Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Aodha Uí Néill

Title
Beatha Aodha Uí Néill
Author(s)
Mag Ruaidhrí, Micheál,
Pen Name
Méarthóg Ghoill / Nochtadh na Fírinne /
Compiler/Editor
Soirtéal, Uilliam
Composition Date
1903
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Caib. I. – Bunadh na Niallach.



IS IOMDHA seadaire gaisgeamhail a geineadh
i sean-Inis Fáil, & i measg na seadairí ní
raibh éinne aca ba ghaisgeamhla ná ba
ghéar-chúisighe ná sliocht Néill Naoi-Ghiall-
aigh, agus ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar
ghaisge ná ar fhearamhlacht na seadairí
sin. Do réir seanchaidhthe na hÉireann is
minic a thug Niall féin turas ar na ríogh-
achtaibh eile, ag slad agus ag cosgairt
roimhe; agus an t-ádhbhar ar tugadh an
t-ainm seo air, chlaoidh sé naoi dtreabha,
agus, mar chomartha síothchána, chuir sé
faoi ghabháil a naoi gceannphuirt agus choinnigh sé faoi
ghlas iad. Ní'l lá dhá fhad nach dtigeann a thráthnóna;
agus b'fhearacht sin leis-sean é, tháinic a lá níos
tobainne 'ná shíl sé é.



D'fhuagair sé cogadh i dtír na bhFranncach, & sul má
raibh an cogadh sin i n-a neart, i gcóir ná i n-éagcóir,
mharbhuigh ceann d'á chuid saighdiúir féin é. D'fhág sé
ochtar mac 'n-a dhiaidh, agus chuir ceathrar aca fútha i
gCúige Midhe, agus an ceathrar eile chuir siad fútha i
gCúig Uladh. An ceathrar a chomhnuigh i gCúige Midhe,
is uatha a shíolruigh Niallaigh an Deiscirt; agus an


L. 4


ceathrar a shocruigh i gCúige Uladh, glaodhtar Niallaigh
an Tuaiscirt ar a sliocht sin. Conall, ceann de
Niallaigh an Tuaiscirt, chuir sé faoi i nDún na nGall,
& baisteadh an tír as – Tír Chonaill. Bhí Eoghan ar fhear
eile aca & tugadh mar ainm ar an áit ar chuir sé faoi
Tír Eoghain. Cuartuighidh stair an domhain go hiomlán,
agus léighidh go cúramach iad, & a leithide de cháil léir
(do réir) acluightheacht, pionnsaidheacht, fearamhlacht,
agus urrudhais, ní'l sé le léigheadh go léighfidh tú gais-
ceamhlacht bunaidh na Niallach.



Mar shamhail, breathnuigh an crann mór liomháin ag
fás i lár na coilleadh i n-ithir shaidhbhir, &, an ghaoth is
láidre shéid as an aer ariamh, ní bhainfeadh sí feanncadh
as an gcrann sin, acht amháin, nuair a shlabhacfadh na
duilleabhair, go mb'fhéidir go gcuirfeadh an ghaoth le
fánaidh beagán aca. B'amhlaidh a bhí brothairí Shacsana
os cionn ceithre chéad bliadhan ag ionnsuighe bunaidh na
Niallach & ar an bhfad sin ní raibh siad i n-ann drannadh
leobhtha, nó go dtáinic rún díoghaltais i gcroidhthibh na
nÉireannach i n-aghaidh a chéile, agus i leabaidh iad a
bheith dílis dóibh féin, thoisigh siad ag troid i n-aghaidh a
chéile go bhfeicfeadh siad cia aca a gheobhadh lámh i
n-uachthar, agus ní'l éan-bhuille d'ar thug siad ar an
gcuma sin nach raibh siad ag borradh agus ag near-
tughadh cumhachta Shacsana ina n-aghaidh féin. B'amhlaidh
bhí muinntear na hÉireann i gcomhnuidhe, bhí tubaisde
éigin eatorra a bhí d'á mbrosdughadh i mbealach a
mbasgtha, agus cuirfidh an stair bheag ghearr seo i
n-umhail díbh go raibh ball amháin de bhunadh na Niallach
mí-chríosdamhail do réir a chreidimh agus tugtar mar
ainm air – Conn Bacach, athair Mhaitiú, a mhic
dhíomhaoinis, agus is iomdha athair mí-ghníomhartha a thóig
mac maith. Ba fimineach a bhí i gConn agus ba
fealltóir d'á thír a bhí i Maitiú, agus ba seadaire
téagrach d'á thír agus d'á chreideamh bhí i n-Aodh
Ó Néill, mac Mhaitiú réamhráidhte.


L. 5


Caib. II. – CONN BACACH & MAITIÚ.



ANOIS níor tugadh ar ríghthibh Shacsana acht
“tighearnaidhe na hÉireann” go
dtí an bhliadhain 1541, agus do
comóradh Feis i mBaile Atha Cliath
agus tugadh cuireadh do na taois-
eachaibh a theacht 'na Feise le tiodal-
aibh spleadhacha a thabhairt dóibh.
D'fhreastail a lán aca an cuireadh
agus fuair cuid aca tiodal bréige
do réir bladaireacht an tSacsan-
aigh, acht fuair an t-ochtmhadh rí Hannraoi an tiodal ab'
áirde, mar d'amhduigh siad ina láthair go raibh
Hannraoi as sin amach ina rígh ar Éirinn. Tugadh
ar a lán aca ar bhuille boise dul go Sacsana, agus
nuair a shroich siad ann sin, cuireadh i n-umhail dóibh go
raibh Hannraoi 'na rígh ar Éirinn. Bhí fáilte mhór ag
Hannraoi rómpa. Imeasg na dtaoiseach bhí Conn
Bacach, agus fuair sé mar thiodal ó Hannraoi “Iarla
Tíre Eoghain,” agus d'fhiafruigh Hannraoi de cé aige
a bhfágfadh sé an oighreacht tar éis a bháis, agus
dubhairt Conn leis go bhfágfadh sé ag Maitiú é, agus
leis sin dhearc na taoisigh eile ar Chonn go danardha,
agus sgannruigh Conn, mar bhí a fhios aige nár mhaith
leis na taoiseachaibh Maitiú a bheith 'na Iarla, agus thug
sé ar ais an focal agus dubhairt sé go mbeadh an
tighearnas ag Seaghán. Níor thaitnigh sin le Hannraoi,
mar bhí a fhios aige nach raibh éin-spéis ag na taoiseach-
aibh i Maitiú, d'á bhrígh sin, b'fhearr le Hannraoi
Maitiú a bheith 'na Iarla, mar bhí sé cinnte go
gcothóchadh sé clampar i measg na Niallach, agus
bhronn sé d'onóir ar Mhaitiú – Barún Dhúin Gheanainn,
agus go mbeadh sé ina Iarla ar Tír Eoghain tar
éis bháis Chuinn, a oide altroma.


L. 6


Ba dubh an turas an turas sin do thaoiseachaibh na
hÉireann agus go mór-mhór do Chonn Bacach. Nuair
d'fhill sé ar ais bhí gráin agus fuath ag na hUltachaibh
go léir dó, mar ba hé an chéad Ghaedheal d'ísligh
a ghlún fá rígh Ghallda.



Bhí a bhunadh féin agus gach uile dhuine eile ar fud
na tíre d'á mhasladh do réir cainte (go) laetheamhail.
Shroich an masladh seo go dtí cluasa Chuinn, agus bhí
a fhios aige go mba tuar teichte dhó é, nuair ab' fhearr
leis a mhac díomhaoinis i leabaidh a mhic dhlisteanaigh
féin – Seaghán, mac do'n mhnaoi ab' uaisle agus ab'
áirde cáil i n-Éirinn, inghean an Ghearaltaigh, Iarla
Chille Dara, an fear ba chumhachtaighe i n-Éirinn.



Nuair cuireadh i n-umhail do Sheaghán nach raibh
oighreacht ar bhith le fagháil aige, phreab sé agus ar
seisean: “Caithfidh mise ceart agus cóir fhagháil do
réir riaghalta na treibhe, agus ní ghéillfidh mé d'fheall-
tóir m'athar. Tá bunadh na Niallach ar mo thaobh agus
cuirfimid an ruaig ar Mhaitiú agus ar a nIarla bréige
suas go dtí teorainn na Sacsanach.” Bhí sgannradh
mór ar Chonn & mheas sé nach mbeadh cumhacht
Hannraoi i n-ann a chosaint i dTír Eoghain, agus, mar
sin de, d'ainmnigh sé Seaghán a beith ina oighre
leabaidh Maitiú, & ní le cion ar Sheaghán a dubhairt sé
na focla seo, acht le teann faitchís, mar bhí gach
uile fhear a bhí i n-ann breith ar arm faobhair ag bagairt
cogaidh air.



I dtaobh an fhir dhorcha, Maitiú, nuair fuair sé
seachadadh na láimhe folaimhe ó Chonn, d'fhás báinidh
mhór air agus d'iarr sé congnamh ar Riaghaltas
Shacsan, agus fuair sé sin, mar nach raibh uatha i
gcomhnuidhe acht leithsgéal éigin d'fhagháil le muinntir
na hÉireann a chur ag troid i n-aghaidh a chéile. D'iarr
siad air a fhocal a leasughadh & Maitiú a bheith mar
Iarla. Ní bhrisfeadh sé a fhocal agus d'á bhrígh sin
cuireadh fá ghlasaibh i mBaile Atha Cliath é.


L. 7


Caib. III. – SEAGHÁN.



“IS raimhe fuil ná uisge.” Nuair chonnaic
Seaghán go raibh a athair fá ghlas ag na
Sacsanachaibh, d'agair sé na treabha
faoi chongnamh a thabhairt dó leis na Sac-
sanaigh 'ionnsuidhe agus a athair a fhuas-
gailt. Níor fheall siad air. Chruinnigh
siad ina sluaightibh & Seaghán ar a
gceann & sin é a thaitnigh leis na
Sagsanachaibh mar bhí siad lán-chinnte
go gclaoidhfeadh siad Seaghán i gcath
uaire & go mbeidheadh Cúigeadh Uladh
Éireann aca ar a gcomhairle féin.



Leis an obair sin a chóimhlíonadh, sheol siad na mílte
saighdiúir ó thuaidh le smacht do chur ar Sheaghán & an
cumas do bhaint de, acht níor éirigh leo. D'ionnsuigh
Seaghán iad & a fheadhnach seadairí, agus rith na
Sacsanaigh rompa mar rithfeadh ál cearc ó sheabhac,
agus mharbhuigh na Sacsanaigh iad féin ag siubhal i
mullach a chéile ag rith ó Sheaghán. Níor stad siad
aige sin. Chuir siad sluagh úr-nua anuas ó Bhaile
Átha Cliath, acht sháruigh sé orra Seaghán & a chuid
seadairí a bhualadh. Nuair nár fhéad siad an fear
cumasach seo a chlaoidh, mheas siad go mbadh é an rud
ab' fhearr dóibh a dhéanamh cead na gcos a thabhairt do
Chonn, & thug siad a shaoirseacht dó, mar bhí siad cinnte
go dtiocfadh Seaghán chum síothchána leo. Acht dheamhan
baogal a bhí air, bhí sé tar éis fuil a námhad a
bhlaiseadh, agus i leabaidh é síothcháin a dhéanamh, bhí sé
'gá n-ionnsaighe ní ba bhuirbe gach lá.



Bhí an fear dorcha ina dhealg iarpais in' aghaidh an
t-am céadna, mar bhí treabh aige ag troid fá n-a
bhrat agus d'ionnsuigh sé Seaghán, & má d'ionnsuigh féin,


L. 8


budh 'in é ionnsuidhe “na súile caoiche” aige. Chuir
Seaghán an ruaig go mion is go minic air, & chuir sé
an ruaig mar an gcéadna ar a lán eile aca, & thuit
Maitiú sa mbliadhain 1558, agus thuill sé é, mar bhí sé
ina fhealltóir i n-aghaidh a thíre. Adeir na Sacsanaigh
gur ag Seaghán do bhí lámh ina bhás. D'fhreagair sé
iad nach raibh baint ná páirt aige le n-a bhás & mar'
mbeith siad sásta leis an bhfreagra sin, go raibh cead
aca dul ag feadghail i n-aghaidh na gaoithe. D'éag
Conn an bhliadhain d'ár gcionn. Bhí an bóthar réidh do
Sheaghán annsin, agus chruinnigh an treabh & rinneadh
árd-taoiseach de os cionn na Niallach & is
iomdha cath fearamhail borb do throid Seaghán ag
ceann a chuid seadairí ar feadh deich mbliadhan, nó
gur marbhuigheadh go fealltach é i measg a ghaol fola
& feola féin.



Caib. IV. – TEACHT AODHA.



ANOIS, i dtaobh an fhir dhorcha Maitiú,
d'fhág sé mac 'na dhiaidh timcheall
trí bliadhna déag d'aois, & seo é an
mac a dtugtar mar ainm air – Aodh
Ua Néill, an fear a mbéidh iomlán
na cainnte seo faoi. Chuir lucht
riaghaltais Shagsan a gcinn i gceann
a chéile & dubhairt siad leo féin nach
raibh aon choiscéim aca le tógáil ba
dírighe ná Aodh Néill do thabhairt go Sagsanaibh &
a oileamhaint ar nós an tSagsanaigh do réir gníomh-
artha agus briathra, do réir nósa, smaointe & cumais,
agus do réir teangadh, agus a chroidhe a chalcadh le


L. 9


gach uile chineál galldachais níos measa ná a chéile,
insa riocht go ndéanfadh sé dearmad ar a thír féin
agus ar bhunadh na Niallach, agus go mbainfeadh sé
sásamh intinne asta i n-éiric báis a athar.



Tá sé ráidhte gur tugadh Aodh go Sagsanaibh, &
fuair sé sgoil agus léigheann ina measg. Níor cheil
siad nídh ar bith air; agus cúrsaidhe bainríoghna Eilíse
dhe, budh é radharc a súl & siubhal a coise é. Bhí Aodh
ina fhear thábhachtach griongalach & an-ghlic. Ní raibh sé
ró-árd ó thalamh. Bhí sé suidhte rithte & leithead mór
idir dhá bhois a shlinneáin. Bhí acluightheacht cos agus
lámh aige, & maidir le pionnsaidheacht, ní raibh a
leithéid le fagháil. Ba fear é a bhí i n-ann dócamhal
oibre & sglábhuidheacht d'fhulaing. Bhí sé ciúin socair
i gcomhluadar. Bhí sé macánta do réir creidimh, bhí
sé fearamhail i n-aimsir chatha, & bhí sé madramhail
dána nuair a bhainfidhe é. Bhí sé géar-chúiseach i
gcomhairle & níor sáruigheadh ariamh é i ngaisge, i
ngníomh ná i ngradh d'Éirinn. Bhí a lán nídhthe le
foghlaim ag Aodh do réir cleasaidheacht & bun-eolais
cogaidh i measg na nGall, & níor séanadh ní ar bith
aca so air, mar mheas siad, an fear a chuirfeadh a
mbratach féin ag eiteall ar fad & ar leithead na
hÉireann, go raibh siad 'ghá aclughadh do reir cogaidh
Acht is minic a bhain fear slat a bhuailfeadh é féin &
b'fhearacht sin leis na Gallaibh. Bhí siad ag cur
fabhairt & fuinnimh ins an láimh a bhí le n-a gcrádh i
ngan fhios dóibh féin, agus feicfidh sibh ar fhad na
staire seo gur bhuail an tslat do gheárr an Sagsa-
nach é féin.



Maidir le Aodh, tar éis suim bhliadhanta a chaitheamh
fá choimirc na Cúirte Ghallda, ní raibh aon fhear ins an
gCúirt ba mhó eolas ar bhun-ughdar cogaidh ná é,
agus, nuair a mheas siad go raibh sé i n-ann áit a athar
a thógáil i n-Éirinn & smacht a chur ar na hÉireannaighibh
borba, thug siad an tÁrd-tiodal “Barún Dhúin


L. 10


Gheanainn” dó, & seoladh go hÉire é ar bhuille boise,
agus feadhnach saighdiúir ina chuideachta & iad comh
sanntach le faol-choin le fuil na n-Éireannach a
alpughadh. Do réir baramhla na seanchaidhthe ní raibh
mórán eolais ag Aodh ar Ghaedhilge, acht amháin gur
labhair sé í go raibh sé trí bliadhna déag d'aois &, nuair
a calcadh a chroidhe le Béarla an tSacsanaigh, rinne
sé dearmad ar an gcuid is mó de'n Ghaedhilge labhair
sé i dtús a óige. Ar an ádhbhar sin de, chomh fhad & bhí
sé i Sagsanaibh, níor fhéad sé bheith comh téagarach d'á
thír féin & bhéadh sé dá mbéadh sé gan Bhéarla;
acht tá sé ráidhte nuair tháinig sé go hÉirinn agus
cumhachta an tSagsanaigh leis le n-a thír a shaoradh ná
a dhaoradh, mheadhuigh sé na smaointe sin ina inntinn.
“Éireannach mé,” ar seisean, “do réir geineamhna,
do réir fola & creidimh, agus do bhéinn níos measa
ná Iúdás dá mbuailinn buille fealltach i n-aghaidh mo
thíre ag cosaint na námhad. Sacsanach mé do réir
slabhraidhe deallraidh & daighsíní áilne mar bhun
urrudhais do thiodalaibh Eilíse, acht ní'l ionnta seo acht
comharthacht bréige, agus d'éalóchadh siad mar leaghfadh
cnap sneachta roimh theas na gréine, & ní'l ins na
práisiléidíbh seo, acht mar folach olna ar leomhan na
coilleadh ag iarraidh uan a dhéanamh dhe i n-aghaidh na
nádúire, agus is diabhalta deacrach an obair í, & is
deacraighe ná sin fealltóir a dhéanamh dhíom-sa i
n-aghaidh mo thíre. Níor thainic m'am-sa go fóill ná
ní'l m' fhoghmhar aipidh & nuair bhéas, buailfidh mise
an Sacsanach leis an tslait a bhain sé féin, & béidh an
Lámh Dhearg i n-uachtar.” Tá sé againn ó na sean-
chaidhthibh gurab iad seo na smaointe a bhí ag Aodh chomh
fhad & bhí sé i nDún Gheanainn, sul mar tharraing sé a
chlaidheamh faobharach i n-aghaidh an tSagsanaigh, & le
linn an ama sin is iomdha dó-bheart a chothuigh muinntir
na Bainríoghna le n-a gcumhacht a sgaradh ar fud na
ríoghachta.


L. 11


Caib. V. – CÉAD SÁTHADH AODHA.



NÍ hé amháin go raibh siad ag tabhairt
iarrachta ar Éirinn a chreachadh,
acht chuaidh siad go dtí an
t-Oileán Úr, agus d'éirigh leo an
taobh ó thuaidh de'n Oileán soin a
shlad & a mbriosgán dí-mhúinte
gan creideamh a fhágáil ann &
tugadh mar ainm air (i gcead
duit-se) Sagsana Nua. Mheas
siad an dó-bheart chéadna a bhualadh ar na hUltachaibh
i n-Éirinn, acht bhí dealg ní ba ghéire aca le n-ionnsuighe
i n-Éirinn ná bhí aca ins an Oileán Úr.



Dá réir sin, d'agair Rúnaire na Bainríoghna í, bun-
suidheachan a chur ar a mhac i n-Éirinn – Tomás Mac
an Ghabhann ab' ainm do'n Rúnaire, mar nár fhéad a
mhac slighe bheathadh fhagháil i measg na h-uaisle i
Sagsanaibh, mar tá sé againn ó ughdar mhaith gur mac
díomhaoinis a bhí ann agus gur dearcadh air mar
shuarachán.



Nuair a bhí an suarachán seo gan maoin i Sagsanaibh,
chuir an Bhainríoghain go hÉirinn é le cur faoi ins na
h-Áirdibh i gConndae an Dúin & sluagh mór saighdiúir
ina chuideachta, & leis an tsuarachán so modhamhlacht &
creideamh a mhúnadh do na hUltachaibh – & gan bhréig &
gan mhagadh (i gcead díbh-se) ba mhaith an bun creidimh
é – le mac an Rúnaire bail a chur ar a chuid oibre,
dubhradh leis nach dtiocfadh leis críostamhlacht a
mhúnadh dhóibh gan a gcreachadh i dtosach & nuair a bheith
siad creachta aige, céad & fiche acra talmhan a
thabhairt do gach uile choisidhe a bhí faoi agus a dhá oiread
soin acra a thabhairt do gach uile fhear de'n mharcshluagh.


L. 12


Ba le Brian mac Airt Uí Néill taobh na tíre sin, &
'nDomhnach, ní raibh sé ag dul 'gá thabhairt do choimhigh-
theach gan fios god chuige, ná caidé an t-ádhbhar, agus,
sul má bhfuair mac an Rúnaire blas na meala, tháinic
Brian mac Airt Uí Néill, & a shluaighte seadairí ina
airicis; agus thug sé crathadh láimhe dó, le fabhairt &
fuinneamh claidhimh ghéir na hÉireann. Marbhuigheadh
an Gabhach & an fearr-is-bárr d'á chuid saighdiúir, &,
bhuail an chuid eile aca buille ar a' tréat go Sagsanaibh,
& a gcreideamh leó. Sa mbliadhain 1571 thárla sé seo.



Níor stad na Sagsanaigh aige sin, mar tháinig
Uáitéar Devereux, Iarla d'Essex go hÉirinn, & dhá
mhíle dhéag saighdiúir faoi n-a choimirc le na hUltaigh
a ghlanadh amach 's amach. Ar na hÁirdibh a bhí a thriall
i gConndae an Dúin. Le dul chum cinn leis an obair
seo, chuir sé a dhúithche i bhfiachaibh leis an mBainríoghain
agus fuair sé deich míle punnt uaithi, le fearaibh &
gléas cogaidh fhagháil, le chomh tairbheach & mheas
siad an obair sin a bheith. Chruinnigh os cionn dáréag
de na hárd-tighearnaidhibh, agus chuaidh siad i gcóir
leis, mar bhí siad lán-chinnte go mbeadh deireadh
leis na hUltachaibh nuair a shroichfeadh siad Cúigeadh
Uladh. Ghluais an cabhlach & bhuail siad cuan ag Car-
raig Fearghuis i gConndae Aontroma.



Bhí talamh na n-Ultach roinnte aca roimh ré, & bhí gach
uile choisidhe le dhá chéad acra a fhagháil, agus a dhá
oiread sin eile ag gach fear de'n mharcshluagh.



Nuair a chonnaic na Niallaigh an cabhlach mór
loingis, tháinig catharnas mór eatorra, mar mheas
siad nach ar mhaithe leó tháinig siad chum cuain, agus
b'é Brian, tighearna ar Chlainn Aodha Buidhe, an chéad
fhear d'ionnsuigh iad, mar budh é a thalamh a bhí fútha,
agus ní túisge bhí an cath tosuighthe ná tháinig Toir-
dhealbhach Luineach, ceannphort na Niallach, agus Aodh
Ó Néill, Barún Dhúin Geanainn, agus sheas an triúr aca
dílis d'á chéile.


L. 13


Roimh an am so, bhí sgáthmhaireacht ar na Niallaigh
roimh Aodh, mar shaoil siad gur mó an téagar bhí aige
do Shagsanaibh ná bhí aige d'á thír féin, agus bhí a fhios
ag Aodh go raibh an t-iomrádh so i measg na ndaoine
agus nuair a chonnaic sé go raibh a thír i gcon-
tabhairt, dubhairt sé leis féin go gcaithfeadh sé tiodal
an tSagsanaigh i leithrighe, agus go seasfadh sé dílis d'á thír,
le saoirseacht & creideamh a chongbháil. Annsin, agus
ní go dtí sin, a chuir sé i n-umhail do na Niallachaibh
go mba raimhe fuil ná uisge. Sheas na Niallaigh go
madramhail ina n-aghaidh, agus cuireadh i n-umhail do
Iarla d'Essex nach raibh mórán bríghe ina chumhachta-
san 'gá n-ionnsuighe, &, tar éis mórán cath do throid,
b'éigean dó bos a chumailt d'á leacain agus a aghaidh
a thabhairt ar Shagsanaibh, agus a chuid saighdiúir
tanuighste.



Seo é an chéad sáthadh thug Aodh Ó Néill i n-aghaidh
an tSagsanaigh sa mbliadhain 1573, & nuair a
buaileadh an tIarla d'Essex, rinneadh síothcháin idir
é & Niallaigh an bhliadhain 'na dhiaidh sin, agus, le catharnas
a dhéanamh le Féidhlim, thug Essex cuireadh chum féasta
d' Fhéidhlim & d'á mhnaoi & do a lán d'á gcuid gaolta.
Ag deireadh an fhéasta, thuit a ghaolta le claidheamh
an tSagsanaigh, & tugadh Féidhlim, a bhean & a
dhearbhráthair go Baile Átha Cliath, & sgláradh iad beo
beathadhach ina ngreamannaibh beaga & budh 'in é siothcháin
an tSagsanaigh.



Shíl Essex l'éis seo a dhéanamh go sgannróchadh sé na
hUltaigh & nach raibh aige acht cur faoi & a gcuid
talaimh a thabhairt d'á chuid saighdiúir, acht, ina leabaidh
sin, d'ionnsuigh na Niallaigh é ath-uair & cuireadh an
ruaig air féin & ar a chuid saighdiúir, & chaill sé a chuid
airgid & a chlú agus d'fhill sé go Sagsanaibh ina bhromachán
bliadhna.


L. 14


Caib. VI. – GEARÓID MAC GEARAILT.



LE linn an ama so bhí an Eaglais Chaitileagach
faoi ghéar-chrádh ag na Sagsanachaibh i
gCúigeadh Mumhan, & shroich an crádh céadna
go dtí Conndae Chille Dara. Budh é
Leverous an t-easbog a bhí i gCill
Dara an t-am úd, & cuireadh d'á
chomharbacht é nuair dhiúltaigh sé do
mhionna riaghaltais Eilíse. B'éigean
dó imtheacht, mar bhí a fhios aige an bás a bhí i ndán dó.
Thug Gearóid Mac Ghearailt & a bhain-iarla dídean
dó faoi n-a gcoimirc féin. Bhí cumhachta mhór ag an
nGearóid seo ar fhad & ar leithead Chúigidh Mumhan &,
do réir tiodail na Sagsanach, tugadh mar ainm air
Iarla Deasmhumhan. Bhí sé fuagruighthe ag Riaghaltas
Shagsan, duine ar bith a bhéarfadh dídean do shagart, go
mba bás obann a bhí i ndán dó; & nuair a thug Gearóid
dídean do'n easbog, mheas na Sagsanaigh go dtug sé
a ndubhshlán & nár chuir sé aon tsuim ins na dlighthibh
pianamhla, & bhí Gearóid chomh téagrach sin do'n
chreideamh Rómhánach agus go bpógfadh na Rómhánaigh lorg
a chos le cion air, mar nár fheall sé orra d'á gcosaint
uair a ngéibhinn.



Dubhairt Eilís agus a lucht comhairle fad & bhéadh
luadar a chos ag Gearóid nach dtiocfadh leo a
gcumhachta ná a gcreideamh féin a chur i gCúigeadh
Mumhan & go raibh sé thar am aca creapall a chur air.
Seal gearr 'na dhiaidh sin, sa mbliadhain 1567, thug sé
féin & a dhearbhráthair Seaghán cuairt ar ócáid éigin
go Sagsanaibh &, le ordughadh Eilíse, sacadh faoi ghlas
iad ar bhuille boise.


L. 15


Annsin shíl na Sagsanaigh nach raibh bacall ar bith
orra gan a gcreideamh & a ndligheadh a chur i gCúigeadh
Mumhan. Rinneadh Árd-Uachtaráin de na ridiríbh
Seón Pioróid & Uilliam Drúrí & le n-a gcumhacht a
chur i bhfoirm & na Rómhánaigh a mharbhadh – éinne aca nach
n-umhlóchadh do'n chreideamh Ghallda – b'é a rún dain-
gean na taoisigh Ghaedhealacha a chur ag troid i
n-aghaidh a chéile, & rinne siad gach ní aca so go mío-
náireach, & bhí siad cionntach i dtútghail níos náirighe ná
an méid seo, mar bhladair sé dá fhichid cathruightheóir
i gCill Choinnigh a dhul chum teampaill Ghallda le
creideamh na nDubhghall (Nua-ghall?) a chlos ins an
tSags-bhéarla, &, le dul níos faide, chroch sé sé
Ghaedhil déag & fiche i gCill Choinnigh & dá Ghaedheal &
fiche i Luimneach, & seo é lorg láimhe Dhrúrí. Bhí sé seo
cionntach i rith a ama ina lán coirthe & gach aon choir
aca níos measa ná a chéile, acht fágfaidh mé annsin é,
& is cóir dhom 'innsint do'n léightheóir.



Tar éis Gearóid & a dhearbhráthair bheith suim bliadhan-
ta fá ghlas i Sagsanaibh, cuireadh anall iad go Baile
Átha Cliath & sacadh fá bholtaidhibh iad agus, tar éis seal
gearr a chaitheamh annsin, d'éirigh leó éalódh as a
bpríosún i ngan-fhios do chumhacht an tSagsanaigh,
agus threoruigh siad a mbealach ar mhuin capaill
go Cúigeadh Mhumhan ins an mbliadhain 1574, agus
bhí sgáthmhaireacht ar na Sagsanachaibh a leanmhaint.
Choinnigh sé modhamhail ar feadh ceithre mbliadhan ag
feitheamh ar an bhfad sin le cabhair ó Rígh na Spáinne &
ar deireadh tháinig trí loingis le Spáinneachaibh orra
faoi chúram Mic Mhuiris – col gaolmhar d'Iarla na
Deas-Mhumhan & fairíor! ba neamh-chroidheamhail an
fáilte cuireadh rompa agus, i leabaidh Iarla na Deas
Mhumhan cuideachan leo, bhí sé ag déanamh carthannais
leis na Sagsanachaibh, agus sul már ionnsuigh na Spáinnigh
na Sagsanaigh thuit Mac Muiris fá láimh thútaigh,
ceann de na Búrcachaibh de Chaisleán Conaill.


L. 16


An bhliadhain 'na dhiaidh sin, nuair a chonnaic Gearóid
an t-éagcóir bhíthear a dhéanamh agus dhearc na Sagsanaigh
air mar fealltóir ina n-aghaidh féin, níor fhéad sé a
sheasamh ní b'fhuide, & chuaidh sé ar mhachaire an dubh-
shláin ag cosaint an chreidimh Rómhánaigh. Acht, fairíor,
ní dheacaidh leis, mar, seal gearr 'na dhiaidh sin, sgaith-
eadh an ceann d'á cholainn i dTráighlí. Crochadh a
cheann ar Dhroichead Lonndan mar teasbánadh iongan-
tach do na Sagsanachaibh.



Caib. VII. – COGADH MUMHAN & LAIGHEAN



NÍ thig liom mórán eile do rádh
i dtaobh Cúigidh Mumhan, acht
amháin gur díbrigheadh na sagairt
& crochadh na mná & céasadh na
páistí &, an méid de na fearaibh
nár marbhuigheadh, fuair siad bás
leis an ocras, mar dóigheadh &
losgadh an cur & an talamh &
b'in é beart an tSagsanaigh
i gcomhnuidhe. Is dubh-chroidheach
é le rádh, fhad & bhí an cogadh Muimhneach ar
siubhal, bhí dhá dtrian de na Ghaedhealaibh ar thaobh Eilíse
ag troid i n-aghaidh a dtíre & a gcreidimh, & bhí Aodh
Ó Néill ag troid ar an taobh céadna & feadhnach
marc-shluaigh fá n-a spraic &, dá mbeith ceart le
fagháil, ba chóir gur i n-aghaidh Eilíse a bheith Aodh ag
troid. Acht 'sé mo bharamhail gur 'b é an chaoi a raibh sé
ag breith faille agus ag fanmhaint go mbeith gach uile ní
ollmhuighthe aige roimh ré ina dhúithche féin le sásamh
intinne a bhaint as na Sagsanachaibh lá níos fuide
uaidh ná an lá sin. Acht, mar dubhairt mé cheana, creachadh


L. 17


& bánuigheadh Cúigeadh Mumhan & fuair na Dubh-Ghaill
talamh na bhfíor-Éireannach & sgar siad a neamh-chreid-
eamh & a n-almais Sags-bhéarla ar fhad & ar leithead
an chúigidh sin. Sul má bhfágfaidh mé an taobh seo
do'n tír, caithfidh mé beagán a rádh fá chath a tugadh
i nGleann Mhaoilughra, & béidh an cath so cló-bhuailte
i gcroidhtheachaibh gach uile fhíor-Éireannaigh ar thalamh
an domhain, fad is bhéas an saoghal ar suidheachan.



Thriall na sluaighte de mhaistínibh Shagsana ó Chaisleán
Bhaile Átha Cliath leis an ruaig a chur ar Fhiacha mac
Aodha Uí Bhroin agus ar a chuid seadairí cogaidh i
mbliadhain 1580, & b'in é an lá dubh do'n Tighearna
Mac Ghiolla Riabhaigh – b'in é ceannphort na Sagsach
fuilteach. Nuair a thainic sé féin agus a chuid saighdiúir
go bléin an ghleanna, sgar sé a chuid saighdiúir i
gceathair ná cúig d'fheadhnachaibh agus thosuigh siad ag
smúracht rompa mar faol-chú a beith ag smúracht fola,
& tar éis dócamhail siubhail bhí aithreachas orra a
thidheacht, nuair nach bhfuair siad éinne rompa le n-a
gcuid fola a alpadh, &, mar thuitfeadh an t-aer & an
talamh i n-aghaidh a chéile, d'ionnsuigh na Branaigh iad
& gháir siad de ghuth árd-ghlórach “Bíodh na Sagsanaigh
dearga i n-íochtar,” & ní'l léigheadh ná innsint sgéil
ar an ngníomh gaisgeamhail do bhí i ndiaidh lámh cumh-
achtamhail na mBranach an lá sin. Mharbhuigh siad os
cionn ocht gcéad de na Sagsanaigh fad is bheitheá ag
rádh “Deo gratias,” &, do réir na n-ughdar, ní ag
comhaireamh a choiscéim a bhí an Tighearna Mac Ghiolla
Riabhaigh, ag tidheacht ar ais, acht, mar dubhairt an sean-
fhocal, b'fhearr dó luadar cos a chapaill an lá sin ná
cumhachta Eilíse go hiomlán, & adeir ar seanchaidhthe
gur'b é an chéad mharcach é a shroich Caisleán Bhaile
Átha Cliath, & a mharcshluagh ag déanamh a ndíchill ar bheith
istigh roimhe, acht sháruigh sé iad, mar shíl sé go raibh
claidheamh Fiacha Mhic Aodha Uí Bhroin i n-aice leis.
Fágfaidh mé ag déanamh a sgríste i mBaile Áta
Cliath é.


L. 18


Caib. VIII. – NA hALBANAIGH.



CHOMH fad agus bhí an cogadh so ó
dheas, bhí clampar ag cothughadh ó
dtuaidh, mar ba mhian leis na
hAlbanachaibh do bhí ins na Ghleann-
taibh i gConndae Aontroma
Cúige Uladh Éireann a chur faoi
n-a smacht féin. Nuair a shroich
an sgéala so Aodh Ó Néill, níor
thaithnigh sé leis & le smacht a chur
ar na hAlbanachaibh & a gcur faoi shlait, & leis sin a
dhéanamh i mbliadhain 1584, seoladh mór-shluagh de
chumacht Eilíse ó dtuaidh go dtí Iubhar Chinn Trágha &
sgaradh 'na gceithre feadhnachaibh annsin iad – feadhnach
faoi spraic Aodha Uí Néill, feadhnach faoi smacht an
Ridire Seaghán Pioróid, & an dá fheadhnach eile fá
chúram Iarla na hUrmhumhan agus an taoiseach Norris.
Cuireadh suim loingis go dtí Loch Feabhail gan aon
cóir a leigint isteach & le cosgairt rompa.



D'ionnsuigh na Sagsanaigh ó dheas & ó thuaidh iad, &
bhí na hAlbanaigh ag teicheadh rompa. Bhí Clann Chatháin
i gcatharnas catha leis na hAlbanaigh, & níor éirigh leo,
mar buaileadh iad, & bhain Norris dhá chéad áirnéis díobh
& mar aguisín fuair Pioróid caisleán Dhún-leasa.
B'éigean do na hAlbanachaibh a dhul i n-aghaidh a dtolach
go coilltibh Ghleanna Con Chadhain, & ghéill a gceann-
aire Somhairle Buidhe Mac Domhnaill, &, tar éis
géillte, thug sé gialla do fhear ionaid na Bainríoghna.
Buail siad rompa go dtí an t-Iubhar, an áit ar chomhnuigh
Sir Hannraí Bagenal. Tháinic a lán taoiseach ar an
dá chondae, Dún & Árd-Mhacha, chomh fada le Bagenal
ag umhlughadh dhó agus ag déanamh catharnais síothchána leis,
& seo é an dara uair ag Aodh Ó Néill ag dul as


L. 19


mhachaire an dhubhshláin ag troid ar thaobh na Bainríoghna
ina thír féin, & leis an gcaoi ar bhuail sé féin & an Fear
Ionaid Somhairle Buidhe Mac Domhnaill & a raibh faoi n-a
smacht, mheas na hUltaigh nach raibh aon chabhair dóbhtha
seasamh ina aghaidh & b'áil leo géilleadh do'n Fhear
Ionaid & a dtír fhágáil faoi n-a smacht.



Nuair a mheas Pioróid go raibh taoisigh Chúige Uladh
ag braith ar géilleadh dhó, tháinic aoibhneas ar a chroidhe,
agus mheas sé go mbeith an taobh sin de'n tír aige ar a
chomhairle fein, & le bail a chur ar an obair sin, gan
bacall ar bith a bheith roimhe nár mheas sé féin, roinn
sé an tír taobh thiar de'n Bhanna ina sheacht gconndaethibh
& budh é féin an baisdeoir & seo iad iad: Árd-Mhacha,
Muineachán, Tír Eoghain, Cúil-rathain, Dún na nGall,
Fir Mhonach agus Conndae an Chabháin. Leis na seacht
gconndae seo a dhéanamh chomh Ghallda le seacht shires
Shacsana, thoisigh Pioróid ar a chuid oibre agus chuir sé
bun suidheacháin ar chailicéiríbh, cluainéiríbh & sírriam-
aibh ins na seacht gconndaethibh le gach uile ní a bhain
le dlighthibh na Bainríoghna a chur i bhfoirm agus an
Ghaedheal bocht a choingbheáil faoi smacht.



Shásuigh an obair seo an Fear Ionaid go han-mhaith,
mar mheas sé go raibh na hUltaigh creapallta ar
deireadh thiar, acht deir a lán, & deirim-se ina gceann,
nach bhfuil croiceann na fírinne air seo, acht ní'l
againn acht brígh ar mbaramhla a thabhairt air, & bhí sé
níos sástuigheacha ná sin d'Aodh Ó Néill, mar mheas sé
gur roimh Aodh a bhí faitchíos ag na hUltachaibh &
nach roimhe féin. Ar an ádhbhar sin bhí sé chomh cion-
mhar sin ar Aodh agus nach dtiubhradh sé órdlach de ar ór.



Tar éis an ghnímh ghaisgeamhail a rinne Aodh ag troid
ar thaobh na Sagsanach i gCúigeadh Mumhan & i n-aghaidh
Somhairle Bhuidhe, fuair sé creideamhaint mhór ó Eilís
dh'á bhárr, agus ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar an gcion &
an móir-mheas a bhí ag an mBainríoghain ar Bharún Dhúin.
Gheanainn. Bhí an meas céadna ag an bhfear Ionaid air,


L. 20


mar bhí sé lán-chinnte go raibh gráin & fuath ag Aodh ar
a thír & ar mhuinntir na tíre, mar gheall ar nós an
tSagsanaigh a bheith calctha ina chroidhe de bhárr a chuid
oideachais Béarla. Acht, mar dubhairt an sean-fhocal,
“dheaman an críonna an cat ná an coimeád” & b'fhear-
acht sin le Aodh é, mar bhí Aodh an t-am céadna ag
oibriughadh lámh ag losgadh & lámh ag tárrtháil & ag
bualadh dó-bheart geam-chaoch ar chumhachta na Bain-
ríoghna, dá mhéid a ngliocaidheacht.



Caib. IX. – COGAR AODHA



CHOMH fhad & bhí sé ag caidreamh
catharnais muinntir Shagsana, bhí
sé ins an am céadna ag cothughadh
riaghalta faoi rún imeasg na
dtaoiseach Ghaedhealach & ag cur
bun urrudhais fútha & ag innsint
dóbhtha ins am céadna go mbadh
gearr go dtiocfadh an lá nuair a
sheasóchadh sé ar mhachaire an
dhubhshláin i n-aghaidh na Sagsanach
agus bunadh na Niallach ar a thaobh. I rith an ama
sin dhearc an Bhainríoghan air mar a réalt solasach
le n-a bratach a chur ag eiteall i gCúigeadh Uladh,
agus bhí an bharamhail chéadna ag na hUltachaibh go
mbudh é a réalta cumhachtamhail é a dhíbreóchadh
na Sagsanaigh as a dtír. Agus bhí Aodh chomh
glic agus gur éirigh an dá thráigh a bheith leis – an rud
a sháruigh ar an ngobadán. Nuair a chonnaic sé go
raibh an mámh tionntuighthe, thoisigh sé ag smuaintiughadh
ar an chaoi b'fhearr le n-a chárdaidhe 'imirt, &, sul mar


L. 21


imir sé an mámh, ghluais sé go Sagsana sa mbliadhain
1587 go gcuirfeadh sé féin & an Bhainríoghan a gcinn
le chéile i gcaoin-chomhrádh. Ba mhaith an fios a bhí aige
an chaoi b'fhearr a chuirfeadh sé an chluain uirthi le
bladaireacht Bhéarla, mar níor tóigeadh aon fhear i
gCúirt Shagsana ab' fhearr a raibh fios a bealaigh aige 'ná
ag an Niallach. Ar an adhbhar sin de, thoisigh sé 'gá
bladar le caint a raibh milseacht na meala ar a glór,
agus d'innis sé dhi an chaoi b'fhearr a chárda d'imirt le
smacht a chur ar na hÉireannaigh. Thug sí cluas mhór
dó, agus ar seisean, “Má's áil le do Mhórdhacht tiodal
m'athar móir a bhronnadh orm – 'sé sin, Iarla Thíre
Eoghain – séanfaidh mise ainm na Niallach as seo
amach,” & tá sé ráidhte go raibh Eilís chomh cionmhar sin
ar Aodh go ngabhadh sí ar a dá glúin ag déanamh
oibliogáide dhó níos túisge 'ná d'eiteóchadh sí é faoi
impidhe ar bith a d'iarrfadh sé uirthi. Le focal a béil
& buille d'á claidheamh bhaist sí Aodh & thug sí mar ainm
air Iarla Thíre Eoghain, agus, mar aguisín, phronn sí le
glór a béil talamh na n-Ultach air, & b'in rud nár fhéad
sí a dhéanamh, dá mhéid a cumhachta i n-Éirinn.



