Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Compánach an Chríosdaigh

Title
Compánach an Chríosdaigh
Author(s)
Furlong, Ionatan,
Composition Date
1844
Publisher
(B.Á.C.: Tegg and Co., 1844)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



LAETHE SAOIRE,
Se sin, laethe air a bh-fuil oibliogáid chinnte,
Aifrionn d'éisteacht, agus staonadh ó oibreachibh
sglábhuidhacha: íodhon,
Gach Domhnach san m-bliain.
Lá Nollag.
Lá Timchiollghearrthaidh ar d-Tíarna.
Lá chinn an dá lá dhéag.
Lá Fhéile Pádruic.
Lá Teachtaireachta an Aingil chum Mhuire.
Diardaoin Deasghabhála ar d-Tíarna.
Diardaoin Choirp Chríst.
Lá Fhéile Pheadair is Phóil.
Lá Árduighthe Mhuire.
Lá naomh an domhain.


L. 18


LAETHE TROSGAIDH,
Se sin, laethe air a bh-fuil oibliogáid chinnte trosgadh
do dhéanadh air aon mhéile amháin, agus air mhion-
chuid: íodhon,
Vigil, no lá roimh Nollaig.
Lá roimh fhéile Pheadair is Phóil.
Lá roimh fhéile Árduighthe Mhuire.
Lá roimh fhéile Naomh an Domhain.
Gach uile lá san g-caraos, acht amháin, na
domhnaigh.
Gach Aoine, agas Satharn san Advent.
Agus Trosgadh na cheithre n-amanta na bliana.



LAETHE TRÉANAIS,
Se sin, laethe air a bh-fuil oibliogáid chinnte staonadh
ó fheoil: íodhon,
Gach Aoine san m-bliain.
Na laethe spécialta san g-caraos, agus san
Advent do thoirmeasgas an Eaglais do réir righ-
alacha na h-áite iona g-comhnuighir.



Agas na Vigilacha, no laethe roimh na Saoirigh-
acha, air a bh-fuil oibliogáid trosgadh do dhéanadh.


L. 19


AN TEAGUSG CRÍOSDAIGH.



1. Ni'l ann acht aon Dia amháin agus is E sin
cruthuighthóir Neimhe agus Talmhan, agus Árdrigh
óscionn gach uile nidh.



2. Ta tri Pearsana a n-Dia, an t-Athair
agus an Mac, agas an Spiorad Naomh.



3. Is ón Athair an Mac, agus sin ó n-uile-
shíorruigheacht.



4. Is ón Athair agus ón Mac a néinfheacht an
Spiorad Naomh, agus sin ó n-uileshíorruigheacht.



5. Goirthar air na tri Pearsanaibh diadha a
néinfheacht, An Tríonóid is naomhtha, dódheal-
uighthe.



6. Sé an Mac, an dara Pearsa de'n Tríonóid
is naomhtha, do ghlac colann dhaona, le h-oibriúghadh
an Spioraid naoimh, a m-broinn na Maighdine
Muire; agus do goiradh d' ainim air, Iosa
Críost.



7. Ta ar Slánuighthóir Iosa Críost na Dhia,
agus na Dhuine a néinfheacht; ta sé na Dhia ón
t-síorruigheacht, agus na Dhuine ón am do gabhadh
E a m-broinn na Maighdine Muire.



8. Ta dhá nádúir a n-Iosa Críost, íodhon,
nádúir Dé, agus nádúir Duine.


L. 20


9. Ta dhá thoil a n-Iosa Críost, íodhon, toil
dhiadha agus toil dhaona.



10. Ni'l acht aon Phearsa amháin a n-Iosa
Críost, íodhon, Pearsa Mhic Dé.



11. Fuair ar bh-Fuasgaltóir Iosa Críost bás
air an g-crois, chum sinne do shaoradh ó chúmhachd
an Diabhail, agus ó chionnta peacaidh ar sinnsior.



12. Sé an Diabhal, Prionnsa na n-aingeal
ceannairceach do dhíbir Dia as na flaithis, agus atá
ó shin na námhaid ag duine.



