Dia mbaoi Séamas mhac Torcaill i ríghe Alban. Giolla saor idir cruth
agus céill agus ceinéal an Séamas sin, do shliocht Cairbre rioghfhada
mheic Conaire a bhunadhcheinéal. Éininghean do chloinn aige,
Farbhlaidh a hainm. Do dhearsgnaidh sídhsin ar mnáibh na cruinne
go comhiomlán iona comhaimsir ar dheilbh, ar shaoire, ar
shoibhéasaibh. Ba do bhéasaibh na hinghine sin umorro bheith foirtil,
fíreolach in iomad ilbhéarladh. Ba dá béasaibh beos sírreachtadh
ciúil do chantain. Ba samhalta agus gual adhairce arna bháthadh i bhfail
óir dealbh mná ar domhan i bhfochair a deilbhe-se. Ba lán iarthar
Eorpa uile dá searc agus dá síorghrádh. Ba do-áirmhe an oiread ar a dtug
éara tochmhairc díbhsidhéin. Ro líon a searc cách go comhmór agus sin
gurab ionann ro iarradh an t-airdrí oireaghdha agus an taoiseach tuaithe
í. Ba díomhaoin dóibhseamh uile na dála sin. Ro bhaoi do shearc na
hinghine lasan airdrí nach tard tochmharc inneonach uirthe. An
inghean umorro níor thurainn a súil for fear d'fhearaibh an bheatha.
Ro líonsad cách uile an ionbhadh sin d'fhuath an ríogh. Andar leo is é
an rí féisin no dhiúltadh iad im thochmharc na hinghine.
Ba machtnoigh mór leisin airdrígh onórach iomad na n-eascharad
agus méid na mbiodhbhadh do rinne an inghean dó. Goiris an rí
Farbhlaidh leis fo leith lá n-aon in oireagal uaigneach.
"Maith ámh, a anam, a inghean", ol sé, "ní fhuil do chloinn nó
d'iardhraoi agamsa acht tusa, ar aoi sin do b'fhearr liom nach
béarthaoi a broinn do mháthar tú óir is mór do thraothais dom
thréan agus do loitis dom fhlaitheamhnas, óir do lingeadar cách mo
chríoch tar a ciomhsaibh ag díoghail agus ag aithfear orm an tár agus an
tarcaisne tugaise ar na saorchlannaibh soicheinéil fuilid in iarthar
Eorpa. Agus ní hamhlaidh fa dócha linne agad leasughadh id'
leanabh acht iolar carad agus coigéile d'fághail asadsa, a inghean. Tusa
anois umorro, a inghean", ar an t-airdrígh, "ná bídh ní is faide dár
mbuaidhreadh óir luighimse fá na dúilibh aicsidhe agus neamhaicsidhe
giodh bé fear d'fhearaibh an domhain bus áil leat go
dtiobharsa dhó tú gan toirmeasg. Do-bheirim fom bhréithir gurab
fhearr liom do thabhairt do mhac moghadh nó dá gach fuil dá huirísle
in Albain oldás do bheinn féin for an abairt i dtú i dtimcheall do
thochmhairc. Labhair anois, a inghean", ol sé, "et abair fíor frium".
"Cionnas", ol sí, "ciodh is áil leat do rádha damh?"
"Is áil", ol an t-athair, "a innisin damh gan ghaoi, gan cheilg an fear is
tocha leat for talmhain".
Tig iolar dath dise iar dtain. Ba deirge céadas agus corcair coilleadh i
gcéad Shamhradh, ba duibhe agus gual an dara feacht, ba báine agus
líonnscóid láinnighthe an treas feacht. Is suaill nach táinig
táimhnéalla báis di. Baoi an rí 'gá midheamhain forsna malartaibh
sin. Labhrais an inghean iaramh do ghuth neoid nárach.
"A athair ionmhain", ar sí, "do-bheirim fom bhréithir doitse nach
feadarsa cia an fear d'fhearaibh an domhain dá dtugas mo thoil,
acht cheana ro charas fear gen go bhfeadar cia hé".
"Cionnas sin, a inghean?" ol an t-airdrí.
"Feacht n-aon ro bhádhas im ghrianán im aonar", ol an inghean,
"tuitis brat codalta orm. In ro bhádhas ann tarbhas damh macaomh
óg amhalchach do bheith agam ar colbha mo chuilcighe - brat
corca ceithir-bheannach uime, folt dubh dualchas fair, aghaidh
shochraidh shéaghanda aige, cruit shlabhradhach shlíogaighthe arna
choimheagar do chlochaibh criostail agus carrmhoghail ceachtar a
dhíbh lámh agus é ag seinm agus ag seafann a chruite go ros léigeadh a
fheadána glanghotha i gcoimhidheacht na gcaointéad gur ros gad
mh'anam asam. A athair iomhain", ol sí, "ní ro fhéadas m'inntinn nó
m'aigneadh do tháth le fear oile da éise agus ní fhéadabh go bhfaicear
arís é".
"A Fharbhladh", ar an t-airdrí, "léig seachad sin agus ná tabhair dot
aire an siabhradh sídhe nó an t-aidhmhilleadh oidhchighe".
"Ó, a athair", ol sí, "ní nach foil im chumhang nó im chumhachtaibh
sin agus ní hoircheas m'éagnach nó m'iomchasaoid uime".
