Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad IV
Title
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad IV
Author(s)
Ua Ghallchobhair, Séamus,
Compiler/Editor
Breathnach, Pól, An tAthair
Composition Date
1911
Publisher
Muintir Ghoill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Chum an Léaghthóra. SÉAMUS UA GALLCHOBHAIR, dochtúir diadhachta, easbog Rátha Bhoth, do sgríobh na seanmóire atá isan leabhar so Ní heól dúinn mórán de dhálaibh a shaoghail. Ag so in ár ndiaidh beagán fuaramar i leabhar do sgríobh Uileóg de Búrca .i. an canónach, ar a bheathaidh: 1681. — Rugadh é isan mbliadhain seo. Is dócha gorab i dTír Chonaill, láimh le hEas Ruaidh, tárla a bhreith. Dochuaidh sé go Paris, agus dá éis sin gus an Róimh do dhéanamh léighinn agus foghluma, acht ní fios cathuin do- chuaidh. 1704. — Isan mbliadhain seo dorinneadh áireamh ar a raibh i nÉirinn de shagartaibh le Sasanachaibh, agus ó ná fuil ainm Shéamuis uí Ghallchobhair ar an áireamh sin is é tuigthear as ná raibh sé in a shagart i nÉirinn an tráth sin. 1725. — Dorinneadh easpog Rátha Bhoth de isan mbliadh- ain seo i nDroichead Átha. Ba é árd-easpog Árdmacha tug grádh easpoig air agus Brian Mac Mathghamhna .i. decanus agus uicarius apostolicus Clochair, agus Uilliam ua Raghallaigh .i. archdiaconus Árdmacha, tug congnamh dó ag a thabhairt sin air. 1737. — Isan mbliadhain seo dorinneadh easpog ar easpogóideacht Cille Dara de. 1751. — Séamas ua Gallchobhair, easpog Cille Dara, dfhágháil bháis an bhliadhain seo. Do hadhnaiceadh i nAlmhain é, áit i bhfuil a uaigh gus indiu. Cuirfeam síos annso tuairisg ar a leabhar agus ar na bliadhnaibh in ar cuireadh i gcló é. Is é Séamas Ua Casaide atá in a chomhnuidhe i mBaileáthacliath do chuir an tuairisg le chéile:-
An Clódóir, agus c. Fear-Eagair. Cuma. Meud. Leabharlann ina bhfuil an leabhar. †Níor bhféidir linn an leabhar so d'fhagháil lá dá rabhamar ag a thóiridheacht. ‡Séamus Ua Casaide. §Atá tiontódh go Béarla ar na seanmóiribh isan leabhar sin.
Ón chéad lá do clóbhuaileadh an leabhar gus an mbliadhain 1877 níor clóbhuaileadh in aon áit é acht i mBaileáthacliath. Ba iad na gnáithlitre Rómhánacha do cuireadh ann gach aon uair do cuireadh cló air acht nuair do chuir Uileóg de Búrca cló air i dTuaim dá Gualainn isan mbliadhain 1877 do chuir sé litre ann ná raibh a leithéid i nÉirinn riamh ná ó shoin, mar atá d g m p agus an chuid eile díobh mar sin. Níor chuir Seósamh Ua Gallchobhair sagart i gcló acht dá sheanmóir isan mbliadhain 1900, agus ba é an tseinlitir Ghaedhealach do chuir sé in a leabhar.* Is ceart go gcuirfidhe síos annso an tiodal agus an tuarasgbháil do bhí ar an chéad leathanach den leabhar gach aon uair tárla athrughadh crotha air. Ag so in ar ndiaidh é amhail fuaramar é ón Séamas ua Casaide céadna do luaidheamar rómhainn: *Do gheóbhthar dá sheanmóir do sgríobh an Dochtúir Ua Gallchobhair i measg na seanmóir atá i Seanmóiri Mhaighe Nuadhad, ceann aca ag leathanach 172 in imleabhar a haon (1906), agus an ceann eile ag leathanach 151 in imleabhar a trí (1908). Dogheóbhthar i ndeireadh an leabhair seo cunntas ar gach athrughadh dár cuireamar ar fhoclaibh i gcorp na seanmóir. Dogheóbhthar fós ann áireamh ar na foclaibh ná fuil le fagháil i bhfoclóir Chumainn na Sgríbheann nGaedhilge. Is cneasta dhúinn ar mbuidheachas do ghabháil le Mícheál ua Híceadha sagart agus dochtúir diadhachta, tug roinn leabhar dúinn ar iasacht ionnus go mb'fhusa-de do chuir- fimís an leabhar so le céile, agus le Séamas ua Casaide, tug leabhair agus congnamh dúinn agus iad go géar in easnamh orainn. Do chabhruigh Roland Flower atá isan British Museum i Lonndain linn agus is ceart a bhuidheachas sin do bheith againn agus do luadh annso. Ní dhéanfaimíd dearmad ar Bhrian mac Éatain, sagart, ná ar Phádraig ua Conghaile, sagart, ba chinn chómhairle ar chuallacht Choluim Cille i gcoláiste Phádraig i Maigh Nuadhat, mar ba foighdeach linn iad cia gur bh'fhada do bhíomar ag cóiriughadh na seanmóir. Atá ar mbuidheachas tuillte go maith ag an Maynooth Union tug cabhair anmhór dúinn chum cló do chur ar an leabhar so. PÓL BREATHNACH Isan Muileann Cearr dúinn, I nIarthar Midhe,
SEANMÓIRÍ MUIGHE NUADHAD. An Chéad Seanmóir. AR TÓGÁIL NA MAIGHDINE MUIRE. "Guidh orainn na peacaigh anois agus ar uair ár mbáis" (Briathra an Spioraid Naoimh le béal na hEaglaise Catoilice agus do-ghní roinn den Abhe Maria). AS AN ghearr-urnuighe seo do-ghní an Eaglais Chatoilice is iontuigse dhíbh caidé méad an dóchus atá aici i n-eadarghuidhe na Maighdine Muire. Chomh fada agus bhíos an duine i ngleann na ndeór ar an tsaoghal so bídh an cholainn dá tharraing chum na bpeacadh, bídh an saoghal dá mhealladh, bídh luigheachán laetheamhail ag Lucifer agus ag slóightibh ifrinn 'n-a thimchioll, bídh an uile riachtanas agus easbhaidh air de thaobh anma agus cuirp. Ní thig le duine ar bith le n-a mheisnigh féin an claon agus an t-aingheall bhíos ag an gcolainn daonda don tsaoghal do mháighistireacht; ní fhuil comhachta ar talamh bhéarfadh buaidh ar chathuighthibh an diabhail gan grása Dé. Cad eile, a Chríostaidhe, caidé mar gheabham na grása so atá chomh riachtanach so againn chum leas ár n-anama do dhéanamh? Ní fiú sinn féin, i nach bhfuil ní ar bith ó nádúir acht olc agus ainmhian,
bhíos go laetheamhail ag briseadh aitheanta Dé agus a dhlighidh, atá foluighthe ó cheann go cois le lubhra an pheacaidh, dul ag iarraidh na ngrása so ar an té ar a mbímid ag cur feirge go laetheamhail. Ó, cad eile, cia ar a n-iarrfam é, mar sin? Cia an caraid nó an duine muinteardha ar a dtabharfam aghaidh ó rinneamar námhaid dár gcaraid ionmhuin Críost? Atá, a cháirde, ar an Mhaighdin Muire. Is ar a láimh atá an díoghaltas thuill ár bpeacaidh thiontódh uainn. Is tríd lámhaibh Mhuire thig gach cabhair agus congnamh ó Dhia chugainn. Is í an tsruthán í as a dtig uisge thobar na ngrása 'n-a thuile chugainn. Is dá dhruim seo órduigheas an Eagluis dúinn an urnaighe úd do rádh go minic, "Guidh orainn na peacaigh, agus rl." Léighmid i Leabhar na Ríghthe go ndeachaidh an bhainrioghan Betsabee d'iarraidh athchuinge ar a mac Solamh mac Dáibhidh. Nuair do chualaidh an rí í bheith ag teacht, chuaidh 'n-a hairicis go luathgháireach, rinne umhlughadh agus onóir di agus chuir ar a dheas-láimh 'n-a chathaoir ríoghdha í, dubhairt léi gach ní theastóchadh uaithe 'iarraidh go dána agus nach ndiúltfadh féin aon ní uirthe d'iarr- fadh sí. Mar an gcéadna, tar éis Muire Baintighearna do chaitheamh a téarma ar an tsaoghal so agus gur mian le n-a hAon-Mhac a breith chuige féin go parrthas tháinig 'n-a hairicis agus slóighte pharrthais i n-éinfheacht leis, d'árduigh í idir chorp agus anam go flaitheamhnas, chuir Críost ar a dheas-láimh 'n-a suidhe í, thug dí an uile chumhacht ar neamh agus ar talamh faoi féin, gheall di nach bhfuil athchuinge ar bith d'iarrfadh nach bhfuigheadh. Is ar an árdughadh iongantach rinneadh ar Mhuire go parrthas, agus na mór-ghrása dhoirteas anuas orainn is mian liom trácht indiu tar éis mo chomhrádh 'roinn 'n-a dhá phoinnte. Hárduigheadh Muire go parrthas ar modh iongantach éagsamhail, sin an chéad phoinnte;
bídh sí 'n-a hadhbhacóid agus 'n-a mnaoi impidhe idir sinne agus a hAon-Mhac, sin an dara poinnte. An chéad phoinnte. Nuair thig bainríoghan ar bith go nua chum ríoghachta nó chum cathrach bídh spéis agus dúil ag an uile dhuine a faicsin, théid an t-uasal agus an t-íseal, an lag agus an láidir, an bocht agus an saidhbhir 'n-a hairicis agus dá fáiltiughadh; ní bhíonn ní ar bith le faicsin acht féastaí dá gcaitheamh, fíonta dá ndortadh, gunnaí móra dá scaoileadh, cruit agus orgáin dá seinm, seoda mór-luaigh dá bpronnadh don bhain- phrionnsa so, i n-aon fhocal, an uile shórt solamain agus subhailce ghníthear le linn prionnsa nó bain- phrionnsa theacht ag glacadh seilbhe ar an gcoróin. So an ní ghníthear, adeirim, leis na prionnsaíbh talmhaidhe, acht ní fiú áireamh nó innsin aon ní dá mhéad is féidir do dhéanamh ar talamh i bhfarradh na solmainne agus an tsubhailce taisbeánadh i bparrthas le linn bainrioghan fhlaitheamhnais dhul ag glacadh seilbhe ar choróin na glóire. Tánaig na naoi n-óird ainglidhe 'n-a hairicis agus iad ag seinnm amhrán binn agus cantic molta. Thánaig, mar an gcéadna, na fáidhe, na patriarca, agus na na heasbail, naoimh agus ban-naoimh parrthais go hiom- lán; bhí parrthas go huile ar aon choimh-sheinnm ceólta, fáilte, agus molta roimh an bhainríoghain Muire. Ba leór a mhéad so, dar leat, a chríostaidhe, d'onóir do dhéanamh fa chomhair créatúir ar bith ó Dhia anuas, acht níor mhór le Críost ní ba mhó ná so do dhéanamh dá mháthair; chuaidh sé féin 'n-a hairicis, coróin na glóire ar a cheann, gaethe agus deallramh na glóire 'n-a ghnúis; ghlac a mháthair go soilbhir subhailceach; thug leis ar láimh í i bhfiadhnaise an Athar shíorraidhe, agus adubhairt leis: "So a Athair, an bhean do thogh tusa ón tsíorraidheacht chum a beith 'n-a máthair agamsa, so an bhean rinne ariamh do thoil agus nachar chlaon ariamh do dhligheadh do
bhriseadh, so an bhean bhí 'n-a sompla agus 'n-a patrún ionnracais agus cneastachta ag fearaibh agus mnáibh an domhain. De bhrígh, ar an t-Athair síorruidhe, a Mhuire, go ndearna tú mo thoil-se ar an tsaoghal, agus nachar thrualligh tú ariamh do choinsias le brúdar ar bith peacaidh, bheirim dhuit mar phronntanas agus mar luach saothair bheith rannpháirteach in mo chomhacht. Maiseadh, bheirim-se dhuit, ar an Mac, bheith do mháighistreas ar mo thrócaire. Bheirim-se dhuit, mar an gcéadna, ar an Spiorad Naomh, bheith rannpháirteach in mo chríonnacht agus in mo mhaitheas; órduighmid dhuit ó indiu amach bheith 'do bhainríoghain ós cionn na n-aingeal agus na n-arch- aingeal, ós cionn naomh agus ban-naomh pharrthais go hiomlán. Ó, a Mhuire, a Bhainríoghain na cruinne, is mór an céim seo agus an onóir fuair tú ós cionn naomh an domhain, acht ní fhuarais ní nachar bhfiú thú. Molaim thú ó mo chroidhe agus ó mo thoil. Is deimhin gur fíor an ní adubhairt Elisabeth, máthair Eoin Baiste, leat gur beannuighthe thú thar na mnáibh (Luc. i. 42). Ní hiongnadh liom, a cháirde, go mb'fhéidir le anam ghlórmhar Mhuire í féin d'árdughadh i móimeint ón dtalamh go neamh, de bhrígh gur féidir le gach spiorad, olc agus maith, dhul i ngearr-aimsir ó réagún go réagún agus ó chearn an domhain gonuige an cearn eile; acht is iongnadh liom caidé mar b'fhéidir leis an gcorpán cré bhí timcheall na hanma so dhul suas an bealach cumhang cruaidh úd thriallas go parrthas gan cuidiughadh gan gléas iomchair. Is feasach sibh nach árdughadh ghní an ní bhíos trom, acht ísliughadh agus tuitim chum talmhan. Cad eile, caidé an modh ar a ndeachaidh an cholann daonna úd Mhuire ón talamh go parrthas? Atá, a chríostaidhe, hiomchradh an corp glórmhar so i gcóiste ór-bhuidhe ornáilte le clochaibh uaisle agus le péarlaíbh mór-chostasacha. Acht caidé an
t-adhmad mheasas sibh dá ndearnadh an cóiste seo? Nó cad iad na heachraidh bhí dá tharraing? Atá, a chríostaidhe, deagh-oibreacha agus deigh-ghníomhartha Mhuire. Seo féin an t-adhmad dá ndearnadh an cóiste úd, seo na péarlaí, seo na clocha uaisle chuir maise agus áille ar an gcóiste úd; seo an gléas iomchair, seo na sgiatháin árduigheas gach naomh go geata parrthais. Ar an taobh eile, gach duine malluighthe nach ndéan lón nó stór de na deigh-ghníomhar- thaibh ar an tsaoghal so, i n-áit árdughadh suas, is é thuiteas le trom-ualach a bpeacadh go fíor-íochtar ifrinn. Ní bhíonn 'athrughadh de chóiste aige acht cóiste teintidhe agus diabhail ifrinn dá tharraing (Sal. x. 7). Tuigidh sibh anois, a cháirde, caidé an sórt cóiste i n-ar hiomchradh corp glórmhar Mhuire, mar do bhí, a deagh-oib- reacha agus a deigh-ghníomhartha. Acht ní móide go dtuigeann sibh cad iad na heachraidh bhí dá tharraing. Is iad eachraidh bhí ag tarraing an chóiste úd na subhailce neamhdha bhí ag Muire; agus ar son go raibh na huile shóirt subhailce innte b'fhéidir bheith i gcréatúr daonna ar bith (ar módh go mb'fhéidir a rádh léi go raibh sí 'n-a stóir-chiste lán d'ion- racas, do ghlaine choinsiais agus de chrábhadh), gidheadh, bhí ceithre príomh-shubhailce aice i gcéim do-innse, mar do bhí, umhlacht, geanmnaidheacht, carthanacht agus foighid. Is urusa, dar leat, a chríostaidhe, Muire Bhaintighearna do mholadh, gidheadh, cibé dhearcfadh ar an gcás go grinn is ní é atá do-dhéanta dócamhlach. Má dhearcamuid ar Mhuire 'thaobh a colna, is urusa, gan amhras, a moladh de bhrígh nach bhfuil sgéimh, áille nó deise dá mb'fhéidir le colainn daonna ar bith bheith innti nach bhfuair sí ón Athair síorraidhe an uair do chruthuigh í agus do thogh í chum a beith 'n-a máthair ag a Mhac. Má dhearcamaid ar Mhuire 'thaobh a hanma, is deimhin go bhfuair sí oiread tiodhlacadh agus grása ó n-a hAon-Mhac ins an móimeint do ghlac sé colann daonna fá n-a broinn is b'fhéidir le créatúr ar
bith do ghlacadh nó a bheith aige. Atá mar sin, a chríostaidhe, na grása agus na tiodhlactha so fuair Muire 'thaobh anma agus cuirp chomh éagsamhail iomadamhail sin ar mhodh nach féidir le inntleacht daonna ar bith a dtuigsin, nó le teanga ar bith a luadh mar is cóir. Dá gcuirinn romham, a chríostaidhe, Muire baintighearna 'mholadh 'thaobh a humhlachta, gheobhaidh mé an iomad naomh agus ban-naomh do bhí umhal, d'úir-ísligh iad féin chomh mór sin ionnus go sílfeá nach raibh meas daoine aca ortha féin ar chor ar bith. Acht 'n-a dhiaidh seo agus uile níor bh'fhéidir leó thidheacht i ngaobhar umhlacht Mhuire. Lean an mháthair sompla a Mic d'úir-ísligh é féin chomh mór sin gur ghlac sé foirm sglábhaidhe ar an tsaoghal agus gur fhuiling sé bás sganna- lach na croiche. Nuair fuair sí ó bhéal an aingil gairm bainríoghna ar an domhan uile, is é dubhairt sí go húir-íseal umhal nach raibh innti acht sglábhaidhe nó bean fheadhma an Tighearna. Do lean Muire an príomh-léigheann úd theagasg- thar i sgoil Chríost, mar atá, an té le ar mian é féin d'árd- ughadh i bparrthas go gcaithfidh é féin d'úir-ísliughadh ar an tsaoghal so. D'úir-ísligh sise í féin chomh mór sin faoi chosaibh an tsaoghail, agus, dá dhruim seo, hárduigheadh í chum na háite is áirde faoi an Trionóid i bparrthas. Ó, a mhná uaibhreacha bródamhla an tsaoghail seo nach nglacann spíd nó tarcuisne ó neach dá maireann, le ar mian tús suidhe agus toiseach bealaigh i ngach cóisir agus in gach comh-chruinniughadh, is díreach ghlacas sibh bealach contrárdha do léigheann Chríost agus Mhuire, agus de bhrígh gur mian libh sibh féin d'árdughadh ós cionn an domhain, ísleóchthar sibh faoi chrúbaibh diabhail i n-ifreann. Cuir i gcás, a chríostaidhe, go molfainn Muire tríd a geanmnaidheacht agus a glaine choinsiais, gheóbhaidh mé ins an am gcéadna an iomad maighdean nár thruailligh riamh a gcolann le commasg fir ar bith; acht an bhfacas nó an gcualas ariamh bean ar bith bhí 'n-a máthair agus 'n-a
maighdin i n-aoinfheacht, mar do bhí Muire? Má mholaim Muire tríd a carthannacht caithfidh mé an iomad eile do mholadh ag a raibh grádh an-mhór ar Dhia. Léighmid ar an iomad thug cúl don tsaoghal, phronn a maoin arus a substaint ar bhochtaibh Dé agus sin uile mar gheall ar Dhia. Ó, ní raibh acht fuar-ghrádh i n-aon ní díobh so i bhfarradh an ghrádha éagsamhail do bhí ag Muire ar a Cruthuightheoir. Bhí a croidhe mar fhuirnéis ar lasadh le iomad grádha agus geana ar Chríost. Má dhearcaim ar an fhoighid do bhí ag Muire, chífidh mé mar an gcéadna an iomad mairtírí, mná agus fir, do céasadh agus do crochadh, do loscadh ar ghreidilibh, bruitheadh i gcoiríbh, do tarraingeadh idir eachraidh, d'fhulaing an uile shórt pian go foighideach fonn- mhar mar gheall ar Dhia. Ó, a chríostaidhe, sin agus a mhíle oiread dá bhfuileóngadh siad, ní raibh ann uile acht súgradh i bhfarradh na gcúig saighead nimhe chuaidh tríd chroidhe Mhuire, na gcúig dólás d'fhuiling sí seo 'n-a hAon-Mhac Críost. Ó, a bhainríoghan na n-aingeal, dá mbeith m'inntleacht-sa láidir nó tábhacht in mo bhriathraibh, le mb'fhéidir liom do shubhailce neamhdha chur síos mar is cóir, ní bheinn choidhche tuirseach de d' mholadh. Acht de bhrígh gur ní é sháruigheas mo lag-chéadfaidh, glacaim anois mo chead leat chum níos fuide 'ná solus beag do thabhairt don phobal ar na mór-ghrásaibh bheir tú gan chuimse do gach aon chuireas a dhóchas ionnat, ní ar ar gheall mé trácht ins an dara poinnte de mo chomhrádh. An dara poinnte. Nuair tháinig an prionnsa comhach- tach Constantín chum bheith i n' impire ar na Romhánachaibh, chuir fios gan mhoill ar a mháthair Helena, thug suas fa n-a comhachta gach saidhbhreas agus gach ionnmhas bhí 'n-a óir- chiste; thug cead dí gach ór agus gach airgead bhí ann do phronnadh do réir a tola. An áit a raibh impire talmhaidhe chomh muirneach onórach so fá chomhair a mháthara, an measann
sibh go raibh impire an domhain, Críost, níos dítheamhla le n-a mháthair Muire? Ó, ní raibh, a chríostaidhe; chomh luath is chuir sé coróin na glóire ar a ceann i bhflaitheas, rinne maighistreas di ar ionnmhas neamhdha na trócaire, ionnus go mb'fhéidir léi grása na haithrighe thabhairt do na peaca- chaibh, sláinte do lucht an tinnis, sólás do lucht an dubhróin, cabhair do lucht an riachtanais, agus méadughadh grása do na fíréanaibh. Atá dá thobar ag Muire as a sileann sí na mór-thiodhlactha bheir sí don domhan, mar atá, an dá chích chorra geala dhiúl Críost 'n-a leanbh. As an chích dheis bheir sí bainne na ngrása 'n-a thuile do na fíréanaibh, agus as an chích chlé rannaidh sí saidhbhreas na trócaire ar na peacachaibh. 'Sí an chíoch dheas so dhiúl na haithreacha naomhtha tháinig romhainn, mar bhí, Naomh Ieróm, Naomh Augustín, Naomh Biornárd, Naomh Proinsias, agus gach naomh eile do bhí ann ó thús an tsaoghail. Is de dhruim an chrábhaidh agus na honóra do bhí aca fá chomhair Mhuire hárduigheadh iad chum a mbeith 'n-a réal- taíbh soillseacha glórmhara i bparrthas. As an chích eile silidh Muire an trócaire 'n-a tonnaibh ar na peacachaibh, agus dá bhrígh seo, níl peacach ar bith dá mhéid agus dá ghlonnmhaire cortha, má bheir aghaidh ar Mhuire, nach bhfuighidh furtacht agus trócaire. Léighmid ar an iomad bhí réidh leigthe chum ain-íd agus droch-bhás thabhairt dóibh féin as éadóchas agus droich-mhis- neach fá thruime agus méad a bpeacadh. Chomh luath agus bheireadh siad aghaidh ar Mhuire gheibheadh siad dóchas agus misneach. Léighmid mar an gcéadna ar an iomad thug scríobhtha le n-a gcuid fola iad féin suas don diabhal. Ní luaithe bheireadh aghaidh ar Mhuire agus mhaoidheadh sise a hAon-Mhac, ná gheibheadh siad an sgríbhinn ar ais ón droch- spiorad agus do shabháladh iad ar ifrionn. Mar sin, ní gan adhbhar órduigheas ár naomh-mháthair, an Eaglais, dúinn aghaidh thabhairt go minic leis na briathraibh úd, "a naomh Mhuire, Máthair Dé, agus rl."
Atá dhá ní agat le breathnughadh, a chríostaidhe, ins an urnaighe seo do-ghní tú chum Mhuire: an chéad ní, go n-ag- rann tú í bheith ag guidhe ar do shon anois (glac greim ar an bhfocal so) agus ar uair do bháis. Anois, adeirim, an uair atá an t-am agat, an uair atá tú in do chéadfaidh agus in do shláinte, ar an adhbhar, an té leigeas an t-am thairis anois agus nach ndéan urnaighe, trosgadh, nó deigh-ghníomh chum Dé nó chum Muire nó go dtig tinneas guasachtach an bháis air, is baoghalach dó nach bhfuighidh sé trócaire nó grása ó Dhia nó ó Mhuire, mar adeir an dochtúir naomhtha Aguistín ag dearbhadh go "bhfuil an aithrighe mhall ró-chontabhairteach." Nuair atá an t-am agaibh, deir Críost, déanaidh dícheall agus dúthracht le leas bhur n-anma do dhéanamh, amhail is mar déarfadh sé, "anois in san bponc so na beatha, déanaidh lón agus stór, ar an adhbhar, tiocfaidh oidhche an bháis agus síorraidheacht na bpian i nach mbeidh éisteacht ná trócaire le fagháil agaibh ó Mhuire ná ó n-a hAon-Mhac Críost." An dara ní atá le breathnughadh agat in san Abhe Maria, mar atá, go n-agrann tú Muire bheith ag guidhe ar do shon ar uair do bháis. Agus ní gan adhbhar, do bhrígh, má tá congnamh Mhuire riachtanach i n-am ar bith, atá sé, gan amhras, ró-riachtanach in san bponc chritheaglach úd an bháis. So an ponc, a chríostaidhe, i n-a dtig an bás mar leomhan chraosach neamh-thrócaireach i d'aghaidh. Loitidh agus tollaidh an croidhe agus na baill uile le n-a ghaethibh agus le n-a shaighdibh nimhe. Ní fhágann lúth ná mothughadh in san teangaidh le Dia do mholadh nó chum párdún d'iarraidh. Fágaidh an croidhe fuar siocaighthe chum na haithrighe nó chum leas ár n-anama do dhéanamh. So an ponc in a dtig Lucifer agus a shlóighte mallaighthe mar shluagh beach i n-ár dtimcheall. Sgaoilidh gach diabhal aca a ghath nimhe leis an anam. Ghníd fál agus mainnear 'n-a thimcheall mar shúil go dtiocfadh leo gach grása agus gach teagasg gheibh an duine do mhúchadh.
Ó, a dhuine mhalluighthe, bheir th'anam agus do cholainn míle uair don diabhal, tiocfaidh sé an lá úd ag glacadh seilbhe ar an bpronntanas so. Tiocfaidh i n-aoinfheacht leis diabhal na drúise agus na sainte, diabhal an fhuatha agus na feirge, diabhal an uabhair agus na leisge, agus gach ainspiorad eile dá raibh tú ag déanamh seirbhíse riamh in do bheatha. Aigeóraidh gach ainspiorad aca a cheart ar t'anam. Ó, a pheacaigh mhalluighthe, chaith t'aimsear riamh le diombail agus le dosgaidh, nachar stop ariamh ón bpeacadh agus chuir suas do gach deigh-ghníomh, sin thú anois ins an bponc dhéidhea- nach úd an bháis agus luigheachán marbhthach ag do náimhdibh uile 'do thimcheall. Cia an taobh a dtabharfaidh tú th'aghaidh le congnamh d'fhagháil 'n-a n-aghaidh Ar ndóigh, ní ar Chríost iarrfas tú cabhair dá ndearna tú dearg-namhaid riamh in do bheatha. Má 'seadh, déarfaidh sé leat gur leig tú an t-am thart, gurab é aimsear na beatha aimsear na trócaire, agus aimsear an bháis aimsear díoghaltais agus dí-cheannuighthe. Má shíleann tú congnamh d'fhagháil ó aingeal do láimhe deise, is fada ó thréig sé thú fá do dhroich- bheatha. Chomh luath is rinne tú an peacadh, ghlac aingeal na láimhe clé seilbh ar a phosta. Cad eile, a dhuine dhona, cia an taobh a dtabharfaidh tú anois th'aghaidh? Sin an uile bhealach dúnta romhat. Ó, atá, a chríostaidhe, ar bhain- ríoghain na trócaire, Muire. Ó chuir Críost a thrócaire ar láimh na mná nár dhiúlt trócaire riamh ar aon neach d'agair í, níl adhbhar éadóchais nó droch-mhisnigh agat gan déirce don trócaire d'iarraidh ar bhainríoghain na trócaire. Críochnóchaidh mé mo chomhrádh le uirsgéal haithristear ar dhuine áiridhe bhí ró-dheaghmhóideach cráibhtheach chum Muire, do-ghníodh go minic trosgadh agus urnaighe 'n-a honóir, acht tháinig de chathughadh air fá dheireadh go bhfacas dó nach ndearna Muire seirbhís ar bith áiridhe dhó dá chionn so. Ba é toil na Maighdine Muire thidheacht ar chuairt chuige lá áiridhe agus adubhairt leis: "Atá tusa ag éagcaoin orm
fa laighead na seirbhíse rinne mé dhuit i n-áit gach guidhe agus urnaighe rinne tú chugam. Nach cuimhneach leat a leithéid agus a leithéid seo eile de dhuine fuair bás obann gan sacramainte nó friothálamh na heaglaise? Nach cuimhneach leat an iomad fuair bás de phláigh agus d'aicídeachaibh coimh- ightheacha? Nach cuimhneach leat an iomad chaill a gclann, chaill a maoin, chaill a sláinte, agus caidé shabháil thusa ar gach ní díobh so tharsta-san? Ó, atá, Dia uile- chomhachtach tré m'impidhe-se. Mar sin, níl adhbhar éag- caoine agat; téigh ar th'aghaidh agus bí níos dúthrachtaighe anois in mo sheirbhís-se ná riamh aroimhe, agus beidh mise ar a shon agat." An chomhairle chéadna thug Muire don fhear úd, bheirim-se díbh-se, a cháirde. Téighidh ar bhur n-aghaidh i seirbhís Mhuire; cuiridh bhur ndóchas agus bhur misneach inte; abraidh an urnuaighe úd go minic, a Naomh Mhuire, mháthair Dé, guidh orainn, agus rl. Má ghní sibh seo bhéarfaidh Muire cabhair agus congnamh dhíbh ins an tsaoghal so agus gheabhaidh díbh le n-a himpidhe an ghlóir shíorraidhe i bparrthas. Amen.
An Dara Seanmóir. AR AN mBREITHEAMHNAS DÉIDHEANACH. Chífid an tan sin Mac an Duine ag teacht i n-a néal maille re comhacht ró-mhór. (Briathra Chríost ag Lucás, an seachtmhadh ran is fiche in san chéad chaibidil is fiche.) CHUALA sibh, gan amhras, caidé mar tháinig an díle ar an domhan anallód; caidé mar d'éirigh an fhairrge mhór ós cionn gach sléibhe, dá aoirde, agus caidé mar sgrios sí an cineadh daonna, agus gach ainmhidhe bhí ar an tsaoghal, acht Naoi agus gach aon do bhí i n-éinfheacht leis in san airc. Cuiridh an sgrioptúir dhiadha so síos i leabhar Genesis, agus gach ughdar eile do sgríobh ar an aimsir ó shin anuas. Ní fhuil contabhairt 'n-a cheann so ag duine ar bith ghéilleas do bhriathraibh Dé in san sgrioptúir. Acht b'fhéidir go bhfuil sibh i n-ainbhfios caidé an fáth fa ndearna Dia an trom- dhíoghaltas so ar an chineadh daonna. Máiseadh, ionnus nach mbeidh sibh amhlaidh níos fuide, bheirim-se dearbhadh sgéala dhíbh gurb é b'adhbhar agus ba siocair don ár agus don sgrios tháinig ar an tsaoghal an peacadh. So an fáth, so an ócáid fár báidheadh ríoghachta agus náisiúin, bailte móra agus cathracha, agus lucht áitreabhtha an domhain. So an t-adhbhar fár tharraing Dia claidheamh an díoghaltais an dá fhaobhar, ó nár imthigh sábháilte acht ochtar fuaras cneasta deagh-iomchair i bhfiadhnaise Dé
Máiseadh, má's adhbhar an peacadh fa dtig trom-dhíoghal- tas Dé ar na daoinibh, an dtáinig aimsear ar bith riamh dar baoghalaighe fearg agus díoghaltas Dé ná an uair seo? An dtáinig aimsear ar bith ariamh i n-a raibh na lochta níos iomadamhla, na dubhailce níos coitchinne agus na peacaidh níos madramhla, ná ar an uair seo? An féidir a rádh roimhe an díle go raibh na bréaga níos iomadamhla, na mionna móra níos minicighe, drúis agus adhaltranus níos madramhla, éagcóir agus leathtrom na comharsan níos coitchinne, idir an uile shórt daoine, ná ar an uair seo? D'fhuaraigh an crábhadh, d'imthigh an chaondúthracht, díbreadh an charthanacht. Ní fhuil 'n-a n-áit againn acht easbhaidh creidimh, briseadh saoire, díbheirge agus danardhacht i n-aghaidh ár gcomharsan. So na peacaidh dhíbreas ríghthe, sgriosas náisiúin, fhágas tíortha n-a bhfásach. So na peacaidh thug léirsgrios ar Éirinn, thug a ndúithche agus a bhfearann do náisiúnaibh eile, agus, Ó, mo mhíle truaighe, nach bhfuil siad n-a mhuinighin seo. Is measa liom go mór iad do bheith ag cailleamhain go laetheamhail a dteideal chum dúithche na Tríonóide tríd a ndroch-bheathaidh. Roimhe Dia do chur an díle ar an domhan, chuir fáidhe agus seanmóntaidhe i measg na bpoibleach chum rabhadh do thabhairt dóibh ar an mbaoghal ina raibh siad, acht muna dtionntóchadh siad ar Dhia leis an aithrighe. Ba lór fad na foighide, dar leat rinne sé leó ar feadh an céad bliadhain bhí an airc dá déanamh. Ní fhuil buille d'órd buaileadh uirre nachar lór a mhéad dóibh é mar sheanmóntaidh chum a músgailt as an tsuan mharbhthach ina raibh siad. Ní raibh maith ann. Chuaidh siad ar a n-aghaidh ins an mbealach fhairsing thriallas go hifrionn. Thréig siad Dia do chruthaigh iad, agus chuaidh siad faoi bhrataibh an diabhail do mheall iad. Is díreach an tóraigheacht bheir peacaigh na haimsire seo don mhuintir úd. An bealach céadna ghaibh siad-san, atá sibh-se dá lean- mhain. Acht an dtiocfaidh sibh-se as níos fearr ná iad-san
ag deireadh bhar scríbe? Ní thiocfaidh gan amhras. An íd chéadna fuair siad-san, gheóbhaidh sibh-se acht muna leasuighidh sibh bhar mbeatha. Ní gnáth le ceart Dé trom-dhíoghaltas do dhéanamh ar na puibleachaibh gan rabhadh, agus dá bhrígh sin atáim-se ag teacht chugaibh-se indiu mar theachtaire ó Dhia le fuagra thabhairt díbh, acht muna leasuighidh sibh bhar mbeatha agus muna ndéanaidh sibh an aithrighe, go bhfuil sibh i gcontabhairt bheith damanta. Agus de bhrígh go bhfeicim nach bhfuil grádh Dé, do chruthuigh agus do cheannuigh sibh, ag bain tionntódh nó mothuighthe as bhar gcroidhthibh, is mian liom solus éigin thabhairt díbh indiu ar an modh uathbhásach i dtiocfaidh Críost an lá déidheanach chum díoghaltais do dhéanamh ar na peacachaibh, mar shúil go dtabharfaidh criothnughadh roimh an bhreitheamh borb so oraibh tiontódh ar Dhia agus bhar mbeatha 'leasughadh, ní dhéanfas mé tar éis mo chomhrádh 'roinn in dhá phuinte. Tiocfaidh Críost an lá déidheanach 'n-a bhreith- eamh uathbhásach, sin an chéad phuinte. Tiocfaidh sé 'n-a bhreitheamh cruadálach agus sgarfaidh na fíréin ó na peacach- aibh, sin an dara puinte. An chéad phuinte: Mheas an Spiorad Naomh le béal Ecclesiasticus nach bhfuil duine ar bith smuaineóchadh nó dhearcfadh go grinn ar uathbhásaighe an bhreitheamhnais dhéidh- eanaigh ar bhféidir dó bheith chomh mór sin ar mire agus go dtuillfeadh fearg an bhreithimh dhíoghbhálaigh úd thiocfas an lá déidheanach. Is dá dhruim seo adeir nach bhfuil duine ar bith ag a mbeith gnáth-chuimhne ar a chríochaibh déidheanacha ar bhféidir dó peacughadh go bráth. Is ins an chéill chéadna scríobhas an dochtúir naomhtha Basil bhí 'n-a lóchrann le foghluim agus le naomhthacht i n-a aimsir. Má thairgeann, adeir sé, an diabhal do mhealladh, an saoghal do chealgadh, nó an cholann chlaon do tharraing chum na bpeacadh, smuain ar uathbhásaighe an bhreitheamhnais, as chruadálaighe an bhreithimh thiocfas ag bain cunntais asat an
lá déidheanach, agus ní féidir duit gan buaidh do bhreith orra. Dubhairt an taoiseach naomhtha cródha úd an phobail Abhra, Maoise, as iomad dóláis agus imnidhe fa n-a mhuintir, na briathra seo le cuid díobh bhí tugtha do na peacaidhibh, rinne neamh-bhrígh de Dhia agus dá dhligheadh, age n-a raibh a gcroidhthe dúnta i n-aghaidh grádha agus eagla Dé: Ó, a dhrong neamh-chomhairleach, ar sé, mo thruaighe nach ndearcann nó nach smuaineann sibh ar an lá úd na feirge agus na n-uathbhás, nó nach ndéan sibh lón ar bith fa n-a chomhair. Is féidir liomsa an ní céadna do rádh le formhór mo phobail gur drong iad gan inchinn; go bhfuilid ar seilbh bheith n-a gcríostaidhthibh agus gur measa iad ná Turrcaigh agus págánaigh, gurab é is compórd dóibh mionna móra, bréaga, agus gairseamhalacht, go ndéanaid áthas má thig leó bun- táiste do bhreith ar an gcomharsain — dá mba léar dhuit a gcroidhthe, do chífeá iad lán d'uabhar, d'fhuath agus do dhroch-rún. Ó, a dhrong mhalluighthe mhí-stiúrtha, mo thruaighe nach ndearcann sibh ar an lá úd na feirge agus an díoghal- tais, agus nach ndéan sibh lón éigin fa n-a chomhair. Thug Dia órdughadh don fháidh Ieremias dul le rabhadh chum an phobail Abhra go raibh sé ar tí díoghaltas agus dí-cheann- adh do chor orra as siocair a ndroch-iomchair agus iomadamh- lacht a bpeacadh. Chriothnuigh agus chosgair an fáidh chomh mór sin ar mhodh go ndubhairt sé le Dia: Ní fhuil mé feileamhnach chum a leithéid sin de theachtaireacht, ar an adhbhar nach bhfuil ionnam acht leanbhán bocht; ní fhuil oiread agus na cainte féin agam. Amhail agus mar déarfadh sé: A Thighearna, glac mo leithscéal ar an ócáid seo; ní fhuil ní ar bith chuirfeas tú 'mo cheann nach bhfuil mé oll- mhaighthe fa n-a chomhair, acht gan dul le teachtaireacht chomh truaighmhéalach dólásach so fa dhéin náisiúin ar bith; ní fhaghaim ó mo chroidhe a leithéid do ghlacadh as láimh. Ó, a chríostaidhe, má bhí an oiread so d'eagla ar an bhfáidh
naomhtha so dul le teachtaireacht chum aon náisiúin amháin go raibh díoghaltas Dé ag triall chuca, caidé an t-adhbhar crith-eagla agus scannraidh dhamhsa dul indiu i gceann a mhíniughadh dhíbh-se caidé an sgrios agus an dí-cheannadh, an tár agus an díoghaltas, thiocfas ar náisiúnaibh na cruinne an lá úd? Ba furas do Noe dul le rabhadh chum an tsaoghail roimhe an díle go mbáidhfidhe iad uile. Bás sócamhlach socair do dhuine a fhliuchadh nó a bhádhadh. Gidheadh, duine do losgadh, ní fhuil bás chomh dócamhlach leis. Maiseadh, so íd an duine an lá úd. Ní fhuil duine ná ainmhidhe, dúil ná créatúir talmhaidhe, nach mbeidh uile fá aon bhárr amháin teineadh. Ó, a lá chrith-eaglaigh chruadálaigh. Ó, a lá dhíoghaltaigh dhólásaigh. Ó, gan mo shúile 'n-a loch uisce, ionnus go ngoilfinn agus go silfinn trom-cheatha deór ag smuaineadh go ndaimeóntar míle anam fán duine sláin- eóchar an lá úd, nó ag smuaineadh caidé is íd dom anam bocht féin an lá úd, cia aca rachas ar dheasláimh nó ar láimh chlé an bhreithimh mhórdhálaigh úd, ciaca rachas sé go parrthas nó go hifreann. De bhrígh, a cháirde, nach bhfuil duine dá fhoghlumtha nó dá thuigsighthe le ar féidir solus ceart do thabhairt díbh ar an stáid dólásaigh i n-a mbeidh an saoghal an lá úd, nó ar mhór- chomhacht an bhreithimh thiocfas i bhar gceann, ní fhuil le déanamh againn ní is fearr ná má chuirimid ós ár gcomhair uair dhéidheanach an bhreitheamhnais, uair i n-a mbeidh sibh féin agus an saoghal go léir comh-chruinn ós comhair an bhreithimh seo, uair 'n-a dtiocfaidh an nádúir uile chum éisteacht leis an mbreith bhéarfar orra. So, a chríostuidhe, an comhacht ós cionn an uile chomhacht mhothóchas agus chífeas clann Adhaimh go huile. Ionnus gur fearr thuigfimis mór-chomhacht Chríost an lá úd, triallamaoid go gleann Iosaphat le intinn agus le spiorad, ó's deimhin gurab éigin dúinn triall ann lá éigin idir chorp agus anam. Taidhbhsighmid dúinn féin go bhfeic-
imid na comharthaí iongantacha úd, ar a labhrann an scriop- túir, ins an ngréin agus ins an ngealaigh, ins an aer agus ins na réaltaibh, ar muir agus ar tír, ins na náisiúnaibh agus ins an domhan uile. Caidé an chuma mheasas sibh bheas ar an tsaoghal nuair thiocfas na comharthaí úd; nuair bheas an fhairrge mhór ar dearg-lasadh, ag tógáil a tonn suas 'n-a mór-shléibhtibh san aer, ag déanamh tormáin agus fuama éagsamhla; nuair bheas na dúile i gcomh-bhuaidhreadh agus i gcogadh le chéile; nuair bheas éiclips ar an ngréin, an ghealach 'n-a fuil, na réalta ag tuitim as na spéarthaibh, an talamh ar crith, na páláis agus na caisleáin ag tuitim, na cathracha móra dá slogadh, uaighe agus tuambaí na marbh dá bhfosgailt agus ag tleigean corp agus cnámh na marbh asta, na daoine ag fagháil bháis le eagla agus ag eiséirghe gan mhoill chum an bhreitheamhnais? So an lá nach bhfeicfidh bhar súile acht teinte agus lasrach, so an lá nach gcluinfidh bhur gcluasa acht tórnach agus tormán. So an lá stadfas agus thriomóchas aibhneacha agus srotha, chríonóchas crainn agus luibheanna áilne na talmhan, réabas cairrgeacha agus clocha. So an lá a mbeidh an uile chréatúir armtha chum cuidiughadh leis an mbreitheamh comhachtach so chum díoghaltais do dhéanamh ar na peacachaibh. Níor bheag so, a chríostaidhe, dar leat, chum tabhairt ar an gcroidhe is cruaidhe ar bith pléascadh le eagla roimh an lá uathbhásach úd; gidheadh is beag é le glóir agus comhacht an bhreithimh úd d'fhoillsiughadh. Cuirfidh Críost, adeir an scrioptúir, na haingil mar teachtairí, le gairm agus fuagra do thabhairt don domhan uile tidheacht chum an bhreitheamhnais. Is lór do na teacht- airíbh uaisle seo aon fhocal amháin do rádh i n-ainm an Ríogh mhór-dhálaigh seo le cruinniughadh do chur ar bheóaibh agus ar mharbhaibh ó cheithre hárdaibh an domhain; aon fhocal amháin, dúiscfidh na mairbh atá curtha i n-uaighibh doimhne na talmhan; an púdar agus an luaithreamhán atá gan bhrígh gan mhothughadh leis na míltibh bliadhain mothóchaidh an lá úd an
buabhall binn-ghlórach úd sheinnfeas na haingil ag rádh: Éirghidh, a mhairbh, tigidh chum an bhreitheamhnais. I n-aimhdheóin fad gach réigiúin ó n-a chéile, chomh luath agus seinnfear an gall-trompa uathbhásach so, cruinneochaidh clann Ádhaimh ar aon áit i móimeint aimsire le tionntódh na boise. Acht druidimid anois níos goire, a chríostaidhe, don mbreitheamh so, agus féachamaoid air féin agus ar an domhan uile 'n-a thimcheall i ngleann Iosaphat. Ó, a anam mhí- fhortúnaigh an pheacaigh, chaith d'aimsir riamh le doscaidh, fosgail anois do shúile agus smuainigh caidé an módh ar a dtaisbeónaidh tú tú féin ós comhair breithimh chomh comhachtach feargach seo. Ibh-se, a lucht an uabhair, bhíos ag iarraidh tús suidhe agus bealaigh, ní hé amháin in gach cruinniughadh agus in gach cuideacht, acht fós ag faoisidin agus ag sacramaint na haltóra, caidé éireóchas díbh an lá úd? Cia an t-órd i n-a gcuirfear sibh? Ó, ní bheidh gradam ná céim agaibh as so suas. Is uime dúiscfear sibh as an gcodladh fada bhí oraibh, chum breitheamhnas do thabhairt oraibh do réir bhur ngníomhartha. Nuair do chonnairc clann Iacob a ndearbhráthair Ióseph, do dhíol siad roimhe sin, 'n-a mhaighistir ar an Éigipt uile, agus adubhairt sé na briathra úd leó: Is mise Ióseph do dhíol sibh i nÉigipt, níor fhan aon fhocal aca le sgannradh agus le eagla. Ó, a pheacaigh bhoicht, cad dhéanfas tusa nuair chífeas tú an Ioseph fírinneach, Íosa Críost, 'n-a bhreitheamh ort féin agus ar an tsaoghal go léir? Nuair chluinfeas tú é ag rádh na mbríathar marbhthach úd leat: Ibh-se, a lucht na drúise, dhíol sibh mise ar phléisiúr móimeinte. Ibh-se, a lucht na meisce, chuireas bhur maoin agus bhur substaint in bhur gcraos, agus 'n-a dhéidh sin, ghní óinmhidí dhíbh féin, dhíol sibh mise ar bhuidéal uisge beathadh. Ibh-se, na ceannaidhthe, chuireas cluain ar lucht an ainbhfiosa, bhaineas luach an ear- raidh mhaith amach ar an droch-earradh, dhíol sibh mise ar
thuistiún nó ar sé pingine. Ibh-se, na mná tighe, dhíolas an duisín gan chrois gan chunntas, dhíol sibh Íosa Críost ar iarna beag snátha. Atá ní éigin le rádh ag an uile shórt peacach gur dhíol sé Íosa Críost i ngeall ar a phléisiúr nó ar a thairbhe acht ag fear na mionn mór. Ó, so an peacach dhíolas Íosa Críost gan pléisiúr gan tairbhe, gan oiread agus snaoisín tobaca. Atá ceist idir na diadhairibh caidé an ní is crith-eaglaighe chífeas an duine an lá déidheanach úd an bhreitheamhnais. B'fhéidir go measfá, a chríostaidhe, gurab é an chlaochlódh iongantach thiocfas ar an ngréin agus ar an ngealaigh, nó cuid éigin eile de na comharthaíbh ar ar labhramar. Ó, ní aon chuid díobh so é, acht is é amharc is pianamhla agus is do- fhulaingthe chífeas an peacach gnúis fheargach an bhreithimh. So an lá éighseas an duine damanta le Iób: Ó, a Dhia, gan a chead agam mé féin d'fholach i n-ifrreann. Má bhí an duine naomhtha so Iób, nach ndearna peacadh ar bith ariamh, chomh líonta so d'uathbhás agus d'eagla roimhe an bhreitheamhnas déidheanach, ionnus go mb'fhearr leis dul go hifreann ar feadh gearr-aimsire go dtéigheadh fearg agus faobhar an bhreithimh thart, ná é féin do thaisbeánadh ós a chomhair aon mhóimeint amháin, cad dhéanfas an peacach mí- fhortúnach, thuill míle ifreann le n-a dhroch-ghníomharthaibh? Cá bhfuighidh sé scáth nó foscadh, áit dídin nó foluighthe? Ó, mo mhíle truaighe, atá an uile áit dúnta roimhe. Ní féidir leis dus go flaitheas, de bhrígh nach dtéid ní ar bith truaill- ighthe leis an bpeacadh go ríoghachta neimhe. Agus má théid sé go hifreann féin, gheóbhaidh sé an breitheamh do-chuimse seo roimhe ann. Is iomdha trom-dhíoghaltas rinne Dia ar na daoinibh ó thús an tsaoghail go dtí seo. Bháidh sé an domhan go hiomlán leis an díle, acht an méid do bhí ins an airc. Loisc le teinidh as na flaitheasaibh Sodom agus Gomorrha. Is minic do sgrios pláigh agus gorta, tréan-námhaid agus
cogadh ríoghachtaí agus náisiúin. Gidheadh a dtáinig agus a dtiocfaidh ó thoiseach an tsaoghail go deireadh do chruas nó do dhícheannadh, ní fhuil acht súgradh ionnta i gcomórtas leis an lá úd. Íosa Críost féin dá dhearbhadh so ag Matha san cheathramhadh caibidil fichead. Cad eile, a chríostaidhe, an bhfuil ní ar bith le fagháil mhúchfadh roimh ré na boirb-theinte úd ifrinn, atá dá bhfadódh fa chomhair na bpeacach an lá úd? An bhfuil ní ar bith d'fhuaróchadh na coirí fiuchacha úd ifrinn, nó mhaolóchadh na hairm úd atá dá líomhadh ag diabhlaibh ifrinn fa chomhair na druinge damanta? Atá, a chríostaidhe, aon ní amháin agus ní fhuil acht aon ní, mar atá an aithrighe. Aon deór amháin ó chroidhe, má siltear é mar ghrádh ar Dhia agus le fuath ar na peacadhaibh, múchfaidh na teinte, fuaróchaidh na coirí, maolfaidh na hairm, tionntóchaidh gnúis Chríost ó n-a beith fraochmhar feargach chum a beith soilbhir subhailceach agus tobhfaidh dúinn dul ar dheas-láimh an Áird-Ríogh in san dealughadh díbheirgeach dhéanfas sé idir na fíréanaibh agus na peacachaibh, ní ar ar gheallas trácht san dara puinnte dem chomhradh. An dara puinnte: Ní gan adhbhar chuireas an scriop- túir Críost an lá so i gcosamhlacht le tréadaidhe; óir amhail agus dhealaigheas an tréadaidhe i ndeireadh an lae na caoirigh ó na meannánaibh, bhí i gcuideacht a chéile ar feadh an lae, agus chuireas i gcró ar leith iad, mar an gceudna dhéanfas Críost, an tréadaidhe fírinneach, thug a anam ar son a thréada, i ndeireadh an tsaoghail seo, dealóchaidh sé na fíréin, tuigthear leis na caorachaibh, ón druing damanta, agus cuirfidh sé na fíréin ar a dheasláimh, agus iad-san ar a láimh chlí. Insan tsaoghal so, go formhór, éirghidh gach ní go fortúnach sona leis an druing damanta, an áit a dteagmhann a chon- trárdha do na fíréanaibh. Onóraighidh an saoghal an mhuintear ba chóir do tharcuisniughadh agus tarcuisnighidh an mhuintear
ba chóir d'onórughadh. Bídh ceannas agus uachtaránacht ag an bpeacach bhíos ar meisce le pléisiúr agus le sólás an tsaoghail seo an tan bhíos an drong chráibhtheach i mbochtanacht agus i mí-mheas, ar mhodh gurab í an lámh dheas bhíos ag na peacachaibh agus an lámh chlí ag na fíréanaibh. Acht ní hí seo bail bhias ar na gnóthaibh an lá úd. Déanfaidh an breitheamh fír-cheart so scaradh, fágfaidh na fíréin ar a dheasláimh, agus na peacaigh ar a láimh chlí. Ó, a chríostaidhe, caidé a liacht éigheamh agus sgread, uaill agus osnadh cluinfear ón druing dhamanta in san dealughadh so, nuair chífid siad iad féin scartha, an lá sin, ó n-a ndaoinibh muinteardha, agus ó Dhia is measa dhóibh, ní lá ná mí, bliadhain ná ráithe, acht chomh fada is bheas Dia 'n-a Dhia le saoghal na saoghal. Ó, a lá na feirge agus na n-uathbhás; ó, a bhreitheamhnais chrith-eaglaigh; ó, a bhreithimh chruadálaigh dhéanfas an dealughadh so. Aon fhocal amháin, a chríostaidhe, ar son an iomláin. Taidhbhsigh dhuit féin anois go bhfuil tú faoi choiste báis, go bhfuil an seisiún 'n-a shuidhe, an coisde dá thoghadh, do choir agus do dhíotáil dá scríobhadh i d'aghaidh; ó, caidé an baspus agus an scannradh bhias ort roimh an bhreitheamh? Caidé an dí- cheall dhéanfá an coiste bheith fábharach duit? An spárálfá ór nó airgead, do mhaoin nó do shubstaint, ar lucht dlighidh chum do chás do phlédáil? Ní dhéanfá gan amhrus. Maiseadh ní fhuil annso acht teagmhais is féidir teagmháil do dhuine nó gan a theagmháil. Acht atá sé cinnte lán-dearbhtha go dtiocfaidh gach aon agaibh an lá déidheanach ar a thriall i bhfiadhnaise barra na Tríonóide, nach bhfuil peacadh marbhtha dá ndearna sibh nach mbeidh 'n-a dhíotáil agus 'n-a choir bháis 'bhur n-aghaidh, agus má's truime le bhur gcoirthibh ná le bhur ndeigh-ghníomharthaibh, nach bhfuil imtheacht agaibh ó bhoirb- theintibh ifrinn. Cad eile, a chríostaidhe, an dícheall céadna dhéanfá chum do chorpán do shábháil ar an mbás agus ar scannail saoghalta, déan é anois chum t'anam do
shábháil ar scannail síorraidhe agus ar choiríbh ifrinn. An deór agus an osnadh dhéanfá le eagla roimhe an bhreitheamh shaoghalta úd, déan iad anois roimhe an bhreitheamh bhorb úd Críosta. Ní iarrfaidh lucht dlighidh parrthais ór ná airgead ort ar son a saothair, acht deagh-chroidhe, deagh-rún, agus an aithrighe ós cionn gach ní, phléadálas ar do shon an lá úd. So an duais bhéarfas ar Mhuire, ar na heasbalaibh, agus ar na naomhaibh bheith 'n-a lucht dlighidh ag pléadáil ar do shon. Déan lón agus stór de na deigh-ghníomharthaibh anois agus árdóchaidh siad tú ar dheasláimh Chríost an lá úd, ní atá mise d'iarraidh díbhse agus damh féin. I n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.
