Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéalaidhe Leitir Mealláin
Title
Sgéalaidhe Leitir Mealláin
Author(s)
Ó Direáin, Peadar,
Compiler/Editor
Ó Mócháin, Seán
Composition Date
1926
Publisher
Comhlucht Oideachais na hÉireann, Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SGÉALAIDHE LEITIR MEALLÁIN
RÉAMH-FHOCAL. Na sgéalta atá sa leabhar seo, níor cuireadh mórán dá leitheidí i gcló go dtí seo, thar éis gurb iad an cineál is mó atá a' rith idir Ghaedhilgeoirí go fóill. Ní sgéalta Fiannaidheachta iad is ní sgéalta gaisge iad ach dréachta ar chríonnacht an tsaoghail. Go fiú is na giotaí a' baint le neithe diadhanta atá sa leabhar (mar sh. "Sanntach ag Airgead" l.32), sé 'n taobh a theangmhaigheas leis an saoghal agus le n-a ghliocas is mó atá i dtrácht. Séard atá i n-iomlán na sgéalaidheachta seo i dteannta na sean-fhocla sórt feallsamhnacht ar an saoghal, ar a amhainse agus ar a chleasaidheacht. Bhíodh eolus ag na Gaedhilgeoirí ar iomlán na feallsamhnachta úd agus bhí sí mar bheadh treoir acu i ngnotha saoghalta. Ní saghas amháin sgéalta atá sa leabhar ach go leor saghas. Sgéalta greannmhara a lán acu ach ní ar a n-aghaidh atá an greann ionntu, ach i bhfad siar, agus is mó an aithis atá go minic ionntu ná'n greann. 'Na dhiaidh sin, sé'n cineál seo a bhfuil faobhar orthu agus gearradh ionntu is mó a bhfuil tóir ag an nGaedhilgeoir air. An mhuintir a chuireas rómpu sgéalta greannmhara
a chumadh nó a sgríobh níor mhisde dhóibh an leabhar seo a léigheadh. Tá cineál eile freisin sa leabhar .i. sgéalta meadhon- aimsireacha a bhíodh coitcheann fad' ó in gach uile thír. An áit a mbíonn an galach nó an tréinfhear ag imtheacht agus a' síor-imtheacht ó thír go tír ar feadh míosa nó bliadna agus a' feiceál iongantas ina shiubhal ní dócha gurb Í Éire ba bhunadh do na sgéalta sin mar ní bhíonn trácht go hiondúil ionntu ar bhád ná luing. Tá iarmhar beag den chineál sin is "Na Trí Ribe Óir." Tá gaol an bhádóra le fághail i sgéalaidheacht na Gréige agus na Róimhe. An t-eolus a fuair an galach a rinne fóirithin ar dhaoine a bhí fá bhrón agus a d'fhuasgail iad ó n-a ngeasa is iomdha samhail dó sin freisin atá i sean- sgéalta Críoch Leatha. Tá a leitheid in irisí Artúir. Maidir le éigse Ghaedhealach na sean-aimsire, cé is moite den innsean féin, is beag fuigheall di sa tsraith sgéalaidheachta seo. Ach tá aon ghiota amháin sa leabhar mar thiocfadh sé glan cruthanta as an Leabhar Laighneach. Sé sin, Sgol (l. 28) Sin é aithghein "Erchoitmed Ingine Guilidi" a chuir an t-Ollamh Kuno Meyer i gcló in Hibernica Minora, l. 65, as Rawlinson B. 512, agus is cosmhail gurb é an dréacht céadna é ar mhalairt chrotha. Tá sgéal eile freisin ar an méid seo — más sgéal aisteach féin é — a bhaineas do shaoghal na haimsire seo. Sé sin, Sgéal Phádhraig Uí Fhlaithbhearta. Tá, sa dréacht
seo, sglábhuidheacht cruatan, agus ocras measgtha le seachrán, sidheoga taidhbhsí agus brionglóidigh, agus an méid sin ar fad fá bhrat dorcha na hoidhche. Is furusda an chaoi ar cumadh an píosa seo a shamhlú .i. go raibh spailpín bocht a' tigheacht abhaile as Conndae an Chláir i lár an gheimhridh, gur theastaigh uaidh a bheagán airgid a spáráil agus gan aon bhlas de… de a chaitheamh leis féin gur thuit sé as a sheasamh le lagar agus "féar-gortach," agus go dtáinig brionglóide dhó go raibh sé i bpálás ag ithe agus ag ól ar a mhian. Níl ceárd ar bith den Ghaeltacht nach bhfuil sgéal den tsamhail sin ann. Ní mheasaim go bhfuil i n-aon-leabhar samhail is fearr do sganrachán agus a chuid airgid ná tá in "Dia dhá thabhairt dó," ná do ghláimhthéisg, gan feidhm gan éirim ná atá sa sgéal úd "Dá mbeitheá thiar." Is iomdha innsean atá air sin ach ní fearr ceann acu ná é seo. Tá saghas eile freisin sa leabhar a cheap an t-ughdar as a chonnlán féin, agus b'fhiu suim a chur ann. Ní fhaca mé fós i n-aon-áit cunntas is cruinne ar "Árainn Bheag" nó ar an réigiún ar a dtugtaí "Uí Bhreasail" ná tá curtha i dtoll a chéile aige. Maidir le "Déanamh Poitín" níl sé i dteannta a chéile chomh paiteanta i n-aon ionad eile cur síos ar an gcaoi a ndéantar an "fuisge poitín" (mar thugas lucht a dhéanta air) ó thosach go deireadh. Má bhíonn
craobhsgaoileadh mór ar an leabhar seo ní hé amháin i gConamara a chaithfeas na Gárdaí a bheith ar a n-aireachas ach thar tír amach freisin. Tá buaidh eile ar feabhas ag na sgéalta seo ar fad: go dtugann an sgéalaidhe, Peadar Ó Direáin, innsean thar cionn orthu. Níl sé i n-aon leabhar dhá dtáinig amach fós leagan Gaedhilge is deise, mhíne, shnasta ná tá aige orthu. Ní hé amháin go bhfuil teilgean deas cainte aige ionntu ach tá a lán focla agus leaganacha cainte aige nach dtéideann ach go hannamh ar pháipéar. B'fhiú don té atá le foghluim na Gaedhilge iad a léigheadh go mion agus go minic. Sé locht an leabhair seo a laighead. Arae ní dá mhéid dhá léighfe duine den chineál atá ann nach eadh is mó a thaithneochas sé leis. D'fhéadfadh an t-ughdar dá oiread eile sgéalta a chur i dteannta a chéile, cuid acu a bhí sa Stoc agus cuid eile nach raibh. Sé'n feall nár leig an spás dó a dhéanamh. Tá súil againn fá n-a bheith slán dó go gcuirfe sé leabhar eile chomh mór leis seo i dtoll a chéile gan mórán achair. TOMÁS Ó MÁILLE. Gaillimh, Márta, 1926.
SGÉALAIDHE LEITIR MEALLÁIN. INGHEAN ALTROMA NA MAIGHDINE MUIRE. Bhí lánamhain bhocht ann uair, agus bhí aon pháiste amháin inghine acu. Tháinig an Mhaighdean Bheannaighthe go dtí iad, lá, agus dubhairt sí leo an páiste a leigean léi, go dtóigfeadh sí go han-mhaith í agus go dtiubhradh sgoil agus foghlaim di. "Mar," adeir an Mhaighdean Bheannaighthe, "níl sibhse i n-acmhuinn í thógáil ná sgoil a thabhairt dhi mar tá sibh bocht. Cuideocha mise libh, ach leigidh liom an inghean, agus beidh sí mar inghean altroma agam." Thug an lánamhain bhocht dhi an inghean, agus thug an Mhaighdean Bheannaighthe slám mór airgid dóibh a rinne gar dhóibh. Thug an Mhaighdean Bheannaighthe léi an inghean suas go Ríoghacht na bhFlaitheas. Bhí áit mhaith annsin aici, neart de chuile shórt dhá fheabhas agus dhá bhreághtha le caitheamh. Bhí sí a' fághail sgoile agus foghlama agus chuile dheagh- theagasg ón Maighdean Mhuire. Bhí sí ag éirghe suas go buan agus go buacach nó go raibh sí chúig bliadhna déag d'aois go raibh sí 'na cailín bhreagh dhathamhail. Aon lá amháin, dubhairt an Mhaighdean Bheannaighthe léi go raibh sí le cuairt a thabhairt ar an talamh seo arís agus go bhfágfadh sí eochracha na bhFlaitheas uilig aic
agus go bhféadfadh sí a dhul isteach in gach uile sheómra dhá raibh is na Flaithis ach i n-aon tseómra amháin. "Tá mé a' cur parbhail ort gan a dhul annsin, agus ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh ann." Gheall an inghean altroma nach ngabhfadh. D'fhág an Mhaighdean Bheannaighthe aici na heochracha annsin agus tháinig sí féin anuas ar an talamh seo. Bhí an inghean altroma, a' gabháil isteach is gach uile sheómra dhá raibh 'sna Flaithis nó go dtáinig sí go dtí an seómra a raibh parbhal uirthi gan a dhul ann. Rinne sí staidéar go ceann sgaithte agus d'fhiafruigh sí dhi féin a rachadh sí isteach sa seómra seo. Ach chuaidh, agus ní hé go leór moille a rinne sí ann nuair a tháinig sí amach arís as. Is gearr go dtáinig an Mhaighdean Bheannaighthe. Rug sí ar na heochracha uaithi. "Seadh," adeir sí, "bhí tú istigh sa seómra ar chuir mé parbhal ort gan a dhul ann." "Ní rabhas," arsa an inghean altroma. "Bhí tú ann," adeir an Mhaighdean Mhuire, "agus is fearr dhuit an fhírinne a dhéanamh agus gan a bheith dhá shéanadh." Bhí sí a' séanadh i gcomhnuidhe nach raibh. "'Daile," adeir an Mhaighdean Mhuire, "b'fhearr dhuit an fhírinne a dhéanamh agus gan a bheith dhá shéanadh. Nuair nach n-innseócha tú an fhírinne, tiocfa sé trioblóid mhór ort. Ach fiafrócha mé uair eile dhíot é agus innis an fhírinne. A ndeachaidh tú isteach isa seómra ar chuir mé parbhal ort gan a dhul ann." "Ní dheachas," adeir an inghean altroma, "ní dheachaidh mé ann." "Tá go maith," adeir an Mhaighdean Mhuire, "tuillfe sé trioblóid mhór dhuit." Thuit an inghean altroma 'na codhladh annsin agus nuair a dhúisigh sí fuair sí í féin i ngleann domhain, dorcha, uaigneach ar an talamh seo
arís, agus é na thuile liaga báistighe móire, an áit thart timcheall uirthí lán le sgeacha agus le driseacha géara. Shíl sí labhairt agus thosuigh a' caoineadh agus a' sgreadach ach níor fhéad sí. Bhí a hurlabhra caillte aici. D'fhan sí mar sin ar feadh mórán laethannta go priaclach agus go piolóideach gan greim le n' ithe ná le n' ól. Fá cheann sgaithte, casadh rí óg agus a chuid gíománach thart ann a bhí a' fiadhach. Bhí iongantas mór ar an rí óg í bheith annsin. Chuaidh sé chun cainte léi ach ní raibh aon chaint aici dhó. Thug sé rud le n' ithe dhi, agus d'ith sí é agus é a' teastáil uaithi. D'fhiafruigh sé dhi, le comharthaí ar mhaith léi a thigheacht i n-éindigh leis. Rinne sí comharthaí leis gur maith. Bhí sí 'na bean óg dhathamhail agus thug sé grádh di. Thug sé leis abhaile í agus phós sé í. Níor mhaith le n-a mhuintir go bpósfadh sé a leitheide nár raibh fhios cé hí nó cé as a dtáinig sí. Fá cheann trí ráithe bhí mac aici. Tháinig an Mhaighdean Bheannaighthe go dtí í agus thug sí caint di agus d'fhiafruigh sí dhi a ndeachaidh sí sa seómra ar chuir sí parbhal uirthi gan a dhul ann. Dubhairt an inghean altroma léi nach ndeachaidh. "Tá go maith," adeir an Mhaighdean Bheannaighthe "nuair nach n-admhócha tú an fhírinne tiocfa sé trioblóid mhór ort." Bhain sí a hurlabhra dhi arís agus thug sí léi an páiste. Ní raibh fhios cé ndeachaidh an páiste agus bhí muinntir a' rí óig le cumhthach leis fá ráidhte agus go bpósfadh sé a leitheide nach bhféadfadh sí an t-ádh a bheith uirthí agus nach bhféadfadh sí a bheith ceart agus an bealach ar fríothadh í. Ní bhfuair a' rí óg é féin locht ar bith uirthí agus níor mhaith leis go bhfuigheadh aon nduine eile aon locht uirthí. Fá cheann trí ráithe arís bhí mac eile aici, agus tháinig an Mhaighdean Mhuire go dtí í arís agus thug sí urlabhra arís
di agus d'fhiafruigh sí dhi a ndeachaidh sí isteach sa seómra ar chuir sí parbhal uirthi gan a dhul ann, agus shéan sí nach ndeachaidh. "Tá go maith," adeir an Mhaighdean Mhuire, "nuair nach n-admhocha tú an fhírinne tiocfa sé trioblóid mhór dhuit." Bhain an Mhaighdean Bheannaighte dhi a hurlabhra arís agus thug sí léi an dara mac. Nuair a bhí an páiste ar iarraidh ní raibh fhios ar bith cé 'n ceal a déanfidhe dhi. Bhí athair agus máthair an rí óig le builc chumhthaigh agus as a gcranna cumhachtach'. Ach níor thug an rí óg cead aon díoghbháil a dhéanamh di anois ach an oiread le cheana. Fá cheann trí ráithe arís, bhí mac óg eile aici. Tháinig an Mhaighdean Mhuire go dtí í arís agus thug sí urlabhra arís di agus d'fhiafruigh dhi mar d'fhiafruigh sí roimhe sin a ndeacaidh sí isteach sa seómra ar chuir sí parbhal uirthi gan a dhul ann. Ach sé 'n freagradh céadna a fuair sí. Bhain an Mhaighdean Bheannaighthe a húrlabhra arís di agus thug sí léi an páiste. Inghean an ceathramha duine a bhí aici, agus bhí práinn an domhain san inghin seachas an chuid eile agus bhí aire mhaith dhá fághail aici sul dhá n-éireóchadh dhi mar d'éirigh do na páistí eile. Ach tháinig an Mhaighdean Mhuire ina ham féin agus thug sí urlabhra dhi. Chuir sí na ceisteanna céadhna uirthi ach shéan sise mar shéan sí 'chuile bhabhta eile go ndeachaidh sí isteach, beag na mór, sa seómra. Thug an Mhaighdean Bheannaighthe léi an páiste inghine agus bhain sí a hurlabhra dhi-se. Nuair a bhí a bhí an inghean ar iarraidh ceapadh ise a chur chun báis. Níorbh fhéidir seasamh léi níos fuide. Sé an sórt bás a ceapadh dhi teine mhór a fhadodh agus í a dhógh. Faduigheadh teine mhór agus ceangluigheadh ise le n-a caitheamh isteach sa teinidh. Nuair a bhí sí le linn í a chaitheamh isteach sa teinidh, dubhairt sí 'na hinntin féin "a Mhaighdean Bheannaighthe dhá mbeitheá sa láthair anois
d'innseóchainn an fhírinne dhuit agus d'admhóchainn dhuit go ndeachaidh mé isteach sa seómra ar chuir tú parbhal orm gan a dhul ann." Níor thúisge a bhí an smaoineadh déanta aici ná shéid sé 'na bháistigh agus 'na thóirnigh agus múchadh an teine a bhí le í a dhogh. Conaictheas an Mhaighdean Mhuire a' teacht anuas san aer agus an triúr nó an ceaththar páistí i n-éindigh léi. Tháinig sí go dtí í agus thug sí urlabhra dhi. Chuaidh an inghean altroma ar a glúin annsin i láthair na Maighdine Muire agus d'admhuigh sí dhi i láthair a raibh ann go ndeachaidh sí isteach sa seómra ar chuir sí parbhal uirthi gan a dhul ann. Ní raibh ann níos mó. Dhá n-innsigheadh sí an fhírinne ar dtús ní thuillfeadh sé tríoblóid ar bith dhi. Annsin d'innis an Mhaighdean Bheannaighthe ó thús go deireadh 'chuile bhealach dár bhain di don rí óg agus dá mhuinntir Chaitheadar iad féin os a comhair agus d'iarr siad párdún uirthi fá an an droch-bhas a thóbair siad a thabhairt di.
DIA DHÁ THABHAIRT DHÓ. Bhíodh na daoine an-tsimplí, an-tseafóideach fad ó. Bhí beirt chomrádaidhthe ann, agus bhí siad an-bhocht. Bhíodh fear acu agus níor choinnigh sé greim ar aon bhlas ariamh, ach chuile phighinn a d'fhághadh sé a ól. Ach dá mbeadh sé ag an bhfear eile choinneoch' sé greim air. Ach faoi dheireadh is faoi dheó, fuair sé cupla punt i n-áit eicín 's bhí a chroidhe i mbárr a mhéire 's ní raibh fhios aige céard ab fheárr dhó a dhéanamh leóbh. D'imthigh sé annsin go bhfághadh sé fear eicín a choinneoch' dhó iad. Creidim gurb é an t-am é a raibh an Slán- uightheóir ar an talamh, mar casadh don fhear seo é. D'fhiafruigh an fear de cé hé féin, agus dubhairt seisean gurb é Dia. "Muise, más tú," ar seisean, "níl duine ar bith is dearbhtha dhom mo chúpla punt a thabhairt dhó le cur i dtaisge ná thú." "Cuirfead i dtaisge dhuit iad" arsan Slánuightheóir, "nó go dteastuighe siad uait." Dubhairt sé go ndéanfadh sin. Ba gheárr na dhiaidh sin gur casadh a chomrádaidhe air, agus cébi rud a bhí aige bhí sé dhá ól mar ba gnás leis. "Aru, go mbudh seacht míle measa bheas tú bliadhain ó 'nocht," adeir sé seo, "cá'il tú a' fághail an airgid i gcomhnaidhe thréis thú bheith ag ól a mbeireann tú air, nó cé thugas duit é?" "Ó muise" adeir an fear bocht eile, "nach bhfuil Dia dhá thabhairt dom." "Dia dhá thabhairt dhuit!" ar seisean. "Seadh" deir sé, "nach é a thugas do chuile dhuine é."
