Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Aodha Uí Néill
Title
Beatha Aodha Uí Néill
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Micheál,
Pen Name
Méarthóg Ghoill / Nochtadh na Fírinne /
Compiler/Editor
Soirtéal, Uilliam
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caib. I. – Bunadh na Niallach. IS IOMDHA seadaire gaisgeamhail a geineadh i sean-Inis Fáil, & i measg na seadairí ní raibh éinne aca ba ghaisgeamhla ná ba ghéar-chúisighe ná sliocht Néill Naoi-Ghiall- aigh, agus ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar ghaisge ná ar fhearamhlacht na seadairí sin. Do réir seanchaidhthe na hÉireann is minic a thug Niall féin turas ar na ríogh- achtaibh eile, ag slad agus ag cosgairt roimhe; agus an t-ádhbhar ar tugadh an t-ainm seo air, chlaoidh sé naoi dtreabha, agus, mar chomartha síothchána, chuir sé faoi ghabháil a naoi gceannphuirt agus choinnigh sé faoi ghlas iad. Ní'l lá dhá fhad nach dtigeann a thráthnóna; agus b'fhearacht sin leis-sean é, tháinic a lá níos tobainne 'ná shíl sé é. D'fhuagair sé cogadh i dtír na bhFranncach, & sul má raibh an cogadh sin i n-a neart, i gcóir ná i n-éagcóir, mharbhuigh ceann d'á chuid saighdiúir féin é. D'fhág sé ochtar mac 'n-a dhiaidh, agus chuir ceathrar aca fútha i gCúige Midhe, agus an ceathrar eile chuir siad fútha i gCúig Uladh. An ceathrar a chomhnuigh i gCúige Midhe, is uatha a shíolruigh Niallaigh an Deiscirt; agus an
ceathrar a shocruigh i gCúige Uladh, glaodhtar Niallaigh an Tuaiscirt ar a sliocht sin. Conall, ceann de Niallaigh an Tuaiscirt, chuir sé faoi i nDún na nGall, & baisteadh an tír as – Tír Chonaill. Bhí Eoghan ar fhear eile aca & tugadh mar ainm ar an áit ar chuir sé faoi Tír Eoghain. Cuartuighidh stair an domhain go hiomlán, agus léighidh go cúramach iad, & a leithide de cháil léir (do réir) acluightheacht, pionnsaidheacht, fearamhlacht, agus urrudhais, ní'l sé le léigheadh go léighfidh tú gais- ceamhlacht bunaidh na Niallach. Mar shamhail, breathnuigh an crann mór liomháin ag fás i lár na coilleadh i n-ithir shaidhbhir, &, an ghaoth is láidre shéid as an aer ariamh, ní bhainfeadh sí feanncadh as an gcrann sin, acht amháin, nuair a shlabhacfadh na duilleabhair, go mb'fhéidir go gcuirfeadh an ghaoth le fánaidh beagán aca. B'amhlaidh a bhí brothairí Shacsana os cionn ceithre chéad bliadhan ag ionnsuighe bunaidh na Niallach & ar an bhfad sin ní raibh siad i n-ann drannadh leobhtha, nó go dtáinic rún díoghaltais i gcroidhthibh na nÉireannach i n-aghaidh a chéile, agus i leabaidh iad a bheith dílis dóibh féin, thoisigh siad ag troid i n-aghaidh a chéile go bhfeicfeadh siad cia aca a gheobhadh lámh i n-uachthar, agus ní'l éan-bhuille d'ar thug siad ar an gcuma sin nach raibh siad ag borradh agus ag near- tughadh cumhachta Shacsana ina n-aghaidh féin. B'amhlaidh bhí muinntear na hÉireann i gcomhnuidhe, bhí tubaisde éigin eatorra a bhí d'á mbrosdughadh i mbealach a mbasgtha, agus cuirfidh an stair bheag ghearr seo i n-umhail díbh go raibh ball amháin de bhunadh na Niallach mí-chríosdamhail do réir a chreidimh agus tugtar mar ainm air – Conn Bacach, athair Mhaitiú, a mhic dhíomhaoinis, agus is iomdha athair mí-ghníomhartha a thóig mac maith. Ba fimineach a bhí i gConn agus ba fealltóir d'á thír a bhí i Maitiú, agus ba seadaire téagrach d'á thír agus d'á chreideamh bhí i n-Aodh Ó Néill, mac Mhaitiú réamhráidhte.
Caib. II. – CONN BACACH & MAITIÚ. ANOIS níor tugadh ar ríghthibh Shacsana acht “tighearnaidhe na hÉireann” go dtí an bhliadhain 1541, agus do comóradh Feis i mBaile Atha Cliath agus tugadh cuireadh do na taois- eachaibh a theacht 'na Feise le tiodal- aibh spleadhacha a thabhairt dóibh. D'fhreastail a lán aca an cuireadh agus fuair cuid aca tiodal bréige do réir bladaireacht an tSacsan- aigh, acht fuair an t-ochtmhadh rí Hannraoi an tiodal ab' áirde, mar d'amhduigh siad ina láthair go raibh Hannraoi as sin amach ina rígh ar Éirinn. Tugadh ar a lán aca ar bhuille boise dul go Sacsana, agus nuair a shroich siad ann sin, cuireadh i n-umhail dóibh go raibh Hannraoi 'na rígh ar Éirinn. Bhí fáilte mhór ag Hannraoi rómpa. Imeasg na dtaoiseach bhí Conn Bacach, agus fuair sé mar thiodal ó Hannraoi “Iarla Tíre Eoghain,” agus d'fhiafruigh Hannraoi de cé aige a bhfágfadh sé an oighreacht tar éis a bháis, agus dubhairt Conn leis go bhfágfadh sé ag Maitiú é, agus leis sin dhearc na taoisigh eile ar Chonn go danardha, agus sgannruigh Conn, mar bhí a fhios aige nár mhaith leis na taoiseachaibh Maitiú a bheith 'na Iarla, agus thug sé ar ais an focal agus dubhairt sé go mbeadh an tighearnas ag Seaghán. Níor thaitnigh sin le Hannraoi, mar bhí a fhios aige nach raibh éin-spéis ag na taoiseach- aibh i Maitiú, d'á bhrígh sin, b'fhearr le Hannraoi Maitiú a bheith 'na Iarla, mar bhí sé cinnte go gcothóchadh sé clampar i measg na Niallach, agus bhronn sé d'onóir ar Mhaitiú – Barún Dhúin Gheanainn, agus go mbeadh sé ina Iarla ar Tír Eoghain tar éis bháis Chuinn, a oide altroma.
Ba dubh an turas an turas sin do thaoiseachaibh na hÉireann agus go mór-mhór do Chonn Bacach. Nuair d'fhill sé ar ais bhí gráin agus fuath ag na hUltachaibh go léir dó, mar ba hé an chéad Ghaedheal d'ísligh a ghlún fá rígh Ghallda. Bhí a bhunadh féin agus gach uile dhuine eile ar fud na tíre d'á mhasladh do réir cainte (go) laetheamhail. Shroich an masladh seo go dtí cluasa Chuinn, agus bhí a fhios aige go mba tuar teichte dhó é, nuair ab' fhearr leis a mhac díomhaoinis i leabaidh a mhic dhlisteanaigh féin – Seaghán, mac do'n mhnaoi ab' uaisle agus ab' áirde cáil i n-Éirinn, inghean an Ghearaltaigh, Iarla Chille Dara, an fear ba chumhachtaighe i n-Éirinn. Nuair cuireadh i n-umhail do Sheaghán nach raibh oighreacht ar bhith le fagháil aige, phreab sé agus ar seisean: “Caithfidh mise ceart agus cóir fhagháil do réir riaghalta na treibhe, agus ní ghéillfidh mé d'fheall- tóir m'athar. Tá bunadh na Niallach ar mo thaobh agus cuirfimid an ruaig ar Mhaitiú agus ar a nIarla bréige suas go dtí teorainn na Sacsanach.” Bhí sgannradh mór ar Chonn & mheas sé nach mbeadh cumhacht Hannraoi i n-ann a chosaint i dTír Eoghain, agus, mar sin de, d'ainmnigh sé Seaghán a beith ina oighre leabaidh Maitiú, & ní le cion ar Sheaghán a dubhairt sé na focla seo, acht le teann faitchís, mar bhí gach uile fhear a bhí i n-ann breith ar arm faobhair ag bagairt cogaidh air. I dtaobh an fhir dhorcha, Maitiú, nuair fuair sé seachadadh na láimhe folaimhe ó Chonn, d'fhás báinidh mhór air agus d'iarr sé congnamh ar Riaghaltas Shacsan, agus fuair sé sin, mar nach raibh uatha i gcomhnuidhe acht leithsgéal éigin d'fhagháil le muinntir na hÉireann a chur ag troid i n-aghaidh a chéile. D'iarr siad air a fhocal a leasughadh & Maitiú a bheith mar Iarla. Ní bhrisfeadh sé a fhocal agus d'á bhrígh sin cuireadh fá ghlasaibh i mBaile Atha Cliath é.
Caib. III. – SEAGHÁN. “IS raimhe fuil ná uisge.” Nuair chonnaic Seaghán go raibh a athair fá ghlas ag na Sacsanachaibh, d'agair sé na treabha faoi chongnamh a thabhairt dó leis na Sac- sanaigh 'ionnsuidhe agus a athair a fhuas- gailt. Níor fheall siad air. Chruinnigh siad ina sluaightibh & Seaghán ar a gceann & sin é a thaitnigh leis na Sagsanachaibh mar bhí siad lán-chinnte go gclaoidhfeadh siad Seaghán i gcath uaire & go mbeidheadh Cúigeadh Uladh Éireann aca ar a gcomhairle féin. Leis an obair sin a chóimhlíonadh, sheol siad na mílte saighdiúir ó thuaidh le smacht do chur ar Sheaghán & an cumas do bhaint de, acht níor éirigh leo. D'ionnsuigh Seaghán iad & a fheadhnach seadairí, agus rith na Sacsanaigh rompa mar rithfeadh ál cearc ó sheabhac, agus mharbhuigh na Sacsanaigh iad féin ag siubhal i mullach a chéile ag rith ó Sheaghán. Níor stad siad aige sin. Chuir siad sluagh úr-nua anuas ó Bhaile Átha Cliath, acht sháruigh sé orra Seaghán & a chuid seadairí a bhualadh. Nuair nár fhéad siad an fear cumasach seo a chlaoidh, mheas siad go mbadh é an rud ab' fhearr dóibh a dhéanamh cead na gcos a thabhairt do Chonn, & thug siad a shaoirseacht dó, mar bhí siad cinnte go dtiocfadh Seaghán chum síothchána leo. Acht dheamhan baogal a bhí air, bhí sé tar éis fuil a námhad a bhlaiseadh, agus i leabaidh é síothcháin a dhéanamh, bhí sé 'gá n-ionnsaighe ní ba bhuirbe gach lá. Bhí an fear dorcha ina dhealg iarpais in' aghaidh an t-am céadna, mar bhí treabh aige ag troid fá n-a bhrat agus d'ionnsuigh sé Seaghán, & má d'ionnsuigh féin,
budh 'in é ionnsuidhe “na súile caoiche” aige. Chuir Seaghán an ruaig go mion is go minic air, & chuir sé an ruaig mar an gcéadna ar a lán eile aca, & thuit Maitiú sa mbliadhain 1558, agus thuill sé é, mar bhí sé ina fhealltóir i n-aghaidh a thíre. Adeir na Sacsanaigh gur ag Seaghán do bhí lámh ina bhás. D'fhreagair sé iad nach raibh baint ná páirt aige le n-a bhás & mar' mbeith siad sásta leis an bhfreagra sin, go raibh cead aca dul ag feadghail i n-aghaidh na gaoithe. D'éag Conn an bhliadhain d'ár gcionn. Bhí an bóthar réidh do Sheaghán annsin, agus chruinnigh an treabh & rinneadh árd-taoiseach de os cionn na Niallach & is iomdha cath fearamhail borb do throid Seaghán ag ceann a chuid seadairí ar feadh deich mbliadhan, nó gur marbhuigheadh go fealltach é i measg a ghaol fola & feola féin. Caib. IV. – TEACHT AODHA. ANOIS, i dtaobh an fhir dhorcha Maitiú, d'fhág sé mac 'na dhiaidh timcheall trí bliadhna déag d'aois, & seo é an mac a dtugtar mar ainm air – Aodh Ua Néill, an fear a mbéidh iomlán na cainnte seo faoi. Chuir lucht riaghaltais Shagsan a gcinn i gceann a chéile & dubhairt siad leo féin nach raibh aon choiscéim aca le tógáil ba dírighe ná Aodh Néill do thabhairt go Sagsanaibh & a oileamhaint ar nós an tSagsanaigh do réir gníomh- artha agus briathra, do réir nósa, smaointe & cumais, agus do réir teangadh, agus a chroidhe a chalcadh le
gach uile chineál galldachais níos measa ná a chéile, insa riocht go ndéanfadh sé dearmad ar a thír féin agus ar bhunadh na Niallach, agus go mbainfeadh sé sásamh intinne asta i n-éiric báis a athar. Tá sé ráidhte gur tugadh Aodh go Sagsanaibh, & fuair sé sgoil agus léigheann ina measg. Níor cheil siad nídh ar bith air; agus cúrsaidhe bainríoghna Eilíse dhe, budh é radharc a súl & siubhal a coise é. Bhí Aodh ina fhear thábhachtach griongalach & an-ghlic. Ní raibh sé ró-árd ó thalamh. Bhí sé suidhte rithte & leithead mór idir dhá bhois a shlinneáin. Bhí acluightheacht cos agus lámh aige, & maidir le pionnsaidheacht, ní raibh a leithéid le fagháil. Ba fear é a bhí i n-ann dócamhal oibre & sglábhuidheacht d'fhulaing. Bhí sé ciúin socair i gcomhluadar. Bhí sé macánta do réir creidimh, bhí sé fearamhail i n-aimsir chatha, & bhí sé madramhail dána nuair a bhainfidhe é. Bhí sé géar-chúiseach i gcomhairle & níor sáruigheadh ariamh é i ngaisge, i ngníomh ná i ngradh d'Éirinn. Bhí a lán nídhthe le foghlaim ag Aodh do réir cleasaidheacht & bun-eolais cogaidh i measg na nGall, & níor séanadh ní ar bith aca so air, mar mheas siad, an fear a chuirfeadh a mbratach féin ag eiteall ar fad & ar leithead na hÉireann, go raibh siad 'ghá aclughadh do reir cogaidh Acht is minic a bhain fear slat a bhuailfeadh é féin & b'fhearacht sin leis na Gallaibh. Bhí siad ag cur fabhairt & fuinnimh ins an láimh a bhí le n-a gcrádh i ngan fhios dóibh féin, agus feicfidh sibh ar fhad na staire seo gur bhuail an tslat do gheárr an Sagsa- nach é féin. Maidir le Aodh, tar éis suim bhliadhanta a chaitheamh fá choimirc na Cúirte Ghallda, ní raibh aon fhear ins an gCúirt ba mhó eolas ar bhun-ughdar cogaidh ná é, agus, nuair a mheas siad go raibh sé i n-ann áit a athar a thógáil i n-Éirinn & smacht a chur ar na hÉireannaighibh borba, thug siad an tÁrd-tiodal “Barún Dhúin
Gheanainn” dó, & seoladh go hÉire é ar bhuille boise, agus feadhnach saighdiúir ina chuideachta & iad comh sanntach le faol-choin le fuil na n-Éireannach a alpughadh. Do réir baramhla na seanchaidhthe ní raibh mórán eolais ag Aodh ar Ghaedhilge, acht amháin gur labhair sé í go raibh sé trí bliadhna déag d'aois &, nuair a calcadh a chroidhe le Béarla an tSacsanaigh, rinne sé dearmad ar an gcuid is mó de'n Ghaedhilge labhair sé i dtús a óige. Ar an ádhbhar sin de, chomh fhad & bhí sé i Sagsanaibh, níor fhéad sé bheith comh téagarach d'á thír féin & bhéadh sé dá mbéadh sé gan Bhéarla; acht tá sé ráidhte nuair tháinig sé go hÉirinn agus cumhachta an tSagsanaigh leis le n-a thír a shaoradh ná a dhaoradh, mheadhuigh sé na smaointe sin ina inntinn. “Éireannach mé,” ar seisean, “do réir geineamhna, do réir fola & creidimh, agus do bhéinn níos measa ná Iúdás dá mbuailinn buille fealltach i n-aghaidh mo thíre ag cosaint na námhad. Sacsanach mé do réir slabhraidhe deallraidh & daighsíní áilne mar bhun urrudhais do thiodalaibh Eilíse, acht ní'l ionnta seo acht comharthacht bréige, agus d'éalóchadh siad mar leaghfadh cnap sneachta roimh theas na gréine, & ní'l ins na práisiléidíbh seo, acht mar folach olna ar leomhan na coilleadh ag iarraidh uan a dhéanamh dhe i n-aghaidh na nádúire, agus is diabhalta deacrach an obair í, & is deacraighe ná sin fealltóir a dhéanamh dhíom-sa i n-aghaidh mo thíre. Níor thainic m'am-sa go fóill ná ní'l m' fhoghmhar aipidh & nuair bhéas, buailfidh mise an Sacsanach leis an tslait a bhain sé féin, & béidh an Lámh Dhearg i n-uachtar.” Tá sé againn ó na sean- chaidhthibh gurab iad seo na smaointe a bhí ag Aodh chomh fhad & bhí sé i nDún Gheanainn, sul mar tharraing sé a chlaidheamh faobharach i n-aghaidh an tSagsanaigh, & le linn an ama sin is iomdha dó-bheart a chothuigh muinntir na Bainríoghna le n-a gcumhacht a sgaradh ar fud na ríoghachta.
Caib. V. – CÉAD SÁTHADH AODHA. NÍ hé amháin go raibh siad ag tabhairt iarrachta ar Éirinn a chreachadh, acht chuaidh siad go dtí an t-Oileán Úr, agus d'éirigh leo an taobh ó thuaidh de'n Oileán soin a shlad & a mbriosgán dí-mhúinte gan creideamh a fhágáil ann & tugadh mar ainm air (i gcead duit-se) Sagsana Nua. Mheas siad an dó-bheart chéadna a bhualadh ar na hUltachaibh i n-Éirinn, acht bhí dealg ní ba ghéire aca le n-ionnsuighe i n-Éirinn ná bhí aca ins an Oileán Úr. Dá réir sin, d'agair Rúnaire na Bainríoghna í, bun- suidheachan a chur ar a mhac i n-Éirinn – Tomás Mac an Ghabhann ab' ainm do'n Rúnaire, mar nár fhéad a mhac slighe bheathadh fhagháil i measg na h-uaisle i Sagsanaibh, mar tá sé againn ó ughdar mhaith gur mac díomhaoinis a bhí ann agus gur dearcadh air mar shuarachán. Nuair a bhí an suarachán seo gan maoin i Sagsanaibh, chuir an Bhainríoghain go hÉirinn é le cur faoi ins na h-Áirdibh i gConndae an Dúin & sluagh mór saighdiúir ina chuideachta, & leis an tsuarachán so modhamhlacht & creideamh a mhúnadh do na hUltachaibh – & gan bhréig & gan mhagadh (i gcead díbh-se) ba mhaith an bun creidimh é – le mac an Rúnaire bail a chur ar a chuid oibre, dubhradh leis nach dtiocfadh leis críostamhlacht a mhúnadh dhóibh gan a gcreachadh i dtosach & nuair a bheith siad creachta aige, céad & fiche acra talmhan a thabhairt do gach uile choisidhe a bhí faoi agus a dhá oiread soin acra a thabhairt do gach uile fhear de'n mharcshluagh.
Ba le Brian mac Airt Uí Néill taobh na tíre sin, & 'nDomhnach, ní raibh sé ag dul 'gá thabhairt do choimhigh- theach gan fios god chuige, ná caidé an t-ádhbhar, agus, sul má bhfuair mac an Rúnaire blas na meala, tháinic Brian mac Airt Uí Néill, & a shluaighte seadairí ina airicis; agus thug sé crathadh láimhe dó, le fabhairt & fuinneamh claidhimh ghéir na hÉireann. Marbhuigheadh an Gabhach & an fearr-is-bárr d'á chuid saighdiúir, &, bhuail an chuid eile aca buille ar a' tréat go Sagsanaibh, & a gcreideamh leó. Sa mbliadhain 1571 thárla sé seo. Níor stad na Sagsanaigh aige sin, mar tháinig Uáitéar Devereux, Iarla d'Essex go hÉirinn, & dhá mhíle dhéag saighdiúir faoi n-a choimirc le na hUltaigh a ghlanadh amach 's amach. Ar na hÁirdibh a bhí a thriall i gConndae an Dúin. Le dul chum cinn leis an obair seo, chuir sé a dhúithche i bhfiachaibh leis an mBainríoghain agus fuair sé deich míle punnt uaithi, le fearaibh & gléas cogaidh fhagháil, le chomh tairbheach & mheas siad an obair sin a bheith. Chruinnigh os cionn dáréag de na hárd-tighearnaidhibh, agus chuaidh siad i gcóir leis, mar bhí siad lán-chinnte go mbeadh deireadh leis na hUltachaibh nuair a shroichfeadh siad Cúigeadh Uladh. Ghluais an cabhlach & bhuail siad cuan ag Car- raig Fearghuis i gConndae Aontroma. Bhí talamh na n-Ultach roinnte aca roimh ré, & bhí gach uile choisidhe le dhá chéad acra a fhagháil, agus a dhá oiread sin eile ag gach fear de'n mharcshluagh. Nuair a chonnaic na Niallaigh an cabhlach mór loingis, tháinig catharnas mór eatorra, mar mheas siad nach ar mhaithe leó tháinig siad chum cuain, agus b'é Brian, tighearna ar Chlainn Aodha Buidhe, an chéad fhear d'ionnsuigh iad, mar budh é a thalamh a bhí fútha, agus ní túisge bhí an cath tosuighthe ná tháinig Toir- dhealbhach Luineach, ceannphort na Niallach, agus Aodh Ó Néill, Barún Dhúin Geanainn, agus sheas an triúr aca dílis d'á chéile.
Roimh an am so, bhí sgáthmhaireacht ar na Niallaigh roimh Aodh, mar shaoil siad gur mó an téagar bhí aige do Shagsanaibh ná bhí aige d'á thír féin, agus bhí a fhios ag Aodh go raibh an t-iomrádh so i measg na ndaoine agus nuair a chonnaic sé go raibh a thír i gcon- tabhairt, dubhairt sé leis féin go gcaithfeadh sé tiodal an tSagsanaigh i leithrighe, agus go seasfadh sé dílis d'á thír, le saoirseacht & creideamh a chongbháil. Annsin, agus ní go dtí sin, a chuir sé i n-umhail do na Niallachaibh go mba raimhe fuil ná uisge. Sheas na Niallaigh go madramhail ina n-aghaidh, agus cuireadh i n-umhail do Iarla d'Essex nach raibh mórán bríghe ina chumhachta- san 'gá n-ionnsuighe, &, tar éis mórán cath do throid, b'éigean dó bos a chumailt d'á leacain agus a aghaidh a thabhairt ar Shagsanaibh, agus a chuid saighdiúir tanuighste. Seo é an chéad sáthadh thug Aodh Ó Néill i n-aghaidh an tSagsanaigh sa mbliadhain 1573, & nuair a buaileadh an tIarla d'Essex, rinneadh síothcháin idir é & Niallaigh an bhliadhain 'na dhiaidh sin, agus, le catharnas a dhéanamh le Féidhlim, thug Essex cuireadh chum féasta d' Fhéidhlim & d'á mhnaoi & do a lán d'á gcuid gaolta. Ag deireadh an fhéasta, thuit a ghaolta le claidheamh an tSagsanaigh, & tugadh Féidhlim, a bhean & a dhearbhráthair go Baile Átha Cliath, & sgláradh iad beo beathadhach ina ngreamannaibh beaga & budh 'in é siothcháin an tSagsanaigh. Shíl Essex l'éis seo a dhéanamh go sgannróchadh sé na hUltaigh & nach raibh aige acht cur faoi & a gcuid talaimh a thabhairt d'á chuid saighdiúir, acht, ina leabaidh sin, d'ionnsuigh na Niallaigh é ath-uair & cuireadh an ruaig air féin & ar a chuid saighdiúir, & chaill sé a chuid airgid & a chlú agus d'fhill sé go Sagsanaibh ina bhromachán bliadhna.
Caib. VI. – GEARÓID MAC GEARAILT. LE linn an ama so bhí an Eaglais Chaitileagach faoi ghéar-chrádh ag na Sagsanachaibh i gCúigeadh Mumhan, & shroich an crádh céadna go dtí Conndae Chille Dara. Budh é Leverous an t-easbog a bhí i gCill Dara an t-am úd, & cuireadh d'á chomharbacht é nuair dhiúltaigh sé do mhionna riaghaltais Eilíse. B'éigean dó imtheacht, mar bhí a fhios aige an bás a bhí i ndán dó. Thug Gearóid Mac Ghearailt & a bhain-iarla dídean dó faoi n-a gcoimirc féin. Bhí cumhachta mhór ag an nGearóid seo ar fhad & ar leithead Chúigidh Mumhan &, do réir tiodail na Sagsanach, tugadh mar ainm air Iarla Deasmhumhan. Bhí sé fuagruighthe ag Riaghaltas Shagsan, duine ar bith a bhéarfadh dídean do shagart, go mba bás obann a bhí i ndán dó; & nuair a thug Gearóid dídean do'n easbog, mheas na Sagsanaigh go dtug sé a ndubhshlán & nár chuir sé aon tsuim ins na dlighthibh pianamhla, & bhí Gearóid chomh téagrach sin do'n chreideamh Rómhánach agus go bpógfadh na Rómhánaigh lorg a chos le cion air, mar nár fheall sé orra d'á gcosaint uair a ngéibhinn. Dubhairt Eilís agus a lucht comhairle fad & bhéadh luadar a chos ag Gearóid nach dtiocfadh leo a gcumhachta ná a gcreideamh féin a chur i gCúigeadh Mumhan & go raibh sé thar am aca creapall a chur air. Seal gearr 'na dhiaidh sin, sa mbliadhain 1567, thug sé féin & a dhearbhráthair Seaghán cuairt ar ócáid éigin go Sagsanaibh &, le ordughadh Eilíse, sacadh faoi ghlas iad ar bhuille boise.
Annsin shíl na Sagsanaigh nach raibh bacall ar bith orra gan a gcreideamh & a ndligheadh a chur i gCúigeadh Mumhan. Rinneadh Árd-Uachtaráin de na ridiríbh Seón Pioróid & Uilliam Drúrí & le n-a gcumhacht a chur i bhfoirm & na Rómhánaigh a mharbhadh – éinne aca nach n-umhlóchadh do'n chreideamh Ghallda – b'é a rún dain- gean na taoisigh Ghaedhealacha a chur ag troid i n-aghaidh a chéile, & rinne siad gach ní aca so go mío- náireach, & bhí siad cionntach i dtútghail níos náirighe ná an méid seo, mar bhladair sé dá fhichid cathruightheóir i gCill Choinnigh a dhul chum teampaill Ghallda le creideamh na nDubhghall (Nua-ghall?) a chlos ins an tSags-bhéarla, &, le dul níos faide, chroch sé sé Ghaedhil déag & fiche i gCill Choinnigh & dá Ghaedheal & fiche i Luimneach, & seo é lorg láimhe Dhrúrí. Bhí sé seo cionntach i rith a ama ina lán coirthe & gach aon choir aca níos measa ná a chéile, acht fágfaidh mé annsin é, & is cóir dhom 'innsint do'n léightheóir. Tar éis Gearóid & a dhearbhráthair bheith suim bliadhan- ta fá ghlas i Sagsanaibh, cuireadh anall iad go Baile Átha Cliath & sacadh fá bholtaidhibh iad agus, tar éis seal gearr a chaitheamh annsin, d'éirigh leó éalódh as a bpríosún i ngan-fhios do chumhacht an tSagsanaigh, agus threoruigh siad a mbealach ar mhuin capaill go Cúigeadh Mhumhan ins an mbliadhain 1574, agus bhí sgáthmhaireacht ar na Sagsanachaibh a leanmhaint. Choinnigh sé modhamhail ar feadh ceithre mbliadhan ag feitheamh ar an bhfad sin le cabhair ó Rígh na Spáinne & ar deireadh tháinig trí loingis le Spáinneachaibh orra faoi chúram Mic Mhuiris – col gaolmhar d'Iarla na Deas-Mhumhan & fairíor! ba neamh-chroidheamhail an fáilte cuireadh rompa agus, i leabaidh Iarla na Deas Mhumhan cuideachan leo, bhí sé ag déanamh carthannais leis na Sagsanachaibh, agus sul már ionnsuigh na Spáinnigh na Sagsanaigh thuit Mac Muiris fá láimh thútaigh, ceann de na Búrcachaibh de Chaisleán Conaill.
An bhliadhain 'na dhiaidh sin, nuair a chonnaic Gearóid an t-éagcóir bhíthear a dhéanamh agus dhearc na Sagsanaigh air mar fealltóir ina n-aghaidh féin, níor fhéad sé a sheasamh ní b'fhuide, & chuaidh sé ar mhachaire an dubh- shláin ag cosaint an chreidimh Rómhánaigh. Acht, fairíor, ní dheacaidh leis, mar, seal gearr 'na dhiaidh sin, sgaith- eadh an ceann d'á cholainn i dTráighlí. Crochadh a cheann ar Dhroichead Lonndan mar teasbánadh iongan- tach do na Sagsanachaibh. Caib. VII. – COGADH MUMHAN & LAIGHEAN NÍ thig liom mórán eile do rádh i dtaobh Cúigidh Mumhan, acht amháin gur díbrigheadh na sagairt & crochadh na mná & céasadh na páistí &, an méid de na fearaibh nár marbhuigheadh, fuair siad bás leis an ocras, mar dóigheadh & losgadh an cur & an talamh & b'in é beart an tSagsanaigh i gcomhnuidhe. Is dubh-chroidheach é le rádh, fhad & bhí an cogadh Muimhneach ar siubhal, bhí dhá dtrian de na Ghaedhealaibh ar thaobh Eilíse ag troid i n-aghaidh a dtíre & a gcreidimh, & bhí Aodh Ó Néill ag troid ar an taobh céadna & feadhnach marc-shluaigh fá n-a spraic &, dá mbeith ceart le fagháil, ba chóir gur i n-aghaidh Eilíse a bheith Aodh ag troid. Acht 'sé mo bharamhail gur 'b é an chaoi a raibh sé ag breith faille agus ag fanmhaint go mbeith gach uile ní ollmhuighthe aige roimh ré ina dhúithche féin le sásamh intinne a bhaint as na Sagsanachaibh lá níos fuide uaidh ná an lá sin. Acht, mar dubhairt mé cheana, creachadh
& bánuigheadh Cúigeadh Mumhan & fuair na Dubh-Ghaill talamh na bhfíor-Éireannach & sgar siad a neamh-chreid- eamh & a n-almais Sags-bhéarla ar fhad & ar leithead an chúigidh sin. Sul má bhfágfaidh mé an taobh seo do'n tír, caithfidh mé beagán a rádh fá chath a tugadh i nGleann Mhaoilughra, & béidh an cath so cló-bhuailte i gcroidhtheachaibh gach uile fhíor-Éireannaigh ar thalamh an domhain, fad is bhéas an saoghal ar suidheachan. Thriall na sluaighte de mhaistínibh Shagsana ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath leis an ruaig a chur ar Fhiacha mac Aodha Uí Bhroin agus ar a chuid seadairí cogaidh i mbliadhain 1580, & b'in é an lá dubh do'n Tighearna Mac Ghiolla Riabhaigh – b'in é ceannphort na Sagsach fuilteach. Nuair a thainic sé féin agus a chuid saighdiúir go bléin an ghleanna, sgar sé a chuid saighdiúir i gceathair ná cúig d'fheadhnachaibh agus thosuigh siad ag smúracht rompa mar faol-chú a beith ag smúracht fola, & tar éis dócamhail siubhail bhí aithreachas orra a thidheacht, nuair nach bhfuair siad éinne rompa le n-a gcuid fola a alpadh, &, mar thuitfeadh an t-aer & an talamh i n-aghaidh a chéile, d'ionnsuigh na Branaigh iad & gháir siad de ghuth árd-ghlórach “Bíodh na Sagsanaigh dearga i n-íochtar,” & ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar an ngníomh gaisgeamhail do bhí i ndiaidh lámh cumh- achtamhail na mBranach an lá sin. Mharbhuigh siad os cionn ocht gcéad de na Sagsanaigh fad is bheitheá ag rádh “Deo gratias,” &, do réir na n-ughdar, ní ag comhaireamh a choiscéim a bhí an Tighearna Mac Ghiolla Riabhaigh, ag tidheacht ar ais, acht, mar dubhairt an sean- fhocal, b'fhearr dó luadar cos a chapaill an lá sin ná cumhachta Eilíse go hiomlán, & adeir ar seanchaidhthe gur'b é an chéad mharcach é a shroich Caisleán Bhaile Átha Cliath, & a mharcshluagh ag déanamh a ndíchill ar bheith istigh roimhe, acht sháruigh sé iad, mar shíl sé go raibh claidheamh Fiacha Mhic Aodha Uí Bhroin i n-aice leis. Fágfaidh mé ag déanamh a sgríste i mBaile Áta Cliath é.
Caib. VIII. – NA hALBANAIGH. CHOMH fad agus bhí an cogadh so ó dheas, bhí clampar ag cothughadh ó dtuaidh, mar ba mhian leis na hAlbanachaibh do bhí ins na Ghleann- taibh i gConndae Aontroma Cúige Uladh Éireann a chur faoi n-a smacht féin. Nuair a shroich an sgéala so Aodh Ó Néill, níor thaithnigh sé leis & le smacht a chur ar na hAlbanachaibh & a gcur faoi shlait, & leis sin a dhéanamh i mbliadhain 1584, seoladh mór-shluagh de chumacht Eilíse ó dtuaidh go dtí Iubhar Chinn Trágha & sgaradh 'na gceithre feadhnachaibh annsin iad – feadhnach faoi spraic Aodha Uí Néill, feadhnach faoi smacht an Ridire Seaghán Pioróid, & an dá fheadhnach eile fá chúram Iarla na hUrmhumhan agus an taoiseach Norris. Cuireadh suim loingis go dtí Loch Feabhail gan aon cóir a leigint isteach & le cosgairt rompa. D'ionnsuigh na Sagsanaigh ó dheas & ó thuaidh iad, & bhí na hAlbanaigh ag teicheadh rompa. Bhí Clann Chatháin i gcatharnas catha leis na hAlbanaigh, & níor éirigh leo, mar buaileadh iad, & bhain Norris dhá chéad áirnéis díobh & mar aguisín fuair Pioróid caisleán Dhún-leasa. B'éigean do na hAlbanachaibh a dhul i n-aghaidh a dtolach go coilltibh Ghleanna Con Chadhain, & ghéill a gceann- aire Somhairle Buidhe Mac Domhnaill, &, tar éis géillte, thug sé gialla do fhear ionaid na Bainríoghna. Buail siad rompa go dtí an t-Iubhar, an áit ar chomhnuigh Sir Hannraí Bagenal. Tháinic a lán taoiseach ar an dá chondae, Dún & Árd-Mhacha, chomh fada le Bagenal ag umhlughadh dhó agus ag déanamh catharnais síothchána leis, & seo é an dara uair ag Aodh Ó Néill ag dul as
mhachaire an dhubhshláin ag troid ar thaobh na Bainríoghna ina thír féin, & leis an gcaoi ar bhuail sé féin & an Fear Ionaid Somhairle Buidhe Mac Domhnaill & a raibh faoi n-a smacht, mheas na hUltaigh nach raibh aon chabhair dóbhtha seasamh ina aghaidh & b'áil leo géilleadh do'n Fhear Ionaid & a dtír fhágáil faoi n-a smacht. Nuair a mheas Pioróid go raibh taoisigh Chúige Uladh ag braith ar géilleadh dhó, tháinic aoibhneas ar a chroidhe, agus mheas sé go mbeith an taobh sin de'n tír aige ar a chomhairle fein, & le bail a chur ar an obair sin, gan bacall ar bith a bheith roimhe nár mheas sé féin, roinn sé an tír taobh thiar de'n Bhanna ina sheacht gconndaethibh & budh é féin an baisdeoir & seo iad iad: Árd-Mhacha, Muineachán, Tír Eoghain, Cúil-rathain, Dún na nGall, Fir Mhonach agus Conndae an Chabháin. Leis na seacht gconndae seo a dhéanamh chomh Ghallda le seacht shires Shacsana, thoisigh Pioróid ar a chuid oibre agus chuir sé bun suidheacháin ar chailicéiríbh, cluainéiríbh & sírriam- aibh ins na seacht gconndaethibh le gach uile ní a bhain le dlighthibh na Bainríoghna a chur i bhfoirm agus an Ghaedheal bocht a choingbheáil faoi smacht. Shásuigh an obair seo an Fear Ionaid go han-mhaith, mar mheas sé go raibh na hUltaigh creapallta ar deireadh thiar, acht deir a lán, & deirim-se ina gceann, nach bhfuil croiceann na fírinne air seo, acht ní'l againn acht brígh ar mbaramhla a thabhairt air, & bhí sé níos sástuigheacha ná sin d'Aodh Ó Néill, mar mheas sé gur roimh Aodh a bhí faitchíos ag na hUltachaibh & nach roimhe féin. Ar an ádhbhar sin bhí sé chomh cion- mhar sin ar Aodh agus nach dtiubhradh sé órdlach de ar ór. Tar éis an ghnímh ghaisgeamhail a rinne Aodh ag troid ar thaobh na Sagsanach i gCúigeadh Mumhan & i n-aghaidh Somhairle Bhuidhe, fuair sé creideamhaint mhór ó Eilís dh'á bhárr, agus ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar an gcion & an móir-mheas a bhí ag an mBainríoghain ar Bharún Dhúin. Gheanainn. Bhí an meas céadna ag an bhfear Ionaid air,
mar bhí sé lán-chinnte go raibh gráin & fuath ag Aodh ar a thír & ar mhuinntir na tíre, mar gheall ar nós an tSagsanaigh a bheith calctha ina chroidhe de bhárr a chuid oideachais Béarla. Acht, mar dubhairt an sean-fhocal, “dheaman an críonna an cat ná an coimeád” & b'fhear- acht sin le Aodh é, mar bhí Aodh an t-am céadna ag oibriughadh lámh ag losgadh & lámh ag tárrtháil & ag bualadh dó-bheart geam-chaoch ar chumhachta na Bain- ríoghna, dá mhéid a ngliocaidheacht. Caib. IX. – COGAR AODHA CHOMH fhad & bhí sé ag caidreamh catharnais muinntir Shagsana, bhí sé ins an am céadna ag cothughadh riaghalta faoi rún imeasg na dtaoiseach Ghaedhealach & ag cur bun urrudhais fútha & ag innsint dóbhtha ins am céadna go mbadh gearr go dtiocfadh an lá nuair a sheasóchadh sé ar mhachaire an dhubhshláin i n-aghaidh na Sagsanach agus bunadh na Niallach ar a thaobh. I rith an ama sin dhearc an Bhainríoghan air mar a réalt solasach le n-a bratach a chur ag eiteall i gCúigeadh Uladh, agus bhí an bharamhail chéadna ag na hUltachaibh go mbudh é a réalta cumhachtamhail é a dhíbreóchadh na Sagsanaigh as a dtír. Agus bhí Aodh chomh glic agus gur éirigh an dá thráigh a bheith leis – an rud a sháruigh ar an ngobadán. Nuair a chonnaic sé go raibh an mámh tionntuighthe, thoisigh sé ag smuaintiughadh ar an chaoi b'fhearr le n-a chárdaidhe 'imirt, &, sul mar
imir sé an mámh, ghluais sé go Sagsana sa mbliadhain 1587 go gcuirfeadh sé féin & an Bhainríoghan a gcinn le chéile i gcaoin-chomhrádh. Ba mhaith an fios a bhí aige an chaoi b'fhearr a chuirfeadh sé an chluain uirthi le bladaireacht Bhéarla, mar níor tóigeadh aon fhear i gCúirt Shagsana ab' fhearr a raibh fios a bealaigh aige 'ná ag an Niallach. Ar an adhbhar sin de, thoisigh sé 'gá bladar le caint a raibh milseacht na meala ar a glór, agus d'innis sé dhi an chaoi b'fhearr a chárda d'imirt le smacht a chur ar na hÉireannaigh. Thug sí cluas mhór dó, agus ar seisean, “Má's áil le do Mhórdhacht tiodal m'athar móir a bhronnadh orm – 'sé sin, Iarla Thíre Eoghain – séanfaidh mise ainm na Niallach as seo amach,” & tá sé ráidhte go raibh Eilís chomh cionmhar sin ar Aodh go ngabhadh sí ar a dá glúin ag déanamh oibliogáide dhó níos túisge 'ná d'eiteóchadh sí é faoi impidhe ar bith a d'iarrfadh sé uirthi. Le focal a béil & buille d'á claidheamh bhaist sí Aodh & thug sí mar ainm air Iarla Thíre Eoghain, agus, mar aguisín, phronn sí le glór a béil talamh na n-Ultach air, & b'in rud nár fhéad sí a dhéanamh, dá mhéid a cumhachta i n-Éirinn. Tháinic sé go hÉirinn annsin ar bhuille boise, agus, mar gheall ar chumhachta Eilíse a bheith leis mar séala litire, b'éigean do'n Fhear Ionaid umhlughadh dó & gan dréim ar bith a bheith aige leis. Chuir sé faoi i n-a chaisleán féin, & bhí sé socruighthe idir é féin & Eilís go gcaithfeadh sé timcheall & dhá chéad agus dá fhichid acra talmhan a thabhairt dó le hais na hAbhna Móire le bun urrudhais a chur ortha & dún daingean a fhadachan. Foirgneadh é, & tugadh mar ainm air an Port Mór. Ag an bport seo bhí áth ag dul trasna ó Ard-Mhacha go dtí Tír Eoghain, agus mheas na Sagsanaigh go raibh sé an-chomhgarach dhóbhtha. Le linn an ama so budh é Toirdhealbhach Luineach taoiseach na Niallach, seadaire lag claon, & mar sin fein ní dhearna Iarla Thíre Eoghain aon éagcóir air.
