Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beathadh Sheagháin Mhic h-Éil
Title
Beathadh Sheagháin Mhic h-Éil
Author(s)
In eagar ag Séamus Ó Maoildhia,
Compiler/Editor
Ó Maoildhia, Séamus
Composition Date
1903
Publisher
O'Brien and Ards
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEAGHÁN MAC H-ÉIL, ÁRD-EASBOG THUAMA. (By Mary O'Neill and M. J. O'Doherty.) Och! béidh fir ann, a 's imtheóchaid leó Mar bhraon 'sa bhfráigh a' teacht, Béidh rioghachta spíonta mar an gceó A's righthe féin gan leacht; Acht feadh gach saoghail béidh Clann na nGaedheal Ar fagháil gach am 's gach dáil, Ag cosnamh clú 's a' foillsiughadh fiú Sheagháin ghlórmhair mhiaidh mhic h-Éil. I dtosach míosa an Mhárta 'san mbliadhain 1789, is eadh rugadh Seaghán Mac h-Éil. Rugadh é i dTobar-na-bhFiann- baile beag, ciúin de Thír Amhalghaidh atá 'na luighe go socair taobh anoir de shléibh Néifin. 'Deir stáruidhe beathadh Sheagháin Mhic h-Éil gur tugadh Tobar-na-bhFiann ar an áit mar d'ól Fianna Éireann as an tobar i n-aimsir Ghoill; acht deir sean-sgéal eile gur 'bhé an fáth ar tugadh an t-ainm sin air mar gheall ar go n-iompuigheann uisge an tobair in' fhíon ar Oidhche chinn a' Dá Lá dhéag, agus gur cinnte go mbíonn dath agus blas an fhíona air ag an dó dhéag a chlog 'san oidhche. Feilméar dob' eadh é a athair- fear ciúin, críona de shíol Bhreathnacha. Máire Ní Mhaoilchiaráin an chéad ainm a bhí ar a mhathair, agus 'deirthear gur thiomáin na Sasanaigh a treabh-se as Tír-Chonaill 'san tseachtmhadh aois déag thar éis teithte na n-Iarlaidhe — bean mhór-inntinneach, thoil- daingean dob' eadh í, go raibh meas agus onóir le fagháil ó na comharsanaibh aici ins na ceanntaraibh mór-thimcheall.
Ba bhuadhartach, trioblóideach an saoghal é agus Seaghán Mac h-Éil 'na bhuachaill. Thall i roinn na h-Eórpa bhí an ghluaiseacht ba mhó a thuit amach le trí h-aosaibh déag ag creathadh na ríoghacht agus ag leagan na gcumhacht ba mhó agus b'áilne d'ár chonnaic an domhan ariamh. 'San mbaile i n-Éirinn bhí iarsma na ndroch-dhlighthe bpianamhail ag brughadh na gCaitiliceach fós, agus bíodh gur léigeadh asteach iad thar éis 1793 i gcuid mhaith d'oifigidhibh na ríoghachta, agus gur leigeadh dóibh freisin Feisiridhe chur asteach chum na Párlaiméide, níor fhéadadar fós bheith iad féin 'na bhFeisiridhibh, agus bhí mórán d'oifigidhibh dúnta 'na n-aghaidh. Ní mór an t-iongadh go raibh trioblóid ar an tír go raibh gruama agus sgamaill ar ghnaoithibh na nGaedheal, agus gurbh' iomdha súil a bhí ag féachaint thar lear chum na Fraince ag iarraidh cabhra ar an treibh óig, fheargaigh, dhóchasaigh a bhí ag leagan sean-ríoghacht agus ag athríoghadh árd-righthe mborb thall i roinn na h-Eórpa. 'San am gcéadna bhí drong eile go raibh gráin chomh mór aca ar an bhFrainc, agus bhí aca ar Shasanaibh féin mar gheall ar an dian-bhroid a bhí d'á h-imirt ag an náisiún sin ar shean-chreideamh a seacht sinnsear. Badh í sin stáid na h-Éireann agus Seaghán Mac h-Éil 'na pháisde. Badh í an Ghaedhilg an chéad teanga a labhair sé. Ní gábhadh dhom a radh nach raibh acht fíor-bheagán Béarla ag sgológaidhibh Chonndae Mhuigheó i dtosach na naomhadh-haoise- déag. 'Nuair a bhí chúig bhliadhna slán ag an mbuachaill óg cuireadh ar sgoil é, áit in ar chrom sé ar dtús ar Bhéarla fhoghluim; agus bliadhanta 'na dhiaidh sin d'innseadh sé agus é in' Árd-Easbog gur mhinic gabhadh air 'san sgoilín sin le slait an mháighistir fá bheith ag labhairt 'san aon-teangaidh a bhí ag a dhaoinibh. Acht bíodh gur chuir a athair d'fhiachaibh ar Sheaghán Béarla fhoghluim níor dhearmaid sé 'san am gcéadna stáir a thíre féin a mhúnadh dhó, agus sul má bhí sé deich mbliadhna d'aois bhí a aigneadh tré lasadh le feirg fá an an-bhroid a bhí d'á h-imirt ag an náisiún mór ar a threibh bhoicht, bhig féin. Ar an taoibh eile is minic d'innseadh dearbhráthair a athar a bhí 'na shagart 'san bhFrainc bearta díchéillidhe na druinge sin dó; chabhruigh seanmóireacha an
tsagairt parráiste — an t-Athair Aindrias Ua Conroí — leis an gcomhairle seo: Is beag seanmóir a rinne sé nár thug sé comhairle d'á chuid daoine iad féin a chosaint ar mhí- chreideamh na bhFrancach, agus bhí a rian orra 'nuair tháinig Humbert go Cill-Alaidh i mí na Lughnasa, 1798, bhí an méad sin sgannruighthe ar an gcuid ba mhó de na daoinibh roimhe gur theith na mná agus na daoine óga, agus Seaghán Mac h-Éil 'na measg, chum uamha Néifin. Ba ghearr é a sgannradh, ámh- 'nuair a chualadar nach raibh na Francaigh ag déanamh aon dochar do'n tír d'fhilleadar ar ais, agus chonnaic Seaghán óg buidhne Humbeirt agus cuid de na buachaillidhibh a d'éirigh amach i n-éinfheacht leó ag gluaiseacht go h-aerach chum "Rásaidhe Chaisleán-a'-Bharraigh" tré "Bheárnain na Gaoithe." Is gearr go bhfaca sé turas níos dubhrónaighe ag filleadh thar n-ais thríd an mBeárnain gcéadna 'nuair do bhí na daoine croidhe-bhriste ag iomchur cuirp a sagairt- an t-Athair Aindrias Ua Conroí- ar ais chum curtha cúpla mí 'na dhiaidh sin. Chroch an Brúnach é i gCaisleán-a'-Bharraigh mar gheall gur labhair sé leis na oifigeachaibh Francacha agus gur leig sé do na saigh- diúiridhibh codladh 'san tSéipéal, rud ná'r fhéad sé a thoir- measg. Do b'é sin an luach a fuair seisean ar a dhílseacht. D'fhág an choir náireach sin