"Dair fiadh" 'deir sé, "níl fhios 'am nach iad mo chupla punt a thug sé dhuit. Ach ní hé is cóir" — As go bráth leis. Ba gheárr gur casadh dhó an Slánuightheóir. "'Seadh," adeir mo dhuine, "bhfuil mo dhá phunt a'd dom?" "Tá," deir an Slánuightheóir. D'innis sé annsin cé 'n fáth é thigheacht dá éiliú chomh luath. "A dhuine dhíth-céillidhe" adeir an Slánuightheóir, "tá sé annsin thall faoi bhun an chnocáin, agus tabhair leat é." Chuaidh sé go dtí an áit, agus bhí an áit uilig lán le airgead agus níorbh fhéidir leis breith air ach ar a dhá phunt féin. Tháinig sé go dtí an Slánuightheóir an ath-uair. "Óru," deir sé, "tá an áit údan lán le airgead, agus ní fhéadfainn breith air." "Ach dhá dtigeadh an fear eile bhí i n-éinfheacht leat-sa" adeir an Slánuightheóir "bhéarfadh sé air." D'imthigh sé annsin agus a dhá phunt aige go dtug sé an baile dhó féin. (Ag Peig Ní Fhlaithbhearta a chuala mé é seo).
DÉANAMH FUISGE NÓ UISGE BEATHA. Sórt slighe shaothruighthe eicín atá ag muinntir Chonamara bheith a' déanamh fuisge agus dhá dhíol. Slighe shaothruighthe dhona go minic dóibh é mar is minic gur mó go mór a chuireadh sé as dóibh nuair a bheireadh na póilíos orthú dhá dhéanamh, is minic go gcaithfidís éiric throm íoc mar gheall air. Is iomdha trioblóid a fáightear ó dhéanamh fuisge ó tosuighthear nó go mbíonn sé na fuisge. Cuirtear an t-arbhar síos i bpoll uisge i dtosach nó go mbogtar é, le na bhrachadh. Tógtar as an bpoll annsin é agus tugtar dó nó trí laétheannta spáis dó nó go mbíonn an t-arbhar a' pointeáail, sin, a' cur péicín bheag amach as tóin an ghráinne go díreach ar an gcuma chéadna a gcuireann sé amach sa talamhin nuair a cuirtear a' fás é (.i. a' geint). Nuair a bhíos a dhóithin pointeála déanta aige, sgarthar amach ar áiléar é agus bíthear dhá bhrachadh, dhá iompódh agus dhá chur thrí n-a chéile ar maidin agus trathnóna nó go mbíonn sé sách braichte. Nuair a bhíos, cuirtear ar átha é nó go gcruadhuighthear é. Nuair a bhíos sé cruadhuighthe meiltear é le bróinte beaga atá le hagh' na hócáide. Ansin tosuighthear a' déanamh leanna dhe — leann a' chéad rud a déantar dhe. Bíonn uisge dhá fhiuchadh sa bpota stileach atá le hagh' na hócáide agus an t-uisge dha dhóirteadh ar an arbhar meilte. An t-arbhar thíos i ndabhach nó a mbairille agus an t-uisge dhá dhóirteadh síos 'na mhullach, nó go mbíonn sugh an arbhair ar an uisge. Bíonn poll ar an mbairille ansin le go sgaoiltear amach an t-uisge sin. Brailis (braichlis) a t-ainm a blaoidhtear air sin.
Cuirtear uisge eile ansin ar an arbhar agus small beer (nó leann beag) a tugtar air mar ní bhíonn sé chomh bríoghmhar leis an gcéad uisge. Cuirtear gabhail annsin ann agus nuair a bhíos sé oibrighthe ceart i ngabháil bíonn leath-troigh cubhair air. Bhíonn se 'na leann mhaith annsin agus é go maith le n-ól. Bhíonn sé lá agus oidhche fá bheaicin (back, backin') sul má tosuighthear dhá shingileáil. Tá inntreacht ar dhéanamh an fuisge uaidh sin amach. Líontar síos an pota stileach le leann nó go mbíonn sé a' fiuchadh, nó ionann 's a bheith a' fiuchadh mar ní fanntar go mbíonn sé a' fiuchadh nuair a clúduighthear suas é le chuile dheis. Cuirtear caipín (gléas atá le hagh' na hócáide) ós cíonn a' phota. Socruighthear bairille an taobh eile den phota agus a' phéist nó an worm thíos ann. Tá trí nó ceathair de chorrannaí sa bpéist ar nós péiste ar bith, agus sin é an fáth a minblaoidhtear péist uirthí agus go deimhin féin is cosamhail le péist í. Tá gléas beag ecile ag lucht déanta an fuisge ar a mblaoidhtear arm. Bíonn sí sin sáithte isteach i bpoll atá ar an gcaipín agus sáithte isteach sa bpéist ar a' taobh eile. Clúduighthear annsin chuile áit a mbeadh bealach ar bith amach ag tada de ghail a' fuisge i riocht agus nach bhfuil bealach ar bith aige le imtheacht nó go dteaga sé an bealach atáthar iarraidh air thart thimcheall sa bpéist. Ach tá tuilleadh le déanamh fós, mara ndéantaidhe é bheadh a' ghail a' rith anuas as an bpéist i n-áit fuisge: Sé sin uisge a chur thimcheall na péiste sa mbairille. Fuaradh a tugtar air sin. Fuaruigheann sé an ghail sa bpéist i riocht agus i n-áit a theacht anuas 'na ghail gurb é an chaoi a dtigeann sé anuas na bhraon ghlas lacht fuisge. Bíonn sé a' teacht anuas annsin do réir a
chéile na shrutháinín chaol ghlas no go mbíonn a' dheireadh teagtha. Séard fhágas sé na dhiaidh annsin nuair a bíthear dhá shingileáil, séard fhanas insa bpota saghas eile ar a mblaoidhthear "burnt beer" (iairlionn?) An méid a mbíonn maith ann bíonn sé éirighthe 'na ghail agus iompuighthe 'na lacht aríst agus é teagtha thríd an bpéist, agus an burnt beer fágtha 'na dhiaidh aige thíos sa bpota. Tá sé sin freisin 'na stuf an-mhaith le n'ól ag beithidhigh. Tá sé chomh maith ag beithidhigh bhainne agus an bhó nach mbeadh aici ach cárt bainne go bhfuil sé i ndon breis trí chárt eile a thabhairt di. Ní féidir aon deór den tsinmgileáil ól; ach beagán dhá thús, nó go ndúbailtear é. Cuirtear síos chuile dheór den tsingileáil an ath-uair nó go dteaga sé thart aríst sa bpéist agus go ndéantar lacht aríst dhe le uisge fuar thimcheall na péiste, go dteagann sé anuas 'na bhraon ghlas fuisge aríst. Annsin bíonn sé 'na dheoch láidir spirideamhail i ndon croidhe agus misneach a thabhairt do lag agus do láidir, i ndon cíos agus "poor rate" íoc, i ndon casacht na hoidhche a leigheas agus i ndon sean- ndaoine a dhíriú a bheadh cam. Fágann an dúbláil cineál eile na dhiaidh sa bpota ar a mblaoidhtear féans mar ainm. Séard é an cineál sin dearg-nimh. Má tá i ndán agus go n-éireochadh le aon deór do na féans a thigheacht thríd an bpéist, agus a dhul thríd a' bhfuisge bheadh an fuisge millte agus bheadh sé mí-fholláin le n' ól agus séard é dearg-nimh dón té a ólfas é. Is minic go mbíonn fuisge dona ann agus fuisge maith: sin é thugas don fuisge a bheith go dona nuair a tarraingighthear na féans thríd a' bhfuisge. Mise i mbannaí, má déantar ceart é agus gan aon deóir de na féans a tharraing thríd go mbeidh sé go maith. Séard é na féans sórt nimh eicín a bhíos insa n-arbhar.
Cheapfadh duine gur uisge é le n'ól nó le blaiseadh dhé ach b'olc a' cineál le n'ól é. D'fhághadh muintir Chonamara an-sglábhuidheacht sa tsean- aimsir a' déanamh fuisge. Is iomaidh anró agus trioblóid a d'fhághadh siad ó n-a dhéanamh mar bhí an dligheadh an-ghéar na ndiaidh faoi bheith dhá dhéanamh. Ó thosóchadh siad dhá dhéanamh nó go mbeadh siad réidh, chaithfidís a bheith a' faireadh, ar fhaitíos a dtiocfadh na póilíos orthu. Theighdis ar oileáin fhiadháine gharbha go minmic, san áit nach bhféadfadh na póilíos iad a thaobhachtáil, cé gur minic a théighdís i gcontubhairt a' mbáidhte ag iarraidh dhul go dtí iad i gcurachaí beaga cannabháis. Ach is minic nach n-éirigheadh leóbh. Rud eile dhe, ba mhór an obair dóibh fuisge a dhéanamh san am sin, mar bhíodh tógáil agus éiric ar a' mbraich chomh maith leis a' bhfuisge. Ba chuma cá bhfuigheadh na póilíos a' t-arbhar, más ar an áiléar dhá bhrachadh nó as an bpoll uisge dhá bhogadh nó ar an átha dhá chruadhchan ach cuirfidhe mí-ráth air agus éiric 'na theannta ar a' té ar leis é. Bhíodh muinntir Chonamara ar siubhal i gcomhnuidhe a' déanamh an fuisge, dhá dhéanamh agus dhá ól agus dhá dhíol agus na póilíos ar a' dtóir go han-mhinic. Is minic a tógtaí leis iad uair, dhá uair agus trí huaire, agus an éiric dhá hárdú agus dhá dúbailt i gcomhnuidhe orthú. Ariamh nó gur cuireadh druim díbeartha ar dhligheadh Shasana agus ar Chonstáblaí Ríoghamhla na hÉireann. Ó shoin i leith, tá cead ag muinntir Chonamara a bheith a' déanamh fuisge go tréan gan aon nduine le n-a mbacadh mar nach bhfuil aon nduine a bhfuil deatach as a theach nach bhfuil dhá dhéanamh anois gan faitíos roimh phílear ná roimh dhligheadh ar bith. Ach is gearr a bheas siad mar sin. Is gearr go mbí Gárdaí an tSíothcháin, dhá thógáil agus dhá dhóirteadh agus a' cur éiric orthú mar bhí na constáblaí cheana.
DHÁ MBEITHEÁ THIAR. Bhí fear fad ó ann, agus bhíodh sé a' tigheacht a' cúir- téaracht le bean. Bhí sí ina cómhnuidhe i n-áit eicín soir. D'fhághadh an fear ithe agus ól uair ar bith a thigeadh sé sa teach. Ba aniar an fear. Cébi rud dhá fheabhas a bheadh ag an mnaoi ní raibh aon mheas air ach: "dhá mbeitheá thiar." "Ó," adeireadh sé "dhá mbeitheá thiar." Bhíodh sé a' tigheacht annsin i gcomhnuidhe agus sin é an port a bhíodh aige "Ó, ach dhá mbeitheá thiar," a' cur i gclé go raibh áit thar bárr aige féin. Bhí go maith. Don diabhal blas den bhean nach mbuaileann í féin agus a cailín siar agus níor stop sí agus níor chómhnuigh sí ariamh go dtáinig sí ina theach seo, cébi cé theasbáin dí é. Ní mórán achair a chaith sí sa teach ach ní raibh an fear róimpí — an fear a bhíodh a' tigheacht fó n-a déin. Is dócha nach áit mhaith a bhí sa teach i riocht agus nach suim mhór a chuir sí ann nuair a tháinig sé aríst. Thárla gur thoisigh sé ar an gcadrán céadhna, a' rádh "dhá mbeadh sí thiar" (mar ní raibh seisean róimpí nuair a bhí sí thiar). "Dair fiadh muise," adeir sí, "bhí mise thiar." "Seadh," adeir sé, "cérd a chonaic tú thiar?" mar cheap sé gur a' déanamh grinn a bhí sí:- "Muise, ní fhaca mise dada thiar Ach seanduine críon liath, Agus sean-bhean gan aon chiall, Sean-ghabhar glas gan laogh gan lacht 'S é ceangailte le iall, Agus an paltar a d'fhág tú 'do dhiaidh."
Sin é an líne déigheanach. D'fhág sin go raibh bean cheana aige. Ach nuair a bhí fhios aige go mbadh í an fhírinne bhí sí a dhéanamh: "Dair fiadh muise" adeir sé, "bhí tú thiar." D'imthigh sé annsinm, agus níor tháinig sé ní ba mhó. (Ag Peig Ní Fhlaithbhearta a chuala mé é seo.)
AN PÓSADH. Is mairg a thoghas Nó thugas mar roghain Aon bhean ar an domhan seo Sílim: An t-am seo i n-uraidh Ba mhaith í mo chulaith, Mo hata bhí ar fheabhas Na tíre. Mo chóta mór coirp Gan caitheamh gan dul, Ba mhaith iad mo stocaí 'S mo bhróga, 'S dhá bhfeictheá mo ghairtéal Is ann a bhí an gairéad, M'obarús 's maith é An pósadh. Bhí cóta den fhleece orm Den éadach ba daoire Dhá bhfaca mé i Sligeach Ar m'eolus, Stuf breagh muislin A tháinig as Corcaigh Is feasach gur choisin sé Cróin dom. Bhí hum agus hám, Cliabh agus tráigh, Árdú gainimh Agus aoiligh;
An láighe againmn 'S an sleághan 'na haice, 'S cá bhfuighmuid feac Go dtí í. Bhí luithne den fhuinnseoig Le cur isteach insa gcuinneóig Le haigh' na paiteóige A rúsgadh; Agus sin é an deágh-bhlas Ar bhainne na haon-bhó Cé gur doiligh É 'dhéanamh. SEAN-CHAINTEANNA. Méaduigheann an tsaoirse, ach ní raithigheann sí. (Déan- tar an obair ach ní bhíonn aon bhuadhachtáil inntí). Is fíor go dtéidheann driseacha i gcliabh, Is fíor go dtéidheann olann i bpluid, Ach is fada siar ó Bhaile Átha Cliath Tá leachta Bhriain Duibh. Má bhíonn tú ó ló ag an doras, beidh tú ó ló istigh. Is déirc' le bocht a bhfuighe. Nuair a chríonas an tslat, is deacair í a shníomh. Tomhais. Cé'n breac sa bhfairrge is mó a bhfuil faithchíos ag bád roimhe? Báirneach. Nuair a thigeas an bád chómh fada isteach leis bristear í.
