Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Béal an Uaignis

Title
Béal an Uaignis
Author(s)
Ó Conaire, Pádraic,
Pen Name
Caoilte na gCos / Cois Leasa
Composition Date
1921
Publisher
Clólucht an Tálbóidigh

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AMUIGH FAOI'N BHFÁSACH.



AN ATH-CHUAIRT.



Cúpla oidhche ó shoin thugas cuairt ar an sean-
choiléar roimh luighe na gréine, ionnós go
bhfeicfinn cé'n bhail bhí ar mo shean-cháirde ann
thar éis an gheimhridh.



Chaith mé tamall maith de'n tsamhradh ann
anuraidh, agus is beag dóchra ná ceachra dá
raibh ann nár chuir mé aithne air; agus tá cuimse
ainmhidhe agus éanlaith agus feithidí éagsamhla
ann, mar níor baineadh cloch san sean-choiléar
céadna le linn na bhfear, agus sgeicheacha agus
croinnte óga de'n uile chineál ag fás ann. Tá
an áit sáthach iargcúlta freisin: coill bheag ar
an taobh thuaidh agus ar an taobh thoir dhe;
ailltreacha as ar baineadh an chloch aoil ar an
dá thaobh eile; dá mba i lár na hAifrice
bhéathá, ní fhéadfá áit níos socaire agus níos
uaignighe ná é fhághail. Go deimhin, chaith mé
seachtmhain mhór fhada ann anuraidh, gan é
fhágáil de ló ná d'oidhche, agus i gcaitheamh na
seachtmhaine sin níor leagas súil ar ghnúis fir;
acht mara raibh comhluadar fear nó ban agam
ann, d'éirigh mé an-cháirdeamhail leis na
h-ainmhidhthibh agus leis na h-éanlaith a bhfuil
comhnaidhe orra san gcoiléar, leis an gcoinín


L. 8


sgáthmhar, leis an easóig bheódha nimhneach, leis
an iora gleóite bhíos ag léimnigh ó chraoibh go
craoibh, leis an luch mór donn glic, leis an smólach
donn ceólmhar, leis an londubh buidhe-ghobach
binn — an iongnadh libh gur ann chuaidh mé nuair
d'éirigh mé tuirseach de'n chathair agus laethe
geala an tsamhraidh ar fághail?



Isteach liom thríd an gcoill bhig atá ar an
taobh thuaidh de'n choiléar, agus mo mhála
codalta ar mo dhruim. Bhí lón trí lá agam sa
mála, agus gléas agam chun é ullmhughadh, mar
bhí fúm an t-achar sin chaitheamh ann imeasg mo
shean-cháirde le aithne chur orra as an nua.



Ní raibh aon athrughadh ar an áit thar mar bhí
nuair d'fhágas é cúpla ráithe ó shoin. Níor
shíleas gur fhág duine cos ann ó shoin. Na
leacracha, áit a ngléasainn an biadh dhom féin,
bhí rian mo theineadh orra fós i n-aimhdheóin
doininne an gheimhridh. Bhí an ceól céadna ag
an éan ar an gcrann ós mo chionn. Bhí an
t-iora go léimneach ar chraoibh. Chonnaic mé
sgata beag coiníní ag déanamh ar a gcuid
pluais nuair d'airigheadar torann mo bhróg ar
an sean-duilleabhar feósaidhe, acht bhí fhios agam
nach bhfanfaidís ró fhada istigh nuair bhéadh fhios
aca cé bhí ann!



Chaith mé dhíom an mála codalta. Shín mé mé
féin ar an talamh. Tharraing mé anál fada agus
m'aghaidh tugtha ar an spéir ghorm. Thosuigh éan
éigin ag canadh ceóil i dtom i n-aice liom —
a leithéid de sheódaibh binne níor chualas ó sgar
an samhradh breágh buidhe linn anuraidh. Dhún
mé na súile. D'fhan mé gan cor chur dhíom ag


L. 9


éisteacht leis an gceól aoibhinn sin agus ag
iarraidh dhéanamh amach cé'n fáth gur bhronn Dia
a leithéid de bhinneas ar chlannaibh na n-eite agus
na ngob agus gur fhág Sé an chlann daonna
mar tá.



Chuaidh an ceól i laige. D'imthigh an t-éan leis
go tom eile bhí sgathamh maith uaim, ionnós nár
chuala mé acht mar bhéadh mac-alla a cheóil.
D'osgail mé súil. D'osgail mé an tsúil eile.
Chorruigh mé mo lámh. Léim beithidheach beag
éigin sa bhféar fada le m'ais. D'iompuigh mé
mo cheann agus céard bhéadh le feiceál agam
acht sean-choinín 'na shuidhe ar a ghogaide i
bhfoigseacht seacht dtroigh dhíom, agus é ag
féachaint orm le hiongnadh mór.



D'éirigheas 'mo sheasamh. Ghlan na coiníní
uile go léir leó, bíodh is nach mbacfainnse leó
— nach raibh mo sháith de'n bhiadh agam sa mála
agus nach leór do dhuine a sháith? Acht thugadar
uile go léir a n-earbaill bhána liom.



Ní raibh an ghrian acht tuairim 's a trí leitheid
féin ós cionn na talmhan faoi seo, agus gaethe
órdha uaithi ar gach taobh. Bhí an áit an-tsocair
an-uaigneach gan torann dá laghad le clos acht
ceól beag codaltach na n-éan. Tháinic cineál
cumha orm féin. D'éaluigh osna uaim dhom'
bhuidheachas.



Anonn liom go dtí na leacracha, áit a mbíodh
an teine agam an tseachtmhain deiridh chaitheas sa
tsean-choiléar, agus thosuigh mé ag déanamh
teineadh ionnós nach bhfuigheadh an cumha aisteach
seo greim ar mo chroidhe. Bhailigh mé mo
dhóthain de'n bhrosna agus de'n chaonach tirim


L. 10


donn so-fhaduighthe bhí thart ann, agus ní achar
fada go raibh teine dheas agam agus canna
uisge ag fiuchaidh ós a cionn leis an tae dhéanamh.
Rinne mé mo ghoradh, mar bhí fionnfhuaracht san
aer, agus d'imthigh an cumha bhí ag iarraidh
buadhchaint orm — is beag duine thuigeas cé'n
comhluadar atá i dteinidh mhaith, mór-mhór an
teine ghnídheas duine é féin faoi'n spéir le
tuitim na hoidche. Chuir an teine agus an saoghal
suaimhneach socair bhí thart ann aoibhneas orm.
Thosuigh an ceól ag éirghe 'mo chroidhe, an ceól
céadna a bhí i gcroidhe an smólaigh bhí sa dtom
i n-aice liom acht gur bhronn Dia bealach a
nochtuighthe dhó-san agus gur shéan Sé ormsa é.



Annsin chuimhnigh mé gur bhuail an cumha
céadna sin mé oidhche eile agus mé sa tsean-
choiléar. An ceól, nó an fhilidheacht, d'éirigh 'mo
chroidhe an oidhche sin, bhíos i n-ann é nochtadh;
nár bhreacas páipéar leis? Acht cá raibh an
páipéar sin anois?



Chuimhnigheas annsin gur chuireas an páipéar
ar ar sgríobhas na rannta sin i bhfolach i sgailp.
Anonn liom. Bhaineas cloch as an sgailp. Bhí
an páipéar slán tirim ann. Chroch mé liom é
agus thosuigheas ghá léigheamh agus mé ag ithe mo
bhéile.



Thuit an oidhche. Chuaidh mé isteach 'mo mhála
chodalta. Thuit néal orm. Thuit néal eile, agus
níor dhúisigh mé arís go raibh grian na maidne
ag óradh na gcrann i gceann an choiléir.


L. 11


MÉ FÉIN AGUS AN COINÍN.



Nuair dhúisigh mé an ath-uair sa sean-choiléar an
mhaidin bhreágh ghréine sin, bhí an dreóilín
imthighthe acht bhí coinín 'na shuidhe ar a ghogaide
ar m' aghaidh amach agus é ag dearcadh idir an
dá shúil orm. Chomh luath is d' osgail mé mo
shúile féin, tháinic fonn reatha ar an mbeithidheach
beag sgáthmhar — cuid dá dhúthchais teicheadh ár
ndóigh, acht ó bhí sé 'na pheata agam beagnach,
níor ghéill sé dá dhúthchas acht dhruid sé suas i
n-aice liom agus a shúile bolgacha sáithte
ionnam. Is cinnte gur breágh an misneach atá
aige ar bhealach, agus a theacht i ngiorracht dom
ar chor ar bith, agus an preabadh croidhe bhíos air
gach uile uair thagann sé. Acht cá bhfuil an coinín
nach bhféadfaidhe mhealladh le biolar úr cumhra?



Leis an mbiolar mheallas chugam i dtosach é,
nó ba chirte dhom a rádh go dtáinic sé chugam
uaidh féin le cuid den bhiolar bhí caithte le mo
thaobh a ghoid, agus mise 'mo chodladh istigh i mo
mhála. Mhothuigheas an beithidheach ag ritheacht
anonn 's anall ar an mála agus gan ceapadh
dá laghad aige go raibh sé i gcontabhairt a bháis
uaimse.



Dhúisigh sé mé acht níor chorruigh mé. Anál
féin níor tharraing mé acht mé ag féachaint air
trí mo shúilibh leath-osgailte, agus é 'na sheasamh
le mo ghualainn agus é ag cogaint an bhiolair
ar a shuaimhneas.



Dhruid sé liom le píosa beag eile fhághail. Bhí
sé ag obair chomh dícheallach sin nár mhothuigh sé


L. 12


mé gur sháith mé mo lámh amach agus gur rugas air.



An sgread uamhain leig sé! Sháith mé isteach
'mo phóca é beó beathuigheach. Bhí píosa maith
feóla ceannuighthe agam an lá céadna, agus ó
bhí mo sháith de'n bhiadh agam, cheapas cead coise
thabhairt do'n bheithidheach beag gleóite bhí i sáinn
agam. Acht níor sgaoil mé uaim é gan comhartha
chur air. Stróic mé píosa de shean-léine dheirg
bhí agam agus cheangail mé an chirteach dhearg
sin thart ar chois deiridh an choinín le go
n-aithneóchainn arís é!



I ndiaidh an lae sin, d'éirigh sé dána liom i
leabaidh a chéile. Ní bhíonn sgáth ná tada dá
shórt air rómham anois, acht an oiread is dá
mba coinín eile mé féin!



Acht is gaduidhe críochnuighthe é agus níl aon
spóirt is feárr leis ná mo chuid a sgiobadh
uaim. Má bhíonn cabáisde nó biolar nó aon
chineál eile ghlasra agam, bíonn orm iad chur i
bhfolach ar an ngaduidhe beag seo.



Tháinic sé chugam indé sul ar eirigh mé, é féin
agus sgata beag de na cinn óga — a ál féin
sílim. Bhí an lá glas go maith, acht thall thar an
gcuan bhí an ghrian ag sgaipeadh na néalta agus
ag óradh bárr na gcnoc. Bhí ceól amhstránach
ag na tonnaibh ar an tráigh shíos fúm, agus rón
mór ag déanamh spóirt dhó féin amuigh ar an
doimhin. Bhí ceólta géag agus billeóg san
doire bheag le m'ais — ceól borb bagarthach
shíleas. An mbéadh orm eirghe agus cuairt
thabhairt ar an mbaile mór? Nó an bhféadfainn
an chuairt chur ar cáirde go bhfeicfinn an radharc
is áilne agus go gcloisfinn an ceól is binne


L. 13


fá'n mbith bhán, go bhfeicfinn an stoirm ag eirghe
agus an ghaoth mhór ag lasgadh na dtonn dtréan?



Bhí mé, 'mo lán-dhúiseacht acht go raibh mo dhá
shúil dúnta agam ag ceapadh céard ab fheárr
dhom dhéanamh nuair mhothuigheas an t-ainmhidhe
beag le m'ais. Ní raibh aon fhaitchios orm go
sgannróchainn é agus an aithne bhí againn ar a
chéile, agus do thionntuigh mé ar mo láimh chlé go
bhfeicfinn céard bhí ar siubhal aige.



Bhí sé féin agus cúig cinn nó sé cinn de na
coiníníbh beaga óga thart ar an mbiolar bhí
bailighthe agam, agus fleadh agus féasta aca le
moch na maidne. Nuair chonnaic na cinn óga
mé féin ag dearcadh orra d'eirigheadar
sgáthmhar, acht ní raibh ionnta aon rith dhéanamh
uaim, ná aon truslóg thabhairt. Ba chosamhail le
sgata páisdí gan múineadh go mbéarfaidhe orra
ag goid milseáin iad. Táim lán-chinnte gur
thuigeadar go maith go raibh an urchóid dá
dhéanamh aca. Dá mbéadh cainnt daonna aca
thosóchaidís ag gol agus ag caoi ar nós páisdí
a mbéadh an leadradh maith tuillte aca. Dob'
aisteach an feic iad, píosa beag de na glasraibh
idir na crúbaibh ag gach aon phataire coinín agus
sgáth orra é chur 'na mbéal agus mise ag
dearcadh orra. Ní shíltheá 1 gur coiníní bhí ionnta
ar chor ar bith acht bréagáin leinbh.



An fhaid is d'fhéadfainn bheith ghá infhiúchadh gan
súil a sméideadh, bhí fhios agam nach gcorróch-
aidís; acht is rí-dheacair é sin dhéanamh ar feadh
aon achair fhada, agus ní túisge sméideadh súil


L. 14


ná ghlanadar leo agus gach aon rith agus gach
aon truslóg aca. Nach iad theasbáin na h-
earbaill bhána dhom!



Acht níor chorruigh an sean-choinín ar chor ar
bith. Sheas sé fód go calma, mar bhí fhios ag an
ngaduidhe bheag nach ndéanfainn aon dochar dhó
pé ar bith céard dhéanfadh sé. Nó b'fhéidir gur
sheas sé talamh go ngabhfadh sé leith-sgéal a
mhuinntire liom faoi 'n ngaduidheacht. Chuirfeadh
sé gáire ar ghráinneóig agus é 'na shuidhe annsin
ar a ghogaide agus píosa de bhiolar idir na
crúbaibh tosaigh aige díreach is dá mbéadh sé
teacht le n-a bhronnadh orm féin i gcomhair mo
bhricfasta! Seadh agus an chirteach dhearg
timcheall ar a chearthramhain dheiridh!



Ní raibh sé thar slat go leith uaim, agus é faoi
dhraoidheacht mar shíltheá. Tá port beag agam
agus nuair ghabhaim an ceól bog sin is gnáthach
leis druideadh liom. Is fada anois ó mhúin mé
an cleas sin dó. Thosuigh mé ar an gceól seo
go bog réidh. Chorruigh an coinín. Chraith sé a
dhá chluais. Thug sé léim go raibh sé i bhfoisgeacht
dhá throigh dhíom. Rugas ar mhuineál air agus
sháith mé isteach sa mála é …



AN LORGADÁN AGUS NA LUCHA.



Má bhíonn tú ag teacht ar chuairt agam annseo
sa sean-choiléar, áit i bhfuil comhnaidhe orm le mí,
ná dearmad beart beag den nimh is láidre
atá le fághail i mBaile Átha Cliath thabhairt
leat, a chara na gcarad, mar tá mé thar éis


L. 15


cogadh agus ár millteach fhógairt ar threibh an
ghuib fhada bhioraigh agus na súl mbeag mbídeach
ndubh. Thugas mo mhionn agus mo mhóid an lá
cheana ar mo ghlúnaibh le heirghe na gréine, acht
nach ag guidhe bhíos acht ag cuartughadh an aráin
i gcomhair mo bhricfasta, thugas mo mhionn agus
mo mhóid nach bhfágfainn ceann aca sa sean-
choiléar, go ndíbreóchainn as an áit ar fad iad
idir dubh donn agus glas nó go dteichfinn
féin liom as an mball aoibhinn socair sin.



Acht cé'n fáth an cogadh seo agus a
mhuinnteardha is bhí mé féin agus na lucha
céadna? Cé'n fáth dom ár agus milleadh
millteach fhógairt orra anois agus a cháirdeamhla
is bhíomar le tamall? Ní dochar dhuit an cheist
a chur, acht ní féidir liomsa freagra thabhairt
ort gan innseacht duit i dtosach faoi 'n gcaoi
ar éirigh mé féin agus lucht na súl mbeag
mbídeach mbolgach mbiorach mór le chéile.



Tá cinéál pluaise nó sgailpe sa sean-choiléar
agus is istigh sa phluais nó sa sgailp seo bhíos
comhnaidhe ormsa oidhche gaoithe móire nó fear-
thainne. Sa phluais seo chomhnuigheann na lucha
freisin, acht ní raibh fhios agam é sin i dtosach.
An chéad oidhche istigh sa phluais dhom, chualas
an torann mór agus an tormán is mé idir
codladh agus dúiseacht. Dhúisigheas de gheit.
Céard bhí ann ar chor ar bhith? Bhí fhios agam an
lorgadán féin bheith sa mball — an amhlaidh go
raibh an fear sidhe sin ag teacht ar cuairt chugam?
Cé'n fháilte chuirfinn roimhe?



Seadh, an torann arís! Ní raibh fhios agam ó
neamh anuas céard bhí ghá dhéanamh. Má's é an


L. 16


lorgadán atá ann, ní 'na aonar atá sé acht an
domhan bráthach de lucht na sidhe 'na fhochair —
sin é cheapas agus mé ag éisteacht go h-aireach
leis an torann aisteach faiteach bhí dá dhéanamh
sna sgeachaibh agus sa mbrosna le m'ais. Seadh, an
sluagh sidhe bhí chugam — céard eile d'fhéadfadh
an torann iongantach sgáthmhar sin dhéanamh?



Bhí mé lán-chinnte go raibh an t-aos sidhe
druidthe liom. D'eirigheas ar mo leath-uilinn
go bhfeicfinn ag teacht iad acht ní raibh aon cheó
le feiceál agam sa dorchadas mór acht roinnt
bheag de ghorm na spéire i n-aimhréidh i lom-
ghéagaibh fastódhach na sgeach, agus réaltóg
bheag leath-mhúchta thall 's i bhfus ag iarraidh
soluis a dhortadh anuas ar an domhan chiúin
shocair seo.



