Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Compánach an Chríosdaigh
Title
Compánach an Chríosdaigh
Author(s)
Furlong, Ionatan,
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: Tegg and Co., 1844)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LAETHE SAOIRE, Se sin, laethe air a bh-fuil oibliogáid chinnte, Aifrionn d'éisteacht, agus staonadh ó oibreachibh sglábhuidhacha: íodhon, Gach Domhnach san m-bliain. Lá Nollag. Lá Timchiollghearrthaidh ar d-Tíarna. Lá chinn an dá lá dhéag. Lá Fhéile Pádruic. Lá Teachtaireachta an Aingil chum Mhuire. Diardaoin Deasghabhála ar d-Tíarna. Diardaoin Choirp Chríst. Lá Fhéile Pheadair is Phóil. Lá Árduighthe Mhuire. Lá naomh an domhain.
LAETHE TROSGAIDH, Se sin, laethe air a bh-fuil oibliogáid chinnte trosgadh do dhéanadh air aon mhéile amháin, agus air mhion- chuid: íodhon, Vigil, no lá roimh Nollaig. Lá roimh fhéile Pheadair is Phóil. Lá roimh fhéile Árduighthe Mhuire. Lá roimh fhéile Naomh an Domhain. Gach uile lá san g-caraos, acht amháin, na domhnaigh. Gach Aoine, agas Satharn san Advent. Agus Trosgadh na cheithre n-amanta na bliana. LAETHE TRÉANAIS, Se sin, laethe air a bh-fuil oibliogáid chinnte staonadh ó fheoil: íodhon, Gach Aoine san m-bliain. Na laethe spécialta san g-caraos, agus san Advent do thoirmeasgas an Eaglais do réir righ- alacha na h-áite iona g-comhnuighir. Agas na Vigilacha, no laethe roimh na Saoirigh- acha, air a bh-fuil oibliogáid trosgadh do dhéanadh.
AN TEAGUSG CRÍOSDAIGH. 1. Ni'l ann acht aon Dia amháin agus is E sin cruthuighthóir Neimhe agus Talmhan, agus Árdrigh óscionn gach uile nidh. 2. Ta tri Pearsana a n-Dia, an t-Athair agus an Mac, agas an Spiorad Naomh. 3. Is ón Athair an Mac, agus sin ó n-uile- shíorruigheacht. 4. Is ón Athair agus ón Mac a néinfheacht an Spiorad Naomh, agus sin ó n-uileshíorruigheacht. 5. Goirthar air na tri Pearsanaibh diadha a néinfheacht, An Tríonóid is naomhtha, dódheal- uighthe. 6. Sé an Mac, an dara Pearsa de'n Tríonóid is naomhtha, do ghlac colann dhaona, le h-oibriúghadh an Spioraid naoimh, a m-broinn na Maighdine Muire; agus do goiradh d' ainim air, Iosa Críost. 7. Ta ar Slánuighthóir Iosa Críost na Dhia, agus na Dhuine a néinfheacht; ta sé na Dhia ón t-síorruigheacht, agus na Dhuine ón am do gabhadh E a m-broinn na Maighdine Muire. 8. Ta dhá nádúir a n-Iosa Críost, íodhon, nádúir Dé, agus nádúir Duine.
9. Ta dhá thoil a n-Iosa Críost, íodhon, toil dhiadha agus toil dhaona. 10. Ni'l acht aon Phearsa amháin a n-Iosa Críost, íodhon, Pearsa Mhic Dé. 11. Fuair ar bh-Fuasgaltóir Iosa Críost bás air an g-crois, chum sinne do shaoradh ó chúmhachd an Diabhail, agus ó chionnta peacaidh ar sinnsior. 12. Sé an Diabhal, Prionnsa na n-aingeal ceannairceach do dhíbir Dia as na flaithis, agus atá ó shin na námhaid ag duine. 13. Do chúm Dia air d-tús, Adhamh agus Éva, an chéd fhear, agus an chéd bhean; agus do b'iad- san, ar g-cédathair agus ar g-cédmháthair: do chruthuigh Dia neamhchionntach iad, agus do shocruigh se go séanmhar iad a n-gárdín Pharrathais. Dothug Dia aon aithne amháin dóibh le coiméad, se sin, gan toradh crainn áirighthe d'ithe: acht do chuir an Diabhal cathúghadh orra, tre fhormad d'a staid séanmhar; dorinnadar neamhfhómós a naghaidh Dé, ag ithe an toraidh thoirmisgthe; dá bhrigh sin do dhíbir Dia as Parrathas iad, agus do chailladar a chara- das. Is air an neamhfhómós so goirthar, “Peacadh an t-sinsir.”
DEITH N-AITHEANTA DÉ. An cheud. Is Mise an Tiarna do Dhia. ní bheidh Déthe bréagacha agat am láthair. An dara. Ní thabharfaidh tu amim an Tiarna do Dhia go díomhaoin. An treas. Cuimhnigh lá na Sabóide do naomhúghadh. An ceathramhadh. Onóruigh d'athair agus do mháthair. An cúigeadh. Ní dhéanfaidh tu marbhadh. An séamhadh. Ní dhéanfaidh tu adhaltranus. An seachtmhadh. Ní dhéanfaidh tu goid. An t-ochtmhadh. Ní dhéanfaidh tu fianuise bhréige a naghaidh do chómharsan. An naomhadh. Ní shanntóchaidh tu bean do chómharsan. An deichmhadh. Ní shanntóchaidh tu maoin do chómharsan. AITHEANTA NA H-EAGLUISE. An cheud. Aifrionn d'éisdeacht gach domhnach agus lá saoire fógartha. An dara. Trosgadh agus Tréanus do dhéan- adh air laethibh orduighthe. An treas. Faoisidin ar b-peacaidh do dhéanadh, an chuid is lúgha dhe, uair san m-bliain.
An ceathramhadh. Corp naomhtha an Tiarna do ghlacadh go fiúntach um cháisg, no taobh astigh de'n aimsir cheapuighthe. An cúigeadh. Cúngnamh do thabhairt chum ar d-tréaduighthe spiriodálta do chothúghadh. An séamhadh. Gan solamonta pósta do dhéan- adh san aimsir choisgighthe, ná aon neach do phósadh taobh astigh de na glúinibh gaoil coisgiththe, no ann aon t-sligh thoirmisgthe leis an Eagluis, no go foluightheach. NA SEACHT SACRAMUINTE. Baisdeadh, Cóneartúghadh, Eucharist, (no Corp Chríst), Aithrigh, Ola dhéaghanach, Órd beannuighthe, agus Pósadh. NA TRI SÚBHAILCIGH DIADHA. Creideamh, Dóchas, agus Carthanacht. NA CEITHRE SÚBAILCIGH CARDINÁLTA. Críonachd, Ceart, Daingneachd, agus Meas- aracht. SEACHT D-TIODHLACAIDH AN SPIORAID NAOIMH. Eagna, Tuigse, Cómhairle, Daingneachd, Eolas, Cráibhtheacht, agus Eagla an Tiarna.
OIBREACHA SPIORADÁLTA NA TRÓCAIRE. Oideas do thabhairt don ainbhfiosach; cómhairle do thabhairt don amhrasach; forfhógradh do thabhairt don pheacach; sólás do thabhairt do luchd an dob- róin; dochar do mhaithadh; buaireamh d'fhulang go foighideach; agus guidhe air son na m-beo, agus na marbh. OIBREACHA CORPORDHA NA TRÓCAIRE. Biadh do thabhairt don ocrach, agus deoch don tartmhar; éadach do chur air an té ata nochtuighthe; aoidheacht do thabhairt don deoraidh; cuairt air luchd-éagcruais, agas orra so ata a b-príosún; na daoránaigh d'fhuasgailt; agus na mairbh d'adhlacadh. NA TRÍ CÓMHAIRLEACHA SOISGEULDA. Bochdaineachd thoilteanach, Geanamnuigheachd buansheasamhach, agus Ómós iomlán. NA SEACHT B-PEACAIDH MARBHTHACHA. Uabhar, Saint, Formad, Fearg, Craos, Drúis agus Leisg.
NA SEACHT SUBHÁILCIDH LE NA G-CLAOIDHTAR IAD. Umhlaigheacht, Féile, Grádh na cómharsan, Ciuineas, Measarachd, Geanmnuigheachd, agus Dúrachdachd. PEACAIDH A N-AGHAIDH AN SPIORAID NAOIMH. Andóchas, éadóchas, cur a n-aghaidh na fírinne foillsighthe, formad faoi mhaith spioradálta dhuine eile, calcadh san b-peacadh, agus neamhaithrigh le linn báis. NA PEACAIDH DO SGREADAS AIR DHIA AG IARRAIDH DÍOGHALTAIS. Dúnmharbhadh antoilúil, sodomachd, leatrom- achd air na bochtibh, agus luchd oibre do mhealladh as a d-tuarasdal. NA MODHTHA AIR A M-BÉADH ÉINNEACH ROINNPHÁIR- TEACH A B-PEACAIDH DHUINE EILE. Le cómhairle, le ordúghadh, le aontúghadh leis, no le moladh peacaidh dhuine eile; le cungnadh leis, no air aon mhodh a bheith roinnpháirteach ann, gan a chosg, agus a cheilt.
NA CEITHRE NEITHE DÉIGHEANACHA ATA IONCHUIMHNIGHTHE. Bás, Breithamhnas, Ifrionn, agus Flathamhnas. ALTÚGHADH ROIMH BHIADH. Beannuigh sinn, a Thiarna, agus an biadh so is mian linn do chathadh. Tré Íosa Críosd ar d-Tiarna. Amen. ALTÚGHADH TARÉIS BHIDH. Bheiramaoid buidheachas duit, a Dhé, a d-taobh an bhidh sin do chaithamar. Tré Íosa Críosd ar d-Tiarna. Amen. A n-uair dhúisighir san oidhche, abair: A Thiarna, do réir mar fhoscluim mo shúile as codladh, oscuilse m'inntin chum soluis do naomh- ghrásta; ionnus go d-tuigfinn go soilléir mífhortún tuitim a b-peacadh: óir, “is fad ó na peacachibh slánúghadh.” Oideas na Mainne. A n-uair dhúisighas tú air maidin, coisric thú féin le cómartha na cruise, agus guidh Dia
do shoillsiúghadh le solus a naoimhSpioraid; ionnus nach g-cuirfuidhe cathúghadh ort, chum peacadh do dhéan- adh go toilteanach, agus abair: Tóg suas, A Dhé, mo cholann ó chodladh, agus m'anam ó pheacadh, ionnus go d-tabharfuinn moladh agus glóir dod ainim naomhtha; dar ab cóir gach onóir, altúghadh, agus buidheachas, anis agus go síorruigh. Amen. Air n-éirigh dhuit, abair: A n-ainim ar d-Tiarna, Íosa Críosd céas- tuighthe, éirighim; beannuigh me, A Dhé, riaghluigh me, coinigh me, agus cóneartuigh me ann gach uile dheaghobair aniugh agus go brách; agus taréis an gearrdhíbirt anacrach so, treoruigh me chum an aoibhnis síorruigh. Amen. Ag cur do chuid éadaigh ort, abair: A Íosa mhilis, ionnus nách bh-feicfuidhe náire m'anama pheacúil, éaduigh é le brat d'fhíréantachda, agus foluigh é le maise gach uile chinéil grásta agus subháilce. Amen. Ag nighe do lámha agus d'éadain, abair: A Thiarna Dhé, ag a raibh grádh dhúinn cho mór sin, gur nigh tú ar n-anama ann d'fhuil mhórluaigh;
niamhghlan, impighim thú, mo chroidh agas mo lámha ó gach salchar agus neamhghlaine peacaidh. Amen. Tabhair fá deara - Taréis do chuid éadaigh bheith ort; ná tabhair thú féin do chaint, ná do smaointibh díomhaoine; acht árduigh do chroidh suas chum Dé go ciuin; agus cuir thú féin a n-ordúghadh chum urnuighthe: da bhrigh sin; léig thú féin air do ghlúinibh agus abair na h-urnaighthe do leanas annso. URNAIGHTHE NA MAINNE. A n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen. Tuirling, A Spioraid Naoimh, d'ar n-ionnsuigh, aithlíon croidhthe d'fhíréan, agus las ionnta teine do ghrádha. V. Cuir chúgainn do Spiorad, agus cruitheo- char iad. R. Agus athnuadhfaidh tu aghaidh na talmhan. Guidhamaoid. A Dhé, do theagasg croidhthe na bh-fíréan le lonnradh an Spioraid Naoimh; tabhair dhúinn ann san
Spiorad chéadna, go m-blasfamaois an ceart, agus ann a shólás-san go m-béadh síorghárdachas oruinn; Tré Íosa Críosd ar d-Tiarna. Amen. Cuiramaoid sinn féin a láthair Dé, chum a adhrúghadh, agus chum buidheachas do thabhairt dó air son a bhronntanais. A Thiarna Dhé, creidim go diongmhálta go bh-fuil tu annso a láthair agus ann gach uile áit. Adhruighim agus onóruighim thú óm chroidh go h-iomlán. Admhuighim, gur tu féin m'árd Thi- arna, agus mo mhaighisdir d'ar cóir agas d'ar mian liom géilladh ann gach uile nidh. Bheirim míle buidheachas duit a d-taobh na n-grásta, agus na d-tabhartais go léir ba toil leat do roinn liom ón g-céd mhóimeid dem shaoghal, go d-tigh an lá niugh; air son gur chruthuighis me, gur fhuasgluis me, go n-deárnais Críosdaigh agus Catoilicach dhíom; gur thugis slán me tré gach cruadhchás agus contabhairt bháis; go mórmhór air feadh na h-oidhche so chuaidh thorm; agus ba toil leat fós an lá niugh do bhron- adh orm chum a chathadh go léir ag cómhlíonadh d'aitheanta, agus ag méadúghadh do ghlóire. Toirbheiramaoid suas do Dhia gach nidh dodhéanfamaoid aniugh, agas iarramaoid air a bheann- acht dhúinn féin, agus d'ár saothar. A Thiarna mhórthrócairigh, toirbheirim suas duit
mo cholann agus m'anam; m'uile smuaintighthe, mo bhriathra, mo ghníomhartha, agus gach uile nidh, ata d'fhiachibh orm do dhéanadh, agus d'fulang air feadh an lae so, a néinfheacht agus a g-cómhpháirt le gach nidh da n-deárnaigh agus dar fhulaing mo Shlánuigh- thóir air mo shon. Impighim thú an mhéid so go léir do ghabháil faoi do choimirce, agus do bheanacht naomhtha do thabhairt dom shaothar agus dom chúram, chum go rachfaidh se go léir chum do ghlóire féin agus leas m'anama. Amen. URNAIGH AN TIARNA. Ar n-Athair ata air neamh, go naomhthar d'ainim. Go d-tigidh go righachd. Go n-déantar do thoil air an d-talamh, mar déantar air neamh. Ar n-arán laethúil tabhair dhúinn aniugh. Agus maith dhúinn ar bh-fiacha mar mhaithamaoidne d'ar bh-feith- eamhnaibh féin. Agus ná léig sinn a g-cathúghadh. Acht saor sinn ó olc. Amen. FÁILTE AN AINGIL. Dia do bheatha, A Mhuire, ata lán de ghrásta; ta an Tiarna leat, is beannuighthe Thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhronn Íosa. A naomhMhuire, A Mháthair Dé, guidh oruinne na peacaigh, anis agus air uair ar m-báis. Amen.
CRÉ NA N-APSTOL. Creidim a n-Dia, an t-Athair uilechumhachdach, Cruthuighthóir neimhe agus talmhan. Agus a n-Íosa Críosd, a aonMhacsan, ar d-Tiarna; do gabhadh ón Spiorad Naomh, dorugadh ó Mhuire óigh. d'fhulaing páis faoi Phontius Philot; do céasadh, dofuair bás, agus do h-adhlacadh. Dochuaidh síos go h-ifrionn, d'éirigh an treas lá ó mharbhibh. Dochuaidh suas air neamh; agus ata na shuighe air dheisláimh Dé, an t-Athair uilechumhach- dach. As sin tiocfaigh, do thabhairt bhreithe air bheoibh agus air mharbhibh. Creidim san Spiorad Naomh. San NaomhEagluis Chatoilice. A g-comaoin na naomh. Maitheamhnas na b-peacaidh. Aiséirigh na colainne. Agus san m-beatha shíorruigh. Amen. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh. Mar dobhí ó thús, ata anis, agus bhéas go brách; tré shaoghal na saoghal. Amen. LIODÁIN ÍOSA. A Thiarna, déan trócaire oruinn. A Chríosd, déan trócaire oruinn. A Thiarna, déan trócaire oruinn. A Chríosd, éist linn. A Chríosd, éist linn go grástúil.
Athair neamhdha, A Dhé, Déan Trócaire oruinn. A Mhic Dé, A Fhuasgaltóir an domhain, A Spioraid Naoimh, A Dhé, A Thríonóid naomhtha aon Dia amháin, A Íosa, Mhic Dé bhi, A Íosa, A Dhealradh an Athar, A Íosa, A ghléshoillse an t-soluis shíorruigh, A Íosa, A Righ na Glóire, A Íosa, A Ghrian an Chirt, A Íosa, A Mhic na Maighdine Muire, A Íosa shóghrádhaigh, A Íosa iongantaigh, A Íosa, A Dhé neartmhair, A Íosa, A Athair an t-saoghail le theacht, A Íosa, A Aingil na h-árd-chómhairle, A Íosa is cumhachtaigh, A Íosa is ómósaigh, A Íosa ata ceannsa, agus umhal a g-croidh, A Íosa, A Ghrádhuighthóir na Geanamnuigh- eachda, A Íosa, A Dhé na Síothchána, A Íosa, ar n-Grádhuighthóir, A Íosa, A Ughdair na Beatha, A Íosa, A Shompla na Subháilce, A Íosa, A Theasghrádhuighthóir na n-Anam, Déan Trócaire oruinn.
A Íosa, ar n-Dia, Déan Trócaire oruinn. A Íosa, ar n-dídean, A Íosa, A Athair na m-Bocht, A Íosa, A Óirchisde na g-Creidmheach, A Íosa, A Threudaidh mhaith, A Íosa, A Sholuis fhírinnigh, A Íosa A Eagna shíorruigh, A Íosa, A Mhaithis gan chrich, A Íosa, an t-Sligh, an fhírinne, agus an Bheatha, A Íosa, A Luathgháire na n-Aingeal, A Íosa, A Righ na b-Pátriarc, A Íosa, A Análuighthóir na bh-Fáighe, A Íosa, a Mhaighisdir na n-Apsdal, A Íosa, A Theagasgthóir na Soisgéalaighthe, A Íosa, A Neart na Mairtíreach, A Íosa, a Sholuis na g-Confesóirigh, A Íosa, A Gheanmnaidhachd na Maighdean, A Íosa, A Choróin na Naomh uile, Déan Trócaire oruinn. Bí fábharach dhúinn, spáráil sinn, A Thiarna Íosa Bí fábharach dhúinn, éist linn, A Thiarna Íosa. Ó n-uile olc, Saor sinn, A Thiarna. Ó n-uile pheacadh, Ód fheirg, Ó chealgaibh an Diabhail, Ó spiorad striapachais,
Ó bhás shíorruigh, Saor sinn, A Tiarna. Ó fhailligh d'Análuighthe naomhtha, Tré Rúindiamhair do Ioncholannuighthe naomhtha, Tré do Bhreith, Tré do Naoidhnántachd diadha, Tré do Bheatha naomhtha, Tré do Shaothar agus do chruadháile, Tré do Gheurchrádh agus tré d'allus fola, Tré do Phianta agus tré do Phianós, Tré do Chrois agus tré do pháis, Tré do Bhás agus tré d'adhlacadh, Tré d'Eiséirigh ghlórmhar, Tré do Dheasghabháil iongantach, Tré do Luathgháire agus tré do Ghlóir, Lá an Bhreitheamhnais, Saor sinn, a Tiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Spáráil sinn, a Thiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Éist linn, A Thiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Déan trócaire oruinn, A Thiarna. A Íosa, éist linn. A Íosa, éist linn go grástúil. Guidhamaoid. A Thiarna Íosa Críosd, a dubhairt iarrighe
agus glacfaidh sibh, lorgairighe agus gheabhfhaidh sibh, buailighe agus fosguilóchfar dhaoibh; impighamaoid thú, tabhair dar n-athchuinghibh is ísle brontanas do ghrádha diadha, ionnus go n-grádhfamaois go brách thú le h-iomlán ar g-croidhthe; agus nach sguirfea- maois choidhche ó mholadh agus glóir do thabhairt dod ainim naomhtha. Amen. A Fhuasgaltóir dhiadha, tabhair dhúinn síreagla agus grádh dod ainim naomhtha, óir ní sguir- ann tú choidhche a stiurúghadh agus a riaghlúghadh na druinge led ghrásta do theagasgir a substainte do ghrádha. A Dhé, do chinn d'éinghein-Mhic na Shlán- uighthóir an domhain agus d'orduigh Íosa do ghairm air; tabhair dhúinn go trócaireach go sealbhóchmaois a radharc shéanmharsan a bh-flaitheamhnas, a n-onór- amaoid a náomhainim air an d-talamh; do mhairas agus do riaghluighas, mar aon leatsa agus leis an Spiorad Naomh, tré shaoghal na saoghal. Amen. AINGEAL AN TIARNA. V. D'fhoillsigh aingeal an Tiarna do Mhuire. R. Agus do ghabh sí ón Spiorad Naomh. Dia do bheatha A Mhuire, etc. V. Feuch, beanóglach an Tiarna. R. Go n-déantar liomsa, do réir d'fhocail. Dia do bheatha A Mhuire, etc.
V. Agus dorinnadh an briathar na fheoil. R. Agus do chomhnuigh sé eadruinn. Dia do bheatha A Mhuire, etc. V. Guidh oruinn, A naoimhMháthair Dé. R. Ionnus go n-déanfuighe oireamhnach sinn chum geallamhnacha Chríst d'fhághail. Guidhamaoid. Dóirt anuas, A Thiarna, do ghrásta ann ar g-croidhthibh, ionnus taréis fios d'fhághail dhúinn le teachaireachd an Aingil air theacht Chríst do Mhic a g-colainn daona, go d-tiucfadh linn tré na pháis agus a chrois, dul go glóir a aiséirighthe. Tré an Críosd céadna, ar d-Tiarna. Amen. V. Go suaibhnighidh anama na bh-fíréan a síoth- cháin tré thrócaire Dé. R. Amen. Guidhamaoid. Impighamaid thú A Thiarna, ar n-gníomhartha do roimhdhíriughadh léd análughadh naomhtha; agus treoruigh iad led chungnamh, ionnus go m-badh uait féin thionsgnóchadaois ar n-urnaighthe agus ar n-oib- reacha go h-uile, agus go m-badh thríotsa chríoch- nóchfar iad. Amen.
UACHT AN ANAMA. Is cóir do gach deaghchríosdaigh a dhéanadh gach lá. Toirbhirim m'anam do Dhia; mo chorp don chré, do lobhadas, agus do chnuighibh. Tréigim go toiltionach an uile-mhaoin shaoghalta, óir ni bh-fuil ionnta acht baois. Tá aithbhéal orm óm chroidh, air son mo pheacaidh, agus sin air ghrádh Dé. Bheirim maitheamhnas dom námhaidibh óm chroidh, agus ó m-anam go h-uile. Creidim a n-Dia, aon a m-bithbhrigh, agus triúr a b-pearsain, an t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad Naomh; Cruthuighthóir, Dídeanóir agus Cúitighthóir; uilechúmhachtach, uilemhaitheasach, uile- fhialmharach, uile-eagnach: creidim gur ghlac Dia an Mac, an dara pearsa, colann dhaona; agus go bh-fuair sé bás air an g-crois air mo shon; agus creidim gach nidh eile do chraobhsgaoilas an naomh Eagluis Chatoilice dom le creideamh. Tá dóchas agam as maitheas Dé, tré mhórluaidh- eachd mo Shlánuighthóra Íosa Críst, maitheamhnas ann mo pheacaidh, agus an bheatha shíorruigh d'fhághail. Tá grádh agam air Dhia air a shon féin amháin, om chroidh go h-uile, óm anam go h-uile, agus óm bhrigh go h-uile.
Bheirim suas me féin go fíriomlán agus go dúrachdach do thoil is naomhtha agus is adhrúla Dé; air m-beith dhom ollamh le déanadh, agus le fulang, a bheith slán, no tínn, maireachtain, no bás d'fhághail, ann san am agus air an modh is maith leis: a thoil naomhtha go n-déantar. Amen. Cuirim m'anam, agus gach a bh-fuilim, faoi chomairce, agus faoi eadarghuidhe na Maighdine glórmhaire Muire, mo dheaghmháthair, agus m'Ad- vocáid; agus faoi eadarghuidhe Joseph naomhtha, agus m'aingil coimhdeachta, agus faoi chomairce, agus eadarghuidhe na naomh uile a bh-flaitheas, noch athchuinighim go h-umhal, chum cungnadh liom le linn mo bháis. Mar mo bhriathra déaghanacha abraim le h-umhaluigheacht ínntinne agus le doilghios croidh, A Íosa, A Mhuire, is áil liom bás d'fhaghail eidir bhur lámhibh beannuighthe; agus an tan nach féidir lem theanga na h-ainimnacha naomhtha so do chánadh, is áil liom a dheanadh lem chroidh; dá bh-fealladh mo chroidh orm, is áil liom a rádh lem thuigse; abraim anis iad a n-ionad na h-uaire sin, le n-uileghrádh agus cráibhtheacht; A Íosa, A Mhuire, is áil liom bás d'fhághail eidir bhur láimhibh beannuighthe. A MhaighdeanMháthair, le h-umhalachd croidh, Sírim do bheannachd, is bheannachd Mhic Dé.
URNUIGH UILEADHACH, Air gach nidh riachtanach chum Slánuighthe. O mo Dhia creidim ionnat, neartuighse mo chreideamh; cuirim mo mhuínín ionnat, daingnighse mo mhuinín; grádhuighim thu óm chroidh go h-iom- lán, múin dom thusa do grádhúghadh gach lá níos mó ná chéile; ta doilghios orm mar do chuiras fearg ort, méaduighse mo dhoilghíos. Adhruighim thu mar mo chéd thús, lorgairim thu mar mo chríoch dhéaghanach, bheirim buidheachas dhuit mar mo shíorchabharthóir, goirim ort mar mo thréanchosantóir. Líon mo chroidh le h-eagla gan éadóchas, le muinín gan andóchas, le cráibhtheacht gan saobhacht, agus le gáirdeachas gan iomarca. O mo Dhia, deonuigh, mo threorúghadh led eagna, mo cheannsúghadh led cheartas, mo chómhfhortúghadh led thrócaire, agus mo chosint led chúmhacht. Duit-se is mian liom, m'uilesmuainte, briathra, gníomhartha, agus m'fhulang do naomhúghadh; ionnus ó so amach go smuainfuinn ortsa amháin, go labhar- fuinn ort, go d-treoróchuin go buan m'uileghníomh- artha chum méadúghadh do ghlóire, agus go bh-fulaing- óchuin go toilteanach gibé nidh ordóchas tú. A Thiarna, is mian liom go n-déanfuighe do
thoil ann gach uile nidh, air an adhbhar gur b'é do thoil é, agus air an modh is toil leat. Athchuinighim thú mo thuigse do shoillsiúghadh, mo thoil d'ionnlasadh, mo cholann d'fhírghlanadh, agus m'anam do naomhadh. Tabhair neart dom, A Dhé, ionnus go n-déan- fuinn leorghníomh air son mo pheacaidh, go m-béar- fuinn búaidh air mo chathuighthibh; go smachtóchuinn mo dhroch-chlaonta, agus go saorthóchuinn na subháilcigh atá oireamhnach do mo staid bheatha. Líon mo chroidh le gean dod mhaitheas, le fuath dom lochtibh, le grádh dom chómharsain, agus le tarcuisne don t-saoghal. Go g-cuimhneochad go síor a bheith umhal do m'uachdaránibh, géilleamhnach do m'íochdaránibh, dílis dom cháirdibh, agus carthanach dom námhaidibh. Cúngnuigh liom, buaidh do bhreith air anmhian- tachd na colainne le smachdúghadh, air shaint le déirce, air fheirg le ceannsacht, agus air fhuarchráibhtheachd le caoindúrachd. O mo Dhia, déan críona me ann sna neithe do ghlacim a láimh, meisneach a g-contabhairtibh, foigh- deach a n-annró, agus umhal a séanmhaireacht. Aontuigh go rabhad aireach go síor ag m'ur- nuighthe, measarach ann mo mhéilibh, dithchiollach ann mo chúram, agus síorbhuan ann mo rúnibh.
Go raibh mo choinsias ceart go síor agus fíor- ghlan, mo ghné modhmhuil, mo chomhradh deághshomplach agus m'iomchar rialta. Cúngnuigh liom, ionnus go n-oibreochuinn go síor treise do bhreith air nádúir, chum comhoibriúghadh led ghrásta, chum d'aitheanta do choiméad, agus chum mo shlánuighthe do shaorthúghadh. Foillsigh dom, A Dhia, neamhnidhtheachd an t-saoghail so, mórdhachd fhlaithis, giorrachd na h-aimsire, agus fad na síorruigheachda. Aontuigh dom me féin d'ollmhúghadh chum báis, faitchéas do bheith orm roimh do bhreitheamhnais, ifrionn do sheachaint agus fa dheoigh flaitheas d'fhághail. Deonuigh fá dheoigh, croidhbhrúghadh do thabhairt don uile pheacach, buantseasmhachd do na deághdaoinibh, síothcháin do na beoibh, agus síoraoibhneas do na fíréanibh d'imigh romhuinn; tré luaidheacht ar d-Tiar- na Íosa Críost, tré eadarghuidhe na Maighdine beannuighthe Muire, agus na n-uile naomh, agus a nainim ar naomh-mháthar an Eagluis. Amen. URNAIGH CHUM ROGHA STAID BHEATHA. A Dhé síorruigh, thusa atá ad sholus an domhain, agus gur air shon do ghlóire, atá gach créatúr órduighthe, chugatsa umhaluighim me féin, agus mo bheatha go h-iomlán: agus ionnus go mairad chum
do ghlóire, athchuinighim thú ann do thrócaire mo threo- rughadh a d-taobh rogha staid bheatha: ionnus air m-beith duitse mo threoruighthóir, go n-glacad an cúrsa úd is taithneamhaighe leatsa, agus is oireamhnaighe domhsa chum mo shlánuighthe do shaothrúghadh. A Bhanrighan fhlaithis, agus A Mháthair Íosa, bí ad Mháthair domhsa, agus fágh dom ód mhac dhiadha, go g-cluinad a ghlór, agus go raibh fios agam air a thoil, agus go raibh grásta agam a chómhlíonadh go réidh. Amen. URNAIGH CHRÁIBHTHEACH CHUM AR D-TIARNA ÍOSA CRÍOSD. Glóir, onóir, agus moladh duitse, ar d-Tiarna Íosa Críosd, go n-adhruigh an domhan uile thú, go raibh d'ainim naomhtha beannuighthe, thusa féin do dheonuigh a bheith beirthe ó mhaighdean umhal, air ar sone na peacaidh, agus go m-badh beannuighthe bhéidhas do mhaitheas neamhchoimsighthe, fuair bás air an g-crois chum sinne do shlánúghadh. A Íosa Mhic Dé, agus Fhuasgaltóir an chinne daona, impighamaoid thú, trócaire do dhéanadh oruinn; agus ar m-beatha do stiúradh annso led ghrása, ionnus na dhiaigh so go m-beidhmaois luath- gháireach ad fhochair ann do ríoghacht neamhdha go síorruigh. Amen.