Tháinic sé go hÉirinn annsin ar bhuille boise, agus,
mar gheall ar chumhachta Eilíse a bheith leis mar séala
litire, b'éigean do'n Fhear Ionaid umhlughadh dó & gan
dréim ar bith a bheith aige leis. Chuir sé faoi i n-a
chaisleán féin, & bhí sé socruighthe idir é féin & Eilís go
gcaithfeadh sé timcheall & dhá chéad agus dá fhichid acra
talmhan a thabhairt dó le hais na hAbhna Móire le bun
urrudhais a chur ortha & dún daingean a fhadachan.



Foirgneadh é, & tugadh mar ainm air an Port Mór.
Ag an bport seo bhí áth ag dul trasna ó Ard-Mhacha
go dtí Tír Eoghain, agus mheas na Sagsanaigh go raibh sé
an-chomhgarach dhóbhtha.



Le linn an ama so budh é Toirdhealbhach Luineach
taoiseach na Niallach, seadaire lag claon, & mar sin
fein ní dhearna Iarla Thíre Eoghain aon éagcóir air.


L. 22


D'fhágaibh sé mar bhí sé é. Le chomh dílis & mheas siad go
raibh an t-Iarla dhóbhtha thug siad dhó sé chipe marcshluagh
leis na hUltaigh a choingbheáil faoi spraic. Ina
leabaidh sin, do réir mar bhíodh na saighdiúrí acluighthe
chum cogadh aige, d'athruigheadh sé iad, & thugadh sé fir
eile ina n-áit le acluightheacht agus pionnsaidheacht a
mhúnadh dóibh & a gcur i riocht catha am ar bith a mbadh
toil leis glaodhach ortha. Ins an am céadna, deir na
daoine nach raibh éan-dídean i gcreata Chaisleáin Dhúin
Gheanainn, & le n-a ghliocaidheacht & le dalladh-mullóg a
chur ar an bhFear Ionaid chuir sé i n-umhail dó go
gcaithfeadh sé an an-leárm luaidhe a thabhairt isteach i
n-a dhúthchas, le n-a chaisleán a dhídeanadh.



Thoisigh sé ar an obair seo, &, nuair a bhí sé tamall
i n-a chionn, shroich an sgéala go dtí cluasa an Fhir
Ionaid go raibh an fearr-is-bárr de na hUltaigh
acluighthe aige. Maidir leis an luaidhe, bhí an oiread
sin aige dhe & d'fholóchadh Ghleann Seagháin ná Gleann
eile mar é. I nDomhnach! níor thaithnigh an sgéal seo
leis an bhFear Ionaid, agus d'éirigh sé beagán mío-
shuaimhneach, & dubhairt sé leis féin go raibh sé i n-am
aige a shúil a choingbheáil ar Bharún Dhúin Gheanainn,
mar mheas sé gur piléir a bhí sé a dhéanamh de'n
luaidhe i n-áit a bheith ag cur díona ar a theach. Ba mhó
'ná sin an faitchíos bhí ag Pioróid roimh bhunadh Aodha
Uí Dhomhnaill, mar nár umhluigh siad dó chor ar bith, &
mheas an cneámhaire Pioróid seo, dá seasfadh muinntir
Dhomhnaill agus Iarla Thíre Eoghain dílis d'á chéile, go
mbuailfeadh siad rompa, & nach bhfágfadh siad mac
mathara a bhain do Shagsana ar thalamh na h-Éireann.
Bhí fhios ag Pioróid go raibh catharnas buanmhar
eatorra, mar budh í Siubhán Ní Dhomhnaill, deirbhshiúr
an Aodha réamhráidhte, céile áluinn Iarla Thíre Eoghain.


L. 23


Caib. X. – FUADACH BHAILL-DEIRG.



CHRUINNIGH Pioróid a chuid
smaointe le chéile le dó-bheart
a chothughadh agus duine eicínt
de Chlainn Dhomhnaill a chreap-
lughadh. D'éirigh leis, mar chuir
sé long luchtuighthe le fíon
Spáinneach go dtí Loch Súiligh,
& chaith sí ancoire os comhair
Rátha Mhaoláin comhgarach do'n
áit a mbíodh Aodh Ua Domhnaill
ar cuairt go mion is go minic
ag a athair altroma, Mac
Suibhne. Bhí Aodh an tráth so chúig bhliadhna déag
d'aois, ná, an t-ainm is coitcheannta imeasg na sean-
daoine, Baill-dearg Ó Domhnaill. An t-ádhbhar ar
tugadh an t-ainm seo air, bhí ball air ó bhroinn, & bhí
an ball seo ruadh-dhearg ar a mhuinéal, agus deir na
seanchaidhthe go mbíodh ball mar sin ar an chuid is mó
de Mhuinntir Dhomhnaill, & tugadh mar ainm air Ball-
dearg. Bhí bratach an tSagsanaigh ag eiteall ar bhárr
chrainn seóil na luinge, & thoisigh na daoine ag cruinn-
iughadh go dtí an long le braon de'n fhíon Spáinneach
fhagháil, & thug an caiptín sin dhóibh, mar bhí sé an-fhlaith-
eamhlach. Chaith sé suim laetheannta annsin ag caith-
eamh amach a bhoidhte, ag iarraidh breith ar an éadáil a
theastuigh uaidhe, & d'éirigh leis ar deireadh, mar thriall
Ball-dearg agus a lán d'á lucht comhluadair ag cur
comóraidh ar mhainistir a bhí faoi choimirc na Maighdine
Muire, mar budh 'in é gnás na dtaoiseach le n-a gcuid
paidreacha a altughadh, & iad féin a thabhairt suas do
Dhia le n-a gcosaint & a gcoimeád & a gcongbháil ar
dheagh-stáid na ngrást.


L. 24


Nuair a chualaidh Ball-dearg trácht faoi'n gcaiptín
flaitheamhail, ba mhian leis cuid de'n fhíon a cheannacht,
acht dubhradh leis go raibh an méid a bhí le díol díolta,
acht amháin go raibh beagán ag an gcaiptín i leithrighe
le tabhairt d'éinne d'árd-uaislibh na tíre sin a thioc-
fadh ar cuairt aige.



Chuaidh Ball-dearg & a chomhluadar ar bord & bhí
fearadh na fáilte ag an gcaiptín rompa. Nuair a
bhlais siad do'n fhíon, taithnigh sé leó, & ní raibh an
caiptín i ndiaidh forgain mhaith ortha. A fhad 's bhí
siad-san ag ól bhí fuireann na luinge ag gluaiseacht &
ag tarraint a n-ancoire agus nuair ab' áin le Ball-dearg
an long a fhágáil, bhí sé daighnighthe faoi bholtaíbh ar
thóin na luinge & thug siad an seol mór di gur
bhuail siad caladh i mBaile Átha Cliath. Ní gábhadh
a rádh go raibh bród ar an gcneámhaire Pioróid nuair
a comhlíonadh a dhó-bheart chomh réidh sin gan buille
tsleighe ná claidhimh, agus bhí sé níos bródamhla ná sin
nuair a bhí an fear ba bhaoghlaighe do chumhachta Shagsana
aige faoi n-a choimirc. Sacadh Ball-dearg faoi ghlas
i mBaile Átha Cliath agus chaith sé os cionn trí bliadhna
annsin faoi chúrsaíbh iarainn ag smaoineadh ar an
bhfad sin ar a óige, ar a bhreághaichte, agus ar a
acluightheacht; ag smaoineadh ar eaglais a thíre, ar a
athair lag; agus ní'l aon lá ar feadh an ama sin nach raibh
fuath & gráin ag méadughadh agus ag fás ina chroidhe
i n-aghaidh námhad a thíre. Ní dheárna sé dearmad gan
a bheith ag guidhe na Maighdine réidh an achair a thabhairt
dó & a chosán a threórughadh le n-a thabhairt ó n-a
námhaid. Níor fheall sí air, mar treoruigheadh an
bealach dhó, mar fheicthear níos íochtaraighe ins an stair
seo é.


L. 25


CAIB XI. – IARLA THÍRE EOGHAIN.



ANOIS, i dtaobh Iarla Thíre Eoghain, bhí sé
gnóthach le linn an ama seo, ag
cneasughadh na lot a bhí i ndiaidh a
lámha féin ar feadh trí bliadhna
roimhe seo, ag déanamh catharnais
le Ó Catháin & le Clainn Dhomhnaill
Aontroma agus ag cur bun urrudhais
faoi, ag ollmhughadh gach ní a d'fhóir
do chogadh. Le catharnas fírinneach
a dhéanamh le Ó Catháin, chuir sé a leanbh chuige faoi n-a
choimirc mar mhac altroma le teangaidh & creideamh
na tíre a mhúnadh dó, agus a thógáil, mar tóigeadh
bunadh na Niallach, ar mhuin capaill, ag seilg i ndiaidh
na bhfiadh, mar mheas sé nach raibh sé féin i n-ann nósa
na Niallach a mhúnadh d'á mhac mar bhí an iomarcaidh
Béarla aige de bhárr Cúirte Shagsana.



Ins an am céadna rinne sé catharnas cáirdeamhail
le Clainn Dhomhnaill, agus bhí sé ag déanamh maith i
n-aghaidh an uilc, mar chreach sé féin agus na Sag-
sanaigh trí bliadhna roimh an am seo iad, agus, leis an
lot sin a leigheas, thug sé go mion is go minic togha
d'á chuid gallóglach do Chlainn Dhomhnaill, léir mar
bhíodh siad i gcruadhóig ag troid i n-aghaidh amplacháin
Shagsana, agus ins an am céadna bhí riaghail fá rún
eatorra nach bhfeallfadh siad air gan congnamh a
thabhairt dhó nuair bheith cáll aige leis. Bhí sé ag tabhairt
misnigh ins an am céadna d'á lán taoiseach eile
seasamh go colgach i n-aghaidh spriosáin ar bith de
shirriam ná d'fhear dligheadh a thiocfadh annsin léir (do
réir) ordughadh Eilíse, agus, d'á réir sin, bhí bunadh na
Niallach ag dearcadh air gur gairid go mbeith sé 'n-a
phríomh-fhlaith os a gcionn 'gá spreagadh i machaire an
chatha leis an ruaig a chur ar an dearg-námhaid.


L. 26


Le linn Phioróid, áit ar bith i n-Éirinn ar shroich a
chumhachta, a theanga agus a chreideamh, díbrigheadh na
sagairt as an áit sin, agus sagart ar bith a rinne
cion-faillighe gan éalódh leis, ba bhás tobann a bhí i
ndán dó. Teach ar bith a bhéaradh fasgadh dhóbhtha,
nuair a d'fhaghadh na Sagsanaigh fios faoi, dhóighfidhe
an teach sin & muinntear an tighe, agus budh 'in é an
chuid ba mhó de chatharnas Bhainríoghna Shagsana. Bhí
easbog críostamhail aici i gCorcaigh le linn an ama
seo, agus b'ainm dó Maitiú Sheyn, agus bhí sé chomh
críostamhail sin & gur dhóigh sé dealbh Naoimh Doimnic
os comhair na ndaoine ag Árd-chrois Chorcaighe. Bhain
an naomh seo leis an gcreideamh Caitiliceach, nó
creideamh na bpágánach – mar thug lucht creidimh na
Sagsanach air.



Léir ordughadh Dhrúrí cuireadh faoi ghabháil Easbog
Rómhánach ar bh'ainm dó Pádraig Ó hÉilidhe, Easbog
Mhuigh-eó, & Conchubhar Ó Ruairc, sagart diadhanta.
Tugadh ceangal na gcúig gcaol ortha, tarnuigheadh
ar stácaidhibh iarainn iad, briseadh a gcosa & a lámha
le casúr; cuireadh snáthadaí cruach faoi n-a n-iong-
achaidhe, agus leis an splíontaidheacht sin crochadh iad.
Fuair Árd-easbog Chaisil, Diarmuid Ó hIarfhlatha, &
sagart eile d'ár b'ainm Seaghán Mac Stiopháin, an
spliontaidheacht chéadna. Crochadh iad agus rinneadh
ceithre ceathramhnachaidhe díobh. Ní'l annsin acht
caitheamh dartachaidhe ar ghualainn ghníomhartha an
tSagsanaigh ina lán áiteacha eile i nÉirinn.



Deir a lán de na hughdaraibh nach raibh Pioróid ró-
dhona; acht deirim-se, má bhí duine ar bith ní ba
mheasa ná é, go raibh an diabhal ar fad air. Mar
dubhairt mé cheana, fear ar bith bhéaradh lámh na tárr-
thála timcheall sagairt Rómhánaigh, go dtiubharfaidhe
an íd chéadna ar an bhfear sin a bhéarfaidhe ar an
sagart, agus tá sé ráidhte nár chuir an riaghail sin
faitchíos ar bith ar Aodh Ó Néill, mar thug sé fasgadh


L. 27


& dídean do mhórán sagart, agus, le dul níos fuide,
bhí sgoltacha ar bun aige i dTír Eoghain ag borradh &
ag neartughadh an Chreidimh Rómhánaigh annsin. Do
réir cosamhlachta bhí sé ina thogha Romhánaigh i gCúige
Uladh, & nuair a thigeadh sé go Baile Atha Cliath,
théidheadh sé ins an taobh nár bhaoghal dó sglamh an droch-
mhadaidh & mar dubhairt an sean-fhocal, “Caith cnámh
ag an droch-mhadadh, agus ní baoghal duit an deagh-
mhadadh.” Bhí na madaidh ba bhaoghalaighe i mBaile
Átha Cliath, agus théidheadh sé 'un teampaill leis an
bhFear Ionaid 'gá chosaint féin ar a sglámh.



Rith an ama seo níor fhéad na Sagsanaigh drannadh
leis na hUltachaibh ná a gcreideamh, a ndlighthe, ná a
dteanga a chur ar bun ann, agus fhad is bhí siad saor
ó'n obair sin, ní raibh sainnt ar bith ar Aodh a n-ionn-
suidhe, mar nach raibh gach uile ní a d'fhóir do chogadh
cumhachtamhail ollmhuighthe aige. Bhí muinntir na
gcúigidh eile faoi shlait agus faoi ghéar-chrádh ag lucht
lafart na fola Ghaedhealaighe, agus níor chuir Iarla
Thíre Eoghain leath-shuim ann sin, nuair nár bhain sé le
n-a chúigeadh féin. 'Sa mbliadhain 1588 tháinic cabhlach
mór loingis ó'n Spáinn leis an tSagsanach a chreachadh
's a chrádh, agus deamhan ab' fhearr ná thuill sé é, acht
shéid an ghaoth & d'éirigh an t-anfadh ina n-aghaidh, agus
caitheadh anonn & anall iad mar chaithfidhe slat mhara
ar bhárr na dtonntrachaidhe. A lán aca báitheadh, &
buaileadh cuid eile de na loingis isteach ina lán
de na cuantaibh i gCúige Uladh. Tháinic ceann aca
isteach go Caladh Inis-Eoghain, agus i leabaidh athar Bhaill-
Deirg congnamh a thabhairt dóibh 'sé an chaoi ar ionn-
suigh sé féin agus na Sagsanaigh iad, mar chuir beirt
de na Sagsanaigh i n-umhail dó gur tháinic siad mar
dearg-námhaid do Éirinn, agus an méid aca nár mhar-
bhuigh siad, chuir siad an chuid eile aca mar ghialla go
dtí an Fear Ionaid i mBaile Átha Cliath. Níor bh'é
sin d'Iarla Thíre Eoghain, thug sé lámh na tárrthála tim-


L. 28


cheall a láin aca. Fuair siad neart bídh agus dighe
uaidhe. D'innis sé dóbhtha an ghráin agus an fuath a
bhí ag na Ghaedhil i n-aghaidh an tSagsanaigh, agus an
modh agus an meas a bhí aca do Rígh na Spáinne agus
go raibh siad i gcomhnuidhe ag feitheamh le n-a chabhair
le Éire a shaoradh ó chrúbaibh Eilíse. Choinnigh an Ruarcach
lucht luinge aca faoi n-a chabhair féin, agus b'áin le
Bingham go bhfuigheadh sé uaidhe iad, acht thug an
Ruarcach a ndubhshlán, dá mhéid a chumhachta i gConn-
achtaibh.



Caib. XII. – UILLIAM MAC UILLIAM.



ANOIS tá Fear Ionaid nua againn ar
b'ainm dó Uilliam Mac Uilliam, &
tá sé ag feitheamh go foighdeamhail
le sgéalta ó Chúigeadh Uladh, mar budh
'in é an taobh d'Éirinn ba mhó a bhí ag
tabhairt imnidhe do na fir ionaid, &
ní raibh uatha i gcomhnuidhe acht sioc-
air icínteacht fhagháil le taoiseachaibh
an chúigidh sin a chur ag troid i
n-aghaidh a chéile, mar bhí fhios aca, fhad 's bheith siad ag
troid, go dtiocfadh leobhtha-san deasughadh ná ba ghoire
dhóbhtha. Thimcheall an ama sin mhair taoiseach i gConn-
dae Mhuineacháin de Mhuinntir Mhathghamhna, & bhí sé
chomh dílis sin do na Sagsanaigh agus go dtug sé seilbh
a chuid talmhan dóibh, agus, nuair a bhí sé faoi n-a
smacht annsin, fuair sé seilbh ar ais uatha léir dlighe
an tSagsanaigh. Nuair a d'éag an fealltóir seo,
b'áin le n-a dhearbhráthair Aodh a sheilbh fhagháil agus é
bheith 'n-a thaoiseach os cionn bunaidh na Mathghamhnach,
acht ní bhfuair sé an cead sin ó n-a ghaoltaibh, mar


L. 29


d'ionnsuigh siad é, agus nuair nach raibh sé i n-ann
seasamh ina n-aghaidh, d'iarr sé congnamh an Fhir
Ionaid, agus thug sé sin dó, mar bhí fhios aige gur bh'in
é an congnamh chuirfeadh bun suidheacháin ar na
Sagsanaigh, agus chuirfeadh an ruaig ar bhunadh na
Mathghamhnach.



I dtoiseach d'iarr an Fear Ionaid sé chéad bó &
thriall sé go dtí Conndae Muineacháin & thóig sé
baile Mhuineacháin i n-ainm na Bainríoghna & i leabaidh
é an tír sin a thabhairt do Aodh Mac Mathghamhna, roinn
sé í idir Aodh é féin & triúr eile aca – 'siad sin
Pádraig mac Airt Uí Mhathghamhna, Éibhir, taoiseach
Fearnmhuighe, & Brian Dhartraighe. Léis tamall theip
Aodh ar an éiric a thabhairt dó & triall Mac Uilliam
ath-uair go dtí Conndae Mhuineacháin & sluagh saighdiúir
leis le Muinntir Mhathghamhna a dhíbirt amach 's amach
& an conndae a chur faoi n-a smacht féin. Thug sé coir
fhealltach i n-aghaidh Aodha Mhic Mhathghamhna & gabhadh é
& cuireadh faoi ghlas é nó gur chruinnigh an Fear Ionaid
coisde ar a chomhairle féin. Bhí ceathrar aca seo ina
saighdiúiríbh Sagsanacha & ochtar aca ina neamh-Ghaedhil.
Bhí cead ag an gceathrar Sagsanach siubhal amach is
isteach am ar bith a thogróchadh siad. Bhí an t-ochtar
eile faoi chreapall & faoi chrádh & ocras, & bagruigheadh
a mbás ortha mur' dtiubhradh siad breithe éagcórach air
& é chligint 'un a chrochta. Shuidh an dáreag aca & thug
siad a mbreith & cligeadh mo chréatúir & crochadh é dhá
lá ina dhiaidh sin ag a dhoras féin. Seo é an chéad
choisde a cuireadh i bhfoirm i gCúig Uladh léir dlighidh
lághaigh Eilíse, mar budh é baramhail na Sagsanach go
raibh a leitheide sin de dhligheadh an-chóir, agus go
raibh dligheadh na mbreitheamhan nGaedhealach an-mhí-
chriostamhail. Roinn sé dúithche Aodha idir a chuid
brothairí féin & ina measg bhí sean-Bhagenal & caiptín
“Bláth na Circe” & dá mhéad a gcumhacht ní bhfuair
siad sult ar bith do bhárr báis Aodha & bhí lámh ag gach


L. 30


éinne aca seo ina bhás. Rinne Muinntear Mhathghamhna
taoiseach de Bhrian léir nósa na tíre & d'ionnsuigh sé
iad seo go mion is go minic & ní raibh siad i n-ann
drannadh leis mar bhí sé go mór ina fhear níos
toradh-airighe ná Aodh réamhráidhte.



Rinne Mac Uilliam brionglóid aon oidhche amháin
gur fhág na Spáinnigh mórán óir ina ndiaidh chois
cladaigh i gCúigeadh Uladh & chuir sé a shrón roimhe ag
smúracht go bhfuigheadh se baladh an óir. Nuair a
sháruigh sé air an t-ór fhagháil, sgiob sé leis dhá
thaoiseach, Mac Uí Thuathail & Mac Uí Dhochartaigh, &
chuir sé faoi cheangail géar iad i mBaile Átha Cliath.
Léis tamaill thug Mac Uí Dhochartaigh do'n Fhear Ionaid
mar brealais mórán sealbhán bó &, mar bhí Mac
Uilliam ina amplachán, shanntuigh sé an tabhartas &
thug sé cead na gcos do'n Dochartach. Ní'l léigheadh
ná innsint sgéil ar dhroch-ghníomharthaibh cráidhte an Fhir
Ionaid, áit ar bith ar leag sé lorg a choise ar fud na
hÉireann, ná ar fhéad sé a theanga ná a chreideamh a
sgaradh. Rith an ama seo níor fhéad Mac Uilliam
ball ar bith a bhain do dhligheadh Shagsana, áit comh-
nuighthe fhagháil dhóbhtha i gCúig Uladh, & chuir sé sgéal
ag Mag Uidhir go Conndae Fear Monach go gcaith-
feadh sé sirriam a leigint ins an gconndae sin le
ceart & cóir a thabhairt do na daoinibh annsin léir
dlighidh Shagsana, mar budh 'in é an dligheadh bhí críos-
tamhail & ní hé dligheadh na n-Éireannach. “Beidh
fáilte agam roimh do bhall dlighidh,” arsa Mag Uidhir,
“acht innis dom cé mhéid is fiú é, insa' riocht, má
bhaintear an ceann de, go mbéidh fhios agam an éiric
a bhainfeas mé de mhuinntir na tíre do bhárr a bháis.”
Thug sin le rádh do'n Fhear Ionaid nach raibh mórán
catharnais le fagháil ag na Sagsanaigh ó Chlainn
'gUidhir.



I leabaidh na hoibre seo bheith ag cur na ruaige ar
na hUltaigh 'sé an chaoi a raibh sé d'á ndaingniughadh & a


L. 31


gcuid taoiseach ag éirghe níos dílse d'á chéile gach lá.
Bhí Iarla Thíre Eoghain faoi seo ag feitheamh leis an
lá a mbeith gach ní a d'fhóir dó aipighthe agus é ar thoiseach
na Niallach i machaire an chatha & a gháir chogaidh “Lámh
dhearg abú!” i n-uachtar.



Caib. XIII. – CUAIRT AODHA GO SASANA.



TIMCHEALL an ama seo mhair mac
díomhaoinis le Seaghán Ó Néill ar
bh'ainm do Aodh na nGeibhleach, &
bhí rún díoghaltais aige i n-aghaidh
Iarla Thíre Eoghain, & b'áin leis i
gcóir ná i n-éagcóir a chur d'á
chosaibh. Leis sin a dhéanamh chuaidh
sé ag an bhFear Ionaid & d'admhuigh
sé dhó go raibh Iarla Thíre Eoghain ina fhealltóir do'n
Bhainríoghain & d'á cumhacht & go raibh sé ag tabhairt
fasgaidh & dídin d'á lán sagart agus ag feitheamh le
congnamh ó Rígh na Spáinne agus, dá mbadh é toil a
onóra, go gcruthóchadh sé sin ina aghaidh léir mionna ná
léir comhraic éin-fhir ar mhachaire an dubhshláin. Thug an
Fear Ionaid cluas mhór dhó & shocruigh sé lá a dtiubhradh
sé an choir 'un cinn, mar bhí sé féin ag aimhreas ar
Aodh Ua Néill go mba fear meilmeach a bhí ann. Acht
ní fhuair an Fear Ionaid faill a choisde fealltach a
thoghadh nó gur chuir Aodh Ua Néill Aodh na nGeibhleach
faoi ghabháil, agus féachadh é faoi n-a smacht féin &
tugadh coir báis ina aghaidh. Níor fhéad Iarla Thíre
Eoghain fear ar bith fhagháil i gCúigeadh Uladh le n-a
chur 'un báis mar nach marbhóchadh siad fear ar bith de
bhunadh na Niallach & b'éigean do'n Iarla an obair sin
a chomhalladh é fhéin, mar bhí Aodh Ua Néill ina fhear ró-


L. 32


ard-inntinneach le n-a thabhairt i láthair bruilthín
Sasanach & fealltóir Éireannach a bheith ag mionnughadh
ina aghaidh.



Bhí fhios ag Aodh Ua Néill nach mbeith an Fear
Ionaid ina charaid dhó as sin amach & go dtionntóchadh
sé Cúirt Shagsana ina aghaidh, dá mb'fhéidir leis.
Dubhairt Aodh leis féin nach mbeith sé ag caint leis
na cosaibh fhad 's bhí an ceann le fagháil & buaileann
sé leis go Sagsanaibh i ngan-fhios do'n Fhear Ionaid
& mheas an Fear Ionaid nach raibh sé ceadmhach aige
imtheacht gan a chead-seisean fhagháil & nuair a shroich
sé Lonndain tugadh cineál gabháil bréige air, acht
níor cuireadh creapall ar bith air dh'á bhárr, mar bhí sé
ina measg i dteach na cúirte ag magadh fútha i ngan
fhios dóibh le milseacht a bhladaireachta, agus budh é
iomlán a chainte le árd-uaisle na cúirte ag trácht
faoi Chúigeadh Uladh.



Ins an am céadna bhí seanchas fada aige agus ag
an mBainríoghain mar ba gnáthach leobhtha gach uile
uair a casadh le chéile iad, agus maidir le n-a
bhladaireacht, chuir sé an chluain uirthi os comhair a dá
súl le binneas a chainte. Deamhan cor a bhí i gcroidhe
an tsionnaigh nach raibh cor i gcroidhe Aodha Uí Néill
ina aghaidh le méid a chuid triollúdhais. Dubhairt sé
léithe go raibh fuath agus gráin aige ar ainm na
Niallach, mar bhí fios aige nach raibh an t-ainm sin
'taithneachtáil ina láthair agus gur amhlaidh bhí sé ag
coinneáil an ainm sin le faitchíos go dtóigfeadh
éinne eile de na Niallaigh é & go mbeith iomlán
na tíre sin ag umhlughadh dhó, mar uachtarán na
Niallach. “Tá mé god' agairt, a bhainríoghain mhánlach,
gan mionna thúnadh orm leis an ainm sin a thréigeadh
an t-am tá i láthair.”



Dubhairt sé go raibh sé ag brath ar Thír Éoghain a
roinn ina dhá chuid, agus carcair a chur ar bun ann,
“le do dhligheadh chumhachtach-sa a chur i bhfoirm agus


L. 33


muinntir na tíre sin a choinneáil faoi smacht léir an
dlighidh sin.” Thug sí cluas mhór dó, agus ba bhinne
léithe glór a chainte na mil na mbeach. Dubhairt sí
leis nach raibh sé ceadmhach aige a chlann a chur faoi
athair altroma, ná fasgadh a thabhairt do shagart, ná
carthanas a bheith le coimhighthigh, ná géar-chíos a chur i
bhfoirm; ná fós congnamh a thabhairt nó fhagháil ó
na hAlbanaigh, agus gan cead a thabhairt do na sean-
Ghaedhil a ngleib a chaitheamh, ná sean-ghnás ar bith eile
a bhain dóibh; carthanas buanamhail a bheith idir é féin
agus Toirdhealbhach Luineach, & an carthanas céadna
bheith idir é féin is na taoisigh eile bhí lághach leis na
Sagsanaigh annsin.



Léis an méid seo a rádh leis, bhí an oiread sin do
mhuinighin ag Cúirt Shagsana as & go ndeachaidh Iarla
na hUrmhumhan & Hatton i mbannaíbh air. Shocruigh
siad eatorra go gcuirfeadh Aodh & an Fear Ionaid gach
ní aca seo i bhfoirm léir riaghail dligheamhail an chéad
lá de mhí na Lughnasa.



B'áin le Aodh go dtiocfadh taoisigh eile na tíre &
an riaghail chéadna a choimh-cheangladh. Chlis siad-san, &
sin é a thaithnigh le Aodh faoi rún, & d'imthigh sé, mí na
Lughnasa, tharsta gan bun urrudhais ar bith a chur ar an
bhFear Ionaid.



Léis an ama seo, 'leabaidh é beith ag cumhdach na
Sasanach mar gheall sé, 'sé an chaoi a raibh sé ag
déanamh carthanais leis na taoiseachaibh Gaedhealacha,
& 'gá dtéagradh ina chéile, & ag feitheamh leis an lá a
thóigfeadh sé lámh bhagrach i n-aghaidh na Sagsanach le
n-a ndíbirt duth & dath as a thír. Ní raibh gach uile ní
ollmhuighthe aige ar a mhian an t-am sin leis an gcumh-
achta sin ionnsuidhe, acht tháinic a lá ar deireadh thiar,
mar fheicfidh sibh níos íochtaraighe annseo.


L. 34


Caib. XIV. – Pósadh Aodha & Máible Baigenal.



LE linn an ama seo bhí athair Bhaill-deirg
'na thaoiseach lag chlaon os cionn Cinéil
Chonaill, & Baill-dearg é féin faoi bholtaíbh
ag an bhFear Ionaid.



Ní thig linn mórán a rádh faoi Aodh
i rith na bliadhna seo, acht amháin go
raibh éin-ní amháin 'na sgal-radharc-
amail a bhí ag cur íognódh mór ar Aodh,
& spalp sé mionna go gcuirfeadh sé faoi lár go luath
is go tapaidh adhbhar a íognódh, & budh 'in é an mhainistir
ar chomhnuigh Baigenal & a bhrothairí saighdiúirí ann. Bhí
an rún sin cothuighthe ag Aodh roimh ré, mar nach raibh
éan-spéis ag Aodh i mBaigenal, agus bhí an ghráin chéadna
ag Baigenal ina aghaidh-san, acht amháin an deagh-
fhocal ó chéile ó'n bhfiacail amach. Bhí deirbhshiúr ag
Baigenal, & budh í áilne na mban í le breághaichte. Thnúth
an Niallach léithe, agus thug siad searc cionamhail d'á
chéile. Mheas Aodh nach raibh sé ceart ná cóir a
leithéide do óige fhágáil ag bodach de Shagsanach le
n-a chéile dhéanamh dí. Mheas sé, mar an gcéadna,
go mbadh mhór “an peacadh marbhtha cailín chomh breágh
léithe fhágáil i ndorchadas i muinighin an chreidimh gan
bun gan bárr, agus gan críostamhlacht ar bith, gream-
uighthe do'n mhuinntir a chuir ar bun é.” D'á bhrígh sin
thug sé lámh na tárrthála ina timcheall, agus treor-
uigheadh a bealach go dtí Caisleán Dhúin Gheanainn.
Baisteadh annsin í insa gcreideamh Rómhánach, agus
cuireadh séala Chríosta ar a malaidh, & tá sé ráidhte
go ndearna Iarla Thíre Eoghain a bhean di. Dubhairt
na hughdair Bhéarla go bhfuair Aodh col-sgartha ó n-a
mhnaoi dhlisteanaigh leis an mnaoi seo a phósadh, acht
léir na sean-seanchaidhthe Gaedhealach bhí a bhean éagtha


L. 35


faoi seo. Tá sé ráidhte, nuair a tugadh Baill-dearg
go Baile Átha Cliath, go dtáinic an sgéal go Cúig
Uladh gur bhain an Fear Ionaid an ceann de. Nuair
a shroich an sgéal seo bean Iarla Thíre Eoghain, thuit
sí ina cnap le laige, agus d'éag sí insa laige. Tá
sé mar shean-fhocal i measg na ndaoine, nuair a
mhoitheóchadh siad faoi bhás tobann duine, déarfadh
siad, “D'éag sí chomh tobann le bean Iarla Thíre
Eoghain,” agus léir sin (d'á réir sin) sílim go
bhfuil croiceann na fírinne air. Dá méad gráin a
bhí ag Baigenal i n-aghaidh Aodha roimhe sin, bhí a dhá
oiread sin aige ina aghaidh as sin amach, mar mheas sé,
léir a bharamhlact' féin, go mba mhór an díonáire a bhí
air féin & ar a bhunadh, mar ngeall ar an Iarla a dheirbh-
shiúr a bhladar agus a fhuadach. Ní raibh aon ní ag dul
idir é & a shuaimhneas acht an Niallach a chur dh'á chosaibh,
agus feicfe sibh go dtáinic an rún seo 'un cinn, acht
gur bun-os-cionn a bhí an bhuaidh.



Caib. XV. – Éalódh Bhaill-deirg.



ANOIS, fhad 's bhí Baill-dearg insan ua-
chais faoi ghéar-chrádh i mBaile Átha
Cliath, bhí sé i gcomhnuidhe ag
spreagadh na Maighdine, agus níor
fheall sí air, mar ba léir dhó a
bhealach ar deireadh. D'éaluigh sé
féin & fear óg de na Caomhánaigh
ar fud sléibhte 'gus gleannta faoi
chasgairt na hoidhche gur shroich siad
Féidhlim Ó Tuathail, acht ní raibh a
chumhachta i n-ann a gcosaint ó'n tóir a bhí 'na ndiaidh,
agus tugadh ar ais na créatúir, agus cuireadh
ceangal na gcúig gcaol ortha.


L. 36


Níor loic sé sin Ball-dearg, mar d'éaluigh sé an
bhliadhain d'ar gcionn ar Oidhche Nodlag Mór na
hÉireann, é féin agus beirt mhac Sheagháin Uí Néill,
Hannraoi agus Art. Chráidhfeadh an oidhche sin croidhe
na cloiche glaise le méid an tseaca agus an tsneachta
bhí sé a chárnadh, acht bhí réalt eolais na Maighdine 'gá
dtreorughadh, 'gá dtreisiughadh, & 'gá stiúradh ar feadh
trí oidhche agus trí lá, agus iad ag cothughadh a gcolna
le duilleogaibh agus féar glas. Bhí siad chomh lag sin
& go mb'éigean dóbhtha fasgadh thógáil i lúib an
ghleanna ar thalamh Fhiacha Uí Bhroin. Nuair a bhí siad
i ndeireadh na déithe, fuair Muinntear Bhroinn beirt
aca – mar d'éag Art le méid casgairt na haimsire,
na trócaire go bhfaghaidh sé. Thug ceannphort Ghleanna
Mhaoilughra leis iad go dtí a theach féin, agus thug sé
iongabháil leanbh dóibh go dtug sé in dtír iad. Ní
dheárna sé aon mhoill gan sgéal a chur ag Iarla Thíre
Eoghain faoi éalódh Bhaill-deirg, agus go raibh sé aige ina
theach féin, & nár fhéad mór-shluagh Shagsanaigh drannadh
leis. Bhí catharnas buanamhail idir Fiacha Ua Broinn &
Aodh Ó Néill, agus, nuair a shroich an nuaidheacht cluasa
Aodha, níor chuala sé aon sgéal ariamh ba mhó a chuir
bród air ná é. Chuir sé an t-eolaidhe a b'fhearr a bí
aige faoi n-a dhéin – fear dar bh'ainm Toirdhealbhach
Buidhe Ua hÁgáin – agus, nuair a shroich sé teach na
mBranach, fuair sé an bheirt aca te teolaidhe, agus
thug Fiacha dóbhtha gach ní a d'fhóir do choisidhthibh
bóthair, agus an dá chapall a b'fhearr a bhí aige. Bhí
eolas an bhealaigh go maith ag an eolaidhe, & threoruigh
sé an bealach, gan bacall ar bith a thidheacht roimhe, ag
coinneáil chomh fada agus d'fhéad sé ó theorainn na
nDubghall, gur shroich sé an Bhóinn ag Inbhear Colpa.
Chuir siad na caiple le ceannaire thríd an mbaile,
agus hiomruigheadh iad féin i mbád iasgaireachta
trasna na Bóinne, agus seo beagán focla bhí ag na sean-
Ghaedhilgeoirí: Nuair a bhíthear dh'a n-iomradh dubhairt


L. 37


fear an bháid le Baill dearg go mba ball de shliocht
Ui Dhomhnaill é. “Aithnighim thú léir an bhaill bruinne
atá ar do mhuinéal. Tá sé baoghlach an ball bheith
nochtuighthe agat; ba chóir go gcuirtheá coiléar do
thriúsa do fhalach air. Má fheiceann éinne de na Dubh-
ghaill an ball, aithneóchaidh siad thú, agus is tuar teichte
dhuit é.”



Chuaidh siad ar mhuin na gcapall aríst, & threoruigh
siad a mbealach, gan clampar ar bith thidheacht trasna
ortha, gur shroich siad Dún Geanainn, & nuair a casadh
an dá Aodh le chéile, ní'l léigheadh ná innsint sgéil ar
an gcatharnas cáirdeamhail a bhí eatorra. D'éist an
tIarla le Baill-dearg go foighdeamhail, ag innsint
dó an chaoi ar alpadh é, agus an phian-pháis chráidhte a
d'fhulaing sé i n-uachais an Fhir Ionaid, i mBaile Átha
Cliath. Nuair a chuir an tighearna i n-umhail do Bhaill
dearg an íde a tugadh ar Mhac Mhathghamhna & an
suidheachan a bhí ar an tír ag na Dubhghaill, fhobair nár
chaill sé a chiall, agus spalp sé an mionna nach mbeith
an suaimhneas aige oidhche ná lá go mbainfeadh sé
sásamh agus taraidh thart as na Dubhghaill de bhárr báis
Mhic Mhathghamhna. Ní thig linn a mhíniughadh annseo
an claon claonmhar bhí idir an dá Aodh fhad 's bhí siad
le chéile, agus gheall siad go ndéanfadh siad dearmad
ar na héagcóra bhí caithte, agus go seasfadh siad
d'a chéile chomh fírinneach cneasta le croidhe naoidh-
eanáin as sin amach.



Sgar an dá Aodh ó chéile, agus thug an t-Iarla
gárda tiodhlacan do Bhaill-dearg gur shroich sé
taoiseach Fear Monach. Nuair a rinne sé caidreamh
an taoisigh, bhí fearadh na fáilte aige roimhe, agus thug
Mag Uidhir a mhionna & a mhóid dhó go leanfadh sé é
ar fud uisge agus teineadh, ag tabhairt congnaimh dhó
le sásamh a bhaint as na Sagsanaigh.



Thug sé bád do “Bhall” agus dá chomhluadar, agus


L. 38


d'iomair siad go dtí Béal Átha Seanaig, insan
áit ar chruinnigh na céadta d'á cháirdibh thart ina thim-
cheall, & iad ag altughadh na gcéadta paidreachaidhe
do Dhia de bhárr é threorughadh chuca arís, & iad ag
spalpadh na mílte mallachta ar an gcumhachta mí-
chríostamhail tútach a thug an splíontaidheacht dó insan
uachais dorcha i mBaile Átha Cliath.




Caib. XVI. Mainistir Dhún na nGall.



NÍ fhuair Baill-dearg mórán ama nuair
a tháinig sé a-bhaile le n-a loit
do chneasughadh, mar bhí éagcóir
chráidhte dh'á dhéanamh insan am sin
an taobh sin de'n tír. Budh é Bing-
ham smachtóir na Sagsanach insan
am seo i gConnachtaibh, & ní fhuair sé
tuairisg ar bith faoi éalódh Bhaill-
deirg, agus bhí fhios aige nár bhaoghal dó athair Bhaill-
deirg, mar bhí sé lághach leis na Sagsanaigh an t-am
céadna. Chuir Bingham os cionn dá chéad saigh-
diúr trasna na fairrge go cathair Dhúin na nGall. Ins
an áit seo bhí mainistir shaidhbhir luachmhar ag na
bráithreachaibh, agus tháinic saighdiúirí Bhingham i ngan
fhios ortha, & chuir siad an ruaig faoi na bráithribh, agus
ní raibh siad gan an chuid is mó aca a mharbhadh. Thóg
siad seilbh na mainistreach, agus choinnigh siad í mar
longphort saighdiúr. Thug siad lámh thimcheall na
leabhra Gaedhilge, mar budh 'in é bhí uatha i gcomhnuidhe.
Bhí fhios aca, nuair a chuirfidhe ó uidh na leabhra
Gaedhilge, go raibh siad ag tabhairt buille marbhtha
do'n teangaidh, agus go gcaithfeadh na hÉireannaigh


L. 39


an Sags-bhéarla fhoghluim. Tugaidh faoi deara gurab
'eo í an mhainistir ar sgríobhadh agus ar cuireadh le
chéile bun ughdair ar staire, an leabhar ar a dtugtar
“Annála na gCeithre Máighistir.”



Leis na saighdiúir a chur fúbhtha insan mainistir,
bhuail siad rompa ar fud na tíre, ag slad agus ag
marbhadh, ag dóghadh & ag losgadh agus ag iomchar
leobhtha tabhartas na tíre. Níor fhéad Baill-dearg
an obair seo fhuilint ní b'fhuide, agus d'éirigh sé amach
ina uachtarán cogaidh, & muinntir na tíre cruinn leis,
go dtáinic siad go dtí an mhainistir. Bhagair sé ar
na Sagsanaigh glanadh as an mainistir, & gach ní a bhí
'na seilbh fhágáil ann. Níor thairg siad aon chogadh dhó,
& budh é luas a gcos thug as iad gur shroich siad Bing-
ham aríst, agus a méar ina mbéal mar bhromachán
bliadhna.



D'fhill na bráithre ar ais, agus fuair siad seilbh a
mainistreach ath-uair de bhárr fearamhmlacht' Bhaill-
deirg. Dá mbeith siad i muinighin congnaimh athar
Bhaill-deirg, bheith an ruaig ortha go héag. Chaith na
bráithre iad féin ar a nglúnaibh, ag altughadh paid-
reachaidhe do Dhia na glóire i nglan-Ghaedhilge, ag
iarraidh d'impidhe ar an Tríonóid Baill-dearg a
chosaint & a choimeád & a choinneáil saor ó láimh fhuiltigh
na mbrothairí i rith a shaogail. Tugaidh faoi deara go
mbadh cóir go gcuimhneóchadh an Eaglais Romhánach i
nÉirinn ar na paidreachaíbh seo bhí i nglan-Ghaedhilge,
& tá anois i nglór agus i gcanamhaint teangadh lucht buin
& cathuighthe gach uilc.


L. 40


Caib. XVII. Ríoghadh Bhaill-Deirg



AN samhradh dh'ár gcionn, an tríomhadh lá de
Bhealtaine, chruinnigh seadairí, cléir,
báird, & taoisigh Tíre Chonaill go dtí
Carraig an Dúin, i ngar do'n áit ar
hoileadh Colm Cille, mar budh 'eo í
an charraig ríoghamhail bhí ag sliocht
Chinéil Chonaill ar feadh na gcéadta
bliadhain, le n-a dtaoiseach a thoghadh,
agus a chlogad ríoghamhail a chur ar a
cheann. Sheas Baill-dearg ar an gcarraig mar ba
ghnáthach d'á shinnsear, agus le mór-thoil a athar tugadh
tighearnas na treibhe dhó i n-aois a naomhadh bliadhain
déag. Léis an t-airchinneach Ó Firghil an clogad cor-
óineach a chur ar a cheann, gháir na mílte duine i n-éan-
ghlór amháin, & dubhairt go raibh sé thar am árd-taoiseach
dílis a bheith toghtha le muinntir Chinéil Chonaill a
thabhairt 'un síothchána.