An Treas Seanmóir. AN RIACHTANAS ÁR NÁIMHDE DO GHRÁDHUGHADH. Deirim-se libh-se, grádh bheith agaibh ar bhar náimhdibh. (Briathra Chríost ag Matha in san gcúigeadh caibidil, an ceathramhadh rann ar dhá fhichid.) MÁ ghlacaim-se indiu as láimh a mhíniughadh dhíbh-se, a cháirde, go bhfuil d'oibliogáid agus d'ualach oraibh, faoi phéin bhar ndamnadh, grádh do bheith agaibh ar bhar náimhdibh agus párdún do thabhairt dóibh, déarfaidh sibh liom, gan amhras, an ní céadna dubhairt na Iúdaighe le Críost nuair do dhearbhuigh sé dhóibh nach raibh slánughadh i ndán dóibh, nó an ghlóir shíorraidhe d'fhagháil, acht muna n-itheadh siad a chuid feola agus muna n-óladh siad a chuid fola, gur ní do-dhéanta é seo, gur ní é atá i n-aghaidh na nádúra. Déarfaidh sibh liom, gan amhras, gur ní do- dhéanta grádh do bheith againn ar an té dá bhfuilmid cinnte fuath do bheith aige orainn, grádh do bheith againn ar an té bheir mí-chlú agus sgannail dúinn, agus nach stad- ann ó aon ní dhéanfadh díoghbháil nó dolaidh dúinn; acht deirim-se libh-se, dá chruadhtanaighe dá bhfuil sé, gur éigin a dhéanamh, do bhrígh go bhfuil Críost dá órdughadh dhíbh, agus nach bhfuil cur suas agaibh gan a thoil do dhéanamh Má dhearcamuid ar an nádúir innte féin, do bhrigh go bhfuil níos mó do chlaon aice chum an uilc ná chum na na maitheasa, is ní do-dhéanta so aice; acht má dhearcamuid
uirre faoi stiúradh na ngrás, an ní seo atá do-dhéanta aice gheobhaidh sí é do-dhéanta socamhlach. Ní órduigheann Críost ní ar bith do-dhéanta dhúinn; ní chuireann ualach orainn nach dtig linn iomchar. Ní fhuil duine ar bith dhearcas ar na réasúnaibh ghluaiseas é chum grádh do bheith aige ar a náimhdibh, nach gcuirfidh cruadhtan air féin, ar ndóigh, chum a dhéanta. An chéad réasún díobh, gur órduigh Críost dúinn a dhéanamh, agus dá bhrígh sin go bhfuil d'fhiachaibh orainn a thoil do dhéanamh. An dara réasún, gur ghrádhuigh Críost féin a náimhde ar an tsaoghal so, agus go bhfuil d'fhiachaibh orainne aithris do dhéanamh air. An treas réasún, an té nach dtugann párdún dá náimhdibh, ní fhuighidh sé párdún. So na trí poinnte dhéanfas mé do mo chomhrádh. Acht guidhmid Dia ar dtús teine neamhdha na carthannachta do lasadh i n-ar gcroidhthibh, ionnus go ngrádhuighmis Dia ós cionn gach ní, agus ar gcomharsa mar inn féin, ag rádh an Abhe Maria. An chéad phoinnte. Ba mhór an locht leis na págánachaibh ar chríostaidhthibh na sean-aimsire go mbíodh siad ró- chruaidh orra féin, agus socamhlach so-ghrádhach leis an tsaoghal uile. Ní mhaitheadh siad ní, dá laighead, dóibh féin do-ghníodh siad i n-aghaidh Dé nó na comharsan, gan díoghaltas do dhéanamh ar a gcolainn le troscadh agus cruadhtan, le éadaighe róin agus sciúrsaí; acht ní fhuil ní, dá mhéad, dhéanfadh an chomharsa orra nach dtugadh párdún ann gan mhoill. Is mó ghoillfeadh orra an fhearg do cuirthí ar Dhia ná an díoghbháil ghníthí dhóibh féin. Ó, mo mhíle truaighe, nach dtig linn an locht céadna d'fhagháil ar chríostaidhthibh na haimsire seo. Is beag atá anois le fagháil leanas béasa na muintire úd. Bealach contrárdha leanas siad. Ní léir leó éagcóir, dá mhéad, ghní siad féin; acht is léir leó an ní is lugha ghníthear orra féin. Ní fhuil maith 'iarraidh orra, rachadh siad trí troighthe isteach ar dhoras ifrinn ar chuantar díoghaltas do dhéanamh. Acht caidé is
ciall don deifir atá idir an dá shórt críostaidhe seo? Is cosmhail nach é an Dia céadna atá againne bhí aca sin, nó má's é, is cosmhail nach dtugann dúinne an luach saothair céadna bheireadh dhóibh sin do chionn grádh bheith aca ar a náimhdibh, nó nach bhfuil eagla orainne roimh a dhíoghaltas mar do bhí aca sin. Ó, is é an Dia céadna thug órdughadh dhóibh sin grádh do bheith aca ar a náimhdibh, agus párdún do thabhairt go héasgaidh in gach éagcóir ghníthear orra, atá ag órdughadh dhúinne an ní céadna do dhéanamh. Agus níor laghduigh a thrócaire chum luach saothair na glóire thabhairt don mhuinntir ghlacas a chomhairle, agus ní mó ná sin laghduigh a chomhachta pianta do-airmhighthe do-innsin thabhairt don mhuinntir bhriseas a aithne. Acht is é is ádhbhar don deifir atá idir críostaidhthibh na haimsire seo agus an mhuintir do bhí i dtús na hEaglaise gur fhuaruigh anois an crábhadh, gur imthigh an chaon-dúthracht, gur díbreadh an charthannacht, nach bhfuil n-a n-áit againn acht easbhaidh creidimh, ainbhfios agus aradhain, uabhar agus an-fhlaitheas, fuath agus fearg, díbheirg agus danardhacht i n-aghaidh ár gcomharsan. So na peacaidhe fhágas flaitheamhnas Dé i n-a fhásach agus líonas ifreann; so na peacaidhe sgriosas náisiúin, loisgeas cathracha, thug an díle ar an domhan, agus loisgfeas fá dheireadh an cheathar-chruinne acht muna dtionntuighmid ar Dhia, agus muna rabhmaid umhal dá aithne grádh do bheith againn ar ár náimhdibh agus párdún do thabhairt dóibh in gach ní dhéanfaid orainn. Thug Dia in san tsean-reacht aithne agus órdughadh don chineadh daonna grádh do bheith aca ar an gcomharsain. Do as na Iúdaighe tré ainbhfios nach n-órduigheadh an aithne dhóibh acht grádh do bheith aca ar a gcáirdibh, agus gurbh dir dóibh fuath do bheith aca ar a náimhdibh. Acht ionnus ndéanfadh Íosa Críost eólas dóibh i n-áit an ainbhfeasa agus solas na ngrása i n-áit an dorchadais i n-a raibh siad, labhraidh go soiléir indiu leis an tsaoghal. Bheir
órdughadh comh-choitcheann dhóibh nach lór dhóibh grádh do bheith aca ar a gcáirdibh, acht fós gur éigin dóibh grádh bheith aca ar a náimhdibh, maith do dhéanamh i n-aghaidh an uilc, agus bheith ag guidhe ar son na muintire is mó ghní díoghbháil dóibh. Agus muna séanfaidh tú, a chríostaidhe, nach é Críost do Dhia, do Rí, agus do Thighearna, nach é Críost d'Athair, ní fhuil cur suas agat gan a thoil do dhéanamh in gach ní órdui- gheas duit, ar an adhbhar, ní fhuil cáilidheacht díobh so i n-a bhfuil Críost ós do cheann, nach n-órduigheann adhradh agus onóir thabhairt dá phearsain agus umhlacht dá thoil, agus an féidir a rádh go ndiúltfaidh tusa, a chríostaidhe, grádh do bheith agat ar do náimhdibh agus Críost dá órdughadh dhuit, agus gan duine ná créatúr in san gcruinne acht muna bhfuil tusa amháin, a dhuine, nach ndéanfadh gan mhoill gach ní órduigheas Críost dóibh. Má órduigheann don talamh poibleacha agus náisiúin do shlogadh, foisgeólaidh sé gan mhoill, agus sloigfidh sé iad d'aon ghreim, amhail agus mar rinneadh le formhór an phobail Eabhra ar an bhfásach fá dhul i dtréas ar an árd-sagart Aaron. Má iarrann ar an uisge díoghaltas do dhéanamh ar na peacachaibh, chífidh tú an fhairrge ag éirghe i n-a mór-shléibhtibh ag déanamh sgrios agus dí-cheannuighthe do réir a órduighthe, amhail agus mar chuala sibh le linn na díle theacht ar an domhan. Má órduigheann don teinidh gan díoghbháil do dhéanamh do na fíréanaibh, i n-áit a ndóghadh nó a loscadh, bheir sí cabhair agus fionn-fhuacht dóibh, amhail agus mar d'éirigh don triúr leanbh do tligeadh i bhfuirnéis craosaigh Babilón agus nachar losgadh oiread agus ribe dá ngruaig. Maiseadh an áit a bhfuil na créatúir seo, ag nach bhfuil ciall ná céadfaidh, ag déanamh gach ní go humhal órduigheas an t-Áird-rí dhóibh, an rachaidh tusa amháin, a dhuine, dá dtug Dia ciall agus céadfaidh agus míle buntáiste eile nach bhfuair siad-san, i dtréas ar Dhia, ag diúltadh maitheamhnas thabhairt don té ghní coir nó éagcóir ort, agus Críost, ní hé amháin dá
órdughadh dhuit, acht fós ag tabhairt sompla dhuit i n-a phearsain féin, agus i bpearsain gach naomh bhí ins an an eaglais go dtí seo, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh ins an dara poinnte? An dara poinnte. Do mheasfá, a chríostaidhe, go ndéanfadh an patriarch Ióseph díoghaltas agus dí- cheannadh ar a dhearbhráithreachaibh an uair fuair sé é féin i n-a mháighistir ar an Éigipt agus iad-san faoi n-a chomhachta. An bhfuil duine ar bith, do réir an tsaoghail atá anois ann, do cuirfidhe nochtuighthe i bpoll, mar rinneadh le Ióseph, ionnus go bhfuigheadh sé bás den fhuacht agus den ghorta, agus do díolfaidhe mar sglábhaidhe le coigcríochaibh, mar rinneadh leis sean, nach dtabharfadh, ar a laighead, iomardughadh don mhuintir dhéanfadh a leithéid seo d'fheill air? Dá mba ort-sa dhéanfaidhe a fhicheadadh cuid, a dhuine bhoicht éirigheas mar dhruithleóg i n-áirde má deirthear focal dá laighead leat, ag a mbíonn do bhata agus do dhorn, an sgian agus an chloch, ullamh fá chomhair an té ghní éagcóir dá laighead ort, agus ní hé sin amháin, acht is é deir tú go mbeitheá go sásta dul go hifreann ar chuantar do mhian d'fhagháil ar an té ghní éagcóir ort. Ó, ní hé seo rinne an duine naomhtha Ióseph; comh luath is thuig sé go dtug a athair órdughadh dhó i n-a thiomna déidheanaigh síothcháin do dhéanamh le n-a dhearbhráithreachaibh, thug maitheamhnas dóibh, mhaith dhóibh gan mhoill gach a ndearnadar air, mheas sé nachar mhac ceart agus fós nachar mhac umhal é dá ndiúltadh sé an ní d'órduigh a athair dó do dhéanamh. Má deir tú, a chríostuidhe, go bhfuair tú aithis agus masladh gan adhbhar, go dtug do chomharsa mí-chlú agus sgannail duit, cuirim i gcás go ndearnaidh, acht is éigin duit maitheamhnas thabhairt ann. Níor bh'féidir éagcóir nó feall níos mó dhéanamh ort ná do rinneadh ar Ióseph, gidheadh thug párdún dóibh gan mhoill ar impidhe athar talmhaidhe; agus an ndiúltfaidh tusa
impidhe an Athar shíorraidhe, atá ag órdughadh dhuit maitheamh- nas do thabhairt do gach aon ghní éagcóir ort. Creididh tú, ar ndóigh, a chríostaidhe, go mb'fhéidir le Críost teine chur as na flaithis agus Ioruaith agus a mhuintir do losgadh, púdar agus luathramhán do dhéanamh díobh an uair do chuir siad na leanbha chum báis, agus gur mhian leo Críost agus é i n-a leanbh chur chum báis leo. Creididh tú, ar ndóigh, go mb'fhéidir leis na mílte d'ainglibh chur i n-arm choiseónadh é ar na gárdaíbh malluighthe úd tháinig dá ghabháil chum an gháirdín. Creididh tú, ar ndóigh, go mb'fhéidir leis an cineadh Iúdaidhe uile do sgrios agus do dhí-cheannadh, an fhairrge mhór do thabhairt timcheall ortha an uair chuaidh siad dá chéasadh. Ní fhuil contabhairt ar bith i n-a cheann nach dtiocfadh le Críost gach ní díobh so do dhéanamh Dá mbadh agat-sa, a pheacaigh bhoicht, ag a mbíonn an ceann ar fiuchadh, an croidhe dá réabadh agus dá bhriseadh le ain- gidheacht agus rún díoghaltais, chailleas do shuaimhneas agus do chodladh ag stuidéar caidé an modh ar a ndéanfá díoghbháil nó dolaidh don té ghní éagcóir dá laighead ort, is cinnte dá mbeith comhachta Chríost agat go n-imeórthá é gan fuidheall. Máiseadh i n-áit díoghbháil nó dolaidh do dhéanamh do na Iúdaighibh, d'fhulaing sé bás go fonnmhar ar a son, ionnus go bhfaicfeadh an domhan méad an ghráidh do bhí aige ar a náimhdibh. Ó, a charthannacht gan chuimse, a ghrádh éagsamhail Mic Dé ar an domhan, is méanra le n-a dtiocfadh do bhuidheachas do thuilleamh, nó aithris do dhéanamh ort. Is mairg nach dtairgfeadh buaidh do bhreith ar a ndroch-nádúir ag grádhughadh a námhad, agus tusa indiu ag dortadh do chuid fola fíor-uaisle ar son do námhad. Ó, a dhrong mhalluighthe, bhíos feargach díoghaltach, ag a mbíonn an croidhe cruaidh neamh-thrócaireach, dearcaidh indiu ar Chríost i gcrann na croiche. Féachaidh a cheann i n-a chriathar tollta leis an gcoróin spíne, féachaidh a thaobh
tollta leis an tsleigh, féachaidh a chorp strócuighthe le sgiúr- saibh, féachaidh a lámha agus a chosa tollta le táirngíbh; acht éist leis i gcrann na croiche ag guidhe an Athar shíorruidhe ar son a námhad: maith dhóibh, a Athair ghrádhaigh, a bpeacaidhe. Féachaidh, a phobail, féachaidh an raibh órlach sábháilte de ó mhullach a chinn go bonn a chos, nach raibh faoi chneadh agus faoi loit. Ní fhaicim-se sábháilte aige acht a theangaidh, agus ní fheicim sgíth ag dul uirthe acht ag guidhe a Athar gan a bhás d'aifirt ar a náimhdibh. Ó, a mhí-nádúrthacht an duine, ó, a bharb- ardhacht na n-Iúdaidhe. Ins an am gcéadna i n-a raibh siad-san ag sgairtigh agus ag gártha ag iarraidh Críost do chéasadh, do bhí seisean ag urnaighe, ag iarraidh iad-san do shlánughadh. Ní fhuil dá mhéad do bhí an bunadh malluighthe seo ar lasadh le cíocras chum a chuid fola do dhortadh, nach móide do bhí Críost ar lasadh chum maith do dhéanamh dóibh- sean. Ó, a pheacaigh, acht muna maothaidh an fhuil uasal so Críost do chroidhe, do dhoirt sé ar son a námhad, acht muna maothaidh sompla Chríost agus gach naomh do bhí ar an tsaoghal do dhroch-nádúir chum maitheamhnas do thabhairt go héasgaidh dod chomharsain, criothnóchaidh tú, ar ndóigh, ag clos an díoghaltais doghní Dia ar an mhuintir bhíos danardha cruadh-chroidheach leis an gcomharsain, ní ar ar gheall mé trácht in san treas poinnte. An treas poinnte. Do bheir Críost solus go leór dúinn ag Matha ins an ochtmhadh caibidil déag caidé an modh ar a roinnfidh Dia leis an mhuintir nach dtugann maitheamh- nas go héasgaidh dá náimhdibh, i bpearsain ríogh áiridhe thug fa dear ceangal cos agus lámh do thabhairt ar fhear dá sheirbhíseachaibh, a thleigean i bpriosún doimhsigh dorcha, a choinneál ann faoi fhuacht agus faoi ghorta ar feadh a shaoghail, agus an uile shórt pionús thabhairt go laetheamhail dó, agus sin uile fá gur chuir sé a chóimh-sheirbhíseach i bpríosún fá dheich sgillinge tar éis an rí do mhaitheamh
míle punta dó féin in san móimeint roimhe sin. Dá maitheadh an duine mí-thrócaireach so na deich sgillinge mhaithfeadh an rí na deich míle punta dó. Acht mar nár mhaith seisean an tsuim bheag, ní mhaithfeadh an rí an an tsuim mhór dó-san, agus mar sin, an bhreith thug sé tugadh air féin arís í. Do chuir seisean a chomrádaidhe i bpríosún fá dheich sgillinge, agus dá dhruim seo, tógadh a mhaoin agus a shubstaint, díoladh a bhean agus a chlann, agus cuireadh é féin ar feadh a shaoghail i bpríosún faoi an uile shórt bochtanacht agus anró. An ní céadna d'éirigh don fhear so, éireochaidh do gach aon dhéanfas aithris air. Acht muna ndéanaidh sibh-se trócaire ar bhur gcóimh-chréatúir, deir Críost in san áit chéadna, ní dhéanfaidh mise trócaire ar bith oraibh-se. An uair nach maithfidh sibh-se na deich sgillinge, is é sin an choir bheag ghníthear in bhur n-aghaidh, ní mhaithfidh mise na deich míle punta, is é sin an choir mhór doghníthear i m'aghaidh-se. Acht atá so do dheifir idir mise agus sibh-se, ní thig libh-se díoghbháil do dhéanamh acht don gcolainn, agus go dtabhar- faidh mise an uile shórt pian don chorp agus don anam ar feadh na síorraidheachta. Acht, mar sin, a chríostaidhe, agus an connradh atá idir Dia agus an duine, má mhaitheann tú maithfear duit. Agus cuiridh tusa séala ar an margadh so comh minic is deir tú do Phaidir, comh minic is deir tú: "Maith dhúinn ár bhfiacha do réir mar mhaithimid gach fiacha agus gach coirthe ghníthear i n-ár n-aghaidh." Má bhriseann tusa an margadh seo, má bhíonn tú danardha cruadálach neamh-thrócaireach le do chomharsain, beidh Dia díbheirgeach, díoghaltach, neamh- thrócaireach leat. Déarfaidh sé leat le linn do chruadhtain agus do chruadh-cháis, le linn do bháis agus do bhreitheamhnais, nach tusa an duine malluighthe do bhí neamh-thrócaireach le do chomharsain, nach é stuidéar do bhí agat caidé an modh a ndéanfá díoghaltas agus dolaidh dóibh; an é nachar mhaith
mise go minic dhuit do mhór-choirthe, agus an maithfeá-sa ní dá laighead do do chóimh-chréatúir mar gheall orm-sa? Gheobhaidh tú anois slat de do mhiosúr agus de do thomhas féin; imthigh romhat in sna boirb-theintibh úd atá dá n-ull- mhughadh don diabhal agus do gach aon doghní aithris air. Ó, a chríostaidhe, nár leigidh Dia go dtuillfeá an t-iom- ordughadh sin. Má bhí tú daothamhail danardha go dtí so, bí feasta carthannach trócaireach. Déan so mar umhlacht do Chríost. Déan é mar ghrádh ar Dhia. Déan é le eagla roimh na móir-phianta úd ifrinn, nó ar a laighead, mar gheall ar an luach saothair atá le fagháil agat in san tsaoghal eile, ní atá mise d'iarraidh díbh-se agus dom féin. I ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh Amen.
An Ceathramhadh Seanmóir. AR AN bhFAOISIDIN. Do bhí timcheall an tobair seo uimhir mhór do dhaoinibh tinne, do dhallaibh, do bhacachaibh, agus do dhaoinibh bochta, ag a raibh a mbaill uile searguighthe tirim le parailis, ag súil le corrughadh an uisge. (Briathra léightear ag Eoin ins an gcúigeadh caibidil, an treas rann). IS miorbhaileach an tobar é seo do bhí le taobh cathair Ierusalem. Is mór an buaidh agus an bhrígh seo do bhí i n-a chuid uisge. Thigeadh aingeal as na flaitheasaibh i n-am áiridhe don lá agus chorruigheadh an tobar so, agus cibé duine is luaithe tumthaoi in san tobar tar éis a chorruighthe leigheastaoi é gan mhoill ón uile shórt galar agus easláinte. Ní neamh-chosamhail, a cháirde, an tobar so le sacramaint naomhtha na faoisdine, ar an adhbhar, do réir mar nach raibh maith i n-uisge an tobair úd, acht muna dtigeadh aingeal dá chorrughadh, mar an gcéadna ní fhuil maith in san fhaoisidin acht muna dtigidh aingeal Dé, is é sin na grása neamhdha ag corrughadh agus ag spreagadh coinsias an pheacaigh; agus do réir mar leigheasadh uisge an tobair úd gach easláinte do bhíodh ar an gcolainn, leigheasfaidh tobar miorbhaileach na faoisdine an t-anam ó gach lubhra, ó gach loit, agus ó gach easláinte mharbhthaigh bhíos air. I measc an iomad daoine tinne do bhí fá bhruach an tobair úd Ierusalem, ní fhaicim Críost ag leigheas aon duine aca
acht aon duine amháin do bhí i bparailis marbhthaigh ar feadh ocht mbliadhain déag ar fhichid, agus chím an ní céadna ag tuitim amach ag tobar glórmhar na faoisdine; chím na mílte duine ag teacht go laetheamhail chum na sacramainte seo, ag súil le leigheas d'fhagháil ar easláinte a n-anam, acht is é chím iad ag filleadh ar a n-ais agus a gcneadha níos baoghalaighe ná mar do bhí siad roimhe. Caidé is ciall dó so a cháirde? An é sin le rádh nach bhfuil oiread luaigheachta ag an fhaoisidin anois agus do bhí innte i dtús na hEag- laise, nó gur chaill sí a brígh anois, nuair is mó a riachtanas? Arbh' fhéidir faoisidin nó aithrighe do bheith ariamh níos riach- tanaighe ná ar an uair seo, nó arbh' fhéidir lubhra an pheacaidh do bheith ariamh níos leitheadaighe ná ar an uair seo? An raibh i n-am ar bith ariamh na bréaga níos iomadamhla, na mionna móra níos minicighe, drúis agus adhaltranas níos madramhla, craos agus meisge níos mó i bhfaisiún, gadaidh- eacht, éagcóir agus leathtrom na comharsan níos coitchinne idir an uile shórt drong daoine ná ar an uair seo? Ó, ní raibh, a cháirde. Acht i measg an aois ghalair úd bhí ag bruach tobair Ierusalem, chím cuid díobh bacach, cuid dall, agus cuid eile ag a raibh a mbaill críon tirim ón easláinte, agus is é mheasaim gur fíoghair agus sompla iad ar an muintir thig go laetheamhail chum faoisdine, mar dhaill, is é sin nach léir dóibh a bpeacaidh de bhrígh nach gcuartuighid agus nach sgrúdaid a gconsias, mar bhacaigh, de bhrígh go ndéanaid faoisidin cham bhacach ag folach agus ag ceilt cneadh a n-anma, agus do-chím iad ag teacht gan dólás, gan tuirse, le croidhe tirim seargtha, mar an mhuintir úd an parailise. So an t-adhbhar, a cháirde, fhágas an fhaoisidin an iomad gan toradh gan tairbhe. So an ní bheireas ar thobar miorbhaileach na haithrighe gan cneadha ár n-anma do leigheas, agus so an ní ar ar mian liom-sa trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn in trí pointibh. Bídh an fhaoisidin gan tairbhe nuair
do-ghníthear í gan sgrúdadh coinsias, sin an chéad phoinnte. Bídh sí gan tairbhe nuair nach aithristear na peacaidh go hiomlán, sin an dara pointe. Bídh sí gan tairbhe nuair nach ndéantar í le dólás agus le tuirse chroidhe, sin an treas poinnte. An chéad phointe: Amhail agus mar atá na mílte gné aicíde ag brath ar an gcolainn thairngeas í chum na huaighe atá, mar an gcéadna, míle gné peacaidh ag brath ar an anam, thairngeas í go hifreann. Acht atá so de dheifir idir aicídeacha an chuirp agus an anma, nach lia aicíd chorpordha ann ná leigheas fá leith orra, acht i n-aghaid gach loit agus gach aicíde thig ar an anam d'órduigh Críost sacramaint na faoisdine amháin mar leigheas agus mar íocshláinte. Íocshlainte í seo, adeirim, ar nach sáruigheann easláinte ar bith dá bhaoghlaighe, marbhadh, goid, slad, losgadh mainis- treach agus teampall. Déan gach gníomh ar olcas, déan an fhaoisdin, acht déan í mar is cóir agus do-gheobhaidh tú párdún agus maitheamhnas ó Dhia ionnta. Ná glac m'fhocal- sa air seo, a chríostaidhe, acht glac focal Chríost ag Eoin, ins an bhficheadh caibidil, mar a ngeallann don Eaglais, i bpearsain na n-easbal nach bhfuil peacadh ar bith do mhaith- feadh siad-san ar talamh nach maithfeadh seisean in sna flaitheasaibh. Maiseadh, do réir mar is leigheas éifeachtach an fhaoisidin i n-aghaidh nimhe an pheacaidh, is leigheas i atá chomh riachtanach sin ag an anam ar mhodh dá roinnfeadh an peacach a shub- staint uile ar na bochtaibh, dá silfeadh sé deóra fola le aithreachas, dá dtroisgfeadh sé ar feadh a shaoghail, dá mbeith sé ag urnaighe nó go gcaitheadh a theanga, so agus a mhíle oiread dá ndéanfadh sé, ní fhuil maith ná tairbhe dó ann gan an fhaoisidin, má tá i n-a chumhacht a déanamh. Agus muna gcreididh tú mise annso, creid an dochtúir naomhtha Aguistín ag dearbhadh nach bhfuil gar i ndólás an chroidhe acht muna raibh admháil an bhéil i n-a aice.
Dá mbeimis saor uile ó pheacadh, ní bhiadh sacramaimt na haithrighe riachtanach againn. Acht mar nach lia duine ar an tsaoghal so ná peacach, ní thig le aon duine a rádh go bhfuil sé saor ó oibliogáid agus ó ualach na haithrighe. Is deimhin go dtéid an iomad chum faoisdine, acht fairíor, is beag aca gheibh a toradh. Bídh siad mar na daill úd an tsoisgéil, ag súil le leigheas ar bhruach an uisge, acht ní léar dóibh an tobar. Téid siad ar seilbh faoisidin do dhéanamh, acht ní dhéan siad í acht go hanbhfann easbhaidheach; ní bhíonn aca acht taidhbhse agus sgáile na faoisdine. Ó, ná mealltar tú, a pheacaigh; ní sgriosann faoisidin mar seo an peacadh, acht a mhéadughadh; ní thairngeann grádh Dé orainn, acht a fhuath: ní dhéanann ár síothcháin leis, acht a fhearg do mhéad- ughadh, ar an adhbhar, do réir mar nach nglacann fear na bhfiacha airgead bréige uainn mar dhíolaidheacht, mar an gcéadna, ní ghlacann Dia faoisidin fhuar fhallsa bhréagach uainn mar éiric i n-ár bpeacadhaibh. Maiseadh, nach faoisidin bhréige do-ghní an té atá tugtha d'ól agus do mheisge, do bhréagaibh agus do mhionnaibh móra, do-ghní míle smuaineadh drúiseamhail salach, agus nach stadann ó n-a gcur i ngníomh, nach stadann a lámh ó ghlacair- eacht truaillighthe, nó a bhéal ó phógaibh mailíseacha, nach dtig smuaineamh i n-a intinn acht ar an tsaoghal, atá díorraisge feargach díoghaltach? Tar éis beathadh mí-riaghalta den tsórt so, tar éis bheith bliadhain b'fhéidir agus tuilleadh gan faoisidin, an féidir leis an fhear so, i móimeint nó dhó de sgrúdadh coinsiais, na móir-pheacaidh seo do choimsiughadh nó a gcur i n-órdughadh, ionnas go mb'fhéidir leis a gcur síos dá oide faoisdine? Ó, ní féidir; acht muna nglacaidh sé aimsir thairis seo chum a choinsias do chuartughadh, ní dhéan sé faoisidin acht faoisidin lochtach, bhíos gan bhrígh gan toradh gan tairbhe. An té ghní faoisidin mhinic, choinnigheas gárda ar a chéad- faidh, sgrúdas a choinsias gach oidhche, ionnus go ndéanfadh
aithrighe in gach olc rinne an lá sin, bídh i n-a dhéidh seo agus uile, crith cos agus lámh air ag dul ar a choinsias ar cheaiste nach nglanfadh é i gceart. Maiseadh, cadé éireóchas don té leigeas srian le n-a ainmhiantaibh, nach stadann ó gach olc, nach smuaineann ar an bpeacadh nó go dtí an moimeint úd théid sé chum faois- dine. Ó, atá, go gcuireann sé síos go minic an ní nach ndéan sé, agus nach gcuimhnigheann ar leath a ndéan sé. Ní léar dó na móir-shléibhte úd atá ar a choinsias. Bídh sé mar na daill úd an tsoisgéil, ag súil le cabhair le linn cor- ruighthe an uisge, acht is é gheibh sé go minic i dtobar na ngrás a dhamnughadh go síorraidhe. Cuir coiste i n-a shuidhe ar do choinsias, deir an dochtúir naomhtha Aguistín. Ná fág clúid ná coirnéal de gan chuartughadh, ní go fuar ná go fallsa, ní go spadánta ná go hathmhaol. Dearc ar gach droch-smuaineamh rinne do chroidhe, ar gach droch-fhocal adubhairt do theanga, ar gach droch- ghníomh rinne tú i n-aghaidh Dé nó do chomharsan. Tar éis a n-áireamh agus a gcur i n-órdughadh, sgéith iad ag barra na faoisdine. Ná ceil aon pheacadh aca thríd náire nó mailís, nó má ghnír, ní bheidh brígh in t'fhaoisidin, acht is é mhéadóchas tú do pheacaidh, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh in san dara pointe. An dara pointe: Is é is faoisidin ann, a chríostaidhe, casaoid ghní an peacach air féin le Dia i bpearsain sagairt, ag a mbíonn cumhacht absolóid nó párdún thabhairt dó i n-a choirthibh. Maiseadh, má's casaoid í, is cóir a déanamh le sagart ag a mbeidh cumhachta faoisidin d'éisteacht. Caidé bheir sinn dá déanamh go minic le ruagaire reatha, le sean-bhuachaillíbh nó le strainnséiríbh? Dá mbeith loit nó tinneas marbhthach ar do cholainn, ní hé an liaigh is measa do thoghfá chum do leigheas, agus toghaidh tú an liaigh is táire agus is measa chum cneadha díoghbhálacha t'anma do leigheas, agus nach móide go mbíonn ughdarás nó cumhachta ón
Eaglais aca absolóid thabhairt duit. Bheir tú le tuigsin leis seo gurab annsa leat do cholann ná an péarla uasal, t'anam, agus go bhfuil tú neamh-shuimeamhail in do shlánughadh. Má's gearán an fhaoisidin do-ghnímid orainn féin caidé bheir sinn, i n-áit casaoide, ag gabháil ár leithsgéil? Caidé bheir sinn ag cur clóca agus athrughadh dath ar ár bpeacaidhibh? Cad as nach nochtamaoid créachta ár gcroidhe do liaigh ár n-anama má atá súil againn leigheas d'fhagháil uaidh? Chífidh tú an iomad bhíos mí-riaghalta lochtach nach mbíonn le admháil aca nuair thig siad chum faoisdine acht neithe éadtroma suaracha, agus ma chreideann tú a sgéal féin, ní hiad is cionntach in san olc do-rinneadh, acht fágaid, go furmhór, a throm ar dhuine éigin eile. Má bheir siad mionna móra, ní raibh ann acht le linn lasáin nó feirge, agus is iad an chlann nó an chomharsa do bhain asta iad. Má bhí siad i bhfad i dtigh an óil, ní de gheall ar an digh, acht i ngeall ar an gcuid- eacht, d'éirigh sin dóibh. Ma chuir siad breis ar an gcomhar- sain i n-a gclú nó i n-a maoin, ní raibh sé acht éadtrom. An ní céadna d'éirigh do na bacachaibh úd bhí ar súil le leigheas le taobh tobair Ierusalem agus nach bhfuair é, éireóchaidh don druing seo thig le faoisidin bhacaigh go barra na Tríon- óide. Má thig leo leis na leithsgéalaibh cama só clóca do chur ar shúilibh an tsagairt, atá a ndúil i n-a chur ar shúilibh an áird-bhreithimh, chí, ní hé amháin an droch-ghníomh, acht fós an smuaineamh is uaignighe agus is seicréidighe i n-a gcroidhthibh. Is ní gnáth don mhac-tíre, nuair théid sé fan tréad, breith ar sgórnaigh ar an gcaoirigh agus an teanga do ghearradh aisti gan mhoill ar cheaiste go ndéanfaidh sí méileach nó tormán do mhúscóladh an tréadaidhe bhéarfadh cabhair di. Mar an gcéadna do ghní an mac tíre gan trócaire, an diabhal, leis an iomad agus go speisialta le daoinibh óga claonnáireacha ag dul chum faoisdine, ar cheaiste go músg- óladh siad tréadaidhe an anma, Criost, le na ndeóraibh nó
le n-a n-osnadhaibh, beir sé ar sgórnaigh orra, cuiridh glas ar a dteangthaibh, ar mhodh nach nochtaid a gcroidhthe, ceilid locht a n-anma, do-ghní siad bréag le Dia agus ní le duine. Agus má atá nach ndéan Dia sompla follus díobh ar an láthair, ag fagháil bháis obainn mar fuair Ananias agus Saphira, de chionn gur cheil siad luach an fhearainn do bhronn siad ar na heasbalaibh, gheibh siad ar a shon, bás is measa míle uair, mar atá, a ndamnughadh go síorraidhe. Ní aon bhuntáiste amháin ghlacas an mac-tíre malluighthe seo ar an duine, acht an iomad. An náire ba chóir dó bheith air fá gníomh glonnmhar salach mar an bpeacadh do dhéanamh, goididh sé uaidh í; acht chomh luath is do ghní sé an peacadh agus gur mian leis a innsin don tsagart bheir sé ar ais an náire dó go dúbalta, ar mhodh an peacach so rinne an droich-ghníomh gan náire, gan cotughadh, nuair is éigin a admháil, ní leigeann an náire dó a innsin don liaigh, agus gan leigheas i ndán dó gan a innsin. Ó, a pheacaigh bhoicht, fosgail do shúile agus seachain líonta an spioraid mhalluighthe seo. Sgéith nimh an pheacaidh as do chroidhe gan mhoill nó bhéaraidh sé bás do d'anam. Nocht go fosgailte gan fuigheall gan leithsgéal cneadha d'anma, acht nocht iad le croidhe-bhrúghadh agus tuirse, nó beidh siad gan leigheas, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh in san treas pointe. An treas pointe: An té le ar mhian iodhbairt do dhéanamh don Tighearna in san tsean-reacht, do réir mar léighmid i leabhar Lebhiticus, bhaineadh an craiceann de mhart nó de bhulán, nigheadh an fheoil go glan ag uisge, agus tar éis a gearrtha i n-a mion-spólaíbh, chuireadh ar an altóir í; chuireadh an sagart a lámh ós a ceann, chuireadh teine fúithi, agus loisgeadh í. Do ghníodh íodhbairt de'n tsórt so síothcháin an phobail le Dia, mhaoluigheadh a fhearg, agus thionntuigheadh gach sgiúrsa uatha. Mar an gcéadna gach peacach le ar mhian a shíothcháin do
dhéanamh le Dia, déanadh sé iodhbairt dá anam ar altóir na faoisdine, acht sgriosadh sé di ar dtús an sgamall salach agus sean-chraiceann seargtha an pheacaidh: nigheadh sé í go glan le trom-dheoraibh na haithrighe; déanadh sé mion- spólaí di le croidhe-bhrúghadh agus dólás intinne fá fhearg do chur ar Dhia. Agus ag cur a láimhe don tsagart ós a chionn ag rádh na mbriathar úd ego te absolvo, déanfaidh an t-Athair síothcháin leis, saorfaidh é ón móir-dhíoghaltas do bhí i n-a cheann, múchfaidh na borb-theinte úd ifrinn bhí ar lasadh fa n-a chomhair, deargfaidh teine na ngrása i n-a chroidhe, déanfaidh sé a anam, bhí chomh dubh glonnmhar leis an diabhal, chomh lonnrach deallrach le aingeal. Is féidir leis an dólás so atá riachtanach ag an fhaoisidin bheith ag an duine ar dhá mhodh; an chéad mhodh díobh, nuair a thaisbeánas sé a thuirse agus a dhubhrón an taobh amuigh le n-a dheóraibh agus le n-a osnadhaibh, an dara modh nuair ghoilleas air ó chroidhe an peacadh do dhéanamh ar son nach dtaisbeánann é an taobh amuigh. Atá an chéad dólás díobh so ionmholta agus ró-thairbheach, acht ní fhuil sé riachtanach, de bhrígh nach é gach aon le dtig a dheór do shileadh nuair ba mhian leis. Acht atá an dara modh, is é sin dólás an chroidhe, chomh riachtanach sin in sacramaint na faoisdine, ar mhodh muna raibh tuirse agus dólás an chroidhe i n-a haice, nach faoisidin í, acht faoisidin mhagaidh, faoisidin gan bhrígh gan toradh. Uch, a cháirde, caidé a laighead agaibh thig ar an uair seo chum faoisdine le dólás ceart? Caidé a mhéad agaibh do- ghní aithris ar lucht parailise an tobair thig ar bhur gcunntas le croidhe críon tirim? Caidé a mhéad agaibh théid chum faoisdine gan athmhaoltas gan criothnughadh, amhail agus mar bheith sibh ag dul i gceann gnóthaí saoghalta. Measaidh sibh gur lór díbh bhur bpeacaidh do chur síos ar sgáth dóláis nó tuirse croidhe; ní bhíonn a leithéid de chúis ann, ní is furas d'aithniughadh ar a olcas do-ghní sibh bhur mbeatha do
leasughadh tar éis faoisdine, agus ar a éasgaidheacht is thuiteas sibh in sna corthaibh céadna i n-a raibh sibh cionntach roimhe. Nach bhfaicimid go laetheamhail lucht na mionn mór chomh leigthe chum an pheacaidh seo tar éis faoisdine agus bhí siad ariamh roimhe? Nach bhfaicimid lucht na drúise chomh claon chum an pheacaidh seo i ndiaidh faoisdine agus bhí siad ariamh roimhe? Nach bhfaicimid lucht na mealltóireachta agus na gaduidheachta chomh leigthe chum cuid na comharsan tar éis faoisdine agus bhí siad ariamh roimhe? Caidé is ciall dó so, a cháirde? Ó, atá, easbhaidh dóláis do bheith orra ó chroidhe. Dá mbeith fuath díreach aca ar an bpeacadh do réir mar órduigheas an aithrighe fhírinneach, níor bh'eagal dóibh tuitim ann chomh luath so. Acht caidé éireóchas don mhuintir seo bheir easonóir don fhaoisidin ag dul ar seilbh a déanta gan ullmhughadh gan dólás? Nó caidé éireóchas don mhuintir gheallas go minic do Dhia le linn faoisdine cúl do thabhairt don bpeacadh agus a mbeatha do leasughadh? Ó, atá, an tsacramaint seo d'órduigh Críost chum a beith i n-a híocshláinte ag an anam go dtionntuigheann sí chum a beith i n-a nimh marbhthaigh aici. Do-ghní Dia foighid leó, mar adeir an fáidh ríogh- amhail, ar feadh tamaill, acht bheir sé iad chum cunntais fa dheireadh; amhail is mar déarfadh sé: An mhuintir seo, doghní bréag liomsa anois agus gheallas a mbeatha do leasughadh agus nach ndéan é, éistfidh mise leó ar feadh tamaill, leigfidh mé ar a n-aghaidh iad in san olc, acht tiocfaidh an t-am i n-a gcuirfidh mé iad i n-a bpríosún duimsigh dorcha, mar nach mbeidh de chuideachta aca acht diabhail agus deamhain, nach gcluinfidh a gcluasa acht mall- achta agus dia-mhasladh, nach mbeidh de bhiadh aca acht teine, ruibh agus nathracha nimhe, nach mbeidh de dhigh aca acht domblas, gafann agus gach ní dá sheirbhe, mar a mbeidh teinte dá losgadh, teanachra dá stracadh, diabhail dá súis- triughadh, nathracha nimhe dá n-ithe, agus sin uile gan
fóirthin ná fortacht chomh fhada is bheas Dia ag caitheamh na glóire. Ó, a chríostaidhe, ar a raibh de mhí-fhortún tuitim i lubhra an pheacaidh, ná codail ar chneadh d'anma, imthigh gan mhoill go tobar na ngrása chum faoisdine mar a bhfuighidh tú íoc- shláinte i n-aghaidh gach lubhra agus gach loit. Ná habair mar an duine bocht úd an tsoisgéil, nach bhfuil duine agat chuir- feas ins an tobar tú. So Íosa Críost i gcrann na croiche agus a lámh sínte fá do chomhair chum do ghlactha chomh luath agus thionntóchas tú air. So aingeal Dé, an eaglais, réidh chum an uisge do chorrughadh fá do chomhair. Tar mar sin, le dóchas agus le misnigh, acht tar le dólás agus le tuirse croidhe, admhuigh do pheacaidh gan leithsgéal gan fuigheall, agus gheobhaidh tú ó Dhia leigheas na ngrás ins an tsaoghal so agus an ghlóir shíorruidhe ins an tsaoghal eile. Amen.
An Cúigeadh Seanmóir. AR RIACHTANAS NA hAITHRIGHE AGUS AR A hÉIFEACHT. Acht muna ndéanaidh sibh an aithrighe, beidh sibh uile caillte. (Briathra Chríost ag Lúcás in san treas caibidil déag, an treas rann). NUAIR ba mhian le aithreachaibh naomhtha an tsein-reachta a lucht éisteachta do ghluaiseacht chum aithrighe, i n-áit sean- móir nó briathar, do ghníodh siad úsáid do ní éigin uath- bhásach chum croidhthe an phobail do chonscradh. Cheangluigheadh cuid aca iad féin le slabhraidhibh, agus chuireadh cuid eile aca saic gharbha ar a gcneis, luathramhán ar a gceann, agus leigeadh siad na huile ghártha gola asta i bhfiadhnaise an phobail, ionnus go ngluaisfeadh iad chum truaighe agus tuirse. So an tslighe ghlac an fáidh naomhtha Ieremias chum an phobail Eabhra do ghluaiseacht chum aithrighe anallód. Do mheas, gan amhras, na daoine naomhtha so nachar mhór dóibh úsáid do dhéanamh do ní éigin eile bheith ní ba bhríogh- mhaire agus ní ba éifeachtaighe ná briathra chum croidhe cruaidh an pheacaigh do chonscradh. Maiseadh, ar a shon so, déanfaidh mise úsáid indiu do mo chaint, mar shúil go dtiocfadh liom sibh-se, a cháirde, do ghluaiseacht chum aithrighe. Acht do bhrígh go dtuigim gur lag an baránta mo bhriathra féin amháin chum so do dhéanamh, glacfaidh mé mar chuidiughadh na briathra bagracha úd Chríost, ag tabhairt fuagra don domhan, acht muna ndéanadh siad an aithrighe, go raibh siad
uile caillte. Agus, ar ndóigh, is duine gan mhothughadh nach ngluaisfeadh na briathra úd chum dóláis agus aithrighe. Thug Dia dá chlár don duine chum a thabhairt sábháilte go cuan parrthais tríd fhairrge bhaoghalaigh an tsaoghail seo mar atá, clár an bhaistidh agus clár na haithrighe. An té nachar thruailligh agus nachar shaluigh a choinsias le peacadh ar bith ó baisteadh é, bhéarfaidh an chéad chlár sábháilte é go longphort na glóire; acht duine ar bith shaluigh leis an an bpeacadh aibíd na ngrása fuair sé le linn baistidh, ní fhuil slighe ar bith ná meadhón aige le é féin do shábháil ar bháthadh agus ar dhamnughadh síorraidhe acht an aithrighe. Is ar an oibliogáid seo is mian liomsa trácht indiu, tar éis mo chomhrádh roinn in dá phointe. Atá an aithrighe riachtanach ag an uile dhuine thuiteas i bpeacadh marbhtha tar éis baistidh, sin an chéad phointe. Atá an aithrighe bríoghmhar tairbheach, sin an dara pointe. An chéad phointe. Nuair bhíos an cholann, a cháirde, i n-easláinte nó i dtinneas, ní théid oileamhain ná beatha ar bith chum sochair di. Mar an gcéadna, nuair bhíos an t-anam i n-easláinte marbhthaigh an pheacaidh, ní théid deigh-ghníomh ná subhailce ar bith chum sochair di do thaobh na beathadh síorraidhe gan an aithrighe. Is iomdha cluain ag an aidhbheirseóir, is iomdha cealg ag an tsaoghal, is iomdha anmhian atá, faraor, ag an gcolainn le ar dtarraing chum an pheacaidh, acht ní fhuil slighe ar bith againn le n-a fhágáil acht an aithrighe. Cibé rachas go Doire nó go Baile Átha Cliath, is iomdha bealach is féidir dó do dhéanamh, acht an peacach thriallas go cathair na naomh, go parrthas neamhdha, ní fhuil acht aon ród, aon tslighe, aon bhealach amháin aige le bualadh, is é sin, bóthar garbh na haith- righe. Maiseadh, má chreidid na peacaigh an fhírinne seo, is uathbhásach go leigeann an eagla dóibh an peacadh do dhéanamh agus is iongantaighe ná sin, i ndiaidh a dhéanta, go ndéanaid
fad-chomhnuidhe ann. Is eagal liom gur easbhaidh creidimh bheir orra bheith chomh dána so ag déanamh an pheacaidh agus chomh spadánta so ag déanamh na haithrighe, agus dá bhrígh sin, is mian liom an fhírinne dhiadha so chruthughadh anois, ar an adhbhar, is daoine caillte sibh muna gcreididh sibh í, agus is daoine caillte sibh muna gcuiridh sibh i ngníomh í. An Dia céadna deir linn nach slánóchar sinn gan creideamh, deir linn go bhfuilmid caillte gan an aithrighe. Ní abair sé: acht muna ndéanaidh sibh an aithrighe, beidh sibh mí-fhortúnach in san tsaoghal so, rachaidh sibh go purgadóir, ní bheidh oiread den ghlóir shíorruidhe agaibh i bhflaitheamhnas is bheas ag daoinibh eile; acht is é adeir sé: muna ndéanaidh sibh an aithrighe, déanaidh maith don tsaoghal so, ar son an tsaoghail eile atá le teacht, atá sibh réidh le n-a shonas; ní fiú sibh dul go purgadóir féin; ifreann bhias i n-a ionad comhnuidhe agaibh, daimeóntar sibh uile, pianta síorraidhe dlighthear dhíbh ar son bhar neamh-aithrighe. Thug Dia aithne speisialta d'Eoin Baistidh ag teacht as an bhfásach an aithrighe do sheanmóir do na daoinibh, ní do- rinne sé go dúthrachtach. Tháinig Mac Dé féin i n-a dhéidh agus is ar an aithrighe rinne sé a chéad sheanmóir. Ní raibh eagla air go ndéarfadh an pobal ithiomráidhteach leis: is í an tseanmóir chéadna bhí ag Eóin Baistidh atá ag an fhear so; cad as nach n-abair sé ní nua linn; atámuid tuirseach don tseanmóir seo. Níor chuir an seanmóntaidh diadha so áird ar a leithéid seo de chaint. Is mó do dhearc sé ar an riachtanas ná ar an mian éigcríonna do bhí aca. Is í an tseanmóir chéadna d'órduigh sé do na heasbalaibh do dhéanamh, agus is leis an tseanmóir seo do thionntuigh siad chum creidimh an domhan uile. Caidé dhéanfam? adeir an an pobal le Peadar, Domhnach Cingcíse. "Déanaidh an an aithrighe": sin críoch agus deireadh do chuir sé ar a shean- móir. Is í an chríoch chéadna chuir Pól ar a dhíospóireacht le
feallsamhnachaibh págánta na hAithne. Ionnus go gcuir- feadh sé i n-umhail dóibh gur díomhaoin a raibh do thuigse agus d'áird-eólas aca, muna raibh fios aca an aithrighe do dhéanamh, "atá Dia," adeir sé, "ag tabhairt sgéala don uile dhuine agus in gach áit an aithrighe do dhéanamh," amhail is mar déarfadh sé, "ní slánóchar sibh, an págánach ná an críostaidhe, an feallsamhnach ná an neamh-eolach, an rí ná an t-impire, an máighistir ná an searbhfónta, an tuata ná an t-eaglaiseach, gan an aithrighe. Duine ar bith chuir a chúl le Dia ag déanamh an pheacaidh, ní fhuil a atharach so do shlighidh aige le filleadh ar Dhia, agus má ghlacann sé a atharach do bhealach, beidh sé ar seachrán síorruidhe ó fhlaitheas agus is é ifreann deireadh a chúrsa. Fiafraigh do na haithreachaibh naomhtha tháinig rómhainn, agus léigh gach mór-obair do sgríobhadar, ní fhuighidh tú taobh ná duilleóg ionnta nach dtráchtann ar riachtanas na haithrighe, agus dá bhrígh sin, do bhídís ag seanmóir na haithrighe ar feadh a mbeathadh le briathraibh agus le gníomh. Deir na diadhairí an ní céadna. Dearbhaidh Naomh Tomás nach féidir an peacadh marbhtha do scrios gan an aithrighe. Má's lag leat an t-ughdarás so, a chríostaidhe, éist le Comhairle Thrionta, bhí ar n-a stiúradh leis an Spiorad Naomh, i n-a raibh corradh agus trí chéad easbog as gach uile rann don domhan catoilice, bhí i n-a suidhe naoi mbliadhna déag le órdugadh an Phápa. Bhí an aithrighe, deir siad, riachtanach ag an uile dhuine, ó thús an domhain, do thruailligh a anam leis an bpeacadh marbhtha chum na grása agus an fhíréantacht d'fhagháil ar ais. Is féidir peacadh marbhtha do mhaitheadh gan sacramaint Chuirp Chríost; is féidir a sgrios gan absolóid; is féidir a dhíbirt gan sacramaint ar bith, nuair nach mbeidh faill ag duine a nglacadh; acht níor maitheadh ariamh, agus ní maithfear go bráth, peacadh marbhtha ar bith gan an aithrighe. Cuir i gcás go bhfuil tú i leabaidh an bháis; ní fhuil sagart
le fagháil bhéarfadh an absolóid duit, bhéarfadh do Thighearna dhuit, do chuireadh an ola ort; scairt ar Dhia, agus sgairt air ó chroidhe; déan an aithrighe, acht déan í mar is cóir; déan í ar ghrádh Dé; bíodh dólás ort fá do pheacaidhibh, an méid go bhfuilid i n-aghaidh maitheas agus naomhthacht Dé; bíodh fonn ort sagart do bheith agat, dá mbeith ar do chomhachta; maithfidh Dia do pheacadh duit; rinne tú an aithrighe; ní raibh a atharach do bhealach agat chum maitheamhnas d'fhagháil, agus dá bhrígh sin, beidh tú sona séanamhail ar feadh na síor- raidheachta. Do bhí duine naomhtha ar an bhfásach darbh ainm Macharius do gheall do na díthreabhachaibh eile bhí ar an bhfásach go ndéanfadh seanmóir dóibh lá áiridhe. Tháinig sé chum na háite an lá do gheall, agus is é tús do chuir sé ar a shean- móir, na srotha deór do dhortadh go líonmhar fairsing. Agus nuair do-chonnairc sé go raibh iongantas orra fa é do bheith ag leanmhain don ghoil sin, agus gan aon fhocal amháin do labhairt, dubhairt sé fá dheireadh na briathra so, "Déanam- aois aithreachas, a dhearbhráithreacha; bímís ag síor-ghol go géar anois d'eagla go mbeimid ag caoi agus ag gol ar feadh na síorraidheachta." Ná bíodh amhras agaibh, a cháirde, gur thuit ceatha deór ó shúilibh na ndaoine naomhtha so, ag clos na mbriathar so. Bídh cinnte gur mó d'oibrigh deóra Macharius orra ná dá mbriseadh sé a chliabh agus a ucht le seanmóir dóibh. Dá dtiginn-se chugaibh-se indiu, a cháirde, le n-a leithéid seo do sheanmóir, is eagla liom gur beag oibriughadh dhéanfadh sí ar bhar gcroidhe cruaidh clochach-sa. Is deimhin gur beag agaibh shilfeadh a dheór. Agus cad chuige sin? Atá, mar nach bhfuil an creideamh beó láidir agaibh-se bhí ag an muintir úd. Creideamh lag fann atá agaibh, ar an adhbhar, dá mbeith creideamh na naomh agaibh, an féidir go mbeith sibh comh neamhchúramach fá bhar n-anam agus atá sibh? Dá gcreidfeadh sibh, mar iad-san,
nach dtéid aon duine go parrthas bhrisfeas na haitheanta, muna ndéanaidh sé aithrighe, ní féidir a rádh go mbeith sibh comh failligheach in a déanamh agus atá sibh. Ní tháinig ariamh daoine ba lugha ciall ná na naoimh seo, nó atá sibh-se ar mire. Léighimid i leabhar Iónas go dtug Dia órdughadh don fháidh seo dul go cathair Nineue, agus seanmóir do dhéanamh innte. Acht caidé an tseanmóir mheasas sibh rinne sé do na págánachaibh seo? Atá, seanmóir ghearr athchumair. Dá ndéanainn-se a leithéid díbh-se, atá ag gabháil le bheith in bhar gcríostaidhthibh, is beag, gan amhras, aithrighe dhéanfadh sibh léithe. Tar éis siubhal lae do dhéanamh in san gcathraigh seo, mar adeir an scrioptúir, do thoisigh sé a sheanmóir, agus adubhairt: "Fá cheann dá fhichid lá ó indiu, scriosfar an chathair Niniue." Sin a ndubhairt sé de sheanmóir. Ó, a mhórdhacht agus a uile-chomhachta Dé, cia le ar féidir bheith saor ó iongantas ag smuaineamh ort? Ó, is tú féin doghní uirlis do na neithibh is táire agus is uirísle le neithe móra uathbhásacha do dhéanamh ós cionn nádúra, ní is soiléir as an eisiomlár atá i láthair againn. Tháinig Iónas chum na cathrach móire seo, duine ar nach raibh eolas, duine bocht díblidhe ar nach raibh meas foghluma ná críonnachta, duine nach ndearna miorbhailte ar bith i n-a measc thaoibheóchadh meas dó. Tháinig sé, deirim, do dhéanamh seanmóra do phágánachaibh ag nach raibh eolas ná beann ar an Dia fírinneach. Mheasfadh duine gurb é freagra do-bhéar- fadh siad air, nach raibh eolus aca ar a Dhia, agus nach mó ná sin do bhí beann aca ar a bhagairt. Ó, ní hé seo freagra thug na Niniuítigh ar Iónas. Chomh luath is chuala siad na briathra úd, ghlac crith-eagla iad roimh an Dia so ar nach gcuala siad trácht go dtí sin. Chomh luath is tháinig an tseanmóir go cluasa an ríogh, thuirling sé anuas gan mhoill as a chathaoir ríoghdha, theilg a chuid éadaigh de, scairt go hárd ar Dhia, mar deir an scrioptúir, thug órdughadh do lucht na cathrach aithrighe do dhéanamh. "Troisceadh siad,"
ar sé, "idir daoine agus eallach. Cuireadh na daoine éadach róiní orra féin; agus nár ba lór leo so do dhéanamh, scairtidís ar an Dia comhachtach atá ag bagairt orainn. Cá fios nach Dia trócaireach é? Cá fios, dá gclaochlóchadh sinne ar mbeatha, nach gclaochlóchadh seisean a fhearg linn, agus nach dtiubhradh maitheamhnas dúinn agus dár gcathraigh?" Cia le ar féidir a leithéid seo d'aithrighe do chlos gan mór-iongantas do bheith air? Caidé an chuma mheasas sibh bhí ar an gcathraigh seo an uair úd? Caidé an buaidhreadh do bhí ar feadh an bhaile go hiomlán le gártha daoine agus eallaigh, leanbha ag gol agus ag caoi ag iarraidh bídh nach raibh le fagháil aca, daoine móra ag crádh a gcuirp le éad- aighibh garbha agus troscadh. Sin agaibh aithrighe na Niniuí- teach do bhí comh taithneamhach sin i bhfiadhnaise Dé, ar mhodh gur chosc Dia a lámh agus gur thionntuig uatha gach díoghaltas do bhí sé do thriall chuca. Ó, a aithrighe, a shubhailce neamhdha, cia nach ngrádhóchadh thú? Cia nach ndéanfadh thú? Is sona sibh, a lucht cathrach Nineue do-rinne aithrighe chomh éascaidh éifeachtach so nár dhearc ar uirísle an tseanmóntaidh, acht ar mhórdhacht agus ar mhór- chomhachta an té chuir dá déanamh é. Cuirim i gcás, a cháirde, go dtiocfadh seanmóntaidh chugaibhse i n-ainm Dé, agus go ndéarfadh libh go scriosfadh Dia don talamh sibh fá cheann dá fhichid lá muna ndéanadh sibh aithreachas. Cuir i gcás go ndéarfadh libh go raibh sibh ar seachrán, go raibh sibh mainneachtach i seirbhís Dé, fiafruighim díbh an ndéanfadh sibh aithrighe. Bhéarfaidh mé féin freagra ar bhur son, agus deirim, cia gur minic adubhairt an t-oide faoisdine le fear na mionn mór agus le gach aon eile do bhí tugtha do leannán ar bith peacaidh, acht muna dtugadh siad cúl dóibh agus a mbeatha do leasughadh, go raibh siad caillte, go raibh siad damanta, gurb é do-ghní siad, i ndiaidh gach rabhadh agus gach bagar, a bpeacaidh do dhúbladh agus peacadh do chur ar muin peacaidh.