URNAIGH AN TRÍOCHAD LÁ. A Íosa ionmhuin, mo Shlánuighthóir, agus mo Fhuasgaltóir bheannuighthe, A Chomhfhurtuightóir mhilis na n-uile anam anaoibhin uaigneach, agus leatromach; féuch do sheirbhíseach bocht, sleachduighthe go h-umhal ag bun do chruise naomhtha, ag caoinadh a anacra, ag impighe do thrócaire, agus ag athchuinighe ort truaighe agus cómhothúghadh do ghlacadh dhó annsa g-cruadhchás so a láthair. (Ann a bhuaidhreadh, a bhochtainacht, a chathúghadh, no a thrioblóid; no gib'é ríachtanas eile corportha no spioradálta ionna m-béadh sé.) Éist lé m'urnaighthe, a dhídin chinnte gach truaighleána dólásaigh! Féuch mo dheora, breath- nuigh mo dhubróna, agus leigheas mo leatrom; óir air m-beith do ghábhadh iomadúla am thimchioll tré mo chortha troma, ní feas dom cá rachfad le furtacht d'fhághail, nó cé leis a n-déanfad m'éa- gcaoin, acht leatsa, A Shlánuighthóir shéimh thrócairigh, le muinín, agus dóchas iomlán go n-deonóchfá, A Fhuasgaltóir ionmhuin cluas a thabhairt d'ath- chuinigh umhal do leinbh bhoicht le do ghnáththruaighe agus shíorthrócaire. Agus trés an millseachd do mhothuigh d'anam naomhtha, a n-am theacht dhúinn ionnar nadúir daona, n-uair bhidis ag cur romhad, mar aon leis an
Athair agus leis an Spiorad Naomh, do Phearsa naomhtha do chomhcheangal le colann daona air son ar slánuighthe, do chuiris d'aingeal naomhtha d'ion- suighe na maighdine beannuighthe Muire, leis na sgéal- taibh séanmhara sin; agus ag glacadh ort féin, ar nádúir daona, gur chómhnuighis d'fhír-Dhia agus d'fhír- Dhuine air feadh naoi míosa 'nn a broinn beannuighthe. Trés an g-crádh d'fhulaingis 'nnuair tháinic am do pháise leagtha amach roimhré, do ghuidhis chum d'Athar síorraigh, dá m-béadh do réir a roimhradhairc dhiadha, go rachfadh an chailís shearbh sin tharat, gidheadh, ag críochnúghadh leis an n-gníomh géillidh ba fírúimhle “ni shi mo thoilse, acht do thoilse, A Athair neamh- dha, dhéantar.” Tré na maslaigh andlightheacha, tré na tarcuisnigh náireacha, tré na builligh dúismionta, tré na dia- mhaslaidh aithiseacha, trí na fianisigh fállsa, tré na casaoideacha bréagacha, agus tré na breitheamhnuis éagcóracha, d'fhulaingis go foighdeach, A Uain neamhchionntaigh. Tré na téada do cheangail do lámha, tré na deora do thuit ó do shúilibh, tré an fhuil do shil ó do cholainn go h-uile. Tré an faitcheas, dobrón, agus dólás do chroidh; tré do cheann ríoghúil corónuighthe le deilgnibh, agus buailte le giolcach. Trés an náire dofuairis, 'n uair, air m-beith dod chuid éaduigh bainte dhíot, dobhidhis
crochta, nochduighthe air an g-crois, air feadh trí h-uairibh a radharc do mháthar dólásaighe, agus a láthair na n-daoine go h-uile. Tré na táirnidh géara le ar tolladh do lámha agus do chosa míne, agus le ar fastuigheadh air an g-crois iad. Tré do thart sásuighthe le vinégar agus le domblas; tré do thaobh fosguilte le sleigh as a d-táinic amach fuil agus uisge, chum aithneartúghadh do thabhairt dár n-anmanaibh leis an d-tiobrad bithbhuan sin do ghrádha agus do thrócaire. Trés an mórthrócaire do thasbáinis don ghadaidh aithrígheach, ag rádh, “béidh tusa aniugh, am fhochairsa a b-Párathas.” Tré do ghuidhe air son do námhaide ag rádh, “A Athair, maith dhóibh, óir ní feas dóibh cad é a dhéanaid.” Tré thoirbhirt d'anama suas dod Athair naomhtha le linn éaga, ag rádh; “ann do lámha thiomnaim mo spiorad.” Tré thabhairt do spioraid suas n-uair d'éimhis le guth árd, “mo Dhia, mo Dhia, cad é an fáth ar thréigis mé;” agus annsin, ag claonadh síos do chinn bheannuighthe, chum póige na síothchána do shínadh chuguinn, adubhrais, “atá an uile nidh críochnuighthe.” Tré do dhul síos go Limbo agus an luathgháire dothugais do na deághanamibh, dobhí ann a n-ghéibhion; tré ghlóir d'aiséirighthe caithréimaighe agus an tais- bánadh aoibhin dorinnis díot féin air feadh dhá
fhichiod lá, dod naomhóigh Mháthair, dod Apstolibh, agus dod cháirdibh agus sheirbhísibh eile tobhtha. Tré do dheasghábháil iongantach, an tan do h-árduighadh suas thú air neamh a radharc do mháthar agus d'Apstol. Tré thuirling an Spioraid Naoimh a bh-fuirm teangtha tinntighe lér líonis croidhthe do dheisgiobhail le do ghrádh, agus lér thugis neart agus meisneach dóibh chum do chreideamh do chur air bun air feadh an domhain. Tré lá critheaglach an bhreitheamhnais gheneráilte 'n uair thabhairfir breith air an g-cineadh daona go h-uile. Tré gach buaireadh, luathgháire, fulang, truaighe, agus tré gidhb'é nidh eile is neasa, no is ionmhuine leat air neamh, nó air talamh, glac truaighe dom, A Fhuasgaltóir thruaghmhéiligh, éist m'urnaighthe agus tabhair dom an nidh iarrim go roumhal ó mo chroidh ort anis. (Ainimnigh annso, an nidh ba mhian leat d'fhághail ó Dhia.) Tabhair dom A Shlánuighthóir ghrástúil luathmhoth- úghadh éifeachdúil air do chungnamh agus do chomh- fhurtachd diadha, an-té do réir ghnáthmhillseacht do chroidh chaoimh atá a g-cleachtadh, a n-athchuinighthe do thabhairt don droing ag a m-bidheann eagla rómhad, agus do ghrádhuighas thú dáríribh, go nuige mian agus sásamh a n-anam.
Bronn ormsa mar an g-céadna, A Thiarna bheannuighthe Íosa, creideamh seasamhach, dóchas muiníneach, carthanachd iomlán, croidhbhrúghadh in- mheodhanach, faoisidin ghlan, leorghníomh ceart, aire dhúrachdach orm féin óm ghnáthlochta, tarcuisne chrógach air an t-soaghal, buaidh iomlán air m'an- mhianta, aithris dhíghrasach do bheatha agus do chómhradha deághshomplaigh, comhlíonadh iomlán air mo mhóide, crádhadh fírineach air mo thoil féin, fonnmhaireacht thoilúil chum báis d'fhulang air son do ghrádha agus d'onóra, buantseasamh go deireadh a n-grása agus a n-déaghoibreachibh, imtheacht séanmhar dom anam as an t-saoghal so, lem chiall cheart am thimchioll, do shácramuinte naomhtha chum mo neartúghadh, thú féin A Íosa ionmhuin chum mo chomh- fhurtúghadh, do MhaighdeanMháthair, mar aon leis na naoimh mo phátrúin specialta chum guidhe air mo shon, agus mo dheághaingeal chum mo threorúghadh go suaimhneas síorruigh, go beatha shíorruigh, agus go h-aoibhneas síorruigh. Amen. OIDEAS AN TRÁTHNÓNA. Tabhair fád aire: n-uair bhéidheas obair shaogh- alta do staid bheata críochnuighthe san lá, ná té choidhche chum suaimhnis, no go g-comhlíonaidh tú le
Dia uilechumhachtach an t-adhrúghadh a dlighthar dhó ó gach créatúr tuigsionach. Sgar ó d'aigneadh, dá bhrigh sin, gach smuaintigh do cheanglas thú dod chúram saoghalta; cuimhnigh gur b' é Dia tús agus deireadh gach uile nidh, agus toirbhir d'anam dhó a n-urnaigh mar so. URNAIGHTHE AN TRÁTHNÓNA. A n-ainim an Athar, etc. Taobh 27. Tuirling, A Spioraid Naoimh, etc. T. 27. Cuiramaid sinn féin a láthair Dé, agus tuga- maid buidheachus dó a d-taobh na n-grásta dofuaramar uaidhe. A Thiarna Dhé! creidim go diongbhálta go bh-fuil tú annso aláthair, go bh-fuil tú ag éisteacht liom, go bh-fuil fios m'uile smuaintighthe agud: molim agus onóruighim thú; admhuighim gur tú mo chruthuighthóir agus mo mháighisdir; íslighim me féin go h-iomlán faoi do smacht, cuirim mo dhóchas agus mo mhuinín go léir ionnat, agus tá grádh agam duit óm chroidh agus óm anam. Bheirim míle buidheachas dhuit a d-taobh iomadamhlachda do thabh- artais dhom, do bhrigh mar dorinnis mo chréatúr tuigsineach mé oireamhnach chum d'aithint, do ghrádhúghadh, agus do shealbhúghadh; do bhrigh mar d'fhuas- glais mé lé fuil do Mhic ionmhuin Íosa Críosd, ar Slánuighthóir, mar dorinnis críosdaigh agus
Catoiliceach dhíom; agus go mórmhór mar dothug tú slán foláin mé ó gach baoghal agus díbháil an lae so. Ar n-Athair, etc. T. 29. Dia do bheatha A Mhuire, etc. T. 29. Iarramaid grásta ó Dhia, eolus agus fuath iomlán a d-taobh ar b-peacaigh do thabhairt dhúinn. Guidhamaid. A Thiarna, tré do mhórthrócaire, tabhair solus do ghrásta dhúinn, chum go m-ba leur dhúinn ar lochta, agus go m-béadh fírghráin aguinn orra, agus fuath diongbhálta dóibh. AN FHAOISDÍN GHENERÁILTE. Admhuighim do Dhia uilechúmhachtach, do Mhuire naomhtha, atá riamh na h-óigh, do Mhíchál naomhtha árdaingeal, d'Eoin naomhtha Baisde, dona naomh- Apstolibh, Peadar agus Pól, agus dona naoimh uile, gur pheacuighas go romhór, le smuainteadh, le briathar, agus le gníomh, tré mo choir féin, tré mo choir féin, tré mo choir romhór féin. (Stadamaid annso, agus tugamaid chum ar g-cuimhne, peacaidh prionnsabálta ar saoghail go d-tigh so: acht go h-áirighthe smuainighamaid air gach gnóthuidh, cómhluadar, agus ócáid eile pheac- aidh tháinic trasna orainn aniugh.)
Taréis léirsmuaintiúghadh oireamhnach, abair: A Dhé! tá doilghíos croidh orm tré fheirg do chur ort, agus tá fuath rofhírinneach agum do mo pheacaidh, dobhrigh go g-cuirid míshásamh ortsa, A Dhé, do thuilas mo ghrádh go h-iomlán, a d-taobh do cháiligh- eachta rógheanúla, agus do mhaithis neamhchoimsigh, agus tá rún diongbhálta agam le cúngnamh do ghrásta, gan fearg do chur ort, go brách aríst, agus mo bheatha do leasúghadh. Air an ádhbhar sin impighim air Mhuire naomhtha atá riamh na h-óigh, air Mhíchál naomhtha árdaingeal, air Eoin naomhtha Baisde, air na h-Apstoil naomhtha, Peadar agus Pól, agus air na naoimh uile, guidhe chum ar d-Tiarna Dia ar mo shon. Go d-tugidh Dia uilechúmhachtach trócaire dhom, go maithidh sé mo pheacaidh dhom, agus go d-treo- ruigh sé mé chum beatha shíorruigh. Amen. Glóir don Athair, etc. T. 30. LIODÁN NA MAIGHDINE. Roimhghuth. Deifrighamaid fá do chomairce, A naomh Mháthair Dé, ná tarcuisnigh ar n-urnaighthe ann ar riachtanais, acht saor sinn ó gach baoghal, A Mhaigh- dean shírghlórmhar bheanuighthe.
A Thiarna, déan trócaire oruinn. A Chríosd, déan trócaire oruinn. A Thiarna, déan trócaire oruinn. A Chríosd, éist linn. A Chríosd, éist linn go grástúil. A Athair neamhdha, A Dhé, déan, etc. A Mhic Dé, A Fhuasgaltóir an domhain, A Spioraid Naoimh, A Dhé, A Thrínóid naomhtha aon Dia amháin, déan trócaire oruinn. A NaomhMhuire, Guidh oruinn. A NaomhMháthair Dé, A NaomhMhaighdean na Maighdean, A Mháthair Chríosd, A Mháthair na grásta diadha, A Mháthair is fírghlaine, A Mháthair is geanmnaighe, A Mháthair gan truailliúghadh, A Mháthair gan toibhéim, A Mháthair gheanúil, A Mháthair iongantach, A Mháthair ar g-Cruthuighthóra, A Mháthair ar Slánuighthóra, A Mhaighdean is críona, A Mhaighdean is airmhidnighe, A Mhaighdean chliútúil, Guidh oruinn.
A Mhaighdean chumhachtach, A Mhaighdean thrócaireach, A Mhaighdean dhílis, A Scathán an cheartais, A Áitsuidhe na h-eagna, A Chúis ar n-gáirdeachais, A Shoithigh spioradálta, A Shoithigh onóraigh, A Shoithigh óirdheirc an chrábhaidh, A Róis rúndiamhair, A Thuir Dhábhidh, A Thuir ébhurdha, A Thigh órdha, A Áirc an Chonnartha, A Gheata Fhlaitheamhnais, A Réalt na Mainne, A Shláinte na n-easlán, A Dhídin na b-peacach, A Shólás na n-dobrónach, A Chungnamh na gCríosdaigh, A Bhanrighan na n-Aingeal, A Bhanrighan na b-Pátriarc, A Bhanrighan na bh-Fáigh, A Bhanrighan na n-Apstol, A Bhanrighan na Mairtíreach, Guidh oruinn.
A Bhanrighan na g-Confesóirigh, A Bhanrighan na Maighdean, A Bhanrighan na Naomh go h-uile, (Agus an uair deirthar so taréis an phaidirín phártigh, A Bhanrighan na Rósarighe is naomhtha), Guidh oruinn. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Spáráil sinn, A Thiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Éist linn, A Thiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Déan trócaire oruinn, A Thiarna. Deifrighamaid faoi do chomairce, etc. Aingeal an Tiarna, etc. T. 34. Guidhamaid chum ar n-Aingil coimhdeachda. O Aingil Dé! dobhidhas dár g-coimhdeachd, ná sgar linn. Soillsigh agus coiméad sinn anocht, agus air uair ar m-báis. Amen. Tar a féachaint air ar n-áras, impighamaid thú A Thiarna, agus díbir a bh-fad uaidhe gach uile chealg na námhuide, go g-cómhnuighidh d'aingil naomhtha ann chum ar g-coiméad a síothcháin; agus go raibh do bheannacht a g-cómhnuigh oruinne: tré Chríost ar d-Tiarna. Amen.
V. Go bh-fanigh cungnamh Dé do ghnáth aguinn. R. Amen. V. Agus go suaibhnighe anama na bh-fíréan a síothcháin, tré thrócaire Dé. R. Amen. Impighamaid thú, A Thiarna, etc. T. 35. Tabhair fád aire - An uair bhidhas tú dul a chod- ladh, ag tarraing d'anála, smuain agus abair: Í-O agus ag séidadh d'anála, abair, S-A. OIDEAS CHUM AIFRINN D'ÉISDEACHT. “Déanigh so a g-cuimhne ormsa.” N. Lúc.xxii.19 Cuimhnigh, gur b'é an t-Aifrionn íobairt neamh- fhuilteach choirp agus fola Chríosd, atá láithreach dáirfhíre agus go fírinneach; agus gidh air mhodh neamhionan, ofráltar é chum na mórchríocha céadna air ar h-ofráladh cheana-féin íobairt fhuilteach Chríosd air an g-crois air chnoc Chalvarigh. Ní ceart, dábhrigh sin, aon smuainteadh a bheith a n-inntinn an Chríos- daigh, acht na smuaintigh is lánchráibhthighe air bith, an uair atá sé air tí bheith láithreach ag an mistéir
so na mistéiridh. d'aithin ar Slánuighthóir ion- mhuin dhúinne, “é so do dhéanadh a g-cuimhne air- sion.” (N. Lúc.xxii.19). Machnuigh annsin godé mar bhéadh do mhothúghadh, do smuaintidh, agus do mhianta, dá m-beithfeá láithreach dáirfhíre, an uair h-íobaradh Uan neamhchionntach Dé leis na Iudaighibh air shliabh Chalvarigh, chum sásamh do thabhairt air son ar b-peacaidh, agus chum réiteach do dhéanadh eadrinne agus a Athair masluighthe. Le na leith- éde so amháin, bá ceart duitse cur rómhat thú féin d'ullmhúghadh chum Aifrinn d'éisteacht. Bíodh dábhrigh sin, páis agus fuilingthe do Shlánuighthóra naomhtha ós cómhair do shúile go spioradálta; agus mar atá gach roinn den Aifrionn ag foillsiúghadh den taobh amuigh, gach nidh do thárla an tan sin, bros- duighadh gach páirt cófhreagrúil den pháis, croid- bhrúghadh ionnad ar son peacaidh, grádh air Dhia, agus mian a d-taobh gach uile shubháilce do ghluaisas chum croidh d'fhírghlanadh, agus chum sinn féin do dhéanadh taithneamhach a láthair Dé. Ag crathadh an uisge choisricthe ort féin, abair: “Craithfidh tú orm le hissop, (A Thiarna,) agus glanfar me; nighfidh tú mé, agus béidh me níos gile ná sneachda.” Ps.1.9.
Ag dul asteach san d-Teampoll dhuit, abair: “Nighfad mo lámha ameasg na neamhchionntach, rachfaidh mé timchioll d'altóra, A Thiarna, chum go g-cluinfinn guth an mholtaidh, agus chum go bh-foill- seochuinn do mhíorbhuiltidh go léir. A Thiarna! do ghrádhuighas sgéimh do thighse, agus ionad cómh- nuighthe do ghlóire. A Dhé, ná sgrios m'anam a g-cuideachd druinge na fola.” Ps.xxv.6, etc. “Tá gárdachas orm a d-taobh na neithe a dubh- radh liom; rachfamaid asteach go tigh an Tiarna.” Ps.cxxi.1. “Iarrigh na neithe do bhainas lé síothcháin Ierú- salem; agus líonmharachd dóibhsan do ghrádhuigh- as í.” Ps.cxxi.7. “Sé mo thighse tigh na h-urnaighthe.” N. Math. xxvi.13. Air n-dul don t-Sagart chum na h-altóra; smuain air Chríosd ag teacht asteach a n-gáirdín Olivet: N. Ma. xxvi.37. GNÍOMHARTHA CROIDHBHRUIGHTE, CREIDIMH, DÓCHAIS, AGUS CARTHANACHDA. Urnaigh roimh na Gníomhartha. Guidhamaid. A Dhé shíoruigh agus uilechumhachtaigh, tabhair
dhúinn méadúghadh creidimh, dóchais, agus carthanachda; agus chum go bh-faighamais toradh do gheallamhna, tabhair dhúinn d'aitheanta do ghrádhúghadh, agus do chómh- líonadh: tré Íosa Críosd ar d-Tiarna. Amen. GNÍOMH CROIDHBHRÚIGHTE. A Dhé, ta doilghíos croidh orm, tré fheirg do chur ort, agus tá fuath go fírinneach agam dom pheacaidh de-bhrigh go g-cuirid mishásamh ortsa, A Dhé, do thuilleas mo ghrádh go h-iomlán a d-taobh do cháiligheachta is geanúla, agus do mhaitheasa neamhchoimsigh, agus tá rún diongbhálta agam le cúngnamh do naomhghrásta, gan fearg do chur ort go brách aríst. Amen. GNÍOMH CREIDIMH. A Dhé, creidim go diongbhálta, gur b'aon Dia amháin thú, cruthuighthóir, agus árdthiarna neimhe agus talmhan, go bh-fuil do mhórdhacht agus do mhaitheas dóchoimseach. Creidim go diongbhálta go bh-fuil ionnadsa, an t-aon Dia amháin, trí pearsana go h-eidirdheallighthe, agus comhionan ann gach uile nidh, an t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad Naomh. Creidim go diongbhálta gur ghlac Íosa Críosd Dia an Mac colann dhaona, gur gabhadh ón Spiorad Naomh é, gur rugadh é ón Maighdean
Muire, gur fhulaing sé páis, agus go bh-fuair bás air an g-crois, chum sinne d'fhuasguilt agus do shábháil; gur aiséirigh sé an treas lá ó mharbhibh, go n-deachaidh sé suas air neamh, go d-tiocfaigh a n-deireadh an t-saoghail, chum breitheamhnais do thabh- airt air an g-cine daona; go d-tabharfaidh sé aoibh- neas síorruigh mar luach saothair do na deaghdhaoinibh, agus go d-teilgfidh sé na drochdhaoine go pianta síorruighe ifrinn. Creidim so, agus gach nidh eile do chraobhsgaoilas an naomhEaglais Chatoilice Rómhánach dhúinn, de-bhrigh gur thusa, A Dhé, an fhírinne dómheallta d'foillsigh iad, agus d'orduigh dhúinn éisteacht leis an Eagluis, ó sí bun agus piléur na fírinne í. Annsa g-creideamh so tá rún seasamhach agam le cungnamh do naomhghrásta, maireachtain agus bás d'fághail. Amen. GNÍOMH DÓCHAIS. A Dhé, do gheall go grástúil gach tabhartas agus fós flaithas Dé féin tré Íosa Críosd don lucht do choimhéadas d'aitheanta; ag seasamh air do mhór- chúmhacht, do mhórmhaitheas, agus do mhórthrócaire, agus le muinín as do naomhgheallamhnaibh do chomhlíonas tú a g-cómhnuigh go fírinneach, tá dóchas láidir agam go d-tabharfaidh tú maitheamhnas dham ann mo pheacaidh go léir, grásta air an t-saoghal
so, chum do sheirbhíse do dhéanadh go dúrachdach, ag déanadh dhom na n-deághoibreacha d'orduigh tú, agus geallim led chungnamhsa a g-cómhlíonadh, agus aoibhneas síorruigh d'fhághail air an t-saoghal eile tré mo Thiarna agus mo Shlánaightóir Íosa Críosd. Amen. GNÍOMH CARTHANACHTA. A Dhé, grádhuighim thú lé mo chroidh, agus lé m'anam go h-iomlán, agus óscionn gach uile nidh, dobhrigh go bh-fuil tú go neamhchoimsighthe maith agus iomlán, agus go d-tuillann tú mo ghrádh go h-uile, agus air do shonsa grádhuighim mo chomharsa mar mé féin. Tabhair dom go trócaireach, A Dhé, taréis do ghrádhúghadh air talamh go n-grádhóchuinn, agus go sealbhóchuinn thú go síorruigh a bh-flaitheamhnas. Amen. URNAIGH IONRÁIDHTE ROIMH AIFRIONN. O Athair thrócairigh! do ghrádhuigh an domhan chó mórsin, go d-tug tú suas do Mhac grádhach chum ar sábhála, an-té lé umhlachd dhuitse agus air ar sonne na peacaigh, d'ísligh é féin fós go bás na croise, agus leanas ag déanadh ofrála dhe féin go laethúil tré lámha na sagart, air son na m-beo agus na marbh. Athchuinighmaid thú go h-umhal,
beochreideamh do spreagadh ionainn, ionnus go n-iomchóramais sinn féin do ghnáth, le h-iomad cráibhtheachda agus ómóis a láthair íobairt is luach- mhaire, a chuid feola agus fola atá naomhchois- reagtha sann Aifrionn, agus air an modh sin go m-féidir linn a bheith roinnpháirteach annsan íobairt do chríochnuigh sé air Chalvarigh. Air aon inntinn leis an naomhEagluis, agus le na seirbhísigh, agus ag iarraidh eadarghuidhe na Maighdine Muire, Máthair Dé, na n-aingeal agus na naomh uile, ofrálamaid anis íobairt is adhrúla an Aifrinn, air d-tús, dod onóir, agus dod ghlóir, d'admháil do dheaghcháilígheachta dóchoimsighthe, agus d'árd chúmhachd óscionn gach créatúra, ar síorómós dhuitse, agus ar seasamh go h-iomlán air do chúngnamh grástúil. Sann dara h-áit; ag tabhairt buidheachais dhuit a d-taobh do thabhartais go léir. Sann treas áit; chum maitheamhnas d'fhágail ann ar b-peacaidh. Agus faoi dheireadh, ofrálamaid é chum síolruighthe an chreidimh Chathoilice; air son ar n-athar is naomhtha an Pápa, air son ar n-Easboig, (nó ar n-Árdeasboig,) agus air son tréadaidhthe agus an chléir uile d'Eagluise naomhtha; ionnus go stiúreochadaois na fíréin a sligh sábhála; air son na Banrighne, agus gach duine atá a n-árdréim, ionnus go g-caithfamaois beatha shíothúil naomhtha;
chum síothchána agus deaghmhéin ameasg daoine ann gach uile staid; air son riachtanais an chinidh daona, agus go spécialta air son an Phobail atá annso aláthair, ionnas go bh-faighamais gach grásta riachtanach air an t-saoghal so, aoibhneas dóchríochnuighthe air an t-saoghal eile, agus suaimhneas síorraigh do no fíréin a d'imigh rómhuinn. Agus mar d'orduigh Íosa Críost an uair do thionsgain sé air a shuipéar dhéaghanach an rúndiamhar iongantach so a chúmhachta, a eagna, agus a mhaith- easa, ofrálamaid an t-Aifronn so a g-cuimhne bhuidheach air son a n-deárna agus ar fhulaing sé lé grádh dhúinne, ag déanadh cuimhne spécialta air a ghéar pháis, agus air a bhás, air a aiséirigh ghlór- mhar, agus a dhul suas air neamh. O Dhé shíorruigh uile-chúmhachtaigh, (óir is dhuitse amháin is dlíghtheach íobairt d'ofráil,) deonuigh í so do ghlacadh go grástúil, chum na g-críoch so agus gach críoch eile, atá taithneamhach led naomhthoil, agus chum a déanadh níos taithneamhaighe ofrála- maid dhuit í tré an t-Íosa Críosd céadna, do Mhac muirneach, ar d-Tiarna, ar n-Árdshagart, agus ar n-íobairt, agus a n-ainim na Tríonóide is naomhtha, an t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad Naomh, d'ár ba cóir moladh, onóir, agus glóir tré shaoghal na saoghal. Amen.
MODH CRÁIBHTHEACH LÉ AIFRIONN d'ÉISDEACHT. N-uair thoisighas an Sagart air an Aifrionn; smuain air Íosa ag guidhe sann n-gáirdín. N. Lúc.xxii.42. A n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen. Rachfad a n-gar dod altóir, O mo Shlánuigh- thóir, chum neart agus brígh nuadh d'fhághail ann dom anam: agus tré do ghrásta dealuigh mé ó na dí- chreidmhaigh ag nach bh-fuil roinnpháirt leatsa: Óir is é do ghrásta dothugas spiorad na h-urnuighthe agus an chroidhbhrúite dam, dothugas compórd dam nuair bhuairas agus uiríslighas mo pheacaidh me; is é do ghrásta do chuiras a n-úil dam, go bh-fuil dídean bithbhuan le fághail ann do mhaitheas, agus go bh-fuil tú ollmhuighthe chum ar b-peacaidh do mhaithadh chó luath is admhuighamaid ó chroidh iad. Ag an “g-Confiteor;” smuain air Íosa ag tuitim air aghaidh chum na talmhan. N. Lúc.xxii.44. Admhuighim anis óm chroidh, A Fhuasgaltóir ionmhuin, gur chuiras fearg gan chuimse ort, le mo
smuaintighthe, le mo bhriathra, le mo ghníomhartha, agus le mo fhailligh. Tá fhios agam gur peacadh, faraor! cúis do chráidhte seirbhe sann n-gáirdín. Tá fhios agam gur b'é do roimheolas air mo pheac- aidh, do chuir méadúghadh air dhobrón d'anama. Tá doilghíos croidh orm a d-taobh go raibh me roinn- pháirtach ann air aon mhodh; agus impighim air luchd fábharach na bh-flaitheas atá a g-cómhnuigh ag freas- dal dod mhórdhachd dhiadha, guidhe air mo shon; agus air d-tús, an Mhaighdean Mhuire bheannuighthe do mháthair, annsin d'aingil fíorghlana naomhtha, agus do naoimh go h-uile atá air lasadh le grádh diadha. Agus fá dheireadh iadson go h-uile atá annso shíos ag cur rompa, go fann féin, a sompla mórluachmhar do leanúint. Nuair phógas an Sagart an Altóir, agus ag an “Introi- tum:” smuain air Íosa a bheith braite tré phóig le h-Iu- dás. N. Ma.xxvi.49. Cosain sinn A Thiarna ó mhífhortún tréigmheála an chreidimh admhuighamaid ionnadsa mar Iudás; agus ós iad ar n-droch-chlaonta amháin le ar féidir sinn do dhéanadh míothaithneamhach dhuitse, glaodhamaid go h-umhal ort ag iarraidh trócaire.
Ag an Kyrie eleison;” smuain air Íosa séanta le Peadar: N. Ma.xxiv.72. A Chríost, a Thabharthóir grásta agus buan- sheasamhachda, déan trócaire oruinn; agus ná rabhamaid choidhche chó h-eaglach air ghruamachd an t-saoghail so, mar Pheadar, is go séanfamais thusa atá ad Thiarna agus ad Mhaghaisdir dhúinn. Ag an “n-Gloira in excelsis;” (an tan deirthar é;) smuain, gur le amharc ó Íosa thigas aithmhéal air Pheadar: N. Lúc. xxii.61. Glóir do Dhia ann sna h-árdibh, agus air talamh síothcháin do lucht deághrúin: acht “ní'l aon t-síoth- cháin ag na drochdhaoinibh.” O Dhia go bh-fághad suaimhneas consíais mhaith: agus nuair iompóchas mé uait tré pheacadh, aisig dom go trócaireach soillse do ghnúise, ionnus mar Pheadar go m-béadh aithmhéal orm, agus air an modh so, go n-déanfuidh oireamhnach mé lé do mholadh, do bheannúghadh, agus d'adhrúghadh, A Íosa Críosd, leis an Spiorad Naomh, a n-glóir Dé an Athar. Amen.
Ag an Oráid, agus ag an Episdil; smuain go d-tugthar Íosa a láthair Phílóid; agus na dhiaighsin a láthair Íoruaidh: N. Ma.xxvii.2. Guidhamaid. A Dhé uilechumhachtaigh, athchuinighamaid thú go fírísiol, éisdeacht go trócaireach le h-urnuighthe do sheirbhísigh, do thoirbhiras se suas dhuit a n-ainim d'Eagluise, agus air ar sonne do phobal. Glac iad chum onóra d'ainime, agus chum maitheasa ar n-anam, agus tabhair dhúinn gach uile bheannacht do chúngnóchadh linn ann aon mhodh chum ar sábhala: tré ar d-Tiarna Íosa Críost. Amen. Le h-aghaidh na n-Oráideacha air feadh na bliana, féuch air thaobh 77. Ag an Episdil. Do theagasg tú sinn, A Dhé, lé d'fhaighibh agus lé d'Apstalibh, tabhair dhúinn tré na d-teagasgsan agus tré na sompla go rachfamais air aghaidh chó maith sin a n-grádh dod ainim naomhtha, ionnus go d-taisbánfamais ann ar m-beatha cia dár ab deis- ciaboil sinn; agus gidh go mairamaid ameasg ceilge an t-saoghail so, nach leanfamais claontachd na feola ná na fola, acht air m-breith buaidhe dhúinn air ar n-anmhiantaibh uile, go stiúróchfuidh sinn led
sholus, go neartóchfuidh sinn led ghrásta, go siubhal- famais a g-comhlíonadh iomlán do dhlighe agus go n-déanfamais do riar lé croidhthibh glana. Amen. Ag an t-Soisgeul; smuain go n-deárna Íoruadh magadh faoi Íosa. N. Lúc.xxiii.11. Go n-adhruighthar agus go moltar thú choidhche, A Dhé thrócairigh, nach raibh sásta sinn do theagasg lé d'fháighibh agus lé d'Apstalibh, acht do dheonuigh fós labhairt linn tré d'aonMhac ar Slánuighthóir Íosa Críosd; ag ordughadh dhúinn le guth ó neamh éisdeacht leis. Tabhair dhúinn grásta, chum tairbhe do bhaint as a theagasg neamhdha; agus gidh go mairamaid a soaghal, an áit, mar rinn Ioruadh, a d-tugid mórán daoine tarcuisne air a dhiadhachd naomhtha, agus a n-diúltuighid dá chreideamh; go leana- maidne dhóso mar dheisciobail fhírinnigh lé h-umhal- achd, buansheasmhachd, agus grádh. Ag an gCré: (an tan deirtar í,) smuain air Íosa ag admháil gur b'é Righ na n-Iudig é: N. Ma.xxvii.11. Creidim, A Thiarna, gach uile nidh do mhúinas tú dhom led naomheagluis. Adhruighim gach a d-tuigim ann sna rúndiamharibh neamhdha so, agus
mar an g-céadna, gach a bh-fuil thar mo thuigse; óir atá m'íntleachd chó cúmhang gur fírbheag do thuigim dom thaobh féin amháin: dá bhríghsin, ní féidir agus ní ceart go d-tuigfuinn thusa go h-iomlán, A Dhé dhóchoimsighthe, dhóthuigseanaigh! Tá mé lánchinnte a d-taobh dhísleachda agus eagna do dheisciobail iomadúla, d'admhuigh an creideamh céadna a chreidimse anis. Is cruthúghadh sásta air do theagasg naomhtha a m-beatha beannuighthe; agus is urrúdhas dom do gheallamhnacha anaghaidh ear- ráide. Ní fhuilingeochaidh me a choidhche dom réasún agus dom thoil a bheith a n-amharus, gidh go n-déanfadh mo chéadfádha agus mo smuaintighthe díomhaoineacha iarraidh a thabhairt air. Cá rachfuinn, acht chugadsa, A Thiarna, ós agadsa atá briathra na beatha síorruigh? Creidim A Thiarna, fóir air mo dhíchreideamh. Ag an d-Toirbirt; smuain air uirísleachd Íosa, nuair do gháiradar na Iuduigh amach, “céastar é:” N. Ma. xxvii.23. Glac uainn, O Athair shíorruigh, an toirbhirt so doghnidhamaid dhuit: ní'l ann fós acht arán agus fíon: acht le míorbhúile do chumhachda, tá tú air tí abhlan naomhtha síorruigh do dhéanadh dhe, ofrálas é féin
ar molta neamhbhríghmhara lagchroidheacha a chur le na g-caintic diadha ag rádh: is naomhtha, naomhtha, naomhtha an Tiarna Dia na sluadh. Tá neamh agus talamh lán ded ghlóir. Hosanna ann sna h-árdibh. Is beannuighthe anté thigas a n-ainim an Tiarna; Hosanna ann sna h-árdibh. Ag an gCanóin: smuain air Íosa le coróin spíona air a cheann, agus uraim righ bréige tugtha dhó: N. Ma. xxvii.29. O Athair is trócairighe, d'fhulang coróin spíona a bheith curtha air cheann do Mhic ionmhuin, agus uraim righ bréige a bheith tugtha dhó, chum sinne do mhúnadh le magadh agus gruamachd an t-saoghail so d'fhulang go foighdeach; tabhair éisd- eachd, impighamaid thú, dar n-urnaighthibh. Thusa, A Árdthréadaigh óscionn gach uile thréadaigh, cosain, cócheangail, agus riaghluigh d'Eagluis naomhtha air feadh an domhain go léir: dóirt anuas do bheanachd air a naomhthachd ar b-Pápa Gregóir, (no A.B.) agus air ar n-easbog, (A.B.) sábháil ar m-bann- righan Victoria; (no A.B.) déan mór agus maith iad, air an t-saoghal so, agus sona air an t-saoghal eile; agus tabhair do bheannachd d'á bh-fuil faoi na g-cúram.
