SGÉALAIDHE LEITIR MEALLÁIN
RÉAMH-FHOCAL.
Na sgéalta atá sa leabhar seo, níor cuireadh mórán
dá leitheidí i gcló go dtí seo, thar éis gurb iad an
cineál is mó atá a' rith idir Ghaedhilgeoirí go fóill.
Ní sgéalta Fiannaidheachta iad is ní sgéalta gaisge
iad ach dréachta ar chríonnacht an tsaoghail. Go fiú is
na giotaí a' baint le neithe diadhanta atá sa leabhar
(mar sh. "Sanntach ag Airgead" l.32), sé 'n taobh a
theangmhaigheas leis an saoghal agus le n-a ghliocas is
mó atá i dtrácht.
Séard atá i n-iomlán na sgéalaidheachta seo i
dteannta na sean-fhocla sórt feallsamhnacht ar an
saoghal, ar a amhainse agus ar a chleasaidheacht. Bhíodh
eolus ag na Gaedhilgeoirí ar iomlán na feallsamhnachta
úd agus bhí sí mar bheadh treoir acu i ngnotha saoghalta.
Ní saghas amháin sgéalta atá sa leabhar ach go leor
saghas. Sgéalta greannmhara a lán acu ach ní ar a
n-aghaidh atá an greann ionntu, ach i bhfad siar, agus is
mó an aithis atá go minic ionntu ná'n greann. 'Na
dhiaidh sin, sé'n cineál seo a bhfuil faobhar orthu agus
gearradh ionntu is mó a bhfuil tóir ag an nGaedhilgeoir
air. An mhuintir a chuireas rómpu sgéalta greannmhara
a chumadh nó a sgríobh níor mhisde dhóibh an leabhar seo a
léigheadh.
Tá cineál eile freisin sa leabhar .i. sgéalta meadhon-
aimsireacha a bhíodh coitcheann fad' ó in gach uile thír.
An áit a mbíonn an galach nó an tréinfhear ag imtheacht
agus a' síor-imtheacht ó thír go tír ar feadh míosa nó
bliadna agus a' feiceál iongantas ina shiubhal ní dócha
gurb Í Éire ba bhunadh do na sgéalta sin mar ní bhíonn
trácht go hiondúil ionntu ar bhád ná luing. Tá iarmhar
beag den chineál sin is "Na Trí Ribe Óir." Tá
gaol an bhádóra le fághail i sgéalaidheacht na Gréige
agus na Róimhe. An t-eolus a fuair an galach a rinne
fóirithin ar dhaoine a bhí fá bhrón agus a d'fhuasgail iad
ó n-a ngeasa is iomdha samhail dó sin freisin atá i sean-
sgéalta Críoch Leatha. Tá a leitheid in irisí Artúir.
Maidir le éigse Ghaedhealach na sean-aimsire, cé is
moite den innsean féin, is beag fuigheall di sa tsraith
sgéalaidheachta seo. Ach tá aon ghiota amháin sa leabhar
mar thiocfadh sé glan cruthanta as an Leabhar Laighneach.
Sé sin, Sgol (l. 28) Sin é aithghein "Erchoitmed
Ingine Guilidi" a chuir an t-Ollamh Kuno Meyer i gcló
in Hibernica Minora, l. 65, as Rawlinson B. 512, agus
is cosmhail gurb é an dréacht céadna é ar mhalairt chrotha.
Tá sgéal eile freisin ar an méid seo — más sgéal
aisteach féin é — a bhaineas do shaoghal na haimsire seo.
Sé sin, Sgéal Phádhraig Uí Fhlaithbhearta. Tá, sa dréacht
seo, sglábhuidheacht cruatan, agus ocras measgtha le
seachrán, sidheoga taidhbhsí agus brionglóidigh, agus an méid
sin ar fad fá bhrat dorcha na hoidhche. Is furusda an
chaoi ar cumadh an píosa seo a shamhlú .i. go raibh
spailpín bocht a' tigheacht abhaile as Conndae an Chláir
i lár an gheimhridh, gur theastaigh uaidh a bheagán airgid
a spáráil agus gan aon bhlas de… de a chaitheamh
leis féin gur thuit sé as a sheasamh le lagar agus
"féar-gortach," agus go dtáinig brionglóide dhó go
raibh sé i bpálás ag ithe agus ag ól ar a mhian. Níl
ceárd ar bith den Ghaeltacht nach bhfuil sgéal den
tsamhail sin ann.
Ní mheasaim go bhfuil i n-aon-leabhar samhail is fearr
do sganrachán agus a chuid airgid ná tá in "Dia dhá
thabhairt dó," ná do ghláimhthéisg, gan feidhm gan éirim
ná atá sa sgéal úd "Dá mbeitheá thiar." Is iomdha
innsean atá air sin ach ní fearr ceann acu ná é seo.
Tá saghas eile freisin sa leabhar a cheap an t-ughdar
as a chonnlán féin, agus b'fhiu suim a chur ann. Ní
fhaca mé fós i n-aon-áit cunntas is cruinne ar "Árainn
Bheag" nó ar an réigiún ar a dtugtaí "Uí Bhreasail"
ná tá curtha i dtoll a chéile aige.
Maidir le "Déanamh Poitín" níl sé i dteannta a
chéile chomh paiteanta i n-aon ionad eile cur síos ar an
gcaoi a ndéantar an "fuisge poitín" (mar thugas lucht
a dhéanta air) ó thosach go deireadh. Má bhíonn
craobhsgaoileadh mór ar an leabhar seo ní hé amháin
i gConamara a chaithfeas na Gárdaí a bheith ar a
n-aireachas ach thar tír amach freisin.
Tá buaidh eile ar feabhas ag na sgéalta seo ar fad:
go dtugann an sgéalaidhe, Peadar Ó Direáin, innsean
thar cionn orthu. Níl sé i n-aon leabhar dhá dtáinig amach
fós leagan Gaedhilge is deise, mhíne, shnasta ná tá
aige orthu. Ní hé amháin go bhfuil teilgean deas cainte
aige ionntu ach tá a lán focla agus leaganacha cainte
aige nach dtéideann ach go hannamh ar pháipéar. B'fhiú
don té atá le foghluim na Gaedhilge iad a léigheadh go
mion agus go minic.
Sé locht an leabhair seo a laighead. Arae ní dá mhéid
dhá léighfe duine den chineál atá ann nach eadh is mó a
thaithneochas sé leis.
D'fhéadfadh an t-ughdar dá oiread eile sgéalta a chur
i dteannta a chéile, cuid acu a bhí sa Stoc agus cuid
eile nach raibh. Sé'n feall nár leig an spás dó a dhéanamh.
Tá súil againn fá n-a bheith slán dó go gcuirfe sé
leabhar eile chomh mór leis seo i dtoll a chéile gan
mórán achair.
TOMÁS Ó MÁILLE.
Gaillimh, Márta, 1926.
SGÉALAIDHE LEITIR MEALLÁIN.
INGHEAN ALTROMA NA MAIGHDINE MUIRE.
Bhí lánamhain bhocht ann uair, agus bhí aon pháiste
amháin inghine acu. Tháinig an Mhaighdean Bheannaighthe
go dtí iad, lá, agus dubhairt sí leo an páiste a
leigean léi, go dtóigfeadh sí go han-mhaith í agus go
dtiubhradh sgoil agus foghlaim di. "Mar," adeir an
Mhaighdean Bheannaighthe, "níl sibhse i n-acmhuinn í thógáil
ná sgoil a thabhairt dhi mar tá sibh bocht. Cuideocha mise
libh, ach leigidh liom an inghean, agus beidh sí mar inghean
altroma agam."
Thug an lánamhain bhocht dhi an inghean, agus thug an
Mhaighdean Bheannaighthe slám mór airgid dóibh a rinne
gar dhóibh.
Thug an Mhaighdean Bheannaighthe léi an inghean suas go
Ríoghacht na bhFlaitheas. Bhí áit mhaith annsin aici, neart
de chuile shórt dhá fheabhas agus dhá bhreághtha le caitheamh.
Bhí sí a' fághail sgoile agus foghlama agus chuile dheagh-
theagasg ón Maighdean Mhuire. Bhí sí ag éirghe suas
go buan agus go buacach nó go raibh sí chúig bliadhna
déag d'aois go raibh sí 'na cailín bhreagh dhathamhail.
Aon lá amháin, dubhairt an Mhaighdean Bheannaighthe léi
go raibh sí le cuairt a thabhairt ar an talamh seo arís
agus go bhfágfadh sí eochracha na bhFlaitheas uilig aic
agus go bhféadfadh sí a dhul isteach in gach uile sheómra
dhá raibh is na Flaithis ach i n-aon tseómra amháin.
"Tá mé a' cur parbhail ort gan a dhul annsin, agus
ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh ann." Gheall an inghean
altroma nach ngabhfadh.
D'fhág an Mhaighdean Bheannaighthe aici na heochracha
annsin agus tháinig sí féin anuas ar an talamh seo.
Bhí an inghean altroma, a' gabháil isteach is gach uile
sheómra dhá raibh 'sna Flaithis nó go dtáinig sí go dtí
an seómra a raibh parbhal uirthi gan a dhul ann. Rinne sí
staidéar go ceann sgaithte agus d'fhiafruigh sí dhi féin a
rachadh sí isteach sa seómra seo. Ach chuaidh, agus ní hé go
leór moille a rinne sí ann nuair a tháinig sí amach arís
as. Is gearr go dtáinig an Mhaighdean Bheannaighthe.
Rug sí ar na heochracha uaithi.
"Seadh," adeir sí, "bhí tú istigh sa seómra ar chuir
mé parbhal ort gan a dhul ann."
"Ní rabhas," arsa an inghean altroma.
"Bhí tú ann," adeir an Mhaighdean Mhuire, "agus is
fearr dhuit an fhírinne a dhéanamh agus gan a bheith dhá
shéanadh." Bhí sí a' séanadh i gcomhnuidhe nach raibh.
"'Daile," adeir an Mhaighdean Mhuire, "b'fhearr
dhuit an fhírinne a dhéanamh agus gan a bheith dhá shéanadh.
Nuair nach n-innseócha tú an fhírinne, tiocfa sé trioblóid
mhór ort. Ach fiafrócha mé uair eile dhíot é agus innis
an fhírinne. A ndeachaidh tú isteach isa seómra ar chuir
mé parbhal ort gan a dhul ann."
"Ní dheachas," adeir an inghean altroma, "ní dheachaidh
mé ann."
"Tá go maith," adeir an Mhaighdean Mhuire, "tuillfe
sé trioblóid mhór dhuit." Thuit an inghean altroma 'na
codhladh annsin agus nuair a dhúisigh sí fuair sí í féin
i ngleann domhain, dorcha, uaigneach ar an talamh seo
arís, agus é na thuile liaga báistighe móire, an áit thart
timcheall uirthí lán le sgeacha agus le driseacha géara.
Shíl sí labhairt agus thosuigh a' caoineadh agus a' sgreadach
ach níor fhéad sí. Bhí a hurlabhra caillte aici. D'fhan
sí mar sin ar feadh mórán laethannta go priaclach agus
go piolóideach gan greim le n' ithe ná le n' ól.
Fá cheann sgaithte, casadh rí óg agus a chuid gíománach
thart ann a bhí a' fiadhach. Bhí iongantas mór ar an rí óg
í bheith annsin. Chuaidh sé chun cainte léi ach ní raibh aon
chaint aici dhó. Thug sé rud le n' ithe dhi, agus d'ith sí é
agus é a' teastáil uaithi. D'fhiafruigh sé dhi, le comharthaí
ar mhaith léi a thigheacht i n-éindigh leis. Rinne sí comharthaí
leis gur maith. Bhí sí 'na bean óg dhathamhail agus thug
sé grádh di. Thug sé leis abhaile í agus phós sé í. Níor
mhaith le n-a mhuintir go bpósfadh sé a leitheide nár raibh
fhios cé hí nó cé as a dtáinig sí.
Fá cheann trí ráithe bhí mac aici. Tháinig an Mhaighdean
Bheannaighthe go dtí í agus thug sí caint di agus d'fhiafruigh
sí dhi a ndeachaidh sí sa seómra ar chuir sí parbhal uirthi
gan a dhul ann. Dubhairt an inghean altroma léi nach
ndeachaidh.
"Tá go maith," adeir an Mhaighdean Bheannaighthe "nuair
nach n-admhócha tú an fhírinne tiocfa sé trioblóid mhór
ort."
Bhain sí a hurlabhra dhi arís agus thug sí léi an páiste.
Ní raibh fhios cé ndeachaidh an páiste agus bhí muinntir
a' rí óig le cumhthach leis fá ráidhte agus go bpósfadh sé
a leitheide nach bhféadfadh sí an t-ádh a bheith uirthí agus nach
bhféadfadh sí a bheith ceart agus an bealach ar fríothadh í.
Ní bhfuair a' rí óg é féin locht ar bith uirthí agus níor mhaith
leis go bhfuigheadh aon nduine eile aon locht uirthí. Fá
cheann trí ráithe arís bhí mac eile aici, agus tháinig an
Mhaighdean Mhuire go dtí í arís agus thug sí urlabhra arís
di agus d'fhiafruigh sí dhi a ndeachaidh sí isteach sa seómra
ar chuir sí parbhal uirthi gan a dhul ann, agus shéan sí nach
ndeachaidh. "Tá go maith," adeir an Mhaighdean Mhuire,
"nuair nach n-admhocha tú an fhírinne tiocfa sé trioblóid
mhór dhuit."
Bhain an Mhaighdean Bheannaighte dhi a hurlabhra arís
agus thug sí léi an dara mac. Nuair a bhí an páiste ar
iarraidh ní raibh fhios ar bith cé 'n ceal a déanfidhe dhi.
Bhí athair agus máthair an rí óig le builc chumhthaigh agus
as a gcranna cumhachtach'. Ach níor thug an rí óg cead aon
díoghbháil a dhéanamh di anois ach an oiread le cheana.
Fá cheann trí ráithe arís, bhí mac óg eile aici. Tháinig
an Mhaighdean Mhuire go dtí í arís agus thug sí urlabhra
arís di agus d'fhiafruigh dhi mar d'fhiafruigh sí roimhe sin
a ndeacaidh sí isteach sa seómra ar chuir sí parbhal uirthi
gan a dhul ann. Ach sé 'n freagradh céadna a fuair sí.
Bhain an Mhaighdean Bheannaighthe a húrlabhra arís di agus
thug sí léi an páiste. Inghean an ceathramha duine a bhí
aici, agus bhí práinn an domhain san inghin seachas an chuid
eile agus bhí aire mhaith dhá fághail aici sul dhá n-éireóchadh
dhi mar d'éirigh do na páistí eile. Ach tháinig an Mhaighdean
Mhuire ina ham féin agus thug sí urlabhra dhi. Chuir sí na
ceisteanna céadhna uirthi ach shéan sise mar shéan sí
'chuile bhabhta eile go ndeachaidh sí isteach, beag na mór,
sa seómra. Thug an Mhaighdean Bheannaighthe léi an páiste
inghine agus bhain sí a hurlabhra dhi-se.
Nuair a bhí a bhí an inghean ar iarraidh ceapadh ise a chur
chun báis. Níorbh fhéidir seasamh léi níos fuide. Sé
an sórt bás a ceapadh dhi teine mhór a fhadodh agus í
a dhógh. Faduigheadh teine mhór agus ceangluigheadh ise
le n-a caitheamh isteach sa teinidh. Nuair a bhí sí le linn í
a chaitheamh isteach sa teinidh, dubhairt sí 'na hinntin féin
"a Mhaighdean Bheannaighthe dhá mbeitheá sa láthair anois
d'innseóchainn an fhírinne dhuit agus d'admhóchainn dhuit
go ndeachaidh mé isteach sa seómra ar chuir tú parbhal
orm gan a dhul ann." Níor thúisge a bhí an smaoineadh
déanta aici ná shéid sé 'na bháistigh agus 'na thóirnigh agus
múchadh an teine a bhí le í a dhogh. Conaictheas an Mhaighdean
Mhuire a' teacht anuas san aer agus an triúr nó an ceaththar
páistí i n-éindigh léi. Tháinig sí go dtí í agus thug sí
urlabhra dhi. Chuaidh an inghean altroma ar a glúin annsin
i láthair na Maighdine Muire agus d'admhuigh sí dhi i láthair
a raibh ann go ndeachaidh sí isteach sa seómra ar chuir sí
parbhal uirthi gan a dhul ann.
Ní raibh ann níos mó. Dhá n-innsigheadh sí an fhírinne
ar dtús ní thuillfeadh sé tríoblóid ar bith dhi. Annsin
d'innis an Mhaighdean Bheannaighthe ó thús go deireadh
'chuile bhealach dár bhain di don rí óg agus dá mhuinntir
Chaitheadar iad féin os a comhair agus d'iarr siad párdún
uirthi fá an an droch-bhas a thóbair siad a thabhairt di.
DIA DHÁ THABHAIRT DHÓ.
Bhíodh na daoine an-tsimplí, an-tseafóideach fad ó.
Bhí beirt chomrádaidhthe ann, agus bhí siad an-bhocht. Bhíodh
fear acu agus níor choinnigh sé greim ar aon bhlas ariamh,
ach chuile phighinn a d'fhághadh sé a ól. Ach dá mbeadh sé ag
an bhfear eile choinneoch' sé greim air. Ach faoi dheireadh
is faoi dheó, fuair sé cupla punt i n-áit eicín 's bhí a
chroidhe i mbárr a mhéire 's ní raibh fhios aige céard ab
fheárr dhó a dhéanamh leóbh.
D'imthigh sé annsin go bhfághadh sé fear eicín a choinneoch'
dhó iad. Creidim gurb é an t-am é a raibh an Slán-
uightheóir ar an talamh, mar casadh don fhear seo é.
D'fhiafruigh an fear de cé hé féin, agus dubhairt seisean
gurb é Dia.
"Muise, más tú," ar seisean, "níl duine ar bith
is dearbhtha dhom mo chúpla punt a thabhairt dhó le cur i
dtaisge ná thú."
"Cuirfead i dtaisge dhuit iad" arsan Slánuightheóir,
"nó go dteastuighe siad uait."
Dubhairt sé go ndéanfadh sin. Ba gheárr na dhiaidh sin
gur casadh a chomrádaidhe air, agus cébi rud a bhí aige
bhí sé dhá ól mar ba gnás leis.
