Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóirí Mhuighe Nuadhad IV

Title
Seanmóirí Mhuighe Nuadhad IV
Author(s)
Ua Ghallchobhair, Séamus,
Compiler/Editor
Breathnach, Pól, An tAthair
Composition Date
1911
Publisher
Muintir Ghoill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Chum an Léaghthóra.



SÉAMUS UA GALLCHOBHAIR, dochtúir diadhachta, easbog
Rátha Bhoth, do sgríobh na seanmóire atá isan leabhar so
Ní heól dúinn mórán de dhálaibh a shaoghail. Ag so in ár
ndiaidh beagán fuaramar i leabhar do sgríobh Uileóg de
Búrca .i. an canónach, ar a bheathaidh:



1681. — Rugadh é isan mbliadhain seo. Is dócha gorab
i dTír Chonaill, láimh le hEas Ruaidh, tárla a bhreith.



Dochuaidh sé go Paris, agus dá éis sin gus an Róimh do
dhéanamh léighinn agus foghluma, acht ní fios cathuin do-
chuaidh.



1704. — Isan mbliadhain seo dorinneadh áireamh ar a
raibh i nÉirinn de shagartaibh le Sasanachaibh, agus ó ná
fuil ainm Shéamuis uí Ghallchobhair ar an áireamh sin is é
tuigthear as ná raibh sé in a shagart i nÉirinn an tráth sin.



1725. — Dorinneadh easpog Rátha Bhoth de isan mbliadh-
ain seo i nDroichead Átha. Ba é árd-easpog Árdmacha
tug grádh easpoig air agus Brian Mac Mathghamhna .i.
decanus agus uicarius apostolicus Clochair, agus
Uilliam ua Raghallaigh .i. archdiaconus Árdmacha, tug
congnamh dó ag a thabhairt sin air.



1737. — Isan mbliadhain seo dorinneadh easpog ar
easpogóideacht Cille Dara de.



1751. — Séamas ua Gallchobhair, easpog Cille Dara,
dfhágháil bháis an bhliadhain seo. Do hadhnaiceadh i
nAlmhain é, áit i bhfuil a uaigh gus indiu.



Cuirfeam síos annso tuairisg ar a leabhar agus ar na
bliadhnaibh in ar cuireadh i gcló é. Is é Séamas Ua
Casaide atá in a chomhnuidhe i mBaileáthacliath do chuir an
tuairisg le chéile:-


L. xii


An Clódóir, agus c. Fear-Eagair. Cuma. Meud. Leabharlann ina bhfuil an leabhar.



†Níor bhféidir linn an leabhar so d'fhagháil lá dá rabhamar ag a thóiridheacht.



‡Séamus Ua Casaide. §Atá tiontódh go
Béarla ar na seanmóiribh isan leabhar sin.


L. xiii


Ón chéad lá do clóbhuaileadh an leabhar gus an mbliadhain
1877 níor clóbhuaileadh in aon áit é acht i mBaileáthacliath.
Ba iad na gnáithlitre Rómhánacha do cuireadh ann gach aon
uair do cuireadh cló air acht nuair do chuir Uileóg de Búrca
cló air i dTuaim dá Gualainn isan mbliadhain 1877 do chuir
sé litre ann ná raibh a leithéid i nÉirinn riamh ná ó shoin, mar
atá d g m p agus an chuid eile díobh mar sin. Níor chuir
Seósamh Ua Gallchobhair sagart i gcló acht dá sheanmóir isan
mbliadhain 1900, agus ba é an tseinlitir Ghaedhealach do
chuir sé in a leabhar.*



Is ceart go gcuirfidhe síos annso an tiodal agus an
tuarasgbháil do bhí ar an chéad leathanach den leabhar gach
aon uair tárla athrughadh crotha air. Ag so in ar ndiaidh é
amhail fuaramar é ón Séamas ua Casaide céadna do
luaidheamar rómhainn:



*Do gheóbhthar dá sheanmóir do sgríobh an Dochtúir Ua Gallchobhair i
measg na seanmóir atá i Seanmóiri Mhaighe Nuadhad, ceann aca ag
leathanach 172 in imleabhar a haon (1906), agus an ceann eile ag
leathanach 151 in imleabhar a trí (1908).



Dogheóbhthar i ndeireadh an leabhair seo cunntas ar gach
athrughadh dár cuireamar ar fhoclaibh i gcorp na seanmóir.
Dogheóbhthar fós ann áireamh ar na foclaibh ná fuil le fagháil
i bhfoclóir Chumainn na Sgríbheann nGaedhilge.



Is cneasta dhúinn ar mbuidheachas do ghabháil le Mícheál ua
Híceadha sagart agus dochtúir diadhachta, tug roinn
leabhar dúinn ar iasacht ionnus go mb'fhusa-de do chuir-
fimís an leabhar so le céile, agus le Séamas ua Casaide,
tug leabhair agus congnamh dúinn agus iad go géar in
easnamh orainn. Do chabhruigh Roland Flower atá isan
British Museum i Lonndain linn agus is ceart a bhuidheachas
sin do bheith againn agus do luadh annso. Ní dhéanfaimíd
dearmad ar Bhrian mac Éatain, sagart, ná ar Phádraig ua
Conghaile, sagart, ba chinn chómhairle ar chuallacht Choluim
Cille i gcoláiste Phádraig i Maigh Nuadhat, mar ba
foighdeach linn iad cia gur bh'fhada do bhíomar ag cóiriughadh
na seanmóir. Atá ar mbuidheachas tuillte go maith ag an
Maynooth Union tug cabhair anmhór dúinn chum cló do
chur ar an leabhar so.



PÓL BREATHNACH



Isan Muileann Cearr dúinn,
I nIarthar Midhe,


L. 1


SEANMÓIRÍ MUIGHE NUADHAD.



An Chéad Seanmóir.



AR TÓGÁIL NA MAIGHDINE MUIRE.



"Guidh orainn na peacaigh anois agus ar uair ár mbáis"



(Briathra an Spioraid Naoimh le béal na hEaglaise Catoilice agus
do-ghní roinn den Abhe Maria).




AS AN ghearr-urnuighe seo do-ghní an Eaglais Chatoilice
is iontuigse dhíbh caidé méad an dóchus atá aici i
n-eadarghuidhe na Maighdine Muire. Chomh fada agus
bhíos an duine i ngleann na ndeór ar an tsaoghal so
bídh an cholainn dá tharraing chum na bpeacadh, bídh an
saoghal dá mhealladh, bídh luigheachán laetheamhail ag
Lucifer agus ag slóightibh ifrinn 'n-a thimchioll, bídh an
uile riachtanas agus easbhaidh air de thaobh anma agus
cuirp. Ní thig le duine ar bith le n-a mheisnigh féin
an claon agus an t-aingheall bhíos ag an gcolainn
daonda don tsaoghal do mháighistireacht; ní fhuil
comhachta ar talamh bhéarfadh buaidh ar chathuighthibh an
diabhail gan grása Dé. Cad eile, a Chríostaidhe, caidé
mar gheabham na grása so atá chomh riachtanach so againn
chum leas ár n-anama do dhéanamh? Ní fiú sinn féin,
i nach bhfuil ní ar bith ó nádúir acht olc agus ainmhian,


L. 2


bhíos go laetheamhail ag briseadh aitheanta Dé agus a
dhlighidh, atá foluighthe ó cheann go cois le lubhra an
pheacaidh, dul ag iarraidh na ngrása so ar an té ar a
mbímid ag cur feirge go laetheamhail. Ó, cad eile,
cia ar a n-iarrfam é, mar sin? Cia an caraid nó an
duine muinteardha ar a dtabharfam aghaidh ó rinneamar
námhaid dár gcaraid ionmhuin Críost? Atá, a cháirde,
ar an Mhaighdin Muire. Is ar a láimh atá an díoghaltas
thuill ár bpeacaidh thiontódh uainn. Is tríd lámhaibh
Mhuire thig gach cabhair agus congnamh ó Dhia chugainn.
Is í an tsruthán í as a dtig uisge thobar na ngrása
'n-a thuile chugainn. Is dá dhruim seo órduigheas an
Eagluis dúinn an urnaighe úd do rádh go minic, "Guidh
orainn na peacaigh, agus rl."



Léighmid i Leabhar na Ríghthe go ndeachaidh an bhainrioghan
Betsabee d'iarraidh athchuinge ar a mac Solamh mac
Dáibhidh. Nuair do chualaidh an rí í bheith ag teacht,
chuaidh 'n-a hairicis go luathgháireach, rinne umhlughadh
agus onóir di agus chuir ar a dheas-láimh 'n-a chathaoir
ríoghdha í, dubhairt léi gach ní theastóchadh uaithe 'iarraidh
go dána agus nach ndiúltfadh féin aon ní uirthe d'iarr-
fadh sí. Mar an gcéadna, tar éis Muire Baintighearna
do chaitheamh a téarma ar an tsaoghal so agus gur mian
le n-a hAon-Mhac a breith chuige féin go parrthas tháinig
'n-a hairicis agus slóighte pharrthais i n-éinfheacht leis,
d'árduigh í idir chorp agus anam go flaitheamhnas, chuir
Críost ar a dheas-láimh 'n-a suidhe í, thug dí an uile
chumhacht ar neamh agus ar talamh faoi féin, gheall di
nach bhfuil athchuinge ar bith d'iarrfadh nach bhfuigheadh.
Is ar an árdughadh iongantach rinneadh ar Mhuire go
parrthas, agus na mór-ghrása dhoirteas anuas orainn
is mian liom trácht indiu tar éis mo chomhrádh 'roinn
'n-a dhá phoinnte. Hárduigheadh Muire go parrthas
ar modh iongantach éagsamhail, sin an chéad phoinnte;


L. 3


bídh sí 'n-a hadhbhacóid agus 'n-a mnaoi impidhe idir
sinne agus a hAon-Mhac, sin an dara poinnte.



An chéad phoinnte. Nuair thig bainríoghan ar bith go
nua chum ríoghachta nó chum cathrach bídh spéis agus
dúil ag an uile dhuine a faicsin, théid an t-uasal agus
an t-íseal, an lag agus an láidir, an bocht agus an
saidhbhir 'n-a hairicis agus dá fáiltiughadh; ní bhíonn ní
ar bith le faicsin acht féastaí dá gcaitheamh, fíonta dá
ndortadh, gunnaí móra dá scaoileadh, cruit agus orgáin
dá seinm, seoda mór-luaigh dá bpronnadh don bhain-
phrionnsa so, i n-aon fhocal, an uile shórt solamain
agus subhailce ghníthear le linn prionnsa nó bain-
phrionnsa theacht ag glacadh seilbhe ar an gcoróin.
So an ní ghníthear, adeirim, leis na prionnsaíbh talmhaidhe,
acht ní fiú áireamh nó innsin aon ní dá mhéad is féidir
do dhéanamh ar talamh i bhfarradh na solmainne agus an
tsubhailce taisbeánadh i bparrthas le linn bainrioghan
fhlaitheamhnais dhul ag glacadh seilbhe ar choróin na glóire.
Tánaig na naoi n-óird ainglidhe 'n-a hairicis agus iad
ag seinnm amhrán binn agus cantic molta. Thánaig,
mar an gcéadna, na fáidhe, na patriarca, agus na
na heasbail, naoimh agus ban-naoimh parrthais go hiom-
lán; bhí parrthas go huile ar aon choimh-sheinnm ceólta,
fáilte, agus molta roimh an bhainríoghain Muire.



Ba leór a mhéad so, dar leat, a chríostaidhe, d'onóir
do dhéanamh fa chomhair créatúir ar bith ó Dhia anuas, acht
níor mhór le Críost ní ba mhó ná so do dhéanamh dá
mháthair; chuaidh sé féin 'n-a hairicis, coróin na glóire ar
a cheann, gaethe agus deallramh na glóire 'n-a ghnúis; ghlac
a mháthair go soilbhir subhailceach; thug leis ar láimh í i
bhfiadhnaise an Athar shíorraidhe, agus adubhairt leis: "So
a Athair, an bhean do thogh tusa ón tsíorraidheacht
chum a beith 'n-a máthair agamsa, so an bhean rinne ariamh
do thoil agus nachar chlaon ariamh do dhligheadh do


L. 4


bhriseadh, so an bhean bhí 'n-a sompla agus 'n-a patrún
ionnracais agus cneastachta ag fearaibh agus mnáibh an
domhain. De bhrígh, ar an t-Athair síorruidhe, a Mhuire,
go ndearna tú mo thoil-se ar an tsaoghal, agus nachar
thrualligh tú ariamh do choinsias le brúdar ar bith peacaidh,
bheirim dhuit mar phronntanas agus mar luach saothair
bheith rannpháirteach in mo chomhacht. Maiseadh, bheirim-se
dhuit, ar an Mac, bheith do mháighistreas ar mo
thrócaire. Bheirim-se dhuit, mar an gcéadna, ar an
Spiorad Naomh, bheith rannpháirteach in mo chríonnacht
agus in mo mhaitheas; órduighmid dhuit ó indiu amach bheith
'do bhainríoghain ós cionn na n-aingeal agus na n-arch-
aingeal, ós cionn naomh agus ban-naomh pharrthais go
hiomlán.



Ó, a Mhuire, a Bhainríoghain na cruinne, is mór an céim
seo agus an onóir fuair tú ós cionn naomh an domhain, acht
ní fhuarais ní nachar bhfiú thú. Molaim thú ó mo chroidhe
agus ó mo thoil. Is deimhin gur fíor an ní adubhairt
Elisabeth, máthair Eoin Baiste, leat gur beannuighthe
thú thar na mnáibh (Luc. i. 42).



Ní hiongnadh liom, a cháirde, go mb'fhéidir le anam
ghlórmhar Mhuire í féin d'árdughadh i móimeint ón dtalamh
go neamh, de bhrígh gur féidir le gach spiorad, olc agus
maith, dhul i ngearr-aimsir ó réagún go réagún agus ó
chearn an domhain gonuige an cearn eile; acht is iongnadh
liom caidé mar b'fhéidir leis an gcorpán cré bhí timcheall
na hanma so dhul suas an bealach cumhang cruaidh úd
thriallas go parrthas gan cuidiughadh gan gléas iomchair.
Is feasach sibh nach árdughadh ghní an ní bhíos trom, acht
ísliughadh agus tuitim chum talmhan. Cad eile, caidé
an modh ar a ndeachaidh an cholann daonna úd Mhuire ón
talamh go parrthas? Atá, a chríostaidhe, hiomchradh an
corp glórmhar so i gcóiste ór-bhuidhe ornáilte le clochaibh
uaisle agus le péarlaíbh mór-chostasacha. Acht caidé an


L. 5


t-adhmad mheasas sibh dá ndearnadh an cóiste seo? Nó
cad iad na heachraidh bhí dá tharraing? Atá, a chríostaidhe,
deagh-oibreacha agus deigh-ghníomhartha Mhuire. Seo féin an
t-adhmad dá ndearnadh an cóiste úd, seo na péarlaí, seo
na clocha uaisle chuir maise agus áille ar an gcóiste úd;
seo an gléas iomchair, seo na sgiatháin árduigheas gach
naomh go geata parrthais. Ar an taobh eile, gach duine
malluighthe nach ndéan lón nó stór de na deigh-ghníomhar-
thaibh ar an tsaoghal so, i n-áit árdughadh suas, is é thuiteas
le trom-ualach a bpeacadh go fíor-íochtar ifrinn. Ní
bhíonn 'athrughadh de chóiste aige acht cóiste teintidhe agus
diabhail ifrinn dá tharraing (Sal. x. 7).



Tuigidh sibh anois, a cháirde, caidé an sórt cóiste i n-ar
hiomchradh corp glórmhar Mhuire, mar do bhí, a deagh-oib-
reacha agus a deigh-ghníomhartha. Acht ní móide go dtuigeann
sibh cad iad na heachraidh bhí dá tharraing. Is iad eachraidh
bhí ag tarraing an chóiste úd na subhailce neamhdha bhí ag
Muire; agus ar son go raibh na huile shóirt subhailce innte
b'fhéidir bheith i gcréatúr daonna ar bith (ar módh go
mb'fhéidir a rádh léi go raibh sí 'n-a stóir-chiste lán d'ion-
racas, do ghlaine choinsiais agus de chrábhadh), gidheadh, bhí
ceithre príomh-shubhailce aice i gcéim do-innse, mar do
bhí, umhlacht, geanmnaidheacht, carthanacht agus foighid.



Is urusa, dar leat, a chríostaidhe, Muire Bhaintighearna
do mholadh, gidheadh, cibé dhearcfadh ar an gcás go grinn
is ní é atá do-dhéanta dócamhlach. Má dhearcamuid ar
Mhuire 'thaobh a colna, is urusa, gan amhras, a moladh de
bhrígh nach bhfuil sgéimh, áille nó deise dá mb'fhéidir le
colainn daonna ar bith bheith innti nach bhfuair sí ón Athair
síorraidhe an uair do chruthuigh í agus do thogh í chum a beith
'n-a máthair ag a Mhac. Má dhearcamaid ar Mhuire 'thaobh
a hanma, is deimhin go bhfuair sí oiread tiodhlacadh agus
grása ó n-a hAon-Mhac ins an móimeint do ghlac sé
colann daonna fá n-a broinn is b'fhéidir le créatúr ar


L. 6


bith do ghlacadh nó a bheith aige. Atá mar sin, a chríostaidhe,
na grása agus na tiodhlactha so fuair Muire 'thaobh anma
agus cuirp chomh éagsamhail iomadamhail sin ar mhodh nach
féidir le inntleacht daonna ar bith a dtuigsin, nó le
teanga ar bith a luadh mar is cóir. Dá gcuirinn romham, a
chríostaidhe, Muire baintighearna 'mholadh 'thaobh a humhlachta,
gheobhaidh mé an iomad naomh agus ban-naomh do bhí umhal,
d'úir-ísligh iad féin chomh mór sin ionnus go sílfeá nach
raibh meas daoine aca ortha féin ar chor ar bith. Acht
'n-a dhiaidh seo agus uile níor bh'fhéidir leó thidheacht i
ngaobhar umhlacht Mhuire. Lean an mháthair sompla a
Mic d'úir-ísligh é féin chomh mór sin gur ghlac sé foirm
sglábhaidhe ar an tsaoghal agus gur fhuiling sé bás sganna-
lach na croiche. Nuair fuair sí ó bhéal an aingil gairm
bainríoghna ar an domhan uile, is é dubhairt sí go húir-íseal
umhal nach raibh innti acht sglábhaidhe nó bean fheadhma an
Tighearna. Do lean Muire an príomh-léigheann úd theagasg-
thar i sgoil Chríost, mar atá, an té le ar mian é féin d'árd-
ughadh i bparrthas go gcaithfidh é féin d'úir-ísliughadh ar an
tsaoghal so. D'úir-ísligh sise í féin chomh mór sin faoi
chosaibh an tsaoghail, agus, dá dhruim seo, hárduigheadh í
chum na háite is áirde faoi an Trionóid i bparrthas.



Ó, a mhná uaibhreacha bródamhla an tsaoghail seo nach
nglacann spíd nó tarcuisne ó neach dá maireann, le
ar mian tús suidhe agus toiseach bealaigh i ngach cóisir
agus in gach comh-chruinniughadh, is díreach ghlacas sibh bealach
contrárdha do léigheann Chríost agus Mhuire, agus de bhrígh
gur mian libh sibh féin d'árdughadh ós cionn an domhain,
ísleóchthar sibh faoi chrúbaibh diabhail i n-ifreann.



Cuir i gcás, a chríostaidhe, go molfainn Muire tríd
a geanmnaidheacht agus a glaine choinsiais, gheóbhaidh mé ins
an am gcéadna an iomad maighdean nár thruailligh riamh
a gcolann le commasg fir ar bith; acht an bhfacas nó an
gcualas ariamh bean ar bith bhí 'n-a máthair agus 'n-a


L. 7


maighdin i n-aoinfheacht, mar do bhí Muire? Má mholaim
Muire tríd a carthannacht caithfidh mé an iomad eile
do mholadh ag a raibh grádh an-mhór ar Dhia. Léighmid ar
an iomad thug cúl don tsaoghal, phronn a maoin arus a
substaint ar bhochtaibh Dé agus sin uile mar gheall ar Dhia.
Ó, ní raibh acht fuar-ghrádh i n-aon ní díobh so i bhfarradh an
ghrádha éagsamhail do bhí ag Muire ar a Cruthuightheoir. Bhí
a croidhe mar fhuirnéis ar lasadh le iomad grádha agus
geana ar Chríost. Má dhearcaim ar an fhoighid do bhí ag
Muire, chífidh mé mar an gcéadna an iomad mairtírí,
mná agus fir, do céasadh agus do crochadh, do loscadh ar
ghreidilibh, bruitheadh i gcoiríbh, do tarraingeadh idir
eachraidh, d'fhulaing an uile shórt pian go foighideach fonn-
mhar mar gheall ar Dhia. Ó, a chríostaidhe, sin agus a mhíle
oiread dá bhfuileóngadh siad, ní raibh ann uile acht súgradh
i bhfarradh na gcúig saighead nimhe chuaidh tríd chroidhe
Mhuire, na gcúig dólás d'fhuiling sí seo 'n-a hAon-Mhac
Críost.



Ó, a bhainríoghan na n-aingeal, dá mbeith m'inntleacht-sa
láidir nó tábhacht in mo bhriathraibh, le mb'fhéidir liom do
shubhailce neamhdha chur síos mar is cóir, ní bheinn choidhche
tuirseach de d' mholadh. Acht de bhrígh gur ní é sháruigheas
mo lag-chéadfaidh, glacaim anois mo chead leat chum
níos fuide 'ná solus beag do thabhairt don phobal ar na
mór-ghrásaibh bheir tú gan chuimse do gach aon chuireas a
dhóchas ionnat, ní ar ar gheall mé trácht ins an dara poinnte
de mo chomhrádh.



An dara poinnte. Nuair tháinig an prionnsa comhach-
tach Constantín chum bheith i n' impire ar na Romhánachaibh,
chuir fios gan mhoill ar a mháthair Helena, thug suas fa n-a
comhachta gach saidhbhreas agus gach ionnmhas bhí 'n-a óir-
chiste; thug cead dí gach ór agus gach airgead bhí ann do
phronnadh do réir a tola. An áit a raibh impire talmhaidhe
chomh muirneach onórach so fá chomhair a mháthara, an measann


L. 8


sibh go raibh impire an domhain, Críost, níos dítheamhla le
n-a mháthair Muire? Ó, ní raibh, a chríostaidhe; chomh luath
is chuir sé coróin na glóire ar a ceann i bhflaitheas, rinne
maighistreas di ar ionnmhas neamhdha na trócaire, ionnus
go mb'fhéidir léi grása na haithrighe thabhairt do na peaca-
chaibh, sláinte do lucht an tinnis, sólás do lucht an dubhróin,
cabhair do lucht an riachtanais, agus méadughadh grása do
na fíréanaibh.



Atá dá thobar ag Muire as a sileann sí na mór-thiodhlactha
bheir sí don domhan, mar atá, an dá chích chorra geala dhiúl
Críost 'n-a leanbh. As an chích dheis bheir sí bainne na
ngrása 'n-a thuile do na fíréanaibh, agus as an chích chlé
rannaidh sí saidhbhreas na trócaire ar na peacachaibh. 'Sí
an chíoch dheas so dhiúl na haithreacha naomhtha tháinig romhainn,
mar bhí, Naomh Ieróm, Naomh Augustín, Naomh Biornárd,
Naomh Proinsias, agus gach naomh eile do bhí ann ó thús an
tsaoghail. Is de dhruim an chrábhaidh agus na honóra do bhí aca
fá chomhair Mhuire hárduigheadh iad chum a mbeith 'n-a réal-
taíbh soillseacha glórmhara i bparrthas. As an chích eile
silidh Muire an trócaire 'n-a tonnaibh ar na peacachaibh,
agus dá bhrígh seo, níl peacach ar bith dá mhéid agus
dá ghlonnmhaire cortha, má bheir aghaidh ar Mhuire, nach
bhfuighidh furtacht agus trócaire.



Léighmid ar an iomad bhí réidh leigthe chum ain-íd agus
droch-bhás thabhairt dóibh féin as éadóchas agus droich-mhis-
neach fá thruime agus méad a bpeacadh. Chomh luath agus
bheireadh siad aghaidh ar Mhuire gheibheadh siad dóchas agus
misneach. Léighmid mar an gcéadna ar an iomad thug
scríobhtha le n-a gcuid fola iad féin suas don diabhal.
Ní luaithe bheireadh aghaidh ar Mhuire agus mhaoidheadh sise a
hAon-Mhac, ná gheibheadh siad an sgríbhinn ar ais ón droch-
spiorad agus do shabháladh iad ar ifrionn. Mar sin, ní
gan adhbhar órduigheas ár naomh-mháthair, an Eaglais, dúinn
aghaidh thabhairt go minic leis na briathraibh úd, "a naomh
Mhuire, Máthair Dé, agus rl."


L. 9


Atá dhá ní agat le breathnughadh, a chríostaidhe, ins an
urnaighe seo do-ghní tú chum Mhuire: an chéad ní, go n-ag-
rann tú í bheith ag guidhe ar do shon anois (glac greim ar an
bhfocal so) agus ar uair do bháis. Anois, adeirim, an uair
atá an t-am agat, an uair atá tú in do chéadfaidh agus in
do shláinte, ar an adhbhar, an té leigeas an t-am thairis
anois agus nach ndéan urnaighe, trosgadh, nó deigh-ghníomh
chum Dé nó chum Muire nó go dtig tinneas guasachtach an
bháis air, is baoghalach dó nach bhfuighidh sé trócaire nó grása
ó Dhia nó ó Mhuire, mar adeir an dochtúir naomhtha Aguistín
ag dearbhadh go "bhfuil an aithrighe mhall ró-chontabhairteach."
Nuair atá an t-am agaibh, deir Críost, déanaidh dícheall
agus dúthracht le leas bhur n-anma do dhéanamh, amhail is
mar déarfadh sé, "anois in san bponc so na beatha,
déanaidh lón agus stór, ar an adhbhar, tiocfaidh oidhche an
bháis agus síorraidheacht na bpian i nach mbeidh éisteacht
ná trócaire le fagháil agaibh ó Mhuire ná ó n-a hAon-Mhac
Críost."



An dara ní atá le breathnughadh agat in san Abhe Maria,
mar atá, go n-agrann tú Muire bheith ag guidhe ar do shon
ar uair do bháis. Agus ní gan adhbhar, do bhrígh, má tá
congnamh Mhuire riachtanach i n-am ar bith, atá sé, gan amhras,
ró-riachtanach in san bponc chritheaglach úd an bháis. So an
ponc, a chríostaidhe, i n-a dtig an bás mar leomhan
chraosach neamh-thrócaireach i d'aghaidh. Loitidh agus tollaidh
an croidhe agus na baill uile le n-a ghaethibh agus le n-a
shaighdibh nimhe. Ní fhágann lúth ná mothughadh in san teangaidh
le Dia do mholadh nó chum párdún d'iarraidh. Fágaidh
an croidhe fuar siocaighthe chum na haithrighe nó chum leas
ár n-anama do dhéanamh. So an ponc in a dtig Lucifer
agus a shlóighte mallaighthe mar shluagh beach i n-ár dtimcheall.
Sgaoilidh gach diabhal aca a ghath nimhe leis an anam. Ghníd
fál agus mainnear 'n-a thimcheall mar shúil go dtiocfadh
leo gach grása agus gach teagasg gheibh an duine do mhúchadh.


L. 10


Ó, a dhuine mhalluighthe, bheir th'anam agus do cholainn míle
uair don diabhal, tiocfaidh sé an lá úd ag glacadh seilbhe
ar an bpronntanas so. Tiocfaidh i n-aoinfheacht leis diabhal
na drúise agus na sainte, diabhal an fhuatha agus na feirge,
diabhal an uabhair agus na leisge, agus gach ainspiorad
eile dá raibh tú ag déanamh seirbhíse riamh in do bheatha.
Aigeóraidh gach ainspiorad aca a cheart ar t'anam. Ó, a
pheacaigh mhalluighthe, chaith t'aimsear riamh le diombail agus
le dosgaidh, nachar stop ariamh ón bpeacadh agus chuir
suas do gach deigh-ghníomh, sin thú anois ins an bponc dhéidhea-
nach úd an bháis agus luigheachán marbhthach ag do náimhdibh uile
'do thimcheall. Cia an taobh a dtabharfaidh tú th'aghaidh
le congnamh d'fhagháil 'n-a n-aghaidh Ar ndóigh, ní ar Chríost
iarrfas tú cabhair dá ndearna tú dearg-namhaid riamh
in do bheatha. Má 'seadh, déarfaidh sé leat gur leig tú
an t-am thart, gurab é aimsear na beatha aimsear na
trócaire, agus aimsear an bháis aimsear díoghaltais agus
dí-cheannuighthe. Má shíleann tú congnamh d'fhagháil ó
aingeal do láimhe deise, is fada ó thréig sé thú fá do dhroich-
bheatha. Chomh luath is rinne tú an peacadh, ghlac aingeal na
láimhe clé seilbh ar a phosta. Cad eile, a dhuine dhona, cia
an taobh a dtabharfaidh tú anois th'aghaidh? Sin an uile
bhealach dúnta romhat. Ó, atá, a chríostaidhe, ar bhain-
ríoghain na trócaire, Muire. Ó chuir Críost a thrócaire ar
láimh na mná nár dhiúlt trócaire riamh ar aon neach d'agair
í, níl adhbhar éadóchais nó droch-mhisnigh agat gan déirce
don trócaire d'iarraidh ar bhainríoghain na trócaire.



Críochnóchaidh mé mo chomhrádh le uirsgéal haithristear
ar dhuine áiridhe bhí ró-dheaghmhóideach cráibhtheach chum Muire,
do-ghníodh go minic trosgadh agus urnaighe 'n-a honóir,
acht tháinig de chathughadh air fá dheireadh go bhfacas dó nach
ndearna Muire seirbhís ar bith áiridhe dhó dá chionn so.
Ba é toil na Maighdine Muire thidheacht ar chuairt chuige lá
áiridhe agus adubhairt leis: "Atá tusa ag éagcaoin orm


L. 11


fa laighead na seirbhíse rinne mé dhuit i n-áit gach guidhe agus
urnaighe rinne tú chugam. Nach cuimhneach leat a leithéid
agus a leithéid seo eile de dhuine fuair bás obann gan
sacramainte nó friothálamh na heaglaise? Nach cuimhneach
leat an iomad fuair bás de phláigh agus d'aicídeachaibh coimh-
ightheacha? Nach cuimhneach leat an iomad chaill a gclann,
chaill a maoin, chaill a sláinte, agus caidé shabháil
thusa ar gach ní díobh so tharsta-san? Ó, atá, Dia uile-
chomhachtach tré m'impidhe-se. Mar sin, níl adhbhar éag-
caoine agat; téigh ar th'aghaidh agus bí níos dúthrachtaighe
anois in mo sheirbhís-se ná riamh aroimhe, agus beidh mise
ar a shon agat." An chomhairle chéadna thug Muire don
fhear úd, bheirim-se díbh-se, a cháirde. Téighidh ar bhur
n-aghaidh i seirbhís Mhuire; cuiridh bhur ndóchas agus bhur
misneach inte; abraidh an urnuaighe úd go minic, a Naomh
Mhuire, mháthair Dé, guidh orainn, agus rl. Má ghní sibh seo
bhéarfaidh Muire cabhair agus congnamh dhíbh ins an tsaoghal
so agus gheabhaidh díbh le n-a himpidhe an ghlóir shíorraidhe
i bparrthas. Amen.


L. 12


An Dara Seanmóir.



AR AN mBREITHEAMHNAS DÉIDHEANACH.



Chífid an tan sin Mac an Duine ag teacht i n-a néal maille re
comhacht ró-mhór.



(Briathra Chríost ag Lucás, an seachtmhadh ran is fiche in san chéad
chaibidil is fiche.)



CHUALA sibh, gan amhras, caidé mar tháinig an díle ar an
domhan anallód; caidé mar d'éirigh an fhairrge mhór
ós cionn gach sléibhe, dá aoirde, agus caidé mar sgrios
sí an cineadh daonna, agus gach ainmhidhe bhí ar an tsaoghal,
acht Naoi agus gach aon do bhí i n-éinfheacht leis in san airc.
Cuiridh an sgrioptúir dhiadha so síos i leabhar Genesis, agus
gach ughdar eile do sgríobh ar an aimsir ó shin anuas. Ní
fhuil contabhairt 'n-a cheann so ag duine ar bith ghéilleas do
bhriathraibh Dé in san sgrioptúir. Acht b'fhéidir go bhfuil
sibh i n-ainbhfios caidé an fáth fa ndearna Dia an trom-
dhíoghaltas so ar an chineadh daonna. Máiseadh, ionnus nach
mbeidh sibh amhlaidh níos fuide, bheirim-se dearbhadh sgéala
dhíbh gurb é b'adhbhar agus ba siocair don ár agus don
sgrios tháinig ar an tsaoghal an peacadh. So an fáth, so an
ócáid fár báidheadh ríoghachta agus náisiúin, bailte móra
agus cathracha, agus lucht áitreabhtha an domhain. So an
t-adhbhar fár tharraing Dia claidheamh an díoghaltais an dá
fhaobhar, ó nár imthigh sábháilte acht ochtar fuaras cneasta
deagh-iomchair i bhfiadhnaise Dé


L. 13


Máiseadh, má's adhbhar an peacadh fa dtig trom-dhíoghal-
tas Dé ar na daoinibh, an dtáinig aimsear ar bith riamh dar
baoghalaighe fearg agus díoghaltas Dé ná an uair seo? An
dtáinig aimsear ar bith ariamh i n-a raibh na lochta níos
iomadamhla, na dubhailce níos coitchinne agus na peacaidh
níos madramhla, ná ar an uair seo? An féidir a rádh roimhe
an díle go raibh na bréaga níos iomadamhla, na mionna móra
níos minicighe, drúis agus adhaltranus níos madramhla,
éagcóir agus leathtrom na comharsan níos coitchinne, idir
an uile shórt daoine, ná ar an uair seo? D'fhuaraigh an
crábhadh, d'imthigh an chaondúthracht, díbreadh an charthanacht. Ní
fhuil 'n-a n-áit againn acht easbhaidh creidimh, briseadh saoire,
díbheirge agus danardhacht i n-aghaidh ár gcomharsan. So na
peacaidh dhíbreas ríghthe, sgriosas náisiúin, fhágas tíortha n-a
bhfásach. So na peacaidh thug léirsgrios ar Éirinn, thug a
ndúithche agus a bhfearann do náisiúnaibh eile, agus, Ó,
mo mhíle truaighe, nach bhfuil siad n-a mhuinighin seo. Is
measa liom go mór iad do bheith ag cailleamhain go
laetheamhail a dteideal chum dúithche na Tríonóide tríd a
ndroch-bheathaidh.



Roimhe Dia do chur an díle ar an domhan, chuir fáidhe agus
seanmóntaidhe i measg na bpoibleach chum rabhadh do thabhairt
dóibh ar an mbaoghal ina raibh siad, acht muna dtionntóchadh
siad ar Dhia leis an aithrighe. Ba lór fad na foighide, dar
leat rinne sé leó ar feadh an céad bliadhain bhí an airc dá
déanamh. Ní fhuil buille d'órd buaileadh uirre nachar lór
a mhéad dóibh é mar sheanmóntaidh chum a músgailt as an
tsuan mharbhthach ina raibh siad. Ní raibh maith ann. Chuaidh
siad ar a n-aghaidh ins an mbealach fhairsing thriallas go
hifrionn. Thréig siad Dia do chruthaigh iad, agus chuaidh
siad faoi bhrataibh an diabhail do mheall iad. Is díreach an
tóraigheacht bheir peacaigh na haimsire seo don mhuintir
úd. An bealach céadna ghaibh siad-san, atá sibh-se dá lean-
mhain. Acht an dtiocfaidh sibh-se as níos fearr ná iad-san


L. 14


ag deireadh bhar scríbe? Ní thiocfaidh gan amhras. An íd
chéadna fuair siad-san, gheóbhaidh sibh-se acht muna leasuighidh
sibh bhar mbeatha.



Ní gnáth le ceart Dé trom-dhíoghaltas do dhéanamh ar na
puibleachaibh gan rabhadh, agus dá bhrígh sin atáim-se ag
teacht chugaibh-se indiu mar theachtaire ó Dhia le fuagra
thabhairt díbh, acht muna leasuighidh sibh bhar mbeatha agus muna
ndéanaidh sibh an aithrighe, go bhfuil sibh i gcontabhairt bheith
damanta. Agus de bhrígh go bhfeicim nach bhfuil grádh Dé,
do chruthuigh agus do cheannuigh sibh, ag bain tionntódh nó
mothuighthe as bhar gcroidhthibh, is mian liom solus éigin
thabhairt díbh indiu ar an modh uathbhásach i dtiocfaidh Críost
an lá déidheanach chum díoghaltais do dhéanamh ar na
peacachaibh, mar shúil go dtabharfaidh criothnughadh roimh an
bhreitheamh borb so oraibh tiontódh ar Dhia agus bhar mbeatha
'leasughadh, ní dhéanfas mé tar éis mo chomhrádh 'roinn in
dhá phuinte. Tiocfaidh Críost an lá déidheanach 'n-a bhreith-
eamh uathbhásach, sin an chéad phuinte. Tiocfaidh sé 'n-a
bhreitheamh cruadálach agus sgarfaidh na fíréin ó na peacach-
aibh, sin an dara puinte.



An chéad phuinte: Mheas an Spiorad Naomh le béal
Ecclesiasticus nach bhfuil duine ar bith smuaineóchadh nó
dhearcfadh go grinn ar uathbhásaighe an bhreitheamhnais dhéidh-
eanaigh ar bhféidir dó bheith chomh mór sin ar mire agus go
dtuillfeadh fearg an bhreithimh dhíoghbhálaigh úd thiocfas an lá
déidheanach. Is dá dhruim seo adeir nach bhfuil duine ar bith
ag a mbeith gnáth-chuimhne ar a chríochaibh déidheanacha ar
bhféidir dó peacughadh go bráth.



Is ins an chéill chéadna scríobhas an dochtúir naomhtha Basil
bhí 'n-a lóchrann le foghluim agus le naomhthacht i n-a aimsir.
Má thairgeann, adeir sé, an diabhal do mhealladh, an
saoghal do chealgadh, nó an cholann chlaon do tharraing chum
na bpeacadh, smuain ar uathbhásaighe an bhreitheamhnais, as
chruadálaighe an bhreithimh thiocfas ag bain cunntais asat an


L. 15


lá déidheanach, agus ní féidir duit gan buaidh do bhreith
orra.



Dubhairt an taoiseach naomhtha cródha úd an phobail Abhra,
Maoise, as iomad dóláis agus imnidhe fa n-a mhuintir, na
briathra seo le cuid díobh bhí tugtha do na peacaidhibh, rinne
neamh-bhrígh de Dhia agus dá dhligheadh, age n-a raibh a
gcroidhthe dúnta i n-aghaidh grádha agus eagla Dé: Ó, a
dhrong neamh-chomhairleach, ar sé, mo thruaighe nach ndearcann
nó nach smuaineann sibh ar an lá úd na feirge agus na
n-uathbhás, nó nach ndéan sibh lón ar bith fa n-a chomhair.



Is féidir liomsa an ní céadna do rádh le formhór mo
phobail gur drong iad gan inchinn; go bhfuilid ar seilbh bheith
n-a gcríostaidhthibh agus gur measa iad ná Turrcaigh agus
págánaigh, gurab é is compórd dóibh mionna móra, bréaga,
agus gairseamhalacht, go ndéanaid áthas má thig leó bun-
táiste do bhreith ar an gcomharsain — dá mba léar dhuit a
gcroidhthe, do chífeá iad lán d'uabhar, d'fhuath agus do
dhroch-rún. Ó, a dhrong mhalluighthe mhí-stiúrtha, mo thruaighe
nach ndearcann sibh ar an lá úd na feirge agus an díoghal-
tais, agus nach ndéan sibh lón éigin fa n-a chomhair.



Thug Dia órdughadh don fháidh Ieremias dul le rabhadh chum
an phobail Abhra go raibh sé ar tí díoghaltas agus dí-cheann-
adh do chor orra as siocair a ndroch-iomchair agus iomadamh-
lacht a bpeacadh. Chriothnuigh agus chosgair an fáidh chomh
mór sin ar mhodh go ndubhairt sé le Dia: Ní fhuil mé
feileamhnach chum a leithéid sin de theachtaireacht, ar an
adhbhar nach bhfuil ionnam acht leanbhán bocht; ní fhuil oiread
agus na cainte féin agam. Amhail agus mar déarfadh sé:
A Thighearna, glac mo leithscéal ar an ócáid seo; ní
fhuil ní ar bith chuirfeas tú 'mo cheann nach bhfuil mé oll-
mhaighthe fa n-a chomhair, acht gan dul le teachtaireacht chomh
truaighmhéalach dólásach so fa dhéin náisiúin ar bith; ní
fhaghaim ó mo chroidhe a leithéid do ghlacadh as láimh. Ó, a
chríostaidhe, má bhí an oiread so d'eagla ar an bhfáidh


L. 16


naomhtha so dul le teachtaireacht chum aon náisiúin amháin
go raibh díoghaltas Dé ag triall chuca, caidé an t-adhbhar
crith-eagla agus scannraidh dhamhsa dul indiu i gceann a
mhíniughadh dhíbh-se caidé an sgrios agus an dí-cheannadh, an
tár agus an díoghaltas, thiocfas ar náisiúnaibh na cruinne
an lá úd? Ba furas do Noe dul le rabhadh chum an
tsaoghail roimhe an díle go mbáidhfidhe iad uile. Bás
sócamhlach socair do dhuine a fhliuchadh nó a bhádhadh. Gidheadh,
duine do losgadh, ní fhuil bás chomh dócamhlach leis. Maiseadh,
so íd an duine an lá úd. Ní fhuil duine ná ainmhidhe, dúil
ná créatúir talmhaidhe, nach mbeidh uile fá aon bhárr amháin
teineadh. Ó, a lá chrith-eaglaigh chruadálaigh. Ó, a lá
dhíoghaltaigh dhólásaigh. Ó, gan mo shúile 'n-a loch uisce,
ionnus go ngoilfinn agus go silfinn trom-cheatha deór ag
smuaineadh go ndaimeóntar míle anam fán duine sláin-
eóchar an lá úd, nó ag smuaineadh caidé is íd dom anam
bocht féin an lá úd, cia aca rachas ar dheasláimh nó ar láimh
chlé an bhreithimh mhórdhálaigh úd, ciaca rachas sé go parrthas
nó go hifreann.



De bhrígh, a cháirde, nach bhfuil duine dá fhoghlumtha nó dá
thuigsighthe le ar féidir solus ceart do thabhairt díbh ar an
stáid dólásaigh i n-a mbeidh an saoghal an lá úd, nó ar mhór-
chomhacht an bhreithimh thiocfas i bhar gceann, ní fhuil le déanamh
againn ní is fearr ná má chuirimid ós ár gcomhair uair
dhéidheanach an bhreitheamhnais, uair i n-a mbeidh sibh féin agus
an saoghal go léir comh-chruinn ós comhair an bhreithimh seo,
uair 'n-a dtiocfaidh an nádúir uile chum éisteacht leis an
mbreith bhéarfar orra. So, a chríostuidhe, an comhacht ós
cionn an uile chomhacht mhothóchas agus chífeas clann Adhaimh go
huile.



Ionnus gur fearr thuigfimis mór-chomhacht Chríost an lá
úd, triallamaoid go gleann Iosaphat le intinn agus le
spiorad, ó's deimhin gurab éigin dúinn triall ann lá éigin
idir chorp agus anam. Taidhbhsighmid dúinn féin go bhfeic-


L. 17


imid na comharthaí iongantacha úd, ar a labhrann an scriop-
túir, ins an ngréin agus ins an ngealaigh, ins an aer agus
ins na réaltaibh, ar muir agus ar tír, ins na náisiúnaibh agus
ins an domhan uile. Caidé an chuma mheasas sibh bheas ar an
tsaoghal nuair thiocfas na comharthaí úd; nuair bheas an
fhairrge mhór ar dearg-lasadh, ag tógáil a tonn suas 'n-a
mór-shléibhtibh san aer, ag déanamh tormáin agus fuama
éagsamhla; nuair bheas na dúile i gcomh-bhuaidhreadh agus
i gcogadh le chéile; nuair bheas éiclips ar an ngréin, an
ghealach 'n-a fuil, na réalta ag tuitim as na spéarthaibh, an
talamh ar crith, na páláis agus na caisleáin ag tuitim, na
cathracha móra dá slogadh, uaighe agus tuambaí na marbh dá
bhfosgailt agus ag tleigean corp agus cnámh na marbh
asta, na daoine ag fagháil bháis le eagla agus ag eiséirghe
gan mhoill chum an bhreitheamhnais? So an lá nach bhfeicfidh
bhar súile acht teinte agus lasrach, so an lá nach gcluinfidh
bhur gcluasa acht tórnach agus tormán. So an lá stadfas
agus thriomóchas aibhneacha agus srotha, chríonóchas crainn
agus luibheanna áilne na talmhan, réabas cairrgeacha agus
clocha. So an lá a mbeidh an uile chréatúir armtha chum
cuidiughadh leis an mbreitheamh comhachtach so chum díoghaltais
do dhéanamh ar na peacachaibh. Níor bheag so, a chríostaidhe,
dar leat, chum tabhairt ar an gcroidhe is cruaidhe ar bith
pléascadh le eagla roimh an lá uathbhásach úd; gidheadh is
beag é le glóir agus comhacht an bhreithimh úd d'fhoillsiughadh.
Cuirfidh Críost, adeir an scrioptúir, na haingil mar
teachtairí, le gairm agus fuagra do thabhairt don domhan
uile tidheacht chum an bhreitheamhnais. Is lór do na teacht-
airíbh uaisle seo aon fhocal amháin do rádh i n-ainm an
Ríogh mhór-dhálaigh seo le cruinniughadh do chur ar bheóaibh
agus ar mharbhaibh ó cheithre hárdaibh an domhain; aon fhocal
amháin, dúiscfidh na mairbh atá curtha i n-uaighibh doimhne na
talmhan; an púdar agus an luaithreamhán atá gan bhrígh gan
mhothughadh leis na míltibh bliadhain mothóchaidh an lá úd an


L. 18


buabhall binn-ghlórach úd sheinnfeas na haingil ag rádh:
Éirghidh, a mhairbh, tigidh chum an bhreitheamhnais. I n-aimhdheóin
fad gach réigiúin ó n-a chéile, chomh luath agus seinnfear an
gall-trompa uathbhásach so, cruinneochaidh clann Ádhaimh ar
aon áit i móimeint aimsire le tionntódh na boise.



Acht druidimid anois níos goire, a chríostaidhe, don
mbreitheamh so, agus féachamaoid air féin agus ar an domhan
uile 'n-a thimcheall i ngleann Iosaphat. Ó, a anam mhí-
fhortúnaigh an pheacaigh, chaith d'aimsir riamh le doscaidh,
fosgail anois do shúile agus smuainigh caidé an módh ar a
dtaisbeónaidh tú tú féin ós comhair breithimh chomh comhachtach
feargach seo. Ibh-se, a lucht an uabhair, bhíos ag iarraidh tús
suidhe agus bealaigh, ní hé amháin in gach cruinniughadh agus
in gach cuideacht, acht fós ag faoisidin agus ag sacramaint
na haltóra, caidé éireóchas díbh an lá úd? Cia an t-órd
i n-a gcuirfear sibh? Ó, ní bheidh gradam ná céim agaibh as
so suas. Is uime dúiscfear sibh as an gcodladh fada bhí
oraibh, chum breitheamhnas do thabhairt oraibh do réir bhur
ngníomhartha.



Nuair do chonnairc clann Iacob a ndearbhráthair Ióseph,
do dhíol siad roimhe sin, 'n-a mhaighistir ar an Éigipt uile,
agus adubhairt sé na briathra úd leó: Is mise Ióseph do
dhíol sibh i nÉigipt, níor fhan aon fhocal aca le sgannradh
agus le eagla. Ó, a pheacaigh bhoicht, cad dhéanfas tusa
nuair chífeas tú an Ioseph fírinneach, Íosa Críost, 'n-a
bhreitheamh ort féin agus ar an tsaoghal go léir? Nuair
chluinfeas tú é ag rádh na mbríathar marbhthach úd leat:
Ibh-se, a lucht na drúise, dhíol sibh mise ar phléisiúr
móimeinte. Ibh-se, a lucht na meisce, chuireas bhur
maoin agus bhur substaint in bhur gcraos, agus
'n-a dhéidh sin, ghní óinmhidí dhíbh féin, dhíol sibh mise ar
bhuidéal uisge beathadh. Ibh-se, na ceannaidhthe, chuireas
cluain ar lucht an ainbhfiosa, bhaineas luach an ear-
raidh mhaith amach ar an droch-earradh, dhíol sibh mise ar


L. 19


thuistiún nó ar sé pingine. Ibh-se, na mná tighe, dhíolas an
duisín gan chrois gan chunntas, dhíol sibh Íosa Críost ar iarna
beag snátha. Atá ní éigin le rádh ag an uile shórt peacach
gur dhíol sé Íosa Críost i ngeall ar a phléisiúr nó ar a
thairbhe acht ag fear na mionn mór. Ó, so an peacach
dhíolas Íosa Críost gan pléisiúr gan tairbhe, gan oiread
agus snaoisín tobaca.



Atá ceist idir na diadhairibh caidé an ní is crith-eaglaighe
chífeas an duine an lá déidheanach úd an bhreitheamhnais.
B'fhéidir go measfá, a chríostaidhe, gurab é an chlaochlódh
iongantach thiocfas ar an ngréin agus ar an ngealaigh, nó
cuid éigin eile de na comharthaíbh ar ar labhramar. Ó, ní aon
chuid díobh so é, acht is é amharc is pianamhla agus is do-
fhulaingthe chífeas an peacach gnúis fheargach an bhreithimh. So
an lá éighseas an duine damanta le Iób: Ó, a Dhia,
gan a chead agam mé féin d'fholach i n-ifrreann. Má bhí
an duine naomhtha so Iób, nach ndearna peacadh ar bith
ariamh, chomh líonta so d'uathbhás agus d'eagla roimhe an
bhreitheamhnas déidheanach, ionnus go mb'fhearr leis dul
go hifreann ar feadh gearr-aimsire go dtéigheadh fearg
agus faobhar an bhreithimh thart, ná é féin do thaisbeánadh ós
a chomhair aon mhóimeint amháin, cad dhéanfas an peacach mí-
fhortúnach, thuill míle ifreann le n-a dhroch-ghníomharthaibh?
Cá bhfuighidh sé scáth nó foscadh, áit dídin nó foluighthe? Ó,
mo mhíle truaighe, atá an uile áit dúnta roimhe. Ní féidir
leis dus go flaitheas, de bhrígh nach dtéid ní ar bith truaill-
ighthe leis an bpeacadh go ríoghachta neimhe. Agus má théid
sé go hifreann féin, gheóbhaidh sé an breitheamh do-chuimse
seo roimhe ann.



Is iomdha trom-dhíoghaltas rinne Dia ar na daoinibh ó thús
an tsaoghail go dtí seo. Bháidh sé an domhan go hiomlán
leis an díle, acht an méid do bhí ins an airc. Loisc le
teinidh as na flaitheasaibh Sodom agus Gomorrha. Is
minic do sgrios pláigh agus gorta, tréan-námhaid agus


L. 20


cogadh ríoghachtaí agus náisiúin. Gidheadh a dtáinig agus a
dtiocfaidh ó thoiseach an tsaoghail go deireadh do chruas nó
do dhícheannadh, ní fhuil acht súgradh ionnta i gcomórtas leis
an lá úd. Íosa Críost féin dá dhearbhadh so ag Matha san
cheathramhadh caibidil fichead.



Cad eile, a chríostaidhe, an bhfuil ní ar bith le fagháil
mhúchfadh roimh ré na boirb-theinte úd ifrinn, atá dá
bhfadódh fa chomhair na bpeacach an lá úd? An bhfuil ní
ar bith d'fhuaróchadh na coirí fiuchacha úd ifrinn, nó mhaolóchadh
na hairm úd atá dá líomhadh ag diabhlaibh ifrinn fa chomhair
na druinge damanta? Atá, a chríostaidhe, aon ní amháin
agus ní fhuil acht aon ní, mar atá an aithrighe. Aon deór
amháin ó chroidhe, má siltear é mar ghrádh ar Dhia agus le
fuath ar na peacadhaibh, múchfaidh na teinte, fuaróchaidh na
coirí, maolfaidh na hairm, tionntóchaidh gnúis Chríost ó
n-a beith fraochmhar feargach chum a beith soilbhir subhailceach
agus tobhfaidh dúinn dul ar dheas-láimh an Áird-Ríogh in
san dealughadh díbheirgeach dhéanfas sé idir na fíréanaibh
agus na peacachaibh, ní ar ar gheallas trácht san dara
puinnte dem chomhradh.



An dara puinnte: Ní gan adhbhar chuireas an scriop-
túir Críost an lá so i gcosamhlacht le tréadaidhe; óir
amhail agus dhealaigheas an tréadaidhe i ndeireadh an lae na
caoirigh ó na meannánaibh, bhí i gcuideacht a chéile ar feadh an
lae, agus chuireas i gcró ar leith iad, mar an gceudna
dhéanfas Críost, an tréadaidhe fírinneach, thug a anam ar
son a thréada, i ndeireadh an tsaoghail seo, dealóchaidh sé
na fíréin, tuigthear leis na caorachaibh, ón druing damanta,
agus cuirfidh sé na fíréin ar a dheasláimh, agus iad-san ar
a láimh chlí.



Insan tsaoghal so, go formhór, éirghidh gach ní go fortúnach
sona leis an druing damanta, an áit a dteagmhann a chon-
trárdha do na fíréanaibh. Onóraighidh an saoghal an mhuintear
ba chóir do tharcuisniughadh agus tarcuisnighidh an mhuintear


L. 21


ba chóir d'onórughadh. Bídh ceannas agus uachtaránacht ag an
bpeacach bhíos ar meisce le pléisiúr agus le sólás an
tsaoghail seo an tan bhíos an drong chráibhtheach i mbochtanacht
agus i mí-mheas, ar mhodh gurab í an lámh dheas bhíos ag na
peacachaibh agus an lámh chlí ag na fíréanaibh. Acht ní hí
seo bail bhias ar na gnóthaibh an lá úd. Déanfaidh an
breitheamh fír-cheart so scaradh, fágfaidh na fíréin ar a
dheasláimh, agus na peacaigh ar a láimh chlí.



Ó, a chríostaidhe, caidé a liacht éigheamh agus sgread, uaill
agus osnadh cluinfear ón druing dhamanta in san
dealughadh so, nuair chífid siad iad féin scartha, an lá sin,
ó n-a ndaoinibh muinteardha, agus ó Dhia is measa dhóibh, ní
lá ná mí, bliadhain ná ráithe, acht chomh fada is bheas Dia 'n-a
Dhia le saoghal na saoghal. Ó, a lá na feirge agus na
n-uathbhás; ó, a bhreitheamhnais chrith-eaglaigh; ó, a bhreithimh
chruadálaigh dhéanfas an dealughadh so.



