Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
STAIR-CHEACHTA 1.
Title
STAIR-CHEACHTA 1.
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Pen Name
Conn
Composition Date
1925
Publisher
Connradh na Gaeilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Brollach. Is do'n aos óg a ceapadh na sgéalta beaga stardha so, &, ionnus go mbeidís simplidhe so-thuigthe so-léighte, b'éigean sgéal a chumadh le cur i n-áit nach raibh acht an stair lom. Níl isna hannálaibh acht cnámha an sgéil & níor bh'fhuláir croidhe & anam a chur ionnta nó ní bheadh aon tolughadh ag daoinibh críonna ionnta ní hé amháin ag daoinibh óga. Dá bhíthin sin b'éigean cumadóireacht a dhéanamh a bheadh do réir fírinne na staire. Rud eile, chaithfeadh an chaint & an sgéal a bheith simplidhe, agus ceapaim féin gur beag pataire Gaedhilgeora 'sa tír nach dtuigfidh an chaint & innsint an sgéil & go mór-mhór an té a mbeidh maighistir i dteannta gluaise do chongnamh aige. Agus cuir i gcás go mbeadh na sgéalta buille deacair, is ag éirghe suas & ag dul chun tosaigh a chaithfeas daltaí a bheith — ní bheidh siad i gcomhnaidhe ina bpáisdíbh — & má fhaghann siad congnamh annso, is maith an rud é. Ta mé buidheach do mo charaid & do shean-charaid na Gaedhilge, Domhnall Ó Liatháin, B. A., an sgrúduightheóir sgol, a thug a lán conganta dham leis an gcaint a mhíniughadh & a dheanamh simplidhe, &, freisin, do mo charaid an Laoideach, a chuir go mion is go minic ar an eolas mé. E. Ó N.
STAIR-CHEACHTA I. — TIGHEARNMHAS. TAMALL fada tar éis bháis Éireamhóin bhí rí i nÉirinn d'ar bh'ainm Tighearnmhas. Fear uaibhreach a bhí ann, agus badh mhaith leis na daoine a bheith deas glan galánta. Is le n-a linn do rinneadh cuacha óir ar dtús, agus bioráin brollaigh óir. Bhíodh rásaí ag na daoinibh an t-am soin, agus cleis eile, agus bhronnadh Tighearnmhas cuach óir nó biorán óir ar an té b'fhearr. Bhí na daoine láidir folláin aige, acht ní raibh a fhios aca go raibh aon Dia ann. 'Sé an cineál céadna éadaigh a bhíodh ar gach uile dhuine agus ní raibh aon ghléas ag an rígh níos fearr ná mar bhí ag an bhfear ba bhoichte sa tír. Níor thaithnigh sin le Tighearnmhas, mar bhí sé uaibhreach, agus cheap sé cleas a dhéanamh le taisbeáint nach raibh na daoine móra agus na daoine bochta mar a chéile.
Bhí sé amuigh maidin, fá Bhéaltaine, tar éis éirghe gréine. Bhí an mhaidin roinnt garbh agus ba ghearr go bhfaca sé tuar ceatha. Chonnaic sé ceann cheana roimhe sin go minic, acht bhí sé ag cuimhniugh- adh ar na daoinibh anois agus tháinig smaoineadh ina cheann. Ní fhaca sé an tuar ceatha ar fad, mar bhí cuid de'n choill idir é féin agus a íochtar. Chuaidh sé suas ar chnocán a bhí i ngar dhó & siúd suas na fir 'na dhiaidh. Chonnaic sé annsin an tuar ceatha go breagh glan iomlán, agus dubhairt sé le mac ollamhan a bhí i n-éinfheacht leis: “Caithfidh mé na daoine a roinnt do réir na ndath- anna soin, & na dathanna go léir a bheith agam féin.” Nuair a chuaidh an rí a-bhaile chuir sé fios ar an Árd- ollamh, & d'innis sé an sgéal dó, ag rádh leis na daoine a roinnt, aon dath amháin a thabhairt do'n dream ba bhoichte bhí 'san tír, & seacht ndath a thabhairt do'n rígh.
Bhí an t-Ollamh sásta leis sin. Chuaidh sé amach agus roinn sé na daoine mar seo: I. An Sglábhaidhe, sé sin an fear do b'ísle & ba bhoichte san tír. II. An tAitheach — bhí beagán talmhan aige-sean. III. An Saighdiúr. IV. An Feilméar a raibh cuid mhaith thalmhan aige. V. An Duine Uasal. VI. An t-Ollamh, an fear ba críonna ag an rígh ; agus, VII. An Rí agus an Bhainríoghan. Roinneadh na dathanna orra soin; fuair an chéad dream dath, an dara dream dhá dhath, an treas dream trí dhath, an ceathramhadh dream cheithre dhath, an cúig- eadh dream chúig dhath, an séamhadh dream sé dhath, agus tugadh seacht ndath do rígh agus do bhainríoghain. Bhí na daoine ar fad sásta leis an rígh sin, acht ba phágánaigh iad go léir, & rinneadar déithe bréige dhóibh féin. Bhí aon dia mór amháin aca i Magh Sléacht. Thugadar “Crom Cruach” mar ainm air. Chuaidh an Rí agus an chuid is mó d'á dhaoinibh le moladh & adhradh a thabhairt do “Crom Cruach” lá, agus fuair gach uile dhuine aca bás an lá soin i n-éingeacht ag Magh Sléacht. Bhí Tighearnmhas tar éis a bheith ina rígh sé bliadhna déag & trí fichid an t-am soin.
II. — MEADHBH. Os cionn céad bliadhain roimh aimsir Chríost 'seadh bhí Eochaidh ina rígh ar Éirinn. B'inghean dó Meadhbh, agus, taréis an tír roinnt dó, thug sé Meadhbh le pósadh do Thinne, an rí bhí ar Chonnachtaibh. Cailleadh Tinne tamall 'na dhiaidh sin, agus annsin d'fhan Meadhbh deich mbliadhna eile ina bainríoghain ar Chúige Chonnacht, agus í ina baintreabhaigh. Phós sí arís flaith Laighneach, fear dár bh'ainm Oilioll Mór, & bhí móir-sheisear mac aici leis-sean. Bean phostamhail léitheadach uaibhreach a bhí innti, & rud ar bith a chuirfeadh sí ina ceann a dhéanamh, dhéanfadh sí é, ba cuma léithe cé bheadh ag bagairt uirri. Rinne a hathair árus breagh dhi ag Ráith Chruachan 'sa gconndae ar a dtugtar Ros Comáin anois, & is annso bhí sí ina comhnuidhe ó phós sí Tinne. Thosuigh Oilioll & í féin ag caint, lá, ar a raibh de mh aoin ag gach aon duine aca, Meadhbh ag rádh gur mó
bhí aici-se, agus Oilioll ag rádh gur mó bhí aige-sean. D'éirigh an chaint chomh dána soin eatorra fá dheireadh, nár bh'fhéidir an sgéal a réidhteach gan cuid gach éinneach a chur i gcomórtas le cuid an duine eile. Tugadh amach annsin gach a raibh ag Meidhbh, idir ór & airgead, seóid agus péarlaí, síodaí & sróll, beathadhach ceithre gcos & gach éinnídh eile d'á raibh aici, & cuireadh fré chéile iad. Rinneadh an cleas céadna le maoin Oiliolla, & 'sé an oiread céadna bhí ag duine & bhí ag an duine eile, cé is moite do tharbh breagh bhí ag Oilioll thar mar bhí ag Meidhbh. Chuir sin fearg uirri & chuir sí teachtaire amach ag cuartughadh tairbh a bheadh chomh breagh le ceann a fir. Bhí an teachtaire ag imtheacht nó go bhfuair sé sgéala go raibh tarbh ag Dáire, taoiseach a bhí 'na chomh- uidhe i gCuailnge, níos breaghtha 'ná tarbh Oiliolla. Ar an bpointe boise, chuir sí an teachtaire ar siubhal go dtí Dáire ag iarraidh iasachta an tairbh air go ceann bliadhna, agus ag gealladh go dtiubhradh sí leith-chéad budóg dhó i gceann na bliadhna mar chúitiughadh. Bhí naonbhar eile fear i n-éinfheacht leis an teachtaire & d'iarradar iasacht an tairbh ar Dáire. Dubhairt Dáire go dtiubhradh sé sin dóibh agus fáilte, agus fuaradar a ndóthain le n-ithe & le n-ól an oidhche sin ag teach Dháire. D'ól fear aca an iomarca, &, nuair a bhí sé leath-shúgach thosuigh sé ag déanamh gaisge, & dubhairt sé, muna bhfuighidís an tarbh go réidh, go mbainfidís amach gan bhuidheachas é. Nuair a chuala Dáire sin bhuail fearg mhór é, & dhíbir sé na teachtairí gan an tarbh a thabhairt dóibh. Tháinig siad ar ais go Cruachain agus d'innsigheadar an
sgéal do Mheidhbh. I n-áit an teachtaire bhí ar meisge a chur fá ghlas agus leithsgéal a ghabháil le Dáire, 'sé rud a rinne an bhainríoghan dhána so teachtairí eile chur amach ag iarraidh conganta ó rígh na Mumhan & ó rígh Laighean agus í féin do réidhteach amach le dhul chun troda le Dáire, le go mbainfeadh sí an tarbh dhe dh'á aindeóin. Tháinig sin chuici congnamh ó'n dá chúigeadh, & míle go leith d'fhearaibh Uladh freó. Bhuaileadar soir treasna na Sionainne agus chuireadar fútha in-aice Cheanannais. Ní raibh aon arm le feicsint ag teacht ina n-aghaidh, acht an chéad oidhche chaitheadar ann mharbh Cúchulainn triúr aca, chuir sé a gcloigne ar bhior, agus sháith sé an bior ar bhruach átha. Ní raibh laoch beó chomh tréan le
Cúchulainn an uair sin. An oidhche dh'ár gcionn sin mharbh sé chéad fear d'arm Mheidhbhe agus ar feadh i bhfad 'na dhiaidh sin níor leig sé oidhche thairis gan céad laoch a mharbhughadh uirri. Ní raibh amharc le fagháil air féin de shiubhal lae. Chuir Meadhbh fios air fá dheireadh, & nuair a tháinig sé chuici, chonnaic sí nach raibh ann acht buachaill óg. Thairg sí saidhbhreas dhó, acht a theacht do chungnamh dhi féin. Ní ghlacfadh sé ór ná airgead uaithi, ná ní thiocfadh sé chuici, acht rinne sé margadh léithe, .i. aon laoch amháin a throid gach aon lá agus go leigfeadh sé dhóibh 'san oidhche. D'fhan sin mar sin, Cúchulainn ag marbhughadh fir gach lá, go dtí gur chuir Meadhbh seisear amach n'aghaidh. Nuair a d'imir sí an cleas soin air, thosuigh sé ag marbhughadh 'san oidhche arís. Bhí sé sáruighthe siuncaighthe fá dheireadh gan codladh gan suaimhneas aige, acht tháinig an t-athair a bhí 'sa sluagh sídhe aige chuige & mhol sé dhó dul a chodladh ar feadh trí oidhche & trí lá. Chuaidh. An ceathramhadh lá d'éirigh Cúchulainn agus d'ionnsuigh sé an t-arm ar fad, & ar feadh an lae sin rinne sé an-ár, ag dul timcheall an airm ina charbad & agá leagan. Nuair a bhí an lá soin istigh aige throid sé 'na nduine is 'na nduine arís iad, go dtí gur chuir Meadhbh Feardiadh, cara do Cúchulainn féin, ina choinne. Níor bh'í sin an troid réidh ná an troid ghnáthach; níor bh'í sin troid na mbó maol. Ba i n-aghaidh a chos a chuaidh Feardiadh le Cúchulainn ó thús. Chuir Meadhbh na draoithe chuige & bhagair sí go gcuirfidís chun báis é le draoidheacht & le beartaidheacht, dá mbeadh i ndán & nach dtiocfadh sé ag troid. Annsin dubhairt Fear-
diadh leis féin go mb'fhearr dhó bás fhagháil ag troid go fearamhail ná é marbhughadh le gliocas draoithe. Chaith an bheirt trí lá ag troid. Throid siad ar an talamh, & ina gcarbaid, rinneadar ciseach de'n talamh, agus loiteadar a chéile, ionnus go raibh gach aon fhear aca loitthe gonta, ó mhullach a chinn go trácht a choise. An ceathramhadh lá ghabh Cúchulainn an Gath Builg chuige, agus is leis-sean a mharbh sé Feardiadh i ndeireadh na dála. Taréis an chatha so thosuigh na hUltaigh ag cruinniughadh isteach. Bhí aon fhear amháin orra, & bhí Fionnabhair, inghean Mheidhbhe, an bhean a b'áille bhí le fagháil, i ngrádh leis. Thairg Meadhbh roimhe sin do gach aon fhear de dhá fhear dhéag eile í & gheall sí do gach fear, i ngan-fhios do'n chuid eile, go dtiubhradh sí Fionnabhair se pósadh dhó féin, mar gheall ar a theacht a chongnamh dhi. D'innis Fionnabhair d'á máthair, an lá so, go raibh lí i ngrádh leis an Ultach, & d'iarr an mháthair uirri a dhul & cur fá ndeara dhó a chuid fear a thabhairt ó'n gcath — mar ba taoiseach catha é. Chuala an dá fhear dhéag eile an sgéal sin, & bhuail cuthach iad. Thosuigh- eadar ag bualadh & ag troid nó go raibh seacht gcéad fear leagtha ar lár. Nuair a chonnaic Fionnabhair sin thuit an t-anam aisti le cás & le náire. Bhí na hUltaigh baileach fá dheireadh agus sin é an t-am ar thosuigh an cogadh dá ríribh. Bhí Conchubhar, fear millte clainne Uisnigh, ann, Cathbhadh a árd-dhraoi, Feirceirtne a árd-ollamh, Finghin a árd-liaigh, Conall Cearnach, agus na mílte eile de laochraibh láidre. Throideadar tamall, agus chomh fada is bhíodar ar
siubhal bhí tarbh Dháire agus leith-chéad budóg le n-a chois tugtha chun siubhal ag ochtar de mhuinntir Mheidhbhe. Bhí Cúchulainn ina luighe ó mharbh sé Feardiadh go dtí anois; acht anois, nuair a chuala sé an ghárthaighil & an sgreadach, bhíodhg sé agus siúd amach arís é ag troid. Tharraing arm Meidhbhe ar ais anois, & chuir sí féin impidhe ar Chúchulainn éirghe as an ár. D'éirigh, & thar- raing sise a cuid fear léithe nó go dtángadar ar ais go Cruachain. Ba hé deireadh an sgéil gur thosuigh tarbh Dháire ag troid le Finnbheannach chomh luath & chonnaic sé é, agus gur chaitheadar an oidhche ag troid. Bhí mór-chuid na hÉireann siubhalta an oidhche sin aca, & ar maidin bhí Finnbheannach ina phíosaíbh ag an tarbh donn & eisean ag imtheacht le buile ar ais go Cuailnge. Ní raibh duine dh'ár chas leis ar an mbealach nár mharbh sé, agus nuair a tháinig sé go Cuailnge chuir sé a chúl le cnoc & thosuigh sé ag búrthaighil & ag gáir ghéimneach nó gur bhris sé a chroidhe & gur thuit sé marbh i mbun a chos.
III. — FILLEADH OISÍN. (As “Laoidh Oisín ar Thir na n-Óg.”) Níor bh'fhada dhom agus níor chian, Go bhfaca aniar ag teacht fám' dhéin, Marcshluagh mór idir fhearaibh agus mhnáibh, Is do thándagar im' láthair féin. Do bheannuigheadar dhom go caoin séimh. Is do ghabh iongantas gach n-aon díobh, Ar fhaicsin méad mo phearsan féin, Mo dheilbh, mo ghné, agus mo ghnaoi. D'fhiafruigheas féin annsin díobh súd, An gcualadar Fionn do bheith beo, Nó ar mhair aon eile de'n Fhéinn, Nó goidé an léan do bhain dóibh? Do chualamair-ne trácht ar Fhionn, Ar neart, ar lúth, agus ar thréan, Nach raibh riamh a shamhail siúd, I bpearsain, i gclú, agus i méin. Is iomdha leabhar sgríobhtha síos Ag éigsibh binne milse Gaedheal, Nach léir linn aithris dhuit go fíor, Ar éachtaibh Fhinn is ar an bhFéinn.