"Aru, go mbudh seacht míle measa bheas tú bliadhain ó
'nocht," adeir sé seo, "cá'il tú a' fághail an airgid i
gcomhnaidhe thréis thú bheith ag ól a mbeireann tú air, nó
cé thugas duit é?"
"Ó muise" adeir an fear bocht eile, "nach bhfuil
Dia dhá thabhairt dom."
"Dia dhá thabhairt dhuit!" ar seisean.
"Seadh" deir sé, "nach é a thugas do chuile dhuine é."
"Dair fiadh" 'deir sé, "níl fhios 'am nach iad mo
chupla punt a thug sé dhuit. Ach ní hé is cóir" — As go
bráth leis. Ba gheárr gur casadh dhó an Slánuightheóir.
"'Seadh," adeir mo dhuine, "bhfuil mo dhá phunt a'd
dom?"
"Tá," deir an Slánuightheóir.
D'innis sé annsin cé 'n fáth é thigheacht dá éiliú chomh
luath. "A dhuine dhíth-céillidhe" adeir an Slánuightheóir,
"tá sé annsin thall faoi bhun an chnocáin, agus tabhair
leat é." Chuaidh sé go dtí an áit, agus bhí an áit uilig
lán le airgead agus níorbh fhéidir leis breith air ach ar
a dhá phunt féin. Tháinig sé go dtí an Slánuightheóir an
ath-uair.
"Óru," deir sé, "tá an áit údan lán le airgead,
agus ní fhéadfainn breith air."
"Ach dhá dtigeadh an fear eile bhí i n-éinfheacht leat-sa"
adeir an Slánuightheóir "bhéarfadh sé air." D'imthigh sé
annsin agus a dhá phunt aige go dtug sé an baile dhó féin.
(Ag Peig Ní Fhlaithbhearta a chuala mé é seo).
DÉANAMH FUISGE NÓ UISGE BEATHA.
Sórt slighe shaothruighthe eicín atá ag muinntir
Chonamara bheith a' déanamh fuisge agus dhá dhíol. Slighe
shaothruighthe dhona go minic dóibh é mar is minic gur mó
go mór a chuireadh sé as dóibh nuair a bheireadh na póilíos
orthú dhá dhéanamh, is minic go gcaithfidís éiric throm íoc
mar gheall air.
Is iomdha trioblóid a fáightear ó dhéanamh fuisge ó
tosuighthear nó go mbíonn sé na fuisge. Cuirtear an
t-arbhar síos i bpoll uisge i dtosach nó go mbogtar é,
le na bhrachadh. Tógtar as an bpoll annsin é agus tugtar
dó nó trí laétheannta spáis dó nó go mbíonn an t-arbhar
a' pointeáail, sin, a' cur péicín bheag amach as tóin an
ghráinne go díreach ar an gcuma chéadna a gcuireann sé
amach sa talamhin nuair a cuirtear a' fás é (.i. a' geint).
Nuair a bhíos a dhóithin pointeála déanta aige, sgarthar
amach ar áiléar é agus bíthear dhá bhrachadh, dhá iompódh
agus dhá chur thrí n-a chéile ar maidin agus trathnóna nó
go mbíonn sé sách braichte.
Nuair a bhíos, cuirtear ar átha é nó go gcruadhuighthear
é. Nuair a bhíos sé cruadhuighthe meiltear é le bróinte
beaga atá le hagh' na hócáide. Ansin tosuighthear a'
déanamh leanna dhe — leann a' chéad rud a déantar dhe.
Bíonn uisge dhá fhiuchadh sa bpota stileach atá le
hagh' na hócáide agus an t-uisge dha dhóirteadh ar an
arbhar meilte. An t-arbhar thíos i ndabhach nó a mbairille
agus an t-uisge dhá dhóirteadh síos 'na mhullach, nó go
mbíonn sugh an arbhair ar an uisge. Bíonn poll ar an
mbairille ansin le go sgaoiltear amach an t-uisge sin.
Brailis (braichlis) a t-ainm a blaoidhtear air sin.
Cuirtear uisge eile ansin ar an arbhar agus small
beer (nó leann beag) a tugtar air mar ní bhíonn sé chomh
bríoghmhar leis an gcéad uisge. Cuirtear gabhail
annsin ann agus nuair a bhíos sé oibrighthe ceart i
ngabháil bíonn leath-troigh cubhair air. Bhíonn se 'na
leann mhaith annsin agus é go maith le n-ól. Bhíonn sé
lá agus oidhche fá bheaicin (back, backin') sul má
tosuighthear dhá shingileáil.
Tá inntreacht ar dhéanamh an fuisge uaidh sin amach.
Líontar síos an pota stileach le leann nó go mbíonn sé
a' fiuchadh, nó ionann 's a bheith a' fiuchadh mar ní
fanntar go mbíonn sé a' fiuchadh nuair a clúduighthear
suas é le chuile dheis. Cuirtear caipín (gléas atá le
hagh' na hócáide) ós cíonn a' phota. Socruighthear
bairille an taobh eile den phota agus a' phéist nó an
worm thíos ann. Tá trí nó ceathair de chorrannaí sa
bpéist ar nós péiste ar bith, agus sin é an fáth a
minblaoidhtear péist uirthí agus go deimhin féin is cosamhail
le péist í. Tá gléas beag ecile ag lucht déanta an
fuisge ar a mblaoidhtear arm. Bíonn sí sin sáithte
isteach i bpoll atá ar an gcaipín agus sáithte isteach
sa bpéist ar a' taobh eile. Clúduighthear annsin chuile
áit a mbeadh bealach ar bith amach ag tada de ghail a'
fuisge i riocht agus nach bhfuil bealach ar bith aige le
imtheacht nó go dteaga sé an bealach atáthar iarraidh
air thart thimcheall sa bpéist. Ach tá tuilleadh le déanamh
fós, mara ndéantaidhe é bheadh a' ghail a' rith anuas as an
bpéist i n-áit fuisge:
Sé sin uisge a chur thimcheall na péiste sa mbairille.
Fuaradh a tugtar air sin. Fuaruigheann sé an ghail sa
bpéist i riocht agus i n-áit a theacht anuas 'na ghail
gurb é an chaoi a dtigeann sé anuas na bhraon ghlas lacht
fuisge. Bíonn sé a' teacht anuas annsin do réir a
chéile na shrutháinín chaol ghlas no go mbíonn a' dheireadh
teagtha. Séard fhágas sé na dhiaidh annsin nuair a
bíthear dhá shingileáil, séard fhanas insa bpota saghas
eile ar a mblaoidhthear "burnt beer" (iairlionn?)
An méid a mbíonn maith ann bíonn sé éirighthe 'na ghail
agus iompuighthe 'na lacht aríst agus é teagtha thríd an
bpéist, agus an burnt beer fágtha 'na dhiaidh aige thíos
sa bpota. Tá sé sin freisin 'na stuf an-mhaith le n'ól
ag beithidhigh. Tá sé chomh maith ag beithidhigh bhainne agus
an bhó nach mbeadh aici ach cárt bainne go bhfuil sé i
ndon breis trí chárt eile a thabhairt di. Ní féidir aon
deór den tsinmgileáil ól; ach beagán dhá thús, nó go
ndúbailtear é. Cuirtear síos chuile dheór den
tsingileáil an ath-uair nó go dteaga sé thart aríst sa
bpéist agus go ndéantar lacht aríst dhe le uisge fuar
thimcheall na péiste, go dteagann sé anuas 'na bhraon
ghlas fuisge aríst. Annsin bíonn sé 'na dheoch láidir
spirideamhail i ndon croidhe agus misneach a thabhairt
do lag agus do láidir, i ndon cíos agus "poor rate"
íoc, i ndon casacht na hoidhche a leigheas agus i ndon sean-
ndaoine a dhíriú a bheadh cam.
Fágann an dúbláil cineál eile na dhiaidh sa bpota ar
a mblaoidhtear féans mar ainm. Séard é an cineál sin
dearg-nimh. Má tá i ndán agus go n-éireochadh le aon
deór do na féans a thigheacht thríd an bpéist, agus a
dhul thríd a' bhfuisge bheadh an fuisge millte agus bheadh
sé mí-fholláin le n' ól agus séard é dearg-nimh dón té
a ólfas é. Is minic go mbíonn fuisge dona ann agus
fuisge maith: sin é thugas don fuisge a bheith go dona
nuair a tarraingighthear na féans thríd a' bhfuisge.
Mise i mbannaí, má déantar ceart é agus gan aon deóir
de na féans a tharraing thríd go mbeidh sé go maith.
Séard é na féans sórt nimh eicín a bhíos insa n-arbhar.
Cheapfadh duine gur uisge é le n'ól nó le blaiseadh dhé
ach b'olc a' cineál le n'ól é.
D'fhághadh muintir Chonamara an-sglábhuidheacht sa tsean-
aimsir a' déanamh fuisge. Is iomaidh anró agus
trioblóid a d'fhághadh siad ó n-a dhéanamh mar bhí an
dligheadh an-ghéar na ndiaidh faoi bheith dhá dhéanamh. Ó
thosóchadh siad dhá dhéanamh nó go mbeadh siad réidh,
chaithfidís a bheith a' faireadh, ar fhaitíos a dtiocfadh na
póilíos orthu. Theighdis ar oileáin fhiadháine gharbha go minmic,
san áit nach bhféadfadh na póilíos iad a thaobhachtáil, cé
gur minic a théighdís i gcontubhairt a' mbáidhte ag iarraidh
dhul go dtí iad i gcurachaí beaga cannabháis. Ach is
minic nach n-éirigheadh leóbh. Rud eile dhe, ba mhór an
obair dóibh fuisge a dhéanamh san am sin, mar bhíodh
tógáil agus éiric ar a' mbraich chomh maith leis a'
bhfuisge. Ba chuma cá bhfuigheadh na póilíos a' t-arbhar,
más ar an áiléar dhá bhrachadh nó as an bpoll uisge dhá
bhogadh nó ar an átha dhá chruadhchan ach cuirfidhe mí-ráth
air agus éiric 'na theannta ar a' té ar leis é.
Bhíodh muinntir Chonamara ar siubhal i gcomhnuidhe a'
déanamh an fuisge, dhá dhéanamh agus dhá ól agus dhá dhíol
agus na póilíos ar a' dtóir go han-mhinic. Is minic a
tógtaí leis iad uair, dhá uair agus trí huaire, agus
an éiric dhá hárdú agus dhá dúbailt i gcomhnuidhe orthú.
Ariamh nó gur cuireadh druim díbeartha ar dhligheadh
Shasana agus ar Chonstáblaí Ríoghamhla na hÉireann. Ó
shoin i leith, tá cead ag muinntir Chonamara a bheith a'
déanamh fuisge go tréan gan aon nduine le n-a mbacadh
mar nach bhfuil aon nduine a bhfuil deatach as a theach nach
bhfuil dhá dhéanamh anois gan faitíos roimh phílear ná roimh
dhligheadh ar bith. Ach is gearr a bheas siad mar sin. Is
gearr go mbí Gárdaí an tSíothcháin, dhá thógáil agus dhá
dhóirteadh agus a' cur éiric orthú mar bhí na constáblaí
cheana.
DHÁ MBEITHEÁ THIAR.
Bhí fear fad ó ann, agus bhíodh sé a' tigheacht a' cúir-
téaracht le bean. Bhí sí ina cómhnuidhe i n-áit eicín soir.
D'fhághadh an fear ithe agus ól uair ar bith a thigeadh sé
sa teach. Ba aniar an fear. Cébi rud dhá fheabhas a bheadh
ag an mnaoi ní raibh aon mheas air ach: "dhá mbeitheá
thiar." "Ó," adeireadh sé "dhá mbeitheá thiar."
Bhíodh sé a' tigheacht annsin i gcomhnuidhe agus sin é an
port a bhíodh aige "Ó, ach dhá mbeitheá thiar," a' cur i
gclé go raibh áit thar bárr aige féin.
Bhí go maith. Don diabhal blas den bhean nach mbuaileann
í féin agus a cailín siar agus níor stop sí agus níor
chómhnuigh sí ariamh go dtáinig sí ina theach seo, cébi cé
theasbáin dí é. Ní mórán achair a chaith sí sa teach ach ní
raibh an fear róimpí — an fear a bhíodh a' tigheacht fó
n-a déin. Is dócha nach áit mhaith a bhí sa teach i riocht
agus nach suim mhór a chuir sí ann nuair a tháinig sé aríst.
Thárla gur thoisigh sé ar an gcadrán céadhna, a' rádh
"dhá mbeadh sí thiar" (mar ní raibh seisean róimpí nuair
a bhí sí thiar).
"Dair fiadh muise," adeir sí, "bhí mise thiar."
"Seadh," adeir sé, "cérd a chonaic tú thiar?"
mar cheap sé gur a' déanamh grinn a bhí sí:-
"Muise, ní fhaca mise dada thiar
Ach seanduine críon liath,
Agus sean-bhean gan aon chiall,
Sean-ghabhar glas gan laogh gan lacht
'S é ceangailte le iall,
Agus an paltar a d'fhág tú 'do dhiaidh."
Sin é an líne déigheanach. D'fhág sin go raibh bean cheana
aige. Ach nuair a bhí fhios aige go mbadh í an fhírinne bhí
sí a dhéanamh:
"Dair fiadh muise" adeir sé, "bhí tú thiar." D'imthigh
sé annsinm, agus níor tháinig sé ní ba mhó.
(Ag Peig Ní Fhlaithbhearta a chuala mé é seo.)
AN PÓSADH.
Is mairg a thoghas
Nó thugas mar roghain
Aon bhean ar an domhan seo
Sílim:
An t-am seo i n-uraidh
Ba mhaith í mo chulaith,
Mo hata bhí ar fheabhas
Na tíre.
Mo chóta mór coirp
Gan caitheamh gan dul,
Ba mhaith iad mo stocaí
'S mo bhróga,
'S dhá bhfeictheá mo ghairtéal
Is ann a bhí an gairéad,
M'obarús 's maith é
An pósadh.
Bhí cóta den fhleece orm
Den éadach ba daoire
Dhá bhfaca mé i Sligeach
Ar m'eolus,
Stuf breagh muislin
A tháinig as Corcaigh
Is feasach gur choisin sé
Cróin dom.
Bhí hum agus hám,
Cliabh agus tráigh,
Árdú gainimh
Agus aoiligh;
An láighe againmn
'S an sleághan 'na haice,
'S cá bhfuighmuid feac
Go dtí í.
Bhí luithne den fhuinnseoig
Le cur isteach insa gcuinneóig
Le haigh' na paiteóige
A rúsgadh;
Agus sin é an deágh-bhlas
Ar bhainne na haon-bhó
Cé gur doiligh
É 'dhéanamh.
SEAN-CHAINTEANNA.
Méaduigheann an tsaoirse, ach ní raithigheann sí. (Déan-
tar an obair ach ní bhíonn aon bhuadhachtáil inntí).
Is fíor go dtéidheann driseacha i gcliabh,
Is fíor go dtéidheann olann i bpluid,
Ach is fada siar ó Bhaile Átha Cliath
Tá leachta Bhriain Duibh.
Má bhíonn tú ó ló ag an doras, beidh tú ó ló istigh.
Is déirc' le bocht a bhfuighe.
Nuair a chríonas an tslat, is deacair í a shníomh.
Tomhais. Cé'n breac sa bhfairrge is mó a bhfuil faithchíos
ag bád roimhe? Báirneach. Nuair a thigeas an bád
chómh fada isteach leis bristear í.
ÁRAINN BHEAG.
Bíonn go leór cainte ar siubhal ag daoine faoi áit
ar a mblaoidhtear Árainn Bheag. Áit í, adeir daoine,
atá fá dhraoidheacht, agus sé 'n áit a luigheann sí, siar
annsin sa bhfairrge ó Árainn Mhór. Deir siad go bhfeicthear
lá sa 'chaon tseachtmhadh bliadhain í ag éirghe ó dhraoi-
dheacht agus go n-éireócha sí uilig fós agus nuair éireóchas
go racha Árainnn Mhór fá thuinn.
Níl fhios agam féin a bhfuil i sgéalta den tsórt sin
fá'n oileán draoidheachta ach dearg-sheafóid nó cé 'n chiall
atá chor ar bith le baint as i dtaobh a rádh go bhfeicthear í.
Nó níl fhíos agam an mearbhall ar bith eile a cuirtear
ar shúilí lucht na seafóide.
Is minic nuair a d'fhéachfadh duine uaidh ar áiteacha
i bhfad ó bhaile go bhfeicfeadh duine cuma iongantach álainn
ar chuile áit. An ghrian a ghníos é sin. Ó éirigheas grian
ar maidin nó go dtéidheann sí faoi, trathnóna, is iomdha
cineál dath is áille agus is breághtha ná a chéile a thugas
sí ar áiteacha. Is minic nuair d'fhéachfadh duine uaidh
ar oileáin Árainne agus a' ghrian sgallta orthú agus
dath iongantach álainn orthu go mbíonn siad a' féachaint
mílte fada níos goire do bhaile na mar bhíodar roimhe
sin. Bíonn na claidheacha agus na garrantaí glasa féir
le tabhairt fá deara go han-tsoiléar. Is beag nach
gceapfadh duine nach í an áit chéadhna bheadh chor bith ann,
le iompódh thart, aríst, b'fhéidir a' féachaint chomh fada
ó bhaile agus bhíodar ariamh.
A' dul faoi don ghréin trathnóna, is beag nach sganróchadh
duine nuair a d'fheicfeadh sé na dathannaí galánta
iongantacha a bheadh ar na Beanna Beóla árda gobacha
agus do réir mar bheadh a' ghrian ag ísliú sa spéir iad
sin ag iompodh agus ag athrú, na céadtha cineál dathanna
is galánta agus is áille ná chéile. Nuair a d'fhéachfadh
duine i bhfad siar sa bhfarraige ar na Sgeirdí, carraigeacha
móra árda, atá taobh thiar de Chonamara, sgaití ba chosamhail
iad le caisleáin nó le tighthe móra a bheadh fá fhuinneógaí
agus fá dhoirsí, uaireannta eile ba gheall iad le soithigh
seóil a bheadh fá reacht seóil. Nuair a d'fhéachfá aríst
orthú b'ionann iad agus páirceanna móra arbhair, a bheadh
dhá thuairteáil anonn agus análl thrí n-a chéile ag seinneáin
throma ghála. Uaireannta eile cheapfadh duine gur sgata
mór beithidheach agus daoine a bheadh a' rith anonn agus
anall thrí n-a chéile.