D'fhágaibh sé mar bhí sé é. Le chomh dílis & mheas siad go raibh an t-Iarla dhóbhtha thug siad dhó sé chipe marcshluagh leis na hUltaigh a choingbheáil faoi spraic. Ina leabaidh sin, do réir mar bhíodh na saighdiúrí acluighthe chum cogadh aige, d'athruigheadh sé iad, & thugadh sé fir eile ina n-áit le acluightheacht agus pionnsaidheacht a mhúnadh dóibh & a gcur i riocht catha am ar bith a mbadh toil leis glaodhach ortha. Ins an am céadna, deir na daoine nach raibh éan-dídean i gcreata Chaisleáin Dhúin Gheanainn, & le n-a ghliocaidheacht & le dalladh-mullóg a chur ar an bhFear Ionaid chuir sé i n-umhail dó go gcaithfeadh sé an an-leárm luaidhe a thabhairt isteach i n-a dhúthchas, le n-a chaisleán a dhídeanadh. Thoisigh sé ar an obair seo, &, nuair a bhí sé tamall i n-a chionn, shroich an sgéala go dtí cluasa an Fhir Ionaid go raibh an fearr-is-bárr de na hUltaigh acluighthe aige. Maidir leis an luaidhe, bhí an oiread sin aige dhe & d'fholóchadh Ghleann Seagháin ná Gleann eile mar é. I nDomhnach! níor thaithnigh an sgéal seo leis an bhFear Ionaid, agus d'éirigh sé beagán mío- shuaimhneach, & dubhairt sé leis féin go raibh sé i n-am aige a shúil a choingbheáil ar Bharún Dhúin Gheanainn, mar mheas sé gur piléir a bhí sé a dhéanamh de'n luaidhe i n-áit a bheith ag cur díona ar a theach. Ba mhó 'ná sin an faitchíos bhí ag Pioróid roimh bhunadh Aodha Uí Dhomhnaill, mar nár umhluigh siad dó chor ar bith, & mheas an cneámhaire Pioróid seo, dá seasfadh muinntir Dhomhnaill agus Iarla Thíre Eoghain dílis d'á chéile, go mbuailfeadh siad rompa, & nach bhfágfadh siad mac mathara a bhain do Shagsana ar thalamh na h-Éireann. Bhí fhios ag Pioróid go raibh catharnas buanmhar eatorra, mar budh í Siubhán Ní Dhomhnaill, deirbhshiúr an Aodha réamhráidhte, céile áluinn Iarla Thíre Eoghain.
Caib. X. – FUADACH BHAILL-DEIRG. CHRUINNIGH Pioróid a chuid smaointe le chéile le dó-bheart a chothughadh agus duine eicínt de Chlainn Dhomhnaill a chreap- lughadh. D'éirigh leis, mar chuir sé long luchtuighthe le fíon Spáinneach go dtí Loch Súiligh, & chaith sí ancoire os comhair Rátha Mhaoláin comhgarach do'n áit a mbíodh Aodh Ua Domhnaill ar cuairt go mion is go minic ag a athair altroma, Mac Suibhne. Bhí Aodh an tráth so chúig bhliadhna déag d'aois, ná, an t-ainm is coitcheannta imeasg na sean- daoine, Baill-dearg Ó Domhnaill. An t-ádhbhar ar tugadh an t-ainm seo air, bhí ball air ó bhroinn, & bhí an ball seo ruadh-dhearg ar a mhuinéal, agus deir na seanchaidhthe go mbíodh ball mar sin ar an chuid is mó de Mhuinntir Dhomhnaill, & tugadh mar ainm air Ball- dearg. Bhí bratach an tSagsanaigh ag eiteall ar bhárr chrainn seóil na luinge, & thoisigh na daoine ag cruinn- iughadh go dtí an long le braon de'n fhíon Spáinneach fhagháil, & thug an caiptín sin dhóibh, mar bhí sé an-fhlaith- eamhlach. Chaith sé suim laetheannta annsin ag caith- eamh amach a bhoidhte, ag iarraidh breith ar an éadáil a theastuigh uaidhe, & d'éirigh leis ar deireadh, mar thriall Ball-dearg agus a lán d'á lucht comhluadair ag cur comóraidh ar mhainistir a bhí faoi choimirc na Maighdine Muire, mar budh 'in é gnás na dtaoiseach le n-a gcuid paidreacha a altughadh, & iad féin a thabhairt suas do Dhia le n-a gcosaint & a gcoimeád & a gcongbháil ar dheagh-stáid na ngrást.
Nuair a chualaidh Ball-dearg trácht faoi'n gcaiptín flaitheamhail, ba mhian leis cuid de'n fhíon a cheannacht, acht dubhradh leis go raibh an méid a bhí le díol díolta, acht amháin go raibh beagán ag an gcaiptín i leithrighe le tabhairt d'éinne d'árd-uaislibh na tíre sin a thioc- fadh ar cuairt aige. Chuaidh Ball-dearg & a chomhluadar ar bord & bhí fearadh na fáilte ag an gcaiptín rompa. Nuair a bhlais siad do'n fhíon, taithnigh sé leó, & ní raibh an caiptín i ndiaidh forgain mhaith ortha. A fhad 's bhí siad-san ag ól bhí fuireann na luinge ag gluaiseacht & ag tarraint a n-ancoire agus nuair ab' áin le Ball-dearg an long a fhágáil, bhí sé daighnighthe faoi bholtaíbh ar thóin na luinge & thug siad an seol mór di gur bhuail siad caladh i mBaile Átha Cliath. Ní gábhadh a rádh go raibh bród ar an gcneámhaire Pioróid nuair a comhlíonadh a dhó-bheart chomh réidh sin gan buille tsleighe ná claidhimh, agus bhí sé níos bródamhla ná sin nuair a bhí an fear ba bhaoghlaighe do chumhachta Shagsana aige faoi n-a choimirc. Sacadh Ball-dearg faoi ghlas i mBaile Átha Cliath agus chaith sé os cionn trí bliadhna annsin faoi chúrsaíbh iarainn ag smaoineadh ar an bhfad sin ar a óige, ar a bhreághaichte, agus ar a acluightheacht; ag smaoineadh ar eaglais a thíre, ar a athair lag; agus ní'l aon lá ar feadh an ama sin nach raibh fuath & gráin ag méadughadh agus ag fás ina chroidhe i n-aghaidh námhad a thíre. Ní dheárna sé dearmad gan a bheith ag guidhe na Maighdine réidh an achair a thabhairt dó & a chosán a threórughadh le n-a thabhairt ó n-a námhaid. Níor fheall sí air, mar treoruigheadh an bealach dhó, mar fheicthear níos íochtaraighe ins an stair seo é.
CAIB XI. – IARLA THÍRE EOGHAIN. ANOIS, i dtaobh Iarla Thíre Eoghain, bhí sé gnóthach le linn an ama seo, ag cneasughadh na lot a bhí i ndiaidh a lámha féin ar feadh trí bliadhna roimhe seo, ag déanamh catharnais le Ó Catháin & le Clainn Dhomhnaill Aontroma agus ag cur bun urrudhais faoi, ag ollmhughadh gach ní a d'fhóir do chogadh. Le catharnas fírinneach a dhéanamh le Ó Catháin, chuir sé a leanbh chuige faoi n-a choimirc mar mhac altroma le teangaidh & creideamh na tíre a mhúnadh dó, agus a thógáil, mar tóigeadh bunadh na Niallach, ar mhuin capaill, ag seilg i ndiaidh na bhfiadh, mar mheas sé nach raibh sé féin i n-ann nósa na Niallach a mhúnadh d'á mhac mar bhí an iomarcaidh Béarla aige de bhárr Cúirte Shagsana. Ins an am céadna rinne sé catharnas cáirdeamhail le Clainn Dhomhnaill, agus bhí sé ag déanamh maith i n-aghaidh an uilc, mar chreach sé féin agus na Sag- sanaigh trí bliadhna roimh an am seo iad, agus, leis an lot sin a leigheas, thug sé go mion is go minic togha d'á chuid gallóglach do Chlainn Dhomhnaill, léir mar bhíodh siad i gcruadhóig ag troid i n-aghaidh amplacháin Shagsana, agus ins an am céadna bhí riaghail fá rún eatorra nach bhfeallfadh siad air gan congnamh a thabhairt dhó nuair bheith cáll aige leis. Bhí sé ag tabhairt misnigh ins an am céadna d'á lán taoiseach eile seasamh go colgach i n-aghaidh spriosáin ar bith de shirriam ná d'fhear dligheadh a thiocfadh annsin léir (do réir) ordughadh Eilíse, agus, d'á réir sin, bhí bunadh na Niallach ag dearcadh air gur gairid go mbeith sé 'n-a phríomh-fhlaith os a gcionn 'gá spreagadh i machaire an chatha leis an ruaig a chur ar an dearg-námhaid.
Le linn Phioróid, áit ar bith i n-Éirinn ar shroich a chumhachta, a theanga agus a chreideamh, díbrigheadh na sagairt as an áit sin, agus sagart ar bith a rinne cion-faillighe gan éalódh leis, ba bhás tobann a bhí i ndán dó. Teach ar bith a bhéaradh fasgadh dhóbhtha, nuair a d'fhaghadh na Sagsanaigh fios faoi, dhóighfidhe an teach sin & muinntear an tighe, agus budh 'in é an chuid ba mhó de chatharnas Bhainríoghna Shagsana. Bhí easbog críostamhail aici i gCorcaigh le linn an ama seo, agus b'ainm dó Maitiú Sheyn, agus bhí sé chomh críostamhail sin & gur dhóigh sé dealbh Naoimh Doimnic os comhair na ndaoine ag Árd-chrois Chorcaighe. Bhain an naomh seo leis an gcreideamh Caitiliceach, nó creideamh na bpágánach – mar thug lucht creidimh na Sagsanach air. Léir ordughadh Dhrúrí cuireadh faoi ghabháil Easbog Rómhánach ar bh'ainm dó Pádraig Ó hÉilidhe, Easbog Mhuigh-eó, & Conchubhar Ó Ruairc, sagart diadhanta. Tugadh ceangal na gcúig gcaol ortha, tarnuigheadh ar stácaidhibh iarainn iad, briseadh a gcosa & a lámha le casúr; cuireadh snáthadaí cruach faoi n-a n-iong- achaidhe, agus leis an splíontaidheacht sin crochadh iad. Fuair Árd-easbog Chaisil, Diarmuid Ó hIarfhlatha, & sagart eile d'ár b'ainm Seaghán Mac Stiopháin, an spliontaidheacht chéadna. Crochadh iad agus rinneadh ceithre ceathramhnachaidhe díobh. Ní'l annsin acht caitheamh dartachaidhe ar ghualainn ghníomhartha an tSagsanaigh ina lán áiteacha eile i nÉirinn. Deir a lán de na hughdaraibh nach raibh Pioróid ró- dhona; acht deirim-se, má bhí duine ar bith ní ba mheasa ná é, go raibh an diabhal ar fad air. Mar dubhairt mé cheana, fear ar bith bhéaradh lámh na tárr- thála timcheall sagairt Rómhánaigh, go dtiubharfaidhe an íd chéadna ar an bhfear sin a bhéarfaidhe ar an sagart, agus tá sé ráidhte nár chuir an riaghail sin faitchíos ar bith ar Aodh Ó Néill, mar thug sé fasgadh
& dídean do mhórán sagart, agus, le dul níos fuide, bhí sgoltacha ar bun aige i dTír Eoghain ag borradh & ag neartughadh an Chreidimh Rómhánaigh annsin. Do réir cosamhlachta bhí sé ina thogha Romhánaigh i gCúige Uladh, & nuair a thigeadh sé go Baile Atha Cliath, théidheadh sé ins an taobh nár bhaoghal dó sglamh an droch- mhadaidh & mar dubhairt an sean-fhocal, “Caith cnámh ag an droch-mhadadh, agus ní baoghal duit an deagh- mhadadh.” Bhí na madaidh ba bhaoghalaighe i mBaile Átha Cliath, agus théidheadh sé 'un teampaill leis an bhFear Ionaid 'gá chosaint féin ar a sglámh. Rith an ama seo níor fhéad na Sagsanaigh drannadh leis na hUltachaibh ná a gcreideamh, a ndlighthe, ná a dteanga a chur ar bun ann, agus fhad is bhí siad saor ó'n obair sin, ní raibh sainnt ar bith ar Aodh a n-ionn- suidhe, mar nach raibh gach uile ní a d'fhóir do chogadh cumhachtamhail ollmhuighthe aige. Bhí muinntir na gcúigidh eile faoi shlait agus faoi ghéar-chrádh ag lucht lafart na fola Ghaedhealaighe, agus níor chuir Iarla Thíre Eoghain leath-shuim ann sin, nuair nár bhain sé le n-a chúigeadh féin. 'Sa mbliadhain 1588 tháinic cabhlach mór loingis ó'n Spáinn leis an tSagsanach a chreachadh 's a chrádh, agus deamhan ab' fhearr ná thuill sé é, acht shéid an ghaoth & d'éirigh an t-anfadh ina n-aghaidh, agus caitheadh anonn & anall iad mar chaithfidhe slat mhara ar bhárr na dtonntrachaidhe. A lán aca báitheadh, & buaileadh cuid eile de na loingis isteach ina lán de na cuantaibh i gCúige Uladh. Tháinic ceann aca isteach go Caladh Inis-Eoghain, agus i leabaidh athar Bhaill- Deirg congnamh a thabhairt dóibh 'sé an chaoi ar ionn- suigh sé féin agus na Sagsanaigh iad, mar chuir beirt de na Sagsanaigh i n-umhail dó gur tháinic siad mar dearg-námhaid do Éirinn, agus an méid aca nár mhar- bhuigh siad, chuir siad an chuid eile aca mar ghialla go dtí an Fear Ionaid i mBaile Átha Cliath. Níor bh'é sin d'Iarla Thíre Eoghain, thug sé lámh na tárrthála tim-
cheall a láin aca. Fuair siad neart bídh agus dighe uaidhe. D'innis sé dóbhtha an ghráin agus an fuath a bhí ag na Ghaedhil i n-aghaidh an tSagsanaigh, agus an modh agus an meas a bhí aca do Rígh na Spáinne agus go raibh siad i gcomhnuidhe ag feitheamh le n-a chabhair le Éire a shaoradh ó chrúbaibh Eilíse. Choinnigh an Ruarcach lucht luinge aca faoi n-a chabhair féin, agus b'áin le Bingham go bhfuigheadh sé uaidhe iad, acht thug an Ruarcach a ndubhshlán, dá mhéid a chumhachta i gConn- achtaibh. Caib. XII. – UILLIAM MAC UILLIAM. ANOIS tá Fear Ionaid nua againn ar b'ainm dó Uilliam Mac Uilliam, & tá sé ag feitheamh go foighdeamhail le sgéalta ó Chúigeadh Uladh, mar budh 'in é an taobh d'Éirinn ba mhó a bhí ag tabhairt imnidhe do na fir ionaid, & ní raibh uatha i gcomhnuidhe acht sioc- air icínteacht fhagháil le taoiseachaibh an chúigidh sin a chur ag troid i n-aghaidh a chéile, mar bhí fhios aca, fhad 's bheith siad ag troid, go dtiocfadh leobhtha-san deasughadh ná ba ghoire dhóbhtha. Thimcheall an ama sin mhair taoiseach i gConn- dae Mhuineacháin de Mhuinntir Mhathghamhna, & bhí sé chomh dílis sin do na Sagsanaigh agus go dtug sé seilbh a chuid talmhan dóibh, agus, nuair a bhí sé faoi n-a smacht annsin, fuair sé seilbh ar ais uatha léir dlighe an tSagsanaigh. Nuair a d'éag an fealltóir seo, b'áin le n-a dhearbhráthair Aodh a sheilbh fhagháil agus é bheith 'n-a thaoiseach os cionn bunaidh na Mathghamhnach, acht ní bhfuair sé an cead sin ó n-a ghaoltaibh, mar
d'ionnsuigh siad é, agus nuair nach raibh sé i n-ann seasamh ina n-aghaidh, d'iarr sé congnamh an Fhir Ionaid, agus thug sé sin dó, mar bhí fhios aige gur bh'in é an congnamh chuirfeadh bun suidheacháin ar na Sagsanaigh, agus chuirfeadh an ruaig ar bhunadh na Mathghamhnach. I dtoiseach d'iarr an Fear Ionaid sé chéad bó & thriall sé go dtí Conndae Muineacháin & thóig sé baile Mhuineacháin i n-ainm na Bainríoghna & i leabaidh é an tír sin a thabhairt do Aodh Mac Mathghamhna, roinn sé í idir Aodh é féin & triúr eile aca – 'siad sin Pádraig mac Airt Uí Mhathghamhna, Éibhir, taoiseach Fearnmhuighe, & Brian Dhartraighe. Léis tamall theip Aodh ar an éiric a thabhairt dó & triall Mac Uilliam ath-uair go dtí Conndae Mhuineacháin & sluagh saighdiúir leis le Muinntir Mhathghamhna a dhíbirt amach 's amach & an conndae a chur faoi n-a smacht féin. Thug sé coir fhealltach i n-aghaidh Aodha Mhic Mhathghamhna & gabhadh é & cuireadh faoi ghlas é nó gur chruinnigh an Fear Ionaid coisde ar a chomhairle féin. Bhí ceathrar aca seo ina saighdiúiríbh Sagsanacha & ochtar aca ina neamh-Ghaedhil. Bhí cead ag an gceathrar Sagsanach siubhal amach is isteach am ar bith a thogróchadh siad. Bhí an t-ochtar eile faoi chreapall & faoi chrádh & ocras, & bagruigheadh a mbás ortha mur' dtiubhradh siad breithe éagcórach air & é chligint 'un a chrochta. Shuidh an dáreag aca & thug siad a mbreith & cligeadh mo chréatúir & crochadh é dhá lá ina dhiaidh sin ag a dhoras féin. Seo é an chéad choisde a cuireadh i bhfoirm i gCúig Uladh léir dlighidh lághaigh Eilíse, mar budh é baramhail na Sagsanach go raibh a leitheide sin de dhligheadh an-chóir, agus go raibh dligheadh na mbreitheamhan nGaedhealach an-mhí- chriostamhail. Roinn sé dúithche Aodha idir a chuid brothairí féin & ina measg bhí sean-Bhagenal & caiptín “Bláth na Circe” & dá mhéad a gcumhacht ní bhfuair siad sult ar bith do bhárr báis Aodha & bhí lámh ag gach
éinne aca seo ina bhás. Rinne Muinntear Mhathghamhna taoiseach de Bhrian léir nósa na tíre & d'ionnsuigh sé iad seo go mion is go minic & ní raibh siad i n-ann drannadh leis mar bhí sé go mór ina fhear níos toradh-airighe ná Aodh réamhráidhte. Rinne Mac Uilliam brionglóid aon oidhche amháin gur fhág na Spáinnigh mórán óir ina ndiaidh chois cladaigh i gCúigeadh Uladh & chuir sé a shrón roimhe ag smúracht go bhfuigheadh se baladh an óir. Nuair a sháruigh sé air an t-ór fhagháil, sgiob sé leis dhá thaoiseach, Mac Uí Thuathail & Mac Uí Dhochartaigh, & chuir sé faoi cheangail géar iad i mBaile Átha Cliath. Léis tamaill thug Mac Uí Dhochartaigh do'n Fhear Ionaid mar brealais mórán sealbhán bó &, mar bhí Mac Uilliam ina amplachán, shanntuigh sé an tabhartas & thug sé cead na gcos do'n Dochartach. Ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar dhroch-ghníomharthaibh cráidhte an Fhir Ionaid, áit ar bith ar leag sé lorg a choise ar fud na hÉireann, ná ar fhéad sé a theanga ná a chreideamh a sgaradh. Rith an ama seo níor fhéad Mac Uilliam ball ar bith a bhain do dhligheadh Shagsana, áit comh- nuighthe fhagháil dhóbhtha i gCúig Uladh, & chuir sé sgéal ag Mag Uidhir go Conndae Fear Monach go gcaith- feadh sé sirriam a leigint ins an gconndae sin le ceart & cóir a thabhairt do na daoinibh annsin léir dlighidh Shagsana, mar budh 'in é an dligheadh bhí críos- tamhail & ní hé dligheadh na n-Éireannach. “Beidh fáilte agam roimh do bhall dlighidh,” arsa Mag Uidhir, “acht innis dom cé mhéid is fiú é, insa' riocht, má bhaintear an ceann de, go mbéidh fhios agam an éiric a bhainfeas mé de mhuinntir na tíre do bhárr a bháis.” Thug sin le rádh do'n Fhear Ionaid nach raibh mórán catharnais le fagháil ag na Sagsanaigh ó Chlainn 'gUidhir. I leabaidh na hoibre seo bheith ag cur na ruaige ar na hUltaigh 'sé an chaoi a raibh sé d'á ndaingniughadh & a
gcuid taoiseach ag éirghe níos dílse d'á chéile gach lá. Bhí Iarla Thíre Eoghain faoi seo ag feitheamh leis an lá a mbeith gach ní a d'fhóir dó aipighthe agus é ar thoiseach na Niallach i machaire an chatha & a gháir chogaidh “Lámh dhearg abú!” i n-uachtar. Caib. XIII. – CUAIRT AODHA GO SASANA. TIMCHEALL an ama seo mhair mac díomhaoinis le Seaghán Ó Néill ar bh'ainm do Aodh na nGeibhleach, & bhí rún díoghaltais aige i n-aghaidh Iarla Thíre Eoghain, & b'áin leis i gcóir ná i n-éagcóir a chur d'á chosaibh. Leis sin a dhéanamh chuaidh sé ag an bhFear Ionaid & d'admhuigh sé dhó go raibh Iarla Thíre Eoghain ina fhealltóir do'n Bhainríoghain & d'á cumhacht & go raibh sé ag tabhairt fasgaidh & dídin d'á lán sagart agus ag feitheamh le congnamh ó Rígh na Spáinne agus, dá mbadh é toil a onóra, go gcruthóchadh sé sin ina aghaidh léir mionna ná léir comhraic éin-fhir ar mhachaire an dubhshláin. Thug an Fear Ionaid cluas mhór dhó & shocruigh sé lá a dtiubhradh sé an choir 'un cinn, mar bhí sé féin ag aimhreas ar Aodh Ua Néill go mba fear meilmeach a bhí ann. Acht ní fhuair an Fear Ionaid faill a choisde fealltach a thoghadh nó gur chuir Aodh Ua Néill Aodh na nGeibhleach faoi ghabháil, agus féachadh é faoi n-a smacht féin & tugadh coir báis ina aghaidh. Níor fhéad Iarla Thíre Eoghain fear ar bith fhagháil i gCúigeadh Uladh le n-a chur 'un báis mar nach marbhóchadh siad fear ar bith de bhunadh na Niallach & b'éigean do'n Iarla an obair sin a chomhalladh é fhéin, mar bhí Aodh Ua Néill ina fhear ró-
ard-inntinneach le n-a thabhairt i láthair bruilthín Sasanach & fealltóir Éireannach a bheith ag mionnughadh ina aghaidh. Bhí fhios ag Aodh Ua Néill nach mbeith an Fear Ionaid ina charaid dhó as sin amach & go dtionntóchadh sé Cúirt Shagsana ina aghaidh, dá mb'fhéidir leis. Dubhairt Aodh leis féin nach mbeith sé ag caint leis na cosaibh fhad 's bhí an ceann le fagháil & buaileann sé leis go Sagsanaibh i ngan-fhios do'n Fhear Ionaid & mheas an Fear Ionaid nach raibh sé ceadmhach aige imtheacht gan a chead-seisean fhagháil & nuair a shroich sé Lonndain tugadh cineál gabháil bréige air, acht níor cuireadh creapall ar bith air dh'á bhárr, mar bhí sé ina measg i dteach na cúirte ag magadh fútha i ngan fhios dóibh le milseacht a bhladaireachta, agus budh é iomlán a chainte le árd-uaisle na cúirte ag trácht faoi Chúigeadh Uladh. Ins an am céadna bhí seanchas fada aige agus ag an mBainríoghain mar ba gnáthach leobhtha gach uile uair a casadh le chéile iad, agus maidir le n-a bhladaireacht, chuir sé an chluain uirthi os comhair a dá súl le binneas a chainte. Deamhan cor a bhí i gcroidhe an tsionnaigh nach raibh cor i gcroidhe Aodha Uí Néill ina aghaidh le méid a chuid triollúdhais. Dubhairt sé léithe go raibh fuath agus gráin aige ar ainm na Niallach, mar bhí fios aige nach raibh an t-ainm sin 'taithneachtáil ina láthair agus gur amhlaidh bhí sé ag coinneáil an ainm sin le faitchíos go dtóigfeadh éinne eile de na Niallaigh é & go mbeith iomlán na tíre sin ag umhlughadh dhó, mar uachtarán na Niallach. “Tá mé god' agairt, a bhainríoghain mhánlach, gan mionna thúnadh orm leis an ainm sin a thréigeadh an t-am tá i láthair.” Dubhairt sé go raibh sé ag brath ar Thír Éoghain a roinn ina dhá chuid, agus carcair a chur ar bun ann, “le do dhligheadh chumhachtach-sa a chur i bhfoirm agus
muinntir na tíre sin a choinneáil faoi smacht léir an dlighidh sin.” Thug sí cluas mhór dó, agus ba bhinne léithe glór a chainte na mil na mbeach. Dubhairt sí leis nach raibh sé ceadmhach aige a chlann a chur faoi athair altroma, ná fasgadh a thabhairt do shagart, ná carthanas a bheith le coimhighthigh, ná géar-chíos a chur i bhfoirm; ná fós congnamh a thabhairt nó fhagháil ó na hAlbanaigh, agus gan cead a thabhairt do na sean- Ghaedhil a ngleib a chaitheamh, ná sean-ghnás ar bith eile a bhain dóibh; carthanas buanamhail a bheith idir é féin agus Toirdhealbhach Luineach, & an carthanas céadna bheith idir é féin is na taoisigh eile bhí lághach leis na Sagsanaigh annsin. Léis an méid seo a rádh leis, bhí an oiread sin do mhuinighin ag Cúirt Shagsana as & go ndeachaidh Iarla na hUrmhumhan & Hatton i mbannaíbh air. Shocruigh siad eatorra go gcuirfeadh Aodh & an Fear Ionaid gach ní aca seo i bhfoirm léir riaghail dligheamhail an chéad lá de mhí na Lughnasa. B'áin le Aodh go dtiocfadh taoisigh eile na tíre & an riaghail chéadna a choimh-cheangladh. Chlis siad-san, & sin é a thaithnigh le Aodh faoi rún, & d'imthigh sé, mí na Lughnasa, tharsta gan bun urrudhais ar bith a chur ar an bhFear Ionaid. Léis an ama seo, 'leabaidh é beith ag cumhdach na Sasanach mar gheall sé, 'sé an chaoi a raibh sé ag déanamh carthanais leis na taoiseachaibh Gaedhealacha, & 'gá dtéagradh ina chéile, & ag feitheamh leis an lá a thóigfeadh sé lámh bhagrach i n-aghaidh na Sagsanach le n-a ndíbirt duth & dath as a thír. Ní raibh gach uile ní ollmhuighthe aige ar a mhian an t-am sin leis an gcumh- achta sin ionnsuidhe, acht tháinic a lá ar deireadh thiar, mar fheicfidh sibh níos íochtaraighe annseo.
Caib. XIV. – Pósadh Aodha & Máible Baigenal. LE linn an ama seo bhí athair Bhaill-deirg 'na thaoiseach lag chlaon os cionn Cinéil Chonaill, & Baill-dearg é féin faoi bholtaíbh ag an bhFear Ionaid. Ní thig linn mórán a rádh faoi Aodh i rith na bliadhna seo, acht amháin go raibh éin-ní amháin 'na sgal-radharc- amail a bhí ag cur íognódh mór ar Aodh, & spalp sé mionna go gcuirfeadh sé faoi lár go luath is go tapaidh adhbhar a íognódh, & budh 'in é an mhainistir ar chomhnuigh Baigenal & a bhrothairí saighdiúirí ann. Bhí an rún sin cothuighthe ag Aodh roimh ré, mar nach raibh éan-spéis ag Aodh i mBaigenal, agus bhí an ghráin chéadna ag Baigenal ina aghaidh-san, acht amháin an deagh- fhocal ó chéile ó'n bhfiacail amach. Bhí deirbhshiúr ag Baigenal, & budh í áilne na mban í le breághaichte. Thnúth an Niallach léithe, agus thug siad searc cionamhail d'á chéile. Mheas Aodh nach raibh sé ceart ná cóir a leithéide do óige fhágáil ag bodach de Shagsanach le n-a chéile dhéanamh dí. Mheas sé, mar an gcéadna, go mbadh mhór “an peacadh marbhtha cailín chomh breágh léithe fhágáil i ndorchadas i muinighin an chreidimh gan bun gan bárr, agus gan críostamhlacht ar bith, gream- uighthe do'n mhuinntir a chuir ar bun é.” D'á bhrígh sin thug sé lámh na tárrthála ina timcheall, agus treor- uigheadh a bealach go dtí Caisleán Dhúin Gheanainn. Baisteadh annsin í insa gcreideamh Rómhánach, agus cuireadh séala Chríosta ar a malaidh, & tá sé ráidhte go ndearna Iarla Thíre Eoghain a bhean di. Dubhairt na hughdair Bhéarla go bhfuair Aodh col-sgartha ó n-a mhnaoi dhlisteanaigh leis an mnaoi seo a phósadh, acht léir na sean-seanchaidhthe Gaedhealach bhí a bhean éagtha
faoi seo. Tá sé ráidhte, nuair a tugadh Baill-dearg go Baile Átha Cliath, go dtáinic an sgéal go Cúig Uladh gur bhain an Fear Ionaid an ceann de. Nuair a shroich an sgéal seo bean Iarla Thíre Eoghain, thuit sí ina cnap le laige, agus d'éag sí insa laige. Tá sé mar shean-fhocal i measg na ndaoine, nuair a mhoitheóchadh siad faoi bhás tobann duine, déarfadh siad, “D'éag sí chomh tobann le bean Iarla Thíre Eoghain,” agus léir sin (d'á réir sin) sílim go bhfuil croiceann na fírinne air. Dá méad gráin a bhí ag Baigenal i n-aghaidh Aodha roimhe sin, bhí a dhá oiread sin aige ina aghaidh as sin amach, mar mheas sé, léir a bharamhlact' féin, go mba mhór an díonáire a bhí air féin & ar a bhunadh, mar ngeall ar an Iarla a dheirbh- shiúr a bhladar agus a fhuadach. Ní raibh aon ní ag dul idir é & a shuaimhneas acht an Niallach a chur dh'á chosaibh, agus feicfe sibh go dtáinic an rún seo 'un cinn, acht gur bun-os-cionn a bhí an bhuaidh. Caib. XV. – Éalódh Bhaill-deirg. ANOIS, fhad 's bhí Baill-dearg insan ua- chais faoi ghéar-chrádh i mBaile Átha Cliath, bhí sé i gcomhnuidhe ag spreagadh na Maighdine, agus níor fheall sí air, mar ba léir dhó a bhealach ar deireadh. D'éaluigh sé féin & fear óg de na Caomhánaigh ar fud sléibhte 'gus gleannta faoi chasgairt na hoidhche gur shroich siad Féidhlim Ó Tuathail, acht ní raibh a chumhachta i n-ann a gcosaint ó'n tóir a bhí 'na ndiaidh, agus tugadh ar ais na créatúir, agus cuireadh ceangal na gcúig gcaol ortha.
Níor loic sé sin Ball-dearg, mar d'éaluigh sé an bhliadhain d'ar gcionn ar Oidhche Nodlag Mór na hÉireann, é féin agus beirt mhac Sheagháin Uí Néill, Hannraoi agus Art. Chráidhfeadh an oidhche sin croidhe na cloiche glaise le méid an tseaca agus an tsneachta bhí sé a chárnadh, acht bhí réalt eolais na Maighdine 'gá dtreorughadh, 'gá dtreisiughadh, & 'gá stiúradh ar feadh trí oidhche agus trí lá, agus iad ag cothughadh a gcolna le duilleogaibh agus féar glas. Bhí siad chomh lag sin & go mb'éigean dóbhtha fasgadh thógáil i lúib an ghleanna ar thalamh Fhiacha Uí Bhroin. Nuair a bhí siad i ndeireadh na déithe, fuair Muinntear Bhroinn beirt aca – mar d'éag Art le méid casgairt na haimsire, na trócaire go bhfaghaidh sé. Thug ceannphort Ghleanna Mhaoilughra leis iad go dtí a theach féin, agus thug sé iongabháil leanbh dóibh go dtug sé in dtír iad. Ní dheárna sé aon mhoill gan sgéal a chur ag Iarla Thíre Eoghain faoi éalódh Bhaill-deirg, agus go raibh sé aige ina theach féin, & nár fhéad mór-shluagh Shagsanaigh drannadh leis. Bhí catharnas buanamhail idir Fiacha Ua Broinn & Aodh Ó Néill, agus, nuair a shroich an nuaidheacht cluasa Aodha, níor chuala sé aon sgéal ariamh ba mhó a chuir bród air ná é. Chuir sé an t-eolaidhe a b'fhearr a bí aige faoi n-a dhéin – fear dar bh'ainm Toirdhealbhach Buidhe Ua hÁgáin – agus, nuair a shroich sé teach na mBranach, fuair sé an bheirt aca te teolaidhe, agus thug Fiacha dóbhtha gach ní a d'fhóir do choisidhthibh bóthair, agus an dá chapall a b'fhearr a bhí aige. Bhí eolas an bhealaigh go maith ag an eolaidhe, & threoruigh sé an bealach, gan bacall ar bith a thidheacht roimhe, ag coinneáil chomh fada agus d'fhéad sé ó theorainn na nDubghall, gur shroich sé an Bhóinn ag Inbhear Colpa. Chuir siad na caiple le ceannaire thríd an mbaile, agus hiomruigheadh iad féin i mbád iasgaireachta trasna na Bóinne, agus seo beagán focla bhí ag na sean- Ghaedhilgeoirí: Nuair a bhíthear dh'a n-iomradh dubhairt
fear an bháid le Baill dearg go mba ball de shliocht Ui Dhomhnaill é. “Aithnighim thú léir an bhaill bruinne atá ar do mhuinéal. Tá sé baoghlach an ball bheith nochtuighthe agat; ba chóir go gcuirtheá coiléar do thriúsa do fhalach air. Má fheiceann éinne de na Dubh- ghaill an ball, aithneóchaidh siad thú, agus is tuar teichte dhuit é.” Chuaidh siad ar mhuin na gcapall aríst, & threoruigh siad a mbealach, gan clampar ar bith thidheacht trasna ortha, gur shroich siad Dún Geanainn, & nuair a casadh an dá Aodh le chéile, ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar an gcatharnas cáirdeamhail a bhí eatorra. D'éist an tIarla le Baill-dearg go foighdeamhail, ag innsint dó an chaoi ar alpadh é, agus an phian-pháis chráidhte a d'fhulaing sé i n-uachais an Fhir Ionaid, i mBaile Átha Cliath. Nuair a chuir an tighearna i n-umhail do Bhaill dearg an íde a tugadh ar Mhac Mhathghamhna & an suidheachan a bhí ar an tír ag na Dubhghaill, fhobair nár chaill sé a chiall, agus spalp sé an mionna nach mbeith an suaimhneas aige oidhche ná lá go mbainfeadh sé sásamh agus taraidh thart as na Dubhghaill de bhárr báis Mhic Mhathghamhna. Ní thig linn a mhíniughadh annseo an claon claonmhar bhí idir an dá Aodh fhad 's bhí siad le chéile, agus gheall siad go ndéanfadh siad dearmad ar na héagcóra bhí caithte, agus go seasfadh siad d'a chéile chomh fírinneach cneasta le croidhe naoidh- eanáin as sin amach. Sgar an dá Aodh ó chéile, agus thug an t-Iarla gárda tiodhlacan do Bhaill-dearg gur shroich sé taoiseach Fear Monach. Nuair a rinne sé caidreamh an taoisigh, bhí fearadh na fáilte aige roimhe, agus thug Mag Uidhir a mhionna & a mhóid dhó go leanfadh sé é ar fud uisge agus teineadh, ag tabhairt congnaimh dhó le sásamh a bhaint as na Sagsanaigh. Thug sé bád do “Bhall” agus dá chomhluadar, agus
d'iomair siad go dtí Béal Átha Seanaig, insan áit ar chruinnigh na céadta d'á cháirdibh thart ina thim- cheall, & iad ag altughadh na gcéadta paidreachaidhe do Dhia de bhárr é threorughadh chuca arís, & iad ag spalpadh na mílte mallachta ar an gcumhachta mí- chríostamhail tútach a thug an splíontaidheacht dó insan uachais dorcha i mBaile Átha Cliath. Caib. XVI. Mainistir Dhún na nGall. NÍ fhuair Baill-dearg mórán ama nuair a tháinig sé a-bhaile le n-a loit do chneasughadh, mar bhí éagcóir chráidhte dh'á dhéanamh insan am sin an taobh sin de'n tír. Budh é Bing- ham smachtóir na Sagsanach insan am seo i gConnachtaibh, & ní fhuair sé tuairisg ar bith faoi éalódh Bhaill- deirg, agus bhí fhios aige nár bhaoghal dó athair Bhaill- deirg, mar bhí sé lághach leis na Sagsanaigh an t-am céadna. Chuir Bingham os cionn dá chéad saigh- diúr trasna na fairrge go cathair Dhúin na nGall. Ins an áit seo bhí mainistir shaidhbhir luachmhar ag na bráithreachaibh, agus tháinic saighdiúirí Bhingham i ngan fhios ortha, & chuir siad an ruaig faoi na bráithribh, agus ní raibh siad gan an chuid is mó aca a mharbhadh. Thóg siad seilbh na mainistreach, agus choinnigh siad í mar longphort saighdiúr. Thug siad lámh thimcheall na leabhra Gaedhilge, mar budh 'in é bhí uatha i gcomhnuidhe. Bhí fhios aca, nuair a chuirfidhe ó uidh na leabhra Gaedhilge, go raibh siad ag tabhairt buille marbhtha do'n teangaidh, agus go gcaithfeadh na hÉireannaigh
an Sags-bhéarla fhoghluim. Tugaidh faoi deara gurab 'eo í an mhainistir ar sgríobhadh agus ar cuireadh le chéile bun ughdair ar staire, an leabhar ar a dtugtar “Annála na gCeithre Máighistir.” Leis na saighdiúir a chur fúbhtha insan mainistir, bhuail siad rompa ar fud na tíre, ag slad agus ag marbhadh, ag dóghadh & ag losgadh agus ag iomchar leobhtha tabhartas na tíre. Níor fhéad Baill-dearg an obair seo fhuilint ní b'fhuide, agus d'éirigh sé amach ina uachtarán cogaidh, & muinntir na tíre cruinn leis, go dtáinic siad go dtí an mhainistir. Bhagair sé ar na Sagsanaigh glanadh as an mainistir, & gach ní a bhí 'na seilbh fhágáil ann. Níor thairg siad aon chogadh dhó, & budh é luas a gcos thug as iad gur shroich siad Bing- ham aríst, agus a méar ina mbéal mar bhromachán bliadhna. D'fhill na bráithre ar ais, agus fuair siad seilbh a mainistreach ath-uair de bhárr fearamhmlacht' Bhaill- deirg. Dá mbeith siad i muinighin congnaimh athar Bhaill-deirg, bheith an ruaig ortha go héag. Chaith na bráithre iad féin ar a nglúnaibh, ag altughadh paid- reachaidhe do Dhia na glóire i nglan-Ghaedhilge, ag iarraidh d'impidhe ar an Tríonóid Baill-dearg a chosaint & a choimeád & a choinneáil saor ó láimh fhuiltigh na mbrothairí i rith a shaogail. Tugaidh faoi deara go mbadh cóir go gcuimhneóchadh an Eaglais Romhánach i nÉirinn ar na paidreachaíbh seo bhí i nglan-Ghaedhilge, & tá anois i nglór agus i gcanamhaint teangadh lucht buin & cathuighthe gach uilc.