Ag Cochuimhniúghadh na m-beo: smuain air Íosa ag iomchar a chroise: N. Eon.xix.17. Ofráilim dhuit, O Athair shíorruigh a n-éinfheachd lé d'fhearfriothólaimhe annso air an altóir, an íobairt so fola agus feola d'aoinMhic, chum d'onóra agus do ghlóire: a g-cuimhniúghadh Páise mo Shlánuighthóra, agus breith buidheachais air son do thabhartais; chum sásamh a d-taobh mo pheacaidh, agus chum grásta d'fhághail, ionnas go neartóchuidh mé, lé trioblóidacha an t-saoghail so d'fhulang go foighdeach. Impighim thú, A Dhé, mar an g-céadna, a ghlacadh air son (A.B.) air son mo thúismighthóirigh (má mhairid) mo cháirde, agus mo chabharthóirigh: tabhair dóibh gach uile bheannachd spioradálta agus saoghalta. Mar an g-céadna, air son an uile dhuine atá a n-amh- gar, air a son so d'á n-déarna me díbháil air aon mhodh; agus air son mo námhaididh, chum iom- poighthe na b-peacach, agus chum soillsighthe gach aoin do shuidhas a n-dorchadas. Dóirt anuas do bheannachd air gach uile dhrong do réir a riachtanais fá leith. Tré luaidheachd d'aoinMhic ar d-Tiarna. Amen.
Nuair fhosglas an Sagart a lámha amach oscionn na cailíse; smuain air Íosa fastuighthe air an g-crois: N. Luc. xxiii.33. A Dhé, d'fhulaing cosa agus lámha míne do Mhic ionmhuin a bheith fastuighthe d'adhmad cruaidh na croise; múin damhsa a bheith ceusta a d-taobh dí- mhaoinis agus drochghníomhartha an t-saoghail so, agus bheith tugtha suas duitse ó chroidh. Feuch, A Thiarna, ofrálamaidne dhuitse annsan arán agus annsa bh-fíon so comharthaidh ar bh-fíraontuighthe; óir gidh air m-beith dhúinn a g-céimibh éagcosamhala, atá- maid san am cheadna, cómhcheangailte lé carthan- achd mar bhaill den aon-chorp dar ab ceann Críosd. Deonuigh, air m-beith dhúinn greamuighthe dhuitse agus dá chéile lé creideamh, go mairfamaid ann do sheirbhís, agus go bh-fágfamaid an saoghal so ann do naomhghrásta. Esion atá uilechumhachtach, Esion an fhírinne féin a dubhairt lé na bheul naomh- tha, “ag so mo chorp, ag so m'fhuil,” agus cionnas annsin ar féidir amhras a bheith aguinn air a fhírinne. Esion dorinn gach nidh as neamhnidh lé na bhriathar, nach g-creidfar é nuair a deir sé, gur iomchoir sé aon nidh a nidh eile! Seadh. Creidim, agus adhruighim.
Ag árdughadh an Choirp naomhtha, agus na Cailíse; smuain air Íosa árduighthe air an g-crois. A Choirp ionadhruighthe Íosa! dorugadh ó Mhuire óigh, d'fhulaing daorpháis dhearbhtha air an g-crois, air son an duine! Adhruighim thú lé cumhacht m'anama go léir! A Fhuil ionadhruighthe! do nigh amach ar b-peac- aidh! Adhruighim thú! Is sona sinne ma chaith- amaid ar m-beatha do réir mar orduighas ar g-creideamh ionnas go bh-faighfamais na dualgasa do cheannuigh tú dhúinn lé d'fhuil! Taréis árdughadh na cailíse; no ag an “unde memores:” smuain air Íosa nuair tairghtar domblas agus vinégar dó le na n-ól. Is anis A Thiarna, lé croidhthibh buidheacha a chuimhnighamaid air rúndiamharibh naomhtha do pháise agus do bháis; d'aiséirighe agus do dheasghabhála: ag so do chorp a brisadh, ag so d'fhuil a dóirtadh air ar son. Is anis ofrálamaid dhuit go fírinneach A Dhé, an íobairt fhírghlan naomhtha sin, ba toil leat thabhairt dhúinn; óir ann gach íobairt eile da n-deárnadh dá thaobh, ní raibh ionnta acht cómharthaidh agus figiúracha.
Taréis an “Agnus Dei;” smuain air an t-síothcháin curtha air bun idir Dia agus Duine lé bás Chríosd. Ag rádh le d'Apstolibh “mo shíothcháin fágim aguibh, mo shíothcháin féin bheirim daoibh,” do gheall tú A Thiarna, dod Eaglais uile an t-síothcháin sin, nach féidir leis an domhain a thabhairt, éadhon, síothcháin leatsa, síothcháin lé ar g-comharsain, agus síothcháin linn féin. Ná toirmeasgadh, A Thiarna, aon nidh go brách an t-síothcháin so; ná dealluigh- adh aon nidh sinn uait féin lé ar mian linn ó chroidh bheith ceangailte, tré an t-sácramuint naomhtha so síothchána agus réightigh: cómhneartuighadh an biadh so na n-aingeal sinne ann gach dualgas críosdúil, ionnus nach n-aontóchamais choidhche aríst do chathughadh, agus nach d-tuitfamais ionnar laige ghnáthúil. Ag an “Domine non sum dignus:” smuain air Íosa leagtha sann tuama. Go raibh m'anam, A Thiarna na ionad taisgidh air do láithreachd naomtha. Go raibh mo chóinsias, mar bheith, nuadh amhail tuama Ioseph, lé h-aghaidh do ghlacadh. Go raibh me foluighthe lé brat neamh- thruaillighthe grádha diadha, lé fáilte tabhairt dhuit air do theacht chugam.
Ag an “g-Comaoin;” smuain air Aiséirig Chríosd. Go bh-fághaidh sinne dobhí a láthair ag na rún- diamhraibh naomhtha so, a d-tairbhe ann ar n-an- amibh. Ag an “Iar g-comaoin;” smuain air Dheasghabháil Chríosd. Neartuighthe lé do ghrásta, go n-árduighthar sinne leatsa, A Chríosd, chum nuadhachd beatha; coinnigh suas sinn, ann ar g-caraigheachd thríd an t-saoghal, lé do dhlighe do choiméad agus bí achoidhche cuimhneach a d-taobh ar laige: síramaid an bhean- nachd so uaitse a n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen. Ag an t-soisgeul déaghanach: smuain air thuirlint an Spioraid Naoimh. A Spioraid soluis agus grásta, le do chómhoib- riúghadh a n-deárnadh an Briathar síorruigh na fheoil: tar anuas ann mo chroidh agus líon é lé neart chum mo dheághrún do choimhéad a g-cathamh mo bheatha do réir dhlighe Chríosd. Thusa do neartuigh na h-apstoil agus dothug daingneachd dóibh, geur- leanúinteacha an t-saoghail so a chur a míoshuim, lé
na righachd spioradáltasan do leathnúghadh air an d-ta- lamh, neartuigh mise mar an g-céadna, ionnus daimh- dheoin an t-saoghail, go ma féidir liom maireachtain faoi smacht, go neamhurchóideach agus a naomhthacht; agus mar so, gidh ag maireachtain dham san t-saoghal, go raibh me marbh ionna choiribh, agus ionna anmheasarachdibh, no go d-tigh air bh-fágh- ail báis na bh-firéan dam go ma féidir liom maireachtain agadsa air feadh na síorruighachda: thusa do mhairas agus do riaghluighas a n-aonachd leis an Athair agus leis an Mac tré shaoghal gan chríoch. Amen. NA H-ORÁIDEACHA AIR FEADH NA BLIANA. Lé h-aghaidh an cheud domhnaigh den Advent. Brosduigh do chúmhachd athchuinighamaid thú A Thiarna, agus tar; ionnus tré do chomuirc go d-tuilamaid a bheith saortha ó chontabhairtibh dian- mhara ar b-peacaidh, agus go slánóchfuidh sinn tré do thrócaire. Do mhairas agus do riaghlas, etc.
A d-taobh Mhuire bheannuighthe. A Dhé le'r ba toil, go n-glacfadh do bhriathar colann daona, as broinn na Maighdine Muire beannuighthe ag teachdaireachd an Aingil; tabhair dhúinne atá cur athchuinigh ort, do réir mar chreida- maid gur b'í fírmháthair Dé í, go g-cúngnóchfuidh linn ann do láthair, lé na h-eadarghuidhe. Tré, etc. Air son na-h-Eagluise. Glac go fábharach, athchuinighamaid thú A Thiar- na, urnuighthe d'Eagluise; ionnus air m-beith do gach cruadhchás agus earráid léirsgriosta, go n-déanfadh sí do riar le saorseachd neamheaglach. Tré, etc. Air son an Phápa. A Dhé, A Thréaduigh agus Riaghluighthóir na bh-fíréan go h-uile; feuch anuas ann do thrócaire air do sheirbhíseach Gregoir: (no A-B-) do chuiris na thréaduigh óscionn d'Eagluise: deonuigh dhó, athchuinighamaid thú, deághtheagasg a thabhairt lé briathar agus lé sompla dóibh so atá faoi na smacht: ionnas go d-tiocfadh sé fá dheireadh a g-cuideachd an tréid a cuiradh air a chúram chum na beatha síorruigh. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an dara domhnaigh den Advent. Brosduigh A Thiarna, ar g-croidhthe, chum slighe do Mhic aongheinte d'ollmhúghadh: ionnus le na theachd chugainn, go d-tuilamaid do sheirbhís do dhéanadh lé inntinnibh fhíorghlana. Tré ar d-Tiarna, etc. Lé h-aghaidh an treas domhnaigh den Advent. Tabhair cluas d'ar n-urnuighthibh, athchuinighamaid thú A Thiarna: agus soilsigh dorchadas ar n-inn- tinne lé grásta do naomhchúirte. Tré, etc. Lé h-aghaidh an ceathramhadh domhnaigh den Advent. Brosduigh do chumhachd athchuinighamaid thú, A Thiarna, agus tar; agus fóir orruinn lé do mhór- shubháilce: ionnus tré chúngnadh do ghrásta, go luathóchadh maithfeachas d'fhabhaireachda an nidh a cuirthar chum maille lé ar b-peacaidh. Tré, etc. Lé h-aghaidh lae Nodlag. Tabhair dhúinn A Dhé uilechumhachtaigh a bheith saortha lé nuadh-bhreith tré cholainn do Mhic aongheinte; sinne atá congbhuighthe lé sean sclábh- uigheachd faoi chuing an pheacaidh. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an Domhnaigh taobh astigh den ochtmhadh lá na Nodlag. A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh, dírigh ar n-gníomhartha do réir do naoimthola; ionnus tré ainim do Mhich ionmhuin go d-tuilamaid méadúghadh a n-deághoibreachibh. Lé h-aghaidh lae féile an Timchiollgheártha. A Dhé thug slánúghadh síorruigh mar dhuais don chine daona, tré mhaighdeanas thorthamhúil Mhuire bheannuighthe; Tabhair dhúinn, athchuinighamaid thú, go mothóchamais a h-eadarghuidh tré a d-tuilamaid ughdar na beatha, ar d-Tiarna Íosa Críosd do Mhac féin, a ghlacadh chugainn. Lé h-aghaidh lae chinn an dáládhéag. A Dhé d'fhoillsigh aniugh do na náisiúnibh le treorúghadh an réilt do Mhac aongheinte féin: tabhair go fábharach dhúinne, aig a bh-fuil eolus cheanna ort tré chreideamh, go d-treoróchfuidh sinn faoi dheireadh chum gné d'árdachda do smuainiúghadh. Lé h-aghaidh an Domhnaigh taobh astigh den ochtmhadh lá, de lá cinn an dáládhéag. Tabhair chum deághchríoch lé do chráibhtheachd neamhdha, móide do phobail uirísil, athchuinighamaid
thú A Tiarna: ionnus go raibh fios aca gode atá riachtanach aca lé déanadh, agus go m'féidir leo na neithe a dhéanadh, air a bh-fuil eolus aca. Tré, etc. Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh taréis lae chinn an dáládhéag. A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh, a riagh- luighas na h-uile neithe neamhdha agus talmhuigh; éist go fábharach lé h-urnaighthibh do phobail, agus tabhair dhúinn do shíothcháin ionnar n-aimsir. Tré, etc. Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh taréis lae chinn an dáládhéag. A Dhé shíorruigh agus uilechúmhachtaigh, féuch go fábharach air ar laige; agus sín amach lámh dheas do mhórdhachda chum ar g-coimirce. Tré, etc. Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnaigh taréis lae chinn an dáládhéag. A Dhé, aga bh-fuil fios nach féidir linne, tré laige ar nádúire daona, maireachtain ameasg an oiread so de chontabhairtibh: tabhair dhúinn slánúghadh coirp agus anama, ionnus, na neithe fhulainga- maid air son ar b-peacaidh, go ma féidir linn buaidh a bhreith orra tré do chúngnamhsa. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an cúigeadh Domhnaigh taréis lae chinn an dáládhéag. Cumhduigh impighamaid thú A Thiarna, do phobal lé do bhuanthrócaire; ionnus go rabhamaidne cosainte lé do dhídean, do chuiras ar mhuinníghin go h-uile a g-cobhair do ghrása neamhdha. Tré, etc. Lé h-aghaidh an séamhadh Domhnaigh taréis lae chinn an dáládhéag. Tabhair dhúinn, athchuinighamaid thú A Dhé uile- chúmhachdaigh, air m-beith dhúinn a g-cómhnuigh ag smuainiúghadh air neithe réasúnta go g-comhlíonamaid a bh-focal agus a n-gníomh, iad so atá taith- neamhach leatsa. Tré, etc. Lé h-aghaidh an Domhnaigh Septuagesima. Éist go caoimh, athchuinighamaid thú A Thiarna, lé h-urnaighthibh do phobail; ionnus mar atá sinne faoi phianós go fírcheart air son ar b-peacaidh, go rabhamaid saortha go trócaireach air son glóire d'ainime. Tré etc. Lé h-aghaidh an Domhnaigh Sexagesima. A Dhé, a fheicas nach g-cuiramaid aon mhuinígh- in a nidh air-bith is féidir linn a dhéanadh; tabhair dhúinn go fábharach a bheith cosainte tré dhídean dochtúra na naisiún anaghaidh gach anshógha. Tré, etc.
Le h-aghaidh an Domhnaigh Quinquagesima. Éist ar n-urnaighthe go caoimh athchuinighamaid thú A Thiarna: agus iar m-beith saortha ó shlabh- raibh ar b-peacaidh, coinnigh sinn ó gach uile anshógh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an cheud Domhnaigh den g-Caraos. O Dhé, a fhírghlanas d'Eagluis lé congbháil an charaois gach bliain; tabhair dod phobal, go g-cuir- feadh siad a n-gníomh le deághoibreachibh gach nidh do chuiras siad rómpa a ghlacadh uaitse tré staonadh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh den g-Caraos. A Dhé a fheiceas go bh-fuil sinn easbhach ann gach uile shubháilce; coinnigh sinn taobh amuigh agus taobh asdigh, ionnus go rabhamaid saor ó gach uile anshódh ionnar g-colainn, agus go raibh ar n-anama glanta ó gach uile dhrochsmuaintighthe. Tré, etc. Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh den g-Caraos. Feuch air mhóide luchd na h-umhalachda guidha- maid thú A Dhé, uilechumhachdaigh; agus sín amach deaslámh do mhórdhachda le nar g-cosaint. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an ceatramhadh Domnaigh den g-Caraos. Tabhair dhúinn, guidhamoid thú A Dhé uilechumh- achtaigh; go rabhamaidne atá ceartphianta do réir ar míluaidheachdibh, cabhartha le cófhurtachd do ghrásta. Tré, etc. Lé h-aghaidh Domhnaigh na Páise. Feuch anuas go trócaireach air do phobal, guidh- amaid thú A Dhé uilechumhachdaigh; ionnus tré do thíodhlacadh go raibh siad riaghluighthe a g-colainn, agus tré do dhídean go raibh siad cosainte a n-anam. Tré, etc. Lé h-aghaidh Domhnaigh an Iúbhair. A Dhé uilchumhachtaigh agus shíorruigh, dothug air ar Slánuighthóir colann do ghlacadh agus fulang air an g-crois mar shompla úmhalachda don chine daona: tabhair dhúinn go trócaireach, go d-tuila- maid leasúghadh ionnar m-beatha d'fhághail tré shompla a fhoighide agus a bheith roinnpháirteach ionna aiséirigh. Tré, etc. Lé h-aghaidh Domhnaigh na h-Aiséirighe. A Dhé a d'fhosgail bealach na síorruigheachda dhúinne a g-comhthrom an lae niugh, tré bhuaidh do
Mhic aongheinte ós cionn an bháis; tabhair dhúinn, ar móide bheith tairbheach tré do chúngnadhsa, noch do cuiradh ionnar n-inntinn le do ghrásta roimhdhírighthe. Tré, etc. Lé h-aghaidh an Domhnaigh a n-Albis. Tabhair dhúinn athchuinighamaid thú A Dhé uile- chumhachdaigh; ionnus mar sholamnuighamar féile na cásg, go g-coineomaid é tré do ghrásta, ionnar m-beatha agus ionnar n-deághbhéasaibh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh taréis Cásg. A Dhé do thóg suas an saoghal tuite tré uirís- leachd do Mhic; tabhair dod fhíréanibh gáirdeachas marthanach, ionnas mar shaor tú iad ó bhaoghal báis bithbhuain go d-tabharfá dhóibh sólás gan chríoch do shealmhúghadh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh taréis Cásg. A Dhé a thaisbáinas solus d'fhírinne dóibh so a théid air seachrán, ionnus go m'féidir leo theachd air ais chum slighe na fíréantachda: tabhair dóibh so uile admhuighas an t-ainim críosdúil, gach nidh a dhiúltúghadh atá anaghaidh na h-admhála sin, agus gach nidh atá oireamhnach do leanúint. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnaigh taréis Cásg. A Dhé a thugas air na creidamhuigh a bheith air aon inntinn; deonuigh do na daoinibh, go raibh grádh aca air na neithibh orduighas tú, agus go raibh mian aca leis na neithibh a gheallas tú; ionnas ameasg neithe neamhchinnte an t-saoghail so go m-beadh ar g-croidhthe socruighthe air an áit ionna bh-fuil fírgháirdeachas le fághail. Tré, etc. Lé h-aghaidh an cúigeadh Domhnaigh taréis Cásg. A Dhé, ó a d-tigann gach uile nidh atá maith, deonuigh dúinne athchuinighas thú, go smuainigha- maid tré d'análúghadh naomhtha air gach nidh atá ceart, agus tré do threorúghadh go g-cuiramaid iadsin a n-gníomh. Tré, etc. Lé h-aghaidh Féile Deasghabhála ar d-Tiarna. Deonuigh athchuinighamaid thú A Dhé uilechumh- achtaigh; ionnus mar chreidamaid go n-deachaidh do Mhac éingheinte ar Slánuighthóir suas air neamh a g-comhthrom an lae so; go g-cómhnóchadh sinne a n-inntinn mar an g-céadna ameasg neidhthe neamh- dha. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an Domhnaigh taobh asdigh den ochtmhadh lá Deasghabhála. A Dhé uilechúmhachtaigh agus shíorruigh, tabhair dhúinn toil chráibhtheach d'iomchar dhuitse a g-comhnuigh; agus seirbhís do dhéanadh dod mhórdhachd le croidh dílis. Tré, etc. Lé h-aghaidh Domhnaigh na Cincíghise. A Dhé do theagasg croidhthe na bh-fíréan le lonn- radh an Spioraid Naoimh a g-comhthrom an lae so; tabhair dhúinn annsa Spiorad chéadna, go m-blais- famais an ceart, agus ann a shólás-san go m-beadh síorgháirdeachas oruinn. Tré, etc. Lé h-aghaidh Domhnaigh na Tríonóide. A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh dothug dod sheirbhíseachibh a n-admháil an chreidimh fhírinigh, glóir na Tríonóide d'aithniúghadh; agus a g-cúmhachd mórdhachda an aondachd d'adhrúghadh; athchuinighamaid thú, ionnus tré neart an chreidimh chéadna go rabha- maid cosainte ó gach uile chruadhchás. Tré, etc. Lé h-aghaidh Diardaoine Choirp Chríosd. A Dhé d'fhág aguinne, faoi an t-sácramuint ion- gantach so, cuimhniúghadh air do pháis; tabhair dhúinn athchuinighamaid thú, urraim a thabhairt do rúndiamhara
naomhtha do choirp agus d'fhola, air mhodh go n-air- íghamaid a g-cómhnuigh ionnuinn toradh d-fhuasgalta: do mhairas, etc. Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh taréis na Cincíghise. Tabhair dhúinn A Thiarna, eagla agus grádh buansheasamhach a bheith aguinn dod ainim naomhtha; ó nach m-beirann tú a choidhche do threorughadh uatha so, do shocruighas tú go diongmhálta ann do ghrádh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh taréis na Cincíghise. A Dhé, a chosantóir na druinge a chuiras a n-dóchas ionad; óir gan do chongnadh ní bh-fuil aon nidh seasmhach, ná aon nidh naomhtha: méaduigh do thrócaire oruinn, ionnus faoi do stiúrúghadh agus faoi do threorúghadh, go ma féidir linn a dhul tré dheágh- neithe an t-saoghail so, air modh nach g-cailfamais iad so atá síorruidh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnach taréis Cincíghise. Deonuigh athchuinighamaid thú A Thiarna, go raibh cúrsa an t-saoghail so riaghluighthe dhúinne a síothcháin faoi do threorúghadh; agus go raibh d'Eagluis luath- gháireach a g-ciuineas agus a g-cráibhtheachd. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an cúigeadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. A Dhé a d'ollmhaigh deághneithe dófheicsionacha dóibh so a ghrádhuighas thú, dóirt anuas ionnar g-croidhthibh annsachd do ghrádha; ionnus air do ghrádhúghadh dhúinn annsna h-uile neithibh agus ós cionn na n-uile neithe, go ma féidir linn seilbh fhághail air do gheal- lamhnachibh do sháruighas gach uile mhian. Tré, etc. Lé h-aghaidh an séamhadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. A Dhé na subháilcidh, ar leat go h-iomlán gach nidh is fearr, plandaidh ionnar m-brollachibh grádh d'ainime féin; agus tabhair dhúinn méadúghadh riagh- altachda, ionnus go g-cothóchfá na deághneithe, agus lé sírghnás cráibhtheachda go g-cuidóchfá iad so ata cothuighthe. Tré, etc. Lé h-aghaidh an seachtmhadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. A Dhé nach mealltar do roimhradharc a nidh air bith a h-orduighthar leis; guidhamaid thú go h-umhal, gach nidh d'athrúghadh uainn dorachadh ann dochair dhúinn; agus gidhbé nidh dorachadh ann sochair dhúinn a bhronnadh orruinn. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an ochtmhadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. Bronn orruinne, athchuinighamaid thú A Thiarna, spiorad smuaintighthe a g-cómhnuigh air na neithe ata ceart, agus a n-déanadh, ionus sinne, nach féidir linn maireachtamh gan tú, go g-caitheamaid ar m-beatha dod' réirsa. Tré, etc. Lé h-aghaidh an naomhadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. Go raibh cluasa do thrócaire foscailte A Thiarna, d'urnaighthibh an phobail do ghuidhas ort, agus ionnus go n-éirigh leo a n-athchuinidhe d'fhághail, tabhair orra na neithe d'iarraidh ata taithneamhach leatsa. Tré, etc. Lé h-aghaidh an deichmhadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. A Dhé a fhoillsighas go mórmhór d'uilechumhachd a d-tabhairt maitheamhnais, agus a n-déanadh truaidhe; méaduigh do thrócaire orruinne, ionus air g-cur ar muiníne ann do gheallamhnachibh go n-deanfá roinnpháirteach sinn ionnsna neithe neamhdha. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an aonmhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. A Dhé uilechumhachtaigh agus shíorruigh, do sháruigh- as a líonmhaireachd do mhaitheasa luaidheachda agus mianta na droinge do ghuidhas ort; dóirt anuas do thrócaire orruinn, ionnus go maithfá na neithe do chuiras faitchíos air ar g-coinsias, agus go d-tabharfá dhúinn na neithe nach lámhóchfadh sinn iarraidh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. A Dhé uilechumhachtaigh agus thrócairigh, ó is de do thíodhlacadh thárluighas go n-déanid d'fhíréin seir- bhís dhuit go fiúntach foilleamhnach; tabhair dhúinn athchuinighamaid thú, rith air ar n-aghaidh gan tuisleadh chum tairbhe do gheallamhnacha d'fhághail. Tré, etc. Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. A Dhé uilechumhachtaigh agus shíorruigh tabhair dhúinn méadúghadh creidimh dóchais agus carthanachda; agus ionnus go d-tuilfamais iad sin d'fhághail, a gheallas tú dhúinn, bronn orruinn grádh a bheith aguinn air gach nidh orduighas tú. Tré, etc.
Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. Dídin A Thiarna, athchuinighamaid thú, d'Eagluis tré do bhuanthrócaire; agus ó tá ar g-colann básmhar, ag tuitim gan do chúngnadhsa, go g-coinnigh do ghrásta saor í o gach dochar, agus a treorúghadh chum slánuighthe. Tré, etc. Lé h-aghaidh an cúigmhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. Go n-glanaidh agus go g-cosanaidh do bhuan thrócaire d'Eagluis A Thiarna; agus ó thárla nach féidir léithe bheith sábháilte gan thusa, go raibh sí treoruighthe a g-cómhnuigh lé do bhronntanas. Tre, etc. Lé h-aghaidh an séamhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. Go d-téigh do ghrásta A Thiarna romhainn agus 'nar n-diaidh; agus go d-tugaidh sí oruinn a bheith dithchiollach a n-deághoibreachibh do ghnáthúghadh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an seachtmhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. Athchuinighamaid thu A Thiarna, tabhair dod
phobal, go seachanuidh siad gach pláigh ón Diabhal, agus le croidh fírghlan go leanaidh siad thusa an t-aon Dia fírinneach. Tré, etc. Lé h-aghaidh an ochtmhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. Go d-treoruigh cúmhachd do thrócaire ar g-croidhthe athchuinighamaid thú A Thiarna, óir gan do chúngnadh ní féidir linn bheith taithneamhach leatsa. Tré, etc. Lé h-aghaidh an naomhadh Domhnaigh déag taréis na Cincíghise. A Dhé uilechúmhachtaigh agus thrócairigh, cosain sinn go fábharach ó gach cruadhchás; ionnus air m-beith dhúinn saor a n-anam agus a g-colainn, go ma féidir linn na neithe do bhainas leat a chómhlíonadh le lán- shaoirseacht inntinne. Tré, etc. Lé h-aghaidh an ficheadadh Domhnaigh taréis na Cincíghise. Tabhair go fábharach dod fhíréanibh, athchuinighamaid thú A Thiarna, maithfeachas agus síothcháin; ionnas air m-beith dóibh glanta ó chiontaibh a b-peacaidh go léir, go ma féidir leo seirbhís do dhéanadh dhuit lé inntinnibh neamheaglacha. Tré, etc.
Le h-aghaidh an aonmhadh air fhichit Domhnaigh taréis na Cincíghise. Cosain do mhuintir A Thiarna athchuinighamaid thú lé do shírthrócaire; ionnus faoi do dhídean go raibh siad saortha ó gach cruadhchás, agus tré ghnáthúghadh deághoibreacha go raibh siad tugtha go dúthrachdach dod ainim. Tré, etc. Le h-aghaidh an dara air fhichit Domhnaigh taréis na Cincíghise. A Dhé, ar n-dídean agus ar neart, thusa féin atá ad ughdar na cráibhtheachda, tabhair cluas d'ur- naighthibh dúthrachdacha d'eagluise; agus deonuigh go bh-faghmaid le tairbhe, gach nidh a iarramaid le creideamh. Tré, etc. Lé h-aghaidh an treas air fhichit Domhnaigh taréis na Cincíghise. Maith A Thiarna athchuinighamaid thú peacaidh do dhaoine; ionnus go rabhamaidne fuasgailte le do mhaitheas ó na ciontaibh ionnar thuitamar tré ar laige féin. Tré, etc. Lé h-aghaidh an ceathramhadh air fhichit Domhnaigh taréis na Cincíghise. Brosduigh, athchuinighamaid thú A Thiarna, croidhthe
d'fhíréin; ionnus air n-éirigh níos dúthrachdaigh dhóibh a g-comhlíonadh deághoibreacha, go mothuighid tré do mhaitheasa leighis níos éifeachdúla. Tré, etc. Lé h-aghaidh féile Padraic. A Dhé do dheonuigh Pádraic beannuighthe d'Easbog agus do Chonfesóir do chur uait, chum do ghlóir féin do sheanmórughadh do na náisiúnibh; tabhair dhúinne lé na luaidheachdsan agus eadarghuidh, go ma féidir linn tré do thrócaire na neithe do chómhlíonadh orduighas tú dhúinn le déanadh. Tre, etc. Lé h-aghaidh féile Teachtaireachda an Aingil. A Dhé le'r ba toil, etc. T. 78. Lé h-aghaidh féile Peadair is Póil. A Dhé do bheanuigh comhthrom an lae so lé mairtíreachd d'apstoil ghlórmhara Peadar agus Pól; deonuigh dod eagluis, a n-orduighthe do lean- úint ann gach uile nidh, óir is thríothfasan do ghlac siad tús na riaghaltachda. Tré, etc. Lé h-aghaidh féile Tógbhála Mhuire. Maith A Thiarna athchuinighamaid thú, peacaidh do dhaoine; ionnus ó nach d-tig linn do shásúghadh le
nar n-gníomhartha féin, go slánóchfuidh sinn tré eadarghuidh Máthar do Mhic ar d-Tiarna. Tré, etc. Lé h-aghaidh féile Naoimh an Domhain. A Dhé uilechumhachtaigh agus shíorruigh, a thug dhúinn luaidheachda do naoimh go h-uile d'onórúghadh air aon fhéile amháin; athchuinighamaid thú, go m-bronn- fá orruinn iomadúlachd taithneamhach d'fhábhairsa, tré mhéadúghadh uimhire na n-eadarghuidhthóirigh. Tré, etc. OIDEAS DO BHAINAS LÉ AITHMHÉAL AGUS LÉ AITHRIGH. Ó nach d-téigheann aon lá thorruinn air nach n-déan- amaid peacadh a mórán de neithibh, is dá bhrighsin nach ceart dúinn aon lá leigann thorruinn gan aith- mhéal a bheith orruinn. Air an ádhbhar sin ba cóir don Chríosdaigh air feadh a shaoghail bheit aithmhéalach. 'Sé substaint an aithmhéil croidhbhrúghadh, no aithreach- as fírinneach do bheith orruinn tré fheirg a chur air Dhia; agus is toradh don aithmhéal so aithrigh, atá déanta suas de ghníomharthaibh áirighthe subháilceacha, atá leagtha amach dhúinn, lé na g-claoidhtear na h-anmhianta, agus lé na n-déantar síothcháin idir Dia agus an peacach. Óir ní bh-fuil aon mheas ag Dia air an aithmhéal neamhthorthach admhuigh-
ghas amháin an peacadh agus dhaoras é; acht lé nach leasuighthar an peacach, agus lé nach saorthar é ó pheacadh, ná ó thoradh. Nír mhínigh an Eagluis, go bh-fuil admháil shácramuintúil na b-peacaidh sologhtha riachtanach; acht atá sé d'fhiachibh orruinn a n-admháil do Dhia lé aithreachas fírinneach, agus rún daingean do bheith aguinn lé na g-ceartúghadh. Óir ní fhéidir aon pheac- adh a mhathadh gan aithmhéal; agus dar n-dóigh, nach bh-fuil aon aithmhéal ann gan a bheith lánchinnte dhúinn ionnar n-inntinn, go bh-fuil siad peacúil. Gan an dualgas so chomhlíonadh go laethúil ní féidir linn cur a n-aghaidh na n-anmhianta so ionn- ar rugadh sinn; agus orduighthar dhúinn annsa t-Sois- geul na h-anmhianta so do chongmháil síos agus do chlaoidh, d'eagla go bh-faighfadh an peacadh buaidh orruinn. Óir ó nach bh-fuil ionnar n-anmhian- ta acht dúil pléisiúir do thabhairt dhúinn féin; agus ó thugas truailliúghadh na lagnádúire daona or- ruinn a mheas, go bh-fuil sé réasúnta aguinn sinn féin do shásúghadh a dul air aghaidh lé ar mianta féin do bheith aguinn; marso, bhéidheadh ar b-peacaidh go mi- nic foluighthe uainn, do chomhnóchadh siad ionnainn gan ar n-eolus; agus ní féidir don daille so bheith smach- duighthe choidhche, acht le solus an Spioraid Naoimh, a n-éinfheachd lé ar g-comhoibriúghadh féin a g-comh- líonadh go laethúil na subháilce so an aithmhéil.