B'fhéidir gur neithe don tsórt sin a bhíos a cur mear-
bhaill ar dhaoine. Thiar ag bun na spéire sa bhfairrge,
d'fheicfeá an fhairrge thrí lasadh go minic, leis na dathanna
álainne a bhíos ós a cíonn sa spéir. Mara mbeadh duine
ann a mbeadh fhios aige air nach iomdha duine díthcéillidhe
a cheapfadh gur tír álainn a d'éirigh ó dhraoidheacht a bheadh
ann. Sin iad na comharthaí fheiceas daoine go minic
b'fhéidir le go n-abruigheann siad go bhfuil tír álainn
dhraoidheacta fá thuinn thiar annsin.
Ach cá bhfios don té sin nach mbfhéidir go bhfuil thairis
sin ann. Nuair a hinnseóchaidhe sgéal ionghantach do
dhuine fá bhád agus a fuireann a bhí amuigh ag iasgach ar
feadh an laé: nuair a tháinig a' trathnóna tháinig ceó
agus cuireadh amú an bád agus na daoine agus nír fhéad
siad a mbealach abhaile a dhéanamh ach ag imtheacht ar fud
na fairrge go raibh sé domhain san oidhche. Sa deireadh
tháinigeadar i dtír ar oileán eicín. Ní raibh fhios acu
cé 'n áit é. Ach chomh luath agus tháinigeadar i dtír chuaidh
fear a' bháid amach ar an oileán. Shiubhail sé suas píosa
den oileán a' féachaint cé an sórt áit é. Ní achar fada
a bhí siúbhalta aige nuair a casadh fear dó ar dhruim capaill.
Labhair a' fear leis, agus d'fhiafruigh sé dhe, a' raibh fhios
aige ceá raibh sé. "Níl fhios agam ó Dhia anuas" arsa
fear a' bháid, "cá bhfuil mé."
"Seo í Árainn Bheag" arsa an fear, "agus is fearr
dhuit imtheacht an bealach céadhna a dtáinig tú, agus
gheobhfa tú an bealach abhaile anois mar is sé an ceó a
chuir amú cheana thú."
Thug sé beart leabhra annsin dó agus dubhairt sé leis
gan iad fhosgailt, go ceann bliadhna, agus iad fhosgailt
annsin agus iad a léigheadh agus nach mbeadh aon dochtúr
fá bhéal an aeir a bheadh chomh maith leis. Ba de mhuinntir
Laidhe an fear agus deir siad go raibh dochtúirí iongantacha
do mhuinntir Laidhe ar an saoghal.
Agus sgéal ionghantach eile a chuala mé go mbíodh fear
amuigh ag iasgach lá, siar sa bhfairrge ar mhur-bháidhte
éisg, agus nuair a chaith sé amach a shnúda agus a dhúbhán
séard a bhí a' teacht isteach chuige ar a' dúbhán, dlaoi
ghlas fraoigh agus meach bheó ar a' dlaoi fraoigh. Dhá réir
sin cé aige a bhfuil fhios nach bhfuil Árainn Bheag ann.
UAIREADÓIR AN tSAGAIRT.
Bhíodh fear a dul ar faoisdean uair chuig an sagart.
Nuair a bhí, ghoid sé uaireadóir an tsagairt, "Ghoid
mé uaireadóir," adeir sé leis a' sagart, "agus seo
dhuitse í." "Ó ná tabhair dhomsa í," arsa an sagart,
"ach tabhair don té ar ghoid tú uaidh í." "Thairg mé
cheana dhó í," arsa an fear agus níor ghlac sé í. "Thairg
aríst dó í," arsa an sagart. "Seo dhuitse í," arsa an
fear. "Ní ghlaca mise í," arsa an sagart, "ach tairg
í don té a dtug tú uaidh í." "Thairg mé dhá uair cheana
dhó í," arsa an fear, "agus níor ghlac sé í." "Tairg
uair eile dhó í," arsa an sagart, "agus mar a nglaca
sé í coinnigh thú féin í." "Seo dhuitse í," arsa an fear.
"Tá sí tairgthe trí huaire agam don té ar ghoid mé
uaidh í agus níor ghlac sé í." "Marar ghlac" arsa an
sagart, "coinnigh thú féin í." Nuair a chuaidh an sagart
a tó'ruigheacht a uaireadóra, ní raibh sí aige.
ROINNT SHEAN-FHOCLA.
Níor dhubhairt fearg fíor ariamh.
Is mairg do dhuine a chuireas sraith na hátha ar a muileann.
An lá bhíos a' báistigh bíonn sé fliuch,
Agus a' té chodhluigheas go meadhon lae,
Ní éirigheann sé moch.
SGOL.
Ní raibh sgoláire ar bith sa domhan a bhí chomh maith le
Sgol agus ní choinneochadh sé coinneall dhá inghin, agus
ní raibh aige ach aon inghean amháin. Casadh rí Chúige
Mumhan chun a thighe uair, an áit a raibh sé a' fiadhach
agus chaill sé a bhealach. Tháinig sé tigh Sgol san oidhche
agus d'iarr sé lóisdín go maidin air:
"Is suarach liom mar tá sé agam le t-aghaidh, a rí
uasail," adeir Sgol, "ach mar tá sé agam tiubhra mé
dhuit é agus míle fáilte!"
Chaith Sgol go fial agus go fairsing agus go flaitheamhail
an oidhche sin leis a' rí, agus lá'r na mháireach thug sé a
bhricfasta dó chomh maith agus bhí sé 'na chumas. Bhí an
rí an-bhuidheach do Sgol as ucht a fheabhas agus chaith sé
leis. Bhí sé chomh buidheach sin de agus go dtug sé píosa
talmhan dó a dtugann siad Dún-Ló' air. Bhí Dún-Ló'
in' áit chomh maith agus an té chaithfeadh a mhaide láimhe
san oidhche ann bheadh sé clúduighthe le féar lá'r na
mháireach. Ghlac Sgol buidheachas mór leis an rí as an
áit ar fóghnamh sin a thabhairt dó.
Chuaidh an rí abhaile agus nuair a bhí sé tamall sa
mbaile, bhuail aithmhéala é fá Dhún-Ló, an áit ab fhearr
a bhí aige, a thabhairt do Sgol. Dheamhan bhlas a rinne
sé ach a bhuachaill a thiomáint ag iarraidh cíosa ar Sgol
i n-ómós Dhún-Ló. Nuair a tháinig a' buachaill go dtí Sgol
chaith Sgol chomh gnaoidheamhail leis agus nár leig náire
dhó innseacht cá dtáinig sé. Sa deireadh d'fhiafruigh Sgol
de cá raibh sé a' tigheacht?
"Muise ó d'fhiafruigh tú dhíom é," arsa an buachaill,
"tá sé chomh maith dhom é innseacht duit. An rí a chuir
ag iarraidh cíosa ort mé i n-ómós Dhún-Ló'."
"Muise dheamhan pinghinn cíosa ná camhlach a thiubhras
mise go bráth dhó ar Dhún-Ló'," arsa Sgol, "mar nach
mé d'iarr air é, agus abair leis nuair a rachas tú go
dtí an rí gurb é einneach Uí Bhriain é agus a dhá shúil na
dhiaidh." Ba de na Brianaigh an rí. "Níos mó," arsa
Sgol, "ná go dtiubhrainn teaghlach oidhche dhó mar thug
mé cheana."
Nuair a chuaidh an buachaill abhaile chuig a' rí:
"Seadh," arsa an rí, "a bhfuair tú uaidh é?"
"Dheamhan pinghinn chíos ná camhlach," arsan buachaill,
"a thiubhras sé choidhche dhuit, mar ní hé d'iarr Dún-Ló'
ort, agus dubhairt sé liom a rádh leat gurbh é einneach
Uí Bhriain é agus do dhá shúil 'na dhiaidh."
"Ó a Dhé agus a Chríosta," arsa an rí "nach mé tá
náirighthe?"
"Níos mó," arsa an buachaill, "ná go dtiubhra sé
lóisdín dhuit féin agus do dhuine a' bith bheadh i n-éindigh
leat."
"Racha mé go dtí é," arsa an rí, "a' féachaint a
sgriosfainn é." D'imigh leis an rí, é féin agus triúr
nó ceathar filidhthe. Nuair a tháinig siad, bhí Sgol agus
a inghean réidh le na n-aghaidh.
Ní raibh aon fháilte ag an inghin rómpu mar bhí fhios
aici nach ar mhaithe leobhtha a tháinig siad. Cébi sgéal é
réidhtigh sí dinnéar maith dóibh agus bhí gé bruithte aici
le na n-aghaidh agus sé 'n chuma ar roinn sí í: Cheap sí
an ceann d'fhear a' tighe, an sgiathán deas dhá mhnaoí, na
cosa do na cosmhuinntir, an croidhe do na grádhdóirí
"agus mé féin," adeir sí, "ar deireadh, cléireach na
cille agus beidh an corp agam nó go n-íosa mé mo
dhóithin de." Ní hé go leór a d'fhág sí ag an muinntir
eile.
Cébi deifir a bhí ar an rí a' tigheacht bhí níos mó ag
imtheacht air. Dubhairt sé le inghin Sgol ag imtheacht
dó an chéad áit a gcasfidhe air í go dtiubhradh sé
bronntanas eicín di. Dheamhan cos na hinghine nach
raibh amuigh roimh an rí nuair a chuaidh sé amach ar an
mbóthar.
"Cá bhfuil do ghealltanas," arsa sise. Ba mhór leis
a ghealltanas a bhriseadh agus b'éigin dó a chóiste féin
agus a chapall a thabhairt d'inghin Sgol agus é féinm siubhal
abhaile dhá chois!
"Sgaoil sí abhaile mé," arsa an rí, "mar gach
troightheach," — sin bacach.
Nuair a chuaidh an rí abhaile bhí fearg mhór air le Sgol
agus le n' inghin. Bhí mac léighinn aige a raibh ball
seirce air agus níl aon bhean ariamh a chonaic é nach
dtuitfeadh i ngrádh leis. Geallann an rí leath a ríoghacht
le n-a bheó dhó agus é uilig le n-a mharbh dhá gcuireadh sé
inghean Sgol dhá cois. Tháinig an mac léighinn tigh Sgol
ach bhí inghean Sgol réidh roimhe mar bhí fhios aici féin go
raibh an báll seirce air. Dubhairt sí leis na cailíní eile
a bhí sa teach ar a bhfacadar ariamh gan breathnú díreach
air. San oidhche, chóirigh sí leabaidh don mhac léighinn agus
chóirigh sí leabaidh eile dhi féin, agus chuaidh sí a chodhladh
sa leabaidh a chóirigh sí dhí féin. Nuair a bhí an mac
léighinn a' gabhail a chodhladh ní raibh fhios aige cé an
leabaidh a rachadh sé innti ach is ar a leabaidh sise thug
sé aghaidh.
"Cá bhfuil tú a dul," adeir sise, "an leabaidh a bhfuil
minise innti. Nár chóirigh mise leabaidh le t-aghaidh féin."
"Ó," deir sé, "ní rabh fhios agam é?"
"Ó," deir sise, "íocfa tú annsin."
Lá'r na mháireach nuair a d'éirigh an mac léighinn, chonaic
sé croch 'na seasamh taobh amuigh den fhuinneoig. "Aru,"
adeir sé "cé le n'aghaidh a bhfuil sé sin annsin?"
"Tá, le haghaidh thusa a chrocadh," arsa sise.
"Aru, dheamhan baoghal go gcrochfar mise," adeir sé,
"pósfa mise thú."
"Seo," adeir sí, "leag amach chúig phunt airgid mar
sin chugamsa."
Leag sé amach a' t-airgead.
Ní dhearna sise ach a dhul ag iarraidh an tsagairt.
Tháinig an sagart agus phós sé í féin agus an mac
léighinn. Nuair a chuala an rí go raibh an mac léighinn
agus inghean Sgol pósta, thuit an t-anam as. Bhí leath
a' ríoghacht geallta aige don mhac léighinn as ucht í chur
dhá cois agus é uilig le n-a mharbh. Bhí an ríoghacht uilig
aige annsin le n-a mharbh.
A Dhonnchadh Mhóir Uí Bhriain,
Ba mhaith é do bhiadh is do dheoch,
Ach, bhí do dhá shúil ina dhiaidh,
Th'anam un seabhaic agus do chorp,
NA FILIDHE.
Casadh beirt fhilidhe ar a chéile lá, agus labhair duine acu
mar seo leis an gceann eile.
"Cuirfe mé ceist ort, agus feiceamuist a' bhfuas-
glóchair í."
"Cé hagainn is binne ná is deise ná is áille gnaoi?"
D'fhreagair an file eile mar seo:-
"Tá duine againn bacach agus tá an ceann eile sramach
caoch
Agus ní maise don bhaile a ngabhfamaid cúpla thríd,"
SANNTACH AG AIRGEAD.
San am a raibh an Slánuightheoir ar an talamh ba ghnás
leis féin agus le Naomh Peadar a bheith a' siubhal in
éindigh i gcomhnaidhe. Seachas duine ar bith eile de na
heasbail bhí cion ar leith ag Íosa ar Pheadar. Bhíodar
a' siubhlóid lá, agus casadh fear bocht dóibh a bhí an-bhocht
i gcosamhlacht. Bhí sé stiallta stróicthe agus gan snátha
de na seacht n-éadaighe air. D'iarr an fear bocht
déirce orthu. Bhíodh beagán acu i gcomhnuidhe le
tabhairt do dhuine a' bith a casfidhe orthu a mbeadh sé a'
teastáil uaidh. Dubhairt Íosa le Peadar pinghinn a
thabhairt dó. Rinne Peadar iongantas nár dhubhairt Sé
a thabhairt don fhear bhocht ach pinghinn. Nár ghearr ar
fhear a bhí chomh bocht leis pinghinn? Ach níor chuir sé
isteach níos mó ná sin ar a Mháighistir.
Bhíodar a' siubhal leóbhtha i gcomhnaidhe agus ba ghearr
an t-achar gur casadh fear bocht eile dhóibh. Ach ní raibh
sé chomh bocht leis an gcéad fhear mar bhí éadach maith go
leór air. D'iarr sé sin déirce freisin orthu agus
dubhairt Íosa le Peadar sgilling a thabhairt dhó. Chuir
sin ionghantas chomh mór ar Pheadhar agus go mb'éigin dó
a rádh le n-a Mháighistir gur mó theastaigh an sgilling ón
té nach dtugadar dó ach an phinghinn ná ón té a dtugadar
an sgilling dó.
"Ó ná bac leis sin, a Pheadair," adeir Íosa, "is
fuide go mór ar an bhfear nach dtugamar dhó ach an
phinghinn an phinghinn ná ar an bhfear a dtugamar an
sgilling dhó an sgilling."
Is gearr gur dhubhairt Íosa le Peadar a dhul ag iarraidh
rud le n' ithe i dteach siopa bhí ann. Nuair a chuaidh
Peadar isteach sa teach siopa cé bheadh annmi istigh roimhe
ach an fear a dtug siad an sgilling dhó. Bhí luach na
sgillinge d'ól blaoidhte aige. Chomh luath agus d'aithin
sé Peadar ní raibh aon bhaoghal go leigfeadh sé amach é
gan cuid de luach na sgillinge a thabhairt dó. Rinne
Peadar níos mó moille ná ba mhaith le Íosa. Nuair a
tháinig Peadar, d'fhiafruigh Íosa de céard a choinnigh an
mhoill air.
"Ó," arsa Peadar, "an fear úd a dtugamar an
sgilling dó, bhí sé istigh sa siopa agus luach sgillinge
d'ól blaoidhte aige agus ní leigfeadh sé amach mé go
dtugadh sé cuid dhe dhom."
"Muise, bhí tú i ndiaidh na sgillinge sin air," arsa
Íosa.
"Ó bhíos," arsa Peadar, "ach ní bheinn na diaidh arís
air."
"An fear bocht a dtugamar an phinghinn dó," arsa
Íosa, "tá sé caillte ansin thíos." Chuaidh Peadar síos
go dtí é agus thosaigh sé dhá chaoineadh.
"Ná bí dhá chaoineadh chor ar bith," arsa Íosa, "ach
féach a' bhfuil airgead aige." "Ó muise, Dia dhár
réidhteach," arsa Peadar, "cá bhfuigheadh a leithide de
chréatúr airgead."
"Ó ná bac leis sin," adeir Íosa, "tá sé aige."
Chuartuigh Peadar go fánach annsin é agus fuair sé cárnán
mór pinghinneacha ruadh.
"Cuartuigh taobh istigh anois é," arsa Íosa, "agus
gheobhfa tú an t-airgead glas." Chuartuigh Peadar
tuilleadh na sean-éadaighe bhí ar an bhfear bocht agus
fuair sé slám breagh mór airgid ghlais. "Muise, go
bhféacha Mac Dé orainn," arsa Peadar, "cé cheapfadh
go mbeadh an oiread aige?"
"Tá an t-ór taobh istigh fós aige," arsa Íosa.
Chuartuigh Peadar ní b'fhearr é agus fuair sé an t-ór.
"'Nois," arsa Íosa le Peadar, "níl aon phinghinn
dhá bhfuair sé sin ariamh nach raibh cruinnighthe aige agus
níor leig a chroidhe dhó aon phinghinn a chaitheamh leis féin
dhe. Caith amach sa loch anois é," arsa Íosa le Peadar.
Rug Peadar ar an airgead go gcaitheadh sé amach é. Ach
ba mhór le Peadar an t-airgead uilig a chaitheamh ar
siubhal agus choinnigh sé beagán de i gcúl a ghlaice agus
bhí fhios ag Íosa é. D'iompuigh Íosa ar Pheadar.
"Ná raibh aon lá choidhche nach mbeidh sibh sanntach ag
an airgead," arsa Íosa.
Níl aon lá riamh ó shoin nach bhfuil na sagairt agus na
heasbuig sanntach ag an airgead.
Shiubhail siad sgathamh eile annsinm, agus tháinig siad
isteach i dteach agus bhí rud le n-ithe a' gabháil dhá fhághail
faoi réir dhóibh. Dubhairt fear óg a bhí sa teach go
rachadh sé amach a' féachaint a marbhóchadh sé aon bhreac do
na strainséaraí. D'imigh Íosa, ach d'fhan Peadar go
dtáinig an fear a chuaidh a' marbhú an bhric. Is gearr
go dtáinig sé sin, agus breac mór, millteach aige. Agus
céard a bheadh ann chomh luath agus hosgluigheadh é ach an
t-airgead a caitheadh amach sa loch istigh 'na bholg.
GUIDHE NA SAGART.