Caib. XVII. Ríoghadh Bhaill-Deirg AN samhradh dh'ár gcionn, an tríomhadh lá de Bhealtaine, chruinnigh seadairí, cléir, báird, & taoisigh Tíre Chonaill go dtí Carraig an Dúin, i ngar do'n áit ar hoileadh Colm Cille, mar budh 'eo í an charraig ríoghamhail bhí ag sliocht Chinéil Chonaill ar feadh na gcéadta bliadhain, le n-a dtaoiseach a thoghadh, agus a chlogad ríoghamhail a chur ar a cheann. Sheas Baill-dearg ar an gcarraig mar ba ghnáthach d'á shinnsear, agus le mór-thoil a athar tugadh tighearnas na treibhe dhó i n-aois a naomhadh bliadhain déag. Léis an t-airchinneach Ó Firghil an clogad cor- óineach a chur ar a cheann, gháir na mílte duine i n-éan- ghlór amháin, & dubhairt go raibh sé thar am árd-taoiseach dílis a bheith toghtha le muinntir Chinéil Chonaill a thabhairt 'un síothchána. Le linn an ama sin chomhnuigh Toirdhealbhach Luineach ins an tSrath Bán, agus mar bhí sé neamhthéagrach dh'á thír, bhí Sagsanaigh 'na gcomhnuidhe faoi ar a gcomhairle féin, agus nuair a mheas Baill-dearg go raibh mór- chumhachta na treibhe aige, mheas sé go raibh sé i n-am & thar am aige an ruaig a chur ar na Sagsanaigh sul má bhfuigheadh siad eólas na tíre. D'ionnsuigh sé Toir- dhealbhach, agus chuir sé an ruaig air féin agus ar na Sag- sanaigh go dtí Dún Geimhin (Baile an Mhullaigh) ins an áit ar chomhnuigh an Cathánach. Thoisigh sé ag gabháil fabhairne do'n chaisleán, &, sul má bhfuair sé am an caisleán a lot, tháinic an Cathánach chuige, & dubhairt sé leis go mba dona an chomaoin a bhí sé a chur ar a athair altroma a chaisleán a leagaint air – mar tá sé ráidhte go raibh Baill-dearg ina mhac altroma ag an
gCathánach. Chosg “Ball” a lámh do'n taca sin, acht níor thug sé faill “Deo gratias” dóbhtha, nó gur dhíbir sé gach uile Shagsanach a bhí i dTír Chonaill, agus ba bhuidhe bocht le Toirdhealbhach caidreamh agus cathar- nas Bhaill-deirg a dhéanamh nuair a díbrigheadh salachar na tíre uaidhe. Creidim go dtáinic brón ar Thoir- dhealbhach nuair a sgar sé d'á indeóin leis na Sag- sanaigh, mar d'éag sé an bhliadhain d'ár gcionn. Caib. XVIII. – Mag Uidhir. BUDH é Willis an caiptín bhí ar na Sag- sanaigh bhí i gcatharnas le Toirdheal- bhach, agus nuair a díbrigheadh é as an tSrath Bhán, níor bh'fhada gur theasbáin sé é féin arís i gConndae Fhear Monach. Tá sé ráidhte roimh ré go mb'áin leis an bhFear Ionaid sirriam Gallda a chur insan gconn- dae sin le dlighthibh na Bainríoghna a smachtughadh ann, agus, ar ndóigh, ní thiubhradh Mag Uidhir an cead sin dó, acht thairg sé mar gheallamhaint trí chéad bó dó, & mar bhí an oiread sainte ag an bhFear Ionaid do mhaoin an tsaoghail & bhí aige i ndortadh fola na nÉireannach, níor dhiúltuigh sé do'n tairgsint, & níor cuireadh aon tsirriam ann. Acht anois sa mbliadhain 1593, faghann sinn Willis insa' gconndae sin ag cur bun suidheachain air féin mar sirriam, agus trí chéad de bhrosgán saighdiúir ba dío-mhúinte bhí i Sagsanaibh faoi n-a smacht.
Thoisigh sé ar a chuid oibre tútaighe, & léir mar bhí sé ag dul 'un cinn, bhí sé ag creachadh na tíre. D'ionn- suigh Mag Uidhir é, agus ní raibh sé i bhfad ag cur na ruaige air gur thóig sé dídean i dteampall, mar ba ghnáthach dh'á bhunadh, agus nuair a bhí sé i n-aice tuitim faoi chlaidheamh Mhig Uidhir, chuir Aodh Ó Néill a ladar eatorra, ag déanamh eadarasgáin, & rinne sé sin, mar fuair Willis cead imtheachta gan fannc a bhaint as. Bhí fhios ag Aodh Ó Néill go bhfuigheadh sé moladh mór i gcúirt Shagsana d'á bhárr seo, & nach gcaillfeadh siad a muinighin ann. Níor ghlac Mag Uidhir aon sgáthmhaireacht roimh an Niallach annseo, mar bhí comhursanaidhe Chúige Chonnacht ag éirghe an-diabhalta fairsing ar theórainn na nUltach, agus bh'in iad comhursanaidhe Shagsana bhí 'na gcomh- nuidhe i n-áit na gConnachtach. Chruinnigh Mag Uidhir seadairí Fhear Monach, agus bhuail siad rompa ag tabhairt dhá thaoibh na tíre leó, gur shroich siad Tuilsg insan áit a raibh Bingham ina cheannphort ar longphort saighdiúir Gallda. Bhí feadhnach de mharcshluagh Bhing- ham ag fead-rúsgadh i ndorchadas na hoidhche, agus theangmhuigh seadairí Mhig Uidhir leo. D'ionnsuigh na hÉireannaigh iad, mar bhuailfidhe an t-aer 'san talamh i n-aghaidh a chéile, agus b'éigean do na Sagsanaigh buille ar a' tréat a bhualadh i ndiaidh a gcúil gur shroich siad a longphort, & easbhuidh an chuid-is-mó ortha. I measg an tslaid bhí a gceannphort an Cludhánach, & ar thaoibh na nÉireannach marbhuigheadh caraid Mhig Uidhir, prímh-cheann Eaglaise na hÉireann, ar bh'ainm dó Magabhán. Nuair a shroich an sgéala seo cluasa an Fhir Ionaid, d'éirigh sé mío-shuaimhneach, & sheól sé sluagh saighdiúir ó Chúige Laighean go dtí tír Mhig Uidhir, faoi spraic Aodha Uí Néill & Bhaigenal. D'ionnsuigh an bheirt réamhráidhte a thír anois, & tháinic Bingham aniar, &
sheas Mag Uidhir go colgach dána ina n-aghaidh, é féin & an fear conganta a b'fhearr a bhí ag Mag Uidhir. Abhainn a bhí ag imtheacht ó Loch Éirne thrí mhachaire an chatha – chuir sí creapall mór ar na Sagsanaigh i gceann conganta Mhic Uidhir. Bhí an cath an-bhorb fhad 's mhair sé, & slad mór ar gach aon taobh. Bhí na Sagsanaigh ag fagháilt an chuid-is-measa dhe, acht le gliocaidheacht an Niallaigh d'éirigh leis a mharcshluagh a thabhairt trasna na habhna. D'ionnsuigh sé na hÉireannaigh ar an tslios ba laige, & b'éigin do Mhag Uidhir tréatadh ar gcúl. Tá sé ráidhte gur loiteadh an Niallach ina cheathramhain, & ba mhaith an sgéal dó féin é, mar dhearc na Sagsanaigh air as sin amach go mba gearr go gcuirfeadh an Niallach bratach na Bainríoghna ag eiteall i gCúig Uladh. Sin é shíl siad, acht budh 'in í Síle chaoch aca! mar chuirfear i n-umhail do'n léagh- thóir níos íochtaraighe insa' stair seo. 'Sé an chaoi a raibh Aodh Ó Néill le n-a chuid gliocaidheacht ag caitheamh cnáimh ag an droch-mhadadh, 'gá chosaint féin ó n-a dhranndal, & é ag feitheamh go foighdeamhail ar an lá a bhéarfadh sé buille tuaithbhil ina n-aghaidh i n-áit an bhuille neamh-théagraigh bhí sé a thabhairt leobhtha faoi láthair. Theann na Sagsanaigh isteach thrí thír Mic Uidhir ag casgairt, ag dóghadh & ag losgadh. Ní dhearna siad mórán moille insa' tír sin gan imtheacht, & d'fhág siad feadhnach saighdiúir Gallda faoi choimirc Chonchubhair Ruaidh Mhig Uidhir, mar dhearg-námhaid do thaoiseach Clainne 'gUidhir, & budh é an Conchubhrach seo an chéad fhealltóir de Chlainn 'gUidhir d'umhluigh do chumhacht Eilíse. Bhí na Sagsanaigh lán-sásta leis an obair seo, mar mheas siad go mbeith Clann 'gUidhir ag troid 's ag bruighin i n-aghaidh a chéile, agus annsin nach raibh bacall ar bith roimh na Sagsanaigh le n-a ndlighe & a gcreideamh a chur ar bun i dtír Chlainne 'gUidhir.
Caib. XIX. – Cath Bhéil Átha na mBriosgaidhe. LE linn na hoibre seo, bhí Baill-dearg ag éirghe an-mhí-fhoighdeamhail, agus ní raibh aon ní ó fhlaitheas anuas ag dul idir é agus a shuaimhneas, acht dríodar Shagsana a choinneáil glan ó Chúig Uladh. Níor fhéad Ball-dearg doimhneacht tréithe an Niallaigh a thuigsint, acht, ar a shon sin, bhí rún eicínt idir an bheirt aca a choinnigh Baill-dearg ó chongnamh a thabhairt do Mhag Uidhir uair a ghéibhinn, acht i mbliadhain 1594 threoruigh an Fear Ionaid arm cumhachtach go Baile Inis- Ceithleann & thainic sé i ngan fhios ar an mbaile sin, mar thiocfadh gadaidhe 'san oidhche, is nuair a thóig sé seilbh ar an mbaile, d'fhág sé dúnphort ann le n-a chosaint. Níor fhéad Baill-dearg a fhoighid a choin- neáil ní b'fhuide. Rug sé ar a chlaidheamh ghéar i n-ainm an Athar, an Mhic 's an Spioraid Naoimh, mar bhí muinighin aige i gcomhnaidhe as an Tríonóid Naomhtha, & ba chumhachtaighe an mhuinighin í sin ná muinighin Bain- ríoghna Shagsana. Choinnigh Baill-dearg seadairí Thíre Chonaill & rinne sé a dtreorughadh i n-aice Inse Ceithleann. D'fhan siad timcheall na háite sin i rith an tsamhraidh & níor leig siad cabhair ar bith isteach ag na Sagsanaigh. Bhí siad ag glanadh na tíre ó dheas & ag cur ó rath gach ní a casadh leó bhí faoi smacht na Sagsanach. Bhí an dúnphort an t-am seo i ndeireadh na déithe d'uireasbhuidh bídh, agus iad ag brath ar géilleadh & an baile thréigeadh, dhá bhfuigheadh siad cead a gcos. Sul mar ghéill siad, b'éigean do Bhaill-dearg imtheacht go Loch Feabhail, i mí na Lughnasa, i n-airicis feadhnach Albanach a thainic ag tabhairt conganta do Chlainn
Gaedheal le fuil na Sagsanach a dhortadh, dá mb'fhéidir, é, mar bhí catharnas téagrach idir na hÉireannaigh & na hAlbanaigh an t-am úd. Bhí fearadh na fáilte ag Baill-dearg rompa & b'fhada bhí cathughadh 'na ndiaidh aige. Bhí an feadhnach seo faoi spraic Dhomhnaill ghuirm Mhic Dhomhnaill & Mhic Leoid ó Ára. Bhí cinéal athruighthe idir a gcrius caithte & a ngléas airm thar chrius & airm na nÉireannach, acht cébí sin de, ba congnamh fáilteamhail iad, & rinne Baill-dearg a gcaidreamh le n-a chuid saighdiuír féin, agus ba mhaith an teacht aniar a bhí ionnta, léir misnigh agus fearamhlacht ar thaobh na n-Éireannach. Fhad 's bhí Baill-dearg i nDoire, fuair Clann Conaill focal na faire go raibh arm diabhalta ag tidheacht ortha ó Chonnachtaibh, faoi smacht Herbert & Duke, & iad ag brath ar an ruaig a chur ar Chlainn Chonaill & neart bídh a thabhairt do'n dúnphort. Níor bhfada go bhfacaidh Clainn Chonaill toit na Sagsanach ag nochtadh bárr na gcnoc thrí Chonndae Liathdroma, mar bhí siad ag dóghadh na tíre rompa. Chruinnigh Mag Uidhir & Clann Chonaill ina chéile & iad ag brath ar chongnamh Bhaill- deirg an t-am céadna. Nuair a bhí siad ag preabadh ag dul i n-airicis na tóra bhí ag teacht ó chúige Chonnacht ortha, thainic cuca trí chéad gallóglách & céad marcshluagh de thogha airm Aodha Uí Néill, & a dhearbhráthair Cormac ar a gceann. Le n-a gcong- namh seo i gceann conganta Clainne 'gUidhir, i n-éinfheacht le Cinéal Conaill, d'fhan siad go foighdeamhail leis na Sagsanaigh ag áth i ngar do Inis Ceithleann. D'ionnsuigh an dá arm a chéile & bhí an fhuil ina srothán ar mhachaire an chatha. Theann na Sagsanaigh go dian ar na hÉireannaigh i rith an lae & ba déine ná sin a theann na hÉireannaigh ortha sin &, 'leabaidh na Sagsanaigh fuireachtáil ar na saighdiúir bhí
i ndeireadh na déithe le call, b'éigean dóbhtha imtheacht leobhtha le linn an tráthnóna – an fír-bheagán aca a bhí i n-ann imtheacht, mar marbhuigheadh an fearr is bárr aca & d'fhág siad a mbacáiste & a mbiadh 'na ndiaidh. Tugthar mar ainm ar an áit sin ó shoin “Béal Átha na mBriosgaidhe,” & 'sí an áth a fuair na briosgaidhe & ní hé an dúnphort. Ó phreab na Sagsanaigh ó'n gcath níor dhearc siad 'na ndiaidh gur shroich siad Sligeach. Bhí brón ar Bhaill-dearg nuair nach raibh sé annsin, mar tá sé ráidhte dá mbeith, nach leigfeadh sé mac máthara aca beó, & bhí Inis Ceithleann glan ath-uair ó shalachar Shagsana. Léis an chatha seo tugadh Mac 'Liam, an Fear Ionaid, go Sagsanaibh agus dheamhan súil fhliuch a bhí 'na dhiaidh, mar bhí oiread de ghráin agus de fhuath ag bunadh a chreidimh féin air & bhí ag na Ghaedhil. Tá sé ráidhte nach raibh éin-fhear le fagháil ab' amplaighe ná é ag maoin an tsaoghail & go gcaithfeadh sé sin fhagháil i gcóir ná i n-éagcóir. Le dhul níos fuide, bhí sé chomh suarach sin & chomh hanróiteach ina chroidhe & nach ndéanfadh sé comóradh Oidhche Nodlag Mór le umhluigheacht a thabhairt do'n Dia a chruthuigh é, acht léir na n-ughdar, ba diabhal é i gcroiceann duine. Anois, le linn an ama seo, mheas Bainríoghain Eilís nach raibh a creideamh ag sgaradh ar a mian ar fud na hÉireann. Bhí comhairleoir glic aici i mBaile Átha Cliath, Easboc Ó Lochnáin, de chreideamh na nDubh-ghall. Roimh an am seo ba mhian le Pioróid ceallphort Naoimh Phádraig a bheith aca mar choláiste gallda le n-a dteangaidh & a gcreideamh a neartughadh, acht ní aontóchadh an t-easboc leis sin, agus as sin amach, bhí Easboc Ó Lochnáin & an Fear Ionaid ina námhaid d'á chéile. Tá sé innste dhúinn go raibh lámh ag an Easboc i mbás Phioróid. Bhraith an t-Easboc mainistir Ghaedhealach a bhí insan áit a bhfuil Coláiste
na Tríonóide anois, agus dubhairt sé leis féin go mbadh áit radharcamhail é le coláiste gallda chur ar bun ann, is le n-a chongnamh féin & cead na Bain- ríoghna chuir siad bun suidheachan ortha féin leis an obair sin a chur 'un cinn. Chruinnigh an t-Easboc muinntear Bhaile Átha Cliath i gceann a chéile & labhair siad dh'á léir (réir) & thainic siad chum socrughadh leis an bhfoirgint seo a chur ar bun, le n-a dteangaidh & a gcreideamh a mhúnadh ann agus teanga & creideamh na nGaedheal a dhíbirt amach is amach & an méid sin a dhéanamh le costas na nGaedheal. Ní fhuil aon mhainistir Ghaedhealach d'ár chreach siad nár thug siad gach nídh d'á raibh ar fóghnamh ionnta go dtí an coláiste seo, agus ní fhuil fhios againn cé aca de na deich n-aitheannta Dé bhí siad a chomhalladh, fhad 's bhí siad ag déanamh na hoibre mí-chríostamhla seo, acht sílim go raibh aithne ar leith ag Eilís & ag a bunadh. XX. – LIAM RUISÉAL ANOIS, atá Fear Ionaid nua againn, Liam Ruiséal. Dubhradh leis an Ruiséalach Aodh Ó Néill a ghabháil & a chur faoi ghlas an chéad uair a gheobhadh sé faoi n-a líon é. Bhí neamhbharamhail ag Riaghaltas Shagsana as Aodh Ó Néill nach raibh sé chomh dílis dóbhtha & ba chóir dhó bheith, léis iad 'ghá thógáil as an lóbán, mar dubhairt siad féin, & árd-oideachas gallda thabhairt dó, leis na Niallaigh a
chlaoi. Nuair a mheas siad go raibh an Niallach ag déanamh iomarca catharnais le cineadh na Niallach, chothuigh siad rún eatorra le beirt Mhac Sheagháin bhí faoi n-a choimirc a thabhairt leobhtha & árd-theideal gallda thabhairt dóbhtha, insa riocht go dtógfadh siad cogadh i n-aghaidh na Niallach &, nuair a bheith Aodh claoidhte aca, cé chlaoidhfeadh iad-san? Dá mhéid a gcuid triollúdhais, bhí sgáthmhaireacht ortha ag dul dh'á bhfuadach, acht chomhairligh siad an Fear Ionaid a neamhspleádhachas a thabhairt do Bhaill-dearg ar fhad & ar leithead na hÉireann, & é féin a ghearradh amach is amach ó chatharnas Aodha Uí Néill; acht, a bhaiste, ní le focal béil ba mhian le Ball-dearg an tairisgint seo a fhreagairt, acht le fabhairt & fuinneamh a chlaidhimh. Anois hinnsigheadh do Aodh Ó Néill roimh ré go rabhthar le n-a ghabhail, & níor chuir sin sgannradh ar bith air. Bhuail sé roimhe go Baile Átha Cliath i láthair an Fhir Ionaid & thug Baigenal coir ina aghaidh & mhionnuigh sé go raibh sé ag coimhcheangladh chatharnais tír- théagaraigh leis na Niallaigh agus gur dhearc siad air mar thaoiseach “Ó Néill” agus go raibh sé ag tabhairt dídin do shagairt & níos measa, gur bhladair sé & gur chuir sé an chluain ar a dheirbhshiúr & gur fhuaduigh sé leis í go Dún Gheanainn i n-aghaidh a tolach. B'áin leis an bhFear Ionaid Ó Néill a choinneáil leis na coirthe seo a fhreagairt agus sásadh a tabhairt dhó ionnta, acht bhí con- spóid ag an gComhairle i dtaobh coirthe an Niallaigh agus dubhairt an fearr-is-bárr aca go raibh sé ceadmhach ag an Niallach cead a bhealaigh fhagháil mar chomhartha onóra uasail. Anois, insan am céadna, dubhairt Iarla na hUr- Mhumhan leis an Niallach baint amach go tapaidh, ná mur' mbainfeadh, go gcuirfeadh an Fear Ionaid faoi ghlas é, mar budh 'in í an chomhairle fuair sé ag fágáil Shagsana dhó. Ba mhaith an mhaise d'Ó Néill é, ní dhearna sé aon mhoill, nuair a fuair sé focal na faire,
rinne sé a bhealach thrí thórainn na nGhall & saighdiúirí ag an bhFear Ionaid 'gá thóruigheacht. D'éirigh leis éalódh uabhtha gur shroich sé Cúig Uladh. Annsin & ní go dtí sin d'éirigh sé madramhail faobharach le buille fíor-Ghaedhealach fearamhail a bhualadh dh'á thír & na neamh-theidil ghallda a chur faoi n-a chois a bhí 'gá crádh ar feadh suim bliadhanta. B'éigean dó a gcaitheamh, ag oibriughadh lámh ag bualadh & lámh ag tárrtháil & insan am chéadna é ag feitheamh go foighdeamhail leis an lá a bheith bun urrudhais air i measg a chinidh ghaolmhair féin & annsin go mbeith teideal Eilíse insa lóbán. Timcheall an ama seo sgríobh Mac Liaigh litir go dtí an Bhainríoghain ag innsint di faoi bhodamhlacht & droch-ghníomhartha an Fhir Ionaid Mac 'Liam & go raibh sé fhéin ina oifigeach faoi & gur throid sé ina lán áiteacha ar thórainn Chúig Uladh. “Dearbhuighim duit, a Bhainríoghain!” ar seisean ina litir, “go mba diabhalta & ró-dhiabhalta gníomhartha an Fir Ionaid & a lan d'á chuid oifigeach a bhí faoi. Cúrsaidhe Aodha Uí Néill de, ná creid ó éinne gur fealltóir é. Tugaim- se mo mhór-onóir dhuit mar bhannaíbh air gur fear dílis dhuit-se é & go bhfuil sé saor ó na coirthibh a thug Baigenal ina aghaidh. Dá mbeith sé chomh mí-rúnmhar in d'aghaidh- se & tá ráidhte, ní fhágfadh sé saighdiúr gallda i nÉirinn nach gcuirfeadh sé an ruaig ortha.” Anois, tugadh éisteacht na cluaise bodhaire do'n litir seo, mar sheol siad sluagh mór saighdiúr as Sagsanaibh & throid na saighdiúirí seo insa bhFlanndras & insa mBreatain. Budh 'eo iad togha saighdiúr Shagsana, & cuireadh go hÉire iad leis an ruaig a chur ar Ultaigh agus an mórtas a bhaint de Aodh Ó Néill. Bhí na brothairí fuilteacha seo faoi spraic ceannphuirt Norreys & bhí a dtarraint seo ar Bhéal Átha Seanaigh & ar Bhéal Liag le cur fúbhtha annsin, ag gardáil na gcasán a bhí ag dul idir Loch Éirne & an
mhuir, agus ag creapall lucht conganta ar bith a bheith ag brath ar thidheacht isteach go Tír Chonaill. Bhí rún aca Port Mór a neartachan le feadhnach saighdiúir, & sreath dúnta a chur ar bun ag an Iubhar, i riocht go mbeith bun urrudhais ortha i n-aghaidh na nÉireannach. Caib. XXI. – “LÁMH DHEARG ABÚ!” BHÍ na hUltaigh ag feitheamh le cabhair ó Rígh na Spáinne, acht tigeadh siad nó ná tigeadh, ní fhéadfadh siad fanamhaint ní b'fhuide, mar mheas siad, mur' gcuirfeadh siad an ruaig ar na Sagsanaigh a bhí ar a dtórainn, go mbadh gearr go dtuitfeadh Cúig Uladh faoi chumhachta Eilíse. Ar deireadh bhí obair dócamhail Aodha Uí Néill aipidh, mar chaith sé mórán bliadhanta ag caidreamh & ag téagradh taoiseach Cúig Uladh le chéile, & le dócamhal mór d'éirigh leis an obair sin a dhéanamh. Beirt a bhí ar thaobh na Sagsa- nach suim bhliadhanta, fuair sé anois iad faoi bhratach na Niallach, beirt dar bh'ainm Mac Aonghusa & Ó hAnluain, agus leis an snaidhm dílis seo a choimh- cheangladh, thug Aodh Ó Néill a inghean do thaoiseach Uibh Eachach & a dheirbhshiúr do thaoiseach Óirghiall. Insan am céadna bhí catharnas seasmhach idir Aodh & na Branaigh, na Caomhánaigh & an Ghearaltach Riabhach a bhí 'na gcomhnuidhe i gCúige Laighean & iad ag déanamh loit mhóir ar na Sagsanaigh; bhí Baill-dearg & Mac Uidhir i machaire an chatha go mí-fhoighdeamail ag
feitheamh le Aodh Ó Néill go gcuirfeadh sé colg catha air féin & go seasfadh sé ar dhubhshlán na Sagsanach. Bhí gach uile shúil tionntuighthe ar Chaisleán Dhúin Gheanainn, théince go bhfeicfeadh siad bratach na nÉireannach ag eiteall go hárd os cionn an tighe. Faoi dheireadh chonnaic siad an brat soillseach sin ag soillsiughadh mar réalt eolais Íosa a threoruigh an bealach do na trí ríghthibh a thainic go dtí an Bheithile ag déanamh adhartha do'n leanbh. Annsin gháir siad de ghlór árd-ghlórach “Lámh Dhearg Abú” & na céadta claidheamh ag beartughadh 'un dochair. Anois i n-ainm Dé tá Aodh i gcionn a chuid oibre. D'ionnsuigh sé an Port Mór le n-a chuid seadairí cogaidh & sheol sé na Sagsanaigh roimhe agus sguab sé iad chomh cúramach sin & dá mbadh proinn iarpais a bheith ann. Chuir sé ó rath an port agus leag sé an droichead. Bhuail sé roimhe go dtí Conndae Chabháin a bhí faoi mhuinntir “Raghallaigh na Bainríoghna,” ag tiomáint na Sagsanach rompa, mar bhí Aodh chomh honórach sin 's nach marbhóchadh sé fear ar bith nach dtiubhradh cor catha dhó. Níor féadadh aon ghníomh tútach a shamhlughadh le Aodh i rith a shaoghail. Bhí na Sagsanaigh i rith an ama seo ag imtheacht 'na sgiotán roimhe gur shroich siad Muineachán, insan áit a raibh bun urrudhais ar na Sagsanaigh. Le n-a chongnamh féin & congnamh Mhig Uidhir & Mic Mathghamhna, sgar siad a n-arm thart timcheall na Sagsanach 'gá bhfaire, mar bheith cat ag faire lochóige. Insan am seo rinne Baill-dearg a chuid seadairí a cheannaireacht trasna na Samhaoire, & sgar sé iad anonn 's anall ar thalamh Chúige Chonnacht bhí faoi ghéar-chrádh ag Bingham & na brothairí fuilteacha bhí faoi. B'éigean do Bhingham agus d'á chuid brothairí a dhul i bhfolach mar easóig faoi thalamh le faitchíos roimh Bhall-dearg & a chuid seadairí colgacha. Bhuail sé roimhe ag glanadh na tíre a bhí salach leis na bliadhanta
ag bréantas Shagsana & ag cur 'un báis gach uile mhac máthara nach raibh i n-ann fíor-theangaidh na hÉireann a labhairt. Theastóchadh an leigheas céadna ó'n gharla sin an t-am tá i láthair. Léir mar bhí sé ag casgairt na tíre, ní raibh aon éadáil ar fóghnamh d'ár casadh leis nár sheol sé go dtí Tír Chonaill. Chuaidh sé trasna na Sionainne isteach go tír Ó Fearghail, sliocht a bhí faoi chomhairle & smacht na Sagsanach & níor fhág sé troigh de'n talamh nár dhóigh sé roimhe. Léir ar n-ughdar, ní raibh rud ar bith le feiceáil ar feadh mílte acht caora dubha teineadh. Caib. XXII. – Ollmhughadh Catha LÉIS an chasgairt seo, b'fhacas do'n Ruiséalach nach raibh sé i n-ann seasamh i machaire an chatha i n-aghaidh na n-Éireann- ach, & b'áin leis lághaigheacht chogaidh dhéanamh leis na taoisigh Ghaedhealacha. Fhad 's bhí Aodh Ó Néill ag ceann a airm ag faire na Sagsanach ag Muin- eachán, fuair sé focal na faire go raibh Wallop & árd- ghiúistís na Bainríoghna ar a mbealach go Sráidbhaile Dhúin Dealgan. Ins an am céadna thug siad cuireadh dhó féin & do na taoisigh eile tidheacht ina n-airicis go dtí an baile réamhráidhte, agus ar ndóigh! thug siad an leasainm Gallda ar Aodh Ó Néill. Chuir Aodh freagra ar Wallop & bhagair sé air gan glaodhach air i n-ainm Iarla Thíre Eoghain, nach raibh air acht aon ainm amháin & budh 'in é a ainm dlisteanach léir fola & geinte, & “sin é Aodh Ó Néill, árd-fhlaith na Niallach; atá mise ar mo thalamh dhúthchais,” ar seisean, “& bíodh fhios agat, a Wallop, nach n-umhlóchaidh mé do aon chailicéire bod-
amhail Gallda ar mo thalamh dhúthchais féin. Má théidhim in bhur n-airicis, gabhfaidh mé agaibh ag ceann m'airm.” Casadh an dá arm le chéile i lár an mhachaire mhóir & thoisigh na cailicéirí Ghallda & na taoisigh Gaedhealacha ag déanamh cinéil modhamhlacht'. Ar thoiseach na cainte dubhairt Aodh Ó Néill go gcaithfeadh deireadh a bheith le géar-leanmhaint an Chreidimh Ghaedhealaigh i gCúig' Uladh; go gcaithfeadh na Sagsanaigh glanadh as an gcúige sin, acht amháin Iubhar Chinn Tráchta & Carraig Fearghuis; go gcaithfeadh siad Baigenal a chur faoi smacht & a choinneáil gan a bheith ag teangmhachtáil le rud ar bith a bhain leis na hUltaigh; go gcaithfeadh mar an gcéadna Baigenal míle punta d'airgead a thabhairt do Aodh mar spré de bhárr a dheirbhshiúra a thógáil as an riocht 'na raibh sí agus an t-ainm onórach a phronn sé uirthi – “céile uasal árd-thaoisigh na Niallach.” Anois chuir Ball-dearg a ladar isteach & d'aontuigh sé le gach nídh réamhráidhte & mar aguisín, d'iarr sé díoluigheacht i n-éiric na splíontaidheachta a fuair se, fhad is bhí sé faoi shlabhracha i mBaile Átha Cliath. Bhagair sé ortha i dtaobh Ó Domhnaill (a bhí ar thaobh na Bainríoghna) bheith 'gá bhrostughadh aca in' aghaidh-seisean, ag iarraidh a chuid dhlisteanach féin a bhaint de. Budh é glór na dtaois- each an lá sin Cúig' Uladh a bheith glan amach 's amach ó dhríodar Shagsana. A lán de'n mhéid seo a-d'iarr na taoisigh, bhí na cailicéirí Ghallda bog-shásta leó ; acht cuid eile aca caithfeadh siad comhairle na Bainríoghna fagháil ortha, & dubhairt siad leis na taoisigh, fhad 's bheith siad ag fanacht le freagra ó'n mBainríoghain, go gcaithfeadh siad a n-airm a chaitheamh uabhtha & umhlughadh do na Sagsanaigh & párdun iarraidh ortha, i dtaobh an chogaidh mhío-chóir seo a thóg siad ina n-aghaidh, &, gach uile riaghail rúnmhar bhí idir iad féin & lucht ríoghachta eile, go gcaithfeadh siad gach uile litir a bhain do'n obair sin a thabhairt i seilbh na Sagsanach.
Dhiúltuigh na taoisigh go danardha do bhleibireacht na gcailicéirí. Níor mhair an tsíothcháin i bhfad, mar i mbliadhain 1595, chruinnigh an fear Ionaid coiste Gallda, le coir fealltóireachta a thabhairt i n-aghaidh Aodha Uí Néill & a chuid taoisigh, & a bhféachaint mar fhealltóirí baoghlacha i n-aghaidh dlighidh na Bainríoghna. Rinne an coiste a ngnaithe mar ba dhual dóibh, & tligeadh Aodh Ó Néill, Ó Domhnaill, Ó Ruairc, Mag Uidhir & Mac Mathghamhna & tugadh breithe cionntach ortha. Acht go deimhin, ní raibh na taoisigh faoi n-a sgríb mar bhí siad insan am céadna i gCúig' Uladh ag ollmhughadh gach ní a d'fhóir do ghléas catha le crathadh láimhe a thabhairt do'n Fhear Ionaid agus d'á chuid brothairí le claidheamh cumhachtach na hÉireann. Caib. XXIII. – CATH CHLUANA TIOBRAD. BHÍ a fhios ag Aodh nach ndéanfadh an Fear Ionaid aon chionn-faillighe gan a shluaighte a sheoladh go Cúige Uladh, & i mí Mheadhoin an tSamhraidh seo bhuail Baigenal roimhe ó'n Iubhar isteach go dtí baile Mhuin- eacháin & d'fhóir sé ar na Sagsanaigh bhí annsin nár fhéad a srón a chur amach ó chumhachta Mhic Mathghamhna. Insa' tráth céadna bhí fuadar mór faoi 'n bhFear Ionaid & Norreys tidheacht ó'n tSráid- Bhaile go dtí Árd-Mhacha. Bhí cath borb aca leis na hÉireannaigh ag Bealach an Mhaighre, acht nuair nach raibh mórán do na hÉireannaigh ina n-aghaidh, b'éigin dóbhtha dhul ar gcúl. Nuair a chonnaic Aodh Ó Néill na sluaighte saighdiúir seo ag tidheacht d'á ionnsuighe, dhóigh sé Dún Geanainn & a lán áiteacha eile thart ina thimcheall; thréig
sé féin & a chuid saighdiúir go tapaidh isteach thríd an tír chnapaigh, théince go meallfadh sé na Sagsanaigh go luath 'n-a dhiaidh. Bhí an taobh de'n tír sin líonta le coillte muineachaidhe, & bhí fhios aige, dá bhfuigheadh sé ina leithide sin d'áit iad, go mbadh gearr a sheasfadh siad dhó. D'fhan an Ruiséalach ar a shócamhal i n-Árd- Mhacha ag cur bun suidheachan ar dhúnphort ann, & d'fhill sé go Baile Átha Cliath ag fágáil Norreys ina cheannphort ar iomlán na nGall i gCúige Uladh. D'fhóir Baigenal, mar a dubhradh, ar Mhuineachán & tá sé anois i láimh na n-Éireannach ath-uair. Faghann sinn Norreys ag tiomáint roimhe leis na hÉireannaigh a dhíbirt uaidhe, agus faghann sinn Aodh, a bhí ag iarraidh na Sagsanaigh a mhealladh isteach ar fud na tíre, ag tidheacht i n-airicis Norreys. Thogh sé a thalamh catha, Cluain Tiobraid, thimcheall 's cúig mhíle ó Mhuineachán, áit a ritheann srothán ó dtuaidh & mion-chnocáin gach aon taobh de. D'fhan na hÉireannaigh go foighdeamhail ar an taobh ó thuaidh de'n tsrothan nó gur shroich Norreys an srothán, an taobh ó dheas. Chuir Norreys roimhe dhul thar an tsrothán le láimh láidir, acht d'ionnsuigh na hÉireannaigh é agus b'éigean dó dhul ar gcúl. Faoi dhó thug sé iarracht an srothán a sgaith (sgothadh) & faoi dhó b'éigean dó dhul ar gcúl le fabhairt & fuinneamh claidhimh na n-Ultach. Bhí treis ag na hÉireannaigh acht amháin gur sgaith feadhnach eachraidhe an abhainn & Síográbh 'na cheann feadhnach. Bhí Síográbh na chraistín bodaigh an-láidir & mheas sé go millfeadh sé Aodh Ua Néill idir a mhéaraibh, mar phinse snaoisín. Dhealuigh sé féin & Aodh Ó Néill lom-lámhach amach ó iomlán a n-airm. D'ionnsuigh an dá cheannaire a chéile go madramhail & rún díoghaltais ag gach aon aca dh'á chéile. Bhí an dá arm ag faire go sostamhail ar an gcomhrac bhí eatorra. An chéad iarraidh thug an bheirt faoi n-a chéile, bhris siad a ndá shleigh leis an bhfuinneamh a bhí
ina mbuillíbh. Thug an Sagsanach áladh ar Aodh & b'áin leis a tharraint faoi ar choirb na diallaide, acht ba mhaith an mhaise do Aodh é, d'fháisg sé barróg fuinte chruaidh air & thuit an bheirt chum talmhan. “A bhodaigh gan croidhe! ní lámh théagrach mnaoi Tá anois do do chlúdach mar chiúmhais, Acht lámh fhearamhail fhíor as colainn Uí Néill Agus seo dhuit-se blas de mo chruadhach!” Nuair a shroich siad an talamh bhí an Sagsanach i n-íochtar & níor fhéad Aodh sáthadh marbhtha thabhairt dó insa gcolainn, mar bhí culaidh chatha air, acht ar leagan do shúl smaoinigh sé an áit ba chóir dhó a sháthadh & sháith sé a sgian ghéar faobhrach go feirc i sgannán a bhoilg. Shroich an bhéic bháis a baineadh as na néalta & shroich an gháir chatha a leig na hÉireannaigh an fhír-spéir, “Lámh Dhearg Abú!” Chuir siad a gcosa le taca & d'ionnsuigh siad na Sagsanaigh. A ghrádh mo chroidhe, an siúrthán a bhí le buillíbh na nÉireannach bhí sé ag leagaint na Sagsanach sul má bhfuair siad na buillí chor ar bith. Theann siad a mbéalmhach i mbéal na gcaiple & as go bráth leobhtha i mbéal a gcinn mar mhadadh a chaillfeadh a ruball, ag fágáil a lucht éagtha & a lucht loitthe 'na ndiaidh, & rud níos measa, ag fágáil na ceirteoige sin – bratach Naoimh Seoirse – 'na ndiaidh ag Aodh Ó Néill le fuil Síográbh a ghlanadh dh'á chlaidheamh. Budh 'in é an chéad uair a caitheadh an cheirteog sin 'san lóbán i gCúig' Uladh. Loiteadh Norreys agus a dhearbhráthair Tomás insa gcath seo & b'éigean dóbhtha tréatadh ó dheas & fuadar mór fúbhtha & annsin bhí Caisleán Mhuineacháin ag na hÉireannaigh ar a gcomhairle féin.