Do chualamar go raibh ag Fionn Mac ba lonnrach sgéimh is cló, Go dtáinig óig-bhean faoi n-a dhéin, Is go ndeachaidh léi go Tír na n-Óg. Nuair chualas féin an comhrádh úd, Nár mhair Fionn ná neach de'n Fhéinn, Do ghlacas tuirse is mór-chumhadh, Is ba lán-dubhach mé ina ndéid. Níor stadas-sa annsin de'n réim, Go luath éasgaidh gan aon mhoill, Go dtugas m'aghaidh go glan réidh, Ar Almhain éachtaigh leathain Laighean. Ba mhór é m'iongantas annsúd Nach bhfaca cúirt Fhinn na slógh ; Ní raibh 'na hionad ann go fíor, Acht fiadhaile, flith agus neanntóg. Uch! A Phádruig, is uch! mo nuar! Ba dealbh an chuairt agam-sa é, Gan tuairisg Fhinn ná na bhFiann, D'fhág faoi phian mé le mo ré.
IV. — CONCHUBHAR MAC NEASA. INS an am inar rugadh Críost i mBethlem 'seadh bhí Con- chubhar Mac Neasa ina rígh i gcúigeadh Uladh. Rinn- eadh rí dhe ar dtús ar feadh bliadhna, agus gan é acht óg, acht chonnaic na daoine gur fear maith a bhí ann, fear fear glic aibidh cneasta, agus d'iarradar air fanacht os a gcionn i gcomhnuidhe, mar rí. Ní raibh aon aithmhéala orra faoi sin. Bhí ceart & cóir le fagháil uaidh ag gach aon duine d'iarr iad, & choinnigh sé smacht ar na droch-dhaoinibh. Chuir sé arm ar bun ar a dtug sé mar ainm an Chraobh Ruadh. Bhí an t-arm so aige leis an gcúigeadh a chosaint, dá dtagadh aon arm eile isteach ag fuagairt chogaidh. B'iad na fir a b'fhearr i nÉirinn a bhí aige ann — bhí Conall Cearnach, Cúchulainn, Eoghan Mac Dúrthacht, Fearghus mac Róigh Cornac Conloingeas, Laoghaire Buadhach, & mórán de thaoiseachaibh tréana orra — & rinne siad gníomhartha móra gaisge nuair a bhíodar ag troid i n-aghaidh daoine eile. Acht má bhí Concubhar tréan díleas díreach i gceisteannaibh idir dhaoinibh eile, bhí sé go holc agus go fealltach nuair nach ndéanfaidhe a chomhairle féin. Bhí sé fleidh & ag féasta, uair, ag tigh Fheidhlimidh, a árd-sgéalaidhe féin. B'in í
an oidhche a rugadh Déirdre inghean Fheidhlimidh. Nuair a rugadh an leanabh chuaidh Cathbhadh, an draoi, amach go bhféachfadh sé ar na réaltaibh, agus go n-innsigheadh sé cé an saoghal a bhí i ndán do Dhéirdre. Tháinig sé isteach, agus dubhairt sé go mbeadh an leanbh soin ar na mnáibh ba bhreaghtha bheadh sa domhan, & go dtiocfadh buaidhreadh & clampar mór ar chuigeadh Uladh dh'á barr. D'orduigh an rí í chur d'á hoileamhaint ar leith, & cheap sé mar mhnaoi dhó féin í nuair bheadh sí ionphósta. Acht níor thaithnigh sin léi féin agus d'éaluigh sí le Naoise, mac Uisnigh, go hAlbain. Chuaidh Ainle & Árdán, beirt dearbhráthar Naoise, & céad go leith laoch i n-éinsheacht leó, & mhair siad tamall annsin go sonsach & go haoibhinn. Acht sgathadh 'na dhiaidh sin, chuir Conchubhar fios orra, & gheall sé nach mbainfeadh sé leo dá dtigidís ar ais. Níor chreid Déirdre é, & dubhairt sí le Naoise go n- imreóchadh Conchubhar feill-bheart orra nuair a gheobhadh sé i n-Éirinn iad. Níor thug Naoise aon áird uirri. Dubhairt sí annsin go raibh sí ag brionnglóidigh aréir go dtáinig trí éin agus trí dheóir meala ina ngobaibh aca. “D'fhág siad,” adeir sí, an mil againn agus thug siad trí bhraon d'ár gcuid fola leó, i n-a n-áit. 'Si an mhil sin teachtaireacht Chonchubhair chugainn, mar ní milse mil ná teachtaireacht síothchána an fhealltóra.” Ní raibh aon mhaith dhi ann. Ghluais Naoise, Ainle & Árdán le Fearghus agus le n-a bheirt mhac, na teachtairí, & thug siad Déirdre leó ar air go cúigeadh Uladh. Nuair a tháinig siad go hÉirinn cuireadh Fearghus uatha, ionnus nach mbeadh sé mar chosantóir aca, mar b'fhear dílleas é nach leigfeadh dadadh a dhéanamh orra,
agus tháinig siad go hEamhain. Cuireadh isteach i dtigh na Craoibhe Ruaidhe iad: ní raibh aon áit dóibh i dtigh Chonchubhair, adubhairt sé, mar bhí sé do rún aige iad do choingbheáil i ngéibheann le iad do mharbhughadh. Nuair a bhí an rí ag ól, an oidhche sin, i n-éinfheacht leis na huaislibh eile, d'iarr sé duine éigin a dhul amach & sgéala a thabhairt chuige an raibh Déirdre chomh háluinn & bhí sí riamh. Chuaidh Leabharcham amach : ba bhí an bhanaltra í a d'oil Déirdre & í 'na naoidheanán, & do bharr cion mór a beith aici ar Dhéirdre, d'innis sí dhi an beart a bhí an rí ar tí imirt orra. Tháinig sí ar ais, & dubhairt nach raibh a sgéimh féin ar Déirdre ar chor ar bith. Chaith sé tamall eile ag ól leis na huaislibh, agus chuir sé teachtaire eile amach. Thug seisean sgéala isteach go mb' í an bhean ba bhreaghtha 'sa domhan í. Tháinig cuthach éada ar Chonchubhar, & siúd amach é féin & a chuid fear, nó go dtógfadh sé Déirdre. Bhí na doirse & na fuinneóga dúinte daingnighthe ag Naoise & ag a mhuinntir rompa, & d'fhanadar annsin ag troid go héirghe lae. Fá dheireadh chuir Cathbhadh draoidheacht ar Chloinn Uisnigh, chuaidh siad amach as tigh na Craoibhe Ruaidhe & Déirdre eatorra, & chonnaic siad, mar shíl siad, muir mhór rompa. Chaith siad na hairm uatha nó go snámhfaidís thríd an muir, acht gabhadh iad & mharbh Conchubhar agus a chuid fear iad ar an toit. Chuir Déirdre na gártha caointe aistí, bhuail sí í féin fá'n talamh, agus stróic sí an ghruaig d'á ceann le rabharta dubróin, sgoilt a croidhe i n-a lár, nó go bhfuair sí bás ar an mball ar ucht Naoise. Rinne an draoi easgaindhe ar Chonchobhar & ar Eamhain
airt nachan t-ádh ar an gcúigeadh, agus nach mbeadh sliocht Chonchubhair i n-a ríghtibh i nEamhain arís go bráth. V. — NA DRAOITHE. IS i gCiarraighe a chuir Clanna Míleadh i dtír nuair a thángadar go hÉirinn ar dtús. Shiubhail siad leó as sin go dtí an áit ina gcuala siad ríghte na hÉireann a bheith. Níor bh'fhada dhóibh nó gur shroich siad Cathair Crófinn. Teamhair atá mar ainm indiu ar Chathair Crófinn. Bhí triúr dearbhráthar ina ríghtibh os cionn na tíre an uair sin, mar bhí Mac Cuill, MacCéacht agus Mac Gréine, & ba hiad na ríghte seo na Tuatha Dé Danann. Chuir Clanna Míleadh cosamhlacht dhána orra féin, agus d'iarr siad an tír a thabhairt suas go beódha
dhóibh, nó go mbeadh ar a shon ag na ríghribh. Bhí na Tuatha Dé Danann sean-chríonna gasda, agus dubhairt siad nár cheart a theacht orra chomh hobann soin & ingan-fhios, & go bhfágfaidís ar bhreitheamhnas Aimhirgin é, má bhí sé ceart. Ba draoi cumasach é Aimhirgin, chomh maith le bheith ina bhreitheamh & ina fhile dhó, & fágadh an sgéal ar a bhreitheamhnas. Bhí go maith. Chuaidh Aimhirgin i leathtaoibh, taréis cáirde lae is oidhche fhagháil dó, bhain sé fás daraigh & chuaidh sé i ndorcha- das go maidin ar n-a bháireach ag baint feasa as an bhfás. Annsin tháinig sé as a bhothán dorcha ar maidin, shiubhail sé leis go dtí go raibh sé os comhair na ríghte arís, & labhair sé le Tuathaibh Dé Danann mar so; “Téigheadh Clanna Míleadh ar ais arís fad naoi dtonn ó'n tráigh,” a deir sé, “&, má tá siad i n-ann a theacht i dtír annsin arís gan bhuidheachas daoibh-se, bíodh an tír seo aca.” Bhíodar go léis sásta leis sin, & isteach le fad na naoi dtonn ó'n tráigh d'eirigh stoirm láidir nach bhfacadar riamh roimhe sin a leithéid. Sgaipeadh anonn is anall
na loingis, & díbrigheadh ó dheas fuireann aca, cuireadh amach ar an doimhin mhóir an chuid eile, & iad dh'á dtreasgairt agus dh'á gcaitheamh síos is suas nó go rabhadar tuirseach sáruighthe. Annsin chuimhnigheadar gur stoirm draoidheachta í sin a chuir draoithe Thuath Dé Danann orra, & d'iarr Donn — an mac ba sine bhí ag Míleadh — duine dhul suas go barr croinn na luinge go bhfeicfeadh sé an raibh an stoirm annsin. Cuaidh fear i n-áirde go barr an chroinn, & d'fhuagair sé anuas nach raibh an stoirm chomh hárd sin. Nuair a chuala Donn sin: “Is feall atá déanta ag ár ndraoithibh orainn,” adeir sé, “nach gcuireann an stoirm seo ar gcúl.” “Ní headh, ná chor ar bidh,” ar Aimhirgin, & thosuigh sé ar laoidh draoidheachta, nó gur chiúinigh sé an fhairrge & an gála. Chuadar i dtír arís, agus dubhairt Aimhirgin laoidh draoidheachta eile ag iarraidh toradh céadtach a chur ar an talamh. Bhí na draoithe i n-ann go leór rudaí a dhéanamh nár thuig daoine go coitcheannta, & nach dtuigeann daoine fós, acht an oiread. 'Sé Eochaidh Áirimh do bhí 'na rígh ar Éirinn timcheall an ama a rugadh Críost. Bhí sé, lá, imeasg na ndaoine uaisle eile, nuair a sheas fear beag deas ar lár an urláir os a chomhair go hobann, agus gan a fhios cá as a dtáinig sé. “Cé hé an fear so nach n-aithnighmid,” arsa Eochaidh, “agus cé an ghnó tá annso aige?” “Ní fear é a bhfuil aon cháil air,” ars an fear beag
coimhightheach, “acht tháinig sé le cluiche fithchille imirt leat-sa.” “Bhfuil tú go maith ag imirt fithchille?” ars an rí. “Innseóchaidh m'imirt sin,” ar an fear beag. “Tá ár gclár fithchille i seomra na bainríoghna, & ní fhéadfamaid í chorrughadh fá láthair.” “Níl dochar annsin,” ars an fear beag, “tá clár annso agam-sa nach bhfuil ioncháinte.” “Céard imreóchas sinn?” ars an rí. “Cibé rud iarras an té ghnóthóchas,” adeir an fear eile. D'imir siad cluiche, agus chaill an rí. “Céard tá uait anois?” adeir Eochaidh. “Atá Éadain, do bhainríoghan,” ars an fear coimhigh- theach “acht ní thiubhraidh mé liom í go dtí bliadhain ó 'nocht.” Níor fhan focal ag an rígh le brón agus briseadh croidhe, mar ba hí Éadain an bhean ba bhreaghtha i n-Éirinn ar fad, & bhí cion an domhain ag Eochaidh uirri. D'fhan mar sin go dtí bliadhain ó'n oidhche sin, & bhíodar go léir ag déanamh go siubhach sáthach ar fleadh ag Eochaidh. Bhí Éadain le n-a thaoibh, bhí uaisle na tíre ina dtimcheall, &, dar leo, ní thiocfadh éinneach le Éadain a thabhairt leis i ngan-fhios dóibh, ná ní gheobhadh sé í gan troid. I dtaca an mheadhoin oidhche, nuair a bhí an comhluadar go sásta so-mheanmnach gan cuimhniughadh aca ar rud ar bidh as bealach, sheas an fear beag coimhightheach arís i láthair an ríogh, gan duine ar domhan eile dh'á fheiscint. Shiubhail sé go dtí an bhainríoghan, rinne sé dán molta dhi, agus annsin, taréis
an rí bheith ag breathnughadh air, & gan meabhair ná mothughadh ann ná neart aige focal a labhairt, chuir an fear coimhightheach a lámh timcheall na bainríoghna & sguab sé leis amach í. Tháinig an rí chuige féin fá dheireadh, agus annsin bhí a fhios aige gur draoidheacht éigin a himrigheadh ar an mbain- ríoghain & air féin chomh maith. Ar maidin an lae ar n-a bháireach chuir sé fios ar a árd-dhraoi Dallán, & d'fhuagair sé air imtheacht ar lorg na bainrioghna, & gan filleadh go deo go bhfuigheadh sé fios nó fáirnéis uirri. D'imthigh Dallán leis, & chaith sé bliadhain ag triall timcheall na hÉireann ar a lorg, acht tásg ná tuairisg ní fhuair sé uirri. Bhí an bhliadhain i bhfeidhil a bheith caithte nuair a casadh ar chnoc é idir an Mhidhe & Longphort, lá. Sliabh Dalláin atá ar an gcnoc ó shoin a leith. Ghearr sé cheithre shlaitín iubhair agus ghearr sé focla i n-ogham ionnta. Tháinig an fios chuige annsin go raibh an bhainríoghan i bhfolach i mbruidhin na sídhe faoi Chnoc Brí Léith. D'fhill Dallán ar ais & sodar faoi & d'innis sé an sgéal d'Eochaidh. Bhailigh seisean a chuid fear, thug sé go Cnoc Brí Léith iad nó go bhfuair sé Éadain áluinn ar ais, gan bhuidheachas don draoitheadóirín beag. Mhair siad go sonaidhe i n-éinfheacht ar feadh i bhfad 'na dhiaidh sin.
