SEAGHÁN MAC H-ÉIL,
ÁRD-EASBOG THUAMA.
(By Mary O'Neill and M. J. O'Doherty.)
Och! béidh fir ann, a 's imtheóchaid leó
Mar bhraon 'sa bhfráigh a' teacht,
Béidh rioghachta spíonta mar an gceó
A's righthe féin gan leacht;
Acht feadh gach saoghail béidh Clann na nGaedheal
Ar fagháil gach am 's gach dáil,
Ag cosnamh clú 's a' foillsiughadh fiú
Sheagháin ghlórmhair mhiaidh mhic h-Éil.
I dtosach míosa an Mhárta 'san mbliadhain
1789, is eadh rugadh Seaghán Mac h-Éil.
Rugadh é i dTobar-na-bhFiann- baile beag,
ciúin de Thír Amhalghaidh atá 'na luighe go
socair taobh anoir de shléibh Néifin.
'Deir stáruidhe beathadh Sheagháin Mhic h-Éil
gur tugadh Tobar-na-bhFiann ar an áit mar
d'ól Fianna Éireann as an tobar i n-aimsir
Ghoill; acht deir sean-sgéal eile gur 'bhé
an fáth ar tugadh an t-ainm sin air mar
gheall ar go n-iompuigheann uisge an tobair
in' fhíon ar Oidhche chinn a' Dá Lá dhéag, agus
gur cinnte go mbíonn dath agus blas an fhíona air ag an
dó dhéag a chlog 'san oidhche.
Feilméar dob' eadh é a athair- fear ciúin, críona de
shíol Bhreathnacha. Máire Ní Mhaoilchiaráin an chéad ainm a
bhí ar a mhathair, agus 'deirthear gur thiomáin na Sasanaigh
a treabh-se as Tír-Chonaill 'san tseachtmhadh aois déag thar
éis teithte na n-Iarlaidhe — bean mhór-inntinneach, thoil-
daingean dob' eadh í, go raibh meas agus onóir le fagháil
ó na comharsanaibh aici ins na ceanntaraibh mór-thimcheall.
Ba bhuadhartach, trioblóideach an saoghal é agus Seaghán
Mac h-Éil 'na bhuachaill.
Thall i roinn na h-Eórpa bhí an ghluaiseacht ba mhó a thuit
amach le trí h-aosaibh déag ag creathadh na ríoghacht agus
ag leagan na gcumhacht ba mhó agus b'áilne d'ár chonnaic
an domhan ariamh. 'San mbaile i n-Éirinn bhí iarsma na
ndroch-dhlighthe bpianamhail ag brughadh na gCaitiliceach fós,
agus bíodh gur léigeadh asteach iad thar éis 1793 i gcuid
mhaith d'oifigidhibh na ríoghachta, agus gur leigeadh dóibh
freisin Feisiridhe chur asteach chum na Párlaiméide, níor
fhéadadar fós bheith iad féin 'na bhFeisiridhibh, agus bhí mórán
d'oifigidhibh dúnta 'na n-aghaidh.
Ní mór an t-iongadh go raibh trioblóid ar an tír go
raibh gruama agus sgamaill ar ghnaoithibh na nGaedheal, agus
gurbh' iomdha súil a bhí ag féachaint thar lear chum na
Fraince ag iarraidh cabhra ar an treibh óig, fheargaigh,
dhóchasaigh a bhí ag leagan sean-ríoghacht agus ag athríoghadh
árd-righthe mborb thall i roinn na h-Eórpa. 'San am
gcéadna bhí drong eile go raibh gráin chomh mór aca ar
an bhFrainc, agus bhí aca ar Shasanaibh féin mar gheall ar
an dian-bhroid a bhí d'á h-imirt ag an náisiún sin ar
shean-chreideamh a seacht sinnsear. Badh í sin stáid na
h-Éireann agus Seaghán Mac h-Éil 'na pháisde.
Badh í an Ghaedhilg an chéad teanga a labhair sé. Ní
gábhadh dhom a radh nach raibh acht fíor-bheagán Béarla ag
sgológaidhibh Chonndae Mhuigheó i dtosach na naomhadh-haoise-
déag. 'Nuair a bhí chúig bhliadhna slán ag an mbuachaill óg
cuireadh ar sgoil é, áit in ar chrom sé ar dtús ar Bhéarla
fhoghluim; agus bliadhanta 'na dhiaidh sin d'innseadh sé agus
é in' Árd-Easbog gur mhinic gabhadh air 'san sgoilín sin le
slait an mháighistir fá bheith ag labhairt 'san aon-teangaidh
a bhí ag a dhaoinibh. Acht bíodh gur chuir a athair d'fhiachaibh
ar Sheaghán Béarla fhoghluim níor dhearmaid sé 'san am
gcéadna stáir a thíre féin a mhúnadh dhó, agus sul má bhí sé
deich mbliadhna d'aois bhí a aigneadh tré lasadh le feirg fá an
an-bhroid a bhí d'á h-imirt ag an náisiún mór ar a threibh
bhoicht, bhig féin. Ar an taoibh eile is minic d'innseadh
dearbhráthair a athar a bhí 'na shagart 'san bhFrainc bearta
díchéillidhe na druinge sin dó; chabhruigh seanmóireacha an
tsagairt parráiste — an t-Athair Aindrias Ua Conroí — leis
an gcomhairle seo: Is beag seanmóir a rinne sé nár thug
sé comhairle d'á chuid daoine iad féin a chosaint ar mhí-
chreideamh na bhFrancach, agus bhí a rian orra 'nuair tháinig
Humbert go Cill-Alaidh i mí na Lughnasa, 1798, bhí an
méad sin sgannruighthe ar an gcuid ba mhó de na daoinibh
roimhe gur theith na mná agus na daoine óga, agus Seaghán
Mac h-Éil 'na measg, chum uamha Néifin. Ba ghearr é a
sgannradh, ámh- 'nuair a chualadar nach raibh na Francaigh
ag déanamh aon dochar do'n tír d'fhilleadar ar ais, agus
chonnaic Seaghán óg buidhne Humbeirt agus cuid de na
buachaillidhibh a d'éirigh amach i n-éinfheacht leó ag gluaiseacht
go h-aerach chum "Rásaidhe Chaisleán-a'-Bharraigh" tré
"Bheárnain na Gaoithe." Is gearr go bhfaca sé turas níos
dubhrónaighe ag filleadh thar n-ais thríd an mBeárnain
gcéadna 'nuair do bhí na daoine croidhe-bhriste ag iomchur
cuirp a sagairt- an t-Athair Aindrias Ua Conroí- ar ais
chum curtha cúpla mí 'na dhiaidh sin. Chroch an Brúnach é i
gCaisleán-a'-Bharraigh mar gheall gur labhair sé leis na
oifigeachaibh Francacha agus gur leig sé do na saigh-
diúiridhibh codladh 'san tSéipéal, rud ná'r fhéad sé a thoir-
measg. Do b'é sin an luach a fuair seisean ar a dhílseacht.
