Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Teagasg Criostaighe do réir Chomhairle Ard-Easpoig Tuama
Title
An Teagasg Criostaighe do réir Chomhairle Ard-Easpoig Tuama
Composition Date
1862
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Guill agus a Mhac Teór., 1862)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L365} {L 3} {B 1862 19L} {G L} {U 0401} {C Prós} {M 8}
An Teagasc Críostaige, Do réir Chomhairle Ard-Easboig Thuama, agus Easbog na Cúige sin. Léigídhe do na leinbh beaga a theacht chugamsa, agus na toirmeasgaidhe iad: óir is lé n-a samhail sin ríoghacht Dé. Naomh Marcus x. 14 A m-baile Atha-Cliath: Clobhuailte le C.M.Mharrean, 8, Tighhe-shraid
So e an teagasc Críostaighe do mholamoid Chum usáide na g-Creidmheach, Ta faoi n-ar churam Seagan, Ard-Easbog Thuama Thomas, Easbog Cluan-foirt Padruic, Easbog Achonra Eadhmun, Easbog Cilmhicduach agus Cilfinóra Seorsa, Easbog Ghalibhe Thomas, Easbog a Chilala.
URNAIGHE NA MAIDNE A n-ainm, an-Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen. Cuireamoid sinn féin a bh-fiadhnuise Dé Deanamoid gníomh adhraidh Créidim, a Dhia, go bhfuil tú an so a láthair, go bhfuil tú aig féachaint orm; go bhfuil tu aig éisdeacht liom, agus go bhfuil fios agad air m'uile smuaintidhibh: adhraim agus onór-aim thú: admhaighim gur tú mo chruthuightheóir, agus m'ard-Tighearna: íslighim me féin go h-iomlán faoi do smacht. Gníomh buidheachais. Bheirim míle buidheachas duit, a Thighearna, fa gach tiodhlacadh agus grása d'a d-tug tú dham, ó tháinig me air an t-saoghal so, agus go h-airidhe fa mo thabhairt slán ó chodladh na h-oidhche réir. Gníomh gradha Dé. Gradhuighim thú, a Thighearna, ó mo chroidhe go h-iomlán, agus os cionn gach uile nídh, de
bhrígh gur tú an mhaith is feárr agus is gean-mhla air bith. Gníomh Ofrala. Ofralaim duit, a Thighearna, mo chorp agus m'anam, mo chroidhe, m'intinn, agus mo thoil; mo smuaintidhe, mo bhriathra agus mo ghníomhartha air feadh an lae so chum do ghloire agus d'onóra. Smuaineamoid anois air gach siocair pea-caidh, a mheasamoid a bheith romhainn a-niudh, agus déanamoid. Gníomh deághrúin. Tá rún agam, a Thíghearna, le congnadh do naomh-ghrása, gan nídh air bith a dhéanadh a-niudh, le smuainte, le briathar, le gníomh ná le faillighe a chuirfeas fearg ort, agus na peacaidhe, is mó d'a bhfuilim claon, a sheachaint: ta súil ágam gach buaireadh agus gach dócamhal d'a d-tiocfaidh orm air feadh an lae so, d'fhulang go foighideach, mar shásadh ann mo pheacaidhibh, a g-cuimhne gach masla agus anró d'ar fhulang mo shlanuightheóir go fonnmar air mo shon. Guidhim thú, as ucht páise d'aon-mhic Iosa Críosd, tré eidir-ghuidhe na naomh-maighdine Muire, na n-aingeal, mo naomh-patrúin Padruic, agus na naomh go h-uile, grása a thabhairt dham an deághrún so a chur a n-gníomh.
An Paidir Ar n-Athair, a tá air neamh; go naomhthar d'ainm; go d-tigidh do ríoghacht: go n-déan-tar do thoil air an talamh, mar ghnídhthear air neamh. Tabhair dhúinn a-niudh ar n-arán laetheamhuil: agus maith dúinn an bh-fiacha, mar mhaitheamoid-ne d'ar bh-fiachamhnaibh féin: agus ná léig sinn a g-cathughadh: act saor sinn ó olc. Amen. An t-Ave-Maria; nó, Fáilte an Aíngil 'S é do bheatha, a Mhuire, a tá lán de ghrása, tá an Tighearna leat: is beannuighthe thú thar na mnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhronn, Iosa. A naomh Muire, a mháthair Dé, guidh orainn-ne na peacachaibh, anois, agus air uair ar m-báis. Amen. Cré na n-Apstol Creidim a n-Dia, an t-Athair uile-chúmh-achtach, cruthuightheóir neimhe agus talmhan: agus a n-Iosa Críosd, a aon-mhac-san, ar d-Tighearna, a gabhadh ó'n Spiorad Naomh, a geineadh o Mhuire óigh, a d'fhulang páis faoi Phoint Phíoláid; a céasadh, a fuair bás, agus a h-adhlacadh; a chuaidh síos go h-ifrionn; a d'eirigh an treas la ó mharbhaibh; a chuaidh suas air neamh; a tá 'n a shuidhe air dheis Dé, an Athar uile-chúmhachtaigh: as-sin tiocfas do bhreith breithe air bheodhaibh agus air marbhaibh. Créidim san Spiorad Naomh, san naomh-Eaglais Chatoiliceach, a g-cumann
na naomh; a maitheamh na b-peacaídhe: a n-eiseirighe na g-corp: agus san m-beatha shuthain. Amen. Admhaighim do Dhia uile-chumhachtach, do naomh Muire a tá riamh 'na h-óigh, do naomh Micheal ardáingeal, do naomh Eóghhin baisde, do na naomh-apstolaibh Peadar agus Pól, do mo naomh Pátrún Padruic, do na naomhaibh go h-uile,
gur pheacuigh me go ro throm le smuaintidhibh, le briathraibh agus le gníomharthaibh: tre mo choir féin, tre mo choir féin, tre mo mhór-choir féin. Air an n-adhbhar sin, guidhim naomh Muire, a tá riamh n-a h-óigh naomh Micheál ardaingeal, naomh Eóghhin baisde, na naomh-apstoil Peadar agus Pól, mo naomh ratrún Pádruic, na naoimh go h-uile,
le guidhe air mo shon chum ar d-Tighearna Dia. Guidheamoid A Thighearna De uile-dhumhachtaigh, a thug slán go tosach an lae so sinn, cumhdaigh a-niud sinn le do ghrása, ionas nach g-claonfamois chum an pheacaidh: acht go m-beidheadh ar smuaintidhe, ar m-briathra, agus ar n-gníomh-artha stiúrtha cum do thola a dhéanadh agus d'aitheanta a choimhlionadh. Tré Criosd ar d-Tighearna. Amen. Liodáín Iosa A Thighearna, déan trocaire orainn. A Chriosd, déan trócaire orainn. A Tighearna, déan trócaire orainn. A Chriosd, éisd linn.
A Chríosd, tabhair toradh air ar n-guidhe. Athair neamhdha, a Dhe, déan trocaire orainn. A Mhic Dé, a fhuasgaltóir an domhain, déan trócaire orainn. A Spioraid Naoimh a Dhe, déan trócaire orainn. A Thríonóid Naomtha a De, déan trocaire orainn. A Iosa a Mhic Dé bhithbheóidh, A Iosa, a shoillse an athar, A Iosa, a dhealradh an t-soluis sior-ruidhe, A Iosa, a rígh na glóire, A Iosa, a ghrian an cheirt, A Iosa, a mhic na maighdine Muire, A Iosa ro gheanamhuil, A Iosa ro adhraimhuil, A Iosa, a De neartmhair, A Iosa, athair an t-saoghail le theacht, A Iosa, aingil na h-árd-chomhairle, A Iosa uile-chumhachtaigh, A Iosa ro fhoighidigh, A Iosa ró omósaigh, A Iosa, tá ceannsa, agus umhal ó chroidhe, A Iosa, a ghrádhuigheas an gheanm-naidheacht, A Iosa, a ghrádhuigheas sinn-ne, A Iosa, a Dhe na sióthcháine, A Iosa, úghdhair na beatha, A Iosa, a sgátháin na subháilcidhe, A Iosa, a tá teasghrádhach air ar n-anamnaigh, A Iosa, ar n-Dia, A Iosa, an n-dídean
A Iosa, athair na m-bocht, A Iosa, óircheiste na g-críosdaighthe, A Iosa, a thréadaidhe mhaith, A Iosa, a fhíor-sholuis, A Iosa, a eagna shíorruidhe, A Iosa, a mhaith dhochoimsighthe, A Iosa, an t-slíghe an n-firin agus an bheatha, A Iosa, urghairdeas na n-aingeal, A Iosa, a righ na b-Patriarc, A Iosa, a dheacdtoir na bh-faigh, A Iosa, a mhaighistir na n-Apstol, A Iosa, a theagasgthoir na Soisgeulaidhthe, A Iosa, a neirt na mairtireach, A Iosa, a sholuis na g-confesoiridh, A Iosa, a ghlaine na maighdean, A Iosa, a choróin na naomh uile, Déan trócaire orainn. Bídh trócaireach linn; coigil dúinn, Iosa. Bídh trócaireach linn; tabhair toradh air ar n-guidhe, Iosa. ó'n uile olc, ó'n uile pheacadh, ó d'fheirg féin ó chealgaibh an Diabhail, ó spiorad na Drúise, ó bhás síorruidhe, ó neamh-shuim ann do naomh-gaothaibh, as ucht d'ioncolnuighthe, as ucht do gheineamhna, as ucht do naoidheantachta, as ucht do bheatha ro dhiadha, as ucht do mhór-shaothar, as ucht do dhochair agus do phaise, as ucht do chroiche agus do thréigsine,
as ucht d'anbhfainne, as ucht do bhais agus d'adhlactha, as ucht d'eiséirighe, as ucht do dheasgábhála, as ucht d'urgháirdis, as ucht do ghlóiré, Saor sinn, Iosa. Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain Coigil dúinn, Iosa, Uaghain Dé, a thóghbhas peacaidhe an domhain Eisd linn, Iosa. Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain: Déan trócaire orainn, Iosa. Iosa, éisd linn. Iosa, tabhair toradh air ar n-gúidhe. V. Go naomhthar anim an Thighearna. R. Anois agus go sioruidh. Amen. Guidheamoid A Thigearná Iosa Críosd, a dubhairt: iarraidh agus gheabhfaidh sibh; cuartuighidhe agus bhéirfear dhíbh: buailidhe an doras agus fosgólar dhíbh: tabhair dhúinn claonadh fonnmhar chum go ghradha ro dhiadha, ionas go n-gra-dhóchamois thú le n-ar g-croidhé, le n-ar m-béal agus le n-ar n-gníomharthaibh go h-iomlán, agus go molfamois thú gan scith lé saoghal na saoghal. Amen.
Urnaighe an Tráth-nóna.
Liodáin Muire. Cuireamoid sinn féin faoi do choimirc, a Naomh mháthair Dé, ná tarcuisnigh an urnaighe a ghuidheamoid chugad ann ar riochtanas, acht saor sinn go cinnte ó gach uile ghádh, a mhaighdean ghlórmhar bheannuighthe. A Thighearna, déan trócaire orainn. A Chríosd, déan trócaire orainn. A Thighearna, déan trócaire orainn. A Chríosd, éisd linn. A Chríósd, tabhair toradh air ar n-guidhe. Athair neamhdha e Dhe, déan trócaire orainn. A Mic Dé, a fhuasgaltóir an domhain, déan trócaire orainn. A Spioraidh naoimh a Dhe, déan trócaire orainn. A Thríonóid naomhtha a Dhe, dean trócaire orainn. A naomh Muire, A naomh mháthair De, A naomh mhaighdean na maighdean, A mháthair Chríosd, A mháthair na n-grása diadha, A mháthair ro glan, A mháthair ro gheanmnaidhe, A mháthair gan truailliughadh, A mháthair gan toibhéim, A mháthair gheanamhuil, A mháthair iongantach,
A mháthair ar g-Cruthuightheora, A mháthair ar Slánuightheóra, A mhaighdean ro eagnach, A mhaighdean ro airmhidneach, A mhaighdean chliutach, A mhaighdean chumhachtach, A mhaighdean thróchaireach, A mhaighdean dhileas, A sgátháin an cheirt, A chathaoir na h-eagna, A adhbhair ar luathgháire, A shoithigh spioradálta, A shoithigh onóraigh, A shoithigh oirdheirc an chrabhaidh, A róis rún-diamhair, A thuir Dáibhi, A thuir eabhurdha, A thigh órdha, A airt an conraidh, A dhorais fhlaithis, A réalt na maidne, A shláinte na n-easlán, A choimirc na b-peacach, A shóláis lucht an dubroín, A chongnadh na g-críosdaighthe, A bhainríoghan na n-aingeal, A bhainríoghan na b-patriarc, A bhainríoghan na bh-fáigh, A bhainríoghan na n-Apstol, A bhainríoghan na mairtíreach, A bhainríoghan na g-confesoiridh, A bhainríoghan na maighdean, A bhainríoghan na naomh go h-uile. Guid orainn.
Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain, coigil dúinn, a Thighearna. Uaghain Dé, a tógbhas peacaidhe an domhain, Eisd linn, a Thighearna. Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain, Déan trócaire orainn. A Chríosd, éisd linn. A Chríosd, tobhair toradh air ar n-guidhe. V. Guidhe orainn, a naomh-mhathair Dé. R. Ionas go mb' fhiú sinn geallamhna Chríosd d'fhághail. Guidheamoid. Impigheamoid tú, a Thighearna, dóirt do ghrása ann ar g-croidhtheachaibh, ionas, réir mar fuaramar fios ioncolnuighthe Chríosd do Mhic, tre theachtaireacht an Aingil, go d-tiocfamois tré luaighteacht a phaise agus a chroiche go h-eiseirighe ghlórmhar: trid an Críosd céadna ar d-Tighearna. Amen. Go m-beannuighthear dhuit, a bhainríoghan bheannuighthe, a mháthair na trócaire, ar m-beatha, ar milseacht, agus an n-dóthchus. Is ort a sgreadamoid-ne, clann bhocht dhíbeartha Eabha. Is chugad a chuireamoid suas ar n-osnaigheal aig déanadh tursa agus gola a n-ghleann so na n-deór. Féach orainn mar sin a charaid lé do shuilibh trócaireacha, agus nuair a bheidheas an n-díbearthact air an t-saoghal so críochnuighthe, taisbean dúinn to-radh beannuighthe do bhronn, Iosa. A mhór-thrócaireach, a mór-chráibhtheach, a mhór-mhilis, a Maighdean Muire.
Tháinig aingeal an Tighearna lé teachtair-eacht aig Muire, Agus ghabh sí ó'n Spiorad Naomh. 'S é do bheatha, a Mhuire, etc. Feach mise searbhfhóghantuighe an Tighearna, Déantar liom mar dubhrais. 'S é do bheatha, a Mhuire, etc. Agus rinneadh feóil d'an m-briathar, Agus chomhnúigh se eadrainn, 'S é do bheatha, a Mhuire, etc. V. Guidh orainn, a naomh-mhathair Dé. R. Ionas go m-b' fhiú sinn geallamhna Chríosd d'fhághail. Tabhair cuairt, a Tighearna air an teach so, agus díbir uáidh gach cealg an Diabhail; déanadh na h-aingil bheannuighdhe áras an, d'ar g-cosaint a síothchain: agus go g-comhnuighe dó bheannacht féin go síorruidhe ann ar measg. Tre Críosd an d-Tighearna. Amen. Guidheamoid le n-anamnaibh na marbh a tá a b-purgadóir. Paidir agus failte an Aingil, etc. A Dhia, a chruthuigh agus a shlánuigh na fír-éin go h-uile, tabhair d'anamnaibh na marbh maitheamhnas ann a b-peacaidhibh, ionas go bhfuighidís tre eidir-ghuidhe chráibhtheach an luaigheacht, le n-á rabh suil aca a g-comh-nuighe, tre Iosa Críost ar Tighearna. Amen.
A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Maoimh. Amen. Gníomhartha Croidhe-bhrúghaidh, Creidimh, Dóth-chuis, agus grádha. Urnaighe roimh na gníomhartha. Guidheamoid. O a Dhia shíorruidhe, uile-chumhachtaigh, tabhair dhúinn bréis creidimh, dothchuis agus ghradha; agus chum go bhfuigheamois toradh do naomh-gheallamhna, tabhair dhúinn grása d'aitheanta do ghradhughadh agus do choimhlionadh: tre Iosa Críosd ar d-Tighearna. Amen. Gníomh Croidhe-brughaidh. O mo Dhía tá doilghíos croidhe orm fa fhearg a chur ort: agus tá fuath firinneach agam do mo pheacaidhibh, de bhrígh go bhfuíl siad mío-thaithneamhach ann do láthair-se, a Dhia, a thuilleas mo ghrádh go h-iomlan de taobh do mhaitheasa dóchoimsighthe, agus do cháilidheachta ro gheanamhla: agus tá rún dhiongmhálta agam, lé congnadh do naomh-ghrása, gan fearg a chur onth aris go bráth. Gníomh Creidimh. O mo Dhia, creidim go diongmhálta gur aon Dia amháin thú, Cruthuightheóir agus ard-Tighearná neimhe agus talmhan: gu bhfuil do mhaith-eas agus do chumhacht dóchoimsighthe: creidim go diongmhalta go bhfuil ionnad-sa, an t-aon Dia
amhain, trí pearsanna diadha, eidirdhealbhtha, agus comh-ionann ann gach uile nidh, mar tá an t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad Naomh: creidim go diongmhálta gur ghlac Iosa Críosd, Dia an Mac colann daonna; gur gabhadh ó'n Spiorad Naomh é: gur rugadh é ó'n Maigdean Muire: gur shulang sé páis, agus go bh-fuair bás air an g-croich le sin-ne d'fhuasgailt agus do shlanughadh: gur éirigh sé an treas lá ó mharbhaibh: go n-deachaidh se suas air neamh: go d-tiocfaidh sé aig deireadh an t-saoghail chum breitheamnais do thabhairt air an g-cine daonna; go d-tiubhraidh sé aoibhneas síorruidhe do na deágh-dhaoinibh: agus go d-teilgfidh sé an drong mhalluighthe go pianta síorruidhe ifrinn. Creidim so agus gach nidh eile a chraobhsgaoileas an naomh-Eaglais Chatoiliceach Rómhánach dhúinn, de bhrígh gur tusa a Dhia, an fhírinne do-mheallta a d'fhoillsigh iad, agus gur orduigh tú dhúinn éisdeacht leis an n-Eaglais,
, mar is sí bun agus piléir na fírinne í.
Ansa g-creideamh so ta rún daingean agam, lé congnadh do naomh-ghrása, mo bheatha chaithead agus bás d'fhághail. Gníomh Dóthchuis. O Dhia, a gheall go thrócaireach gach tabhar-tas agus fós flaitheas féin tre Iosa Críosd don dream a chóimhlíonas dh'aitheanta: lé muiníghin as do mhór-chumhacht, do mhór-mhaitheas do mhór-thrócaire agus do gheallamhna naomhtha a choimhlionas tú a g-comhnuighe go fírinneach
ta dóthchus láidir agam, go d-tiubhraidh tú maitheamhnas dam an mo pheacaidhibh go h-uile, grása air an tsaoghal so chum do sheirbhíse a dhéanadh go dúthrachtach, le déanadh na n-deágh-oibreacha a d'orduigh tusa, agus a tá rún agam le do chongnadhsa a coimhlíonadh: agus aoibhneas síorruidhe air an th-saoghal eile, tré mo Thighearna agus mo shlanuightheóir Iosa Críosd. Gníomh Carthannachta, no Gníomh grádha Dé agus na Comharsann. O Dhia, gradhuighim thú lé mo chroidhe, agus le m'anam go h-iomlán, agus os cionn gach uile nídh, de bhrigh go bhfuil tu ro maith agus ro iomlán agus go d-tuilleann tú mo ghrádh go h-uile. Agus air do shon-sa gradhuighim mo chomharsa mar mé féin. Tabhair dham as ucht do thrócaire, o mo Dhia, tar eis do ghradhuighthe anso air talamh go n-gradhóchainn agus go sealbhóchain thu go síorruidhe a bh-flaitheas. Urnaighe le rádh roimh an Aifrionn. Guidheamoid. O Athair ro thrócairigh, a ghradhuigh cho-mór sin an domhan, go dh-tug tú suas chum sinn-ne do shlánughádh d'aon Mhac muirneach féin: an te, le h-umhlacht duit-se agus air ar son-ne
na peacachaibh, d'ísligh é féin fós go bás na croiche, agus a thoirbhireas é féin go láe-theamhuil air an n-Altóir tré fhriothóladh na Sagart air son na m-beódh agus na marbh, athchuingeamoid thú go h-umhal beódh-chreideamh a spreagadh ionnainn, cum go n-iamchoramois sinn féin le h-iomad cráibhtheachta agus ómois, a láthair toirbhirthe uaisle a chuid fola agus feóla a déantar ansa n-aifrionn: agus chum go m-beidheamois rann-pháirteach ansa n-iodh-bairt a chríochnuigh sé air Calbhari. Air aon intinn le do naomh-Eaglais agus le n-a sagartaibh agus aig iarraid eidirghuidhe na naomh-maighdine Muire máthar De, na n-Aíngeal agus na naomh go h-uile, toirbhir-eamoid anois íodhbairt ro adhramhuil an aif-rinn, chum d'onóra agus do ghlóire, aig admháil do cháilídheachta neamh-choimsighthe, d'ard chéime os cion gach créatúir, ar d-tuilliomuidhe go h-iom-lan ort: aig glacadh buidheachais leat fá do thiodhlacaibh agus aig iarraidh maitheamhnais ort ann ar b-peacaidhibh. Ofralamoid suas e air son lán-shíolrughadh an chreidimh catoilicigh; ar son an n-athar ro naomhta an Pápa: air son ar n-Ard-Eas-boig
air son tréadaidhthe na h-eaglaise go léir, chum go stiúrfaidís na fíréin a slighe a slánuighthe; air son na bainríoghaine agus gach duine d'a bhfuil a n-ard-réim: air son síothcháine agus car-thannachta a measg gac tire agus gach pubuil: air son riachtanais an chine daonna agus go mór-mhór air son an phobuil a thá an so a
láthair, cum go bh-fuigheamois gach tiodlacadh d'a bhfuil d'easbhaidh orainn air an t-sáoghal so, aoibhneas do-chríochnuighthe air an t-saoghal eile, agus suaimhneas síorruidhe do na h-anam-naibh a chuaidh air shluagh na marbh. Agus de réir mar d'orduigh Iosa Críosd, nuair a thionsgan sé, aig an suipéar déigh-ionach, rún-diamhair ro iongantach so a chu-mhachta, a chríonnachta agus a mhaitheasa, tairgeamoid suas an t-aifrionn a g-cuimhne buidheach air gach nidh d'a ndeárnaidh sé agus d'ar fulang sé air ar son; aig déanadh cuimhne speisiálta air a ghéar-pháis agus air a bhás; air a eiseirige ghlórmhar agus air a dhul suas air neamh. O, a Dhia shíor-ruidhe, uile-chumhachtaigh, <óir is duitse amháin is dual íodhbairt cho-mór so,> deónuigh go tróchaireach a ghlacadh chum na g-críoch so agus gach criche eile, d'o bhfuil taithneamhach le do naomh-thoil. Agus ionas go m-beidheadh sé níos taithneamhaighe ann do Láthair, ofrala-moid duit é trid an Iosa Críosd ceadna, ar n-árd-shagart agus ar n-íodhbairt; agus a n-ainm da Tríonóide ro Maomtha, an Athar, agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
AN TEAGASG CRÍOSDAIGHE An chead léighean Ceisd. Cad é an nídh an teagasg Críos-daighe? Freagradh. Ta míníughadh soilléir, so-thug-siona air an g-creideamh Catoiliceach, air na h-aitheantaibh agus air neithibh eile, a tá riachtanach chum ar slanuighthe. C. An éigin dúinn meas mór a bheith againn air an teagasg Críosdaighe? F. Is éigin; de bhrígh gur b'é an teasasg céadna é, a mhúin Criosd agus na h-Apstoil. C. Cia an modh air ar cóir dhúinn an tea-gasg Críosdaighe d'fhóghlaim? F. Is cóir dhúinn éisdeacht leis go h-aireach, macanta, módhamhuil, cho-maith agus dá m-beidheadh ar d-Tighearna Iosa Críosd aig caint linn
. C. Cia an modh air ar gnáthach linn an teagasg Críosdaighe, agus oibreacha craibh-theacha eile a thosúghadh agus a chríochnnughadh? F. Is cóir dhúinn sinn féin a choisreacan, sé sin, comhartha na croiche a ghearradh orainn féin. C. Cadh chialluigheas comhartha na croiche? F. Is é comhartha deisciobhail dhílis Chríosd é, a tá reidh, ollmhuighthe le teagasg Chríosd d'admhail, agus le n-a chroich d'omchar. C. Cia an modh air a g-coisreacann tú thú féin? F. Aig cur na laimhe deise air chlár an éadain, as sin air iachdar m'uchta, as sin air
an n-gualáinn chlé, agus deis, aig radh: A n-Aínm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen. C. An cóir dhúinn comhartha na chroiche a ghearrdh orainn féin go minic? F. Is cóir, air lorg agus réir shompla na g-céad-chríosdaighthe; oir dearbhan aon de na h-aithreachaíbh naomhtha dhuinn, go m-budh ghnáthach leó comhartha na croiche a ghearradh go fior-mhinic orra féin, go h-airidhe, aig luidhe agus aig eirighe, aig dul chum aisdir no chum bhidh. C. Cad cialluigheas Amen? F. Bidhead mar sin. An Dara Léigheann D'an chreideamh C. Cia chruthuigh agus chuír air an t-saoghal thú? F. Dia. C. Cad fá'r chruthuigh Dia agus ar chuir sé air an t-saoghal thú? F. Cum eóluis d'fhaghail air, chum e a ghradh-ughadh, chum a thola do dhéanadh agus chum na beatha siorruidhe do shaothrughadh leis an meódhan-so. C. Cad is éigin do dhuine a dhéanadh chum go saothróchadh se an bheatha shíorruidhe? F. Is éigin dó ceithre neithe do dhéanadh. C. Cad é an chead níd? F. Gach nidh a d'fhoillrigh Dia agus a mhúineas an Eaglais dúinn, a chreideadh go diongmhálta.
