Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgiathlúireach Shíle Róisde
Title
Sgiathlúireach Shíle Róisde
Author(s)
Ó Donnchadha, Séafradh,
Compiler/Editor
Ó Raghallaigh, Eoghan
Composition Date
1656
Publisher
(Tráchtas neamhfhoilsithe, 1998)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L370} {L 14} {B 1656c 17L} {G L} {U 0052} {C Fil.} {M 8} Sgiathlúirtheach Shíle Róisde 1 Nár fhaiceam-na choidhche búisde i ndaingean re Síle Róisde; a Rí, ná saoghlaigh ár bpáisde dá bhfáisge sí a taobh re lóisde. 2 Nár fhaiceam ár mian ag druisde, ná ag liairne ar leaba chnaisde; ná raibh spiúnlach lán do thuirse uirthe 'na thromluighe, ná laisde. 3 Ná raibh a donndreach ag daoisde, ná ag fear ludartha dár ghlac súisde; is mairg do chífeadh briseadh a próisde ag giolla cóisde nó fear gúisde. 4 Nár raobaidh an ruathaire a róba, ná an lomaire is cluasach cába; nár fhuighthear í ar faill re fúba, nár lúbaidh sí sdoill dá sdáca. 5 Nár bhratha an pearsún a póca, ná an fear úd ar dath an phúca; ná raibh Síle ar breith a phéice ag spéice gan ghnaoi acht bheith 'na rúca. 6 Dá seoltar í san Transplanta nár pógtar mo chroidhe le crúnca; ná raibh ruifín ag rith roimpe, fear millte ná tuillíneach trúmpa. 7 Ná raibh fa chnapaibh a chúntair ag ceannaighe géar mhaith dá thrúncaibh; ná raibh fear círéibe ar campa ag pleanncadh a príléide ar plúncaibh. 8 Ná raibh a ruanóg dá rúsga fá fhuathróig an fhir nach sásda; ná raibh seanóir sean ná daoide 'na chnaoisde fá mheadhón a plásdra. 9 Nár chathaidh an dochtúir a chúntus ar cheannaibh a portúis Sanctus; ná raibh sí 'na Hic Sepultus, fá chúntus taoibh clí eagaltuis. 10 Nár fhuighe bás acht dul don ghorta má bheir grádh do ghiolla an phrioca; nár bheirthear uirthe i lúib sgairte, is í dá cartadh ag bod an ghiorta. 11 Nár choimilidh ré pléata pleisde, finngheal nach néata an t-uisge; dob fhearr gan a breith ná a baisde ná bheith ag laisde lán do phruisle. 12 Nár chuiridh Dia puirt a páisde ina spriata ar cur mar chrúsda; ná raibh súd ag siolladh a sliasda ag riasda dúr gan gunna gléasda. 13 Nár buailtear griolladh Saxorum go cruaidh ar chiumhsaibh a Parorum ó tharla anois fam chúram mo chúilfhionn nár clos fá halárum. 14 Nár chuire Íosa féin do chrosdáil ar Shíle mar phléidh ag an bpasdúir bheith ar cuaird san gcill fán altóir 'na cusbóir chruinn fá bhuaic a bhasdúin. 15 Fear grinn gan airgead gan airnéis fá bhinn a fallainne ar a fuirnéis; dob aite lé a thrudaireacht 'sa thoirtéis ná truidéis turcalaigh dá tuirnéis. An Ceangal 16 Cros Críosd uime Shíle ní Thomáis uainn, croch fhírinneach Íosa dá coimeád buan; badh bhocht cnaoite mo chroidhe-se 'na chnapán chruaidh ó chlos aoinfhir don bhuidhin sin dá griosáil cuaird.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services