Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Teagasg Criostaighe do réir Chomhairle Ard-Easpoig Tuama

Title
An Teagasg Criostaighe do réir Chomhairle Ard-Easpoig Tuama
Composition Date
1862
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Guill agus a Mhac Teór., 1862)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



L. 1


An Teagasc Críostaige,
Do réir Chomhairle
Ard-Easboig Thuama,
agus
Easbog na Cúige sin.



Léigídhe do na leinbh beaga a theacht chugamsa,
agus na toirmeasgaidhe iad: óir
is lé n-a samhail sin ríoghacht Dé.
Naomh Marcus x. 14



A m-baile Atha-Cliath:
Clobhuailte le C.M.Mharrean,
8, Tighhe-shraid




L. 2


So e an teagasc Críostaighe do mholamoid
Chum usáide na g-Creidmheach,
Ta faoi n-ar churam
Seagan, Ard-Easbog Thuama
Thomas, Easbog Cluan-foirt
Padruic, Easbog Achonra
Eadhmun, Easbog Cilmhicduach agus Cilfinóra
Seorsa, Easbog Ghalibhe
Thomas, Easbog a Chilala.




L. 3



URNAIGHE NA MAIDNE



A n-ainm, an-Athar, agus an Mhic, agus an
Spioraid Naoimh. Amen.



Cuireamoid sinn féin a bh-fiadhnuise Dé



Deanamoid gníomh adhraidh



Créidim, a Dhia, go bhfuil tú an so a láthair,
go bhfuil tú aig féachaint orm; go bhfuil tu
aig éisdeacht liom, agus go bhfuil fios agad
air m'uile smuaintidhibh: adhraim agus onór-aim
thú: admhaighim gur tú mo chruthuightheóir,
agus m'ard-Tighearna: íslighim me féin go
h-iomlán faoi do smacht.




Gníomh buidheachais.



Bheirim míle buidheachas duit, a Thighearna,
fa gach tiodhlacadh agus grása d'a d-tug tú
dham, ó tháinig me air an t-saoghal so, agus
go h-airidhe fa mo thabhairt slán ó chodladh na
h-oidhche réir.



Gníomh gradha Dé.



Gradhuighim thú, a Thighearna, ó mo chroidhe
go h-iomlán, agus os cionn gach uile nídh, de


L. 4


bhrígh gur tú an mhaith is feárr agus is gean-mhla
air bith.



Gníomh Ofrala.



Ofralaim duit, a Thighearna, mo chorp
agus m'anam, mo chroidhe, m'intinn, agus mo
thoil; mo smuaintidhe, mo bhriathra agus mo
ghníomhartha air feadh an lae so chum do ghloire
agus d'onóra.



Smuaineamoid anois air gach siocair pea-caidh,
a mheasamoid a bheith romhainn a-niudh,
agus déanamoid.



Gníomh deághrúin.



Tá rún agam, a Thíghearna, le congnadh
do naomh-ghrása, gan nídh air bith a dhéanadh
a-niudh, le smuainte, le briathar, le gníomh
ná le faillighe a chuirfeas fearg ort, agus
na peacaidhe, is mó d'a bhfuilim claon, a
sheachaint: ta súil ágam gach buaireadh agus
gach dócamhal d'a d-tiocfaidh orm air feadh
an lae so, d'fhulang go foighideach, mar shásadh
ann mo pheacaidhibh, a g-cuimhne gach masla agus
anró d'ar fhulang mo shlanuightheóir go fonnmar
air mo shon. Guidhim thú, as ucht páise d'aon-mhic
Iosa Críosd, tré eidir-ghuidhe na
naomh-maighdine Muire, na n-aingeal, mo
naomh-patrúin Padruic, agus na naomh go h-uile,
grása a thabhairt dham an deághrún so a chur
a n-gníomh.


L. 5


An Paidir



Ar n-Athair, a tá air neamh; go naomhthar
d'ainm; go d-tigidh do ríoghacht: go n-déan-tar
do thoil air an talamh, mar ghnídhthear air
neamh. Tabhair dhúinn a-niudh ar n-arán
laetheamhuil: agus maith dúinn an bh-fiacha,
mar mhaitheamoid-ne d'ar bh-fiachamhnaibh féin:
agus ná léig sinn a g-cathughadh: act saor sinn
ó olc. Amen.



An t-Ave-Maria; nó, Fáilte an Aíngil



'S é do bheatha, a Mhuire, a tá lán de
ghrása, tá an Tighearna leat: is beannuighthe
thú thar na mnáibh, agus is beannuighthe toradh
do bhronn, Iosa. A naomh Muire, a mháthair
Dé, guidh orainn-ne na peacachaibh, anois,
agus air uair ar m-báis. Amen.



Cré na n-Apstol



Creidim a n-Dia, an t-Athair uile-chúmh-achtach,
cruthuightheóir neimhe agus talmhan:
agus a n-Iosa Críosd, a aon-mhac-san, ar
d-Tighearna, a gabhadh ó'n Spiorad Naomh,
a geineadh o Mhuire óigh, a d'fhulang páis
faoi Phoint Phíoláid; a céasadh, a fuair
bás, agus a h-adhlacadh; a chuaidh síos go
h-ifrionn; a d'eirigh an treas la ó mharbhaibh;
a chuaidh suas air neamh; a tá 'n a shuidhe air
dheis Dé, an Athar uile-chúmhachtaigh: as-sin
tiocfas do bhreith breithe air bheodhaibh agus
air marbhaibh. Créidim san Spiorad Naomh,
san naomh-Eaglais Chatoiliceach, a g-cumann


L. 6


na naomh; a maitheamh na b-peacaídhe:
a n-eiseirighe na g-corp: agus san m-beatha
shuthain. Amen.



Admhaighim do Dhia uile-chumhachtach, do naomh Muire
a tá riamh 'na h-óigh, do naomh Micheal
ardáingeal, do naomh Eóghhin baisde, do na
naomh-apstolaibh Peadar agus Pól, do mo
naomh Pátrún Padruic, do na naomhaibh go
h-uile, <agus duit-se, athair,> gur pheacuigh
me go ro throm le smuaintidhibh, le briathraibh
agus le gníomharthaibh: tre mo choir féin, tre
mo choir féin, tre mo mhór-choir féin. Air
an n-adhbhar sin, guidhim naomh Muire, a tá
riamh n-a h-óigh naomh Micheál ardaingeal,
naomh Eóghhin baisde, na naomh-apstoil Peadar
agus Pól, mo naomh ratrún Pádruic, na
naoimh go h-uile, <agus tusa, athair,> le guidhe
air mo shon chum ar d-Tighearna Dia.



Guidheamoid



A Thighearna De uile-dhumhachtaigh, a thug
slán go tosach an lae so sinn, cumhdaigh a-niud
sinn le do ghrása, ionas nach g-claonfamois
chum an pheacaidh: acht go m-beidheadh ar
smuaintidhe, ar m-briathra, agus ar n-gníomh-artha
stiúrtha cum do thola a dhéanadh agus
d'aitheanta a choimhlionadh. Tré Criosd ar
d-Tighearna. Amen.



Liodáín Iosa



A Thighearna, déan trocaire orainn.
A Chriosd, déan trócaire orainn.
A Tighearna, déan trócaire orainn.
A Chriosd, éisd linn.


L. 7


A Chríosd, tabhair toradh air ar n-guidhe.
Athair neamhdha, a Dhe, déan trocaire orainn.
A Mhic Dé, a fhuasgaltóir an domhain, déan
trócaire orainn.
A Spioraid Naoimh a Dhe, déan trócaire orainn.
A Thríonóid Naomtha a De, déan trocaire
orainn.
A Iosa a Mhic Dé bhithbheóidh,
A Iosa, a shoillse an athar,
A Iosa, a dhealradh an t-soluis sior-ruidhe,
A Iosa, a rígh na glóire,
A Iosa, a ghrian an cheirt,
A Iosa, a mhic na maighdine Muire,
A Iosa ro gheanamhuil,
A Iosa ro adhraimhuil,
A Iosa, a De neartmhair,
A Iosa, athair an t-saoghail le theacht,
A Iosa, aingil na h-árd-chomhairle,
A Iosa uile-chumhachtaigh,
A Iosa ro fhoighidigh,
A Iosa ró omósaigh,
A Iosa, tá ceannsa, agus umhal ó chroidhe,
A Iosa, a ghrádhuigheas an gheanm-naidheacht,
A Iosa, a ghrádhuigheas sinn-ne,
A Iosa, a Dhe na sióthcháine,
A Iosa, úghdhair na beatha,
A Iosa, a sgátháin na subháilcidhe,
A Iosa, a tá teasghrádhach air ar
n-anamnaigh,
A Iosa, ar n-Dia,
A Iosa, an n-dídean


L. 8


A Iosa, athair na m-bocht,
A Iosa, óircheiste na g-críosdaighthe,
A Iosa, a thréadaidhe mhaith,
A Iosa, a fhíor-sholuis,
A Iosa, a eagna shíorruidhe,
A Iosa, a mhaith dhochoimsighthe,
A Iosa, an t-slíghe an n-firin agus an bheatha,
A Iosa, urghairdeas na n-aingeal,
A Iosa, a righ na b-Patriarc,
A Iosa, a dheacdtoir na bh-faigh,
A Iosa, a mhaighistir na n-Apstol,
A Iosa, a theagasgthoir na Soisgeulaidhthe,
A Iosa, a neirt na mairtireach,
A Iosa, a sholuis na g-confesoiridh,
A Iosa, a ghlaine na maighdean,
A Iosa, a choróin na naomh uile,



Déan trócaire orainn.



Bídh trócaireach linn; coigil dúinn, Iosa.
Bídh trócaireach linn; tabhair toradh air ar
n-guidhe, Iosa.



ó'n uile olc,
ó'n uile pheacadh,
ó d'fheirg féin
ó chealgaibh an Diabhail,
ó spiorad na Drúise,
ó bhás síorruidhe,
ó neamh-shuim ann do naomh-gaothaibh,
as ucht d'ioncolnuighthe,
as ucht do gheineamhna,
as ucht do naoidheantachta,
as ucht do bheatha ro dhiadha,
as ucht do mhór-shaothar,
as ucht do dhochair agus do phaise,
as ucht do chroiche agus do thréigsine,


L. 9


as ucht d'anbhfainne,
as ucht do bhais agus d'adhlactha,
as ucht d'eiséirighe,
as ucht do dheasgábhála,
as ucht d'urgháirdis,
as ucht do ghlóiré,



Saor sinn, Iosa.



Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain
Coigil dúinn, Iosa,
Uaghain Dé, a thóghbhas peacaidhe an domhain
Eisd linn, Iosa.
Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain:
Déan trócaire orainn, Iosa.



Iosa, éisd linn.
Iosa, tabhair toradh air ar n-gúidhe.
V. Go naomhthar anim an Thighearna.
R. Anois agus go sioruidh. Amen.



Guidheamoid



A Thigearná Iosa Críosd, a dubhairt:
iarraidh agus gheabhfaidh sibh; cuartuighidhe
agus bhéirfear dhíbh: buailidhe an doras agus
fosgólar dhíbh: tabhair dhúinn claonadh fonnmhar
chum go ghradha ro dhiadha, ionas go n-gra-dhóchamois
thú le n-ar g-croidhé, le n-ar m-béal
agus le n-ar n-gníomharthaibh go h-iomlán, agus
go molfamois thú gan scith lé saoghal na
saoghal. Amen.


L. 10


Urnaighe an Tráth-nóna.



<Abair na gníomharta, mar aig urnaighe
na maidne: an sin, an Phaidir, fáilte an
aingil, an Chre: an fhaoisidin gheinearáilte
agus liodáin Mhuire, mar leanas.>



Liodáin Muire.



Cuireamoid sinn féin faoi do choimirc, a
Naomh mháthair Dé, ná tarcuisnigh an urnaighe
a ghuidheamoid chugad ann ar riochtanas, acht
saor sinn go cinnte ó gach uile ghádh, a mhaighdean
ghlórmhar bheannuighthe.



A Thighearna, déan trócaire orainn.
A Chríosd, déan trócaire orainn.
A Thighearna, déan trócaire orainn.
A Chríosd, éisd linn.
A Chríósd, tabhair toradh air ar n-guidhe.
Athair neamhdha e Dhe, déan trócaire orainn.
A Mic Dé, a fhuasgaltóir an domhain, déan
trócaire orainn.
A Spioraidh naoimh a Dhe, déan trócaire orainn.
A Thríonóid naomhtha a Dhe, dean trócaire
orainn.



A naomh Muire,
A naomh mháthair De,
A naomh mhaighdean na maighdean,
A mháthair Chríosd,
A mháthair na n-grása diadha,
A mháthair ro glan,
A mháthair ro gheanmnaidhe,
A mháthair gan truailliughadh,
A mháthair gan toibhéim,
A mháthair gheanamhuil,
A mháthair iongantach,


L. 11


A mháthair ar g-Cruthuightheora,
A mháthair ar Slánuightheóra,
A mhaighdean ro eagnach,
A mhaighdean ro airmhidneach,
A mhaighdean chliutach,
A mhaighdean chumhachtach,
A mhaighdean thróchaireach,
A mhaighdean dhileas,
A sgátháin an cheirt,
A chathaoir na h-eagna,
A adhbhair ar luathgháire,
A shoithigh spioradálta,
A shoithigh onóraigh,
A shoithigh oirdheirc an chrabhaidh,
A róis rún-diamhair,
A thuir Dáibhi,
A thuir eabhurdha,
A thigh órdha,
A airt an conraidh,
A dhorais fhlaithis,
A réalt na maidne,
A shláinte na n-easlán,
A choimirc na b-peacach,
A shóláis lucht an dubroín,
A chongnadh na g-críosdaighthe,
A bhainríoghan na n-aingeal,
A bhainríoghan na b-patriarc,
A bhainríoghan na bh-fáigh,
A bhainríoghan na n-Apstol,
A bhainríoghan na mairtíreach,
A bhainríoghan na g-confesoiridh,
A bhainríoghan na maighdean,
A bhainríoghan na naomh go h-uile.



Guid orainn.