C. Cad é an dara nídh? F. Aitheanta Dé agus na h-Eaglaise do
.
C. Cad é an treas nídh? F. Na sacramuinte do ghlachadh leis an n-ollmhughadh tá riachtanach.
C. Cad é an ceathramhadh nídh? F. Ta an n-dothchus a chur a n-Dia, agus a choimirc d'iarraidh go minic leis an n-urnaighe. Mathh. xvii 20 C. Cad fa roinneann tú an teagasg críos-daighe 'n a cheithre chuidh? F. Le ughdarás agus de réir shompla an tea-gaisg criosdaighe is foir-leithne agus is feárr mínighthe d'ar cuireadh ríamh a g-ceann a cheile. C. Cia an teagasg críosdaighe é sin? F. Ta teagasg críosdaighe Chomhairle na Trente < Coimhthionoil na Trente > a cuireadh a bh-fuirm, le h-ordughadh an chúmhachta is airde ansa n-Eaglais Catóil-iceach agus a moltar do gach tréadaidhe a lean-mhuin aig teagasg na bh-fíréan. An Treas Léighean. C. Cia an nídh an creideamh? F. Ta súbhailce dhiadha tre a g-creid-eamoid gach nidh d'ar fhoillsigh Dia agus d'a múineann an Eaglais dhúinn. C. An riachtanach do gach uile dhuine creideamh a bheith aige? F. Is riachtanach; de bhrígh nach féidir aon-neach do shlánughadh gan creideamh. Ea-bhruighibh xi.6 C. Déan gníomh creidimh. F. O mo Dhia, creidim go diongmhálta gach nídh d'ar fhoillsighis agus d'a múineann tú treas
an Naomh Eaglais Chatoiliceach; de bhrigh go bhfuil tú ro fhirinneach an do bhriathraibh; agus gur b'í an Eaglais bun agus piléir na fírinne. C. Ca mhéid cineál creidimh ann? F. Dá chineal: se sin, creideámh le deagh-oibreachaibh agus creideamh gan deag oibreachaibh. C. An fhéidir neach a shlanúghadh le crei-deamh gan deagh-oibreachaibh? F. Ní féidir: molann an Sgrioptúir naomhtha dhúinn a moran d'áitibh déagh-oibreacha do dhéanadh; agus go bhfuil siad taithneamhach a láthair Dé.
C. Ca bhfuil na príomh-airteagail is éigin dúinn a chreideadh? F. A g-Cré na n-Apstol. C. Abair an Chré. F. Creidim a n-Dia an t-Athair uile-chúmhachtach, cruthuightheóir neimhe agus talmhan: agus á n-Iosa Críosd, a aon-mhac-san, an d-Ti-ghearna, a ghabhadh ó'n Spiorad Naomh, a geineadh ó Mhuire óigh, a d'fhulang páis faoi Phoint Phíoláid: a céasadh, a fuair bás agus a h-adlácadh; a chuaidh síos go h-ifrionn: a d'éirigh an treas lá o mharbhaibh: a chuaidh suas air neamh: a tá 'n a suidhe air dheis Dé an Athar uile-chúmhachtaigh: as sin tiocfas do bhreith bhreithe air beódhaibh agus air mharbhaibh. Creidim san Spiorad Naomh, san naomh-eaglais catoiliceach, a g-cumann na naom: a maiteamh na b-peacaidhe: a n-eiseirighe na g-corp: agus san m-beatha shuthain. Amen.
An ceathramhadh Léighean. C. Cad é an chéad nídh, is cóir do gach uile chríosdaighe a chreideadh? F. Go bhfuil aon Dia amháin ann: is é so an chead airteagal d'an chré. C. Cia he Dia? F. Cruthuightheóir neimhe agus talmhan: agus ard-Tighearna gach uile nidh.
C. An rabh Dia ann, gach uile am? F. Bidh agus roimh gach uile am; de bhrígh go bhfuil sé gan tús, gan deireadh. C. Ca bhfuil Dia? F. Ta sé air neamh agus air tálamh, agus ann gach uile bhall d'an domhan. C. An bh-feiceann sé gach uile nidh? F. Chigh se gach uile nídh, go fíu na smuain-tidhe is uaígníghe a g-croidhe an duine. C. Cá mhéid Dia ann? F. Ní fhuil acht aon Dia amháin: a bheir-feas aoibhneas síorruidhe do na deagh-dhaoinibh agus pianta siorruidhe don drong lochtach. C. Cá mhéid pearsa a n-Día? F. Trí pearsanna, eidirdhealbhtha agus coimh-ionann an gach uile nídh: mar ta: an t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad Náomh. C. An Día an t-Athair? F. Is ead go deimhin. C. An Dia an Mac? F. Is eadh go deimhin.
C. An Dia an Spiorad Naomh? F. Is eadh go deimhin.
C. An trí Dethe iad?
F. Ni head, acht aon Dia amháin á d-tri b-pearsannaibh: dé bhrígh nach bhfuil aca achd aon nadúir agus aon t-substaint amháin dhiadha. C. Cad is ainm do na trí pearsannaibh a n-aoinfheacht? F. An Tríonóid ro Naomhtha, no aon Dia amháin a d-trí b-pearsannaibh. C. Cia aca is sine, nó is óige, no is cumhachtaighe? F. Is ionann aois, uaisle agus cumhacht dhóibh araon. C. Cad is éigin a dhéanadh chum na Trí-onóide naomhtha d'onóradh? F. Is éigin dúinn an rún-diamhair ro dho-mhain so a chreideadh go daingeán: buidheachas a thabhairt do Dia fa eólus a thabhairt dhúinn air: agus Dia na glóire d'adhradh a d-trí b-pearsannaibh, go spesialta air maídin agus trath-nóna agus a d-tús gach urnaighe; aig rádh, Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naom: mar bhidh ó thús, agus mar tá, agus mar bheidheas lé sáoghal na sáoghal. Amen. An cúigeadh Léighean. C. Cad thuigeas tú lé ioncholnughadh? F. Coimhcheangal na nadúire diadha agus na nadúire daonna a n-aon pheársainn diadha amháin. C. Cia de thrí pearsannaibh na Tríonóide a ghlac colann daona? F. Mac De an dara pearsa den Trí-onóid ro naomhtha
C. Cad thuigeas tú le rádh gur ghlac sé colann daonna? F. Tuigim gur ghlac sé corp agus anam mar tá againn-ne. C. Cia an áit ag ghlach se an corp agus an t-anam-so? F. A m-broinn na maighdine glórmhaire Muire, a mhathair.
C. Cia an módh ar thárlaidh so? F. Lé h-oibriúghadh an Spioraid Naoimh do cumadh corp. Iosa Críosd a m-broinn na maighdine Muire. C. Cad chialluigheas an focal Iosa? F. Cialluigheann sé Slánuightheoir. C. Nach n-dlighthear onóir áiridhe d'ainm Iosa? F. Dlighthear, oir orduighthear gach glún a chlaonadh d'ainm Iosa.
C. Cad chialluigheas an focal Críosd? F. Cialluigheann se ungtha no olaighte. C. An Dia Iosa Críosd? F. Tá se 'na Dia agus 'na dhuine a n-aoin-fheacht.
C. An rabh sé a g-comhnuighe 'na Dia? F. Bhidh. C. An rabh sé a g-comhnuighe 'na dhuine? F. Ni rabh, acht o aimsir a ioncholnuighthe. C. Ca mhéid naduir a n-Iosa Críosd? F. Tá dhá nadúir; se sin, nadúir dhíadha agus nadúir daonna, oir ta sé 'na Dhia agus 'na dhuine. C. Ca mhéid pearsa a n-Iosa Críosd? F. Ni bhfuil acht aon phearsa amháin; se sin, pearsa Mhic Dé amháin.
C. Ca bhfuil ar d-Tighearna Iosa Críosd? F. An méid gur Día é, tá sé ann ghach iule áit: acht an méid gur duine é, tá sé air neamh amháin agus a naomh-shacramuint na h-altóra. An Seiseadh Léighean. C. Cad fá'r ghlac Mac Dé, colann daonna? F. Lé sinn-ne fhuasgailt ó'n b-peacad, agus an sabháil ó dhamnúghadh síorruidhe.
C. Cia an modh ar shabháil se sinn? F. Le bás agus páis na croiche d'fhulang air ar son. C. Cad fá'r damnuighead an cine daonna mar so? F. Fa easumhlacht ar gcéad cheap sinsir, Adhamh agus Eabha, a d'ith abhal na h-aithne a b-Páirthas.
C. Cia an lá do rugadh Iosa Críosd? F. Lá nodhlac air uair na meodhan-oidhche. C. Cía an modh ar chaith ar Slánuightheoir Iosa Críosd a bheatha go h-aois a dheich m-bliadhan fithcheadh? F. Do chaith sé a bheatha go h-uaigneach; agus beagnach gan fhios don t-saoghal a g-comh-luadar a mhathar bheannuighthe.
C. Cad rinne sé o aois a dheich m-bhliadhan fithchead go h-am a bháis? F. Mhúin se do na daoinibh slighe a slánuighthe le n-a theagasg agus le n-a dhéagh-shompla: agus rinne sé iomad míonbhuilidh le n-a theagasg a chruithughadh agus a choimhneartúghadh. C. Cia an lá a fuair se bás?
F. Aoine an chéasta. C. Cad fá bh-fuair se bás? F. Le sasadh a thabhairt do Dhia ar son an b-peacaidhe.
C. Cia an lá d'éirigh sé ó mharbhaibh? F. Domhnach Cásga, an treas lá tar éis a bháis. C. Ca rabh a anam air feadh na d-trí lá sin? F. Bhidh se a límbo; se sin, ifrionn na n-aithreach naomhtha; le fuasgailt a thabhairt do na h-anamnaibh a bhidh a n-géibhionn ann.
C. Cia an lá chuaidh sé suas air neamh? F. Díardaoin Deasgabhála, dhá fhithchead lá tar éis na h-eiseirighe. C. An d-tuirleonnaidh Críosd ar slánuigh-theoir ó neamh aig deireadh an domhain? F. Tuirleónaidh se go soilléir, le breith-eamhnas a thabhairt air bhéodhaibh agus air mharbhaibh de reir a n-gníomhartha. C. Cia an lúach-saothair a bheirfeas Dia do na-deagh-dhaoinibh? F. Glóir fhlaitheamhnais agus an bheathá shiorruidhe. C. Ca rachfaidh na daoine lochtacha a gheabh-fas bás air staid pheacaidh marbhtha? F. Rachfaidh siad go fíor-íachdar ifrinn, an áit a mbéidhidh siad d'a losgadh a measg na n-deamhan air feadh na síorruidheachta. An Seachtmadh Léighean. C. Cia he an Spiorad Naomh? F. An treas rearsa d'an tríonóid ro naomhtha.
C. Cia an lá a thuirlinn an Spiorad naomh air an Eagláis? F. Domhnach Cingcighise, deich lá tar éis deasgabhala. C. An d-tugthar an Spiorad naomh dhúinn anois? F. Do bheirthear é air mhodh dho-fhaicsiona don mhuintir a bhidheas ollmhuighthe, mar is cóir, chum a ghlactha. C. Cad is cóir dhúinn a dhéanadh ionas go d-tuir-leónadh an Spiorad naomh ann ar g-croidhe? F. Is cóir dhúinn a ghuidhe go minic, a theacht agus seilbh a glacadh air ar g-croidhe: ar g-cóin-sias a ghlanádh ó gach uile smal peacaidh agus a bheith sióthchánta, carthannac leis an g-comharsainn. C. Ca bhfuil an Spiorad Naomh? F. Tá sé ann gach uile áit: agus air mhodh speisialtha a n-anamnaibh na bh-fíréan. C. Cad é a ghnidheas an Spiorad Naomh a n-anamnaibh na fíréan? F. Naomhann sé iad lé n-a ghrása agus cuid-igheann se leó ann a riachtanas. C. An cóir dhúinn congnadh an Spioraid Naoimh d'iarraidh go minic? F. Is cóir; de bhrígh nach féidir linn nídh air bith a dhéanadh chum ar n-anam a shlánúghadh gan congnadh an Spioraid Naoimh. C. Cia an mhaith eile a ghnidheas an Spi-orad Naomh dhúinn? F. Soillsigheann sé agus treóruigheann sé an Eaglais aig múnadh gac firinne dhi go deireadh an t-saoghail, de réir gheallanma ar slá-nuightheóra Iosa Críosda.
An t-ochtmhadh Léighean. C. Cia an nídh an Eaglais? F. Co-chruinniughadh na g-Críosdaighthe, a admhaigheas an creideamh fíor: agus tá umhal don Papa.
C. Cia hé ceann na h-Eaglaise? F. Criosd air neamh a cheann dofhaicsiona: agus an Pápa air talamh a cean sofhaicsíona. C. Cia hé an Pápa? F. Comhárba naomh Peádáir agus fear-ionaid Iosa Críosd air an talamh. C. An riachtanac do dhuine a bheith ansa n-Eaglais fhírinneach? F. Is riachtanach; ni bhfuil slánughadh lé fághail amuigh as an n-Eaglais,
oir mar nach bhfuil acht aon-Dia amhain, aon-chreideamh amhain, agus aon-bhaisdeadh amháin ann, mar a g-ceadna ní bhfuil ann acht aon-eaglais amháin fhírinneach.