13. Do chúm Dia air d-tús, Adhamh agus Éva,
an chéd fhear, agus an chéd bhean; agus do b'iad-
san, ar g-cédathair agus ar g-cédmháthair: do
chruthuigh Dia neamhchionntach iad, agus do shocruigh
se go séanmhar iad a n-gárdín Pharrathais. Dothug
Dia aon aithne amháin dóibh le coiméad, se
sin, gan toradh crainn áirighthe d'ithe: acht do chuir
an Diabhal cathúghadh orra, tre fhormad d'a staid
séanmhar; dorinnadar neamhfhómós a naghaidh Dé,
ag ithe an toraidh thoirmisgthe; dá bhrigh sin do dhíbir
Dia as Parrathas iad, agus do chailladar a chara-
das. Is air an neamhfhómós so goirthar, “Peacadh
an t-sinsir.”


L. 21


DEITH N-AITHEANTA DÉ.



An cheud. Is Mise an Tiarna do Dhia. ní
bheidh Déthe bréagacha agat am láthair.



An dara. Ní thabharfaidh tu amim an Tiarna
do Dhia go díomhaoin.



An treas. Cuimhnigh lá na Sabóide do
naomhúghadh.



An ceathramhadh. Onóruigh d'athair agus do
mháthair.



An cúigeadh. Ní dhéanfaidh tu marbhadh.



An séamhadh. Ní dhéanfaidh tu adhaltranus.



An seachtmhadh. Ní dhéanfaidh tu goid.



An t-ochtmhadh. Ní dhéanfaidh tu fianuise bhréige
a naghaidh do chómharsan.



An naomhadh. Ní shanntóchaidh tu bean do
chómharsan.



An deichmhadh. Ní shanntóchaidh tu maoin do
chómharsan.



AITHEANTA NA H-EAGLUISE.



An cheud. Aifrionn d'éisdeacht gach domhnach
agus lá saoire fógartha.



An dara. Trosgadh agus Tréanus do dhéan-
adh air laethibh orduighthe.



An treas. Faoisidin ar b-peacaidh do dhéanadh,
an chuid is lúgha dhe, uair san m-bliain.


L. 22


An ceathramhadh. Corp naomhtha an Tiarna do
ghlacadh go fiúntach um cháisg, no taobh astigh de'n
aimsir cheapuighthe.



An cúigeadh. Cúngnamh do thabhairt chum ar
d-tréaduighthe spiriodálta do chothúghadh.



An séamhadh. Gan solamonta pósta do dhéan-
adh san aimsir choisgighthe, ná aon neach do phósadh
taobh astigh de na glúinibh gaoil coisgiththe, no ann
aon t-sligh thoirmisgthe leis an Eagluis, no go
foluightheach.



NA SEACHT SACRAMUINTE.



Baisdeadh, Cóneartúghadh, Eucharist, (no Corp
Chríst), Aithrigh, Ola dhéaghanach, Órd beannuighthe,
agus Pósadh.



NA TRI SÚBHAILCIGH DIADHA.



Creideamh, Dóchas, agus Carthanacht.



NA CEITHRE SÚBAILCIGH CARDINÁLTA.



Críonachd, Ceart, Daingneachd, agus Meas-
aracht.



SEACHT D-TIODHLACAIDH AN SPIORAID NAOIMH.



Eagna, Tuigse, Cómhairle, Daingneachd,
Eolas, Cráibhtheacht, agus Eagla an Tiarna.


L. 23


OIBREACHA SPIORADÁLTA NA TRÓCAIRE.



Oideas do thabhairt don ainbhfiosach; cómhairle
do thabhairt don amhrasach; forfhógradh do thabhairt
don pheacach; sólás do thabhairt do luchd an dob-
róin; dochar do mhaithadh; buaireamh d'fhulang
go foighideach; agus guidhe air son na m-beo,
agus na marbh.



OIBREACHA CORPORDHA NA TRÓCAIRE.



Biadh do thabhairt don ocrach, agus deoch don
tartmhar; éadach do chur air an té ata nochtuighthe;
aoidheacht do thabhairt don deoraidh; cuairt air
luchd-éagcruais, agas orra so ata a b-príosún;
na daoránaigh d'fhuasgailt; agus na mairbh
d'adhlacadh.



NA TRÍ CÓMHAIRLEACHA SOISGEULDA.



Bochdaineachd thoilteanach, Geanamnuigheachd
buansheasamhach, agus Ómós iomlán.



NA SEACHT B-PEACAIDH MARBHTHACHA.



Uabhar, Saint, Formad, Fearg, Craos,
Drúis agus Leisg.


L. 24


NA SEACHT SUBHÁILCIDH LE NA G-CLAOIDHTAR
IAD.