Ó am go h-am, d'imthigheadh an torann, agus
bhínn achar maith deas ag fanacht go dtiocfadh sé
arís. Uaireannta bhíodh fonn orm dhul a chodladh
dhom féin agus gan bacadh leis mar thorann,
acht ní túisge bhíodh an rún sin agam ná thosuigh-
eadh sé arís. Bhíodh sé ós mo chionn agus shíos
fúm agus thart orm. Ní túisge chluininn ar
mo chiotóig é ná thosuigheadh sé ar mo dheasóig;
agus nuair d'iompuighinn ar mo dheasóig le n-a
chlos níos feárr d'éaluigheadh sé ar fad uaim.
Bhí mé ciaptha cráidhte céasta ag an torann
céadna.



Leigeadh fead, agus thabharfainn na seacht
mionn nach fead shaoghalta leigeadh — an lorga-
dán agus a mhuinntir bhí ann 'deile?



Céard déarfainn leó nuair chuirfeadh lucht na
sidhe iad féin i n-aithne dhom? Bhí tuairisg an


L. 17


lorgadáin agam ó bhí mé 'mo phataire beag óg
cosnocht, mar is minic agus is ró-mhinic chuala
mé mo shean-bhuime ag cur síos air féin agus
ar a thréithribh. An mbéadh aon dochar ann cainnt
chur air mar gheall ar na sgéaltaibh chualas
faoi? An lorgadán! An fear sidhe aisteach
sin a bhí 'na aingeal ar neamh ós cómhair na
Cathaoireach Gile tráth! An lorgadán! An
fear sidhe sin chuidigh le Luicifer agus le n-a
shlóightibh an tráth ar eirigheadar amach i n-aghaidh
an Dé Mhóir chruthuigh iad, san gcéad eirghe-
amach dá raibh ann ariamh! An lorgadán!
An fear sidhe bheadh anois 'na dhiabhal i n-íochtar
ifrinn marach aon deagh-ghníomh uasal amháin
rinne sé gur mhaith Dia dhó a choir!



An torann arís! Bhíos cinnte go rabhadar
chugam, go raibh an lorgadán agus a shluagh ar
tí iad féin theasbáint dom! Céard ba chóir dhom
a rádh leó? Cé'n chainnt chuirfinn ar an
lorgadán féin? An gceapfadh sé gur duine
gan múineadh gan oileamhaint mé dá bhfiafróch-
ainn de cé'n deagh-ghníomh uasal rinne sé gur
mhaith Dia a choir dó? An maithfidhe dhó 'na
h-iomláine i ndeireadh aimsire? An leigfidhe
isteach sna flaithis é arís nuair bhéadh a sheal
ar an saoghal seo tugtha?



Bhí sgáth agus imnidhe orm féin agus mé liom
féin sa doircheacht go raibh sé le cuairt thabhairt
orm.



Chualas mar bhéadh na mílte naoidhneán
cosnocht ag damhsa ar shíoda. Bhí an sluagh sidhe
chugam — acht céard bhí agam le n-' aghaidh?



Nach minic chonnaic mé im agus uachtar dá


L. 18


bhfágáil ag doras tighe i gcomhair na sidhe: céard
d'fhéadfainn-se thabhairt dóibh?



Tráthamhail go leór bhí mé thar éis lón a
cheannacht dom féin an lá céadna, acht an
mbéadh a sáith ann? An dtaithneóchadh an biadh
bhí agamsa i sgailp le n-a leithéid siúd de lucht
cuarta?



Bhí bagún agam, punt go leith de thogha
bhágúin Luimhnighe agus cheapas nach gearánta
ar an mbiadh sin do na sidheóga féin; bhí arán
agam — cúpla builín de'n arán is gile dá
ndéantar i nÉirinn indiu; bhí mil agam
d'fheilfeadh do ríoghain ó'n Oirthear; bhí bainne
agam, bainne stánuighthe droch-rath air, agus
nach bhfuil fhios ag an saoghal nach mblaisfeadh
aon tsidheóg a mbéadh meas aici uirrí féin de'n
drabhuigheal sin? Seadh, agus bhí buidéilín beag
bídeach de'n uisge beatha agam — nach agam bhéadh
an spóirt dá bhféadfainn an sluagh sidhe chur
ar meisge?



Acht céard bhí orra nach rabhadar ag teacht
chugam? Bhí siad an-ghar dhom agus torann an
mhí-ádha aca — céard rinneas orra nár theasbáin
siad iad féin dhom? Annsin chuimhnigheas air
sgéal eile chualas faoi 'n lorgadán — go raibh sé
faoi gheasa gan é féin theasbáint 'na chló agus
'na chrot féin do dhuine ar bith a raibh peaca
mór ar a anam, do dhuine ar bith nach raibh croidhe
glan geal aige. An amhlaidh go raibh peaca
mór marbhuightheach ar mh' anam-sa? An amhlaidh
go raibh droch-rud 'mo chroidhe? Thosuigheas ag
déanamh sgrúdú ar mo choinsias agus mé 'mo


L. 19


luighe sa sgailp faoi uair mhairbh na h-oidhche
agus sluaighte na sidhe 'mo thimcheall …



Chonnaic mé ainmhidhe i n-aice liom; ainmhidhe
mór dubh gránda bhí ann, shíleas, agus é ag
féachaint isteach idir an dá shúil orm. An
lorgadán 'deile? An lorgadán agus crot
an diabhail air … ghabh uathbhás mé, gabh uamhan
mé, gur thuit taom orm, gur chaill mé mo
mheabhair agus mo chéadfadha …



CÁIRDE LIOM.



D'fhiafruigh tú dhíom, a ghile na gile, nach mbíonn
uaigneas orm agus mé liom féin san sean-
choiléar agus admhuighim go mbíonn ar uairibh;
acht bheirim cuireadh dhuit theacht ar cuairt chugam
ó am go h-am. Tá eólas na slighe agad ann
cheana, a chara mo chroidhe, agus beidh mé ag súil
leat gach uile lá feasta. Ná clis orm thar a
bhfaca tú ariamh …



Go deimhin féin bíonn sé an-tsocair annseo
sa sean-choiléar agus mé liom féin ag éisteacht
le fuaimeannaibh éagsamhla na h-oidhche idir
codladh agus dúiseacht dhom agus an ghealach
ag eirghe i n-áirde sa spéir; agus is minic an
tráth sin d'oidhche go dtigeann cumha aisteach ar
mo chroidhe agus bíonn fonn orm eirghe agus
imtheacht liom rómham go deireadh an domhain.



Acht níl mé gan cáirde annso sa sean-choiléar;
dá mbéinn is cinnte nach bhféadfainn an áit
sheasamh aon achar. Níl mé gan cáirde ann, a
ghile na gile, acht nach cáirde daonna iad. Tá


L. 20


cuid de na cáirde sin ag eirghe an-mhór ar fad
liom. Ní chreidtheá acht chomh ceanamhail is tá
siad orm. Tá cuid aca agus sgiobann siad an
greim as mo láimh. Tá cuid eile aca agus ní
mór dhom bheith ar m'aire orra: dá sgaoilfinn
leó siúd is beag biadh fágfaidhe agam agus
b'fhéidir go bhfuighinn bás annseo amuigh i mbéal
an uaignis leis an ocras agus leis an ngorta.
Acht ba mhaith liom agam iad uile go léir idir
gaduidhthe agus eile.



Ní cuimhneach liom anois ar innis mé cheana
dhuit faoi'n luch atá 'na chomhnaidhe thart annseo
i n-aice liom. Luch mór Gaedhlach atá ann, ball
de'n tsean-bhunadh bhí sa tír seo sul ar tháinic an
luch coimhithgheach, nó an ‘franncach’ mar tugtar
air sa Mumhain, anall thar sáile chugainn. Ní
beithidheach uasal é ar aon tsórt cuma gidh gur
ársa a threibh sa tír. Bhí a bhunadh buanuighthe
annseo sul ar fhág Clanna Milidh cos ar thráigh
na hÉireann. Acht tháinic an coimhithgheach, tháinic
an luch Franncach agus cuireadh cogadh ar an
sean-bhunadh. Buaileadh agus briseadh iad, agus
anois tá siad gann go leór 'na dtír dhúthcais.



Acht mo luch-sa, an ceann atá 'na chomhnaidhe
annseo liom sa sean-choiléar, tá sé chomh clisde
ar an ngaduidheacht le aon ghaduidhe casadh
liom ariamh. Thug sé an chéird leis ó dhúthchas.
Aréir ghoid sé suas le punt bagúin uaim, an
cladhaire! Agus mara bhfoghlumuigheann sé
céard is cáirdeas ann ní fada an saoghal bhéas
aige. A bhodaigh an chóta dhuibh tabhair aire dhuit
féin feasta.



Acht tá cáirde eile agam annseo nár ghoid


L. 21


aon cheó uaim ariamh. Lachain fiadháine cuir i
gcás, dá cheann agus nead aca annsin shíos san
aill cois na fairrge. Bíonn an-chainnt ar fad
aca eatorra féin tráth eirigheann siad mí-
shuaimhneach san oidhche. Níl eólas ceart agam
ar a gcanamhaint go fóill, agus ar an ádhbhar
sin ní féidir liom innseacht duit céard bhíos
siad a rádh le chéile acht feicthear dhom gur ag
innseacht rúin dá chéile bhíos siad agus an
cineadh daonna 'na suan. Marab eadh ba cheart
go mb'eadh, mar ní fhaca tú beirt leanán ariamh
bhí chomh tugtha dá chéile is táid. Áit a mbíonn
an bárdal is ann bhíos an lacha, áit bhíos an lacha
is ann bhíos an bárdal. Ní fhaca mé ceann aca
ariamh gan an ceann eile fheiceál i n-aice leis.
Ní pósadh go dtí a bpósadh siúd. An chéad
mhaidin dá bhfacas iad agus iad ag snámh go
gleóite ar bhárr na dtonn le gealadh an lae,
is beag nár phléasg mé fútha — nach breágh an
rud lacha i gcomhair do dhinnéir? Acht bhí mé
ró leisgeamhail eirghe agus leig mé leó. Níl
aon aithmhéala orm faoi sin; dá marbhóchaidhe
ceann aca is cinnte mé go bhfuigheadh an ceann
eile bás leis an gcumha agus ní bhéadh ceachtar
aca ann le mo chroidhe thógáil le n-a ngleóiteacht
ar dhúiseacht dom ar maidin. Mo léan gan gach
lánamha phósta i nÉirinn chomh ceanamhail ar a
chéile is tá an dá éan sin!



Acht níl aon bheithidheach annseo atá níos
lághaighe liom ná an sean-choinín bacach. Sean-
chara dham é anois. Anuraidh chuir mé aithne air
i dtosach agus d'eirigh an bheirt againn an-mhór
le chéile gan aon achar. Deireadh an tsamhraidh


L. 22


bhí ann agus bhíodh biolar agam le n'ithe — Ó,
seadh, is beag nár dhearmad mé innseacht duit
go bhfuil lubh-ghort tógtha ag fear saidhbhir i
bhfoisgeacht leath-mhíle de'n tsean-choiléar —
acht bhíodh biolar agam an uair sin agus mheall
mé chugam an coinín bacach. I gceann dhá lá
bhí sé dána go leór liom; ní bhíodh eagla ar bith
air theacht 'm'ucht agus greim ithe as mo láimh.
Ní raibh mé thar lá agus oidhche sa sean-choiléar
i mbliadhna gur tháinic sé chugam arís. Cá
bhfios dom gurab é an ceann céadna é, an eadh?
Nár cheangail mé píosa de mo shean-léine
timcheall ar a chois deiridh ionnós go n-
aithneóchainn arís é? Tá muirighean mhór air i
mbliadhna agus tig sé féin agus an mhuirighean
agus cuid mhór dá mhuinntir agus dá ghaoltaibh
chugam ar cuairt roimh ghealadh an lae ag éileamh
a choda. Níl cneastacht ag baint leis an treibh
seo acht an oiread le treibh na luch. An
cabáisde breág thugas liom aréir cá bhfuil sé
anois? Seachanaidh sibh féin, a cháirde na n-
earball mbeag mbán! Ba chóir go mbéadh fhios
ag coinín féin nach ceart goid dhéanamh ó
ghaduidhe bocht …



A ghile na gile, aithchuinghim ort cuairt
thabhairt orm annseo sa sean-choiléar. Má
thagann tú gan mhoill innseochaidh mé dhuit
faoi'n gcomhrádh bhí agam leis an gcoinín bacach
bradach an oidhche cheana. Seadh, déanfad;
cuirfead an t-ulchabhchán i n-aithne dhuit freisin
má thagann tú chugam roimh an Domhnach.



An t-ulchabhchán sin! Nach é bhain preab asam
an chéad oidhche dár chualas é! Bhí néal beag


L. 23


tar éis theacht orm nuair dúisigheadh de gheit mé.
Chuala mé an sgread uathbhásach 'mo chluasaibh.
Chuala mé a mhac-alla thart orm, agus b'uath-
bhásaighe an mac-alla ná an sgread féin.
D'eirigh mé amach as mo mhála chodalta. Las
mé an tóirse. Chuartuigh mé thart sna sgeachaibh
acht ní fhaca mé acht na mion-éanlaith agus iad
'na gcodladh sna craobhachaibh. Is fada fánach
an cuartughadh rinneas acht ní bhfuaireas an rud
leig an sgread uathbhásach sin dhúisigh mé. Bhí mé
ag dul isteach sa mála chodalta arís nuair
leigeadh sgread eile. Céard bhí ag déanamh an
chlampair? Chuartuigh mé thart arís agus
fuaireas é. Istigh i sgailp bhí an boc, an t-ulchabh-
chán mór agus a dhá shúil ar nós dá sméarthóid
ag lonnradh san dorchadas. Bhí mé i
bhfoisgeacht trí troigh dho nuair sgallas an
tóirse electreachais isteach sa dá shúil air. Níl
fhios agam an ndéanfaidh mé cáirdeas leis ar
chor ar bith. Dá mbéadh fhios agam cuid de na
nósaibh atá ag baint leis, dá mbéadh fhios agam
na greamanna bidh is blasta leis an éan mór
dorrdha codramánta sin, cá bhfios nach n-
eireóchadh sé mór liom amach annseo?



Anois, a ghile na gile, ná clis orm acht tabhair
cuairt orm sa sean-choiléar gan mhoill. Bhéáraidh
mé eólas dhuit ar áilneacht na háite. Bhéaraidh
mé an spéir réaltógach agus an mhuir mhór
chorruighthe agus an sruthán clamhsánach agus
an choill chumhra dhuit. Bhéaraidh mé sonas agus
suaimhneas dhuit — go deimhin, bhéaraidh mé mé
féin dhuit; acht ná déan aon mhoill, a chara na
gcarad …


L. 24


CAINNT NA MALRACH.



Tháinic triúr sgurach chugam cheana le gealadh
an lae agus mé liom féin sa gcoill. Ní raibh
mé acht tar éis dúiseacht nuair chonnaic mé
chugam iad agus ceól croidheamhail dá ghabháil
ag duine aca. Ní fhacadar mé féin i dtosach
agus ní raibh aon tsúil aca liom, ná aon
chuimhneamh aca go mbéadh aon duine rómpa sa
gcoill an tráth sin de mhaidin.



Bhí trí lá curtha isteach agam liom féin sa
gcoill chraobhaigh sin gan aon duine fheiceál, agus
ní chreidtheá acht an t-aoibhneas tháinic ar mo
chroidhe binn-bhriathra boga an amhráin a chlos le
fáinne an lae. Bhí fhios agam go mba bhéas le
cuid de stócaighibh an bhaile dhul thríd an gcoill
ag dul ag obair dhóibh ar maidin, agus bhíodh
cineál cumha orm nuair chluininn a gcuid ceóil
nach bhféadfaidís sgathamh thabhairt ann 'm' fhochair.
Bhéadh orm lá fada fánach eile chur tharm sa
gcoill agus gan aon cheó le clos agam acht
bog-fheadghail na gaoithe i mbárraibh na gcrann,
siosgarnacha na bhfeithidí shíos fúm sa bhféar
feósaidhe, dordán trom na beiche agus í i
bhfolach i gcroidhe an bhlátha, ceileabhar éan ar
chaol-ghéagaibh, nó pé ar bith ceól aisteach daonna
sgaoilfinn féin uaim ar eagla go ndéanfainn
dearmad ar ghlór mo bhéil féin.



Acht cé'n tubuisde bhí orm nár ghlan mé liom
as an gcoill mharbhánta agus aghaidh thabhairt ar
an gcathair, áit a mbéadh comhluadar agus


L. 25


caitheamh aimsire agam? Dhéanfainn marach …
acht sin sgéal eile.



Acht ar chaoi ar bith, bhuail an triúr malrach
fútha ar an talamh i bhfoisgeacht fiche slat díom
gan mise fheiceál. Ar chúl tuim bhíodar, agus
iad as amharc orm; acht ó am go ham do
seóltaidhe chugam ar an ngaoith cuid mhaith dá
gcuid cainnte. Ní raibh mé i bhfad ag éisteacht
go raibh fhios agam gur Seán agus Séamus agus
Peadar bhí orra; agus gurbh é Seán an
sgéalaidhe is fearr bhí orra.



Thug mé liom cuid mhaith dá sgéal:



“M'athair bhí ghá innseacht dom i dtosach,”
deireadh sé, agus shíltheá go raibh nóiméad ar a
laghad idir gach aon fhocal leis an mbealach
fadálach cainnte chleachtuigh sé, “acht is minic
adubhairt sé liom go mbíonn a leitheidí ann
nach bhféadfaidhe a bhfeiceál acht roimh an lá …”



“Tá eagla orm go bhfuilmid ró dheireannach
indiu, a chomhluadair,” arsa Peadar go
magamhail.



“Acht tá siad ann adeirim leat,” arsa Seán.



“Má tá,” arsa Peadar, “tuige nach
bhfacamar an oidhche cheana iad?”



“Tá siad ann adeirim, na Clúracháin agus
na Leipreacháin agus na Lorgadáin, an Cóisde
Bodhar agus an Capall gan Ceann …



“Agus tuige nach bhfaca mise iad ma tá?”
arsa Peadar, “innis sin dom.”



Ní shíltheá go raibh fuasgailt na ceiste sin
ag Seán. Bhí sé sgathamh maith gan aon fhocal
eile a rádh.