"Uch, ach!", ol an t-athair, "truagh liom an oighreacht sin éimh ro
fhágadh do sheanmháthair agad .i. Éadaoin inghean Eochraidhe .i.
bean Eochaidh Oireamh agus an Éadaoin dob inghean di agus fós Meas
Bhuachalla inghean Eochaidh máthair Conaire meic Eidirsceoil ar
a sliocht a bhfoilise. Truagh liom fós dúthchas inghine Mogha
Lámhfhada do theacht tríot .i. do shiúr mhillteach mhailíseach dia
dtáinig aidhmhilleadh Éireann".
Farbhlaidh umorro do rinne sí brígh mbig do na briatharaibh sin.
Sochtais an rí agus ro ghabh ag tuirse agus ag truaighneimhile.
"Léig as, a athair", ol sí, "do-ghéabhsa fios an fhir úd duit suil targha
an bhliadhain dá tigh agus do-ghéan do thoilse muna faghar é".
Ceileabhraid dá chéile iar sin.
Téid an inghean dá hoireagal féin agus goiris a buime chuice .i.
Duibhghil inghean Duibhdhoire, bean ghlic i gceardaibh draoidheachta
óir ní bhí ón mbleidhmhíol muiridhe gusan gcoirrmhíoltóig
cruth ar nár choimhdheas Duibhghil. Inniseas Farbhlaidh di tabhairt
na seirce agus aitheasc a hathar fria agus tuarasgbháil an tí dá dtug sí
féin an grádh idir cruth agus céill agus ceinéal agus eireadh agus amhail ro
gheall sí do dhéanamh muna fhaghadh fios an fhir sin fa cheann mbliadhna.
"Fada gur innis tusa sin damhsa", ar sí, "agus bíodh meanma maith agat
feasda, a Fharbhladh", ar Duibhghil, "má tá an fear sin i dtrí
foghalrannaibh an bheatha fo-ghéabhsa a fhios doitse fo cheann
na cairde sin".
Ceileabhrais Duibhghil dá dalta iar dtain agus téid reimpe dá
hadhbhaidh i bhfail i rabhadar a hoirnéise draoidheachta. Cuiris
foluamhain faoithe féin do ghaoith dhraoidheachta ionnas go
dtiomchaladh sí Éire et Alba idir mharaibh-thíribh re headh
n-éanlaoi, comh maith ro iarradh Duibhghil na hoireachtais agus na
haontaighe agus na tíghe deirride diamhra do bhíodh re taisceadh shéad
agus maoineadh. Mur sin di seachnóin Éireann agus Alban go ráinig
Fiodhnach Bearradh i mBoirinn. Ba hé an Fiodhnach Bearradh sin fa
héanróimh ollamhnachta d'éigsibh Éireann agus Alban an ionbhadh sin
óir ro bhí trí caoga fealmhac ag foghlaim éigse agus ealadhna re gach
rann do cheithre rannaibh feasa na filidheachta ag Donnchadh Mhór
Ó Dálaigh san baile adúbhramar.
I mbaoi ann go gcualaidh foghar na cruite ar a cúl i gcubhachail an
tí dia ndeachaigh díobh. Téid suas dá fhios. Ros fuair ann giolla neoid
nárach - folt dubh dualchas fair, aghaidh shocraidhe shéaghanda
aige; deirge ná grís a dhá ghruaidh agus partlainn a bhéal agus gilighthir
sneachta a chorp, glaisighthir bugha a rosc, binnighthir téada
mbennchrot foghar a ghotha. Andar léise níor shlán a chóig bliadhna
déag dó dá aois. Ní thard aire dhise dano óir ní 'na cruth féin do
dheachaigh ann. Anais re cian dá fheitheamh agus dá éisteacht amhail
ba scolaidhe don scoil í agus cách ar cheana chuigesean agus uadha amhail
soithe beach ag teagar a dtigheadhais i laithibh fíoráilne Fóghmhar agus
eisean dá n-oirfideadh agus dá n-oideas gach re n-uair.
"Fíor ón", ar Duibhghil, "is tusa m'iarraidhse, a ghiolla óig
iollánaigh".
Agus ro chualaidh cách i gcéadóir dia shlonnadh agus dia ainmnigheadh
ionnas go mbádar a scéala go hiomlán aice. Téid as iaramh go
ráinig Dún Monaidh in Albain.
Ro bhaoi Farbhlaidh an tan sin ar taibhlibh a grianáin agus beiris
aithne ar Dhuibhghil agus is suaill nach tángadar airgheana éaga dá
hionnsaidhe le loinne agus le lúthgháir agus do rinne an laoidh:
Maith scéal atá le Duibh ghil,
gairid do bhí ar slighidh,
go bráth ní thiocfadh um dháil
go bhfaghadh fios mo leannáin.
Mo ghéanar is dalta dhi,
mo bheannacht ar mo bhuime;
Duibhghil inghean Duibh dhoire
fuair damhsa fios m'ionmhaine.
Mo chubhas níior bhfiú meise
bheith 'mo dhalta aicise,
níor bhean le rígh nó re flaith
iarradh cíchghthe ar a comhmaith.
Maith.
Beannuighis a buime don inghean as a haithle, freagrais
Farbhlaidh go furbhfaoilidh. Ro bhaoi i siost fada nár leig an eagla
dhi scéala d'fhiarfaigh.
"Gá fad do chuadhais", ar Farbhlaidh, "ó sin i le? Is gairid ataoi
amoigh óir is mí gus iniogh ó do fágbhais an baile", ol sise.