Umhlaigheacht, Féile, Grádh na cómharsan,
Ciuineas, Measarachd, Geanmnuigheachd, agus
Dúrachdachd.



PEACAIDH A N-AGHAIDH AN SPIORAID NAOIMH.



Andóchas, éadóchas, cur a n-aghaidh na fírinne
foillsighthe, formad faoi mhaith spioradálta dhuine
eile, calcadh san b-peacadh, agus neamhaithrigh le
linn báis.



NA PEACAIDH DO SGREADAS AIR DHIA AG
IARRAIDH DÍOGHALTAIS.



Dúnmharbhadh antoilúil, sodomachd, leatrom-
achd air na bochtibh, agus luchd oibre do mhealladh
as a d-tuarasdal.



NA MODHTHA AIR A M-BÉADH ÉINNEACH ROINNPHÁIR-
TEACH A B-PEACAIDH DHUINE EILE.



Le cómhairle, le ordúghadh, le aontúghadh leis, no le
moladh peacaidh dhuine eile; le cungnadh leis, no
air aon mhodh a bheith roinnpháirteach ann, gan a
chosg, agus a cheilt.


L. 25


NA CEITHRE NEITHE DÉIGHEANACHA ATA
IONCHUIMHNIGHTHE.



Bás, Breithamhnas, Ifrionn, agus Flathamhnas.



ALTÚGHADH ROIMH BHIADH.



Beannuigh sinn, a Thiarna, agus an biadh so is
mian linn do chathadh. Tré Íosa Críosd ar
d-Tiarna. Amen.



ALTÚGHADH TARÉIS BHIDH.



Bheiramaoid buidheachas duit, a Dhé, a d-taobh
an bhidh sin do chaithamar. Tré Íosa Críosd ar
d-Tiarna. Amen.



A n-uair dhúisighir san oidhche, abair:



A Thiarna, do réir mar fhoscluim mo shúile as
codladh, oscuilse m'inntin chum soluis do naomh-
ghrásta; ionnus go d-tuigfinn go soilléir mífhortún
tuitim a b-peacadh: óir, “is fad ó na peacachibh
slánúghadh.”



Oideas na Mainne.



A n-uair dhúisighas tú air maidin, coisric thú
féin le cómartha na cruise, agus guidh Dia


L. 26


do shoillsiúghadh le solus a naoimhSpioraid; ionnus
nach g-cuirfuidhe cathúghadh ort, chum peacadh do dhéan-
adh go toilteanach, agus abair:



Tóg suas, A Dhé, mo cholann ó chodladh, agus
m'anam ó pheacadh, ionnus go d-tabharfuinn moladh
agus glóir dod ainim naomhtha; dar ab cóir gach
onóir, altúghadh, agus buidheachas, anis agus go
síorruigh. Amen.



Air n-éirigh dhuit, abair:



A n-ainim ar d-Tiarna, Íosa Críosd céas-
tuighthe, éirighim; beannuigh me, A Dhé, riaghluigh
me, coinigh me, agus cóneartuigh me ann gach uile
dheaghobair aniugh agus go brách; agus taréis an
gearrdhíbirt anacrach so, treoruigh me chum an
aoibhnis síorruigh. Amen.



Ag cur do chuid éadaigh ort, abair:



A Íosa mhilis, ionnus nách bh-feicfuidhe náire
m'anama pheacúil, éaduigh é le brat d'fhíréantachda,
agus foluigh é le maise gach uile chinéil grásta agus
subháilce. Amen.



Ag nighe do lámha agus d'éadain, abair:



A Thiarna Dhé, ag a raibh grádh dhúinn cho mór
sin, gur nigh tú ar n-anama ann d'fhuil mhórluaigh;


L. 27


niamhghlan, impighim thú, mo chroidh agas mo
lámha ó gach salchar agus neamhghlaine peacaidh.
Amen.



Tabhair fá deara - Taréis do chuid éadaigh bheith
ort; ná tabhair thú féin do chaint, ná do smaointibh
díomhaoine; acht árduigh do chroidh suas chum Dé
go ciuin; agus cuir thú féin a n-ordúghadh chum
urnuighthe: da bhrigh sin; léig thú féin air do
ghlúinibh agus abair na h-urnaighthe do leanas
annso.



URNAIGHTHE NA MAINNE.



A n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus
an Spioraid Naoimh. Amen.



