Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Béal an Uaignis
Title
Béal an Uaignis
Author(s)
Ó Conaire, Pádraic,
Pen Name
Caoilte na gCos / Cois Leasa
Composition Date
1921
Publisher
Clólucht an Tálbóidigh
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AMUIGH FAOI'N BHFÁSACH. AN ATH-CHUAIRT. Cúpla oidhche ó shoin thugas cuairt ar an sean- choiléar roimh luighe na gréine, ionnós go bhfeicfinn cé'n bhail bhí ar mo shean-cháirde ann thar éis an gheimhridh. Chaith mé tamall maith de'n tsamhradh ann anuraidh, agus is beag dóchra ná ceachra dá raibh ann nár chuir mé aithne air; agus tá cuimse ainmhidhe agus éanlaith agus feithidí éagsamhla ann, mar níor baineadh cloch san sean-choiléar céadna le linn na bhfear, agus sgeicheacha agus croinnte óga de'n uile chineál ag fás ann. Tá an áit sáthach iargcúlta freisin: coill bheag ar an taobh thuaidh agus ar an taobh thoir dhe; ailltreacha as ar baineadh an chloch aoil ar an dá thaobh eile; dá mba i lár na hAifrice bhéathá, ní fhéadfá áit níos socaire agus níos uaignighe ná é fhághail. Go deimhin, chaith mé seachtmhain mhór fhada ann anuraidh, gan é fhágáil de ló ná d'oidhche, agus i gcaitheamh na seachtmhaine sin níor leagas súil ar ghnúis fir; acht mara raibh comhluadar fear nó ban agam ann, d'éirigh mé an-cháirdeamhail leis na h-ainmhidhthibh agus leis na h-éanlaith a bhfuil comhnaidhe orra san gcoiléar, leis an gcoinín
sgáthmhar, leis an easóig bheódha nimhneach, leis an iora gleóite bhíos ag léimnigh ó chraoibh go craoibh, leis an luch mór donn glic, leis an smólach donn ceólmhar, leis an londubh buidhe-ghobach binn — an iongnadh libh gur ann chuaidh mé nuair d'éirigh mé tuirseach de'n chathair agus laethe geala an tsamhraidh ar fághail? Isteach liom thríd an gcoill bhig atá ar an taobh thuaidh de'n choiléar, agus mo mhála codalta ar mo dhruim. Bhí lón trí lá agam sa mála, agus gléas agam chun é ullmhughadh, mar bhí fúm an t-achar sin chaitheamh ann imeasg mo shean-cháirde le aithne chur orra as an nua. Ní raibh aon athrughadh ar an áit thar mar bhí nuair d'fhágas é cúpla ráithe ó shoin. Níor shíleas gur fhág duine cos ann ó shoin. Na leacracha, áit a ngléasainn an biadh dhom féin, bhí rian mo theineadh orra fós i n-aimhdheóin doininne an gheimhridh. Bhí an ceól céadna ag an éan ar an gcrann ós mo chionn. Bhí an t-iora go léimneach ar chraoibh. Chonnaic mé sgata beag coiníní ag déanamh ar a gcuid pluais nuair d'airigheadar torann mo bhróg ar an sean-duilleabhar feósaidhe, acht bhí fhios agam nach bhfanfaidís ró fhada istigh nuair bhéadh fhios aca cé bhí ann! Chaith mé dhíom an mála codalta. Shín mé mé féin ar an talamh. Tharraing mé anál fada agus m'aghaidh tugtha ar an spéir ghorm. Thosuigh éan éigin ag canadh ceóil i dtom i n-aice liom — a leithéid de sheódaibh binne níor chualas ó sgar an samhradh breágh buidhe linn anuraidh. Dhún mé na súile. D'fhan mé gan cor chur dhíom ag
éisteacht leis an gceól aoibhinn sin agus ag iarraidh dhéanamh amach cé'n fáth gur bhronn Dia a leithéid de bhinneas ar chlannaibh na n-eite agus na ngob agus gur fhág Sé an chlann daonna mar tá. Chuaidh an ceól i laige. D'imthigh an t-éan leis go tom eile bhí sgathamh maith uaim, ionnós nár chuala mé acht mar bhéadh mac-alla a cheóil. D'osgail mé súil. D'osgail mé an tsúil eile. Chorruigh mé mo lámh. Léim beithidheach beag éigin sa bhféar fada le m'ais. D'iompuigh mé mo cheann agus céard bhéadh le feiceál agam acht sean-choinín 'na shuidhe ar a ghogaide i bhfoigseacht seacht dtroigh dhíom, agus é ag féachaint orm le hiongnadh mór. D'éirigheas 'mo sheasamh. Ghlan na coiníní uile go léir leó, bíodh is nach mbacfainnse leó — nach raibh mo sháith de'n bhiadh agam sa mála agus nach leór do dhuine a sháith? Acht thugadar uile go léir a n-earbaill bhána liom. Ní raibh an ghrian acht tuairim 's a trí leitheid féin ós cionn na talmhan faoi seo, agus gaethe órdha uaithi ar gach taobh. Bhí an áit an-tsocair an-uaigneach gan torann dá laghad le clos acht ceól beag codaltach na n-éan. Tháinic cineál cumha orm féin. D'éaluigh osna uaim dhom' bhuidheachas. Anonn liom go dtí na leacracha, áit a mbíodh an teine agam an tseachtmhain deiridh chaitheas sa tsean-choiléar, agus thosuigh mé ag déanamh teineadh ionnós nach bhfuigheadh an cumha aisteach seo greim ar mo chroidhe. Bhailigh mé mo dhóthain de'n bhrosna agus de'n chaonach tirim
donn so-fhaduighthe bhí thart ann, agus ní achar fada go raibh teine dheas agam agus canna uisge ag fiuchaidh ós a cionn leis an tae dhéanamh. Rinne mé mo ghoradh, mar bhí fionnfhuaracht san aer, agus d'imthigh an cumha bhí ag iarraidh buadhchaint orm — is beag duine thuigeas cé'n comhluadar atá i dteinidh mhaith, mór-mhór an teine ghnídheas duine é féin faoi'n spéir le tuitim na hoidche. Chuir an teine agus an saoghal suaimhneach socair bhí thart ann aoibhneas orm. Thosuigh an ceól ag éirghe 'mo chroidhe, an ceól céadna a bhí i gcroidhe an smólaigh bhí sa dtom i n-aice liom acht gur bhronn Dia bealach a nochtuighthe dhó-san agus gur shéan Sé ormsa é. Annsin chuimhnigh mé gur bhuail an cumha céadna sin mé oidhche eile agus mé sa tsean- choiléar. An ceól, nó an fhilidheacht, d'éirigh 'mo chroidhe an oidhche sin, bhíos i n-ann é nochtadh; nár bhreacas páipéar leis? Acht cá raibh an páipéar sin anois? Chuimhnigheas annsin gur chuireas an páipéar ar ar sgríobhas na rannta sin i bhfolach i sgailp. Anonn liom. Bhaineas cloch as an sgailp. Bhí an páipéar slán tirim ann. Chroch mé liom é agus thosuigheas ghá léigheamh agus mé ag ithe mo bhéile. Thuit an oidhche. Chuaidh mé isteach 'mo mhála chodalta. Thuit néal orm. Thuit néal eile, agus níor dhúisigh mé arís go raibh grian na maidne ag óradh na gcrann i gceann an choiléir.
MÉ FÉIN AGUS AN COINÍN. Nuair dhúisigh mé an ath-uair sa sean-choiléar an mhaidin bhreágh ghréine sin, bhí an dreóilín imthighthe acht bhí coinín 'na shuidhe ar a ghogaide ar m' aghaidh amach agus é ag dearcadh idir an dá shúil orm. Chomh luath is d' osgail mé mo shúile féin, tháinic fonn reatha ar an mbeithidheach beag sgáthmhar — cuid dá dhúthchais teicheadh ár ndóigh, acht ó bhí sé 'na pheata agam beagnach, níor ghéill sé dá dhúthchas acht dhruid sé suas i n-aice liom agus a shúile bolgacha sáithte ionnam. Is cinnte gur breágh an misneach atá aige ar bhealach, agus a theacht i ngiorracht dom ar chor ar bith, agus an preabadh croidhe bhíos air gach uile uair thagann sé. Acht cá bhfuil an coinín nach bhféadfaidhe mhealladh le biolar úr cumhra? Leis an mbiolar mheallas chugam i dtosach é, nó ba chirte dhom a rádh go dtáinic sé chugam uaidh féin le cuid den bhiolar bhí caithte le mo thaobh a ghoid, agus mise 'mo chodladh istigh i mo mhála. Mhothuigheas an beithidheach ag ritheacht anonn 's anall ar an mála agus gan ceapadh dá laghad aige go raibh sé i gcontabhairt a bháis uaimse. Dhúisigh sé mé acht níor chorruigh mé. Anál féin níor tharraing mé acht mé ag féachaint air trí mo shúilibh leath-osgailte, agus é 'na sheasamh le mo ghualainn agus é ag cogaint an bhiolair ar a shuaimhneas. Dhruid sé liom le píosa beag eile fhághail. Bhí sé ag obair chomh dícheallach sin nár mhothuigh sé
mé gur sháith mé mo lámh amach agus gur rugas air. An sgread uamhain leig sé! Sháith mé isteach 'mo phóca é beó beathuigheach. Bhí píosa maith feóla ceannuighthe agam an lá céadna, agus ó bhí mo sháith de'n bhiadh agam, cheapas cead coise thabhairt do'n bheithidheach beag gleóite bhí i sáinn agam. Acht níor sgaoil mé uaim é gan comhartha chur air. Stróic mé píosa de shean-léine dheirg bhí agam agus cheangail mé an chirteach dhearg sin thart ar chois deiridh an choinín le go n-aithneóchainn arís é! I ndiaidh an lae sin, d'éirigh sé dána liom i leabaidh a chéile. Ní bhíonn sgáth ná tada dá shórt air rómham anois, acht an oiread is dá mba coinín eile mé féin! Acht is gaduidhe críochnuighthe é agus níl aon spóirt is feárr leis ná mo chuid a sgiobadh uaim. Má bhíonn cabáisde nó biolar nó aon chineál eile ghlasra agam, bíonn orm iad chur i bhfolach ar an ngaduidhe beag seo. Tháinic sé chugam indé sul ar eirigh mé, é féin agus sgata beag de na cinn óga — a ál féin sílim. Bhí an lá glas go maith, acht thall thar an gcuan bhí an ghrian ag sgaipeadh na néalta agus ag óradh bárr na gcnoc. Bhí ceól amhstránach ag na tonnaibh ar an tráigh shíos fúm, agus rón mór ag déanamh spóirt dhó féin amuigh ar an doimhin. Bhí ceólta géag agus billeóg san doire bheag le m'ais — ceól borb bagarthach shíleas. An mbéadh orm eirghe agus cuairt thabhairt ar an mbaile mór? Nó an bhféadfainn an chuairt chur ar cáirde go bhfeicfinn an radharc is áilne agus go gcloisfinn an ceól is binne
fá'n mbith bhán, go bhfeicfinn an stoirm ag eirghe agus an ghaoth mhór ag lasgadh na dtonn dtréan? Bhí mé, 'mo lán-dhúiseacht acht go raibh mo dhá shúil dúnta agam ag ceapadh céard ab fheárr dhom dhéanamh nuair mhothuigheas an t-ainmhidhe beag le m'ais. Ní raibh aon fhaitchios orm go sgannróchainn é agus an aithne bhí againn ar a chéile, agus do thionntuigh mé ar mo láimh chlé go bhfeicfinn céard bhí ar siubhal aige. Bhí sé féin agus cúig cinn nó sé cinn de na coiníníbh beaga óga thart ar an mbiolar bhí bailighthe agam, agus fleadh agus féasta aca le moch na maidne. Nuair chonnaic na cinn óga mé féin ag dearcadh orra d'eirigheadar sgáthmhar, acht ní raibh ionnta aon rith dhéanamh uaim, ná aon truslóg thabhairt. Ba chosamhail le sgata páisdí gan múineadh go mbéarfaidhe orra ag goid milseáin iad. Táim lán-chinnte gur thuigeadar go maith go raibh an urchóid dá dhéanamh aca. Dá mbéadh cainnt daonna aca thosóchaidís ag gol agus ag caoi ar nós páisdí a mbéadh an leadradh maith tuillte aca. Dob' aisteach an feic iad, píosa beag de na glasraibh idir na crúbaibh ag gach aon phataire coinín agus sgáth orra é chur 'na mbéal agus mise ag dearcadh orra. Ní shíltheá 1 gur coiníní bhí ionnta ar chor ar bith acht bréagáin leinbh. An fhaid is d'fhéadfainn bheith ghá infhiúchadh gan súil a sméideadh, bhí fhios agam nach gcorróch- aidís; acht is rí-dheacair é sin dhéanamh ar feadh aon achair fhada, agus ní túisge sméideadh súil
ná ghlanadar leo agus gach aon rith agus gach aon truslóg aca. Nach iad theasbáin na h- earbaill bhána dhom! Acht níor chorruigh an sean-choinín ar chor ar bith. Sheas sé fód go calma, mar bhí fhios ag an ngaduidhe bheag nach ndéanfainn aon dochar dhó pé ar bith céard dhéanfadh sé. Nó b'fhéidir gur sheas sé talamh go ngabhfadh sé leith-sgéal a mhuinntire liom faoi 'n ngaduidheacht. Chuirfeadh sé gáire ar ghráinneóig agus é 'na shuidhe annsin ar a ghogaide agus píosa de bhiolar idir na crúbaibh tosaigh aige díreach is dá mbéadh sé teacht le n-a bhronnadh orm féin i gcomhair mo bhricfasta! Seadh agus an chirteach dhearg timcheall ar a chearthramhain dheiridh! Ní raibh sé thar slat go leith uaim, agus é faoi dhraoidheacht mar shíltheá. Tá port beag agam agus nuair ghabhaim an ceól bog sin is gnáthach leis druideadh liom. Is fada anois ó mhúin mé an cleas sin dó. Thosuigh mé ar an gceól seo go bog réidh. Chorruigh an coinín. Chraith sé a dhá chluais. Thug sé léim go raibh sé i bhfoisgeacht dhá throigh dhíom. Rugas ar mhuineál air agus sháith mé isteach sa mála é … AN LORGADÁN AGUS NA LUCHA. Má bhíonn tú ag teacht ar chuairt agam annseo sa sean-choiléar, áit i bhfuil comhnaidhe orm le mí, ná dearmad beart beag den nimh is láidre atá le fághail i mBaile Átha Cliath thabhairt leat, a chara na gcarad, mar tá mé thar éis
cogadh agus ár millteach fhógairt ar threibh an ghuib fhada bhioraigh agus na súl mbeag mbídeach ndubh. Thugas mo mhionn agus mo mhóid an lá cheana ar mo ghlúnaibh le heirghe na gréine, acht nach ag guidhe bhíos acht ag cuartughadh an aráin i gcomhair mo bhricfasta, thugas mo mhionn agus mo mhóid nach bhfágfainn ceann aca sa sean- choiléar, go ndíbreóchainn as an áit ar fad iad idir dubh donn agus glas nó go dteichfinn féin liom as an mball aoibhinn socair sin. Acht cé'n fáth an cogadh seo agus a mhuinnteardha is bhí mé féin agus na lucha céadna? Cé'n fáth dom ár agus milleadh millteach fhógairt orra anois agus a cháirdeamhla is bhíomar le tamall? Ní dochar dhuit an cheist a chur, acht ní féidir liomsa freagra thabhairt ort gan innseacht duit i dtosach faoi 'n gcaoi ar éirigh mé féin agus lucht na súl mbeag mbídeach mbolgach mbiorach mór le chéile. Tá cinéál pluaise nó sgailpe sa sean-choiléar agus is istigh sa phluais nó sa sgailp seo bhíos comhnaidhe ormsa oidhche gaoithe móire nó fear- thainne. Sa phluais seo chomhnuigheann na lucha freisin, acht ní raibh fhios agam é sin i dtosach. An chéad oidhche istigh sa phluais dhom, chualas an torann mór agus an tormán is mé idir codladh agus dúiseacht. Dhúisigheas de gheit. Céard bhí ann ar chor ar bhith? Bhí fhios agam an lorgadán féin bheith sa mball — an amhlaidh go raibh an fear sidhe sin ag teacht ar cuairt chugam? Cé'n fháilte chuirfinn roimhe? Seadh, an torann arís! Ní raibh fhios agam ó neamh anuas céard bhí ghá dhéanamh. Má's é an
lorgadán atá ann, ní 'na aonar atá sé acht an domhan bráthach de lucht na sidhe 'na fhochair — sin é cheapas agus mé ag éisteacht go h-aireach leis an torann aisteach faiteach bhí dá dhéanamh sna sgeachaibh agus sa mbrosna le m'ais. Seadh, an sluagh sidhe bhí chugam — céard eile d'fhéadfadh an torann iongantach sgáthmhar sin dhéanamh? Bhí mé lán-chinnte go raibh an t-aos sidhe druidthe liom. D'eirigheas ar mo leath-uilinn go bhfeicfinn ag teacht iad acht ní raibh aon cheó le feiceál agam sa dorchadas mór acht roinnt bheag de ghorm na spéire i n-aimhréidh i lom- ghéagaibh fastódhach na sgeach, agus réaltóg bheag leath-mhúchta thall 's i bhfus ag iarraidh soluis a dhortadh anuas ar an domhan chiúin shocair seo. Ó am go h-am, d'imthigheadh an torann, agus bhínn achar maith deas ag fanacht go dtiocfadh sé arís. Uaireannta bhíodh fonn orm dhul a chodladh dhom féin agus gan bacadh leis mar thorann, acht ní túisge bhíodh an rún sin agam ná thosuigh- eadh sé arís. Bhíodh sé ós mo chionn agus shíos fúm agus thart orm. Ní túisge chluininn ar mo chiotóig é ná thosuigheadh sé ar mo dheasóig; agus nuair d'iompuighinn ar mo dheasóig le n-a chlos níos feárr d'éaluigheadh sé ar fad uaim. Bhí mé ciaptha cráidhte céasta ag an torann céadna. Leigeadh fead, agus thabharfainn na seacht mionn nach fead shaoghalta leigeadh — an lorga- dán agus a mhuinntir bhí ann 'deile? Céard déarfainn leó nuair chuirfeadh lucht na sidhe iad féin i n-aithne dhom? Bhí tuairisg an