ÁRAINN BHEAG. Bíonn go leór cainte ar siubhal ag daoine faoi áit ar a mblaoidhtear Árainn Bheag. Áit í, adeir daoine, atá fá dhraoidheacht, agus sé 'n áit a luigheann sí, siar annsin sa bhfairrge ó Árainn Mhór. Deir siad go bhfeicthear lá sa 'chaon tseachtmhadh bliadhain í ag éirghe ó dhraoi- dheacht agus go n-éireócha sí uilig fós agus nuair éireóchas go racha Árainnn Mhór fá thuinn. Níl fhios agam féin a bhfuil i sgéalta den tsórt sin fá'n oileán draoidheachta ach dearg-sheafóid nó cé 'n chiall atá chor ar bith le baint as i dtaobh a rádh go bhfeicthear í. Nó níl fhíos agam an mearbhall ar bith eile a cuirtear ar shúilí lucht na seafóide. Is minic nuair a d'fhéachfadh duine uaidh ar áiteacha i bhfad ó bhaile go bhfeicfeadh duine cuma iongantach álainn ar chuile áit. An ghrian a ghníos é sin. Ó éirigheas grian ar maidin nó go dtéidheann sí faoi, trathnóna, is iomdha cineál dath is áille agus is breághtha ná a chéile a thugas sí ar áiteacha. Is minic nuair d'fhéachfadh duine uaidh ar oileáin Árainne agus a' ghrian sgallta orthú agus dath iongantach álainn orthu go mbíonn siad a' féachaint mílte fada níos goire do bhaile na mar bhíodar roimhe sin. Bíonn na claidheacha agus na garrantaí glasa féir le tabhairt fá deara go han-tsoiléar. Is beag nach gceapfadh duine nach í an áit chéadhna bheadh chor bith ann, le iompódh thart, aríst, b'fhéidir a' féachaint chomh fada ó bhaile agus bhíodar ariamh. A' dul faoi don ghréin trathnóna, is beag nach sganróchadh duine nuair a d'fheicfeadh sé na dathannaí galánta iongantacha a bheadh ar na Beanna Beóla árda gobacha
agus do réir mar bheadh a' ghrian ag ísliú sa spéir iad sin ag iompodh agus ag athrú, na céadtha cineál dathanna is galánta agus is áille ná chéile. Nuair a d'fhéachfadh duine i bhfad siar sa bhfarraige ar na Sgeirdí, carraigeacha móra árda, atá taobh thiar de Chonamara, sgaití ba chosamhail iad le caisleáin nó le tighthe móra a bheadh fá fhuinneógaí agus fá dhoirsí, uaireannta eile ba gheall iad le soithigh seóil a bheadh fá reacht seóil. Nuair a d'fhéachfá aríst orthú b'ionann iad agus páirceanna móra arbhair, a bheadh dhá thuairteáil anonn agus análl thrí n-a chéile ag seinneáin throma ghála. Uaireannta eile cheapfadh duine gur sgata mór beithidheach agus daoine a bheadh a' rith anonn agus anall thrí n-a chéile. B'fhéidir gur neithe don tsórt sin a bhíos a cur mear- bhaill ar dhaoine. Thiar ag bun na spéire sa bhfairrge, d'fheicfeá an fhairrge thrí lasadh go minic, leis na dathanna álainne a bhíos ós a cíonn sa spéir. Mara mbeadh duine ann a mbeadh fhios aige air nach iomdha duine díthcéillidhe a cheapfadh gur tír álainn a d'éirigh ó dhraoidheacht a bheadh ann. Sin iad na comharthaí fheiceas daoine go minic b'fhéidir le go n-abruigheann siad go bhfuil tír álainn dhraoidheacta fá thuinn thiar annsin. Ach cá bhfios don té sin nach mbfhéidir go bhfuil thairis sin ann. Nuair a hinnseóchaidhe sgéal ionghantach do dhuine fá bhád agus a fuireann a bhí amuigh ag iasgach ar feadh an laé: nuair a tháinig a' trathnóna tháinig ceó agus cuireadh amú an bád agus na daoine agus nír fhéad siad a mbealach abhaile a dhéanamh ach ag imtheacht ar fud na fairrge go raibh sé domhain san oidhche. Sa deireadh tháinigeadar i dtír ar oileán eicín. Ní raibh fhios acu cé 'n áit é. Ach chomh luath agus tháinigeadar i dtír chuaidh fear a' bháid amach ar an oileán. Shiubhail sé suas píosa den oileán a' féachaint cé an sórt áit é. Ní achar fada
a bhí siúbhalta aige nuair a casadh fear dó ar dhruim capaill. Labhair a' fear leis, agus d'fhiafruigh sé dhe, a' raibh fhios aige ceá raibh sé. "Níl fhios agam ó Dhia anuas" arsa fear a' bháid, "cá bhfuil mé." "Seo í Árainn Bheag" arsa an fear, "agus is fearr dhuit imtheacht an bealach céadhna a dtáinig tú, agus gheobhfa tú an bealach abhaile anois mar is sé an ceó a chuir amú cheana thú." Thug sé beart leabhra annsin dó agus dubhairt sé leis gan iad fhosgailt, go ceann bliadhna, agus iad fhosgailt annsin agus iad a léigheadh agus nach mbeadh aon dochtúr fá bhéal an aeir a bheadh chomh maith leis. Ba de mhuinntir Laidhe an fear agus deir siad go raibh dochtúirí iongantacha do mhuinntir Laidhe ar an saoghal. Agus sgéal ionghantach eile a chuala mé go mbíodh fear amuigh ag iasgach lá, siar sa bhfairrge ar mhur-bháidhte éisg, agus nuair a chaith sé amach a shnúda agus a dhúbhán séard a bhí a' teacht isteach chuige ar a' dúbhán, dlaoi ghlas fraoigh agus meach bheó ar a' dlaoi fraoigh. Dhá réir sin cé aige a bhfuil fhios nach bhfuil Árainn Bheag ann.
UAIREADÓIR AN tSAGAIRT. Bhíodh fear a dul ar faoisdean uair chuig an sagart. Nuair a bhí, ghoid sé uaireadóir an tsagairt, "Ghoid mé uaireadóir," adeir sé leis a' sagart, "agus seo dhuitse í." "Ó ná tabhair dhomsa í," arsa an sagart, "ach tabhair don té ar ghoid tú uaidh í." "Thairg mé cheana dhó í," arsa an fear agus níor ghlac sé í. "Thairg aríst dó í," arsa an sagart. "Seo dhuitse í," arsa an fear. "Ní ghlaca mise í," arsa an sagart, "ach tairg í don té a dtug tú uaidh í." "Thairg mé dhá uair cheana dhó í," arsa an fear, "agus níor ghlac sé í." "Tairg uair eile dhó í," arsa an sagart, "agus mar a nglaca sé í coinnigh thú féin í." "Seo dhuitse í," arsa an fear. "Tá sí tairgthe trí huaire agam don té ar ghoid mé uaidh í agus níor ghlac sé í." "Marar ghlac" arsa an sagart, "coinnigh thú féin í." Nuair a chuaidh an sagart a tó'ruigheacht a uaireadóra, ní raibh sí aige. ROINNT SHEAN-FHOCLA. Níor dhubhairt fearg fíor ariamh. Is mairg do dhuine a chuireas sraith na hátha ar a muileann. An lá bhíos a' báistigh bíonn sé fliuch, Agus a' té chodhluigheas go meadhon lae, Ní éirigheann sé moch.
SGOL. Ní raibh sgoláire ar bith sa domhan a bhí chomh maith le Sgol agus ní choinneochadh sé coinneall dhá inghin, agus ní raibh aige ach aon inghean amháin. Casadh rí Chúige Mumhan chun a thighe uair, an áit a raibh sé a' fiadhach agus chaill sé a bhealach. Tháinig sé tigh Sgol san oidhche agus d'iarr sé lóisdín go maidin air: "Is suarach liom mar tá sé agam le t-aghaidh, a rí uasail," adeir Sgol, "ach mar tá sé agam tiubhra mé dhuit é agus míle fáilte!" Chaith Sgol go fial agus go fairsing agus go flaitheamhail an oidhche sin leis a' rí, agus lá'r na mháireach thug sé a bhricfasta dó chomh maith agus bhí sé 'na chumas. Bhí an rí an-bhuidheach do Sgol as ucht a fheabhas agus chaith sé leis. Bhí sé chomh buidheach sin de agus go dtug sé píosa talmhan dó a dtugann siad Dún-Ló' air. Bhí Dún-Ló' in' áit chomh maith agus an té chaithfeadh a mhaide láimhe san oidhche ann bheadh sé clúduighthe le féar lá'r na mháireach. Ghlac Sgol buidheachas mór leis an rí as an áit ar fóghnamh sin a thabhairt dó. Chuaidh an rí abhaile agus nuair a bhí sé tamall sa mbaile, bhuail aithmhéala é fá Dhún-Ló, an áit ab fhearr a bhí aige, a thabhairt do Sgol. Dheamhan bhlas a rinne sé ach a bhuachaill a thiomáint ag iarraidh cíosa ar Sgol i n-ómós Dhún-Ló. Nuair a tháinig a' buachaill go dtí Sgol chaith Sgol chomh gnaoidheamhail leis agus nár leig náire dhó innseacht cá dtáinig sé. Sa deireadh d'fhiafruigh Sgol de cá raibh sé a' tigheacht? "Muise ó d'fhiafruigh tú dhíom é," arsa an buachaill, "tá sé chomh maith dhom é innseacht duit. An rí a chuir ag iarraidh cíosa ort mé i n-ómós Dhún-Ló'."
"Muise dheamhan pinghinn cíosa ná camhlach a thiubhras mise go bráth dhó ar Dhún-Ló'," arsa Sgol, "mar nach mé d'iarr air é, agus abair leis nuair a rachas tú go dtí an rí gurb é einneach Uí Bhriain é agus a dhá shúil na dhiaidh." Ba de na Brianaigh an rí. "Níos mó," arsa Sgol, "ná go dtiubhrainn teaghlach oidhche dhó mar thug mé cheana." Nuair a chuaidh an buachaill abhaile chuig a' rí: "Seadh," arsa an rí, "a bhfuair tú uaidh é?" "Dheamhan pinghinn chíos ná camhlach," arsan buachaill, "a thiubhras sé choidhche dhuit, mar ní hé d'iarr Dún-Ló' ort, agus dubhairt sé liom a rádh leat gurbh é einneach Uí Bhriain é agus do dhá shúil 'na dhiaidh." "Ó a Dhé agus a Chríosta," arsa an rí "nach mé tá náirighthe?" "Níos mó," arsa an buachaill, "ná go dtiubhra sé lóisdín dhuit féin agus do dhuine a' bith bheadh i n-éindigh leat." "Racha mé go dtí é," arsa an rí, "a' féachaint a sgriosfainn é." D'imigh leis an rí, é féin agus triúr nó ceathar filidhthe. Nuair a tháinig siad, bhí Sgol agus a inghean réidh le na n-aghaidh. Ní raibh aon fháilte ag an inghin rómpu mar bhí fhios aici nach ar mhaithe leobhtha a tháinig siad. Cébi sgéal é réidhtigh sí dinnéar maith dóibh agus bhí gé bruithte aici le na n-aghaidh agus sé 'n chuma ar roinn sí í: Cheap sí an ceann d'fhear a' tighe, an sgiathán deas dhá mhnaoí, na cosa do na cosmhuinntir, an croidhe do na grádhdóirí "agus mé féin," adeir sí, "ar deireadh, cléireach na cille agus beidh an corp agam nó go n-íosa mé mo dhóithin de." Ní hé go leór a d'fhág sí ag an muinntir eile. Cébi deifir a bhí ar an rí a' tigheacht bhí níos mó ag
imtheacht air. Dubhairt sé le inghin Sgol ag imtheacht dó an chéad áit a gcasfidhe air í go dtiubhradh sé bronntanas eicín di. Dheamhan cos na hinghine nach raibh amuigh roimh an rí nuair a chuaidh sé amach ar an mbóthar. "Cá bhfuil do ghealltanas," arsa sise. Ba mhór leis a ghealltanas a bhriseadh agus b'éigin dó a chóiste féin agus a chapall a thabhairt d'inghin Sgol agus é féinm siubhal abhaile dhá chois! "Sgaoil sí abhaile mé," arsa an rí, "mar gach troightheach," — sin bacach. Nuair a chuaidh an rí abhaile bhí fearg mhór air le Sgol agus le n' inghin. Bhí mac léighinn aige a raibh ball seirce air agus níl aon bhean ariamh a chonaic é nach dtuitfeadh i ngrádh leis. Geallann an rí leath a ríoghacht le n-a bheó dhó agus é uilig le n-a mharbh dhá gcuireadh sé inghean Sgol dhá cois. Tháinig an mac léighinn tigh Sgol ach bhí inghean Sgol réidh roimhe mar bhí fhios aici féin go raibh an báll seirce air. Dubhairt sí leis na cailíní eile a bhí sa teach ar a bhfacadar ariamh gan breathnú díreach air. San oidhche, chóirigh sí leabaidh don mhac léighinn agus chóirigh sí leabaidh eile dhi féin, agus chuaidh sí a chodhladh sa leabaidh a chóirigh sí dhí féin. Nuair a bhí an mac léighinn a' gabhail a chodhladh ní raibh fhios aige cé an leabaidh a rachadh sé innti ach is ar a leabaidh sise thug sé aghaidh. "Cá bhfuil tú a dul," adeir sise, "an leabaidh a bhfuil minise innti. Nár chóirigh mise leabaidh le t-aghaidh féin." "Ó," deir sé, "ní rabh fhios agam é?" "Ó," deir sise, "íocfa tú annsin." Lá'r na mháireach nuair a d'éirigh an mac léighinn, chonaic sé croch 'na seasamh taobh amuigh den fhuinneoig. "Aru," adeir sé "cé le n'aghaidh a bhfuil sé sin annsin?"
"Tá, le haghaidh thusa a chrocadh," arsa sise. "Aru, dheamhan baoghal go gcrochfar mise," adeir sé, "pósfa mise thú." "Seo," adeir sí, "leag amach chúig phunt airgid mar sin chugamsa." Leag sé amach a' t-airgead. Ní dhearna sise ach a dhul ag iarraidh an tsagairt. Tháinig an sagart agus phós sé í féin agus an mac léighinn. Nuair a chuala an rí go raibh an mac léighinn agus inghean Sgol pósta, thuit an t-anam as. Bhí leath a' ríoghacht geallta aige don mhac léighinn as ucht í chur dhá cois agus é uilig le n-a mharbh. Bhí an ríoghacht uilig aige annsin le n-a mharbh. A Dhonnchadh Mhóir Uí Bhriain, Ba mhaith é do bhiadh is do dheoch, Ach, bhí do dhá shúil ina dhiaidh, Th'anam un seabhaic agus do chorp, NA FILIDHE. Casadh beirt fhilidhe ar a chéile lá, agus labhair duine acu mar seo leis an gceann eile. "Cuirfe mé ceist ort, agus feiceamuist a' bhfuas- glóchair í." "Cé hagainn is binne ná is deise ná is áille gnaoi?" D'fhreagair an file eile mar seo:- "Tá duine againn bacach agus tá an ceann eile sramach caoch Agus ní maise don bhaile a ngabhfamaid cúpla thríd,"
SANNTACH AG AIRGEAD. San am a raibh an Slánuightheoir ar an talamh ba ghnás leis féin agus le Naomh Peadar a bheith a' siubhal in éindigh i gcomhnaidhe. Seachas duine ar bith eile de na heasbail bhí cion ar leith ag Íosa ar Pheadar. Bhíodar a' siubhlóid lá, agus casadh fear bocht dóibh a bhí an-bhocht i gcosamhlacht. Bhí sé stiallta stróicthe agus gan snátha de na seacht n-éadaighe air. D'iarr an fear bocht déirce orthu. Bhíodh beagán acu i gcomhnuidhe le tabhairt do dhuine a' bith a casfidhe orthu a mbeadh sé a' teastáil uaidh. Dubhairt Íosa le Peadar pinghinn a thabhairt dó. Rinne Peadar iongantas nár dhubhairt Sé a thabhairt don fhear bhocht ach pinghinn. Nár ghearr ar fhear a bhí chomh bocht leis pinghinn? Ach níor chuir sé isteach níos mó ná sin ar a Mháighistir. Bhíodar a' siubhal leóbhtha i gcomhnaidhe agus ba ghearr an t-achar gur casadh fear bocht eile dhóibh. Ach ní raibh sé chomh bocht leis an gcéad fhear mar bhí éadach maith go leór air. D'iarr sé sin déirce freisin orthu agus dubhairt Íosa le Peadar sgilling a thabhairt dhó. Chuir sin ionghantas chomh mór ar Pheadhar agus go mb'éigin dó a rádh le n-a Mháighistir gur mó theastaigh an sgilling ón té nach dtugadar dó ach an phinghinn ná ón té a dtugadar an sgilling dó. "Ó ná bac leis sin, a Pheadair," adeir Íosa, "is fuide go mór ar an bhfear nach dtugamar dhó ach an phinghinn an phinghinn ná ar an bhfear a dtugamar an sgilling dhó an sgilling." Is gearr gur dhubhairt Íosa le Peadar a dhul ag iarraidh rud le n' ithe i dteach siopa bhí ann. Nuair a chuaidh
Peadar isteach sa teach siopa cé bheadh annmi istigh roimhe ach an fear a dtug siad an sgilling dhó. Bhí luach na sgillinge d'ól blaoidhte aige. Chomh luath agus d'aithin sé Peadar ní raibh aon bhaoghal go leigfeadh sé amach é gan cuid de luach na sgillinge a thabhairt dó. Rinne Peadar níos mó moille ná ba mhaith le Íosa. Nuair a tháinig Peadar, d'fhiafruigh Íosa de céard a choinnigh an mhoill air. "Ó," arsa Peadar, "an fear úd a dtugamar an sgilling dó, bhí sé istigh sa siopa agus luach sgillinge d'ól blaoidhte aige agus ní leigfeadh sé amach mé go dtugadh sé cuid dhe dhom." "Muise, bhí tú i ndiaidh na sgillinge sin air," arsa Íosa. "Ó bhíos," arsa Peadar, "ach ní bheinn na diaidh arís air." "An fear bocht a dtugamar an phinghinn dó," arsa Íosa, "tá sé caillte ansin thíos." Chuaidh Peadar síos go dtí é agus thosaigh sé dhá chaoineadh. "Ná bí dhá chaoineadh chor ar bith," arsa Íosa, "ach féach a' bhfuil airgead aige." "Ó muise, Dia dhár réidhteach," arsa Peadar, "cá bhfuigheadh a leithide de chréatúr airgead." "Ó ná bac leis sin," adeir Íosa, "tá sé aige." Chuartuigh Peadar go fánach annsin é agus fuair sé cárnán mór pinghinneacha ruadh. "Cuartuigh taobh istigh anois é," arsa Íosa, "agus gheobhfa tú an t-airgead glas." Chuartuigh Peadar tuilleadh na sean-éadaighe bhí ar an bhfear bocht agus fuair sé slám breagh mór airgid ghlais. "Muise, go bhféacha Mac Dé orainn," arsa Peadar, "cé cheapfadh go mbeadh an oiread aige?"
"Tá an t-ór taobh istigh fós aige," arsa Íosa. Chuartuigh Peadar ní b'fhearr é agus fuair sé an t-ór. "'Nois," arsa Íosa le Peadar, "níl aon phinghinn dhá bhfuair sé sin ariamh nach raibh cruinnighthe aige agus níor leig a chroidhe dhó aon phinghinn a chaitheamh leis féin dhe. Caith amach sa loch anois é," arsa Íosa le Peadar. Rug Peadar ar an airgead go gcaitheadh sé amach é. Ach ba mhór le Peadar an t-airgead uilig a chaitheamh ar siubhal agus choinnigh sé beagán de i gcúl a ghlaice agus bhí fhios ag Íosa é. D'iompuigh Íosa ar Pheadar. "Ná raibh aon lá choidhche nach mbeidh sibh sanntach ag an airgead," arsa Íosa. Níl aon lá riamh ó shoin nach bhfuil na sagairt agus na heasbuig sanntach ag an airgead. Shiubhail siad sgathamh eile annsinm, agus tháinig siad isteach i dteach agus bhí rud le n-ithe a' gabháil dhá fhághail faoi réir dhóibh. Dubhairt fear óg a bhí sa teach go rachadh sé amach a' féachaint a marbhóchadh sé aon bhreac do na strainséaraí. D'imigh Íosa, ach d'fhan Peadar go dtáinig an fear a chuaidh a' marbhú an bhric. Is gearr go dtáinig sé sin, agus breac mór, millteach aige. Agus céard a bheadh ann chomh luath agus hosgluigheadh é ach an t-airgead a caitheadh amach sa loch istigh 'na bholg.