rian ná'r bh'fhéidir a mhilleadh ar aigneadh Sheagháin. Níor thuit aon rud eile amach go mb'fhiú a luadh go dtí 1804. Timcheall na bliadhna so bhí 'chuile rud ar a shuaimh- neas arís- bhí Éire leagtha ar lár; bhí an chuid ba mhó agus a b'fhearr d'á deagh-laochraibh in a bhfaon-luighe báis agus sise, a máthair, cuibhrighthe agus ceangailte, gan taoiseach, gan Phárlaiméid, gan bhrigh. Badh í sin an bhliadhain d'fhág Seaghán Mac h-Éil baile a shinnsear, agus d'imthigh chum Caisleán-a'-Bharraigh chum beagán Laidne agus Gréigise fhoghluim. Ba mhaith leis le fada bheith 'na shagart; do chinn a athair é do'n oifig naomhtha chéadna agus do spreag a mháthair an deagh-rún sin- óir badh é a dúil nádúrtha go gcuimhneóchadh sé uirri féin agus ar a athair lá éigin ag an alltóir. D'fhan sé trí bhliadhna i gCaisleán- a'-Bharraigh fá stiúrughadh Stantoin: Amannta bhíodh sé ar lóistín 'sa mbaile féin- amannta i dtighthibh feilméaraidhe
mór-thimcheall — acht 'chuile Dhomhnach thagadh sé a bhaile chum an lá síothchána sin a chaitheamh go ciúin, aoibhinn i dteach a athar. D'imthigh na trí bliadhna go sgioptha, mear ar an mbealach so, agus annsin seóladh an mac-léighinn óg chum Magh Nuadhat chum an Choláiste nuaidh a chuir Párlaiméid Shasana ar bun ann ar chomhairle Éamoinn De Búrca deich mbliadhná roimhe sin. 'Sí an tslighe shiubhail a bhí aige ar dhruim capaill ó Ghleann Néifin go Magh Nuadhat. Bhí a dhearbhráthair leis chum an capall a thabhairt ar ais. Ní raibh traen ag rith i n-áit ar bith 'sa domhan 'san am sin, agus ní raibh cóistidhe Bhianconí ag rith acht an oiread; agus ar an ádhbhar so ba dhomhcamhlach an rud aistear fada a dhéanamh. D'fhan sé seacht mbliadhna 'na mhac-léighinn i Magh Nuadhat. 'Nuair a bhí sé ag dul go Magh Nuadhat thug dearbhráthair a mháthar, Maitiú Ua Maoilchiaráin, ceithre fichid giní dhó le bheith 'na stór aige agus le n-a bhealach íoc 'sa gColáiste, acht chuaidh sé ar aghaidh chomh maith sin nár bhain sé pighinn asta, as feadh na seacht mbliadhan a bhí sé ann. Ar feadh na h-aimsire seo d'fhoghluim sé a lán de Laidin agus de Ghréigis- bhíodh sé i gcomhnuidhe ar na fearaibh a b'fearr 'san diadhacht agus 'san "logic;" d'fhoghluim sé Fraincis ó na deoraidhthibh Francacha a bhí ag múnadh 'san gColáiste, agus b'áil leis go deireadh a shaoghail oibreacha móra litridheachta a léigheadh- go mór-mhór stáir iongantach Ghiobúin. Dála na n-ealadhan, níor mhaith leis "dianeolas" nó "mathamatics" ariamh, acht chuir sé an-tsuim 'sna h-ealadhantaibh bhaineas leis na réaltaibh agus le cumadh na talmhan. Bhí ocht dteangthacha aige- Gaedhilg, Béarla, Fraincis, Iodáilis, Laidean, Gréigis, Gearmáinis agus Eabhra, agus bhí sé ionnán labhairt go maith i gceithre chinn aca. Níor fhoghluim sé Iodáilis ná Gearmáinis go dtí 1832, agus cibé aisteach fhéachas sé níor fhéadh sé Gaedhilg a sgríobhadh go ceann deich mbliadhna 'na dhiaidh sin. Ní gábhadh dhom a radh gur 'bhí an Ghaedhilg an teanga in ar bh'fhusa dhó smaoineadh i gcomhnuidhe, acht fós is fíor 'na dhiaidh sin nach raibh eolas maith aige ar ghraiméar na teangan sin go deireadh a
shaoghail. 'San mbealach gcéadna ní féidir a shéanadh gur bhreagh an obair a rinne sé agus é 'na shean-fhear bliadhanta 'na dhiaidh seo 'nuair a d'aistrigh sé an Iliad agus dánta Uí Mórdha go Gaedhilg, acht is fíor freisin gur thréig sé méadar agus modh cumtha na nGaedheal ins na h-oibreachaibh sin chum riaghlacha dán na Sasanach a leanamhaint. Bíodh sin mar tá sé b'uasal na h-oibreacha iad. Bronnadh Ord na Sagartachta ar Sheaghán i nIúl 1814, agus i mí na Lughnasa bhí chugainn rinneadh leictiúrthóir diadhachta dhe chum cabhruighthe leis an oide diadhachta, an Dhochtúir De La Hogue, a bhí ag cailleadh a shlainte. Teas- báineann sin níos fearr 'na d'fhéadfainn a luadh cia'n meas a bhí ag na h-oididhibh air. Bhí sé 'na leictiúrthóir go ceann sé bliadhna agus ní fuláir gur mhór an tairbhe dhó é le h-aghaidh eolais, agus a radh gur bh'fhéidir leis bheith ag conspóid beagnach 'chuile lá ar feadh na h-aimsire seo leis na h-oididhibh seo i saghas cumainn diadhachta a bhí curtha ar bun aca 'san gColáiste. 'Nuair a fuair an Dochtúir De La Hogue bás 'san mbliadhain 1820 rinneadh oide de Sheaghán in' ionad. Timcheall na h-aimsire seo cuireadh ar bun cóir na Sgolaidheachta Náisiúnta ar dhroch-inntinn ar dtús chum a gCreideamh a ghoid i ngan-fhios ó na h-Éireannachaibh. Agus tuilleadh leis bhí an obair ag éirghe leis na cealgairidhibh mar gheall ar cheist mhóir eile i dtaoibh an "Veto" a bhí ag líonadh aigneadh na ndaoine anois. Chonnaic an t-oide óg an chontabhairt seo, d'fhág sé ceist an "Veto" idir lámhaibh na saoithe a bhí dh'á conspóid agus léim seisean asteach 'san gcomhrac ag coimhéad na bpáisdidhe. 'San mbliadhain 1820 thosaigh sé ag sgríobhadh céime litreach gcumasach chum na bpáipéar i n-aghaidh córa na Sgolaidheachta Náisiúnta. D'fhreagair saoi eolgach, cliste de'n eaglais Phrodastúnaigh dhó; acht 'nuair a bhí deireadh leis an troid sin d'admhuigh 'chuile dhuine cóir cibé creideamh a bhí aca go raibh an bhuaidh ag "Hierophilos" mar do glaoidh Seaghán mar ainm-pinn air féin. Do b'é sin tosach clumhail na troda móire sin ar son a Chreidimh agus a thíre a lean chomh fada a's bhí Seaghán Mac h-Éil beó.