"Is gairid ámh", ol Duibhghil, "agus ro chuartuigheas Alba, deisceartach
agus tuaisceartach, idir muir agus tír, innse agus oiléin agus ro chuartuigheas
fós ceithre hollchóigidh Éireann agus urmhór an chúigidh oile".
"An bhfuarais m'iarraidhse?" ar Farbhlaidh.
"Má fuaras", ar Duibhghil, "do b'fhearr doitse nach faghainn óir ní
nuachar iomchubhaidh dot fhuilse an fríthe fuaras ann .i. file fáthach
focailghlic agus deighfhear duasmhór dána a hiarthar Éireann".
"Gá clann et gá ceineál dó?" ar Farbhlaidh.
"Mac do Dhonnchadh Mhór Ó Dálaigh", ar Duibhghil.
"Mo chubhas ámh níor bhféidir athair budh fearr do bheith aige",
ar Farbhlaidh, "an uair nach budh é airdrí Éirinn nó Alban budh
athair dhó. A anam, a Dhuibhghil", ar Farbhlaidh, "an budh é an
Cearbhall oirdeirc do chualamar is mac dó bídh ann?.
"Is é go deimhin", ar Duibhghil.
"A bhuime bhúidh, ó atá gach uile ní for do chumas, beir meise
anocht go neamhfhailleach d'fhéachain an fhir sin rom bhuaidhir mé
do bhunadh".
"Tabhairse do bhriathar damhsa re teacht liom arís".
"Do-bheirim", ar Farbhlaidh.
Buailis Duibhghil iad díbh líonaibh do fhleisg dhoilbhthe
dhraoidheachta agus do-ní dá cholaim glégheala díbh. Adlodar as go
Boirinn i gCorcamruadh tuaiscirt. Turnaid iaramh forsan seinistir
ngloinidhe baoi ar béalaibh Chearbhaill 'na chodaltaigh. Ro bhaoi
Cearbhall an tráth soin ag oirfideadh an aosa cumtha idir an dá
chodladh. Beiris Farbhlaidh aithne ar an gcéad fhosgadh dá cheol.
Tuitid 'na suan ar sliasaid na fuinneoige Farbhlaidh agus Duibhghil
lasan gceol. Níor airighsead ní arna mhárach go rug Cearbhall ar
ceachtar dhíobh 'na dhíbh lámhaibh. Goiris Cearbhall go
maoidhfeach ar na macaibh foghlama bádar astoigh agus taisbéanais na
turcairthe dóibh agus ro-ghní cádhas gloinidhe dóibh fo dheireadh agus no
chaithdís an biadh agus an deoch no dáilte forra agus oiread no bhíodh
Cearbhall ag seinm a chruite no shinndís-sean siansana truagha
taighire las na téadaibh go dtugdaois tánaiste báis do lucht a
n-éisteachta. Caoicidhis ar mhís amhlaidh go rángadar scéala na
gcolam fo na críochaibh comhfhoigse go coitcheann óir do bhí
Cearbhall feacht n-aon agus iadsan 'na n-aonar san oireagal gur ro
labhair an cholaim do ghlór dhaonna fris.
"Maith ámh, a Chearbhaill", ol sí, "an bhfidir tusa cia sinne nó
créad ro-lá chugadsa sinn?"
"Ní fheadar", ol Cearbhall.
"Rodbhia a fhios agad", ol an t-éan, "dia dtugthá do bhriathar
dúinn gan ár ndíoghbháil do dhéanamh agus ár léigean as so agus ro bia
luach maith agad dia chionn".
Tug Cearbhall a bhriathar ris sin. Innisidh Duibhghil dó go léir gen
mothá faicsin na haislinge agus éara na dtochmharc n-iomdha agus
achmhusán an ríogh dia inghean et toirimtheacht Duibhghile dá
fhéachainseamh agus a dteacht araon i reachtaibh colam ar an
gcuairt sin.
"Créad an logh do-ghéabhsa ar bhur léigean uaim"?, ar Cearbhall.
"Do bhreith féin doit gan díoth dúinne", ar iadsan.
"Éirghidh in bhur gcrothaibh féin im fiadhnaise", ol sé.
Tiaghaid umorro. Comh luath agus ro chonnaircseamh Farbhlaidh
sáithis rinn a dheirce 'na deilbh agus tángadar datha éagsamhla de agus
teibearsain beag for a theangadh agus níor labhair cách díobh fria
ar oile.
"An ar mo shonsa atá an sost mór sin oraibh?" ar Duibhghil.
Cuma ro bhaoi gá rádh agus lingis tar seinistreach an dúnaidh
amach i riocht colaim.
Tairrngidhseamh Farbhlaidh chuige tar colbha na coilcighe agus tug
lámh tar a brághaid di agus pógais go díochra í. Trí lá agus teora hoidhche
dóibh gan bhiadh gan dígh, gan chodladh gan chumhsanadh, gan
choir gan chionnadh ar an gcor sin. An treas lá umorro do luidh
Duibhghil dia n-agallamh.
"Maith", ol sí, "ní fada libhse bheith mar sin giodh fada daoibh é, et a
Fharbhlaidh", ar Duibhghil, "cuimhnigh do ghealladh damhsa agus
déanam diar dtigh".
"Déanam amhlaidh", ar Farbhlaidh.
Tiaghaid go mbádar i mbaile ríogh Alban.
Ro clos fon Eoraip uile Farbhlaidh agus a buime do bheith a
síodhaibh go n-eabhladar daoine do lúthgháir a faghála. Cearbhall
umorro líonais do ghalraibh agus d'easláintibh iomdha go nár féadadh
leigheas dó.