Acht má atá amhras agaibh nach ó Dhia thig an t-oide faois- dine agus nach ó Dhia thig an seanmóntaidh, deirim libh gur mór atá sibh meallta, agus dearbhaim díbh gur le ughdarás agus teachtaireacht Chríost atáim féin ag teacht chugaibh indiu. Briathra Chríost atá mé d'innsin díbh. "Déanaidh an aithrighe," sin mo sheanmóir, sin mo theachtaireacht. An Dia céadna thug órdughadh do Iónas dul go Niniue, is le n-a órdughadh agus le n-a ughdarás atáimse ag teacht chugaibhse indiu. Chuala sibh an aithrighe dorinne na Niniuítigh le teachtaireacht Iónas; acht cá bhfuil bhar n-aithrighe-se; cá bhfuil bhar ndeóra; cá bhfuil bhar dtuirse? Thug Dia dhá fhichid lá do na Niniuíteachaibh le aghaidh aithrighe do dhéanamh, acht mo thruaighe, ní thig liomsa leath na haimsire do thabhairt díbhse. Ní thig liom a dhearbhadh nach mbeidh mé féin, ní áirmhim sibhse, faoi cheann deich lá in mo bhiadh piast agus cnumhóg, agus dá bhrígh sin, is cóir díbhse agus damhsa an aithrighe do dhéanamh; is cóir dúinn tionntódh ar Dhia le umhlacht agus tuirse chroidhe, agus ní bheidh fuigheall ar an tairbhe gheóbham uaidh, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in san dara poinnte. An dara poinnte: Is mór an ní do ghlacas as láimh nuair do gheallas brígh agus éifeacht na haithrighe do mhíniughadh díbh. Ní é atá do-dhéanta ag mo lag-inntleacht- sa, acht muna bhfuighidh mé cuidiughadh ón muintir do bhlais milseacht agus tairbhe na subhailce mórluaigh seo, is iad sin an mhuintir do bhí ar bhruach bheith caillte, do bhí ar bhruach bheith damanta, nó go dtugadar aghaidh ar Dhia ag déanamh na haithrighe. Má fhiafruighim don aithrigheach ríoghamhail Dáibhidh caidé tairbhe na haithrighe, déarfaidh liom gurb í do shábháil é ar ifreann, gurb iad a dheóra agus a osnaidh do leigheas an chneadh mharbhthach d'fhág peacadh an adhaltranais ar a anam agus rinne í deas lonnrach glórmhar ó n-a beith dubh gránna glonnmhar.
Má fhiafraighim do Mhuire Magdalen caidé do dhíbir na seacht ndiabhail do bhí i seilbh a hanma, nó d'árduigh í go parrthas tar éis a beathadh sgannalaighe, déarfaidh sí liom gan amhras, gurb iad trom-dheóra na haithrighe, le ar nigh sí cosa Chríost, do nigh in san am gcéadna a hanam ón uile shalchar peacaidh. Nach é an náire agus an tuirse, an t-aithreachas agus an dólás bhí ar Pheadar rinne a shíothcháin le Críost tar éis a shéanadh trí huaire? Is iad, gan amhras, agus gheóbhadh maitheamhnas do Iúdas, dá ndéanfadh an ní céadna. Ó, a shubhailce neamhdha na haithrighe dhruideas ifreann agus fhosclas parrthas, chuireas sólás ar na hainglibh agus dólás agus díbirt ar na diabhlaibh, bheireas buaidh i modh éigin ar an té ar nach féidir buaidh do bhreith, mar atá, Dia uile-chumhachtach. Ó, nach bhfaghaim ó Dhia mar ghrása aithris do dhéanamh ar Magdalen, ar Dháibhidh, agus do réir mar do leanas iad in san bpeacadh, a leanmhain, mar an gcéadna, in san aithrighe. Thug Dia órdughadh don fháidh Esechiel bríce thabhairt chuige, agus cathair Ierusalem do tharraing air, agus tar éis a tarraingthe iomshuidhe do chur léithe, agus a ballaí do réabadh agus do bhriseadh chum na talmhan. Is é chialluigheas, a cháirde, an chathair seo Ierusalem, go rúindiamharach, anam an duine, agus is é chialluigheas an t-iomshuidhe seo, d'órduigh Dia do chur leithe, an díoghaltas agus an scrios chuireas an ceart neamhdha leis an bpeacach. Acht is feasach sibh gur féidir gach ní tarrraingthear ar bhríce ghlas gan triomughadh do mhilleadh gan mhoill agus do nighe le beagán uisce. Maiseadh, más mian leatsa, a pheacaigh, an t-iom- shuidhe láidir úd atá ag ceart Dé le d'anam do thógáil, más mian leat na saighde nimhe, atá i láimh Dé chum do thollta, do sheachnadh, más mian leat imtheacht ó chlaidheamh díoghaltach an dá fhaobhar atá ós do chionn, nigh bríce t'anma le trom- dheóraibh na haithrighe. Aon deór amháin ó chroidhe, le grádh
ar Dhia agus le fuath ar an bpeacadh, maolfaidh sé na hairm millteacha úd, déanfaidh sé do shíothcháin le Dia, gheóbhaidh ar ais an bhreith dhamanta tugadh ort in san móim- éint céadna rinne tú an peacadh, agus ceangalfaidh, amhail is mar déarfainn, lámha Dé ó dhíoghbháil ar bith do dhéanamh dhuit. Ó, a dhuine shaidhbhir an tsoiscéil, dá silfeá i n-am acht aon deór amháin aithrighe, choisgfeadh sé an tart madramhail sin do-bheir ort braon beag uisce d'iarraidh ar Lasarus, chum fuarughadh do thabhairt do d' theangaidh, sgaoilfeadh sé na slabhraidhe tinntidhe sin atá in do thim- cheall, mhúchfadh na buirb-theinte i n-a bhfuil tú ag do loscadh. Bheir Dia le tuigsin dúinn i n-áit eile caidé mar bheir an aithrighe buaidh ar an cheart neamhdha, agus caidé mar gheibh sí ar ais gach breith bheir Dia i n-aghaidh an pheacaigh, i bpearsain an ríogh Esechias. Chuir Dia tinneas marbhthach ar an rígh seo mar dhíoghaltas ar son a pheacadh. Thug órdughadh don fháidh Isaias dul le rabhadh fá n-a dhéin, agus a rádh leis suidheamh do chur ar a ghnóthaibh saoghalta, agus nach raibh im- theacht ar an mbás aige. Caidé do rinne Esechias annso, a cháirde? An measann sibh go raibh imtheacht ar an mbás aige tar éis Dia do thabhairt breith bháis i n-a aghaidh? Ó, do rinne, chomh luath agus fuair sé na sgéala so, ghlac sé armus na haithrighe: bhuail a ucht; shil a dheor; d'agair agus ghuidh Dia maitheamhnas do thabhairt dó i n-a pheacadhaibh, ar mhodh nach maith bhí cúl an fháidh leis nó fuair órdughadh nua dul le sgéal chum an ríogh so, go ndearna an aithrighe do-rinne sé a shíothcháin le Dia, agus i n-áit an bháis do bagradh air, go bhfuigheadh sé arís cúig bliadhna déag mar fhadughadh saoghail. Ó, a dheóra míorbhaileacha na haithrighe, nár sileadh riamh ó chroidhe nach gclaochlóchadh sibh fearg Dé; Ó, a phéarlaí uaisle atá chomh geanamhail sin ag Dia, ar mhodh go dtugann mar luach oraibh an ghlóir shíorraidhe, is neamh-iongantach liom na haithreacha naomhtha do ghairm íoc-shláinte na n-anmann díbh, do bhrígh nach bhfuil cneadh ná loit, dá bhaoghalaighe, bhíos
ar an anam, nach leigheasann sibh. Is sibh teachtairí is fearr do chuaidh riamh ón bpeacach chum deigh-sgéalta do thabhairt ar ais. Is sibh lucht dlighidh is eagnaidhe chum cás an pheacaigh do phleadáil. Is sibh adhbhocóid is tábhachtaighe do- chuaidh ariamh i bhfiadhnaise na Tríonóide chum trócaire Dé do ghluaiseacht, chum maitheamhnas do thabhairt don pheacach. Is sibh an iodhbairt is taithneamhaighe, ó Mhac Dé amach, dár hofráladh riamh don Áird-rígh. Atá deóra na haithrighe comh muirneach measamhail sin i bhfiadhnaise Dé, ar mhodh nach áil leis a sileadh fá ócáid ar bith eile acht fá fheirg do chur air féin, agus le fuath ar an bpeacadh. Ní féidir don chríostaidhe díombuidheachas Dé do thuilleadh níos n,ó ná gol do dhéanamh fá athair nó fá mháthair, fá mhac nó fá inghin, fá bhreis nó fá leathtrom, nó fá ní ar bith talmhaidhe, acht fá na pheacadhaibh amháin. Do mheasfá, a chríostaidhe, nach raibh adhbhar ar bith is mó do bheith ag duine chum leithsgéil fá ghol do dhéanamh ná fá bhás Chríost. Maiseadh i n-áit Mac Dé do thabhairt buidheachais do na mnáibh, do bhí ag gol nuair do-chonnacadar é ag iomchar trom-ualach na croiche, agus dá chéasadh ar sliabh Calbharí, is é dubhairt sé leo, lán de mhí-stáigh, gan é féin do chaoineadh, "acht golaidh agus caoinidh bhur bpeacaidh chuir mise ag iomchar na croiche seo." An áit a ndearna Críost éagcaoin chomh mór so ar na mnáibh úd fá gol do dhéanamh fá gach masla agus mí-mhodh, fá gach trom-bhuile do sciúrsa do buaileadh ar a chorp naomhtha caidé mhéad na héagcaoine dhéanfas sé ar an mhuintir ghoileas fá an uile ní, acht fá a bpeacadhaibh amháin? Caidé mhéad na feirge bheas aige leis an mhuintir, ar a ngoileann breis saoghalta, dá laighead, níos mó ná sgarmhain le saidhbhreas na ngrása agus le n-a gceart ar pharrthas? Caidé éireóchas don mhuintir chuireas fearg ar Dhia gach uair agus gach móimeint, agus nach sileann oiread agus aon deór amháin aithrighe chum a síothcháin do dhéanamh? Ó, atá,
an té nach ngoilfidh anois ar son a pheacadh, nuair atá an an t-am aige, goilfidh agus caoinfidh sé i n-ifreann i n-an-am. Chí sibh anois, a cháirde, nach bhfuil atharach sligheadh ná bealaigh ag an bpeacach thriallas go parrthas acht bóthar garbh na haithrighe. Chí sibh gurb í an aithrighe amháin doghní ár síothcháin le Dia, nuair théighmid i dtréas air. Chífidh sibh, mar an gcéadna, má dhearcann sibh ar bhur gcoinsias, nach bhfuil aon duine agaibh nachar ól cupa agus an iomarcaidh do nimh mharbhthaigh an pheacaidh. Glacaidh, mar sin, íoc- shláinte na haithrighe, más mian libh cneadha bhar n-anmann do leigheas. Buailidh bhar n-ucht; silidh bhar ndeóra; bíodh dólás oraibh fá fheirg do chur ar an Áird-rígh. Má ghní sibh sin ó chroidhe, le rún bhar n-anam do leasughadh, gheobhaidh sibh cabhair na ngrása ó Dhia in san tsaoghal so, agus an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile. Amen.
An Seiseadh Seanmóir. AR STÁID TRUAIGHMHÉILIGH AN PHEACAIGH. Ag féachaint do Chríost ar chathair Ierusalem, do ghoil sé. (Briathra léightear ag Lúcás san naomhadh caibidil déag, an t-aonmhadh rann ar dhá fhichid.) NÍOR labhair Críost focal agus ní dhearna gníomh nach chum sinne do threórughadh ar chasán ar slánuighthe dubh- airt agus rinne iad. Is ar bhar son-sa, a cháirde, agus ar mo shon-sa tháinig Críost chum an tsaoghail seo, d'fhulaing sé buadhairt agus bochtaineacht, masla agus mí-mhódh. Is ar bhar son-sa agus ar mo shon-sa rinne sé urnuighe mhinic, ghuidh sé an t-Athair síorruidhe, chuir sé allus fola dá bhall- aibh, dhoirt sé an deór is lugha dá chuid fola i gcrann na croiche. Ag féachain indiu do Chríost ar chathair Ierusalem, ghlac tuirse agus tocht, an-aoibh agus dubrón é, ar mhodh gur réab an gol air. Agus cad chuige, a cháirde? Caidé an t-adhbhar dóláis atá ag Críost? Is ní éag- samhail, ar ndóigh, bheir ar Chríost bheith ag gol. Ó, a shúile glórmhara an tSlánuightheora, bheir sólás do lucht an dubróin ag féachain go trócaireach orra, caidé rinne toibre fíor-uisge dhíbh indiu, ag sileadh trom-cheatha deór? Tugaidh éisteacht do Chríost agus bhéarfaidh sé an t-adhbhar díbh: "Ní thig liom," adeir sé, gan bheith tuirseach, dubrónach, nuair smuainim caidé an tár agus an scrios atá ag triall chum an bhaile seo, ar son nach dtuigeann
sé é anois. Tiocfaidh an námhaid, na Rómhanaigh, gan mórán moille; cuirfidh siad iomshuidhe léithe; loiscfidh siad a teampall, an obair is breagha in san domhan; leagfaid a ballaí; brisfid a páláis agus a caisleáin; ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin cloiche dhi; ní goirfear baile di choidhche as so amach." An ní céadna d'éirigh don bhaile seo, éirghidh go lae- theamhail don bpeacach. Nuair is lugha shíleas, cuirfidh an an námhaid, is é sin na diabhail ifrinn, iomshuidhe le n-a anam; brisfid ballaí agus daingeanacha na ngrás; réabfaid caisleáin na subhailce; ghní siad príosúnach agus sclábhaidhe don anam so, chosain do Chríost an méad fola bhí i n-a chuisleannaibh le a shábháil orra. Cia gur ghoill ar Chríost scrios na cathrach so i n-a raibh an teampall ba bhreagha agus ba chostasaighe bhí ins an domhan, i n-a ndéantaoi onóir agus adhradh dó féin, cia gur ghoill air scrios corpordha an chinidh Iúdaidhe ó dtáinig sé féin do réir a dhaonnachta, is mó do ghoill air míle uair an scrios spioradálta tháinig ar a n-anam- annaibh, do bhrígh nachar umhluigh siad dó féin, gur shéan siad a dhiadhacht, nachar admhuigh siad a mhiorbhailte, gur dhruid siad a gcroidhthe i n-aghaidh a ghrása, agus a gcluasa i n-aghaidh a theagaisg, nach ndearna siad úsáid do na meadhónaibh thug sé dóibh le haghaidh a slánuighthe. So an t-adhbhar fa dtáinig an tár so agus an sgrios ar an gcineadh Iúdaidhe, agus so an t-adhbhar d'fhág súile Chríost indiu i n-a loch fola. Chí sibh anois, a cháirde, gurb iad peacaidh an chinidh dhaonna do b'adhbhar gola do Chríost, agus ba chóir go bhfaicfeadh sibh gur córa díbh féin ná do Chríost na peacaidh céadna do chaoineadh. Dá mba léir díbh an díoghbháil thig don duine as an bpeacadh, ar ndóigh, ní rachadh scíth oraibh choidhche acht ag caoineadh bhar bpeacadh. Tairgfidh mise a chur i n-umhail díbh indiu, tar éis mo
chomhrádh do roinn in dá phoinnte. Ní fhuil tubaiste i ndán don duine is mó ná an peacadh do dhéanamh: sin an chéad phoinnte. Acht is míle measa ná sin codladh ar an bpeacadh agus gan aithrighe do dhéanamh: sin an dara poinnte. Ó, cia bhéarfas osnaidh go lór do mo chroidhe, nó uisge go lór do mo shúilibh, nó briathra bríogh- mhara go lór do mo theangaidh, ionnus go dtiocfadh liom corrughadh nó músgladh do bhuain as bhar gcroidhthibh cruaidhe clochacha, ionnus go ngoilfeadh agus go gcaoin- feadh sibh na peacaidh seo do chosain gol agus caoineadh do Chríost. Iarramuid na grása so ar Dhia le impidhe na Maighdine Muire, ag rádh an Abhe Maria. An chéad phoinnte. Bheir an Dochtúir naomhtha, Bernard, fa deara, cia gur iomdha ní bhaineas gol as an duine, nach bhfuil acht aon ní amháin fa ar chóir dhúinn gol do dhéanamh, mar atá, ar bpeacaidh féin agus peacaidh ar gcomharsan An bhean ghoileas fa bhás a fir luighe, ní hé amháin go bhfuil a deóra neamh-thairbheach, acht atá siad peacadhach. An té ghoileas fa sgarmhain leis an ní fuair sé go holc, atá a dheóra neamh-bhríoghmhar lochtach. An té ghoileas fá bhás an leinbh do bheith i bhfad ó n-a cháirdibh, fa mhí-chomhgar nó bochtaineacht, ní fhuil i n-a dheóraibh acht deóra gan tairbhe. Acht an té ghoileas fa n-a pheacaidhibh, fa sgaradh le Dia, fa easbhaidh dídean agus caradais Dé, so na deóra tairbheacha, so na deóra beannuighthe, so na deóra mhúchas boirb-theinte ifrinn, chlaoidheas an diabhal, bhaineas claidheamh an díoghaltais as láimh Dé. So an t-adhbhar far shil fáidhe agus naoimh an tsean-reachta an iomad deór, agus so an t-adhbhar far ghoil agus far chaoin na heasbail agus naoimh an reachta nua, agus so an t-adhbhar fa bhfuil Críost ag gol indiu. An fáidh Amos, ag smuaineadh caidé mhéad is pheacuigh an pobal i n-aghaidh Dé, agus ar an díoghaltas do bhí Dia do thriall chuca ar son na bpeacadh céadna, adubhairt sé
leis an bpobal, "Caidé mheasas sibh bhíos ar m'aire-se oidhche agus lá? Ní théid scíth orm," ar sé, "acht ag smuaineadh ar iomadamhlacht agus ar ghráineamhlacht bhar bpeacadh-sa. Nuair mhúsglaim in san oidhche, sgreadaim ar Dhia, agus fiafraighim de, "Ar pheacaigh duine ar bith in san bpobal so id aghaidh anocht, agus má rinne, caidé is maith damhsa do dhéanamh chum maitheamhnas d'fhagháil dóibh nó sásamh do thabhairt i n-a bpeacaidhibh?" Is é freagra do-gheibhim ón tSlánuightheoir, na huile ghártha gola do leigean asam ar na bealaighibh móra, "Ná fág teach ná áit, clúid ná cearn, nach gcuairteochaidh tú agus nach dtabhar- faidh tú rabhadh go bhfuil mallughadh agus díoghaltas Dé ag triall chuca fa n-a bpeacaidhibh. Ní lór dhuit sin; iarr congnamh gola ar an uile dhuine ag a bhfuil súile i n-a cheann le gol do dhéanamh, agus i n-a dhiaidh sin agus uile, ní thiocfaidh leat-sa ná leó sin oiread gola do dhéanamh agus nighfeas an t-anam doghní peacadh marbhtha."" Tugaidh éisteacht don fháidh Ioel agus bhéarfaidh sé fios díbh caidé an modh ar cóir don duine a pheacaidh féin, nó peacaidh na comharsan, do chaoineadh. "Déan scréach, éighmheach agus osnadha, mar dhéanfadh óig-bhean do chaill- feadh a fear." Nuair chailleas óig-bhean a fear do bhí deigh-sgéimheach deagh-cháilidheachtach, nach ndéanfadh ní ar bith acht gach ní is mó bhéarfadh sásamh di, i n-a raibh a hanam báidhte le méad an ghráidh agus an gheana do bhí aice air, is ion-tuigse díbh nach mbíonn tilleadh aici ó mhí-fhoighid, nach mbíonn miosúr ar a dólás, nach dtéid scíth uirre acht ag síor-ghol, nach dtriomann a súile, agus nach gcluintear uaithe acht osnadha. So an tslighe, so an modh, so an bealach is cóir duit-se, a Chríostaidhe, do leanmhain, má atá do mhí-fhortún ort bheith i stáid pheacaidh. Is mó an t-adhbhar dóláis atá agat míle uair ná ag an óg-mhnaoi úd. Ní ní is lugha ná do Dhia do chaill tú; saidhbhreas neamhdha na ngrás do chaill tú;
éadach uasal na subhailce do chaill tú; sólás agus aoibhneas flaitheamhnais do chaill tú, agus ní dod' aimhdheóin, acht do do thoil deóna féin. Cad dhéanfas tú? Atá, goil go cruaidh cráidhte. Déan aithris ar an óg-mhnaoi úd. Dá mbeith míle bliadhain agat do shaoghal, go mba beag leat é chum do pheacadh do chaoineadh. Ní léighmid in san scriptúir dhiadha gur ghoil Críost acht trí huaire i n-a shaoghal, acht léighmid in san am gcéad- na gurb iad na peacaidh do b'adhbhar dhó gach uairaca. Ag féachain do Chríost ar Lasarus, tar éis é do bheith cheithre lá marbh curtha agus ag lobhadh in san uaigh, do chaoin agus do ghoil sé. Acht cad as ar ghoil sé ar an ócáid seo? Atá, go bhfaca i bpearsain Lasarus an stáid tubaisteach i n-a mbíonn an peacach do-ghní fad-chomhnuidhe in san bpeacadh. Bídh sé marbh morguighthe ceangailte mar Lasarus, gan mothughadh gan beann ar a shlánughadh. An fear úd ar nach dtéid scíth ó thig caint i n-a cheann acht ag mallughadh Dé le mionnaibh móra agus dia-mhaslughadh; an fear úd agus an bhean úd atá ag luighe leis na bliadhantaibh i leabaidh an adhaltrannais, théid chum faois- dine agus ag glacadh corp an Tighearna fa n-a mbroinn in san stáid seo; an fear úd eile théid ag glacadh cuirp Chríost, agus a chroidhe in san am gcéadna lán d'olc agus d'aingidheacht dá chomharsain; an peacach úd eile théid mar an gcéadna ag déanamh comaoineach, agus cuid na comharsan ar a láimh — so an tsiocair, so an t-adhbhar far ghoil Críost. Do ghoil Críost an dara huair i gcrann na croiche, agus ar ndóigh, tuigidh sibh créad é an t-adhbhar. Bhar bpeacaidh-se, a phobail, do bhí sé do chaoineadh, agus ar son bhar bpeacadh-sa do bhí sé ag fulaing mór-phian. Uabhar agus saint, drúis agus fearg, dia-mhaslughadh agus mionna móra an phobail do tharraing uisce ó n-a shúilibh, osnadh ó n-a chroidhe, do tharraing gach deór fola do bhí i n-a bhallaibh agus i n-a chuisleannaibh.
Chuala sibh caidé mar ghoil Críost ag féachain ar chathair Ierusalem, agus chuala sibh, mar an gcéadna, gurb iad peacaidh na cathrach so do b'adhbhar gola dó. Níor ghoil Críost, adeir Naomh Criosostom, nuair do gabhadh é; níor ghoil sé nuair do ceangladh é; níor ghoil sé nuair do buaileadh cúig míle buille do sgiúrsa air; níor ghoil sé nuair do gabhadh do dhornaibh air; níor ghoil sé nuair do gabhadh do smugaibh air; níor ghoil sé nuair do cuireadh coróin spíona ar a cheann, tairngí i n-a lámhaibh agus i n-a chosaibh; acht do ghoil sé agus do chaoin sé ar son peacadh an chinidh dhaonna, agus níor ghoil sé riamh fa n-a athrughadh d'adhbhar. Ó, a cháirde, nach truagh an cás, agus nach tuirseach Íosa Críost ag caoineadh na bpeacadh nach ndearna sé, agus sinne, dorinne na peacaidh, gan deór aithrighe ag teacht ar ar súilibh? Íosa Críost ag íoc pian ar son na gcoirthe nach ndearna sé, agus sinne, atá coirtheach, nach mian linn ní dá laighead d'fhulaing ar son ar gcoirthe féin! Ó, a mhire gan sompla, créad é an díoghbháil atá do Chríost má damantar tusa, a pheacaigh; acht an bhfuil fuidheall díoghbhála agat-sa má gheibh tú bás gan aithrighe? Do ghoil Críost fa chathair Ierusalem, agus is uime do ghoil sé do chionn nach ndearna siad deagh-úsáid dá ghrásaibh, nach ndearna siad a mbeatha do leasughadh, nach ndearna siad aithreachas i n-a bpeacadh- aibh, ní is tubaistighe d'éirigh riamh don pheacach, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh san dara pointe. An dara pointe: Ní fhuil ní ar bith is mó chuireas sólás ar Chríost ná aithreachas an pheacaigh, agus ní fhuil ní ar bith is mó chuireas dólás air ná neamh-aithrighe an pheacaigh. Ag dearcadh ar laige agus ar neimh-bhrígh an duine, is gníomh daonna an peacadh, mar adeir Naomh Bearnard, acht is gníomh diabhalta damanta fad-chomh- nuidhe do dhéanamh ann. Bídh cuidiughadh an diabhail ag an duine nuair do ghní sé an peacadh, acht is ón diabhal amháin thig an neamhaithrighe.
Do pheacuigh tú, adeir Críost, a Ierusalem, acht ar a shon sin agus uile, tionntuigh orm-sa, agus ní chuimh- neóchaidh mé níos mó ar do pheacadhaibh, déanfaidh mé dearmad díbh. Acht i n-áit aithrighe do dhéanamh, is é doghní tú cruadhughadh in do pheacadhaibh, crannrughadh ins an olc, agus cad eile, caidé thig liom-sa do dhéanamh duit níos mó? Ó, ní fhuil níos mó le déanamh agam, acht amháin, mar chruthughadh ar mhéad mo gheana ortsa agus méad mo fhuatha ar do pheacadhaibh, nuair nach ngoilfidh tusa, goilfidh mise, agus caoinfead do chruadhas croidhe agus do neamh-aithrighe. Atá laethe áiridhe ag Dia, adeir Naomh Auguistín, agus laethe áiridhe ag an duine. Tig laethe Dé nuair chríoch- nuigheas an duine a chúrsa le linn báis, agus is é laethe an duine nuair thoisigheas sé a bheatha. Laethe iad so do bheir Dia dhó le leas a anma do dhéanamh; laethe na trócaire, laethe na ngrása, móimeinte óir iad. Cibé chuirfeas síol na subhailce in sna laethibh seo, bainfidh sé foghmhar na glóire in san tsíorruidheacht. Acht cibé nach ndéanfaidh úsáid cheart do na laethibh seo, cibé nach ndéanfaidh an aithrighe, agus nach n-iarrfaidh trócaire in sna laethibh seo, tiocfaidh laethe Dé, tiocfaidh an uair, tiocfaidh an t-am i n-a dtabharfaidh Dia chum cunntais é, i n-a lasfaidh a fhearg, agus i n-a dtabharfaidh sé cead iomartais dá dhíoghaltas. Acht ní tháinig na laethe seo go fóill. Tiocfaidh an lá i n-a gcuirfidh Dia tuagh an dá fhaobhar le fréimheachaibh do chrainn, acht ní tháinig sé go fóill. Tiocfaidh an lá i dtabharfaidh aingeal an scriosta rabhadh duit gur leig tú an t-am thart chum leas d'anma do dhéanamh, nach bhfuighidh tú móimeint do spás feasta. Cad eile, créad leis a bhfuil tú ag fuireach, a chríostuidhe, chum aithrighe do dhéanamh? An leis an uair nach mbeidh tairbhe in d'urnuighe ná in d'aithrighe? Ó, dá mbeith fios agat cad iad na huilc atá ag feitheamh ort, ní bheitheá
chomh athmhaol so, ar ndóigh. Fiafraigh don duine saidhbhir úd an tsoiscéil cad iad na boirb-theinte atá indiu dá loscadh, na coirí atá dá bhruith, na sceana bearrtha atá dá ghearradh, na súistí atá dá bhualadh, gach teanchair atá dá tharraing, déarfaidh sé leat go bhfuil sin agus a mhíle oiread dá phianadh, dá chrádh agus dá loscadh. Déarfaidh sé leat, dá mbeith am nó cead aithrighe aige, mar atá agatsa, nach rachadh stad ar a shúilibh acht ag sileadh troim-cheatha deór, nach rachadh scíth ar a theangaidh acht ag urnaighe agus ag guidhe, ag scairtigh agus ag gártha ar Dhia nó go bhfaghadh maitheamhnas in sna holcaibh dorinne sé. "Acht mo thruaighe mé!" adeir sé, "do leig mé an an t-am tharm. Níor fhreagair mé an uair. Má ghoilim anois nó go leighidh mo shúile, ní fhuil maith ann; ní fhuil éisteacht agam, ní fhuil gairm ar ais ar mo dhonas, ná furtacht choidhche le fagháil agam." Ó, a pheacaigh, an aith- righe chéadna dhéanfadh an fear úd anois, dá mbeith a chead aige, déana tusa í, ós agat atá a chead, acht muna mian leat bheith rann-pháirteach leis in sna piantaibh do-áirmhthe i n-a bhfuil sé. Tháinig tinneas marbhthach do-leigheasta ar an rígh an- chumhachtach Antiochus. Do bhí a chroidhe dá réabadh, a chuid feóla ag tuitim as a chéile i n-a mion-spólaíbh. Do bhí boladh chomh bréan morguighthe sin air nacharbh fhéidir le duine, dá fhoisge dó i ngaol nó i bpáirt, teacht dá chomhair. Tug neart na bpian ar an duine malluighthe seo tionntódh air féin fa dheireadh, agus an admháil seo do bhain as: "Tuigim anois nach bhfuil imtheacht agam ón mbás, agus gurb iad na peacaidh is adhbhar do mo mhóir-phiantaibh. Ní raibh a athrughadh ar m'aire go dtí seo acht pléisiúr agus compórt. Ní raibh smuaineadh agam ar a athrughadh do ní acht ríghthe agus náisiúin do scrios, ríoghachta agus cúigidh do chur fá mo smacht. Acht créad é an tairbhe atá damh anois i n-aon ní díobh
so, nó i n-a bhfuil d'ór agus d'ollmhaitheas agam? Sin mé ag dul chum báis agus trom-ualach don uile shórt peacadh ar m'anam. Ó, caidé dhéanfas mé anois? Níor thuig mé riamh go dtí seo méad mo mhí-fhortúin agus méad mo dhaille." Ó, a phrionnsa mhalluighthe, níor léar duit go dtí seo méad na n-olc dorinne tú. Níor léar leat gur peacadh na mílte duine neimhchionntach do mharbhadh. Níor léar leat gur peacadh ríoghachta agus náisiúin do loscadh. Acht is léar leat anois iad i n-an-am. Do chuaidh do laethe-se thart, nuair bhí éisteacht agus trócaire le fagháil agat. Acht anois, tháinig laethe an Tighearna. Dorinne tusa go dtí seo gach ní ba mhian leat. I n-áit gach iomshuidhe do chuir tú go héagcórach le bailte, cuirfidh na diabhail iom- shuidhe le do anam, agus ceangólaidh siad tú le slabh- raidhibh do-scaoilte i bpríosún dorcha ifrinn. Acht muna gcuiridh an íd thubaisteach so fuair Antiochus mothughadh nó criothnughadh oraibh, a cháirde, ní fios damhsa caidé an ní le ar féidir criothnughadh do chur oraibh. An íd chéadna fuair Antiochus dogheobhaidh gach aon agaibhse doghní an peacadh agus chuireas an aithrighe ar cáirde. Ní léar libh bhar leas acht oiread leis sin, ná na huilc doghní sibh, nó go dtig punc déidheanach an bháis. Annsin, nuair bhíos na súile dá mbriseadh, an t-ucht dá réabadh, an anál ag árdughadh, is mian libh fios do chur ar shagart, absolóid d'fhagháil, agus gan ionnaibh Jesu! Maria! do rádh, ná maitheamhnas d'iarraidh, ná ullmhughadh ar bith do dhéanamh ar bhur gcoinsias. Tairgfidh sibh, mar Antiochus, an leigheas do chur ar an gcneadh an taobh amuigh, agus an t-olc agus an t-angbhaidh an taobh istigh. Leigidh sibh bhar laethe féin, laethe na trócaire, tharaibh, agus nuair thig laethe Dé, laethe an díoghaltais, is annsin is mian libh trócaire d'iarraidh; acht ní hé seo an t-am, a cháirde. Do chuaidh Antiochus ar sheilbh aithrighe do
dhéanamh in san bpunc so, acht ní fhuair éisteacht. Nár leigidh Dia gurb é seo cás aon duine agaibh-se. Is é, gan amhras, má leigeann sibh bhar leas ar cáirde, mar rinne seisean, acht muna n-iarrraidh sibh trócaire nuair atá trócaire le fagháil agaibh. Ní léar dhuit anois, a dhuine bhoicht, a liacht uair dochuaidh tú i dtréas ar Dhia le uabhar agus saint, le drúis agus fearg, le bréagaibh agus le mionnaibh móra, le craos agus le meisce, le briseadh saoire agus trosgtha, acht is léar duit iad nuair nach mbeidh leigheas le fagháil orra. Ó, a cháirde, acht muna mian libh bheith rann-pháirteach le Antiochus in sna daoir-phiantaibh i n-a bhfuil sé, ná déanaidh aithris air níos faide. Déanaidh an aithrighe, acht déanaidh í ó chroidhe. Ná déanaidh í go fuar fallsa, mar rinne seisean. Buailidh bhar n-ucht; goilidh agus caoinidh bhar bpeacaidh. Is minic do ghoil sibh roimhe seo fa neithibh nachar chóir díbh, acht goilidh anois fa an t-aon adhbhar is mó ar bith. Silidh bhar ndeóra ó chroidhe, agus nighfidh sibh bhar bpeacaidh, múchfaidh sibh na boirb-theinte úd atá ar lasadh fa bhar gcomhair, maoithfidh sibh agus claonfaidh sibh an t-áird-bhreitheamh chum trócaire do dhéanamh oraibh i bhfus agus an ghlóir shíorruidhe do thabhairt díbh in san tsaoghal thall; ní atá mise d'iarraidh díbh-se agus dam féin. I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
An Seachtmhadh Seanmóir. AR AN AITHRIGHE DO CHUR AR CÁIRDE. Imtheóchaidh mise, agus beidh sibh dom iarraidh, agus gheabhaidh sibh bás in bhur bpeacaidhibh. (Briathra Chríost ag Eóin san ochtmhadh caibidil, an t-aonmhadh rann fichead.) ATÁ Críost ag bagairt indiu go n-imtheóchaidh sé uainn, go dtabharfaidh sé cúl a chinn dúinn, agus ní hé sin amháin acht go dtabharfaidh sé cead sgáirtigh agus gártha dúinn ag iarraidh air filleadh, agus nach dtugann sé beann ná áird orainn, agus mar bhárr druighill ar ár mí-fhortún, go leigfidh sé dúinn bás d'fhagháil in ár bpeacaidhibh. Ó, a cháirde, nach é seo an sgéal dona? Nach é seo an sgéal tubaisteach ag an bpeacach? Cá bhfuil breis nó díoghbháil mar an mbreis seo? Íosa Críost d'imtheacht uainn; fear cosanta agus cothuighthe ár n-anma do thabhairt cúil dúinn; agus ní hé sin amháin, acht nuair imtheóchas sé má iarramaoid é arís, nach bhfuighmid é. Ní fhuil fhios agamsa, a cháirde, an sgannruigheann sibhse ag clos na mbriathar marbhthach úd Chríost, acht dearbhaim díbh go n-éirgheann baspas agus crith-eagla orm féin gach uair léighim iad insan sgrioptúir; ar an adhbhar, an bhfuil ní is mí-fhortúnaighe don duine ná gan Críost d'iarraidh? Acht an bhfuil ní in san domhan is tubaistighe ná a iarraidh agus gan a fhagháil? Acht, a Chríost, a bhéil na fírinne, nachar gheall tú féin don tsaoghal cibé d'iarrfadh go bhfuigheadh, agus gach neach
do bhuailfeadh an dorus go bhfuigheadh fosgailt, agus nach bhfuil duine ar bith do thionntóchadh ort le aithrighe nach dtabharfá maitheamhnas dó? Is fíor gur gheall Dia gach ní díobh so, agus tá sé cinnte go ndéanfaidh sé maith de, gidheadh ar chunntar, agus is é cunntar sin, adeir Naomh Bearnard, go n-iarrfam é i n-am agus go n-iarrfam é mar is cóir. Is iad ár bpeacaidh, mar sin, a cháirde, bheir ar Chríost cúl thabhairt dúinn; is iad ár bpeacaidh dhíbreas na grása uainn; agus is í an neamh-aithrighe in sna peacaidhibh sin agus an fhad-chomhnuidhe ghnímid ionnta bheir orainn gan Críost d'fhagháil nuair iarramaoid é, agus dobheir bás dúinn i n-ár bpeacaidhibh. Is ar an fhaillighe seo doghní formhór an tsaoghail den aithrighe nó go dtéid sé thar am is mian liom trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn in dá phointe. An té nach smuaineann ar Dhia ná ar leas a anma go huair an bháis, ghní sé go formhór dearmad an uair sin de: sin an chéad phointe; má smuaineann an peacach an uair sin ar Dhia, atá sé i gcontabhairt nach mbíonn tairbhe dó ann: sin an dara pointe. An chéad phointe. Atá drong áiridhe ann darab eól an uile shórt peacaidh do dhéanamh, acht nach eól dóibh choidhche an aithrighe. Ní fhuil ní ar bith is éasgaidhe ghní siad ná fearg do chur ar Dhia, acht ní fhuil ní in san domhan is do-dhéanta aca ná a síothcháin do dhéanamh leis an aithrighe. Ní fhuil uair in san lá nach dtruaillid a gcoinsias leis na lochtaibh, acht ní tháinig an uair, agus ní thiocfaidh choidhche, i n-a nighfidh siad a n-anam le deóraibh bríoghmhara na haithrighe. Acht caidé is ciall don tsuan marbhthach so i n-a mbíonn an peacach? Caidé is ciall don dearmad so doghní sé dá shlánughadh? Ó, atá cluain chuireas an t-ainspiorad air, deir Naomh Augustín. Geallaidh dhó saoghal fada agus am go leor chum na haithrighe nó go dtairngeann é ar dhuibheagán na n-olc. Deir sé le fear na drúise gur féidir
leis a phléasúr do ghlacadh go fóill, go bhfuil am go lór aige cúl thabhairt don mhnaoi luighe nuair thiocfas sé chum aoise. Deir sé leis an fhear ag a bhfuil cuid na comharsan ar láimh go bhfuil am go lór aige aisioc do dhéanamh nuair thiocfas sé chum saidhbhris. Deir sé le fear na mbréag agus na mionn mór nach bhfuil suim ionnta, agus má tá, go bhfuil am go lór aige aithrighe do dhéanamh ionnta le linn a bháis, acht nuair thig an punc sin ní bhíonn de smuaineamh ag an bpeacach annsin ar leas a anma acht oiread agus bhí riamh aroimhe. Thig díoghaltas fír-cheart Dé ar an muintir seo, deir Naomh Auguistín, go ndéan siad dearmad i n-a n-anam le linn báis chomh maith is dhearmadadar Dia le linn a mbeathadh. Doghní an diabhal an ní céadna leis an muintir seo ba mhian le Naas do dhéanamh leis na Iabanits, do réir mar haithristear in san sgrioptúir. Ní ghlacfadh Naas na Iabanits chum síthe nó chum síothchána. Ní thabharfadh cádhas ná cuideamh dóibh, acht ar chunntar go leigfeadh siad dó an tsúil dheas do bhuain asta. So an t-acht, so an connradh doghní an diabhal leis an muintir chuireas an aithrighe ar ath-lá. Bainidh sé an tsúil asta, is é sin dalluighidh sé a n-intleacht, cuiridh ceó an ainbhfeasa ar a dtuigse, ar mhodh nach léir dóibh an poll duibheagán úd ifrinn atá fútha, agus iad i n-a gcodladh ar a bhruach, agus gan dá gcong- bháil as acht snáithe beag caol na beathadh, agus nach bhfuil teagmhais dá laighead nach mbrisfeadh an snáithe sin. Ní smuaineann siad ar an gcontabhairt mharbhthaigh i n-a bhfuil siad ar bhruach an phoill seo nó go dtig an bás gan mothughadh orra. Théid siad annsin chum a gcunntais gan ollmhughadh gan aithrighe, agus ón gcunntas so go fír-íochtar an phoill seo. Ó, a pheacaigh, dá dtuigfeá caidé olcas an lóistín atá fa do chomhair in san bpoll úd, dhéanfá ar ndóigh do dhícheall chum a sheachnaidh. Poll é i n-a bhfuil easbhaidh agus anró agus gan pléasúr ar bith ná compórt. Poll é i n-a bhfuil
an uile shórt pian, agus sin gan chrích gan deireadh. Poll ar nach dtig neach ar bith ar ais thuiteas ann. Ó, maiseadh, a pheacaigh, so an sgrioptúir dhiadha, so na haithreacha naomhtha, so seanmóntaidhe an domhain ag tabhairt rabhaidh dhuit, má rinne tú an peacadh agus gan aithrighe do dhéanamh ann, gurab é an poll úd is lóistín agus is ionad comhnuidhe dhuit. So Críost ag tabhairt rabhaidh dhuit, acht muna dtréigidh tú na lochta, muna leasuighidh tú do bheatha i n-am, go dtabharfaidh sé cúl duit, go dtairng- eochaidh a ghrása uait, go leigfidh sé duit codladh ar do pheacaidhibh le linn do bháis, amhail agus mar chodlas tú orra anois, agus go bhfuighidh tú bás ionnta. Is crith-eaglach an eisiompláir bheir an Spiorad Naomh dúinn in san sgrioptúir ar an dearmad doghní an peacach ar Dhia i n-aimsir a bháis, nuair do dhearmaid sé é ar feadh a bheathadh, i bpearsainn Saul, an chéad rí bhí ar an phobal Eabhra. Nuair dochualaidh an prionnsa mí-fhortúnach so ón fháidh Samuel go raibh Dia ar tí gach díoghaltas do chur air do bhí sé do bhagairt roimhe sin mar atá, go dtabharfadh a ríoghacht do Dháibhidh, go dtabharfadh sé é féin suas dá náimh- dibh agus go muirbhfidhe é féin agus a chlann in san gcath in a raibh sé ag triall; acht caidé rinne Saul ag clos na sgéala dubhrónach so? Mheasfá nach raibh acht aon ní amháin le déanamh aige, is é sin cabhair d'iarraidh ar Dhia, a dhícheall do dhéanamh le n-a fheirg do mhaolughadh, aith- righe mhór do dhéanamh, a bheatha mhí-riaghalta do chlaoch- lódh mar shúil go gclaochlóchadh Dia a rún díoghaltais air. Duine ar bith ag a mbeith ciall, is mar seo dhéanfadh sé, acht Saul, mar nach raibh cuimhne aige ar Dhia feadh a bheathadh, dhearmaid sé é an uair sin. Na smuainte dólásacha bhí aige ar an mí-fhortún bhí in a cheann féin agus i gceann a chloinne, do bhuaidhir siad a intinn, do dhall siad a intleacht chomh mór sin, ionnus nach bhfacas dó meadhón ar bith do ghlacadh le é féin nó iad-san do shábháil. Tháinig an lá, tháinig an uair d'órduigh Dia
le n-a dhíoghaltas do chóimhlíonadh. Chuaidh Saul in air- icis a namhad bhí ag teacht i n-a aghaidh lán de mheathtacht agus de laige. Do briseadh air féin agus ar a mhuintir agus do marbhadh a chlann. Bhí sé féin ag súil gach móimeint leis an mbás. Buaileadh saighead air do loit é, agus mar do mheas sé gur ab í sin an saighead do chuir Dia le críoch do chur ar a bheathaidh, d'iarr sé ar fhear dá mhuin- tir bhí in a aice a chur as péin, agus mar do dhiúlt sé a chomh- airle do ghlacadh, rug sé féin ar a chlaidheamh agus do sháith é isteach i n-a chroidhe féin, ar mhodh gur thuit sé marbh chum na talmhan. Sin agaibh Saul mí-fhortúnach rinne dearmad do Dhia i n-a bheathaidh ag fagháil bháis i n-éadóchas i n-a staid dhamanta. Sin agaibh é ag deifriughadh le é féin do chur as péin aimseardha go pianta síorruidhe ifrinn. Ó, a Shaul mí-fhortúnaigh, is tubaisteach an íd seo d'éirigh dhuit: is iongantach an claochlódh so tháinig ar do staid. Tusa bhí 'do rígh comhachtach ceannasach agus 'd' uachtarán ós cionn slóigh, atá tú anois 'd' íochtarán agus 'do sglábhaidhe faoi chrúbaibh diabhal i n-ifreann. I n-áit na coróine cos- tasaighe bhí ar do cheann, atá athracha nimhe mar choróin casta fa do chloigeann agus iad dá ithe agus dá chreim. I n-áit gach bíadh blasta bhí ar do bhórd, ní fhuighidh tú le n-ithe feasta acht ruibh, mormónta, agus brimstón. I n-áit gach deoch blasta bhí in do chornaibh ní fhuighidh tú le n-ól acht domblas ibhe agus gafann. I n-áit amhairc shólásaigh na gréine agus na gealaighe agus réalt lonnrach an aeir, ní fhaicfidh do shúile choidhche feasta acht ceo dorcha agus piasta uaithbhealta ifrinn. I n-áit gach boladh cumhra bhí 'do thimcheall, ní mhóthochaidh do shróin feasta acht bréantas agus morguidh- theacht an phuill íochtaraigh úd. I n-áit na gceól agus na n-amhrán binn, ní cluinfidh do chluasa acht mairgnigh agus éagnach dólásach na n-anam damanta. I n-áit do chúirte agus do chaisleáin, ní bheidh agat feasta acht uaimh dhoimsidh dhorcha agus carcair chruaidh chumhaing. I n-áit do leabaidh sámh, is éigin duit luighe feasta ar ghreidilibh
dearga agus ar róstainibh ar lasadh. Ó, a dhuine dhona, atá anois teinte do d' losgadh, coirí do d' bhruith, súistí do d' bhualadh, agus úird do d' bhrúdh. Ní fhuil ball ná órd- lach díot nach bhfuil faoi phéin do-innsine do-áirmhthe, agus beidh tú amhlaidh, ní seachtmhain ná mí, bliadhain ná ráithe, acht chomh fada is bheas Dia i n-a Dhia is mhairfeas ifreann. Ó, a Shaul, a Shaul, is iomdha éigheamh agus sgread, uaill agus osnadh agat indiu fa a olcas is chaith tú d'aimsir ar an saoghal so, agus gan aga duit ann. Dá mbeitheá chomh dúthrachtach chum seirbhís do dhéanamh do Dhia agus bhí tú umhal don tsaoghal, don diabhal agus don cholainn, i n-áit na daor-bhroide i n-a bhfuil tú gheobhthá aoibhneas pharrthais. I n-áit carthannacht na trócaire do dhéanamh ar do chomh- arsain, ní raibh de stuidéir cinnte agat acht caidé mar dhéanfá feall ar an bprionsa neimhchionntach Dáibhídh. I n-áit trosgadh nó cruadhtan do chur ar do cholainn, is é leig tú srian le d'ainmhiantaibh, thug tú leigean do d'an-toil, chuir tú do leas ar cáirde, ní dhearna tú an aithrighe. Ó, dá silfeá acht aon deor amháin i n-am, mar ghrádh ar Dhia agus le fuath ar do pheacaidhibh, mhúchfá na teinte úd atá indiu do d' losgadh, mhaolfá na hairm úd atá indiu dod' ghearradh, gheobhthá aoibhneas pharrthais i n-áit na móir-phian i n-a bhfuil tú. Ó, dá mbeith acht aon uair amháin anois agat ar an tsaoghal so, caidé mar ghoilfeá agus mar chaoinfeá do pheacaidh. Ó, caidé a liacht sgread agus éigheamh leigfeá ar Dhia, ag iarraidh trócaire? Dhéanfá, gan amhras. Acht ní fhuil maith ann, leig tú an t-am thart; níor smuainigh tú ar Dhia le linn do bheathadh, agus ní mó ná sin smuainigh tú air le linn do bháis, agus dá bhrígh sin, leig sé dhuit bás d'fhagháil in do pheacaidhibh. Éirghidh an ní céadna do gach aon eile, a cháirde, chuireas a leas ar cáirde mar Shaul, agus ní beag díbh mar chruthughadh air seo go bhfaiceann sibh féin go laetheamhail an mhuintir bhíos mí-riaghalta droich-bhéasach i n-a sláinte, ag dul chum báis chomh claon dá n-ainmhiantaibh, chomh ceangailte dá
saidhbhreas, chomh deacrach chum aiseac do dhéanamh, chomh cad- ránta i n-a ndroichbhéasaibh is bhí siad riamh roimhe. Agus cad chuige? Atá, deir Solamh, nuair chrannruigheas an peacach in san olc, go n-éirgheann neamh-shuim aige fa dheireadh i nDia nó in leas a anma Ó, mo thruaighe, caidé a liacht duine drúiseamhail chonn- airceas agus chítear ag fagháil bháis i n-ucht na méirdrighe ar a raibh sé ag imtheacht le linn a shláinte? Caidé a liacht duine feargach chímíd ag dul chum báis agus a gcroidhe lán de rún díoghaltais, ag diúltadh maitheamhnas thabhairt uatha i n-am, nach bhfuil maitheamhnas le fagháil aca féin acht muna dtugaidh siad maitheamhnas don tsaoghal? Caidé a liacht duine bhíos tugtha d'easgaine agus do mhionnaibh móra chímíd ag dul chum báis, agus go minic is droich-itghe nó mionna móra focal déidheanach thig as a mbéal; b'fhéidir, in áit ainm Dé nó Muire gur diabhal nó deamhan do luaidhfeadh siad. Caidé mhéad do-chítear den druing uaibhrigh ag dul chum báis chomh líonta de ghlóir dhíomhaoin is do bhí siad ariamh i n-a mbeathaidh? Ó, a dhrong mhalluighthe bheir sibh féin suas don olc ar feadh bhur mbeathadh, is neimh-iongantach liom nach dtig libh buaidh do bhreith ar an droch-ghnás leanas sibh in bhur sláinte le linn bhur mbáis. Is neimh-iongantach liom sibh do dhéanamh dearmaid de Dhia in san bpunc sin, chomh maith is do dhearmaid sibh é ar feadh bhur saoghail. Acht cuir i gcás go nguidhfidh an peacach Dia in san bpunc déidh- eanach úd, atá sé i lán-chontabhairt nach mbíonn tairbhe dhó ann, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh in san dara pointe. An dara pointe: Atá dhá ní riachtanach ag an duine ionnus go mb'fhéidir leis aithrighe do dhéanamh, mar atá, grása Dé agus toil shaor chum comh-oibriughadh leis na grásaibh. Atá sé cinnte nach bhfuil peacach ar bith, dá olcas, nó dá ghráineamhla beatha, nach féidir leis le congnamh na ngrása a bheatha do leasughadh agus do shlánughadh.
