Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bás Cearbhaill agus Farbhlaidhe
Title
Bás Cearbhaill agus Farbhlaidhe
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Ní Laoire, Siobhán
Composition Date
1610
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1986)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Dia mbaoi Séamas mhac Torcaill i ríghe Alban. Giolla saor idir cruth agus céill agus ceinéal an Séamas sin, do shliocht Cairbre rioghfhada mheic Conaire a bhunadhcheinéal. Éininghean do chloinn aige, Farbhlaidh a hainm. Do dhearsgnaidh sídhsin ar mnáibh na cruinne go comhiomlán iona comhaimsir ar dheilbh, ar shaoire, ar shoibhéasaibh. Ba do bhéasaibh na hinghine sin umorro bheith foirtil, fíreolach in iomad ilbhéarladh. Ba dá béasaibh beos sírreachtadh ciúil do chantain. Ba samhalta agus gual adhairce arna bháthadh i bhfail óir dealbh mná ar domhan i bhfochair a deilbhe-se. Ba lán iarthar Eorpa uile dá searc agus dá síorghrádh. Ba do-áirmhe an oiread ar a dtug éara tochmhairc díbhsidhéin. Ro líon a searc cách go comhmór agus sin gurab ionann ro iarradh an t-airdrí oireaghdha agus an taoiseach tuaithe í. Ba díomhaoin dóibhseamh uile na dála sin. Ro bhaoi do shearc na hinghine lasan airdrí nach tard tochmharc inneonach uirthe. An inghean umorro níor thurainn a súil for fear d'fhearaibh an bheatha. Ro líonsad cách uile an ionbhadh sin d'fhuath an ríogh. Andar leo is é an rí féisin no dhiúltadh iad im thochmharc na hinghine. Ba machtnoigh mór leisin airdrígh onórach iomad na n-eascharad agus méid na mbiodhbhadh do rinne an inghean dó. Goiris an rí Farbhlaidh leis fo leith lá n-aon in oireagal uaigneach. "Maith ámh, a anam, a inghean", ol sé, "ní fhuil do chloinn nó d'iardhraoi agamsa acht tusa, ar aoi sin do b'fhearr liom nach béarthaoi a broinn do mháthar tú óir is mór do thraothais dom thréan agus do loitis dom fhlaitheamhnas, óir do lingeadar cách mo chríoch tar a ciomhsaibh ag díoghail agus ag aithfear orm an tár agus an tarcaisne tugaise ar na saorchlannaibh soicheinéil fuilid in iarthar Eorpa. Agus ní hamhlaidh fa dócha linne agad leasughadh id' leanabh acht iolar carad agus coigéile d'fághail asadsa, a inghean. Tusa anois umorro, a inghean", ar an t-airdrígh, "ná bídh ní is faide dár
mbuaidhreadh óir luighimse fá na dúilibh aicsidhe agus neamhaicsidhe giodh bé fear d'fhearaibh an domhain bus áil leat go dtiobharsa dhó tú gan toirmeasg. Do-bheirim fom bhréithir gurab fhearr liom do thabhairt do mhac moghadh nó dá gach fuil dá huirísle in Albain oldás do bheinn féin for an abairt i dtú i dtimcheall do thochmhairc. Labhair anois, a inghean", ol sé, "et abair fíor frium". "Cionnas", ol sí, "ciodh is áil leat do rádha damh?" "Is áil", ol an t-athair, "a innisin damh gan ghaoi, gan cheilg an fear is tocha leat for talmhain". Tig iolar dath dise iar dtain. Ba deirge céadas agus corcair coilleadh i gcéad Shamhradh, ba duibhe agus gual an dara feacht, ba báine agus líonnscóid láinnighthe an treas feacht. Is suaill nach táinig táimhnéalla báis di. Baoi an rí 'gá midheamhain forsna malartaibh sin. Labhrais an inghean iaramh do ghuth neoid nárach. "A athair ionmhain", ar sí, "do-bheirim fom bhréithir doitse nach feadarsa cia an fear d'fhearaibh an domhain dá dtugas mo thoil, acht cheana ro charas fear gen go bhfeadar cia hé". "Cionnas sin, a inghean?" ol an t-airdrí. "Feacht n-aon ro bhádhas im ghrianán im aonar", ol an inghean, "tuitis brat codalta orm. In ro bhádhas ann tarbhas damh macaomh óg amhalchach do bheith agam ar colbha mo chuilcighe - brat corca ceithir-bheannach uime, folt dubh dualchas fair, aghaidh shochraidh shéaghanda aige, cruit shlabhradhach shlíogaighthe arna choimheagar do chlochaibh criostail agus carrmhoghail ceachtar a dhíbh lámh agus é ag seinm agus ag seafann a chruite go ros léigeadh a fheadána glanghotha i gcoimhidheacht na gcaointéad gur ros gad mh'anam asam. A athair iomhain", ol sí, "ní ro fhéadas m'inntinn nó m'aigneadh do tháth le fear oile da éise agus ní fhéadabh go bhfaicear arís é". "A Fharbhladh", ar an t-airdrí, "léig seachad sin agus ná tabhair dot aire an siabhradh sídhe nó an t-aidhmhilleadh oidhchighe". "Ó, a athair", ol sí, "ní nach foil im chumhang nó im chumhachtaibh sin agus ní hoircheas m'éagnach nó m'iomchasaoid uime". "Uch, ach!", ol an t-athair, "truagh liom an oighreacht sin éimh ro fhágadh do sheanmháthair agad .i. Éadaoin inghean Eochraidhe .i. bean Eochaidh Oireamh agus an Éadaoin dob inghean di agus fós Meas Bhuachalla inghean Eochaidh máthair Conaire meic Eidirsceoil ar