L. 12


Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain,
coigil dúinn, a Thighearna.
Uaghain Dé, a tógbhas peacaidhe an domhain,
Eisd linn, a Thighearna.
Uaghain Dé, a thógbhas peacaidhe an domhain,
Déan trócaire orainn.
A Chríosd, éisd linn.
A Chríosd, tobhair toradh air ar n-guidhe.
V. Guidhe orainn, a naomh-mhathair Dé.
R. Ionas go mb' fhiú sinn geallamhna Chríosd
d'fhághail.



Guidheamoid.



Impigheamoid tú, a Thighearna, dóirt do
ghrása ann ar g-croidhtheachaibh, ionas, réir
mar fuaramar fios ioncolnuighthe Chríosd
do Mhic, tre theachtaireacht an Aingil, go
d-tiocfamois tré luaighteacht a phaise agus a
chroiche go h-eiseirighe ghlórmhar: trid an
Críosd céadna ar d-Tighearna. Amen.



Go m-beannuighthear dhuit, a bhainríoghan
bheannuighthe, a mháthair na trócaire, ar m-beatha,
ar milseacht, agus an n-dóthchus. Is
ort a sgreadamoid-ne, clann bhocht dhíbeartha
Eabha. Is chugad a chuireamoid suas ar
n-osnaigheal aig déanadh tursa agus gola a
n-ghleann so na n-deór. Féach orainn mar sin
a charaid lé do shuilibh trócaireacha, agus
nuair a bheidheas an n-díbearthact air an
t-saoghal so críochnuighthe, taisbean dúinn to-radh
beannuighthe do bhronn, Iosa. A mhór-thrócaireach,
a mór-chráibhtheach, a mhór-mhilis,
a Maighdean Muire.


L. 13


Tháinig aingeal an Tighearna lé teachtair-eacht
aig Muire,
Agus ghabh sí ó'n Spiorad Naomh.
'S é do bheatha, a Mhuire, etc.



Feach mise searbhfhóghantuighe an Tighearna,
Déantar liom mar dubhrais.
'S é do bheatha, a Mhuire, etc.



Agus rinneadh feóil d'an m-briathar,
Agus chomhnúigh se eadrainn,
'S é do bheatha, a Mhuire, etc.



V. Guidh orainn, a naomh-mhathair Dé.
R. Ionas go m-b' fhiú sinn geallamhna Chríosd
d'fhághail.



Tabhair cuairt, a Tighearna air an teach
so, agus díbir uáidh gach cealg an Diabhail;
déanadh na h-aingil bheannuighdhe áras an, d'ar
g-cosaint a síothchain: agus go g-comhnuighe
dó bheannacht féin go síorruidhe ann ar measg.
Tre Críosd an d-Tighearna. Amen.



Guidheamoid le n-anamnaibh na marbh a tá
a b-purgadóir.
Paidir agus failte an Aingil, etc.



A Dhia, a chruthuigh agus a shlánuigh na fír-éin
go h-uile, tabhair d'anamnaibh na marbh
maitheamhnas ann a b-peacaidhibh, ionas go
bhfuighidís tre eidir-ghuidhe chráibhtheach an
luaigheacht, le n-á rabh suil aca a g-comh-nuighe,
tre Iosa Críost ar Tighearna. Amen.


L. 14


A n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an
Spioraid Maoimh. Amen.



Gníomhartha Croidhe-bhrúghaidh, Creidimh, Dóth-chuis,
agus grádha.



Urnaighe roimh na gníomhartha.



Guidheamoid.



O a Dhia shíorruidhe, uile-chumhachtaigh, tabhair
dhúinn bréis creidimh, dothchuis agus ghradha;
agus chum go bhfuigheamois toradh do naomh-gheallamhna,
tabhair dhúinn grása d'aitheanta
do ghradhughadh agus do choimhlionadh: tre Iosa
Críosd ar d-Tighearna. Amen.



Gníomh Croidhe-brughaidh.



O mo Dhía tá doilghíos croidhe orm fa
fhearg a chur ort: agus tá fuath firinneach
agam do mo pheacaidhibh, de bhrígh go bhfuíl
siad mío-thaithneamhach ann do láthair-se, a Dhia,
a thuilleas mo ghrádh go h-iomlan de taobh do
mhaitheasa dóchoimsighthe, agus do cháilidheachta
ro gheanamhla: agus tá rún dhiongmhálta agam,
lé congnadh do naomh-ghrása, gan fearg a chur
onth aris go bráth.



Gníomh Creidimh.



O mo Dhia, creidim go diongmhálta gur
aon Dia amháin thú, Cruthuightheóir agus ard-Tighearná
neimhe agus talmhan: gu bhfuil do mhaith-eas
agus do chumhacht dóchoimsighthe: creidim go
diongmhalta go bhfuil ionnad-sa, an t-aon Dia


L. 15


amhain, trí pearsanna diadha, eidirdhealbhtha,
agus comh-ionann ann gach uile nidh, mar tá an
t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad
Naomh: creidim go diongmhálta gur ghlac
Iosa Críosd, Dia an Mac colann daonna;
gur gabhadh ó'n Spiorad Naomh é: gur rugadh
é ó'n Maigdean Muire: gur shulang sé páis,
agus go bh-fuair bás air an g-croich le sin-ne
d'fhuasgailt agus do shlanughadh: gur éirigh sé
an treas lá ó mharbhaibh: go n-deachaidh se
suas air neamh: go d-tiocfaidh sé aig deireadh
an t-saoghail chum breitheamnais do thabhairt
air an g-cine daonna; go d-tiubhraidh sé
aoibhneas síorruidhe do na deágh-dhaoinibh:
agus go d-teilgfidh sé an drong mhalluighthe
go pianta síorruidhe ifrinn. Creidim so agus
gach nidh eile a chraobhsgaoileas an naomh-Eaglais
Chatoiliceach Rómhánach dhúinn, de bhrígh
gur tusa a Dhia, an fhírinne do-mheallta a
d'fhoillsigh iad, agus gur orduigh tú dhúinn
éisdeacht leis an n-Eaglais, <Mat. xviii 17>,
mar is sí bun agus piléir na fírinne í. <Tim.
iii 16.> Ansa g-creideamh so ta rún daingean
agam, lé congnadh do naomh-ghrása, mo bheatha
chaithead agus bás d'fhághail.



Gníomh Dóthchuis.



O Dhia, a gheall go thrócaireach gach tabhar-tas
agus fós flaitheas féin tre Iosa Críosd
don dream a chóimhlíonas dh'aitheanta: lé
muiníghin as do mhór-chumhacht, do mhór-mhaitheas
do mhór-thrócaire agus do gheallamhna naomhtha
a choimhlionas tú a g-comhnuighe go fírinneach


L. 16


ta dóthchus láidir agam, go d-tiubhraidh tú
maitheamhnas dam an mo pheacaidhibh go h-uile,
grása air an tsaoghal so chum do sheirbhíse a
dhéanadh go dúthrachtach, le déanadh na n-deágh-oibreacha
a d'orduigh tusa, agus a tá rún
agam le do chongnadhsa a coimhlíonadh: agus
aoibhneas síorruidhe air an th-saoghal eile,
tré mo Thighearna agus mo shlanuightheóir
Iosa Críosd.



Gníomh Carthannachta,
no
Gníomh grádha Dé agus na Comharsann.



O Dhia, gradhuighim thú lé mo chroidhe, agus
le m'anam go h-iomlán, agus os cionn gach
uile nídh, de bhrigh go bhfuil tu ro maith agus
ro iomlán agus go d-tuilleann tú mo ghrádh
go h-uile. Agus air do shon-sa gradhuighim
mo chomharsa mar mé féin. Tabhair dham as
ucht do thrócaire, o mo Dhia, tar eis do
ghradhuighthe anso air talamh go n-gradhóchainn
agus go sealbhóchain thu go síorruidhe a
bh-flaitheas.



Urnaighe le rádh roimh an Aifrionn.



Guidheamoid.



O Athair ro thrócairigh, a ghradhuigh cho-mór
sin an domhan, go dh-tug tú suas chum sinn-ne
do shlánughádh d'aon Mhac muirneach féin: an
te, le h-umhlacht duit-se agus air ar son-ne


L. 17


na peacachaibh, d'ísligh é féin fós go bás na
croiche, agus a thoirbhireas é féin go láe-theamhuil
air an n-Altóir tré fhriothóladh na
Sagart air son na m-beódh agus na marbh,
athchuingeamoid thú go h-umhal beódh-chreideamh
a spreagadh ionnainn, cum go n-iamchoramois
sinn féin le h-iomad cráibhtheachta agus ómois,
a láthair toirbhirthe uaisle a chuid fola agus
feóla a déantar ansa n-aifrionn: agus chum
go m-beidheamois rann-pháirteach ansa n-iodh-bairt
a chríochnuigh sé air Calbhari.



Air aon intinn le do naomh-Eaglais agus le n-a
sagartaibh agus aig iarraid eidirghuidhe
na naomh-maighdine Muire máthar De, na
n-Aíngeal agus na naomh go h-uile, toirbhir-eamoid
anois íodhbairt ro adhramhuil an aif-rinn,
chum d'onóra agus do ghlóire, aig admháil do
cháilídheachta neamh-choimsighthe, d'ard chéime os
cion gach créatúir, ar d-tuilliomuidhe go h-iom-lan
ort: aig glacadh buidheachais leat fá do
thiodhlacaibh agus aig iarraidh maitheamhnais
ort ann ar b-peacaidhibh.



Ofralamoid suas e air son lán-shíolrughadh
an chreidimh catoilicigh; ar son an n-athar
ro naomhta an Pápa: air son ar n-Ard-Eas-boig
<no ar n-Easboig:> air son tréadaidhthe
na h-eaglaise go léir, chum go stiúrfaidís
na fíréin a slighe a slánuighthe; air son na
bainríoghaine agus gach duine d'a bhfuil
a n-ard-réim: air son síothcháine agus car-thannachta
a measg gac tire agus gach pubuil:
air son riachtanais an chine daonna agus go
mór-mhór air son an phobuil a thá an so a


L. 18


láthair, cum go bh-fuigheamois gach tiodlacadh
d'a bhfuil d'easbhaidh orainn air an t-sáoghal so,
aoibhneas do-chríochnuighthe air an t-saoghal
eile, agus suaimhneas síorruidhe do na h-anam-naibh
a chuaidh air shluagh na marbh.



Agus de réir mar d'orduigh Iosa Críosd,
nuair a thionsgan sé, aig an suipéar déigh-ionach,
rún-diamhair ro iongantach so a chu-mhachta,
a chríonnachta agus a mhaitheasa,
tairgeamoid suas an t-aifrionn a g-cuimhne
buidheach air gach nidh d'a ndeárnaidh sé agus
d'ar fulang sé air ar son; aig déanadh
cuimhne speisiálta air a ghéar-pháis agus air
a bhás; air a eiseirige ghlórmhar agus air
a dhul suas air neamh. O, a Dhia shíor-ruidhe,
uile-chumhachtaigh, <óir is duitse amháin
is dual íodhbairt cho-mór so,> deónuigh go
tróchaireach a ghlacadh chum na g-críoch so agus
gach criche eile, d'o bhfuil taithneamhach le do
naomh-thoil. Agus ionas go m-beidheadh sé
níos taithneamhaighe ann do Láthair, ofrala-moid
duit é trid an Iosa Críosd ceadna,
ar n-árd-shagart agus ar n-íodhbairt; agus
a n-ainm da Tríonóide ro Maomtha, an
Athar, agus an Mhic agus an Spioraid
Naoimh. Amen.


L. 19


AN TEAGASG CRÍOSDAIGHE



An chead léighean



Ceisd. Cad é an nídh an teagasg Críos-daighe?



Freagradh. Ta míníughadh soilléir, so-thug-siona
air an g-creideamh Catoiliceach, air
na h-aitheantaibh agus air neithibh eile, a tá
riachtanach chum ar slanuighthe.



C. An éigin dúinn meas mór a bheith againn
air an teagasg Críosdaighe?



F. Is éigin; de bhrígh gur b'é an teasasg
céadna é, a mhúin Criosd agus na h-Apstoil.



C. Cia an modh air ar cóir dhúinn an tea-gasg
Críosdaighe d'fhóghlaim?



F. Is cóir dhúinn éisdeacht leis go h-aireach,
macanta, módhamhuil, cho-maith agus dá m-beidheadh
ar d-Tighearna Iosa Críosd aig caint linn
<Lúcas xi 16>.



C. Cia an modh air ar gnáthach linn an
teagasg Críosdaighe, agus oibreacha craibh-theacha
eile a thosúghadh agus a chríochnnughadh?



F. Is cóir dhúinn sinn féin a choisreacan, sé
sin, comhartha na croiche a ghearradh orainn féin.



C. Cadh chialluigheas comhartha na croiche?



F. Is é comhartha deisciobhail dhílis Chríosd
é, a tá reidh, ollmhuighthe le teagasg Chríosd
d'admhail, agus le n-a chroich d'omchar.



C. Cia an modh air a g-coisreacann tú
thú féin?



F. Aig cur na laimhe deise air chlár an
éadain, as sin air iachdar m'uchta, as sin air


L. 20


an n-gualáinn chlé, agus deis, aig radh: A n-Aínm
an Athar, agus an Mhic, agus an
Spioraid Naoimh. Amen.



C. An cóir dhúinn comhartha na chroiche a
ghearrdh orainn féin go minic?



F. Is cóir, air lorg agus réir shompla na
g-céad-chríosdaighthe; oir dearbhan aon de na
h-aithreachaíbh naomhtha dhuinn, go m-budh ghnáthach
leó comhartha na croiche a ghearradh go fior-mhinic
orra féin, go h-airidhe, aig luidhe agus
aig eirighe, aig dul chum aisdir no chum bhidh.



C. Cad cialluigheas Amen?



F. Bidhead mar sin.



An Dara Léigheann



D'an chreideamh



C. Cia chruthuigh agus chuír air an t-saoghal thú?



F. Dia.



C. Cad fá'r chruthuigh Dia agus ar chuir
sé air an t-saoghal thú?



F. Cum eóluis d'fhaghail air, chum e a ghradh-ughadh,
chum a thola do dhéanadh agus chum na beatha
siorruidhe do shaothrughadh leis an meódhan-so.