lorgadáin agam ó bhí mé 'mo phataire beag óg cosnocht, mar is minic agus is ró-mhinic chuala mé mo shean-bhuime ag cur síos air féin agus ar a thréithribh. An mbéadh aon dochar ann cainnt chur air mar gheall ar na sgéaltaibh chualas faoi? An lorgadán! An fear sidhe aisteach sin a bhí 'na aingeal ar neamh ós cómhair na Cathaoireach Gile tráth! An lorgadán! An fear sidhe sin chuidigh le Luicifer agus le n-a shlóightibh an tráth ar eirigheadar amach i n-aghaidh an Dé Mhóir chruthuigh iad, san gcéad eirghe- amach dá raibh ann ariamh! An lorgadán! An fear sidhe bheadh anois 'na dhiabhal i n-íochtar ifrinn marach aon deagh-ghníomh uasal amháin rinne sé gur mhaith Dia dhó a choir! An torann arís! Bhíos cinnte go rabhadar chugam, go raibh an lorgadán agus a shluagh ar tí iad féin theasbáint dom! Céard ba chóir dhom a rádh leó? Cé'n chainnt chuirfinn ar an lorgadán féin? An gceapfadh sé gur duine gan múineadh gan oileamhaint mé dá bhfiafróch- ainn de cé'n deagh-ghníomh uasal rinne sé gur mhaith Dia a choir dó? An maithfidhe dhó 'na h-iomláine i ndeireadh aimsire? An leigfidhe isteach sna flaithis é arís nuair bhéadh a sheal ar an saoghal seo tugtha? Bhí sgáth agus imnidhe orm féin agus mé liom féin sa doircheacht go raibh sé le cuairt thabhairt orm. Chualas mar bhéadh na mílte naoidhneán cosnocht ag damhsa ar shíoda. Bhí an sluagh sidhe chugam — acht céard bhí agam le n-' aghaidh? Nach minic chonnaic mé im agus uachtar dá
bhfágáil ag doras tighe i gcomhair na sidhe: céard d'fhéadfainn-se thabhairt dóibh? Tráthamhail go leór bhí mé thar éis lón a cheannacht dom féin an lá céadna, acht an mbéadh a sáith ann? An dtaithneóchadh an biadh bhí agamsa i sgailp le n-a leithéid siúd de lucht cuarta? Bhí bagún agam, punt go leith de thogha bhágúin Luimhnighe agus cheapas nach gearánta ar an mbiadh sin do na sidheóga féin; bhí arán agam — cúpla builín de'n arán is gile dá ndéantar i nÉirinn indiu; bhí mil agam d'fheilfeadh do ríoghain ó'n Oirthear; bhí bainne agam, bainne stánuighthe droch-rath air, agus nach bhfuil fhios ag an saoghal nach mblaisfeadh aon tsidheóg a mbéadh meas aici uirrí féin de'n drabhuigheal sin? Seadh, agus bhí buidéilín beag bídeach de'n uisge beatha agam — nach agam bhéadh an spóirt dá bhféadfainn an sluagh sidhe chur ar meisge? Acht céard bhí orra nach rabhadar ag teacht chugam? Bhí siad an-ghar dhom agus torann an mhí-ádha aca — céard rinneas orra nár theasbáin siad iad féin dhom? Annsin chuimhnigheas air sgéal eile chualas faoi 'n lorgadán — go raibh sé faoi gheasa gan é féin theasbáint 'na chló agus 'na chrot féin do dhuine ar bith a raibh peaca mór ar a anam, do dhuine ar bith nach raibh croidhe glan geal aige. An amhlaidh go raibh peaca mór marbhuightheach ar mh' anam-sa? An amhlaidh go raibh droch-rud 'mo chroidhe? Thosuigheas ag déanamh sgrúdú ar mo choinsias agus mé 'mo
luighe sa sgailp faoi uair mhairbh na h-oidhche agus sluaighte na sidhe 'mo thimcheall … Chonnaic mé ainmhidhe i n-aice liom; ainmhidhe mór dubh gránda bhí ann, shíleas, agus é ag féachaint isteach idir an dá shúil orm. An lorgadán 'deile? An lorgadán agus crot an diabhail air … ghabh uathbhás mé, gabh uamhan mé, gur thuit taom orm, gur chaill mé mo mheabhair agus mo chéadfadha … CÁIRDE LIOM. D'fhiafruigh tú dhíom, a ghile na gile, nach mbíonn uaigneas orm agus mé liom féin san sean- choiléar agus admhuighim go mbíonn ar uairibh; acht bheirim cuireadh dhuit theacht ar cuairt chugam ó am go h-am. Tá eólas na slighe agad ann cheana, a chara mo chroidhe, agus beidh mé ag súil leat gach uile lá feasta. Ná clis orm thar a bhfaca tú ariamh … Go deimhin féin bíonn sé an-tsocair annseo sa sean-choiléar agus mé liom féin ag éisteacht le fuaimeannaibh éagsamhla na h-oidhche idir codladh agus dúiseacht dhom agus an ghealach ag eirghe i n-áirde sa spéir; agus is minic an tráth sin d'oidhche go dtigeann cumha aisteach ar mo chroidhe agus bíonn fonn orm eirghe agus imtheacht liom rómham go deireadh an domhain. Acht níl mé gan cáirde annso sa sean-choiléar; dá mbéinn is cinnte nach bhféadfainn an áit sheasamh aon achar. Níl mé gan cáirde ann, a ghile na gile, acht nach cáirde daonna iad. Tá
cuid de na cáirde sin ag eirghe an-mhór ar fad liom. Ní chreidtheá acht chomh ceanamhail is tá siad orm. Tá cuid aca agus sgiobann siad an greim as mo láimh. Tá cuid eile aca agus ní mór dhom bheith ar m'aire orra: dá sgaoilfinn leó siúd is beag biadh fágfaidhe agam agus b'fhéidir go bhfuighinn bás annseo amuigh i mbéal an uaignis leis an ocras agus leis an ngorta. Acht ba mhaith liom agam iad uile go léir idir gaduidhthe agus eile. Ní cuimhneach liom anois ar innis mé cheana dhuit faoi'n luch atá 'na chomhnaidhe thart annseo i n-aice liom. Luch mór Gaedhlach atá ann, ball de'n tsean-bhunadh bhí sa tír seo sul ar tháinic an luch coimhithgheach, nó an ‘franncach’ mar tugtar air sa Mumhain, anall thar sáile chugainn. Ní beithidheach uasal é ar aon tsórt cuma gidh gur ársa a threibh sa tír. Bhí a bhunadh buanuighthe annseo sul ar fhág Clanna Milidh cos ar thráigh na hÉireann. Acht tháinic an coimhithgheach, tháinic an luch Franncach agus cuireadh cogadh ar an sean-bhunadh. Buaileadh agus briseadh iad, agus anois tá siad gann go leór 'na dtír dhúthcais. Acht mo luch-sa, an ceann atá 'na chomhnaidhe annseo liom sa sean-choiléar, tá sé chomh clisde ar an ngaduidheacht le aon ghaduidhe casadh liom ariamh. Thug sé an chéird leis ó dhúthchas. Aréir ghoid sé suas le punt bagúin uaim, an cladhaire! Agus mara bhfoghlumuigheann sé céard is cáirdeas ann ní fada an saoghal bhéas aige. A bhodaigh an chóta dhuibh tabhair aire dhuit féin feasta. Acht tá cáirde eile agam annseo nár ghoid
aon cheó uaim ariamh. Lachain fiadháine cuir i gcás, dá cheann agus nead aca annsin shíos san aill cois na fairrge. Bíonn an-chainnt ar fad aca eatorra féin tráth eirigheann siad mí- shuaimhneach san oidhche. Níl eólas ceart agam ar a gcanamhaint go fóill, agus ar an ádhbhar sin ní féidir liom innseacht duit céard bhíos siad a rádh le chéile acht feicthear dhom gur ag innseacht rúin dá chéile bhíos siad agus an cineadh daonna 'na suan. Marab eadh ba cheart go mb'eadh, mar ní fhaca tú beirt leanán ariamh bhí chomh tugtha dá chéile is táid. Áit a mbíonn an bárdal is ann bhíos an lacha, áit bhíos an lacha is ann bhíos an bárdal. Ní fhaca mé ceann aca ariamh gan an ceann eile fheiceál i n-aice leis. Ní pósadh go dtí a bpósadh siúd. An chéad mhaidin dá bhfacas iad agus iad ag snámh go gleóite ar bhárr na dtonn le gealadh an lae, is beag nár phléasg mé fútha — nach breágh an rud lacha i gcomhair do dhinnéir? Acht bhí mé ró leisgeamhail eirghe agus leig mé leó. Níl aon aithmhéala orm faoi sin; dá marbhóchaidhe ceann aca is cinnte mé go bhfuigheadh an ceann eile bás leis an gcumha agus ní bhéadh ceachtar aca ann le mo chroidhe thógáil le n-a ngleóiteacht ar dhúiseacht dom ar maidin. Mo léan gan gach lánamha phósta i nÉirinn chomh ceanamhail ar a chéile is tá an dá éan sin! Acht níl aon bheithidheach annseo atá níos lághaighe liom ná an sean-choinín bacach. Sean- chara dham é anois. Anuraidh chuir mé aithne air i dtosach agus d'eirigh an bheirt againn an-mhór le chéile gan aon achar. Deireadh an tsamhraidh
bhí ann agus bhíodh biolar agam le n'ithe — Ó, seadh, is beag nár dhearmad mé innseacht duit go bhfuil lubh-ghort tógtha ag fear saidhbhir i bhfoisgeacht leath-mhíle de'n tsean-choiléar — acht bhíodh biolar agam an uair sin agus mheall mé chugam an coinín bacach. I gceann dhá lá bhí sé dána go leór liom; ní bhíodh eagla ar bith air theacht 'm'ucht agus greim ithe as mo láimh. Ní raibh mé thar lá agus oidhche sa sean-choiléar i mbliadhna gur tháinic sé chugam arís. Cá bhfios dom gurab é an ceann céadna é, an eadh? Nár cheangail mé píosa de mo shean-léine timcheall ar a chois deiridh ionnós go n- aithneóchainn arís é? Tá muirighean mhór air i mbliadhna agus tig sé féin agus an mhuirighean agus cuid mhór dá mhuinntir agus dá ghaoltaibh chugam ar cuairt roimh ghealadh an lae ag éileamh a choda. Níl cneastacht ag baint leis an treibh seo acht an oiread le treibh na luch. An cabáisde breág thugas liom aréir cá bhfuil sé anois? Seachanaidh sibh féin, a cháirde na n- earball mbeag mbán! Ba chóir go mbéadh fhios ag coinín féin nach ceart goid dhéanamh ó ghaduidhe bocht … A ghile na gile, aithchuinghim ort cuairt thabhairt orm annseo sa sean-choiléar. Má thagann tú gan mhoill innseochaidh mé dhuit faoi'n gcomhrádh bhí agam leis an gcoinín bacach bradach an oidhche cheana. Seadh, déanfad; cuirfead an t-ulchabhchán i n-aithne dhuit freisin má thagann tú chugam roimh an Domhnach. An t-ulchabhchán sin! Nach é bhain preab asam an chéad oidhche dár chualas é! Bhí néal beag
tar éis theacht orm nuair dúisigheadh de gheit mé. Chuala mé an sgread uathbhásach 'mo chluasaibh. Chuala mé a mhac-alla thart orm, agus b'uath- bhásaighe an mac-alla ná an sgread féin. D'eirigh mé amach as mo mhála chodalta. Las mé an tóirse. Chuartuigh mé thart sna sgeachaibh acht ní fhaca mé acht na mion-éanlaith agus iad 'na gcodladh sna craobhachaibh. Is fada fánach an cuartughadh rinneas acht ní bhfuaireas an rud leig an sgread uathbhásach sin dhúisigh mé. Bhí mé ag dul isteach sa mála chodalta arís nuair leigeadh sgread eile. Céard bhí ag déanamh an chlampair? Chuartuigh mé thart arís agus fuaireas é. Istigh i sgailp bhí an boc, an t-ulchabh- chán mór agus a dhá shúil ar nós dá sméarthóid ag lonnradh san dorchadas. Bhí mé i bhfoisgeacht trí troigh dho nuair sgallas an tóirse electreachais isteach sa dá shúil air. Níl fhios agam an ndéanfaidh mé cáirdeas leis ar chor ar bith. Dá mbéadh fhios agam cuid de na nósaibh atá ag baint leis, dá mbéadh fhios agam na greamanna bidh is blasta leis an éan mór dorrdha codramánta sin, cá bhfios nach n- eireóchadh sé mór liom amach annseo? Anois, a ghile na gile, ná clis orm acht tabhair cuairt orm sa sean-choiléar gan mhoill. Bhéáraidh mé eólas dhuit ar áilneacht na háite. Bhéaraidh mé an spéir réaltógach agus an mhuir mhór chorruighthe agus an sruthán clamhsánach agus an choill chumhra dhuit. Bhéaraidh mé sonas agus suaimhneas dhuit — go deimhin, bhéaraidh mé mé féin dhuit; acht ná déan aon mhoill, a chara na gcarad …
CAINNT NA MALRACH. Tháinic triúr sgurach chugam cheana le gealadh an lae agus mé liom féin sa gcoill. Ní raibh mé acht tar éis dúiseacht nuair chonnaic mé chugam iad agus ceól croidheamhail dá ghabháil ag duine aca. Ní fhacadar mé féin i dtosach agus ní raibh aon tsúil aca liom, ná aon chuimhneamh aca go mbéadh aon duine rómpa sa gcoill an tráth sin de mhaidin. Bhí trí lá curtha isteach agam liom féin sa gcoill chraobhaigh sin gan aon duine fheiceál, agus ní chreidtheá acht an t-aoibhneas tháinic ar mo chroidhe binn-bhriathra boga an amhráin a chlos le fáinne an lae. Bhí fhios agam go mba bhéas le cuid de stócaighibh an bhaile dhul thríd an gcoill ag dul ag obair dhóibh ar maidin, agus bhíodh cineál cumha orm nuair chluininn a gcuid ceóil nach bhféadfaidís sgathamh thabhairt ann 'm' fhochair. Bhéadh orm lá fada fánach eile chur tharm sa gcoill agus gan aon cheó le clos agam acht bog-fheadghail na gaoithe i mbárraibh na gcrann, siosgarnacha na bhfeithidí shíos fúm sa bhféar feósaidhe, dordán trom na beiche agus í i bhfolach i gcroidhe an bhlátha, ceileabhar éan ar chaol-ghéagaibh, nó pé ar bith ceól aisteach daonna sgaoilfinn féin uaim ar eagla go ndéanfainn dearmad ar ghlór mo bhéil féin. Acht cé'n tubuisde bhí orm nár ghlan mé liom as an gcoill mharbhánta agus aghaidh thabhairt ar an gcathair, áit a mbéadh comhluadar agus
caitheamh aimsire agam? Dhéanfainn marach … acht sin sgéal eile. Acht ar chaoi ar bith, bhuail an triúr malrach fútha ar an talamh i bhfoisgeacht fiche slat díom gan mise fheiceál. Ar chúl tuim bhíodar, agus iad as amharc orm; acht ó am go ham do seóltaidhe chugam ar an ngaoith cuid mhaith dá gcuid cainnte. Ní raibh mé i bhfad ag éisteacht go raibh fhios agam gur Seán agus Séamus agus Peadar bhí orra; agus gurbh é Seán an sgéalaidhe is fearr bhí orra. Thug mé liom cuid mhaith dá sgéal: “M'athair bhí ghá innseacht dom i dtosach,” deireadh sé, agus shíltheá go raibh nóiméad ar a laghad idir gach aon fhocal leis an mbealach fadálach cainnte chleachtuigh sé, “acht is minic adubhairt sé liom go mbíonn a leitheidí ann nach bhféadfaidhe a bhfeiceál acht roimh an lá …” “Tá eagla orm go bhfuilmid ró dheireannach indiu, a chomhluadair,” arsa Peadar go magamhail. “Acht tá siad ann adeirim leat,” arsa Seán. “Má tá,” arsa Peadar, “tuige nach bhfacamar an oidhche cheana iad?” “Tá siad ann adeirim, na Clúracháin agus na Leipreacháin agus na Lorgadáin, an Cóisde Bodhar agus an Capall gan Ceann … “Agus tuige nach bhfaca mise iad ma tá?” arsa Peadar, “innis sin dom.” Ní shíltheá go raibh fuasgailt na ceiste sin ag Seán. Bhí sé sgathamh maith gan aon fhocal eile a rádh. “Nach bhfuil fhios ag an saoghal cé'n fáth nach
bhfeiceann tusa iad, a Pheadair?” ar seisean faoi dheireadh. “Níl fhios,” arsa Peadar, “níl fhios ná agatsa.” An bitheamhnach óg! Ní admhóchadh sé go raibh púca ná taidhbhse ar an saoghal! “Sé an fáth nach bhfeiceann tusa iad, a Pheadair,” arsa Seán, “go bhfuil peaca mór marbhtha ar t'anam … Sa tsean-aimsir ní bhíodh aon pheaca marbhtha ann acht ar chorr-dhuine fánach, agus thigeadh an Lorgadán agus an Clúrachán agus an Leipreachán amach, ní hamháin san oidhche acht i lár an lae ghil, agus bhíodh an uile thaidhbhse agus an uile shídheóg dá bhfuil ann cáirdeamhail leis an gcineadh daonna, mar bhíodh anam an duine glan …” Chuir mé cluas orm féin acht, mo léan! ghoid an ghaoth bhí ag feadghail go casaoideach i mbárraibh na gcrann an chuid eile dá chuid cainnte uaim. Acht thuigeas go raibh olc air nár chreid an bheirt eile é. Ní dheárna sé acht an rud dhéanfadh aon sgéalaidhe go mbéadh eólas na céirde aige agus meas aige uirri: “Chonnaic mé féin an Lorgadán, …” ar seisean, le n-a mbréagnú. Chuir an bheirt eile isteach air agus gach aon sgread mhagaidh uatha. Acht níor chuir an magadh ná an sgréachghail cosg le Seán na sgéalta. “Athrú aréir chonnaic mé é agus mé liom féin sa gcoill …” “O! O!! O!! O!!” Níor bhac sé leó. “Bhí aoirde an chrainn daraigh sin thall ann,” ar seisean, “agus bhí cruit mhór ar a dhruim
agus an chruit sin chomh mór le Carraig a' Mhualláin …” Cuireadh isteach air arís. Ba chuma leis. Lean sé dá sgéal: “Tháinic sé orm,” ar seisean agus an t- uamhan 'na ghlór “Tháinic sé orm i nganfhios agus mé ag iarraidh an bealach dhéanamh abhaile thríd an gcoill. Ar m'aghaidh chúl amach, tháinic sé, cháirde, agus shíl sé breith orm, an Lorgadán lom lonrach … acht amach liom idir a dhá chois … Truslóg baineadh asam agus mé beagnach éaluighthe uaidh, agus d'eirigh leis breith ar chois orm …” Bhí an bheirt eile 'na dtost; b'fhurus d'aithint go raibh suim mhór aca i n-eachtra Sheáin. “Shíl mé, a cháirde,” ar seisean, “go raibh deireadh liom. Mé alpadh beó beathuidheach, nó mé tharraingt leis go tóin puill Tighe Liobáin — sin é dhéanfadh sé. Rinne mé rún croidhe- Bhrughadh … acht, a cháirde, nuair d'fhéach arracht an uathbháis orm arís, nuair d'fhéach sé orm isteach idir an dá shúil, sgaoil sé an greim bhí aige orm go tobann agus gach uile leith-sgéal aige gur rug sé orm ar chor ar bith.” Is dócha go raibh iongna ar an mbeirt eile. Níor chuala mé féin acht an cheist chuir Peadar ar Sheán. “Agus tuige ar sgaoil sé saor thú, a Sheáin?” ar seisean. Bhí sé sgathamh deas go dtug Seán freagra air — sean-chleas eile sgéalaidheachta, ar ndóigh. “A Pheadair,” arsa Seán faoi dheireadh, agus