a sliocht a bhfoilise. Truagh liom fós dúthchas inghine Mogha Lámhfhada do theacht tríot .i. do shiúr mhillteach mhailíseach dia dtáinig aidhmhilleadh Éireann". Farbhlaidh umorro do rinne sí brígh mbig do na briatharaibh sin. Sochtais an rí agus ro ghabh ag tuirse agus ag truaighneimhile. "Léig as, a athair", ol sí, "do-ghéabhsa fios an fhir úd duit suil targha an bhliadhain dá tigh agus do-ghéan do thoilse muna faghar é". Ceileabhraid dá chéile iar sin. Téid an inghean dá hoireagal féin agus goiris a buime chuice .i. Duibhghil inghean Duibhdhoire, bean ghlic i gceardaibh draoidheachta óir ní bhí ón mbleidhmhíol muiridhe gusan gcoirrmhíoltóig cruth ar nár choimhdheas Duibhghil. Inniseas Farbhlaidh di tabhairt na seirce agus aitheasc a hathar fria agus tuarasgbháil an tí dá dtug sí féin an grádh idir cruth agus céill agus ceinéal agus eireadh agus amhail ro gheall sí do dhéanamh muna fhaghadh fios an fhir sin fa cheann mbliadhna. "Fada gur innis tusa sin damhsa", ar sí, "agus bíodh meanma maith agat feasda, a Fharbhladh", ar Duibhghil, "má tá an fear sin i dtrí foghalrannaibh an bheatha fo-ghéabhsa a fhios doitse fo cheann na cairde sin". Ceileabhrais Duibhghil dá dalta iar dtain agus téid reimpe dá hadhbhaidh i bhfail i rabhadar a hoirnéise draoidheachta. Cuiris foluamhain faoithe féin do ghaoith dhraoidheachta ionnas go dtiomchaladh sí Éire et Alba idir mharaibh-thíribh re headh n-éanlaoi, comh maith ro iarradh Duibhghil na hoireachtais agus na haontaighe agus na tíghe deirride diamhra do bhíodh re taisceadh shéad agus maoineadh. Mur sin di seachnóin Éireann agus Alban go ráinig Fiodhnach Bearradh i mBoirinn. Ba hé an Fiodhnach Bearradh sin fa héanróimh ollamhnachta d'éigsibh Éireann agus Alban an ionbhadh sin óir ro bhí trí caoga fealmhac ag foghlaim éigse agus ealadhna re gach rann do cheithre rannaibh feasa na filidheachta ag Donnchadh Mhór Ó Dálaigh san baile adúbhramar. I mbaoi ann go gcualaidh foghar na cruite ar a cúl i gcubhachail an tí dia ndeachaigh díobh. Téid suas dá fhios. Ros fuair ann giolla neoid nárach - folt dubh dualchas fair, aghaidh shocraidhe shéaghanda aige; deirge ná grís a dhá ghruaidh agus partlainn a bhéal agus gilighthir sneachta a chorp, glaisighthir bugha a rosc, binnighthir téada mbennchrot foghar a ghotha. Andar léise níor shlán a chóig bliadhna
déag dó dá aois. Ní thard aire dhise dano óir ní 'na cruth féin do dheachaigh ann. Anais re cian dá fheitheamh agus dá éisteacht amhail ba scolaidhe don scoil í agus cách ar cheana chuigesean agus uadha amhail soithe beach ag teagar a dtigheadhais i laithibh fíoráilne Fóghmhar agus eisean dá n-oirfideadh agus dá n-oideas gach re n-uair. "Fíor ón", ar Duibhghil, "is tusa m'iarraidhse, a ghiolla óig iollánaigh". Agus ro chualaidh cách i gcéadóir dia shlonnadh agus dia ainmnigheadh ionnas go mbádar a scéala go hiomlán aice. Téid as iaramh go ráinig Dún Monaidh in Albain. Ro bhaoi Farbhlaidh an tan sin ar taibhlibh a grianáin agus beiris aithne ar Dhuibhghil agus is suaill nach tángadar airgheana éaga dá hionnsaidhe le loinne agus le lúthgháir agus do rinne an laoidh:
Maith scéal atá le Duibh ghil, gairid do bhí ar slighidh, go bráth ní thiocfadh um dháil go bhfaghadh fios mo leannáin. Mo ghéanar is dalta dhi, mo bheannacht ar mo bhuime; Duibhghil inghean Duibh dhoire fuair damhsa fios m'ionmhaine. Mo chubhas níior bhfiú meise bheith 'mo dhalta aicise, níor bhean le rígh nó re flaith iarradh cíchghthe ar a comhmaith. Maith.