C. Cad is éigin do dhuine a dhéanadh chum go
saothróchadh se an bheatha shíorruidhe?



F. Is éigin dó ceithre neithe do dhéanadh.



C. Cad é an chead níd?



F. Gach nidh a d'fhoillrigh Dia agus a mhúineas
an Eaglais dúinn, a chreideadh go diongmhálta.
<Eoghan viii 28>



C. Cad é an dara nídh?



F. Aitheanta Dé agus na h-Eaglaise do
<choimhlíonadh> <Math xix 17>.


L. 21


C. Cad é an treas nídh?



F. Na sacramuinte do ghlachadh leis an
n-ollmhughadh tá riachtanach. <Mathh. xxviii 20>



C. Cad é an ceathramhadh nídh?



F. Ta an n-dothchus a chur a n-Dia, agus a
choimirc d'iarraidh go minic leis an n-urnaighe.
Mathh. xvii 20



C. Cad fa roinneann tú an teagasg críos-daighe
'n a cheithre chuidh?



F. Le ughdarás agus de réir shompla an tea-gaisg
criosdaighe is foir-leithne agus is feárr
mínighthe d'ar cuireadh ríamh a g-ceann a cheile.



C. Cia an teagasg críosdaighe é sin?



F. Ta teagasg críosdaighe Chomhairle na
Trente
< Coimhthionoil na Trente >
a cuireadh a bh-fuirm, le h-ordughadh
an chúmhachta is airde ansa n-Eaglais Catóil-iceach
agus a moltar do gach tréadaidhe a lean-mhuin
aig teagasg na bh-fíréan.



An Treas Léighean.



C. Cia an nídh an creideamh?



F. Ta súbhailce dhiadha tre a g-creid-eamoid
gach nidh d'ar fhoillsigh Dia agus d'a
múineann an Eaglais dhúinn.



C. An riachtanach do gach uile dhuine
creideamh a bheith aige?



F. Is riachtanach; de bhrígh nach féidir
aon-neach do shlánughadh gan creideamh. Ea-bhruighibh xi.6



C. Déan gníomh creidimh.



F. O mo Dhia, creidim go diongmhálta gach
nídh d'ar fhoillsighis agus d'a múineann tú treas


L. 22


an Naomh Eaglais Chatoiliceach; de bhrigh go
bhfuil tú ro fhirinneach an do bhriathraibh; agus gur b'í
an Eaglais bun agus piléir na fírinne.



C. Ca mhéid cineál creidimh ann?



F. Dá chineal: se sin, creideámh le deagh-oibreachaibh
agus creideamh gan deag oibreachaibh.



C. An fhéidir neach a shlanúghadh le crei-deamh
gan deagh-oibreachaibh?



F. Ní féidir: molann an Sgrioptúir
naomhtha dhúinn a moran d'áitibh déagh-oibreacha
do dhéanadh; agus go bhfuil siad taithneamhach a
láthair Dé. <Seamus ii.17.>



C. Ca bhfuil na príomh-airteagail is éigin
dúinn a chreideadh?



F. A g-Cré na n-Apstol.



C. Abair an Chré.



F. Creidim a n-Dia an t-Athair uile-chúmhachtach,
cruthuightheóir neimhe agus talmhan: agus
á n-Iosa Críosd, a aon-mhac-san, an d-Ti-ghearna,
a ghabhadh ó'n Spiorad Naomh, a
geineadh ó Mhuire óigh, a d'fhulang páis faoi
Phoint Phíoláid: a céasadh, a fuair bás agus
a h-adlácadh; a chuaidh síos go h-ifrionn: a
d'éirigh an treas lá o mharbhaibh: a chuaidh
suas air neamh: a tá 'n a suidhe air dheis
Dé an Athar uile-chúmhachtaigh: as sin tiocfas
do bhreith bhreithe air beódhaibh agus air mharbhaibh.
Creidim san Spiorad Naomh, san naomh-eaglais
catoiliceach, a g-cumann na naom:
a maiteamh na b-peacaidhe: a n-eiseirighe na
g-corp: agus san m-beatha shuthain. Amen.


L. 23


An ceathramhadh Léighean.



C. Cad é an chéad nídh, is cóir do gach
uile chríosdaighe a chreideadh?



F. Go bhfuil aon Dia amháin ann: is é so
an chead airteagal d'an chré.



C. Cia he Dia?



F. Cruthuightheóir neimhe agus talmhan: agus ard-Tighearna
gach uile nidh. <Geneisi i.l.>



C. An rabh Dia ann, gach uile am?



F. Bidh agus roimh gach uile am; de bhrígh go
bhfuil sé gan tús, gan deireadh.



C. Ca bhfuil Dia?



F. Ta sé air neamh agus air tálamh, agus ann
gach uile bhall d'an domhan.



C. An bh-feiceann sé gach uile nidh?



F. Chigh se gach uile nídh, go fíu na smuain-tidhe
is uaígníghe a g-croidhe an duine.



C. Cá mhéid Dia ann?



F. Ní fhuil acht aon Dia amháin: a bheir-feas
aoibhneas síorruidhe do na deagh-dhaoinibh
agus pianta siorruidhe don drong lochtach.



C. Cá mhéid pearsa a n-Día?



F. Trí pearsanna, eidirdhealbhtha agus coimh-ionann
an gach uile nídh: mar ta: an t-Athair,
agus an Mac, agus an Spiorad Náomh.



C. An Día an t-Athair?



F. Is ead go deimhin.



C. An Dia an Mac?



F. Is eadh go deimhin. <Eoghhan i.1>



C. An Dia an Spiorad Naomh?



F. Is eadh go deimhin. <Gniomh, v.3,4>



C. An trí Dethe iad?


L. 24


F. Ni head, acht aon Dia amháin á d-tri
b-pearsannaibh: dé bhrígh nach bhfuil aca achd
aon nadúir agus aon t-substaint amháin dhiadha.



C. Cad is ainm do na trí pearsannaibh
a n-aoinfheacht?



F. An Tríonóid ro Naomhtha, no aon Dia
amháin a d-trí b-pearsannaibh.



C. Cia aca is sine, nó is óige, no is
cumhachtaighe?



F. Is ionann aois, uaisle agus cumhacht dhóibh
araon.



C. Cad is éigin a dhéanadh chum na Trí-onóide
naomhtha d'onóradh?



F. Is éigin dúinn an rún-diamhair ro dho-mhain
so a chreideadh go daingeán: buidheachas
a thabhairt do Dia fa eólus a thabhairt dhúinn
air: agus Dia na glóire d'adhradh a d-trí
b-pearsannaibh, go spesialta air maídin agus
trath-nóna agus a d-tús gach urnaighe; aig rádh,
Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad
Naom: mar bhidh ó thús, agus mar tá, agus mar
bheidheas lé sáoghal na sáoghal. Amen.



An cúigeadh Léighean.



C. Cad thuigeas tú lé ioncholnughadh?



F. Coimhcheangal na nadúire diadha agus na
nadúire daonna a n-aon pheársainn diadha
amháin.



C. Cia de thrí pearsannaibh na Tríonóide
a ghlac colann daona?



F. Mac De an dara pearsa den Trí-onóid
ro naomhtha <Eoghhan i.14>


L. 25


C. Cad thuigeas tú le rádh gur ghlac sé
colann daonna?



F. Tuigim gur ghlac sé corp agus anam mar
tá againn-ne.



C. Cia an áit ag ghlach se an corp agus an
t-anam-so?



F. A m-broinn na maighdine glórmhaire
Muire, a mhathair. <Math.i.18>



C. Cia an módh ar thárlaidh so?



F. Lé h-oibriúghadh an Spioraid Naoimh do
cumadh corp. Iosa Críosd a m-broinn na
maighdine Muire.



C. Cad chialluigheas an focal Iosa?



F. Cialluigheann sé Slánuightheoir.



C. Nach n-dlighthear onóir áiridhe d'ainm
Iosa?



F. Dlighthear, oir orduighthear gach glún
a chlaonadh d'ainm Iosa. <Philipian ii.10>



C. Cad chialluigheas an focal Críosd?



F. Cialluigheann se ungtha no olaighte.



C. An Dia Iosa Críosd?



F. Tá se 'na Dia agus 'na dhuine a n-aoin-fheacht. <Philipian ii.7>



C. An rabh sé a g-comhnuighe 'na Dia?



F. Bhidh.



C. An rabh sé a g-comhnuighe 'na dhuine?



F. Ni rabh, acht o aimsir a ioncholnuighthe.



C. Ca mhéid naduir a n-Iosa Críosd?



F. Tá dhá nadúir; se sin, nadúir dhíadha agus
nadúir daonna, oir ta sé 'na Dhia agus 'na dhuine.



C. Ca mhéid pearsa a n-Iosa Críosd?



F. Ni bhfuil acht aon phearsa amháin; se
sin, pearsa Mhic Dé amháin.


L. 26


C. Ca bhfuil ar d-Tighearna Iosa Críosd?



F. An méid gur Día é, tá sé ann ghach
iule áit: acht an méid gur duine é, tá sé
air neamh amháin agus a naomh-shacramuint na
h-altóra.



An Seiseadh Léighean.



C. Cad fá'r ghlac Mac Dé, colann daonna?



F. Lé sinn-ne fhuasgailt ó'n b-peacad, agus an
sabháil ó dhamnúghadh síorruidhe. <Math.xviii 2.>



C. Cia an modh ar shabháil se sinn?



F. Le bás agus páis na croiche d'fhulang air
ar son.



C. Cad fá'r damnuighead an cine daonna
mar so?



F. Fa easumhlacht ar gcéad cheap sinsir,
Adhamh agus Eabha, a d'ith abhal na h-aithne a
b-Páirthas. <Rom.v.2>



C. Cia an lá do rugadh Iosa Críosd?



F. Lá nodhlac air uair na meodhan-oidhche.



C. Cía an modh ar chaith ar Slánuightheoir
Iosa Críosd a bheatha go h-aois a dheich
m-bliadhan fithcheadh?



F. Do chaith sé a bheatha go h-uaigneach; agus
beagnach gan fhios don t-saoghal a g-comh-luadar
a mhathar bheannuighthe. <Lucas ii 51>



C. Cad rinne sé o aois a dheich m-bhliadhan
fithchead go h-am a bháis?



F. Mhúin se do na daoinibh slighe a slánuighthe
le n-a theagasg agus le n-a dhéagh-shompla: agus rinne
sé iomad míonbhuilidh le n-a theagasg a
chruithughadh agus a choimhneartúghadh.



C. Cia an lá a fuair se bás?


L. 27


F. Aoine an chéasta.



C. Cad fá bh-fuair se bás?



F. Le sasadh a thabhairt do Dhia ar son
an b-peacaidhe. <Rómh,ii.24.25>



C. Cia an lá d'éirigh sé ó mharbhaibh?



F. Domhnach Cásga, an treas lá tar éis
a bháis.



C. Ca rabh a anam air feadh na d-trí lá sin?



F. Bhidh se a límbo; se sin, ifrionn na
n-aithreach naomhtha; le fuasgailt a thabhairt
do na h-anamnaibh a bhidh a n-géibhionn ann.
<Ephesian iv.8,9>



C. Cia an lá chuaidh sé suas air neamh?



F. Díardaoin Deasgabhála, dhá fhithchead
lá tar éis na h-eiseirighe.



C. An d-tuirleonnaidh Críosd ar slánuigh-theoir
ó neamh aig deireadh an domhain?



F. Tuirleónaidh se go soilléir, le breith-eamhnas
a thabhairt air bhéodhaibh agus air mharbhaibh
de reir a n-gníomhartha.



C. Cia an lúach-saothair a bheirfeas Dia
do na-deagh-dhaoinibh?



F. Glóir fhlaitheamhnais agus an bheathá shiorruidhe.



C. Ca rachfaidh na daoine lochtacha a gheabh-fas
bás air staid pheacaidh marbhtha?



F. Rachfaidh siad go fíor-íachdar ifrinn,
an áit a mbéidhidh siad d'a losgadh a measg
na n-deamhan air feadh na síorruidheachta.



An Seachtmadh Léighean.



C. Cia he an Spiorad Naomh?



F. An treas rearsa d'an tríonóid ro naomhtha.
<Math xxviii.19>


L. 28


C. Cia an lá a thuirlinn an Spiorad naomh
air an Eagláis?



F. Domhnach Cingcighise, deich lá tar éis
deasgabhala.



C. An d-tugthar an Spiorad naomh dhúinn
anois?



F. Do bheirthear é air mhodh dho-fhaicsiona
don mhuintir a bhidheas ollmhuighthe, mar is cóir,
chum a ghlactha.



C. Cad is cóir dhúinn a dhéanadh ionas go d-tuir-leónadh
an Spiorad naomh ann ar g-croidhe?



F. Is cóir dhúinn a ghuidhe go minic, a theacht
agus seilbh a glacadh air ar g-croidhe: ar g-cóin-sias
a ghlanádh ó gach uile smal peacaidh agus a bheith
sióthchánta, carthannac leis an g-comharsainn.



C. Ca bhfuil an Spiorad Naomh?



F. Tá sé ann gach uile áit: agus air mhodh
speisialtha a n-anamnaibh na bh-fíréan.



C. Cad é a ghnidheas an Spiorad Naomh
a n-anamnaibh na fíréan?



F. Naomhann sé iad lé n-a ghrása agus cuid-igheann
se leó ann a riachtanas.



C. An cóir dhúinn congnadh an Spioraid
Naoimh d'iarraidh go minic?



F. Is cóir; de bhrígh nach féidir linn nídh
air bith a dhéanadh chum ar n-anam a shlánúghadh
gan congnadh an Spioraid Naoimh.



C. Cia an mhaith eile a ghnidheas an Spi-orad
Naomh dhúinn?



F. Soillsigheann sé agus treóruigheann sé an
Eaglais aig múnadh gac firinne dhi go deireadh
an t-saoghail, de réir gheallanma ar slá-nuightheóra
Iosa Críosda. <Eoghan xiv.16,17>


L. 29


An t-ochtmhadh Léighean.