Ro clos an scéal sin fo Éirinn agus fa Alban agus ro hinniseadh sin i
bhfiadhnaise an ríogh agus Farbhlaidhe. Agus do bhí cloch uasal
onórach ag an inghean dia dtigeadh leigheas gach aingceise agus gach
easláinte agus adubhairt: "A athair ionmhain", ol an inghean, "dia
dtugthá a chead damh do chuirfinn an chloch uasal úd shláineas lucht
galair agus easláinte go mac ardollaimh Éireann agus Alban".
"Do-bheirim", ar an rí, "agus mo bheannacht léi".
Ráinig an chloch go Cearbhall agus ro badh séad flatha fríoth ann óir
dá madh in uaimh dorcha nó i nduibhithir choilleadh i ré dhorcha no
bhíodh sí, ro badh samhalta re heatal ngréine i meadhón Shamhraidh
an solas no thigeadh dhi. Éirgheas Cearbhall le gabháil na cloiche agus
do bhí gan saoth, gan galar agus do rinne an laoidh-se síos:
Fuaras cloich 'na cloch neimhe
buaidhreas bláth ar ndeilbhine,
gur meaghradh leisin séad sinn -
a dhearbhadh do fhéad m'inntinn.
Do-rad bean dá bais corca
damh cloch is cros n-athrachta;
truagh an séala, an chloch 's an cros
och, och! nach éara fuaras!
Stíom shíoda fán gcloich do chuir
fám brághaid dá bais leabhair;
an bhráighe dár bhean an tsreing
do mhear a háilne m'intinn.
Uch! is géar do chuaidh trém chneas
cloch na mná do mhill m'áineas;
i gcaomhthach a dá cíogh gcorr
do bhíodh naomhchloch na neamhann.
Giodh meinic iarrthar ormsa
an neamhann bláth ballghormsa,
an niamhann tréasan tí tug -
'a n-iarrann í ní fhaghad.
Maith an mhaise i measc aonaigh
don chloich álainn órchraobhaigh,
cloch chorcra agus bráighe bhán,
scáile a hochta 'na horlár.
Gach uair do-chím an gcloichse
smuainim an mnaoi masclaighse;
fiú an tí dár caomthach an chros,
aonchroch mur í ní fhuaras. Fuaras.
As a haithle sin scríobhais Cearbhall an laoidh agus cuiris le
teachtaibh Farbhlaidhe hí agus ní héidir a innisin méid na lúthgháire do
bhí ar an inghean roimh an aiscidh mbig éigse agus ealadhna.
Cearbhall umorro ro ghabh ag aslach an deaghollaimh .i.
Donnchadh Mór im dhul ar cuairt ollamhnachta in Albain. Ro
bhaoi Donnchadh Mór go haimhleasc uime sin acht cheana ro
aontaigh dhósan an ní sin agus ro bhaoi trí bliadhna ag tionnscnamh
an turais sin agus ro shaoileadh an rí gacha ráithe go rachadh
Donnchadh dia ionnsuidhidh.
Iomthúsa Chearbhaill agus Farbhlaidhe níor chaithsead caoicidheas
ar mhís ar an bhfad soin gan seoid agus teachtaireachta gá n-iomlat
eatorra anonn agus anall. Ro badh lán Éire agus Alba d'iomráidhtibh na
deise sin - Cearbhall dano ar shaoire agus ar shoibhéasaibh,
Farbhlaidh umorro ar eineach agus ar éagasc.
Iomthúsa Dhonnchaidh níor ghabh a mhac uadho gan dol ar
cuairt ollamhnachta in Albain agus rug leis gléire ollamhan 'na
chuideachta. Cearbhall umorro rug dá fhear déag do na macaibh
foghlama dob fhearr in Éirinn leis agus cruit agus fithcheall la gach fear
díobh agus iad in ionannas aoise agus éagaisc uile. Ní haithristear a
n-eachtra go rángadar teach airdríogh Alban. Aisnéidhidh fear dia
mhuinntir don rígh an tromdhámh sin do bheith ar faithche an
dúnaidh.
Innistear don rígh an riocht i rabhadar. Baoi an rí ag ól chorma an
tan sin. Éirghid cách uile 'na seasamh la deithfir a ndeachsana. Ro
theilgdís na cuirn agus na copáin as a lámhaibh im na cormaibh. Ro
bhrisdís ar oile díobh na gabhlaidhe gloinidhe ar ná faghdaois uain
forsna doirsibh gur shamhalta la fear a bhfaicseana go madh a tígh
teinidh no thísdís nó go madh ag tuitim 'na gceannaibh no bheidís
colamhain agus cuinneadha na cathrach la méid a ndeithfire d'fhéachain
na n-ollamhan.
Fearais an rí fáilte re Donnchadh Mór gona mhuinntir agus ní ro
labhair re Cearbhall acht rug leis ar barraibh baise gur dheisidh ar a
ionchaibh féin ina shuidhe ríogh hé agus Farbhlaidh agus Duibhghil ar gach
taobh dhe agus Donnchadh féisin ar gualainn an ríogh agus na hollamhain
ó shin amach ina n-ionadaibh cuibhdhe comhaoise.