GUIDHE NA SAGART. Fadó, nuair a cailltí daoine, badh é an gnás sagairt a bheith ar a dtórramh, go mór-mhór dhá mbeadh duine ann a mbeadh brabach mhaith air, bheadh triúr nó ceathar sagart nó b'fhéidir cúigear ar a thórramh. Caitheadh thar cionn leóbh agus nuair a bhí sé curtha agus iad a dhul abhaile, thosaigheadar féin a' comhrádh le chéile ar an áit bhreágh bhí tigh Sheoirse acu. Seóirse a bhí ar an bhfear. "Ó nach breágh an áit a bhí tigh Sheóirse againn," adeir duine acu, "Bhí arán, im, anbhruith agus feóil againn ann, Coirce dár gcapaill dá n-itheadh lán cófra an ceann, Agus go seóla Mac Muire lán cille den tsórt sin ann." Badh í sin an ghuidhe a rinneadar i riocht is dá gcailltí go leór gurb amhlaidh is fearr a bheadh brabach acu féin.
SGÉAL PHÁDRAIG UÍ FHLAITHBHEARTA. Tá sé chúig nó sé de bhlianta ó bhí fear den bhaile seo soir fá Chondae an Chláir a' baint fhataí ag feilméara mar is gnáthach le muintir an oileáin seo dul soir chuile bhliain ann a' saothrú páighe. Fanann cuid acu thoir sgathamh maith ann agus cuid acu a thigeas go luath. Bhí go maith. D'fhan Pádhraig thoir go raibh an Nodlaig taca a bheith istigh. Nuair a bhí sé a' teacht abhaile bhí cúig déag airgid ina phóca. Bhí go maith. Anoir bóthar Mhagh Cuilinn a tháinig sé. Bhí sé ag imtheacht agus a' síor- imtheacht agus ní raibh teach ósta ná siopa ar an mbealach roimhe le go bhfuigheadh sé greim ná deoch. Ach fá dheireadh agus fá dheo, tháinig sé isteach i dteach mhór árdnósac go maith. Ní raibh duine le feiceál ann ach fear amháinm. Nuair a tháinig Pádhraigh isteach, d'iarr sé ar an bhfear ar son Dé a mbeadh suipéar na hoidhche le fághail aige agus leabaidh go maidin. "Téirigh suas a chodladh i mbárr an tighe," arsan fear, "ach níl aon tsuipéar le fághail agad." Bhí sin dona go leor ag Padhraig mar níor ith sé aon bhlas le tuairim dhá uair dhéag roimhe sin. Ach mheas sé go raibh sé comh mhaith dhó dul suas a chodladh, cé go raibh crith-eagla air mar cheap sé nach i n-áit cheart a tháinig sé. Nuair a chuaidh sé suas go dtéidheadh a chodladh bhí fear eile sa leabaidh roimhe. Níor bhac sé leis ach bhain de a chuid éad- aighe agus chuaidh isteach san leabaidh. Dheamhan mórán achair a bhí sé san leabaidh nuair a tháinig beirt eile, fear agus bean, aníos agus d'ionnsaigh siad féin a' bualadh a chéile. Bhí Pádhraig ar sganradh le faitchíos agus bhí sé a iarraidh an fear eile a dhúiseacht agus dá mbead
sé leis ó shoin ní dhúiseóchadh, mar sé an chaoi a raibh sé caillte. Nuair a fuair sé amach gurb é an chaoi a raibh sé básaighthe d'at a theangaidh ina cheann le faitchíos i riocht agus nach raibh meabhair ná mothú ann ach pé sgéal é d'fhéach sé le dul amach. Nuair a fuair sé amuigh é féin bhí sé a' rith chomh maith i nÉirinn agus d'fhéad sé é. Bhí sé ag imtheacht annsin go dtáinig an oidhche lá'r na mhárach nuair a casadh isteach é tuitim dhubh na hoidhche i dteach a raibh bean agus fear. Bhí an fear 'na luighe síos tinmn agus nuair a tháinig Pádhraig isteach chuaidh an bhean amach. Ní túisge bhí an bhean amuigh ná d'éirigh an fear suas agus labhair sé le Pádhraig. D'innis sé dhó gurb 'in í a bhean, "agus," ar seisean, "tá sí mór le fear eile ó tá sí a' ceapadh go bhfuil mise go dona. Sin é an beart atá sí a' smaoineadh ar imirt orm, ach anois ó thárla go dtáinig tú isteach tiubhra tú congnamh dhom le iad a chur dá gcois." "Tá go maith," arsa Pádhraig, "ach a' bhfuil aon bhlas le n-ithe agad a thiubhrá dhom? Tá mé gar a bheith caillte leis an ocras." "Gabh suas," arsan fear, "agus tá cáca agus pláta ime sa gcófhra sin thuas agus tabhair anuas é agus ith do dhóthain de." Dair fiadh, ní le Pádhraig ab fhailligh é; chuaidh sé suas agus thug sé leis an ceáca agus an t-im gur ith sé féin agus an fear a ndóthain de go binn. Nuair a bhí an t-ocras bainte dhíobh, leag Pádhraig an méid a bhí d'fhuighilleach isteach sa gcófhra aríst. Annsin d'ollmhuigh an fear é féin fá choinne na beirte a bhí le thigheacht. Thug sé maide do Phádhraig agus ceann eile dó féin. Shín sé siar a chodladh annsin, mar bheadh duine ann a bheadh a' saothrú báis agus dubhairt sé le Pádhraig druidim le n-ais nó go dtigeadh an cúpla isteach, "mar tá mo bhean
dearbhtha gurb í an oidhche anocht an oidhche dhéigheanach agam." Bhí go maith. Dheamhan a raibh Pádhraig saor gan mothú gan faitchíos a bheith air, an uair seo, ní nárbh iongnadh dó féinm. Ba gairid mar sin dóibh go dtáinig an fear agus an bhean agus ní dhearna sí staidéar ar bith ach rith go dtí an cófra agus ní buidheach a bhí sí nuair chonaic sí an t-arán agus an t-im beagnach ithte agus thosuigh sí a' súgradh le Pádhraig ach cébi sgéal é shuidh siad síos ag ithe an méid a bhí fágtha. Nuair a fuair an sean-fhear mar sin iad d'éirigh sé suas é féin agus bhuail sé an fal- caire leis an maide agus mharbhuigh sé ar áit na mbonn é. D'ionnsaigh sé féin agus an bhean a chéile annsin, agus thug Pádhraig dá shiubhal é. Bhí Pádhraig a' siubhal agus a' síor-shiubhal thrí chnuic agus trí shléibhte go raibh sé trom tuirseach agus gan fhios aige cá raibh sé a' dul. Fá dheireadh casadh isteach i dteach ósta é agus nuair a chuir sé a lámh ina phóca go mblaoidhead sé deoch ní raibh pighinn ina phóca. Ach nuair a chuala fear a' tighe céard a bhí a' baint dó thug sé a dhóthain le n'ól dó i n-aisge. D'innis Pádhraig gach gábh agus trioblóid a ndeacha sé thríd. Ghlac sé truagh mhór dó agus chuir sé le hais boird bhídh é. Thosaigh Pádhraig a' breathnú 'na thimcheall agus a' déanamh iongantais den áit a raibh sé agus nuair a d'iompaigh sé ar an mbord ní raibh bord ná biadh ná teach ná rud ar bhith le feiceál aige ach an oidhche dhubh agus cebí réaltóg a bhí ar an spéir. Ba 'in ughdar sganartha, agus lionn-ruadh do Phádraig thréis a raibh gaibhte thríd aige. Shíl sé éirghe 'na sheasamh annsin agus ba dona bhí sé de bhrígh ann le faitchíos agus le hocras ach bhí sé ar siubhal ariamh go bhfuair sé sgailp eicín le dul isteach. Ní mórán achair a bhí sé sa sgailp, nuair a chuaidh triúr fear thart agus cónra ar iomchar acu, agus leag siad díobh
í díreach ar aghaidh na sgailpe a raibh sé 'na shuidhe. Dubhairt fear acu nach raibh siad i ndon í iomchar agus annsin dubhradar le chéile go raibh fear de Fhlaithbheartach istigh san bpoll sin agus go dtiubhradh sé congnamh dóibh. Ghlaoidh siad amach ar Phádhraig ina ainm agus ina shloinneadh. Ní raibh aon mhaith do Phádhraig fanacht siar. B'éigean dó dul amach, má b'olc maith leis é. Chuaidh Pádhraig ag iomchar na cónra annsin. Ní i bhfad a chuaidh siad nuair leag siad díobh í. D'imthigh fear acu annsin ag iarraidh láighe le haigh poll a dhéanamh don chónra. Bhí siad sgathamh maith a, fanacht leis agus ní raibh sé a' teacht. D'imthigh fear eile annsin agus ní raibh sé féin a' filleadh. Ach sa deireadh d'imthigh an tríomhadh fear agus ní raibh aon- duine fanta ach Pádraig agus cébi céard a bhí sa gcónra. Ach ní mórán achair gur bhrúigh an buachaill a bhí san gcónra aníos an clár agus gur chaith sé Pádhraig síos. Agus marach go dtug Dia do Phádhraig go raibh sé níos fuide ná an fear a bhí sa gcónra roimhe sin bheadh an clár buailte air. D'imthigh an fear eile é féin annsin agus d'fhág sé Pádhraigh annsin. D'imthigh Pádhraig leis an sgéal a bhí aige. Nuair a mhúsgail an lá ar Phádhraig, sé an áit a raibh sé thuas ar mhullach Chnoc Mordáin. Bhí Pádhraig ar siubhal i gcaitheamh an lae sin. Bhí sé a' crónachan na hoidhche nuair a chonaic sé solus agus bhí sé ag iarraidh a bheith a' déanamh ar an solus. Nuair a bhí Pádhraig i ngar don tsolus bhí teach mór breágh le feiceál aige. Bhí doras osglaighthe ar an teach agus chuaidh sé isteach mar shúil le Dia is go bhfuigheadh sé rud éiginm le n-ithe. Nuair a chuaidh Pádhraig isteach, cuireadh na mílte agus na milliúin fáilte roimhe in' ainm agus ina shloinneadh. Leagadh anuas bord a raibh rud le n-ithe agus le n'ól air. Mar bhí ocras mór ar Phádhraig chuaidh sé a' caitheamh an bhidh. Ní fhaca Pádhraig
an oiread daoine i n-éinfheacht ariamh agus chonaic sé annseo, agus níl aonduine dhár cailleadh le fiche bliain san áit nach rabh ann, má b'fhíor bréag dhó é. Badh í seo an lios a raibh Pádraig innti an uair seo agus níl aon duine dhár ceailleadh le fiche bliain nach bhfaca Pádhraig san mbruighin seo. Fuair Pádhraig leabhar ó na daoine seo, agus tá seanchas innti ar chuile shórt dhár bhain le hÉirinn le naoi gcéad bliain. Seo é eachtra Phádraig Uí Fhlaithbhearta ar gach a bhfaca sé den dream eile.
CLAMPARD ÁRA. Bhí duine uasal fad' ó ann, agus bhí sé an-ghnaoidheamhail den tsaoghal. Uair ar bith ariamh a tháinig sé isteach i dteach óil, bhlaoidhfeadh sé neart óil dá mbeadh istigh, agus an méid a bheadh blaoidhte ag aonduine eile d'íocfadh sé ar a shon, inar nár léig sé aon reicneáil ar aonduine ariamh. B'ainm dó seo Clampard Ára. San am chéadna, bhí ceannaidhe eile ann, agus níor thug sé deór le n'ól d'aonduine ariamh, agus bhí an-droch-cháil air mar nach bhfacthas ariamh é a' dul isteach i dteach óil. Ba é ainm dhó-san Mungó-Mangó. Bhíodh buachaill aige ag iomchar an mhála dhó mar bhí sé féin chomh bunáiteach is nach n-iomchróch' sé é. Thárla gur casadh é féin agus Clampard ar a chéile lá, agus mar bhí fhios aige cé'n sórt duine é d'iarr sé isteach i dtigh óil é. Bhlaoidh sé sgáird mhór óil annsin i gcleitheamhnas go n-íocfadh Clampard é. Ach d'innis na daoine do Chlampard cé'n sórt duine a bhí ann agus nach dtug sé aon deór d'aonduine ariamh roimhe sin. Nuair a bhí an méid óil a bhí blaoidhte ólta, d'fhiafruigh Clampard Ára céard a bhí sé a' dul a' dhéanamh leis, nó cé'n chaoi íoca a bhíothas le cur air. "Óru" arsa an ceannaidhe "céard a dhéanfamuis leis? Fágfad idir do lámha féin é." Bhí an ceannaidhe lán-chinnte nach mbeadh pighinn den ól air féin. Ach seo mar rinne Clampard Ára: "Bhuel," adeir sé:- "Ceapaim-sé trí sgilleacha ar Mhungó-Mhangó, Agus trí sgilleacha eile a bhaint den mhála, Sgilling ar lingó-langó (.i. buachaill an cheannaidhe), Agus sgilling ar Chlampard Ára." Mar bhí leisg air imeacht gan rud eicín den reicneáil a bheith air féin. Sin mar shocraigh sé an ceannaidhe.
AMHRÁN DIADHA. D'éirigh Muire dhá uair roimh an lá, Agus chuaidh sí un a' teampaill a' caoineadh a grádh Tháinig aingeal ó na Flaithis agus coinneall ina dheas-láimh "Sé do bheatha a Mhuire," adubhairt Rí geal na ngrást. Tuige nár ghoil tú nuair a d'fhulaing tú an pháis? Tuige nár ghoil tú nuair a chuaidh a' tsleagh thrí do lár? Agus a fheabhas agus chaoinfeá clann Éabh agus Ádhaimh? A' gcluin sibhse mise a chlann Ádhaimh agus Éabh? Ná déanaidh an peacadh más áil libh é, Ach déanaidh, 'ur bhfaoisdean chomh glan leis a' gcré Sí slánú 'ur n-anama an tsácraméid. Sacraméid bheannaighthe fola agus feol", Corp agus anam ar Slánuightheor", Íosa Críost a céasadh beó Agus cuimrighe m'anama ort, a Shlánuightheóir Chidhfe shibh Peadar agus chidhfe sibh Pól Chidhfe sibh Síomán agus chidhfe sibh Eóin Chidhfe sibh naoimh agus easbail go leór, Agus má thréigeann sibh peacadh gheobhfa sibh glóire. Dhá mbeinn-se sna Flaithis bu mhaith é mo sgéal Imeasg na n-easbal na n-aingeal agus na naomh Tabhairt moladh agus buidhchais dom' aon Mhac féin Agus glóire na bhFlaitheas go bhfáigh síol Ádhaimh agus Éabh. Sin abhrán nó dán diadha a chuala mé ag sean-bhean ar a' mbaile seo. Tá mé a' ceapadh go mb'fhéidir go raibh tuilleadh ann ach níl fhios agamsa é.
ROINNT SHEAN-FHOCLA. Gníomh a chruthuigheas agus ní hé ráidhte an bhéil bhréagaig. Sáruigheann an fhoighid an chinneamhaint. An áit a bhfáightear an óinseach téidheann a cóisir chuici. Ní chuile lá bhíos lá aonaigh ann. D'orduigh Dia a dhul 'un aonaigh gan gnotha. An áit a mbíonn iomad na lámh bíonn an obair luath. Níor thig fuacht agus níor thig deacair agus níor thig cruadhas go dtig earrach. An áit a dtéidheann a' chos téidheann a lámh.
AMADÁN MHÁIRE. Bhí an t-amadán trí fichid bliadhain d'aois. Badh-é fear Mháire é. Bhí duine uasal ar an mbaile agus bhí aithne agus eólas ar Sheán aige. Badh-é sin ainm an amadáinm. Chailleadh an duine uasal trí chéad punt airgid uair agus dh'fhághadh Seán é. Bí aimhreas ag an duine uasal gurb é Seán a fuair ar t-airgead. An chéad lá eile casadh Seán don duine uasal. "Aru, a Sheáin," adeir sé, "an tú fuair mo chuid airgid?" "Ó, mh'anam gur mé," arsa Seán, "agus go dtug mé go dtí Máire é." "Ó caithfe misé é sin fhághail uait go beó," arsa 'n duine uasal. "Tháinig an duine uasal go dtí Máire ag iarraidh an airgid uirthi ach ní thiubhradh Máire dhó é. Séard dubhairt sí gur a' déanamh bréag a bhí Seán. D'imigh leis an duine uasal agus cuireann sé dligheadh ar Sheán agus Mháire fá n-a chuid airgid." D'imigh le Máire agus ceannmiuigheann sí leabhar do Sheán agus cuireann sí 'un na sgoile é. Ní dhearna an máighistir agus na gasúir aon bhlas an lá sin ach a' spochadh is a' spáirneacht le Seán. An dara lá, thiomáin Máire un an sgoile é is dá dhonacht dhá raibh an máighistir agus na gasúir an chéad lá ba seacht measa ná sin iad an dara lá, i riocht agus nach raibh aon ghnó ag Máire bheith ag iarraidh ar Sheán a dhul chun na sgoile níos mó. Bhí sin maith go leór go dtáinig lá na cúirte. B'éiginm do Mháire agus do Sheán a dhul un na cúirte. Ar Sheán a bhlaoidh an giúistís i dtosach. "A' bhfuair tú airgead an fhir seo," arsa 'n giúistís le Seán.