“Nach bhfuil fhios ag an saoghal cé'n fáth nach


L. 26


bhfeiceann tusa iad, a Pheadair?” ar seisean
faoi dheireadh.



“Níl fhios,” arsa Peadar, “níl fhios ná
agatsa.” An bitheamhnach óg! Ní admhóchadh sé
go raibh púca ná taidhbhse ar an saoghal!



“Sé an fáth nach bhfeiceann tusa iad, a
Pheadair,” arsa Seán, “go bhfuil peaca mór
marbhtha ar t'anam … Sa tsean-aimsir ní bhíodh
aon pheaca marbhtha ann acht ar chorr-dhuine
fánach, agus thigeadh an Lorgadán agus an
Clúrachán agus an Leipreachán amach, ní hamháin
san oidhche acht i lár an lae ghil, agus bhíodh an uile
thaidhbhse agus an uile shídheóg dá bhfuil ann
cáirdeamhail leis an gcineadh daonna, mar
bhíodh anam an duine glan …”



Chuir mé cluas orm féin acht, mo léan! ghoid an
ghaoth bhí ag feadghail go casaoideach i mbárraibh
na gcrann an chuid eile dá chuid cainnte uaim.
Acht thuigeas go raibh olc air nár chreid an
bheirt eile é. Ní dheárna sé acht an rud
dhéanfadh aon sgéalaidhe go mbéadh eólas na
céirde aige agus meas aige uirri:



“Chonnaic mé féin an Lorgadán, …” ar
seisean, le n-a mbréagnú.



Chuir an bheirt eile isteach air agus gach aon
sgread mhagaidh uatha. Acht níor chuir an magadh
ná an sgréachghail cosg le Seán na sgéalta.



“Athrú aréir chonnaic mé é agus mé liom
féin sa gcoill …”



“O! O!! O!! O!!”



Níor bhac sé leó.



“Bhí aoirde an chrainn daraigh sin thall ann,”
ar seisean, “agus bhí cruit mhór ar a dhruim


L. 27


agus an chruit sin chomh mór le Carraig a'
Mhualláin …”



Cuireadh isteach air arís. Ba chuma leis. Lean
sé dá sgéal:



“Tháinic sé orm,” ar seisean agus an t-
uamhan 'na ghlór “Tháinic sé orm i nganfhios
agus mé ag iarraidh an bealach dhéanamh abhaile
thríd an gcoill. Ar m'aghaidh chúl amach, tháinic sé,
cháirde, agus shíl sé breith orm, an Lorgadán
lom lonrach … acht amach liom idir a dhá chois
… Truslóg baineadh asam agus mé beagnach
éaluighthe uaidh, agus d'eirigh leis breith ar chois
orm …”



Bhí an bheirt eile 'na dtost; b'fhurus
d'aithint go raibh suim mhór aca i n-eachtra
Sheáin.



“Shíl mé, a cháirde,” ar seisean, “go raibh
deireadh liom. Mé alpadh beó beathuidheach, nó
mé tharraingt leis go tóin puill Tighe Liobáin
— sin é dhéanfadh sé. Rinne mé rún croidhe-
Bhrughadh … acht, a cháirde, nuair d'fhéach arracht
an uathbháis orm arís, nuair d'fhéach sé orm
isteach idir an dá shúil, sgaoil sé an greim bhí
aige orm go tobann agus gach uile leith-sgéal
aige gur rug sé orm ar chor ar bith.”



Is dócha go raibh iongna ar an mbeirt eile.
Níor chuala mé féin acht an cheist chuir Peadar
ar Sheán.



“Agus tuige ar sgaoil sé saor thú, a Sheáin?”
ar seisean.



Bhí sé sgathamh deas go dtug Seán freagra
air — sean-chleas eile sgéalaidheachta, ar ndóigh.



“A Pheadair,” arsa Seán faoi dheireadh, agus


L. 28


uamhan 'na ghlór, “a Pheadair, cheap an
Lorgadán gur tusa bhí aige ann nuair rug sé
ormsa!”



“Agus cé'n gnó bhí aige dhíomsa seachas thú
féin?” arsa Peadar go h-imnidheach.



“Mar gheall ar pheaca marbhtha bheith ar t'
anam …”



Níor chuala mé féin an chuid eile de'n chainnt
bhí aca agus iad ag labhairt ós íseal, agus ó
bhí ceaptha agam cuireadh chun bidh thabhairt dhóibh,
agus gach nidh i gceart agus i gcóir agam,
ghlaoidh mé chugam ar an triúr. Agus ní fhaca
tú ariamh acht an t-iongnadh bhí orra mo leithéid-
sa fheiceál annsin istigh i lár na coille
craobhaighe le h-eirghe gréine, agus béile breágh
ullmhuighthe agam 'na gcomhair.



SGOLÁIRE FAOI CHRANN.



Bóthar fada díreach agus é chomh tirm leis an
gcailc. Gan néal le feiceál ar an spéir, acht
í chomh gorm le aon ghorm dá bhfaca súil duine
ar an spéir i nÉirinn ariamh. Gan smathamh san
aer, acht an ghrian ag sgailteadh na gcrann.
An duine dearóil seo ag imtheacht leis, agus é
ag tarraingt na gcos ina dhiaidh go mall réidh.
Mála trom ar a dhruim, deannach an bhóthair
air, féasóg seachtmhaine air, agus é i ndeireadh
a anála …



Chonnaic mé coill bheag rómham sa tslighe,


L. 29


leath-taobh an bhóthair, timcheall agus míle
bealaigh uaim. Ní raibh crann ná sgeach féin
bhéaradh fosga ón ngréin do dhuine ar aon taobh
de'n bhóthar, acht an choill bheag sin amháin. Ní
raibh mé chomh tuirseach ariamh, sílim, is bhí mé
an lá sin agus mé ag déanamh ar an gcoill bhig.
Ní raibh an meadhchan mór céadna 'mo mhála
codalta ariamh is bhí ann an lá sin; ní raibh na
bróga bhí ar mo chosaibh níos truime ariamh ná
mar bhíodar an lá sin: agus maidir le brothall
— úch! ná bí ag cainnt, a dhuine!



Bhaininn an t-allus de m'éadan le mo
cheirsiúr. D'éaluigheadh osna uaim leis an tart
mór bhí orm, agus leis an tuirse. Chomhairinn
na pighneacha ruadha bhí i bpóca mo bhrísde ó am
go ham — aon phighinn déag agus leithphighinn agus
gan súil agam le cianóg eile go sroichfinn an
baile mór bhí ós cionn deich míle fichead uaim,
áit a raibh leitreacha agus airgead ag feitheamh
liom i n-oifig an phosta. Aon phighinn déag agus
leithphighinn! agus deich míle fichead le taisdeal
agam de shiubhal cos agus gan de lón agam
sa mála acht arán agus tae agus an oiread
de'n bhainne stánuighthe is dhéanfadh faoi dhó mé
b'fhéidir!



Acht ní raibh an choill bheag ró fhada uaim.
Leigfinn mo sgíth ann; d'fhliuchfainn an tae
ann; chuirfinn brothal agus teas an lae tharm
ann ar mo shuaimhneas. Agus annsin d'fhéad-
fainn bheith ag imtheacht liom i gcaitheamh na
hoidhche, agus bhéinn istigh sa mbaile mór ar
maidin nuair d'osglóchaidhe oifig an phosta.
Dar Crom! nach agam bhéadh an oidhche aerach


L. 30


sa mbaile mór céadna sin! Chuimhnigh mé ar
an aonphighinn déag agus leithphighinn, agus ar an
dá theach ósta go mb'éigin dom sgaoileadh
tharm ó mhaidin gan mo bhéal calctha fhliuchadh i
n-aon cheann aca …



Shroich mé an choill bheag. Isteach liom faoi
na crannaibh móra. Chuartuigh mé thart go
bhfuighinn áit dheas le mo sgíth leigint, áit a
mbéadh uisge le fághail dá bhféadfainn é. Ní
dheacha mé i bhfad isteach sa gcoill gur chaith
mé m'ualach mór anuas díom ar an talamh,
gur shín mé na géaga troma righne ar an bhféar
fionnfhuarach breágh. Nach mé bhí sásta liom
féin! Nach mé bhéadh sásta leis an saoghal dá
mbéadh an oiread airgid agam is cheannóchadh
biadh agus deoch dhom i sráid-bhaile éigin ar
theacht na hoidhche! Acht aonphighinn déag agus
leithphighinn … uch!



Ní raibh mé acht achar beag san áit gur thug
mé faoi deara go raibh fear eile sa gcoill liom,
agus é 'na shuidhe faoi chrann, gan áird aige ar
thada acht ar an leabhar beag bhí 'na ghlaic aige.
Bhí sé suas agus anuas le leithchéad slat uaim,
agus má chonnaic sé an fear siubhail seo ag
teacht isteach sa gcoill, níor leig sé air go
bhfaca.



Bheannuigh mé dhó i ndiaidh tamaill.



“Go mbeannughidh Dia agus Muire dhuit, a
fhir na leabhar,” arsa mise i n-árd mo ghotha.



Bhain mé geit as, acht bheannuigh sé dhom go
béasach.



D'fhág sé a leabhar uaidh ar an talamh. Bhain


L. 31


sé na spéacláirí dá shróin. D'éirigh sé 'na
sheasamh. Dhruid sé liom.



“Nach breágh brothallach an lá é!” ar seisean.



Thosuigh mé féin ag cur dhíom, agus ag
innseacht dó go bríoghmhar nach ró-mhaith thaithnigh
an lá ná a bhrothall liom féin, agus nach
dtaithneóchaidís le mo dhuine dá mbéadh air
bóithre fada tiorma chur dhe agus ualach ar a
dhruim mar bhí ormsa.



Firín beag géar-chúiseach beó-shúileach bhí ann.
Bhí súil leis ar mo mhála mór; agus súil eile
leis ar an gcanna beag stáin bhí agam i gcomh-
air an tae.



Bhí an Ghaedhilge básuighthe nó i ndáil le bheith
básuighte sa gceanntair 'na rabhamar agus
chuir sé iongnadh ar mo dhuine an teanga bheith
go líomhtha agamsa.



“Nach breágh an Ghaedhilge atá agat!” ar
seisean.



“Suidh,” adeirimse.



Bhuail sé ar an talamh i n-aice liom. D'fhéach
sé go géar orm féin agus ar mo chuid bacáisde.



“Beag fear siubhail bhíos ag gabháil an bealach
seo,” ar seisean, “a bhfuil an Ghaedhilge aige
ná aon tsuim aca innti.”



“An mar sin é?” adeirimse, agus, níor
leig mé orm gur chuir mé aon spéis mhór mar
sin san teangaidh.



“Corr-dhuine de do chéird-sa labhrann an
Ghaedhilge anois,” arsa mo dhuine.



“Ce'n sórt leabhair é sin 'do phóca?” arsa
mise, “an ceann bhí dhá léigheadh agat ar ball
beag —”


L. 32


“Leabhar Gaedhilge é sin,” ar seisean go
mórdhálach, acht níor bhain sé an leabhar as a
phóca.



“Leabhar Gaedhilge!” adeirimse, “an ndeir
tú liom é?” agus leig mé orm go raibh iongnadh
an tsaoghail orm a leithéid bheith ann ar chor
ar bith.



Bhí an firín beag géar-chúiseach an-mhórdhálach
go raibh leabhar Gaedhilge aige, agus go raibh
sé i n-ann é léigheamh freisin.



“Dá mbéathá i n-ann a leithéid a léigheadh,”
ar seisean liom, “ba mhór an sásamh dhuit é
ag siubhal na mbóithre dhuit —”



“Acht nach bhfuil sé an-deacair an Ghaedhilge
do léigheadh?” adeirimse.



“Mo choinsias níl,” ars' mo dhuine,
“d'fhéadfá é dhéanamh go toghtha i gceann míosa
acht chur chuige i gceart.”



“Ag magadh fúm atá tú,” arsa mise.



“Go deimhin ní headh, a fhir siubhail.”



“Agus cá bhfios duit nach bhféadaim an
Ghaedhilge léigheadh chomh maith leat féin,” arsa
mise.



Chuir mo dhuine a shean-sgairt gáire as. Bhuail
se bos ar a cheathramhain agus greann an
tsaoghail air.



“Fear siubhail ag ceapadh go bhfuil sé i n-ann
Gaedhilge do léigheadh!”



Ba mhór an greann ag mo dhuine go raibh
fear siubhail ag ceapadh go bhféadfadh sé a
theanga féin do léigheadh.



“Tabhair dhom an leabhar go bhfeicfidh tú,”
arsa mise.


L. 33


“Cuirfidh mé geall leat nach bhfuil tú i n-ann
focal de do léigheadh,” ar seisean.



“Táim sásta,” arsa mise.



“Cé'n geall chuirfeas tú?” agus bhain sé
lán a ghlaice d'airgead geal as a phóca.



Chuimhnigh mé ar m'aon phighinn déag agus
leithphighinn!



“Cuirfidh mé coróin leat,” adeirimse.



“Déanfaidh sin.”



Shín sé an leabhar chugam. Thosuigh mé i dtosach
an leabhair:



“Ní rabhas mórán thar dhá bhliadhain go leith
i Lonndain Shasana an tráth úd, acht mar sin
féin ní mórán achair eile d'fhanfainn ann dá
mbéadh — seadh, caithfear é rádh — dá mbéadh an
oiread agam is bhéaradh abhaile mé …”



Leabhar do sgríobh mé féin thug sé dhom!



Agus nach mé rinne gáiridhe an tráthnóna sin
agus mé ag caitheamh airgid an fhirín bhig
ghéar-chúisigh casadh orm sa gcoill agus mé sona
sásta i ndiaidh doichill an lae!



MO BHAGAIRT ORT, A GHILE NA GILE.



Thugas cuireadh dhuit le goirid, a ghile na gile,
theacht amach annseo i n-aonfheacht liom sa
bhfásach i mbéal an uaignis agus sgathamh
chaitheamh ann ar mhaithe le t' anam agus le do
shláinte. Acht mo chrádh! níor tháinic tú chugam
go fóill, a chuid. Cé'n mhoill atá ort agus mé
ag fanacht leat? Nár gheall tú dhom go dtiocfá


L. 34


agus tamall de'n tsamhradh chur thart im' fhochair
ar an uaigneas? Acht tá faitchíos orm nach
duine do d'fhocal thú. Céard tá ort ar chor ar
bith? An ag eirghe ró-cheanamhail ar chompóirt
na cathrach atá tú? Seachain thu féin, a ghile na
gile. Níl sa gcathair ná i gcompóirt agus i
gcaitheamh aimsire na cathrach acht bréagáin
gaoithe i gcomórtas leis an saoghal suairc
bhéadh agad annseo liomsa 'mo shean-choiléar i
bhfad ó dhaoine agus ó shíbhéaltacht bréige na
h-aoise. Bhfuil tú ag teacht chugam, a ghile na
gile? Gheall mé dhuit go gcuirfinn na cáirde
atá agam annseo i n-aithne dhuit: tá an luch
Gaedhlach, luch an chóta shleamhain dhuibh ann go
fóill agus é chomh h-alpach bradach is bhí ariamh
— go deimhin is eagla liom nach múinfidh an
saoghal an beithidheach beag sin, mara múinfidh
easbaidh saoghail é. Uibheacha seadh thug sé uaim
aréir, an gaduidhe! Agus na lachain fiadháine,
an dá cheann sin atá chomh ceanamhail ar a chéile
nach sgarann siad ó chéile choidhche, bíonn siad-
san thart annseo leis an gcladach i gcomhnaidhe
ag cainnt agus ag bladar agus ag suirighe le
chéile ar a nós aisteach féin. Níl aon bheann aca
orm anois. Is eól dóibh ar bhealach éigin nach
ndéanfainn dochar dóibh, agus ní chorruigheann
siad de stuaic na carraige chleachtuigheann siad
go mbím féin i bhfoisgeacht sé slat díobh. Dá
bhfeictheá an bárdal sin ar maidin indiu roimh
eirghe gréine nuair tháinic mé air i nganfhios!
An clamhsán agus an chasaoid rinne sé le
n-a chéile ionmhuin nár dhúisigh sí in-am é agus
an bheirt aca ag cur na dtonn díobh! Leadradh


L. 35


maith thuill sí uaidh, agus is leadradh maith fuair
sí uaidh freisin, tá súil agam. Cainnt bhinn-
bhriathrach ghrádhamhail bhladarach agus leadradh
Loineacháin Loim, de réir mar tuilltear iad, an
leigheas is fearr ar fhaillighe lachan agus ban.



Nár mhaith leat theacht amach annseo i n-aon-
fheacht liomsa go gcuirfidh an bheirt againn aithne
níos feárr ar an lachain seo, a ghile na gile?
Agus cá bhfios dhúinn nach bhféadfá-sa maith
bhaint as an ulchabhchán codramánta bhíos ag
déanamh a smaointe de ló agus d'oidhche istigh
sa sgailp? Níl aon áird aige ormsa. Níor
leig sé a rún liom ariamh gidh minic mé ar thóir
an rúin sin le seachtmhain: b'fhéidir go n-
innseóchaidh sé toradh a mhachtnaimh fhada dhuitse,
a ghile na gile. Siubhail uait amach agus cuirfidh
an bheirt againn cainnt air.



'Mo shuidhe ar charraig mhóir faoi bhun na
h-aille bháine, áit a bhfuil comhnaidhe ar an
ulchabhchán bhíos nuair sgríobhas na focla deirean-
nacha seo. Ní raibh an t-éan mór codramánta
le feiceál sa sgailp chleachtuigheann sé acht ní
raibh sé i bhfad uaim, mar ní túisge bhí an
páipéar breactha ná leig sé a shean-sgread
magamhail. Ní'l aon aimhreas orm nár thuig sé
céard bhí m'intinn. Táim cinnte anois nach
éan éanamhail é ar chor ar bith acht feallsamh-
naidhe, nó b'fhéidir taise shean-fheallsamhnaidhe
Ghaedhlaighe thréig a shoisgéal ar dheasaibh-deasa
an tsaoghail shuaraigh seo, agus go bhfuil sé
de phíonús air saoghal na saoghal chur thart istigh
i sgailp agus nach bhfuasglóchar é go mbeiridh
sé arís ar rúndiamhair na cruinne. Nach


L. 36


dtiocfaidh tú amach annseo le cainnt chur air,
a ghile na gile?