VI. — NAOMH PÁDRAIG. NUAIR a bhí Niall Naoi-ngiallach in a rígh ar Éirinn, bhíodh sé ag imtheacht amach agus a arm aige go Breatain agus go tíorthaibh na hEorpa, ag cur na ndaoine fá smacht, & ag baint chíosa dhíobh. Bheireadh sé ar bhuachaillibh óga ag filleadh dhó, agus thugadh sé leis go hÉirinn iad le buachailleacht bó & caorach a dhéanamh do mhuinntir na hÉireann. Bhí Niall ar thuras díobh so, uair, 'sa bhFrainc, nó i nAlbain, do réir mar adeir
ughdair eile, agus tháinig sé ar stócach a thaithnigh go mór leis. Bhí an sgurach sé bliadhna déag d'aois an uair sin, agus 'sé an t-ainm a bhí air — Pádraig mac Chalpruinn. Ba hé Calpruinn athair Phádraig, & bhí sé i n-airm na Rómhánach. Thug Niall Pádraig óg go hÉirinn leis, agus thug sé do Mhíolchú é le caoirigh a bhuachailleacht. Ba taoiseach é Míolchú a bhí ina chomhnaidhe fá bhun Sléibhe Mis i gConndae Aontruim. B'fhéidir go raibh sé i n-éinfheacht le Niall, agus gurab é rug ar Phádraig & annsin gur fhágaibh Niall aige é. Acht, ar chuma ar bith, d'fhan Pádraig chúig bhliadhna aige, cé gur págánach dorrdha dúr-chroidheach a bhí 'sa taoiseach soin. Thug Phádraig aire do na caoirigh, & thug sé aire do Dhia. Ba mhinic a dhúisigh an sioc nó an sneachta as a chodladh é, agus d'éirigheadh sé, le n-a phaidreacha a rádh. Duine naomhtha bhí ann an uair seo. Fá dheireadh, tháinig sé ina chroidhe imtheacht ar ais a bhaile, & d'éaluigh sé ó n-a mhaighistir, Míolchú. Thug sé aghaidh ar an bhfairrge ; bhí long roimhe san gcalaith, acht, nuair a d'iarr sé cead a dhul ar bord, ní leigfeadh caiptín na lunige dhó é. Chrom Pádraig a cheann, d'fhill sé ar a sháil & d'imthigh sé ar ais. Ní i bhfad a bhí sé, nuair a tháinig duine ina dhiaidh ag glaodhach air, & ag rádh leis; a theacht go beódha, go raibh muinntir an tsoithigh ag fanacht leis. Chuaidh sé ar bord annsin & b'ar righin ar éigin a shroich siad an Fhrainc. Bhí col ceathar ag Phádraig san bhFrainc an uair sin, agus uair seisean ina naomh freisin. Máirtín do b'ainm dó, agus d'fhan Pádraig cheithre bliadhna i n-éinfheacht leis.
Chaith Pádraig chúig bhliadhna déag is fiche, 'na dhiaidh sin, sul tháinig sé go hÉirinn arís. Acht níor leig sé riamh as a cheann go raibh air dul ar ais & an Creideamh do chur ar bun ann. Chonnaic sé, i mbrionnglóidíbh, páisdí na hÉireann ag glaodhach air, agus ag iarraidh air a theacht agus siubhal ina measg arís. Níor mhaith le n-a mhuinntir é imtheacht uatha, acht ní ghéillfeadh sé dhóibh, & fá dheireadh chuaidh sé do'n Róimh, rinneadh Easbog dhe ann, & thug an Pápa cead dó dhul go hÉirinn, an Creideamh a chraobhsgaoileadh. Bhí sé trí fichid bliadhain d'aois an t-am so. Nuair a tháinig sé go hÉirinn, 'san mbliadhain 342, ghlac sé rún Críostaidhthe a dhéanamh de na ríghthibh & de na huaislibh, & de na draoidhthibh i dtosach, mar bhí a fhios aige, dá nglacfaidís-sean an Creideamh, nár mhoill ar na daoinibh go léir a ghlacadh ina ndiaidh. I dtaca na Cásga chuaidh sé go Teamhraigh, an áit a raibh Laoghaire, an rí, & mór-uaisle na hÉireann cruinnighthe. Bhí féile phágánach ar bun aca an uair sin i dTeamhraigh, agus ba chuid de ghníomharthaibh na féile sin gach uile theine i nÉirinn a mhúchadh an oidhche sin, acht teine na Teamhrach amháin. Lasadh na daoine na teinte eile ó'n teinidh sin. Acht d'fhadaidh ádraig teine an oidhche sin ar Chnoc Sláinge, & chonnaic na daoine i dTeamhraighan teine. Tháinig fearg mhór ar an rígh, agus d'fhiafruigh sé cé d'fhadaidh an teine sin. Dobhairt draoi leis, muna múchtaoi an teine sin anocht, nach múchfaidhe go bráth i nÉirinn í, agus nach gcuirfidhe fá chois go deó an fear a d'fhadaidh í.
Thug Laoghaire leis an draoi & sluagh daoine, & chuaidh sé ar lorg an té las an teine, nó go mairbheóchadh sé é. Acht d'éirigh Earc mac Deagha, duine de mhuinntir Laoghaire suas os comhair a raibh ann, agus d'umhluigh sé do Phádraig. Bheannuigh Pádraig é, & chreid sé i nDia. Chuir sin tuilleadh feirge ar an rígh, agus dubhairt sé, “Marbhaidh an cléireach,” .i. an naomh. Acht ghlaodh Pádraig go hárd ar Dhia, & ar an toirt tháinig dorcha- das ar an ngréin, chraith an talamh & an t-aer, & thosuigh muinntir Laoghaire ag troid & ag marbhughadh a chéile. Ba gearr go raibh chúig céad aca marbh ag a chéile, & níor fágadh beó acht Laoghaire & a bhainríoghan, & beirt eile.
Tháinig an bhainríoghan go dtí Pádraig, agus dubhairt sí: “A dhuine fhíréin, agus a dhuine chumhachtaigh, ná marbh an rí, rachaidh sé chugat, déanfaidh sé do chomhairle, umhlóchaidh sé dhuit agus creidfidh sé i nDia.” Chuaidh an rí go dtí Pádraig, agus leig sé air féin gur chreid sé i nDia. Acht níor chreid sé ann go dtí tamall ina dhiaidh sin. VII. — TÍR NA NÓG. Níor bh'fhada gur dhorchuigh an spéir, Is gur éirigh gaoth ins gach áird, Do las an mhór-mhuir go tréan, 'S ní raibh amharc gréine le fagháil. Sealad dúinn ag amharc na néall, 'S ar na réaltaibh bhí fá smúid; D'ísligh an t-anfadh agus an ghaoth, 'S do shoillsigh Phoebus os an gcionn
Do chonncamar le n-ar dtaoibh Tír ró-aoibhinn fá lán-bhláth, Is magha maiseacha réidhte míne, Is dún ríoghdha ba ro-bhreágh. Ní raibh dath d'á bhfaca súil, De ghorm úr, d'uaine 's bhán, De chorcur dhearg is de bhuidhe, Nach raibh san rí-bhrugh táim do rádh. Do bhí ar an dtaoibh eile de'n dún, Grianáin lonnracha 's páláis, Déanta uile de chlochaibh buadh, Le lamhaibh suadh 'gus saor-cheárd. Níor bh'fhada go bhfacamar chughainn, Ag triall ó'n ndún i n-ár gcomhdháil, Trí chaogad laoch do b'fhearr lúth, Sgéimh, cliú, is do b'áirde cáil. “Cia an tír áluinn í siúd, A inghean chinn na dtriopall óir, Is breaghtha dreach dá bhfaca súil, Nó an í siúd Tír na nÓg.” “Is í go deimhin, a Oisín fhéil, Níor innseas bréag dhuit dh'á taoibh Níl nídh d'ár gheallas-sa dhuit féin, Nach bhfuil soiléir agat do shíor.”
VIII. — COLM CILLE. NUAIR bhí Colm Cille ina pháisde thug buachaill beag éigin breac dhó a bhí sé tar éis a mharbhughadh. Thug Colm Cille an breac a-bhaile leis, agus chuir sé i dtobar uisge é. D'éirigh an breac beó arís, agus mhair sé míle bliadhain. Is minic do rugadh air, nuair a bhíodh daoine ag tabhairt uisge as an tobar. Níor mhaith le éinneach dochar a dhéanamh dhó, acht nuair a thugaidís a-bhaile é, agus go gcuirtí i gcoire ar theinidh é i n-éinfheacht le feóil nó le iasg eile, ní théidhfeadh a raibh de theinidh 'san tír an t-uisge sin, nó go dtógfaidhe an breac aníos as arís, agus annsin bhruithfeadh na neithe eile bhíodh 'san gcoire. Chuaidh Colm Cille ar thórramh bhí ina chomhursanacht, uair, & bhí a oide, Cruithneachán, i n-éinfheacht leis. Ar
filleamhaint a-bhaile dhóibh baineadh leagan mór trom as an oide. Thuit sé — n-aghaidh na talmhan, agus fuair sé bás ar an toirt. Ní raibh a fhios ag Colm Cille gur bás a fuair sé, agus choir sé beinn a bhruith fá n-a cheann, mar cheap sé go raibh an t-oide ina chodladh. Thosuigh sé féin ag foghluim a cheachta, agus bhí a ghlór chomh hárd sin, agus é ag foghluim an cheachta, go gcuala tionól ban riaghalta, do bhí míle go leith uaidh, fuaim a ghotha. Tháinig triúr aca fá dhéin an ghotha. Chonnaic siad an bheirt, agus d'iarradar ar Cholm Cille a oide dhúiseacht, cé go bhfacadar go raibh sé caillte. Ghlaodh an naomh ar Chruithneachán, agus d'éirigh sé suas mar d'éireóchadh sé as a chodladh. Bhí Colm Cille lá eile cois na fairrge, & Baoithín, fear naomhtha eile, in' fhochair. Tháinig gála mór, agus chonnaic siad long dh'á báthadh. “Cé an fáth,” adeir Baoithín le Colm Cille, “a leigeann Dia an long sin a bháthadh?” “Mar gheall ar aon pheacach amháin a bhí innti do leig Dia í bháthadh,” adeir an naomh. “Sílim,” ar Baoithín, “go ndearna Dia éagcóir ar lucht na luinge.” Níor thug Colm Cille freagra an uair sin ar Bhaoitín, agus do leig sé thairis é. Acht chruinnigh sé lán gloice do bheachain, chuir sé i láimhín iad, agus thug an láimhín do Bhaoithín, & dubairt leis iad a choingbheáil. Ba ghearr gur éaluigh beach as an láimhín, agus chuir sí gath i mBaoithín, agus gur ghortuigh sí go han-mhór é. Bhí an phian go géar air, tháinig fearg air & bhuail sé beachain & láimhín fá'n gcloich, & níor fhan beach beo 'sa láimhín aige.
“Cé an fáth — ar mharbh tú na beachain?” arsa Colm Cille leis. “Beach díobh a ghortuigh go géar mé,” ar Baoithín. “Bíodh a fhios agat,” ars an naomh, “do réir mar ghortuigh gath na beiche thusa, gurab amhlaidh ghortuigheas an duine Dia ina pheacadh, & amhail do mharbh tusa lán na láimhíne do bheachain i ngioll le héin-bheach amháin, gurab amhlaidh sin do leigeas Dia do mhórán daoine bás d'fhagháil nar gheall ar aon pheacach amháin.” Chuaidh Colm Cille 'na dhiaidh sin go tuathaibh Toraighe, & tháinig an t-aingeal chuige, & diubhairt leis dul go hOileán Toraighe, & a bheannughadh & eaglais onórach a dhéanamh ann. Na naoimh eile bhí le Colm Cille, níor
mhaith leo féin gan dul ann, & an t-oileán a bheith aca. D'iarr Colm orra a dtrosdáin a chaiteamh go dtí an t-oileán, agus eilé duine a duocfadh a throsdán ar an oileán, eisean a dhul ann agus an t-oileán a bheith aige, & é ainmniughadh uaidh. Rinneadar amhlaidh. Chaith Colm a throsdán, & nuair d'fhágaibh sé a lámh rinneadh gath dhe, d'imthigh sé 'san aer, & tháinig sé anuas go díreach ar an oileán. Bhí Torach feadh radhairc uaidh, & níor tháinig trosdáin na naomh eile thar na hoileánaibh atá idir Torach & an tír mhór. Chuaidh an naomh ina dhiaidh sin ar an oileán, & shíl sé áitughadh dheanamh ann, acht ní leigfeadh an té ar leis an aít, i. Oilioll mac Baodháin dó é. D'iarr Colm air leithead a bhruit de'n oileán a thabhairt dó. Thug. Annsin do sgar Colm Cille a bhrat amach, & chlúduigh sé an t-oileán go léir leis. Nuair a chonnaic Oilioll sin tháinig an-fhearg air, & thug sé amach cú nimhe bhí aige, & sgaoil sé 'san naomhí, artheacht don choin chomh fada leis an naomh, chuir seisean comhartha an Croiche idir é féin agus í. Níor tháinig sí níos goire dhó & fuair sí bás ar an ngiodán sin. Nuair chonnaic Oilioll sin, chaith sé é féin ar a ghlúinibh, agus chreid sé i nDia & i gColm Cille. Bhronn sé an t-oileán air, agus rinne án naomh eaglais onórach ann.
BRIGHID. NUAIR a bhí Brighid óg, timcheall na mbliadhanta 450 agus 460, bhíodh sí ág tabhairt aire do thíg a hathar. Le grádh do Dhia thugadh sí déirce go leor do na bochtaibh agus cé go mba taoiseach saidhbhir é Dubhthach, a hathair, is beag nár thug sí a mhaoin ar fad uaithi mar dhéirc. Chuir sin fearg ar Dhubhthach, agus thug sé a inghean leis nó go ndíolfadh sé í le Dúnlaing, rí Laighean. Ar theacht dó go dún an ríogh, d'fhág sé a chlaidheamh 'san gcarbad, an áit a raibh Brighid, chuaodh sé isteach ag fiafruighe de'n rígh an gcethnnócadh sé a inghean uaidh mar sheárbhfhóghantaidhe. “Cad chuige a bhfuil tú ag díol t'inghine?” ars an rí.
“Gach nídh d'á mbeireann sí air,” adeir Dubhthach, “tugann sí do na bochatibh é.” “Tabhair chugainn í,” arsa Dúnlaing. Chuaidh Dubhthach amach, agus ní fhaca sé a chlaidheamh 'san gcarbad. “Cá bhfuil mo chlaidheamh?” adeir sé, le n'inghin. “Thugas do dhuine bhocht é,” ar sise. Tháinig fearg an domhain ar Dhubhthach. “Cé an chiall duit a thabhairt do dhuine bhocht?” adeir sé. “Dá mbadh liom-sa thusa & gach a bhfuil agat, & iarradh an Tighearna mo Dhia orm sibh, bhéarfainn sibh uile go léir Dhó,” arsa Bhrighid. “Ní fiú thú go ndíolfá an inghean soin,” adeir Dún- laing, “ná ní fiú mise go gceannóchainn í, mar is uaisle í os comhair Dé ná sinne,” agus thug sé claidheamh eile do Dhubhthach i n-ionad a chinn féin. Fuair Brighid cead ó n-a hathair, 'na dhiaidh sin, í féin a thabhairt suas do Dhia agus do'n eaglais ar fad. Chuaidh sí go hEasbog MacAille a bhí 'na chomhnaidhe ar thórainn na hIar-Mhidhe le go nglacfadh sé í féin & triúr ban eile isteach mar mhnáibh riaghalta. Bhí sí, lá, ar aoidheacht i dtigh & d'éirigh le muinntir an tighe go ndeachadar go léir amach, acht aon mhach amháin a bhí balbh & ina chláiríneach. Ní raibh a fhios ag Brighid go raibh sé amhlaidh. Annsin tháinig daoine isteach ag iarraidh bídh. D'fhiafruigh Brighid do'n ghasúr cá raibh eochair na cuilne. D'fhreagair an garsúr í, agus dubhairt sé: “Tá a fhios agam cá bhfuil sí.”