C. An bhfuil an Eaglais fhírinneach so-fhaicsiona? F. Tá: oir cuireann an Sgrioptúr an Eaglais a g-comórtus le cathair suidhte air mhullach sléibhe nach féidir a chur a bh-folach
C. Cia hí an Eaglais fírineach? F. An Eaglais Chatoiliceach Romhánach. C. Cad fa n-deir tú gur b'í an Eaglais Chatoiliceach Romhánach an Eaglais fhírinneach? F. De bhrígh gur b'aicise amháin a tá na comh-arthaidhe le a n-aithnighthear an Eaglais fhírinneach. C. Cád iad comharthaidhe na h-Eaglaise fírinnighe?
F. Ta sí aonda,
- naomhtha, 25,26 - catoiliceach,
- agus apsto-lach.
. C. Cad as a n-deir tú go bhfuil an Eag-lais Romhánach aonda? F. Do bhrígh go n-admhaigheann a clann an creideamh céadna; go bhfuil siad umhal don chean agus don dlighe céadna: agus go bhfuil siad rann-pháirteach ansna sacramuintibh céadna. C. Cad as a n-deir tú go bhfuil an Eag-lais Romhánach Naomhtha? F. Mar tá a ceann Iosa Críosd naomhtha: ta a teagasg agus a sacramuinte naomhtha: agus mar bhidheas iomad mhór d'a clann gach uile am aig caitheadh beatha naomhtha bheannuighte ann gach rann d'an domhan go h-uile. C. Cad as a n-déir tú go bhfuil an Eag-lais Romhanach Catoiliceach? F. De bhrígh go bhfuil sí air bun ó aimsir Chríosd, agus go m-beidhidh go deireadh an t-saoghail, sgartha go foirleathan air feadh an domain mhóir. C. Cad ás a n-deir tú go bhfuil an Eag-lais Romhánach Apstolach? F. Mar is iad na h-Apstoil an bunn air ar thóg Críosd an Eaglais: agus gur gheall sé a bheith leó agus leis na h-Easboig 'n a n-diaigh d'a stiuradh agus d'a d-teagasg ann gach fírinne go deireadh an domhain. C. Cad as a n-goirthear Eaglais Rómh-anach d'an Eaglais? F. Mar budh é naomh Peadar, prionsa na n-Apstol, céad Easbog na Róimhe: agus mar d'fhan a chumhacht aig gach Easbog d'a d-tainig air a lorg ann ó sin anuas.
An Naoimheadh Léighean. C. Cad thuigeas tú le cumann na naomh? F. Tuigim go bhfuil fíor-chlann Chríosd go h-uile rann-pháirteach a n-ionmhus spiora-daltá na h-eaglaise. Corinth.xii.12 C. Cad é an t-ionmhus spioradalta so ann a bhfuil baill na h-eaglaise rann-pháirteach? F. Na sacramuinte, náomh-iodhbairt an aifrinn, urnaighe ná h-eaglaise agus déagh-oib-reacha na bh-firéan. C. Nach bhfuil cumann éigin eidir na Críos-daighthe air talamh agus na naoimh air neamh? F. Tá: déanamoid-ne urnaighe chuca-san agus fághann siad-san congnadh ó Diá le n-a n-eidir-guighe dhúinn-ne tre Iosa Críosd.
C. An d-téidheann saidhbhreas spioradálta-so no h-eaglaise a sochar do na h-anamnaibh a tá a b-Purgadoir. F. Téidheann: fághann siad solás agus furtacht le naomh-iodhbairt an aifrin, lé urnaighe agus lé déagh-oibreacha na bh-fíréan.
. C. Cia an nídh Purgadóir? F. Tá ait fulangtha pian, ann a g-cong-bhaighthear air fheadh aimsire áiridhe anamna na bhfíréan a fuair bás gan sásadh iomlán a thabhairt uatha an a b-peacaidhibh air an t-saogal so. C. An ruin d'an t-saidhbhreas spioradal-taso an loghadh? F. Is eadh. C. Cad thuigeas tú le loghadh? F. Tuigim go maithtear leis an loghadh an phian
aimsiordha, a dlighthear don pheacadh, tar eis an cháin shiorruidhe a bheith maithe. <2 Corinth.ii.6.> C. Cad thuigeas tú le maitheamh na b-peacaidhe? F. Tuigim go d-tug Iosa Críosd cúmhacht d'a Eaglais na peacaidhe do mhaitheadh: agus slighe bhríoghmhar lé a naomhtar na daoine. C. Cad thuigeas tú lé eiséiríghe na g-corp? F. Tuigim go-n-éireóchaidh na daoine go h-uile leis na corpaibh céadna, a bhidh aca air an t-saoghal-so. C. Cad thuigeas tu léis an m-beatha shúthain? F. A bheith aig féachaint air Dhia aghaidh air aghaidh, d'a ghradhughad ó n-ar g-croidhe go h-iomlán, agus d'a mholadh agus d'a shealbhughad le saoghal na saoghal. C. Cia hiad a rachfas go flaitheas? F. An mhuintir a choimhlíonas aitheanta Dé agus na h-eaglaise agus a fhaghas bás a staid na n-grása. An Deachmhadh Léighean C. Cad é an dara nídh tá riachtanach chum an slánuighthe? F. Tá aitheanta Dé agus na h-eaglaise a choimhlíonadh.
C. Cad fa d-tug Dia a naomh-aitheanta dhúinn? F. Ionas go m-beidhidís 'n a riaghail d'ar n-gniomharthaibh, aig tabhairt eóluis dúinn air na lochtaibh is cóir dhúinn a sheachaint agus air na subhail-cidhibh is cóir dhúinn a thaithighe.
C. Ca mhéid aithne thug Dia dhúinn? F. Deich n-aitheanta. C. Abair iad
F. Na deich n-aitheanta: - 1. 'S mise amhain do Dia, da tturfir gradh. 2. Anim an Tiaghrna Dia, na toir gan fá. 3. Coimead an t-shaoire naomhtha, mar is coir. 4. Do d-athair 's do mhathair mó ghus onoir toir. 5. Na deán marbhadh, seácain fuath gus fearg. 6. Na dean druis; 's na clan le 'gaethe garg. 7. Na dean goid, na eagchoir, an ean am. 8. Na toir a n-aghaid do chomharsa, fínis cham. 9. Na santuigh bean do comharsain, le do lo. 10. 'S a chuid na 'mhaoin na santuigh fós go deo. C. An bhfuil sé riachtánach áitheanta Dé go h-uile do choimhéad? F. Ta, air a n-adhbhar, an té bhriseas aon-aithne amháin lé peacadh marbhtha, tuilleann se damnughadh síorruidhe. C. Ca bhfuil suim no aithghiorra na n-aith-eanta? F. Tá, Dia go ghradhughadh os cionn gach uile
nídh, agus do comharsa mar thú féin; is é so coimhlíonadh an dlighe.
An t-aonmhadh-Léighean-déag. C. Abair an chéad aithne. F. Is mise an Tighearna do Dia: ní bhéididh Dethe coimhightheacha agad ar mo láthair-se. C. Cad é a chuireas an chéad aithne d'ualach crainn a dhéanadh? F. Cuireann sí d'ualach orainn, creideadh an n-Dia, ar n-dothchus a chun ann, a adhradh agus grádh ar g-croídhe go h-iomlan a thabhárt do.
C. Cad fá bhfuil d'ualach orainn creideadh a n-Dia? F. Mar tá sé fírinneach. C. Cad fa bhfuil d'ualach orainn ar n-dóthchus a chur a n-Día? F. Mar tá sé uile-chumhachtach agus díleas d'a gheallamhnaibh. C. Cad fa bhfuil d'ualach orainn grádh ar g-croidhe go h-iomlan a thabhairt dó? F. Mar tá a mhaitheas agus a thrócaire do-choimsighte. C. Déan gníomh adhraidh? F. A Dhe mhóir, uile-chumhachtaigh, adhraim agus onóraim thú; admhaighim gur tú mo chruth-uightheóir agus m'ard-Tighearna: íslighim mé féin go h-iomlán faoi do smacht. C. Déan gniomh grádha Dé. F. O a Thighearna, gradhuighim thú ó mo chroidhe go h-iomlan agus os cionn gach uile nídh; de bhrígh go bhfuil tú ro mhaith agus ro ghean-amhuil: agus go bhfuil tú a g-comhnuighe aig bronnadh morán tiodhlacadh orm.
C. Cadh thoirmeasgas an aithne so orainn? F. Toirmeasgann sí an onóir a dlighthear do Dhia, a thabhairt do créatúr air bith eile. C. An d-toirmeasgann an aithne so orainn onóir a thabhairt do na naomhaibh? F. Ní thoirmeasgann: de bhrigh nach ionann an onóir a bheireamoid dóibh agus do Dhia: onór-amoid iad amháin mar cháirde agus mar sheir-bhiseacha dileasa Dé. C. Cia an onóir is cóir, a thabhairt don maighdeán Mhuire Mathair Chríosd? F. Onóir faoi Dhía agus os cionn gach crea-tuir eile. C. Cad eile toirmeasgthar orainn leis a n-aithné so? F. Toirmeasgthar orainn comhairlé d'iar-raidh air lucht faisdíne, < Faisdíne i.e. fios déanadh - pisreóg, properly piseóg,> < i.e fios sígh no sigheóg > draoidheachta no pisreóg: no géilleadh d'orthaidhibh, do brion-glóid, do fhoclaibh no do chomharthaidhibh air bith nach bhfuil brígh na tabhacht anta, ó Dhia, ó náduir, no ó'n n-Eáglais.
C. An cóir dhúinn coimirc na n-Aingeal d'iarraid? F. Is cóir: agus go mór-mhór coimirc an n-Aingil coimheachtha,
chum go d-threóróchadh agus go g-cosónadh sé sinn an gach gadh agus an gach contabhairt, mar threóruigh an t-Ain-geal Raphael Tobias naomhtha.
C. An bhfuil sé dlisteanach onóir no mod air bith a thabhairt d'íomhaighibh Chríosd no na naomh?
F. Ní cóir onóir ná modh a thabhairt dóibh a n-geall air na neithibh d'a n-déantar iad: acht is coir onoir agus modh a thabhairt dhóibh a n-geall air Chríosd agus air na naoimh, a chuireann siad a g-cuimhne dhúinn. C. Nach n-guidheann na Catoilicigh iomhaighe Chríosd agus na naomh? F. Ní ghuidheann. Tá fhios again nach féidir leis na h-iomháighibh ar bh-feicsin, ar g-clos ná ar g-cabharadh: onóramoid iad amháin mar chuireann siad Críosd agus na naoím á g-cuimhne dhúin; mar bheireamoid onóir d'ainm Iosa; cidh tá fhios againn nach bhfuil brígh air bith a bh-fuairm an fhocail, ná a n-iomháighibh Críosd ná na naomh. C. Nac ionmholta an gnás modh a thais-beanadh do thaisibh na naomh? F. Is ionmholta, de bhrígh go rabh a g-coirp 'n a m-baill aig Iosa Críosd, agus 'na n-ionad comhnuighe aig an Spiorad Naomh: agus go m-beidh-idh siad fós go glórmhar a bh-flaitheas Dé. C. Cia h-iad a pheacuigheas a n-aghaidh na h-aithne so? F. Peacuigheann na h-eiricigh, agus lucht an ainchreidimh, nach g-creideann na neithe a mhúineas an Eaglais Chatoiliceach dhóibh. Peacuigheann fós gach duine a chlaonas chum Eiriceachta, no a chuireas a chreideamh a g-contábhairt aig léigeadh leabhar, no áig éisdeacht le urnaighe no teagasg na n-Eiriceach. C. Nach gnás geasrógach do na Críos-daíghthibh uisge coisreachta a chongbháil ann a d-tighthibh?
F. Ní headh: oir má léigheas an fáidh Eliseus uisge urchóideach Jerico aig teilgean saloinn ansa tobar; ni h-iongnadh go bh-fuigh-eadh salonn agus uisge éifeacht ro bhríoghmhar ó bhríathar Dé agus o úrnaighe na h-eaglaise: oir dearbhann naomh Pól dúinn, go m-beannuighthear gach créatúr le briathar De agus leis an n-urnaighe. <1 Tim.iv.4,5.> An Dara-Léighean-déag. C. Abair an dara h-aithne. F. Na tabhár ainm an Tighearna Dé gan fáth. C. Cad toirmeasgthar leis a n-aithne so? F. Gach uile mhionna, acht amháin an mionna le a m-béididh firinne, ceart, agus breitheamhnas. C. Cad eile toirmeasgthar leis a n-aithne so? F. Toirmeasgann sí gach easgaine agus gach tiomaint: thú féin, no do chlann, no chréathúr air bith eile a thabhairt don Diabhal: no mallacht a thabháirt dóibh. C. Ma thugann duine mionna éigceart, an bhfuil d'fhiachaib air an mionna sin a chongbhail? F. Ni bhfuil: acht ta d'fhiachaibh air, aith-righe á dhéanadh, fa go d-tug sé a leithid sin de mhionna peacamhuil. C. Cad is cóir dhúinn a radh ionas nach b-peacochamois a n-aghaidh na h-aithne so? F. Is eadh, is eadh: no, ni headh, ni headh, mar d'orduigh Críosd ansa shoisgéal dúinn.