"Fuaireas," arsa Sean? "Cé'n t-am" ars an giúistís. "Cúpla lá sul dhá ndeachaidh mé ag an sgoil," arsa Seán. "Cúpla lá sul dhá ndeachaidh tú chuig an sgoil," arsan giúistís. "Nach bhfuil sé trí fichid bliadhain ó bhí tusa 'gabháil ag an sgoil," arsa 'n giúistís. Bhreathnuigh an giúistís ar an duine uasal. "An as do chiall tá tú," ars' seisean, "a' tabhairt an fhir bhoicht annseo fá airgead eicín a fuair sé cúpla lá sul dhá ndeachaidh sé ag sgoil trí fichid bliadhain ó shoin." Níor dearnadh ach an duine uasal a chaitheamh amach. Nár mhaith críonna, glic a bhí Máire a' cur Sheáin un na sgoile, i riocht is go gcaithfeadh Seán a rádh gur shul 'á ndeachaidh sé ag an sgoil a fuair sé an t-airgead.
RIOCARD Ó MÓDHRÁIN. Bhí Riocard Ó Módhráin 'na bhoss nó 'na chomhairleach os cionn bóthair. Bhíodh an oiread seo fear ag obair faoi. Bhí cárr agus capall aige agus bhíodh an cárr agus an capall a' tarraing chloch ar an mbóthar. Bhí páighe dón chárr agus dón chapall agus bhí páighe dhó féin. Bhí Riocard pósta ach ní raibh aon chúram air ach aon inghean amháin, agus bhí sí sin pósta ag fear as an Spidéal. Bhí Riocard tréan go maith i riocht agus go raibh buachaill aige bhí a' sibiléaracht timcheall an tighe nuair a bhíodh sé féin ar an mbóthar. Lá dhá raibh sé ar bóthár mar b'fhaisean leis, tháinig teachtaire ó mhuintir a inghine a' rádh go raibh sí go dona agus go mbu cheart dó dhul go dtí í. Tráthamhail go leór, ní raibh ar Riocard ach a chuid éadaighe oibre. Bhí culaidh mhaith ar an mbuachaill a tháinig 'na choinne. "B'fhearr dhuit" arsa Riocard leis an teachtaire "do chuid éadaighe a thabhairt dom, is mór liom an oiread moille a dhéanamh agus go rachainn abhaile ag iarraidh mo chuid éadaighe féin agus is féidir leat mo chárr agus mo chapall a thabhairt abhaile go dtí mo bhean." Bhí go maith. Thug an teachtaire a chuid éadaighe do Riocard agus chuir éadach Riocaird air féin. D'imigh Riocard ar an gcárr a bhí ag an teachtaire agus thug an teachtaire cárr Riocaird leis go dtugadh sé abhaile é. Ach nuair a bhí an teachtaire a' tigheacht thar dhroichead a bhí ar an mbealach roimhe thuit sé síos san droichead agus báitheadh é. Dheamhan ar chomhnuigh don chapall go dtáinig sí abhaile, í féin agus an cárr. Nuair a chonaic bean Riocaird an capall agus an carr gan Riocard chor ar bith bhí imnidhe
uirthi. Nuair a bhí an lá dá chaitheamh agus gan Riocard a' tigheacht bhí níos mó ná sin imnidhe uirthi. As sin gur innis sí do na comharsannaí é agus chuaidh sí féin agus iad féin a' cuartú Riocaird. Bhíodar a' cuartú go dtáinig siad go dtí an droichead. Céard a gheobhaidís thíos báidhte sa droichead ach an buachaill seo, ach gur cheap siad, ní nárbh iongnadh, gurb é Riocard a bhí acu ann. Agus ba mhaith an ceapadh dhóibh é mar bhí éadach Riocaird air. Deireadh Máire, bean Riocaird nár chosamhail le Riocard é. "Aru céard tá tú 'rádh" adeireadh na daoine, "Nach sheo a threabhsar 's nach í seo a chasóg," agus dá réir. Ach ní raibh Máire sásta. Tugadh abhaile é cébí é agus tórradh é agus cuireadh sochraid air. Agus nuair a bhí sé dhá chur, bhí an baile uilig cruinn, mar bhí urraim mhór do Riocard. Cuireadh é, agus nuair a bhí sé curtha, bhí na daoine a' tigheacht abhaile, Máire bhocht brónach go leór thréis na haimsire. Bhí an sagart é féin ann a' beannú na huaighe nó rud eicín. "Is deacair dhuit cúis ar bith a dhéanamh anois," arsa'n sagart le Máire. "Agus b'fhearr dhuit an buachaill atá agad a pósadh." "Ó, sé do thruaigh dhom é," arsa Máire "is furusda leat a bheith a' magadh." Nuair a shiúbhaileadar sgatham eile "céard a bhí tú a' rádh," arsa Máire leis an sagart. "Cébi céard a bhí mé a' rádh" arsa'n sagart, "ní meas mór a bhí agad ar mo ghlór." "Ó," deir sí," is deacair dhomsa pósadh a dhéanamh. Tá costas mór déanta agam le Riocard." "Ach nach bhfuil muca agad" arsa'n sagart. "Ó, tá" adeir Máire, "ach níor tháinig a n-am sin fós." Ach dheamhan blas gur phós an sagart Máire agus an
buachaill le chéile. I n-ómós cinn de na muca a phós an sagart í. Bhí an sgéal ceart go leór annsin go dtáinig Riocard abhaile. Ag an deich a chlog san oidhche tháinig sé go dtí n-a theach féin. Is beag an ceapadh a bhí aige gur mar bhí, bheadh. Nuair a bhuail sé an doras fiafruigheadh cé hé sin, agus dubhairt sé gurb é Riocard é. Chaith Máire í féin ar a dhá glúin. Chuaidh an buachaill fá'n leabaidh. "Ní mé is cionntach" adeir sí, "ach an gadaidhe sagairt a chuir ialach orm pósadh agus gan iarraidh ar bith agam air." Bhí Máire ag iarraidh ar Dhia Riocard a chur ar dheágh- staid. Ní raibh a fhios aige céard a bhí a' baint leó. Sa deiread nuair nach leigfidhe isteach é, chuaidh sé go dtí n-a cháirdeas Críost. Bhuail sé doras an cháirdis Chríost. D'fhiafruigh an cáirdeas Críost cé bhí ann. "Mise," arsa Riocard "Leig isteach mé." "Ó muise, más tú" arsan cáirdeas Críost "cuirim as ucht Dé ort fanacht uaim. Shíl mé nach dtáinig tada idir mé féin ná thú féin ariamh, le go dtiocfá go dtí mé." "Ó, muise," deir Riocard, "go laga Dia sibh thrí n-a chéile mar deas an chaoi agus an chuma orm é agaibh, cébi cé'n sórt diabhal atá chor ar bith a' baint díbh." Ach nuair nár leigeadh isteach Riocard cheap sé go raibh sé chomh maith dó dul i gcró na muc go maidin. Is gearr a bhí sé annsin nuair cé'n diabhal a thiocfadh isteac ach buachaill an tsagairt ag iarraid cinn de na muca. Bhí Riocard istig i gcúinne taobh istigh de na muca. Thosaigh an buacaill a' láimhsiú na muc, a' féachaint cé acu ceann ab fhearr dó a thabhairt leis. Nuair a bhí sé a' dul amach an doras agus í aige, d'éirigh Riocard go dtí é. "Cé'n deamhan, ná diabhal atá tú a' dul a' dhéanamh le mo chuid muc," arsa Riocard. As go bráth le buachaill
an tsagairt agus shílfeá gur greideal dearg a bhí fá n-a dhá chois gur shroic sé an sagart i ngalar ráithe. "A' dtug tú leat an mhuc?" arsa'n sagart. "Ó, níor thugas, níor thugas," adeir an buachaill "tá Riocard a' faire na muc." "Ó, a ghadaidhe de bhitheamhnach" arsa'n sagart, "nach postamhail thú ag innseacht bhréag dhom. An é an fear bocht atá curtha cailltec a bheadh a' faire na muc sin?" "Téirigh ann" arsa'n buachaill, "agus beidh a fhios agad é." "Amach leat," arsa'n sagart, "agus tabhair chugam an mhuc." "Dá mbeitheá gan muc, gan banbh le do shaoghal" arsa'n buachaill "ní racha mise níos mó ann." "Teanam i n-éindigh liom mar sin" arsa'n sagart, "go dtéidh mé féin ann." D'imigh an sagart agus an buachaill an ath-uair go dtéidís ag iarraidh na muice. Nuair a tháinigeadar go dtí cró na muc bhí an sagart a' tabhairt fíon-oscailt isteach ar an doras agus a' sméideadh amach ar na muca, agus a' leagan a láimhe orthu 'féachaint cé acú ab fhearr dhó a thabhairt leis. Ní fada gur éirigh Riocard chuige. As go brath leis an sagart agus é a' fuagairt, "tá sé ann, tá sé ann, tá sé ann." Ach b'éigean dó na muca fhágáil 'na dhiaidh, agus an baile a thabhairt dó féin. Ní raibh 'fhios ag Riocard béo ná marbh ó Dhia anuas céard a bhí a' baint leis an saoghal chor ar bith go dtí maidin lá ar n-a mhárac. Domhnach a bhí ann. Bhí 'chuile dhuine a' réidhteach 'un an Aifrinn. D'imigh Riocard é féin go dtéidheadh sé 'un an Aifrinn. Is fearr gur casadh an cáir- deas Críost dó. "Aru céard a bhí ort aréir nach leigfeadh tú isteach
mé" arsa Riocard "nó cé'n sórt seafóid a bhí chor ar bith ort." "Aru, nach bhfuil tú curtha, caillte?" arsa'n cáirdeas Críost. "Nárbh fhada go raibh tusa curtha, caillte" arsa Riocard. Ach fríothadh amach nárbh é Riocard a báitheadh san droichead chor ar bith. Ach d'imigh an buachaill a phós Máire agus níor facthas amharc cinn ná choise ariamh ní ba mhó air. Níl a fhios agam cé'n chaoi a raibh sé idir Máire agus Riocard ní ba mhó. GNÍOMH NA FAIRRGE. Tá sé suim bhliadhanta anois ó rinne an fhairrge obair iongantach sa taobh thoir de Leitir Mealláin i n-iarthar Chonamara. Oidhche raibh oibriú diabhalta sa bhfairrge cuireadh cloch mhillteach aníos as an bhfairrge sa taobh thiar de Leitir Mealláin. Sí an fhairrge féin a chuir aníos ann í, cé go bhfuil daoine ann nach bhfuil baoghal ar bith go ngéillfeadh siad gurab í an fhairrge a chuir aníos ar aon chaoi í. Nuair a cuireadh ann i dtosach í, chuir sí iongantas ar chuile dhuine. Bhíodh daoine a' rádh gurab iad na daoine maithe a chuir ann í. Cuid eile a' rádh gur tasbánadh a chuir Dia ar an saoghal í go raibh athrú mór agus neithe iongantacha le thigheacht ar an saoghal. Cébi sgéal é, is iomdha an lá atá indiú ann ar an saoghal ó tháinig an chloch mhór sin i dtír annsin go dtí an lá atá indiú ann. Tháinig daoine i bhfad 's i ngearr a' breathnú ar an gcloch mhór sin nuair a chuaidh a cáil amach. Cuid dhá dtáinig séard a bhíodar a rádh nach as an bhfairrge tháinig an chloch beag ná mór, nár chosamhail le clocha na
fairrge chor ar bith í: Go mba chosamhail le cloch í dteangmhochadh teine léithi agus go mb'fhéidir gur píosa de na pláinéid í a thuitfeadh anuas ar an talamh nuair buailfí tóirneach fúthu. Ach más daoine iad sin a bhí a' ceapadh nach bhféadfadh brígh ná neart na fairrge an chloch mhór sin a chur i dtír annsin, nach raibh sé chomh híongantach thréis í thigheacht ann i dtosach nuair a chorruigh an fhairrge faoi dhó aríst í. Agus an chorraigh dheireannach a rinne an fhairrge ar an gcloch mhór, rinne sí trí nó ceathair de phíosaí dhi. An té d'fheicfeadh na fairrgí fiadháine a' taobh thiar de Leitir Mealláin, ní dhéanfad sé aon iongantas go ndéanfadh sí rud ar bith. Fairrgí fiadháine agus ní hionghantas é, mar tá an teisginne osglaighthe aniar is gan fasgadh ná dídean le fághail aige ó áit ar bith beó. Tonntracha móra áithbhéalta a' rith aniar agus dhá mbualadh féin go díocasach le díoghaltas fá'n gcósta daingean carraige tá taobh thiar den oileán. An té d'fheicfeadh na fairrgí fiadháine agus na tonntracha áithbhéalta sin ní dhéanfadh sé aon iongantas de ghníomh na fairrge. TÚR CHEANN GÓLAIM. Taobh thiar de Leitir Mealláin tá oileán beag a bhfuil an fhairrge thart air, i n-áit fhiadháin iargúlta a bhfuil an teisginne gharbh thimcheall air. Tá túr ar an oileán agus ní cuimhneach leis na daoine is sine sa tír cé'n uair ar dearnadh é. Ach tá cur síos acu air agus deir siad gurb é Riaghaltas Shasana rinne é. Sé fáth ar dearnadh é, deir siad; fadó bhíodh daoine i gConamara a bhíodh a' gabháil i soithigh seóil go tíortha coimhthigheacha a' tabhairt tae's siúcra 's tobac agus
'chaon tsórt eile leobhtha. Smugláil a tugtar ar an obair sin. Rinneadh an túr ar an oileán beag seo le haigh' bheith a' faireadh ar na soithigh seóil sin mar ba aniar a theagadh an chuid ba mhó acu. Nuair a rinneadh an túr deir siad gur aol oistirí agus bainne reamhar dhá shuathadh a cuireadh mar mhuirtéal air. Is minic a beirtí ar lucht na smuglála, agus cuirtí éiric orthu. Sé phunt an éiric a cuirtí orthu, an éiric chéadna a cuirtí ar lucht déanta poitín. Bhíodh soithigh seóil a dtugadh siad "cutters" orthu ceaptha amach freisin ag an Riaghaltas le bheith a' leanmhain lucht na smuglála. Tá carraig i gcuan Ros Muc a dtugann siad Carraig a' Chutter uirthi. I n-áit a leanadh cutter ceann de bháid na smuglála uair agus bristí thuas ar an gcarraig í, agus d'fhan an t-ainm ariamh ó shoin ar an gcarraig sin. Bhíodh siopaí beaga i gConamara agus bhídís a' díol an tobac agus 'chaon tsórt eile thugadh lucht na smuglála chucu. DROCH-FHOGHMHAR I N-URAIDH. Níl aon mhaith sa mbliadhain seo le hais na bliadhna i n-uraidh le haigh fataí. Tá boicht Chonamara an-bhuailte suas i mbliadhna (1924) d'easbaidh fataí. Bhí a bhfurmhór lobhtha sa talamh agus níorbh ionghantas é mar gheall ar an tsíor- bháisteach i gcaitheamh an tsamhraidh agus i gcaitheamh an fhóghmhair. Ní hé sin amháin a chuir daoine bochta as fataí, ach bárr ar an mí-ádh, thuit an galar ar na fataí i mbliadhna níos truime ná thuiteas sé bliadhanta eile. Ní raibh na daoine bochta i n-acmhuinn aon spray a chur ar na fataí mar ní raibh a luach ag an gcuid is mó acu. Dhá mbeadh féin ní bhíonn aon mhuinghin mhór ag cuid acu
as an spray. Bíonn siad a' ceapadh nach bhfuil aon mhaith ann. Ach i mbliadhna tá's é sin. An té a chuir spray ar roinnt dá chuid fataí i mbliadhna agus a d'fhág píosa gan é a chur orthu, cheal a bheith i ndon é chur ar an iomlán, d'fhan an chuid a ndeachaidh an spray orthu glas agus bhí fataí maithe iontú. Agus an chuid nach ndeachaidh an spray orthu thuit an galar orthu agus leágh na barrannaí ar siubhal, agus ní raibh fataí ar bith iontú. Bíonn bliadhanta ann thar a chéile a dtuiteann an galar ar na fataí agus bliadhanta eile nach dtuiteann. Aimsir chiúin, dhorca i minbíonn an spéir lán le smúid agus le ceó seadh thuiteas an galar ar na fataí. Aimsir chiúin dhorcha den tsórt a bhí ann i mbliadhna nuair a thuit an galar ar na fataí. Tá cuid de mhuinntir Chonamara chomh buailte suas as fataí i mbliadhna agus gur ar éigin a bhainfidís béilí fataí ar feadh laé. AN DÁ SHÍOGAIDHE. Chum duine eicín an dá cheathramha seo:- Tháinig mé isteach go dtí Síogaidhe Rátha Cruachan, Bhí smut air is gruaim is ba fuar é a theallach, Séard dubhairt Feircín suairc, "más as Connachta ghluais tú Chuir amach an luaith nó téirigh abhaile." Tháinig mé isteach go dtí Finnbheara Meadha Bhí a ghunna ina láimh agus é a' trianáil airm Bhí fuisge ar an mbórd aige agus muic-fheóil dhá róstadh aige, Agus fiche fighdóir i gclúid an teallaigh.