Aon fhocal amháin, a chríostaidhe, ar son an iomláin.
Taidhbhsigh dhuit féin anois go bhfuil tú faoi choiste báis, go
bhfuil an seisiún 'n-a shuidhe, an coisde dá thoghadh, do choir agus
do dhíotáil dá scríobhadh i d'aghaidh; ó, caidé an baspus agus
an scannradh bhias ort roimh an bhreitheamh? Caidé an dí-
cheall dhéanfá an coiste bheith fábharach duit? An spárálfá
ór nó airgead, do mhaoin nó do shubstaint, ar lucht dlighidh
chum do chás do phlédáil? Ní dhéanfá gan amhrus. Maiseadh
ní fhuil annso acht teagmhais is féidir teagmháil do dhuine nó
gan a theagmháil. Acht atá sé cinnte lán-dearbhtha go
dtiocfaidh gach aon agaibh an lá déidheanach ar a thriall i
bhfiadhnaise barra na Tríonóide, nach bhfuil peacadh marbhtha
dá ndearna sibh nach mbeidh 'n-a dhíotáil agus 'n-a choir bháis
'bhur n-aghaidh, agus má's truime le bhur gcoirthibh ná le bhur
ndeigh-ghníomharthaibh, nach bhfuil imtheacht agaibh ó bhoirb-
theintibh ifrinn. Cad eile, a chríostaidhe, an dícheall
céadna dhéanfá chum do chorpán do shábháil ar an mbás agus
ar scannail saoghalta, déan é anois chum t'anam do


L. 22


shábháil ar scannail síorraidhe agus ar choiríbh ifrinn. An
deór agus an osnadh dhéanfá le eagla roimhe an bhreitheamh
shaoghalta úd, déan iad anois roimhe an bhreitheamh bhorb úd
Críosta. Ní iarrfaidh lucht dlighidh parrthais ór ná airgead
ort ar son a saothair, acht deagh-chroidhe, deagh-rún, agus an
aithrighe ós cionn gach ní, phléadálas ar do shon an lá úd.
So an duais bhéarfas ar Mhuire, ar na heasbalaibh, agus ar
na naomhaibh bheith 'n-a lucht dlighidh ag pléadáil ar do shon.
Déan lón agus stór de na deigh-ghníomharthaibh anois agus
árdóchaidh siad tú ar dheasláimh Chríost an lá úd, ní atá
mise d'iarraidh díbhse agus damh féin. I n-ainm an Athar,
agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 23


An Treas Seanmóir.



AN RIACHTANAS ÁR NÁIMHDE DO GHRÁDHUGHADH.



Deirim-se libh-se, grádh bheith agaibh ar bhar náimhdibh.
(Briathra Chríost ag Matha in san gcúigeadh caibidil, an ceathramhadh
rann ar dhá fhichid.)



MÁ ghlacaim-se indiu as láimh a mhíniughadh dhíbh-se, a
cháirde, go bhfuil d'oibliogáid agus d'ualach oraibh,
faoi phéin bhar ndamnadh, grádh do bheith agaibh ar bhar
náimhdibh agus párdún do thabhairt dóibh, déarfaidh sibh liom,
gan amhras, an ní céadna dubhairt na Iúdaighe le Críost
nuair do dhearbhuigh sé dhóibh nach raibh slánughadh i ndán
dóibh, nó an ghlóir shíorraidhe d'fhagháil, acht muna n-itheadh
siad a chuid feola agus muna n-óladh siad a chuid fola,
gur ní do-dhéanta é seo, gur ní é atá i n-aghaidh na
nádúra. Déarfaidh sibh liom, gan amhras, gur ní do-
dhéanta grádh do bheith againn ar an té dá bhfuilmid
cinnte fuath do bheith aige orainn, grádh do bheith againn ar
an té bheir mí-chlú agus sgannail dúinn, agus nach stad-
ann ó aon ní dhéanfadh díoghbháil nó dolaidh dúinn; acht
deirim-se libh-se, dá chruadhtanaighe dá bhfuil sé, gur
éigin a dhéanamh, do bhrígh go bhfuil Críost dá órdughadh
dhíbh, agus nach bhfuil cur suas agaibh gan a thoil do
dhéanamh



Má dhearcamuid ar an nádúir innte féin, do bhrigh go
bhfuil níos mó do chlaon aice chum an uilc ná chum na
na maitheasa, is ní do-dhéanta so aice; acht má dhearcamuid


L. 24


uirre faoi stiúradh na ngrás, an ní seo atá do-dhéanta aice
gheobhaidh sí é do-dhéanta socamhlach. Ní órduigheann Críost
ní ar bith do-dhéanta dhúinn; ní chuireann ualach orainn
nach dtig linn iomchar.



Ní fhuil duine ar bith dhearcas ar na réasúnaibh ghluaiseas
é chum grádh do bheith aige ar a náimhdibh, nach gcuirfidh
cruadhtan air féin, ar ndóigh, chum a dhéanta. An chéad
réasún díobh, gur órduigh Críost dúinn a dhéanamh, agus
dá bhrígh sin go bhfuil d'fhiachaibh orainn a thoil do dhéanamh.
An dara réasún, gur ghrádhuigh Críost féin a náimhde ar
an tsaoghal so, agus go bhfuil d'fhiachaibh orainne aithris
do dhéanamh air. An treas réasún, an té nach dtugann
párdún dá náimhdibh, ní fhuighidh sé párdún. So na trí
poinnte dhéanfas mé do mo chomhrádh. Acht guidhmid Dia
ar dtús teine neamhdha na carthannachta do lasadh i n-ar
gcroidhthibh, ionnus go ngrádhuighmis Dia ós cionn gach ní,
agus ar gcomharsa mar inn féin, ag rádh an Abhe Maria.



An chéad phoinnte. Ba mhór an locht leis na págánachaibh
ar chríostaidhthibh na sean-aimsire go mbíodh siad ró-
chruaidh orra féin, agus socamhlach so-ghrádhach leis an
tsaoghal uile. Ní mhaitheadh siad ní, dá laighead, dóibh
féin do-ghníodh siad i n-aghaidh Dé nó na comharsan, gan
díoghaltas do dhéanamh ar a gcolainn le troscadh agus
cruadhtan, le éadaighe róin agus sciúrsaí; acht ní fhuil ní,
dá mhéad, dhéanfadh an chomharsa orra nach dtugadh párdún
ann gan mhoill. Is mó ghoillfeadh orra an fhearg do
cuirthí ar Dhia ná an díoghbháil ghníthí dhóibh féin. Ó, mo
mhíle truaighe, nach dtig linn an locht céadna d'fhagháil ar
chríostaidhthibh na haimsire seo. Is beag atá anois le
fagháil leanas béasa na muintire úd. Bealach contrárdha
leanas siad. Ní léir leó éagcóir, dá mhéad, ghní siad féin;
acht is léir leó an ní is lugha ghníthear orra féin. Ní fhuil
maith 'iarraidh orra, rachadh siad trí troighthe isteach ar dhoras
ifrinn ar chuantar díoghaltas do dhéanamh. Acht caidé is


L. 25


ciall don deifir atá idir an dá shórt críostaidhe seo?
Is cosmhail nach é an Dia céadna atá againne bhí aca sin,
nó má's é, is cosmhail nach dtugann dúinne an luach
saothair céadna bheireadh dhóibh sin do chionn grádh bheith aca
ar a náimhdibh, nó nach bhfuil eagla orainne roimh a dhíoghaltas
mar do bhí aca sin. Ó, is é an Dia céadna thug órdughadh
dhóibh sin grádh do bheith aca ar a náimhdibh, agus párdún
do thabhairt go héasgaidh in gach éagcóir ghníthear orra, atá
ag órdughadh dhúinne an ní céadna do dhéanamh. Agus níor
laghduigh a thrócaire chum luach saothair na glóire thabhairt don
mhuinntir ghlacas a chomhairle, agus ní mó ná sin laghduigh
a chomhachta pianta do-airmhighthe do-innsin thabhairt don
mhuinntir bhriseas a aithne. Acht is é is ádhbhar don deifir
atá idir críostaidhthibh na haimsire seo agus an mhuintir
do bhí i dtús na hEaglaise gur fhuaruigh anois an crábhadh,
gur imthigh an chaon-dúthracht, gur díbreadh an charthannacht,
nach bhfuil n-a n-áit againn acht easbhaidh creidimh, ainbhfios
agus aradhain, uabhar agus an-fhlaitheas, fuath agus fearg,
díbheirg agus danardhacht i n-aghaidh ár gcomharsan. So na
peacaidhe fhágas flaitheamhnas Dé i n-a fhásach agus líonas
ifreann; so na peacaidhe sgriosas náisiúin, loisgeas
cathracha, thug an díle ar an domhan, agus loisgfeas fá
dheireadh an cheathar-chruinne acht muna dtionntuighmid
ar Dhia, agus muna rabhmaid umhal dá aithne grádh do bheith
againn ar ár náimhdibh agus párdún do thabhairt dóibh in
gach ní dhéanfaid orainn.



Thug Dia in san tsean-reacht aithne agus órdughadh don
chineadh daonna grádh do bheith aca ar an gcomharsain. Do
as na Iúdaighe tré ainbhfios nach n-órduigheadh an aithne
dhóibh acht grádh do bheith aca ar a gcáirdibh, agus gurbh
dir dóibh fuath do bheith aca ar a náimhdibh. Acht ionnus
ndéanfadh Íosa Críost eólas dóibh i n-áit an ainbhfeasa
agus solas na ngrása i n-áit an dorchadais i n-a raibh
siad, labhraidh go soiléir indiu leis an tsaoghal. Bheir


L. 26


órdughadh comh-choitcheann dhóibh nach lór dhóibh grádh do bheith
aca ar a gcáirdibh, acht fós gur éigin dóibh grádh bheith aca
ar a náimhdibh, maith do dhéanamh i n-aghaidh an uilc, agus bheith
ag guidhe ar son na muintire is mó ghní díoghbháil dóibh.
Agus muna séanfaidh tú, a chríostaidhe, nach é Críost do
Dhia, do Rí, agus do Thighearna, nach é Críost d'Athair, ní
fhuil cur suas agat gan a thoil do dhéanamh in gach ní órdui-
gheas duit, ar an adhbhar, ní fhuil cáilidheacht díobh so i n-a
bhfuil Críost ós do cheann, nach n-órduigheann adhradh agus
onóir thabhairt dá phearsain agus umhlacht dá thoil, agus an
féidir a rádh go ndiúltfaidh tusa, a chríostaidhe, grádh do
bheith agat ar do náimhdibh agus Críost dá órdughadh dhuit,
agus gan duine ná créatúr in san gcruinne acht muna
bhfuil tusa amháin, a dhuine, nach ndéanfadh gan mhoill gach
ní órduigheas Críost dóibh. Má órduigheann don talamh
poibleacha agus náisiúin do shlogadh, foisgeólaidh sé gan
mhoill, agus sloigfidh sé iad d'aon ghreim, amhail agus mar
rinneadh le formhór an phobail Eabhra ar an bhfásach fá
dhul i dtréas ar an árd-sagart Aaron. Má iarrann ar
an uisge díoghaltas do dhéanamh ar na peacachaibh, chífidh
tú an fhairrge ag éirghe i n-a mór-shléibhtibh ag déanamh
sgrios agus dí-cheannuighthe do réir a órduighthe, amhail
agus mar chuala sibh le linn na díle theacht ar an domhan.
Má órduigheann don teinidh gan díoghbháil do dhéanamh do
na fíréanaibh, i n-áit a ndóghadh nó a loscadh, bheir sí cabhair
agus fionn-fhuacht dóibh, amhail agus mar d'éirigh don triúr
leanbh do tligeadh i bhfuirnéis craosaigh Babilón agus
nachar losgadh oiread agus ribe dá ngruaig. Maiseadh an
áit a bhfuil na créatúir seo, ag nach bhfuil ciall ná céadfaidh,
ag déanamh gach ní go humhal órduigheas an t-Áird-rí dhóibh,
an rachaidh tusa amháin, a dhuine, dá dtug Dia ciall agus
céadfaidh agus míle buntáiste eile nach bhfuair siad-san,
i dtréas ar Dhia, ag diúltadh maitheamhnas thabhairt don té
ghní coir nó éagcóir ort, agus Críost, ní hé amháin dá


L. 27


órdughadh dhuit, acht fós ag tabhairt sompla dhuit i n-a
phearsain féin, agus i bpearsain gach naomh bhí ins an
an eaglais go dtí seo, do réir mar thairgfeas mé a
chruthughadh ins an dara poinnte?



An dara poinnte. Do mheasfá, a chríostaidhe, go
ndéanfadh an patriarch Ióseph díoghaltas agus dí-
cheannadh ar a dhearbhráithreachaibh an uair fuair sé é féin i
n-a mháighistir ar an Éigipt agus iad-san faoi n-a chomhachta.
An bhfuil duine ar bith, do réir an tsaoghail atá anois
ann, do cuirfidhe nochtuighthe i bpoll, mar rinneadh le
Ióseph, ionnus go bhfuigheadh sé bás den fhuacht agus den
ghorta, agus do díolfaidhe mar sglábhaidhe le coigcríochaibh,
mar rinneadh leis sean, nach dtabharfadh, ar a laighead,
iomardughadh don mhuintir dhéanfadh a leithéid seo d'fheill
air? Dá mba ort-sa dhéanfaidhe a fhicheadadh cuid, a dhuine
bhoicht éirigheas mar dhruithleóg i n-áirde má deirthear focal
dá laighead leat, ag a mbíonn do bhata agus do dhorn, an
sgian agus an chloch, ullamh fá chomhair an té ghní éagcóir
dá laighead ort, agus ní hé sin amháin, acht is é deir tú
go mbeitheá go sásta dul go hifreann ar chuantar do
mhian d'fhagháil ar an té ghní éagcóir ort. Ó, ní hé seo
rinne an duine naomhtha Ióseph; comh luath is thuig sé go
dtug a athair órdughadh dhó i n-a thiomna déidheanaigh
síothcháin do dhéanamh le n-a dhearbhráithreachaibh,
thug maitheamhnas dóibh, mhaith dhóibh gan mhoill gach
a ndearnadar air, mheas sé nachar mhac ceart agus fós
nachar mhac umhal é dá ndiúltadh sé an ní d'órduigh
a athair dó do dhéanamh. Má deir tú, a chríostuidhe, go
bhfuair tú aithis agus masladh gan adhbhar, go dtug do
chomharsa mí-chlú agus sgannail duit, cuirim i gcás
go ndearnaidh, acht is éigin duit maitheamhnas thabhairt ann.
Níor bh'féidir éagcóir nó feall níos mó dhéanamh ort ná
do rinneadh ar Ióseph, gidheadh thug párdún dóibh gan mhoill
ar impidhe athar talmhaidhe; agus an ndiúltfaidh tusa


L. 28


impidhe an Athar shíorraidhe, atá ag órdughadh dhuit maitheamh-
nas do thabhairt do gach aon ghní éagcóir ort. Creididh tú,
ar ndóigh, a chríostaidhe, go mb'fhéidir le Críost teine chur
as na flaithis agus Ioruaith agus a mhuintir do losgadh,
púdar agus luathramhán do dhéanamh díobh an uair do chuir
siad na leanbha chum báis, agus gur mhian leo Críost agus
é i n-a leanbh chur chum báis leo. Creididh tú, ar ndóigh,
go mb'fhéidir leis na mílte d'ainglibh chur i n-arm choiseónadh
é ar na gárdaíbh malluighthe úd tháinig dá ghabháil chum an
gháirdín. Creididh tú, ar ndóigh, go mb'fhéidir leis an
cineadh Iúdaidhe uile do sgrios agus do dhí-cheannadh,
an fhairrge mhór do thabhairt timcheall ortha an uair chuaidh
siad dá chéasadh. Ní fhuil contabhairt ar bith i n-a cheann
nach dtiocfadh le Críost gach ní díobh so do dhéanamh Dá
mbadh agat-sa, a pheacaigh bhoicht, ag a mbíonn an ceann ar
fiuchadh, an croidhe dá réabadh agus dá bhriseadh le ain-
gidheacht agus rún díoghaltais, chailleas do shuaimhneas
agus do chodladh ag stuidéar caidé an modh ar a ndéanfá
díoghbháil nó dolaidh don té ghní éagcóir dá laighead ort,
is cinnte dá mbeith comhachta Chríost agat go n-imeórthá
é gan fuidheall. Máiseadh i n-áit díoghbháil nó dolaidh do
dhéanamh do na Iúdaighibh, d'fhulaing sé bás go fonnmhar
ar a son, ionnus go bhfaicfeadh an domhan méad an ghráidh
do bhí aige ar a náimhdibh.



Ó, a charthannacht gan chuimse, a ghrádh éagsamhail Mic
Dé ar an domhan, is méanra le n-a dtiocfadh do bhuidheachas
do thuilleamh, nó aithris do dhéanamh ort. Is mairg nach
dtairgfeadh buaidh do bhreith ar a ndroch-nádúir ag
grádhughadh a námhad, agus tusa indiu ag dortadh do chuid
fola fíor-uaisle ar son do námhad.



Ó, a dhrong mhalluighthe, bhíos feargach díoghaltach, ag a
mbíonn an croidhe cruaidh neamh-thrócaireach, dearcaidh
indiu ar Chríost i gcrann na croiche. Féachaidh a cheann
i n-a chriathar tollta leis an gcoróin spíne, féachaidh a thaobh


L. 29


tollta leis an tsleigh, féachaidh a chorp strócuighthe le sgiúr-
saibh, féachaidh a lámha agus a chosa tollta le táirngíbh; acht
éist leis i gcrann na croiche ag guidhe an Athar shíorruidhe ar
son a námhad: maith dhóibh, a Athair ghrádhaigh, a
bpeacaidhe. Féachaidh, a phobail, féachaidh an raibh órlach
sábháilte de ó mhullach a chinn go bonn a chos, nach
raibh faoi chneadh agus faoi loit. Ní fhaicim-se
sábháilte aige acht a theangaidh, agus ní fheicim
sgíth ag dul uirthe acht ag guidhe a Athar gan a bhás d'aifirt
ar a náimhdibh. Ó, a mhí-nádúrthacht an duine, ó, a bharb-
ardhacht na n-Iúdaidhe. Ins an am gcéadna i n-a raibh
siad-san ag sgairtigh agus ag gártha ag iarraidh Críost do
chéasadh, do bhí seisean ag urnaighe, ag iarraidh iad-san
do shlánughadh. Ní fhuil dá mhéad do bhí an bunadh malluighthe
seo ar lasadh le cíocras chum a chuid fola do dhortadh, nach
móide do bhí Críost ar lasadh chum maith do dhéanamh dóibh-
sean. Ó, a pheacaigh, acht muna maothaidh an fhuil uasal so
Críost do chroidhe, do dhoirt sé ar son a námhad, acht
muna maothaidh sompla Chríost agus gach naomh
do bhí ar an tsaoghal do dhroch-nádúir chum maitheamhnas
do thabhairt go héasgaidh dod chomharsain, criothnóchaidh
tú, ar ndóigh, ag clos an díoghaltais doghní Dia ar an
mhuintir bhíos danardha cruadh-chroidheach leis an gcomharsain,
ní ar ar gheall mé trácht in san treas poinnte.



An treas poinnte. Do bheir Críost solus go leór
dúinn ag Matha ins an ochtmhadh caibidil déag caidé an modh
ar a roinnfidh Dia leis an mhuintir nach dtugann maitheamh-
nas go héasgaidh dá náimhdibh, i bpearsain ríogh áiridhe
thug fa dear ceangal cos agus lámh do thabhairt ar fhear
dá sheirbhíseachaibh, a thleigean i bpriosún doimhsigh dorcha,
a choinneál ann faoi fhuacht agus faoi ghorta ar feadh a
shaoghail, agus an uile shórt pionús thabhairt go laetheamhail
dó, agus sin uile fá gur chuir sé a chóimh-sheirbhíseach i
bpríosún fá dheich sgillinge tar éis an rí do mhaitheamh


L. 30


míle punta dó féin in san móimeint roimhe sin. Dá
maitheadh an duine mí-thrócaireach so na deich sgillinge
mhaithfeadh an rí na deich míle punta dó. Acht mar
nár mhaith seisean an tsuim bheag, ní mhaithfeadh an rí an
an tsuim mhór dó-san, agus mar sin, an bhreith thug sé
tugadh air féin arís í. Do chuir seisean a chomrádaidhe
i bpríosún fá dheich sgillinge, agus dá dhruim seo, tógadh
a mhaoin agus a shubstaint, díoladh a bhean agus a chlann,
agus cuireadh é féin ar feadh a shaoghail i bpríosún faoi an
uile shórt bochtanacht agus anró.



An ní céadna d'éirigh don fhear so, éireochaidh do gach
aon dhéanfas aithris air. Acht muna ndéanaidh sibh-se
trócaire ar bhur gcóimh-chréatúir, deir Críost in san áit
chéadna, ní dhéanfaidh mise trócaire ar bith oraibh-se. An
uair nach maithfidh sibh-se na deich sgillinge, is é sin an choir
bheag ghníthear in bhur n-aghaidh, ní mhaithfidh mise na deich míle
punta, is é sin an choir mhór doghníthear i m'aghaidh-se.
Acht atá so do dheifir idir mise agus sibh-se, ní thig libh-se
díoghbháil do dhéanamh acht don gcolainn, agus go dtabhar-
faidh mise an uile shórt pian don chorp agus don anam ar
feadh na síorraidheachta.



Acht, mar sin, a chríostaidhe, agus an connradh atá idir
Dia agus an duine, má mhaitheann tú maithfear duit. Agus
cuiridh tusa séala ar an margadh so comh minic is deir
tú do Phaidir, comh minic is deir tú: "Maith dhúinn ár
bhfiacha do réir mar mhaithimid gach fiacha agus gach coirthe
ghníthear i n-ár n-aghaidh." Má bhriseann tusa an margadh seo,
má bhíonn tú danardha cruadálach neamh-thrócaireach le do
chomharsain, beidh Dia díbheirgeach, díoghaltach, neamh-
thrócaireach leat. Déarfaidh sé leat le linn do chruadhtain
agus do chruadh-cháis, le linn do bháis agus do bhreitheamhnais,
nach tusa an duine malluighthe do bhí neamh-thrócaireach le
do chomharsain, nach é stuidéar do bhí agat caidé an modh
a ndéanfá díoghaltas agus dolaidh dóibh; an é nachar mhaith


L. 31


mise go minic dhuit do mhór-choirthe, agus an maithfeá-sa
ní dá laighead do do chóimh-chréatúir mar gheall orm-sa?
Gheobhaidh tú anois slat de do mhiosúr agus de do thomhas
féin; imthigh romhat in sna boirb-theintibh úd atá dá n-ull-
mhughadh don diabhal agus do gach aon doghní aithris air.



Ó, a chríostaidhe, nár leigidh Dia go dtuillfeá an t-iom-
ordughadh sin. Má bhí tú daothamhail danardha go dtí so,
bí feasta carthannach trócaireach. Déan so mar umhlacht
do Chríost. Déan é mar ghrádh ar Dhia. Déan é le eagla
roimh na móir-phianta úd ifrinn, nó ar a laighead, mar
gheall ar an luach saothair atá le fagháil agat in san tsaoghal
eile, ní atá mise d'iarraidh díbh-se agus dom féin. I
ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh
Amen.


L. 32


An Ceathramhadh Seanmóir.



AR AN bhFAOISIDIN.



Do bhí timcheall an tobair seo uimhir mhór do dhaoinibh tinne, do
dhallaibh, do bhacachaibh, agus do dhaoinibh bochta, ag a raibh a mbaill
uile searguighthe tirim le parailis, ag súil le corrughadh an uisge.



(Briathra léightear ag Eoin ins an gcúigeadh caibidil, an treas
rann).



IS miorbhaileach an tobar é seo do bhí le taobh cathair
Ierusalem. Is mór an buaidh agus an bhrígh seo do bhí i
n-a chuid uisge. Thigeadh aingeal as na flaitheasaibh i n-am
áiridhe don lá agus chorruigheadh an tobar so, agus cibé
duine is luaithe tumthaoi in san tobar tar éis a chorruighthe
leigheastaoi é gan mhoill ón uile shórt galar agus
easláinte.



Ní neamh-chosamhail, a cháirde, an tobar so le sacramaint
naomhtha na faoisdine, ar an adhbhar, do réir mar nach raibh
maith i n-uisge an tobair úd, acht muna dtigeadh aingeal dá
chorrughadh, mar an gcéadna ní fhuil maith in san fhaoisidin
acht muna dtigidh aingeal Dé, is é sin na grása neamhdha ag
corrughadh agus ag spreagadh coinsias an pheacaigh; agus do
réir mar leigheasadh uisge an tobair úd gach easláinte do
bhíodh ar an gcolainn, leigheasfaidh tobar miorbhaileach na
faoisdine an t-anam ó gach lubhra, ó gach loit, agus ó gach
easláinte mharbhthaigh bhíos air.



I measc an iomad daoine tinne do bhí fá bhruach an tobair
úd Ierusalem, ní fhaicim Críost ag leigheas aon duine aca


L. 33


acht aon duine amháin do bhí i bparailis marbhthaigh ar feadh
ocht mbliadhain déag ar fhichid, agus chím an ní céadna ag
tuitim amach ag tobar glórmhar na faoisdine; chím na
mílte duine ag teacht go laetheamhail chum na sacramainte
seo, ag súil le leigheas d'fhagháil ar easláinte a n-anam,
acht is é chím iad ag filleadh ar a n-ais agus a gcneadha níos
baoghalaighe ná mar do bhí siad roimhe. Caidé is ciall dó so
a cháirde? An é sin le rádh nach bhfuil oiread luaigheachta
ag an fhaoisidin anois agus do bhí innte i dtús na hEag-
laise, nó gur chaill sí a brígh anois, nuair is mó a riachtanas?
Arbh' fhéidir faoisidin nó aithrighe do bheith ariamh níos riach-
tanaighe ná ar an uair seo, nó arbh' fhéidir lubhra an pheacaidh
do bheith ariamh níos leitheadaighe ná ar an uair seo? An
raibh i n-am ar bith ariamh na bréaga níos iomadamhla, na
mionna móra níos minicighe, drúis agus adhaltranas níos
madramhla, craos agus meisge níos mó i bhfaisiún, gadaidh-
eacht, éagcóir agus leathtrom na comharsan níos coitchinne
idir an uile shórt drong daoine ná ar an uair seo?
Ó, ní raibh, a cháirde. Acht i measg an aois ghalair úd
bhí ag bruach tobair Ierusalem, chím cuid díobh bacach,
cuid dall, agus cuid eile ag a raibh a mbaill críon
tirim ón easláinte, agus is é mheasaim gur fíoghair
agus sompla iad ar an muintir thig go laetheamhail chum
faoisdine, mar dhaill, is é sin nach léir dóibh a bpeacaidh
de bhrígh nach gcuartuighid agus nach sgrúdaid a gconsias,
mar bhacaigh, de bhrígh go ndéanaid faoisidin cham bhacach
ag folach agus ag ceilt cneadh a n-anma, agus do-chím iad
ag teacht gan dólás, gan tuirse, le croidhe tirim seargtha,
mar an mhuintir úd an parailise. So an t-adhbhar, a
cháirde, fhágas an fhaoisidin an iomad gan toradh gan
tairbhe. So an ní bheireas ar thobar miorbhaileach na
haithrighe gan cneadha ár n-anma do leigheas, agus so an ní
ar ar mian liom-sa trácht indiu, tar éis mo chomhrádh do
roinn in trí pointibh. Bídh an fhaoisidin gan tairbhe nuair


L. 34


do-ghníthear í gan sgrúdadh coinsias, sin an chéad phoinnte.
Bídh sí gan tairbhe nuair nach aithristear na peacaidh go
hiomlán, sin an dara pointe. Bídh sí gan tairbhe nuair
nach ndéantar í le dólás agus le tuirse chroidhe, sin an
treas poinnte.



An chéad phointe: Amhail agus mar atá na mílte gné
aicíde ag brath ar an gcolainn thairngeas í chum na huaighe
atá, mar an gcéadna, míle gné peacaidh ag brath ar an
anam, thairngeas í go hifreann. Acht atá so de dheifir idir
aicídeacha an chuirp agus an anma, nach lia aicíd chorpordha
ann ná leigheas fá leith orra, acht i n-aghaid gach loit agus
gach aicíde thig ar an anam d'órduigh Críost sacramaint na
faoisdine amháin mar leigheas agus mar íocshláinte.
Íocshlainte í seo, adeirim, ar nach sáruigheann easláinte ar
bith dá bhaoghlaighe, marbhadh, goid, slad, losgadh mainis-
treach agus teampall. Déan gach gníomh ar olcas, déan
an fhaoisdin, acht déan í mar is cóir agus do-gheobhaidh tú
párdún agus maitheamhnas ó Dhia ionnta. Ná glac m'fhocal-
sa air seo, a chríostaidhe, acht glac focal Chríost ag Eoin, ins
an bhficheadh caibidil, mar a ngeallann don Eaglais, i
bpearsain na n-easbal nach bhfuil peacadh ar bith do mhaith-
feadh siad-san ar talamh nach maithfeadh seisean in sna
flaitheasaibh.



Maiseadh, do réir mar is leigheas éifeachtach an fhaoisidin
i n-aghaidh nimhe an pheacaidh, is leigheas i atá chomh riachtanach
sin ag an anam ar mhodh dá roinnfeadh an peacach a shub-
staint uile ar na bochtaibh, dá silfeadh sé deóra fola le
aithreachas, dá dtroisgfeadh sé ar feadh a shaoghail, dá
mbeith sé ag urnaighe nó go gcaitheadh a theanga, so agus
a mhíle oiread dá ndéanfadh sé, ní fhuil maith ná tairbhe dó
ann gan an fhaoisidin, má tá i n-a chumhacht a déanamh.
Agus muna gcreididh tú mise annso, creid an dochtúir
naomhtha Aguistín ag dearbhadh nach bhfuil gar i ndólás an
chroidhe acht muna raibh admháil an bhéil i n-a aice.


L. 35


Dá mbeimis saor uile ó pheacadh, ní bhiadh sacramaimt na
haithrighe riachtanach againn. Acht mar nach lia duine ar an
tsaoghal so ná peacach, ní thig le aon duine a rádh go bhfuil
sé saor ó oibliogáid agus ó ualach na haithrighe. Is deimhin
go dtéid an iomad chum faoisdine, acht fairíor, is beag
aca gheibh a toradh. Bídh siad mar na daill úd an tsoisgéil,
ag súil le leigheas ar bhruach an uisge, acht ní léar dóibh an
tobar. Téid siad ar seilbh faoisidin do dhéanamh, acht ní
dhéan siad í acht go hanbhfann easbhaidheach; ní bhíonn aca
acht taidhbhse agus sgáile na faoisdine. Ó, ná mealltar
tú, a pheacaigh; ní sgriosann faoisidin mar seo an peacadh,
acht a mhéadughadh; ní thairngeann grádh Dé orainn, acht a
fhuath: ní dhéanann ár síothcháin leis, acht a fhearg do mhéad-
ughadh, ar an adhbhar, do réir mar nach nglacann fear na
bhfiacha airgead bréige uainn mar dhíolaidheacht, mar an
gcéadna, ní ghlacann Dia faoisidin fhuar fhallsa bhréagach
uainn mar éiric i n-ár bpeacadhaibh.



Maiseadh, nach faoisidin bhréige do-ghní an té atá tugtha
d'ól agus do mheisge, do bhréagaibh agus do mhionnaibh móra,
do-ghní míle smuaineadh drúiseamhail salach, agus nach
stadann ó n-a gcur i ngníomh, nach stadann a lámh ó ghlacair-
eacht truaillighthe, nó a bhéal ó phógaibh mailíseacha, nach dtig
smuaineamh i n-a intinn acht ar an tsaoghal, atá díorraisge
feargach díoghaltach? Tar éis beathadh mí-riaghalta den
tsórt so, tar éis bheith bliadhain b'fhéidir agus tuilleadh gan
faoisidin, an féidir leis an fhear so, i móimeint nó dhó de
sgrúdadh coinsiais, na móir-pheacaidh seo do choimsiughadh nó
a gcur i n-órdughadh, ionnas go mb'fhéidir leis a gcur síos
dá oide faoisdine? Ó, ní féidir; acht muna nglacaidh sé
aimsir thairis seo chum a choinsias do chuartughadh, ní dhéan
sé faoisidin acht faoisidin lochtach, bhíos gan bhrígh gan
toradh gan tairbhe.



An té ghní faoisidin mhinic, choinnigheas gárda ar a chéad-
faidh, sgrúdas a choinsias gach oidhche, ionnus go ndéanfadh


L. 36


aithrighe in gach olc rinne an lá sin, bídh i n-a dhéidh seo agus
uile, crith cos agus lámh air ag dul ar a choinsias ar cheaiste
nach nglanfadh é i gceart.



Maiseadh, cadé éireóchas don té leigeas srian le n-a
ainmhiantaibh, nach stadann ó gach olc, nach smuaineann ar
an bpeacadh nó go dtí an moimeint úd théid sé chum faois-
dine. Ó, atá, go gcuireann sé síos go minic an ní nach
ndéan sé, agus nach gcuimhnigheann ar leath a ndéan sé. Ní
léar dó na móir-shléibhte úd atá ar a choinsias. Bídh sé mar
na daill úd an tsoisgéil, ag súil le cabhair le linn cor-
ruighthe an uisge, acht is é gheibh sé go minic i dtobar na
ngrás a dhamnughadh go síorraidhe.



Cuir coiste i n-a shuidhe ar do choinsias, deir an dochtúir
naomhtha Aguistín. Ná fág clúid ná coirnéal de gan
chuartughadh, ní go fuar ná go fallsa, ní go spadánta ná go
hathmhaol. Dearc ar gach droch-smuaineamh rinne do chroidhe,
ar gach droch-fhocal adubhairt do theanga, ar gach droch-
ghníomh rinne tú i n-aghaidh Dé nó do chomharsan. Tar éis a
n-áireamh agus a gcur i n-órdughadh, sgéith iad ag barra na
faoisdine. Ná ceil aon pheacadh aca thríd náire nó mailís,
nó má ghnír, ní bheidh brígh in t'fhaoisidin, acht is é mhéadóchas
tú do pheacaidh, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh in
san dara pointe.



An dara pointe: Is é is faoisidin ann, a chríostaidhe,
casaoid ghní an peacach air féin le Dia i bpearsain sagairt,
ag a mbíonn cumhacht absolóid nó párdún thabhairt dó i n-a
choirthibh. Maiseadh, má's casaoid í, is cóir a déanamh le
sagart ag a mbeidh cumhachta faoisidin d'éisteacht. Caidé
bheir sinn dá déanamh go minic le ruagaire reatha, le
sean-bhuachaillíbh nó le strainnséiríbh? Dá mbeith loit nó
tinneas marbhthach ar do cholainn, ní hé an liaigh is measa do
thoghfá chum do leigheas, agus toghaidh tú an liaigh is táire
agus is measa chum cneadha díoghbhálacha t'anma do leigheas,
agus nach móide go mbíonn ughdarás nó cumhachta ón


L. 37


Eaglais aca absolóid thabhairt duit. Bheir tú le tuigsin
leis seo gurab annsa leat do cholann ná an péarla uasal,
t'anam, agus go bhfuil tú neamh-shuimeamhail in do
shlánughadh.



Má's gearán an fhaoisidin do-ghnímid orainn féin caidé
bheir sinn, i n-áit casaoide, ag gabháil ár leithsgéil? Caidé
bheir sinn ag cur clóca agus athrughadh dath ar ár bpeacaidhibh?
Cad as nach nochtamaoid créachta ár gcroidhe do liaigh ár
n-anama má atá súil againn leigheas d'fhagháil uaidh? Chífidh
tú an iomad bhíos mí-riaghalta lochtach nach mbíonn le admháil
aca nuair thig siad chum faoisdine acht neithe éadtroma
suaracha, agus ma chreideann tú a sgéal féin, ní hiad is
cionntach in san olc do-rinneadh, acht fágaid, go furmhór,
a throm ar dhuine éigin eile. Má bheir siad mionna móra, ní
raibh ann acht le linn lasáin nó feirge, agus is iad an chlann
nó an chomharsa do bhain asta iad. Má bhí siad i bhfad i dtigh
an óil, ní de gheall ar an digh, acht i ngeall ar an gcuid-
eacht, d'éirigh sin dóibh. Ma chuir siad breis ar an gcomhar-
sain i n-a gclú nó i n-a maoin, ní raibh sé acht éadtrom. An
ní céadna d'éirigh do na bacachaibh úd bhí ar súil le leigheas
le taobh tobair Ierusalem agus nach bhfuair é, éireóchaidh
don druing seo thig le faoisidin bhacaigh go barra na Tríon-
óide. Má thig leo leis na leithsgéalaibh cama só clóca do
chur ar shúilibh an tsagairt, atá a ndúil i n-a chur ar shúilibh an
áird-bhreithimh, chí, ní hé amháin an droch-ghníomh, acht fós an
smuaineamh is uaignighe agus is seicréidighe i n-a gcroidhthibh.



Is ní gnáth don mhac-tíre, nuair théid sé fan tréad, breith
ar sgórnaigh ar an gcaoirigh agus an teanga do ghearradh
aisti gan mhoill ar cheaiste go ndéanfaidh sí méileach nó
tormán do mhúscóladh an tréadaidhe bhéarfadh cabhair di.
Mar an gcéadna do ghní an mac tíre gan trócaire, an
diabhal, leis an iomad agus go speisialta le daoinibh óga
claonnáireacha ag dul chum faoisdine, ar cheaiste go músg-
óladh siad tréadaidhe an anma, Criost, le na ndeóraibh nó


L. 38


le n-a n-osnadhaibh, beir sé ar sgórnaigh orra, cuiridh glas
ar a dteangthaibh, ar mhodh nach nochtaid a gcroidhthe, ceilid
locht a n-anma, do-ghní siad bréag le Dia agus ní le duine.
Agus má atá nach ndéan Dia sompla follus díobh ar an
láthair, ag fagháil bháis obainn mar fuair Ananias agus
Saphira, de chionn gur cheil siad luach an fhearainn do
bhronn siad ar na heasbalaibh, gheibh siad ar a shon, bás is
measa míle uair, mar atá, a ndamnughadh go síorraidhe.



Ní aon bhuntáiste amháin ghlacas an mac-tíre malluighthe
seo ar an duine, acht an iomad. An náire ba chóir dó bheith
air fá gníomh glonnmhar salach mar an bpeacadh do dhéanamh,
goididh sé uaidh í; acht chomh luath is do ghní sé an peacadh agus
gur mian leis a innsin don tsagart bheir sé ar ais an náire
dó go dúbalta, ar mhodh an peacach so rinne an droich-ghníomh
gan náire, gan cotughadh, nuair is éigin a admháil, ní leigeann
an náire dó a innsin don liaigh, agus gan leigheas i ndán dó
gan a innsin.



Ó, a pheacaigh bhoicht, fosgail do shúile agus seachain líonta
an spioraid mhalluighthe seo. Sgéith nimh an pheacaidh as do
chroidhe gan mhoill nó bhéaraidh sé bás do d'anam. Nocht go
fosgailte gan fuigheall gan leithsgéal cneadha d'anma,
acht nocht iad le croidhe-bhrúghadh agus tuirse, nó beidh siad
gan leigheas, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh in san
treas pointe.



An treas pointe: An té le ar mhian iodhbairt do
dhéanamh don Tighearna in san tsean-reacht, do réir mar
léighmid i leabhar Lebhiticus, bhaineadh an craiceann de
mhart nó de bhulán, nigheadh an fheoil go glan ag uisge,
agus tar éis a gearrtha i n-a mion-spólaíbh, chuireadh
ar an altóir í; chuireadh an sagart a lámh ós a ceann,
chuireadh teine fúithi, agus loisgeadh í. Do ghníodh íodhbairt
de'n tsórt so síothcháin an phobail le Dia, mhaoluigheadh a
fhearg, agus thionntuigheadh gach sgiúrsa uatha.



Mar an gcéadna gach peacach le ar mhian a shíothcháin do


L. 39


dhéanamh le Dia, déanadh sé iodhbairt dá anam ar altóir na
faoisdine, acht sgriosadh sé di ar dtús an sgamall salach
agus sean-chraiceann seargtha an pheacaidh: nigheadh sé í go
glan le trom-dheoraibh na haithrighe; déanadh sé mion-
spólaí di le croidhe-bhrúghadh agus dólás intinne fá fhearg
do chur ar Dhia. Agus ag cur a láimhe don tsagart ós
a chionn ag rádh na mbriathar úd ego te absolvo, déanfaidh
an t-Athair síothcháin leis, saorfaidh é ón móir-dhíoghaltas do
bhí i n-a cheann, múchfaidh na borb-theinte úd ifrinn bhí ar
lasadh fa n-a chomhair, deargfaidh teine na ngrása i n-a
chroidhe, déanfaidh sé a anam, bhí chomh dubh glonnmhar
leis an diabhal, chomh lonnrach deallrach le aingeal.



Is féidir leis an dólás so atá riachtanach ag an fhaoisidin
bheith ag an duine ar dhá mhodh; an chéad mhodh díobh, nuair a
thaisbeánas sé a thuirse agus a dhubhrón an taobh amuigh le
n-a dheóraibh agus le n-a osnadhaibh, an dara modh nuair
ghoilleas air ó chroidhe an peacadh do dhéanamh ar son nach
dtaisbeánann é an taobh amuigh. Atá an chéad dólás díobh
so ionmholta agus ró-thairbheach, acht ní fhuil sé riachtanach,
de bhrígh nach é gach aon le dtig a dheór do shileadh nuair ba
mhian leis. Acht atá an dara modh, is é sin dólás an
chroidhe, chomh riachtanach sin in sacramaint na faoisdine,
ar mhodh muna raibh tuirse agus dólás an chroidhe i n-a
haice, nach faoisidin í, acht faoisidin mhagaidh, faoisidin
gan bhrígh gan toradh.



Uch, a cháirde, caidé a laighead agaibh thig ar an uair seo
chum faoisdine le dólás ceart? Caidé a mhéad agaibh do-
ghní aithris ar lucht parailise an tobair thig ar bhur gcunntas
le croidhe críon tirim? Caidé a mhéad agaibh théid chum
faoisdine gan athmhaoltas gan criothnughadh, amhail agus
mar bheith sibh ag dul i gceann gnóthaí saoghalta. Measaidh
sibh gur lór díbh bhur bpeacaidh do chur síos ar sgáth dóláis
nó tuirse croidhe; ní bhíonn a leithéid de chúis ann, ní is
furas d'aithniughadh ar a olcas do-ghní sibh bhur mbeatha do


L. 40


leasughadh tar éis faoisdine, agus ar a éasgaidheacht is
thuiteas sibh in sna corthaibh céadna i n-a raibh sibh cionntach
roimhe. Nach bhfaicimid go laetheamhail lucht na mionn mór
chomh leigthe chum an pheacaidh seo tar éis faoisdine agus bhí
siad ariamh roimhe? Nach bhfaicimid lucht na drúise chomh
claon chum an pheacaidh seo i ndiaidh faoisdine agus bhí siad
ariamh roimhe? Nach bhfaicimid lucht na mealltóireachta
agus na gaduidheachta chomh leigthe chum cuid na comharsan
tar éis faoisdine agus bhí siad ariamh roimhe? Caidé is
ciall dó so, a cháirde? Ó, atá, easbhaidh dóláis do bheith
orra ó chroidhe. Dá mbeith fuath díreach aca ar an bpeacadh
do réir mar órduigheas an aithrighe fhírinneach, níor bh'eagal
dóibh tuitim ann chomh luath so.



Acht caidé éireóchas don mhuintir seo bheir easonóir don
fhaoisidin ag dul ar seilbh a déanta gan ullmhughadh gan
dólás? Nó caidé éireóchas don mhuintir gheallas go minic
do Dhia le linn faoisdine cúl do thabhairt don bpeacadh agus
a mbeatha do leasughadh? Ó, atá, an tsacramaint
seo d'órduigh Críost chum a beith i n-a híocshláinte ag an
anam go dtionntuigheann sí chum a beith i n-a nimh marbhthaigh
aici. Do-ghní Dia foighid leó, mar adeir an fáidh ríogh-
amhail, ar feadh tamaill, acht bheir sé iad chum cunntais fa
dheireadh; amhail is mar déarfadh sé: An mhuintir seo,
doghní bréag liomsa anois agus gheallas a mbeatha do
leasughadh agus nach ndéan é, éistfidh mise leó ar feadh
tamaill, leigfidh mé ar a n-aghaidh iad in san olc, acht
tiocfaidh an t-am i n-a gcuirfidh mé iad i n-a bpríosún
duimsigh dorcha, mar nach mbeidh de chuideachta aca acht
diabhail agus deamhain, nach gcluinfidh a gcluasa acht mall-
achta agus dia-mhasladh, nach mbeidh de bhiadh aca acht teine,
ruibh agus nathracha nimhe, nach mbeidh de dhigh aca acht
domblas, gafann agus gach ní dá sheirbhe, mar a mbeidh
teinte dá losgadh, teanachra dá stracadh, diabhail dá súis-
triughadh, nathracha nimhe dá n-ithe, agus sin uile gan


L. 41


fóirthin ná fortacht chomh fhada is bheas Dia ag caitheamh na
glóire.



Ó, a chríostaidhe, ar a raibh de mhí-fhortún tuitim i lubhra
an pheacaidh, ná codail ar chneadh d'anma, imthigh gan mhoill
go tobar na ngrása chum faoisdine mar a bhfuighidh tú íoc-
shláinte i n-aghaidh gach lubhra agus gach loit. Ná habair mar
an duine bocht úd an tsoisgéil, nach bhfuil duine agat chuir-
feas ins an tobar tú. So Íosa Críost i gcrann na croiche
agus a lámh sínte fá do chomhair chum do ghlactha chomh luath
agus thionntóchas tú air. So aingeal Dé, an eaglais, réidh
chum an uisge do chorrughadh fá do chomhair. Tar mar sin,
le dóchas agus le misnigh, acht tar le dólás agus le tuirse
croidhe, admhuigh do pheacaidh gan leithsgéal gan fuigheall,
agus gheobhaidh tú ó Dhia leigheas na ngrás ins an tsaoghal so
agus an ghlóir shíorruidhe ins an tsaoghal eile. Amen.


L. 42


An Cúigeadh Seanmóir.



AR RIACHTANAS NA hAITHRIGHE AGUS AR A
hÉIFEACHT.



Acht muna ndéanaidh sibh an aithrighe, beidh sibh uile caillte.



(Briathra Chríost ag Lúcás in san treas caibidil déag,
an treas rann).



NUAIR ba mhian le aithreachaibh naomhtha an tsein-reachta a
lucht éisteachta do ghluaiseacht chum aithrighe, i n-áit sean-
móir nó briathar, do ghníodh siad úsáid do ní éigin uath-
bhásach chum croidhthe an phobail do chonscradh. Cheangluigheadh
cuid aca iad féin le slabhraidhibh, agus chuireadh cuid eile aca
saic gharbha ar a gcneis, luathramhán ar a gceann, agus
leigeadh siad na huile ghártha gola asta i bhfiadhnaise an
phobail, ionnus go ngluaisfeadh iad chum truaighe agus
tuirse. So an tslighe ghlac an fáidh naomhtha Ieremias chum
an phobail Eabhra do ghluaiseacht chum aithrighe anallód.



Do mheas, gan amhras, na daoine naomhtha so nachar mhór
dóibh úsáid do dhéanamh do ní éigin eile bheith ní ba bhríogh-
mhaire agus ní ba éifeachtaighe ná briathra chum croidhe
cruaidh an pheacaigh do chonscradh. Maiseadh, ar a shon so,
déanfaidh mise úsáid indiu do mo chaint, mar shúil go
dtiocfadh liom sibh-se, a cháirde, do ghluaiseacht chum aithrighe.
Acht do bhrígh go dtuigim gur lag an baránta mo bhriathra
féin amháin chum so do dhéanamh, glacfaidh mé mar chuidiughadh
na briathra bagracha úd Chríost, ag tabhairt fuagra don
domhan, acht muna ndéanadh siad an aithrighe, go raibh siad


L. 43


uile caillte. Agus, ar ndóigh, is duine gan mhothughadh nach
ngluaisfeadh na briathra úd chum dóláis agus aithrighe.



Thug Dia dá chlár don duine chum a thabhairt sábháilte go
cuan parrthais tríd fhairrge bhaoghalaigh an tsaoghail seo
mar atá, clár an bhaistidh agus clár na haithrighe. An té
nachar thruailligh agus nachar shaluigh a choinsias le peacadh ar
bith ó baisteadh é, bhéarfaidh an chéad chlár sábháilte é go
longphort na glóire; acht duine ar bith shaluigh leis an
an bpeacadh aibíd na ngrása fuair sé le linn baistidh, ní fhuil
slighe ar bith ná meadhón aige le é féin do shábháil ar bháthadh
agus ar dhamnughadh síorraidhe acht an aithrighe. Is ar an
oibliogáid seo is mian liomsa trácht indiu, tar éis mo
chomhrádh roinn in dá phointe. Atá an aithrighe riachtanach
ag an uile dhuine thuiteas i bpeacadh marbhtha tar éis baistidh,
sin an chéad phointe. Atá an aithrighe bríoghmhar tairbheach,
sin an dara pointe.



An chéad phointe. Nuair bhíos an cholann, a cháirde, i
n-easláinte nó i dtinneas, ní théid oileamhain ná beatha ar
bith chum sochair di. Mar an gcéadna, nuair bhíos an t-anam
i n-easláinte marbhthaigh an pheacaidh, ní théid deigh-ghníomh ná
subhailce ar bith chum sochair di do thaobh na beathadh síorraidhe
gan an aithrighe.



Is iomdha cluain ag an aidhbheirseóir, is iomdha cealg ag
an tsaoghal, is iomdha anmhian atá, faraor, ag an gcolainn
le ar dtarraing chum an pheacaidh, acht ní fhuil slighe ar bith
againn le n-a fhágáil acht an aithrighe. Cibé rachas go Doire
nó go Baile Átha Cliath, is iomdha bealach is féidir dó do
dhéanamh, acht an peacach thriallas go cathair na naomh, go
parrthas neamhdha, ní fhuil acht aon ród, aon tslighe, aon
bhealach amháin aige le bualadh, is é sin, bóthar garbh na haith-
righe.



Maiseadh, má chreidid na peacaigh an fhírinne seo, is
uathbhásach go leigeann an eagla dóibh an peacadh do dhéanamh
agus is iongantaighe ná sin, i ndiaidh a dhéanta, go ndéanaid


L. 44


fad-chomhnuidhe ann. Is eagal liom gur easbhaidh creidimh
bheir orra bheith chomh dána so ag déanamh an pheacaidh agus
chomh spadánta so ag déanamh na haithrighe, agus dá bhrígh
sin, is mian liom an fhírinne dhiadha so chruthughadh anois, ar an
adhbhar, is daoine caillte sibh muna gcreididh sibh í, agus is
daoine caillte sibh muna gcuiridh sibh i ngníomh í.



An Dia céadna deir linn nach slánóchar sinn gan
creideamh, deir linn go bhfuilmid caillte gan an aithrighe.
Ní abair sé: acht muna ndéanaidh sibh an aithrighe, beidh sibh
mí-fhortúnach in san tsaoghal so, rachaidh sibh go purgadóir,
ní bheidh oiread den ghlóir shíorruidhe agaibh i bhflaitheamhnas
is bheas ag daoinibh eile; acht is é adeir sé: muna ndéanaidh
sibh an aithrighe, déanaidh maith don tsaoghal so, ar son an
tsaoghail eile atá le teacht, atá sibh réidh le n-a shonas; ní
fiú sibh dul go purgadóir féin; ifreann bhias i n-a ionad
comhnuidhe agaibh, daimeóntar sibh uile, pianta síorraidhe
dlighthear dhíbh ar son bhar neamh-aithrighe.



Thug Dia aithne speisialta d'Eoin Baistidh ag teacht as an
bhfásach an aithrighe do sheanmóir do na daoinibh, ní do-
rinne sé go dúthrachtach. Tháinig Mac Dé féin i n-a dhéidh
agus is ar an aithrighe rinne sé a chéad sheanmóir. Ní raibh
eagla air go ndéarfadh an pobal ithiomráidhteach leis: is
í an tseanmóir chéadna bhí ag Eóin Baistidh atá ag an fhear
so; cad as nach n-abair sé ní nua linn; atámuid tuirseach
don tseanmóir seo. Níor chuir an seanmóntaidh diadha
so áird ar a leithéid seo de chaint. Is mó do dhearc sé ar
an riachtanas ná ar an mian éigcríonna do bhí aca. Is í an
tseanmóir chéadna d'órduigh sé do na heasbalaibh do
dhéanamh, agus is leis an tseanmóir seo do thionntuigh siad
chum creidimh an domhan uile. Caidé dhéanfam? adeir an
an pobal le Peadar, Domhnach Cingcíse. "Déanaidh an
an aithrighe": sin críoch agus deireadh do chuir sé ar a shean-
móir.



Is í an chríoch chéadna chuir Pól ar a dhíospóireacht le


L. 45


feallsamhnachaibh págánta na hAithne. Ionnus go gcuir-
feadh sé i n-umhail dóibh gur díomhaoin a raibh do thuigse
agus d'áird-eólas aca, muna raibh fios aca an aithrighe
do dhéanamh, "atá Dia," adeir sé, "ag tabhairt sgéala
don uile dhuine agus in gach áit an aithrighe do dhéanamh,"
amhail is mar déarfadh sé, "ní slánóchar sibh, an págánach ná
an críostaidhe, an feallsamhnach ná an neamh-eolach, an rí
ná an t-impire, an máighistir ná an searbhfónta, an tuata
ná an t-eaglaiseach, gan an aithrighe. Duine ar bith chuir a
chúl le Dia ag déanamh an pheacaidh, ní fhuil a atharach so do
shlighidh aige le filleadh ar Dhia, agus má ghlacann sé a
atharach do bhealach, beidh sé ar seachrán síorruidhe ó fhlaitheas
agus is é ifreann deireadh a chúrsa.



Fiafraigh do na haithreachaibh naomhtha tháinig rómhainn, agus
léigh gach mór-obair do sgríobhadar, ní fhuighidh tú taobh ná
duilleóg ionnta nach dtráchtann ar riachtanas na haithrighe,
agus dá bhrígh sin, do bhídís ag seanmóir na haithrighe ar feadh
a mbeathadh le briathraibh agus le gníomh.



Deir na diadhairí an ní céadna. Dearbhaidh Naomh Tomás
nach féidir an peacadh marbhtha do scrios gan an aithrighe.



Má's lag leat an t-ughdarás so, a chríostaidhe, éist le
Comhairle Thrionta, bhí ar n-a stiúradh leis an Spiorad
Naomh, i n-a raibh corradh agus trí chéad easbog as gach uile
rann don domhan catoilice, bhí i n-a suidhe naoi mbliadhna
déag le órdugadh an Phápa. Bhí an aithrighe, deir siad,
riachtanach ag an uile dhuine, ó thús an domhain, do thruailligh
a anam leis an bpeacadh marbhtha chum na grása agus an
fhíréantacht d'fhagháil ar ais.



Is féidir peacadh marbhtha do mhaitheadh gan sacramaint
Chuirp Chríost; is féidir a sgrios gan absolóid; is
féidir a dhíbirt gan sacramaint ar bith, nuair nach mbeidh
faill ag duine a nglacadh; acht níor maitheadh ariamh, agus
ní maithfear go bráth, peacadh marbhtha ar bith gan an aithrighe.
Cuir i gcás go bhfuil tú i leabaidh an bháis; ní fhuil sagart


L. 46


le fagháil bhéarfadh an absolóid duit, bhéarfadh do Thighearna
dhuit, do chuireadh an ola ort; scairt ar Dhia, agus sgairt
air ó chroidhe; déan an aithrighe, acht déan í mar is cóir; déan
í ar ghrádh Dé; bíodh dólás ort fá do pheacaidhibh, an méid
go bhfuilid i n-aghaidh maitheas agus naomhthacht Dé; bíodh
fonn ort sagart do bheith agat, dá mbeith ar do chomhachta;
maithfidh Dia do pheacadh duit; rinne tú an aithrighe; ní raibh
a atharach do bhealach agat chum maitheamhnas d'fhagháil, agus
dá bhrígh sin, beidh tú sona séanamhail ar feadh na síor-
raidheachta.