Agus ar mbeith tréimhse agus tamall for an ordughadh sin dóibh iarrais
an rí for Cearbhall a chruit do ghlacadh gur gáirdiughadh meanman
agus aigeanta do chách a chluinsin. Glacais Cearbhall a chruit agus sinnis
cuir agus puirt adhbhainn mar tá golltraoi, geanntraoi, suantraoi go
rabhadar na fileadha agus na flaithe agus na sluaighe ar cheana 'na
dtirchim suain agus síorchodalta acht Cearbhall agus Farbhlaidh et
Duibhghil námá. Ro ghabhsad 'na dtriúr ag éagaoine a n-imnigh agus a
n-éadtualaing fria ar oile. Ro ghabh Farbhlaidh ag aithfear iomaithfear
ar an gcinneamhain agus ar aimsir a geineamhna agus a gnáthchoimbearta agus
a beirthe agus for an dtoice ndomhanda im dhála Chearbhaill
gur ghabh Cearbhall dá ceannsughadh do bhriathraibh míne,
míochartha agus d'fhuighlibh aobhdha, áilgheana agus ro ghabh Duibhghil
mar an gcéanna.
Mur sin dóibh go meadhón laoi. Musclas cách i gcéadóir agus gabhaid
láim forsna cormaibh céanna. Mur sin dóibh go ceann seacht laithe,
d'oighche agus do ló, ag meascadh agus ag muirn mhóir gan dearghadh
leabhtha, gan cheol, gan oirfideadh acht ól corma agus ag tomhailt
bhídh námá. Gabhtar dán Donnchaidh Mhóir ar an seachtmhadh lá
agus tugadh céad dá gach cródh dó agus céad uinge dá gach monadh agus
eireadh an ríogh féisin agus a chupa agus a cholg dhéad. Siris an rí
cruitireacht ar Cearbhall. Gabhais Cearbhall an chruit agus sinnis
golltraoi, geanntraoi agus suantraoi glan fo dheireadh go mbádar cách
ón tráth go chéile 'na gcodladh acht Cearbhall agus Farbhlaidh námá.
Musclais an rí iaramh agus iarrais fithcheallacht ar Cearbhall et imrid
díbh líonaibh. Rug Cearbhall seacht gcluithe ar an rígh gan bhreith
éinbheirte fair. Agus baoi cos Chearbhaill tarsan bhfithchill
anonn agus baoi Farbhlaidh ar gualainn an ríogh agus baoi cos an ríogh don
taobh eile don fithchill sínte agus ro shaoileastair Cearbhall gurab í cos
Farbhlaidhe do bhí ann agus ro ghabh da hinghreim d'ingnibh a choise. Agus
ro thuig an rí an ní sin agus líonais d'fhearg agus d'uasnadh la tuicsin
intinn Chearbhaill um cheann na hinghine gur éirigh ón fhithchill agus
goiris maithe a mhuintire chuige agus innisidh dóibh dála an ollamhain agus
na hinghine. Comhairlighthear aco Donnchadh gona mhuinntir agus gona
mhac do mharbhadh.
Baoi umorro fear gaoth do dhearbhráthair ag Donnchadh Mhór
.i. Macaomh Innse Creamha a chomhainmseamh agus ro cíthe gach dáil
fholaigh incleithe no bhíodh idir na daoinibh dó agus do connacas dó a
bhráthair gona mhac san éigean sin agus gluaisis dia bhfurtacht agus dia
bhfóirithin. Agus ní haithristear an feadh do bhí sé ar slighidh go
ráinig baile ríogh Alban agus fuair an rí gona mhuinntir san
comhairleadh sin. Beannoigheas dóibh agus fiafraigheas scéala
Donnchaidh agus Cearbhaill don rígh agus inniseas an rígh go rabhadar san
bhaile. Do fhiafraigh an macaomh don rígh an raibhe Cearbhall ag
imirt ris agus adubhairt an rí go raibhe.
"Is mairg ro bhí for an imirt sin", ar an macaomh, "óir dobh usa
do dhuine bheith i gcath nó i gcomhrac oldás bheith ag imirt fris óir
níor imir beart riamh gan bheith ag inghreim an tí ba neasa dia
altaibh agus dia ingnibh".
Luidh an macaomh uatha iar rádh na mbriathar sin.
"A Dhé uilechumhachtaigh, is mór an mheabhal ro mheadhaighseamh
do dhéanamh forsna hollamhnaibh".
"Fíor ón", ol an mhuinntir.
Tiad as iaramh. Gabhais Donnchadha a chead gon rígh agus ceadaighis
an rí dhó gér b'aimhleasc leis agus conmhais Cearbhall agus a chuideachta.
Cearbhall umorro ro bhaoi bliaghain iomshlán for an gcuairt sin.
An mhí dhéigheanach don bhliadhain do bhí a ngníomh ag
foillsiughadh ar Cearbhall et ar Farbhlaidh go nár féadadh a shéana.
Ro gabhadh Cearbhall agus ro cuireadh i gcarcair cloiche é agus ro cuireadh
glais agus géibhinn faoi agus do rónsad comhairle fána bhásughadh.
Ba truagh ámh mar do bhí Farbhlaidh de sin. Ní aithnigheadh sí
neach seach aroile. Ní chluineadh agus ní fhaiceadh, ní chodladh agus ní
chaitheadh, ní fhoilceadh agus ní fhothruigheadh. Caoicidhis ar mhís di
san daoire sin go dtarfas di fa dheoigh cionnas do rachadh sí
d'fhurtacht a cumthaigh.