Fadó, nuair a cailltí daoine, badh é an gnás sagairt
a bheith ar a dtórramh, go mór-mhór dhá mbeadh duine ann
a mbeadh brabach mhaith air, bheadh triúr nó ceathar sagart
nó b'fhéidir cúigear ar a thórramh. Caitheadh thar cionn
leóbh agus nuair a bhí sé curtha agus iad a dhul abhaile,
thosaigheadar féin a' comhrádh le chéile ar an áit bhreágh
bhí tigh Sheoirse acu. Seóirse a bhí ar an bhfear. "Ó
nach breágh an áit a bhí tigh Sheóirse againn," adeir duine
acu,
"Bhí arán, im, anbhruith agus feóil againn ann,
Coirce dár gcapaill dá n-itheadh lán cófra an ceann,
Agus go seóla Mac Muire lán cille den tsórt sin
ann."
Badh í sin an ghuidhe a rinneadar i riocht is dá gcailltí
go leór gurb amhlaidh is fearr a bheadh brabach acu féin.
SGÉAL PHÁDRAIG UÍ FHLAITHBHEARTA.
Tá sé chúig nó sé de bhlianta ó bhí fear den bhaile seo
soir fá Chondae an Chláir a' baint fhataí ag feilméara
mar is gnáthach le muintir an oileáin seo dul soir chuile
bhliain ann a' saothrú páighe. Fanann cuid acu thoir
sgathamh maith ann agus cuid acu a thigeas go luath.
Bhí go maith. D'fhan Pádhraig thoir go raibh an Nodlaig
taca a bheith istigh. Nuair a bhí sé a' teacht abhaile bhí
cúig déag airgid ina phóca. Bhí go maith. Anoir bóthar
Mhagh Cuilinn a tháinig sé. Bhí sé ag imtheacht agus a' síor-
imtheacht agus ní raibh teach ósta ná siopa ar an mbealach
roimhe le go bhfuigheadh sé greim ná deoch. Ach fá dheireadh
agus fá dheo, tháinig sé isteach i dteach mhór árdnósac
go maith. Ní raibh duine le feiceál ann ach fear amháinm.
Nuair a tháinig Pádhraigh isteach, d'iarr sé ar an bhfear
ar son Dé a mbeadh suipéar na hoidhche le fághail aige
agus leabaidh go maidin.
"Téirigh suas a chodladh i mbárr an tighe," arsan fear,
"ach níl aon tsuipéar le fághail agad."
Bhí sin dona go leor ag Padhraig mar níor ith sé aon bhlas
le tuairim dhá uair dhéag roimhe sin. Ach mheas sé go raibh
sé comh mhaith dhó dul suas a chodladh, cé go raibh crith-eagla
air mar cheap sé nach i n-áit cheart a tháinig sé. Nuair
a chuaidh sé suas go dtéidheadh a chodladh bhí fear eile sa
leabaidh roimhe. Níor bhac sé leis ach bhain de a chuid éad-
aighe agus chuaidh isteach san leabaidh. Dheamhan mórán
achair a bhí sé san leabaidh nuair a tháinig beirt eile, fear
agus bean, aníos agus d'ionnsaigh siad féin a' bualadh
a chéile. Bhí Pádhraig ar sganradh le faitchíos agus bhí
sé a iarraidh an fear eile a dhúiseacht agus dá mbead
sé leis ó shoin ní dhúiseóchadh, mar sé an chaoi a raibh sé
caillte. Nuair a fuair sé amach gurb é an chaoi a raibh
sé básaighthe d'at a theangaidh ina cheann le faitchíos i
riocht agus nach raibh meabhair ná mothú ann ach pé sgéal
é d'fhéach sé le dul amach.
Nuair a fuair sé amuigh é féin bhí sé a' rith chomh maith
i nÉirinn agus d'fhéad sé é. Bhí sé ag imtheacht annsin
go dtáinig an oidhche lá'r na mhárach nuair a casadh isteach
é tuitim dhubh na hoidhche i dteach a raibh bean agus fear.
Bhí an fear 'na luighe síos tinmn agus nuair a tháinig
Pádhraig isteach chuaidh an bhean amach. Ní túisge bhí an
bhean amuigh ná d'éirigh an fear suas agus labhair sé le
Pádhraig. D'innis sé dhó gurb 'in í a bhean, "agus,"
ar seisean, "tá sí mór le fear eile ó tá sí a' ceapadh
go bhfuil mise go dona. Sin é an beart atá sí a'
smaoineadh ar imirt orm, ach anois ó thárla go dtáinig
tú isteach tiubhra tú congnamh dhom le iad a chur dá gcois."
"Tá go maith," arsa Pádhraig, "ach a' bhfuil aon bhlas
le n-ithe agad a thiubhrá dhom? Tá mé gar a bheith caillte
leis an ocras."
"Gabh suas," arsan fear, "agus tá cáca agus pláta
ime sa gcófhra sin thuas agus tabhair anuas é agus ith do
dhóthain de."
Dair fiadh, ní le Pádhraig ab fhailligh é; chuaidh sé suas
agus thug sé leis an ceáca agus an t-im gur ith sé féin
agus an fear a ndóthain de go binn. Nuair a bhí an t-ocras
bainte dhíobh, leag Pádhraig an méid a bhí d'fhuighilleach
isteach sa gcófhra aríst. Annsin d'ollmhuigh an fear
é féin fá choinne na beirte a bhí le thigheacht. Thug sé
maide do Phádhraig agus ceann eile dó féin. Shín sé
siar a chodladh annsin, mar bheadh duine ann a bheadh a'
saothrú báis agus dubhairt sé le Pádhraig druidim le n-ais
nó go dtigeadh an cúpla isteach, "mar tá mo bhean
dearbhtha gurb í an oidhche anocht an oidhche dhéigheanach agam."
Bhí go maith. Dheamhan a raibh Pádhraig saor gan mothú
gan faitchíos a bheith air, an uair seo, ní nárbh iongnadh
dó féinm. Ba gairid mar sin dóibh go dtáinig an fear
agus an bhean agus ní dhearna sí staidéar ar bith ach rith
go dtí an cófra agus ní buidheach a bhí sí nuair chonaic
sí an t-arán agus an t-im beagnach ithte agus thosuigh sí
a' súgradh le Pádhraig ach cébi sgéal é shuidh siad síos
ag ithe an méid a bhí fágtha. Nuair a fuair an sean-fhear
mar sin iad d'éirigh sé suas é féin agus bhuail sé an fal-
caire leis an maide agus mharbhuigh sé ar áit na mbonn é.
D'ionnsaigh sé féin agus an bhean a chéile annsin, agus
thug Pádhraig dá shiubhal é.
Bhí Pádhraig a' siubhal agus a' síor-shiubhal thrí chnuic
agus trí shléibhte go raibh sé trom tuirseach agus gan fhios
aige cá raibh sé a' dul. Fá dheireadh casadh isteach i
dteach ósta é agus nuair a chuir sé a lámh ina phóca go
mblaoidhead sé deoch ní raibh pighinn ina phóca. Ach nuair
a chuala fear a' tighe céard a bhí a' baint dó thug sé a
dhóthain le n'ól dó i n-aisge. D'innis Pádhraig gach
gábh agus trioblóid a ndeacha sé thríd. Ghlac sé truagh
mhór dó agus chuir sé le hais boird bhídh é. Thosaigh Pádhraig
a' breathnú 'na thimcheall agus a' déanamh iongantais den
áit a raibh sé agus nuair a d'iompaigh sé ar an mbord
ní raibh bord ná biadh ná teach ná rud ar bhith le feiceál aige
ach an oidhche dhubh agus cebí réaltóg a bhí ar an spéir.
Ba 'in ughdar sganartha, agus lionn-ruadh do Phádraig
thréis a raibh gaibhte thríd aige. Shíl sé éirghe 'na sheasamh
annsin agus ba dona bhí sé de bhrígh ann le faitchíos agus
le hocras ach bhí sé ar siubhal ariamh go bhfuair sé sgailp
eicín le dul isteach.
Ní mórán achair a bhí sé sa sgailp, nuair a chuaidh triúr
fear thart agus cónra ar iomchar acu, agus leag siad díobh
í díreach ar aghaidh na sgailpe a raibh sé 'na shuidhe. Dubhairt
fear acu nach raibh siad i ndon í iomchar agus annsin
dubhradar le chéile go raibh fear de Fhlaithbheartach istigh
san bpoll sin agus go dtiubhradh sé congnamh dóibh. Ghlaoidh
siad amach ar Phádhraig ina ainm agus ina shloinneadh.
Ní raibh aon mhaith do Phádhraig fanacht siar. B'éigean
dó dul amach, má b'olc maith leis é. Chuaidh Pádhraig
ag iomchar na cónra annsin. Ní i bhfad a chuaidh siad
nuair leag siad díobh í. D'imthigh fear acu annsin ag iarraidh
láighe le haigh poll a dhéanamh don chónra. Bhí siad sgathamh
maith a, fanacht leis agus ní raibh sé a' teacht. D'imthigh
fear eile annsin agus ní raibh sé féin a' filleadh. Ach
sa deireadh d'imthigh an tríomhadh fear agus ní raibh aon-
duine fanta ach Pádraig agus cébi céard a bhí sa gcónra.
Ach ní mórán achair gur bhrúigh an buachaill a bhí san gcónra
aníos an clár agus gur chaith sé Pádhraig síos. Agus
marach go dtug Dia do Phádhraig go raibh sé níos fuide
ná an fear a bhí sa gcónra roimhe sin bheadh an clár buailte
air. D'imthigh an fear eile é féin annsin agus d'fhág
sé Pádhraigh annsin.
D'imthigh Pádhraig leis an sgéal a bhí aige. Nuair a
mhúsgail an lá ar Phádhraig, sé an áit a raibh sé thuas ar
mhullach Chnoc Mordáin. Bhí Pádhraig ar siubhal i gcaitheamh
an lae sin. Bhí sé a' crónachan na hoidhche nuair a chonaic
sé solus agus bhí sé ag iarraidh a bheith a' déanamh ar an
solus. Nuair a bhí Pádhraig i ngar don tsolus bhí teach
mór breágh le feiceál aige. Bhí doras osglaighthe ar an
teach agus chuaidh sé isteach mar shúil le Dia is go bhfuigheadh
sé rud éiginm le n-ithe. Nuair a chuaidh Pádhraig isteach,
cuireadh na mílte agus na milliúin fáilte roimhe in'
ainm agus ina shloinneadh. Leagadh anuas bord a raibh
rud le n-ithe agus le n'ól air. Mar bhí ocras mór ar
Phádhraig chuaidh sé a' caitheamh an bhidh. Ní fhaca Pádhraig
an oiread daoine i n-éinfheacht ariamh agus chonaic sé
annseo, agus níl aonduine dhár cailleadh le fiche bliain
san áit nach rabh ann, má b'fhíor bréag dhó é. Badh í seo
an lios a raibh Pádraig innti an uair seo agus níl aon duine
dhár ceailleadh le fiche bliain nach bhfaca Pádhraig san mbruighin
seo. Fuair Pádhraig leabhar ó na daoine seo, agus tá
seanchas innti ar chuile shórt dhár bhain le hÉirinn le naoi
gcéad bliain.
Seo é eachtra Phádraig Uí Fhlaithbhearta ar gach a bhfaca
sé den dream eile.
CLAMPARD ÁRA.
Bhí duine uasal fad' ó ann, agus bhí sé an-ghnaoidheamhail
den tsaoghal. Uair ar bith ariamh a tháinig sé isteach i
dteach óil, bhlaoidhfeadh sé neart óil dá mbeadh istigh,
agus an méid a bheadh blaoidhte ag aonduine eile d'íocfadh
sé ar a shon, inar nár léig sé aon reicneáil ar aonduine
ariamh. B'ainm dó seo Clampard Ára. San am chéadna,
bhí ceannaidhe eile ann, agus níor thug sé deór le n'ól
d'aonduine ariamh, agus bhí an-droch-cháil air mar nach
bhfacthas ariamh é a' dul isteach i dteach óil. Ba é ainm
dhó-san Mungó-Mangó. Bhíodh buachaill aige ag iomchar
an mhála dhó mar bhí sé féin chomh bunáiteach is nach n-iomchróch'
sé é.
Thárla gur casadh é féin agus Clampard ar a chéile
lá, agus mar bhí fhios aige cé'n sórt duine é d'iarr sé
isteach i dtigh óil é. Bhlaoidh sé sgáird mhór óil annsin i
gcleitheamhnas go n-íocfadh Clampard é. Ach d'innis na
daoine do Chlampard cé'n sórt duine a bhí ann agus nach
dtug sé aon deór d'aonduine ariamh roimhe sin. Nuair
a bhí an méid óil a bhí blaoidhte ólta, d'fhiafruigh Clampard
Ára céard a bhí sé a' dul a' dhéanamh leis, nó cé'n chaoi
íoca a bhíothas le cur air.
"Óru" arsa an ceannaidhe "céard a dhéanfamuis
leis? Fágfad idir do lámha féin é." Bhí an ceannaidhe
lán-chinnte nach mbeadh pighinn den ól air féin. Ach seo
mar rinne Clampard Ára: "Bhuel," adeir sé:-
"Ceapaim-sé trí sgilleacha ar Mhungó-Mhangó,
Agus trí sgilleacha eile a bhaint den mhála,
Sgilling ar lingó-langó (.i. buachaill an cheannaidhe),
Agus sgilling ar Chlampard Ára."
Mar bhí leisg air imeacht gan rud eicín den reicneáil
a bheith air féin. Sin mar shocraigh sé an ceannaidhe.
AMHRÁN DIADHA.
D'éirigh Muire dhá uair roimh an lá,
Agus chuaidh sí un a' teampaill a' caoineadh a grádh
Tháinig aingeal ó na Flaithis agus coinneall ina dheas-láimh
"Sé do bheatha a Mhuire," adubhairt Rí geal na ngrást.
Tuige nár ghoil tú nuair a d'fhulaing tú an pháis?
Tuige nár ghoil tú nuair a chuaidh a' tsleagh thrí do lár?
Agus a fheabhas agus chaoinfeá clann Éabh agus Ádhaimh?
A' gcluin sibhse mise a chlann Ádhaimh agus Éabh?
Ná déanaidh an peacadh más áil libh é,
Ach déanaidh, 'ur bhfaoisdean chomh glan leis a' gcré
Sí slánú 'ur n-anama an tsácraméid.
Sacraméid bheannaighthe fola agus feol",
Corp agus anam ar Slánuightheor",
Íosa Críost a céasadh beó
Agus cuimrighe m'anama ort, a Shlánuightheóir
Chidhfe shibh Peadar agus chidhfe sibh Pól
Chidhfe sibh Síomán agus chidhfe sibh Eóin
Chidhfe sibh naoimh agus easbail go leór,
Agus má thréigeann sibh peacadh gheobhfa sibh glóire.
Dhá mbeinn-se sna Flaithis bu mhaith é mo sgéal
Imeasg na n-easbal na n-aingeal agus na naomh
Tabhairt moladh agus buidhchais dom' aon Mhac féin
Agus glóire na bhFlaitheas go bhfáigh síol Ádhaimh agus Éabh.
Sin abhrán nó dán diadha a chuala mé ag sean-bhean ar a'
mbaile seo. Tá mé a' ceapadh go mb'fhéidir go raibh
tuilleadh ann ach níl fhios agamsa é.
ROINNT SHEAN-FHOCLA.
Gníomh a chruthuigheas agus ní hé ráidhte an bhéil bhréagaig.
Sáruigheann an fhoighid an chinneamhaint.
An áit a bhfáightear an óinseach téidheann a cóisir chuici.
Ní chuile lá bhíos lá aonaigh ann.
D'orduigh Dia a dhul 'un aonaigh gan gnotha.
An áit a mbíonn iomad na lámh bíonn an obair luath.
Níor thig fuacht agus níor thig deacair agus níor thig
cruadhas go dtig earrach.
An áit a dtéidheann a' chos téidheann a lámh.
AMADÁN MHÁIRE.
Bhí an t-amadán trí fichid bliadhain d'aois. Badh-é
fear Mháire é. Bhí duine uasal ar an mbaile agus bhí
aithne agus eólas ar Sheán aige. Badh-é sin ainm an amadáinm.
Chailleadh an duine uasal trí chéad punt airgid uair
agus dh'fhághadh Seán é. Bí aimhreas ag an duine uasal
gurb é Seán a fuair ar t-airgead. An chéad lá eile
casadh Seán don duine uasal.
"Aru, a Sheáin," adeir sé, "an tú fuair mo chuid
airgid?"
"Ó, mh'anam gur mé," arsa Seán, "agus go dtug mé
go dtí Máire é."
"Ó caithfe misé é sin fhághail uait go beó," arsa 'n
duine uasal. "Tháinig an duine uasal go dtí Máire
ag iarraidh an airgid uirthi ach ní thiubhradh Máire dhó é.
Séard dubhairt sí gur a' déanamh bréag a bhí Seán.
D'imigh leis an duine uasal agus cuireann sé dligheadh
ar Sheán agus Mháire fá n-a chuid airgid."
D'imigh le Máire agus ceannmiuigheann sí leabhar do
Sheán agus cuireann sí 'un na sgoile é. Ní dhearna an
máighistir agus na gasúir aon bhlas an lá sin ach a' spochadh
is a' spáirneacht le Seán. An dara lá, thiomáin Máire
un an sgoile é is dá dhonacht dhá raibh an máighistir agus
na gasúir an chéad lá ba seacht measa ná sin iad an dara
lá, i riocht agus nach raibh aon ghnó ag Máire bheith ag
iarraidh ar Sheán a dhul chun na sgoile níos mó. Bhí sin
maith go leór go dtáinig lá na cúirte. B'éiginm do Mháire
agus do Sheán a dhul un na cúirte. Ar Sheán a bhlaoidh
an giúistís i dtosach.
"A' bhfuair tú airgead an fhir seo," arsa 'n giúistís
le Seán.
"Fuaireas," arsa Sean?
"Cé'n t-am" ars an giúistís.
"Cúpla lá sul dhá ndeachaidh mé ag an sgoil," arsa
Seán.
"Cúpla lá sul dhá ndeachaidh tú chuig an sgoil," arsan
giúistís. "Nach bhfuil sé trí fichid bliadhain ó bhí tusa
'gabháil ag an sgoil," arsa 'n giúistís.
Bhreathnuigh an giúistís ar an duine uasal.