'San mbliadhain a bhí chugainn sgríobh sé roinnt eile litreach chum muinntire Shasana i dtaoibh na h-éagcóra a bhí dh'á h-imirt ar Éirinn. Ní raibh na smaointe, ámh, a bhí 'san gcuid seo chomh dána ná chomh doimhin leis an gcéad- chuid, ní mó ná go raibh an cuma sgríobhtha chomh maith: Do chleachtadh sé stáir Ghiobúin a léigheadh i gcomhnuide chum aithris a dheanamh uirri 'nuair a bhéadh sé ag sgríobhadh agus mar gheall ar sin bhí a chuma sgríobhtha mórdha, oibrighthe, agus beagán trom de ghnáth, bealach oireas níos fearr do litreachaibh conspóide agus aighnis 'ná d'altaibh innseachta. D'á bhrigh sin b'fhearr freisin na litreacha a sgríobh sé 'san mbliadhain 1823 i n-aghaidh Easbog bProdastúnach Baile- Átha-Cliath agus Thuama i dtaoibh léighte an Bhíobla agus "Emancipation" nó saortha na gCaitiliceach. Ba chosamhail iad leis an gcéad-chuid. Timcheall na h-aimsire seo bhí a Easbog féin, an Dochtúir Ualdron, ag éirghe beagán lag, agus b'áil leis Easbog cabhruighthe bheith aige. Ní h-iongnadh gur toghadh Seaghán Mac h-Éil an t-oide clúmhail, an sgríbh'neóir cumasach, an sagart ba mhó d'ár tháinig ariamh as Dioghaise Naoimh Mhuireadaigh chum cuidighthe leis. Coisrigeadh Seaghán in' Easbog an cúigeadh lá de Mhí Mheadhoin an t-Samhraidh, 1825. Ar an lá gcéadna 'deirthear gur casadh leis i Magh Nuadhat Máire Ní Chauli an bhean-uasal a chuir Ord na Trócaire ar bun sé bliadhna go leith 'na dhiaidh sin chum léigheann an Easboig a chur i bhféidhm agus na páisdidhe agus na boicht a bhaint ó na "soupers." D'fhill sé a bhaile ar ball tar éis a choisrigthe agus chrom sé gan mhoill ar dhualgas Easboig a chóimhlíonadh. Ní féidir i n-alt bheag mar so acht cúpla ceann de na beartaibh móra a rinne sé agus é in' Árd-Easbog, a luadh go sgioptha. 'San mbliadhain naomhtha a bhí chugainn rinne sé obair mhór i nDioghaise Chill-Alaidh ar feadh na lithise a bhí ar siúbhal, agus 'san am gcéadna stiúruigh sé tionóntaidhe Mhuigheó chum ruaig a chur le h-aghaidh Saortha na gCaitiliceach ar Dhonnchadh Brún a bhí anois 'na thíoránach mhí-thrócaireach ar an gConndae sin le seacht mbliadhna ar fhichid. 'San mbliadhain 1827 chuir sé amach obair a sgríobh sé agus é in'
oide i Magh Nuadhat i dtaoibh teagaisg na h-Eaglaise agus ar feadh na h-aimsire seo ar fad níor stad sé ag cabhrughadh le Domhnall Ua Conaill le n-a dheagh-chomhairle go dtí go ndeárnadh dligheadh saortha na gCaitiliceach 'san mbliadhain 1829. 'San mbliadhain seo freisin chuir sé Árd-Teampall Dioghaise Chill'-Alaidh ar bun agus d'obrigh sé go cruaidh, dian chum a chuid daoine a choimhéad ar ghorta a bhí ag bagairt orra. Lean sé mar sin go dtí 1831, acht 'san tsamhradh so bhí foghmhar maith aca agus b'fhéidir leis fá dheireadh uaineacht bheag a glacadh a theastuigh go mór, mór uaidh. Ta litreacha againn uaidh thiúbhras cuntas fairsing ar an turas so. D'imthig sé chum na Róimhe ar dtús i n-aimsir Ghrégóir an sé déag mar a chaith mhí. D'éirigh carthanas idir é féin agus an Pápa, agus 'fhad a's bhí sé ann, badh é a rinne seanmóireacha an Charrghais agus na Cásga i gceann de na tighthibh pobail 'sa Róimh. Bhi meas mór ag na Cáirdinéalaibh ar na seanmóireachaibh seo, agus d'aistrigh an Cáirdinéal Dilucca iad in a theangaidh féin le h-aghaidh a mhuinntire. Is minic a chaith sé tráthnóna i gcomhluadar na gCáirdinéal. Do labhair gach aon duine aca in a theangaidh féin, agus an t-Árd-Easbog ar an mbealach gcéadna; labhair sé i nGaedhilg, agus thug sé amhráin Gaedhilge uaidh go binn, blasta, agus bhí iongantas orra mar gheall ar mhilseacht agus ar bhlastacht na n-amhrán; agus 'deir an stáruidhe go ndeárna an Pápa sagart parráiste ar Mhilan de. Is cinnte go dtug an Pápa ceithre bronntanais dó .i. Culaith Aifrinn; Cailís óir; fáinne óir in a raibh cloch luachmhar; agus ucht Croise Chalbharí, agus tá siad le feiceál 'san Árd-Teampall i dTuaim go fóill. Annsin rinne sé cuairt na h-Iodáile, agus ag teacht ar ais dó d'aistrigh sé urmhór de'n Fhrainc agus de'n tír Ghearmánaigh. D'fhill sé i mí na Nodlag. 1832, neartuighthe 'na chorp agus in' aigneadh leis an turas agus 'san mbliadhain a bhí chugainn chrom sé ar chur níos déine 'na riamh i n-aghaidh córa na Sgolaidheachta Náisiúnta a bhí ag milleadh na tíre. Is mór an truagh é nach raibh tuilleadh de na h-Easbogaibh ar aon fhocal leis ar an gceist dtábhachtaigh seo- dá mbéadh, bhéadh a mhalairt de