Caib. XXIV. – Cruadhálacht Bhingham INSA tráth seo bhí Connachta i seilbh Bhaill- deirg, acht dó nó trí de dhúntaibh & bhí Seoirse Bingham i gCaisleán Shligigh 'gá chosaint do'n Bhainríoghain. Cheap sé go mb' fhurust dó bualadh isteach thrí Thír Chonaill, mar nach raibh éinne annsin sheas- fadh ina aghaidh mar ngeall ar Mhuinntir Shuibhne bheith i n-arm Bhaill-deirg, & bhí a fhios aige go raibh tabhartas i Ráth Mhaol- áin, & ba mhaith leis é sin fhágháil i gcóir ná i n-éagcóir. Fuair sé faoi réir dhá luing agus lucht sé iad le n-a chuid saigh- diúir. D'fhág sé Sligeach faoi chúram Uileog A Búrca. Sheol sé roimhe gur sroich sé Ráth Maoláin & níor fhág sé fionna feanna ag an Eaglais Rómhánach nár thug sé leis. Dhóigh sé agus loisg sé an baile & clochar na mbráithre & ar a bhealach ag tidheacht go Sligeach, bhuail sé isteach i n-Oileán Thoraighe, an t-oileán a fuair an fíor-bheannughadh ó Naomh Coluim- cille. Bhí ann seacht dteampaill Ghaedhealach.' Dhóigh siad na teampla & chuir siad ó rath gach uile throigh de'n oileán. Níor fhág siad feithide ceithre gcos ar an oileán gan tabhairt leó & 'sé mo bharamhail nár fhág siad créatúir dhá chois gan marbhadh. Níor tháinic an t-oileán sin ó'n gcasgairt sin ó shoin. Nuair a tháinic siad go Sligeach, níor shásuigh an roinn a thug Bingham de'n tabhartas an Búrcach & mar ngeall air sin, d'ionn- suigh an Búrcach Bingham & a chuid saighdiúir & chuir sé an dearg-ruathar ortha & thug an Búrcach seilbh an chaisleáin do Bhaill-dearg. Insan am céadna bhí caisleán Bhaile an Mhóta i láimh Riocaird Bingham & chuir Baill-dearg an ruaig air & phronn sé an caisleán
ar Mhuinntir Dhonnchadha, mar ba leobhtha é ó thús. Insa mbliadhain seo (1595), bhí Cúig' Uladh agus Connachta faoi smacht agus cúram na n-Éireannach. Caib. XXV. – Síothcháin gan Déanamh. Rith an gheimhridh seo ní dhearna iomlán an dá arm dada i dtaoibh troda, &, i leabaidh rún a bheith ag Norreys Aodh a dhaoradh mar ngeall ar an slad a rinne sé ortha, b'amhlaidh bhí sé ag brath ar síothcháin a dhéanamh idir an taoiseach & Bainríoghain Shagsana, mar cheap sé go rabhthar ag déanamh éagcóir chráidhte ar Aodh ná an taoiseach (mar budh 'in é a ainm i measg na n-Ultach). Sgríobh Norreys ag an mBainríoghain ag cur i n-umhail di, dá dtiubharthaidhe ceart & cóir do'n taoiseach, go dtiubhradh sé féin a bheatha mar bhannaidhe dhi nach mbeith aon fhear fúithi a bheith chomh dílis di le Iarla Thíre Eoghain, mar budh 'in é a ainm i measg na nGall. 'Sé mo bharamhail gur chuir an taoiseach dalla-mullóg ar Norreys le n-a ghliocaidheacht. Bhí sé i n-ann sin a dhéanamh, mar nach raibh éan-chor i gcroidhe an tsionnaigh nach raibh cor i gcroidhe an taoisigh i n'-aghaidh, ar an ádhbhar go raibh dhá inntinn ag an taoiseach, inntinn Ghaedhealach & inntinn Gallda. Nuair a sháróchadh sé air dó-bheart triollúsach a chothughadh ina inntinn Ghallda, ní raibh aige acht smaoineadh ina chuid smaointe Gaedhealacha & thigeadh siad chuige mar thuile na habhna. Ins na smaointibh sin bhí sé i n-ann breall a chur ar Norreys &
ar a leithéide eile. Fhad is bhí Norreys ag géilleadh do'n taoiseach & ag iarraidh síothcháin a thabhairt 'un cinn, bhí an taoiseach insan am chéadna 'ghá ullmhughadh féin & ag brosdughadh na n-Ultach go léir 'un catha & ag feitheamh lá ar lá ar chabhair ó Rígh na Spáinne. Léis an slad a tugadh ar arm Norreys mheas na Sagsanaigh nach raibh siad i n-ann an taoiseach ionnsuighe ath-uair & b'áin leobhtha síothcháin a dhéanamh leis. Leis sin a dhéanamh fuair Norreys focal na faire ó Shagsanaibh sgéala a chur ag an taoiseach & a thidheacht ina airicis le síothcháin cogaidh a dhéanamh. Cuireadh an sgéala ag an taoiseach & thaithnigh sé leis, mar ba mhaith leis moill a dhéanamh insa riocht go mbeith gach ní ollmhuighthe aige le n-a n-ionnsuighe aríst. Soc- ruigheadh an lá & tháinic Norreys, an Saoi Seoirse Brothaire & an Saoi Seifre Fionnloch go dtí Sráid- bhaile Dhúin Dealgan. Sheas an triúr cumanntóirí ar an taobh ó dheas de abhainn bhig & sheas an taoiseach ar an taobh ó dtuaidh dhe, mar nach ngeobhadh sé isteach i mbaile, mar bhí a fhios aige, dá ngeobhadh, go mbadh gairid é a shaoghal. Labhair siad le chéile trasna na habhna, & chuir an taoiseach i n-umhail dóbhtha go ndearnadh éagcóir chráidhte air féin & ar a thír &, dá ndéanfadh siad anois maith i n-aghaidh an uilc, nach mbeith aon fhear faoi'n mBainríoghain a bheith chomh dílis leis féin. Seo é mar d'iarr sé: “Saoirseacht na tíre a bheith ag na hUltaigh, a gcreideamh agus a dteanga bheith aca, mar bhí ag a mbunadh rompa, a sean- ghnáis & a sean-chleachtaighthe bheith aca mar ba ghnáthach, & creideamh, teanga, breitheamhain, easbuig, & sirriaim Ghallda a ghlanadh amach 's amach as Cúig' Uladh Éireann, & dá ndéanfaidhe sin, go mbeith sé chomh dílis le duine ar bith eile a bhí faoi n-a sgríb. Shéan sé go raibh sé ag coinneáil catharnais rúnmhair le Rígh na Spáinne, acht mheas sé go raibh Baill-dearg ina phanantóir & go raibh sé ag cothughadh tréatúireachta i
ngan fhios dó-san, mar dearbhuigheadh dó go raibh lucht luinge saighdiúr léis thidheacht ó'n Spáinn, & thainic siad insan am céadna, & lucht Baill-dearg an long le bocaidí beathuighthe & caoirigh reamhra sultmhara, agus d'fhill siad ar a n-ais do'n Spáinn. Shásuigh caint an taoisigh na cailicéirí seo & seoladh go dtí cluasa na Bainríoghna iad. Fuair na cailicéirí cumhacht ar bhuille boise síothcháin a dhéanamh leis an Iarla, mar mheas siad, nuair a bheith an taoiseach bladar- uighthe aca, go mb' fhorust dóibh buaithrín an bhasgaidh a chur ar Bhaill-dearg. Sgríobh siad ag an taoiseach a thidheacht ina n-airicis an dara lá de mhí an Aibreáin le síothcháin a dhéanamh & é bheith ina fhear saor le ordughadh na Bainríoghna. Fuair Aodh an cuireadh & thainic an dara lá d' Aibreán & thainic na cailicéirí, acht diabhal baoghal a bhí ar an taoiseach a thidheacht. Léis Aodh loiceadh ortha níor stad siad aige sin. Sgríobh siad 'uige le thidheacht an séamhadh lá déag d' Aibreán go Fachairt i gConndae Lughmhaighe. Thainic na cailicéirí agus bhí siad ag feitheamh le Aodh & ag baint fad as a muinéal ag faire thar na cnuic théince go bhfeicfeadh siad é, acht budh é “feitheamh an tsionnaigh ar ruball an tairbh” é. Níor thainic an taoiseach, acht, le streill-mhagaidh a dhéanamh dhíobhtha, sgríobh sé 'uca an lá 'na dhiaidh, ag innsint dóbhtha nach raibh ariamh aon bhunudhas i n-aon tsíothchán dá ndearnaidh siad & nach dtiocfadh leis a mhuinighin a chur asta. Ar an ádhbhar sin de ní leigfeadh sé a airm uaidhe, mar bhí siad chomh baoghlach le draid mhadaidh a bheith nochttha, le áladh a thabhairt ort. Ní thiocfadh le árd-taoiseach onórach mar é a shíolruigh ó bhunadh Néill Naoi-ghiallaigh a bheith ina chladhaire & an lámh a fhobair a chrádh a phógadh. Insan am céadna bhí sgiormaisg ar bun ag an Abhainn Mhóir nár thaithnigh leis. Bhí áirnéis mar an gcéadna a baineadh de cheann de na Niallaigh i seilbh an Mharas- gail Baigenail agus ní raibh sé sásta a dtabhairt uaidhe.
Níor thaithnigh na gníomhartha tútach' seo leis an taoiseach &, i leabaidh é modhamhlacht a dhéanamh leis na cailicéiríbh Gallda, is amhlaidh a d'éirigh sé níos buirbe ina n-aghaidh, ag cur focail na faire amach ar fhad & leithead a chúige ag agairt gach uile cheann feadhnach a bheith ollmhuighthe móiméid ar bith a bheith call leó. Caib. XXVI. – Cath Árda Macha. NUAIR nach ndearnaidh an taoiseach síothcháin leis na cailicéiríbh, mheas siad gur b'amhlaidh bhí sé ag cur bun urrudhais air féin ag bail- iughadh ógánach na tíre ina chéile agus 'ghá n-aclughadh i gcomhair cogaidh; ag brosdughad Gaedheal. Chúigidh Laighean tórainn na nGall ionnsuighe & gan suaimhneas a thabhairt dóbhtha. Fághann sinn Fiacha Mac Aodha Uí Bhroin 'ghá n-ionn- suighe, i gceann na Mórdhach, na mBranach, Muinntear Chonchubhair, Clann Uí Thuathail, na Caomhánaigh, na Buitléaraigh & na taoisigh Gaedhealach' as Connachtaibh. Budh iad Eoghan Ó Mórdha & Fiacha Ó Broin a bprímh- cheannairí. Bhuail siad rompa ag creachadh na tíre & chraith siad creatlachaidhe cathrach Bhaile Átha Cliath le siúrthán a ruathar piléar. Dhóigh siad agus loisg siad Baile Chroimghleanna agus sgannruigh siad na saghdiúir Ghallda le búrthaighil a nglór, agus fhad 's bhí na seadairí seo ag bagairt cogaidh ar lucht na cathrach, níor leig an faitchíos dóbhtha a n-ionnsuighe. I mí na Bealtaine sin sheol an Fear Ionaid sluagh mór saighdiúr go dtí Baile Na Corra, agus tháinic siad i ngan-fhios ar na
hÉireannaigh, mar ba ghnáthach leobhtha a thidheacht, mar ghaduidhe insan oidhche, &, ar ndóigh, níor thug siad faill eaglach do na hÉireannaigh bochta, mar bhí tart ortha & call forgain fola le n-a lafart a chosg. I measg na n-Éireannach seo bhí Fiacha Mac Aodha Uí Bhroin a bhain tarraidh-thart i gcomhnuidhe as na Sagsanaigh nó go dtainiceadar i ngan-fhios air. D'fhág sé beirt mhac 'na dhiaidh, .i. Féidhlim & Réamonn, & fuair siad congnamh ar bhuille boise ó Aodh Ó Néill & ó na Mórdhaigh. Throid siad annsin i n-aghaidh na Sagsanach & choinnigh siad an machaire ar a ndubhshlán. Bhí Baill- dearg i gConnachtaibh ag cíobáil na Sagsanach & ag baint a chirt féin uabhtha, mar chuir sé 'fhiach ar Mhac Diarmuda umhlughadh dó & a dhíoluidheacht dlightheamhail íoc leis, dhíbir sé Tiobóid A Búrca & thug sé seilbh dhlisteanach do Mhac Uilliam ar Chlainn Riocaird. Le linn an trátha seo bhí Árd-Mhacha i seilbh na Sagsanach & bhí an Stafardach ann ina cheann feadh- nach ar shluagh mór saighdiúr. Bhí foslongphort ag Norreys i gCill Uachtair & mheas an Niallach go raibh deireadh leis an sos comhraic bréige. Dá bhrígh sin chruinnigh sé a chuid seadairí i gcuideacht a chéile & d'ionnsuigh siad longphort Norreys, & chuir siad an ruaig ar na Sagsanaigh, 'ghá slad léir mar bhí siad ag tidheacht suas leó. Marbhuigheadh a lán de na Sagsan- aigh ins an rása seo mar ba cosmhail le rásaibh Caisleáin a' Bharraigh iad, agus an méid de na Sagsanaigh a raibh luadar na gcos aca, rith siad go hÁrd- Mhacha de'n tsodar sin le fasgadh fhagháil faoi na ballaíbh. D'fhág Norreys cúig céad d'á chuid brothairí le congnamh a thabhairt do'n Stafardach & d'fhill sé féin go dtí Sráid-Bhaile Dúin Dealgan. Chruinnigh Aodh a chuid seadairí fearamhla agus shuidh siad síos ar a sáimhín sógh ag faire Árd-Mhacha gan rud ar bith a leigint amach ná isteach as. Bhí a chuid seadairí chomh tugtha
sin do throid agus nár fhéad leobhtha foighid a bheith aca ag faire na mballaidhe; b'fhearr leobhtha bheith ag cur a gclaidheamh go feirc ins na Dubhghaill. D'éirigh siad chomh mío-fhoighdeamhail sin & gur ar éigin bhí Aodh i n-ann a gcoinneála i gceann a chéile. Insan am chéadna chuir Norreys trí fheadhnach coisidhe & feadhnach marcshluagh & caráiste mór beathadh le fóireadh ar Stafard, mar shíl sé, acht “dheamhan ar chríonna an cat 'ná an ciméad,” tháinic Aodh ina n-airicis agus ghabh sé na saighdiúir, thóig sé ina sheilbh féin an caráiste bídh a bhí leó & a n-airm cogaidh. Nocht sé na héadaigh de na saighdiúir Ghallda & chuir sé ar a chuid seadairí féin iad & roimh éirge an lae sheol sé feadhnach gallóglach “dearga” le fóireachtáil ar Stafard, & na briosga leobhtha. Chuir sé Conn Ó Néill & cipe saighdiúir faoi go dtí sean- mhainistir bhí faoi lár le cor-a'-tuaithbhil a thabhairt ar saighdiúir Stafaird, nuair a thiocfadh siad amach ag cuideachan leis na gallóglaigh dearga. Sheol sé sluagh eile d'á chuid seadairí féin le cath a thabhairt do na gallóglaigh dearga, d'ionnsuigh an dá chipe a chéile, & gan bhréig, bhí urchair d'á bplanncadh ann. Bhí go leór de na “gallóglaigh dearga” ag tuitim &, nuair a chonnaic an Stafardach é seo, níor fhéad sé fanacht faoi fholach ní b' fhuide. D'fhosgail sé na geataidhe agus tháinic a chuid saighdiúir amach le cuid- eachan leis na casógaíbh dearga, mar shíl siad, acht nuair a tháinic siad i bhfoisgeacht urchair gunna dóbhtha, d'ionnsuigh na gallóglaigh dearga iad & nuair a thug siad faoi deara an paintéar a leagadh dhóibh, rinne siad a ndícheall na geataidhe a shroich ar ais. Mhaiste, thug Conn an cor-a'-tuathbhil ortha & fuair siad iad féin i gceart-lár na n-Éireannach. Throid siad go madramhail acht claoidheadh uilig iad le fabhairt & fuinneamh claidhimh na n-Éireannach. Deirim-se go mb'iongantach an inntreacht chinn bhí ag Aodh & smaoineadh
air ar bhuille boise. Thug Aodh cead do'n Stafardach & do'n bheagáinín de dhíogha de shaighdiúir a bhí aige im- theacht go Sráidbhaile Dúin Dealgan. D'ionnsuigh Aodh annsin na daingin a choinnigh fasgadh do na Dubhghaill; chuir sé faoi lár iad, mar nár theastuigh a leithéidí uaidhe. Seal gearr 'na dhiaidh seo, nuair a bhí Aodh gnaitheach i dtaobh eicínt eile de'n tír, tháinic suim de na Sagsan- aigh ó Shráidbhaile Dhúin Dealgan i ngan-fhios & chuir siad fúbhtha i n-Árd-Mhacha, & choinnigh siad ina seilbh é go dtí léis catha Bhéil an Átha Buidhe. Caib. XXVII. – An Búrcach. AN mbliadhain 1597, i mí na Beal- taine, tugadh an Ruiséalach go Sagsanaibh & seoladh anall againn mar Fhear Ionaid, an Búrcach, saigh- diúr madramhail a thug a lán cathaidhe amuigh ins na Tíorthaibh fó Thuinn. Ins an am céadna hathruigh- eadh Norreys ó Chúig' Uladh go Cúigeadh Mumhan ina cheannphort ar na Dubhghaill annsin & seal gearr 'na dhiaidh sin, nuair a thoisigh sé ag smaoineadh ar a dhroch-ghníomh- arthaibh, d'éag sé le briseadh croidhe. Timcheall an ama seo bhí an chuid is mó d'Éire faoi na hÉireannaigh & go mór-mhór Cúig' Uladh, acht amháin seacht ndúnta a raibh na Gaill ionnta mar choinín a bheith ina árus faoi thalamh .i. Iubhar Chinn Thráchta, Carraig Fhearghuis, Dún Droma, Cáirlinn, Caisleán na hIreannaighe, Árd-Mhacha & Latharna. Anois bhí tart ar an bhFear Ionaid nua agus b'áin leis a lafart a chosg le fuil na n-Éireannach, & leis sin a dhéanamh, dubhairt sé nach dtiubhradh sé faill eaglach
dóbhtha gan bualadh roimhe & a gclaoi ar aon chuma. Rinne sé sos comhraic míosa & i rith na míosa sin bhí sé an-ghnaitheach ag ollmhughadh a chuid saighdiúirí le bualadh éadain a thabhairt do na hUltaigh & dhá léir ar fud na tíre. Dearbhuighim nach raibh an Niallach 'na chodladh i rith na míosa, mar feicfidhear níos íochtar- aige annseo go raibh níos lúthmhaire ná an Fear Ionaid ag imtheacht ar fud a thíre ag brostughadh a chuid sead- airí & 'ghá n-ollmhughadh 'un cogaidh. Ag deireadh an tsosa comhraic, thriall an Fear Ionaid, Iarla Chille Dara & Tighearna Thrimleastúin i gcuideachta ó thuaidh, le n-a sluaighte fúbhtha & bhí an Cluadhánach ina uachtarán ar na Gallaibh i gConnachtaibh. Bhí sé faoi ordughadh bualadh roimhe go Cúig' Uladh & a lámh dheas le Loch Éirne. Bhí míle Gall-Gaedhil faoi spraic Bharnaill i Muileann Chearr na Midhe & bhí a dtriall-san ó thuaidh leis na hUltaigh bhochta a chlaoi. Anois, theastuigh ó'n Niallach a chuid smaointe a chruinniughadh ina chéile & na cipí sin a choinneáil sgartha ó chéile le stuaim chinn. Caib. XXVIII. – Cath Bhealaigh an Triallaigh. BHÍ fear uasal de bhunadh na Normánach i n-arm an Niallaigh & bhí árd- mheas ag an Niallach air. Caiti- liceach léir creidimh a bhí ann, & b'ainm dó Riocard Thriall ó Fhearaibh Tulcha i gConndae na Midhe. Bhí ceithre chéad seadairí Gaedhealach faoi'n Thriallach & bhí siad ar sgaith na bhfear. Bhí focal na faire ag an Triallach ó Aodh Ó Néill, a shúil a choinneáil ar an mBarnallach, mac do Thighearna Bhaile an Thrimléadaigh. Bhí an Triallach i n-ann sin a dhéanamh, mar bhí sé aigeanta lúthmhar fad-cheannach
meabhrach & eolas na tíre go maith aige. Phreab an Barnallach & a chuid saighdiúir ó Mhuileann Chearr le amus a thabhairt ar an Triallach & a chuid seadairí Gaedhealach' a shlad, nuair a chuala sé nach raibh ag an Triallach acht lán glaice d'fhearaibh. Ba mhaith an mhaise do'n Triallach é, theich sé roimhe nó gur mheall sé an Barnallach isteach i lag ruaidhtigh bhí braithte ag an Triallach roimh ré, leis an Barnallach & na Gall- Ghaedhil a shlad le stuaim chinn & urrudhas colna. Bhí leas-cheannaire faoi'n Triallach a mb'ainm dó Ó Conchubhair & nuair a shroich siad an ruaidhteach, d'fhág an Triallach trian de'n arm faoi smacht Uí Chonchubhair & shín siad iad féin faoi na muineachaibh bhí ag fás i mbléin na coilleadh. Thug an Triallach & an dá thrian eile d'á arm do na buinn é, ag teicheadh roimh an mBarnallach, dá mb'fhíor dhóbhtha féin. Lean an Barnallach i mbarr na bhfásgaighthe iad & fuadar mór faoi. D'fhan Ó Conchubhair & a chuid saighdiúir go sostach nó gur sgaith na Gall-Ghaedhil tharsta & ar an móiméid bhí siad sgaithte, phreab Ó Conchubhair & a chuid seadairí ina seasamh agus shéid siad seamsúir na bpíobaidhe mar budh 'in é an cotharmha catha bhí idir an Triallach & Ó Conchubhair. A ghrádh mo chroidhe! ar an móiméid ar chuala an Triallach fuaim an tseamsúra, stad sé dh'á theicheadh &, fearacht Chuinn Uí Néill insa mainistir, nuair a thug sé cor-a'-tuaithbhil ar saighdiúir Stafaird, thug an Triallach cor-a'-tuaithbhil ar shaighdiúir an Bharnallaigh & thug siad sin ortha amus colgach madramhail. Bhí Ó Conchubhair ag tabhairt fabhairt-&-blas do ghéardas a chlaidhimh dóibh. Bhí an Triallach ar a n-aghaidh agus Ó Conchubhair ar a gcúl, & ba geal maith na Gall-Ghaedhil ag tuitim insa gcath sin mar fhéar ag tuitim roimh speil an spealadóra, & tá sé dearbhtha nár thainic éinne de na Gall-Gaedhil in dtír ó'n gcath sin, acht beirt – fear a threoruigh a bhealach ar fud an phortaigh leis an ár a innsint do na
Dubhghaill a bhí i Muileann Chearr, & an Barnallach a bhí aca faoi ghabháil le n-a thabhairt d'Aodh Ó Néill mar tabhartas catha. Throid Ó Conchubhair chomh madramhail sin & gur at a lámh i ndornchladh a chlaidhimh le méad an urrudhais a bhí ina bhuillíbh & de bhárr docamhail slaid an lae, d'at an tálach a lámh insa riocht go mb'éigean an dornchladh a ghearradh le líomhán 'san tráthnóna. Ba bhorb an cath é fhad & mhair sé & tugthar mar ainm ar áit an chatha seo – Bealach an Triallaigh. Níor fhás mórán féir faoi chosaibh na gceannphort Ghaedhealach seo gan triall le cuideadh leis an Niallach, mar bhí an Fear Ionaid chomh híochtarach le hÁrd-Mhacha faoi seo; agus bhí siad cinnte go mbeith cogadh diabhalta ag an Abhainn Mhóir nó an t-Uisge Dubh. Caib. XXIX. – CATH DROMA FLICH. I TAOIBH an Chluadhánaigh réamhráidhte a bhí i gConnachtaibh, bhí sé féin & seacht gcéad saighdiúir ag giorrachan a mbealaigh & ag tarraint ar an bhFear Ionaid le congnamh a thabhairt dó; acht bhí a chosán ní ba chraptha roimhe 'ná shíl sé é bheith. Casadh Baill-dearg & a dhá mhíle Conallach leis &, i leabaidh é dhul ar aghaidh, thréig sé deich míle fhichead i ndiaidh a chúil, mar bhroc ag dul isteach ina árus i ndiaidh a thóna. Lean Baill-dearg é, acht ní dhearna siad mórán díoghbhála d'á chéile insa gcath sin, acht mhionnuigh Ball-dearg go dtuitfeadh an Cluadhánach le fuinneamh a chlaidhimh lá ní b'fhuide ná an lá sin. D'fhág Baill-dearg an Cluadhánach ag teicheadh thrí
chnocaibh Connacht & tharraing sé ar an Niallach le tarraint ascaill a thabhairt dhó i n-aghaidh an Fhir Ionaid. Anois, ins an am seo, bhí a fhios ag an Niallach go dtiubhradh an Fear Ionaid lámh na tárthála thimcheall an Phuirt Mhóir le n-a fhagháil ina sheilbh féin, & chuir an Niallach feadhnach beag d'á chuid seadairí féin i gcoill a bhí an taobh ó dheas de'n Uisge Dubh, le bruach an chosáin a raibh na Sagsanaigh le dhul thríd. Ghearr na hÉireannaigh go leór de na crainn agus chaith siad ar an gcosán seo iad, mar bhlocáin truislide i mbealach na Sagsanach. Nuair a fuair an Fear Ionaid a mboladh, thug sé amus orra &, ar ndóigh, d'imthigh na hÉireannaigh roimhe gur sgaith siad an abhainn ó dtuaidh & annsin thóig an Fear Ionaid seilbh an Phuirt Mhóir; acht sul má raibh am aca Deo Gratias a rádh de bhárr an bhuaidh seo, chonnaic siad na hÉireannaigh dh'á n-ullmhughadh féin 'un catha an taobh ó dtuaidh de'n abhainn & b'éigean do'n Fhear Ionaid an darna amus a thabhairt ortha. Chuir sé Iarla Chille Dara ina n-airicis & thainic sé féin i ndeireadh na dála, mar bhí faitchíos air a bheith i dtoiseach – mar bhí sé an-chúramach i dtaobh a shláinte. D'ionnsuigh an dá arm a chéile & shiubhail na hÉireannaigh go mín réidh socair rompa nó go ndeachaidh siad thimcheall & míle ó'n mBinn Bhuirb. Nuair a shroich an Fear Ionaid an áit sin, baineadh sgannradh mór as, mar chonnaic sé an taoiseach 'na sheasamh as a chomhair & marcshluagh Thíre Eoghain ina thimcheall. Bhí a fhios ag an bhFear Ionaid go mbudh 'in é an paintéar a leag an Niallach dhó le n-a mhealladh thar an abhainn & a fhagháil faoi n-a sgríb insa talamh a mb'fhearr a raibh eolas aige air. Bhí na Conallaigh & na hEoghanaigh & na hAlbanaigh ó Aontruim leis an Niallach an lá sin. D'ionnsuigh an Fear Ionaid iad go madramhail, acht ar thoiseach an chatha loiteadh go baoghlach é agus do hiomchruigheadh é
chum fasgtha. Thóig an t-Iarla an cheannaireacht annsin & ní dheachaidh leis, mar leagadh 'un talmhan é dh'á each & thainic a bheirt dearbhráthar altroma ag tabhairt láimhe na tárthála ina thimcheall & marbhuigheadh iad ar bhuille boise. Cuireadh an ruaig ar na Sagsanaigh insa gcath seo & rinneadh slad mór ortha. Ní raibh ann acht cé aca ba lúthmhaire coiscéime leis na cosaibh a thabhairt leó & na hÉireannaigh 'na ndiaidh ar áit na mbonn & iad ag tuitim rompa le géardas claidhimh mar fhear ag cur sgine thrí mheasgán ime. Marbhuigheadh an fearr as bárr d'oifigigh na nDubhghall agus seo agaibh iad; d'éag an Fear Ionaid de bhárr a chuid lot, Sir Proinnsias Beacháin cliamhain an Fhir Ionaid, Tomás Bháiléar & Ribeart Turnóir. Cúpla lá 'na dhiaidh sin d'éag Iarla Chille-dara de bhárr a chuid loit, acht deir staruidhthe Gallda gur éag sé le briseadh croidhe i ndiaidh a bheirt dearbhráthar altroma, i gcead díbh-se. Is é an t-ainm tugthar ar an áit seo Druim Fliuch, & bhí sé fliuch an lá sin gan aimhreas, mar bhí sruth fola ag dul le fánaidh an chnuic. Tá sé ráidhte go raibh cubhar dearg ar uisge na habhna ag Droichead Átha an Chatha. Atá an Druim Fliuch seo thimcheall 's dhá mhíle taobh thiar de'n Phort Mór (nó ainm eile dó Baile an Uisge Dhuibh). An taosgán de na Ghaill a rug na cosa leó ó'n gcath seo, rith siad go dtí an t-Iubhar agus as sin go dtí an tSags-tórainn i gCúige Laighean, ag fágáil an long- phuirt i bPort Mór & gan árach aca cabhrughadh ar an longhphort. Bhí caiptín Mac Uilliam ina cheannphort ar an longphort & mheas sé go raibh sé i gcruadh-chás & dhaingnigh sé é féin & a chuid saighiúir i ndíogachaíbh faoi thalamh & thug sé cíobáil mhór do'n Niallach ar feadh tamaill.
Caib. XXX. – AN t-EASBOG Ó LOCHNÁIN TAR éis bháis an Fhir Ionaid ag Druim Fliuch, rinneadh Árd- Smachtóirí de'n Easbog Ó Lochnáin de'n Áird-Ghiúistís Ghárnóir, as cionn tórainne na nGall i gCúigeadh Laighean, & rinneadh ceann-urraidh de char- aid Aodha Uí Néill, .i. Iarla na hUrmhumhan agus pronnadh mar theideal air Maoil-rí na Proibhinnse Gallda, & comhair- ligheadh an Maoil-rí roimh ré síothcháin a dhéanamh leis na hÉireannaigh, dá mb' fhéidir é. Ins an am céadna rinneadh sos comhraic ocht seachtmhainí. Thainic an Maoil-rí & an Niallach i n-airicis a chéile ag an tSráid- Bhaile & labhair siad le chéile i dtaoibh gnóthaidhe cogaidh. D'iarr an Niallach trí choinghill mar a leananns: An chéad cheann – Saoirseacht a bheith ag an gcreideamh Gaedhealach ar fhad agus ar leithead na hÉireann; an darna ceann, éiric a thabhairt do na hÉireannaigh de bhárr an losgtha & na díoghbhála a bhí déanta orra ag longport an Iubhair & a lán áiteacha eile; an treas cheann, seilbh a ndúthaigh féin a thabhairt do na taoisigh Ghaedhealach & cead aca smachtughadh mar ba ghnáthach dóibh. Cuireadh na héilimh seo go dtí an Bhainríoghain & i rith an tsosa comhraic bagruigheadh ar an Niallach gan dréim ar bith a bheith aige le Rígh na Spáinne; a chuid saighdiúir a choinneáil faoi smacht, & a ghallóglaigh a thabhairt ar ais ó Chúigeadh Laighean & gárda tíodhlacan a chur leis na hoifigigh Ghallda ag dul ó chaisleán go caisleán, & cead a thabhairt dh'á shliocht saighdiúir an Phuirt Mhóir a chothughadh le biadh. Dhearbhuigh an Fear Ionaid do'n Niallach go bhfuigheadh
a chuid seadairí Gaedhealach cead a dhul i n-áit ar bith ba toil leó & gan éinne le “'seadh” a rádh leobhtha gan a thoil-san bheith leis. Ag ceann an tsosa comhraic thainic sgéala ó'n mBainríoghain go dtí an Maoil-rí ag tabhairt a lán cumhachta dhó le cur i n-umhail do'n Niallach go raibh sí ag tabhairt maithtean- ais agus párdúin dó ó n-a croidhe amach, acht amháin go gcaithfeadh sé géilleadh do na coingheallaibh seo: (1) Go gcaithfeadh sé coimhcheangal téagrach na n-Ultach a bhriseadh, a shluaighte sgaradh ó chéile agus coimhighthigh a dhíbirt ó n-a thír; (2) An Port Mór a dheasughadh & bail a chur air; (3) Ainm “Uí Néill” a shéanadh & cumhachta ar bith eile a bhain do'n treibh sin a chur faoi n-a chosaibh; (4) Sirriam Gallda a leigint chur faoi i dTír Eoghain; (5) Cáin a íoc; (6) An méid a bhí faoi a bhain do'n chreideamh Gaedhealach, a dtabhairt i lámhaibh na Sagsanach; (7) An gnó iasachta a bhí idir é féin agus Rígh na Spáinne a nochtadh do'n Riaghaltas Gallda; (8)Beirt mhac Sheagháin Uí Néill a thabhairt dhóbhtha mar phríosúnaigh & a mhac ba sine a thabhairt mar chomhartha síothchána leis na coinghill seo a chóimhcheangladh as sin amach.
Caib. XXXI. – AN PÁRDÚN NÓ AN CATH? BA diabhalta na coinghill iad seo a b'áin leis na Sagsanaigh a chur mar fhiachaibh ar an Niallach – fear fad- cheannach ceannasach mar é & é ina thaoiseach os cionn an bhunaidh seadairí ba fearamhla a bhí 'sa domhan. Dhiúltuigh sé do na coin- ghill le droch-mheas. Ní dhíbreóchadh sé éinne as a thír & ní shéanfadh sé ainm an Niallaigh ar an méid ab' fhiú an Riaghaltas Ghallda; cúrsaidhe beirte Mhac Sheagháin – budh iad a chuid príosúnach féin iad & ní thiubhradh sé isteach i gcrúib an tSagsanaigh iad; maidir leis an Sirriam, a fhad is bheith seisean beó ní leigfeadh sé aon tSirriam Ghallda go Cúig' Uladh; & i dtaobh a mhic, b'fhearr leis an ceann a sgathadh dhe 'ná a thabhairt dhóbhtha le Ghall-Ghaedheal neamh-chríostamhail a dhéanamh dhe. Thiocfadh leis na Gaill Iarla Thíre Eoghain a thabhairt air ina measg féin, acht a fhad is d'fhágfadh Dia an anáil ann, ní beith aon ainm eile aige acht “Taoiseach na Niallach,” mar bhain an t-ainm onórach sin le n-a threibh & le n-a chreideamh, & dhiúltuigh sé do phárdún Eilíse, mar nach nglacfadh sé é ar chosa bacóide. I leabaidh é an párdún a ghlacadh, is amhlaidh a thoisigh se ag spreagadh & ag brosdughadh na n-Ultach go léir le bheith ollmhuighthe le thidheacht chum catha, nuair a gheóbhadh siad focal na faire, acht sul mar thoisigh an bhruighean seoladh litir go dtí an Niallach & séala na Bainríoghna uirthi ag tabhairt maithteanais dó, i mbliadhain 1598, &, i gceann an mhéid d'agair an Fear Ionaid (nó an Maoil-rí réamhráidhte) é an
párdún a ghlacadh & síothcháin a dhéanamh, acht ní thiubhradh an Niallach aon chluas dó, mar nach gcuir- feadh sé aon mhuinighin i lucht Riaghaltais Shagsana mar bhí eolas a mbealaigh go maith aige. Le linn an ama seo bhí an Niallach ag feitheamh lá ar lá le congnamh ó Rígh na Spáinne, le n-a arm a neartughadh & na Gaill a dhíbirt as a thír. Bhí oiread d'fhuath ag na Spáinnigh i n-aghaidh na nDubhghall & bhí ag na Ghaedhil, mar bhain siad d'aon chreideamh amháin, agus ní raibh rud ar bith ag dul idir na Gaill agus a suaimhneas acht an creideamh sin a smalbhadh amach 's amach. Níor thug Rí na Spáinne congnamh do'n Niallach mar ba chóir dhó, acht bhí ádhbhar aige, mar bhí rígh-theachta ag na Dubhghaill i bhFlanndras & chuir sé i n-umhail do na Spáinnigh annsin go raibh an Niallach & an creideamh Gaedhealach brúighte loitthe & ó rath i nÉirinn. Shroich na bréaga sin Rí na Spáinne & mheas sé nach raibh aon chabhair dhó congnamh a chur go hÉire, mar bhí na Gaedhil claoidhte, & nuair nach bhfaca an Niallach na Spáinnigh ag teacht, bhain sé a shúil dhíobhtha, & chuir sé a mhuinighin ins na hUltaigh bríoghmara a bhí faoi & chruinnigh sé ina chéile iad le fuil na nDubhghall a thabhairt go talamh & seo é mar chruinnigh siad :– Chuir Niall Ó Néill ó Chlainn Uachtair Aodha Duidhe ceithre fichid coisidhe & tríocha eachradh & Seagán Mac Bhriain ó Chlainn Íochtair Aodha Buidhe ceithre fichid coisidhe & caoga eachradh; chuir Mac Ruaidhrí ó Chill Mháirlín seasga coisidhe agus deich gcinn de mharcshluagh, Seaghán Mac Briain ó thaobh na Banna caoga coisidhe & deich gcapaill; Art Ó Néill trí chéad coisidhe & seasga capall; Hannraoi Óg Ó Néill dá chéad coisidhe & dhá fhichid capall; Toirdhealbhach mac Hannraoi Uí Néill ó'n bhFeadh trí chéad coisidhe & seasga capall; Cormac mac an Bhárdúin (dearbhráthair Aodha) trí chéad coisidhe & seasga capall ; & thug an taoiseach é féin seacht gcéad coisidhe & dá chéad capall. An
Faoideach ó'n Dubh-thrian i gCo. an Dúin, chuir sé fiche coisidhe; Mac Artáin & Sliocht Néill, ó'n gconndae chéadna, céad coisidhe & fiche capall; thug Mac Aonghusa ó Uíbh Eachach dhá chéad coisidhe & dá fhichid capall; chuir Mac Muircheartaigh dá fhichid coisidhe, bhí le Ó hÁgáin ó Thulaigh Óg céad coisidhe & tríocha capall; tháinic Séamus Mac Domhnaill ó'n Rúta le ceithre chéad coisidhe agus céad capall; thug Mag Uidhir ó Fhear Monach sé chéad coisidhe agus céad capall; chuir Mac Mathghamhna & Éibhir Mac Cuailnge ó Fhearnmhuigh cúig chéad coisidhe & céad & seasga capall; Ó Raghallaigh ó Bhreifne ocht gcéad coisidhe & céad capall; & tháinic na Cáthánaigh ó Chonndae Dhoire le cúig chéad coisidhe agus dhá chéad capall. Ó Thír Chonaill thug Ball-dearg & a dhearbhráthair trí chéad & caoga coisidhe & céad & deich gcapaill, Ó Dochartaigh ó Inis Eoghain trí chéad coisidhe & ceathracha capall; Mac Suibhne cúig céad coisidhe & tríocha capall; an Baoigheallach céad coisidhe & fiche capall; & thug Ó Gallchobhair ó Bhéal Átha Seanaigh dhá chéad coisidhe & dá fhichid capall. Chabhruigh na fo-thaoisigh seo uilig leis an árd-taoiseach Aodh Ó Néill & a chliamhain Baill-dearg Ó Domhnaill, & nuair bhí an méid seo bailighthe i gceann a chéile, gan bhréig bhí sluagh mór seadairí fearamhla ann. Roinn an Niallach 'na ndá chuideachta iad, cuideachta faoi n-a chúram féin & cuideachta faoi spraic Bhaill-deirg, mar bhí an chomh-chumhachta amháin ag an mbeirt aca & bhí obair ar leith ag gach aon aca & iad chomh fírinneach dh'á chéile le croidhe leinbh & ní raibh ann acht cé aca dhéanfadh an slad ba mhilltighe ar na Dubhghaill.