"An as do chiall tá tú," ars' seisean, "a' tabhairt
an fhir bhoicht annseo fá airgead eicín a fuair sé cúpla lá
sul dhá ndeachaidh sé ag sgoil trí fichid bliadhain ó shoin."
Níor dearnadh ach an duine uasal a chaitheamh amach. Nár mhaith
críonna, glic a bhí Máire a' cur Sheáin un na sgoile, i riocht
is go gcaithfeadh Seán a rádh gur shul 'á ndeachaidh sé ag an
sgoil a fuair sé an t-airgead.
RIOCARD Ó MÓDHRÁIN.
Bhí Riocard Ó Módhráin 'na bhoss nó 'na chomhairleach
os cionn bóthair. Bhíodh an oiread seo fear ag obair
faoi. Bhí cárr agus capall aige agus bhíodh an cárr agus an
capall a' tarraing chloch ar an mbóthar. Bhí páighe dón
chárr agus dón chapall agus bhí páighe dhó féin. Bhí Riocard
pósta ach ní raibh aon chúram air ach aon inghean amháin,
agus bhí sí sin pósta ag fear as an Spidéal. Bhí Riocard
tréan go maith i riocht agus go raibh buachaill aige bhí a'
sibiléaracht timcheall an tighe nuair a bhíodh sé féin ar an
mbóthar.
Lá dhá raibh sé ar bóthár mar b'fhaisean leis, tháinig
teachtaire ó mhuintir a inghine a' rádh go raibh sí go dona
agus go mbu cheart dó dhul go dtí í. Tráthamhail go leór,
ní raibh ar Riocard ach a chuid éadaighe oibre. Bhí culaidh
mhaith ar an mbuachaill a tháinig 'na choinne.
"B'fhearr dhuit" arsa Riocard leis an teachtaire
"do chuid éadaighe a thabhairt dom, is mór liom an oiread
moille a dhéanamh agus go rachainn abhaile ag iarraidh mo
chuid éadaighe féin agus is féidir leat mo chárr agus
mo chapall a thabhairt abhaile go dtí mo bhean."
Bhí go maith. Thug an teachtaire a chuid éadaighe do Riocard
agus chuir éadach Riocaird air féin. D'imigh Riocard ar an
gcárr a bhí ag an teachtaire agus thug an teachtaire cárr
Riocaird leis go dtugadh sé abhaile é. Ach nuair a bhí an
teachtaire a' tigheacht thar dhroichead a bhí ar an mbealach
roimhe thuit sé síos san droichead agus báitheadh é.
Dheamhan ar chomhnuigh don chapall go dtáinig sí abhaile,
í féin agus an cárr. Nuair a chonaic bean Riocaird an
capall agus an carr gan Riocard chor ar bith bhí imnidhe
uirthi. Nuair a bhí an lá dá chaitheamh agus gan Riocard
a' tigheacht bhí níos mó ná sin imnidhe uirthi. As sin gur
innis sí do na comharsannaí é agus chuaidh sí féin agus iad
féin a' cuartú Riocaird. Bhíodar a' cuartú go dtáinig
siad go dtí an droichead. Céard a gheobhaidís thíos
báidhte sa droichead ach an buachaill seo, ach gur cheap siad,
ní nárbh iongnadh, gurb é Riocard a bhí acu ann. Agus
ba mhaith an ceapadh dhóibh é mar bhí éadach Riocaird air.
Deireadh Máire, bean Riocaird nár chosamhail le Riocard
é. "Aru céard tá tú 'rádh" adeireadh na daoine,
"Nach sheo a threabhsar 's nach í seo a chasóg," agus dá réir.
Ach ní raibh Máire sásta.
Tugadh abhaile é cébí é agus tórradh é agus cuireadh
sochraid air. Agus nuair a bhí sé dhá chur, bhí an baile
uilig cruinn, mar bhí urraim mhór do Riocard. Cuireadh é,
agus nuair a bhí sé curtha, bhí na daoine a' tigheacht abhaile,
Máire bhocht brónach go leór thréis na haimsire. Bhí an
sagart é féin ann a' beannú na huaighe nó rud eicín.
"Is deacair dhuit cúis ar bith a dhéanamh anois," arsa'n
sagart le Máire. "Agus b'fhearr dhuit an buachaill atá
agad a pósadh."
"Ó, sé do thruaigh dhom é," arsa Máire "is furusda
leat a bheith a' magadh."
Nuair a shiúbhaileadar sgatham eile "céard a bhí tú a'
rádh," arsa Máire leis an sagart.
"Cébi céard a bhí mé a' rádh" arsa'n sagart, "ní
meas mór a bhí agad ar mo ghlór."
"Ó," deir sí," is deacair dhomsa pósadh a dhéanamh.
Tá costas mór déanta agam le Riocard."
"Ach nach bhfuil muca agad" arsa'n sagart.
"Ó, tá" adeir Máire, "ach níor tháinig a n-am sin
fós."
Ach dheamhan blas gur phós an sagart Máire agus an
buachaill le chéile. I n-ómós cinn de na muca a phós an
sagart í. Bhí an sgéal ceart go leór annsin go dtáinig
Riocard abhaile. Ag an deich a chlog san oidhche tháinig
sé go dtí n-a theach féin. Is beag an ceapadh a bhí aige
gur mar bhí, bheadh. Nuair a bhuail sé an doras fiafruigheadh
cé hé sin, agus dubhairt sé gurb é Riocard é. Chaith
Máire í féin ar a dhá glúin. Chuaidh an buachaill fá'n
leabaidh. "Ní mé is cionntach" adeir sí, "ach an gadaidhe
sagairt a chuir ialach orm pósadh agus gan iarraidh ar bith
agam air."
Bhí Máire ag iarraidh ar Dhia Riocard a chur ar dheágh-
staid. Ní raibh a fhios aige céard a bhí a' baint leó.
Sa deiread nuair nach leigfidhe isteach é, chuaidh sé go
dtí n-a cháirdeas Críost. Bhuail sé doras an cháirdis
Chríost. D'fhiafruigh an cáirdeas Críost cé bhí ann.
"Mise," arsa Riocard "Leig isteach mé."
"Ó muise, más tú" arsan cáirdeas Críost "cuirim
as ucht Dé ort fanacht uaim. Shíl mé nach dtáinig tada
idir mé féin ná thú féin ariamh, le go dtiocfá go dtí mé."
"Ó, muise," deir Riocard, "go laga Dia sibh thrí
n-a chéile mar deas an chaoi agus an chuma orm é agaibh,
cébi cé'n sórt diabhal atá chor ar bith a' baint díbh." Ach
nuair nár leigeadh isteach Riocard cheap sé go raibh sé
chomh maith dó dul i gcró na muc go maidin. Is gearr a
bhí sé annsin nuair cé'n diabhal a thiocfadh isteac ach buachaill
an tsagairt ag iarraid cinn de na muca. Bhí Riocard
istig i gcúinne taobh istigh de na muca. Thosaigh an buacaill
a' láimhsiú na muc, a' féachaint cé acu ceann ab fhearr
dó a thabhairt leis. Nuair a bhí sé a' dul amach an doras
agus í aige, d'éirigh Riocard go dtí é.
"Cé'n deamhan, ná diabhal atá tú a' dul a' dhéanamh
le mo chuid muc," arsa Riocard. As go bráth le buachaill
an tsagairt agus shílfeá gur greideal dearg a bhí fá n-a
dhá chois gur shroic sé an sagart i ngalar ráithe.
"A' dtug tú leat an mhuc?" arsa'n sagart.
"Ó, níor thugas, níor thugas," adeir an buachaill
"tá Riocard a' faire na muc."
"Ó, a ghadaidhe de bhitheamhnach" arsa'n sagart, "nach
postamhail thú ag innseacht bhréag dhom. An é an fear
bocht atá curtha cailltec a bheadh a' faire na muc sin?"
"Téirigh ann" arsa'n buachaill, "agus beidh a fhios agad
é."
"Amach leat," arsa'n sagart, "agus tabhair chugam
an mhuc."
"Dá mbeitheá gan muc, gan banbh le do shaoghal" arsa'n
buachaill "ní racha mise níos mó ann."
"Teanam i n-éindigh liom mar sin" arsa'n sagart, "go
dtéidh mé féin ann." D'imigh an sagart agus an buachaill
an ath-uair go dtéidís ag iarraidh na muice. Nuair a
tháinigeadar go dtí cró na muc bhí an sagart a' tabhairt
fíon-oscailt isteach ar an doras agus a' sméideadh amach
ar na muca, agus a' leagan a láimhe orthu 'féachaint cé
acú ab fhearr dhó a thabhairt leis. Ní fada gur éirigh Riocard
chuige.
As go brath leis an sagart agus é a' fuagairt, "tá
sé ann, tá sé ann, tá sé ann." Ach b'éigean dó na muca
fhágáil 'na dhiaidh, agus an baile a thabhairt dó féin. Ní
raibh 'fhios ag Riocard béo ná marbh ó Dhia anuas céard
a bhí a' baint leis an saoghal chor ar bith go dtí maidin lá
ar n-a mhárac. Domhnach a bhí ann. Bhí 'chuile dhuine a'
réidhteach 'un an Aifrinn. D'imigh Riocard é féin go
dtéidheadh sé 'un an Aifrinn. Is fearr gur casadh an cáir-
deas Críost dó.
"Aru céard a bhí ort aréir nach leigfeadh tú isteach
mé" arsa Riocard "nó cé'n sórt seafóid a bhí chor
ar bith ort."
"Aru, nach bhfuil tú curtha, caillte?" arsa'n cáirdeas
Críost.
"Nárbh fhada go raibh tusa curtha, caillte" arsa
Riocard. Ach fríothadh amach nárbh é Riocard a báitheadh
san droichead chor ar bith. Ach d'imigh an buachaill a phós
Máire agus níor facthas amharc cinn ná choise ariamh ní
ba mhó air. Níl a fhios agam cé'n chaoi a raibh sé idir Máire
agus Riocard ní ba mhó.
GNÍOMH NA FAIRRGE.
Tá sé suim bhliadhanta anois ó rinne an fhairrge obair
iongantach sa taobh thoir de Leitir Mealláin i n-iarthar
Chonamara. Oidhche raibh oibriú diabhalta sa bhfairrge
cuireadh cloch mhillteach aníos as an bhfairrge sa taobh
thiar de Leitir Mealláin. Sí an fhairrge féin
a chuir aníos ann í, cé go bhfuil daoine ann nach bhfuil baoghal
ar bith go ngéillfeadh siad gurab í an fhairrge a chuir aníos
ar aon chaoi í.
Nuair a cuireadh ann i dtosach í, chuir sí iongantas ar
chuile dhuine. Bhíodh daoine a' rádh gurab iad na daoine
maithe a chuir ann í. Cuid eile a' rádh gur tasbánadh a chuir
Dia ar an saoghal í go raibh athrú mór agus neithe iongantacha
le thigheacht ar an saoghal. Cébi sgéal é, is iomdha an lá
atá indiú ann ar an saoghal ó tháinig an chloch mhór sin i
dtír annsin go dtí an lá atá indiú ann. Tháinig daoine
i bhfad 's i ngearr a' breathnú ar an gcloch mhór sin nuair
a chuaidh a cáil amach.
Cuid dhá dtáinig séard a bhíodar a rádh nach as an bhfairrge
tháinig an chloch beag ná mór, nár chosamhail le clocha na
fairrge chor ar bith í: Go mba chosamhail le cloch í
dteangmhochadh teine léithi agus go mb'fhéidir gur píosa
de na pláinéid í a thuitfeadh anuas ar an talamh nuair
buailfí tóirneach fúthu. Ach más daoine iad sin a bhí a'
ceapadh nach bhféadfadh brígh ná neart na fairrge an chloch
mhór sin a chur i dtír annsin, nach raibh sé chomh híongantach
thréis í thigheacht ann i dtosach nuair a chorruigh an fhairrge
faoi dhó aríst í. Agus an chorraigh dheireannach a rinne
an fhairrge ar an gcloch mhór, rinne sí trí nó ceathair
de phíosaí dhi.
An té d'fheicfeadh na fairrgí fiadháine a' taobh thiar de
Leitir Mealláin, ní dhéanfad sé aon iongantas go ndéanfadh
sí rud ar bith. Fairrgí fiadháine agus ní hionghantas é,
mar tá an teisginne osglaighthe aniar is gan fasgadh ná
dídean le fághail aige ó áit ar bith beó. Tonntracha móra
áithbhéalta a' rith aniar agus dhá mbualadh féin go díocasach
le díoghaltas fá'n gcósta daingean carraige tá taobh
thiar den oileán. An té d'fheicfeadh na fairrgí fiadháine
agus na tonntracha áithbhéalta sin ní dhéanfadh sé aon
iongantas de ghníomh na fairrge.
TÚR CHEANN GÓLAIM.
Taobh thiar de Leitir Mealláin tá oileán beag a bhfuil
an fhairrge thart air, i n-áit fhiadháin iargúlta a bhfuil
an teisginne gharbh thimcheall air. Tá túr ar an oileán
agus ní cuimhneach leis na daoine is sine sa tír cé'n
uair ar dearnadh é. Ach tá cur síos acu air agus deir
siad gurb é Riaghaltas Shasana rinne é.
Sé fáth ar dearnadh é, deir siad; fadó bhíodh daoine
i gConamara a bhíodh a' gabháil i soithigh seóil go tíortha
coimhthigheacha a' tabhairt tae's siúcra 's tobac agus
'chaon tsórt eile leobhtha. Smugláil a tugtar ar an obair
sin. Rinneadh an túr ar an oileán beag seo le haigh' bheith
a' faireadh ar na soithigh seóil sin mar ba aniar a theagadh
an chuid ba mhó acu. Nuair a rinneadh an túr deir siad
gur aol oistirí agus bainne reamhar dhá shuathadh a cuireadh
mar mhuirtéal air. Is minic a beirtí ar lucht na
smuglála, agus cuirtí éiric orthu. Sé phunt an éiric a
cuirtí orthu, an éiric chéadna a cuirtí ar lucht déanta
poitín.
Bhíodh soithigh seóil a dtugadh siad "cutters" orthu
ceaptha amach freisin ag an Riaghaltas le bheith a' leanmhain
lucht na smuglála. Tá carraig i gcuan Ros Muc a
dtugann siad Carraig a' Chutter uirthi. I n-áit a leanadh
cutter ceann de bháid na smuglála uair agus bristí thuas
ar an gcarraig í, agus d'fhan an t-ainm ariamh ó shoin
ar an gcarraig sin. Bhíodh siopaí beaga i gConamara
agus bhídís a' díol an tobac agus 'chaon tsórt eile
thugadh lucht na smuglála chucu.
DROCH-FHOGHMHAR I N-URAIDH.
Níl aon mhaith sa mbliadhain seo le hais na bliadhna i
n-uraidh le haigh fataí. Tá boicht Chonamara an-bhuailte
suas i mbliadhna (1924) d'easbaidh fataí. Bhí a bhfurmhór
lobhtha sa talamh agus níorbh ionghantas é mar gheall ar an tsíor-
bháisteach i gcaitheamh an tsamhraidh agus i gcaitheamh an
fhóghmhair. Ní hé sin amháin a chuir daoine bochta as fataí,
ach bárr ar an mí-ádh, thuit an galar ar na fataí i
mbliadhna níos truime ná thuiteas sé bliadhanta eile.
Ní raibh na daoine bochta i n-acmhuinn aon spray a chur
ar na fataí mar ní raibh a luach ag an gcuid is mó acu.
Dhá mbeadh féin ní bhíonn aon mhuinghin mhór ag cuid acu
as an spray. Bíonn siad a' ceapadh nach bhfuil aon mhaith
ann. Ach i mbliadhna tá's é sin. An té a chuir spray
ar roinnt dá chuid fataí i mbliadhna agus a d'fhág píosa
gan é a chur orthu, cheal a bheith i ndon é chur ar an iomlán,
d'fhan an chuid a ndeachaidh an spray orthu glas agus bhí
fataí maithe iontú. Agus an chuid nach ndeachaidh an
spray orthu thuit an galar orthu agus leágh na barrannaí
ar siubhal, agus ní raibh fataí ar bith iontú.
Bíonn bliadhanta ann thar a chéile a dtuiteann an galar
ar na fataí agus bliadhanta eile nach dtuiteann.
Aimsir chiúin, dhorca i minbíonn an spéir lán le smúid
agus le ceó seadh thuiteas an galar ar na fataí. Aimsir
chiúin dhorcha den tsórt a bhí ann i mbliadhna nuair a thuit
an galar ar na fataí. Tá cuid de mhuinntir Chonamara
chomh buailte suas as fataí i mbliadhna agus gur ar
éigin a bhainfidís béilí fataí ar feadh laé.
AN DÁ SHÍOGAIDHE.
Chum duine eicín an dá cheathramha seo:-
Tháinig mé isteach go dtí Síogaidhe Rátha Cruachan,
Bhí smut air is gruaim is ba fuar é a theallach,
Séard dubhairt Feircín suairc, "más as Connachta
ghluais tú
Chuir amach an luaith nó téirigh abhaile."
Tháinig mé isteach go dtí Finnbheara Meadha
Bhí a ghunna ina láimh agus é a' trianáil airm
Bhí fuisge ar an mbórd aige agus muic-fheóil dhá
róstadh aige,
Agus fiche fighdóir i gclúid an teallaigh.
PÁIDÍN CHONAMARA.
Chuaidh Páidín agus beirt nó triúr eile ag iarraidh mná.
Chuadar mar rachaidís as seo suas go Bó Bhrocháin nó
go háit eicín mar sin. Is daingean an teach a ndeachadar
ann go raibh an cleamhnas réidh agus an bhean le fághail.
Creidim go bhfuil fhios agaibh gurb é Páidín a bhí ag iarraidh
na mná, agus bhí an bhean le fághail aige. Ach níl áit
ar bith dhá shórt seo nach mbíthear ag iarraidh féasta
'bheith acu. Bhí an cailín óg go gnóthach a' gabháil
timpeall an tighe a' fághail rud faoi réir le n-a n-aghaidh
seo. Ba í an bhean chéadhna bhí le fághail ag Páidín, ach
thárla rud timpisteach eicín dí, agus thosaigh sí a'
caoineadh. Thosaigh a máthair agus a hathair a' caoineadh,
agus thosaigh a dreatháireacha a' caoineadh, a' ceapadh
go mba mhór an céim síos ar an gcailín óg an méid sin
trioblóide bheith a baint dí.