Do bhí duine naomhtha ar an bhfásach darbh ainm Macharius
do gheall do na díthreabhachaibh eile bhí ar an bhfásach go
ndéanfadh seanmóir dóibh lá áiridhe. Tháinig sé chum na
háite an lá do gheall, agus is é tús do chuir sé ar a shean-
móir, na srotha deór do dhortadh go líonmhar fairsing. Agus
nuair do-chonnairc sé go raibh iongantas orra fa é do bheith
ag leanmhain don ghoil sin, agus gan aon fhocal amháin do
labhairt, dubhairt sé fá dheireadh na briathra so, "Déanam-
aois aithreachas, a dhearbhráithreacha; bímís ag síor-ghol go
géar anois d'eagla go mbeimid ag caoi agus ag gol ar
feadh na síorraidheachta." Ná bíodh amhras agaibh, a cháirde,
gur thuit ceatha deór ó shúilibh na ndaoine naomhtha so, ag
clos na mbriathar so. Bídh cinnte gur mó d'oibrigh deóra
Macharius orra ná dá mbriseadh sé a chliabh agus a ucht le
seanmóir dóibh.



Dá dtiginn-se chugaibh-se indiu, a cháirde, le n-a leithéid
seo do sheanmóir, is eagla liom gur beag oibriughadh
dhéanfadh sí ar bhar gcroidhe cruaidh clochach-sa. Is
deimhin gur beag agaibh shilfeadh a dheór. Agus cad
chuige sin? Atá, mar nach bhfuil an creideamh beó láidir
agaibh-se bhí ag an muintir úd. Creideamh lag fann atá
agaibh, ar an adhbhar, dá mbeith creideamh na naomh agaibh,
an féidir go mbeith sibh comh neamhchúramach fá bhar n-anam
agus atá sibh? Dá gcreidfeadh sibh, mar iad-san,


L. 47


nach dtéid aon duine go parrthas bhrisfeas na haitheanta,
muna ndéanaidh sé aithrighe, ní féidir a rádh go mbeith sibh
comh failligheach in a déanamh agus atá sibh. Ní tháinig ariamh
daoine ba lugha ciall ná na naoimh seo, nó atá sibh-se ar mire.



Léighimid i leabhar Iónas go dtug Dia órdughadh don
fháidh seo dul go cathair Nineue, agus seanmóir do dhéanamh
innte. Acht caidé an tseanmóir mheasas sibh rinne sé do
na págánachaibh seo? Atá, seanmóir ghearr athchumair. Dá
ndéanainn-se a leithéid díbh-se, atá ag gabháil le bheith in
bhar gcríostaidhthibh, is beag, gan amhras, aithrighe dhéanfadh sibh
léithe. Tar éis siubhal lae do dhéanamh in san gcathraigh seo,
mar adeir an scrioptúir, do thoisigh sé a sheanmóir, agus
adubhairt: "Fá cheann dá fhichid lá ó indiu, scriosfar an
chathair Niniue." Sin a ndubhairt sé de sheanmóir.



Ó, a mhórdhacht agus a uile-chomhachta Dé, cia le ar féidir
bheith saor ó iongantas ag smuaineamh ort? Ó, is tú féin
doghní uirlis do na neithibh is táire agus is uirísle le neithe
móra uathbhásacha do dhéanamh ós cionn nádúra, ní is
soiléir as an eisiomlár atá i láthair againn.



Tháinig Iónas chum na cathrach móire seo, duine ar nach
raibh eolas, duine bocht díblidhe ar nach raibh meas foghluma
ná críonnachta, duine nach ndearna miorbhailte ar bith i n-a
measc thaoibheóchadh meas dó. Tháinig sé, deirim, do dhéanamh
seanmóra do phágánachaibh ag nach raibh eolas ná beann ar an
Dia fírinneach. Mheasfadh duine gurb é freagra do-bhéar-
fadh siad air, nach raibh eolus aca ar a Dhia, agus nach mó ná
sin do bhí beann aca ar a bhagairt. Ó, ní hé seo freagra thug
na Niniuítigh ar Iónas. Chomh luath is chuala siad na briathra
úd, ghlac crith-eagla iad roimh an Dia so ar nach gcuala
siad trácht go dtí sin. Chomh luath is tháinig an tseanmóir
go cluasa an ríogh, thuirling sé anuas gan mhoill as a
chathaoir ríoghdha, theilg a chuid éadaigh de, scairt go hárd
ar Dhia, mar deir an scrioptúir, thug órdughadh do
lucht na cathrach aithrighe do dhéanamh. "Troisceadh siad,"


L. 48


ar sé, "idir daoine agus eallach. Cuireadh na daoine
éadach róiní orra féin; agus nár ba lór leo so do dhéanamh,
scairtidís ar an Dia comhachtach atá ag bagairt orainn. Cá
fios nach Dia trócaireach é? Cá fios, dá gclaochlóchadh
sinne ar mbeatha, nach gclaochlóchadh seisean a fhearg linn,
agus nach dtiubhradh maitheamhnas dúinn agus dár gcathraigh?"



Cia le ar féidir a leithéid seo d'aithrighe do chlos gan
mór-iongantas do bheith air? Caidé an chuma mheasas sibh
bhí ar an gcathraigh seo an uair úd? Caidé an buaidhreadh do
bhí ar feadh an bhaile go hiomlán le gártha daoine agus
eallaigh, leanbha ag gol agus ag caoi ag iarraidh bídh nach
raibh le fagháil aca, daoine móra ag crádh a gcuirp le éad-
aighibh garbha agus troscadh. Sin agaibh aithrighe na Niniuí-
teach do bhí comh taithneamhach sin i bhfiadhnaise Dé, ar mhodh
gur chosc Dia a lámh agus gur thionntuig uatha gach díoghaltas
do bhí sé do thriall chuca.



Ó, a aithrighe, a shubhailce neamhdha, cia nach ngrádhóchadh thú?
Cia nach ndéanfadh thú? Is sona sibh, a lucht cathrach Nineue
do-rinne aithrighe chomh éascaidh éifeachtach so nár dhearc ar
uirísle an tseanmóntaidh, acht ar mhórdhacht agus ar mhór-
chomhachta an té chuir dá déanamh é.



Cuirim i gcás, a cháirde, go dtiocfadh seanmóntaidh
chugaibhse i n-ainm Dé, agus go ndéarfadh libh go scriosfadh
Dia don talamh sibh fá cheann dá fhichid lá muna ndéanadh sibh
aithreachas. Cuir i gcás go ndéarfadh libh go raibh sibh ar
seachrán, go raibh sibh mainneachtach i seirbhís Dé, fiafruighim
díbh an ndéanfadh sibh aithrighe. Bhéarfaidh mé féin freagra
ar bhur son, agus deirim, cia gur minic adubhairt an t-oide
faoisdine le fear na mionn mór agus le gach aon eile do bhí
tugtha do leannán ar bith peacaidh, acht muna dtugadh siad
cúl dóibh agus a mbeatha do leasughadh, go raibh siad
caillte, go raibh siad damanta, gurb é do-ghní siad, i
ndiaidh gach rabhadh agus gach bagar, a bpeacaidh do dhúbladh
agus peacadh do chur ar muin peacaidh.


L. 49


Acht má atá amhras agaibh nach ó Dhia thig an t-oide faois-
dine agus nach ó Dhia thig an seanmóntaidh, deirim libh gur
mór atá sibh meallta, agus dearbhaim díbh gur le ughdarás
agus teachtaireacht Chríost atáim féin ag teacht chugaibh
indiu. Briathra Chríost atá mé d'innsin díbh. "Déanaidh an
aithrighe," sin mo sheanmóir, sin mo theachtaireacht. An Dia
céadna thug órdughadh do Iónas dul go Niniue, is le n-a
órdughadh agus le n-a ughdarás atáimse ag teacht chugaibhse
indiu. Chuala sibh an aithrighe dorinne na Niniuítigh le
teachtaireacht Iónas; acht cá bhfuil bhar n-aithrighe-se; cá
bhfuil bhar ndeóra; cá bhfuil bhar dtuirse?



Thug Dia dhá fhichid lá do na Niniuíteachaibh le aghaidh aithrighe
do dhéanamh, acht mo thruaighe, ní thig liomsa leath na haimsire
do thabhairt díbhse. Ní thig liom a dhearbhadh nach mbeidh mé
féin, ní áirmhim sibhse, faoi cheann deich lá in mo bhiadh
piast agus cnumhóg, agus dá bhrígh sin, is cóir díbhse agus
damhsa an aithrighe do dhéanamh; is cóir dúinn tionntódh
ar Dhia le umhlacht agus tuirse chroidhe, agus ní bheidh fuigheall
ar an tairbhe gheóbham uaidh, do réir mar thairgfeas mé
chruthughadh in san dara poinnte.



An dara poinnte: Is mór an ní do ghlacas as láimh
nuair do gheallas brígh agus éifeacht na haithrighe do
mhíniughadh díbh. Ní é atá do-dhéanta ag mo lag-inntleacht-
sa, acht muna bhfuighidh mé cuidiughadh ón muintir do bhlais
milseacht agus tairbhe na subhailce mórluaigh seo, is iad
sin an mhuintir do bhí ar bhruach bheith caillte, do bhí ar bhruach
bheith damanta, nó go dtugadar aghaidh ar Dhia ag déanamh na
haithrighe.



Má fhiafruighim don aithrigheach ríoghamhail Dáibhidh caidé
tairbhe na haithrighe, déarfaidh liom gurb í do shábháil é ar
ifreann, gurb iad a dheóra agus a osnaidh do leigheas an
chneadh mharbhthach d'fhág peacadh an adhaltranais ar a anam
agus rinne í deas lonnrach glórmhar ó n-a beith dubh gránna
glonnmhar.


L. 50


Má fhiafraighim do Mhuire Magdalen caidé do dhíbir na
seacht ndiabhail do bhí i seilbh a hanma, nó d'árduigh í go
parrthas tar éis a beathadh sgannalaighe, déarfaidh sí liom
gan amhras, gurb iad trom-dheóra na haithrighe, le ar nigh sí
cosa Chríost, do nigh in san am gcéadna a hanam ón uile
shalchar peacaidh. Nach é an náire agus an tuirse, an
t-aithreachas agus an dólás bhí ar Pheadar rinne a shíothcháin le
Críost tar éis a shéanadh trí huaire? Is iad, gan amhras,
agus gheóbhadh maitheamhnas do Iúdas, dá ndéanfadh an ní
céadna.



Ó, a shubhailce neamhdha na haithrighe dhruideas ifreann
agus fhosclas parrthas, chuireas sólás ar na hainglibh
agus dólás agus díbirt ar na diabhlaibh, bheireas buaidh i
modh éigin ar an té ar nach féidir buaidh do bhreith, mar atá,
Dia uile-chumhachtach.



Ó, nach bhfaghaim ó Dhia mar ghrása aithris do dhéanamh ar
Magdalen, ar Dháibhidh, agus do réir mar do leanas iad in
san bpeacadh, a leanmhain, mar an gcéadna, in san aithrighe.



Thug Dia órdughadh don fháidh Esechiel bríce thabhairt
chuige, agus cathair Ierusalem do tharraing air, agus tar
éis a tarraingthe iomshuidhe do chur léithe, agus a ballaí do
réabadh agus do bhriseadh chum na talmhan. Is é chialluigheas,
a cháirde, an chathair seo Ierusalem, go rúindiamharach, anam
an duine, agus is é chialluigheas an t-iomshuidhe seo,
d'órduigh Dia do chur leithe, an díoghaltas agus an scrios
chuireas an ceart neamhdha leis an bpeacach. Acht is feasach
sibh gur féidir gach ní tarrraingthear ar bhríce ghlas gan
triomughadh do mhilleadh gan mhoill agus do nighe le beagán
uisce. Maiseadh, más mian leatsa, a pheacaigh, an t-iom-
shuidhe láidir úd atá ag ceart Dé le d'anam do thógáil, más
mian leat na saighde nimhe, atá i láimh Dé chum do thollta,
do sheachnadh, más mian leat imtheacht ó chlaidheamh díoghaltach
an dá fhaobhar atá ós do chionn, nigh bríce t'anma le trom-
dheóraibh na haithrighe. Aon deór amháin ó chroidhe, le grádh


L. 51


ar Dhia agus le fuath ar an bpeacadh, maolfaidh sé na
hairm millteacha úd, déanfaidh sé do shíothcháin le Dia,
gheóbhaidh ar ais an bhreith dhamanta tugadh ort in san móim-
éint céadna rinne tú an peacadh, agus ceangalfaidh, amhail
is mar déarfainn, lámha Dé ó dhíoghbháil ar bith do dhéanamh
dhuit. Ó, a dhuine shaidhbhir an tsoiscéil, dá silfeá i n-am
acht aon deór amháin aithrighe, choisgfeadh sé an tart
madramhail sin do-bheir ort braon beag uisce d'iarraidh ar
Lasarus, chum fuarughadh do thabhairt do d' theangaidh,
sgaoilfeadh sé na slabhraidhe tinntidhe sin atá in do thim-
cheall, mhúchfadh na buirb-theinte i n-a bhfuil tú ag do loscadh.



Bheir Dia le tuigsin dúinn i n-áit eile caidé mar bheir an
aithrighe buaidh ar an cheart neamhdha, agus caidé mar gheibh sí
ar ais gach breith bheir Dia i n-aghaidh an pheacaigh, i bpearsain
an ríogh Esechias. Chuir Dia tinneas marbhthach ar an rígh
seo mar dhíoghaltas ar son a pheacadh. Thug órdughadh don
fháidh Isaias dul le rabhadh fá n-a dhéin, agus a rádh leis
suidheamh do chur ar a ghnóthaibh saoghalta, agus nach raibh im-
theacht ar an mbás aige. Caidé do rinne Esechias annso,
a cháirde? An measann sibh go raibh imtheacht ar an mbás
aige tar éis Dia do thabhairt breith bháis i n-a aghaidh? Ó, do
rinne, chomh luath agus fuair sé na sgéala so, ghlac sé armus
na haithrighe: bhuail a ucht; shil a dheor; d'agair agus ghuidh
Dia maitheamhnas do thabhairt dó i n-a pheacadhaibh, ar mhodh
nach maith bhí cúl an fháidh leis nó fuair órdughadh nua dul le
sgéal chum an ríogh so, go ndearna an aithrighe do-rinne sé a
shíothcháin le Dia, agus i n-áit an bháis do bagradh air, go
bhfuigheadh sé arís cúig bliadhna déag mar fhadughadh saoghail.



Ó, a dheóra míorbhaileacha na haithrighe, nár sileadh riamh ó
chroidhe nach gclaochlóchadh sibh fearg Dé; Ó, a phéarlaí uaisle
atá chomh geanamhail sin ag Dia, ar mhodh go dtugann mar
luach oraibh an ghlóir shíorraidhe, is neamh-iongantach liom
na haithreacha naomhtha do ghairm íoc-shláinte na n-anmann
díbh, do bhrígh nach bhfuil cneadh ná loit, dá bhaoghalaighe, bhíos


L. 52


ar an anam, nach leigheasann sibh. Is sibh teachtairí is
fearr do chuaidh riamh ón bpeacach chum deigh-sgéalta do
thabhairt ar ais. Is sibh lucht dlighidh is eagnaidhe chum cás an
pheacaigh do phleadáil. Is sibh adhbhocóid is tábhachtaighe do-
chuaidh ariamh i bhfiadhnaise na Tríonóide chum trócaire Dé
do ghluaiseacht, chum maitheamhnas do thabhairt don pheacach.
Is sibh an iodhbairt is taithneamhaighe, ó Mhac Dé amach, dár
hofráladh riamh don Áird-rígh.



Atá deóra na haithrighe comh muirneach measamhail sin i
bhfiadhnaise Dé, ar mhodh nach áil leis a sileadh fá ócáid ar
bith eile acht fá fheirg do chur air féin, agus le fuath ar
an bpeacadh. Ní féidir don chríostaidhe díombuidheachas
Dé do thuilleadh níos n,ó ná gol do dhéanamh fá athair nó
fá mháthair, fá mhac nó fá inghin, fá bhreis nó fá leathtrom,
nó fá ní ar bith talmhaidhe, acht fá na pheacadhaibh amháin.
Do mheasfá, a chríostaidhe, nach raibh adhbhar ar bith is mó
do bheith ag duine chum leithsgéil fá ghol do dhéanamh ná
fá bhás Chríost. Maiseadh i n-áit Mac Dé do thabhairt
buidheachais do na mnáibh, do bhí ag gol nuair do-chonnacadar
é ag iomchar trom-ualach na croiche, agus dá chéasadh ar
sliabh Calbharí, is é dubhairt sé leo, lán de mhí-stáigh, gan
é féin do chaoineadh, "acht golaidh agus caoinidh bhur bpeacaidh
chuir mise ag iomchar na croiche seo."



An áit a ndearna Críost éagcaoin chomh mór so ar na
mnáibh úd fá gol do dhéanamh fá gach masla agus mí-mhodh,
fá gach trom-bhuile do sciúrsa do buaileadh ar a chorp naomhtha
caidé mhéad na héagcaoine dhéanfas sé ar an mhuintir
ghoileas fá an uile ní, acht fá a bpeacadhaibh amháin? Caidé
mhéad na feirge bheas aige leis an mhuintir, ar a ngoileann
breis saoghalta, dá laighead, níos mó ná sgarmhain le
saidhbhreas na ngrása agus le n-a gceart ar pharrthas?
Caidé éireóchas don mhuintir chuireas fearg ar Dhia gach
uair agus gach móimeint, agus nach sileann oiread agus aon
deór amháin aithrighe chum a síothcháin do dhéanamh? Ó, atá,


L. 53


an té nach ngoilfidh anois ar son a pheacadh, nuair atá an
an t-am aige, goilfidh agus caoinfidh sé i n-ifreann i n-an-am.
Chí sibh anois, a cháirde, nach bhfuil atharach sligheadh ná
bealaigh ag an bpeacach thriallas go parrthas acht bóthar garbh
na haithrighe. Chí sibh gurb í an aithrighe amháin doghní ár
síothcháin le Dia, nuair théighmid i dtréas air. Chífidh sibh,
mar an gcéadna, má dhearcann sibh ar bhur gcoinsias, nach
bhfuil aon duine agaibh nachar ól cupa agus an iomarcaidh
do nimh mharbhthaigh an pheacaidh. Glacaidh, mar sin, íoc-
shláinte na haithrighe, más mian libh cneadha bhar n-anmann
do leigheas. Buailidh bhar n-ucht; silidh bhar ndeóra; bíodh
dólás oraibh fá fheirg do chur ar an Áird-rígh. Má ghní sibh
sin ó chroidhe, le rún bhar n-anam do leasughadh, gheobhaidh sibh
cabhair na ngrása ó Dhia in san tsaoghal so, agus an ghlóir
shíorraidhe in san tsaoghal eile. Amen.


L. 54


An Seiseadh Seanmóir.



AR STÁID TRUAIGHMHÉILIGH AN PHEACAIGH.



Ag féachaint do Chríost ar chathair Ierusalem, do ghoil sé.



(Briathra léightear ag Lúcás san naomhadh caibidil déag, an t-aonmhadh
rann ar dhá fhichid.)



NÍOR labhair Críost focal agus ní dhearna gníomh nach
chum sinne do threórughadh ar chasán ar slánuighthe dubh-
airt agus rinne iad. Is ar bhar son-sa, a cháirde, agus ar
mo shon-sa tháinig Críost chum an tsaoghail seo, d'fhulaing
sé buadhairt agus bochtaineacht, masla agus mí-mhódh. Is
ar bhar son-sa agus ar mo shon-sa rinne sé urnuighe mhinic,
ghuidh sé an t-Athair síorruidhe, chuir sé allus fola dá bhall-
aibh, dhoirt sé an deór is lugha dá chuid fola i gcrann
na croiche.



Ag féachain indiu do Chríost ar chathair Ierusalem,
ghlac tuirse agus tocht, an-aoibh agus dubrón é, ar mhodh
gur réab an gol air. Agus cad chuige, a cháirde?
Caidé an t-adhbhar dóláis atá ag Críost? Is ní éag-
samhail, ar ndóigh, bheir ar Chríost bheith ag gol. Ó, a
shúile glórmhara an tSlánuightheora, bheir sólás do lucht
an dubróin ag féachain go trócaireach orra, caidé rinne
toibre fíor-uisge dhíbh indiu, ag sileadh trom-cheatha deór?
Tugaidh éisteacht do Chríost agus bhéarfaidh sé an t-adhbhar
díbh: "Ní thig liom," adeir sé, gan bheith tuirseach,
dubrónach, nuair smuainim caidé an tár agus an scrios
atá ag triall chum an bhaile seo, ar son nach dtuigeann


L. 55


sé é anois. Tiocfaidh an námhaid, na Rómhanaigh, gan
mórán moille; cuirfidh siad iomshuidhe léithe; loiscfidh
siad a teampall, an obair is breagha in san domhan;
leagfaid a ballaí; brisfid a páláis agus a caisleáin;
ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin cloiche dhi; ní goirfear
baile di choidhche as so amach."



An ní céadna d'éirigh don bhaile seo, éirghidh go lae-
theamhail don bpeacach. Nuair is lugha shíleas, cuirfidh an
an námhaid, is é sin na diabhail ifrinn, iomshuidhe le n-a
anam; brisfid ballaí agus daingeanacha na ngrás;
réabfaid caisleáin na subhailce; ghní siad príosúnach
agus sclábhaidhe don anam so, chosain do Chríost an
méad fola bhí i n-a chuisleannaibh le a shábháil orra.



Cia gur ghoill ar Chríost scrios na cathrach so i n-a raibh
an teampall ba bhreagha agus ba chostasaighe bhí ins an
domhan, i n-a ndéantaoi onóir agus adhradh dó féin, cia
gur ghoill air scrios corpordha an chinidh Iúdaidhe ó
dtáinig sé féin do réir a dhaonnachta, is mó do ghoill
air míle uair an scrios spioradálta tháinig ar a n-anam-
annaibh, do bhrígh nachar umhluigh siad dó féin, gur shéan
siad a dhiadhacht, nachar admhuigh siad a mhiorbhailte, gur
dhruid siad a gcroidhthe i n-aghaidh a ghrása, agus a gcluasa
i n-aghaidh a theagaisg, nach ndearna siad úsáid do na
meadhónaibh thug sé dóibh le haghaidh a slánuighthe. So
an t-adhbhar fa dtáinig an tár so agus an sgrios ar an
gcineadh Iúdaidhe, agus so an t-adhbhar d'fhág súile Chríost
indiu i n-a loch fola.



Chí sibh anois, a cháirde, gurb iad peacaidh an chinidh
dhaonna do b'adhbhar gola do Chríost, agus ba chóir go
bhfaicfeadh sibh gur córa díbh féin ná do Chríost na
peacaidh céadna do chaoineadh. Dá mba léir díbh an
díoghbháil thig don duine as an bpeacadh, ar ndóigh, ní
rachadh scíth oraibh choidhche acht ag caoineadh bhar bpeacadh.
Tairgfidh mise a chur i n-umhail díbh indiu, tar éis mo


L. 56


chomhrádh do roinn in dá phoinnte. Ní fhuil tubaiste i
ndán don duine is mó ná an peacadh do dhéanamh: sin
an chéad phoinnte. Acht is míle measa ná sin codladh
ar an bpeacadh agus gan aithrighe do dhéanamh: sin an
dara poinnte. Ó, cia bhéarfas osnaidh go lór do mo
chroidhe, nó uisge go lór do mo shúilibh, nó briathra bríogh-
mhara go lór do mo theangaidh, ionnus go dtiocfadh liom
corrughadh nó músgladh do bhuain as bhar gcroidhthibh
cruaidhe clochacha, ionnus go ngoilfeadh agus go gcaoin-
feadh sibh na peacaidh seo do chosain gol agus caoineadh
do Chríost. Iarramuid na grása so ar Dhia le impidhe na
Maighdine Muire, ag rádh an Abhe Maria.



An chéad phoinnte. Bheir an Dochtúir naomhtha, Bernard,
fa deara, cia gur iomdha ní bhaineas gol as an duine,
nach bhfuil acht aon ní amháin fa ar chóir dhúinn gol do
dhéanamh, mar atá, ar bpeacaidh féin agus peacaidh ar
gcomharsan An bhean ghoileas fa bhás a fir luighe, ní
hé amháin go bhfuil a deóra neamh-thairbheach, acht atá siad
peacadhach. An té ghoileas fa sgarmhain leis an ní fuair
sé go holc, atá a dheóra neamh-bhríoghmhar lochtach. An té
ghoileas fá bhás an leinbh do bheith i bhfad ó n-a cháirdibh,
fa mhí-chomhgar nó bochtaineacht, ní fhuil i n-a dheóraibh
acht deóra gan tairbhe. Acht an té ghoileas fa n-a
pheacaidhibh, fa sgaradh le Dia, fa easbhaidh dídean agus
caradais Dé, so na deóra tairbheacha, so na deóra
beannuighthe, so na deóra mhúchas boirb-theinte ifrinn,
chlaoidheas an diabhal, bhaineas claidheamh an díoghaltais
as láimh Dé. So an t-adhbhar far shil fáidhe agus naoimh an
tsean-reachta an iomad deór, agus so an t-adhbhar far
ghoil agus far chaoin na heasbail agus naoimh an reachta
nua, agus so an t-adhbhar fa bhfuil Críost ag gol indiu.



An fáidh Amos, ag smuaineadh caidé mhéad is pheacuigh
an pobal i n-aghaidh Dé, agus ar an díoghaltas do bhí Dia
do thriall chuca ar son na bpeacadh céadna, adubhairt sé


L. 57


leis an bpobal, "Caidé mheasas sibh bhíos ar m'aire-se
oidhche agus lá? Ní théid scíth orm," ar sé, "acht ag
smuaineadh ar iomadamhlacht agus ar ghráineamhlacht bhar
bpeacadh-sa. Nuair mhúsglaim in san oidhche, sgreadaim
ar Dhia, agus fiafraighim de, "Ar pheacaigh duine ar bith in
san bpobal so id aghaidh anocht, agus má rinne, caidé is
maith damhsa do dhéanamh chum maitheamhnas d'fhagháil dóibh
nó sásamh do thabhairt i n-a bpeacaidhibh?" Is é freagra
do-gheibhim ón tSlánuightheoir, na huile ghártha gola do
leigean asam ar na bealaighibh móra, "Ná fág teach ná áit,
clúid ná cearn, nach gcuairteochaidh tú agus nach dtabhar-
faidh tú rabhadh go bhfuil mallughadh agus díoghaltas Dé
ag triall chuca fa n-a bpeacaidhibh. Ní lór dhuit sin; iarr
congnamh gola ar an uile dhuine ag a bhfuil súile i n-a
cheann le gol do dhéanamh, agus i n-a dhiaidh sin agus uile,
ní thiocfaidh leat-sa ná leó sin oiread gola do dhéanamh
agus nighfeas an t-anam doghní peacadh marbhtha.""



Tugaidh éisteacht don fháidh Ioel agus bhéarfaidh sé fios
díbh caidé an modh ar cóir don duine a pheacaidh féin, nó
peacaidh na comharsan, do chaoineadh. "Déan scréach,
éighmheach agus osnadha, mar dhéanfadh óig-bhean do chaill-
feadh a fear." Nuair chailleas óig-bhean a fear do bhí
deigh-sgéimheach deagh-cháilidheachtach, nach ndéanfadh ní ar
bith acht gach ní is mó bhéarfadh sásamh di, i n-a raibh a
hanam báidhte le méad an ghráidh agus an gheana do bhí
aice air, is ion-tuigse díbh nach mbíonn tilleadh aici ó
mhí-fhoighid, nach mbíonn miosúr ar a dólás, nach dtéid
scíth uirre acht ag síor-ghol, nach dtriomann a súile,
agus nach gcluintear uaithe acht osnadha. So an tslighe,
so an modh, so an bealach is cóir duit-se, a Chríostaidhe,
do leanmhain, má atá do mhí-fhortún ort bheith i stáid
pheacaidh. Is mó an t-adhbhar dóláis atá agat míle uair
ná ag an óg-mhnaoi úd. Ní ní is lugha ná do Dhia do
chaill tú; saidhbhreas neamhdha na ngrás do chaill tú;


L. 58


éadach uasal na subhailce do chaill tú; sólás agus
aoibhneas flaitheamhnais do chaill tú, agus ní dod'
aimhdheóin, acht do do thoil deóna féin. Cad dhéanfas
tú? Atá, goil go cruaidh cráidhte. Déan aithris ar an
óg-mhnaoi úd. Dá mbeith míle bliadhain agat do shaoghal,
go mba beag leat é chum do pheacadh do chaoineadh.



Ní léighmid in san scriptúir dhiadha gur ghoil Críost
acht trí huaire i n-a shaoghal, acht léighmid in san am gcéad-
na gurb iad na peacaidh do b'adhbhar dhó gach uairaca. Ag
féachain do Chríost ar Lasarus, tar éis é do bheith cheithre
lá marbh curtha agus ag lobhadh in san uaigh, do chaoin agus
do ghoil sé. Acht cad as ar ghoil sé ar an ócáid seo?
Atá, go bhfaca i bpearsain Lasarus an stáid tubaisteach
i n-a mbíonn an peacach do-ghní fad-chomhnuidhe in san
bpeacadh. Bídh sé marbh morguighthe ceangailte mar
Lasarus, gan mothughadh gan beann ar a shlánughadh. An
fear úd ar nach dtéid scíth ó thig caint i n-a cheann acht
ag mallughadh Dé le mionnaibh móra agus dia-mhaslughadh;
an fear úd agus an bhean úd atá ag luighe leis na
bliadhantaibh i leabaidh an adhaltrannais, théid chum faois-
dine agus ag glacadh corp an Tighearna fa n-a mbroinn
in san stáid seo; an fear úd eile théid ag glacadh
cuirp Chríost, agus a chroidhe in san am gcéadna lán
d'olc agus d'aingidheacht dá chomharsain; an peacach úd
eile théid mar an gcéadna ag déanamh comaoineach, agus
cuid na comharsan ar a láimh — so an tsiocair, so an
t-adhbhar far ghoil Críost.



Do ghoil Críost an dara huair i gcrann na croiche,
agus ar ndóigh, tuigidh sibh créad é an t-adhbhar. Bhar
bpeacaidh-se, a phobail, do bhí sé do chaoineadh, agus ar son
bhar bpeacadh-sa do bhí sé ag fulaing mór-phian. Uabhar
agus saint, drúis agus fearg, dia-mhaslughadh agus
mionna móra an phobail do tharraing uisce ó n-a shúilibh,
osnadh ó n-a chroidhe, do tharraing gach deór fola do bhí
i n-a bhallaibh agus i n-a chuisleannaibh.


L. 59


Chuala sibh caidé mar ghoil Críost ag féachain ar chathair
Ierusalem, agus chuala sibh, mar an gcéadna, gurb iad
peacaidh na cathrach so do b'adhbhar gola dó. Níor ghoil
Críost, adeir Naomh Criosostom, nuair do gabhadh é;
níor ghoil sé nuair do ceangladh é; níor ghoil sé nuair
do buaileadh cúig míle buille do sgiúrsa air; níor
ghoil sé nuair do gabhadh do dhornaibh air; níor ghoil sé
nuair do gabhadh do smugaibh air; níor ghoil sé nuair do
cuireadh coróin spíona ar a cheann, tairngí i n-a lámhaibh
agus i n-a chosaibh; acht do ghoil sé agus do chaoin sé
ar son peacadh an chinidh dhaonna, agus níor ghoil sé riamh
fa n-a athrughadh d'adhbhar. Ó, a cháirde, nach truagh an cás,
agus nach tuirseach Íosa Críost ag caoineadh na bpeacadh
nach ndearna sé, agus sinne, dorinne na peacaidh, gan
deór aithrighe ag teacht ar ar súilibh? Íosa Críost ag
íoc pian ar son na gcoirthe nach ndearna sé, agus sinne,
atá coirtheach, nach mian linn ní dá laighead d'fhulaing ar
son ar gcoirthe féin! Ó, a mhire gan sompla, créad é an
díoghbháil atá do Chríost má damantar tusa, a pheacaigh;
acht an bhfuil fuidheall díoghbhála agat-sa má gheibh tú bás
gan aithrighe? Do ghoil Críost fa chathair Ierusalem,
agus is uime do ghoil sé do chionn nach ndearna siad
deagh-úsáid dá ghrásaibh, nach ndearna siad a mbeatha do
leasughadh, nach ndearna siad aithreachas i n-a bpeacadh-
aibh, ní is tubaistighe d'éirigh riamh don pheacach, do réir
mar thairgfeas mé chruthughadh san dara pointe.



An dara pointe: Ní fhuil ní ar bith is mó chuireas
sólás ar Chríost ná aithreachas an pheacaigh, agus ní fhuil
ní ar bith is mó chuireas dólás air ná neamh-aithrighe an
pheacaigh. Ag dearcadh ar laige agus ar neimh-bhrígh
an duine, is gníomh daonna an peacadh, mar adeir Naomh
Bearnard, acht is gníomh diabhalta damanta fad-chomh-
nuidhe do dhéanamh ann. Bídh cuidiughadh an diabhail ag
an duine nuair do ghní sé an peacadh, acht is ón diabhal
amháin thig an neamhaithrighe.


L. 60


Do pheacuigh tú, adeir Críost, a Ierusalem, acht ar a
shon sin agus uile, tionntuigh orm-sa, agus ní chuimh-
neóchaidh mé níos mó ar do pheacadhaibh, déanfaidh mé
dearmad díbh. Acht i n-áit aithrighe do dhéanamh, is
é doghní tú cruadhughadh in do pheacadhaibh, crannrughadh
ins an olc, agus cad eile, caidé thig liom-sa do dhéanamh
duit níos mó? Ó, ní fhuil níos mó le déanamh agam,
acht amháin, mar chruthughadh ar mhéad mo gheana ortsa agus
méad mo fhuatha ar do pheacadhaibh, nuair nach ngoilfidh
tusa, goilfidh mise, agus caoinfead do chruadhas croidhe
agus do neamh-aithrighe.



Atá laethe áiridhe ag Dia, adeir Naomh Auguistín, agus
laethe áiridhe ag an duine. Tig laethe Dé nuair chríoch-
nuigheas an duine a chúrsa le linn báis, agus is é laethe
an duine nuair thoisigheas sé a bheatha. Laethe iad so
do bheir Dia dhó le leas a anma do dhéanamh; laethe na
trócaire, laethe na ngrása, móimeinte óir iad. Cibé
chuirfeas síol na subhailce in sna laethibh seo, bainfidh sé
foghmhar na glóire in san tsíorruidheacht. Acht cibé nach
ndéanfaidh úsáid cheart do na laethibh seo, cibé nach
ndéanfaidh an aithrighe, agus nach n-iarrfaidh trócaire in
sna laethibh seo, tiocfaidh laethe Dé, tiocfaidh an uair,
tiocfaidh an t-am i n-a dtabharfaidh Dia chum cunntais
é, i n-a lasfaidh a fhearg, agus i n-a dtabharfaidh sé cead
iomartais dá dhíoghaltas. Acht ní tháinig na laethe seo go
fóill. Tiocfaidh an lá i n-a gcuirfidh Dia tuagh an dá
fhaobhar le fréimheachaibh do chrainn, acht ní tháinig sé go
fóill. Tiocfaidh an lá i dtabharfaidh aingeal an scriosta
rabhadh duit gur leig tú an t-am thart chum leas d'anma
do dhéanamh, nach bhfuighidh tú móimeint do spás feasta.
Cad eile, créad leis a bhfuil tú ag fuireach, a chríostuidhe,
chum aithrighe do dhéanamh? An leis an uair nach mbeidh
tairbhe in d'urnuighe ná in d'aithrighe? Ó, dá mbeith fios
agat cad iad na huilc atá ag feitheamh ort, ní bheitheá


L. 61


chomh athmhaol so, ar ndóigh. Fiafraigh don duine saidhbhir
úd an tsoiscéil cad iad na boirb-theinte atá indiu dá
loscadh, na coirí atá dá bhruith, na sceana bearrtha
atá dá ghearradh, na súistí atá dá bhualadh, gach teanchair
atá dá tharraing, déarfaidh sé leat go bhfuil sin agus
a mhíle oiread dá phianadh, dá chrádh agus dá loscadh.
Déarfaidh sé leat, dá mbeith am nó cead aithrighe aige,
mar atá agatsa, nach rachadh stad ar a shúilibh acht ag sileadh
troim-cheatha deór, nach rachadh scíth ar a theangaidh acht
ag urnaighe agus ag guidhe, ag scairtigh agus ag gártha ar
Dhia nó go bhfaghadh maitheamhnas in sna holcaibh dorinne
sé. "Acht mo thruaighe mé!" adeir sé, "do leig mé an
an t-am tharm. Níor fhreagair mé an uair. Má ghoilim
anois nó go leighidh mo shúile, ní fhuil maith ann; ní fhuil
éisteacht agam, ní fhuil gairm ar ais ar mo dhonas, ná
furtacht choidhche le fagháil agam." Ó, a pheacaigh, an aith-
righe chéadna dhéanfadh an fear úd anois, dá mbeith a chead
aige, déana tusa í, ós agat atá a chead, acht muna mian
leat bheith rann-pháirteach leis in sna piantaibh do-áirmhthe
i n-a bhfuil sé.



Tháinig tinneas marbhthach do-leigheasta ar an rígh an-
chumhachtach Antiochus. Do bhí a chroidhe dá réabadh, a
chuid feóla ag tuitim as a chéile i n-a mion-spólaíbh. Do
bhí boladh chomh bréan morguighthe sin air nacharbh fhéidir
le duine, dá fhoisge dó i ngaol nó i bpáirt, teacht dá
chomhair. Tug neart na bpian ar an duine malluighthe
seo tionntódh air féin fa dheireadh, agus an admháil
seo do bhain as: "Tuigim anois nach bhfuil imtheacht
agam ón mbás, agus gurb iad na peacaidh is adhbhar do
mo mhóir-phiantaibh. Ní raibh a athrughadh ar m'aire go
dtí seo acht pléisiúr agus compórt. Ní raibh smuaineadh
agam ar a athrughadh do ní acht ríghthe agus náisiúin do
scrios, ríoghachta agus cúigidh do chur fá mo smacht.
Acht créad é an tairbhe atá damh anois i n-aon ní díobh


L. 62


so, nó i n-a bhfuil d'ór agus d'ollmhaitheas agam? Sin
mé ag dul chum báis agus trom-ualach don uile shórt
peacadh ar m'anam. Ó, caidé dhéanfas mé anois? Níor
thuig mé riamh go dtí seo méad mo mhí-fhortúin agus
méad mo dhaille."



Ó, a phrionnsa mhalluighthe, níor léar duit go dtí seo
méad na n-olc dorinne tú. Níor léar leat gur peacadh
na mílte duine neimhchionntach do mharbhadh. Níor léar
leat gur peacadh ríoghachta agus náisiúin do loscadh. Acht
is léar leat anois iad i n-an-am. Do chuaidh do laethe-se
thart, nuair bhí éisteacht agus trócaire le fagháil agat.
Acht anois, tháinig laethe an Tighearna. Dorinne tusa go
dtí seo gach ní ba mhian leat. I n-áit gach iomshuidhe do
chuir tú go héagcórach le bailte, cuirfidh na diabhail iom-
shuidhe le do anam, agus ceangólaidh siad tú le slabh-
raidhibh do-scaoilte i bpríosún dorcha ifrinn.



Acht muna gcuiridh an íd thubaisteach so fuair
Antiochus mothughadh nó criothnughadh oraibh, a cháirde, ní
fios damhsa caidé an ní le ar féidir criothnughadh do chur
oraibh. An íd chéadna fuair Antiochus dogheobhaidh gach
aon agaibhse doghní an peacadh agus chuireas an aithrighe ar
cáirde. Ní léar libh bhar leas acht oiread leis sin, ná na
huilc doghní sibh, nó go dtig punc déidheanach an bháis.
Annsin, nuair bhíos na súile dá mbriseadh, an t-ucht dá
réabadh, an anál ag árdughadh, is mian libh fios do chur ar
shagart, absolóid d'fhagháil, agus gan ionnaibh Jesu!
Maria! do rádh, ná maitheamhnas d'iarraidh, ná ullmhughadh
ar bith do dhéanamh ar bhur gcoinsias. Tairgfidh sibh, mar
Antiochus, an leigheas do chur ar an gcneadh an taobh
amuigh, agus an t-olc agus an t-angbhaidh an taobh istigh.
Leigidh sibh bhar laethe féin, laethe na trócaire, tharaibh,
agus nuair thig laethe Dé, laethe an díoghaltais, is annsin
is mian libh trócaire d'iarraidh; acht ní hé seo an t-am,
a cháirde. Do chuaidh Antiochus ar sheilbh aithrighe do


L. 63


dhéanamh in san bpunc so, acht ní fhuair éisteacht. Nár
leigidh Dia gurb é seo cás aon duine agaibh-se. Is é,
gan amhras, má leigeann sibh bhar leas ar cáirde, mar
rinne seisean, acht muna n-iarrraidh sibh trócaire nuair
atá trócaire le fagháil agaibh. Ní léar dhuit anois, a
dhuine bhoicht, a liacht uair dochuaidh tú i dtréas ar Dhia le
uabhar agus saint, le drúis agus fearg, le bréagaibh
agus le mionnaibh móra, le craos agus le meisce, le
briseadh saoire agus trosgtha, acht is léar duit iad nuair
nach mbeidh leigheas le fagháil orra.



Ó, a cháirde, acht muna mian libh bheith rann-pháirteach
le Antiochus in sna daoir-phiantaibh i n-a bhfuil sé, ná
déanaidh aithris air níos faide. Déanaidh an aithrighe,
acht déanaidh í ó chroidhe. Ná déanaidh í go fuar fallsa,
mar rinne seisean. Buailidh bhar n-ucht; goilidh agus
caoinidh bhar bpeacaidh. Is minic do ghoil sibh roimhe seo
fa neithibh nachar chóir díbh, acht goilidh anois fa an t-aon
adhbhar is mó ar bith. Silidh bhar ndeóra ó chroidhe, agus
nighfidh sibh bhar bpeacaidh, múchfaidh sibh na boirb-theinte
úd atá ar lasadh fa bhar gcomhair, maoithfidh sibh agus
claonfaidh sibh an t-áird-bhreitheamh chum trócaire do
dhéanamh oraibh i bhfus agus an ghlóir shíorruidhe do
thabhairt díbh in san tsaoghal thall; ní atá mise d'iarraidh
díbh-se agus dam féin. I n-ainm an Athar agus an Mhic
agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 64


An Seachtmhadh Seanmóir.



AR AN AITHRIGHE DO CHUR AR CÁIRDE.



Imtheóchaidh mise, agus beidh sibh dom iarraidh, agus gheabhaidh sibh bás
in bhur bpeacaidhibh.



(Briathra Chríost ag Eóin san ochtmhadh caibidil, an t-aonmhadh rann
fichead.)



ATÁ Críost ag bagairt indiu go n-imtheóchaidh sé uainn,
go dtabharfaidh sé cúl a chinn dúinn, agus ní hé sin
amháin acht go dtabharfaidh sé cead sgáirtigh agus gártha
dúinn ag iarraidh air filleadh, agus nach dtugann sé beann
ná áird orainn, agus mar bhárr druighill ar ár mí-fhortún,
go leigfidh sé dúinn bás d'fhagháil in ár bpeacaidhibh.



Ó, a cháirde, nach é seo an sgéal dona? Nach é seo an
sgéal tubaisteach ag an bpeacach? Cá bhfuil breis nó
díoghbháil mar an mbreis seo? Íosa Críost d'imtheacht
uainn; fear cosanta agus cothuighthe ár n-anma do thabhairt
cúil dúinn; agus ní hé sin amháin, acht nuair imtheóchas sé
má iarramaoid é arís, nach bhfuighmid é.



Ní fhuil fhios agamsa, a cháirde, an sgannruigheann sibhse
ag clos na mbriathar marbhthach úd Chríost, acht dearbhaim
díbh go n-éirgheann baspas agus crith-eagla orm féin gach
uair léighim iad insan sgrioptúir; ar an adhbhar, an bhfuil
ní is mí-fhortúnaighe don duine ná gan Críost d'iarraidh?
Acht an bhfuil ní in san domhan is tubaistighe ná a iarraidh
agus gan a fhagháil?



Acht, a Chríost, a bhéil na fírinne, nachar gheall tú féin
don tsaoghal cibé d'iarrfadh go bhfuigheadh, agus gach neach


L. 65


do bhuailfeadh an dorus go bhfuigheadh fosgailt, agus nach
bhfuil duine ar bith do thionntóchadh ort le aithrighe nach
dtabharfá maitheamhnas dó?



Is fíor gur gheall Dia gach ní díobh so, agus tá sé cinnte
go ndéanfaidh sé maith de, gidheadh ar chunntar, agus is é
cunntar sin, adeir Naomh Bearnard, go n-iarrfam é i
n-am agus go n-iarrfam é mar is cóir.



Is iad ár bpeacaidh, mar sin, a cháirde, bheir ar Chríost
cúl thabhairt dúinn; is iad ár bpeacaidh dhíbreas na
grása uainn; agus is í an neamh-aithrighe in sna peacaidhibh
sin agus an fhad-chomhnuidhe ghnímid ionnta bheir orainn
gan Críost d'fhagháil nuair iarramaoid é, agus dobheir bás
dúinn i n-ár bpeacaidhibh.



Is ar an fhaillighe seo doghní formhór an tsaoghail den
aithrighe nó go dtéid sé thar am is mian liom trácht indiu,
tar éis mo chomhrádh do roinn in dá phointe. An té nach
smuaineann ar Dhia ná ar leas a anma go huair an bháis, ghní
sé go formhór dearmad an uair sin de: sin an chéad
phointe; má smuaineann an peacach an uair sin ar Dhia,
atá sé i gcontabhairt nach mbíonn tairbhe dó ann: sin an
dara pointe.



An chéad phointe. Atá drong áiridhe ann darab eól
an uile shórt peacaidh do dhéanamh, acht nach eól dóibh choidhche
an aithrighe. Ní fhuil ní ar bith is éasgaidhe ghní siad ná fearg
do chur ar Dhia, acht ní fhuil ní in san domhan is do-dhéanta
aca ná a síothcháin do dhéanamh leis an aithrighe. Ní fhuil
uair in san lá nach dtruaillid a gcoinsias leis na lochtaibh,
acht ní tháinig an uair, agus ní thiocfaidh choidhche, i n-a nighfidh
siad a n-anam le deóraibh bríoghmhara na haithrighe. Acht
caidé is ciall don tsuan marbhthach so i n-a mbíonn an
peacach? Caidé is ciall don dearmad so doghní sé dá
shlánughadh? Ó, atá cluain chuireas an t-ainspiorad air,
deir Naomh Augustín. Geallaidh dhó saoghal fada agus
am go leor chum na haithrighe nó go dtairngeann é ar
dhuibheagán na n-olc. Deir sé le fear na drúise gur féidir


L. 66


leis a phléasúr do ghlacadh go fóill, go bhfuil am go lór aige
cúl thabhairt don mhnaoi luighe nuair thiocfas sé chum aoise.
Deir sé leis an fhear ag a bhfuil cuid na comharsan ar
láimh go bhfuil am go lór aige aisioc do dhéanamh nuair
thiocfas sé chum saidhbhris. Deir sé le fear na mbréag agus
na mionn mór nach bhfuil suim ionnta, agus má tá, go bhfuil
am go lór aige aithrighe do dhéanamh ionnta le linn a bháis,
acht nuair thig an punc sin ní bhíonn de smuaineamh ag an
bpeacach annsin ar leas a anma acht oiread agus bhí riamh
aroimhe. Thig díoghaltas fír-cheart Dé ar an muintir seo,
deir Naomh Auguistín, go ndéan siad dearmad i n-a
n-anam le linn báis chomh maith is dhearmadadar Dia le
linn a mbeathadh.



Doghní an diabhal an ní céadna leis an muintir seo ba
mhian le Naas do dhéanamh leis na Iabanits, do réir mar
haithristear in san sgrioptúir. Ní ghlacfadh Naas na
Iabanits chum síthe nó chum síothchána. Ní thabharfadh cádhas ná
cuideamh dóibh, acht ar chunntar go leigfeadh siad dó an
tsúil dheas do bhuain asta. So an t-acht, so an connradh
doghní an diabhal leis an muintir chuireas an aithrighe ar
ath-lá. Bainidh sé an tsúil asta, is é sin dalluighidh sé a
n-intleacht, cuiridh ceó an ainbhfeasa ar a dtuigse, ar mhodh
nach léir dóibh an poll duibheagán úd ifrinn atá fútha,
agus iad i n-a gcodladh ar a bhruach, agus gan dá gcong-
bháil as acht snáithe beag caol na beathadh, agus nach bhfuil
teagmhais dá laighead nach mbrisfeadh an snáithe sin. Ní
smuaineann siad ar an gcontabhairt mharbhthaigh i n-a bhfuil
siad ar bhruach an phoill seo nó go dtig an bás gan
mothughadh orra. Théid siad annsin chum a gcunntais gan
ollmhughadh gan aithrighe, agus ón gcunntas so go fír-íochtar
an phoill seo.



Ó, a pheacaigh, dá dtuigfeá caidé olcas an lóistín atá
fa do chomhair in san bpoll úd, dhéanfá ar ndóigh do dhícheall
chum a sheachnaidh. Poll é i n-a bhfuil easbhaidh agus anró
agus gan pléasúr ar bith ná compórt. Poll é i n-a bhfuil


L. 67


an uile shórt pian, agus sin gan chrích gan deireadh. Poll
ar nach dtig neach ar bith ar ais thuiteas ann.



Ó, maiseadh, a pheacaigh, so an sgrioptúir dhiadha, so na
haithreacha naomhtha, so seanmóntaidhe an domhain ag
tabhairt rabhaidh dhuit, má rinne tú an peacadh agus gan
aithrighe do dhéanamh ann, gurab é an poll úd is lóistín agus
is ionad comhnuidhe dhuit. So Críost ag tabhairt rabhaidh
dhuit, acht muna dtréigidh tú na lochta, muna leasuighidh tú
do bheatha i n-am, go dtabharfaidh sé cúl duit, go dtairng-
eochaidh a ghrása uait, go leigfidh sé duit codladh ar do
pheacaidhibh le linn do bháis, amhail agus mar chodlas tú
orra anois, agus go bhfuighidh tú bás ionnta.



Is crith-eaglach an eisiompláir bheir an Spiorad Naomh
dúinn in san sgrioptúir ar an dearmad doghní an peacach
ar Dhia i n-aimsir a bháis, nuair do dhearmaid sé é ar feadh a
bheathadh, i bpearsainn Saul, an chéad rí bhí ar an phobal
Eabhra. Nuair dochualaidh an prionnsa mí-fhortúnach so
ón fháidh Samuel go raibh Dia ar tí gach díoghaltas do chur
air do bhí sé do bhagairt roimhe sin mar atá, go dtabharfadh
a ríoghacht do Dháibhidh, go dtabharfadh sé é féin suas dá náimh-
dibh agus go muirbhfidhe é féin agus a chlann in san gcath in
a raibh sé ag triall; acht caidé rinne Saul ag clos na
sgéala dubhrónach so? Mheasfá nach raibh acht aon ní
amháin le déanamh aige, is é sin cabhair d'iarraidh ar Dhia,
a dhícheall do dhéanamh le n-a fheirg do mhaolughadh, aith-
righe mhór do dhéanamh, a bheatha mhí-riaghalta do chlaoch-
lódh mar shúil go gclaochlóchadh Dia a rún díoghaltais
air. Duine ar bith ag a mbeith ciall, is mar seo dhéanfadh
sé, acht Saul, mar nach raibh cuimhne aige ar Dhia feadh
a bheathadh, dhearmaid sé é an uair sin. Na smuainte
dólásacha bhí aige ar an mí-fhortún bhí in a cheann féin
agus i gceann a chloinne, do bhuaidhir siad a intinn, do
dhall siad a intleacht chomh mór sin, ionnus nach bhfacas
dó meadhón ar bith do ghlacadh le é féin nó iad-san do
shábháil. Tháinig an lá, tháinig an uair d'órduigh Dia


L. 68


le n-a dhíoghaltas do chóimhlíonadh. Chuaidh Saul in air-
icis a namhad bhí ag teacht i n-a aghaidh lán de mheathtacht
agus de laige. Do briseadh air féin agus ar a mhuintir
agus do marbhadh a chlann. Bhí sé féin ag súil gach móimeint
leis an mbás. Buaileadh saighead air do loit é, agus
mar do mheas sé gur ab í sin an saighead do chuir Dia
le críoch do chur ar a bheathaidh, d'iarr sé ar fhear dá mhuin-
tir bhí in a aice a chur as péin, agus mar do dhiúlt sé a chomh-
airle do ghlacadh, rug sé féin ar a chlaidheamh agus do sháith
é isteach i n-a chroidhe féin, ar mhodh gur thuit sé marbh chum
na talmhan. Sin agaibh Saul mí-fhortúnach rinne dearmad
do Dhia i n-a bheathaidh ag fagháil bháis i n-éadóchas i n-a staid
dhamanta. Sin agaibh é ag deifriughadh le é féin do chur as
péin aimseardha go pianta síorruidhe ifrinn.



Ó, a Shaul mí-fhortúnaigh, is tubaisteach an íd seo d'éirigh
dhuit: is iongantach an claochlódh so tháinig ar do staid.
Tusa bhí 'do rígh comhachtach ceannasach agus 'd' uachtarán ós
cionn slóigh, atá tú anois 'd' íochtarán agus 'do sglábhaidhe
faoi chrúbaibh diabhal i n-ifreann. I n-áit na coróine cos-
tasaighe bhí ar do cheann, atá athracha nimhe mar choróin casta
fa do chloigeann agus iad dá ithe agus dá chreim. I n-áit
gach bíadh blasta bhí ar do bhórd, ní fhuighidh tú le n-ithe feasta
acht ruibh, mormónta, agus brimstón. I n-áit gach deoch
blasta bhí in do chornaibh ní fhuighidh tú le n-ól acht domblas
ibhe agus gafann. I n-áit amhairc shólásaigh na gréine agus
na gealaighe agus réalt lonnrach an aeir, ní fhaicfidh do
shúile choidhche feasta acht ceo dorcha agus piasta uaithbhealta
ifrinn. I n-áit gach boladh cumhra bhí 'do thimcheall, ní
mhóthochaidh do shróin feasta acht bréantas agus morguidh-
theacht an phuill íochtaraigh úd. I n-áit na gceól agus na
n-amhrán binn, ní cluinfidh do chluasa acht mairgnigh
agus éagnach dólásach na n-anam damanta. I n-áit do
chúirte agus do chaisleáin, ní bheidh agat feasta acht uaimh
dhoimsidh dhorcha agus carcair chruaidh chumhaing. I n-áit do
leabaidh sámh, is éigin duit luighe feasta ar ghreidilibh


L. 69


dearga agus ar róstainibh ar lasadh. Ó, a dhuine dhona,
atá anois teinte do d' losgadh, coirí do d' bhruith, súistí
do d' bhualadh, agus úird do d' bhrúdh. Ní fhuil ball ná órd-
lach díot nach bhfuil faoi phéin do-innsine do-áirmhthe, agus
beidh tú amhlaidh, ní seachtmhain ná mí, bliadhain ná ráithe, acht
chomh fada is bheas Dia i n-a Dhia is mhairfeas ifreann.