C. Cia an nídh an Eaglais?



F. Co-chruinniughadh na g-Críosdaighthe, a
admhaigheas an creideamh fíor: agus tá umhal
don Papa. <Math.xvi.18>



C. Cia hé ceann na h-Eaglaise?



F. Criosd air neamh a cheann dofhaicsiona:
agus an Pápa air talamh a cean sofhaicsíona.



C. Cia hé an Pápa?



F. Comhárba naomh Peádáir agus fear-ionaid
Iosa Críosd air an talamh.



C. An riachtanac do dhuine a bheith ansa n-Eaglais
fhírinneach?



F. Is riachtanach; ni bhfuil slánughadh lé
fághail amuigh as an n-Eaglais, <Mat.xviii,17>
oir mar nach bhfuil acht aon-Dia amhain,
aon-chreideamh amhain, agus aon-bhaisdeadh amháin
ann, mar a g-ceadna ní bhfuil ann acht aon-eaglais
amháin fhírinneach. <Ephes.iv.4,5>



C. An bhfuil an Eaglais fhírinneach so-fhaicsiona?



F. Tá: oir cuireann an Sgrioptúr an
Eaglais a g-comórtus le cathair suidhte air
mhullach sléibhe nach féidir a chur a bh-folach
<Math.v.14>



C. Cia hí an Eaglais fírineach?



F. An Eaglais Chatoiliceach Romhánach.



C. Cad fa n-deir tú gur b'í an Eaglais
Chatoiliceach Romhánach an Eaglais fhírinneach?



F. De bhrígh gur b'aicise amháin a tá na comh-arthaidhe
le a n-aithnighthear an Eaglais fhírinneach.



C. Cád iad comharthaidhe na h-Eaglaise
fírinnighe?


L. 30


F. Ta sí aonda, <Ephes.iv.4,5> - naomhtha,
25,26 - catoiliceach, <Gniomh,viii.4> - agus apsto-lach.
<Mat.xxviii>.



C. Cad as a n-deir tú go bhfuil an Eag-lais
Romhánach aonda?



F. Do bhrígh go n-admhaigheann a clann an
creideamh céadna; go bhfuil siad umhal don
chean agus don dlighe céadna: agus go bhfuil siad
rann-pháirteach ansna sacramuintibh céadna.



C. Cad as a n-deir tú go bhfuil an Eag-lais
Romhánach Naomhtha?



F. Mar tá a ceann Iosa Críosd naomhtha:
ta a teagasg agus a sacramuinte naomhtha:
agus mar bhidheas iomad mhór d'a clann gach uile
am aig caitheadh beatha naomhtha bheannuighte ann
gach rann d'an domhan go h-uile.



C. Cad as a n-déir tú go bhfuil an Eag-lais
Romhanach Catoiliceach?



F. De bhrígh go bhfuil sí air bun ó aimsir
Chríosd, agus go m-beidhidh go deireadh an t-saoghail,
sgartha go foirleathan air feadh an domain mhóir.



C. Cad ás a n-deir tú go bhfuil an Eag-lais
Romhánach Apstolach?



F. Mar is iad na h-Apstoil an bunn air
ar thóg Críosd an Eaglais: agus gur gheall sé
a bheith leó agus leis na h-Easboig 'n a n-diaigh
d'a stiuradh agus d'a d-teagasg ann gach fírinne
go deireadh an domhain.



C. Cad as a n-goirthear Eaglais Rómh-anach
d'an Eaglais?



F. Mar budh é naomh Peadar, prionsa
na n-Apstol, céad Easbog na Róimhe: agus
mar d'fhan a chumhacht aig gach Easbog d'a
d-tainig air a lorg ann ó sin anuas.


L. 31


An Naoimheadh Léighean.



C. Cad thuigeas tú le cumann na naomh?



F. Tuigim go bhfuil fíor-chlann Chríosd go
h-uile rann-pháirteach a n-ionmhus
spiora-daltá na h-eaglaise. Corinth.xii.12



C. Cad é an t-ionmhus spioradalta so ann a
bhfuil baill na h-eaglaise rann-pháirteach?



F. Na sacramuinte, náomh-iodhbairt an
aifrinn, urnaighe ná h-eaglaise agus déagh-oib-reacha
na bh-firéan.



C. Nach bhfuil cumann éigin eidir na Críos-daighthe
air talamh agus na naoimh air neamh?



F. Tá: déanamoid-ne urnaighe chuca-san agus
fághann siad-san congnadh ó Diá le n-a n-eidir-guighe
dhúinn-ne tre Iosa Críosd. <Taisb.viii.3,4>



C. An d-téidheann saidhbhreas spioradálta-so
no h-eaglaise a sochar do na h-anamnaibh
a tá a b-Purgadoir.



F. Téidheann: fághann siad solás agus furtacht
le naomh-iodhbairt an aifrin, lé urnaighe agus lé
déagh-oibreacha na bh-fíréan. <Machab.xii.46>.



C. Cia an nídh Purgadóir?



F. Tá ait fulangtha pian, ann a g-cong-bhaighthear
air fheadh aimsire áiridhe anamna
na bhfíréan a fuair bás gan sásadh iomlán
a thabhairt uatha an a b-peacaidhibh air an
t-saogal so.



C. An ruin d'an t-saidhbhreas spioradal-taso an loghadh?



F. Is eadh.



C. Cad thuigeas tú le loghadh?



F. Tuigim go maithtear leis an loghadh an phian


L. 32


aimsiordha, a dlighthear don pheacadh, tar eis an
cháin shiorruidhe a bheith maithe. <2 Corinth.ii.6.>



C. Cad thuigeas tú le maitheamh na b-peacaidhe?



F. Tuigim go d-tug Iosa Críosd cúmhacht
d'a Eaglais na peacaidhe do mhaitheadh: agus
slighe bhríoghmhar lé a naomhtar na daoine.



C. Cad thuigeas tú lé eiséiríghe na g-corp?



F. Tuigim go-n-éireóchaidh na daoine go
h-uile leis na corpaibh céadna, a bhidh aca
air an t-saoghal-so.



C. Cad thuigeas tu léis an m-beatha shúthain?



F. A bheith aig féachaint air Dhia aghaidh
air aghaidh, d'a ghradhughad ó n-ar g-croidhe go
h-iomlán, agus d'a mholadh agus d'a shealbhughad le
saoghal na saoghal.



C. Cia hiad a rachfas go flaitheas?



F. An mhuintir a choimhlíonas aitheanta Dé
agus na h-eaglaise agus a fhaghas bás a staid na
n-grása.



An Deachmhadh Léighean



C. Cad é an dara nídh tá riachtanach chum
an slánuighthe?



F. Tá aitheanta Dé agus na h-eaglaise a
choimhlíonadh. <Math. xix 17>



C. Cad fa d-tug Dia a naomh-aitheanta dhúinn?



F. Ionas go m-beidhidís 'n a riaghail d'ar
n-gniomharthaibh, aig tabhairt eóluis dúinn air na
lochtaibh is cóir dhúinn a sheachaint agus air na subhail-cidhibh
is cóir dhúinn a thaithighe. <Psalm cxix. 105>



C. Ca mhéid aithne thug Dia dhúinn?



F. Deich n-aitheanta.



C. Abair iad


L. 33


F. Na deich n-aitheanta: -



1. 'S mise amhain do Dia, da tturfir gradh.



2. Anim an Tiaghrna Dia, na toir gan fá.



3. Coimead an t-shaoire naomhtha, mar is
coir.



4. Do d-athair 's do mhathair mó ghus onoir
toir.



5. Na deán marbhadh, seácain fuath gus
fearg.



6. Na dean druis; 's na clan le 'gaethe
garg.



7. Na dean goid, na eagchoir, an ean am.



8. Na toir a n-aghaid do chomharsa, fínis
cham.



9. Na santuigh bean do comharsain, le do lo.



10. 'S a chuid na 'mhaoin na santuigh fós go
deo.



C. An bhfuil sé riachtánach áitheanta Dé
go h-uile do choimhéad?



F. Ta, air a n-adhbhar, an té bhriseas
aon-aithne amháin lé peacadh marbhtha, tuilleann
se damnughadh síorruidhe.



C. Ca bhfuil suim no aithghiorra na n-aith-eanta?



F. Tá, Dia go ghradhughadh os cionn gach uile


L. 34


nídh, agus do comharsa mar thú féin; is é so
coimhlíonadh an dlighe. <Math.xxii.37. etc>



An t-aonmhadh-Léighean-déag.



C. Abair an chéad aithne.



F. Is mise an Tighearna do Dia: ní bhéididh
Dethe coimhightheacha agad ar mo láthair-se.



C. Cad é a chuireas an chéad aithne d'ualach
crainn a dhéanadh?



F. Cuireann sí d'ualach orainn, creideadh an n-Dia,
ar n-dothchus a chun ann, a adhradh agus grádh ar
g-croídhe go h-iomlan a thabhárt do. <Luc.x.27>



C. Cad fá bhfuil d'ualach orainn creideadh
a n-Dia?



F. Mar tá sé fírinneach.



C. Cad fa bhfuil d'ualach orainn ar n-dóthchus
a chur a n-Día?



F. Mar tá sé uile-chumhachtach agus díleas d'a
gheallamhnaibh.



C. Cad fa bhfuil d'ualach orainn grádh ar
g-croidhe go h-iomlan a thabhairt dó?



F. Mar tá a mhaitheas agus a thrócaire do-choimsighte.



C. Déan gníomh adhraidh?



F. A Dhe mhóir, uile-chumhachtaigh, adhraim
agus onóraim thú; admhaighim gur tú mo chruth-uightheóir
agus m'ard-Tighearna: íslighim mé féin
go h-iomlán faoi do smacht.



C. Déan gniomh grádha Dé.



F. O a Thighearna, gradhuighim thú ó mo
chroidhe go h-iomlan agus os cionn gach uile nídh;
de bhrígh go bhfuil tú ro mhaith agus ro ghean-amhuil:
agus go bhfuil tú a g-comhnuighe aig
bronnadh morán tiodhlacadh orm.


L. 35


C. Cadh thoirmeasgas an aithne so orainn?



F. Toirmeasgann sí an onóir a dlighthear
do Dhia, a thabhairt do créatúr air bith eile.



C. An d-toirmeasgann an aithne so orainn
onóir a thabhairt do na naomhaibh?



F. Ní thoirmeasgann: de bhrigh nach ionann
an onóir a bheireamoid dóibh agus do Dhia: onór-amoid
iad amháin mar cháirde agus mar sheir-bhiseacha
dileasa Dé.



C. Cia an onóir is cóir, a thabhairt don
maighdeán Mhuire Mathair Chríosd?



F. Onóir faoi Dhía agus os cionn gach crea-tuir eile.



C. Cad eile toirmeasgthar orainn leis
a n-aithné so?



F. Toirmeasgthar orainn comhairlé d'iar-raidh
air lucht faisdíne,
< Faisdíne i.e. fios déanadh - pisreóg, properly piseóg,>
< i.e fios sígh no sigheóg >
draoidheachta no pisreóg: no géilleadh d'orthaidhibh, do brion-glóid,
do fhoclaibh no do chomharthaidhibh air bith
nach bhfuil brígh na tabhacht anta, ó Dhia, ó
náduir, no ó'n n-Eáglais. <Lebhiticus xix.31>



C. An cóir dhúinn coimirc na n-Aingeal
d'iarraid?



F. Is cóir: agus go mór-mhór coimirc an
n-Aingil coimheachtha, <Math.xviii.10,> chum go
d-threóróchadh agus go g-cosónadh sé sinn an gach gadh
agus an gach contabhairt, mar threóruigh an t-Ain-geal
Raphael Tobias naomhtha. <Tobias v>



C. An bhfuil sé dlisteanach onóir no mod air
bith a thabhairt d'íomhaighibh Chríosd no na naomh?


L. 36


F. Ní cóir onóir ná modh a thabhairt dóibh
a n-geall air na neithibh d'a n-déantar iad:
acht is coir onoir agus modh a thabhairt dhóibh
a n-geall air Chríosd agus air na naoimh, a
chuireann siad a g-cuimhne dhúinn.



C. Nach n-guidheann na Catoilicigh iomhaighe
Chríosd agus na naomh?



F. Ní ghuidheann. Tá fhios again nach féidir
leis na h-iomháighibh ar bh-feicsin, ar g-clos
ná ar g-cabharadh: onóramoid iad amháin
mar chuireann siad Críosd agus na naoím á
g-cuimhne dhúin; mar bheireamoid onóir d'ainm
Iosa; cidh tá fhios againn nach bhfuil brígh air
bith a bh-fuairm an fhocail, ná a n-iomháighibh
Críosd ná na naomh.



C. Nac ionmholta an gnás modh a thais-beanadh
do thaisibh na naomh?



F. Is ionmholta, de bhrígh go rabh a g-coirp
'n a m-baill aig Iosa Críosd, agus 'na n-ionad
comhnuighe aig an Spiorad Naomh: agus go m-beidh-idh
siad fós go glórmhar a bh-flaitheas Dé.



C. Cia h-iad a pheacuigheas a n-aghaidh na
h-aithne so?



F. Peacuigheann na h-eiricigh, agus lucht an
ainchreidimh, nach g-creideann na neithe a mhúineas
an Eaglais Chatoiliceach dhóibh. Peacuigheann
fós gach duine a chlaonas chum Eiriceachta, no
a chuireas a chreideamh a g-contábhairt aig
léigeadh leabhar, no áig éisdeacht le urnaighe
no teagasg na n-Eiriceach.



C. Nach gnás geasrógach do na Críos-daíghthibh
uisge coisreachta a chongbháil ann a
d-tighthibh?


L. 37


F. Ní headh: oir má léigheas an fáidh
Eliseus uisge urchóideach Jerico aig teilgean
saloinn ansa tobar; ni h-iongnadh go bh-fuigh-eadh
salonn agus uisge éifeacht ro bhríoghmhar ó
bhríathar Dé agus o úrnaighe na h-eaglaise: oir
dearbhann naomh Pól dúinn, go m-beannuighthear
gach créatúr le briathar De agus leis an
n-urnaighe. <1 Tim.iv.4,5.>



An Dara-Léighean-déag.



C. Abair an dara h-aithne.



F. Na tabhár ainm an Tighearna Dé gan fáth.



C. Cad toirmeasgthar leis a n-aithne so?



F. Gach uile mhionna, acht amháin an mionna
le a m-béididh firinne, ceart, agus breitheamhnas.



C. Cad eile toirmeasgthar leis a n-aithne so?



F. Toirmeasgann sí gach easgaine agus gach
tiomaint: thú féin, no do chlann, no chréathúr
air bith eile a thabhairt don Diabhal: no
mallacht a thabháirt dóibh.