“Éirigh,” arsa Brighid, “agus tabhair chugam í,” agus d'éirigh sé ina sheasamh taréis a bheith ina chláiríneach dhó roimhe sin, & rinne sé freastal ar na daoinibh. D'iarr a hathair uirri, lá eile, dhul go Dúnlaing, rí Laighean, agus an claidheamh do thug seisean do Dhubhthach roimhe sin a fhágáil aige go bráth. Chuaidh Brighid go Dúnlaing, & ag doras an tighe tháinig fear chuici do bhí ina mhogh ag an rígh. “Dá saorfá mé ó'n rígh,” adeir sé, “bheinn imo Chríostaidhe, & dhéanfainn seirbhís dhuit-se.” Dubhairt Brighid: “Labhróchad ar do shon leis an rígh.” Chuaidh sí isteach, d'iarr sí ar an rígh an claidheamh d'á hathair, agus saorsacht do'n mhogh. “Cé air a dtiubhrainn sin duit?” adeir Dúnlaing. “Má's áil leat é,” adeir Brighid, “gheobhair féin na Flaithis tar éis do bháis, & beidh do chlann mhac ina ríghtibh 'do dhiaidh go bráth.” “Ó thárla nach bhfeicim na Flaithis,” adeir an rí, “níl mé ag á iarraidh. Maidir le mo chlainn mhac, an té thiocfas imo dhiaidh, saothruigheadh sé dhó féin. Acht tabhair dham fad saoghail, & buaidh i gcogadh ar Mhuinntir Néill, mar is minic cogadh eadrainn.” “Geobhaidh tú sin,” ar Brighid, agus fuair. Leig sé an mogh amach saor, & d'fhágaibh an claidheamh ag Dubhthach. Bhí deich gcath ar fhichid idir Dhúnlaing & Muinntir Néill i n-Éirinn 'na dhiaidh sin, agus naoi gcath eile do throid sé i n-Albain, agus bhuadhuigh sé iad go léir. Tar éis a bháis tháinig cogadh idir na Laighnigh & Muinntir
Néill arís; tigadh corp Dhúnlaing amach agus do hiomchruigheadh é i n-aghaidh Chlainne Néill, & bhuadhuigh na Laighnigh arís. Uair eile, bhí buachaill ag foghluim i gcoláisde i n-aice le Cill Dara an áit a raibh cealla Bhrighde. Rith sé, lá, go deifreach thar Bhrighid. “Cá rachair chomh luath soin?” adeir an naomh leis. “Go Flaitheas,” ars an sgoláire go haereach. “Badh mhaith liom-sa dhul leat,” adeir Brighid go diadhanta,“ & déan urnaighthe ar mo shon ionnus go dtiocfainn leat.” Tháinig aithmhéala ar an sgoláire mar gheall ar an bhfreagra gearr a thug sé uirri, & dubhairt sé, “Guidh thusa ar mo shon-sa, ionnus go rachainn-se ar neamh, agus guidhfead-sa ar do shon-sa
ionnus go dtiubhrá na mílte go flaitheas Dé leat.” D'innis Brighid dó annsin go mbeadh sé ina shagart fós, & go dtiubhradh sé cumaoineach dhi ar uair a báis. Nuair a chuala sé sin, chuir sé láimhín ar a dheis-láimh le í choingbheáil glan i gcomhnuidhe, & 'sé an t-ainm a bhí air uaidh sin amach, Nainnidh Lámh-ghlan. Tháinig dhá lobhar go dtí Brighid, lá, nó go leigheasadh sí iad. Dubhairt sí leo a chéile a nigheachán. Nigh an dara duine an chéad duine, & leigheas an nigheachán é. Dubhairt sí annsin leis an gcéad duine an fear eile a nigheachán, acht ní nighfeadh, & nigh sí féin an lobhar eile, agus leigheasadh é. “Airighim,” ars an chéad fhear “teas imo chroiceann mar bheadh aithinneacha teineadh ann,” agus do bhuail an galar arís é, ó mhullach a chinn go bonn a chos, mar gheall ar a easumhlaidheacht. Bhí Nainnidh Lámh-ghlan 'sa Róimh, nuair a tháinig teachtaireacht ó neamh chuige go raibh Brighid ar leabaidh an bháis, & go mba mhithid dó dhul ar ais le cumaoineach a thabhairt di. D'imthigh leis bog te, go dtáinig sé go dtí an naomh i gCill Dara, & tar éis cumaoineach a ghlacadh dhi ó Nainnidh, fuair sí bás ar an gcéad lá de mhí na Féile Brighde 'sa mbliadhain 525.
X. — CLUAIN TAIRBH 'SÉ an congnamh bhí ag Brian Bórumha ar a thaoibh i gCluain Tairbh : — fir Mhumhan agus fir Chonnacht & fir Mhidhe. Ní raibh aon mhuinighin aige as muinntir na Midhe, mar bhíodar féin & na Gaill carthannach le n-a chéile. Mar sin féin, bhí togha na bhfear aige, fir áilne uaisle lán de neart agus de ghaisge, chomh láidir le leomhain, chomh beodha le beachain, chomh sgiobhtha le seabhac i ndiaidh smólaigh. Níor thug siad druim d'aon duine riamh i dtroid, agus bhíodar i n-arm Bhriain, an treas fhear a b'fhearr a rugadh i nÉirinn, do réir mar deir an sean- chaidhe. Bhí fonn orra troid faoi-sean, bhí sé chomh huasal, chomh láidir, chomh glic, chomh fírinneach, chomh diadhanta sin. Ní raibh aon éadach catha aca le iad féin a chosaint ar na buillíbh borba tháinig orra. Bhí tuagh throm ghéar ina láimh ag gach aon fhear aca, le lúireach an Lochlannaigh a ghearradh, & claidheamh cruaidh le n-a thaoibh. Bhí freisin aige sleagh shleamhain, & cos chuill innti, & beara bradacha nimhneacha le caitheamh. Ní raibh cóir chosanta ar bith aca, acht sgiath a bhí ar a chiotóig ag gach aon fhear. Is mór an congnamh bhí cruinn ag na Lochlannaighibh an lá soin i gCluain Tairbh. Tháinig sluagh mór chuca ó oileánaibh na hAlban, Siograith as Insibh Orc, agus sluagh leis, agus daoine í Insibh Cad, ó Mhanainn, ó Scí, as Cinn Tíre Airir Gaedheal; tháinig Carlus & Eibric, beirt mhac ríogh na Fraince, & Plat, laoch Lochlannach,
chuca. Agus bhí Gaedhil leó, chomh maith céadna. Bhí Maolmórdha mac Mhurchadha, Rí Láighean, orra, agus Baodán mac Dhúnlaing, Rí Iar-Laighean, Dúnlaing mac Thuathail, Rí Life, agus tuilleadh d'uaislibh Laighean & d'uaislibh Ó gCinnsealaigh leó. 'Siad na hairm a bhí aca-san saighde le caitheamh as an láimh & as na boghaibh mar a chéile, gaethe géara garbha, & claidhmhte móra troma. Bhí lúireacha orra a d'fholuigh iad ó cheann go troigh. Bhí an lóireach soin déanta d'iarann, nó d'umha, agus í deas luighte orra, mar bheadh culaith éadaigh. Ní thiocfadh tada thríthe-se, muna dtéigheadh buille de thuaigh. Bhí an dá shluagh annsin os comhair a chéile, ar pháirc Chluana Tairbh, maidin Aoine an Chéasta, 'san mbliadhain 1014. Bhí an rí féin, Brian, ina chábán, mar bhí sé ró- aosta le dhul chun troda. Bhí na Lochlannaigh agus a gcól le fairrge aca, agus coillte go fairsing timcheall ins gach uile áit. Tá tighthe agus sráideanna indiu ann. Thosuigh an cath. Rinne sluagh na nGaedheal ar a n-aghaidh go dtí na Danair, agus bhí an dá bhuidhin ag bualadh, ag treasgairt, ag leagan, & ag sáthadh a chéile chomh tiugh & d'fhéad siad é. Ní gunnaí ná piléir a bhí ann mar tá anois, & b'éigean do gach fear seasamh ar aghaidh a námhad. Chaith siad an lá sin ar fad i n-éadan a chéile. Bhí sé ina thuile nuair a thosuigheadar, & ní raibh deireadh leis an ár go raibh sé ina thuile arís tráth- nóna. Ghabh na Gaedhil de thuaightibh ina námhaid, agus de ghaethibh agus de shleaghannaibh; ghabh na Lochlannaigh de chlaidhmhtibh & d'airm eile ionnta-san, agus bhrúcht an fhuil amach ó gach aon taoibh ar gach aon duine tim-
cheall; chas an ghruag ar na tuaightibh, agus ba mhór an obair iad a réidhteach arís. Fá dheireadh, is beag duine aca a d'aithin an duine eile. Ní aithneóchadh an t-athair an mac ná an dearbhráthair an dearbhráthair eile, muna n-aithnigheadh sé a ghlór, bhíodar féin agus a gcuid éadaigh chomh smeartha, chomh salach sin, le fuil agus le allus. Acht 'siad na Gaedhil a bhí i n-uachtar tráthnóna. Theich na Danair, agus ní raibh aon áit aca le teicheadh acht ar ais 'san bhfairrge. Báitheadh a lán aca innti, & bhíodar ina sraith marbh ar an talamh tirm, chomh maith. Ní raibh le Brian ina chábán acht aon ghiolla amháin le freastal air. I dtús an lae d'ísligh sé ar a ghlúinibh, & thosuigh sé ag guidhe Dé. An tráth a raibh céad go leith paidir ráidhte aige, d'fhiafruigh sé de'n ghiolla cé an chaoi a rabhadar ar gach taoibh. “Tá siad measgtha go dlúith ina chéile,” ars an giolla, “agus iad ag gabháil de bhuillíbh i gcloignibh, i gcnámhaibh, & i mblaosgrachaibh a chéile.” “Cionnus tá meirg Mhurchaidh?” adeir Brian. D'fhreagair an giolla go raibh sí ina seasamh, agus mórán meirgí eile ina timcheall. Shásuigh sin é. D'ísligh sé arís ar a ghlúinibh, & dubhairt sé céad go leith eile paidir, & d'éirigh arís, & d'fhiafruigh cionnus do bhí an cath. D'innis an giolla dhó. Chuaidh Brian ar a ghlúinibh an tríomhadh huair, & chuir sé céad go leith eile paidir chun Dé. D'éirigh sé annsin, agus cheistnigh sé an giolla an tríomhadh huair, cionnus do bhí an cath. D'innis an giolla dhó go raibh bratach Mhurchaidh ar lár, agus na Danair buailte, & go mb'fhearr dhó féin éalódh agus a dhul imeasg na ngiollaí.
“A dhe, a ghiolla,” arsa Brian, “ní deas é an teicheadh, & is feasach mé nach as an áit seo a rachas mé beó, mar tháinig Aoibheall na Craige Léithe chugam aréir, & d'innis sí dham go mairbheóchaidhe indiu mé.” Agus rinne sé a udhacht ar an láthair sin. Níor bh'fada bhíodar ag comhrádh go bhfaca an giolla triúr fear ag déanamh orra. D'innis sé do Bhrian é. “Cé an saghas daoine iad?” ar an rí. “Daoine glasa lomnochta,” ar an giolla. “Is truagh sin,” ar an rí, “sin iad lucht na lúireach,” & d'éirigh sé, & tharraing sé chuige a chlaidheamh. 'Sé Bruadar an Lochlannach tréan, a bhí ann, agus beirt eile freis. Tháinig siad isteach. “Cing, Cing,” arsa duine aca, “is é seo an rí.” “Ní hé,” ar Bruadar, “acht sagart uasal é.” “Ach!” adeir an fear eile, “an rí mór, Brian, atá ann.” D'iompuigh Bruadar ar Bhrian annsin, a thuagh ina láimh aige, & bhuail Brian é le n-a chlaidheamh. Bhain sé an chos chlé ón nglúin de leis an iarraidh sin, agus an chos dheas ó'n trácht. Mharbh Brianan dara fear a bhí le Bruadar, acht sgothadh an ceann de féin le buille de'n tuaigh. Ba hí sin críoch Briain Bhorumha.
XI. — CATH CHNUIC AN ÁIR. Is gearr go bhfacamar ag teacht, An taiseach Tailc ba chruaidh lámh; Níor umhluigh, is níor bheannuigh d'Fhionn, Acht iarras cath tar chionn a mhná. Cuirimid deich gcéad 'na dháil, Do b'fhearr lámh i n-aimsir gleó; Duine díobh níor fhill tar 'ais, Gan tuitim re Tailc mac Treóin. Do chuireamar ann is ba chóir a mhaoidheamh, Gan amhras Caoiltemac Rónáin; Deich gcéad sgiath gorm glas, Go n-a bhfearaibh cródha b'fheárr. Deich gcéad taoiseach, naoi gcéad laoch, Bhí taobh ar thaoibh d'ar muinntir féin, Is, a Phádraic an chreidimh chruaidh, Sin ar theastuigh uainn de'n bhFéinn,
Iarras Oscar cead ar hionn, Gidh doiligh liom é do luadh, Dul do chomhrac an laoich, An t-am do chonnaic díth na sluagh. “Do geobair cead uaim,” ar Fhionn, “Gidh eagal liom do thuitim thríd; Éirigh is beir mo bheannacht leat, Cuimhnigh do ghail, is do ghnímh.” Gluaiseas Oscar, an fear áigh, Ar a láimh níor cuireadh béim, An laoch calma do b'fearr lámh, Go ráinig sé Tailc nac Tréin. “Tabhair aghaidh dhamh-sa féin, A Thailc mhic Tréin,” ar Oscar áigh, “Óir bainfead-sa dhíot do cheann, I ndíoghal na ndream so ghoin do lámh.” “Dar do láimh-se, a Oscair áigh, Gidh buidheach dhíot bárd is bean, Beidh tú agam-sa 'nocht gan cheann, Is beidh an fear Fionn go leamh,” Ar feadh chúig n-oidhche is chúig lá, Bhí an dís nar thláith ag gcleic, Gan biadh gan deoch, ar díth suain, Gur thuit Tailc le buaidh mo mheic.
WII. — DIARMUID MAC MURCHADHA. BHÍ sean-fhear i seomra i gcaisleán i bhFearna, agus é ina shuidhe go brónach ar aghaidh teineadh breagh. Bhí a uillinn leagtha ar bhord aige, bos fá n-a leacain agus é ag breathnughadh síos 'san teine. Bhí gruag fhada liath air, í ag tuitim síos ar a ghuaillibh. Bhí an fear ina mhaoil. D'árduigh sé a cheann i gcionn tamaill, & ghlaodh sé ar ghiolla. Tháinig an giolla isteach, & sheas sé i n-aice leis. “Cá bhfuil Murchadh? ars an sean-fhear. “Tá sé ag fiadhach an tuirc ó mhaidin, a Rí Laighean,” ars an giolla. “Cuir chugam Mac Lochlainn, d'éile,” ar an rí. Leis
sin, d'imthigh an giolla amach, go ndeireadh sé le Mac Lochlainn, cisdeóir an ríogh, dul isteach chuighe. Nuair d'imthigh an giolla amach, thosuigh an rí, Diarmud mac Murcada, ag caint leis féin: “Ní leigfidh mise do na cléirchibh seo,” ar seisean. “éirghe imo mhullach ar fad. Tá siad ag éirghe teann anois ó thárla go raibh mé géilleamhnach dhóibh féin agus do'n Mhordhach le fada, acht cuirfidh mise fá ndeara doibh nac mbeidh siad leat comh dána ná chomh teann & tá siad le leith-bhliadhain anuas. Nach adhbhar báis is lae dhom é, i ndeireadh mo shaoghail thall, go bhfuil — ” Ritheann an giolla isteach go hobann, agus deir sé : “Tá Cathal mac Taidhg annso ag an doras, a Rí Laighean, agus uathbhás an domhain air; tá sgéala mór éigin aige dhuit.” Cuireadh Cathal isteach & láib & guta go bun a chluaise air. D'innis sé do'n rígh mar bhí an sluagh daoine ag teacht aniar dtuaidh ar an mbaile mór. Ní rabhadar an tráth soin acht trí mhíle uatha, agus iad curtha fútha fá chomhair ná hoidhche. D'fhiafruigh an rí go mí-fhoighdeach cé hiad a bhí ann, agus cé mhéad duine, tuairim. D'fhreagair Cathal go raibh feara Bhreifne, feara Mhidhe, Gaill Átha Cliath, agus iad go léir fó cheannas Thighear- náin Uí Ruairc. “Cá bhfuil Murchadh, nó an freis a bhí tú?” ar Diarmuid “'Sead, a rí,” arsa Cathal, “d'fan sé im o dhiaidh nó go bhfuigheadh sé fios go fírinnrach ar a líon agus a ngnó.” “An raibh sé le aon mhoill a dhéanamh?” “Uair nó dhó a cheap sé dhó féin, a rí.”