Gidh, mar a dubhradh cheana, nach bh-fuil sé riachtanach, lé brígh shácramuint na h-aithrighe d'fhágh- ail, na peacaidh sológhtha do chur a bh-faoisdin; annsa n-am chéadna, isí an riaghail is fearr dhúinn leanúint, an t-iomlán d'admháil don oide faois- dean, ionnas marso, go m-béadh an t-iomlán acu maithte lé brígh na h-absolóide. Agus atá an cúrsa so níos moltaighe do bhrigh gur minic a ghnighthar ceist amhrais éifeachtaigh dhe, ameasg lucht an léighin féin, cia acu is sologhtha no marbhthach a leitheid so, nó a leitheid so de pheacadh. OIDEAS ROIMH SCRÚDADH COINSÍAIS. Sol a d-toisigh tú air scrúdadh do Choinsíais, smuain, nach léigfidh do dhorchadas nádúrtha dhuit do pheacaidh d'fheicsint, gan ghrásta an t-soluis neamhdha. Meallfir thú féin lé h-iomad saobh- thuairimeacha, béidh sgrúbal agad a mion-neithe, agus ní feicfar dhuit do chortha dá mhéad acht mar ghníomhartha gan díoghbháil. Sann g-ceud áit, dá bhrígh sin, úmhluigh thú fhéin a radharc Dé, agus guidh é air son an t-soluis atá d'easbhaidh ort, air an modh so leanas. URNAIGH ROIMH SCRÚDADH COINSÍAIS. A Thiarna mo Dhia, déan trócaire ormsa an peacach; admhuighim go h-umhal ad radharc, gur
geinadh mé a b-peacadh, agus gur dorchadas an uile pheacadh. dá réir sin, dom thaobh féin, ruith- im air m'aghaidh a n-dorchadas ó pheacadh go peacadh, do mo shásúghadh féin sann am a láthair gan amhras; acht ag cur míshásamh ortsa, agus ag déanadh námhaid díom féin dhuitse. Acht thusa A Thiarna d'orduigh solus do éirigh as an dorchadas, do chuiris mar an g-céadna do Bhriathar a g-colainn daona, mar atá do Mhac éingheinte, chum a bheith na sholus dúinn, agus chum gach uile dhuine dá d-tig air an t-saoghal so a shoillsiúghadh; cuir do sholus naomhtha go trócaireach ormsa. Óir do fhor- fhógraidh do Mhac ionmhuin dham na droch-chlaonta, agus anmhianta mírialta coiripthe mo chroidh, do bhásúghadh: agus d'orduigh sé dham má tá dóchas agam chum beatha shíorruigh d'fhághail, gan aontúghadh dóibh, acht a g-claoidh agus a g-céasadh. Faraor! ní dheárna mé so, acht a chontrárdhachd go díreach, is minic dothug mé srian do na h-anmhiantibh so, agus do shásuigh mé iad. 'Sé mo mhian agus m'inntinn anis, A Dhé, feuchaint cá mhéad a d'aontuigh mé dhóibh, agus d'fhághail amach cad é an mícheart, cad iad na cortha agus na peacaidh ionnar tharraingadar mé; agus admhuighim gur b'é do thabhartas féin an mian so. Acht O Athair na trócaire agus an t-soluis! godé chó mór is
mheallfas mé mé féin, muna d-tugaidh tú cúng- nadh dham sann obair so lé do Spiorad Naomh! Tá fhios agam nach bh-fuil aon nidh foluighthe ó do radharc; acht dom thaobh féin admhuighim go bh-fuil- im a n-dorchadas orm féin: déanann mo ghrádh dham féin fábhar dom anmhianta, agus meallann sé mé chum géilladh dóibh; agus bíodh go bh-fuilid mórán do mo pheacaidh ag teacht am aghaidh go follasach, agus nach féidir a g-ceilt, atáid fós mórán eile, faraor! foluighthe uaim. Acht foill- sighsa A Thiarna iad sin féin dam; soillsigh an dorchadas so atá ionnam; leigheas mo dhaille, agus athruigh gach sgamal fholuighas mo peacaidh uaim; ionnus nach m-béidhinn níos faide am sheicréid dam féin, ná aneolach air mo lochta. Cuir anuas do Spiorad Naomh ionn mo chroidh, agus lé dealradh ded sholus diadha, fosguil m'intleacht, chum go m-béadh radharc iomlán agam air mo pheacaidh agus air mo dhrochghníomhartha; agus marsin ag fághail aithne dham orm féin, agus ag glacadh aithmhéil go h-inmheodhanach, go g-cuirfuinn eolus ort, agus go n-glacfá asteach ann do fhábhar aríst mé. Amen. Urnaigh eile chum na críche céadna. A Íosa ionadhruigthe! A Idirmheodhantóir is cúmhachtaigh agus is grádhmhaire; tigim chugad
daimhdheoin mo shuaraigheachda, daimhdheoin na slabhraigh agus na g-cuibhreacha lér cheangail an peacadh mé don t-saoghal so. Tigim leis an lán-mhuinínsin do mhothuighim nuair do bhreathnuigh- im, gur dhóirtis an braon déaghnach dod chuid fola, agus gur ofráil tú thú féin lé mo shlánúghadh. Do pheacuighas A Thiarna, do pheacuighas go ró throm. Chuaidh m'inntinn air seachrán tré aontúghadh d'iomad smuaintidh malluighthe ba cheart dam a theilgean uaim lé critheagla. Dothug mo chroidh suas é féin go rómhór dom chlaonta anmhianacha, agus do ghean air neithe talmhuighe. Dorinnas úsáid rómhalluighthe dom theangain de nár ceart dham feidhm a dhéanadh acht lé thusa do mholadh, agus glóir thabhairt dhuit. d'fhulaingas dom chéadfadha uile mo tharraint chum peacaidh. Dorinnadar acfuineacha m'anama go h-iomlán ceannairc mhal- luighthe anaghaidh do mhórdhachda naomhtha, a n-áit mo naomhúghadh mar ba cóir dóibh. Dorinnas mórán oilc, agus dobhí an beagán maitheasa dothug tú orm a dhéanadh, cuidighthe air mo thaobhsa leis an oiread sin leisge agus neamhshuime, gur mó do thuill mé díoghaltus ná luachsaothair air a shon. A n-aon fhocal, na laethe do chaithas atáid folamh ó shubháilce, agus lán de mhírialtachd. An é so do gheall mé chó minicsin dhuit, A Dhé,
ag glúine m'oide faoisidean? An é so an grádhbhuidheachas ba cóir dham a bheith agam ort air son do thrócaire, tré mhaitheamhnas a thabhairt dham ann mo pheacaidh ionnar chiontuigh mé mé féin an uair sin? Óch! A Shlánuighthóir! dobhídhas a g-cómhnuigh neamhdhílis agus fealltach dhuit. Ba náire dham m'fhocal do bhrisadh lé aon truaighleánach cosmhuil liom féin; agus nach m-béidh mé líonta le buaireamh inntinne agus lé doilghíos, ag feis- cint m'fhailligh a g-cómhlíonadh na geallamhna sol- lamanta doghnidhim dhuit nuair thigim a n-dáil do naomh-shácraminte. Admhuighim A Thiarna go d-tuillfadh an drochúsáid dorinnas díobh, agus an beagán tairbhe do tharraingas ó na n-gnáthúghadh, go n-dúnfuidh ann m'aghaidh go brách na tiobraid fógh- antacha so, do chuir tú air bun ann d'Eagluis, chum peacaidh na b-peacach bochta míshéanmhara do nighe amach; agus go n-daorfá mé gan tró- caire, chum meadhchan do dhíbhfeirge go h-uile d'fhulang, agus dualgas dobrónach mo mhalluigh- theachda d'iomchar. Ag so an nidh ba cóir dam feitheamh a bheith agam leis ó do cheartas; acht nuair smuainíghim air an d-trócaire gan deire, nach m-bidheann tuirseach go brách ag lorgaireacht na g-caorach caillte, agus doghnidhann léithe lé maitheas dólabhartha; a bh-fad ó thuitim a n-éadóch-
as dam, tá súil agam, lé muinín láidir, maitheamh- nas d'fhághail ann mo pheacaidh. Lán den dóchas so, rachfad asteach ionnam féin, nochtfad cúláite is inmheodhanaighe mo choinsíais dhuit; agus cuartóch- aidh mé go dúrachdach a chréachda go léir. Tuille teasgaisg. Taréis cúngnamh Dé d'impigh dhuit, tosuigh go dúrachdach air scrúdadh do choinsíais. Lé so do dhéanadh, smuainigh air d-tús, ar thuit tú go toil- teanach ann aon de na peacaidhibh so atá toirmisgthe lé aitheantaibh Dé: annsa dara h-áit, má tá tú ciontach air aon chor, a naghaidh aitheanta na h-eag- luise: annsa treas áit, má thuit tú a g-ceachtar de na peacaidh so air a n-glaodhtar go coitchionn “na seacht b-peacaidh marbhthacha.” Air gach aon cheann acu so, scrúd do choin- sías go dithchiollach, acht sann n-am chéadna gan sgrúbal rómhór a dhéanadh; agus beodhuigh do chuímhne lé smuaintiúghadh air an anmhian is mó dá bh-fuil tú claon, agus air ghnéthibh na h-áite, an chomhluadair, agus na n-gnóthuighe ann a m-béidir dhuit a bheith tugtha suas.
FOIRM SCRÚDAIDH AN CHOINSÍAIS DO RÉIR AITHEANTA DÉ. Air an g-ceud Aithne. Smuainigh ar thug tú do chréatúr air bith, an onóir dlighthar do Dhia amháin? Cá mheud? Cá mhinic? Má ghrádhuigh tú Dia ós cionn na n-uile neithe: nó, má ghrádhuigh tú aon chréatúr níos mó ná Dia? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú amhras go toilteanach a n-airteagal air bith Creidimh? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí tú ainbhfiosach as a riocht, a b-puncibh Creidimh? a n-aitheantibh Dé, nó na h-Eagluise? Cá mheud? Má rinn tú éadóchas dod dheoin a naghaidh tró- caire Dé? Nó, ar chuir tú muinín rómhór ann a thrócaire, gan comhoibriúghadh dhuit lé na ghrásta, a g-comhlíonadh deághoibreacha? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tu failligh a d-taobh do phaidreacha a rádh air maidin, nó tráthnóna? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí tú ciontach a g-creidadh go raibh nidh air bith a n-dán do dhuine? Nó má chreid tú a n-asarluigheacht, nó a b-piseogibh? Cá mheud? Cá mhinic?
Má chreid tú a m-brionglóidibh, má d'iarr tú eo- lus air lucht feasa, nó a leithéide sin de dhrochneithe gan chéil? Cá mheud? Cá mhinic? Air an dara h-Aithne. Smuainigh, má rinn tú neimhnidh d'ainim Dé, nó úsáid a dhéanadh dhe go neamhurramach? Cá mheud? Cá mhinic? Má thug tú mionaidh éithigh, nó obana? nó má thug tú air dhaoine eile a d-tabhairt? Cá mheud? Cá mhinic? Má mhalluigh tú, nó má mhionuigh tú; nó má thug tú air dhaoine eile a dhéanadh? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhris tú do mhionaidh dlisdionacha; nó má thug tú air dhaoine eile a dhéanadh? Cá mheud? Cá mhinic? Má chómhlíon tú an nidh air son a d-tug tú an miona oban? Cá mhinic? Air an treas Aithne. Smuainigh má rinn tú failligh, de lá an Tiarna do naomhúghadh, lé cailladh Aifrinn, nó a bheith a láthair dhuit gan urraim cheart, nó a bheith neamhaireach do ghníomharthaibh spioradálta, nó don teagasg atá lé fághail ad pharáisde féin? Cá mheud? Cá mhinic?
Má chaith tú an Domhnach, nó lá saoire a n-déanadh gnóthaidh saoghalta gan riachtanas; a sugra, nó a n-díomhaoinas? nó má thug tú air dhaoine eile a bheith amhlaidh? Cá mheud? Cá mhinic? Air an ceathramhadh h-Aithne. A d-taobh dualgais na clainne dá d-Túismighthóiribh, agus dá n-Uachdaránibh. Smuainigh, má thug tú neamhurraim air bith dod Athair, nó dod Mháthair? Cá mhinic? Má thug tú freagartha géara nó neamhurramacha orthu; a d-tógáil chum feirge, nó buaireamh a chur orthu air mhodh air bith eile? Cá mhinic? Má rinn tú failligh dhíobh ionna d-tinneas, ionna m-bochdaine, nó ionna riachtanasibh eile? Gan a n-admháil tré uabhar? Cá mhinic? Má mhasluigh tú, nó má mhalluigh tú iad? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí tú neimhneach nó neamhfhoighneach a nuair a chuir siad do lochda a meabhair dhuit? Má thug tú drochmheas air a g-cómhairle mhaith? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú failligh dá d-tiomna chómhlíonadh taréis a m-báis, nó a chur air cáirde go neamh- riachtanach. Má thug tú tarcuisne, nó asúmhalachd dod
uachdáránibh dlisdionacha, spioradáltá nó tuata? Cá mheud? Cá mhinic? Má thug tú tarcuisne, no dímheas do dhaoine aosda? Cá mheud? Cá mhinic? A d-taobh dualgais Seirbhísigh agus lucht oibre, chum a Mháighisdiridh, agus iad so dothugas obair uatha lé déanadh. Smuainigh má bhí tú uaibhreach, ceasachdach, nó asumhal dod mháighisdir, nó dóibh so thugas obair dhuit lé déanadh? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí tú neamhdhúrachdach a d-taobh na n-gnó- thaigh a cuireadh faoi do chúram? Cá mheud? Cá mhinic? Má chuir tú neamhshuim a d-tairbhe cheart réasúnta do mháighisdir, nó do mhaoir oibre? Cá mheud? Cá mhinic? Má léig tú do dhíbháil a bheith déanta dhóibh, ann a b-pearsain, ann a maoin, nó ann a g-cliú? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú gaduighacht, má d'innis tú bréaga, nó má mhionnaidh tú go fállsa, lé na d-toil a dhéanadh, a n-uair bhí fhios agad nár chóir dhuit aithne Dé a bhrisadh air son aon duine? Cá mheud? Cá mhinic?
A d-taobh dualgais Aithreacha mar bhainas dá g-clainn. Smuainigh má ghrádhuigh tú do chlann lé grádh Críosdúil? Má rinn tú failligh dá múnadh, no a bh-fághail múinte a n-airteagail an Chreidimh? Má rinn tú failligh oideas thabhairt dóibh annsa n-am ba cóir, do réir d'acfuine, nó a staid cheart sann t-saoghal? Má smachtuigh tú iad ann a lochtibh sann am cheart; nó má mhol tú a g-cortha, a n-díthchéile, nó a laige? Má thug tú scannail dhóibh? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí tú ródhian ortha? Má thug tú d'fhiach orthu staid bheatha áirighthe ghlacadh, nó duine áirighthe do phósadh? Mar bhainas do Mháighisdiridh agus d'Uachtaráin eile na d-taobh so atá faoi na g-cúram. Smuainigh má thug tú aire cheart lé do sheirbhí- sigh, nó iad so faoi do chúram, a stiúradh ann a m-béasibh agus ann a g-comhradh? Má thug tú am dhóibh lé na b-paidreacha a rádh maidin agus tráthnóna; lé aifrionn d'éisteacht air an Domhnach agus laethibh saoire; agus uain chum na sacramainte do thaithigh?
Má d'orduigh tú dod sheirbhísigh, nó dóibh so faoi do chúram, an nidh sin a dhéanadh, dobhí fios agad nach raibh ceart? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú failligh chum a d-tuarasdal d'íoc; nó maill a dhéanadh ionna íoc? Cá mheud? Cá mhinic? Air an cúigeadh h-Aithne. Smuainigh má rinn tú nidh air bith ba cosamhuil a bheith na chúis lé bás do chóchréatúra? Má bhrosduigh tú daoine eile lé na dhéanadh; nó mian croidh a bheith agad dó? Cá mheud? Cá mhinic? Má tá fuath diongmhálta agad dod chóchréa- túr? Má rinn tú tíoránachd, nó fóirneart na n-aghaidh so air a raibh fiacha agad, nó daoine eile bhí ann do chumhachd, go h-áirighthe baintreacha, díleachdaidh, nó na bochdáin? Cá mheud? Cá mhinic? Má dhiúltaidh tú maitheamhnas thabhairt dóibh so dorinn díobháil dhuit? Má rinn tú díoghaltas ós íseal air son dochair dorinneadh dhuit, nó an dochair do shaoilis dorinneadh dhuit; má thug tú air dhaoine eile lé a dhéanadh, nó a mhianúghadh ann do chroidh? Cá mheud? Cá mhinic?
Air an Sémhadh h-Aithne do réir mar bhainas sí do dhaoinibh pósta. Smuainigh má rinn tú, má dubhairt tú, mó má thug tú fad aire ann d'inntinn, nidh air bith a bhéarfadh ort na geallamhnacha dlisdeanacha dorinn tú dod chéile a n-am do phósta a bhrisadh? Smuainigh, go bh-fuil an urraim dlighthar do shácramuint an phósta, an onóir dlighthar dod chéile, an meas a dlightar dhuit féin, an ceartas dlighthar dod chlainn, an rath agus sonas do gach páirtidh, tarcuisnighthe le brisadh neamhonórach air bith de dhualgas an phósta; agus go bh-fuil gníomh, focal, nó smuaineadh air bith ghluaisas chuca na dhíobháil; agus ba ceart a g-cosg annsa toiseach, air eagla da d-tabharfaidh ceann dóibh gur an olc a bheith a n-deireadh. Cá mheud, agus cá mhinic atá tú ciontach air an modh so? A d-taobh daoine neamhphósta. Smuainigh má rinn tú, má dubhairt tú, nó má chuir tú romhad lé rún inntinne, nidh air bith ba cos- amhuil lé neamhonóir nó truailliúghadh a thabhairt dod phearsain. Smuainigh go bh-fuil an naomhthachd iarras Dia uait, an onóir atá foilleamhnach dod phearsain, smuaimhneas d'inntinne, do shláinte, do chliú, do shúil
sann t-saoghal so, agus do mhaoin, tarcuisnighthe go h-iomlán lé dúil do bheith agad, anmhianta na collainne do shásúghadh, an nidh a dubhairt Críost a bheith na námhaid d'ár slánúghadh; agus go bh-fuil gníomh air bith, nó focal, nó smuaineadh air bith as a riochd a chuiras leo, díobhálach go h-anmhór, agus go ma cóir a g-cosg san m-bun, air eagla, dá léigfidh ceann leo, go ma h-olc a n-deireadh. Cá mheud, agus cá mhinic atá tú ciontach air an modh so? Mar do bhainas do dhaoine a staid air bith beatha. Smuainigh má thug tú sganail lé éadtroime, nó lé neamhoireamhnachd ann d'iomchar, nó lé do chómhradh? Má rinn tú úsáid go malluighthe d'foclaibh ionna m-bídh brigh dhúbailte, ós comhair an t-aosóg, nó iad so atá neamhchiontach agus neamhamhrasach? Cá mheud? Cá mhinic? Má chaill tú d'aimsir a léighadh leabhra éigcéilidh a d-taobh cúiseana grádha, chuiras lé lasadh an- mhianta na collainne agus dhallas an intleachd? Cá mheud? Cá mhinic? Má shinn tú abhráin drúisúla, nó má léig tú a sinnim, 'nuair b'fhéidir leat a g-cosg? Cá mheud? Cá mhinic?
Má thasbháin tú pictúiridh, nó dealbha neamh- ghlana, nó tráchd air neithe drúisúla? Cá mheud? Cá mhinic? Má choinnigh tú cóluadar neamhshrianta nó drúis- úil; nó má bhrosduigh tú daoine eile lé na dhéanadh? Cá mheud? Cá mhinic? Air an Seachtmhadh h-Aithne. Smuainigh má shealbhhuigh tú, nó má shealbhuighann tú cuid do chomhursan go mícheart? Má rinn tú é lé na mealladh a g-ceannuighachd, a meádhachan, nó lé tomhas mícheart, nó lé usúireachd? (Óir atá cealg air mhodh air bith chó h-olc le robáil fhol- lasach). Cá mheud? Cá mhinic? Má cheanuigh tú, nó má ghlac tú earraidh ó dhaoine air a raibh amhras agad da d-taobh. Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú dochar tré mhailís, tré thnúth, nó tré dhíoghaltas dó chuid do chomharsan? Cá mheud? Cá mhinic? Má rith tú a bh-fiacha thar d'acfuin. Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú géarleanúint air do chóchréatúr lé cúiseanibh cosdasacha dlighe? Cá mheud? Cá mhinic? Má dhúiltuigh tú, má chuir tú anaghaid, nó má
rinn tú maill, aisioc a dhéanadh air son na díobhála dorinn tú dod chómhursain, agus é ann do chumas? Cá mheud? Cá mhinic? Má dhiúltuigh tú do gheallamhnacha chómhlíonadh ba ceart duit a dhéanadh, agus gan a g-cómhlion- adh go n-deárnadh díobháil dod chomharsan, nó gur mealladh é? Cá mheud? Cá mhinic? Air an Ochtmhadh h-Aithne. Smuainidh má mhionnuigh tú ariamh ós íseal, nó ós árd, má dúbhairt tú, nó má chuir tú a núil aon nidh bhí fállsa, nó amhrasach a naghaidh do chómh- ursan? Má labhair tú go h-olc air? Má mhasluigh tu é lé na chur as a ainim? Cá mheud? Cá mhinic? Má dhiúltuigh tú a chliú a sheasadh a nuair ba cóir dhuit a dhéanadh? Má mhol tú daoine ann a g-coirthibh agus a n-anmheasarachdibh? Cá mheud? Cá mhinic? Má chuir tú cortha ann a leith ionna raibh fhios agad nach raibh siad ciontach? Cá mheud? Cá mhinic? Má d'fhoillsigh tú peacaidh seicréideacha daoine eile? Má d'fhosguil tú a leitreacha gan a g-cead? Má d'éisd tú lé cómhrádh seicréidach dhaoine eile? Cá mheud? Cá mhinic?
Má chuir tú do chómhursanaidh a naghaidh a chéile le gnóthuidhe seicréideacha éinneach acu innsean don duine eile? Cá mheud? Cá mhinic? Air an naomhadh h-Aithne. Smuainigh má leag tú d'inntinn lé mian croidh air na peacaidh so atá toirmisgthe leis an sémhadh h-Aithne? Cá mheud? Cá mhinic? Air an deichmhadh h-Aithne. Smuainigh má leag tú d'inntinn lé mian croidh air na peacaidh so atá toirmisgthe leis an seacht- mhadh h-aithne? AIR RIAGHLACHIBH NA H-EAGLUISE. An cheud Riaghail. Smuainigh annso arís, air an nidh atá orduighthe leis an treas aithne d'aitheantibh Dé. An dara Riaghail. Smuainigh má bhris tú riaghail an trosgaidh do réir d'oibliogáide, air feadh an charaois, ná na h-Advent, ná ceithre h-amanta d'ar ab ainim “Quatuor Tenses,” ná air na Vigilacha? Cá mheud? Cá mhinic?
An treas Riaghail. Smuainigh má bhí tú níos mó ná bliain gan a dhul a láthair na cathaoire faoisidean? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí tú cruadhmhuinéalach nó easurramach chum d'oide faoisidean, do bhrigh go raibh sé ag iarraidh do tharruint ó do dhrochbhéasibh, agus do ghalair spioradálta do leighas, nó do bhrigh gur chuir sé d'ualach ort breitheamhnas ceart aithrighe a dhéanad? Cá mheud? Cá mhinic? Má bhí neamhshuim nó leisg ort oiread de'n Teagasg Críosdaidh fhoghlaim, is shaoil d'oide faoisidean riachtanach dhuit? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú failligh do choinsías a fhírscrúdadh, roimh d'faoisidin a dhéanadh dhuit? Cá mheud? Cá mhinic? Má rinn tú failligh do bhreitheamhnas do chómhlíon- adh mar ba cóir, nó má chuir tú air cáirde é gan riachdanas? Cá mheud? Cá mhinic? Air an ceathramhadh Riaghail. Smuainaigh má bhí tú gan sácramuint choirp Chríost do ghlacadh a n-am na cásg ó lámhibh Sagairt an Pharáisde, ná ó na fhear ionaid? Cá mheud? Cá mhinic?
Air an cúigeadh Riaghail. Smuainigh má chuir tú a neamhshuim an roinn de do shubstaint a íoc, atá leagtha amach le h-aghaidh do thréadaigh spioradáltá a choinneál suas, atá orduighthe do réir cleachdaidh annsa n-áit a g-cómh- nuighann tú? Cá mheud? Cá mhinic? Air an sémhadh Riaghail. Smuainaigh má thug tú sganail lé drochmheas a thabhairt duit air orduighthibh na h-Eagluise a d-taobh am do phósta; nó a d-taobh pósta éineach eile air a m-beith cúmhachd agad ós a chíonn? Má bhí tú ainbhfiosach as a riochd, air ghaol idir na páirtidh atá le pósadh; nó má cheil tú é dod dheoin? Má thug tú dímheas air chómhairle chríona d'athar agus do mháthar; má rinn tú failligh cómhairle Dé, nó d'oide-faoisidean, nó do cháirde d'fhághail, nuair a bhí tú ag socrúghadh le h-aghaidh do phósta? Má rinn tú éalóghadh, nó cur romhat a dhéanadh, a n-am do phósta? nó má chuidigh tú lé daoine eile, nó cómhairle thabhairt dóibh lé na dhéanadh? Má rinn tú failligh air fhuagra tráthúil a thabhairt dod Shagart Paráisde a d-taobh do phósta a chuir tú romhad?
Má bhí súil agad lé buntáisde shaoghalta níos mó ná buntáisde spioradálta, a n-am do phósta? Má rinn tú failligh, béasa an té bhi súil agad a phósadh, a d-taobh creidimh agus cáilidheachta d'fhoghluim níos lúgha, ná a d-taobh na maoine, nó neithe saoghalta eile? AIR NA SEACHT B-PEACAIDH MARBHTHACHA. Uabhar - Smuainigh, cá mheud, agus cá mhinic a bhí tú uaibhreach, ollghlórach, nó tiaránta dóibh so a bhí ann do chúmhachd? Drochmhúinte nó masluigh- theach lé do leitheidibh féin? Easumhal, nó mí- mhodhmhuil lé d'uachdaránibh? Saint - Smuainigh cá mheud agus cá mhinic do chlaon tú do antoil an t-saoghail so, agus do neithibh an t-saoghail? Cá mheud agus cá mhinic do mhianuigh tú, agus do shealbhuigh tú neithe go mícheart; do ghabh tú tairbhe míchneasda, agus maoin éagcneasta? Cá mheud, agus cá mhinic a bhí tú ciontach do chruadhas- croidh, d'éagcóir, agus d'éadtrócaireachd chum airgid d'fhághail, nó do spáráil? Nó má bhí tú tré anmhian mórdhálach, tré uabhar, nó tré dhánachd, neamhshásta lé do staid bheatha, agus dá réir sin ag déanadh munmhair a naghaidh tola Dé?
Formad - Smuainigh cá mheud agus cá mhinic, a bhí tú ciontach do bheith éadmhar air son sonais spioradálta nó saoghalta do chomhursan? Cá mheud, nó cá mhinic a bhí crádh ort fá dheágh- fhortún do chomhursan, nó dobhí gáirdeachus ort fá na mífhortún? Cá mheud, nó cá mhinic a cháin tú é féin, nó a ghníomhartha go mícheart? Fearg - Smuainigh cá mheud, agus cá mhinic thug tú ceann do fheirg, do lasántachd, nó do neamh- fhoighid, air chúis dá laighead, nó gan ádhbhar air bith? Craos - Smuainigh cá mhéad, agus cá mhinic a thug tú thú féin do anmheasarachd a n-ithe agus a n-ól? Cá mhéad a chaith tú ós cionn d'acfuine? Drúis - Feuch godé dubhradh cheana dá thaobh so, air an séamhadh ceann d'aitheantibh Dé. Leisg - Smuainigh cá mhéad, is cá mhinic a chlaon tú don mhian ainbhidhtheach sin lé mídhúil a bheith agad annsna neithibh bhainas lé Dia, nó lé maitheas dófheicsinte an t-saoghail atá lé teachd? Cá mheud agus cá mhinic, a thug tú toil do neamhchúram agus neamhshuim a g-cómhlíonadh do dhualgais spioradálta? Cá mheud agus cá mhinic dobhí tú mísheasmhach ann do dheághrúnibh? Failligheach ann do leanúint?