Tuirling, A Spioraid Naoimh, d'ar n-ionnsuigh,
aithlíon croidhthe d'fhíréan, agus las ionnta teine do
ghrádha.



V. Cuir chúgainn do Spiorad, agus cruitheo-
char iad.



R. Agus athnuadhfaidh tu aghaidh na talmhan.



Guidhamaoid.



A Dhé, do theagasg croidhthe na bh-fíréan le
lonnradh an Spioraid Naoimh; tabhair dhúinn ann san


L. 28


Spiorad chéadna, go m-blasfamaois an ceart,
agus ann a shólás-san go m-béadh síorghárdachas
oruinn; Tré Íosa Críosd ar d-Tiarna. Amen.



Cuiramaoid sinn féin a láthair Dé, chum a
adhrúghadh, agus chum buidheachas do thabhairt dó air
son a bhronntanais.



A Thiarna Dhé, creidim go diongmhálta go
bh-fuil tu annso a láthair agus ann gach uile áit.
Adhruighim agus onóruighim thú óm chroidh go
h-iomlán. Admhuighim, gur tu féin m'árd Thi-
arna, agus mo mhaighisdir d'ar cóir agas d'ar
mian liom géilladh ann gach uile nidh. Bheirim míle
buidheachas duit a d-taobh na n-grásta, agus na
d-tabhartais go léir ba toil leat do roinn liom ón
g-céd mhóimeid dem shaoghal, go d-tigh an lá niugh;
air son gur chruthuighis me, gur fhuasgluis me, go
n-deárnais Críosdaigh agus Catoilicach dhíom; gur
thugis slán me tré gach cruadhchás agus contabhairt
bháis; go mórmhór air feadh na h-oidhche so chuaidh
thorm; agus ba toil leat fós an lá niugh do bhron-
adh orm chum a chathadh go léir ag cómhlíonadh
d'aitheanta, agus ag méadúghadh do ghlóire.



Toirbheiramaoid suas do Dhia gach nidh
dodhéanfamaoid aniugh, agas iarramaoid air a bheann-
acht dhúinn féin, agus d'ár saothar.



A Thiarna mhórthrócairigh, toirbheirim suas duit


L. 29


mo cholann agus m'anam; m'uile smuaintighthe, mo
bhriathra, mo ghníomhartha, agus gach uile nidh, ata
d'fhiachibh orm do dhéanadh, agus d'fulang air feadh
an lae so, a néinfheacht agus a g-cómhpháirt le gach
nidh da n-deárnaigh agus dar fhulaing mo Shlánuigh-
thóir air mo shon. Impighim thú an mhéid so go
léir do ghabháil faoi do choimirce, agus do bheanacht
naomhtha do thabhairt dom shaothar agus dom chúram,
chum go rachfaidh se go léir chum do ghlóire féin
agus leas m'anama. Amen.



URNAIGH AN TIARNA.



Ar n-Athair ata air neamh, go naomhthar d'ainim.
Go d-tigidh go righachd. Go n-déantar do thoil
air an d-talamh, mar déantar air neamh. Ar
n-arán laethúil tabhair dhúinn aniugh. Agus maith
dhúinn ar bh-fiacha mar mhaithamaoidne d'ar bh-feith-
eamhnaibh féin. Agus ná léig sinn a g-cathúghadh.
Acht saor sinn ó olc. Amen.



FÁILTE AN AINGIL.



Dia do bheatha, A Mhuire, ata lán de ghrásta;
ta an Tiarna leat, is beannuighthe Thu idir mhnáibh,
agus is beannuighthe toradh do bhronn Íosa. A
naomhMhuire, A Mháthair Dé, guidh oruinne na
peacaigh, anis agus air uair ar m-báis. Amen.


L. 30


CRÉ NA N-APSTOL.



Creidim a n-Dia, an t-Athair uilechumhachdach,
Cruthuighthóir neimhe agus talmhan. Agus a
n-Íosa Críosd, a aonMhacsan, ar d-Tiarna;
do gabhadh ón Spiorad Naomh, dorugadh ó Mhuire
óigh. d'fhulaing páis faoi Phontius Philot; do
céasadh, dofuair bás, agus do h-adhlacadh.
Dochuaidh síos go h-ifrionn, d'éirigh an treas lá ó
mharbhibh. Dochuaidh suas air neamh; agus ata
na shuighe air dheisláimh Dé, an t-Athair uilechumhach-
dach. As sin tiocfaigh, do thabhairt bhreithe air bheoibh
agus air mharbhibh. Creidim san Spiorad Naomh.
San NaomhEagluis Chatoilice. A g-comaoin
na naomh. Maitheamhnas na b-peacaidh. Aiséirigh
na colainne. Agus san m-beatha shíorruigh. Amen.



Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don
Spiorad Naomh. Mar dobhí ó thús, ata anis,
agus bhéas go brách; tré shaoghal na saoghal.
Amen.



LIODÁIN ÍOSA.



A Thiarna, déan trócaire oruinn.
A Chríosd, déan trócaire oruinn.
A Thiarna, déan trócaire oruinn.
A Chríosd, éist linn.
A Chríosd, éist linn go grástúil.


L. 31


Athair neamhdha, A Dhé, Déan Trócaire oruinn.
A Mhic Dé, A Fhuasgaltóir an domhain,
A Spioraid Naoimh, A Dhé,
A Thríonóid naomhtha aon Dia amháin,
A Íosa, Mhic Dé bhi,
A Íosa, A Dhealradh an Athar,
A Íosa, A ghléshoillse an t-soluis shíorruigh,
A Íosa, A Righ na Glóire,
A Íosa, A Ghrian an Chirt,
A Íosa, A Mhic na Maighdine Muire,
A Íosa shóghrádhaigh,
A Íosa iongantaigh,
A Íosa, A Dhé neartmhair,
A Íosa, A Athair an t-saoghail le theacht,
A Íosa, A Aingil na h-árd-chómhairle,
A Íosa is cumhachtaigh,
A Íosa is ómósaigh,
A Íosa ata ceannsa, agus umhal a g-croidh,
A Íosa, A Ghrádhuighthóir na Geanamnuigh-
eachda,
A Íosa, A Dhé na Síothchána,
A Íosa, ar n-Grádhuighthóir,
A Íosa, A Ughdair na Beatha,
A Íosa, A Shompla na Subháilce,
A Íosa, A Theasghrádhuighthóir na n-Anam,



Déan Trócaire oruinn.


L. 32


A Íosa, ar n-Dia, Déan Trócaire oruinn.
A Íosa, ar n-dídean,
A Íosa, A Athair na m-Bocht,
A Íosa, A Óirchisde na g-Creidmheach,
A Íosa, A Threudaidh mhaith,
A Íosa, A Sholuis fhírinnigh,
A Íosa A Eagna shíorruigh,
A Íosa, A Mhaithis gan chrich,
A Íosa, an t-Sligh, an fhírinne, agus an Bheatha,
A Íosa, A Luathgháire na n-Aingeal,
A Íosa, A Righ na b-Pátriarc,
A Íosa, A Análuighthóir na bh-Fáighe,
A Íosa, a Mhaighisdir na n-Apsdal,
A Íosa, A Theagasgthóir na Soisgéalaighthe,
A Íosa, A Neart na Mairtíreach,
A Íosa, a Sholuis na g-Confesóirigh,
A Íosa, A Gheanmnaidhachd na Maighdean,
A Íosa, A Choróin na Naomh uile, Déan Trócaire oruinn.



Bí fábharach dhúinn, spáráil sinn, A Thiarna Íosa
Bí fábharach dhúinn, éist linn, A Thiarna Íosa.



Ó n-uile olc, Saor sinn, A Thiarna.
Ó n-uile pheacadh,
Ód fheirg,
Ó chealgaibh an Diabhail,
Ó spiorad striapachais,


L. 33


Ó bhás shíorruigh, Saor sinn, A Tiarna.
Ó fhailligh d'Análuighthe naomhtha,
Tré Rúindiamhair do Ioncholannuighthe naomhtha,
Tré do Bhreith,
Tré do Naoidhnántachd diadha,
Tré do Bheatha naomhtha,
Tré do Shaothar agus do chruadháile,
Tré do Gheurchrádh agus tré d'allus fola,
Tré do Phianta agus tré do Phianós,
Tré do Chrois agus tré do pháis,
Tré do Bhás agus tré d'adhlacadh,
Tré d'Eiséirigh ghlórmhar,
Tré do Dheasghabháil iongantach,
Tré do Luathgháire agus tré do Ghlóir,
Lá an Bhreitheamhnais, Saor sinn, a Tiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Spáráil
sinn, a Thiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Éist linn,
A Thiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Déan
trócaire oruinn, A Thiarna.
A Íosa, éist linn.
A Íosa, éist linn go grástúil.