“Déanfaidh sin an gnó,” ars an rí, nuair a chonnaic sé Mac Lochlainn chuige isteach. “Tá na brútaighthe seo orainn arís, is cosmhail, & foireann láidir acá,” ars an rí. “Cia hiad so, a rí?” ars an Lochlannach. “An Ruarcach & a shluagh, feara Mhidhe agus Gaill Átha Cliath, cluinim,” arsa Diarmuid. “Bhí mé len' fhiaf- ruighe dhíot fá mhuinntir Laoighse, acht fanaidís mar sin anois go mbeidh an ráigh seo thart, iad féin is a gcléir. Faoidh leat go beó, tapuigh an lá, agus bíodh gach uile nídh i gcóir i gcoinne na maidine. Beidh Murchadh annso ar báillín beag, agus an cunntas go hiomlán aige fútha.” Acht taréis neithe do chur i gcóir do Mhurchadh fá chomhair shluaigh an Ruárcaigh sin a raibh dh'á bharr aige. Tháinig siad-san anuas ar an mbaile i ndorchadas na maidne, & mharbhuigheadar gach uile fhear d'ar fhéach le bacainn a chur orra. Fá dheireadh, rugadar ar an rígh, Diarmuid mac Murchadha, & thugadar os comhair Thighearnáin Uí Ruairc é. Thug an Ruarcach mar bhreith air é dhíbirt as an tír amach, agus a mhac, Murchadh. chur mar rígh ina ionad. Cuireadh Diarmuid mac Murchadha tar sáile an bhliadhain sin — 1166 — taréis aríoghacht a bhaint de, & a thabhairt d'á mhac. D'imthigh seisean ar lorg ríogh Shasana, nó go bhfuigheadh sé congnamh uaidh-sean le n-a ríoghacht féin fhagháil ar ais arís. Bhí rí Shasana 'san bhFrainc an uair sin, agus a dhóthain ar a aire, seachas congnamh a thabhairt d'fhear eile. Acht dubháirt sé le Diarmuid labhairt le cuid d'á mhuinntir i Sasana, & má
thogair siad-san a dhul leis, nach gcuirfeadh sé féin aon bhacainn orra. Tháinig Rí Laighean ar ais go Sasana ann- sin, & fuair sé eolas ar Iarla Strongbó, & ar cheathrar nó cúigear eile de thaoiseachaibh na Breataine Bige. Gheall sé dhóibh, dá dtiocaidís leis, agus é dul ar ais ina ríoghacht, go dtiubhradh sé talamh gan chíos dóibh an dá lá is mhairfidís, & go dtiubhradh sé a inghean mar mhnaoi & mar bhain-chéile do Strongbó féin, agus oighr- eacht a ríoghachta .i. ceart a bheith ina rígh taréis a bháis. Bhí an margadh déanta ainnsin eatorra, & fá Bheal- taine, tháinig chomh maith le chúig céad fear anall go Conndae Locha gCarmain. Bhí Diarmuid i bhfus rompa agus 500 fear bailighthe aige féin. Bhuaileadar fó
bhaile Locha gCarmain, & ghabhadar é; chuadar as sin go Fearna, & ghabhadar é sin. Fó'n am so bhí 3,000 fear ag Diarmuid, & d'éirigh sé teann postamhail mar gheall ar a bheith ina shean-áit féin aris. Chuaidh sé go hOsraighe go gairid 'na dhiaidh sin le 3,000 fear & bhain sé sásamh de Mhac Giolla Pádraic, taoiseach na háite sin, fá rud éigin a rinne sé air, bliadhanta roimhe sin. Fuair an t-Ard-rí — Ruaidhrí Ua Conchubhair — sgéala ar na neithibh seo, agus ghlaodh sé chuige ar a chuid comh- airleóiríbh go bhfeicidís céard do b'fhearr a dhéanamh. Chuaidh Ruaidhrí, & árm ina fhochair go Fearna, agus rinne sé socrughadh le Diarmuid mac Murchadha. Gheall Diarmuid dó nach dtiubhradh sé isteach níos mó do na Sasanaighibh, go ndíbreóchadh sé uaidh gach a raibh aige dhíobh, agus go n-admhóchadh sé Ruaidhrí bheith ina árd-rígh. Acht ní raibh sé ag iarraidh acht am d'fhagháil le cur faoi go daingean. An bhliadhain a bhí chugat chuir sé fios ar na Sasanaighibh arís & tháinig Strongbó & suas le míle go leith fear leis. Tháinig sé i dtír i bPortláirge; chuir sé an haile sin fá n-a smacht i gceann trí la. Chuaidh sé féin agus Diarmuid as sin go Baile Át Cliath, mar bhí seilbh ag Diarmuid cheana ar an mbaile sin. “Diarmuid na nGall,” a thug na daoine air mar leasainm, mar is é an chéadfhear é a thug Sasanaigh anall go hÉirinn. Fuair sé bás fá Bhealtaine an bhliadhain cheadna, “gan ola gan aithrige,” i mbaile Fearna.
XIII. — TOMÁS MAC GEARAILT. BA hé Gearóid óg Mac Gearailt do bhí i n-árdchean- nas na hÉireann 'san mbliadhain 1534. Bhí a náimhde agá chur amach air go raibh sé ag déanamh éag- córa ar na daoinibh, agus ag braith ar leigean d'á ghaoltaibh glaodhach ar Rígh na Fraince le congnamh thabhairt dóibh fá'n tír a bhaint amach dóibh féin. Cuireadh fios go hÉirinn air, agus, tar éis a mhac, Tomás, d'fhag- áil ina áit, d'imthigh lais go Lunndain. Ba deacair an rud sgéala d'fhagháil i nÉirinn ó Lunndain an t-am soin. Ní raibh litreacha chomh tiugh
ná dh'á n-iomchur chomh sgiobtha agus tá siad indiu. Chuir náimhde na nGearaltach tásg amach gur cuireadh chun báis Gearóid óg Mac Gearailt i Lunndain. Nuair a chuala Tomás an sgéala tháinig cuthach feirge air. Ní raibh sé acht bliadhain if fiche an tráth so. Dubh- radh go raibh na Gearaltaigh go léir le cur i leathtaoibh, chomh maith le Gearóid. Chuir sin buile thar cionn ar Thomás. Thug sé leis a chuid fear go dtí seomra na comhairle, agus d'innis sé so na comhairleóiribh na sgéala bhí aige. Bhí sé gléasta i bhfalluing agus i n-éadach na Comhairle; bhí a ghiollaí amach roimhe agus ar gach taobh dhe, giollaí eile ina dhiaidh, agus claidheamh na Comhairle ag fear an chlaidim. Bhí uaisle & mór-uaisle le n-a chúl, & iad reid liomhtha le n-a chomhairle dhéanamh. Labhair sé go teann fearamhail feargach — “Níor tháinig mise annso indiu,” ar sé, nuair a bhíodar ag déanamh áite dhó le suidhe ag ceann an bhuird, “le suidhe froibh-sé, ag glacadh comhairle libh, acht tháinig mé le hinnsint daoibh fá'n dúnmharbhadh do rinneadh thall i Lunndain, & céard tá fúm-sa a déanamh mar gheall air.” D'éirigh Alan, Árdeasbog Bhaile Átha Cliáth, ina sheasamh agá cheistniughadh, agus ag déanamh iongantais de'n chosamhlacht a bhí ar Thomás. “Tá tú ag leigean ort féin,” ar Tomás, “nach bhfuil a fhios agat go ndearnadh dúnmharbhadh ar m'athair — ” “Dúnmharbhadh!” adeir siad go léir, & iongantas an an domhain orra.
“Seadh,” ar seisean, ag labhairt leis an árd-easbog “go ndearnadh dúnmharbhadh go héagcórach & go feall- tach ar m'athair, & gur tusa an fealltóir, tú féin & foireann eile atá leat.” Chomh luath & chuala fir an Ghearaltaigh gur cuireadh Gearóid chun báis, táinig fearg & olc orra, & ritheadar isteach, a gclaidhmhte ina lámhaibh aca, ag easgainidhe & ag luadh na mionn go mbainfidís sásamh amach de'n té ba cionntach le bás Ghearóid. Sheas Alan suas le labhairt, agus d'éirigh Crómair, Árd-easbog Árda Mhacha, le labhairt ar son an Ghearaltaigh. Labhair Alan, & bhí sé ag rádh nach raibh Gearóid díleas d'á rígh, acht bhí dearbhráthair do Ghearóid, Oilibhéar, i láthair, & bhréag- nuigh seisean Alan. Leis sin d'iompuigh Tomás ar a sháil, rug sé greim ar chlaidheamh na Comhairle ó'n bhfear a raibh sé aige, agus shiubhail sé suas go dtí an bord. “Seo,” ar seisean, “cuireadh m'athair chun báis mar gheall ar bhréagaibh éigin a cuireadh air, agus tháinig mé annso le rádh go bhfuilim ar tí sásamh do bhaint amach mar gheall air. Acht, mar sin féin, ní bheidh sé go deo le rádh go ndearnamar an troid seo do thosughadh gan í fhuagairt mar dhéanfadh laochraidh & daoine uaisle. Ní'l aon ghnó de'n chlaidhechmh seo agam feasta, acht gheobhad gnó de mo chlaidheamh féin. Ní cara do rígh Shasana anois mé, acht námha, agus is gearr go mbeidh a fhios ag an saoghal láimhe gur tíoránach bréagach bradach mí-chríostamhail é an fear soin. Glacaidh an claidheamh so.” Bhí Niall Ruadh Ua Cinnéide, bárd an Ghearaltaigh, i láthair, & “Crom a bú!” ar seisean. Annsin chan sé
rann nó dhó ag moladh Thomáis na Falluinge Síoda, Árd-rí Éireann. Sin é an leasainm do bhí ar Thomás, & tugadh air é, mar gheall ar gur éadaigh síoda is mó do chaitheadh sé. Acht níor thaithnigh sé le n-a cháirdibh go raibh an Gearaltach chomh ceann-dána soin, cé go ndar leo go raibh siocair a dhóthain aige. Cheap siad go mb'fhearr dhó an réidhteach a ghlacadh, & bhí Crómair, an t-Árd-easbog, ag iarraidh foighid a chur ann. Chinn sé air. Bhí Tomás splanncuighthe. “Go raibh maith agat,” adeir sé, “acht ní comhairle atá uaim. Má's ceart dom cuimhniughadh ar mo rígh, is cirte ná soin dom cuimhniughadh ar m'athair. Go raibh míle maith agat ar son do chomhairle; tá mise gabhtha le cibé céard tá ag Dia fá mo chomhair, & muna' leat an claidheamh so do ghlacadh uaim, seo agaibh dhaoibh é féin agus an meas do bhí agam ar bhur máigh- istir.” Leis sin chaith sé an claidheamh de thuairt le n-a dhá láimh ar an mbord aca, & strachaill sé dhe anuas éadaigh na Comhairle. Craitheadh an bord, léim an claidheamh i n-áirde agus chuir an torann & an gníomh sin sgannradh & eagla ar a raibh do láthair. Bhí uathbhás ar lucht na Comhairle nuair a chonnacadar é, & a mhuin- ntir féin ag gáir-mhaoidheamh leis. Nuair a bhí sin déanta aige & dubhshlán an ríogh tugtha os áird, bhí a náimhde sáata. Bhíodar ag súil go ndéanfadh sé an cleas céadna soin, nó cleas mar é, & is uime do chuireadar na bréaga ar bun ó thús, mar ba bhréaga iad. Bhí Gearóid Mac Gearailt beó beathadhach,
cé go raibh sé fá ghlas i Luinndan i n-imtheacht an ama so. XIV. — RUAGADH NA NGAEDHEAL. BA bhrónach an sgéal do bhí le n-aithris ag Clainn na nGaedheal i gCúige Mumhan 'san mbliadhain 1585. Bhí an tír sgriosta ag na Sasanaighibh. Mharbh siad fir, mná, agus páisdí, go dtí na sean-daoine féin, ionnus go ndíbreóchaidís iad, & go gcuirfidís as an mbealach iad. Bhíodar ag iarraidh an talamh bheith aca féin. Ní raibh íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir le fágáil ann gan díbirt.
Sheas na Gearaltaigh ar thaobh na nGaedheal; fuair duine aca congnamh ó'n bPápa, agus tar éis troid thréan do dhéanamh i gCiarraighe, an áit a dtáinig an congnamh i dtír ó'n Róimh, buaileadh iad. Ghlaodh an t-uachtarán do bhí ar Chúigeadh Mumhan chuige gach a raibh umhal do'n tSasanach le dul i n-arm, agus tháinig an- bhuidhean fear chuige. Bhí fhios aige go gcaithfeadh Iarla na nGearaltach — an Gaedheal ba mhó le rádh 'san gcúigeadh, dul leis nó i n'aghaidh. Bhí a bheirt dear- bhráthar ar thaobh na nGaedheal, agus chuaidh seisean ar an taobh chéadna. I ndeireadh foghmhair tháinig foireann Spáinneach & Eadáileach isteach 'san áit chéadna a dtainig an dream eile roimhe sin. Chuireadar fútha i ndún annsin, mar bhí airgead & gunnaí de chabhair aca, agus bhí tuilleadh le teacht. Tháinig na Sasanaigh orra, agus bhí sé ina throid, gan mhoill. D'iarr lucht an dúna cáirde, tar éis a bheith trí lá ag troid. Gheall na Sasanaigh go sgaoilfidís bóthar leó
gan aon dochar a dhéanamh dhóibh, act a ngunnaí a lea- gan uatha. Leag, agus mharbh na Sasanaigh gach uile dhuine aca, agus sagart do bhí ina measg. Chrochadar na mná. Bhíodhg na Gaedhil arís as an nua, taréise sin. Thuig na Gaill anois nach dtiocfadh aon mhaitheas as an ár so, agus d'fhuagradar síothcháin agus maitheamhnas do gach uile dhuine acht d'Iarla na nGearaltach amháin. Bhí bunáilte a chuid fear marbh; bhíodar ina dhiaidh féin, mar bheidís i ndiaidh bheithidheach éigcéill, agus eisean ag dul i bhfolach orra. Tháinig siad air, fá dheireádh, i n-aice Thráighlí, agus mharbh siad é; chuireadar a chloigeann anonn go Lunndain, agus cuireadh ar spíle ar Dhroichead Lunndain é. Bhí an bealach réidh anois le foireann nua do chur isteach ar thalamh na Mumhan. Rinne na Gaill dlighe go raibh a gcuid talmhan caillte ag na Gearaltaigh, & ag seacht bhfichid fear d'á gcongantóiribh. Roinneadh an talamh soin ar na Gallaibh. Chaithidís dhá phinginn nó trí pinginne an t-acra d'íoc air, & tunóntaí thabhairt as Sasana agus as Albain a chuirfeadh fútha ann, acht ní raibh cead aca aon Ghaedheal amháin do ghlacadh isteach, ar fhaitchíos go ndéanfaidís áitreabh ann arís. Acht ní raibh aon mhaith ann. Chuir siad féin an-droch- cháil ar an tír, agus ní thiocfadh na Sasanaigh anall, le heagla nach ndéanfaidís aon tsocrughadh ann. Tháinig mathshluagh aca, acht chuaidh cuid aca ar ais arís. I n-áit 20,000 Sasanach do bheith aca, mar cheapadar, b'éigean dóibh an chuid ba mhó de'n talamh d'fhágáil bán, nó na Gaedhil do leigean ar ais. Bhí siad-san — an méid
díobh a d'fhan beó — ar fud na gcnoc agus na gcoillte fós, sáidhte i sgailpreachaibh agus i n-áiteachaibh a bhfuighidís fosgadh ó'n doininn agus ó'n ngairbhthean. Ruaigeadh as a gcuid talta féin iad, agus luath nó mall, bhuailfidís buille eile ar a son. Ghlac na Gaill leo, ó thárla nár fhéadadar a malairt d'fhagháil, agus sin é an bealach a dtáinig cuid de na hÉireannaighibh ar ais ina mbailtibh féin arís. Mar sin féin, ní raibh cead aca, do réir an dlighe, filleadh. Bhí cead ag na Gallaibh iad do marbhughadh mar mharbhócháidís sionnaigh nó bruic. Ní fhéadfaidís díol ná ceannach a dhéanamh, oideachas do thabhairt d'á gcloinn, a gcreideamh féin ná sórt luach airgid de mhaoin ar bith do bheith aca. Rinneadh an dlighe na n-aghaidh ar gach uile chor, agus ba bheag an dochar dhóibh, dá mbeidís gan an droch-shaoghal úd do shárughádh.