uamhan 'na ghlór, “a Pheadair, cheap an Lorgadán gur tusa bhí aige ann nuair rug sé ormsa!” “Agus cé'n gnó bhí aige dhíomsa seachas thú féin?” arsa Peadar go h-imnidheach. “Mar gheall ar pheaca marbhtha bheith ar t' anam …” Níor chuala mé féin an chuid eile de'n chainnt bhí aca agus iad ag labhairt ós íseal, agus ó bhí ceaptha agam cuireadh chun bidh thabhairt dhóibh, agus gach nidh i gceart agus i gcóir agam, ghlaoidh mé chugam ar an triúr. Agus ní fhaca tú ariamh acht an t-iongnadh bhí orra mo leithéid- sa fheiceál annsin istigh i lár na coille craobhaighe le h-eirghe gréine, agus béile breágh ullmhuighthe agam 'na gcomhair. SGOLÁIRE FAOI CHRANN. Bóthar fada díreach agus é chomh tirm leis an gcailc. Gan néal le feiceál ar an spéir, acht í chomh gorm le aon ghorm dá bhfaca súil duine ar an spéir i nÉirinn ariamh. Gan smathamh san aer, acht an ghrian ag sgailteadh na gcrann. An duine dearóil seo ag imtheacht leis, agus é ag tarraingt na gcos ina dhiaidh go mall réidh. Mála trom ar a dhruim, deannach an bhóthair air, féasóg seachtmhaine air, agus é i ndeireadh a anála … Chonnaic mé coill bheag rómham sa tslighe,
leath-taobh an bhóthair, timcheall agus míle bealaigh uaim. Ní raibh crann ná sgeach féin bhéaradh fosga ón ngréin do dhuine ar aon taobh de'n bhóthar, acht an choill bheag sin amháin. Ní raibh mé chomh tuirseach ariamh, sílim, is bhí mé an lá sin agus mé ag déanamh ar an gcoill bhig. Ní raibh an meadhchan mór céadna 'mo mhála codalta ariamh is bhí ann an lá sin; ní raibh na bróga bhí ar mo chosaibh níos truime ariamh ná mar bhíodar an lá sin: agus maidir le brothall — úch! ná bí ag cainnt, a dhuine! Bhaininn an t-allus de m'éadan le mo cheirsiúr. D'éaluigheadh osna uaim leis an tart mór bhí orm, agus leis an tuirse. Chomhairinn na pighneacha ruadha bhí i bpóca mo bhrísde ó am go ham — aon phighinn déag agus leithphighinn agus gan súil agam le cianóg eile go sroichfinn an baile mór bhí ós cionn deich míle fichead uaim, áit a raibh leitreacha agus airgead ag feitheamh liom i n-oifig an phosta. Aon phighinn déag agus leithphighinn! agus deich míle fichead le taisdeal agam de shiubhal cos agus gan de lón agam sa mála acht arán agus tae agus an oiread de'n bhainne stánuighthe is dhéanfadh faoi dhó mé b'fhéidir! Acht ní raibh an choill bheag ró fhada uaim. Leigfinn mo sgíth ann; d'fhliuchfainn an tae ann; chuirfinn brothal agus teas an lae tharm ann ar mo shuaimhneas. Agus annsin d'fhéad- fainn bheith ag imtheacht liom i gcaitheamh na hoidhche, agus bhéinn istigh sa mbaile mór ar maidin nuair d'osglóchaidhe oifig an phosta. Dar Crom! nach agam bhéadh an oidhche aerach
sa mbaile mór céadna sin! Chuimhnigh mé ar an aonphighinn déag agus leithphighinn, agus ar an dá theach ósta go mb'éigin dom sgaoileadh tharm ó mhaidin gan mo bhéal calctha fhliuchadh i n-aon cheann aca … Shroich mé an choill bheag. Isteach liom faoi na crannaibh móra. Chuartuigh mé thart go bhfuighinn áit dheas le mo sgíth leigint, áit a mbéadh uisge le fághail dá bhféadfainn é. Ní dheacha mé i bhfad isteach sa gcoill gur chaith mé m'ualach mór anuas díom ar an talamh, gur shín mé na géaga troma righne ar an bhféar fionnfhuarach breágh. Nach mé bhí sásta liom féin! Nach mé bhéadh sásta leis an saoghal dá mbéadh an oiread airgid agam is cheannóchadh biadh agus deoch dhom i sráid-bhaile éigin ar theacht na hoidhche! Acht aonphighinn déag agus leithphighinn … uch! Ní raibh mé acht achar beag san áit gur thug mé faoi deara go raibh fear eile sa gcoill liom, agus é 'na shuidhe faoi chrann, gan áird aige ar thada acht ar an leabhar beag bhí 'na ghlaic aige. Bhí sé suas agus anuas le leithchéad slat uaim, agus má chonnaic sé an fear siubhail seo ag teacht isteach sa gcoill, níor leig sé air go bhfaca. Bheannuigh mé dhó i ndiaidh tamaill. “Go mbeannughidh Dia agus Muire dhuit, a fhir na leabhar,” arsa mise i n-árd mo ghotha. Bhain mé geit as, acht bheannuigh sé dhom go béasach. D'fhág sé a leabhar uaidh ar an talamh. Bhain
sé na spéacláirí dá shróin. D'éirigh sé 'na sheasamh. Dhruid sé liom. “Nach breágh brothallach an lá é!” ar seisean. Thosuigh mé féin ag cur dhíom, agus ag innseacht dó go bríoghmhar nach ró-mhaith thaithnigh an lá ná a bhrothall liom féin, agus nach dtaithneóchaidís le mo dhuine dá mbéadh air bóithre fada tiorma chur dhe agus ualach ar a dhruim mar bhí ormsa. Firín beag géar-chúiseach beó-shúileach bhí ann. Bhí súil leis ar mo mhála mór; agus súil eile leis ar an gcanna beag stáin bhí agam i gcomh- air an tae. Bhí an Ghaedhilge básuighthe nó i ndáil le bheith básuighte sa gceanntair 'na rabhamar agus chuir sé iongnadh ar mo dhuine an teanga bheith go líomhtha agamsa. “Nach breágh an Ghaedhilge atá agat!” ar seisean. “Suidh,” adeirimse. Bhuail sé ar an talamh i n-aice liom. D'fhéach sé go géar orm féin agus ar mo chuid bacáisde. “Beag fear siubhail bhíos ag gabháil an bealach seo,” ar seisean, “a bhfuil an Ghaedhilge aige ná aon tsuim aca innti.” “An mar sin é?” adeirimse, agus, níor leig mé orm gur chuir mé aon spéis mhór mar sin san teangaidh. “Corr-dhuine de do chéird-sa labhrann an Ghaedhilge anois,” arsa mo dhuine. “Ce'n sórt leabhair é sin 'do phóca?” arsa mise, “an ceann bhí dhá léigheadh agat ar ball beag —”
“Leabhar Gaedhilge é sin,” ar seisean go mórdhálach, acht níor bhain sé an leabhar as a phóca. “Leabhar Gaedhilge!” adeirimse, “an ndeir tú liom é?” agus leig mé orm go raibh iongnadh an tsaoghail orm a leithéid bheith ann ar chor ar bith. Bhí an firín beag géar-chúiseach an-mhórdhálach go raibh leabhar Gaedhilge aige, agus go raibh sé i n-ann é léigheamh freisin. “Dá mbéathá i n-ann a leithéid a léigheadh,” ar seisean liom, “ba mhór an sásamh dhuit é ag siubhal na mbóithre dhuit —” “Acht nach bhfuil sé an-deacair an Ghaedhilge do léigheadh?” adeirimse. “Mo choinsias níl,” ars' mo dhuine, “d'fhéadfá é dhéanamh go toghtha i gceann míosa acht chur chuige i gceart.” “Ag magadh fúm atá tú,” arsa mise. “Go deimhin ní headh, a fhir siubhail.” “Agus cá bhfios duit nach bhféadaim an Ghaedhilge léigheadh chomh maith leat féin,” arsa mise. Chuir mo dhuine a shean-sgairt gáire as. Bhuail se bos ar a cheathramhain agus greann an tsaoghail air. “Fear siubhail ag ceapadh go bhfuil sé i n-ann Gaedhilge do léigheadh!” Ba mhór an greann ag mo dhuine go raibh fear siubhail ag ceapadh go bhféadfadh sé a theanga féin do léigheadh. “Tabhair dhom an leabhar go bhfeicfidh tú,” arsa mise.
“Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil tú i n-ann focal de do léigheadh,” ar seisean. “Táim sásta,” arsa mise. “Cé'n geall chuirfeas tú?” agus bhain sé lán a ghlaice d'airgead geal as a phóca. Chuimhnigh mé ar m'aon phighinn déag agus leithphighinn! “Cuirfidh mé coróin leat,” adeirimse. “Déanfaidh sin.” Shín sé an leabhar chugam. Thosuigh mé i dtosach an leabhair: “Ní rabhas mórán thar dhá bhliadhain go leith i Lonndain Shasana an tráth úd, acht mar sin féin ní mórán achair eile d'fhanfainn ann dá mbéadh — seadh, caithfear é rádh — dá mbéadh an oiread agam is bhéaradh abhaile mé …” Leabhar do sgríobh mé féin thug sé dhom! Agus nach mé rinne gáiridhe an tráthnóna sin agus mé ag caitheamh airgid an fhirín bhig ghéar-chúisigh casadh orm sa gcoill agus mé sona sásta i ndiaidh doichill an lae! MO BHAGAIRT ORT, A GHILE NA GILE. Thugas cuireadh dhuit le goirid, a ghile na gile, theacht amach annseo i n-aonfheacht liom sa bhfásach i mbéal an uaignis agus sgathamh chaitheamh ann ar mhaithe le t' anam agus le do shláinte. Acht mo chrádh! níor tháinic tú chugam go fóill, a chuid. Cé'n mhoill atá ort agus mé ag fanacht leat? Nár gheall tú dhom go dtiocfá
agus tamall de'n tsamhradh chur thart im' fhochair ar an uaigneas? Acht tá faitchíos orm nach duine do d'fhocal thú. Céard tá ort ar chor ar bith? An ag eirghe ró-cheanamhail ar chompóirt na cathrach atá tú? Seachain thu féin, a ghile na gile. Níl sa gcathair ná i gcompóirt agus i gcaitheamh aimsire na cathrach acht bréagáin gaoithe i gcomórtas leis an saoghal suairc bhéadh agad annseo liomsa 'mo shean-choiléar i bhfad ó dhaoine agus ó shíbhéaltacht bréige na h-aoise. Bhfuil tú ag teacht chugam, a ghile na gile? Gheall mé dhuit go gcuirfinn na cáirde atá agam annseo i n-aithne dhuit: tá an luch Gaedhlach, luch an chóta shleamhain dhuibh ann go fóill agus é chomh h-alpach bradach is bhí ariamh — go deimhin is eagla liom nach múinfidh an saoghal an beithidheach beag sin, mara múinfidh easbaidh saoghail é. Uibheacha seadh thug sé uaim aréir, an gaduidhe! Agus na lachain fiadháine, an dá cheann sin atá chomh ceanamhail ar a chéile nach sgarann siad ó chéile choidhche, bíonn siad- san thart annseo leis an gcladach i gcomhnaidhe ag cainnt agus ag bladar agus ag suirighe le chéile ar a nós aisteach féin. Níl aon bheann aca orm anois. Is eól dóibh ar bhealach éigin nach ndéanfainn dochar dóibh, agus ní chorruigheann siad de stuaic na carraige chleachtuigheann siad go mbím féin i bhfoisgeacht sé slat díobh. Dá bhfeictheá an bárdal sin ar maidin indiu roimh eirghe gréine nuair tháinic mé air i nganfhios! An clamhsán agus an chasaoid rinne sé le n-a chéile ionmhuin nár dhúisigh sí in-am é agus an bheirt aca ag cur na dtonn díobh! Leadradh
maith thuill sí uaidh, agus is leadradh maith fuair sí uaidh freisin, tá súil agam. Cainnt bhinn- bhriathrach ghrádhamhail bhladarach agus leadradh Loineacháin Loim, de réir mar tuilltear iad, an leigheas is fearr ar fhaillighe lachan agus ban. Nár mhaith leat theacht amach annseo i n-aon- fheacht liomsa go gcuirfidh an bheirt againn aithne níos feárr ar an lachain seo, a ghile na gile? Agus cá bhfios dhúinn nach bhféadfá-sa maith bhaint as an ulchabhchán codramánta bhíos ag déanamh a smaointe de ló agus d'oidhche istigh sa sgailp? Níl aon áird aige ormsa. Níor leig sé a rún liom ariamh gidh minic mé ar thóir an rúin sin le seachtmhain: b'fhéidir go n- innseóchaidh sé toradh a mhachtnaimh fhada dhuitse, a ghile na gile. Siubhail uait amach agus cuirfidh an bheirt againn cainnt air. 'Mo shuidhe ar charraig mhóir faoi bhun na h-aille bháine, áit a bhfuil comhnaidhe ar an ulchabhchán bhíos nuair sgríobhas na focla deirean- nacha seo. Ní raibh an t-éan mór codramánta le feiceál sa sgailp chleachtuigheann sé acht ní raibh sé i bhfad uaim, mar ní túisge bhí an páipéar breactha ná leig sé a shean-sgread magamhail. Ní'l aon aimhreas orm nár thuig sé céard bhí m'intinn. Táim cinnte anois nach éan éanamhail é ar chor ar bith acht feallsamh- naidhe, nó b'fhéidir taise shean-fheallsamhnaidhe Ghaedhlaighe thréig a shoisgéal ar dheasaibh-deasa an tsaoghail shuaraigh seo, agus go bhfuil sé de phíonús air saoghal na saoghal chur thart istigh i sgailp agus nach bhfuasglóchar é go mbeiridh sé arís ar rúndiamhair na cruinne. Nach
dtiocfaidh tú amach annseo le cainnt chur air, a ghile na gile? Acht féach; éist liom go fóill beag mar tá athchuinghe agam ort. Tá daoine de'n uile chineál agaibh sa mbaile mór agus ní lia lucht aineólais ná lucht an eólais. Nach bhféadfá fear feasa éigin fhághail a bhfuil eólas cruinn aige ar nósaibh agus ar thréithribh na n-ulchabhchán? Go deimhin is cuimhneach liom go mbíodh sean- fhear beag bídeach, fear beag buidhe feósaidhe feasógach i siopa shean-sheóideach i Sráid na Life i n-aice an droichid annsin, ar thaobh do láimhe deise, agus níl ceist chruaidh chráidhte dár chuireas air ariamh nach raibh a fuasgailt aige. Tabhair cuairt ar an seanfhear sin sul má thagann tú annseo ar cuairt chugam agus fiafruigh dhe gach uile shórt faoi na h-ulchabhcháin agus ná dearmad eólas cruinn bheith agad faoi 'n mbiadh is blasta leó. Acht ní mór duit bheith an-aireach an-chlisde agus tú ag ceist- niughadh an tsean-fhir. Beidh sé an-lághach an- charthannach leat má ghlacann tú mo chomhairle- se; déan an dá rud seo agus is cinnte go sgaoilfidh sé a rún leat. Sean-phictiúir atá ar chúl an tsiopa aige, ós cionn an bhúird bhig chaim atá le h-ais an dorais ar thaobh na ciotóige — a bhean féin atá caillte le dhá sgór bliadhan rinne an pictiúir deirtear liom — acht níl ort acht é mholadh go mór ar a dhath, ar a dhéanamh, agus é chur i gcomórtas le saothar Mhuirilló! Seadh, má dhéanann tú é sin bogfaidh tú croidhe an tsean-fhir. Rud eile: creideann sé, creideann an fear bocht gur crut cearnógach
atá ar an domhan seo agus nach crut liathróideach mar deirtear. Acht fan. Níl mé cinnte anois an crut cearnógach nó crut cúbach atá ar an domhan seo de réir an fhir feasa sin acht ní bheidh tú i bhfad ann go mbeidh fhios agad é. Leig ort féin go bhfuil tú ar aon intinn leis faoi agus sgaoilfidh sé gach rún leat. Déan go deas réidh é, agus bíodh craiceann ar do chuid cainnte nó ní mheallfaidh tú an seanfhear … acht cé'n gábhadh dhomsa bheith ag iarraidh a mhúineadh dhuit ce'n chaoi is feárr fear a mhealladh? Nach bhfuil tú féin 'do mhaighistreás ar an ealadhain sin, a ghile na gile? Acht fáigh an uile eólas uaidh ar bhealaigh agus ar thréithre na n-ulchabhchán … Bhí fúm innseacht duit faoi na cineáil faoileán atá thart le cladach annseo agus an cineál cainnte nó canamhna bhíos ag gach treibh díobh; agus cheap mé freisin go mbéadh sé d'uain agam innseacht duit faoi'n gcomhrádh bhí agam leis an gcoinín bacach bradach agus an chiall mhúin sé dhom; agus an ceól bhíos ag na réaltógaibh ag tabhairt a gcúrsa dhóibh (ná dearmad leabhar réalt-eólais thabhairt leat mar níl na h-ainmneacha agam acht corr-cheann, agus is mór an strómh orm leas-ainmneacha cheapadh dhóibh uile agus a líonmhaire is táid) acht mhíneóchaidh mé a gcuid ceóil dhuit ar chaoi ar bith; agus má thagann tú gan aon mhoill, tig linn cuid de'n oidhche chur isteach le taobh a chéile ag féachaint isteach i súilibh Fhir na Gealaighe! Acht a ghile na gile, ná déan aon mhoill acht
tar chugam go beó. Dar m' fhallaing! mara dtiocfaidh tú faoi cheann trí lá ní tusa gheibheas an chéad chuireadh eile uaim acht bean nach breágh leat. Déarfaidh mé léithi: “A Dhuibhe na Duibhe, siubhail uait i n- aonfheacht liomsa amach faoi bhéal an uaignis …” Fáilte ó chroidhe rómhat, a ghile na gile: bhí fhios agam nach ndéanfá mórán moille agus an bhean sin bhagairt ort! Acht eadrainn féin, beag baoghal bhí orm cuireadh thabhairt dhi siúd!