An Treas-Léighean-déag. C. Abair an treas aithne. F. 3. Coimhéad an t-saoire mar is cóir.
C. Cad orduighthear dhúinn leis a n-aithne so? F. Orduighthear dhúinn an Domhnach, lá an Tighearna, a choimhéad agus a naomhadh, mar ordhuigheas Dia agus an Eaglais. C. Cia an modh is feárr leis an Domhnach do naomhadh? F. Aig éisdeacht an aifrinn; aig déanadh faoisidin, aig rádh an Paidrín-pháirtigh, agus air eisdeacht le teagasg críosdaighe agus le seanmóir. C. An briseadh saoire cuid mhór d'an la a chaitheadh le imírt, le ól no go díomhaoineach? F. Is eadh: de bhrigh gur b'uime h-ord-uigheadh an t-saoire leis an g-cuid is mó d'an lá a thabhairt do sheirbhís De. C. Cia na h-oibreacha tá toirmeasgtha air an t-saoire? F. Oibreaca saothracha, mar tá treabhadh agus foirseadh: reic agus ceannach, agus a leithide eile: agus go mor-mhór gach uile ghne peacaidh. An Ceathramhadh-Léighean-déag. C. Abáir an ceathramhadh h-aithne. F. 4. Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir. C. Cad orduigheas an aithne so? F. Grádh, onóir agus úmhlacht a thabhairt do d'athair agus do do mháthair: agus cuidiughadh leó ann a n-uile riachtanas. C. Cad é dualgas an athar agus na máthar de thaobh a g-clainne? F. Ta d'fhiachaibh orra, á n-oileamhuin; fóghlaim, béusa agus deagh-shompla a thabhairt
dóibh; slighe bheatha de réir a g-cumhachta: agus os cionn gach uile nídh; a d-tabhairt suas a n-gradh agus a bhfaitcheas De.
C. Cia na tíodhlacaidh airidhe a bheirfeas Dia aon chlainn a bhidheas umal d'a n-athair agus d'a mathair? F. Beatha fhada le seun air an t-saoghal so féin, agus glóir fhlaithis air an t-saoghal eile.
C. An labhrann an aithne so air dhualgas an fhir de thaobh a mhná pósta, no na mná de thaobh a fir? F. Labhrann gan amhras. C. Cionnas is cóir don fhear é féin d'iom-char de thaobh a mhná? F. Go grádhach, cúramach, mar bhall d'a bhallaibh, amhuil Críosd don eaglais.
C. Cionnas is cóir don mnaoi í féin d'iom-char de thaobh a fir phósta? F. Is cóir dhi a bheith grádhach, urramach dhó, mar tá an eaglais do Chríosd. C. An g-cuireann an aithne so coinghíoll air bith air an lanamhuin phósta de thaobh na muintire a tá faoi n-a smacht? F. Cuireann sí d-ualach orra gach duine, d'a bhfuil faoi n-a smacht, a stiuradh de réir thola Dé: agus cuireann sí d'ualach air an muintir, a tá futha, a bheith umhal dóibh-san ann gach uilé nídh nach bhfuil go follasach a n-aghaidh thola Dé.
C. Cia an teagasg a bheireas naomh Pól do mhaighistiridhibh? F. "A mhaighistirídh," a deir sé, "déanaidhe le bhur searbhfhoghantuighthibh an nídh a tá ceart,
córach; már tá fhios agaibh go bhuil maighistir oraibh féin ansna flaithis." An Cúigeadh-Leigheán-deag C. Abair an cúigeadh h-aithne. F. 5. Ná déan marbhadh. C. Cad thoirmeasgas an aitne so orainn? F. Duine do mharbhadh, bás duine do shan-tughad, duine do bhualadh no masla a thabhairt dó.
C. An bhfuil sé a n-aghaidh na h-aithne so diúltadh maitheamhnas a thabháirt don té thug masla dhuit? F. Tá go cinte: agus gan maitheamhnas d'iarraidh air an té dá d-tugais masla. C. Cad eile toirmeasgthar orainn leis a n-aithne so? F. Toirmeasgthar orainn fuath, no fhearg no faltanas a bheith againn d'aon neach: im-reas no clampar a chothughadh no a bhrosdughad a measg na n-daoine; no masla no míchliú a thabhairt d'aon neach air a chúl no air aghaidh. C. Cia an mhaith a chuireas an aithne d'ualach orainn a dhéanadh? F. Cuireann sí d'ualach orainn a bheith gradhach, ceannsa leis an g-cine daona go h-iomlán: maith a dheanadh á n-aghaidh an oilc, agus guidhe air son na n-daoine a ghnídheas géarleanmhuin orainn, mar d'orduigh Críosd dhúinn. C. An bhfuil se ceadaightheach aig Catoil-icigh fuath a bheith aca air eiricigh? F. Ní bhfuil air aon chor: tá d'fhiachaib orainn grádh a bheith againn air an g-cine daonna
go h-iomlán. A n-áit fuath a bheith againn air na daoinibh a tá air seachrán, budh cóir dhúinn truaighe a bheith againn dóibh; agus impidhe a chur air athair na trócaire, go soillseóchadh sé iad, agus go d-treórochadh se iad chum an aon banraigh, agus go m-beidhidís faoi an n-aon tréadaidhe, Iosa Críosd. An Seiseadh-Léighean-déag C. Abair an seiseadh agus an naoimheadh h-aithne. F. 6. Na déan drúis. 9. Ná santuigh bean do chomharsann. C. Cad thoirmeasgas an dá aithne so? F. Toirmeasgann aithne aca air fhear cuid a bheith aige do mhnaoi air bith, acht d'a mhnaoi féin: agus air mhnaoi cuid a bhéith aici d'fhear air bith, acht d'a fear féin,
toirmeasgann an aithne eile fonn no mian phea-caidh na colna: agus ta mórán a n-ifrionn nach n-deárnaidh riamh é acht mar sin. C. An bhfuil féachain míonáireach agus comh-rádh drúiseamhuil a n-aghaidh na h-aithne so? F. Ta: agus gach láimhsiughadh neamh-gheanmnaidhe orainn féin no air aon neach eile abhráin gársamhla, leabhra suiridhe agus gach uile nidh eile d'a bhfuil a n-aghaidh na geanmnaidheachta. C. An bhfuil smuaintidhe neamhghlana a n-aghaidh na h-aithne so, bidheadh nách mbeidheadh rún aig duine a g-cur a n-gníomh? F. Ta, ma glacthas le taithneamh no sámhas iad.
C. Cia an t-slighe is éifeachtaighe le peacadh gráineamhuil so na colna do sheachaint? F. Ni bhfuil slíghe air bith chum a sheachanta is feárr 'ná droch-chomhludar agus siocair an phea-caidh do sheachaint; diomhaoineas agus ainmheas-ardhacht bídh agus dighé do sheáchaint; agus sacra-muinte na h-aithrighe agus choirp Chriosd a ghlacadh go minic agus go cráibhtheach.
An Seachtmhadh-Léighean-déag. C. Abair an seachtmhadh agus án deachmhadh h-aithne. F. 7. Na déan goid. 10. Na santuigh cuidh ná maoin do chomh-arsann. C. Cad thoirmeasghas an dá aithne so? F. Nídh áir bith de chuid na comharsann a thogbháil, a ghlacadh, a chongbhail ná fós a shan-tughadh, gan fhios na os árd, d'a neamhthoil. C. An b-peácuighthear air mhodh air bith eile é n-aghaid na n-aitheanta-so? F. Peacuigheann gach duine a ghnidheas díobháil don chomharsainn, agus fós an té aig a m-bidheann rún díobháil a dhéanadh dhi ann a cuid ná ann a cliú. C. Cia na dualgais a chuireas na h-aith-eanta so orainn? F. Ar bh-fiacha dlisteanacha d'íoc agus a cheart féin a thabhairt do gach aon neach. C. An d-toirmeasgann an h-aitheantha so gach uile mhealltóireacht a reic agus a g-ceannach agus ann gach uile chonradh?
F. Toirmeasgann: agus go mór-mhór an d-éigcheart agus an creachadh a ghnidheas lucht gaimbin
air na bochtaibh, faoi sgáth cáirde no iasacht a thabhairt dóibh.
An t-Ochtmhadh-Léighean-déag. C. Abair an t-ochtmhadh h-aithne. F. 8. Ná déan fiadhnuise bhréige a n-aghaid do chomharsann. C. Cad thoirméasgas an aithne so? F. Eagcóir air bith a dhéanadh air a g-comarsainn le fiadhnuise bhreige á m-breith-eamhnas, no a g-cúis air bith eile, a théidheas a n-urchóid di. C. Cia an modh eile air á b-peacuigheann duine a n-aghaid na h-aithne so? F. Nuair shoillsigheann sé lochta folaighte dhuine eile gan riachtanas: nuair a cháineann sé e: no ghnidheann sé cúl-chaint na ithíomrádh air. C. An bhfuil na bréaga a n-aghaidh na h-aithne so? F. Ta go cinnte.
C. Cia an nídh bréag? F. Tá, nídh air bith a radh nó a chur a g-céill a n-aghaid eóluis ar g-coinsiais, le rún duine eile a mhealladh no a chur a-múgha. C. An bhfuil sé ceadaightheach bréag d'insin chum maith do dhéanadh? F. Ní bhfuil se ceadaightheach bréag do dhéanadh, ionas go d-tiocfadh maith uaighe: agus
cia air bith fáth, le a n-déantar bréag, tá sí a g-comhnuighe na peacadh. C. Ca h-ainm is grádhach a dhabhairt air lucht déanta na m-bréag? C. Clann an Diabhail. C. Cad chuige sin? F. Mar ís é an Diabhal athair na m-bréag. C. An b-peacuigheann an mhuintir éisdeas le ithiomrádh? F. Gan ámhras, má eisdeann siad go toil-teach, sásta leis. C. Cia aca is troime pheacuigheas, an te labhras an t-ithiomrádh, no an té éisdeas leis? F. Deir naomh Bernard nach bhfuil fios aige cia aca is mo thuilleas damnughadh sior-ruidhe, an té a labhras, no an té éisdeas go toilteach leis an n-ithiomrádh. An noimheadh-Léighean-déag. C. An éigín dúinn aitheanta na h-eaglaise a choimhead mar aon le aitheantaibh Dé? F. Is éigin: orduigheann an Slánuightheóir dhúinn meas Pagánaigh agus Puibliocánaigh a bheith againn air gach duine a dhiultas éisdeacht leis a n-Eaglais.
C. Abair aitheanta na h-Eaglaise. F. 1. Aifrionn d'eisdeach air gach Domhnach agus lá saoire. 2. Trosgadh a dhéanadh air ná laethibh orduighthe. 3. Gan feóil d'ithe air an n-aoine, na air laethibh toirmheasgtha eile.
4. Faoisidin a dhéanad ann ar b-pea-caidhibh, uair 'sa m-bliadhain, air a laghad. 5. Corp Críosd a ghlacadh gach uile bhli-adhain a n-aimsir Cásgá. 6. Gan banais phósta a dhéanadh o thús aidbhente go ceann dhá-lá-dhéag déis nodhlac: na ó thus Corghais go Domh-nach mion-chásga. 1 Coimhéad gach saoire go beacht, Is déan aifrionn innte d'éisdeacht. 2 Troisg an Corghas go glan glan, An bhigil agus trosgadh na n-amánn. 3 Na h-ith feóil ar do bheile, Dia h-aoine ná lá treanais. 4 Tré bheatha iomlan na bidhide Aon bhliadhain gan faoisidin. 5 Glac corp Chríosd a n-aimsir Cásga. 6 Ná déan banais 'sa g-Corghas go mion chaisg, Na ó thús aidbheint go dá lá déag déis Nodhlac. C. Abair án chéad aithne. F. 1. Aifrionn d'éisdeacht air gach Dom-nach agus lá saoire. C. Cad chuireas an aithne so d'ualach orainn? F. An t-saoire a choimhéad agus a naomhadh le h-urnaighe agus le h-éisdeacht an aifrinn. C. An b-peachuigheann na h-aithreacha agus na maithreacha, maighistiridhe agus maighistreasa a chongbhás a g-clann no a lucht aoin-tígh o aifrionn air an t-saoire?
F. Peacuigheann go trom agus bheirean siad mio-rath mór air a d-teallach. C. Cad chuireas an dara h-aithne d'ualach orainn? F. Trosgadh air feadh an Chorghais agus air na laethibh eile orduigheas an Eaglais. C. Cad thuigeas tú le laethibh trosgaidh? F. Laethe air nach ceadaightheach dhúinn féoil ná an dara béile a chaitheadh. C. Cad thuigeas tú le laethibh tréanais? F. Laethe air a d-tig linn na béilidhe mar is ghnáthach a chaítheadh acht gan céad feóla. C. Cad fa n-orduigheann an Eaglais duinn trosgadh agus tréanas do dhéanadh? F. Chum go g-claoidhfeamois ar n-droch-mhiana agus go d-tiubhramois sasadh do Dhia an ar b-peacaidhibh lé crádhadh na colna.