Acht féach; éist liom go fóill beag mar tá
athchuinghe agam ort. Tá daoine de'n uile
chineál agaibh sa mbaile mór agus ní lia lucht
aineólais ná lucht an eólais. Nach bhféadfá
fear feasa éigin fhághail a bhfuil eólas cruinn
aige ar nósaibh agus ar thréithribh na n-ulchabhchán?
Go deimhin is cuimhneach liom go mbíodh sean-
fhear beag bídeach, fear beag buidhe feósaidhe
feasógach i siopa shean-sheóideach i Sráid na Life
i n-aice an droichid annsin, ar thaobh do láimhe
deise, agus níl ceist chruaidh chráidhte dár
chuireas air ariamh nach raibh a fuasgailt aige.
Tabhair cuairt ar an seanfhear sin sul má
thagann tú annseo ar cuairt chugam agus
fiafruigh dhe gach uile shórt faoi na h-ulchabhcháin
agus ná dearmad eólas cruinn bheith agad
faoi 'n mbiadh is blasta leó. Acht ní mór duit
bheith an-aireach an-chlisde agus tú ag ceist-
niughadh an tsean-fhir. Beidh sé an-lághach an-
charthannach leat má ghlacann tú mo chomhairle-
se; déan an dá rud seo agus is cinnte go
sgaoilfidh sé a rún leat. Sean-phictiúir atá
ar chúl an tsiopa aige, ós cionn an bhúird bhig
chaim atá le h-ais an dorais ar thaobh na ciotóige
— a bhean féin atá caillte le dhá sgór bliadhan
rinne an pictiúir deirtear liom — acht níl ort
acht é mholadh go mór ar a dhath, ar a dhéanamh,
agus é chur i gcomórtas le saothar Mhuirilló!
Seadh, má dhéanann tú é sin bogfaidh tú croidhe
an tsean-fhir. Rud eile: creideann sé,
creideann an fear bocht gur crut cearnógach


L. 37


atá ar an domhan seo agus nach crut liathróideach
mar deirtear. Acht fan. Níl mé cinnte anois
an crut cearnógach nó crut cúbach atá ar an
domhan seo de réir an fhir feasa sin acht ní
bheidh tú i bhfad ann go mbeidh fhios agad é.
Leig ort féin go bhfuil tú ar aon intinn leis
faoi agus sgaoilfidh sé gach rún leat. Déan
go deas réidh é, agus bíodh craiceann ar do
chuid cainnte nó ní mheallfaidh tú an seanfhear …
acht cé'n gábhadh dhomsa bheith ag iarraidh a
mhúineadh dhuit ce'n chaoi is feárr fear a
mhealladh? Nach bhfuil tú féin 'do mhaighistreás
ar an ealadhain sin, a ghile na gile?



Acht fáigh an uile eólas uaidh ar bhealaigh agus
ar thréithre na n-ulchabhchán …



Bhí fúm innseacht duit faoi na cineáil
faoileán atá thart le cladach annseo agus an
cineál cainnte nó canamhna bhíos ag gach treibh
díobh; agus cheap mé freisin go mbéadh sé
d'uain agam innseacht duit faoi'n gcomhrádh bhí
agam leis an gcoinín bacach bradach agus an
chiall mhúin sé dhom; agus an ceól bhíos ag na
réaltógaibh ag tabhairt a gcúrsa dhóibh (ná
dearmad leabhar réalt-eólais thabhairt leat
mar níl na h-ainmneacha agam acht corr-cheann,
agus is mór an strómh orm leas-ainmneacha
cheapadh dhóibh uile agus a líonmhaire is táid) acht
mhíneóchaidh mé a gcuid ceóil dhuit ar chaoi ar
bith; agus má thagann tú gan aon mhoill, tig
linn cuid de'n oidhche chur isteach le taobh a
chéile ag féachaint isteach i súilibh Fhir na
Gealaighe!



Acht a ghile na gile, ná déan aon mhoill acht


L. 38


tar chugam go beó. Dar m' fhallaing! mara
dtiocfaidh tú faoi cheann trí lá ní tusa gheibheas
an chéad chuireadh eile uaim acht bean nach breágh
leat. Déarfaidh mé léithi:



“A Dhuibhe na Duibhe, siubhail uait i n-
aonfheacht liomsa amach faoi bhéal an
uaignis …”



Fáilte ó chroidhe rómhat, a ghile na gile: bhí
fhios agam nach ndéanfá mórán moille agus an
bhean sin bhagairt ort! Acht eadrainn féin,
beag baoghal bhí orm cuireadh thabhairt dhi siúd!


L. 39


AN GNÍOMH.



I gceann ceithre huaire déag eile bhéadh air an
gníomh a dhéanamh. Bhí riméad an domhain air
gur toghadh é, gur ceapadh go mb'é an fear dob'
fheárr, gur síleadh nach loicfeadh sé…



Chuir sé cainnt an taoisigh trí n-a chéile agus
é ag imtheacht leis trí shráideannaibh na cathrach
go croidheamhail. An moladh thug sé dhó ba gheall
le mil 'na bhéal é. Thosuigh sé ghá rádh ós íseal
leis féin:



“… níl duine dá bhfuil sa láthair annseo
indiu,” arsa an taoiseach, “nár dhubhairt liom
go mbéadh sé sásta an obair mhór chontabhairteach
seó dhéanamh an son na cúise, dá gcaillfeadh sé
a anam leis. Acht tá fear ceaptha agam féin
le n-a dhéanamh, fear nár loic ariamh, agus nach
loicfidh choidhche, cuma cé'n chontabhairt 'na
gcuirfear é. Éirigh 'do sheasamh, a Thomáis Uí
Mhaoldhomhnaigh —”



Bhí sé chomh cuthalach agus é 'na sheasamh annsin
i láthair a cháirde nár thug sé leis acht an méad
sin de mholadh a thaoisigh. Do mhothuigh sé mar
bhéadh cnap 'na sgórnaigh ghá thachtadh leis an
ngliondar bhí air — é thoghadh le hobair de'n tsórt
sin dhéanamh agus é chomh h-óg sin! Agus an
t-éad bhí ag na fearaibh eile leis! Shíl sé cúpla
focal a rádh le buidheachas ghabháil leis an
taoiseach, acht níor fhéad sé na focla sin chur
thar a sgórnaigh amach le teann áthais …



Mhothuigh sé an áit ag gluaiseacht thart
timcheall air: ní i lár baill an urláir bhí an


L. 40


bórd, acht é ar luasgán ó thaobh go taobh mar
bád beag éidtreóireach ar dhruim na fairrge
fíochmhaire; ní 'na suidhe ar na cathaoireachaibh
bhí an comh-luadar acht iad ag imtheacht leo, idir
cathaoireacha agus fir, timcheall ar an mbórd
luasgach ar nós rotha glinndigheachta. Bhí
tinneas cinn air: bhí mar bhéadh na céadta gabha
beag draoidheachta ag cleachtadh a gcéirde na'
inchinn istigh.



D'éirigh leis cúpla focal sgaoileadh uaidh.
Dhá bhfuigheadh sé ór na cruinne air, ní fhéadfadh
sé a rádh cé na focla iad, dá noiméad thar éis
a rádh dhó. Acht thaithnigh siad le n-a cháirde.
Nach é fuair an bualadh-bos agus an moladh
millteach uatha! Má bhí éad ann, níor leig fear
díobh orra é. D'éirigh an taoiseach 'na sheasamh.
Anonn leis chuige go rug sé ar a láimh, gur
chraith sé go bríoghmhar í.



Annsin tháinic a mheabhair cinn agus a
chéadfadha ar ais chuige. D'fhéach sé anonn uaidh
ar an áit a raibh an bórd — bhí sé seasmhach i lár
buill an úrláir gan cor, gan car as. Bhí na
cathaoireacha mar bhíodar ariamh agus fear 'na
shuidhe ar gach cathaoir díobh. Na gabhanna beaga
draoidheachta bhí ag cleachtadh a gcéirde 'na
inchinn istigh, tamall roimhe sin, bhí deireadh le
n-a gcuid saothair siúd mar an gcéadna.



D'éirigh sé an-chiúin socair. Ba léir dhó an
uile rud thart air. Ba dhóigh leis nach bhfaca sé
an saoghal ariamh cheana … bhí cineál iongantais
air nár thug sé faoi deara go dtí an noiméad
sin an cnap beag dearg bhí ar bhárr sróna an
taoisigh!


L. 41


Acht is ríméad bhí air, ríméad gur toghadh é
féin agus gan aon tsúil aige le n-a leithéid
d'onóir. Bhí an gníomh mór le déanamh, bhéidís
uile náirighthe go deo mara ndéanfaidhe é. An
meas bhí ag an taoiseach air, agus é thoghadh!
Ní raibh fhios aige an ar a cheann nó ar a chosaibh
bhí sé 'na sheasamh leis an tocht tháinic air …



An cháil bhéadh air lá ar n-a bhárach! A ainm i
mbéal an tsluaigh agus gan é acht 'na ógánach óg!



Amach leis ar an tsráidh agus a cheann 'sna
Spéirthibh …



Thug sé na sráideanna ba mhó clú agus
spaisdeóireacht air féin i dtosach.



Tuige nach raibh na daoine ag féachaint air?
Nach sílfeá 1 go dtuigfidhe ar bhealach diamhar
éigin go raibh faoi an gníomh ba uaisle agus ba
mhó le rádh dá ndearnadh le céad bliadhain
dhéanamh ar maidin lá'r n-a bhárach? D'fhéach
sé ar an uile dhuine chuaidh thart agus cineál
ceapadh aige go mbéadh an léargus ag duine
éigin díobh; acht ní raibh. An oiread is aon
fhéachaint amháin níor tugadh dhó. Na daill!



Tháinic cuthach air leo. Ar a son sin bhí faoi an
gníomh mór uasal dhéanamh ar maidin lá'r n-a
bhárach, agus ní raibh léargus roimh ré ag neach
díobh. Tháinic fonn mór air breith ar dhuine éigin
bhí ag gabháil thart agus é mhasladh ar bhealach
éigin …



Ghluais leis agus a cheann 'sna spéirthibh —
nár toghadh é le gníomh mór uasal riachtanach


L. 42


dhéanamh? Agus nach raibh ceart aige bheith mór-
chúiseach agus eirghe 'n-áirde bheith ann faoi sin?



Bhí teach ósta ag coirnéal sráide agus iad
thar éis na soillse lasadh ann. Níor chleachtuigh
sé an t-ól ariamh acht níorbh aon dochar do
cúpla gloine ól an oidhche iongantach seo.



Bhuail sé isteach.



Bhí dream beag fear ag ól ag bórd beag i
seomra faoi leith. Shuidh sé 'na bhfochair agus
do ghlaoidh ar a ghloine féin.



Leis na smaointe bhí ag imtheacht ar cos-an-
áirde thrí n-a cheann, níor mhothuigh sé gur
cuireadh cosg le n-a gcuid cainnte ar theacht
isteach dhó féin, agus go rabhadar uile ag
féachaint air go dorrdha. Dá mothuigheadh féin,
ba bheag an áird thabharfadh sé orra — nár mhó le
rádh é féin ná aon fhear eile dá raibh sa gcathair
agus an gníomh mór uasal bhí le déanamh aige?
Na brealláin! Nach raibh de thuigsint ná de
léargus aca ach an méad sin?



D'ól sé a ghloine.



Thosuigh smaointe aisteacha ag gluaiseacht thrí
n-a cheann ar nós teinntrighe. Ní túisge bhíodh
smaoineadh díobh ann ná bhéadh sé glanta agus
ceann úr-nuadh 'na ionad. Tháinic cineál meisge
air, meisge a mhachtnaimh …



Bhí an gníomh déanta aige — sin é an rud cheap
sé. Chuir sé i gcás é. Céard a thiocfaidh annsin?
D'éirigh sé an-tsocair ar feadh sgathaimh bhig.
Tháinic loinnir áigh 'na shúilibh. An té d'fhéachfadh
air, déarfadh sé go mba duine é bhí faoi imnidhe
mhóir leis an gcaoi a raibh a bhéal ag corrughadh
mar bhéadh sé ag labhairt leis féin ós íseal.


L. 43


Agus is ag labhairt leis féin bhí sé.



Shíl sé (ní ráibh fhios aige féin cé'n fáth) acht
shíl sé go raibh sé i ndán dó an gníomh mór
dhéanamh agus a anam thabhairt leis slán dá
bhféadfadh sé dhá sgór a chomhaireamh sul labhradh
aon duine dá raibh leis sa seomra.



Chomhairimh sé an dá sgór go millteach tapaidh
agus gach braon alluis ar a bhathais. Níor labhair
duine. D'éirigh a chroidhe ann. Bhí Dia mór ar
a thaobh …



Nuair bhí an dá sgór comhruighthe aige d'éirigh
sé 'na sheasamh agus bhuail athmhóg mhillteach ar
an mbórd bheag gur chuir sé na gloineacha ar
creathadh. Acht níor bhain an méid sin féin
cainnt as na daoine bhí sa seomra leis.



Chuimhnigh sé annsin go raibh go leor le
déanamh aige sa mbaile roimh éirghe an lae.
D'éirigh sé 'na sheasamh agus amach leis ar an
Tsráid …



Nuair bhí sé imthighthe d'fhéach fear bhí sa láthair
ar fhear eile. Chaoch sé súil air.



“Roinnt éadtrom sa gceann sílim,” ar sé.



“Sin é é díreach.”



Agus chuadhadar ar aghaidh leis an obair bhí
ar siubhal aca …



Sgríobh sé a udhacht — ar ndóigh nach bhféadfadh
an taoiseach agus duine eile dhá cháirdibh dul
i bhfiadhnuise air nuair d'fheicfeadh sé ar maidin
iad? Sgríobh sé litir fhada chuig a mháthair agus
d'innis sé dhi cé'n fáth go raibh faoi an gníomh
a dhéanamh. Chuaidh sé cruaidh go leor air an
litir seo sgríobhadh — b'fhéidir nach bhfeicfeadh
sé arís choidhche í — le croidhe agus misneach


L. 44


thabhairt di dubhairt sé nach raibh sé i ndán dó
go mbéarfaidhe air, agus an dá sgór chomhairigh
sé sa teach ósta. Acht nuair bhí an méad sin
sgríobhtha aige, stróic sé an bhileóg: is beag
nár stróic sé an litir ar fad nuair chuimhnigh
sé nach raibh ann acht dícéille litir dá sórt
sgríobhadh má bhí sé i ndán do éalughadh.



Acht an raibh sé i ndán dó éalughad? An
mbéadh a cheann i lúib cnáibe gan aon achar?



D'éirigh sé agus anonn leis chuig an
Bhfuinneóig …



Bhí an oidhche go háluinn, chomh háluinn le
haon oidhche dá dtáinic le n-a chuimhneamh.
Cumhracht na fairrge agus na sléibhte chuige
isteach sa seomra. An ghealach crochta i n-áirde
'sna spéirthibh agus solus draoidheachta uaithi —
b'aoibhinn bheith beo …



Do cheann i lúib cnáibe — thosuigh sé ag
smuaineadh; tháinic an pictiúir uathbhásach ós
comhair a dhá shúl; leag sé lámh ar a mhuineál
leis an téad bhaint de … tháinic creathadh ball
air. D'éirigh an t-allus amach ar a bhathais. Leig
sé sgread agus sgread eile gur thuit sé 'na
chnap ar an úrlár faoi bhun na fuinneoige …



Bhí sé 'na haon déag ar maidin. D'fhág sé
litir bheag ar an mbord i gcomhair a mháthar ag
rádh léithi go raibh faoi an tír fhágáil agus an
tOileán Úr thabhairt air féin. Ní raibh meas
aige air féin, agus bhí faoi éalughadh leis — nár
loic sé ar a cháirdibh agus an mhuinighin bhí aca
as?



Thug sé na cúl-sráideanna air féin agus


L. 45


eagla an tsaoghail air go gcasfaidhe aon duine
dá shean-cháirde air.



Chonnaic sé beirt aca agus iad an-chorruighthe
ag doras siopa: iad ag cur thar maoil faoi
gur chlis sé féin orra ár ndóigh, 'deile? Shíl
sé éalughadh uatha i nganfhios acht chonnaiceadar
é. Rinne siad air …



B' éigin dó seasamh: Bhí sé cinnte go
marbhóchaidhe é annsin i lár na sráide. Ní h-é
sin rinneadh ámh acht rug an bheirt ar láimh air
agus thosuigh ghá creathadh agus a gcroidhe lán
de bhuidheachas dhó.



Ag ceapadh go raibh an gníomh mór déanta
bhíodar — sin é shíl mo dhuine.



Níorbh fhada go gcuala sé giollaí beaga na
nuadhachtán ag sgreadach i n-árd a ngotha:



Cheannuigh sé ceann go neamh-shuimeamhail.
D'osgail sé é agus thosuigh ghá léigheadh. Tháinic
laige tobann air … an gníomh mór contabhair-
teach nach raibh sé de mhisneach aige féin a
dhéanamh rinne fear éigin eile é!



An oidhche sin mhol a thaoiseach go mór é …
acht ní raibh sé de mhisneach ann eirghe agus a
rádh gur loic sé' gur duine éigin eile rinne an
gníomh!



Agus anois, nuair bhíos sé ag maoidheamh as
féin, ní abruigheann a dhearbhráthair go ndeárna
sé féin an gníomh toisg go raibh fhios aige nach
mbéadh sé de mhisneach sa bhfear eile é dhéanamh,
agus go náireóchaidhe an bheirt aca!


L. 46


AN DIABHAL AGUS AN FLAITHBHEARTACH.



“Ní fhéadfadh an diabhal agus an Flaithbheartach
é dhéanamh — ní fhéadfadh muis,” ars an sean-
tiománaidhe liom nuair adubhras leis go raibh
orm a bheith istigh i mbaile mór na Gaillimhe
roimh an deich a chlog. “Ara, a dhuine, dá mba
capall rása bhéadh againn ní fhéadfaidhe a
dhéanamh: creid mise ann ní bhéarfaidh tú ar an
traen sin anocht,” ar seisean.