AN GNÍOMH. I gceann ceithre huaire déag eile bhéadh air an gníomh a dhéanamh. Bhí riméad an domhain air gur toghadh é, gur ceapadh go mb'é an fear dob' fheárr, gur síleadh nach loicfeadh sé… Chuir sé cainnt an taoisigh trí n-a chéile agus é ag imtheacht leis trí shráideannaibh na cathrach go croidheamhail. An moladh thug sé dhó ba gheall le mil 'na bhéal é. Thosuigh sé ghá rádh ós íseal leis féin: “… níl duine dá bhfuil sa láthair annseo indiu,” arsa an taoiseach, “nár dhubhairt liom go mbéadh sé sásta an obair mhór chontabhairteach seó dhéanamh an son na cúise, dá gcaillfeadh sé a anam leis. Acht tá fear ceaptha agam féin le n-a dhéanamh, fear nár loic ariamh, agus nach loicfidh choidhche, cuma cé'n chontabhairt 'na gcuirfear é. Éirigh 'do sheasamh, a Thomáis Uí Mhaoldhomhnaigh —” Bhí sé chomh cuthalach agus é 'na sheasamh annsin i láthair a cháirde nár thug sé leis acht an méad sin de mholadh a thaoisigh. Do mhothuigh sé mar bhéadh cnap 'na sgórnaigh ghá thachtadh leis an ngliondar bhí air — é thoghadh le hobair de'n tsórt sin dhéanamh agus é chomh h-óg sin! Agus an t-éad bhí ag na fearaibh eile leis! Shíl sé cúpla focal a rádh le buidheachas ghabháil leis an taoiseach, acht níor fhéad sé na focla sin chur thar a sgórnaigh amach le teann áthais … Mhothuigh sé an áit ag gluaiseacht thart timcheall air: ní i lár baill an urláir bhí an
bórd, acht é ar luasgán ó thaobh go taobh mar bád beag éidtreóireach ar dhruim na fairrge fíochmhaire; ní 'na suidhe ar na cathaoireachaibh bhí an comh-luadar acht iad ag imtheacht leo, idir cathaoireacha agus fir, timcheall ar an mbórd luasgach ar nós rotha glinndigheachta. Bhí tinneas cinn air: bhí mar bhéadh na céadta gabha beag draoidheachta ag cleachtadh a gcéirde na' inchinn istigh. D'éirigh leis cúpla focal sgaoileadh uaidh. Dhá bhfuigheadh sé ór na cruinne air, ní fhéadfadh sé a rádh cé na focla iad, dá noiméad thar éis a rádh dhó. Acht thaithnigh siad le n-a cháirde. Nach é fuair an bualadh-bos agus an moladh millteach uatha! Má bhí éad ann, níor leig fear díobh orra é. D'éirigh an taoiseach 'na sheasamh. Anonn leis chuige go rug sé ar a láimh, gur chraith sé go bríoghmhar í. Annsin tháinic a mheabhair cinn agus a chéadfadha ar ais chuige. D'fhéach sé anonn uaidh ar an áit a raibh an bórd — bhí sé seasmhach i lár buill an úrláir gan cor, gan car as. Bhí na cathaoireacha mar bhíodar ariamh agus fear 'na shuidhe ar gach cathaoir díobh. Na gabhanna beaga draoidheachta bhí ag cleachtadh a gcéirde 'na inchinn istigh, tamall roimhe sin, bhí deireadh le n-a gcuid saothair siúd mar an gcéadna. D'éirigh sé an-chiúin socair. Ba léir dhó an uile rud thart air. Ba dhóigh leis nach bhfaca sé an saoghal ariamh cheana … bhí cineál iongantais air nár thug sé faoi deara go dtí an noiméad sin an cnap beag dearg bhí ar bhárr sróna an taoisigh!
Acht is ríméad bhí air, ríméad gur toghadh é féin agus gan aon tsúil aige le n-a leithéid d'onóir. Bhí an gníomh mór le déanamh, bhéidís uile náirighthe go deo mara ndéanfaidhe é. An meas bhí ag an taoiseach air, agus é thoghadh! Ní raibh fhios aige an ar a cheann nó ar a chosaibh bhí sé 'na sheasamh leis an tocht tháinic air … An cháil bhéadh air lá ar n-a bhárach! A ainm i mbéal an tsluaigh agus gan é acht 'na ógánach óg! Amach leis ar an tsráidh agus a cheann 'sna Spéirthibh … Thug sé na sráideanna ba mhó clú agus spaisdeóireacht air féin i dtosach. Tuige nach raibh na daoine ag féachaint air? Nach sílfeá 1 go dtuigfidhe ar bhealach diamhar éigin go raibh faoi an gníomh ba uaisle agus ba mhó le rádh dá ndearnadh le céad bliadhain dhéanamh ar maidin lá'r n-a bhárach? D'fhéach sé ar an uile dhuine chuaidh thart agus cineál ceapadh aige go mbéadh an léargus ag duine éigin díobh; acht ní raibh. An oiread is aon fhéachaint amháin níor tugadh dhó. Na daill! Tháinic cuthach air leo. Ar a son sin bhí faoi an gníomh mór uasal dhéanamh ar maidin lá'r n-a bhárach, agus ní raibh léargus roimh ré ag neach díobh. Tháinic fonn mór air breith ar dhuine éigin bhí ag gabháil thart agus é mhasladh ar bhealach éigin … Ghluais leis agus a cheann 'sna spéirthibh — nár toghadh é le gníomh mór uasal riachtanach
dhéanamh? Agus nach raibh ceart aige bheith mór- chúiseach agus eirghe 'n-áirde bheith ann faoi sin? Bhí teach ósta ag coirnéal sráide agus iad thar éis na soillse lasadh ann. Níor chleachtuigh sé an t-ól ariamh acht níorbh aon dochar do cúpla gloine ól an oidhche iongantach seo. Bhuail sé isteach. Bhí dream beag fear ag ól ag bórd beag i seomra faoi leith. Shuidh sé 'na bhfochair agus do ghlaoidh ar a ghloine féin. Leis na smaointe bhí ag imtheacht ar cos-an- áirde thrí n-a cheann, níor mhothuigh sé gur cuireadh cosg le n-a gcuid cainnte ar theacht isteach dhó féin, agus go rabhadar uile ag féachaint air go dorrdha. Dá mothuigheadh féin, ba bheag an áird thabharfadh sé orra — nár mhó le rádh é féin ná aon fhear eile dá raibh sa gcathair agus an gníomh mór uasal bhí le déanamh aige? Na brealláin! Nach raibh de thuigsint ná de léargus aca ach an méad sin? D'ól sé a ghloine. Thosuigh smaointe aisteacha ag gluaiseacht thrí n-a cheann ar nós teinntrighe. Ní túisge bhíodh smaoineadh díobh ann ná bhéadh sé glanta agus ceann úr-nuadh 'na ionad. Tháinic cineál meisge air, meisge a mhachtnaimh … Bhí an gníomh déanta aige — sin é an rud cheap sé. Chuir sé i gcás é. Céard a thiocfaidh annsin? D'éirigh sé an-tsocair ar feadh sgathaimh bhig. Tháinic loinnir áigh 'na shúilibh. An té d'fhéachfadh air, déarfadh sé go mba duine é bhí faoi imnidhe mhóir leis an gcaoi a raibh a bhéal ag corrughadh mar bhéadh sé ag labhairt leis féin ós íseal.
Agus is ag labhairt leis féin bhí sé. Shíl sé (ní ráibh fhios aige féin cé'n fáth) acht shíl sé go raibh sé i ndán dó an gníomh mór dhéanamh agus a anam thabhairt leis slán dá bhféadfadh sé dhá sgór a chomhaireamh sul labhradh aon duine dá raibh leis sa seomra. Chomhairimh sé an dá sgór go millteach tapaidh agus gach braon alluis ar a bhathais. Níor labhair duine. D'éirigh a chroidhe ann. Bhí Dia mór ar a thaobh … Nuair bhí an dá sgór comhruighthe aige d'éirigh sé 'na sheasamh agus bhuail athmhóg mhillteach ar an mbórd bheag gur chuir sé na gloineacha ar creathadh. Acht níor bhain an méid sin féin cainnt as na daoine bhí sa seomra leis. Chuimhnigh sé annsin go raibh go leor le déanamh aige sa mbaile roimh éirghe an lae. D'éirigh sé 'na sheasamh agus amach leis ar an Tsráid … Nuair bhí sé imthighthe d'fhéach fear bhí sa láthair ar fhear eile. Chaoch sé súil air. “Roinnt éadtrom sa gceann sílim,” ar sé. “Sin é é díreach.” Agus chuadhadar ar aghaidh leis an obair bhí ar siubhal aca … Sgríobh sé a udhacht — ar ndóigh nach bhféadfadh an taoiseach agus duine eile dhá cháirdibh dul i bhfiadhnuise air nuair d'fheicfeadh sé ar maidin iad? Sgríobh sé litir fhada chuig a mháthair agus d'innis sé dhi cé'n fáth go raibh faoi an gníomh a dhéanamh. Chuaidh sé cruaidh go leor air an litir seo sgríobhadh — b'fhéidir nach bhfeicfeadh sé arís choidhche í — le croidhe agus misneach
thabhairt di dubhairt sé nach raibh sé i ndán dó go mbéarfaidhe air, agus an dá sgór chomhairigh sé sa teach ósta. Acht nuair bhí an méad sin sgríobhtha aige, stróic sé an bhileóg: is beag nár stróic sé an litir ar fad nuair chuimhnigh sé nach raibh ann acht dícéille litir dá sórt sgríobhadh má bhí sé i ndán do éalughadh. Acht an raibh sé i ndán dó éalughad? An mbéadh a cheann i lúib cnáibe gan aon achar? D'éirigh sé agus anonn leis chuig an Bhfuinneóig … Bhí an oidhche go háluinn, chomh háluinn le haon oidhche dá dtáinic le n-a chuimhneamh. Cumhracht na fairrge agus na sléibhte chuige isteach sa seomra. An ghealach crochta i n-áirde 'sna spéirthibh agus solus draoidheachta uaithi — b'aoibhinn bheith beo … Do cheann i lúib cnáibe — thosuigh sé ag smuaineadh; tháinic an pictiúir uathbhásach ós comhair a dhá shúl; leag sé lámh ar a mhuineál leis an téad bhaint de … tháinic creathadh ball air. D'éirigh an t-allus amach ar a bhathais. Leig sé sgread agus sgread eile gur thuit sé 'na chnap ar an úrlár faoi bhun na fuinneoige … Bhí sé 'na haon déag ar maidin. D'fhág sé litir bheag ar an mbord i gcomhair a mháthar ag rádh léithi go raibh faoi an tír fhágáil agus an tOileán Úr thabhairt air féin. Ní raibh meas aige air féin, agus bhí faoi éalughadh leis — nár loic sé ar a cháirdibh agus an mhuinighin bhí aca as? Thug sé na cúl-sráideanna air féin agus
eagla an tsaoghail air go gcasfaidhe aon duine dá shean-cháirde air. Chonnaic sé beirt aca agus iad an-chorruighthe ag doras siopa: iad ag cur thar maoil faoi gur chlis sé féin orra ár ndóigh, 'deile? Shíl sé éalughadh uatha i nganfhios acht chonnaiceadar é. Rinne siad air … B' éigin dó seasamh: Bhí sé cinnte go marbhóchaidhe é annsin i lár na sráide. Ní h-é sin rinneadh ámh acht rug an bheirt ar láimh air agus thosuigh ghá creathadh agus a gcroidhe lán de bhuidheachas dhó. Ag ceapadh go raibh an gníomh mór déanta bhíodar — sin é shíl mo dhuine. Níorbh fhada go gcuala sé giollaí beaga na nuadhachtán ag sgreadach i n-árd a ngotha: Cheannuigh sé ceann go neamh-shuimeamhail. D'osgail sé é agus thosuigh ghá léigheadh. Tháinic laige tobann air … an gníomh mór contabhair- teach nach raibh sé de mhisneach aige féin a dhéanamh rinne fear éigin eile é! An oidhche sin mhol a thaoiseach go mór é … acht ní raibh sé de mhisneach ann eirghe agus a rádh gur loic sé' gur duine éigin eile rinne an gníomh! Agus anois, nuair bhíos sé ag maoidheamh as féin, ní abruigheann a dhearbhráthair go ndeárna sé féin an gníomh toisg go raibh fhios aige nach mbéadh sé de mhisneach sa bhfear eile é dhéanamh, agus go náireóchaidhe an bheirt aca!