Beannuighis a buime don inghean as a haithle, freagrais Farbhlaidh go furbhfaoilidh. Ro bhaoi i siost fada nár leig an eagla dhi scéala d'fhiarfaigh. "Gá fad do chuadhais", ar Farbhlaidh, "ó sin i le? Is gairid ataoi amoigh óir is mí gus iniogh ó do fágbhais an baile", ol sise. "Is gairid ámh", ol Duibhghil, "agus ro chuartuigheas Alba, deisceartach agus tuaisceartach, idir muir agus tír, innse agus oiléin agus ro chuartuigheas fós ceithre hollchóigidh Éireann agus urmhór an chúigidh oile". "An bhfuarais m'iarraidhse?" ar Farbhlaidh.
"Má fuaras", ar Duibhghil, "do b'fhearr doitse nach faghainn óir ní nuachar iomchubhaidh dot fhuilse an fríthe fuaras ann .i. file fáthach focailghlic agus deighfhear duasmhór dána a hiarthar Éireann". "Gá clann et gá ceineál dó?" ar Farbhlaidh. "Mac do Dhonnchadh Mhór Ó Dálaigh", ar Duibhghil. "Mo chubhas ámh níor bhféidir athair budh fearr do bheith aige", ar Farbhlaidh, "an uair nach budh é airdrí Éirinn nó Alban budh athair dhó. A anam, a Dhuibhghil", ar Farbhlaidh, "an budh é an Cearbhall oirdeirc do chualamar is mac dó bídh ann?. "Is é go deimhin", ar Duibhghil. "A bhuime bhúidh, ó atá gach uile ní for do chumas, beir meise anocht go neamhfhailleach d'fhéachain an fhir sin rom bhuaidhir mé do bhunadh". "Tabhairse do bhriathar damhsa re teacht liom arís". "Do-bheirim", ar Farbhlaidh. Buailis Duibhghil iad díbh líonaibh do fhleisg dhoilbhthe dhraoidheachta agus do-ní dá cholaim glégheala díbh. Adlodar as go Boirinn i gCorcamruadh tuaiscirt. Turnaid iaramh forsan seinistir ngloinidhe baoi ar béalaibh Chearbhaill 'na chodaltaigh. Ro bhaoi Cearbhall an tráth soin ag oirfideadh an aosa cumtha idir an dá chodladh. Beiris Farbhlaidh aithne ar an gcéad fhosgadh dá cheol. Tuitid 'na suan ar sliasaid na fuinneoige Farbhlaidh agus Duibhghil lasan gceol. Níor airighsead ní arna mhárach go rug Cearbhall ar ceachtar dhíobh 'na dhíbh lámhaibh. Goiris Cearbhall go maoidhfeach ar na macaibh foghlama bádar astoigh agus taisbéanais na turcairthe dóibh agus ro-ghní cádhas gloinidhe dóibh fo dheireadh agus no chaithdís an biadh agus an deoch no dáilte forra agus oiread no bhíodh Cearbhall ag seinm a chruite no shinndís-sean siansana truagha taighire las na téadaibh go dtugdaois tánaiste báis do lucht a n-éisteachta. Caoicidhis ar mhís amhlaidh go rángadar scéala na gcolam fo na críochaibh comhfhoigse go coitcheann óir do bhí Cearbhall feacht n-aon agus iadsan 'na n-aonar san oireagal gur ro labhair an cholaim do ghlór dhaonna fris. "Maith ámh, a Chearbhaill", ol sí, "an bhfidir tusa cia sinne nó créad ro-lá chugadsa sinn?" "Ní fheadar", ol Cearbhall.
"Rodbhia a fhios agad", ol an t-éan, "dia dtugthá do bhriathar dúinn gan ár ndíoghbháil do dhéanamh agus ár léigean as so agus ro bia luach maith agad dia chionn". Tug Cearbhall a bhriathar ris sin. Innisidh Duibhghil dó go léir gen mothá faicsin na haislinge agus éara na dtochmharc n-iomdha agus achmhusán an ríogh dia inghean et toirimtheacht Duibhghile dá fhéachainseamh agus a dteacht araon i reachtaibh colam ar an gcuairt sin. "Créad an logh do-ghéabhsa ar bhur léigean uaim"?, ar Cearbhall. "Do bhreith féin doit gan díoth dúinne", ar iadsan. "Éirghidh in bhur gcrothaibh féin im fiadhnaise", ol sé. Tiaghaid umorro. Comh luath agus ro chonnaircseamh Farbhlaidh sáithis rinn a dheirce 'na deilbh agus tángadar datha éagsamhla de agus teibearsain beag for a theangadh agus níor labhair cách díobh fria ar oile. "An ar mo shonsa atá an sost mór sin oraibh?" ar Duibhghil. Cuma ro bhaoi gá rádh agus lingis tar seinistreach an dúnaidh amach i riocht colaim. Tairrngidhseamh Farbhlaidh chuige tar colbha na coilcighe agus tug lámh tar a brághaid di agus pógais go díochra í. Trí lá agus teora hoidhche dóibh gan bhiadh gan dígh, gan chodladh gan chumhsanadh, gan choir gan chionnadh ar an gcor sin. An treas lá umorro do luidh Duibhghil dia n-agallamh. "Maith", ol sí, "ní fada libhse bheith mar sin giodh fada daoibh é, et a Fharbhlaidh", ar Duibhghil, "cuimhnigh do ghealladh damhsa agus déanam diar dtigh". "Déanam amhlaidh", ar Farbhlaidh. Tiaghaid go mbádar i mbaile ríogh Alban. Ro clos fon Eoraip uile Farbhlaidh agus a buime do bheith a síodhaibh go n-eabhladar daoine do lúthgháir a faghála. Cearbhall umorro líonais do ghalraibh agus d'easláintibh iomdha go nár féadadh leigheas dó. Ro clos an scéal sin fo Éirinn agus fa Alban agus ro hinniseadh sin i bhfiadhnaise an ríogh agus Farbhlaidhe. Agus do bhí cloch uasal onórach ag an inghean dia dtigeadh leigheas gach aingceise agus gach easláinte agus adubhairt: "A athair ionmhain", ol an inghean, "dia dtugthá a chead damh do chuirfinn an chloch uasal úd shláineas lucht