PÁIDÍN CHONAMARA. Chuaidh Páidín agus beirt nó triúr eile ag iarraidh mná. Chuadar mar rachaidís as seo suas go Bó Bhrocháin nó go háit eicín mar sin. Is daingean an teach a ndeachadar ann go raibh an cleamhnas réidh agus an bhean le fághail. Creidim go bhfuil fhios agaibh gurb é Páidín a bhí ag iarraidh na mná, agus bhí an bhean le fághail aige. Ach níl áit ar bith dhá shórt seo nach mbíthear ag iarraidh féasta 'bheith acu. Bhí an cailín óg go gnóthach a' gabháil timpeall an tighe a' fághail rud faoi réir le n-a n-aghaidh seo. Ba í an bhean chéadhna bhí le fághail ag Páidín, ach thárla rud timpisteach eicín dí, agus thosaigh sí a' caoineadh. Thosaigh a máthair agus a hathair a' caoineadh, agus thosaigh a dreatháireacha a' caoineadh, a' ceapadh go mba mhór an céim síos ar an gcailín óg an méid sin trioblóide bheith a baint dí. Bhí Páidín i gcaitheamh an achair sin a' breathnú orthu, 'chuile dhuine sa teach acu a' caoineadh go méar. Ach sa deireadh "cé'n deamhan nó diabhal atá orthu sin," adeir Páidín, agus ní raibh suipéar na dinnéar dhá ghléas ná caint a' bith air. Sa deireadh d'éirigh Páidín suas go dtéigheadh sé féin agus a chuid comrádaidhthe 'un siubhail. Ach nuair a bhí sé ag imeacht: "Mo chrádh 's mo mhilleadh agam" deir sé "má stopaim coidhche go bhfágh mé triúr eile atá chomh díth- céillidhe libh." D'imigh sé agus bhí sé ag imeacht agus a síor- imeacht gur casadh i dteach é agus ní raibh ann ach sean- bhean agus sean-fhear. Leig Páidín air féin gur fear é a bhí a' tóruigheacht aimsire. Bhí go maith. Thóigeadar
de láimh é i gcleitheamhnas slám cruithneachta a bhí acu a bhualadh mar ní rabhadar féin sáthach láidir, i dtaobh iad a bheith sean. Chuaidh Páidín a' bualadh na cruithneachta sa sgioból amach ar aghaidh an dorais. Bhí muc ag an tsean-lánamhain seo, agus siad béasa chuile mhuice a bheith a smúrthacht ar arbhar, agus ní choinneóch' an saoghal ó Pháidín an mhuc. Cé'n t-ainm a bhí ag an tsean- lánamhain ar an muic ach Róisín. Shíleadar annsin gurb é an chaoi a raibh Róisín mór le Páidín, agus dubhairt siad leis é. "M'aisgidh, creidim go bhfuil cheana," arsa Páidín. "Meas tú a bpósfá í," ar siad-san. "Ó muise mh'anam gurb é a bhfuil uaim é" arsa Páidín. Ní raibh ann níos mó. Tugadh dhó an mhuc. D'imigh Páidín annsin, agus is gearr a chuaidh sé nuair a fuair sé fear a cheannaigh an mhuc uaidh. "Dair fiad" deir sé in' inntinn féin "tá 'ur ndóthain féin den tseafóid a' baint díbh-se." D'imigh sé aríst agus tháinig sé i dteach eile. Ní raibh ann roimhe ach sean-bhean. Chomh luath is tháinig sé isteach d'éirigh an tsean-bhean suas roimhe agus chraith sí láimh leis agus d'fhiafruigh sí dhe cé as é. "Ó muise," deir sé "thréis na bhflaitheas fhágáil tá mé anois." "Muise an eadh, a mhic ó?" deir sí "céad fáilte as sin romhat. Cé'n chaoi bhfuil chuile dhuine annsin?" "Ó, tá siad go maith" adeir sé. "Aru, a' bhfaca tú Seán bocht ann" adeir sí. "Ó muise, mh'anam go bhfacas," adeir sé. "Aru," deir sí, "a' bhfuil dúil sa ngráinne tobac aige?"
"Ó go deimhin sin é a bhfuil uaidh" arsa mo dhuine. "Aru muise," adeir sí, "b'fhrusta dom-sa cúpla punt tobac a chur aige dhá mbeadh aon duine dul a' bealach a thiubhradh aige é." adeir sí. "Ó muise mh'anam," ar seisean, "go dtiunbhra mise an méid sin aige." "Aru," deir sí "bhfuil dúil sa ruainne ime aige." "Ó" arsa Páidín "thiubhradh sé a dhá shúil air." "A Thighearna Dia muis'" adeir sí, "agus a liachtaí punt mór ime d'fhuighlleach agam-sa annseo agus dhá mbéadh sé aige nár mhór an mhaith dhó é." "Ó muise, badh é chuile mhaith dhó é" ars' an t-ealadhntóir. D'imigh léithi, agus ghléas sí suas ocht nó naoí de phunta ime agus cúpla punt tobac agus nuair d'fhiafruigh an óinseach dhe a raibh éadach maith ar Sheán tá fhios ag chuile dhuine cé'n freágra fuair, nó gur ghleas sí suas beart mór eile éadaighe. Ach sé'n sgéal é, bhí an oiread sa deireadh aige agus nach bhfuil ann ach go raibh sé 'na chumas é iompar. Ach m'aisgidh, níor leis an tsean- bhean ab fhaillighe é, dubhairt sí leis go dtiubhradh sí dó an carr agus an capall agus bh'fhearr ná sin é. Nuair a bhí chuile shórt curtha i dtoll a chéile agus iad ar an gcárr, bhuail Páidín é féin suas ar an gcárr agus bhí sé a' tiomáint leis go gliondrach agus ceart aige air de bhárr an chárnáin bhréagh iolmhaitheasa a bhí aige de bhárr na caillighe díth-céillidhe sin. Ach ní raibh sé gan cuimhniú in' inntinn féin má bhí duine a' bith eile sa teach ba chiallmhaire ná an chailleach, nuair a thiocfaidís agus an méid sin imighthe go raibh seans go rachaidís ar a lorg. Ní raibh sé 'dul amú dada mar chomh luath i nÉirinn agus tháinig beirt mhac na caillighe isteach th'réis a bheith ag obair amuigh, d'fhiafruigh siad den mháthair cá
raibh an cárr agus an capall mar ní rabhadar san áit ab fhaisean leóbh a bheith. Annsin thosaigh sí ag innseacht dóib go dtáinig fear ó fhlaithis isteach aici agus gur chuir sí im agus tobac ag Seán bocht, go raibh sé 'a rádh gur theastuigh sé go han-ghéar uaidh agus gur chuir sí glac phluideanna aige le é choinneál te agus go mb'éigin dí an cárr agus a' capall a chur leis 'faitchíos nach raibh sé i ndon an t-ualach a iompar achar fada. Nuair a bhí an sgéal innsighthe aici, thosaigh an chlann ag easgainí agus a mallú uirthi faoi'n rud a bhí déanta aici agus go mba dheas an chaoi agus an chuma orthu é thréis an tsaoghail ariamh. Ach dubhradar go mb'fheárr dóibh dhul 'na dhiaidh a' féachaint a dtiocfaidís suas leis go bhfáighdís uaidh an cárr agus an capall. Bhí aimhreas maith ag mo dhuine go mb'fhéidir go dtiocfaidhe ar a thóir, agus bhí sé a' breathnú na dhiaidh i gcomhnuidhe, agus m'aisgidh is geárr go bhfacha sé chuige iad. Dheamhan blas a rinne sé ach a dhul anuas den chárr chomh beó agus d'fhéad sé é agus an capall agus an cárr a thabhairt i gcúinne eicín nach mbeadh aon fheiceál orthu agus na rudaí eile a chur i dtaisge i n-áit dóib féin. Chomh luath agus bhí sé déanta aige, chaith sé é féin ar chúl a chinn agus thosaigh sé a' breathnú suas ar an aer. Nuair a tháinig siad-san go dtí é thosaigheadar a' fiafruighe dhe a' raibh sé i bhfad annsin nó a bhfeicfeadh sé fear a' bith a dul thart le sgathamh a mbeadh cárr is capall aige. "Muise, níl mé mórán achair annseo" adeir sé "ach an fhad is tá mé 'mo shuidhe annseo," adeir sé, "séard a bhfuil mé breathnú air mar bheadh cárr is capall a chonaic mé a dul suas san aer. Bhí mé a' breathnú air go raibh sé imighthe isteach ar chúla na néallta dubh úd thuas. Feiceann sibh uilig — mar bhéadh cos an chapaill a' balú isteach ar chúl an sgamaill."
"Ó muise, dair fiadh, feiceann" ar siad-san, mar cheapadar ball beag eicín a 'spáin seisean dóibh gurbh' í cos an chapaill a bhí ann. Chuadar abhaile annsin sásta go leór. D'imigh Páidín nuair a fuair sé chuile shórt réidh. D'imigh sé, agus níl fhios an é díol an cháirr 's an chapaill a rinne sé, ná iad a choinneál, ach is dócha go raibh neart tobac aige go ceánn fada. Bhí an t-im aige le haghaidh na bainse agus má theastaigh an t-éadach uaidh bhí sé aige. Sin mar fuair sé na daoine simplí díth-céillidhe, agus nuair a bhí fhios aige go raibh daoine ar an saoghal chómh simplí leis an gcéad bhean d'imigh sé agus phós sé í agus d'fhéad sé banais mhaith a bheith aige mar bhí cuid na ndaoine simplí uilig aige. SEAN-FHOCLA. Codhladh fada agus mí-urraim dhá rud dhona. Fiacla do charad agus claidheamh do námhad an dá rud dona ar bith. Is lúgha ná frighid máthair an droch-ádhbhair. Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh.
BEIRT FHILIDHE. Bhí file ann uair agus thagadh fear siubhail isteach go dtí é trathnóna. Bhí sé féin agus a bhean ag ithe aráin, im agus tae ach má bhí níor thairg siad greim ná blogam don fhear siubhail ach nuair a bhíodar sáthach, leag an bhean an fuighilleach i dtaisge. Thosaigh fear an tighe annsin a' cur ceisteanna ar an bhfear a' tháinig isteach mar seó: "Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an áit seo" arsa seisean. "Thiubhrainn teach," arsa an fear eile. "Ní headh," arsa fear an tighe, "ach ríoghacht." "Cé'n t-ainm a thiubhrá ormsa" adeir sé. "Thiubhrainn fear a' tighe," arsa an fear. "Ní headh," adeir sé," ach rí an tighe." "Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an mbean sin" adeir sé. "Thiubhrainn bean an tighe," arsa an fear. "Ní headh," adeir sé, "ach aire linn." D'fhiafruigh sé dhe cé'n t-ainm a thiubhradh sé ar an madadh. "Thiubhrainn madadh," arsa an fear. "Ní headh," adeir sé, "ach sodar." "Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an gcat sin" arsa seisean. "Thiubhrainn cat," arsa an fear. "Ní headh," adeir sé, "ach súmas." "Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an teinidh" adeir sé. "Thiubhrainn teine" adeir ar fear. "Ní headh," adeir sé, "ach glóire." Bhí bó ceangailte sa gcornéal ann agus d'fhiafruigh sé dhe cé'n t-ainm a thiubhradh sé uirthi. "Thiubhrainn bó uirthi," adeir an fear. "Ní headh," adeir sé, "ach cabhair."
Bhí cúpla bairille ann a raibh leann ionntu agus d'fhiafruigh sé dé cé'n t-ainm a thiubhradh sé orthu. "Thiubhrainn leann," adeir sé. "Ní headh" arsa seisean, "ach beidhir." "Cé'n t-ainm a thiubhrá ar na bróga sin?" adeir sé. "Tiubhrainn bróga orthu," adeir sé. "Ní headh," adeir seisean, "ach sochainn-bhuinn." Bhí leabaidh thiar sa seómra ann agus d'fhiafhruigh sé dhe cé'n t-ainm a thiubhradh sé uirthi. "Thiubhrainn leabaidh," adeir an fear. "Ní headh," adeir sé, "ach suaimhneas," Bhí uisge i mbuicéad ann agus d'fhiafruigh sé dhe cé an t-ainm a thiubhradh sé air. "Thiubhrainn uisge," adeir an fear. "Ní headh," arsa an fear an tighe, "ach iondamhlacht." Nuair a bhí an méid sin ceisteanna curtha ag fear an tighe ar an bhfear siubhail chuaidh sé féin agus a bhean a chodhladh. Nuair a chuaidh, bhí fhearg ar an bhfear siubhail fá na ceisteanna aduain' a cuireadh air agus cheap sé sásamh a bhaint amach. Sgaoil sé an bhó agus leag sí na barillí leanna. Chuimil sé an méid den im a d'fhág siad na 'ndiaigh sna bróga agus ligh an gadhar iad agus annsin d'ith sé iad. Ansin cheangail sé dornán tuigheadh ar ruball an chait agus las sé é agus annsin sgaoil sé siar fá'n leabaid chucu é. Nuair a bhí sin déanta d'fhiarfruigh sé d'fhear an tighe a' raibh sé na chodhladh. "Nílim anois," adeir sé, "tuige?" "Bhail," adeir sé. "Duaidh sodar sochainn bhuinn," sin gur ith an madadh na bróga. "Dhóirt cabhair an bheidhir agus d'imigh an bheidhir ar fud na ríoghachta. Sháith Súmus a thóin sa nglóire agus chuaidh sé fá do shuaimhneas. Tá do ríoghacht uilig anois 'n-a glóire mara sábháile an iondamhlacht thú."
AN FEAR A D'FHÁGHADH A CHUID SA BPOTA. Bhí bean ann, uair, agus phós sí fear. Ní raibh sa bhfear a phós sí ach duine leath-fhánach. Sé n' chaoi a dtáinig a' fear i dteach na mná. Sé an gnás a bhíodh ar an saoghal an uair sin bheith a' bruith leite agus dhá ithe. Sé 'n gnás a bhíodh ag an bhfear sa mbaile a chuid a thabhairt le n'ithe sa bpota dhó. Ní raibh fhios ag an mbean é sin. Sé an chaoi a dtugadh sí a chuid ar an mbord dó, ar nós chuile dhuine. Níor thaithnigh sin leis an bhfear. B'fhearr leis a chuid fhághail sa bpota i nós nach bhfeicfeadh duine ar bith dhá ithe é. Níor fhan sult ná suairceas annsin ann. Ní bhíodh caint ná cómhrádh aige do dhuine ar bith. Bhídís a' déanamh grinn ag iarraid caint agus gáirí a bhaint as, ach ní raibh aon mhaith ann. Ní fhágaidís liobar clúmhaigh ar choileach lá ach an oiread agus dhá mbeadh sé dhá chur síos sa bpota. Níl aon nduine chonaic an coileach agus é feannta mar sin, nach raibh a' dul i lagar a' gáirí faoi ach níor thóg mo dhuine a cheann agus níor leig sé air féin a bhfaca sé é chor ar bith. Nuair a chinn chuile shórt ar an mbean chuaidh sí go dtí n-a mháthair. Chuir an mháthair fáilte róimpi, agus d'fhiafruigh dhi cé mar thaithnigh an fear léi. "Ó muise," deir sí, "sin é an fear mí-ádhsach agus an fear gan sult gan suairceas." "Aru, a inghean ó," arsa an mháthair, "cá dtugann tú a chuid bidh dhó?" "I ndomhnach," arsa an bean, "tugaim dó ar an mbórd é mar thugaim do chuile dhuine é." "Ó inghean ó," arsa an mháthair, "sé 'n chaoi a bhfághadh
sé sin a chuid sa bpota i riocht agus nach mbeadh fhios ag aon nduine céard d'íosfadh sé." Nuair a chuaidh an bhean abhaile bhuail sí síos pota leite. Nuair a bhí sé bruithte leag sí chuige é. Chomh luath 's leag, chuir sé a shean-sgairt gháirí as féin. Bhí tuilleadh daoine istigh. "Aru," adeir sé, "a bhfaca sibh an coileach an lá údan." "Nár fheice Dia 'na chathair thú," arsa an bhean, "chonaic chuile dhuine é ach thusa." Bhí sé subháilceach go leór uaidh sin amach ó thárla go raibh sé a' fághail a chuid sa bpota. EASGANN A RAIBH LÚIB UIRTHÍ. Bhí duine uasal ann uair agus bhí sé an-deiseamhail. Bhí neart de chuile shórt dhá fheabhas aige. Bhí sé pósta ach cailleadh a bhean agus d'fhág sí muirín lag na diaidh. Phós an duine uasal bean an dara huair agus ba bhean an-óg bhí innti. Bhí mí-staid aici ar an duine uasal mar bhí sé roinnt aosta agus dheamhan blas go dtugann sí nimh ar easgann úr dhó. Nuair a bhí an nimh ite aige agus é a' saothrú báis, bhí a dhearbhráthair a' cur ceisteannaí air mar seo: Céard fhágfas tú ag do dhearbhráthair a dhearbhráithrín ó? Uaigneas ar chnocán lá aonaigh agus támaint (?) Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deo deo. Céard fhágfas tú ag t-athair a dhéarbhráithrín ó? Chúig mhíle punt atá istigh in mo bhosga, Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Céard fhágfas tú ag do mháthair, a dhearbhráithrín ó? Dá bhfágainn an saoghal bráthach aici d'fhágfainn croidhe cráidhte aici, Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó. Céard fhágfas tú ag do pháistí a dhearbhráithrín ó? Fuacht agus seachrán agus oidhche ar gach bothán. Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó. Céard fhágfas tú ag do dheirbhshiúr, a dhearbhráithirín ó, Chúig mhile caora de chuidiú don éadach Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó. Céard fhágfas tú ag do bhean phósta a dhearbhráithrín ó? Ifreann mar dhúthaigh aici agus flaithis Dé dúinte uirthi! Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó. Céard a thug do bhean phósta dhuit, a dhearbhráithrín ó? Éasgann a raibh lúib uirthi agus nimh fuinnte brúighte innti, Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó. Níor labhair sé níos mó go bhfuair sé bás.