AN DIABHAL AGUS AN FLAITHBHEARTACH. “Ní fhéadfadh an diabhal agus an Flaithbheartach é dhéanamh — ní fhéadfadh muis,” ars an sean- tiománaidhe liom nuair adubhras leis go raibh orm a bheith istigh i mbaile mór na Gaillimhe roimh an deich a chlog. “Ara, a dhuine, dá mba capall rása bhéadh againn ní fhéadfaidhe a dhéanamh: creid mise ann ní bhéarfaidh tú ar an traen sin anocht,” ar seisean. Bhí an bháisteach mhór ann agus gála gaoithe aniar isteach ó'n bhfairrge. Áit a mbíodh crainn leath-taobh an bhóthair bhíodh an ghaoth ag gabháil ceóil uathbhásaigh 'na ngéagaibh loma; bhí an ghealach lán i n-áirde 'san spéir i n-áit éigin, muna raibh lucht réalt-eolais ag innseacht na mbréag, acht súil níor leagamar uirthi i gcaitheamh na h-oidhche. Bhíos féin fliuch go craiceann, bhíos tuirseach traochta ocrasach. Bhí an sgéal céadna ag an tiománaidhe. Bhí an capall ag tarraingt na gcos 'na dhiaidh agus a cheann ag dul suas agus anuas mar bhéadh capall bréige leinbh ann. Leig an ghaoth aniar sgread mhillteach amhail cheól deamhain. Do gheit an capall. Thurlaing an tiománaidhe, agus dá laghad siubhail a bhí faoi'n gcapall cheana ba sheacht measa anois é mar bhí mo dhuine i ngreim béalbhaighe ann agus é ag cainnt go plamásach leis. Dubhras féin a lán faoi'n gcapall, faoi thiománaidhthibh na Gaillimhe, faoi'n aimsir, faoi'n áit agus eile, acht is eagal liom go mbéadh náire ar fhear an
chló a léigheadh. Ní raibh áird ag an tiománaidhe ar mo ghlór, ámhthach; is dócha go gcuala sé a leithéid de chainnt go minic cheana. Pé sgéal é ní dheacha sé i n-áirde ar an gcárr arís go raibh cúpla míle de'n bhóthar fliuch salach puiteach curtha dhínn againn. Bhí sé idir mise agus an ghaoith agus ó am go ham do chloisinn focal uaidh. “An diabhal” an focal is mó chluininn acht is minic chluininn an dá fhocal “an diabhal agus an Flaithbhear- tach.” Bíodh is gur ag tabhairt na mionn faoi m'fhiaclaibh bhíos féin, bhí cainnt an tiománaidhe ag déanamh imnidhe dhom. An Flaithbheartach — cérbh é an Flaithbheartach? Cé'n bhaint a bhí aige leis an bhfear eile? Gach ar chualas ariamh de sgéaltaibh faoi dhiabhlaibh a ioncholnughadh, bhíodar ag dul thrí m'intinn. An diabhal a bhí san bhFlaithbheartach i gcruth duine? Cár mhair sé? Cé'n uair? Cé'n cineál duine bhí ann i bpear- sain? Ar fhág sé aon tsliocht 'na dhiaidh? An leis an athair a ghein é, nó leis an mháthair a rug é is mó bhíodar ag 'ul? Ghlan an spéir beagán. Dearbhuigheadh go raibh an fhírinne ag lucht réalt-eólais. Tháinig an ghealach amach. Ní raibh focal le clos ó'n tiománaidhe le tamall. “Annsin thall ar bharr na haille bhíodh comhnaidhe air.” Ar seisean go tobann. Do bhíodhg mé féin. “Cé hé?” adeirim-se, “an diabhal, an eadh?” “Ní headh acht a oidhre, an Flaithbheartach dubh.”
Chuireas cúpla ceist air agus ní fada gur bhain sé amach go breágh sa gcainnt. “Annsin thall a chomhnuigh sé,” ar seisean, “go dtáinig an diabhal ghá iarraidh 'sa deireadh. Tighearna talmhan a bhí ann acht má 'seadh féin is iomdha céad punt a bhí air ar fud na tíre. Go bhfóiridh Dia ort, a dhuine! má bhí cúpla míle punt sa mbliadhain féin aige 'sé bhí i n-ann a chaitheamh. Caiple rása, geallta, gadhair, ithe agus ól, ceól agus rinnce de ló agus d'oidhche, mná — óra bí do thost, a dhuine! Ar ndóigh bhí an tír náirighthe aige. Bhí sin.” Dhearg mo dhuine an píopa. Rinneas féin an cleas céadna acht ní gan duadh é. Bhí fonn sgéalaidheachta ar an tiománaidhe. “An raibh sé pósta, an eadh?” an seisean ag tabhairt freagra orm-sa. “Nár dhubhairt mé leat go raibh. Ní raibh sé mórán thar fiche bliain nuair a phós sé inghean Iarla ó'n Mumhain — bean lághach charthannach dheagh-bhéasach — acht cá bhfuil an bhean d'fhéadfadh fuireacht i n-aontigh le n-a leithéid agus bean i ngach sráid-bhaile as seo go Baile Átha Cliath aige? Nuair a rugadh an cúigeadh mac dhóibh b'éigin dí an Mhumha thabhairt uirthi féin arís. Ní raibh an mac óg baistidhthe féin nuair a tháinig seacht gcárr chuig an doras chuici oidhche. Bhí an Flaithbheartach féin ar an gcéad chárr. Iad uile ólta, idir fhearaibh agus mhnáibh, agus ag gabháil amhrán gársamhla. Shíl a bhean féin iad choinneál taobh amuigh; chuir sí na seacht nglas ar an doras orra, acht mo léan! níorbh mhoill orra siúd a réabadh; cuireadh bean an Fhlaithbheartaigh faoi
ghlas i mbárr an tighe; thosuigh an rúille- buille … deirtear gur briseadh croidhe na mná óige an oidhche sin. D'éaluigh sí ó n-a fear, acht chuir an pobul a mbeannacht léithi ag imtheacht dhi. Chuir, mh'anam. “Thug sí a clann mhac léithi acht chuir seisean an dlighe uirthi agus bhain di iad. Agus nach é thóg agus d'oil go cráibhtheach deagh-nósach iad! Ní raibh éinne aca ar sgoil ariamh agus an sgoláireacht fuaireadar ó'n athair ní mórán maitheasa rinne sé dhóibh. Dá marbhuigheadh an t-athair duine gan chúis gan adhbhar mholfaidís é; déarfaidís nach ndearnadh ariamh i gCrích Fódhla gníomh chomh huasal leis an ngníomh a bhí déanta aige-san. Dá bhfeictheá an cúigear fear óg sin ag imtheacht ar buile ar fud na tíre ag cur eagla ar dhuine agus ar bheithidheach ba mhór é t'iongantas. Chonnaiceas féin duine aca, Réamonn a bhí air, dá chrochadh i nGaillimh; mharbhuigh sé a dhearbhráthair fhéin i ngeall ar mhnaoi. “Naonbhar eile bhí sa teach aige idir clann mhac agus clann inghean … cé'n chainnt sin ort? Ar ndóigh ní dubhras leat, a dhuine, go dtáinig an bhean ar ais chuige. Beag baoghal a bhí uirthí. Acht fuair sé bean eile — ó cé'n t-ainm bhí aca uirthi? Is cuma, rug sise triúr mac eile dhó agus beirt inghean. Cé'n mhaith bheith ag cainnt? Ní abróchaidhe morán, b'fhéidir, muna mbéadh gur droch-bhuachaill a bhí ann ar bhealaigh eile. Déarc níor thug sé uaidh ariamh, agus dá mbéadh fleadh agus féasta ar siubhal aige d'oidhche, ní do na bochtaibh bhéarfadh sé an fuighleach lá'r
na bhárach acht dá chuid gadhar. Dubhairt m'athair liom go ndeacha sé ann maidin le cárr agus go bhfaca sé na gadhair agus na boicht ag troid agus ag comhrac, ag féachaint cé aca a gheobhadh an brúsgar bidh a fágadh i ndiaidh fleidhe a caitheadh i rith na hoidhche. Bhí an Flaithbheartach féin ann agus greann mór aige … Thug m'athair buille d'á bhata dhó uair eile. Marach go raibh an fear eile ar meisge ní chuirfidhe mí phríosúntachta ar m'athair.” Bhíomar ag teannadh leis an mbaile mór faoi'n am seo. “Céard d'éirigh dhó sa deireadh?” arsa mise. “Muise is deacair a rádh le fírinne,” ar seisean, “mar is iomdha innseacht atá aca ar an sgéal, acht is agam-sa atá an fhírinne má's í an fhírinne d'innis Seán Mór an báille dhom agus ba cheart go mbéadh fhios aige-sean é. Bhí na mílte punt air ar fud na tíre mar dubhras leat cheana, agus bhí dlighe ann an uair sin dá bhfuigheadh duine bás agus fiacha air go ngabhfaidhe a chorp. Tháinig tinneas ar an bhFlaithbheartach. Ní sa mbaile a bhí sé nuair a bhuail an taom é acht a' seilg le n-a chlann mhac ar an sliabh. Tugadh isteach i mbothán bheag é — sean-bhothán as ar dhíbir sé na daoine blianta roimhe sin. Acht ní raibh sé i bhfad ann go bhfuair sé bás. Rinne a chlann mhac cónra chláir dhó le n-a thabhairt abhaile. Chaoin siad go deórach ós a chionn. Nuair a bhíodar ghá chaoineadh bhuail fear isteach. Fear seilge bhí ann de réir cosamhlachta; báille a bhí ann i ndáiríribh, agus ní raibh a lucht conganta i bhfad
uaidh. Rinne sé comh-bhrón leis na fearaibh óga. Thug deoch dóibh as buidéal a bhí 'na phóca aige. Tháinig codladh orra … “Bhí an oidhche ann — oidhche uathbhásach mar an oidhche anocht. Bhí an cúigear fear óg 'na gcodladh ar an urlár ar an gculráid. Bhí an sean-fhear 'na luighe fuar marbh 'na chónra chláir. Ceathrar báille ann leis an gcorp a bhreith leó. Dhá choinnil a bhí sáithte i mbuidéilibh a bhí ag tabhairt soluis dóibh. Rugadar ar an gcónra. Thógadar é. Chuireadar ar a nguailnibh é. Phléasg an tóirneach ós cionn an bhotháin sléibhe. D'éirigh an ghaoth. Réabadh an doras. Múchadh an dá choinnil. Thosuigh na fir a bhí ag goid an chuirp ar creathadh. Bhain duine de na fearaibh óga searradh as féin. Leig osna. “Uch! uch tá sé beó! Tá sé beó!” arsa duine de na báillíbh. “Leagadar an cónra anuas ar an úrlár arís. Bhí uathbhás orra. Lasadh an dá choinnil i n-athuair. D'óladar slug as bhuidéal. “Feárr dhúinn fanacht ag féachaint a' nglanfadh an oidhche,” arsa duine. “Do haontuigheadh leis sin. Do shuidheadar ceathrar ar an úrlár timcheall ar an gcorp. Baineadh slug eile as an mbuidéal. Bhain duine aca gléas imeartha as a phóca. Thosuigheadar ag imirt chártaí … “D'eirigh an oidhche ciúin. Ní raibh torann dá laghad le clos thall ná i bhfus, acht srannadh na bhfear a bhí 'na dtrom-chodladh ar an úrlár agus torann na gcártaí agus iad ag tuitim ar chlár an chónra. Thuit na báillí féin 'na
gcodladh, duine i ndiaidh duine. Bhí an dá choinnil a bhí sáithte 'sna buidéil ag ceann an chónra ar lasadh fós. Thóg duine de na báillibh a lámh agus é 'na chodladh. Bhí na cártaí uile caithte ar an úrlár acht aon cheann amháin — an ceann úd atá faoi choimrighe an diabhail, agus bhí sé sin go bagarthach agus go soillseach mar shíltheá ar chlár an chónra, díreach ós cionn croidhe an chuirp. Thóg an báille a lámh arís. Theanguigh sí leis an gcárta; theanguigh an cárta le ceann de na buidéil. Leagadh an buidéal agus an choinneal. Chuaidh sgáil mhór gan cruth gan cuma treasna an bhalla bháin. Bhí féar trim agus slisní adhmuid agus 'chaon tsórd ar an úrlár timcheall ar an gcónra. Bhí an áit fré theine gan mórán achair … “D'eirigh leis na báillíbh imtheacht. D'eirigh le clann mhac an Fhlaithbheartaigh na cosa thabhairt leó freisin, acht aon duine amháin a shíl an corp a bhreith leis. Losgadh é siúd 'na bheatha. Losgadh an corp. Losgadh an bothán … “Acht níor chreid na daoine go bhfuair an Flaithbheartach bás ar an mbealach seo; nach bhfuil sean-bhallaí losgtha an bhotháin ann fós le dearbhú gurab é an diabhal a tháinig le n-a oidhre a bhreith leis abhaile?” Nuair a bhí an méid sin ráidhte ag an tiománaidhe bhíomar sa mbaile mór. “Cá gcodló' tú anocht?” ar seisean. “Ní chodló' mé chor ar bith is eagal liom,” arsa mise. Agus níor chodail.
AN CORP BEÓ. Nuair casadh Máirtín Ó Mainnín agus Antoine Breathnach ar a chéile ar an tsráid i nGaillimh cúpla seachtmhain ó shoin, is ar éigin gur aithnigheadar a chéile. Agus b' aisteach an rud é sin: ar aon bhaile amháin tógadh an bheirt, ar aon sgoil amháin bhíodar i dtosach a n-óige, agus nuair bhíodar 'na bhfearaibh óga chaitheadar tamall maith ag obair i dteannta chéile ag baint ghuail sna mianachaibh san mBreatain Bhig. Acht tig athrú ar an saoghal leis an aimsir, agus b' éigin do'n bheirt sgaradh le chéile; chuaidh an Breathnach 'na mhairnéalach ar bórd luinge, agus súil níor leag sé ar a shean-chomráide ar feadh ocht nó naoi de bhliadhantaibh; agus maidir leis an Mainníneach, ag stracadh leis an saoghal bhí seisean ar feadh an achair agus tásg ná tuairisg ní bhfuair sé ar an bhfear eile gur casadh an bheirt aca ar a chéile ar an tsráid i nGaillimh. Ní raibh súil ag ceachtar aca go gcasfaidhe an duine eile air arís choidhche ar an saoghal seo, agus d' fhanadar tamall beag deas ag féachaint ar a chéile gan focal a rádh. Sé an Breathnach is túisge labhair. “Ní féidir gurab é Máirtín Ó Mainnín atá agam annseo,” ar seisean. “Mh'anam gurab é, an fear ceannann céadna,” arsa Máirtín.
Annsin d' aithnigh sé an té chuir cainnt air. “Antoine Breathnach thar a bhfaca mé ariamh!” arsa Máirtín, “leag annseo í, a dhiabhail,” agus thosuigheadar ag creathadh lámh le chéile go muinnteardha. Chuir an Breathnach na céadta ceisteanna ar an Mainníneach, chuir an Mainníneach na mílte ceisteanna ar an mBreathnach, acht níor thug ceachtar aca uain do'n duine eile freagra thabhairt ar aon cheist. Isteach leó beirt i dteach ósta i n-aice leis an dug, go mbéadh cómhrádh aca le chéile ar a suaimhneas. Ní raibh siad i bhfad ann go raibh fios ag an Mainníneach gur eirigh maith go leór sa saoghal leis an mBreathnach, go raibh sé 'na mháta ar luing, go raibh an long sin ar an ród le lucht plúir agus mine buidhe, agus go gcaithfeadh sí seachtmhain ar a laghad ann sul a bhféadfadh sí dhul isteach sa dug. Ní raibh — ní raibh sé thiar sa mbaile fós, acht bhí súil aige go bhféadfadh sé cuairt thabhairt ar a mhuinntir i gceann cúpla lá. Cé 'n chaoi a raibh an saoghal aca? Bhí náire agus leisg air a rádh nár chuir sé litir chuca leis na bliadhantaibh, agus nach bhfuair sé aon sgéala uatha acht oiread; acht i gceann cúpla lá ar ndóigh bhéadh fhios aige 'ch uile shórt. Nuair d' fhiafruigheadh an Breathnach dá charaid cé mar éirigh an saoghal leis féin ó sgaradar le chéile, ní abruigheadh sé aon rud níos cruinne ná gur ag stracadh leis an saoghal bhí sé i gcomhnaidhe. “Agus an fada i nGaillimh thú?” arsan Breathnach.