Ó, a Shaul, a Shaul, is iomdha éigheamh agus sgread, uaill
agus osnadh agat indiu fa a olcas is chaith tú d'aimsir ar
an saoghal so, agus gan aga duit ann. Dá mbeitheá chomh
dúthrachtach chum seirbhís do dhéanamh do Dhia agus bhí tú
umhal don tsaoghal, don diabhal agus don cholainn, i n-áit
na daor-bhroide i n-a bhfuil tú gheobhthá aoibhneas pharrthais.
I n-áit carthannacht na trócaire do dhéanamh ar do chomh-
arsain, ní raibh de stuidéir cinnte agat acht caidé mar
dhéanfá feall ar an bprionsa neimhchionntach Dáibhídh. I n-áit
trosgadh nó cruadhtan do chur ar do cholainn, is é leig tú
srian le d'ainmhiantaibh, thug tú leigean do d'an-toil, chuir
tú do leas ar cáirde, ní dhearna tú an aithrighe. Ó, dá
silfeá acht aon deor amháin i n-am, mar ghrádh ar Dhia agus
le fuath ar do pheacaidhibh, mhúchfá na teinte úd atá indiu do
d' losgadh, mhaolfá na hairm úd atá indiu dod' ghearradh,
gheobhthá aoibhneas pharrthais i n-áit na móir-phian i n-a
bhfuil tú. Ó, dá mbeith acht aon uair amháin anois agat ar
an tsaoghal so, caidé mar ghoilfeá agus mar chaoinfeá do
pheacaidh. Ó, caidé a liacht sgread agus éigheamh leigfeá
ar Dhia, ag iarraidh trócaire? Dhéanfá, gan amhras. Acht
ní fhuil maith ann, leig tú an t-am thart; níor smuainigh
tú ar Dhia le linn do bheathadh, agus ní mó ná sin smuainigh
tú air le linn do bháis, agus dá bhrígh sin, leig sé dhuit bás
d'fhagháil in do pheacaidhibh.



Éirghidh an ní céadna do gach aon eile, a cháirde, chuireas
a leas ar cáirde mar Shaul, agus ní beag díbh mar chruthughadh
air seo go bhfaiceann sibh féin go laetheamhail an mhuintir
bhíos mí-riaghalta droich-bhéasach i n-a sláinte, ag dul chum
báis chomh claon dá n-ainmhiantaibh, chomh ceangailte dá


L. 70


saidhbhreas, chomh deacrach chum aiseac do dhéanamh, chomh cad-
ránta i n-a ndroichbhéasaibh is bhí siad riamh roimhe. Agus
cad chuige? Atá, deir Solamh, nuair chrannruigheas an
peacach in san olc, go n-éirgheann neamh-shuim aige fa
dheireadh i nDia nó in leas a anma



Ó, mo thruaighe, caidé a liacht duine drúiseamhail chonn-
airceas agus chítear ag fagháil bháis i n-ucht na méirdrighe
ar a raibh sé ag imtheacht le linn a shláinte? Caidé a liacht
duine feargach chímíd ag dul chum báis agus a gcroidhe lán
de rún díoghaltais, ag diúltadh maitheamhnas thabhairt uatha
i n-am, nach bhfuil maitheamhnas le fagháil aca féin acht muna
dtugaidh siad maitheamhnas don tsaoghal? Caidé a
liacht duine bhíos tugtha d'easgaine agus do mhionnaibh
móra chímíd ag dul chum báis, agus go minic is droich-itghe
nó mionna móra focal déidheanach thig as a mbéal;
b'fhéidir, in áit ainm Dé nó Muire gur diabhal nó deamhan
do luaidhfeadh siad. Caidé mhéad do-chítear den druing
uaibhrigh ag dul chum báis chomh líonta de ghlóir dhíomhaoin
is do bhí siad ariamh i n-a mbeathaidh?



Ó, a dhrong mhalluighthe bheir sibh féin suas don olc ar
feadh bhur mbeathadh, is neimh-iongantach liom nach dtig libh
buaidh do bhreith ar an droch-ghnás leanas sibh in bhur
sláinte le linn bhur mbáis. Is neimh-iongantach liom sibh
do dhéanamh dearmaid de Dhia in san bpunc sin, chomh maith
is do dhearmaid sibh é ar feadh bhur saoghail. Acht cuir i
gcás go nguidhfidh an peacach Dia in san bpunc déidh-
eanach úd, atá sé i lán-chontabhairt nach mbíonn tairbhe dhó
ann, do réir mar thairgfeas mé a chruthughadh in san dara
pointe.



An dara pointe: Atá dhá ní riachtanach ag an duine
ionnus go mb'fhéidir leis aithrighe do dhéanamh, mar atá,
grása Dé agus toil shaor chum comh-oibriughadh leis na
grásaibh. Atá sé cinnte nach bhfuil peacach ar bith, dá olcas,
nó dá ghráineamhla beatha, nach féidir leis le congnamh
na ngrása a bheatha do leasughadh agus do shlánughadh.


L. 71


Is é mór-chumhachta na ngrása so do tharraing agus do
thionntuigh Pól ó n-a bheith i n-a leomhan mhillteach agus i n-a
sgriosadóir ar Eaglais Chríost chum a bheith in a fhear cosan-
ta cumhachtach agus in a phlantóir ar an Eaglais chéadna. Is
é grása an Tighearna rinne deisgiobal do Chríost de Mhatha
ó n-a bheith in a phuibliocánach scannalach. Nach le oibriughadh
na ngrása tháinig Naomh Auguistín chum a bheith in a lóchrann
soillseach le naomhthacht agus le foghlaim in Eaglais Dé,
ó n-a bheith in a charraig eiricidheachta agus in a dhuine mí-
riaghalta droich-bheathach? Nach é míorbhaile na ngrása
rinne ban-naomh oirdhearc agus sgáthán do gach aithrigheach
de Mhuire Magdalen tar éis í bheith in a camra ag gach
olc, agus in a lóistín salach ag diabhlaibh ifrinn? Is é, gan
amhras. Ní fhuil ní ar bith do-dhéanta ag grásaibh Dé.



Acht an raibh d'fhiachaibh ar Dhia na grása so do thabhairt
don druing úd? Ní raibh, gan amhras; ar an adhbhar gur
do réir a thola féin, gan ualach, gan oibliogáid, roinneas
Dia a thiodhlactha, agus ní gach am, acht an uair thogras
amháin, agus mar sin, gur gníomh mire don mhuintir chuireas
an aithrighe ar ath-lá, amhail is mar bheith sé d'fhiachaibh ar
Dhia grása na haithrighe thabhairt dóibh gach am agus gach uair
do thogóradaois.



Acht cia uair rinne Dia an trócaire seo ar an mhuintir
úd? Cia uair dorinne siad an aithrighe láidir úd d'árduigh
iad chum a mbeith in a réaltaibh soillseacha i gcúirt Chríost?
Ó, atá le linn a neirt agus a sláinte. Chomh luath is d'fhos-
gail solus na ngrása a súile, ionnus gur léar dóibh an
chuma ghlonnmhar do bhí ar a n-anam agus an staid damanta
in a raibh siad, níor chuir siad a leas ar cáirde, acht thug
siad aghaidh ar Dhia leis an aithrighe. D'iarr siad trócaire
nuair do bhí sí le fagháil aca, agus dá bhrígh sin fuaradar í.



Maiseadh, cuir i gcás, a chríostaidhe, go leanfadh Naomh
Auguistín den eiricidheacht go crích a bheathadh, go leanfadh
sé den mhnaoi bhí greamuighthe de go punc an bháis, nach
dtabharfadh sé cúl do na peacaidhibh nó go dtugadh na


L. 72


peacaidh cúl dó-san, nach n-iarrfadh sé maitheamhnas nó go
dtugadh pian an tinnis agus eagla an bháis air a iarraidh, an
measann tú go bhfuigheadh sé trócaire nó éisteacht an uair
sin? Acht, cia le dtig an cheist seo d'fhuasgailt níos fearr
ná Naomh Auguistín féin? Ní fhuil, gan amhras. Maiseadh,
is é adeir an Dochtúir naomhtha, an aithrighe doghní an peacach
in a thinneas agus in a laige, go mbíonn sí go lag, agus go
bhfaghbhann sí bás go formhór in éinfheacht leis, agus dá
bhrígh sin gur cóir do gach aon aithrighe do dhéanamh in a
shláinte, ionnus go mbeith an t-anam slán chum na síorruidh-
eachta. Deir sé linn in áit eile gur annamh bhíos an aithrighe
mhall tairbheach nó sona; acht deir sé, ós a chionn so, ní
dár cóir crith-eagla agus uamhan do chur ar pheacachaibh an
tsaoghail, is é sin, i measg na mílte agus na mílte duine
doghní aithrighe mhall, gur ar éigin saorfar aon duine
amháin aca.



Má deir tú, a chríostuidhe, go ndearna Dia trócaire ar
ghadaidhe na láimhe deise i bpunc an bháis, tar éis a bheith
riamh le holc, agus go mb'fhéidir go ndéanfadh an tró-
caire chéadna ort-sa, Ó, a pheacaigh bhoicht, ní fhuil agat air
sin acht "b'fhéidir," agus má chuireann tú an tsíorraidheacht i
gcontabhairt le "b'fhéidir," bheir tú le tuisgin don tsaoghal
nach bhfuil meas agat ar an ghlóir shíorraidhe, nach bhfuil
beann agat ar do shlánughadh, ná acarra ar bith le piantaibh
ifrinn. Fuair an gadaidhe seo, deir Naomh Auguistín,
trócaire i bpunc an bháis, tar éis a bheith riamh in a pheacach,
ionnus nach mbeith éadóchas ar aon duine. Acht ó thús an
an tsaoghail go dtí an uair seo, ní léightear ar aon duine
do chuir an aithrighe go punc an bháis fuair trócaire acht an
t-aon ghadaidhe seo, agus mar sin ní fhuil adhbhar andóchais
ag aon duine.



Léightear in san scrioptúir go dtug an dís taoiseach
cródha Abner agus Ioab catha móra dá chéile, agus mar do
bhí ag dul ar Abner i ndeireadh an lae, gur ghlac sé
comairce ag Ioab, agus gur iarr sé osadh comhraic. Is


L. 73


mall labhair tú, ar Ioab, tar éis mo dhíoghbháil do dhéanamh;
dá n-iarrfá síothcháin ar maidin gheobhfá í.



Ó, a cháirde, is díreach doghní peacaigh na haimsire seo
aithris ar Abner; tar éis iad do bheith ag troid faoi bhrat-
achaibh an diabhail in aghaidh Dé ó mhaidin a saoghail go dtí
tráthnóna a mbeathadh, iarraidh siad annsin comairce ar
Dhia. Acht is baoghalach dóibh go ndéarfar leó, dá n-iarr-
fadh siad trócaire ar maidin, is é sin, an uair do bhí siad
in a neart agus in a sláinte, go bhfuigheadh í. Acht ar sgáth
bheith ag iarraidh maitheamhnas tráthnóna a mbeathadh, tar
éis bheith i dtréas ar Dhia agus ag briseadh a dhlighidh ó mhaidin
a mbeathadh go dtí an punc sin, dearbhaidh an Spiorad
Naomh nach bhfuil éisteacht le faghbháil aca. Atá siad i
lánn-chontabhairt go n-éireochaidh dhóibh mar d'éirigh don rígh
uaibhreach Antiochus.



Do rinne an prionnsa malluighthe seo mórán uilc do
phobal Dé, mar do bhí na Iudaidhthe an uair sin. Níor lór
leis sin. Bhí sé ag teacht an dara huair go deifreach agus
an iomad slóighte in a chuideacht chum níos mó d'olc do
dhéanamh dóibh. Gidheadh do thuit ar an mbealach as a chóiste,
ar mhodh gur brúghadh a chnámha go hiomlán. Sin mar leag
lámh Dé chum talmhan an t-impire seo, bhí chomh uaibhreach sin
Ionnus gur mheas sé smacht chur ar thonnaibh na mara, agus
do shaoil sé é féin do bheith chomh hárd leis na réaltaibh.
Acht is é d'éirigh dhó, gur loibh a chuid feola go raibh sé ag
tuitim as a chéile in a spólaíbh. Do bhain an chuma ghlonn-
mhar in a bhfacaidh sé é féin an admháil úiríseal so as.
Rinne mé, ar sé, an iomad éagcóra agus ní fhuil mé ag
iarraidh ar Dhia d'fhadughadh saoghail acht ionnus go dtabhar-
fainn sásamh ionnta. Thug mé mionna go sgriosfainn
an pobal Eabhra, agus atá rún agam anois, in áit a sgrios,
oiread saorsa agus pribhléid thabhairt dóibh is atá ag mo
mhuintir féin. Gheall mé aon teinidh amháin do dhéanamh
de chathair Ierusalem leis an sgrios agus leis an marbhadh
do-bhéarfainn orra, acht geallaim anois, go ndéanfaidh mé


L. 74


an chathair is saidhbhre in san domhan di. Bhéarfaidh mé ar
ais gach ní thug mé as teampall na cathrach so. Ní lór liom
so. Beidh mé ar aon chreideamh leis an bpobal Eabhra.
Imtheóchaidh mé ar feadh an tsaoghail, ní le armáil mhóir, mar
ba ghnáthach liom, acht mar sheanmóntaidh ag innsin glóire
agus mór-chumhachta Dé.



Caidé deir sibh, a cháirde, le aithrighe den tsórt so? Dá
bhfeicfeadh sibh duine ar bith ag faghbháil bháis le ollmhughadh
den tsórt so, nach mbeith meas naomhthachta agaibh air?
Nach nguidhfeadh sibh Dia le n-a leithéid de bhás do thabhairt
díbh féin? Acht, éistidh, ar a shon sin, caidé deir an
Spiorad Naomhtha leis an bpeacach so, chuir a leas ar
cáirde go huair an bháis. Ó, adeir sé, in aimhdheóin a dheór,
in aimhdheóin a osnadh, in aimhdheóin a aithrighe, in aimhdheóin
gach aiseac do gheall sé dá chomharsain, nach raibh éisteacht ná
trócaire le faghbháil aige.



Muna mbeith gurab é an Spiorad Naomhtha deir na
briathra so, muna mbeith gur in san sgrioptúir dhiadha
atáid, ní chreidfinn iad. Acht atáid ann, sgríobhtha le
peann an Spioraid Naoimh, agus beidh go deireadh an
domhain chum criothnughadh agus eagla do chur ar gach
peacach doghní aithrighe mhall mar rinne Antiochus.



Ó, a pheacaigh, doghní aithris ar Antiochus, nach n-iarrann
trócaire in am, tiocfaidh an lá budh aithreach leat. Tioc-
faidh an lá in a mbeidh tú i do luighe i leabaidh an bháis,
agus gan lúth in do bhallaibh, ná brígh in do chuisleannaibh.
Tiocfaidh an lá in nach dtig le liaigh ar bith talmhaidhe cabhair
do thabhairt duit. Cad dhéanfas tú annsin? Sin tú mill-
te, sin tú caillte. Atá tú annsin i meadhón bealaigh idir
parrthas agus ifreann, agus cia aca taobh a dtabharfaidh
tú d'aghaidh? Má's suas ba mhian leat triall, gheobhaidh tú
tú féin meallta, ar an adhbhar go bhfuil doirse pharrthais
dúnta rómhat. Ní dheachaidh riamh agus ní rachaidh choidhche ní
ar bith truaillighthe leis an bpeacadh go ríoghacht nimhe. Cá
rachaidh tú mar sin? Ní go purgadóir rachas tú. Ní


L. 75


fiú tú dul ann. Ó, is é is lóistín duit an poll dorcha
duimsidh úd ifrinn. Sin é béal-osgailte fa do chomhair.
Sin na coirí ar fiuchadh, na teinte ar lasadh. Atá móir-
phianta ifrinn ollmhuighthe fa do chomhair, atá na spioraid
deamhnaidhe mar leomhain lán de chíocras chum do stróctha.
Ní fhuil fear do chosanta agat ar an armáil mhalluighthe úd
atá timcheall do leabtha réidh leigthe chum d'fhuadach leó ar
an adhbhar go dtug aingil agus naoimh pharrthais cúl duit;
ní thig leó domboladh do pheacadh d'fhuiling. Chuir Muire
Bhaintighearna suas duit. Níor iarr tú congnamh in am
uirre. Atá an uile bhealach dúnta rómhat acht ifreann
amháin. Cá dtabharfaidh tú mar sin d'aghaidh? Má's ar
Dhia iarrfas tú cabhair, déarfaidh sé leat gur ghoir sé ort
go minic in do shláinte le béal an tseanmóintaidh, le
béal an oide faoisdine, chum do bheatha do leasughadh agus
an aithrighe do dhéanamh, agus nach dtug tú toradh air;
go raibh a lámha sinte chugat le na ghrásaibh ar feadh laethe do
bheathadh, agus is é thug tú cúl do chinn dó. Goirfidh tusa
air-sean anois i leabaidh an bháis, iarrfaidh tú trócaire
i ndeireadh an lae, mar Antiochus, agus beidh tú i lán-
chontabhairt gan éisteacht d'fhaghbháil acht oiread leisean.



Anois, a cháirde, atá an t-am ceart le foghmhar bhur
n-anma do dhéanamh, agus ní é geimhreadh fealltach an bháis.
Déanaidh síol-chur na subhailce anois le linn earraigh bhur
sláinte, más mian libh foghmhar na glóire bhuain i bparrthas.
Tógaidh bhur gcroidhthe anois chum Dé, nuair atá a lámha sínte
chugaibh le n-a ghrásaibh. Iarraidh déirce den trócaire
ar Mhac na trócaire. Silidh bhur ndeóra. Buailidh bhur
n-uchta. Bíodh dólás oraibh fa bhur bpeacaidhibh, an mhéid
go bhfuilid in aghaidh mórdhacht agus maitheas Dé. Má
ghní sibh sin ó chroidhe, gheobhaidh sibh maitheamhnas ó Dhia ins an
tsaoghal so, agus an ghlóir shíorruidhe ins an tsaoghal eile.
Amen.


L. 76


An t-Ochtmhadh Seanmóir.



AR BHAOGHAL DROCH-CHOMAOIN DO DHÉANAMH.



Innsidh d'ingin Shion: féach, atá do rí ag triall chugat go ciúin.



(Briathra an Spioraid Naoimh ag Matha, an t-aonmhadh caibidil fichead
an cúigeadh rann).



NUAIR bhíos prionsa talmhaidhe ag teacht go nua chum
tíre ar bith, nó ag athrughadh ó chathair go cathair, is
gnáthach teachtairí chur roimhe chum rabhadh thabhairt do na
daoinibh na bealaighe do dheasughadh, na sráideanna
ghlanadh, agus gan ní ar bith do bheith in san ród chuirfeadh
mí-stáidh ar an bprionsa so, nó chuirfeadh toirmeasg ar a
aistear. Mar an gcéadna, roimh mac Dé do theacht chum
an tsaoghail seo, chuir na fáidhe mar theachtairí roimhe
go raibh a thriall chuca, go dtabharfadh solus na ngrása
dhóibh in áit an dorchadais agus an ainbhfeasa in a raibh
siad, go sgaoilfeadh iad as cuibhreachaibh an pheacaidh, agus
go saorfadh iad ó sglábhaidheacht an diabhail. Tar éis
Críost do theacht chum an tsaoghail seo agus colann
daonna do ghlacadh, do chuir Eóin Baistidh mar theachtaire
roimhe chum na sgéala sólásacha so thabhairt don domhan.
Ní dheachaidh sgíth ar an teachtaire ainglidhe seo acht ag
tabhairt rabhadh do na poibleachaibh bealaighe móra a
gcoinsias do dheasughadh, sráideanna a n-anma do
sgiúradh agus do ghlanadh ón uile shal peacaidh, agus
an aithrighe do dhéanamh.



Tháinig Críost indiu go cathair Ierusalem agus tháinig
mórán den phobal in a airicis, craobhacha pailme agus


L. 77


iubhair in a lámhaibh mar chomhartha luthgháire; agus ionnus
go dtaisbeánfadh siad méad na honóra bhí aca fa chomhair
Chríost, sgaradar a gcuid éadaighe ar na bealaighibh faoi
n-a chosaibh. Ní raibh beag ná mór, óg ná sean aca nach
raibh ar aon gháir amháin ag tabhairt moladh agus buidheachas
do Chríost fa an onóir rinne dhóibh, theacht ar cuairt chuca.
Ó, a chathair Ierusalem, is aoibhinn duit agus rí neimhe
agus talmhan ag teacht indiu faoi do bhallaíbh; is
aoibhinn duit Íosa Críost, slánuightheoir an chinidh dhaonna,
ag teacht indiu ag déanamh teagasg seanmóire dhuit. Ní
fhuil iongantas orm fa mhéad na luthgháire agus an
iolgháirdis atá órt. Ní fhuil iongantas orm fa a
gcluinim de cheóltaibh agus d'amhránaibh molta ar feadh
do shráideanna roimh Íosa.



An onóir chéadna rinne Críost do chathair Ierusalem
indiu, déanfaidh dhíbh-se, a cháirde, in aimsir naomhtha
na cásg so. Tiocfaidh sé ar cuairt chugaibh ar an altóir
seo, agus ní de lámhaibh folamha; bhéarfaidh leis saidhbhreas
na ngrása agus gach maitheas, déanfaidh árus agus ionad
comhnuidhe de bhur n-anmannaibh. Atá mise ag teacht
chugaibh mar theachtaire chum rabhadh thabhairt díbh sibh féin d'
ollmughadh fa n-a chomhair, an uile aimhréidhteach do thógáil
as a shlighidh, bealaighe móra bhur gcoinsias do ghléas agus
do leasughadh, cathair bhur n-anma chur in órdughadh chum a
ghlactha.



Maiseadh, ar cheiste, a cháirde, go mbeith cuairt Chríost
in aisce chugaibh-se, agus in áit bhur slánuighthe do réir
mar is mian leis, gur ab é ní dhéanfadh, bhur ndamnughadh,
atá sé riachtanach agam-sa a chur ós bhur gcomhair an modh
ar ar cóir díbh a ghlacadh. Is é mheasaim nach dtig liom so
do dhéanamh níos fearr ná ag tabhairt soluis díbh ar mhéad
na díoghbhála atá comaoineacha neamh-ghlana do dhéanamh, ní
thairgfeas mé tar éis mo chomhrádh roinn in dá phointe.
Ní fhuil peacadh ar bith chomh mór le Corp Chríost do


L. 78


ghlacadh ar dhroch-stáid: sin an chéad pointe. Atá
choinghealla áiridhe riachtanach chum a ghlactha ar dheagh-
stáid: sin an dara pointe.



An chéad phointe: Is iomdha sgiúrsa agus trom-
dhíoghaltas chuir Dia ar na daoinibh ó am go ham fa
n-a bpeacaidhibh, bháith sé an domhan leis an díle, acht
ochtar; loisg le teinidh as na flaitheasaibh na cathracha
móra, Sodom agus Gomorra; chuir pláigh agus gorta go
minic ar na Iúdaighibh. Acht ní léighmid ar ghné pheacaidh ar
bith fa a ndéan Dia díoghaltas níos minice agus níos dí-
bheirgighe ná fa an ghné pheacaidh dá ngoireann na diadhairí
naomh-aithis, is é sin tarcaisne nó droch-mheas thabhairt ar
Dhia, nó droch-úsáid do dhéanamh de ní ar bith beannuighthe,
nó ainmnighthear as Dia. Ní cáin is lugha atá in a dhiaidh,
deir an t-easbal Pól, ná éag, anbhás agus dí-shláinte
ar an tsaoghal so, agus damnughadh síorraidhe in san
tsaoghal eile.



Atá so follus as an mbreith dhíbheirgigh thug Dia ar
Bhaltassar, rí uaibhreach na Babilón, mar atá, a chathair do
sgrios agus do losgadh, a ríoghacht do thuitim chum
eachtrannaigh, agus an-bhás d'fhagháil dó féin, de chionn go
dtug easonóir do na cailíseachaibh agus do na soithighibh
beannuighthe do robáil a athair as teampall Ierusalem.
Rinne Dia foighid le Baltassar in gach uabhar agus in gach
anfhlaitheas, in gach craos agus in gach adhaltranas, in gach
tíorántas agus éagcóir dá ndearna sé go dtí sin,
acht chomh luath is thug droch-mheas ar na soithighibh beann-
uighthe úd, ag déanamh óla asta, é féin agus a chúirtéirí
malluighthe, chonnairc sé lámh-sgríobhtha a bhreith dhamanta ar
an mballa.



Ní fearr an íd d'éirigh d'Osa chionn gur chuir a lámh
neamh-ghlan ar airc an chonnartha agus é in a thuata. Thuit
sé in a chorpán marbh chum talmhan le taobh na hairce
céadna


L. 79


Ní áirmhim an t-anbhás fuair cúig míle de na Bet-
samíteachaibh chionn amharc tarcaisneach mí-mhodhamhail do
thabhairt ar an airc céadna, ná caidé mar do loisg teine
as na flaithis dá chéad agus deich agus dá fhichid den
phobal Eabhra chionn gur lámhadar gan órdughadh gan
ollmughadh dhul do dhéanamh iodhbhartha i bhfiadhnaise Dé.



Uch, a chríostaidhe, féach le uathbhás ar an trom-dhíoghaltas
so rinne Dia ar an muintir seo fa dhroch-usáid nó
easonóir do thabhairt do na neithibh beannuighthe, agus
dearc in san am gcéadna ar ghlonnmhaire an pheacaidh
doghní tú féin nuair ghlacas tú do thighearna le coinsias
salach, agus chífidh tú dá meádhfaidhe do pheacaidh i sgála
cirt Dé, gur mó an t-adhbhar atá chum a rádh leat ná
le Baltassar gur truime do choirthe ná do dheigh-ghníomhartha.
Óir cuirim i gcás go dtug Baltassar easonóir do
shoithighibh na haltóra, do bhí foileamhnach amháin chum fola
ainmhidhe brúideamhla do ghlacadh dá ndéantaoi iodhbairt
don tighearna, agus caidé ghní tusa ag déanamh comaoin-
each neamh-ghlan? Bheir tú easonóir agus masla, ní do
shoithighibh na haltóra, acht do d' shlánuightheóir hofráltar
ar an altóir, ní do chréatúr talmaidhe beag-luaigh, acht
don phéarla neamhdha mór-luaigh, mac Dé.



Do thug Baltassar dí-mheas ar shoithighibh na haltóra
de bhrígh go raibh sé in a phágánach, nach raibh géilleadh aige
don fhír-Dhia, acht tusa, a pheacaigh atá ar seilbh bheith i do
chríostaidhe, acht sin foiríor, ó bhéal, agus ní ó ghníomh, dá
ndéanann Críost guailnidh agus compánach, dá dtugann
as méad a gheana ort a chorp naomhtha mar oileamhain
sólásaigh do d'anam, onóir nach dtug sé riamh do na
hainglibh, dá dtug sé oiread tiodhlacadh agus grása is
bhí in a chumhachta, go lamhuighir i ndiaidh gach seirbhís doghní
duit dul dá mhaslughadh agus dá easonórughadh níos mó
míle uair ná Baltassar, bhí in a phágánach, nuair ghlacair é
le coinsias truaillighthe salach.


L. 80


Chuir Osa a lámh go dioraisce leis an airc do bhí ar
bhruach tuitim, agus do mheasfá, a chríostaidhe, go raibh
d'ualach air a sábháil ar thuitim, acht 'cheann gur ghlac le
lámhaibh tuatamhla ní beannuighthe, agus gan é in a shagart,
fuair bás obann ar an áit sin. Acht nach dioraisge go
mór an ní doghní tusa, a pheacaigh, thig chum an fhéasta mór-
luaigh seo gan chaon-dúthracht, gan chrábhadh, le ceathraighe
intinne agus le smuaintibh saoghalta, gan féachain rómhat
ar mhórdhacht Chríost atá tú do ghlacadh, ná dearcadh i do
dhiaidh ar mhéad do pheacadh, agus sin ar seilbh d'fhiachaibh
bheith ort an tsacraimint dhiadha so ghlacadh. Ó, is mór
atá tú meallta. Cia gur órduigh Dia don duine an
oileamhain neamhdha so do ghlacadh ar a laighead aon uair
amháin san mbliadhain, gidheadh d'órduigh dhó in san am
gcéadna a glacadh le crábhadh agus glaine chroidhe, nó go
mbeadh an t-arán so na beathadh in a arán báis aige, agus
an chailís seo na sláinte in a easláinte mharbhthaigh aige.



Cia nach bhfuil peacadh marbhtha ar bith do-ghnímid nach
dtréigimid Dia leis, nach nglacamaid mar mháighistir leis
an diabhal, nach ndíolamaid ár gceart ar pharrthas, agus
nach ndéantar oighridhthe ar ifreann dínn, gidheadh is
baoghalaighe an peacadh so na naomh-aithise ná sin uile.
Do-ghní Dia foighid linn in ár gcoirthibh eile; cia go mbíonn
i bhfeirg linn, ní bhaineann dúil dinn, cia go sgiúrann
sinn, ní sgriosann sinn, acht nuair do-ghnímid comaoineacha
neamh-ghlana cuirimid séala ar ár mí-fhortún. Nuair
ghlacamaid corp Chríost fa ár mbroinn agus nach mian
linn ár mbeatha do leasughadh, cuid na cómharsan ar ár
láimh agus nach mian linn aiseag do dhéanamh ann, fuath nó
fearg leis an gcómharsain agus nach mian linn síothcháin do
dhéanamh, bheith tugtha do striapachas nó do mheisge nó do
bhréagaibh nó do mhionnaibh móra nó bheith tugtha do
leannán peacaidh ar bith eile agus nach mian linn a
dtréigean, cibé, adeirim, do-ghní comaoineach ar an stáid


L. 81


seo, tréigidh Dia é gan mhoill, bainidh dúil de ó sin amach,
tairngidh a ghrása uaidh, leigidh dó siocadh in sna lochtaibh,
leigidh srian le n-a ainmhiantaibh, ar mhodh, mar adeir
Naomh Gréagóir, go mbíonn sé ag roithleacán ó lucht go
locht; ollmuighidh naomh-aithis iad chum naomh-aithise eile,
agus as sin tuitid in éadóchas, bheir iad fa dheireadh go
fír-íochtar ifrinn.



Atá so follus as an íd fuair an tréatúrach Iúdás.
Do-rinne Críost foighid le n-a lochtaibh eile, le n-a shaint,
le n-a chasaoid, le n-a éagcórachaibh, acht chomh luath is ghlac
sé corp Chríost ar dhroch-stáid, do thréig Dia é gan mhoill
agus d'fhág é faoi iomartas an diabhail.



Ceist agam oraibh, a cháirde, an féidir gníomh ar bith do
bheith ní ba gráineamhla ná dá ngeóbhadh duine de chlaidheamh
nó de sgin tríd chroidhe a ríogh nó a phrionsa, do rachadh in
san am gcéadna ag toghadh na seóide ba uaisle agus ba
tairbhighe do bhí in a óir-chiste chum a dtabhairt i bpronn-
tanus don dún-mharbhthóir seo? Ní fhuil, gan amhrus,
gníomh chomh malluighthe leis. Maiseadh, so cás an té do-ghní
comaoineach ar droch-stáid. Do-ghní sé feall agus dún-
mharbhadh ar Mac Dé, rígh is tiodhlaicthighe agus is trócairighe
dá dtáinig agus dá dtiocfaidh, thig chuige in san am
gcéadna leis an tseóid is uaisle agus leis an bpronn-
tanus is tairbhighe dá bhfuil in san óir-chiste diadha, agus
comhartha cumainn is mó do b'fhéidir le Dia do chumadh
nó do smuaineadh chum méad a ghrádha ar an duine do
thaisbeanadh, mar atá, a chorp ró-naomhtha, idir dhiadhacht
agus daonnacht, mar atá sé i bhflaitheamhnas.



Ceist fós agam oraibh, a cháirde, an bhfuil bás dá olcas,
nó sgiúrsa dá mhéad, nach n-órdóchadh sibh do na Iúdaighibh
do chuir Críost chum báis, de bhrígh gur ab é Mac Dé é,
gur ab é a slánuightheóir agus a gcruthuightheóir é, gur
uime thuirling as na flaithis chum fuasgailt dóib as broid
an pheacaidh agus ó sglábhaidheacht an diabhail? Mar an


L. 82


gcéadna, an bhfuil críoch dá olcas nach n-órdóchadh sibh do
Iúdás 'cheann gur dhíol a mháighistir, Críost? Déarfaidh
sibh liom, gan amhrus, nach bhfuil, agus má deir, deirim-se
libh-se, mar adubhairt Críost leis an tseirbhíseach neamh-
fhóghantach, go dteilgeann bhur mbriathra féin sibh, agus
dearbhaim díbh, nuair ghlacas sibh corp Chríost ar droch-
stáid, go mbíonn sibh rann-pháirteach leis na Iúdaighibh i
gcéasadh Chríost, agus chomh cionntach in a bhás le Iúdás,
do bhraith é. An t-easbal Pól mo bharánta leis an
fhírinne seo, in san chéad chaibidil déag dá litir chum na
gCoirintinneach, mar a ndeir, "cibé ithfeas an t-arán so
nó ólfas cailis an tighearna ar droch-stáid, beidh sé
cionntach i bhfuil agus i bhfeoil an tighearna."



Uch, a pheacaidh mhalluighthe na naomh-aithise, caidé a liacht
dolaidh agus díoghbháil thig asat? caidé a liacht duine
thairrngeas tú go hifreann, in áit a n-árdughadh chum na
bhflaitheas? Nár leige Dia, a cháirde, go bhfuil Iúdaidhe
salach nó Iúdás malluighthe i bhur measg-sa, rachadh ag
braith nó ag céasadh Críost in san aimsir bheannuigthe seo
na Cásg. Ó, is mór m'eagla go bhfuil, agus gur lia
duine agaibh do-ghní comaoineacha salacha ná do-ghní
comaoineacha glana d'easbhaidh ollmhuighthe agus na
gcoingheall atá riachtanach agaibh chum corp Chríost do
ghlacadh, ní ar ar gheall mé trácht in san dara pointe
dem chomhrádh.



An dara pointe. Chum go ndéanfamais eiséirghe in
éinfheacht le Críost in aimsir naomhtha na cásg so ó bhás an
pheacaidh, is cóir dhúinn, a cháirde, corp ar dtighearna do
ghlacadh fa ar mbroinn. An mhuintir nach nglacann, do
réir mar dhearbhuigheas Críost ag Eóin in san seiseadh
caibidil, ní fhuighidh siad beatha na ngrás; ní fhuil imtheacht
aca ó bhás an pheacaidh; amhail is mar déarfadh sé go bhfuil an
oileamhain spioradálta so chomh riachtanach ag an anam is
atá an oileamhain chorpardha riachtanach ag an gcolainn, agus


L. 83


do réir mar nach féidir leis an duine bheith beó nó siubhal nó
aistear do dhéanamh gan an t-arán corpardha, mar an
gcéadna, nach féidir leis an anam bheith beó nó siubhal nó
aistear do dhéanamh i slighidh a slánuighthe gan an t-arán
diadha so.



Atá d'ualach, mar sin, ar gach duine do réir aithne
Chríost an tsacraimint seo do ghlacadh. Acht chuala sibh, a
cháirde, caidé mhéad an díoghalas do-ghní Dia ar an té
ghlacas í ar droch-stáid. Glacamaid í mar sin do réir
na haithne, acht glacamaid í le ollmhughadh ceart ar
cheaiste na cáineach. Is é ollmhughadh sin, glaine choinsiais
thar gach ní, agus dúil agus mian do bheith againn in san
oileamhain neamhdha so.



Cibé rachas le coinsias glan agus le croidhe saor ó
pheacadh ag glacadh na sacraiminte seo, gheóbhaidh sé innti
íoc-shláinte in aghaidh gach loit, leigheas ar gach galar,
neart in aghaidh gach laige, cabhair in aghaidh gach
cathuighthe, sólás le linn gach leathtrom, ó gheóbhaidh sé
innti tuile na ngrás i dtobar na ngrása, Críost. Acht
is feasach sibh, a cháirde, nach nglacann connadh glas lán
d'uisge teine; mar an gcéadna, ní lasfaidh an teine
dhiadha so croidhe glas lán d'uisge na bpeacadh. Nuair
bhíos connadh tirim ollmhuighthe, is luaithe de agus is móide
lasas agus ghlacas teine; mar an gcéadna, ní fhuil dá
mhéad is bhíos an croidhe glan ó pheacadhaibh nach móide agus
nach luaithede lasas le teine na ngrása, agus gheibh sé
luaigheacht agus toradh na sacraiminte do reir a
ollmhuighthe. Maiseadh ó is ní atá crosta orainn an
tsacraimint seo do ghlacadh gan ullmhughadh, féachamaid, a
chríostaidhthe, caidé mar thairgfeas tusa tú féin d'oll-
mhughadh, caidé mar thairgfeas tú lóistín d'anma do chur
in órdughadh fa chomhair ríogh néimhe agus talmhan, caidé
mar ghní tú an sgrúdadh coinsiais úd órduigheas an
t-easbal Pól.


L. 84


Má deir tú gur ghlan tú do choinsias ag déanamh
faoisdine, is lór sin. Ní fhuil slighe is fearr chum an
choinsiais do ghlanadh ná an fhaoisidin, má rinne tú í go
ceart, má rinne tú í le dólás croidhe agus aithreachas in
do pheacadhaibh. Acht cia leis a ndearna tú an fhaoisidin
seo? Atá le ruagaire reatha, nó le sagart óg ainbhfhiosach
nachar chuartuigh do choinsias, agus nach móide go raibh
cead aige ón eaglais faoisdin d'éisteacht. Acht muna
raibh, d'fhág sé tusa in san múileóig chéadna in a bhfuair
tú. Acht cuir i gcás go ndearna an sagart a dhualgas,
caidé ghní tusa roimhe dul chum faoisdine? Ar chuartuigh
tú clúideanna dorcha do choinsiais? Ar dhearc tú ar gach
slighidh, agus ar gach ocáid le' mb' fhéidir leat dligheadh Dé
do bhriseadh, ionnus go mb'fhéidir leat do pheacaidh chur
síos in a ngné agus in a n-uimhir? Ó, ní dhéanair. Tar éis
bheith bliadhain agus tuilleadh gan do ghlúin do leagadh ag
sagart, thig tú ar do sgiorradh ó do ghnóthaíbh saoghalta le
croidhe lán de choirthibh, gan croidhe-bhrúghadh, gan crábhadh.
Dhéanfá níos mó de stuidéar míle uair dá mbeitheá ag
dul ar do chunntas le do thighearna saoghalta ná ghní tú ag
dul i láthair barra na Tríonóide.



Acht cuir i gcás gur sgrúd tú do choinsias, gur admhuigh
tú do pheacaidh, acht ar admhuigh tú iad le rún iomlán gan
fhilleadh orra níos mó? Acht muna raibh an rún so agat,
má tá claon nó súil agat i ndiaidh do pheacadh, acht muna
dtroididh tú in aghaidh na gcathughadh agus na hócáideacha
do sheachnadh, ní raibh an rún ceart agat, ní fhuil tairbhe in
d'fhaoisdin, ní fiú broth d' absolóid, atá do choinsias go
fóill gan glanadh, agus má lámhuigheann tú dul ag glacadh
Críost ar an stáid seo, in áit an oileamhain neamhdha so
do thabhairt sláinte do d'anam, is é gheabhas tú innti do
dhamnadh go síorraidhe.



Ó, mo mhíle truaighe, caidé mhéad do-ghní faoisidin gan
toradh? Caidé a laighead ag a mbíonn rún na peacaidh


L. 85


do sheachnadh, ní is furus aithne ar éasgaidheacht is thuitid
arís ionnta? caidé a liacht duine do-ghní aithris ar na
mucaibh, théid gan mhoill dá n-únfairt in san lathaigh tar
éis a nighe? Ní luaithe bheir fear na mionn mór cúl don
tsagart ná théid sé dá únfairt féin arís in san múileóig
chéadna; ní luaithe bheir an meisgeóir cúl don tsagart ná
thuiteas arís i múileóig an óil; ní luaithe bheir an striapach
cúl don tsagart ná chuireas sí í féin in ócáid an pheacaidh;
in aimhdheoin gach rúin fallsa agus gach geallamhna
bréagaighe bheirid uatha cúl do thabhairt don bpeacadh,
tuitid ann gan mhoill, agus in áit a mbeatha do leasughadh,
is é mhéaduigheas siad a n-ualach nó go dtréigeann Dia
iad fa dheireadh, agus go bhfágann iad fa iomartas an
diabhail.



Tar éis an coinsias do sgrúdadh agus do nighe le trom-
dheóraibh na haithrighe, is é an dara coingheall atá riachtanach
agat, a chríostaidhe, cíocras agus mian do bheith ort corp
do thighearna do ghlacadh, agus an bhfuil duine ar bith le ar
mian bheith beó, nó beatha na ngrása d'fhagháil, nachar chóir
go mbeith dúil agus mian aige in arán na beathadh? an
bhfuil duine ar bith atá tartmhar nachar chóir go mbeith
deifir air a thart do chosgadh le uisge na ngrás? an bhfuil
duine ar bith atá loitighthe nachar mhaith leis leigheas
d'fhagháil? an bhfuil duine ar bith atá lag nachar chóir go
mbeith deifir air chum bheith láidir? Maiseadh, glac do
thighearna, a chríostaidhe, agus glac é mar is cóir, agus
gheabhaidh tú neart in gach laige, leigheas ar gach loit, íoc-
shláinte in aghaidh báis an pheacaidh, gheabhaidh tú an uile
aoibhneas, an uile shólás, an uile mhaitheas.



Ó, a thighearna, caidé mhéad na daille atá ar críostaidhthibh
na haimsire seo? In aimhdheóin gach tairbhe agus maitheas
atá le fagháil aca in san tsacraimint seo, fa an duine
théid dá glacadh bheir triúr cúl a gcinn di. Chí tú an
iomad chuireas a leas ar cáirde, bhíos ó bhliadhain go


L. 86


bliadhain gan teacht 'chomhair na sacraiminte seo. In áit
bheith ag réabadh chum arán na beathadh, is é bheirid bás den
ghorta dá n-anam. Is éigin don tsagart bheith dá
gcealgadh agus dá mealladh; is éigin dó fa dheireadh a
ndíbirt ó aifreann sul fa bhfuighidh uatha comaoineacha
cásg do dhéanamh.



Acht, caidé is adhbhar, a cháirde, don daille seo? Atá,
gan amhrus, easbhaidh crábhaidh agus creidimh, do réir mar
thaisbeánas a ndroch-bheatha. Drong iad atá báidhte i
ngrádh an tsaoghail seo, agus nach gcuireann spéis i
dtalamh na geallamhna. Drong iad atá tugtha do
phleisiúr cealgach na colna, agus nach mian leó blas de
phléisiúr fírinneach an anma. Drong easumhal iad mar a
gcéad athair Adhamh, le ar fearr ubhall na haithne d'ithe,
bhéarfas bás dóibh, ná blas de thoradh crann na beathadh,
chuideóchadh ó bhás iad.



Ó, a chríostaidhe, fosgail do shúile agus ná bréagadh an
saoghal tú níos faide. Má tá dúil agat i bpléisiúr agus
i milseacht, blais den arán so agus gheabhair an pléisiúr
agus milseacht spioradálta. Glac an t-arán laetheamhail
seo mar leigheas ar gach breóidhteacht laetheamhail bhíos ag
brath ar d'anam, glac é go minic mar chothughadh do
d'anam, do reir mar ghlacas tú go minic oileamhain
chorpardha mar chothughadh do d' cholainn, acht glac é le
glaine chroidhe agus le ullmhughadh ceart, glac é le fonn
agus dúil in san oileamhain neamhdha so. Déan aithris ar
na Iúdaighibh cothrom an lae indiu, árduigh do ghuth agus
abair, "Fáilte dhuit, a thighearna, fa mo bhroinn; maitheas
agus sláinte go ndéanair do m'anam." Téigh in airicis
Chríost le pailm na ndeigh-ghníomhartha agus le craobhachaibh
glasa na subhailce, agus gheabhaidh tú ó Dhia, ag glacadh a
Aon-Mhic leis an ullmhughadh so, ionnmhas na ngrása in san
tsaoghal so, agus an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile.
Amen.


L. 87


An Naomhadh Seanmóir.



AR TAIRBHE CORP CHRÍOST DO GHLACADH
AR DHEAGH-STÁID.



Do ghléas duine áiridhe féasta mór agus thug cuireadh do an iomad
teacht dá chaitheamh.



(Briathra Chríost ag Lúcás san ceathramhadh caibidil déag, an seiseadh
rann déag.)



ATÁ Cuid de na haithreachaibh naomhtha thuigeas leis an
fhéasta mór-chostasach so, ar a dtráchtann an Soisgéal,
an ghlóir shíorraidhe ghléasas Dia fa chomhair na muintire
fhuilingeas buaidhirt agus bochtaineacht, breis agus leath-
trom, ar son a gcreidimh, agus mar an gcéadna, fa
chomhair na muintire throideas in aghaidh na gcathughadh,
smachtas a ndroch-chlaonta, sheachnas an peacadh, agus má
bhíonn sé de mhí-fhortún orra tuitim ann, éirgheas as gan
mhoill, ag déanamh na haithrighe. Gheibh an mhuntir seo,
deirim, féasta na glóire, mar a mbeidh an chudeachta is
sáimhe, aoibhneas gan chuimse, sólás, gach maitheas gan Crích
gan chuimse.



Acht is é thuigeas formhór na heaglaise leis an fhéasta
úd sacraimint naomhtha na haltóra, mar a dtugann Dia
don duine an féasta is costasaighe, an biadh is uaisle
agus is onóraighe, agus an oileamhain is tairbhighe agus
is folláine dá mb' fhéidir le Dia do chumadh, nó le duine
do smuaineadh, mar atá, a chorp naomhtha idir dhiadhacht
agus daonnacht, mar atá i bhflaitheamhnas.


L. 88


Atá Cuireadh ag an tsaoghal uile chum an fhéasta so.
Atá doirse na heaglaise fosgailte fa chomhair gach
Críostaidhe. Ní thig leó pléisiúr is mó do dhéanamh do
mháighistir an fhéasta, Críost, 'ná theacht do chaitheamh an
bhídh neamhdha so. Acht, mo mhíle truaighe, caidé a liacht
duine, in áit theacht ar an gcuireadh so, bheir cúl a gcinn
dó? caidé a liacht duine le ar fearr bás den ghorta
do thabhairt dá n-anam 'ná theacht ag caitheamh na hoileamhna
neamhdha so? agus caidé a liacht duine thig ag glacadh an
bhídh seo, agus in áit buidheachais nó onóir do dhéanamh
d'fhear an fhéasta, gur ab é bheirid easonóir agus masla
dhó, ag teacht le lámhaibh salcha agus gan aibíd an phósta
orra? Ó, a chríostaidhe, thig le lámhaibh glana, is é sin le
Coinsias saor ó pheacadh, ag glacadh na sacraiminte seo,
caidé méad d' fhortún? Ní sonas is lugha atá le fagháil
agat 'ná Críost do dhéanamh áruis agus ionaid Comhnuidhe
de d'anam do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in mo
chomhrádh tar éis a roinn in a dhá phointe. Ní fhuil ní ar
bith is tairbhighe agus is sólásaighe don anam ná Corp
Chríost do ghlacadh ar dheagh-stáid: sin an chéad phointe.
Atá coinghealla áiridhe riachtanach le Críost do ghlacadh
ar dheagh-stáid: sin an dara pointe.



An cheud phointe. Do chruthaigh Dia Ádhamh agus Éua i
stáid an ionracais, is é sin saor ón uile shórt peacaidh.
Rinne máighistir díobhtha ar an domhan, ar gach dúil agus
ar gach Créatúr dá ráibh ann. Chuir iad i ngáirdín lán
d'aoibhneas agus de phléisiúr, mar a raibh an uile shórt
tortha ba mhilse blas agus ba bhreaghachta le faicsin. Bhí
Crann na beathadh i lár an gháirdín seo bheireadh dá shórt
déag measa, agus sin gacha mí. Ní fhuil uair 'n-a n-íosadh
Ádhamh de mheas an chrainn seo, dá mbeith sé sean, nach
ndéanfadh óg é, dá mbeith tinn nach ndéanfadh slán é.
Chuideochadh an Crann so Ádhamh ó aois agus ó thinneas nó
go n-athróchadh Dia é ón bparrthas talmhaidhe seo go
parrthas nimhe.


L. 89


Ní neamh-chosmhail, a cháirde, an crann so na beathadh leis
an tsacraimint naomhtha ar a bhfuil mé ag trácht, ar an
adhbhar, do réir mar do bhí an crann úd na beathadh i lár
parrthais, atá an tsacraimint seo i lár na heaglaise,
agus do réir mar thigeadh dá shórt déag measa ar chrann
na beathadh, mar an gcéadna, tig an iomad sórt measa
agus tortha ar an tsacraimint seo. Bheireadh crann na
beathadh toradh gacha mí agus ní lugha leis an tsacraimint
seo. Chuidigheadh measa crann na beathadh an té d'itheadh
iad ó aois agus ó thinneas, agus mar an gcéadna, sábhál-
aidh an tsacraimint naomhtha seo ón uile ghalar agus
easláinte an t-anam, nó go dtugann í go cuan sábálta
na glóire.



Atá, adeirim, a cháirde, an crann diadha so, uan Dé, i
lár parrthais Chríost, an eaglais, ar an altóir in a
íodhbairt agus in a shacraimint. Atá an t-uan neamhdha so
in a íodhbairt hofráltar don Athair síorraidhe ar son ár
bpeacadh. Doghní an íodhbairt seo ár síothcháin le Dia
agus tobhaidh dhúinn toradh báis agus páis Chríost. Atá
mar an gcéadna in a shacraimint, agus do chum Dia é
chum a bheith in a oileamhain sólásaigh ag anmannaibh na
bhfíréan. Atá an crann so i lár na heaglaise mar an
croidhe i lár an chuirp, ag cur beodhais agus láidreachta in
gach ball de. Atá sé i lár na heaglaise mar ghréin
lonnraigh agus mar lóchrann soillseach ag tabhairt solais
agus eolais di. Atá an t-uan neamhdha so i lár na
heaglaise mar chloich choirnéil shnaidhmeas agus cheanglas
críostaidhthe an tsaoghail i gcaomhthacht agus i gcarthannacht.



Do bhí de bhuaidh ar chrann na beathadh tar chrannaibh an
gháirdín uile go dtigeadh dá shórt déag measa air, agus
ní lugha, a cháirde, leis an gcrann diadha, sacraimint
Chuirp ar dTighearna, bheir an iomad measa agus tortha.
Óir ní hionann í agus na sacraiminte eile, nach dtugann
dúinn acht aon ghrása amháin, agus sin ar ócáideachaibh


L. 90


áiridhe, mar atá go nglanann sacraimint an bhaistidh sinn
ó pheacadh na sinnsear. Neartuighthear sinn in ar
gcreideamh le linn dul faoi láimh easbuig agus gheibhmid
misneach ó Dhia le fulaing go foighdeach gach mí-chomhgar
thig orainn ó náimhdibh ár gcreidimh. Le meadhón sacrai-
minte na faisdine gheibhmid maitheamhnas ó Dhia in gach
peacadh doghnímid tar éis baistidh. Cuiridh sacraimint na
hola déidheanaighe misneach agus neart in san duine in
aghaidh pian an bháis. Bheir na húird naomhtha grása áiridhe
agus cumhachta spioradálta don duine chum na sacraiminte
do riar, agus budh í sacraimint an phósta is grása
speisialta dhúinn chum fulang go foighdeach mí-chomhgar
cuinge an phósta. Ní thobhann, adeirim, na sacraiminte
seo dhúinn acht aon ghrása amháin áiridhe, acht an tsacraimint
seo Chuirp Chríost, ní hé amháin go bhfaghmaid an uile
ghrása, mar adeir naomh Bernard, acht gheibhmid agus
glacamaid ughdar agus máighistir gach grása, mar atá, mac
Dé uile-chumhachtaigh. Tionnsgnaidh agus ollmhuighidh na
sacraiminte eile sinn chum a ngrása, acht críochnuigheann
agus cóimhlíonann an t-arán neamhdha so na grása ionnainn,
blaisimid in sna sacraimintibh eile cuid d'uisge thobar na
ngrása, acht ag glacadh Corp ár dTighearna, ólamaid an
tobar in a uile mhéid. Amhail is mar bhí an manna de gach
blas do réir mian an té d'itheadh é, atá an t-arán
neamhdha so lán de mhilseacht agus de gach grása do réir
mian agus riachtanas gach aon chaitheas é.



Do bhí buaidh eile ar chrann na beathadh, go dtugadh meas
gacha mí, agus ní lugha leis an sacraimint seo, crann na
beathadh dáríribh, bheir dhúinn an bheatha mharthanach, bheir sé
meas gacha mí, is é sin le rádh go dtugann dúinn an uile
shórt fortachta agus cabhra in gach am, in gach stáid, agus ar
gach ócáid. Bheir toradh in aimsir na hóige, ag fréimhiughadh
na subhailce, ag smachtughadh na ndroch-chlaonadh agus ag
múchadh teas na colna. Bheir an tsacraimint seo toradh i


L. 91


meadhón aoise, ag breith buadha ar chathuighthibh an tsaoghail
seo, ag múchadh gach feirge, agus mar adeir an fáidh ríogh-
amhail, is arm cosanta an t-arán neamhdha so in aghaidh
namhad ar n-anma. Bheir sé toradh in aimsir na hársaidh-
eachta ag cothughadh foighde na druinge aosta, athnuadhaidh
an t-arán diadha so a neart agus cuiridh beodhas an
chrábhaidh in a gcroidhthibh.



Bheir, mar an gcéadna, an tsacraimint seo toradh in gach
stáid, ar an adhbhar, is meadhón éifeachtach í ag an druing
phósta chum cumhdach a gcuinge, ag an druing dhíomhaoin ag
claoidh a gcolna. Is arm cinnte í do na maighdeanaibh
in aghaidh na drúise. Is sgiath-dhíon an chruithneacht so na
bhfíréan don chléir chum cumhdach a n-ionracais, agus tríd
a milseacht diadha, doghní dearmad agus neimhbhrígh de
phleisiúr cealgach an tsaoghail seo.



Bheir fós an tsacraimint seo toradh agus dídean don
duine in gach ócáid, ar an adhbhar, cothuighidh an umhlacht i
lucht an tsaidhbhris, neartuighidh an fhoighid i lucht an daidh-
bhris, cuiridh sólás ar lucht an dóláis, bheir cabhair do lucht
an tinnis, bídh in a lón ag an muintir bhíos ag fagháil bháis,
cuiridh láidreacht agus beodhas ionnta. Bheir iad, mar
Elias, go sliabh Horeb, is é sin go cathair Dé.



Ní fhuil, a cháirde, arm is cinnte agus is éifeachtaighe ná
an tsacraimint naomhtha so chum díbirt agus briseadh do
chur ar an leómhan craosach úd, an diabhal, bhíos go cinnte,
mar adeir naomh Peadar, ag cur líonta agus luigheachán
rómhainn chum ár sluigthe. Ar an adhbhar, mar réasúnas
Tomás, de bhrígh gur comhartha agus cuimhne ar pháis Chríost
an tsacraimint seo, agus go rug Críost le céasadh a chuirp
naomhtha buaidh ar ifreann agus ar a lucht áitreabhtha, chomh
uath is chí na diabhail Corp Chríost fa ár mbroinn, bheirid
cúl dúinn agus bheirid áit do na hainglibh thig dár
gcumhdach.



Do bhí fós mar bhuaidh i gcrann na beathadh go gcuidigheadh


L. 92


a mheasa an té d'itheadh iad ó bhás corpardha, acht is
mó 'ná sin go mór an buaidh atá ar an gcrann diadha so,
toradh broinn ná maighdine Muire, chuidigheas ó bhás, ní hé
an corp, acht an t-anam, ball is uaisle, do réir mar
dhearbhuigheas Críost, ar slánuightheóir, ag Eóin Easbal in
san seiseadh caibidil, mar adeir, "an té itheas den arán
so ní fhuighidh bás go bráth," amhail is mar déarfadh sé, cibé
ghlacas an tsacraimint seo le cíocras naomhtha agus glaine
choinsias, cuirfidh an oileamhain spioradálta so misneach
agus láidreacht in a anam, do réir mar chuireas an
oileamhain chorpordha beodhas in san gcolainn, ar mhodh, in
aice na ngrása mhéaduigheas agus phronnas air, go mbeir
sé buaidh ar gach peacadh so-loghtha leónas í, ar chlaontaibh
na colna mheallas í, árduighidh an tsacraimint seo an
duine ó stáid na ngrása go stáid na glóire, ó stáid
neamh-bhuanaigh an tsaoghail go stáid do-chaillte pharrthais.