D'fhág an choir náireach sin rian ná'r bh'fhéidir a mhilleadh ar
aigneadh Sheagháin.
Níor thuit aon rud eile amach go mb'fhiú a luadh go dtí
1804. Timcheall na bliadhna so bhí 'chuile rud ar a shuaimh-
neas arís- bhí Éire leagtha ar lár; bhí an chuid ba mhó agus
a b'fhearr d'á deagh-laochraibh in a bhfaon-luighe báis agus
sise, a máthair, cuibhrighthe agus ceangailte, gan taoiseach,
gan Phárlaiméid, gan bhrigh. Badh í sin an bhliadhain d'fhág
Seaghán Mac h-Éil baile a shinnsear, agus d'imthigh chum
Caisleán-a'-Bharraigh chum beagán Laidne agus Gréigise
fhoghluim. Ba mhaith leis le fada bheith 'na shagart; do
chinn a athair é do'n oifig naomhtha chéadna agus do
spreag a mháthair an deagh-rún sin- óir badh é a dúil
nádúrtha go gcuimhneóchadh sé uirri féin agus ar a athair
lá éigin ag an alltóir. D'fhan sé trí bhliadhna i gCaisleán-
a'-Bharraigh fá stiúrughadh Stantoin: Amannta bhíodh sé ar
lóistín 'sa mbaile féin- amannta i dtighthibh feilméaraidhe
mór-thimcheall — acht 'chuile Dhomhnach thagadh sé a bhaile chum
an lá síothchána sin a chaitheamh go ciúin, aoibhinn i dteach
a athar.
D'imthigh na trí bliadhna go sgioptha, mear ar an
mbealach so, agus annsin seóladh an mac-léighinn óg chum
Magh Nuadhat chum an Choláiste nuaidh a chuir Párlaiméid
Shasana ar bun ann ar chomhairle Éamoinn De Búrca deich
mbliadhná roimhe sin. 'Sí an tslighe shiubhail a bhí aige ar
dhruim capaill ó Ghleann Néifin go Magh Nuadhat. Bhí a
dhearbhráthair leis chum an capall a thabhairt ar ais. Ní
raibh traen ag rith i n-áit ar bith 'sa domhan 'san am sin,
agus ní raibh cóistidhe Bhianconí ag rith acht an oiread; agus
ar an ádhbhar so ba dhomhcamhlach an rud aistear fada a
dhéanamh.
D'fhan sé seacht mbliadhna 'na mhac-léighinn i Magh
Nuadhat. 'Nuair a bhí sé ag dul go Magh Nuadhat thug
dearbhráthair a mháthar, Maitiú Ua Maoilchiaráin, ceithre
fichid giní dhó le bheith 'na stór aige agus le n-a bhealach íoc
'sa gColáiste, acht chuaidh sé ar aghaidh chomh maith sin nár
bhain sé pighinn asta, as feadh na seacht mbliadhan a bhí sé
ann.
Ar feadh na h-aimsire seo d'fhoghluim sé a lán de Laidin
agus de Ghréigis- bhíodh sé i gcomhnuidhe ar na fearaibh a
b'fearr 'san diadhacht agus 'san "logic;" d'fhoghluim sé
Fraincis ó na deoraidhthibh Francacha a bhí ag múnadh 'san
gColáiste, agus b'áil leis go deireadh a shaoghail oibreacha
móra litridheachta a léigheadh- go mór-mhór stáir iongantach
Ghiobúin. Dála na n-ealadhan, níor mhaith leis "dianeolas"
nó "mathamatics" ariamh, acht chuir sé an-tsuim 'sna
h-ealadhantaibh bhaineas leis na réaltaibh agus le cumadh
na talmhan. Bhí ocht dteangthacha aige- Gaedhilg, Béarla,
Fraincis, Iodáilis, Laidean, Gréigis, Gearmáinis agus Eabhra,
agus bhí sé ionnán labhairt go maith i gceithre chinn aca. Níor
fhoghluim sé Iodáilis ná Gearmáinis go dtí 1832, agus cibé
aisteach fhéachas sé níor fhéadh sé Gaedhilg a sgríobhadh go
ceann deich mbliadhna 'na dhiaidh sin. Ní gábhadh dhom a radh
gur 'bhí an Ghaedhilg an teanga in ar bh'fhusa dhó smaoineadh
i gcomhnuidhe, acht fós is fíor 'na dhiaidh sin nach raibh eolas
maith aige ar ghraiméar na teangan sin go deireadh a
shaoghail. 'San mbealach gcéadna ní féidir a shéanadh gur
bhreagh an obair a rinne sé agus é 'na shean-fhear bliadhanta
'na dhiaidh seo 'nuair a d'aistrigh sé an Iliad agus dánta
Uí Mórdha go Gaedhilg, acht is fíor freisin gur thréig sé
méadar agus modh cumtha na nGaedheal ins na h-oibreachaibh
sin chum riaghlacha dán na Sasanach a leanamhaint.
Bíodh sin mar tá sé b'uasal na h-oibreacha iad.
Bronnadh Ord na Sagartachta ar Sheaghán i nIúl 1814,
agus i mí na Lughnasa bhí chugainn rinneadh leictiúrthóir
diadhachta dhe chum cabhruighthe leis an oide diadhachta, an
Dhochtúir De La Hogue, a bhí ag cailleadh a shlainte. Teas-
báineann sin níos fearr 'na d'fhéadfainn a luadh cia'n meas
a bhí ag na h-oididhibh air. Bhí sé 'na leictiúrthóir go ceann
sé bliadhna agus ní fuláir gur mhór an tairbhe dhó é le
h-aghaidh eolais, agus a radh gur bh'fhéidir leis bheith ag
conspóid beagnach 'chuile lá ar feadh na h-aimsire seo
leis na h-oididhibh seo i saghas cumainn diadhachta a bhí curtha
ar bun aca 'san gColáiste.
'Nuair a fuair an Dochtúir De La Hogue bás 'san
mbliadhain 1820 rinneadh oide de Sheaghán in' ionad.
Timcheall na h-aimsire seo cuireadh ar bun cóir na
Sgolaidheachta Náisiúnta ar dhroch-inntinn ar dtús chum a
gCreideamh a ghoid i ngan-fhios ó na h-Éireannachaibh. Agus
tuilleadh leis bhí an obair ag éirghe leis na cealgairidhibh
mar gheall ar cheist mhóir eile i dtaoibh an "Veto" a bhí ag
líonadh aigneadh na ndaoine anois.
Chonnaic an t-oide óg an chontabhairt seo, d'fhág sé
ceist an "Veto" idir lámhaibh na saoithe a bhí dh'á conspóid
agus léim seisean asteach 'san gcomhrac ag coimhéad na
bpáisdidhe.
