Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgiathlúireach Shíle Róisde

Title
Sgiathlúireach Shíle Róisde
Author(s)
Ó Donnchadha, Séafradh,
Compiler/Editor
Ó Raghallaigh, Eoghan
Composition Date
1656
Publisher
(Tráchtas neamhfhoilsithe, 1998)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sgiathlúirtheach Shíle Róisde




1 Nár fhaiceam-na choidhche búisde
i ndaingean re Síle Róisde;
a Rí, ná saoghlaigh ár bpáisde
dá bhfáisge sí a taobh re lóisde.



2 Nár fhaiceam ár mian ag druisde,
ná ag liairne ar leaba chnaisde;
ná raibh spiúnlach lán do thuirse
uirthe 'na thromluighe, ná laisde.



3 Ná raibh a donndreach ag daoisde,
ná ag fear ludartha dár ghlac súisde;
is mairg do chífeadh briseadh a próisde
ag giolla cóisde nó fear gúisde.



4 Nár raobaidh an ruathaire a róba,
ná an lomaire is cluasach cába;
nár fhuighthear í ar faill re fúba,
nár lúbaidh sí sdoill dá sdáca.



5 Nár bhratha an pearsún a póca,
ná an fear úd ar dath an phúca;
ná raibh Síle ar breith a phéice
ag spéice gan ghnaoi acht bheith 'na rúca.



6 Dá seoltar í san Transplanta
nár pógtar mo chroidhe le crúnca;
ná raibh ruifín ag rith roimpe,
fear millte ná tuillíneach trúmpa.



7 Ná raibh fa chnapaibh a chúntair
ag ceannaighe géar mhaith dá thrúncaibh;
ná raibh fear círéibe ar campa
ag pleanncadh a príléide ar plúncaibh.



8 Ná raibh a ruanóg dá rúsga
fá fhuathróig an fhir nach sásda;
ná raibh seanóir sean ná daoide
'na chnaoisde fá mheadhón a plásdra.



9 Nár chathaidh an dochtúir a chúntus
ar cheannaibh a portúis Sanctus;
ná raibh sí 'na Hic Sepultus,
fá chúntus taoibh clí eagaltuis.



10 Nár fhuighe bás acht dul don ghorta
má bheir grádh do ghiolla an phrioca;
nár bheirthear uirthe i lúib sgairte,
is í dá cartadh ag bod an ghiorta.



11 Nár choimilidh ré pléata pleisde,
finngheal nach néata an t-uisge;
dob fhearr gan a breith ná a baisde
ná bheith ag laisde lán do phruisle.



12 Nár chuiridh Dia puirt a páisde
ina spriata ar cur mar chrúsda;
ná raibh súd ag siolladh a sliasda
ag riasda dúr gan gunna gléasda.



13 Nár buailtear griolladh Saxorum
go cruaidh ar chiumhsaibh a Parorum
ó tharla anois fam chúram
mo chúilfhionn nár clos fá halárum.



14 Nár chuire Íosa féin do chrosdáil
ar Shíle mar phléidh ag an bpasdúir
bheith ar cuaird san gcill fán altóir
'na cusbóir chruinn fá bhuaic a bhasdúin.



15 Fear grinn gan airgead gan airnéis
fá bhinn a fallainne ar a fuirnéis;
dob aite lé a thrudaireacht 'sa thoirtéis
ná truidéis turcalaigh dá tuirnéis.



An Ceangal



16 Cros Críosd uime Shíle ní Thomáis uainn,
croch fhírinneach Íosa dá coimeád buan;
badh bhocht cnaoite mo chroidhe-se 'na chnapán chruaidh
ó chlos aoinfhir don bhuidhin sin dá griosáil cuaird.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services