Ó, a chríostaidhe, ghní comaoineacha glana, caidé mhéad
d'fhortún agus do luaigheacht, ní hé amháin go bhfaghann
tú an uile ghrása, an uile chabhair agus an uile mhaitheas,
acht fós do-gheibh tú ughdar gach grása agus gach maitheas,
Íosa Críost, mac Dé, thuirlingeas as na flaithis chum árus
agus ionad comhnuidhe dhéanamh den anam. Acht don taobh
eile, caidé mhéad do mhí-fhortúin agus do dhonais acht muna
dtairgidh tú lóistín d'anma do bheith in órdughadh, is é sin
a bheith saor glan ó gach brúdar agus ó gach salchar peacaidh,
acht muna dtairgidh tú na coinghealla do bheith agat atá
riachtanach chum comaoineacha glana do dhéanamh, do réir
mar thairgfeas mé chruthughadh in san dara pointe.



An dara pointe. An t-easbal Pól, ag sgríobhadh chum
na gCoirintineach, bheir achmhasán géar agus iomordughadh
ró-mhór dhóibh fa a olcas is ghnídís iad féin d'ollmughadh chum
comaoineacha do dhéanamh, agus dearbhaidh gur uime chuir
Dia gach pláigh agus gach gorta, gach éag, anbhás, agus gach
galar bhí in a measg, mar sgiúrsa orra fa gach easonóir


L. 93


agus masla bheireadh siad do Chríost, ag glacadh a chuirp
naomhtha ar droch-stáid. Ó, a easbail uasail, má tá tú ag
éagcaoin chomh mór so ar na Coirintineachaibh, bhí i dtús na
heaglaise, in am a raibh soilse an chreidimh mar lóchrann i
measg na bpoibleach, in am a raibh an charthanacht ar lasadh
i gcroidhe gach duine, in am a raibh crábhadh agus caon-
dúthracht ar bun ag an óg mar an ársaidh, caidé déarfá
leis an aimsir seo in ar díbreadh an creideamh, in ar
fhuaruigh an charthanacht, in ar imthigh an chaon-dúthracht, in am
nach bhfuil in áit an chreidimh acht ainbhfios agus eiriceacht,
nach bhfuil in áit na carthanachta acht fuath, díoghaltas, agus
droch-reacht idir an uile shórt drong daoine, in am nach
bhfuil in áit crábhaidh acht briseadh saoire, briseadh troisgthe
agus briseadh na n-aitheanta, gan beann ar aifreann, gan
beann ar urnaighe, gan beann ar sheanmóir, gan beann ar
dhéigh-ghníomharthaibh.



Ó, a chríostaidhe, má 's peacadh chomh mór so Corp Chríost
do ghlacadh gan ollmughadh ceart, ionnus gur tharraing
éag, anbhás, agus dí-shláinte ar na Coirintineachaibh, caidé
an t-adhbhar uathbháis, caidé an t-adhbhar eagla atá ag
críostaidhthibh na haimsire seo, théid ag caitheamh an fhéasta
mórluaigh seo gan ollmhughadh, gan aithrighe, gan dearcadh
rómpa ar mhórdhacht Dé, atá siad do ghlacadh, nó féachain
in a ndiaidh ar mhéad a bpeacadh? caidé an sgiúrsa, caidé
an díoghaltas thuiteas ar an muintir théid ag glacadh
an aráin neamhdha so le ceathraighe intinne agus smuainte
saoghalta, tar éis faoisdin gan rath do dhéanamh, tar éis
suimliughadh innsin do thabhairt ar a bpeacadhaibh ós comhair
sagairt, gan sgrúdadh coinsias ar bith roimhe nó rún
leasuighthe?



Ó, a easbail Pól, dá mairfeá indiu caidé mar do
ghoilfeá, dá bhfaicfeá corp glórmhar do mháighistir Críost
dá chur i bpríosún salach, i gcamra na n-olc, in a gcroidhe
lochtach, mar do-ghní lucht comaoineach na haimsire seo?


L. 94


Ó, a Phóil, má bhí iongantas órt féin agus ar na haithreach-
aibh naomhtha fa n-a rádh go nglacfadh Mac Dé colann
daonna fa bhroinn na maighdine Muire do bhí gan smál,
gan sal peacaidh, caidé an t-uathbhás do bheith ort dá
bhfaicfeá é indiu ag dul faoi bhroinn na muintire atá lán
de shalchar agus de mhúilleóig an pheacaidh? Ó, a easbail
chráibhthigh, nach ar an muintir seo thráchtas tú nuair adeir tú
cho n-aith-chéasann an iomad Críost, agus go gcuireann a
cneadha leis ar sileadh? Is orra gan amhras, ar an adhbhar,
cá bhfuil croch ag Dia na humhlachta is mó ná croidhe
feargach díoghaltach? Cá bhfuil croch ag sgathán na geanm-
naidheachta is mó ná lucht na drúise, bhíos ag luighe go
laetheamhail i leabaidh an adhaltranais, agus nach mian leo
cúl do thabhairt di? Cá bhfuil croch ag Mac Dé is mó ná
lucht na mionn mór, bhíos ag tabhairt a anma naomhtha mar
mhionna gach uair agus gach móimeint? Ní fhuil, gan
amhras, croch ar bith ag Críost is mó ná dhul faoi bhroinn
na muintire bhíos tugtha do na peacaidhibh seo, agus nach
mian leo éirghe asta. Cad fa gceangaltar mé, deir
Naomh Auguistín, ag labhairt leis an bpeacach, i bpearsain
Chríost, ar chroich dólásaigh do pheacadh, croch is pianamhla
liom mile uair 'ná an chroch úd ar ar céasadh mé ar sliabh
Calbhari?



Ó, a chríostaidhe, caidé mhéad do dhaille nach léar duit
mor-thrócaire Mic Dé, ná a thiodhlactha dhuit, nuair
uirísligheas sé é féin chomh mór sin agus theacht as na
flaithis as fochair an Athar shíorraidhe, le n-a bhfuil sé i
gcomh-ghlóir agus i gcomh-chumhachta, chum ionad comhnuidhthe
do dhéanamh de chréatúr chomh neimh-bhríoghmhar leat-sa?
Dá ndéanadh rí saoghalta d'onóir duit theacht ar cuairt
chum do thighe, caidé an dícheall, caidé an dúthracht do
chaithfeá chum bheith glan órdamhail fa n-a chomhair, agus ní
ghlacfá saothar, dá laighead, teach d'anma do chur in
órdughadh fa chomhair ríogh na ríogh. Ní sparálfá ór ná


L. 95


airgead chum solmain agus féasta do dhéanamh fa chomhair
an ríogh thalmhaidhe úd, agus nach dtairgeann tú féasta na
subhailce do bheith agat fa chomhair Chríost, agus nach
gcosónadh siad ór ná airgead duit.



Maiseadh, a cháirde, an té le ar mian Mac Dé do
thabhairt go lóistín a anma, atá trí ní riachtanach aige, mar
atá, glaine choinsias, umhlacht agus carthanacht. An té ag
a mbeidh na subhailce seo, is féidir leis dul ar aghaidh le
dóchas chum an fhéasta, agus ghéobhaidh sé ionmhas na
ngrása i dtobar na ngrása, Críost; acht an té nach mbeidh
na coinghill seo aige, ná lámhuigheadh sé theacht do chomhair
na sacraiminte seo, nó beidh an t-arán so na beathadh in a
arán báis aige, agus an chailís seo na sláinte in a
heasláinte mharbhthaigh aige.



Chuala sibh cheana as an sgrioptúir diadha go leigheasadh
toradh crann na beathadh Adhamh ó aois agus ó thinneas chomh
minic agus d'íosadh iad, acht léighmid in san áit chéadna
nach raibh sé ceadmhach ag Adhamh blas de thorthaibh an chrainn
seo acht chomh fada agus bhí sé i stáid an ionracais, is
é sin, saor ó pheacadh. Chomh luath is rinne sé an peacadh
ag ithe ubhall na haithne níor bh'fhéidir leis dul do chomhair
an chrainn seo níos mó. Do díbreadh é as parrthas. Do
chuir Dia aingeal mar ghárda ar chrann na beathadh agus
claidheamh aifeartha in a láimh. Mar an gcéadna ní fhuil
sé ceadmhach ag duine ar bith blas den tsacraimint
naomhtha so acht an té ag a mbeidh coinsias glan saor ó
pheacadh, acht an té chumhduigh ionracas ón a bhaisteadh, nó
má chaill sé é leis an bpeacadh, nigh agus sgiúr a choinsias
le trom-dheóraibh na haithrighe.



Atá, mar an gcéadna, an umhlacht riachtanach ag an té
le ar mian Corp Chríost do ghlacadh. Atá an tsubhailce seo
chomh taitneamhach tairbheach sin i bhfiadhnaise Dé, ar mhodh go
n-admhuigheann an mhaighdean Muire gur i ngeall ar a
humhlacht, thar gach subhailce eile, fuair sí de ghrása ó Dhia


L. 96


Mac Dé do theacht fa n-a broinn. Dá bhrígh sin, a chríos-
taidhe, le ar mian Críost do ghlacadh fa do bhroinn, uir-
ísligh tú féin mar an óigh Muire chum gur bh'fhiú tú an
onóir seo d'fhagháil.



In aice na humhlachta agus glaine choinsias, atá an
tsubhailce neamhdha, an charthanacht, riachtanach ag an té le
ar mian comaoineach do dhéanamh. So máthair gach deigh-
ghníomh, so bainríoghan gach subhailce, so an tsubhailce,
nach fiú brobh urnaighe ná trosgadh ná aon ní eile dá
ndéanamaid acht muna raibh sí againn. Agus mar nach
dtéid an oileamhain chorpordha i dtairbhe don chorp gan
teas nádúrtha do bheith aige chum díleaghadh do dhéanamh,
mar an gcéadna ní théid an oileamhain spioradálta chum
sochair don anam gan teas-ghrádh na carthanachta do bheith
in a aice.



Chí sibh anois, a cháirde, caidé mhéad na luaigheacht agus na
tairbhe atá le fagháil ag an té ghlacas an tsacraimint seo,
gur ab í is oileamhain agus is beatha don anam, go
méaduigheann na grása innti, agus go neartuigheann í
in aghaidh gach cathuighthe; agus chí sibh don taobh eile nach
ní is lugha ná damnughadh síorraidhe atá le fagháil ag an
té ghlacas an tsacraimint seo ar dhroch-stáid. Ollmhuigh-
eadh mar sin gach aon é féin le ar mian a glacadh; sgiúradh
agus glanadh sé a choinsias le trom-dheóraibh na haithrighe;
glacadh sé an t-arán neamhdha so le cíocras agus fonn;
glacadh sé é le carthanacht agus le umhlacht, agus gheóbhaidh
sé ó Dhia iomadamhlacht na ngrása in san tsaoghal so agus
an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile, ní atá mise
d'iarraidh díbh-se agus damh féin.


L. 97


An Deichmheadh Seanmóir.



AR TAIRBHE AGUS COINGEALLAIBH NA hURNAIGHE.



Ní fhuil óir-chiste ar bith is tairbhighe ná an urnaighe.



(Briathra an Spioraid Naoimh ag Tobias, an dara caibidil déag,
an t'ochtmhadh rann).



SGRÍOBHAIDH an file eagnaidh Cicero ar na subhailcibh go
bhfuilid chomh sgiamhach sin ionnta féin, ar mhodh, dá
mb' fhéidir le duine a bhfaicsin le n-a shúilibh corpordha,
go líonfadh sé lán dá ngrádh, agus nach bhfuil ní ar bith
nach ndéanfadh mar gheall ar a mbeith aige. Is féidir
liom-sa indiu an ní céadna do rádh leis an urnaighe, go
bhfuil sí chomh áluinn maiseach sin innte féin, ar mhodh nach
bhfuil duine ar bith thuigfeadh a tairbhe agus a milseacht
nach líonfadh dá grádh, agus nach rachadh sgíth air choidhche
acht ag urnaighe.



Do bhí an naomh oirdheirc Antoine i ngrádh chomh mór sin
leis an urnaighe, do thuig sé a milseacht agus a tairbhe
chomh maith sin, ar mhodh gur ghearr leis an oidhche b'fhaide
ag moladh agus ag guidhe Dé. In áit lúthgháire bheith air
fa éirghe na gréine, bhíodh sé dólásach tuirseach fa sgaradh
le uaigneas na hoidhche; agus cia gur lonnrach soillseach
an ní an ghrian, agus go sáruigheann gach créatúir eile
i sgéimh agus i ndeise, mheas Naomh Antoine gur mhó
an solus, an áilne agus an mhaise bhí in san urnaighe
ná innte féin agus i gcréatúiribh an tsaoghail uile. Agus
ní hé Naomh Antoine amháin do bhí den intinn seo, acht fós


L. 98


gach naomh agus gach ban-naomh tháinig rómhainn, do bhí siad
tugtha chomh mór sin don urnaighe, do-gheabhadh siad an
oiread sin milseachta agus sásta innte, ar mhodh, mar
adeir Naomh Bernard, nár mheasa leo geataí pharrthais do
dhúnadh orra ná sgaradh leis an urnaighe. Is ní iongantach
so, a cháirde. Is áit aoibhneas agus pléasúr parrthas; ní
fhaca súil, ní chuala cluas, ní féidir le intleacht daonna
ar bith a smuaineadh ná a taidhbhsiughadh caidé liacht sólás
agus maitheas atá le fagháil i bparrthas. Maiseadh in
a dhiaidh seo agus uile, is bréagach an naomh glórmhar
Naomh Bernard nó is mó an mhilseacht agus an sásadh
gheabhadh na naoimh in san urnaighe 'ná i bparrthas féin.



Ó, mo mhíle truaighe, caidé laighead is thuigeas milseacht
agus luaigheacht na hurnaighe ar an uair seo? Caidé
laighead is leanas lorg na naomh úd le ar ghearr an lá
agus an oidhche, dá faide, ag guidhe agus ag moladh Dé?
Bealach contrárdha leanas formhór an tsaoghail seo. In
áit moladh nó buidheachas thabhairt do Dhia, is é mhaslaid
agus mhalluighid é le mionnaibh móra, graostacht agus
ithiomrádh. Easbhaidh eólais agus creidimh bheir orra, ar
ndóigh, neamh-shuim chomh mór so do dhéanamh de thiodhlacadh
chomh mór-luaigh leis an urnaighe, agus dá bhrígh sin,
tairgfidh mise indiu solus thabhairt dóibh ar luaigheacht
agus ar éifeacht na hurnaighe, tar éis mo chomhrádh roinn
in dá phointe. Atá an urnaighe tairbheach le slánughadh an
duine: sin an chéad phointe. Atá coinghealla áiridhe
riachtanach ag an urnaighe chum go mbeith sí tairbheach: sin
an dara pointe.



An chéad phointe. Is uime ghrádhuigheas nó shanntuigheas
an duine ní ar bith, mar gheall ar an maith mheasas sé do
bheith ann. Maiseadh, má 's ádhbhar dhúinn grádh do bheith
againn ar ní tríd a mhaitheas, cá bhfuil ní ó Dhia anuas is
córa dhúinn do ghrádhughadh ná an urnaighe, de bhsígh go
bhfaghmaid innte ionnmhas gach maitheas, agus gur ab í


L. 99


máthair agus fréamh gacha maitheas, ar mhódh, mar adeir
Naomh Auguistín, an té chleachtas an urnaighe, go nglacann
sé an ród díreach go parrthas, agus mar adeir Solamh
leis an gcríonnacht, go dtig an uile mhaith in éinfheacht
leis an urnaighe chugainn.



Is féidir le ní bheith maith ar trí mhodh, mar atá, nuair
bhíos cneasta ann féin, nó tairbheach ag an duine, nó
nuair bhíos sásamhail nó pléasúrdha. Maiseadh, ní fhuil
cáilidheacht díobh so nach bhfuil in san urnaighe. Atá sí
cneasta innte féin; atá sí tairbheach ag an duine; agus
an té chleachtas í, gheibh sé milseacht agus pléasúr do-
chuimse innte.



Go bhfuil an urnaighe cneasta innte féin, is furus a
chruthughadh, de bhrígh nach bhfuil ní ar bith is mó thaobhuigheas
Dia leis an duine in san sean-tiomna agus in san
tiomna nua ná an urnaighe do dhéanamh. Is éigean díbh,
deir Críost ag Lucás, bheith choidhche ag urnaighe. Deir
linn in áit eile gan sgíth do dhul orainn acht ag guidhe
agus ag moladh Dé. Deir linn nac bhfuil meadhón ná
slighe le buaidh do bhreith ar na cathuighthibh is fearr 'ná an
urnaighe.



Ní féidir duine ar bith do shlánughadh acht muna
n-admhaidh agus muna gcreididh go bhfuil Dia ann; gur ab
é an Dia so árd-rí agus árd-stiúrthóir an domhain; gur
ab é an Dia so ar gcruthuightheóir agus ar slánuightheóir.
Maiseadh, a cháirde, ní fhuil slighe ná meadhón ag an duine
chum so do chóimh-líonadh is fearr 'ná an urnaighe, ar
an adhbhar gur íodhbairt an urnaighe ofrálamaid do Dhia,
le n' admhaimid a mhórdhacht agus a mhaitheas, gur dualgas
agus cíos-cháin í bheirmid do Dhia mar árd-rígh na cruinne,
airmhidin agus onóir í bheirmid do Dhia mar a chlainn, mar
is é ar n-athair é, comhartha cumainn í bheirmid do Dhia in
éiric gach maitheas ghní orainn. Agus, a chríostaidhe, dá
mbeith gan a athrughadh de réasún agat chum urnaighe do


L. 100


dhéanamh acht go bhfuil an oiread sin de dhúil agus de
spéis ag Dia innte, an bhfuil ní in san domhan is mó atá
indéanta agat 'ná íodhbairt molta agus buidheachais
thabhairt dó gach uair agus gach am?



Má chreidimid, a cháirde, briathra Dé in san sgríoptúir,
nó ráidhte na n-aithreach naomhtha tháinig rómhainn, ní fhuil
sgáth orm a dhearbhughadh nach bhfuil ní ar bith is tairbhighe
ag an duine 'ná an urnaighe. Chuala sibh cheana go
ndearbhuigheann an Spiorad Naomh gur fearr agus gur
tairbhighe an urnaighe don duine 'ná ór agus saidhbhreas na
cruinne. Agus ní gan adhbhar, de bhrígh nach bhfuil
tiodhlacadh ná grása i bhflaitheas, nach bhfuil comóradh ná
cuidiughadh, saidhbhreas ná fortún ar talamh nach bhfuil le
fagháil ag an té ghuidheas Dia ó chroidhe. Atá focal
Chríost mar bharánta againn leis an fhírinne seo ag
Marcus, mar a ndeir nach bhfuil ní ar bith iarrfam ar Dhia
in urnaighe nach bhfuigheam.



Caidé an ní an urnaighe, adeir Naomh Auguistín? Atá,
eochair pharrthais; ní luaithe árduigheas guth an fhíréin chum
na bhflaitheas 'ná fhosglas geataí pharrthais agus
thuirlingeas anuas orainn mór-thrócaire agus grása Dé
in a thuile.



Ó, a pheacaigh bhíos go laetheamhail ag briseadh dlighidh
agus aithne Dé, le fuath agus le feirg, le briseadh saoire
agus trosgtha, le mionnaibh móra agus meisge, caidé
mhinicidheacht is druideas tú doirse parrthais i d'aghaidh,
agus ó, mo mhile truaighe, caidé chomh annamh is fhosglas tú
iad arís, ag guidhe Dé nó Muire? Caidé liacht anam
bocht indhiu ar slabhraidh ag an diabhal, agus nach ndéan
úsáid den eochair seo chum na slabhraidh do sgaoileadh?
Caidé liacht duine ar bhruach an phuill dhumsidh dorcha úd
ifrinn, réidh leigthe chum tuitim ann, agus nach n-iarann
congnamh ná cobhair ar Dhia chum a gcongbháil as?



Ní fhuil ní ar bith le ar cosamhla an té nach ndéan


L. 101


urnaighe, deir Naomh Criosostom, 'ná le corp marbh. Is
feasach sibh, a cháirde, nuair sgaras an t-anam leis an
gcolainn, go mbíonn sí fuar siocuighthe, gan lúth, gan
aistear. Maiseadh, mar an gcéadna bhíos an t-anam nach
ndéan an urnaighe, deir Naomh Criosostom, in san áit
chéadna. Bídh sí fuathmhar glonnmhar i bhfiadhnaise Dé;
bídh sí fuar siocuighthe gan teas-ghrádh Dé; ní thig léithe
siubhal nó aistear do dhéanamh i slighidh a slánuighthe; bídh sí
mar luing gan stiúir dá suathadh idir thonnaibh gach
cathuighthe nó go mbristear í fa dheireadh ar charraigeachaibh
ifrinn; bídh sí mar chathair gan ballaíbh, réidh, fosgailte fa
chomhair iomartas an diabhail agus ainmhianta na colna.



Ar an taobh eile, deir an dochtúir céadna, Naomh
Criosostom, gur íoc-shláinte an urnaighe in aghaidh nimh an
pheacaidh, gur drúcht í mhúchas antoil na colna, gur arm
lámhaigh í in aghaidh cathuighthe an diabhail, gur saidhbhreas
síorraidhe í in aghaidh gach bochtaineacht, gur cuan sábhálta í
don duine in gach breis, in gach buaidhirt, in gach guais
agus in gach baoghal; in aon fhocal, ní fhuil eagla ar an
dochtúir neamhdha a dhearbhughadh gur ab í an urnaighe tobar
na ngrása, cainnéal gach maitheas, agus fréamh agus
máthair gach tiodhlacadh neamhdha bheir Dia don duine.



Cia nach bhfuil áit ná am, stáid ná gairm, saor ar
oibliogáid na hurnaighe, agus go n-órduigheann Críost
don bhfíréan agus don bpeacach, don mbocht agus don
tsaidhbhir, don óg agus don tsean, don máighistir agus don
tsearbhónta, a gcroidhthe thógáil chum Dé ó am go ham,
moladh thabhairt dó in a thiodhlacthaibh, gidheadh, atá
oibliogáid chinnte ar gach aon urnaighe do dhéanamh maidin
agus tráthnóna. Ar maidin, adeirim, nuair fhosglas fuinn-
eóga an lae, is cóir dhúinn fuinneóga ar n-anma d' fhos-
gailt fa chomhair grása an Tighearna agus a ndruid in aghaidh
gach droch-rún agus gach cathuighthe. Bhí d'fhiachaibh ar gach aon
in san tsean-reacht an chéad-ghein thabhairt don Tighearna


L. 102


Maiseadh, ní iarrann Dia orainn anois an chéad-ghein dár
gcloinn nó dár maoin, acht taobhuigheann linn ar gcéad
smuaineadh thabhairt dó féin ar maidin; taobhaidh linn i
dtús an lae órdughadh do chur ar obair ar slánuighthe, ar
gcroidhthe, ar smuainte agus ar ngníomhartha d' ofráil dó
féin, rún láidir do ghlacadh gan ní ar bith do dhéanamh
in aghaidh a dhlighidh an lá sin. Cibé dhéanfas so agus
oileamhain a anma, mar atá, na grása, d'iarraidh roimh ní
ar bith eile, atá focal Dé aige go bhfuighidh gach ní eile do
réir a riachtanais.



Ó, a chríostaidhe, da mba léar leat gach éag, gach galar
agus gach easláinte atá ag brath ort ó éirghe go luighe, dá
mba léar leat gach líon agus gach luigheachán atá ag
Lucifer agus agc n-a shlóightibh chum do mharbhtha, ní rachadh
sgíth ort choidhche acht ag guidhe Dé do shábháil orra. An té
nach ndéan, bheir sé le tuigsin nach bhfuil beann aige ar a
anam, go bhfuil a chroidhe cruaidh crainntighthe leis an olc.



Ní mó an riachtanas atá orainn an lá do thionnsgain go
maith ná a chríochnughadh mar an gcéadna. Tógaidh bhur
lámha chum Dé gach oidhche, deir an rí naomhtha, Dáibhidh, agus
altuighidh leis a thiodhlactha, amhail is mar déarfadh sé, atá
na tiodhlactha bheir Dia dhuit, a dhuine, do-áirmhighte do-
innse; ní fhuil móimeint chaitheas tú de d' shaoghal nach
ndéan Dia trócaire nua ort, spreagaidh ar uairibh do
choinsias le n-a ghrásaibh, músglaidh deagh-smuainte in do
chroidhe, cumhduighidh tú ó gach baoghal, bheir fad saoghail
agus ré na haithrighe duit le do bheatha mhí-riaghalta do
leasughadh. Cá bhfuil, a cháirde, ádhbhair buidheachais mar
iad so? Cá bhfuil ní in san domhan is mí-nádúrtha 'ná
dearmad do dhéanamh díobhtha?



In aimhdheóin cúram ríoghacht agus náisiún do bheith ar
Dáibhidh, in aimhdheoin gach trioblóid agus gach gnóthaí
saoghalta bhí in a cheann, ní leigeadh oidhche thairis, ar a shon
sin, gan urnaighe do dhéanamh chum Dé, gan cunntas do


L. 103


bhuain de féin caidé mar chaith sé an lá, cia aca rinne
seirbhís do Dhia nó don diabhal, ar pheacuigh sé le n-a
theangaidh ag déanamh bréag, ithiomrádh nó mionn mór, ar
pheacuigh sé le n-a shúilibh le amharc mailíseach, ar shín sé a
lámha chum ní ar bith toirmeasgtha, ar pheacuigh sé le n-a
chroidhe, le feirg nó le fuath, le saint nó le drúis. Nuair
gheabhadh Dáibidh sal peacaidh ar bith ar a anam, bheireadh
aghaidh gan mhoill ar Dhia leis an urnaighe, chuireadh sguab
na haithrighe le n-a choinsias, dhíbreadh as gach oidhche gach
brúdar agus gach salchar do chruinnigh sé an lá sin. Acht
an raibh cuing nó ualach ar leith ar Dháibhidh an cunntas so
bhuain de féin gach oidhche acht oiread linne, a cháirde?
Ní raibh, gan amhras. Atá an luach saothair céadna le
fagháil againne, mar atá, an ghlóir shíorraidhe, má ghnímid
urnaighe agus aithrighe mar rinne seisean, agus ní fhuil
imtheacht againn ar phiantaibh ifrinn, má ghnímid faillighe
ionnta. Ní lia peacadh marbhtha bhíos ar ar n-anam ag dul
chum leaptha dhúinn ná diabhail luigheas in éinfheacht linn,
agus dearcadh gach aon caidé olcas an céile leaptha
thoghas dó féin. Acht ar cheiste nach bhfuil fios agat, a
chríostaidhe, caidé mar is cóir Dia do ghuidhe, ionnus
go mbeith d'urnaighe tairbheach, bhéarfaidh mise solas duit
air, do réir mar gheallas, in san dara pointe.



An dara pointe. Is é is urnaighe ann, a chríostaidhe,
árdughadh na hintinne chum Dé, moladh bheirmid dó in a
thiodhlacthaibh, agus gearán ghnímid leis ar gach ní bhíos
d'easbhaidh orainn. Is féidir an urnaighe seo do dhéanamh
ar dá mhodh, mar atá, go fuar spadánta ceathraidheach, nó
go dúthrachtach cráibhtheach. An té ghní urnaighe go fuar
fallsa, nach é slánughadh a anma is mó bhíos ar a aire, acht
ag iarraidh tairbhe saoghalta, ag a mbíonn an croidhe do
thaobh agus an béal do thaobh eile, an intinn i dtaobh agus
an tsúil i dtaobh eile, nach smuaineann ar mhórdhacht Dé
bhíos sé do ghuidhe, nó gur le Dia bhíonn sé ag caint, ní


L. 104


urnaighe ghní sé, acht magadh ar Dhia. Má deir carn
briathar gan aire, gan caon-dúthracht, ní fhuighidh sé toradh
ná éisteacht ó Dhia orra, agus má gheibh is ar olc leis.
Má bheir Dia dhó an buntáiste, nó an saidhbhreas saoghalta
atá sé d' iarraidh, is ionnus go gcongbhóchadh uaidh
saidhbhreas na ngrása nach fiú é d' fhagháil. Naomh
Auguistín is ughdar damh leis an fhírinne seo. Bheir Dia
dhúinn, deir sé, ar uairibh an ní iarramaid ar olc linn,
agus diúltaidh sinn ar uairibh eile ar maithe linn.



An mhuintir ghní an urnaighe go cráibhtheach dúthrachtach, ag
a mbíonn a gcroidhthe agus a dteangtha in éinfheacht ag
moladh Dé, nach n-iarrann acht na neithe rachadh i dtairbhe
dá n-anam, agus má iarraid neithe saoghalta, go bhfágaid
é fa thoil Dé, bhíos chomh buidheach sin fa gan a fhagháil is má
gheibheadh é, so an mhuintir ghní an urnaighe mar is cóir, so
an mhuintir gheabhas toradh agus éisteacht ar a nguidhe,
gheabhas cabhair in am a leathtruim agus fuasgailt ó Dhia
in gach gábhadh.



Ní headh amháin go bhfuil d'fhiachaibh ar gach duine dul
i gceann urnaighe go riaghalta cráibhtheach, acht fós, is
éigin dó creideamh beó láidir do bheith aige, is é sin,
creideamh ag a mbeidh grádh Dé agus deagh-oibre in a
aice. Dá mbeith creideamh an tsaoghail agat, deir an
t-easbal Naomh Séamas, acht muna raibh deigh-ghníomhartha
in a aice, ní fhuil acht creideamh marbh ann; ní fhuil acht
creideamh gan tairbhe gan tábhacht ann; ní mór duit ní
éigin do bheith agat ós cionn na ndiabhal chreideas agus
chriothnuigheas roimhe láimh dhíoghaltaigh Dé.



Ní hé sin le rádh go bhfuil d' fhiachaibh ort bheith choidhche
ar stáid na ngrása nuair théid tú i gceann urnaighe; acht
is é thuigim leis gur cóir duit, ar a laighead, má atá tú i
stáid pheacaidh, aithreachas bheith ort, agus rún do bheith
agat do bheatha do leasughadh. Muna raibh tú den intinn
seo ag dul i gceann urnaighe, caidé mar shíleas tú


L. 105


éisteacht d' fhagháil ó Dhia? caidé mar shíleas tú go
ndéanfaidh Dia ní ar bith do réir do thola-sa, agus
gan tusa ag déanamh ní ar bith do réir tola Dé? tusa
atá 'do thréatúrach agus 'do dearg-námhaid ag Dia, ag
cur impidhe air fuasgailt duit in do leathtrom, agus
gan impidhe ar bith ag Dia ort-sa! Tusa ag dul ag
iarraidh seirbhíse nó fábhar ar Dhia, agus tú féin in san am
gcéadna ag diúltadh do sheirbhís Dé, agus ag déanamh
seirbhís an diabhail! Ná mealltar tú, a chríostaidhe, dá
mbeitheá ag éighmhigh agus ag sgairtigh ar Dhia ar feadh
do shaoghail, agus tú i bpeacadh marbhtha, agus gan rún
agat a fhágáil nó aithrighe do dhéanamh ann, ní fhuil acht
an-ghlór in d' urnaighe; ní fhuil tú acht ag tafann; ní ag
guidhe Dé atá tú, acht ag magadh air.



Bheir Críost solas go lór dhúinn ag Lúcás in san
ochtmhadh caibidil déag caidé an modh ar cóir urnaighe do
dhéanamh, i bpearsain an fhairisínigh agus an phuibliocánaigh.
Chuaidh an fairisíneach go dóchasach ceann-dána chum na
haltóra agus dubhairt: bheirim buidheachas duit, a
Thighearna, nach bhfuilim 'mo stríapaigh, 'mo ghadaidhe, ná
'mo rógaire mar an bpuibliocánach so; troisgim fa dhó in
san tseachtmhain agus díolaim deachmhaidh leis an eaglais.
Ar an dtaobh eile, leig an puibliocánach é féin go huir-
íseal umhal ar a ghlúnaibh ar chúl an dorais, chrom a cheann,
bhuail a ucht; níor leig sgannradh agus náire dó fa n-a
pheacadhaibh a shúile do thógáil, ná amharc suas ar na flaithis;
gidheadh d' agair agus do ghuidh Dia trócaire do dhéanamh
air. Is eadh, a cháirde. Cia aca den dís seo mheasas sibh
is túisge fuair éisteacht ó Dhia, nó is fearr do-rinne
urnaighe? Creidim go ndéarfaidh sibh gur luaithe fuair an
fairisíneach éisteacht de bhrígh (má chreidimid a sgéala féin)
go raibh sé riaghalta cneasta, go ndéanadh urnaighe agus
trosgadh. Ó, ní hé sin breitheamhnas Chríost ar an dís
seo, acht dearbhuigheann gur fhill an puibliocánach chum a


L. 106


bhaile naomhtha agus nach bhfuair an fairisíneach oiread agus
éisteacht ó Dhia.



Ó, caidé is ciall dó so, a cáirde? an peacach puiblidhe
ag fagháil éisteachta, agus gan beann ná éisteacht le
fagháil ag an duine riaghalta; an peacach puiblidhe dá
naomhughadh, agus an duine cneasta dá dhamnughadh!
Caidé is ciall dó so? Atá, a cháirde, réasún mór leis;
de bhrígh go raibh an fairisíneach uaibhreach, agus an
puibliocánach umhal. Is annsa le Dia míle uair urnaighe
umhal an pheacaigh ná urnaighe uaibhreach na muintire shíleas
iad féin do bheith cneasta. In áit an fairisíneach do dhul
ag moladh Dé, is é chuaidh sé ag moladh a dheigh-ghníomhartha
féin, agus ag tabhairt dí-mheas do gach aon eile, agus
dá bhrígh sin nuair do shíl é féin d' árdughadh ós cionn
an tsaoghail, is é do hísligheadh é chomh íochtarach le
ifreann.



Anois, a cháirde, tig libh breathnughadh do bhreith, nuair
do-ghní sibh urnaighe, cia aca is fiú sibh éisteacht d'
fhagháil ó Dhia, nó gan a fhagháil; cia aca ghní sibh í go
fuar fallsa, nó go cráibhtheach dúthrachtach; cia aca bhíos
agaibh creideamh marbh gan deigh-ghníomhartha, nó creideamh
bhíos beó leis an gcarthannacht; cia aca ghní sibh aithris ar
an bhfairisíneach, nó ar an bpuibliocánach. Má théid
sibh go huir-íseal umhal i gceann urnaighe, agus slánughadh
bhur n-anma d' iarraidh ós cionn gach ní, bhéarfaidh Dia
éisteacht agus toradh ar bhur nguidhe; bhéarfaidh sé díbh
gach ní bheas riachtanach agaibh in san tsaoghal so, agus
an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile, ní atá mise
d' iarraidh díbhse agus damh féin. In ainm an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 107


An t-Aonmhadh Seanmóir Déag.



AR RIACHTANAS AGUS ÉIFEACHT NA hURNAIGHE.



Is éigin díbh urnaighe do dhéanamh do ghnáth.



(Briathra Chríost ag Lúcás in san ochtmhadh caibidil déag, an chéad
rann.)



ATÁ ceist idir na hughdair cad fá dtug an nádúir
árm nó slighe chosanta don uile shórt ainmhidhe acht
don duine amháin. Chímid ingne agus fiacla ag an gcoin,
ag an gcat agus ag an iolar, adharca ag an tarbh, gath ag
an mbeich, lanna ag an iasg, acht is é chímid an duine ag
teacht chum an tsaoghail tarr-nochttha, gan ní ar bith aige
choiseónadh é nó dhéanfadh díoghbháil dá námhaid. I measg
an iomad réasún bheir na haithreacha naomhtha fan dear-
mad so rinne an nadúir ar an duine, thar gach ainmhide
eile, deir Naomh Criosostom gur féidir leis an duine an
uile shórt airm do dhéanamh le n-a lámhaibh fuair sé ón
nádúir, acht is é deir Naomh Gréagóir Nissa go dtug Dia
caint nó glór don duine mar arm in aghaidh a náimhde. Is
lag an t-arm é seo, dar leat, a chríostaidhe. Caidé an
ní é glór an duine acht aer nó feadán gaoithe? Cia
dhéanfadh úsáid dá leithéid seo d'arm acht bean nó meath-
anach? Ó, a chríostaidhe, ní fhuil arm is fearr, ní fhuil
arm is buntáistighe 'ná do ghlór má ghní tú úsáid cheart
de, is é sin, ag moladh agus ag guidhe Dé. Guidh Dia
agus guidh é mar is cóir, agus ní baoghal duit námhaid
ar bith corpordha nó spioradálta. Armas an urnaighe


L. 108


ghníthear go maith chlaoidheas an diabhal, mhúchas ifreann,
smachtas na droch-chlaonta, leigheasas gach galar, fhosglas
parrthas, agus thobhas dúinn ionnmhas na ngrás. Is le
meadhóin na hurnaighe rinne na heasbail gach mór-mhíor-
bhail haithristear orra Is leis an armas neamhdha so rug
na mairtírí buaidh ar a náimhdibh. So an n-arm le' gcumh-
duigheann gach maighdean a geanmnaidheacht. Is í an
urnaighe d'árduigh gach naomh atá indiu i bparrthas, agus
rinne réalta lonnracha díobh ins na flaitheasaibh.



Maiseadh, a phobail chríostaidhe, ó's arm an urnaighe
fuaramar ó Dhia in aghaidh ar náimhde, measaim nach dtig
liom seirbhís níos fearr do dhéanamh díbh indiu 'ná má
thairgim brígh agus éifeacht an armas neamhdha so mhíniughadh
dhíbh, ní dhéanfas mé tar éis mo chomhrádh do roinn in a
dhá phointe. Atá an urnaighe riachtanach ag an uile dhuine:
sin an chéad phointe. Atá an urnaighe tairbheach éifeachtach:
sin an dara pointe. Acht de bhrígh nach dtig linn urnaighe
ná deigh-ghníomh eile do dhéanamh gan congnamh an Spioraid
Naomhtha, tugamaid aghaidh ar Dhia grása na hurnaighe
thabhairt dúinn, le impidhe na Maighdine Muire, ag rádh an
Abhe Maria.



An chéad phointe. Is uime chruthuigh Dia an duine chum
go mbeith sé rann-pháirteach leis in san ghlóir shíorraidhe
agus in a oighre ar pharrthas. Acht tar éis an cineadh
daonna do chailleamhain a gceart chum na hoighreachta so
tríd pheacadh Ádhaimh, tar éis iad do bheith in a náimhdibh ag
Dia na mílte bliadhain, agus in a sclábhaidhthibh ag an
diabhal, geataí pharrthais do bheith dúnta in a n-aghaidh,
agus ifreann do bheith béal-fhosgailte fa n-a gcomhair,
an saoghal do bheith ag tréigean an Dia fír do chruthuigh
iad, agus ag déanamh adhartha agus íodhbartha do na déibh
bréige, thuirling, fa dheireadh, Mac Dé as na flaitheasaibh.
Ghlac colann daonna fa bhroinn na Maighdine Muire.
Tar éis é bheith trí bliadhna déag ar fhichid ar an tsaoghal


L. 109


so i mbochtaineacht agus in anró, faoi bhuaidhirt agus faoi
thrioblóid, ag stiúradh agus ag teagasg na bpoibleach le
briathraibh agus le sompla, d'fhuiling, fa dheireadh, bás
sgannalach na croiche, d'ofráil sé é féin mar íodhbairt
don Athair síorraidhe ionnus go ndéanfadh sé ar síothcháin
leis, go bhfuigheadh ar ais an bhreith damanta tugadh in ar
n-aghaidh i bpearsain Ádhaimh. I measg gach léigheann
agus gach teagasg thug Críost dúinn ar an tsaoghal, thug
órdughadh speisialta don duine bheith choidhche ag urnaighe.
Agus má atá d'fhiachaibh orainn gach ní órduigheas Críost
dúinn do dhéanamh is lór mar chruthughadh ar riachtanas na
hurnaighe Íosa Críost ag tabhairt órduighthe agus aithne
dúinn bheith choidhche ag guidhe Dé agus ag déanamh urnaighe.



Atá fós dá ní chruthuigheas riachtanas na hurnaighe, mar
atá, mórdhacht agus maitheas Dé do thaobh, agus bochtain-
eacht agus easbhaidh an duine don taobh eile. Gan an
urnaighe, ní thig linn onóir do thabhairt do Dhia mar is
cóir. Agus gan an urnaighe, ní thig linn éirghe as an
mbochtaineacht. Mar sin, a chríostaidhe, cibé le ar mian
mórdhacht Dé do mholadh, nó onóir do thabhairt don
Tríonóid, is éigin dó urnaighe do dhéanamh; agus cibé le
ar mian cabhair nó fortacht d'fhagháil in a riachtanas, is
éigin dó urnaighe do dhéanamh.



Dá bhfosgladh Dia anois do shúile, a chríostaidhe, ionnus
gur léar dhuit gach contabhairt agus gach dainnséar in a
bhfuil tú, ní féidir a rádh go rachadh sgíth ort choidhche acht
ag urnaighe. Dá mba léar dhuit gach bás obann, gach éag,
galar agus easláinte atá ag brath ar do cholainn; dá
mba léar dhuit gach líon agus gach cealg atá ag Lucifer
agus age n-a shlóightibh in do shlighidh chum do tharraing go
hifreann, dá mba léar dhuit an peacadh, nó gráineamhlacht
an pheacaidh; dá mba léar dhuit na teinte atá ar lasadh,
na coirí atá ar fiuchadh, na húird agus na súistí atá i
láimh gach diabhal in ifreann fa do chomhair, má rinne tú


L. 110


an peacadh, ní féidir a rádh nach n-iarrfá cabhair ar Dhia,
nach screadfá agus nach scréachfá ar an tslánuightheóir do
shábháil ar gach ní díobh so. An bhfuil duine ar bith do
bheith ós cionn poll duibheagán, agus gan imtheacht aige
gan tuitim ann, nó chífeadh sluagh mac-tíre chuige, agus a
gcraois fosgailte chum a shluigthe, nach leigfeadh na huile
ghártha ar an tsaoghal ag iarraidh cabhra? Ní fhuil, gan
amhras. Maiseadh, sin tusa, a pheacaigh, ós cionn poll
duibheagán ifrinn; ní fhuil imtheacht agat gan tuitim ann,
acht muna dtuga Dia a lámh chonganta dhuit le do chong-
bháil as. Sin sluagh mac-tíre, mar atá, diabhail ifrinn,
agus a gcraois fosgailte réidh chum do shluigthe. An é nach
sgairtfidh tú agus nach sgréachfaidh tú ar Dhia le do
shábháil orra? Muna ndéanair, a pheacaigh, ní fhuil le rádh
leat acht nach bhfuil acartha agat le Dia nó leis an
diabhal, go ndéan tú faillighe in san arm thug Dia dhuit le
haghaidh do chosanta, go bhfuil fonn ort luighe faoi chosaibh
do námhaid, nach bhfuil eagla ort roimh na piantaibh síor-
raidhe úd atá fa chomhair an pheacaigh.



Do mheas na haithreacha naomhtha tháinig rómhainn go raibh
an urnaighe chomh riachtanach sin aca le n-a slánughadh, ar
mhodh nach dtéigheadh sgíth orra choidhche acht ag urnaighe. Do
bhí glúine an ríogh bheannuighthe, Dáibhidh, chomh cruaidh le
clár ó n-a bheith ag síor-ghuidhe Dé. Shileadh a dheóra chomh
líonmhar sin, ar mhodh nach raibh ní ar bith le ar chosamhla
a shúile ná le tobar fíor-uisge. Bheireadh buidheachas
cinnte do Dhia fa grása na hurnaighe do thabhairt dó,
Agus ní gan ádhbhar, do bhrígh, do réir mar dhearbhuigheas
Naomh Criosostom, gurb í an urnaighe fréamh agus máthair
gach subhailce, gurb í an urnaighe bheathuigheas agus chumh-
duigheas naomhthacht an duine, agus amhail is mar bhíos gach
cathair nach mbíonn ballaí daingne in a timcheall fos-
gailte fa chomhair gach námhaid, mar an gcéadna, an
t'anam nach ndéan an urnaighe, go mbíonn sí síor-


L. 111


fhosgailte fa chomhair diabhal ifrinn, agus fa chomhair gach
cathuighthe thograid do chur uirre. Dearbhuighidh fós an
t-athair céadna gurb í an urnaighe is féitheach spioradálta
don anam. Agus amhail is nach féidir leis an gcorp
siubhal ná aistear do dhéanamh acht le congnamh na
bhféitheach, mar an gcéadna, an t-anam gan an urnaighe, ní
thig léi siubhal ná aistear do dhéanamh i slighidh a slánuighthe.
In aon fhocal, a chríostaidhe, ní fhuil stáid ar bith in a bhfuil tú
nach bhfuil an urnaighe riachtanach agat. Má atá tú i stáid
na ngrása, ní fhuil ní ar bith is éifeachtaighe chum do
chumhdach ar na peacadhaibh 'ná an urnaighe. Má atá tú i
stáid pheacaidh, ní fhuil slighe is fearr 'ná í chum éirghe as.
Má atá tú tinn nó slán, i gcogadh nó i síothcháin, riaghalta
nó mí-riaghalta, atá tú in a riachtanas, agus dá bhrígh sin,
is cóir dhuit do shúile, do lámha agus do chroidhe do thógáil
chum na cathrach neamhdha ó' dtig an uile chabhair.



Má fhiafraigheann tú dhíom, a chríostaidhe, an bhfuil sé
cinnte, má ghní tú an urnaighe, go bhfuighidh tú ó Dhia gach
grása atá riachtanach agat, atá sé cinnte lán-dearbhtha.
Atá focal Chríost mar bharánta agat ag Lúcás mar a
ndeir leis an tsaoghal go hiomlán, "Iarraidh agus
gheabhaidh sibh, cuartuighidh agus béarfar dhíbh, buailidh an
dorus agus foisceóltar dhíbh."



Ó, a chríostaidhe, cá bhfuil ar an tsaoghal so an fear
fiacha bheir maitheamhnas iomlán do gach aon iarras é? Cá
bhfuil an breitheamh shaoras an príosúnach má agrann é?
Nó cá bhfuil fear an tsaidhbhris bhrosluigheas an bochtán
chum déirce d' iarraidh air? Ní fhuil, a thighearna, acht tú
féin amháin atá chomh trócaireach sin agus go maitheann tú
dhúinn ar bhfiacha agus ar gcoirthe, go bhfuil do lámha sínte
chum ionnmhas do ghrása do phronnadh orainn gach uair agus
gach am iarrfam é.



Ní órduigheann Dia don duine bheith choidhche i n-a
throsgadh; ní órduigheann dó bheith choidhche ag déanamh


L. 112


déirce; acht órduigheann dó bheith choidhche ag urnaighe.
Agus cad chuige? Atá, adeir Naomh Criosostom, fa
fhusacht an urnaighe do dhéanamh. Ní hé sin le rádh go
n-órduigheann Dia don duine a phaidrín bheith choidhche in a
láimh, a bhéal do bheith ag síor-ghuidhe, nó a bheith i gcomh-
nuidhe ar a ghlúinibh. Atá gach ní díobh so atuirseach aige.
Acht is é ní atá sé d'iarraidh ort, tú féin d'umhlughadh in a
láthair, do dhóchas do chur in a thrócaire amháin, a mhaitheas
d'admháil agus do mholadh, ní le briathraibh do bhéil amháin,
acht le glaine agus ionnracas do chroidhe. Má ghní tú so,
ní fhuil gníomh críostamhail ar bith dhéanfas tú nach mbeidh
in ionad urnaighe agat. Beidh déirce do thabhairt don
mbochtán, cuairt ar fhear an tinnis, fuasgailt d'fhear an
leathtruim in áit urnaighe agat. Beidh saothrughadh do
bheathadh go hionnraice dhuit féin agus dod' chúram in áit
urnaighe agat. Beidh do dheóra ag guidhe ar do shon. Beidh
d'osnaidh ag guidhe ar do shon. Beidh do chodladh agus do
chomhnuidhe ag guidhe ar do shon. Mar sin, a chríostaidhe,
ó nach n-iarrann Dia orainn acht dírghe intinne agus glaine
choinsias, ní fhuil leithsgéal ag duine ar bith, óg nó sean,
bocht nó saidhbhir, gan Dia do ghuidhe an uile uair, an uile
am agus an uile áit.



Atá d'fhiachaibh ar gach críostaidhe beatha agus sompla
Chríost do leanmhain, chomh maith is tig leis. D'fhuiling
Críost buaidhirt agus bochtaineacht ar an tsaoghal so
ionnus go leanfadh sinne a léigheann ag fulang go
foighdeach gach buaidhirt agus gach bochtaineacht thogras Dia
do leigean orainn. Throisc Críost dá fhichid lá ar an
bhfásach cumh sompla do thabhairt dúinne ar n-antoil do
chlaoidhe ag déanamh troisgthe. An oidhche roimh páis
d'fhulang, chuaidh Críost ar uaigneas chum urnaighe dhéanamh
mar shúil go ndéanfadh sinne aithris air ag dul ar
uaigneas nuair racham i gceann urnaighe. Agur níor lór
le Críost urnaighe do dhéanamh, acht bhí sé chomh fada sin ar


L. 113


a urnaighe go ndeachaidh sé i laige, gur éirigh allus fola
ar a chorp go hiomlán. Ó, a chríostaidhe, féach le uathbhás
ar do shlánuightheóir ag guidhe an Athar shíorraidhe nó go
dteachaidh sé i laige ar do shon-sa, agus nach ndéan tú
féin ar do shon féin urnaighe dá laighead. Ní thug an
nádúir don duine acht dá shúil chum aithrighe do dhéanamh,
acht ní lia pórthaí bhí i gcorp an Tighearna 'ná súil do bhí
aige ag sileadh deóra fola ar son do pheacadh-se, a chríost-
aidhe, agus ní shileann tú féin oiread agus aon deór
amháin aithrighe ag caoineadh na bpeacadh céadna. Atá
seisean ag dul i laige ag scannradh fan stáid damanta
in a bhfuil tusa, agus ní fhuil imnidhe dá laighead ort féin
agus tú ar bhruach ifrinn. Ó, caidé mhéad daille agus
mí-fhortún an duine deir an dochtúir naomhtha, Naomh
Criosostom, do-ghní faillighe agus neimhbhrígh de mheadhón-
aibh chomh éascaidh agus chomh éifeachtach leis an urnaighe.
Dá mbeith fios agaibh ar méad tairbhe na hurnaighe, ní
rachadh sgíth oraibh choidhche, ar ndóigh, acht ag urnaighe.
Tairgfidh mise a mhíniughadh díbh anois i mbeagán briathar,
do réir mar gheallas, in san dara pointe do mo chómhrádh.



An dara pointe. Ba lór a ndubhramar, a cháirde,
mar chruthughadh ar thairbhe agus ar riachtanas na hurnaighe,
agus chum sibh-se do ghluaiseacht le grádh agus taithighe do
dhéanaimh uirre, acht is beag é le éifeacht agus mor-chomh-
achta na subhailce seo chur in umhail díbh. Dá mba liom-sa
indiu críonnacht Sholamh, béal órdha Naomh Chriosostom nó
deise labhartha Cicero, ní thiocfadh liom, in a dhiaidh sin
agus uile, leath brígh nó luaigheacht na hurnaighe do
mhíniughadh dhíbh. Má dhearcaim ar gach cruadhtan agus ar
gach cruadh-chás as ar fhuasgail Dia, ó am go ham, gach
duine thug aghaidh air le urnaighe, in áit seanmóire, is é
b'fhéidir liom na mílte leabhar do sgríobhadh ar an ócáid
seo; nó má dhearcaim ar gach mór-mhíorbhail rinne naoimh
gach aimsir le meadhóin na hurnaighe, in áit teagasg do


L. 114


dhéanamh dhíbh-se, is é líonfas mé lán d'uathbhás fan mór-
chomhachta bheir Dia don duine le meadhóin na hurnaighe,
agus fan fhaillighe mharbhthaigh do-ghní an saoghal den
tiodhlacadh neamhdha so. Má dhearcaim suas ar na flaith-
easaibh, chífidh mé geataí na cúirte seo ag fosgailt le
glór an duine; chífidh mé na córaí ainglidhe ina sost ag
stad suas ó mholadh Dé, ionnus go dtiubhradh siad éis-
teacht d'urnaighe na naomh ar talamh, agus go n-ofrálfadh
siad í mar túis mór-luaigh don Tríonóid. Má dhearcaim
fúm ar ifreann chífidh mé urnaighe umhal an pheacaigh ag
druid an phuill seo bhí réidh ollmhuighthe chum a shlogtha.
Má dhearcaim ar ifreann na n-aithreach naomhtha, mar atá
purgadóir, chífidh mé na mílte agus na mílte anam ag
imtheacht as, agus ag árdughadh suas chum na bhflaitheas
mar cholumhain gheala ag dul i seilbh na glóire, agus sin le
meadhóin urnaighe na ndaoine ar an talamh. Má dhearcaim
ar an ngréin nó ar an ghealaigh, chífead iad in a seasamh
agus ag stad i lár a gcúrsa ar impidhe Iosua le am go
lór do bheith aige buaidh do bhreith ar a náimhdibh. Má
dhearcaim ar an bhfairrge, chífidh mé í, ar impidhe Mhaoise,
ag fosgailt a mór-thonna agus ag déanamh bealaigh thirim
dó féin agus dá mhuintir. Má dhearcaim ar an teinidh,
chífidh mé triúr buachaill i lár fuirnéise craosaighe Bhabilon
ag guidhe agus ag moladh Dé, agus an lasair chéadna do
loisg na seirbhísigh bhí ag fadódh na teineadh gan í ag
déanamh díthe ná dolaidh dóibh-sean. Má dhearcaim ar
lucht an tinnis, chífead iad ag fagháil sláinte ar impidhe
na n-easbal. Má dhearcaim ar na marbhánaibh, chifidh mé
iad ag eiséirghe ar impidhe Eliseus. Má dhearcaim ar na
deamhnaibh, chífidh mé iad dá ndíbirt as na daoinibh le
urnaighe umhal na heaglaise. In aon fhocal, a chríostaidhe,
ní fhuil spéir ná dúil ná créatúir ar talamh nach mbíonn
umhal don té ghní urnaighe ó chroidhe, ar mhodh gur féidir a
rádh in aoinfheacht le Naomh Augustín nach bhfuil ní ar bith


L. 115


is mó buaidh agus luaigheacht 'ná an urnaighe, agus nach
bhfuil ní ar bith is tairbhighe don anam 'ná í.



Ó, a urnaighe, a thiodhlacadh neamhdha, is aoibhinn don té
dár céile tú, ó's tú féin bheir cabhair don mbochtán, bheir
dídean d'fhear an leathtruim, bheir fortacht d'fhear an
tinnis, chuireas sólás ar lucht an dubróin, bheir neart do
na mairtíríbh, chumhduigheas ionnracas na cléire, ghní mná
óga geanmnaidhe, thobhas dúinn an mhór-onóir dhul ag
caint agus ag comhrádh le Árdrígh an domhain, cia nach
ngrádhóchadh thú? Cia nach ndéanfadh céile agus compánach
díot ó's tú féin do-ghní ar síothcháin le Dia agus fhuad-
uigheas claidheamh an díoghaltais as a láimh, nuair bhíos sé
ag triall scrios agus dí-cheannadh do chur orainn tríd ar
bpeacadhaibh.



Scríobhaidh file fallsa ar an Dia bréige, Iúpiter, go
dtug sé adharc i bpronntanas dá bhuime agus nach bhfuil
ní ar bith thastóchadh uaithe do bhiadh nó do dhígh, d'ór nó
d'airgead, nach bhfaghadh in san adhairc seo. Mar an
gcéadna, is féidir liom-sa an ní céadna do rádh indiu
leis an urnaighe, agus sin gan bhréig gan aidhbhéil, gur
adharc í in a bhfaghann an críostaidhe gach ní thastuigheas
uaidh do thaobh anma agus cuirp.