galair agus easláinte go mac ardollaimh Éireann agus Alban". "Do-bheirim", ar an rí, "agus mo bheannacht léi". Ráinig an chloch go Cearbhall agus ro badh séad flatha fríoth ann óir dá madh in uaimh dorcha nó i nduibhithir choilleadh i ré dhorcha no bhíodh sí, ro badh samhalta re heatal ngréine i meadhón Shamhraidh an solas no thigeadh dhi. Éirgheas Cearbhall le gabháil na cloiche agus do bhí gan saoth, gan galar agus do rinne an laoidh-se síos:
Fuaras cloich 'na cloch neimhe buaidhreas bláth ar ndeilbhine, gur meaghradh leisin séad sinn - a dhearbhadh do fhéad m'inntinn. Do-rad bean dá bais corca damh cloch is cros n-athrachta; truagh an séala, an chloch 's an cros och, och! nach éara fuaras! Stíom shíoda fán gcloich do chuir fám brághaid dá bais leabhair; an bhráighe dár bhean an tsreing do mhear a háilne m'intinn. Uch! is géar do chuaidh trém chneas cloch na mná do mhill m'áineas; i gcaomhthach a dá cíogh gcorr do bhíodh naomhchloch na neamhann. Giodh meinic iarrthar ormsa an neamhann bláth ballghormsa, an niamhann tréasan tí tug - 'a n-iarrann í ní fhaghad. Maith an mhaise i measc aonaigh don chloich álainn órchraobhaigh, cloch chorcra agus bráighe bhán, scáile a hochta 'na horlár.
Gach uair do-chím an gcloichse smuainim an mnaoi masclaighse; fiú an tí dár caomthach an chros, aonchroch mur í ní fhuaras. Fuaras.
As a haithle sin scríobhais Cearbhall an laoidh agus cuiris le teachtaibh Farbhlaidhe hí agus ní héidir a innisin méid na lúthgháire do bhí ar an inghean roimh an aiscidh mbig éigse agus ealadhna. Cearbhall umorro ro ghabh ag aslach an deaghollaimh .i. Donnchadh Mór im dhul ar cuairt ollamhnachta in Albain. Ro bhaoi Donnchadh Mór go haimhleasc uime sin acht cheana ro aontaigh dhósan an ní sin agus ro bhaoi trí bliadhna ag tionnscnamh an turais sin agus ro shaoileadh an rí gacha ráithe go rachadh Donnchadh dia ionnsuidhidh. Iomthúsa Chearbhaill agus Farbhlaidhe níor chaithsead caoicidheas ar mhís ar an bhfad soin gan seoid agus teachtaireachta gá n-iomlat eatorra anonn agus anall. Ro badh lán Éire agus Alba d'iomráidhtibh na deise sin - Cearbhall dano ar shaoire agus ar shoibhéasaibh, Farbhlaidh umorro ar eineach agus ar éagasc. Iomthúsa Dhonnchaidh níor ghabh a mhac uadho gan dol ar cuairt ollamhnachta in Albain agus rug leis gléire ollamhan 'na chuideachta. Cearbhall umorro rug dá fhear déag do na macaibh foghlama dob fhearr in Éirinn leis agus cruit agus fithcheall la gach fear díobh agus iad in ionannas aoise agus éagaisc uile. Ní haithristear a n-eachtra go rángadar teach airdríogh Alban. Aisnéidhidh fear dia mhuinntir don rígh an tromdhámh sin do bheith ar faithche an dúnaidh. Innistear don rígh an riocht i rabhadar. Baoi an rí ag ól chorma an tan sin. Éirghid cách uile 'na seasamh la deithfir a ndeachsana. Ro theilgdís na cuirn agus na copáin as a lámhaibh im na cormaibh. Ro bhrisdís ar oile díobh na gabhlaidhe gloinidhe ar ná faghdaois uain forsna doirsibh gur shamhalta la fear a bhfaicseana go madh a tígh teinidh no thísdís nó go madh ag tuitim 'na gceannaibh no bheidís colamhain agus cuinneadha na cathrach la méid a ndeithfire d'fhéachain na n-ollamhan. Fearais an rí fáilte re Donnchadh Mór gona mhuinntir agus ní ro labhair re Cearbhall acht rug leis ar barraibh baise gur dheisidh ar a ionchaibh féin ina shuidhe ríogh hé agus Farbhlaidh agus Duibhghil ar gach