Is é mór-chumhachta na ngrása so do tharraing agus do thionntuigh Pól ó n-a bheith i n-a leomhan mhillteach agus i n-a sgriosadóir ar Eaglais Chríost chum a bheith in a fhear cosan- ta cumhachtach agus in a phlantóir ar an Eaglais chéadna. Is é grása an Tighearna rinne deisgiobal do Chríost de Mhatha ó n-a bheith in a phuibliocánach scannalach. Nach le oibriughadh na ngrása tháinig Naomh Auguistín chum a bheith in a lóchrann soillseach le naomhthacht agus le foghlaim in Eaglais Dé, ó n-a bheith in a charraig eiricidheachta agus in a dhuine mí- riaghalta droich-bheathach? Nach é míorbhaile na ngrása rinne ban-naomh oirdhearc agus sgáthán do gach aithrigheach de Mhuire Magdalen tar éis í bheith in a camra ag gach olc, agus in a lóistín salach ag diabhlaibh ifrinn? Is é, gan amhras. Ní fhuil ní ar bith do-dhéanta ag grásaibh Dé. Acht an raibh d'fhiachaibh ar Dhia na grása so do thabhairt don druing úd? Ní raibh, gan amhras; ar an adhbhar gur do réir a thola féin, gan ualach, gan oibliogáid, roinneas Dia a thiodhlactha, agus ní gach am, acht an uair thogras amháin, agus mar sin, gur gníomh mire don mhuintir chuireas an aithrighe ar ath-lá, amhail is mar bheith sé d'fhiachaibh ar Dhia grása na haithrighe thabhairt dóibh gach am agus gach uair do thogóradaois. Acht cia uair rinne Dia an trócaire seo ar an mhuintir úd? Cia uair dorinne siad an aithrighe láidir úd d'árduigh iad chum a mbeith in a réaltaibh soillseacha i gcúirt Chríost? Ó, atá le linn a neirt agus a sláinte. Chomh luath is d'fhos- gail solus na ngrása a súile, ionnus gur léar dóibh an chuma ghlonnmhar do bhí ar a n-anam agus an staid damanta in a raibh siad, níor chuir siad a leas ar cáirde, acht thug siad aghaidh ar Dhia leis an aithrighe. D'iarr siad trócaire nuair do bhí sí le fagháil aca, agus dá bhrígh sin fuaradar í. Maiseadh, cuir i gcás, a chríostaidhe, go leanfadh Naomh Auguistín den eiricidheacht go crích a bheathadh, go leanfadh sé den mhnaoi bhí greamuighthe de go punc an bháis, nach dtabharfadh sé cúl do na peacaidhibh nó go dtugadh na
peacaidh cúl dó-san, nach n-iarrfadh sé maitheamhnas nó go dtugadh pian an tinnis agus eagla an bháis air a iarraidh, an measann tú go bhfuigheadh sé trócaire nó éisteacht an uair sin? Acht, cia le dtig an cheist seo d'fhuasgailt níos fearr ná Naomh Auguistín féin? Ní fhuil, gan amhras. Maiseadh, is é adeir an Dochtúir naomhtha, an aithrighe doghní an peacach in a thinneas agus in a laige, go mbíonn sí go lag, agus go bhfaghbhann sí bás go formhór in éinfheacht leis, agus dá bhrígh sin gur cóir do gach aon aithrighe do dhéanamh in a shláinte, ionnus go mbeith an t-anam slán chum na síorruidh- eachta. Deir sé linn in áit eile gur annamh bhíos an aithrighe mhall tairbheach nó sona; acht deir sé, ós a chionn so, ní dár cóir crith-eagla agus uamhan do chur ar pheacachaibh an tsaoghail, is é sin, i measg na mílte agus na mílte duine doghní aithrighe mhall, gur ar éigin saorfar aon duine amháin aca. Má deir tú, a chríostuidhe, go ndearna Dia trócaire ar ghadaidhe na láimhe deise i bpunc an bháis, tar éis a bheith riamh le holc, agus go mb'fhéidir go ndéanfadh an tró- caire chéadna ort-sa, Ó, a pheacaigh bhoicht, ní fhuil agat air sin acht "b'fhéidir," agus má chuireann tú an tsíorraidheacht i gcontabhairt le "b'fhéidir," bheir tú le tuisgin don tsaoghal nach bhfuil meas agat ar an ghlóir shíorraidhe, nach bhfuil beann agat ar do shlánughadh, ná acarra ar bith le piantaibh ifrinn. Fuair an gadaidhe seo, deir Naomh Auguistín, trócaire i bpunc an bháis, tar éis a bheith riamh in a pheacach, ionnus nach mbeith éadóchas ar aon duine. Acht ó thús an an tsaoghail go dtí an uair seo, ní léightear ar aon duine do chuir an aithrighe go punc an bháis fuair trócaire acht an t-aon ghadaidhe seo, agus mar sin ní fhuil adhbhar andóchais ag aon duine. Léightear in san scrioptúir go dtug an dís taoiseach cródha Abner agus Ioab catha móra dá chéile, agus mar do bhí ag dul ar Abner i ndeireadh an lae, gur ghlac sé comairce ag Ioab, agus gur iarr sé osadh comhraic. Is
mall labhair tú, ar Ioab, tar éis mo dhíoghbháil do dhéanamh; dá n-iarrfá síothcháin ar maidin gheobhfá í. Ó, a cháirde, is díreach doghní peacaigh na haimsire seo aithris ar Abner; tar éis iad do bheith ag troid faoi bhrat- achaibh an diabhail in aghaidh Dé ó mhaidin a saoghail go dtí tráthnóna a mbeathadh, iarraidh siad annsin comairce ar Dhia. Acht is baoghalach dóibh go ndéarfar leó, dá n-iarr- fadh siad trócaire ar maidin, is é sin, an uair do bhí siad in a neart agus in a sláinte, go bhfuigheadh í. Acht ar sgáth bheith ag iarraidh maitheamhnas tráthnóna a mbeathadh, tar éis bheith i dtréas ar Dhia agus ag briseadh a dhlighidh ó mhaidin a mbeathadh go dtí an punc sin, dearbhaidh an Spiorad Naomh nach bhfuil éisteacht le faghbháil aca. Atá siad i lánn-chontabhairt go n-éireochaidh dhóibh mar d'éirigh don rígh uaibhreach Antiochus. Do rinne an prionnsa malluighthe seo mórán uilc do phobal Dé, mar do bhí na Iudaidhthe an uair sin. Níor lór leis sin. Bhí sé ag teacht an dara huair go deifreach agus an iomad slóighte in a chuideacht chum níos mó d'olc do dhéanamh dóibh. Gidheadh do thuit ar an mbealach as a chóiste, ar mhodh gur brúghadh a chnámha go hiomlán. Sin mar leag lámh Dé chum talmhan an t-impire seo, bhí chomh uaibhreach sin Ionnus gur mheas sé smacht chur ar thonnaibh na mara, agus do shaoil sé é féin do bheith chomh hárd leis na réaltaibh. Acht is é d'éirigh dhó, gur loibh a chuid feola go raibh sé ag tuitim as a chéile in a spólaíbh. Do bhain an chuma ghlonn- mhar in a bhfacaidh sé é féin an admháil úiríseal so as. Rinne mé, ar sé, an iomad éagcóra agus ní fhuil mé ag iarraidh ar Dhia d'fhadughadh saoghail acht ionnus go dtabhar- fainn sásamh ionnta. Thug mé mionna go sgriosfainn an pobal Eabhra, agus atá rún agam anois, in áit a sgrios, oiread saorsa agus pribhléid thabhairt dóibh is atá ag mo mhuintir féin. Gheall mé aon teinidh amháin do dhéanamh de chathair Ierusalem leis an sgrios agus leis an marbhadh do-bhéarfainn orra, acht geallaim anois, go ndéanfaidh mé
an chathair is saidhbhre in san domhan di. Bhéarfaidh mé ar ais gach ní thug mé as teampall na cathrach so. Ní lór liom so. Beidh mé ar aon chreideamh leis an bpobal Eabhra. Imtheóchaidh mé ar feadh an tsaoghail, ní le armáil mhóir, mar ba ghnáthach liom, acht mar sheanmóntaidh ag innsin glóire agus mór-chumhachta Dé. Caidé deir sibh, a cháirde, le aithrighe den tsórt so? Dá bhfeicfeadh sibh duine ar bith ag faghbháil bháis le ollmhughadh den tsórt so, nach mbeith meas naomhthachta agaibh air? Nach nguidhfeadh sibh Dia le n-a leithéid de bhás do thabhairt díbh féin? Acht, éistidh, ar a shon sin, caidé deir an Spiorad Naomhtha leis an bpeacach so, chuir a leas ar cáirde go huair an bháis. Ó, adeir sé, in aimhdheóin a dheór, in aimhdheóin a osnadh, in aimhdheóin a aithrighe, in aimhdheóin gach aiseac do gheall sé dá chomharsain, nach raibh éisteacht ná trócaire le faghbháil aige. Muna mbeith gurab é an Spiorad Naomhtha deir na briathra so, muna mbeith gur in san sgrioptúir dhiadha atáid, ní chreidfinn iad. Acht atáid ann, sgríobhtha le peann an Spioraid Naoimh, agus beidh go deireadh an domhain chum criothnughadh agus eagla do chur ar gach peacach doghní aithrighe mhall mar rinne Antiochus. Ó, a pheacaigh, doghní aithris ar Antiochus, nach n-iarrann trócaire in am, tiocfaidh an lá budh aithreach leat. Tioc- faidh an lá in a mbeidh tú i do luighe i leabaidh an bháis, agus gan lúth in do bhallaibh, ná brígh in do chuisleannaibh. Tiocfaidh an lá in nach dtig le liaigh ar bith talmhaidhe cabhair do thabhairt duit. Cad dhéanfas tú annsin? Sin tú mill- te, sin tú caillte. Atá tú annsin i meadhón bealaigh idir parrthas agus ifreann, agus cia aca taobh a dtabharfaidh tú d'aghaidh? Má's suas ba mhian leat triall, gheobhaidh tú tú féin meallta, ar an adhbhar go bhfuil doirse pharrthais dúnta rómhat. Ní dheachaidh riamh agus ní rachaidh choidhche ní ar bith truaillighthe leis an bpeacadh go ríoghacht nimhe. Cá rachaidh tú mar sin? Ní go purgadóir rachas tú. Ní
fiú tú dul ann. Ó, is é is lóistín duit an poll dorcha duimsidh úd ifrinn. Sin é béal-osgailte fa do chomhair. Sin na coirí ar fiuchadh, na teinte ar lasadh. Atá móir- phianta ifrinn ollmhuighthe fa do chomhair, atá na spioraid deamhnaidhe mar leomhain lán de chíocras chum do stróctha. Ní fhuil fear do chosanta agat ar an armáil mhalluighthe úd atá timcheall do leabtha réidh leigthe chum d'fhuadach leó ar an adhbhar go dtug aingil agus naoimh pharrthais cúl duit; ní thig leó domboladh do pheacadh d'fhuiling. Chuir Muire Bhaintighearna suas duit. Níor iarr tú congnamh in am uirre. Atá an uile bhealach dúnta rómhat acht ifreann amháin. Cá dtabharfaidh tú mar sin d'aghaidh? Má's ar Dhia iarrfas tú cabhair, déarfaidh sé leat gur ghoir sé ort go minic in do shláinte le béal an tseanmóintaidh, le béal an oide faoisdine, chum do bheatha do leasughadh agus an aithrighe do dhéanamh, agus nach dtug tú toradh air; go raibh a lámha sinte chugat le na ghrásaibh ar feadh laethe do bheathadh, agus is é thug tú cúl do chinn dó. Goirfidh tusa air-sean anois i leabaidh an bháis, iarrfaidh tú trócaire i ndeireadh an lae, mar Antiochus, agus beidh tú i lán- chontabhairt gan éisteacht d'fhaghbháil acht oiread leisean. Anois, a cháirde, atá an t-am ceart le foghmhar bhur n-anma do dhéanamh, agus ní é geimhreadh fealltach an bháis. Déanaidh síol-chur na subhailce anois le linn earraigh bhur sláinte, más mian libh foghmhar na glóire bhuain i bparrthas. Tógaidh bhur gcroidhthe anois chum Dé, nuair atá a lámha sínte chugaibh le n-a ghrásaibh. Iarraidh déirce den trócaire ar Mhac na trócaire. Silidh bhur ndeóra. Buailidh bhur n-uchta. Bíodh dólás oraibh fa bhur bpeacaidhibh, an mhéid go bhfuilid in aghaidh mórdhacht agus maitheas Dé. Má ghní sibh sin ó chroidhe, gheobhaidh sibh maitheamhnas ó Dhia ins an tsaoghal so, agus an ghlóir shíorruidhe ins an tsaoghal eile. Amen.
An t-Ochtmhadh Seanmóir. AR BHAOGHAL DROCH-CHOMAOIN DO DHÉANAMH. Innsidh d'ingin Shion: féach, atá do rí ag triall chugat go ciúin. (Briathra an Spioraid Naoimh ag Matha, an t-aonmhadh caibidil fichead an cúigeadh rann). NUAIR bhíos prionsa talmhaidhe ag teacht go nua chum tíre ar bith, nó ag athrughadh ó chathair go cathair, is gnáthach teachtairí chur roimhe chum rabhadh thabhairt do na daoinibh na bealaighe do dheasughadh, na sráideanna ghlanadh, agus gan ní ar bith do bheith in san ród chuirfeadh mí-stáidh ar an bprionsa so, nó chuirfeadh toirmeasg ar a aistear. Mar an gcéadna, roimh mac Dé do theacht chum an tsaoghail seo, chuir na fáidhe mar theachtairí roimhe go raibh a thriall chuca, go dtabharfadh solus na ngrása dhóibh in áit an dorchadais agus an ainbhfeasa in a raibh siad, go sgaoilfeadh iad as cuibhreachaibh an pheacaidh, agus go saorfadh iad ó sglábhaidheacht an diabhail. Tar éis Críost do theacht chum an tsaoghail seo agus colann daonna do ghlacadh, do chuir Eóin Baistidh mar theachtaire roimhe chum na sgéala sólásacha so thabhairt don domhan. Ní dheachaidh sgíth ar an teachtaire ainglidhe seo acht ag tabhairt rabhadh do na poibleachaibh bealaighe móra a gcoinsias do dheasughadh, sráideanna a n-anma do sgiúradh agus do ghlanadh ón uile shal peacaidh, agus an aithrighe do dhéanamh. Tháinig Críost indiu go cathair Ierusalem agus tháinig mórán den phobal in a airicis, craobhacha pailme agus
iubhair in a lámhaibh mar chomhartha luthgháire; agus ionnus go dtaisbeánfadh siad méad na honóra bhí aca fa chomhair Chríost, sgaradar a gcuid éadaighe ar na bealaighibh faoi n-a chosaibh. Ní raibh beag ná mór, óg ná sean aca nach raibh ar aon gháir amháin ag tabhairt moladh agus buidheachas do Chríost fa an onóir rinne dhóibh, theacht ar cuairt chuca. Ó, a chathair Ierusalem, is aoibhinn duit agus rí neimhe agus talmhan ag teacht indiu faoi do bhallaíbh; is aoibhinn duit Íosa Críost, slánuightheoir an chinidh dhaonna, ag teacht indiu ag déanamh teagasg seanmóire dhuit. Ní fhuil iongantas orm fa mhéad na luthgháire agus an iolgháirdis atá órt. Ní fhuil iongantas orm fa a gcluinim de cheóltaibh agus d'amhránaibh molta ar feadh do shráideanna roimh Íosa. An onóir chéadna rinne Críost do chathair Ierusalem indiu, déanfaidh dhíbh-se, a cháirde, in aimsir naomhtha na cásg so. Tiocfaidh sé ar cuairt chugaibh ar an altóir seo, agus ní de lámhaibh folamha; bhéarfaidh leis saidhbhreas na ngrása agus gach maitheas, déanfaidh árus agus ionad comhnuidhe de bhur n-anmannaibh. Atá mise ag teacht chugaibh mar theachtaire chum rabhadh thabhairt díbh sibh féin d' ollmughadh fa n-a chomhair, an uile aimhréidhteach do thógáil as a shlighidh, bealaighe móra bhur gcoinsias do ghléas agus do leasughadh, cathair bhur n-anma chur in órdughadh chum a ghlactha. Maiseadh, ar cheiste, a cháirde, go mbeith cuairt Chríost in aisce chugaibh-se, agus in áit bhur slánuighthe do réir mar is mian leis, gur ab é ní dhéanfadh, bhur ndamnughadh, atá sé riachtanach agam-sa a chur ós bhur gcomhair an modh ar ar cóir díbh a ghlacadh. Is é mheasaim nach dtig liom so do dhéanamh níos fearr ná ag tabhairt soluis díbh ar mhéad na díoghbhála atá comaoineacha neamh-ghlana do dhéanamh, ní thairgfeas mé tar éis mo chomhrádh roinn in dá phointe. Ní fhuil peacadh ar bith chomh mór le Corp Chríost do
ghlacadh ar dhroch-stáid: sin an chéad pointe. Atá choinghealla áiridhe riachtanach chum a ghlactha ar dheagh- stáid: sin an dara pointe. An chéad phointe: Is iomdha sgiúrsa agus trom- dhíoghaltas chuir Dia ar na daoinibh ó am go ham fa n-a bpeacaidhibh, bháith sé an domhan leis an díle, acht ochtar; loisg le teinidh as na flaitheasaibh na cathracha móra, Sodom agus Gomorra; chuir pláigh agus gorta go minic ar na Iúdaighibh. Acht ní léighmid ar ghné pheacaidh ar bith fa a ndéan Dia díoghaltas níos minice agus níos dí- bheirgighe ná fa an ghné pheacaidh dá ngoireann na diadhairí naomh-aithis, is é sin tarcaisne nó droch-mheas thabhairt ar Dhia, nó droch-úsáid do dhéanamh de ní ar bith beannuighthe, nó ainmnighthear as Dia. Ní cáin is lugha atá in a dhiaidh, deir an t-easbal Pól, ná éag, anbhás agus dí-shláinte ar an tsaoghal so, agus damnughadh síorraidhe in san tsaoghal eile. Atá so follus as an mbreith dhíbheirgigh thug Dia ar Bhaltassar, rí uaibhreach na Babilón, mar atá, a chathair do sgrios agus do losgadh, a ríoghacht do thuitim chum eachtrannaigh, agus an-bhás d'fhagháil dó féin, de chionn go dtug easonóir do na cailíseachaibh agus do na soithighibh beannuighthe do robáil a athair as teampall Ierusalem. Rinne Dia foighid le Baltassar in gach uabhar agus in gach anfhlaitheas, in gach craos agus in gach adhaltranas, in gach tíorántas agus éagcóir dá ndearna sé go dtí sin, acht chomh luath is thug droch-mheas ar na soithighibh beann- uighthe úd, ag déanamh óla asta, é féin agus a chúirtéirí malluighthe, chonnairc sé lámh-sgríobhtha a bhreith dhamanta ar an mballa. Ní fearr an íd d'éirigh d'Osa chionn gur chuir a lámh neamh-ghlan ar airc an chonnartha agus é in a thuata. Thuit sé in a chorpán marbh chum talmhan le taobh na hairce céadna
Ní áirmhim an t-anbhás fuair cúig míle de na Bet- samíteachaibh chionn amharc tarcaisneach mí-mhodhamhail do thabhairt ar an airc céadna, ná caidé mar do loisg teine as na flaithis dá chéad agus deich agus dá fhichid den phobal Eabhra chionn gur lámhadar gan órdughadh gan ollmughadh dhul do dhéanamh iodhbhartha i bhfiadhnaise Dé. Uch, a chríostaidhe, féach le uathbhás ar an trom-dhíoghaltas so rinne Dia ar an muintir seo fa dhroch-usáid nó easonóir do thabhairt do na neithibh beannuighthe, agus dearc in san am gcéadna ar ghlonnmhaire an pheacaidh doghní tú féin nuair ghlacas tú do thighearna le coinsias salach, agus chífidh tú dá meádhfaidhe do pheacaidh i sgála cirt Dé, gur mó an t-adhbhar atá chum a rádh leat ná le Baltassar gur truime do choirthe ná do dheigh-ghníomhartha. Óir cuirim i gcás go dtug Baltassar easonóir do shoithighibh na haltóra, do bhí foileamhnach amháin chum fola ainmhidhe brúideamhla do ghlacadh dá ndéantaoi iodhbairt don tighearna, agus caidé ghní tusa ag déanamh comaoin- each neamh-ghlan? Bheir tú easonóir agus masla, ní do shoithighibh na haltóra, acht do d' shlánuightheóir hofráltar ar an altóir, ní do chréatúr talmaidhe beag-luaigh, acht don phéarla neamhdha mór-luaigh, mac Dé. Do thug Baltassar dí-mheas ar shoithighibh na haltóra de bhrígh go raibh sé in a phágánach, nach raibh géilleadh aige don fhír-Dhia, acht tusa, a pheacaigh atá ar seilbh bheith i do chríostaidhe, acht sin foiríor, ó bhéal, agus ní ó ghníomh, dá ndéanann Críost guailnidh agus compánach, dá dtugann as méad a gheana ort a chorp naomhtha mar oileamhain sólásaigh do d'anam, onóir nach dtug sé riamh do na hainglibh, dá dtug sé oiread tiodhlacadh agus grása is bhí in a chumhachta, go lamhuighir i ndiaidh gach seirbhís doghní duit dul dá mhaslughadh agus dá easonórughadh níos mó míle uair ná Baltassar, bhí in a phágánach, nuair ghlacair é le coinsias truaillighthe salach.
Chuir Osa a lámh go dioraisce leis an airc do bhí ar bhruach tuitim, agus do mheasfá, a chríostaidhe, go raibh d'ualach air a sábháil ar thuitim, acht 'cheann gur ghlac le lámhaibh tuatamhla ní beannuighthe, agus gan é in a shagart, fuair bás obann ar an áit sin. Acht nach dioraisge go mór an ní doghní tusa, a pheacaigh, thig chum an fhéasta mór- luaigh seo gan chaon-dúthracht, gan chrábhadh, le ceathraighe intinne agus le smuaintibh saoghalta, gan féachain rómhat ar mhórdhacht Chríost atá tú do ghlacadh, ná dearcadh i do dhiaidh ar mhéad do pheacadh, agus sin ar seilbh d'fhiachaibh bheith ort an tsacraimint dhiadha so ghlacadh. Ó, is mór atá tú meallta. Cia gur órduigh Dia don duine an oileamhain neamhdha so do ghlacadh ar a laighead aon uair amháin san mbliadhain, gidheadh d'órduigh dhó in san am gcéadna a glacadh le crábhadh agus glaine chroidhe, nó go mbeadh an t-arán so na beathadh in a arán báis aige, agus an chailís seo na sláinte in a easláinte mharbhthaigh aige. Cia nach bhfuil peacadh marbhtha ar bith do-ghnímid nach dtréigimid Dia leis, nach nglacamaid mar mháighistir leis an diabhal, nach ndíolamaid ár gceart ar pharrthas, agus nach ndéantar oighridhthe ar ifreann dínn, gidheadh is baoghalaighe an peacadh so na naomh-aithise ná sin uile. Do-ghní Dia foighid linn in ár gcoirthibh eile; cia go mbíonn i bhfeirg linn, ní bhaineann dúil dinn, cia go sgiúrann sinn, ní sgriosann sinn, acht nuair do-ghnímid comaoineacha neamh-ghlana cuirimid séala ar ár mí-fhortún. Nuair ghlacamaid corp Chríost fa ár mbroinn agus nach mian linn ár mbeatha do leasughadh, cuid na cómharsan ar ár láimh agus nach mian linn aiseag do dhéanamh ann, fuath nó fearg leis an gcómharsain agus nach mian linn síothcháin do dhéanamh, bheith tugtha do striapachas nó do mheisge nó do bhréagaibh nó do mhionnaibh móra nó bheith tugtha do leannán peacaidh ar bith eile agus nach mian linn a dtréigean, cibé, adeirim, do-ghní comaoineach ar an stáid
seo, tréigidh Dia é gan mhoill, bainidh dúil de ó sin amach, tairngidh a ghrása uaidh, leigidh dó siocadh in sna lochtaibh, leigidh srian le n-a ainmhiantaibh, ar mhodh, mar adeir Naomh Gréagóir, go mbíonn sé ag roithleacán ó lucht go locht; ollmuighidh naomh-aithis iad chum naomh-aithise eile, agus as sin tuitid in éadóchas, bheir iad fa dheireadh go fír-íochtar ifrinn. Atá so follus as an íd fuair an tréatúrach Iúdás. Do-rinne Críost foighid le n-a lochtaibh eile, le n-a shaint, le n-a chasaoid, le n-a éagcórachaibh, acht chomh luath is ghlac sé corp Chríost ar dhroch-stáid, do thréig Dia é gan mhoill agus d'fhág é faoi iomartas an diabhail. Ceist agam oraibh, a cháirde, an féidir gníomh ar bith do bheith ní ba gráineamhla ná dá ngeóbhadh duine de chlaidheamh nó de sgin tríd chroidhe a ríogh nó a phrionsa, do rachadh in san am gcéadna ag toghadh na seóide ba uaisle agus ba tairbhighe do bhí in a óir-chiste chum a dtabhairt i bpronn- tanus don dún-mharbhthóir seo? Ní fhuil, gan amhrus, gníomh chomh malluighthe leis. Maiseadh, so cás an té do-ghní comaoineach ar droch-stáid. Do-ghní sé feall agus dún- mharbhadh ar Mac Dé, rígh is tiodhlaicthighe agus is trócairighe dá dtáinig agus dá dtiocfaidh, thig chuige in san am gcéadna leis an tseóid is uaisle agus leis an bpronn- tanus is tairbhighe dá bhfuil in san óir-chiste diadha, agus comhartha cumainn is mó do b'fhéidir le Dia do chumadh nó do smuaineadh chum méad a ghrádha ar an duine do thaisbeanadh, mar atá, a chorp ró-naomhtha, idir dhiadhacht agus daonnacht, mar atá sé i bhflaitheamhnas. Ceist fós agam oraibh, a cháirde, an bhfuil bás dá olcas, nó sgiúrsa dá mhéad, nach n-órdóchadh sibh do na Iúdaighibh do chuir Críost chum báis, de bhrígh gur ab é Mac Dé é, gur ab é a slánuightheóir agus a gcruthuightheóir é, gur uime thuirling as na flaithis chum fuasgailt dóib as broid an pheacaidh agus ó sglábhaidheacht an diabhail? Mar an
gcéadna, an bhfuil críoch dá olcas nach n-órdóchadh sibh do Iúdás 'cheann gur dhíol a mháighistir, Críost? Déarfaidh sibh liom, gan amhrus, nach bhfuil, agus má deir, deirim-se libh-se, mar adubhairt Críost leis an tseirbhíseach neamh- fhóghantach, go dteilgeann bhur mbriathra féin sibh, agus dearbhaim díbh, nuair ghlacas sibh corp Chríost ar droch- stáid, go mbíonn sibh rann-pháirteach leis na Iúdaighibh i gcéasadh Chríost, agus chomh cionntach in a bhás le Iúdás, do bhraith é. An t-easbal Pól mo bharánta leis an fhírinne seo, in san chéad chaibidil déag dá litir chum na gCoirintinneach, mar a ndeir, "cibé ithfeas an t-arán so nó ólfas cailis an tighearna ar droch-stáid, beidh sé cionntach i bhfuil agus i bhfeoil an tighearna." Uch, a pheacaidh mhalluighthe na naomh-aithise, caidé a liacht dolaidh agus díoghbháil thig asat? caidé a liacht duine thairrngeas tú go hifreann, in áit a n-árdughadh chum na bhflaitheas? Nár leige Dia, a cháirde, go bhfuil Iúdaidhe salach nó Iúdás malluighthe i bhur measg-sa, rachadh ag braith nó ag céasadh Críost in san aimsir bheannuigthe seo na Cásg. Ó, is mór m'eagla go bhfuil, agus gur lia duine agaibh do-ghní comaoineacha salacha ná do-ghní comaoineacha glana d'easbhaidh ollmhuighthe agus na gcoingheall atá riachtanach agaibh chum corp Chríost do ghlacadh, ní ar ar gheall mé trácht in san dara pointe dem chomhrádh. An dara pointe. Chum go ndéanfamais eiséirghe in éinfheacht le Críost in aimsir naomhtha na cásg so ó bhás an pheacaidh, is cóir dhúinn, a cháirde, corp ar dtighearna do ghlacadh fa ar mbroinn. An mhuintir nach nglacann, do réir mar dhearbhuigheas Críost ag Eóin in san seiseadh caibidil, ní fhuighidh siad beatha na ngrás; ní fhuil imtheacht aca ó bhás an pheacaidh; amhail is mar déarfadh sé go bhfuil an oileamhain spioradálta so chomh riachtanach ag an anam is atá an oileamhain chorpardha riachtanach ag an gcolainn, agus
do réir mar nach féidir leis an duine bheith beó nó siubhal nó aistear do dhéanamh gan an t-arán corpardha, mar an gcéadna, nach féidir leis an anam bheith beó nó siubhal nó aistear do dhéanamh i slighidh a slánuighthe gan an t-arán diadha so. Atá d'ualach, mar sin, ar gach duine do réir aithne Chríost an tsacraimint seo do ghlacadh. Acht chuala sibh, a cháirde, caidé mhéad an díoghalas do-ghní Dia ar an té ghlacas í ar droch-stáid. Glacamaid í mar sin do réir na haithne, acht glacamaid í le ollmhughadh ceart ar cheaiste na cáineach. Is é ollmhughadh sin, glaine choinsiais thar gach ní, agus dúil agus mian do bheith againn in san oileamhain neamhdha so. Cibé rachas le coinsias glan agus le croidhe saor ó pheacadh ag glacadh na sacraiminte seo, gheóbhaidh sé innti íoc-shláinte in aghaidh gach loit, leigheas ar gach galar, neart in aghaidh gach laige, cabhair in aghaidh gach cathuighthe, sólás le linn gach leathtrom, ó gheóbhaidh sé innti tuile na ngrás i dtobar na ngrása, Críost. Acht is feasach sibh, a cháirde, nach nglacann connadh glas lán d'uisge teine; mar an gcéadna, ní lasfaidh an teine dhiadha so croidhe glas lán d'uisge na bpeacadh. Nuair bhíos connadh tirim ollmhuighthe, is luaithe de agus is móide lasas agus ghlacas teine; mar an gcéadna, ní fhuil dá mhéad is bhíos an croidhe glan ó pheacadhaibh nach móide agus nach luaithede lasas le teine na ngrása, agus gheibh sé luaigheacht agus toradh na sacraiminte do reir a ollmhuighthe. Maiseadh ó is ní atá crosta orainn an tsacraimint seo do ghlacadh gan ullmhughadh, féachamaid, a chríostaidhthe, caidé mar thairgfeas tusa tú féin d'oll- mhughadh, caidé mar thairgfeas tú lóistín d'anma do chur in órdughadh fa chomhair ríogh néimhe agus talmhan, caidé mar ghní tú an sgrúdadh coinsiais úd órduigheas an t-easbal Pól.
Má deir tú gur ghlan tú do choinsias ag déanamh faoisdine, is lór sin. Ní fhuil slighe is fearr chum an choinsiais do ghlanadh ná an fhaoisidin, má rinne tú í go ceart, má rinne tú í le dólás croidhe agus aithreachas in do pheacadhaibh. Acht cia leis a ndearna tú an fhaoisidin seo? Atá le ruagaire reatha, nó le sagart óg ainbhfhiosach nachar chuartuigh do choinsias, agus nach móide go raibh cead aige ón eaglais faoisdin d'éisteacht. Acht muna raibh, d'fhág sé tusa in san múileóig chéadna in a bhfuair tú. Acht cuir i gcás go ndearna an sagart a dhualgas, caidé ghní tusa roimhe dul chum faoisdine? Ar chuartuigh tú clúideanna dorcha do choinsiais? Ar dhearc tú ar gach slighidh, agus ar gach ocáid le' mb' fhéidir leat dligheadh Dé do bhriseadh, ionnus go mb'fhéidir leat do pheacaidh chur síos in a ngné agus in a n-uimhir? Ó, ní dhéanair. Tar éis bheith bliadhain agus tuilleadh gan do ghlúin do leagadh ag sagart, thig tú ar do sgiorradh ó do ghnóthaíbh saoghalta le croidhe lán de choirthibh, gan croidhe-bhrúghadh, gan crábhadh. Dhéanfá níos mó de stuidéar míle uair dá mbeitheá ag dul ar do chunntas le do thighearna saoghalta ná ghní tú ag dul i láthair barra na Tríonóide. Acht cuir i gcás gur sgrúd tú do choinsias, gur admhuigh tú do pheacaidh, acht ar admhuigh tú iad le rún iomlán gan fhilleadh orra níos mó? Acht muna raibh an rún so agat, má tá claon nó súil agat i ndiaidh do pheacadh, acht muna dtroididh tú in aghaidh na gcathughadh agus na hócáideacha do sheachnadh, ní raibh an rún ceart agat, ní fhuil tairbhe in d'fhaoisdin, ní fiú broth d' absolóid, atá do choinsias go fóill gan glanadh, agus má lámhuigheann tú dul ag glacadh Críost ar an stáid seo, in áit an oileamhain neamhdha so do thabhairt sláinte do d'anam, is é gheabhas tú innti do dhamnadh go síorraidhe. Ó, mo mhíle truaighe, caidé mhéad do-ghní faoisidin gan toradh? Caidé a laighead ag a mbíonn rún na peacaidh
do sheachnadh, ní is furus aithne ar éasgaidheacht is thuitid arís ionnta? caidé a liacht duine do-ghní aithris ar na mucaibh, théid gan mhoill dá n-únfairt in san lathaigh tar éis a nighe? Ní luaithe bheir fear na mionn mór cúl don tsagart ná théid sé dá únfairt féin arís in san múileóig chéadna; ní luaithe bheir an meisgeóir cúl don tsagart ná thuiteas arís i múileóig an óil; ní luaithe bheir an striapach cúl don tsagart ná chuireas sí í féin in ócáid an pheacaidh; in aimhdheoin gach rúin fallsa agus gach geallamhna bréagaighe bheirid uatha cúl do thabhairt don bpeacadh, tuitid ann gan mhoill, agus in áit a mbeatha do leasughadh, is é mhéaduigheas siad a n-ualach nó go dtréigeann Dia iad fa dheireadh, agus go bhfágann iad fa iomartas an diabhail. Tar éis an coinsias do sgrúdadh agus do nighe le trom- dheóraibh na haithrighe, is é an dara coingheall atá riachtanach agat, a chríostaidhe, cíocras agus mian do bheith ort corp do thighearna do ghlacadh, agus an bhfuil duine ar bith le ar mian bheith beó, nó beatha na ngrása d'fhagháil, nachar chóir go mbeith dúil agus mian aige in arán na beathadh? an bhfuil duine ar bith atá tartmhar nachar chóir go mbeith deifir air a thart do chosgadh le uisge na ngrás? an bhfuil duine ar bith atá loitighthe nachar mhaith leis leigheas d'fhagháil? an bhfuil duine ar bith atá lag nachar chóir go mbeith deifir air chum bheith láidir? Maiseadh, glac do thighearna, a chríostaidhe, agus glac é mar is cóir, agus gheabhaidh tú neart in gach laige, leigheas ar gach loit, íoc- shláinte in aghaidh báis an pheacaidh, gheabhaidh tú an uile aoibhneas, an uile shólás, an uile mhaitheas. Ó, a thighearna, caidé mhéad na daille atá ar críostaidhthibh na haimsire seo? In aimhdheóin gach tairbhe agus maitheas atá le fagháil aca in san tsacraimint seo, fa an duine théid dá glacadh bheir triúr cúl a gcinn di. Chí tú an iomad chuireas a leas ar cáirde, bhíos ó bhliadhain go
bliadhain gan teacht 'chomhair na sacraiminte seo. In áit bheith ag réabadh chum arán na beathadh, is é bheirid bás den ghorta dá n-anam. Is éigin don tsagart bheith dá gcealgadh agus dá mealladh; is éigin dó fa dheireadh a ndíbirt ó aifreann sul fa bhfuighidh uatha comaoineacha cásg do dhéanamh. Acht, caidé is adhbhar, a cháirde, don daille seo? Atá, gan amhrus, easbhaidh crábhaidh agus creidimh, do réir mar thaisbeánas a ndroch-bheatha. Drong iad atá báidhte i ngrádh an tsaoghail seo, agus nach gcuireann spéis i dtalamh na geallamhna. Drong iad atá tugtha do phleisiúr cealgach na colna, agus nach mian leó blas de phléisiúr fírinneach an anma. Drong easumhal iad mar a gcéad athair Adhamh, le ar fearr ubhall na haithne d'ithe, bhéarfas bás dóibh, ná blas de thoradh crann na beathadh, chuideóchadh ó bhás iad. Ó, a chríostaidhe, fosgail do shúile agus ná bréagadh an saoghal tú níos faide. Má tá dúil agat i bpléisiúr agus i milseacht, blais den arán so agus gheabhair an pléisiúr agus milseacht spioradálta. Glac an t-arán laetheamhail seo mar leigheas ar gach breóidhteacht laetheamhail bhíos ag brath ar d'anam, glac é go minic mar chothughadh do d'anam, do reir mar ghlacas tú go minic oileamhain chorpardha mar chothughadh do d' cholainn, acht glac é le glaine chroidhe agus le ullmhughadh ceart, glac é le fonn agus dúil in san oileamhain neamhdha so. Déan aithris ar na Iúdaighibh cothrom an lae indiu, árduigh do ghuth agus abair, "Fáilte dhuit, a thighearna, fa mo bhroinn; maitheas agus sláinte go ndéanair do m'anam." Téigh in airicis Chríost le pailm na ndeigh-ghníomhartha agus le craobhachaibh glasa na subhailce, agus gheabhaidh tú ó Dhia, ag glacadh a Aon-Mhic leis an ullmhughadh so, ionnmhas na ngrása in san tsaoghal so, agus an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile. Amen.
An Naomhadh Seanmóir. AR TAIRBHE CORP CHRÍOST DO GHLACADH AR DHEAGH-STÁID. Do ghléas duine áiridhe féasta mór agus thug cuireadh do an iomad teacht dá chaitheamh. (Briathra Chríost ag Lúcás san ceathramhadh caibidil déag, an seiseadh rann déag.) ATÁ Cuid de na haithreachaibh naomhtha thuigeas leis an fhéasta mór-chostasach so, ar a dtráchtann an Soisgéal, an ghlóir shíorraidhe ghléasas Dia fa chomhair na muintire fhuilingeas buaidhirt agus bochtaineacht, breis agus leath- trom, ar son a gcreidimh, agus mar an gcéadna, fa chomhair na muintire throideas in aghaidh na gcathughadh, smachtas a ndroch-chlaonta, sheachnas an peacadh, agus má bhíonn sé de mhí-fhortún orra tuitim ann, éirgheas as gan mhoill, ag déanamh na haithrighe. Gheibh an mhuntir seo, deirim, féasta na glóire, mar a mbeidh an chudeachta is sáimhe, aoibhneas gan chuimse, sólás, gach maitheas gan Crích gan chuimse. Acht is é thuigeas formhór na heaglaise leis an fhéasta úd sacraimint naomhtha na haltóra, mar a dtugann Dia don duine an féasta is costasaighe, an biadh is uaisle agus is onóraighe, agus an oileamhain is tairbhighe agus is folláine dá mb' fhéidir le Dia do chumadh, nó le duine do smuaineadh, mar atá, a chorp naomhtha idir dhiadhacht agus daonnacht, mar atá i bhflaitheamhnas.
Atá Cuireadh ag an tsaoghal uile chum an fhéasta so. Atá doirse na heaglaise fosgailte fa chomhair gach Críostaidhe. Ní thig leó pléisiúr is mó do dhéanamh do mháighistir an fhéasta, Críost, 'ná theacht do chaitheamh an bhídh neamhdha so. Acht, mo mhíle truaighe, caidé a liacht duine, in áit theacht ar an gcuireadh so, bheir cúl a gcinn dó? caidé a liacht duine le ar fearr bás den ghorta do thabhairt dá n-anam 'ná theacht ag caitheamh na hoileamhna neamhdha so? agus caidé a liacht duine thig ag glacadh an bhídh seo, agus in áit buidheachais nó onóir do dhéanamh d'fhear an fhéasta, gur ab é bheirid easonóir agus masla dhó, ag teacht le lámhaibh salcha agus gan aibíd an phósta orra? Ó, a chríostaidhe, thig le lámhaibh glana, is é sin le Coinsias saor ó pheacadh, ag glacadh na sacraiminte seo, caidé méad d' fhortún? Ní sonas is lugha atá le fagháil agat 'ná Críost do dhéanamh áruis agus ionaid Comhnuidhe de d'anam do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in mo chomhrádh tar éis a roinn in a dhá phointe. Ní fhuil ní ar bith is tairbhighe agus is sólásaighe don anam ná Corp Chríost do ghlacadh ar dheagh-stáid: sin an chéad phointe. Atá coinghealla áiridhe riachtanach le Críost do ghlacadh ar dheagh-stáid: sin an dara pointe. An cheud phointe. Do chruthaigh Dia Ádhamh agus Éua i stáid an ionracais, is é sin saor ón uile shórt peacaidh. Rinne máighistir díobhtha ar an domhan, ar gach dúil agus ar gach Créatúr dá ráibh ann. Chuir iad i ngáirdín lán d'aoibhneas agus de phléisiúr, mar a raibh an uile shórt tortha ba mhilse blas agus ba bhreaghachta le faicsin. Bhí Crann na beathadh i lár an gháirdín seo bheireadh dá shórt déag measa, agus sin gacha mí. Ní fhuil uair 'n-a n-íosadh Ádhamh de mheas an chrainn seo, dá mbeith sé sean, nach ndéanfadh óg é, dá mbeith tinn nach ndéanfadh slán é. Chuideochadh an Crann so Ádhamh ó aois agus ó thinneas nó go n-athróchadh Dia é ón bparrthas talmhaidhe seo go parrthas nimhe.
Ní neamh-chosmhail, a cháirde, an crann so na beathadh leis an tsacraimint naomhtha ar a bhfuil mé ag trácht, ar an adhbhar, do réir mar do bhí an crann úd na beathadh i lár parrthais, atá an tsacraimint seo i lár na heaglaise, agus do réir mar thigeadh dá shórt déag measa ar chrann na beathadh, mar an gcéadna, tig an iomad sórt measa agus tortha ar an tsacraimint seo. Bheireadh crann na beathadh toradh gacha mí agus ní lugha leis an tsacraimint seo. Chuidigheadh measa crann na beathadh an té d'itheadh iad ó aois agus ó thinneas, agus mar an gcéadna, sábhál- aidh an tsacraimint naomhtha seo ón uile ghalar agus easláinte an t-anam, nó go dtugann í go cuan sábálta na glóire. Atá, adeirim, a cháirde, an crann diadha so, uan Dé, i lár parrthais Chríost, an eaglais, ar an altóir in a íodhbairt agus in a shacraimint. Atá an t-uan neamhdha so in a íodhbairt hofráltar don Athair síorraidhe ar son ár bpeacadh. Doghní an íodhbairt seo ár síothcháin le Dia agus tobhaidh dhúinn toradh báis agus páis Chríost. Atá mar an gcéadna in a shacraimint, agus do chum Dia é chum a bheith in a oileamhain sólásaigh ag anmannaibh na bhfíréan. Atá an crann so i lár na heaglaise mar an croidhe i lár an chuirp, ag cur beodhais agus láidreachta in gach ball de. Atá sé i lár na heaglaise mar ghréin lonnraigh agus mar lóchrann soillseach ag tabhairt solais agus eolais di. Atá an t-uan neamhdha so i lár na heaglaise mar chloich choirnéil shnaidhmeas agus cheanglas críostaidhthe an tsaoghail i gcaomhthacht agus i gcarthannacht. Do bhí de bhuaidh ar chrann na beathadh tar chrannaibh an gháirdín uile go dtigeadh dá shórt déag measa air, agus ní lugha, a cháirde, leis an gcrann diadha, sacraimint Chuirp ar dTighearna, bheir an iomad measa agus tortha. Óir ní hionann í agus na sacraiminte eile, nach dtugann dúinn acht aon ghrása amháin, agus sin ar ócáideachaibh
áiridhe, mar atá go nglanann sacraimint an bhaistidh sinn ó pheacadh na sinnsear. Neartuighthear sinn in ar gcreideamh le linn dul faoi láimh easbuig agus gheibhmid misneach ó Dhia le fulaing go foighdeach gach mí-chomhgar thig orainn ó náimhdibh ár gcreidimh. Le meadhón sacrai- minte na faisdine gheibhmid maitheamhnas ó Dhia in gach peacadh doghnímid tar éis baistidh. Cuiridh sacraimint na hola déidheanaighe misneach agus neart in san duine in aghaidh pian an bháis. Bheir na húird naomhtha grása áiridhe agus cumhachta spioradálta don duine chum na sacraiminte do riar, agus budh í sacraimint an phósta is grása speisialta dhúinn chum fulang go foighdeach mí-chomhgar cuinge an phósta. Ní thobhann, adeirim, na sacraiminte seo dhúinn acht aon ghrása amháin áiridhe, acht an tsacraimint seo Chuirp Chríost, ní hé amháin go bhfaghmaid an uile ghrása, mar adeir naomh Bernard, acht gheibhmid agus glacamaid ughdar agus máighistir gach grása, mar atá, mac Dé uile-chumhachtaigh. Tionnsgnaidh agus ollmhuighidh na sacraiminte eile sinn chum a ngrása, acht críochnuigheann agus cóimhlíonann an t-arán neamhdha so na grása ionnainn, blaisimid in sna sacraimintibh eile cuid d'uisge thobar na ngrása, acht ag glacadh Corp ár dTighearna, ólamaid an tobar in a uile mhéid. Amhail is mar bhí an manna de gach blas do réir mian an té d'itheadh é, atá an t-arán neamhdha so lán de mhilseacht agus de gach grása do réir mian agus riachtanas gach aon chaitheas é. Do bhí buaidh eile ar chrann na beathadh, go dtugadh meas gacha mí, agus ní lugha leis an sacraimint seo, crann na beathadh dáríribh, bheir dhúinn an bheatha mharthanach, bheir sé meas gacha mí, is é sin le rádh go dtugann dúinn an uile shórt fortachta agus cabhra in gach am, in gach stáid, agus ar gach ócáid. Bheir toradh in aimsir na hóige, ag fréimhiughadh na subhailce, ag smachtughadh na ndroch-chlaonadh agus ag múchadh teas na colna. Bheir an tsacraimint seo toradh i
meadhón aoise, ag breith buadha ar chathuighthibh an tsaoghail seo, ag múchadh gach feirge, agus mar adeir an fáidh ríogh- amhail, is arm cosanta an t-arán neamhdha so in aghaidh namhad ar n-anma. Bheir sé toradh in aimsir na hársaidh- eachta ag cothughadh foighde na druinge aosta, athnuadhaidh an t-arán diadha so a neart agus cuiridh beodhas an chrábhaidh in a gcroidhthibh. Bheir, mar an gcéadna, an tsacraimint seo toradh in gach stáid, ar an adhbhar, is meadhón éifeachtach í ag an druing phósta chum cumhdach a gcuinge, ag an druing dhíomhaoin ag claoidh a gcolna. Is arm cinnte í do na maighdeanaibh in aghaidh na drúise. Is sgiath-dhíon an chruithneacht so na bhfíréan don chléir chum cumhdach a n-ionracais, agus tríd a milseacht diadha, doghní dearmad agus neimhbhrígh de phleisiúr cealgach an tsaoghail seo. Bheir fós an tsacraimint seo toradh agus dídean don duine in gach ócáid, ar an adhbhar, cothuighidh an umhlacht i lucht an tsaidhbhris, neartuighidh an fhoighid i lucht an daidh- bhris, cuiridh sólás ar lucht an dóláis, bheir cabhair do lucht an tinnis, bídh in a lón ag an muintir bhíos ag fagháil bháis, cuiridh láidreacht agus beodhas ionnta. Bheir iad, mar Elias, go sliabh Horeb, is é sin go cathair Dé. Ní fhuil, a cháirde, arm is cinnte agus is éifeachtaighe ná an tsacraimint naomhtha so chum díbirt agus briseadh do chur ar an leómhan craosach úd, an diabhal, bhíos go cinnte, mar adeir naomh Peadar, ag cur líonta agus luigheachán rómhainn chum ár sluigthe. Ar an adhbhar, mar réasúnas Tomás, de bhrígh gur comhartha agus cuimhne ar pháis Chríost an tsacraimint seo, agus go rug Críost le céasadh a chuirp naomhtha buaidh ar ifreann agus ar a lucht áitreabhtha, chomh uath is chí na diabhail Corp Chríost fa ár mbroinn, bheirid cúl dúinn agus bheirid áit do na hainglibh thig dár gcumhdach. Do bhí fós mar bhuaidh i gcrann na beathadh go gcuidigheadh
a mheasa an té d'itheadh iad ó bhás corpardha, acht is mó 'ná sin go mór an buaidh atá ar an gcrann diadha so, toradh broinn ná maighdine Muire, chuidigheas ó bhás, ní hé an corp, acht an t-anam, ball is uaisle, do réir mar dhearbhuigheas Críost, ar slánuightheóir, ag Eóin Easbal in san seiseadh caibidil, mar adeir, "an té itheas den arán so ní fhuighidh bás go bráth," amhail is mar déarfadh sé, cibé ghlacas an tsacraimint seo le cíocras naomhtha agus glaine choinsias, cuirfidh an oileamhain spioradálta so misneach agus láidreacht in a anam, do réir mar chuireas an oileamhain chorpordha beodhas in san gcolainn, ar mhodh, in aice na ngrása mhéaduigheas agus phronnas air, go mbeir sé buaidh ar gach peacadh so-loghtha leónas í, ar chlaontaibh na colna mheallas í, árduighidh an tsacraimint seo an duine ó stáid na ngrása go stáid na glóire, ó stáid neamh-bhuanaigh an tsaoghail go stáid do-chaillte pharrthais. Ó, a chríostaidhe, ghní comaoineacha glana, caidé mhéad d'fhortún agus do luaigheacht, ní hé amháin go bhfaghann tú an uile ghrása, an uile chabhair agus an uile mhaitheas, acht fós do-gheibh tú ughdar gach grása agus gach maitheas, Íosa Críost, mac Dé, thuirlingeas as na flaithis chum árus agus ionad comhnuidhe dhéanamh den anam. Acht don taobh eile, caidé mhéad do mhí-fhortúin agus do dhonais acht muna dtairgidh tú lóistín d'anma do bheith in órdughadh, is é sin a bheith saor glan ó gach brúdar agus ó gach salchar peacaidh, acht muna dtairgidh tú na coinghealla do bheith agat atá riachtanach chum comaoineacha glana do dhéanamh, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in san dara pointe. An dara pointe. An t-easbal Pól, ag sgríobhadh chum na gCoirintineach, bheir achmhasán géar agus iomordughadh ró-mhór dhóibh fa a olcas is ghnídís iad féin d'ollmughadh chum comaoineacha do dhéanamh, agus dearbhaidh gur uime chuir Dia gach pláigh agus gach gorta, gach éag, anbhás, agus gach galar bhí in a measg, mar sgiúrsa orra fa gach easonóir
agus masla bheireadh siad do Chríost, ag glacadh a chuirp naomhtha ar droch-stáid. Ó, a easbail uasail, má tá tú ag éagcaoin chomh mór so ar na Coirintineachaibh, bhí i dtús na heaglaise, in am a raibh soilse an chreidimh mar lóchrann i measg na bpoibleach, in am a raibh an charthanacht ar lasadh i gcroidhe gach duine, in am a raibh crábhadh agus caon- dúthracht ar bun ag an óg mar an ársaidh, caidé déarfá leis an aimsir seo in ar díbreadh an creideamh, in ar fhuaruigh an charthanacht, in ar imthigh an chaon-dúthracht, in am nach bhfuil in áit an chreidimh acht ainbhfios agus eiriceacht, nach bhfuil in áit na carthanachta acht fuath, díoghaltas, agus droch-reacht idir an uile shórt drong daoine, in am nach bhfuil in áit crábhaidh acht briseadh saoire, briseadh troisgthe agus briseadh na n-aitheanta, gan beann ar aifreann, gan beann ar urnaighe, gan beann ar sheanmóir, gan beann ar dhéigh-ghníomharthaibh. Ó, a chríostaidhe, má 's peacadh chomh mór so Corp Chríost do ghlacadh gan ollmughadh ceart, ionnus gur tharraing éag, anbhás, agus dí-shláinte ar na Coirintineachaibh, caidé an t-adhbhar uathbháis, caidé an t-adhbhar eagla atá ag críostaidhthibh na haimsire seo, théid ag caitheamh an fhéasta mórluaigh seo gan ollmhughadh, gan aithrighe, gan dearcadh rómpa ar mhórdhacht Dé, atá siad do ghlacadh, nó féachain in a ndiaidh ar mhéad a bpeacadh? caidé an sgiúrsa, caidé an díoghaltas thuiteas ar an muintir théid ag glacadh an aráin neamhdha so le ceathraighe intinne agus smuainte saoghalta, tar éis faoisdin gan rath do dhéanamh, tar éis suimliughadh innsin do thabhairt ar a bpeacadhaibh ós comhair sagairt, gan sgrúdadh coinsias ar bith roimhe nó rún leasuighthe? Ó, a easbail Pól, dá mairfeá indiu caidé mar do ghoilfeá, dá bhfaicfeá corp glórmhar do mháighistir Críost dá chur i bpríosún salach, i gcamra na n-olc, in a gcroidhe lochtach, mar do-ghní lucht comaoineach na haimsire seo?