Le linn an ama sin chomhnuigh Toirdhealbhach Luineach
ins an tSrath Bán, agus mar bhí sé neamhthéagrach dh'á
thír, bhí Sagsanaigh 'na gcomhnuidhe faoi ar a gcomhairle
féin, agus nuair a mheas Baill-dearg go raibh mór-
chumhachta na treibhe aige, mheas sé go raibh sé i n-am
& thar am aige an ruaig a chur ar na Sagsanaigh sul
má bhfuigheadh siad eólas na tíre. D'ionnsuigh sé Toir-
dhealbhach, agus chuir sé an ruaig air féin agus ar na Sag-
sanaigh go dtí Dún Geimhin (Baile an Mhullaigh) ins
an áit ar chomhnuigh an Cathánach. Thoisigh sé ag gabháil
fabhairne do'n chaisleán, &, sul má bhfuair sé am an
caisleán a lot, tháinic an Cathánach chuige, & dubhairt
sé leis go mba dona an chomaoin a bhí sé a chur ar a
athair altroma a chaisleán a leagaint air – mar tá sé
ráidhte go raibh Baill-dearg ina mhac altroma ag an


L. 41


gCathánach. Chosg “Ball” a lámh do'n taca sin, acht
níor thug sé faill “Deo gratias” dóbhtha, nó gur
dhíbir sé gach uile Shagsanach a bhí i dTír Chonaill, agus
ba bhuidhe bocht le Toirdhealbhach caidreamh agus cathar-
nas Bhaill-deirg a dhéanamh nuair a díbrigheadh salachar
na tíre uaidhe. Creidim go dtáinic brón ar Thoir-
dhealbhach nuair a sgar sé d'á indeóin leis na Sag-
sanaigh, mar d'éag sé an bhliadhain d'ár gcionn.



Caib. XVIII. – Mag Uidhir.



BUDH é Willis an caiptín bhí ar na Sag-
sanaigh bhí i gcatharnas le Toirdheal-
bhach, agus nuair a díbrigheadh é as
an tSrath Bhán, níor bh'fhada gur
theasbáin sé é féin arís i gConndae
Fhear Monach. Tá sé ráidhte roimh
ré go mb'áin leis an bhFear Ionaid
sirriam Gallda a chur insan gconn-
dae sin le dlighthibh na Bainríoghna
a smachtughadh ann, agus, ar ndóigh,
ní thiubhradh Mag Uidhir an cead sin dó, acht thairg sé
mar gheallamhaint trí chéad bó dó, & mar bhí an oiread
sainte ag an bhFear Ionaid do mhaoin an tsaoghail &
bhí aige i ndortadh fola na nÉireannach, níor dhiúltuigh
sé do'n tairgsint, & níor cuireadh aon tsirriam ann.
Acht anois sa mbliadhain 1593, faghann sinn Willis
insa' gconndae sin ag cur bun suidheachain air féin
mar sirriam, agus trí chéad de bhrosgán saighdiúir
ba dío-mhúinte bhí i Sagsanaibh faoi n-a smacht.


L. 42


Thoisigh sé ar a chuid oibre tútaighe, & léir mar bhí
sé ag dul 'un cinn, bhí sé ag creachadh na tíre. D'ionn-
suigh Mag Uidhir é, agus ní raibh sé i bhfad ag cur na
ruaige air gur thóig sé dídean i dteampall, mar ba
ghnáthach dh'á bhunadh, agus nuair a bhí sé i n-aice tuitim faoi
chlaidheamh Mhig Uidhir, chuir Aodh Ó Néill a ladar
eatorra, ag déanamh eadarasgáin, & rinne sé sin,
mar fuair Willis cead imtheachta gan fannc a bhaint
as. Bhí fhios ag Aodh Ó Néill go bhfuigheadh sé moladh
mór i gcúirt Shagsana d'á bhárr seo, & nach gcaillfeadh
siad a muinighin ann.



Níor ghlac Mag Uidhir aon sgáthmhaireacht roimh an
Niallach annseo, mar bhí comhursanaidhe Chúige Chonnacht
ag éirghe an-diabhalta fairsing ar theórainn na nUltach,
agus bh'in iad comhursanaidhe Shagsana bhí 'na gcomh-
nuidhe i n-áit na gConnachtach. Chruinnigh Mag Uidhir
seadairí Fhear Monach, agus bhuail siad rompa ag
tabhairt dhá thaoibh na tíre leó, gur shroich siad Tuilsg
insan áit a raibh Bingham ina cheannphort ar longphort
saighdiúir Gallda. Bhí feadhnach de mharcshluagh Bhing-
ham ag fead-rúsgadh i ndorchadas na hoidhche, agus
theangmhuigh seadairí Mhig Uidhir leo. D'ionnsuigh na
hÉireannaigh iad, mar bhuailfidhe an t-aer 'san talamh
i n-aghaidh a chéile, agus b'éigean do na Sagsanaigh
buille ar a' tréat a bhualadh i ndiaidh a gcúil gur
shroich siad a longphort, & easbhuidh an chuid-is-mó ortha.
I measg an tslaid bhí a gceannphort an Cludhánach, &
ar thaoibh na nÉireannach marbhuigheadh caraid Mhig
Uidhir, prímh-cheann Eaglaise na hÉireann, ar bh'ainm
dó Magabhán.



Nuair a shroich an sgéala seo cluasa an Fhir Ionaid,
d'éirigh sé mío-shuaimhneach, & sheól sé sluagh saighdiúir
ó Chúige Laighean go dtí tír Mhig Uidhir, faoi spraic
Aodha Uí Néill & Bhaigenal. D'ionnsuigh an bheirt
réamhráidhte a thír anois, & tháinic Bingham aniar, &


L. 43


sheas Mag Uidhir go colgach dána ina n-aghaidh, é féin &
an fear conganta a b'fhearr a bhí ag Mag Uidhir.
Abhainn a bhí ag imtheacht ó Loch Éirne thrí mhachaire an
chatha – chuir sí creapall mór ar na Sagsanaigh i gceann
conganta Mhic Uidhir. Bhí an cath an-bhorb fhad 's mhair
sé, & slad mór ar gach aon taobh. Bhí na Sagsanaigh
ag fagháilt an chuid-is-measa dhe, acht le gliocaidheacht
an Niallaigh d'éirigh leis a mharcshluagh a thabhairt
trasna na habhna. D'ionnsuigh sé na hÉireannaigh ar
an tslios ba laige, & b'éigin do Mhag Uidhir tréatadh
ar gcúl. Tá sé ráidhte gur loiteadh an Niallach ina
cheathramhain, & ba mhaith an sgéal dó féin é, mar
dhearc na Sagsanaigh air as sin amach go mba gearr
go gcuirfeadh an Niallach bratach na Bainríoghna ag
eiteall i gCúig Uladh. Sin é shíl siad, acht budh 'in í
Síle chaoch aca! mar chuirfear i n-umhail do'n léagh-
thóir níos íochtaraighe insa' stair seo. 'Sé an chaoi a
raibh Aodh Ó Néill le n-a chuid gliocaidheacht ag
caitheamh cnáimh ag an droch-mhadadh, 'gá chosaint féin
ó n-a dhranndal, & é ag feitheamh go foighdeamhail ar
an lá a bhéarfadh sé buille tuaithbhil ina n-aghaidh i n-áit
an bhuille neamh-théagraigh bhí sé a thabhairt leobhtha faoi
láthair. Theann na Sagsanaigh isteach thrí thír Mic Uidhir
ag casgairt, ag dóghadh & ag losgadh. Ní dhearna siad
mórán moille insa' tír sin gan imtheacht, & d'fhág siad
feadhnach saighdiúir Gallda faoi choimirc Chonchubhair
Ruaidh Mhig Uidhir, mar dhearg-námhaid do thaoiseach
Clainne 'gUidhir, & budh é an Conchubhrach seo an
chéad fhealltóir de Chlainn 'gUidhir d'umhluigh do
chumhacht Eilíse. Bhí na Sagsanaigh lán-sásta leis an
obair seo, mar mheas siad go mbeith Clann 'gUidhir
ag troid 's ag bruighin i n-aghaidh a chéile, agus annsin
nach raibh bacall ar bith roimh na Sagsanaigh le n-a
ndlighe & a gcreideamh a chur ar bun i dtír Chlainne
'gUidhir.


L. 44


Caib. XIX. – Cath Bhéil Átha na mBriosgaidhe.



LE linn na hoibre seo, bhí Baill-dearg ag
éirghe an-mhí-fhoighdeamhail, agus ní raibh aon
ní ó fhlaitheas anuas ag dul idir é agus a
shuaimhneas, acht dríodar Shagsana a
choinneáil glan ó Chúig Uladh. Níor
fhéad Ball-dearg doimhneacht tréithe
an Niallaigh a thuigsint, acht, ar a shon
sin, bhí rún eicínt idir an bheirt aca a
choinnigh Baill-dearg ó chongnamh a thabhairt do Mhag
Uidhir uair a ghéibhinn, acht i mbliadhain 1594 threoruigh
an Fear Ionaid arm cumhachtach go Baile Inis-
Ceithleann & thainic sé i ngan fhios ar an mbaile sin,
mar thiocfadh gadaidhe 'san oidhche, is nuair a thóig sé
seilbh ar an mbaile, d'fhág sé dúnphort ann le n-a
chosaint. Níor fhéad Baill-dearg a fhoighid a choin-
neáil ní b'fhuide. Rug sé ar a chlaidheamh ghéar i
n-ainm an Athar, an Mhic 's an Spioraid Naoimh, mar bhí
muinighin aige i gcomhnaidhe as an Tríonóid Naomhtha,
& ba chumhachtaighe an mhuinighin í sin ná muinighin Bain-
ríoghna Shagsana. Choinnigh Baill-dearg seadairí Thíre
Chonaill & rinne sé a dtreorughadh i n-aice Inse
Ceithleann. D'fhan siad timcheall na háite sin i rith an
tsamhraidh & níor leig siad cabhair ar bith isteach ag
na Sagsanaigh. Bhí siad ag glanadh na tíre ó dheas &
ag cur ó rath gach ní a casadh leó bhí faoi smacht na
Sagsanach. Bhí an dúnphort an t-am seo i ndeireadh
na déithe d'uireasbhuidh bídh, agus iad ag brath ar géilleadh
& an baile thréigeadh, dhá bhfuigheadh siad cead a gcos.
Sul mar ghéill siad, b'éigean do Bhaill-dearg imtheacht
go Loch Feabhail, i mí na Lughnasa, i n-airicis feadhnach
Albanach a thainic ag tabhairt conganta do Chlainn


L. 45


Gaedheal le fuil na Sagsanach a dhortadh, dá mb'fhéidir,
é, mar bhí catharnas téagrach idir na hÉireannaigh & na
hAlbanaigh an t-am úd.



Bhí fearadh na fáilte ag Baill-dearg rompa &
b'fhada bhí cathughadh 'na ndiaidh aige. Bhí an feadhnach
seo faoi spraic Dhomhnaill ghuirm Mhic Dhomhnaill &
Mhic Leoid ó Ára. Bhí cinéal athruighthe idir a
gcrius caithte & a ngléas airm thar chrius & airm na
nÉireannach, acht cébí sin de, ba congnamh fáilteamhail
iad, & rinne Baill-dearg a gcaidreamh le n-a chuid
saighdiuír féin, agus ba mhaith an teacht aniar a bhí
ionnta, léir misnigh agus fearamhlacht ar thaobh na
n-Éireannach.



Fhad 's bhí Baill-dearg i nDoire, fuair Clann Conaill
focal na faire go raibh arm diabhalta ag tidheacht ortha
ó Chonnachtaibh, faoi smacht Herbert & Duke, & iad ag
brath ar an ruaig a chur ar Chlainn Chonaill & neart
bídh a thabhairt do'n dúnphort. Níor bhfada go bhfacaidh
Clainn Chonaill toit na Sagsanach ag nochtadh bárr na
gcnoc thrí Chonndae Liathdroma, mar bhí siad ag
dóghadh na tíre rompa. Chruinnigh Mag Uidhir & Clann
Chonaill ina chéile & iad ag brath ar chongnamh Bhaill-
deirg an t-am céadna. Nuair a bhí siad ag preabadh
ag dul i n-airicis na tóra bhí ag teacht ó chúige
Chonnacht ortha, thainic cuca trí chéad gallóglách &
céad marcshluagh de thogha airm Aodha Uí Néill, & a
dhearbhráthair Cormac ar a gceann. Le n-a gcong-
namh seo i gceann conganta Clainne 'gUidhir, i
n-éinfheacht le Cinéal Conaill, d'fhan siad go
foighdeamhail leis na Sagsanaigh ag áth i ngar do Inis
Ceithleann. D'ionnsuigh an dá arm a chéile & bhí an
fhuil ina srothán ar mhachaire an chatha. Theann na
Sagsanaigh go dian ar na hÉireannaigh i rith an lae &
ba déine ná sin a theann na hÉireannaigh ortha sin &,
'leabaidh na Sagsanaigh fuireachtáil ar na saighdiúir bhí


L. 46


i ndeireadh na déithe le call, b'éigean dóbhtha imtheacht
leobhtha le linn an tráthnóna – an fír-bheagán aca a
bhí i n-ann imtheacht, mar marbhuigheadh an fearr is bárr
aca & d'fhág siad a mbacáiste & a mbiadh 'na ndiaidh.
Tugthar mar ainm ar an áit sin ó shoin “Béal Átha na
mBriosgaidhe,” & 'sí an áth a fuair na briosgaidhe & ní
hé an dúnphort. Ó phreab na Sagsanaigh ó'n gcath
níor dhearc siad 'na ndiaidh gur shroich siad Sligeach.
Bhí brón ar Bhaill-dearg nuair nach raibh sé annsin, mar
tá sé ráidhte dá mbeith, nach leigfeadh sé mac máthara
aca beó, & bhí Inis Ceithleann glan ath-uair ó shalachar
Shagsana.



Léis an chatha seo tugadh Mac 'Liam, an Fear Ionaid,
go Sagsanaibh agus dheamhan súil fhliuch a bhí 'na dhiaidh,
mar bhí oiread de ghráin agus de fhuath ag bunadh a
chreidimh féin air & bhí ag na Ghaedhil. Tá sé ráidhte
nach raibh éin-fhear le fagháil ab' amplaighe ná é ag
maoin an tsaoghail & go gcaithfeadh sé sin fhagháil i
gcóir ná i n-éagcóir. Le dhul níos fuide, bhí sé chomh
suarach sin & chomh hanróiteach ina chroidhe & nach
ndéanfadh sé comóradh Oidhche Nodlag Mór le
umhluigheacht a thabhairt do'n Dia a chruthuigh é, acht
léir na n-ughdar, ba diabhal é i gcroiceann duine.



Anois, le linn an ama seo, mheas Bainríoghain
Eilís nach raibh a creideamh ag sgaradh ar a mian ar
fud na hÉireann. Bhí comhairleoir glic aici i mBaile
Átha Cliath, Easboc Ó Lochnáin, de chreideamh na
nDubh-ghall. Roimh an am seo ba mhian le Pioróid
ceallphort Naoimh Phádraig a bheith aca mar choláiste
gallda le n-a dteangaidh & a gcreideamh a neartughadh,
acht ní aontóchadh an t-easboc leis sin, agus as sin
amach, bhí Easboc Ó Lochnáin & an Fear Ionaid ina
námhaid d'á chéile. Tá sé innste dhúinn go raibh lámh
ag an Easboc i mbás Phioróid. Bhraith an t-Easboc
mainistir Ghaedhealach a bhí insan áit a bhfuil Coláiste


L. 47


na Tríonóide anois, agus dubhairt sé leis féin go
mbadh áit radharcamhail é le coláiste gallda chur ar
bun ann, is le n-a chongnamh féin & cead na Bain-
ríoghna chuir siad bun suidheachan ortha féin leis an
obair sin a chur 'un cinn. Chruinnigh an t-Easboc
muinntear Bhaile Átha Cliath i gceann a chéile & labhair
siad dh'á léir (réir) & thainic siad chum socrughadh leis
an bhfoirgint seo a chur ar bun, le n-a dteangaidh &
a gcreideamh a mhúnadh ann agus teanga & creideamh na
nGaedheal a dhíbirt amach is amach & an méid sin a
dhéanamh le costas na nGaedheal. Ní fhuil aon
mhainistir Ghaedhealach d'ár chreach siad nár thug siad
gach nídh d'á raibh ar fóghnamh ionnta go dtí an coláiste
seo, agus ní fhuil fhios againn cé aca de na deich
n-aitheannta Dé bhí siad a chomhalladh, fhad 's bhí siad
ag déanamh na hoibre mí-chríostamhla seo, acht sílim
go raibh aithne ar leith ag Eilís & ag a bunadh.



XX. – LIAM RUISÉAL



ANOIS, atá Fear Ionaid nua againn, Liam
Ruiséal. Dubhradh leis an Ruiséalach
Aodh Ó Néill a ghabháil & a chur faoi
ghlas an chéad uair a gheobhadh sé faoi
n-a líon é. Bhí neamhbharamhail ag
Riaghaltas Shagsana as Aodh Ó Néill
nach raibh sé chomh dílis dóbhtha & ba
chóir dhó bheith, léis iad 'ghá thógáil as
an lóbán, mar dubhairt siad féin, &
árd-oideachas gallda thabhairt dó, leis na Niallaigh a


L. 48


chlaoi. Nuair a mheas siad go raibh an Niallach ag
déanamh iomarca catharnais le cineadh na Niallach,
chothuigh siad rún eatorra le beirt Mhac Sheagháin bhí
faoi n-a choimirc a thabhairt leobhtha & árd-theideal
gallda thabhairt dóbhtha, insa riocht go dtógfadh siad
cogadh i n-aghaidh na Niallach &, nuair a bheith Aodh
claoidhte aca, cé chlaoidhfeadh iad-san? Dá mhéid a
gcuid triollúdhais, bhí sgáthmhaireacht ortha ag dul dh'á
bhfuadach, acht chomhairligh siad an Fear Ionaid a
neamhspleádhachas a thabhairt do Bhaill-dearg ar fhad &
ar leithead na hÉireann, & é féin a ghearradh amach is
amach ó chatharnas Aodha Uí Néill; acht, a bhaiste, ní le
focal béil ba mhian le Ball-dearg an tairisgint seo
a fhreagairt, acht le fabhairt & fuinneamh a chlaidhimh.



Anois hinnsigheadh do Aodh Ó Néill roimh ré go
rabhthar le n-a ghabhail, & níor chuir sin sgannradh ar bith
air. Bhuail sé roimhe go Baile Átha Cliath i láthair an
Fhir Ionaid & thug Baigenal coir ina aghaidh & mhionnuigh
sé go raibh sé ag coimhcheangladh chatharnais tír-
théagaraigh leis na Niallaigh agus gur dhearc siad air mar
thaoiseach “Ó Néill” agus go raibh sé ag tabhairt dídin
do shagairt & níos measa, gur bhladair sé & gur chuir sé
an chluain ar a dheirbhshiúr & gur fhuaduigh sé leis í go
Dún Gheanainn i n-aghaidh a tolach. B'áin leis an bhFear
Ionaid Ó Néill a choinneáil leis na coirthe seo a
fhreagairt agus sásadh a tabhairt dhó ionnta, acht bhí con-
spóid ag an gComhairle i dtaobh coirthe an Niallaigh
agus dubhairt an fearr-is-bárr aca go raibh sé ceadmhach
ag an Niallach cead a bhealaigh fhagháil mar chomhartha
onóra uasail.



Anois, insan am céadna, dubhairt Iarla na hUr-
Mhumhan leis an Niallach baint amach go tapaidh, ná
mur' mbainfeadh, go gcuirfeadh an Fear Ionaid faoi
ghlas é, mar budh 'in í an chomhairle fuair sé ag fágáil
Shagsana dhó. Ba mhaith an mhaise d'Ó Néill é, ní
dhearna sé aon mhoill, nuair a fuair sé focal na faire,


L. 49


rinne sé a bhealach thrí thórainn na nGhall & saighdiúirí
ag an bhFear Ionaid 'gá thóruigheacht. D'éirigh leis
éalódh uabhtha gur shroich sé Cúig Uladh. Annsin & ní
go dtí sin d'éirigh sé madramhail faobharach le buille
fíor-Ghaedhealach fearamhail a bhualadh dh'á thír & na
neamh-theidil ghallda a chur faoi n-a chois a bhí 'gá
crádh ar feadh suim bliadhanta. B'éigean dó a
gcaitheamh, ag oibriughadh lámh ag bualadh & lámh ag
tárrtháil & insan am chéadna é ag feitheamh go
foighdeamhail leis an lá a bheith bun urrudhais air i
measg a chinidh ghaolmhair féin & annsin go mbeith
teideal Eilíse insa lóbán.



Timcheall an ama seo sgríobh Mac Liaigh litir go
dtí an Bhainríoghain ag innsint di faoi bhodamhlacht &
droch-ghníomhartha an Fhir Ionaid Mac 'Liam & go raibh
sé fhéin ina oifigeach faoi & gur throid sé ina lán
áiteacha ar thórainn Chúig Uladh. “Dearbhuighim duit,
a Bhainríoghain!” ar seisean ina litir, “go mba
diabhalta & ró-dhiabhalta gníomhartha an Fir Ionaid & a
lan d'á chuid oifigeach a bhí faoi. Cúrsaidhe Aodha Uí
Néill de, ná creid ó éinne gur fealltóir é. Tugaim-
se mo mhór-onóir dhuit mar bhannaíbh air gur fear dílis
dhuit-se é & go bhfuil sé saor ó na coirthibh a thug Baigenal
ina aghaidh. Dá mbeith sé chomh mí-rúnmhar in d'aghaidh-
se & tá ráidhte, ní fhágfadh sé saighdiúr gallda i
nÉirinn nach gcuirfeadh sé an ruaig ortha.”



Anois, tugadh éisteacht na cluaise bodhaire do'n
litir seo, mar sheol siad sluagh mór saighdiúr as
Sagsanaibh & throid na saighdiúirí seo insa bhFlanndras
& insa mBreatain. Budh 'eo iad togha saighdiúr
Shagsana, & cuireadh go hÉire iad leis an ruaig a chur
ar Ultaigh agus an mórtas a bhaint de Aodh Ó Néill. Bhí
na brothairí fuilteacha seo faoi spraic ceannphuirt
Norreys & bhí a dtarraint seo ar Bhéal Átha
Seanaigh & ar Bhéal Liag le cur fúbhtha annsin, ag
gardáil na gcasán a bhí ag dul idir Loch Éirne & an


L. 50


mhuir, agus ag creapall lucht conganta ar bith a bheith
ag brath ar thidheacht isteach go Tír Chonaill. Bhí rún
aca Port Mór a neartachan le feadhnach saighdiúir, &
sreath dúnta a chur ar bun ag an Iubhar, i riocht go
mbeith bun urrudhais ortha i n-aghaidh na nÉireannach.



Caib. XXI. – “LÁMH DHEARG ABÚ!”



BHÍ na hUltaigh ag feitheamh le cabhair ó
Rígh na Spáinne, acht tigeadh siad
nó ná tigeadh, ní fhéadfadh siad
fanamhaint ní b'fhuide, mar mheas
siad, mur' gcuirfeadh siad an ruaig
ar na Sagsanaigh a bhí ar a dtórainn,
go mbadh gearr go dtuitfeadh Cúig
Uladh faoi chumhachta Eilíse. Ar
deireadh bhí obair dócamhail Aodha
Uí Néill aipidh, mar chaith sé mórán
bliadhanta ag caidreamh & ag téagradh taoiseach Cúig
Uladh le chéile, & le dócamhal mór d'éirigh leis an
obair sin a dhéanamh. Beirt a bhí ar thaobh na Sagsa-
nach suim bhliadhanta, fuair sé anois iad faoi bhratach
na Niallach, beirt dar bh'ainm Mac Aonghusa &
Ó hAnluain, agus leis an snaidhm dílis seo a choimh-
cheangladh, thug Aodh Ó Néill a inghean do thaoiseach
Uibh Eachach & a dheirbhshiúr do thaoiseach Óirghiall.
Insan am céadna bhí catharnas seasmhach idir Aodh & na
Branaigh, na Caomhánaigh & an Ghearaltach Riabhach a bhí
'na gcomhnuidhe i gCúige Laighean & iad ag déanamh
loit mhóir ar na Sagsanaigh; bhí Baill-dearg & Mac
Uidhir i machaire an chatha go mí-fhoighdeamail ag


L. 51


feitheamh le Aodh Ó Néill go gcuirfeadh sé colg catha
air féin & go seasfadh sé ar dhubhshlán na Sagsanach.



Bhí gach uile shúil tionntuighthe ar Chaisleán Dhúin
Gheanainn, théince go bhfeicfeadh siad bratach na
nÉireannach ag eiteall go hárd os cionn an tighe.
Faoi dheireadh chonnaic siad an brat soillseach sin ag
soillsiughadh mar réalt eolais Íosa a threoruigh an
bealach do na trí ríghthibh a thainic go dtí an Bheithile
ag déanamh adhartha do'n leanbh. Annsin gháir siad de
ghlór árd-ghlórach “Lámh Dhearg Abú” & na céadta
claidheamh ag beartughadh 'un dochair. Anois i n-ainm
Dé tá Aodh i gcionn a chuid oibre.



D'ionnsuigh sé an Port Mór le n-a chuid seadairí
cogaidh & sheol sé na Sagsanaigh roimhe agus sguab sé iad
chomh cúramach sin & dá mbadh proinn iarpais a bheith
ann. Chuir sé ó rath an port agus leag sé an droichead.
Bhuail sé roimhe go dtí Conndae Chabháin a bhí faoi
mhuinntir “Raghallaigh na Bainríoghna,” ag tiomáint
na Sagsanach rompa, mar bhí Aodh chomh honórach sin 's
nach marbhóchadh sé fear ar bith nach dtiubhradh cor catha
dhó. Níor féadadh aon ghníomh tútach a shamhlughadh le
Aodh i rith a shaoghail.



Bhí na Sagsanaigh i rith an ama seo ag imtheacht 'na
sgiotán roimhe gur shroich siad Muineachán, insan áit a
raibh bun urrudhais ar na Sagsanaigh. Le n-a chongnamh
féin & congnamh Mhig Uidhir & Mic Mathghamhna, sgar
siad a n-arm thart timcheall na Sagsanach 'gá bhfaire,
mar bheith cat ag faire lochóige.



Insan am seo rinne Baill-dearg a chuid seadairí a
cheannaireacht trasna na Samhaoire, & sgar sé iad
anonn 's anall ar thalamh Chúige Chonnacht bhí faoi
ghéar-chrádh ag Bingham & na brothairí fuilteacha bhí
faoi. B'éigean do Bhingham agus d'á chuid brothairí a
dhul i bhfolach mar easóig faoi thalamh le faitchíos roimh
Bhall-dearg & a chuid seadairí colgacha. Bhuail sé
roimhe ag glanadh na tíre a bhí salach leis na bliadhanta


L. 52


ag bréantas Shagsana & ag cur 'un báis gach uile mhac
máthara nach raibh i n-ann fíor-theangaidh na hÉireann
a labhairt. Theastóchadh an leigheas céadna ó'n gharla
sin an t-am tá i láthair. Léir mar bhí sé ag casgairt
na tíre, ní raibh aon éadáil ar fóghnamh d'ár casadh
leis nár sheol sé go dtí Tír Chonaill. Chuaidh sé
trasna na Sionainne isteach go tír Ó Fearghail, sliocht
a bhí faoi chomhairle & smacht na Sagsanach & níor fhág
sé troigh de'n talamh nár dhóigh sé roimhe. Léir ar
n-ughdar, ní raibh rud ar bith le feiceáil ar feadh mílte
acht caora dubha teineadh.



Caib. XXII. – Ollmhughadh Catha



LÉIS an chasgairt seo, b'fhacas do'n
Ruiséalach nach raibh sé i n-ann seasamh i
machaire an chatha i n-aghaidh na n-Éireann-
ach, & b'áin leis lághaigheacht chogaidh
dhéanamh leis na taoisigh Ghaedhealacha.
Fhad 's bhí Aodh Ó Néill ag ceann a
airm ag faire na Sagsanach ag Muin-
eachán, fuair sé focal na faire go raibh Wallop & árd-
ghiúistís na Bainríoghna ar a mbealach go Sráidbhaile
Dhúin Dealgan. Ins an am céadna thug siad cuireadh
dhó féin & do na taoisigh eile tidheacht ina n-airicis
go dtí an baile réamhráidhte, agus ar ndóigh! thug siad an
leasainm Gallda ar Aodh Ó Néill. Chuir Aodh freagra
ar Wallop & bhagair sé air gan glaodhach air i n-ainm
Iarla Thíre Eoghain, nach raibh air acht aon ainm amháin
& budh 'in é a ainm dlisteanach léir fola & geinte,
& “sin é Aodh Ó Néill, árd-fhlaith na Niallach; atá mise
ar mo thalamh dhúthchais,” ar seisean, “& bíodh fhios agat,
a Wallop, nach n-umhlóchaidh mé do aon chailicéire bod-


L. 53


amhail Gallda ar mo thalamh dhúthchais féin. Má théidhim
in bhur n-airicis, gabhfaidh mé agaibh ag ceann m'airm.”



Casadh an dá arm le chéile i lár an mhachaire mhóir
& thoisigh na cailicéirí Ghallda & na taoisigh Gaedhealacha
ag déanamh cinéil modhamhlacht'. Ar thoiseach na cainte
dubhairt Aodh Ó Néill go gcaithfeadh deireadh a bheith
le géar-leanmhaint an Chreidimh Ghaedhealaigh i gCúig'
Uladh; go gcaithfeadh na Sagsanaigh glanadh as an gcúige
sin, acht amháin Iubhar Chinn Tráchta & Carraig Fearghuis;
go gcaithfeadh siad Baigenal a chur faoi smacht & a
choinneáil gan a bheith ag teangmhachtáil le rud ar bith a
bhain leis na hUltaigh; go gcaithfeadh mar an gcéadna
Baigenal míle punta d'airgead a thabhairt do Aodh
mar spré de bhárr a dheirbhshiúra a thógáil as an riocht
'na raibh sí agus an t-ainm onórach a phronn sé uirthi –
“céile uasal árd-thaoisigh na Niallach.” Anois chuir
Ball-dearg a ladar isteach & d'aontuigh sé le gach nídh
réamhráidhte & mar aguisín, d'iarr sé díoluigheacht i
n-éiric na splíontaidheachta a fuair se, fhad is bhí sé
faoi shlabhracha i mBaile Átha Cliath. Bhagair sé ortha
i dtaobh Ó Domhnaill (a bhí ar thaobh na Bainríoghna) bheith
'gá bhrostughadh aca in' aghaidh-seisean, ag iarraidh a chuid
dhlisteanach féin a bhaint de. Budh é glór na dtaois-
each an lá sin Cúig' Uladh a bheith glan amach 's amach
ó dhríodar Shagsana.



A lán de'n mhéid seo a-d'iarr na taoisigh, bhí na
cailicéirí Ghallda bog-shásta leó ; acht cuid eile aca
caithfeadh siad comhairle na Bainríoghna fagháil ortha, &
dubhairt siad leis na taoisigh, fhad 's bheith siad ag
fanacht le freagra ó'n mBainríoghain, go gcaithfeadh
siad a n-airm a chaitheamh uabhtha & umhlughadh do na
Sagsanaigh & párdun iarraidh ortha, i dtaobh an
chogaidh mhío-chóir seo a thóg siad ina n-aghaidh, &, gach
uile riaghail rúnmhar bhí idir iad féin & lucht ríoghachta
eile, go gcaithfeadh siad gach uile litir a bhain do'n
obair sin a thabhairt i seilbh na Sagsanach.


L. 54


Dhiúltuigh na taoisigh go danardha do bhleibireacht na
gcailicéirí. Níor mhair an tsíothcháin i bhfad, mar i
mbliadhain 1595, chruinnigh an fear Ionaid coiste
Gallda, le coir fealltóireachta a thabhairt i n-aghaidh
Aodha Uí Néill & a chuid taoisigh, & a bhféachaint mar
fhealltóirí baoghlacha i n-aghaidh dlighidh na Bainríoghna.
Rinne an coiste a ngnaithe mar ba dhual dóibh, &
tligeadh Aodh Ó Néill, Ó Domhnaill, Ó Ruairc, Mag
Uidhir & Mac Mathghamhna & tugadh breithe cionntach
ortha. Acht go deimhin, ní raibh na taoisigh faoi n-a
sgríb mar bhí siad insan am céadna i gCúig' Uladh ag
ollmhughadh gach ní a d'fhóir do ghléas catha le crathadh
láimhe a thabhairt do'n Fhear Ionaid agus d'á chuid brothairí
le claidheamh cumhachtach na hÉireann.



Caib. XXIII. – CATH CHLUANA TIOBRAD.



BHÍ a fhios ag Aodh nach ndéanfadh an
Fear Ionaid aon chionn-faillighe gan
a shluaighte a sheoladh go Cúige
Uladh, & i mí Mheadhoin an tSamhraidh
seo bhuail Baigenal roimhe ó'n
Iubhar isteach go dtí baile Mhuin-
eacháin & d'fhóir sé ar na Sagsanaigh
bhí annsin nár fhéad a srón a chur
amach ó chumhachta Mhic Mathghamhna.
Insa' tráth céadna bhí fuadar mór
faoi 'n bhFear Ionaid & Norreys tidheacht ó'n tSráid-
Bhaile go dtí Árd-Mhacha. Bhí cath borb aca leis na
hÉireannaigh ag Bealach an Mhaighre, acht nuair nach
raibh mórán do na hÉireannaigh ina n-aghaidh, b'éigin
dóbhtha dhul ar gcúl.



Nuair a chonnaic Aodh Ó Néill na sluaighte saighdiúir
seo ag tidheacht d'á ionnsuighe, dhóigh sé Dún Geanainn
& a lán áiteacha eile thart ina thimcheall; thréig


L. 55


sé féin & a chuid saighdiúir go tapaidh isteach thríd an
tír chnapaigh, théince go meallfadh sé na Sagsanaigh go
luath 'n-a dhiaidh. Bhí an taobh de'n tír sin líonta le
coillte muineachaidhe, & bhí fhios aige, dá bhfuigheadh sé
ina leithide sin d'áit iad, go mbadh gearr a sheasfadh
siad dhó. D'fhan an Ruiséalach ar a shócamhal i n-Árd-
Mhacha ag cur bun suidheachan ar dhúnphort ann, &
d'fhill sé go Baile Átha Cliath ag fágáil Norreys ina
cheannphort ar iomlán na nGall i gCúige Uladh.



D'fhóir Baigenal, mar a dubhradh, ar Mhuineachán &
tá sé anois i láimh na n-Éireannach ath-uair. Faghann
sinn Norreys ag tiomáint roimhe leis na hÉireannaigh
a dhíbirt uaidhe, agus faghann sinn Aodh, a bhí ag iarraidh
na Sagsanaigh a mhealladh isteach ar fud na tíre, ag
tidheacht i n-airicis Norreys. Thogh sé a thalamh catha,
Cluain Tiobraid, thimcheall 's cúig mhíle ó Mhuineachán,
áit a ritheann srothán ó dtuaidh & mion-chnocáin gach
aon taobh de.



D'fhan na hÉireannaigh go foighdeamhail ar an taobh
ó thuaidh de'n tsrothan nó gur shroich Norreys an
srothán, an taobh ó dheas. Chuir Norreys roimhe dhul
thar an tsrothán le láimh láidir, acht d'ionnsuigh na
hÉireannaigh é agus b'éigean dó dhul ar gcúl. Faoi
dhó thug sé iarracht an srothán a sgaith (sgothadh) & faoi
dhó b'éigean dó dhul ar gcúl le fabhairt & fuinneamh
claidhimh na n-Ultach. Bhí treis ag na hÉireannaigh
acht amháin gur sgaith feadhnach eachraidhe an abhainn &
Síográbh 'na cheann feadhnach. Bhí Síográbh na chraistín
bodaigh an-láidir & mheas sé go millfeadh sé Aodh Ua
Néill idir a mhéaraibh, mar phinse snaoisín. Dhealuigh
sé féin & Aodh Ó Néill lom-lámhach amach ó iomlán a
n-airm. D'ionnsuigh an dá cheannaire a chéile go
madramhail & rún díoghaltais ag gach aon aca dh'á chéile.
Bhí an dá arm ag faire go sostamhail ar an gcomhrac
bhí eatorra. An chéad iarraidh thug an bheirt faoi n-a
chéile, bhris siad a ndá shleigh leis an bhfuinneamh a bhí


L. 56


ina mbuillíbh. Thug an Sagsanach áladh ar Aodh & b'áin
leis a tharraint faoi ar choirb na diallaide, acht ba
mhaith an mhaise do Aodh é, d'fháisg sé barróg fuinte
chruaidh air & thuit an bheirt chum talmhan.



“A bhodaigh gan croidhe! ní lámh théagrach mnaoi
Tá anois do do chlúdach mar chiúmhais,
Acht lámh fhearamhail fhíor as colainn Uí Néill
Agus seo dhuit-se blas de mo chruadhach!”



Nuair a shroich siad an talamh bhí an Sagsanach i
n-íochtar & níor fhéad Aodh sáthadh marbhtha thabhairt dó
insa gcolainn, mar bhí culaidh chatha air, acht ar leagan
do shúl smaoinigh sé an áit ba chóir dhó a sháthadh & sháith
sé a sgian ghéar faobhrach go feirc i sgannán a bhoilg.
Shroich an bhéic bháis a baineadh as na néalta & shroich
an gháir chatha a leig na hÉireannaigh an fhír-spéir,
“Lámh Dhearg Abú!” Chuir siad a gcosa le taca &
d'ionnsuigh siad na Sagsanaigh. A ghrádh mo chroidhe,
an siúrthán a bhí le buillíbh na nÉireannach bhí sé ag
leagaint na Sagsanach sul má bhfuair siad na buillí
chor ar bith. Theann siad a mbéalmhach i mbéal na
gcaiple & as go bráth leobhtha i mbéal a gcinn mar
mhadadh a chaillfeadh a ruball, ag fágáil a lucht éagtha
& a lucht loitthe 'na ndiaidh, & rud níos measa, ag
fágáil na ceirteoige sin – bratach Naoimh Seoirse –
'na ndiaidh ag Aodh Ó Néill le fuil Síográbh a ghlanadh
dh'á chlaidheamh.



Budh 'in é an chéad uair a caitheadh an cheirteog sin
'san lóbán i gCúig' Uladh. Loiteadh Norreys agus a
dhearbhráthair Tomás insa gcath seo & b'éigean dóbhtha
tréatadh ó dheas & fuadar mór fúbhtha & annsin bhí
Caisleán Mhuineacháin ag na hÉireannaigh ar a
gcomhairle féin.


L. 57


Caib. XXIV. – Cruadhálacht Bhingham



INSA tráth seo bhí Connachta i seilbh Bhaill-
deirg, acht dó nó trí de dhúntaibh & bhí
Seoirse Bingham i gCaisleán Shligigh 'gá
chosaint do'n Bhainríoghain. Cheap sé go
mb' fhurust dó bualadh isteach thrí Thír
Chonaill, mar nach raibh éinne annsin sheas-
fadh ina aghaidh mar ngeall ar Mhuinntir
Shuibhne bheith i n-arm Bhaill-deirg, & bhí a
fhios aige go raibh tabhartas i Ráth Mhaol-
áin, & ba mhaith leis é sin fhágháil i gcóir ná i
n-éagcóir. Fuair sé faoi réir dhá
luing agus lucht sé iad le n-a chuid saigh-
diúir. D'fhág sé Sligeach faoi chúram Uileog A Búrca.
Sheol sé roimhe gur sroich sé Ráth Maoláin &
níor fhág sé fionna feanna ag an Eaglais Rómhánach
nár thug sé leis. Dhóigh sé agus loisg sé an baile &
clochar na mbráithre & ar a bhealach ag tidheacht go
Sligeach, bhuail sé isteach i n-Oileán Thoraighe, an
t-oileán a fuair an fíor-bheannughadh ó Naomh Coluim-
cille. Bhí ann seacht dteampaill Ghaedhealach.' Dhóigh
siad na teampla & chuir siad ó rath gach uile throigh
de'n oileán. Níor fhág siad feithide ceithre gcos ar an
oileán gan tabhairt leó & 'sé mo bharamhail nár fhág siad
créatúir dhá chois gan marbhadh. Níor tháinic an t-oileán
sin ó'n gcasgairt sin ó shoin. Nuair a tháinic siad go
Sligeach, níor shásuigh an roinn a thug Bingham de'n
tabhartas an Búrcach & mar ngeall air sin, d'ionn-
suigh an Búrcach Bingham & a chuid saighdiúir & chuir
sé an dearg-ruathar ortha & thug an Búrcach seilbh an
chaisleáin do Bhaill-dearg. Insan am céadna bhí
caisleán Bhaile an Mhóta i láimh Riocaird Bingham &
chuir Baill-dearg an ruaig air & phronn sé an caisleán


L. 58


ar Mhuinntir Dhonnchadha, mar ba leobhtha é ó thús.
Insa mbliadhain seo (1595), bhí Cúig' Uladh agus Connachta
faoi smacht agus cúram na n-Éireannach.



Caib. XXV. – Síothcháin gan Déanamh.



Rith an gheimhridh seo ní dhearna iomlán
an dá arm dada i dtaoibh troda,
&, i leabaidh rún a bheith ag Norreys
Aodh a dhaoradh mar ngeall
ar an slad a rinne sé ortha,
b'amhlaidh bhí sé ag brath ar
síothcháin a dhéanamh idir
an taoiseach & Bainríoghain
Shagsana, mar cheap sé go
rabhthar ag déanamh éagcóir
chráidhte ar Aodh ná an taoiseach (mar budh 'in é a
ainm i measg na n-Ultach). Sgríobh Norreys ag an
mBainríoghain ag cur i n-umhail di, dá dtiubharthaidhe
ceart & cóir do'n taoiseach, go dtiubhradh sé féin a
bheatha mar bhannaidhe dhi nach mbeith aon fhear fúithi a
bheith chomh dílis di le Iarla Thíre Eoghain, mar budh 'in
é a ainm i measg na nGall. 'Sé mo bharamhail gur
chuir an taoiseach dalla-mullóg ar Norreys le n-a
ghliocaidheacht. Bhí sé i n-ann sin a dhéanamh, mar nach
raibh éan-chor i gcroidhe an tsionnaigh nach raibh cor i
gcroidhe an taoisigh i n'-aghaidh, ar an ádhbhar go raibh
dhá inntinn ag an taoiseach, inntinn Ghaedhealach &
inntinn Gallda. Nuair a sháróchadh sé air dó-bheart
triollúsach a chothughadh ina inntinn Ghallda, ní raibh
aige acht smaoineadh ina chuid smaointe Gaedhealacha
& thigeadh siad chuige mar thuile na habhna. Ins na
smaointibh sin bhí sé i n-ann breall a chur ar Norreys &


L. 59


ar a leithéide eile. Fhad is bhí Norreys ag géilleadh
do'n taoiseach & ag iarraidh síothcháin a thabhairt 'un
cinn, bhí an taoiseach insan am chéadna 'ghá ullmhughadh
féin & ag brosdughadh na n-Ultach go léir 'un catha &
ag feitheamh lá ar lá ar chabhair ó Rígh na Spáinne.