taobh dhe agus Donnchadh féisin ar gualainn an ríogh agus na hollamhain ó shin amach ina n-ionadaibh cuibhdhe comhaoise. Agus ar mbeith tréimhse agus tamall for an ordughadh sin dóibh iarrais an rí for Cearbhall a chruit do ghlacadh gur gáirdiughadh meanman agus aigeanta do chách a chluinsin. Glacais Cearbhall a chruit agus sinnis cuir agus puirt adhbhainn mar tá golltraoi, geanntraoi, suantraoi go rabhadar na fileadha agus na flaithe agus na sluaighe ar cheana 'na dtirchim suain agus síorchodalta acht Cearbhall agus Farbhlaidh et Duibhghil námá. Ro ghabhsad 'na dtriúr ag éagaoine a n-imnigh agus a n-éadtualaing fria ar oile. Ro ghabh Farbhlaidh ag aithfear iomaithfear ar an gcinneamhain agus ar aimsir a geineamhna agus a gnáthchoimbearta agus a beirthe agus for an dtoice ndomhanda im dhála Chearbhaill gur ghabh Cearbhall dá ceannsughadh do bhriathraibh míne, míochartha agus d'fhuighlibh aobhdha, áilgheana agus ro ghabh Duibhghil mar an gcéanna. Mur sin dóibh go meadhón laoi. Musclas cách i gcéadóir agus gabhaid láim forsna cormaibh céanna. Mur sin dóibh go ceann seacht laithe, d'oighche agus do ló, ag meascadh agus ag muirn mhóir gan dearghadh leabhtha, gan cheol, gan oirfideadh acht ól corma agus ag tomhailt bhídh námá. Gabhtar dán Donnchaidh Mhóir ar an seachtmhadh lá agus tugadh céad dá gach cródh dó agus céad uinge dá gach monadh agus eireadh an ríogh féisin agus a chupa agus a cholg dhéad. Siris an rí cruitireacht ar Cearbhall. Gabhais Cearbhall an chruit agus sinnis golltraoi, geanntraoi agus suantraoi glan fo dheireadh go mbádar cách ón tráth go chéile 'na gcodladh acht Cearbhall agus Farbhlaidh námá. Musclais an rí iaramh agus iarrais fithcheallacht ar Cearbhall et imrid díbh líonaibh. Rug Cearbhall seacht gcluithe ar an rígh gan bhreith éinbheirte fair. Agus baoi cos Chearbhaill tarsan bhfithchill anonn agus baoi Farbhlaidh ar gualainn an ríogh agus baoi cos an ríogh don taobh eile don fithchill sínte agus ro shaoileastair Cearbhall gurab í cos Farbhlaidhe do bhí ann agus ro ghabh da hinghreim d'ingnibh a choise. Agus ro thuig an rí an ní sin agus líonais d'fhearg agus d'uasnadh la tuicsin intinn Chearbhaill um cheann na hinghine gur éirigh ón fhithchill agus goiris maithe a mhuintire chuige agus innisidh dóibh dála an ollamhain agus na hinghine. Comhairlighthear aco Donnchadh gona mhuinntir agus gona mhac do mharbhadh.
Baoi umorro fear gaoth do dhearbhráthair ag Donnchadh Mhór .i. Macaomh Innse Creamha a chomhainmseamh agus ro cíthe gach dáil fholaigh incleithe no bhíodh idir na daoinibh dó agus do connacas dó a bhráthair gona mhac san éigean sin agus gluaisis dia bhfurtacht agus dia bhfóirithin. Agus ní haithristear an feadh do bhí sé ar slighidh go ráinig baile ríogh Alban agus fuair an rí gona mhuinntir san comhairleadh sin. Beannoigheas dóibh agus fiafraigheas scéala Donnchaidh agus Cearbhaill don rígh agus inniseas an rígh go rabhadar san bhaile. Do fhiafraigh an macaomh don rígh an raibhe Cearbhall ag imirt ris agus adubhairt an rí go raibhe. "Is mairg ro bhí for an imirt sin", ar an macaomh, "óir dobh usa do dhuine bheith i gcath nó i gcomhrac oldás bheith ag imirt fris óir níor imir beart riamh gan bheith ag inghreim an tí ba neasa dia altaibh agus dia ingnibh". Luidh an macaomh uatha iar rádh na mbriathar sin. "A Dhé uilechumhachtaigh, is mór an mheabhal ro mheadhaighseamh do dhéanamh forsna hollamhnaibh". "Fíor ón", ol an mhuinntir. Tiad as iaramh. Gabhais Donnchadha a chead gon rígh agus ceadaighis an rí dhó gér b'aimhleasc leis agus conmhais Cearbhall agus a chuideachta. Cearbhall umorro ro bhaoi bliaghain iomshlán for an gcuairt sin. An mhí dhéigheanach don bhliadhain do bhí a ngníomh ag foillsiughadh ar Cearbhall et ar Farbhlaidh go nár féadadh a shéana. Ro gabhadh Cearbhall agus ro cuireadh i gcarcair cloiche é agus ro cuireadh glais agus géibhinn faoi agus do rónsad comhairle fána bhásughadh. Ba truagh ámh mar do bhí Farbhlaidh de sin. Ní aithnigheadh sí neach seach aroile. Ní chluineadh agus ní fhaiceadh, ní chodladh agus ní chaitheadh, ní fhoilceadh agus ní fhothruigheadh. Caoicidhis ar mhís di san daoire sin go dtarfas di fa dheoigh cionnas do rachadh sí d'fhurtacht a cumthaigh. Luidh lá n-aon gus an bpríosún. Guidhis an inghean an coimhéide 'ma léigean asteach agus éimhdhis agus aithéimhdhis hí. Do-rad chomhaidh mhóir dhó d'ór agus d'airgead agus faomhais a léigean asteach fa dheoigh. Téid Farbhlaidh asteach agus suidhis ar dheis Chearbhaill et tug phóig dhó. Féachais Farbhlaidh for an doirseoir iaramh. "Maith ámh, a anam", ol sí, "éirigh uainn go doras an phríosúin