sgéal le n'innseacht againn anois i dtaoibh ar dteangan féin. 'San mbliadhain 1834 fuair beirt Easbog bás- sean- Easbog Chill-Alaidh agus Árd-Easbog Thuama, agus am' bhriathar gur mhór an luthgháir a bhí ar Ghaedhealaibh Chúigidh Chonnacht 'nuair a rinneadh Árd-Easbog ar Árd-Dioghaise Thuama de Sheaghán Mac h-Éil i n-ionad an Árd-Easboig Uí Cheallaigh i n-aimhdheoin feall-bheart Riaghaltais Sasana a bhí ag cur go dian in' aghaidh. Ar fhágáil Dioghaise Chill-Alaidh dhó d'éirigh comhlucht mór d'á mhuinntir amach in a chuideachta. 'Nuair a tháinig siad go Pontún, caol atá idir Loch-Cuinn agus Loch-Cuilinn' teóra an dá Dhioghaise, casadh muinntear Tuama orra ag teacht in' airicis agus an Croch Chéasta leó le bronnadh air. 'Deir an stáruidhe go raibh chúig mhíle duine 'san tsluagh an lá sin, agus dearbhuigheann na páipéir nuaidheachta an sgéal céadna. D'fhill go leór de mhuinntir Chill-Alaidh ar ais go brónach, ag silt na ndeór go frasach tar éis rgaradh le n-a n-Easbog, agus d'imthigh an tascor mór ar a mbealach, íseal agus uasal, saidhbhir agus daidhbhir, cliar agus tuata, go dtáinig siad go Caisleán-a'-Bharraigh. Badh é seo an cruinniughadh ba mhó a chonnaic sé ariamh in aon áit amháin, agus badh é seo an lá a b'aoibhnighe in a shaoghaL ó thús go deireadh. Ní dheárna an t-árdúghadh a fuair sé acht tuilleadh fuadair a chur faoi agus lean sé ag obair gan stad gan suan 'na bhaile nuadh ar son a thíre agus a Chreidimh. Ní féidir liom arís acht na príomh-bhearta a rinne sé 'na nuadh- oifig a luadh go han-mhear. Bhí mórán trioblóide i dtaoibh toghtha Easboig Chill- Alaidh in' ionad ar feadh cúpla bliadhain, agus b'éigin fá dheireadh an t-Easbog a bhí toghtha d'athríoghadh agus sagart eile a choisrigeadh in' ionad rud a chuir buadhairt mhór ar an Árd-Easbog. Timcheall na h-aimsire céadna chuir an t-Athair Maittéas an ghluaiseacht thábhachtach chum meas- ardhachta 'san ól ar bun. Níor chuidigh Seaghán Mac h-Éil go mór leis, ámh. Teasbáineann sin taobh eile d'á aigneadh dhúinn- ar rian a fágadh ar a inntinn leis an tubaist a rinneadh na
fud na h-Eórpa agus é 'na bhuachaill le casadh-timcheall na bhFrancach 'nuair d'athruigheadar a gcreideamh agus a Riaghaltas chomh h-obann. Mar gheall ar sin bhí faitchíos air go deireadh a shaoghail roimh aon ghluaiseacht fhuadraigh, obainn, agus do b'é sin freisin an fáth nár chuidig sé níos fearr le suathadh poilitidheachta Uí Chonaill le h-aghaidh saortha na gCaitiliceach agus nár mhaith leis bliadhanta 'na dhiaidh sin admháil ar dtús nach féidir an Phápa a mhealladh i dtaoibh Creidimh. Cibé caoi é chabhruigh sé go dian le Domhnall Ua Conaill 'na dhiaidh seo 'san ngluaiseacht a bhí ar siubhal aige ó 1840 go dtí 1845 chum Párlaiméid na h-Éireann fhagháil arís. Tháinig lobhadh ar na fataidhibh 'san mbliadhain 1846, agus tháinigh an gorta uathbhásach 'san mbliadhain 1847, agus 'na dhiaidh sin aicíd a mharbhuigh go leor de na daoinibh. Fá an am so fuair bás, nó d'imthigh ar fán go ciantaibh coigrighe dhá mhilliún de mhuinntir na h-Éireann. Is fíor go dtug sé dian-ghradh do Dhomhnall Ua Conaill i gcomhnuidhe, agus 'deirthear gur bh'iongantach le muinntir Thuama an méad bróin a bhí air 'nuair do chuala sé ar bhás an t-"Saorthóra" 'san mbliadhain 1847, go mór-mhór mar chuireadh an tÁrd-Easbog cosg ar a chroidhe i gcomhnuidhe agus níor ghnáthach leis doilghíos ná luthgháir mhór a theas- báint 'pé rud a thuit amach. Ba mhó fós an brón a tháinig air fá'n ngorta a rinne an donas ar ár dtír agus a bhris croidhe Uí Chonaill ar feadh na mbliadhan 1845, 1846, agus 1847, 'nuair bhí na mílte agus na mílte d'á chuid daoine ag fagháil bháis mór-thimcheall air leis an ocras agus gan cabhair le fagháil ó'n Riaghaltas mí-thrócaireach. Deirthear go gcaitheadh Seaghán go minic deich n-uaire de'n ló ag iarraidh cabhra agus d'á tabhairt do na bochtaibh ar feadh na h-aimsire brónaighe seo. Bhí a chroidhe beagnach briste mar chroidhe Uí Chonaill féin: Acht dá mhéad a raibh d'obair ar a lámhaibh aige agus dá mhéad a dhoilghíos 'san am gcéadna níor leig se dhó féin faillighe dhéanamh in aon rud a bhain leis an Eaglais, go mór-mhór 'san oideachas. Do b'é oideachas na ndaoine n-óg an gnó speisíalta in ar chuir an t-Easbog doimhin-inntinneach so suim, agus
'nuair a bhí deireadh leis an ngorta 'san mbaile d'imthigh sé go dtí an Róimh gan mhoill chum daoradh fhagháil ó'n bPápa ar Choláistidhibh na Bainrioghna a bhí tar éis a gcur ar bun ag na Riaghaltas. D'éirig leis, óir bhí meas mór ag an bPápa air i gcomh- nuidhe, comh mór sin gur iarr Píus air cúpla bliadhain 'na dhiaidh sin bheith 'na Nuncio dhó féin chum cuntas a chur chuige ó am go h-am i dtaoibh imtheachta na h-Eaglaise in Éirinn- rud gur mhaith le Seaghán a dhéanamh. Bhí Garabaildí ar tí iarracht a thabhairt ar an Róimh 'nuair a bhí Seaghán ann, agus go deimhin is ar éigin d'éaluigh sé leis ag filleadh ar ais dó ó na saighdiúiridhibh a d'éirigh amach leis an taoiseach sin; acht d'éirigh leis mar 'dubhairt me i dtaoibh ádhbhair a thurais, agus 'nuair a tháinig an Pápa ar ais do'n Róimh thar éis an chogaidh do rinne comhairle mhór Eaglaise á bhí 'na suidhe ag Durlas damnughadh na gcolaistidhe nár mhaith le Seaghán fhoillsiughadh agus a leathnughadh. Chuaidh sé chum na Róimhe chúig uaire. Ar an taoibh eile 'nuair cuireadh Coláiste mór Caitilic- each ar bun i mBaile-Átha-Cliath níor chuidigh an t-Árd- Easbog leis. B'fhéidir go n-abróchthaoi ar dtús gur b'aisteach an rud é sin. Bhí ciall aige am' dhóigh-sé óir chonnaic sé go raibh locht mór ar an gColáiste seo agus nach n-éireóchadh sé go han-mhaith leis go deó mar gheall nach raibh cuid mhaith d'á stiúrughadh i lámhaibh Easbog na h-Éireann ar fad a bhí d'á chongbháil suas. Bhí na bliadhanta a bhí chugainn lán suas d'obair. 