Léis an slad a tugadh ar arm Norreys mheas na
Sagsanaigh nach raibh siad i n-ann an taoiseach ionnsuighe
ath-uair & b'áin leobhtha síothcháin a dhéanamh leis.
Leis sin a dhéanamh fuair Norreys focal na faire ó
Shagsanaibh sgéala a chur ag an taoiseach & a thidheacht
ina airicis le síothcháin cogaidh a dhéanamh. Cuireadh
an sgéala ag an taoiseach & thaithnigh sé leis, mar ba
mhaith leis moill a dhéanamh insa riocht go mbeith gach
ní ollmhuighthe aige le n-a n-ionnsuighe aríst. Soc-
ruigheadh an lá & tháinic Norreys, an Saoi Seoirse
Brothaire & an Saoi Seifre Fionnloch go dtí Sráid-
bhaile Dhúin Dealgan. Sheas an triúr cumanntóirí ar
an taobh ó dheas de abhainn bhig & sheas an taoiseach ar
an taobh ó dtuaidh dhe, mar nach ngeobhadh sé isteach i
mbaile, mar bhí a fhios aige, dá ngeobhadh, go mbadh
gairid é a shaoghal. Labhair siad le chéile trasna na
habhna, & chuir an taoiseach i n-umhail dóbhtha go
ndearnadh éagcóir chráidhte air féin & ar a thír &, dá
ndéanfadh siad anois maith i n-aghaidh an uilc, nach
mbeith aon fhear faoi'n mBainríoghain a bheith chomh
dílis leis féin. Seo é mar d'iarr sé: “Saoirseacht
na tíre a bheith ag na hUltaigh, a gcreideamh agus a
dteanga bheith aca, mar bhí ag a mbunadh rompa, a sean-
ghnáis & a sean-chleachtaighthe bheith aca mar ba ghnáthach,
& creideamh, teanga, breitheamhain, easbuig, & sirriaim
Ghallda a ghlanadh amach 's amach as Cúig' Uladh
Éireann, & dá ndéanfaidhe sin, go mbeith sé chomh
dílis le duine ar bith eile a bhí faoi n-a sgríb. Shéan
sé go raibh sé ag coinneáil catharnais rúnmhair le Rígh
na Spáinne, acht mheas sé go raibh Baill-dearg ina
phanantóir & go raibh sé ag cothughadh tréatúireachta i


L. 60


ngan fhios dó-san, mar dearbhuigheadh dó go raibh lucht
luinge saighdiúr léis thidheacht ó'n Spáinn, & thainic siad
insan am céadna, & lucht Baill-dearg an long le
bocaidí beathuighthe & caoirigh reamhra sultmhara, agus
d'fhill siad ar a n-ais do'n Spáinn.



Shásuigh caint an taoisigh na cailicéirí seo & seoladh
go dtí cluasa na Bainríoghna iad. Fuair na cailicéirí
cumhacht ar bhuille boise síothcháin a dhéanamh leis an
Iarla, mar mheas siad, nuair a bheith an taoiseach bladar-
uighthe aca, go mb' fhorust dóibh buaithrín an bhasgaidh a
chur ar Bhaill-dearg. Sgríobh siad ag an taoiseach a
thidheacht ina n-airicis an dara lá de mhí an Aibreáin
le síothcháin a dhéanamh & é bheith ina fhear saor le
ordughadh na Bainríoghna. Fuair Aodh an cuireadh &
thainic an dara lá d' Aibreán & thainic na cailicéirí,
acht diabhal baoghal a bhí ar an taoiseach a thidheacht.
Léis Aodh loiceadh ortha níor stad siad aige sin.
Sgríobh siad 'uige le thidheacht an séamhadh lá déag
d' Aibreán go Fachairt i gConndae Lughmhaighe.
Thainic na cailicéirí agus bhí siad ag feitheamh le Aodh & ag
baint fad as a muinéal ag faire thar na cnuic théince
go bhfeicfeadh siad é, acht budh é “feitheamh an tsionnaigh
ar ruball an tairbh” é. Níor thainic an taoiseach, acht,
le streill-mhagaidh a dhéanamh dhíobhtha, sgríobh sé 'uca
an lá 'na dhiaidh, ag innsint dóbhtha nach raibh ariamh aon
bhunudhas i n-aon tsíothchán dá ndearnaidh siad & nach
dtiocfadh leis a mhuinighin a chur asta. Ar an ádhbhar
sin de ní leigfeadh sé a airm uaidhe, mar bhí siad chomh
baoghlach le draid mhadaidh a bheith nochttha, le áladh a
thabhairt ort. Ní thiocfadh le árd-taoiseach onórach mar
é a shíolruigh ó bhunadh Néill Naoi-ghiallaigh a bheith
ina chladhaire & an lámh a fhobair a chrádh a phógadh.
Insan am céadna bhí sgiormaisg ar bun ag an Abhainn
Mhóir nár thaithnigh leis. Bhí áirnéis mar an gcéadna a
baineadh de cheann de na Niallaigh i seilbh an Mharas-
gail Baigenail agus ní raibh sé sásta a dtabhairt uaidhe.


L. 61


Níor thaithnigh na gníomhartha tútach' seo leis an
taoiseach &, i leabaidh é modhamhlacht a dhéanamh leis
na cailicéiríbh Gallda, is amhlaidh a d'éirigh sé níos
buirbe ina n-aghaidh, ag cur focail na faire amach ar
fhad & leithead a chúige ag agairt gach uile cheann
feadhnach a bheith ollmhuighthe móiméid ar bith a bheith call
leó.



Caib. XXVI. – Cath Árda Macha.



NUAIR nach ndearnaidh an taoiseach
síothcháin leis na cailicéiríbh, mheas
siad gur b'amhlaidh bhí sé ag cur
bun urrudhais air féin ag bail-
iughadh ógánach na tíre ina chéile
agus 'ghá n-aclughadh i gcomhair
cogaidh; ag brosdughad Gaedheal.
Chúigidh Laighean tórainn na
nGall ionnsuighe & gan suaimhneas a thabhairt dóbhtha.
Fághann sinn Fiacha Mac Aodha Uí Bhroin 'ghá n-ionn-
suighe, i gceann na Mórdhach, na mBranach, Muinntear
Chonchubhair, Clann Uí Thuathail, na Caomhánaigh, na
Buitléaraigh & na taoisigh Gaedhealach' as Connachtaibh.
Budh iad Eoghan Ó Mórdha & Fiacha Ó Broin a bprímh-
cheannairí. Bhuail siad rompa ag creachadh na tíre &
chraith siad creatlachaidhe cathrach Bhaile Átha Cliath le
siúrthán a ruathar piléar. Dhóigh siad agus loisg siad Baile
Chroimghleanna agus sgannruigh siad na saghdiúir Ghallda
le búrthaighil a nglór, agus fhad 's bhí na seadairí seo
ag bagairt cogaidh ar lucht na cathrach, níor leig an
faitchíos dóbhtha a n-ionnsuighe. I mí na Bealtaine
sin sheol an Fear Ionaid sluagh mór saighdiúr go dtí
Baile Na Corra, agus tháinic siad i ngan-fhios ar na


L. 62


hÉireannaigh, mar ba ghnáthach leobhtha a thidheacht, mar
ghaduidhe insan oidhche, &, ar ndóigh, níor thug siad faill
eaglach do na hÉireannaigh bochta, mar bhí tart ortha &
call forgain fola le n-a lafart a chosg. I measg na
n-Éireannach seo bhí Fiacha Mac Aodha Uí Bhroin a bhain
tarraidh-thart i gcomhnuidhe as na Sagsanaigh nó go
dtainiceadar i ngan-fhios air. D'fhág sé beirt mhac
'na dhiaidh, .i. Féidhlim & Réamonn, & fuair siad
congnamh ar bhuille boise ó Aodh Ó Néill & ó na
Mórdhaigh. Throid siad annsin i n-aghaidh na Sagsanach
& choinnigh siad an machaire ar a ndubhshlán. Bhí Baill-
dearg i gConnachtaibh ag cíobáil na Sagsanach & ag
baint a chirt féin uabhtha, mar chuir sé 'fhiach ar Mhac
Diarmuda umhlughadh dó & a dhíoluidheacht dlightheamhail
íoc leis, dhíbir sé Tiobóid A Búrca & thug sé seilbh
dhlisteanach do Mhac Uilliam ar Chlainn Riocaird.



Le linn an trátha seo bhí Árd-Mhacha i seilbh na
Sagsanach & bhí an Stafardach ann ina cheann feadh-
nach ar shluagh mór saighdiúr. Bhí foslongphort ag
Norreys i gCill Uachtair & mheas an Niallach go raibh
deireadh leis an sos comhraic bréige. Dá bhrígh sin
chruinnigh sé a chuid seadairí i gcuideacht a chéile &
d'ionnsuigh siad longphort Norreys, & chuir siad an
ruaig ar na Sagsanaigh, 'ghá slad léir mar bhí siad ag
tidheacht suas leó. Marbhuigheadh a lán de na Sagsan-
aigh ins an rása seo mar ba cosmhail le rásaibh
Caisleáin a' Bharraigh iad, agus an méid de na Sagsanaigh
a raibh luadar na gcos aca, rith siad go hÁrd-
Mhacha de'n tsodar sin le fasgadh fhagháil faoi na
ballaíbh.



D'fhág Norreys cúig céad d'á chuid brothairí le
congnamh a thabhairt do'n Stafardach & d'fhill sé féin
go dtí Sráid-Bhaile Dúin Dealgan. Chruinnigh Aodh a
chuid seadairí fearamhla agus shuidh siad síos ar a sáimhín
sógh ag faire Árd-Mhacha gan rud ar bith a leigint
amach ná isteach as. Bhí a chuid seadairí chomh tugtha


L. 63


sin do throid agus nár fhéad leobhtha foighid a bheith aca ag
faire na mballaidhe; b'fhearr leobhtha bheith ag cur a
gclaidheamh go feirc ins na Dubhghaill. D'éirigh siad
chomh mío-fhoighdeamhail sin & gur ar éigin bhí Aodh i
n-ann a gcoinneála i gceann a chéile. Insan
am chéadna chuir Norreys trí fheadhnach coisidhe &
feadhnach marcshluagh & caráiste mór beathadh le
fóireadh ar Stafard, mar shíl sé, acht “dheamhan
ar chríonna an cat 'ná an ciméad,” tháinic
Aodh ina n-airicis agus ghabh sé na saighdiúir, thóig sé ina
sheilbh féin an caráiste bídh a bhí leó & a n-airm
cogaidh. Nocht sé na héadaigh de na saighdiúir Ghallda
& chuir sé ar a chuid seadairí féin iad & roimh éirge
an lae sheol sé feadhnach gallóglach “dearga” le
fóireachtáil ar Stafard, & na briosga leobhtha. Chuir
sé Conn Ó Néill & cipe saighdiúir faoi go dtí sean-
mhainistir bhí faoi lár le cor-a'-tuaithbhil a thabhairt ar
saighdiúir Stafaird, nuair a thiocfadh siad amach ag
cuideachan leis na gallóglaigh dearga. Sheol sé
sluagh eile d'á chuid seadairí féin le cath a thabhairt
do na gallóglaigh dearga, d'ionnsuigh an dá chipe a
chéile, & gan bhréig, bhí urchair d'á bplanncadh ann. Bhí
go leór de na “gallóglaigh dearga” ag tuitim &,
nuair a chonnaic an Stafardach é seo, níor fhéad sé
fanacht faoi fholach ní b' fhuide. D'fhosgail sé na
geataidhe agus tháinic a chuid saighdiúir amach le cuid-
eachan leis na casógaíbh dearga, mar shíl siad,
acht nuair a tháinic siad i bhfoisgeacht urchair gunna
dóbhtha, d'ionnsuigh na gallóglaigh dearga iad & nuair
a thug siad faoi deara an paintéar a leagadh dhóibh,
rinne siad a ndícheall na geataidhe a shroich ar ais.
Mhaiste, thug Conn an cor-a'-tuathbhil ortha & fuair siad
iad féin i gceart-lár na n-Éireannach. Throid siad go
madramhail acht claoidheadh uilig iad le fabhairt &
fuinneamh claidhimh na n-Éireannach. Deirim-se go
mb'iongantach an inntreacht chinn bhí ag Aodh & smaoineadh


L. 64


air ar bhuille boise. Thug Aodh cead do'n Stafardach &
do'n bheagáinín de dhíogha de shaighdiúir a bhí aige im-
theacht go Sráidbhaile Dúin Dealgan. D'ionnsuigh Aodh
annsin na daingin a choinnigh fasgadh do na Dubhghaill;
chuir sé faoi lár iad, mar nár theastuigh a leithéidí uaidhe.
Seal gearr 'na dhiaidh seo, nuair a bhí Aodh gnaitheach i
dtaobh eicínt eile de'n tír, tháinic suim de na Sagsan-
aigh ó Shráidbhaile Dhúin Dealgan i ngan-fhios & chuir
siad fúbhtha i n-Árd-Mhacha, & choinnigh siad ina seilbh é
go dtí léis catha Bhéil an Átha Buidhe.



Caib. XXVII. – An Búrcach.



AN mbliadhain 1597, i mí na Beal-
taine, tugadh an Ruiséalach go
Sagsanaibh & seoladh anall againn
mar Fhear Ionaid, an Búrcach, saigh-
diúr madramhail a thug a lán
cathaidhe amuigh ins na Tíorthaibh fó
Thuinn. Ins an am céadna hathruigh-
eadh Norreys ó Chúig' Uladh go
Cúigeadh Mumhan ina cheannphort
ar na Dubhghaill annsin & seal
gearr 'na dhiaidh sin, nuair a thoisigh
sé ag smaoineadh ar a dhroch-ghníomh-
arthaibh, d'éag sé le briseadh croidhe.



Timcheall an ama seo bhí an chuid is mó d'Éire faoi
na hÉireannaigh & go mór-mhór Cúig' Uladh, acht amháin
seacht ndúnta a raibh na Gaill ionnta mar choinín a
bheith ina árus faoi thalamh .i. Iubhar Chinn Thráchta,
Carraig Fhearghuis, Dún Droma, Cáirlinn, Caisleán
na hIreannaighe, Árd-Mhacha & Latharna. Anois bhí
tart ar an bhFear Ionaid nua agus b'áin leis a lafart
a chosg le fuil na n-Éireannach, & leis sin a
dhéanamh, dubhairt sé nach dtiubhradh sé faill eaglach


L. 65


dóbhtha gan bualadh roimhe & a gclaoi ar aon chuma.
Rinne sé sos comhraic míosa & i rith na míosa sin bhí sé
an-ghnaitheach ag ollmhughadh a chuid saighdiúirí le
bualadh éadain a thabhairt do na hUltaigh & dhá léir ar
fud na tíre. Dearbhuighim nach raibh an Niallach 'na
chodladh i rith na míosa, mar feicfidhear níos íochtar-
aige annseo go raibh níos lúthmhaire ná an Fear Ionaid
ag imtheacht ar fud a thíre ag brostughadh a chuid sead-
airí & 'ghá n-ollmhughadh 'un cogaidh.



Ag deireadh an tsosa comhraic, thriall an Fear
Ionaid, Iarla Chille Dara & Tighearna Thrimleastúin i
gcuideachta ó thuaidh, le n-a sluaighte fúbhtha & bhí an
Cluadhánach ina uachtarán ar na Gallaibh i gConnachtaibh.
Bhí sé faoi ordughadh bualadh roimhe go Cúig' Uladh & a
lámh dheas le Loch Éirne. Bhí míle Gall-Gaedhil faoi
spraic Bharnaill i Muileann Chearr na Midhe & bhí a
dtriall-san ó thuaidh leis na hUltaigh bhochta a chlaoi.
Anois, theastuigh ó'n Niallach a chuid smaointe a
chruinniughadh ina chéile & na cipí sin a choinneáil
sgartha ó chéile le stuaim chinn.



Caib. XXVIII. – Cath Bhealaigh an Triallaigh.



BHÍ fear uasal de bhunadh na Normánach
i n-arm an Niallaigh & bhí árd-
mheas ag an Niallach air. Caiti-
liceach léir creidimh a bhí ann, &
b'ainm dó Riocard Thriall ó Fhearaibh
Tulcha i gConndae na Midhe. Bhí
ceithre chéad seadairí Gaedhealach
faoi'n Thriallach & bhí siad ar sgaith
na bhfear. Bhí focal na faire ag an
Triallach ó Aodh Ó Néill, a shúil a
choinneáil ar an mBarnallach, mac do Thighearna
Bhaile an Thrimléadaigh. Bhí an Triallach i n-ann sin a
dhéanamh, mar bhí sé aigeanta lúthmhar fad-cheannach


L. 66


meabhrach & eolas na tíre go maith aige. Phreab an
Barnallach & a chuid saighdiúir ó Mhuileann Chearr le
amus a thabhairt ar an Triallach & a chuid seadairí
Gaedhealach' a shlad, nuair a chuala sé nach raibh ag an
Triallach acht lán glaice d'fhearaibh. Ba mhaith an
mhaise do'n Triallach é, theich sé roimhe nó gur mheall
sé an Barnallach isteach i lag ruaidhtigh bhí braithte ag
an Triallach roimh ré, leis an Barnallach & na Gall-
Ghaedhil a shlad le stuaim chinn & urrudhas colna. Bhí
leas-cheannaire faoi'n Triallach a mb'ainm dó
Ó Conchubhair & nuair a shroich siad an ruaidhteach,
d'fhág an Triallach trian de'n arm faoi smacht Uí
Chonchubhair & shín siad iad féin faoi na muineachaibh
bhí ag fás i mbléin na coilleadh. Thug an Triallach &
an dá thrian eile d'á arm do na buinn é, ag teicheadh
roimh an mBarnallach, dá mb'fhíor dhóbhtha féin. Lean
an Barnallach i mbarr na bhfásgaighthe iad & fuadar
mór faoi. D'fhan Ó Conchubhair & a chuid saighdiúir go
sostach nó gur sgaith na Gall-Ghaedhil tharsta & ar an
móiméid bhí siad sgaithte, phreab Ó Conchubhair & a
chuid seadairí ina seasamh agus shéid siad seamsúir na
bpíobaidhe mar budh 'in é an cotharmha catha bhí idir an
Triallach & Ó Conchubhair. A ghrádh mo chroidhe! ar an
móiméid ar chuala an Triallach fuaim an tseamsúra,
stad sé dh'á theicheadh &, fearacht Chuinn Uí Néill insa
mainistir, nuair a thug sé cor-a'-tuaithbhil ar saighdiúir
Stafaird, thug an Triallach cor-a'-tuaithbhil ar
shaighdiúir an Bharnallaigh & thug siad sin ortha amus
colgach madramhail. Bhí Ó Conchubhair ag tabhairt
fabhairt-&-blas do ghéardas a chlaidhimh dóibh. Bhí an
Triallach ar a n-aghaidh agus Ó Conchubhair ar a gcúl, & ba
geal maith na Gall-Ghaedhil ag tuitim insa gcath sin
mar fhéar ag tuitim roimh speil an spealadóra, & tá
sé dearbhtha nár thainic éinne de na Gall-Gaedhil in
dtír ó'n gcath sin, acht beirt – fear a threoruigh a
bhealach ar fud an phortaigh leis an ár a innsint do na


L. 67


Dubhghaill a bhí i Muileann Chearr, & an Barnallach a
bhí aca faoi ghabháil le n-a thabhairt d'Aodh Ó Néill mar
tabhartas catha. Throid Ó Conchubhair chomh madramhail
sin & gur at a lámh i ndornchladh a chlaidhimh le méad
an urrudhais a bhí ina bhuillíbh & de bhárr docamhail slaid
an lae, d'at an tálach a lámh insa riocht go mb'éigean
an dornchladh a ghearradh le líomhán 'san tráthnóna.
Ba bhorb an cath é fhad & mhair sé & tugthar mar ainm
ar áit an chatha seo – Bealach an Triallaigh.



Níor fhás mórán féir faoi chosaibh na gceannphort
Ghaedhealach seo gan triall le cuideadh leis an
Niallach, mar bhí an Fear Ionaid chomh híochtarach le
hÁrd-Mhacha faoi seo; agus bhí siad cinnte go mbeith
cogadh diabhalta ag an Abhainn Mhóir nó an t-Uisge
Dubh.



Caib. XXIX. – CATH DROMA FLICH.



I TAOIBH an Chluadhánaigh réamhráidhte a bhí
i gConnachtaibh, bhí sé féin & seacht gcéad
saighdiúir ag giorrachan a mbealaigh & ag
tarraint ar an bhFear Ionaid le congnamh
a thabhairt dó; acht bhí a chosán ní ba
chraptha roimhe 'ná shíl sé é bheith. Casadh
Baill-dearg & a dhá mhíle Conallach leis &,
i leabaidh é dhul ar aghaidh, thréig sé deich
míle fhichead i ndiaidh a chúil, mar bhroc ag
dul isteach ina árus i ndiaidh a thóna.
Lean Baill-dearg é, acht ní dhearna siad
mórán díoghbhála d'á chéile insa gcath sin,
acht mhionnuigh Ball-dearg go dtuitfeadh an Cluadhánach
le fuinneamh a chlaidhimh lá ní b'fhuide ná an lá sin.
D'fhág Baill-dearg an Cluadhánach ag teicheadh thrí


L. 68


chnocaibh Connacht & tharraing sé ar an Niallach le
tarraint ascaill a thabhairt dhó i n-aghaidh an Fhir
Ionaid.



Anois, ins an am seo, bhí a fhios ag an Niallach go
dtiubhradh an Fear Ionaid lámh na tárthála thimcheall
an Phuirt Mhóir le n-a fhagháil ina sheilbh féin, & chuir an
Niallach feadhnach beag d'á chuid seadairí féin i gcoill
a bhí an taobh ó dheas de'n Uisge Dubh, le bruach an
chosáin a raibh na Sagsanaigh le dhul thríd. Ghearr na
hÉireannaigh go leór de na crainn agus chaith siad ar an
gcosán seo iad, mar bhlocáin truislide i mbealach na
Sagsanach. Nuair a fuair an Fear Ionaid a mboladh,
thug sé amus orra &, ar ndóigh, d'imthigh na hÉireannaigh
roimhe gur sgaith siad an abhainn ó dtuaidh & annsin
thóig an Fear Ionaid seilbh an Phuirt Mhóir; acht sul
má raibh am aca Deo Gratias a rádh de bhárr an
bhuaidh seo, chonnaic siad na hÉireannaigh dh'á
n-ullmhughadh féin 'un catha an taobh ó dtuaidh de'n
abhainn & b'éigean do'n Fhear Ionaid an darna amus
a thabhairt ortha. Chuir sé Iarla Chille Dara ina
n-airicis & thainic sé féin i ndeireadh na dála, mar bhí
faitchíos air a bheith i dtoiseach – mar bhí sé an-chúramach
i dtaobh a shláinte. D'ionnsuigh an dá arm a chéile
& shiubhail na hÉireannaigh go mín réidh socair rompa
nó go ndeachaidh siad thimcheall & míle ó'n mBinn
Bhuirb. Nuair a shroich an Fear Ionaid an áit sin,
baineadh sgannradh mór as, mar chonnaic sé an
taoiseach 'na sheasamh as a chomhair & marcshluagh
Thíre Eoghain ina thimcheall. Bhí a fhios ag an bhFear
Ionaid go mbudh 'in é an paintéar a leag an Niallach
dhó le n-a mhealladh thar an abhainn & a fhagháil faoi n-a
sgríb insa talamh a mb'fhearr a raibh eolas aige air.
Bhí na Conallaigh & na hEoghanaigh & na hAlbanaigh ó
Aontruim leis an Niallach an lá sin. D'ionnsuigh an
Fear Ionaid iad go madramhail, acht ar thoiseach an
chatha loiteadh go baoghlach é agus do hiomchruigheadh é


L. 69


chum fasgtha. Thóig an t-Iarla an cheannaireacht annsin
& ní dheachaidh leis, mar leagadh 'un talmhan é
dh'á each & thainic a bheirt dearbhráthar altroma
ag tabhairt láimhe na tárthála ina thimcheall &
marbhuigheadh iad ar bhuille boise. Cuireadh an ruaig
ar na Sagsanaigh insa gcath seo & rinneadh slad
mór ortha. Ní raibh ann acht cé aca ba lúthmhaire
coiscéime leis na cosaibh a thabhairt leó & na
hÉireannaigh 'na ndiaidh ar áit na mbonn & iad ag
tuitim rompa le géardas claidhimh mar fhear ag cur
sgine thrí mheasgán ime. Marbhuigheadh an fearr as bárr
d'oifigigh na nDubhghall agus seo agaibh iad; d'éag an
Fear Ionaid de bhárr a chuid lot, Sir Proinnsias
Beacháin cliamhain an Fhir Ionaid, Tomás Bháiléar &
Ribeart Turnóir. Cúpla lá 'na dhiaidh sin d'éag Iarla
Chille-dara de bhárr a chuid loit, acht deir staruidhthe
Gallda gur éag sé le briseadh croidhe i ndiaidh a bheirt
dearbhráthar altroma, i gcead díbh-se. Is é an
t-ainm tugthar ar an áit seo Druim Fliuch, & bhí sé
fliuch an lá sin gan aimhreas, mar bhí sruth fola ag dul
le fánaidh an chnuic. Tá sé ráidhte go raibh cubhar
dearg ar uisge na habhna ag Droichead Átha an Chatha.
Atá an Druim Fliuch seo thimcheall 's dhá mhíle taobh
thiar de'n Phort Mór (nó ainm eile dó Baile an Uisge
Dhuibh).



An taosgán de na Ghaill a rug na cosa leó ó'n
gcath seo, rith siad go dtí an t-Iubhar agus as sin go dtí an
tSags-tórainn i gCúige Laighean, ag fágáil an long-
phuirt i bPort Mór & gan árach aca cabhrughadh ar an
longhphort. Bhí caiptín Mac Uilliam ina cheannphort
ar an longphort & mheas sé go raibh sé i gcruadh-chás &
dhaingnigh sé é féin & a chuid saighiúir i ndíogachaíbh
faoi thalamh & thug sé cíobáil mhór do'n Niallach ar
feadh tamaill.


L. 70


Caib. XXX. – AN t-EASBOG Ó LOCHNÁIN



TAR éis bháis an Fhir Ionaid ag
Druim Fliuch, rinneadh Árd-
Smachtóirí de'n Easbog Ó
Lochnáin de'n Áird-Ghiúistís
Ghárnóir, as cionn tórainne na
nGall i gCúigeadh Laighean, &
rinneadh ceann-urraidh de char-
aid Aodha Uí Néill, .i. Iarla na
hUrmhumhan agus pronnadh mar
theideal air Maoil-rí na Proibhinnse Gallda, & comhair-
ligheadh an Maoil-rí roimh ré síothcháin a dhéanamh leis
na hÉireannaigh, dá mb' fhéidir é. Ins an am céadna
rinneadh sos comhraic ocht seachtmhainí. Thainic an
Maoil-rí & an Niallach i n-airicis a chéile ag an tSráid-
Bhaile & labhair siad le chéile i dtaoibh gnóthaidhe
cogaidh. D'iarr an Niallach trí choinghill mar a
leananns: An chéad cheann – Saoirseacht a bheith ag
an gcreideamh Gaedhealach ar fhad agus ar leithead na
hÉireann; an darna ceann, éiric a thabhairt do na
hÉireannaigh de bhárr an losgtha & na díoghbhála a bhí
déanta orra ag longport an Iubhair & a lán áiteacha
eile; an treas cheann, seilbh a ndúthaigh féin a thabhairt
do na taoisigh Ghaedhealach & cead aca smachtughadh
mar ba ghnáthach dóibh. Cuireadh na héilimh seo go dtí
an Bhainríoghain & i rith an tsosa comhraic bagruigheadh
ar an Niallach gan dréim ar bith a bheith aige le Rígh
na Spáinne; a chuid saighdiúir a choinneáil faoi smacht,
& a ghallóglaigh a thabhairt ar ais ó Chúigeadh Laighean &
gárda tíodhlacan a chur leis na hoifigigh Ghallda ag
dul ó chaisleán go caisleán, & cead a thabhairt dh'á
shliocht saighdiúir an Phuirt Mhóir a chothughadh le biadh.
Dhearbhuigh an Fear Ionaid do'n Niallach go bhfuigheadh


L. 71


a chuid seadairí Gaedhealach cead a dhul i n-áit ar bith
ba toil leó & gan éinne le “'seadh” a rádh
leobhtha gan a thoil-san bheith leis. Ag ceann an tsosa
comhraic thainic sgéala ó'n mBainríoghain go dtí an
Maoil-rí ag tabhairt a lán cumhachta dhó le cur i
n-umhail do'n Niallach go raibh sí ag tabhairt maithtean-
ais agus párdúin dó ó n-a croidhe amach, acht
amháin go gcaithfeadh sé géilleadh do na coingheallaibh
seo: (1) Go gcaithfeadh sé coimhcheangal téagrach
na n-Ultach a bhriseadh, a shluaighte sgaradh ó
chéile agus coimhighthigh a dhíbirt ó n-a thír; (2) An
Port Mór a dheasughadh & bail a chur air; (3) Ainm
“Uí Néill” a shéanadh & cumhachta ar bith eile a bhain
do'n treibh sin a chur faoi n-a chosaibh; (4) Sirriam
Gallda a leigint chur faoi i dTír Eoghain; (5) Cáin a
íoc; (6) An méid a bhí faoi a bhain do'n chreideamh
Gaedhealach, a dtabhairt i lámhaibh na Sagsanach; (7) An
gnó iasachta a bhí idir é féin agus Rígh na Spáinne a
nochtadh do'n Riaghaltas Gallda; (8)Beirt mhac
Sheagháin Uí Néill a thabhairt dhóbhtha mar phríosúnaigh
& a mhac ba sine a thabhairt mar chomhartha síothchána
leis na coinghill seo a chóimhcheangladh as sin amach.


L. 72


Caib. XXXI. – AN PÁRDÚN NÓ AN CATH?



BA diabhalta na coinghill iad seo a
b'áin leis na Sagsanaigh a chur mar
fhiachaibh ar an Niallach – fear fad-
cheannach ceannasach mar é & é ina
thaoiseach os cionn an bhunaidh
seadairí ba fearamhla a bhí 'sa
domhan. Dhiúltuigh sé do na coin-
ghill le droch-mheas. Ní dhíbreóchadh
sé éinne as a thír & ní shéanfadh sé
ainm an Niallaigh ar an méid ab'
fhiú an Riaghaltas Ghallda; cúrsaidhe beirte Mhac
Sheagháin – budh iad a chuid príosúnach féin iad & ní
thiubhradh sé isteach i gcrúib an tSagsanaigh iad;
maidir leis an Sirriam, a fhad is bheith seisean beó ní
leigfeadh sé aon tSirriam Ghallda go Cúig' Uladh; & i
dtaobh a mhic, b'fhearr leis an ceann a sgathadh dhe 'ná
a thabhairt dhóbhtha le Ghall-Ghaedheal neamh-chríostamhail
a dhéanamh dhe. Thiocfadh leis na Gaill Iarla Thíre
Eoghain a thabhairt air ina measg féin, acht a fhad is
d'fhágfadh Dia an anáil ann, ní beith aon ainm eile aige
acht “Taoiseach na Niallach,” mar bhain an t-ainm onórach
sin le n-a threibh & le n-a chreideamh, & dhiúltuigh sé do
phárdún Eilíse, mar nach nglacfadh sé é ar chosa
bacóide.



I leabaidh é an párdún a ghlacadh, is amhlaidh a
thoisigh se ag spreagadh & ag brosdughadh na n-Ultach
go léir le bheith ollmhuighthe le thidheacht chum catha,
nuair a gheóbhadh siad focal na faire, acht sul mar
thoisigh an bhruighean seoladh litir go dtí an Niallach &
séala na Bainríoghna uirthi ag tabhairt maithteanais
dó, i mbliadhain 1598, &, i gceann an mhéid d'agair an
Fear Ionaid (nó an Maoil-rí réamhráidhte) é an


L. 73


párdún a ghlacadh & síothcháin a dhéanamh, acht ní
thiubhradh an Niallach aon chluas dó, mar nach gcuir-
feadh sé aon mhuinighin i lucht Riaghaltais Shagsana mar
bhí eolas a mbealaigh go maith aige. Le linn an ama
seo bhí an Niallach ag feitheamh lá ar lá le congnamh ó
Rígh na Spáinne, le n-a arm a neartughadh & na Gaill
a dhíbirt as a thír. Bhí oiread d'fhuath ag na Spáinnigh
i n-aghaidh na nDubhghall & bhí ag na Ghaedhil, mar bhain
siad d'aon chreideamh amháin, agus ní raibh rud ar bith ag
dul idir na Gaill agus a suaimhneas acht an creideamh
sin a smalbhadh amach 's amach. Níor thug Rí na
Spáinne congnamh do'n Niallach mar ba chóir dhó, acht
bhí ádhbhar aige, mar bhí rígh-theachta ag na Dubhghaill i
bhFlanndras & chuir sé i n-umhail do na Spáinnigh
annsin go raibh an Niallach & an creideamh Gaedhealach
brúighte loitthe & ó rath i nÉirinn. Shroich na bréaga sin
Rí na Spáinne & mheas sé nach raibh aon chabhair dhó
congnamh a chur go hÉire, mar bhí na Gaedhil claoidhte,
& nuair nach bhfaca an Niallach na Spáinnigh ag teacht,
bhain sé a shúil dhíobhtha, & chuir sé a mhuinighin ins na
hUltaigh bríoghmara a bhí faoi & chruinnigh sé ina chéile
iad le fuil na nDubhghall a thabhairt go talamh & seo
é mar chruinnigh siad :–



Chuir Niall Ó Néill ó Chlainn Uachtair Aodha Duidhe
ceithre fichid coisidhe & tríocha eachradh & Seagán Mac
Bhriain ó Chlainn Íochtair Aodha Buidhe ceithre fichid
coisidhe & caoga eachradh; chuir Mac Ruaidhrí ó Chill
Mháirlín seasga coisidhe agus deich gcinn de mharcshluagh,
Seaghán Mac Briain ó thaobh na Banna caoga coisidhe
& deich gcapaill; Art Ó Néill trí chéad coisidhe &
seasga capall; Hannraoi Óg Ó Néill dá chéad
coisidhe & dhá fhichid capall; Toirdhealbhach mac Hannraoi
Uí Néill ó'n bhFeadh trí chéad coisidhe & seasga
capall; Cormac mac an Bhárdúin (dearbhráthair Aodha)
trí chéad coisidhe & seasga capall ; & thug an taoiseach
é féin seacht gcéad coisidhe & dá chéad capall. An


L. 74


Faoideach ó'n Dubh-thrian i gCo. an Dúin, chuir sé fiche
coisidhe; Mac Artáin & Sliocht Néill, ó'n gconndae
chéadna, céad coisidhe & fiche capall; thug Mac
Aonghusa ó Uíbh Eachach dhá chéad coisidhe & dá fhichid
capall; chuir Mac Muircheartaigh dá fhichid coisidhe,
bhí le Ó hÁgáin ó Thulaigh Óg céad coisidhe & tríocha
capall; tháinic Séamus Mac Domhnaill ó'n Rúta le
ceithre chéad coisidhe agus céad capall; thug Mag Uidhir
ó Fhear Monach sé chéad coisidhe agus céad capall; chuir
Mac Mathghamhna & Éibhir Mac Cuailnge ó Fhearnmhuigh
cúig chéad coisidhe & céad & seasga capall; Ó
Raghallaigh ó Bhreifne ocht gcéad coisidhe & céad
capall; & tháinic na Cáthánaigh ó Chonndae Dhoire
le cúig chéad coisidhe agus dhá chéad capall.
Ó Thír Chonaill thug Ball-dearg & a dhearbhráthair
trí chéad & caoga coisidhe & céad & deich gcapaill,
Ó Dochartaigh ó Inis Eoghain trí chéad coisidhe
& ceathracha capall; Mac Suibhne cúig céad coisidhe
& tríocha capall; an Baoigheallach céad coisidhe
& fiche capall; & thug Ó Gallchobhair ó Bhéal
Átha Seanaigh dhá chéad coisidhe & dá fhichid capall.
Chabhruigh na fo-thaoisigh seo uilig leis an árd-taoiseach
Aodh Ó Néill & a chliamhain Baill-dearg Ó Domhnaill,
& nuair bhí an méid seo bailighthe i gceann a chéile, gan
bhréig bhí sluagh mór seadairí fearamhla ann. Roinn
an Niallach 'na ndá chuideachta iad, cuideachta faoi
n-a chúram féin & cuideachta faoi spraic Bhaill-deirg,
mar bhí an chomh-chumhachta amháin ag an mbeirt aca & bhí
obair ar leith ag gach aon aca & iad chomh fírinneach dh'á
chéile le croidhe leinbh & ní raibh ann acht cé aca
dhéanfadh an slad ba mhilltighe ar na Dubhghaill.


L. 75


Caib. XXXIII. – IOMSHUIDHE AN PHUIRT MHÓIR.



I MÍ an Iúil de'n bhliadhain seo chuir taoiseach
na Niallach teachtaire ag Féidhlim Mac
Aodha an Ghall-tórainn a ionnsuidhe & na
Gaill a choinneáil gnaitheach i gCúigheadh
Laighean, mar bhí sé féin ag brath ar saigh-
diúir Iarla na hUrmhumhan ionnsuidhe i
gCúigeadh Uladh agus insan am chéadna chuir sé
cúig chéad déag saighdiúir Gaedhealach ag
cabhrughadh leis an Mórdhach, mar bhí sé insa'
tráth sin ag gabháil fabhairne do Phort
Laoighise & na Sagsanaigh i gcruadh-chás
ann.



Anois bhí radharc mí-thaithneamhach os comhair dhá shúl
an Niallaigh & spalp sé mionna mór, dá mbeadh ina
fhastódh 'ch uile fhear i gCúigeadh Uladh a chruinniughadh,
go leagfadh sé an radharc mí-thaithneamhach sin & nach
bhfágfadh sé cloch phonnta 'na sheasamh de, & budh 'in é
an Port Mór. Bhí Mac Uilliam & trí chéad saighdiúir
insa' bport & d'ionnsuigh an Niallach iad, & mar bhí
easbhaidh ordonáis & gunnaidhe móra ar an Niallach,
níor fhéad sé aon lámh a dhéanamh de Mhac Uilliam.
D'ionnsuigh na hÉireannaigh go colgach iad & níor theip
siad gan gach uile shlighe a fhéachain leis an daingean
a chur ar lár. Fuair siad dréimirí & chuir siad i
n-aghaidh na mballaidhe iad, acht fairíor géar! léir
mar théidheadh siad ar bhárr na ndréimirí, théidheadh
piléir thrí bhlaosg a gcinn. Chonnaic an Niallach go raibh
an t-Uilliamach ró-ghlic & fios a ghnaithe go maith aige
& nach raibh éan-chabhair dó a bheith ag cur a chuid
saighdiúir i gcontabhairt báis, & shuidh na hÉireannaigh
ar a sócamhal thart thimcheall an phuirt ag feitheamh
leis an lá go ndéanfadh easbhaidh bídh & dighe a ngnó


L. 76


ar an bport. Nuair a bhí an méid cnuais a bhí insa'
bport ithte ag na Gaill, b'éigean dóbhtha an féar &
gach uile chineál luibhe a bhí ag fás ann a ithe & tá sé
ráidhte nach raibh aon chloch 'sa bport nár ith & nár ligh
siad an caonach di, & nuair a bhí Mac Uilliam ar tí
géillte, d'éirigh leis cuid de chaiplibh an Niallaigh a
ghabhadh & chothuigh siad sin a gcolann tamall eile. A
fhad is bhí Cormac, dearbhráthair an taoisigh, ag coin-
neáil a shúile ar an bPort Mór, thug an taoiseach
feadhnach seadairí leis go dtí an Mullach Bán & as sin
go dtí Árd-Mhacha, gan tóir ar bith a leigint isteach
ó dheas go dtí an áit sin.



Nuair a fuair na Gaill i mBaile Átha Cliath fios ar
annró Mhic Uilliaim, bhí siad ag brath ar sgéala chur
aige tabhairt suas, & cé bhí i láthair acht an Marasgal
Baigeanal, & dubhairt sé go raibh sé fánach ag cumhachta
Shagsana géilleadh do'n Niallach & Cúig' Uladh bheith
aige ar a chomhairle féin, &, dá gcuireadh siad sluagh
saighdiúir faoi n-a lámha-san, nach mbeith fuacht ná
faitchíos air gan an Niallach a ionnsuidhe & cabhrughadh
ar Mhac Uilliam a bhí i gcruadh-chás. Bhailigh siad as
Sagsanaibh cuideachta saighdiúir ab' aclaighe & ab'
fhearr a bhí faoi chumhachta na Bainríoghna. I gceann
an mhéid sin & an méid a chruinnigh siad i n-Éirinn,
bhuail Baigeanal roimhe & an méid sin faoi na smacht
gur shroich sé an t-Iubhar. Insan am céadna fuair an
Niallach focal na faire ó n-a cháirdibh go raibh a dhearg-
námhaid ag tarraint air & go mba tuar teichte dhó é.
Thoisigh Baigeanal ar a obair & d'ionnsuigh sé na
hÉireannaigh & d'fhóir sé ar Árd-Mhacha & dhíbir sé an
Niallach & a chuid seadairí ó'n Mullach Bán & fhobair
go ngabhthaoi an taoiseach insa gcoimheasgar sin, acht
bhí paidir altuighthe ag croidhe Gaedhealach icínteacht a
d'fhóir air, uair a ghéibhinn. Anois, insa tráth seo, bhí
Mac Uilliam i ndeireadh na déithe gan biadh ná deoch
& a shúile cam ina cheann ag faire, théince go


L. 77


bhfeicfeadh sé an bhratach fhuilteach ag eiteall thar barr
na gcnoc, agus bhí fhios ag an Niallach nach ndéanfadh
Baigeanal mórán taithighe gan tarraint ar an bPort
Mór.



Caib. XXXIII. – CATH NA BINNE BUIRBE.



BA MHAITH an mhaise do'n Niallach é.
Bhailigh sé a shluaighte i gceann a
chéile, agus a gcuid gceannphort ag
a gceann, é féin, Ball-dearg, Mag
Uidhir, Mac Domhnaill ó na Gleann-
taibh, agus Mac Uilliam ó Chlainn
Riocaird, cúigear ceannairí chomh
fearamhail agus leag bonn le bóthar
ariamh, agus budh 'eo é iomlán a
airm lá an chatha .i. ceithre mhíle cúig
chéad coisidhe & sé chéad marcach. Bhí easbaidh
ordonáis ar na hÉireannaigh & ní raibh aon
lúireach ortha acht an lúireach a chum Dia ortha
nuair a geineadh iad i mbruinn a máthar. Bhí
thimcheall 's an oiread céadna saighdiúir ag Baigeanal,
acht bhí brabach aige os cionn na n-Éireannach, mar bhí
gunnaidhe móra agus cultacha catha ortha ó'n bhfeara go
diúra. An rud is aistighe annseo, ní raibh aon
Éireannach i n-arm Bhaigeanal acht fealltóir amháin i
n-aghaidh a thaoisigh & a thíre – fear arbh' ainm dó Maol-
mordha Ó Raghallaigh. Rinne sé cumas as “Raghallaigh
na Bainríoghna” thabhairt air féin & tá sé ráidhte go
mbudh 'eo iad an dá arm ba chumhachtaighe a d'ionnsuigh
a chéile i n-Éirinn ó aimsir na Normánach.