agus ná han gár bhfeitheamh an feacht so óir ní fuil conair éalaighthe againn acht an t-éan doras úd". Luidhis an doirseoir uathadh iar rádh na mbriathar sin. Cuiris Farbhlaidh a heireadh agus a héadach féin go tapaidh tinneisneach dhi im Chearbhall agus gabhaidh a bhratseamh uimpe féin agus adbhert fris "éirigh amach romhad im riochtsa", ol sí, "agus léig eadramsa agus an rí giodh bé díol imeoras orm". Luidh roimhe amach agus fágbhais iomchomharc beatha agus sláinte gon doirseoir agus aithnidhis go dícheallach de maith na brághad baoi san bpríosún do dhéanamh .i. Cearbhall. Geallais an doirseoir go ndiongnadh. Téid Cearbhall roimhe go róidheithneach go hionad urdhalta iniomlachta idir Éire agus Alba agus ros fuair a thógbháil gan toirmeasg go ráinig oirir Éireann. Dár lat is ríghe nó flaitheamhnas fuair gach aon fo leith do shaorchlannaibh Éireann la cloisdeacht Cearbhall do theacht. Iomthúsa ríogh Alban ro cinneadh aige Cearbhall do chor dochum báis an mhaidean arna márach. Cuiris na básaireadha ar a cheann. Foslaictear an bpríosún rompa. Beirid ar an gcimidh et tógaid leo é ar amas an airdríogh. Féachais an rí for an gcimidh. "Cia so agaibh, a thruagha", ol sé. "Cearrbhall", ol na hóig. "Aghaidh bhur n-uilc agus bhur n-athchrann oraibh", ar an rí, "is í Farbhlaidh so agaibh". "Fíor ón", ar na fiora, ag meabhsain dia ngean agus dia ngáire forra. Tibhis an rí mar an gcéanna agus adbhert "Scaoiltear don inghean!" Agus maithis an ní do roinne dhi agus beiris a bhuidhe fria an file d'anacal agus faoidhis a theachta go hÉirinn agus tug dá mhóid dá dtaighleadh Cearbhall úir na hAlban tré bioth síor go dtiobhradh bás dó agus iodhlaicis a dhá fhear déag 'na dhiagh maille re séadaibh agus re maoinibh iomdha. Ro bhádar dá mhnaoi déag do shaorchlannaibh Alban i bhfochair Fharbhlaidhe. Ro bhaoi leannán díleas diongmhála la gach mnaoi dhíobh do chuideachta Chearbhaill. Truagh ámh mur do bhás ag an dá fhoirinn sin. Do-radsad brígh mbig dá gach uile ní acht madh pearsana ar oile. Tuitid díbh líonaibh i searg galair agus easláinte dia éis go mbádar trí bliadhna forsan mbuaidhreadh sin gan fear d'fhaicsin a mhná ná bean d'fhaicsin a fir díobh. Teachtaireacht
ghnáth agus seoid agus laoidhe agus litre eatorra. Acht cheana níor mhair díobh leath ar leath acht éintriar ban agus cóigfhear do na fearaibh an treas bliadhain agus ní hí bean an fhir do bhí beo ro badh beo do na mnáibh, ná fear na mná no badh beo do na mnáibh do bhí beo do na fearaibh. Cearbhall umorro ba measa dhó re gcách agus iar gcách óir do rinneadh aitheach uathbhásach de go nach aithnigheadh cara nó coigéile a chruth nó a chéalmhaine. Iomthúsa Í Dhálaigh agus fear gConnacht ar cheana ro chruinnighsead in éinionadh dús créad do ghéandaois im dhála Cearbhaill. Is eadh ro connchas dóibh lucht an-chumhacht agus aidhmhillte do bhreith dá ionnsoigheadh go ndáildís deocha díochuimhne dearmaid dó agus do rónadh amhlaidh aca go nár ba cumhain le Cearbhall Farbhlaidh d'fhaicsin dá shúilibh riamh gur ba slán ó na huile easláinte é. Comhairlighid Connachtaigh uile dhó bean do thabhairt. Baoi inghean álainn aontumha la rígh Ó Maine .i. Conchubhar Mac Ceallaigh mic Fianachtaigh. Do dhearsgnaidh an inghean sin tar mnáibh a haimsire ar a háilne, Ailbhe a hainm agus ro naisgneadh fria Cearbhall í. Do rónsad bainis mhór go maithibh Connacht dia caitheamh. Ro foillsigheadh an scéal sin do Dhuibhghil agus innisidh d'Fharbhlaidh é. "Déanam dá bhféachain", ol an inghean. "Deineam amhlaidh", ar Duibhghil. Gluaisid rompa agus níor ansad don réim sin go mbádar forsan iomdaidh i gcodladh Cearbhall 's a bainchéile agus gáir na bainnse gá tabhairt agus adbhert na roinn-se síos:
A Dhuibhghil an gcluin tú an gháir san tigh sin amoigh go mórdháil? ní binn lem cluais mar do chluin gáir bhainnse mhic Í Dhálaigh. Olc fuair Cearbhall mo chara, géin bheinnse in aontugha, gáir bhainnse do bheith 'na bhrúgh tar ceann inghine m'athar. Mo mhallacht is mallacht Dé, mallacht naomh an bheatha cé
do mhnaoi chreidfeas do ghlór fir tar éis Farbhlaidhe, a Dhuibhghil. A Dhuibhghil.