AN TÁILLIÚR AGUS A THRIÚR MAC. Bí táilliúr i nÉirinn uair agus bhí triúr mac aige. Bhí sé an-bhocht. Fuighilleach a d'fhághad sé le déanamh agus greim a mbéil a choinneál leis féin agus leis a' triúr mac le n-a shnáthaid. Ní raibh bó ná caora ná beithigheach ar bith eile ag a' tailliúr ach aon ghabhairín beag amháin agus bhí suim mhór aige sa ngabhairín mar bhí sé a' coinneál bainne tae leis. Chuireadh a' táilliúr duine sa turas don chlainn amach chuile lá a' fasaidheacht leis a' ngabhairín. Dubhairt sé leis a' mac ba sine a dhul amach lá a' fasaidh- eacht leis a' ngabhairín agus ar a bhfaca sé ariamh fasaidheacht mhaith thabhairt dó. Thug a' mac ba sine leis an gabhairín agus thug sé i n-áit é a raibh féar fada agus fraoch, agus 'na theannta sin bhí sé a' baint luibheanna deasa eile don ghabhairín agus dhá gcaitheamh chuige. Nuair a bhí sé 'na thrathnóna, d'fhiafruigh an mac don ghabhairín a raibh a dhóithin ithte aige go gcuiread sé abhaile é. Dubhairt a' gabhairín go raibh. Sheól mac a' táilliúra abhaile an gabhairín annsin agus chuir sé isteach i dteach bheag é a bhí déanta le n' aghaidh. D'fhiafruigh an táilliúr den mhac annsin a raibh a dhóithin ithte ag an ngabhairín. Dubhairt a' mac go raibh agus nach bhféadfadh sé níos mó ithe. "Faitíos nach bhfuil" ars an táilliúr, "racha me amach go bhfiafruighe mé dhe a bhfuil." Chuaidh an táilliúr amach agus d'fhiafruigh sé den ghabhairín ar ith sé a dhóithin go maith indiú. "Ó, nír itheas, nír itheas," arsa an gabhairín, "ná mo leath-dhóithin agus ní bhfuair mé cead tada ithe ach do mo ruaigeadh ó áit go háit ar feadh an laé."
Annsin bhí an táilliúr le buile chumhthaigh leis an mac, a' ceapadh go ndearna sé leath-chuma ar an ngabhairín agus dhíbir sé é. Nuair a bhí an mac díbrighthe, bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht gur casadh duine uasal dó, a ndeachaidh sé ar aimsir leis. Lá'r 'na bháireach dubhairt a' táilliúr leis a' dara mac a dhul amach a' fasaidheacht, leis a' ngabhairín agus gan déanamh mar rinne a dhearbhráthair an lá roimhe sin ach fasaidheacht mhaith thabhairt don ghabhairín. Thug an dara mac leis a' gabhairín annsin agus thug sé i n-áit thar bárr é, áit a raibh féar fada agus fraoch agus 'na theannta sin bhí sé a' baint luibheanna deasa, milse eile dhó agus dhá dtabhairt dó. Nuair a bhí sé 'na thrathnóna, d'fhiafruigh sé den ghabh- airín a raibh sé sách. Dubhairt an gabhairín go raibh. Sheól sé abhaile annsin é agus chuir sé isteach ina theach féin é. Chuaidh an táilliúr amach agus d'fhiafruigh sé den ghabh- airín ar ith sé a dhóithin indiú. Dubhairt a' gabhairín nár ith, nach bhfuair sé cead tada 'ithe ach dhá ruaigeadh anonn agus análl ar feadh an laé. Annsin bhí an t-athair le buile leis a' mac agus chuaidh sé isteach agus dhíbir sé é. Bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht gur casadh duine uasal dó a thóig ar aimsir é. An tríomhadh lá, chuir a' táilliúr a' dara mac a' fas- aidheacht leis a' ngabhairín agus dubhairt sé leis ar a bhfaca sé ariamh é thabhairt i n-áit mhaith. Sheól an tríomhadh mac amach a' gabhairín a' fasaidheacht agus thug sé i n-áit thar bárr é, áit a raibh féar fada agus fraoch, agus na theannta sin, bhí sé a' baint luibheanna deasa milse eile dhó agus dhá gcaitheamh chuige. Annsin nuair a bhí sé 'na thrathnóna d'fhiafruigh sé don ghabhairín a raibh a dhóithin ithte aige nó go seóladh sé abhaile é. Dubhairt an gabhairín go raibh, agus nach bhféadfadh sé níos mó 'ithe.
Sheól mac a' táilliúra abhaile an gabhairín annsin agus chuir sé isteach ina theachín féin é. Chuaidh an táilliúr amach agus d'fhiafhruigh sé den ghabairín a raibh sé sách indiu. "Ó nílim, nílim," arsa an gabhairín. "Ní bhfuair mé cead tada ithe ach do mo ruaigeadh anonn agus anall an feadh an lae agus ní bhfuair mé cead tada 'ithe." Chuaidh an táilliúr isteach agus é le buile chumhthaigh agus dhíbir sé an mac ab óige. D'imigh sé sin agus bhí sé ag imeacht agus a' síor imeacht gur casadh duine uasal dó a thóig ar aimsir é. Chuaidh an táilliúr é féin amach an ceathramha lá a' fasaidheacht leis a' ngabhairín. "Tiubhra mise i n-áit thú i mbeidh neart le n' ithe agad, a ghabhairín lághach atá a' coinneál bainne tae ariamh liom féin agus le mo thriúr rógairí clainne agus b'olc an aghaidh orthu é." Trathnóna nuair a bhí an táilliúr a' cur an ghabhairín abhaile d'fhiafruigh sé de a raibh sé sách. Dubhairt a' gabhairín go raibh. Shul dhá ndeachaidh an táilliúr a chodladh an oidhche sin chuaidh sé amach aríst go dtí an gabhairín gur fhiafruigh sé dhi ar ith sí a leór-dhóithin indiú. "Ó nír ith mé," arsa an gabhairín. "Céard a d'fhéadfainn ithe, do mo ruaigheadh anonn agus anall ar feadh an lae, céard d'fhéadfainn ithe?" "Ó a ghadaidhe sgabhtéara," arsa 'n táilliúr, "a' cumadh bréag dhomh atá tú le trí nó ceathair de laetheannta, anois atá 's agam é, agus tá mo thriúr mac díbrighthe agam mar gheall ort, ach bainfe mise a shásamh dhíot." Thug an táilliúr leis a shiosúr annsin agus níor fhág sé liobar ar an ngabhairín gan bearradh dhe anuas go ndearna sé é chomh maol agus dhá mbeadh gan aon bhlas fíonnaidh a' fás ariamh air. D'imigh an gabhairín annsin agus bhí an oiread náire air agus gurb é an chaoi ar sháith sé isteach i sgailp é féin sul dhá bhfeiceadh duine ar bith é.
Nuair a bhí lá agus bliadhain thuas ag a' gcéad mhac leis a' táilliúr a d'imigh, dubhairt sé le n-a mháighistir go raibh sé i n-am aige sgaramhaint leis go gcaithfeadh sé a dul abhaile go bhfeiceadh sé a athair. Nuair a bhí sé ag imeacht thug an máighistir asal dó agus dubhairt sé leis uair ar bith a theastóchadh ór agus airgead uaidh nach raibh air ach bráithlín a sgaradh fá'n asal agus na focla "bricle brics" a rádh agus go dtosóchadh an t-asal a, breith óir dó agus nach dtiocfadh aon lá bochtanacht choidhce air. Thug mac a' táillúra leis a' t-asal ansin ach b'éigin do a' dhul ar lóisdín i dteach ar a' mbealach abhaile, leis an oidhche a leigean thairis. Fuair sé a shuipéar sa teach agus ní raibh aon airgead aige le íoc air agus mar is amuigh i stábla a d'fhág sé a' t-asal, b'éigin dó a dhul amach go bhfághadh sé an oiread ón asal agus d'íocfadh a shuipéar agus a lóisdín dó. Ba cneamhaire a bhí in fear a' tighe agus lean sé amach é, go raibh sé a' faireadh air go bhfaca sé a' sgaradh éadaighe fá'n asal agus a' rádh, na bhfocla "bricle brics." Nuair a chonaic a' cneámhaire an t-asal a breith an óir bhuide, bhí íongantas a' domhain air agus dubhairt sé go mbeadh sé sin aige féin nó go gcinnfeadh sé air. Nuair a chuaidh mac a' táillúra go n-íocadh sé a shuipéar agus a lóisdín, ghoid a' cneámhaire an t-asal uaidh agus chuir sé sean-asal mar chuile asal in' áit. Lá 'r n-a mhárach, thug mac a' táilliúra leis an t-asal, agus ní raibh fhios aige nach é an t-asal ceart é nó gó raibh sé sa mbaile. Chuir a' t-athair míle fáilte roimhe agus dubhairt sé go mba fánach an chaoi ar dhíbir sé é mar geall ar a' ngabhar bradach a bhí a' cumadh bréag dhó, ach d'íoc sé féin ó shoin ann. "Ó ná bac leis a' rud atá caithte," arsa 'n mac, "ach gabh amach agus blaoidh isteach ar na daoine muinn-
treacha go ndéana mé saidhbhir iad. Tá asal agam atá i ndon a bheith a' breith óir. Amach leis a' táilliúr de sgiotán a' blaodhach ar na daoine muintreacha uilig agus leis a' bhfuadar a bhí faoi bhris sé a shnáthad. Is gearr go dtáinig sé féin agus sgata mór de na daoine muin- treacha. Fuair a' mac an t-asal fá réir sgar sé éadach faoi, agus dubhairt sé an focla "bricle brics" ach má dubhairt ní raibh blas maitheas ann dó. "Ó" deir sé, "ní hé an t-asal ceart atá agam. Rinneadh cneámhaireacht orm sa teach a raibh mé ann ar lóisdín san oidhche." B'éigin do na daoine muintreacha imeacht abhaile an bealach céadhna a dtáinig siad. Nuair a bhí lá 's bliadhain thuas ag an dara mac dubhairt sé le n-a mháighistir go gcaithfeadh sé a dhul abhaile go dtí n' athair. Tug a mháighistir éadach buird dó agus chuile áit a sgarfadh sé é bheadh neart de chuile shórt dhá fheabhas le n' ithe agus le n'ól aige. Nuair a bhí sé a' teacht, abhaile casadh sa teach céadna é ar casadh a dhearbhráthair. D'iarr sé lóisdín go maidin agus dubhairt sé go raibh rud le n' ithe aige féin. Chuaidh sé siar i seómra agus dhúin sé aniar an doras. "Níl fhios agam ar bith," adeir an fear le n-a bhean, "cá bhfuil an rud le n' ithe aige; shílfeá nach bhfuil tada aige. Ach d'fhéach sé siar thrí pholl na heochrach, agus bhí iongantas air nuair a chonaic sé chuile shórt beatha dhá fheabhas aige. Nuair a fuair sé na chodhladh é chuaidh sé siar nó gur ghoid sé a' t-éadach buird ó mhac a' táilliúra agus gur shocruigh sé sean-éadach eile in áit." Nuair a' d'éirigh mac a' táilliúra ar maidin níor bhac sé le bricfasta ná le tada ach deifriú abhaile chomh luaith agus d'fhéad sé é. Nuair a tháinig sé, bhí fáilte mhór ag an athair roimhe. "Téirigh amach," adeir sé, "agus blaoidh isteach ar na daoine muinntreacha go dtuga mé a
ndóithin le n' ithe dhóibh." Chuaidh an táilliúr a' blaodhach orthú ach budh é fearacht a' chéad turais é, ní raibh blas lé fághail ar an éadach cláir agus b'éigin dóibh imeacht abhaile mar tháinigeadar. Bhí amhreas ag mac a' táilliúra gur sa teach a raibh sé ar lóisdín ann a rinneadh cneámhaireacht air. Nuair a bhí lá agus bliadhain thuas ag an tríomhadh mac chuimhnigh sé ar a' mbaile. Thug a' mháighistir a thuarastal go han-mhaith dhó agus 'na theannta sin, thug sé mála dhó a raibh maide draighin thíos ann, agus dubhairt sé leis uair ar bith choidhche a dtiocfadh aon trioblóid air, ná dhá dtosaigheadh aon nduine a' troid leis go smachtóchadh an maide iad. "Rinneadh cneámhaireacht ar do bheirt dearbhráthar ina leithide seo de theach, agus más fear maith thusa, bainfe tú sásamh den chneámhaire." D'imigh leis a' mac ab óige agus tháinig sé sa teach seo san oidhche. Ní dheachaidh sé a chodladh chor a' bith ach síneadh ar a' teallach agus a' mniála a raibh an maide ann a shocrú fá n-a cheann. Dubhairt fear a' tighe leis a dhul a chodhladh ar a' leabhaidh. Dubhairt seisean nach rachadh go mbeadh sé ag imeacht leis a' lá agus go mba mhaith leis a bheith 'na shuidhe go moch. Níor mhórán achair annsin gur leig mac a' táilliúra codhladh bréige air féin. Nuair a d'airigh an fear na chodhladh é táinig sé a féachaint a' ngoidfeadh sé an mála, a' ceapadh go raibh rud maith eicín ann. Thosaigh sé a' tarraing an mhála amach ó n-a cheann. Nuair a d'airigh mac a' táilliúra é d'éirigh sé agus dubhairt sé leis an maide a dhul amach agus tosaighe dhá lasgadh. Amach leis an maide agus tos- uigheann sé dhá lasgadh. "Ó ar son Dé," arsa'n cneámhaire, "agus cuir uaim é."
"Cuir chugam a' t-asal agus a' t-éadach buird a ghoid tú ó mó bheirt dearbhráthar," arsa mac a' táilliúra, "nó ní leigfe sé sin duit go bráthach nó go bhfága sé críochnuighthe thú." "Ó, foighid go fóill nó go bhfagha mé dhuit iad." D'éist a' maide ansin leis nó go dtug sé chuige an t-asal agus an t-éadach. Nuair a bhíodar aige, as go bráthach abhaile leis go dtí n'athair. Chaith sé chuig a' mbeirt dearbhráthar, an t-asal agus an t-éadach buird. "Bhain mise iad sin den chneámhaire," adeir sé, "a ghoid uaibhse iad." Chuaidh siad a' blaodhach ar na daoine muinntreacha uilig. Tháinigeadar agus thugadar neart le n' ithe agus Le n'ól i dtosach dóibh agus a ndóithin mhór óir ón asal annsin. "Céard a bhí agad féin," arsa an t-athair. "Ó, cébi céard a bhí agam-sa," ars' an mac, "ní bheadh tada agaibh marach mé. Bhí an mála seo agus a' maide seo thíos ann. agus is leis a bhain mé a' t-asal agus an t-éadach buird den chneámhaire a rabhadar goidthe aige agus dhá mbeadh míle duine a troid liom tá sé i ndon iad uilig a smachtú."
MAC BANRÍOGHAN NA BRUIGHNE. Bhí bean 'na comhnuidhe chois locha i dteachaín bheag léi féin. Duine ar bith bhíos leis féin bíonn uaigneas air. Bhíodh uaigneas ar an mbean seo mar bhíodh sí ag aireachtáil rud eicín a tigheacht go dtí í agus ní raibh fhios aici céard é é. Ach d'innis sí dhá comharsannaí é, agus thug bean ghlic eicín comhairle dhi sgian choise duibhe a fhághail agus dá n-airigheadh sí aríst é ná dhá bhfeiceadh sí é é sháthadh. Bhí go maith. Fuair sí sgían choise duibhe, agus an chéad oidhche eile a bhfaca sí an feithideach dhéanamh blas gur sháit sí é. Agus cé bheadh ann ach mac banríoghan na bruighne. Tháinig a mhathair ansin dhá chaoineadh. "Ná raibh an t-ádh," arsa sise, "ar an láimh a mharbhuigh an duine ná ar an gcroidhe a smaoinigh di é." Beanín bheag agus bhí sí cliste Agus thug sí air sáthadh de sgínín leathan na coise duibhe. A mhic rí Laighean agus rí Shligigh Agus a dhearbhráthair an ógánaigh as a' Tuircéis Chuir mé an cúpla údan na choinne An t'iairnín aimhréidh agus an lasair nimhe, Agus nuair nach dtáinig sé leóbhtha sin Chuir mé mo laé geal féin na choinne.
NA TRÍ RIBE ÓIR. Bhí lánamhain bhocht ann fadó, fear agus bean, agus bhíodar an-bhocht. Is ar éigin a bhíodar i ndon maireachtála le méid a mboichteanacht ach gur frusda a leithide fhághail anois agus an uair sin. Bhí aon pháiste amháin mic acu, agus bhí sé sa targair (tarngaire) nuair a thiocfadh sé i n-aois a cheithre mbliadhna déag go bpósfadh sé inghean rí na hÉireann. B'íonghantach an sgéal é sin, agus bhí an sgéal ag imeacht ó bhéal go béal agus ó dhuine go duine nó go gcuala an rí féin é. Nuair a chuala an rí é, b'olc a gabhathas aige é. Bhí sé le buile chumhthaigh, le fearg agus le olc. Céard a bhéarfadh go mbeadh mac duine bhoicht pósta ag a inghin. Ní fhulaingeochadh sé leis. Séard a cheap sé gan stopadh ná mór-chomhnuidhe choidhche nó go dtéidheadh sé san áit a raibh an páiste nó go gcuireadh sé chun báis é. Bhailigh sé leis agus thug sé leis slám mór airgid le go gceannóchadh sé an páiste ó n-a mhuintir. Tháinig sé go dtí iad agus d'iarr sé an páiste orthú ach ní rabhadar sásta é a leigean leis. "Má thugann sibh dhom é," arsa an rí, "tóigfe mé as an mboichteanacht sibh. Tóigfe mé an páiste go maith. Tiubhra mé riar agus cothú ar foghnamh dhó agus pósfar le m'inghin féin é." Bhí an rí mar sin leis a' lánamhain bhocht a' gabháil go bog agus go cruaidh orthu nó gur sgaoileadar leis a' páiste. Nuair a bhí an páiste aige fá n-a lámha, chuir sé i mbosga mór, fada, fairsing é a bhí aige le haghaidh na hócáide. Chuir sé beagán agus ní mórán aráin leis insa mbosga. Sgaoil sé amach ar an bhfairrge é, cead
aige bheit aige imeacht le sruth agus le mór-fhairrge sa chuile cheárd a ruaigfeadh an ghaoth é. D'imigh an rí abhaile annsin lán tsásta. Ach ní mar ba toil leisean ba toil le Dia. Is gearr an t-achar gur ruaigeadh an bosga isteach i dtír. Tháinig an bosga isteach i dtír i mbéal abhann. Ar an abhainn bhí muileann. Bhí triúr muilleoirí sa muileann ag obair. Chonaic siad a' bosga a' tigheacht i dtír. Chuaidh siad síos go dtí é, agus nuair a bhain siad a' clár den bhosga níorbh iongantaighe leóbhtha an saoghal ná an páiste fheiceál ann istigh. Thug siad leobhtha abhaile é agus bhíodar an- cheanamhail air. Bhíodar a' tabhairt bidh agus beatha agus éadach dhó. Ba leis an rí na muilleóirí agus theagadh sé ar cuairt go minic chucu a' féachaint ce'n chaoi a mbíodh siad a' déanamh. Casadh thart an babhta seo an rí agus chomh luath agus tháinig sé, d'aithin sé ar a' bpointe gurb é an buachaill beag a bhí i n-éindigh leis na muilleóirí an páiste céadna a shíl sé a bhí curtha chun báis aige. Thosaigh sé a' ceistniú na muilleóirí cé bhfuair siad é. Nuair a d'innsigheadar dhó, bí sé sásta ach cheap sé seift eile le é chur chun báis. "Is fadó d'fhág mé an baile," arsa an rí, "agus bu mhaith liom leitir a sgríobh chuig mo bhean agus chuig m'inghin agus bu mhaith liom dhá dtugadh an buachaill beag seo chucu í. Sgríobh an rí an leitir agus mar bud é an buachaill óg seo a bhí sé le cunr leis an leitir d'orduigh sé dhá bhean "chomh luath agus rachas an buachaill seo go dtí sibh marbhuigidh é, agus bíodh a chroidhe agus a sgamhógaí agaibh rómham nuair a rachas mé abhaile." Nuair a bhí an leitir sgríobhtha ag an rí dhúin sé suas í agus thug sé don bhuachaill óg í, agus dubhairt sé leis gan comhnuidhe go bráthach nó go dtugadh sé dhá bhean í.