'San mbliadhain 1820 thosaigh sé ag sgríobhadh céime
litreach gcumasach chum na bpáipéar i n-aghaidh córa na
Sgolaidheachta Náisiúnta. D'fhreagair saoi eolgach, cliste
de'n eaglais Phrodastúnaigh dhó; acht 'nuair a bhí deireadh
leis an troid sin d'admhuigh 'chuile dhuine cóir cibé creideamh
a bhí aca go raibh an bhuaidh ag "Hierophilos" mar do glaoidh
Seaghán mar ainm-pinn air féin. Do b'é sin tosach
clumhail na troda móire sin ar son a Chreidimh agus a thíre
a lean chomh fada a's bhí Seaghán Mac h-Éil beó.
'San mbliadhain a bhí chugainn sgríobh sé roinnt eile
litreach chum muinntire Shasana i dtaoibh na h-éagcóra
a bhí dh'á h-imirt ar Éirinn. Ní raibh na smaointe, ámh, a bhí
'san gcuid seo chomh dána ná chomh doimhin leis an gcéad-
chuid, ní mó ná go raibh an cuma sgríobhtha chomh maith: Do
chleachtadh sé stáir Ghiobúin a léigheadh i gcomhnuide chum
aithris a dheanamh uirri 'nuair a bhéadh sé ag sgríobhadh agus
mar gheall ar sin bhí a chuma sgríobhtha mórdha, oibrighthe,
agus beagán trom de ghnáth, bealach oireas níos fearr do
litreachaibh conspóide agus aighnis 'ná d'altaibh innseachta.
D'á bhrigh sin b'fhearr freisin na litreacha a sgríobh sé 'san
mbliadhain 1823 i n-aghaidh Easbog bProdastúnach Baile-
Átha-Cliath agus Thuama i dtaoibh léighte an Bhíobla agus
"Emancipation" nó saortha na gCaitiliceach. Ba chosamhail
iad leis an gcéad-chuid.
Timcheall na h-aimsire seo bhí a Easbog féin, an
Dochtúir Ualdron, ag éirghe beagán lag, agus b'áil leis
Easbog cabhruighthe bheith aige. Ní h-iongnadh gur toghadh
Seaghán Mac h-Éil an t-oide clúmhail, an sgríbh'neóir
cumasach, an sagart ba mhó d'ár tháinig ariamh as Dioghaise
Naoimh Mhuireadaigh chum cuidighthe leis. Coisrigeadh Seaghán
in' Easbog an cúigeadh lá de Mhí Mheadhoin an t-Samhraidh,
1825.
Ar an lá gcéadna 'deirthear gur casadh leis i Magh
Nuadhat Máire Ní Chauli an bhean-uasal a chuir Ord na
Trócaire ar bun sé bliadhna go leith 'na dhiaidh sin chum
léigheann an Easboig a chur i bhféidhm agus na páisdidhe
agus na boicht a bhaint ó na "soupers."
D'fhill sé a bhaile ar ball tar éis a choisrigthe agus chrom
sé gan mhoill ar dhualgas Easboig a chóimhlíonadh. Ní féidir
i n-alt bheag mar so acht cúpla ceann de na beartaibh
móra a rinne sé agus é in' Árd-Easbog, a luadh go
sgioptha. 'San mbliadhain naomhtha a bhí chugainn rinne sé
obair mhór i nDioghaise Chill-Alaidh ar feadh na lithise a bhí
ar siúbhal, agus 'san am gcéadna stiúruigh sé tionóntaidhe
Mhuigheó chum ruaig a chur le h-aghaidh Saortha na gCaitiliceach
ar Dhonnchadh Brún a bhí anois 'na thíoránach mhí-thrócaireach
ar an gConndae sin le seacht mbliadhna ar fhichid. 'San
mbliadhain 1827 chuir sé amach obair a sgríobh sé agus é in'
oide i Magh Nuadhat i dtaoibh teagaisg na h-Eaglaise agus
ar feadh na h-aimsire seo ar fad níor stad sé ag cabhrughadh
le Domhnall Ua Conaill le n-a dheagh-chomhairle go dtí go
ndeárnadh dligheadh saortha na gCaitiliceach 'san mbliadhain
1829. 'San mbliadhain seo freisin chuir sé Árd-Teampall
Dioghaise Chill'-Alaidh ar bun agus d'obrigh sé go cruaidh,
dian chum a chuid daoine a choimhéad ar ghorta a bhí ag
bagairt orra. Lean sé mar sin go dtí 1831, acht 'san
tsamhradh so bhí foghmhar maith aca agus b'fhéidir leis fá
dheireadh uaineacht bheag a glacadh a theastuigh go mór, mór
uaidh. Ta litreacha againn uaidh thiúbhras cuntas fairsing
ar an turas so. D'imthig sé chum na Róimhe ar dtús i
n-aimsir Ghrégóir an sé déag mar a chaith mhí. D'éirigh
carthanas idir é féin agus an Pápa, agus 'fhad a's bhí sé
ann, badh é a rinne seanmóireacha an Charrghais agus na
Cásga i gceann de na tighthibh pobail 'sa Róimh. Bhi meas
mór ag na Cáirdinéalaibh ar na seanmóireachaibh seo, agus
d'aistrigh an Cáirdinéal Dilucca iad in a theangaidh féin
le h-aghaidh a mhuinntire. Is minic a chaith sé tráthnóna i
gcomhluadar na gCáirdinéal. Do labhair gach aon duine
aca in a theangaidh féin, agus an t-Árd-Easbog ar an
mbealach gcéadna; labhair sé i nGaedhilg, agus thug sé
amhráin Gaedhilge uaidh go binn, blasta, agus bhí iongantas
orra mar gheall ar mhilseacht agus ar bhlastacht na n-amhrán;
agus 'deir an stáruidhe go ndeárna an Pápa sagart
parráiste ar Mhilan de. Is cinnte go dtug an Pápa
ceithre bronntanais dó .i. Culaith Aifrinn; Cailís óir;
fáinne óir in a raibh cloch luachmhar; agus ucht Croise
Chalbharí, agus tá siad le feiceál 'san Árd-Teampall i
dTuaim go fóill.
Annsin rinne sé cuairt na h-Iodáile, agus ag teacht
ar ais dó d'aistrigh sé urmhór de'n Fhrainc agus de'n tír
Ghearmánaigh. D'fhill sé i mí na Nodlag. 1832, neartuighthe
'na chorp agus in' aigneadh leis an turas agus 'san
mbliadhain a bhí chugainn chrom sé ar chur níos déine 'na
riamh i n-aghaidh córa na Sgolaidheachta Náisiúnta a bhí ag
milleadh na tíre. Is mór an truagh é nach raibh tuilleadh
de na h-Easbogaibh ar aon fhocal leis ar an gceist
dtábhachtaigh seo- dá mbéadh, bhéadh a mhalairt de
sgéal le n'innseacht againn anois i dtaoibh ar dteangan
féin.