Athrú indé tháinic mé,” arsa Máirtín, “acht nuair nár aithnigh aon duine mé níor chuir mé aon cheist orra.” Agus ó bhí an bheirt aca sa gcás céadna, agus gan aon eólas aca ar ar thárla 'na mbaile dhúthchais ó d' fhágadar é, thosuigheadar ag cur síos ar an saoghal bhí ann i dtosach a n-óige … Istigh i seómra bheag ar chúl an tsiopa bhíodar, agus an té bhéadh ag féachaint orra thríd an bhfuinneóig agus a chloisfeadh a gcuid cainnte, thabharfadh sé an leabhar nach raibh rún i gcroidhe ceachtair aca nach raibh fhios ag an duine eile. Acht bhí. Bhí rún i gcroidhe an Breathnaigh nár nochtuigh sé ariamh, agus bhí an rún céadna i gcroidhe an Mhainnínigh i nganfhios do'n tsaogh- al; agus sé an rún sin thug an bheirt aca abhaile. Do h-ath-nuadhuigheadh an tsnaidhm cáirdeasa bhí eatorra i dtosach a saoghail. Thosuigheadar ag cur síos ar a n-óige, agus ar an spóirt agus an sgléip bhíodh aca, ar na daoine bhí ann an uair sin agus ar na cleasa d' imrightí ar chuid aca; ní raibh fhios ag ceachtar aca céard d' éirigh do na daoine bhí i gceist aca acht ba bhreágh leó bheith ag cur síos orra 'na dhiaidh sin féin, agus ár ndóigh, bhéadh fhios aca gach uile shórt 'na dtaobh i gceann cúpla lá. Glaodhadh ar chúpla gloine eile agus do h-óladh iad. Tógann an t-ól an croidhe. Bogann sé an teanga, mór mhór imeasg carad nár casadh le
chéile leis na bliadhantaibh. Bhí an bheirt 'na dtost ar feadh sgathaimh bhig — an Mainníneach ag smaoineadh ar shaoghal a óige agus an Breathnach ag féachaint go dólásach ar an mbraon uisge beatha bhí ag spréacharnaigh faoi sholus na gréine i dtóin a ghloine. Thóg an Breathnach a cheann go tobann. “Cogar mé leat, a Mháirtín,” ar seisean, “nach raibh aithne mhaith agatsa ar Bríghidín a' Bhailis fadó — Brighidín Mháire Mhóir?” Gheit an Mainníneach. Baineadh preab as. Ní raibh aon tsúil aige go gcuirfidhe a leithéid de cheist air, agus b'fhorus fheiceál go raibh sé trí n-a chéile … “Bhí,” ar seisean, acht níor labhair sé a thuilleadh. Bhí an fear eile ag cainnt faoi Bhrighidín ghá moladh go mór, agus ag innseacht sgéalta 'na taobh, acht shíltheá ar Mháirtín nach raibh aon áird aige ar a ghlór acht é ag féachaint amach roimhe gan cor as. Tháinic an chainnt chuig an mBreathnach, ba gheall le file é ag moladh a chéad-ghrádha, gur cheap an Mainníneach go bhfaca sé an bhean óg ós a chomhair amach i mbláth a h-óige, gur cheap sé gurab é féin bhí ag rádh na bhfocal binn fileata sin bhí ag déanamh ceóil 'na chroidhe agus 'na chluais … “Stop! Stop! Stop a dhuine!” ar sé go tobann agus é 'na sheasamh ós comhair an fhir eile. Ghabh iongantas an Breathnach. Bhí sé ar tí magadh dhéanamh faoi acht nuair d' fhéach sé níos géire air ní dheárna. D'fhéach an bheirt fhear
isteach i súilibh a chéile, thuigeadar go mb' é an sgéal céadna aca é, chraitheadar lámh le chéile … I gceann tamaill labhair an Breathnach: “Ar iarr tú uirri thú phósadh ariamh, a Mháirtín, a dhearbhráthair?” ar seisean. “Níor iarr.” Níor dhubhairt sé gurbh' é an fáth gur fhág sé an baile i dtosach le roinnt airgid dhéanamh go bpósfadh sé, agus gur theip air. “Ar iarr tusa uirri thú phósadh, a Antoine?” “Níor iarr.” Cúpla noiméad eile dhóibh 'na dtost agus an bheirt aca ag smaoineadh ar an mnaoi sin dá dtugadar gean i dtosach a n-óige. “Meas tú cé'n bhail atá uirri anois, a Antoine?” “Í pósta is dócha, a Mháirtín.” “Agus muirighin mhór uirri —” “Mara bhfuil sí faoi 'n bhfód —” “Cé 'n chaoi 'mbéadh? Nach raibh sláinte an bhric aici —” Agus thosnuigheadar ag innseacht dá chéile faoi Bhrighidín: ár ndóigh ní raibh ariamh sa gconndae bean níos feárr ná í i mbád, ná ar mhuin capaill, ná ar aon bhealach eile a mbéadh lúth agus misneach agus dánacht ag teasdáil ó dhuine? Agus cá raibh an t-ógánach bhí chomh maith léithi ag bualadh báire, agus í 'na gearrchaile óg? Nár mhór an t-aoibhneas do dhuine bheith ag féachaint uirri ag imtheacht léithi de dhruim chnuic ar nós na heilite? “Bhfuil fhios agat céard dhéanfas muid, a Antoine?” arsa Máirtín.
“Níl fhios.” “Dul siar le cuairt thabhairt uirri láithreach.” Agus do socruigheadh é sin do dhéanamh. Ar maidin lá 'r n-a bhárach, bhíodar beirt thiar i gCluain Droma, áit a raibh (nó a mbíodh comhnaidhe ar Bhrighid). A thúisge is shroicheadar an baile thugadar cuairt ar theach na mná óige gan a tuairisg chur ar aon duine. An tsean- bhean, máthair na mná óige, bhí istigh rómpa agus bíodh is nár aithnigh sí iad chuir sí fáilte gheal rómpa. Ghlan sí dhá chathaoir do na stróinséiribh, shuidheadar siúd i n-aice an dorais, mar bhí an lá brothallach, d'fhéachadar ar a chéile agus leisg orra innseacht do bhean a' tighe cé'n gnó thug an bealach iad. Sé an Mainníneach labhair i dtosach: “Agus cé 'n chaoi a bhfuil … a bhfuil Brighidín?” ar seisean agus síltheá go bhfaca sé gach lá le na bliadhantaibh í — agus b' fhéidir go bhfaca freisin 'na bhrionglóidibh. D'aithnigh bean a' tighe an bheirt nuair labhradh. “Tá sí níos feárr indiu,” ar sise, “ar mhaith libh í fheiceál?” Ba mhaith ár ndóigh. Nach le n-'aghaidh sin tháinic siad an bealach? Seóladh siar sa seómra iad. Bhí leabaidh faoi 'n bhfuinneóig fosgailte, agus duine éigin 'na chodladh innti. Chrom an tsean-bhean agus an bheirt fhear ós cionn na leabthan agus ní bréag a rádh gur baineadh preab as an mbeirt. Sí
Brighidín bhí sa leabaidh agus dath an bháis ar a h-éadan. “Ní dhéanann sí mórán codalta san oidhche ó tháinic an galar uirri, acht tuiteann néal beag uirri i gcaitheamh an lae go minic,” ars an tseanbhean. Ní raibh fhios ag an mbeirt fhear cé'n galar bhí uirri, nó cá fhaide ó bualadh síos í, acht líonadh a gcroidhe le brón agus doiligheas nuair chonnaiceadar an bhail thruaighmhéileach bhí ar an gcailín aerach spóirteamhail dá dtugadar beirt gean tráth. Ní raibh innti acht cnámha agus craiceann, agus an craiceann sin chomh bán leis an sneachta séidthe agus chomh lonnrach le céir. Marach go bhfacadar í ag corruighe a lámh cheapfaidís go raibh sí marbh. Dhúisigh an bhean bhí sa leabaidh. Thóg sí a ceann roinnt. D'fhéach sí ar an mbeirt fhear agus tháinic loinnir bheag 'na h-éadan. Chuir an tsean-bhean an piolúr faoi n-a guailnibh agus chroch sí suas sa leabaidh beagán í. “Níl sí i n-ann cor chur dhi uaithi féin,” ar sí leis an mBreathnach ós íseal, “agus tá ocht mbliadhna caithte ó d'fhág sí an leabaidh sin,” acht níor fiafruigheadh dhi cé'n timpist d' éirigh do'n mhnaoi óig go raibh sí 'na h-othar leis an achar sin. Nuair bhí Brighidín deasuighthe sa leabaidh do shuidh an Breathnach leath-taobh dhí agus do shuidh an Mainníneach ar an taobh eile. Thosuigh an tsean-bhean ag innseacht dóibh gur tháinic galar éigin i gcnámhaibh na hinghine agus nach raibh innti cor a chur dhi ó shoin. Ní raibh i gceachtar
de'n bheirt focal a rádh acht iad ag machtnamh ar chruadh-chás na mná sin chleachtuigheadh gach cineál spóirt agus aoibhnis i dtús a hóige, agus bhí na corp beó sa leabaidh le na bliadhantaibh. Nuair d' imthigh an tsean-bhean amach sa gcistinigh d' innis an Breathnach di cé'n truaigh mhór bhí aca beirt dhi, chuir sé i gcuimhne dhi an chaoi chleachtuigheadh sí snámh agus marcaidheacht, coisidheacht agus caitheamh-léim 'na hóige, acht chuir Brighidín isteach air: “Ná bíodh aon truagh agaibh dhomsa,” ar sise, “mar tá mé chomh sona sásta is bhí mé ariamh le mo bheó bíodh is gur othar bocht mé gan fóirthín i ndán dom acht fóirthín an bháis … Tá Dia cóir, agus sgapann sé a chuid bronnta- nas ar lag agus ar láidir, ar naomh agus ar pheacach; agus ó bhroinn go huaigh, agus an uile rud chur le chéile, ní bhfuigheann aon duine beirtear níos mó ná níos lugha ná a chéile de shuaimhneas an tsaoghail seo … Féach mise, nuair bhíos goradh ó'n ngréin laghduightear ar mo phéin, tógtar mo chroidhe agus ní bhíonn duine beó níos suaimhnighe ná mé … Tig an t-earrach bog tais; athruighthear mo leabaidh go dtí an fhuinneóg fhosgailte, tig cumhracht an mhachaire agus an chnuic agus na fairrge chugam ar an ngaoith, agus mar an féidir liom eirghe agus bualadh liom amach ar fud na mbánta, is eól dom go bhfuil an sgéal níos measa faoi chéad ag daoine eile. Agus an té a bhfuil lúth na ngéag aige, má bhíonn a ordóg siúd tinn is mó chuireann sé as dó ná fhulaing mé ariamh de phiantaibh … ná bíodh aon truagh agaibh domsa
a cháirde, mar ní theastuigheann a leithéid uaim: tá Dia cóir agus is iomdha seód uasal bhronn Sé ormsa i nganfhios do'n tsaoghal. Éistigidh leis an londubh sin …” Acht bhí Brighidín chomh traochta sin nár eirigh léithi an chainnt a rádh. Leig sí siar a ceann ar an bpiolúr, dhún sí a dhá súil go gceapthá gur corp bhí aca sa leabaidh. Nuair tháinic an mháthair isteach arís dubhairt sí: “Mar sin bhíos sí i gcomhnaidhe,” ar sise, “cúpla uair agus misneach agus brígh agus fuinneamh innti; cúpla uair eile agus gan innti focal a rádh — acht is suaimhnighe agus is sonasaighe í ó bhuail an galar í ná ariamh roimhe: bronntanas ó Dhia cóir an tsástacht sin, agus an uile thruaghán thuilleann é, ní séantar an bronntanas sin air …” D'fhéach an bheirt fhear táinic thar muir agus thar tír leis an mnaoi óig dá dtugadar gean i dtosach a n-óige agus d' fhill ar a mbaile dhúthchais le n-a feiceál agus le n-a pósadh dá bhféadfaidhe é dhéanamh, d'fhéachadar ar a chéile go tuigsionnach, agus d'éaluigheadar amach as an seómra go ciúin socair … An oidhche sin agus an bheirt aca ag dul isteach go Gaillimh níor labhradh focal go mb' fhiú do sgéalaidhe innseacht acht an méid seo: “Cé 'n chaoi a bhféadfadh fear mar mise corp beó a phósadh?” arsan Mainníneach. “ Ní fhéadfadh — agus ní fhéadfadh bitheamhnach
de mo shórtsa naomh d' fhág Dia ar an talamh leis an saoghal a mhaisiú agus le sompla thabhairt do dhaoine a phósadh … arsan Breathnach. Shroicheadar an baile mór. D'fhág an bheirt dheóraidhe thug grádh do'n naomh slán gá chéile, agus thugadar an domhan mór orra féin arís.
GRACIE. MUINNTEAR SHEAN-ÉAMUINN. Bhí an Choill lán de cheóltaibh áilne: bhí an londubh agus an chéirseach ann, an chuach agus an tradhna, an smólach, agus an fhuiseóg agus a phort féin ag gach ceann aca. Bhí an Choill lán de shoillse áilne; bhí grian na maidne ag eirghe agus ag dathughadh an domhain, agus ní raibh aon bhall de is deise dathughadh ná an Choill 'na raibh mé féin an mhaidin bheannuighthe Bhealtaine sin. Acht níor chuir na ceólta ná na soillse ná an áilne bhí thart orm aoibhneas ar mo chroidhe. Bhí cantal agus doicheall agus mí-shásaigheacht orm: bhí an uile ghalar croidhe dá bhfuil ann orm, nó shíleas go raibh, agus nach ionann sa gcás é? Thosuigh mé ag machtnamh ar chómhrádh bhí agam le triúr de mhuinntir shean-Éamuinn le tuitim na hoidhche — acht ní thuigfear mo scéal i gceart mara gcuirfidh mé sean-Éamunn agus a mhuinntir i n-aithne do'n léightheóir. De lucht taisdil bóithre Éireann iad: dream ioldánach iolcheárdach iad — tá gabhanna geala stáin orra, tá caoladóirí, ceannuidhthe capall agus gaduidhthe féin orra, acht nach ngoideann siad acht rudaí bhíos ag teasdáil go géar uatha agus
nach féidir fhághail ar airgead. Níl áit sa gcúige nach gcasfaidhe leat iad, iad féin agus a gcuid ban agus a gcuid páisdí, a gcuid capall agus a gcuid asal agus iad ag déanamh slighe agus saoghail dóibh féin. Is minic castar liomsa iad agus mé ag imtheacht liom ar mo bhealach agus tá aithne mhaith againn ar a chéile agus meas dá réir. Bráithre dhom anois iad … An mhaidin bheannuighthe Bhealtaine seo, agus mé liom féin sa gcoill aoibhinn, le heirghe gréine, agus cantal agus galar croidhe orm, thosuigh mé ag machtnamh ar chomhrádh bhí agam le triúr aca an oidhche roimhe sin. Bhíomar 'nár suidhe thart ar an teinidh ar imeall na coille. “An bhfaca aon duine agaibh Gracie le goirid?” arsa duine aca; gaduidhe bhí ann — gaduidhe nach ngoidfeadh acht an rud bhí i n-easbaidh go géar air, póg ó mhnaoi áluinn, nó an bhean féin dá mbéadh sí uaidh …” D'eirigh an ceannuidhe capall (mar b'in í an chéird bhí ag an bhfear bóthair seo), d'eirigh an ceannuidhe capall 'na thost agus thosuigh sé ag machtnamh. Chuir an gaduidhe isteach ar a chuid smaointe. “Ní fhaca tú í ó chuir sí an ruaig ort mar sin,” ars' an gaduidhe. “Dheamhan é,” agus chuir sé gail iongantach i n-áirde uaidh. “Agus cé'n t-achar ar chaith tú léithi?” “Bliadhain, bliadhain gheárr …” Ní fear fadálach bhí sa gceannuidhe capall gan aimhreas.