Bhí an bháisteach mhór ann agus gála gaoithe
aniar isteach ó'n bhfairrge. Áit a mbíodh crainn
leath-taobh an bhóthair bhíodh an ghaoth ag gabháil
ceóil uathbhásaigh 'na ngéagaibh loma; bhí an
ghealach lán i n-áirde 'san spéir i n-áit éigin,
muna raibh lucht réalt-eolais ag innseacht na
mbréag, acht súil níor leagamar uirthi i
gcaitheamh na h-oidhche. Bhíos féin fliuch go
craiceann, bhíos tuirseach traochta ocrasach. Bhí
an sgéal céadna ag an tiománaidhe. Bhí an
capall ag tarraingt na gcos 'na dhiaidh agus
a cheann ag dul suas agus anuas mar bhéadh
capall bréige leinbh ann.



Leig an ghaoth aniar sgread mhillteach amhail
cheól deamhain. Do gheit an capall. Thurlaing
an tiománaidhe, agus dá laghad siubhail a bhí
faoi'n gcapall cheana ba sheacht measa anois é
mar bhí mo dhuine i ngreim béalbhaighe ann agus
é ag cainnt go plamásach leis. Dubhras féin
a lán faoi'n gcapall, faoi thiománaidhthibh na
Gaillimhe, faoi'n aimsir, faoi'n áit agus eile,
acht is eagal liom go mbéadh náire ar fhear an


L. 47


chló a léigheadh. Ní raibh áird ag an tiománaidhe
ar mo ghlór, ámhthach; is dócha go gcuala sé a
leithéid de chainnt go minic cheana. Pé sgéal
é ní dheacha sé i n-áirde ar an gcárr arís go
raibh cúpla míle de'n bhóthar fliuch salach puiteach
curtha dhínn againn.



Bhí sé idir mise agus an ghaoith agus ó am
go ham do chloisinn focal uaidh. “An diabhal”
an focal is mó chluininn acht is minic chluininn
an dá fhocal “an diabhal agus an Flaithbhear-
tach.” Bíodh is gur ag tabhairt na mionn faoi
m'fhiaclaibh bhíos féin, bhí cainnt an tiománaidhe
ag déanamh imnidhe dhom. An Flaithbheartach —
cérbh é an Flaithbheartach? Cé'n bhaint a bhí aige
leis an bhfear eile? Gach ar chualas ariamh de
sgéaltaibh faoi dhiabhlaibh a ioncholnughadh, bhíodar
ag dul thrí m'intinn. An diabhal a bhí san
bhFlaithbheartach i gcruth duine? Cár mhair sé?
Cé'n uair? Cé'n cineál duine bhí ann i bpear-
sain? Ar fhág sé aon tsliocht 'na dhiaidh? An
leis an athair a ghein é, nó leis an mháthair a rug
é is mó bhíodar ag 'ul?



Ghlan an spéir beagán. Dearbhuigheadh go
raibh an fhírinne ag lucht réalt-eólais. Tháinig
an ghealach amach. Ní raibh focal le clos ó'n
tiománaidhe le tamall.



“Annsin thall ar bharr na haille bhíodh
comhnaidhe air.” Ar seisean go tobann.



Do bhíodhg mé féin.



“Cé hé?” adeirim-se, “an diabhal, an
eadh?”



“Ní headh acht a oidhre, an Flaithbheartach
dubh.”


L. 48


Chuireas cúpla ceist air agus ní fada gur
bhain sé amach go breágh sa gcainnt.



“Annsin thall a chomhnuigh sé,” ar seisean,
“go dtáinig an diabhal ghá iarraidh 'sa deireadh.
Tighearna talmhan a bhí ann acht má 'seadh féin
is iomdha céad punt a bhí air ar fud na tíre.
Go bhfóiridh Dia ort, a dhuine! má bhí cúpla míle
punt sa mbliadhain féin aige 'sé bhí i n-ann a
chaitheamh. Caiple rása, geallta, gadhair, ithe
agus ól, ceól agus rinnce de ló agus d'oidhche,
mná — óra bí do thost, a dhuine! Ar ndóigh bhí
an tír náirighthe aige. Bhí sin.”



Dhearg mo dhuine an píopa. Rinneas féin
an cleas céadna acht ní gan duadh é. Bhí fonn
sgéalaidheachta ar an tiománaidhe.



“An raibh sé pósta, an eadh?” an seisean
ag tabhairt freagra orm-sa. “Nár dhubhairt
mé leat go raibh. Ní raibh sé mórán thar fiche
bliain nuair a phós sé inghean Iarla ó'n Mumhain
— bean lághach charthannach dheagh-bhéasach — acht cá
bhfuil an bhean d'fhéadfadh fuireacht i n-aontigh
le n-a leithéid agus bean i ngach sráid-bhaile
as seo go Baile Átha Cliath aige? Nuair a
rugadh an cúigeadh mac dhóibh b'éigin dí an
Mhumha thabhairt uirthi féin arís. Ní raibh an mac
óg baistidhthe féin nuair a tháinig seacht gcárr
chuig an doras chuici oidhche. Bhí an Flaithbheartach
féin ar an gcéad chárr. Iad uile ólta, idir
fhearaibh agus mhnáibh, agus ag gabháil amhrán
gársamhla. Shíl a bhean féin iad choinneál taobh
amuigh; chuir sí na seacht nglas ar an doras
orra, acht mo léan! níorbh mhoill orra siúd a
réabadh; cuireadh bean an Fhlaithbheartaigh faoi


L. 49


ghlas i mbárr an tighe; thosuigh an rúille-
buille … deirtear gur briseadh croidhe na
mná óige an oidhche sin. D'éaluigh sí ó n-a fear,
acht chuir an pobul a mbeannacht léithi ag
imtheacht dhi. Chuir, mh'anam.



“Thug sí a clann mhac léithi acht chuir seisean
an dlighe uirthi agus bhain di iad. Agus nach é
thóg agus d'oil go cráibhtheach deagh-nósach iad!
Ní raibh éinne aca ar sgoil ariamh agus an
sgoláireacht fuaireadar ó'n athair ní mórán
maitheasa rinne sé dhóibh. Dá marbhuigheadh an
t-athair duine gan chúis gan adhbhar mholfaidís
é; déarfaidís nach ndearnadh ariamh i gCrích
Fódhla gníomh chomh huasal leis an ngníomh a
bhí déanta aige-san. Dá bhfeictheá an cúigear
fear óg sin ag imtheacht ar buile ar fud na
tíre ag cur eagla ar dhuine agus ar bheithidheach
ba mhór é t'iongantas. Chonnaiceas féin duine
aca, Réamonn a bhí air, dá chrochadh i nGaillimh;
mharbhuigh sé a dhearbhráthair fhéin i ngeall ar
mhnaoi.



“Naonbhar eile bhí sa teach aige idir clann
mhac agus clann inghean … cé'n chainnt sin ort?
Ar ndóigh ní dubhras leat, a dhuine, go dtáinig
an bhean ar ais chuige. Beag baoghal a bhí uirthí.
Acht fuair sé bean eile — ó cé'n t-ainm bhí aca
uirthi? Is cuma, rug sise triúr mac eile dhó
agus beirt inghean. Cé'n mhaith bheith ag cainnt?
Ní abróchaidhe morán, b'fhéidir, muna mbéadh
gur droch-bhuachaill a bhí ann ar bhealaigh eile.
Déarc níor thug sé uaidh ariamh, agus dá mbéadh
fleadh agus féasta ar siubhal aige d'oidhche,
ní do na bochtaibh bhéarfadh sé an fuighleach lá'r


L. 50


na bhárach acht dá chuid gadhar. Dubhairt m'athair
liom go ndeacha sé ann maidin le cárr agus
go bhfaca sé na gadhair agus na boicht ag troid
agus ag comhrac, ag féachaint cé aca a gheobhadh
an brúsgar bidh a fágadh i ndiaidh fleidhe a
caitheadh i rith na hoidhche. Bhí an Flaithbheartach
féin ann agus greann mór aige …



Thug m'athair buille d'á bhata dhó uair eile.
Marach go raibh an fear eile ar meisge ní
chuirfidhe mí phríosúntachta ar m'athair.”



Bhíomar ag teannadh leis an mbaile mór
faoi'n am seo.



“Céard d'éirigh dhó sa deireadh?” arsa mise.



“Muise is deacair a rádh le fírinne,” ar
seisean, “mar is iomdha innseacht atá aca ar
an sgéal, acht is agam-sa atá an fhírinne má's
í an fhírinne d'innis Seán Mór an báille dhom
agus ba cheart go mbéadh fhios aige-sean é. Bhí
na mílte punt air ar fud na tíre mar dubhras
leat cheana, agus bhí dlighe ann an uair sin dá
bhfuigheadh duine bás agus fiacha air go
ngabhfaidhe a chorp. Tháinig tinneas ar an
bhFlaithbheartach. Ní sa mbaile a bhí sé nuair
a bhuail an taom é acht a' seilg le n-a chlann
mhac ar an sliabh. Tugadh isteach i mbothán bheag
é — sean-bhothán as ar dhíbir sé na daoine
blianta roimhe sin. Acht ní raibh sé i bhfad ann
go bhfuair sé bás. Rinne a chlann mhac cónra
chláir dhó le n-a thabhairt abhaile. Chaoin siad go
deórach ós a chionn. Nuair a bhíodar ghá
chaoineadh bhuail fear isteach. Fear seilge bhí
ann de réir cosamhlachta; báille a bhí ann i
ndáiríribh, agus ní raibh a lucht conganta i bhfad


L. 51


uaidh. Rinne sé comh-bhrón leis na fearaibh óga.
Thug deoch dóibh as buidéal a bhí 'na phóca aige.
Tháinig codladh orra …



“Bhí an oidhche ann — oidhche uathbhásach mar an
oidhche anocht. Bhí an cúigear fear óg 'na
gcodladh ar an urlár ar an gculráid. Bhí an
sean-fhear 'na luighe fuar marbh 'na chónra
chláir. Ceathrar báille ann leis an gcorp a
bhreith leó. Dhá choinnil a bhí sáithte i mbuidéilibh
a bhí ag tabhairt soluis dóibh. Rugadar ar an
gcónra. Thógadar é. Chuireadar ar a nguailnibh
é. Phléasg an tóirneach ós cionn an bhotháin
sléibhe. D'éirigh an ghaoth. Réabadh an doras.
Múchadh an dá choinnil. Thosuigh na fir a bhí ag
goid an chuirp ar creathadh. Bhain duine de na
fearaibh óga searradh as féin. Leig osna.



“Uch! uch tá sé beó! Tá sé beó!” arsa
duine de na báillíbh.



“Leagadar an cónra anuas ar an úrlár
arís. Bhí uathbhás orra. Lasadh an dá choinnil
i n-athuair. D'óladar slug as bhuidéal.



“Feárr dhúinn fanacht ag féachaint a'
nglanfadh an oidhche,” arsa duine.



“Do haontuigheadh leis sin. Do shuidheadar
ceathrar ar an úrlár timcheall ar an gcorp.
Baineadh slug eile as an mbuidéal. Bhain duine
aca gléas imeartha as a phóca. Thosuigheadar
ag imirt chártaí …



“D'eirigh an oidhche ciúin. Ní raibh torann
dá laghad le clos thall ná i bhfus, acht srannadh
na bhfear a bhí 'na dtrom-chodladh ar an úrlár
agus torann na gcártaí agus iad ag tuitim
ar chlár an chónra. Thuit na báillí féin 'na


L. 52


gcodladh, duine i ndiaidh duine. Bhí an dá
choinnil a bhí sáithte 'sna buidéil ag ceann an
chónra ar lasadh fós. Thóg duine de na báillibh
a lámh agus é 'na chodladh. Bhí na cártaí uile
caithte ar an úrlár acht aon cheann amháin — an
ceann úd atá faoi choimrighe an diabhail, agus
bhí sé sin go bagarthach agus go soillseach mar
shíltheá ar chlár an chónra, díreach ós cionn
croidhe an chuirp. Thóg an báille a lámh arís.
Theanguigh sí leis an gcárta; theanguigh an cárta
le ceann de na buidéil. Leagadh an buidéal
agus an choinneal. Chuaidh sgáil mhór gan cruth
gan cuma treasna an bhalla bháin. Bhí féar trim
agus slisní adhmuid agus 'chaon tsórd ar an
úrlár timcheall ar an gcónra. Bhí an áit fré
theine gan mórán achair …



“D'eirigh leis na báillíbh imtheacht. D'eirigh
le clann mhac an Fhlaithbheartaigh na cosa
thabhairt leó freisin, acht aon duine amháin a
shíl an corp a bhreith leis. Losgadh é siúd 'na
bheatha. Losgadh an corp. Losgadh an bothán …



“Acht níor chreid na daoine go bhfuair an
Flaithbheartach bás ar an mbealach seo; nach
bhfuil sean-bhallaí losgtha an bhotháin ann fós
le dearbhú gurab é an diabhal a tháinig le n-a
oidhre a bhreith leis abhaile?”



Nuair a bhí an méid sin ráidhte ag an
tiománaidhe bhíomar sa mbaile mór.



“Cá gcodló' tú anocht?” ar seisean.



“Ní chodló' mé chor ar bith is eagal liom,”
arsa mise. Agus níor chodail.


L. 53


AN CORP BEÓ.



Nuair casadh Máirtín Ó Mainnín agus Antoine
Breathnach ar a chéile ar an tsráid i nGaillimh
cúpla seachtmhain ó shoin, is ar éigin gur
aithnigheadar a chéile. Agus b' aisteach an rud
é sin: ar aon bhaile amháin tógadh an bheirt,
ar aon sgoil amháin bhíodar i dtosach a n-óige,
agus nuair bhíodar 'na bhfearaibh óga chaitheadar
tamall maith ag obair i dteannta chéile ag
baint ghuail sna mianachaibh san mBreatain Bhig.
Acht tig athrú ar an saoghal leis an aimsir,
agus b' éigin do'n bheirt sgaradh le chéile;
chuaidh an Breathnach 'na mhairnéalach ar bórd
luinge, agus súil níor leag sé ar a
shean-chomráide ar feadh ocht nó naoi de
bhliadhantaibh; agus maidir leis an Mainníneach,
ag stracadh leis an saoghal bhí seisean ar feadh
an achair agus tásg ná tuairisg ní bhfuair sé
ar an bhfear eile gur casadh an bheirt aca ar
a chéile ar an tsráid i nGaillimh.



Ní raibh súil ag ceachtar aca go gcasfaidhe
an duine eile air arís choidhche ar an saoghal
seo, agus d' fhanadar tamall beag deas ag
féachaint ar a chéile gan focal a rádh. Sé an
Breathnach is túisge labhair.



“Ní féidir gurab é Máirtín Ó Mainnín atá
agam annseo,” ar seisean.



“Mh'anam gurab é, an fear ceannann
céadna,” arsa Máirtín.


L. 54


Annsin d' aithnigh sé an té chuir cainnt air.



“Antoine Breathnach thar a bhfaca mé ariamh!”
arsa Máirtín, “leag annseo í, a dhiabhail,”
agus thosuigheadar ag creathadh lámh le chéile
go muinnteardha.



Chuir an Breathnach na céadta ceisteanna ar
an Mainníneach, chuir an Mainníneach na mílte
ceisteanna ar an mBreathnach, acht níor thug
ceachtar aca uain do'n duine eile freagra
thabhairt ar aon cheist.



Isteach leó beirt i dteach ósta i n-aice leis
an dug, go mbéadh cómhrádh aca le chéile ar a
suaimhneas.



Ní raibh siad i bhfad ann go raibh fios ag an
Mainníneach gur eirigh maith go leór sa saoghal
leis an mBreathnach, go raibh sé 'na mháta ar
luing, go raibh an long sin ar an ród le lucht
plúir agus mine buidhe, agus go gcaithfeadh sí
seachtmhain ar a laghad ann sul a bhféadfadh sí
dhul isteach sa dug. Ní raibh — ní raibh sé thiar sa
mbaile fós, acht bhí súil aige go bhféadfadh sé
cuairt thabhairt ar a mhuinntir i gceann cúpla lá.
Cé 'n chaoi a raibh an saoghal aca? Bhí náire agus
leisg air a rádh nár chuir sé litir chuca leis na
bliadhantaibh, agus nach bhfuair sé aon sgéala
uatha acht oiread; acht i gceann cúpla lá ar
ndóigh bhéadh fhios aige 'ch uile shórt. Nuair d'
fhiafruigheadh an Breathnach dá charaid cé mar
éirigh an saoghal leis féin ó sgaradar le chéile,
ní abruigheadh sé aon rud níos cruinne ná gur
ag stracadh leis an saoghal bhí sé i gcomhnaidhe.



“Agus an fada i nGaillimh thú?” arsan
Breathnach.


L. 55


Athrú indé tháinic mé,” arsa Máirtín, “acht
nuair nár aithnigh aon duine mé níor chuir mé
aon cheist orra.”



Agus ó bhí an bheirt aca sa gcás céadna, agus
gan aon eólas aca ar ar thárla 'na mbaile
dhúthchais ó d' fhágadar é, thosuigheadar ag cur
síos ar an saoghal bhí ann i dtosach a n-óige …



Istigh i seómra bheag ar chúl an tsiopa bhíodar,
agus an té bhéadh ag féachaint orra thríd an
bhfuinneóig agus a chloisfeadh a gcuid cainnte,
thabharfadh sé an leabhar nach raibh rún i gcroidhe
ceachtair aca nach raibh fhios ag an duine eile.
Acht bhí. Bhí rún i gcroidhe an Breathnaigh nár
nochtuigh sé ariamh, agus bhí an rún céadna i
gcroidhe an Mhainnínigh i nganfhios do'n tsaogh-
al; agus sé an rún sin thug an bheirt aca
abhaile.



Do h-ath-nuadhuigheadh an tsnaidhm cáirdeasa
bhí eatorra i dtosach a saoghail. Thosuigheadar
ag cur síos ar a n-óige, agus ar an spóirt
agus an sgléip bhíodh aca, ar na daoine bhí
ann an uair sin agus ar na cleasa d' imrightí
ar chuid aca; ní raibh fhios ag ceachtar aca
céard d' éirigh do na daoine bhí i gceist aca
acht ba bhreágh leó bheith ag cur síos orra 'na
dhiaidh sin féin, agus ár ndóigh, bhéadh fhios aca
gach uile shórt 'na dtaobh i gceann cúpla lá.