'San mbliadhain 1834 fuair beirt Easbog bás- sean-
Easbog Chill-Alaidh agus Árd-Easbog Thuama, agus am'
bhriathar gur mhór an luthgháir a bhí ar Ghaedhealaibh Chúigidh
Chonnacht 'nuair a rinneadh Árd-Easbog ar Árd-Dioghaise
Thuama de Sheaghán Mac h-Éil i n-ionad an Árd-Easboig
Uí Cheallaigh i n-aimhdheoin feall-bheart Riaghaltais Sasana
a bhí ag cur go dian in' aghaidh.
Ar fhágáil Dioghaise Chill-Alaidh dhó d'éirigh comhlucht
mór d'á mhuinntir amach in a chuideachta. 'Nuair a tháinig
siad go Pontún, caol atá idir Loch-Cuinn agus Loch-Cuilinn'
teóra an dá Dhioghaise, casadh muinntear Tuama orra ag
teacht in' airicis agus an Croch Chéasta leó le bronnadh air.
'Deir an stáruidhe go raibh chúig mhíle duine 'san tsluagh
an lá sin, agus dearbhuigheann na páipéir nuaidheachta an
sgéal céadna. D'fhill go leór de mhuinntir Chill-Alaidh ar
ais go brónach, ag silt na ndeór go frasach tar éis rgaradh
le n-a n-Easbog, agus d'imthigh an tascor mór ar a
mbealach, íseal agus uasal, saidhbhir agus daidhbhir, cliar
agus tuata, go dtáinig siad go Caisleán-a'-Bharraigh. Badh
é seo an cruinniughadh ba mhó a chonnaic sé ariamh in aon áit
amháin, agus badh é seo an lá a b'aoibhnighe in a shaoghaL ó
thús go deireadh.
Ní dheárna an t-árdúghadh a fuair sé acht tuilleadh
fuadair a chur faoi agus lean sé ag obair gan stad gan
suan 'na bhaile nuadh ar son a thíre agus a Chreidimh. Ní
féidir liom arís acht na príomh-bhearta a rinne sé 'na nuadh-
oifig a luadh go han-mhear.
Bhí mórán trioblóide i dtaoibh toghtha Easboig Chill-
Alaidh in' ionad ar feadh cúpla bliadhain, agus b'éigin fá
dheireadh an t-Easbog a bhí toghtha d'athríoghadh agus sagart
eile a choisrigeadh in' ionad rud a chuir buadhairt mhór ar an
Árd-Easbog. Timcheall na h-aimsire céadna chuir an
t-Athair Maittéas an ghluaiseacht thábhachtach chum meas-
ardhachta 'san ól ar bun. Níor chuidigh Seaghán Mac h-Éil
go mór leis, ámh.
Teasbáineann sin taobh eile d'á aigneadh dhúinn- ar
rian a fágadh ar a inntinn leis an tubaist a rinneadh na
fud na h-Eórpa agus é 'na bhuachaill le casadh-timcheall na
bhFrancach 'nuair d'athruigheadar a gcreideamh agus a
Riaghaltas chomh h-obann. Mar gheall ar sin bhí faitchíos air
go deireadh a shaoghail roimh aon ghluaiseacht fhuadraigh,
obainn, agus do b'é sin freisin an fáth nár chuidig sé níos
fearr le suathadh poilitidheachta Uí Chonaill le h-aghaidh
saortha na gCaitiliceach agus nár mhaith leis bliadhanta 'na
dhiaidh sin admháil ar dtús nach féidir an Phápa a mhealladh
i dtaoibh Creidimh. Cibé caoi é chabhruigh sé go dian le
Domhnall Ua Conaill 'na dhiaidh seo 'san ngluaiseacht a bhí
ar siubhal aige ó 1840 go dtí 1845 chum Párlaiméid na
h-Éireann fhagháil arís.
Tháinig lobhadh ar na fataidhibh 'san mbliadhain 1846, agus
tháinigh an gorta uathbhásach 'san mbliadhain 1847, agus 'na
dhiaidh sin aicíd a mharbhuigh go leor de na daoinibh. Fá an
am so fuair bás, nó d'imthigh ar fán go ciantaibh coigrighe
dhá mhilliún de mhuinntir na h-Éireann.
Is fíor go dtug sé dian-ghradh do Dhomhnall Ua Conaill
i gcomhnuidhe, agus 'deirthear gur bh'iongantach le muinntir
Thuama an méad bróin a bhí air 'nuair do chuala sé ar bhás
an t-"Saorthóra" 'san mbliadhain 1847, go mór-mhór mar
chuireadh an tÁrd-Easbog cosg ar a chroidhe i gcomhnuidhe
agus níor ghnáthach leis doilghíos ná luthgháir mhór a theas-
báint 'pé rud a thuit amach. Ba mhó fós an brón a tháinig
air fá'n ngorta a rinne an donas ar ár dtír agus a bhris
croidhe Uí Chonaill ar feadh na mbliadhan 1845, 1846, agus
1847, 'nuair bhí na mílte agus na mílte d'á chuid daoine ag
fagháil bháis mór-thimcheall air leis an ocras agus gan
cabhair le fagháil ó'n Riaghaltas mí-thrócaireach. Deirthear
go gcaitheadh Seaghán go minic deich n-uaire de'n ló ag
iarraidh cabhra agus d'á tabhairt do na bochtaibh ar feadh na
h-aimsire brónaighe seo.
Bhí a chroidhe beagnach briste mar chroidhe Uí Chonaill
féin: Acht dá mhéad a raibh d'obair ar a lámhaibh aige agus
dá mhéad a dhoilghíos 'san am gcéadna níor leig se dhó féin
faillighe dhéanamh in aon rud a bhain leis an Eaglais, go
mór-mhór 'san oideachas.
Do b'é oideachas na ndaoine n-óg an gnó speisíalta
in ar chuir an t-Easbog doimhin-inntinneach so suim, agus
'nuair a bhí deireadh leis an ngorta 'san mbaile d'imthigh
sé go dtí an Róimh gan mhoill chum daoradh fhagháil ó'n
bPápa ar Choláistidhibh na Bainrioghna a bhí tar éis a gcur
ar bun ag na Riaghaltas.