Bhí talamh an chatha seo braithte ag an Niallach roimh
ré, & bhí cúig mhíle ar fhad ó Árd-Mhacha go Port
Mór. Bhí cosán cumhang ar fhad an bhealaigh sin & ar


L. 78


thaobh dhe bhí a lán coillte, muineachaí & stacain, &
ar an taobh eile bhí sgraith-bhogán de mhíonuach portaigh
& a lán sglodarán uisge ag dul le fánaidh na gcnoc.
Ní raibh aon bhealach eile ag Baigeanal a dhul go dtí
an Port Mór. Ní raibh aige acht “breith ná fág,” &
b'éigean dó thidheacht le n-a bhealach a dhéanamh le láimh
láidir. An oidhche roimh an gcath bhí na hÉireannaigh
ag obair go dúthrachtach & ar fhad an chosáin seo
rómhair siad puill & díogachaí doimhne & chuir siad
sprionnlaí de mhaidíbh ar bhárr na bpoll & chuir siad
sgraitheachaí glasa os a gcionn, & ar thaobh an fhánáin
chairt siad min-dhíogachaí doimhne & iad cúmtha
mar lúb-cheannach insa' riocht, dhá dtiocfadh ortha, go
dtiocfadh leobhtha rith ó cheann go ceann gan cáll aca
thidheacht ar an talamh uachtair. Leag siad a lán
crann annsiud is annseo ar fhad an chosáin & ag lúib
an bhealaigh ins an áit a raibh an taoiseach é féin &
togha an airm faoi, rómhair siad clais, míle ar fad,
cúig troighthe ar doimhneacht & ceithre troighthe ar
leithead, & sgonnsa muineachaí ar a bhárr. I gceann
an mhéid sin bhí a lán lúibe & bléine ar fhad an
bhealaigh ag casadh anonn & anall eidir ísleán &
árdán. Bhí an talamh an-bhog mar bhí an t-uisge ag
sgeartadh aníos ó'n dóib bhuidhe & bhí dath buidhe ar an
uisge & uaidhe sin fuair sé an t-ainm Béal an Átha
Buidhe. Anois, má bhí sé i gcumhachta Bhaigeanal cabh-
rughadh ar Mhac Uilliam a bhí sa bPort Mór, chaithfeadh
sé a bhealach a dhéanamh thrí na blacáin truislidhe seo
a cuireadh ina bhealach le stuaim chinn Aodha Uí Néill.



Bhí árd-fhuil Chúigidh Uladh cruinn ag áit an chatha
seo, mar bhí, taoisigh, sagairt, leagha, cláirseoirí, filí, &
seanchaidhthe. Ina measg bhí file bhain do Chlainn
Dhomhnaill – Fearfeasa Ó Cléirigh, & d'fhiafruigh sé ainm
na háite seo &, nuair a hinnsigheadh dhó é, gháir sé ós
árd go raibh sé i dtarngaireacht Naoimh Bhearcáin go
dtroidfeadh na fíor-Ghaedhil cath diabhalta ag Béal


L. 79


an Átha Bhuidhe, i n-áit icínteacht i n-Éirinn & go
mbuaidheochadh na Gaedhil ar a námhaid, “&, thairis sin,
nach bhfuil na Dubh-Ghaill seo de'n neamh-chreideamh
i n-aghaidh aitheanta Dé & na hÉaglaise; ní'l rud ar
bith i gcath is cumhachtaighe ná an fhírinne. Atá an
fhírinne againn-ne & easbhuidh fírinne ortha-san. Ní'l
aon bhunudhas ionnta & leághfaidh siad romhainn mar
chárnán sneachta roimh theas na gréine.” Chuaidh
bhriathra Uí Chléirigh thrí fhad & leithead an airm
Ghaedhealaigh & thainic fearamhlacht na gcéadta ionnta
leis an misneach a fuair siad de bhárr briathar an Fhir
Fheasa. Seinneadh na píobaidhe & na cláirseacha &
bhéarthá d'udhacht gur'b iad orgáin na bhflaitheas bhí ag
spreagadh ceoil insa spéir & le méid binnis na
gceolta gur phlúch sé fuaim na gaoithe bhí ag séideadh
ina dtimcheall & shocruigh 'ch uile sheadaire Ghaedhealach
ina áit féin i rith na hoidhche sin, clúduighthe le triús
fada fairsing te teolmhar, & iad ag altughadh a
bpaidreacaí do'n Tríonóid Naomhtha & ag feitheamh
go foighdeamhail le solas na maidne.



I dtaobh an taoisigh, níor thainic aon támh ar a shúil
rith na hoidhche seo, acht ag agairt Dé gan aon fhear
d'á chuid seadairí Ghaedhealach d'fhealladh air, mar bhí an
t-arm ba mhilltighe & ba diabhalta a bhí i Sagsanaibh le
n-ionnsuidhe lá'r na bhárach & budh 'in é an lá bhí le
n-innsint cé aca ab' fhearr a d'acluigh Aodh Ó Néill a
chuid seadairí ná d'acluigh Baigeanal na brothairí bhí
faoi. B'fhada chaith an taoiseach ag múnadh acluightheacht
cosa & pionnsuidheacht láimhe do na seadairíbh seo &
'gá n-ollmhughadh 'un cogaidh ag feitheamh leis an lá a
gcasfaidhe é féin & Baigeanal le chéile lom-lámhach ar
mhachaire an chatha. Ní raibh aon fhear le fagháil ba
chionmhaire ar a chéile mná ná an taoiseach & dá mhéad
cion a bhí aige uirthi, bhí a sheacht n-oirid sin fuath &
gráin aige ar a dearbhráthair, Baigeanal, & ní raibh aon
ní ó fhlaitheas anuas ag dul idir é & a shuaimhneas acht


L. 80


comhrac éinfhir fhagháil leis nó go dtiubhradh sé tonn
d'á chuid fola féin le n-ól dó.



Shíl na hÉireannaigh go mb'fhada an oidhche í, acht
“ní'l lá dá fhad nach dtigeann a thrathnóna” & b'amhlaidh
leis an oidhche sin. Thainic an mhaidin & sul mar gheal
an lá ghluais Baigeanal ó Ard-Mhacha & sé chipe faoi &
roinn sé na sé chipe i dtrí chuideachta, an chéad chuid-
eachta faoi Ridire Baigeanal & an Piarasach, an darna cuid-
eachta faoi Chosbuí & Uingfield & an treas chuid-
eachta faoi spraic Chuain & Bhillings. Budh 'in é Lughna-
sadh 14adh, 1598. Bhí thimcheall is sé chéad slat idir gach
aon chuideachta aca seo, & sgartha amach uatha ó dheas
& ó thuaidh bhí feadhnach marcshluagh gach aon taobh díobh
faoi chúram Montaigiú, Bhrúc, & an Phléimeannaigh, &
léir mar bhí siad seo ag cur a mbealach díobhtha, bhí
siad ag séideadh a stoc & a mbratach fuilteach ag
nochtadh os cionn báirr na gcnoc. Le linn éirghe na
gréine bhí siad chomh fada leis an áit a dtugtar an
Ghráinseach uirthi. Bhí arm an Niallaigh ag breathnughadh
ar lonnradh na gréine ag deallradh ar a sleaghannaibh
& a gclogaid, & roimh éirghe an lae, an mhaidin sin,
chuir an Niallach cúig chéad d'á chuid seadairí, ba
lúthmhaire coiscéim, ar dhá thaoibh an bhealaigh sin. Le
éirghe thalmhan a bhaint as Baigeanal & a bhacadh ar a
fhuadar, b'amhlaidh bhí, bhí an chúig céad seo i bhfalach
faoi fholach na muineachaí & chomh luath & nocht na
Sagsanaigh a gcinn, phlainnc na hÉireannaigh ruathar
piléar thrí arm Bhaigeanal & thuit a lán aca. Phlainnc
siad ruathar i ndiaidh ruathair & gach aon ruathar ag
lot, & i n-aghaidh an mhéid sin throid na Sagsanaigh go
madramhail – i n-aghaidh teineadh, bogán & poll, nó gur
shroich siad an chlais mhór a bhí ag bléin an bhealaigh.



Anois tá an chéad chipe de na Sagsanaigh ag an
gclais & teine ina súilibh ag tabhairt iarracht ar na
hÉireannaigh a alpadh. Theann siad 'un cinn & sgaith
siad an chlais agus thuit a lán aca i n-aghaidh a mullaigh


L. 81


insa gclais & níor éirigh siad aisti. Nuair a fuair siad
iad féin taobh thall, thug siad amus madramail ar na
hÉireannaigh & dhlúthuigh na hÉireannaigh leo & nuair a
mheas siad a dhul ar gcúl bhí an chlais rompa & bhí an
cipe seo sladtha ag na hÉireannaigh sul már shroich an
dara cipe iad, mar bhí breall ar Bhaigeanal faoi a
gcoinneáil chomh sgartha ó chéile.



Thainic an darna cipe & Baigeanal ar a gceann na
gcosanáirde ar fhad an bhealaigh & na puill a rinneadh
roimh ré ag leagaint móráin de na marcaigh & na
coisidhthe ag tuitim ionnta, agus gan iad ag éirighe.
Dheasuigh an Niallach i n-aice an chipe, agus togha na
seadairí faoi le Baigeanal a dhealughadh amach, agus
comhrac éin-fhir a bheith aige leis, mar “b'fhada bhí
cathughadh 'n-a dhiaidh aige,” acht níor éirigh leis sin
fhagháil, mar bhí Baigeanal i lár an chatha ag troid go
madramhail. Le tuirse colna agus dócamhal oibre,
bhí múnógaí alluis ag tuitim dhe, agus le n-a cheann
a fhuaradh d'árduigh sé a chlogad le fionn-fhuaras a
thabhairt d'á mhalaidh. Ní túisge bhí an clogad árduighthe
aige ná bhí piléar thrí n-a bhlaosg as gunna Éireannaigh
géar-radharcamhail, agus na grásta go bhfaghaidh an
t-Éireannach sin!!



Níor theip an dara cipe i dtaobh báis a gceannphuirt;
theann siad ar a n-aghaidh, agus sgaith siad an chlais,
agus nuair a sgaith, tugadh an aoide chéadna ortha a
tugadh ar an gcéad chipe. Bhí fuadar mór faoi
Chosbuí ag tarraint ortha, le congnamh a thabhairt
dóibh, acht d'éirigh míothapadh dhó ar a bhealach, mar
sloigeadh ceann d'á chuid gunnaí móra insa sgraith-
bhogán. Bhí an gunna mór so ar dheireadh a chipe, ag
creapall an bhealaigh ar an gcuid eile aca, agus
marbhadh na daimh a bhí 'gá tharraint. Chuir sé sin moill
ortha. Tháinig an ceathramhadh cipe ag tabhairt
conganta dhóbhtha leis an ngunna mór a strachaint as
an bpoll, agus ins an am céadna, bhí na hÉireannaigh


L. 82


ag cruinniughadh 'na dtimcheall chomh tiugh leis na
míoltógaibh, agus níor bh'fhallsóirí iad, ag tabhairt
fabhairte a gclaidhimh dóibh, agus teas a dteineadh as a
ngunnaíbh. Thug siad an aoide chéadna ar chipe Chosbuí,
mar fuair an dá chipe eile, agus cuireadh Cosbuí faoi
ghabháil.



Bhí na Sagsanaigh ag fagháil an chuid ba mheasa de'n
ghreadadh, agus phreab an Niallach anuas ortha, agus
marcshluagh Thíre Éoghain le n-a chois. Ní thig le aon
teangadh a mhíniughadh, ná le aon pheann a sgríobhadh,
fearamhlacht na nÉireannach lá an chatha úd, ná ní'l aon
bhuille d'á mbuaileadh siad ar cholannaibh a námhaid
nach gcluinfidhe an mac alla mílte 'n-a dtimcheall le
méad na bríghe, agus an fhuinnimh bhí le n-a mbuillíbh.
Fhad 's bhí an Niallach agus a chuid fear ag gabháil
fabhairne dóbhtha ar thoiseach an chatha, bhí Baill-dearg,
Mag Uidhir, agus Mac Domhnaill i n-íochtar an chatha,
mar chuaidh siad anonn ar fiar go luath insa' gcath i
n-airicis an dá chipe deireannach le creapall a chur
ortha, agus gan a leigint níos uachtaraighe, dá
mb'fhéidir leó é.



D'ionnsuigh siad a chéile go madramhail, agus saigh-
diúir ag tuitim ar gach aon taobh. Insan am céadna
bhí na píobairí ag spreagadh an ruisg catha ós árd, i
gcluasaibh na nÉireannach, agus bhí sin ag tabhairt
misnigh mhóir do na Ghaedhil, is léir mar bhí na Gaedhil
ag treisiughadh, gháir siad os árd, “Bataille Abú!”
agus “Lámh Dhearg i n-Uachtar.”



Chuir Baill-dearg an ruaig ar an dá chipe seo agus
marbhuigheadh a lán aca agus bhuail an chuid eile aca
buille ar a dtréat gur shroich siad Árd-Mhacha.



Anois, bhí an ceathramhadh cipe faoi Uingfield agus
shíl sé na hÉireannaigh a chur ar gcúl, acht i neart an
chatha phléasg caráiste púdair ar thaobh na Sagsanach
agus loit sé go diabhalta iad agus an méad nár
gortuigheadh aca baineadh as a meabhair iad le an-


L. 83


bháthadh agus faitcheas. Dhruid na hÉireannaigh leobhtha
agus níor sheas siad i bhfad rompa nó go mb'éigean
dóbhtha sgaipeadh anonn agus anall agus ní raibh ann
acht an fear ba lúthmhaire coiscéim le n-a chosaibh a
thabhairt ó bhuillíbh marbhtha na n-Éireannach. Nuair a
bhí an sgaipeadh ortha agus iad ag imtheacht i mbéal
a gcinn, thug an fealltóir Raghallach réamhráidhte
iarracht faoi dhó ar a mbailiughadh i gceann a chéile &
a dtalamh a sheasamh, acht níor thug siad aon chluais
dó. Bhain siad amach, agus bhlas an Raghallach an bás
ar mhachaire an chatha, agus sheas sé i láthair gnúise Mhic
Dé ina fhealltóir i n-aghaidh a thíre agus a chreidimh.



Bhain na Sagsanaigh amach ag reathaidh i mullach a
chéile, agus na hÉireannaigh 'n-a ndiaidh, 'gá leanmhaint
'na mbeirt, 'na dtriúr, 'na bhfichid, na dtriochaid,
& na gcéadtaibh & 'gá leagaint rompa, mar speala-
dóir ag baint fhéir. Cuireadh ruaig ar thogha airm
Shagsana, agus, i leabaidh gáir chroidheamhail a bheith 'na
mbéal ba éagnach báis a bhí le clons ar mhachaire an
chatha. An taosgán aca thug na cosa leobhtha, chuaidh
siad de'n rith sin go hÁrd-Mhacha, ag fágáil dhá mhíle
agus cúig chéad d'á mairbh 'na ndiaidh, agus bhí ina
measg trí oifigigh fichead, agus a lán leas-oifigeach
agus maoir, ag fágáil a mbocáisde 'na ndiaidh; dhá
mhíle dhéag píosaidhe óir, ceithre dhearg-mheirgí déag &
fiche, tormóirí, gunnaí móra agus stuic, agus ba
fáilteamhail an tabhartas é seo do'n taoiseach i
gceann a dhearg-námhaid bheith ar lár. Ní raibh ar
thaobh na nÉireannach acht dhá chéad marbh agus sé chéad
loitthe, agus na soillse go bhfaghaidh siad i gcoróin
na glóire!



Budh 'eo é an slad ba mhó a rinneadh ar na Sagsanaigh
ó'n gcéad lá ar chuir siad lorg a gcoise ar thalamh na
nÉireannach.



Lean na hÉireannaigh iad ar áit na mbonn go dtí
Árd-Mhacha, agus níor leig siad aon chabhair aca ar


L. 84


feadh trí lá, agus ar an gceathramhadh lá b'éigean
dóbhtha tabhairt suas, agus bhí cúig chéad déag de na
Sagsanaigh ann. Bhí a lán de na taoisigh Gaedhealach'
ag brath ar a n-ionnsuidhe, agus a gcur ó rath, acht ní
leigfead an t-árd-taoiseach dhóbhtha sin a dhéanamh,
act bhain sé a gcuid airm díobtha, agus fuair siad
cead a gcinn go dtí an Ghall-tórainn a gCúigeadh
Laighean.



Insan am seo bhí Mac Uilliam i ndeireadh na déithe
leis an ocras, mar bí cnámha na sean-chapall itte aca,
agus nuair nach raibh aon chabhair le thidheacht chuige,
b'éigean dó Port Mór a thabhairt i seilbh an Niallaigh,
agus, a ngléas cogaidh bhí sa bport, é d'fhágáil 'n-a
ndiaidh, agus fuair sé cead a bhealaigh go dtí an
Sráid-bhaile i measg an chuid eile de na panantóiríbh.
Leis sin tá sé ráidhte go raibh Cúigeadh Uladh chomh
glan d'easbhaidh Sagsanach agus bheith urlár a sguabfá
chomh glan le do láimh, agus bhí an Lámh Dhearg ag
eiteall i n-áirde go hárd os cionn Tíre Eoghain, acht
deirim-se go ndeárnaidh an Niallach baileabhair mhór
de féin nuair nár thug sé bualadh éadain do'n chúig
chéad déag a leig sé as Árd-Mhacha le arm a thógáil
ina aghaidh aríst.



Bhí ceol d'á spreagadh, comóraidhthe d'á ndéanamh,
agus paidreacha d'á n-altughadh ar fhad agus leithead
Cúigidh Uladh, ag tabhairt buidheachais do Dhia de bhárr
árd-chosantóir chumhachtamhail a chur cuca mar Aodh
Ó Néill, ag cosaint agus ag coiméad an Chreidimh
Romhánaigh i n-aghaidh Shagsana.


L. 85


Caib. XXXIV. – CÚRSAIDHE LAIGHEAN AGUS
MUMHAN.



SHROICH an bhuaidh seo go fada is
go gearr amuigh ar fud na ríogh-
achta uile, agus bhí a lán de na
rioghachtaibh ag brath ar congnamh a
chur chuige léis iad a chlons an
tslaid a rinne sé ar na Sagsanaigh,
agus ins an am chéadna bhí a lán
daoine uaisle de bhunadh na sean-
Ghall i nÉirinn, agus ba Ghaedhil iad
léir creidimh, agus ba Ghaill iad
léir náisiúntachta, agus mar ngeall
ar ghéar-chrádh Eilíse i n-aghaidh an
chreidimh Ghaedhealaigh, d'éirigh na
sean-Ghaill seo ina haghaidh, mar nár fhéad siad a
sheasamh ní b'fhuide, agus dhearc siad ar an Niallach
mar réalt eolais solasach, agus bhí siad chomh dílis
dó agus bheith an mháthair do'n leanbh. Bhí na Laighnigh
ins an tráth chéadna ag casgairt na Sagsanach, agus
an Caomhánach, an Branach, Uaithne mac Ruaidhrí Uí
Mhórdha 'gá gceannaireacht ar fud an chúigidh sin, agus
saighdiúir an Niallaigh ina measg (mar tá réamhráidhte).
Bhí Laoighis agus Uíbh Fáilghe faoi smacht na Sagsanach,
agus níor fhág na hÉireannaigh mac máthar aca ann
gan a ruagadh rompa go dtí an Sags-thórainn i
gceann a láin aca a mharbhadh. Bhí na Laighnigh ar
cheithre thaobh de'n chúigeadh ag gabháil fabhairne do na
Sagsanaigh, agus bhí Cúigeadh Laighean faoi n-a smacht
chomh híochtarach le habhainn na Life, agus, léir mar bhí
na Laighnigh ag treisiughadh, bhí siad ag cur na Sagsanach
faoi chíoscháin, agus i leabaidh saighdiúir na Gall-
tórainne throid i n-aghaidh na nÉireann, is amhlaidh ab'


L. 86


éigean dóbhtha iad féin a dhúnadh faoi fhasgadh ballaidhe
Bhaile Átha Cliath, agus faitchíos a n-anma ortha go
mbrisfeadh na hÉireannaigh thrí na ballaíbh, agus, dá
mbrisfeadh, go mbeadh siad i gcruadh-chás.



Insa' tráth seo bhí Cúigeadh Mumhan i lámhaibh na
Sagsanach agus Norreys ina cheannphort ortha, agus
nuair a shroich gaisge an Niallaigh a gcluasa, thoisigh
siad ag teicheadh le faitchíos, agus go mór-mhór na
Ghaill a bhí i seilbh talaimh & tighthe na bhfíor-Ghaedheal;
mar cuireadh as iad le láimh láidir, agus an beagáinín
de na Gearaltaigh a mhair léis an chatha thútaigh a chothuigh
na Gaill ina n-aghaidh, thosuigh siad ag glacadh misnigh
aríst, agus ní raibh uatha acht congnamh fhagháil ó
Chúigeadh Uladh agus ó Chúigeadh Laighean leis an
machaire a thógáil aríst, agus troid ar son a gcreidimh
agus a n-áit' dúthchais féin, agus bhí fear uasal de
thogha Caitiliceach ina chomhnuidhe i Luimneach, caraid
gaolmhar d'Aodh Ua Néill, fear dárb' ainm Piaras De
Lásaigh, agus chuir sé sgéala ag an Niallach agus ag
an Mórdhach feadhnach seadairí a sheoladh ó dheas go
dtí an Mumhain faoi chúram ceannaire cheannasaigh, &
go raibh na Gaedhil bhochta bhí faoi chrádh chroidhe annsin
ollmhuighthe leis na Sagsanaigh ionnsuidhe, & a gceart
féin a bhaint asta ar ais. Níor fheall an Niallach
ortha, mar chuir sé cuideachta seadairí Gaedhealach
aca faoi chúram an Triallaigh réamhraidhte, agus rinne
sé a bhealach gur tharraing sé ar an Mórdhach. D'fhág
an Mórdhach a dhearbhráthair ar cheann na Laighneach,
agus chuaidh an Triallach agus an Mórdhach chun cinn
go ndeachaidh siad thrí Urmhumhain, agus glan díreach
thrí Deas-Mhumhain, agus chruinnigh na Gearaltaigh, &
rinne siad aon chuideachta amháin. Ina measg bhí mar
leanas – Ridire an Ghleanna, Mac Muiris, Barún na
Leice Snámha i gCiarraidhe, Ridire Chiarraidhe, Diarmuid
agus Donnchadh Mac Cárthaigh, Muinntear Dhonnchadha,
an Róisteach, Bhíocont Feara Muighe, beirt gaolmhar


L. 87


léir fola d'Iarla na hUrmhumhan, é féin, .i. Tomás
Buitléar, Barún na Cathrach; agus Riocard, Tighearna
an Mhóta, i Loch gCarmain, cliamhain Aodha Uí Néill
Muinntear Shúilleabháin, Muinntear Dhrisceoil, Muinn-
tear Dhonnabháin, Muinntear Mhathghamhna Chonndae
Chorcaighe. Rinne siad seo aon chuideachta amháin le
sásamh a bhaint ar na Dubhghaill a fuair seilbh a
dtalaimh le láimh láidir agus tútaighil mar nach raibh
rud ar bith onórach greamuighthe do dhligheadh Eilíse,
agus ní de'n ghaoith a thóg sí é, acht ó nádúir na
ndaoine a bheith amhlaidh.



Nuair a chonnaic Norreys an chuideachta seadairí
seo ag rannsughadh na tíre, bhí a fhios aige nach raibh sé
i n-ann seasamh rompa, agus d'fhág sé cuid d'á chuid
saighdiúirí i gCill-Mocheallóg, i gConndae Luimnigh,
agus níor leig an faitchíos dóbhtha a srón a chur amach
thar na ballaidhe, agus bhuail sé féin agus an chuid eile
d'á chuid saighdiúir buille ar a' tréat go Corcaigh, &
an Mórdhach aniar ar a shálaibh. Dhaingnigh sé é féin faoi
bhallaíbh Chorcaighe, mar lochóig ag dul i bhfolach ó chat,
agus tionóntaidhe Eilíse bhí ar a sáimhín sógh i seilbh na
n-Éireannach, cuireadh an ruaig ortha, agus b'éigean
dobhtha imtheacht i n-aghaidh a dtolach, agus fasgadh
fhagháil ins na bailtibh puirt a bhí i seilbh saighdiúir
Eilíse. Dóigheadh agus loisgeadh a dtighthe go talamh.
Tá sé ráidhte, léir na n-ughdar, nár thug na hÉirean-
naigh aon droch-láimhsiughadh do na Gall-tionóntaidhthibh,
acht amháin gur bhain siad seilbh a mbailte úr-nua
díobh, agus i measg na nGall-tionóntaidhe seo bhí an
file Spenser. Ní raibh aon chrochadóir gan crochadh
ba mheasa ná é, mar dubhairt sé le Eilís nach bhfuigheadh
sí an bhuaidh ar na hÉireannaigh go bráth nó go ndíb-
reochaidhe na sagairt agus go gcrochfaidhe na báird
agus na teanga Ghaedhilge a dhíbirt amach 's amach –
“ná fhad 's bheith an teanga Ghaedhealach bheith an croidhe
d'á léir” – an Ghaeidhilge dhíbirt agus an Béarla chur


L. 88


ina háit, agus, léis beagán taithighe ar an mBéarla,
d'éireochadh an croidhe Gallda, agus annsin bheith siad
na neamh-Éireannaigh eidir an bog 's an cruaidh, &
léis tamaill bheith siad 'na nGaill, léir smaointe, ní
ba glonnmhaire i n-aghaidh na hÉireann ná na Dubh-
Ghaill iad féin.



Á! Spenser, an créatúir! Léis an méid a rinne
sé i nÉirinn ar feadh fiche bliadhain, ag iarraidh na
nGaedheal a chur i mbealach a mbasgtha, léir teangadh
agus creidimh Bainríoghna Eilise, agus léis an méid
amhrán a chúm sé ag moladh a cumhachta, níor cuireadh
mórán comóradh air d'á bhárr, nuair a shroich sé
Sagsana, mar d'éag sé le gorta agus anró i Londain
an bhliadhain dh'ar gcionn d'uireasbhaidh bídh. Níor
bh'é sin do na hÉireannaigh , níor leog siad aon bhárd
ná file 'un báis d'easbhaidh bídh.



Ins an tráth seo bhí cumhachta an tSagsanaigh laguighthe
i gCúigheadh Mumhan. A fhad 's bhí an cúigheadh sin faoi
smacht na Saghsanach, bhíodh Iarla Gaedhealach aca faoi
n-a spraic, agus ag géilleadh d'á ndligheadh féin; acht
anois bhí an chuid ba mhó d'Éire i lámhaibh na nÉireannach,
agus Aodh Ua Néill ina árd-cheannaire ortha, agus
mheas sé, ó thárla go raibh na Sagsanaigh faoi smacht
aige, go mbudh chóir dó-san iarla Gaedhealach a chur i
gCúigeadh Mumhan, agus an t-iarla sin a bheith ag
tabhairt onóra dó-san i n-áit a bheith ag tabhairt onóra
do'n Bhainríoghain roimhe sin. An t-iarla ar chóir dó an
iarlaidheacht sin fhagháil, léir oighridheacht', bhí sé faoi
ghlas i gcloigtheach Londan ag na Sagsanaigh ar feadh
seacht mbliadhan déag. Budh é sin mac Iarla Gearóid,
agus nuair nach raibh sé le fagháil, thogh an Niallach
fear tádhbhachtach fad-cheannach fearamhail fíor, mac
dearbhráthar do Ghearóid, agus phronn an Niallach mar
teideal air, “Iarla na Deasmhumhan,” & go mbeith sé
ag díol cíoscháin leis an Niallach as sin suas, agus
léis an iarlaidheacht sin a dhéanamh, agus Cúigeadh


L. 89


Mumhan a fhágáil i lámhaibh na nÉireannach, d'fhill na
hUltaigh go Cúig' Uladh.



Caib. XXXV. – Toisg Bhaill-Deirg go Tuath-
Mumhain.



BHÍ na Sagsanaigh an tráth seo
dluithte ina ndaingeanaibh ag
cumhachta an Niallach, agus níor
leig an faitchios dóbhtha a ngialla
a nochtadh amach thar na ballaibh.
Insan am chéadna tá sé ráidhte
ag ughdair Shagsana go raibh an
Niallach ag agairt an Fhir Ionaid
a phárdún fhagháil ó'n mBainríoghain
agus dá bhfuigheadh nach mbeith aon
fhear fúithi bheith chomh dílis di agus bheith seisean. Ní
chreidim-se é seo, mar atá cuma na bréige air, agus
ní heo í an chéad bhréag a chuir na hughdair Ghallda ar
bun. Sgaradh an bhréag seo, agus chuaidh sí d'iomrádh
ar fud na ríoghachta thart amuigh, agus budh iad na
Gaill a sgar í ins na ríoghachtaibh sin le faitchíos go
dtiubhradh Caitilicigh na hEorpa congnamh do'n
Niallach. Sin é an t-adhbhar ar sgar siad an bhréag.
Ba mhaith a bhí fhios ag an Niallach, dá leagfadh sé síos
a chuid airm, go mbadh ghairid a shaoghal agus an méid a
bhí faoi. Bhí cluanaidheacht na Sagsanach ró-bhaoghalach,
agus ar an ádhbhar sin, ní chuirfeadh sé aon mhuinighin
ionnta, agus sin é an t-ádhbhar go ndeirim gur dearg-
bhréag í.



Bhí machairí Cúigidh Chonnacht glan ag Ball-dearg, &
b'éigean do'n Chluadhánach teicheadh roimhe ath-uair,


L. 90


agus é féin a dhaingniughadh i ndúnphort. Choinnigh
Baill-dearg Nodlaic na bliadhna seo diadhanta
críostamhail, mar ba ghnáthach d'á shinnsir, i mBaile an
Mhóta. D'ionnsuigh siad na Sagsanaigh i mBaile Átha an
Ríogh, agus thuit siad le béal na gclaidheamh, agus thug
Baill-dearg gach ní d'á raibh ar foghnamh aca leis.
Bhuail sé roimhe thrí thír Chloinne Riocaird, ag marbhadh
nó ag díbirt a námhad, & ag cur i n-umhail ins an am
chéadna do na Connachtaigh go gcaithfeadh siad umhlughadh
go measamhail d'á n-iarla Gaedhealach, MacUilliam. Bhí
Connachta an tráth seo fá chumhachta Baill-deirg, acht
Thuath-Mhumhain, atá anois 'na Chonndae an Chláir, agus
bhí beirt neamh-Éireannach fealltach ann a bhí ag
umhlughadh do'n Bhainríoghain, agus ag géilleadh d'á
dligheadh – Donnchadh Ó Briain, Iarla Thuath-Mhumhan,
agus Barún Inse Chuinn. Níor fhéad Baill-dearg
suaimhneas a thabairt dóbhtha seo ní b'fhuide, agus chuir
sé sgéala ag a ghaoltaibh bailiughadh i gceann a chéile go
tapaidh, nó go dtiubhradh siad ar Thuath-Mhumhain, agus
cruinnigh siad mar leanas – a thriúr dearbhráthar,
Ruaidhrí, Maghnus, agus Cathbhárr; Aodh óg Ó Domh-
naill, Ó Baoighill, Ó Dochartaigh, Mac Suibhne, agus
laochradh Thíre Chonaill; Mag Uidhir le gasradh Fhear
Monach, agus tháinig de bhunadh na gConnachtach, Ó
Ruairc, Mac Uilliam, Ó Dubhda, Mac Donnchadha, Mac
Uí Eaghra, Ó Ceallaigh, is Mac Diarmada. Bhí fear
i measg an mhéid sin ar bh'ainm dó Niall Garbh
Ó Domhnaill, Éireannach malluighthe, mar fheicfeas sibh
níos íochtaraighe insa' stair seo. Ghluais Ball-dearg
ó dheas agus coisidheacht lúthmhar faoi, thrí dhúithche
Chloinne Riocaird, gur shroich sé coill an Trágha Dheirg
le smál na hoidhche. Chuir siad fúbhtha 'sa gcoill, las
siad teinte, d'ith siad neart, agus d'ól siad a sáith
d'fhíon na Spáinneach. Ar uair mharbhtha na hoidhche
ghluas siad go léir i n-éinfheacht, agus le héirighe an
lae shroich siad Coill Ó bhFlannchadha. Nuair a bhí


L. 91


lóchrann ghile na gréine ag múchadh solais shoillsigh na
réalta, chuir sé fuadar lúthmhar coisidheachta faoi
féin, agus faoi n-a chuid seadairí, go dtáinig siad
chomh fada le Corca Modhruadh, & as sin go dtí Cill
Fionnabhrach. Sgar sé a arm ina dtrí ná ceathair de
chipíbh, ag tabhairt dhá thaobh na tíre leobhtha, ag dóghadh
agus ag losgadh, ag creachadh 'gus ag slad gach uile
dhuine bhí fáilteamhail do'n tSagsanach, ná ag géilleadh
dh'á ndligheadh. Thug Mag Uidhir amus ar chaisleán
Chonchubhair Uí Bhriain, barún Inse Chuinn, ag cur an
chaisleáin faoi lár, agus thuit a raibh ann le béal a
chlaidhimh; gabhadh an barún agus rinneadh príosúnach
de. D'ionnsuigh Ball-dearg & a chuid cipí eile Tuath-
Mhumha, ag slad agus ag casgairt, agus nuair a
bhí cumhacht an tSagsanaigh faoi lár i gCúigeadh Chon-
nacht & lámh i n-uachtar ag na hÉireannaigh, bhí Ball-
dearg lán-tsásta leis an obair sin & níor fhág sé
féin ná a chuid seadairí rud ar bith ar fóghnamh a bhí
i seilbh na bhfealltóirí a chlaoidh sé nár chruinnigh siad
leobhtha, idir caoirigh & áirnéis. Sheól siad rompa iad
& leis an méid a bhí leobhtha bhí na cnuic breac ballach
gur shroich siad Cill Fionnabhrach. D'fhill na hUltaigh
a-bhaile annsin & gach aon aca ag tiomáint a thabhar-
tas féin roimhe. Ba dubh an lá do na Sagsanaigh an
lá cuireadh ceangal na gcúig gcaol ar Bhall-dearg
i n-uathchais Bhaile Átha Cliath, mar nach raibh aon lá, a
fhad & bhí sé ann, nach raibh fuath & gráin ag méadughadh
ina chroidhe i n-agaidh an lucht riaghaltais sin. Mheas
sé, dá marbhóchadh sé uilig iad le urrudhas a lámh féin,
nach mbeith sé sásta leis an sásughadh sin de bhárr na
splíontaidheachta a thug an Fear Ionaid dó, agus sin
é an t-ádhbhar a raibh Ball-dearg chomh sanntach ag
dórtadh a gcuid fola agus ní gan ádhbhar, go ndéanaidh
Dia trócaire ar a anam.


L. 92


Caib. XXXVI. – Breith ná Fág.



DEARCADH ar an Niallach mar cheann-
seasmhach tíre agus creidimh ar
fhad & leithead na hÉireann &
bhí luthgháir ar na Gaedhil an
tráth seo mar bhí suaimhneas
aca ar an ádhbhar go raibh na
Sagsanaigh ruaigthe ná marbh
aca, acht amháin an taosgán
beag aca bhí i ndaingeanaibh
annsiúd 's annseo, & faitchíos a
n-anma ortha go leagfaidhe na daingin
ina mullach. Bhí a fhios ag an Niallach
an t-am céadna nach loicfeadh Eilís gan amus
eile a thabhairt le Éire a chur faoi n-a sgríb,
dá mb' fhéidir léithe é, agus léis an Niallach
seasamh na haghaidh i machaire an chatha, níor fhág sé
aon chloch gan tionntódh ag ullmhughadh gach ní a d'fhóir
le haghaidh an chatha sin. Bhí sé ag acluigheacht ógánaigh
na tíre, agus 'ghá bhfeabhsughadh chum catha, bhí sé ag
comhairleachan na gceannairí seasamh go dílis d'á
chéile, chuir sé aimsear ar a lán de na hAlbanaigh le
tarraint asgaill a thabhairt dhó 'san gcath, mhéaduigh sé
a chatharnas le Rígh na Spáinne, agus bhí sin eatorra
catharnas téagarach, is chuir sé gárda cosanta ag an
bhFeabhail, an Éirne, is an tUisge Dubh, agus bhí sé
ollmhuighthe le dhul 'un catha am ar bith a dtiocfadh an
tóir 'na dhiaidh.



Nuair a sroich an sgéala cluasa na Bainríoghna an
íde a tugadh ar a cuid saighdiúr i n-Éirinn, fhobair go
rachadh sí ar buile. Dubhairt sí nach raibh aici acht
“breith ná fág,” 'sé sin Éire a thabhairt suas duth is
dath, nó gach uile fhear bhí i Sagsanaibh i n-ann airm a
ghlacadh, a sheoladh go hÉirinn, agus na hÉireannaigh a


L. 93


chlaoidh amach 's amach. Le linn an ama seo bhí fear i
Sagsanaibh, agus deir na hughdair go mbíodh sé ag
suirigheacht go grádhamhail leis an mBainríoghain, mar
thaithnigh cumhlódar fir léithe go maith, agus budh é ainm
an tsuirghigh seo Riobárd Devereux, Iarla d'Essex,
mac do'n iarla réamhráidhte rinne an dó-bheart ar
Fheidhlim Ó Néill. Chuir cúirt Shagsana a muinighin as
le sásamh a bhaint as na hÉireannaigh i n-éiric báis a
athar, agus teanga agus creideamh na Bainríoghna a
chur ar bun i nÉirinn. Cuireadh go hÉirinn é ina
Fhear Ionaid agus fiche míle brothaire le n-a chois.
Fuair sé órdughadh uabhtha gan a bheith ag caint leis na
cosa, a fhad 's bheith an ceann le fagháil, gan cluas ar
bith a thabhairt do na leas-thaoisigh, acht na hárd-taoisigh
bhí insan arm Gaedhealach a ionnsuidhe, agus, nuair a
bheith siad sin claoidhte, bheith críoch leis an gcogadh, &
le bun cogaidh a chur air féin, bhí sé le longphuirt a
chur i mBéal Átha Seanaigh & ag Loch Feabhail, gan
cabhair ar bith a leigint ó Chúigeadh Chonnacht ná ó na
hAlbanaigh. Nuair a fuair sé an méad seo orduighthe
ó chúirt Shagsana, thainic sé go hÉire & bhuail sé caladh
Bhaile Átha Cliath, an 15adh lá d'Aibreán, 1599, agus
arm diabhalta faoi, acht b'fhusa na horduighthe sin a
rádh ná a gcur i bhfoirm, ná, nuair a tháinic an Fear
Ionaid go hÉire, theip sé ar a lán aca, mar bhí sé dall-
inntreach & d'easbhuidh stuama chinn.



Nuair a chualaidh an Niallach faoi na sluaighte seo &
an t-árd-cheannaire diabhalta bhí ortha, níor thainic
sgáthmhaireacht ar bith air dhá bhárr, mar nach raibh aon
bhun cogaidh ariamh air ní b'fhearr ná bhí air an t-am
céadna. Bhí Gaedhil na hÉireann chomh dílis d'á chéile
leis an Tríonóid Naomhtha & bhí cipe seadairí aige ag
Loch Feabhail ag bagairt “Láimhe Deirge” ar
thóir ar bith a thiocfadh 'gá dtóruidheacht. Bhí sé féin &
sluagh mór faoi ar Bhealach an Mhaighre i ngar do'n
tSráidbhaile, ag faire mar a bheith cat ag faire lochóige,


L. 94


ag feitheamh le n-a námhaid go dtiubhradh sé tonn d'á
chuid fola le n-ól dó. Bhí Ball-dearg i gConnachtaibh &
ceithre mhíle seadaire faoi ag glanadh na tíre sin ó
bhréantas an tSagsanaigh; bhí cumhacht an Mhórdhaigh ag
méadughadh gach lá i Laighnibh & bhí i gCúigeadh Mumhan
na Gearaltaigh agus a n-Iarla Gaedhealach nua
ar a gceann & iad ag ollmhughadh chum catha le sásamh
intinne fhagháil as a námhaid i n-éiric an chrádha
croidhe a fuair siad de bhárr feille an tSagsanaigh.
'San am chéadna tháinic long ó'n Spáinn go dtí Báigh
Dhúin na nGall & í luchttha le airm a d'fhóir do dhá
mhíle fear, & cluineann sinn go ndearnaidh Ball-
dearg dhá roinn comhthrom díobh, roinn dó féin &
roinn a chuir sé ag Aodh Ó Néill mar seachadadh
comharsan dílse.



Caib. XXXVII. – Cath Bhearna na gCleití.