Glaodhadh ar chúpla gloine eile agus do
h-óladh iad.



Tógann an t-ól an croidhe. Bogann sé an
teanga, mór mhór imeasg carad nár casadh le


L. 56


chéile leis na bliadhantaibh. Bhí an bheirt 'na
dtost ar feadh sgathaimh bhig — an Mainníneach ag
smaoineadh ar shaoghal a óige agus an Breathnach
ag féachaint go dólásach ar an mbraon
uisge beatha bhí ag spréacharnaigh faoi sholus na
gréine i dtóin a ghloine.



Thóg an Breathnach a cheann go tobann.



“Cogar mé leat, a Mháirtín,” ar seisean,
“nach raibh aithne mhaith agatsa ar Bríghidín a'
Bhailis fadó — Brighidín Mháire Mhóir?”



Gheit an Mainníneach. Baineadh preab as. Ní
raibh aon tsúil aige go gcuirfidhe a leithéid de
cheist air, agus b'fhorus fheiceál go raibh sé trí
n-a chéile …



“Bhí,” ar seisean, acht níor labhair sé a
thuilleadh.



Bhí an fear eile ag cainnt faoi Bhrighidín ghá
moladh go mór, agus ag innseacht sgéalta 'na
taobh, acht shíltheá ar Mháirtín nach raibh aon
áird aige ar a ghlór acht é ag féachaint amach
roimhe gan cor as. Tháinic an chainnt chuig an
mBreathnach, ba gheall le file é ag moladh a
chéad-ghrádha, gur cheap an Mainníneach go
bhfaca sé an bhean óg ós a chomhair amach i mbláth
a h-óige, gur cheap sé gurab é féin bhí ag rádh
na bhfocal binn fileata sin bhí ag déanamh ceóil
'na chroidhe agus 'na chluais …



“Stop! Stop! Stop a dhuine!” ar sé go
tobann agus é 'na sheasamh ós comhair an fhir
eile.



Ghabh iongantas an Breathnach. Bhí sé ar tí
magadh dhéanamh faoi acht nuair d' fhéach sé níos
géire air ní dheárna. D'fhéach an bheirt fhear


L. 57


isteach i súilibh a chéile, thuigeadar go mb' é an
sgéal céadna aca é, chraitheadar lámh le chéile …



I gceann tamaill labhair an Breathnach:



“Ar iarr tú uirri thú phósadh ariamh, a Mháirtín,
a dhearbhráthair?” ar seisean.



“Níor iarr.”



Níor dhubhairt sé gurbh' é an fáth gur fhág sé an
baile i dtosach le roinnt airgid dhéanamh go
bpósfadh sé, agus gur theip air.



“Ar iarr tusa uirri thú phósadh, a Antoine?”



“Níor iarr.”



Cúpla noiméad eile dhóibh 'na dtost agus an
bheirt aca ag smaoineadh ar an mnaoi sin dá
dtugadar gean i dtosach a n-óige.



“Meas tú cé'n bhail atá uirri anois, a
Antoine?”



“Í pósta is dócha, a Mháirtín.”



“Agus muirighin mhór uirri —”



“Mara bhfuil sí faoi 'n bhfód —”



“Cé 'n chaoi 'mbéadh? Nach raibh sláinte an
bhric aici —”



Agus thosnuigheadar ag innseacht dá chéile
faoi Bhrighidín: ár ndóigh ní raibh ariamh sa
gconndae bean níos feárr ná í i mbád, ná ar
mhuin capaill, ná ar aon bhealach eile a mbéadh
lúth agus misneach agus dánacht ag teasdáil ó
dhuine? Agus cá raibh an t-ógánach bhí chomh maith
léithi ag bualadh báire, agus í 'na gearrchaile
óg? Nár mhór an t-aoibhneas do dhuine bheith
ag féachaint uirri ag imtheacht léithi de dhruim
chnuic ar nós na heilite?



“Bhfuil fhios agat céard dhéanfas muid, a
Antoine?” arsa Máirtín.


L. 58


“Níl fhios.”



“Dul siar le cuairt thabhairt uirri láithreach.”
Agus do socruigheadh é sin do dhéanamh.



Ar maidin lá 'r n-a bhárach, bhíodar beirt
thiar i gCluain Droma, áit a raibh (nó a mbíodh
comhnaidhe ar Bhrighid). A thúisge is shroicheadar
an baile thugadar cuairt ar theach na mná óige
gan a tuairisg chur ar aon duine. An tsean-
bhean, máthair na mná óige, bhí istigh rómpa agus
bíodh is nár aithnigh sí iad chuir sí fáilte gheal
rómpa.



Ghlan sí dhá chathaoir do na stróinséiribh,
shuidheadar siúd i n-aice an dorais, mar bhí an
lá brothallach, d'fhéachadar ar a chéile agus
leisg orra innseacht do bhean a' tighe cé'n gnó
thug an bealach iad.



Sé an Mainníneach labhair i dtosach:



“Agus cé 'n chaoi a bhfuil … a bhfuil
Brighidín?” ar seisean agus síltheá go bhfaca
sé gach lá le na bliadhantaibh í — agus b' fhéidir
go bhfaca freisin 'na bhrionglóidibh.



D'aithnigh bean a' tighe an bheirt nuair labhradh.



“Tá sí níos feárr indiu,” ar sise, “ar
mhaith libh í fheiceál?”



Ba mhaith ár ndóigh. Nach le n-'aghaidh sin tháinic
siad an bealach?



Seóladh siar sa seómra iad. Bhí leabaidh faoi
'n bhfuinneóig fosgailte, agus duine éigin 'na
chodladh innti. Chrom an tsean-bhean agus an
bheirt fhear ós cionn na leabthan agus ní bréag
a rádh gur baineadh preab as an mbeirt. Sí


L. 59


Brighidín bhí sa leabaidh agus dath an bháis ar a
h-éadan.



“Ní dhéanann sí mórán codalta san oidhche
ó tháinic an galar uirri, acht tuiteann néal beag
uirri i gcaitheamh an lae go minic,” ars an
tseanbhean.



Ní raibh fhios ag an mbeirt fhear cé'n galar bhí
uirri, nó cá fhaide ó bualadh síos í, acht líonadh
a gcroidhe le brón agus doiligheas nuair
chonnaiceadar an bhail thruaighmhéileach bhí ar an
gcailín aerach spóirteamhail dá dtugadar beirt
gean tráth. Ní raibh innti acht cnámha agus
craiceann, agus an craiceann sin chomh bán leis
an sneachta séidthe agus chomh lonnrach le céir.
Marach go bhfacadar í ag corruighe a lámh
cheapfaidís go raibh sí marbh.



Dhúisigh an bhean bhí sa leabaidh. Thóg sí a
ceann roinnt. D'fhéach sí ar an mbeirt fhear
agus tháinic loinnir bheag 'na h-éadan. Chuir an
tsean-bhean an piolúr faoi n-a guailnibh agus
chroch sí suas sa leabaidh beagán í.



“Níl sí i n-ann cor chur dhi uaithi féin,” ar
sí leis an mBreathnach ós íseal, “agus tá ocht
mbliadhna caithte ó d'fhág sí an leabaidh sin,”
acht níor fiafruigheadh dhi cé'n timpist d' éirigh
do'n mhnaoi óig go raibh sí 'na h-othar leis an
achar sin.



Nuair bhí Brighidín deasuighthe sa leabaidh do
shuidh an Breathnach leath-taobh dhí agus do shuidh
an Mainníneach ar an taobh eile. Thosuigh an
tsean-bhean ag innseacht dóibh gur tháinic galar
éigin i gcnámhaibh na hinghine agus nach raibh
innti cor a chur dhi ó shoin. Ní raibh i gceachtar


L. 60


de'n bheirt focal a rádh acht iad ag machtnamh
ar chruadh-chás na mná sin chleachtuigheadh gach
cineál spóirt agus aoibhnis i dtús a hóige, agus
bhí na corp beó sa leabaidh le na bliadhantaibh.



Nuair d' imthigh an tsean-bhean amach sa
gcistinigh d' innis an Breathnach di cé'n truaigh
mhór bhí aca beirt dhi, chuir sé i gcuimhne dhi an
chaoi chleachtuigheadh sí snámh agus marcaidheacht,
coisidheacht agus caitheamh-léim 'na hóige, acht
chuir Brighidín isteach air:



“Ná bíodh aon truagh agaibh dhomsa,” ar sise,
“mar tá mé chomh sona sásta is bhí mé ariamh
le mo bheó bíodh is gur othar bocht mé gan
fóirthín i ndán dom acht fóirthín an bháis …
Tá Dia cóir, agus sgapann sé a chuid bronnta-
nas ar lag agus ar láidir, ar naomh agus ar
pheacach; agus ó bhroinn go huaigh, agus an uile rud
chur le chéile, ní bhfuigheann aon duine beirtear
níos mó ná níos lugha ná a chéile de shuaimhneas
an tsaoghail seo … Féach mise, nuair bhíos
goradh ó'n ngréin laghduightear ar mo phéin,
tógtar mo chroidhe agus ní bhíonn duine beó
níos suaimhnighe ná mé … Tig an t-earrach
bog tais; athruighthear mo leabaidh go dtí an
fhuinneóg fhosgailte, tig cumhracht an mhachaire
agus an chnuic agus na fairrge chugam ar an
ngaoith, agus mar an féidir liom eirghe agus
bualadh liom amach ar fud na mbánta, is eól
dom go bhfuil an sgéal níos measa faoi chéad
ag daoine eile. Agus an té a bhfuil lúth na
ngéag aige, má bhíonn a ordóg siúd tinn is mó
chuireann sé as dó ná fhulaing mé ariamh de
phiantaibh … ná bíodh aon truagh agaibh domsa


L. 61


a cháirde, mar ní theastuigheann a leithéid uaim:
tá Dia cóir agus is iomdha seód uasal bhronn
Sé ormsa i nganfhios do'n tsaoghal. Éistigidh
leis an londubh sin …”



Acht bhí Brighidín chomh traochta sin nár eirigh
léithi an chainnt a rádh. Leig sí siar a ceann ar
an bpiolúr, dhún sí a dhá súil go gceapthá gur
corp bhí aca sa leabaidh.



Nuair tháinic an mháthair isteach arís dubhairt
sí:



“Mar sin bhíos sí i gcomhnaidhe,” ar sise,
“cúpla uair agus misneach agus brígh agus
fuinneamh innti; cúpla uair eile agus gan
innti focal a rádh — acht is suaimhnighe agus is
sonasaighe í ó bhuail an galar í ná ariamh roimhe:
bronntanas ó Dhia cóir an tsástacht sin, agus
an uile thruaghán thuilleann é, ní séantar an
bronntanas sin air …”



D'fhéach an bheirt fhear táinic thar muir agus
thar tír leis an mnaoi óig dá dtugadar gean
i dtosach a n-óige agus d' fhill ar a mbaile
dhúthchais le n-a feiceál agus le n-a pósadh dá
bhféadfaidhe é dhéanamh, d'fhéachadar ar a chéile
go tuigsionnach, agus d'éaluigheadar amach as
an seómra go ciúin socair …



An oidhche sin agus an bheirt aca ag dul
isteach go Gaillimh níor labhradh focal go mb'
fhiú do sgéalaidhe innseacht acht an méid seo:



“Cé 'n chaoi a bhféadfadh fear mar mise corp
beó a phósadh?” arsan Mainníneach.



“ Ní fhéadfadh — agus ní fhéadfadh bitheamhnach


L. 62


de mo shórtsa naomh d' fhág Dia ar an talamh
leis an saoghal a mhaisiú agus le sompla thabhairt
do dhaoine a phósadh … arsan Breathnach.



Shroicheadar an baile mór. D'fhág an bheirt
dheóraidhe thug grádh do'n naomh slán gá chéile,
agus thugadar an domhan mór orra féin arís.


L. 63


GRACIE.



MUINNTEAR SHEAN-ÉAMUINN.



Bhí an Choill lán de cheóltaibh áilne: bhí an
londubh agus an chéirseach ann, an chuach agus
an tradhna, an smólach, agus an fhuiseóg agus
a phort féin ag gach ceann aca.



Bhí an Choill lán de shoillse áilne; bhí grian na
maidne ag eirghe agus ag dathughadh an domhain,
agus ní raibh aon bhall de is deise dathughadh
ná an Choill 'na raibh mé féin an mhaidin
bheannuighthe Bhealtaine sin.



Acht níor chuir na ceólta ná na soillse ná
an áilne bhí thart orm aoibhneas ar mo chroidhe.
Bhí cantal agus doicheall agus mí-shásaigheacht
orm: bhí an uile ghalar croidhe dá bhfuil ann
orm, nó shíleas go raibh, agus nach ionann sa
gcás é?



Thosuigh mé ag machtnamh ar chómhrádh bhí agam
le triúr de mhuinntir shean-Éamuinn le tuitim
na hoidhche — acht ní thuigfear mo scéal i gceart
mara gcuirfidh mé sean-Éamunn agus a
mhuinntir i n-aithne do'n léightheóir. De lucht
taisdil bóithre Éireann iad: dream ioldánach
iolcheárdach iad — tá gabhanna geala stáin orra,
tá caoladóirí, ceannuidhthe capall agus
gaduidhthe féin orra, acht nach ngoideann siad
acht rudaí bhíos ag teasdáil go géar uatha agus


L. 64


nach féidir fhághail ar airgead. Níl áit sa
gcúige nach gcasfaidhe leat iad, iad féin agus
a gcuid ban agus a gcuid páisdí, a gcuid
capall agus a gcuid asal agus iad ag déanamh
slighe agus saoghail dóibh féin.



Is minic castar liomsa iad agus mé ag
imtheacht liom ar mo bhealach agus tá aithne mhaith
againn ar a chéile agus meas dá réir. Bráithre
dhom anois iad …



An mhaidin bheannuighthe Bhealtaine seo, agus
mé liom féin sa gcoill aoibhinn, le heirghe
gréine, agus cantal agus galar croidhe orm,
thosuigh mé ag machtnamh ar chomhrádh bhí agam le
triúr aca an oidhche roimhe sin.



Bhíomar 'nár suidhe thart ar an teinidh ar
imeall na coille.



“An bhfaca aon duine agaibh Gracie le
goirid?” arsa duine aca; gaduidhe bhí ann —
gaduidhe nach ngoidfeadh acht an rud bhí i
n-easbaidh go géar air, póg ó mhnaoi áluinn, nó
an bhean féin dá mbéadh sí uaidh …”



D'eirigh an ceannuidhe capall (mar b'in í an
chéird bhí ag an bhfear bóthair seo), d'eirigh an
ceannuidhe capall 'na thost agus thosuigh sé ag
machtnamh.



Chuir an gaduidhe isteach ar a chuid smaointe.



“Ní fhaca tú í ó chuir sí an ruaig ort mar
sin,” ars' an gaduidhe.



“Dheamhan é,” agus chuir sé gail iongantach
i n-áirde uaidh.



“Agus cé'n t-achar ar chaith tú léithi?”



“Bliadhain, bliadhain gheárr …” Ní fear
fadálach bhí sa gceannuidhe capall gan aimhreas.


L. 65


Bhí an gaduidhe fiosrach, acht má bhí níor chuir
sin as do'n cheannuidhe capall. Bráithre d'aon
chumann b'eadh sinn uile go léir.



“Bliadhain gheárr …” ars' an gaduidhe de
ghlór bog bhí an-chosamhail le glór mná, “agus
tuige ar dhíbir sí thú, a bhráthair?” ar seisean,
agus bhí truagh 'na shúil agus 'na ghlór.



Chuir an ceannuidhe capall gail eile i n-áirde
uaidh.



“An t-ól,” ar seisean. Chaith sé an píopa
uaidh. Dhún sé a dhá bhéal ar a chéile. Bhí aithmhéala
an tsaoghail air de réir cosamhlachta.



Níor chuir aon duine isteach ar a bhrón go
ceann sgathaimh. Bhíomar uile go léir 'nár
dtost ag déanamh ár smaointe, agus truagh
an domhain againn dár mbráthair, do'n fhear
bocht chaill an bhean áluinn aisteach sin mar
gheall ar an ól. Is uirri bhíomar ceathrar ag
smaoineadh. Is beag nach bhféadfá ceapadh go
raibh sí annsin 'nár láthair acht nach bhféadfaidhe
í fheiceál.



Thosuigh londubh ag cantaireacht ar chraoibh le
n-ár n-ais.



Bhíodhg an ceannuidhe capall as a mhachtnamh
agus labhair sé leis an ngaduidhe.



“Agus cogar mé leat, a bhráthair ionmhuin,”
ar seisean leis an ngaduidhe, “an misde dhom
a fhiafruighe dhíot cé'n fáth gur chuir sí an ruaig
ort féin?”



Sgaoil an gaduidhe dhá fhocal uaidh.



“Bean eile,” ar seisean, acht bhí sé níos
fadálaighe ná an ceannuidhe capall, agus
thosuigh sé ag innseacht dúinn cé'n chaoi ar chaill


L. 66


sé an bhean aisteach áluinn sin ar a dtugtar
Gracie.



“Ní raibh innti acht girrseach,” ar seisean,
“girrseach bheag bhídeach de mhuinntir an bhaile
mhóir. Casadh liom sa tslighe í. Chaoch mé súil
uirri — dheamhan ar fhéad mé ariamh an nós sin
thréigeadh … cineál galair súl é creidim …
rinne sise gáiridhe — cé'n tubuisde bhí orm go
raibh an drad iongantach sin fiacal 'na béal,
go raibh a dhá súil chomh soillseach le dhá linn
sléibhe faoi sgalladh gréine, go raibh a hiomchur
chomh gleóite leis an eala ar an tuinn … Tá
aithne agaibh orm, a bhráithre — an call dom
innseacht díbh gur chuir mé lámh faoi n-a com?”



Leig an gaduidhe osna. Bhí sé chomh smaointeach
is bhí an ceannuidhe capall ar ball beag. Acht
lean sé dá sgéal.



“Agus, a bhráithre,” ar seisean, go truaigh-
mhéileach, “cé thiocfadh orainn, a bhráithre, acht
Gracie … Tá fhios ag an uile dhuine agaibh
chomh h-éadmhar is bhíos sí — má bhíonn fear aici,
bíonn sé aici idir colainn agus anam, agus
cá'l an fear d'fhéadfadh a rádh go ndeárna sí
suirighe féin leis tráth go raibh céile aici?”