C. Cia hiad a tá saor ó'n trosgadh? F. Daoine tinne, lucht trom-oibre, daoine nach d-táinig go h-aois trosgaidh no a ta laig-bhríoghach ó shean-aois. C. Cad fá'r thoirmeasg an Eaglais feóil d'íthe air an n-Aoine? F. A g-cuimhne báis agus páise ar Slánuigh-théora. An fithcheadhmhadh Léighean. C. Abair an ceathramadh h-aithne. F. 4. Faoisidin a dhéanadh ann ar b-pea-caidhibh, uair 'sa m-bliadhain, air a laghad. C. Cad chuireas an aithne so d'ualach orainn? F. Faoisidin a dheanadh uair 'sa m-bliadhain air a laghad leis an n-ollmhughadh riachtanach,
lé n-ar sagart paráiste féin no le eag-laiseach eilé aig a bhfuil comhacht ó'n n-uach-tarán. C. Cia an aois aig ar cóir do daoinibh óga faoisidin do dhéanadh? F. Nuair á thig siad go h-aois peacadh a dhéanadh, se sin, go h-aois céille agus cuimhne. C. Abair an cuigheadh h-aithne. F. 5. Chorp Chríosd a ghlacadh gach uile bhlaidhain a n-aimsir Cásga. C. Cad chuireas an aithne so d'úalach orainn? F. Orduigheann sí dhúinn corp Chríosd a ghlacadh go cráibhtheach a n-aimsir Cásga o n-ar Sagart Paráiste féin. C. Cia an cháin a chuireas an Eaglais air na daoinibh nach n-déanann faoisidin uair 'sa m-bliadhain; no nach n-glacann comaoineach a n-aimsir Cásga? F. Orduighe sí mallacht coinnealbhaithte orra a ngearadh amach ó chomann na bh-fíréan le n-a m-béodh, agus o adhlacadh críosdamhuil tar éis a m-báis. C. Cad chuireas an seíséadh h-aithne d'ualach orainn? F. Gan sollamhuin posta a dhéanadh a n-aimsir an chorghais ná na h-aidbhente. C. Cad fá'r thoirmeasg an Eaglais banais phósta a dhéanadh a n-aimsir an chor-ghais agus na h-aidbhente? F. De bhrígh gur cheap sí na h-aimsiora so d'urnaighé agus d'aithrighe. C. Cad iad na trí Comhairleacha d'a ngoirthear, Comhairleacha an t-Soisgéíl?
F. 1. Bochtaineacht thoilteach: 2. maigh-deanas air feadh do shaoghail: 3. umhlacht dheóntach do thoil dhuine eile. An t-aonmhadh Léighean air fhithchead. C. Cia an nídh peacadh? F. Ta briseadh toileamhuil aitheanta Dé no na h-Eaglaise, no na n-uachtarán. C. An cóir dhúin an peacadh do sheacaint? F. Is cóir: do bhrígh nach bhfuil olc air bith cho-mhór leis. C. Cad uime sin? F. De bhrigh, gur b'é an peacadh amháin a ghnídheas námhaid do Dhia dhínn agus dhamnuigheas go síorruidhe sinn.
C. An féidir línn an peacadh do sheachaint le brigh na nadúire amháin? F. Ní féidir: is é grása Dé a chongnas linn an mhaith a dhéannadh agus an t-olc a sheachaint. C. Ca mhéid cineal peacaidh ann? F. Dhá chineál: peacadh na sinsior agus pea-cadh gníomha. C. Cia an nídh peacadh na sinsior? F. Ta peacadh, ann a n-geintear gach uile dhúine, tre easumhlacht ar g-cead athair Adhaimh. C. Cia an nídh peacadh gníomha? F. Ta an peacadh, a ghnidheamoid féin. C. Ca mhéid modh air a n-déantar peacadh gniomha? F. Air cheithre mhodh: se sin, le smuain-tidhibh, le briathraibh, le gníomharthaibh agus le faillighe.
C. Ca mhéid cineál peacaidh gníomha ann? F. Dha chineál: peacadh marbhtha agus peacadh sologhtha. C. Cia an nídh peacadh mharbhtha? F. Peacadh a mharbhas an t-anam go spior-adálta.
C. Cionnas sin, agus go bhfuil an t-anam do-mharbhtha? F. De bhrígh go sgarann sé grása Dé uainn, agus ghur b'e grasa Dé is beatha spioradálta don anam.
C. Cia an nídh peacadh sologhtha? F. Peacad eadtrom, nach sgarann grása Dé uainn: acht fuaruighean sé gradh Dé ann ar g-croidhe, agus claonann se sinn chum an pheacaidh marbhtha do dhéanadh.
C. Ca mhéid cinn-pheacaidh marbtha ann? F. Seacht g-cin. C. Abair iad. F. 1. Diomas: < Diomas, dimeas no uabhar > 2. Saint: 3. Drúis: 4. Tnúth: < Tnúth nó formad > 5. Craos: 6. fearg: 7. agus leisgé. C. Cad fa n-goirthear cinn-pheacaidh marbhtha dhíobh? F. De bhrigh gur b'iadh bunn-sruth agus fréamh < Fréam no préamh > gách uile pheacaidh eile. An Dara Léighean air fhithchead. C. Cad is diomas no uabhar ann? F. Grádh iomarcach an duine aír féin agus dúil ain-mheasardha a bheith os cionn chach eile.
C. An peacadh trom an díomas? F. Ní bhfuil peacadh air bith is troime agus is baóghalaighe 'ná é: óir is é peacadh na n-deamhan agus ar g-céad athar é.
C. Cia an nídh an t-Saint? F. Grádh ain-measárdha air mhaoin shaoghalta. C. Cia an nídh Drúis? F. Ta fonn pheacaidh na colna. C. Ca h-uair a bhídheas duine ciontach ansa b-peacadh ghráineamhuil so? F. Bídheann duine ciontach ní he amháin an uair á ghnídh sé an gníomh, acht fós an t-am éisdeas, fhéachas no smuáineás go toilteanach ais nidh air bith a ghluaiseas chum an pheacaidh ghráineamhla so é.
C. Cia an nídh tnúth? F. Ta doilghios fá mhaith shaoghalta no spi-oradálta do chomharsan: nó luathgháire fá n-a dhíobháil no fá n-a leathtrom. C. Cia an nídh an craos? F. Ta fonn ainmheasardha bídh no díghe. C. Cia an ghné d'an chraos is measa agus is milltighe? F. Ta an mheisge.
C. Cad is mheisge an? F. Olachán lé a g-cailleann duine aon-chuid d'a chéill nó d'a chéadfadhaibh. C. Cia an nidh fearg? F. Ta gluasacht an-lasánta an chroidhe a n-aghaidh duine no nídh nach d-taithnigheann linn. C. Cia an nídh an leisge?
F. Ta falsacht agus spadántacht a bheir orainn seirbhís De a léigean dínn no a dhéanadh go mall, maineachtnach. < Maineachtnach, no failligheach>. C. Cia na subáilcidhe le a g-claoidhtear na seacht g-cinn-pheacaidhe marbhtha? F. Umhlact a n-aghaidh an díomas: féille a n-aghaidh na sainte: geanmnaidheacht a n-aghaidh na drúise: searc-chomann < Seárc-chomann, no grádh na comhársann > a n-aghaidh an tnúith: measardhacht a n-aghaidh an craois: foighid a n-aghaídh na feirge: agus caon-dúth-racht a n-aghaidh na leisge. C. Ca mheid peacadh a n-aghaidh an Spioraid Naoimh? F. Sé peacaidhe. C. Abair iad. F. 1. Eadóthchas slánuighthe. 2. Andóthchas as trócaire De. 3. Cur a n-agaidh na fí-rínne as a riocht. 4. Iomthnúth fá mhaith spi-oradálta dhuine eile. 5. Calcadh < Calcadh, no cruadhughadh > ansna peacaidhibh. 6. agus neamh-aithrighe dhéighionach. C. Ca mhéid peacadh a sgreadas air Dia aig iarraidh díoghaltais? F. Ceithre peacaidhe. 1. Dúnmharbhádh toil-teanach. 2. Peacadh Sodoim. 3. Leathtrom a dhéanadh air dhaoinibh bochta. 4. A d-tuar-asdal dho chongbháil ó lucht oibre. C. Nach féidir do néac a bhéit rann-pháir-teach no ciontach a b-peacadh dhuine eile? F. Is féidir gan amhras: peacuigheann gac
duine a chomhairligheas, orduigheas, aontuigheas, no mholas an peacadh do dhéanadh: an té a bhrosduigheas, chum oilc, a chuidigheas a dhéanadh no nach d-toirmeasgan é núair a ta sé d'fhiachaibh air, agus é ann a chumas.
An Treas Léighean air Fithchead. C. Ma ta d'fhiachaibh orainn an peacadh do sheachaint, agus na h-aitheantha dho choimhlíonadh, nach d-taisbeanann sin, go bhfuil d'fhiáchaibh orainn déagh-oibreacha do dhéanadh? F. Taisbeanann go cinnte. C. Ca mhéid cineál deagh-oibreacha ann? F. Ta trí chineál: mhar ta urnaighe, tros-gadh agus déire: baineann an urnaighe le Dia, an trosgadh línn féin, agus an déirc leis a g-com-arsainn. C. Ca mhéid cineal oibreacha na trócaire ann? F. Ta dhá chineál: mar tá oibreacha cór-pordha agus oibreacha spioradálta na trócaire. C. Abair seacht n-oibreacha corpordha na trócaire. F. 1. Biadh a thabhairt don ocrach. 2. Deoch don tartmhar. 3. Eadach don nochduighthe. 4. Aoidheacht donn deóraidhe. 5. Cuairt air dhaoinibh tinne. 6. Cuairt air bhráighdibh a n-géibhionn. 7. Na mairbh a adhlacadh. C. Abair seácht n-oibreacha spioradálta na trócaire. F. 1. Eólus a thabhairt don áinbhfhiosach. 2. Teagasg don phéacach. 3. Comhairle don té a ta 'n a riachtanas. 4. Solás dho dháoinibh cráidhthe. 5. Gach olc a mhaitheadh. 6. Gach
buaireadh d'fhulang go foighideach. 7. Guidhe air son na m-beódh agus na marbh. C. An é sin lé rádh, go d-téidheann sé a sochar do na marbhaibh guidhe air a son? F. Téidhean go cinnte; óir is naomhtha agus is íocshláinteách an smuaineadh guidhe air son na marbh.
C. Cia h-iad a measg na marbh, da d-téídheann ar n-urnaighe a sochar? F. Do na h-anamnaibh a ta a-Purgadóir agus téidheann naomh-íodhbairt an aifrinn a sochar dhóibh mar a g-céadna. C. Cad fá n-dheir tú go d-téidheann naomh- íodhbairt an aifrinn agus urnnaighe na bh-fíréan a d-tairbhe do na h-anamnaibh a ta a b-Pur-gadóir? F. De bhrígh go bhfuil siad rann-pháirteach a g-comann ná naomh, a cho-cheanglas lé chéile baill na h-Eaglaise go leir, air a bhfuil chrádhadh a b-Purgadóir, cath air talamh, no caithréim a bh-flaitheas Dé. C. Nár chóir go m-beidheadh air uaighibh na g-Catoiliceach leacht éigin a mheabhróchadh do na fíréanaibh guidhe air a son? F. Budh chóir de réir bhriathar Job á n-oific na marbh: "glacaidhe truaighe dham, a deir sé, glacaidhe truaighe dham, go h-airidhe, sibhse mo cháirde féin."
C. Abair na trí subhailce dhiadha. F. Creideamh, dóthchus, agus grádh. C. Ca mhéid bunn-shubhailce ann? F. Ta an ceathair: mar tá, crionnacht, ceart, neart agus measardhacht.
C. Cad thuigeas tú leis na h-ocht m-bean-achtaibh? F. Tuigim na béannachta a thug Críosd don dhream a thaithigheas na subhailcidhe agus na déagh-oibreacha. C. Abair iad mar ta siad ansa t-soisgéul. F. An céad bheannacht. 1. Is beannuighthe na biocht a spioraidh, oir is leó ríoghacht neimhe 2. Is beannuighthe na daoine ceannsa: oir beidhidh seilbh na talmhan aca. 3. Is beannuighthe lucht an dubróin; oir gheabh-faidh siad sólas. 4. Is beannuighthe an dream air a bhfuil ocras agus tart na córa; óir sasócar iad. 5. Is beannuighthe lucht na trócaire; óir gheabhfaidh siad trócaire. 6. Is beannuighthe lucht an ghlan-chroidhe; óir chighfidh siad Dia. 7. Is beannuíghthe lucht dhéanta na síothchaine: oir goirfear clann Dé díobh. 8. Is beannughthe an dream fhualangas géar-lean-mhuin air son na cora: óir is léo río-ghacht neimhe. C. Abair na ceithre críocha déighionacha? F. Bás, breitheamhnas, ifrionn agus flaitheas. An Ceathramhadh Léighean air Fhithchead. C. Cad é an treas nídh tá riachtanach chum an slanuighthe? F. Ta, na sacramuinte do ghlacadh leis an n-ollmhúghadh tá riachtanach. C. Cia an nídh sacramuint?