Caib. XXXIII. – IOMSHUIDHE AN PHUIRT MHÓIR. I MÍ an Iúil de'n bhliadhain seo chuir taoiseach na Niallach teachtaire ag Féidhlim Mac Aodha an Ghall-tórainn a ionnsuidhe & na Gaill a choinneáil gnaitheach i gCúigheadh Laighean, mar bhí sé féin ag brath ar saigh- diúir Iarla na hUrmhumhan ionnsuidhe i gCúigeadh Uladh agus insan am chéadna chuir sé cúig chéad déag saighdiúir Gaedhealach ag cabhrughadh leis an Mórdhach, mar bhí sé insa' tráth sin ag gabháil fabhairne do Phort Laoighise & na Sagsanaigh i gcruadh-chás ann. Anois bhí radharc mí-thaithneamhach os comhair dhá shúl an Niallaigh & spalp sé mionna mór, dá mbeadh ina fhastódh 'ch uile fhear i gCúigeadh Uladh a chruinniughadh, go leagfadh sé an radharc mí-thaithneamhach sin & nach bhfágfadh sé cloch phonnta 'na sheasamh de, & budh 'in é an Port Mór. Bhí Mac Uilliam & trí chéad saighdiúir insa' bport & d'ionnsuigh an Niallach iad, & mar bhí easbhaidh ordonáis & gunnaidhe móra ar an Niallach, níor fhéad sé aon lámh a dhéanamh de Mhac Uilliam. D'ionnsuigh na hÉireannaigh go colgach iad & níor theip siad gan gach uile shlighe a fhéachain leis an daingean a chur ar lár. Fuair siad dréimirí & chuir siad i n-aghaidh na mballaidhe iad, acht fairíor géar! léir mar théidheadh siad ar bhárr na ndréimirí, théidheadh piléir thrí bhlaosg a gcinn. Chonnaic an Niallach go raibh an t-Uilliamach ró-ghlic & fios a ghnaithe go maith aige & nach raibh éan-chabhair dó a bheith ag cur a chuid saighdiúir i gcontabhairt báis, & shuidh na hÉireannaigh ar a sócamhal thart thimcheall an phuirt ag feitheamh leis an lá go ndéanfadh easbhaidh bídh & dighe a ngnó
ar an bport. Nuair a bhí an méid cnuais a bhí insa' bport ithte ag na Gaill, b'éigean dóbhtha an féar & gach uile chineál luibhe a bhí ag fás ann a ithe & tá sé ráidhte nach raibh aon chloch 'sa bport nár ith & nár ligh siad an caonach di, & nuair a bhí Mac Uilliam ar tí géillte, d'éirigh leis cuid de chaiplibh an Niallaigh a ghabhadh & chothuigh siad sin a gcolann tamall eile. A fhad is bhí Cormac, dearbhráthair an taoisigh, ag coin- neáil a shúile ar an bPort Mór, thug an taoiseach feadhnach seadairí leis go dtí an Mullach Bán & as sin go dtí Árd-Mhacha, gan tóir ar bith a leigint isteach ó dheas go dtí an áit sin. Nuair a fuair na Gaill i mBaile Átha Cliath fios ar annró Mhic Uilliaim, bhí siad ag brath ar sgéala chur aige tabhairt suas, & cé bhí i láthair acht an Marasgal Baigeanal, & dubhairt sé go raibh sé fánach ag cumhachta Shagsana géilleadh do'n Niallach & Cúig' Uladh bheith aige ar a chomhairle féin, &, dá gcuireadh siad sluagh saighdiúir faoi n-a lámha-san, nach mbeith fuacht ná faitchíos air gan an Niallach a ionnsuidhe & cabhrughadh ar Mhac Uilliam a bhí i gcruadh-chás. Bhailigh siad as Sagsanaibh cuideachta saighdiúir ab' aclaighe & ab' fhearr a bhí faoi chumhachta na Bainríoghna. I gceann an mhéid sin & an méid a chruinnigh siad i n-Éirinn, bhuail Baigeanal roimhe & an méid sin faoi na smacht gur shroich sé an t-Iubhar. Insan am céadna fuair an Niallach focal na faire ó n-a cháirdibh go raibh a dhearg- námhaid ag tarraint air & go mba tuar teichte dhó é. Thoisigh Baigeanal ar a obair & d'ionnsuigh sé na hÉireannaigh & d'fhóir sé ar Árd-Mhacha & dhíbir sé an Niallach & a chuid seadairí ó'n Mullach Bán & fhobair go ngabhthaoi an taoiseach insa gcoimheasgar sin, acht bhí paidir altuighthe ag croidhe Gaedhealach icínteacht a d'fhóir air, uair a ghéibhinn. Anois, insa tráth seo, bhí Mac Uilliam i ndeireadh na déithe gan biadh ná deoch & a shúile cam ina cheann ag faire, théince go
bhfeicfeadh sé an bhratach fhuilteach ag eiteall thar barr na gcnoc, agus bhí fhios ag an Niallach nach ndéanfadh Baigeanal mórán taithighe gan tarraint ar an bPort Mór. Caib. XXXIII. – CATH NA BINNE BUIRBE. BA MHAITH an mhaise do'n Niallach é. Bhailigh sé a shluaighte i gceann a chéile, agus a gcuid gceannphort ag a gceann, é féin, Ball-dearg, Mag Uidhir, Mac Domhnaill ó na Gleann- taibh, agus Mac Uilliam ó Chlainn Riocaird, cúigear ceannairí chomh fearamhail agus leag bonn le bóthar ariamh, agus budh 'eo é iomlán a airm lá an chatha .i. ceithre mhíle cúig chéad coisidhe & sé chéad marcach. Bhí easbaidh ordonáis ar na hÉireannaigh & ní raibh aon lúireach ortha acht an lúireach a chum Dia ortha nuair a geineadh iad i mbruinn a máthar. Bhí thimcheall 's an oiread céadna saighdiúir ag Baigeanal, acht bhí brabach aige os cionn na n-Éireannach, mar bhí gunnaidhe móra agus cultacha catha ortha ó'n bhfeara go diúra. An rud is aistighe annseo, ní raibh aon Éireannach i n-arm Bhaigeanal acht fealltóir amháin i n-aghaidh a thaoisigh & a thíre – fear arbh' ainm dó Maol- mordha Ó Raghallaigh. Rinne sé cumas as “Raghallaigh na Bainríoghna” thabhairt air féin & tá sé ráidhte go mbudh 'eo iad an dá arm ba chumhachtaighe a d'ionnsuigh a chéile i n-Éirinn ó aimsir na Normánach. Bhí talamh an chatha seo braithte ag an Niallach roimh ré, & bhí cúig mhíle ar fhad ó Árd-Mhacha go Port Mór. Bhí cosán cumhang ar fhad an bhealaigh sin & ar
thaobh dhe bhí a lán coillte, muineachaí & stacain, & ar an taobh eile bhí sgraith-bhogán de mhíonuach portaigh & a lán sglodarán uisge ag dul le fánaidh na gcnoc. Ní raibh aon bhealach eile ag Baigeanal a dhul go dtí an Port Mór. Ní raibh aige acht “breith ná fág,” & b'éigean dó thidheacht le n-a bhealach a dhéanamh le láimh láidir. An oidhche roimh an gcath bhí na hÉireannaigh ag obair go dúthrachtach & ar fhad an chosáin seo rómhair siad puill & díogachaí doimhne & chuir siad sprionnlaí de mhaidíbh ar bhárr na bpoll & chuir siad sgraitheachaí glasa os a gcionn, & ar thaobh an fhánáin chairt siad min-dhíogachaí doimhne & iad cúmtha mar lúb-cheannach insa' riocht, dhá dtiocfadh ortha, go dtiocfadh leobhtha rith ó cheann go ceann gan cáll aca thidheacht ar an talamh uachtair. Leag siad a lán crann annsiud is annseo ar fhad an chosáin & ag lúib an bhealaigh ins an áit a raibh an taoiseach é féin & togha an airm faoi, rómhair siad clais, míle ar fad, cúig troighthe ar doimhneacht & ceithre troighthe ar leithead, & sgonnsa muineachaí ar a bhárr. I gceann an mhéid sin bhí a lán lúibe & bléine ar fhad an bhealaigh ag casadh anonn & anall eidir ísleán & árdán. Bhí an talamh an-bhog mar bhí an t-uisge ag sgeartadh aníos ó'n dóib bhuidhe & bhí dath buidhe ar an uisge & uaidhe sin fuair sé an t-ainm Béal an Átha Buidhe. Anois, má bhí sé i gcumhachta Bhaigeanal cabh- rughadh ar Mhac Uilliam a bhí sa bPort Mór, chaithfeadh sé a bhealach a dhéanamh thrí na blacáin truislidhe seo a cuireadh ina bhealach le stuaim chinn Aodha Uí Néill. Bhí árd-fhuil Chúigidh Uladh cruinn ag áit an chatha seo, mar bhí, taoisigh, sagairt, leagha, cláirseoirí, filí, & seanchaidhthe. Ina measg bhí file bhain do Chlainn Dhomhnaill – Fearfeasa Ó Cléirigh, & d'fhiafruigh sé ainm na háite seo &, nuair a hinnsigheadh dhó é, gháir sé ós árd go raibh sé i dtarngaireacht Naoimh Bhearcáin go dtroidfeadh na fíor-Ghaedhil cath diabhalta ag Béal
an Átha Bhuidhe, i n-áit icínteacht i n-Éirinn & go mbuaidheochadh na Gaedhil ar a námhaid, “&, thairis sin, nach bhfuil na Dubh-Ghaill seo de'n neamh-chreideamh i n-aghaidh aitheanta Dé & na hÉaglaise; ní'l rud ar bith i gcath is cumhachtaighe ná an fhírinne. Atá an fhírinne againn-ne & easbhuidh fírinne ortha-san. Ní'l aon bhunudhas ionnta & leághfaidh siad romhainn mar chárnán sneachta roimh theas na gréine.” Chuaidh bhriathra Uí Chléirigh thrí fhad & leithead an airm Ghaedhealaigh & thainic fearamhlacht na gcéadta ionnta leis an misneach a fuair siad de bhárr briathar an Fhir Fheasa. Seinneadh na píobaidhe & na cláirseacha & bhéarthá d'udhacht gur'b iad orgáin na bhflaitheas bhí ag spreagadh ceoil insa spéir & le méid binnis na gceolta gur phlúch sé fuaim na gaoithe bhí ag séideadh ina dtimcheall & shocruigh 'ch uile sheadaire Ghaedhealach ina áit féin i rith na hoidhche sin, clúduighthe le triús fada fairsing te teolmhar, & iad ag altughadh a bpaidreacaí do'n Tríonóid Naomhtha & ag feitheamh go foighdeamhail le solas na maidne. I dtaobh an taoisigh, níor thainic aon támh ar a shúil rith na hoidhche seo, acht ag agairt Dé gan aon fhear d'á chuid seadairí Ghaedhealach d'fhealladh air, mar bhí an t-arm ba mhilltighe & ba diabhalta a bhí i Sagsanaibh le n-ionnsuidhe lá'r na bhárach & budh 'in é an lá bhí le n-innsint cé aca ab' fhearr a d'acluigh Aodh Ó Néill a chuid seadairí ná d'acluigh Baigeanal na brothairí bhí faoi. B'fhada chaith an taoiseach ag múnadh acluightheacht cosa & pionnsuidheacht láimhe do na seadairíbh seo & 'gá n-ollmhughadh 'un cogaidh ag feitheamh leis an lá a gcasfaidhe é féin & Baigeanal le chéile lom-lámhach ar mhachaire an chatha. Ní raibh aon fhear le fagháil ba chionmhaire ar a chéile mná ná an taoiseach & dá mhéad cion a bhí aige uirthi, bhí a sheacht n-oirid sin fuath & gráin aige ar a dearbhráthair, Baigeanal, & ní raibh aon ní ó fhlaitheas anuas ag dul idir é & a shuaimhneas acht
comhrac éinfhir fhagháil leis nó go dtiubhradh sé tonn d'á chuid fola féin le n-ól dó. Shíl na hÉireannaigh go mb'fhada an oidhche í, acht “ní'l lá dá fhad nach dtigeann a thrathnóna” & b'amhlaidh leis an oidhche sin. Thainic an mhaidin & sul mar gheal an lá ghluais Baigeanal ó Ard-Mhacha & sé chipe faoi & roinn sé na sé chipe i dtrí chuideachta, an chéad chuid- eachta faoi Ridire Baigeanal & an Piarasach, an darna cuid- eachta faoi Chosbuí & Uingfield & an treas chuid- eachta faoi spraic Chuain & Bhillings. Budh 'in é Lughna- sadh 14adh, 1598. Bhí thimcheall is sé chéad slat idir gach aon chuideachta aca seo, & sgartha amach uatha ó dheas & ó thuaidh bhí feadhnach marcshluagh gach aon taobh díobh faoi chúram Montaigiú, Bhrúc, & an Phléimeannaigh, & léir mar bhí siad seo ag cur a mbealach díobhtha, bhí siad ag séideadh a stoc & a mbratach fuilteach ag nochtadh os cionn báirr na gcnoc. Le linn éirghe na gréine bhí siad chomh fada leis an áit a dtugtar an Ghráinseach uirthi. Bhí arm an Niallaigh ag breathnughadh ar lonnradh na gréine ag deallradh ar a sleaghannaibh & a gclogaid, & roimh éirghe an lae, an mhaidin sin, chuir an Niallach cúig chéad d'á chuid seadairí, ba lúthmhaire coiscéim, ar dhá thaoibh an bhealaigh sin. Le éirghe thalmhan a bhaint as Baigeanal & a bhacadh ar a fhuadar, b'amhlaidh bhí, bhí an chúig céad seo i bhfalach faoi fholach na muineachaí & chomh luath & nocht na Sagsanaigh a gcinn, phlainnc na hÉireannaigh ruathar piléar thrí arm Bhaigeanal & thuit a lán aca. Phlainnc siad ruathar i ndiaidh ruathair & gach aon ruathar ag lot, & i n-aghaidh an mhéid sin throid na Sagsanaigh go madramhail – i n-aghaidh teineadh, bogán & poll, nó gur shroich siad an chlais mhór a bhí ag bléin an bhealaigh. Anois tá an chéad chipe de na Sagsanaigh ag an gclais & teine ina súilibh ag tabhairt iarracht ar na hÉireannaigh a alpadh. Theann siad 'un cinn & sgaith siad an chlais agus thuit a lán aca i n-aghaidh a mullaigh
insa gclais & níor éirigh siad aisti. Nuair a fuair siad iad féin taobh thall, thug siad amus madramail ar na hÉireannaigh & dhlúthuigh na hÉireannaigh leo & nuair a mheas siad a dhul ar gcúl bhí an chlais rompa & bhí an cipe seo sladtha ag na hÉireannaigh sul már shroich an dara cipe iad, mar bhí breall ar Bhaigeanal faoi a gcoinneáil chomh sgartha ó chéile. Thainic an darna cipe & Baigeanal ar a gceann na gcosanáirde ar fhad an bhealaigh & na puill a rinneadh roimh ré ag leagaint móráin de na marcaigh & na coisidhthe ag tuitim ionnta, agus gan iad ag éirighe. Dheasuigh an Niallach i n-aice an chipe, agus togha na seadairí faoi le Baigeanal a dhealughadh amach, agus comhrac éin-fhir a bheith aige leis, mar “b'fhada bhí cathughadh 'n-a dhiaidh aige,” acht níor éirigh leis sin fhagháil, mar bhí Baigeanal i lár an chatha ag troid go madramhail. Le tuirse colna agus dócamhal oibre, bhí múnógaí alluis ag tuitim dhe, agus le n-a cheann a fhuaradh d'árduigh sé a chlogad le fionn-fhuaras a thabhairt d'á mhalaidh. Ní túisge bhí an clogad árduighthe aige ná bhí piléar thrí n-a bhlaosg as gunna Éireannaigh géar-radharcamhail, agus na grásta go bhfaghaidh an t-Éireannach sin!! Níor theip an dara cipe i dtaobh báis a gceannphuirt; theann siad ar a n-aghaidh, agus sgaith siad an chlais, agus nuair a sgaith, tugadh an aoide chéadna ortha a tugadh ar an gcéad chipe. Bhí fuadar mór faoi Chosbuí ag tarraint ortha, le congnamh a thabhairt dóibh, acht d'éirigh míothapadh dhó ar a bhealach, mar sloigeadh ceann d'á chuid gunnaí móra insa sgraith- bhogán. Bhí an gunna mór so ar dheireadh a chipe, ag creapall an bhealaigh ar an gcuid eile aca, agus marbhadh na daimh a bhí 'gá tharraint. Chuir sé sin moill ortha. Tháinig an ceathramhadh cipe ag tabhairt conganta dhóbhtha leis an ngunna mór a strachaint as an bpoll, agus ins an am céadna, bhí na hÉireannaigh
ag cruinniughadh 'na dtimcheall chomh tiugh leis na míoltógaibh, agus níor bh'fhallsóirí iad, ag tabhairt fabhairte a gclaidhimh dóibh, agus teas a dteineadh as a ngunnaíbh. Thug siad an aoide chéadna ar chipe Chosbuí, mar fuair an dá chipe eile, agus cuireadh Cosbuí faoi ghabháil. Bhí na Sagsanaigh ag fagháil an chuid ba mheasa de'n ghreadadh, agus phreab an Niallach anuas ortha, agus marcshluagh Thíre Éoghain le n-a chois. Ní thig le aon teangadh a mhíniughadh, ná le aon pheann a sgríobhadh, fearamhlacht na nÉireannach lá an chatha úd, ná ní'l aon bhuille d'á mbuaileadh siad ar cholannaibh a námhaid nach gcluinfidhe an mac alla mílte 'n-a dtimcheall le méad na bríghe, agus an fhuinnimh bhí le n-a mbuillíbh. Fhad 's bhí an Niallach agus a chuid fear ag gabháil fabhairne dóbhtha ar thoiseach an chatha, bhí Baill-dearg, Mag Uidhir, agus Mac Domhnaill i n-íochtar an chatha, mar chuaidh siad anonn ar fiar go luath insa' gcath i n-airicis an dá chipe deireannach le creapall a chur ortha, agus gan a leigint níos uachtaraighe, dá mb'fhéidir leó é. D'ionnsuigh siad a chéile go madramhail, agus saigh- diúir ag tuitim ar gach aon taobh. Insan am céadna bhí na píobairí ag spreagadh an ruisg catha ós árd, i gcluasaibh na nÉireannach, agus bhí sin ag tabhairt misnigh mhóir do na Ghaedhil, is léir mar bhí na Gaedhil ag treisiughadh, gháir siad os árd, “Bataille Abú!” agus “Lámh Dhearg i n-Uachtar.” Chuir Baill-dearg an ruaig ar an dá chipe seo agus marbhuigheadh a lán aca agus bhuail an chuid eile aca buille ar a dtréat gur shroich siad Árd-Mhacha. Anois, bhí an ceathramhadh cipe faoi Uingfield agus shíl sé na hÉireannaigh a chur ar gcúl, acht i neart an chatha phléasg caráiste púdair ar thaobh na Sagsanach agus loit sé go diabhalta iad agus an méad nár gortuigheadh aca baineadh as a meabhair iad le an-
bháthadh agus faitcheas. Dhruid na hÉireannaigh leobhtha agus níor sheas siad i bhfad rompa nó go mb'éigean dóbhtha sgaipeadh anonn agus anall agus ní raibh ann acht an fear ba lúthmhaire coiscéim le n-a chosaibh a thabhairt ó bhuillíbh marbhtha na n-Éireannach. Nuair a bhí an sgaipeadh ortha agus iad ag imtheacht i mbéal a gcinn, thug an fealltóir Raghallach réamhráidhte iarracht faoi dhó ar a mbailiughadh i gceann a chéile & a dtalamh a sheasamh, acht níor thug siad aon chluais dó. Bhain siad amach, agus bhlas an Raghallach an bás ar mhachaire an chatha, agus sheas sé i láthair gnúise Mhic Dé ina fhealltóir i n-aghaidh a thíre agus a chreidimh. Bhain na Sagsanaigh amach ag reathaidh i mullach a chéile, agus na hÉireannaigh 'n-a ndiaidh, 'gá leanmhaint 'na mbeirt, 'na dtriúr, 'na bhfichid, na dtriochaid, & na gcéadtaibh & 'gá leagaint rompa, mar speala- dóir ag baint fhéir. Cuireadh ruaig ar thogha airm Shagsana, agus, i leabaidh gáir chroidheamhail a bheith 'na mbéal ba éagnach báis a bhí le clons ar mhachaire an chatha. An taosgán aca thug na cosa leobhtha, chuaidh siad de'n rith sin go hÁrd-Mhacha, ag fágáil dhá mhíle agus cúig chéad d'á mairbh 'na ndiaidh, agus bhí ina measg trí oifigigh fichead, agus a lán leas-oifigeach agus maoir, ag fágáil a mbocáisde 'na ndiaidh; dhá mhíle dhéag píosaidhe óir, ceithre dhearg-mheirgí déag & fiche, tormóirí, gunnaí móra agus stuic, agus ba fáilteamhail an tabhartas é seo do'n taoiseach i gceann a dhearg-námhaid bheith ar lár. Ní raibh ar thaobh na nÉireannach acht dhá chéad marbh agus sé chéad loitthe, agus na soillse go bhfaghaidh siad i gcoróin na glóire! Budh 'eo é an slad ba mhó a rinneadh ar na Sagsanaigh ó'n gcéad lá ar chuir siad lorg a gcoise ar thalamh na nÉireannach. Lean na hÉireannaigh iad ar áit na mbonn go dtí Árd-Mhacha, agus níor leig siad aon chabhair aca ar
feadh trí lá, agus ar an gceathramhadh lá b'éigean dóbhtha tabhairt suas, agus bhí cúig chéad déag de na Sagsanaigh ann. Bhí a lán de na taoisigh Gaedhealach' ag brath ar a n-ionnsuidhe, agus a gcur ó rath, acht ní leigfead an t-árd-taoiseach dhóbhtha sin a dhéanamh, act bhain sé a gcuid airm díobtha, agus fuair siad cead a gcinn go dtí an Ghall-tórainn a gCúigeadh Laighean. Insan am seo bhí Mac Uilliam i ndeireadh na déithe leis an ocras, mar bí cnámha na sean-chapall itte aca, agus nuair nach raibh aon chabhair le thidheacht chuige, b'éigean dó Port Mór a thabhairt i seilbh an Niallaigh, agus, a ngléas cogaidh bhí sa bport, é d'fhágáil 'n-a ndiaidh, agus fuair sé cead a bhealaigh go dtí an Sráid-bhaile i measg an chuid eile de na panantóiríbh. Leis sin tá sé ráidhte go raibh Cúigeadh Uladh chomh glan d'easbhaidh Sagsanach agus bheith urlár a sguabfá chomh glan le do láimh, agus bhí an Lámh Dhearg ag eiteall i n-áirde go hárd os cionn Tíre Eoghain, acht deirim-se go ndeárnaidh an Niallach baileabhair mhór de féin nuair nár thug sé bualadh éadain do'n chúig chéad déag a leig sé as Árd-Mhacha le arm a thógáil ina aghaidh aríst. Bhí ceol d'á spreagadh, comóraidhthe d'á ndéanamh, agus paidreacha d'á n-altughadh ar fhad agus leithead Cúigidh Uladh, ag tabhairt buidheachais do Dhia de bhárr árd-chosantóir chumhachtamhail a chur cuca mar Aodh Ó Néill, ag cosaint agus ag coiméad an Chreidimh Romhánaigh i n-aghaidh Shagsana.
Caib. XXXIV. – CÚRSAIDHE LAIGHEAN AGUS MUMHAN. SHROICH an bhuaidh seo go fada is go gearr amuigh ar fud na ríogh- achta uile, agus bhí a lán de na rioghachtaibh ag brath ar congnamh a chur chuige léis iad a chlons an tslaid a rinne sé ar na Sagsanaigh, agus ins an am chéadna bhí a lán daoine uaisle de bhunadh na sean- Ghall i nÉirinn, agus ba Ghaedhil iad léir creidimh, agus ba Ghaill iad léir náisiúntachta, agus mar ngeall ar ghéar-chrádh Eilíse i n-aghaidh an chreidimh Ghaedhealaigh, d'éirigh na sean-Ghaill seo ina haghaidh, mar nár fhéad siad a sheasamh ní b'fhuide, agus dhearc siad ar an Niallach mar réalt eolais solasach, agus bhí siad chomh dílis dó agus bheith an mháthair do'n leanbh. Bhí na Laighnigh ins an tráth chéadna ag casgairt na Sagsanach, agus an Caomhánach, an Branach, Uaithne mac Ruaidhrí Uí Mhórdha 'gá gceannaireacht ar fud an chúigidh sin, agus saighdiúir an Niallaigh ina measg (mar tá réamhráidhte). Bhí Laoighis agus Uíbh Fáilghe faoi smacht na Sagsanach, agus níor fhág na hÉireannaigh mac máthar aca ann gan a ruagadh rompa go dtí an Sags-thórainn i gceann a láin aca a mharbhadh. Bhí na Laighnigh ar cheithre thaobh de'n chúigeadh ag gabháil fabhairne do na Sagsanaigh, agus bhí Cúigeadh Laighean faoi n-a smacht chomh híochtarach le habhainn na Life, agus, léir mar bhí na Laighnigh ag treisiughadh, bhí siad ag cur na Sagsanach faoi chíoscháin, agus i leabaidh saighdiúir na Gall- tórainne throid i n-aghaidh na nÉireann, is amhlaidh ab'
éigean dóbhtha iad féin a dhúnadh faoi fhasgadh ballaidhe Bhaile Átha Cliath, agus faitchíos a n-anma ortha go mbrisfeadh na hÉireannaigh thrí na ballaíbh, agus, dá mbrisfeadh, go mbeadh siad i gcruadh-chás. Insa' tráth seo bhí Cúigeadh Mumhan i lámhaibh na Sagsanach agus Norreys ina cheannphort ortha, agus nuair a shroich gaisge an Niallaigh a gcluasa, thoisigh siad ag teicheadh le faitchíos, agus go mór-mhór na Ghaill a bhí i seilbh talaimh & tighthe na bhfíor-Ghaedheal; mar cuireadh as iad le láimh láidir, agus an beagáinín de na Gearaltaigh a mhair léis an chatha thútaigh a chothuigh na Gaill ina n-aghaidh, thosuigh siad ag glacadh misnigh aríst, agus ní raibh uatha acht congnamh fhagháil ó Chúigeadh Uladh agus ó Chúigeadh Laighean leis an machaire a thógáil aríst, agus troid ar son a gcreidimh agus a n-áit' dúthchais féin, agus bhí fear uasal de thogha Caitiliceach ina chomhnuidhe i Luimneach, caraid gaolmhar d'Aodh Ua Néill, fear dárb' ainm Piaras De Lásaigh, agus chuir sé sgéala ag an Niallach agus ag an Mórdhach feadhnach seadairí a sheoladh ó dheas go dtí an Mumhain faoi chúram ceannaire cheannasaigh, & go raibh na Gaedhil bhochta bhí faoi chrádh chroidhe annsin ollmhuighthe leis na Sagsanaigh ionnsuidhe, & a gceart féin a bhaint asta ar ais. Níor fheall an Niallach ortha, mar chuir sé cuideachta seadairí Gaedhealach aca faoi chúram an Triallaigh réamhraidhte, agus rinne sé a bhealach gur tharraing sé ar an Mórdhach. D'fhág an Mórdhach a dhearbhráthair ar cheann na Laighneach, agus chuaidh an Triallach agus an Mórdhach chun cinn go ndeachaidh siad thrí Urmhumhain, agus glan díreach thrí Deas-Mhumhain, agus chruinnigh na Gearaltaigh, & rinne siad aon chuideachta amháin. Ina measg bhí mar leanas – Ridire an Ghleanna, Mac Muiris, Barún na Leice Snámha i gCiarraidhe, Ridire Chiarraidhe, Diarmuid agus Donnchadh Mac Cárthaigh, Muinntear Dhonnchadha, an Róisteach, Bhíocont Feara Muighe, beirt gaolmhar
léir fola d'Iarla na hUrmhumhan, é féin, .i. Tomás Buitléar, Barún na Cathrach; agus Riocard, Tighearna an Mhóta, i Loch gCarmain, cliamhain Aodha Uí Néill Muinntear Shúilleabháin, Muinntear Dhrisceoil, Muinn- tear Dhonnabháin, Muinntear Mhathghamhna Chonndae Chorcaighe. Rinne siad seo aon chuideachta amháin le sásamh a bhaint ar na Dubhghaill a fuair seilbh a dtalaimh le láimh láidir agus tútaighil mar nach raibh rud ar bith onórach greamuighthe do dhligheadh Eilíse, agus ní de'n ghaoith a thóg sí é, acht ó nádúir na ndaoine a bheith amhlaidh. Nuair a chonnaic Norreys an chuideachta seadairí seo ag rannsughadh na tíre, bhí a fhios aige nach raibh sé i n-ann seasamh rompa, agus d'fhág sé cuid d'á chuid saighdiúirí i gCill-Mocheallóg, i gConndae Luimnigh, agus níor leig an faitchíos dóbhtha a srón a chur amach thar na ballaidhe, agus bhuail sé féin agus an chuid eile d'á chuid saighdiúir buille ar a' tréat go Corcaigh, & an Mórdhach aniar ar a shálaibh. Dhaingnigh sé é féin faoi bhallaíbh Chorcaighe, mar lochóig ag dul i bhfolach ó chat, agus tionóntaidhe Eilíse bhí ar a sáimhín sógh i seilbh na n-Éireannach, cuireadh an ruaig ortha, agus b'éigean dobhtha imtheacht i n-aghaidh a dtolach, agus fasgadh fhagháil ins na bailtibh puirt a bhí i seilbh saighdiúir Eilíse. Dóigheadh agus loisgeadh a dtighthe go talamh. Tá sé ráidhte, léir na n-ughdar, nár thug na hÉirean- naigh aon droch-láimhsiughadh do na Gall-tionóntaidhthibh, acht amháin gur bhain siad seilbh a mbailte úr-nua díobh, agus i measg na nGall-tionóntaidhe seo bhí an file Spenser. Ní raibh aon chrochadóir gan crochadh ba mheasa ná é, mar dubhairt sé le Eilís nach bhfuigheadh sí an bhuaidh ar na hÉireannaigh go bráth nó go ndíb- reochaidhe na sagairt agus go gcrochfaidhe na báird agus na teanga Ghaedhilge a dhíbirt amach 's amach – “ná fhad 's bheith an teanga Ghaedhealach bheith an croidhe d'á léir” – an Ghaeidhilge dhíbirt agus an Béarla chur
ina háit, agus, léis beagán taithighe ar an mBéarla, d'éireochadh an croidhe Gallda, agus annsin bheith siad na neamh-Éireannaigh eidir an bog 's an cruaidh, & léis tamaill bheith siad 'na nGaill, léir smaointe, ní ba glonnmhaire i n-aghaidh na hÉireann ná na Dubh- Ghaill iad féin. Á! Spenser, an créatúir! Léis an méid a rinne sé i nÉirinn ar feadh fiche bliadhain, ag iarraidh na nGaedheal a chur i mbealach a mbasgtha, léir teangadh agus creidimh Bainríoghna Eilise, agus léis an méid amhrán a chúm sé ag moladh a cumhachta, níor cuireadh mórán comóradh air d'á bhárr, nuair a shroich sé Sagsana, mar d'éag sé le gorta agus anró i Londain an bhliadhain dh'ar gcionn d'uireasbhaidh bídh. Níor bh'é sin do na hÉireannaigh , níor leog siad aon bhárd ná file 'un báis d'easbhaidh bídh. Ins an tráth seo bhí cumhachta an tSagsanaigh laguighthe i gCúigheadh Mumhan. A fhad 's bhí an cúigheadh sin faoi smacht na Saghsanach, bhíodh Iarla Gaedhealach aca faoi n-a spraic, agus ag géilleadh d'á ndligheadh féin; acht anois bhí an chuid ba mhó d'Éire i lámhaibh na nÉireannach, agus Aodh Ua Néill ina árd-cheannaire ortha, agus mheas sé, ó thárla go raibh na Sagsanaigh faoi smacht aige, go mbudh chóir dó-san iarla Gaedhealach a chur i gCúigeadh Mumhan, agus an t-iarla sin a bheith ag tabhairt onóra dó-san i n-áit a bheith ag tabhairt onóra do'n Bhainríoghain roimhe sin. An t-iarla ar chóir dó an iarlaidheacht sin fhagháil, léir oighridheacht', bhí sé faoi ghlas i gcloigtheach Londan ag na Sagsanaigh ar feadh seacht mbliadhan déag. Budh é sin mac Iarla Gearóid, agus nuair nach raibh sé le fagháil, thogh an Niallach fear tádhbhachtach fad-cheannach fearamhail fíor, mac dearbhráthar do Ghearóid, agus phronn an Niallach mar teideal air, “Iarla na Deasmhumhan,” & go mbeith sé ag díol cíoscháin leis an Niallach as sin suas, agus léis an iarlaidheacht sin a dhéanamh, agus Cúigeadh
Mumhan a fhágáil i lámhaibh na nÉireannach, d'fhill na hUltaigh go Cúig' Uladh. Caib. XXXV. – Toisg Bhaill-Deirg go Tuath- Mumhain. BHÍ na Sagsanaigh an tráth seo dluithte ina ndaingeanaibh ag cumhachta an Niallach, agus níor leig an faitchios dóbhtha a ngialla a nochtadh amach thar na ballaibh. Insan am chéadna tá sé ráidhte ag ughdair Shagsana go raibh an Niallach ag agairt an Fhir Ionaid a phárdún fhagháil ó'n mBainríoghain agus dá bhfuigheadh nach mbeith aon fhear fúithi bheith chomh dílis di agus bheith seisean. Ní chreidim-se é seo, mar atá cuma na bréige air, agus ní heo í an chéad bhréag a chuir na hughdair Ghallda ar bun. Sgaradh an bhréag seo, agus chuaidh sí d'iomrádh ar fud na ríoghachta thart amuigh, agus budh iad na Gaill a sgar í ins na ríoghachtaibh sin le faitchíos go dtiubhradh Caitilicigh na hEorpa congnamh do'n Niallach. Sin é an t-adhbhar ar sgar siad an bhréag. Ba mhaith a bhí fhios ag an Niallach, dá leagfadh sé síos a chuid airm, go mbadh ghairid a shaoghal agus an méid a bhí faoi. Bhí cluanaidheacht na Sagsanach ró-bhaoghalach, agus ar an ádhbhar sin, ní chuirfeadh sé aon mhuinighin ionnta, agus sin é an t-ádhbhar go ndeirim gur dearg- bhréag í. Bhí machairí Cúigidh Chonnacht glan ag Ball-dearg, & b'éigean do'n Chluadhánach teicheadh roimhe ath-uair,
agus é féin a dhaingniughadh i ndúnphort. Choinnigh Baill-dearg Nodlaic na bliadhna seo diadhanta críostamhail, mar ba ghnáthach d'á shinnsir, i mBaile an Mhóta. D'ionnsuigh siad na Sagsanaigh i mBaile Átha an Ríogh, agus thuit siad le béal na gclaidheamh, agus thug Baill-dearg gach ní d'á raibh ar foghnamh aca leis. Bhuail sé roimhe thrí thír Chloinne Riocaird, ag marbhadh nó ag díbirt a námhad, & ag cur i n-umhail ins an am chéadna do na Connachtaigh go gcaithfeadh siad umhlughadh go measamhail d'á n-iarla Gaedhealach, MacUilliam. Bhí Connachta an tráth seo fá chumhachta Baill-deirg, acht Thuath-Mhumhain, atá anois 'na Chonndae an Chláir, agus bhí beirt neamh-Éireannach fealltach ann a bhí ag umhlughadh do'n Bhainríoghain, agus ag géilleadh d'á dligheadh – Donnchadh Ó Briain, Iarla Thuath-Mhumhan, agus Barún Inse Chuinn. Níor fhéad Baill-dearg suaimhneas a thabairt dóbhtha seo ní b'fhuide, agus chuir sé sgéala ag a ghaoltaibh bailiughadh i gceann a chéile go tapaidh, nó go dtiubhradh siad ar Thuath-Mhumhain, agus cruinnigh siad mar leanas – a thriúr dearbhráthar, Ruaidhrí, Maghnus, agus Cathbhárr; Aodh óg Ó Domh- naill, Ó Baoighill, Ó Dochartaigh, Mac Suibhne, agus laochradh Thíre Chonaill; Mag Uidhir le gasradh Fhear Monach, agus tháinig de bhunadh na gConnachtach, Ó Ruairc, Mac Uilliam, Ó Dubhda, Mac Donnchadha, Mac Uí Eaghra, Ó Ceallaigh, is Mac Diarmada. Bhí fear i measg an mhéid sin ar bh'ainm dó Niall Garbh Ó Domhnaill, Éireannach malluighthe, mar fheicfeas sibh níos íochtaraighe insa' stair seo. Ghluais Ball-dearg ó dheas agus coisidheacht lúthmhar faoi, thrí dhúithche Chloinne Riocaird, gur shroich sé coill an Trágha Dheirg le smál na hoidhche. Chuir siad fúbhtha 'sa gcoill, las siad teinte, d'ith siad neart, agus d'ól siad a sáith d'fhíon na Spáinneach. Ar uair mharbhtha na hoidhche ghluas siad go léir i n-éinfheacht, agus le héirighe an lae shroich siad Coill Ó bhFlannchadha. Nuair a bhí
lóchrann ghile na gréine ag múchadh solais shoillsigh na réalta, chuir sé fuadar lúthmhar coisidheachta faoi féin, agus faoi n-a chuid seadairí, go dtáinig siad chomh fada le Corca Modhruadh, & as sin go dtí Cill Fionnabhrach. Sgar sé a arm ina dtrí ná ceathair de chipíbh, ag tabhairt dhá thaobh na tíre leobhtha, ag dóghadh agus ag losgadh, ag creachadh 'gus ag slad gach uile dhuine bhí fáilteamhail do'n tSagsanach, ná ag géilleadh dh'á ndligheadh. Thug Mag Uidhir amus ar chaisleán Chonchubhair Uí Bhriain, barún Inse Chuinn, ag cur an chaisleáin faoi lár, agus thuit a raibh ann le béal a chlaidhimh; gabhadh an barún agus rinneadh príosúnach de. D'ionnsuigh Ball-dearg & a chuid cipí eile Tuath- Mhumha, ag slad agus ag casgairt, agus nuair a bhí cumhacht an tSagsanaigh faoi lár i gCúigeadh Chon- nacht & lámh i n-uachtar ag na hÉireannaigh, bhí Ball- dearg lán-tsásta leis an obair sin & níor fhág sé féin ná a chuid seadairí rud ar bith ar fóghnamh a bhí i seilbh na bhfealltóirí a chlaoidh sé nár chruinnigh siad leobhtha, idir caoirigh & áirnéis. Sheól siad rompa iad & leis an méid a bhí leobhtha bhí na cnuic breac ballach gur shroich siad Cill Fionnabhrach. D'fhill na hUltaigh a-bhaile annsin & gach aon aca ag tiomáint a thabhar- tas féin roimhe. Ba dubh an lá do na Sagsanaigh an lá cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar Bhall-dearg i n-uathchais Bhaile Átha Cliath, mar nach raibh aon lá, a fhad & bhí sé ann, nach raibh fuath & gráin ag méadughadh ina chroidhe i n-agaidh an lucht riaghaltais sin. Mheas sé, dá marbhóchadh sé uilig iad le urrudhas a lámh féin, nach mbeith sé sásta leis an sásughadh sin de bhárr na splíontaidheachta a thug an Fear Ionaid dó, agus sin é an t-ádhbhar a raibh Ball-dearg chomh sanntach ag dórtadh a gcuid fola agus ní gan ádhbhar, go ndéanaidh Dia trócaire ar a anam.
Caib. XXXVI. – Breith ná Fág. DEARCADH ar an Niallach mar cheann- seasmhach tíre agus creidimh ar fhad & leithead na hÉireann & bhí luthgháir ar na Gaedhil an tráth seo mar bhí suaimhneas aca ar an ádhbhar go raibh na Sagsanaigh ruaigthe ná marbh aca, acht amháin an taosgán beag aca bhí i ndaingeanaibh annsiúd 's annseo, & faitchíos a n-anma ortha go leagfaidhe na daingin ina mullach. Bhí a fhios ag an Niallach an t-am céadna nach loicfeadh Eilís gan amus eile a thabhairt le Éire a chur faoi n-a sgríb, dá mb' fhéidir léithe é, agus léis an Niallach seasamh na haghaidh i machaire an chatha, níor fhág sé aon chloch gan tionntódh ag ullmhughadh gach ní a d'fhóir le haghaidh an chatha sin. Bhí sé ag acluigheacht ógánaigh na tíre, agus 'ghá bhfeabhsughadh chum catha, bhí sé ag comhairleachan na gceannairí seasamh go dílis d'á chéile, chuir sé aimsear ar a lán de na hAlbanaigh le tarraint asgaill a thabhairt dhó 'san gcath, mhéaduigh sé a chatharnas le Rígh na Spáinne, agus bhí sin eatorra catharnas téagarach, is chuir sé gárda cosanta ag an bhFeabhail, an Éirne, is an tUisge Dubh, agus bhí sé ollmhuighthe le dhul 'un catha am ar bith a dtiocfadh an tóir 'na dhiaidh. Nuair a sroich an sgéala cluasa na Bainríoghna an íde a tugadh ar a cuid saighdiúr i n-Éirinn, fhobair go rachadh sí ar buile. Dubhairt sí nach raibh aici acht “breith ná fág,” 'sé sin Éire a thabhairt suas duth is dath, nó gach uile fhear bhí i Sagsanaibh i n-ann airm a ghlacadh, a sheoladh go hÉirinn, agus na hÉireannaigh a
chlaoidh amach 's amach. Le linn an ama seo bhí fear i Sagsanaibh, agus deir na hughdair go mbíodh sé ag suirigheacht go grádhamhail leis an mBainríoghain, mar thaithnigh cumhlódar fir léithe go maith, agus budh é ainm an tsuirghigh seo Riobárd Devereux, Iarla d'Essex, mac do'n iarla réamhráidhte rinne an dó-bheart ar Fheidhlim Ó Néill. Chuir cúirt Shagsana a muinighin as le sásamh a bhaint as na hÉireannaigh i n-éiric báis a athar, agus teanga agus creideamh na Bainríoghna a chur ar bun i nÉirinn. Cuireadh go hÉirinn é ina Fhear Ionaid agus fiche míle brothaire le n-a chois. Fuair sé órdughadh uabhtha gan a bheith ag caint leis na cosa, a fhad 's bheith an ceann le fagháil, gan cluas ar bith a thabhairt do na leas-thaoisigh, acht na hárd-taoisigh bhí insan arm Gaedhealach a ionnsuidhe, agus, nuair a bheith siad sin claoidhte, bheith críoch leis an gcogadh, & le bun cogaidh a chur air féin, bhí sé le longphuirt a chur i mBéal Átha Seanaigh & ag Loch Feabhail, gan cabhair ar bith a leigint ó Chúigeadh Chonnacht ná ó na hAlbanaigh. Nuair a fuair sé an méad seo orduighthe ó chúirt Shagsana, thainic sé go hÉire & bhuail sé caladh Bhaile Átha Cliath, an 15adh lá d'Aibreán, 1599, agus arm diabhalta faoi, acht b'fhusa na horduighthe sin a rádh ná a gcur i bhfoirm, ná, nuair a tháinic an Fear Ionaid go hÉire, theip sé ar a lán aca, mar bhí sé dall- inntreach & d'easbhuidh stuama chinn. Nuair a chualaidh an Niallach faoi na sluaighte seo & an t-árd-cheannaire diabhalta bhí ortha, níor thainic sgáthmhaireacht ar bith air dhá bhárr, mar nach raibh aon bhun cogaidh ariamh air ní b'fhearr ná bhí air an t-am céadna. Bhí Gaedhil na hÉireann chomh dílis d'á chéile leis an Tríonóid Naomhtha & bhí cipe seadairí aige ag Loch Feabhail ag bagairt “Láimhe Deirge” ar thóir ar bith a thiocfadh 'gá dtóruidheacht. Bhí sé féin & sluagh mór faoi ar Bhealach an Mhaighre i ngar do'n tSráidbhaile, ag faire mar a bheith cat ag faire lochóige,
ag feitheamh le n-a námhaid go dtiubhradh sé tonn d'á chuid fola le n-ól dó. Bhí Ball-dearg i gConnachtaibh & ceithre mhíle seadaire faoi ag glanadh na tíre sin ó bhréantas an tSagsanaigh; bhí cumhacht an Mhórdhaigh ag méadughadh gach lá i Laighnibh & bhí i gCúigeadh Mumhan na Gearaltaigh agus a n-Iarla Gaedhealach nua ar a gceann & iad ag ollmhughadh chum catha le sásamh intinne fhagháil as a námhaid i n-éiric an chrádha croidhe a fuair siad de bhárr feille an tSagsanaigh. 'San am chéadna tháinic long ó'n Spáinn go dtí Báigh Dhúin na nGall & í luchttha le airm a d'fhóir do dhá mhíle fear, & cluineann sinn go ndearnaidh Ball- dearg dhá roinn comhthrom díobh, roinn dó féin & roinn a chuir sé ag Aodh Ó Néill mar seachadadh comharsan dílse. Caib. XXXVII. – Cath Bhearna na gCleití. I DTAOBH an Fhir Ionaid, 'leabaidh é Cúig Uladh a ionnsuidhe, 'sé an chaoi ar thoisigh sé ag tabhairt amuis ar an laige – an Mórdhach i gCúigeadh Laighean. Thug sé smachtughadh an mharcshluaigh do Thighearna Southampton & phronn sé mar theideal ar Sheaghán Ó hAnnracháin Ridire sglábhuidhe suarach a bhí faoi n-a smacht féin. Thriall an Fear Ionaid agus a shluagh mór saighdiúr le amus a thabhairt ar Chaisleán an Bhuitléaraigh i gCathair Dúin Iasg, & sul mar shroich sé a cheann aisdir, casadh leis cúig céad de sheadairíbh an Mhórdhaigh a bhí ag feitheamh leis insa tráth chéadna. Nuair a chuaidh na Sagsanaigh tharsta, d'ionnsuigh siad deireadh an airm Ghallda, & bhí saighdiúir ag tuitim dá gcaiplibh chomh tiugh le
sneachta séidthe a bheith ag greadadh i n-aghaidh na talmhan. Ba gar an slad a rinneadh ar arm an Fhir Ionaid & bhí fuil, feoil & cleití i n-aon tsraith amháin ar an talamh & is iomdha ceann árd a d'fhág fuinneamh & fabhairt claidhimh na hÉireann íseal an lá sin & tugthar mar ainm ar áit an chatha sin “Beárna na gCleití,” mar leagadh a lán de na coiricínibh clúimh a bhí go péaclach ar na Gaill, an lá úd. Léis catha diabhalta agus na Sagsanaigh an chuid is measa dhe a fhagháil, rinne an Fear Ionaid ar an gcaisleán réamhráidhte, d'ionnsuigh sé an caisleán le gunnaíbh móra, agus gach uile chineál gléas cogaidh. Leag sé na ballaidhe le n-a philéir mhóra, agus throid na hÉireannaigh go madramhail ina aghaidh, agus choinnigh siad an caisleán deich lá i n-aghaidh an tSagsanaigh; acht léis an deichmheadh lá thuit sé i seilbh an Fhir Ionaid. Annsin ghéill an Buitléarach agus an Róisteach dhó i n-aghaidh a dtolach, agus thug sé a shluaighte leis go Crom, i Luimneach; acht i n-aice Chruim theangmhuigh sé leis na Gearaltaigh agus na Cárthaigh, agus d'ionnsuigh siad a chéile go madramhail. I dtoiseach an chatha marbhuigheadh an leas-fhear Ionaid, Norreys, uachtarán na nGall, i gCúigeadh Mumhan, acht níor admhuigh na Gaill rud ar bith faoi 'n gcath so ariamh, agus deir siad gur b'é an chaoi a bhfuair Norreys bás le briseadh croidhe. Acht deirim-se nach 'in í a gcéad bhréag – dá mbadh í, b'fhada ó bheith bualadh cabhlach ar a dteangaidh. Léis troid bhorb a bheith idir an dá arm ar feadh tamaill, cuireadh an ruaig ar na Sagsanaigh, agus na hÉireannaigh aniar le n-a sálaibh 'gá leanmhaint, agus 'gá gcasgairt ar feadh sé lá, gur chuir siad thar an nGall-tórainn iad. Nuair a shroich an Fear Ionaid Baile Átha Cliath, agus é ruaigthe buailte, bhí sgéala ní budh mheasa ná sin roimhe insa' gcathair. A fhad 's bhí an Fear Ionaid easbhadhach ó'n gcathair, bhí sé chéad d'á bhrothairíbh ag tórainn Chloinne Bhroin, ag gearra-
mansuidheacht ar a gcomhairle féin, agus a fhad 's bhí siad ar a sáimhín sógh, agus ag déanamh bolg-le-gréin, phreab Clann Bhroin ina mullach, 'gá n-ionnsuidhe chomh madramhail leis an iorlach (iolar), agus 'gá slad gach aon taobh díobh, is marbhuigheadh an fearasbárr de na brothairíbh. An taosgáinín aca a mhair rith siad i mbárr a n-anma, gur thóg siad fasgadh faoi bhallaíbh Bhaile Átha Cliath. Is mó ghoill an bualadh seo ar an bhFear Ionaid ná ghoill an bualadh a fuair sé féin. Chruinnigh sé na hoifigigh bhí os cionn na sé chéad sin, is dubhairt sé leobhtha gur le cionn-faillighe agus d'uireasbhaidh misnigh a tugadh an íde sin ortha, agus nuair nach raibh siad toradh-aireach go n-íocadh siad ar a shon anois. Chuir sé coisde cluain-chogaidh ortha, agus tligeadh (teilgeadh) iad, agus mar bhí an Fear Ionaid ina chladhaire gan coinsias, chuir sé ó rath iad. Caib. XXXVIII. – Cath Chorrshliabh. LÉIS an méid do shaighdiúir an Fhir Ionaid bhí marbh faoi seo, sgríobh sé leitir chuig an mBainríoghain ag rádh nár fhéad sé Cúig' Uladh ionnsuidhe gan tuilleadh conganta, mar nach raibh aon fhir insa domhan ba láidre colann, ná ba acluighthe ailt ná na hÉireannaigh, agus b'fhearr fear aca i machaire an chatha na ceathar d'á chuid saighdiúir féin , agus go raibh sé ag brath ar longphuirt a chur ar thórainn Cúigidh Uladh leis na Connachtaigh a choinneáil uabhtha, agus go gcaithfidhe na sagairt Rómhánacha dhíbirt, nó a mharbhadh, & “maidir le n-ár gcreideamh-ne,” adeir sé, & “ár mbreith- eamhain agus ár sirriam-ne, caithfidh sinn an méid sin
a choinneáil faoi rún go bhféachfaidh sinn brealais a thabhairt do chuid de na taoisigh, agus a gcur ag troid i n-aghaidh a chéile. Atá go leor blocán tuislidhe idir mise is Cúig' Uladh, agus ní ar chosaibh bacóige a thig liom a ionnsuidhe. Tá mé ag brath ar an talamh a ghlanadh romham, is an tír a fhágáil bán, agus sílim gur b'in í an chaoi is fearr a ngeobhaidh mé buaidh ar an Niallach. Le móir-mheas dhuit-se, a Bhainríoghain na háilne, ó do shuirgheach téagarach, Essex.” A fhad 's bhí an Fear Ionaid ag bolmánacht cainte go ndéanfadh sé siúd agus seo leis an Niallach a chreaplughadh, ins an am chéadna bhí a anam ag preabadh i mbéal a chléibhe le faitchíos go gcasfaidhe an Niallach leis, mar b'fhearr a d'fhóirfeadh sé dhó a bheith ag fothragadh cosa na Bainríoghna, ná é bheith ina cheannphort ar sluaightibh saighdiúr, mar bhí sé 'na chladhaire gan croidhe, gan misneach. Ní raibh an Bhainríoghan sásta nuair a bhí sé ag déanamh cionn-faillighe gan a dhul go Cúigeadh Uladh, agus seoladh míle fear chuige, gan leithsgéal a thabhairt dó gan a dhul ann, agus insan am chéadna b'fhearr leis an Mórdhach a ionnsuidhe, mar mheas sé go dtreisfeadh sé air, agus chuir sé sgéala ag an gCluadhánach bhí i gConnachtaibh bualadh roimhe thrí Bhéal- leice (i n-aice le Béal Átha Seanaigh), agus tarraint ar Chúig' Uladh, & go raibh sé féin ag brath ar dhul thríd an tSrádbhaile go sroichfeadh sé an t-Iubhar. Ba saighdiúr troda an Cluadhánach, agus d'fhreastail sé an t-órdughadh a fuair sé, agus chuir sé fuadar lúthmar faoi féin, agus dhá mhíle fear, eidir coisidhthe agus marcshluagh. Sul mar thriall sé fuair Ball- dearg agus an Ruarcach focal na faire go raibh sé ar a thriall, agus bhí siad ag seilg go péacallach i ngleanntaibh Shligigh i ndiaidh an fhiaidh, ag caitheamh na h-aimsire go bhfuigheadh siad fiadh ní budh mhilltighe le sodar a dhéanamh 'na dhiaidh.