D'aontuigheamar nach raibh a leithéid ann.



Chaith an gaduidhe smugairle uaidh. Rug sé ar
a phíopa agus thosuigh dhá líonadh. Bhí fhios agam
go raibh a sgéal beagnach críochnuighthe. Leig sé
osna eile.



“An call dom tuilleadh a rádh!” ar seisean,
“bhí an diabhal faoi 'na súil nuair chonnaic sí
mé féin agus an ghirseach … ‘Imthigh,’ ar sise,


L. 67


‘sguab leat,’ ar sise, ‘agus ná feicim arís ar
an saoghal seo thú.’ ”



Leig an gaduidhe osna eile.



“Agus an gean bhí againn dá chéile,” ar
seisean, go truaighmhéileach, agus níor leig an
doilgheas dhó focal eile a rádh an oidhche sin.



“Maidir leatsa, a bhráthair,” ars' an cean-
nuidhe capall leis an tríomhadh fear — caoladóir
bhí ann agus níor labhair sé focal i gcaitheamh na
haimsire, “maidir leatsa, a bhráthair,” ars' an
ceannuidhe capall “tá fhios ag an saoghal cé'n
chaoi ar chaill tusa í …” acht tá an sgéal sin
chomh haisteach sin nach féidir liom é innseacht
anois. Nuair bhéas mé-féin agus tú-féin, a
léightheóir, na cosa faoi bhórd againn, agus …



Thosuigh an londubh arís. Shíltheá gur ag
éisteacht leis bhíomar. Níorbh eadh. Ag
smaoineadh ar mhnaoi na leannán bhíomar.



“Agus bhfuil aon leannán aice anois?” ars'
an ceannuidhe capall.



“Níl,” ars' an caoladóir.



“Níl,” ars' an gaduidhe.
Agus d'fhéachadar triúr ormsa ar nós an-
aisteach …



IDIR DHÁ CHOMHAIRLE.



Rinneas machtnamh fada doimhin ar an gcomhrádh
bhí agam leis an triúr ar imeall na coille agus
go mór-mhór ar an bhféachaint thugadar dhom
nuair dubhradar nach raibh fear ná céile ag
Gracie faoi láthair. Cuireadh b'eadh an fhéachaint


L. 68


sin. Dubhshlán b'eadh í; an mbéadh sé de
mhisneach agam …



Chuireas an sgéal trí n-a chéile. Ar an gcéad
chur-síos thaithnigh an bhean liom — acht an dtaith-
neóchainnse léithi? Bhíomar an-chosamhail le
chéile ar bhealaigh; bhí an fonn céadna
coisidheachta agus siubhlóide orrainn, an fonn
céadna orainn beirt bheith faoi spéirthe
neimhe de ló agus d'oidhche, an ghráin chéadna
againn do na cathrachaibh móra mar a bhplúchtar
daoine, roinnt de'n fhiadhántas céadna ag
baint leis an mbeirt againn; nach sílfeá ó'n
méad sin go mbéadh sé réidh go leór againn
cuid dár saoghal chaitheamh i bhfochair agus i
gcuideachtain a chéile?



Agus gan bréag ar bith dhéanamh bhí an bhean
go h-áluinn: chuirfeadh sí aoibhneas croidhe ar
dhathadóir; ceann deagh-chumtha, muineál bhí
beagán beag ró fhada agus ró chaol, b'fhéidir,
folt bhí chomh dubh le háirne amach sa bhfóghmhar,
acht cé d'fhéadfadh cursíos ar a súile? Bhí
aistidheacht agus fiadhántas a h-anma dhá nochtadh
ionnta de ghnáth. Chonnaic mé féin boige
ionnta uair agus ní fhaca mé an bhoige chéadna
i n-aon tsúil ó shoin … Chonnaic mé drithle
na buile ionnta uair eile — agus cuireadh uamhan
orm. Shíl Orpen dathadóir a samhail chur i
gceann dá chuid pictiúirí acht theip air; níor
eirigh leis na súile thabhairt leis.



Bhí gleóiteacht agus maordhacht 'na hiomchur;
uabhar agus dánacht 'na siubhal — chonnaic mé
fhéin leath aonaigh ag féachaint uirri agus í ag
gabháil an tsráid …


L. 69


Thosaigh mé ag cuimhneadh annsin agus mé 'mo
luighe ar chnámh mo dhroma sa gcoill chraobhaigh
le heirighe gréine, thosaigh mé ag cuimhneadh ar
an uile uair dár casadh le chéile sinn ó thús.
Cheapas go raibh sí níos muinnteardha agus níos
lághaighe liom i dtosach, sul ar chuireamar aithne
ró mhaith ar a chéile. Is minic castaidhe an
bheirt againn ar a chéile ar aonach nó ar mhargadh,
agus bhíodh dreas comhráidh againn le chéile;
castaidhe liom freisin í ar na bóithribh móra ag
dul annseo nó annsúd dhúinn, shiubhladh an
bheirt againn sgathamh le chéile, an capall bhí
aice-se agus an t-asal bhí agamsa ag gluaiseacht
go mall roighin romhainn amach. Dá mbéadh a
cuid tae caithte aici agus gráinne uaithi
gheibheadh sí uaimse é. Dá mbéadh an siúcra i
n-easnamh ormsa, ní bhéadh orm acht é iarraidh
uirri. Bhíodh áthas orainn beirt nuair castaidhe
ar a chéile sinn; bhíomar díreach ar nós beirt
fhear bhéadh lághach muinnteardha le chéile …



Acht tháinic athrughadh uirri leis an aimsir. De
réir a chéile tháinic an t-athrughadh seo. Is ar
éigin d'fhéadfá a rádh go raibh a leithéid
d'athrughadh ann ar chor ar bith. Acht bhí; agus
ní fada gur mhothuigheas féin é agus bhí brón
mór orm faoi.



Tuigfear níos fearr ó'n méid atá 'mo dhiaidh
cé'n sórt athruighthe atá i gceist agam.



Nuair d'fheiceadh sí ag teacht an bóthar mé ní
leigeadh sí a sean-sgairt croidheamhail
fáilteamhail orm; ní leigeadh sí uirri go mbínn
buailte léithi beagnach go raibh mo leithéid ann
ar chor ar bith.


L. 70


Corr-uair le deireannaighe ní iarradh sí tae
ná aon rud eile orm bíodh is go mbíodh sí 'na
easbaidh go géar go minic. Agus dá bhfeiceadh
sí m'asal beag féin, agus mo phuball, istigh i
bpáirc nó istigh i ndoire coille, is beag baoghal
go gcuirfeadh sise a capall féin isteach san áit
chéadna, mar ba ghnáthach léithi roimhe seo.



Bhí iongnadh orm faoi'n athrughadh seo tháinic
uirri. Níor thuigeas cé'n fáth bhí leis. Níor
thugas aon mhasladh dhí ariamh. Easonóir dá
laghad ní bhfuair an bhean uaim cuma cé'n áit
'na mbíodh an bheirt againn; céard bhí uirri?



Ní bhéadh a fhios agam sin marach dhá rud
thugas faoi deara sgathamh geárr ó shoin. Gach
uile uair dá dtáinic mé uirri i ngan fhios le
goirid thagadh luisne 'na gruadh: thagadh náire
agus cuthalacht aisteach uirri go minic agus í
im' aice: agus cúpla uair, nuair nach raibh aon
cheapadh aici go bhfacas í, thugas faoi deara go
raibh sí ag cur na súl thríom agus boige na
boige ionnta …



Bhí fhios agam go raibh an sean-cheangal bhí
eadrainn sgaoilte: bhí fhios agam nach bhféad-
fainn féin agus an bhean seo imtheacht linn le
cois a chéile i mbéal an uaignis arís choidhche:
bhí fhios agam nach mbéadh sé 'nár gcumas bheith
mar bhéadh beirt fhear nó beirt bhan feasta:
fear agus bean bhí ionainn dár mbuidheachas —
seadh, fear agus bean agus duine aca …



Bhí an-truagh agam do'n mhnaoi áluinn. Thuig
mé cé'n fáth go mbíodh sí ag iarraidh éalughadh
uaim le tamall. Nochtuigheadh dhom an rún bhí
'na croidhe.


L. 71


A dhul ar a tóir? Bhíos cinnte go mbéadh sí
sásta liom mar fhear — go dtí go ndéanfainn
rud as bealach mar rinne an triúr bhí ag cainnt
liom aréir: annsin is cinnte go gcuirfeadh sí
an ruaig orm díreach mar chuir sí orra-san é.
Cá bhfios nach mbéinn féin tuirseach di roimhe
sin? Nó ise tuirseach díomsa? Nó an bheirt
againn tuirseach dá chéile?



Acht an saoghal bhí caithte aici? An sraith
leannán bhí aici le deich mbliadhna anuas? Mar
dubhairt an ceannuidhe capall aréir agus sinn
ag cur síos orra ar imeall na coille — cá
bhfuil an fear (ar seisean) d'fhéadfadh a rádh le
fírinne go ndeárna sí suirighe féin leis fhad is
bhí rud ar bith i gcosamhlacht fir aici féin? Cé
aige bhfuil sé de mhisneach an chéad chloch chaitheamh
le n-a leithéid de mhnaoi?



D'eirigh mé agus rún 'mo chroidhe …



M'FHEISTEAS.



D'eirigh mé agus rún 'mo chroidhe dhul ar lorg
na mná. Sgaoil mé dhíom anuas an brat trom
bróin bhí dhom chrádh le sgathamh maith aimsire.
D'eirigh mé óg croidheamhail, meidhreach. Chuir
mé amhrán grádha díom, agus mé istigh annsin
i lár na coille craobhaighe le heirghe na gréine …



Bhí togha na haithne agam ar Ghracie. Bhí fhios
agam go rí-mhaith go mbéadh sé fánach ag fear
dhul ar a tóir gan é dhéanamh ar an dóigh bhí
leagtha amach ag a muinntir le na céadta
bliadhan. Bhí mé sáthach eólasach ar nósaibh a


L. 72


treibhe fios bheith agam nach ndéanfadh sé cúis
ar chor ar bith gan feisteas bhéadh feileamhnach
do'n ócáid bheith orm, feisteas de'n tsórt bhí
ar a hathair nuair d'iarr sé ar a máthair bóithre
an tsaoghail shiubhal leis agus mar bhí ar a
sean-athair nuair chuir sé an cheist chéadna ar a
sean-mháthair …



Acht cá raibh a leithéid de chulaith le fághail?
Dheamhan thumanta falach bhí agam 'mo bhosca sa
gcárrín asail acht baill éadaigh d'fheilfeadh maith
go leór do'n chathair acht nach bhfeilfeadh ar chor
ar bith do'n ócáid seo. Tú bheith gléasta mar
bhéadh boc óg ó Chathair na gCliath agus tú a' dul
ar lorg mná de shean-treibh na mbóithre go raibh
nósmhaireacht a muinntire féin fighte léithi — ár
ndóigh ní dhéanfadh sé cúis ar aon tsórt cuma.
An chulaith bhíodh orm de ghnáth agus mé ag
imtheacht liom, mé féin agus m'asal beag
dubh — bhéadh sé i bhfad níos feárr, acht ní
fheilfeadh an feisteas sin acht an oiread; ní
bhéadh aon chuid de shean-nósaibh treibhe na mná
ag baint leis an sgéal dá ndéantaidhe an obair
ar an dóigh sin. Agus an urraim bhí aici do na
nósaibh sin!



Bhí mé i dteannta. Bhí eagla an tsaoghail
orm nach mbéadh aon fhághail agam ar fheisteas
de'n tsort bhí uaim: agus gan feisteas de'n
tsórt seo bheith orm thuigeas 'mo chroidhe istigh
go mbéadh sé fánach agam bheith gá lorg mar
mhnaoi — cuirfidhe i gcéill di go ró-bheacht cé'n
difridheacht mhór bhí idir na cineadhchaibh dár
díobh sinn, bíodh is go raibh cuid mhór de ghnásaibh
agus de bhealaighibh a cinidh-sa ag baint liomsa.


L. 73


Chaithfinn an feisteas feileamhnach fhághail ar
ais nó ar éigin …



Bhí baramhail ag na sean-Ghaedhil nár tháinic
aon smaoineadh maith nuadh i gceann duine
ariamh acht ar bhruach uisge reatha. Bhuail mé
féin fúm ar charraig i lár srutháin bhí ag
gluaiseacht go clamhsánach thríd an gcoill. Bhí
an ghrian i n-áirde sa spéir faoi seo agus teas
mór uaithi. Acht bhí foscadh maith agam annsin sa
gcoill. Bhaineas díom na bróga. Thumas na
cosa teó sa sruthán le n-a bhfuaradh agus le
n-a nglanadh tar éis na hoidhche.



Bhí na maidí gréine ag déanamh bealaigh anuas
thrí úr-dhuilleabhar na coille 'mo thimcheall; áit
a dtuitfidís ar chaonach fliuch na gcloch bhí sa
gclaise d'fheictheá na mílte dath ag eirghe as,
áit a dtuitfidís ar mhion-thonntaibh an tsrutháin
chlamhsánaigh bhíodar ghá n-athrughadh go clochaibh
buadha. Agus an cubhar bhíodh ag teacht le
fánaidh an tsrotha, ní fhaca tú tuar-cheatha ariamh
bhí chomh háluinn daithte leis.



Bhí leac ann faoi uisge i bhfogus dom. Caonach
bog glas ar an lic sin. An t-uisge glégeal
ag cronán agus ag clamhsán thart air. Chaith
mé dhíom mo shean-bhalcaisí siubhail agus taisdil.
Shín mé mé féin ar an lic, ar an gcaonach breágh
bog go raibh mé uile go léir faoi uisge, acht
amháin cearcal beag bhí timcheall ar mo bhéal
agus ar mo shróin.



Dhúnas na súile. Thosuigheas ag cuimhneamh
cé'n saoghal aoibhinn bhéadh agam dá mbéadh an
bhean sin agam. Rinne mé machtnamh ar a
háilneacht, ar a fiadhantas, ar a huabhar, ar a


L. 74


cuthalacht — ní raibh éan ar chraoibh níos cuthalaighe
ná í ar bhealaigh; an aimsir bhéadh againn ag
imtheacht linn i mbéal an uaignis linn féin
beirt, mise 'mo shuidhe i n-áirde ar a cóisde
comhnaidhthe, ise istigh ann ag gléasadh ár gcuid
… an gcreidfear mé nár chuimhnigheas chor ar
bith an lá beannuighthe Bealtaine sin ar an
sreath leannán bhí aici romham?



Thog mé mo cheann roinnt. Bhí londubh ar
chraoibh os mo chionn. Ní raibh gíog uaidh acht é
ag féachaint anuas uaidh ar an ainmhidhe aisteach
bán bhí 'na luighe ar an lic chaonaigh faoi'n
uisge. Nuair chorruigheas féin, leig sé cúpla
“glú-u-u” as, agus d'imthigh leis.



Tháinic ceól ar mo bhéal féin — amhrán grádha
… bhéinn chomh sásta le haon fhear ar an saoghal
seo dá mbéadh an feisteas feileamhnach sin
agam go rachainn ar thóir na mná …



Chuala mé an torann chugam. D'eirigh mé 'mo
shuidhe agus d'fhéach thart orm, is cé d'fheicfinn
i bhfoigseacht fiche troigh dhíom acht mo dhuine an
ceannuidhe capall le n-a raibh mé ag cainnt an
oidche roimhe sin.



“Fáilte romhat, a bhráthair,” arsa mise.



“Go mairidh tú i bhfad,” ar seisean agus
bhuail sé faoi ar bhruach an tsrotháin.



D'fhiafruigh mé sgéala dhe. Ar mo lorg
tháinic sé. Bhí sé féin agus an caoladóir agus
an gaduidhe (triúr leannán bhí ag an mnaoi tráth
dá saoghal!) bhí an triúr aca ag cur síos orm
nuair d'fhágas slán aca aréir, agus cuireadh
chugam é féin 'na theachtaire uatha le rádh liom


L. 75


go ndéanfaidís a ndícheall an bhean fhághail
dom!



Marach an aithne bhí agam orra, agus ar
nósaibh na treibhe is cinnte go bpléasgfainn —
triúr leannán díbrigheadh ag iarraidh leannán
nuadh fhághail do'n mhnaoi dá dtug siad searc
uair!



Ghabh mé buidheachas leis agus d'innis mé dhó
céard bhí ag déanamh imnidhe dhom ó mhaidin.



“Tá a leithéid d'fheisteas agamsa, a
bhráthair,” ar seisean, “agus bhéaraidh mé dhuit
ar iasacht é.”



Chraitheamar lámh le chéile …



AN TRIÚR SIN.



Is beag an ceapadh bhí agam tráth dem' shaoghal
go gcasfaidhe eachtra chomh greannmhar liom
choidhche — mé 'mo luighe annsin lom nocht ar lic
chaonaigh i lár srutháin agus ceannuidhe capall
de threibh aisteach seachránach ag cur i gcéill
agus i dtuigsint dom go ndéanfadh sé a mhíle
dícheall an bhean dubh áluinn bhí 'na leannán
aige fhéin tráth fhághail domsa! Seadh, agus go
gcuideóchadh a cháirde an caoladóir agus an
gaduidhe leis — beirt eile dár chuir sí an ruaig
orra! Agus maidir le feisteas feileamhnach
le dul ghá h-iarraidh, ár ndóigh thabhafadh sé dhom
é agus na múrtha fáilte! 'Tuige nach dtiúbhradh
— nach raibh cumann bráithreachais déanta agam
leis fhéin agus le n-a mhuinntir?



Shín sé an píopa chugam agus thosuigheas ghá


L. 76


chaitheamh. Bhí an ghrian ag sgalladh anuas orm.
Chuir mé mo shean-cháibín ar mo cheann. Ní fhaca
tú aon fheic ariamh acht an bheirt againn — mise
gan falach orm acht an cáibín donn caithte,
píopa 'mo bhéal agus mé dhom ghrianadh féin ar
an lic; eisean caithte ar an mbruach, sop 'na
bhéal aige, a aghaidh soineannta lághach 'na mílte
roc le teann smaointe agus teasa.