Bhí Páidín i gcaitheamh an achair sin a' breathnú orthu,
'chuile dhuine sa teach acu a' caoineadh go méar. Ach sa
deireadh "cé'n deamhan nó diabhal atá orthu sin,"
adeir Páidín, agus ní raibh suipéar na dinnéar dhá
ghléas ná caint a' bith air. Sa deireadh d'éirigh Páidín
suas go dtéigheadh sé féin agus a chuid comrádaidhthe
'un siubhail. Ach nuair a bhí sé ag imeacht:
"Mo chrádh 's mo mhilleadh agam" deir sé "má
stopaim coidhche go bhfágh mé triúr eile atá chomh díth-
céillidhe libh."
D'imigh sé agus bhí sé ag imeacht agus a síor-
imeacht gur casadh i dteach é agus ní raibh ann ach sean-
bhean agus sean-fhear. Leig Páidín air féin gur fear
é a bhí a' tóruigheacht aimsire. Bhí go maith. Thóigeadar
de láimh é i gcleitheamhnas slám cruithneachta a bhí acu
a bhualadh mar ní rabhadar féin sáthach láidir, i dtaobh
iad a bheith sean. Chuaidh Páidín a' bualadh na cruithneachta
sa sgioból amach ar aghaidh an dorais. Bhí muc ag an
tsean-lánamhain seo, agus siad béasa chuile mhuice a
bheith a smúrthacht ar arbhar, agus ní choinneóch' an saoghal
ó Pháidín an mhuc. Cé'n t-ainm a bhí ag an tsean-
lánamhain ar an muic ach Róisín. Shíleadar annsin gurb
é an chaoi a raibh Róisín mór le Páidín, agus dubhairt
siad leis é.
"M'aisgidh, creidim go bhfuil cheana," arsa Páidín.
"Meas tú a bpósfá í," ar siad-san.
"Ó muise mh'anam gurb é a bhfuil uaim é" arsa
Páidín.
Ní raibh ann níos mó. Tugadh dhó an mhuc. D'imigh
Páidín annsin, agus is gearr a chuaidh sé nuair a fuair
sé fear a cheannaigh an mhuc uaidh. "Dair fiad" deir
sé in' inntinn féin "tá 'ur ndóthain féin den tseafóid
a' baint díbh-se."
D'imigh sé aríst agus tháinig sé i dteach eile. Ní
raibh ann roimhe ach sean-bhean. Chomh luath is tháinig sé
isteach d'éirigh an tsean-bhean suas roimhe agus chraith
sí láimh leis agus d'fhiafruigh sí dhe cé as é.
"Ó muise," deir sé "thréis na bhflaitheas fhágáil tá
mé anois."
"Muise an eadh, a mhic ó?" deir sí "céad
fáilte as sin romhat. Cé'n chaoi bhfuil chuile dhuine
annsin?"
"Ó, tá siad go maith" adeir sé.
"Aru, a' bhfaca tú Seán bocht ann" adeir sí.
"Ó muise, mh'anam go bhfacas," adeir sé.
"Aru," deir sí, "a' bhfuil dúil sa ngráinne tobac
aige?"
"Ó go deimhin sin é a bhfuil uaidh" arsa mo dhuine.
"Aru muise," adeir sí, "b'fhrusta dom-sa cúpla
punt tobac a chur aige dhá mbeadh aon duine dul a'
bealach a thiubhradh aige é." adeir sí.
"Ó muise mh'anam," ar seisean, "go dtiunbhra mise
an méid sin aige."
"Aru," deir sí "bhfuil dúil sa ruainne ime aige."
"Ó" arsa Páidín "thiubhradh sé a dhá shúil air."
"A Thighearna Dia muis'" adeir sí, "agus a
liachtaí punt mór ime d'fhuighlleach agam-sa annseo agus
dhá mbéadh sé aige nár mhór an mhaith dhó é."
"Ó muise, badh é chuile mhaith dhó é" ars' an
t-ealadhntóir.
D'imigh léithi, agus ghléas sí suas ocht nó naoí de
phunta ime agus cúpla punt tobac agus nuair d'fhiafruigh
an óinseach dhe a raibh éadach maith ar Sheán tá fhios ag
chuile dhuine cé'n freágra fuair, nó gur ghleas sí suas
beart mór eile éadaighe. Ach sé'n sgéal é, bhí an oiread
sa deireadh aige agus nach bhfuil ann ach go raibh sé 'na
chumas é iompar. Ach m'aisgidh, níor leis an tsean-
bhean ab fhaillighe é, dubhairt sí leis go dtiubhradh sí dó
an carr agus an capall agus bh'fhearr ná sin é.
Nuair a bhí chuile shórt curtha i dtoll a chéile agus iad
ar an gcárr, bhuail Páidín é féin suas ar an gcárr
agus bhí sé a' tiomáint leis go gliondrach agus ceart
aige air de bhárr an chárnáin bhréagh iolmhaitheasa a bhí aige
de bhárr na caillighe díth-céillidhe sin. Ach ní raibh sé
gan cuimhniú in' inntinn féin má bhí duine a' bith eile sa
teach ba chiallmhaire ná an chailleach, nuair a thiocfaidís
agus an méid sin imighthe go raibh seans go rachaidís ar a
lorg. Ní raibh sé 'dul amú dada mar chomh luath i
nÉirinn agus tháinig beirt mhac na caillighe isteach th'réis
a bheith ag obair amuigh, d'fhiafruigh siad den mháthair cá
raibh an cárr agus an capall mar ní rabhadar san áit
ab fhaisean leóbh a bheith. Annsin thosaigh sí ag innseacht
dóib go dtáinig fear ó fhlaithis isteach aici agus gur chuir
sí im agus tobac ag Seán bocht, go raibh sé 'a rádh gur
theastuigh sé go han-ghéar uaidh agus gur chuir sí glac
phluideanna aige le é choinneál te agus go mb'éigin dí
an cárr agus a' capall a chur leis 'faitchíos nach raibh
sé i ndon an t-ualach a iompar achar fada.
Nuair a bhí an sgéal innsighthe aici, thosaigh an chlann
ag easgainí agus a mallú uirthi faoi'n rud a bhí déanta
aici agus go mba dheas an chaoi agus an chuma orthu é thréis
an tsaoghail ariamh. Ach dubhradar go mb'fheárr dóibh
dhul 'na dhiaidh a' féachaint a dtiocfaidís suas leis go
bhfáighdís uaidh an cárr agus an capall. Bhí aimhreas maith
ag mo dhuine go mb'fhéidir go dtiocfaidhe ar a thóir, agus
bhí sé a' breathnú na dhiaidh i gcomhnuidhe, agus m'aisgidh
is geárr go bhfacha sé chuige iad. Dheamhan blas a rinne
sé ach a dhul anuas den chárr chomh beó agus d'fhéad sé é
agus an capall agus an cárr a thabhairt i gcúinne eicín
nach mbeadh aon fheiceál orthu agus na rudaí eile a chur i
dtaisge i n-áit dóib féin. Chomh luath agus bhí sé déanta
aige, chaith sé é féin ar chúl a chinn agus thosaigh sé a'
breathnú suas ar an aer. Nuair a tháinig siad-san go
dtí é thosaigheadar a' fiafruighe dhe a' raibh sé i bhfad
annsin nó a bhfeicfeadh sé fear a' bith a dul thart le
sgathamh a mbeadh cárr is capall aige.
"Muise, níl mé mórán achair annseo" adeir sé
"ach an fhad is tá mé 'mo shuidhe annseo," adeir sé,
"séard a bhfuil mé breathnú air mar bheadh cárr is capall
a chonaic mé a dul suas san aer. Bhí mé a' breathnú
air go raibh sé imighthe isteach ar chúla na néallta dubh úd
thuas. Feiceann sibh uilig — mar bhéadh cos an chapaill
a' balú isteach ar chúl an sgamaill."
"Ó muise, dair fiadh, feiceann" ar siad-san, mar
cheapadar ball beag eicín a 'spáin seisean dóibh gurbh' í cos
an chapaill a bhí ann. Chuadar abhaile annsin sásta go
leór.
D'imigh Páidín nuair a fuair sé chuile shórt réidh.
D'imigh sé, agus níl fhios an é díol an cháirr 's an chapaill
a rinne sé, ná iad a choinneál, ach is dócha go raibh neart
tobac aige go ceánn fada. Bhí an t-im aige le haghaidh na
bainse agus má theastaigh an t-éadach uaidh bhí sé aige.
Sin mar fuair sé na daoine simplí díth-céillidhe, agus
nuair a bhí fhios aige go raibh daoine ar an saoghal chómh
simplí leis an gcéad bhean d'imigh sé agus phós sé í
agus d'fhéad sé banais mhaith a bheith aige mar bhí cuid na
ndaoine simplí uilig aige.
SEAN-FHOCLA.
Codhladh fada agus mí-urraim dhá rud dhona.
Fiacla do charad agus claidheamh do námhad an dá rud
dona ar bith.
Is lúgha ná frighid máthair an droch-ádhbhair.
Is beag ag fear an chumais an donas a dhéanamh.
BEIRT FHILIDHE.
Bhí file ann uair agus thagadh fear siubhail isteach go
dtí é trathnóna. Bhí sé féin agus a bhean ag ithe aráin,
im agus tae ach má bhí níor thairg siad greim ná blogam
don fhear siubhail ach nuair a bhíodar sáthach, leag an
bhean an fuighilleach i dtaisge. Thosaigh fear an tighe
annsin a' cur ceisteanna ar an bhfear a' tháinig isteach
mar seó:
"Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an áit seo" arsa seisean.
"Thiubhrainn teach," arsa an fear eile.
"Ní headh," arsa fear an tighe, "ach ríoghacht."
"Cé'n t-ainm a thiubhrá ormsa" adeir sé.
"Thiubhrainn fear a' tighe," arsa an fear.
"Ní headh," adeir sé," ach rí an tighe."
"Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an mbean sin" adeir sé.
"Thiubhrainn bean an tighe," arsa an fear.
"Ní headh," adeir sé, "ach aire linn."
D'fhiafruigh sé dhe cé'n t-ainm a thiubhradh sé ar an
madadh.
"Thiubhrainn madadh," arsa an fear.
"Ní headh," adeir sé, "ach sodar."
"Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an gcat sin" arsa seisean.
"Thiubhrainn cat," arsa an fear.
"Ní headh," adeir sé, "ach súmas."
"Cé'n t-ainm a thiubhrá ar an teinidh" adeir sé.
"Thiubhrainn teine" adeir ar fear.
"Ní headh," adeir sé, "ach glóire."
Bhí bó ceangailte sa gcornéal ann agus d'fhiafruigh sé
dhe cé'n t-ainm a thiubhradh sé uirthi.
"Thiubhrainn bó uirthi," adeir an fear.
"Ní headh," adeir sé, "ach cabhair."
Bhí cúpla bairille ann a raibh leann ionntu agus
d'fhiafruigh sé dé cé'n t-ainm a thiubhradh sé orthu.
"Thiubhrainn leann," adeir sé. "Ní headh" arsa
seisean, "ach beidhir."
"Cé'n t-ainm a thiubhrá ar na bróga sin?" adeir sé.
"Tiubhrainn bróga orthu," adeir sé.
"Ní headh," adeir seisean, "ach sochainn-bhuinn."
Bhí leabaidh thiar sa seómra ann agus d'fhiafhruigh sé dhe
cé'n t-ainm a thiubhradh sé uirthi.
"Thiubhrainn leabaidh," adeir an fear.
"Ní headh," adeir sé, "ach suaimhneas," Bhí uisge
i mbuicéad ann agus d'fhiafruigh sé dhe cé an t-ainm a
thiubhradh sé air.
"Thiubhrainn uisge," adeir an fear.
"Ní headh," arsa an fear an tighe, "ach iondamhlacht."
Nuair a bhí an méid sin ceisteanna curtha ag fear an
tighe ar an bhfear siubhail chuaidh sé féin agus a bhean a
chodhladh. Nuair a chuaidh, bhí fhearg ar an bhfear siubhail
fá na ceisteanna aduain' a cuireadh air agus cheap sé
sásamh a bhaint amach. Sgaoil sé an bhó agus leag sí na
barillí leanna. Chuimil sé an méid den im a d'fhág siad
na 'ndiaigh sna bróga agus ligh an gadhar iad agus annsin
d'ith sé iad. Ansin cheangail sé dornán tuigheadh ar
ruball an chait agus las sé é agus annsin sgaoil sé siar
fá'n leabaid chucu é. Nuair a bhí sin déanta d'fhiarfruigh
sé d'fhear an tighe a' raibh sé na chodhladh.
"Nílim anois," adeir sé, "tuige?"
"Bhail," adeir sé. "Duaidh sodar sochainn bhuinn,"
sin gur ith an madadh na bróga. "Dhóirt cabhair an
bheidhir agus d'imigh an bheidhir ar fud na ríoghachta.
Sháith Súmus a thóin sa nglóire agus chuaidh sé fá do
shuaimhneas. Tá do ríoghacht uilig anois 'n-a glóire mara
sábháile an iondamhlacht thú."
AN FEAR A D'FHÁGHADH A CHUID
SA BPOTA.
Bhí bean ann, uair, agus phós sí fear. Ní raibh sa bhfear
a phós sí ach duine leath-fhánach. Sé n' chaoi a dtáinig a'
fear i dteach na mná. Sé an gnás a bhíodh ar an saoghal
an uair sin bheith a' bruith leite agus dhá ithe. Sé
'n gnás a bhíodh ag an bhfear sa mbaile a chuid a thabhairt
le n'ithe sa bpota dhó. Ní raibh fhios ag an mbean é sin.
Sé an chaoi a dtugadh sí a chuid ar an mbord dó, ar nós
chuile dhuine. Níor thaithnigh sin leis an bhfear. B'fhearr
leis a chuid fhághail sa bpota i nós nach bhfeicfeadh duine
ar bith dhá ithe é.
Níor fhan sult ná suairceas annsin ann. Ní bhíodh caint
ná cómhrádh aige do dhuine ar bith. Bhídís a' déanamh grinn
ag iarraid caint agus gáirí a bhaint as, ach ní raibh aon
mhaith ann. Ní fhágaidís liobar clúmhaigh ar choileach lá
ach an oiread agus dhá mbeadh sé dhá chur síos sa bpota.
Níl aon nduine chonaic an coileach agus é feannta mar sin,
nach raibh a' dul i lagar a' gáirí faoi ach níor thóg mo dhuine
a cheann agus níor leig sé air féin a bhfaca sé é chor ar bith.
Nuair a chinn chuile shórt ar an mbean chuaidh sí go dtí n-a
mháthair. Chuir an mháthair fáilte róimpi, agus d'fhiafruigh
dhi cé mar thaithnigh an fear léi.
"Ó muise," deir sí, "sin é an fear mí-ádhsach agus
an fear gan sult gan suairceas."
"Aru, a inghean ó," arsa an mháthair, "cá dtugann tú
a chuid bidh dhó?"
"I ndomhnach," arsa an bean, "tugaim dó ar an mbórd
é mar thugaim do chuile dhuine é."
"Ó inghean ó," arsa an mháthair, "sé 'n chaoi a bhfághadh
sé sin a chuid sa bpota i riocht agus nach mbeadh fhios ag aon
nduine céard d'íosfadh sé."
Nuair a chuaidh an bhean abhaile bhuail sí síos pota
leite. Nuair a bhí sé bruithte leag sí chuige é. Chomh
luath 's leag, chuir sé a shean-sgairt gháirí as féin. Bhí
tuilleadh daoine istigh.
"Aru," adeir sé, "a bhfaca sibh an coileach an lá
údan."
"Nár fheice Dia 'na chathair thú," arsa an bhean,
"chonaic chuile dhuine é ach thusa."
Bhí sé subháilceach go leór uaidh sin amach ó thárla go raibh
sé a' fághail a chuid sa bpota.
EASGANN A RAIBH LÚIB UIRTHÍ.
Bhí duine uasal ann uair agus bhí sé an-deiseamhail.
Bhí neart de chuile shórt dhá fheabhas aige. Bhí sé pósta
ach cailleadh a bhean agus d'fhág sí muirín lag na diaidh.
Phós an duine uasal bean an dara huair agus ba bhean
an-óg bhí innti. Bhí mí-staid aici ar an duine uasal mar
bhí sé roinnt aosta agus dheamhan blas go dtugann sí nimh
ar easgann úr dhó.
Nuair a bhí an nimh ite aige agus é a' saothrú báis, bhí
a dhearbhráthair a' cur ceisteannaí air mar seo:
Céard fhágfas tú ag do dhearbhráthair a dhearbhráithrín ó?
Uaigneas ar chnocán lá aonaigh agus támaint (?)
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deo deo.
Céard fhágfas tú ag t-athair a dhéarbhráithrín ó?
Chúig mhíle punt atá istigh in mo bhosga,
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Céard fhágfas tú ag do mháthair, a dhearbhráithrín ó?
Dá bhfágainn an saoghal bráthach aici d'fhágfainn croidhe
cráidhte aici,
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Céard fhágfas tú ag do pháistí a dhearbhráithrín ó?
Fuacht agus seachrán agus oidhche ar gach bothán.
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Céard fhágfas tú ag do dheirbhshiúr, a dhearbhráithirín ó,
Chúig mhile caora de chuidiú don éadach
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Céard fhágfas tú ag do bhean phósta a dhearbhráithrín ó?
Ifreann mar dhúthaigh aici agus flaithis Dé dúinte uirthi!
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Céard a thug do bhean phósta dhuit, a dhearbhráithrín ó?
Éasgann a raibh lúib uirthi agus nimh fuinnte brúighte innti,
Tá mé tinn faoi mo chroidhe agus béad go deó deó.
Níor labhair sé níos mó go bhfuair sé bás.
AN TÁILLIÚR AGUS A THRIÚR MAC.
Bí táilliúr i nÉirinn uair agus bhí triúr mac aige.
Bhí sé an-bhocht. Fuighilleach a d'fhághad sé le déanamh agus
greim a mbéil a choinneál leis féin agus leis a' triúr mac
le n-a shnáthaid. Ní raibh bó ná caora ná beithigheach ar bith
eile ag a' tailliúr ach aon ghabhairín beag amháin agus bhí
suim mhór aige sa ngabhairín mar bhí sé a' coinneál
bainne tae leis.
Chuireadh a' táilliúr duine sa turas don chlainn amach
chuile lá a' fasaidheacht leis a' ngabhairín.