Luidh lá n-aon gus an bpríosún. Guidhis an inghean an coimhéide
'ma léigean asteach agus éimhdhis agus aithéimhdhis hí. Do-rad
chomhaidh mhóir dhó d'ór agus d'airgead agus faomhais a léigean asteach
fa dheoigh. Téid Farbhlaidh asteach agus suidhis ar dheis Chearbhaill
et tug phóig dhó. Féachais Farbhlaidh for an doirseoir iaramh.
"Maith ámh, a anam", ol sí, "éirigh uainn go doras an phríosúin
agus ná han gár bhfeitheamh an feacht so óir ní fuil conair éalaighthe
againn acht an t-éan doras úd".
Luidhis an doirseoir uathadh iar rádh na mbriathar sin.
Cuiris Farbhlaidh a heireadh agus a héadach féin go tapaidh
tinneisneach dhi im Chearbhall agus gabhaidh a bhratseamh uimpe féin
agus adbhert fris "éirigh amach romhad im riochtsa", ol sí, "agus léig
eadramsa agus an rí giodh bé díol imeoras orm".
Luidh roimhe amach agus fágbhais iomchomharc beatha agus sláinte
gon doirseoir agus aithnidhis go dícheallach de maith na brághad baoi
san bpríosún do dhéanamh .i. Cearbhall. Geallais an doirseoir go
ndiongnadh. Téid Cearbhall roimhe go róidheithneach go hionad
urdhalta iniomlachta idir Éire agus Alba agus ros fuair a thógbháil gan
toirmeasg go ráinig oirir Éireann. Dár lat is ríghe nó flaitheamhnas
fuair gach aon fo leith do shaorchlannaibh Éireann la cloisdeacht
Cearbhall do theacht.
Iomthúsa ríogh Alban ro cinneadh aige Cearbhall do chor dochum
báis an mhaidean arna márach. Cuiris na básaireadha ar a cheann.
Foslaictear an bpríosún rompa. Beirid ar an gcimidh et tógaid leo é
ar amas an airdríogh. Féachais an rí for an gcimidh.
"Cia so agaibh, a thruagha", ol sé.
"Cearrbhall", ol na hóig.
"Aghaidh bhur n-uilc agus bhur n-athchrann oraibh", ar an rí, "is í
Farbhlaidh so agaibh".
"Fíor ón", ar na fiora, ag meabhsain dia ngean agus dia ngáire forra.
Tibhis an rí mar an gcéanna agus adbhert "Scaoiltear don inghean!"
Agus maithis an ní do roinne dhi agus beiris a bhuidhe fria an file
d'anacal agus faoidhis a theachta go hÉirinn agus tug dá mhóid dá
dtaighleadh Cearbhall úir na hAlban tré bioth síor go dtiobhradh bás
dó agus iodhlaicis a dhá fhear déag 'na dhiagh maille re séadaibh agus re
maoinibh iomdha.
Ro bhádar dá mhnaoi déag do shaorchlannaibh Alban i bhfochair
Fharbhlaidhe. Ro bhaoi leannán díleas diongmhála la gach mnaoi
dhíobh do chuideachta Chearbhaill. Truagh ámh mur do bhás ag an
dá fhoirinn sin. Do-radsad brígh mbig dá gach uile ní acht madh
pearsana ar oile. Tuitid díbh líonaibh i searg galair agus easláinte dia
éis go mbádar trí bliadhna forsan mbuaidhreadh sin gan fear
d'fhaicsin a mhná ná bean d'fhaicsin a fir díobh. Teachtaireacht
ghnáth agus seoid agus laoidhe agus litre eatorra. Acht cheana níor mhair
díobh leath ar leath acht éintriar ban agus cóigfhear do na fearaibh an
treas bliadhain agus ní hí bean an fhir do bhí beo ro badh beo do na
mnáibh, ná fear na mná no badh beo do na mnáibh do bhí beo do na
fearaibh. Cearbhall umorro ba measa dhó re gcách agus iar gcách óir
do rinneadh aitheach uathbhásach de go nach aithnigheadh cara nó
coigéile a chruth nó a chéalmhaine.
Iomthúsa Í Dhálaigh agus fear gConnacht ar cheana ro chruinnighsead
in éinionadh dús créad do ghéandaois im dhála Cearbhaill. Is
eadh ro connchas dóibh lucht an-chumhacht agus aidhmhillte do
bhreith dá ionnsoigheadh go ndáildís deocha díochuimhne dearmaid
dó agus do rónadh amhlaidh aca go nár ba cumhain le Cearbhall
Farbhlaidh d'fhaicsin dá shúilibh riamh gur ba slán ó na
huile easláinte é. Comhairlighid Connachtaigh uile dhó bean do
thabhairt. Baoi inghean álainn aontumha la rígh Ó Maine .i.
Conchubhar Mac Ceallaigh mic Fianachtaigh. Do dhearsgnaidh an
inghean sin tar mnáibh a haimsire ar a háilne, Ailbhe a hainm agus ro
naisgneadh fria Cearbhall í. Do rónsad bainis mhór go maithibh
Connacht dia caitheamh. Ro foillsigheadh an scéal sin do Dhuibhghil
agus innisidh d'Fharbhlaidh é.
"Déanam dá bhféachain", ol an inghean.
"Deineam amhlaidh", ar Duibhghil.
Gluaisid rompa agus níor ansad don réim sin go mbádar forsan
iomdaidh i gcodladh Cearbhall 's a bainchéile agus gáir na bainnse gá
tabhairt agus adbhert na roinn-se síos:
A Dhuibhghil an gcluin tú an gháir
san tigh sin amoigh go mórdháil?
ní binn lem cluais mar do chluin
gáir bhainnse mhic Í Dhálaigh.