D'fhan an bheirt againn tamall deas 'nár
dtost. Shíltheá gur ag éisteacht le ceoltaibh
éagsamhla na coille bhíomar dá dtagthá orainn.
Níorbh eadh, acht an bheirt againn ag smaoineadh
ar an mnaoi áluinn aisteach bhí aige-sean tráth,
agus bhéadh agamsa amach annseo dá mbéadh an
t-ádh orm. Labhair mise.



“Tá mé an-bhuidheach díot, a bhráthair,”
adeirimse, “faoi go bhfuil tú toilteanach an
feisteas thabhairt dom le dul ar lorg na
mná —”



Chuir sé cosg liom. Nach bráithreacha bhí
ionainn?



“Acht aontuigheann tú liom,” arsa mise,
“nach mbéadh aon fhághail agam uirri dá
n-iarrfainn í gan an feisteas ceart bheith orm,
gan mé bheith gléasta ar shean-nós a treibhe.”



“Fíor dhuit sin, a bhráthair.”



Bhíos féin ar an mbaramhail sin acht ní raibh
mé cinnte dearbhtha dhe. Chuimhnigh mé ar an
luisne thagadh 'na gruadh nuair thagainn uirri i
nganfhios; chuimhnigh mé ar an mboige bhíodh
'na súilibh iongantacha; chuimhnigh mé ar chomhar-
thaíbh beaga eile; má bhí aon nidh fíor ar an
saoghal seo bhí gean aicí dhom …


L. 77


Fear géar-chúiseach bhí sa gceannuidhe capall.
Bhí sé ag féachaint orm faoi na malaibh agus na
súile leath-dhúnta aige fhad is bhí na smaointe
seo 'mo cheann. Thuig sé céard bhí 'm' intinn.



“Cuma cé'n grádh atá dhuit, a bhráthair,” ar
seisean, “ní bhfuighidh tú go deó í mara n-iarrfaidh
tú i gceart í — ar an sean-nós mar is dual
dár muinntir. Ar an gcéad chur-síos ní mór
duit bheith gléasta mar ba chóir” — agus d'innis
sé dhom an uile bhall éadaigh bhí riachtanach.



“Ar an dara cur-síos,” ar seisean — acht níl
de chead agam innseacht céard atá ar fhear
rachas ar lorg mná de'n treibh ársa seo dhéanamh.
Ní nochtuighthear na rúin sin acht do dhuine
ghnídheas bráithreachas leó, do dhuine díobh féin
de réir fola nó togha …



Mhúin sé cuid mhór de'n ealadhain seo dhom
agus an bheirt againn le cois an tsrotháin
istigh i lár na coille craobhaighe. Bíonn an
urraim chéadna ag an treibh ársa seachránach seo
do'n ‘iarraidh’ nó ‘iarraidh na mná’ is bhíos
ag Críostuidhthe do'n phósadh. Go deimhin is
ionann é agus pósadh, acht nach mbíonn na
riaghlacha céadna ná na coingheallacha céadna
ag baint leis is bhíos le pósadh na hEaglaise.



Is iomdha rud bhíos le cuimhneamh ag an
bhfear bocht, go mór-mhór ag na bhfear bocht nár
rugadh agus tógadh é imeasg na ndaoine seo.



Ba dheacair an ceannuidhe capall a shásughadh.
B'éigin dom ‘an iarraidh’ dhéanamh fá thrí,
agus annsin ní raibh sé acht leath-shásta le n-a
dhalta.



“Anois, a bhráthair,” ar seisean, “leigfidh


L. 78


mise orm gur mise an bhean agus go bhfuil
tusa teacht dom' iarraidh.”



Rinne sé amhlaidh. Agus deirimse leatsa
go raibh dráma aisteach againn annsin le cois
an tsrotháin! Eisean 'na bhean áluinn mhaordha
— Gracie 'deile? Mise ghá h-iarraidh de réir
sean-nósa na treibhe …



Dráma aisteach iongantach gan aon aimhreas!
Acht má chuimhnightear go raibh seisean 'na
leannán aici tráth, nach aistighe míle uair é?



“Gluais liom anois, a bhráthair,” ars' an
ceannuidhe capall, “agus bhéaraidh mé an
feisteas duit.”



D'imthigh linn le cois a chéile thríd an
gcoill …



Sheas mé féin. Tháinic smaoineadh eile 'mo
cheann.



“Féach, a bhráthair,” arsa mise agus imnidhe
orm, “ní deas an rud é,” adeirimse, “má
aithnigheann sí an feisteas bhéaras tusa dhom,
agus ní abróchainn nach n-aithneóchaidh — níl sé
ró fhada mar sin ó bhí an ceangal eadraibh …”



“Acht ní hé m'fheisteas-sa amháin bhéas ort,”
ar seisean, “acht cuide dhé, agus cuide de
fheisteas an chaoladóra agus cuide de fheisteas
an ghaduidhe … gléasfaidh mise thú ar bhealach
's nach n-aithneóchaidh sí cé'n feisteas bhéas
ort.”



Shásuigh sé sin me, agus ní fada an t-achar
gur shroicheamar cóisde áluinn comhnaidhthe an
cheannuidhe capall.


L. 79


Chuireadh a dhá chapall bhreághtha faoi agus
d'imthigh linn ag triall ar an mbeirt eile, ar
an gcaoladóir, agus ar an ngaduidhe — an
bheirt eile leannán bhíodh aici!



Annsin thosuigh an obair i gceart. An triúr
fear sin dom' ghléasadh agus dom' dheisiughadh
le dul ag triall ar mhnaoi chuir ruaig agus
díbirt ar gach duine aca!



Maithtear dhom … dá gcuirfinn síos ar an
gcuid seo de'n sgéal, thiocfadh tinneas cinn
orm le teann gáiridhe; acht nuair d'fhéach mé
isteach i gceann de na sgátháin bhí i gcóisde
comhnaidhthe an cheannuidhe níor chreid mé mo
shúile.



AN TÓRAIDHEACHT.



D'fhágas slán ag an triúr, ag an gceannuidhe
capall, agus ag an gcaoladóir agus ag an
ngaduidhe, agus ghluais liom ar thóir na mná
duibhe. Ní raibh fhios ag aon duine cá raibh sí go
cinnte, acht bhí baramhail againn uile go léir go
mbéadh sí ar na rásaibh ar an gCurrach ag iarraidh
roinnt airgid a mhealladh ó dhaoine go raibh
níos mó de'n airgead ná de'n chéill aca.



Thugas féin aghaidh ar an áit sin, mé féin is
m'asal beag dubh …



Ní bhéadh na rásaí ar siubhal go ceann
seachtmhaine 'na dhiaidh sin acht bhí súil agam go
gcasfaidhe orm í ar an tslighe. Cé'n fháilte
bhéadh aici rómham? Nuair d'fheicfeadh sí an


L. 80


feisteas bhí orm, bhéadh fhios aici ce'n gnó thug
an bealach mé; an nglacfadh sí le m'iarraidh?
Nó an amhlaidh go dtiúbhradh sí masladh dhom go
raibh sé de dhánacht ionnam a leithéid féin de
mhnaoi áluinn deagh-chumtha iarraidh? Ní raibh
mé féin an-dathamhail an lá ab fheárr bhí mé —
thagadh droch-mhisneach orm nuair chuirinn an
bhean áluinn mhaordha sin agus spriosán de mo
shórt-sa i gcomórtas.



Acht an luisne bhíodh 'na gruadh, agus an
bhoige bhíodh 'na súilibh — chuireadh na comharthaí
sin misneach orm arís; acht ní fada mhaireadh
an misneach sin — thosuigh diabhal éigin istigh
ionam ag cur i gcéill dom nach mbíodh an
luisne ná an bhoige le feiceál acht nuair bhíodh
sí ag cuimhneadh ar dhuine éigin de na leannáin
bhí aici!



Bhí mé cráidhte go leór. Bhí bacaigh agus lucht
taisdil na gcúig gcúige ag triall ar na rásaibh
shíltheá; is beag duine de mo lucht aitheantais
casfaidhe orm sa tslighe nach gcuirinn a
tuairisg air — súil agam nach raibh sí i bhfad
uaim, súil agam go raibh, agus nach mbéadh orm
iarraidh go ceann tamaill eile: aithmhéala eile
nach gcastaidhe gach uile lá orm í; mé idir dhá
chomhairle dhul ar aghaidh agus filleadh; mé
ciaptha cráidhte céasta aici, í féin agus a
súile dubha, agus a malaí slíme, agus a hiomchur
maordha, a háilne aisteach, a fiadhántas anma,
a draoidheacht …



Dá nglacfadh sí liom! Thosuigh mé ag machtnamh
ar na bliadhantaibh fada bhéadh againn le chéile,


L. 81


ar na bóithre fada cama bána bhéadh le taisdeal
againn, mise 'mo shuidhe i n-áirde ar an gcóisde
breágh ornáideach órdha comhnaidhthe bhí aici, ise
le mo thaobh 'na bainríoghain ar mo shaoghal agus
ar mo chroidhe … agus cárbh fhios dúinn nach
mbéadh sé i ndán dúinn sliocht mhór agus sliocht
sleachta féin fheiceál sul a gcuirfidhe sa
gcréafóig sinn …



Ghluais liom.



Bhéadh saoghal breágh againn cinnte; cumhracht
na talmhan san earrach, ag éisteacht le
treibheachaibh an aeir ag gabháil ceóil dúinn le
tuitim na hoidhche; laethe fada brothalacha an
tsamhraidh sgaoileadh tharainn i lúib coille ar
ár suaimhneas agus ar ár socamhlacht; thiocfadh
an chuach agus an tradhn agus an fháinnleóg leis
an samhradh breágh buidhe a mhaisiú dhúinn; bhéadh
an ghaoth bhog andeas againn le n-ár gcolnaibh
fhionnfhuaradh: bhéadh an srothán istigh sa gcoill
le ceól agus cantaireacht dhéanamh dhúinn ar
feadh an lae mhóir fhada: agus thiocfadh an oidhche
orrainn, an oidhche aoibhinn áluinn agus chaithfeadh
an bheirt againn í le chéile istigh sa gcóisde
comhnaidhthe, nó amuigh faoi réaltógaibh neimhe dá
mb'fheárr linn é, mise agus ise amháin, linn
féinín féin …



Acht … acht … acht na leannáin bhí aici roimhe
seo! Thugas buille diabhalta do'n asal bocht
acht níor eirigh leis an mbuille taisí na sean-
leannán bhíodh aici dhíbirt. Bhíodar ag bailiughadh
timcheall orm annsin sa mbreac-sholus dom'
chrádh dom' bhuidheachas …


L. 82


Fear dá treibh casadh orm sa tslighe agus
chuir mé a tuairisg.



“Anois díreach d'fhágas í,” “arsa mo dhuine,”
“ní ghabhfaidh sí i bhfad anocht.”



“Cé'n bealach a ndeacha sí?” arsa mise agus
imnidhe orm; bhíomar ag cros-bhóthar agus bhí
eagla orm go gcaillfinn í.



“Cuirfidh sí an oidhche anocht isteach i nDoire
Glas — tá fhios agad an áit — lúb bheag choille
i n-aice na h-aibhne.”



Ghabh mé buidheachas leis agus d'imthigh liom.



Ní raibh mé thar céad slat uaidh nuair leig sé
fead orm.



D'fhill mé.



“Cogar,” ar seisean.



“Seadh.”



Shíl mé go raibh sgéal mór éigin aige dhom.
Bhí an chosamhlacht sin air go dearbhtha. Acht i
ndiaidh a chéile mhéaduigh frighid an ghrinn bhí 'na
dhá shúil dubha.



“Go n-eirighidh an t-ádh leat,” ar seisean,
“agus le gach uile fhear eile go bhfuil misneach
aige:” thug sé lasg do na capaill agus
d'imthigh leis ag gáiridhe.



An diabhal! Thug sé faoi deara an feisteas
aisteach bhí ormsa faoi'n gcóta mór agus thuig
sé fáth mo thurais …



Acht is beag de'n mhisneach bhí agamsa agus
mé dul isteach sa lúib choille sin i n-aice le
Doire Glas le cuairt thabhairt ar mhnaoi mhaordha
na súl ndubh le n-a h-iarraidh mar chéile.


L. 83


AN CHUAIRT.



Beidh cuimhne agam go deó na ndeór ar an
gcuairt thugas ar Ghracie.



Ba lag í mo mhisneach ag dul ann dom. Ní
bhéadh malrach sgoile agus dualgas an tslisne
tuillte aige chomh faiteach liom. Acht ní cheapthá
orm é dá gcastaidhe ort mé sa tslighe. An
t-amhrán is croidheamhla dá raibh agam chroch mé
suas é, agus ní túisge bhéadh port críochnuighthe
agam ná thosuighinn ar cheann eile. Muna raibh
ceól 'mo chroidhe an lá beannuighthe sin bhí ceól
aerach ar mo bhéal.



Bhí fhios agam go rí-mhaith cá raibh cóisde na
mná óige, agus ní fada an t-achar gur bhain
mé amach é. Bhí an doras ar osgailt agus
deatach ag eirghe aníos as an simné. Bhí an
bhean aoibhinn go raibh mé ar a tóir ann rómham;
nó cheapas go raibh. Gheit mo chroidhe. Thosuigh
sé ag preabadh ar nós innill gaile. Is beag
nár chas mé ar mo sháil. Marach an magadh
dhéanfaidhe fúm d'fhillfinn ar ais.



Sheas mé.



Bhíos chomh craitheach sin, bhí an croidhe istigh
ionnam ag preabadh chomh millteach sin, gur
leag mé lámh air agus mé 'mo sheasamh annsin
le taobh an chóisde.



Bhíos cinnte m'intinn féin nach ngéillfeadh sí
dhom. 'Tuige a' ngéillfeadh? Cé'n tubuisde
bhí orm gur thnúth mé le n-a leithéid de mhnaoi
áluinn? Cá raibh an fear de threibheachaibh taisdil


L. 84


na hÉireann nach ndíbreóchadh a chéile dílis
féin ó n-a chroidhe agus ó n-a chliabh dá mbéadh
aon cheapadh aige go bhfuigheadh sé Gracie na
súl ndubh? Agus nach agam bhí an misneach agus
a dhul ghá h-iarraidh?



'Mo sheasamh le taobh a cóisde taisdil bhíos,
agus mo lámh ar mo chroidhe; ba gheall le cóisde
ríoghdha an cóisde céadna le n-a raibh de
sgáthánaibh agus d'órnáidíbh órdha air — chonnaic
mé uair é agus cheithre chapaill dubha faoi, agus
Gracie féin i n-áirde air agus ní raibh bain-
ríoghan ní ba mhaordha ná í-nach mé bhí dána,
agus ceapadh dá laghad bheith agam go mbéadh
bean an chóisde ríoghdha seo sásta le mo
leithéid-se de dhuine?



D'fhéach mé i gceann de na sgáthánaibh. Is
annsin thuit an croidhe orm i gceart …



Bhí brísde de'n tsíoda dhearg orm nach
ndeacha acht anuas thar na glúnaibh agus cnapaí
móra órdha thart air; bróga ísle agus búclaí
orra; stocaí éadtroma bána — mo léan nach
raibh na colpaí níos toirteamhla! Acht an hata
péacach agus an chasóg sróil — is beag nár
mharbhuigh siad sin ar fad mé …



Is aisteach an rud croidhe duine agus is
aistighe ná sin a intinn. Thosuigh éan éigin —
smólach creidim — ag cantaireacht 'm'aice, agus
ar bhealach éigin dhíbir ceól an éin an sgáth bhí
orm. Sé an chaoi go raibh mé ag éisteacht le
ceól an smólaigh feadh sgathaimh bhig i nganfhios
dhom féin gan ceapadh ar bith agam cé'n obair
mhór bhí amach rómham, nó cé'n magadh dhéanfadh
bean na súl ndubh fúm, nó cé'n greann


L. 85


dhéanfaidhe fúm dá bhfillfinn gan í iarraidh,
nuair d'éaluigh an t-éan agus a chuid ceóil
uaim. Chuir mé mo bheannacht leis nuair thugas
faoi deara gur éaluigh an faitchíos agus an
sgáth leis agus go raibh mo mhisneach féin agam
arís.



D'fhéach mé sa sgáthán an ath-uair, agus má
d'fhéach ní h-é an fear faiteach eaglach chonnaic
mé ann anois. An orm féin nó ar mo mheón
tháinic an t-athrughadh?



An feisteas bhí orm, agus a chuir gráin orm
sgathamh beag roimhe seo nuair d'fhéachas air sa
sgáthán, thaithnigh sé liom thar cionn. B'fhacthas
dom nár caitheadh brísde ariamh bhí chomh feil-
eamhnach leis; an chasóg sróil agus an hata
péacach — cé'n cladhaire rachadh ar lorg mná gan
a leithéidí? Na bróga ísle búclacha, agus na
stocaí fada bána: na cnapaí breágha órdha is
na cnapaí beaga péarlacha bhí ar an mbrísde
agus ar an léine, thaithnigh siad liom go háluinn.
Ní fheilfeadh aon fheisteas eile do'n ócáid,
shíleas. Ag dul ar thóir mná barbardha de threibh
fhiadháin do-smachtuighthe agus éadaighe an lae
indiu ort — preit, a dhuine!



Ní h-é an fear céadna d'fhéach isteach sa
sgáthán an dara huair is d'fhéach isteach ann i
dtosach. Ba ró-fhada ó chéile an bheirt. Ba ró-
bheag an chosamhlacht bhí idir fhear an mhisnigh bhí
'na sheasamh ós comhair an sgátháin faoi seo agus
an fear cuthalach náireach bhí ann sgathamh beag
roimhe sin.



Bhí misneach agam. Bhíos dána borb. Chuir
mé gotha agus goic orm féin; agus nuair


L. 86


chonnaic mé mo chosamhlacht sa sgáthán thaithnigh
sé go rí-mhór liom. Bhíos deimhneach gur mise
an fear bhéadh ag Gracie dá mbéadh aon fhear
eile aici …



Chuala mé an ceól chugam i leith thríd an
gcoill. D'fhéach mé 'na threó.



Gracie féin!



D'umhluigheas di ar an sean-nós maordha.
D'umhluigh sí dhom de réir nósa a muinntire,
gur thionnlaic mé isteach sa gcóisde breágh
órdha í …



A Chríoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services