Guidhamaoid.
A Thiarna Íosa Críosd, a dubhairt iarrighe


L. 34


agus glacfaidh sibh, lorgairighe agus gheabhfhaidh sibh,
buailighe agus fosguilóchfar dhaoibh; impighamaoid
thú, tabhair dar n-athchuinghibh is ísle brontanas
do ghrádha diadha, ionnus go n-grádhfamaois go brách
thú le h-iomlán ar g-croidhthe; agus nach sguirfea-
maois choidhche ó mholadh agus glóir do thabhairt dod
ainim naomhtha. Amen.



A Fhuasgaltóir dhiadha, tabhair dhúinn síreagla
agus grádh dod ainim naomhtha, óir ní sguir-
ann tú choidhche a stiurúghadh agus a riaghlúghadh na druinge
led ghrásta do theagasgir a substainte do ghrádha.



A Dhé, do chinn d'éinghein-Mhic na Shlán-
uighthóir an domhain agus d'orduigh Íosa do ghairm
air; tabhair dhúinn go trócaireach go sealbhóchmaois
a radharc shéanmharsan a bh-flaitheamhnas, a n-onór-
amaoid a náomhainim air an d-talamh; do mhairas
agus do riaghluighas, mar aon leatsa agus leis an
Spiorad Naomh, tré shaoghal na saoghal. Amen.




AINGEAL AN TIARNA.



V. D'fhoillsigh aingeal an Tiarna do Mhuire.
R. Agus do ghabh sí ón Spiorad Naomh.
Dia do bheatha A Mhuire, etc.
V. Feuch, beanóglach an Tiarna.
R. Go n-déantar liomsa, do réir d'fhocail.
Dia do bheatha A Mhuire, etc.


L. 35


V. Agus dorinnadh an briathar na fheoil.
R. Agus do chomhnuigh sé eadruinn.
Dia do bheatha A Mhuire, etc.
V. Guidh oruinn, A naoimhMháthair Dé.
R. Ionnus go n-déanfuighe oireamhnach sinn chum
geallamhnacha Chríst d'fhághail.



Guidhamaoid.
Dóirt anuas, A Thiarna, do ghrásta ann ar
g-croidhthibh, ionnus taréis fios d'fhághail dhúinn le
teachaireachd an Aingil air theacht Chríst do Mhic
a g-colainn daona, go d-tiucfadh linn tré na pháis
agus a chrois, dul go glóir a aiséirighthe. Tré an
Críosd céadna, ar d-Tiarna. Amen.



V. Go suaibhnighidh anama na bh-fíréan a síoth-
cháin tré thrócaire Dé.
R. Amen.



Guidhamaoid.
Impighamaid thú A Thiarna, ar n-gníomhartha
do roimhdhíriughadh léd análughadh naomhtha; agus treoruigh
iad led chungnamh, ionnus go m-badh uait féin
thionsgnóchadaois ar n-urnaighthe agus ar n-oib-
reacha go h-uile, agus go m-badh thríotsa chríoch-
nóchfar iad. Amen.


L. 36


UACHT AN ANAMA.



Is cóir do gach deaghchríosdaigh a dhéanadh gach lá.



Toirbhirim m'anam do Dhia; mo chorp don chré,
do lobhadas, agus do chnuighibh.
Tréigim go toiltionach an uile-mhaoin shaoghalta,
óir ni bh-fuil ionnta acht baois.
Tá aithbhéal orm óm chroidh, air son mo pheacaidh,
agus sin air ghrádh Dé.
Bheirim maitheamhnas dom námhaidibh óm chroidh,
agus ó m-anam go h-uile.
Creidim a n-Dia, aon a m-bithbhrigh, agus
triúr a b-pearsain, an t-Athair, agus an Mac, agus an
Spiorad Naomh; Cruthuighthóir, Dídeanóir agus
Cúitighthóir; uilechúmhachtach, uilemhaitheasach, uile-
fhialmharach, uile-eagnach: creidim gur ghlac Dia an
Mac, an dara pearsa, colann dhaona; agus go
bh-fuair sé bás air an g-crois air mo shon; agus
creidim gach nidh eile do chraobhsgaoilas an naomh
Eagluis Chatoilice dom le creideamh.