Bhí an gaduidhe fiosrach, acht má bhí níor chuir sin as do'n cheannuidhe capall. Bráithre d'aon chumann b'eadh sinn uile go léir. “Bliadhain gheárr …” ars' an gaduidhe de ghlór bog bhí an-chosamhail le glór mná, “agus tuige ar dhíbir sí thú, a bhráthair?” ar seisean, agus bhí truagh 'na shúil agus 'na ghlór. Chuir an ceannuidhe capall gail eile i n-áirde uaidh. “An t-ól,” ar seisean. Chaith sé an píopa uaidh. Dhún sé a dhá bhéal ar a chéile. Bhí aithmhéala an tsaoghail air de réir cosamhlachta. Níor chuir aon duine isteach ar a bhrón go ceann sgathaimh. Bhíomar uile go léir 'nár dtost ag déanamh ár smaointe, agus truagh an domhain againn dár mbráthair, do'n fhear bocht chaill an bhean áluinn aisteach sin mar gheall ar an ól. Is uirri bhíomar ceathrar ag smaoineadh. Is beag nach bhféadfá ceapadh go raibh sí annsin 'nár láthair acht nach bhféadfaidhe í fheiceál. Thosuigh londubh ag cantaireacht ar chraoibh le n-ár n-ais. Bhíodhg an ceannuidhe capall as a mhachtnamh agus labhair sé leis an ngaduidhe. “Agus cogar mé leat, a bhráthair ionmhuin,” ar seisean leis an ngaduidhe, “an misde dhom a fhiafruighe dhíot cé'n fáth gur chuir sí an ruaig ort féin?” Sgaoil an gaduidhe dhá fhocal uaidh. “Bean eile,” ar seisean, acht bhí sé níos fadálaighe ná an ceannuidhe capall, agus thosuigh sé ag innseacht dúinn cé'n chaoi ar chaill
sé an bhean aisteach áluinn sin ar a dtugtar Gracie. “Ní raibh innti acht girrseach,” ar seisean, “girrseach bheag bhídeach de mhuinntir an bhaile mhóir. Casadh liom sa tslighe í. Chaoch mé súil uirri — dheamhan ar fhéad mé ariamh an nós sin thréigeadh … cineál galair súl é creidim … rinne sise gáiridhe — cé'n tubuisde bhí orm go raibh an drad iongantach sin fiacal 'na béal, go raibh a dhá súil chomh soillseach le dhá linn sléibhe faoi sgalladh gréine, go raibh a hiomchur chomh gleóite leis an eala ar an tuinn … Tá aithne agaibh orm, a bhráithre — an call dom innseacht díbh gur chuir mé lámh faoi n-a com?” Leig an gaduidhe osna. Bhí sé chomh smaointeach is bhí an ceannuidhe capall ar ball beag. Acht lean sé dá sgéal. “Agus, a bhráithre,” ar seisean, go truaigh- mhéileach, “cé thiocfadh orainn, a bhráithre, acht Gracie … Tá fhios ag an uile dhuine agaibh chomh h-éadmhar is bhíos sí — má bhíonn fear aici, bíonn sé aici idir colainn agus anam, agus cá'l an fear d'fhéadfadh a rádh go ndeárna sí suirighe féin leis tráth go raibh céile aici?” D'aontuigheamar nach raibh a leithéid ann. Chaith an gaduidhe smugairle uaidh. Rug sé ar a phíopa agus thosuigh dhá líonadh. Bhí fhios agam go raibh a sgéal beagnach críochnuighthe. Leig sé osna eile. “An call dom tuilleadh a rádh!” ar seisean, “bhí an diabhal faoi 'na súil nuair chonnaic sí mé féin agus an ghirseach … ‘Imthigh,’ ar sise,
‘sguab leat,’ ar sise, ‘agus ná feicim arís ar an saoghal seo thú.’ ” Leig an gaduidhe osna eile. “Agus an gean bhí againn dá chéile,” ar seisean, go truaighmhéileach, agus níor leig an doilgheas dhó focal eile a rádh an oidhche sin. “Maidir leatsa, a bhráthair,” ars' an cean- nuidhe capall leis an tríomhadh fear — caoladóir bhí ann agus níor labhair sé focal i gcaitheamh na haimsire, “maidir leatsa, a bhráthair,” ars' an ceannuidhe capall “tá fhios ag an saoghal cé'n chaoi ar chaill tusa í …” acht tá an sgéal sin chomh haisteach sin nach féidir liom é innseacht anois. Nuair bhéas mé-féin agus tú-féin, a léightheóir, na cosa faoi bhórd againn, agus … Thosuigh an londubh arís. Shíltheá gur ag éisteacht leis bhíomar. Níorbh eadh. Ag smaoineadh ar mhnaoi na leannán bhíomar. “Agus bhfuil aon leannán aice anois?” ars' an ceannuidhe capall. “Níl,” ars' an caoladóir. “Níl,” ars' an gaduidhe. Agus d'fhéachadar triúr ormsa ar nós an- aisteach … IDIR DHÁ CHOMHAIRLE. Rinneas machtnamh fada doimhin ar an gcomhrádh bhí agam leis an triúr ar imeall na coille agus go mór-mhór ar an bhféachaint thugadar dhom nuair dubhradar nach raibh fear ná céile ag Gracie faoi láthair. Cuireadh b'eadh an fhéachaint
sin. Dubhshlán b'eadh í; an mbéadh sé de mhisneach agam … Chuireas an sgéal trí n-a chéile. Ar an gcéad chur-síos thaithnigh an bhean liom — acht an dtaith- neóchainnse léithi? Bhíomar an-chosamhail le chéile ar bhealaigh; bhí an fonn céadna coisidheachta agus siubhlóide orrainn, an fonn céadna orainn beirt bheith faoi spéirthe neimhe de ló agus d'oidhche, an ghráin chéadna againn do na cathrachaibh móra mar a bhplúchtar daoine, roinnt de'n fhiadhántas céadna ag baint leis an mbeirt againn; nach sílfeá ó'n méad sin go mbéadh sé réidh go leór againn cuid dár saoghal chaitheamh i bhfochair agus i gcuideachtain a chéile? Agus gan bréag ar bith dhéanamh bhí an bhean go h-áluinn: chuirfeadh sí aoibhneas croidhe ar dhathadóir; ceann deagh-chumtha, muineál bhí beagán beag ró fhada agus ró chaol, b'fhéidir, folt bhí chomh dubh le háirne amach sa bhfóghmhar, acht cé d'fhéadfadh cursíos ar a súile? Bhí aistidheacht agus fiadhántas a h-anma dhá nochtadh ionnta de ghnáth. Chonnaic mé féin boige ionnta uair agus ní fhaca mé an bhoige chéadna i n-aon tsúil ó shoin … Chonnaic mé drithle na buile ionnta uair eile — agus cuireadh uamhan orm. Shíl Orpen dathadóir a samhail chur i gceann dá chuid pictiúirí acht theip air; níor eirigh leis na súile thabhairt leis. Bhí gleóiteacht agus maordhacht 'na hiomchur; uabhar agus dánacht 'na siubhal — chonnaic mé fhéin leath aonaigh ag féachaint uirri agus í ag gabháil an tsráid …
Thosaigh mé ag cuimhneadh annsin agus mé 'mo luighe ar chnámh mo dhroma sa gcoill chraobhaigh le heirighe gréine, thosaigh mé ag cuimhneadh ar an uile uair dár casadh le chéile sinn ó thús. Cheapas go raibh sí níos muinnteardha agus níos lághaighe liom i dtosach, sul ar chuireamar aithne ró mhaith ar a chéile. Is minic castaidhe an bheirt againn ar a chéile ar aonach nó ar mhargadh, agus bhíodh dreas comhráidh againn le chéile; castaidhe liom freisin í ar na bóithribh móra ag dul annseo nó annsúd dhúinn, shiubhladh an bheirt againn sgathamh le chéile, an capall bhí aice-se agus an t-asal bhí agamsa ag gluaiseacht go mall roighin romhainn amach. Dá mbéadh a cuid tae caithte aici agus gráinne uaithi gheibheadh sí uaimse é. Dá mbéadh an siúcra i n-easnamh ormsa, ní bhéadh orm acht é iarraidh uirri. Bhíodh áthas orainn beirt nuair castaidhe ar a chéile sinn; bhíomar díreach ar nós beirt fhear bhéadh lághach muinnteardha le chéile … Acht tháinic athrughadh uirri leis an aimsir. De réir a chéile tháinic an t-athrughadh seo. Is ar éigin d'fhéadfá a rádh go raibh a leithéid d'athrughadh ann ar chor ar bith. Acht bhí; agus ní fada gur mhothuigheas féin é agus bhí brón mór orm faoi. Tuigfear níos fearr ó'n méid atá 'mo dhiaidh cé'n sórt athruighthe atá i gceist agam. Nuair d'fheiceadh sí ag teacht an bóthar mé ní leigeadh sí a sean-sgairt croidheamhail fáilteamhail orm; ní leigeadh sí uirri go mbínn buailte léithi beagnach go raibh mo leithéid ann ar chor ar bith.
Corr-uair le deireannaighe ní iarradh sí tae ná aon rud eile orm bíodh is go mbíodh sí 'na easbaidh go géar go minic. Agus dá bhfeiceadh sí m'asal beag féin, agus mo phuball, istigh i bpáirc nó istigh i ndoire coille, is beag baoghal go gcuirfeadh sise a capall féin isteach san áit chéadna, mar ba ghnáthach léithi roimhe seo. Bhí iongnadh orm faoi'n athrughadh seo tháinic uirri. Níor thuigeas cé'n fáth bhí leis. Níor thugas aon mhasladh dhí ariamh. Easonóir dá laghad ní bhfuair an bhean uaim cuma cé'n áit 'na mbíodh an bheirt againn; céard bhí uirri? Ní bhéadh a fhios agam sin marach dhá rud thugas faoi deara sgathamh geárr ó shoin. Gach uile uair dá dtáinic mé uirri i ngan fhios le goirid thagadh luisne 'na gruadh: thagadh náire agus cuthalacht aisteach uirri go minic agus í im' aice: agus cúpla uair, nuair nach raibh aon cheapadh aici go bhfacas í, thugas faoi deara go raibh sí ag cur na súl thríom agus boige na boige ionnta … Bhí fhios agam go raibh an sean-cheangal bhí eadrainn sgaoilte: bhí fhios agam nach bhféad- fainn féin agus an bhean seo imtheacht linn le cois a chéile i mbéal an uaignis arís choidhche: bhí fhios agam nach mbéadh sé 'nár gcumas bheith mar bhéadh beirt fhear nó beirt bhan feasta: fear agus bean bhí ionainn dár mbuidheachas — seadh, fear agus bean agus duine aca … Bhí an-truagh agam do'n mhnaoi áluinn. Thuig mé cé'n fáth go mbíodh sí ag iarraidh éalughadh uaim le tamall. Nochtuigheadh dhom an rún bhí 'na croidhe.
A dhul ar a tóir? Bhíos cinnte go mbéadh sí sásta liom mar fhear — go dtí go ndéanfainn rud as bealach mar rinne an triúr bhí ag cainnt liom aréir: annsin is cinnte go gcuirfeadh sí an ruaig orm díreach mar chuir sí orra-san é. Cá bhfios nach mbéinn féin tuirseach di roimhe sin? Nó ise tuirseach díomsa? Nó an bheirt againn tuirseach dá chéile? Acht an saoghal bhí caithte aici? An sraith leannán bhí aici le deich mbliadhna anuas? Mar dubhairt an ceannuidhe capall aréir agus sinn ag cur síos orra ar imeall na coille — cá bhfuil an fear (ar seisean) d'fhéadfadh a rádh le fírinne go ndeárna sí suirighe féin leis fhad is bhí rud ar bith i gcosamhlacht fir aici féin? Cé aige bhfuil sé de mhisneach an chéad chloch chaitheamh le n-a leithéid de mhnaoi? D'eirigh mé agus rún 'mo chroidhe … M'FHEISTEAS. D'eirigh mé agus rún 'mo chroidhe dhul ar lorg na mná. Sgaoil mé dhíom anuas an brat trom bróin bhí dhom chrádh le sgathamh maith aimsire. D'eirigh mé óg croidheamhail, meidhreach. Chuir mé amhrán grádha díom, agus mé istigh annsin i lár na coille craobhaighe le heirghe na gréine … Bhí togha na haithne agam ar Ghracie. Bhí fhios agam go rí-mhaith go mbéadh sé fánach ag fear dhul ar a tóir gan é dhéanamh ar an dóigh bhí leagtha amach ag a muinntir le na céadta bliadhan. Bhí mé sáthach eólasach ar nósaibh a
treibhe fios bheith agam nach ndéanfadh sé cúis ar chor ar bith gan feisteas bhéadh feileamhnach do'n ócáid bheith orm, feisteas de'n tsórt bhí ar a hathair nuair d'iarr sé ar a máthair bóithre an tsaoghail shiubhal leis agus mar bhí ar a sean-athair nuair chuir sé an cheist chéadna ar a sean-mháthair … Acht cá raibh a leithéid de chulaith le fághail? Dheamhan thumanta falach bhí agam 'mo bhosca sa gcárrín asail acht baill éadaigh d'fheilfeadh maith go leór do'n chathair acht nach bhfeilfeadh ar chor ar bith do'n ócáid seo. Tú bheith gléasta mar bhéadh boc óg ó Chathair na gCliath agus tú a' dul ar lorg mná de shean-treibh na mbóithre go raibh nósmhaireacht a muinntire féin fighte léithi — ár ndóigh ní dhéanfadh sé cúis ar aon tsórt cuma. An chulaith bhíodh orm de ghnáth agus mé ag imtheacht liom, mé féin agus m'asal beag dubh — bhéadh sé i bhfad níos feárr, acht ní fheilfeadh an feisteas sin acht an oiread; ní bhéadh aon chuid de shean-nósaibh treibhe na mná ag baint leis an sgéal dá ndéantaidhe an obair ar an dóigh sin. Agus an urraim bhí aici do na nósaibh sin! Bhí mé i dteannta. Bhí eagla an tsaoghail orm nach mbéadh aon fhághail agam ar fheisteas de'n tsort bhí uaim: agus gan feisteas de'n tsórt seo bheith orm thuigeas 'mo chroidhe istigh go mbéadh sé fánach agam bheith gá lorg mar mhnaoi — cuirfidhe i gcéill di go ró-bheacht cé'n difridheacht mhór bhí idir na cineadhchaibh dár díobh sinn, bíodh is go raibh cuid mhór de ghnásaibh agus de bhealaighibh a cinidh-sa ag baint liomsa.
Chaithfinn an feisteas feileamhnach fhághail ar ais nó ar éigin … Bhí baramhail ag na sean-Ghaedhil nár tháinic aon smaoineadh maith nuadh i gceann duine ariamh acht ar bhruach uisge reatha. Bhuail mé féin fúm ar charraig i lár srutháin bhí ag gluaiseacht go clamhsánach thríd an gcoill. Bhí an ghrian i n-áirde sa spéir faoi seo agus teas mór uaithi. Acht bhí foscadh maith agam annsin sa gcoill. Bhaineas díom na bróga. Thumas na cosa teó sa sruthán le n-a bhfuaradh agus le n-a nglanadh tar éis na hoidhche. Bhí na maidí gréine ag déanamh bealaigh anuas thrí úr-dhuilleabhar na coille 'mo thimcheall; áit a dtuitfidís ar chaonach fliuch na gcloch bhí sa gclaise d'fheictheá na mílte dath ag eirghe as, áit a dtuitfidís ar mhion-thonntaibh an tsrutháin chlamhsánaigh bhíodar ghá n-athrughadh go clochaibh buadha. Agus an cubhar bhíodh ag teacht le fánaidh an tsrotha, ní fhaca tú tuar-cheatha ariamh bhí chomh háluinn daithte leis. Bhí leac ann faoi uisge i bhfogus dom. Caonach bog glas ar an lic sin. An t-uisge glégeal ag cronán agus ag clamhsán thart air. Chaith mé dhíom mo shean-bhalcaisí siubhail agus taisdil. Shín mé mé féin ar an lic, ar an gcaonach breágh bog go raibh mé uile go léir faoi uisge, acht amháin cearcal beag bhí timcheall ar mo bhéal agus ar mo shróin. Dhúnas na súile. Thosuigheas ag cuimhneamh cé'n saoghal aoibhinn bhéadh agam dá mbéadh an bhean sin agam. Rinne mé machtnamh ar a háilneacht, ar a fiadhantas, ar a huabhar, ar a
cuthalacht — ní raibh éan ar chraoibh níos cuthalaighe ná í ar bhealaigh; an aimsir bhéadh againn ag imtheacht linn i mbéal an uaignis linn féin beirt, mise 'mo shuidhe i n-áirde ar a cóisde comhnaidhthe, ise istigh ann ag gléasadh ár gcuid … an gcreidfear mé nár chuimhnigheas chor ar bith an lá beannuighthe Bealtaine sin ar an sreath leannán bhí aici romham? Thog mé mo cheann roinnt. Bhí londubh ar chraoibh os mo chionn. Ní raibh gíog uaidh acht é ag féachaint anuas uaidh ar an ainmhidhe aisteach bán bhí 'na luighe ar an lic chaonaigh faoi'n uisge. Nuair chorruigheas féin, leig sé cúpla “glú-u-u” as, agus d'imthigh leis. Tháinic ceól ar mo bhéal féin — amhrán grádha … bhéinn chomh sásta le haon fhear ar an saoghal seo dá mbéadh an feisteas feileamhnach sin agam go rachainn ar thóir na mná … Chuala mé an torann chugam. D'eirigh mé 'mo shuidhe agus d'fhéach thart orm, is cé d'fheicfinn i bhfoigseacht fiche troigh dhíom acht mo dhuine an ceannuidhe capall le n-a raibh mé ag cainnt an oidche roimhe sin. “Fáilte romhat, a bhráthair,” arsa mise. “Go mairidh tú i bhfad,” ar seisean agus bhuail sé faoi ar bhruach an tsrotháin. D'fhiafruigh mé sgéala dhe. Ar mo lorg tháinic sé. Bhí sé féin agus an caoladóir agus an gaduidhe (triúr leannán bhí ag an mnaoi tráth dá saoghal!) bhí an triúr aca ag cur síos orm nuair d'fhágas slán aca aréir, agus cuireadh chugam é féin 'na theachtaire uatha le rádh liom
go ndéanfaidís a ndícheall an bhean fhághail dom! Marach an aithne bhí agam orra, agus ar nósaibh na treibhe is cinnte go bpléasgfainn — triúr leannán díbrigheadh ag iarraidh leannán nuadh fhághail do'n mhnaoi dá dtug siad searc uair! Ghabh mé buidheachas leis agus d'innis mé dhó céard bhí ag déanamh imnidhe dhom ó mhaidin. “Tá a leithéid d'fheisteas agamsa, a bhráthair,” ar seisean, “agus bhéaraidh mé dhuit ar iasacht é.” Chraitheamar lámh le chéile … AN TRIÚR SIN. Is beag an ceapadh bhí agam tráth dem' shaoghal go gcasfaidhe eachtra chomh greannmhar liom choidhche — mé 'mo luighe annsin lom nocht ar lic chaonaigh i lár srutháin agus ceannuidhe capall de threibh aisteach seachránach ag cur i gcéill agus i dtuigsint dom go ndéanfadh sé a mhíle dícheall an bhean dubh áluinn bhí 'na leannán aige fhéin tráth fhághail domsa! Seadh, agus go gcuideóchadh a cháirde an caoladóir agus an gaduidhe leis — beirt eile dár chuir sí an ruaig orra! Agus maidir le feisteas feileamhnach le dul ghá h-iarraidh, ár ndóigh thabhafadh sé dhom é agus na múrtha fáilte! 'Tuige nach dtiúbhradh — nach raibh cumann bráithreachais déanta agam leis fhéin agus le n-a mhuinntir? Shín sé an píopa chugam agus thosuigheas ghá
chaitheamh. Bhí an ghrian ag sgalladh anuas orm. Chuir mé mo shean-cháibín ar mo cheann. Ní fhaca tú aon fheic ariamh acht an bheirt againn — mise gan falach orm acht an cáibín donn caithte, píopa 'mo bhéal agus mé dhom ghrianadh féin ar an lic; eisean caithte ar an mbruach, sop 'na bhéal aige, a aghaidh soineannta lághach 'na mílte roc le teann smaointe agus teasa. D'fhan an bheirt againn tamall deas 'nár dtost. Shíltheá gur ag éisteacht le ceoltaibh éagsamhla na coille bhíomar dá dtagthá orainn. Níorbh eadh, acht an bheirt againn ag smaoineadh ar an mnaoi áluinn aisteach bhí aige-sean tráth, agus bhéadh agamsa amach annseo dá mbéadh an t-ádh orm. Labhair mise. “Tá mé an-bhuidheach díot, a bhráthair,” adeirimse, “faoi go bhfuil tú toilteanach an feisteas thabhairt dom le dul ar lorg na mná —” Chuir sé cosg liom. Nach bráithreacha bhí ionainn? “Acht aontuigheann tú liom,” arsa mise, “nach mbéadh aon fhághail agam uirri dá n-iarrfainn í gan an feisteas ceart bheith orm, gan mé bheith gléasta ar shean-nós a treibhe.” “Fíor dhuit sin, a bhráthair.” Bhíos féin ar an mbaramhail sin acht ní raibh mé cinnte dearbhtha dhe. Chuimhnigh mé ar an luisne thagadh 'na gruadh nuair thagainn uirri i nganfhios; chuimhnigh mé ar an mboige bhíodh 'na súilibh iongantacha; chuimhnigh mé ar chomhar- thaíbh beaga eile; má bhí aon nidh fíor ar an saoghal seo bhí gean aicí dhom …
Fear géar-chúiseach bhí sa gceannuidhe capall. Bhí sé ag féachaint orm faoi na malaibh agus na súile leath-dhúnta aige fhad is bhí na smaointe seo 'mo cheann. Thuig sé céard bhí 'm' intinn. “Cuma cé'n grádh atá dhuit, a bhráthair,” ar seisean, “ní bhfuighidh tú go deó í mara n-iarrfaidh tú i gceart í — ar an sean-nós mar is dual dár muinntir. Ar an gcéad chur-síos ní mór duit bheith gléasta mar ba chóir” — agus d'innis sé dhom an uile bhall éadaigh bhí riachtanach. “Ar an dara cur-síos,” ar seisean — acht níl de chead agam innseacht céard atá ar fhear rachas ar lorg mná de'n treibh ársa seo dhéanamh. Ní nochtuighthear na rúin sin acht do dhuine ghnídheas bráithreachas leó, do dhuine díobh féin de réir fola nó togha … Mhúin sé cuid mhór de'n ealadhain seo dhom agus an bheirt againn le cois an tsrotháin istigh i lár na coille craobhaighe. Bíonn an urraim chéadna ag an treibh ársa seachránach seo do'n ‘iarraidh’ nó ‘iarraidh na mná’ is bhíos ag Críostuidhthe do'n phósadh. Go deimhin is ionann é agus pósadh, acht nach mbíonn na riaghlacha céadna ná na coingheallacha céadna ag baint leis is bhíos le pósadh na hEaglaise. Is iomdha rud bhíos le cuimhneamh ag an bhfear bocht, go mór-mhór ag na bhfear bocht nár rugadh agus tógadh é imeasg na ndaoine seo. Ba dheacair an ceannuidhe capall a shásughadh. B'éigin dom ‘an iarraidh’ dhéanamh fá thrí, agus annsin ní raibh sé acht leath-shásta le n-a dhalta. “Anois, a bhráthair,” ar seisean, “leigfidh
mise orm gur mise an bhean agus go bhfuil tusa teacht dom' iarraidh.” Rinne sé amhlaidh. Agus deirimse leatsa go raibh dráma aisteach againn annsin le cois an tsrotháin! Eisean 'na bhean áluinn mhaordha — Gracie 'deile? Mise ghá h-iarraidh de réir sean-nósa na treibhe … Dráma aisteach iongantach gan aon aimhreas! Acht má chuimhnightear go raibh seisean 'na leannán aici tráth, nach aistighe míle uair é? “Gluais liom anois, a bhráthair,” ars' an ceannuidhe capall, “agus bhéaraidh mé an feisteas duit.” D'imthigh linn le cois a chéile thríd an gcoill … Sheas mé féin. Tháinic smaoineadh eile 'mo cheann. “Féach, a bhráthair,” arsa mise agus imnidhe orm, “ní deas an rud é,” adeirimse, “má aithnigheann sí an feisteas bhéaras tusa dhom, agus ní abróchainn nach n-aithneóchaidh — níl sé ró fhada mar sin ó bhí an ceangal eadraibh …” “Acht ní hé m'fheisteas-sa amháin bhéas ort,” ar seisean, “acht cuide dhé, agus cuide de fheisteas an chaoladóra agus cuide de fheisteas an ghaduidhe … gléasfaidh mise thú ar bhealach 's nach n-aithneóchaidh sí cé'n feisteas bhéas ort.” Shásuigh sé sin me, agus ní fada an t-achar gur shroicheamar cóisde áluinn comhnaidhthe an cheannuidhe capall.