C. Ma thugann duine mionna éigceart, an
bhfuil d'fhiachaib air an mionna sin a chongbhail?



F. Ni bhfuil: acht ta d'fhiachaibh air, aith-righe
á dhéanadh, fa go d-tug sé a leithid sin
de mhionna peacamhuil.



C. Cad is cóir dhúinn a radh ionas nach
b-peacochamois a n-aghaidh na h-aithne so?



F. Is eadh, is eadh: no, ni headh, ni headh, mar
d'orduigh Críosd ansa shoisgéal dúinn. <Math.v.37>



An Treas-Léighean-déag.



C. Abair an treas aithne.



F. 3. Coimhéad an t-saoire mar is cóir.


L. 38


C. Cad orduighthear dhúinn leis a n-aithne so?



F. Orduighthear dhúinn an Domhnach, lá an
Tighearna, a choimhéad agus a naomhadh, mar
ordhuigheas Dia agus an Eaglais.



C. Cia an modh is feárr leis an Domhnach
do naomhadh?



F. Aig éisdeacht an aifrinn; aig déanadh
faoisidin, aig rádh an Paidrín-pháirtigh, agus
air eisdeacht le teagasg críosdaighe agus le
seanmóir.



C. An briseadh saoire cuid mhór d'an la
a chaitheadh le imírt, le ól no go díomhaoineach?



F. Is eadh: de bhrigh gur b'uime h-ord-uigheadh
an t-saoire leis an g-cuid is mó
d'an lá a thabhairt do sheirbhís De.



C. Cia na h-oibreacha tá toirmeasgtha
air an t-saoire?



F. Oibreaca saothracha, mar tá treabhadh
agus foirseadh: reic agus ceannach, agus a leithide
eile: agus go mor-mhór gach uile ghne peacaidh.



An Ceathramhadh-Léighean-déag.



C. Abáir an ceathramhadh h-aithne.



F. 4. Tabhair do d'athair agus do do mháthair
onóir.



C. Cad orduigheas an aithne so?



F. Grádh, onóir agus úmhlacht a thabhairt do
d'athair agus do do mháthair: agus cuidiughadh leó
ann a n-uile riachtanas.



C. Cad é dualgas an athar agus na máthar
de thaobh a g-clainne?



F. Ta d'fhiachaibh orra, á n-oileamhuin;
fóghlaim, béusa agus deagh-shompla a thabhairt


L. 39


dóibh; slighe bheatha de réir a g-cumhachta: agus
os cionn gach uile nídh; a d-tabhairt suas a
n-gradh agus a bhfaitcheas De. <Ephesian vi.4>



C. Cia na tíodhlacaidh airidhe a bheirfeas
Dia aon chlainn a bhidheas umal d'a n-athair agus
d'a mathair?



F. Beatha fhada le seun air an t-saoghal
so féin, agus glóir fhlaithis air an t-saoghal eile.
<Ecsodus xx.12>



C. An labhrann an aithne so air dhualgas an
fhir de thaobh a mhná pósta, no na mná de
thaobh a fir?



F. Labhrann gan amhras.



C. Cionnas is cóir don fhear é féin d'iom-char
de thaobh a mhná?



F. Go grádhach, cúramach, mar bhall d'a
bhallaibh, amhuil Críosd don eaglais. <Ephes.v.25>



C. Cionnas is cóir don mnaoi í féin d'iom-char
de thaobh a fir phósta?



F. Is cóir dhi a bheith grádhach, urramach
dhó, mar tá an eaglais do Chríosd.



C. An g-cuireann an aithne so coinghíoll
air bith air an lanamhuin phósta de thaobh na
muintire a tá faoi n-a smacht?



F. Cuireann sí d-ualach orra gach duine, d'a
bhfuil faoi n-a smacht, a stiuradh de réir
thola Dé: agus cuireann sí d'ualach air an
muintir, a tá futha, a bheith umhal dóibh-san ann
gach uilé nídh nach bhfuil go follasach a n-aghaidh
thola Dé. <Colos.iii.22>



C. Cia an teagasg a bheireas naomh Pól
do mhaighistiridhibh?



F. "A mhaighistirídh," a deir sé, "déanaidhe
le bhur searbhfhoghantuighthibh an nídh a tá ceart,


L. 40


córach; már tá fhios agaibh go bhuil maighistir
oraibh féin ansna flaithis."



An Cúigeadh-Leigheán-deag



C. Abair an cúigeadh h-aithne.



F. 5. Ná déan marbhadh.



C. Cad thoirmeasgas an aitne so orainn?



F. Duine do mharbhadh, bás duine do shan-tughad,
duine do bhualadh no masla a thabhairt dó. <Math.v>



C. An bhfuil sé a n-aghaidh na h-aithne so
diúltadh maitheamhnas a thabháirt don té thug
masla dhuit?



F. Tá go cinte: agus gan maitheamhnas
d'iarraidh air an té dá d-tugais masla.



C. Cad eile toirmeasgthar orainn leis a n-aithne so?



F. Toirmeasgthar orainn fuath, no fhearg
no faltanas a bheith againn d'aon neach: im-reas
no clampar a chothughadh no a bhrosdughad
a measg na n-daoine; no masla no míchliú
a thabhairt d'aon neach air a chúl no air aghaidh.



C. Cia an mhaith a chuireas an aithne d'ualach
orainn a dhéanadh?



F. Cuireann sí d'ualach orainn a bheith gradhach,
ceannsa leis an g-cine daona go h-iomlán:
maith a dheanadh á n-aghaidh an oilc, agus guidhe
air son na n-daoine a ghnídheas géarleanmhuin
orainn, mar d'orduigh Críosd dhúinn.



C. An bhfuil se ceadaightheach aig Catoil-icigh
fuath a bheith aca air eiricigh?



F. Ní bhfuil air aon chor: tá d'fhiachaib
orainn grádh a bheith againn air an g-cine daonna


L. 41


go h-iomlán. A n-áit fuath a bheith againn air
na daoinibh a tá air seachrán, budh cóir dhúinn
truaighe a bheith againn dóibh; agus impidhe a chur
air athair na trócaire, go soillseóchadh sé
iad, agus go d-treórochadh se iad chum an aon
banraigh, agus go m-beidhidís faoi an n-aon
tréadaidhe, Iosa Críosd.



An Seiseadh-Léighean-déag



C. Abair an seiseadh agus an naoimheadh
h-aithne.



F. 6. Na déan drúis.



9. Ná santuigh bean do chomharsann.



C. Cad thoirmeasgas an dá aithne so?



F. Toirmeasgann aithne aca air fhear cuid
a bheith aige do mhnaoi air bith, acht d'a mhnaoi
féin: agus air mhnaoi cuid a bhéith aici d'fhear
air bith, acht d'a fear féin, <Math.v.28>
toirmeasgann an aithne eile fonn no mian phea-caidh
na colna: agus ta mórán a n-ifrionn nach
n-deárnaidh riamh é acht mar sin.



C. An bhfuil féachain míonáireach agus comh-rádh
drúiseamhuil a n-aghaidh na h-aithne so?



F. Ta: agus gach láimhsiughadh neamh-gheanmnaidhe
orainn féin no air aon neach eile abhráin
gársamhla, leabhra suiridhe agus gach uile nidh eile
d'a bhfuil a n-aghaidh na geanmnaidheachta.



C. An bhfuil smuaintidhe neamhghlana a n-aghaidh
na h-aithne so, bidheadh nách mbeidheadh
rún aig duine a g-cur a n-gníomh?



F. Ta, ma glacthas le taithneamh no sámhas
iad. <Marcus vii.21,22,23>


L. 42


C. Cia an t-slighe is éifeachtaighe le peacadh
gráineamhuil so na colna do sheachaint?



F. Ni bhfuil slíghe air bith chum a sheachanta is
feárr 'ná droch-chomhludar agus siocair an phea-caidh
do sheachaint; diomhaoineas agus ainmheas-ardhacht
bídh agus dighé do sheáchaint; agus sacra-muinte
na h-aithrighe agus choirp Chriosd a ghlacadh
go minic agus go cráibhtheach. <Galath.v.24>



An Seachtmhadh-Léighean-déag.



C. Abair an seachtmhadh agus án deachmhadh
h-aithne.



F. 7. Na déan goid.



10. Na santuigh cuidh ná maoin do chomh-arsann.



C. Cad thoirmeasghas an dá aithne so?



F. Nídh áir bith de chuid na comharsann a
thogbháil, a ghlacadh, a chongbhail ná fós a shan-tughadh,
gan fhios na os árd, d'a neamhthoil.



C. An b-peácuighthear air mhodh air bith
eile é n-aghaid na n-aitheanta-so?



F. Peacuigheann gach duine a ghnidheas
díobháil don chomharsainn, agus fós an té aig a
m-bidheann rún díobháil a dhéanadh dhi ann a cuid
ná ann a cliú.



C. Cia na dualgais a chuireas na h-aith-eanta
so orainn?



F. Ar bh-fiacha dlisteanacha d'íoc agus a
cheart féin a thabhairt do gach aon neach.



C. An d-toirmeasgann an h-aitheantha so
gach uile mhealltóireacht a reic agus a g-ceannach
agus ann gach uile chonradh?


L. 43


F. Toirmeasgann: agus go mór-mhór an
d-éigcheart agus an creachadh a ghnidheas lucht
gaimbin
<lucht gaimbín, i.e. lucht usuireachta, usuiridhe.>



air na bochtaibh, faoi sgáth cáirde
no iasacht a thabhairt dóibh. <Eseciel xviii>



An t-Ochtmhadh-Léighean-déag.



C. Abair an t-ochtmhadh h-aithne.



F. 8. Ná déan fiadhnuise bhréige a n-aghaid
do chomharsann.



C. Cad thoirméasgas an aithne so?



F. Eagcóir air bith a dhéanadh air a g-comarsainn
le fiadhnuise bhreige á m-breith-eamhnas,
no a g-cúis air bith eile, a théidheas
a n-urchóid di.



C. Cia an modh eile air á b-peacuigheann
duine a n-aghaid na h-aithne so?



F. Nuair shoillsigheann sé lochta folaighte
dhuine eile gan riachtanas: nuair a cháineann sé
e: no ghnidheann sé cúl-chaint na ithíomrádh air.



C. An bhfuil na bréaga a n-aghaidh na
h-aithne so?



F. Ta go cinnte. <Seanraidte xiv.22>



C. Cia an nídh bréag?



F. Tá, nídh air bith a radh nó a chur a
g-céill a n-aghaid eóluis ar g-coinsiais, le
rún duine eile a mhealladh no a chur a-múgha.



C. An bhfuil sé ceadaightheach bréag d'insin
chum maith do dhéanadh?



F. Ní bhfuil se ceadaightheach bréag do
dhéanadh, ionas go d-tiocfadh maith uaighe: agus


L. 44


cia air bith fáth, le a n-déantar bréag, tá
sí a g-comhnuighe na peacadh.



C. Ca h-ainm is grádhach a dhabhairt air
lucht déanta na m-bréag?



C. Clann an Diabhail.



C. Cad chuige sin?



F. Mar ís é an Diabhal athair na m-bréag.



C. An b-peacuigheann an mhuintir éisdeas
le ithiomrádh?



F. Gan ámhras, má eisdeann siad go toil-teach,
sásta leis.



C. Cia aca is troime pheacuigheas, an te
labhras an t-ithiomrádh, no an té éisdeas leis?



F. Deir naomh Bernard nach bhfuil fios
aige cia aca is mo thuilleas damnughadh sior-ruidhe,
an té a labhras, no an té éisdeas go
toilteach leis an n-ithiomrádh.



An noimheadh-Léighean-déag.



C. An éigín dúinn aitheanta na h-eaglaise
a choimhead mar aon le aitheantaibh Dé?



F. Is éigin: orduigheann an Slánuightheóir
dhúinn meas Pagánaigh agus Puibliocánaigh a bheith
againn air gach duine a dhiultas éisdeacht leis
a n-Eaglais. <Math. xviii. 17>



C. Abair aitheanta na h-Eaglaise.



F. 1. Aifrionn d'eisdeach air gach Domhnach
agus lá saoire.



2. Trosgadh a dhéanadh air ná laethibh
orduighthe.



3. Gan feóil d'ithe air an n-aoine, na
air laethibh toirmheasgtha eile.


L. 45


4. Faoisidin a dhéanad ann ar b-pea-caidhibh,
uair 'sa m-bliadhain, air a laghad.



5. Corp Críosd a ghlacadh gach uile bhli-adhain
a n-aimsir Cásgá.



6. Gan banais phósta a dhéanadh o thús
aidbhente go ceann dhá-lá-dhéag déis
nodhlac: na ó thus Corghais go Domh-nach
mion-chásga.
1 Coimhéad gach saoire go beacht,
Is déan aifrionn innte d'éisdeacht.



2 Troisg an Corghas go glan glan,
An bhigil agus trosgadh na n-amánn.



3 Na h-ith feóil ar do bheile,
Dia h-aoine ná lá treanais.



4 Tré bheatha iomlan na bidhide
Aon bhliadhain gan faoisidin.



5 Glac corp Chríosd a n-aimsir Cásga.



6 Ná déan banais 'sa g-Corghas go mion chaisg,
Na ó thús aidbheint go dá lá déag déis Nodhlac.




C. Abair án chéad aithne.



F. 1. Aifrionn d'éisdeacht air gach Dom-nach
agus lá saoire.



C. Cad chuireas an aithne so d'ualach orainn?



F. An t-saoire a choimhéad agus a naomhadh
le h-urnaighe agus le h-éisdeacht an aifrinn.



C. An b-peachuigheann na h-aithreacha agus na
maithreacha, maighistiridhe agus maighistreasa
a chongbhás a g-clann no a lucht aoin-tígh o
aifrionn air an t-saoire?