D'éirig leis, óir bhí meas mór ag an bPápa air i gcomh-
nuidhe, comh mór sin gur iarr Píus air cúpla bliadhain 'na
dhiaidh sin bheith 'na Nuncio dhó féin chum cuntas a chur chuige
ó am go h-am i dtaoibh imtheachta na h-Eaglaise in Éirinn-
rud gur mhaith le Seaghán a dhéanamh. Bhí Garabaildí ar tí
iarracht a thabhairt ar an Róimh 'nuair a bhí Seaghán ann,
agus go deimhin is ar éigin d'éaluigh sé leis ag filleadh ar
ais dó ó na saighdiúiridhibh a d'éirigh amach leis an taoiseach
sin; acht d'éirigh leis mar 'dubhairt me i dtaoibh ádhbhair a
thurais, agus 'nuair a tháinig an Pápa ar ais do'n Róimh
thar éis an chogaidh do rinne comhairle mhór Eaglaise á bhí
'na suidhe ag Durlas damnughadh na gcolaistidhe nár mhaith
le Seaghán fhoillsiughadh agus a leathnughadh.
Chuaidh sé chum na Róimhe chúig uaire.
Ar an taoibh eile 'nuair cuireadh Coláiste mór Caitilic-
each ar bun i mBaile-Átha-Cliath níor chuidigh an t-Árd-
Easbog leis. B'fhéidir go n-abróchthaoi ar dtús gur
b'aisteach an rud é sin. Bhí ciall aige am' dhóigh-sé óir
chonnaic sé go raibh locht mór ar an gColáiste seo agus
nach n-éireóchadh sé go han-mhaith leis go deó mar gheall
nach raibh cuid mhaith d'á stiúrughadh i lámhaibh Easbog na
h-Éireann ar fad a bhí d'á chongbháil suas.
Bhí na bliadhanta a bhí chugainn lán suas d'obair.
'San mbliadhain 1851 rinneadh dligheadh ag toirmeasg
ar Easbogaibh na h-Éireann ainm a ndioghaise do ghlaodhach
orra féin fá phéin cána móire agus díbirte: Ní raibh sé
déanta acht cúpla lá 'nuair sheól Seaghán litir chum na
bpáipéar le n' ainm, "Seaghán, Árd-Easbog Thuama" fúithi,
agus am' bhriathar gur bheag suim a bhí 'san dligheadh 'na
dhiaidh rin.
'San mbliadhain 1852 cuireadh Cumann Neamh-spleadhach
na bhFeisiridhe n-Éireannach ar bun chum cúis na sgológ
agus na h-Éireann ar fad a chur ar aghaidh gan brath ar aon
aicme eachtrannaigh i bhFéis Shasana.
Chabhruigh sé go luthgháireach leis an gCumann seo agus
'nuair a briseadh é dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin le ceilg coda
de na Feisiridhibh do b'é Seaghán an chéad Easbog a theas-
báin an feall agus a dhaor an bheirt bhitheamhnach a bhris é,
bíodh go raibh cuid mhaith de na h-Easbogaibh féin d'á neamh-
chiontughadh agus d'á gcongbháil suas; agus 'nuair a bhí
Togha Coitchionn ar siubhal arís 'san mbliadhain 1857 rinne
sé a dhicheall chum Mac Uí Mhórdha a chur asteach i n-ionad
cinn de na cealgairidhibh a bhí in' Fheisire ann go dtí sin.
D'éirigh leis — cuireadh Mac Uí Mhórdha asteach, acht ruaig
an Riaghaltas é as a ionad go cealgach 'na dhiaidh sin fá'n
leith-sgéal gur ghríosuigh na sagairt na daoine go han-
iomarcach i n-aghaidh an fhir eile.
Ni dheárna an chealg so acht "Leomhan an Tréada" a
bhrostughadh agus a neartughadh- dhá bhliadhain 'na dhiaidh sin
do spreag sé na daoine chomh mór sin ar son an Phápa go
dtug Dioghaise Thuama in' aonar iomad saighdiúiridhe agus
trí mhíle punt chum an cogadh ar son cinn na h-Eaglaise a
chongbháil suas.
'San am sin- 'sa mbliadhain 1859- rinne drong mhí-
riaghalta na h-Iodáile, gá'n gcriopaire Garabaildí iarracht
ar thighearnas an Phápa Ró-Naomhtha, Pío Nóno, a bhaint de;
agus, fairíor gear is ró-mhaith a d'éirigh leó an t-am so.
Ceanamhail agus dlisteanach do Cheann a gCreidimh mar bhí
muinntear na h-Éireann ariamh, chruinnigheadar in a lán
d'áiteachaibh ar fud na tíre le n-a ngnótha a thógbháil suas
i n-aghaidh na h-oibre malluighthe sin. Níor chóir go mbéadh
Caitilicigh Chonndae Mhuigheo 'na gcladhairidhibh fallsa nó
failligheach i n-aimsir na cruadhóige; chruinnigheadar i
gceann a chéile i gCaisleán-a'-Bharraigh ar an tseachtmhadh lá
d'Eanáir, 1860- an t-Árd-Easbog 'sa gcathaoir — agus
chuireadar fir le chéile, agus chruinnigheadar airgead le
congnamh a thabhairt do'n Phápa.
'Nuair a bhí an troid mhór ar siubhal idir an Nuallánach
agus an Froinnseach 'san mbliadhain 1872, ní raibh duine i
gCúigeadh Chonnacht a chabhruigh níos fearr leis an Nuallánach
'ná Seaghán, Árd-Easbog Thuama. Is beag duine fásta
nach gcuimhnigheann agus is tearc duine óg ná'r chuala
caint ar an gcaingin mhóir dlighidh a bhí ar siubhal i nGallimh
i dtaoibh an toghtha sin, agus ar an óráid náirigh a rinne an
fealltóir Mac Eochaidh a bhí anois 'na bhreitheamh i n-aghaidh
an Árd-Easboig uasail. Do b'é deireadh an sgéil gur
cuireadh an Nuallánach amach go cealgach: Acht má cuireadh
féin do b'é céad chúram Sheagháin nach gcaillfeadh sé dada
mar gheall ar sin.
Is mar sin do chaith sé a shaoghal ag seasamh gan stad
'na bhalla dhíreach 'na leomhan dána fheargach i n-aghaidh
námhad na mbocht agus na ndíleacht, i n-aghaidh námhad a
thíre agus a Chreidimh. Acht an rud is iongantaighe fós 'sé
go bhfuair sé am chum litirdheachta i measg na saothar mór
bhfairsing seo. I n-éinfheacht leis an Iliad agus le hamh-
ránaibh Uí Mhórdha ar an labhair mé cheana chuir sé amach
leabhar paidreacha agus Teagasg Críostuighe i nGaedhilg
agus i mBéarla.
Chuir sé amach freisin leabhar mór litreach ag baint le
neithibh puiblighe agus leabhra eile i dtaoibh teagaisg na
h-Eaglaise- agus tuilleadh leis seo d'aistrigh sé an
Pentateuch nó chúig leabhra Mhaoishe go Gaedhilg agus do
bheachtuigh agus d'fheabhsuigh sé cuid mhór de'n Bhíobla a
h-aistrigheadh go Gaedhilg dá chéad bliadhain ó shoin.