'San mbliadhain 1851 rinneadh dligheadh ag toirmeasg ar Easbogaibh na h-Éireann ainm a ndioghaise do ghlaodhach orra féin fá phéin cána móire agus díbirte: Ní raibh sé déanta acht cúpla lá 'nuair sheól Seaghán litir chum na bpáipéar le n' ainm, "Seaghán, Árd-Easbog Thuama" fúithi, agus am' bhriathar gur bheag suim a bhí 'san dligheadh 'na dhiaidh rin. 'San mbliadhain 1852 cuireadh Cumann Neamh-spleadhach na bhFeisiridhe n-Éireannach ar bun chum cúis na sgológ agus na h-Éireann ar fad a chur ar aghaidh gan brath ar aon aicme eachtrannaigh i bhFéis Shasana. Chabhruigh sé go luthgháireach leis an gCumann seo agus
'nuair a briseadh é dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin le ceilg coda de na Feisiridhibh do b'é Seaghán an chéad Easbog a theas- báin an feall agus a dhaor an bheirt bhitheamhnach a bhris é, bíodh go raibh cuid mhaith de na h-Easbogaibh féin d'á neamh- chiontughadh agus d'á gcongbháil suas; agus 'nuair a bhí Togha Coitchionn ar siubhal arís 'san mbliadhain 1857 rinne sé a dhicheall chum Mac Uí Mhórdha a chur asteach i n-ionad cinn de na cealgairidhibh a bhí in' Fheisire ann go dtí sin. D'éirigh leis — cuireadh Mac Uí Mhórdha asteach, acht ruaig an Riaghaltas é as a ionad go cealgach 'na dhiaidh sin fá'n leith-sgéal gur ghríosuigh na sagairt na daoine go han- iomarcach i n-aghaidh an fhir eile. Ni dheárna an chealg so acht "Leomhan an Tréada" a bhrostughadh agus a neartughadh- dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin do spreag sé na daoine chomh mór sin ar son an Phápa go dtug Dioghaise Thuama in' aonar iomad saighdiúiridhe agus trí mhíle punt chum an cogadh ar son cinn na h-Eaglaise a chongbháil suas. 'San am sin- 'sa mbliadhain 1859- rinne drong mhí- riaghalta na h-Iodáile, gá'n gcriopaire Garabaildí iarracht ar thighearnas an Phápa Ró-Naomhtha, Pío Nóno, a bhaint de; agus, fairíor gear is ró-mhaith a d'éirigh leó an t-am so. Ceanamhail agus dlisteanach do Cheann a gCreidimh mar bhí muinntear na h-Éireann ariamh, chruinnigheadar in a lán d'áiteachaibh ar fud na tíre le n-a ngnótha a thógbháil suas i n-aghaidh na h-oibre malluighthe sin. Níor chóir go mbéadh Caitilicigh Chonndae Mhuigheo 'na gcladhairidhibh fallsa nó failligheach i n-aimsir na cruadhóige; chruinnigheadar i gceann a chéile i gCaisleán-a'-Bharraigh ar an tseachtmhadh lá d'Eanáir, 1860- an t-Árd-Easbog 'sa gcathaoir — agus chuireadar fir le chéile, agus chruinnigheadar airgead le congnamh a thabhairt do'n Phápa. 'Nuair a bhí an troid mhór ar siubhal idir an Nuallánach agus an Froinnseach 'san mbliadhain 1872, ní raibh duine i gCúigeadh Chonnacht a chabhruigh níos fearr leis an Nuallánach 'ná Seaghán, Árd-Easbog Thuama. Is beag duine fásta nach gcuimhnigheann agus is tearc duine óg ná'r chuala caint ar an gcaingin mhóir dlighidh a bhí ar siubhal i nGallimh i dtaoibh an toghtha sin, agus ar an óráid náirigh a rinne an
fealltóir Mac Eochaidh a bhí anois 'na bhreitheamh i n-aghaidh an Árd-Easboig uasail. Do b'é deireadh an sgéil gur cuireadh an Nuallánach amach go cealgach: Acht má cuireadh féin do b'é céad chúram Sheagháin nach gcaillfeadh sé dada mar gheall ar sin. Is mar sin do chaith sé a shaoghal ag seasamh gan stad 'na bhalla dhíreach 'na leomhan dána fheargach i n-aghaidh námhad na mbocht agus na ndíleacht, i n-aghaidh námhad a thíre agus a Chreidimh. Acht an rud is iongantaighe fós 'sé go bhfuair sé am chum litirdheachta i measg na saothar mór bhfairsing seo. I n-éinfheacht leis an Iliad agus le hamh- ránaibh Uí Mhórdha ar an labhair mé cheana chuir sé amach leabhar paidreacha agus Teagasg Críostuighe i nGaedhilg agus i mBéarla. Chuir sé amach freisin leabhar mór litreach ag baint le neithibh puiblighe agus leabhra eile i dtaoibh teagaisg na h-Eaglaise- agus tuilleadh leis seo d'aistrigh sé an Pentateuch nó chúig leabhra Mhaoishe go Gaedhilg agus do bheachtuigh agus d'fheabhsuigh sé cuid mhór de'n Bhíobla a h-aistrigheadh go Gaedhilg dá chéad bliadhain ó shoin. Rud eile dhe, do líonfadh a litreacha aoidhearachta agus a sheanmóireacha agus a óráideacha agus a litreacha puiblighe nach raibh clodhbhuailte ariamh ceithre mór-leabhra dá gcuir- fidhe i gclodh iad. Ní mór an t-iongnadh