Olc fuair Cearbhall mo chara,
géin bheinnse in aontugha,
gáir bhainnse do bheith 'na bhrúgh
tar ceann inghine m'athar.
Mo mhallacht is mallacht Dé,
mallacht naomh an bheatha cé
do mhnaoi chreidfeas do ghlór fir
tar éis Farbhlaidhe, a Dhuibhghil.
A Dhuibhghil.
Iomthúsa Cearbhaill d'éis na fleidhe do chaitheamh luidh dá
chodaltaigh agus dearcais for a chruit agus ad-chí na roinn scríobhtha innte
agus léighis iad agus cuimhnighis ar Farbhlaidh an tan sin go dtángadar
airgheana báis agus biothéaga dá ionnsoighidh gur saobhadh a chruth agus
a chiall agus do roine an laoidh ann:
Dearg anocht corr mo chruite,
iomhain fuil-se fuil uirthe,
ionmhain lámh is ionmhain fuil,
'sa grádh atá dom tromghoin.
Ionmhain lámh, ón ionmhain lámh
do scríobh an gcroiseoid sán clár;
ionmhain lámh do scríobh an gcrois
go scín mbig is go mbois mbáin.
Ionmhain sgeinín go néimh ndéad,
dár snoigheadh déad don órcheard
ionmhain folt cronnfháilgeach cas,
ionmhain bas is béal dearg. Dearg.
As a haithle sin ro ghabh Cearbhall ag seinm a chruite go camhaír
agus ag gabháil na rann sin leis gan anadh gan oiriseamh agus inghean Í
Cheallaigh 'na haonar san iomdaidh go maidin arna márach.
Éirigheas Ailbhe agus cásaoidhis rena cáirdibh uile Cearbhall do
bheith mur sin uimpe. Teagaidseamh d'agallamh Cearbhall et
fiafraighid de créad an siabhradh nó an seachrán tarrastair é. Ní ro
fhreagairseamh iad acht amhail nach cluinfeadh aon fhocal uatha.
Acht cheana ro ghabh ag seinm a chruite agus ag rádh na rann sin amhail
ro bhaoi roimhe gur thairrngeadar a aos cumtha a chruit as a
lámhaibh i los éigin. Cearbhall dano níor labhair riú agus níor fhéach for
neach díobh. Caoicidhís lán bádar na maithe ag amhain 'na uchtsan i
ndóigh chéille do theacht dhó. Ba díomhaoin dóibhseamh sin. Ba
measa sa chách a chorsan gach laoi gur b'éigin do chách ceileabhradh
agus imtheacht dá dtighibh ar gach taobh agus fágbhaid eisean in
Eachdhroim Ó Maine gan aithne gan agallamh.
Iomthúsa Farbhlaidh agus Duibhghile ro bhídís d'oidhche agus do ló i
bhfochair Chearbhaill. Airightear sin la cách agus cuirtear coimhéad
forra. Ro foillsigheadh sin do na mnáibh gur thréigsead an teach i
mbaoiseamh. Tigeadhsan i gcoinne na mban ar brú Suca gach laoi.
Tigdís na mná 'na ndá ngéis gheala dá ionnsoigheadhsan. Lá n-aon
dóibh ba taosga airgheach Í Cheallaigh gusan sruth iná Cearbhall.
Do-chí an dá ghéis gheala forsan tráigh agus geibheas cloch do
chiomhais an chalaidh agus ro dhíobhraic iad gur amais an eala tánaiste
go ro bhris a leathsciathán gur thuit forsan trácht. Ba hí sin aimsear
ráinig Cearbhall chuca. Ro thógaibh an ghéis agus ro nuall go cumhach
ós a cionn agus adbhert an laoidh:
A bhuachaill bó Eachdhroma,
créad an ní tarla ar h'aire,
is ar mharbhais m'ealasa
i measc ealadha an bhaile?
Ní raibhe liom d'innile
acht dá ghéis óga áilne;
gér b'éadrom a n-imirce
do b'fhearr iad nó céad airghe.
Tugais orcar éagcosmhail
don dara géis fhinn uasal,
táinig rem cóig céadfadaibh;
mo mhallacht ort, a bhuachaill.
A bhuachaill.
Sáithis Cearbhaill a chloidheamh san mbuachaill iar sin gur scoilt
a chroidhe ar dhó gur ba marbh gan anmain. Tig an dara heala i dtír
iar sin agus tiaghaid 'na gcrothaibh féin iar sin agus ro bhaoi an lámh chlé
briste ag Duibhghil.
Comhairlightear aca long draoidheachta do dhéanamh do láthair
agus do rónsad í agus tiaghaid araon innte agus lodar go mbádar 'na ngrianán
budh déin i mbaile ríogh Alban. Do clos an scéal sin fon gcathraigh
uile .i. Duibhghil do bheith in otharlaidhe a láimhe go mbaoi
bliadhain chomhshlán agá leigheas go ro thionnsgain an rí cealg
mhillte mhallaighthe do dhéanamh.
Feacht n-aon dia mbaoi an rí for mhúr na cathrach amoigh go
bhfacadh an dias Éireannach dá ionnsoigheadh. Tiaghaid 'na dháil agus
fochtais scéala díobh nó cia hiad.
"A hÉirinn", ar siad.
"Maith bhur luach dá ndearntaoi ní formsa", ol sé.
"Créad an ní sin?" ol siad.