Rud eile dhe, do líonfadh a litreacha aoidhearachta agus
a sheanmóireacha agus a óráideacha agus a litreacha puiblighe
nach raibh clodhbhuailte ariamh ceithre mór-leabhra dá gcuir-
fidhe i gclodh iad. Ní mór an t-iongnadh go raibh lúthgháir a
gcroidhe ní h-é amháin ar Chaitiliceachaibh Thuama acht ar
dhaoinibh Chúigidh Chonnacht agus ar Ghaedhealaibh na h-Éireann
ar fad 'nuair a bhí a litheas órdha d'á sollamhnadh ag Seaghán
'san mbliadhain 1875. Mar cholamhan teampaill mhóir bhí
sé ag congbháil suas Caitilidheachta na h-Éireann ar a mhór-
ghuailnibh anois le breis agus leath-aois. Bhí ós cionn dá
chéad duine 'na suidhe ag bord ann ar feadh na lithise. Bhí
daoine móra as gach áird ann de 'chuile chreideamh, óir bhí
urram mhór fá n-a chomhair agus meas mór ag a náimhdibh
air chomh maith le n-a cháirdibh agus a chomh-chreidmheachaibh.
Agus ní h-é amháin gur stiúruigh sé a chuid daoine go
fuadrach, fuinneamhach i gcomhnuidhe- tá 'fhios againne atá
ag maireachtáil 'na dhiaidh gur stiúruigh sé iad go ceart
freisin- rud is deacra fós. Do sheas sé amach ar feadh
deich agus fiche bliadhain os comhair na h-Éireann agus na
h-Eórpa ag teasbáint bóthair chaim, dheacair na bhFlaitheas
in' Easbog naomhtha ag treorughadh a bhráithreacha chum
saoirseachta gan stad gan faitchíos in' Éireannach dhílis.
ó laetheanntaibh Naoimh Pádruig féin níor stiúruigh aon
Easbog a chuid daoine chomh fada leis-sean.
Ba chomh-aoisteach é le seacht bPápaidhibh agus le h-ocht
n-Árd-Easbogaibh Árd-Macha; chonnaic sé muinntear na
h-Éireann ag éirghe amach i n-aghaidh na Sasanach fá thrí, ag
fulang fá mhór-ghorta fa cheathair ag troid go fuadrach chum
dlighthe talmhan fhagháil fá naoi. Bhí sé na thaoiseach ins na
gluaiseachtaibh móra a bhí ar siubhal i n-aghaidh na ndeachmhadh,
i n-aghaidh na h-oideachta saoghaltaighe, agus le h-aghaidh
saortha na gCaitiliceach.
Rinne sé troid mhór i n-aghaidh an dlighidh a chuirdeachmhadh
ar 'chuile shórt a d'fhásfadh ag Caitiliceach, le h-aghaidh na
ministéaraidhe Gallda. Dubhairt sé leis na daoinibh gan
a thabhairt dóibh, agus dá mbéadh imreasán ann sgathamh go
mbéadh an bhuaidh ag Caitiliceachaibh fá dheireadh; agus
riocht a's go mbéadh sé féin 'sa gclampar, cheannuigh sé
feilm bheag agus chuir sé í. 'Nuair a tháinig an foghmhar
agus an t-am leis an deachmhadh a bhailiughadh ní tháinig aon
mhinistéar i gcoinne an arbhair. Go goirid 'na dhiaidh sin
cuireadh deireadh leis an droch-dhiligheadh seo mar an ceann
eile ar ar labhras thuas.
Níor chuidigh aoinneach níos fearr le Domhnall Ua
Conaill ná le Seoirse Ua Mórdha ná le Butt chum cúis na
sgológ a chur ar aghaidh agus Párlaiméid fhagháil ar ais i
mBaile-Átha-Cliath. 'San mbliadhain 1875, ar an ochtmhadh
lá déag de Mhí na Samhna, agus ar feadh na dtrí laetheann-
ta 'na dhiaidh bhí maithe agus taoisigh na h-Éireann in a suidhe
i mBaile-Átha-Cliath i gcomh-thíonóil ag iarraidh cirt d'Éirinn.
Bhí go leór sagart agus uaisle ann, maoir bhailte mór na
tíre agus iomad Feisiridhe as gach áird. Gidh nach raibh
Seaghán Mac h-Éil ábalta ar bheith i láthair é féin ag an
gcruinniughadh sin- bhí an aois ag goilleadh air; bí sé
ceithre bliadhna agus ceithre ficidh d'aois an uair sin- bhí a
inntinn leó; agus is maith a chuimhnigh an tíonóil air, óir
'nuair a tháinig an t-am le cisteóiridhe ainmniughadh badh é
a ainm-sean an chéad ainm a cuireadh síos mar chisteóir
agus mar chosantóir ar chiste na tíre le cúis na tíre a
throid go críoch, agus cead fhagháil do mhuinntir na h-Éireann
dlighthe a dhéanamh mar ghnídheas muinntear Chanadá, Austra-
lia, Oileán Mhanannáin agus áiteacha eile fá Impireacht
Shasana. Ba h-é sin an ceart, agus 'sé ár n-oidhrigheacht é.
Is dual dúinn é agus ní bhéidh aon tsíothcháin nó go bhfuighi-
mid é. Ba h-é an riaghal é go dtí an bhliadhain ocht gcéad
déag 'nuair a tugadh uainn le feall é.
Acht gidh go raibh an t-Árd-Easbog fá anfhaine níor
dhiúltaigh sé do'n obair seo a dhéanamh i ndeireadh a laethe.
'Séa'r'd dubhairt sé féin i dtaoibh a thíre, "Níor tarrain-
geadh ariamh as broinn an duibheagáin aon tseód chomh
luachmhar le h-Oileán na h-Éireann, óir ó'n uair a ghlach sí
solas an t-Soisgéil níor fhéad cumhacht dá láidre na
diabhluigheacht da dhuibhe a bhaint dí." Is iomdha ainm a
glaoidhtí air, mar, "Leomhan Treibhe Iúda," "Réalt geal
na h-Éireann," agus "Bród mhuinntire Mhuigheó."
Thug sé a chuairt dhéigheanach phuiblighe ar Bhaile-Átha-
Cliath 'san mbliadhain 1881. Badh í seo an ócáid ar ar
nocht sé íomháigh no figiúr Sheagháin Ghré, Árd-Mhaor Bhaile-
Átha-Cliath; fear a bhí lán de thír-ghradh agus de gach subháilce.
Bhí fáilte mhór roimh an Árd-Easbog an lá sin ag gach uile
dhuine. Bhí sé 'san am sin aon bhliadhain déag agus ceithre
fichid, agus ba shoiléir an lá sin go raibh an aois ag
goilleadh air.