Chuireadh a dhá chapall bhreághtha faoi agus d'imthigh linn ag triall ar an mbeirt eile, ar an gcaoladóir, agus ar an ngaduidhe — an bheirt eile leannán bhíodh aici! Annsin thosuigh an obair i gceart. An triúr fear sin dom' ghléasadh agus dom' dheisiughadh le dul ag triall ar mhnaoi chuir ruaig agus díbirt ar gach duine aca! Maithtear dhom … dá gcuirfinn síos ar an gcuid seo de'n sgéal, thiocfadh tinneas cinn orm le teann gáiridhe; acht nuair d'fhéach mé isteach i gceann de na sgátháin bhí i gcóisde comhnaidhthe an cheannuidhe níor chreid mé mo shúile. AN TÓRAIDHEACHT. D'fhágas slán ag an triúr, ag an gceannuidhe capall, agus ag an gcaoladóir agus ag an ngaduidhe, agus ghluais liom ar thóir na mná duibhe. Ní raibh fhios ag aon duine cá raibh sí go cinnte, acht bhí baramhail againn uile go léir go mbéadh sí ar na rásaibh ar an gCurrach ag iarraidh roinnt airgid a mhealladh ó dhaoine go raibh níos mó de'n airgead ná de'n chéill aca. Thugas féin aghaidh ar an áit sin, mé féin is m'asal beag dubh … Ní bhéadh na rásaí ar siubhal go ceann seachtmhaine 'na dhiaidh sin acht bhí súil agam go gcasfaidhe orm í ar an tslighe. Cé'n fháilte bhéadh aici rómham? Nuair d'fheicfeadh sí an
feisteas bhí orm, bhéadh fhios aici ce'n gnó thug an bealach mé; an nglacfadh sí le m'iarraidh? Nó an amhlaidh go dtiúbhradh sí masladh dhom go raibh sé de dhánacht ionnam a leithéid féin de mhnaoi áluinn deagh-chumtha iarraidh? Ní raibh mé féin an-dathamhail an lá ab fheárr bhí mé — thagadh droch-mhisneach orm nuair chuirinn an bhean áluinn mhaordha sin agus spriosán de mo shórt-sa i gcomórtas. Acht an luisne bhíodh 'na gruadh, agus an bhoige bhíodh 'na súilibh — chuireadh na comharthaí sin misneach orm arís; acht ní fada mhaireadh an misneach sin — thosuigh diabhal éigin istigh ionam ag cur i gcéill dom nach mbíodh an luisne ná an bhoige le feiceál acht nuair bhíodh sí ag cuimhneadh ar dhuine éigin de na leannáin bhí aici! Bhí mé cráidhte go leór. Bhí bacaigh agus lucht taisdil na gcúig gcúige ag triall ar na rásaibh shíltheá; is beag duine de mo lucht aitheantais casfaidhe orm sa tslighe nach gcuirinn a tuairisg air — súil agam nach raibh sí i bhfad uaim, súil agam go raibh, agus nach mbéadh orm iarraidh go ceann tamaill eile: aithmhéala eile nach gcastaidhe gach uile lá orm í; mé idir dhá chomhairle dhul ar aghaidh agus filleadh; mé ciaptha cráidhte céasta aici, í féin agus a súile dubha, agus a malaí slíme, agus a hiomchur maordha, a háilne aisteach, a fiadhántas anma, a draoidheacht … Dá nglacfadh sí liom! Thosuigh mé ag machtnamh ar na bliadhantaibh fada bhéadh againn le chéile,
ar na bóithre fada cama bána bhéadh le taisdeal againn, mise 'mo shuidhe i n-áirde ar an gcóisde breágh ornáideach órdha comhnaidhthe bhí aici, ise le mo thaobh 'na bainríoghain ar mo shaoghal agus ar mo chroidhe … agus cárbh fhios dúinn nach mbéadh sé i ndán dúinn sliocht mhór agus sliocht sleachta féin fheiceál sul a gcuirfidhe sa gcréafóig sinn … Ghluais liom. Bhéadh saoghal breágh againn cinnte; cumhracht na talmhan san earrach, ag éisteacht le treibheachaibh an aeir ag gabháil ceóil dúinn le tuitim na hoidhche; laethe fada brothalacha an tsamhraidh sgaoileadh tharainn i lúib coille ar ár suaimhneas agus ar ár socamhlacht; thiocfadh an chuach agus an tradhn agus an fháinnleóg leis an samhradh breágh buidhe a mhaisiú dhúinn; bhéadh an ghaoth bhog andeas againn le n-ár gcolnaibh fhionnfhuaradh: bhéadh an srothán istigh sa gcoill le ceól agus cantaireacht dhéanamh dhúinn ar feadh an lae mhóir fhada: agus thiocfadh an oidhche orrainn, an oidhche aoibhinn áluinn agus chaithfeadh an bheirt againn í le chéile istigh sa gcóisde comhnaidhthe, nó amuigh faoi réaltógaibh neimhe dá mb'fheárr linn é, mise agus ise amháin, linn féinín féin … Acht … acht … acht na leannáin bhí aici roimhe seo! Thugas buille diabhalta do'n asal bocht acht níor eirigh leis an mbuille taisí na sean- leannán bhíodh aici dhíbirt. Bhíodar ag bailiughadh timcheall orm annsin sa mbreac-sholus dom' chrádh dom' bhuidheachas …
Fear dá treibh casadh orm sa tslighe agus chuir mé a tuairisg. “Anois díreach d'fhágas í,” “arsa mo dhuine,” “ní ghabhfaidh sí i bhfad anocht.” “Cé'n bealach a ndeacha sí?” arsa mise agus imnidhe orm; bhíomar ag cros-bhóthar agus bhí eagla orm go gcaillfinn í. “Cuirfidh sí an oidhche anocht isteach i nDoire Glas — tá fhios agad an áit — lúb bheag choille i n-aice na h-aibhne.” Ghabh mé buidheachas leis agus d'imthigh liom. Ní raibh mé thar céad slat uaidh nuair leig sé fead orm. D'fhill mé. “Cogar,” ar seisean. “Seadh.” Shíl mé go raibh sgéal mór éigin aige dhom. Bhí an chosamhlacht sin air go dearbhtha. Acht i ndiaidh a chéile mhéaduigh frighid an ghrinn bhí 'na dhá shúil dubha. “Go n-eirighidh an t-ádh leat,” ar seisean, “agus le gach uile fhear eile go bhfuil misneach aige:” thug sé lasg do na capaill agus d'imthigh leis ag gáiridhe. An diabhal! Thug sé faoi deara an feisteas aisteach bhí ormsa faoi'n gcóta mór agus thuig sé fáth mo thurais … Acht is beag de'n mhisneach bhí agamsa agus mé dul isteach sa lúib choille sin i n-aice le Doire Glas le cuairt thabhairt ar mhnaoi mhaordha na súl ndubh le n-a h-iarraidh mar chéile.
AN CHUAIRT. Beidh cuimhne agam go deó na ndeór ar an gcuairt thugas ar Ghracie. Ba lag í mo mhisneach ag dul ann dom. Ní bhéadh malrach sgoile agus dualgas an tslisne tuillte aige chomh faiteach liom. Acht ní cheapthá orm é dá gcastaidhe ort mé sa tslighe. An t-amhrán is croidheamhla dá raibh agam chroch mé suas é, agus ní túisge bhéadh port críochnuighthe agam ná thosuighinn ar cheann eile. Muna raibh ceól 'mo chroidhe an lá beannuighthe sin bhí ceól aerach ar mo bhéal. Bhí fhios agam go rí-mhaith cá raibh cóisde na mná óige, agus ní fada an t-achar gur bhain mé amach é. Bhí an doras ar osgailt agus deatach ag eirghe aníos as an simné. Bhí an bhean aoibhinn go raibh mé ar a tóir ann rómham; nó cheapas go raibh. Gheit mo chroidhe. Thosuigh sé ag preabadh ar nós innill gaile. Is beag nár chas mé ar mo sháil. Marach an magadh dhéanfaidhe fúm d'fhillfinn ar ais. Sheas mé. Bhíos chomh craitheach sin, bhí an croidhe istigh ionnam ag preabadh chomh millteach sin, gur leag mé lámh air agus mé 'mo sheasamh annsin le taobh an chóisde. Bhíos cinnte m'intinn féin nach ngéillfeadh sí dhom. 'Tuige a' ngéillfeadh? Cé'n tubuisde bhí orm gur thnúth mé le n-a leithéid de mhnaoi áluinn? Cá raibh an fear de threibheachaibh taisdil
na hÉireann nach ndíbreóchadh a chéile dílis féin ó n-a chroidhe agus ó n-a chliabh dá mbéadh aon cheapadh aige go bhfuigheadh sé Gracie na súl ndubh? Agus nach agam bhí an misneach agus a dhul ghá h-iarraidh? 'Mo sheasamh le taobh a cóisde taisdil bhíos, agus mo lámh ar mo chroidhe; ba gheall le cóisde ríoghdha an cóisde céadna le n-a raibh de sgáthánaibh agus d'órnáidíbh órdha air — chonnaic mé uair é agus cheithre chapaill dubha faoi, agus Gracie féin i n-áirde air agus ní raibh bain- ríoghan ní ba mhaordha ná í-nach mé bhí dána, agus ceapadh dá laghad bheith agam go mbéadh bean an chóisde ríoghdha seo sásta le mo leithéid-se de dhuine? D'fhéach mé i gceann de na sgáthánaibh. Is annsin thuit an croidhe orm i gceart … Bhí brísde de'n tsíoda dhearg orm nach ndeacha acht anuas thar na glúnaibh agus cnapaí móra órdha thart air; bróga ísle agus búclaí orra; stocaí éadtroma bána — mo léan nach raibh na colpaí níos toirteamhla! Acht an hata péacach agus an chasóg sróil — is beag nár mharbhuigh siad sin ar fad mé … Is aisteach an rud croidhe duine agus is aistighe ná sin a intinn. Thosuigh éan éigin — smólach creidim — ag cantaireacht 'm'aice, agus ar bhealach éigin dhíbir ceól an éin an sgáth bhí orm. Sé an chaoi go raibh mé ag éisteacht le ceól an smólaigh feadh sgathaimh bhig i nganfhios dhom féin gan ceapadh ar bith agam cé'n obair mhór bhí amach rómham, nó cé'n magadh dhéanfadh bean na súl ndubh fúm, nó cé'n greann
dhéanfaidhe fúm dá bhfillfinn gan í iarraidh, nuair d'éaluigh an t-éan agus a chuid ceóil uaim. Chuir mé mo bheannacht leis nuair thugas faoi deara gur éaluigh an faitchíos agus an sgáth leis agus go raibh mo mhisneach féin agam arís. D'fhéach mé sa sgáthán an ath-uair, agus má d'fhéach ní h-é an fear faiteach eaglach chonnaic mé ann anois. An orm féin nó ar mo mheón tháinic an t-athrughadh? An feisteas bhí orm, agus a chuir gráin orm sgathamh beag roimhe seo nuair d'fhéachas air sa sgáthán, thaithnigh sé liom thar cionn. B'fhacthas dom nár caitheadh brísde ariamh bhí chomh feil- eamhnach leis; an chasóg sróil agus an hata péacach — cé'n cladhaire rachadh ar lorg mná gan a leithéidí? Na bróga ísle búclacha, agus na stocaí fada bána: na cnapaí breágha órdha is na cnapaí beaga péarlacha bhí ar an mbrísde agus ar an léine, thaithnigh siad liom go háluinn. Ní fheilfeadh aon fheisteas eile do'n ócáid, shíleas. Ag dul ar thóir mná barbardha de threibh fhiadháin do-smachtuighthe agus éadaighe an lae indiu ort — preit, a dhuine! Ní h-é an fear céadna d'fhéach isteach sa sgáthán an dara huair is d'fhéach isteach ann i dtosach. Ba ró-fhada ó chéile an bheirt. Ba ró- bheag an chosamhlacht bhí idir fhear an mhisnigh bhí 'na sheasamh ós comhair an sgátháin faoi seo agus an fear cuthalach náireach bhí ann sgathamh beag roimhe sin. Bhí misneach agam. Bhíos dána borb. Chuir mé gotha agus goic orm féin; agus nuair
chonnaic mé mo chosamhlacht sa sgáthán thaithnigh sé go rí-mhór liom. Bhíos deimhneach gur mise an fear bhéadh ag Gracie dá mbéadh aon fhear eile aici … Chuala mé an ceól chugam i leith thríd an gcoill. D'fhéach mé 'na threó. Gracie féin! D'umhluigheas di ar an sean-nós maordha. D'umhluigh sí dhom de réir nósa a muinntire, gur thionnlaic mé isteach sa gcóisde breágh órdha í … A Chríoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services