go raibh lúthgháir a gcroidhe ní h-é amháin ar Chaitiliceachaibh Thuama acht ar dhaoinibh Chúigidh Chonnacht agus ar Ghaedhealaibh na h-Éireann ar fad 'nuair a bhí a litheas órdha d'á sollamhnadh ag Seaghán 'san mbliadhain 1875. Mar cholamhan teampaill mhóir bhí sé ag congbháil suas Caitilidheachta na h-Éireann ar a mhór- ghuailnibh anois le breis agus leath-aois. Bhí ós cionn dá chéad duine 'na suidhe ag bord ann ar feadh na lithise. Bhí daoine móra as gach áird ann de 'chuile chreideamh, óir bhí urram mhór fá n-a chomhair agus meas mór ag a náimhdibh air chomh maith le n-a cháirdibh agus a chomh-chreidmheachaibh. Agus ní h-é amháin gur stiúruigh sé a chuid daoine go fuadrach, fuinneamhach i gcomhnuidhe- tá 'fhios againne atá ag maireachtáil 'na dhiaidh gur stiúruigh sé iad go ceart freisin- rud is deacra fós. Do sheas sé amach ar feadh deich agus fiche bliadhain os comhair na h-Éireann agus na
h-Eórpa ag teasbáint bóthair chaim, dheacair na bhFlaitheas in' Easbog naomhtha ag treorughadh a bhráithreacha chum saoirseachta gan stad gan faitchíos in' Éireannach dhílis. ó laetheanntaibh Naoimh Pádruig féin níor stiúruigh aon Easbog a chuid daoine chomh fada leis-sean. Ba chomh-aoisteach é le seacht bPápaidhibh agus le h-ocht n-Árd-Easbogaibh Árd-Macha; chonnaic sé muinntear na h-Éireann ag éirghe amach i n-aghaidh na Sasanach fá thrí, ag fulang fá mhór-ghorta fa cheathair ag troid go fuadrach chum dlighthe talmhan fhagháil fá naoi. Bhí sé na thaoiseach ins na gluaiseachtaibh móra a bhí ar siubhal i n-aghaidh na ndeachmhadh, i n-aghaidh na h-oideachta saoghaltaighe, agus le h-aghaidh saortha na gCaitiliceach. Rinne sé troid mhór i n-aghaidh an dlighidh a chuirdeachmhadh ar 'chuile shórt a d'fhásfadh ag Caitiliceach, le h-aghaidh na ministéaraidhe Gallda. Dubhairt sé leis na daoinibh gan a thabhairt dóibh, agus dá mbéadh imreasán ann sgathamh go mbéadh an bhuaidh ag Caitiliceachaibh fá dheireadh; agus riocht a's go mbéadh sé féin 'sa gclampar, cheannuigh sé feilm bheag agus chuir sé í. 'Nuair a tháinig an foghmhar agus an t-am leis an deachmhadh a bhailiughadh ní tháinig aon mhinistéar i gcoinne an arbhair. Go goirid 'na dhiaidh sin cuireadh deireadh leis an droch-dhiligheadh seo mar an ceann eile ar ar labhras thuas. Níor chuidigh aoinneach níos fearr le Domhnall Ua Conaill ná le Seoirse Ua Mórdha ná le Butt chum cúis na sgológ a chur ar aghaidh agus Párlaiméid fhagháil ar ais i mBaile-Átha-Cliath. 'San mbliadhain 1875, ar an ochtmhadh lá déag de Mhí na Samhna, agus ar feadh na dtrí laetheann- ta 'na dhiaidh bhí maithe agus taoisigh na h-Éireann in a suidhe i mBaile-Átha-Cliath i gcomh-thíonóil ag iarraidh cirt d'Éirinn. Bhí go leór sagart agus uaisle ann, maoir bhailte mór na tíre agus iomad Feisiridhe as gach áird. Gidh nach raibh Seaghán Mac h-Éil ábalta ar bheith i láthair é féin ag an gcruinniughadh sin- bhí an aois ag goilleadh air; bí sé ceithre bliadhna agus ceithre ficidh d'aois an uair sin- bhí a inntinn leó; agus is maith a chuimhnigh an tíonóil air, óir 'nuair a tháinig an t-am le cisteóiridhe ainmniughadh badh é a ainm-sean an chéad ainm a cuireadh síos mar chisteóir
agus mar chosantóir ar chiste na tíre le cúis na tíre a throid go críoch, agus cead fhagháil do mhuinntir na h-Éireann dlighthe a dhéanamh mar ghnídheas muinntear Chanadá, Austra- lia, Oileán Mhanannáin agus áiteacha eile fá Impireacht Shasana. Ba h-é sin an ceart, agus 'sé ár n-oidhrigheacht é. Is dual dúinn é agus ní bhéidh aon tsíothcháin nó go bhfuighi- mid é. Ba h-é an riaghal é go dtí an bhliadhain ocht gcéad déag 'nuair a tugadh uainn le feall é. Acht gidh go raibh an t-Árd-Easbog fá anfhaine níor dhiúltaigh sé do'n obair seo a dhéanamh i ndeireadh a laethe. 'Séa'r'd dubhairt sé féin i dtaoibh a thíre, "Níor tarrain- geadh ariamh as broinn an duibheagáin aon tseód chomh luachmhar le h-Oileán na h-Éireann, óir ó'n uair a ghlach sí solas an t-Soisgéil níor fhéad cumhacht dá láidre na diabhluigheacht da dhuibhe a bhaint dí." Is iomdha ainm a glaoidhtí air, mar, "Leomhan Treibhe Iúda," "Réalt geal na h-Éireann," agus "Bród mhuinntire Mhuigheó." Thug sé a chuairt dhéigheanach phuiblighe ar Bhaile-Átha- Cliath 'san mbliadhain 1881. Badh í seo an ócáid ar ar nocht sé íomháigh no figiúr Sheagháin Ghré, Árd-Mhaor Bhaile- Átha-Cliath; fear a bhí lán de thír-ghradh agus de gach subháilce. Bhí fáilte mhór roimh an Árd-Easbog an lá sin ag gach uile dhuine. Bhí sé 'san am sin aon bhliadhain déag agus ceithre fichid, agus ba shoiléir an lá sin go raibh an aois ag goilleadh air. Dála nós beathadh an Árd-Easboig bhíodar an-tsimplidhe. D'éirigheadh sé 'na shuidhe ag a sé a chlog. 'Nuair bhíodh an t-Aifreann ráidhte aige agus a chéad-lón caithte timcheall a h-ocht ghníodh sé stuidéar go dtí a dó-dhéag nó a h-aon, annsin ghabhadh sé amach ag marcuigheacht in a chóiste go dtí a trí — sgríobhadh sé litreacha 'na dhiaidh sin go dtí a cúig- chaitheadh sé a dhinnéar ag a cúig agus annsin léigheadh sé na páipéir — ag a h-ocht deireadh sé a oifig dhiadha, agus 'nuair a bhíodh a bhraoinín coiffi ólta aige do chaitheadh sé tamall beag ag caint le n-a cháirdibh; léigheadh sé cuid de bheathai- dhibh na naomh ag a naoi, agus bhíodh sé 'na leabaidh de ghnáth ag a deich. Do b'é sin caoi coitchionn simplidhe a bheathadh. 'Nuair a bhíodh aoidhidh 'san teach, ámh, thagadh atharrughadh air; annsin bhíodh sé 'na bhiadhtach shoilbhir, in' Éireannach shultmhar