Míghrádhbhuidhach do Dhia air son a thabhartais? Nó neamhdhílis dod cháirdibh? Má thug tú rogha leisgúil do dhímhaoineas agus do bhochdaineachd, anáit oibriúghadh go h-onórach agus go griongalach lé do choinneál suas? OIDEAS SPEISIALTA AIR AN MODH BA CHÓIR DEAGHFHAOISIDEAN DO DHÉANADH. Tabhair fá n-deara, ann gach uile cheann de na peacaidh so dá m-féidir dhuit a bheith ciontach, nach é amháin go m-béidh tú ciontach ann do pheacadh féin, achd a b-peacaidh dhaoine eile mar an g-céadna; lé na g-cómhairliúghadh, a n-ordúghadh, a n-aontúghadh leo, nó moladh peacaidh dhuine eile; ag cungnadh leis, nó air aon mhodh eile a bheith roinn- pháirteach ann, gan a thoirmeasg anuair a b'fhéidir leat, agus dá cheilt anuair dobhí sé do dhualgas ort a dhéanadh puiblidh; is féidir dhuit fós a bheith ciontach a b-peacaidh dhaoine eile lé drochshompla thasbánadh dhóibh. Lé h-aghaidh daoine aosda ag déanadh faoisidin ghenaráilte air feadh a m-beatha, atá a leitheide so de fhoirm scrúdaidh an choinsiais atá leagtha síos annso, riachtanach dhóibh; agus is cóir dhóibh a léighadh leis an aire is mó is féidir leo thabhairt dó. Achd lé h-aghaidh daoine níos óige, nó lé na n-aghaidh
so chaithas beatha dhiadha agus rialta, agus thugas aire do na sácramuíntidh, tá dóchas, gur leor dhóibh scrúdadh níos lúgha a dhéanadh ortha féin. Íar bh-fághail do pheacaidh amach dhuit, spreag thú féin chum doilghís fhírinigh air a son, dá bh-fuathúghadh air son ghrádha Dé, agus lé rún diongbhálta a d-tréigean as so amach. Chum sin do dhéanadh, tabhair fád aire go m-béidh d'fhaoisidin cuidighthe leis na ceithre cáilidheachta so leanas; sé sin go m-béidh sí sóthuigsionach, iomlán, aithghearr, agus eagnach. Air d-tús, bíodh d'faoisidin sóthuigsion- ach; sé sin, ní cóir dhuit do pheacaidh d'fholach lé foclaibh dóthuigsionacha, ná aon chor mailíseach do cheilt. Óir tuig, nach iad amháin do pheacaidh marbhthacha atá d'fhiachibh ort do chur síos, acht thairis sin, gach uile chor mailíseach na g-cuideacht do bhainas leo, sé sin, gach uile chor do mhéaduigh- as mailís, nó athruighas gné an pheacaidh. Cuir a g-cás, a bheith air meisge Diadomhnaigh seach aon lá eile, go méaduigheann sé peacadh na meisge. Mar so aríst, aon nidh a ghoid as an teampull, seach aon áit eile, athruighann sé gné pheacaidh na gaduighachda go peacadh na sácraléide. Sann dara h-áit, caithfidh d'fhaoisidin a bheith iomlán, sé sin, tá d'fhiachibh ort, gach aon agus gach uile pheacadh marbhthach d'admháil air a g-cuimh-
nighann tú a bheith ciontach. Óir tuig go h-áirighthe, go n-déanfaidh ceilt aon pheacaidh acu an fhaoisid- in neamhúsáideach, agus go g-cuirfidh an cheilt so toirmeasg, ní shé amháin air mhaitheamhnas aon pheacaidh, acht fós go g-cuirann sé a g-ceann na b-peacaidh eile, coir na sácraléide. Sann treas áit caithfidh d'fhaoisidin a bheith aithgheárr; sé sin, go g-caithfidhear a deunadh gan aon fhocal a labhairt nach m-bainann lé substaint na faoisid- ean; go g-caithfidhear a deunadh gan scéalta fada do chur síos innte nach m-baineann leis an b-punc le bheith socruighthe; a bh-foclaibh eile, caith- fidh tú socrúghadh roimh ré ann d'inntinn, admháil do pheacaidh, agus annsin a n-innsint dod oidefaoisid- ean a m-beagán d'fhoclaibh, do réir do thuigse, mar is féidir a dhuit a g-cur a g-céil dhó. Sann ceathramhadh aít; caithfidh d'fhaoisidin bheith eagnach, sé sin, gan briathra mínáireacha do labhairt, agus gan aon nidh d'innsint a bheith dío- bhálach d'aon neach eile, agus gan peacadh dhuine eile d'fhoillsiúghadh gan riachtanas. URNAIGHTHE ROIMH FHAOISIDIN. Chum Dé an t-Athair. A Chruthuighthóir neimhe agus talmhan! a Righ na
righthe, agus a Thiarna na d-tiarnaidh, do chruthuigh mé as neamhnidh do réir d'íomháigh féin, agus d'fuasguil mé lé fuil mhórluaigh do Mhic éingheinte; ní fiu mise an peacach anacrach thusa d'ainimniúghadh, ná oiread agus cuimhniúghadh ort. Impíghim thú go h-umhal féachaint orm ionn do thruaighmhéile, agus trócaire do dhéanadh orm. Duitse A Dhé fhírnaomh- tha admhuighim mo pheacaidh, agus dá ma mhían liom féin, ní fhéadfuinn a g-ceilt uaitse. Is tú mo Chruthuighthóir agus mo Chúngantóir, mo Rialuighthóir agus m'Athair is foighdinighe; is tú mo neart, agus mo dhídean, mo dhóchas agus m'aiséirigh, mo bheatha, agus mo shuaimhneas síorruigh. A Dé ag a bh-fuil cúmhacht eagna agus trócaire; glac truaighe dhamhsa atá am phéist bhocht anacrach thalmhuighe, ná léig do mo mhalluighthachd A Thiarna, buaidh do bhreith air do mhaitheas. Gabh thorm, A Thiarna shár-ionmhuin, agus glac truaighe do m'anam pheacúil. Is tusa do chruthuigh mé, is tusa fós amháin lér féidir mo shábháil. Cé chuige, dá bhrigh sin, a ruithfinn acht chúgatsa? Má theilgann tú uait mé, táim caillte go brách. Tá fhios agam gur caora air seachrán mé, acht tá rún daingean agam anis filladh airais air an g-cró, chum nach n-íosfuidh mé leis an madaralla chraosach atá ag iarraidh mo mhilladh. Glac mé dábhrigh sin; má
choinnighann tú amuich mé, cé léigfigh asteach mé? Má thugann tú tarcuisne orm, agus má iompuighan tú uaim, cé d'fheuchfadh orm? Má táim truail- lighthe is féidir leatsa mo dhéanadh glan; má táim tinn, is féidir leatsa mo leighas; má táim teilgthe síos is féidir leat mo thógáil suas; tá do chúmhachd níos treise go mór ná mo mhalluightheachd, agus ionn do thrócaire is féidir leatsa níos mó do mhaithadh ná ís féidir liomsa do pheacughadh. Ná smuainigh dá bhrigh sin air uimhir mo pheacaidh, acht cuimhnigh gur mé obair do lámha, gan a bheith cruthuighthe lé déthibh bréagacha, acht leatsa an t-aon Dia amháin fíor agus bithbheo. Da réir sin, mar do chlaon d'eagna thú chum mo chruthúghadh, agus mar do chlaon do thrócaire thú chum d'aonMhac do chur dom fhuasguilt; go n-déanigh an eagna agus an trócaire chéadna anis cómhoibriúghadh chum m'iompuighthe do chomhlíonadh. Do réir iomadúl- achda do thrócaire tabhair maitheamhnas dam ionn mo chiontibh uile; abair amháin an focal, agus béidh m'anam slán; abair lé m'anam, is mé do shlánúghadh, thusa a dúbhairt leis an domhan, ní maith liom bás an pheacaigh, acht ionnus go n-iompóchuidh é, agus go mairfeadh sé. Iompuigh mé chúgat A Dhé, agus tabhair orm maireachtain na n-diaigh so a n-eagla níos mó faoi fheirg do chur ort,
agus lé aire agus lé ómós níos éifeachdúla mo dhualgais dhuit do chomhlíonadh. Tabhair orm m'uile ghníomharta stiúradh chum d'onóra, agus an aimsir do chaithas go díomhaoin do leasúghadh, ionnus lé beatha naomhtha, go d-tabharfuidh mé chum báis sona, agus go m-béidhinn luathgháireach ad fhochair air feadh na síorruigheachda. Amen. Urnaigh chum Dé an Mac. A Thiarna Íosa Críost is trócairighe agus is séimhe, an t-aon dóchas slánuighthe m'anama, oll- mhuigh mé lé do ghrásta chum an fhaoisidean so do dhéanadh mar is cóir dham; agus tabhair dham fír- dhoilghíos croidh chum go g-caoinfinn d'oidhche agus do ló, lé h-umhalachd agus lé glaine coinsiais mo pheacaidh agus mo mhalluightheachda; go d-téigh m'urnaighthe suas A Thiarna ad chómhair; má bhidheann tú feargach liom cé an cabharthóir iarrfas mé? Nó cé dhéanfas trócaire orm ionn mo leatrom agus ionn mo mhíséan? Faraor! do pheacuigh mé, agus do pheacuigh mé go trom; acht tá doilghíos orm anis mar gheall air, agus impigh- im go h-umhal do thrócaire agus do phárdún. Glac mé aríst ionn d'fhábhar, thusa do ghlac an mac anchaithfeach nuair d'fhill sé ort; thusa do ghabh lé Peadar d'éis do shéanta, tré bheith dhó ag caoidh go
geur; gabh liomsa mar an g-céadna. Iompuigh mé A Thiarna, lé do ghrásta mar d'iompuigh tú iadsan; agus go raibh m-iompóghadh chó buansheas- mhach lé na n-iompóghadhsan. A Thiarna agus A Shlánuighthóir an domhain, gabh liomsa; A Íosa shár- mhaith do toirbhir thú féin a n-íobairt air an g-crois chum na b-peacach do shlánúghadh, amharc ormsa an peacach bocht ag glaoghach air d'ainim ionnadhruighthe; ná tabhair aire chó mórsin dom olcsa, d'eagla go n-dearmódfá do thrócaire. Dorinnas cionta admhuighim, tré a m-féidir leatsa ó cheart mo dhamnúghadh, agus mar sin do chaillas do ghrásta; acht ma chaillas, níor chaill tusa do thrócaire, as a g-cleachtann tú cách uile do shaoradh ó dhamnúghadh. Dá bhrigh sin, gabh liom go trócaireach, óir is tú féin mo shlánuighthóir, agus tabhair párdún dhamhsa an peacach. A Íosa, sgaoil m'anam ó chuibhreach- ibh an pheacaidh, agus leighis é ó na créachtibh spioradálta. Iarrim agus ath-iarrim ort do ghnúis do thasbánadh dham, agus béidh mé slán. Cuir uait A Thiarna do sholus agus d'fhírinne ionn m'anam, fhoillseochas agus mhúinfas dham gach uile andligh agus pheacadh, ba chóir dham admháil agus chur síos a bh-faoisidin; agus fós neartóchas mé chum a n-aithris agus chum a nochtuighthe lé croidh- bhrúghadh agus lé fírdhoilighíos; thusa atá bithbheo, agus
riaghluighas mar aon leis an Athair, agus leis an Spiorad Naomh, tré shaoghal na saoghal. Amen. Chum Dé an Spiorad Naomh. A Spioraid an t-soluis agus na n-grás! a thugas éifeachd do na sácramuintibh. A Spioraid an ghrádha agus na trócaire! feuch anuas go fábharach ormsa atá mo pheacach mhífhiúntach, do chuiras fearg ort go minic agus go róthrom air mhodhibh éagsamhla; acht isé mo rún anis tré do ghrástasa úsáid do dhéanadh do shácramuint na h-aithrighe mar leighas spioradálta dom; agus air fhómós dod ordúghadh diadha, mo pheacaidh d'admháil dod fhear-friothólmh, lé dóchas as geallúnachibh mo Shlánuighthóra, go bh-faighfhinn absolóid iomlán ionn mo pheacaidh uile. A Thiobraid na trócaire diadha, mar dothug tú dhom lé d'análúghadh naomhtha, an deághrún; tabhair grásta dhom, go d-tiucfhadh liom an obair so do chríochnúghadh do réir mar chuir mé rómham, chum glóire dod ainimse, agus chum slánuighthe m'anama féin. Tabhair dham dá bhrígh sin, A Spioraid fhialmhair as a d-táinic gach uile dheagh-bhronntanas, tabhair dham go fábharach an croidhbhrúghadh iomlán úd dothugais lá éigin do Dhábhidh aithmhéalach; tabhair dham dílseachd Mhagdaléine, uirísle an phubla-
cánaigh, buansheasamhachd na mna ó Chanaan, agus buaireamh inntinne beannuighthe an deagh-ghadaigh air an g-crois. Tabhair grásta dham, mo pheacaidh go léir agus go h-iomlán d'admháil do mo liagh spioradálta, lé rún seasamhach sásamh a thabhairt air son a n-deachaidh thort, agus cur rómham mo bheatha do leasúghadh ó so amach. Acht A Spioraid an nirt agus an ghrádha, A aon-chómhfhurtuighthóir m'anama! ó is é do mhian go n-aontóchfhuinn lé do stiúrúghadh diadha ionn gach uile nidh; agus mar nach n-iarrim nidh air bith níos dúrachdaighe ná toil Dé do chómhlíonadh; cionnas thárluighann sé, go d-tuitim airais chó mhinic sin ann mo lochdibh gnáthúla. Ní h-í do ghrásta atá d'easbhaidh orm! Acht faraor! 'Sé mo mhísheasamhachd féin, mo chrosántachd, mo mhíofhonn- mhaireachd chum diúltúghadh dom anmhiantaibh agus a g-claoidh; is é so an t-ádhbhar fírinneach. Is minic a chuirim romham cur anaghaidh gach uile chathúghadh, agus go h-aithgheárr gheibhid treis orm, agus feallim ionn mo dheághrún. Ó cheart dá bhrigh sin ba chóir dham m'anam umhalúghadh, agus admháil, nach bh-fuil air dhruim na talmhan éinneach eile níos laige, ná níos díombuaine ná mé féin. Neartuigh mé, dá bhrigh sin, ann do thrócaire, ionnus air m-beith dham gan aon mhuinín a bheith
agam ionn mo neart féin, acht lé dóchas iomlán úmhal as do chúngnadh, agus as do chobhair ghrás- túil, go d-troidfinn mo námhaididh spioradálta mar dheisciobal d'Íosa Críosd, agus fá dheoigh go n-gabhfuin buaidh lé luaidheachd orthu. Amen. Oideas eile. Ag dul chum faoisidean, umhaluigh thú féin lé smaointiúghadh air mhórdhachd Dé, agus air do shuaraigheachd féin. Ba chóir dhuit bheith glan a n-éadach, acht san am chéadna gan gleus árdchéim- ach a bheith ort. Tabhair fád aire, ag an am specíalta ag déanadh d'fhaoisidean, leag thú féin air do ghlúinibh a bh-fiadh- nuise an t-sagairt, agus ann a leithede do mhodh, nach m-béidh tú ag geuramharc ionna éadan, acht bíodh do shúile agus d'inntinn go h-iomlán leagtha amhuil is da m-beithá ag amharc air an g-céasadh ós do chomhair. Iar socrúghadh do phearsaine, mar sin go cráibhtheach agus go beachd, impigh an bheannachd ó d'oidefaoisidean annsna focail so leanas: “beannuigh mé Athair, óir do pheacuigh mé,” agus air feadh an ama atá sé ag tabhairt na beannachda dhuit, coisrig thú féin air an modh ghnáthach, agus té air d'aghaidh leis an bh-faoisidin gheneráilte, nó go d-tigidh tú go digh na focail seo,
“tré mo choir rómhór fhéin.” Éist annsin leis na ceisdibh a chuirfeas sé chugat; ná buair, is ná cuir air seachrán é lé freagarthibh neamhdhíreacha, agus éigcéiligh, acht bíodh do fhreagartha simplidh, díreach agus gearr; agus annsin téigh air d'aghaidh lé admháil do pheacaidh air an modh leagtha síos cheana. Tuig san am chéadna, má táir a g-cleachdadh faoisidin dhéanadh go minic, nach riachdanach dhuit “an fhaoisidin gheneráilte” a rádh air fad, is leor a rádh “admhuighim do Dhia uilechúmhachtach, agus do na naoimh uile, gur pheacuighas go rómhór, lé smuainadh, lé briathar agus lé gníomh, tré mo choir rómhór féin.” Iar n-admháil do pheacaidh dhuit, éist go h-aireach lé cómhairle agus le h-oideas d'athar faoisidean; glac go h-umhal do bhreitheamhnas aithrighe, agus an feadh atá sé tabhairt absolóide dhuit spreag thú féin chum croidhbhrughadh fírinneach air an modh so leanas: “Ionnsna peacaidh sin, agus ann gach uile pheacadh nach féidir liom thabhairt chum mo chuimne anis, atá doilíos Croidh fírinneach orm, agus sírim maitheamhnas na d-taobh ó Dhia uilechúmhachtach, agus absolóid ortsa O Athair spioradálta;” agus annsin críochnuigh d'fhaoisidin ag rádh “air an ádhbhar sin impighim air Mhuire naomhtha,” etc., go digh an deireadh.
URNAIGHTHE TARÉIS FHAOISIDIN. Chum Dé an t-Athair. A Dhé na trócaire agus na truaighe, ó d'éa- dtromuigh mé mo choinsias ó na cionta le a raibh sé tromualuighthe; agus ó d'fhoillsigh mé, cho maith is b'fhéidir liom, dom athair spioradálta, do shagart féin, gach uile pheacadh, air a m'fhéidir liom cuimhniúghadh; sírim thú go h-umhal tré luaidh- eachda na Maighdine beannuighthe Muire, agus na naomh go h-uile, an fhaoisidin so dorinn mé anis a ghlacadh go fábharach. Athchuinighim do mhórdhachd dhiadha, déanadh suas as líonmhairachd do thrócaire gach uile easbhaidh croidhbhrúighte, gach uile dhíthiom- láine, agus gach uile mhearbhal agus dhearmad, do thárla sann bh-faoisidin so, nó a n-aon de na faoisidinibh dorinn mé roimhe so; agus deonuigh, A Thiarna, air m-beith dham saor o gach uile smál agus truailligheachd peacaidh, agus ag sealbhúghadh aríst do ghrásta agus d'fhábhar diadha, nár thuillad do fhearg go brách aríst, agus fa dheoigh, go léigthar asteach mé a ríoghachd na bh-flaitheas; áit a riaghluighir ad righ sheasmhach ós cionn na n-aingeal agus ós cionn daoine a lár glóire dó- innsighthe tré shaoghal na saoghal. Amen.
Chum Dé an Mac. Tabhair grásta dham A Thiarna Íosa Críosd, mo bheatha chathadh níos airighe agus níos dúrach- daighe as so amach, agus mo shean-chionta sheach- aint, air a bh-fuil fíorghráin agam anis, le rún daingean agam tré do ghrásta diadha, gan fearg do chur ort leo so go brách aríst, agus gach uile shórt peacaidh a sheachaint, acht go h-áirighthe, gan a bheith ciontach lé lántoil a b-peacadh marbhthach. Lé n-aghaidh sin, A Shlánuighthóir is trócairighe, tabhair grásta dham cur a n-aghaidh an chathuighthe so da bh-fuil mé tugtha go h-anmhór. (Annso ba chóir an t-an- mhian uachdarach ainimniúghadh.) Tá fhios agam, “go g-caillfar sann g-contabhairt iadso ag a m-bidh- eann grádh air an g-contabhairt.” Da bhrigh sin, tá rún diongbhálta agam gach uile ócáid peacaidh de sheachaint ó so amach; óir má thuitann an fíréan seacht n-uaire, cá mhinicighe go mór is féidir damhsa tuitim, iar m-beith do mo laige méaduighthe leis an truailligheachd agus leis an daille dofuair mé tré oidhrigheachd ó m'athair Adhamh? Acht “is leor dham do ghrásta.” Tabhair dham go trócaireach na grásta úd anis, níos líonmhaire, ná ariamh: óir tá fhios agam “gan tusa nach féidir liom éinnidh a dhéanadh, acht is féidir liom gach nidh a dhéanadh thríodsa,
chóneartuighas mé.” chídhim mailís agus neamh- ghrádhbhuidheachas an pheacaidh anis níos soilléire ná chonairc mé ariamh; is é so, mar an g-céadna, toradh do ghrásta diadha; agus is é cúngnadh an ghrásta so, chuirim rómham an deághrún anis, buan-chogadh a dhéanadh a n-aghaidh m'anmhiantibh, mo dhroch-chlaontaibh, agus a n-aghaidh na scannaile, na baoise, agus anmheasarrachda an t-saoghail chuiripe so. Tabhair dham dá bhrigh sin A Thiarna, neart, misneach, agus buansheasamhachd, agus duitse féin bhéidhas an bhuaidh, agus béidh mise mo ghnódhchan-buadha dod ghrásta, air a bh-féachfaid aingil agus daoine lé fonnmhaireachd. Óir béidh mé iompuighthe ó bheith mo námhaid dhuitse chum a bheith mo charaid ionmhuin dhuit, béidh mé air mo iompóghadh o pheacadh go fíorchráibhtheachd; a n-aon fhocal, gheabhfaidh mé an onóir a bheith mo leanbh dhuit anáit a bheith mo sglábhuidh do Shatan. Agus ó tá fhios agam, daimhdheoin cumais do ghrásta diadha, air m-beith dham fós mo ghníomhuighthóir saor, go n-iarrann tú mo chomhoibriúghadh féin chum mo shlánuighthe; tá rún agam dithchioll a dhéanadh go bríoghmhar as so amach, lé gníomharthibh contrárdha Súbháilce, gach uile chlaonadh chum peacaidh do shárúghadh, acht go h-áirighthe na peacaidh so ba shubstaint don fhaoisidin dothug do ghrásta cúmhachd
dam a dhéanadh air an ócáid so. Is iad so mo mhianta agus mo rúnta, agus chum a g-cómhlíonadh sírim do chobhair agus do chúngna grástúil, do mhairas, agus do riaghluighas lé Dia an t-Athair, agus lé Dia an Spiorad Naomh, a lár suaibhnis dólabhartha na druinge toghtha, tré shaoghal na saogh- al. Amen. Chum Dé an Spiorad Naomh. A Dhé, A Spioraid Naoimh, A thabharthóir gach uile dheághrúin, A thiobraid soluis agus buansheasmhachda! Tabhair grásta dham lé mo dheághmhianta chur a n-gníomh, agus gan a bheith dham níos faide mo lagchréatúr ath-shleamhnuighthach mar dobhí mé roimhe so. Chum na críche so, cuirim romham a bheith níos dichiollaighe a scrúdadh mo choinsiais, gach aon oidhche as so amach. Tá fhios agam, “iad so do tharcuisnighas neithe beaga, go d-tuitfidh siad lé beagán agus lé beagán.” Dá bhrigh sin, ní léigfad do mo neamhiomláinteachibh méadúghadh, acht déanfad mo dhiocholl a laighdughadh gach lá, agus béidh súil agam air an iomláine Chríosdúil úd, an staid ionnar cóir do gach fír- dheisciobal a bheith. Lé cúngnadh do ghrásta diadha, atá rún daingion agamsa toisiúghadh gach lá leis an g-ceud thoradh dhe d'ofráil dhuitse sann maidin,
ionnus go m-beannóchuidh an chuid eile dhe, tré a cheangal mórálta, leis an g-cuid sin de do bhainas duitse go specialta; ionnus mar so nach m-béidhinn a choidhche chó neamhdhílis dod ghrásta go n-déanfuinn dadaidh neamhfhoilleamhnach do Chríosdaigh dhílis. A d-taobh an bhreitheamhnais aithrighe a cuirthar orm, sírim go h-umhal do chúngnadh lé na chong- mháil a g-cuimhne, agus lé na chomhlíonadh mar is cóir. Ó! nár dhearmadaigh mé go deogh mo dheághrúnta, agus nár scuiridh mé do dhéanadh mo dhichill a leasúghadh mo bheatha, nó go d-tigidh dham fá dheireadh a bheith m'aithrigheach fhírinneach, agus go g-cuiridh mé umam an duine nuadh; ionnus mar so go d-tuillidh mé lán-phárdún d'fhághail ionn mo pheacaidh annso, agus an onóir a bheith a seilbh phríbhléididh na naomh, agus fá dheoigh suaibhneas síorruigh; tré luaidheachda agus trí pháis mo Shlánuighthóra ionmhuin Íosa Chríosd a mhairas agus riaghluighas leatsa agus leis an Athair tré shaoghal na saoghal. Amen. URNAIGHTHE ROIMH CHOMAOIN. A ChaoimhThiarna thrócairigh Íosa Críosd! tá eagal ormsa atá mo pheacach bhochd chiontúil, a dhul d-ionsuigh cuirme do ghrádha. Mothuighim nach m-béadh aon éiliomh agam uirre ó mo luaidheachdaibh
féin; ná a m-béidhinn chó dána is go rachfuinn dá h-ionsuighe, acht gur b'é do thoil é, ní hé sin amháin, acht gur b'é d'aithne é. A dubhairt tú “Muna n-íosfaidh sibh feoil Mhic an duine, agus muna n-ólfaidh sibh a fhuil, ni bhéidh beatha ionnuibh.” (In.vi. 54). Atá mo dhóchas annsin a g-cómhlíonadh do thola; isé mo dhóchas go n-déanfuidh do thrócaire agus do mhaitheas suas air son m'easbhuidhthe, agus go g-cuidóchaidh do ghrásta liom a dhul d'ionsuighe na cuirme so is milse agus is dó-innsighthe do choirp agus d'fhola ionadhruighthe, air an modh is oireamhnach do Chríosdaidh, agus is cófhreagarthach leis an nidh air ar smuainidh tú ag cur air bun na sácra- muinte so is naomhtha agus is inmheasta. Is tusa Dia na h-uileiomláine; tá mise mo pheacach neamhsheasmhach, lag agus ath-thuitmheach. A b-peacadh dorugadh mé, agus a g-ciontaibh do ghabh mo mháthair a m-broinn mé; is minic dorinn mé peacadh, do chomhnuigh mé a b-peacadh; agus faraor! dorinne gnás fada, peacadh níos caidriú- la dham ná oibriúghadh subháilce! Atá mé air mo thimchiollúghadh lé eugcruasaibh agus lé cathuighthe; agus fós cuirann tú d'aithne orm glacadh dhíot féin, thusa atá do uilenaomhthachd, do uilemhaitheas, agus do uileiomláineachd! “Go n-déantar do thoil air an d-talamh, mar déantar air
neamh.” Ó d'orduigh tú dham a dhul ad ionsuigh, isé mo mhuinín ionnad go n-déanfuidh tú oireamh- nach mé air mhodh éigint. Is féidir leat m'éagcruais d'iompóghadh chum a bheith na n-ádhbhar luaidheachda dham; is féidir leat mo chosaint ó aontúghadh do chathúghadh, agus is féidir leat m'anam a líonadh lé mían níos láidire do shubháilce agus do riaghaltachd, ná bhí agam go d-tí so do pheacadh, do dhíthcéille, agus do mhaitheasibh dímbuana an t-saoghail so. A Thiarna Íosa Críosd atá lán do thruaighe! sírim agus athchuinighim tú go h-an-umhal na grásta so thabhairt dham anis; agus geallaim air mo thaobhsa an úsáid is fearr is féidir liom a dhéanadh dhíobh, agus a bheith dílis dhuit go d-tí an deireadh. Téighim ad ionsuigh annsin, mar rachadh duine tinn chum liagh tuigsionach; mar rachadh an bochdán chum deághthabharthóir saidhbir agus fialmhar; mar dhuine tréigthe chum na carada is ionraice; mar dhuine bheith lé h-éadan contabhairteacha móra agus an-fhogusa, chum áit dídin. Óir gidh gur tû breitheamh na m-beo agus na marbh, is tú fós Slánuighthóir agus teas-ghrádhuighthóir na n-anam daona; gidh gur tú mo Dhia, is tú sann am chéadna, mo dhearbhráthair sann g-colain, agus is gnáthach leat truaighe ghlacadh do nádúir daona. Ag cur mo mhuinín ionntu so do cháiligheachda, béidh
m'fhaitchís iompuighthe a n-grádh; béidh mo chionta roimhe so tiontuighthe a n-ádhbhar grádhbhuidheach- ais, 'nuair smuainnighim air an d-trócaire lé ar coigladh mé; agus béidh cathuighthe an t-saoghail athruighthe dhamhsa lé bheith na n-ócáid luaidheachda agus duaise. Tá fhios agam go maith, go bh-fuil sé scríobhtha, “gidhbé íosas an t-arán so, nó olfas cailís an Tiarna go mífhiúntach, béidh sé ciontach do chorp agus d'fhuil an Tiarna.” (1.Cor.xi.27). Agus go cófhreagarthach leis an bh-fuagradh naomhtha so, dorinnas tré do ghrásta, mo dhithchioll mé féin a dhearbhadh; do smuainigh mé air staid mo choinsiais, thug mé mo pheacaidh ionn mo chuimhne chó maith is b'fhéidir liom, mothuighim croidhbhrúghadh ionnam dá d-taobh, d'admhuigh mé iad air mhodh chó oireamhnach is b'fhéidir liom, fuaras absolóid ionnta tré do ghrásta ó d'fhearfriothólmh ceart-orduighthe, geallim an breitheamhnas aithrighe a leagadh orm a chómhlíonadh lé déine agus go puinteálta, agus is é mo rún agus m'inntinn gach uile ócáid peacaidh a sheachaint feasta. Mar so dorinnas mo dhithchioll mé féin a dhearbhadh; sann am chéadna atá fhios agam, “gidh go n-déanfuinn gach uile nidh atá orduighthe, ní bh-fuil ionnam fós
acht seirbhíseach neamhthairbheach.” (Luc.xvii.10). Gidh, atá meisneach tugtha dham lé do chuireadh láidir; “tigidh chugamsa sibhse, go h-uile oibrighas agus atá faoi ualach, agus bhéarfaidh mé fuaradh dhaoibh.” (Matt.xi.28). Agus aríst, “muna n-ithfidh sibh feoil Mhic an duine, agus muna n-ólfaidh sibh a fhuil, ní bhéidh beatha aguibh ionnuibh féin.” (Eoin.vi.54). Air m-beith do chuireadh tugtha dham, agus mé orduighthe mar so, glacim orm féin a dhul d'ionsuigh do chuirme atá déanta suas d'aoibhneasaibh do ghrásta agus do thrócaire. O! go leanidh gach uile thorradh beannuighthe ó mo roinnpháirt de; go raibh sé damhsa na lán-mhéadúghadh a n-grástaibh diadha; na athnuaghadh sann taobh astigh dhíom go léir; go raibh sé dhamhsa na sholus lé a bh-feicfead buntáiste na neithe spioradálta ós cionn na neithe saoghalta; go raibh sé dhamhsa na ordúghadh air mo chéadfadhibh, na riaghlúghadh air m'an- mhianta, na threoruighthóir do mo fhonnta, na chuimh- nighthóir do mo smuaintighibh, mo choimeád ó pheacadh, mo chosaint a n-aghaidh cathuighthe, agus na gheall agus na roimhshúil leis an n-glóir agus aoibhneas sin do cheannuigh tú dhamsa, lé do pháis agus do bhás air an g-crois. Athchuinighim ort na grásta agus an trócaire so do thabhairt dham, tré
do luaidheachda féin do mhairas agus do rialas a n-aonachd lé Dia an t-Athair, agus lé Dia an Spiorad Naomh, tré shaoghal gan chrích. Amen. Urnaigh chum na Maighdine Beannuighthe roimh Chomaoin. A Mháthair bheannuighthe Dé! A Mhaighdean fhírghlan gan sal peacaidh! Ní air do shon féin amháin d'iomchair tú Slánuighthóir an Domhain ann do bhroinn gheanmnuigh, acht air ar sonne mar an g-céadna. Nach féidir dham dá bhrigh sin, A Mháthair ná trócaire, súil a bheith agam go m-béad róinnpháirteach ionn a luaidhachd, agus go bh-faighad tré d'eadarghuidh éifeachdúil roinn éigint de na deághmhéinte dobhi agutsa sann am ionnar ghabhais a m-broinn é? O! go n-déanaidh an Spiorad diadha céadna, a d'ollmhuigh sann am sin do chorp agus d'anam chum a ghábháil ann do bhroinn, thíodh- laicidh mórluaidhe do dhórtadh anis orm, ó isé an Diadhuine céadna atáimse anis air tí do ghlacadh! Fágh dhamsa croidh fírghlan mar árus dhó, agus rún diongmhálta seasamhach lé mé féin do choineál suas ionn a ghrásta. Acht ós cionn gach nidh, go raibh tré d'eadarghuidhse, gráin dó-innsighthe agam air pheacadh athuamhar na colainne, do thruaillighas go specialta anam an duine, agus dhéanas mí-
fhoilleamhnach é chum Comaoin do ghlacadh; do bhrigh, lé neamhonóir thabhairt dom fheoil féin bheirim neamhonóir d'fheoil Íosa Críosd mar an g-céad- na. Faraor! muna raibh do bhroinn mhaigh- deanúil gan toibhéim rófhírghlan chum an briathar ionchollannuighthe do ghábháil, cionnas dá bhrigh sin a d-tig liomsa mé féin a thairisgint a láthair bhóird Dé na fírghlaine, agus a ghlacadh asteach a g-croidh truaillighthe lé sal dá laighead do dhubháilce chó gránúil a radharc fírghlaine agus naomhthachda dóchuimsighthe! Urnaigh eile roimh Chomaoin. Creidim go diongmhálta, A Íosa dhiadha! go bh-fuil tú a láthair go fírinneach a Sácramuint na h-Altóra. Creidim go bh-fuil do chorp agus d'fhuil ann, a n-éinneachd lé d'anam agus do dhiadhachd féin. Admhuighim na fírinneacha so; creidim na míorbhúilte so; adhruighim an chumhachd dorinne iad, an chumhachd chéadna a dubhairt; “bíodh solus ann, agus dobhí solus ann.” (Gen. i.3). Umhluighim mo chéadfadha agus mo réasún faoi d'úghdarás diadha. Molim agus bheirim glóir dod mhaitheas dóchríochnuighthe a d'ollmhuigh an féasda neamhdha so mar bhiadh agus oileamhuin do m'anam.