Ó's ní an urnaighe atá, mar sin, chomh bríoghmhar
éifeachtach so, ní gan ádhbhar bheir an dochtúir naomhtha,
Naomh Criosologus, achmhusán géar dón mhuintir bhíos
failligheach spadánta chum a déanta. Caidé bheir sibh,
adeir sé, ag éagcaoin ar bhreis nó ar leathtrom, ar
bhuaidhirt nó ar bhochtaineacht, ar easláinte nó ar thinneas,
agus bhur gcabhair ar bhur láimh féin? Nach bhféadann sibh
aghaidh do thabhairt ar Dhia le urnaighe, agus go bhfuascóladh
sé dhíbh in gach cruadhtan agus in gach cruadh-chás. Caidé
bheir tusa, a pheacaigh, adeir Criosologus in san áit
céadna, ag éagcaoin nach dtig leat d'antoil do smacht-
ughadh, buaidh do bhreith ar na cathuighthibh, ná díbirt do chur


L. 116


ar an diabhal. Nach bhfuil eochair pharrthais, an urnaighe,
ar do láimh? Nach féidir leat le briathraibh do bhéil
stóir-chiste na ngrása d'fhoscailt, mar a bhfuighidh tú na
tiodhlactha mhúchfas gach antoil, neartóchas tú in aghaidh gach
cathuighthe, chuirfeas briseadh agus díbirt ar Lucifer agus
agus ar a shlóightibh?



Críochnóchaidh mé anois, a cháirde, agus is féidir liom a
rádh gan faitcheas as briathraibh Dé san scriptúir, as
ráidhtibh na n-aithreach naomhtha, agus le ughdarás na
heaglaise go hiomlán, gur sinn féin is cionn-fátha má
mheallann an saoghal sinn, má umhlamaid do na cathuighthibh,
má bheireann an diabhal buaidh orainn, do bhrígh nach
ndéanamaid úsáid den armas neamhdha úd na hurnaighe
chum bualadh thabhairt dar náimhdibh. Guidhmid, mar sin,
Dia, acht guidhmid é ó chroidhe; guidhmid é le umhlacht agus
crábhadh; guidhmid é an uile uair agus an uile am, acht go
speisialta maidin agus tráthnóna; tionnscnamaid an lá
go maith, agus críochnamaid é mar an gcéadna, agus
gheabhamaid ó Dhia an uile chabhair in san tsaoghal so agus
an ghlóir shíorraidhe in san tsaoghal eile. Amen.


L. 117


An Dara Seanmóir Déag.



AR RIACHTANAS LEAS AR n-ANMA DO DHÉANAMH.



Caidé an mhaith don duine an saoghal mór do ghnóthughadh má
chailleann a anam.



(Briathra léightear ag Matha san seiseadh caibidil déag, an
seiseadh rann fichead.)



BRIATHRA iad so, a cháirde, atá lán d'fhírinne, de bhrígh
gurab é ughdar na fírinne Críost adeir iad, acht
mheasfá nach gcreideann críostaidhthe na haimsire seo iad,
nó má chreidid, nach iongantach an neamh-shuim do-
ghníd do leas a n-anma? Atá daille na ndaoine chomh
mór sin go nglacaid an uile chúram fa neithibh móimeint-
eamhla an tsaoghail seo, agus go ndéanaid neimhbhrígh de
shaidhbhreas síorraidhe parrthais. Cuirim fiadhnaise na
fírinne seo ar lucht na sainte chuartuigheas muir agus tír,
an bog agus an cruaidh, agus nach smuaineann ar a atharach
lá nó oidhche acht caidé mar chruinneóchadh siad ór nó
airgead, ba nó capaill nó saidhbhreas neamhbhuan an
tsaoghail seo, agus doghní dearmad iomlán dá n-anam.
Is fiadhnaise ar an fhírinne seo lucht na drúise, chailleas
a suaimhneas agus a síothcháin, chuireas a sláinte agus a
bhfortún, a gclú agus a meas i gcontabhairt mar gheall
ar phléisiúr salach móiméinte. Cuirim fós fiadhnaise na
fírinne seo ar gach aon agaibh, a cháirde, caidé mar chaitheas
sibh bhur saoghal agus bhur sláinte i seirbhís na colna, agus
gan seirbhís ar bith do dhéanamh don anam. Caidé liacht


L. 118


priacail agus baoghal, buaidhirt agus anró a dtéid sibh
tríd chum seirbhís agus sásamh do thabhairt don cholainn,
agus caidé chomh spadánta neamh-aigeantach, agus faraor,
chomh annamh is théid sibh i gceann na sacraiminte do
ghlacadh, nó seirbhís Dé do dhéanamh? Caidé méad na
leisce bhíos oraibh aifreann na saoire nó an Domhnaigh
d'éisteacht? Caidé mhéad bhur gceathraighe ag dul i
gceann urnaighe? Caidé chomh annamh is ghní sibh trosgadh
nó deirce? Ná mealltar sibh, a cháirde; ní le fuaire ná
le mainneacht rachas sibh an bealach cumhang cruaidh úd
thriallas go parrthas, acht bheirim m' fhocal díbh gurab é an
ród díreach é bhéarfas sibh go hifreann. Is ar an
neimhbhrígh doghní sibh de bhur slánughadh is mian liom trácht
indiu, tar éis mo chomhrádh do roinn in dá phointe. In san
chéad phointe tráchtfaidh mé ar an riachtanas atá againn ar
leas ar n-anma do dhéanamh; in san dara pointe, ar mhéad
na faillighe doghní an duine in ócáid a shlánuighthe.



An chéad phointe. Ceist agam oraibh, a cháirde; cia
an chéird atá chomh riachtanach sin, ionnus gur cóir don
uile dhuine a foghlaim agus a beith aige? Caidé an chéird
nó an ealadha atá chomh onórach tairbheach sin, ionnus gur
cóir do gach duine a saothrughadh agus a leanmhain?
Bhéarfad féin freagra ar bhur son, agus dearbhaim díbh
go bhfuil céird agus ealadha bhur slánuighthe, go bhfuil an
ealadha so in a hoibliogáid choitchinn ar an chineadh
daonna. Is uras a chruthughadh as an aithne thug Dia don
tsaoghal i bpearsain Abraham mar a ndeir, "lean an
casán cumhang úd threóruigheas go parrthas agus foghlaim
céird do shlánuighthe"; amhail is mar déarfadh sé: ní
fhuil acht aon ród, aon bhealach, aon chasán amháin ann,
agus é sin cumhang cruaidh threóruigheas go parrthas, agus
is le cruadhtan agus griongal mór gheabham suas ann.
Cibé nach mbíonn eólach cleachtach ar an mbealach so ag
cur srian le n-a ainmhianaibh, agus ag cleachtadh na


L. 119


subhailce, beidh sé ar seachrán síorraidhe ó fhlaitheas Dé,
agus is é ifreann deireadh a chúrsa. Ós a chionn so,
atá míle luigheacán ag Lucifer agus age n-a shlóightibh
rómhainn in san mbealach úd chum toirmeasg agus
seachrán do chur orainn, agus éireóchaidh leó acht muna
raibh eólas agus taithighe againn ar an chasán cumhang úd
na croiche. Agus caidé mar dhéanfam so? Atá, a
chríostaidhthe, ag cóimhlíonadh na n-aitheanta, ag smachtughadh
ar n-ainmhianta, ag scrios gach droch-chleachtadh, ag
déanamh na haithrighe. So an ród, so an tslighe threór-
uigheas go parrthas. So an chéird, so an ealadha atá in a
hoibliogáid chinnte ar gach aon a foghlaim agus a beith
aige; agus gach aon atá in ainbhfios ar an ealadhain seo,
in áit árdughadh suas ar dheas-láimh Chríost, is é ród
gheabhas sé, an bealach leathan go ifreann, an áit i bhfuighidh
sé pianta síorraidhe mar luach saothair.



Atá drong áiridhe ann leanas de leigheas, agus daoine
eile leanas den dligheadh, cuid de na daoinibh in a
dtáilliúiribh agus daoine eile in a ngréasaidhthibh; bídh
daoine eile ann nach leanann a athrughadh de chéird nó
d'ealadhain acht bheith ag ól agus ag imirt, tugtha do
mhionnaibh móra agus do phléisiúr salach na colna. Atá
gach céird agus gach ealadha díobh so sonnradhach ag an
mhuintir leanas iad, agus dá bhrígh sin, ní fhuilid coith-
cheann ag gach duine; gidheadh, atá an ealadha so ar slán-
uighthe chomh coitcheann ag an tsaoghal, ar mhodh nach bhfuil
aon neach saor ó n-a hoibliogáid. So an chéird do mhúin
Íosa Críost don óigfhear úd an tsoisgéil nuair d'fhiaf-
ruigh de caidé an ní do dhéanfadh chum dúithche pharrthais
do shaothrughadh. "Atá," arsa Críost, "na haitheanta do
chóimhlíonadh." So an chéird, so an ealadha bhéarfas tú
amháin go parrthas. So an ealadha bhí Eóin Baiste d'fhogh-
luim deich mbliadhna ar fhichid ar an bhfásach, an áit nach
raibh de bhiadh ná de bheathaidh aige acht meas na gcrann


L. 120


agus uisge na bhfuarán, nach raibh d'éadach ar a chorp acht
craicinn beathadhach allta. So an chéird d'fhoghluim na
heasbail ó n-a máighistir Críost; agus ag múnadh na
healadhan so don domhan, chaith siad a saoghal i mbuaidhirt
agus i dtrioblóid, i ngorta agus i n-anró, nó gur chríoch-
nuigh siad a gcúrsa. Is mar ghrádh ar an ealadhain so
thréig ríghthe agus prionsaí, iarlaí agus diúici, mná óga
agus seanmhná a ndúithche agus a bhfearann, a saidhbhreas
agus a sócamhal agus ghlacadar úird chrábhaidh, ionnus go
mb'fhéidir leo a n-anam do shlánughadh. In aon fhocal, ní
fhuil naomh ná ban-naomh, a chríostaidhe, i seilbh na glóire,
nach í an chéird seo d'árduigh iad go parrthas; agus ar an
taobh eile, is é easbhaidh na céirde seo bheir ar na míltibh
milliún anam bheith indiu dá súistiughadh agus dá dtuar-
gain, dá ndódh agus dá losgadh i linntibh teintidhe
ifrinn.



Dearbhaidh an Spiorad Naomh an fhírinne seo dhúinn le
béal Solamh mic Dáibhidh mar a ndeir, "scuraidh de bhur
gcomhrádh, tugaidh éisteacht ghrinn do na briathraibh seo, de
bhrígh go bhfuilid bríoghmhar riachtanach;" agus so mar
deir iad: "Bíodh eagla agus criothnughadh oraibh roimh Dhia
agus cóimhlíonaidh a aitheanta, so cuing agus oibliogáid gach
duine"; nó mar mhínigheas Naomh Ieronimus na briathra
céadna. "Is uime seo chruthuigh Dia an uile dhuine."
Leanaidh Naomh Bearnard an teistimhin níos faide agus
tairringidh as an arguimint chritheaglach so: má 's chum
a slánuighthe chruthuigh Dia gach uile dhuine, gan so ní fhuil
acht neimhní in san uile dhuine. Atá tú i do phápa nó i
d'easbog, lán de chríonnacht agus d'fhoghlaim, acht muna
leanaidh tú céird do shlánuighthe, ní fiú trumpa gan
teanga thú. Rí nó prionsa tú, atá flaitheamhal cómhachtach,
an iomad de thíorthaibh agus de réigiúnaibh ag géilleadh
dhuit, má ghní tú dearmad de céird do shlánuighthe, ní fiú
ní ar bith tú. Atá tú uasal onórach, lán de shaidhbhreas


L. 121


an tsaoghail seo, agus ghní tú neimhbhrígh de shláinte d'anma,
ní fhuil tú acht bocht uir-íseal i bhfiadhnaise Dé. Atá tú
óg urradhanta tréitheach gasta, lán de neart agus de
mheisnigh, acht ní chuireann tú suim in sna subhailcibh, ná in
ealadhain do shlánuighthe, atá tú fuathmhar gráineamhail i
bhfiadhnaise Dé. Atá tú i d'fhear oibre ró-chumasach, ghní
tú saothar agus soláthar do d'chlainn agus do d'chúram,
acht ghní tú dearmad de na deaghoibreachaibh agus de
shlánughadh d'anma, ní fiú broth do shaothar agus is é
ifreann do tháille.



Nuair labhras Íosa Críost nó na heasbail in san
sgrioptúir ar an ghlóir shíorraidhe gheibh na fíréin, goirid
ar uairibh tuarastal di, ar uairibh eile fóghmhar, agus in áit
eile, goiridh siad coróin di. Agus cad chuige? Atá chum
a chur in umhail dúinn cibé le ar mian an luach saothair
seo na bhfíréan d' fhagháil, go gcaithfidh sé obair do
dhéanamh dá cheann, cibé le ar mian coirce nó eórna do
bhuain in san bhfóghmhar, go gcaithfidh sé síol-chur do
dhéanamh in san earrach, agus nach gcuirthear coróin ar an
tsaighdiúr i ndiaidh an chatha acht do réir mar throid sé ar
a son in am na troda. Ceist agam oraibh, a cháirde, an
dtiubhradh sibh féin a thuarastal don bhuachaill nó don
chailín, ar dheireadh a dtéarma, nach é amháin nár chuir cor
cruaidh orra féin, acht fós go mbíodh a lámha faoi n-a
gcrios ar feadh na haimsire? An féidir d'fhear tighe ar
bith bheith ar mire chomh mór sin agus go mbeith súil aige
fóghmhar do bhuain in san bpáirc nár threabh sé agus
nár chuir sé? Nó an féidir daille chomh mór agus sin do
bheith ar an tsaighdiúr, bhí lá an chatha ag imirt agus ag ól,
go gcuirfidhe coróin air tráthnóna ar son a chródhachta.
Cad eile, a chríostaidhe, ní hé amháin ó éirghe go luighe, acht
fós ó thús na bliadhna go dtí a deireadh, caidé an tseirbhís
doghní tusa do d' árd-mháighistir Críost, ionnus gur
bh'fhiú thú do thuarastal d'fhagháil ar deireadh aimsire. An


L. 122


ndéan tú síolchur na subhailce in aimsir earraigh do
bheathadh, ionnus go mb'fhéidir leat fóghmhar na glóire do
bhuain i ndeireadh do shaoghail? An dtroideann tú in
aghaidh náimhde d'anma, mar atá, an diabhal, an saoghal
agus an cholann, ionnus gur bh'fhiú thú coróin do chur ort
i ndiaidh do bháis ar son do chródhachta? Caidé an
cruadhtan chuireas tú ort féin chum buaidh do bhreith ar na
cathuighthibh? An smachtann tú do theanga in aimsir na
feirge, gan sgannail do thabhairt do d' chomharsain, gan
an bhréag do chur air mar an fhírinne? In áit Dia do
mholadh agus buidheachas do thabhairt dó in a thiodhlacthaibh,
nach é ní doghní tú a mhallughadh agus a imdheargadh, ag
tabhairt Dia agus Críost, agus ag do thiomáin féin do
dhiabhlaibh ifrinn níos minice ná doghní tú do choisreagadh?
An gcuireann tú smacht ar do chraos nó ar d'ainmhian
nuair théid tú go toigh an óil, nó an bhfágann tú é go
raibh tú ar meisge? Tusa, a pheacaigh mhalluighthe atá
do d'unfairt féin ariamh mar seo in sna lochtaibh, do
rinne neamhshuim den urnaighe, den tsaoire agus de
na sacraimintibh, beidh tú ag súil leis an luach saothair
céadna fuair na fíréin agus na naoimh tháinig rómhat,
chaith a saoghal le urnaighe, le trosgadh, le cruadhtan
agus le crábhadh, rug buaidh ar a n-ainmhiantaibh agus ar
gach cathughadh eile, beidh tusa, deirim, ag súil leis an
choróin chéadna fuair na mairtírí, dhoirt a gcuid fola ar
son a gcreidimh, agus gan tú seasmhach in aon phointe de
d' chreideamh, gan umhlacht agat do Dhia ná dá eaglais.
Ní hé sin amháin; ní mian leat saothar ná cruadhtan do chur
ort féin le ealadhain do shlánuighthe d'fhoghlaim, acht ghní tú
neamhshuim dhíreach de, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh
in san dara pointe de mo chomhrádh.



An dara pointe. Léighmid ag Lúcás soisgéalaidh go
ndeachaidh Críost ar cuairt chum Lasaras, d'aithbheódhuigh
sé in sna laethibh roimhe sin, tar éis a bheith ceithre lá


L. 123


morguighthe lobhtha in san uaigh, agus chum a dheirbhshéaracha,
Martha agus Muire Magdalen, agus gur ghlacadar é go
fonnmhar lúthgháireach, gur ghléasadar dinnéar ró-chost-
asach dó. Ghlac Martha an iomad saothair agus triob-
lóide ag cur órduighthe ar an teach, agus ag gléas bídh
agus biotáile. Acht Muire Magdalen as ar chuir an
slánuightheóir seacht ndiabhal in sna laethibh roimhe sin, do
bhuail bheith ag caoineadh a peacadh faoi ghlúinibh an tigh-
earna, do nígh sí a chosa le n-a cuid deora, a folt ór-
bhuidhe, bhí aice roimhe sin in a ócáid pheacaidh ag mealladh
agus ag bréagadh na n-óigfhear, dorinne anois úirlis a
slánuighthe de. Do réir mar fhliuchadh sí cosa an tighearna
le n-a haithrighe, do thriomuigheadh iad le n-a gruaig mhuir-
nigh. Dorinne dearmad cuidiughadh nó congnamh do thabh-
airt dá deirbhshiúr ag gléas an bhídh. Chuir cúl le an uile
ní acht ealadha agus léigheann a slánuighthe, ar mhodh go
ndearna Martha casaoid throm uirre gur fhág sí trom
na ngnótha uile uirre.



Mheasfá, a chríostaidhe, go raibh an chóir ag Martha, go
ndearna Magdalen éagcóir uirre, agus go nglacfadh
Críost a páirt. Acht má mheasair, is mór atá tú meallta.
Is é sásamh fuair sí ó Chríost, go raibh sí ag glacadh an
iomad saothair agus trioblóide fa an saoghal agus ag
déanamh dearmad den ní bhí ós cionn gach uile ní riach-
tanach aici, mar do bhí, leas a hanma.



Ó, a thighearna, an áit a labhrann tú chomh trom so ar
Martha (bhí gnóthuightheach amháin chum bídh agus féasta do
ghléas fa do chomhair, chum mórán do dhéanamh díot agus
chum a grádh agus a carthannacht do thaisbeánadh dhuit,
d'admhuigh tú an lá roimhe seo, gur tú mac Dé, in am a
raibh tú faoi dhí-mheas agus faoi tharcaisne ag an gcineadh
Iúdaidhe, d'admhuigh do mhór-chumhachta ag iarraidh ort
Lasaras d'aith-bheódhughadh) caidé déarfá le muintir na
haimsire seo, nach é amháin nach smuainid ar an ní so atá


L. 124


ós cionn gach uile ní riachtanach aca, acht fós nach bhfuil ní
ar bith is lugha ar a ndearcaid 'ná é, agus go ndéanaid
an uile ní bhíos in aghaidh a n-anma? Caidé déarfá leis
an mhuintir thuigeas agus chreideas d'fhiacha bheith orra faoi
phéin pheacaidh aifreann na saoire d'éisteacht agus nach
gcuireann suim ná beann air, cuir i gcás go mbeith ag an
doras aca, thuigeas, adeirim, gur uime d'órduigh Dia an
tsaoire agus an Domhnach chum aire do thabhairt don aon
ní seo, dhearbhuigheas Críost do bheith chomh riachtanach so
aca, agus nach bhfuil ní ar bith is lugha thig ar a n-aire in
sna laethibh seo 'ná é. In áit urnaighe agus aifreann, in
áit moladh Dé agus buidheachas do thabhairt dó in a mhór-
thiodhlacthaibh ar feadh na seachtmhaine, is é céird agus
ealadha bhíos aca bheith ag ól agus ag imirt, ag macnas
agus ag garbhuaic. Ní bhíonn de cheól nó de chanamhain i
mbéal an óig agus an ársaidh acht mionna móra agus
graostacht, fearg agus fuath agus clú na comharsan dá
gearradh. So an chéird, so an ealadha leanas críostaidhthe
na haimsire seo. In áit greim do bhreith ar bhriathraibh
Dé agus a ndaingeanughadh in a gcroidhthibh go raibh aon
ní amháin riachtanach aca, mar atá, leas a n-anma, agus
gur ab uime chruthuigh Dia iad chum na healadhna so
d'fhoghlaim, is é léigheann leanaid léigheann an ainspioraid,
easbhaidh chreidimh, easbhaidh chrábhaidh, neamhshuim in san
tsaoire, neamhshuim in san urnaighe, neamhshuim in sna
sacraimintibh, neamhshuim in gach uile ní rachadh i dtairbhe
dá n-anam.



Ó, a cháirde grádhacha, dearcadh gach aon ar a choinsias
agus ar an neamhshuim rinne sibh go dtí so ar leas bhur
n-anma, agus chífidh sibh gur mó an réasún atá chum a rádh
libh, míle uair, 'ná le Martha, go bhfuil sibh an-ghnóthuigh-
theach timcheall an tsaoghail agus ag déanamh dearmaid de
fhlaitheamhnas, go bhfuil sibh ag déanamh aon ghnótha amháin,
gan aon ní do thastáil ón gcolainn, agus ag déanamh


L. 125


dearmaid iomláin den anam. Cá mhéad duine agaibh do-
ghní aithris ar Magdalen ag déanamh an pheacaidh, agus ó,
mo thruaighe, caidé a laighead agus ghní aithris uirre ag
déanamh na haithrighe? Caidé liacht diabhal dhíbreas an
fhaoisidin ghlan as an anam, mar díbreadh as Magdalen,
agus caidé laighead ghlacas an íocshláinte seo leis an
ollmhughadh ceart? Ó, a dhaille ós cionn gach daille. Ó,
a mhire an chinidh dhaonna. Ó, a cháirde, má's mian libh aoibh-
neas parrthais d'fhagháil mar Mhagdalen, déanaidh aithris
uirre ag nighe cosa an tighearna le bhur ndeóraibh agus le
bhur n-aithrighe, le bhur lórghníomh agus le bhur n-osnadhaibh.
Smuainidh gur le cruadhtan agus le griongal, le urnaighe
agus crábhadh gheabhas sibh an luach saothair úd na bhfíréan,
mar atá, an ghlóir shíorraidhe, ní atá mise d'iarraidh díbh-
se agus dam féin. In ainm an Athar agus an Mhic agus
an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 126


An Treas Seanmóir Déag.



AR AN mBÁS.



Cuimhnigh ar do chríochaibh déidheanacha agus ní dhéanfair peacadh
go bráth.



(Briathra Ecclesiasticus san seachtmhadh caibidil, an ceathrachadmhadh
rann.)




CIA nach bhfuil ní ar bith in san tsaoghal so is coitchinne
'ná an bás, de bhrígh go siubhlann go laetheamhail
eadrainn ó thigh go tigh, go bhfuaduigheann leis an t-óg
mar an t-ársaidh, agus go dtairringeann iad chum na
huaighe nuair is lugha shílid, maiseadh, in a dhiaidh seo agus
uile, ní fhuil ní ar bith is éascaidhe dá ndéantar dearmad
ná den mbás.



Is iongantas mór so, gan amhras, agus gan ní ar bith ar
an tsaoghal ar a ndearcamaid nach gcuireann an bás in
umhail dúinn. Má dhearcamaid fúinn ar an talamh,
déarfaidh an talamh linn nach bhfuil ionnainn acht cré agus
luathramhán. Má fhéachamaid suas ar an aer dearbhaidh an
t-aer dúinn nach bhfuil de bhunadhas in ar mbeathaidh acht
oiread le feadán gaoithe. Má dhearcamaid uainn ar an
fhairrge agus ar na sruthannaibh, cuirfid in umhail dúinn
go n-imthigheann ar n-aimseara agus ar saoghal tharainn gan
mhothughadh ar aiste an tsrutha. In aon fhocal, ní fhuil taobh
dá dtionntuighmid nach bhfuil íomháigh an bháis ós ar
gcomhair. Maiseadh, in aimhdheóin gach oidis agus gach


L. 127


rabhadh díobh so, atá daille na ndaoine chomh mór sin agus
nach bhfuil ní ar bith is luaithe dá ndéanaid dearmad 'ná
den mbás.



Scríobhthar ar an rígh naomhtha Iosias go dtug fa deara
an mhéid íomháigheacha dée bréige bhí in a ríoghacht do losgadh
agus do scrios agus go ndearna róimh adhlaicthe do na
marbhaibh de na haltórachaibh agus de na teamhpallaibh in a
mbídis. Molaidh go mór an scrioptúr an ní beannuighthe
dorinne an rí seo, agus dearbhaidh go bhfuair ó Dhia mar
luach saothair sonas agus séan do bheith le n-a linn,
síothcháin agus carthannacht do bheith idir a mhuintir, agus
deighchríoch do bheith ar a bheathaidh. Mar an gcéadna, a
chríostaidhe, má 's mian leat-sa buidheachas Dé do
thuilleamh, nó deighchríoch do bheith ar do bheathaidh, déan
aithris ar an rígh naomhtha Iosias, scrios agus díbir as
teampall d'anma na dée bréige atá do d'mhealladh, mar
atá, na dubhailce agus na lochta. Díbir as teampall
d'anma dia bréige na sainte, agus an t-aingheall atá
agat ar an tsaoghal. Díbir as teampall d'anma dia
bréige na feirge agus na drúise. Cuir in a n-áit cnámha
na marbh, is é sin, gnáthchuimhne an bháis do bheith go síor-
raidhe in do chroidhe. So an meadhón, so an tslighe bhéar-
fas ort do bheatha do leasughadh agus buaidh do bhreith ar
na lochtaibh, do réir mar thairgfeas mé chruthughadh in san
ghearr-chomhrádh is mian liom do dhéanamh díbh. Acht iarr-
amaid ar dtús congnamh an Spioraid Naomhtha le eadar-
ghuidhe na Maighdine Muire.



Is é stuidéar cinnte bhíos ag namhaid coitcheann an
chinidh dhaonna eagla an bháis agus an bhreitheamhnais do
bhuain as ar gcroidhthibh, ionnus gur bh'fhusaide dó buaidh
do bhreith orainn. In áit an bhreitheamhnais chruadálaigh
agus an cheirt imeóras Críost orainn i ndiaidh ar mbáis,
cuiridh sé trócaire Dé ós ar gcomhair, ag dearbhadh dhúinn
nach bhfuil Dia scrupallta, agus nach gcuireann sé suim i


L. 128


neithibh beaga. In áit an bháis, atá gach uair ag brath
orainn, geallaidh sláinte agus saoghal fada dhúinn.
Brosluighidh sinn chum an pheacaidh, ag innsin dúinn go
bhfuil am go leór againn chum na haithrighe do dhéanamh
agus chum ar mbeatha do leasughadh. Acht nuair bheir an
líon timcheall orainn, nuair thairringeas sinn i nduibheagán
an pheacaidh, nuair thréigeas Dia sinn tríd ar gcoirthibh,
beir an diabhal ar scórnaigh orainn, thig an bás dá
ndearnamar dearmad go dtí sin gan mhothughadh orainn,
théighmid gan ollmhughadh gan aithrighe chum an chunntais,
agus ón chunntas go fíríochtar ifrinn.



Atá so follus as an modh ar ar mheall an t-ainspiorad
ar gcéad-mháthair Éua, óir nuair chruthuigh Dia ar sinnsear
Ádhamh agus Éua, rinne máighistir díobh ar gach aoibhneas
agus ar gach toradh bhí i bparrthas acht crann na haithne
amháin, agus ionnus nach mbrisfeadh siad an aithne chuir sé
orra, is é sin, gan blas de thoradh an chrainn seo, chuir an
bás ós a gcomhair mar sciath-dhídean agus mar dhaingean
in aghaidh gach cathuighthe. Acht mar dochonnairc an diabhal
go dtabharfadh cuimhne an bháis orra bheith umhal do Dhia,
agus gan an aithne seo do bhriseadh, dhíbir gan mhoill an
deaghsmuaineamh so as a gcroidhthibh, ag dearbhadh dhóibh nach
raibh baoghal ar bith báis orra, cuir i gcás go n-íosadh an
t-ubhall so do bhí crosta orra. Acht caidé d'éirigh dár
sinnsear as an tréas agus an easumhlacht so rinneadar in
aghaidh dlighidh Dé? Atá, a chríostaidhe, gur chaill siad
aibíd na ngrása, chuir Dia fa n-a n-anam; chaill siad an
scéimh neamhdha do cruthuigheadh leó; an t-anam bhí in a
phéarla uasal lonnrach, do réir íomháigh agus cosamhlacht
Dé, gur thionntuigh an peacadh í chum a beith dubh smeartha
glonnmhar, do réir íomháigh agus cosamhlacht an diabhail.
Ó n-a mbeith in a máighistir ar an bparrthas talmhaidhe seo
agus in a n-oighríbh ar pharrthas nimhe, díbreadh iad lom-
nochta gan earradh gan éadach ar feadh an tsaoghail, agus


L. 129


chailleadar a gceart ar fhlaitheamhnas. In áit bheith saor
ar an mbás agus ar gach tinneas ar feadh a dtéarma ar
an tsaoghal so, mar bharr pionóis ar a n-easumhlacht,
tháinig tinneas agus aicídeacha orra féin agus ar a lorg
in a ndiaidh, agus dá dhruim sin an bás. Is mór an
díoghaltas so do rinne Dia ar Ádhamh agus Éua tríd
bhriseadh aon aithne amháin. Agus nach mó 'ná sin an
díoghaltas dhéanfas sé ar an muintir ar nach dtéid stad
ná comhnuidhe acht ag briseadh aitheanta Dé ar feadh a
mbeathadh? Sibhse, a lucht na mionn mór, thug Dia
órdughadh agus aithne díbh gan a ainm do thabhairt gan
adhbhar, agus nach é céad choisreagadh doghní sibh oraibh féin
ar maidin Dia agus Críost do thabhairt agus bhur
n-anam do phronnadh don diabhal. Sibhse, a lucht na
drúise, cá mhéad uair do chrois Dia oraibh bheith cionntach in
san bpeacadh so? Agus nach measfá gur luach saothair
mór atá le fagháil agaibh 'chionn aithne Dé do bhriseadh,
namhaid do dhéanamh de Dhia agus camra de bhur n-anam
do dhiabhlaibh ifrinn? Ní dhearna Ádhamh acht aon pheacadh
amháin, agus muna mbeith méad na haithrighe rinne dá
chionn, badh é ifreann a luach saothair. Agus an measann
tusa, a pheacaigh mhalluighthe, rinne míle peacadh marbhtha in
do bheathaidh, agus nár shil oiread agus deór aithrighe ar a
son, go n-imtheóchaidh tú saor ar ifreann? Níor bhris
Ádhamh acht aon aithne agus díbreadh é as parrthas; bhris
tusa na deich n-aitheanta céad agus míle uair, agus gan
urnaighe gan lórghníomh, atá súil agat le aoibhneas
flaitheamhnais. Ní fhuil smuaineamh ná dearcadh agat go
dtiocfaidh an bás ar nós an ghadaidhe nuair is lugha
shíleas tú, agus má bheir ort in san stáid damanta in a
bhfuil tú, gur ab é ifreann is lóistín do d'amam.



Atá an duine ó nádúir bocht anbhfann easbhaidheach agus
tugtha don olc. Atá an duine bocht de thaobh a thuigse, de
bhrígh go bhfuil sé lán d' ainbhfios agus d' earráid. Atá


L. 130


sé bocht de thaobh a cholna, de bhrígh nach bhfuil innte acht
fuirnéis lán d'ainmhian, sac cré agus suinc lán de
lobhadas. Maiseadh in aimhdheóin gach díoghbháil agus gach
easbhaidh dhíobh so, atá an duine chomh líonta d'uabhar agus
de ghlóir dhíomhaoin, amhail agus gur ab é féin créatúr is
iomláine agus is neamh-easbhaidhighe ar bith. Acht ceist
agam ort, a dhuine bhoicht gcineadh ón talamh, a mhic an
luathramháin rugadh i bpeacadh, do bhí 'do sclábhaidhe ag an
diabhal níos taoisge 'ná bhí tú do mhac ag d' athair féin,
cad as a bhfuil tú ag déanamh bróid agus iomarcaidhe?
Cad as fa dtugann tú tarcaisne nó mí mhodh don fhear úd
eile atá bocht nó uiríseal, agus gur ionann adhmad dá
ndearnadh sibh, mar atá, an luathramhán. Má atá seisean
i stáid na ngrása agus tusa i bpeacadh, is fearr eisean
míle uair 'ná tusa, cuir i gcás go bhfuil tú 'do rígh nó 'do
phrionsa, de brígh go bhfuil seisean i bhfabhar Dé agus
tusa 'd'athainne de theinidh ifrinn do réir an chirt
neamhdha.



Acht an maith leat scéala d'fhagháil, a chríostaidhe, cad fa
mbíonn na daoine ar lasadh le rún díoghaltais. Cad as
a mbíd ar meisge le grádh an tsaidhbhris? Cad as a
mbíd tugtha do chraos agus do gach ainmhian? Cad fa
ndéanaid camra dá gcolainn le drúis agus adhaltrannas?
Cad as a mbíd tugtha do mhionnaibh móra, do ghadaidheacht
agus do bhréagaibh? Atá, deir an fáidh ríoghamhail, de
bhrígh go ndéanaid dearmad den bhás. Ó, a pheachaigh mhí-
fhortúnaigh, cad as nach smuaineann tú go mbeidh an
cholainn sin, fa bhfuil tú anois ag déanamh an iomad
cúraim, in a biadh piast agus cnumhóg faoi cheann gearr-
aimsire, go mbeidh an t-anam, acht muna ndéanaidh tú an
iomad aithrighe, dá strachailt agus dá tarraing ag na
diabhlaibh go fíríochtar ifrinn? Dá bhrígh sin, fosgail do
shúile in am, tionntuigh ar Dhia agus déan an aithrighe.
Glac comhairle Naomh Auguistín cuimhne an bháis do bheith


L. 131


go síorraidhe in do chroidhe, agus sábálfaidh tú ar an
bpeacadh.



Dobheir Dia in san scrioptúir clú agus teastas do
Iób nach raibh duine ar an talamh chomh ceart agus chomh
ionnraice leis, go raibh eagla Dé in a chroidhe, agus nach
ndearna riamh olc. Do bhí Iób in a chomhnuidhe i dtalamh
pagánta na Hus, i measg págánach agus lucht adhartha na
ndée bréige, áit nach bhfaiceadh acht iomad peacadh agus
drochshompla, in áit nach raibh léigheann na scrioptúire,
oideas na bhfáidh ná solas an chreidimh. Maiseadh, in aimh-
déoin gach míbhuntáiste díobh so, ní raibh eagla air a chneas-
tacht do dhearbhadh i bhfiadhnaise an tsaoghail. Acht caidé
mar tháinig do Iób bheith chomh ionnraice cneasta so? Caidé
chumhduigh é ón bpeacadh? Bheir sé féin réasún tábhachtach
uaidh, mar atá, cuimhne an bháis agus na huaighe do bheith de
ghnáth in a chroidhe; amhail agus mar déarfadh sé: thug
cuimhne an bháis agus na huaighe orm mo chlaonta do
stiúradh, m' antoil do smachtadh. Ó, a pheacaigh, nuair
rachas tú ar do chunntas go barra uathbhásach na tríonóide,
éireóchaidh Iób mar fhiadhnaise i d'aghaidh agus déarfaidh
leat go bhfuair tú sompla agus oideas na gcríostaidhe
eile, go bhfuair tú solas agus eólas an chreidimh, gur ól
tú d' uisge tobar na ngrása chomh líonmhar agus ghlac
tú sacraimintí Dé, go bhfuair tú seanmóir agus teagasg
minic. Cad fa bhfuilir, déarfaidh sé, i ndiaidh gach mór-
bhuntáiste díobh so, ag teacht i bhfiadhnaise an Árd-
bhreithimh lán de lubhra do pheacadh? Nach náireach duit
mise, nach bhfuair de bhuntáiste chum mo shlánuighthe acht
cuimhne mhinic an bháis do bheith in mo chroidhe, do bheith ag
dul suas ar neamh, agus tusa, fuair an uile mheadhón dá
fheabhas, do bheith ag tuitim le trom-ualach do pheacadh go
síríochtar ifrinn? Ó, a chríostaidhe, ionnus go rachfá
suas in éinfheacht le Iób, cuimhnigh go minic nach bhfuil
ionnat acht créafóg agus luathramhán. Tochail d' uaigh le


L. 132


iomad smuaineadh in do chroidhe agus díbeóraidh uait gach
gné pheacaidh.



Léigh, a chríostaidhe, an sean-tiomna agus an tiomna
nua, fiafruigh de gach diadhaire bhí in san eaglais, léigh gach
mórobair do scríobh na haithreacha naomhtha, chífidh tú gur
léigheann cinnte do gach cuid díobh, cibé le ar mian
deighbheatha do bheith aige agus buaidh do bhreith ar na
lochtaibh, gur riachtanas dó gnáth-chuimhne an bháis do bheith
in a chroidhe.



Dearbhaidh Naomh Basil nach bhfuil íoc-shláinte in aghaidh
nimh an pheacaidh ná leigheas ar easláinte an anma is
éifeachtaighe 'ná smuaineadh tairbheach an bháis, agus nach
bhfuil seanamóntaidh ná oide eólais chum leas ar n-anma
do chur rómhainn is fearr 'ná na mairbh. Agus cad
chuige? Atá, má dhearcann tú in san uaigh, chífidh tú
innte, mar i scáthan, an t-adhmad dá ndearnadh tú, mar
atá, an luathramhán, an chríoch dogheabhas tú, mar atá, an
bás, an íd éireóchas do d'cholainn, mar atá, bheith in a biadh
piast agus cíaróg.



Mar do ghoill ar an duine craosach saidhbhir úd an
tsoisgéil a dhearbhráithreacha, bhí in a dhiaidh ar an tsaoghal,
do thidheacht go tigh na bpian, in a raibh sé féin dá chrádh
agus dá losgadh i linntibh tinntidhe ifrinn, ghuidh sé
Abraham go dúthrachtach Lasaras do chur ar ais chum an
tsaoghail chumh rabhadh do thabhairt dóibh a mbeatha do
leasughadh agus na peacaidh do thréigean. Níor lór do
Abraham a rádh leis go raibh Maoise agus an eaglais aca
le n-a dteagasg. Ó, níor lór sin, a athair Abraham, ar
sé, ní thabhrann aon duine in san domhan orra na peacaidh
do leigean díobh muna dtéighidh neach de na marbhaibh dá
dteagasg Cad eile, a cháirde, féachamaid caidé an
teagasg bheir na mairbh seo dúinn. Smuainidh, deir an
marbhán, go bhfuil tú ag triall chum na síorraidheachta in
a bhfuil mise, nach bhfuil móimeint de d'aimsir ag dul


L. 133


thart nach foisge-de tú é don uaigh, go bhfuighidh tú bás
mar fuair mise agus sin níos taoisge 'ná shíleas tú; indé
agamsa agus indiu agatsa. Ní deir sé: indiu agamsa
agus i mbárach agatsa. Agus cad chuige? Atá, nach
dtugann spás an lá i mbáraigh duit, de bhrígh, adeir sé,
gur féidir an ní céadna d'éirigh damhsa indé éirghe dhuit-
se indiu. Indé chuir mise crioch ar gach sólás saoghalta;
chuir mé cúl mo láimhe leis an tsaoghal agus le n-a
dhíomhaoineas; ní fhuil cinnteacht ar bith agatsa nach
n-éireóchaidh an ní céadna duit indiu. Mise chí tú annso
bocht gránna lomnochta, gan fuil gan feóil, acht 'mo chual
cnámha loma, bhí mé beó láidir tapaidh, mar atá tusa. Bhí
agam saidhbhreas, onóir agus aoibhneas. Do bhí agam
sgéimh, uaisle agus foghlaim, mar atá agat-sa. Acht
nuair is lugha do shíleas, chreach an bás mé, agus do
sgaras le gach ní in ar mhó mo dhúil. Smuainigh tusa, dá
bhrígh sin, gur gearr go n-imthighidh an ní céadna ortsa.



Sin seanmóir na marbh do na beóaibh, agus is marbh an
té as nach mbainfeadh sé bíodhgadh agus corrughadh, de bhrígh
gur seanmóir í bhaineas le d'adhbhar agus chuireas ós
cómhair gach aon an chríoch atá i ndán dó. Is marbh,
adeirim, de thaobh Dé atá an té nach gcosgann gach sompla
laetheamhail aca so, do-chí na mílte duine dá bhfuadach go
obann as an tsaoghal so, agus gan oiread agus am aca a
n-anam do thabhairt do Dhia nó do Mhuire. Ní shábhálann
a n-óige, a n-urradhas, a neart, a sgéimh ná a saidhbhreas
iad ar ghath marbhthach an bháis. Dearc mar sin, a chríostaidhe,
le súilibh an chreidimh agus chífidh tú ifreann béal-fhoscailte
chum gach aon do shlogadh gheibh bás i stáid an pheacaidh.
Smuainigh ar na piantaibh síorraidhe atá fa chómhair gach aon
leigeas a leas ar cáirde, nach n-ollmhuigheann é féin fa
chómhair an phuinc úd ar a bhfuil a shonas nó a dhonas
síorraidhe. Tóg do shúile chum na bhflaitheas, a chríostaidhe.
Agair agus guidh an t-Árd-rí grása na haithrighe fírinnighe


L. 134


do thabhairt duit, cuimhne an bháis do dhaingnughadh in do
chroidhe, mar shúil go scarfá leis na peacadhaibh, go mbeith
deighchríoch ar do bheathaidh, agus go mbeitheá rannpháirteach
leis na fíréanaibh in san ghlóir shíorraidhe, ní atá mise
d'iarraidh díbhse agus damh féin. In ainm an Athar agus
an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 135


An Ceathramhadh Seanmóir Déag.



AR AN mBÁS.



Cuimhnigh ar do chríochaibh déidheanacha agus ní dhéanfair peacadh go
bráthach.



(Briathra léightear ag Ecclesiasticus, an seachtmhadh caibidil, an
ceathrachadmhadh rann.)



ATÁ éifeacht agus oibriughadh grása Dé chomh mór agus
chomh bríoghmhar sin, ar mhodh go dtionntuigheann an
peacach is mó ar bith ó n-a lochtaibh, agus go ngluaiseann é
chum na haithrighe. Go dtionntuigheann na grása sinn ó
na peacaidhibh is furas a chruthughadh as an athrughadh agus
as an aistriughadh iongantach thug ar Muire Magdalen.
Ó n-a beith uaibhreach rinne í umhal. Ó n-a beith drúis-
eamhail droch-bheathach, rinne í geanmnaidhe deighbheathach. Ó
n-a beith saoghalta sanntach, rinne í riaghalta cráibhtheach.
In aon fhocal, aon bhraon de ghrásaibh Dé dhíbir an sluagh
diabhal rinne camra dá hanam. Agus atá so chomh fírin-
neach sin ar mhodh nach bhfuil dá nearthmhaire is bhíos grása
Dé ionnainn nach lughade bheir na peacaidh buaidh orainn.



Ní lugha 'ná so an t-éifeacht atá i ngrásaibh Dé chum ar
ngluaiseacht chum na haithrighe, mar is follus as an
éagnach truaghánta, na hosnaidh iomadamhla agus na
ceatha deóra bhíodh go síorraidhe ag sileadh as súilibh an
ríogh chomhachtaigh Dáibhidh. Ní luaithe chualaidh an prionsa
umhal so ó bhéal an fháidh Nathan an sciúrsa bhí Dia do
thriall chuige fa pheacadh an adhaltrannais in ar thuit sé 'ná


L. 136


fhreagair sé guth na ngrása, adubhairt leis an taobh istigh,
"a Dháibhidh, a Dháibhidh, caidé seo rinne tú? Dhíol tú do
mháighistir agus do chruthuightheóir mar gheall ar phléisiúr
móimeinte le mnaoi fir eile. Tionntuigh ar Dhia agus
tabhair cúl don bpeacadh." Ní luaithe, adeirim, mhúscail
an guth neamhdha so an t-aithrigheach ríoghamhail seo as suan
an pheacaidh 'ná theilg de a aibíd ríoghdha, chuir sé sac
garbh nó éadach róin le na chneis, sgread sé ar an tighearna,
d'agair a thrócaire agus rinne an aithrighe, ní seachtmhain
ná mí, bliadhain ná ráithe, acht ar feadh a shaoghail.



Ó, a mhór-mhíorbhaile grása Dé bheir an tionntódh agus
an t-athrughadh so ar an bpeacach, ghní caraid do Dhia den
té bhí in a sclábhaidhe ag an diabhal agus in a oighre ar
ifreann. Cad eile, a chríostaidhe, caidé mar gheóbham ó
Dhia na grása so atá chomh riachtanach so againn chum ar
mbeathadh do leasughadh agus chum na haithrighe do dhéanamh?
Atá, gnáth-chuimhne an bháis agus ar gcríocha déidheanacha
do bheith dainginighthe in ar gcroidhe, agus ní eagal dúinn
nach bhfuighmid an tiodhlacadh mórluaigh seo, do réir mar
thairgfeas mé chruthughadh in san chomhrádh is mian liom do
dhéanamh díbh indiu, tar éis a roinn in dá phointe.
Gluaisidh cuimhne an bháis sinn chum na haithrighe: sin an
chéad phointe. Gluaisidh cuimhne an bháis sinn chum ar
mbeathadh do leasughadh agus chum deighghníomhartha do
dhéanamh: sin an dara pointe. Acht iarramaid ar dtús
congnamh an Spioraid Naomhtha.



An chéad phointe. Is maith b'fhéidir le gach teagasg
agus le gach punc eile leigean don bpeacach dhul ar
aghaidh i suan marbhthach an pheacaidh, acht atá muinighin chomh
mór sin agam as bríoghmhaireacht an phuinc seo, mar atá,
cuimhne na móimeinte déidheanaighe úd an bháis, ar a bhfuil
an tsíorraidheacht d'fhagháil go maith i nglóir nó go holc
i bpiantaibh ifrinn, ar mhodh, an té do dhearcfadh ar an
bpunc úd, agus nach ndéanfadh músgladh leis, gur mó


L. 137


mheasfainn é do bheith marbh 'ná in a chodladh, de bhrígh nach
bhfuil taobh ar bith ar a ndearcfaidh an peacach in san
móimeint úd, nach bhfaicfidh adhbhar uathbháis agus eagla.
Má fhéachann sé suas ós a chionn, adeir Naomh Greagóir,
chífidh sé claidheamh faobhrach an chirt neamhdha ag bagar air
agus gan imtheacht aige ar a fhaobhar má bheir air i stáid
pheacaidh. Má dhearcann sé síos faoi, chífidh sé ifreann
béal-fhosgailte chumh a shlugtha. Istigh ann féin chífidh sé
aibhneacha na n-olc, na trom-choirthe dorinne sé, réidh chum
a bháidhte. Ar gach taobh de chífidh sé sluagh diabhal réidh
ann chum a anam d'fhuadach go hifreann. In san bpunc
úd beidh troid na spioraid ndeamhnaidhe níos cruadálaighe,
a n-ionnsaidhe níos déine agus a gcathuighthe níos líonmhaire
agus níos minicidhe. Ó, a phuinc, a mhóimeint díoghbhálach,
cia an duine le ar féidir codladh ar chneadhaibh a anma
má smuaineann ort? Cia nach nighfeadh anois a choinsias
le tromdheóraibh na haithrighe, ar cheaiste go mbáidhfeadh
aibhneacha na locht é an lá úd.



Sgríobhaidh Claudius Paradinus ar dhathadóir áiridhe
fuair saothar mór caidé an modh a dtairringeóchadh pioctúir
duine do bheith lán de dhoilgheas agus d'imnidhe. Is é
chonnairceas dó rotha do dhathughadh bhí déanta d'altanaibh
agus duine tar an rotha, crith cos agus lámh air, de bhrígh
nach raibh imtheacht aige do thaobh ar bith gan na haltana so
do dhéanamh mionspóla de. Mheasfá, a chríostaidhe,
nachar bh'fhéidir leis smuaineadh ar ní ar bith ba éifeachtaighe
ná cás an fhir seo chum a chur in umhail dúinn an sgannradh
agus an critheagla in a mbíonn an duine nuair bhíos i
mbaoghal nó i bpriacal mór. Ó, a cháirde, ní raibh acht
súgradh i gcás an fhir seo dá mbeith altana an tsaoghail
uile in a thimcheall i bhfarradh an chruadhcháis in a mbíonn
an peacach i bpunc an bháis. Óir in san bpunc sin, cia an
ní nach mbeidh in a ghéaraltain in aghaidh an pheacaigh? Cia
an ní nach mbeidh faobhrach chum a ghonta? Cia an ní nach


L. 138


mbeidh in a adhbhar eagla agus uathbháis aige? Cia an
ní nach mbeidh armáilte le mífhortún an pheacaigh do
mhéadughadh.



Léighmid in san sgrioptúir dhiadha go ndeachaidh an fáidh
fallsa Balaam ag mallughadh pobail Dé, agus go
ndeachaidh aingeal in a airicis, agus claidheamh nochta in a
láimh chum díoghaltas do dhéanamh air. Acht an bhfuil fios
agaibh cá dtárla an t-aingeal ar an fháidh tubaisteach so?
Atá, mar léighmid in san áit chéadna, i gcasán caol
cumhang idir dá bhalla. Do thárla air in áit nár bh'fhéidir
leis teicheadh nó imtheacht. Níor bh'fhéidir leis dul ar
aghaidh, de bhrígh go raibh an t-aingeal in a shlighidh le
claidheamh ós a chionn. Ní mó 'ná sin b'fhéidir leis dul ar
ais ó chumhainge na sligheadh. Níor bh'fhéidir dó imtheacht
d'aon taobh ó áirde na mballa Ó, is cruaidh an cás so
in a raibh Balaam. Ní raibh imtheacht aige do thaobh ar bith
agus gan fear a chonganta le fagháil. An ní céadna
d'éirigh do Bhalaam, éirghidh go laetheamhail don bpeacach
i bpunc an bháis. Óir bídh sé ag siubhal i slighidh na
beathadh mar Bhalaam in aghaidh tola Dé, nó go dtig fa
dheireadh chum an phuinc chaoil chumhaing úd atá idir an
aimsir agus an tsíorraidheacht. Dochí annsin claidheamh
an cheirt neamhdha ós a chionn agus a fhaobhar agus a rinn in
éinfheacht ag bagairt air fa an bpeacadh. Caidé dhéanfas
tú, a pheacaigh mhalluighthe? Ní fhuil imtheacht agat do thaobh
ar bith. Ní féidir leat dul ar ais nó bheith beó arís, dá
mb' áil leat é, de bhrígh go bhfuil do chorp claoidhte agus
an tslighe cumhang, Dia díoghaltach agus a fhearg ós do
chionn. Cad eile, cá rachaidh tú nó cá dteichfidh tú. Ó, a
pheacaigh mhalluighthe, atá ag briseadh aitheanta Dé riamh ó
rugadh tú, in áit urnaighe agus aithrighe, bhíos tugtha do
mhionnaibh móra, in áit grádh Dé nó do chomharsan, atá
báidhte i ngrádh an tsaoghail seo, doghní camra de
d'cholainn le drúis agus adhaltranas, chailleas do mhaoin


L. 139


agus do shubstainte, do shláinte agus do réasún le craos
agus meisge, nach stadann ó bhréagaibh ná ó chúlchaint, ó
bhriseadh saoire nó trosgtha, gur ab é do stuidéar cinnte
fearg Dé do thuilleamh. Dá bhfosgóladh Dia anois do
shúile ionnus gur léar duit an phriacal agus an baoghal in
a mbeir i móimeint an bháis, an féidir a rádh nach bpléasg-
fadh anois do shúile le iomad deóra agus aithrighe? An
féidir a rádh nach réabfadh d'ucht le croidhe-bhrúdh agus
doilgheas fa na holcaibh dorinnis. Dearc ar Naomh
Hilarian ar bharr creatha i bpunc an bháis tar éis bheith
deich agus trí fichid bliadhain leis féin ar an fhásach, ag
moladh Dé agus ag déanamh leas a anma, agus gan
d'éadach air an seal sin acht sac garbh, nach raibh athrughadh
leaptha aige acht an talamh cruaidh lom-fhuar, agus gur ab
é a lóistín an fad sin, mar dhearbhuigheas Naomh Ieronimus,
uaimh talmhan, agus gur chosamhla í le uaigh duine mhairbh
ná ionad comhnuidhe duine beó. Dearc ar Arsenius
Magnus agus é uile ar barr creatha ag smuaineadh ar an
bpunc úd, tar éis gach pian agus cruadhtan thug dó féin
le trosgadh agus urnaighe ar feadh a bheathadh. Dearc ar
an abba naomhtha Elias ag dul in éagcruth le iomarca
eagla roimh chontabhairt an phuinc úd. Ó, a cháirde grádh-
acha agus a lucht éisteachta, dearcaidh ar bhur mbeathaidh
féin agus ar bheathaidh na naomh úd, agus chífidh sibh gur mó
an t-adhbhar eagla atá agaibhse, míle uair, 'ná aca sin
roimh an mbás. Chaith siad san a saoghal agus a mbeatha i
seirbhís Dé, acht is é chaith sibhse bhur saoghal i seirbhís an
diabhail agus na colna. Atá Muire bhaintighearna, an
chúirt ainglidhe agus naoimh pharrthais in a lucht dlighidh ag
eadarghuidhe ar son na naomh úd i bpunc an bháis, acht ní
chuirfid áird ná beann oraibhse acht oiread is chur sibhse
orra san le linn bhur sláinte. Tiocfaidh siad go fonn-
mhar in airicis anmanna na naomh úd chum a mbreith i seilbh
na glóire, acht is é thiocfas sluagh deamhnaidhe in airicis


L. 140


bhur n-anma-sa, acht muna leasuighidh sibh bhur mbeatha agus
muna ndéanaidh sibh an aithrighe.



Ag teacht don easbal Pól go cathair Troas, do chruinnigh
pobal anmhór daoine in a thimcheall, agus bhí dá dteagasg
nó go dtáinig cuid mhór den oidhche. Do thuit codladh
trom ar bhuachaill óg dár bh'ainm Eutichius, ar mhodh gur
thuit ón teach chum na talmhan agus gur marbhadh é. Do
sgannruigh an pobal go hiomlán agus do stad Pól dá
sheanmóir. Acht, a easbail ró-naomhtha, cad as nach gcríoch-
nann tú do theagasg? Caidé bheir ort bheith anois ag
stad, agus gan an pobal leath-shásta? Bheir Naomh
Criosostom freagra deargsnaidh ar an gceist seo, go
ndearna an marbhán ionad Phóil agus gur lór de shean-
móir bás an ógánaigh seo chum neimhchinnteacht na huaire,
fuath an tsaoghail agus an aithrighe do theagasg dúinn.
Ó, maiseadh, caidé liacht duine gheibh bás obann go laeth-
eamhail ós bhur gcomhair-se agus nach ndéan sibh oiread is
consgradh dá chionn? Nach cuimhneach libh gur bás fuair
bhur n-aithreacha agus bhur máithreacha agus bhur sinnsear
uile? Nach bhfaiceann sibh bhur lucht gaoil agus bhur
gcomharsa ag fagháil bháis go laetheamhail ar gach taobh
díbh? Maiseadh, ní fhuil bás díobh so nach seanmóntaidh
é theagasgas díbh fuath do thabhairt don bpeacadh, bhur
mbeatha do leasughadh agus an aithrighe do dhéanamh.