aoibhinn, óir b'fhialmhar, daonachtach an fear é freisin, fear caomh, deagh-bhéasach, séimh-inntinneach, ar nós a threibhe, agus dá mhéad a fhearg i n-aghaidh námhad a dhaoine níor mhair duine ariamh ar dhruim an domhain b'umhla ná ba cheannsa i dtaoibh a cháile féin 'ná Seaghán Thuama. Ar an mbealach gcéadna chrádhadh sé a chorp gan stad. Is minic a thuit taom thinnis air le n-a throsgadh, agus 'deirthear gur ghnáthach dhó 'chuile bhliadhain gan bheith ionnán siubhlóid go maith thar éis an Charrghais le a ndéanadh sé de chrádhadh cuirp ar féin. Bhí a rian air, bhí corp tréan, mórdha an t-sean-fhir iongantaigh ag dul a laige go mór, mór anois. Bhí a éadan áluinn, uasal agus chruth aoibhinn deagh-chumtha ag éirghe caithte agus lag: agus bíodh go lasfadh na súile milse fós fá na malaidhibh lúbtha dá luaidhfidhe Dia nó na boicht nó Éire agus gur theasbáin an ghnaoi uasal, threórach an aigneadh bhríoghmhar a bhí taobh astigh mar sin féin bhí an bás ag druidim leis go mear. I mí an Mhárta, 1881, 'nuair bhí dhá bhliadhain déag agus ceithre fichid slán aige b'fhollus do 'chuile dhuine go raibh deireadh an tsaoghail áluinn, uasail sin ag teacht. Seacht mí 'na dhiaidh sin fuair sé an-tslaghdán agus ar an deichmheadh lá de Mhí na Samhna, 1881, d'imthigh an t-Árd-Easbog mór chum an luach do thuill sé chomh maith fhagháil ó n-a Shlánuightheoir. Ní ro-mhór a rádh gur bhain an bás sin a gáire d'Éirinn: go mór-mhór d'á Chúigeadh bhocht, chráidhte féin. Óir, an glór grádhuighthe sin nár choigil dó féin ariamh ar feadh leath- haoise go leith ar son tíre agus Creidimh agus a bhí anois fá dheireadh 'na thost go deó ba h-é guth binn, bríoghmhar na gConnachtach ar fad é. Bhí na smaointe céadna a bhí ag an Árd-Easbog i n-inntinnibh a dhaoine mbocht go léir do mhothuigheadar iad ag corruighe go dall, dorcha, balbh astigh in a gcroidhthibh- b'é an t-aon-difir a bhí eatorra gur smuain seisean na smaointe níos doimhne; gur mhothuigh sé iad níos áilne, níos uaisle, níos cumasaighe, 'na thaoiseach mhór-inntinneach, fhíor-eolgach, 'na shagart thír-ghrádhach, fhíor. Ní mór an t-iongnadh go dtugadar searc-ghradh dhó- is maith do thuigeadar gur leó féin é ar fad. 'Nuair a bhí "Leomhan an Tréada" in' uaigh le breis agus fiche bliadhain chuala mé
m'athair féin ag ath-rádh agus caoin 'na ghlór cúpla focal a labhair Seaghán Thuama leis agus é 'na bhuachaill, agus annsin d'innis fear eile cionnus nár fhéad an t-Árd- Easbog dul amach gan gasradh bacach bheith mór-thimcheall air, agus 'nuair ba mhaith leis na "peelers" na bacaigh a ruagadh cionnus mar do bhíodh Seaghán d'á gcosaint ag rádh gur bh'iad a ghárda cuirp féin iad agus ná cóir iad a chur uaidh. Is mar sin choimhéadas na daoire a raibh gradh aca dhó chomh mór 'chuile fhocal d'ár thuit as a bhéal ariamh- d'á gcongbháil astigh in a gcroidhthibh go dian, dílis i n-aimhdheóin na spioraide saoghaltaighe, Íar-Shasanaighe atá ag déanamh an donais mór-thimcheall orra, ag imirt íosbartha ar an mbaile agus fá'n tuaith le breis agus fiche bliadhain. Ní baoghalach go rachaidh sé as cuimhne, óir tá sé greannta go doimhin i gcroidhthibh na ndaoine. Tá a cháil agus a ghníomh- artha os ar gcomhair mar sholas lonnrach d'ár dtreórughadh chum saorsachta annseo agus na beathadh spioradálta 'san tsaoghal le teacht. Thóg Dia suas é le bheith 'na thaoiseach ar na daoinibh 'sa gcath i n-aghaidh na géirleanamhna móire fá n-a rabhadar ag na Sasanachaibh, agus ní bréag a radh go bhfuair sé an bhuaidh. Beannacht hé le n'anam. B'uasal, cráibhtheach, críona an t-oide é; ba chumasach, binn-ghlórach, Gaedhealach an sgríbh'neoir é; ba chrodha, géar- inntinneach, tír-ghrádhach an fear é- sin cuid de na fáthann- libh fá'r cheart do 'chuile fhíor-Éireannach meas agus gradh agus onóir bheith aige go deireadh a shaoghail ar Sheaghán, Árd-Easbog Thuama. Is minic adubhairt sé gur b'í teanga bhinn, bhlasta na h-Éireann an teóra is fearr idir muinntear na tíre seo agus Galldacht, dubháilcidhe, agus droch-nóis Shasana, agus is beag an meas a bhéadh aige ar an té nach mbéadh ábalta ar an teanga ghaedhilge a labhairt leis. Críoch.