O Sibhse A Aingle agus A Naoimh Dé go h-uile! iarrim go h-umhal cúngnadh bhur n-ur- nuighthe; ionnus lé croidh glan agus lé coinsias fír- ghlan go d-téighead d'ionnsuigh an Naomháit na Naomháit, agus go n-glacad an t-sácramuint naomhtha so, lé na leitheide sin d'urraim agus d'umhalachd is bhéidhas chum slánuighthe m'anama. Amen. Oideas le h-aghaidh Comaoine. Tabhair fá d'aire, 'nuair atá tú air tí an t-sácramuint is naomhtha a ghlacadh, is éigin duit bheith air chéadlocan ó mheodhan oidhche; agus caithfidh tú bheith glan agus beitir a n-éadach agus a b-pearsain. Ag dul suas dhuit chum na h-altóra, is cóir dhuit dul go ciúin agus go macánta, gan buair- eamh ná míonós a chur ort féin, ná air dhaoine eile. Tóg suas an tuáilte, agus coinnigh é lé do dhá láimh faoi do smig, ionnus dá d-tuitadh an t-sácra- muint air aon mhodh go g-coinneochaidh an tuáilte é ó dhul go talamh. 'Nuair thógas an sagart mior den t-sácramuint naomhtha, agus abaras sé ós árd, “Ecce Agnus Dei,” etc. abairse, a n-Gaelic na focla céadna
na dhiaigh asteach agad féin, agus spreag thú féin chum cráibhtheachda agus chum adhruighthe fírómósaigh. 'Nuair thugas an sagart an t-sácramuint naomhtha dhuit, glac í lé creideamh beomhar, lé umhalachd uiríseal, agus lé croidh air lasadh lé grádh diadha; tar air-ais go modhmhuil chum d'áite, agus cuir romhad cúram do dhéanadh chó maith is féidir leat, don aoidh do ghlac tú asteach. URNAIGHTHE TARÉIS COMAOINE. Buidheachas duit A Thiarna Íosa Críosd! lé ar toil, as d'fhéileachd féin, m'anam d'oilúint lé do chorp agus lé d'fhuil mhórluaidh! O! go raibh mé grádhbhuidheach go brách, go rabhad ómósach go deo, go rabhad dílis dhuit do shíor! Go g-cruth- uighidh an Chomaoin so, athchuinighim thú, a bheith na ceangal aondachda eidir m'anam agus thú féin. Go neartuighidh sí mo chreideamh, agus go meis- nighidh sí mé a n-oibriúghadh na n-uile dheágh-oibreacha. Go saoruigh sí mé ó mo dhroc-chleachdaibh agus go n-athruigh sí gach drúis a bh-fad uaim. Go n-déan- aidh sí iomlán mé a g-carthanachd, a n-umhalachd agus a n-ómós, agus ann gach uile shórt subháilce. Go n-daingnigh sí mé a n-aghaidh gach uile cheilge mo námhad fhollasach agus neamhfhollasach. Go
n-déanaidh sí measarrtha mé lé críonachd ann mo chlaonta corpartha agus spioradálta a n-éineachd; agus fá dheoigh go d-tugaidh sí orm a bheith inmheasda lé bheith foilleamhnach, chum mo ghlactha asteach mar aoidh ag an g-cuirm dhiadha úd, áit a bh-fuil tusa maraon leis an Athair agus leis an Spiorad Naomh, ad sholus fhírinneach, ad shuaibhneas shíorruigh, agus ad gháirdeachas bhuan-sheasmhach na naomh go h-uile, tré shaoghal na saoghal. Amen. Gníomh Molta agus Adhruighthe taréis Comaoine. Molim thú, agus tugim glóir dod ainim naomhtha, A Dhé, air son na bh-fábhair iomadúla do bhronnis orm, agus air son na n-uile bheannachda lé a n-deárnais m'anam saibhir a n-diaigh na n-iomad úireasbhaidheacha agus na n-anacraidh d'fhulaingas an tan, tré mo phléisiúir agus tré m'anmhianta, do sgaras uait. Faraor! nach mé bhí dall go h-an-mhór, súil a bheith agam lé sáimhe agus lé séan, 'nuair tré mo dhíthcéille, tré mo fhailligh, agus tré mo neamhchráibhthachd do dhruidas mé féin níos faide uait? Acht dobhí do mhaitheas chó mór sin, gur tharraingis mé ó'n aill chum a raibh mé ag rith, gur shoillsigh tú mé lé do sholus, agus lé análúghadh naomhtha do ghrásta, gur thugais cuireadh dham filladh air m'ais; do mhaithis mo pheacaidh
dham, agus chum coróin do chur air na fábhair so go h-uile, dotháinicis anis chugam ionnus go g-comhnóchá go brách ionnam, agus mise ionnadsa! A Dhé! go m-beannuighthar do shíor thú air son na d-trócairigh neamhchoimsighthe so uile! O m'anam! beannuigh an Tiarna, agus beannuighadh agus moladh a bh-fuil taobh astigh dhíom a ainim naomhtha! Beannuigh an Tiarna, agus tabhair fá d'aire, nach n-dearmódfá na fábhair do bhronn sé ort. Do leigheas sé d'éagcruais spioradálta, do chosain sé thú ó bhás síorruigh, agus dothug sé tabhartuis iomadúla dhuit; do shásuigh sé d'ocrus lé neithe maithe, agus do líon sé thú lé gach uile bheannachd ba mhian leat d'fhághail. Agus dá bhrigh sin nár cheart duitse cur rómhat do bheatha do leasúghadh, agus do neart athnuadhúghadh agus éirigh óg mar an t-iolar ionn a sheirbhís? Bíodh do ghrásta annsin, A Thiarna, a n-gar dham lé cúngnadh liom; óir déanann mo ghnáth-thaithigh air mo laige féin eaglach mé, agus muna g-coinnigh tú suas mé tuitfad aríst go róchinnte. Bíse, da bhrigh sin, do sgiath agus do chosaint dham; tabhair dham creideamh diongmhálta agus buansheasmhach, agus neartuigh an creideamh sin, ní hé amháin a d-taobh an rúndiamhair so, acht mar an g-céadna a d-taobh gach uile fhírinne Críosdúil eile, agus gach
púnc do bhainas lé beatha shíorruigh; ionnus leis an g-cúngnadh sin go bh-fuighinn buaidh air gach uile chruadháil da d-tiocfadh ann mo bhealach, air mo thaisdiol chum na staide séanmhaire sin da'r cruthuighadh mé; óir is tré an g-creideamh sin, dofuair an drong d'imthigh rómham buaidh air a námh- aididh, agus sin chum deághshompla a thabhairt dham; mar so dorinneadar ceart, agus dofuaradar do gheallamhnacha. Urlabhra diadha taréis Comaoine. Feuch A Thiarna! táir agamsa anis, ag a bh-fuil gach uile nidh! Sealbhuighim thusa do sheal- bhuighas gach nidh; agus le'r féidir gach nidh a dhéanadh! Tóg mo chroidh dá bhrigh sin, O! mo Dhia agus m'uilemhaitheas, ó gach nidh eile acht uait féin; mar nach bh-fuil ionnta lé do thaobhsa, acht dithcéille agus buaireamh spioraid! O! go raibh mo chroidh socruighthe ortsa amháin! go smuainigh mé go deo ortsa, óir is tú m'órchiste, mo shólás, agus mo shíorruighachd shéanmhar! Léig dom anam, A Thiarna, meillseachd do láithrachda mhothúghadh, ionnus lé bheith tarraingthe tré do ghrádh, nach m-béidhinn choidhche air lorg aoibhnis saoghalta; óir is tú féin gáirdeachas mo chroidh, agus mo chuid go brách!
Is tú liagh m'anama, do leigheas m'éagcruais spioradálta go léir tré d'fhuil naomhtha; agus is mé an duine tinn úd chum a d-táinic tusa ó fhlaitheas lé na leigheas! O! go raibh mo leigheas buan-sheasmhach. Óir ní'l aon liagh agam acht thú féin, agus gan thú bhéadh mo ghalair iomadúil! Is tú an tréaduigh maith do leag síos d'anam air son do chaorach! Feuch! is mise an chaora úd do cailladh, agus do lorgair tusa mé, agus dothug tú air-ais mé chum do chró! O! nár théigh mé a choidhche air seachrán ó chosánibh na subháilce agus ó dhéaghoibreacha nó-go d-tárlaidh mé air ingheilt shéanmhar an beatha síorruighe! O! Sholuis fhírinnigh! do shoillsighas gach duine a thigas air an t-saoghal so! Soillsigh mo shúile chum nach g-codlóchuinn a choidhche a m-bás! A Theine a dhóithas do shíor agus go brách gan mheath! Feuch chó leamhfhuar agus leath-theith atáim! Cuir mo chroidh air lasadh lé do grádh. Óir dotháinic tú chum teine do theilgan air a d-talamh; agus godé is mian leat acht í bheith lasta? A Righ neimhe agus talmhan! saibhir a d-tró- caire! a bh-fuil do chumhachd neamhchuimseach, agus do mhaitheas dólabhartha! Feuch ormsa annso a m-bochdaineachd agus a n-easbhaidh; is feasach dhuit godé ís mó atá úsáideach dom anam, is tusa
amháin le'r féidir cúngnadh agus cabhair a thabairt dham. O! cuir cabhair chúgam ód thearmuin, agus ó Shíon, cuir coimhdeachd chúgam! O! mo Thiarna agus mo Dhia! feuch! is mé do sheirbhíseach agus do chréatúr! isé mo ghnó go h-uile anis agus na dhiaigh so, do thoilse a dhéanadh! tabhair dham tuigse lé fios a bheith agam air, agus brosduigh mo mhian chum a chomhlíonadh! Is tú uan Dé, an t-uan gan smal do thógas peacaidh an domhain! O! tóg uaim gibé nidh atá míthaithneamhach leat; gibé nidh atá díobhálach dom anam, agus tabhair dham gibé is feasach dhuit a bheith tairbheach dham! Is tú mo ghrádh agus m'aoibhneas! is tú mo Dhia agus m'uile mhaitheas; is tú cuid m'oidhreach- da! Mo Dhia go n-dóithidh lasair mhilis do ghrádha mo chroidh, chó mór sin air mhodh go n-éagfadh sé don t-saoghal so, tré ghrádh dhuitse dofuair bás air an g-crois tré ghrádh dhamhsa! Cómhairle a n-diaigh Comaoine. Smuainigh air na briathra so ar Slánuighthóra; “an tan dorinneabhar gach uile nidh atá orduighthe dhaoibh, abraidhse, is seirbhísigh neamhthairbheach sinn; an nidh dobhí d'fhiachaibh oruinn a dhéanadh, dorinneamar é.” (Luc.xvii.10). Gidhbésin, is air
an g-connradh go n-déanfamaid a bh-fuil ionnar g-cumhachd féin, do gheall Mac Dé dhúinn na grásta is líonmhara lé bheith roinnpháirteach ionn a chorp agus ionn a fhuil is ionadhruighthe. dá bhrigh sin, is anaoibhin go deimhin don duine mhífhortúnach úd, a rachfadh d'ionnsaigh gan an aire agus an chráibhtheachd sin atá leagtha síos dhúinn leis an Abstol, áit a n-deir sé. “Acht dearbhadh duine é féin, agus mar so ithadh sé den arán so, agus óladh sé den chailís;” agus cuireann sé leis sin, na briathra uathbhásacha so; “Óir an té ithas agus ólas go neaímhfhiúntach, ithann sé agus ólann sé damnúghadh dhó féin, gan corp an Tiarna a bhreathnúghadh.” (1.Cor.xi.28). Tabhair aire annsin, gach uile nidh da bh-fuil ionn do chúmhachd a dhéanadh, chum thú féin a dhéanadh oireamh- nach lé h-aghadh na n-grásta beannuighthe d'fhághail atá tugtha tré shácramuint is ionadhruighthe choirp Chríosd. Cuimhnigh air dheireadh Iudáis Iscariot! B'eisean an cheud Chomaoineach neamhfhiúntach. Nír sháruigh seisean a anmhian uachdarach; do bhiathuigh agus do chothuigh sé é, se sin a shaint; agus chó dallta dobhí sé leis an anmhian so, daimhdheoin an fhuagartha tugtha dhó lé ar Slánuighthóir féin, gur ghlac sé lé lántoil den t-suipeur dhéaghanach; ' gidh go raibh fhios aige go raibh sé neamhífhiúntach. d'imthigh sé annsin ó Íosa agus ó na h-Abstolaibh,
agus do dhíol sé a Mhaighisdir air dheich b-píosa fhichead airgid! Chonairc sé annsin toradh a neamhdhiadhachda; agus a n-éadóchas air phárdún d'fhághail, do chroch sé é féin! Seachain thú féin air a iomchar mídhiadha air fad. Déan do dhiothcioll ionnsa g-ceud áit d'an- mhian uachdarach a shárúghadh. Dearbhuigh agus cuar- tuigh thú féin, agus annsin, tar agus blas godé cho milis is tá an Tiarna. Acht má ghlac tú go toilúil den t-sácramuint mheasúil árduramach so, a n-anmhéid cuirpachda daona, (an nidh nár léighidh Dia,) air m-beith cinnte dhuit nach n-deárna tú an dithchioll a bhí ionn do chumhachd, le thú féin a dhéanadh taithneamhach do Íosa Chríosd; ná fág, mar dorinn Iúdás Iscariot, eisean agus a chómhluadar beannuighthe; ná braith é lé dhul air d'aghaidh níos faide a g-corthaibh. Óir is feall sin dar d-Tiarna, lé thabhairt air an díchreidmheach, agus air dhuine an t-saoghail so, creidúint tré do dhrochiomchar, nach bh-fuil grásta air-bith lé fághail aguinn ó Shácramuint Choirp Chríosd, do bhrigh go n-deárna tú úsáid chó h-olc sin di. A n-aghaidh sin, fill air lé aithreachas níos mó ná rinne tú ariamh; agus amhail mar Naomh Peadar, bíodh do ghnáth-chuimhne air do pheacaidh na réasún agad lé mí-mhuinighin shíor a bheith agad
asad féin, agus lé dithchioll níos mó a dhéanadh lé thú féin a choinneál ó aontúghadh as so suas, do chathuighthe an Diabhail an t-saoghail agus na co- lainne. SEACHT SAILMEACHA NA H-AITHRIGHE. An Cheud Shailm Aithrigheach. (Ps.vi). Urnaigh Chráibhtheac an Aithrighigh. Roimhghuth. A Thiarna ná cuimhnigh. A Thiarna ná h-imdhearg mé ionn do chutha, agus ná smachtuigh mé ionn d'fheirg. Déan trócaire orm A Thiarna, óir atáim lag; cneasuigh mé, A Thiarna, óir atáid mo chnámha lánbhuartha. Agus atá m'anam buartha go rómhór; acht thusa, A Thiarna, cá fada? Tiontuigh A Thiarna, agus fuasguil m'anam: sábháil mé air son do thrócaire. Óir sann m-bás ní'l éinneach chuimhnighas ort: acht a n-ifrionn cé admhóchas dhuit? d'oibrighas ionn m'éagcaoin, nighfidh mé mo leaba gach oidhche: fliuchfaidh mé m'áit-luighe lé mo dheoraibh. Atá mo shúil buartha tré chuthach: d'éirighas aosta ameasg mo námhaididh go h-uile.
Imthighidh uaim sibhse uile, a oibrighas malluigh- thachd: do bhrigh gur chualaidh an Tiarna go fíor guth mo chaointe. Dochualaidh an Tiarna go fíor m'athchuinigh, do ghlac an Tiarna m'urnaigh. Bíodh náire air mo námhaididh go h-uile agus bídís buartha go h-anmhór; iompuighthar iad agus lasadh siad lé náire go h-anluath. Glóir don Athair, etc. An Dara Sailm Aithrigheach. (Ps.xxxi). An t-Séanmhaircachd a bheith saor ó Pheacadh. Is beannuighthe iad so dá bh-fuil a n-éagcóra maithte, agus ag a bh-fuil a b-peacaidh foluighthe. Is beannuighthe an té, nár chuir an Tiarna peacadh ionn a leith: agus ag nach bh-fuil cealg ionn a spiorad. Do bhrigh go raibh mé am' thosd, d'éirighadar mo chnámha foirfe; an feadh d'éimh mé amach a g-cathamh an lae uile. Óir dobhí do lámh trom orm do ló agus d'oidhche; atá mé iompuighthe ann m'annró, an feadh atá an dealg sáite go daingean. Dothug mé fios dhuit air mo chionta: agus níor chuiras m'éagceart a bh-folach.
Dubhairt mé: admhóchaidh mé a m'aghaidh féin m'éagceart don Tiarna: agus do mhaith tusa mínaomhthachd mo pheacaidh. Air an ádhbhar sin, cuirfidh gach naomhurnaigh chúgad, a n-am thráthúil. Thairis-sin a n-díle uisgidh móra ní thiocfaid a n-gar dhó. Is tú mo dhídean ón d-trioblóid le'r timchiolladh mé: mo luathgháire, saor mé uatha so atá teacht am thimchioll. Bhéarfaidh mé tuigse dhuit, agus múinfidh mé thú ionns an t-sligh so ionn a siúbhalfaidh tú: soc- róchaidh mé mo shúile ort. Ná h-aontuighidh a bheith mar an t-each agus an múile, ag nach bh-fuil innleachd. Lé beulmhach agus lé srian diancheangail a n-gialla so, nach d-tigid a n-gar dhuit. Is iomadúil sgiúrsaidh an pheacaigh: acht béidh trócaire tiomchioll an té chuiras a dhóchas sann d-Tiarna. Bíghídh áthasach sann d-Tiarna agus bíodh luath- gháire oruibh A fhíréana, agus glóruighidh sibhse uile atá díreach a g-croidh. Glóir don Athair, etc.
An treas Sailm Aithrigheach. (Ps.xxxvii). Mínighthar Anacra an Pheacaigh. A Thiarna na h-imdhearg mé ionn do chutha, agus ná smachtuigh mé ionn d'fheirg. Do bhrigh go bh-fuilid do shoighde fastuighthe ionnam, agus do chóneartuighis do lámh orm. Ní'l aon t-sláinte ionn m'fheoil ó aghaidh d'fheirge: ní'l síothcháin ag mo chnámha do bhrigh mo pheacaidh. Óir d'éirighadar m'éagcóra ós mo chionn: agus mar ualach throm atáid déanta trom orm. Do dhreoighadar mo chneadha agus atáid lobhtha, do bhrigh mo bhaoise. d'éirigh mé anacrach, agus atáim cromtha síos go d-tí an deireadh; do shiúbhalas dobrónach air feadh an lae go léir. Óir atáid mo shliasaid líonta lé cluainireachd- aibh; agus ní'l aon fholláine ionn m'fheoil. Atáim buartha agus róumhaluighthe: dorinne mé oillghéim ó éagcaoin mo chroidh. A Thiarna atá gach uile-mhian dá bh-fuil agam ós do chómhair: agus ní bh-fuil m'éagcaoin ceilte uait. Tá mo chroidh fíorbhuartha, do thréig mo neart
mé: agus fós ní'l solus mo shúl féin am fhochair. Mo cháirde agus mo chómursanaidh do than- gadar a n-gar a m'aghaidh agus do sheasadar. Agus iad so dobhí a n-gar dhom, do sheasadar a bh-fad uaim: agus iad so do lorgair m'anam dorinneadar foiréigean. Agus iad so do lorgair oilc dham, labhradar mealltóireachda: agus do smaoinighadar ceal- gachda air feadh an lae uile. Acht mise mar dhuine bhodhar níor chualas: agus mar dhuine bhalbh gan a bheul fhosguilt. Agus dorinneadh mé mar dhuine nach g-cluin- eann, agus ag nach bh-fuil achmhusáin ionn a bheul. Do bhrigh A Thiarna, gur chuiras mo dhóchas ionnadsa: éistfir liom go h-aireach, mo Dhia. Óir a dúbhras: d'eagla a n-am air-bith go n-déanfadís mo námhaidídh gáirdeachas dom thaobh: agus an feadh chóchrithid mo chosa, do labhradar neithe móra orm. Do bhrigh go bh-fuil mé ollmhuighthe lé h-aghaidh sgiúrsaighibh: agus atá mo dhobrón do shíor ós mo chómhair. Do bhrigh go bh-foillseochad m'éagcóir, agus smuaineóchad air son mo pheacaidh. Acht mairid mo námhaididh agus táid cóneart-
uighthe ós mo chionn: agus táid so méaduighthe ag a bh-fuil fuath orm go h-éagcórach. Iad so dothugas olc air son maitheasa, dorinneadar cúlchaint orm: do bhrigh gur lean mé maitheas. Ná tréig mé A Thiarna mo Dhia: ná h-imthigh uaim. Bí claon chum mo chúngnaidh, A Thiarna, Dia mo shlánuighthe. Glóir don Athair, etc. An Ceathramhadh Sailm Aithrigheach. (Ps.l). Urnaigh Chráibhtheach an Aithrighigh. Déan trócaire orm A Dhé: do réir do mhórthrócaire. Agus do réir iomadamhlachda do thruaighmhéil- eachda, sgrios amach m'éagcóir. Nigh mé níos mó ó m'éagcóir: agus glan mé ó mo pheacadh. Óir aithníghim m'éagcóir: agus atá mo pheacadh a g-cómhnuigh ós mo choinne. Ad aghaidhsa amháin do pheacuigh mé, agus rinneas olc ad láthair: ionnus go raibh tú ceart- uighthe ionn do bhriathraibh, agus go m-beirigh tú buaidh an tan thugthar breith ort.
Óir feuch, do gabhadh a m-broinn mé a n-éa- gcóiribh: agus a b-peacaidh do ghabh mo mháthair mé. Óir feuch, do ghrádhuighis fírinne: d'fhoillsigh tú dham neithe neamhchinnte agus foluighthe d'eagna. Craithfidh tú orm lé hissóp agus glanfar mé: nighfidh tú mé, agus béidh mé níos gile na sneachda. Dom éisdeachd bhéarfaidh tú gáirdeachas agus áthas: agus na cnámha umhaluighthe béid luath- gháireach. Iompuigh d'aghaidh ó mo pheacaidh: agus sgrios amach m'éagcóireacha go léir. Cruthuigh croidh glan ionnam A Dhé: agus athnuadhuigh spiorad ceart ionn m'innighibh. Ná teilg air siúbhal mé ó d'aghaidh: agus ná beir do spiorad beannuighthe uaim. Aisig dham áthas do shlánuighthe: agus có- neartuigh mé lé spiorad priúnsabálta. Múinfidh mé do shlighthe don droing éagceart: agus iompóchar an drong mídhiadha chúgad. Saor mé ó fhuiltibh A Dhé, Dia mo shlánuighthe: agus molfaidh mo theanga go h-árd d'fhíréantachd. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh: agus fuagróchaidh mo bheul do mholadh. Óir dá ma mhian leat íobairt, go deimhin
thabharfuinn í: ní bh-fuil dúil agad a n-íobairt loisge. Sé is íobart ann do Dhia spiorad cóbhuartha: croidh aithrigheach umhal, A Dhé, ní tharcuisneochaidh tú. Déan go fábharach, A Thiarna, ionn do dheágh- thoil lé Síon: chum go d-tógfaidh suas ballaigh Ierusalem. Annsin glacfaidh tú íobairt fíréantachda, toir- bhearta agus íobartha loisge iomlána: annsin leagfaidh siad laoghtha air d'altóir. Glóir don Athair, etc. An Cúigeadh Sailm. (Ps.ci). Urnaigh chum oilc an Pheacaidh do chosg. A Thiarna éist m'urnaigh: agus go d-téigh mo gháir ionn do láthair. Ná iompuigh d'aghaidh uaim: gibé air-bith lá a m-béidh mé a m-buaireamh, claon chúgam do chluas. Gibé air-bith lá ionn a n-glaoghfaidh mé ort: éist liom go luath. Óir do leághadar mo laethe mar dheatach: agus atáid mo chnámha críonuighthe mar chonadh. Táim buailte síos mar fheur, agus atá mo
chroidh feoighte: do bhrigh gur dhearmadas m'arán d'ithe. Tré ghuth m'éagcaoine d'fhastuigh mo chnáimh do m'fheoil. Tá mé déanta cosamhuil lé pelican san díoth- ramh: tá mé déanta mar an olchaochán sann áitreamh. d'fhairigh mé, agus tá mé déanta mar ghealún leis féin air mhullach an tigh. Do mhasluighadar mo námhaididh mé air feadh an lae: agus iad so do mhol mé, do mhionnuighadar am aghaidh. Óir duaigh mé luaith mar arán: agus do mheasg mé mo dheoch lé mo dheoraibh. Ó amharc d'fheirge agus d'fhíochmharachda: óir air mo thógáil suas duit, do theilgis síos mé. Do leághadar mo laethe mar sgáil: agus táimse seargtha amhuil feur. Acht tusa A Thiarna cómhnuighir go brách: agus do chuimhniúghadh ó gheinealach go geinealach. Ag éirigh suas dhuit, déanfir trócaire air Shíon: óir is mithid trócaire do dhéanadh uirre, óir tháinic an tam. Óir do thaithnighadar a clocha lé do sheirbhíseach- aibh: agus béidh truaighe acu dá talamh. Agus glacfaidh na náisiúna eagla roimh d'ainim
A Thiarna, agus uile-righthe na talmhan roimh do ghlóir. Óir do thóg an Tiarna suas Síon: agus chífear é ionn a ghlóir. Do thasbáin sé meas d'urnaighthibh an lucht umhail: agus níor tharcuisnigh sé a n-athchuinigh. Scríobhthar na neithe so do gheinealach eile: agus an pobal do chruthóchar, molfaid an Tiarna. Do bhrigh gur dhearc sé anuas ó na árdionad naomhtha: ó neamh do dhearc an Tiarna air an d-talamh. Chum go g-cluinfeadh sé éagcaoinidh an lucht atá cuibhrighthe: chum go sgaoilfadh sé clann na n-daoine básuighthe. Chum go bh-foillseochadís ainim an Tiarna a Síon: agus a mholadh a n-Ierusalem. A g-cruinniúghadh na b-pobal a g-ceann a chéile, agus na righthe chum seirbhíse do dhéanadh don Tiarna. d'fhreagair sé é a sligh a nirt: foillsigh dham ganntachd mo laethe. Ná glaodh airais mé a lár mo laethe: tá do bhlianta ó gheinealach go geinealach. A d-tús do shocruigh tú A Thiarna bunáit na talmhan: agus is iad na flaithis oibreacha do lamha.
Meathfidh siadsan, acht cómhnuigh tusa: agus rachfaidh siad uile a n-aois mar éadach. Agus mar bhrat athróchaidh tú iad agus athróchar iad: acht is tusa féin an té céadna, agus ní mheathfid do bhlianta. Cómhnóchaid clann do sheirbhísigh: agus stiúróch- ar a síol go brách. Glóir don Athair, etc. An Séamhadh Sailm Aithrigheach. (Ps.cxi). Chum go saorfuidh sinn ó choir agus ó pionós. As na doimhneachdaibh d'éimh mé ort A Thiarna: A Thiarna éist lé mo ghuth. Bídís do chluasa claonta chum guth m'impighe. Má thugann tusa, A Thiarna, éagcóra faoi deara: A Thiarna, cé fhulaingeochas? Do bhrigh ad láthairsa go bh-fuil fábhar: agus air son do dhligh d'fheith mé ort A Thiarna. d'fheith m'anam air a bhriathar: do chuir m'anam dóchas annsa Tiarna. Ó fhaire na maine fós go d-tí an oidhche, bíodh dóchas ag Israel annsa Tiarna. Do bhrigh a láthair an Tiarna go bh-fuil tró- caire, agus fuasgla iomadúil ann fhochair.
Agus fuasglóchaidh sé féin Israel: ó na uile mhalluighthachdaibh. Glóir don Athair, etc. An Seachdmhadh Sailm Aithrigheach. (Ps.cxlii). Iarrann an t-Aithrigheach a bheith iompuighthe o shligh an Pheacaidh. A Thiarna éist lé m'urnaigh, tabhair cluas do m'impigh ionn d'fhírinne: éist mé ionn d'fhiréan- tachd. Agus ná téigh a m-breitheamhnas lé do sheirbhís- each: óir ní ceartóchar éinneach beo ionn do radharc. Óir dorinne an námhaid géirleanúint air m'anam: d'ísligh sé m'anam go d-tí an talamh. Dothug sé orm cómhnuigh do dhéanadh a n-dor- chadas, mar an druing atá marbh lé fada: agus atá mo spiorad míshuaimhneach ionnam, tá mo chroidh astigh buartha. Do chuimhnigh mé air laethe na seanaimsire, do mhachnuigh mé air d'oibreachaibh go h-uile: air ghníomharthaibh do lámha bhí mé machtnúghadh. Do shínas amach mo lámha chúgat: atá m'anam dhuit mar úir gan uisge. Éist mé go luath, A Thiarna, do leágh mo spiorad.
Ná h-iompuigh d'aghaidh uaim: agus béidh mé cosamhuil leoso dothéighas síos ionnsa loch. Tabhair dham do thrócaire dochlos air maid- in: do bhrigh gur ionnatsa do chuir mé mo dhóchas. Foillsigh dham an t-sligh ionn a siubhalfuinn: óir d'árduighas suas m'anam chúgat. Sgiob mé ó mo námhaididh, A Thiarna, is chúgatsa do dheifrigh mé: múin dham do thoil a dhéanadh, óir is tú mo Dhia. Treoróchaidh do dheágh-spiorad mé don talamh cheart: air son d'ainime A Thiarna, beodhóchaidh tú mé ionn d'fhíréantachd. Treoróchaidh tú m'anam as anacra: agus ionn do thrócaire léirscriosfaidh tú mo námhaididh. Agus scriosfaidh tú iad so go-huile, do bhuairas m'anam: óir is mise do sheirbhíseach féin. Glóir don Athair, etc. Roimhghuth. A Thiarna ná cuimhnigh ar g-cor- tha, ná cortha ar d-tuismeoiridh, agus ná déan díoghaltas oruinn air son ar b-peacaidh.
LIODÁIN NA NAOMH. A Thiarna, déan trócaire oruinn. A Chríosd, déan trócaire oruinn. A Thiarna, déan trócaire oruinn. A Chríosd, éist linn. A Chríosd, éist linn go grástúil. Athair neamhdha, A Dhé, déan trócaire oruinn. A Mhic Dé, A Fhuasgaltóir an domhain, déan trócaire oruinn. A Spioraidh Naoimh, A Dhé, déan trócaire oruinn. A Thríonóid naomhtha aon Dia amháin, déan trócaire oruinn. A NaomhMhuire, guidh oruinn . A NaomhMháthair Dé, guidh oruinn. A NaomhMhaighdean na Maighdean, guidh oruinn. A Naoimh Mhichíl, guidh oruinn. A Naoimh Ghabriel, guidh oruinn. A Naoimh Ráphael, guidh oruinn . A Aingil agus Árdaingil naomhtha go h-uile, guidhidh oruinn. A NaoimhÓird na Spiordaidh beannuighthe go h-uile, guidhidh oruinn.
A Naoimh Eoin Baisde, guidh oruinn. A Naoimh Ioseiph, guidh oruinn. A Phátriarca agus A Fháigh naomhtha go h-uile, guidhidh oruinn. A Naoimh Pheadair, guidh oruinn. A Naoimh Phóil, guidh oruinn. A Naoimh Andrís, guidh oruinn. A Naoimh Shéamuis, guidh oruinn. A Naoimh Eoin, guidh oruinn. A Naoimh Thomáis, guidh oruinn. A Naoimh Shéamuis, guidh oruinn. A Naoimh Philip, guidh oruinn. A Naoimh Phárthaláin, guidh oruinn. A Naoimh Mhatha, guidh oruinn. A Naoimh Shímóin, guidh oruinn. A Naoimh Thadeuis, guidh oruinn. A Naoimh Mhattiais, guidh oruinn. A Naoimh Bharnabais, guidh oruinn. A Naoimh Lucáis, guidh oruinn. A Naoimh Mharcuis, guidh oruinn. A NaoimhApstoil agus A Shíosgeuluighthe go h-uile, guidhidh oruinn. A NaoimhDheisgiobhail an Tiarna go h-uile, guidhidh oruinn. A NaoimhNeamhchiontaigh go h-uile, guidhidh oruinn.
A Naoimh Stepháin, guidh oruinn. A Naoimh Lauráis, guidh oruinn. A Naoimh Vincent, guidh oruinn. A Naoimh Fhabiain agus Shabatiain, guidhidh oruinn. A Naoimh Eoin agus Phól, guidhidh oruinn. A Naoimh Chosmais agus Dhámiain, guidhidh oruinn. A Naoimh Ghervais agus Phrótais, guidhidh oruinn. A NaoimhMháirtíridh go h-uile, guidhidh oruinn. A Naoimh Shilvesteir, guidh oruinn. A Naoimh Ghregóir, guidh oruinn. A Naoimh Ambróis, guidh oruinn. A Naoimh Aguistín, guidh oruinn. A Naoimh Ieróim, guidh oruinn. A Naoimh Mhártain, guidh oruinn. A Naoimh Nicoláis, guidh oruinn. A Naoimh Phádraic, guidh oruinn. A Easboig agus A Chonfesóiridh naomtha go h-uile, guidhidh oruinn. A Dhochtúiridh naomhtha go h-uile, guidhidh oruinn. A Naoimh Antoni, guidh oruinn. A Naoimh Bhenneit, guidh oruinn.
A Naoimh Bhernaird, guidh oruinn. A Naoimh Dhominic, guidh oruinn. A Naoimh Phróinsíais, guidh oruinn. A Shagairt agus A Levítigh naomhta go h-uile, guidhidh oruinn. A Mhanaigh agus A Dhithreabhaigh naomhtha go h-uile, guidhidh oruinn. A Naomh Mháire Magdaléin, guidh oruinn. A Naomh Agata, guidh oruinn. A Naomh Lúsi, guidh oruinn. A Naomh Agnes, guidh oruinn. A Naomh Shisili, guidh oruinn. A Naomh Chaitilín, guidh oruinn. A Naomh Anastasia, guidh oruinn. A Naomh Bhríghid, guidh oruinn. A Mhaighdeana agus A Bhaintreabhacha naomhtha go h-uile, guidhidh oruinn. A Naoimhfhir agus A NaoimhMhná Dé go h-uile, guidhidh oruinn. Bí trócaireach oruinn. Spáráil sin A Thiarna. Bí trócaireach oruinn. Eist linn go grástúil A Thiarna. Ó n-uile olc, saor sinn A Thiarna. Ó n-uile pheacadh, saor sinn A Thiarna. Ó d'fheirg, saor sinn A Thiarna.
Ó bhás oban agus neamhollmhuighthe, saor sinn A Thiarna. Ó chealgaibh an Diabhail, saor sinn A Thiarna. Ó fheirg ó fhuath agus ó n-uile dhrochaigine, saor sinn A Thiarna. Ó spiorad striapachais, saor sinn A Thiarna. Ó theinnteach agus ó stuirm, saor sinn A Thiarna. Ó bhás shíorruigh, saor sinn A Thiarna. Tré rúindiamhar d'incholannuighthe naomhtha, saor sinn A Thiarna. Tré do theachd, saor sinn A Thiarna. Tré de Bhreith, saor sinn A Thiarna. Tré do Bhaisde agus tré do throsgadh naomhtha, saor sinn A Thiarna. Tré do chrois agus tré do pháis, saor sinn A Thiarna. Tré do Bhás agus tré d'adhlacadh, saor sinn A Thiarna. Tré d'Eiséirigh ghlórmhar, saor sinn A Thiarna. Tré do Dheasghabháil iongantach, saor sinn A Thiarna. Tré Thuirlint an Spioraid naoimh, an comh- fhurtuighthóir, saor sinn A Thiarna. Lá an Bhreiteamhnais, saor sinn A Thiarna. Sinne na peacaigh, impighamaid thú éist linn. Go spárálfá sinn, impighamaidh thú éist linn.