Iomthúsa Cearbhaill d'éis na fleidhe do chaitheamh luidh dá chodaltaigh agus dearcais for a chruit agus ad-chí na roinn scríobhtha innte agus léighis iad agus cuimhnighis ar Farbhlaidh an tan sin go dtángadar airgheana báis agus biothéaga dá ionnsoighidh gur saobhadh a chruth agus a chiall agus do roine an laoidh ann:
Dearg anocht corr mo chruite, iomhain fuil-se fuil uirthe, ionmhain lámh is ionmhain fuil, 'sa grádh atá dom tromghoin. Ionmhain lámh, ón ionmhain lámh do scríobh an gcroiseoid sán clár; ionmhain lámh do scríobh an gcrois go scín mbig is go mbois mbáin. Ionmhain sgeinín go néimh ndéad, dár snoigheadh déad don órcheard ionmhain folt cronnfháilgeach cas, ionmhain bas is béal dearg. Dearg.
As a haithle sin ro ghabh Cearbhall ag seinm a chruite go camhaír agus ag gabháil na rann sin leis gan anadh gan oiriseamh agus inghean Í Cheallaigh 'na haonar san iomdaidh go maidin arna márach. Éirigheas Ailbhe agus cásaoidhis rena cáirdibh uile Cearbhall do bheith mur sin uimpe. Teagaidseamh d'agallamh Cearbhall et fiafraighid de créad an siabhradh nó an seachrán tarrastair é. Ní ro fhreagairseamh iad acht amhail nach cluinfeadh aon fhocal uatha. Acht cheana ro ghabh ag seinm a chruite agus ag rádh na rann sin amhail ro bhaoi roimhe gur thairrngeadar a aos cumtha a chruit as a lámhaibh i los éigin. Cearbhall dano níor labhair riú agus níor fhéach for neach díobh. Caoicidhís lán bádar na maithe ag amhain 'na uchtsan i ndóigh chéille do theacht dhó. Ba díomhaoin dóibhseamh sin. Ba
measa sa chách a chorsan gach laoi gur b'éigin do chách ceileabhradh agus imtheacht dá dtighibh ar gach taobh agus fágbhaid eisean in Eachdhroim Ó Maine gan aithne gan agallamh. Iomthúsa Farbhlaidh agus Duibhghile ro bhídís d'oidhche agus do ló i bhfochair Chearbhaill. Airightear sin la cách agus cuirtear coimhéad forra. Ro foillsigheadh sin do na mnáibh gur thréigsead an teach i mbaoiseamh. Tigeadhsan i gcoinne na mban ar brú Suca gach laoi. Tigdís na mná 'na ndá ngéis gheala dá ionnsoigheadhsan. Lá n-aon dóibh ba taosga airgheach Í Cheallaigh gusan sruth iná Cearbhall. Do-chí an dá ghéis gheala forsan tráigh agus geibheas cloch do chiomhais an chalaidh agus ro dhíobhraic iad gur amais an eala tánaiste go ro bhris a leathsciathán gur thuit forsan trácht. Ba hí sin aimsear ráinig Cearbhall chuca. Ro thógaibh an ghéis agus ro nuall go cumhach ós a cionn agus adbhert an laoidh:
A bhuachaill bó Eachdhroma, créad an ní tarla ar h'aire, is ar mharbhais m'ealasa i measc ealadha an bhaile? Ní raibhe liom d'innile acht dá ghéis óga áilne; gér b'éadrom a n-imirce do b'fhearr iad nó céad airghe. Tugais orcar éagcosmhail don dara géis fhinn uasal, táinig rem cóig céadfadaibh; mo mhallacht ort, a bhuachaill. A bhuachaill.