L. 46


F. Peacuigheann go trom agus bheirean siad
mio-rath mór air a d-teallach.



C. Cad chuireas an dara h-aithne d'ualach
orainn?



F. Trosgadh air feadh an Chorghais agus air
na laethibh eile orduigheas an Eaglais.



C. Cad thuigeas tú le laethibh trosgaidh?



F. Laethe air nach ceadaightheach dhúinn féoil
ná an dara béile a chaitheadh.



C. Cad thuigeas tú le laethibh tréanais?



F. Laethe air a d-tig linn na béilidhe mar
is ghnáthach a chaítheadh acht gan céad feóla.



C. Cad fa n-orduigheann an Eaglais duinn
trosgadh agus tréanas do dhéanadh?



F. Chum go g-claoidhfeamois ar n-droch-mhiana
agus go d-tiubhramois sasadh do Dhia an ar
b-peacaidhibh lé crádhadh na colna. <March.ix.28>



C. Cia hiad a tá saor ó'n trosgadh?



F. Daoine tinne, lucht trom-oibre, daoine
nach d-táinig go h-aois trosgaidh no a ta
laig-bhríoghach ó shean-aois.



C. Cad fá'r thoirmeasg an Eaglais feóil
d'íthe air an n-Aoine?



F. A g-cuimhne báis agus páise ar Slánuigh-théora.



An fithcheadhmhadh Léighean.



C. Abair an ceathramadh h-aithne.



F. 4. Faoisidin a dhéanadh ann ar b-pea-caidhibh,
uair 'sa m-bliadhain, air a laghad.



C. Cad chuireas an aithne so d'ualach orainn?



F. Faoisidin a dheanadh uair 'sa m-bliadhain
air a laghad leis an n-ollmhughadh riachtanach,


L. 47


lé n-ar sagart paráiste féin no le eag-laiseach
eilé aig a bhfuil comhacht ó'n n-uach-tarán.



C. Cia an aois aig ar cóir do daoinibh
óga faoisidin do dhéanadh?



F. Nuair á thig siad go h-aois peacadh a
dhéanadh, se sin, go h-aois céille agus cuimhne.



C. Abair an cuigheadh h-aithne.



F. 5. Chorp Chríosd a ghlacadh gach uile
bhlaidhain a n-aimsir Cásga.



C. Cad chuireas an aithne so d'úalach orainn?



F. Orduigheann sí dhúinn corp Chríosd a
ghlacadh go cráibhtheach a n-aimsir Cásga o n-ar
Sagart Paráiste féin.



C. Cia an cháin a chuireas an Eaglais air
na daoinibh nach n-déanann faoisidin uair 'sa
m-bliadhain; no nach n-glacann comaoineach
a n-aimsir Cásga?



F. Orduighe sí mallacht coinnealbhaithte orra
a ngearadh amach ó chomann na bh-fíréan le n-a
m-béodh, agus o adhlacadh críosdamhuil tar
éis a m-báis.



C. Cad chuireas an seíséadh h-aithne d'ualach
orainn?



F. Gan sollamhuin posta a dhéanadh a n-aimsir
an chorghais ná na h-aidbhente.



C. Cad fá'r thoirmeasg an Eaglais
banais phósta a dhéanadh a n-aimsir an chor-ghais
agus na h-aidbhente?



F. De bhrígh gur cheap sí na h-aimsiora
so d'urnaighé agus d'aithrighe.



C. Cad iad na trí Comhairleacha d'a
ngoirthear, Comhairleacha an t-Soisgéíl?


L. 48


F. 1. Bochtaineacht thoilteach: 2. maigh-deanas
air feadh do shaoghail: 3. umhlacht
dheóntach do thoil dhuine eile.



An t-aonmhadh Léighean air fhithchead.



C. Cia an nídh peacadh?



F. Ta briseadh toileamhuil aitheanta Dé no
na h-Eaglaise, no na n-uachtarán.



C. An cóir dhúin an peacadh do sheacaint?



F. Is cóir: do bhrígh nach bhfuil olc air bith
cho-mhór leis.



C. Cad uime sin?



F. De bhrigh, gur b'é an peacadh amháin a
ghnídheas námhaid do Dhia dhínn agus dhamnuigheas
go síorruidhe sinn. <Eoghan iii. 8>



C. An féidir línn an peacadh do sheachaint
le brigh na nadúire amháin?



F. Ní féidir: is é grása Dé a chongnas
linn an mhaith a dhéannadh agus an t-olc a sheachaint.



C. Ca mhéid cineal peacaidh ann?



F. Dhá chineál: peacadh na sinsior agus pea-cadh gníomha.



C. Cia an nídh peacadh na sinsior?



F. Ta peacadh, ann a n-geintear gach uile
dhúine, tre easumhlacht ar g-cead athair Adhaimh.



C. Cia an nídh peacadh gníomha?



F. Ta an peacadh, a ghnidheamoid féin.



C. Ca mhéid modh air a n-déantar peacadh
gniomha?



F. Air cheithre mhodh: se sin, le smuain-tidhibh,
le briathraibh, le gníomharthaibh agus le
faillighe.


L. 49


C. Ca mhéid cineál peacaidh gníomha ann?



F. Dha chineál: peacadh marbhtha agus peacadh
sologhtha.



C. Cia an nídh peacadh mharbhtha?



F. Peacadh a mharbhas an t-anam go spior-adálta. <Sheamus i.15>



C. Cionnas sin, agus go bhfuil an t-anam do-mharbhtha?



F. De bhrígh go sgarann sé grása Dé uainn,
agus ghur b'e grasa Dé is beatha spioradálta
don anam. <Rom.vi.23>



C. Cia an nídh peacadh sologhtha?



F. Peacad eadtrom, nach sgarann grása
Dé uainn: acht fuaruighean sé gradh Dé ann ar
g-croidhe, agus claonann se sinn chum an pheacaidh
marbhtha do dhéanadh. <Mat.xii.26>



C. Ca mhéid cinn-pheacaidh marbtha ann?



F. Seacht g-cin.



C. Abair iad.



F. 1. Diomas:
< Diomas, dimeas no uabhar >
2. Saint: 3. Drúis: 4. Tnúth:
< Tnúth nó formad >
5. Craos: 6. fearg: 7. agus leisgé.



C. Cad fa n-goirthear cinn-pheacaidh marbhtha
dhíobh?



F. De bhrigh gur b'iadh bunn-sruth agus fréamh
< Fréam no préamh >
gách uile pheacaidh eile.



An Dara Léighean air fhithchead.



C. Cad is diomas no uabhar ann?



F. Grádh iomarcach an duine aír féin agus
dúil ain-mheasardha a bheith os cionn chach eile.


L. 50


C. An peacadh trom an díomas?



F. Ní bhfuil peacadh air bith is troime agus is
baóghalaighe 'ná é: óir is é peacadh na n-deamhan
agus ar g-céad athar é. <Peadar v.5>



C. Cia an nídh an t-Saint?



F. Grádh ain-measárdha air mhaoin shaoghalta.



C. Cia an nídh Drúis?



F. Ta fonn pheacaidh na colna.



C. Ca h-uair a bhídheas duine ciontach ansa
b-peacadh ghráineamhuil so?



F. Bídheann duine ciontach ní he amháin an
uair á ghnídh sé an gníomh, acht fós an t-am
éisdeas, fhéachas no smuáineás go toilteanach
ais nidh air bith a ghluaiseas chum an pheacaidh
ghráineamhla so é. <Ephés.v.4,5>



C. Cia an nídh tnúth?



F. Ta doilghios fá mhaith shaoghalta no spi-oradálta
do chomharsan: nó luathgháire fá n-a
dhíobháil no fá n-a leathtrom.



C. Cia an nídh an craos?



F. Ta fonn ainmheasardha bídh no díghe.



C. Cia an ghné d'an chraos is measa agus is
milltighe?



F. Ta an mheisge. <Seanraidte xxiii.29>



C. Cad is mheisge an?



F. Olachán lé a g-cailleann duine aon-chuid
d'a chéill nó d'a chéadfadhaibh.



C. Cia an nidh fearg?



F. Ta gluasacht an-lasánta an chroidhe a n-aghaidh
duine no nídh nach d-taithnigheann linn.



C. Cia an nídh an leisge?


L. 51


F. Ta falsacht agus spadántacht a bheir orainn
seirbhís De a léigean dínn no a dhéanadh go
mall, maineachtnach.
< Maineachtnach, no failligheach>.



C. Cia na subáilcidhe le a g-claoidhtear
na seacht g-cinn-pheacaidhe marbhtha?



F. Umhlact a n-aghaidh an díomas: féille
a n-aghaidh na sainte: geanmnaidheacht a n-aghaidh
na drúise: searc-chomann
< Seárc-chomann, no grádh na comhársann >
a n-aghaidh an tnúith: measardhacht a n-aghaidh an craois:
foighid a n-aghaídh na feirge: agus caon-dúth-racht
a n-aghaidh na leisge.



C. Ca mheid peacadh a n-aghaidh an Spioraid
Naoimh?



F. Sé peacaidhe.



C. Abair iad.



F. 1. Eadóthchas slánuighthe. 2. Andóthchas
as trócaire De. 3. Cur a n-agaidh na fí-rínne
as a riocht. 4. Iomthnúth fá mhaith spi-oradálta
dhuine eile. 5. Calcadh
< Calcadh, no cruadhughadh >
ansna peacaidhibh. 6. agus neamh-aithrighe dhéighionach.



C. Ca mhéid peacadh a sgreadas air Dia
aig iarraidh díoghaltais?



F. Ceithre peacaidhe. 1. Dúnmharbhádh toil-teanach.
2. Peacadh Sodoim. 3. Leathtrom
a dhéanadh air dhaoinibh bochta. 4. A d-tuar-asdal
dho chongbháil ó lucht oibre.



C. Nach féidir do néac a bhéit rann-pháir-teach
no ciontach a b-peacadh dhuine eile?



F. Is féidir gan amhras: peacuigheann gac


L. 52


duine a chomhairligheas, orduigheas, aontuigheas,
no mholas an peacadh do dhéanadh: an té a
bhrosduigheas, chum oilc, a chuidigheas a dhéanadh
no nach d-toirmeasgan é núair a ta sé
d'fhiachaibh air, agus é ann a chumas. <Romh.i.32>



An Treas Léighean air Fithchead.



C. Ma ta d'fhiachaibh orainn an peacadh do
sheachaint, agus na h-aitheantha dho choimhlíonadh,
nach d-taisbeanann sin, go bhfuil d'fhiáchaibh
orainn déagh-oibreacha do dhéanadh?



F. Taisbeanann go cinnte.



C. Ca mhéid cineál deagh-oibreacha ann?



F. Ta trí chineál: mhar ta urnaighe, tros-gadh
agus déire: baineann an urnaighe le Dia, an
trosgadh línn féin, agus an déirc leis a g-com-arsainn.



C. Ca mhéid cineal oibreacha na trócaire ann?



F. Ta dhá chineál: mar tá oibreacha cór-pordha
agus oibreacha spioradálta na trócaire.



C. Abair seacht n-oibreacha corpordha na
trócaire.



F. 1. Biadh a thabhairt don ocrach. 2. Deoch
don tartmhar. 3. Eadach don nochduighthe. 4.
Aoidheacht donn deóraidhe. 5. Cuairt air
dhaoinibh tinne. 6. Cuairt air bhráighdibh a
n-géibhionn. 7. Na mairbh a adhlacadh.



C. Abair seácht n-oibreacha spioradálta
na trócaire.



F. 1. Eólus a thabhairt don áinbhfhiosach.
2. Teagasg don phéacach. 3. Comhairle don
té a ta 'n a riachtanas. 4. Solás dho dháoinibh
cráidhthe. 5. Gach olc a mhaitheadh. 6. Gach


L. 53


buaireadh d'fhulang go foighideach. 7. Guidhe
air son na m-beódh agus na marbh.



C. An é sin lé rádh, go d-téidheann sé a
sochar do na marbhaibh guidhe air a son?



F. Téidhean go cinnte; óir is naomhtha agus is
íocshláinteách an smuaineadh guidhe air son
na marbh. <Macab.xii.46>



C. Cia h-iad a measg na marbh, da d-téídheann
ar n-urnaighe a sochar?



F. Do na h-anamnaibh a ta a-Purgadóir
agus téidheann naomh-íodhbairt an aifrinn a sochar
dhóibh mar a g-céadna.



C. Cad fá n-dheir tú go d-téidheann naomh-
íodhbairt an aifrinn agus urnnaighe na bh-fíréan a
d-tairbhe do na h-anamnaibh a ta a b-Pur-gadóir?



F. De bhrígh go bhfuil siad rann-pháirteach
a g-comann ná naomh, a cho-cheanglas lé chéile
baill na h-Eaglaise go leir, air a bhfuil
chrádhadh a b-Purgadóir, cath air talamh, no
caithréim a bh-flaitheas Dé.



C. Nár chóir go m-beidheadh air uaighibh na
g-Catoiliceach leacht éigin a mheabhróchadh do
na fíréanaibh guidhe air a son?



F. Budh chóir de réir bhriathar Job á n-oific
na marbh: "glacaidhe truaighe dham, a deir sé,
glacaidhe truaighe dham, go h-airidhe, sibhse
mo cháirde féin." <Job xix.21>



C. Abair na trí subhailce dhiadha.



F. Creideamh, dóthchus, agus grádh.



C. Ca mhéid bunn-shubhailce ann?



F. Ta an ceathair: mar tá, crionnacht,
ceart, neart agus measardhacht.


L. 54


C. Cad thuigeas tú leis na h-ocht m-bean-achtaibh?



F. Tuigim na béannachta a thug Críosd don
dhream a thaithigheas na subhailcidhe agus na déagh-oibreacha.



C. Abair iad mar ta siad ansa t-soisgéul.



F. An céad bheannacht. 1. Is beannuighthe na
biocht a spioraidh, oir is leó ríoghacht neimhe



2. Is beannuighthe na daoine ceannsa: oir
beidhidh seilbh na talmhan aca.



3. Is beannuighthe lucht an dubróin; oir gheabh-faidh
siad sólas.



4. Is beannuighthe an dream air a bhfuil ocras
agus tart na córa; óir sasócar iad.



5. Is beannuighthe lucht na trócaire; óir
gheabhfaidh siad trócaire.



6. Is beannuighthe lucht an ghlan-chroidhe; óir
chighfidh siad Dia.



7. Is beannuíghthe lucht dhéanta na síothchaine:
oir goirfear clann Dé díobh.



8. Is beannughthe an dream fhualangas géar-lean-mhuin
air son na cora: óir is léo río-ghacht neimhe.



C. Abair na ceithre críocha déighionacha?



F. Bás, breitheamhnas, ifrionn agus flaitheas.



An Ceathramhadh Léighean air Fhithchead.