Dearbhaidh an sgrioptúir diadha go ndearna cnámha an
naomh-athar Ióseph seanmóir agus fáisdine tar éis a
bháis. Ag imtheacht don phobal Eabhra as broid na
hÉigipte, thug Maoise na cnámha so leis. Dobheir Lip-
omanus fa dear annso go dtug an mhuintir bhí éigcríonna
ualaighe troma d'ór agus d' airgead agus d' ollmhaitheas
na hÉigipte leó, agus nach rug Maoise, mar do bhí sé
críonna, d'ionnmhas leis acht cnámha Ióseph. Ó, caidé
mhéad an chúraim agus na muirne bhí ag Maoise fa an
taisge seo. Chuir cófra costasach in a dtimcheall agus


L. 141


d' iomchair iad in éinfheacht le airc an chonnartha, agus
doghníodh siad seanmóir laetheamhail dó. Acht caidé mar
bh' fhéidir leis na cnámhaibh loma so seanmóir do dhéanamh,
nó caidé an teagasg doghníodh siad? Atá, a cháirde nuair
do foisgeóltaoi an cófra in a raibh taise agus cnámha an
mharbháin, do chriothnuigheadh an pobal roimh an mbás míle
uair níos mó 'ná dá mbeith siad ag éisteacht leis an
seanmóntaidh ba chumasaighe ar bith; do bheireadh féachaint ar
chnámhaibh críona an mharbháin seo orra umhlughadh do Dhia,
bhí chomh cómhachtach sin agus go mb'fhéidir leis an beó do
dhéanamh marbh agus an marbhán d' aithbheódh; do bheireadh
féachaint ar luathramhán Ióseph orra neamhshuim do dhéanamh
den tsaoghal, fuath do thabhairt do na lochtaibh agus a
mbeatha do leasughadh; do theagasgadh an luathramhán so
dóibh subhailce éagsamhail na humhlachta, de bhrígh nuair
dhearcaidís orra, go gcuimhneóchaidís gur luathramhán a
máthair agus gur chum luathramháin tionntóchar iad. In
aon fhocal, bheireadh féachaint mhinic ar chnámhaibh loma Ióseph
orra a mbeatha mhí-riaghalta do leasughadh, agus an aithrighe
do dhéanamh, ar mhodh go dtaidhbhsear damh go gcluinim na
cnámha loma so Ióseph ag maoidheamh agus ag broslughadh
an phobail Eabhra go minic, "déanaidh an aithrighe."



Ní gan adhbhar nach dtugann Dia fios ná sgéala don
duine ar an lá nó ar an uair gheabhas sé bás, ionnus mar
deir Naomh Auguistín, go mbeith sé ollmhuighthe fa chomhair
an bháis gach lá agus gach uair. Dá mbeith fios ag an
bpeacach ar lá nó ar uair an bháis, leigfeadh srian le n-a
ainmhiantaibh, ní rachadh sgíth air acht ag déanamh an
pheacaidh agus ní chuirfeadh umhail ná áird ar an aithrighe nó
go dtigeadh an lá so. Dá mbeith fios ag an fhíréan ar
uair an bháis, dhéanfadh fallighe de na deighghníomharthaibh,
bheith níos mainneachtaighe in san lóirghníomh agus i síol-chur
na subhailce. Maiseadh, dá bhrígh seo, ní thugann Dia fios
ná sgéala ar an lá úd, ionnus go dtabharfadh an peacach


L. 142


cúl do na lochtaibh, go mbeith na peacaigh agus na fíréin
réidh ollmhuighthe fa chomhair an bháis gach uair agus gach am.
Ó, a dhuine bhoicht atá báidhte riamh in sna peacaidhibh, dá
mbeith fios cinnte agat gur ab é indiu an lá déidheanach,
dá mbeitheá dearbhtha go bhfuightheá bás fa cheann beagán uair,
is dícheallach bheitheá, gan amhras, chum leas d' anma do
dhéanamh. Bhéarfá aisioc gan mhoill i gcuid na comharsan;
bhéarfá maitheamhnas do d' náimhdibh; chuirfeá fios ar
shagart eólach cneasta, dhéanfá faoisidin iomlán in do
pheacaidhibh; ghoilfeá agus chaoinfeá, sgreadfá ar Dhia,
dhéanfá an aithrighe. Ní fhuil ní de seo nach ndeanfá, ar
ndóigh, dá mbeith fios agat gur ab é seo do lá déidheanach.
Ó maiseadh, a chríostaidhe, an dícheall céadna dhéanfá ar
an ócáid úd, déan anois é agus gan fhios agat nach í seo
d'uair dhéidheanach, agus gur uime cheileas Dia fios na
huaire ort, ionnus go mbeitheá ollmhuighthe gach aon uair.



Chuala sibh anois caidé mar thairringeas cuimhne an bháis
an peacach chum na haithrighe. Éistidh in san dara pointe
caidé mar ghluaiseas sinn chum na ndeighghníomhartha.



An dara pointe. Cia go raibh an fáidh fallsa Balaam
in a dhuine malluighthe mí-riaghalta agus in a thréatúrach in
aghaidh Dé, níor mhór leis ar a shon sin bás na bhfíréan
d'fhagháil agus deighchríoch do chur ar a bheathaidh, agus dá
dhruim seo, ag féachaint lá áiridhe de mhullach cnuic ar
chlainn Israel, dubhairt sé na briathra so, "Go bhfaghaidh
mé bás na bhfíréan agus go raibh mo chríocha déidheanacha
cosmhail leó so." Do bhí beatha an duine seo go holc
cia gur mhian leis bás maith d'fhagháil. Ba mhian leis bheith in
a pheacach ar feadh a shaoghail agus in a naomh ag dul chum
báis. Ó, mó thruaighe, caidé liacht Balaam anois ar an
tsaoghal so, bhíos dá n-unfairt féin mar na muca i múille-
óig an pheacaidh, agus le ar mian bás naomhtha beannuighthe
d'fhagháil? Caidé liacht duine uaibhreach sanntach drúis-
eamhail mór-mhionnach bruighneach bréagach bradach, nár stad


L. 143


ariamh ó ghné ar bith peacaidh, agus in a dhiaidh seo agus
uile, nach mór leó an luach saothair céadna d'fhagháil fuair
na mairtírí, dhoirt a gcuid fola ar son a gcreidimh? Ní
neamh-chosmhail iad so le óglach ar ar cuireadh ceist cia
aca b'fhearr leis bheith in a rígh cómhachtach saidhbhir mar
Chroesus nó in a dhuine bocht mar Socrates. B'fhearr
liom, ar sé, bheith i mo Chroesus le linn mo bheó agus i
mo Shocrates le linn mo bháis. Mar an gcéadna, ní mór
le críostaidhthibh na haimsire seo bheith in a meisceóiríbh, in
a striapachaibh agus in a ngaduidhthibh le linn a mbeó, agus
le linn a mbáis bheith in a naomhaibh agus in a bhfíréanaibh.
Ó, is é seo an mian éigcríonna, is é seo an dúil gan
tairbhe. Is fíor gur féidir do dhuine deighbheathach drochbhás
d'fhagháil, agus a long do bháidheadh i gcuan an bháis tar éis
a thidheacht sábháilte go dtí sin. Is féidir mar an gcéadna
don bpeacach is mó ar bith tionntódh ar Dhia le linn a
bháis agus a shlánughadh, mar d'éirigh do ghadaidhe na láimhe
deise. Gidheadh, go coitcheann (beir greim air seo, a
chríostaidhe) agus go formhór beidh an bás mar an mbeatha,
Agus cad chuige? Atá go bhfuil an bás agus an bheatha
chomh gaolmhar sin go bhfreagraid a chéile, ar mhodh, má
bhíonn an bheatha go maith, beidh an bás go maith, agus má
bhíonn an bheatha go holc, beidh an bás go holc. Dá bhrígh
sin, cibé le ar mian fios do bheith aige caidé an bás
gheabhas sé, ní fhuil aige acht dearcadh ar a bheathaidh agus
bíodh sé cinnte go formhór go mbeidh a bhás mar a bheatha.



Má shiubhlaim i measg sgáile an bháis ní baoghal dam
olc, ar Dáibhidh an rí. Acht caidé is sgáile don mbás, a
cháirde? Atá, an bheatha, deir Naomh Auguistín. Bídh an
sgáile chomh cosmhail sin leis an ní dar sgáile é ar mhodh
nach mbíonn sgáile an chapaill ag an duine ná sgáile an
duine ag an gcapall. Mar an gcéadna don mbás agus
don mbeathaidh, agus dá bhrígh sin, má bhíonn an bheatha
naomhtha riaghalta, beidh an bás beannuighthe taithneamhach,


L. 144


agus má bhíonn an bheatha malluighthe mí-siaghalta, beidh an
bás damanta diabhlaidhe.



Teagasgaidh an t-easbal Pól go soiléir an fhírinne seo
ag cur beatha an duine i gcomh-chosamhlacht le aimsir na
curaidheachta agus an bás le aimsir na buana, ag rádh go
mbainfidh an duine le linn a bháis gach ar chuir sé le linn a
bheó. Ionnus go mbainfeadh duine cruithneacht, is cóir
dó cruithneacht do chur. Mar an gcéadna, a chríostaidhe,
an té chuireas ar feadh a bheathadh síol an uabhair, na sainte,
na gadaidheachta, an fhuatha, na feirge, na mionn mór
agus an ithiomrádh, bainfidh sé le linn a bháis toradh na
mallacht agus na locht, mar atá, pianta síorraidhe
ifrinn. Ar an modh gcéadna, an té chuireas le linn
a bheó síol na humhlachta, na foighde agus na carthann-
achta, bainfidh le linn a bháis toradh na subhailce agus na
mbeannacht, mar atá, glóir agus aoibhneas flaitheamhnais.



An léigheann so theagaisg an t-easbal Pól, teagasgaidh
mar an gcéadna na heasbail eile, ní hé amháin le
briathraibh, acht fós le gníomh, agus dá dhruim seo goiridh
Naomh Hilarius síoladóirí na síorraidheachta díobh.
B'ionann oidhche agus lá do na heasbalaibh ag imtheacht ar
feadh an domhain ag síor-ghol agus ag síol-chur. Acht cad
chuige na heasbail do bheith ag síor-ghol mar so? Ó,
faraor, ní nach ndéan tusa, atá, ag caoineadh a bpeacadh.
Cad eile, caidé an síol do chuireadh siad? Atá, síol an
chreidimh ag teagasg an tsoisgéil, síol na carthannachta,
na hurnaighe, an trosgtha agus gach subhailce bhí riachtanach
aca féin nó chum slánughadh an phobail, agus de bhrígh gur
chuireadar le linn a mbeó síol na ngrása agus na
mbeannacht, bhaineadar le linn a mbáis fóghmhar na glóire
i bhflaitheamhnas.



Sgríobhaidh Iohannes Torres ar fheallsamhnach áiridhe
chuaidh chum aonaigh do cheannach asail. Tar éis bheith ag
cuartughadh dó anonn agus anall, d'fhiafruigh óglach de


L. 145


fa dheireadh caidé bhí sé d'iarraidh. Atá mé ag iarraidh
asail, ar sé. "Nach sin go lór díobh ós do chomhair," ar
an t-óglach? "Ní hé a leithéid seo atá mé d'iarraidh," ar
an feallsamhnach, "acht asal ar a mbeidh earball breagh
sgiamhach na péacóige." "Ar mire atá tú," ar an t-óglach.
"Ní mé atá ar mire," ar an feallsamhnach, "acht sibhse, na
peacaigh, le ar mian earball deallrach na péacóige, mar
atá, deighmheas do bheith ar bhur mbeathaidh bhrúideamhail mhí-
riaghalta." Agus cá bhfuil mire ar bith is mó do dhuine
ná a shíleadh go bhfuighidh sé tuarastal gan a thuilleamh, go
mbainfidh sé cruithneacht na ngrása le linn a bháis nár
chuir ariamh acht cogal na locht le linn a bheó, go bhfuighidh
sé bás maith tar éis bheith riamh in a pheacach. Má gheibh is
bréagach Naomh Pól dhearbhuigheas dúinn go mbeidh an bás
do réir na beatha.



Mar sin gach aon le ar mian deighchríoch do chur ar a
bheathaidh, glacadh sé comhairle Naomh Auguistín, "téigh
isteach go cloiséad d'anma, goir do choinsias chum cunn-
tais agus breathnuigh caidé mar d' iomchuir tú tú féin in
d'óige, i meadhón aoise agus in ársaidheacht." An raibh tú
umhal do dhligheadh Dé nó tathaigheach ar na sacraimintibh?
Ar leig tú faillighe in d'urnaighe nó in san aifreann?
An ndearna tú éagcóir ar do chomharsain in a chlú nó in a
mhaoin, agus má rinnis, an dtug tú sásamh in san dolaidh?
In aon fhocal, ar iomchuir tú tú féin mar is cóir do
chriostaidhe de thaobh Dé agus na comharsan? Má gheibh
tú amach go raibh do bheatha go holc, agus go bhfuil
amhlaidh i láthair, agus nach ndearna tú riamh aithrighe nó
lóirghníomh, bí cinnte, adeir an dochtúir oirdheirc Naomh
Bonauentura, go mbeidh do bhás damanta malluighthe
agus gur ab é ifreann deireadh do chúrsa.



Do chur an t-impire cómhachtach Céasar Augustus iom-
shuidhe le cathair Pherusium, agus tar éis a gabhála le
neart, de chionn nár umhluigh an baile dó ar an chéad


L. 146


órdughadh, thug órdughadh a raibh in san mbaile do chur
chum báis. Tháinig muintir an bhaile idir fear agus mnaoi
i láthair an impire seo, cuid díobh le seódaibh mór-luaigh,
an chuid eile ag sgairtigh agus ag gártha, ag gol agus ag
caoineadh ag iarraidh ceathramhna a n-anam do spáráil.
Ní raibh gar ann. Ní fhuair a athrughadh de fhreagra acht go
gcaithfeadh siad uile bás d'fhagháil. Maiseadh, a cháirde,
na briathra céadna adubhairt an t-impire seo le muintir
Pherusium, deirim-se libhse é indiu mar theachtaire ó
Dhia, go dtug árd-impire an domhain breith bháis i bhur
n-aghaidh, agus nach bhfuil imtheacht ag neach dá maireann
ón mbreith seo. An rí, an prionsa, an bocht agus an
saidhbhir, an t-eaglaiseach agus an tuata, caithfid uile bás
d'fhagháil. Ó, maiseadh, a pheacaigh, ó's ní cinnte an bás,
cad as nach stiúrann tú do bheatha do réir dlighidh Dé mar
aon ag a mbeith súil le bás uair éigin? Cad as go bhfuil
tú ag dul ar d'aghaidh agus ag crannrughadh in sna lochtaibh,
amhail is nach mbeith Dia thuas ná ifreann thíos ná súil le
bás uair éigin agat.



Tionntuigh ort féin, a chríostaidhe, agus tabhair rabhadh
minic duit féin ag rádh briathra an impire úd, "caithfidh
mé bás d'fhagháil." Má bheir cruadhtan an tsaoghail nó
iomartas an diabhail ort cuid na comharsan do shanntughadh,
abair leat féin go cródha seasmhach, "ní shanntóchad ní
dhéanfas díoghbháil dom anam, agus gan fhios agam cá
fada mo théarma ar an tsaoghal." Má thairgeann an
cholann do chlaonadh chum meisge, chum drúise nó feirge,
meabhruigh na briathra úd in d'intinn, "caithfidh mé bás
d'fhagháil," agus múchfaidh siad teas na hantola. Má
thairgeann an droch-chuideachta le n-a n-impidhe nó le n-a
ndroch-shompla do tharraing chum an pheacaidh, abair go
láidir seasmhach, "ní rachaidh mé i dtréas ar Dhia agus gan
fhios agam cá fhad uaim lá an chunntais." Má chuireann
an Spiorad Naomhtha an deaghsmuaineadh in do chroidhe


L. 147


aisioc do thabhairt i gcuid na comharsan, buaidh do bhreith
ar gach leannán peacaidh dá bhfuil tú tugtha, an aithrighe do
dhéanamh, freagair é gan mhoill, de bhrigh go mb'fhéidir gur
ab é sin an rabhadh déidheanach bhéarfadh duit.



Críochnóchaidh mé an comhrádh so leis an mbás damanta
fuair prionsa na Salerno, do réir mar sgríobhas an
t-athair foghlamtha Damianus air. Dochonnairc an
prionsa so lasrach neamhghnáthach ag éirghe as cnoc Etna,
agus dubhairt sé leis an muintir do bhí in a thimcheall, "is
gearr nó go bhfuighidh duine comhachtach éigin bás." Do bhí
an prionsa so in san am gcéadna báidhte i bpeacadh na
colna agus tugtha do an iomad locht. Nuair tháinig an
oidhche, chuaidh a chodladh le n-a mnaoi luighe, agus an oidhche
chéadna gan fiú an tinnis féin do rabhadh, fuair bás obann.
Ó, a dhuibheagán breithe Dé. Nuair do shíl agus mheas an
prionsa úd gur chum duine eile tháinig an rabhadh so
agus nach chuige féin, is annsin thug an bás an ionnsaidhe
dhíbhfeirgeach dhíoghbhálach air. Féachaidh le truaighe, a cháirde,
an stáid in a bhfuair é Cia déarfadh leis an uair do-
chuaidh a luighe nach n-éireochadh sé slán? Cia déarfadh
leis go rachadh sé in aon phunc amháin ón leabhaidh go
hifreann? Maiseadh, cia ag a bhfuil fios nach n-éireochaidh
an ní céadna do dhuine éigin dá bhfuil annso i láthair?
An bhfuil léasa nó téarma áiridhe ag aon duine agaibh
ar a anam acht oiread leis an bprionsa úd? Ní
fhuil, gan amhras, agus dá bhrígh sin, acht muna mian
libh an bás do bhreith faille oraibh mar rinne leis-
sean, bídh go cinnte ollmhuighthe fa chomhair an bháis:
acht muna mian libh beith rann-pháirteach i bpiantaibh
síorraidhe ifrinn in a bhfuil an prionsa mí-fhortúnach úd,
ná codlaigh agus leannán peacaidh fa bhur gcoinsias. In
aon fhocal, a chriostaidhe, atá tú i stáid pheacaidh marbhtha
nó ní fhuil, má atáir fiafruighim díot an é do thoil bás
d'fhagháil ann? Déarfá, gan amhras, nach é. Maiseadh,


L. 148


cad eile, cad fa ar mian leat bheith beó in san stáid in
nár mhaith leat bás d'fhagháil? Ní cinnte Dia do bheith
thuas 'ná gur ab é ifreann is lóistín do gach aon gheibh bás
ar stáid pheacaidh marbhtha, Atá sé dearbhtha go bhfuighidh
tusa bás; atá sé neamh-dhearbhtha an áit, an modh nó an
uair gheabhair é. Mar sin nuair nach bhfuil aon uair saor
agat ó chontabhairt, déan maith den uair atá i láthair
agat, in a bhfuil an trócaire neamhdha dá ofráil féin ort.
Acht ní fhuil trócaire ná maitheamhnas le fagháil gan an
aithrighe. Dá bhrigh sin buail d'ucht, sil do dheór, bíodh
fuath agus gráin agat ar an bpeacadh. Abair na briathra
so, "Ó, a thighearna Dia, a shlánuightheóir agus a chruthuigh-
theóir, grádhuighim tú ós cionn gach ní. Goillidh orm ó
chroidhe fearg do chur ort agus geallaim duit go seas-
mhach le congnamh do ghrása gan fearg do chur ort ó so
suas agus lóirghníomh do dhéanamh in san olc dorinneas.
Maitheamhnas, a thighearna, maitheamhnas don bpeacach bocht
so." Benedictio Dei omnipotentis, …etc. Amen.


L. 149


An Cúigeadh Seanmóir Déag.



IN AGHAIDH NA MIONN MÓR.



Ós cionn an uile ní, a dhearbhráithreacha, ná tugaidh mionna móra.



(Briathra an Spioraid Naoimh ag Naomh Séamas, an cúigeadh caibidil
an dara rann déag).



BHEIR Críost úirsgéal dúinn ag Matha in san treas caib-
idil déag, ar fhear tighe chuir cruithneacht mhaith in ithir
agus go dtáinig a námhaid ar shiubhal oidhche agus gur chuir
sé cogal i measg na cruithneachta. Nuair ba mhian le n-a
sheirbhíseachaibh an cogal do phiocadh agus do dhíbirt aiste,
chrois sé orra sin do dhéanamh go nó dtigeadh lá an fhoghmhair,
acht annsin d'iarr orra beirtíní dhéanamh den chogal agus a
losgadh.



Is é chialluigheas, a cháirde, an fear tighe seo an tsoisgéil
Dia uile-chómhachtach. Is é chialluigheas an chruithneacht so
chuir sé i n-ithir na heaglaise, ní hé amháin na daoine
deighbheathacha cneasta, acht fós gach slighe agus gach meadhón
éifeachtach thug sé dhúinn le haghaidh ár slánuighthe, mar atá
iomadamhlacht na ngrása, na subhailce agus na sacramaintí.
Is é chialluigheas an námhaid úd tháinig ar shiubhal oidhche agus
chuir an cogal i measg na cruithneachta an diabhal chuireas
in san eaglais, ní hé amháin na droch-dhaoine droch-bheathacha,
acht fós na peacaidh, na dubhailce, agus na lochta.



Ó, a cháirde, caidé feabhas na cruithneachta chuir Íosa
Críost in bhur measg-sa. Caidé liacht meadhón éifeachtach
thug sé dhíbh le haghaidh bhur slánuighthe. Cá mhéad uair spreag


L. 150


sé bhur gcoinsias le n-a ghrásaibh na peacaidh sheachnadh, an
aithrighe agus an urnaighe do dhéanamh, an fhaoisidin do
thaithighe agus Corp Chríost do ghlacadh, acht mo mhíle truaighe
caidé liacht uair thig an námhaid, an diabhal, agus chuireas
cogal an pheacaidh in bhur measg. Agus má chuir sé riamh
an cogal so is é mheasaim, ó thús an tsaoghail go dtí anois,
nachar bh'fhéidir leis a chur níos minicighe agus níos iomad-
amhla 'ná ar an uair seo; ar an adhbhar, i n-am ar bith dá
dtáinig ariamh, ar bh'fhéidir leis na lochta bheith níos iomad-
amhla, na dubhailce níos coitchinne, na peacaidh níos
madramhla 'ná ar an uair seo?



Acht i measg gach peacaidh chuireas an diabhal eidrinn,
atá aon pheacadh amháin ann ó nach bhfuil óg nó sean, uasal
nó íseal saor, mar atá, peacadh na mionn mór. So an
peacadh dhamnuigheas na mílte anam agus tharraingeas iad
go hifreann. So an peacadh shlogas na leanbha i n-éin-
fheacht leis an gcích. Is luaithe bhíos fios aca a n-anam do
thabhairt don diabhal 'ná do Dhia agus 'ná iad féin do chios-
reagadh. Atá béal gach duine chomh déanta agus chomh
cleachtach sin ar mhionnaibh móra ar an uair seo, ar mhodh nach
dtig leo sgéala d'innsin nó focal súgartha rádh gan
mionna móra, nach dtig leó ceist do chur nó freagra
thabhairt uirre nó sórt gnótha ar bith do dhéanamh gan diabhal
nó deamhan, droch-itghe nó droch-athchuinge bheith ar a thús nó
ar a dheireadh. Ní fhuil duine ann anois is cumasaighe agus
is fearamhla 'ná an té is mó do-ghní diamhaslughadh ar Dhia
agus mallughadh air féin. Ní fhuil peacadh ar bith eile do-
ghní an duine nach mbíonn náir nó sgáth air fá n-a dhéanamh
go fosgailte acht an peacadh so; acht mheasfá go bhfuil
onóir mhór dhó nó luach saothair le fagháil aige 'cheann aithis
agus masla thabhairt do Dhia gach uair den ló. Atá, gan
amhras, luach saothair le fagháil aige, acht is é luach saothair é
an teanga mhalluighthe úd bhíos ag maslughadh Dé do bheith
dá dódh agus dá losgadh i mborb-theintibh ifrinn.


L. 151


Maiseadh, ó is peacadh na mionna móra, atá chomh iomad-
amhail agus chomh díoghbhálach so, is mian liomsa indiu tuagh
an tsoisgéil chur ar fhréimheachaibh an chrainn mhalluighthe seo
na mionn mór mar shúil go dtiocfadh liom a dhíbirt as
gáirdín na heaglaise, ní thairgfeas mé dhéanamh tar éis
mo chomhrádh roinn in dá phuinte. Atá toradh an chrainn
seo na mionn mór go holc de bhrígh go bhfuil sé peacamhlach:
sin an chéad phuinte. Atá sé go holc de bhrígh go dtairring-
eann díoghaltas Dé ar an mhuintir bhíos tugtha dhó: sin an
dara puinte. Acht de bhrígh gur crann é seo sgar a ghéaga
chomh fairsing sin agus chuir a fhréamhacha chomh daingean sin
i gcroidhthibh na ndaoine, ar mhodh gur le mór-chómhachta Dé
amháin is féidir a dtarraing, maiseadh, mar shúil go
roinnfeadh sé na cómhachta so liomsa indiu chum an chrainn
seo do dhíbirt, tugamuid aghaidh air féin le eadarghuidhe na
Maighdine Muire, ag rádh an Abhe Maria.



An chéad phoinnte. Ní féidir, a Chríostaidhe, dá mbeith
fios ag na daoinibh caidé an ní é an peacadh nó an díoghbháil
thig as, go mbeith siad chomh leigthe chum a dhéanta agus atá
siad, agus go speisialta peacadh i nach bhfuil pléisiúr ná
tairbhe ar an domhan don duine, mar atá peacadh na mionn
mór. Is é is peacadh ann smuaineadh briathar nó gníomh
doghníthear in aghaidh tola nó aithne Dé. Peacuighidh an
duine ó smuaineamh nuair smuainigheas ar dhroch-ní agus
bheir sé toil chum a dhéanta dá mbeith cómhachta aige. Cibé
dhearcas ar mhnaoi, deir Críost ag Matha, agus shannt-
uigheas in a chroidhe cuid do bheith aige di, ar son nach
ndéan sé an gníomh, atá sé ar a shon sin, cionntach i bpeacadh
na drúise. Peacuighmid ó bhréithir le mionna éithigh agus
bréaga, le cúl-chaint agus ithiomrádh, le dia-mhaslughadh agus
mionna móra, agus peacuighmid ó ghníomh nuair doghnímid
na drochghníomhartha atá toirmeisgthe orainn ó dhligheadh Dé
nó na nádúra. Anois dá gcuirtí uilc ar tsaoghail uile ar
aon bhall, mar atá tinneas agus easláinte, bochtanacht


L. 152


agus anró, pláigh agus gorta, sgannail agus droch-mheas
agus gach olc eile dár bh'fhéidir le inntleacht daonna thuig-
sint no smuaineamh, ní fiú broth iad, ní fhuil ionnta acht
súgradh i bhfarradh an uilc agus na díoghbhála doghní aon
pheacadh amháin marbhtha don anam. Agus cad chuige?
Atá, go dtionntuigheann an peacadh marbhtha an duine is
áilne agus is onóraighe ar bith chum bheith uiríseal díblidhe
tarcuisneach, i n-áit bheith i n-a mhac ag Dia leis an mbais-
teadh agus leis na grásaibh go ndéanann oighre ar ifreann,
sglábhuidhe agus mac don diabhal de. Caillidh sé leis an
bpeacadh toradh na hurnaighe, an troisgthe agus gach deigh-
ghníomh eile doghní sé. Díbridh an peacadh na grása, na
subhailce agus tiodhlactha an Spioraid Naoimh as an anam.
Tionntuighidh an peacadh an t-anam ó n-a bheith i n-a phéarla
uasal áluinn do réir íomháigh agus cosamhlacht Dé chum a
bheith in a phéist fhuathmhair ghlonnmhair ar chuma agus ar
chosamhlacht ar diabhail.



Marbhaidh an peacadh marbhtha an t-anam, marbhaidh an
céadfaidh, loitidh an tuigse, in aon fhocal, leis an bpeacadh
caillimid Dia. Ó, a dhuine dhona doghní an peacadh, nuair
chailleas tú Dia, ní bhíonn fios do bhreise agat. Caillidh
tú an maitheas síorruidhe, ionnmhas na ngrása, óir-chiste
na trócaire, agus gan acht díoghbháil agus easbaidh, do réir
mar deir an dochtúir naomhtha, Naomh Auguistín, i
saidhbhreas agus i sólás na cruinne gan Dia.



Sin agaibh anois, a cháirde, solus beag ar nimh agus ar
nádúir an pheacaidh, agus má chruthuighim díbh gur peacadh na
mionna móra, ar ndóigh, beidh glonn agus gráin agaibh
oraibh féin fa liacht uair is rinne sibh an peacadh so. Ar
ndóigh, beidh crith-eagla agus sgannradh oraibh roimhe dhíoghal-
tas Dé fa gach uair do mhasluigh sibh é le bhur dteanga mal-
luighthe. Déanfaidh sibh, ar ndóigh, aithreachas in san
bpeacadh so, agus tairgfidh sibh gan tuitim ann níos
mó. Acht muna ndéanaidh, ní thig liom a rádh gur Críost-


L. 153


aidhthe sibh, go bhfuil beann agaibh ar aoibhneas parrthais nó
tiollamaighe ar bith le trócaire Dé.



Chuala sibh cheana nach bhfuil smuaineamh, briathar nó gníomh
doghníthear go toileamhail in aghaidh dlighidh Dé nach peacadh
é, agus go furmhór gur peacadh marbhtha é, maiseadh acht
muna bhfuil na mionna móra in aghaidh dlighidh Dé, ní feasach
mise caidé an ní atá in a aghaidh. Bheir Críost ag Matha in
san gceathramhadh caibidil aithne agus órdughadh dhúinn gan
mionna ar bith do thabhairt, agus ní hé amháin go dtoirmisg-
eann orainn Dia nó Críost do thabhairt mar mhionna, acht
fós gan an t-aer nó an talamh, ceann nó cos, cloch nó
maide do thabhairt mar mhionna. Acht cad chuige? Atá,
gurab é Dia do chruthuigh iad agus go dtaisbeánaid a
mhaitheas agus a mhór-chomhachta.



Ó, a Thighearna, má is cinnte nach bhfuil sé ceadmhach
againn oiread agus créatúir thabhairt mar mhionna, caidé
éireóchas don mhuinntir deir go donn dána, "Dar Dia
uile-chumhachtach," "Dar Íosa Críost," agus an iomad
mionna malluighthe eile nach dtig liomsa do luadh gan
criothnughadh agus gruag mo chinn d'éirghe in a seasamh.
"M'anam don diabhal," agus "go mbeiridh sé leis mé,"
agus ós a chionn so cluinfidh tú míle "God damn my soul,"
"God's blood and wounds," i mbéal na muinntire nach
móide go bhfuil níos mó den Bhéarla aca. An dtig libh a
rádh go bhfuil siad so saor ó pheacadh, agus ní peacadh is
lugha na dia-mhaslughadh in aghaidh mórdhacht agus maitheas
Dé? An dtig libh a rádh nach bhfuil siad i stáid damanta,
agus nach é ifreann deireadh a gcúrsa acht muna leasuighidh
siad a mbeatha, agus muna ndéanaidh siad aithreachas láidir
in san droch-úsáid seo do-ghníd d'ainm naomhtha an
Tighearna.



Leanaidh an t-easpal Naomh Séamas lorg a mháighistir
in san gcúigeadh caibidil dá litir mar a gcrosann ar an
tsaoghal, ós cionn gach uile ní, mionna ar bith do thabhairt.


L. 154


Ná leigimid aon fhocal de na briathriabh so fa lár. Ós
cionn gach uile ní adeir sé, crosaim oraibh mionna thabhairt,
amhail is mar déarfadh sé, ní cóir dhíbh faoi phéin bhur
ndamanta mionna ar bith do thabhairt acht muna dtabharfaidh
riachtanas mór oraibh é, agus annsin féin is éigin díbh
fírinne agus ceart do bheith agaibh.



Ní fhuil fios agamsa, a cháirde, cáide bhur meas ar
ráidhtibh an easpail, acht is é shílim-se, agus léigh mé an sean-
tiomna agus an tiomna nua, nachar bh'fhéidir leis peacadh
ar bith, dá ghráineamhla, mar atá feall nó marbhadh, adhal-
trannas nó gaduidheacht, do chrosadh orainn i mbriathraibh
níos dúthrachtaighe 'ná mar chrosas orainn mionna ar bith
thabhairt. Ós cionn gach uile ní, deir sí, ná tugaidh mionna.
Uch, a easpail naomhtha, is in aisgidh atá tú ag caint, agus
ní lugha liomsa, is díomhaoin an ní dhuit a chrosadh ar dhaoinibh
na haimsire seo mionna móra do thabhairt, agus go bhfuil
a mbéal agus a dteanga chomh déanta sin ar mhionna móra,
ar mhodh go measfá nachar fhoghluim siad a athrughadh de
phaidir, agus nach raibh a athrughadh ar a n-aire ó tháinig siad
as an gcliabhán acht ag tabhairt mionna móra. Ní fhuil
stáid ná gairm, óg ná sean, saor ar an bpeacadh so. Ní
fhuair an diabhal ariamh a mhian ar an tsaoghal níos éifeach-
taighe 'ná le meadhóin an pheacaidh seo. Acht muna gcuir-
thear cosg gan mhoill, a cháirde, ar an olc so, acht muna
leigheastar ar phláigh seo, atá chomh leitheideach so in bhur
measg, acht muna dtairringthear in am as na fréimheachaibh
an crann malluighthe seo na mionn mór, an féidir a rádh
nach dtiocfaidh an díle an dara huair ar an domhan, nó nach
dtiocfaidh teine as na flaithis loisgfeas agus dhófas na
poibleacha, do réir mar d'éirigh do na cathrachaibh móra
Sodom agus Gomorra tríd a bpeacadhaibh.



Chí sibh anois, a cháirde caidé géire an dlighidh dorinne
Críost in aghaidh na mionn mór, agus i ndiaidh Críost
caidé mar thaobhuigheas an t-easpal Naomh Séamas ós


L. 155


cionn gach ní gan mionna ar bith do thabhairt. Ní féidir,
mar sin, a rádh gur clann umhal do Chríost lucht briste an
dlighidh seo. Ní féidir gur críostuidhthe cearta an mhuin-
tir bhíos tugtha don bpeacadh so. Maiseadh ós a chionn so,
na deich n-aitheanta d'fhág Dia againn chum a mbeith mar
riaghail ag ár gcoinsias, órduighidh dhúinn in san dara
haithne gan ainm Dé do thabhairt gan ádhbhar. Is é sin le
rádh nach cóir dúinn ainm naomhtha Dé do rádh ná do luadh
acht nuair bheam dá mholadh agus dá ghuidhe, nach cóir dúinn
a luadh acht le oirmhidin agus onóir, agus ós cionn gach ní
nach cóir dúinn a thabhairt mar mhionna acht le fíor-riach-
tanas.



Atá an t-ainm milis seo an Tighearna bhíos tusa do
spalpadh in do bhéal malluighthe, a pheacaigh, le linn do
reachtta agus d'fheirge, le linn do mhire agus do mhí-fhoighde,
dá dtugann tú easonóir agus masla in áit oirmhidne
agus umhlachta, ghoireas tú chum fiadhnaise in san mbréig
chomh minic leis an fhírinne, chomh mórdhálach glórmhar sin,
ar mhodh nach lámhaid na haingle, atá ós cionn an duine i
gcéim dighnid agus onóra, an t-ainm naomhtha so do luadh
nó do chlos gan iad féin do chur ar a nglúinibh agus a
n-éadan d'fholach, agus fós deamhain ifrinn in aimhdheóin
an fhuatha atá aca ar an Tighearna, théighid ar a nglúinibh
nuair chluinid ainm Íosa



Ó, a ainm sholásaigh Íosa, chuireas iolgháirdeas ar
fhlaitheamhnas, chuireas critheagla ar ifreann, adhruigheas
na haingle agus onóruigheas an uile chréatúir acht an duine.
Ó, a dhuine mhalluighthe, cá ndeachaidh do chiall, cá ndeachaidh
do chreideamh, cá ndeachaidh do mhothughadh nuair do-bheir
tú easonóir agus masla d'ainm glórmhar Íosa, nuair
do-ghní tú acar do dhamnuighthe de'n ainm seo ar a bhfuil
amháin do shlánughadh, nuair do-bheir tú gan chothughadh gan
chriothnughadh "dar Íosa Críost," is cosmhail nach dtuigeann
tú caidé bhíos tú do dhéanamh, is cosmhail nach dtuigeann


L. 156


tú caidé 'dhíoghbhálaighe an peacadh mionna móra do
thabhairt nó caidé mhéad an díoghaltais do-ghní Dia ar lucht
na mionn mór. Acht ná bí in ainbhfios níos fuide. Bhéar-
faidh mise solus duit in san dara pointe.



An dara pointe. Chum go tduigfeá, a chríostaidhe,
caidé méad agus gráineamhlacht peacadh na mionn mór,
ní fhuil agat acht dearcadh ar mhórdhacht Dé do thaobh agus ar
neimh-bhrígh an duine don taobh eile, agus ar thrócaire
agus ar mhaitheas Dé don duine — gurab é an Dia so chruthuigh
neamh agus talamh, gur ab é an Dia so áirdrí agus stiúr-
thóir an domhain, gurab é stuidéar cinnte bhíos aige an
uile shórt maitheas do dhéanamh don duine, ionnmhas na
ngrása do roinn leis agus oighre do dhéanamh de ar ríoghacht
nimhe; agus ar an taobh eile, gur ab é ní an duine créatúr
bocht anbhfann, lán duirn cré, sac lán de lobhadas agus
biadh piast agus cnumhóg.



Má dhearcann tú mar so, adeirim, ar Dhia agus ar an
duine agus ar gach oibliogáid atá ag Dia ar an duine, beidh
iongantas ort fa mhí-nádúrthacht an duine go mbeith sé
chomh leigthe chum fearg do chur ar Dhia agus bhíonn sé, agus
go speisialta le peacadh atá chomh masluightheach ar Dhia
agus chomh mí-thairbheach don duine, mar atá na mionna
móra. Beidh iongantas ort fa mhéad na foighde doghni
Dia leis an duine, nach sgriosann é den talamh nó nach
loisgeann é le teine as na flaithis nuair lámhuigheas aithis
agus masla do thabhairt do le n-a theanga mhalluighthe i
aghaidh gach maitheas doghní air.



Tiocfaidh sibh liom air seo, a cháirde, nach féidir gníomh
do bheith níos gráineamhla 'ná dá mbuaileadh nó dá maslui-
gheadh duine a athair, agus gur mó 'ná sin arís an choir dá
dtairgfeadh sglábhuidhe bocht díblidhe bualadh nó masladh
do thabhairt dá rígh nó dá thighearna. Bheith fuath agus gráin
agaibh ar an fhear so, sheachónadh sibh a chuideachta, agus ní
hé sin amháin, ba bheag libh aon phionós dá mhéad gheabhadh sé.


L. 157


Maiseadh, so cás an duine bheir mionna móra. Bheir
an mac mí-rathamhail seo easonóir don Athair shíorruidhe do
tharraing é as neimhní. Buailidh an sglábhuidhe salach so
trom-bhuillí marbhthacha dá theangaidh ar áirdrígh na cruinne.
Doghní dramhaltach faoi n-a chosaibh de fhuil uasail Íosa
nuair bheir sé é mar mhionna. Céasaidh Críost an dara
huair agus cuiridh a chneadha ar sileadh. Ghní sé tréas in
aghaidh Dé ag briseadh a dhlighidh. Fuagraidh cogadh ar Dhia
nuair bheir sé é féin nó créatúr ar bith eile dá námhaid an
diabhal. Bheir sé dubhshlán Dé nuair iarras air é féin nó
créatúr ar bith eile do dhamnughadh. Ní bhíonn de sgáth
nó d'eagla air roimh mórchómhachta Dé acht mar bheith sé in
a Dhia cloiche nó maide. In aon fhocal, doghní olc in
aghaidh gach maitheas doghní an tighearna air.



Nár leigidh Dia, a cháirde, go bhfuil tréatúrach malluighthe
ar bith i bhur measg-sa théid i dtréas mar so ar a chruthuigh-
theóir; agus má tá, an féidir a rádh nach mbíonn fuath agus
gráin agaibh air fa easonóir agus masla do thabhairt do bhur
n-Athair? An féidir a rádh nach n-éirgheann gruag bhur
gcinn an uair dochí sibh Íosa Críost dá chéasadh agus dá
chasgairt le teangtha malluighthe na muinntire seo? Ní
clann umhal do Chríost sibh má fhuileangeann sibh a mhasla,
acht muna dtairgidh sibh, an méad gur féidir libh, cosg
do chur ar an mhuinntir seo bhíos dá strócadh agus dá
ghearradh. Agus muna dtigidh libh a gcosgadh silfidh sibh
ar ndóigh, bhur ndeóra le truaighe fa n-a mire. Caoinfidh
sibh, ar ndóigh, in éinfheacht le Críost do ghoil deóra fola
dá shúilibh agus dá chneis ag caoineadh peacadh na muintire
seo atá indiu dá dhíbliughadh agus dá mhaslughadh.



Ná samhail, a chríostaidhe, go bhfuil mé ag méadughadh an
pheacaidh seo thar mar atá sé ann féin agus ó nádúir;
ní fhuilim, gan amhras. Ní thig liom leath uilc agus mailís
an pheacaidh seo do chur in umhail díbh. Ní peacadh is lugha
é ná naomh-aithis agus dia-mhaslughadh in aghaidh naomhthacht


L. 158


Dé. Agus cá bhfuil an peacadh bheir bárr olcais ar
pheacadh an día-mhasluighthe nó na naomh-aithise? Cá bhfuil
an peacadh thairringeas sgiúrsa agus díoghaltas Dé ar
duine mar peacadh an dia-mhasluighthe agus na naomh-
aithise? Ní fhuil, gan amhras. Rinne Dia foighid le Bal-
tassar, rí uaibhreach na Babilón, in gach craos agus adhal-
tranas, in gach láimh láidir agus an-fhlaitheas, in gach feall
agus marbhadh rinne sé, acht chomh luath is d'órduigh sé na
soithigh beannuighthe do shlad a athair as cathair Ierusalem
thabhairt chum cláir chuige chum go n-ólfadh sé féin agus a
chúirtéirí malluighthe fíon asta, chonnairc sé in san mói-
meint chéadna lámh ar an mballa ag sgríobhadh a bhreith
dhamanta.



Is é is dia-mhaslughadh ann, a chroistuidhe, easonóir nó
masla do thabhairt do Dhia nó dá naomhaibh, agus an féidir
dhuit, a dhuine, masla do thabhairt níos mó do Dhia, 'ná a
ainm naomhtha bheith in do bhéal ar tús agus deireadh gach
focail, agus a bheith dá thabhairt mar mhionna i bhfíor agus i
mbréig? An féidir dhuit Dia do mhaslughadh níos mó 'ná
nuair phronnas tú luach a chuid fola dá námhaid an diabhal?
Ní féidir, gan amhras, agus dá bhrígh sin, tiocfaidh lá an
chunntais, tiocfaidh an lá a n-iarrfaidh tú ar Lasarus, mar
dhuine shaidhbhir an tsoisgéil, braon beag do chur as bárr a
mhéir mar fhuaradh dod' theangaidh bheas dá dódh agus dá
losgadh i mbuirb-theintibh ifrinn. Tiocfaidh an lá in a
mailleóchaidh an chlann a n-aithreacha agus a máithreacha fa
gan cosgadh do chur orra in am ón bpeacadh so agus fan
droch-oideas bheirid dóibh le gach droch-itghe agus mór-
mhionna bheirid ós a gcomhair. Tiocfaidh an lá malleóchaidh
na seirbhísigh a máighistir agus a máighistreas fa gan smacht
do chur orra ó n-a mbeith tugtha don bpeacadh so. Tioc-
faidh an lá a mailleóchaidh an chomharsa an chomharsa eile fa
n-a tharraing chum an pheacaidh seo le n-a dhroch-shompla,
tiocfaidh an lá in a ndéarfaidh lucht na mionn mór gur


L. 159


bhfearr leó gur balbh do béarfaidhe iad nuair chluinfeas
siad an bhreith dhólásach bhéarfas breitheamh na mbeó agus
na marbh orra, "imthighidh rómhaibh, a dhrong mhalluighthe, in sna
lasrachaibh craosacha úd ifrinn mar luach saothair bhur ndia-
mhaslughadh agus bhur mionna móra."



Níl taobh ar bith ar a ndearcaim ar an té bhíos tugtha
do mhionnaibh móra nach bhfeicim gur díol deóra agus
truaighe é; ní fhuil imtheacht aige ar phiantaibh síorraidhe
ifrinn in san tsaoghal eile má gheibh bás gan aithrighe, agus
tairringidh sgrios agus díoghaltas Dé air féin in san
saoghal so go formhór, mar atá tinneas, aicíd, buaidhirt,
breis agus bochtaineacht. Muna gcreididh sibh mise
creidfidh sibh, ar ndóigh, an Spiorad Naomhtha dhearbhuigheas,
"an té bheir mionna minice," adeir sé, "líonfaidh a anam
de na lochtaibh agus ní sgarfaidh sgiúrsa le n-a theaghlach."



Ós a chionn so, an té bhíos tugtha do mhionnaibh móra díb-
ridh é féin ó na sacramaintibh, de bhrígh nach féidir absolóid
thabhairt don té bhíos cleachtach ar an bpeacadh, agus nach
mian leis a bheatha do leasughadh. Tarraingidh na mionna
móra drochmheas agus scannail ar an té bhíos dá
dtabhairt; ní fhágann siad meas críostaidhe air; ní mian
le duine cneasta ar bith cuideachta chongbháil leis an té
bhíos tugtha don bpeacadh so. Ní dhearcann go minic
cia aca bhíos aige fíor nó bréag, agus dá bhrígh sin, bheir go
furmhór a mhionna éithigh.



Ó, a cheannuidhthe agus a lucht tráchta na haimsire seo,
dearcaidh le uathbhás ar an staid bhaoghalaigh in a bhfuil sibh.
An é nach léar libh go mbíonn sibh cionntach go minic i
mionna éithigh nuair dhearbhuigheas sibh le mionna gur chosain
bhur gcuid earraidhe an oiread so dhíbh agus sibh cinnte, in
san am gcéadna, nachar chosain, nó a leath-oiread. Agus
sibhse, a lucht céirde gheallas go héasgaidh na neithe bhíos ar
bhur láimh bheith réidh in a leithéid seo d'am, agus ní hé
amháin a gheallamhain, acht cuiridh sibh séala air le mionna,


L. 160


an féidir libh a shéanadh go gcuireann sibh fiadhnaise bréige
i leith Dé, nach dtugann sibh mionna éithigh.



Ó, a phobail chríostamhail, dearcaidh le uathbhás ar stáid
baoghalaigh bhur gcoinsias. Dochí sibh nach féidir duine ar
bith shaoradh ar pheacadh bhíos tugtha do mhionnaibh móra, agus
nach peacadh mar gach peacadh doghní sé, acht naomh-aithis agus
dia-mhaslughadh, agus dochí sibh caidé an sgiúrsa chuireas
Dia ar lucht na mionna móra in san tsaoghal so agus in
san tsaoghal eile. Agus Ó, mo mhíle truaighe, chífidh sibh
in san am gcéadna nach bhfuil neach agaibh féin saor gan
cupa agus an iomarca d'ól de nimh mharbhthaigh an pheacaidh.
Chífidh sibh caidé 'dhoimhne agus chuir an crann malluighthe seo
na mionn mór a fréimhreach in bhur gcoinsias. Chífidh sibh
caidé 'leitheadaighe agus atá an lubhra so in bhur measg.
Acht ag féachain ar stáid glonnmhair agus easláinte marbh-
thaigh bhur n-anma tairgfidh sibh, ar ndóigh, sibh féin do ghlanadh
ón lubhra so. Iarrfaidh sibh leigheas. Má iarrann, so
Críost réidh chum a thabhairt díbh, so liaigh agus dochtúir bhur
n-anma agus a lámha sínte i gcrann na croiche chum sláinte
anma agus cuirp do thabhairt díbh. Acht is éigin díbh bhur
gcneadha do nighe ar dtús le uisge na haithrighe. Sin an
íocshláinte atá Críost d'órdughadh dhíbh in aghaidh gach loit
agus gach galar. Acht is páirt den leigheas fuath do bheith
agaibh ar an ngalar, diúltadh dhó ó so suas feasta. Ná
cluintear a athrughadh de mhionna as bhur mbéal feasta acht
"dar go deimhin" nó "dar go dearbhtha." Má ghní sibh
so gheabhaidh sibh luach saothair ó Dhia in san tsaoghal so
agus in san tsaoghal eile. Benedictio Dei omnipotentis
…etc. Detur benedictio cum cruce.


L. 161


An Seiseadh Seanmóir Déag.



AR AN BPÁIS.



Do loit me é tríd pheacadhaibh mo phobal.



(Briathra an Athar neamhdha ag Isaias, an treas caibidil déag ar dhá
fhichid agus an t-ochtmhadh rann.)




IS fíor sin, a Áird-rí uile-chumhachtaigh, is fíor gur loit tú
d'aon-mhac Críost. Do loit tú é an taobh istigh agus do
loit tú é an taobh amuigh, an taobh istigh le buaidhreamh in-
tinne agus le smuaintibh dólásacha, agus an taobh amuigh
le piantaibh éagsamhla. Loit tú a cheann le coróin spíne,
a lámha agus a chosa le sparraíbh, a dhruim agus a ghuailne le
sgiúrsaíbh, agus do loit tú a chroidhe le sleigh, in aon
fhocal, ní dheachaidh comhnuidhe ort acht dá loiteadh nó gur
mharbhais é ar an gcroich.



Acht, a Athair shíorraidhe, caidé an choir dorinne d'aon-
mhac Críost? Cad as fa bhfuil tú dá chur chum báis? An
bhfuil duine ar bith is naomhtha 'ná Críost? Nach é an t-uan
é ar nach bhfuil sal ná smál? Nach é d'aon-mhac féin é?
Is é gan amhras. Maiseadh, cad as fa bhfuil tú dá loiteadh
agus dá loiteadh chomh díoghbháileach sin, ar mhodh gur chosgair
agus gur chriothnuigh an talamh agus an t-aer agus an
nádúir go hiomlán? Is fíor, adeir an t-Athair síorruidhe,
go bhfuil mo mhac neimhchionntach, nach ndearna ní ar bith
ariamh in aghaidh mo thola; gidheadh, as méad a ghráidh ar an
chineadh daonna, ghlac a bpeacaidh air, ghlac sé as láimh


L. 162


sásamh thabhairt damh-sa in sna mór-choirthibh rinne siad im
aghaidh; dá bhrígh sin atá sé in a dhearg-námhaid agam;
fuagraim cogadh feasta air; ní fhuil díoghaltas dá dtioc-
faidh liom nach ndéanfaidh mé air nó go marbhfaidh mé é
ar son peacadh an phobail. Chí sibh mar sin, a phobail
chríostaidhe, gurb iad bhur bpeacaidh agus peacaidh an chinidh
dhaonna thóg an fhearg so agus an fuath idir an t-Athair
síorruidhe agus a mhac ró-ghrádhach Críost; chí sibh gurb é
an peacadh is adhbhar le ughdar na beathadh do bhásughadh, gurb
é an peacadh do chéas aon-mhac Dé.



Fosgail anois, a chríostaidhe, súile do chreidimh agus
chífidh tú do shlánuightheoir dá loiteadh tríd do pheacadhaibh,
an chéad uair in san ngáirdín mar do chuir allus fola dá
chneis. Chífidh tú é dá loiteadh an dara huair ag an mbarra
i dtigh na cúirte le sgiúrsaíbh. Chífidh tú é fa dheoidh ar
sliabh Calbharí mar a bhfuair bás sgannalach na croiche.
Sin na trí pointe dhéanfas suim agus roinn mo chomhráidh.
Leanamaid é gach bealach dólásach díobh so, acht leanamaid
é le tuile deóra in ar súilibh, iomad osnadh in ar gcliabh
agus le fíor-dhólás croidhe. Iarramaid na grása so ar
an Spiorad Naomh le eadarghuidhe Mhuire, a mháthair dhólásach.



An chéad phointe. Is deimhin, a chríostaidhe, nach bhfuil
díoghbháil ar bith is mó ná olc le fagháil is féidir do chur i
gcóimhmheas le olc agus le urchóid an pheacaidh, ó is cinnte
nacharbh fhéidir an díoghbháil seo do leasughadh nó sásamh
thabhairt ann acht le bás Chríost, an dara pearsa den
Tríonóid. Is cinnte nach bhfuil salchar ná smál is do-
nighthe 'ná salchar an pheacaidh nuair nach féidir a nighe acht
le fuil uain Dé. Acht cia an áit nó an uair thionnsgain
Mac Dé leigheas do dhéanamh ar urchóid an pheacaidh nó an
salchar so do nighe? Atá i ngáirdín na n-oliua. So an
chéad áit in ar loit Críost é féin ar sgáth peacadh an phobail.
Tháinig sé chum an gháirdín uaignigh seo, agus sin in san
oidhche roimh bás d'fhulaing, am in a raibh an nádúir uile i


L. 163


ndorchadas agus amhail is mar déarfainn i gculaidh cumhaidh
fan mbás sgannalach do bhí dá thriall dó, am i nach raibh ní ar
bith le toirmeasg do chur ar a dhólás nó le n-a intinn do
thógáil ó na smuaintibh imnidheacha do bhí fá n-a chroidhe. So
an áit in a raibh Críost in a bhreitheamh air féin, agus in a
chéasadóir i n-éinfheacht; thug leigean, amhail is mar adéar-
fainn, dá dhubrón agus dá thuirse ag smuaineamh ar mí-
nádúir an duine, ar ghráineamhlacht an pheacaidh agus ar
iomadamhlacht na bpian do bhí in a cheann, ar mhodh gurbh
éigean dó réabadh amach in sna briathraibh truaghánta so,
"ní fhuil seasamh agam le méad mo thuirse."



Is eadh, a Chríost, a rí an domhain, ar ndóigh, do leig tú
do thuirse amach go lór anois; sin do chroidhe briste;
ar ndóigh, do ghoil tú go lór ar son peacadh na muintire
nach ngoileann féin aon deór ar son a bpeacadh agus nach
smuaineann ar do pháis. Ó, ní lór le Mac Dé so, atá sé
ar tí é féin do loiteadh míle uair níos mó ar sgáth an
phobail. Dearcaidh ar a chneis báidhte in allus fola;
féachaidh na srutháin atá ag sileadh as a bhallaibh agus as
pórthaíbh a chuirp go hiomlán. Fosglaidh bhur gcroidhthe, a
cháirde, agus glacaidh in soitheachaibh bhar n-anma an fhuil
uasal so an Árd-ríogh atá dá dortadh ar bhur son. Ná
leigidh aon bhraon fa lár den fhuil mórluaigh seo bheas mar
íocshláinte ag bhur n-anam. Acht is gníomh do-dhéanta díbh
freastal tógála do thabhairt dí de bhrígh go bhfuil sí ag
teacht chomh iomadamhail sin, ar modh go n-abair an dochtúir
naomhtha Naomh Bearnard gur ghoil Críost le an uile bhall
dá cholainn.



Ní thug an nádúir don duine acht dá shúil le haghaidh
gola, acht thug an mór-ghrádh do bhí ag Críost ar a phobal
agus méad na dúla do bhí aige fuasgailt dóibh as sglábh-
uidheacht an diabhail na mílte tuile deóra. Níor lia pórthaí
do bhí in a chorp ná ribe gruaige ar a cheann 'ná trom-
dheóra fola do bhí ag sileadh uaidh.