Sáithis Cearbhaill a chloidheamh san mbuachaill iar sin gur scoilt a chroidhe ar dhó gur ba marbh gan anmain. Tig an dara heala i dtír iar sin agus tiaghaid 'na gcrothaibh féin iar sin agus ro bhaoi an lámh chlé briste ag Duibhghil. Comhairlightear aca long draoidheachta do dhéanamh do láthair agus do rónsad í agus tiaghaid araon innte agus lodar go mbádar 'na ngrianán budh déin i mbaile ríogh Alban. Do clos an scéal sin fon gcathraigh
uile .i. Duibhghil do bheith in otharlaidhe a láimhe go mbaoi bliadhain chomhshlán agá leigheas go ro thionnsgain an rí cealg mhillte mhallaighthe do dhéanamh. Feacht n-aon dia mbaoi an rí for mhúr na cathrach amoigh go bhfacadh an dias Éireannach dá ionnsoigheadh. Tiaghaid 'na dháil agus fochtais scéala díobh nó cia hiad. "A hÉirinn", ar siad. "Maith bhur luach dá ndearntaoi ní formsa", ol sé. "Créad an ní sin?" ol siad. "A innisin dom inghinse go bhfuair Cearbhall Ó Dálaigh bás". "Do-géantar sin", ol siad. Tiad san dúnadh anonn agus innisidh a scéala féin agus uighe gach laoi is ar oile ó go fhágbhadar Cruacha. "Scéala libh a hÉirinn?" ar cách. "Scéala móra annsúd", ar siad. "Cearbhall Ó Dálaigh do theasdail do shearg siabharghalair agus fir Chonnacht do bhuaidhreadh dia chumhaidh". Comh luath agus do chualaidh Farbhlaidh sin lingis a hanam tar a béal aiste agus tuitis forsan fhithchill baoi 'na fiaghnaise gur lingsead cách dia teasargain go bhfuairsead í gan anmain. Tig an rígh dia fios agus ro ghabh dá hagallamh do bhriathraibh búidhe agus ro ghabh dá tógbháil 'na suidhe agus ag féachain a ball, dá pógadh agus dá hiomchasaoid agus ag bagar fuirthe gach re bhfeacht agus níor b'fheirrde dhó acht ro b'éigin an inghean d'adhnacal agus ro fearadh a cluithe caointe agus ro tógbhadh a lia ós a leachta agus ro sgríobhadh a hainm oghaim amhail ba gnáth. Truagh ámh mur do bhí an rígh agus fuagrais an dias Éireannach sin do chrochadh tré héag na hinghine. "Tó!", ol na hóig, "cor ní fíor flatha a n-abrai. Do bhreith féin duit uainne", ol siad. "Bhur mbriathar ris!", ol an rí. "Rodbhia", ol cách. "Éirghidh go hÉirinn", ol sé, "agus innisidh do Chearbhall Ó Dálaigh éag Farbhlaidhe go n-eabhla Cearbhall dia cumhaidh. Dár mo bhréithir ámh", ar an rí, "muna dearna sibhse sin, ní bhéarsa ar Éireannach tré bhiotha síor nach tiobhar bás dó". Do-niad na hóig amhail asbeart an rí riú. Dia mbaoi Cearbhall i
dtigh a athar go bhfacadh an dias anaithnid chuige. Fochtais scéala dhíobh. Innisid do amhail ro naisgeadh forra .i. éag Farbhlaidhe inghine ríogh Alban agus amhail ros fuair. Ód chualaidh Cearbhall sin léigis a cheann for chorr a chruite go rod báth do bhiodhg. Ro clos sin fo cheithre hairdibh Chonnacht go nár chaith éanduine díobh biadh nó deoch fria trí lá agus teora hoidhche. Gonadh é Bás Cearbhaill agus Farbhlaidhe go n-uige sin. Finis. Amen.
agus ro éagcaoin Cearbhall go mór an ní sin agus do ghabh doghra agus domheanmuin mhór é agus do rin na roinn:
Uchán do lámh, a Dhuibh dhil, díochur sláinte, sódh aignidh; claochládh do chrotha fá cheann, maothlámh fa tocha timcheall. Uch, ro leónadh díbh líonaibh lámh dob adhairt d'airdríoghuibh níor bhain beadhgadh roimhe rinn treaghdadh mo chroidhe im chreidhim. Fán mbois-sin do bheith mur tá do chách ní hiongnadh iarghná, badh sgéal caigealtha ar bhrón mban, badh sódh aigionnta ánradh. Dá gcluintear uaimse, a Dhuibh dhil, do lámh mur tá 'na taisibh, badh mór n-abhra bhfíthe bhfliuch san mBanbha tríthe tuirseach. Mór mac ríogh do ríoghaibh Fáil, iomdha míleadh mór macáimh lén tochrádh an lámh do lot, is ar ládh ochlán orot.
Mór n-éigeas aignidh sgaghtha, mór n-inghion mhín mhacánta lén doiligh ar himreadh ort, a roighin fhinngheal éadrocht. Dursan lé hógaibh Alban, - mairg damh fhuair a n-iomardadh - goin na láimhe do thocht tríom mo náire ro-m-ort n-imshníomh. Diombáidh liom ar do los féin, saoth liom ar Fhearbhlaidh eiséin; do lámh neamhbhríoghmhar a-niogh, a ghrádh gealríoghradh Gaoidheal. Rém chuimhne ní cumhain linn go raibh ar aonmhnaoi d'Éirinn, glac badh síodhamhla ná soin, a shlat fhíonabhla a hAlbain. An bhoglámh lé mbronntaoi seoid fa minic í ós fuinneoig ag líonadh sróill bhláithshlim bhuig d'fháithchim óir agus arguid. Minic do bhí each oile ag goin fhoirne óruidhe; mar tá an crobh-sain as crádh linn, lámh re horsoin ós fhithchill. Ód' chonnarc cruth na lámha atá ár meanna marbhánna, mo gholgháire ní guth linn uch, ní horláimhe mh'inntinn. Ní sámh liom - lór do dhoghra - faoidh crot, cloisteacht ealadhna, gáir orghán ná aoibhle ban ná comhrádh daoine ar domhan. Do saobhadh rinn mo radhairc, ní fhaicim an fhiormamainnt, fiú an sgéal do chor as mo chruth, rom ghon, ní mhéar a-márach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services