I DTAOBH an Fhir Ionaid, 'leabaidh é Cúig
Uladh a ionnsuidhe, 'sé an chaoi ar thoisigh
sé ag tabhairt amuis ar an laige – an
Mórdhach i gCúigeadh Laighean. Thug sé
smachtughadh an mharcshluaigh do Thighearna
Southampton & phronn sé mar theideal ar
Sheaghán Ó hAnnracháin Ridire sglábhuidhe
suarach a bhí faoi n-a smacht féin. Thriall
an Fear Ionaid agus a shluagh mór saighdiúr
le amus a thabhairt ar Chaisleán an
Bhuitléaraigh i gCathair Dúin Iasg, & sul
mar shroich sé a cheann aisdir, casadh leis
cúig céad de sheadairíbh an Mhórdhaigh a bhí ag feitheamh
leis insa tráth chéadna. Nuair a chuaidh na Sagsanaigh
tharsta, d'ionnsuigh siad deireadh an airm Ghallda, &
bhí saighdiúir ag tuitim dá gcaiplibh chomh tiugh le


L. 95


sneachta séidthe a bheith ag greadadh i n-aghaidh na
talmhan. Ba gar an slad a rinneadh ar arm an Fhir
Ionaid & bhí fuil, feoil & cleití i n-aon tsraith amháin
ar an talamh & is iomdha ceann árd a d'fhág fuinneamh
& fabhairt claidhimh na hÉireann íseal an lá sin &
tugthar mar ainm ar áit an chatha sin “Beárna
na gCleití,” mar leagadh a lán de na coiricínibh
clúimh a bhí go péaclach ar na Gaill, an lá úd. Léis
catha diabhalta agus na Sagsanaigh an chuid is measa
dhe a fhagháil, rinne an Fear Ionaid ar an gcaisleán
réamhráidhte, d'ionnsuigh sé an caisleán le gunnaíbh
móra, agus gach uile chineál gléas cogaidh. Leag sé
na ballaidhe le n-a philéir mhóra, agus throid na
hÉireannaigh go madramhail ina aghaidh, agus choinnigh
siad an caisleán deich lá i n-aghaidh an tSagsanaigh;
acht léis an deichmheadh lá thuit sé i seilbh an Fhir Ionaid.
Annsin ghéill an Buitléarach agus an Róisteach dhó i
n-aghaidh a dtolach, agus thug sé a shluaighte leis go
Crom, i Luimneach; acht i n-aice Chruim theangmhuigh sé
leis na Gearaltaigh agus na Cárthaigh, agus d'ionnsuigh
siad a chéile go madramhail. I dtoiseach an chatha
marbhuigheadh an leas-fhear Ionaid, Norreys, uachtarán
na nGall, i gCúigeadh Mumhan, acht níor admhuigh na
Gaill rud ar bith faoi 'n gcath so ariamh, agus deir
siad gur b'é an chaoi a bhfuair Norreys bás le briseadh
croidhe. Acht deirim-se nach 'in í a gcéad bhréag – dá
mbadh í, b'fhada ó bheith bualadh cabhlach ar a dteangaidh.
Léis troid bhorb a bheith idir an dá arm ar feadh
tamaill, cuireadh an ruaig ar na Sagsanaigh, agus na
hÉireannaigh aniar le n-a sálaibh 'gá leanmhaint, agus
'gá gcasgairt ar feadh sé lá, gur chuir siad thar an
nGall-tórainn iad. Nuair a shroich an Fear Ionaid
Baile Átha Cliath, agus é ruaigthe buailte, bhí sgéala
ní budh mheasa ná sin roimhe insa' gcathair. A fhad 's
bhí an Fear Ionaid easbhadhach ó'n gcathair, bhí sé chéad
d'á bhrothairíbh ag tórainn Chloinne Bhroin, ag gearra-


L. 96


mansuidheacht ar a gcomhairle féin, agus a fhad 's bhí
siad ar a sáimhín sógh, agus ag déanamh bolg-le-gréin,
phreab Clann Bhroin ina mullach, 'gá n-ionnsuidhe
chomh madramhail leis an iorlach (iolar), agus 'gá slad
gach aon taobh díobh, is marbhuigheadh an fearasbárr de
na brothairíbh. An taosgáinín aca a mhair rith siad i
mbárr a n-anma, gur thóg siad fasgadh faoi bhallaíbh
Bhaile Átha Cliath. Is mó ghoill an bualadh seo ar an
bhFear Ionaid ná ghoill an bualadh a fuair sé féin.
Chruinnigh sé na hoifigigh bhí os cionn na sé chéad sin,
is dubhairt sé leobhtha gur le cionn-faillighe agus
d'uireasbhaidh misnigh a tugadh an íde sin ortha, agus
nuair nach raibh siad toradh-aireach go n-íocadh siad ar
a shon anois. Chuir sé coisde cluain-chogaidh ortha,
agus tligeadh (teilgeadh) iad, agus mar bhí an Fear
Ionaid ina chladhaire gan coinsias, chuir sé ó rath iad.



Caib. XXXVIII. – Cath Chorrshliabh.



LÉIS an méid do shaighdiúir an Fhir Ionaid bhí
marbh faoi seo, sgríobh sé leitir chuig an
mBainríoghain ag rádh nár fhéad sé Cúig'
Uladh ionnsuidhe gan tuilleadh conganta,
mar nach raibh aon fhir insa domhan ba
láidre colann, ná ba acluighthe ailt ná
na hÉireannaigh, agus b'fhearr fear
aca i machaire an chatha na ceathar d'á
chuid saighdiúir féin , agus go raibh sé ag brath ar
longphuirt a chur ar thórainn Cúigidh Uladh leis na
Connachtaigh a choinneáil uabhtha, agus go gcaithfidhe na
sagairt Rómhánacha dhíbirt, nó a mharbhadh, & “maidir
le n-ár gcreideamh-ne,” adeir sé, & “ár mbreith-
eamhain agus ár sirriam-ne, caithfidh sinn an méid sin


L. 97


a choinneáil faoi rún go bhféachfaidh sinn brealais a
thabhairt do chuid de na taoisigh, agus a gcur ag
troid i n-aghaidh a chéile. Atá go leor blocán tuislidhe
idir mise is Cúig' Uladh, agus ní ar chosaibh bacóige a
thig liom a ionnsuidhe. Tá mé ag brath ar an talamh
a ghlanadh romham, is an tír a fhágáil bán, agus sílim
gur b'in í an chaoi is fearr a ngeobhaidh mé buaidh ar
an Niallach. Le móir-mheas dhuit-se, a Bhainríoghain
na háilne, ó do shuirgheach téagarach, Essex.”



A fhad 's bhí an Fear Ionaid ag bolmánacht cainte
go ndéanfadh sé siúd agus seo leis an Niallach a
chreaplughadh, ins an am chéadna bhí a anam ag
preabadh i mbéal a chléibhe le faitchíos go gcasfaidhe
an Niallach leis, mar b'fhearr a d'fhóirfeadh sé dhó a
bheith ag fothragadh cosa na Bainríoghna, ná é bheith ina
cheannphort ar sluaightibh saighdiúr, mar bhí sé 'na
chladhaire gan croidhe, gan misneach.



Ní raibh an Bhainríoghan sásta nuair a bhí sé ag
déanamh cionn-faillighe gan a dhul go Cúigeadh Uladh,
agus seoladh míle fear chuige, gan leithsgéal a
thabhairt dó gan a dhul ann, agus insan am chéadna
b'fhearr leis an Mórdhach a ionnsuidhe, mar mheas sé
go dtreisfeadh sé air, agus chuir sé sgéala ag an
gCluadhánach bhí i gConnachtaibh bualadh roimhe thrí Bhéal-
leice (i n-aice le Béal Átha Seanaigh), agus tarraint
ar Chúig' Uladh, & go raibh sé féin ag brath ar dhul thríd
an tSrádbhaile go sroichfeadh sé an t-Iubhar. Ba
saighdiúr troda an Cluadhánach, agus d'fhreastail
sé an t-órdughadh a fuair sé, agus chuir sé fuadar
lúthmar faoi féin, agus dhá mhíle fear, eidir coisidhthe
agus marcshluagh. Sul mar thriall sé fuair Ball-
dearg agus an Ruarcach focal na faire go raibh sé ar
a thriall, agus bhí siad ag seilg go péacallach i
ngleanntaibh Shligigh i ndiaidh an fhiaidh, ag caitheamh na
h-aimsire go bhfuigheadh siad fiadh ní budh mhilltighe le
sodar a dhéanamh 'na dhiaidh.


L. 98


Níor bh'fhada uabhtha bhí an Cluadhánach faoi seo, ag
tidheacht thrí an gCorrshliabh & ba mhaith an mhaise do
Bhall-dearg é, mheas sé go raibh an fiadh ceart ag
tidheacht, & shocruigh sé é féin faoi fhalach ag ceann de
na coir a bhí insa' sliabh. Nuair a thainic an
Cluadhánach go dtí an áit seo, smaoin sé go mb'fhéidir
go mbeith na hÉireannaigh i bhfalach ann & d'fhág sé a
mharcshluagh & a bhocáiste i lár an mhachaire mhóir & thug
sé a chuid coisidhthe thríd an gcor cumhang seo. Nuair
a bhí siad leath bealaigh thríd an mbealach, séideadh na
seamsúir agus na píobaidhe Gaedhealach' gach aon taobh
díobh, cuireadh gáir os árd, “Ó Domhnaill Abú!”
& ní bhfuair na Sagsanaigh faill eaglach gur ionnsuigh
na hÉireannaigh iad. Sheas na Sagsanaigh go fear-
amhail ina n-aghaidh, acht dá mbeith urrudhas na gcéadta
ionnta, ní thiocfadh leobhtha roimh buillíbh marbhtha na
gConallach. Mar bhí an áit cumhang níor éirigh leobhtha
a rith ar siubhal, & b'éigean dóbhtha a n-aighthe choinn-
eáil ar na hÉireannaigh i n-aghaidh a dtolach
gur thuit siad le béal na gclaidheamh. Marbhuigheadh
an Cluadhánach & an Ridire Hannraoi Ratcliffe i gceann
an chuid eile aca & d'éirigh le beagán aca rith go dtí
an magh réidh. Lean na hÉireannaigh iad & d'ionnsuigh
siad iad ar an machaire réidh. Bhí an marcshluagh faoi
spraic Jephson & sgar sé iad thart thimcheall na
n-Éireannach. Thug siad amus i ndiaidh amuis ortha,
agus bhí na hEireannaigh chomh láidir an lá sin ar chúl
a n-airm le carraig cloiche, agus níor fhéad an
marcshluagh feanncadh a bhaint asta. Léis mórán lot &
easbhuidh fola, b'éigean do'n arm Gallda rith i mbéal
a gcinn & na hÉireannaigh 'na ndiaidh, ar feadh trí
mhíle, gur shroich siad Mainistir na Búille.



Thainic triúr de na ceannairíbh Gallda in dtír ó'n
gcath seo, Jephson, tighearna Dhúin Coillin agus an
Ridire Artúir Sabhaois. Bhí sgannradh go leanfadh
Ball-dearg iad ar áit na mbonn & chothuigh siad


L. 99


comhairle catha eatorra, thainic siad chum socruighthe
an áit a fhágáil & iad féin a dhaingniughadh i ndúnphort
láidir. D'fhág na saighdiúir bhreágha Gallda seo
ceithre chéad déag d'á mairbh i gcor an tsléibhe & gan
árach ag na saighdiúir mhisneamhla sin uaigh a dhéanamh
dhóibh.



Cuireadh an ruaig ar Thiobóid De Búrca i ndiaidh
an chatha seo as Sligeach agus sheol sé go Gaillimh. Fuair
Mac Uí Chonchubhair seilbh na háite sin ath-uair, & chuir
Ball-dearg 'fhiachaibh air go gcaithfeadh sé troid i
n-aghaidh an tSagsanaigh ar shon a chreidimh & a thíre as
sin amach.



Caib. XXXIX. – Aoide Essex.



LÉIS báis an Chluadhánaigh & an tslaid a
rinneadh ar a chuid fear, bhí drugall ar an
bhFear Ionaid an Niallach a ionnsuidhe, mar
bhí a arm ruaigthe sgaipthe & tanuighste
ag airm faobharach' na nGaedheal &
faghann sinn é féin & an Niallach ag
tidheacht i n-airicis a chéile i n-aice
leis an tSrádbhaile le síothcháin
cogaidh a dhéanamh leis an Niallach, dá mb'fhéidir
leis é. Bhí an bheirt aca ar mhuin capaill agus
caol-abhainn eatorra. Nuair a thainic an Niallach
go bruach na habhna, thug sé sáthadh de na prioc-
aillíbh d'á chapall agus chuir sé amach i lár na habhna
é, ag umhlughadh go honórach do'n Fhear Ionaid is ag
tabhairt le rádh dhó nach raibh aon fhaitchíos aige roimhe.
Bhí siad i gcaoin-chomhrádh tamall, & ní raibh aon chor i
gcroidhe an Fir Ionaid nár léigh an Niallach ó chnáimh
go smior. Thug sé faoi deara gur ceannaire


L. 100


éidtreorach neamh-mhisneamhail a bhí ann. Léis iad a
rún a leigint le chéile, thainic Cormac Ó Néill &
cúigear eile ar thaobh an taoisigh, agus ar thaobh an Fhir
Ionaid thainic an tighearna Southampton agus cúigear
eile agus bhí díosbóireacht eatorra ag caint faoi
chúrsaíbh an chogaidh. D'iarr an Niallach mar d'iarr
sé i ghcomhnuidhe .i. saoirseacht chreidimh ar fhad & ar
leithead na hÉireann, éiric mhillteanais, & a bheith saor
amach 's amach ó dhligheadh na Bainríoghna. Dubhairt
Essex nár labhair an Niallach as bealach agus go ndéan-
fadh sé a dhícheall an chluain a chur ar an mBainríoghain
leis sin a thabhairt dó. Ins an am chéadna stad an
díosbóireacht & rinne siad sos comhraic sé seacht-
mhainí, agus bhí siad le fógradh ceithre lá dhéag a
thabhairt dh'á chéile sul má dtiubhraidís aghaidh ar a
chéile aríst.



Níor fhan Essex le deireadh an tsosa comhraic nó
gur thriall sé go Sagsanaibh, ag fágáilt cúramúin
iomláin an airm Ghallda i lámhaibh an Easbuig Ó Lochnáin
i mBaile Átha Cliath, agus fághann sinn é caithte ar a
cheithre chroibh faoi chosaibh na Bainríoghna & a rúnaire, an
Ridire Arracháin 'gá thíodhlacan agus é ag agairt
na Bainríoghna maithteanas a thabhairt dh'á mháighistir.
Mhasluigh sí an Fear Ionaid i dtaobh Éire a fhágáil gan
a cead & chuir sí faoi ghabháil é. D'iarr sí irisleabhar
chonndais an chogaidh ar an Ridire &, nuair a léigh sí é,
thainic copa cubhair le n-a béal, le báinidh, nuair nach
raibh cath treiseamhail ar bith ag na Sagsanaigh ann,
agus “Dar Dia,” ar sise, “ní Bainríoghan mise; tá
an fear sin níos cumhachtamhla ná mé, & dar an
Slánuightheoir, amhais uilig sibh & 'sé an Fear Ionaid
an t-árd-amhas oraibh.” Mar ngeall ar a lán rún
grádhamhail a bheith idir Essex & an Bhainríoghain chuir sí
de'n tsaoghal é le faitchíos go leigfeadh sé le n-a ais
iad, mar nach bhfóirfeadh sé do Bhainríoghain macánta
mar í na rúnta sin a sgaipeadh i measg na ndaoine.


L. 101


Caib. LX. – Toisg Aodha go dtí an Mhumhain.



ANOIS le thidheacht go hÉire; ní raibh
an Niallach 'na chomhnuidhe ar feadh
na sé seachtmhainí mar bhí sé ag
cruinniughadh a chuid sluaighte &
'gá n-ullmhughadh le dhul ar mhachaire
an chatha & chuir sé cunntas ag na
cumanntóiríbh gallda i gceann
cheithre lá dhéag go mbeith sé ar
mhachaire an dubhshláin aríst.
Thimcheall 's an am céadna fuair
Rí na Spáinne bás .i. an dara
Filib, & mar bhí grádh ag na Spáinnigh agus ag na hÉireann-
aigh ar a gcreideamh, bhí rún téagarach eatorra & ba mhó
ná sin an ghráin a bhí aca ar námhaid a gcreidimh &
budh 'in iad na Gaill. Nuair a d'éag Rí na Spáinne
i mí mheádhoin an Fhoghmhair ins an mbliadhain
seo, sheol a chomharba dhá theachtaire o'n Spáinn
go dtí an Niallach, Don Martino de la Cerda
agus Mattheo de Oviedo. Ba eaglaiseach é, an
Maitiú seo, agus bhí loghaidheacht an Phápa leis, le gach
uile dhuine a bheannughadh a throidfeadh ar shon a
chreidimh. Phronn sé coraicín clúimh ar an Niallach,
a bhí beannuighthe ó láimh an Phápa naomhtha, an darna
Críost ar talamh, agus mar aguisín, dhá mhíle fhichead
píosa óir.



Bhí luthgháir mhór ar an Niallach an méid seo beann-
ughadh a fhagháil ó'n bPápa naomhtha, agus thriall sé
féin agus iomlán a chuid seadairí ó dheas ar oilith-
reacht a thabhairt ar Mhainistir na Croise Naomhtha, i
nDúrlas, i gCondae Thiobrad Árann, mar bhí a fhios
aige nach raibh aon chaoi leis an mbeathaidh shíorruidhe a
fhagháil acht a chreideamh a chomhalladh léir aitheanta Dé
agus na hEaglaise. Ní mar rígh ná mar thaoiseach a


L. 102


thiosbáin sé é féin annsin, acht mar árd-ghaisgidheach
chumhachtach an Phápa – cosantóir an chreidimh Chatoilicigh
i n-aghaidh na n-éiriceach, agus chuir sé goirm sgoile
amach ar fud na tíre, ag cur i n-umhail do na neamh-
Ghaedhil go gcaithfeadh siad umhlughadh dhó, agus a
thidheacht faoi n-a bhratach, agus faoi bhratach na Trío-
nóide Naomhtha insa teampall Gaedhealach. Sheas a
lán de na neamh-Ghaedhil seo go danardha ina aghaidh,
agus má sheas, chuir sé smacht ortha le glór a bhéil &
fabhairt a chlaidhimh. I measg an mhéid seo bhí an
Ridire Faoiteach, agus bhí sé ag bleibireacht leis na
Gaill ag oibriughadh “lámh ag losgadh agus lámh ag
tártháil,” agus chuir an Niallach faoi chruaidh-cheangal
é, agus a chliamhain, Donnchadh Mac Cárthaigh, mar bhí
galra na bleibireachta air. Bhain sé an fhlaitheas de
Dhomhnall Mac Cárthaigh, agus chuir sé Finghin Mac Cár-
thaigh ina áit, mar ba fírinnighe é ná an cladhaire réamh-
ráidhte, agus, an méid i gcóir leis ina chomh-cheangal
náisiúnta, dhearc sé ortha mar dhearg-námhaid, agus
chreach sé iad ag tabhairt gacha ní bhí aca uatha, agus i
measg an dreama stainceamhail seo bhí Bíocont Bar-
rach. Chuir an Niallach cuid d'á chuid seadairí trí
dhúithche an Bharraigh ag cur faoi ghabháil suim príosúnach,
agus ag bailiughadh leobhtha trí mhíle bó, agus ceithre
mhíle chapall, agus d'innis an Niallach ádhbhar an
smachta sin do'n Bharrach le litir: –



“A Thighearna Barraigh, –



“Is fealltóir thú i n-aghaidh aitheanta Dé agus na
hEaglaise, nuair a sgar tú thú féin ó dheagh-bhriathraibh
agus gníomhartha na Tríonóide. Theip tú ar Ghaedhil
do chúigidh; thréig tú iad mar thréig Iudás ár Slánuigh-
theoir Íosa Críosta. Thug sé i seilbh Ioruaith é ar
dheich bpíosa fhichead airgid. Thug tusa do chreideamh is
do náisiúntacht, agus do dheagh-ghníomhartha, a cuireadh
in do chroidhe nuair a geineadh thú i mbroinn do mháthar.


L. 103


Chaith tú gach ní bhí macánta críostamhail uait, agus
thug tú an méid sin i seilbh na Bainríoghna ar bheagáinín
maoin, shaoghalta a fuair tú go héagcórach, mar bhí an
fheall in do chroidhe i n-aghaidh saoirseacht na hÉireann,
agus, le buntáiste fhagháil i n-éiric an fhealltanais,
fuair tú talamh na bhfíor-Ghaedheal léir orduighthe do
Bhainríoghna. Tionntuigh ar do láimh dheis anois, agus
glac comhairle ó dhuine atá i n-ann do chomhairleachan
níos fearr ná thuigfeas tú as do neamh-smaointibh
éidtreoracha féin. Bíodh gníomhartha Dé in do chroidhe,
briathra Dé ar do theangaidh, agus séala Chríosta ar
do mhalaidh. Seas daingean i n-aghaidh teangadh na
n-éiriceach, díbir uait an neamh-chreideamh gan bun-
ughdar. Ná cuir do mhuinighin i maoin shaoghalta a
fuair tú léir cumhachta sgriosadóirí. Seas dílis do
na Gaedhil, d'á gcreideamh, d'á dtír, is d'á dteangaidh,
agus má sheasann, is gairid go mbéidh réidh an achair
ag na Gaedhil le mo chongnamh-sa is do chongnamh-sa
ar fhad is ar leithead na tíre. Smaoinigh air sin, is
athruigh ar dheagh-stáid na ngrásta, agus má athruigheann,
ní baoghal nach bhfuighidh tú breitheamhnas fabhrach nuair
a sheasfas tú i láthair ghnúise Mhic Dé.



“Ó'n NIALLACH BAGARACH.”



Sgríobh an Barrach chuige go mba ball é de bhunadh
na nDubh-ghall, agus go bhfuair sé a chreideamh agus a
shlighe bheathadh ó'n ríoghain mhór-chumhachtamhail Bain-
ríoghain Shagsana. Dubhairt sé a lán eile rámáiste
nach fiú trácht air annso. Nuair a chonnaic an Niallach
go raibh sé neamh-chríostamhail dall-inntreach, léir
meabhrach, d'fhág sé é mar d'fhág Dia na Diúidighthe, is
ní raibh sé dian air as sin amach.



Insa tráth seo, an méid de na Gaill a bhí i gCúigeadh
Mumhan, bhí siad dúinte faoi bhallaíbh Chorcaighe, agus,
i ndó ná trí de dhún-phuirt eile, insa riocht nár leig
an faitchíos dóbhtha a srón a chur amach. Bhí os a gcionn


L. 104


beirt ceannairí a mb'ainm dóibh an Leidearach agus an
Paorach. Bhí an bheirt seo ag marcuigheacht go péacal-
lach lá, thimcheall 's míle ó Chathair Chorcaighe, agus
feadhnach marcsluagh leobhtha dh'á gcumhdach. Ar an
toirt, theangmhuigh siad, de mhí-thapa, le Mag Uidhir, &
lán glaice de sheadairíbh an Niallaigh leis, &, fearacht
an chait ag léimniughadh ar lochóig, b'fhearacht sin ag an
Leidearach é. Loisg sé piléar le Mag Uidhir, agus
loiteadh go baoghlach é, acht ba mhaith an mhaise do Mhag
Uidhir é. Sul mar thuit sé thug sé buille d'á chuaille
dhó, agus fuinneamh agus fabhairt a cholna leis, agus
rinne sé crús d'á bhlaosg leis an mbuille sin. Níor
buaileadh aon bhuille eile eatorra, agus d'fhill na
Sagsanaigh ar ais go dtí an chathair, agus bhí siad
beagán níos toradh-airighe as sin amach nuair a théidheadh
siad amach ag ránuidheacht dhóbhtha féin.



Léis an Niallach comh-cheangal téagarach a dhéanamh
eidir na Gaedhil i gCúigeadh Mumhan, thug sé a shluaighte
leis go Cúig' Uladh, agus insan am chéadna bhí na
Sagsanaigh ag cuimhniughadh ar aghaidh thabhairt orra ath-
uair, mar fághann sinn aca 14,422 coisidhe agus 1,231
saighdiúr capall, agus iad ollmhuighthe 'un catha le
sásamh a bhaint as na hÉireannaigh i n-éiric a ndear-
bhráithreacha brothairí a shladadh.


L. 105


Caib. XLI. – Tighearna Mountioi.



I MÍ na bhFaoillidhe an bhliadhain seo, cuireadh
Fear Ionaid go hÉire leis na sluaighte
seo a cheannaireacht, agus an ruaig a chur
ar an Niallach, fear 'ar bh'ainm Séarlas
Blount, & a Ghall-theideal “Tighearna
Mountioi.” Saighdiúr mar ainm, brothaire
léir sainnte fola, sgoláire léir oidis,
agus siosgóir neamh-chreidimh léir a Ghall-
smaointe calctha. Bhí ordughadh ag an
bhFear Ionaid gan bean, leanbh, ná páiste
a spáráil, agus a dhul roimhe, agus bualadh
éadain a thabhairt dhóbhtha uilig, agus críoch a chur leis
an gcogadh go tapaidh, mar bhí Sagsana beagnach
creachta ag an méid fear agus airgid bhí caillte aca
ins an gcogadh seo, acht ní raibh call ag Mountioi an
chomhairle seo a fhagháil, mar nach raibh aon fhear faoi
spraic na bainríoghna ba mhó bhí tugtha do dhórtadh fola
na nGaedheal ná é, mar ngeall ar an bhfuath bhí aige
ar a gcreideamh.



Sul má dtéidh mé níos fuide, is cóir dhom beagán
a rádh i dtaobh an Niallaigh. 'Sé mo bharamhail go raibh
saoirseacht na hÉireann i láimh an Niallaigh, léis catha
Bhéil an Átha Buidhe, mar bhí na Sagsanaigh buailte
ruaigthe agus beagnach marbh aige, agus bhí faoi n-a
spraic cúig chéad déag a bhí faoi Stafard i n-Árd-
Mhacha, agus trí chéad bhí faoi Mhac Uilliam i bPort
Mór. Leig sé na hocht gcéad déag sin amach gan
buille sgeine ná claidhimh, le seasamh ar an machaire go
faobhrach ina aghaidh aríst. Dá gcoinneochadh sé an
méid sin faoi ghéar-chrádh, mar ba chóir dó, agus a arm
féin a sgaradh ar fud na tíre, i gceann an mhéid
seadairí eile a bhí i gceithre cheárda na hÉireann, &


L. 106


bualadh rompa, agus ceithre háirde na hÉireann a
thabhairt leo, léir mar thiocfadh siad ar na longphuirt
Gallda, chaithfeadh siad géilleadh ná tuitim le béal a
gclaidheamh. Dá ndruidfeadh siad le chéile mar sin,
ghlanfadh siad an tír rompa, nó go sroichfeadh siad an
Ghall-tórainn, agus ba ghairid nó go gcaithfeadh muinn-
tir na Gall-tórainne géilleadh nó tuitim i gcorrach
na haimhléise. Acht ní dheárna sé sin, fairíor! acht
cead a gcos a thabhairt do ocht gcéad déag príosúnach,
agus faill a thabhairt do Mhountioi thidheacht go hÉire,
agus arm a thabhairt leis ní ba diabhalta ná shiubhail an
t-oileán beannuighthe seo riamh, acht, dá mbeith an
bhuaidh bun os cionn, ní bhfuigheadh na hÉireannaigh ná
an Niallach cead a gcos, mar gearrfaidhe suas iad
ina ngreamannaibh beaga mar gearradh Féidhlim
Ó Néill. Acht sílim-se nach raibh leath-suim aige ins
na cúigidh eile, a fhad is choinneochadh sé a chúigeadh
féin glan ó dhríodar Shagsana; acht, ar an láimh eile,
ní thig linn a bheith ró-dhian air, mar nach leigfeadh a
choinsias dó aon dó-bheart tútach a dhéanamh ar phríos-
únaigh bhí gabhtha, mar nár bhain aon tútaighil le n-a thír,
ná a chreideamh. Fágfamuid an tútaighil ag lucht
creachta na tíre, mar budh 'in garla (galar) thug siad
leobhtha ó bhroinn, & bhain sé le n-a mbunadh, & ar an
ádhbhar sin de, ní de'n ghaoith a thóig siad a bheith feall-
tach, acht ó nádúir na ndaoine.



Gan aimhreas bhí an Niallach ina thogha fir, mar bhí sé
ag troid i n-aghaidh an airm ba tubaistighe, ba
diabhalta, & ba sanntaighe, ag alpadh fola Gaedhealaighe
d'á raibh faoi ríoghachtaibh na gréine, & ní'l aon áit ar
theangmhuigh siad leis an Niallach nár bhain sé cor &
truisle asta, nó go ndeárnaidh an fealltóir feall
air. Ar an ádhbhar sin de, ní bhéidh mise ró-dhian air,
'gá cháineadh, mar nach raibh sé ion-cháinte. Rinne sé
a lán-dhícheall, léir mo bharamhla-sa, & “is maith an
marcach bhíonns ar talamh.”


L. 107


Ní raibh an Fear Ionaid thar seachtmhain i mBaile
Átha Cliath nó go bhfuair sé sgéala go raibh an Niallach
faoi fhuadar ag triall ó dtuaidh, agus thug an Fear
Ionaid a shluaighte leis théince go mbainfeadh sé casadh
as an Niallach ag Conndae na hIar-Mhidhe; acht, a
bhaiste! bhí a thuras i n-aisgidh aige. Nuair a shroich sé
an áit sin, bhí an fuadar chomh mór sin faoi shluaightibh
an Niallaigh go raibh siad saor slán i dtír na Raghall-
ach. Bhí droch-mhisneach ar an bhFear Ionaid ag lean-
mhaint ó dtuaidh, agus d'fhill sé ar ais gan toradh ná
tairbhe go Baile Átha Cliath. Chuir sé comhairle catha
ar bun annsin eidir é féin agus oifigigh a shluaighte go
bhfeicfeadh siad cia an chaoi ab' fhearr a dtiocfadh leo
an Niallach a chreapall. Is í an chomhairle do críoch-
nuigheadh leo dúnphuirt a chur annsiúd 's annseo, ar
tórainn Cúigidh Uladh, & gan cabhair ar bith a leigint
as Cúigeadh Chonnacht aige, & annsin go “socróchadh
siad Samhain is Bealtaine leis.”



Caib. XLII. – Sir Hannraoi Docwra.



INS an am chéadna tháinic an Fear Ionaid go
hÉire, tháinic an Cairiúnach agus teideal
pronnta ó'n mBainríoghain air – “Uach-
tarán na Mumhan,” agus bhí faoi n-a smacht
trí mhíle coisidhe & dhá chéad go leith de
mharcshluagh, & rún aca troid go diabhalta
insa gcúigeadh sin. Ins an am chéadna,
chruinnigh siad gramsgar & brosgán Sag-
sanach, an méid aca a bhí i n-ann airm a
láimhsiughadh, agus seoladh iad as Chester
gur sheol siad go Carraig Fhearghuis, agus
toghadh Sir Hannraoi Docwra ina árd-chaiptín ortha,
agus budh é méid a chabhlaigh seacht longa is trí fichid.
Ar an seachtmhadh lá de Bhealtaine d'fhág an cabhlach


L. 108


Carraig Fhearghuis, & cheithre mhíle coisidhe ortha & dhá
chéad capall, gan trácht ar na máirnéalaigh. Bhí
leabacha clúimh & gunnaidhe móra leo, & beirt gunna-
dóir géar-shúileach, agus oirnis agus ádhmad, & fir ceirde
le teach ceithreamach a chur ar bun, gan trácht ar an
mbiadh agus an digh, & gach uile chineál gléas cogaidh
dhá léir. Ar an gceathramhadh lá déag shroich siad Loch
Feabhail.



A fhad 's bhí an cabhlach ag seoladh ó dtuaidh, bhí
Mountioi ag déanamh a bhealaigh go Cúig Uladh, i riocht
go dtarnóchadh sé an Niallach is Ball-dearg ó Loch
Feabhail, agus ar Dhomhnach Cingcíse bhí sé ag dul thríd
Bealach an Mhaighre 's ar an séamhadh lá déag shroich
sé an t-Iubhar; ar an seachtmhadh lá déag bhí an
Tighearna Southampton, agus Sir Oiliféar Lambart le
druid go dlúith leis. Chuir Mountioi Sir Éamonn
Bléine agus cúig chéad coisidhe agus leithchéad marc-
shluagh ar fhad a bhealaigh le n-a ghlanadh roimhe, insa
mbealach a dtug an Niallach buaidh go minic roimhe.
Bhí an Niallach insa gcomharsanacht ag faire a gcuid
bealaigh, agus ceithre chéad seadairí faoi. Sgaith Bléine
an Srádbhaile gan bacall ar bith roimhe, & d'fhan an
Niallach go sostamhail ag Béal Átha & thart ina thim-
cheall bhí tuim & crainn, is níor bh'fhada go bhfaca sé
na Sagsanaigh ag nochtadh air, & Southampton, Lam-
bart, & Bléine ar a gceann, & a gcuid fear ní ba
tiugha ná arm an Niallaigh. D'ionnsuigh an dá arm a
chéile, & throid na hÉireannaigh go bríoghmhar borb, &
léis tamaill b'éigean dóbhtha tréatadh ar gcúl gan
mórán lot.



Léis an chatha seo chruinnigh airm an Niallaigh agus
Bhaill-deirg chomh tiugh leis na míoltógaíbh, agus
mheas an Fear Ionaid go raibh Docwra faoi seo ag
caladh Locha Feabhail, agus thriall sé ar an nGall-
tórainn. Chuir sé longphuirt ins an Iubhar, i gCáirlinn
& ins an Srádbhaile, sul má d'fhág sé Cúig Uladh.


L. 109


Lá an chatha ag Bealach an Mhaighre, bhí an cabhlach ag
Cúl Mór ag Béal Locha Feabhail. Tháinic siad 'un
tíre, & chuir siad dún ar bun ann, mar nach raibh na
Dochartaigh ná na Cathánaigh ollmhuighthe le n-a n-ionn-
suidhe, mar tháinic siad chomh tobann sin ortha, is níor
tháinic aon námhaid le bliadhantaibh roimhe sin nach raibh
siad i n-ann an ruaig a chur ortha, acht mar bhí iomlán
an airm sgaipthe faoi'n tír, bhí drogall ar Mhuinntir
Dhochartaigh an sluagh seo ionnsuidhe. Léis na Sag-
sanaigh críoch a chur ar a ndún, thóig siad seilbh ar
Aileach 's ar Dhoire, áit a bhí ar chuma oileáin; Loch
Feabhail ar thaobh de agus srath fliuch portaigh ar thaobh
eile; agus lorg mainistreach, lorg tighe easbuig, &
dhá theampall ar lár, agus ag ceann na dteampall
lorg caisleáin a chuir na Sagsanaigh ar bun, acht níor
chuir siad críoch air, mar d'ionnsuigh Seaghán Ó Néill
iad, agus chuir sé an ruaig ortha i gceann an mhéid a
mharbhuigh sé dhíobh.



Thoisigh Docwra ag cur bun daingin air féin i nDoire
Chuilm Cille, an t-oileán sin a bheannuigh an naomh le
n-a mhór-chumhacht naomhtha, áit a bhí ró-bheannuighthe
d'eiriceach a chur faoi ann; acht, mar sin féin, thoisigh
sé ag déanamh tighthe mar bhaile d'á chuid brothairí, &
chuir sé lucht gearrtha ádhmaid amach laetheamhail ag
gearradh na gcoillte, agus saighdiúir le na gcois ag
leagaint tighthe na nGaedheal, agus ag tabhairt an
ádhmaid agus na gcloch leo ar a chuid luingis a chuir
sé thart thimcheall Locha Feabhail, agus diabhal cloch ná
crann a fuair siad gan troid go dian ar a son.



Nuair a fuair an Niallach focal na faire go raibh an
sluagh seo i nDoire, bhrostuigh sé 'un cinn, é féin is
Ball-dearg, is cúig mhíle fear leo, le amus tobann a
thabhairt ar Dhoire, acht bhí iomarca ina n-aghaidh, agus
níor fhéad siad teannadh go dlúith leo mar nach dtioc-
fadh siad amach as a neid le cath onórach a thabhairt
dhó; ... sé a mealladh amach, acht mar dubhairt an


L. 110


sean-fhocal, “níor chríonna an cat ná an ciméad,”
d'fhan siad fúbhtha, agus dhruid an Niallach isteach
faoi'n tír théince go leanfadh siad é.



Caib. XLIII – Feall Néill Ghairbh.



DÁ MHÉAD an méid airm bhí ag
Muinntir Shagsana i nÉirinn an
t-am sin, b'fhacthas dóbhtha nach
raibh siad i n-ann buaidh a
bhreith ar na hÉireannaigh le
troid, agus chothuigh na ceann-
phuirt Ghallda bhí i n-Éirinn
& cúirt Shagsana rún neamh-
théagarach leis na Gaedhil a chur
i mbealach a mbasgaidh i ngan-
fhios dóbhtha féin, 'sé sin le
rádh, saoirseacht creidimh a
thabhairt do na Gaedhil bhí faoi na sgríb,
na sagairt a leigint as na príosúin, &
saoirseacht Aifrinn a thabhairt dóibh; brealais a thabhairt
do na taoisigh, dá mb'fhéidir leo, agus a gcur ag
troid i n-aghaidh a chéile; a bheith catharnach lághach le
bunadh na nDubh-Ghall bhí ag troid ar son a gcreidimh
agus ní ar son a dtíre, a lán neithe mar sin a dhéanamh
agus annsin, agus ní go dtí sin a gheobhthaoi an bhuaidh
ar na hÉireannaigh.



B'amhlaidh a chuir siad gach ní aca seo i bhfeidhil a
chéile. Chuir Essex cosg leis na dlighthibh pianamhla.
Leigeadh amach na sagairt a bhí faoi chrádh aca mar
ngeall ar a gcreideamh, & fuair na Gall-Ghaedhil cead
a dhul 'un Aifrinn. Bhí lucht Riaghaltais Shagsana modh-
amhail lághach leo léir glóir a mbéil, agus ins an am


L. 111


chéadna, rún díoghaltais ina gcroidhe, iad seo a
bhladar, & an chluain a chur ortha, le neamh-gheallamhna a
thúnadh ortha, le iad a sheasamh dílis dhóbhtha-san, agus
congnamh thabhairt dhóbhtha leis na fíor-Ghaedhil a shlad.
Níor bhain an obair seo le Cúig' Uladh, mar nár shroich a
neamh-chreideamh an cúigeadh sin, agus d'fhéach siad
slighe eile le n-a ndó-bheart a chur i bhfoirm. Annsin
thoisigh siad ag bladaireacht le cuid de na taoisigh
Gaedhealacha agus ag geallamhaint a dteideal dóbhtha,
acht iad éirghe i n-aghaidh an Niallaigh agus a bhunaidh.
Fairíor! fuair siad cuid aca seo neamh-théagarach mío-
náisiúnta dí-chríostamhail i n-aghaidh a dtíre agus a
gcreidimh, & seo é an chéad cheann aca – Niall Garbh
Ó Domhnaill, an t-Éireannach malluighthe a throid go
fearamhail ar thaobh na nGaedheal i dTuath-Mhumhain,
seadaire chomh fearamhail & bhí ar Chlainn Chonaill, acht
anois chaith sé uaidhe a fhearamhlacht, is bhí sé ina
chladhaire fhealltach agus ghlac sé brealais Shagsana i
n-aghaidh a thíre, mar ghlac Iudás an bhrealais i n-aghaidh
a Shlánuightheóra. Dá mhéad saighdiúr a bhí faoi
Dhocwra, níor leig an faitchíos dó dhul níos fuide
faoi'n tír nó go dtug an fealltóir seo congnamh dhó,
agus d'éirigh leis an bhfealltóir a lán de na hEireannaigh
a mhealladh leis ar a thaobh féin. Fuair sé dúnphort
Gallda faoi n-a smacht ag Leithbhearr, & Art Ó Neill,
mac do Thoirdhealbhach Luineach, phronn an Bhainríoghain
teideal Gallda air, “an Ridire Art Ó Néill.” Bhí
na Sagsanaigh ina thimcheall agus iad 'ghá bhrosdughadh
'un cinn, acht bhí sé ar a dhubhshlán a thaoiseachas
aimhdeachtáil imeasg na nGaedheal. Chóimhcheangail an
dá fhealltóir seo le chéile & an méid a bhí fúbhtha, agus
le n-a gcongnamh d' éirigh le Docwra dhul 'un cinn sé
mhíle suas an Fheabhail, & chuir sé dún ar bun a dtugann
siad Dún na Long air, is d'fhág sé ocht gcéad
saighdiúr ann agus Gall-Ghaedhil na bhfealltóiri seo
ag creachadh & ag dóghadh a dtíre ar dhá thaobh na


L. 112


Feabhaile. Ar an taobh ó dheas de Chúig' Uladh bhí
Conchubhar Ruadh MagUidhir, agus ghlac sé brealais
ó'n bhFear Ionaid agus sheas sé ar thaobh na Sagsanach ag
troid i n-aghaidh a cháirde ghaoil, & sgáil claidhimh
baoghlach na nGall mar néall dubh dorcha os cionn a
chinn, agus os cionn na bhfealltóirí eile, mar “bhain
siad slat a bhí le iad féin a bhualadh,” & tuilleadh
diabhail aca.



Caibh. XLIV. – Cealg an Cháiriúnaigh.



MAIDIR le Cúigeadh Mumhan bhí an
Cáiriúnach & a chuid saighdiúr
dúinte suas i gCorcaigh mar bhí
Docwra i nDoire, agus níor
fhéad sé a fhágáil ná aon lámh a
dhéanamh de na hÉireannaigh go
bhfuigheadh sé tuilleadh cong-
anta, mar bhí dhá cheannaire
cumhachtamhail ar an arm Gaedhealach & ceithre chéad déag
seadaire cogaidh fúbhtha eidir Connachtaigh & Ultaigh.
Smaoinigh Cariu, dhá dtiocfadh leis cur eidir an dá
cheannaire seo, go mb'fhurust Cúigeadh Mumhan a chreach-
adh. Is iad seo a n-ainmneacha: Séamus Mac Gearailt,
Iarla na Deas-Mhumhan & Diarmaid Ua Conchubhair.
Bhí Mac Uí Chonchubhair pósta ag bean-uasal de na
Gearaltaigh, deirbhshiúr do'n oidhre bhí faoi ghlas i
bpríosún Shagsana & seilbh a dhúithche ag an Iarla a
thogh an Niallach os cionn na Muimhneach, & mheas Cariu,
dá dtiocfaidhe faill cainte fhaghail leis an mBain-
tighearna Mairghreád – bean Uí Chonchubhair – go
mb'fhéidir, léis brealais a gheallamhaint di, go


L. 113


gcuirfeadh sí an chluain ar a fear, Iarla na Deas-
Mumhan a bhraitheadh. Ins an am chéadna seo dó-bheart
tútach eile a chothuigh Cariu: Sgríobh sé litir mar a
bheith sé ag sgríobhadh ag Iarla na Deas-Mhumhan, & leig
sé air féin insa litir go raibh sé léis suim litreacha
fhagháil ó'n Iarla, & bhí sé ag sgríobhadh aige mar freag-
radh ar a chuid litreacha, & ag glacadh buidheachais leis
de bhárr a thuigsnt' chinn, mar ngeall ar an dó-bheart
meabhrach a cheap sé le é féin a shaoradh ó mhilleán na
Bainríoghna, &, chomh luath & bhéarfadh sé Ó Conchubhair dó-
san mar phríosúnach, go raibh an méid a d'iarr sé le
fagháil aige & tuilleadh ina cheann, & “tig leat
muinighin a bheith agat asam-sa,” adeir sé. “Ní
innseochaidh mise do éinne go bráth rud ar bith faoi 'n
dó-bheart a chothuigh tusa & do dhearbhráthair, mar
d'aithnigh mé, léir do litreach, go bhfuil tú fein & do
dhearbhráthair i gcóir ins an obair seo. Ná déan aon
mhoill gan a thabhairt chugam, beo ná marbh.”



Bhí a lán diabhlaidheacht' eile ins an litir seo, acht
bíodh fhios ag an léaghthóir nár sgríobh Iarla na Deas-
Mhumhan litir ar bith chuige ná ní raibh sé leis an litir
seo fheiceáil, acht sgríobh sé í i riocht go dtuitfeadh sí
i seilbh Mhic Uí Chonchubhair & go dtuigfeadh sé aisti go
raibh Iarla na Deas-Mhumhan ar tí a bhraithte ar
bhrealais óir an tSagsanaigh.



Seo dó-bheart eile chothuigh sé: Bhladair sé Finghin
Mac Cárthaigh & gheall sé a lán neithe dhó nach bhfuair sé,
acht é sheasamh ar thaobh Eilíse, &, mar nach raibh aon
bhunudhas críostamhlachta ina chroidhe, sheas sé ar thaobh
na Sagsanach & d'fheall sé ar a bhunadh féin, & thug sé
Ó Súilleabháin Mór i seilbh Chariu.