XV. — AN CAT GLAS. Ní raibh cat chomh breagh leis i gClár Luirc aoibhinn. Ná a shamhail le fagháil ó thráth na díleann; Bhí croidheamail laidir áluinn gníomhach, Is monuar go bráth mo pháinteach claoidhte. Níor dhíon do'n ghall-luich poll ná áirse Ar teact na Samhna ná i n-am an cháithte; Da maireadh Mathghamhain, budh rogha léi bás d'fhagháil, Is anois ó's fann é, foghailfidh m'árus. Ní raibh go feasach a shamhail i gClár Luirc; Do sheinneadh crónán comh binn le cláirsigh; Do bréagad leinbh is daoine ársa; Is do thugad cearc uisge go minic chum Máire. Do thugadh an treadhnach isteach ó'n móin leis; Do thugadh ó'n sgairt an lon 's an smólach; Do thugadh an creabar is an gabhairín reóidh leis, Is breac ó'n linn, nídh nár dhóigh libh. Do thugadh an míol muighe isteach ar nóin leis, Is an páinteach coinín as goirtín Dhomhnaill. Na gealbhain tighe as díon an tseomra, Is an chuaichín binn a chlaoidh níor mheón leis. Do thugadh ó'n móin an mionnán aeir leis. An pilibín míog 's an shaoileann ghléigeal, Na cearca fraoich, de dhruim an tsléibhe. Is de'n cheirsig reimhir do ghníodh a bhéile.
Do bhréagadh go minic an leanbh dob' óige, Le crónán milis do seinneadh mar cheol chrot, Ba chlisde bheireadh ar imeall a chótha, D'á tharraing ó'n teinidh, ar eagla a dhóighte. Is lúthmar tapaidh do preabadh i n-áirde, Ar bharr crainn ubhaill & thugadh siocán as, Do thugadh go minic leis lacha nó bárdal, Feadóigín mhilis is pitrisg áluinn. Ba dheas é a cheann 's a chealltar gleóite, Ba dheas í a gheannc 's a ghreann féasóige, Ba dheas a dhrom 's a chom ba chórach, 'S a mhása teann chomh sleamhain le hómra. SÉAMUS Ó CAOINDEALBHÁIN. DO CHAN. (San mbliadhain 1813 do chum Séamus an dán ar “Eachtra an Chait.” Bhí sé 'na chomhnuidhe an uair sin i n-Eatharlach i gConndae Thiobrad Árann. I n-Irisleabhar an Gaedhilge do bhí an méid seo thuas de'n dán.)
XIV. — BÉAL AN ÁTHA BUIDHE. SÉ Aodh Ó Néill, flaith Thíre Eoghain, an fear is mó a chuir imnidhe ar mhuinntir Shasana i n-Éirinn 'san mbliadhain 1589. Níor bh' iongnadh dhóibh sin, mar bhí rún aige a ghreim a choingbheáil ar a chuid maoine féin i gcúigeadh Uladh, agus bhí rún ag na Sasanaighibh an mhaoin sin a bhaint de. Bhí port nó daingean láidir déanta aca ar an Abhainn Mhóir, chúig mhíle ó thuaidh d'Árd Mhacha. Is le iad féin a chosaint a bhí an teach láidir seo déanta aca, agus bhí 300 fear aca ann, an t-am so. Níor thaithnigh le Ó Néill iad-san a bheith chomh gar sin dó, agus d' ionnsuigh sé iad le hiad a chur as. Acht bhí siad ar sgáth na mballaí agus chinn sé air iad a dhíbirt. Acht d' fhágaibh sé fir ag faire an phuirt, agus dubhairt sé leo gan duine ná blas bídh a leigean isteach, ná duine leigean amach uatha. Chaitheadar tamall mar sin, acht fá dheireadh, bhí a gcuid bídh caithe ag lucht an phuirt, & theann an t-ocras leo. Ní fhuair siad dadadh isteach, agus, nuair a bhí an bheatha ithte aca, b'éigin dóibh na capaill a mharbhughadh agus a n-ithe. Chuala na Gaill i mBaile Atha Cliath go raibh na fir seo ag fagháil bháis leis an ocras, agus chuir siad amach 5,000 saighdiúr, agus Énrí Beging mar thaoiseach orra, le beatha thabhairt isteach go dtí na saighdiúir a bhí 'san bport. Tháinig na 5,000 fear so chomh fada le Árd Mhacha, agus, nuair a bhí a sgíth leigthe aca,
thug Beging amach iad agus roinn sé iad. Chuir sé dhá fhoirinn i dtosach, dhá fhoirinn eile sgathadh ina ndiaidh, & foireann eile ar deireadh. D'innis sé dhóibh cé an bóthar a dtiocfaidís agus céard a dhéanfadh siad. Chomh luath is chuala Aodh Ó Neill go raibh na Gaill ag teacht air chomh láidir sin, chruinnigh sé féin cong- namh. Tháinig Aodh Ruadh Ó Domhnaill agus laochraidh Thíre Chonaill go dtí é, Mag Uidhir agus a mhathshluagh féin, & Mac Domhnaill na hAlban Ó Ghleanntaibh Aontruim. Bhí sgata áluinn fear aige, agus maidin an lae a dtáinig Beging amach ó Árd Mhacha, bhailigh an Niallach a arm féin & labhair sé féin & Aodh Ruadh leo. “A dheagh-mhuinntir,” adeir Aodh O Néill, “ná bíodh eagla ná faitchios oraibh indiu mar gheall ar na hairm aisteacha, ná na héadaigh iongantacha atá ar na Gallaibh, mar gheall ar a ngleó ná a bhfothrom, ná an méid díobh atá ann. Is sár-chinnte gurab iad-san a bheas buailte indiu. Is ar thaoibh na fírinne atá sibh- se, acht tá siad-san ar thaoibh na bréige. Tá siad ag iarraidh breith oraibh, sibh a chur i bpríosón agus sibh a chrochadh, agus bhur n-éadáil dílis féin a ghoid uaibh. An leígfidh sibh dhóibh sin a dhéanamh?” Iad-san. — “Ní leigfidh, ní leigfidh, go héag!” Ó Néill. — “Tá arm mór aca indiu agus ní mór dhaoibh bacainn a chur orra.” Gháir na Gaedhil, dá mbeadh an oiread agus an oiread eile aca ann, nach bhfágfaidís féin an áit beo nó go mbeadh na Gaill buailte.
Ba cumhang eachrannach an bealach ina ndeacha na Gaill ó Árd Mhacha go dtí an Abhainn Mhór. Bhí sgeacha ar gach aon taoibh de'n tslighe agus tomacha & coillte agus ghearr na Gaedhil clais mhór leathan dhoiain treasna an bhóthair. Rinneadar an chlais an gach aon taoibh de'n bhóthar freisin, ionnus go raibh sí míle ar fad 'sa deireadh, & a lár treasna an bhóthair .i. leath mhíle dhi ar taoibh & leath mhíle dhi ar an taoibh eile de'n bhóthar. Ní raibh sí i bhfad ó'n Abhainn Mhóir aca, agus chuir Ó Néill cuid d'á arm i gcoill ar bhruach an bhóthair, roimh na Sasanaighibh. Chuir sé foireann eile fear i gcoill ar an taoibh eile de'n bhóthar, níos goire arís do'n chlaise. Bhí mathshluaigh eile le taoibh na clasach aige, & an clais idir iad féin agus na Sasanaighibh a bhí ag déanamh orra. Rinne na Gaill ar aghaidh go dtí an chlais nó go dtéighdís go dtí an abhainn, má b'fhíor dhóibh féin. Nuair a tháinig siad chomh fada leis an áit a raibh fir Uí Néill 'san gcoill, phléasg cith piléir amach orra & thuit cuid aca agus iad marbh. Chuaidh an chuid eile aca ar aghaidh, ag déanamh ar an gclais. Tháinig an dara foireann Sasanach, agus d'ionnsuigh na Gaedhil a bhí 'san gcoill an taobh eile de'n bhóthar iad, agus iad ag gabháil thré áit bhog. Bhí gunna mór aca, agus chuaidh sé 'gá bháthadh orra nuair a bhí na Gaedhil ag caitheamh leo. Ar feadh an ama so chuaidh an fhoireann Gall a bhí i dtosách thar an gclais mhóir, & léim na Gaedhil a bhí ag fanacht leo annsin amach orra & chuir siad an ruaig ar ais orra. An mathshluagh Gall a bhí ar deir- eadh, léim na Gaedil a bhí i leathtaoibh an bhóthair amach
orra-san, agus bhí an troid ar siubhal ins gach uile áit fá'n am so. Acht an áit a raibh an gunna mór, ba ghearr a bhí an troid ar siubhal ann, nuair a thuit aithinne, as maisde bhí ag Sasanach, isteach i mbairille púdair. Phléasg an bairille púdair 'san aer, sgaip sé ar gach taoibh dhe, mharbh sé an mhuinntir ba goire dhó, & dóigheadh & loisgeadh a lán eile. Dhruid na Gaedhil níos goire isteach ar a námhaid anois & bhíodar ionann & a bheith ina mullach nuair a theich muinntir an ghunna mhóir. Anois, bhí an dream a chuaidh thar an gclais mhóir buailte, & b'éigin dóibh teicheadh, an méid díobh a d'fhéad é; bhí an fhoireann a bhí timcheall an ghunna mhóir buailte agus a gceannphuirt marbh; agus an sluagh a bhí ar deireadh, bhíodar-san buailte ag an méid d'arm Uí Néill a léim amach orra ó'n gcoill. Bhí an ruaig orra anois go léir, agus nuair a chonnacadar sin theicheadar ar ais go hÁrd Mhacha. Rith na Gaedhil ina ndiaidh. Nuair a tháinig siad-san go dtí an chathair, ní dheachadar isteach innti, acht d'fhanadar taobh amuigh ina timcheall. Ní leigfidís duine isteach ná amach as an gcathair, & taréis trí lá mar sin dóibh, thug na Gaill suas & d'admhuigh siad go rabhadar buailte. D'iarr siad cead imtheachta. Fuair siad sin, & d'imthigh siad ar ais go hÁth Cliath. Bhí os cionn 2,500 d'á gcuid feár marbh orra de bharr an chatha soin, ag Béal an Átha Buide. An 10º lá de Lughnasa 'san mbliadhain 1598 a tugadh é. Níor bh'fhada go gcuala an t-arm a bhí 'san dún ar
an Abhainn Mhóir sgéala an chatha. Ní raibh cabhair ná congnamh le n-a n-aghaidh anois, agus dá bhfanaidís níos fuide ins an dún, caillfidhe leis an ngorta iad. Thairg siad annsin géilleadh. Tugadh cead dóibh imtheacht slán & chuadar ar ais go Baile Átha Cliath, mar chuaidh an chuid eile d'á muinntir. XVII. — FEIDHLIM Ó CEALLAIGH. BÍ beirt fhear ag dul siar an gleann atá i ndeas de Shliabh na Caillighe, i gConntae na Midhe, & iad ag caint ls chéile i mBéarla. Bhí gunnaí caithte siar ar a nguaillibh aca, agus iad ag imtheacht fá bhog-dheifir mhaith. Ní raibh an ghrian acht taréis éirghe, & maidin áluinn fhoghmhair a bhí innti. Ní hé an déanamh céadna bhí orra, mar bhí duine aca árd tanaidhe caithte, agus an fear eile ina bhlucán d'fhear bhuidhe íseal agus bolg mór air. “Céard dubhairt Basbhul, nuair a d'innis tú dhó é?” adeir an fear árd. “An é an caiptín?” “'Sé.” “'An agá innseacht domh-sa atá tú,” ar sé, 'a
Choltoir, a bhitheamhnaigh! Imthigh leat go beodha & tabhair a gcloigne isteach annso chugam-sa & beidh do chúig phunt le fagháil agat.'” “'An dtiubhrad Liam lom Lopoll liom?'” arsa mise “'Déan, agus nár fhillidh sibh,'” adeir sé. “Nach é an t-áidhbhirseóir é?” adeir an fear árd, Liam Lopoll. (Bí sgead ina bhlaoisg, & i n-áit a rádh go raibh plait ann, dubhradar gur lom a bhí sé). “Meas tú an insa ngleann atá siad indiu?” adeir sé “An é Feidhlim a bheadh chomh dall soin?” ar Coltor. “Seo é mar tá sé; ghoid duine éigin deich gcinn de bha bainne uaim; munab é Feidhlim Ó Ceallaigh é, is duine éigin eile dh'á dhream é. Támaid ag dul ar a lorg anois, nach bhfuil?” “Támuid,” arsa Liam. “Tá agus beidh a chloigeann ar bhior ag dul a-baile agam-sa ,nó is cruaidh an cás é,” ar Coltor. “Má thagann Bulmur & an chuid eile suas linn, tá againn,” ar Liam. Leis sin chonnaic siad toirt éigin ag dul treasna an chasáin tamall rompa. Bhí sé tuairim chomh mór le madadh, nó le laogh, b'fheidir. Bhí dath donn air & sgeinn sé treasna go mear tar- éis breathnughadh go fíochmhar fiadháin ar na fearaibh. 'Séard do bhí ann faolchú mór. 'Sé mharbh ceann de na ba bainne, & a chuir an chuid eile i bhfiadhántas. Bhí sé d'éis ceann eile aca do mharbhughadh an lá roimhe sin. Bhreathnuigh an bheirt ár a chéile gan focal a rádh, agus leis sin léim fear mór árd láidir lúthmhar amach ó bhun sgeiche & a chlaidheamh nochtuighthe ina láimh. “Leagaidh uaibh na gunnaí sin,” ar seisean. acht bhí
sé chomh gar dhóibh nach raibh uain aca le haghaidh na ngunnaí thabhairt air le heagla, tháinig sé orra chomh hobann soin. Léim Liam Lom i leathtaoibh ó'n mbuille tharraing an fear mór air, agus buaileadh i n-aghaidh an fhir eile é. Baineadh tuisle as, nuair a shaoil sé a chosa chur faoi, agus siar leis ar chúl a chinn. Buaileadh a ghunna i gcoinne cloiche & d'imthigh an t-urchar as. Bhí Coltor go díreach ar a chosaibh taréis an tuairt do baineadh as, chuaidh an t-urchar tré n-a chroidhe, agus thuit sé ina chnap i mbun a chos, marbh. Ní raibh an nóiméad féin caithte ó léim an fear amach ó'n tom nó go taibh Coltor sínte ar an mbán. “Cuir uait do ghunna anois,” adeir sé, “is mise Feidhlim Ó Ceallaigh, agus tar liom go n-innsighe tú dhom an sgéal atá agat.” Rug sé ar an ngunna, mar shín Liam chuige é, chrom sé ar an ngunna eile do bhí ag Coltor, & thug sé an péire leis. Thaisbeán sé an casán do Liam agus d'imthigh Liam roimhe & é ar creathadh. Suas leo taobh an chnuic tré choilltibh, sgeachaibh & dhriseachaibh nó go dtáinig siad gi dtí talamh comhthrom a bhí gan croinn ná eile. Tháinig fear sgoth-aosta amach as sgailp a bhí i n-éadan na haille — mar bhí aill ar éirghe suas díreach ó'n ngiodáinín lom talmhan soin & í chomh maith le dhá fhichid troigh ar áirde. “Tá sé agat, a Fheidhlim,” ars an fear so. “Tá, a Athair,” adeir Feidhlim, “an nglaodhfá amach ar Aodh, le do thoil, má tá sé istigh.” 'Sé an sagart do bhí ánn, agus sean-chiomacha d'éadaíghibh air, acht é ag siubhal go lúthmhar neamh- eaglach. Shiubhail Aodh féin, mac Fheidhlim, amach.