F. Ta comhartha so-fhaicsiona air grasa do-faicsiona a d'órduigh ar Slanuightheóir Iosa Criosd chum sinn-ne do naomhadh. C. Ca mhéid nídh riachtanacach chum sacram-uinte do dheanadh? F. Trí nídh: adhbhar, foirm, agus intinn na h-eaglaise. C. Ca mhéid sacramuint ann? F. Seact sacramuinte: - Baisdeadh, fhalcais sin o pheacad Adhám. Dul faoi láimh Easboigh, neartuighis sin niadh gádh. Corp Chriosda, ta de grasa 's beata lánn. 'S an aithríghe níghís a pheachaidhe gnioim sin slánn. An ola, speagas sin faoi theinis fann, Le deagh-bhás 's buadh fhaghail air ar neamuid teann. Ord, o d-tig úghdras Eaglus Chriosd' go leur. 'S bheir beanugadh, 's buanughad an gach am, don chleur Posadh, choinígis 'r slioct o re go re, Seacd srutha naomtha, 'sgeitis pais Mhic De. C. Ca mhéid ruinn air na sacramuintibh? F. Dá ruinn: ruinn a bhaineas leis na beódhaibh, agus ruínn a bhaineas leis na marbhaibh. C. Ca mhéid sacramuint na marbh ann? F. Da shac-ramuint, mar ta, baisdeadh agus sacramuint na h-aithrighe. C. Cad fá n-goirthear sacra-muinte na marbh dhíobh so? F. De bhrígh go d-tugann siad duine ó bhás an pheacaidh go beatha na n-grás. C. Cá mhéid sácramuint na m-beódh an? F. Cúig shacramuint: mar tá, dhul faoi laimh Easboig, sacramuint choirp Chríosd, ola dheighionach, órd beannuighthe agus po-sadh. C. Cad fá n-goirthéar sacramuinte na m-beódh dhíobh so? F. Mar is cóir do duine a bheith air staid na n-grás tráth bhídheas d'a n-glacadh. C. Ca mhéid sacramuint nach féidir a ghlacadh acht aón-uair amháin.
F. Trí shacramuint: baisdeadh, dul faoi láimh Easboig, agus ord beannuighthe. C. Cad fá nach féidir na trí shacramuint so a ghlacadh acht aon uair amháin? F. Mar bhuaileann siad séala spioradalta air an n-anam nach sgarann leis go bráth. An Cúigeadh Léighean áir Fhithchead. C. Cia an nídh an baisdeádh? F. Tá sacramuint a glanas ó pheacadh na sinsior sinn, agus ghnidheas clann do Dhia agus don Eaglais dínn.
C. An bhfuil an baisdeadh riachtanach? F. Ta go cinte: mar deir Críosd, "mur n-déantar duine aith-bhreith o uisge agus ó'n Spiorad Naomh, ni féidir dhó dhul steach go ríoghachd De."
C. Cad é adhbhar na sácramuinte so? F. An t-adhbhar is so-fhághala air bith, mar tá uisge nadurdha: aig taisbeanadh dhúinn trocaire ar slánuightheóra, a chuir air slighe gach uile dhuine adhbhar sacramuinte ta cho-riachtanach so? C. An féidir le gach uile dhuine baisdeadh a dhéanádh? F. Is feidir a n-am siachtanais amháin; acht ní bhfuil sé ceadaightheach aig bean a dhéanadh a láthair fir: na aig tuata a láthair pearsa Eaglaise. C. Cia an modh air a n-deantar an baisdeadh? F. Aig dórtadh trí tonna uisge air cheann an léinbh, aig rádh ansa n-am céadná, leis an g-céad tonn: baisdim thú a n-ainm án Athar: leis án dara tonn, agus an Mhic; leis an treas tonn, agus an Spioraid Naoimh. Amen.
C. Cia na geallamhna a ghnidheamoid ansa m-baisdeadh? F. Geallamoid díultadh don Diabhal, d'a oibreachaibh, d'a uabhar agus d'a dhíomhaoineas. An Seiseadh Leighean air fhithchead C. Cia an nídh dul faoi laimh Easboig? F. Tá sacramuint a bheir grása agus meis-neach dhúinn ar g-creideamh d'admháil go fol-lasach, go speisialta a láthair Eithriceach no a n-aimsir gabhadh agus géar-leanamhna, agus bh'fagas comharta air an anam nach scaran ris go brath.
C. Cia beir an t-sacramuint so dhúinn? F. An t-Easbog. C. Cia an tairbhe a thig againn ó shacrá-muínt dul faoi laimh Easboig? F. Faghámoid seacht d-tiodhlacaidh agus dhá-thoradh-dhéag an Spiorad Naoimh, ma ghlaca-moid í leis an n-ollmhughadh ta siachtanach. C. Abair seacht d-tiodhlacaidh an Spioraid Naoimh. F. 1. Eágna. < Eagna nó críonnacht > 2. Tuigse. 3. Comhairle. 4. Neart. 5. Foghlaim. 6. Cráibhtheacht. 7. Agus eagla < Eagla no eagal > an Tighearna.
C. Abair dha thoradh dhéag an Spíoraid Naoimh. F. 1. Carthanas. < Carthanas no grádh De agus na comharsann > 2. Gáirdeachas. 3. Síoth-cháin. 4. Foighid. 5. Fad-fhulang. 6. Maitheas. 7. Deaghthoil. 8. Ceannsacht. 9. Creideamh.
10. Macántas. < Mhacantas: in Munster cneasdacht > 11. Measardhachd. 12. Agus geanmhnaidheacht.
C. Cionnash is cóir do neach é féin d'ollmhu-ghadh fa chomhair na sacramuinte so? F. Is cóir dhó faoisidin mhaith a dhéanadh, agus guidhe go craibhtheach go d-tuirleónadh an Spi-orad Naomh le n-a ghrása ann a chroidhe. C. An peacadh do dhuine faillighe a dhéanadh de dhul faoi laim Easboig, agus é ánn a chumas? F. Is eadh: go speisialta ansa n-aimsir dhocamhlach, nuair is baoghalach do na críos-dhaighthibh a g-creideam no a n-deágh-bheusa a thréigsin. < a thréigsin, no a thréigean, commonly a thréisgint > An Seachamhadh Léighean Fhithchead. C. Cia an nídh Sacramuint choirp Chríosd? F. Ta sacramuint, ánn a bhfuil go fírinneach fuil agus feól, anam agus Diadhacht ar Slánuigh-theóra Iosa Críosd faoi gné aráin agus fíona.
C. Cad thuigeas tú lé gné arain agus fíona? F. Tuigim an nídh a mothuigheamoid agus aith nigheamoid le n-ar g-chéadfadhaibh corpordha, mar ta, blas, baladh dath agus cuma an aráin agus fhíona. C. An bhfuil arán nó fíon a sacramuint na h-altóra? F. Ni bhfuil: de bhrigh go n-athruighthéar sub-ftaint an aráin agus an fíona go h-iomlan go
fuil agus feóil Iosa Criosd le brigh briathar naomhtha Críosd féin, le a m-beannuigeann an Sagart an t-arán agus an fíon. C. Cionnas athruighthear an t-arán agus an fíon go fuil s feóil Chríosd? F. Le cúmhacht Dé, a cruthuigh an domhan as neimhnídh, agus le n-dearnaidh ar Slanuightheóir fíon d'an n-uisge aig banais Chana. C. An té a ghlacas an t-sacramuint so air staid pheacaidh marbhtha, an n-glacann sé corp Iosa Críosd? F. Glacann: acht tá sé ciontach a bh-peacadh ro thromh an Dia-masla, de bhrígh gur ghlac sé corp Críosd, agus anam saluighthe leis an b-peacadh marbhtha.
C. Ca h-am ar chuir Críosd an t-sacra-muint so air bun? F. An oidhche sul d'fhulang se an pháis. C. An d-tug Críosd cumhacht do na Sa-gartaibh arán agus fíon athrughadh ionn a chuid-fola agus feóla féin? F. Thug, nuair a dhubhairt se leis na h-Apstolaibh aig an suipéar déighionach: "Déa-naidhe so a g-cuimhne ormsa." C. Cad fá d-tug Críosd cumhacht cho-mór so do na sagartaibh? F. Chum go m-beidheadh íodhbairt ro thaith-neamhach aig a chlainn le toirbhirt don Athair neamhdha ann gach tír agus ann gac am: agus chum gó m-beidheadh se 'n a chothughadh mor-luaich aig anamnaibh na bh-fíréan.
C. Ca h-ainm don íodhbairt so? F. An t-aifrionn.
C. An bhfuil eidirdhealbhadh air bith eidir íodhbairt an aifrinn agus íodhbairt na croiche? F. Is ionann iad a substaint: acht ní h-ionann iad a modh a d-toirbhirthe: de bhrígh gur b'é an slanuíghtheóir céadna a bhidh 'n a íodhbairt fhuil-teach air ann g-croich, a tá 'n a íodhbhairt neamh-fhuilteach air an n-Altóir.
C. Cia air shon a d-toirbhirthear an t-aif-rionn? F. Air shon na m-beódh agus na marbh. An t-Ochtmhadh Léighean air Fithchead. C. Cia an nídh sacramuint na h-Aithrighe? F. Tá sacramuint lé a maiththear dhúinn na peacaidhe, a ghnídheamoid tar éis ar m-baisdidh. C. An d-tig leis na sagartaibh peacaidhe do maitheadh? F. Tig, de bhrígh go d-tug Críosd an cu-mhacht sin dóibh.
C. Ca mhéid cuid a sacramuint na h-aith-righe? F. Trí chuid: mar ta: 1. Doilghios croidhe. 2. Admháil béil. 3. Agus leor-ghniomh. C. Ca mhéid coinghíoll riachtánach chum sac-ramuinte na h-aithrighe a ghlacadh le tairbhe? F. Chúig choingioll. 1. Ar g-coinsias a mhion-sgrudadh go maith. 2. Tursa agus dólás a bheith orainn fa fhearg a chuir air Dhia. 3. Rún dáingean a bheith againn gan fearg a chur air as so suas. 4. Ar b-peacaidhe uile a chur a bh-fhaoisidin don t-Sagart. 5. Rún leor-ghníomh a dhéanadh lé Dia agus leis a g-comhársainn. C. Cad is sgrudadh coinsiais ann?
F. Ta cuartughadh dúthrachtach a gnídheas duine ann a intinn, le n-a ePhacaidhe a thabhairt a g-cuimhne, le fuath agus grain a thabhairt dóibh, agus lé faoisidin a dhéanadh ionnta. C. Cionnas do ghnídh tú an sgrudadh coinsiais so? F. Iarraim air Dhia fuath agus fios mo phea-caidhe a thabhairt dham. C. Cad eile ghnídh tú? F. Smuainim air aitheantaibh Dé agus na h-Eaglaise; air na seacht b-peacaidhibh marbhtha; air na peacaidhibh a bhaineas le mo ghairm bheatha: air gach comhluadar agus gach siocair peacaidh ann a rabh mé: chum go m-beidheadh fios agam, cá ann agus cá mhéid uair do chuir mé féarg air Dia le smuainte, le briathar, le gníomh nó lé faillighe. C. Déan gníomh croidhe-bhrugháidh. F. O a Thighearna, is ro mhór a ghoilleas orm fearg a chur ort, de bhrígh go bhfuil tú ro mhaith agus ro gheanamhuil, agus nach bhfuil an peacadh taitneamhach ann do láthair: tá rún agam le congnadh do naomh-ghrása mo bheatha a leasughadh as so suas. C. Cia an nídh an fhaoisidin? F. Ta casaoid dhólásach agus foillsiughadh peacaidh a ghnídheas an peacach air féin lé sa-gart dlisteanach chum maitheamhnas d'fhágail ionnta. C. An riachtanach do dhuine gach uile pheacadh marbhtha, air a g-cuimhnigheann se, a chur a bh-faoisidin? F. Is riachtanach dhó, gach uile pheacadh a
chur síos, ann a n-gné, ann a n-uimhir agus ann gach cáilidheacht d'a méaduigheann a mailís. C. Cad is cóir a dhéanadh tar eis faois-ídine? F. Is cóir dhuinn buidheachas a thabhairt do Dhia fa ar b-péacaidhe á mhaitheadh dhúinn: ar n-deághrún d'athnuadhachan, agus ar m-breitheamh-nas aithrighe a choimhlionadh go cráibhtheach, coinghíollach, chó-luath agus is féidir é. C. Cia an nídh léor-ghniomh? F. Tá sásadh a thabhairt do Dhia fá'n bh-feirg a chuireamar air leis an b-peacadh: agus sásad a thabhairt don duine ann gach masla agus gach éagcóir d'a n-déarnamar air. C. Cionas do ghnidhthear leor-ghíomh le Dia? F. Aig coimlíonadh an bhreitheamhnais aith-righe a chuir an t-oidhe faoisidine orainn le trosgadh, le urnaighe agus le deirc: agus aig fulang gach masla agus gach anshógh go foighideach air son De. C. Cionnas do ghnidhthear leor-ghníomh leis an g-comharsainn? F. Le aisioc no cúitiughadh a thabhairt dhi ann gach díobhail d'a n-dearnamar dhi ann a maoin, ann a meas no ann a clíu. An naoimheadh Léighean air fhithchead. C. Cia an nídh an ola dhéighionach? F. Ta sacramuint a néartuigheas sinn chum buaidh a bhreith air cheilg agus air chathughádh an Diabhail air uair ar m-báis, agus a chongnas linn deágh-bhas d'fhághail.