Ins an am chéadna d'éirigh leis fear dar bh'ainm
Núinsionn a fhagháil faoi n-a sgríb. Bhladair sé é
mar an gcéadna le n-a chluainidheacht fhealltaigh.
Gheall sé dhó neart óir & airgid, agus nach raibh aon choir
ina aghaidh nach maithfidhe dhó, dá marbhuigheadh sé an


L. 114


Súgán Iarla ná a dhearbhráthair; mur' ndéanfadh sé sin,
nach dtiocfadh leis aon mhaithteanas fhagháil, mar bhí
iomarcaidh coir ina leith & go mbudh “é a cheann féin
a d'íocfadh an féarach.” Ní raibh mórán fear ar thaobh
na n-Éireannach ba fearamhla ná an Núinsionnach, acht
anois nuair atá sé ina n-aghaidh, tá sé chomh fearamhail
léir olcais & feille, & ní theipfidh sé ó choir ar bith, &
dubhairt sé le Cariu, dhá gcoinneochadh sé a gheallamhna,
go mbudh gearr go gcuirfeadh sé an t-Iarla nó a
dhearbhráthair ó rath.



Thriall dearbhráthair an Iarla & fuadar faoi ag tar-
raint ar, Eatharlach, an áit a raibh an fearrasbárr dh'á
chuid seadairí. Bhí fear ar bh'ainm dó Coipinéar
leis & bhí caidreamh ag Núinsionn le Coipinéar & leig
sé rún a ghníomhartha leis. Chuaidh an Núinsionnach dh'á
dtíodhlacan, is, nuair a bhí siad i n-áit uaithmhéalta,
leig an Núinsionnach dearbhráthair an Iarla suim slat
roimhe, tharraing sé a phiostal & é stannctha le dhá
philéar le n-a losgadh thrí dhearbhráthair an Iarla, mar
bhí a dhruim leis. Nuair a bhí sé ag braith ar an
bpiostal aimsiughadh, thug Coipinéar áladh air & strac
sé an piostal as a láimh. “Dearg-náire ort,” a
dhúnmharbhadóir,” ar seisean, “bhfuil tú ag tabhairt
iarrachta marbhtha ar an bhfear & cúl a chinn leat?”
Nuair a chualaidh dearbhráthair an Iarla an mumura,
thug sé cúl-amharc ar a chúl, & chonnaic sé Núinsionn
ag imtheacht ar a chos an áirde. Shíl sé na cosa
thabhairt leis le luas a chapaill, acht lean an bheirt aca
é i mbárr a n-anma; baineadh truisleadh as a chapall
agus thuit sé i n-aghaidh a mhullaigh ar an talamh.
Gabhadh é; cuireadh coisde air lá'r na bhárach; d'aimh-
digh sé a chionntaighil & crochadh é ar bhuille boise, & an
té tá 'na dhiaidh air, go raibh pian ina cheann.



Acht níor bh'é sin amháin do Chariu ná dh'á lucht brealais,
mar chuir sé teachtaire ag bean Uí Chonchubhair réamh-
ráidhte, & gealladh míle punt dhi, acht í a compánach a


L. 115


chomhairleachan Iarla na Deas-Mhumhan a chur ó ráth.
Thuit an litir mar an gcéadna i seilbh a fir & d'éirigh sé
glonnmhar i n-aghaidh an Iarla mar shíl sé gur b'í an
fhírinne bhí insa litir &, mar ngeall ar shainnt an
airgid & fuath na litre, ní dhearna sé aon chomhnuidhe
gur éirigh leis an t-Iarla ghabháil & a chur faoi ghlas, acht
ní thiubhradh sé i seilbh Chariu é nó go bhfuigheadh sé an
míle punt. Bhí a bhean, Mairghréad, le dhul i n-airicis
Chariu go dtí Cill Mocheallóg leis an míle punt
fhagháil, acht sul má bhfuair sí an t-airgead, shaor fear
gaolmhar do'n Iarla é. Níor bh'e sin amháin: ní
raibh aon fhear ar fhéad Cariu faill cainte fhagháil
leis nár gheall sé na mílte punta dhó, acht colann
an Iarla Ghaedhealaigh a thabhairt aige beó ná
marbh. Shanntuigh an Ridire Faoite an tairgsint &
d'éirigh leis bealach ní b'aithghiorra fhagháil le n-a
ghabháil, ná fealltóir ar bith eile, & thug sé an Súgán
Iarla i lámhaibh Chariu, mar budh 'in é an leas-ainm a
bhí ar Iarla na Deas-Mhumhan a thogh an Niallach, & budh
fear gaolmhar léir fola dhó an Faoiteach. Coin-
nigheadh mo chréatúir faoi ghlas insa Seandún i
gCorcaigh, & seal gearr 'na dhiaidh sin seoladh go
Sagsanaibh é, & sacadh isteach i gcloigtheach Lonndan é,
ins an áit a bhfuair sé bás le cineáltas Eilíse.



Shroich an sgéal an Niallach go raibh an téagar
téagarach imthighthe as croidhtheachaibh na nÉireannach i
gCúigeadh Mumhan, & go raibh siad ag díol a chéile ar
lán glaice d'ór an tSagsanaigh. Maidir le bunadh
na nGall a bhain leis an gcreideamh Rómhánach, nuair
a fuair siad réidh an achair ar saoirseacht a gcreidimh,
chaill siad téagar na tíre, agus ba chuma leobhtha cé an
rud dhéanfadh saoirseacht na tíre, acht saoirseacht a
gcreidimh bheith aca, mar budh 'in é an rud a raibh siad
ag troid ar a shon. Ins an tráth seo ní raibh aon fhear
i gCúigeadh Mumhan ba mhó a raibh muinighin ag an
Niallach as ná fear ar bh' ainm dó Finghin Mac Cár-


L. 116


thaigh a dtug sé taoiseachas na gCárthach dhó, agus
sgríobh an Niallach aige mar leanas: –



“A Chárthaigh Mhóir,



“Agruighim thú as ucht Dé thú féin agus a bhfuil
fút a chosaint ar na heiricigh, & an chumhachta chumhacht-
amhail a bronnadh ort a chur i bhfoirm mar ba chóir.
Coinnigh thú fém saor ó bhrealais an tSagsanaigh. Bí
chomh fíor do do chreideamh agus do do thír agus tá
an Tríonóid Naomhtha. Is gearr go gcuirfidh mise
cabhair agat, is ná faghadh ór an tSagsanaigh an bhuaidh
ort. Coinnigh uait iad fad urchair gunna, is béidh
lámh chumhachtach an tSlánuightheora 'ga do threorughadh
'un treise. Cuir do mhuinighin as Dia, is ní fheallfaidh
Sé ort.



6. 2. 1601.



“Ó'n NIALLACH.”



Ins an am chéadna cuireadh sgéal ag Cariu ó chúirt
Shagsana Finghin Mac Cárthaigh fhághail faoi n-a sgríb i
gcóir ná i n-éagcóir, & sgríobh Cariu aige ag rádh
leis nach raibh rud ar bith ag cúirt Shagsana ina aghaidh,
agus rud ar bith a d'iarrfadh sé ortha go raibh siad
sásta ar a thabhairt dó, acht a thaoiseachas a thabhairt
suas, agus seasamh ar a dtaobh-san. “Taraidh agam,”
arsa Cariu leis, “ar bhuille boise, mar badh mhaith
liom faill cainte bheith agam leat.” Níor fhreastail
Mac Cárthaigh an cuireadh, mar thug sé éisteacht na
cluaise bodhaire dhó, agus, nuair a chonnaic Cariu gur
sheas sé danardha na aghaidh, mheas sé cor eile
fhéachaint. D'éirigh leis faill cainte fhagháil le mnaoi
an Chárthaigh, & le n-a chluainidheacht chiuin fhealltaigh
mheall sé í le brealais a ghlacadh, i riocht go ndéanfadh
sí a fear a bhladar, agus é ghéilleadh do dhligheadh na
bainríoghna, agus dá ngéillfeadh, go mbronnfaidhe
árd-theideal air, & i gceann an mhéid sin go bhfuigheadh
sí féin dualgas bliadhna fhad 's bheith sí beo. Thoisigh


L. 117


sí ag bladar le n-a fear, agus léis tamaill d'éirigh
léithe an chluain a chur air, agus faghann sinn é ag
déanamh margaidh le Cariu, ina fhealltóir gan anam,
ag díol a thíre & a cháirde gaoil. Nuair a bhain Cariu
a sheal féin as, thug sé coir tréatúireachta ina aghaidh, &
tligeadh léir na coire sin é; seoladh go cloigtheach
Lonndan é, & ná raibh Dia 'na dhiaidh a'r, & mar
adubhairt an sean-fhocal, “Is iad na mná a dhóigh an
áth,” agus ba leámainn mná ba chionntach leis so.



I gceann an mhéid sin rinne Cariu a dhícheall ar flatha
an chúigidh sin a chur ag troid i n-aghaidh a chéile leis an
mbuaidh fhagháil ortha ar an gcuma sin, agus thug ridirí
na Sean-Ghall congnamh dhó leis an obair sin a
dhéanamh, Tighearna Cloinne Riocaird, an Barrach &
Tighearna Thuath-Mhumhan & a lán eile de na Sean-Ghaill.
Bhuail siad rompa ar fud na tíre ag leagaint na
dtighthe 's ag dóghadh na gcruach coirce, ag tabhairt na
háirnéise leobhtha, & i ndeireadh an fhoghmhair ní raibh
caisleán, dún ná lios i seilbh na n-Éireannach.



Caibh. XLV. – Gníomhartha Bhaill-Deirg.



AN SAMRADH roimhe seo thug an Fear
Ionaid a shluaighte saighdiúr thrí
Laoighis & Uíbh Fáilghe ag creachadh
na tíre, ag dóghadh & ag losgadh
agus d'éirigh leis an Mórdhach a
mharbhadh i sgiormaisg &, an méid
mná agus páisdí nár mharbhuigh sé
le teinidh & claidheamh, d'éag siad
le ocras, mar chuir sé an cur ó
oidhidh, mar ghearr sé an geamhar léir mar bhí sé ag dul
ar fud na tíre, & tá sé againn ó na hughdair gur chuir
sé ó rath luach deich míle punt geamhair. Léis an


L. 118


méid sin foghlach a dhéanamh, d'fhill sé go Baile Átha
Cliath, agus d'éirigh leis rún díoghaltais a chur idir
cuid de thaoisigh na Laighneach le n-a chor beartaidh-
eachta, i riocht nach raibh muinighin ag ceachtar aca as a
chéile.



Bhí a fhios ag an Niallach gach ní bhí ag dul ar aghaidh
i gCúigeadh Mumhan & i leabaidh na Sagsanaigh throid
go meisneamhail i n-aghaidh seadairí cogaidh, 'sé an chaoi
ar ionnsuigh siad páisdí agus mná, mar bhí siad ina
gcladhairíbh neamh-mheisneamhla neamh-chríostamhla gan
bunudhas, agus torann airgid a bhí le clons i
gCúigeadh Mumhan i n-áit clonsgairt claidheamh, agus
i leabaidh na saighdiúir Ghallda úsáid a dhéanamh d'á
gclaidheamh ag troid, 'sé an chaoi a ndeárna siad
corráin dhíobhtha ag gearradh an gheamhair, acht bhí arm
fearamhail faoi smacht an Niallaigh i gCúige
Uladh & na Sagsanaigh dúinte ina ndúntaibh aige, mar
lochóig a bheith i bhfalach ó chat i bpoll, & bhí sé ag
feitheamh laetheamhail le congnamh ó'n Spáinn nó go
gcuirfeadh sé críoch le dó-bheart tútach na nGall, &
seo iad na dúnta a raibh siad druidte ionnta: Doire
Chuilm Cille, an Cúl Mór, Leithbhearr & Dún na Long.
Chuir Niall Garbh clampar mór ar Bhaill-dearg &
sháruigh sé ar Bhall-dearg congnamh a tabhairt do'n
Niallach de bhárr dánachta Néill Ghairbh & a chuid
fealltóirí.



I dtoiseach na bliadhna seo, léis é threisiughadh ar
Docwra i gcath a bhí aca i ngar do Dhoire, bhuail sé
roimhe ó dheas & ag fágáilt cuid d'á chuid seadairí le
súil a choinneáil ar Docwra & a chuid saighdiúr,
sguaib sé leis thrí Chonnacht gur shroich sé Tuath-
Mhumhain, & níor fhág sé cloch phunta 'na seasamh ó Chor-
camruadh go dtí Léim Chon-Culainn nár chuir sé ó rath.
Budh 'in í an dúthaigh bhí i seilbh Dáil gCais, Iarla na
Tuath-Mhumhan, ball a shíolruigh ó shliocht Bhriain Bhóromha.
D'fhill sé ar ais ag tabhairt gach ní a raibh tairbhe ann


L. 119


leis, & chuala sé ar a bhealach go bhfuair an Dochartach
bás, & go raibh tútaighil & feall ag déanamh díoghbhála
móire i n-Inis Eoghain, & thionntuigh a lán de sheadairíbh
an Dochartaigh anonn ar thaobh Docwra, & thriall sé ar
a bhealach go hInis Eoghain, acht sul ar fhéad sé ceart
agus cóir a chur i bhfeidhil a chéile annsin, b'éigean
dó triall ar Dhún na nGall, mar cuireadh n-umhail
dó gur ionnsuigh Niall Garbh agus a chuid feall-
tóirí mainistir Naoimh Proinnsiais agus gur chuir
siad sgaipeadh ar na manaigh. D'ionnsuigh Ball-
dearg iad & níor fhéad sé aon lámh mhór a dheanamh
dhíobh, & shuidh sé féin & a chuid seadairí trí mhí thart
thimcheall na mainistre, & ag ceann an treas míosa
chuaidh an mhainistir thrí theinidh & le buirbe na teineadh
& fabhairt na gclaidheamh Gaedhealach, dóigheadh & mar-
bhuigheadh na céadta de na fealltóiríbh, idir Gaill &
Gaedhil, & mar aguisín, bhí dearbhráthair Néill Ghairbh ar
thaobh na marbh. Is truagh nach é Niall Garbh é féin a
bhí ar an taobh sin! Ar maidin lá'r n-a bhárach bhí an
mhainistir i seilbh Bhaill-deirg, & gan ann acht ceithre
creatalachaí na mainistre, agus iad chomh dubh le
guala ceárdchadh. Níor cuireadh aon bhail ar an
mainistir sin ó shoin, & tugaidh faoi deara gur ins an
mainistir seo sgríobh na Ceithre Máighistreachaí
“Annála Ríoghachta na hÉireann,” & seasann lorg na
mainistre seo i n-aice le ceann báighe Dhúin na nGall.


L. 120


Caibh. XLVI. – Forgaint Chaisleáin an Mhaighre



AN FHAD 's bhí Ball-dearg ar an obair
seo, bhí an Niallach ag obair go
stuaimeamhail ag cosaint an taoibh
ó dheas de Chúig' Uladh, mar bhí an
Fear Ionaid ag tarraint air go
teann, & shroich sé Fachairt an
cúigeadh lá déag de mhí Meadhoin
an Fhoghmhair le ceithre chéad & dhá
mhíle coisidhe & trí chéad capall, &
é ag brath ar dhul thrí Bhealach an
Mhaighre le amus a thabhairt ar an Niallach. Bí an
Niallach ag feitheamh leis & é ag brath ar chath a thabhairt
dó ar fhad an bhealaigh, & 'san am chéadna bhí sé ag leag-
aint crann & ag rómhar claiseachaí i mBealach an Mhaighre
le creapall a chur ar an bhFear Ionaid. D'fhan sé ins
an gcoill go foighdeamhail, & ar an naomhadh lá de'n
ocht-mhí, chonnaic sé na Sagsanaigh ag nochtadh chuige,
agus d'ionnsuigh an dá shluagh a chéile, &, léis troid
madramhail roighin (righin), theann Mountioi 'un cinn,
agus bhí lot mór ar ghach aon taobh, is léir mar bhí sé
ag treisiughadh, & ag dul 'un cinn, bhí sé ag gearradh
na gcrann agus ag glanadh na tíre roimhe gur shroich
sé an t-Iubhar. Annsin thriall sé siar ó dtuaidh ag
tarraint ar Árd-Mhacha. Nuair a bhí timcheall 's ocht
míle cuirthe ó n-a chosaibh aige, tháinic drogall air a
dhul níos fuide, mar bhí arm an Niallaigh roimhe, &
anfa na haimsire ina aghaidh, agus mheas sé nach ag
caitheamh dartachaí a bheith sé, dá dteangmhóchadh sé leis
an Niallach ní budh dlúithe, nó go dtiocfadh as an lá,
& leis an mbealach a bhí gnóthuighthe aige a choinneáil
thoisigh sé ag forgaint caisleáin i mBealach an Mhaighre.
Ní bhfuair siad mórán suaimhnis a fhad 's bhí siad ina


L. 121


chionn, mar bhí seadairí an Niallaigh 'gá n-ionnsuidhe
laetheamhail, acht d'éirigh leobhtha críoch a chur air, &
bhaist an Fear Ionaid é, & 'sé an t-ainm a thug sé air,
“Caisleán Norruis,” mar budh é Norruis a mhúin
acluightheacht cogaidh dhó féin i dtús a óige. Chuir sé
ceithre chéad saighdiúr faoi chúram Bhléine ann, agus
d'fhill sé ar ais go dtí an t-Iubhar, ag tarraint ar an
nGall-tórainn.



Sul ar fhág an Fear Ionaid an t-Iubhar chuir sé
gairm sgoile ag tairgsint dhá mhíle punt do dhuine
ar bith a bhéarfadh an Niallach aige beo, nó míle
punt do dhuine ar bith a bhéarfadh ceann an “árd-
mhéirligh” chuige (mar budh 'in é an t-ainm a thug sé
féin air), acht, nuair a bhí sé ag déanamh ar Bhaile Átha
Cliath, bhí an Niallach ag a shálaibh, ag Bealach Cháirlinn,
& bhí cath aca, & cath fuilteach. Loiteadh an Fear Ionaid,
Sir Hannraoi Danvers, & a lán oifigeach eile, & le
slad mór ar thaobh na Sagsanach, d'éirigh leobhtha a
mbealach a dhéanamh go dtí an Srádbhaile. Tharraing
Mountioi ar Bhaile Átha Cliath, & d'fhan sé faoi ag
cneasughadh a chuid lot go dtáinic an bhliadhain d'ar
gcionn. Bhí Árd-Mhacha, an Port Mór, agus iomlán
na tíre ó dtuaidh de'n áit sin i seilbh na nÉireannach.


L. 122


Caib. XLVII. – TRIALL MHOUNTIOI.



NUAIR a bhí an Fear Ionaid cneas-
uighthe, ghluais sé ar thóir an
Triallaigh, an seadaire ba
fearamhla, ba bhríoghmhaire, & ba
mhisneamhla a bhí i n-arm na
nÉireannach, & bhí Condae na
Midhe ina sheilbh faoi seo. Ghluais
an Fear Ionaid roimhe théince
go gcasfaidhe leis é, ag dóghadh
agus ag losgadh na tíre, gur shroich sé Ath Truim, &
as sin go Béal Átha Luain, is, nuair a sháruigh sé air
an Triallach a chlaoidh, thairg sé na céadta punt ar a
cheann, & d'fhill sé go Baile Átha Cliath, mar bhrom-
achán bliadhna.



An t-earrach d'ar gcionn faghann sinn an Fear
Ionaid ag déanamh ar Chúig' Uladh, & ar an ochtmhadh lá
de Mí Meadhoin an tsamhraidh thug sé a shluaighte thrí
Bhealach an Mhaighre gur shroich sé an t-Iubhar. Chreach
sé dúthaigh Mhic Aonghusa, agus thóg sé seilbh ar Dhún
Phádraic, & d'fhill sé go dtí an t-Iubhar ar an aonmhadh
lá fichead. Fuair Sir Hannraoi Danvers sluagh mór
saighdiúr faoi n-a smacht le dhul go hÁrd-Mhacha, &
seilbh na cathrach & na mainistre fhagháil, & dúnphort
a chur ann i n-ainm na Bainríoghna, acht bhí an Niallach
& a chuid seadairí roimhe ar a chasán, & d'ionnsuigh siad
na Sagsanaigh chomh madramhail sin agus go mb'éigean
dóbhtha tuitim ar a gcúl, & fasgadh a thógáil faoi bhal-
laidhibh Caisleáin Norruis, & d'fhóir fasgadh na mbal-
laidhe dóbhtha gur tharraing Mountjoy ortha. Thriall
na Sagsanaigh annsin ó dtuaidh, agus theangmhuigh an
Niallach leobhtha sgathadh d'á mbealach, agus throid sé
go colgach ina n-aghaidh, nó gur thuit sé siar i n-aice
leis an Uisge Dubh, áit a bhí socruighthe aige le cat


L. 123


fuilteach a thabhairt do Mhountioi, agus is iad na Sag-
sanaigh thug mar ainm air – an t-Uisge Dubh, do bhárr
an dubh-shlad a tugadh ortha annsin go mion is go
minic. Ní dheachaidh Mountioi 'un cinn ní b'fhuide an
uair sin, mar ba mhaith a bhí fhios aige an crathadh lámh
a gheobhadh sé ó'n Niallach ar a áit thoghtha féin, acht
d'fhan sé faoi ag ránuidheacht anonn 's anall ar lorg
catha Bhéil an Átha Buidhe, agus ag smúracht fola
Bhaigeanal, agus na maistíní eile a thuit ina cheann.
Bhí féar breágh séasúrach ag fás ar lorg a gcuid
fola a thuit as a gcuid colann trí bliadhna roimhe
sin le fabhairt agus fuinneamh claidheamh na nGaedheal.
Nuair a bhí lorg an chatha troighte aige, thug sé a
shluaighte go hÁrd-Mhacha, & fuair sé seilbh na háite
sin gan buille sgine ná claidhimh, mar d'fhág na
hÉireannaigh é roimh ré, agus thug sé seilbh na cathrach
do Danvers, agus d'fhág sé mar ghárda cosanta aige
seacht gcéad go leith coisidhe & céad capall.



Seal gearr 'n-a dhiaidh sin, tharraing Mountioi ar
an Uisge Dubh, agus d'éirigh leis seilbh na háite sin fhagháil.
D'fhág sé dúnphort saighdiúr faoi chúram Mac Uilliam
ann, cosantóir na háite sin réamhráidhte. Is iomdha
iarracht a thug na Sagsanaigh ar dhúnphuirt a chur ar bun
ar thórainn Chúigidh Uladh, acht d'éirigh leobhtha ar deir-
eadh, mar bhí sé cinn aca ina seilbh faoi seo, agus ins na sé
cinn bhí trí mhíle & trí chéad coisidhe & trí chéad go leith
de mharcshluagh, gan trácht ar an sluagh mór a bhí faoi
Docwra thiar ó dtuaidh. Bhí gach uile chineál gléas
cogaidh aca seo a d'fhóir dóibh, & budh doiligh do na
hUltaigh bochta seasamh rompa, nuair nach dtiocfadh
siad amach as a ndúntaibh, agus troid go misneamhail
mar ba chóir dóibh, acht ní hin é rinne siad, acht, léir
mar d'fhaghadh siad faill, thugadh siad amus ar fud na
tíre, ag gearradh na gcrann, ag dóghadh & ag losgadh
na dtighthe, ag cur an chuir ó rath, ag marbhadh na
mbaintreach is na ndílleachtaidhe, is nuair a thigeadh


L. 124


na seadairí Gaedhealacha go tobann ortha, rithfeadh
siád i mbárr a n-anma go dtóigfeadh siad fasgadh
ina ndúntaibh, mar bhí fhios aca nár fhéad na
hÉireannaigh drannadh leo d'uireasbhuidh gunnaidhe
móra. Nuair bhí an tír glan ag Mountioi, ó'n Iubhar
go dtí Abhainn Mhór nó an t-Uisge Dubh, & an bealach sin
réidh aige, gan blacán truislidhe ar bith roimhe, ghluais
sé go dtí an Ghall-tórainn ar an gceathramhadh lá
fichead de Lughnasadh.



Bhí an Niallach ins an am chéadna gnaitheach ina
chúigeadh féin, & é ag cur na ruaige ar na saighdiúir léis
mar thigeadh siad amach faoi'n tír as a ndúntaibh; &
léir na n-ughdar, ins an trath seo, bhí os cionn deich
míle saighdiúr Gallda ar thórainn Chúigidh Uladh & ins
na dúntaibh. Bhí muinighin ag an Niallach as Rígh na
Spáinne, agus mheas sé nac bhfeallfadh sé air, & d'agair
sé Dia insan am chéadna cabhair a chur aige go luath
is go tapaidh.



Caib. XLVIII. – TEACHT NA SPÁINNEACH.



INS an am chéadna thug Maitiú d'Obhiédó
cuairt ag an Niallach le comhrádh dhéanamh
leis (mar bhí sé ina easbog i mBaile Átha
Cliath), & nuair a chonnaic an t-easbog go
raibh an Niallach i gcruadh-chás, agus call
cabhrach air, ghluais sé go dtí an Spáinn
leis na Spáinnigh a luathughadh go hÉirinn,
& seoladh cabhlach luingis go hÉirinn. Ar
an tríomhadh lá fichead de'n seacht-mhí
bhuail siad cuan Chinn-tSáile, lá dubh do
Éire, ní ba duibhe ná an t-Uisge Dubh do
na Sagsanaigh. Bhí cúig long is dá fhichead
ins an gcabhlach seo, idir bheag is mhór, agus bhí trí mhíle is
ceithre chéad fear ortha, idir máirnéalaigh is eile, &


L. 125


d'iomchuir seacht long déag aca gunnaidhe, & bhí cuid
aca seo ainmnighthe .i. Naomh Peadar, Naomh Pól, Naomh
Aindrias. Bhí an congnamh seo go mór ní budh lugha
ná shíl an Niallach é bheith, mar nach raibh baoghal ná
guais ortha a bheith i n-ann dhul 'un treasa le cabhlach
Docwra, agus rud ní budh mheasa, Don Juan D'Aquila
a gceann-urraidh. Chruthuigh sé é féin 'na chladhaire ins
an bhFrainc, & nuair a d'fheall sé ar na Spáinnigh
annsin le na chuid cladhaireachta, is dóighthe gur lean
an garla (galar) céadna é go hÉire, agus sílim-se gur
lean, mar bhí dalla-mullóg air nach ndeachaidh go
Cúigeadh Uladh i n-áit a ancoire a chaitheamh ag Dún
Cearmna.*



Tháinic ná Spáinnigh 'un cuain agus theich na Sag-
sanaigh go Cathair Chorcaighe, & d'fhosgail uachtarán
Chinn-tSáile na geataidhe dhóbhtha, & bhí sé ní budh fáil-
teamhla rompa ná bheith sé roimh saighdiúir na Bain-
ríoghna, & thoisigh sé 'gá stancadh le neart bídh & dighe.
Nuair a thóig Don Juan seilbh an bhaile, d'fhuagair sé
gairm sgoile:–



“Mise ceannphort na Spáinneach, tháinic annso léir
ordughadh mo ríogh. Geallaim díbh nach loitfear aon
áitightheoir de'n bhaile seo, agus nach baoghal díbh aon
anachain; éinne thogróchas an baile fhágáil, tá an cead
sin aige, gan lot maoine ná colna air. An méid
thogróchas fanacht, dearcfaidh sinn ortha mar dhear-
bhráithreachaibh.



“Faoi mo láimh & mo shéala.



“DON JUAN DE AGUILA.”



Ins an am chéadna chuir sé sgéala ó dtuaidh ag
agairt an Niallaigh agus Ball-deirg thidheacht aige le
n-a sluaightibh. Thoisigh sé ag cur bun urrudhais air
féin annsin, mar thóig sé seilbh ar Rinn Corráin, 's ar
Chaisleán na Páirce, & phlucht sé iad le saighdiúir, & é


L. 126


ag feitheamh leis na seadairíbh Gaedhealacha ó cheithre
cheárd na hÉireann. Ins an am seo bhí Cúige Mumhan
i ndeireadh na déithe, mar bhí bunadh na sean-Ghall ar
thaobh na Sagsanach & an fearasbárr de na cean-
nairíbh faoi ghlas i Lonndain Shagsana, mar bhí brealais
Chariú ag déanamh níos mó loit imeasg na nÉireannach
ná bhí a chuid gunnaidhe. Ní raibh aon chneamhaire insa'
gcúigeadh sin ba diabhalta léir tútaighil ná Cariú, mar
bhí angadh iarpais ina chroidhe i n-aghaidh na nGaedheal
agus a gcreidimh, & ní raibh rud ar bith uaidhe acht a
gcur ó rath i gcóir ná i n-éagcóir le sásamh fhágháil i
n-éiric a dhearbhráthar a marbhuigheadh i gcath Ghlinne
Maoilughra. Le chomh mí-rúnmharach agus chonnaic
Don Juan na hÉireannaigh d'á chéile, dubhairt sé,
“nár fhuiling Críosta bás dhóibh.”



Ní raibh i gCúige Mumhan acht triúr taoiseach Gaedh-
ealach a chuaidh ar mhachaire an dubhshláin i n-aghaidh an
tSagsanaigh ag cosaint a dtíre le congnamh na
Spáinneach .i. Ó Súilleabháin Béara, Ó Conchubhair
Chiarraidhe, & Ó Drisceoil. Bhí an Fear Ionaid & Cariú
ag déanamh ar chinn tSáile & a sluaighte móra fútha.
Insan am chéadna bhí siad gnaitheach i Sagsana ag
cruinniughadh na bhfámairí coirnéil & na dúnmharbh-
adóirí as na príosúin, & sheol siad trí mhíle & céad
aca anall leis an bhFear Ionaid a neartughadh. Tháinic
cabhlach deich long fáoi'n Muir-thaoiseach Leviston, &
chuir sé 'un tíre dhá mhíle saighdiúr ag Corcaigh, & an
méid bailte bhí i gCúige Mumhan, nuair a d'fhuagair
Cariú ortha, tháinic na daoine aige ag tabhairt con-
ganta dhó, &, mar aguisín, tháinic Iarla na Tuath-Mumhan
& Iarla Cloinne Riocaird, & feadhnach neamh-Gaedheal
leobhtha ag cabhrughadh leis an bhFear Ionaid faoi
bhratach na Bainríoghna. I mí na Samhna bhí an Fear
Ionaid agus Cariú 'n-a suidhe thart thimcheall Chinn-
tSáile, & chúig mhíle dhéag saighdiúr faoi n-a smacht, &
dhá dtrian de'n méid sin de bhunadh na nGaedheal.


L. 127


Caib. XLIX. – TRIALL UÍ NÉILL & UÍ DHOMHNAILL.



NUAIR a shroich teachtaire Don Juan
Baill-dearg, bhí sé gnaitheach ag
troid i n-aghaidh an fhealltóra
Néill Ghairbh, & d'fhreastail sé an
teachtaireacht ar bhuille boise.
Bhuail sé roimhe thrí Chúige Chon-
nacht, ag brosdughadh na seadairí
annsin, & 'gá gcruinniughadh faoi
n-a bhratach, is ní bréag a rádh
nár chruinnigh siad ina sluaightibh, mar bhí súil gach
duine ar Chinn-tSáile. Seo iad na háite ar chruinnigh
siad asta – ó Inis Eoghain & ó Chill Mac n-Éanáin, ó'n
mBreifne, & ó Shligeach, ó Uíbh Fiachrach, ó Uíbh Máine, &
ó Chúil Ó bhFinn.



Tháinic na clanna ina sluaightibh as na háiteachaibh seo,
na Ruarcaigh, Clann tSuibhne, Muinntir Dhochartaigh,
Clann Baoighill, Muinntir Dhonnchadha, Muinntir
Dhiarmuda, Muinntir Chonchubhair, & Síol gCeallaigh, &
a lán treabh eile, is ar an dara lá de Shamhain ghluais
sé 'un siubhail, & bhí a thriall ar Chúigeadh Mumhan.



Chruinnigh an Niallach a chuid seadairí ina chéile, &
chuir sé sgéal ag Clann Dhomhnaill Aontroma, & ag
Mac Aonghusa go Conndae an Dúin. Chruinnigh siad
uilig ina chéile, & ghluais sé go lúthmhar ó dheas, agus
trí mhíle is cúig chéad seadairí faoi. Bhí sé féin agus
Baill-dearg le thidheacht ina chéile ag Mainistir na
Croise Naomhtha, le leithead na tíre a ghlanadh rompa.



Shroich Baill-dearg an t-ionad coinne i dtoiseach, &
chuir an Fear Ionaid Cariú ina airicis le cath a thabhairt
dhó, & an ruaig a chur air, sul má dtiocfadh an Niallach
'un cabhrach aige. Ní raibh Ball-dearg ar a mhian le
cath a thabhairt, mar bhí a chuid seadairí tuirseach de


L. 128


bhárr dócamhail coisidheachta, is dul 'un cinn níor fhéad
sé, mar ngeall ar an námhaid a bheith roimhe. An áit ar
chuir sé faoi ba mhíonbhach portaigh é, & bhí sé chomh fliuch
bog sin go raibh sé an-deacrach aige a chapla thabhairt
thríd. Bhí Cariú ag fanacht leis ag Caiseal, & bhí sé
cinnte go raibh búithrín an bhasgaidh aige as Bhaill-
dearg. Shíl Baill-dearg é féin sin, mar bhí sé ag
clagadh fearthanna, & bhí an áit chomh bog & gur ar éigin
bhí siad i n-ann siubhail, acht d'agair siad an Mhaighdean
faoi chabhair & tártháil a chur aca, & níor fheall sí ortha,
mar thoisigh sé ag reodh seaca, & i suim uaireanna bhí
uachtar na talmhan chomh cruaidh le carraig chloiche.
Ghluais iomlán airm Bhaill-deirg trasna na sléibhte,
& bhí siad os cionn fiche míle ó Mhainistir sa Croise
Naomhtha nuair a bhí an lá ag gealadh. Shíl Cariú cor
an tuaithbhil a chur air, is a chreapall ar a chasán, sul
má sroichfeadh sé Cinn tSáile, acht sháruigh sé air &
b'éigean do Chariú aimhdeachtáil go mbudh í an choisidh-
eacht oidhche ba gártha d'ár chuir cipe saighdiúr ó n a
gcosaibh ariamh, agus go gcaitheadh rud eicínt cumhacht-
amhail a bheith ins an arm sin, nuair a chuaidh siad ó'n
Mhainistir go Crom i siubhal oidhche – aistear dhá mhíle
dhéag agus fiche. Lean Baill-dearg dh'á choisidheacht
gur shroich sé Cuan an Chaisleáin, ag brosdughadh na
ndaoine i rith an bhealaigh, agus thóg sé faoi n-a
bhratach seacht gcéad Spáinneach a bhí chois cuain annsin,
agus a dtriall ar Chinn-tSáile le cabhrughadh ar Don
Juan.



Nuair a chonnaic na Muimhnigh sluaighte Bhaill-deirg,
bhrosduigh siad féin suas, agus thóig Donnchadh Ó Drisceoil
cuideachta Spáinneach ina chaisleán, ag Cuan an
Chaisleáin, & thóig Finghín Ó Drisceoil rang Spáin-
neach ina dhúntaibh ag Dún na Séad is Dún na Long,
& thóig Domhnall Ó Súilleabháin buidhean eile Spáin-
neach ag Dún Baoi, agus an méid sin ag cosaint
na báighe sin.


L. 129


Caib. L. – CATH CHINN-tSÁILE



INS an am chéadna bhí an Fear Ionaid agus
Cariú ag tabhairt iarracht marbhtha go
madramhail ar na Spáinnigh, mar bhí siad
ag gabháilt fabhairne le n-a ngunnaíbh
móra ar bhallaibh Rinn-Chorráin, & léis na
saighdiúir a bhí ann throid go madramhail,
gabhadh iad, agus cuireadh mar príosúnaigh
iad go Corcaigh. An cabhlach bhí faoi chúram
Levinston, thoisigh siad le na ngunnaíbh
móra ag baint sancais as ballaibh Chais-
leáin na Páirce; acht bhí an obair i dtoiseach
gan tairbhe, acht léis suim laetheannta ghéill seadairí
an chaisleáin ar choingheall nách ndéanfaidhe aon díogh-
bháil dóibh. Bhí Don Juan faoi seo faoi fhasgadh bal-
laidhe Chinn-tSáile, agus tháinic Uachtarán na
Sagsanach chun socrughadh nach dtiubhradh siad aon amus
ar na Spáinnigh go leagfadh siad na tighthe i dtoiseach
le gunnaíbh móra, & chuir siad gunnaí móra anonn 's
anall ar na hárdáin ag coinneáil suas síor-losgadh,
& iad ag tarraint níos goire do'n bhaile, & ag déanamh
a gclaiseachaí. Chuir Mountioi stocaire go dtí an
chathair ag fuagairt ortha géilleadh, acht níor leigeadh
isteach é, & fuair sé a fhreagra: “Coinnigheann Don
Juan an baile seo i n-ainm Íosa Críosta, & i n-ainm
Ríogh na Spáinne; & coinneochaidhear seilbh na háite
seo, & ná raibh míle maith agaibh.” Annsin thug
ordonás na Sagsanach amus diabhalta ar an mbaile,
& d'ionnsuigh muinntir an bhaile ní ba diabhalta ná sin
iad. Thuit a lán ar gach aon taobh, agus throid na
Sagsanaigh ar a lán-dhícheall leis na Spáinnigh a lot,
mar chuala siad go raibh an Niallach ag nochtadh na
gcnoc, & b'fhíor sin, mar tháinic an Niallach & a shluaighte
ar an naomhadh lá déag de Mhí na Nodlag, i bhfois-
geacht míle do champa Mountioi.


L. 130


Léis brosdughadh mór ar fhad a bhealaigh, d'éirigh leis
ceithre mhíle fear a chruinniughadh. Bhí faoi féin &
Baill-dearg sé mhíle coisidhe is cúig chéad capall, &
bhí an seadaire fearamhail sin ina measg – an Triallach
agus a chuid Midheach. Bhí an t-arm Ghaedhealach tuir-
seach de bhárr a gcuid siubhail, agus ní raibh aon tsaint
ar an Niallach Mountioi ionnsuidhe go tapaidh, mar bhí
fhios aige go ndéanfadh tinneas & casgairt na
haimsire díoghbháil mhór ar a namhaid. B'fhíor an sgéal
sin, mar bhí siad ag fagháil bháis mar chaoire lobhtha, &
bhí a lán de na neamh-Ghaedhil ag éalódh as arm
Mhountioi. Bhí na Spáinnigh láidir fearamhail i mbaile
Chinn-tSáile, & bhí dóchas ar an Niallach, le n-a chongnamh
féin agus le congnamh na Spáinneach, go mba gearr go
gcuirfeadh sé an ruaig ar na brothairíbh. Bhí Baill-
dearg ní budh bhuirbe ná an Niallach, & b'áin leis a
n-ionnsuidhe ar bhuille boise, acht níor thug an Niallach
an cead sin dó, mar bhí fhios aige go raibh a arm ró-
lag leis na sluaighte sin ionnsuidhe, agus b'éigean do
Bhaill-dearg fuaradh insa' gcroiceann ar théith sé ann.
Ar an darna lá fichead de'n mhí seo sgar an Niallach
a chuid seadairí ina gcipíbh thart thimcheall na Sag-
sanach insa' riocht nach dtiocfadh leobhtha biadh ná deoch
fhagháil acht an méid a bhí aca, agus bhí siad i gcruadh-
chás, mar bhí siad idir dhá theinidh – na Spáinnigh ar a
n-aghaidh agus na hÉireannaigh ar a gcúl, agus ba
tuar teichte dhóibh é. Do réir ár n-ughdair fuair os
cionn sé chéad aca bás le aicíd, & bhí an Niallach ag
brath ar a gcoinneáil mar sin ar feadh tamaill, gan
a n-ionnsuidhe, acht tháinic ceannairí na n-Éireannach
i gcuideachta, & bhí eatorra comhairle catha. Tháinic
siad chum socrughadh amus a thabhairt ar na Sagsanaigh,
acht ní raibh an Niallach sásta leis seo; acht, mar
dubhairt an sean-fhocal, “téidheann ag neart ar
cheart,” mar b'éigean do'n Niallach aontughadh leobhtha
i n-aghaidh a tholach, mar bhí an iomarca glóir béil ina


L. 131


aghaidh, & shocruigh siad ar na Sagsanaigh ionnsuidhe ar
an gceathramhadh lá fichead de Mhí na Nodlag, 1601
(léir an tsean-chomhairimh, nó an tríomhadh lá de Eanair,
1602, léir an chomhairimh nua). Bhí fear dearg-mhal-
luighthe i gcomhairle na n-Éireannach d'ár bh'ainm
Brian Mac Mathghamhna, fealltóir bradach; nocht sé
rún na n-Éireannach 'os íseal do Chariú, & mar bhí
focal na faire ag Cariú, bhí sé ar a chosaint, agus a
shluaighte cruinnighthe i bhfeidhil a chéile i gcóir catha.
Triall an Niallach & a chuid seadairí an oidhche réamh-
ráidhte, & budh oidhche fhuar fhliuch anróidhteach í.
Cuireadh amugha a dtreoruidhthe, agus bhíthear 'gá
gcíobáil ó árdán go hísleán, & ó lag go bogach i
ndorchadas na h-oidhche, 's bhí sé chomh dorcha is nár
léir dóbhtha an té chuirfeadh méar ina súil, acht amháin
sgalltrachaí teinntreach bhí anois is aríst ag deallradh
os a gcionn ins an spéir.



B'amhlaidh a bhí na hÉireannaigh an oidhche úd, 'gá
gcasgairt le fuacht & anró, & ag ránuidheacht rompa
gan fios aca cé raibh siad ag dul, & sgrísde theas-
tuigh uabhtha i n-áit catha, de bhárr dócamhail na hoidhche,
Acht le fáinneadh an lae baineadh éirghe thalmhana as
an Niallach, mar fuair sé é féin i bhfoisgeacht leith-
mhíle d'arm Mhountioi. Thug sé faoi deara go raibh sé
ollmhuighthe faoi n-a chomhair. Bhí a chuid seadairí
sgaipighthe anonn 's anall, & ní raibh siad i n-ordughadh
catha mar ba chóir dóibh. D'orduigh sé dhóbhtha druideadh
ar gcúl le n-a gcruinniughadh ina chéile, & bhí faitchíos
a n-anma ar na Sagsanaigh roimh ainm an Niallaigh,
ní hé amháin é féin; acht thug Mountioi faoi deara go
raibh sgáthmhaireacht ar na h-Éireannaigh, & d'fhreastail
sé an móiméid, is d'orduigh sé d'á chuid saighdiúr a
dhul 'un cinn. D'ionnsuigh Iarla Cloinne Riocaird &
Wingfield na hÉireannaigh le n-a marcshluagh & an
ordonás, & theann an Niallach leobhtha le na mharcshluagh
& chuir sé ar gcúl iad go mion 's go minic, nó go


L. 132


dtáinic Sir Hannraoi Danvers & Caiptín Táf & an
Pléimeannach i láthair & a sluagh fúbhtha. Bhí cath borb
eatorra ar feadh tamaill, acht, ar deireadh, b'éigean
do na hÉireannaigh tréigeadh ar gcúl, & marc-
shluagh Thíre Eoghain ag coinneáil spraic ar a námhaid.
Bhí an Triallach ar árdán, & é ag lot a namhad, mar ba
ghnáthach dó. Sheas sé a thalamh tamall fada ina
n-aghaidh, acht, nuair a chonnaic sé arm an Niallaigh ag
éalódh & na Sagsanaigh ag cruinniughadh 'na thimcheall
mar míoltógaíbh, b'éigean dó a dhul i ndiaidh a chúil, &
dheamhan coiscéim d'ar thug sé i ndiaidh a chúil nár
sgaoil sé ruathar piléar ar a námhaid i n-aghaidh gach
coiscéime.