“Seo, ceangail é seo do'n chrann nó go bhfuaruighe sé, a mhic. Ceangail dlúith docht anois é, leis an gcrios, & ná sgaoileadh sé é féin.” “Fág fúm-sa é,” adeir Aodh, & thug Aodh ceangal air go mba dheacair a sgaoileadh. Chuaidh sé isteach arís 'san sgailp. Ní raibh do thigh aca féin ná ag an sagart le dhá bhliadhai acht uachaiseacha mar sin. Gaedhil a bhí ionnta, & dhibír na Sasanaigh as a dtighthibh féin iad. Thug na Gaedhil na cnuic orra féin, & bhíodh na faolchoin ag teacht anuas ar an tréad & agá mar- bhughadh. Ba saighdiúir Sasanacha iad Liam Lom agus Coltor. Chuaidh siad amach an mhaidin sin an aithghiorra, & chuaidh mathshluagh eile fear capall amach thart timcheall taoibh eile le breith ar Fheidhlim. Is orra-san do bhí Bulmur mar cheannurraidh. Bhí chúig phunt le fagháil aca,
dá dtugaidís a chloigeann isteach. Bhí an tásg ina measg freisin, go raibh sagart i n-áit éigin i ngar dhóibh, & gheobhaidís deich bpuint ar cheann an tsagairt. Bhíodar ag caint, nuair a tháinig Aodh isteach, céard do b'fearr dhóibh a dhéanamh le n-a muinntir féin do chruinniughadh agus dearg-ruathar eile a thabhairt fá'n námhaid. Ní rabhadar i bhfad ag caint nuair a chuala siad uaill gháibhtheach ó'n taobh amuigh. Léim siad a dtriúr ina seasamh, amach leo, agus cé bheadh ann acht fear & píce ina láimh aige, agus Liam lom marbh le sáthadh de'n phíce. Cuireadh athair & máthair an fhir seo amach as a n-áitreabh féin leith-bliadhain roimhe sin, marbhuigh- eadh an mháthair, fuair a athair bás leis an bhfiabhras & bhí sé féin le fán & le seachrán an tsaoghail. Nuair a chonnaic sé an triúr fear chuige, “Sin é,” adeir sé, “an diabhal a chroch mo mháthair fá Bhealtaine, acht ní chrochfaidh sé aon mháthair eile, an urchóid!” Ba hin í an bhliadhain 1655.
XVIII — SEAFRAIDH Ó DOMHNAILL. Céad fairíor cruaidh deacrach ar bheith dhó lag traochta Gan lúd ina ghéagaibh 's é ag saothrughadh an bháis, 'Seadh tháinig an teachtaire chuige le sgéalaibh, Ó thighearna Uí Néill, ag cur chogaidh air is áir. “Céad fairíor!” arsa Seafraidh, “nach mairg nach bhféadaim Ullmhughadh 'gus gleasadh 'gus breith ar mo lann? Mo bhrón, táim gan spreacadh, is níl ionnam a dhéanaa Acht, a chlanna 's a ghaolta, 'na dhiaidh sin bead ann. “Bailigidh Clann Domhnaill i dteannta a chéile, 'S tugtar dóibh sgéala ó leabaidh mo bháis, Go bhfuil orra seasamh gan stríocadh gan staonadh. 'Gus a theacht ina gcéadtaibh 'sa gclaidhmhthe na láimh. “Tugtar amach mé 'sa gcath i n-aghaidh an Néilligh, 'S ná curtar i gcré mé is ná dúntar na cláir, Ar an gcomhairín caol fada 'mbead sínte go héag ann Go ruaigtear an Néilleach 's go gcuirfear, ar lár.” Tosuigheadh an sgeanadh, an smíochadh 's an réabadh, Tráth tháinig 'na chéile na clanna go teánn, Is Seafraidh Ó Domhnaill ar ghuaillibh a thréan-fhear, 'Sa gcath leó i n-éinfheacht 's 'gá maoidheamh san ár.
Do throid gaisidhigh Sheafraidh go dána is go faobhrach, 'S Tír Chonaill 's a laochradh do basgadh is do crádhadh; Gidh buadhach Clann Domhnaill, ba dubhach iad is ba léanmhar Mar Sheafraidh an laochrais gan dé bhí go bráth. MÍCHEÁL BREATHNACH. XIX. — PÁDRAIG SÁIRSÉAL. BHÍ rí Shasana, Liam, ag iarraidh seilbh d'fhagháil ar Luimneach 'san mbliadhain 1690. I Mí na Lughnasa an bhliadhain sin, bhí ocht míle dhéag ar fhichid fear ag Liam i n-aice na cathrach, & ní raibh i n-arm na nGaedheal acht tuairim le deich míle fear. Bhí cuid de na ceann- phoirteachaibh a bhí ar na Gaedhealaibh ag iarraidh an chathair a thabhairt suas do'n rígh, acht dubhairt tuilleadh aca nach dtiubhrad go deo nó go gcinnfeadh sé orra.
Nuair nach dtiubhradh, d'imthigh an muinntir eile ás an mbealach, thugadar leo gach ar fhéad siad d'fhearaibh, de bhiadh, de ghunnaíbh & de gach aon tsórt gléas troda & ghlanadar amach as an gcathair ar fad. B'amhlaidh b'fearr é. Bhí an dríodar imthighthe leo. Chuir na Gaedhil a bhí dílis misneamhail cóir orra féin fá sheasamh i n-aghaidh na Sasanach. Rinneadar mótaí, trínsí, claidheacha, ballaí le n-a gcoingbheáil amach, & sheas siad féin ar a gcúlaibh go dílis díocsach. Theann na Gaill leo ó'n taobh anoir ndeas. Chuir eadar na gunnaí móra ar na cnocaibh thart timcheall, & phléasgadar isteach ar an gcathair. D'fhreagair gunnaí móra na nGaedheal iad ar ais, & chaitheadar leo chomh tréan & chomh teann soin & go ndeachaidh aca ar na Gaillaibh an dara lá. Dhruid siad-san ar ais uatha as an mbealach, agus ghlacadar a suaimhneas nó go dtiocfadh neart gunnaí móra, púdar, báid bheaga, & eile chuca. Bhí na rudaí seo ar an mbóthar chuca ó Phortláirge, agus i gceann seachtmhaine bheadh congnamh a ndóthain aca. Theastuigh na báid bheaga uatha le dul treasna na Sionainne, mar bhí Pádraig Sáirséal & a chuid marcach ar an taobh ó thuaidh de'n abhainn sin ag á cosaint ar faitchios na Gaill a dhul thairste & go mbeidís annsin ar dhá thaobh de'n chathair. Nuair a thiocfadh na báid bheaga so, d'fhéadfadh na Gaill a dhul treasna na haibhne i n-áit ar bit a dtogróchaidís é. Chuala na Gaedhil go raibh an chabhair ag teacht ó Phortláirge, acht bhí 38,000 fear d'arm insa mbealach
orra agus goidé an chaoi a bhféadfaidís stad a chuir leis an gcabhair! Mar seo. Thug an Sáirséalach chúig céad fear leis oidhche Domhnaigh, & thugadar aghaidh ar Chill Dálua. Bhí an baile sin ó thuaidh dhíobh, & is soir ndeas uatha a bhí congnamh na nGall, Chuaidh na 500 fear soir tar an abhainn tamall, suas ó'n mbaile, agus, mar bhí dorchadas na hoidhche aca, chasadar soir ndeas. Laoch d'ar bh'ainm Ó hÓgháin do bhí ar a theicheadh an tráth soin a chuir ar an eolas iad. Ní raibh casán ná sgailp ná cúinne nach raibh a fhios aige. Roimh éirghe gréine ar maidin bhí mathshluagh an tSáirséalaigh i ngleann imeasg na gcnoc, soir dtuaidh ó Luimneach, agus chuir siad fútha annsin go dtáinig an trathnóna. Chualadar go raibh an lón cogaidh taréis a theacht ó Chaiseal an Luan soin, & go raibh sé suidhte, an oidhche sin, i mBaile an Fhaoitigh, timcheall le naoi nó deich 'mhíltibh ó arm na Sasanach. Ní raibh aon chuimhniughadh ag an dream a bhí i mbun an lóin go raibh aon bhaoghal orra, agus níor chuir siad ag faire acht duine fánach i n-aice leo. Chuadar féin a chodladh. I dtaca na maidne chuala fear an fhaire torann cos capall ag déanamh air, i gcos i n-áirdé. Cheap sé go mba Gaill iad, agus chuir sé forán orra — cé an focal faire do bhí aca. “'Sé Sáirséal' an focal & 'sé Sáirséal an fear,” arsa Pádraig, ag sgeinneadh thairis le n-a chuid fear mar chith teineadh ghealthin agus ar an toirt boise sé ina dhearg-raic. Tháinig na Gaedhil chomh hobann soin nach raibh ann acht go raibh na Gaill ar a gcosaibh
nuair a leagadh & marbhuigheadh iad. Theich cuid aca sheas cuid eile aca, nó go bhfeicfidís céard do bhí ar siubhal; chonnacthas do thuilleadh aca go raibh na mílte Gaedheal ina mullach & ní dhearnadar acht iad féin a thabhairt suas. Ní raibh ag na 500 acht buille an duine ar lucht an lóin, ní raibh an buille féin ag cuid aca, nó go raibh an lón aca. Níor fhéad na Gaedhil an lón a thabhairt leó, mar bhí na Sasanaigh ró-ghar dhóibh, acht líonadar na gunnaí móra le púdar, & chuireadar a mbéil i dtalamh. Rinneadar cárnán ina mullach de'n chuid eile de'n phúdar, chuir siad na báid bheaga, an biadh, na gunnaí beaga, an t-éadach agus gach a raibh eile de thrucálachaibh ann i mullach a chéile os cionn an phúdáir. Nuair a bhí an méid sin críochnuighthe aca, rinne siad claisín phúdair a tharraingeóchadh an teine isteach go dtí an cárnán; thug siad teine dhó, agus fá cheann cúpla nóiméad phléasg cith teineadh & lasracha suas na mílte troigh san spéir. Thug sé solus nóiméide do'n tríocha céad soin. Chraith an fhuaim a tháinig as an bpléasg soin na spéartha, agus an talamh ar feadh mílte ar gach taobh dhi. Cloiseadh í fiche míle bealaigh. Chuala saighdiúir Luimnigh í, & chuir sí eagla ar chlainn na nGall thart timcheall. Bhí an gníomh soin déanta. Nuair a bhí, thíomáin an Sáirséalach & a chuid fear ar ais go Luimneach. Chuir na Gaill dhá fhoirinn marcach amach a thiocfadh idir é & an tSionainn acht bhí seisean imthighthe tharsta bealach eile, & trathnóna Dia Máirt chuaidh sé féin agus a chúig
céad fear isteach go cathair Luimnigh, agus na míllte & na múrtha fáilte rompa ag muinntir na cathrach. Ba bheag an dochar dhóibh sin. Thuig siad gur thárr- thuigh sé féin & a 500 laoch an chathair ó Liam an uaír sin & bhí áthas d'á réir orra. Nuair nach dtiubhradh, Ghlanadar amach, Teann leis, Go ndeachaidh aca ar na gallaibh = go ndeaghaidh an cath aca i gcoinnibh na nGall, Dhruid siad ar ais, Áit ar bith a dtogróchaidís é, Chasadar soir ndeas, Lón cogaidh, Baile an Fhaoitigh, Go raibh aon baoghal orra, Duine fánach, I dtaca na maidne, Ag déanamh air, i gcos i n-áirde, Ar an toirt boise Imthighthe tharsta = imthighthe tharta. Ba bheag an dochar dóibh sin, XX. — AN FAOLCHÚ. BHÍ na páisdí tar éis a theacht amach ó sgoil lá, & bhíodar ag rith a-bhaile. Trathnóna foghmhair a bhí ann, & bhí cuid aca ag caint ar a dhul ag baint chnó & áirní; tuilleadh ag cuimhniughadh ar na hubhlaibh
fiadháine & cia na craobhacha de'n chrann a bheadh láidir go leór le seasamh orra nuair a bheithí ag dul suas an crann chuca; tuilleadh ag caint ar na mugóiribh dearga, & iad ar fad ag siosgadh cainte, & ag ceapadh gur breagh an sásamh bheadh aca ar thorthaibh na coille an trathnóna soin. Na gasúir a bhí i dtosach bhíodar ag rith nó go dtángadar go dtí Gleann na Coille. Bhí bóithrín annsin ag casadh isteach ó'n mbóthar mór, & nuair a chuaidh na páisdí suas tamall beag de'n bhóithrín sin, ar an mbealach go dtí an áit ina raibh na cnótha b'fearr sa gcoill, céard d'fheic- fidís ar an mbóithrín rompa acht dhá bhuachaill eile ag troid. Bhíodar annsin, na cótaí caithte dhíobh, fuil ar bhéal duine aca & séideán ionnta. “An maighistir! an maighistir! seo é a-leith é,” arsa duine de'n chuid a bhí ag teacht aníos. Bhreathnuigh an bheirt síos an bóithrín & thuit na lámha síos leó agus iad trom tuirseach. Nuair nach bhfaca siad ag teacht acht na buachaillí eile, d'fhéachadar ar a chéile, & cheap gach aon duine aca go raibh a dhóthain troda aige féin an lá soin. Rug siad ar na cótaíbh & chuireadar orra iad. D'fhiafruigh duine éigin cé faoi a rabhadar ag troid. “Ghlaodh sé leasainm orm,” adubhairt duine aca, “& thug mé dorn dó ar ais, agus sin í an chaoi ar thosuigh sé.” Ba mhian leis na páisdíbh eile fios fátha an sgéil ar fad fhagháil, acht ní bhfuighidís aon tsásamh an uair sin, & d'imthigheadar leó ag baint na gcnó, na n-áirní, & na n-ubhall.
Lá ar n-a bháireach bhí an sgéal amuigh go bhfaca dhá bhuachaill bheaga faolchú, agus iad ag teacht ó sgoil, an lá roimhe sin. Is mar so a bhí an sgéal: chomh luath & chuaidh na gasúir amach ó'n sgoil, rith an bheirt seo, & bhíodar ag déanamh treasna na coille — bealach aith- ghiorra ar a raibh eolas maith aca féin — nuair a chonnaic duine aca madadh mór millteach donn uaidh 'sa ngleann. Dubhairt buachaill aca go mba madadh bhí ann & go mbadh cheart dóibh a dhul agus a ruagadh, nó go bhfeicfidís an n-aithneóchaidís é. Dubhairt an buachaill eile nár mhadadh é, acht faolchú, & gur minic a dubhradh leis féin é féin a seachaint, nuair do bheadh sé ag dul thar an gcoill. Dubhairt an chéad bhuachaill nach raibh ann acht madadh, agus gur faitchios a bhí ar an bhfear eile roimhe. Thosuigheadhar féin ag sárughadh ar a chéile, nó gur ghlaodh duine aca “mant” mar leas ainm ar an duine eile. Ní raibh ann acht séanas idir an dá chláir-fhiacail uachtair aige. Is faoi sin a bhídís ag magadh &, nuair nach raibh do láthair acht an bheirt, chaitheadar dhíobh, & bhíodar ag gabháil ar a chéile nuair a tháinig na malraighe eile orra. Chuala an maighistir go rabhadar so ag troid, & nuair a fuair sé ar sgoil iad, dubhairt sé leó go mba dí-chéillidhe an rud dóibh dul ag troid le n-a chéile, & dhá bhfuigheadh an faolchú boladh fola urra, go raibh baoghal mór go dtiucfadh sé orra agus go marbh- bhóchac sé iad. Dubhairt sé fós, go mba droch-mhúinte an rud dóibh leasainmneacha a ghlaodhach ar aon duine &, dhá gcloisfeadh seisean ceachtar aca 'ghá dhéanamh arís, go mbeith an fhearg air leo.