Níor bh'fhada uabhtha bhí an Cluadhánach faoi seo, ag tidheacht thrí an gCorrshliabh & ba mhaith an mhaise do Bhall-dearg é, mheas sé go raibh an fiadh ceart ag tidheacht, & shocruigh sé é féin faoi fhalach ag ceann de na coir a bhí insa' sliabh. Nuair a thainic an Cluadhánach go dtí an áit seo, smaoin sé go mb'fhéidir go mbeith na hÉireannaigh i bhfalach ann & d'fhág sé a mharcshluagh & a bhocáiste i lár an mhachaire mhóir & thug sé a chuid coisidhthe thríd an gcor cumhang seo. Nuair a bhí siad leath bealaigh thríd an mbealach, séideadh na seamsúir agus na píobaidhe Gaedhealach' gach aon taobh díobh, cuireadh gáir os árd, “Ó Domhnaill Abú!” & ní bhfuair na Sagsanaigh faill eaglach gur ionnsuigh na hÉireannaigh iad. Sheas na Sagsanaigh go fear- amhail ina n-aghaidh, acht dá mbeith urrudhas na gcéadta ionnta, ní thiocfadh leobhtha roimh buillíbh marbhtha na gConallach. Mar bhí an áit cumhang níor éirigh leobhtha a rith ar siubhal, & b'éigean dóbhtha a n-aighthe choinn- eáil ar na hÉireannaigh i n-aghaidh a dtolach gur thuit siad le béal na gclaidheamh. Marbhuigheadh an Cluadhánach & an Ridire Hannraoi Ratcliffe i gceann an chuid eile aca & d'éirigh le beagán aca rith go dtí an magh réidh. Lean na hÉireannaigh iad & d'ionnsuigh siad iad ar an machaire réidh. Bhí an marcshluagh faoi spraic Jephson & sgar sé iad thart thimcheall na n-Éireannach. Thug siad amus i ndiaidh amuis ortha, agus bhí na hEireannaigh chomh láidir an lá sin ar chúl a n-airm le carraig cloiche, agus níor fhéad an marcshluagh feanncadh a bhaint asta. Léis mórán lot & easbhuidh fola, b'éigean do'n arm Gallda rith i mbéal a gcinn & na hÉireannaigh 'na ndiaidh, ar feadh trí mhíle, gur shroich siad Mainistir na Búille. Thainic triúr de na ceannairíbh Gallda in dtír ó'n gcath seo, Jephson, tighearna Dhúin Coillin agus an Ridire Artúir Sabhaois. Bhí sgannradh go leanfadh Ball-dearg iad ar áit na mbonn & chothuigh siad
comhairle catha eatorra, thainic siad chum socruighthe an áit a fhágáil & iad féin a dhaingniughadh i ndúnphort láidir. D'fhág na saighdiúir bhreágha Gallda seo ceithre chéad déag d'á mairbh i gcor an tsléibhe & gan árach ag na saighdiúir mhisneamhla sin uaigh a dhéanamh dhóibh. Cuireadh an ruaig ar Thiobóid De Búrca i ndiaidh an chatha seo as Sligeach agus sheol sé go Gaillimh. Fuair Mac Uí Chonchubhair seilbh na háite sin ath-uair, & chuir Ball-dearg 'fhiachaibh air go gcaithfeadh sé troid i n-aghaidh an tSagsanaigh ar shon a chreidimh & a thíre as sin amach. Caib. XXXIX. – Aoide Essex. LÉIS báis an Chluadhánaigh & an tslaid a rinneadh ar a chuid fear, bhí drugall ar an bhFear Ionaid an Niallach a ionnsuidhe, mar bhí a arm ruaigthe sgaipthe & tanuighste ag airm faobharach' na nGaedheal & faghann sinn é féin & an Niallach ag tidheacht i n-airicis a chéile i n-aice leis an tSrádbhaile le síothcháin cogaidh a dhéanamh leis an Niallach, dá mb'fhéidir leis é. Bhí an bheirt aca ar mhuin capaill agus caol-abhainn eatorra. Nuair a thainic an Niallach go bruach na habhna, thug sé sáthadh de na prioc- aillíbh d'á chapall agus chuir sé amach i lár na habhna é, ag umhlughadh go honórach do'n Fhear Ionaid is ag tabhairt le rádh dhó nach raibh aon fhaitchíos aige roimhe. Bhí siad i gcaoin-chomhrádh tamall, & ní raibh aon chor i gcroidhe an Fir Ionaid nár léigh an Niallach ó chnáimh go smior. Thug sé faoi deara gur ceannaire
éidtreorach neamh-mhisneamhail a bhí ann. Léis iad a rún a leigint le chéile, thainic Cormac Ó Néill & cúigear eile ar thaobh an taoisigh, agus ar thaobh an Fhir Ionaid thainic an tighearna Southampton agus cúigear eile agus bhí díosbóireacht eatorra ag caint faoi chúrsaíbh an chogaidh. D'iarr an Niallach mar d'iarr sé i ghcomhnuidhe .i. saoirseacht chreidimh ar fhad & ar leithead na hÉireann, éiric mhillteanais, & a bheith saor amach 's amach ó dhligheadh na Bainríoghna. Dubhairt Essex nár labhair an Niallach as bealach agus go ndéan- fadh sé a dhícheall an chluain a chur ar an mBainríoghain leis sin a thabhairt dó. Ins an am chéadna stad an díosbóireacht & rinne siad sos comhraic sé seacht- mhainí, agus bhí siad le fógradh ceithre lá dhéag a thabhairt dh'á chéile sul má dtiubhraidís aghaidh ar a chéile aríst. Níor fhan Essex le deireadh an tsosa comhraic nó gur thriall sé go Sagsanaibh, ag fágáilt cúramúin iomláin an airm Ghallda i lámhaibh an Easbuig Ó Lochnáin i mBaile Átha Cliath, agus fághann sinn é caithte ar a cheithre chroibh faoi chosaibh na Bainríoghna & a rúnaire, an Ridire Arracháin 'gá thíodhlacan agus é ag agairt na Bainríoghna maithteanas a thabhairt dh'á mháighistir. Mhasluigh sí an Fear Ionaid i dtaobh Éire a fhágáil gan a cead & chuir sí faoi ghabháil é. D'iarr sí irisleabhar chonndais an chogaidh ar an Ridire &, nuair a léigh sí é, thainic copa cubhair le n-a béal, le báinidh, nuair nach raibh cath treiseamhail ar bith ag na Sagsanaigh ann, agus “Dar Dia,” ar sise, “ní Bainríoghan mise; tá an fear sin níos cumhachtamhla ná mé, & dar an Slánuightheoir, amhais uilig sibh & 'sé an Fear Ionaid an t-árd-amhas oraibh.” Mar ngeall ar a lán rún grádhamhail a bheith idir Essex & an Bhainríoghain chuir sí de'n tsaoghal é le faitchíos go leigfeadh sé le n-a ais iad, mar nach bhfóirfeadh sé do Bhainríoghain macánta mar í na rúnta sin a sgaipeadh i measg na ndaoine.
Caib. LX. – Toisg Aodha go dtí an Mhumhain. ANOIS le thidheacht go hÉire; ní raibh an Niallach 'na chomhnuidhe ar feadh na sé seachtmhainí mar bhí sé ag cruinniughadh a chuid sluaighte & 'gá n-ullmhughadh le dhul ar mhachaire an chatha & chuir sé cunntas ag na cumanntóiríbh gallda i gceann cheithre lá dhéag go mbeith sé ar mhachaire an dubhshláin aríst. Thimcheall 's an am céadna fuair Rí na Spáinne bás .i. an dara Filib, & mar bhí grádh ag na Spáinnigh agus ag na hÉireann- aigh ar a gcreideamh, bhí rún téagarach eatorra & ba mhó ná sin an ghráin a bhí aca ar námhaid a gcreidimh & budh 'in iad na Gaill. Nuair a d'éag Rí na Spáinne i mí mheádhoin an Fhoghmhair ins an mbliadhain seo, sheol a chomharba dhá theachtaire o'n Spáinn go dtí an Niallach, Don Martino de la Cerda agus Mattheo de Oviedo. Ba eaglaiseach é, an Maitiú seo, agus bhí loghaidheacht an Phápa leis, le gach uile dhuine a bheannughadh a throidfeadh ar shon a chreidimh. Phronn sé coraicín clúimh ar an Niallach, a bhí beannuighthe ó láimh an Phápa naomhtha, an darna Críost ar talamh, agus mar aguisín, dhá mhíle fhichead píosa óir. Bhí luthgháir mhór ar an Niallach an méid seo beann- ughadh a fhagháil ó'n bPápa naomhtha, agus thriall sé féin agus iomlán a chuid seadairí ó dheas ar oilith- reacht a thabhairt ar Mhainistir na Croise Naomhtha, i nDúrlas, i gCondae Thiobrad Árann, mar bhí a fhios aige nach raibh aon chaoi leis an mbeathaidh shíorruidhe a fhagháil acht a chreideamh a chomhalladh léir aitheanta Dé agus na hEaglaise. Ní mar rígh ná mar thaoiseach a
thiosbáin sé é féin annsin, acht mar árd-ghaisgidheach chumhachtach an Phápa – cosantóir an chreidimh Chatoilicigh i n-aghaidh na n-éiriceach, agus chuir sé goirm sgoile amach ar fud na tíre, ag cur i n-umhail do na neamh- Ghaedhil go gcaithfeadh siad umhlughadh dhó, agus a thidheacht faoi n-a bhratach, agus faoi bhratach na Trío- nóide Naomhtha insa teampall Gaedhealach. Sheas a lán de na neamh-Ghaedhil seo go danardha ina aghaidh, agus má sheas, chuir sé smacht ortha le glór a bhéil & fabhairt a chlaidhimh. I measg an mhéid seo bhí an Ridire Faoiteach, agus bhí sé ag bleibireacht leis na Gaill ag oibriughadh “lámh ag losgadh agus lámh ag tártháil,” agus chuir an Niallach faoi chruaidh-cheangal é, agus a chliamhain, Donnchadh Mac Cárthaigh, mar bhí galra na bleibireachta air. Bhain sé an fhlaitheas de Dhomhnall Mac Cárthaigh, agus chuir sé Finghin Mac Cár- thaigh ina áit, mar ba fírinnighe é ná an cladhaire réamh- ráidhte, agus, an méid i gcóir leis ina chomh-cheangal náisiúnta, dhearc sé ortha mar dhearg-námhaid, agus chreach sé iad ag tabhairt gacha ní bhí aca uatha, agus i measg an dreama stainceamhail seo bhí Bíocont Bar- rach. Chuir an Niallach cuid d'á chuid seadairí trí dhúithche an Bharraigh ag cur faoi ghabháil suim príosúnach, agus ag bailiughadh leobhtha trí mhíle bó, agus ceithre mhíle chapall, agus d'innis an Niallach ádhbhar an smachta sin do'n Bharrach le litir: – “A Thighearna Barraigh, – “Is fealltóir thú i n-aghaidh aitheanta Dé agus na hEaglaise, nuair a sgar tú thú féin ó dheagh-bhriathraibh agus gníomhartha na Tríonóide. Theip tú ar Ghaedhil do chúigidh; thréig tú iad mar thréig Iudás ár Slánuigh- theoir Íosa Críosta. Thug sé i seilbh Ioruaith é ar dheich bpíosa fhichead airgid. Thug tusa do chreideamh is do náisiúntacht, agus do dheagh-ghníomhartha, a cuireadh in do chroidhe nuair a geineadh thú i mbroinn do mháthar.
Chaith tú gach ní bhí macánta críostamhail uait, agus thug tú an méid sin i seilbh na Bainríoghna ar bheagáinín maoin, shaoghalta a fuair tú go héagcórach, mar bhí an fheall in do chroidhe i n-aghaidh saoirseacht na hÉireann, agus, le buntáiste fhagháil i n-éiric an fhealltanais, fuair tú talamh na bhfíor-Ghaedheal léir orduighthe do Bhainríoghna. Tionntuigh ar do láimh dheis anois, agus glac comhairle ó dhuine atá i n-ann do chomhairleachan níos fearr ná thuigfeas tú as do neamh-smaointibh éidtreoracha féin. Bíodh gníomhartha Dé in do chroidhe, briathra Dé ar do theangaidh, agus séala Chríosta ar do mhalaidh. Seas daingean i n-aghaidh teangadh na n-éiriceach, díbir uait an neamh-chreideamh gan bun- ughdar. Ná cuir do mhuinighin i maoin shaoghalta a fuair tú léir cumhachta sgriosadóirí. Seas dílis do na Gaedhil, d'á gcreideamh, d'á dtír, is d'á dteangaidh, agus má sheasann, is gairid go mbéidh réidh an achair ag na Gaedhil le mo chongnamh-sa is do chongnamh-sa ar fhad is ar leithead na tíre. Smaoinigh air sin, is athruigh ar dheagh-stáid na ngrásta, agus má athruigheann, ní baoghal nach bhfuighidh tú breitheamhnas fabhrach nuair a sheasfas tú i láthair ghnúise Mhic Dé. “Ó'n NIALLACH BAGARACH.” Sgríobh an Barrach chuige go mba ball é de bhunadh na nDubh-ghall, agus go bhfuair sé a chreideamh agus a shlighe bheathadh ó'n ríoghain mhór-chumhachtamhail Bain- ríoghain Shagsana. Dubhairt sé a lán eile rámáiste nach fiú trácht air annso. Nuair a chonnaic an Niallach go raibh sé neamh-chríostamhail dall-inntreach, léir meabhrach, d'fhág sé é mar d'fhág Dia na Diúidighthe, is ní raibh sé dian air as sin amach. Insa tráth seo, an méid de na Gaill a bhí i gCúigeadh Mumhan, bhí siad dúinte faoi bhallaíbh Chorcaighe, agus, i ndó ná trí de dhún-phuirt eile, insa riocht nár leig an faitchíos dóbhtha a srón a chur amach. Bhí os a gcionn
beirt ceannairí a mb'ainm dóibh an Leidearach agus an Paorach. Bhí an bheirt seo ag marcuigheacht go péacal- lach lá, thimcheall 's míle ó Chathair Chorcaighe, agus feadhnach marcsluagh leobhtha dh'á gcumhdach. Ar an toirt, theangmhuigh siad, de mhí-thapa, le Mag Uidhir, & lán glaice de sheadairíbh an Niallaigh leis, &, fearacht an chait ag léimniughadh ar lochóig, b'fhearacht sin ag an Leidearach é. Loisg sé piléar le Mag Uidhir, agus loiteadh go baoghlach é, acht ba mhaith an mhaise do Mhag Uidhir é. Sul mar thuit sé thug sé buille d'á chuaille dhó, agus fuinneamh agus fabhairt a cholna leis, agus rinne sé crús d'á bhlaosg leis an mbuille sin. Níor buaileadh aon bhuille eile eatorra, agus d'fhill na Sagsanaigh ar ais go dtí an chathair, agus bhí siad beagán níos toradh-airighe as sin amach nuair a théidheadh siad amach ag ránuidheacht dhóbhtha féin. Léis an Niallach comh-cheangal téagarach a dhéanamh eidir na Gaedhil i gCúigeadh Mumhan, thug sé a shluaighte leis go Cúig' Uladh, agus insan am chéadna bhí na Sagsanaigh ag cuimhniughadh ar aghaidh thabhairt orra ath- uair, mar fághann sinn aca 14,422 coisidhe agus 1,231 saighdiúr capall, agus iad ollmhuighthe 'un catha le sásamh a bhaint as na hÉireannaigh i n-éiric a ndear- bhráithreacha brothairí a shladadh.
Caib. XLI. – Tighearna Mountioi. I MÍ na bhFaoillidhe an bhliadhain seo, cuireadh Fear Ionaid go hÉire leis na sluaighte seo a cheannaireacht, agus an ruaig a chur ar an Niallach, fear 'ar bh'ainm Séarlas Blount, & a Ghall-theideal “Tighearna Mountioi.” Saighdiúr mar ainm, brothaire léir sainnte fola, sgoláire léir oidis, agus siosgóir neamh-chreidimh léir a Ghall- smaointe calctha. Bhí ordughadh ag an bhFear Ionaid gan bean, leanbh, ná páiste a spáráil, agus a dhul roimhe, agus bualadh éadain a thabhairt dhóbhtha uilig, agus críoch a chur leis an gcogadh go tapaidh, mar bhí Sagsana beagnach creachta ag an méid fear agus airgid bhí caillte aca ins an gcogadh seo, acht ní raibh call ag Mountioi an chomhairle seo a fhagháil, mar nach raibh aon fhear faoi spraic na bainríoghna ba mhó bhí tugtha do dhórtadh fola na nGaedheal ná é, mar ngeall ar an bhfuath bhí aige ar a gcreideamh. Sul má dtéidh mé níos fuide, is cóir dhom beagán a rádh i dtaobh an Niallaigh. 'Sé mo bharamhail go raibh saoirseacht na hÉireann i láimh an Niallaigh, léis catha Bhéil an Átha Buidhe, mar bhí na Sagsanaigh buailte ruaigthe agus beagnach marbh aige, agus bhí faoi n-a spraic cúig chéad déag a bhí faoi Stafard i n-Árd- Mhacha, agus trí chéad bhí faoi Mhac Uilliam i bPort Mór. Leig sé na hocht gcéad déag sin amach gan buille sgeine ná claidhimh, le seasamh ar an machaire go faobhrach ina aghaidh aríst. Dá gcoinneochadh sé an méid sin faoi ghéar-chrádh, mar ba chóir dó, agus a arm féin a sgaradh ar fud na tíre, i gceann an mhéid seadairí eile a bhí i gceithre cheárda na hÉireann, &
bualadh rompa, agus ceithre háirde na hÉireann a thabhairt leo, léir mar thiocfadh siad ar na longphuirt Gallda, chaithfeadh siad géilleadh ná tuitim le béal a gclaidheamh. Dá ndruidfeadh siad le chéile mar sin, ghlanfadh siad an tír rompa, nó go sroichfeadh siad an Ghall-tórainn, agus ba ghairid nó go gcaithfeadh muinn- tir na Gall-tórainne géilleadh nó tuitim i gcorrach na haimhléise. Acht ní dheárna sé sin, fairíor! acht cead a gcos a thabhairt do ocht gcéad déag príosúnach, agus faill a thabhairt do Mhountioi thidheacht go hÉire, agus arm a thabhairt leis ní ba diabhalta ná shiubhail an t-oileán beannuighthe seo riamh, acht, dá mbeith an bhuaidh bun os cionn, ní bhfuigheadh na hÉireannaigh ná an Niallach cead a gcos, mar gearrfaidhe suas iad ina ngreamannaibh beaga mar gearradh Féidhlim Ó Néill. Acht sílim-se nach raibh leath-suim aige ins na cúigidh eile, a fhad is choinneochadh sé a chúigeadh féin glan ó dhríodar Shagsana; acht, ar an láimh eile, ní thig linn a bheith ró-dhian air, mar nach leigfeadh a choinsias dó aon dó-bheart tútach a dhéanamh ar phríos- únaigh bhí gabhtha, mar nár bhain aon tútaighil le n-a thír, ná a chreideamh. Fágfamuid an tútaighil ag lucht creachta na tíre, mar budh 'in garla (galar) thug siad leobhtha ó bhroinn, & bhain sé le n-a mbunadh, & ar an ádhbhar sin de, ní de'n ghaoith a thóig siad a bheith feall- tach, acht ó nádúir na ndaoine. Gan aimhreas bhí an Niallach ina thogha fir, mar bhí sé ag troid i n-aghaidh an airm ba tubaistighe, ba diabhalta, & ba sanntaighe, ag alpadh fola Gaedhealaighe d'á raibh faoi ríoghachtaibh na gréine, & ní'l aon áit ar theangmhuigh siad leis an Niallach nár bhain sé cor & truisle asta, nó go ndeárnaidh an fealltóir feall air. Ar an ádhbhar sin de, ní bhéidh mise ró-dhian air, 'gá cháineadh, mar nach raibh sé ion-cháinte. Rinne sé a lán-dhícheall, léir mo bharamhla-sa, & “is maith an marcach bhíonns ar talamh.”
Ní raibh an Fear Ionaid thar seachtmhain i mBaile Átha Cliath nó go bhfuair sé sgéala go raibh an Niallach faoi fhuadar ag triall ó dtuaidh, agus thug an Fear Ionaid a shluaighte leis théince go mbainfeadh sé casadh as an Niallach ag Conndae na hIar-Mhidhe; acht, a bhaiste! bhí a thuras i n-aisgidh aige. Nuair a shroich sé an áit sin, bhí an fuadar chomh mór sin faoi shluaightibh an Niallaigh go raibh siad saor slán i dtír na Raghall- ach. Bhí droch-mhisneach ar an bhFear Ionaid ag lean- mhaint ó dtuaidh, agus d'fhill sé ar ais gan toradh ná tairbhe go Baile Átha Cliath. Chuir sé comhairle catha ar bun annsin eidir é féin agus oifigigh a shluaighte go bhfeicfeadh siad cia an chaoi ab' fhearr a dtiocfadh leo an Niallach a chreapall. Is í an chomhairle do críoch- nuigheadh leo dúnphuirt a chur annsiúd 's annseo, ar tórainn Cúigidh Uladh, & gan cabhair ar bith a leigint as Cúigeadh Chonnacht aige, & annsin go “socróchadh siad Samhain is Bealtaine leis.” Caib. XLII. – Sir Hannraoi Docwra. INS an am chéadna tháinic an Fear Ionaid go hÉire, tháinic an Cairiúnach agus teideal pronnta ó'n mBainríoghain air – “Uach- tarán na Mumhan,” agus bhí faoi n-a smacht trí mhíle coisidhe & dhá chéad go leith de mharcshluagh, & rún aca troid go diabhalta insa gcúigeadh sin. Ins an am chéadna, chruinnigh siad gramsgar & brosgán Sag- sanach, an méid aca a bhí i n-ann airm a láimhsiughadh, agus seoladh iad as Chester gur sheol siad go Carraig Fhearghuis, agus toghadh Sir Hannraoi Docwra ina árd-chaiptín ortha, agus budh é méid a chabhlaigh seacht longa is trí fichid. Ar an seachtmhadh lá de Bhealtaine d'fhág an cabhlach
Carraig Fhearghuis, & cheithre mhíle coisidhe ortha & dhá chéad capall, gan trácht ar na máirnéalaigh. Bhí leabacha clúimh & gunnaidhe móra leo, & beirt gunna- dóir géar-shúileach, agus oirnis agus ádhmad, & fir ceirde le teach ceithreamach a chur ar bun, gan trácht ar an mbiadh agus an digh, & gach uile chineál gléas cogaidh dhá léir. Ar an gceathramhadh lá déag shroich siad Loch Feabhail. A fhad 's bhí an cabhlach ag seoladh ó dtuaidh, bhí Mountioi ag déanamh a bhealaigh go Cúig Uladh, i riocht go dtarnóchadh sé an Niallach is Ball-dearg ó Loch Feabhail, agus ar Dhomhnach Cingcíse bhí sé ag dul thríd Bealach an Mhaighre 's ar an séamhadh lá déag shroich sé an t-Iubhar; ar an seachtmhadh lá déag bhí an Tighearna Southampton, agus Sir Oiliféar Lambart le druid go dlúith leis. Chuir Mountioi Sir Éamonn Bléine agus cúig chéad coisidhe agus leithchéad marc- shluagh ar fhad a bhealaigh le n-a ghlanadh roimhe, insa mbealach a dtug an Niallach buaidh go minic roimhe. Bhí an Niallach insa gcomharsanacht ag faire a gcuid bealaigh, agus ceithre chéad seadairí faoi. Sgaith Bléine an Srádbhaile gan bacall ar bith roimhe, & d'fhan an Niallach go sostamhail ag Béal Átha & thart ina thim- cheall bhí tuim & crainn, is níor bh'fhada go bhfaca sé na Sagsanaigh ag nochtadh air, & Southampton, Lam- bart, & Bléine ar a gceann, & a gcuid fear ní ba tiugha ná arm an Niallaigh. D'ionnsuigh an dá arm a chéile, & throid na hÉireannaigh go bríoghmhar borb, & léis tamaill b'éigean dóbhtha tréatadh ar gcúl gan mórán lot. Léis an chatha seo chruinnigh airm an Niallaigh agus Bhaill-deirg chomh tiugh leis na míoltógaíbh, agus mheas an Fear Ionaid go raibh Docwra faoi seo ag caladh Locha Feabhail, agus thriall sé ar an nGall- tórainn. Chuir sé longphuirt ins an Iubhar, i gCáirlinn & ins an Srádbhaile, sul má d'fhág sé Cúig Uladh.