AMHRÁN FÉISE MHUIGHEÓ. SÉAMUS Ó MAOILDHIA a Cheap. I. Éist! cluinim ins gach ceárda fuaim dheas, bhog, aoibhinn, áluinn, Mar cheólta binn' na gcláirseach, nó crónán ceólta sidhe — Éist! tá sé 'g éirghe 'n-áirde, ag neartughadh 'gus ag árdughadh, Tá'n fhuaim ag éirghe láidir, 'teacht chugainn ar an ngaoith: Fan! céard é seo 'nar dtimcheall ag cheóltóireacht 's ag siosgadh? Bhfuil mearbhall 'teacht ar m'intinn? nó'n aisling é an glór? Ní headh! Ní headh! a cháirde, tá'n guth so ins gach ceárda! Tá teanga bhinn ar máthar ag músgailt i Muigheó. II. Tá fuaim bhog bhinn na Gaedhilge ag dúiseacht ó na sléibhtibh, Tá lúth 'teacht in a géagaibh 'gus éirim in a croidhe, Tá sgapadh ar a néaltaibh, tá'n brón a bhí 'rri 'g éalodh, 'Gus solas geal na gréine ag taitneamh uirri 'rís: Tá a glór aoibhinn uasal ag crónán in ár gcluasaibh, Níos binne 'ná na cuacha, nó ceileabhar caoin na smol! Tá teanga bhinn Naoimh Phádraig le cloisteáil ar na bántaibh, I ngleann agus ar árdán ó cheann go ceann Mhuigheó.
Éist! cluinim glór ár máthar, go geanamhail is go grádhmhar, Ag labhairt go múinte mánla is fiafruigheann sí d'á cloinn:- "A' gcluin sibh mé, a pháisdidhe? Bhfuil truagh agaibh d'bhur máthair Atá go buaidheartha cráidhte, gan meas uirri nó suim? An leigfidh sibh dom éagadh ar thalamh glas a hÉireann? Nó 'ndéanfaidh sibh mé shéanadh os coinne an tsaoghail mhóir?" Tá'n freagra 'teacht go láidir- "Ní baoghal duit choidhche, 'mháthair. 'Gus béidh tú fós go bláthmhar 'gus á réim i Muigheó!" IV. Tá'n t-óg agus an críona ag músgailt suas go croidhea- mhail, Tá deireadh leis an oidhche 'gus sgapadh ar an gceó; Tá mothughadh 'teacht 'sna daoinibh, 'gus spioraid in a gcroidhthibh- Ní bhéidh siad feasta claoidhte, fá lionndubh 'ná fá bhrón; Tá'n seanóir craptha claoidhte go meidhreach is go siamsa- mhail, Tá luthgháir ar a chroidhe-'stigh, 'gus tá sé 'g éirghe óg; Tá fear, bean, is páisde fá ríméad is fá áthas- Tá teanga bhinn ár máthar ag músgailt i Muigheó. V. Tá Muigheó in a dúiseacht, le dóchas is le dúthracht, I bhfíor-thosach na cúise le n-ár dteanga chur ar fagháil, Tá solas geal na Gaedhilge ag breacadh ar na spéarthaibh,- Is binn é ceól na n-éanlaith ag fuagairt dúinn an lá: Tá Craobh an Athar Uí Ghramhnaigh annso i mBéalÁth' hAmhnais Go croidheamhail is go meabhlach ag crochadh a cuid seól, Tá'n Chraobh so 'na "réalt eolais" d'ár stiúrughadh a's d'ár dtreórughadh, 'S cuirfimid "bláth na h-óige" ar an nGaedhilg i Muigheó!"
Fir an Iarthair. (Translation of Rooney's "Men of the West," by Conor Maguire, M.D., which was awarded the prize presented by Mr. Frank Dorr at féis Mhuigheó, 1903.) (Fonn:- Eoghan Cóir). Má mholtar le sgéal 's le habhrán, Na fir a bhí tréan agus fíor, Do chuir cliú agus cáil le n-a ndánacht, Ar ghleann agus sruthán 's sliabh, Na fágaidh ar deireadh na tréan-fhir, Do chruinnigh ar phlánaidhe Mhuigheó,- 'Nuair a ghnóthuigh na Gaill i Loch Gármain, 'Siad muintir an iarthair bhí beó! Curfá. Seo sláinte na "bhfear as an iarthar" dhíobh, Do chruinnigh le congnamh san ár,- Sheas siad i n-aimsir an ghéar-chaill,- Seo sláinte fear Chonnacht go bráth. Tháinig na longa lá fóghmhair Go cuan Chill Alaidh ag snámh 'S bhíomar chomh fada ag súil leó Gur shíleamar nach dtiucfadh go bráth;- Agus thosuigh na hadharca ag séideadh, Ag fuagairt go raibh siad ar fagháil, Agus corruigheadh spreacadh i nÉirinn Nach múchfar i gConnacht go bráth! Curfá
Níor bhuail sé an dó dhéag san oidhche, Gur ghlan'mar Cill Alaidh go breágh, 'S ní dheachaidh an ghrian síos 'na dhiaidh sin Go raibh brat glas ar chúirt Bhéal an Átha. Chruinnigh na céadta le congnamh Agus mairfidh an sgéal sin go buan, An chaoi raibh na "Red Coats" dá ruagadh As Caisleán a' Bharraigh go Tuaim. — Curfá. Agus goirim na Franncaigh breágh'láidre Do tháinig le Humbert anall, Mar thug siad dúinn croidhe agus meisneach Nuair a bhíomar go brónach sa ngábhadh! Agus trócaire Dé ar na céadtaibh Do thuit 's do leagadh san ár, Tá a gcnámha fá fhód glas na hÉireann, Agus cuimhneóch' muid ortha go bráth! — Curfá. Má caitheadh le fána ár smaointe 'S ár n-dóchas, faoi sgrios agus léan, Tá an fíor-spiorad fós i n-ár gcroidhthibh Nach ngéillfidh do'n námhaid go héag. Agus féach! támuid réidh ar an móiméad Do chluinfeas sinn torann an áir, Ag fuagairt ar chlannaibh na hÉireann Go bhfuil saoirse ár n-oileáin ar fagháil. Curfá. Seo sláinte na gConnachtach fíora Do chruinnigh le congnamh san ár; 'Siad togha 'gus rogha na tíre, Seo sláinte sean-Chonnacht go bráth!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services