Tá dóchas agam as maitheas Dé, tré mhórluaidh-
eachd mo Shlánuighthóra Íosa Críst, maitheamhnas
ann mo pheacaidh, agus an bheatha shíorruigh d'fhághail.



Tá grádh agam air Dhia air a shon féin
amháin, om chroidh go h-uile, óm anam go h-uile,
agus óm bhrigh go h-uile.


L. 37


Bheirim suas me féin go fíriomlán agus go
dúrachdach do thoil is naomhtha agus is adhrúla Dé;
air m-beith dhom ollamh le déanadh, agus le fulang,
a bheith slán, no tínn, maireachtain, no bás d'fhághail,
ann san am agus air an modh is maith leis: a thoil
naomhtha go n-déantar. Amen.



Cuirim m'anam, agus gach a bh-fuilim, faoi
chomairce, agus faoi eadarghuidhe na Maighdine
glórmhaire Muire, mo dheaghmháthair, agus m'Ad-
vocáid; agus faoi eadarghuidhe Joseph naomhtha,
agus m'aingil coimhdeachta, agus faoi chomairce,
agus eadarghuidhe na naomh uile a bh-flaitheas, noch
athchuinighim go h-umhal, chum cungnadh liom le linn
mo bháis.



Mar mo bhriathra déaghanacha abraim le
h-umhaluigheacht ínntinne agus le doilghios croidh, A
Íosa, A Mhuire, is áil liom bás d'fhaghail eidir bhur
lámhibh beannuighthe; agus an tan nach féidir lem
theanga na h-ainimnacha naomhtha so do chánadh, is
áil liom a dheanadh lem chroidh; dá bh-fealladh mo
chroidh orm, is áil liom a rádh lem thuigse; abraim
anis iad a n-ionad na h-uaire sin, le n-uileghrádh
agus cráibhtheacht; A Íosa, A Mhuire, is áil liom
bás d'fhághail eidir bhur láimhibh beannuighthe.



A MhaighdeanMháthair, le h-umhalachd croidh,
Sírim do bheannachd, is bheannachd Mhic Dé.


L. 38


URNUIGH UILEADHACH,
Air gach nidh riachtanach chum Slánuighthe.



O mo Dhia creidim ionnat, neartuighse mo
chreideamh; cuirim mo mhuínín ionnat, daingnighse
mo mhuinín; grádhuighim thu óm chroidh go h-iom-
lán, múin dom thusa do grádhúghadh gach lá níos mó
ná chéile; ta doilghios orm mar do chuiras fearg
ort, méaduighse mo dhoilghíos.



Adhruighim thu mar mo chéd thús, lorgairim thu
mar mo chríoch dhéaghanach, bheirim buidheachas dhuit
mar mo shíorchabharthóir, goirim ort mar mo
thréanchosantóir.



Líon mo chroidh le h-eagla gan éadóchas, le
muinín gan andóchas, le cráibhtheacht gan saobhacht,
agus le gáirdeachas gan iomarca.



O mo Dhia, deonuigh, mo threorúghadh led eagna,
mo cheannsúghadh led cheartas, mo chómhfhortúghadh led
thrócaire, agus mo chosint led chúmhacht.



Duit-se is mian liom, m'uilesmuainte, briathra,
gníomhartha, agus m'fhulang do naomhúghadh; ionnus
ó so amach go smuainfuinn ortsa amháin, go labhar-
fuinn ort, go d-treoróchuin go buan m'uileghníomh-
artha chum méadúghadh do ghlóire, agus go bh-fulaing-
óchuin go toilteanach gibé nidh ordóchas tú.



A Thiarna, is mian liom go n-déanfuighe do


L. 39


thoil ann gach uile nidh, air an adhbhar gur b'é do
thoil é, agus air an modh is toil leat.



Athchuinighim thú mo thuigse do shoillsiúghadh, mo thoil
d'ionnlasadh, mo cholann d'fhírghlanadh, agus m'anam
do naomhadh.



Tabhair neart dom, A Dhé, ionnus go n-déan-
fuinn leorghníomh air son mo pheacaidh, go m-béar-
fuinn búaidh air mo chathuighthibh; go smachtóchuinn mo
dhroch-chlaonta, agus go saorthóchuinn na subháilcigh
atá oireamhnach do mo staid bheatha.



Líon mo chroidh le gean dod mhaitheas, le fuath
dom lochtibh, le grádh dom chómharsain, agus le
tarcuisne don t-saoghal.