D'imigh leis an mbuachaill óg agus bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht ar feadh an laé gan teach ná bothán a chastáil dó ar an mbealach. Nuair a bhí sé 'na thrathnóna, casadh isteach i dteach é a bhí i gcolbh coille. Ní raibh aon nduine ann roimhe ach sean-bhean. Bhí an buachaill óg trom, tuirseach de bhárr siubhail an laé i riocht agus gur shín sé siar i gclúid a' teallaigh. "Ó, a mhic ó," arsa an tsean-bhean, "níl aon ghnotha agad a' fanacht anseo chor ar bith. Robálaigh a bhíos a' tigheacht agus ag imeacht sa teach seo. Bíonn siad a' goid agus a' robáil agus a' marbhú chuile dhuine dhá gcastar orthu." "Ó, muise," arsa an buachaill óg, "dhá marbhuighthe ar áit na mbonn mé níl mé i ndon a dhul níos fuide le lagar agus le ocras agus le tuirse." Ghlac a' tsean-bhean truaigh dhó agus thug sí rud le n-ithe chuige. Nuair a bhí sé ithte aige, thuit sé ina chodhladh. Ba gearr a' t-achar go dtáinig dhá dhuine dhéag robálaigh. Nuair a chonaic siad an buachaill óg seo, d'fhiafruigheadar den tsean-bhean cé as a dtáinig sé. Dubhairt sí nach raibh fhios aici cé as é, ach nach raibh aon mhaith dhi bheith ag iarraidh é chur amach gur fhan sé istigh dhá buidheachas agus gur thuit sé ina chodhladh. Thóruigheadar é a' féachaint a mbeadh airgead aige ach sí an leitir a fuair siad. D'osgluigheadar an leitir agus léigh siad í. "Muise, go bhféacha Dia orainn," arsa siad-san le chéile, "nach suarach an aistir a bhfuil sé 'gabháil ann." Thosaigh siad a' breathnú ar an mbuachaill óg agus é ina chodhladh. "B'fhearr dhúinn leitir eile a' sgríobh dhó," arsa na robálaigh. Sgríobh siad leitir eile ón rí má b'fhíor dóibh féin, agus séard a chuir siad sa leitir: "Chomh luath agus shroichfeas an fear óg seo sibh pósaidh le m'inghin é. Bíodh banais ar
foghnamh agaibh agus ná bígidh a' fanacht liomsa." Dhúin na robálaigh an leitir agus chuir siad i bpóca an bhuachaill óig í, agus ní rabh fhios aige tada nó gur dhúisigh sé lá'r n-a mhárach. Bhí na robálaigh imighthe, agus ní fhaca sé chor ar bith iad. Bhailigh sé féinm leis aríst ar a aistir féin, agus shroich sé tigh an rí an lá seo. Thug sé an leitir don bhanríoghain, agus nuair a léigh sí í, bhí ionghantas an domhain uirthí. Ach ní raibh ann níos mó. Pósadh an fear óg le inghin a' rí. Caitheadh banais ar fóghnamh leobhtha agus bhí an targair teagtha isteach fíor annsin. Nuair a tháinig an rí abhaile, agus fuair sé an fear óg pósta le n'inghin, bhí sé as a chéill ar fad. "Ar ndóigh," adeir sé, "ní hé sin a d'orduigh mise dhíbh in mo leitir." Thug an bhanríoghan chuige an leitir agus léigh sé í. Annsin a bhí fhios aige gur himrigheadh beart air. Ach nuair nach raibh aon leigheas aige air, tharraing sé paca cártaí chuige féin. "Teanam ag imirt, a chliamhain," arsa 'n rí. Chuaidh sé féin agus fear na hinghine ag imirt. Bhuaidh an rí chuile chluiche. "Tabhair do gheasa," arsa an fear óg leis a' rí. "Cuirim fá gheasa thú agus fá mhór-dhiomadh na bliadhna a dhul don domhan theas agus trí ribe óir a thabhairt chugam as féasóig an fhathaigh atá sa domhan theas nach dtáinig aon nduine ariamh uaidh dhá ndeachaidh go dtí é." Nuair a fuair an inghean amach go raibh an fear óg fá gheasa, bhí a croidhe briste. D'imigh leis an bhfear óg agus ní rabh fhios aige cé bhfuigheadh sé an domhan theas ach a aghaidh thabhairt ó dheas. Bhí sé ag imeacht ar feadh trí oidhche agus trí lá, gan duine ná deóraidh a chastáil air go dtí ar uair an mheadhoinm laé an tríomhadh lá choinic
sé fear a' tigheacht ar dhruim capaill agus é a' caoineadh agus a' sgreadach agus ag uallfairt. Nuair a tháinig an fear óg suas leis an bhfear a bhí ar an gcapall, d'fhiafruigh sé dhe cé'n fáth é bheith a' caoineadh agus a' sgreadach ar an nós sin. "Tá mo dhóthain úghdair chaointe agam," ars' eisean, "má fheiceann tú na gleannta sin tá thart timcheall ort tirm gan deóir uisge. Roimhe seo, lochannaí uisge a bhí san áit seo, ach anois, níl deóir uisge sa ríoghacht ach na daoine agus na beithigh a' fághail bháis leis an tart." Bhí cúpla buidéal uisge ag an bhfear a bhí ar dhruim a' chapaill a bhí sé thréis a thabhairt achar fada. D'innis an fear óg dhó cé raibh sé féin a' gabháil. "Is iomdha duine a chuaidh san áit sin cheana," arsa an fear a bhí an dhruim an chapall, "ach ní fhaca mé aon nduine ariamh acu a' tigheacht ar ais, ach má fhilleann tú choidhche b'fhéidir go mbeadh tuairisg agad cé 'n fáth an ríoghacht seo a bheith tirm gan deoir uisge." Gheall an fear óg dhó go mbeadh, dhá mb'fhéidir é. D'imigh an fear óg leis 'na bhealach. Is gearr go dtáinig sé i n-áit a raibh go leór coillte ach ní raibh bláth ná duilleabhar orthu ach iad críonta fré chéile. Nuair a bhreathnuigh sé thairis, chonaic sé fear óg 'na shuidhe fá bhun chrainn agus a lámh fá n-a leiceann aige. Chuaidh an fear óg 'un cainte leis agus d'fhiafruigh dhe cé 'n fáth a bhuadhartha. "'Bhfeiceann tú na coillte sin uilig thart thimcheall ort," arsa 'n fear, "roimhe seo bhíodh úbhlaí óir a' fás orthu, ach anois tá siad gan aon ubhla. Ba liomsa iad uilig agus nach mór an t-ádhbhar buadhartha dhom a bheith a' breathnú orthu anois." "Tá mise a' gabháil don domhan theas," arsan fear
óg, "go dtí fathach nach bhfuil aon tsúil agam le thigheacht uaidh choidhche, agus níl mé leath chomh buadhartha leat." "Má fhilleann tú choidhche," arsa fear na n-ubhall, "b'fhéidir go mbeadh tuairisg agad céard atá a' baint le mo chuid coillte le go bhfuil siad críonta mar atá siad." Gheall an fear óg dhó go mbeadh dá mb'fhéidir é. Bhí an fear óg a' siubhal leis i gcomhnuidhe ag iarraidh bheith a' giorrú an bhealaigh don domhan theas. Is gearr go dtáinig sé ar bhruach abhann. Bhí fear roimhe agus budh é a cheird a bheith a' cur chuile dhuine treasna na habhann. Chuir sé an fear óg treasna. Nuair a chuir, d'innis sé dhó cá raibh sé a' gabháil .i. ag iarraidh trí ribe óir ar an bhfathach a bhí sa domhan theas. "Is fada mise anseo," arsa fear na habhann, "agus tá sé cinnte orm an áit a fhágáil, ach a' cur daoine anonn agus anall treasna na habhann sin i gcomhnuidhe. Má thagann tú ar ais choidhche b'fhéidir go mbeadh fhios agad cé an fáth atá leis ach is mór a chuaidh an bealach cheana agus ní fhaca mé aon duine ariamh a' tigheacht ar ais." D'imigh an fear óg leis annsin agus sé an chéad áit eile ar casadh é tigh an fhathaigh. Tráthamhail go leór, ní raibh an fathach ag baile roimhe. Ní raibh ann ach bean óg, agus nuair a d'innis sé dhi cé raibh sé a' tigheacht agus a liachtaí trioblóid a d'fhulaing sé a' tigheacht ghlac sí truagh mhór dhó. "An rí a chuir fá gheasa mé," adeir sé, "trí ribe óir a thabhairt chuige as feasóig an fhathaigh atá 'na chomhnuidhe annseo." "Ná bíodh faitíos ort," adeir an bhean óg, "déanfa mise mo dhíthcheall dhuit." D'innis an fear óg di fá'n ríoghacht nach raibh aon deoir uisge ann ag duine ná ag beithidheach, agus fá na coillte a mbíodh na
húbhlaí óir orthú a bhí críonta anois, agus fá'n bhfear a bhí ag an abhainn. "Ná bíodh faitíos ort," arsan bhean óg, "beidh fhios againn ar ball cé'n chiall atá leis na neithe sin uilig. Caithfe mé siongán a dhéanamh dhíot, mar dhá mbeitheá roimh an bhfathach ní fhágfadh sé saoghal nóiméid agad." Rinne sí siongán den fhear óg agus chuir sí in a brollach é. Is gearr go dtáinig an fathach, agus bhí an talamh ar creathadh faoi. Tháinig sé isteach agus leag an bhean óg a bhéilí chuige. Nuair a bhí sé ithte aige, dubhairt sé go mbu mhaith leis sgathamh a chodhladh. Leag sé a cheann ina hucht, agus ba gearr go raibh sé ina chodhladh. Nuair a fuair sí ina chodhladh go trom é, tharraing sí ribe as a fhéasóig. D'éirigh sé de léim. "Aru, cé'n deamhan ná diabhal atá ort," ars' eisean "Ó, muise, níl fhios agam, a' brionglóidigh eicín a bhí mé." "Céard atá in do bhrionglóide," arsa an fathach. "A leithide seo de ríoghacht," arsa an bhean óg, "atá tirim gan aon deoir uisge agus tá na daoine agus na beithigh mar a chéile a' fághail bháis le tart." "Tá do bhrionglóide fíor," arsa an fathach, "agus go deó nó go marbhuighthear losgán atá sa ríoghacht sin, ní bheidh aon deoir uisge ansin. Is é atá a' coinneál an uisge as na lochannaí, agus dhá marbhuighthe é bheadh neart uisge insa ríoghacht aríst mar bhí cheana." Thuit an fathach ina chodhladh aríst ina hucht agus tharraing sí ribe eile. D'éirigh an fathach fiadháin agus d'fhiafruigh sé dhi go feargach céard a bhí uirthí chor ar bith. "Ó, a' brionglóidigh a bhí mé." adeir sí, "ar fhear bocht a bhfuil an oiread seo coillte aige agus bhíodh
ubhlaí óir a' fás orthu roimhe seo agus níl tada a'fás anois orthú ach iad críon gan bláth ná duilleabhar." "Tá do bhrionglóide fíor anois freisin," arsa'n fathach, "agus dhá marbhuighthe luch atá fá bhun na gcoillte sin, bheadh na hubhlaí ar a' gcoill mar bhí cheana." Thuit an fathach ina chodhladh an tríomhadh babhta. Nuair a fuair an bhean óg ina chodhladh é tharraing sí an tríomhadh ribe. D'éirigh an fathach le cumhthach agus d'fhiafruigh sé dhi céard a bhí uirthí. "Go deimhin," adeir sí, "níl mé a' fághail furas ná suaimhneas ar bith indiú, ach a' brionglóidigh." "Céard a bhí in do bhrionglóide an turas seo," arsa an fathach. "Bhí mé brionglóidigh," adeir sí, "go bhfuil fear ina leitheide seo d'áit, agus gurb é a cheird a bheith a' cur daoine anonn agus anall treasna abhann agus tá sé cinnte ar an áit fhágáil." "Tá do bhrionglóide fíor," arsa an fathach, "dhá dtugadh an fear sin a' tslat as a láimh d'fhear eicín eile d'fhéadfadh sé féin imeacht agus chaithfeadh an fear eile fanacht in' áit." Nuair a bhí an méid sin innsighthe ag an bhfathach don bhean óg d'imigh sé féin. Nuair a d'imigh, thóg sí an siongán amach as a brollach. Rinne sí fear aríst dhe. Thug sí dhó na trí ribe óir a bhain sí as féasóig an fhathaigh. Ghlac sé an-bhuidheachas léithi as' fheabhas is chruthuigh sí dhó, agus as ucht chomh stuama is chuaidh sí don fhathach le tuairisg fhághail uaidh ar chuile shórt. Bhailigh sé leis annsin agus chuaidh go dtí fear na habhann. Chuir sé na mílte fáilte roimhe. "Tá chuile shúil agam go ndearna tú gnotha," arsa seisean, "nó a bhfuil aon tuairisg agad cé'n fáth nach bhféadfainn imeacht as seo."
"Cuir treasna na habhann i dtosach mé," arsa'n fear óg. Chuir sé treasna é. "Anois, a' chéad fhear a thiocfas a' bealach aríst," arsa'n fear óg, "tabhair an tslat as do láimh dhó." Tháinig an fear óg annsin go dtí fear na n-ubhall. Thasbáin sé sin dó go raibh áthas mór air as ucht é fheiceál a' tigheacht slán aríst. Chuaidh siad a' cuartú agus fuair siad an luch fá bhun an chrainn. Mharbhuigheadar í. Ní túisge bhí sí marbh ná bhí na coillte a' cur thar maol le ubhlaí buidhe óir. Ní rabh fhios ag fear na n-uball céard ab fhearr dhó dhéanamh le áthas agus le buidheachas air. Líon sé trí nó ceathair de mhálaí dhó de na húbhlaí- Chuir sé suas ar dhruim capaill dó iad. Chuaidh sé píosa maith den bhealach leis nó go dtáinig siad go dtí an ríoghacht a bhí tirim gan aon uisge. Bhí an fear a casadh dhó roimhe sin roimhe a' féachaint a' raibh aon sgéal maith aige dhó. Chuaidh siad a' tóruigheacht agus fuair siad an losgán. Mharbhuigheadar é agus ní túisge bhí sé marbh ná bhí na lochannaí a' cur thar maol le uisge. Ghlac sé sin é féin mór-chuid buidheachais leis an bhfear óg. Thug sé dhá mhála óir dhó mar luach-saothair. D'fhág an fear óg slán aige agus bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht ariamh go dtáinig sé abhaile go dtí an bhean óg, inghean an rí. Ní raibh mórán áthais ar an rí as ucht é thigheacht ach nuair a chonaic sé an méid óir a bhí aige chuir sé beagán air. "Aru," deir sé, "cá bhfuil ór chomh fairsing agus gur fhéad tú an méid sin a thabhairt leat dhé? Thug sé thuairisg don rí go bhfuigheadh sé féin a sheacht n-oiread óir dhá dtéidheadh sé dá iarraidh. "Bí ag imeacht go deó," adeir sé, "nó go gcastar fear leat atá
ar bhruach abhann. Iarr a' tslat atá ina láimh ar an bhfear agus déanfa tú gnotha." Bhí an rí chomh sanntach ag an ór agus gur bhailigh sé leis. Bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht nó go dtáinig sé san áit a rabh an fear ar an abhainn. D'iarr sé an tslat air. Bhí deifir mhór air sin a' tabhairt na slaite dhó, mar d'fhéad sé féin imeacht agus b'éigin don rí fanacht in' ait. Thá sé ann go fóill mara dtáinig aon amadán a leigfeadh as é. Uaidh sin amach, mhair an fear óg fá shógh agus fá shonas é féin agus a bhean gan aon ní le buaidhreadh ná mairg a chur air uaidh sin amach. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services