C. Cia an tairbhe eile a thig ó'n t-sacra-muint do? F. Ni he amháin go d-tugann sí sláinte an anama a g-comhnuighe dhúinn, acht fos bheir sí slainte an choirp go minic, agus tógbhann sí fuigheall na b-peacaidhe dhinn. C. Cia chuir an t-sacramuínt so air bun? F. Chuir Iosa Críosd: deir naom Seamus, "má tá aon-duine tinn ann bhur measg tugadh se steach an sagart: agus cuireadh sé ola áir agus déanadh se urnaighe os a chionn, agus má ta se ansna peacaidhibh, maithfear dhó iad.
C. Cionnas is cóir do dhuine é féin dh'oll-mhughadh chum na sacramuinte so? F. Is éigin dó faoisidin a dheanadh má ta se a b-peacadh marbhtha: is cóir dhó mar an g-céadna gníomh croídhe-brughaidh a dhéanadh an th-am a bhidheas d'a glacadh. C. Cionnas a friothóltar an t-sacramuint so? F. Cuireann an sagart an ola choisreactha air na súilibh agus air na ballaibh eile a fhreas-dalas d'ar g-céadfadhaibh corpordha. C. Cad fá g-cuirthear an ola air na bal-laibh so? F. De bhrígh gur b'iad ar g-céadfáidh cor-pordha na fuinneóga, tre a d-tigeann an péacadh agus a n-glacan sé seilbh air an n-anam. C. Abair na cúig céadfaidh corpordha. F. Glacadh, baladh, blas, éisdeacht agus amharc. C. An cóir fuireach le h-uair nó lé h-ag mhallaigh an bháis sul do ghlacfas duine an t-sacramuint so?
F. Ni cóir, óir is tairbighe go mór don duine tinn a glacadh nuair a tá faill, ciall agus cuimhne aige, 'na a glacadh go mall, antrathach. C. Cia an nídh órd no grádh coisreactha? F. Tá sacramuint a bheir Easboig, Sa-gairt, agus cléir iochdarach eile go buan don Eaglais, agus a bheir grása agus cúmhacht dhóibh a n-dualgas a dheanadh innte go naomhtha.
C. Cia fhriothólas an t-sacramuint so? F. Na h-Easboig amháin. C. Cia an nídh an pósadh? F. Ta sacramuint a naomhas co cheangal fir agus mná lé chéile: a bheir grása dhóibh a g-clann a thabhairt suas a n-grádh agus a n-eagla Dé: cuing an phósta d'iomchar go foighideach: agus a bheith díleas d'a chéile go h-uair a m-báis. C. Cad iad na coinghill, tá riachtanach chum na sacramuinte so do ghlacadh go críos-damhuil? F. 1. An coinsias a bheith glan ó gach uile pheacadh marbhtha. 2. A bheith saor ó gach uile thoirmeasg pósta. 3. An pósadh a ghlacadh go cúthal, cráibhtheach. C. Cad thuigeas tú le toirmeasg póstá? F. Tuigim na toirmeásga éirigheas ó ghaol, ó chleamhnas, ó chol spioradálta, díobháil aoise, móid geanmhnaidheachta, agus a leithide eile. C. An mór an peacadh do dhuine pósadh, agus toirmeasg pósta air? F. Is mór: os a chionn sin, tá toirmeasga ann, a bhriseas an pósadh go h-iomlán: agus a thairuingeas mallacht agus iomad miodh ágh air
an lánamhuin, má chomnuigheann siad lé chéile. C. Cia fhriothólas an t-sacramuint so? F. Sagart an pharáiste, no sagart eile lé n-a chead no lé cead an Easboig. C. Cad uime sin? F. De bhrígh nach bhfuil pósadh air bith seas-mhach, de réir chomhairle na Trente, mur n-déantar é a láthair nó lé cead an Easboig no an t-sagairt paráiste; agus a láthair beirte nó triuir fiadhnuisidhe. C. Cad é dualgas na lánamhna pósta? F. A bheith díleas d'a chéile: congnadh lé chéile ann a riachtanas: a bheith grádhach air a chéile, mar tá Criosd agus an eaglais: aire a thabhairt d'a g-clann, agus a d-teagasg le briathar agus lé déagh-shomplá.
An deachmadh Léighean air fhíthchead. C. Cia an ceathramhadh nídh tá riachtanach chum ar slánuighthe? F. Ta an n-dóthchus a chur a n-Dia, agus a choimirc d'iarraidh go minic leís an n-urnaighe.
C. Cia an nídh dóthchus? F. Ta subhailce dhiadha, a bheir muinighin láidir dhúinn gach uile mhaith d'fhághail ó Dia: agus go h-áiridhe grása air an t-saoghal so, agus glóir air an t-saoghal eile. C. Cadh as a bhfuil an dóthchur so agad? F. As geallamhnaibh De, a dhearbhuigh, go d-tiúbhradh sé aoibneas síorrúídhe don dream
a choimhlíonfas a aitheanta: agus as luaigheacht ro líonmhur Iosa Críosd.
C. Déan gníomh dóthchuis. F. O mo Dhia, tá muinighin láidir agam as ucht do mhór-thrócaire agus as ucht luaigheachta mo shlanuightheóra Iosa Críosd, go d-tiúbhraidh tú congnadh do naomh-ghrasa dam air an t-saoghal so, agus an bheatha shíorruidhe air an t-saoghal eile. C. Cia an nídh an Urnaighe? F. Tá árdughadh an chroidhe suas chum Dé aig tabhairt adhraidh, molta agus buidheachais do: agus aig iarraidh air; gach nídh, a ta riachtanach cum ar slánuighthe, a bhronnadh orainn. C. An bhfuil d'fhiachaibh air gach uile chriosd-aighe urnaighe do dhéanadh? F. Ta: is éigin do gach uile dhuine buidh-eachas a thabhairt do Dia fa n-a mhaitheas: agus a chongnadh d'iarraidh ann a riachtanas. C. Cia an t-ainm, ann ar cóir dhúinn ur-naighe do dhéanadh? F. A n-ainm ar slanuightheóra Iosa Críosd: oir deir se: "Cia air bith nídh iarrfaidh sibh air an n-Athair ann m'ainm sa, bhéirfidh sé dhíbh é."
C. Cia an uair is cóir dhúinn urnaighe do dhéanadh? F. Air maidin agus trath-nóna: agus go mór-mhór a n-aimsir gádha no anacra. C. Cia an fhoirm urnaighe is feárr agus is ionmholta? F. Tá an pháidir, fáilte an aingil agus cré na n-Apstol.
An t-Aonmhadh Léighean déag air Fithchead. C. Cá mhéid athchuinge ansa b-Paidir? F. Seacht n-athchuingidhe. C. Cia an smuaineadh budh chóir dhúinn a dhéanadh nuair abramoid "ar n-Atháir?" F. Is cóir dhúinn a bheith lan de ghrádh agus de bhuidheachas do Dia a dhéonuigh a bheith 'n a Athair againn: is cóir dhúinn mar an g-céadna a bheith gradhach air a g-cine daonna go h-iom-lán, mar is dearbhraithreacha agus clann aon-athar sinn uile. C. Cad chíalluigheas na focla so "A ta air neamh?" F. Cialluighean siad gur cóir dhúinn cuimh-niughadh nach bhfuil ionnainn acht deóraidhthe agus díbearthaigh a n-glean so na n-déor: agus gur a ríoghacht na bh-flaitheas a tá ar n-áras agus ar n-áith chómhnuighe shíorruidhe.
C. Cad iarramoid ansa g-cead athchuinge, nuair abramoid "go naomhthar d'ainm?" F. Iarramoid aithne agus eólus a bheith air Dhia air féadh an domhain mhóir: agus onóir, moladh agus grádh a thabhairt dhó le saoghal na saoghal. C. Cad iarramoid ansa dara h-athchuinge, uair abramoid "go dtigidh do ríogácht?" F. Iarramoid air Dhia, a theacht agus seilbh a ghlacadh air ar g-croidhe lé n-a ghrasa air an t-saoghal so: agus an ghlóir shíorruidhe a thabhairt dhúinn air an t-saoghal eile. C. Cad iarramoid ansa treas athchuinge, nuair abramoid "go n-déantar do thoil air an talamh mar ghnidhthear áir neamh?" F. Iarramoid air Dhia, grása a thabhairt
dhúinn go n-déanfamois a thoil air an talamh cho-fonnmhar, agus ghnidh na h-aingil a bh-flaitheas. C. Cad iarramoid ánsa g-ceathramhadh h-athchuinge, nuair abramoid "Tabhair dhúinn a-niudh an n-aran laétheamhuil?" F. Iarramoid gach nídh, thá riachtanach dhúin de thaobh anama agus choirp: mar tá grása De, na sacrámuinte, agus fós biadh agus eadach. C. Cad iarramoid ansa g-cúigeadh h-ath-chuinge, nuair abramoid "maith dhúinn ar bh-fiacha mar maitheamoid-ne d'ar bh-fiach-amhnaibh féin?" F. Iarramoid air Dhia maitheamhnas a thabhairt dhúinn ann ar b-peacaidhibh, mar mhaith-eamoid-ne d'ar námhaidibh féin: óir mur maithamoid-ne do chách eile, ní mhaithfidh Dia dúin féin." C. Cad iarramoid ansa seiseadh h-athchuinge, nuair abramoid "Na léig sinn a g-cathughadh?" F. Iarramoid air Dia, buaidh agus treise a thabhairt dhuinn air cathuightibh an t-saoghail, an Diabhail agus na colna. C. Cad iárramoid ansa seachtmhadh h-ath-chuinge, nuair abramoid, "Saor sinn ó olc?" F. Iarramoid air Dhia, ar saoradh ó gach uile nidh a dheanfadh dochar dhúinn de thaobh anama no choirp. An Dara Léighean déag air fhithcead C. Cia rinne an t-Aue Maria, no áilte an aingil? F. An t-aingeal Gabriel agus naomh Eli-sabet a rinne an chéad chuid: agus an Eaglais an dara cuid.
C. Ca bhfuil cuid an aingil d'an urnáighe so? F. "Is se do bheatha, a Muire, a tá lan de ghrása, ta an Tighearna leat: ís bean-uighthe thú tar na mnáibh."
C. Cad dúbhairt naomh Elisabet leis an Maighdean bheannuighthe? F. Is bheannuighthe thu tar na mnáibh; agus is beannuighthe thoradh do bronn.
C. Cad i cuid na h-Eaglaise d'an urnaighe so? F. A naomh Muire, a Mhathair Dé, guidh orainn-ne na peacachaibh, anois, agus air uair ar m-báis. Amen. C. Cionnas ta an Mhaighdean Muire beann-uighthe thar mhnáibh ar domhain go h-uile? F. De bhrígh gur chumhdáigh Dia í ó gach uile peacadh: agus go rabh sí 'na máthair agus 'na maighdean a n-aoinfheacht: tiodhlacadh, nach bh-fuair bean air bith eile riamh ó Dhia, agus nach bhfuighidh go bráth. C. Cad fá n-goireamoid Máthair Dé d'an Mhaighdean Muire? F. De bhrigh gur b'isi amháin is fíor-mhathaír d'Iosa Críosd, a ta 'na Dhia agus 'na dhuine, C. Cad fá n-iarramoid air an Maighdean bheannuighthe guidhe air ar son air uair ar m-báis? F. De bhrígh gur air an n-uair sin, is láidire cathuighthe an Diabhail; agus is mo theastaigheas a h-éidir-ghuidhe cúmháchtach le n-a h-aon mhac uainn. C. Cia an urnaighe is gnáthach linn a radh i n-onóir na Maighdine Muire?
F. Ann Paidrín, se sin, an choróin Muire. C. An bhfuil an urnaighe sho taithneamhách a láthair an t-slánuightheóra agus a mhátar naomhtha? F. Ta: de bhrigh gur bh'í Cre na n-Apstol, an phaidir agus fáilte an aingil a deirthear innte; agus go bhfuil siad sin taithneamhach a lathair Dé. C. Cad fa n-deirthear an paidrín no an choróin Mhuire? F. Chum De agus na Maighdine Muire do mholadh: agus chum grása agus trócaire d'fhághail ó Dhia tre luaigheacht an mhic agus tre éidir-guidhe na máthar. C. An dóigh go m-brosdóchadh an paidrín deágh-smuaintidhe a g-croidhé an duine? F. Ni bhfuil urnaighe air bith is tabhach-daighe 'ná é leis an g-croidhe do shoillsiúghadh águs a ghluasacht chum maitheasa. C. Cad uime sin? F. De bhrígh go d-treóruigheann sé sinn tri bheatha ar slánuightheóra go h-iomlán ó uair a bheartha ansa n-each-lann go h-uair a gear-paisé air shliabh Calvari. Cuíreann fos a g-cuimhne dhuinn a eiséirighe threiseamhuil agus a dheasgabháil, a n-aoinfheacht le suas-thogbháil ghlórmhar a mháthar bheannuighthe: agus conghbhann se an t-anam aig grinn-dhearcadh air a séun agus air a sonas, do chuaidh se d'ollmhughadh fa chómhair na bhfíréan a ríoghacht glórmhar na bh-flaitheas.
An Chríoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services