"A innisin dom inghinse go bhfuair Cearbhall Ó Dálaigh bás".
"Do-géantar sin", ol siad.
Tiad san dúnadh anonn agus innisidh a scéala féin agus uighe gach laoi
is ar oile ó go fhágbhadar Cruacha.
"Scéala libh a hÉirinn?" ar cách.
"Scéala móra annsúd", ar siad. "Cearbhall Ó Dálaigh do theasdail
do shearg siabharghalair agus fir Chonnacht do bhuaidhreadh dia
chumhaidh".
Comh luath agus do chualaidh Farbhlaidh sin lingis a hanam tar a
béal aiste agus tuitis forsan fhithchill baoi 'na fiaghnaise gur lingsead
cách dia teasargain go bhfuairsead í gan anmain. Tig an rígh dia fios
agus ro ghabh dá hagallamh do bhriathraibh búidhe agus ro ghabh dá
tógbháil 'na suidhe agus ag féachain a ball, dá pógadh agus dá
hiomchasaoid agus ag bagar fuirthe gach re bhfeacht agus níor b'fheirrde
dhó acht ro b'éigin an inghean d'adhnacal agus ro fearadh a cluithe
caointe agus ro tógbhadh a lia ós a leachta agus ro sgríobhadh a hainm
oghaim amhail ba gnáth.
Truagh ámh mur do bhí an rígh agus fuagrais an dias Éireannach sin
do chrochadh tré héag na hinghine.
"Tó!", ol na hóig, "cor ní fíor flatha a n-abrai. Do bhreith féin
duit uainne", ol siad.
"Bhur mbriathar ris!", ol an rí.
"Rodbhia", ol cách.
"Éirghidh go hÉirinn", ol sé, "agus innisidh do Chearbhall Ó Dálaigh
éag Farbhlaidhe go n-eabhla Cearbhall dia cumhaidh. Dár mo
bhréithir ámh", ar an rí, "muna dearna sibhse sin, ní bhéarsa ar
Éireannach tré bhiotha síor nach tiobhar bás dó".
Do-niad na hóig amhail asbeart an rí riú. Dia mbaoi Cearbhall i
dtigh a athar go bhfacadh an dias anaithnid chuige. Fochtais scéala
dhíobh. Innisid do amhail ro naisgeadh forra .i. éag Farbhlaidhe
inghine ríogh Alban agus amhail ros fuair.
Ód chualaidh Cearbhall sin léigis a cheann for chorr a chruite go
rod báth do bhiodhg. Ro clos sin fo cheithre hairdibh Chonnacht go
nár chaith éanduine díobh biadh nó deoch fria trí lá agus teora hoidhche.
Gonadh é Bás Cearbhaill agus Farbhlaidhe go n-uige sin.
Finis. Amen.
B 1718ls 18T
agus ro éagcaoin Cearbhall go mór an ní sin agus do ghabh doghra agus
domheanmuin mhór é agus do rin na roinn:
Uchán do lámh, a Dhuibh dhil,
díochur sláinte, sódh aignidh;
claochládh do chrotha fá cheann,
maothlámh fa tocha timcheall.
Uch, ro leónadh díbh líonaibh
lámh dob adhairt d'airdríoghuibh
níor bhain beadhgadh roimhe rinn
treaghdadh mo chroidhe im chreidhim.
Fán mbois-sin do bheith mur tá
do chách ní hiongnadh iarghná,
badh sgéal caigealtha ar bhrón mban,
badh sódh aigionnta ánradh.
Dá gcluintear uaimse, a Dhuibh dhil,
do lámh mur tá 'na taisibh,
badh mór n-abhra bhfíthe bhfliuch
san mBanbha tríthe tuirseach.
Mór mac ríogh do ríoghaibh Fáil,
iomdha míleadh mór macáimh
lén tochrádh an lámh do lot,
is ar ládh ochlán orot.
Mór n-éigeas aignidh sgaghtha,
mór n-inghion mhín mhacánta
lén doiligh ar himreadh ort,
a roighin fhinngheal éadrocht.
Dursan lé hógaibh Alban,
- mairg damh fhuair a n-iomardadh -
goin na láimhe do thocht tríom
mo náire ro-m-ort n-imshníomh.
Diombáidh liom ar do los féin,
saoth liom ar Fhearbhlaidh eiséin;
do lámh neamhbhríoghmhar a-niogh,
a ghrádh gealríoghradh Gaoidheal.
Rém chuimhne ní cumhain linn
go raibh ar aonmhnaoi d'Éirinn,
glac badh síodhamhla ná soin,
a shlat fhíonabhla a hAlbain.
An bhoglámh lé mbronntaoi seoid
fa minic í ós fuinneoig
ag líonadh sróill bhláithshlim bhuig
d'fháithchim óir agus arguid.
Minic do bhí each oile
ag goin fhoirne óruidhe;
mar tá an crobh-sain as crádh linn,
lámh re horsoin ós fhithchill.
Ód' chonnarc cruth na lámha
atá ár meanna marbhánna,
mo gholgháire ní guth linn
uch, ní horláimhe mh'inntinn.
Ní sámh liom - lór do dhoghra -
faoidh crot, cloisteacht ealadhna,
gáir orghán ná aoibhle ban
ná comhrádh daoine ar domhan.
Do saobhadh rinn mo radhairc,
ní fhaicim an fhiormamainnt,
fiú an sgéal do chor as mo chruth,
rom ghon, ní mhéar a-márach.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11