C. Cad é an treas nídh tá riachtanach chum
an slanuighthe?



F. Ta, na sacramuinte do ghlacadh leis an
n-ollmhúghadh tá riachtanach.



C. Cia an nídh sacramuint?


L. 55


F. Ta comhartha so-fhaicsiona air grasa
do-faicsiona a d'órduigh ar Slanuightheóir Iosa
Criosd chum sinn-ne do naomhadh.



C. Ca mhéid nídh riachtanacach chum sacram-uinte
do dheanadh? F. Trí nídh: adhbhar, foirm,
agus intinn na h-eaglaise.



C. Ca mhéid sacramuint ann? F. Seact
sacramuinte: -



Baisdeadh, fhalcais sin o pheacad Adhám.
Dul faoi láimh Easboigh, neartuighis sin niadh gádh.
Corp Chriosda, ta de grasa 's beata lánn.
'S an aithríghe níghís a pheachaidhe gnioim sin slánn.
An ola, speagas sin faoi theinis fann,
Le deagh-bhás 's buadh fhaghail air ar neamuid teann.
Ord, o d-tig úghdras Eaglus Chriosd' go leur.
'S bheir beanugadh, 's buanughad an gach am, don chleur
Posadh, choinígis 'r slioct o re go re,
Seacd srutha naomtha, 'sgeitis pais Mhic De.



C. Ca mhéid ruinn air na sacramuintibh?



F. Dá ruinn: ruinn a bhaineas leis na beódhaibh,
agus ruínn a bhaineas leis na marbhaibh. C. Ca
mhéid sacramuint na marbh ann? F. Da shac-ramuint,
mar ta, baisdeadh agus sacramuint na
h-aithrighe. C. Cad fá n-goirthear sacra-muinte
na marbh dhíobh so? F. De bhrígh go
d-tugann siad duine ó bhás an pheacaidh go beatha
na n-grás. C. Cá mhéid sácramuint na
m-beódh an? F. Cúig shacramuint: mar tá,
dhul faoi laimh Easboig, sacramuint choirp
Chríosd, ola dheighionach, órd beannuighthe agus po-sadh.
C. Cad fá n-goirthéar sacramuinte na
m-beódh dhíobh so? F. Mar is cóir do duine
a bheith air staid na n-grás tráth bhídheas d'a
n-glacadh. C. Ca mhéid sacramuint nach
féidir a ghlacadh acht aón-uair amháin.


L. 56


F. Trí shacramuint: baisdeadh, dul faoi
láimh Easboig, agus ord beannuighthe.



C. Cad fá nach féidir na trí shacramuint
so a ghlacadh acht aon uair amháin?



F. Mar bhuaileann siad séala spioradalta
air an n-anam nach sgarann leis go bráth.



An Cúigeadh Léighean áir Fhithchead.



C. Cia an nídh an baisdeádh?



F. Tá sacramuint a glanas ó pheacadh na
sinsior sinn, agus ghnidheas clann do Dhia agus don
Eaglais dínn. <Titus iii.5,6>



C. An bhfuil an baisdeadh riachtanach?



F. Ta go cinte: mar deir Críosd, "mur
n-déantar duine aith-bhreith o uisge agus ó'n
Spiorad Naomh, ni féidir dhó dhul steach go
ríoghachd De." <Eoghan iii.3>



C. Cad é adhbhar na sácramuinte so?



F. An t-adhbhar is so-fhághala air bith, mar tá
uisge nadurdha: aig taisbeanadh dhúinn trocaire
ar slánuightheóra, a chuir air slighe gach uile
dhuine adhbhar sacramuinte ta cho-riachtanach so?



C. An féidir le gach uile dhuine baisdeadh
a dhéanádh?



F. Is feidir a n-am siachtanais amháin;
acht ní bhfuil sé ceadaightheach aig bean a
dhéanadh a láthair fir: na aig tuata a láthair
pearsa Eaglaise.



C. Cia an modh air a n-deantar an baisdeadh?



F. Aig dórtadh trí tonna uisge air cheann
an léinbh, aig rádh ansa n-am céadná, leis
an g-céad tonn: baisdim thú a n-ainm án Athar:
leis án dara tonn, agus an Mhic; leis an treas
tonn, agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 57



C. Cia na geallamhna a ghnidheamoid ansa
m-baisdeadh?



F. Geallamoid díultadh don Diabhal, d'a
oibreachaibh, d'a uabhar agus d'a dhíomhaoineas.



An Seiseadh Leighean air fhithchead



C. Cia an nídh dul faoi laimh Easboig?



F. Tá sacramuint a bheir grása agus meis-neach
dhúinn ar g-creideamh d'admháil go fol-lasach,
go speisialta a láthair Eithriceach no
a n-aimsir gabhadh agus géar-leanamhna, agus
bh'fagas comharta air an anam nach scaran
ris go brath. <Gniom viii>



C. Cia beir an t-sacramuint so dhúinn?



F. An t-Easbog.



C. Cia an tairbhe a thig againn ó shacrá-muínt
dul faoi laimh Easboig?



F. Faghámoid seacht d-tiodhlacaidh agus dhá-thoradh-dhéag
an Spiorad Naoimh, ma ghlaca-moid
í leis an n-ollmhughadh ta siachtanach.



C. Abair seacht d-tiodhlacaidh an Spioraid
Naoimh.



F. 1. Eágna.
< Eagna nó críonnacht >
2. Tuigse. 3. Comhairle. 4. Neart. 5. Foghlaim.
6. Cráibhtheacht. 7. Agus eagla
< Eagla no eagal >
an Tighearna. <Isaiah xi.2.3>



C. Abair dha thoradh dhéag an Spíoraid Naoimh.



F. 1. Carthanas.
< Carthanas no grádh De agus na comharsann >
2. Gáirdeachas. 3. Síoth-cháin. 4. Foighid.
5. Fad-fhulang. 6. Maitheas. 7. Deaghthoil.
8. Ceannsacht. 9. Creideamh.


L. 58


10. Macántas.
< Mhacantas: in Munster cneasdacht >
11. Measardhachd. 12. Agus geanmhnaidheacht. <Galat.v.22,23>



C. Cionnash is cóir do neach é féin d'ollmhu-ghadh
fa chomhair na sacramuinte so?



F. Is cóir dhó faoisidin mhaith a dhéanadh, agus
guidhe go craibhtheach go d-tuirleónadh an Spi-orad
Naomh le n-a ghrása ann a chroidhe.



C. An peacadh do dhuine faillighe a dhéanadh
de dhul faoi laim Easboig, agus é ánn a chumas?



F. Is eadh: go speisialta ansa n-aimsir
dhocamhlach, nuair is baoghalach do na críos-dhaighthibh
a g-creideam no a n-deágh-bheusa a
thréigsin.
< a thréigsin, no a thréigean, commonly a thréisgint >



An Seachamhadh Léighean Fhithchead.



C. Cia an nídh Sacramuint choirp Chríosd?



F. Ta sacramuint, ánn a bhfuil go fírinneach
fuil agus feól, anam agus Diadhacht ar Slánuigh-theóra
Iosa Críosd faoi gné aráin agus fíona. <Math.xvi.28>



C. Cad thuigeas tú lé gné arain agus fíona?



F. Tuigim an nídh a mothuigheamoid agus aith nigheamoid
le n-ar g-chéadfadhaibh corpordha,
mar ta, blas, baladh dath agus cuma an aráin
agus fhíona.



C. An bhfuil arán nó fíon a sacramuint
na h-altóra?



F. Ni bhfuil: de bhrigh go n-athruighthéar sub-ftaint
an aráin agus an fíona go h-iomlan go


L. 59


fuil agus feóil Iosa Criosd le brigh briathar
naomhtha Críosd féin, le a m-beannuigeann an
Sagart an t-arán agus an fíon.



C. Cionnas athruighthear an t-arán agus an
fíon go fuil s feóil Chríosd?



F. Le cúmhacht Dé, a cruthuigh an domhan as
neimhnídh, agus le n-dearnaidh ar Slanuightheóir
fíon d'an n-uisge aig banais Chana.



C. An té a ghlacas an t-sacramuint so
air staid pheacaidh marbhtha, an n-glacann sé
corp Iosa Críosd?



F. Glacann: acht tá sé ciontach a bh-peacadh
ro thromh an Dia-masla, de bhrígh gur ghlac sé
corp Críosd, agus anam saluighthe leis an b-peacadh
marbhtha. <Cor.xi.27.>



C. Ca h-am ar chuir Críosd an t-sacra-muint
so air bun?



F. An oidhche sul d'fhulang se an pháis.



C. An d-tug Críosd cumhacht do na Sa-gartaibh
arán agus fíon athrughadh ionn a chuid-fola
agus feóla féin?



F. Thug, nuair a dhubhairt se leis na h-Apstolaibh
aig an suipéar déighionach: "Déa-naidhe
so a g-cuimhne ormsa."



C. Cad fá d-tug Críosd cumhacht cho-mór
so do na sagartaibh?



F. Chum go m-beidheadh íodhbairt ro thaith-neamhach
aig a chlainn le toirbhirt don Athair
neamhdha ann gach tír agus ann gac am: agus chum gó
m-beidheadh se 'n a chothughadh mor-luaich aig
anamnaibh na bh-fíréan. <Malathi i.10,11>



C. Ca h-ainm don íodhbairt so?



F. An t-aifrionn.


L. 60


C. An bhfuil eidirdhealbhadh air bith eidir
íodhbairt an aifrinn agus íodhbairt na croiche?



F. Is ionann iad a substaint: acht ní h-ionann
iad a modh a d-toirbhirthe: de bhrígh gur b'é an
slanuíghtheóir céadna a bhidh 'n a íodhbairt fhuil-teach
air ann g-croich, a tá 'n a íodhbhairt neamh-fhuilteach
air an n-Altóir. <Eabhruid. xiii.10>



C. Cia air shon a d-toirbhirthear an t-aif-rionn?



F. Air shon na m-beódh agus na marbh.



An t-Ochtmhadh Léighean air Fithchead.



C. Cia an nídh sacramuint na h-Aithrighe?



F. Tá sacramuint lé a maiththear dhúinn na
peacaidhe, a ghnídheamoid tar éis ar m-baisdidh.



C. An d-tig leis na sagartaibh peacaidhe
do maitheadh?



F. Tig, de bhrígh go d-tug Críosd an cu-mhacht
sin dóibh. <Eoghan xx.23>



C. Ca mhéid cuid a sacramuint na h-aith-righe?



F. Trí chuid: mar ta: 1. Doilghios croidhe.
2. Admháil béil. 3. Agus leor-ghniomh.



C. Ca mhéid coinghíoll riachtánach chum sac-ramuinte
na h-aithrighe a ghlacadh le tairbhe?



F. Chúig choingioll. 1. Ar g-coinsias a
mhion-sgrudadh go maith. 2. Tursa agus dólás a
bheith orainn fa fhearg a chuir air Dhia. 3. Rún
dáingean a bheith againn gan fearg a chur air
as so suas. 4. Ar b-peacaidhe uile a chur a
bh-fhaoisidin don t-Sagart. 5. Rún leor-ghníomh
a dhéanadh lé Dia agus leis a g-comhársainn.



C. Cad is sgrudadh coinsiais ann?


L. 61


F. Ta cuartughadh dúthrachtach a gnídheas
duine ann a intinn, le n-a ePhacaidhe a thabhairt
a g-cuimhne, le fuath agus grain a thabhairt dóibh,
agus lé faoisidin a dhéanadh ionnta.



C. Cionnas do ghnídh tú an sgrudadh coinsiais
so?



F. Iarraim air Dhia fuath agus fios mo phea-caidhe
a thabhairt dham.



C. Cad eile ghnídh tú?



F. Smuainim air aitheantaibh Dé agus na
h-Eaglaise; air na seacht b-peacaidhibh
marbhtha; air na peacaidhibh a bhaineas le mo
ghairm bheatha: air gach comhluadar agus gach
siocair peacaidh ann a rabh mé: chum go
m-beidheadh fios agam, cá ann agus cá mhéid uair
do chuir mé féarg air Dia le smuainte, le
briathar, le gníomh nó lé faillighe.



C. Déan gníomh croidhe-bhrugháidh.



F. O a Thighearna, is ro mhór a ghoilleas
orm fearg a chur ort, de bhrígh go bhfuil tú ro mhaith
agus ro gheanamhuil, agus nach bhfuil an peacadh
taitneamhach ann do láthair: tá rún agam le
congnadh do naomh-ghrása mo bheatha a leasughadh
as so suas.



C. Cia an nídh an fhaoisidin?



F. Ta casaoid dhólásach agus foillsiughadh
peacaidh a ghnídheas an peacach air féin lé sa-gart
dlisteanach chum maitheamhnas d'fhágail
ionnta.



C. An riachtanach do dhuine gach uile pheacadh
marbhtha, air a g-cuimhnigheann se, a chur a
bh-faoisidin?



F. Is riachtanach dhó, gach uile pheacadh a


L. 62


chur síos, ann a n-gné, ann a n-uimhir agus ann gach
cáilidheacht d'a méaduigheann a mailís.



C. Cad is cóir a dhéanadh tar eis faois-ídine?



F. Is cóir dhuinn buidheachas a thabhairt do
Dhia fa ar b-péacaidhe á mhaitheadh dhúinn: ar
n-deághrún d'athnuadhachan, agus ar m-breitheamh-nas
aithrighe a choimhlionadh go cráibhtheach,
coinghíollach, chó-luath agus is féidir é.



C. Cia an nídh léor-ghniomh?



F. Tá sásadh a thabhairt do Dhia fá'n bh-feirg
a chuireamar air leis an b-peacadh: agus
sásad a thabhairt don duine ann gach masla agus
gach éagcóir d'a n-déarnamar air.



C. Cionas do ghnidhthear leor-ghíomh le Dia?



F. Aig coimlíonadh an bhreitheamhnais aith-righe
a chuir an t-oidhe faoisidine orainn le
trosgadh, le urnaighe agus le deirc: agus aig
fulang gach masla agus gach anshógh go foighideach
air son De.



C. Cionnas do ghnidhthear leor-ghníomh leis
an g-comharsainn?



F. Le aisioc no cúitiughadh a thabhairt dhi ann
gach díobhail d'a n-dearnamar dhi ann a maoin,
ann a meas no ann a clíu.



An naoimheadh Léighean air fhithchead.