Ó, a Phóil, má bhí iongantas órt féin agus ar na haithreach- aibh naomhtha fa n-a rádh go nglacfadh Mac Dé colann daonna fa bhroinn na maighdine Muire do bhí gan smál, gan sal peacaidh, caidé an t-uathbhás do bheith ort dá bhfaicfeá é indiu ag dul faoi bhroinn na muintire atá lán de shalchar agus de mhúilleóig an pheacaidh? Ó, a easbail chráibhthigh, nach ar an muintir seo thráchtas tú nuair adeir tú cho n-aith-chéasann an iomad Críost, agus go gcuireann a cneadha leis ar sileadh? Is orra gan amhras, ar an adhbhar, cá bhfuil croch ag Dia na humhlachta is mó ná croidhe feargach díoghaltach? Cá bhfuil croch ag sgathán na geanm- naidheachta is mó ná lucht na drúise, bhíos ag luighe go laetheamhail i leabaidh an adhaltranais, agus nach mian leo cúl do thabhairt di? Cá bhfuil croch ag Mac Dé is mó ná lucht na mionn mór, bhíos ag tabhairt a anma naomhtha mar mhionna gach uair agus gach móimeint? Ní fhuil, gan amhras, croch ar bith ag Críost is mó ná dhul faoi bhroinn na muintire bhíos tugtha do na peacaidhibh seo, agus nach mian leo éirghe asta. Cad fa gceangaltar mé, deir Naomh Auguistín, ag labhairt leis an bpeacach, i bpearsain Chríost, ar chroich dólásaigh do pheacadh, croch is pianamhla liom mile uair 'ná an chroch úd ar ar céasadh mé ar sliabh Calbhari? Ó, a chríostaidhe, caidé mhéad do dhaille nach léar duit mor-thrócaire Mic Dé, ná a thiodhlactha dhuit, nuair uirísligheas sé é féin chomh mór sin agus theacht as na flaithis as fochair an Athar shíorraidhe, le n-a bhfuil sé i gcomh-ghlóir agus i gcomh-chumhachta, chum ionad comhnuidhthe do dhéanamh de chréatúr chomh neimh-bhríoghmhar leat-sa? Dá ndéanadh rí saoghalta d'onóir duit theacht ar cuairt chum do thighe, caidé an dícheall, caidé an dúthracht do chaithfeá chum bheith glan órdamhail fa n-a chomhair, agus ní ghlacfá saothar, dá laighead, teach d'anma do chur in órdughadh fa chomhair ríogh na ríogh. Ní sparálfá ór ná
airgead chum solmain agus féasta do dhéanamh fa chomhair an ríogh thalmhaidhe úd, agus nach dtairgeann tú féasta na subhailce do bheith agat fa chomhair Chríost, agus nach gcosónadh siad ór ná airgead duit. Maiseadh, a cháirde, an té le ar mian Mac Dé do thabhairt go lóistín a anma, atá trí ní riachtanach aige, mar atá, glaine choinsias, umhlacht agus carthanacht. An té ag a mbeidh na subhailce seo, is féidir leis dul ar aghaidh le dóchas chum an fhéasta, agus ghéobhaidh sé ionmhas na ngrása i dtobar na ngrása, Críost; acht an té nach mbeidh na coinghill seo aige, ná lámhuigheadh sé theacht do chomhair na sacraiminte seo, nó beidh an t-arán so na beathadh in a arán báis aige, agus an chailís seo na sláinte in a heasláinte mharbhthaigh aige. Chuala sibh cheana as an sgrioptúir diadha go leigheasadh toradh crann na beathadh Adhamh ó aois agus ó thinneas chomh minic agus d'íosadh iad, acht léighmid in san áit chéadna nach raibh sé ceadmhach ag Adhamh blas de thorthaibh an chrainn seo acht chomh fada agus bhí sé i stáid an ionracais, is é sin, saor ó pheacadh. Chomh luath is rinne sé an peacadh ag ithe ubhall na haithne níor bh'fhéidir leis dul do chomhair an chrainn seo níos mó. Do díbreadh é as parrthas. Do chuir Dia aingeal mar ghárda ar chrann na beathadh agus claidheamh aifeartha in a láimh. Mar an gcéadna ní fhuil sé ceadmhach ag duine ar bith blas den tsacraimint naomhtha so acht an té ag a mbeidh coinsias glan saor ó pheacadh, acht an té chumhduigh ionracas ón a bhaisteadh, nó má chaill sé é leis an bpeacadh, nigh agus sgiúr a choinsias le trom-dheóraibh na haithrighe. Atá, mar an gcéadna, an umhlacht riachtanach ag an té le ar mian Corp Chríost do ghlacadh. Atá an tsubhailce seo chomh taitneamhach tairbheach sin i bhfiadhnaise Dé, ar mhodh go n-admhuigheann an mhaighdean Muire gur i ngeall ar a humhlacht, thar gach subhailce eile, fuair sí de ghrása ó Dhia
Mac Dé do theacht fa n-a broinn. Dá bhrígh sin, a chríos- taidhe, le ar mian Críost do ghlacadh fa do bhroinn, uir- ísligh tú féin mar an óigh Muire chum gur bh'fhiú tú an onóir seo d'fhagháil. In aice na humhlachta agus glaine choinsias, atá an tsubhailce neamhdha, an charthanacht, riachtanach ag an té le ar mian comaoineach do dhéanamh. So máthair gach deigh- ghníomh, so bainríoghan gach subhailce, so an tsubhailce, nach fiú brobh urnaighe ná trosgadh ná aon ní eile dá ndéanamaid acht muna raibh sí againn. Agus mar nach dtéid an oileamhain chorpordha i dtairbhe don chorp gan teas nádúrtha do bheith aige chum díleaghadh do dhéanamh, mar an gcéadna ní théid an oileamhain spioradálta chum sochair don anam gan teas-ghrádh na carthanachta do bheith in a aice. Chí sibh anois, a cháirde, caidé mhéad na luaigheacht agus na tairbhe atá le fagháil ag an té ghlacas an tsacraimint seo, gur ab í is oileamhain agus is beatha don anam, go méaduigheann na grása innti, agus go neartuigheann í in aghaidh gach cathuighthe; agus chí sibh don taobh eile nach ní is lugha ná damnughadh síorraidhe atá le fagháil ag an té ghlacas an tsacraimint seo ar dhroch-stáid. Ollmhuigh- eadh mar sin gach aon é féin le ar mian a glacadh; sgiúradh agus glanadh sé a choinsias le trom-dheóraibh na haithrighe; glacadh sé an t-arán neamhdha so le cíocras agus fonn; glacadh sé é le carthanacht agus le umhlacht, agus gheóbhaidh sé ó Dhia iomadamhlacht na ngrása in san tsaoghal so agus an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile, ní atá mise d'iarraidh díbh-se agus damh féin.
An Deichmheadh Seanmóir. AR TAIRBHE AGUS COINGEALLAIBH NA hURNAIGHE. Ní fhuil óir-chiste ar bith is tairbhighe ná an urnaighe. (Briathra an Spioraid Naoimh ag Tobias, an dara caibidil déag, an t'ochtmhadh rann). SGRÍOBHAIDH an file eagnaidh Cicero ar na subhailcibh go bhfuilid chomh sgiamhach sin ionnta féin, ar mhodh, dá mb' fhéidir le duine a bhfaicsin le n-a shúilibh corpordha, go líonfadh sé lán dá ngrádh, agus nach bhfuil ní ar bith nach ndéanfadh mar gheall ar a mbeith aige. Is féidir liom-sa indiu an ní céadna do rádh leis an urnaighe, go bhfuil sí chomh áluinn maiseach sin innte féin, ar mhodh nach bhfuil duine ar bith thuigfeadh a tairbhe agus a milseacht nach líonfadh dá grádh, agus nach rachadh sgíth air choidhche acht ag urnaighe. Do bhí an naomh oirdheirc Antoine i ngrádh chomh mór sin leis an urnaighe, do thuig sé a milseacht agus a tairbhe chomh maith sin, ar mhodh gur ghearr leis an oidhche b'fhaide ag moladh agus ag guidhe Dé. In áit lúthgháire bheith air fa éirghe na gréine, bhíodh sé dólásach tuirseach fa sgaradh le uaigneas na hoidhche; agus cia gur lonnrach soillseach an ní an ghrian, agus go sáruigheann gach créatúir eile i sgéimh agus i ndeise, mheas Naomh Antoine gur mhó an solus, an áilne agus an mhaise bhí in san urnaighe ná innte féin agus i gcréatúiribh an tsaoghail uile. Agus ní hé Naomh Antoine amháin do bhí den intinn seo, acht fós
gach naomh agus gach ban-naomh tháinig rómhainn, do bhí siad tugtha chomh mór sin don urnaighe, do-gheabhadh siad an oiread sin milseachta agus sásta innte, ar mhodh, mar adeir Naomh Bernard, nár mheasa leo geataí pharrthais do dhúnadh orra ná sgaradh leis an urnaighe. Is ní iongantach so, a cháirde. Is áit aoibhneas agus pléasúr parrthas; ní fhaca súil, ní chuala cluas, ní féidir le intleacht daonna ar bith a smuaineadh ná a taidhbhsiughadh caidé liacht sólás agus maitheas atá le fagháil i bparrthas. Maiseadh in a dhiaidh seo agus uile, is bréagach an naomh glórmhar Naomh Bernard nó is mó an mhilseacht agus an sásadh gheabhadh na naoimh in san urnaighe 'ná i bparrthas féin. Ó, mo mhíle truaighe, caidé laighead is thuigeas milseacht agus luaigheacht na hurnaighe ar an uair seo? Caidé laighead is leanas lorg na naomh úd le ar ghearr an lá agus an oidhche, dá faide, ag guidhe agus ag moladh Dé? Bealach contrárdha leanas formhór an tsaoghail seo. In áit moladh nó buidheachas thabhairt do Dhia, is é mhaslaid agus mhalluighid é le mionnaibh móra, graostacht agus ithiomrádh. Easbhaidh eólais agus creidimh bheir orra, ar ndóigh, neamh-shuim chomh mór so do dhéanamh de thiodhlacadh chomh mór-luaigh leis an urnaighe, agus dá bhrígh sin, tairgfidh mise indiu solus thabhairt dóibh ar luaigheacht agus ar éifeacht na hurnaighe, tar éis mo chomhrádh roinn in dá phointe. Atá an urnaighe tairbheach le slánughadh an duine: sin an chéad phointe. Atá coinghealla áiridhe riachtanach ag an urnaighe chum go mbeith sí tairbheach: sin an dara pointe. An chéad phointe. Is uime ghrádhuigheas nó shanntuigheas an duine ní ar bith, mar gheall ar an maith mheasas sé do bheith ann. Maiseadh, má 's ádhbhar dhúinn grádh do bheith againn ar ní tríd a mhaitheas, cá bhfuil ní ó Dhia anuas is córa dhúinn do ghrádhughadh ná an urnaighe, de bhsígh go bhfaghmaid innte ionnmhas gach maitheas, agus gur ab í
máthair agus fréamh gacha maitheas, ar mhódh, mar adeir Naomh Auguistín, an té chleachtas an urnaighe, go nglacann sé an ród díreach go parrthas, agus mar adeir Solamh leis an gcríonnacht, go dtig an uile mhaith in éinfheacht leis an urnaighe chugainn. Is féidir le ní bheith maith ar trí mhodh, mar atá, nuair bhíos cneasta ann féin, nó tairbheach ag an duine, nó nuair bhíos sásamhail nó pléasúrdha. Maiseadh, ní fhuil cáilidheacht díobh so nach bhfuil in san urnaighe. Atá sí cneasta innte féin; atá sí tairbheach ag an duine; agus an té chleachtas í, gheibh sé milseacht agus pléasúr do- chuimse innte. Go bhfuil an urnaighe cneasta innte féin, is furus a chruthughadh, de bhrígh nach bhfuil ní ar bith is mó thaobhuigheas Dia leis an duine in san sean-tiomna agus in san tiomna nua ná an urnaighe do dhéanamh. Is éigean díbh, deir Críost ag Lucás, bheith choidhche ag urnaighe. Deir linn in áit eile gan sgíth do dhul orainn acht ag guidhe agus ag moladh Dé. Deir linn nac bhfuil meadhón ná slighe le buaidh do bhreith ar na cathuighthibh is fearr 'ná an urnaighe. Ní féidir duine ar bith do shlánughadh acht muna n-admhaidh agus muna gcreididh go bhfuil Dia ann; gur ab é an Dia so árd-rí agus árd-stiúrthóir an domhain; gur ab é an Dia so ar gcruthuightheóir agus ar slánuightheóir. Maiseadh, a cháirde, ní fhuil slighe ná meadhón ag an duine chum so do chóimh-líonadh is fearr 'ná an urnaighe, ar an adhbhar gur íodhbairt an urnaighe ofrálamaid do Dhia, le n' admhaimid a mhórdhacht agus a mhaitheas, gur dualgas agus cíos-cháin í bheirmid do Dhia mar árd-rígh na cruinne, airmhidin agus onóir í bheirmid do Dhia mar a chlainn, mar is é ar n-athair é, comhartha cumainn í bheirmid do Dhia in éiric gach maitheas ghní orainn. Agus, a chríostaidhe, dá mbeith gan a athrughadh de réasún agat chum urnaighe do
dhéanamh acht go bhfuil an oiread sin de dhúil agus de spéis ag Dia innte, an bhfuil ní in san domhan is mó atá indéanta agat 'ná íodhbairt molta agus buidheachais thabhairt dó gach uair agus gach am? Má chreidimid, a cháirde, briathra Dé in san sgríoptúir, nó ráidhte na n-aithreach naomhtha tháinig rómhainn, ní fhuil sgáth orm a dhearbhughadh nach bhfuil ní ar bith is tairbhighe ag an duine 'ná an urnaighe. Chuala sibh cheana go ndearbhuigheann an Spiorad Naomh gur fearr agus gur tairbhighe an urnaighe don duine 'ná ór agus saidhbhreas na cruinne. Agus ní gan adhbhar, de bhrígh nach bhfuil tiodhlacadh ná grása i bhflaitheas, nach bhfuil comóradh ná cuidiughadh, saidhbhreas ná fortún ar talamh nach bhfuil le fagháil ag an té ghuidheas Dia ó chroidhe. Atá focal Chríost mar bharánta againn leis an fhírinne seo ag Marcus, mar a ndeir nach bhfuil ní ar bith iarrfam ar Dhia in urnaighe nach bhfuigheam. Caidé an ní an urnaighe, adeir Naomh Auguistín? Atá, eochair pharrthais; ní luaithe árduigheas guth an fhíréin chum na bhflaitheas 'ná fhosglas geataí pharrthais agus thuirlingeas anuas orainn mór-thrócaire agus grása Dé in a thuile. Ó, a pheacaigh bhíos go laetheamhail ag briseadh dlighidh agus aithne Dé, le fuath agus le feirg, le briseadh saoire agus trosgtha, le mionnaibh móra agus meisge, caidé mhinicidheacht is druideas tú doirse parrthais i d'aghaidh, agus ó, mo mhile truaighe, caidé chomh annamh is fhosglas tú iad arís, ag guidhe Dé nó Muire? Caidé liacht anam bocht indhiu ar slabhraidh ag an diabhal, agus nach ndéan úsáid den eochair seo chum na slabhraidh do sgaoileadh? Caidé liacht duine ar bhruach an phuill dhumsidh dorcha úd ifrinn, réidh leigthe chum tuitim ann, agus nach n-iarann congnamh ná cobhair ar Dhia chum a gcongbháil as? Ní fhuil ní ar bith le ar cosamhla an té nach ndéan
urnaighe, deir Naomh Criosostom, 'ná le corp marbh. Is feasach sibh, a cháirde, nuair sgaras an t-anam leis an gcolainn, go mbíonn sí fuar siocuighthe, gan lúth, gan aistear. Maiseadh, mar an gcéadna bhíos an t-anam nach ndéan an urnaighe, deir Naomh Criosostom, in san áit chéadna. Bídh sí fuathmhar glonnmhar i bhfiadhnaise Dé; bídh sí fuar siocuighthe gan teas-ghrádh Dé; ní thig léithe siubhal nó aistear do dhéanamh i slighidh a slánuighthe; bídh sí mar luing gan stiúir dá suathadh idir thonnaibh gach cathuighthe nó go mbristear í fa dheireadh ar charraigeachaibh ifrinn; bídh sí mar chathair gan ballaíbh, réidh, fosgailte fa chomhair iomartas an diabhail agus ainmhianta na colna. Ar an taobh eile, deir an dochtúir céadna, Naomh Criosostom, gur íoc-shláinte an urnaighe in aghaidh nimh an pheacaidh, gur drúcht í mhúchas antoil na colna, gur arm lámhaigh í in aghaidh cathuighthe an diabhail, gur saidhbhreas síorraidhe í in aghaidh gach bochtaineacht, gur cuan sábhálta í don duine in gach breis, in gach buaidhirt, in gach guais agus in gach baoghal; in aon fhocal, ní fhuil eagla ar an dochtúir neamhdha a dhearbhughadh gur ab í an urnaighe tobar na ngrása, cainnéal gach maitheas, agus fréamh agus máthair gach tiodhlacadh neamhdha bheir Dia don duine. Cia nach bhfuil áit ná am, stáid ná gairm, saor ar oibliogáid na hurnaighe, agus go n-órduigheann Críost don bhfíréan agus don bpeacach, don mbocht agus don tsaidhbhir, don óg agus don tsean, don máighistir agus don tsearbhónta, a gcroidhthe thógáil chum Dé ó am go ham, moladh thabhairt dó in a thiodhlacthaibh, gidheadh, atá oibliogáid chinnte ar gach aon urnaighe do dhéanamh maidin agus tráthnóna. Ar maidin, adeirim, nuair fhosglas fuinn- eóga an lae, is cóir dhúinn fuinneóga ar n-anma d' fhos- gailt fa chomhair grása an Tighearna agus a ndruid in aghaidh gach droch-rún agus gach cathuighthe. Bhí d'fhiachaibh ar gach aon in san tsean-reacht an chéad-ghein thabhairt don Tighearna
Maiseadh, ní iarrann Dia orainn anois an chéad-ghein dár gcloinn nó dár maoin, acht taobhuigheann linn ar gcéad smuaineadh thabhairt dó féin ar maidin; taobhaidh linn i dtús an lae órdughadh do chur ar obair ar slánuighthe, ar gcroidhthe, ar smuainte agus ar ngníomhartha d' ofráil dó féin, rún láidir do ghlacadh gan ní ar bith do dhéanamh in aghaidh a dhlighidh an lá sin. Cibé dhéanfas so agus oileamhain a anma, mar atá, na grása, d'iarraidh roimh ní ar bith eile, atá focal Dé aige go bhfuighidh gach ní eile do réir a riachtanais. Ó, a chríostaidhe, da mba léar leat gach éag, gach galar agus gach easláinte atá ag brath ort ó éirghe go luighe, dá mba léar leat gach líon agus gach luigheachán atá ag Lucifer agus agc n-a shlóightibh chum do mharbhtha, ní rachadh sgíth ort choidhche acht ag guidhe Dé do shábháil orra. An té nach ndéan, bheir sé le tuigsin nach bhfuil beann aige ar a anam, go bhfuil a chroidhe cruaidh crainntighthe leis an olc. Ní mó an riachtanas atá orainn an lá do thionnsgain go maith ná a chríochnughadh mar an gcéadna. Tógaidh bhur lámha chum Dé gach oidhche, deir an rí naomhtha, Dáibhidh, agus altuighidh leis a thiodhlactha, amhail is mar déarfadh sé, atá na tiodhlactha bheir Dia dhuit, a dhuine, do-áirmhighte do- innse; ní fhuil móimeint chaitheas tú de d' shaoghal nach ndéan Dia trócaire nua ort, spreagaidh ar uairibh do choinsias le n-a ghrásaibh, músglaidh deagh-smuainte in do chroidhe, cumhduighidh tú ó gach baoghal, bheir fad saoghail agus ré na haithrighe duit le do bheatha mhí-riaghalta do leasughadh. Cá bhfuil, a cháirde, ádhbhair buidheachais mar iad so? Cá bhfuil ní in san domhan is mí-nádúrtha 'ná dearmad do dhéanamh díobhtha? In aimhdheóin cúram ríoghacht agus náisiún do bheith ar Dáibhidh, in aimhdheoin gach trioblóid agus gach gnóthaí saoghalta bhí in a cheann, ní leigeadh oidhche thairis, ar a shon sin, gan urnaighe do dhéanamh chum Dé, gan cunntas do
bhuain de féin caidé mar chaith sé an lá, cia aca rinne seirbhís do Dhia nó don diabhal, ar pheacuigh sé le n-a theangaidh ag déanamh bréag, ithiomrádh nó mionn mór, ar pheacuigh sé le n-a shúilibh le amharc mailíseach, ar shín sé a lámha chum ní ar bith toirmeasgtha, ar pheacuigh sé le n-a chroidhe, le feirg nó le fuath, le saint nó le drúis. Nuair gheabhadh Dáibidh sal peacaidh ar bith ar a anam, bheireadh aghaidh gan mhoill ar Dhia leis an urnaighe, chuireadh sguab na haithrighe le n-a choinsias, dhíbreadh as gach oidhche gach brúdar agus gach salchar do chruinnigh sé an lá sin. Acht an raibh cuing nó ualach ar leith ar Dháibhidh an cunntas so bhuain de féin gach oidhche acht oiread linne, a cháirde? Ní raibh, gan amhras. Atá an luach saothair céadna le fagháil againne, mar atá, an ghlóir shíorraidhe, má ghnímid urnaighe agus aithrighe mar rinne seisean, agus ní fhuil imtheacht againn ar phiantaibh ifrinn, má ghnímid faillighe ionnta. Ní lia peacadh marbhtha bhíos ar ar n-anam ag dul chum leaptha dhúinn ná diabhail luigheas in éinfheacht linn, agus dearcadh gach aon caidé olcas an céile leaptha thoghas dó féin. Acht ar cheiste nach bhfuil fios agat, a chríostaidhe, caidé mar is cóir Dia do ghuidhe, ionnus go mbeith d'urnaighe tairbheach, bhéarfaidh mise solas duit air, do réir mar gheallas, in san dara pointe. An dara pointe. Is é is urnaighe ann, a chríostaidhe, árdughadh na hintinne chum Dé, moladh bheirmid dó in a thiodhlacthaibh, agus gearán ghnímid leis ar gach ní bhíos d'easbhaidh orainn. Is féidir an urnaighe seo do dhéanamh ar dá mhodh, mar atá, go fuar spadánta ceathraidheach, nó go dúthrachtach cráibhtheach. An té ghní urnaighe go fuar fallsa, nach é slánughadh a anma is mó bhíos ar a aire, acht ag iarraidh tairbhe saoghalta, ag a mbíonn an croidhe do thaobh agus an béal do thaobh eile, an intinn i dtaobh agus an tsúil i dtaobh eile, nach smuaineann ar mhórdhacht Dé bhíos sé do ghuidhe, nó gur le Dia bhíonn sé ag caint, ní
urnaighe ghní sé, acht magadh ar Dhia. Má deir carn briathar gan aire, gan caon-dúthracht, ní fhuighidh sé toradh ná éisteacht ó Dhia orra, agus má gheibh is ar olc leis. Má bheir Dia dhó an buntáiste, nó an saidhbhreas saoghalta atá sé d' iarraidh, is ionnus go gcongbhóchadh uaidh saidhbhreas na ngrása nach fiú é d' fhagháil. Naomh Auguistín is ughdar damh leis an fhírinne seo. Bheir Dia dhúinn, deir sé, ar uairibh an ní iarramaid ar olc linn, agus diúltaidh sinn ar uairibh eile ar maithe linn. An mhuintir ghní an urnaighe go cráibhtheach dúthrachtach, ag a mbíonn a gcroidhthe agus a dteangtha in éinfheacht ag moladh Dé, nach n-iarrann acht na neithe rachadh i dtairbhe dá n-anam, agus má iarraid neithe saoghalta, go bhfágaid é fa thoil Dé, bhíos chomh buidheach sin fa gan a fhagháil is má gheibheadh é, so an mhuintir ghní an urnaighe mar is cóir, so an mhuintir gheabhas toradh agus éisteacht ar a nguidhe, gheabhas cabhair in am a leathtruim agus fuasgailt ó Dhia in gach gábhadh. Ní headh amháin go bhfuil d'fhiachaibh ar gach duine dul i gceann urnaighe go riaghalta cráibhtheach, acht fós, is éigin dó creideamh beó láidir do bheith aige, is é sin, creideamh ag a mbeidh grádh Dé agus deagh-oibre in a aice. Dá mbeith creideamh an tsaoghail agat, deir an t-easbal Naomh Séamas, acht muna raibh deigh-ghníomhartha in a aice, ní fhuil acht creideamh marbh ann; ní fhuil acht creideamh gan tairbhe gan tábhacht ann; ní mór duit ní éigin do bheith agat ós cionn na ndiabhal chreideas agus chriothnuigheas roimhe láimh dhíoghaltaigh Dé. Ní hé sin le rádh go bhfuil d' fhiachaibh ort bheith choidhche ar stáid na ngrása nuair théid tú i gceann urnaighe; acht is é thuigim leis gur cóir duit, ar a laighead, má atá tú i stáid pheacaidh, aithreachas bheith ort, agus rún do bheith agat do bheatha do leasughadh. Muna raibh tú den intinn seo ag dul i gceann urnaighe, caidé mar shíleas tú
éisteacht d' fhagháil ó Dhia? caidé mar shíleas tú go ndéanfaidh Dia ní ar bith do réir do thola-sa, agus gan tusa ag déanamh ní ar bith do réir tola Dé? tusa atá 'do thréatúrach agus 'do dearg-námhaid ag Dia, ag cur impidhe air fuasgailt duit in do leathtrom, agus gan impidhe ar bith ag Dia ort-sa! Tusa ag dul ag iarraidh seirbhíse nó fábhar ar Dhia, agus tú féin in san am gcéadna ag diúltadh do sheirbhís Dé, agus ag déanamh seirbhís an diabhail! Ná mealltar tú, a chríostaidhe, dá mbeitheá ag éighmhigh agus ag sgairtigh ar Dhia ar feadh do shaoghail, agus tú i bpeacadh marbhtha, agus gan rún agat a fhágáil nó aithrighe do dhéanamh ann, ní fhuil acht an-ghlór in d' urnaighe; ní fhuil tú acht ag tafann; ní ag guidhe Dé atá tú, acht ag magadh air. Bheir Críost solas go lór dhúinn ag Lúcás in san ochtmhadh caibidil déag caidé an modh ar cóir urnaighe do dhéanamh, i bpearsain an fhairisínigh agus an phuibliocánaigh. Chuaidh an fairisíneach go dóchasach ceann-dána chum na haltóra agus dubhairt: bheirim buidheachas duit, a Thighearna, nach bhfuilim 'mo stríapaigh, 'mo ghadaidhe, ná 'mo rógaire mar an bpuibliocánach so; troisgim fa dhó in san tseachtmhain agus díolaim deachmhaidh leis an eaglais. Ar an dtaobh eile, leig an puibliocánach é féin go huir- íseal umhal ar a ghlúnaibh ar chúl an dorais, chrom a cheann, bhuail a ucht; níor leig sgannradh agus náire dó fa n-a pheacadhaibh a shúile do thógáil, ná amharc suas ar na flaithis; gidheadh d' agair agus do ghuidh Dia trócaire do dhéanamh air. Is eadh, a cháirde. Cia aca den dís seo mheasas sibh is túisge fuair éisteacht ó Dhia, nó is fearr do-rinne urnaighe? Creidim go ndéarfaidh sibh gur luaithe fuair an fairisíneach éisteacht de bhrígh (má chreidimid a sgéala féin) go raibh sé riaghalta cneasta, go ndéanadh urnaighe agus trosgadh. Ó, ní hé sin breitheamhnas Chríost ar an dís seo, acht dearbhuigheann gur fhill an puibliocánach chum a
bhaile naomhtha agus nach bhfuair an fairisíneach oiread agus éisteacht ó Dhia. Ó, caidé is ciall dó so, a cáirde? an peacach puiblidhe ag fagháil éisteachta, agus gan beann ná éisteacht le fagháil ag an duine riaghalta; an peacach puiblidhe dá naomhughadh, agus an duine cneasta dá dhamnughadh! Caidé is ciall dó so? Atá, a cháirde, réasún mór leis; de bhrígh go raibh an fairisíneach uaibhreach, agus an puibliocánach umhal. Is annsa le Dia míle uair urnaighe umhal an pheacaigh ná urnaighe uaibhreach na muintire shíleas iad féin do bheith cneasta. In áit an fairisíneach do dhul ag moladh Dé, is é chuaidh sé ag moladh a dheigh-ghníomhartha féin, agus ag tabhairt dí-mheas do gach aon eile, agus dá bhrígh sin nuair do shíl é féin d' árdughadh ós cionn an tsaoghail, is é do hísligheadh é chomh íochtarach le ifreann. Anois, a cháirde, tig libh breathnughadh do bhreith, nuair do-ghní sibh urnaighe, cia aca is fiú sibh éisteacht d' fhagháil ó Dhia, nó gan a fhagháil; cia aca ghní sibh í go fuar fallsa, nó go cráibhtheach dúthrachtach; cia aca bhíos agaibh creideamh marbh gan deigh-ghníomhartha, nó creideamh bhíos beó leis an gcarthannacht; cia aca ghní sibh aithris ar an bhfairisíneach, nó ar an bpuibliocánach. Má théid sibh go huir-íseal umhal i gceann urnaighe, agus slánughadh bhur n-anma d' iarraidh ós cionn gach ní, bhéarfaidh Dia éisteacht agus toradh ar bhur nguidhe; bhéarfaidh sé díbh gach ní bheas riachtanach agaibh in san tsaoghal so, agus an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile, ní atá mise d' iarraidh díbhse agus damh féin. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
An t-Aonmhadh Seanmóir Déag. AR RIACHTANAS AGUS ÉIFEACHT NA hURNAIGHE. Is éigin díbh urnaighe do dhéanamh do ghnáth. (Briathra Chríost ag Lúcás in san ochtmhadh caibidil déag, an chéad rann.) ATÁ ceist idir na hughdair cad fá dtug an nádúir árm nó slighe chosanta don uile shórt ainmhidhe acht don duine amháin. Chímid ingne agus fiacla ag an gcoin, ag an gcat agus ag an iolar, adharca ag an tarbh, gath ag an mbeich, lanna ag an iasg, acht is é chímid an duine ag teacht chum an tsaoghail tarr-nochttha, gan ní ar bith aige choiseónadh é nó dhéanfadh díoghbháil dá námhaid. I measg an iomad réasún bheir na haithreacha naomhtha fan dear- mad so rinne an nadúir ar an duine, thar gach ainmhide eile, deir Naomh Criosostom gur féidir leis an duine an uile shórt airm do dhéanamh le n-a lámhaibh fuair sé ón nádúir, acht is é deir Naomh Gréagóir Nissa go dtug Dia caint nó glór don duine mar arm in aghaidh a náimhde. Is lag an t-arm é seo, dar leat, a chríostaidhe. Caidé an ní é glór an duine acht aer nó feadán gaoithe? Cia dhéanfadh úsáid dá leithéid seo d'arm acht bean nó meath- anach? Ó, a chríostaidhe, ní fhuil arm is fearr, ní fhuil arm is buntáistighe 'ná do ghlór má ghní tú úsáid cheart de, is é sin, ag moladh agus ag guidhe Dé. Guidh Dia agus guidh é mar is cóir, agus ní baoghal duit námhaid ar bith corpordha nó spioradálta. Armas an urnaighe
ghníthear go maith chlaoidheas an diabhal, mhúchas ifreann, smachtas na droch-chlaonta, leigheasas gach galar, fhosglas parrthas, agus thobhas dúinn ionnmhas na ngrás. Is le meadhóin na hurnaighe rinne na heasbail gach mór-mhíor- bhail haithristear orra Is leis an armas neamhdha so rug na mairtírí buaidh ar a náimhdibh. So an n-arm le' gcumh- duigheann gach maighdean a geanmnaidheacht. Is í an urnaighe d'árduigh gach naomh atá indiu i bparrthas, agus rinne réalta lonnracha díobh ins na flaitheasaibh. Maiseadh, a phobail chríostaidhe, ó's arm an urnaighe fuaramar ó Dhia in aghaidh ar náimhde, measaim nach dtig liom seirbhís níos fearr do dhéanamh díbh indiu 'ná má thairgim brígh agus éifeacht an armas neamhdha so mhíniughadh dhíbh, ní dhéanfas mé tar éis mo chomhrádh do roinn in a dhá phointe. Atá an urnaighe riachtanach ag an uile dhuine: sin an chéad phointe. Atá an urnaighe tairbheach éifeachtach: sin an dara pointe. Acht de bhrígh nach dtig linn urnaighe ná deigh-ghníomh eile do dhéanamh gan congnamh an Spioraid Naomhtha, tugamaid aghaidh ar Dhia grása na hurnaighe thabhairt dúinn, le impidhe na Maighdine Muire, ag rádh an Abhe Maria. An chéad phointe. Is uime chruthuigh Dia an duine chum go mbeith sé rann-pháirteach leis in san ghlóir shíorraidhe agus in a oighre ar pharrthas. Acht tar éis an cineadh daonna do chailleamhain a gceart chum na hoighreachta so tríd pheacadh Ádhaimh, tar éis iad do bheith in a náimhdibh ag Dia na mílte bliadhain, agus in a sclábhaidhthibh ag an diabhal, geataí pharrthais do bheith dúnta in a n-aghaidh, agus ifreann do bheith béal-fhosgailte fa n-a gcomhair, an saoghal do bheith ag tréigean an Dia fír do chruthuigh iad, agus ag déanamh adhartha agus íodhbartha do na déibh bréige, thuirling, fa dheireadh, Mac Dé as na flaitheasaibh. Ghlac colann daonna fa bhroinn na Maighdine Muire. Tar éis é bheith trí bliadhna déag ar fhichid ar an tsaoghal
so i mbochtaineacht agus in anró, faoi bhuaidhirt agus faoi thrioblóid, ag stiúradh agus ag teagasg na bpoibleach le briathraibh agus le sompla, d'fhuiling, fa dheireadh, bás sgannalach na croiche, d'ofráil sé é féin mar íodhbairt don Athair síorraidhe ionnus go ndéanfadh sé ar síothcháin leis, go bhfuigheadh ar ais an bhreith damanta tugadh in ar n-aghaidh i bpearsain Ádhaimh. I measg gach léigheann agus gach teagasg thug Críost dúinn ar an tsaoghal, thug órdughadh speisialta don duine bheith choidhche ag urnaighe. Agus má atá d'fhiachaibh orainn gach ní órduigheas Críost dúinn do dhéanamh is lór mar chruthughadh ar riachtanas na hurnaighe Íosa Críost ag tabhairt órduighthe agus aithne dúinn bheith choidhche ag guidhe Dé agus ag déanamh urnaighe. Atá fós dá ní chruthuigheas riachtanas na hurnaighe, mar atá, mórdhacht agus maitheas Dé do thaobh, agus bochtain- eacht agus easbhaidh an duine don taobh eile. Gan an urnaighe, ní thig linn onóir do thabhairt do Dhia mar is cóir. Agus gan an urnaighe, ní thig linn éirghe as an mbochtaineacht. Mar sin, a chríostaidhe, cibé le ar mian mórdhacht Dé do mholadh, nó onóir do thabhairt don Tríonóid, is éigin dó urnaighe do dhéanamh; agus cibé le ar mian cabhair nó fortacht d'fhagháil in a riachtanas, is éigin dó urnaighe do dhéanamh. Dá bhfosgladh Dia anois do shúile, a chríostaidhe, ionnus gur léar dhuit gach contabhairt agus gach dainnséar in a bhfuil tú, ní féidir a rádh go rachadh sgíth ort choidhche acht ag urnaighe. Dá mba léar dhuit gach bás obann, gach éag, galar agus easláinte atá ag brath ar do cholainn; dá mba léar dhuit gach líon agus gach cealg atá ag Lucifer agus age n-a shlóightibh in do shlighidh chum do tharraing go hifreann, dá mba léar dhuit an peacadh, nó gráineamhlacht an pheacaidh; dá mba léar dhuit na teinte atá ar lasadh, na coirí atá ar fiuchadh, na húird agus na súistí atá i láimh gach diabhal in ifreann fa do chomhair, má rinne tú
an peacadh, ní féidir a rádh nach n-iarrfá cabhair ar Dhia, nach screadfá agus nach scréachfá ar an tslánuightheóir do shábháil ar gach ní díobh so. An bhfuil duine ar bith do bheith ós cionn poll duibheagán, agus gan imtheacht aige gan tuitim ann, nó chífeadh sluagh mac-tíre chuige, agus a gcraois fosgailte chum a shluigthe, nach leigfeadh na huile ghártha ar an tsaoghal ag iarraidh cabhra? Ní fhuil, gan amhras. Maiseadh, sin tusa, a pheacaigh, ós cionn poll duibheagán ifrinn; ní fhuil imtheacht agat gan tuitim ann, acht muna dtuga Dia a lámh chonganta dhuit le do chong- bháil as. Sin sluagh mac-tíre, mar atá, diabhail ifrinn, agus a gcraois fosgailte réidh chum do shluigthe. An é nach sgairtfidh tú agus nach sgréachfaidh tú ar Dhia le do shábháil orra? Muna ndéanair, a pheacaigh, ní fhuil le rádh leat acht nach bhfuil acartha agat le Dia nó leis an diabhal, go ndéan tú faillighe in san arm thug Dia dhuit le haghaidh do chosanta, go bhfuil fonn ort luighe faoi chosaibh do námhaid, nach bhfuil eagla ort roimh na piantaibh síor- raidhe úd atá fa chomhair an pheacaigh. Do mheas na haithreacha naomhtha tháinig rómhainn go raibh an urnaighe chomh riachtanach sin aca le n-a slánughadh, ar mhodh nach dtéigheadh sgíth orra choidhche acht ag urnaighe. Do bhí glúine an ríogh bheannuighthe, Dáibhidh, chomh cruaidh le clár ó n-a bheith ag síor-ghuidhe Dé. Shileadh a dheóra chomh líonmhar sin, ar mhodh nach raibh ní ar bith le ar chosamhla a shúile ná le tobar fíor-uisge. Bheireadh buidheachas cinnte do Dhia fa grása na hurnaighe do thabhairt dó, Agus ní gan ádhbhar, do bhrígh, do réir mar dhearbhuigheas Naomh Criosostom, gurb í an urnaighe fréamh agus máthair gach subhailce, gurb í an urnaighe bheathuigheas agus chumh- duigheas naomhthacht an duine, agus amhail is mar bhíos gach cathair nach mbíonn ballaí daingne in a timcheall fos- gailte fa chomhair gach námhaid, mar an gcéadna, an t'anam nach ndéan an urnaighe, go mbíonn sí síor-
fhosgailte fa chomhair diabhal ifrinn, agus fa chomhair gach cathuighthe thograid do chur uirre. Dearbhuighidh fós an t-athair céadna gurb í an urnaighe is féitheach spioradálta don anam. Agus amhail is nach féidir leis an gcorp siubhal ná aistear do dhéanamh acht le congnamh na bhféitheach, mar an gcéadna, an t-anam gan an urnaighe, ní thig léi siubhal ná aistear do dhéanamh i slighidh a slánuighthe. In aon fhocal, a chríostaidhe, ní fhuil stáid ar bith in a bhfuil tú nach bhfuil an urnaighe riachtanach agat. Má atá tú i stáid na ngrása, ní fhuil ní ar bith is éifeachtaighe chum do chumhdach ar na peacadhaibh 'ná an urnaighe. Má atá tú i stáid pheacaidh, ní fhuil slighe is fearr 'ná í chum éirghe as. Má atá tú tinn nó slán, i gcogadh nó i síothcháin, riaghalta nó mí-riaghalta, atá tú in a riachtanas, agus dá bhrígh sin, is cóir dhuit do shúile, do lámha agus do chroidhe do thógáil chum na cathrach neamhdha ó' dtig an uile chabhair. Má fhiafraigheann tú dhíom, a chríostaidhe, an bhfuil sé cinnte, má ghní tú an urnaighe, go bhfuighidh tú ó Dhia gach grása atá riachtanach agat, atá sé cinnte lán-dearbhtha. Atá focal Chríost mar bharánta agat ag Lúcás mar a ndeir leis an tsaoghal go hiomlán, "Iarraidh agus gheabhaidh sibh, cuartuighidh agus béarfar dhíbh, buailidh an dorus agus foisceóltar dhíbh." Ó, a chríostaidhe, cá bhfuil ar an tsaoghal so an fear fiacha bheir maitheamhnas iomlán do gach aon iarras é? Cá bhfuil an breitheamh shaoras an príosúnach má agrann é? Nó cá bhfuil fear an tsaidhbhris bhrosluigheas an bochtán chum déirce d' iarraidh air? Ní fhuil, a thighearna, acht tú féin amháin atá chomh trócaireach sin agus go maitheann tú dhúinn ar bhfiacha agus ar gcoirthe, go bhfuil do lámha sínte chum ionnmhas do ghrása do phronnadh orainn gach uair agus gach am iarrfam é. Ní órduigheann Dia don duine bheith choidhche i n-a throsgadh; ní órduigheann dó bheith choidhche ag déanamh
déirce; acht órduigheann dó bheith choidhche ag urnaighe. Agus cad chuige? Atá, adeir Naomh Criosostom, fa fhusacht an urnaighe do dhéanamh. Ní hé sin le rádh go n-órduigheann Dia don duine a phaidrín bheith choidhche in a láimh, a bhéal do bheith ag síor-ghuidhe, nó a bheith i gcomh- nuidhe ar a ghlúinibh. Atá gach ní díobh so atuirseach aige. Acht is é ní atá sé d'iarraidh ort, tú féin d'umhlughadh in a láthair, do dhóchas do chur in a thrócaire amháin, a mhaitheas d'admháil agus do mholadh, ní le briathraibh do bhéil amháin, acht le glaine agus ionnracas do chroidhe. Má ghní tú so, ní fhuil gníomh críostamhail ar bith dhéanfas tú nach mbeidh in ionad urnaighe agat. Beidh déirce do thabhairt don mbochtán, cuairt ar fhear an tinnis, fuasgailt d'fhear an leathtruim in áit urnaighe agat. Beidh saothrughadh do bheathadh go hionnraice dhuit féin agus dod' chúram in áit urnaighe agat. Beidh do dheóra ag guidhe ar do shon. Beidh d'osnaidh ag guidhe ar do shon. Beidh do chodladh agus do chomhnuidhe ag guidhe ar do shon. Mar sin, a chríostaidhe, ó nach n-iarrann Dia orainn acht dírghe intinne agus glaine choinsias, ní fhuil leithsgéal ag duine ar bith, óg nó sean, bocht nó saidhbhir, gan Dia do ghuidhe an uile uair, an uile am agus an uile áit. Atá d'fhiachaibh ar gach críostaidhe beatha agus sompla Chríost do leanmhain, chomh maith is tig leis. D'fhuiling Críost buaidhirt agus bochtaineacht ar an tsaoghal so ionnus go leanfadh sinne a léigheann ag fulang go foighdeach gach buaidhirt agus gach bochtaineacht thogras Dia do leigean orainn. Throisc Críost dá fhichid lá ar an bhfásach cumh sompla do thabhairt dúinne ar n-antoil do chlaoidhe ag déanamh troisgthe. An oidhche roimh páis d'fhulang, chuaidh Críost ar uaigneas chum urnaighe dhéanamh mar shúil go ndéanfadh sinne aithris air ag dul ar uaigneas nuair racham i gceann urnaighe. Agur níor lór le Críost urnaighe do dhéanamh, acht bhí sé chomh fada sin ar
a urnaighe go ndeachaidh sé i laige, gur éirigh allus fola ar a chorp go hiomlán. Ó, a chríostaidhe, féach le uathbhás ar do shlánuightheóir ag guidhe an Athar shíorraidhe nó go dteachaidh sé i laige ar do shon-sa, agus nach ndéan tú féin ar do shon féin urnaighe dá laighead. Ní thug an nádúir don duine acht dá shúil chum aithrighe do dhéanamh, acht ní lia pórthaí bhí i gcorp an Tighearna 'ná súil do bhí aige ag sileadh deóra fola ar son do pheacadh-se, a chríost- aidhe, agus ní shileann tú féin oiread agus aon deór amháin aithrighe ag caoineadh na bpeacadh céadna. Atá seisean ag dul i laige ag scannradh fan stáid damanta in a bhfuil tusa, agus ní fhuil imnidhe dá laighead ort féin agus tú ar bhruach ifrinn. Ó, caidé mhéad daille agus mí-fhortún an duine deir an dochtúir naomhtha, Naomh Criosostom, do-ghní faillighe agus neimhbhrígh de mheadhón- aibh chomh éascaidh agus chomh éifeachtach leis an urnaighe. Dá mbeith fios agaibh ar méad tairbhe na hurnaighe, ní rachadh sgíth oraibh choidhche, ar ndóigh, acht ag urnaighe. Tairgfidh mise a mhíniughadh díbh anois i mbeagán briathar, do réir mar gheallas, in san dara pointe do mo chómhrádh. An dara pointe. Ba lór a ndubhramar, a cháirde, mar chruthughadh ar thairbhe agus ar riachtanas na hurnaighe, agus chum sibh-se do ghluaiseacht le grádh agus taithighe do dhéanaimh uirre, acht is beag é le éifeacht agus mor-chomh- achta na subhailce seo chur in umhail díbh. Dá mba liom-sa indiu críonnacht Sholamh, béal órdha Naomh Chriosostom nó deise labhartha Cicero, ní thiocfadh liom, in a dhiaidh sin agus uile, leath brígh nó luaigheacht na hurnaighe do mhíniughadh dhíbh. Má dhearcaim ar gach cruadhtan agus ar gach cruadh-chás as ar fhuasgail Dia, ó am go ham, gach duine thug aghaidh air le urnaighe, in áit seanmóire, is é b'fhéidir liom na mílte leabhar do sgríobhadh ar an ócáid seo; nó má dhearcaim ar gach mór-mhíorbhail rinne naoimh gach aimsir le meadhóin na hurnaighe, in áit teagasg do
dhéanamh dhíbh-se, is é líonfas mé lán d'uathbhás fan mór- chomhachta bheir Dia don duine le meadhóin na hurnaighe, agus fan fhaillighe mharbhthaigh do-ghní an saoghal den tiodhlacadh neamhdha so. Má dhearcaim suas ar na flaith- easaibh, chífidh mé geataí na cúirte seo ag fosgailt le glór an duine; chífidh mé na córaí ainglidhe ina sost ag stad suas ó mholadh Dé, ionnus go dtiubhradh siad éis- teacht d'urnaighe na naomh ar talamh, agus go n-ofrálfadh siad í mar túis mór-luaigh don Tríonóid. Má dhearcaim fúm ar ifreann chífidh mé urnaighe umhal an pheacaigh ag druid an phuill seo bhí réidh ollmhuighthe chum a shlogtha. Má dhearcaim ar ifreann na n-aithreach naomhtha, mar atá purgadóir, chífidh mé na mílte agus na mílte anam ag imtheacht as, agus ag árdughadh suas chum na bhflaitheas mar cholumhain gheala ag dul i seilbh na glóire, agus sin le meadhóin urnaighe na ndaoine ar an talamh. Má dhearcaim ar an ngréin nó ar an ghealaigh, chífead iad in a seasamh agus ag stad i lár a gcúrsa ar impidhe Iosua le am go lór do bheith aige buaidh do bhreith ar a náimhdibh. Má dhearcaim ar an bhfairrge, chífidh mé í, ar impidhe Mhaoise, ag fosgailt a mór-thonna agus ag déanamh bealaigh thirim dó féin agus dá mhuintir. Má dhearcaim ar an teinidh, chífidh mé triúr buachaill i lár fuirnéise craosaighe Bhabilon ag guidhe agus ag moladh Dé, agus an lasair chéadna do loisg na seirbhísigh bhí ag fadódh na teineadh gan í ag déanamh díthe ná dolaidh dóibh-sean. Má dhearcaim ar lucht an tinnis, chífead iad ag fagháil sláinte ar impidhe na n-easbal. Má dhearcaim ar na marbhánaibh, chifidh mé iad ag eiséirghe ar impidhe Eliseus. Má dhearcaim ar na deamhnaibh, chífidh mé iad dá ndíbirt as na daoinibh le urnaighe umhal na heaglaise. In aon fhocal, a chríostaidhe, ní fhuil spéir ná dúil ná créatúir ar talamh nach mbíonn umhal don té ghní urnaighe ó chroidhe, ar mhodh gur féidir a rádh in aoinfheacht le Naomh Augustín nach bhfuil ní ar bith
is mó buaidh agus luaigheacht 'ná an urnaighe, agus nach bhfuil ní ar bith is tairbhighe don anam 'ná í. Ó, a urnaighe, a thiodhlacadh neamhdha, is aoibhinn don té dár céile tú, ó's tú féin bheir cabhair don mbochtán, bheir dídean d'fhear an leathtruim, bheir fortacht d'fhear an tinnis, chuireas sólás ar lucht an dubróin, bheir neart do na mairtíríbh, chumhduigheas ionnracas na cléire, ghní mná óga geanmnaidhe, thobhas dúinn an mhór-onóir dhul ag caint agus ag comhrádh le Árdrígh an domhain, cia nach ngrádhóchadh thú? Cia nach ndéanfadh céile agus compánach díot ó's tú féin do-ghní ar síothcháin le Dia agus fhuad- uigheas claidheamh an díoghaltais as a láimh, nuair bhíos sé ag triall scrios agus dí-cheannadh do chur orainn tríd ar bpeacadhaibh. Scríobhaidh file fallsa ar an Dia bréige, Iúpiter, go dtug sé adharc i bpronntanas dá bhuime agus nach bhfuil ní ar bith thastóchadh uaithe do bhiadh nó do dhígh, d'ór nó d'airgead, nach bhfaghadh in san adhairc seo. Mar an gcéadna, is féidir liom-sa an ní céadna do rádh indiu leis an urnaighe, agus sin gan bhréig gan aidhbhéil, gur adharc í in a bhfaghann an críostaidhe gach ní thastuigheas uaidh do thaobh anma agus cuirp. Ó's ní an urnaighe atá, mar sin, chomh bríoghmhar éifeachtach so, ní gan ádhbhar bheir an dochtúir naomhtha, Naomh Criosologus, achmhusán géar dón mhuintir bhíos failligheach spadánta chum a déanta. Caidé bheir sibh, adeir sé, ag éagcaoin ar bhreis nó ar leathtrom, ar bhuaidhirt nó ar bhochtaineacht, ar easláinte nó ar thinneas, agus bhur gcabhair ar bhur láimh féin? Nach bhféadann sibh aghaidh do thabhairt ar Dhia le urnaighe, agus go bhfuascóladh sé dhíbh in gach cruadhtan agus in gach cruadh-chás. Caidé bheir tusa, a pheacaigh, adeir Criosologus in san áit céadna, ag éagcaoin nach dtig leat d'antoil do smacht- ughadh, buaidh do bhreith ar na cathuighthibh, ná díbirt do chur
ar an diabhal. Nach bhfuil eochair pharrthais, an urnaighe, ar do láimh? Nach féidir leat le briathraibh do bhéil stóir-chiste na ngrása d'fhoscailt, mar a bhfuighidh tú na tiodhlactha mhúchfas gach antoil, neartóchas tú in aghaidh gach cathuighthe, chuirfeas briseadh agus díbirt ar Lucifer agus agus ar a shlóightibh? Críochnóchaidh mé anois, a cháirde, agus is féidir liom a rádh gan faitcheas as briathraibh Dé san scriptúir, as ráidhtibh na n-aithreach naomhtha, agus le ughdarás na heaglaise go hiomlán, gur sinn féin is cionn-fátha má mheallann an saoghal sinn, má umhlamaid do na cathuighthibh, má bheireann an diabhal buaidh orainn, do bhrígh nach ndéanamaid úsáid den armas neamhdha úd na hurnaighe chum bualadh thabhairt dar náimhdibh. Guidhmid, mar sin, Dia, acht guidhmid é ó chroidhe; guidhmid é le umhlacht agus crábhadh; guidhmid é an uile uair agus an uile am, acht go speisialta maidin agus tráthnóna; tionnscnamaid an lá go maith, agus críochnamaid é mar an gcéadna, agus gheabhamaid ó Dhia an uile chabhair in san tsaoghal so agus an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile. Amen.