Lá an chatha ag Bealach an Mhaighre, bhí an cabhlach ag Cúl Mór ag Béal Locha Feabhail. Tháinic siad 'un tíre, & chuir siad dún ar bun ann, mar nach raibh na Dochartaigh ná na Cathánaigh ollmhuighthe le n-a n-ionn- suidhe, mar tháinic siad chomh tobann sin ortha, is níor tháinic aon námhaid le bliadhantaibh roimhe sin nach raibh siad i n-ann an ruaig a chur ortha, acht mar bhí iomlán an airm sgaipthe faoi'n tír, bhí drogall ar Mhuinntir Dhochartaigh an sluagh seo ionnsuidhe. Léis na Sag- sanaigh críoch a chur ar a ndún, thóig siad seilbh ar Aileach 's ar Dhoire, áit a bhí ar chuma oileáin; Loch Feabhail ar thaobh de agus srath fliuch portaigh ar thaobh eile; agus lorg mainistreach, lorg tighe easbuig, & dhá theampall ar lár, agus ag ceann na dteampall lorg caisleáin a chuir na Sagsanaigh ar bun, acht níor chuir siad críoch air, mar d'ionnsuigh Seaghán Ó Néill iad, agus chuir sé an ruaig ortha i gceann an mhéid a mharbhuigh sé dhíobh. Thoisigh Docwra ag cur bun daingin air féin i nDoire Chuilm Cille, an t-oileán sin a bheannuigh an naomh le n-a mhór-chumhacht naomhtha, áit a bhí ró-bheannuighthe d'eiriceach a chur faoi ann; acht, mar sin féin, thoisigh sé ag déanamh tighthe mar bhaile d'á chuid brothairí, & chuir sé lucht gearrtha ádhmaid amach laetheamhail ag gearradh na gcoillte, agus saighdiúir le na gcois ag leagaint tighthe na nGaedheal, agus ag tabhairt an ádhmaid agus na gcloch leo ar a chuid luingis a chuir sé thart thimcheall Locha Feabhail, agus diabhal cloch ná crann a fuair siad gan troid go dian ar a son. Nuair a fuair an Niallach focal na faire go raibh an sluagh seo i nDoire, bhrostuigh sé 'un cinn, é féin is Ball-dearg, is cúig mhíle fear leo, le amus tobann a thabhairt ar Dhoire, acht bhí iomarca ina n-aghaidh, agus níor fhéad siad teannadh go dlúith leo mar nach dtioc- fadh siad amach as a neid le cath onórach a thabhairt dhó; ... sé a mealladh amach, acht mar dubhairt an
sean-fhocal, “níor chríonna an cat ná an ciméad,” d'fhan siad fúbhtha, agus dhruid an Niallach isteach faoi'n tír théince go leanfadh siad é. Caib. XLIII – Feall Néill Ghairbh. DÁ MHÉAD an méid airm bhí ag Muinntir Shagsana i nÉirinn an t-am sin, b'fhacthas dóbhtha nach raibh siad i n-ann buaidh a bhreith ar na hÉireannaigh le troid, agus chothuigh na ceann- phuirt Ghallda bhí i n-Éirinn & cúirt Shagsana rún neamh- théagarach leis na Gaedhil a chur i mbealach a mbasgaidh i ngan- fhios dóbhtha féin, 'sé sin le rádh, saoirseacht creidimh a thabhairt do na Gaedhil bhí faoi na sgríb, na sagairt a leigint as na príosúin, & saoirseacht Aifrinn a thabhairt dóibh; brealais a thabhairt do na taoisigh, dá mb'fhéidir leo, agus a gcur ag troid i n-aghaidh a chéile; a bheith catharnach lághach le bunadh na nDubh-Ghall bhí ag troid ar son a gcreidimh agus ní ar son a dtíre, a lán neithe mar sin a dhéanamh agus annsin, agus ní go dtí sin a gheobhthaoi an bhuaidh ar na hÉireannaigh. B'amhlaidh a chuir siad gach ní aca seo i bhfeidhil a chéile. Chuir Essex cosg leis na dlighthibh pianamhla. Leigeadh amach na sagairt a bhí faoi chrádh aca mar ngeall ar a gcreideamh, & fuair na Gall-Ghaedhil cead a dhul 'un Aifrinn. Bhí lucht Riaghaltais Shagsana modh- amhail lághach leo léir glóir a mbéil, agus ins an am
chéadna, rún díoghaltais ina gcroidhe, iad seo a bhladar, & an chluain a chur ortha, le neamh-gheallamhna a thúnadh ortha, le iad a sheasamh dílis dhóbhtha-san, agus congnamh thabhairt dhóbhtha leis na fíor-Ghaedhil a shlad. Níor bhain an obair seo le Cúig' Uladh, mar nár shroich a neamh-chreideamh an cúigeadh sin, agus d'fhéach siad slighe eile le n-a ndó-bheart a chur i bhfoirm. Annsin thoisigh siad ag bladaireacht le cuid de na taoisigh Gaedhealacha agus ag geallamhaint a dteideal dóbhtha, acht iad éirghe i n-aghaidh an Niallaigh agus a bhunaidh. Fairíor! fuair siad cuid aca seo neamh-théagarach mío- náisiúnta dí-chríostamhail i n-aghaidh a dtíre agus a gcreidimh, & seo é an chéad cheann aca – Niall Garbh Ó Domhnaill, an t-Éireannach malluighthe a throid go fearamhail ar thaobh na nGaedheal i dTuath-Mhumhain, seadaire chomh fearamhail & bhí ar Chlainn Chonaill, acht anois chaith sé uaidhe a fhearamhlacht, is bhí sé ina chladhaire fhealltach agus ghlac sé brealais Shagsana i n-aghaidh a thíre, mar ghlac Iudás an bhrealais i n-aghaidh a Shlánuightheóra. Dá mhéad saighdiúr a bhí faoi Dhocwra, níor leig an faitchíos dó dhul níos fuide faoi'n tír nó go dtug an fealltóir seo congnamh dhó, agus d'éirigh leis an bhfealltóir a lán de na hEireannaigh a mhealladh leis ar a thaobh féin. Fuair sé dúnphort Gallda faoi n-a smacht ag Leithbhearr, & Art Ó Neill, mac do Thoirdhealbhach Luineach, phronn an Bhainríoghain teideal Gallda air, “an Ridire Art Ó Néill.” Bhí na Sagsanaigh ina thimcheall agus iad 'ghá bhrosdughadh 'un cinn, acht bhí sé ar a dhubhshlán a thaoiseachas aimhdeachtáil imeasg na nGaedheal. Chóimhcheangail an dá fhealltóir seo le chéile & an méid a bhí fúbhtha, agus le n-a gcongnamh d' éirigh le Docwra dhul 'un cinn sé mhíle suas an Fheabhail, & chuir sé dún ar bun a dtugann siad Dún na Long air, is d'fhág sé ocht gcéad saighdiúr ann agus Gall-Ghaedhil na bhfealltóiri seo ag creachadh & ag dóghadh a dtíre ar dhá thaobh na
Feabhaile. Ar an taobh ó dheas de Chúig' Uladh bhí Conchubhar Ruadh MagUidhir, agus ghlac sé brealais ó'n bhFear Ionaid agus sheas sé ar thaobh na Sagsanach ag troid i n-aghaidh a cháirde ghaoil, & sgáil claidhimh baoghlach na nGall mar néall dubh dorcha os cionn a chinn, agus os cionn na bhfealltóirí eile, mar “bhain siad slat a bhí le iad féin a bhualadh,” & tuilleadh diabhail aca. Caibh. XLIV. – Cealg an Cháiriúnaigh. MAIDIR le Cúigeadh Mumhan bhí an Cáiriúnach & a chuid saighdiúr dúinte suas i gCorcaigh mar bhí Docwra i nDoire, agus níor fhéad sé a fhágáil ná aon lámh a dhéanamh de na hÉireannaigh go bhfuigheadh sé tuilleadh cong- anta, mar bhí dhá cheannaire cumhachtamhail ar an arm Gaedhealach & ceithre chéad déag seadaire cogaidh fúbhtha eidir Connachtaigh & Ultaigh. Smaoinigh Cariu, dhá dtiocfadh leis cur eidir an dá cheannaire seo, go mb'fhurust Cúigeadh Mumhan a chreach- adh. Is iad seo a n-ainmneacha: Séamus Mac Gearailt, Iarla na Deas-Mhumhan & Diarmaid Ua Conchubhair. Bhí Mac Uí Chonchubhair pósta ag bean-uasal de na Gearaltaigh, deirbhshiúr do'n oidhre bhí faoi ghlas i bpríosún Shagsana & seilbh a dhúithche ag an Iarla a thogh an Niallach os cionn na Muimhneach, & mheas Cariu, dá dtiocfaidhe faill cainte fhaghail leis an mBain- tighearna Mairghreád – bean Uí Chonchubhair – go mb'fhéidir, léis brealais a gheallamhaint di, go
gcuirfeadh sí an chluain ar a fear, Iarla na Deas- Mumhan a bhraitheadh. Ins an am chéadna seo dó-bheart tútach eile a chothuigh Cariu: Sgríobh sé litir mar a bheith sé ag sgríobhadh ag Iarla na Deas-Mhumhan, & leig sé air féin insa litir go raibh sé léis suim litreacha fhagháil ó'n Iarla, & bhí sé ag sgríobhadh aige mar freag- radh ar a chuid litreacha, & ag glacadh buidheachais leis de bhárr a thuigsnt' chinn, mar ngeall ar an dó-bheart meabhrach a cheap sé le é féin a shaoradh ó mhilleán na Bainríoghna, &, chomh luath & bhéarfadh sé Ó Conchubhair dó- san mar phríosúnach, go raibh an méid a d'iarr sé le fagháil aige & tuilleadh ina cheann, & “tig leat muinighin a bheith agat asam-sa,” adeir sé. “Ní innseochaidh mise do éinne go bráth rud ar bith faoi 'n dó-bheart a chothuigh tusa & do dhearbhráthair, mar d'aithnigh mé, léir do litreach, go bhfuil tú fein & do dhearbhráthair i gcóir ins an obair seo. Ná déan aon mhoill gan a thabhairt chugam, beo ná marbh.” Bhí a lán diabhlaidheacht' eile ins an litir seo, acht bíodh fhios ag an léaghthóir nár sgríobh Iarla na Deas- Mhumhan litir ar bith chuige ná ní raibh sé leis an litir seo fheiceáil, acht sgríobh sé í i riocht go dtuitfeadh sí i seilbh Mhic Uí Chonchubhair & go dtuigfeadh sé aisti go raibh Iarla na Deas-Mhumhan ar tí a bhraithte ar bhrealais óir an tSagsanaigh. Seo dó-bheart eile chothuigh sé: Bhladair sé Finghin Mac Cárthaigh & gheall sé a lán neithe dhó nach bhfuair sé, acht é sheasamh ar thaobh Eilíse, &, mar nach raibh aon bhunudhas críostamhlachta ina chroidhe, sheas sé ar thaobh na Sagsanach & d'fheall sé ar a bhunadh féin, & thug sé Ó Súilleabháin Mór i seilbh Chariu. Ins an am chéadna d'éirigh leis fear dar bh'ainm Núinsionn a fhagháil faoi n-a sgríb. Bhladair sé é mar an gcéadna le n-a chluainidheacht fhealltaigh. Gheall sé dhó neart óir & airgid, agus nach raibh aon choir ina aghaidh nach maithfidhe dhó, dá marbhuigheadh sé an
Súgán Iarla ná a dhearbhráthair; mur' ndéanfadh sé sin, nach dtiocfadh leis aon mhaithteanas fhagháil, mar bhí iomarcaidh coir ina leith & go mbudh “é a cheann féin a d'íocfadh an féarach.” Ní raibh mórán fear ar thaobh na n-Éireannach ba fearamhla ná an Núinsionnach, acht anois nuair atá sé ina n-aghaidh, tá sé chomh fearamhail léir olcais & feille, & ní theipfidh sé ó choir ar bith, & dubhairt sé le Cariu, dhá gcoinneochadh sé a gheallamhna, go mbudh gearr go gcuirfeadh sé an t-Iarla nó a dhearbhráthair ó rath. Thriall dearbhráthair an Iarla & fuadar faoi ag tar- raint ar, Eatharlach, an áit a raibh an fearrasbárr dh'á chuid seadairí. Bhí fear ar bh'ainm dó Coipinéar leis & bhí caidreamh ag Núinsionn le Coipinéar & leig sé rún a ghníomhartha leis. Chuaidh an Núinsionnach dh'á dtíodhlacan, is, nuair a bhí siad i n-áit uaithmhéalta, leig an Núinsionnach dearbhráthair an Iarla suim slat roimhe, tharraing sé a phiostal & é stannctha le dhá philéar le n-a losgadh thrí dhearbhráthair an Iarla, mar bhí a dhruim leis. Nuair a bhí sé ag braith ar an bpiostal aimsiughadh, thug Coipinéar áladh air & strac sé an piostal as a láimh. “Dearg-náire ort,” a dhúnmharbhadóir,” ar seisean, “bhfuil tú ag tabhairt iarrachta marbhtha ar an bhfear & cúl a chinn leat?” Nuair a chualaidh dearbhráthair an Iarla an mumura, thug sé cúl-amharc ar a chúl, & chonnaic sé Núinsionn ag imtheacht ar a chos an áirde. Shíl sé na cosa thabhairt leis le luas a chapaill, acht lean an bheirt aca é i mbárr a n-anma; baineadh truisleadh as a chapall agus thuit sé i n-aghaidh a mhullaigh ar an talamh. Gabhadh é; cuireadh coisde air lá'r na bhárach; d'aimh- digh sé a chionntaighil & crochadh é ar bhuille boise, & an té tá 'na dhiaidh air, go raibh pian ina cheann. Acht níor bh'é sin amháin do Chariu ná dh'á lucht brealais, mar chuir sé teachtaire ag bean Uí Chonchubhair réamh- ráidhte, & gealladh míle punt dhi, acht í a compánach a
chomhairleachan Iarla na Deas-Mhumhan a chur ó ráth. Thuit an litir mar an gcéadna i seilbh a fir & d'éirigh sé glonnmhar i n-aghaidh an Iarla mar shíl sé gur b'í an fhírinne bhí insa litir &, mar ngeall ar shainnt an airgid & fuath na litre, ní dhearna sé aon chomhnuidhe gur éirigh leis an t-Iarla ghabháil & a chur faoi ghlas, acht ní thiubhradh sé i seilbh Chariu é nó go bhfuigheadh sé an míle punt. Bhí a bhean, Mairghréad, le dhul i n-airicis Chariu go dtí Cill Mocheallóg leis an míle punt fhagháil, acht sul má bhfuair sí an t-airgead, shaor fear gaolmhar do'n Iarla é. Níor bh'e sin amháin: ní raibh aon fhear ar fhéad Cariu faill cainte fhagháil leis nár gheall sé na mílte punta dhó, acht colann an Iarla Ghaedhealaigh a thabhairt aige beó ná marbh. Shanntuigh an Ridire Faoite an tairgsint & d'éirigh leis bealach ní b'aithghiorra fhagháil le n-a ghabháil, ná fealltóir ar bith eile, & thug sé an Súgán Iarla i lámhaibh Chariu, mar budh 'in é an leas-ainm a bhí ar Iarla na Deas-Mhumhan a thogh an Niallach, & budh fear gaolmhar léir fola dhó an Faoiteach. Coin- nigheadh mo chréatúir faoi ghlas insa Seandún i gCorcaigh, & seal gearr 'na dhiaidh sin seoladh go Sagsanaibh é, & sacadh isteach i gcloigtheach Lonndan é, ins an áit a bhfuair sé bás le cineáltas Eilíse. Shroich an sgéal an Niallach go raibh an téagar téagarach imthighthe as croidhtheachaibh na nÉireannach i gCúigeadh Mumhan, & go raibh siad ag díol a chéile ar lán glaice d'ór an tSagsanaigh. Maidir le bunadh na nGall a bhain leis an gcreideamh Rómhánach, nuair a fuair siad réidh an achair ar saoirseacht a gcreidimh, chaill siad téagar na tíre, agus ba chuma leobhtha cé an rud dhéanfadh saoirseacht na tíre, acht saoirseacht a gcreidimh bheith aca, mar budh 'in é an rud a raibh siad ag troid ar a shon. Ins an tráth seo ní raibh aon fhear i gCúigeadh Mumhan ba mhó a raibh muinighin ag an Niallach as ná fear ar bh' ainm dó Finghin Mac Cár-
thaigh a dtug sé taoiseachas na gCárthach dhó, agus sgríobh an Niallach aige mar leanas: – “A Chárthaigh Mhóir, “Agruighim thú as ucht Dé thú féin agus a bhfuil fút a chosaint ar na heiricigh, & an chumhachta chumhacht- amhail a bronnadh ort a chur i bhfoirm mar ba chóir. Coinnigh thú fém saor ó bhrealais an tSagsanaigh. Bí chomh fíor do do chreideamh agus do do thír agus tá an Tríonóid Naomhtha. Is gearr go gcuirfidh mise cabhair agat, is ná faghadh ór an tSagsanaigh an bhuaidh ort. Coinnigh uait iad fad urchair gunna, is béidh lámh chumhachtach an tSlánuightheora 'ga do threorughadh 'un treise. Cuir do mhuinighin as Dia, is ní fheallfaidh Sé ort. 6. 2. 1601. “Ó'n NIALLACH.” Ins an am chéadna cuireadh sgéal ag Cariu ó chúirt Shagsana Finghin Mac Cárthaigh fhághail faoi n-a sgríb i gcóir ná i n-éagcóir, & sgríobh Cariu aige ag rádh leis nach raibh rud ar bith ag cúirt Shagsana ina aghaidh, agus rud ar bith a d'iarrfadh sé ortha go raibh siad sásta ar a thabhairt dó, acht a thaoiseachas a thabhairt suas, agus seasamh ar a dtaobh-san. “Taraidh agam,” arsa Cariu leis, “ar bhuille boise, mar badh mhaith liom faill cainte bheith agam leat.” Níor fhreastail Mac Cárthaigh an cuireadh, mar thug sé éisteacht na cluaise bodhaire dhó, agus, nuair a chonnaic Cariu gur sheas sé danardha na aghaidh, mheas sé cor eile fhéachaint. D'éirigh leis faill cainte fhagháil le mnaoi an Chárthaigh, & le n-a chluainidheacht chiuin fhealltaigh mheall sé í le brealais a ghlacadh, i riocht go ndéanfadh sí a fear a bhladar, agus é ghéilleadh do dhligheadh na bainríoghna, agus dá ngéillfeadh, go mbronnfaidhe árd-theideal air, & i gceann an mhéid sin go bhfuigheadh sí féin dualgas bliadhna fhad 's bheith sí beo. Thoisigh
sí ag bladar le n-a fear, agus léis tamaill d'éirigh léithe an chluain a chur air, agus faghann sinn é ag déanamh margaidh le Cariu, ina fhealltóir gan anam, ag díol a thíre & a cháirde gaoil. Nuair a bhain Cariu a sheal féin as, thug sé coir tréatúireachta ina aghaidh, & tligeadh léir na coire sin é; seoladh go cloigtheach Lonndan é, & ná raibh Dia 'na dhiaidh a'r, & mar adubhairt an sean-fhocal, “Is iad na mná a dhóigh an áth,” agus ba leámainn mná ba chionntach leis so. I gceann an mhéid sin rinne Cariu a dhícheall ar flatha an chúigidh sin a chur ag troid i n-aghaidh a chéile leis an mbuaidh fhagháil ortha ar an gcuma sin, agus thug ridirí na Sean-Ghall congnamh dhó leis an obair sin a dhéanamh, Tighearna Cloinne Riocaird, an Barrach & Tighearna Thuath-Mhumhan & a lán eile de na Sean-Ghaill. Bhuail siad rompa ar fud na tíre ag leagaint na dtighthe 's ag dóghadh na gcruach coirce, ag tabhairt na háirnéise leobhtha, & i ndeireadh an fhoghmhair ní raibh caisleán, dún ná lios i seilbh na n-Éireannach. Caibh. XLV. – Gníomhartha Bhaill-Deirg. AN SAMRADH roimhe seo thug an Fear Ionaid a shluaighte saighdiúr thrí Laoighis & Uíbh Fáilghe ag creachadh na tíre, ag dóghadh & ag losgadh agus d'éirigh leis an Mórdhach a mharbhadh i sgiormaisg &, an méid mná agus páisdí nár mharbhuigh sé le teinidh & claidheamh, d'éag siad le ocras, mar chuir sé an cur ó oidhidh, mar ghearr sé an geamhar léir mar bhí sé ag dul ar fud na tíre, & tá sé againn ó na hughdair gur chuir sé ó rath luach deich míle punt geamhair. Léis an
méid sin foghlach a dhéanamh, d'fhill sé go Baile Átha Cliath, agus d'éirigh leis rún díoghaltais a chur idir cuid de thaoisigh na Laighneach le n-a chor beartaidh- eachta, i riocht nach raibh muinighin ag ceachtar aca as a chéile. Bhí a fhios ag an Niallach gach ní bhí ag dul ar aghaidh i gCúigeadh Mumhan & i leabaidh na Sagsanaigh throid go meisneamhail i n-aghaidh seadairí cogaidh, 'sé an chaoi ar ionnsuigh siad páisdí agus mná, mar bhí siad ina gcladhairíbh neamh-mheisneamhla neamh-chríostamhla gan bunudhas, agus torann airgid a bhí le clons i gCúigeadh Mumhan i n-áit clonsgairt claidheamh, agus i leabaidh na saighdiúir Ghallda úsáid a dhéanamh d'á gclaidheamh ag troid, 'sé an chaoi a ndeárna siad corráin dhíobhtha ag gearradh an gheamhair, acht bhí arm fearamhail faoi smacht an Niallaigh i gCúige Uladh & na Sagsanaigh dúinte ina ndúntaibh aige, mar lochóig a bheith i bhfalach ó chat i bpoll, & bhí sé ag feitheamh laetheamhail le congnamh ó'n Spáinn nó go gcuirfeadh sé críoch le dó-bheart tútach na nGall, & seo iad na dúnta a raibh siad druidte ionnta: Doire Chuilm Cille, an Cúl Mór, Leithbhearr & Dún na Long. Chuir Niall Garbh clampar mór ar Bhaill-dearg & sháruigh sé ar Bhall-dearg congnamh a tabhairt do'n Niallach de bhárr dánachta Néill Ghairbh & a chuid fealltóirí. I dtoiseach na bliadhna seo, léis é threisiughadh ar Docwra i gcath a bhí aca i ngar do Dhoire, bhuail sé roimhe ó dheas & ag fágáilt cuid d'á chuid seadairí le súil a choinneáil ar Docwra & a chuid saighdiúr, sguaib sé leis thrí Chonnacht gur shroich sé Tuath- Mhumhain, & níor fhág sé cloch phunta 'na seasamh ó Chor- camruadh go dtí Léim Chon-Culainn nár chuir sé ó rath. Budh 'in í an dúthaigh bhí i seilbh Dáil gCais, Iarla na Tuath-Mhumhan, ball a shíolruigh ó shliocht Bhriain Bhóromha. D'fhill sé ar ais ag tabhairt gach ní a raibh tairbhe ann
leis, & chuala sé ar a bhealach go bhfuair an Dochartach bás, & go raibh tútaighil & feall ag déanamh díoghbhála móire i n-Inis Eoghain, & thionntuigh a lán de sheadairíbh an Dochartaigh anonn ar thaobh Docwra, & thriall sé ar a bhealach go hInis Eoghain, acht sul ar fhéad sé ceart agus cóir a chur i bhfeidhil a chéile annsin, b'éigean dó triall ar Dhún na nGall, mar cuireadh n-umhail dó gur ionnsuigh Niall Garbh agus a chuid feall- tóirí mainistir Naoimh Proinnsiais agus gur chuir siad sgaipeadh ar na manaigh. D'ionnsuigh Ball- dearg iad & níor fhéad sé aon lámh mhór a dheanamh dhíobh, & shuidh sé féin & a chuid seadairí trí mhí thart thimcheall na mainistre, & ag ceann an treas míosa chuaidh an mhainistir thrí theinidh & le buirbe na teineadh & fabhairt na gclaidheamh Gaedhealach, dóigheadh & mar- bhuigheadh na céadta de na fealltóiríbh, idir Gaill & Gaedhil, & mar aguisín, bhí dearbhráthair Néill Ghairbh ar thaobh na marbh. Is truagh nach é Niall Garbh é féin a bhí ar an taobh sin! Ar maidin lá'r n-a bhárach bhí an mhainistir i seilbh Bhaill-deirg, & gan ann acht ceithre creatalachaí na mainistre, agus iad chomh dubh le guala ceárdchadh. Níor cuireadh aon bhail ar an mainistir sin ó shoin, & tugaidh faoi deara gur ins an mainistir seo sgríobh na Ceithre Máighistreachaí “Annála Ríoghachta na hÉireann,” & seasann lorg na mainistre seo i n-aice le ceann báighe Dhúin na nGall.
Caibh. XLVI. – Forgaint Chaisleáin an Mhaighre AN FHAD 's bhí Ball-dearg ar an obair seo, bhí an Niallach ag obair go stuaimeamhail ag cosaint an taoibh ó dheas de Chúig' Uladh, mar bhí an Fear Ionaid ag tarraint air go teann, & shroich sé Fachairt an cúigeadh lá déag de mhí Meadhoin an Fhoghmhair le ceithre chéad & dhá mhíle coisidhe & trí chéad capall, & é ag brath ar dhul thrí Bhealach an Mhaighre le amus a thabhairt ar an Niallach. Bí an Niallach ag feitheamh leis & é ag brath ar chath a thabhairt dó ar fhad an bhealaigh, & 'san am chéadna bhí sé ag leag- aint crann & ag rómhar claiseachaí i mBealach an Mhaighre le creapall a chur ar an bhFear Ionaid. D'fhan sé ins an gcoill go foighdeamhail, & ar an naomhadh lá de'n ocht-mhí, chonnaic sé na Sagsanaigh ag nochtadh chuige, agus d'ionnsuigh an dá shluagh a chéile, &, léis troid madramhail roighin (righin), theann Mountioi 'un cinn, agus bhí lot mór ar ghach aon taobh, is léir mar bhí sé ag treisiughadh, & ag dul 'un cinn, bhí sé ag gearradh na gcrann agus ag glanadh na tíre roimhe gur shroich sé an t-Iubhar. Annsin thriall sé siar ó dtuaidh ag tarraint ar Árd-Mhacha. Nuair a bhí timcheall 's ocht míle cuirthe ó n-a chosaibh aige, tháinic drogall air a dhul níos fuide, mar bhí arm an Niallaigh roimhe, & anfa na haimsire ina aghaidh, agus mheas sé nach ag caitheamh dartachaí a bheith sé, dá dteangmhóchadh sé leis an Niallach ní budh dlúithe, nó go dtiocfadh as an lá, & leis an mbealach a bhí gnóthuighthe aige a choinneáil thoisigh sé ag forgaint caisleáin i mBealach an Mhaighre. Ní bhfuair siad mórán suaimhnis a fhad 's bhí siad ina
chionn, mar bhí seadairí an Niallaigh 'gá n-ionnsuidhe laetheamhail, acht d'éirigh leobhtha críoch a chur air, & bhaist an Fear Ionaid é, & 'sé an t-ainm a thug sé air, “Caisleán Norruis,” mar budh é Norruis a mhúin acluightheacht cogaidh dhó féin i dtús a óige. Chuir sé ceithre chéad saighdiúr faoi chúram Bhléine ann, agus d'fhill sé ar ais go dtí an t-Iubhar, ag tarraint ar an nGall-tórainn. Sul ar fhág an Fear Ionaid an t-Iubhar chuir sé gairm sgoile ag tairgsint dhá mhíle punt do dhuine ar bith a bhéarfadh an Niallach aige beo, nó míle punt do dhuine ar bith a bhéarfadh ceann an “árd- mhéirligh” chuige (mar budh 'in é an t-ainm a thug sé féin air), acht, nuair a bhí sé ag déanamh ar Bhaile Átha Cliath, bhí an Niallach ag a shálaibh, ag Bealach Cháirlinn, & bhí cath aca, & cath fuilteach. Loiteadh an Fear Ionaid, Sir Hannraoi Danvers, & a lán oifigeach eile, & le slad mór ar thaobh na Sagsanach, d'éirigh leobhtha a mbealach a dhéanamh go dtí an Srádbhaile. Tharraing Mountioi ar Bhaile Átha Cliath, & d'fhan sé faoi ag cneasughadh a chuid lot go dtáinic an bhliadhain d'ar gcionn. Bhí Árd-Mhacha, an Port Mór, agus iomlán na tíre ó dtuaidh de'n áit sin i seilbh na nÉireannach.
Caib. XLVII. – TRIALL MHOUNTIOI. NUAIR a bhí an Fear Ionaid cneas- uighthe, ghluais sé ar thóir an Triallaigh, an seadaire ba fearamhla, ba bhríoghmhaire, & ba mhisneamhla a bhí i n-arm na nÉireannach, & bhí Condae na Midhe ina sheilbh faoi seo. Ghluais an Fear Ionaid roimhe théince go gcasfaidhe leis é, ag dóghadh agus ag losgadh na tíre, gur shroich sé Ath Truim, & as sin go Béal Átha Luain, is, nuair a sháruigh sé air an Triallach a chlaoidh, thairg sé na céadta punt ar a cheann, & d'fhill sé go Baile Átha Cliath, mar bhrom- achán bliadhna. An t-earrach d'ar gcionn faghann sinn an Fear Ionaid ag déanamh ar Chúig' Uladh, & ar an ochtmhadh lá de Mí Meadhoin an tsamhraidh thug sé a shluaighte thrí Bhealach an Mhaighre gur shroich sé an t-Iubhar. Chreach sé dúthaigh Mhic Aonghusa, agus thóg sé seilbh ar Dhún Phádraic, & d'fhill sé go dtí an t-Iubhar ar an aonmhadh lá fichead. Fuair Sir Hannraoi Danvers sluagh mór saighdiúr faoi n-a smacht le dhul go hÁrd-Mhacha, & seilbh na cathrach & na mainistre fhagháil, & dúnphort a chur ann i n-ainm na Bainríoghna, acht bhí an Niallach & a chuid seadairí roimhe ar a chasán, & d'ionnsuigh siad na Sagsanaigh chomh madramhail sin agus go mb'éigean dóbhtha tuitim ar a gcúl, & fasgadh a thógáil faoi bhal- laidhibh Caisleáin Norruis, & d'fhóir fasgadh na mbal- laidhe dóbhtha gur tharraing Mountjoy ortha. Thriall na Sagsanaigh annsin ó dtuaidh, agus theangmhuigh an Niallach leobhtha sgathadh d'á mbealach, agus throid sé go colgach ina n-aghaidh, nó gur thuit sé siar i n-aice leis an Uisge Dubh, áit a bhí socruighthe aige le cat
fuilteach a thabhairt do Mhountioi, agus is iad na Sag- sanaigh thug mar ainm air – an t-Uisge Dubh, do bhárr an dubh-shlad a tugadh ortha annsin go mion is go minic. Ní dheachaidh Mountioi 'un cinn ní b'fhuide an uair sin, mar ba mhaith a bhí fhios aige an crathadh lámh a gheobhadh sé ó'n Niallach ar a áit thoghtha féin, acht d'fhan sé faoi ag ránuidheacht anonn 's anall ar lorg catha Bhéil an Átha Buidhe, agus ag smúracht fola Bhaigeanal, agus na maistíní eile a thuit ina cheann. Bhí féar breágh séasúrach ag fás ar lorg a gcuid fola a thuit as a gcuid colann trí bliadhna roimhe sin le fabhairt agus fuinneamh claidheamh na nGaedheal. Nuair a bhí lorg an chatha troighte aige, thug sé a shluaighte go hÁrd-Mhacha, & fuair sé seilbh na háite sin gan buille sgine ná claidhimh, mar d'fhág na hÉireannaigh é roimh ré, agus thug sé seilbh na cathrach do Danvers, agus d'fhág sé mar ghárda cosanta aige seacht gcéad go leith coisidhe & céad capall. Seal gearr 'n-a dhiaidh sin, tharraing Mountioi ar an Uisge Dubh, agus d'éirigh leis seilbh na háite sin fhagháil. D'fhág sé dúnphort saighdiúr faoi chúram Mac Uilliam ann, cosantóir na háite sin réamhráidhte. Is iomdha iarracht a thug na Sagsanaigh ar dhúnphuirt a chur ar bun ar thórainn Chúigidh Uladh, acht d'éirigh leobhtha ar deir- eadh, mar bhí sé cinn aca ina seilbh faoi seo, agus ins na sé cinn bhí trí mhíle & trí chéad coisidhe & trí chéad go leith de mharcshluagh, gan trácht ar an sluagh mór a bhí faoi Docwra thiar ó dtuaidh. Bhí gach uile chineál gléas cogaidh aca seo a d'fhóir dóibh, & budh doiligh do na hUltaigh bochta seasamh rompa, nuair nach dtiocfadh siad amach as a ndúntaibh, agus troid go misneamhail mar ba chóir dóibh, acht ní hin é rinne siad, acht, léir mar d'fhaghadh siad faill, thugadh siad amus ar fud na tíre, ag gearradh na gcrann, ag dóghadh & ag losgadh na dtighthe, ag cur an chuir ó rath, ag marbhadh na mbaintreach is na ndílleachtaidhe, is nuair a thigeadh
na seadairí Gaedhealacha go tobann ortha, rithfeadh siád i mbárr a n-anma go dtóigfeadh siad fasgadh ina ndúntaibh, mar bhí fhios aca nár fhéad na hÉireannaigh drannadh leo d'uireasbhuidh gunnaidhe móra. Nuair bhí an tír glan ag Mountioi, ó'n Iubhar go dtí Abhainn Mhór nó an t-Uisge Dubh, & an bealach sin réidh aige, gan blacán truislidhe ar bith roimhe, ghluais sé go dtí an Ghall-tórainn ar an gceathramhadh lá fichead de Lughnasadh. Bhí an Niallach ins an am chéadna gnaitheach ina chúigeadh féin, & é ag cur na ruaige ar na saighdiúir léis mar thigeadh siad amach faoi'n tír as a ndúntaibh; & léir na n-ughdar, ins an trath seo, bhí os cionn deich míle saighdiúr Gallda ar thórainn Chúigidh Uladh & ins na dúntaibh. Bhí muinighin ag an Niallach as Rígh na Spáinne, agus mheas sé nac bhfeallfadh sé air, & d'agair sé Dia insan am chéadna cabhair a chur aige go luath is go tapaidh. Caib. XLVIII. – TEACHT NA SPÁINNEACH. INS an am chéadna thug Maitiú d'Obhiédó cuairt ag an Niallach le comhrádh dhéanamh leis (mar bhí sé ina easbog i mBaile Átha Cliath), & nuair a chonnaic an t-easbog go raibh an Niallach i gcruadh-chás, agus call cabhrach air, ghluais sé go dtí an Spáinn leis na Spáinnigh a luathughadh go hÉirinn, & seoladh cabhlach luingis go hÉirinn. Ar an tríomhadh lá fichead de'n seacht-mhí bhuail siad cuan Chinn-tSáile, lá dubh do Éire, ní ba duibhe ná an t-Uisge Dubh do na Sagsanaigh. Bhí cúig long is dá fhichead ins an gcabhlach seo, idir bheag is mhór, agus bhí trí mhíle is ceithre chéad fear ortha, idir máirnéalaigh is eile, &
d'iomchuir seacht long déag aca gunnaidhe, & bhí cuid aca seo ainmnighthe .i. Naomh Peadar, Naomh Pól, Naomh Aindrias. Bhí an congnamh seo go mór ní budh lugha ná shíl an Niallach é bheith, mar nach raibh baoghal ná guais ortha a bheith i n-ann dhul 'un treasa le cabhlach Docwra, agus rud ní budh mheasa, Don Juan D'Aquila a gceann-urraidh. Chruthuigh sé é féin 'na chladhaire ins an bhFrainc, & nuair a d'fheall sé ar na Spáinnigh annsin le na chuid cladhaireachta, is dóighthe gur lean an garla (galar) céadna é go hÉire, agus sílim-se gur lean, mar bhí dalla-mullóg air nach ndeachaidh go Cúigeadh Uladh i n-áit a ancoire a chaitheamh ag Dún Cearmna.* Tháinic ná Spáinnigh 'un cuain agus theich na Sag- sanaigh go Cathair Chorcaighe, & d'fhosgail uachtarán Chinn-tSáile na geataidhe dhóbhtha, & bhí sé ní budh fáil- teamhla rompa ná bheith sé roimh saighdiúir na Bain- ríoghna, & thoisigh sé 'gá stancadh le neart bídh & dighe. Nuair a thóig Don Juan seilbh an bhaile, d'fhuagair sé gairm sgoile:– “Mise ceannphort na Spáinneach, tháinic annso léir ordughadh mo ríogh. Geallaim díbh nach loitfear aon áitightheoir de'n bhaile seo, agus nach baoghal díbh aon anachain; éinne thogróchas an baile fhágáil, tá an cead sin aige, gan lot maoine ná colna air. An méid thogróchas fanacht, dearcfaidh sinn ortha mar dhear- bhráithreachaibh. “Faoi mo láimh & mo shéala. “DON JUAN DE AGUILA.” Ins an am chéadna chuir sé sgéala ó dtuaidh ag agairt an Niallaigh agus Ball-deirg thidheacht aige le n-a sluaightibh. Thoisigh sé ag cur bun urrudhais air féin annsin, mar thóig sé seilbh ar Rinn Corráin, 's ar Chaisleán na Páirce, & phlucht sé iad le saighdiúir, & é
ag feitheamh leis na seadairíbh Gaedhealacha ó cheithre cheárd na hÉireann. Ins an am seo bhí Cúige Mumhan i ndeireadh na déithe, mar bhí bunadh na sean-Ghall ar thaobh na Sagsanach & an fearasbárr de na cean- nairíbh faoi ghlas i Lonndain Shagsana, mar bhí brealais Chariú ag déanamh níos mó loit imeasg na nÉireannach ná bhí a chuid gunnaidhe. Ní raibh aon chneamhaire insa' gcúigeadh sin ba diabhalta léir tútaighil ná Cariú, mar bhí angadh iarpais ina chroidhe i n-aghaidh na nGaedheal agus a gcreidimh, & ní raibh rud ar bith uaidhe acht a gcur ó rath i gcóir ná i n-éagcóir le sásamh fhágháil i n-éiric a dhearbhráthar a marbhuigheadh i gcath Ghlinne Maoilughra. Le chomh mí-rúnmharach agus chonnaic Don Juan na hÉireannaigh d'á chéile, dubhairt sé, “nár fhuiling Críosta bás dhóibh.” Ní raibh i gCúige Mumhan acht triúr taoiseach Gaedh- ealach a chuaidh ar mhachaire an dubhshláin i n-aghaidh an tSagsanaigh ag cosaint a dtíre le congnamh na Spáinneach .i. Ó Súilleabháin Béara, Ó Conchubhair Chiarraidhe, & Ó Drisceoil. Bhí an Fear Ionaid & Cariú ag déanamh ar chinn tSáile & a sluaighte móra fútha. Insan am chéadna bhí siad gnaitheach i Sagsana ag cruinniughadh na bhfámairí coirnéil & na dúnmharbh- adóirí as na príosúin, & sheol siad trí mhíle & céad aca anall leis an bhFear Ionaid a neartughadh. Tháinic cabhlach deich long fáoi'n Muir-thaoiseach Leviston, & chuir sé 'un tíre dhá mhíle saighdiúr ag Corcaigh, & an méid bailte bhí i gCúige Mumhan, nuair a d'fhuagair Cariú ortha, tháinic na daoine aige ag tabhairt con- ganta dhó, &, mar aguisín, tháinic Iarla na Tuath-Mumhan & Iarla Cloinne Riocaird, & feadhnach neamh-Gaedheal leobhtha ag cabhrughadh leis an bhFear Ionaid faoi bhratach na Bainríoghna. I mí na Samhna bhí an Fear Ionaid agus Cariú 'n-a suidhe thart thimcheall Chinn- tSáile, & chúig mhíle dhéag saighdiúr faoi n-a smacht, & dhá dtrian de'n méid sin de bhunadh na nGaedheal.
Caib. XLIX. – TRIALL UÍ NÉILL & UÍ DHOMHNAILL. NUAIR a shroich teachtaire Don Juan Baill-dearg, bhí sé gnaitheach ag troid i n-aghaidh an fhealltóra Néill Ghairbh, & d'fhreastail sé an teachtaireacht ar bhuille boise. Bhuail sé roimhe thrí Chúige Chon- nacht, ag brosdughadh na seadairí annsin, & 'gá gcruinniughadh faoi n-a bhratach, is ní bréag a rádh nár chruinnigh siad ina sluaightibh, mar bhí súil gach duine ar Chinn-tSáile. Seo iad na háite ar chruinnigh siad asta – ó Inis Eoghain & ó Chill Mac n-Éanáin, ó'n mBreifne, & ó Shligeach, ó Uíbh Fiachrach, ó Uíbh Máine, & ó Chúil Ó bhFinn. Tháinic na clanna ina sluaightibh as na háiteachaibh seo, na Ruarcaigh, Clann tSuibhne, Muinntir Dhochartaigh, Clann Baoighill, Muinntir Dhonnchadha, Muinntir Dhiarmuda, Muinntir Chonchubhair, & Síol gCeallaigh, & a lán treabh eile, is ar an dara lá de Shamhain ghluais sé 'un siubhail, & bhí a thriall ar Chúigeadh Mumhan. Chruinnigh an Niallach a chuid seadairí ina chéile, & chuir sé sgéal ag Clann Dhomhnaill Aontroma, & ag Mac Aonghusa go Conndae an Dúin. Chruinnigh siad uilig ina chéile, & ghluais sé go lúthmhar ó dheas, agus trí mhíle is cúig chéad seadairí faoi. Bhí sé féin agus Baill-dearg le thidheacht ina chéile ag Mainistir na Croise Naomhtha, le leithead na tíre a ghlanadh rompa. Shroich Baill-dearg an t-ionad coinne i dtoiseach, & chuir an Fear Ionaid Cariú ina airicis le cath a thabhairt dhó, & an ruaig a chur air, sul má dtiocfadh an Niallach 'un cabhrach aige. Ní raibh Ball-dearg ar a mhian le cath a thabhairt, mar bhí a chuid seadairí tuirseach de
bhárr dócamhail coisidheachta, is dul 'un cinn níor fhéad sé, mar ngeall ar an námhaid a bheith roimhe. An áit ar chuir sé faoi ba mhíonbhach portaigh é, & bhí sé chomh fliuch bog sin go raibh sé an-deacrach aige a chapla thabhairt thríd. Bhí Cariú ag fanacht leis ag Caiseal, & bhí sé cinnte go raibh búithrín an bhasgaidh aige as Bhaill- dearg. Shíl Baill-dearg é féin sin, mar bhí sé ag clagadh fearthanna, & bhí an áit chomh bog & gur ar éigin bhí siad i n-ann siubhail, acht d'agair siad an Mhaighdean faoi chabhair & tártháil a chur aca, & níor fheall sí ortha, mar thoisigh sé ag reodh seaca, & i suim uaireanna bhí uachtar na talmhan chomh cruaidh le carraig chloiche. Ghluais iomlán airm Bhaill-deirg trasna na sléibhte, & bhí siad os cionn fiche míle ó Mhainistir sa Croise Naomhtha nuair a bhí an lá ag gealadh. Shíl Cariú cor an tuaithbhil a chur air, is a chreapall ar a chasán, sul má sroichfeadh sé Cinn tSáile, acht sháruigh sé air & b'éigean do Chariú aimhdeachtáil go mbudh í an choisidh- eacht oidhche ba gártha d'ár chuir cipe saighdiúr ó n a gcosaibh ariamh, agus go gcaitheadh rud eicínt cumhacht- amhail a bheith ins an arm sin, nuair a chuaidh siad ó'n Mhainistir go Crom i siubhal oidhche – aistear dhá mhíle dhéag agus fiche. Lean Baill-dearg dh'á choisidheacht gur shroich sé Cuan an Chaisleáin, ag brosdughadh na ndaoine i rith an bhealaigh, agus thóg sé faoi n-a bhratach seacht gcéad Spáinneach a bhí chois cuain annsin, agus a dtriall ar Chinn-tSáile le cabhrughadh ar Don Juan. Nuair a chonnaic na Muimhnigh sluaighte Bhaill-deirg, bhrosduigh siad féin suas, agus thóig Donnchadh Ó Drisceoil cuideachta Spáinneach ina chaisleán, ag Cuan an Chaisleáin, & thóig Finghín Ó Drisceoil rang Spáin- neach ina dhúntaibh ag Dún na Séad is Dún na Long, & thóig Domhnall Ó Súilleabháin buidhean eile Spáin- neach ag Dún Baoi, agus an méid sin ag cosaint na báighe sin.
Caib. L. – CATH CHINN-tSÁILE INS an am chéadna bhí an Fear Ionaid agus Cariú ag tabhairt iarracht marbhtha go madramhail ar na Spáinnigh, mar bhí siad ag gabháilt fabhairne le n-a ngunnaíbh móra ar bhallaibh Rinn-Chorráin, & léis na saighdiúir a bhí ann throid go madramhail, gabhadh iad, agus cuireadh mar príosúnaigh iad go Corcaigh. An cabhlach bhí faoi chúram Levinston, thoisigh siad le na ngunnaíbh móra ag baint sancais as ballaibh Chais- leáin na Páirce; acht bhí an obair i dtoiseach gan tairbhe, acht léis suim laetheannta ghéill seadairí an chaisleáin ar choingheall nách ndéanfaidhe aon díogh- bháil dóibh. Bhí Don Juan faoi seo faoi fhasgadh bal- laidhe Chinn-tSáile, agus tháinic Uachtarán na Sagsanach chun socrughadh nach dtiubhradh siad aon amus ar na Spáinnigh go leagfadh siad na tighthe i dtoiseach le gunnaíbh móra, & chuir siad gunnaí móra anonn 's anall ar na hárdáin ag coinneáil suas síor-losgadh, & iad ag tarraint níos goire do'n bhaile, & ag déanamh a gclaiseachaí. Chuir Mountioi stocaire go dtí an chathair ag fuagairt ortha géilleadh, acht níor leigeadh isteach é, & fuair sé a fhreagra: “Coinnigheann Don Juan an baile seo i n-ainm Íosa Críosta, & i n-ainm Ríogh na Spáinne; & coinneochaidhear seilbh na háite seo, & ná raibh míle maith agaibh.” Annsin thug ordonás na Sagsanach amus diabhalta ar an mbaile, & d'ionnsuigh muinntir an bhaile ní ba diabhalta ná sin iad. Thuit a lán ar gach aon taobh, agus throid na Sagsanaigh ar a lán-dhícheall leis na Spáinnigh a lot, mar chuala siad go raibh an Niallach ag nochtadh na gcnoc, & b'fhíor sin, mar tháinic an Niallach & a shluaighte ar an naomhadh lá déag de Mhí na Nodlag, i bhfois- geacht míle do champa Mountioi.
Léis brosdughadh mór ar fhad a bhealaigh, d'éirigh leis ceithre mhíle fear a chruinniughadh. Bhí faoi féin & Baill-dearg sé mhíle coisidhe is cúig chéad capall, & bhí an seadaire fearamhail sin ina measg – an Triallach agus a chuid Midheach. Bhí an t-arm Ghaedhealach tuir- seach de bhárr a gcuid siubhail, agus ní raibh aon tsaint ar an Niallach Mountioi ionnsuidhe go tapaidh, mar bhí fhios aige go ndéanfadh tinneas & casgairt na haimsire díoghbháil mhór ar a namhaid. B'fhíor an sgéal sin, mar bhí siad ag fagháil bháis mar chaoire lobhtha, & bhí a lán de na neamh-Ghaedhil ag éalódh as arm Mhountioi. Bhí na Spáinnigh láidir fearamhail i mbaile Chinn-tSáile, & bhí dóchas ar an Niallach, le n-a chongnamh féin agus le congnamh na Spáinneach, go mba gearr go gcuirfeadh sé an ruaig ar na brothairíbh. Bhí Baill- dearg ní budh bhuirbe ná an Niallach, & b'áin leis a n-ionnsuidhe ar bhuille boise, acht níor thug an Niallach an cead sin dó, mar bhí fhios aige go raibh a arm ró- lag leis na sluaighte sin ionnsuidhe, agus b'éigean do Bhaill-dearg fuaradh insa' gcroiceann ar théith sé ann. Ar an darna lá fichead de'n mhí seo sgar an Niallach a chuid seadairí ina gcipíbh thart thimcheall na Sag- sanach insa' riocht nach dtiocfadh leobhtha biadh ná deoch fhagháil acht an méid a bhí aca, agus bhí siad i gcruadh- chás, mar bhí siad idir dhá theinidh – na Spáinnigh ar a n-aghaidh agus na hÉireannaigh ar a gcúl, agus ba tuar teichte dhóibh é. Do réir ár n-ughdair fuair os cionn sé chéad aca bás le aicíd, & bhí an Niallach ag brath ar a gcoinneáil mar sin ar feadh tamaill, gan a n-ionnsuidhe, acht tháinic ceannairí na n-Éireannach i gcuideachta, & bhí eatorra comhairle catha. Tháinic siad chum socrughadh amus a thabhairt ar na Sagsanaigh, acht ní raibh an Niallach sásta leis seo; acht, mar dubhairt an sean-fhocal, “téidheann ag neart ar cheart,” mar b'éigean do'n Niallach aontughadh leobhtha i n-aghaidh a tholach, mar bhí an iomarca glóir béil ina
aghaidh, & shocruigh siad ar na Sagsanaigh ionnsuidhe ar an gceathramhadh lá fichead de Mhí na Nodlag, 1601 (léir an tsean-chomhairimh, nó an tríomhadh lá de Eanair, 1602, léir an chomhairimh nua). Bhí fear dearg-mhal- luighthe i gcomhairle na n-Éireannach d'ár bh'ainm Brian Mac Mathghamhna, fealltóir bradach; nocht sé rún na n-Éireannach 'os íseal do Chariú, & mar bhí focal na faire ag Cariú, bhí sé ar a chosaint, agus a shluaighte cruinnighthe i bhfeidhil a chéile i gcóir catha. Triall an Niallach & a chuid seadairí an oidhche réamh- ráidhte, & budh oidhche fhuar fhliuch anróidhteach í. Cuireadh amugha a dtreoruidhthe, agus bhíthear 'gá gcíobáil ó árdán go hísleán, & ó lag go bogach i ndorchadas na h-oidhche, 's bhí sé chomh dorcha is nár léir dóbhtha an té chuirfeadh méar ina súil, acht amháin sgalltrachaí teinntreach bhí anois is aríst ag deallradh os a gcionn ins an spéir. B'amhlaidh a bhí na hÉireannaigh an oidhche úd, 'gá gcasgairt le fuacht & anró, & ag ránuidheacht rompa gan fios aca cé raibh siad ag dul, & sgrísde theas- tuigh uabhtha i n-áit catha, de bhárr dócamhail na hoidhche, Acht le fáinneadh an lae baineadh éirghe thalmhana as an Niallach, mar fuair sé é féin i bhfoisgeacht leith- mhíle d'arm Mhountioi. Thug sé faoi deara go raibh sé ollmhuighthe faoi n-a chomhair. Bhí a chuid seadairí sgaipighthe anonn 's anall, & ní raibh siad i n-ordughadh catha mar ba chóir dóibh. D'orduigh sé dhóbhtha druideadh ar gcúl le n-a gcruinniughadh ina chéile, & bhí faitchíos a n-anma ar na Sagsanaigh roimh ainm an Niallaigh, ní hé amháin é féin; acht thug Mountioi faoi deara go raibh sgáthmhaireacht ar na h-Éireannaigh, & d'fhreastail sé an móiméid, is d'orduigh sé d'á chuid saighdiúr a dhul 'un cinn. D'ionnsuigh Iarla Cloinne Riocaird & Wingfield na hÉireannaigh le n-a marcshluagh & an ordonás, & theann an Niallach leobhtha le na mharcshluagh & chuir sé ar gcúl iad go mion 's go minic, nó go
dtáinic Sir Hannraoi Danvers & Caiptín Táf & an Pléimeannach i láthair & a sluagh fúbhtha. Bhí cath borb eatorra ar feadh tamaill, acht, ar deireadh, b'éigean do na hÉireannaigh tréigeadh ar gcúl, & marc- shluagh Thíre Eoghain ag coinneáil spraic ar a námhaid. Bhí an Triallach ar árdán, & é ag lot a namhad, mar ba ghnáthach dó. Sheas sé a thalamh tamall fada ina n-aghaidh, acht, nuair a chonnaic sé arm an Niallaigh ag éalódh & na Sagsanaigh ag cruinniughadh 'na thimcheall mar míoltógaíbh, b'éigean dó a dhul i ndiaidh a chúil, & dheamhan coiscéim d'ar thug sé i ndiaidh a chúil nár sgaoil sé ruathar piléar ar a námhaid i n-aghaidh gach coiscéime. Caibh. LI. – GÉILLEADH DON JUAN. AN FHAD 's bhí an cath seo ag dul ar aghaidh, níor chorruigh Don Juan a bhallaibh Chinn-tSáile. B'fhéidir gur ina chodladh a bhí sé, acht bíodh sé 'na chodladh ná 'na dhúsacht, rinne sé cionn-faillighe gan cuideachan leis an Niallach. B'fhéidir gur shroich brealais Chariú é, & gur ag comh- aireamh an airgid a bhí sé, fhad 's bhí an cath ag dul ar aghaidh. Is truagh nár fhan sé ins an Spáinn & gan tidheacht chor ar bith, & 'sé a thuras thug smalbh ar Éire. Dá mbeith Don Juan chomh fírinneach leis na Spáinnigh a chuaidh i gcóir le Baill-dearg ag Cuan an Chaisleáin, bheith athrughadh sgéil againn. Níor fhág siad an machaire ná ní ghéillfeadh siad do na Sagsanaigh nó gur marbhuigheadh iad le lámh láidir. Marbhuigheadh
uilig iad acht a dtaoiseach Del Campó is dhá oifigeach, agus dá fhichid fear aca. Ghabhadh iad agus rinneadh príosúnaigh dhíobh agus budh iad na Gall-Ghaedhil bhí ar thaobh na Sagsanaigh ba diabhalta throid an lá sin i n-aghaidh muinntire a dtíre féin. Tá sé againn, léir na n-ughdar, gur mharbhuigh an dearg-bhrothaire sin, .i. Iarla Cloinne Riocaird, fiche Ghaedheal le n-a chlaidheamh & ba mhaith an chreideamhaint do Rómhánach é. Léir ughdar na Sagsanach, chaill na hÉireannaigh dhá mhíle, idir marbh agus loitthe, & níor chaill siad féin acht ceathrar ná cúigear. Go deimhin, níor thainic meirg ar theangaidh an dreama sin ariamh d'uireasbhuidh bréag mhór a dhéanamh, & sin bréag & dearg-bhréag, acht cébí an méid ar marbhuigheadh aca nó nár marbhuigheadh, buaileadh na hÉireannaigh & chaill siad an lá, & b'iad gníomhartha na bhfealltóirí thug an íd sin ortha, & níor bh'é misneach ná fearamhlacht na Sagsanach chuir an ruaig ar an Niallach. Chruinnigh an Niallach a chuid seadairí ina chéile is d'fhill siad ar a n-ais gur shroich siad Inis Eoghanáin is chruinnigh na taoisigh ina chéile & shocruigh siad eatorra Baill-dearg a chur go dtí an Spáinn & an rí agairt faoi cabhlach a chur chuca go luath is go tapaidh. Thug Baill-dearg an taoiseachas d'á dhearbhráthair Ruaidhrí, is d'imthigh an t-ógánach leis gur shroich sé an Spáinn. Bhuail sé roimhe go dtainic sé i láthair an ríogh, 's dá dtiocfadh aingeal as na flaithis, ní thiocfadh leis níos mó modha & measa fhaghail ó'n rígh ná fuair Baill-dearg. D'agair sé é faoi congnamh a thabhairt dó go tapaidh, is dubhairt sé leis go raibh an Niallach ar mhachaire an chatha is a bhratach ag eiteall i n-áirde, & go raibh sé i gcruadh-chás, ag iarraidh a chreidimh & a thír a chosaint ó mhaistíníbh Shagsana. Dubhairt an rí leis go dtiubhradh sé congnamh dhó ar bhuille boise & fhad 's bhí siad ag cruinniughadh 's ag ollmhughadh, bhuail
taom thinnis Baill-dearg & luigh sé faoi n-a sguilthíbh & fuair mo chréatúir bás. Acht ní hé an tinneas a mharbhuigh Baill-dearg, acht Éireannach a bhí ag braith ar theideal a fhagháil ó Mhountioi, a lean é & thug nimh le n-ól dó. I gCaisleán Simancas d'éag sé, & hadh- lacadh é i Valladolid le onóir sochraide a d'fhóir do thaoiseach, & síneadh ins an uaigh é i n-aois a naoi mbliadhna fichead, an taoiseach ba fearamhla a leag bonn le bóthar ariamh. An bheatha shíorruidhe & glóir na bhflaitheas go dtugaidh Dia d'á anam! Chuir a bhás críoch le congnamh ó'n Spáinn. Seal gearr léis an chatha, ghéill Don Juan do Mhountioi, & thug sé seilbh Chinn-tSáile dhó agus seilbh na dtrí dúnphuirt réamhráidhte .i. Dún na Séad, Cuan an Chaisleáin & Dún Baoi. Dá mbeith sé ina fhear fhírinneach, thiocfadh leis a gcoinneáil i n-aghaidh an tSagsanaigh nó go bhfuigheadh sé congnamh ó'n Niallach & ó Righ na Spáinne. Sheol sé leis go dtí an Spáinn ag tabhairt a chuid bocáisde leis, & ag fágáil Éire faoi chrádh. Nuair a shroich sé an Spáinn, mhasluigh an Rí é de bhárr a chladhairidheachta; chuir sé faoi ghabháil é & seal gearr 'na dhiaidh sin, fuair sé bás, & d'fhág a chladhairidheacht Éire i riocht báis chomh maith.