Go maithfá dhúinn, impighamaid thú eist linn. Go n-deonóchfá sinn do threorúghadh chum aithrighe fhírineach, impighamaid thú eist linn. Go n-deonóchfá d'Eagluis naomhtha do rialúghadh agus do chúmhdach, impighamaid thú eist linn. Go n-deonóchfá, an teampoll Apstolta agus an uile órd eagluise do chúmhdach a riaghaltachd naomhtha, impighamaid thú eist linn. Go n-deonóchfá námhaididh d'Eagluise naomhtha d'umhalúgh, impighamaid thú éist linn. Go n-deonóchfá síothcháin agus cómhréiteach do thabhairt do righthibh agus do phrionsaibh chríosdúla, impighamaid thú éist linn. Go n-deonóchfá síothcháin agus aondachd do bhronnadh don phobal chríosdúil go h-uile, impigha- maid thú éist ínn. Go n-deonóchfá sinn féin do neartúghadh agus do chúmhdach ionn do sheirbhís naomhtha, impighamaid thú éist linn. Go n-árdóchfá suas ar n-aignidh chum miana neamhdha, impighamaid thú éist linn. Go d-tabharfá deagh-neithe síorruighe d'ár g-cabhartóirigh uile, impighamaid thú éist linn. Go bh-fuasglóchfá ar n-anama, anama ar n-dearbhráithreacha, ar luchd gaoil agus ar g-cabh- arthóirigh ó dhamnúghadh síorruigh, impighamaid thú éist linn.
Go n-deonóchfá tortha na talmhan do thabhairt agus do chúmhdach, impighamaid thú éist linn. Go n-deonóchfá suaibhneas síorruigh do thabhairt d'anamaibh na bh-fíréan d'imthigh romhuinn, impigh- amaid thú éist linn. Go n-deonóchfá éisteacht linn go grástúil, im- pighamaid thú éist linn. A Mhic Dé, impighamaid thú éist linn. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Spáráil sinn A Thiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Éist linn A Thiarna. A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Déan trócaire oruinn. A Chríosd; éist linn. A Chríosd; éist linn go grástúil. A Thiarna; déan trócaire oruinn. A Chríosd; déan trócaire oruinn. A Thiarna; déan trócaire oruinn. Ar n-Athair, etc. (go h-ísiol). R. Agus ná léig sinn a g-cathúghadh. F. Acht saor sinn ó olc. Amen. Sailm lxix. A Dhé claon chum mo chabhartha: A Thiarna luathuigh chum cúngnadh liom.
Mearuighthar iad agus bíodh náire orthu so, do lorgairid m'anam. Filltar air ais iad agus lasadís lé náire, lé ar mian mo dhíobháil. Iompuighthar amach air a'm-ball iad so a lasadh lé náire, a deiras liom, atá go maith, atá go maith. Bídís so go h-uile áthasach agus luathgháireach do lorgairas thú: agus abradís so a g-cómh- nuigh do ghrádhuighas do shlánúghadh, go móruighthar an Tiarna. Acht atáimse úireasbhach agus bochd: A Dhé cuidigh liom. Is tú mo chuidighthóir agus mo shaoruighthóir: A Thiarna ná déan maill. Glóir don Athair, etc. Mar dobhí ó thús, etc. R. Slánuigh do sheirbhísigh. F. Do chuiras a n-dóchas ionnad, A Dhé. R. Bí do thur nirt aguinn, A Thiarna. F. Ó aghaidh na námhaide. R. Nár bheirigh an námhaid buaidh oruinn. F. Agus ná raibh cumhachd ag Mac na mal- luighthachda díobháil do dhéanadh dhúinn. R. A Thiarna ná déan linn do réir ar b-peacaidh. F. Agus ná déan díoghaltas orruinn do réir ar n-éagcóra.
R. Guidhamaid air son ar b-príomheasboig Gregóir. (Nó, A.B.) F. Go g-cúmhduigh an Tiarna é, go d-tugaidh sé saoghal fada dhó, go n-déanidh sé beannuighthe é air talamh, agus nár thugaidh sé suas é do thoil a námhaididh. R. Guidhamaid air son ar g-cabharthóirigh. F. A Thiarna air son d'ainime, deonuigh beatha shíorruigh do thabhairt, mar luach saothair dóibh so go h-uile dodhéanas maith dhúinn. Amen. R. Guidhamaid air son na bh-fíréan a d'imthigh rómhuinn. F. Suaibhneas síorruigh A Thiarna tabhair dhóibh, agus go soillsigh síor-sholus orthu. R. Go suabhinighid a síothcháin. F. Amen. R. Guidhamaid air son ar n-dearbhráithre nach bh-fuil a láthair. F. A Dhé slánuigh do sheirbhísigh ag a bh-fuil dóchas ionnad. R. Cuir cabhair chucu A Thiarna ó d'ionad naomhtha. F. Agus ó Shíon cúluigh iad. R. A Thiarna éist m'urnaigh. F. Agus go d'téigh m'osna ad láthair.
Guidhamaid. A Dhé, dar b'í do cháilidheachd do ghnáth a bheit trócaireach agus do spáráil, glac ar n-impigh; ionnus go bh-faighamaisne agus do sheirbhísigh go h-uile atá cuibhrighthe lé slabhraigh an pheacaidh, maitheamhnas go trócaireach, as ucht truaidhmhéile do mhaitheasa. Impighamaid thú A Thiarna, éist lé h-ur- naighthibh d'impighthóirigh, agus tabhair maitheamhnas ionn a b-peacaidh dhóibh so admhuighas dhuit iad; ionnus tré d'fhéileachd, go d-tabharfá maitheamhnas agus síothcháin dhúinn. As ucht do thruaighmhéile, A Thiarna, tasbáin dhúinn do thrócaire dolabhartha; ionnus mar sin go saorfá sinn ó ar b-peacaidh go léir, agus go bh-fuasglóchá sinn as na pianta do thuillamar dá g-cionn. A Dhé dá d-tugthar mímhodh lé peacadh, agus lé na n-déantar síothcháin tré aithrigh; tabhair aire go fábharach do urnaighthibh do phobail doghnidhas guidh ort, agus iompuigh uainn sgiúrsaidh d'fheirge do thuillamaid air son ar b-peacaidh. A Dhé shíorruigh agus uilechumhachdaigh, bí trócaireach dod sheirbhíseach Gregóir (no, A.B.) ar b-príomheasbog; agus treoruigh é do réir do cheanáltais, a sligh slánuighthe shíorruighe, ionnus lé
cúngnadh do ghrásta, go ma mhian leis na neithe atá taithneamhach leat, agus go g-comhlíonfadh sé iad lé h-iomlán a nirt. A Dhé ó a bh-fuil naomh-mhianta, ceartchomhair- leacha agus deaghoibreacha; tabhair dod sheirbhísigh an t-síothcháin sin nach féidir leis an t-saoghal do thabhairt; ionnus air m-beith dar g-croidhthe tugtha dod aitheanta, agus eagla na námhaididh tógtha dhínn, go m-beadh an aimsir síothchánta, tré do choimirce. Las, A Thiarna, ar n-dubháin agus ar g-croidhthe lé teine do naomhspioraid, ionnus go n-déan- famais do riar lé colann gheanmnuidh, agus go g-cómhlíonfamais do thoil lé croidh glan. A Dhé, A Chruthuighthóir, agus A Shlánuighthóir na bh-fíréan go h-uile, tabhair d'anamaibh do sheirbhísigh maitheamhnas a b-peacaidh go léir; ionnus lé athchuinighibh cráibhtheacha go bh-faighedís an logha do b'áil leo fhághail a g-cómhnuigh. Impighamaid thú A Thiarna, ar n-gníomhartha do roimhdhíriúghadh lé d'análúghadh naomhtha; agus treo- ruigh iad lé do chungnadh, ionnus go ma uait féin thionsgnóchadaois ar n-urnaighthe agus ar n-oib- reacha go léir, agus go ma thríotsa chríochnóchfar iad. A Dhé shíorruigh agus uilechumhachdaigh, aga
bh-fuil árdréim ós cionn na m-beo agus na marbh; agus aga bh-fuil trócaire dóibh so go h-uile do aithnighir roimh ré gur leat féin a bhéid tré chreid- eamh águs tré dheaghoibreacha; impighamaid thú go h-umhal, iad so ar mian linn ar n-urnaighthe do thairsgint suas air a son, gidhbé chómhnuighid air an t-saoghal so fós a g-colainn, nó gur ghlac an saoghal eile cheana iad as a g-corpaibh, go bh-faigh- adaois tré impigh do naomh, agus tré cheanáltas do chráibhtheachda, maitheamhnas ionn a b-peacaidh go léir, tré do Mhacsa ar d-Tiarna Íosa Chríosd. Amen. R. Go n-éistigh ar d-Tiarna uilechumhachtach agus trócaireach linn. F. Amen. R. Agus go suaibhnighe anama na bh-fíréan a síothcháin, tré thrócaire Dé. F. Amen. AIR AN B-PAIDIRÍN PÁIRTEACH. Faoi an n-gnásmhianach so na cráibhtheachda atáid go sáircheart, dhá ghné urnaighthe, sé sin lé rádh, urnaigh na h-inntinne agus urnaigh an bhéil. Lé athráitibh na smuaintighthe, tugann sé eolus air rúndiamharaibh an chreidimh dóibh so dobhidheas a
n-ainbhfios a d-taobh na fírinnidh slántúla so; agus tugann sé a meamhair dóibh so eile ag a bh-fuil fios riachdanach orthú cheana, na cuimhnidhthe áirdréimeacha so air ghrádh agus air thrócaire Dé air son an duine; an nidh nachar féidir leis an bh-fírchríos- daidh cuimhniúghadh air, gan an charthanachd agus an grádhbhuidheachas so a spreagadh chum Dé, do chuidighas chó mórsin lé ar g-croidhthe do ghlanadh, agus sin féin a dhéanadh taithneamhach ionn a láthair. Tugann sé ócáid dhúinn, mar an g-céadna, dia- bhóideachd specialta do dhéanadh don Mhaighdean bheannuighthe Muire, aga bh-fuil a h-eadarghuidh sár- chumhachtach chum Fuasgaltóra an domhain air son na b-peacaigh bochda. Atá an diabhóideachd so déanta suas de chúig ádhbhair dhéag smuaintighthe, lé a g-cuirthar urnaighthe áirigthe a ghnidhas páirt den diabhóideachd. Roinntar na cúig ádhbhair dhéag so na smuaintighthe, a d-trí g-cinéalaibh do réir mar thigeas aimsir na bliana leo so air a n-glaoghtar, “na rúndiamhara luath- gháireacha,” “na rúndiamhara dólásacha,” nó “na rúndiamhara glórmhara,” ar g-Creidimh. Dá réir sin atá an Advent agus na thiomchal sin, leagtha amach lé h-aghaidh rúndiamhair an ioncholla- nuighthe, agus leo so do bhainas leis, air a n-glaogh- tar “na rúndiamhara luathgháireacha”: mar an
g-céadna, atá an caraos agus na thiomchal sin, leagtha amach chum rúndiamhair Páise ar d-Tiarna, agus leo so do bhainas leis, air a n-glaoghtar “na rúndiamhara dólásacha;” agus atá an Cháisg agus na thiomchal sin leagtha amach chum rúndiamhair an Aiséirigh, agus leo so do bhainas leis, air a n-glaoghtar “na rúndiamhara glórmhara.” Mar so, atá an diabhóideachd so an Phaidirín pháirtigh sár-oireamhneach, má deirthar go ceart é, lé na h-anbhfiosaigh do mhúnadh annsna rúndiamhara priúncibálta ar g-Creidimh naomhtha, agus ní lughaide ná sin, atá a éifeachd a n-árdúghadh an anama Chríosdúil, cé acú bhéadh sé múinte no anbhfiosach, annsna mothuighthe áirdréimeacha so na Diabhóideachda atáid do ghnáth a g-cuideachd lé fíorghrád Dé. Dá réir sin, atá an Diabhóideachd so a mór- thaithigh ameasg na n-daoine Catoilice ann gach uile áit, agus ní bh-fuil sé ameasg aon n-daoine níos mó, ná atá sé ameasg catoiliceacha dílise na h-Éireann.
CORÓIN NA MAIGHDINE MUIRE. An Cheud roinn. Na cúig rúndiamhara luathgháireacha. (Tá an cheud roinn ionráite air gach Luan agus Diardaoin tríd an m-bliain, agus gach lá ón g-ceud Domhnach a n-Advent go d-ti féile Ghlanta na Maighdine Muire.) Rannín. A n-ainim an Athar, etc. Freagra. Amen. R. Dia do bheatha A Mhuire, atá lán do ghrásta, tá'n Tiarna leat. F. Is beannuighthe tú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhronn Íosa. R. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh. F. Agus foillseóchaidh mo bheul do mholadh. R. A Dhé claon chum mo chabhartha. F. A Thiarna luathuigh chum cúngnadh liom. R. Glóir don Athair agus don Mhac, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Amen. Alleluia. (A n-ionad Alleluia, ó Septuagesima go Cáisg abair, “Moladh dhuit A Thiarna, A Righ na glóire síorruighe.”)
An cheud rúndiamhar. Teachtaireachd an Aingil. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar do bheannuigh an t-Aingeal Gabriel, da'r m-banrighan, leis an d-tiodal so, “lán do ghrásta,” agus d'fhoillsigh dhi incholannúghadh ar d-Tiarna agus ar Slánuighthóra Íosa Chríosd. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aonn n-uair amháin). R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhuire naomhtha, A Bhanrighan na maighdean, tré rúndiamhar is áirde an incholanuighthe do Mhic ionmhuin ar d-Tiarna Íosa Críosd, ó'r tionsg- nuighadh ar slánúghadh chó séanmharsin; fágh dhúinn lé d'eadarghuidh, solus tré go n-aithneochamís an mórthiodhlacadh so, do bhronn sé oruinn; ag deonúghadh ann, ar n-dearbhráthair a dhéanadh dhe féin, agus dhíotsa a Mháthair is ionmuine, ár Máthairse mar an g-céadna. Amen.
An dara rúndiamhar. An Chuairt. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, air d-tuigsint don Mhaighdean bheannuighthe Muire ón Aingeal go raibh a siúr Elisabeth torrach, go n-deachaidh sí go luath chum sléibhe Iudea dá fios- rúghadh, agus gur fhann sí na fochair air feadh trí míosa. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean Naomhtha! A scáthán is fírghlaine na h-umhalachda; tré an mhórcharthanachd sin do bhrosduigh thú dul a fiosrúghadh do shiúr bheannuighthe Elisabeth; fágh dhúinne lé d'eadarghuidh go d-tiucfadh do Mhac is naomhtha air cuairt ionn ar g-croidhthe, ionnus air m-beith saor dhúinn, ó n-uile pheacadh, go molfamais, agus go d-tabharfamais buidheachas dó go brách. Amen.
An treas rúndiamhar. Breith ar d-Tiarna Íosa Críosd. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, 'nuair dotháinic am a túismighthe, mar dothug an Mhaighdean bheannuighthe Muire air an t-saoghal so ar bh-Fuas- galtóir annsa meodhan oidhche; agus do leag sí a mainséar é, do bhrigh nach raibh áit dhó ionnsa tigh ósda a m-Bethlehem. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mháthair Dé is fíorghlaine tré do thúismighthe maighdeanúil agus is luathgháirighe, lé a d-tugis d'aonMhac ar Slánuighthóir don domhan, impigha- maid thú, fágh dhúinne lé d'eadarghuidh, grásta chum beatha chó fíorghlan agus chó naomtha-sin do chathadh annsa t-saoghal so, ionnus go sinfamís go luathgháir- each gan sgur do ló agus d'oidhche, trócaireacha do Mhic agus a thiodhlaiceacha dhúinne thríotsa. Amen.
An ceathramhadh rúndiamhar. Ofráil an leinbh Íosa sann d-Teampol. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar d'ofráil an Mhaighdean bheannuighthe Muire, air lá a coisreacan, an leanbh Íosa ionnsa teampol, áit ar ghlac Siméon naomhtha idir a lámhaibh é, ag tabhairt buidheachais do Dhia lé mórchráibhtheachd. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean naomhtha, A Mhaighistrás iongan- tach agus A phátrún an omóis, d'ofráil ionnsa teampol Tiarna an teampoil; fágh dhúinn ó do Mhac grádhach, ionnus mar aon lé Siméon naomhtha agus lé h-Anna déabhodach go d-tiucfadh linn moladh agus glóir thabhairt dhó do shíor. Amen.
An cúigeadh rúndiamhar. Fághail an leinbh Íosa ionnsa Teampol. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar air chailiúint don Mhaighdin bheannuighthe Muire, gan aon chionnta na taobhsan a Mac ionmhuin a n-Ierúsalem, do lorgair sí é air feadh trí laethe, agus dofuair sí é fádheoigh air an treas lá ionnsa teampol ameasg na n-dochtúirigh ag diosbóireachd leo, air m-beith dhó a n-aois a dhá bhliain déag. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aonn n-uair amháin). R. Dia do bheatha A Muire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean fhírbheannuighthe, níos mó ná mair- tír ann d'fhulang, agus fós compórd luchd a n-dobhróin, tré an luathgháire dolabhartha sin, lé nar líonadh d'anam air bh-fághail do Mhic ghrádhaigh ionnsa teampol ameasg na n-dochtúirigh ag dios- bóireachd leo; fágh dhúinn uaidhe grásta go d-tiuc- fadh linn air an modh sin, eision do lorgarúghadh agus
d'fhághail ionnsan Eagluis naomhtha Catoilice ionnus nach sguirfidh sinn uaidhe go brách. Amen. An “Salve Regina”. Go m-beannuighthar dhuit A Bhanrighann, a Mháthair na trócaire, ar m-beatha ar millseachd agus ar n-dóchas; is ortsa do ghlaoghamaid mar chlann bhocht dhíbeartha Eva; is chugadsa chuiramaid suas ar n-osnaidhthe ag gul agus ag caoidh annsa n-gleann so na n-deor: air an ádhbhar sin, O Adhvocáid is grástúla, iompuigh do shúile trócaireacha oruinne; agus tar-éis ar n-díbirt annso, tasbáin dhúinn tor- adh beannuighthe do bhronn Íosa, A Mhaighdean cheannsa, chráibhtheach, mhilis Mhuire. R. Guidh oruinn A NaomhMháthair Dé. F. Ionnus go n-déanfuidh fiúntach sinn chum geallamhnacha Chríosd d'fhághail. Guidhamaid. A Dhé síorruigh agus uilechumhachdaigh d'ollmhuigh lé cómhoibriúghadh an Spioraid Naoimh colann agus anam na Maighdine glórmhaire Muire, chum bheith na h-áras oireamhnach dod Mhac; tabhair tré na h-eadarghuidh chráibhtheachsan air a g-cuimhnighamaid lé gáirdeachas, go saorfuidh sinn ó gach olc sann am aláthair, agus ó bás shíorruigh. Tré an g-Críosd chéadna. Amen.
Éist, A Dhé thrócairigh lé h-urnaighthibh do sheir- bhísigh, ionnus sinne do chruinnighas a g-ceann a chéile a g-cómhluadar na corónach páirtighe is naomhtha na Maighdine beannuighthe Máthair Dé, go m-beidh- mís tré na h-eadarghuidh, saor ó na dainseuraibh atá ós ar g-cionn do ghnáth. Amen. A Dé ó sé do Mhac éingheinte lé na bheatha, lé na bhás, agus lé na aiséirigh, do cheanuigh dhúinne luach saothair na beatha síorruigh: tabhair dhúinne impighamaid thú, air smuaintiúghadh dhúinn air na rúndiamharaibh so annsa g-coróin pháirteach is naomhtha na Maighdine beannuighthe Muire, go d-tiucfadh linn na neithe do chialluighid chur a n-gníomh, agus na neithe d'fhághail a gheallaid: tré an g-Críosd chéadna ar d-Tiarna. Amen. Liodáin na Maighdine etc. T.49. CORÓIN NA MAIGHDINE MUIRE. An Dara Roinn. Na cúig rúndiamhara dólásacha. (Tá an dara roinn ionráite air gach Máirt, agus air gach Aoine thríd an m-bliain, agus air na Domhnaigh sann g-Caraos.) Rannín. A n-ainim an Athar, etc. Freagra. Amen.
R. Dia do bheatha A Mhuire, atá lán do ghrásta, tá'n Tiarna leat. F. Is beannuighthe thú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhronn Íosa. R. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh. F. Agus foillseóchaidh mo bheul do mholadh. R. A Dhé, claon chum mo chabhartha. F. A Thiarna, luathuigh chum cúngnadh liom. R. Glóir don Athair, agus don Mhac, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Amen. Allelúia. An cheud rúndiamhar. Allus fula ar Slánuighthóra annsa n-gáirdín. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar do bhí ar Slánuighthóir Íosa Críosd chó h-anacrach sin air ar sone a n-gáirdín Ghetsemani, go raibh a cholann foluighthe lé allus fula, do rith síos ag tuitim 'na mórbhraonaibh air an d-talamh. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire) F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc.
Guidhamaid. A Mhaighdean fhíornaomhtha, níos mó ná mairtir, tré an urnaigh dhíograsach d'ofráil do Mhac ion- mhuin suas chum a Athar annsa n-gáirdín; deonuigh eadarghuigh a dhéanadh air ar sone, ionnus air m-beith dar n-anmhianta claoite faoi omós réas- úin, go n-aontóchamaois agus go n-umhalóchamaois sinn féin a g-cómhnuigh ann gach nidh, faoi thoil naomhtha Dé. Amen. An dara rúndiamhar. Sgiúrsáil ar d-Tiarna ag an b-Piléir. An Smuaintiúghadh. Smuainidhamaidh annsa rúndiamhar so, mar do sgiúrsáladh ar d-Tiarna Íosa Críosd go ró dhúismionta a d-tigh Philóid. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc., (deich n-uaire) F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mháthair Dé, A Thiobruid shárlíonta na faighide, tré na búillidh do dheonuigh d'aon-Mhac is
ionmhuine d'fhulang air ar sone; fagh uaidhe dhúinne grásta, ionnus go m-béadh fhios aguinn cionnas do smachtóchamaois ar n-anmhianta, agus go n-gearrfamaois uainn an uile ócáid peacaidh, lé cloidheamh an dóláis agus na truaighmhéile dochuaidh tré d'anam fírmhín. Amen. An treas rúndiamhar. Córóiniúghadh ar Slánuighthóra lé deilgnibh. An Smuaintiúghadh. Smuainighmaidh annsa rúndiamhar so, mar d'fhígh- adar an lucht freasdail dúismionta úd Shatain, coróin do dheilgnibh géara, agus mar d'fháisgadar go ródhúismionta í air cheann ar d-Tiarna Íosa Críosd. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mháthair ar b-Prionnsa shíorruigh, agus righ na glóire; tré na deilgne géara so dochuaidh tré na cheann fíornaomhtha, impighamaid thú; go rabha-
maid tré d'eadarghuigh saortha annso ó n-uile ghluas- achd uabhair, agus a lá an bhreitheamhnais ó'n náire úd do thuillid ar b-peacaidh. Amen. An ceathramhadh rúndiamhar. Íosa ag iomchar na Croise. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaidh annsa rúndiamhar so, iar m-beith d'ar d-Tiarna Íosa Críosd teilgthe chum báis, mar d'iomchair sé leis an bh-foighid is iongantaighe, an chrois do cuiradh air, chum méadúghadh a phianóis agus a tharcuisne. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean naomhtha, A Shompla na faighde tré iomchar is pianmhaire na croise air ar iomchair do Mhac ar d-Tiarna Íosa Críosd tromualach ar b-peacaidh, fagh uaidhe tré d'eadairghuigh, meisneach agus neart chum a loirg do leanúint, agus ar g-crois d'iomchar na dhiaigh go críoch ar m-beatha. Amen.
An cúigeadh rúndiamhar. Céasadh ar d-Tiarna Íosa Críosd. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, air d-teachd d'ar d-Tiarna Íosa Críost go sliabh Chalvari, mar do nochdadh é dá chuid éadaigh, agus mar do fastuigheadh a lámha agus a chosa lé táirnighibh go rodhúismionta don chrois, ós cómhair a Mháthar an-dólásach. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin.) F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhuire naomhtha, A Mháthair Dé, do réir mar dobhí colann do Mhic ghrádhaigh árduighthe air an g-crois air ar sone, go raibh mar an g-céad- na, ar mianta gach lá níos mó na chéile, méad- uighthe amach ionn a sheirbhís, agus ar g-croidhthe gointe lé truaighmhéil dá ghéarpháis; agus thusa A Mhaighdean fhírbheannuighthe, deonuigh go grástúil tré
d'eadarghuidh chumhachtach, cúngnadh linn chum oibre ar slánuighthe do ghnothúghadh. Amen. An “Salve Regina,” T. 183. Liodáin na Maighdine, etc. T. 49. CORÓIN NA MAIGHDINE MUIRE. An Treas roinn. Na cúig rúndiamhara glórmhara. (Tá an treas roinn ionráite air gach Céadaoin agus Satharn thríd an m-bliain; agus air na Domhnaigh ó Cháisg go h-Advent). Rannín. A n-ainim an Athar, etc. Freagra. Amen. R. Dia do bheatha, A Mhuire, atá lán do ghrásta, tá'n Tiarna leat. F. Is beannuighthe thú idir mhnáibh, agus is beannuighthe toradh do bhronn Íosa. R. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh. F. Agus foillseóchaidh mo bheul do mholadh. R. A Dhé, claon chum mo chabhartha. F. A Thiarna, luathuigh chum cúngnadh liom. R. Glóir don Athair, agus don Mhac, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Amen. Allelúia.
An cheud rúndiamhar. Aiséirigh Chríosd ó mharbhaibh. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, air m-buadhúgadh dar d-Tiarna Íosa Críosd go glór- mhar air an m-bás, mar d'éirigh sé dómharbhtha agus dófhulangtha. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean ghlórmhar Mhuire, tré an luathgháire dólabhartha do ghlac tú a n-aiséirigh d'éinMhic ion- mhuin; impighamaid thú, fagh uaidhe dúinne, gan ar g-croidhthe dhul air seachrán a n-diaigh aoibhnis bréagacha an t-saoghail so, acht go m-béidís do ghnáth ag leanúint fíoraoibhnis shubstainteacha na bh-flaitheas. Amen. An dara rúndiamhar. Deasghabháil Chríosd air neamh. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar
dochuaidh ar d-Tiarna Íosa Críosd da fhichead lá tar-éis a aiséirigh suas air neamh, fríothóilte lé h-ainglibh, a radharc a Mháthar is naomhtha, a Aps- toil, agus a Dheisciobail, lé na mór-iongantais go h-uile. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús. etc. Guidhamaid. A Mháthair Dé, A Shóláis na n-dobrónach, mar do thóg do Mhac grádhach air n-dul suas dó air neamh a lámha, agus do bheannuigh a Apstoil; deonuigh mar an g-céadna, do lámha fíorghlana do thógáil suas chuige air ar sonne, ionnus go sealbhóch- amais tairbhe a bheannachda agus do bheannachda féin anis air talamh, agus na dhiaigh so air neamh. Amen. An treas rúndiamhar. Tuirlint an Spioraid Naoimh air na Deisciobail. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, air
m-beith dar d-Tiarna, Iosa Críosd na shuigh air dheisláimh Dé, mar do chuir anuas uaidhe an Spiorad Naomh air na h-Apstoil do réir a gheallamhna; noch d'fhill go h-Ierusalem tar-éis a dheasghabhála, agus do chómhnuigh siad a n-urnaigh agus a n-athchuinigh mar aon leis an Maighdean Mhuire, ag feitheamh cómhlíonadh a gheallamhna. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean Naomhtha, A Thabarnacail an Spioraid Naoimh! fágh dhúinne, impighamaid thú, lé d'eadarghuigh cumhachtach, go n-déanfadh an Cómh- fhurtuighthóir fírmhilis do chuir do Mhac ionmhuin anuas air na h-Apstoil, dá líonadh lé gáirdeachas spioradálta, sinne do threorúghadh air an t-saoghal so, a sligh cheart an t-slánuighthe, agus go stiúróchfadh sinn a g-cosáin na subháilce agus na n-deághoib- reacha. Amen.
An ceathramhadh rúndiamhar. Tógáil na Maighdine beannuighthe Muire air neamh. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, mar d'imthigh an Mhaighdean ghlórmhar dhá bhliain déag taréis a Mic as an t-saoghal so chuige, agus mar do ghlac sé asteach annsna flaithis í, a g-cuideachd na n-aingeal naomhtha. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Mhaighdean fhírchríona air n-dul dhuit asteach a b-pálás na bh-flaitheas, do líon na h-aingil naomhtha lé gáirdeachas agus an cine daona lé dóchas; deon- uigh eadarghuidh a dhéanadh air ar sonne air uair ar m-báis; ionnus air m-beith dhúinn saor ó chluainir- eachdaibh agus ó chathuighthibh an Diabhail, go d-téigh- maid go luathgháireach as an staid aimsire so, chum sealbhúghadh aoibhnis na beatha síorruigh. Amen.
An cúigeadh rúndiamhar. Coróiniúghadh na Maighdine beannuighthe ionnsna flaithis. An Smuaintiúghadh. Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, mar do chuir a Mac coróin is lonnraighe na glóire air an Maighdean ghlórmhar Muire, lé mór-luathgháire agus úrgháirdeachas cúirte na bh-flaitheas go h-iom- lán agus lé glóir specialta na naomh go h-uile. R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin). F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin). R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire). F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire). R. Glóir don Athair, etc. F. Mar dobhí ó thús, etc. Guidhamaid. A Bhanrighan ghlórmhar na g-cathraightheach neamh- dha go h-uile, impighamaid thú, glac an choróin so, ofrálamaid faoi do chosa, mar choróin do rósaibh; agus tabhair A Bhanrighan ghrásthúil, tré d'eadar- ghuidh go m-bedís ar n-anama lasta lé teas-mhian chó mórsin lé d'fheiscint corónuighthe chó ghlórmhar so, ionnus nach meathfadh an mían so ionnainn go brách nógo m-béadh sé aisdrighthe chum seilbh séanmhair do radhairc bheannuighthe air neamh. Amen. An “Salve Regina.” T. 183. Liodáin na Maighdine. T. 49.