An Dara Seanmóir Déag. AR RIACHTANAS LEAS AR n-ANMA DO DHÉANAMH. Caidé an mhaith don duine an saoghal mór do ghnóthughadh má chailleann a anam. (Briathra léightear ag Matha san seiseadh caibidil déag, an seiseadh rann fichead.) BRIATHRA iad so, a cháirde, atá lán d'fhírinne, de bhrígh gurab é ughdar na fírinne Críost adeir iad, acht mheasfá nach gcreideann críostaidhthe na haimsire seo iad, nó má chreidid, nach iongantach an neamh-shuim do- ghníd do leas a n-anma? Atá daille na ndaoine chomh mór sin go nglacaid an uile chúram fa neithibh móimeint- eamhla an tsaoghail seo, agus go ndéanaid neimhbhrígh de shaidhbhreas síorraidhe parrthais. Cuirim fiadhnaise na fírinne seo ar lucht na sainte chuartuigheas muir agus tír, an bog agus an cruaidh, agus nach smuaineann ar a atharach lá nó oidhche acht caidé mar chruinneóchadh siad ór nó airgead, ba nó capaill nó saidhbhreas neamhbhuan an tsaoghail seo, agus doghní dearmad iomlán dá n-anam. Is fiadhnaise ar an fhírinne seo lucht na drúise, chailleas a suaimhneas agus a síothcháin, chuireas a sláinte agus a bhfortún, a gclú agus a meas i gcontabhairt mar gheall ar phléisiúr salach móiméinte. Cuirim fós fiadhnaise na fírinne seo ar gach aon agaibh, a cháirde, caidé mar chaitheas sibh bhur saoghal agus bhur sláinte i seirbhís na colna, agus gan seirbhís ar bith do dhéanamh don anam. Caidé liacht
priacail agus baoghal, buaidhirt agus anró a dtéid sibh tríd chum seirbhís agus sásamh do thabhairt don cholainn, agus caidé chomh spadánta neamh-aigeantach, agus faraor, chomh annamh is théid sibh i gceann na sacraiminte do ghlacadh, nó seirbhís Dé do dhéanamh? Caidé méad na leisce bhíos oraibh aifreann na saoire nó an Domhnaigh d'éisteacht? Caidé mhéad bhur gceathraighe ag dul i gceann urnaighe? Caidé chomh annamh is ghní sibh trosgadh nó deirce? Ná mealltar sibh, a cháirde; ní le fuaire ná le mainneacht rachas sibh an bealach cumhang cruaidh úd thriallas go parrthas, acht bheirim m' fhocal díbh gurab é an ród díreach é bhéarfas sibh go hifreann. Is ar an neimhbhrígh doghní sibh de bhur slánughadh is mian liom trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn in dá phointe. In san chéad phointe tráchtfaidh mé ar an riachtanas atá againn ar leas ar n-anma do dhéanamh; in san dara pointe, ar mhéad na faillighe doghní an duine in ócáid a shlánuighthe. An chéad phointe. Ceist agam oraibh, a cháirde; cia an chéird atá chomh riachtanach sin, ionnus gur cóir don uile dhuine a foghlaim agus a beith aige? Caidé an chéird nó an ealadha atá chomh onórach tairbheach sin, ionnus gur cóir do gach duine a saothrughadh agus a leanmhain? Bhéarfad féin freagra ar bhur son, agus dearbhaim díbh go bhfuil céird agus ealadha bhur slánuighthe, go bhfuil an ealadha so in a hoibliogáid choitchinn ar an chineadh daonna. Is uras a chruthughadh as an aithne thug Dia don tsaoghal i bpearsain Abraham mar a ndeir, "lean an casán cumhang úd threóruigheas go parrthas agus foghlaim céird do shlánuighthe"; amhail is mar déarfadh sé: ní fhuil acht aon ród, aon bhealach, aon chasán amháin ann, agus é sin cumhang cruaidh threóruigheas go parrthas, agus is le cruadhtan agus griongal mór gheabham suas ann. Cibé nach mbíonn eólach cleachtach ar an mbealach so ag cur srian le n-a ainmhianaibh, agus ag cleachtadh na
subhailce, beidh sé ar seachrán síorraidhe ó fhlaitheas Dé, agus is é ifreann deireadh a chúrsa. Ós a chionn so, atá míle luigheacán ag Lucifer agus age n-a shlóightibh rómhainn in san mbealach úd chum toirmeasg agus seachrán do chur orainn, agus éireóchaidh leó acht muna raibh eólas agus taithighe againn ar an chasán cumhang úd na croiche. Agus caidé mar dhéanfam so? Atá, a chríostaidhthe, ag cóimhlíonadh na n-aitheanta, ag smachtughadh ar n-ainmhianta, ag scrios gach droch-chleachtadh, ag déanamh na haithrighe. So an ród, so an tslighe threór- uigheas go parrthas. So an chéird, so an ealadha atá in a hoibliogáid chinnte ar gach aon a foghlaim agus a beith aige; agus gach aon atá in ainbhfios ar an ealadhain seo, in áit árdughadh suas ar dheas-láimh Chríost, is é ród gheabhas sé, an bealach leathan go ifreann, an áit i bhfuighidh sé pianta síorraidhe mar luach saothair. Atá drong áiridhe ann leanas de leigheas, agus daoine eile leanas den dligheadh, cuid de na daoinibh in a dtáilliúiribh agus daoine eile in a ngréasaidhthibh; bídh daoine eile ann nach leanann a athrughadh de chéird nó d'ealadhain acht bheith ag ól agus ag imirt, tugtha do mhionnaibh móra agus do phléisiúr salach na colna. Atá gach céird agus gach ealadha díobh so sonnradhach ag an mhuintir leanas iad, agus dá bhrígh sin, ní fhuilid coith- cheann ag gach duine; gidheadh, atá an ealadha so ar slán- uighthe chomh coitcheann ag an tsaoghal, ar mhodh nach bhfuil aon neach saor ó n-a hoibliogáid. So an chéird do mhúin Íosa Críost don óigfhear úd an tsoisgéil nuair d'fhiaf- ruigh de caidé an ní do dhéanfadh chum dúithche pharrthais do shaothrughadh. "Atá," arsa Críost, "na haitheanta do chóimhlíonadh." So an chéird, so an ealadha bhéarfas tú amháin go parrthas. So an ealadha bhí Eóin Baiste d'fhogh- luim deich mbliadhna ar fhichid ar an bhfásach, an áit nach raibh de bhiadh ná de bheathaidh aige acht meas na gcrann
agus uisge na bhfuarán, nach raibh d'éadach ar a chorp acht craicinn beathadhach allta. So an chéird d'fhoghluim na heasbail ó n-a máighistir Críost; agus ag múnadh na healadhan so don domhan, chaith siad a saoghal i mbuaidhirt agus i dtrioblóid, i ngorta agus i n-anró, nó gur chríoch- nuigh siad a gcúrsa. Is mar ghrádh ar an ealadhain so thréig ríghthe agus prionsaí, iarlaí agus diúici, mná óga agus seanmhná a ndúithche agus a bhfearann, a saidhbhreas agus a sócamhal agus ghlacadar úird chrábhaidh, ionnus go mb'fhéidir leo a n-anam do shlánughadh. In aon fhocal, ní fhuil naomh ná ban-naomh, a chríostaidhe, i seilbh na glóire, nach í an chéird seo d'árduigh iad go parrthas; agus ar an taobh eile, is é easbhaidh na céirde seo bheir ar na míltibh milliún anam bheith indiu dá súistiughadh agus dá dtuar- gain, dá ndódh agus dá losgadh i linntibh teintidhe ifrinn. Dearbhaidh an Spiorad Naomh an fhírinne seo dhúinn le béal Solamh mic Dáibhidh mar a ndeir, "scuraidh de bhur gcomhrádh, tugaidh éisteacht ghrinn do na briathraibh seo, de bhrígh go bhfuilid bríoghmhar riachtanach;" agus so mar deir iad: "Bíodh eagla agus criothnughadh oraibh roimh Dhia agus cóimhlíonaidh a aitheanta, so cuing agus oibliogáid gach duine"; nó mar mhínigheas Naomh Ieronimus na briathra céadna. "Is uime seo chruthuigh Dia an uile dhuine." Leanaidh Naomh Bearnard an teistimhin níos faide agus tairringidh as an arguimint chritheaglach so: má 's chum a slánuighthe chruthuigh Dia gach uile dhuine, gan so ní fhuil acht neimhní in san uile dhuine. Atá tú i do phápa nó i d'easbog, lán de chríonnacht agus d'fhoghlaim, acht muna leanaidh tú céird do shlánuighthe, ní fiú trumpa gan teanga thú. Rí nó prionsa tú, atá flaitheamhal cómhachtach, an iomad de thíorthaibh agus de réigiúnaibh ag géilleadh dhuit, má ghní tú dearmad de céird do shlánuighthe, ní fiú ní ar bith tú. Atá tú uasal onórach, lán de shaidhbhreas
an tsaoghail seo, agus ghní tú neimhbhrígh de shláinte d'anma, ní fhuil tú acht bocht uir-íseal i bhfiadhnaise Dé. Atá tú óg urradhanta tréitheach gasta, lán de neart agus de mheisnigh, acht ní chuireann tú suim in sna subhailcibh, ná in ealadhain do shlánuighthe, atá tú fuathmhar gráineamhail i bhfiadhnaise Dé. Atá tú i d'fhear oibre ró-chumasach, ghní tú saothar agus soláthar do d'chlainn agus do d'chúram, acht ghní tú dearmad de na deaghoibreachaibh agus de shlánughadh d'anma, ní fiú broth do shaothar agus is é ifreann do tháille. Nuair labhras Íosa Críost nó na heasbail in san sgrioptúir ar an ghlóir shíorraidhe gheibh na fíréin, goirid ar uairibh tuarastal di, ar uairibh eile fóghmhar, agus in áit eile, goiridh siad coróin di. Agus cad chuige? Atá chum a chur in umhail dúinn cibé le ar mian an luach saothair seo na bhfíréan d' fhagháil, go gcaithfidh sé obair do dhéanamh dá cheann, cibé le ar mian coirce nó eórna do bhuain in san bhfóghmhar, go gcaithfidh sé síol-chur do dhéanamh in san earrach, agus nach gcuirthear coróin ar an tsaighdiúr i ndiaidh an chatha acht do réir mar throid sé ar a son in am na troda. Ceist agam oraibh, a cháirde, an dtiubhradh sibh féin a thuarastal don bhuachaill nó don chailín, ar dheireadh a dtéarma, nach é amháin nár chuir cor cruaidh orra féin, acht fós go mbíodh a lámha faoi n-a gcrios ar feadh na haimsire? An féidir d'fhear tighe ar bith bheith ar mire chomh mór sin agus go mbeith súil aige fóghmhar do bhuain in san bpáirc nár threabh sé agus nár chuir sé? Nó an féidir daille chomh mór agus sin do bheith ar an tsaighdiúr, bhí lá an chatha ag imirt agus ag ól, go gcuirfidhe coróin air tráthnóna ar son a chródhachta. Cad eile, a chríostaidhe, ní hé amháin ó éirghe go luighe, acht fós ó thús na bliadhna go dtí a deireadh, caidé an tseirbhís doghní tusa do d' árd-mháighistir Críost, ionnus gur bh'fhiú thú do thuarastal d'fhagháil ar deireadh aimsire. An
ndéan tú síolchur na subhailce in aimsir earraigh do bheathadh, ionnus go mb'fhéidir leat fóghmhar na glóire do bhuain i ndeireadh do shaoghail? An dtroideann tú in aghaidh náimhde d'anma, mar atá, an diabhal, an saoghal agus an cholann, ionnus gur bh'fhiú thú coróin do chur ort i ndiaidh do bháis ar son do chródhachta? Caidé an cruadhtan chuireas tú ort féin chum buaidh do bhreith ar na cathuighthibh? An smachtann tú do theanga in aimsir na feirge, gan sgannail do thabhairt do d' chomharsain, gan an bhréag do chur air mar an fhírinne? In áit Dia do mholadh agus buidheachas do thabhairt dó in a thiodhlacthaibh, nach é ní doghní tú a mhallughadh agus a imdheargadh, ag tabhairt Dia agus Críost, agus ag do thiomáin féin do dhiabhlaibh ifrinn níos minice ná doghní tú do choisreagadh? An gcuireann tú smacht ar do chraos nó ar d'ainmhian nuair théid tú go toigh an óil, nó an bhfágann tú é go raibh tú ar meisge? Tusa, a pheacaigh mhalluighthe atá do d'unfairt féin ariamh mar seo in sna lochtaibh, do rinne neamhshuim den urnaighe, den tsaoire agus de na sacraimintibh, beidh tú ag súil leis an luach saothair céadna fuair na fíréin agus na naoimh tháinig rómhat, chaith a saoghal le urnaighe, le trosgadh, le cruadhtan agus le crábhadh, rug buaidh ar a n-ainmhiantaibh agus ar gach cathughadh eile, beidh tusa, deirim, ag súil leis an choróin chéadna fuair na mairtírí, dhoirt a gcuid fola ar son a gcreidimh, agus gan tú seasmhach in aon phointe de d' chreideamh, gan umhlacht agat do Dhia ná dá eaglais. Ní hé sin amháin; ní mian leat saothar ná cruadhtan do chur ort féin le ealadhain do shlánuighthe d'fhoghlaim, acht ghní tú neamhshuim dhíreach de, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in san dara pointe de mo chomhrádh. An dara pointe. Léighmid ag Lúcás soisgéalaidh go ndeachaidh Críost ar cuairt chum Lasaras, d'aithbheódhuigh sé in sna laethibh roimhe sin, tar éis a bheith ceithre lá
morguighthe lobhtha in san uaigh, agus chum a dheirbhshéaracha, Martha agus Muire Magdalen, agus gur ghlacadar é go fonnmhar lúthgháireach, gur ghléasadar dinnéar ró-chost- asach dó. Ghlac Martha an iomad saothair agus triob- lóide ag cur órduighthe ar an teach, agus ag gléas bídh agus biotáile. Acht Muire Magdalen as ar chuir an slánuightheóir seacht ndiabhal in sna laethibh roimhe sin, do bhuail bheith ag caoineadh a peacadh faoi ghlúinibh an tigh- earna, do nígh sí a chosa le n-a cuid deora, a folt ór- bhuidhe, bhí aice roimhe sin in a ócáid pheacaidh ag mealladh agus ag bréagadh na n-óigfhear, dorinne anois úirlis a slánuighthe de. Do réir mar fhliuchadh sí cosa an tighearna le n-a haithrighe, do thriomuigheadh iad le n-a gruaig mhuir- nigh. Dorinne dearmad cuidiughadh nó congnamh do thabh- airt dá deirbhshiúr ag gléas an bhídh. Chuir cúl le an uile ní acht ealadha agus léigheann a slánuighthe, ar mhodh go ndearna Martha casaoid throm uirre gur fhág sí trom na ngnótha uile uirre. Mheasfá, a chríostaidhe, go raibh an chóir ag Martha, go ndearna Magdalen éagcóir uirre, agus go nglacfadh Críost a páirt. Acht má mheasair, is mór atá tú meallta. Is é sásamh fuair sí ó Chríost, go raibh sí ag glacadh an iomad saothair agus trioblóide fa an saoghal agus ag déanamh dearmad den ní bhí ós cionn gach uile ní riach- tanach aici, mar do bhí, leas a hanma. Ó, a thighearna, an áit a labhrann tú chomh trom so ar Martha (bhí gnóthuightheach amháin chum bídh agus féasta do ghléas fa do chomhair, chum mórán do dhéanamh díot agus chum a grádh agus a carthannacht do thaisbeánadh dhuit, d'admhuigh tú an lá roimhe seo, gur tú mac Dé, in am a raibh tú faoi dhí-mheas agus faoi tharcaisne ag an gcineadh Iúdaidhe, d'admhuigh do mhór-chumhachta ag iarraidh ort Lasaras d'aith-bheódhughadh) caidé déarfá le muintir na haimsire seo, nach é amháin nach smuainid ar an ní so atá
ós cionn gach uile ní riachtanach aca, acht fós nach bhfuil ní ar bith is lugha ar a ndearcaid 'ná é, agus go ndéanaid an uile ní bhíos in aghaidh a n-anma? Caidé déarfá leis an mhuintir thuigeas agus chreideas d'fhiacha bheith orra faoi phéin pheacaidh aifreann na saoire d'éisteacht agus nach gcuireann suim ná beann air, cuir i gcás go mbeith ag an doras aca, thuigeas, adeirim, gur uime d'órduigh Dia an tsaoire agus an Domhnach chum aire do thabhairt don aon ní seo, dhearbhuigheas Críost do bheith chomh riachtanach so aca, agus nach bhfuil ní ar bith is lugha thig ar a n-aire in sna laethibh seo 'ná é. In áit urnaighe agus aifreann, in áit moladh Dé agus buidheachas do thabhairt dó in a mhór- thiodhlacthaibh ar feadh na seachtmhaine, is é céird agus ealadha bhíos aca bheith ag ól agus ag imirt, ag macnas agus ag garbhuaic. Ní bhíonn de cheól nó de chanamhain i mbéal an óig agus an ársaidh acht mionna móra agus graostacht, fearg agus fuath agus clú na comharsan dá gearradh. So an chéird, so an ealadha leanas críostaidhthe na haimsire seo. In áit greim do bhreith ar bhriathraibh Dé agus a ndaingeanughadh in a gcroidhthibh go raibh aon ní amháin riachtanach aca, mar atá, leas a n-anma, agus gur ab uime chruthuigh Dia iad chum na healadhna so d'fhoghlaim, is é léigheann leanaid léigheann an ainspioraid, easbhaidh chreidimh, easbhaidh chrábhaidh, neamhshuim in san tsaoire, neamhshuim in san urnaighe, neamhshuim in sna sacraimintibh, neamhshuim in gach uile ní rachadh i dtairbhe dá n-anam. Ó, a cháirde grádhacha, dearcadh gach aon ar a choinsias agus ar an neamhshuim rinne sibh go dtí so ar leas bhur n-anma, agus chífidh sibh gur mó an réasún atá chum a rádh libh, míle uair, 'ná le Martha, go bhfuil sibh an-ghnóthuigh- theach timcheall an tsaoghail agus ag déanamh dearmaid de fhlaitheamhnas, go bhfuil sibh ag déanamh aon ghnótha amháin, gan aon ní do thastáil ón gcolainn, agus ag déanamh
dearmaid iomláin den anam. Cá mhéad duine agaibh do- ghní aithris ar Magdalen ag déanamh an pheacaidh, agus ó, mo thruaighe, caidé a laighead agus ghní aithris uirre ag déanamh na haithrighe? Caidé liacht diabhal dhíbreas an fhaoisidin ghlan as an anam, mar díbreadh as Magdalen, agus caidé laighead ghlacas an íocshláinte seo leis an ollmhughadh ceart? Ó, a dhaille ós cionn gach daille. Ó, a mhire an chinidh dhaonna. Ó, a cháirde, má's mian libh aoibh- neas parrthais d'fhagháil mar Mhagdalen, déanaidh aithris uirre ag nighe cosa an tighearna le bhur ndeóraibh agus le bhur n-aithrighe, le bhur lórghníomh agus le bhur n-osnadhaibh. Smuainidh gur le cruadhtan agus le griongal, le urnaighe agus crábhadh gheabhas sibh an luach saothair úd na bhfíréan, mar atá, an ghlóir shíorraidhe, ní atá mise d'iarraidh díbh- se agus dam féin. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
An Treas Seanmóir Déag. AR AN mBÁS. Cuimhnigh ar do chríochaibh déidheanacha agus ní dhéanfair peacadh go bráth. (Briathra Ecclesiasticus san seachtmhadh caibidil, an ceathrachadmhadh rann.) CIA nach bhfuil ní ar bith in san tsaoghal so is coitchinne 'ná an bás, de bhrígh go siubhlann go laetheamhail eadrainn ó thigh go tigh, go bhfuaduigheann leis an t-óg mar an t-ársaidh, agus go dtairringeann iad chum na huaighe nuair is lugha shílid, maiseadh, in a dhiaidh seo agus uile, ní fhuil ní ar bith is éascaidhe dá ndéantar dearmad ná den mbás. Is iongantas mór so, gan amhras, agus gan ní ar bith ar an tsaoghal ar a ndearcamaid nach gcuireann an bás in umhail dúinn. Má dhearcamaid fúinn ar an talamh, déarfaidh an talamh linn nach bhfuil ionnainn acht cré agus luathramhán. Má fhéachamaid suas ar an aer dearbhaidh an t-aer dúinn nach bhfuil de bhunadhas in ar mbeathaidh acht oiread le feadán gaoithe. Má dhearcamaid uainn ar an fhairrge agus ar na sruthannaibh, cuirfid in umhail dúinn go n-imthigheann ar n-aimseara agus ar saoghal tharainn gan mhothughadh ar aiste an tsrutha. In aon fhocal, ní fhuil taobh dá dtionntuighmid nach bhfuil íomháigh an bháis ós ar gcomhair. Maiseadh, in aimhdheóin gach oidis agus gach
rabhadh díobh so, atá daille na ndaoine chomh mór sin agus nach bhfuil ní ar bith is luaithe dá ndéanaid dearmad 'ná den mbás. Scríobhthar ar an rígh naomhtha Iosias go dtug fa deara an mhéid íomháigheacha dée bréige bhí in a ríoghacht do losgadh agus do scrios agus go ndearna róimh adhlaicthe do na marbhaibh de na haltórachaibh agus de na teamhpallaibh in a mbídis. Molaidh go mór an scrioptúr an ní beannuighthe dorinne an rí seo, agus dearbhaidh go bhfuair ó Dhia mar luach saothair sonas agus séan do bheith le n-a linn, síothcháin agus carthannacht do bheith idir a mhuintir, agus deighchríoch do bheith ar a bheathaidh. Mar an gcéadna, a chríostaidhe, má 's mian leat-sa buidheachas Dé do thuilleamh, nó deighchríoch do bheith ar do bheathaidh, déan aithris ar an rígh naomhtha Iosias, scrios agus díbir as teampall d'anma na dée bréige atá do d'mhealladh, mar atá, na dubhailce agus na lochta. Díbir as teampall d'anma dia bréige na sainte, agus an t-aingheall atá agat ar an tsaoghal. Díbir as teampall d'anma dia bréige na feirge agus na drúise. Cuir in a n-áit cnámha na marbh, is é sin, gnáthchuimhne an bháis do bheith go síor- raidhe in do chroidhe. So an meadhón, so an tslighe bhéar- fas ort do bheatha do leasughadh agus buaidh do bhreith ar na lochtaibh, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in san ghearr-chomhrádh is mian liom do dhéanamh díbh. Acht iarr- amaid ar dtús congnamh an Spioraid Naomhtha le eadar- ghuidhe na Maighdine Muire. Is é stuidéar cinnte bhíos ag namhaid coitcheann an chinidh dhaonna eagla an bháis agus an bhreitheamhnais do bhuain as ar gcroidhthibh, ionnus gur bh'fhusaide dó buaidh do bhreith orainn. In áit an bhreitheamhnais chruadálaigh agus an cheirt imeóras Críost orainn i ndiaidh ar mbáis, cuiridh sé trócaire Dé ós ar gcomhair, ag dearbhadh dhúinn nach bhfuil Dia scrupallta, agus nach gcuireann sé suim i
neithibh beaga. In áit an bháis, atá gach uair ag brath orainn, geallaidh sláinte agus saoghal fada dhúinn. Brosluighidh sinn chum an pheacaidh, ag innsin dúinn go bhfuil am go leór againn chum na haithrighe do dhéanamh agus chum ar mbeatha do leasughadh. Acht nuair bheir an líon timcheall orainn, nuair thairringeas sinn i nduibheagán an pheacaidh, nuair thréigeas Dia sinn tríd ar gcoirthibh, beir an diabhal ar scórnaigh orainn, thig an bás dá ndearnamar dearmad go dtí sin gan mhothughadh orainn, théighmid gan ollmhughadh gan aithrighe chum an chunntais, agus ón chunntas go fíríochtar ifrinn. Atá so follus as an modh ar ar mheall an t-ainspiorad ar gcéad-mháthair Éua, óir nuair chruthuigh Dia ar sinnsear Ádhamh agus Éua, rinne máighistir díobh ar gach aoibhneas agus ar gach toradh bhí i bparrthas acht crann na haithne amháin, agus ionnus nach mbrisfeadh siad an aithne chuir sé orra, is é sin, gan blas de thoradh an chrainn seo, chuir an bás ós a gcomhair mar sciath-dhídean agus mar dhaingean in aghaidh gach cathuighthe. Acht mar dochonnairc an diabhal go dtabharfadh cuimhne an bháis orra bheith umhal do Dhia, agus gan an aithne seo do bhriseadh, dhíbir gan mhoill an deaghsmuaineamh so as a gcroidhthibh, ag dearbhadh dhóibh nach raibh baoghal ar bith báis orra, cuir i gcás go n-íosadh an t-ubhall so do bhí crosta orra. Acht caidé d'éirigh dár sinnsear as an tréas agus an easumhlacht so rinneadar in aghaidh dlighidh Dé? Atá, a chríostaidhe, gur chaill siad aibíd na ngrása, chuir Dia fa n-a n-anam; chaill siad an scéimh neamhdha do cruthuigheadh leó; an t-anam bhí in a phéarla uasal lonnrach, do réir íomháigh agus cosamhlacht Dé, gur thionntuigh an peacadh í chum a beith dubh smeartha glonnmhar, do réir íomháigh agus cosamhlacht an diabhail. Ó n-a mbeith in a máighistir ar an bparrthas talmhaidhe seo agus in a n-oighríbh ar pharrthas nimhe, díbreadh iad lom- nochta gan earradh gan éadach ar feadh an tsaoghail, agus
chailleadar a gceart ar fhlaitheamhnas. In áit bheith saor ar an mbás agus ar gach tinneas ar feadh a dtéarma ar an tsaoghal so, mar bharr pionóis ar a n-easumhlacht, tháinig tinneas agus aicídeacha orra féin agus ar a lorg in a ndiaidh, agus dá dhruim sin an bás. Is mór an díoghaltas so do rinne Dia ar Ádhamh agus Éua tríd bhriseadh aon aithne amháin. Agus nach mó 'ná sin an díoghaltas dhéanfas sé ar an muintir ar nach dtéid stad ná comhnuidhe acht ag briseadh aitheanta Dé ar feadh a mbeathadh? Sibhse, a lucht na mionn mór, thug Dia órdughadh agus aithne díbh gan a ainm do thabhairt gan adhbhar, agus nach é céad choisreagadh doghní sibh oraibh féin ar maidin Dia agus Críost do thabhairt agus bhur n-anam do phronnadh don diabhal. Sibhse, a lucht na drúise, cá mhéad uair do chrois Dia oraibh bheith cionntach in san bpeacadh so? Agus nach measfá gur luach saothair mór atá le fagháil agaibh 'chionn aithne Dé do bhriseadh, namhaid do dhéanamh de Dhia agus camra de bhur n-anam do dhiabhlaibh ifrinn? Ní dhearna Ádhamh acht aon pheacadh amháin, agus muna mbeith méad na haithrighe rinne dá chionn, badh é ifreann a luach saothair. Agus an measann tusa, a pheacaigh mhalluighthe, rinne míle peacadh marbhtha in do bheathaidh, agus nár shil oiread agus deór aithrighe ar a son, go n-imtheóchaidh tú saor ar ifreann? Níor bhris Ádhamh acht aon aithne agus díbreadh é as parrthas; bhris tusa na deich n-aitheanta céad agus míle uair, agus gan urnaighe gan lórghníomh, atá súil agat le aoibhneas flaitheamhnais. Ní fhuil smuaineamh ná dearcadh agat go dtiocfaidh an bás ar nós an ghadaidhe nuair is lugha shíleas tú, agus má bheir ort in san stáid damanta in a bhfuil tú, gur ab é ifreann is lóistín do d'amam. Atá an duine ó nádúir bocht anbhfann easbhaidheach agus tugtha don olc. Atá an duine bocht de thaobh a thuigse, de bhrígh go bhfuil sé lán d' ainbhfios agus d' earráid. Atá
sé bocht de thaobh a cholna, de bhrígh nach bhfuil innte acht fuirnéis lán d'ainmhian, sac cré agus suinc lán de lobhadas. Maiseadh in aimhdheóin gach díoghbháil agus gach easbhaidh dhíobh so, atá an duine chomh líonta d'uabhar agus de ghlóir dhíomhaoin, amhail agus gur ab é féin créatúr is iomláine agus is neamh-easbhaidhighe ar bith. Acht ceist agam ort, a dhuine bhoicht gcineadh ón talamh, a mhic an luathramháin rugadh i bpeacadh, do bhí 'do sclábhaidhe ag an diabhal níos taoisge 'ná bhí tú do mhac ag d' athair féin, cad as a bhfuil tú ag déanamh bróid agus iomarcaidhe? Cad as fa dtugann tú tarcaisne nó mí mhodh don fhear úd eile atá bocht nó uiríseal, agus gur ionann adhmad dá ndearnadh sibh, mar atá, an luathramhán. Má atá seisean i stáid na ngrása agus tusa i bpeacadh, is fearr eisean míle uair 'ná tusa, cuir i gcás go bhfuil tú 'do rígh nó 'do phrionsa, de brígh go bhfuil seisean i bhfabhar Dé agus tusa 'd'athainne de theinidh ifrinn do réir an chirt neamhdha. Acht an maith leat scéala d'fhagháil, a chríostaidhe, cad fa mbíonn na daoine ar lasadh le rún díoghaltais. Cad as a mbíd ar meisge le grádh an tsaidhbhris? Cad as a mbíd tugtha do chraos agus do gach ainmhian? Cad fa ndéanaid camra dá gcolainn le drúis agus adhaltrannas? Cad as a mbíd tugtha do mhionnaibh móra, do ghadaidheacht agus do bhréagaibh? Atá, deir an fáidh ríoghamhail, de bhrígh go ndéanaid dearmad den bhás. Ó, a pheachaigh mhí- fhortúnaigh, cad as nach smuaineann tú go mbeidh an cholainn sin, fa bhfuil tú anois ag déanamh an iomad cúraim, in a biadh piast agus cnumhóg faoi cheann gearr- aimsire, go mbeidh an t-anam, acht muna ndéanaidh tú an iomad aithrighe, dá strachailt agus dá tarraing ag na diabhlaibh go fíríochtar ifrinn? Dá bhrígh sin, fosgail do shúile in am, tionntuigh ar Dhia agus déan an aithrighe. Glac comhairle Naomh Auguistín cuimhne an bháis do bheith
go síorraidhe in do chroidhe, agus sábálfaidh tú ar an bpeacadh. Dobheir Dia in san scrioptúir clú agus teastas do Iób nach raibh duine ar an talamh chomh ceart agus chomh ionnraice leis, go raibh eagla Dé in a chroidhe, agus nach ndearna riamh olc. Do bhí Iób in a chomhnuidhe i dtalamh pagánta na Hus, i measg págánach agus lucht adhartha na ndée bréige, áit nach bhfaiceadh acht iomad peacadh agus drochshompla, in áit nach raibh léigheann na scrioptúire, oideas na bhfáidh ná solas an chreidimh. Maiseadh, in aimh- déoin gach míbhuntáiste díobh so, ní raibh eagla air a chneas- tacht do dhearbhadh i bhfiadhnaise an tsaoghail. Acht caidé mar tháinig do Iób bheith chomh ionnraice cneasta so? Caidé chumhduigh é ón bpeacadh? Bheir sé féin réasún tábhachtach uaidh, mar atá, cuimhne an bháis agus na huaighe do bheith de ghnáth in a chroidhe; amhail agus mar déarfadh sé: thug cuimhne an bháis agus na huaighe orm mo chlaonta do stiúradh, m' antoil do smachtadh. Ó, a pheacaigh, nuair rachas tú ar do chunntas go barra uathbhásach na tríonóide, éireóchaidh Iób mar fhiadhnaise i d'aghaidh agus déarfaidh leat go bhfuair tú sompla agus oideas na gcríostaidhe eile, go bhfuair tú solas agus eólas an chreidimh, gur ól tú d' uisge tobar na ngrása chomh líonmhar agus ghlac tú sacraimintí Dé, go bhfuair tú seanmóir agus teagasg minic. Cad fa bhfuilir, déarfaidh sé, i ndiaidh gach mór- bhuntáiste díobh so, ag teacht i bhfiadhnaise an Árd- bhreithimh lán de lubhra do pheacadh? Nach náireach duit mise, nach bhfuair de bhuntáiste chum mo shlánuighthe acht cuimhne mhinic an bháis do bheith in mo chroidhe, do bheith ag dul suas ar neamh, agus tusa, fuair an uile mheadhón dá fheabhas, do bheith ag tuitim le trom-ualach do pheacadh go síríochtar ifrinn? Ó, a chríostaidhe, ionnus go rachfá suas in éinfheacht le Iób, cuimhnigh go minic nach bhfuil ionnat acht créafóg agus luathramhán. Tochail d' uaigh le
iomad smuaineadh in do chroidhe agus díbeóraidh uait gach gné pheacaidh. Léigh, a chríostaidhe, an sean-tiomna agus an tiomna nua, fiafruigh de gach diadhaire bhí in san eaglais, léigh gach mórobair do scríobh na haithreacha naomhtha, chífidh tú gur léigheann cinnte do gach cuid díobh, cibé le ar mian deighbheatha do bheith aige agus buaidh do bhreith ar na lochtaibh, gur riachtanas dó gnáth-chuimhne an bháis do bheith in a chroidhe. Dearbhaidh Naomh Basil nach bhfuil íoc-shláinte in aghaidh nimh an pheacaidh ná leigheas ar easláinte an anma is éifeachtaighe 'ná smuaineadh tairbheach an bháis, agus nach bhfuil seanamóntaidh ná oide eólais chum leas ar n-anma do chur rómhainn is fearr 'ná na mairbh. Agus cad chuige? Atá, má dhearcann tú in san uaigh, chífidh tú innte, mar i scáthan, an t-adhmad dá ndearnadh tú, mar atá, an luathramhán, an chríoch dogheabhas tú, mar atá, an bás, an íd éireóchas do d'cholainn, mar atá, bheith in a biadh piast agus cíaróg. Mar do ghoill ar an duine craosach saidhbhir úd an tsoisgéil a dhearbhráithreacha, bhí in a dhiaidh ar an tsaoghal, do thidheacht go tigh na bpian, in a raibh sé féin dá chrádh agus dá losgadh i linntibh tinntidhe ifrinn, ghuidh sé Abraham go dúthrachtach Lasaras do chur ar ais chum an tsaoghail chumh rabhadh do thabhairt dóibh a mbeatha do leasughadh agus na peacaidh do thréigean. Níor lór do Abraham a rádh leis go raibh Maoise agus an eaglais aca le n-a dteagasg. Ó, níor lór sin, a athair Abraham, ar sé, ní thabhrann aon duine in san domhan orra na peacaidh do leigean díobh muna dtéighidh neach de na marbhaibh dá dteagasg Cad eile, a cháirde, féachamaid caidé an teagasg bheir na mairbh seo dúinn. Smuainidh, deir an marbhán, go bhfuil tú ag triall chum na síorraidheachta in a bhfuil mise, nach bhfuil móimeint de d'aimsir ag dul
thart nach foisge-de tú é don uaigh, go bhfuighidh tú bás mar fuair mise agus sin níos taoisge 'ná shíleas tú; indé agamsa agus indiu agatsa. Ní deir sé: indiu agamsa agus i mbárach agatsa. Agus cad chuige? Atá, nach dtugann spás an lá i mbáraigh duit, de bhrígh, adeir sé, gur féidir an ní céadna d'éirigh damhsa indé éirghe dhuit- se indiu. Indé chuir mise crioch ar gach sólás saoghalta; chuir mé cúl mo láimhe leis an tsaoghal agus le n-a dhíomhaoineas; ní fhuil cinnteacht ar bith agatsa nach n-éireóchaidh an ní céadna duit indiu. Mise chí tú annso bocht gránna lomnochta, gan fuil gan feóil, acht 'mo chual cnámha loma, bhí mé beó láidir tapaidh, mar atá tusa. Bhí agam saidhbhreas, onóir agus aoibhneas. Do bhí agam sgéimh, uaisle agus foghlaim, mar atá agat-sa. Acht nuair is lugha do shíleas, chreach an bás mé, agus do sgaras le gach ní in ar mhó mo dhúil. Smuainigh tusa, dá bhrígh sin, gur gearr go n-imthighidh an ní céadna ortsa. Sin seanmóir na marbh do na beóaibh, agus is marbh an té as nach mbainfeadh sé bíodhgadh agus corrughadh, de bhrígh gur seanmóir í bhaineas le d'adhbhar agus chuireas ós cómhair gach aon an chríoch atá i ndán dó. Is marbh, adeirim, de thaobh Dé atá an té nach gcosgann gach sompla laetheamhail aca so, do-chí na mílte duine dá bhfuadach go obann as an tsaoghal so, agus gan oiread agus am aca a n-anam do thabhairt do Dhia nó do Mhuire. Ní shábhálann a n-óige, a n-urradhas, a neart, a sgéimh ná a saidhbhreas iad ar ghath marbhthach an bháis. Dearc mar sin, a chríostaidhe, le súilibh an chreidimh agus chífidh tú ifreann béal-fhoscailte chum gach aon do shlogadh gheibh bás i stáid an pheacaidh. Smuainigh ar na piantaibh síorraidhe atá fa chómhair gach aon leigeas a leas ar cáirde, nach n-ollmhuigheann é féin fa chómhair an phuinc úd ar a bhfuil a shonas nó a dhonas síorraidhe. Tóg do shúile chum na bhflaitheas, a chríostaidhe. Agair agus guidh an t-Árd-rí grása na haithrighe fírinnighe
do thabhairt duit, cuimhne an bháis do dhaingnughadh in do chroidhe, mar shúil go scarfá leis na peacadhaibh, go mbeith deighchríoch ar do bheathaidh, agus go mbeitheá rannpháirteach leis na fíréanaibh in san ghlóir shíorraidhe, ní atá mise d'iarraidh díbhse agus damh féin. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
An Ceathramhadh Seanmóir Déag. AR AN mBÁS. Cuimhnigh ar do chríochaibh déidheanacha agus ní dhéanfair peacadh go bráthach. (Briathra léightear ag Ecclesiasticus, an seachtmhadh caibidil, an ceathrachadmhadh rann.) ATÁ éifeacht agus oibriughadh grása Dé chomh mór agus chomh bríoghmhar sin, ar mhodh go dtionntuigheann an peacach is mó ar bith ó n-a lochtaibh, agus go ngluaiseann é chum na haithrighe. Go dtionntuigheann na grása sinn ó na peacaidhibh is furas a chruthughadh as an athrughadh agus as an aistriughadh iongantach thug ar Muire Magdalen. Ó n-a beith uaibhreach rinne í umhal. Ó n-a beith drúis- eamhail droch-bheathach, rinne í geanmnaidhe deighbheathach. Ó n-a beith saoghalta sanntach, rinne í riaghalta cráibhtheach. In aon fhocal, aon bhraon de ghrásaibh Dé dhíbir an sluagh diabhal rinne camra dá hanam. Agus atá so chomh fírin- neach sin ar mhodh nach bhfuil dá nearthmhaire is bhíos grása Dé ionnainn nach lughade bheir na peacaidh buaidh orainn. Ní lugha 'ná so an t-éifeacht atá i ngrásaibh Dé chum ar ngluaiseacht chum na haithrighe, mar is follus as an éagnach truaghánta, na hosnaidh iomadamhla agus na ceatha deóra bhíodh go síorraidhe ag sileadh as súilibh an ríogh chomhachtaigh Dáibhidh. Ní luaithe chualaidh an prionsa umhal so ó bhéal an fháidh Nathan an sciúrsa bhí Dia do thriall chuige fa pheacadh an adhaltrannais in ar thuit sé 'ná
fhreagair sé guth na ngrása, adubhairt leis an taobh istigh, "a Dháibhidh, a Dháibhidh, caidé seo rinne tú? Dhíol tú do mháighistir agus do chruthuightheóir mar gheall ar phléisiúr móimeinte le mnaoi fir eile. Tionntuigh ar Dhia agus tabhair cúl don bpeacadh." Ní luaithe, adeirim, mhúscail an guth neamhdha so an t-aithrigheach ríoghamhail seo as suan an pheacaidh 'ná theilg de a aibíd ríoghdha, chuir sé sac garbh nó éadach róin le na chneis, sgread sé ar an tighearna, d'agair a thrócaire agus rinne an aithrighe, ní seachtmhain ná mí, bliadhain ná ráithe, acht ar feadh a shaoghail. Ó, a mhór-mhíorbhaile grása Dé bheir an tionntódh agus an t-athrughadh so ar an bpeacach, ghní caraid do Dhia den té bhí in a sclábhaidhe ag an diabhal agus in a oighre ar ifreann. Cad eile, a chríostaidhe, caidé mar gheóbham ó Dhia na grása so atá chomh riachtanach so againn chum ar mbeathadh do leasughadh agus chum na haithrighe do dhéanamh? Atá, gnáth-chuimhne an bháis agus ar gcríocha déidheanacha do bheith dainginighthe in ar gcroidhe, agus ní eagal dúinn nach bhfuighmid an tiodhlacadh mórluaigh seo, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in san chomhrádh is mian liom do dhéanamh díbh indiu, tar éis a roinn in dá phointe. Gluaisidh cuimhne an bháis sinn chum na haithrighe: sin an chéad phointe. Gluaisidh cuimhne an bháis sinn chum ar mbeathadh do leasughadh agus chum deighghníomhartha do dhéanamh: sin an dara pointe. Acht iarramaid ar dtús congnamh an Spioraid Naomhtha. An chéad phointe. Is maith b'fhéidir le gach teagasg agus le gach punc eile leigean don bpeacach dhul ar aghaidh i suan marbhthach an pheacaidh, acht atá muinighin chomh mór sin agam as bríoghmhaireacht an phuinc seo, mar atá, cuimhne na móimeinte déidheanaighe úd an bháis, ar a bhfuil an tsíorraidheacht d'fhagháil go maith i nglóir nó go holc i bpiantaibh ifrinn, ar mhodh, an té do dhearcfadh ar an bpunc úd, agus nach ndéanfadh músgladh leis, gur mó
mheasfainn é do bheith marbh 'ná in a chodladh, de bhrígh nach bhfuil taobh ar bith ar a ndearcfaidh an peacach in san móimeint úd, nach bhfaicfidh adhbhar uathbháis agus eagla. Má fhéachann sé suas ós a chionn, adeir Naomh Greagóir, chífidh sé claidheamh faobhrach an chirt neamhdha ag bagar air agus gan imtheacht aige ar a fhaobhar má bheir air i stáid pheacaidh. Má dhearcann sé síos faoi, chífidh sé ifreann béal-fhosgailte chumh a shlugtha. Istigh ann féin chífidh sé aibhneacha na n-olc, na trom-choirthe dorinne sé, réidh chum a bháidhte. Ar gach taobh de chífidh sé sluagh diabhal réidh ann chum a anam d'fhuadach go hifreann. In san bpunc úd beidh troid na spioraid ndeamhnaidhe níos cruadálaighe, a n-ionnsaidhe níos déine agus a gcathuighthe níos líonmhaire agus níos minicidhe. Ó, a phuinc, a mhóimeint díoghbhálach, cia an duine le ar féidir codladh ar chneadhaibh a anma má smuaineann ort? Cia nach nighfeadh anois a choinsias le tromdheóraibh na haithrighe, ar cheaiste go mbáidhfeadh aibhneacha na locht é an lá úd. Sgríobhaidh Claudius Paradinus ar dhathadóir áiridhe fuair saothar mór caidé an modh a dtairringeóchadh pioctúir duine do bheith lán de dhoilgheas agus d'imnidhe. Is é chonnairceas dó rotha do dhathughadh bhí déanta d'altanaibh agus duine tar an rotha, crith cos agus lámh air, de bhrígh nach raibh imtheacht aige do thaobh ar bith gan na haltana so do dhéanamh mionspóla de. Mheasfá, a chríostaidhe, nachar bh'fhéidir leis smuaineadh ar ní ar bith ba éifeachtaighe ná cás an fhir seo chum a chur in umhail dúinn an sgannradh agus an critheagla in a mbíonn an duine nuair bhíos i mbaoghal nó i bpriacal mór. Ó, a cháirde, ní raibh acht súgradh i gcás an fhir seo dá mbeith altana an tsaoghail uile in a thimcheall i bhfarradh an chruadhcháis in a mbíonn an peacach i bpunc an bháis. Óir in san bpunc sin, cia an ní nach mbeidh in a ghéaraltain in aghaidh an pheacaigh? Cia an ní nach mbeidh faobhrach chum a ghonta? Cia an ní nach
mbeidh in a adhbhar eagla agus uathbháis aige? Cia an ní nach mbeidh armáilte le mífhortún an pheacaigh do mhéadughadh. Léighmid in san sgrioptúir dhiadha go ndeachaidh an fáidh fallsa Balaam ag mallughadh pobail Dé, agus go ndeachaidh aingeal in a airicis, agus claidheamh nochta in a láimh chum díoghaltas do dhéanamh air. Acht an bhfuil fios agaibh cá dtárla an t-aingeal ar an fháidh tubaisteach so? Atá, mar léighmid in san áit chéadna, i gcasán caol cumhang idir dá bhalla. Do thárla air in áit nár bh'fhéidir leis teicheadh nó imtheacht. Níor bh'fhéidir leis dul ar aghaidh, de bhrígh go raibh an t-aingeal in a shlighidh le claidheamh ós a chionn. Ní mó 'ná sin b'fhéidir leis dul ar ais ó chumhainge na sligheadh. Níor bh'fhéidir dó imtheacht d'aon taobh ó áirde na mballa Ó, is cruaidh an cás so in a raibh Balaam. Ní raibh imtheacht aige do thaobh ar bith agus gan fear a chonganta le fagháil. An ní céadna d'éirigh do Bhalaam, éirghidh go laetheamhail don bpeacach i bpunc an bháis. Óir bídh sé ag siubhal i slighidh na beathadh mar Bhalaam in aghaidh tola Dé, nó go dtig fa dheireadh chum an phuinc chaoil chumhaing úd atá idir an aimsir agus an tsíorraidheacht. Dochí annsin claidheamh an cheirt neamhdha ós a chionn agus a fhaobhar agus a rinn in éinfheacht ag bagairt air fa an bpeacadh. Caidé dhéanfas tú, a pheacaigh mhalluighthe? Ní fhuil imtheacht agat do thaobh ar bith. Ní féidir leat dul ar ais nó bheith beó arís, dá mb' áil leat é, de bhrígh go bhfuil do chorp claoidhte agus an tslighe cumhang, Dia díoghaltach agus a fhearg ós do chionn. Cad eile, cá rachaidh tú nó cá dteichfidh tú. Ó, a pheacaigh mhalluighthe, atá ag briseadh aitheanta Dé riamh ó rugadh tú, in áit urnaighe agus aithrighe, bhíos tugtha do mhionnaibh móra, in áit grádh Dé nó do chomharsan, atá báidhte i ngrádh an tsaoghail seo, doghní camra de d'cholainn le drúis agus adhaltranas, chailleas do mhaoin
agus do shubstainte, do shláinte agus do réasún le craos agus meisge, nach stadann ó bhréagaibh ná ó chúlchaint, ó bhriseadh saoire nó trosgtha, gur ab é do stuidéar cinnte fearg Dé do thuilleamh. Dá bhfosgóladh Dia anois do shúile ionnus gur léar duit an phriacal agus an baoghal in a mbeir i móimeint an bháis, an féidir a rádh nach bpléasg- fadh anois do shúile le iomad deóra agus aithrighe? An féidir a rádh nach réabfadh d'ucht le croidhe-bhrúdh agus doilgheas fa na holcaibh dorinnis. Dearc ar Naomh Hilarian ar bharr creatha i bpunc an bháis tar éis bheith deich agus trí fichid bliadhain leis féin ar an fhásach, ag moladh Dé agus ag déanamh leas a anma, agus gan d'éadach air an seal sin acht sac garbh, nach raibh athrughadh leaptha aige acht an talamh cruaidh lom-fhuar, agus gur ab é a lóistín an fad sin, mar dhearbhuigheas Naomh Ieronimus, uaimh talmhan, agus gur chosamhla í le uaigh duine mhairbh ná ionad comhnuidhe duine beó. Dearc ar Arsenius Magnus agus é uile ar barr creatha ag smuaineadh ar an bpunc úd, tar éis gach pian agus cruadhtan thug dó féin le trosgadh agus urnaighe ar feadh a bheathadh. Dearc ar an abba naomhtha Elias ag dul in éagcruth le iomarca eagla roimh chontabhairt an phuinc úd. Ó, a cháirde grádh- acha agus a lucht éisteachta, dearcaidh ar bhur mbeathaidh féin agus ar bheathaidh na naomh úd, agus chífidh sibh gur mó an t-adhbhar eagla atá agaibhse, míle uair, 'ná aca sin roimh an mbás. Chaith siad san a saoghal agus a mbeatha i seirbhís Dé, acht is é chaith sibhse bhur saoghal i seirbhís an diabhail agus na colna. Atá Muire bhaintighearna, an chúirt ainglidhe agus naoimh pharrthais in a lucht dlighidh ag eadarghuidhe ar son na naomh úd i bpunc an bháis, acht ní chuirfid áird ná beann oraibhse acht oiread is chur sibhse orra san le linn bhur sláinte. Tiocfaidh siad go fonn- mhar in airicis anmanna na naomh úd chum a mbreith i seilbh na glóire, acht is é thiocfas sluagh deamhnaidhe in airicis
bhur n-anma-sa, acht muna leasuighidh sibh bhur mbeatha agus muna ndéanaidh sibh an aithrighe. Ag teacht don easbal Pól go cathair Troas, do chruinnigh pobal anmhór daoine in a thimcheall, agus bhí dá dteagasg nó go dtáinig cuid mhór den oidhche. Do thuit codladh trom ar bhuachaill óg dár bh'ainm Eutichius, ar mhodh gur thuit ón teach chum na talmhan agus gur marbhadh é. Do sgannruigh an pobal go hiomlán agus do stad Pól dá sheanmóir. Acht, a easbail ró-naomhtha, cad as nach gcríoch- nann tú do theagasg? Caidé bheir ort bheith anois ag stad, agus gan an pobal leath-shásta? Bheir Naomh Criosostom freagra deargsnaidh ar an gceist seo, go ndearna an marbhán ionad Phóil agus gur lór de shean- móir bás an ógánaigh seo chum neimhchinnteacht na huaire, fuath an tsaoghail agus an aithrighe do theagasg dúinn. Ó, maiseadh, caidé liacht duine gheibh bás obann go laeth- eamhail ós bhur gcomhair-se agus nach ndéan sibh oiread is consgradh dá chionn? Nach cuimhneach libh gur bás fuair bhur n-aithreacha agus bhur máithreacha agus bhur sinnsear uile? Nach bhfaiceann sibh bhur lucht gaoil agus bhur gcomharsa ag fagháil bháis go laetheamhail ar gach taobh díbh? Maiseadh, ní fhuil bás díobh so nach seanmóntaidh é theagasgas díbh fuath do thabhairt don bpeacadh, bhur mbeatha do leasughadh agus an aithrighe do dhéanamh. Dearbhaidh an sgrioptúir diadha go ndearna cnámha an naomh-athar Ióseph seanmóir agus fáisdine tar éis a bháis. Ag imtheacht don phobal Eabhra as broid na hÉigipte, thug Maoise na cnámha so leis. Dobheir Lip- omanus fa dear annso go dtug an mhuintir bhí éigcríonna ualaighe troma d'ór agus d' airgead agus d' ollmhaitheas na hÉigipte leó, agus nach rug Maoise, mar do bhí sé críonna, d'ionnmhas leis acht cnámha Ióseph. Ó, caidé mhéad an chúraim agus na muirne bhí ag Maoise fa an taisge seo. Chuir cófra costasach in a dtimcheall agus