Dála nós beathadh an Árd-Easboig bhíodar an-tsimplidhe.
D'éirigheadh sé 'na shuidhe ag a sé a chlog. 'Nuair bhíodh an
t-Aifreann ráidhte aige agus a chéad-lón caithte timcheall
a h-ocht ghníodh sé stuidéar go dtí a dó-dhéag nó a h-aon,
annsin ghabhadh sé amach ag marcuigheacht in a chóiste go dtí
a trí — sgríobhadh sé litreacha 'na dhiaidh sin go dtí a cúig-
chaitheadh sé a dhinnéar ag a cúig agus annsin léigheadh sé na
páipéir — ag a h-ocht deireadh sé a oifig dhiadha, agus 'nuair
a bhíodh a bhraoinín coiffi ólta aige do chaitheadh sé tamall
beag ag caint le n-a cháirdibh; léigheadh sé cuid de bheathai-
dhibh na naomh ag a naoi, agus bhíodh sé 'na leabaidh de ghnáth
ag a deich. Do b'é sin caoi coitchionn simplidhe a bheathadh.
'Nuair a bhíodh aoidhidh 'san teach, ámh, thagadh atharrughadh air;
annsin bhíodh sé 'na bhiadhtach shoilbhir, in' Éireannach shultmhar
aoibhinn, óir b'fhialmhar, daonachtach an fear é freisin, fear
caomh, deagh-bhéasach, séimh-inntinneach, ar nós a threibhe,
agus dá mhéad a fhearg i n-aghaidh námhad a dhaoine níor
mhair duine ariamh ar dhruim an domhain b'umhla ná ba
cheannsa i dtaoibh a cháile féin 'ná Seaghán Thuama. Ar an
mbealach gcéadna chrádhadh sé a chorp gan stad. Is minic
a thuit taom thinnis air le n-a throsgadh, agus 'deirthear gur
ghnáthach dhó 'chuile bhliadhain gan bheith ionnán siubhlóid go maith
thar éis an Charrghais le a ndéanadh sé de chrádhadh cuirp
ar féin.
Bhí a rian air, bhí corp tréan, mórdha an t-sean-fhir
iongantaigh ag dul a laige go mór, mór anois. Bhí a éadan
áluinn, uasal agus chruth aoibhinn deagh-chumtha ag éirghe
caithte agus lag: agus bíodh go lasfadh na súile milse fós
fá na malaidhibh lúbtha dá luaidhfidhe Dia nó na boicht nó
Éire agus gur theasbáin an ghnaoi uasal, threórach an aigneadh
bhríoghmhar a bhí taobh astigh mar sin féin bhí an bás ag
druidim leis go mear. I mí an Mhárta, 1881, 'nuair bhí dhá
bhliadhain déag agus ceithre fichid slán aige b'fhollus do
'chuile dhuine go raibh deireadh an tsaoghail áluinn, uasail
sin ag teacht. Seacht mí 'na dhiaidh sin fuair sé an-tslaghdán
agus ar an deichmheadh lá de Mhí na Samhna, 1881, d'imthigh
an t-Árd-Easbog mór chum an luach do thuill sé chomh maith
fhagháil ó n-a Shlánuightheoir.
Ní ro-mhór a rádh gur bhain an bás sin a gáire d'Éirinn:
go mór-mhór d'á Chúigeadh bhocht, chráidhte féin. Óir, an
glór grádhuighthe sin nár choigil dó féin ariamh ar feadh leath-
haoise go leith ar son tíre agus Creidimh agus a bhí anois
fá dheireadh 'na thost go deó ba h-é guth binn, bríoghmhar na
gConnachtach ar fad é. Bhí na smaointe céadna a bhí ag an
Árd-Easbog i n-inntinnibh a dhaoine mbocht go léir do
mhothuigheadar iad ag corruighe go dall, dorcha, balbh astigh
in a gcroidhthibh- b'é an t-aon-difir a bhí eatorra gur
smuain seisean na smaointe níos doimhne; gur mhothuigh sé
iad níos áilne, níos uaisle, níos cumasaighe, 'na thaoiseach
mhór-inntinneach, fhíor-eolgach, 'na shagart thír-ghrádhach, fhíor.
Ní mór an t-iongnadh go dtugadar searc-ghradh dhó- is maith
do thuigeadar gur leó féin é ar fad. 'Nuair a bhí "Leomhan
an Tréada" in' uaigh le breis agus fiche bliadhain chuala mé
m'athair féin ag ath-rádh agus caoin 'na ghlór cúpla focal a
labhair Seaghán Thuama leis agus é 'na bhuachaill, agus
annsin d'innis fear eile cionnus nár fhéad an t-Árd-
Easbog dul amach gan gasradh bacach bheith mór-thimcheall
air, agus 'nuair ba mhaith leis na "peelers" na bacaigh a
ruagadh cionnus mar do bhíodh Seaghán d'á gcosaint ag rádh
gur bh'iad a ghárda cuirp féin iad agus ná cóir iad a chur
uaidh. Is mar sin choimhéadas na daoire a raibh gradh aca dhó
chomh mór 'chuile fhocal d'ár thuit as a bhéal ariamh- d'á
gcongbháil astigh in a gcroidhthibh go dian, dílis i n-aimhdheóin
na spioraide saoghaltaighe, Íar-Shasanaighe atá ag déanamh
an donais mór-thimcheall orra, ag imirt íosbartha ar an
mbaile agus fá'n tuaith le breis agus fiche bliadhain. Ní
baoghalach go rachaidh sé as cuimhne, óir tá sé greannta go
doimhin i gcroidhthibh na ndaoine. Tá a cháil agus a ghníomh-
artha os ar gcomhair mar sholas lonnrach d'ár dtreórughadh
chum saorsachta annseo agus na beathadh spioradálta 'san
tsaoghal le teacht. Thóg Dia suas é le bheith 'na thaoiseach
ar na daoinibh 'sa gcath i n-aghaidh na géirleanamhna móire
fá n-a rabhadar ag na Sasanachaibh, agus ní bréag a radh go
bhfuair sé an bhuaidh.
Beannacht hé le n'anam.
B'uasal, cráibhtheach, críona an t-oide é; ba chumasach,
binn-ghlórach, Gaedhealach an sgríbh'neoir é; ba chrodha, géar-
inntinneach, tír-ghrádhach an fear é- sin cuid de na fáthann-
libh fá'r cheart do 'chuile fhíor-Éireannach meas agus gradh
agus onóir bheith aige go deireadh a shaoghail ar Sheaghán,
Árd-Easbog Thuama.
Is minic adubhairt sé gur b'í teanga bhinn, bhlasta na
h-Éireann an teóra is fearr idir muinntear na tíre seo
agus Galldacht, dubháilcidhe, agus droch-nóis Shasana, agus
is beag an meas a bhéadh aige ar an té nach mbéadh ábalta
ar an teanga ghaedhilge a labhairt leis.