Caib. LII. – IOMSHUIDHE DHÚIN BAOI. AN FAD 's bhí an méid seo dhá dhéanamh, bhí an Niallach ag tar- raint ar a chúige féin, 's nuair a shroich sé a áit dhúthchais, bhí sé ag brosdughadh a chuid seadairí is 'gá n-ollmhughadh 'un catha, mar bhí sé ag braith le Mountioi a thidheacht ar a lorg. Bhí dúil aige a thír & a bheatha a dhíol go daor, acht níor lean Mountioi é, mar bhí sé féin & Cariú gnaitheach ag troid i n-aghaidh na n-Éireannach a raibh seilbh a lán áiteacha aca i gCúige Mumhan. Bhí an Triallach i machaire an chatha & é ag baint taraidh-thart asta, & ceann de na caisleáin bhí i lámhaibh na Spáinneach, sul má bhfuair Mountioi seilbh air, chuir Domhnall Ó Súilleabháin Mac Eochagáin ann le céad, triúr is dá fhichid seadairí faoi, leis an gcaisleán sin a choinneáil, mar bhí siad ag dúil le congnamh ó Rígh na Spáinne is budh 'eo é Caisleán Dhúin Baoi. Bhí an caisleán seo ina sheasamh ar bhruach Báighe Bheanntraighe, an caisleán ba daingne & ba láidre a bhí i gCúige Mumhan. D'ionnsuigh Cariú é le ceithre mhíle fear, idir marcshluagh & ordonás, & luingis ar an mbáighe faoi chúram Wilmot. Bhí siad ag gabháil fabhairne ar feadh coicthidhise do'n chaisleán le n-a ngunnaíbh móra, & na seadairí Gaedhealacha ag déanamh loit mhóir ortha. Cuireadh teachtaire ó'n gcaisleán go dtí Cariú le teachtaireacht go ngéill- feadh siad ar choingheall go leigfidhe dhóibh a fhágáil gan dolaidh a dhéanamh dhóibh, acht gháir Cariú an teach- taire a chrochadh & muinntir an chaisleáin a fhalach faoi n-a bhallaíbh. Dhlúthuigh na Sagsanaigh ní budh dlúithe
leis an gcaisleán & chuir na hÉireannaigh ar gcúl iad go minic, acht, ar deireadh, thoisigh na ballaí ag sgeitheadh. Léis na ballaí sgeitheadh go talamh, theann na Sagsanaigh 'un cinn chomh tiugh leis na míoltógaíbh & d'ionnsuigh na hÉireannaigh iad go fearamhail colgach ag doras an chaisleáin, & annsin bhí cath fuilteach eatorra fad righe ó chéile. Insa' tráth seo, bhí a gceannphort Mac Eochagáin loitthe, & thug sé smach- tughadh an chaisleáin d' fhear ar bh'ainm dó Mac an Tailliúra, bhí ag troid ar thaobh na n-Éireannach. Sag- sanach léir geinte bhí ann, is nuair a chuaidh ar na hÉireannaigh, léir barraidheacht fear, b'éigean dóbhtha a dhul ar an urlár ba íochtaraighe insa' gcaisleán. Bhí sé le linn smáil na hoidhche an tráth seo, & dheasuigh Cariú iomlán a chuid saighdiúir amach ó'n gcaisleán, acht amháin gur fhág sé rang d'á chuid brothairí os comhair an dorais, le faitchíos go n-éalóchadh éinne do na hÉireannaigh uabhtha. Phreab dhá fhichid fear de na hÉireannaigh amach; leanadh iad agus marbhuigheadh iad, acht ochtar a léim isteach 'sa bhfairrge, & bhí báid ag Cariú roimh ré ins an áit sin, & Caiptín Harbhé os a gcionn agus mharbhuigh sé an t-ochtar. Bhí na hÉireannaigh tanuighste faoi seo, mar nach raibh insa' gcaisleán acht trí feara déag & trí fichid, & le héirghe na gréine thoisigh na gunnaí móra ag gabhailt fabhairne do chreatalachaíbh an tsoiléir, leis na hÉireannaigh bochta a adhlacadh faoi thruimeacht na gcloch. Theip trí feara fichead de na hÉireannaigh ó throid, mar leag siad síos a n-airm ; & le méad na gcloch bhí ag tuitim ar an gcuid eile aca, d'agair siad Mac an Táilliúra géilleadh. Ghéill, is nuair a ghéill, phlúcht na brothairí seo isteach ina dtimcheall, & Mac Eochagáin a bhí i ndeireadh na déithe ar urlár an tsoiléir, d'fhastuigh sé dlaoinín a bhí lasta i láimh Mic an Táilliúra, & thug sé iarracht a chur i n-oigiséad
púdair a bhí i gcoirnéal an tsoiléir, leis an gcaisleán & a raibh ann a shéideadh 'un lasrach & luaithre bhán a dhéanamh de chnámhaibh na mbrothairí ar thóin an tsoiléir ina gceann féin. Acht ní fhuair sé an cead sin, mar rug oifigeach Ghallda air idir a dhá láimh & choinnigh sé barróg air gur sgláir na saighdiúir eile ó chéile é le n-a gclaidhimh, & faoi choimirc na Maighdine go raibh a anam! Ar an naomhadh lá déag de'n Mheitheamh chroch Cariú ocht bhfeara déag & dá fhichid de na hÉireannaigh, & choinnigh sé Mac an Táilliúra & ceithre feara déag eile aca, ag geallamhaint a saoirseacht dóbhtha, acht iad thionntódh 'na bhfealltóiríbh i n-aghaidh iomláin na nÉireannach a raibh eolas aca ortha. Dhiúltuigh na cúig feara déag do'n tairgsint sin go danardha, & ar an móiméid tugadh sgláradh an bhradáin dóbhtha. Níor thainic éinne de na hÉireannaigh i dtír ó'n gcath seo, mar marbhuigheadh, crochadh & sgláradh an t-iomlán, & b' éigean do Chariú aimhdeachtáil nár troideadh aon chath ariamh ba fearamhla, ba mhisneamhla ná ba bhuirbe ná throid na hÉireannaigh insa gcaisleán. Le chomh fearamhail & bhí na hÉireannaigh bhí faitchíos ar Chariú go n-éireochádh an méid aca a bhí curtha faoi chlochaibh an chaisleáin, & d'ionnsuigh sé féin & a chuid saighdiúr an caisleán nó gur leag siad na ballaí os cionn a gcolann, acht dá thaobh-bhalla atá 'na seasamh i gcomhnuidhe. Ba chóir go mbeith fearamhlacht na seadairí seo clóbhuailte i gcroidhtheachaíbh na bhfír- Éireannach go deo na ndeor, & glonn & fuath aca ar bhunadh a ndúnmharbhadóirí. Acht ní raibh Cariú acht ar thoiseach a chuid dúnmharbh- adóireachta annseo, mar d'imthigh sé roimhe, é féin & a chuid maistíní bhí faoi, ar fud Cúigidh Mumhan ag leagaint na gcaisleán, ag marbhadh na ndílleachtaí is na mbaintreach, ag cur an chuir ó rath, ag tochailt na talamhna agus ag crochadh na sagart. Bhí an Triallach agus Ó Súilleabháin Béarra insa' machaire i gcomhnuidhe
& iad ag feitheamh le cabhlach ó'n Spáinn faoi chúram Bhaill-deirg, acht nuair a shroich sé a gcluasa faoi bhás Bhaill-deirg, thug Ó Súilleabháin Béarra a aghaidh ar Chúig' Uladh le dhul i gcóir faoi bhratach an Niallaigh; & ar an lá deireannach de'n bhliadhain, 1602, thriall sé ar a aistear, ag tabhairt ceithre chéad seadairí cogaidh leis & sé chéad, idir mná & páisdí. Chuaidh siad trasna na Sionainne ar churraigh a rinne siad de chraicnibh a gcuid capla, & ní raibh éan choiscéim de'n talamh nach mb'éigean dóbhtha throid thrí dúithche Cloinne Riocaird is Tuadh-Mhumhan, & ar deireadh, léis a n-aisdir fhada shroich siad Caisleán an Ruar- caigh, & Mac Uí Shúilleabháin faoi seo i muinighin cúig dhuine dhéag & fiche. Ba mhór an tanughadh é sin as míle. Caib. LIII. – TRIALL MHOUNTIOI GO CÚIGE ULADH. CAITHFIDH mé toisiughadh faoi Chúige Uladh. I dtoiseach an Mheithimh thug Mountioi a aghaidh ar Chúig' Uladh; bhuail sé roimhe gur shroich sé Árd-Mhacha gan sgiormaisg ar bith ar a bhealach. As sin thriall sé an t-Uisge Dubh, comhgarach do Loch n-Éachach. Chuir sé droichead is caisleán ar bun ar an taobh ó dtuaidh de'n abhainn, & thug sé a ainm féin ar an gcaisleán .i. Charlemont. D'fhág sé céad go leith saighdiúir ann faoi'n gCaiptín Tiobóid Cáifíl. Thug Mountioi iomlán
a airm trasna na habhna ag déanamh ar Dhún Geanainn acht sul már shroich sé é, chonnaic sé fad a shean- radhairc uaidhe caora teinte ag dul go hárd insa' spéir, mar bhí an Niallach léis a chaisleán a chur thrí theinidh, mar mheas sé nach raibh sé i n-ann cath a thabhairt do Mhountioi, agus dhlúthuigh sé isteach ní b'fhuide insan tír i measg na gcoillte is na gcnoc, & na Sagsanaigh chomh cruinn le fáinne ina thimcheall, mar bhí Docwra taobh thiar ó dtuaidh de, agus an maistín Niall Garbh ag cabhrughadh leis, & gach uile chabhair gearrtha uaidhe ó Thír Conaill aca. Taobh thoir de bhí sluaighte Sitsestar & ó dheas de bhí Mountioi & a lán dún- phort, i gceann an dreama mhalluighthe sin a thug mar ainm ortha féin Mag Uidhir na Bainríoghna & Ó Ragh- allaigh na Bainríoghna, & i n-aghaidh an mhéid sin thug sé a ndubhshlán ag Caisleán na Roa. Bhí teachtairí ag tabhairt teachtaireachta uaidhe chuig taoisigh a thíre i gConnachtaibh & i gCúige Mumhan, & a “Lámh dhearg” ag eiteall go hárd, ag tabhairt le rádh do Mhountioi nach raibh beann an diabhail aige air. Sgríobh Mountioi go Sagsana insan am chéadna ag innsint dóbhtha go raibh an Niallach insa' machaire i gcomhnuidhe & nach raibh an bhrealais i n-ann na hUltaigh a shanntughadh ná cathuighthe a chuir ortha mar cuireadh i gCúige Mumhan, & dá dtairgfeadh sé an méid ab' fhiú cuirt Shagsana ar son an Niallach a mharbhadh, ní bhfuigheadh sé éinne i measg a threibhe a shanntóchadh an tairgsint sin, & deirim-se go mb'fhíor dó, ná, dá mbeith muinntir na hÉireann chomh téagarach d'á chéile & bhí seadairí an Niallaigh, ní bhfuigheadh cumhachta Eilíse an bhuaidh ortha go Lá Philip a' Chleite. Léis Mountioi críoch a chur ar chaisleán Charlemont chuir sé dún eile ar bun ag bruach Loch n-Éachach & phlúcht sé an dún le saighdiúir. Ins an am seo bhí an Niallach chomh druidthe ag dúnphuirt na Sagsanach le bó a bheith i ngabhna & ballaí an ghabhna a bheith thart ina
timcheall & gan faoi acht thimcheall 's sé chéad seadairí cogaidh & míltí an tSagsanaigh i n-aghaidh an mhéid sin & faitchíos a n-anma ortha teangmhachtáil leis. Chuir Mountioi sgéala ag Docwra, Sitsestar & Moryson le iad a bheith ollmhuighthe i gceann fiche lá leis an Niallach a ionnsuighe thrí lár na tíre, & ar an 19adh lá de mhí an Iúil bhuail sé féin roimhe thrí Chonn- dae Mhuineacháin & Chonndae Fear Monach. D'fhág sé campaí saighdiúr annsin faoi St. Lawrence, Esmond & an fealltóir Mag Uidhir. Thug Mountioi amus amach faoi an tír, ag marbhadh, ag dóghadh & ag losgadh mar ba ghnáthach dó, 's nuair a bhí gach uile ní cuirthe ó rath aige annsin, d'fhill sé ar ais le dhul i gcóir le Docwra & an Niallach a ionnsuighe ó na cheithre háirdibh. Ghluais siad mar leanas: Sitsestar ó Charraig Fhearghuis, trasna na Banna ag Tuaim “Docwra ó Dhoire thrí Bhaile an Mhullaigh (Dún Gheimhin), & an Fear Ionaid ó phríomh-chathair an Niallaigh & ó Chill an Triúcha. Bhí aoibhneas Dé ar thalamh Thíre Eoghain i lár an tsamhraidh bhuidhe sin, mar bhí fásaigh & bláthanna ag fás ó nádúir ann & na móinfhéir 'na luighe le méid saidhbhris na hithire, & an grán ag sgeitheadh i mac- uicht le méid a apachan mar ngeall ar theas na gréine. Is amhlaidh a leig an Fear Ionaid a chuid spealadóirí & fursadóirí amach ar fud na tíre sin gur ghearr siad & gur fhurs siad gach uile throigh de'n talamh &, léir mar bhí siad ag dul 'un cinn, bhí bláth na nádúire ag éalódh de'n talamh mar bhí caora teineadh ar gach aon taobh díobhtha ag dóghadh gach ní a d'fhóir do chríostuidhe. D'fhág siad Cúig' Uladh insa' riocht 's nár fhág siad oiread féir ag fás ann & bheathóchadh girrfhiadh, &, dá sgaoilfeadh an diabhal a chuid maistíní & cumhachta fhagháil le cead reatha thabhairt dóbhtha ar fud na tíre, & ní bheith maistíní ifrinn chomh diabhalta léir diabhlaidh- eachta ag milleadh na tíre agus bhí Fear Ionaid Eilíse. Sháruigh sé le n-a chuid olcais an Tártár diabhalta, Rí
Ghizni, nuair a mharbhungh sé roimhe thrí mhachairíbh na n-Indiacha, ná ceann de mhac-díomhaoinis an Normán- ach, nuair a bhuail sé roimhe thrí Chúig' Uladh Shags- ana 's níor fhag sé fear, bean ná páisde ná feithide ceithre gcos gan a gcur de'n tsaoghal, is bhí Mountioi ní budh mheasa ná an méid sin, mar bhí sé ag tochailt na talamhna le n-a chuid cliathanna leis na mná & na páisdí a chur 'un báis le ocras, nuair nár fhéad sé dul ina n-aice le n-a chlaidheamh. Rith an tsamhraidh & an fhoghmhair seo maidin i ndiaidh maidne dhlúthuigh siad ní budh dlúithe ag tarraint ar an Niallach & éanlaith na spéire ag seinm go hárd “ar Bhán-chnuic Éireann Óigh,” mar ba ghnáthach dóbhtha i n-Éirnnn bheannuighthe. Bhí na spealadóirí ag gearradh an ghráin; na fursadóirí ag fursadh na talamhna, na brothairí ag marbhadh na háirnéise, is 'gá bhfágáil ina sreath ar an talamh le aicíd a chothughadh & pláigh a sgaradh ar fud na tíre, bhí na losgadóirí ag dóghadh & ag losgadh na dtighthe insa' riocht gur cuireadh smálach ar sholas na gréine le mhéid an deataigh bhí ag dul 'sa spéir. Bhí na dúnmharbhadóirí ag marbhadh na mban is na bpáisdí & phlúch a mbéice báis ceol binn na n-éan. Budh iongantach an radharc é le feiceáil, is níor bh'iongnadh liom-sa dá dtóigfeadh Dia a lámh insan am sin, & aoid Sodom & Gomorra a thabhairt ar an bhFear Ionaid sin & a chuid maistíní. Thimcheall an ama sin fuair an Fear Ionaid seilbh ar Mhachaire Leamhna (?) & Inis Lachlainn, dhá dhún ba dhaighne bhí ag an Niallach, 's ar dheireadh na Lughnasa, bhuail sé roimhe gur shroich sé Tulach Óg. Leig sé a bhánnidhe amach annsin, mar rinne sé crús de'n chloich ríoghdha bhí ag Muinntir Ágáin ar feadh na sinnsear ar ar ríoghadh a dtaoisigh. Ina dhiaidh seo fuair Mountioi seilbh ar an gCaisleán Ruadh, & bhí an Niallach ag
tuitim siar go failligheach mar ghirrfhiadh a bheith tuir- seach de bhárr dócamhail seilge & na gadhair 'na dhiaidh. Chuir sé bun catha air féin leis an troid dheiridh a dhéanamh, mar nach raibh rud ar bith ag dul idir é & a shuaimhneas, acht faitchíos go gcaithfeadh sé géilleadh. Bhí sé faoi seo i nGleann Con Cadhain le n-a shé chéad fear is bhí muinighin aige as Dia i gcomhnuidhe ag dúil le cabhair ó'n Spáinn. Ins an tráth seo bhí a lán seadairí cogaidh insa' machaire i gCúige Chonnacht, & Brian mac Airt Uí Néill i gClainn Aodha Buidhe & bhí an méid sin féin ag tabhairt misnigh dhó agus ní leigfeadh a chroidhe dhó umhlughadh ná géilleadh do'n Fear Ionaid. Caib. LIV. – Géilleadh Uí Néill. ACHT i ndeireadh an gheimhridh seo cuireadh críoch le cogadh na gConnachtach, & ghéill an Cáthánach i gCúige Uladh do Docwra. Fuair Sitsestar & Danvers an bhuaidh ar Bhrian mac Airt, & i mbliadhain 1603, ní raibh aon taoiseach i n-Éirinn ar thaobh an Niallaigh insa' machaire acht an Ruarcach, Mag Uidhir & an Triallach fearamhail. Chuala sé mar an gcéadna gur ghéill Ruaidhrí Ó Domhnaill agus go bhfuair Baill-dearg bás ins an Spáinn & a ghrádh, fhobair nach sgeartfadh a chroidhe i gceart-lár a chléibh le brón faoi bhás Bhaill-deirg, mar bhí a fhios aige gur chuir a bhás deireadh le cabhair ó'n Spáinn. I gceann an mhéid sin bhí ádhbhar buaidh- eartha ní ba mhó ná sin aige, mar bhí gort agus ganntanas bídh ag déanamh díoghbháil mhór d'á mhuinntir, mar
fuair ceithre mhíle bás dh'uireasbhuidh bídh i dTír Eoghain an geimhreadh sin mar ngeall ar an tochailt thug an Fear Ionaid do'n talamh is do'n chur i rith an tsamhraidh. Tá sé againn ó ughdar Gallda go raibh na mná & na páisdí i n-aon tsreath amháin anonn & anall éagtha ar an talamh & a mbéal líonta le neanntógaíbh & copógaí. D'aimhdigh Sitsestar & Moryson, dhá cheannphort Sags- anach, go bhfaca siad máthair chloinne éagtha ar an talamh & plaic féir ghlais ina béal & triúr páisdí le n-a hais & le mhéid gorta & ocrais na bpáisdí d'ionn- suigh siad a máthair a bhí marbh & bheathuigh siad iad féin ar feadh fiche lá ag ithe stéagachaí a máthara & d'éag siad féin ina ceann. Níor sháruigh an ceann ba sine aca deich mbliadhna, & a Dhia láidir na ngrásta! nár bh'iongantach an radharc é sin le feiceáil & nár b'iongantaighe ná sin an tús buinne críostamhlachta bhíthear a chur faoi theangaidh & creideamh Eilíse i n-oileán ghlas na naomh! Thug an Niallach gach ní aca seo faoi deara & ghoill an méid a fuair bás le gort air. Dubhairt sé leis féin, dá seasfadh sé ina n-aghaidh bliadhain, go gcaith- feadh sé géilleadh ar deireadh, mar bhí siad chomh druidthe ina thimcheall & bheith eochair i nglas, &, sul má marbhóchadh siad na mná & na páisdí uilig, dubhairt sé leis féin i n-ainm Dé go ngéillfeadh sé & go mbeith díol an phóir beo d'á threibh 'na dhiaidh le síolrughadh & seadairí fearamhla a gheineadh, a thóigfeadh a áit- seisean ins an machaire, lá ní b'fhuide ná an lá sin le buille fearamhail a bhualadh i n-aghaidh a namhad ar son saoirseacht' a dtíre. Ar deireadh, nuair a thainic sé fhéin ag ceann an chábla, & gan cumhacht aige dhul ní b'fhuide ná gan cabhair ná tártháil le fagháil aige faoi ríoghachta na gréine acht amháin ó Fhlaitheas, d'ísligh sé ar a dhá ghlúin & d'altuigh sé paidir do'n Tríonóid Naomhtha réidh an achair a thabhairt dó & d'á mhuinntir & innsin dó léir smaointighthe cé an rud ab' fhearr dó a
dhéanamh & ar an móiméid mheas sé gur chuala sé glór os a chionn ag rádh “Géill, sul má gcuirfidhear de'n tsaoghal sean-bhunadh Néill Naoi-ghiallaigh.” Annsin ghlac sé cead a chuid seadairí & sgríobh sé litir géillte le n-a seoladh chuig Mountioi, mar b'fhada bhí cathughadh 'na dhiaidh aige & fad 's bhí sé ag sgríobhadh ná litre bhí na deora 'gá dhalladh le mhéid an lionn- dubh a bhí ar a chroidhe, mar bhí sé ag braith ar é féin a chaitheamh faoi chosaibh bodaigh bhodamhail gan sgrúdughadh ná coinsias. Chuir sé an teachtaire ag Mountioi & nuair a fuair sé an teachtaireacht, bhí sé níos bródamhla ná dá ndéanfaidhe árd-rí dhe os cionn ríoghachta Shags- ana, mar bhí faitchíos a anma air roimh an Niallach. Bhéarfaidh sin le rádh do'n leightheóir go raibh mar bhí na míltí saighdiúir aige thart thimcheall an Niallaigh & bhí drogall ar Mhountioi teannadh leis 's gan aige acht sé chéad seadairí. Ins an am chéadna bhí sgéala faoi rún ag Mountioi ó Shagsana go raibh an Bhain- ríoghain éagtha – an chréatúir! agus shíl mé bainríoghain chomh cumhachtamhail léithe go raibh sí i n-ann cor coise a thabhairt do'n bhás. Bhí sgannradh ar Mhountioi go sroichfeadh sgéala faoi bhás na Bainríoghna cluasa an Niallaigh &, dá sroichfeadh, go mb'fhéidir go n-athróchadh sé a intinn, & dheifrigh sé dhá chumanntóir bhí aige ar bhuille boise ar bh'ainm dóibh Sir Liam Godolphin & Sir Gearóid Modhur le riaghail síothchána chur i bhfoirm idir iad féin & an Niallach & séala an Niallaigh a fhagháil air & geallamhaint dó go ndéanfaidhe a thiodhlacan le gárda cosanta go Droichead-Átha, & go mbeith an Fear Ionaid ag fanacht leis annsin. Ar an deichmheadh lá fichead de'n Mhárta, 1603, lá dubh-chroidheach do Éire, breathnuigh ar árd-taoiseach na Niallach, Aodh Ó Néill, i n-aois a thrí fichid bliadhain críon casta le dócamhal cogaidh, a chroidhe briste de bhárr fealltóireáchta a fhealltóirí, a ghaol fola féin,
thréig a dtír & a gcreideamh & deirim-se go mba diabhail iad i gcroiceann duine – breathnuigh air le n-a ghruaig & í liath, roctha ina éadan & é ag dearcadh fiche bliadhain níos sine ná bhí sé le brón & dólás i dtaobh na Neamh-Éireannaigh fealltacha ag fealladh air & brealais Chariú – a shanntughadh! Acht ónón ó! a léigh- theóirí, breathnuighidh léir smaointighthe ar an seadaire ba fearamhla & ba mhisneamhla d'ar leag bonn le bóthar ariamh ag umhlughadh & ag géilleadh ar a dhá ghlúin do Mountioi, a dhearg-námhaid ag an Mainistir Mhóir! Labhair Mountioi leis go mín réidh socair suaimhneach, & a ghrádh! bhí an oiread sin faitchís aca roimhe & go dtiubhradh siad coingheall ar bith a d'iarr- fadh sé ortha, le chomh sanntach & bhí siad ag baint a airm chogaidh de. Caib. LV. – Na Coinghill. SEO IAD na coinghill a cuireadh i n-umhail do'n Niallach: (1) i dtois- each, lán maithteanais faoi'n am a caitheadh; (2) seilbh a dhúithche a fhagháil léir fola a threibhe & a theideal Gallda a phronnadh air ath- uair “Iarla Thíre Eoghain;” (3) lán- tsaoirseacht a gcreidimh a bheith aige féin & ag a mhuinntir; (4) & go gcaithfeadh an darna séala chur i bhfoirm leis an teideal seo; aith-sheilbh na ndúithchí a bheith aige féin & ag a lán de na taoisigh eile a bhí i seilbh na dtreabh, acht amháin innmhe bhí ag Hannraoi Óg Ó Néill & fearann buird a bhí ag Toirdhealbhach ins an bhFeadh i gConndae Árda-Macha, & mar aguisín, bíthear le sé chéad acra
bhaint as talamh na dtreabh chois an Uisge Duibh le Dúnphort Mountioi & Charlemont a bheathughadh, leath & leath a bheith ag gach aon aca. Maidir leis an Niallach féin, cuireadh 'fhiacha air go gcaithfeadh sé a thaoiseachas Gaedhealach a shéanadh, & a shlabhradh & a choróinín Gallda a chaitheamh léir séala an ríogh, mar ba chóir do iarla Gallda a dhéanamh, & cead a thabhairt do shirriamaíbh Gallda comhnuidhe ina dhúithche & sgríobhadh go dtí an Spáinn i gcoinne a mhic Hannraoi bhí i gcúirt an ríogh annsin agus a thabhairt mar bráighe do Righ Shagsana. Chuir seo críoch leis na coinghill & chuir sé críoch mar an gcéadna le cogadh na n-Ultach mar b' éigean dóbhtha géilleadh do na sirriamaíbh & do na giuistísíbh Gallda mar ngeall ortha bheith claoidhte caithte ag gort, anró, cáill & ocras. Ba bhuidhe bhocht leis na créatúir párdún an ríogh a ghlacadh de bhárr a leathtruim & tá sé againn ó ughdar Gallda gur chosain an cogadh ar mhuinntir Shagsana trí mhilliún & ceithre chéad míle púnt ar feadh deich mbliadhan i n-Éirinn & budh daor an cogadh ortha é, mar chaill siad bunáinte an méid brothairí cogaidh bhí aca mar aguisín, & chaill Éire bhocht timcheall 's leath a cuid daoine leis an gcogadh chéadna.
Caib. LVI. – Cuairt na dTaoiseach go Sasana. SEAL gearr 'na dhiaidh seo ghluais Mountioi go Sagsana, & Aodh Ua Néill & Ruaidhrí Ua Domhnall leis le n-a dtabhairt i láthair an ríogh. Nuair a bhuail siad cuan i mBeau- maris (insa' mBreatain), chuaidh siad ar mhuin capaill ag tarraint ar an rígh, & léir mar bhí siad ag cur a mbealaigh díobh, bhí na mílte baintreabhach & míle mílte dílleachtaidhe 'gá leanmhaint nuair a chuala siad ainm an “Niallaigh!” le sásamh a bhaint as i n-éiric cnámh na mílte aithreacha a bhí ag tuaradh ar uachtar na talmhana i n-oileán glas na naomh. Shroich siad an rí & d' umhluigh siad ina láthair, agus bhí fearadh na fáilte aige rompa ó n-a chubhair-fhiacail amach, & phronn sé an neamh-theideal bréige “Iarla Thíre Eoghain” ar Aodh Ua Néill, & “Iarla Thíre Conaill” ar Ruaidhrí Ua Domhnaill – an chéad fhear de'n bhunadh sin ar pronnadh teideal Gallda riamh air. I dtaobh an fhealltóra Niall Garbh, a thréig a thír & a mharbhuigh a cháirde gaoil féin ag feitheamh go ndéanfaidhe ard-taoiseach de, de bhárr a ghníomh fealltóireachta, acht ní hamhlaidh bhí, mar b' éigean dó umhlughadh & géilleadh faoi spraic Ruaidhrí Uí Dhomhnaill agus chráidh sin a chroidhe. I dtaoibh an fhealltóra, Art Ó Néill, mac Thoirdhealbhaigh Luinigh, bhí sé cinnte go ndéanfaidhe árd-uachtarán de os cionn na Niallach, acht níor hárduigheadh a onóir ní b' airde ná rudaire & fuair sé mar dúithche sgreablach beag talmhana i gcoirnéal na tíre &, mur raibh sé sásta leis, creidim gur chuir sé a cheasacht ina cheann.
I dtaobh an dá Iarla, thug an rí lorg a láimhe dhóbtha ag cóimhcheangal a theidil n-a shéala le n-a dteideal & a suaitheantas a chur i bhfoirm i n-Éirinn mar iarlaíbh Gallda a bheith ag géilleadh do 'n dligheadh. Seoladh go hÉire iad & thóig siad an áit a bhí toghtha dóibh. Is iomdha dó-bheart tútach a cothuigheadh na beagáin bliadhanta a bhí Aodh Ua Néill ina Ghall-iarla, mar ba mhór le brosgán Shagsana bhí 'na gcomhnuidhe annsin Aodh bheith os a gcionn. Thnúth siad le n-a chuid tal- mhana & bhí lafart ortha le n-a chuid fola d' alpadh. Bhí an diabhlaidheacht chéadna dh'á cothughadh i n-aghaidh Ruaidhrí Mhic Dhomnaill & bhí spíodóirí & panantóirí chomh tiugh leis na míoltógaíbh thart timcheall a thíre, & b' fhada leobhtha seo bhí Aodh ag ríghniughadh, & mar bhí sainnt aca ina dhúithche, i gcóir ná i n-éagcóir, bhí dúil aca buaithrín an bhasgaidh a chur air, mar bhí siad i dtóláimh 'ghá fhaire mar bheith cat ag faire lochóige & ag sgríobhadh a gcuid litreachaí bréige laetheamhail go dtí an Fear Ionaid, & ar deireadh thainic “am an fhaothaimh”. 'Sa mbliadhain 1607, hinnsigheadh faoi rún do'n dá Iarla go raibh sé d'a iomrádh i measg na nGall go raibh Aodh Ua Néill ag braith ar bun cogaidh a chur air féin aríst, & de bhárr an iomráidh sin bhíthear le n-a ngabháil.
Caib. LVII. – Deoraidheacht. BHÍ Aodh ar cuairt ag Sitsestar nuair a cuireadh é seo i n-umhail dó & níor leig sé a rún le n-'ais. Ghlac sé cead Sitsestar & chuaidh sé ar cuairt chuig a charaid Sir Gearóid Modhur, & chaith sé suim laetheanta leis. Thug an Modhrach faoi deara go raibh driopás aisteach fá'n Niallach & thuig sé as sin go raibh rud icínt ag cur íognódh air. Thug sé crathadh láimhe te téagarach do'n Mhodhrach, mar bhí a fhios ag an Niallach go mbadh é an crathadh láimhe deireannach aige é. Chraith sé lámh mar an gcéadna le gach uile bhall d'á raibh 'sa teach, & d' fhág sé a sheacht gcéad beannacht aca & é ag síor-shilt na ndeor. Thiomáin sé féin & a chumhlódar leobhtha ar mhuin capall nó gur shroich siad Ráth Maoláin & long faoi sheoltaibh annsin ag fuireacht leó. Chuaidh sé féin & a chúram ar bord, is Ruaidhrí Ó Domhnaill & a mhuirighin. I gceann an mhéid sin & an méid a thug siad leobhtha d'á gcáirde gaoil, bhí beagnach céad ar bhord luinge & ar an uair mharbhtha de'n oidhche, ar an gceathramhadh lá déag de Mhí Meádhoin an Fhoghmhair, thug siad an fhairrge mhór do'n luing, ag fágáil slán & beannacht ag oileán glas na naomh, agus ó chruthuigh Dia an saoghal ní dheachaidh aon lucht luinge trasna na fairrge ba chríostamhla, ba fearamhla, ba mhacánta ná ba bheann- uighthe ná an lucht luinge sin. Ar feadh trí lá dhéag, bhí anfadh & gargaint na dtonntrachaí ag gabhailt do'n luing & tá sé againn ó ughdarás fírinneach gur thuirling dhá sheabhac ar an gcrann seoil, agus tá sé ráidhte i measg na sean-seanchaidhthe Gaedhealach go mba
dá aingeal iad a thainic ó'n Maighdin Mhuire le n-a dtreorughadh 'un cuain. Léis iad a bheith lá agus fiche dh'á gcíobáil ar an bhfairrge, bhuail siad cuan ag Havre de Grace insa' bhFrainnc, & a sprúille deiridh bídh itthe aca. Bhí fearadh na fáilte ag an rígh rompa & ní thig linn a mhíniughadh annseo chomh nádurtha & bhí sé leo. Bhí tafannóir a bhain leis na Gaill insa' tír sin & ar feadh trí lá bhí sé ag agairt & ag bladar an rí droch-íd a thabhairt ar an Niallach & ar an méid a bhí leis. Níor thug an rí aon áird air acht oiread 's bhéaradh sé ar choileán madaidh, & b'éigean do'n tafannóir imtheacht ó'n rígh ina bhromachán bliadhna, mar bhí an rí chomh fáilteamhail roimh na hÉireannaigh & bheith sé, dá mbadh aingil a sheasfadh ina láthair. Bhí an Niallach i gcomhnuidhe ag smaoineadh ar an sean-tír & é ag rádh leis féin, dá gcuirfeadh Dia ina bhealach cabhlach a chruinniughadh & a thidheacht go hÉire, go raibh neart seadairí annsin a bhéarfadh congnamh dhó, & go gcuirfeadh sé an ruaig ath-uair ar na mais- tíníbh ba chionntach le n-a dhíbirt as a thír dhúthchais féin, acht ní raibh aon chabhlach i ndán do'n Niallach & bhí lionn- dubh & dubrón cráidhte ag méadughadh laetheamhail ina chroidhe & 'ghá chrupadh ina chéile, mar bhí a fhios aige an droch-láimhsiughadh bhí muinntir na hÉireann fhagháil & gan éinne le fóirthín a thabhairt dóbhtha acht Rí na nGrásta. Chuaidh siad ó'n bhFrainnc go dtí an Róimh is chuir siad fúbhtha annsin, & fuair siad dualgas bliadhna ó'n bPápa & ó Rígh na Spáinne le n-a mbealach íoc, is ní fearr ná thuill siad é, mar throid siad go fearamhail i n-aghaidh na Sagsanach le creideamh na Sagsanach a choinneáil ó'n gcreideamh Rómhánach a lot. Chuaidh Ruaidhrí Ó Domhnaill ar slighe na marbh i 1608, & i gCúirt na n-Aingeal go raibh a anam! Mhair an Niallach ocht mbliadhna 'na dhiaidh faoi bhrón agus dólás,
faoi bhuaidhreadh & briseadh croidhe & ar deireadh d'éirigh sé dall & d'éag sé insa mbliadhain 1616. Faoi choimirc na Maighdine, na n-Aingeal 's na naomh, go raibh anam an Niallaigh, an seadaire fíor. Amén, a Thighearna! (Thiocfadh liom a lán eile a rádh annseo, acht b'éigean dom críoch a chur air, mar nach raibh aon am agam. Ní raibh aon am agam a aithsgríobhadh amach, & má mheasann sibh go bhfuil aon fhocal bun os cionn, is furust é sin a leigheas, mar tá an leigheas in mo lámhaibh féin & deirim-se go mb' obair dócamhail í seo & gur theastuigh stuaim & meabhair chinn le n-a cur na chéile. Tá an Ghaedhilge tá 'ghá labhairt faoi láthair agaibh insa stair seo, ar an ádhbhar nach ndeachaidh mise ag cuartughadh na bhfoclóirí ag iarraidh na Gaedhilge. Dá dtéidhinn, & an Ghaedhilge sin a chur insa' stair, ní thuigfeadh na Gaedhilgeoirí í, & mheas mé go mb'fhearr an foclóir mo cheann féin ná fochlóir ar bith d'ar clóbhuaileadh ariamh.) Leas-ainm, “NOCHTADH NA FÍRINNE.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services