d' iomchair iad in éinfheacht le airc an chonnartha, agus doghníodh siad seanmóir laetheamhail dó. Acht caidé mar bh' fhéidir leis na cnámhaibh loma so seanmóir do dhéanamh, nó caidé an teagasg doghníodh siad? Atá, a cháirde nuair do foisgeóltaoi an cófra in a raibh taise agus cnámha an mharbháin, do chriothnuigheadh an pobal roimh an mbás míle uair níos mó 'ná dá mbeith siad ag éisteacht leis an seanmóntaidh ba chumasaighe ar bith; do bheireadh féachaint ar chnámhaibh críona an mharbháin seo orra umhlughadh do Dhia, bhí chomh cómhachtach sin agus go mb'fhéidir leis an beó do dhéanamh marbh agus an marbhán d' aithbheódh; do bheireadh féachaint ar luathramhán Ióseph orra neamhshuim do dhéanamh den tsaoghal, fuath do thabhairt do na lochtaibh agus a mbeatha do leasughadh; do theagasgadh an luathramhán so dóibh subhailce éagsamhail na humhlachta, de bhrígh nuair dhearcaidís orra, go gcuimhneóchaidís gur luathramhán a máthair agus gur chum luathramháin tionntóchar iad. In aon fhocal, bheireadh féachaint mhinic ar chnámhaibh loma Ióseph orra a mbeatha mhí-riaghalta do leasughadh, agus an aithrighe do dhéanamh, ar mhodh go dtaidhbhsear damh go gcluinim na cnámha loma so Ióseph ag maoidheamh agus ag broslughadh an phobail Eabhra go minic, "déanaidh an aithrighe." Ní gan adhbhar nach dtugann Dia fios ná sgéala don duine ar an lá nó ar an uair gheabhas sé bás, ionnus mar deir Naomh Auguistín, go mbeith sé ollmhuighthe fa chomhair an bháis gach lá agus gach uair. Dá mbeith fios ag an bpeacach ar lá nó ar uair an bháis, leigfeadh srian le n-a ainmhiantaibh, ní rachadh sgíth air acht ag déanamh an pheacaidh agus ní chuirfeadh umhail ná áird ar an aithrighe nó go dtigeadh an lá so. Dá mbeith fios ag an fhíréan ar uair an bháis, dhéanfadh fallighe de na deighghníomharthaibh, bheith níos mainneachtaighe in san lóirghníomh agus i síol-chur na subhailce. Maiseadh, dá bhrígh seo, ní thugann Dia fios ná sgéala ar an lá úd, ionnus go dtabharfadh an peacach
cúl do na lochtaibh, go mbeith na peacaigh agus na fíréin réidh ollmhuighthe fa chomhair an bháis gach uair agus gach am. Ó, a dhuine bhoicht atá báidhte riamh in sna peacaidhibh, dá mbeith fios cinnte agat gur ab é indiu an lá déidheanach, dá mbeitheá dearbhtha go bhfuightheá bás fa cheann beagán uair, is dícheallach bheitheá, gan amhras, chum leas d' anma do dhéanamh. Bhéarfá aisioc gan mhoill i gcuid na comharsan; bhéarfá maitheamhnas do d' náimhdibh; chuirfeá fios ar shagart eólach cneasta, dhéanfá faoisidin iomlán in do pheacaidhibh; ghoilfeá agus chaoinfeá, sgreadfá ar Dhia, dhéanfá an aithrighe. Ní fhuil ní de seo nach ndeanfá, ar ndóigh, dá mbeith fios agat gur ab é seo do lá déidheanach. Ó maiseadh, a chríostaidhe, an dícheall céadna dhéanfá ar an ócáid úd, déan anois é agus gan fhios agat nach í seo d'uair dhéidheanach, agus gur uime cheileas Dia fios na huaire ort, ionnus go mbeitheá ollmhuighthe gach aon uair. Chuala sibh anois caidé mar thairringeas cuimhne an bháis an peacach chum na haithrighe. Éistidh in san dara pointe caidé mar ghluaiseas sinn chum na ndeighghníomhartha. An dara pointe. Cia go raibh an fáidh fallsa Balaam in a dhuine malluighthe mí-riaghalta agus in a thréatúrach in aghaidh Dé, níor mhór leis ar a shon sin bás na bhfíréan d'fhagháil agus deighchríoch do chur ar a bheathaidh, agus dá dhruim seo, ag féachaint lá áiridhe de mhullach cnuic ar chlainn Israel, dubhairt sé na briathra so, "Go bhfaghaidh mé bás na bhfíréan agus go raibh mo chríocha déidheanacha cosmhail leó so." Do bhí beatha an duine seo go holc cia gur mhian leis bás maith d'fhagháil. Ba mhian leis bheith in a pheacach ar feadh a shaoghail agus in a naomh ag dul chum báis. Ó, mó thruaighe, caidé liacht Balaam anois ar an tsaoghal so, bhíos dá n-unfairt féin mar na muca i múille- óig an pheacaidh, agus le ar mian bás naomhtha beannuighthe d'fhagháil? Caidé liacht duine uaibhreach sanntach drúis- eamhail mór-mhionnach bruighneach bréagach bradach, nár stad
ariamh ó ghné ar bith peacaidh, agus in a dhiaidh seo agus uile, nach mór leó an luach saothair céadna d'fhagháil fuair na mairtírí, dhoirt a gcuid fola ar son a gcreidimh? Ní neamh-chosmhail iad so le óglach ar ar cuireadh ceist cia aca b'fhearr leis bheith in a rígh cómhachtach saidhbhir mar Chroesus nó in a dhuine bocht mar Socrates. B'fhearr liom, ar sé, bheith i mo Chroesus le linn mo bheó agus i mo Shocrates le linn mo bháis. Mar an gcéadna, ní mór le críostaidhthibh na haimsire seo bheith in a meisceóiríbh, in a striapachaibh agus in a ngaduidhthibh le linn a mbeó, agus le linn a mbáis bheith in a naomhaibh agus in a bhfíréanaibh. Ó, is é seo an mian éigcríonna, is é seo an dúil gan tairbhe. Is fíor gur féidir do dhuine deighbheathach drochbhás d'fhagháil, agus a long do bháidheadh i gcuan an bháis tar éis a thidheacht sábháilte go dtí sin. Is féidir mar an gcéadna don bpeacach is mó ar bith tionntódh ar Dhia le linn a bháis agus a shlánughadh, mar d'éirigh do ghadaidhe na láimhe deise. Gidheadh, go coitcheann (beir greim air seo, a chríostaidhe) agus go formhór beidh an bás mar an mbeatha, Agus cad chuige? Atá go bhfuil an bás agus an bheatha chomh gaolmhar sin go bhfreagraid a chéile, ar mhodh, má bhíonn an bheatha go maith, beidh an bás go maith, agus má bhíonn an bheatha go holc, beidh an bás go holc. Dá bhrígh sin, cibé le ar mian fios do bheith aige caidé an bás gheabhas sé, ní fhuil aige acht dearcadh ar a bheathaidh agus bíodh sé cinnte go formhór go mbeidh a bhás mar a bheatha. Má shiubhlaim i measg sgáile an bháis ní baoghal dam olc, ar Dáibhidh an rí. Acht caidé is sgáile don mbás, a cháirde? Atá, an bheatha, deir Naomh Auguistín. Bídh an sgáile chomh cosmhail sin leis an ní dar sgáile é ar mhodh nach mbíonn sgáile an chapaill ag an duine ná sgáile an duine ag an gcapall. Mar an gcéadna don mbás agus don mbeathaidh, agus dá bhrígh sin, má bhíonn an bheatha naomhtha riaghalta, beidh an bás beannuighthe taithneamhach,
agus má bhíonn an bheatha malluighthe mí-siaghalta, beidh an bás damanta diabhlaidhe. Teagasgaidh an t-easbal Pól go soiléir an fhírinne seo ag cur beatha an duine i gcomh-chosamhlacht le aimsir na curaidheachta agus an bás le aimsir na buana, ag rádh go mbainfidh an duine le linn a bháis gach ar chuir sé le linn a bheó. Ionnus go mbainfeadh duine cruithneacht, is cóir dó cruithneacht do chur. Mar an gcéadna, a chríostaidhe, an té chuireas ar feadh a bheathadh síol an uabhair, na sainte, na gadaidheachta, an fhuatha, na feirge, na mionn mór agus an ithiomrádh, bainfidh sé le linn a bháis toradh na mallacht agus na locht, mar atá, pianta síorraidhe ifrinn. Ar an modh gcéadna, an té chuireas le linn a bheó síol na humhlachta, na foighde agus na carthann- achta, bainfidh le linn a bháis toradh na subhailce agus na mbeannacht, mar atá, glóir agus aoibhneas flaitheamhnais. An léigheann so theagaisg an t-easbal Pól, teagasgaidh mar an gcéadna na heasbail eile, ní hé amháin le briathraibh, acht fós le gníomh, agus dá dhruim seo goiridh Naomh Hilarius síoladóirí na síorraidheachta díobh. B'ionann oidhche agus lá do na heasbalaibh ag imtheacht ar feadh an domhain ag síor-ghol agus ag síol-chur. Acht cad chuige na heasbail do bheith ag síor-ghol mar so? Ó, faraor, ní nach ndéan tusa, atá, ag caoineadh a bpeacadh. Cad eile, caidé an síol do chuireadh siad? Atá, síol an chreidimh ag teagasg an tsoisgéil, síol na carthannachta, na hurnaighe, an trosgtha agus gach subhailce bhí riachtanach aca féin nó chum slánughadh an phobail, agus de bhrígh gur chuireadar le linn a mbeó síol na ngrása agus na mbeannacht, bhaineadar le linn a mbáis fóghmhar na glóire i bhflaitheamhnas. Sgríobhaidh Iohannes Torres ar fheallsamhnach áiridhe chuaidh chum aonaigh do cheannach asail. Tar éis bheith ag cuartughadh dó anonn agus anall, d'fhiafruigh óglach de
fa dheireadh caidé bhí sé d'iarraidh. Atá mé ag iarraidh asail, ar sé. "Nach sin go lór díobh ós do chomhair," ar an t-óglach? "Ní hé a leithéid seo atá mé d'iarraidh," ar an feallsamhnach, "acht asal ar a mbeidh earball breagh sgiamhach na péacóige." "Ar mire atá tú," ar an t-óglach. "Ní mé atá ar mire," ar an feallsamhnach, "acht sibhse, na peacaigh, le ar mian earball deallrach na péacóige, mar atá, deighmheas do bheith ar bhur mbeathaidh bhrúideamhail mhí- riaghalta." Agus cá bhfuil mire ar bith is mó do dhuine ná a shíleadh go bhfuighidh sé tuarastal gan a thuilleamh, go mbainfidh sé cruithneacht na ngrása le linn a bháis nár chuir ariamh acht cogal na locht le linn a bheó, go bhfuighidh sé bás maith tar éis bheith riamh in a pheacach. Má gheibh is bréagach Naomh Pól dhearbhuigheas dúinn go mbeidh an bás do réir na beatha. Mar sin gach aon le ar mian deighchríoch do chur ar a bheathaidh, glacadh sé comhairle Naomh Auguistín, "téigh isteach go cloiséad d'anma, goir do choinsias chum cunn- tais agus breathnuigh caidé mar d' iomchuir tú tú féin in d'óige, i meadhón aoise agus in ársaidheacht." An raibh tú umhal do dhligheadh Dé nó tathaigheach ar na sacraimintibh? Ar leig tú faillighe in d'urnaighe nó in san aifreann? An ndearna tú éagcóir ar do chomharsain in a chlú nó in a mhaoin, agus má rinnis, an dtug tú sásamh in san dolaidh? In aon fhocal, ar iomchuir tú tú féin mar is cóir do chriostaidhe de thaobh Dé agus na comharsan? Má gheibh tú amach go raibh do bheatha go holc, agus go bhfuil amhlaidh i láthair, agus nach ndearna tú riamh aithrighe nó lóirghníomh, bí cinnte, adeir an dochtúir oirdheirc Naomh Bonauentura, go mbeidh do bhás damanta malluighthe agus gur ab é ifreann deireadh do chúrsa. Do chur an t-impire cómhachtach Céasar Augustus iom- shuidhe le cathair Pherusium, agus tar éis a gabhála le neart, de chionn nár umhluigh an baile dó ar an chéad
órdughadh, thug órdughadh a raibh in san mbaile do chur chum báis. Tháinig muintir an bhaile idir fear agus mnaoi i láthair an impire seo, cuid díobh le seódaibh mór-luaigh, an chuid eile ag sgairtigh agus ag gártha, ag gol agus ag caoineadh ag iarraidh ceathramhna a n-anam do spáráil. Ní raibh gar ann. Ní fhuair a athrughadh de fhreagra acht go gcaithfeadh siad uile bás d'fhagháil. Maiseadh, a cháirde, na briathra céadna adubhairt an t-impire seo le muintir Pherusium, deirim-se libhse é indiu mar theachtaire ó Dhia, go dtug árd-impire an domhain breith bháis i bhur n-aghaidh, agus nach bhfuil imtheacht ag neach dá maireann ón mbreith seo. An rí, an prionsa, an bocht agus an saidhbhir, an t-eaglaiseach agus an tuata, caithfid uile bás d'fhagháil. Ó, maiseadh, a pheacaigh, ó's ní cinnte an bás, cad as nach stiúrann tú do bheatha do réir dlighidh Dé mar aon ag a mbeith súil le bás uair éigin? Cad as go bhfuil tú ag dul ar d'aghaidh agus ag crannrughadh in sna lochtaibh, amhail is nach mbeith Dia thuas ná ifreann thíos ná súil le bás uair éigin agat. Tionntuigh ort féin, a chríostaidhe, agus tabhair rabhadh minic duit féin ag rádh briathra an impire úd, "caithfidh mé bás d'fhagháil." Má bheir cruadhtan an tsaoghail nó iomartas an diabhail ort cuid na comharsan do shanntughadh, abair leat féin go cródha seasmhach, "ní shanntóchad ní dhéanfas díoghbháil dom anam, agus gan fhios agam cá fada mo théarma ar an tsaoghal." Má thairgeann an cholann do chlaonadh chum meisge, chum drúise nó feirge, meabhruigh na briathra úd in d'intinn, "caithfidh mé bás d'fhagháil," agus múchfaidh siad teas na hantola. Má thairgeann an droch-chuideachta le n-a n-impidhe nó le n-a ndroch-shompla do tharraing chum an pheacaidh, abair go láidir seasmhach, "ní rachaidh mé i dtréas ar Dhia agus gan fhios agam cá fhad uaim lá an chunntais." Má chuireann an Spiorad Naomhtha an deaghsmuaineadh in do chroidhe
aisioc do thabhairt i gcuid na comharsan, buaidh do bhreith ar gach leannán peacaidh dá bhfuil tú tugtha, an aithrighe do dhéanamh, freagair é gan mhoill, de bhrigh go mb'fhéidir gur ab é sin an rabhadh déidheanach bhéarfadh duit. Críochnóchaidh mé an comhrádh so leis an mbás damanta fuair prionsa na Salerno, do réir mar sgríobhas an t-athair foghlamtha Damianus air. Dochonnairc an prionsa so lasrach neamhghnáthach ag éirghe as cnoc Etna, agus dubhairt sé leis an muintir do bhí in a thimcheall, "is gearr nó go bhfuighidh duine comhachtach éigin bás." Do bhí an prionsa so in san am gcéadna báidhte i bpeacadh na colna agus tugtha do an iomad locht. Nuair tháinig an oidhche, chuaidh a chodladh le n-a mnaoi luighe, agus an oidhche chéadna gan fiú an tinnis féin do rabhadh, fuair bás obann. Ó, a dhuibheagán breithe Dé. Nuair do shíl agus mheas an prionsa úd gur chum duine eile tháinig an rabhadh so agus nach chuige féin, is annsin thug an bás an ionnsaidhe dhíbhfeirgeach dhíoghbhálach air. Féachaidh le truaighe, a cháirde, an stáid in a bhfuair é Cia déarfadh leis an uair do- chuaidh a luighe nach n-éireochadh sé slán? Cia déarfadh leis go rachadh sé in aon phunc amháin ón leabhaidh go hifreann? Maiseadh, cia ag a bhfuil fios nach n-éireochaidh an ní céadna do dhuine éigin dá bhfuil annso i láthair? An bhfuil léasa nó téarma áiridhe ag aon duine agaibh ar a anam acht oiread leis an bprionsa úd? Ní fhuil, gan amhras, agus dá bhrígh sin, acht muna mian libh an bás do bhreith faille oraibh mar rinne leis- sean, bídh go cinnte ollmhuighthe fa chomhair an bháis: acht muna mian libh beith rann-pháirteach i bpiantaibh síorraidhe ifrinn in a bhfuil an prionsa mí-fhortúnach úd, ná codlaigh agus leannán peacaidh fa bhur gcoinsias. In aon fhocal, a chriostaidhe, atá tú i stáid pheacaidh marbhtha nó ní fhuil, má atáir fiafruighim díot an é do thoil bás d'fhagháil ann? Déarfá, gan amhras, nach é. Maiseadh,
cad eile, cad fa ar mian leat bheith beó in san stáid in nár mhaith leat bás d'fhagháil? Ní cinnte Dia do bheith thuas 'ná gur ab é ifreann is lóistín do gach aon gheibh bás ar stáid pheacaidh marbhtha, Atá sé dearbhtha go bhfuighidh tusa bás; atá sé neamh-dhearbhtha an áit, an modh nó an uair gheabhair é. Mar sin nuair nach bhfuil aon uair saor agat ó chontabhairt, déan maith den uair atá i láthair agat, in a bhfuil an trócaire neamhdha dá ofráil féin ort. Acht ní fhuil trócaire ná maitheamhnas le fagháil gan an aithrighe. Dá bhrigh sin buail d'ucht, sil do dheór, bíodh fuath agus gráin agat ar an bpeacadh. Abair na briathra so, "Ó, a thighearna Dia, a shlánuightheóir agus a chruthuigh- theóir, grádhuighim tú ós cionn gach ní. Goillidh orm ó chroidhe fearg do chur ort agus geallaim duit go seas- mhach le congnamh do ghrása gan fearg do chur ort ó so suas agus lóirghníomh do dhéanamh in san olc dorinneas. Maitheamhnas, a thighearna, maitheamhnas don bpeacach bocht so." Benedictio Dei omnipotentis, …etc. Amen.
An Cúigeadh Seanmóir Déag. IN AGHAIDH NA MIONN MÓR. Ós cionn an uile ní, a dhearbhráithreacha, ná tugaidh mionna móra. (Briathra an Spioraid Naoimh ag Naomh Séamas, an cúigeadh caibidil an dara rann déag). BHEIR Críost úirsgéal dúinn ag Matha in san treas caib- idil déag, ar fhear tighe chuir cruithneacht mhaith in ithir agus go dtáinig a námhaid ar shiubhal oidhche agus gur chuir sé cogal i measg na cruithneachta. Nuair ba mhian le n-a sheirbhíseachaibh an cogal do phiocadh agus do dhíbirt aiste, chrois sé orra sin do dhéanamh go nó dtigeadh lá an fhoghmhair, acht annsin d'iarr orra beirtíní dhéanamh den chogal agus a losgadh. Is é chialluigheas, a cháirde, an fear tighe seo an tsoisgéil Dia uile-chómhachtach. Is é chialluigheas an chruithneacht so chuir sé i n-ithir na heaglaise, ní hé amháin na daoine deighbheathacha cneasta, acht fós gach slighe agus gach meadhón éifeachtach thug sé dhúinn le haghaidh ár slánuighthe, mar atá iomadamhlacht na ngrása, na subhailce agus na sacramaintí. Is é chialluigheas an námhaid úd tháinig ar shiubhal oidhche agus chuir an cogal i measg na cruithneachta an diabhal chuireas in san eaglais, ní hé amháin na droch-dhaoine droch-bheathacha, acht fós na peacaidh, na dubhailce, agus na lochta. Ó, a cháirde, caidé feabhas na cruithneachta chuir Íosa Críost in bhur measg-sa. Caidé liacht meadhón éifeachtach thug sé dhíbh le haghaidh bhur slánuighthe. Cá mhéad uair spreag
sé bhur gcoinsias le n-a ghrásaibh na peacaidh sheachnadh, an aithrighe agus an urnaighe do dhéanamh, an fhaoisidin do thaithighe agus Corp Chríost do ghlacadh, acht mo mhíle truaighe caidé liacht uair thig an námhaid, an diabhal, agus chuireas cogal an pheacaidh in bhur measg. Agus má chuir sé riamh an cogal so is é mheasaim, ó thús an tsaoghail go dtí anois, nachar bh'fhéidir leis a chur níos minicighe agus níos iomad- amhla 'ná ar an uair seo; ar an adhbhar, i n-am ar bith dá dtáinig ariamh, ar bh'fhéidir leis na lochta bheith níos iomad- amhla, na dubhailce níos coitchinne, na peacaidh níos madramhla 'ná ar an uair seo? Acht i measg gach peacaidh chuireas an diabhal eidrinn, atá aon pheacadh amháin ann ó nach bhfuil óg nó sean, uasal nó íseal saor, mar atá, peacadh na mionn mór. So an peacadh dhamnuigheas na mílte anam agus tharraingeas iad go hifreann. So an peacadh shlogas na leanbha i n-éin- fheacht leis an gcích. Is luaithe bhíos fios aca a n-anam do thabhairt don diabhal 'ná do Dhia agus 'ná iad féin do chios- reagadh. Atá béal gach duine chomh déanta agus chomh cleachtach sin ar mhionnaibh móra ar an uair seo, ar mhodh nach dtig leo sgéala d'innsin nó focal súgartha rádh gan mionna móra, nach dtig leó ceist do chur nó freagra thabhairt uirre nó sórt gnótha ar bith do dhéanamh gan diabhal nó deamhan, droch-itghe nó droch-athchuinge bheith ar a thús nó ar a dheireadh. Ní fhuil duine ann anois is cumasaighe agus is fearamhla 'ná an té is mó do-ghní diamhaslughadh ar Dhia agus mallughadh air féin. Ní fhuil peacadh ar bith eile do- ghní an duine nach mbíonn náir nó sgáth air fá n-a dhéanamh go fosgailte acht an peacadh so; acht mheasfá go bhfuil onóir mhór dhó nó luach saothair le fagháil aige 'cheann aithis agus masla thabhairt do Dhia gach uair den ló. Atá, gan amhras, luach saothair le fagháil aige, acht is é luach saothair é an teanga mhalluighthe úd bhíos ag maslughadh Dé do bheith dá dódh agus dá losgadh i mborb-theintibh ifrinn.
Maiseadh, ó is peacadh na mionna móra, atá chomh iomad- amhail agus chomh díoghbhálach so, is mian liomsa indiu tuagh an tsoisgéil chur ar fhréimheachaibh an chrainn mhalluighthe seo na mionn mór mar shúil go dtiocfadh liom a dhíbirt as gáirdín na heaglaise, ní thairgfeas mé dhéanamh tar éis mo chomhrádh roinn in dá phuinte. Atá toradh an chrainn seo na mionn mór go holc de bhrígh go bhfuil sé peacamhlach: sin an chéad phuinte. Atá sé go holc de bhrígh go dtairring- eann díoghaltas Dé ar an mhuintir bhíos tugtha dhó: sin an dara puinte. Acht de bhrígh gur crann é seo sgar a ghéaga chomh fairsing sin agus chuir a fhréamhacha chomh daingean sin i gcroidhthibh na ndaoine, ar mhodh gur le mór-chómhachta Dé amháin is féidir a dtarraing, maiseadh, mar shúil go roinnfeadh sé na cómhachta so liomsa indiu chum an chrainn seo do dhíbirt, tugamuid aghaidh air féin le eadarghuidhe na Maighdine Muire, ag rádh an Abhe Maria. An chéad phoinnte. Ní féidir, a Chríostaidhe, dá mbeith fios ag na daoinibh caidé an ní é an peacadh nó an díoghbháil thig as, go mbeith siad chomh leigthe chum a dhéanta agus atá siad, agus go speisialta peacadh i nach bhfuil pléisiúr ná tairbhe ar an domhan don duine, mar atá peacadh na mionn mór. Is é is peacadh ann smuaineadh briathar nó gníomh doghníthear in aghaidh tola nó aithne Dé. Peacuighidh an duine ó smuaineamh nuair smuainigheas ar dhroch-ní agus bheir sé toil chum a dhéanta dá mbeith cómhachta aige. Cibé dhearcas ar mhnaoi, deir Críost ag Matha, agus shannt- uigheas in a chroidhe cuid do bheith aige di, ar son nach ndéan sé an gníomh, atá sé ar a shon sin, cionntach i bpeacadh na drúise. Peacuighmid ó bhréithir le mionna éithigh agus bréaga, le cúl-chaint agus ithiomrádh, le dia-mhaslughadh agus mionna móra, agus peacuighmid ó ghníomh nuair doghnímid na drochghníomhartha atá toirmeisgthe orainn ó dhligheadh Dé nó na nádúra. Anois dá gcuirtí uilc ar tsaoghail uile ar aon bhall, mar atá tinneas agus easláinte, bochtanacht
agus anró, pláigh agus gorta, sgannail agus droch-mheas agus gach olc eile dár bh'fhéidir le inntleacht daonna thuig- sint no smuaineamh, ní fiú broth iad, ní fhuil ionnta acht súgradh i bhfarradh an uilc agus na díoghbhála doghní aon pheacadh amháin marbhtha don anam. Agus cad chuige? Atá, go dtionntuigheann an peacadh marbhtha an duine is áilne agus is onóraighe ar bith chum bheith uiríseal díblidhe tarcuisneach, i n-áit bheith i n-a mhac ag Dia leis an mbais- teadh agus leis na grásaibh go ndéanann oighre ar ifreann, sglábhuidhe agus mac don diabhal de. Caillidh sé leis an bpeacadh toradh na hurnaighe, an troisgthe agus gach deigh- ghníomh eile doghní sé. Díbridh an peacadh na grása, na subhailce agus tiodhlactha an Spioraid Naoimh as an anam. Tionntuighidh an peacadh an t-anam ó n-a bheith i n-a phéarla uasal áluinn do réir íomháigh agus cosamhlacht Dé chum a bheith in a phéist fhuathmhair ghlonnmhair ar chuma agus ar chosamhlacht ar diabhail. Marbhaidh an peacadh marbhtha an t-anam, marbhaidh an céadfaidh, loitidh an tuigse, in aon fhocal, leis an bpeacadh caillimid Dia. Ó, a dhuine dhona doghní an peacadh, nuair chailleas tú Dia, ní bhíonn fios do bhreise agat. Caillidh tú an maitheas síorruidhe, ionnmhas na ngrása, óir-chiste na trócaire, agus gan acht díoghbháil agus easbaidh, do réir mar deir an dochtúir naomhtha, Naomh Auguistín, i saidhbhreas agus i sólás na cruinne gan Dia. Sin agaibh anois, a cháirde, solus beag ar nimh agus ar nádúir an pheacaidh, agus má chruthuighim díbh gur peacadh na mionna móra, ar ndóigh, beidh glonn agus gráin agaibh oraibh féin fa liacht uair is rinne sibh an peacadh so. Ar ndóigh, beidh crith-eagla agus sgannradh oraibh roimhe dhíoghal- tas Dé fa gach uair do mhasluigh sibh é le bhur dteanga mal- luighthe. Déanfaidh sibh, ar ndóigh, aithreachas in san bpeacadh so, agus tairgfidh sibh gan tuitim ann níos mó. Acht muna ndéanaidh, ní thig liom a rádh gur Críost-
aidhthe sibh, go bhfuil beann agaibh ar aoibhneas parrthais nó tiollamaighe ar bith le trócaire Dé. Chuala sibh cheana nach bhfuil smuaineamh, briathar nó gníomh doghníthear go toileamhail in aghaidh dlighidh Dé nach peacadh é, agus go furmhór gur peacadh marbhtha é, maiseadh acht muna bhfuil na mionna móra in aghaidh dlighidh Dé, ní feasach mise caidé an ní atá in a aghaidh. Bheir Críost ag Matha in san gceathramhadh caibidil aithne agus órdughadh dhúinn gan mionna ar bith do thabhairt, agus ní hé amháin go dtoirmisg- eann orainn Dia nó Críost do thabhairt mar mhionna, acht fós gan an t-aer nó an talamh, ceann nó cos, cloch nó maide do thabhairt mar mhionna. Acht cad chuige? Atá, gurab é Dia do chruthuigh iad agus go dtaisbeánaid a mhaitheas agus a mhór-chomhachta. Ó, a Thighearna, má is cinnte nach bhfuil sé ceadmhach againn oiread agus créatúir thabhairt mar mhionna, caidé éireóchas don mhuinntir deir go donn dána, "Dar Dia uile-chumhachtach," "Dar Íosa Críost," agus an iomad mionna malluighthe eile nach dtig liomsa do luadh gan criothnughadh agus gruag mo chinn d'éirghe in a seasamh. "M'anam don diabhal," agus "go mbeiridh sé leis mé," agus ós a chionn so cluinfidh tú míle "God damn my soul," "God's blood and wounds," i mbéal na muinntire nach móide go bhfuil níos mó den Bhéarla aca. An dtig libh a rádh go bhfuil siad so saor ó pheacadh, agus ní peacadh is lugha na dia-mhaslughadh in aghaidh mórdhacht agus maitheas Dé? An dtig libh a rádh nach bhfuil siad i stáid damanta, agus nach é ifreann deireadh a gcúrsa acht muna leasuighidh siad a mbeatha, agus muna ndéanaidh siad aithreachas láidir in san droch-úsáid seo do-ghníd d'ainm naomhtha an Tighearna. Leanaidh an t-easpal Naomh Séamas lorg a mháighistir in san gcúigeadh caibidil dá litir mar a gcrosann ar an tsaoghal, ós cionn gach uile ní, mionna ar bith do thabhairt.
Ná leigimid aon fhocal de na briathriabh so fa lár. Ós cionn gach uile ní adeir sé, crosaim oraibh mionna thabhairt, amhail is mar déarfadh sé, ní cóir dhíbh faoi phéin bhur ndamanta mionna ar bith do thabhairt acht muna dtabharfaidh riachtanas mór oraibh é, agus annsin féin is éigin díbh fírinne agus ceart do bheith agaibh. Ní fhuil fios agamsa, a cháirde, cáide bhur meas ar ráidhtibh an easpail, acht is é shílim-se, agus léigh mé an sean- tiomna agus an tiomna nua, nachar bh'fhéidir leis peacadh ar bith, dá ghráineamhla, mar atá feall nó marbhadh, adhal- trannas nó gaduidheacht, do chrosadh orainn i mbriathraibh níos dúthrachtaighe 'ná mar chrosas orainn mionna ar bith thabhairt. Ós cionn gach uile ní, deir sí, ná tugaidh mionna. Uch, a easpail naomhtha, is in aisgidh atá tú ag caint, agus ní lugha liomsa, is díomhaoin an ní dhuit a chrosadh ar dhaoinibh na haimsire seo mionna móra do thabhairt, agus go bhfuil a mbéal agus a dteanga chomh déanta sin ar mhionna móra, ar mhodh go measfá nachar fhoghluim siad a athrughadh de phaidir, agus nach raibh a athrughadh ar a n-aire ó tháinig siad as an gcliabhán acht ag tabhairt mionna móra. Ní fhuil stáid ná gairm, óg ná sean, saor ar an bpeacadh so. Ní fhuair an diabhal ariamh a mhian ar an tsaoghal níos éifeach- taighe 'ná le meadhóin an pheacaidh seo. Acht muna gcuir- thear cosg gan mhoill, a cháirde, ar an olc so, acht muna leigheastar ar phláigh seo, atá chomh leitheideach so in bhur measg, acht muna dtairringthear in am as na fréimheachaibh an crann malluighthe seo na mionn mór, an féidir a rádh nach dtiocfaidh an díle an dara huair ar an domhan, nó nach dtiocfaidh teine as na flaithis loisgfeas agus dhófas na poibleacha, do réir mar d'éirigh do na cathrachaibh móra Sodom agus Gomorra tríd a bpeacadhaibh. Chí sibh anois, a cháirde caidé géire an dlighidh dorinne Críost in aghaidh na mionn mór, agus i ndiaidh Críost caidé mar thaobhuigheas an t-easpal Naomh Séamas ós
cionn gach ní gan mionna ar bith do thabhairt. Ní féidir, mar sin, a rádh gur clann umhal do Chríost lucht briste an dlighidh seo. Ní féidir gur críostuidhthe cearta an mhuin- tir bhíos tugtha don bpeacadh so. Maiseadh ós a chionn so, na deich n-aitheanta d'fhág Dia againn chum a mbeith mar riaghail ag ár gcoinsias, órduighidh dhúinn in san dara haithne gan ainm Dé do thabhairt gan ádhbhar. Is é sin le rádh nach cóir dúinn ainm naomhtha Dé do rádh ná do luadh acht nuair bheam dá mholadh agus dá ghuidhe, nach cóir dúinn a luadh acht le oirmhidin agus onóir, agus ós cionn gach ní nach cóir dúinn a thabhairt mar mhionna acht le fíor-riach- tanas. Atá an t-ainm milis seo an Tighearna bhíos tusa do spalpadh in do bhéal malluighthe, a pheacaigh, le linn do reachtta agus d'fheirge, le linn do mhire agus do mhí-fhoighde, dá dtugann tú easonóir agus masla in áit oirmhidne agus umhlachta, ghoireas tú chum fiadhnaise in san mbréig chomh minic leis an fhírinne, chomh mórdhálach glórmhar sin, ar mhodh nach lámhaid na haingle, atá ós cionn an duine i gcéim dighnid agus onóra, an t-ainm naomhtha so do luadh nó do chlos gan iad féin do chur ar a nglúinibh agus a n-éadan d'fholach, agus fós deamhain ifrinn in aimhdheóin an fhuatha atá aca ar an Tighearna, théighid ar a nglúinibh nuair chluinid ainm Íosa Ó, a ainm sholásaigh Íosa, chuireas iolgháirdeas ar fhlaitheamhnas, chuireas critheagla ar ifreann, adhruigheas na haingle agus onóruigheas an uile chréatúir acht an duine. Ó, a dhuine mhalluighthe, cá ndeachaidh do chiall, cá ndeachaidh do chreideamh, cá ndeachaidh do mhothughadh nuair do-bheir tú easonóir agus masla d'ainm glórmhar Íosa, nuair do-ghní tú acar do dhamnuighthe de'n ainm seo ar a bhfuil amháin do shlánughadh, nuair do-bheir tú gan chothughadh gan chriothnughadh "dar Íosa Críost," is cosmhail nach dtuigeann tú caidé bhíos tú do dhéanamh, is cosmhail nach dtuigeann
tú caidé 'dhíoghbhálaighe an peacadh mionna móra do thabhairt nó caidé mhéad an díoghaltais do-ghní Dia ar lucht na mionn mór. Acht ná bí in ainbhfios níos fuide. Bhéar- faidh mise solus duit in san dara pointe. An dara pointe. Chum go tduigfeá, a chríostaidhe, caidé méad agus gráineamhlacht peacadh na mionn mór, ní fhuil agat acht dearcadh ar mhórdhacht Dé do thaobh agus ar neimh-bhrígh an duine don taobh eile, agus ar thrócaire agus ar mhaitheas Dé don duine — gurab é an Dia so chruthuigh neamh agus talamh, gur ab é an Dia so áirdrí agus stiúr- thóir an domhain, gurab é stuidéar cinnte bhíos aige an uile shórt maitheas do dhéanamh don duine, ionnmhas na ngrása do roinn leis agus oighre do dhéanamh de ar ríoghacht nimhe; agus ar an taobh eile, gur ab é ní an duine créatúr bocht anbhfann, lán duirn cré, sac lán de lobhadas agus biadh piast agus cnumhóg. Má dhearcann tú mar so, adeirim, ar Dhia agus ar an duine agus ar gach oibliogáid atá ag Dia ar an duine, beidh iongantas ort fa mhí-nádúrthacht an duine go mbeith sé chomh leigthe chum fearg do chur ar Dhia agus bhíonn sé, agus go speisialta le peacadh atá chomh masluightheach ar Dhia agus chomh mí-thairbheach don duine, mar atá na mionna móra. Beidh iongantas ort fa mhéad na foighde doghni Dia leis an duine, nach sgriosann é den talamh nó nach loisgeann é le teine as na flaithis nuair lámhuigheas aithis agus masla do thabhairt do le n-a theanga mhalluighthe i aghaidh gach maitheas doghní air. Tiocfaidh sibh liom air seo, a cháirde, nach féidir gníomh do bheith níos gráineamhla 'ná dá mbuaileadh nó dá maslui- gheadh duine a athair, agus gur mó 'ná sin arís an choir dá dtairgfeadh sglábhuidhe bocht díblidhe bualadh nó masladh do thabhairt dá rígh nó dá thighearna. Bheith fuath agus gráin agaibh ar an fhear so, sheachónadh sibh a chuideachta, agus ní hé sin amháin, ba bheag libh aon phionós dá mhéad gheabhadh sé.
Maiseadh, so cás an duine bheir mionna móra. Bheir an mac mí-rathamhail seo easonóir don Athair shíorruidhe do tharraing é as neimhní. Buailidh an sglábhuidhe salach so trom-bhuillí marbhthacha dá theangaidh ar áirdrígh na cruinne. Doghní dramhaltach faoi n-a chosaibh de fhuil uasail Íosa nuair bheir sé é mar mhionna. Céasaidh Críost an dara huair agus cuiridh a chneadha ar sileadh. Ghní sé tréas in aghaidh Dé ag briseadh a dhlighidh. Fuagraidh cogadh ar Dhia nuair bheir sé é féin nó créatúr ar bith eile dá námhaid an diabhal. Bheir sé dubhshlán Dé nuair iarras air é féin nó créatúr ar bith eile do dhamnughadh. Ní bhíonn de sgáth nó d'eagla air roimh mórchómhachta Dé acht mar bheith sé in a Dhia cloiche nó maide. In aon fhocal, doghní olc in aghaidh gach maitheas doghní an tighearna air. Nár leigidh Dia, a cháirde, go bhfuil tréatúrach malluighthe ar bith i bhur measg-sa théid i dtréas mar so ar a chruthuigh- theóir; agus má tá, an féidir a rádh nach mbíonn fuath agus gráin agaibh air fa easonóir agus masla do thabhairt do bhur n-Athair? An féidir a rádh nach n-éirgheann gruag bhur gcinn an uair dochí sibh Íosa Críost dá chéasadh agus dá chasgairt le teangtha malluighthe na muinntire seo? Ní clann umhal do Chríost sibh má fhuileangeann sibh a mhasla, acht muna dtairgidh sibh, an méad gur féidir libh, cosg do chur ar an mhuinntir seo bhíos dá strócadh agus dá ghearradh. Agus muna dtigidh libh a gcosgadh silfidh sibh ar ndóigh, bhur ndeóra le truaighe fa n-a mire. Caoinfidh sibh, ar ndóigh, in éinfheacht le Críost do ghoil deóra fola dá shúilibh agus dá chneis ag caoineadh peacadh na muintire seo atá indiu dá dhíbliughadh agus dá mhaslughadh. Ná samhail, a chríostaidhe, go bhfuil mé ag méadughadh an pheacaidh seo thar mar atá sé ann féin agus ó nádúir; ní fhuilim, gan amhras. Ní thig liom leath uilc agus mailís an pheacaidh seo do chur in umhail díbh. Ní peacadh is lugha é ná naomh-aithis agus dia-mhaslughadh in aghaidh naomhthacht
Dé. Agus cá bhfuil an peacadh bheir bárr olcais ar pheacadh an día-mhasluighthe nó na naomh-aithise? Cá bhfuil an peacadh thairringeas sgiúrsa agus díoghaltas Dé ar duine mar peacadh an dia-mhasluighthe agus na naomh- aithise? Ní fhuil, gan amhras. Rinne Dia foighid le Bal- tassar, rí uaibhreach na Babilón, in gach craos agus adhal- tranas, in gach láimh láidir agus an-fhlaitheas, in gach feall agus marbhadh rinne sé, acht chomh luath is d'órduigh sé na soithigh beannuighthe do shlad a athair as cathair Ierusalem thabhairt chum cláir chuige chum go n-ólfadh sé féin agus a chúirtéirí malluighthe fíon asta, chonnairc sé in san mói- meint chéadna lámh ar an mballa ag sgríobhadh a bhreith dhamanta. Is é is dia-mhaslughadh ann, a chroistuidhe, easonóir nó masla do thabhairt do Dhia nó dá naomhaibh, agus an féidir dhuit, a dhuine, masla do thabhairt níos mó do Dhia, 'ná a ainm naomhtha bheith in do bhéal ar tús agus deireadh gach focail, agus a bheith dá thabhairt mar mhionna i bhfíor agus i mbréig? An féidir dhuit Dia do mhaslughadh níos mó 'ná nuair phronnas tú luach a chuid fola dá námhaid an diabhal? Ní féidir, gan amhras, agus dá bhrígh sin, tiocfaidh lá an chunntais, tiocfaidh an lá a n-iarrfaidh tú ar Lasarus, mar dhuine shaidhbhir an tsoisgéil, braon beag do chur as bárr a mhéir mar fhuaradh dod' theangaidh bheas dá dódh agus dá losgadh i mbuirb-theintibh ifrinn. Tiocfaidh an lá in a mailleóchaidh an chlann a n-aithreacha agus a máithreacha fa gan cosgadh do chur orra in am ón bpeacadh so agus fan droch-oideas bheirid dóibh le gach droch-itghe agus mór- mhionna bheirid ós a gcomhair. Tiocfaidh an lá malleóchaidh na seirbhísigh a máighistir agus a máighistreas fa gan smacht do chur orra ó n-a mbeith tugtha don bpeacadh so. Tioc- faidh an lá a mailleóchaidh an chomharsa an chomharsa eile fa n-a tharraing chum an pheacaidh seo le n-a dhroch-shompla, tiocfaidh an lá in a ndéarfaidh lucht na mionn mór gur
bhfearr leó gur balbh do béarfaidhe iad nuair chluinfeas siad an bhreith dhólásach bhéarfas breitheamh na mbeó agus na marbh orra, "imthighidh rómhaibh, a dhrong mhalluighthe, in sna lasrachaibh craosacha úd ifrinn mar luach saothair bhur ndia- mhaslughadh agus bhur mionna móra." Níl taobh ar bith ar a ndearcaim ar an té bhíos tugtha do mhionnaibh móra nach bhfeicim gur díol deóra agus truaighe é; ní fhuil imtheacht aige ar phiantaibh síorraidhe ifrinn in san tsaoghal eile má gheibh bás gan aithrighe, agus tairringidh sgrios agus díoghaltas Dé air féin in san saoghal so go formhór, mar atá tinneas, aicíd, buaidhirt, breis agus bochtaineacht. Muna gcreididh sibh mise creidfidh sibh, ar ndóigh, an Spiorad Naomhtha dhearbhuigheas, "an té bheir mionna minice," adeir sé, "líonfaidh a anam de na lochtaibh agus ní sgarfaidh sgiúrsa le n-a theaghlach." Ós a chionn so, an té bhíos tugtha do mhionnaibh móra díb- ridh é féin ó na sacramaintibh, de bhrígh nach féidir absolóid thabhairt don té bhíos cleachtach ar an bpeacadh, agus nach mian leis a bheatha do leasughadh. Tarraingidh na mionna móra drochmheas agus scannail ar an té bhíos dá dtabhairt; ní fhágann siad meas críostaidhe air; ní mian le duine cneasta ar bith cuideachta chongbháil leis an té bhíos tugtha don bpeacadh so. Ní dhearcann go minic cia aca bhíos aige fíor nó bréag, agus dá bhrígh sin, bheir go furmhór a mhionna éithigh. Ó, a cheannuidhthe agus a lucht tráchta na haimsire seo, dearcaidh le uathbhás ar an staid bhaoghalaigh in a bhfuil sibh. An é nach léar libh go mbíonn sibh cionntach go minic i mionna éithigh nuair dhearbhuigheas sibh le mionna gur chosain bhur gcuid earraidhe an oiread so dhíbh agus sibh cinnte, in san am gcéadna, nachar chosain, nó a leath-oiread. Agus sibhse, a lucht céirde gheallas go héasgaidh na neithe bhíos ar bhur láimh bheith réidh in a leithéid seo d'am, agus ní hé amháin a gheallamhain, acht cuiridh sibh séala air le mionna,
an féidir libh a shéanadh go gcuireann sibh fiadhnaise bréige i leith Dé, nach dtugann sibh mionna éithigh. Ó, a phobail chríostamhail, dearcaidh le uathbhás ar stáid baoghalaigh bhur gcoinsias. Dochí sibh nach féidir duine ar bith shaoradh ar pheacadh bhíos tugtha do mhionnaibh móra, agus nach peacadh mar gach peacadh doghní sé, acht naomh-aithis agus dia-mhaslughadh, agus dochí sibh caidé an sgiúrsa chuireas Dia ar lucht na mionna móra in san tsaoghal so agus in san tsaoghal eile. Agus Ó, mo mhíle truaighe, chífidh sibh in san am gcéadna nach bhfuil neach agaibh féin saor gan cupa agus an iomarca d'ól de nimh mharbhthaigh an pheacaidh. Chífidh sibh caidé 'dhoimhne agus chuir an crann malluighthe seo na mionn mór a fréimhreach in bhur gcoinsias. Chífidh sibh caidé 'leitheadaighe agus atá an lubhra so in bhur measg. Acht ag féachain ar stáid glonnmhair agus easláinte marbh- thaigh bhur n-anma tairgfidh sibh, ar ndóigh, sibh féin do ghlanadh ón lubhra so. Iarrfaidh sibh leigheas. Má iarrann, so Críost réidh chum a thabhairt díbh, so liaigh agus dochtúir bhur n-anma agus a lámha sínte i gcrann na croiche chum sláinte anma agus cuirp do thabhairt díbh. Acht is éigin díbh bhur gcneadha do nighe ar dtús le uisge na haithrighe. Sin an íocshláinte atá Críost d'órdughadh dhíbh in aghaidh gach loit agus gach galar. Acht is páirt den leigheas fuath do bheith agaibh ar an ngalar, diúltadh dhó ó so suas feasta. Ná cluintear a athrughadh de mhionna as bhur mbéal feasta acht "dar go deimhin" nó "dar go dearbhtha." Má ghní sibh so gheabhaidh sibh luach saothair ó Dhia in san tsaoghal so agus in san tsaoghal eile. Benedictio Dei omnipotentis …etc. Detur benedictio cum cruce.
An Seiseadh Seanmóir Déag. AR AN BPÁIS. Do loit me é tríd pheacadhaibh mo phobal. (Briathra an Athar neamhdha ag Isaias, an treas caibidil déag ar dhá fhichid agus an t-ochtmhadh rann.) IS fíor sin, a Áird-rí uile-chumhachtaigh, is fíor gur loit tú d'aon-mhac Críost. Do loit tú é an taobh istigh agus do loit tú é an taobh amuigh, an taobh istigh le buaidhreamh in- tinne agus le smuaintibh dólásacha, agus an taobh amuigh le piantaibh éagsamhla. Loit tú a cheann le coróin spíne, a lámha agus a chosa le sparraíbh, a dhruim agus a ghuailne le sgiúrsaíbh, agus do loit tú a chroidhe le sleigh, in aon fhocal, ní dheachaidh comhnuidhe ort acht dá loiteadh nó gur mharbhais é ar an gcroich. Acht, a Athair shíorraidhe, caidé an choir dorinne d'aon- mhac Críost? Cad as fa bhfuil tú dá chur chum báis? An bhfuil duine ar bith is naomhtha 'ná Críost? Nach é an t-uan é ar nach bhfuil sal ná smál? Nach é d'aon-mhac féin é? Is é gan amhras. Maiseadh, cad as fa bhfuil tú dá loiteadh agus dá loiteadh chomh díoghbháileach sin, ar mhodh gur chosgair agus gur chriothnuigh an talamh agus an t-aer agus an nádúir go hiomlán? Is fíor, adeir an t-Athair síorruidhe, go bhfuil mo mhac neimhchionntach, nach ndearna ní ar bith ariamh in aghaidh mo thola; gidheadh, as méad a ghráidh ar an chineadh daonna, ghlac a bpeacaidh air, ghlac sé as láimh
sásamh thabhairt damh-sa in sna mór-choirthibh rinne siad im aghaidh; dá bhrígh sin atá sé in a dhearg-námhaid agam; fuagraim cogadh feasta air; ní fhuil díoghaltas dá dtioc- faidh liom nach ndéanfaidh mé air nó go marbhfaidh mé é ar son peacadh an phobail. Chí sibh mar sin, a phobail chríostaidhe, gurb iad bhur bpeacaidh agus peacaidh an chinidh dhaonna thóg an fhearg so agus an fuath idir an t-Athair síorruidhe agus a mhac ró-ghrádhach Críost; chí sibh gurb é an peacadh is adhbhar le ughdar na beathadh do bhásughadh, gurb é an peacadh do chéas aon-mhac Dé. Fosgail anois, a chríostaidhe, súile do chreidimh agus chífidh tú do shlánuightheoir dá loiteadh tríd do pheacadhaibh, an chéad uair in san ngáirdín mar do chuir allus fola dá chneis. Chífidh tú é dá loiteadh an dara huair ag an mbarra i dtigh na cúirte le sgiúrsaíbh. Chífidh tú é fa dheoidh ar sliabh Calbharí mar a bhfuair bás sgannalach na croiche. Sin na trí pointe dhéanfas suim agus roinn mo chomhráidh. Leanamaid é gach bealach dólásach díobh so, acht leanamaid é le tuile deóra in ar súilibh, iomad osnadh in ar gcliabh agus le fíor-dhólás croidhe. Iarramaid na grása so ar an Spiorad Naomh le eadarghuidhe Mhuire, a mháthair dhólásach. An chéad phointe. Is deimhin, a chríostaidhe, nach bhfuil díoghbháil ar bith is mó ná olc le fagháil is féidir do chur i gcóimhmheas le olc agus le urchóid an pheacaidh, ó is cinnte nacharbh fhéidir an díoghbháil seo do leasughadh nó sásamh thabhairt ann acht le bás Chríost, an dara pearsa den Tríonóid. Is cinnte nach bhfuil salchar ná smál is do- nighthe 'ná salchar an pheacaidh nuair nach féidir a nighe acht le fuil uain Dé. Acht cia an áit nó an uair thionnsgain Mac Dé leigheas do dhéanamh ar urchóid an pheacaidh nó an salchar so do nighe? Atá i ngáirdín na n-oliua. So an chéad áit in ar loit Críost é féin ar sgáth peacadh an phobail. Tháinig sé chum an gháirdín uaignigh seo, agus sin in san oidhche roimh bás d'fhulaing, am in a raibh an nádúir uile i
ndorchadas agus amhail is mar déarfainn i gculaidh cumhaidh fan mbás sgannalach do bhí dá thriall dó, am i nach raibh ní ar bith le toirmeasg do chur ar a dhólás nó le n-a intinn do thógáil ó na smuaintibh imnidheacha do bhí fá n-a chroidhe. So an áit in a raibh Críost in a bhreitheamh air féin, agus in a chéasadóir i n-éinfheacht; thug leigean, amhail is mar adéar- fainn, dá dhubrón agus dá thuirse ag smuaineamh ar mí- nádúir an duine, ar ghráineamhlacht an pheacaidh agus ar iomadamhlacht na bpian do bhí in a cheann, ar mhodh gurbh éigean dó réabadh amach in sna briathraibh truaghánta so, "ní fhuil seasamh agam le méad mo thuirse." Is eadh, a Chríost, a rí an domhain, ar ndóigh, do leig tú do thuirse amach go lór anois; sin do chroidhe briste; ar ndóigh, do ghoil tú go lór ar son peacadh na muintire nach ngoileann féin aon deór ar son a bpeacadh agus nach smuaineann ar do pháis. Ó, ní lór le Mac Dé so, atá sé ar tí é féin do loiteadh míle uair níos mó ar sgáth an phobail. Dearcaidh ar a chneis báidhte in allus fola; féachaidh na srutháin atá ag sileadh as a bhallaibh agus as pórthaíbh a chuirp go hiomlán. Fosglaidh bhur gcroidhthe, a cháirde, agus glacaidh in soitheachaibh bhar n-anma an fhuil uasal so an Árd-ríogh atá dá dortadh ar bhur son. Ná leigidh aon bhraon fa lár den fhuil mórluaigh seo bheas mar íocshláinte ag bhur n-anam. Acht is gníomh do-dhéanta díbh freastal tógála do thabhairt dí de bhrígh go bhfuil sí ag teacht chomh iomadamhail sin, ar modh go n-abair an dochtúir naomhtha Naomh Bearnard gur ghoil Críost le an uile bhall dá cholainn. Ní thug an nádúir don duine acht dá shúil le haghaidh gola, acht thug an mór-ghrádh do bhí ag Críost ar a phobal agus méad na dúla do bhí aige fuasgailt dóibh as sglábh- uidheacht an diabhail na mílte tuile deóra. Níor lia pórthaí do bhí in a chorp ná ribe gruaige ar a cheann 'ná trom- dheóra fola do bhí ag sileadh uaidh.