Dubhairt sé leis a' mac ba sine a dhul amach lá a' fasaidh-
eacht leis a' ngabhairín agus ar a bhfaca sé ariamh fasaidheacht
mhaith thabhairt dó. Thug a' mac ba sine leis an gabhairín
agus thug sé i n-áit é a raibh féar fada agus fraoch, agus
'na theannta sin bhí sé a' baint luibheanna deasa eile don
ghabhairín agus dhá gcaitheamh chuige.
Nuair a bhí sé 'na thrathnóna, d'fhiafruigh an mac don
ghabhairín a raibh a dhóithin ithte aige go gcuiread sé abhaile é.
Dubhairt a' gabhairín go raibh. Sheól mac a' táilliúra
abhaile an gabhairín annsin agus chuir sé isteach i dteach
bheag é a bhí déanta le n' aghaidh. D'fhiafruigh an táilliúr
den mhac annsin a raibh a dhóithin ithte ag an ngabhairín.
Dubhairt a' mac go raibh agus nach bhféadfadh sé níos mó
ithe.
"Faitíos nach bhfuil" ars an táilliúr, "racha me amach
go bhfiafruighe mé dhe a bhfuil."
Chuaidh an táilliúr amach agus d'fhiafruigh sé den ghabhairín
ar ith sé a dhóithin go maith indiú.
"Ó, nír itheas, nír itheas," arsa an gabhairín, "ná
mo leath-dhóithin agus ní bhfuair mé cead tada ithe ach do mo
ruaigeadh ó áit go háit ar feadh an laé."
Annsin bhí an táilliúr le buile chumhthaigh leis an mac,
a' ceapadh go ndearna sé leath-chuma ar an ngabhairín
agus dhíbir sé é.
Nuair a bhí an mac díbrighthe, bhí sé ag imeacht agus
a' síor-imeacht gur casadh duine uasal dó, a ndeachaidh
sé ar aimsir leis. Lá'r 'na bháireach dubhairt a' táilliúr
leis a' dara mac a dhul amach a' fasaidheacht, leis a' ngabhairín
agus gan déanamh mar rinne a dhearbhráthair an lá roimhe
sin ach fasaidheacht mhaith thabhairt don ghabhairín.
Thug an dara mac leis a' gabhairín annsin agus thug
sé i n-áit thar bárr é, áit a raibh féar fada agus fraoch
agus 'na theannta sin bhí sé a' baint luibheanna deasa,
milse eile dhó agus dhá dtabhairt dó.
Nuair a bhí sé 'na thrathnóna, d'fhiafruigh sé den ghabh-
airín a raibh sé sách. Dubhairt an gabhairín go raibh. Sheól
sé abhaile annsin é agus chuir sé isteach ina theach féin é.
Chuaidh an táilliúr amach agus d'fhiafruigh sé den ghabh-
airín ar ith sé a dhóithin indiú. Dubhairt a' gabhairín nár
ith, nach bhfuair sé cead tada 'ithe ach dhá ruaigeadh anonn
agus análl ar feadh an laé. Annsin bhí an t-athair le
buile leis a' mac agus chuaidh sé isteach agus dhíbir sé é.
Bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht gur casadh
duine uasal dó a thóig ar aimsir é.
An tríomhadh lá, chuir a' táilliúr a' dara mac a' fas-
aidheacht leis a' ngabhairín agus dubhairt sé leis ar a
bhfaca sé ariamh é thabhairt i n-áit mhaith.
Sheól an tríomhadh mac amach a' gabhairín a' fasaidheacht
agus thug sé i n-áit thar bárr é, áit a raibh féar fada agus
fraoch, agus na theannta sin, bhí sé a' baint luibheanna
deasa milse eile dhó agus dhá gcaitheamh chuige. Annsin
nuair a bhí sé 'na thrathnóna d'fhiafruigh sé don ghabhairín
a raibh a dhóithin ithte aige nó go seóladh sé abhaile é. Dubhairt
an gabhairín go raibh, agus nach bhféadfadh sé níos mó 'ithe.
Sheól mac a' táilliúra abhaile an gabhairín annsin agus
chuir sé isteach ina theachín féin é. Chuaidh an táilliúr
amach agus d'fhiafhruigh sé den ghabairín a raibh sé sách indiu.
"Ó nílim, nílim," arsa an gabhairín. "Ní bhfuair mé
cead tada ithe ach do mo ruaigeadh anonn agus anall an
feadh an lae agus ní bhfuair mé cead tada 'ithe."
Chuaidh an táilliúr isteach agus é le buile chumhthaigh agus
dhíbir sé an mac ab óige.
D'imigh sé sin agus bhí sé ag imeacht agus a' síor
imeacht gur casadh duine uasal dó a thóig ar aimsir é.
Chuaidh an táilliúr é féin amach an ceathramha lá a'
fasaidheacht leis a' ngabhairín. "Tiubhra mise i n-áit
thú i mbeidh neart le n' ithe agad, a ghabhairín lághach atá
a' coinneál bainne tae ariamh liom féin agus le mo thriúr
rógairí clainne agus b'olc an aghaidh orthu é."
Trathnóna nuair a bhí an táilliúr a' cur an ghabhairín
abhaile d'fhiafruigh sé de a raibh sé sách. Dubhairt a'
gabhairín go raibh. Shul dhá ndeachaidh an táilliúr a chodladh
an oidhche sin chuaidh sé amach aríst go dtí an gabhairín
gur fhiafruigh sé dhi ar ith sí a leór-dhóithin indiú.
"Ó nír ith mé," arsa an gabhairín. "Céard a d'fhéadfainn
ithe, do mo ruaigheadh anonn agus anall ar feadh an lae,
céard d'fhéadfainn ithe?"
"Ó a ghadaidhe sgabhtéara," arsa 'n táilliúr, "a'
cumadh bréag dhomh atá tú le trí nó ceathair de laetheannta,
anois atá 's agam é, agus tá mo thriúr mac díbrighthe
agam mar gheall ort, ach bainfe mise a shásamh dhíot."
Thug an táilliúr leis a shiosúr annsin agus níor fhág
sé liobar ar an ngabhairín gan bearradh dhe anuas go
ndearna sé é chomh maol agus dhá mbeadh gan aon bhlas
fíonnaidh a' fás ariamh air. D'imigh an gabhairín annsin
agus bhí an oiread náire air agus gurb é an chaoi ar sháith
sé isteach i sgailp é féin sul dhá bhfeiceadh duine ar bith é.
Nuair a bhí lá agus bliadhain thuas ag a' gcéad mhac
leis a' táilliúr a d'imigh, dubhairt sé le n-a mháighistir
go raibh sé i n-am aige sgaramhaint leis go gcaithfeadh
sé a dul abhaile go bhfeiceadh sé a athair. Nuair a bhí sé
ag imeacht thug an máighistir asal dó agus dubhairt sé leis
uair ar bith a theastóchadh ór agus airgead uaidh nach
raibh air ach bráithlín a sgaradh fá'n asal agus na focla
"bricle brics" a rádh agus go dtosóchadh an t-asal a,
breith óir dó agus nach dtiocfadh aon lá bochtanacht choidhce
air. Thug mac a' táillúra leis a' t-asal ansin ach b'éigin
do a' dhul ar lóisdín i dteach ar a' mbealach abhaile, leis
an oidhche a leigean thairis. Fuair sé a shuipéar sa teach
agus ní raibh aon airgead aige le íoc air agus mar is
amuigh i stábla a d'fhág sé a' t-asal, b'éigin dó a dhul
amach go bhfághadh sé an oiread ón asal agus d'íocfadh
a shuipéar agus a lóisdín dó. Ba cneamhaire a bhí in fear
a' tighe agus lean sé amach é, go raibh sé a' faireadh air
go bhfaca sé a' sgaradh éadaighe fá'n asal agus a' rádh,
na bhfocla "bricle brics." Nuair a chonaic a' cneámhaire
an t-asal a breith an óir bhuide, bhí íongantas a' domhain
air agus dubhairt sé go mbeadh sé sin aige féin nó go
gcinnfeadh sé air.
Nuair a chuaidh mac a' táillúra go n-íocadh sé a shuipéar
agus a lóisdín, ghoid a' cneámhaire an t-asal uaidh agus
chuir sé sean-asal mar chuile asal in' áit. Lá 'r n-a
mhárach, thug mac a' táilliúra leis an t-asal, agus ní raibh
fhios aige nach é an t-asal ceart é nó gó raibh sé sa mbaile.
Chuir a' t-athair míle fáilte roimhe agus dubhairt sé go mba
fánach an chaoi ar dhíbir sé é mar geall ar a' ngabhar
bradach a bhí a' cumadh bréag dhó, ach d'íoc sé féin ó shoin
ann.
"Ó ná bac leis a' rud atá caithte," arsa 'n mac,
"ach gabh amach agus blaoidh isteach ar na daoine muinn-
treacha go ndéana mé saidhbhir iad. Tá asal agam atá
i ndon a bheith a' breith óir. Amach leis a' táilliúr de
sgiotán a' blaodhach ar na daoine muintreacha uilig agus
leis a' bhfuadar a bhí faoi bhris sé a shnáthad. Is gearr
go dtáinig sé féin agus sgata mór de na daoine muin-
treacha. Fuair a' mac an t-asal fá réir sgar sé éadach
faoi, agus dubhairt sé an focla "bricle brics" ach
má dubhairt ní raibh blas maitheas ann dó.
"Ó" deir sé, "ní hé an t-asal ceart atá agam.
Rinneadh cneámhaireacht orm sa teach a raibh mé ann ar
lóisdín san oidhche." B'éigin do na daoine muintreacha
imeacht abhaile an bealach céadhna a dtáinig siad.
Nuair a bhí lá 's bliadhain thuas ag an dara mac dubhairt
sé le n-a mháighistir go gcaithfeadh sé a dhul abhaile go
dtí n' athair. Tug a mháighistir éadach buird dó agus
chuile áit a sgarfadh sé é bheadh neart de chuile shórt dhá
fheabhas le n' ithe agus le n'ól aige. Nuair a bhí sé a' teacht,
abhaile casadh sa teach céadna é ar casadh a dhearbhráthair.
D'iarr sé lóisdín go maidin agus dubhairt sé go raibh rud
le n' ithe aige féin. Chuaidh sé siar i seómra agus dhúin
sé aniar an doras.
"Níl fhios agam ar bith," adeir an fear le n-a bhean, "cá
bhfuil an rud le n' ithe aige; shílfeá nach bhfuil tada aige.
Ach d'fhéach sé siar thrí pholl na heochrach, agus bhí iongantas
air nuair a chonaic sé chuile shórt beatha dhá fheabhas aige.
Nuair a fuair sé na chodhladh é chuaidh sé siar nó gur ghoid
sé a' t-éadach buird ó mhac a' táilliúra agus gur shocruigh
sé sean-éadach eile in áit."
Nuair a' d'éirigh mac a' táilliúra ar maidin níor bhac
sé le bricfasta ná le tada ach deifriú abhaile chomh luaith
agus d'fhéad sé é. Nuair a tháinig sé, bhí fáilte mhór
ag an athair roimhe. "Téirigh amach," adeir sé, "agus
blaoidh isteach ar na daoine muinntreacha go dtuga mé a
ndóithin le n' ithe dhóibh." Chuaidh an táilliúr a' blaodhach
orthú ach budh é fearacht a' chéad turais é, ní raibh blas
lé fághail ar an éadach cláir agus b'éigin dóibh imeacht
abhaile mar tháinigeadar.
Bhí amhreas ag mac a' táilliúra gur sa teach a raibh
sé ar lóisdín ann a rinneadh cneámhaireacht air.
Nuair a bhí lá agus bliadhain thuas ag an tríomhadh mac
chuimhnigh sé ar a' mbaile. Thug a' mháighistir a thuarastal
go han-mhaith dhó agus 'na theannta sin, thug sé mála dhó a
raibh maide draighin thíos ann, agus dubhairt sé leis uair
ar bith choidhche a dtiocfadh aon trioblóid air, ná dhá
dtosaigheadh aon nduine a' troid leis go smachtóchadh an
maide iad.
"Rinneadh cneámhaireacht ar do bheirt dearbhráthar
ina leithide seo de theach, agus más fear maith thusa, bainfe
tú sásamh den chneámhaire."
D'imigh leis a' mac ab óige agus tháinig sé sa teach
seo san oidhche. Ní dheachaidh sé a chodladh chor a' bith ach síneadh
ar a' teallach agus a' mniála a raibh an maide ann a shocrú
fá n-a cheann. Dubhairt fear a' tighe leis a dhul a chodhladh
ar a' leabhaidh. Dubhairt seisean nach rachadh go mbeadh
sé ag imeacht leis a' lá agus go mba mhaith leis a bheith 'na
shuidhe go moch.
Níor mhórán achair annsin gur leig mac a' táilliúra codhladh
bréige air féin. Nuair a d'airigh an fear na chodhladh é
táinig sé a féachaint a' ngoidfeadh sé an mála, a' ceapadh
go raibh rud maith eicín ann. Thosaigh sé a' tarraing an mhála
amach ó n-a cheann. Nuair a d'airigh mac a' táilliúra é
d'éirigh sé agus dubhairt sé leis an maide a dhul amach
agus tosaighe dhá lasgadh. Amach leis an maide agus tos-
uigheann sé dhá lasgadh.
"Ó ar son Dé," arsa'n cneámhaire, "agus cuir uaim
é."
"Cuir chugam a' t-asal agus a' t-éadach buird a ghoid
tú ó mó bheirt dearbhráthar," arsa mac a' táilliúra,
"nó ní leigfe sé sin duit go bráthach nó go bhfága sé
críochnuighthe thú."
"Ó, foighid go fóill nó go bhfagha mé dhuit iad."
D'éist a' maide ansin leis nó go dtug sé chuige an t-asal
agus an t-éadach. Nuair a bhíodar aige, as go bráthach
abhaile leis go dtí n'athair. Chaith sé chuig a' mbeirt
dearbhráthar, an t-asal agus an t-éadach buird. "Bhain
mise iad sin den chneámhaire," adeir sé, "a ghoid uaibhse
iad."
Chuaidh siad a' blaodhach ar na daoine muinntreacha
uilig. Tháinigeadar agus thugadar neart le n' ithe agus
Le n'ól i dtosach dóibh agus a ndóithin mhór óir ón asal
annsin.
"Céard a bhí agad féin," arsa an t-athair.
"Ó, cébi céard a bhí agam-sa," ars' an mac, "ní
bheadh tada agaibh marach mé. Bhí an mála seo agus a'
maide seo thíos ann. agus is leis a bhain mé a' t-asal agus
an t-éadach buird den chneámhaire a rabhadar goidthe aige
agus dhá mbeadh míle duine a troid liom tá sé i ndon
iad uilig a smachtú."
MAC BANRÍOGHAN NA BRUIGHNE.
Bhí bean 'na comhnuidhe chois locha i dteachaín bheag léi
féin. Duine ar bith bhíos leis féin bíonn uaigneas air.
Bhíodh uaigneas ar an mbean seo mar bhíodh sí ag
aireachtáil rud eicín a tigheacht go dtí í agus ní raibh
fhios aici céard é é. Ach d'innis sí dhá comharsannaí é,
agus thug bean ghlic eicín comhairle dhi sgian choise duibhe
a fhághail agus dá n-airigheadh sí aríst é ná dhá bhfeiceadh
sí é é sháthadh. Bhí go maith. Fuair sí sgían choise
duibhe, agus an chéad oidhche eile a bhfaca sí an feithideach
dhéanamh blas gur sháit sí é. Agus cé bheadh ann ach mac
banríoghan na bruighne. Tháinig a mhathair ansin dhá
chaoineadh.
"Ná raibh an t-ádh," arsa sise, "ar an láimh a
mharbhuigh an duine ná ar an gcroidhe a smaoinigh di é."
Beanín bheag agus bhí sí cliste
Agus thug sí air sáthadh de sgínín leathan na coise duibhe.
A mhic rí Laighean agus rí Shligigh
Agus a dhearbhráthair an ógánaigh as a' Tuircéis
Chuir mé an cúpla údan na choinne
An t'iairnín aimhréidh agus an lasair nimhe,
Agus nuair nach dtáinig sé leóbhtha sin
Chuir mé mo laé geal féin na choinne.
NA TRÍ RIBE ÓIR.
Bhí lánamhain bhocht ann fadó, fear agus bean, agus
bhíodar an-bhocht. Is ar éigin a bhíodar i ndon maireachtála
le méid a mboichteanacht ach gur frusda a leithide
fhághail anois agus an uair sin. Bhí aon pháiste amháin
mic acu, agus bhí sé sa targair (tarngaire) nuair a
thiocfadh sé i n-aois a cheithre mbliadhna déag go
bpósfadh sé inghean rí na hÉireann.
B'íonghantach an sgéal é sin, agus bhí an sgéal ag
imeacht ó bhéal go béal agus ó dhuine go duine nó go
gcuala an rí féin é. Nuair a chuala an rí é, b'olc a gabhathas
aige é. Bhí sé le buile chumhthaigh, le fearg agus le olc.
Céard a bhéarfadh go mbeadh mac duine bhoicht pósta ag
a inghin. Ní fhulaingeochadh sé leis. Séard a cheap sé
gan stopadh ná mór-chomhnuidhe choidhche nó go dtéidheadh
sé san áit a raibh an páiste nó go gcuireadh sé chun
báis é. Bhailigh sé leis agus thug sé leis slám mór
airgid le go gceannóchadh sé an páiste ó n-a mhuintir.
Tháinig sé go dtí iad agus d'iarr sé an páiste orthú
ach ní rabhadar sásta é a leigean leis.
"Má thugann sibh dhom é," arsa an rí, "tóigfe mé
as an mboichteanacht sibh. Tóigfe mé an páiste go maith.
Tiubhra mé riar agus cothú ar foghnamh dhó agus pósfar
le m'inghin féin é."
Bhí an rí mar sin leis a' lánamhain bhocht a' gabháil go
bog agus go cruaidh orthu nó gur sgaoileadar leis a'
páiste. Nuair a bhí an páiste aige fá n-a lámha, chuir
sé i mbosga mór, fada, fairsing é a bhí aige le haghaidh
na hócáide. Chuir sé beagán agus ní mórán aráin leis
insa mbosga. Sgaoil sé amach ar an bhfairrge é, cead
aige bheit aige imeacht le sruth agus le mór-fhairrge sa
chuile cheárd a ruaigfeadh an ghaoth é. D'imigh an rí abhaile
annsin lán tsásta.