COMHAIRLE CRÍOSDÚIL DÓIBH SO AGA BH-FUIL CÚRAM AIR DHAOINE TINNE, NÓ ATÁ NA D-TIMCHIOLL. Ní bh-fuil aon chás ionna bh-fuil carthanachd tasbáinte chó mór, agus dá bhrighsin ó bh-fághann duine luaidheachd chó glórmharsin, is atá sé foill- sighthe a g-cás tinnis, na d-taobh so aga bh-fuil cúram air dhaoine tinne. A g-cás tinnis, ós cionn gach cás eile, ni'l fios ag an duine thinn, ní féidir dhó fios a bheith aige, godé atá fírcheart dhó a d-taobh a mhaithis spioradálta nó saoghalta. Tá sé air feadh an ama, a staid níos measa ná leanbhaidh- eachd; óir do b'fusa an leanbh a riar. A d-tinneas, tá an duine tasbánta mar chréatúr shuarach gan cumas aige cabhair thabhairt dhó féin, faoi láimh smach- dúil an Chruthuightheora. Cuirann tinneas, mar theacht- aire an bháis, a g-cuimhne dhó, cébé airbith a chéim sann t-saoghal, an cómhionannachd nadúrtha sin atá ameasg chlain Adhaimh go h-uile, agus tugann sé air admháil, go bh-fuil sé a leith cúngantaidh a chóchréatúra, an nidh do chuir an Dia uile-eagnach, ar g-Cruthuightheoir air bun, mar thiobraid dóthráighte ar g-carthanachda chum a chéile. A g-cás tinnis dá bhrigh sin, atá ar g-cómhothuighthe
go léir a g-carthanachd agus a n-daonachd bros- duighthe: agus godé an luach saothair atá leagtha amach a cómlíonadh subháilce eile, ní bh-fuil mórán smuaintiúghadh riachtanach don fhírchríosdaigh a bheith lán-chinnte, go bh-fuil an duais atá leagtha amach a n-gnás carthanachda agus a chó-shubháilce daon- achda sárluaidheachdach, a g-cás aire thabhairt don duine thinn. Amhail mar bheadh duais agus luach saothair dóibh so, do chómhlíonas go dílis an oib- liogáid thabhachdach so a curthar orthu lé roimhradharc Dé, air feadh a g-cúraim a d-taobh a n-dear- bhráithre tinne; is amhlaidh a bheidheas, air an láimh eile go fírchinnte, a g-coir agus a b-pianós, má faghthar iad a radharc Dé, neamhdhílis agus neamh- aireach dá g-cúram. Tá infhreagarthachd air a leitheide so do dhaoinibh chó h-anmhór sin, go ma cheart dóibh air a d-taobh- san, smuaintiúghadh air na riaghlacha Críosdúla so leanas. 1. Ba cheart comhairle a thabhairt don té air a leagann Dia tinneas trom, go n-glacfadh sé a thinneas mar thiucfadh sé ó láimh Dé, lé é féin a thabhairt suas go h-iomlán don toil neamhdha, agus mar cheart-phianós air son a pheacaidh. Ba cheart comhairle a thabhairt dhó, e féin ofráil go minic do Dhia, agus grásta iarraidh, go m-féidir
leis a anróite d'fhulang go foighdeach, agus a fhul- aingthe a naomhúghadh lé na g-cur a g-ceann, ful- aingtibh Chríosd a Shlánuightóra air an g-crois, tré Chreideamh Dóchas agus Carthanachd; agus mar an íobairt atá do dhualgas air, a ofráil do Dhia air son a pheacaidh. 2. Ba chóir cur a g-cuimhne dhó, go ma cheart dó, cúntas a thabhairt dá thréaduigh spioradálta dá thaobh a n-am thráthúil, ionnus go g-cuirfeadh sé a n-ordúghadh na neithe bhaineas dá anam; nidh atá go mór níos fusa a dhéanadh a d-túis tinnis ná na dhiaighsin n-uair a dhéanfadh méadúghadh an ghalair nó nádúir an leighis, an duine tinn neamhoireamh- nach, chum gnothuidh chó trom sin a shocrúghadh. Ba cheart cur a g-cuimhne dhó, gur pianós air son peacaidh an tinneas; agus dá bhrigh sin, go n-umh- luighann Dia go minic uabhar an duine lé tinneas a thabhairt air, ionnus tré aithrigh go slánochaidh a anam; air an ádhbhar sin, gur croidhbhrúghadh fírin- neach agus deághfhaoisdin an t-aon mhodh amháin lé a n-athruighthar an fhearg dhiadha, agus lé a d-tugthar air ais go minic an duine tinn chum a shláinte. 3. Do réir aoise nó éagcruais an easláin; nó do réir a leitheide sin do neithibh eile bhainas don g-cás, agus do chuirfeadh a g-ciall do dhuine
go bh-fuil riachdanas lé tiomna a dhéanadh; ba chóir, mar an g-céadna, a leitheide do thiomna a dhéanadh, d-tús an tinnis; ionnus iar socrúghadh dhó gach curáim saoghalta, mar so go m-beadh an t-easlán níos saoire chum a aire go léir thabhairt do ghnóthuidh spioradálta a anama gan aon bhuaireamh nó mhíonós eile. Chum so a dhéanadh ba cheart do cháirdibh an duine thinn aga bh-fuil maoin lé socrúghadh, cómhairle agus seirbhís fir dlighe eolasaigh agus críona a fhághail; ionnus go m-beadh an tiomna déanta go ceart do réir dlighe. Óir thárla go minic, tré easbhaidh cómhairle don t-sórt sinn, go d-táinic dligh- eadh agus cosdas anmhór, go raibh maoin sgiobtha air siubhal ó na h-oighrighibh dlisteanacha, agus bunaidh da bharr sin leagtha síos a m-bochdaineachd. 4. Ní ceart go meallfuidh an t-easlán lé cáirdibh fallsa a déarfadh leis tré na m-buntáiste féin, nó tré chineáltas fallsa, go bh-fuil a thinneas éadtrom, n-uair atá sé dainséarach. Ba chóir fios a thabhairt dhó ann am, a d-taobh fíorstaide agus nádúire a thinnis, agus gan a bheith meallta lé súil maireachdain dó, n-uair nach bh-fuil aon chosamhlachd mhór air. A n-aghaidh sin, ba cheart cómhairle a a thabhairt dhó, an úsáid is fearr do dhéanadh den aimsir sin, b'féidir a bheadh dhósan na aimsir
dhéaghanach, agus air a g-comhnóchadh a shíorruigh- eachd. 5. Ní ceart léigeant do luchd cuairte, a thigeas do réir gnáis, trioblóid a chur air, ná a bhuair- eadh lé comhradh saoghaltá air bith, chó fada is sé baramhail an doctúra thuigsionaigh go bh-fuil a chás gan dóchas; sann g-cás sin, ni ceart aon chon- bhearsáid eile bheith labhartha ionn a láthair, acht mar bhaineas lé Dia agus lé neithibh spioradálta. 6. A d-taobh an chúraim a tugthar don duine thinn, lé mnáibh freasdail, nó leo so ag a m-bidh- eann aire air dhaoine tinne: ba cheart dóibh, go n-aireoghdís mar a d-tromoibliogáid, aire thabh- airt go dúrachdach dona h-orduighthe a ghlacaid ón dochtúir cheart atá a bh-freasdal. Óir ní hé amháin go bh-fuil saoghal an duine thinn a leith a friothhóilmhe cirt ann a leitheide so do chásaibh, acht muinínn shaoghalta na muintire; agus rud atá níos mó ná sin féin, is féidir gur minic bhidheas slánúghadh anama an duine thinn air a athshláinte a g-cás- aibh áirighthe, agus darnóidh, is do réir an fhrióthoilmhe tugthar dhó fhághas sé aisiog a shláinte: agus air a son so go h-uile, atá siad so ag a bh-fuil cúram air dhuine thinn, freagarthach do Dhia agus don t-saoghal. 7. Urnaigh noch atá ionráite ann gach uile am,
atá sé go specialta riachdanach air feadh tinnis; mar aon leis an bh-feirg dhiadha d'iompóghadh, agus leis an duine thinn a choineál suas ionn a fhuil- ingthibh ann a leiteide sin do chruth, a n-aghaidh ionnsuighthibh a námhaididh spioradálta. Ba cheart annsin na h-urnuighthe so a leanas, nó urnaighthe don t-sórt sin a radh air a shon, agus ionn a ainim. Ba cheart céasa do chur as a chuine, ionnus go smuaineochadh sé a g-cómhnuigh air Pháis a Shlánuigh- thóra; ionnus go ma mhian leis go cráibhtheach go m-béidheadh a pheacaidh cumailte amach lé na fhuil; agus go bh-faigheadh sé ó Dhia spiorad na fíraith- righe, lé smuainiúghadh air an méid a d'fhulaing a Shlánuighthóir chum eision do shaoradh ó'n t-síar- ruighachd anacrach, agus chum réiteach a dhéanadh idir eision agus a Chruthuighthóir. Is féidir an rádh díabhódach úd Naoimh Augus- tin a chur a g-cuimhne dhó lé tairbhe da anam; “Nár cheart do Chríosdaigh air bith, cur roimhe bás d'fághail a staid air bith eile, acht a staid an aithrighigh.” URNAIGHTHE LÉ RÁDH AIR SON AN DUINE THINN, AGUS IONN A AINIM. A Íosa mhilis! ní mian liom beatha ná bás, acht do thoil naomhthasa do dhéanadh! Is tusa amháin
A Thiarna, lorgairim: bíodh sé damhsa do réir do thola; má is mian leat A Íosa! go bh-faighfhinn bás, glac m'anam; má's toil leat, go mairfinn níos faide, tá rún agam lé cúngnadh do ghrásta, an chuid eile dom shaoghal a chathadh lé buntáiste níos mó, agus chum sástaidh a thabhairt air son a n-deach- aidh thort, leis an g-cuid eile do mo laethibh naomh- úghadh ionn do sheirbhís dhiadha, tré árdúghadh d'ónora agus do ghlóire do réir mo dhithchill. O Íosa thrócairigh! mo neart, mo chompórd, agus m'aoibhneas; mo chosantóir, agus m'fhuasgal- tóir; ionn ar chuiras mo dhóchas, ionn ar chreidas, agus do ghrádhuighas; mo thur nirt, mo mhuinín ó mo náoidheántachd; treoruigh me a m-beatha, a d-tinneas agus a m-bás, n-uair is sé do thoil dhiadha é do ghlaoghach orm, freagróchaidh mé thú. A Chruthuighthoir neimhe agus talmhan! sín amach do lámh cumhachtach chum oibre do lamha féin; is mise do chréatúr; lé do dhligh agus lé do thoil do gabadh mé a m-broinn mo Mháthar; tré do thoil do mhair mé go d-ti an uair so; agus má sé do thoil é anis nach raibh am damhsa níos faide, go n-déantar do thoil naomhtha; nochta dotháinic mé asteach san t-saoghal so, agus nochta chaithfeas me a dhul amach as; go ma beannuighthe ainim an Tiarna. Tar A Thiarna, agus ná déan maill! Atá
miangus agam a bheith dealuighthe agus a bheith a bh-fachair Chríosd. Cé shaorfas mé ón g-corp marbh- thach so? Ó! is thríotsa, A Íosa mhilis, m' Fhuas- galtóir, a chuirfas an cholann thruaillighthe so neamh- thruailligheachd uirthi, agus a chuirfas an corp marbhthach so neamh-mharbhthachd air. Creidim go maireann m'Fhuasgaltóir, agus air an lá déaghanach go n-éireochaidh mé ón talamh; agus ann mo cholann féin go bh-feicfidh mé Dia m' Fhuasgaltóir, agus ann mo cholann féin go bh-feicfidh mé mo Shlánuighthóir; agus eision go bh-feicfidh mé féin é, agus ní éinneach eile, agus go bh-feicfidh mo shúile féin é. Fosguil annsin, A Shlánuighthóir an domhain, geataidh fhlaithis do m'anam; agus amhail théidhas mo chorp síos sann uaigh, go d-téidh mo spiorad suas air neamh; ionnus air feadh atá mo cholann airna leághadh chum na h-úire dá m-baineann sí, agus go suaibhnidh sí annsa tuama nógo d-ti do dhara theacht; go raibh m'anam déanta sólásach lé do láithreachd naomhtha annsa n-áit sin ionna bh-fuil aoibhneas, do cheanuigh tú dhamhsa lé do bhás air an g-crois. Acht cé h-é mise, a ghlachfadh orm féin labhairt air an modh so? Ní'l ionnam acht luaithreadh agus luaith! Faraor tá mé go mór níos measa, atá mé mo pheacach. Do gabhadh mé, do geinadh mé,
dorugadh mé, agus do h-oiladh mé a b-peacadh. Do chaith mé mo shaoghal a b-peacadh, dobhí mé mo dhaoránach do bhaoisibh agus do dhíomhaoineasaibh an t-saoghail; dorinne mé failligh dod sheirbhís; do chuir mé air neamhshuim na dualgais go léir ba toil leat a thabhairt dham do chómhlíonadh tré do roimhradharc. Cé h-é mise annsin go n-glacfuinn orm féin labhairt lé mo Thiarna? dá mhéad dá bh-fuil mé anacrach dom thaobh féin, is mé sann am chéadna, luach d'fhola féin! agus is tusa feoil dom fheoil, agus cnáimh dom chnáimh! Is tu m' Fhuas- galtóir, agus do gheall tú trócaíre dóibh so do chuiras a n-dóchas ionnat: ionnatsa A Thiarna, do chuir mé mo dhóchas agus ní bhéidh adhnáire orm go brách. Glaoghim ort go róumhal, trócaire do dhéan- adh orm; má is mithid go n-iompóchadh luaithreadh go luaithreadh, godé an chaithréim dhuitse A Thiarna, go n-daorfuidh mé? Tá mé ós do chomhair níos lugha ná lóchán air aghaidh na gaoithe; béidh mé go gairid mo bhiadh do phéistibh; gidh, do chosain m'amam go leor dhuit; air son d'ainime annsin, A Fhuasgaltóir ionmhuin, ná cailltar m'anam; éirigh A Thiarna agus cuidigh liom, agus ná teilgthar air siubhal mé go brách. Maith dom mo pheacaidh, A Thiarna, óir atá doiligheas croidh fírinneach orm air a son; do ghlac tu
colann dhaona, A Fhuasgaltóir ionmhuin tré ghradh don chineadh daona; agus faoi cholann dhaona ba toil leat do dhiadhachd d'fholúghadh, ionnus nach m-béadh faitchíos oruinn do dhul d'ionsuigh do mhórdhachd chritheaglach. Airighim annsin, nach cóir faitchíos a bheith orm a dhul d'ionsuigh mo dhearbhrathair féin annsa g-colainn, mo Shlánuighthóir, mo charaid ion- mhuin, céile m'anama, agus mo chuid go brách. ASé an saoghal so m'áit dhíbeartha; is a bh-flaith- eas ata m'fhíordhúithche, agus ní'l aon nidh thoir- misgas mé ó dhul asteach ann m'áit chómhnuighe nádúrtha acht mo pheacaidh. Déan trócaire orm annsin, A Thiarna, do réir do mhórthrócaire; agus do réir iomadamhlachda do thruaighmhéileachda, sgrios amach m'éagcóir. Aisig dham áthas do shlánuighthe, agus déan go fábharach lé Síon, chum go d-tógfuidh suas ballaidh Ierusalem. Is roinn mé den g-ceanuigheachd úd dorinne tú air an g-crois, A Thiarna Íosa is ionadhruighthe! air mo shonsa do dhóirt tú d'fhuil is mórluaighe! Ó! na raibh sí dóirte gan torradh dhamhsa! ná teilg mé uait, gidh anacrach atá mé dom thaobh féin, air m-beith dham mo luach saothair d'fholasa, éirighim mo dhíol carthanachda ionn do radharc: O! dearc anuas orm lé truaighe agus cómhothúghadh. Iompuigh d'aghaidh air siubhal ó mo pheacaidh; agus sgrios amach m'éagcóireacha go léir.
Faraor! Atá mé mar an chaora úd dochuaidh air seachrán noch do lorgaras tú, A Thréadaigh mhaith! tabhair air ais mé chum do chró; ionnus go raibh tú ceartuighthe ionn do bhriathraibh; óir a dúbharas, “gibé air bith lá iompóchar an peacach ó na pheacaidhibh, agus go n-déanfhadh sé aithrigh air a son, slán- óchar é.” O! an feadh fhághaim bás nádúrtha an chinidh daona, an feadh a théighim a sligh gach uile fheola, go bh-faghaidh mé bás na bh-fíréan, agus go raibh mo chrích dhéaghanach cosamhail leo- san: gidh go bh-faghad bás don t-saoghal so, go mairidh mé go brách dhuitse: gidh go n-dúnad mo shúile do sholus nádúrtha an t-saoghail so, O! go bh-fosgluidh siad air sholus níos lonnraighe na glóire síorruighe. A Dhé! A Athair na trócaire! Do pheacuigh mé ann d'aghaidhsa, agus a n-aghaidh neimhe, agus ní fiú mé do mhac do ghairim dhíom; déan mé mar aon dod luchd tuarusdail is ísle. Ná déan liom do réir mo pheacaidh; agus ná tabhair dham do réir m'éagcóireacha. As ucht do thruaighe, dearc anuas air son noch a d'fhuasgail do mhac. Cromim síos lé aontúghadh faoi do lámh smachdúil. Toiligh an íobairt so do ghlacadh doghnidhim dhuit do mo bhuaireamh, a ofrálim dhuit mar shíoth air son mo pheacaidh iomadúla; ofrálim é a n-éinneachd le fulaingibh mo
Slánuighthóra air an g-crois. Ó! glac é, agus coisreac é, agus mé féin mar an g-céad- na, ionnus iar n-dul dham thríd dhearbhachd tinnis agus báis lé omós dod cheart-bhreitheamhnasaibh agus dod orduighthe eagnacha, go d-téigh mé saor ó bhás shíor- ruigh, agus go bh-faghaidh mé flaitheas tré luaidheachda mo Shlánuighthóra Íosa Críosd. Déan go fábharach liomsa annsin A Thiarna, do réir do dheaghthola, ionnus ameasg do luchd toghtha go molfuinn agus go d-tabharfuinn glóir dhuit tré shaoghal na saoghal. Amen. LIODÁIN DO DHAOINE TINNE. A Thiarna; déan trócaire air (no uirre). A Chríosd; déan, etc. A Thiarna; déan, etc. A Dhé, an t-Athair, Cruthuighthóir an domhain; déan, etc. A Dhé, an Mac, Fuasgaltóir an chinidh daona; déan, etc. A Dhé, an Spiorad Naomh, Coisreacthóir na druinge toghtha; déan, etc. A Thríonóid Naomhtha, aon Dia amháin a d-trí b-pearsanaibh; déan, etc.
A NaomhMhuire; guidh air (nó uirre). A Aingil, agus A Árdaingil naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Abeil naomhtha; guidh, etc. A Chuideachda naomhtha na bh-fíréan go h-uile; guidhidh, etc. A Abrahaim naomhtha; guidh, etc. A Eoin naomhtha Baisde; guidh, etc. A Phatriarca, agus A Fháigh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Pheadair, agus A Phóil naomhtha; guidhidh, etc. A Andriais, agus Eoin naomhtha; guidhidh, etc. A Apstoil, agus A Shíosgeuluighthe naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Dheisgiobail naomhtha ar d-Tiarna go h-uile; guidhidh, etc. A Neamhchionntaigh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Steapháin, agus A Labhráis naomhtha; guidhidh, etc. A Mhairtíridh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Shilbhestir agus A Augustín naomhtha; guidhidh, etc. A Easboig agus A Chonfessóiridh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Bhennet agus A Phróinsiais naomhtha; guidhidh, etc.
A Mhanaigh agus A Dhíthreabhaigh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Mháire Magdelen, agus A Lusi naomhtha; guidhidh, etc. A Mhaighdeana agus A Bhaintreabhacha naomhtha go h-uile; guidhidh, etc. A Naoimh Dé go h-uile; guidhidh, etc. Bí trócaireach, A Thiarna; agus spáráil é (nó í). Bí trócaireach, A Thiarna; agus éist linn. Ó n-uile pheacadh; saor é (nó í). Ó n-uile chathúghadh agus cheilgibh an Diabhail; saor, etc. Ó n-uile mhífhoighide agus ghearán a n-aghaidh do cheartsmachtuighthe; saor, etc. Ó dhrochmheisneach Spioraid, agus ó mhímhuinín ionn do thrócaire; saor, etc. Ó eagla báis, agus ó iomarca dúil maireachtain; saor, etc. Ó bhuaireamh aigne, mar gheall air neithe an t-saogh- ail so, agus ó fhailligh é féin, (nó í féin), d'ollmhúghadh lé h-aghaidh na síorruigheachda; saor, etc. Tré do chrois, agus tré do pháis; saor, etc. Tré do bhás, agus tré d'adhlacadh; saor, etc. Tré d'Aiséirigh ghlórmhar, agus tré do dheasghabh- áil; saor, etc.
Tré ghrásta an Spioraid naoimh, an Comhfortuigh- thóir; saor, etc. Air uair an bháis, agus lá an bhreitheamhnais; saor, etc. Sinne nar b-peacaigh; impighamaid ort éist linn. Go ma toil leat comhfhurtachd do thabhairt dhó, (nó dhi), ionn a dhobrón, agus go d-tabharfá cumas dhó, (nó dhi), chum féachaint taobh thall don bhás, agus air an staid bheannuighthe chum a d-treo- ruighann sé; impighamaid, etc. Go n-deonófá grásta thabhairt dhó, (nó dhi), chum a chúram soaghalta uile shocrúghadh lé críonachd, lé ceartas, agus lé carthanachd; ionnus lé h-aigneadh saor go m'éidir leis a aire iomlán thabhairt lé é féin (nó í féin), d'ollmhúghadh chum flaitheamhnais; impighamaid, etc. Go n-deonófá grásta thabhairt dhó (nó dhi), deagh- fhaoisidin agus aithrigh fhírinneach ionn a pheacaidh a dhéanadh; impighamaid, etc. Go n-deonófá grásta thabhairt dhó (nó dhi), maitheamh ó chroidh dóibh so uile dorinn olc a n-aghaidh; agus leorghníomh chó maith is thig leis (nó léithe) a dhéanadh do gach aon dá n-deárna sé (nó sí) díobháil da laighead; impighamaid, etc. Ionnus air m-beith a síothcháin leatsa, agus leis an t-saoghal uile; air an modh sin go n-glacfadh
sé (nó sí), lé dóchas uiríseal lón naomhtha do choirp bheannuighthe; agus go m-buanóchaidh sé, (nó sí), ionn do ghrásta, agus ionn d'fhábhar go deireadh; impighamaid, etc. Go n-déanfadh pianta a éagcrúais (nó a h-éa- gcruais) sásamh ionn sa dioghaltas do thuill a pheacaidh, ag laighdiúghadh a ghrádh don t-saoghal so, agus ag méadúghadh a mhianta don t-saoghal eile; impighamaid, etc. Ionnus cé air bith nidh do cheapfadh d'aireachas diadha dhó, (nó dhi), go n-aontóchaidh sé go fonnmhar lé do thoil naomhtha, agus gidhbé bás, nó beatha dhó, (nó dhi), go ma leatsa fa dheireadh é (nó í); impighamaid, etc. A Mhic Dé; impighamaid thú éist linn. A Uain Dé thógas peacaidh an domhain; spáráil é (nó í). A Uain Dé thógas peacaidh an domhain; éist linn. A Uain Dé thógas peacaidh an domhain; déan trócaire air (nó uirre). A Thiarna, déan, etc. A Chríosd, déan, etc. A Thiarna, déan, etc. Ar n-Athair, etc. Agus ná léig sinn a g-cathúghadh. Acht saor sinn ó olc. Amen.
R. A Thiarna, éist m'urnaigh. F. Agus go d-téigh m'osna ad láthair. Guidhamaid. A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh ag a bh-fuil eocracha báis agus beatha, agus a g-cuirann d'eagna neamhchoimseach gach nidh a n-ordúghadh mar is fearr dóibh so do ghrádhuighas thú: feuch, impigh- amaid thú, air do sheirbhíseach do theilg tú air leaba tinnis, agus fóir air a spiorad anacrach lé do ghrásta; neartuigh a chreideamh, méaduigh a dhóchas, déan iomlán a charthanachd, agus naomhuigh dhó gach cor dá éagcruais; ionnus má sé toil do thrócaire a shláinte d'aisiog dhó, (nó dhi), go n-déanfadh sé lé biseach dúrachdach, drochghníomhartha a shaoghail roimhe so do leasúghadh; agus má sé do thoil a ghlaoghach chugad féin, go n-gabhadh sé (nó sí), tré ghleann scáile an bháis go sabháilte, agus go d-treoruighthar é lé d'Aingil naomhtha asteach go h-áitreabh na druinge beannuighthe, áit nach m-buairfigh eagla é, nach g-céasfaigh pianta é, agus nach g-corróchaidh dólás air bith suaibhneas a inntinne; acht an áit a m-béidh aoibhneas fíorghlan, agus luathgháire dólabhartha cin- tighthe dhó go brách: tré d'aonMhac Íosa Críosd ar d-Tiarna, do mhairas agus do riaghluighas mar aon léatsa, agus leis an Spiorad Naomh, aon Dia, tré shaoghal na saoghal. Amen.
TOIRBHIRT SUAS AN ANAMA AG IMTHEACHD AS AN T-SAOGHAL. “Is beannuighthe iad so dogheibhas bás annsa Tiarna, óir sguirid ó na saothair, agus leanann a n-oibreacha iad.” Apoc.xiv.13. Imthigh dá bhrigh sin, a síothcháin, Ó anam Chríos- túil, as an t-saoghal so, chum do bhaile shíorruigh; imthigh lé dóchas agus lé muinín iomlán, a n-ain- im Dé an t-Athair uilechúmhachtach do chruthuigh thú; a n-ainim Íosa Críosd Mac Dé bhí d'fhulaing air do shon air an g-crois; a n-ainim an Spioraid Naoimh do dhóirt a ghrásta ionnad; a n-ainim na n-aingeal agus na n-árdaingeal; a n-ainim na d-Trónaidh, na g-Cumhachdaidh agus na n-Árd- réimach; a n-ainim na g-Cerebím agus na Seraphím, agus na n-uile Spioradaidh beannuighthe: a n-ainim na b-patriarc agus na bh-fáigh; a n-ainim na n-Apstoil agus na Soisgeulaidhthe; a n-ainim na Mairtíridh agus na g-Confesóiridh; a n-ainim na Maighdeana beannuighthe, agus na naoimh Dé go h-uile; bíodh d'ionad aniugh a síothcháin, agus d'árus cómhnuighthe a Síon naomh- tha: tré Chríosd ar d-Tiarna. Amen. A Dhé na trócaire, A Dhé na maitheasa, A Dhé anté do réir iomadúlachda do thrócaire do mhaithas peacaigh na druinge dhéanas aithrigh; agus
dothugas dhóibh go grástúil párdún ionn a g-cortha; feuch go trócaireach air do sheirbhíseach (A.B.) annso, agus tabhair dhó (nó dhi) lánshaoradh ó na pheacaidh uile (nó ó na peacaidh uile) atá dá iar- raidh go dithchiollach ort; aistrigh, Ó Athair na trócaire, gach nidh atá truaillighthe ann (nó innte), tré lagar daona, nó tré cheilgibh na námhaide, agus go raibh sé roinnpháirteach a d-toradh do shlánuighthe. Bí truaighmhéileach, A Thiarna, dá dheoraibh (nó dá deoraibh) agus léig é (nó í) chum sacramuinte do shíothchána, ag nach bh-fuil aon dóchas acht ionnutsa; tré Chríosd ar d-Tiarna. Amen. Toirbhirim thú, A Dhearbhráthair (no A Dhearbh- shiúr) ionmhuin do Dhia uilechumhachtach; agus fágim thú faoi na thrócaire, óir is tú a chréatúr; ionnus iar n-díol fiach coitchionn na nádúire dhuit tré thabhairt d'anam suas, go bh-fillfá air do Chruthuighthóir do chum thú den chré. Go d-tigidh cuideachd lonnrach na n-Aingeal, dá réirsin, a g-coinne d'anama air n-imtheachd dhó; go n-glacidh cúirt na n-Apstol thú; go stiúruigh sluagh caith- réimeach na Mairtíridh thú; go d-timchiollaigh cóthionól áthasach na g-Confesóiridh thú; go d-téigh córa na Maighdeana beannuighthe rómhad; agus go ma suaibhneas séanmhar do chuid a g-cuideachd na
b-patriarca; go d-tasbánaidh Íosa Críosd é féin dhuit lé gnúis shoineanta shoilbhir, agus go d-tugidh sé ionad dhuit ameasg na droinge atá lé bheith ionn a láithreachd go brách. Go ma strainséir thú do gach nidh do céastar lé dorchadas, do smachtuighthar lé lasracha, nó daorthar chum peannaide. Go n-im- thigh an námhaid mhalluighthe lé na dhrochspioradibh uile uait; go g-crithidh sé air do theachd a g-cuid- eachd na n-aingeal, agus go d-teithidh sé a n-eas- ordúghadh uathbhásach na h-oidhche síorruighe. Go n-éirigh do Dhia, agus go g-cuiridh ruaig air do námhaid- idh. Go d-teithigh siad so go h-uile roimhe ag a bh-fuil fuath dhó. Go leághid mar dheatach, agus mar chéir ós cómhair na teineadh, mar sin go g-cailltar na drochdhaoine a radharc Dé; acht a d-taobh na bh-firéan go ma luathgháireach agus séanmhar iad ionn a láithreachd. Go líontar drong friothóilmhe ifrinn uile lé easordúghadh agus lé náire, agus nár lámhuigh aon drochspiorad do thoirmeasg ionn d'aisdear. Go ma hé Íosa Críosd d'Fhuasgaltóir, do céasadh air do shon. Go saoruigh Íosa Críosd ó bhás tú, do dheonuigh bás fhághail air do shon. Go socruigh Íosa Críosd Mac Dé bhí thú ionn a gháir- dín Pharathais, agus go n-admhuigh seision, an tréaduigh fírinneach thú mar aon dá thréad. Go
d-tugidh sé absolóid dhuit ionn do pheacaidh uile, agus go g-cuirigh sé air a dheisláimh thú a n-oigh- reachd na bh-fíréan. Iarramaid go ma hé do roinn shéanmhar, do Shlánuighthóir d'feicsin aghaidh air aghaidh; a bheith go síor ionn a fhiadhnuise, agus a radharc na fírinne úd atá na luathgháire don droing bheannuighthe; agus mar sin, a bheith socruighthe dhuit ameasg na spior- adaidh sona ionnus go raibh tú choidhche líonta lé millseachd neamhdha. Amen. Glac do sheirbhíseach, A Thiarna, asteach san ionad slánuighthe, lé bh-fuil súil aige (nó aice) tré do thrócaire. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh ón uile chontabhairt ifrinn, ón uile phian agus amhgar. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Enoc agus Elias ó bhás choitchion an t-saoghail. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Naoi ón díle. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Abraham as ceart-lár na g-Caldéan- ach. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Iób ó na bhuaidhearthaibh uile. F. Amen.
Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Isaac ó bheith íobartha lé na athair. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Lot ó Shodom agus ó na lasracha tinneadh. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Maoise as lámhaibh Pharoe, righ na h-É- gipte. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do shaor tú Dómhnal ó uaigh na leonta. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do shaor tú an triúr leinbh as an bh-foirnéis tinneadh, agus ó lámhaibh an righ neamhthrócairaigh. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do shaor tú Susanna ó na luchd casaoide bréagacha. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do shaor tú Dábhidh ó lámhaibh Gholiagh agus Shaul. F. Amen. Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do shaor tú Peadur agus Pól as an b-príosún. F. Amen. Agus mar do shaor tú an óigh agus an mhairtír bheannuighthe úd, Técla naomhtha ó dhúrpheanaid ró dhúismionta; mar sin deonuigh, anam do sheir-
bhísigh so shaoradh, agus tabhair é go roinnpháirt d'aoibhnis neamhdha. Amen. Guidhamaid. Bheiramaid dhuit A Thiarna, anam do sheir- bhísigh annso, agus impighamaid thú, A Íosa Chríosd, A Shlánuighthóir an domhain, ionnus a d-trócaire dhósan (nó dhise), do ghlacis colann dhaona, mar an g-céadna go n-deonófá anis eisean (nó ise), do léigion asteach a n-uibhir na naomh. Cuimhnigh A Thiarna, gur b'é (nó b'í) do chréatúr é, (nó í) nach n-deárnadh lé Déthibh coimhightheacha, acht leatsa an t-aon Dia amháin fírbhithbheo; óir ní'l aon Dia eile ann acht thusa, ní'l aon Dia d'fhéadfadh d'iong- antaigh a dhéanadh. Go bh-fáigh a anam (nó a h-anam) compórd ionn do radharc, agus ná cuimh- nigh a pheacaidh (nó a peacaidh) dorinn sé (nó sí) roimhe seo, ná air aon do na míriaghaltais so ionn ar thuit se (nó sí) tré ain-neart anmhiain agus truailligheachda. Óir bíodh, gur pheacuigh sé (nó sí) do choinnigh sé (nó sí) a chreideamh (nó a crei- deamh) ceart ionnatsa, an t-Athair, an Mac, agus an Spiorad Naomh; dobhí díogras aige (no aice) chum d'onóra, agus d'adhruigh sé (nó sí) go dílis thusa, Dia agus Cruthuighthóir gach neithe. Ná cuimhnigh, A Thiarna, impighamaid thú, air
pheacaidh agus air ainbhfiosa a óige, (nó a h-óige), acht do réir do mhór-thrócaire, bí cuimhneach air (nó uirthe) ionn do ghlóir shíorruigh. Go raibh na flaithis osguilte dhó, (nó dhi,) agus go n-déanaidh na h-aingil luathgháire ann fhochair (nó na fochair). Glac A Thiarna, do sheirbhíseach asteach ionn do ríoghachd. Go d-treoruigh an t-árdaingeal Michál naomhtha ceann an t-sluaigh neamhdha é (nó í). Go d-tigidh aingil naomhtha Dé na choinne, (nó na coinne), agus go d-tugidh siad é, (nó í), asteach a g-cathair Ierusalem neamhdha. Go n-glacigh Peadar é, (nó í), dá'r tugadh eochracha ríoghachda na bh-flaitheas. Go g-cúngnuigh Pól naomhtha leis (nó léithe) an t-Apstol dobhí na shoitheach toghtha. Go n-déanaigh naomh Eoin deisgiobal dá'r fhoillsigh Dia rúndiamhara neamhdha, eadarghuidh air a shon (nó air a son). Go n-déanaidh na h-Aps- toil naomhtha uile dá'r tugadh cumhachd ceangalta agus scaoilte, guidh air a shon (nó air a son). Go n-déanaidh seirbhísigh beannuighthe toghtha Dé, d'fhulaing daorphianta ionn sa t-saoghal so air son ainime Chríosd, guidh air a shon (nó air a son). Ionnus air m-beith dhó fuasgalta ón g-corp truaillighthe so, go léigfigh asteach é (nó í), a ríoghachd na bh-flaitheas, tré chúngnadh agus tré luaidheachd ar d-Tiarna Íosa Críosd, do mhairas agus do
riaghluighas leis an Athair, agus leis an Spiorad Naomh, tré shaoghal na saoghal. Oideas chum muintire duine mairbh. Feadh an ama a coinnighthar an corp astigh, agus air feadh oidhche an tórraimh, ba cóir dóibh so a bhidheas a láthair iad féin iomchar lé cráibhtheachd, agus omós; agus ó am go h-am, an Paidrín páirteach a rádh air son na marbh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services