Ní gan adhbhar, ar ndóigh, a Thighearna, atá tú ag fulaing gach mór-pheannaid díobh so. Ní gan fáth, ar ndóigh, atá tú ag dul i laige agus ag urnaighe chomh fada so. Ní gan adhbhar atá tuile deóra mar so le do ghruaidh agus allus fola le do chneis. Ní gan adhbhar atá dólás agus tuirse chomh éagsamhail seo ort. Ó, ní headh, a cháirde. Dá mbeith gan a atharach d'adhbhar aige acht gur dhíol Iúdás, fear dá dheis- cioblaibh féin, é ar deich bpighnibh fichead agus gur shéan ceannphuirt na n-easbol Peadar é; in aice seo teicheadh náireach na ndeisciobal uile, an dólás éagsamhail agus an dubrón do bhí ar a mháthair Muire, nachar mhór na hadhbhair tuirse agus dubróin do Chríost gach ní díobh so? Ba mhór gan amhras. Ó, maiseadh, atá adhbhar eile aige níos mó míle uair, mar atá, go bhfeiceann go soiléir in aimhdheóin gach mór-pheannaid atá sé d'fhulaing ar son peacadh an phobail, go ndaimeóntar míle agus míle pearsa fa aon duine sláineóchar den phobal céadna, gur lia duine do bhí ag déanamh seirbhíse don diabhal, bhéarfadh pianta síor- raidhe dhóibh mar luach saothair, ná dó féin bhéarfadh sólás síorraidhe dóibh i bhflaitheas. Cá hiongnadh a chroidhe ag réabadh agus ag leaghadh in a chliabh le iomad dóláis agus tuirse, nuair dochí sé tusa, a ghadaidhe, bhíos ag stuidéar go laetheamhail díoghbháil do dhéanamh dod chomharsain, dod thabhairt féin suas ar slabhraidh don diabhal tar éis é féin dod sgaoileadh le n-a allus fola? Cá hiongnadh é do bheith báidhte indiu i dtuirse agus i ndubrón nuair dochí sé tusa, a ghiolla úd eile, gach lá ar meisge agus gan tilleadh agat ó olc ar bith le linn do mheisge? Ó, a pheacaigh, dá gcluinfeá do shlánuightheóir an oidhche úd roimh a bhás ag buain mac alla as na clocha leis an éagcaoin truaighmhéiligh úd an fháidh Isaias: is truagh mo chás, adeir sé, is in aisce atá mé ag caitheamh mo shaothair; is díomhaoin m'urnaighe; is díomhaoin mo ghol agus mo dheóra; is díomhaoin m'allus fola. Acht cad chuige, a thighearna, go bhfuil tú ag éagcaoin
mar so? Caidé bhéarfadh do thuras in aisce agat? Nach ar son an chinidh dhaonna atá tú ag dortadh do chuid fola, agus nach bhfuil siad féin ar a shon agat? Ó, is ar a son acht caidé an tairbhe atá damh ann i dtaobh na dTurcach nó na bPágánach agus go ndaimeóntar iad uile de bhrígh nach gcreidid agus nach ngéillid damh-sa? Má's ar son an chinidh Iúdaidhe atá mé ag iomchar mórualaigh na croiche, Ó, mo mhíle truaighe, atá siad uile do mo thréigean; ní sláineóchar acht fír-bheagán aca. Más ar son na gcríos- taidhe atá mé ag dortadh mo chuid fola, deir an fhírinne shíorruidhe liom, cé go bhfuil cuireadh aca uile triall go flaitheas, gur beag aca thiocfas; cia go bhfuil féasta mór- luaigh na glóire ullmhuighthe fa n-a gcomhair, nach racha an treas fear díobh dá ghlacadh. Ó, caidé an díol truaighe slánuightheóir an chinidh dhaonna ag gol agus ag géarchaoineadh ar son peacadh na muintire nach sileann féin aon deor agus nár ghoil ariamh ar son a bpeacadh; é do bheith ag sgairtigh agus ag gártha ar an muintir nach dtugann áird nó freagra air, ag síneadh a lámh i gcrann na croiche chum na muintire nach ndéan oiread agus amharc siar air. Acht, a Athair shíorraidhe, ar dhruid tú do chluasa agus do chroidhe? An é nach gcluin tú gach osnadh marbhthach atá ag d'Aon-mhac? An é nach bhfuil tú ar tí cabhair nó furtacht ar bith do thabhairt dó. Ó, atáim, ar sé; cuirfead aingeal as na flaitheasaibh ag tabhairt meisnigh dó. Adubhairt an teachtaire ainglidhe seo leis: a Rí nimhe agus talmhan, caidé bheir tú chomh dólásach tuirseach so? Ar son go mbeidh do pháis neamh- thairbheach ag mórán, gidheadh, atá corr-chríostaidhe maith ann bhainfeas toradh agus tairbhe aiste. Féach an crann so na croiche atá riamh go dtí seo faoi tharcuisne agus faoi mhí- mhodh, beidh sé feasta i mór-mheas agus in onóir ar feadh an domhain. Impirí agus ríghthe, diúicí agus prionnsaí na talmhan, leigfidh siad a gcoróin faoi chosaibh an chrainn seo agus rachaid go húiríseal umhal ar a nglúinibh ag déanamh
adhartha agus onóra dhi. Glac so, a Thighearna, mar shásamh in do mhasladh. Acht caidé an riachtanas do bhí ar an aingeal teacht ag tabhairt furtachta do cheannphuirt na n-aingeal, nuair atá sé i gcómhachta an duine níos mó de shólás agus d'fhurtacht do thabhairt dó 'ná an chúirt ainglidhe uile? Ní fhuil an slánuightheóir ag iarraidh do shólás an tsaoghail seo acht a pháis do dhul i dtairbhe don chineadh daonna, agus ní thig leis na hainglibh sin do dhéanamh; ar an adhbhar nach ar a son d'fhulaing sé páis acht ar ar son inne. Mar sin is ar ar láimh inne amháin atá an pháis do dhéanamh tairbheach; is orainn amháin atá sé ag iarraidh sóláis agus compóirt in gach peannaid agus dólás atá sé d'fhulaing Tugamaoid sin dó, a phobail chríostaidhe, go tapaidh; ná leigimid é i bpéin níos fuide. Ó loit seisean a chroidhe le grádh orainne tugamaid-ne grádh iomlán dó in a aghaidh, agus do réir mar shil seisean deóra fola ó gach ball dá chorp naomhtha ar son ar bpeacadh-ne, silimid-ne trom-dheóra na haithrighe ag caoineadh a pháise agus na bpeacadh céadna. Leanamar Críost go dtí seo chum an gháirdín, leanamaid é anois chum an bharra, ní ar a dtráchtfaidh mé in san dara pointe. An dara pointe. Chonnarcamar Críost ar ball in san ngáirdín báidhte in a chuid fola. Chímid anois é in san mbarra i measg bitheamhnach agus gadaidhe agus trí sórt lámha dá loit mar atá, lámha an bhrathadóra do bhraith é, lámha na mbreitheamh do thleig é agus lámha na gcrochaire do chur chum báis é, agus sin uile ar son peacadh an phobail. Acht cia é an duine malluighthe seo fuair aige féin Críost do bhrath? Ar ndóigh, is Turcach nó Págánach é. Ní féidir a rádh nach raibh sé níos fuileachtaighe 'ná na leomhain agus 'ná beathaidhigh allta na coilleadh. Ó, mo thruaighe, a cháirde, ní duine is lugha'ná easbal chuaidh ag brath ríogh na n-easbal. Ní duine is lugha ná sagart chuaidh ag déanamh feille ar
árd-shagart an domhain. Ní mór go bhfuil trí huaire ó d'árduigh a mháighistir é chum dighnit ríoghamhail sagartachta agus thug sé cómhachta dhó dhul ag teagasg an tsoisgéil ar feadh an tsaoghail; acht in áit seo do chur i ngníomh, is é chuaidh sé ag brath agus ag díol a mháighistir le n-a námhaid. Ó, a shaint, a pheacaidh mhalluighthe, is iomdha slighe mhí-nádúrtha mhúineas tú don duine. Is mór do dhall tú an t-easbal so chuaidh ag díol Críost, do dhíol saidhbhreas an domhain ar dheich bpighnibh fichead. Sin chugaibh anois Iúdás in a cheannphuirt ar bhuidhin mal- luighthe ag dul ag gabháil Chríost, agus mar nach raibh aithne aca air tar na easbalaibh, thug sé mar chomhartha dhóibh, an té dá dtabharfadh sé póg, gurab é sin Críost, agus dorinne mar sin cómhartha marbhtha agus cogaidh, adeir Naomh Auguistín don chómhartha síothchána agus cumainn do bhí riamh aroimhe ag an tsaoghal. Ó, a bhrathadóir mhalluighthe, ní fada go bhfuair tú an ní do thuill tú, mar atá, tú féin do chrochadh, agus ar ndóigh, níorbh fhéidir crochaire ba feileamhnaighe 'ná tú féin d'fhagháil chum gníomh chomh tubais- teach leis seo do dhéanamh. Ó, a Iúdás, a Iúdás, is mór do mhill tú, ní aon olc amháin dorinne tú. D'fhágaibh tú mar eisiomláir ag an tsaoghal a nDia do dhíol ar bheagán, eis- iomláir faraor is minic dá ndéantar úsáid. Acht cia hiad an mhuintir do-ghní margadh chomh tubaisteach so? Atá, a cháirde, an mhuintir dhíolas a n-anam, chosain chomh daor so do Chríost, ar ní beag suarach. Díolaidh fear na sainte a shlánuightheoir go minic ar ní is lugha 'ná deich bpighin fichead. Díolaidh fear na drúise an t-árd-rí ar phléisiúr salach móimeinte. An té thig ag glacadh cuirp an tighearna ar dhrochstáid, díolaidh agus braithidh Críost ar mhodh níos gráineamhla agus níos milltighe míle uair 'ná mar rinne Iúdás. Ó, a Iúdás, a Iúdás, is mór do mhill tú le do dhroch-shompla fan domhan.
Tar éis an drong mhalluighthe seo do ghabháil Críost do cheangladar é le córdaíbh agus le slabhradhaibh. Ó, caidé an scéal uathbhásach so, mac Dé do bheith ceangailte mar ghadaidhe, do bheith dá tharraing agus dá shuathadh ag cuallacht rógaire. Acht is é seo an ceangal tairbheach ag an chineadh daonna, ar an adhbhar muna mbeith an ceangal agus an cuibhreach so cuireadh ar Chríost, do bheith sinne ar slabhraidh ag an diabhal mar bhíomar ariamh roimhe. Atá dá shórt slabhradh ann, adeir Dáibhidh an Rí, mar atá, slabhradh na hantola ghní sglábhaidhthe dhínn dár ndroch-chlaontaibh, agus slabhradh na bpian, mar atá, teine shíorraidhe dár mbruith agus lasracha craosacha dár losgadh i bpríosún doimsidh dorcha ifrinn. Maiseadh, ionnus go saorfadh Críost sinn ó gach slabhradh aca so, atá sé féin ceangailte indiu le slabhradhaibh. Atá Críost gabhtha in a phríosúnach ionnus go saorfadh sinne ó phríosúntacht. Leanamaois anois an príosúnach ríoghamhail chum an bharra nó go bhfaiceam an fheoil-chuma tugadh air. Tógadh leis go tigh Chaiphas, cuireadh gárda dúbalta ar rígh na n-aingeal i bhfiadhnaise na ndaoine agus na n-aingeal. Níor lór leó so. Tar éis púcóg do chur air, bhuail siad de dhornaibh é in san éadan agus adubhairt siad leis tríd sgige agus magadh, "Tomhais, a Chríost, cia bhuail tú." Níor fhágadar ribe gruaige ar a cheann gan tarraing agus theilgeadar í faoi n-a chosaibh, agus mar bharr mioscaise agus tarcuisne chaithfeadh siad rí do dhéanamh de thríd mhagadh. Chuir siad coróin spíona ar a cheann agus gas giolcaighe mar bhata ríoghamhail in a láimh. Ó, a Rí nimhe agus talmhan, is daor atá tú ag íoc na gcoirthe nach ndearna tú. Ó, maiseadh, in san am gcéadna a bhfuil na haingle ag moladh Críost ins na flaitheasaibh ag rádh d'aon bhéal, "moladh dhuit, a Rí an Domhnaigh, is tú atá beannuighthe," atá an cineadh Iúdaidhe ar talamh ar aon gháir ag iarraidh an neimh-chionntach so do chrochadh. Fóillidh, a chrochairí na
feille, caidé seo is mian libh do dhéanamh? Nach dtuig- eann sibh cia atá agaibh? Nach gcreideann sibh gurb é Críost mac Dé é agus an Dia céadna atá i bhflaitheas ar son a dhiadhacht bheith indiu faoi bhrat agus foluighthe faoi n-a dhaonnacht? Nach smuaineann sibh go dtiocfaidh sé lá éigin mar bhreitheamh oraibh, agus má ghní sibh droch-bheart air indiu, go n-aifeóraidh é an lá úd? Acht caidé bheir mé ag caint? Ní fhuil áird aca orm; méad na díbheirge agus na mioscaise do bhí aca chum Críost, dhall sé a dtuigse; ní fhaghthar a athrughadh de chaint uatha acht "tógthar leis, crochtar é." Ó, a phobail mhalluighthe, ní raibh a athrughadh do mhuinighin agam asaibh, rinne sibh mar do-ghní an pobal coitcheann i gcomhnuidhe, is é sin gur deacair a gcosg ar an ní chuirid rómpa. Acht féachamaoid caidé dhéanfas na breitheamhain leis an bpríosúnach glórmhar so, ní ar a dtráchtfaidh mé in san treas pointe. An treas pointe. Is eadh, a shlánuightheoir an chinidh dhaonna, ós é do thoil gach sglábhaidheacht díobh so d'fhulaing ar sgáth peacadh do phobail, ar ndóigh, atá tú sábháilte feasta ó d'fhágaibh tú lámha an daosgar-shluaigh mhalluighthe. Ar ndóigh, na breitheamhain dár cóir ceart agus cothrom do chongbháil don uile dhuine, saorfaid tusa ón daorbhruid in a bhfuil tú. Acht fóillidh, a cháirde, féachamaoid ar dtús cia hiad na breitheamhain atá ar Chríost. Ó, atá, Annas agus Caiphas, árd-shagart an phobail, Pontius Píoláit, goibhernóir na ríoghachta, na sgríobhaidhthe agus na fairis- ínigh, dochtúirí diadhachta agus dlighidh. Maith iad, dar leat. Och, mo thruaighe, ní maith, ní fhuil ionnta uile, deir Naomh Criosostom, acht buidhean bhitheamhnach. Atá siad dall n-a bpeacaidhibh, ní léar dóibh a leas, chuir caingeana agus leas saoghalta mearughadh ar a n-intinn. Ní fhuil do rún aca acht an uile thoil-éagcóir do dhéanamh ar Chríost. Mheasfá nach raibh a athrughadh de ghnó aca acht Críost do chur dá chlú agus dá anam in éinfheacht.
Atá ceist agam oraibh, a bhuidhean malluighthe, caidé mar thig cás Chríost i bhur láthair-se? Cia rinne breitheamhain díbh ós cionn árd-bhreithimh an domhain? Nó cia thug cómhachta do dhuine ós cionn Dé? Ó, atá, Dia féin thug cead iomartais dóibh ar a mhac ar son peacadh an phobail. Ó, a árd-bhreithimh na mbeó agus na marbh, má thaisbeán tú d'umhlacht agus d'fhoighid ariamh, ar ndóigh is indiu é. An féidir duit tú féin d'uirísliughadh níos mó 'ná dul faoi chómhachta na muintire ag nach bhfuil cómhachta ar bith ós do chionn, dul faoi bhreitheamhnas na muintire ar ar chóir dhuit bheith i do bhreitheamh. Acht fiafruighim anois do na breitheamhnaibh, má d'éist siad an cás, caidé an choir rinne Críost fa bhfuil siad dá chur chum báis? An do chionn a radharc do thabhairt do na dallaibh nó a siubhal do na bacachaibh? Ar ndóigh, ní coir seo; ní headh, gan amhras. Maiseadh, an do chionn lucht na lubhra do leigheas nó na mairbh do aithbheodhughadh nó na diabhail do ruagadh atá sibh dó? Ar ndóigh, ní locht so. Maiseadh, an do chionn gur ghoir sé mac Dé de féin? Maiseadh, ar ndóigh, ní bréag dó é. Ar bhféidir le duine in san domhan acht le Dia amháin oiread umhlachta agus foighde do thaisbeánadh in aimhdheoin gach éagcóir, in aimhdheoin gach tuaithleas, in aimhdheoin gach bréag agus gach mionna éithigh rugadh in a aghaidh ag an mbarra so. Níor bhféidir acht le Dia amháin, deir an dochtúir foghlumtha Tertullianus, an oiread so d'éagcóir d'fhulaing agus gan a ghnúis d'aistriughadh, gan claochlódh dath, mí-shásamh nó mí-fhoighid do thaisbeánadh do thaobh ar bith. Ba ghnás do na Iúdaighibh, ar impidhe an phobail choitchinn, anam thabhairt dá rogha príosúnaigh uair in san mbliadhain. Nuair do chuir Píoláit ceist orra cia aca do thoghfadh siad, Críost nó Barrabas, óglách do bhí istigh ar son feille agus oirgne, is é adubhairt siad d'aon bhéal, "ní fhuil beann againn ar Chríost, is fearr linn Barrabas." Ó, an gcual-
aidh aon duine ariamh a leithéid seo de roghain? Fíor- ghadaidhe na ríoghachta do shábháil agus an duine cneasta do dhaoradh, sás marbhtha na ndaoine do shaoradh agus an té d'aithbheódhuigh na mairbh do dhaoradh agus do thleigean. Atá iongantas oraibh, gan amhras, a leithéid seo de mhire do bheith ar dhaoinibh ar bith, agus ní lugha liom féin. Acht ní fhuil adhbhar iongantais againn má dhearcamaoid ar an droch-roghain ghlacamaoid féin go laetheamhail nuair thig cathaidhe ar an duine an peacadh do dhéanamh. Deir na grása agus dligheadh Dé leis in a chroidhe, "má doghní tú an droch-ghníomh so tuillfidh tú fearg Dé, tairringeóchaidh tú a dhíoghaltas ort, díolfaidh tú do chuid do pharrthas." Deir an diabhal agus an antoil leis an taobh eile, "téigh ar d'aghaidh, ná bíodh faitchíos ort, ní baoghal duit dochar ar bith do theacht as." Caidé ghní an duine dona annso? Caidé an roghain ghlacas sé? Ó, atá, an ní céadna rinne na Iúdaidhthe; bheir sé cúl do Dhia agus aghaidh ar an diabhal; glacaidh sé pléisiúr na huaire sin mar roghain ar aoibhneas agus uile-mhaitheas parrthais. Nuair bhíos an t-athair feargach ar tí a mhac do sgiúradh, théid an mháthair maoth-chroidheach ag sábháil an mhic agus glacaidh go minic na buillí ar a guailnibh féin. So, a cháirde, cás Chríost agus ar gcás inne indiu. Bhí an tAthair síorruidhe i bhfeirg le n-a chlainn, an cineadh daonna, corradh mór agus cheithre mhíle bliadhain. Tháinig Críost indiu mar mháthair grádhaigh idir inne agus fearg a Athar, agus ghlac air féin na trom-bhuillí do thuill sinne tríd ar bpeacadhaibh. Maiseadh, ní raibh acht súgradh in a bhfuair Críost de mhasla agus de mhí-mhódh go dtí seo i bhfarradh na bpionús agus na heasonóra atá siad do thriall dó anois. Is feasach sibh nach féidir easonóir nó masla níos mó thabhairt do dhuine ar bith 'ná a lom-nochtadh lá margaidh nó comh-chruinnighthe agus a sgiúráil. Ó, maiseadh, a chríos- taidhe, féach indiu ar shlánuightheoir an chinidh dhaonna, má
thig leat dearcadh air le iomad deora, agus chífidh tú é lom-nochtuighthe gan snáithe éadaigh ar a chorp, agus é ceangailte do thur, agus sin i láthair Dé agus an tsaoghail, i láthair na n-aingeal agus na ndaoine, i láthair a charad agus a námhad. Ó, a pheacaigh, dá bhfeicfeá an drong neamh-thrócaireach do bhí in a thimcheall, súile mire in a gceann, coip chubhair n-a mbéal le neart díbheirge agus mioscaise, lán duirn de sgiúrse i láimh gach fir aca agus iad ag comórtas cia aca is díoghbhálaighe agus is truime do bhuailfeadh buille ar chorp naomhtha an tslánuightheóra, is annsin thuigfeá caidé méad urchóide an pheacaidh chosain chomh daor so d'Árdrígh na cruinne. Ní lugha ná cúig míle buille do buaileadh agus ní lia buille 'ná lot rinneadh air, ar mhodh fa dheireadh nár fágadh ball saor de, agus nach raibh aca acht cneadh do chur ar muin cneadha. Is eadh, a Athair shíorruidhe, ar ndóigh atá tú sásta anois; ar ndóigh, chóimhlíon tú do dhíoghaltas ar d'aon-mhac. Múchfaidh, ar ndóigh, na tuilte fola so atá ag sileadh as a bhallaibh, d'fhearg leis an bpobal, agus má atá nach lór leat a bhfuair sé, féach cia an ball dá chorp is féidir leat do lot go nua. Más ar a cheann leagfas tú an buille, nach bhfuil sé in a chriathar cheana leis an gcoróin spíona? Más ar a lámhaibh nó ar a chosaibh thairringeóchas tú do bhuille, nach bhfuil siad tollta trasna le tairngíbh géara? Más ar a ghuailnibh nó ar a dhruim atá tú ag dearcadh, ní fhuil órlach díobhtha nach bhfuil treabhtha le sgiursaíbh tréana. In aon fhocal chaill sé cruth agus deilbh duine, ar mhodh nach féidir a ainm féin do ghairm d'aon bhall de. Is díreach do bhaist an fáidh Isaias é in san stáid seo fear na ndólás, de bhrígh nach raibh ball dá chorp nach raibh in a adhbhar dóláis aige. Anois, a cháirde, ionnus go gcríochnóchainn an stair dhólásach so na páise, tar éis Críost do dhéanamh urnaighe
ar son a námhad, tar éis a mháthair do chur ar chúram Eóin easbal, tar éis parrthas do gheallamhain do ghadaidhe na láimhe deise, adubhairt de ghuth árd, Consummatum est, is é sin, gur chríochnuigh sé an obair fá dtáinig, mar atá an deór is lugha dá chuid fola do dhortadh ar son an chinidh dhaonna. Ag rádh na mbriathar so tháinig claochlódh an bháis air, agus ag claonadh a chinn, d'fhág an t-anam é. Ní luaithe d'éag ughdar na nádúire 'ná chonsgair agus chriothnuigh an nádúir uile; d'fholuigh an ghrian a héadan; chaill sí a solus; níorbh fhiú léithe bheith in a fiadhnaise ar chrochadh a cruthuightheóra; bhí smúit ar na réaltaibh; bhí éiclips ar an ngealaigh; bhí dorchadas ar an tsaoghal uile; chuaidh gach dúil i gculaidh cumhaidh fa bhás an Árd-ríogh; phléasg na clocha; sgoilt na crainn; bhí ainmhidhthe na talmhan ar aon gháir; i n-aon fhocal, ní raibh créatúir in san domhan nár chlaochluigh agus chonsgair acht croidhe cruaidh clochach an duine. Ó, a anam mhí-fhortúnaigh an pheacaigh, caidé méad do dhaille? Nach bhfeiceann tú na hainmhidhthe brúideamhla ag gártha agus ag sgairtigh agus gan osnadh ná deor ar do ghruaidh-se? Féach na cairrgeacha ag réabadh agus ag sgoilteadh agus do chroidhe-se gan mhaothughadh gan mhothughadh. Ó, a pheacaigh, nuair thiocfas Críost mar bhreith- eamh an lá déidheanach agus nochtfas a chneadha don tsaoghal agus déarfas sé leat, "is é d'uabhar agus d'an-fhlaitheas chuir an choróin spíona so ar mo cheann; is é do dhrúis agus do mhí-ghlaine stróc mo dhruim agus mo ghuailne; is é do shaint agus d'éagcóracha cheangal mo lámha don chrann so; is é do leisg chum leas d'anma do dhéanamh chuir na sparraí seo in mo chosaibh; is é d'fhearg agus do rún díoghaltais do sháith an tsleagh so in mo thaobh; is é do chraos agus do mhí-mheasardhacht thug ormsa bheith ag ól domblais agus fínéagra, is tú, is tú, a pheacaigh, rinne gach créacht díobh so orm ó cheann go cois."
Ó, a chríostaidhe, do chosain tú chomh daor so don tslánuightheoir, bí féin ar a shon aige. Ná tréig an máighistir maith Críost mar gheall ar na droch-máighistrí fealltacha, an diabhal, an saoghal agus an cholainn. Stiúir do bheatha do réir dlighidh Dé ionnus gurbh fhiú tú toradh na fola fíoruaisle seo do dortadh ar do shon d'fhaghbháil. Cuir na subhailce i n-áit na ndubhailce, na deaghoibre in ionad na locht. Bíodh dólás croidhe ort fa do pheacaidhibh agus glac rún iomlán gan bheith cionntach ionnta níos mó. Má ghní tú so le dóchas i dtrócaire Dé, gheabhaidh tú tríd luaigheacht na páise an uile chabhair ó Dhia in san tsaoghal so agus an ghlóir shíorruidhe in san tsaoghal eile. Amen
An Seachtmhadh Seanmóir Déag. AR GHLÓIR PHARRTHAIS. Measaim nach fiú na neithe fhuilingeamaid san aimsir seo i láthair an ghlóir foilseóchar dhúinn. (Briathra léighmid i litir an abstail Phóil chum na Rómhánach san ocht- mhadh caibidil, an t-ochtmhadh rann déag). IS ní cinnte é le rádh nach fiú innsin ná áireamh buaidhirt nó dólás an tsaoghail seo i gcomórtas le sólás parr- thais, de bhrígh go bhfuil aoibhneas agus sólás parrthais síorruidhe do-chríochnuighthe agus nach maireann cruadhtan nó dólás an tsaoghail seo acht beagán laethe. Cuir i gcás go bhfuileóngadh duine tart agus ocras, teas agus fuacht agus gach ní is pianamhla 'ná a chéile ar feadh aon lae amháin ar chuantar go mbeadh sé sona séanamhail in a dhéidh seo ar feadh a shaoghail, nach n-iomchóradh sé gach ní díobh so go fonnmhar foighdeach? Dhéanfadh gan amhras. Maiseadh caidé an ní saoghal an duine acht aon lá amháin, nó móimeint fós, i gcomórtas leis an tsíorraidheacht. Ní fiú mar sin na neithe fhuilingeamaid ar an saoghal so an ghlóir foillseóchar dhúinn in san tsaoghal eile. Má fhiafruigheann tú dhíom, a chríostaidhe, caidé an ní glóir Dé nó caidé an mhaith atá le fagháil i bparrthas, cá bhfuil an té le ar féidir an cheist seo d'fhuasgailt níos fearr 'ná Naomh Pól, de bhrígh gur hárduigheadh é chum na treas bhflaith- eas mar chonnairc sé an uile ní do b'fhéidir le súil duine ar
bith d'fheicsint. Maiseadh, is é deir sé leat go bhfuil aoibh- neas agus ollmhaitheas parrthais chomh do-áirmighthe chomh do- innsin sin, ar mhodh nach gcualaidh cluas agus nach féidir le intleacht an duine smuaineamh na neithe atá le fagháil ag an té ghrádhuigheas Dia agus chóimhlíonas a aitheanta. Uch, is duine dona, mar sin, nach ngrádhóchadh Dia, agus gurab é féin an maitheas ós cionn gach maitheas. Is duine ar mire nach gcuideóchadh a aitheanta, agus muna ndéanaidh, nach bhfaiceann sé gnúis Dé go bráth. Léigh, a chríostaidhe, an sgrioptúir dhiadha ó thús go deireadh. Léigh beatha na naomh, mar atá, na fáidhe, na habstail, na mairtírí, na coinfeisiúirí ar a dtráchtann an scrioptúir chéadna, ní thig leat a shéanadh, ar ndóigh, nach raibh daoine ar bith b'fhearr ciall agus tuigsint 'ná na naoimh seo, de bhrígh go raibh spiorad Dé ionnta. Máiseadh, chífidh tú go soiléir nach raibh drong in san domhan ag a raibh tarcuisne agus dímheas níos mó ar an tsaoghal, nó ar saidhbhreas, nó ar phléisiúr ar bith eile 'ná bhí aca sin. Agus ar an taobh eile, chífidh tú nach raibh daoine in san domhan ag a raibh geall agus dúil i nglóir Dé níos mó 'ná do bhí aca san, ar mhódh nár dhiúlt siad an uile ní d'fhuilingt mar gheall ar an nglóir chéadna. Bheir an t-apstal Pól solas dúinn ar na mór-phiantaibh d'fhulaing siad ina leitir chum an phobail Eabhra. Do céasadh drong díobh, adeir sé, agus níor chuireadar suim in a mbás, mar shúil go mb'fhéidir leó eiséirghe le Críost; d'fhuiling drong eile tarcuisne agus sgiúrsadh, ceangladh iad le slabhraidhibh, tligeadh iad i bpríosún, do gabhadh de chlochaibh orra, do gearradh iad in a bpíosaibh ó chéile, do marbhadh iad le claidheamh, do bhí siad ar seachrán anonn is anall i gcraicnibh caorach agus gabhar, do bhí siad ag dul amudha ar feadh fásach agus sliabh. Sin agat, a chríostaidhe, páirt de na neithibh d'fhuiling na naoimh tháinig rómhat, acht is beag iad i bhfarradh na mór-phianta d'fhuiling siad
mar gheall ar ghlóir Dé. Uch! mo thruaighe, caidé laighead is fhuilngeas tusa agus tú ag súil leis an ghlóir chéadna. Má gheibhtear aoibhneas parrthais ar oiread is ghlacas tusa, ba drong amaideach agus ar mire na naoimh úd chuaidh thríd theinidh agus uisge dá saothrughadh, nó atá tusa ar dearg- mhire nach ndéan dícheall níos mó chum tú féin do shlánughadh. Is ní dearbhtha nach bhfuil cruthughadh ar bith is fearr ar an luach is fiú neithe, nó ar an meas bhíos ag duine air, 'ná an dochar agus an saothar ghlacas sé in a thimcheall chum a tharraingt ar a láimh, agus fós nach bhfuil bealach ar bith go parrthas is cinnte 'ná sompla na naomh tháinig rómhainn do leanamhaint. Is mian liom-sa indiu a chur ós bhur gcomhair-se go haithghearr méad an mheasa agus an t-ain- gheall do bhí ag na naomhaibh anallód ar ghlóir Dé agus caidé méad an tsaothair do ghlac siad mar gheall ar an ghlóir chéadna. Cuiridh Críost ag Naomh Matha san treas caibidil déag ríoghacht nimhe i gcosamhlacht le ceannaighe chuaidh ag iarraidh péarlaí mara, agus an uair thárlaidh péarla mórluaigh air, dhíol sé a raibh aige agus do cheannuigh sé é. Is é chiall- uigheas, a cháirde, an péarla so glóir fhlaitheamhnais, agus is é chialluigheas an ceannaighe úd an críostaidhe cneasta deighbheathach nach sparálann saothar nó costas chum é féin do shlánughadh. Cibé le ar mian aithris do dhéanamh air, is riachtanach dó ar dtús fios d'fhagháil caidé is luach don phéarla úd, acht bíodh sé cinnte gan sgéala d'iarraidh ar lucht gradhuighthe an tsaoghail seo, ar an adhbhar gur gnás dóibh meas do bhreith ar ní do réir mar bhíos sé buntáisteach nó mí- bhuntáisteach aca i láthair. Ar son na neithe atá le teacht, doghní siad neamhshuim díobh. Ní feas don duine talmhaidhe na neithe thig ó spiorad Dé, mar adeir Naomh Pól, óir is amaideach leis iad, agus fós ní féidir a bhfios do bheith aige, de bhrígh gur go spioradálta aitheantar iad.
Is uime so nach dtugann an scrioptúir a atharach d'ainm ar an muintir ag a mbíonn an grádh mór ar an tsaoghal seo acht amadáin agus leinbh, de bhrígh nach mbíonn de chiall ag an leanbh nó ag an amadán difir do dhéanamh idir péarla lochtach agus cloch uasal, agus go minic is mó an spéis chuirid in áilleagán beag gan bhrígh 'ná in san phéarla is uaisle agus is costasaighe ar bith. Mar an gcéadna éirgheas don druing ag a mbíonn an grádh mí-mheasardha ar an tsaoghal so, is míle mó an spéis chuirid in áilleagán- aibh bochta neamhbhuana an tsaidhbhris 'ná in ionnmhas na glóire. Doghní siad neamhshuim chomh mór sin d'aoibhneas pharrthais, ar mhodh nach é amháin nach ndíolfadh siad a bhfuil aca chum a cheannach, acht ní ghlacfadh siad saothar dá laighead mar gheall air. Ná iarr fios, mar sin, a chríostaidhe, ar amadánaibh an tsaoghail seo caidé is fiú péarla na glóire, nó gheóbhaidh tú tú féin meallta, acht iarr sgéala ar naomhaibh an domhain, ó is leó féin amháin thig fios na fírinne do thabhairt duit, de bhrígh go raibh spiorad Dé 'gá stiúradh, gur ab é léigheann cinnte mhúin an Spiorad Naomh dóibh gur ab éigin don uile dhuine le ar mian suaimhneas agus sólás d'fhagháil i bparrthas breis, buaidhirt agus leath- trom d'fhuilingt in san saoghal so. Do dhearbhuigh an Spiorad céadna dóibh nach bhfuil acht sgéala gan bhrígh agus ealadhain gan tábhacht in san saoghal so, agus dá dhruim so, ní raibh de mheas aca ar shaidhbhreas nó ar ollmhaitheas ar bith acht oiread le aoileach. Ní fhuil cruthughadh ar bith is fearr ar an ní bhíos in ár n-intinn 'ná ár ngníomhartha nó ar an dúil bhíos againn i ní 'ná an saothar agus an dochar ghlacamaid in a thimcheall. Máiseadh má dhearcann tú, a chríostaidhe, ar an saothar agus ar an sclábhaidheacht d'fhuiling an drong ór shíolruigh ár gcreideamh, mar atá na habstail, chífidh tú gur cheannuigh siad flaitheamhnas le saothar a lámh, amhail is déarfainn,
agus le allus a malaí. Uch, caidé liacht uair d'fhuiling siad tart agus ocras, teas agus fuacht, tuirse agus easbaidh codlata, inghreim agus bochtanacht? Uch, caidé liacht siubhal agus aistear dorinne siad thríd réigiúnaibh coimhigh- theacha agus náisiúnaibh barbardha chum solas an chreidimh do theagasg dóibh? Uch, caidé liacht slabhradh le ar ceangladh iad, liacht príosún in ar tligeadh iad, liacht priacal in a raibh siad ar muir agus ar tír ó an-fhlaitheas tíoránach agus ó náimhdibh a gcreidimh? In aon fhocal, an raibh sclábhaidh- eacht nó bochtanacht, olc nó anró le fagháil nár fhuiling na naoimh seo? Acht cad chuige, a chríostaidhe? An é nach raibh colann daonna ag na habstalaibh seo, déanta d'fhuil agus d'fheoil, mar atá agatsa? An é nach raibh oiread dúil aca ó nádúir i saidhbhreas agus i suaimhneas, i gcuideacht agus i gcomhluadar is atá agatsa? Do bhí, gan amhras, acht do chuireadar druim a láimhe le gach ní díobh so as an dóchas do bhí aca go bhfuigheadh siad ó Dhia in a n-áit saidhbhreas agus aoibhneas parrthais. Tionntuigh anois do shúile, a chríostaidhe, ó na heasbalaibh ar na mairtíríbh, an drong chródha úd chuaidh rómhainn go parrthas thríd theinidh agus uisge, mar labhras an scrioptúir, is é sin ag fuilingt gach ní do b'fhéidir le mailís námhad nó le intleacht malluighthe tíoránach do leagaint orra, chífidh tú i measg na druinge seo mná agus fir, an t-óg agus an sean, an t-uasal agus an t-íseal, an bocht agus an saidhbhir ag coimhlinn le chéile chum a gcrochta agus chum a gcéasta, chum a mbáidhte agus chum a losgtha, chífidh tú cuid díobh dá róstadh ag ghreidlibh, dá mbruith i gcoiríbh, dá dtarraingt idir eachaibh agus dá dtligean mar bhiadh chum beithidheach allta, acht ní is iongantaighe 'ná so, ní cualas och ná osnadh, mairg ná éagnach, as béal na muintire seo. Is é do bhí siad go soilbhir sásta ag rádh amhrán molta Dé de chionn gur b'fhiú iad na mór-phianta seo d'fhuilingt ar a shon. Nach gcruitheann gníomhartha na naomh so an grádh
agus an meas do bhí aca ar dúithche parrthais, agus go raibh siad cinnte leis an easbal Pól nach fiú áireamh nó innsin na neithe fhuilingeamaid ar an tsaoghal so i gcomórtas leis an phéarla úd na glóire. Féach anois, a chríostaidhe, le uathbhás ar mór-phiantaibh na mairtírí so, agus féach in san am céadna ar an druing dá ngoireann an Eaglais coinfeisiúirí. Is fíor nachar dhoirt siad so a gcuid fola ar son Críost, acht do bhí siad réidh chum a dhéanta dá gcasfaidhe iad in san ócáid. Do bhí a mbeatha chomh cruadálach sin, agus na neithe d'fhuiling siad chomh fadalach sin, ar mhodh gur féidir liom a rádh gur fhuiling siad níos mó 'ná na mairtírí féin, agus cad chuige? Atá, go gcuireadh an tuagh nó an claidheamh, an teine nó an t-uisge, an chroch nó an greideal críoch i ngearraimsir ar phiolóid na mairtírí, acht do mhaireadh beatha chruadálach na gcoinfeisiúirí, ní uair nó lá, mí nó ráithe, acht ar feadh a saoghal. Atá an duine ó nádúir tugtha chum sócamhail agus sásamh do thabhairt dá cholainn, acht is é bheireadh na naoimh seo an uile chrádh agus cruadhtan dá gcolainn. Atá an duine ó nádúir tugtha chum grádh do bheith aige ar saidhbhreas, ar onóir, agus ar uachtaránacht, agus is é do ghlacadh an drong so mar roghain bochtanacht in áit saidhbhris, tarcuisne in áit onóra agus uirísleacht in áit uachtaránachta. In áit pléisiúr cathrach agus bailte móra, is é théigheadh siad ar uaigneas chum sléibhte agus fásaighe mar nach raibh de chuideachta aca acht beithidhigh allta, nach raibh de bhiadh aca acht meas na gcrann nó lus na talmhan, agus nach raibh de dhigh aca acht uisge na bhfuarán; agus cá bhfuil ní is pianamhla ag an duine ná bheith i gcogadh go cinnte le n-a nádúir agus le n-a chlaonta, nó cá bhfuil ní is do-dhéanta ag an duine 'ná bheith in san tsaoghal so agus neamhdhúil do bheith aige san uile ní saoghalta? Nach féidir a rádh leis an muintir seo go ndearnadar aithris go díreach ar an gceannaighe críonna
úd an tsoisgéil, gur dhíol siad a raibh aca agus gur chean- nuigh siad péarla na glóire. Atá sé cinnte, a chríostaidhe, gur ab é grása Dé do neartuigh agus do threóruigh na naoimh úd in san mbealach cumhang cruaidh do ghaibh siad. Atá sé fós cinnte go bhfuil na grása céadna le fagháil agatsa má's fiú thú é, agus ní lugha atá sé cinnte muna dtairgidh tusa aithris do dhéanamh orra, nach mbíonn tú rannpháirteach in san luach saothair do fuair siad. Ní hé sin chum a rádh go bhfuil d'fhiachaibh ar duine dul in airicis a námhad agus bás d'fhuilingt ar son a chreidimh, mar dorinneadar na mairtírí, acht atá d'fhiachaibh orainn má castar faoi n-a láimh sinn, míle bás d'fhuilingt níos toisge 'ná do shéanfamais aon phuinnte amháin dár gcreid- eamh. Ní fhuil sé d'fhiachaibh ar an duine diúltadh do shaidhbhreas, a chúl do thabhairt leis an tsaoghal, le gach cuideacht agus le gach caitheamh aimsire, mar dorinne na coinfeisiúirí, acht atá d'fhiachaibh air gan aingheall chomh mór so do bheith aige ar an tsaoghal, ar mhodh go ndéanfadh sé dearmad de Dhia nó dá anam, gan bheith chomh báidhte sin i ngrádh saidhbhris, ar mhodh nach léar dó fuasgailt fear an leathtruim nó congnamh leis an mbochtán. Atá sé d'fhiach- aibh ar an uile dhuine diúltadh do gach droch-chuideacht agus cur suas do gach caitheamh aimsire thairringeóchadh chum peacaidh, gan ní ar bith san tsaoghal so do chur i gcoimhmheas le glóir Dé nó le leas a anma. In aon fhocal a chríostaidhe, muna dtig leat aithris go díreach do dhéanamh ar na naomhaibh úd, lean a sompla chomh fogus is thig leat. Go speisialta, ná glac bealach contrárdha ar bith don mbealach do lean siad-san, nó má ghnír, beidh tú ar seachrán sgartha ó pharrthas agus is é ifreann deireadh do chúrsa. Má atá rún díreach agat dh'anam do shlánughadh, is éigin duit ós cionn gach ní aitheanta Dé agus na heaglaise do choimhéad, thú féin d'iomchur go
cneasta riaghalta in gach gairm in ar thoiligh Dia do chur. Má ghní tú so is féidir leat misneach agus dóchas do bheith agat go mbeidh tú rannpháirteach leis na naomhaibh i nglóir pharrthais, ní atá mise d'iarraidh díbhse agus damh féin. In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
IS ceart go mbeadh a fhios ag an léaghthóir caidé an t-athrughad dorinneadh ar chuma agus ar chaint leabhair an Dochtúra ua Gall- chobhair le linn cló do chur air an uain seo. Cuirfeam síos in ar ndiaidh annso tuarasgbháil ar an gcuid is mó agus is tábhachtaighe den athrughadh sin. Measaimid gur fada ó chéile na huaire in ar cumadh na seanmóire óir ba follus dúinn le linn a gcurtha i gcló gur cúramaighe agus gur léigheannta do sgríobhadh cuid aca seach an gcuid eile. Ná bíodh súil ag an léaghthóir amhlaidh sin le aon chinéal amháin cumadóireachta feadh an leabhair seo. Ní raibh aon tiodal ar na seanmóiribh i seanleabhar an ughdair acht tiodal Béarla. Do chuireamar Gaedhealg ós a gcionn agus is i gcorp na seanmóir fuaramar an Ghaedhealg sin. Do shíleamar nárbh aon mhaitheas dúinn na blógha Laidne do chur ionnta amhail do bhí ó thús. Sain-nósa atá againne agus ag lucht na haimsire in ar sgríobhadh na seanmóire. Ní dhearnamar iarracht ar bith ar a dhéanamh amach cá bhfuair an t-ughdar adhbhar a leabhair. Fágamaid an obair sin do dhaoinibh eile. Acht ní miste dhúinn a rádh gur cosmhail na seanmóire i gcuma agus i gcaint leis na seanmóiribh do sgríobhadh isan bhFrainnc isan t-ochtmhadh céad déag d'aois an Tighearna. I. — DON CHOMHARTHA FAIDEACHTA. Gach aon chomhartha faideachta atá isan leabhar so, sinn féin do chuir ann é, óir ná raibh a leithéid sin de rud i leabhar an ughdair ar aon chor. 2. — DON TSÉIMHIUGHADH AGUS DÁ CHOMHARTHUGHADH. Níor chuireamar comhartha an tséimhighthe in gach áit i raibh sé isan seanleabhar agus ina choinne sin do chuireamar é in áitibh ná raibh sé ionnta ó thús. Ní sgríobhfaimis claidheamh an díoghaltais dhan-
ardha acht claidheamh an díoghaltais danardha, agus ní mó ioná sin do chuirfimis síos peacaidh an chinidh daonna acht peacaidh an chinidh dhaonna. Dochífear théid agus téid, thidheacht agus tidheacht, théigh- mid agus téighmid isan leabhar so, agus is é téid an ceart do réir an tsean-nóis, agus théid adeirthear go coitcheann i dTír Chonaill agus in Albain. Ní misde amhlaidh sin an dá sgríobhadh do bheith againn, mar do bhí isan leabhar ar ar chuir an t-ughdar féin cló. 3. — DON AINM AGUS DON AIDIECHT. Aoinneach léaghfas an leabhar so budh léir dó nach eadh ba mhian leis an té do sgríobh é an Ghaedhealg do chur síos ann amhail do cuirtí síos í riamh. Adeir sé an méid sin linn ina bhrollach. Bfhearr go mór leis go dtuigfidhe an chaint le gach aoinneach dá léaghfadh í ioná go mbeadh cóir graiméir agus ceart seansgríobhtha uirre, agus is uime sin nach ionchurtha i gcoimhmheas le chéile seanmóire an leabhair seo agus sgríbhne an Chéitinnigh. Is cosmhaile leó an ghnáth- Ghaedhealg labharthar againn anois. Ar an adhbhar sin níor chóir dúinn aon athrughadh ró-mhór do dhéanamh ar an gcaint do cuireadh isan leabhar leis an ughdar. Ní fhuighfeá ar na neithibh isan seanleabhar dá gcuartóchthá ó thús go deireadh é acht ina dhiaidh sin ós rud é go sgríobhamaid a leithéid sin anois i gcomhnaidhe bíodh ná habarthar, níor chneasta dhúinn ar na neithe do chur síos. Ar an adhbhar sin do chuireamar síos ins na sacraimintibh, agus rl., agus ní hé ins na sacraiminte. Is minic do sgríobhamar grádh ar n-eas- cáirde in ionad grádh ar n-eascarad, ní nach locht orainn agus a rádh go bhfuil an dá sgríobhadh sin le fagháil go coitcheann i leabhraibh indiu. Dochífeá déanamh gach urchóide agus déanamh gach urchóid i seanleabhar an ughdair, agus teasbánann sin nach ionann an sgríobhadh agus an chaint adeireadh sé, óir ní dócha go n-abradh sé an dá rud. Atá an nós céadna againn isan aimsir seo i láthair. Do chuireamar síos an dá ní amhail fuaramar ós ar gcomhair agus má atá lócht air ní orainne atá. Bíodh a fhios ag an léaghthóir gurab ionann grása agus grás, cathaidhe agus cathughadh, ní agus nídh. Más maith linn litriughadh simplidhe do bheith againn cadé an mhaitheas dúinn nídh agus dóghadh agus brúghadh agus focail eile mar iad do sgríobhadh, agus ní agus dódh agus brúdh againn i seanleabhraibh Gaedheal. Ná tógtar orainn é más rud é ná fuil an sgríobhadh céadna ar an bhfocal in gach áit, óir atá sé trí bliadhna ó shin ó thosnaigheamar ar chóiriughadh an leabhair seo. Is é In aon fhocal do chuireamar
síos i gcomhnuidhe in ionad anna bhfocal. Atá léir agus léar againn, beann (= aestimatio) in ionad binn, naomh in ionad St. (= sanctus), amhail atá i seanleabhraibh Gaedhilge, sórt in ionad sóirt (= seóirt), cur (= ponere) in ionad cuir. Is minic ná fuil díchlaonadh ar focal Béarla, mar atá consias nó armas (= arms). Is mithid dúinn éirghe as an nós leanbhaidhe sin do bhí ag ar sinnsear atallód .i. droich-theist do sgríobhadh in ionad drochtheist, agus rl. Atá osnughadh air sin isan leabhar so. Atá an iomarcaidh púnc agus stróic isan gcló againn. Do sgríobhamar sgéal agus scéal, agus rl. Atá lór againn in gach áit; ní hé lór adeirtí acht leór; seanlitriughadh léigheannta iseadh lór. Ní raibh aon díchlaonadh ar beatha isan sean- leabhar; do chuireamar-ne díchlaonadh ar an bhfocal sin. Is minic do chuireamar a i ndiaidh focail ná raibh sé ina dhiaidh isan sean- leabhar, mar atá cumas na huachtaránachta in áit cumas na huachtar- ánacht. Níor sgríobhamar h in aon áit ná raibh sé ag an ughdar, bíodh go labharthar go coitcheann é, mar atá, le aghaidh atá againn; dócha gurb é le haghaidh adeirtí. Atá abstal agus easbal isan sean- leabhar; an léigheann fadeara an t-abstal, an chaint choitcheann fadeara an t-easbal. 4. — DON FHORAINM. Níor chuireamar isan leabhar so an focal "a" labharthar roimh bhriathraibh, mar atá, an fear a tháinig. Atá sé isan seanleabhar go minic. So do bhí ann in gach áit, acht ní sgríobhfaimis-ne an eaglais so. Bfhearr linn an eaglais-se do chur síos, acht is é an eaglais seo, agus rl., do gheóbhthar in gach ionad. Atá ar agus ár (noster), bhur agus bhar (vester) againn. Caidé atá againn agus ní hé godé. Atá cad ag an ughdar go minic, agus cad eile. Níor sgríobhamar go tuige (= cad chuige), ná god eile (= cad eile). 5. — DON BHRÉITHIR. Ní hionann cuma na mbriathar amhail atáid isan leabhar so agus cuma na mbriathar amhail atáid ag Seathrún Céitinn. Is follus d'aoinneach ón sgríobhadh atá ag an Dochtúir ua Gallchobhair nár theastuigh uaidh go furmhór acht foghar an fhocail do chur i gcéill don léaghthóir. Ina theannta sin ní hé an sgríobhadh céadna atá aige in gach áit. Is é nós do leanamar-ne isan gcuid is mó den leabhar so na briathra do chur síos isan gcuma i gcuirthear síos iad i leabhraibh na haimsire seo. Is deacair do dhuine a rádh cia aca gheóbhaidh nó gheabhaidh do bfhearr leis an ughdar, óir atá an dá
sgríobhadh sin aige. Do chuireamar tabharfaidh in gach ionad; is é tiurfaidh is gnáthaighe isan seanleabhar. Ní fhuighidh, ní fhuil, tioc- faidh, rinne, bídh (2 imperativi pluralis), (do)ghní, téighim, atá isan leabhar so; ní bhfuidh, níl, tuicidh, rinnidh, bígi, dogheibhthear go minic isan seanleabhar. Seanlitriughadh isan nGaedhilg is eadh cuir- fe, agus rl., acht ní hé do chuireamar síos; cuirfidh is coitchinne i leabhraibh anois. Ní cirte beadh ioná beith agus is é beith atá againn, amhail do chuir síos an seanmóntaidh é. Atá faic- agus feic- againn; dócha gurb é feic- adeirtí, acht faic- atá i leabhraibh léigheannta (ní locht ar an ughdar snas léighinn do bheith ar a leabhar.) Adeirthear bídh sé agus go mbíonn sé do réir glaine na Gaedhilge agus atáid sin i gcorp an leabhair. Ní ceart bí sé in ionad bídh sé do réir seanleabhar Gaedheal, acht atá an ceart ag an té sgríobhas go mbí sé in ionad go mbíonn sé. Dogheóbhthar annso fós cuirimid agus cuireamaoid, agus rl. 6. — DON RÉAMHSHUIDHIUGHADH. Is minic do sgríobhamar an réamhshuidhiughadh nuair ná raibh sé le fagháil ós ar gcomhair isan seanleabhar. Cuir i gcás do réir in ionad 'réir, do thaobh in ionad 'thaobh, do chionn (cheann) in ionad 'chionn ('cheann). Ní fhuil le ag an ughdar ar aon chor, acht atá re aige in gach áit; a athrughadh sin de nós do leanamar-ne. Atá do agus de (= de nó from) againn. Ní fhuil a againn in ionad do (= to). Atá fa agus fá againn, in agus i n-; is furusa go mór cló do chur ar in. Is dóigh linn ná fuil chum isan seanleabhar in aon áit. Bíodh a fhios ag cách ná fuil ag a dhéanamh agus rl. ag an ughdar, agus ní mó atá againne. Ní indé thárla do isan nGaedhilg in ionad ag isan gcás sin; atá an méid seo i seanleabhar Milan: atá nech du bar ndéicsin, 82 a 7. Ag so an dá cheann aca ar ghualainn a chéile: an tríocha mac ríogh fíl occut-sa ic léigiund, meisi oc a n-umalóit agus do thastiol na tuath d'iarraidh almsan dóibh (Beatha Moling, l. 10 ). Atá ar an chrann agus ar an gcrann agus rl., le fagháil isan leabhar so. 7. — DON CHONIUNCTIO. Ní fhuighfear acht agus againn ar et. Níor sgríobhamar mar acht muna. Atá maiseadh (máiseadh) againn in ionad maise. Atá 'ná againn go formhór ar quam, acht measaimid go bhfuil ná againn ar an bhfocal céadna. Atá nó agus ná (.i. aut agus nec) tré na chéile againn, ní nach iongnadh, mar atáid tré na chéile isan nGaedhilg le cian d'aimsir. Ní bheadh a fhios agat cad ba cheart duit do sgríobhadh,
óir ní fhuil acht no ag an ughdar ar quam agus aut agus nec. Atá nuair agus an uair againn; an uair ba ghnáthaighe isan seanleabhar. Atá nachar agus nár ag an ughdar agus againne. 8. — DO MHÍNIUGHADH NA BHFOCAL NÁ FUIL I BHFOCLÓIR CUMAINN NA SGRÍBHEANN NGAEDHILGE. Atá tri chinéal focal in ar ndiaidh annso, mar atá (I) na focail ná fuil isan bhfoclóir ar aon chor, (2) na focail atá isan bhfoclóir acht ná fuil ciall chubhaidh don leabhar so ann, agus (3) na focail atá isan bhfoclóir agus litriughadh eile orra seach litriughadh an leabhair seo:
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services