C. Cia an nídh an ola dhéighionach?



F. Ta sacramuint a néartuigheas sinn chum
buaidh a bhreith air cheilg agus air chathughádh an
Diabhail air uair ar m-báis, agus a chongnas linn
deágh-bhas d'fhághail.


L. 63


C. Cia an tairbhe eile a thig ó'n t-sacra-muint do?



F. Ni he amháin go d-tugann sí sláinte an
anama a g-comhnuighe dhúinn, acht fos bheir sí
slainte an choirp go minic, agus tógbhann sí
fuigheall na b-peacaidhe dhinn.



C. Cia chuir an t-sacramuínt so air bun?



F. Chuir Iosa Críosd: deir naom Seamus,
"má tá aon-duine tinn ann bhur measg tugadh
se steach an sagart: agus cuireadh sé ola áir agus
déanadh se urnaighe os a chionn, agus má ta se ansna
peacaidhibh, maithfear dhó iad. <Sheám.v.14>



C. Cionnas is cóir do dhuine é féin dh'oll-mhughadh
chum na sacramuinte so?



F. Is éigin dó faoisidin a dheanadh má ta
se a b-peacadh marbhtha: is cóir dhó mar an
g-céadna gníomh croídhe-brughaidh a dhéanadh
an th-am a bhidheas d'a glacadh.



C. Cionnas a friothóltar an t-sacramuint
so?



F. Cuireann an sagart an ola choisreactha
air na súilibh agus air na ballaibh eile a fhreas-dalas
d'ar g-céadfadhaibh corpordha.



C. Cad fá g-cuirthear an ola air na bal-laibh so?



F. De bhrígh gur b'iad ar g-céadfáidh cor-pordha
na fuinneóga, tre a d-tigeann an péacadh
agus a n-glacan sé seilbh air an n-anam.



C. Abair na cúig céadfaidh corpordha.



F. Glacadh, baladh, blas, éisdeacht agus amharc.



C. An cóir fuireach le h-uair nó lé h-ag
mhallaigh an bháis sul do ghlacfas duine an
t-sacramuint so?


L. 64


F. Ni cóir, óir is tairbighe go mór don
duine tinn a glacadh nuair a tá faill, ciall agus
cuimhne aige, 'na a glacadh go mall, antrathach.



C. Cia an nídh órd no grádh coisreactha?



F. Tá sacramuint a bheir Easboig, Sa-gairt,
agus cléir iochdarach eile go buan don
Eaglais, agus a bheir grása agus cúmhacht dhóibh a n-dualgas
a dheanadh innte go naomhtha. <Timoth.iv.14>



C. Cia fhriothólas an t-sacramuint so?



F. Na h-Easboig amháin.



C. Cia an nídh an pósadh?



F. Ta sacramuint a naomhas co cheangal
fir agus mná lé chéile: a bheir grása dhóibh a
g-clann a thabhairt suas a n-grádh agus a n-eagla
Dé: cuing an phósta d'iomchar go foighideach:
agus a bheith díleas d'a chéile go h-uair a m-báis.



C. Cad iad na coinghill, tá riachtanach
chum na sacramuinte so do ghlacadh go críos-damhuil?



F. 1. An coinsias a bheith glan ó gach uile
pheacadh marbhtha. 2. A bheith saor ó gach uile
thoirmeasg pósta. 3. An pósadh a ghlacadh
go cúthal, cráibhtheach.



C. Cad thuigeas tú le toirmeasg póstá?



F. Tuigim na toirmeásga éirigheas ó ghaol,
ó chleamhnas, ó chol spioradálta, díobháil
aoise, móid geanmhnaidheachta, agus a leithide eile.



C. An mór an peacadh do dhuine pósadh, agus
toirmeasg pósta air?



F. Is mór: os a chionn sin, tá toirmeasga
ann, a bhriseas an pósadh go h-iomlán: agus a
thairuingeas mallacht agus iomad miodh ágh air


L. 65


an lánamhuin, má chomnuigheann siad lé
chéile.



C. Cia fhriothólas an t-sacramuint so?



F. Sagart an pharáiste, no sagart eile
lé n-a chead no lé cead an Easboig.



C. Cad uime sin?



F. De bhrígh nach bhfuil pósadh air bith seas-mhach,
de réir chomhairle na Trente, mur
n-déantar é a láthair nó lé cead an Easboig
no an t-sagairt paráiste; agus a láthair beirte
nó triuir fiadhnuisidhe.



C. Cad é dualgas na lánamhna pósta?



F. A bheith díleas d'a chéile: congnadh lé
chéile ann a riachtanas: a bheith grádhach air a
chéile, mar tá Criosd agus an eaglais: aire a
thabhairt d'a g-clann, agus a d-teagasg le briathar
agus lé déagh-shomplá. <Coloss.iii.19,20>



An deachmadh Léighean air fhíthchead.



C. Cia an ceathramhadh nídh tá riachtanach
chum ar slánuighthe?



F. Ta an n-dóthchus a chur a n-Dia, agus a
choimirc d'iarraidh go minic leís an n-urnaighe.
<Romh.viii.24>



C. Cia an nídh dóthchus?



F. Ta subhailce dhiadha, a bheir muinighin
láidir dhúinn gach uile mhaith d'fhághail ó Dia: agus
go h-áiridhe grása air an t-saoghal so, agus glóir
air an t-saoghal eile.



C. Cadh as a bhfuil an dóthchur so agad?



F. As geallamhnaibh De, a dhearbhuigh, go
d-tiúbhradh sé aoibneas síorrúídhe don dream


L. 66


a choimhlíonfas a aitheanta: agus as luaigheacht
ro líonmhur Iosa Críosd. <Eabhruigh xviii.19>



C. Déan gníomh dóthchuis.



F. O mo Dhia, tá muinighin láidir agam
as ucht do mhór-thrócaire agus as ucht luaigheachta
mo shlanuightheóra Iosa Críosd, go d-tiúbhraidh
tú congnadh do naomh-ghrasa dam air an
t-saoghal so, agus an bheatha shíorruidhe air an
t-saoghal eile.



C. Cia an nídh an Urnaighe?



F. Tá árdughadh an chroidhe suas chum Dé
aig tabhairt adhraidh, molta agus buidheachais do:
agus aig iarraidh air; gach nídh, a ta riachtanach
cum ar slánuighthe, a bhronnadh orainn.



C. An bhfuil d'fhiachaibh air gach uile chriosd-aighe
urnaighe do dhéanadh?



F. Ta: is éigin do gach uile dhuine buidh-eachas
a thabhairt do Dia fa n-a mhaitheas: agus
a chongnadh d'iarraidh ann a riachtanas.



C. Cia an t-ainm, ann ar cóir dhúinn ur-naighe
do dhéanadh?



F. A n-ainm ar slanuightheóra Iosa Críosd:
oir deir se: "Cia air bith nídh iarrfaidh sibh
air an n-Athair ann m'ainm sa, bhéirfidh sé
dhíbh é." <Eoghan xv.16>



C. Cia an uair is cóir dhúinn urnaighe do
dhéanadh?



F. Air maidin agus trath-nóna: agus go mór-mhór
a n-aimsir gádha no anacra.



C. Cia an fhoirm urnaighe is feárr agus is
ionmholta?



F. Tá an pháidir, fáilte an aingil agus cré
na n-Apstol.


L. 67


An t-Aonmhadh Léighean déag air Fithchead.



C. Cá mhéid athchuinge ansa b-Paidir?



F. Seacht n-athchuingidhe.



C. Cia an smuaineadh budh chóir dhúinn a
dhéanadh nuair abramoid "ar n-Atháir?"



F. Is cóir dhúinn a bheith lan de ghrádh agus de
bhuidheachas do Dia a dhéonuigh a bheith 'n a
Athair againn: is cóir dhúinn mar an g-céadna
a bheith gradhach air a g-cine daonna go h-iom-lán,
mar is dearbhraithreacha agus clann aon-athar sinn uile.



C. Cad chíalluigheas na focla so "A ta
air neamh?"



F. Cialluighean siad gur cóir dhúinn cuimh-niughadh
nach bhfuil ionnainn acht deóraidhthe agus
díbearthaigh a n-glean so na n-déor: agus gur a
ríoghacht na bh-flaitheas a tá ar n-áras agus ar
n-áith chómhnuighe shíorruidhe. <Eabhruig.xiii.14>



C. Cad iarramoid ansa g-cead athchuinge,
nuair abramoid "go naomhthar d'ainm?"



F. Iarramoid aithne agus eólus a bheith air
Dhia air féadh an domhain mhóir: agus onóir, moladh
agus grádh a thabhairt dhó le saoghal na saoghal.



C. Cad iarramoid ansa dara h-athchuinge,
uair abramoid "go dtigidh do ríogácht?"



F. Iarramoid air Dhia, a theacht agus
seilbh a ghlacadh air ar g-croidhe lé n-a ghrasa
air an t-saoghal so: agus an ghlóir shíorruidhe a
thabhairt dhúinn air an t-saoghal eile.



C. Cad iarramoid ansa treas athchuinge,
nuair abramoid "go n-déantar do thoil air
an talamh mar ghnidhthear áir neamh?"



F. Iarramoid air Dhia, grása a thabhairt


L. 68


dhúinn go n-déanfamois a thoil air an talamh
cho-fonnmhar, agus ghnidh na h-aingil a bh-flaitheas.



C. Cad iarramoid ánsa g-ceathramhadh
h-athchuinge, nuair abramoid "Tabhair dhúinn
a-niudh an n-aran laétheamhuil?"



F. Iarramoid gach nídh, thá riachtanach dhúin
de thaobh anama agus choirp: mar tá grása
De, na sacrámuinte, agus fós biadh agus eadach.



C. Cad iarramoid ansa g-cúigeadh h-ath-chuinge,
nuair abramoid "maith dhúinn ar
bh-fiacha mar maitheamoid-ne d'ar bh-fiach-amhnaibh féin?"



F. Iarramoid air Dhia maitheamhnas a
thabhairt dhúinn ann ar b-peacaidhibh, mar mhaith-eamoid-ne
d'ar námhaidibh féin: óir mur
maithamoid-ne do chách eile, ní mhaithfidh Dia
dúin féin."



C. Cad iarramoid ansa seiseadh h-athchuinge,
nuair abramoid "Na léig sinn a g-cathughadh?"



F. Iarramoid air Dia, buaidh agus treise
a thabhairt dhuinn air cathuightibh an t-saoghail,
an Diabhail agus na colna.



C. Cad iárramoid ansa seachtmhadh h-ath-chuinge,
nuair abramoid, "Saor sinn ó olc?"



F. Iarramoid air Dhia, ar saoradh ó gach
uile nidh a dheanfadh dochar dhúinn de thaobh anama
no choirp.



An Dara Léighean déag air fhithcead



C. Cia rinne an t-Aue Maria, no áilte
an aingil?



F. An t-aingeal Gabriel agus naomh Eli-sabet
a rinne an chéad chuid: agus an Eaglais
an dara cuid.


L. 69


C. Ca bhfuil cuid an aingil d'an urnáighe so?



F. "Is se do bheatha, a Muire, a tá lan
de ghrása, ta an Tighearna leat: ís bean-uighthe
thú tar na mnáibh." <Lucas i.28>



C. Cad dúbhairt naomh Elisabet leis an
Maighdean bheannuighthe?



F. Is bheannuighthe thu tar na mnáibh; agus
is beannuighthe thoradh do bronn. <Lucas i.23>



C. Cad i cuid na h-Eaglaise d'an urnaighe
so?



F. A naomh Muire, a Mhathair Dé, guidh
orainn-ne na peacachaibh, anois, agus air uair
ar m-báis. Amen.



C. Cionnas ta an Mhaighdean Muire beann-uighthe
thar mhnáibh ar domhain go h-uile?



F. De bhrígh gur chumhdáigh Dia í ó gach uile
peacadh: agus go rabh sí 'na máthair agus
'na maighdean a n-aoinfheacht: tiodhlacadh, nach
bh-fuair bean air bith eile riamh ó Dhia, agus
nach bhfuighidh go bráth.



C. Cad fá n-goireamoid Máthair Dé d'an
Mhaighdean Muire?



F. De bhrigh gur b'isi amháin is fíor-mhathaír
d'Iosa Críosd, a ta 'na Dhia agus 'na dhuine,



C. Cad fá n-iarramoid air an Maighdean
bheannuighthe guidhe air ar son air uair ar
m-báis?



F. De bhrígh gur air an n-uair sin, is
láidire cathuighthe an Diabhail; agus is mo
theastaigheas a h-éidir-ghuidhe cúmháchtach le n-a
h-aon mhac uainn.



C. Cia an urnaighe is gnáthach linn a radh i n-onóir
na Maighdine Muire?


L. 70


F. Ann Paidrín, se sin, an choróin Muire.



C. An bhfuil an urnaighe sho taithneamhách a
láthair an t-slánuightheóra agus a mhátar
naomhtha?



F. Ta: de bhrigh gur bh'í Cre na n-Apstol,
an phaidir agus fáilte an aingil a deirthear
innte; agus go bhfuil siad sin taithneamhach a
lathair Dé.



C. Cad fa n-deirthear an paidrín no an
choróin Mhuire?



F. Chum De agus na Maighdine Muire do
mholadh: agus chum grása agus trócaire
d'fhághail ó Dhia tre luaigheacht an mhic agus
tre éidir-guidhe na máthar.



C. An dóigh go m-brosdóchadh an paidrín
deágh-smuaintidhe a g-croidhé an duine?



F. Ni bhfuil urnaighe air bith is tabhach-daighe
'ná é leis an g-croidhe do shoillsiúghadh
águs a ghluasacht chum maitheasa.



C. Cad uime sin?



F. De bhrígh go d-treóruigheann sé sinn tri
bheatha ar slánuightheóra go h-iomlán ó uair
a bheartha ansa n-each-lann go h-uair a gear-paisé
air shliabh Calvari. Cuíreann fos a
g-cuimhne dhuinn a eiséirighe threiseamhuil agus
a dheasgabháil, a n-aoinfheacht le suas-thogbháil
ghlórmhar a mháthar bheannuighthe: agus conghbhann
se an t-anam aig grinn-dhearcadh air a séun
agus air a sonas, do chuaidh se d'ollmhughadh fa
chómhair na bhfíréan a ríoghacht glórmhar na
bh-flaitheas. <Eoghhan xiv.2>



An Chríoch.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services