Críoch.
AMHRÁN FÉISE MHUIGHEÓ.
SÉAMUS Ó MAOILDHIA a Cheap.
I.
Éist! cluinim ins gach ceárda fuaim dheas, bhog, aoibhinn,
áluinn,
Mar cheólta binn' na gcláirseach, nó crónán ceólta sidhe —
Éist! tá sé 'g éirghe 'n-áirde, ag neartughadh 'gus ag
árdughadh,
Tá'n fhuaim ag éirghe láidir, 'teacht chugainn ar an ngaoith:
Fan! céard é seo 'nar dtimcheall ag cheóltóireacht 's ag
siosgadh?
Bhfuil mearbhall 'teacht ar m'intinn? nó'n aisling é an
glór?
Ní headh! Ní headh! a cháirde, tá'n guth so ins gach ceárda!
Tá teanga bhinn ar máthar ag músgailt i Muigheó.
II.
Tá fuaim bhog bhinn na Gaedhilge ag dúiseacht ó na sléibhtibh,
Tá lúth 'teacht in a géagaibh 'gus éirim in a croidhe,
Tá sgapadh ar a néaltaibh, tá'n brón a bhí 'rri 'g éalodh,
'Gus solas geal na gréine ag taitneamh uirri 'rís:
Tá a glór aoibhinn uasal ag crónán in ár gcluasaibh,
Níos binne 'ná na cuacha, nó ceileabhar caoin na smol!
Tá teanga bhinn Naoimh Phádraig le cloisteáil ar na bántaibh,
I ngleann agus ar árdán ó cheann go ceann Mhuigheó.
Éist! cluinim glór ár máthar, go geanamhail is go grádhmhar,
Ag labhairt go múinte mánla is fiafruigheann sí d'á
cloinn:-
"A' gcluin sibh mé, a pháisdidhe? Bhfuil truagh agaibh d'bhur
máthair
Atá go buaidheartha cráidhte, gan meas uirri nó suim?
An leigfidh sibh dom éagadh ar thalamh glas a hÉireann?
Nó 'ndéanfaidh sibh mé shéanadh os coinne an tsaoghail
mhóir?"
Tá'n freagra 'teacht go láidir- "Ní baoghal duit choidhche,
'mháthair.
'Gus béidh tú fós go bláthmhar 'gus á réim i Muigheó!"
IV.
Tá'n t-óg agus an críona ag músgailt suas go croidhea-
mhail,
Tá deireadh leis an oidhche 'gus sgapadh ar an gceó;
Tá mothughadh 'teacht 'sna daoinibh, 'gus spioraid in a
gcroidhthibh-
Ní bhéidh siad feasta claoidhte, fá lionndubh 'ná fá
bhrón;
Tá'n seanóir craptha claoidhte go meidhreach is go siamsa-
mhail,
Tá luthgháir ar a chroidhe-'stigh, 'gus tá sé 'g éirghe óg;
Tá fear, bean, is páisde fá ríméad is fá áthas-
Tá teanga bhinn ár máthar ag músgailt i Muigheó.
V.
Tá Muigheó in a dúiseacht, le dóchas is le dúthracht,
I bhfíor-thosach na cúise le n-ár dteanga chur ar fagháil,
Tá solas geal na Gaedhilge ag breacadh ar na spéarthaibh,-
Is binn é ceól na n-éanlaith ag fuagairt dúinn an lá:
Tá Craobh an Athar Uí Ghramhnaigh annso i mBéalÁth' hAmhnais
Go croidheamhail is go meabhlach ag crochadh a cuid seól,
Tá'n Chraobh so 'na "réalt eolais" d'ár stiúrughadh a's d'ár
dtreórughadh,
'S cuirfimid "bláth na h-óige" ar an nGaedhilg i Muigheó!"
Fir an Iarthair.
(Translation of Rooney's "Men of the West," by Conor Maguire, M.D.,
which was awarded the prize presented by Mr. Frank Dorr at féis
Mhuigheó, 1903.)
(Fonn:- Eoghan Cóir).
Má mholtar le sgéal 's le habhrán,
Na fir a bhí tréan agus fíor,
Do chuir cliú agus cáil le n-a ndánacht,
Ar ghleann agus sruthán 's sliabh,
Na fágaidh ar deireadh na tréan-fhir,
Do chruinnigh ar phlánaidhe Mhuigheó,-
'Nuair a ghnóthuigh na Gaill i Loch Gármain,
'Siad muintir an iarthair bhí beó!
Curfá.
Seo sláinte na "bhfear as an iarthar" dhíobh,
Do chruinnigh le congnamh san ár,-
Sheas siad i n-aimsir an ghéar-chaill,-
Seo sláinte fear Chonnacht go bráth.
Tháinig na longa lá fóghmhair
Go cuan Chill Alaidh ag snámh
'S bhíomar chomh fada ag súil leó
Gur shíleamar nach dtiucfadh go bráth;-
Agus thosuigh na hadharca ag séideadh,
Ag fuagairt go raibh siad ar fagháil,
Agus corruigheadh spreacadh i nÉirinn
Nach múchfar i gConnacht go bráth!
Curfá
Níor bhuail sé an dó dhéag san oidhche,
Gur ghlan'mar Cill Alaidh go breágh,
'S ní dheachaidh an ghrian síos 'na dhiaidh sin
Go raibh brat glas ar chúirt Bhéal an Átha.
Chruinnigh na céadta le congnamh
Agus mairfidh an sgéal sin go buan,
An chaoi raibh na "Red Coats" dá ruagadh
As Caisleán a' Bharraigh go Tuaim.
— Curfá.
Agus goirim na Franncaigh breágh'láidre
Do tháinig le Humbert anall,
Mar thug siad dúinn croidhe agus meisneach
Nuair a bhíomar go brónach sa ngábhadh!
Agus trócaire Dé ar na céadtaibh
Do thuit 's do leagadh san ár,
Tá a gcnámha fá fhód glas na hÉireann,
Agus cuimhneóch' muid ortha go bráth!
— Curfá.
Má caitheadh le fána ár smaointe
'S ár n-dóchas, faoi sgrios agus léan,
Tá an fíor-spiorad fós i n-ár gcroidhthibh
Nach ngéillfidh do'n námhaid go héag.
Agus féach! támuid réidh ar an móiméad
Do chluinfeas sinn torann an áir,
Ag fuagairt ar chlannaibh na hÉireann
Go bhfuil saoirse ár n-oileáin ar fagháil.
Curfá.
Seo sláinte na gConnachtach fíora
Do chruinnigh le congnamh san ár;
'Siad togha 'gus rogha na tíre,
Seo sláinte sean-Chonnacht go bráth!
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11