L. 164


Ní gan adhbhar, ar ndóigh, a Thighearna, atá tú ag fulaing
gach mór-pheannaid díobh so. Ní gan fáth, ar ndóigh, atá tú
ag dul i laige agus ag urnaighe chomh fada so. Ní gan adhbhar
atá tuile deóra mar so le do ghruaidh agus allus fola
le do chneis. Ní gan adhbhar atá dólás agus tuirse chomh
éagsamhail seo ort. Ó, ní headh, a cháirde. Dá mbeith gan
a atharach d'adhbhar aige acht gur dhíol Iúdás, fear dá dheis-
cioblaibh féin, é ar deich bpighnibh fichead agus gur shéan
ceannphuirt na n-easbol Peadar é; in aice seo teicheadh
náireach na ndeisciobal uile, an dólás éagsamhail agus an
dubrón do bhí ar a mháthair Muire, nachar mhór na hadhbhair
tuirse agus dubróin do Chríost gach ní díobh so? Ba
mhór gan amhras. Ó, maiseadh, atá adhbhar eile aige níos
mó míle uair, mar atá, go bhfeiceann go soiléir in aimhdheóin
gach mór-pheannaid atá sé d'fhulaing ar son peacadh an
phobail, go ndaimeóntar míle agus míle pearsa fa aon
duine sláineóchar den phobal céadna, gur lia duine do bhí
ag déanamh seirbhíse don diabhal, bhéarfadh pianta síor-
raidhe dhóibh mar luach saothair, ná dó féin bhéarfadh sólás
síorraidhe dóibh i bhflaitheas. Cá hiongnadh a chroidhe ag
réabadh agus ag leaghadh in a chliabh le iomad dóláis agus
tuirse, nuair dochí sé tusa, a ghadaidhe, bhíos ag stuidéar
go laetheamhail díoghbháil do dhéanamh dod chomharsain, dod
thabhairt féin suas ar slabhraidh don diabhal tar éis é féin
dod sgaoileadh le n-a allus fola? Cá hiongnadh é do
bheith báidhte indiu i dtuirse agus i ndubrón nuair dochí sé
tusa, a ghiolla úd eile, gach lá ar meisge agus gan tilleadh
agat ó olc ar bith le linn do mheisge? Ó, a pheacaigh, dá
gcluinfeá do shlánuightheóir an oidhche úd roimh a bhás ag
buain mac alla as na clocha leis an éagcaoin truaighmhéiligh
úd an fháidh Isaias: is truagh mo chás, adeir sé, is in aisce
atá mé ag caitheamh mo shaothair; is díomhaoin m'urnaighe;
is díomhaoin mo ghol agus mo dheóra; is díomhaoin m'allus
fola. Acht cad chuige, a thighearna, go bhfuil tú ag éagcaoin


L. 165


mar so? Caidé bhéarfadh do thuras in aisce agat? Nach
ar son an chinidh dhaonna atá tú ag dortadh do chuid fola,
agus nach bhfuil siad féin ar a shon agat? Ó, is ar a son
acht caidé an tairbhe atá damh ann i dtaobh na dTurcach nó
na bPágánach agus go ndaimeóntar iad uile de bhrígh nach
gcreidid agus nach ngéillid damh-sa? Má's ar son an
chinidh Iúdaidhe atá mé ag iomchar mórualaigh na croiche,
Ó, mo mhíle truaighe, atá siad uile do mo thréigean; ní
sláineóchar acht fír-bheagán aca. Más ar son na gcríos-
taidhe atá mé ag dortadh mo chuid fola, deir an fhírinne
shíorruidhe liom, cé go bhfuil cuireadh aca uile triall go
flaitheas, gur beag aca thiocfas; cia go bhfuil féasta mór-
luaigh na glóire ullmhuighthe fa n-a gcomhair, nach racha an
treas fear díobh dá ghlacadh. Ó, caidé an díol truaighe
slánuightheóir an chinidh dhaonna ag gol agus ag géarchaoineadh
ar son peacadh na muintire nach sileann féin aon deor
agus nár ghoil ariamh ar son a bpeacadh; é do bheith ag
sgairtigh agus ag gártha ar an muintir nach dtugann áird
nó freagra air, ag síneadh a lámh i gcrann na croiche chum
na muintire nach ndéan oiread agus amharc siar air. Acht,
a Athair shíorraidhe, ar dhruid tú do chluasa agus do chroidhe?
An é nach gcluin tú gach osnadh marbhthach atá ag d'Aon-mhac?
An é nach bhfuil tú ar tí cabhair nó furtacht ar bith do thabhairt
dó. Ó, atáim, ar sé; cuirfead aingeal as na flaitheasaibh
ag tabhairt meisnigh dó. Adubhairt an teachtaire ainglidhe
seo leis: a Rí nimhe agus talmhan, caidé bheir tú chomh
dólásach tuirseach so? Ar son go mbeidh do pháis neamh-
thairbheach ag mórán, gidheadh, atá corr-chríostaidhe maith ann
bhainfeas toradh agus tairbhe aiste. Féach an crann so na
croiche atá riamh go dtí seo faoi tharcuisne agus faoi mhí-
mhodh, beidh sé feasta i mór-mheas agus in onóir ar feadh an
domhain. Impirí agus ríghthe, diúicí agus prionnsaí na
talmhan, leigfidh siad a gcoróin faoi chosaibh an chrainn seo
agus rachaid go húiríseal umhal ar a nglúinibh ag déanamh


L. 166


adhartha agus onóra dhi. Glac so, a Thighearna, mar shásamh
in do mhasladh.



Acht caidé an riachtanas do bhí ar an aingeal teacht ag
tabhairt furtachta do cheannphuirt na n-aingeal, nuair atá
sé i gcómhachta an duine níos mó de shólás agus d'fhurtacht
do thabhairt dó 'ná an chúirt ainglidhe uile? Ní fhuil an
slánuightheóir ag iarraidh do shólás an tsaoghail seo acht a
pháis do dhul i dtairbhe don chineadh daonna, agus ní thig
leis na hainglibh sin do dhéanamh; ar an adhbhar nach ar a
son d'fhulaing sé páis acht ar ar son inne. Mar sin is ar
ar láimh inne amháin atá an pháis do dhéanamh tairbheach; is
orainn amháin atá sé ag iarraidh sóláis agus compóirt in
gach peannaid agus dólás atá sé d'fhulaing Tugamaoid
sin dó, a phobail chríostaidhe, go tapaidh; ná leigimid é i
bpéin níos fuide. Ó loit seisean a chroidhe le grádh
orainne tugamaid-ne grádh iomlán dó in a aghaidh, agus do
réir mar shil seisean deóra fola ó gach ball dá chorp
naomhtha ar son ar bpeacadh-ne, silimid-ne trom-dheóra na
haithrighe ag caoineadh a pháise agus na bpeacadh céadna.
Leanamar Críost go dtí seo chum an gháirdín, leanamaid
é anois chum an bharra, ní ar a dtráchtfaidh mé in san dara
pointe.



An dara pointe. Chonnarcamar Críost ar ball in san
ngáirdín báidhte in a chuid fola. Chímid anois é in san
mbarra i measg bitheamhnach agus gadaidhe agus trí sórt
lámha dá loit mar atá, lámha an bhrathadóra do bhraith é,
lámha na mbreitheamh do thleig é agus lámha na gcrochaire
do chur chum báis é, agus sin uile ar son peacadh an phobail.



Acht cia é an duine malluighthe seo fuair aige féin Críost
do bhrath? Ar ndóigh, is Turcach nó Págánach é. Ní féidir
a rádh nach raibh sé níos fuileachtaighe 'ná na leomhain agus
'ná beathaidhigh allta na coilleadh. Ó, mo thruaighe, a cháirde,
ní duine is lugha'ná easbal chuaidh ag brath ríogh na n-easbal.
Ní duine is lugha ná sagart chuaidh ag déanamh feille ar


L. 167


árd-shagart an domhain. Ní mór go bhfuil trí huaire ó
d'árduigh a mháighistir é chum dighnit ríoghamhail sagartachta
agus thug sé cómhachta dhó dhul ag teagasg an tsoisgéil ar
feadh an tsaoghail; acht in áit seo do chur i ngníomh, is é chuaidh
sé ag brath agus ag díol a mháighistir le n-a námhaid. Ó, a
shaint, a pheacaidh mhalluighthe, is iomdha slighe mhí-nádúrtha
mhúineas tú don duine. Is mór do dhall tú an t-easbal
so chuaidh ag díol Críost, do dhíol saidhbhreas an domhain ar
dheich bpighnibh fichead.



Sin chugaibh anois Iúdás in a cheannphuirt ar bhuidhin mal-
luighthe ag dul ag gabháil Chríost, agus mar nach raibh aithne
aca air tar na easbalaibh, thug sé mar chomhartha dhóibh, an
té dá dtabharfadh sé póg, gurab é sin Críost, agus dorinne
mar sin cómhartha marbhtha agus cogaidh, adeir Naomh
Auguistín don chómhartha síothchána agus cumainn do bhí
riamh aroimhe ag an tsaoghal. Ó, a bhrathadóir mhalluighthe,
ní fada go bhfuair tú an ní do thuill tú, mar atá, tú féin
do chrochadh, agus ar ndóigh, níorbh fhéidir crochaire ba
feileamhnaighe 'ná tú féin d'fhagháil chum gníomh chomh tubais-
teach leis seo do dhéanamh. Ó, a Iúdás, a Iúdás, is mór do
mhill tú, ní aon olc amháin dorinne tú. D'fhágaibh tú mar
eisiomláir ag an tsaoghal a nDia do dhíol ar bheagán, eis-
iomláir faraor is minic dá ndéantar úsáid. Acht cia hiad
an mhuintir do-ghní margadh chomh tubaisteach so? Atá, a
cháirde, an mhuintir dhíolas a n-anam, chosain chomh daor so
do Chríost, ar ní beag suarach. Díolaidh fear na sainte a
shlánuightheoir go minic ar ní is lugha 'ná deich bpighin fichead.
Díolaidh fear na drúise an t-árd-rí ar phléisiúr salach
móimeinte. An té thig ag glacadh cuirp an tighearna ar
dhrochstáid, díolaidh agus braithidh Críost ar mhodh níos
gráineamhla agus níos milltighe míle uair 'ná mar rinne
Iúdás. Ó, a Iúdás, a Iúdás, is mór do mhill tú le do
dhroch-shompla fan domhan.


L. 168


Tar éis an drong mhalluighthe seo do ghabháil Críost do
cheangladar é le córdaíbh agus le slabhradhaibh. Ó, caidé
an scéal uathbhásach so, mac Dé do bheith ceangailte mar
ghadaidhe, do bheith dá tharraing agus dá shuathadh ag cuallacht
rógaire. Acht is é seo an ceangal tairbheach ag an chineadh
daonna, ar an adhbhar muna mbeith an ceangal agus an
cuibhreach so cuireadh ar Chríost, do bheith sinne ar slabhraidh
ag an diabhal mar bhíomar ariamh roimhe. Atá dá shórt
slabhradh ann, adeir Dáibhidh an Rí, mar atá, slabhradh na
hantola ghní sglábhaidhthe dhínn dár ndroch-chlaontaibh, agus
slabhradh na bpian, mar atá, teine shíorraidhe dár mbruith
agus lasracha craosacha dár losgadh i bpríosún doimsidh
dorcha ifrinn. Maiseadh, ionnus go saorfadh Críost sinn
ó gach slabhradh aca so, atá sé féin ceangailte indiu le
slabhradhaibh. Atá Críost gabhtha in a phríosúnach ionnus
go saorfadh sinne ó phríosúntacht.



Leanamaois anois an príosúnach ríoghamhail chum an
bharra nó go bhfaiceam an fheoil-chuma tugadh air. Tógadh
leis go tigh Chaiphas, cuireadh gárda dúbalta ar rígh na
n-aingeal i bhfiadhnaise na ndaoine agus na n-aingeal.
Níor lór leó so. Tar éis púcóg do chur air, bhuail siad
de dhornaibh é in san éadan agus adubhairt siad leis tríd
sgige agus magadh, "Tomhais, a Chríost, cia bhuail tú."
Níor fhágadar ribe gruaige ar a cheann gan tarraing agus
theilgeadar í faoi n-a chosaibh, agus mar bharr mioscaise
agus tarcuisne chaithfeadh siad rí do dhéanamh de thríd
mhagadh. Chuir siad coróin spíona ar a cheann agus gas
giolcaighe mar bhata ríoghamhail in a láimh. Ó, a Rí nimhe agus
talmhan, is daor atá tú ag íoc na gcoirthe nach ndearna tú.
Ó, maiseadh, in san am gcéadna a bhfuil na haingle ag
moladh Críost ins na flaitheasaibh ag rádh d'aon bhéal,
"moladh dhuit, a Rí an Domhnaigh, is tú atá beannuighthe," atá
an cineadh Iúdaidhe ar talamh ar aon gháir ag iarraidh an
neimh-chionntach so do chrochadh. Fóillidh, a chrochairí na


L. 169


feille, caidé seo is mian libh do dhéanamh? Nach dtuig-
eann sibh cia atá agaibh? Nach gcreideann sibh gurb é
Críost mac Dé é agus an Dia céadna atá i bhflaitheas ar
son a dhiadhacht bheith indiu faoi bhrat agus foluighthe faoi
n-a dhaonnacht? Nach smuaineann sibh go dtiocfaidh sé
lá éigin mar bhreitheamh oraibh, agus má ghní sibh droch-bheart
air indiu, go n-aifeóraidh é an lá úd? Acht caidé bheir mé
ag caint? Ní fhuil áird aca orm; méad na díbheirge agus
na mioscaise do bhí aca chum Críost, dhall sé a dtuigse;
ní fhaghthar a athrughadh de chaint uatha acht "tógthar leis,
crochtar é." Ó, a phobail mhalluighthe, ní raibh a athrughadh
do mhuinighin agam asaibh, rinne sibh mar do-ghní an pobal
coitcheann i gcomhnuidhe, is é sin gur deacair a gcosg ar
an ní chuirid rómpa. Acht féachamaoid caidé dhéanfas na
breitheamhain leis an bpríosúnach glórmhar so, ní ar a
dtráchtfaidh mé in san treas pointe.



An treas pointe. Is eadh, a shlánuightheoir an chinidh
dhaonna, ós é do thoil gach sglábhaidheacht díobh so d'fhulaing
ar sgáth peacadh do phobail, ar ndóigh, atá tú sábháilte
feasta ó d'fhágaibh tú lámha an daosgar-shluaigh mhalluighthe.
Ar ndóigh, na breitheamhain dár cóir ceart agus cothrom do
chongbháil don uile dhuine, saorfaid tusa ón daorbhruid
in a bhfuil tú. Acht fóillidh, a cháirde, féachamaoid ar dtús
cia hiad na breitheamhain atá ar Chríost. Ó, atá, Annas
agus Caiphas, árd-shagart an phobail, Pontius Píoláit,
goibhernóir na ríoghachta, na sgríobhaidhthe agus na fairis-
ínigh, dochtúirí diadhachta agus dlighidh. Maith iad, dar leat.
Och, mo thruaighe, ní maith, ní fhuil ionnta uile, deir Naomh
Criosostom, acht buidhean bhitheamhnach. Atá siad dall
n-a bpeacaidhibh, ní léar dóibh a leas, chuir caingeana agus
leas saoghalta mearughadh ar a n-intinn. Ní fhuil do rún
aca acht an uile thoil-éagcóir do dhéanamh ar Chríost.
Mheasfá nach raibh a athrughadh de ghnó aca acht Críost do chur
dá chlú agus dá anam in éinfheacht.


L. 170


Atá ceist agam oraibh, a bhuidhean malluighthe, caidé mar
thig cás Chríost i bhur láthair-se? Cia rinne breitheamhain
díbh ós cionn árd-bhreithimh an domhain? Nó cia thug
cómhachta do dhuine ós cionn Dé? Ó, atá, Dia féin thug
cead iomartais dóibh ar a mhac ar son peacadh an phobail.
Ó, a árd-bhreithimh na mbeó agus na marbh, má thaisbeán tú
d'umhlacht agus d'fhoighid ariamh, ar ndóigh is indiu é. An
féidir duit tú féin d'uirísliughadh níos mó 'ná dul faoi
chómhachta na muintire ag nach bhfuil cómhachta ar bith ós
do chionn, dul faoi bhreitheamhnas na muintire ar ar chóir
dhuit bheith i do bhreitheamh.



Acht fiafruighim anois do na breitheamhnaibh, má d'éist
siad an cás, caidé an choir rinne Críost fa bhfuil siad dá
chur chum báis? An do chionn a radharc do thabhairt do na
dallaibh nó a siubhal do na bacachaibh? Ar ndóigh, ní coir
seo; ní headh, gan amhras. Maiseadh, an do chionn lucht
na lubhra do leigheas nó na mairbh do aithbheodhughadh nó na
diabhail do ruagadh atá sibh dó? Ar ndóigh, ní locht so.
Maiseadh, an do chionn gur ghoir sé mac Dé de féin?
Maiseadh, ar ndóigh, ní bréag dó é. Ar bhféidir le duine
in san domhan acht le Dia amháin oiread umhlachta agus
foighde do thaisbeánadh in aimhdheoin gach éagcóir, in
aimhdheoin gach tuaithleas, in aimhdheoin gach bréag agus gach
mionna éithigh rugadh in a aghaidh ag an mbarra so. Níor
bhféidir acht le Dia amháin, deir an dochtúir foghlumtha
Tertullianus, an oiread so d'éagcóir d'fhulaing agus gan
a ghnúis d'aistriughadh, gan claochlódh dath, mí-shásamh nó
mí-fhoighid do thaisbeánadh do thaobh ar bith.



Ba ghnás do na Iúdaighibh, ar impidhe an phobail choitchinn,
anam thabhairt dá rogha príosúnaigh uair in san mbliadhain.
Nuair do chuir Píoláit ceist orra cia aca do thoghfadh siad,
Críost nó Barrabas, óglách do bhí istigh ar son feille agus
oirgne, is é adubhairt siad d'aon bhéal, "ní fhuil beann
againn ar Chríost, is fearr linn Barrabas." Ó, an gcual-


L. 171


aidh aon duine ariamh a leithéid seo de roghain? Fíor-
ghadaidhe na ríoghachta do shábháil agus an duine cneasta
do dhaoradh, sás marbhtha na ndaoine do shaoradh agus an
té d'aithbheódhuigh na mairbh do dhaoradh agus do thleigean.
Atá iongantas oraibh, gan amhras, a leithéid seo de mhire
do bheith ar dhaoinibh ar bith, agus ní lugha liom féin. Acht
ní fhuil adhbhar iongantais againn má dhearcamaoid ar an
droch-roghain ghlacamaoid féin go laetheamhail nuair thig
cathaidhe ar an duine an peacadh do dhéanamh. Deir na
grása agus dligheadh Dé leis in a chroidhe, "má doghní tú
an droch-ghníomh so tuillfidh tú fearg Dé, tairringeóchaidh
tú a dhíoghaltas ort, díolfaidh tú do chuid do pharrthas."
Deir an diabhal agus an antoil leis an taobh eile, "téigh
ar d'aghaidh, ná bíodh faitchíos ort, ní baoghal duit dochar
ar bith do theacht as." Caidé ghní an duine dona annso?
Caidé an roghain ghlacas sé? Ó, atá, an ní céadna rinne
na Iúdaidhthe; bheir sé cúl do Dhia agus aghaidh ar an diabhal;
glacaidh sé pléisiúr na huaire sin mar roghain ar aoibhneas
agus uile-mhaitheas parrthais.



Nuair bhíos an t-athair feargach ar tí a mhac do sgiúradh,
théid an mháthair maoth-chroidheach ag sábháil an mhic agus
glacaidh go minic na buillí ar a guailnibh féin. So, a
cháirde, cás Chríost agus ar gcás inne indiu. Bhí an
tAthair síorruidhe i bhfeirg le n-a chlainn, an cineadh daonna,
corradh mór agus cheithre mhíle bliadhain. Tháinig Críost
indiu mar mháthair grádhaigh idir inne agus fearg a Athar,
agus ghlac air féin na trom-bhuillí do thuill sinne tríd ar
bpeacadhaibh. Maiseadh, ní raibh acht súgradh in a bhfuair
Críost de mhasla agus de mhí-mhódh go dtí seo i bhfarradh
na bpionús agus na heasonóra atá siad do thriall dó
anois. Is feasach sibh nach féidir easonóir nó masla níos
mó thabhairt do dhuine ar bith 'ná a lom-nochtadh lá margaidh
nó comh-chruinnighthe agus a sgiúráil. Ó, maiseadh, a chríos-
taidhe, féach indiu ar shlánuightheoir an chinidh dhaonna, má


L. 172


thig leat dearcadh air le iomad deora, agus chífidh tú é
lom-nochtuighthe gan snáithe éadaigh ar a chorp, agus é
ceangailte do thur, agus sin i láthair Dé agus an tsaoghail,
i láthair na n-aingeal agus na ndaoine, i láthair a charad
agus a námhad.



Ó, a pheacaigh, dá bhfeicfeá an drong neamh-thrócaireach do
bhí in a thimcheall, súile mire in a gceann, coip chubhair
n-a mbéal le neart díbheirge agus mioscaise, lán duirn
de sgiúrse i láimh gach fir aca agus iad ag comórtas
cia aca is díoghbhálaighe agus is truime do bhuailfeadh
buille ar chorp naomhtha an tslánuightheóra, is annsin
thuigfeá caidé méad urchóide an pheacaidh chosain chomh
daor so d'Árdrígh na cruinne. Ní lugha ná cúig míle
buille do buaileadh agus ní lia buille 'ná lot rinneadh
air, ar mhodh fa dheireadh nár fágadh ball saor de, agus
nach raibh aca acht cneadh do chur ar muin cneadha.



Is eadh, a Athair shíorruidhe, ar ndóigh atá tú sásta anois;
ar ndóigh, chóimhlíon tú do dhíoghaltas ar d'aon-mhac.
Múchfaidh, ar ndóigh, na tuilte fola so atá ag sileadh as
a bhallaibh, d'fhearg leis an bpobal, agus má atá nach lór
leat a bhfuair sé, féach cia an ball dá chorp is féidir leat
do lot go nua. Más ar a cheann leagfas tú an buille, nach
bhfuil sé in a chriathar cheana leis an gcoróin spíona?
Más ar a lámhaibh nó ar a chosaibh thairringeóchas tú do
bhuille, nach bhfuil siad tollta trasna le tairngíbh géara?
Más ar a ghuailnibh nó ar a dhruim atá tú ag dearcadh, ní
fhuil órlach díobhtha nach bhfuil treabhtha le sgiursaíbh tréana.
In aon fhocal chaill sé cruth agus deilbh duine, ar mhodh nach
féidir a ainm féin do ghairm d'aon bhall de. Is díreach do
bhaist an fáidh Isaias é in san stáid seo fear na ndólás,
de bhrígh nach raibh ball dá chorp nach raibh in a adhbhar dóláis
aige.



Anois, a cháirde, ionnus go gcríochnóchainn an stair
dhólásach so na páise, tar éis Críost do dhéanamh urnaighe


L. 173


ar son a námhad, tar éis a mháthair do chur ar chúram Eóin
easbal, tar éis parrthas do gheallamhain do ghadaidhe na
láimhe deise, adubhairt de ghuth árd, Consummatum est, is
é sin, gur chríochnuigh sé an obair fá dtáinig, mar atá an
deór is lugha dá chuid fola do dhortadh ar son an chinidh
dhaonna. Ag rádh na mbriathar so tháinig claochlódh an
bháis air, agus ag claonadh a chinn, d'fhág an t-anam é.



Ní luaithe d'éag ughdar na nádúire 'ná chonsgair agus
chriothnuigh an nádúir uile; d'fholuigh an ghrian a héadan;
chaill sí a solus; níorbh fhiú léithe bheith in a fiadhnaise ar
chrochadh a cruthuightheóra; bhí smúit ar na réaltaibh; bhí
éiclips ar an ngealaigh; bhí dorchadas ar an tsaoghal uile;
chuaidh gach dúil i gculaidh cumhaidh fa bhás an Árd-ríogh;
phléasg na clocha; sgoilt na crainn; bhí ainmhidhthe na
talmhan ar aon gháir; i n-aon fhocal, ní raibh créatúir in san
domhan nár chlaochluigh agus chonsgair acht croidhe cruaidh
clochach an duine. Ó, a anam mhí-fhortúnaigh an pheacaigh,
caidé méad do dhaille? Nach bhfeiceann tú na hainmhidhthe
brúideamhla ag gártha agus ag sgairtigh agus gan osnadh ná
deor ar do ghruaidh-se? Féach na cairrgeacha ag réabadh
agus ag sgoilteadh agus do chroidhe-se gan mhaothughadh gan
mhothughadh. Ó, a pheacaigh, nuair thiocfas Críost mar bhreith-
eamh an lá déidheanach agus nochtfas a chneadha don tsaoghal
agus déarfas sé leat, "is é d'uabhar agus d'an-fhlaitheas
chuir an choróin spíona so ar mo cheann; is é do dhrúis agus
do mhí-ghlaine stróc mo dhruim agus mo ghuailne; is é do
shaint agus d'éagcóracha cheangal mo lámha don chrann so;
is é do leisg chum leas d'anma do dhéanamh chuir na sparraí
seo in mo chosaibh; is é d'fhearg agus do rún díoghaltais
do sháith an tsleagh so in mo thaobh; is é do chraos agus do
mhí-mheasardhacht thug ormsa bheith ag ól domblais agus
fínéagra, is tú, is tú, a pheacaigh, rinne gach créacht díobh so
orm ó cheann go cois."


L. 174


Ó, a chríostaidhe, do chosain tú chomh daor so don
tslánuightheoir, bí féin ar a shon aige. Ná tréig an
máighistir maith Críost mar gheall ar na droch-máighistrí
fealltacha, an diabhal, an saoghal agus an cholainn.
Stiúir do bheatha do réir dlighidh Dé ionnus gurbh fhiú tú
toradh na fola fíoruaisle seo do dortadh ar do shon
d'fhaghbháil. Cuir na subhailce i n-áit na ndubhailce, na
deaghoibre in ionad na locht. Bíodh dólás croidhe ort fa
do pheacaidhibh agus glac rún iomlán gan bheith cionntach
ionnta níos mó. Má ghní tú so le dóchas i dtrócaire
Dé, gheabhaidh tú tríd luaigheacht na páise an uile chabhair ó
Dhia in san tsaoghal so agus an ghlóir shíorruidhe in san
tsaoghal eile. Amen


L. 175


An Seachtmhadh Seanmóir Déag.



AR GHLÓIR PHARRTHAIS.



Measaim nach fiú na neithe fhuilingeamaid san aimsir seo i láthair an
ghlóir foilseóchar dhúinn.



(Briathra léighmid i litir an abstail Phóil chum na Rómhánach san ocht-
mhadh caibidil, an t-ochtmhadh rann déag).



IS ní cinnte é le rádh nach fiú innsin ná áireamh buaidhirt
nó dólás an tsaoghail seo i gcomórtas le sólás parr-
thais, de bhrígh go bhfuil aoibhneas agus sólás parrthais
síorruidhe do-chríochnuighthe agus nach maireann cruadhtan nó
dólás an tsaoghail seo acht beagán laethe. Cuir i gcás go
bhfuileóngadh duine tart agus ocras, teas agus fuacht agus
gach ní is pianamhla 'ná a chéile ar feadh aon lae amháin ar
chuantar go mbeadh sé sona séanamhail in a dhéidh seo ar feadh
a shaoghail, nach n-iomchóradh sé gach ní díobh so go fonnmhar
foighdeach? Dhéanfadh gan amhras. Maiseadh caidé an ní
saoghal an duine acht aon lá amháin, nó móimeint fós, i
gcomórtas leis an tsíorraidheacht. Ní fiú mar sin na
neithe fhuilingeamaid ar an saoghal so an ghlóir foillseóchar
dhúinn in san tsaoghal eile.



Má fhiafruigheann tú dhíom, a chríostaidhe, caidé an ní glóir
Dé nó caidé an mhaith atá le fagháil i bparrthas, cá bhfuil an
té le ar féidir an cheist seo d'fhuasgailt níos fearr 'ná
Naomh Pól, de bhrígh gur hárduigheadh é chum na treas bhflaith-
eas mar chonnairc sé an uile ní do b'fhéidir le súil duine ar


L. 176


bith d'fheicsint. Maiseadh, is é deir sé leat go bhfuil aoibh-
neas agus ollmhaitheas parrthais chomh do-áirmighthe chomh do-
innsin sin, ar mhodh nach gcualaidh cluas agus nach féidir
le intleacht an duine smuaineamh na neithe atá le fagháil
ag an té ghrádhuigheas Dia agus chóimhlíonas a aitheanta.
Uch, is duine dona, mar sin, nach ngrádhóchadh Dia, agus
gurab é féin an maitheas ós cionn gach maitheas. Is duine
ar mire nach gcuideóchadh a aitheanta, agus muna ndéanaidh,
nach bhfaiceann sé gnúis Dé go bráth.



Léigh, a chríostaidhe, an sgrioptúir dhiadha ó thús go
deireadh. Léigh beatha na naomh, mar atá, na fáidhe, na
habstail, na mairtírí, na coinfeisiúirí ar a dtráchtann an
scrioptúir chéadna, ní thig leat a shéanadh, ar ndóigh, nach
raibh daoine ar bith b'fhearr ciall agus tuigsint 'ná na naoimh
seo, de bhrígh go raibh spiorad Dé ionnta. Máiseadh, chífidh
tú go soiléir nach raibh drong in san domhan ag a raibh
tarcuisne agus dímheas níos mó ar an tsaoghal, nó ar
saidhbhreas, nó ar phléisiúr ar bith eile 'ná bhí aca sin. Agus
ar an taobh eile, chífidh tú nach raibh daoine in san domhan
ag a raibh geall agus dúil i nglóir Dé níos mó 'ná do bhí
aca san, ar mhódh nár dhiúlt siad an uile ní d'fhuilingt mar
gheall ar an nglóir chéadna.



Bheir an t-apstal Pól solas dúinn ar na mór-phiantaibh
d'fhulaing siad ina leitir chum an phobail Eabhra. Do
céasadh drong díobh, adeir sé, agus níor chuireadar suim in
a mbás, mar shúil go mb'fhéidir leó eiséirghe le Críost;
d'fhuiling drong eile tarcuisne agus sgiúrsadh, ceangladh
iad le slabhraidhibh, tligeadh iad i bpríosún, do gabhadh
de chlochaibh orra, do gearradh iad in a bpíosaibh ó chéile,
do marbhadh iad le claidheamh, do bhí siad ar seachrán anonn
is anall i gcraicnibh caorach agus gabhar, do bhí siad ag dul
amudha ar feadh fásach agus sliabh. Sin agat, a chríostaidhe,
páirt de na neithibh d'fhuiling na naoimh tháinig rómhat, acht
is beag iad i bhfarradh na mór-phianta d'fhuiling siad


L. 177


mar gheall ar ghlóir Dé. Uch! mo thruaighe, caidé laighead is
fhuilngeas tusa agus tú ag súil leis an ghlóir chéadna.
Má gheibhtear aoibhneas parrthais ar oiread is ghlacas tusa,
ba drong amaideach agus ar mire na naoimh úd chuaidh thríd
theinidh agus uisge dá saothrughadh, nó atá tusa ar dearg-
mhire nach ndéan dícheall níos mó chum tú féin do shlánughadh.
Is ní dearbhtha nach bhfuil cruthughadh ar bith is fearr ar an
luach is fiú neithe, nó ar an meas bhíos ag duine air, 'ná an
dochar agus an saothar ghlacas sé in a thimcheall chum a
tharraingt ar a láimh, agus fós nach bhfuil bealach ar bith
go parrthas is cinnte 'ná sompla na naomh tháinig rómhainn
do leanamhaint. Is mian liom-sa indiu a chur ós bhur
gcomhair-se go haithghearr méad an mheasa agus an t-ain-
gheall do bhí ag na naomhaibh anallód ar ghlóir Dé agus caidé
méad an tsaothair do ghlac siad mar gheall ar an ghlóir
chéadna.



Cuiridh Críost ag Naomh Matha san treas caibidil déag
ríoghacht nimhe i gcosamhlacht le ceannaighe chuaidh ag iarraidh
péarlaí mara, agus an uair thárlaidh péarla mórluaigh air,
dhíol sé a raibh aige agus do cheannuigh sé é. Is é chiall-
uigheas, a cháirde, an péarla so glóir fhlaitheamhnais, agus
is é chialluigheas an ceannaighe úd an críostaidhe cneasta
deighbheathach nach sparálann saothar nó costas chum é féin
do shlánughadh. Cibé le ar mian aithris do dhéanamh air, is
riachtanach dó ar dtús fios d'fhagháil caidé is luach don
phéarla úd, acht bíodh sé cinnte gan sgéala d'iarraidh ar lucht
gradhuighthe an tsaoghail seo, ar an adhbhar gur gnás dóibh
meas do bhreith ar ní do réir mar bhíos sé buntáisteach nó mí-
bhuntáisteach aca i láthair. Ar son na neithe atá le teacht,
doghní siad neamhshuim díobh. Ní feas don duine talmhaidhe
na neithe thig ó spiorad Dé, mar adeir Naomh Pól, óir is
amaideach leis iad, agus fós ní féidir a bhfios do bheith aige,
de bhrígh gur go spioradálta aitheantar iad.


L. 178


Is uime so nach dtugann an scrioptúir a atharach d'ainm
ar an muintir ag a mbíonn an grádh mór ar an tsaoghal
seo acht amadáin agus leinbh, de bhrígh nach mbíonn de chiall
ag an leanbh nó ag an amadán difir do dhéanamh idir péarla
lochtach agus cloch uasal, agus go minic is mó an spéis
chuirid in áilleagán beag gan bhrígh 'ná in san phéarla is
uaisle agus is costasaighe ar bith. Mar an gcéadna
éirgheas don druing ag a mbíonn an grádh mí-mheasardha
ar an tsaoghal so, is míle mó an spéis chuirid in áilleagán-
aibh bochta neamhbhuana an tsaidhbhris 'ná in ionnmhas na
glóire. Doghní siad neamhshuim chomh mór sin d'aoibhneas
pharrthais, ar mhodh nach é amháin nach ndíolfadh siad a bhfuil
aca chum a cheannach, acht ní ghlacfadh siad saothar dá
laighead mar gheall air.



Ná iarr fios, mar sin, a chríostaidhe, ar amadánaibh an
tsaoghail seo caidé is fiú péarla na glóire, nó gheóbhaidh
tú tú féin meallta, acht iarr sgéala ar naomhaibh an
domhain, ó is leó féin amháin thig fios na fírinne do
thabhairt duit, de bhrígh go raibh spiorad Dé 'gá stiúradh,
gur ab é léigheann cinnte mhúin an Spiorad Naomh
dóibh gur ab éigin don uile dhuine le ar mian suaimhneas
agus sólás d'fhagháil i bparrthas breis, buaidhirt agus leath-
trom d'fhuilingt in san saoghal so. Do dhearbhuigh an
Spiorad céadna dóibh nach bhfuil acht sgéala gan bhrígh agus
ealadhain gan tábhacht in san saoghal so, agus dá dhruim so,
ní raibh de mheas aca ar shaidhbhreas nó ar ollmhaitheas ar
bith acht oiread le aoileach.



Ní fhuil cruthughadh ar bith is fearr ar an ní bhíos in ár
n-intinn 'ná ár ngníomhartha nó ar an dúil bhíos againn i
ní 'ná an saothar agus an dochar ghlacamaid in a thimcheall.
Máiseadh má dhearcann tú, a chríostaidhe, ar an saothar agus
ar an sclábhaidheacht d'fhuiling an drong ór shíolruigh ár
gcreideamh, mar atá na habstail, chífidh tú gur cheannuigh
siad flaitheamhnas le saothar a lámh, amhail is déarfainn,


L. 179


agus le allus a malaí. Uch, caidé liacht uair d'fhuiling siad
tart agus ocras, teas agus fuacht, tuirse agus easbaidh
codlata, inghreim agus bochtanacht? Uch, caidé liacht
siubhal agus aistear dorinne siad thríd réigiúnaibh coimhigh-
theacha agus náisiúnaibh barbardha chum solas an chreidimh do
theagasg dóibh? Uch, caidé liacht slabhradh le ar ceangladh
iad, liacht príosún in ar tligeadh iad, liacht priacal in a
raibh siad ar muir agus ar tír ó an-fhlaitheas tíoránach agus
ó náimhdibh a gcreidimh? In aon fhocal, an raibh sclábhaidh-
eacht nó bochtanacht, olc nó anró le fagháil nár fhuiling na
naoimh seo? Acht cad chuige, a chríostaidhe? An é nach
raibh colann daonna ag na habstalaibh seo, déanta d'fhuil
agus d'fheoil, mar atá agatsa? An é nach raibh oiread dúil
aca ó nádúir i saidhbhreas agus i suaimhneas, i gcuideacht
agus i gcomhluadar is atá agatsa? Do bhí, gan amhras,
acht do chuireadar druim a láimhe le gach ní díobh so as an
dóchas do bhí aca go bhfuigheadh siad ó Dhia in a n-áit
saidhbhreas agus aoibhneas parrthais.



Tionntuigh anois do shúile, a chríostaidhe, ó na heasbalaibh
ar na mairtíríbh, an drong chródha úd chuaidh rómhainn go
parrthas thríd theinidh agus uisge, mar labhras an scrioptúir,
is é sin ag fuilingt gach ní do b'fhéidir le mailís námhad
nó le intleacht malluighthe tíoránach do leagaint orra,
chífidh tú i measg na druinge seo mná agus fir, an t-óg agus
an sean, an t-uasal agus an t-íseal, an bocht agus an
saidhbhir ag coimhlinn le chéile chum a gcrochta agus chum a
gcéasta, chum a mbáidhte agus chum a losgtha, chífidh tú
cuid díobh dá róstadh ag ghreidlibh, dá mbruith i gcoiríbh, dá
dtarraingt idir eachaibh agus dá dtligean mar bhiadh chum
beithidheach allta, acht ní is iongantaighe 'ná so, ní cualas och
ná osnadh, mairg ná éagnach, as béal na muintire seo. Is
é do bhí siad go soilbhir sásta ag rádh amhrán molta Dé
de chionn gur b'fhiú iad na mór-phianta seo d'fhuilingt ar a
shon. Nach gcruitheann gníomhartha na naomh so an grádh


L. 180


agus an meas do bhí aca ar dúithche parrthais, agus go
raibh siad cinnte leis an easbal Pól nach fiú áireamh nó
innsin na neithe fhuilingeamaid ar an tsaoghal so i
gcomórtas leis an phéarla úd na glóire.



Féach anois, a chríostaidhe, le uathbhás ar mór-phiantaibh
na mairtírí so, agus féach in san am céadna ar an druing
dá ngoireann an Eaglais coinfeisiúirí. Is fíor nachar
dhoirt siad so a gcuid fola ar son Críost, acht do bhí siad
réidh chum a dhéanta dá gcasfaidhe iad in san ócáid. Do
bhí a mbeatha chomh cruadálach sin, agus na neithe d'fhuiling
siad chomh fadalach sin, ar mhodh gur féidir liom a rádh gur
fhuiling siad níos mó 'ná na mairtírí féin, agus cad chuige?
Atá, go gcuireadh an tuagh nó an claidheamh, an teine nó an
t-uisge, an chroch nó an greideal críoch i ngearraimsir ar
phiolóid na mairtírí, acht do mhaireadh beatha chruadálach na
gcoinfeisiúirí, ní uair nó lá, mí nó ráithe, acht ar feadh a
saoghal.



Atá an duine ó nádúir tugtha chum sócamhail agus sásamh
do thabhairt dá cholainn, acht is é bheireadh na naoimh seo an
uile chrádh agus cruadhtan dá gcolainn. Atá an duine ó
nádúir tugtha chum grádh do bheith aige ar saidhbhreas, ar
onóir, agus ar uachtaránacht, agus is é do ghlacadh an drong
so mar roghain bochtanacht in áit saidhbhris, tarcuisne in
áit onóra agus uirísleacht in áit uachtaránachta. In áit
pléisiúr cathrach agus bailte móra, is é théigheadh siad ar
uaigneas chum sléibhte agus fásaighe mar nach raibh de
chuideachta aca acht beithidhigh allta, nach raibh de bhiadh aca acht
meas na gcrann nó lus na talmhan, agus nach raibh de dhigh
aca acht uisge na bhfuarán; agus cá bhfuil ní is pianamhla
ag an duine ná bheith i gcogadh go cinnte le n-a nádúir agus
le n-a chlaonta, nó cá bhfuil ní is do-dhéanta ag an duine 'ná
bheith in san tsaoghal so agus neamhdhúil do bheith aige san
uile ní saoghalta? Nach féidir a rádh leis an muintir seo
go ndearnadar aithris go díreach ar an gceannaighe críonna


L. 181


úd an tsoisgéil, gur dhíol siad a raibh aca agus gur chean-
nuigh siad péarla na glóire.



Atá sé cinnte, a chríostaidhe, gur ab é grása Dé do
neartuigh agus do threóruigh na naoimh úd in san mbealach
cumhang cruaidh do ghaibh siad. Atá sé fós cinnte go
bhfuil na grása céadna le fagháil agatsa má's fiú thú é,
agus ní lugha atá sé cinnte muna dtairgidh tusa aithris do
dhéanamh orra, nach mbíonn tú rannpháirteach in san luach
saothair do fuair siad.



Ní hé sin chum a rádh go bhfuil d'fhiachaibh ar duine dul in
airicis a námhad agus bás d'fhuilingt ar son a chreidimh,
mar dorinneadar na mairtírí, acht atá d'fhiachaibh orainn
má castar faoi n-a láimh sinn, míle bás d'fhuilingt níos
toisge 'ná do shéanfamais aon phuinnte amháin dár gcreid-
eamh. Ní fhuil sé d'fhiachaibh ar an duine diúltadh do
shaidhbhreas, a chúl do thabhairt leis an tsaoghal, le gach
cuideacht agus le gach caitheamh aimsire, mar dorinne na
coinfeisiúirí, acht atá d'fhiachaibh air gan aingheall chomh mór
so do bheith aige ar an tsaoghal, ar mhodh go ndéanfadh sé
dearmad de Dhia nó dá anam, gan bheith chomh báidhte sin i
ngrádh saidhbhris, ar mhodh nach léar dó fuasgailt fear an
leathtruim nó congnamh leis an mbochtán. Atá sé d'fhiach-
aibh ar an uile dhuine diúltadh do gach droch-chuideacht agus
cur suas do gach caitheamh aimsire thairringeóchadh chum
peacaidh, gan ní ar bith san tsaoghal so do chur i gcoimhmheas
le glóir Dé nó le leas a anma.



In aon fhocal a chríostaidhe, muna dtig leat aithris
go díreach do dhéanamh ar na naomhaibh úd, lean a sompla
chomh fogus is thig leat. Go speisialta, ná glac bealach
contrárdha ar bith don mbealach do lean siad-san, nó má
ghnír, beidh tú ar seachrán sgartha ó pharrthas agus is é
ifreann deireadh do chúrsa. Má atá rún díreach agat
dh'anam do shlánughadh, is éigin duit ós cionn gach ní aitheanta
Dé agus na heaglaise do choimhéad, thú féin d'iomchur go


L. 182


cneasta riaghalta in gach gairm in ar thoiligh Dia do chur.
Má ghní tú so is féidir leat misneach agus dóchas do bheith
agat go mbeidh tú rannpháirteach leis na naomhaibh i nglóir
pharrthais, ní atá mise d'iarraidh díbhse agus damh féin. In
ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Amen.


L. 183


IS ceart go mbeadh a fhios ag an léaghthóir caidé an t-athrughad
dorinneadh ar chuma agus ar chaint leabhair an Dochtúra ua Gall-
chobhair le linn cló do chur air an uain seo. Cuirfeam síos in ar
ndiaidh annso tuarasgbháil ar an gcuid is mó agus is tábhachtaighe
den athrughadh sin. Measaimid gur fada ó chéile na huaire in ar
cumadh na seanmóire óir ba follus dúinn le linn a gcurtha i gcló
gur cúramaighe agus gur léigheannta do sgríobhadh cuid aca seach
an gcuid eile. Ná bíodh súil ag an léaghthóir amhlaidh sin le aon
chinéal amháin cumadóireachta feadh an leabhair seo.



Ní raibh aon tiodal ar na seanmóiribh i seanleabhar an ughdair acht
tiodal Béarla. Do chuireamar Gaedhealg ós a gcionn agus is
i gcorp na seanmóir fuaramar an Ghaedhealg sin. Do shíleamar
nárbh aon mhaitheas dúinn na blógha Laidne do chur ionnta amhail do
bhí ó thús. Sain-nósa atá againne agus ag lucht na haimsire in
ar sgríobhadh na seanmóire. Ní dhearnamar iarracht ar bith ar a
dhéanamh amach cá bhfuair an t-ughdar adhbhar a leabhair. Fágamaid
an obair sin do dhaoinibh eile. Acht ní miste dhúinn a rádh gur
cosmhail na seanmóire i gcuma agus i gcaint leis na seanmóiribh do
sgríobhadh isan bhFrainnc isan t-ochtmhadh céad déag d'aois an
Tighearna.



I. — DON CHOMHARTHA FAIDEACHTA.



Gach aon chomhartha faideachta atá isan leabhar so, sinn féin do
chuir ann é, óir ná raibh a leithéid sin de rud i leabhar an ughdair ar
aon chor.



2. — DON TSÉIMHIUGHADH AGUS DÁ CHOMHARTHUGHADH.



Níor chuireamar comhartha an tséimhighthe in gach áit i raibh sé isan
seanleabhar agus ina choinne sin do chuireamar é in áitibh ná raibh
sé ionnta ó thús. Ní sgríobhfaimis claidheamh an díoghaltais dhan-


L. 184


ardha acht claidheamh an díoghaltais danardha, agus ní mó ioná sin do
chuirfimis síos peacaidh an chinidh daonna acht peacaidh an chinidh
dhaonna. Dochífear théid agus téid, thidheacht agus tidheacht, théigh-
mid agus téighmid isan leabhar so, agus is é téid an ceart do réir
an tsean-nóis, agus théid adeirthear go coitcheann i dTír Chonaill
agus in Albain. Ní misde amhlaidh sin an dá sgríobhadh do bheith
againn, mar do bhí isan leabhar ar ar chuir an t-ughdar féin cló.



3. — DON AINM AGUS DON AIDIECHT.



Aoinneach léaghfas an leabhar so budh léir dó nach eadh ba mhian
leis an té do sgríobh é an Ghaedhealg do chur síos ann amhail do
cuirtí síos í riamh. Adeir sé an méid sin linn ina bhrollach. Bfhearr
go mór leis go dtuigfidhe an chaint le gach aoinneach dá léaghfadh
í ioná go mbeadh cóir graiméir agus ceart seansgríobhtha uirre,
agus is uime sin nach ionchurtha i gcoimhmheas le chéile seanmóire an
leabhair seo agus sgríbhne an Chéitinnigh. Is cosmhaile leó an ghnáth-
Ghaedhealg labharthar againn anois. Ar an adhbhar sin níor chóir
dúinn aon athrughadh ró-mhór do dhéanamh ar an gcaint do cuireadh
isan leabhar leis an ughdar. Ní fhuighfeá ar na neithibh isan
seanleabhar dá gcuartóchthá ó thús go deireadh é acht ina dhiaidh sin
ós rud é go sgríobhamaid a leithéid sin anois i gcomhnaidhe bíodh ná
habarthar, níor chneasta dhúinn ar na neithe do chur síos. Ar an
adhbhar sin do chuireamar síos ins na sacraimintibh, agus rl., agus ní
hé ins na sacraiminte. Is minic do sgríobhamar grádh ar n-eas-
cáirde in ionad grádh ar n-eascarad, ní nach locht orainn agus a
rádh go bhfuil an dá sgríobhadh sin le fagháil go coitcheann i leabhraibh
indiu. Dochífeá déanamh gach urchóide agus déanamh gach urchóid i
seanleabhar an ughdair, agus teasbánann sin nach ionann an sgríobhadh
agus an chaint adeireadh sé, óir ní dócha go n-abradh sé an dá rud.
Atá an nós céadna againn isan aimsir seo i láthair. Do chuireamar
síos an dá ní amhail fuaramar ós ar gcomhair agus má atá lócht air
ní orainne atá. Bíodh a fhios ag an léaghthóir gurab ionann grása
agus grás, cathaidhe agus cathughadh, ní agus nídh. Más maith linn
litriughadh simplidhe do bheith againn cadé an mhaitheas dúinn nídh
agus dóghadh agus brúghadh agus focail eile mar iad do sgríobhadh,
agus ní agus dódh agus brúdh againn i seanleabhraibh Gaedheal.
Ná tógtar orainn é más rud é ná fuil an sgríobhadh céadna ar an
bhfocal in gach áit, óir atá sé trí bliadhna ó shin ó thosnaigheamar
ar chóiriughadh an leabhair seo. Is é In aon fhocal do chuireamar


L. 185


síos i gcomhnuidhe in ionad anna bhfocal. Atá léir agus léar againn,
beann (= aestimatio) in ionad binn, naomh in ionad St. (= sanctus),
amhail atá i seanleabhraibh Gaedhilge, sórt in ionad sóirt (= seóirt),
cur (= ponere) in ionad cuir. Is minic ná fuil díchlaonadh ar focal
Béarla, mar atá consias nó armas (= arms). Is mithid dúinn
éirghe as an nós leanbhaidhe sin do bhí ag ar sinnsear atallód .i.
droich-theist do sgríobhadh in ionad drochtheist, agus rl. Atá osnughadh
air sin isan leabhar so. Atá an iomarcaidh púnc agus stróic isan
gcló againn. Do sgríobhamar sgéal agus scéal, agus rl. Atá lór
againn in gach áit; ní hé lór adeirtí acht leór; seanlitriughadh
léigheannta iseadh lór. Ní raibh aon díchlaonadh ar beatha isan sean-
leabhar; do chuireamar-ne díchlaonadh ar an bhfocal sin. Is minic
do chuireamar a i ndiaidh focail ná raibh sé ina dhiaidh isan sean-
leabhar, mar atá cumas na huachtaránachta in áit cumas na huachtar-
ánacht. Níor sgríobhamar h in aon áit ná raibh sé ag an ughdar, bíodh
go labharthar go coitcheann é, mar atá, le aghaidh atá againn; dócha
gurb é le haghaidh adeirtí. Atá abstal agus easbal isan sean-
leabhar; an léigheann fadeara an t-abstal, an chaint choitcheann
fadeara an t-easbal.



4. — DON FHORAINM.



Níor chuireamar isan leabhar so an focal "a" labharthar roimh
bhriathraibh, mar atá, an fear a tháinig. Atá sé isan seanleabhar
go minic. So do bhí ann in gach áit, acht ní sgríobhfaimis-ne an
eaglais so. Bfhearr linn an eaglais-se do chur síos, acht is é an
eaglais seo, agus rl., do gheóbhthar in gach ionad. Atá ar agus ár
(noster), bhur agus bhar (vester) againn. Caidé atá againn agus ní
hé godé. Atá cad ag an ughdar go minic, agus cad eile. Níor
sgríobhamar go tuige (= cad chuige), ná god eile (= cad eile).



5. — DON BHRÉITHIR.



Ní hionann cuma na mbriathar amhail atáid isan leabhar so agus
cuma na mbriathar amhail atáid ag Seathrún Céitinn. Is follus
d'aoinneach ón sgríobhadh atá ag an Dochtúir ua Gallchobhair nár
theastuigh uaidh go furmhór acht foghar an fhocail do chur i gcéill
don léaghthóir. Ina theannta sin ní hé an sgríobhadh céadna atá
aige in gach áit. Is é nós do leanamar-ne isan gcuid is mó den
leabhar so na briathra do chur síos isan gcuma i gcuirthear síos
iad i leabhraibh na haimsire seo. Is deacair do dhuine a rádh cia aca
gheóbhaidh nó gheabhaidh do bfhearr leis an ughdar, óir atá an dá


L. 186


sgríobhadh sin aige. Do chuireamar tabharfaidh in gach ionad; is
é tiurfaidh is gnáthaighe isan seanleabhar. Ní fhuighidh, ní fhuil, tioc-
faidh, rinne, bídh (2 imperativi pluralis), (do)ghní, téighim, atá isan
leabhar so; ní bhfuidh, níl, tuicidh, rinnidh, bígi, dogheibhthear go
minic isan seanleabhar. Seanlitriughadh isan nGaedhilg is eadh cuir-
fe, agus rl., acht ní hé do chuireamar síos; cuirfidh is coitchinne i
leabhraibh anois. Ní cirte beadh ioná beith agus is é beith atá
againn, amhail do chuir síos an seanmóntaidh é. Atá faic- agus
feic- againn; dócha gurb é feic- adeirtí, acht faic- atá i leabhraibh
léigheannta (ní locht ar an ughdar snas léighinn do bheith ar a leabhar.)
Adeirthear bídh sé agus go mbíonn sé do réir glaine na Gaedhilge
agus atáid sin i gcorp an leabhair. Ní ceart bí sé in ionad bídh
sé do réir seanleabhar Gaedheal, acht atá an ceart ag an té sgríobhas
go mbí sé in ionad go mbíonn sé. Dogheóbhthar annso fós cuirimid
agus cuireamaoid, agus rl.



6. — DON RÉAMHSHUIDHIUGHADH.



Is minic do sgríobhamar an réamhshuidhiughadh nuair ná raibh sé le
fagháil ós ar gcomhair isan seanleabhar. Cuir i gcás do réir in
ionad 'réir, do thaobh in ionad 'thaobh, do chionn (cheann) in ionad
'chionn ('cheann). Ní fhuil le ag an ughdar ar aon chor, acht atá re
aige in gach áit; a athrughadh sin de nós do leanamar-ne. Atá do
agus de (= de nó from) againn. Ní fhuil a againn in ionad do (= to).
Atá fa agus fá againn, in agus i n-; is furusa go mór cló
do chur ar in. Is dóigh linn ná fuil chum isan seanleabhar in aon
áit. Bíodh a fhios ag cách ná fuil ag a dhéanamh agus rl. ag an ughdar,
agus ní mó atá againne. Ní indé thárla do isan nGaedhilg in ionad
ag isan gcás sin; atá an méid seo i seanleabhar Milan: atá
nech du bar ndéicsin, 82 a 7. Ag so an dá cheann aca ar ghualainn
a chéile: an tríocha mac ríogh fíl occut-sa ic léigiund, meisi oc a
n-umalóit agus do thastiol na tuath d'iarraidh almsan dóibh (Beatha
Moling, l. 10 ). Atá ar an chrann agus ar an gcrann agus rl., le fagháil
isan leabhar so.



7. — DON CHONIUNCTIO.



Ní fhuighfear acht agus againn ar et. Níor sgríobhamar mar acht
muna. Atá maiseadh (máiseadh) againn in ionad maise. Atá 'ná
againn go formhór ar quam, acht measaimid go bhfuil ná againn ar
an bhfocal céadna. Atá nó agus ná (.i. aut agus nec) tré na chéile
againn, ní nach iongnadh, mar atáid tré na chéile isan nGaedhilg le
cian d'aimsir. Ní bheadh a fhios agat cad ba cheart duit do sgríobhadh,


L. 187


óir ní fhuil acht no ag an ughdar ar quam agus aut agus nec. Atá
nuair agus an uair againn; an uair ba ghnáthaighe isan seanleabhar.
Atá nachar agus nár ag an ughdar agus againne.



8. — DO MHÍNIUGHADH NA BHFOCAL NÁ FUIL I BHFOCLÓIR
CUMAINN NA SGRÍBHEANN NGAEDHILGE.



Atá tri chinéal focal in ar ndiaidh annso, mar atá (I) na focail
ná fuil isan bhfoclóir ar aon chor, (2) na focail atá isan bhfoclóir
acht ná fuil ciall chubhaidh don leabhar so ann, agus (3) na focail
atá isan bhfoclóir agus litriughadh eile orra seach litriughadh an
leabhair seo:



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services