D'innis sé annsoin dóibh fá 'n bhfaolchoin. “Ní raibh tuairisg ar aon cheann eile bheith 'san tír ar fad,” adeir sé, “acht an t-aon cheann soin. Bhí seisean an-fhiadháin amach 's amach, mar nach raibh aon cheann eile le comhluadar a choingbheáil leis & mhothuigh sé go raibh dúil ag na daoinibh é do mharbhadh. Caitheadh urchair leis go minic, acht níor éirigh faice dhó go dtí gur briseadh a leath-chois deiridh le hurchar, uair. Bhí sé bacach ó'n uair sin & bhíodh sé 'na chodladh i sgailp i n-aill insa gcoill úd, ina bhfaca buachaillí na sgoile é. Thugadh sé uain leis 'san earrach, acht, nuair a briseadh a chos, b'éigin dó cur faoi 'san gcoill seo. Ní raibh bean tighe timcheall na háite nár thug sé cearca & eireóga, lachain is géanna, uaithi. Fá
dheireadh, bhí a fhios ag na daoinibh go mbíodh sé 'na chodladh i ngar dhóibh, agus cheap siad, eatorra féin, a theacht air i ngan-fhios, féachaint an marbhóchaidís é. Níor éirigh leó. Ní fhacadar an lá soin é, chor ar bith, agus chuadar treasna ó cheann go dtí ceann eile na coille. Ní raibh sé innti. D'fhanadar na daoine go socair annsin go ceann míosa, & níor facthas arís é, nó go bhfaca síbh-se indé é. Chonnaic Árt Ó Conchubhair é nuair a rith sé uaibh-se. D'imthigh Art agus thug sé leis a ghunna. Tháinig sé ar ais & chuaidh sé isteach thar chlaidhe i bpáircín beag leis féin, agus cad do chífeadh sé ann roimhe acht an faolchú, agus é ag ithe caorach a bhí marbh aige. Ní fhaca sé Art i dtosach, mar is ar chúl an fhaolchon a tháinig sé. D'éaluigh Art ar bharrachaibh a chos nó go raibh sé ar aghaidh taoibh an fhaolchon. Ní baileach a bhí sé ann nuair a bhreathnuigh an faolchú thairis, agus chonnaic sé an fear. Chrom Art & sgaoil sé urchar faoi. Nuair a sgaoil, leig an faolchú uaill uathbhásach as; thug sé aghaidh ar a námhaid, & é ag sgréachaighil, agus rith sé chuige. Chaith Art an t-urchar eile bhí 'sa ngunna leis an bhfaolchoin, & é i bhfoigseacht seacht slata dhó. Do thuit an faolchú i ndiaidh a chinn roimhe, & d'imthigh an tséideóg as annsin ar an bhféar. Ba hé sin an faolchú deiridh bhí ag imtheacht fiadháin i nÉirinn; marbhuigheadh ar shliabh i gCiarraidhe é sa mbliadhain 1725; “agus,” adeir an maighistir, “ná bídhidh-se ag troid ná ag eachrann le chéile mar gheall ar namhaid ar bith. Is olc í an troid i gcomhnuidhe, acht, is measa go mór í, nuair atá an faolchú, ná aon namha eile in bhur n-aice. Craithidh-se
anois lámh le chéile, agus ná cluinim go mbeidh focal eile, eachrainn eadraibh fá rud chomh fánach le ‘mant’ ná ‘séanas.’” Chraitheadar lámh le chéile annsin, & bhíodar go han- bhuidheach de'n mhaighistir fá innsint dóibh mar marbhadh an faolchú. Mugóire, mugóirí, pl., caora dearga a fhásas ar chrann deilgneach, mar an gcránn spíonáin. Ní'l ionnta acht croiceann bog taobh amuigh, & cnaipíní beaga cruadha istigh ionnta. Tugthar “Johnny Mugory” ortha i mBéarla.
XXI. — SEAGHÁN MAC SUIBHNE. NUAIR a tháinig na buachaillí céadna os comhair an mhaighistir lá ar n-a bháireach, bhí an bheirt a bhí ag troid cheana go rí-mhór le chéile, agus gach aon tsúil aca ar an maighistir. Chonnaic seisean fá dheireadh iad. “Céard tá anois oraibh-se?” adubhairt sé. “D'fhéachadar arís ar a chéile, agus iad ag mion- gháiridhe, acht níor labhair ceachtar aca. Bhreathnuigh an maighistir go géar orra, agus cheap sé gur theastuigh uatha rud éigin a rádh leis féin, acht go raibh náire nó leigse orra labhairt. “Seadh, anois, a Sheagháin,” ar seisean, “innis dom cad ina thaoibh sibh a bheith ag gáiridhe.” “Dubhairt Peadar liom a iarraidh ort sgéal innsint, a mhaighistir,” adubhairt Seaghán. “Sgéal, an eadh?” ars an maighistir. “'Sé do thráth sgéalta é, go deimhin, i gceart-lár mo chruadhóige!” Acht nuair a chonnaic sé go rabhadar go mí-shásta, dubhairt sé go n-innseóchadh sé sgéal dóibh Dia Sathairn. D'fhan mar sin go dtáinig an Satharn, agus nuair a bhí dearmad déanta ag ao maighistir ar an sgéal, tháinic an bheirt chuige go gcloisfidís uaidh é. Thosuigh sé air mar so; “Tá aithne agaibh ar Sheaghán Mac Suibhne, an fear úd a tháinig a-bhaile as Ameriócá le goirid. Tá sé 'na chomhnuidhe ar an mBuailidh,” ars an maighistir. “D'innis sé sgéalta go leór dhom fá Ameiriocá ó
tháinig sé a-bhaile, agus innseóchaidh mé anois díbh goidhe mar d'éirigh leis. “Bhí sé lá i Nua-Eabhrach, adeir sé liom, agus gan buille le déanamh aige, ná fios cá bhfuigheadh sé é. Ní raibh ór ná airgead aige, agus é i gcontabhairt a chaillte le hocras. Níor ghábhadh dhó imtheacht ó bhaile, ó thus, mar is maith an deis a bhí aige mar bhí sé. Nuair nach dtug sé aire do'n deis a bhí aige, níor thug a athair (sin a raibh beó d'á mhuinntir) aon chongnamh dhó, acht amháin fiche punt, ag imtheacht dó. An lá úd a raibh sé ar lorg oibhre i Nua-Eabhrach, chinn sé dubh is dubh air í fhagháil. Bhí sé ag siubhal ó mhaidin go moch, agus é tar éis codladh i bpáirc puiblidhe an oidhche roimhe sin fá fhosgadh crainn. D'imthigh leis le fáinne an lae; d'iarr sé obair ar na saoraibh brící a chonnaic sé ag obair annso is annsúd. Rachadh sé ag iomchar muir- téil dóibh, ó thárla nár bh'fhéidir leis dadadh eile do dhéanamh. Bhí sé ag obair cheana is na clascannaibh a rinneadh fá bhóithribh na cathrach leis an salachar a thar- raing ó'n gcathair, agus chaill sé a shláinte ionnta, bhíodar chomh mí-fholláin sin. B'éigean dó, i ndéireadh an lae úd, dul go doras cuchtair, agus greim aráin iarraidh, ar son Dé, ar an gcócaire. Fuair sé greim aráin agus ruainne feóla, agus annsin d'fhiafruigh sé de'n chócaire an leigfeadh sé dhó codladh 'sa gcuchtair go maidin. ‘Leigfead,’ ars an cócaire, ‘nuair a bheas an séire thart.’ Chodail sé ar an teallach an oidhche sin, & lá ar n-a bháireach bhí sé chomh dona is bhí sé riamh. B'éigean dó éirghe de'n teallach as an mbealach, leath- uair tar éis a ceathair. Amach leis, nuair d'ith sé
greim bídh; agus fuair sé obair an lá sin ag sguabadh na sráide. D'athruigh an aimsir annsin air, agus tháinig sé 'na fhlich-shneachta agus ina bháistigh. Ní raibh air anois acht fíor-dhroch-éadach, a bhí caithte aige, agus bhíodh sé fuar dallruighthe ar feadh an lae. 'San oidhche ní bhíodh faoi acht droch-leabadh, agus is iomdha sin uair fhada a chaith sé ag cuimhniughadh ar an saoghal breágh folláin sláinteamhail a bhí aige i nÉirinn, agus ag casaoid air féin fá gur thug sé an mí-fhortún mór soin air féin a bhí anois air. Bhí an sgéal bocht go leór aige, nó gur buaileadh síos tinn é; is annsin a bhí sé bocht dá ríribh. Luigh sé ar an leabaidh, agus bhí sé ar feadh seachtmhaine gan cor gan car, agus gan a fhios aige cad do bhí air. Bhí fear an chíosa ag dul thart lá, ag iarraidh an chíosa 'san tigh sin, agus chonnaic sé an fear tinn. “‘Goidé an chiall thusa bheith do luighe annsin?’ ar seisean leis. “‘Ní fheadair mé,’ adubhairt Seaghán, ‘muna tinneas atá orm.’ “‘An bhfeacha an dochtúit thú?’ ars an fear. “‘Ní fhaca mé é, má chonnaic,’ adubhairt Seághán. “‘Cuirfead-sa chugat é; dubhairt bean an tighe liom go raibh tinneas trom ort,’ ars an fear. “Ba chuma le Seaghán a chur nó gan a chur. Bhí sé marbhánta trom, gan chroidhe, gan misneach, & gan suim aige i rud ar bith. Acht tháinig an dochtúir &, nuair a chonnaic sé é, dubhairt sé gur fiabhras a bhí air & go mbadh chóir a chur isteach 'san osbuidéal. Cuireadh. Thiubhradh Seaghán a bhfaca sé riamh ar a bheith i nÉirinn
arís, go bhfuigheadh sé bás 'sa mbaile, mar cheap sé nach n-éireóchadh sé go deó. ‘Ó nach mise an truagh Mhuire,’ a deireadh sé, ‘& a bheith annso ar leabhaidh mo bháis, gan duine aitheantais agam a labhróchadh focal liom. Caithfear síos i bpoll talmhan i gcoirnéal eigin de'n reilig uaignigh annso mo chorp imeasg daoine comhightheach i bhfad ó thir na hÉireann. Dia go bhfóiridh Sé orm-sa, nach é an mí-ádh mór féin a dhíbir as Éirinn mé, & go mb'fhearr liom bheith anois 'sa mbaile ná a dtiocfaidh is a dtáinig.’ “Ba mhór an truaigh Seaghán bocht, bhí sé chomh cráidhte sin, acht dá-dhonacht dá raibh sé, ní fhuair sé aon bhás an uair sin. Chuir sé chúig sheachtmhainí tinnis de, an turas soin, & gan fhios, ar feadh i bhfad, an teacht nó imtheacht dó. Nuair d'éirigh sé & bhí sé i n-ann siubhal, thug sé aghaidh ar an tuaith amach. Cheap sé go dtioc- fadh leis obair fhagháil i n-áit fholláin éigin. D'fhaghadh sé greim le n-ithe, mar dhéirce, annso is annsúd, acht i n-áiteachaibh eile ní thugaidís aon áird air acht rádh nach raibh éinnidh aca dhó. Bhíodh daoine eile níos can- talaighe ná soin leis, & deiridís: “Níl faice agam dhuit anois. Ní féidir linn rud a bheith againn i gcomh- nuidhe do do leithéid,’ agus nuair a d'imthigheadh sé & a cheann faoi aige, chloiseadh sé an glór 'na dhiaidh: — ‘Soraidh oraibh, a leóistigh! sibh-se féin na sgraistí díomhaoineacha nach leigeann an leisge dhaoibh obair lae a dhéanamh & tuarastal cneasta a shaothrughadh dhíbh féin. Is fearr libh go mór ag ruarthamhach ó áit go háit, ag goid an ruda, muna dtugtar dhaoibh go toil- teanach é.’ Bíodh a chroidhe chomh dubh le háirne, nuair
a caithtí an chaint sin 'na dhiaidh, & bhíodh faitchios & náire air rud iarraidh nó go mbíodh an t-ocras go géar air. “Acht tháinig cabhair chuige fá dheireadh. Bhí sé ag déanamh isteach ar shráid-bhaile tráthnóna, agus é lag le droch-mhisneach & le hocras & casadh sean-pháipéar nuaidh- eachta ina bhealach. Thóg sé é agus thosuigh sé 'ghá léigheadh ar shúil & go mbeadh tuairisg éigin oibre ann. Bhí sé 'gá chaitheamh uaidh arís nuair a chonnaic sé focal mar a shloinneadh féin air. Dhearc sé arís air. Ba hé a shloinneadh féin é & a ainm, freisin, agus d'fhóbair dhó dul i ngealtaibh le háthas nuair a léigh sé é. Seo é an sgéala bhí ann: ‘D'fhágaibh Sorcha Ní Chonghaile i mBaile an Ghleanna i gConndae an Dúin, i nÉirinn, a
cuid airgid ar fad le hudhacht ag Seaghán Mac Suibhne, mac a deirbhshiúra. Níor fríoth aon tuairisg air-sean le dhá bhliadhain agus tá le rádh go bhfuair sé bás i nAmeiriocá. Má fuair, is iad clann a col-cúigear a gheobhas an t-airgead’. ‘Sgríobh sé a-bhaile ar an toirt, & sé seachtmhainí ó'n lá soin bhí sé féin 'sa mbaile, & an saidhbhreas aige. Bhí a athair caillte & curtha an uair seo. “Acht ní hé gach aon fhear a bhíos chomh hádhamhail & bhí an Suibhneach. Bíonn na mílte agus na mílte ann, & téigheann drochbhail orra mar chuaidh air-sean. Is duine 'sa gcéad a n-éirigheann; an saoghal leis níos fearr thall ná mar d'éireóchadh leis, dá bhfanadh sé i nÉirinn & aire thabhairt d'á ghnó, mar chaithfeas sé thabhairt dhi annsúd. Tá sé iontuigthe agaibh-se as sin gur ceart daoibh aire thabhairt do'n bhaile & do'n obair atá oraibh, & má thugann, is fearr go mór dhaoibh é ná imtheacht ar fán go tíorthaibh coimhightheacha.”
XXII. — SQUIRE GEAL FREEMAN. Fáilte, a phréimh de bhláth na gcraobh, i dtráth go hÉirinn aoibhinn; Fáilte, a scéimh atá gan bhéim, mar ghnáth-ghnaoi, déithe chítear; Fáilte, a chléirigh dáimhe is éigse — fuair ó bhéithibh fíor- ghean; Fáilte is céad, lé páirt uaim féin, do'n tsáir fhear Squire Geal Freeman, Flaith gan ghruaim do b'fhearra cáil Fuair barr is buaidh i measc gach dáil I ngradam uasal) sona sámh Is i bhfás do chruadhuigh mo laoch mear.
An t-am do baisteadh é 'n-a leanbh, radadh gaisce claidhimh dhó. Bronnadh maise, truagh is taise, is crusdhas i n-aghaidh a naimhead dó; Thug Bacchus fíon do, is fleadh, is scaoil é, go fial i measc na saoithe, 'S Neptiún éachrach, thug do caol-bharc ar thonnaibh tréana taoide. Do fuair ó Bhénus féin níos mó Áilneacht tréithe, méinn is cló; Dá bhreaghthacht bé i nÉirinn mhóir Go ngrádhfadh é le díogras. Is cásmhar sinn gan spás fé chíos, go cráidhte claoidhthe ciúin bocht, Gan dán, gan píb, gan trághadh na dighe, go ndéarnais tír go súgach: Ó thárla arís thar sáile an saoi, ráib d'fhuil ghroidhe na n-úr-fhlaith, Sin gártha 's teinte cnámh, is fíonta 'á dtál feadh mí 'san dúthaigh. An curadh le sealad de shíor atá, Óg is sean ag guidhe de ghnáth. Le cómhachtaibh éachtach' Dé 's A ghrádh É chosnamh saor ó'n aimhleas (Is sliocht é an dán so as Dantaibh Phiarais Mhic Gearailt atá i n-eagár ag Riseárd ó Foghludha do'n Chonnradh)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services