Ach ní mar ba toil leisean ba toil le Dia. Is gearr
an t-achar gur ruaigeadh an bosga isteach i dtír. Tháinig
an bosga isteach i dtír i mbéal abhann. Ar an abhainn
bhí muileann. Bhí triúr muilleoirí sa muileann ag obair.
Chonaic siad a' bosga a' tigheacht i dtír. Chuaidh siad síos
go dtí é, agus nuair a bhain siad a' clár den bhosga
níorbh iongantaighe leóbhtha an saoghal ná an páiste fheiceál
ann istigh. Thug siad leobhtha abhaile é agus bhíodar an-
cheanamhail air. Bhíodar a' tabhairt bidh agus beatha agus
éadach dhó. Ba leis an rí na muilleóirí agus theagadh
sé ar cuairt go minic chucu a' féachaint ce'n chaoi a
mbíodh siad a' déanamh.
Casadh thart an babhta seo an rí agus chomh luath agus
tháinig sé, d'aithin sé ar a' bpointe gurb é an buachaill
beag a bhí i n-éindigh leis na muilleóirí an páiste
céadna a shíl sé a bhí curtha chun báis aige. Thosaigh sé
a' ceistniú na muilleóirí cé bhfuair siad é. Nuair a
d'innsigheadar dhó, bí sé sásta ach cheap sé seift eile
le é chur chun báis.
"Is fadó d'fhág mé an baile," arsa an rí, "agus
bu mhaith liom leitir a sgríobh chuig mo bhean agus chuig
m'inghin agus bu mhaith liom dhá dtugadh an buachaill beag
seo chucu í. Sgríobh an rí an leitir agus mar bud é an
buachaill óg seo a bhí sé le cunr leis an leitir d'orduigh
sé dhá bhean "chomh luath agus rachas an buachaill seo go
dtí sibh marbhuigidh é, agus bíodh a chroidhe agus a
sgamhógaí agaibh rómham nuair a rachas mé abhaile."
Nuair a bhí an leitir sgríobhtha ag an rí dhúin sé suas
í agus thug sé don bhuachaill óg í, agus dubhairt sé leis
gan comhnuidhe go bráthach nó go dtugadh sé dhá bhean í.
D'imigh leis an mbuachaill óg agus bhí sé ag imeacht agus
a' síor-imeacht ar feadh an laé gan teach ná bothán a chastáil
dó ar an mbealach. Nuair a bhí sé 'na thrathnóna, casadh
isteach i dteach é a bhí i gcolbh coille. Ní raibh aon
nduine ann roimhe ach sean-bhean. Bhí an buachaill óg
trom, tuirseach de bhárr siubhail an laé i riocht agus gur
shín sé siar i gclúid a' teallaigh.
"Ó, a mhic ó," arsa an tsean-bhean, "níl aon ghnotha
agad a' fanacht anseo chor ar bith. Robálaigh a bhíos a'
tigheacht agus ag imeacht sa teach seo. Bíonn siad a'
goid agus a' robáil agus a' marbhú chuile dhuine dhá
gcastar orthu."
"Ó, muise," arsa an buachaill óg, "dhá marbhuighthe
ar áit na mbonn mé níl mé i ndon a dhul níos fuide le
lagar agus le ocras agus le tuirse."
Ghlac a' tsean-bhean truaigh dhó agus thug sí rud le
n-ithe chuige. Nuair a bhí sé ithte aige, thuit sé ina
chodhladh. Ba gearr a' t-achar go dtáinig dhá dhuine dhéag
robálaigh. Nuair a chonaic siad an buachaill óg seo,
d'fhiafruigheadar den tsean-bhean cé as a dtáinig sé.
Dubhairt sí nach raibh fhios aici cé as é, ach nach raibh aon
mhaith dhi bheith ag iarraidh é chur amach gur fhan sé istigh
dhá buidheachas agus gur thuit sé ina chodhladh.
Thóruigheadar é a' féachaint a mbeadh airgead aige
ach sí an leitir a fuair siad. D'osgluigheadar an leitir
agus léigh siad í. "Muise, go bhféacha Dia orainn,"
arsa siad-san le chéile, "nach suarach an aistir a bhfuil
sé 'gabháil ann." Thosaigh siad a' breathnú ar an
mbuachaill óg agus é ina chodhladh. "B'fhearr dhúinn leitir
eile a' sgríobh dhó," arsa na robálaigh. Sgríobh siad
leitir eile ón rí má b'fhíor dóibh féin, agus séard a chuir
siad sa leitir: "Chomh luath agus shroichfeas an fear
óg seo sibh pósaidh le m'inghin é. Bíodh banais ar
foghnamh agaibh agus ná bígidh a' fanacht liomsa." Dhúin
na robálaigh an leitir agus chuir siad i bpóca an
bhuachaill óig í, agus ní rabh fhios aige tada nó gur dhúisigh
sé lá'r n-a mhárach.
Bhí na robálaigh imighthe, agus ní fhaca sé chor ar bith
iad. Bhailigh sé féinm leis aríst ar a aistir féin, agus
shroich sé tigh an rí an lá seo. Thug sé an leitir don
bhanríoghain, agus nuair a léigh sí í, bhí ionghantas an
domhain uirthí. Ach ní raibh ann níos mó. Pósadh an
fear óg le inghin a' rí. Caitheadh banais ar fóghnamh
leobhtha agus bhí an targair teagtha isteach fíor annsin.
Nuair a tháinig an rí abhaile, agus fuair sé an fear óg
pósta le n'inghin, bhí sé as a chéill ar fad. "Ar ndóigh,"
adeir sé, "ní hé sin a d'orduigh mise dhíbh in mo leitir."
Thug an bhanríoghan chuige an leitir agus léigh sé í. Annsin
a bhí fhios aige gur himrigheadh beart air. Ach nuair nach
raibh aon leigheas aige air, tharraing sé paca cártaí
chuige féin.
"Teanam ag imirt, a chliamhain," arsa 'n rí. Chuaidh
sé féin agus fear na hinghine ag imirt. Bhuaidh an rí
chuile chluiche.
"Tabhair do gheasa," arsa an fear óg leis a' rí.
"Cuirim fá gheasa thú agus fá mhór-dhiomadh na
bliadhna a dhul don domhan theas agus trí ribe óir a
thabhairt chugam as féasóig an fhathaigh atá sa domhan theas
nach dtáinig aon nduine ariamh uaidh dhá ndeachaidh go
dtí é."
Nuair a fuair an inghean amach go raibh an fear óg fá
gheasa, bhí a croidhe briste. D'imigh leis an bhfear óg
agus ní rabh fhios aige cé bhfuigheadh sé an domhan theas
ach a aghaidh thabhairt ó dheas. Bhí sé ag imeacht ar feadh
trí oidhche agus trí lá, gan duine ná deóraidh a chastáil
air go dtí ar uair an mheadhoinm laé an tríomhadh lá choinic
sé fear a' tigheacht ar dhruim capaill agus é a' caoineadh
agus a' sgreadach agus ag uallfairt. Nuair a tháinig
an fear óg suas leis an bhfear a bhí ar an gcapall,
d'fhiafruigh sé dhe cé'n fáth é bheith a' caoineadh agus a'
sgreadach ar an nós sin.
"Tá mo dhóthain úghdair chaointe agam," ars' eisean,
"má fheiceann tú na gleannta sin tá thart timcheall
ort tirm gan deóir uisge. Roimhe seo, lochannaí uisge
a bhí san áit seo, ach anois, níl deóir uisge sa ríoghacht
ach na daoine agus na beithigh a' fághail bháis leis an
tart."
Bhí cúpla buidéal uisge ag an bhfear a bhí ar dhruim
a' chapaill a bhí sé thréis a thabhairt achar fada. D'innis
an fear óg dhó cé raibh sé féin a' gabháil.
"Is iomdha duine a chuaidh san áit sin cheana," arsa
an fear a bhí an dhruim an chapall, "ach ní fhaca mé aon
nduine ariamh acu a' tigheacht ar ais, ach má fhilleann tú
choidhche b'fhéidir go mbeadh tuairisg agad cé 'n fáth an
ríoghacht seo a bheith tirm gan deoir uisge."
Gheall an fear óg dhó go mbeadh, dhá mb'fhéidir é.
D'imigh an fear óg leis 'na bhealach. Is gearr go
dtáinig sé i n-áit a raibh go leór coillte ach ní raibh
bláth ná duilleabhar orthu ach iad críonta fré chéile.
Nuair a bhreathnuigh sé thairis, chonaic sé fear óg 'na
shuidhe fá bhun chrainn agus a lámh fá n-a leiceann aige.
Chuaidh an fear óg 'un cainte leis agus d'fhiafruigh dhe
cé 'n fáth a bhuadhartha.
"'Bhfeiceann tú na coillte sin uilig thart thimcheall ort,"
arsa 'n fear, "roimhe seo bhíodh úbhlaí óir a' fás orthu,
ach anois tá siad gan aon ubhla. Ba liomsa iad uilig
agus nach mór an t-ádhbhar buadhartha dhom a bheith a'
breathnú orthu anois."
"Tá mise a' gabháil don domhan theas," arsan fear
óg, "go dtí fathach nach bhfuil aon tsúil agam le thigheacht
uaidh choidhche, agus níl mé leath chomh buadhartha leat."
"Má fhilleann tú choidhche," arsa fear na n-ubhall,
"b'fhéidir go mbeadh tuairisg agad céard atá a' baint
le mo chuid coillte le go bhfuil siad críonta mar atá
siad."
Gheall an fear óg dhó go mbeadh dá mb'fhéidir é. Bhí
an fear óg a' siubhal leis i gcomhnuidhe ag iarraidh bheith
a' giorrú an bhealaigh don domhan theas. Is gearr go
dtáinig sé ar bhruach abhann. Bhí fear roimhe agus budh
é a cheird a bheith a' cur chuile dhuine treasna na habhann.
Chuir sé an fear óg treasna. Nuair a chuir, d'innis sé
dhó cá raibh sé a' gabháil .i. ag iarraidh trí ribe óir ar
an bhfathach a bhí sa domhan theas.
"Is fada mise anseo," arsa fear na habhann, "agus tá
sé cinnte orm an áit a fhágáil, ach a' cur daoine anonn
agus anall treasna na habhann sin i gcomhnuidhe. Má
thagann tú ar ais choidhche b'fhéidir go mbeadh fhios agad
cé an fáth atá leis ach is mór a chuaidh an bealach cheana
agus ní fhaca mé aon duine ariamh a' tigheacht ar ais."
D'imigh an fear óg leis annsin agus sé an chéad áit eile
ar casadh é tigh an fhathaigh. Tráthamhail go leór, ní raibh
an fathach ag baile roimhe. Ní raibh ann ach bean óg, agus
nuair a d'innis sé dhi cé raibh sé a' tigheacht agus a
liachtaí trioblóid a d'fhulaing sé a' tigheacht ghlac sí
truagh mhór dhó.
"An rí a chuir fá gheasa mé," adeir sé, "trí ribe
óir a thabhairt chuige as feasóig an fhathaigh atá 'na
chomhnuidhe annseo."
"Ná bíodh faitíos ort," adeir an bhean óg,
"déanfa mise mo dhíthcheall dhuit." D'innis an fear
óg di fá'n ríoghacht nach raibh aon deoir uisge ann ag
duine ná ag beithidheach, agus fá na coillte a mbíodh na
húbhlaí óir orthú a bhí críonta anois, agus fá'n bhfear a
bhí ag an abhainn.
"Ná bíodh faitíos ort," arsan bhean óg, "beidh fhios
againn ar ball cé'n chiall atá leis na neithe sin uilig.
Caithfe mé siongán a dhéanamh dhíot, mar dhá mbeitheá
roimh an bhfathach ní fhágfadh sé saoghal nóiméid agad."
Rinne sí siongán den fhear óg agus chuir sí in a
brollach é. Is gearr go dtáinig an fathach, agus bhí an
talamh ar creathadh faoi. Tháinig sé isteach agus leag
an bhean óg a bhéilí chuige. Nuair a bhí sé ithte aige,
dubhairt sé go mbu mhaith leis sgathamh a chodhladh. Leag
sé a cheann ina hucht, agus ba gearr go raibh sé ina
chodhladh. Nuair a fuair sí ina chodhladh go trom é,
tharraing sí ribe as a fhéasóig. D'éirigh sé de léim.
"Aru, cé'n deamhan ná diabhal atá ort," ars'
eisean
"Ó, muise, níl fhios agam, a' brionglóidigh eicín a
bhí mé."
"Céard atá in do bhrionglóide," arsa an fathach.
"A leithide seo de ríoghacht," arsa an bhean óg, "atá
tirim gan aon deoir uisge agus tá na daoine agus na
beithigh mar a chéile a' fághail bháis le tart."
"Tá do bhrionglóide fíor," arsa an fathach, "agus
go deó nó go marbhuighthear losgán atá sa ríoghacht sin,
ní bheidh aon deoir uisge ansin. Is é atá a' coinneál an
uisge as na lochannaí, agus dhá marbhuighthe é bheadh neart
uisge insa ríoghacht aríst mar bhí cheana."
Thuit an fathach ina chodhladh aríst ina hucht agus tharraing
sí ribe eile. D'éirigh an fathach fiadháin agus d'fhiafruigh
sé dhi go feargach céard a bhí uirthí chor ar bith.
"Ó, a' brionglóidigh a bhí mé." adeir sí, "ar fhear
bocht a bhfuil an oiread seo coillte aige agus bhíodh
ubhlaí óir a' fás orthu roimhe seo agus níl tada a'fás anois
orthú ach iad críon gan bláth ná duilleabhar."
"Tá do bhrionglóide fíor anois freisin," arsa'n
fathach, "agus dhá marbhuighthe luch atá fá bhun na
gcoillte sin, bheadh na hubhlaí ar a' gcoill mar bhí cheana."
Thuit an fathach ina chodhladh an tríomhadh babhta. Nuair
a fuair an bhean óg ina chodhladh é tharraing sí an
tríomhadh ribe. D'éirigh an fathach le cumhthach agus
d'fhiafruigh sé dhi céard a bhí uirthí.
"Go deimhin," adeir sí, "níl mé a' fághail furas
ná suaimhneas ar bith indiú, ach a' brionglóidigh."
"Céard a bhí in do bhrionglóide an turas seo," arsa
an fathach.
"Bhí mé brionglóidigh," adeir sí, "go bhfuil fear
ina leitheide seo d'áit, agus gurb é a cheird a bheith a'
cur daoine anonn agus anall treasna abhann agus tá
sé cinnte ar an áit fhágáil."
"Tá do bhrionglóide fíor," arsa an fathach, "dhá
dtugadh an fear sin a' tslat as a láimh d'fhear eicín
eile d'fhéadfadh sé féin imeacht agus chaithfeadh an fear
eile fanacht in' áit."
Nuair a bhí an méid sin innsighthe ag an bhfathach don
bhean óg d'imigh sé féin.
Nuair a d'imigh, thóg sí an siongán amach as a brollach.
Rinne sí fear aríst dhe. Thug sí dhó na trí ribe óir a
bhain sí as féasóig an fhathaigh. Ghlac sé an-bhuidheachas
léithi as' fheabhas is chruthuigh sí dhó, agus as ucht chomh
stuama is chuaidh sí don fhathach le tuairisg fhághail uaidh
ar chuile shórt. Bhailigh sé leis annsin agus chuaidh go
dtí fear na habhann. Chuir sé na mílte fáilte roimhe.
"Tá chuile shúil agam go ndearna tú gnotha," arsa
seisean, "nó a bhfuil aon tuairisg agad cé'n fáth nach
bhféadfainn imeacht as seo."
"Cuir treasna na habhann i dtosach mé," arsa'n
fear óg. Chuir sé treasna é. "Anois, a' chéad fhear
a thiocfas a' bealach aríst," arsa'n fear óg, "tabhair an
tslat as do láimh dhó."
Tháinig an fear óg annsin go dtí fear na n-ubhall.
Thasbáin sé sin dó go raibh áthas mór air as ucht é
fheiceál a' tigheacht slán aríst. Chuaidh siad a' cuartú
agus fuair siad an luch fá bhun an chrainn. Mharbhuigheadar
í. Ní túisge bhí sí marbh ná bhí na coillte a' cur thar maol
le ubhlaí buidhe óir. Ní rabh fhios ag fear na n-uball
céard ab fhearr dhó dhéanamh le áthas agus le buidheachas
air. Líon sé trí nó ceathair de mhálaí dhó de na húbhlaí-
Chuir sé suas ar dhruim capaill dó iad. Chuaidh sé píosa
maith den bhealach leis nó go dtáinig siad go dtí an
ríoghacht a bhí tirim gan aon uisge.
Bhí an fear a casadh dhó roimhe sin roimhe a' féachaint
a' raibh aon sgéal maith aige dhó. Chuaidh siad a'
tóruigheacht agus fuair siad an losgán. Mharbhuigheadar
é agus ní túisge bhí sé marbh ná bhí na lochannaí a' cur
thar maol le uisge. Ghlac sé sin é féin mór-chuid
buidheachais leis an bhfear óg. Thug sé dhá mhála óir dhó
mar luach-saothair.
D'fhág an fear óg slán aige agus bhí sé ag imeacht
agus a' síor-imeacht ariamh go dtáinig sé abhaile go dtí
an bhean óg, inghean an rí. Ní raibh mórán áthais ar an rí
as ucht é thigheacht ach nuair a chonaic sé an méid óir a bhí
aige chuir sé beagán air. "Aru," deir sé, "cá
bhfuil ór chomh fairsing agus gur fhéad tú an méid sin
a thabhairt leat dhé?
Thug sé thuairisg don rí go bhfuigheadh sé féin a sheacht
n-oiread óir dhá dtéidheadh sé dá iarraidh. "Bí ag
imeacht go deó," adeir sé, "nó go gcastar fear leat atá
ar bhruach abhann. Iarr a' tslat atá ina láimh ar an
bhfear agus déanfa tú gnotha."
Bhí an rí chomh sanntach ag an ór agus gur bhailigh sé
leis. Bhí sé ag imeacht agus a' síor-imeacht nó go
dtáinig sé san áit a rabh an fear ar an abhainn. D'iarr
sé an tslat air. Bhí deifir mhór air sin a' tabhairt na
slaite dhó, mar d'fhéad sé féin imeacht agus b'éigin don
rí fanacht in' ait. Thá sé ann go fóill mara dtáinig
aon amadán a leigfeadh as é. Uaidh sin amach, mhair an
fear óg fá shógh agus fá shonas é féin agus a bhean gan
aon ní le buaidhreadh ná mairg a chur air uaidh sin amach.
Críoch.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11