Caibh. LI. – GÉILLEADH DON JUAN.



AN FHAD 's bhí an cath seo ag dul ar
aghaidh, níor chorruigh Don Juan a
bhallaibh Chinn-tSáile. B'fhéidir gur
ina chodladh a bhí sé, acht bíodh sé
'na chodladh ná 'na dhúsacht, rinne sé
cionn-faillighe gan cuideachan leis
an Niallach. B'fhéidir gur shroich
brealais Chariú é, & gur ag comh-
aireamh an airgid a bhí sé, fhad 's bhí
an cath ag dul ar aghaidh. Is truagh nár fhan sé ins an
Spáinn & gan tidheacht chor ar bith, & 'sé a thuras thug
smalbh ar Éire.



Dá mbeith Don Juan chomh fírinneach leis na
Spáinnigh a chuaidh i gcóir le Baill-dearg ag Cuan an
Chaisleáin, bheith athrughadh sgéil againn. Níor fhág siad
an machaire ná ní ghéillfeadh siad do na Sagsanaigh nó
gur marbhuigheadh iad le lámh láidir. Marbhuigheadh


L. 133


uilig iad acht a dtaoiseach Del Campó is dhá oifigeach,
agus dá fhichid fear aca. Ghabhadh iad agus rinneadh
príosúnaigh dhíobh agus budh iad na Gall-Ghaedhil bhí
ar thaobh na Sagsanaigh ba diabhalta throid an
lá sin i n-aghaidh muinntire a dtíre féin. Tá
sé againn, léir na n-ughdar, gur mharbhuigh an
dearg-bhrothaire sin, .i. Iarla Cloinne Riocaird, fiche
Ghaedheal le n-a chlaidheamh & ba mhaith an chreideamhaint
do Rómhánach é.



Léir ughdar na Sagsanach, chaill na hÉireannaigh dhá
mhíle, idir marbh agus loitthe, & níor chaill siad féin acht
ceathrar ná cúigear. Go deimhin, níor thainic meirg ar
theangaidh an dreama sin ariamh d'uireasbhuidh bréag
mhór a dhéanamh, & sin bréag & dearg-bhréag, acht cébí
an méid ar marbhuigheadh aca nó nár marbhuigheadh,
buaileadh na hÉireannaigh & chaill siad an lá, & b'iad
gníomhartha na bhfealltóirí thug an íd sin ortha, & níor
bh'é misneach ná fearamhlacht na Sagsanach chuir an
ruaig ar an Niallach.



Chruinnigh an Niallach a chuid seadairí ina chéile is
d'fhill siad ar a n-ais gur shroich siad Inis Eoghanáin
is chruinnigh na taoisigh ina chéile & shocruigh siad
eatorra Baill-dearg a chur go dtí an Spáinn & an rí
agairt faoi cabhlach a chur chuca go luath is go tapaidh.
Thug Baill-dearg an taoiseachas d'á dhearbhráthair
Ruaidhrí, is d'imthigh an t-ógánach leis gur shroich sé an
Spáinn. Bhuail sé roimhe go dtainic sé i láthair an
ríogh, 's dá dtiocfadh aingeal as na flaithis, ní thiocfadh
leis níos mó modha & measa fhaghail ó'n rígh ná fuair
Baill-dearg. D'agair sé é faoi congnamh a thabhairt
dó go tapaidh, is dubhairt sé leis go raibh an Niallach
ar mhachaire an chatha is a bhratach ag eiteall i n-áirde,
& go raibh sé i gcruadh-chás, ag iarraidh a chreidimh & a
thír a chosaint ó mhaistíníbh Shagsana. Dubhairt an rí
leis go dtiubhradh sé congnamh dhó ar bhuille boise &
fhad 's bhí siad ag cruinniughadh 's ag ollmhughadh, bhuail


L. 134


taom thinnis Baill-dearg & luigh sé faoi n-a sguilthíbh &
fuair mo chréatúir bás. Acht ní hé an tinneas a
mharbhuigh Baill-dearg, acht Éireannach a bhí ag braith
ar theideal a fhagháil ó Mhountioi, a lean é & thug nimh
le n-ól dó. I gCaisleán Simancas d'éag sé, & hadh-
lacadh é i Valladolid le onóir sochraide a d'fhóir do
thaoiseach, & síneadh ins an uaigh é i n-aois a naoi
mbliadhna fichead, an taoiseach ba fearamhla a leag
bonn le bóthar ariamh. An bheatha shíorruidhe & glóir na
bhflaitheas go dtugaidh Dia d'á anam! Chuir a bhás
críoch le congnamh ó'n Spáinn.



Seal gearr léis an chatha, ghéill Don Juan do
Mhountioi, & thug sé seilbh Chinn-tSáile dhó agus seilbh na
dtrí dúnphuirt réamhráidhte .i. Dún na Séad, Cuan
an Chaisleáin & Dún Baoi. Dá mbeith sé ina fhear
fhírinneach, thiocfadh leis a gcoinneáil i n-aghaidh an
tSagsanaigh nó go bhfuigheadh sé congnamh ó'n Niallach
& ó Righ na Spáinne. Sheol sé leis go dtí an Spáinn
ag tabhairt a chuid bocáisde leis, & ag fágáil Éire faoi
chrádh. Nuair a shroich sé an Spáinn, mhasluigh an Rí é
de bhárr a chladhairidheachta; chuir sé faoi ghabháil é &
seal gearr 'na dhiaidh sin, fuair sé bás, & d'fhág a
chladhairidheacht Éire i riocht báis chomh maith.


L. 135


Caib. LII. – IOMSHUIDHE DHÚIN BAOI.



AN FAD 's bhí an méid seo dhá
dhéanamh, bhí an Niallach ag tar-
raint ar a chúige féin, 's nuair a
shroich sé a áit dhúthchais, bhí sé ag
brosdughadh a chuid seadairí is 'gá
n-ollmhughadh 'un catha, mar bhí sé
ag braith le Mountioi a thidheacht
ar a lorg. Bhí dúil aige a thír & a
bheatha a dhíol go daor, acht níor
lean Mountioi é, mar bhí sé féin & Cariú gnaitheach ag
troid i n-aghaidh na n-Éireannach a raibh seilbh a lán
áiteacha aca i gCúige Mumhan. Bhí an Triallach i
machaire an chatha & é ag baint taraidh-thart asta, &
ceann de na caisleáin bhí i lámhaibh na Spáinneach, sul
má bhfuair Mountioi seilbh air, chuir Domhnall Ó
Súilleabháin Mac Eochagáin ann le céad, triúr is dá
fhichid seadairí faoi, leis an gcaisleán sin a choinneáil,
mar bhí siad ag dúil le congnamh ó Rígh na Spáinne is
budh 'eo é Caisleán Dhúin Baoi.



Bhí an caisleán seo ina sheasamh ar bhruach Báighe
Bheanntraighe, an caisleán ba daingne & ba láidre a
bhí i gCúige Mumhan. D'ionnsuigh Cariú é le ceithre
mhíle fear, idir marcshluagh & ordonás, & luingis ar
an mbáighe faoi chúram Wilmot. Bhí siad ag gabháil
fabhairne ar feadh coicthidhise do'n chaisleán le n-a
ngunnaíbh móra, & na seadairí Gaedhealacha ag
déanamh loit mhóir ortha. Cuireadh teachtaire ó'n
gcaisleán go dtí Cariú le teachtaireacht go ngéill-
feadh siad ar choingheall go leigfidhe dhóibh a fhágáil
gan dolaidh a dhéanamh dhóibh, acht gháir Cariú an teach-
taire a chrochadh & muinntir an chaisleáin a fhalach faoi
n-a bhallaíbh. Dhlúthuigh na Sagsanaigh ní budh dlúithe


L. 136


leis an gcaisleán & chuir na hÉireannaigh ar gcúl iad
go minic, acht, ar deireadh, thoisigh na ballaí ag
sgeitheadh.



Léis na ballaí sgeitheadh go talamh, theann na
Sagsanaigh 'un cinn chomh tiugh leis na míoltógaíbh &
d'ionnsuigh na hÉireannaigh iad go fearamhail colgach
ag doras an chaisleáin, & annsin bhí cath fuilteach
eatorra fad righe ó chéile. Insa' tráth seo, bhí a
gceannphort Mac Eochagáin loitthe, & thug sé smach-
tughadh an chaisleáin d' fhear ar bh'ainm dó Mac an
Tailliúra, bhí ag troid ar thaobh na n-Éireannach. Sag-
sanach léir geinte bhí ann, is nuair a chuaidh ar na
hÉireannaigh, léir barraidheacht fear, b'éigean dóbhtha
a dhul ar an urlár ba íochtaraighe insa' gcaisleán. Bhí
sé le linn smáil na hoidhche an tráth seo, & dheasuigh
Cariú iomlán a chuid saighdiúir amach ó'n gcaisleán,
acht amháin gur fhág sé rang d'á chuid brothairí os comhair
an dorais, le faitchíos go n-éalóchadh éinne do na
hÉireannaigh uabhtha. Phreab dhá fhichid fear de na
hÉireannaigh amach; leanadh iad agus marbhuigheadh iad,
acht ochtar a léim isteach 'sa bhfairrge, & bhí báid ag
Cariú roimh ré ins an áit sin, & Caiptín Harbhé os a
gcionn agus mharbhuigh sé an t-ochtar.



Bhí na hÉireannaigh tanuighste faoi seo, mar nach raibh
insa' gcaisleán acht trí feara déag & trí fichid, & le
héirghe na gréine thoisigh na gunnaí móra ag gabhailt
fabhairne do chreatalachaíbh an tsoiléir, leis na
hÉireannaigh bochta a adhlacadh faoi thruimeacht na
gcloch. Theip trí feara fichead de na hÉireannaigh ó
throid, mar leag siad síos a n-airm ; & le méad na
gcloch bhí ag tuitim ar an gcuid eile aca, d'agair siad
Mac an Táilliúra géilleadh. Ghéill, is nuair a ghéill,
phlúcht na brothairí seo isteach ina dtimcheall, & Mac
Eochagáin a bhí i ndeireadh na déithe ar urlár an
tsoiléir, d'fhastuigh sé dlaoinín a bhí lasta i láimh Mic
an Táilliúra, & thug sé iarracht a chur i n-oigiséad


L. 137


púdair a bhí i gcoirnéal an tsoiléir, leis an gcaisleán
& a raibh ann a shéideadh 'un lasrach & luaithre bhán a
dhéanamh de chnámhaibh na mbrothairí ar thóin an tsoiléir
ina gceann féin. Acht ní fhuair sé an cead sin, mar
rug oifigeach Ghallda air idir a dhá láimh & choinnigh sé
barróg air gur sgláir na saighdiúir eile ó chéile é le
n-a gclaidhimh, & faoi choimirc na Maighdine go raibh a
anam! Ar an naomhadh lá déag de'n Mheitheamh chroch
Cariú ocht bhfeara déag & dá fhichid de na hÉireannaigh,
& choinnigh sé Mac an Táilliúra & ceithre feara déag
eile aca, ag geallamhaint a saoirseacht dóbhtha, acht iad
thionntódh 'na bhfealltóiríbh i n-aghaidh iomláin na
nÉireannach a raibh eolas aca ortha. Dhiúltuigh na
cúig feara déag do'n tairgsint sin go danardha, & ar
an móiméid tugadh sgláradh an bhradáin dóbhtha. Níor
thainic éinne de na hÉireannaigh i dtír ó'n gcath seo,
mar marbhuigheadh, crochadh & sgláradh an t-iomlán, &
b' éigean do Chariú aimhdeachtáil nár troideadh aon
chath ariamh ba fearamhla, ba mhisneamhla ná ba bhuirbe
ná throid na hÉireannaigh insa gcaisleán. Le chomh
fearamhail & bhí na hÉireannaigh bhí faitchíos ar Chariú
go n-éireochádh an méid aca a bhí curtha faoi chlochaibh
an chaisleáin, & d'ionnsuigh sé féin & a chuid saighdiúr
an caisleán nó gur leag siad na ballaí os cionn a
gcolann, acht dá thaobh-bhalla atá 'na seasamh i
gcomhnuidhe. Ba chóir go mbeith fearamhlacht na
seadairí seo clóbhuailte i gcroidhtheachaíbh na bhfír-
Éireannach go deo na ndeor, & glonn & fuath aca ar
bhunadh a ndúnmharbhadóirí.



Acht ní raibh Cariú acht ar thoiseach a chuid dúnmharbh-
adóireachta annseo, mar d'imthigh sé roimhe, é féin & a
chuid maistíní bhí faoi, ar fud Cúigidh Mumhan ag
leagaint na gcaisleán, ag marbhadh na ndílleachtaí is
na mbaintreach, ag cur an chuir ó rath, ag tochailt na
talamhna agus ag crochadh na sagart. Bhí an Triallach
agus Ó Súilleabháin Béarra insa' machaire i gcomhnuidhe


L. 138


& iad ag feitheamh le cabhlach ó'n Spáinn faoi chúram
Bhaill-deirg, acht nuair a shroich sé a gcluasa faoi
bhás Bhaill-deirg, thug Ó Súilleabháin Béarra a aghaidh
ar Chúig' Uladh le dhul i gcóir faoi bhratach an Niallaigh;
& ar an lá deireannach de'n bhliadhain, 1602, thriall sé
ar a aistear, ag tabhairt ceithre chéad seadairí cogaidh
leis & sé chéad, idir mná & páisdí. Chuaidh siad
trasna na Sionainne ar churraigh a rinne siad de
chraicnibh a gcuid capla, & ní raibh éan choiscéim de'n
talamh nach mb'éigean dóbhtha throid thrí dúithche
Cloinne Riocaird is Tuadh-Mhumhan, & ar deireadh,
léis a n-aisdir fhada shroich siad Caisleán an Ruar-
caigh, & Mac Uí Shúilleabháin faoi seo i muinighin cúig
dhuine dhéag & fiche. Ba mhór an tanughadh é sin as
míle.



Caib. LIII. – TRIALL MHOUNTIOI GO CÚIGE ULADH.



CAITHFIDH mé toisiughadh faoi
Chúige Uladh. I dtoiseach an
Mheithimh thug Mountioi a aghaidh
ar Chúig' Uladh; bhuail sé roimhe
gur shroich sé Árd-Mhacha gan
sgiormaisg ar bith ar a bhealach.
As sin thriall sé an t-Uisge
Dubh, comhgarach do Loch
n-Éachach. Chuir sé droichead
is caisleán ar bun ar an taobh
ó dtuaidh de'n abhainn, & thug
sé a ainm féin ar an gcaisleán .i. Charlemont.
D'fhág sé céad go leith saighdiúir ann faoi'n
gCaiptín Tiobóid Cáifíl. Thug Mountioi iomlán


L. 139


a airm trasna na habhna ag déanamh ar Dhún Geanainn
acht sul már shroich sé é, chonnaic sé fad a shean-
radhairc uaidhe caora teinte ag dul go hárd insa'
spéir, mar bhí an Niallach léis a chaisleán a chur thrí
theinidh, mar mheas sé nach raibh sé i n-ann cath a
thabhairt do Mhountioi, agus dhlúthuigh sé isteach ní b'fhuide
insan tír i measg na gcoillte is na gcnoc, & na
Sagsanaigh chomh cruinn le fáinne ina thimcheall, mar
bhí Docwra taobh thiar ó dtuaidh de, agus an maistín Niall
Garbh ag cabhrughadh leis, & gach uile chabhair gearrtha
uaidhe ó Thír Conaill aca. Taobh thoir de bhí sluaighte
Sitsestar & ó dheas de bhí Mountioi & a lán dún-
phort, i gceann an dreama mhalluighthe sin a thug mar
ainm ortha féin Mag Uidhir na Bainríoghna & Ó Ragh-
allaigh na Bainríoghna, & i n-aghaidh an mhéid sin thug sé
a ndubhshlán ag Caisleán na Roa. Bhí teachtairí ag
tabhairt teachtaireachta uaidhe chuig taoisigh a thíre i
gConnachtaibh & i gCúige Mumhan, & a “Lámh dhearg”
ag eiteall go hárd, ag tabhairt le rádh do Mhountioi
nach raibh beann an diabhail aige air.



Sgríobh Mountioi go Sagsana insan am chéadna ag
innsint dóbhtha go raibh an Niallach insa' machaire i
gcomhnuidhe & nach raibh an bhrealais i n-ann na hUltaigh
a shanntughadh ná cathuighthe a chuir ortha mar cuireadh i
gCúige Mumhan, & dá dtairgfeadh sé an méid ab' fhiú
cuirt Shagsana ar son an Niallach a mharbhadh, ní
bhfuigheadh sé éinne i measg a threibhe a shanntóchadh an
tairgsint sin, & deirim-se go mb'fhíor dó, ná, dá
mbeith muinntir na hÉireann chomh téagarach d'á chéile
& bhí seadairí an Niallaigh, ní bhfuigheadh cumhachta
Eilíse an bhuaidh ortha go Lá Philip a' Chleite.



Léis Mountioi críoch a chur ar chaisleán Charlemont
chuir sé dún eile ar bun ag bruach Loch n-Éachach &
phlúcht sé an dún le saighdiúir. Ins an am seo bhí an
Niallach chomh druidthe ag dúnphuirt na Sagsanach le
bó a bheith i ngabhna & ballaí an ghabhna a bheith thart ina


L. 140


timcheall & gan faoi acht thimcheall 's sé chéad seadairí
cogaidh & míltí an tSagsanaigh i n-aghaidh an mhéid sin
& faitchíos a n-anma ortha teangmhachtáil leis.



Chuir Mountioi sgéala ag Docwra, Sitsestar &
Moryson le iad a bheith ollmhuighthe i gceann fiche lá
leis an Niallach a ionnsuighe thrí lár na tíre, & ar an
19adh lá de mhí an Iúil bhuail sé féin roimhe thrí Chonn-
dae Mhuineacháin & Chonndae Fear Monach. D'fhág sé
campaí saighdiúr annsin faoi St. Lawrence, Esmond &
an fealltóir Mag Uidhir. Thug Mountioi amus amach
faoi an tír, ag marbhadh, ag dóghadh & ag losgadh mar
ba ghnáthach dó, 's nuair a bhí gach uile ní cuirthe ó rath
aige annsin, d'fhill sé ar ais le dhul i gcóir le Docwra
& an Niallach a ionnsuighe ó na cheithre háirdibh.



Ghluais siad mar leanas: Sitsestar ó Charraig
Fhearghuis, trasna na Banna ag Tuaim “Docwra ó
Dhoire thrí Bhaile an Mhullaigh (Dún Gheimhin), & an Fear
Ionaid ó phríomh-chathair an Niallaigh & ó Chill an
Triúcha. Bhí aoibhneas Dé ar thalamh Thíre Eoghain i
lár an tsamhraidh bhuidhe sin, mar bhí fásaigh & bláthanna
ag fás ó nádúir ann & na móinfhéir 'na luighe le méid
saidhbhris na hithire, & an grán ag sgeitheadh i mac-
uicht le méid a apachan mar ngeall ar theas na gréine.
Is amhlaidh a leig an Fear Ionaid a chuid spealadóirí
& fursadóirí amach ar fud na tíre sin gur ghearr siad
& gur fhurs siad gach uile throigh de'n talamh &, léir
mar bhí siad ag dul 'un cinn, bhí bláth na nádúire ag
éalódh de'n talamh mar bhí caora teineadh ar gach aon
taobh díobhtha ag dóghadh gach ní a d'fhóir do chríostuidhe.
D'fhág siad Cúig' Uladh insa' riocht 's nár fhág siad
oiread féir ag fás ann & bheathóchadh girrfhiadh, &, dá
sgaoilfeadh an diabhal a chuid maistíní & cumhachta
fhagháil le cead reatha thabhairt dóbhtha ar fud na tíre,
& ní bheith maistíní ifrinn chomh diabhalta léir diabhlaidh-
eachta ag milleadh na tíre agus bhí Fear Ionaid Eilíse.
Sháruigh sé le n-a chuid olcais an Tártár diabhalta, Rí


L. 141


Ghizni, nuair a mharbhungh sé roimhe thrí mhachairíbh na
n-Indiacha, ná ceann de mhac-díomhaoinis an Normán-
ach, nuair a bhuail sé roimhe thrí Chúig' Uladh Shags-
ana 's níor fhag sé fear, bean ná páisde ná feithide
ceithre gcos gan a gcur de'n tsaoghal, is bhí Mountioi
ní budh mheasa ná an méid sin, mar bhí sé ag tochailt
na talamhna le n-a chuid cliathanna leis na mná & na
páisdí a chur 'un báis le ocras, nuair nár fhéad sé dul
ina n-aice le n-a chlaidheamh.



Rith an tsamhraidh & an fhoghmhair seo maidin i ndiaidh
maidne dhlúthuigh siad ní budh dlúithe ag tarraint ar
an Niallach & éanlaith na spéire ag seinm go hárd
“ar Bhán-chnuic Éireann Óigh,” mar ba ghnáthach dóbhtha
i n-Éirnnn bheannuighthe. Bhí na spealadóirí ag gearradh
an ghráin; na fursadóirí ag fursadh na talamhna, na
brothairí ag marbhadh na háirnéise, is 'gá bhfágáil ina
sreath ar an talamh le aicíd a chothughadh & pláigh a
sgaradh ar fud na tíre, bhí na losgadóirí ag dóghadh
& ag losgadh na dtighthe insa' riocht gur cuireadh
smálach ar sholas na gréine le mhéid an deataigh bhí ag
dul 'sa spéir. Bhí na dúnmharbhadóirí ag marbhadh na
mban is na bpáisdí & phlúch a mbéice báis ceol binn
na n-éan. Budh iongantach an radharc é le feiceáil,
is níor bh'iongnadh liom-sa dá dtóigfeadh Dia a lámh
insan am sin, & aoid Sodom & Gomorra a thabhairt ar
an bhFear Ionaid sin & a chuid maistíní.



Thimcheall an ama sin fuair an Fear Ionaid seilbh
ar Mhachaire Leamhna (?) & Inis Lachlainn, dhá dhún ba
dhaighne bhí ag an Niallach, 's ar dheireadh na Lughnasa,
bhuail sé roimhe gur shroich sé Tulach Óg. Leig sé a
bhánnidhe amach annsin, mar rinne sé crús de'n chloich
ríoghdha bhí ag Muinntir Ágáin ar feadh na sinnsear ar
ar ríoghadh a dtaoisigh. Ina dhiaidh seo fuair Mountioi
seilbh ar an gCaisleán Ruadh, & bhí an Niallach ag


L. 142


tuitim siar go failligheach mar ghirrfhiadh a bheith tuir-
seach de bhárr dócamhail seilge & na gadhair 'na dhiaidh.
Chuir sé bun catha air féin leis an troid dheiridh a
dhéanamh, mar nach raibh rud ar bith ag dul idir é & a
shuaimhneas, acht faitchíos go gcaithfeadh sé géilleadh.
Bhí sé faoi seo i nGleann Con Cadhain le n-a shé chéad
fear is bhí muinighin aige as Dia i gcomhnuidhe ag dúil
le cabhair ó'n Spáinn. Ins an tráth seo bhí a lán
seadairí cogaidh insa' machaire i gCúige Chonnacht, &
Brian mac Airt Uí Néill i gClainn Aodha Buidhe & bhí
an méid sin féin ag tabhairt misnigh dhó agus ní leigfeadh
a chroidhe dhó umhlughadh ná géilleadh do'n Fear Ionaid.



Caib. LIV. – Géilleadh Uí Néill.



ACHT i ndeireadh an gheimhridh seo cuireadh
críoch le cogadh na gConnachtach, &
ghéill an Cáthánach i gCúige Uladh
do Docwra. Fuair Sitsestar &
Danvers an bhuaidh ar Bhrian mac
Airt, & i mbliadhain 1603, ní raibh
aon taoiseach i n-Éirinn ar thaobh an
Niallaigh insa' machaire acht an
Ruarcach, Mag Uidhir & an Triallach
fearamhail. Chuala sé mar an gcéadna gur ghéill
Ruaidhrí Ó Domhnaill agus go bhfuair Baill-dearg bás ins
an Spáinn & a ghrádh, fhobair nach sgeartfadh a chroidhe i
gceart-lár a chléibh le brón faoi bhás Bhaill-deirg,
mar bhí a fhios aige gur chuir a bhás deireadh le cabhair
ó'n Spáinn. I gceann an mhéid sin bhí ádhbhar buaidh-
eartha ní ba mhó ná sin aige, mar bhí gort agus ganntanas
bídh ag déanamh díoghbháil mhór d'á mhuinntir, mar


L. 143


fuair ceithre mhíle bás dh'uireasbhuidh bídh i dTír Eoghain
an geimhreadh sin mar ngeall ar an tochailt thug an
Fear Ionaid do'n talamh is do'n chur i rith an tsamhraidh.
Tá sé againn ó ughdar Gallda go raibh na mná & na
páisdí i n-aon tsreath amháin anonn & anall éagtha ar
an talamh & a mbéal líonta le neanntógaíbh & copógaí.
D'aimhdigh Sitsestar & Moryson, dhá cheannphort Sags-
anach, go bhfaca siad máthair chloinne éagtha ar an
talamh & plaic féir ghlais ina béal & triúr páisdí le
n-a hais & le mhéid gorta & ocrais na bpáisdí d'ionn-
suigh siad a máthair a bhí marbh & bheathuigh siad iad féin
ar feadh fiche lá ag ithe stéagachaí a máthara & d'éag
siad féin ina ceann. Níor sháruigh an ceann ba sine
aca deich mbliadhna, & a Dhia láidir na ngrásta! nár
bh'iongantach an radharc é sin le feiceáil & nár
b'iongantaighe ná sin an tús buinne críostamhlachta
bhíthear a chur faoi theangaidh & creideamh Eilíse i
n-oileán ghlas na naomh!



Thug an Niallach gach ní aca seo faoi deara & ghoill
an méid a fuair bás le gort air. Dubhairt sé leis
féin, dá seasfadh sé ina n-aghaidh bliadhain, go gcaith-
feadh sé géilleadh ar deireadh, mar bhí siad chomh
druidthe ina thimcheall & bheith eochair i nglas, &, sul
má marbhóchadh siad na mná & na páisdí uilig, dubhairt
sé leis féin i n-ainm Dé go ngéillfeadh sé & go mbeith
díol an phóir beo d'á threibh 'na dhiaidh le síolrughadh &
seadairí fearamhla a gheineadh, a thóigfeadh a áit-
seisean ins an machaire, lá ní b'fhuide ná an lá sin le
buille fearamhail a bhualadh i n-aghaidh a namhad ar son
saoirseacht' a dtíre. Ar deireadh, nuair a thainic sé
fhéin ag ceann an chábla, & gan cumhacht aige dhul ní
b'fhuide ná gan cabhair ná tártháil le fagháil aige faoi
ríoghachta na gréine acht amháin ó Fhlaitheas, d'ísligh sé
ar a dhá ghlúin & d'altuigh sé paidir do'n Tríonóid
Naomhtha réidh an achair a thabhairt dó & d'á mhuinntir &
innsin dó léir smaointighthe cé an rud ab' fhearr dó a


L. 144


dhéanamh & ar an móiméid mheas sé gur chuala sé glór
os a chionn ag rádh “Géill, sul má gcuirfidhear de'n
tsaoghal sean-bhunadh Néill Naoi-ghiallaigh.” Annsin
ghlac sé cead a chuid seadairí & sgríobh sé litir
géillte le n-a seoladh chuig Mountioi, mar b'fhada bhí
cathughadh 'na dhiaidh aige & fad 's bhí sé ag sgríobhadh
ná litre bhí na deora 'gá dhalladh le mhéid an lionn-
dubh a bhí ar a chroidhe, mar bhí sé ag braith ar é féin a
chaitheamh faoi chosaibh bodaigh bhodamhail gan sgrúdughadh
ná coinsias. Chuir sé an teachtaire ag Mountioi &
nuair a fuair sé an teachtaireacht, bhí sé níos bródamhla
ná dá ndéanfaidhe árd-rí dhe os cionn ríoghachta Shags-
ana, mar bhí faitchíos a anma air roimh an Niallach.
Bhéarfaidh sin le rádh do'n leightheóir go raibh mar bhí
na míltí saighdiúir aige thart thimcheall an Niallaigh &
bhí drogall ar Mhountioi teannadh leis 's gan aige
acht sé chéad seadairí. Ins an am chéadna bhí sgéala
faoi rún ag Mountioi ó Shagsana go raibh an Bhain-
ríoghain éagtha – an chréatúir! agus shíl mé bainríoghain
chomh cumhachtamhail léithe go raibh sí i n-ann cor coise
a thabhairt do'n bhás.



Bhí sgannradh ar Mhountioi go sroichfeadh sgéala
faoi bhás na Bainríoghna cluasa an Niallaigh &, dá
sroichfeadh, go mb'fhéidir go n-athróchadh sé a intinn, &
dheifrigh sé dhá chumanntóir bhí aige ar bhuille boise ar
bh'ainm dóibh Sir Liam Godolphin & Sir Gearóid
Modhur le riaghail síothchána chur i bhfoirm idir iad
féin & an Niallach & séala an Niallaigh a fhagháil air &
geallamhaint dó go ndéanfaidhe a thiodhlacan le
gárda cosanta go Droichead-Átha, & go mbeith an
Fear Ionaid ag fanacht leis annsin.



Ar an deichmheadh lá fichead de'n Mhárta, 1603, lá
dubh-chroidheach do Éire, breathnuigh ar árd-taoiseach na
Niallach, Aodh Ó Néill, i n-aois a thrí fichid bliadhain
críon casta le dócamhal cogaidh, a chroidhe briste de
bhárr fealltóireáchta a fhealltóirí, a ghaol fola féin,


L. 145


thréig a dtír & a gcreideamh & deirim-se go mba
diabhail iad i gcroiceann duine – breathnuigh air le
n-a ghruaig & í liath, roctha ina éadan & é ag dearcadh
fiche bliadhain níos sine ná bhí sé le brón & dólás i dtaobh
na Neamh-Éireannaigh fealltacha ag fealladh air &
brealais Chariú – a shanntughadh! Acht ónón ó! a léigh-
theóirí, breathnuighidh léir smaointighthe ar an seadaire
ba fearamhla & ba mhisneamhla d'ar leag bonn le
bóthar ariamh ag umhlughadh & ag géilleadh ar a dhá
ghlúin do Mountioi, a dhearg-námhaid ag an Mainistir
Mhóir! Labhair Mountioi leis go mín réidh socair
suaimhneach, & a ghrádh! bhí an oiread sin faitchís aca
roimhe & go dtiubhradh siad coingheall ar bith a d'iarr-
fadh sé ortha, le chomh sanntach & bhí siad ag baint a
airm chogaidh de.



Caib. LV. – Na Coinghill.



SEO IAD na coinghill a cuireadh i
n-umhail do'n Niallach: (1) i dtois-
each, lán maithteanais faoi'n am a
caitheadh; (2) seilbh a dhúithche a
fhagháil léir fola a threibhe & a
theideal Gallda a phronnadh air ath-
uair “Iarla Thíre Eoghain;” (3) lán-
tsaoirseacht a gcreidimh a bheith aige
féin & ag a mhuinntir; (4) & go
gcaithfeadh an darna séala chur i bhfoirm leis an
teideal seo; aith-sheilbh na ndúithchí a bheith aige féin &
ag a lán de na taoisigh eile a bhí i seilbh na dtreabh, acht
amháin innmhe bhí ag Hannraoi Óg Ó Néill & fearann
buird a bhí ag Toirdhealbhach ins an bhFeadh i gConndae
Árda-Macha, & mar aguisín, bíthear le sé chéad acra


L. 146


bhaint as talamh na dtreabh chois an Uisge Duibh le
Dúnphort Mountioi & Charlemont a bheathughadh, leath
& leath a bheith ag gach aon aca.



Maidir leis an Niallach féin, cuireadh 'fhiacha air go
gcaithfeadh sé a thaoiseachas Gaedhealach a shéanadh, & a
shlabhradh & a choróinín Gallda a chaitheamh léir séala an
ríogh, mar ba chóir do iarla Gallda a dhéanamh, & cead
a thabhairt do shirriamaíbh Gallda comhnuidhe ina dhúithche
& sgríobhadh go dtí an Spáinn i gcoinne a mhic
Hannraoi bhí i gcúirt an ríogh annsin agus a thabhairt mar
bráighe do Righ Shagsana.



Chuir seo críoch leis na coinghill & chuir sé críoch mar
an gcéadna le cogadh na n-Ultach mar b' éigean dóbhtha
géilleadh do na sirriamaíbh & do na giuistísíbh Gallda
mar ngeall ortha bheith claoidhte caithte ag gort, anró,
cáill & ocras. Ba bhuidhe bhocht leis na créatúir
párdún an ríogh a ghlacadh de bhárr a leathtruim & tá
sé againn ó ughdar Gallda gur chosain an cogadh ar
mhuinntir Shagsana trí mhilliún & ceithre chéad míle
púnt ar feadh deich mbliadhan i n-Éirinn & budh daor
an cogadh ortha é, mar chaill siad bunáinte an méid
brothairí cogaidh bhí aca mar aguisín, & chaill Éire bhocht
timcheall 's leath a cuid daoine leis an gcogadh
chéadna.


L. 147


Caib. LVI. – Cuairt na dTaoiseach go Sasana.



SEAL gearr 'na dhiaidh seo ghluais
Mountioi go Sagsana, & Aodh Ua
Néill & Ruaidhrí Ua Domhnall leis le
n-a dtabhairt i láthair an ríogh.
Nuair a bhuail siad cuan i mBeau-
maris (insa' mBreatain), chuaidh
siad ar mhuin capaill ag tarraint
ar an rígh, & léir mar bhí siad ag cur
a mbealaigh díobh, bhí na mílte
baintreabhach & míle mílte dílleachtaidhe 'gá leanmhaint
nuair a chuala siad ainm an “Niallaigh!” le sásamh a
bhaint as i n-éiric cnámh na mílte aithreacha a bhí ag
tuaradh ar uachtar na talmhana i n-oileán glas na
naomh.



Shroich siad an rí & d' umhluigh siad ina láthair, agus
bhí fearadh na fáilte aige rompa ó n-a chubhair-fhiacail
amach, & phronn sé an neamh-theideal bréige “Iarla
Thíre Eoghain” ar Aodh Ua Néill, & “Iarla Thíre
Conaill” ar Ruaidhrí Ua Domhnaill – an chéad fhear
de'n bhunadh sin ar pronnadh teideal Gallda
riamh air. I dtaobh an fhealltóra Niall Garbh, a thréig
a thír & a mharbhuigh a cháirde gaoil féin ag feitheamh go
ndéanfaidhe ard-taoiseach de, de bhárr a ghníomh
fealltóireachta, acht ní hamhlaidh bhí, mar b' éigean dó
umhlughadh & géilleadh faoi spraic Ruaidhrí Uí Dhomhnaill
agus chráidh sin a chroidhe. I dtaoibh an fhealltóra, Art Ó
Néill, mac Thoirdhealbhaigh Luinigh, bhí sé cinnte go
ndéanfaidhe árd-uachtarán de os cionn na Niallach,
acht níor hárduigheadh a onóir ní b' airde ná rudaire &
fuair sé mar dúithche sgreablach beag talmhana i
gcoirnéal na tíre &, mur raibh sé sásta leis, creidim
gur chuir sé a cheasacht ina cheann.


L. 148


I dtaobh an dá Iarla, thug an rí lorg a láimhe dhóbtha
ag cóimhcheangal a theidil n-a shéala le n-a dteideal
& a suaitheantas a chur i bhfoirm i n-Éirinn mar iarlaíbh
Gallda a bheith ag géilleadh do 'n dligheadh.



Seoladh go hÉire iad & thóig siad an áit a bhí toghtha
dóibh.



Is iomdha dó-bheart tútach a cothuigheadh na beagáin
bliadhanta a bhí Aodh Ua Néill ina Ghall-iarla, mar ba
mhór le brosgán Shagsana bhí 'na gcomhnuidhe annsin
Aodh bheith os a gcionn. Thnúth siad le n-a chuid tal-
mhana & bhí lafart ortha le n-a chuid fola d'
alpadh. Bhí an diabhlaidheacht chéadna dh'á cothughadh i
n-aghaidh Ruaidhrí Mhic Dhomnaill & bhí spíodóirí &
panantóirí chomh tiugh leis na míoltógaíbh thart timcheall
a thíre, & b' fhada leobhtha seo bhí Aodh ag ríghniughadh, &
mar bhí sainnt aca ina dhúithche, i gcóir ná i n-éagcóir,
bhí dúil aca buaithrín an bhasgaidh a chur air, mar bhí siad
i dtóláimh 'ghá fhaire mar bheith cat ag faire lochóige & ag
sgríobhadh a gcuid litreachaí bréige laetheamhail go dtí
an Fear Ionaid, & ar deireadh thainic “am an fhaothaimh”.



'Sa mbliadhain 1607, hinnsigheadh faoi rún do'n dá
Iarla go raibh sé d'a iomrádh i measg na nGall go raibh
Aodh Ua Néill ag braith ar bun cogaidh a chur air féin
aríst, & de bhárr an iomráidh sin bhíthear le n-a ngabháil.


L. 149


Caib. LVII. – Deoraidheacht.



BHÍ Aodh ar cuairt ag Sitsestar nuair a
cuireadh é seo i n-umhail dó & níor
leig sé a rún le n-'ais. Ghlac sé
cead Sitsestar & chuaidh sé ar
cuairt chuig a charaid Sir Gearóid
Modhur, & chaith sé suim laetheanta
leis. Thug an Modhrach faoi deara
go raibh driopás aisteach fá'n Niallach
& thuig sé as sin go raibh rud icínt
ag cur íognódh air. Thug sé crathadh
láimhe te téagarach do'n Mhodhrach, mar bhí a fhios ag an
Niallach go mbadh é an crathadh láimhe deireannach aige
é. Chraith sé lámh mar an gcéadna le gach uile bhall d'á
raibh 'sa teach, & d' fhág sé a sheacht gcéad beannacht
aca & é ag síor-shilt na ndeor.



Thiomáin sé féin & a chumhlódar leobhtha ar mhuin
capall nó gur shroich siad Ráth Maoláin & long faoi
sheoltaibh annsin ag fuireacht leó. Chuaidh sé féin & a
chúram ar bord, is Ruaidhrí Ó Domhnaill & a mhuirighin.
I gceann an mhéid sin & an méid a thug siad leobhtha
d'á gcáirde gaoil, bhí beagnach céad ar bhord luinge
& ar an uair mharbhtha de'n oidhche, ar an gceathramhadh
lá déag de Mhí Meádhoin an Fhoghmhair, thug siad an
fhairrge mhór do'n luing, ag fágáil slán & beannacht ag
oileán glas na naomh, agus ó chruthuigh Dia an saoghal
ní dheachaidh aon lucht luinge trasna na fairrge ba
chríostamhla, ba fearamhla, ba mhacánta ná ba bheann-
uighthe ná an lucht luinge sin. Ar feadh trí lá dhéag,
bhí anfadh & gargaint na dtonntrachaí ag gabhailt do'n
luing & tá sé againn ó ughdarás fírinneach gur thuirling
dhá sheabhac ar an gcrann seoil, agus tá sé ráidhte
i measg na sean-seanchaidhthe Gaedhealach go mba


L. 150


dá aingeal iad a thainic ó'n Maighdin Mhuire le n-a
dtreorughadh 'un cuain.



Léis iad a bheith lá agus fiche dh'á gcíobáil ar an
bhfairrge, bhuail siad cuan ag Havre de Grace
insa' bhFrainnc, & a sprúille deiridh bídh itthe aca. Bhí
fearadh na fáilte ag an rígh rompa & ní thig linn a
mhíniughadh annseo chomh nádurtha & bhí sé leo. Bhí
tafannóir a bhain leis na Gaill insa' tír sin & ar feadh
trí lá bhí sé ag agairt & ag bladar an rí droch-íd a
thabhairt ar an Niallach & ar an méid a bhí leis. Níor
thug an rí aon áird air acht oiread 's bhéaradh sé ar
choileán madaidh, & b'éigean do'n tafannóir imtheacht
ó'n rígh ina bhromachán bliadhna, mar bhí an rí chomh
fáilteamhail roimh na hÉireannaigh & bheith sé, dá mbadh
aingil a sheasfadh ina láthair.



Bhí an Niallach i gcomhnuidhe ag smaoineadh ar an
sean-tír & é ag rádh leis féin, dá gcuirfeadh Dia ina
bhealach cabhlach a chruinniughadh & a thidheacht go hÉire,
go raibh neart seadairí annsin a bhéarfadh congnamh
dhó, & go gcuirfeadh sé an ruaig ath-uair ar na mais-
tíníbh ba chionntach le n-a dhíbirt as a thír dhúthchais féin,
acht ní raibh aon chabhlach i ndán do'n Niallach & bhí lionn-
dubh & dubrón cráidhte ag méadughadh laetheamhail ina
chroidhe & 'ghá chrupadh ina chéile, mar bhí a fhios aige an
droch-láimhsiughadh bhí muinntir na hÉireann fhagháil &
gan éinne le fóirthín a thabhairt dóbhtha acht Rí na
nGrásta.



Chuaidh siad ó'n bhFrainnc go dtí an Róimh is chuir
siad fúbhtha annsin, & fuair siad dualgas bliadhna ó'n
bPápa & ó Rígh na Spáinne le n-a mbealach íoc, is ní
fearr ná thuill siad é, mar throid siad go fearamhail
i n-aghaidh na Sagsanach le creideamh na Sagsanach a
choinneáil ó'n gcreideamh Rómhánach a lot. Chuaidh
Ruaidhrí Ó Domhnaill ar slighe na marbh i 1608, & i
gCúirt na n-Aingeal go raibh a anam! Mhair an
Niallach ocht mbliadhna 'na dhiaidh faoi bhrón agus dólás,


L. 151


faoi bhuaidhreadh & briseadh croidhe & ar deireadh
d'éirigh sé dall & d'éag sé insa mbliadhain 1616.



Faoi choimirc na Maighdine, na n-Aingeal 's na
naomh, go raibh anam an Niallaigh, an seadaire fíor.
Amén, a Thighearna!



(Thiocfadh liom a lán eile a rádh annseo, acht
b'éigean dom críoch a chur air, mar nach raibh aon am
agam. Ní raibh aon am agam a aithsgríobhadh amach, &
má mheasann sibh go bhfuil aon fhocal bun os cionn, is
furust é sin a leigheas, mar tá an leigheas in mo
lámhaibh féin & deirim-se go mb' obair dócamhail í seo
& gur theastuigh stuaim & meabhair chinn le n-a cur na
chéile.



Tá an Ghaedhilge tá 'ghá labhairt faoi láthair agaibh
insa stair seo, ar an ádhbhar nach ndeachaidh mise ag
cuartughadh na bhfoclóirí ag iarraidh na Gaedhilge.
Dá dtéidhinn, & an Ghaedhilge sin a chur insa' stair, ní
thuigfeadh na Gaedhilgeoirí í, & mheas mé go mb'fhearr
an foclóir mo cheann féin ná fochlóir ar bith d'ar
clóbhuaileadh ariamh.)



Leas-ainm,
“NOCHTADH NA FÍRINNE.”




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services