Go g-cuimhneochad go síor a bheith umhal do
m'uachdaránibh, géilleamhnach do m'íochdaránibh, dílis
dom cháirdibh, agus carthanach dom námhaidibh.



Cúngnuigh liom, buaidh do bhreith air anmhian-
tachd na colainne le smachdúghadh, air shaint le déirce,
air fheirg le ceannsacht, agus air fhuarchráibhtheachd le
caoindúrachd.



O mo Dhia, déan críona me ann sna neithe do
ghlacim a láimh, meisneach a g-contabhairtibh, foigh-
deach a n-annró, agus umhal a séanmhaireacht.



Aontuigh go rabhad aireach go síor ag m'ur-
nuighthe, measarach ann mo mhéilibh, dithchiollach ann
mo chúram, agus síorbhuan ann mo rúnibh.


L. 40


Go raibh mo choinsias ceart go síor agus fíor-
ghlan, mo ghné modhmhuil, mo chomhradh deághshomplach
agus m'iomchar rialta.



Cúngnuigh liom, ionnus go n-oibreochuinn go
síor treise do bhreith air nádúir, chum comhoibriúghadh
led ghrásta, chum d'aitheanta do choiméad, agus
chum mo shlánuighthe do shaorthúghadh.



Foillsigh dom, A Dhia, neamhnidhtheachd an
t-saoghail so, mórdhachd fhlaithis, giorrachd na
h-aimsire, agus fad na síorruigheachda.



Aontuigh dom me féin d'ollmhúghadh chum báis,
faitchéas do bheith orm roimh do bhreitheamhnais,
ifrionn do sheachaint agus fa dheoigh flaitheas d'fhághail.



Deonuigh fá dheoigh, croidhbhrúghadh do thabhairt don
uile pheacach, buantseasmhachd do na deághdaoinibh,
síothcháin do na beoibh, agus síoraoibhneas do na
fíréanibh d'imigh romhuinn; tré luaidheacht ar d-Tiar-
na Íosa Críost, tré eadarghuidhe na Maighdine
beannuighthe Muire, agus na n-uile naomh, agus a
nainim ar naomh-mháthar an Eagluis. Amen.



URNAIGH CHUM ROGHA STAID BHEATHA.



A Dhé síorruigh, thusa atá ad sholus an domhain,
agus gur air shon do ghlóire, atá gach créatúr
órduighthe, chugatsa umhaluighim me féin, agus mo
bheatha go h-iomlán: agus ionnus go mairad chum


L. 41


do ghlóire, athchuinighim thú ann do thrócaire mo threo-
rughadh a d-taobh rogha staid bheatha: ionnus air m-beith
duitse mo threoruighthóir, go n-glacad an cúrsa
úd is taithneamhaighe leatsa, agus is oireamhnaighe
domhsa chum mo shlánuighthe do shaothrúghadh.



A Bhanrighan fhlaithis, agus A Mháthair Íosa, bí ad
Mháthair domhsa, agus fágh dom ód mhac dhiadha, go
g-cluinad a ghlór, agus go raibh fios agam air a
thoil, agus go raibh grásta agam a chómhlíonadh go
réidh. Amen.



URNAIGH CHRÁIBHTHEACH CHUM AR D-TIARNA
ÍOSA CRÍOSD.



Glóir, onóir, agus moladh duitse, ar d-Tiarna
Íosa Críosd, go n-adhruigh an domhan uile thú, go
raibh d'ainim naomhtha beannuighthe, thusa féin do
dheonuigh a bheith beirthe ó mhaighdean umhal, air ar
sone na peacaidh, agus go m-badh beannuighthe
bhéidhas do mhaitheas neamhchoimsighthe, fuair bás air
an g-crois chum sinne do shlánúghadh.



A Íosa Mhic Dé, agus Fhuasgaltóir an chinne
daona, impighamaoid thú, trócaire do dhéanadh
oruinn; agus ar m-beatha do stiúradh annso led
ghrása, ionnus na dhiaigh so go m-beidhmaois luath-
gháireach ad fhochair ann do ríoghacht neamhdha go
síorruigh. Amen.


L. 42


URNAIGH AN TRÍOCHAD LÁ.



A Íosa ionmhuin, mo Shlánuighthóir, agus mo
Fhuasgaltóir bheannuighthe, A Chomhfhurtuightóir mhilis
na n-uile anam anaoibhin uaigneach, agus leatromach;
féuch do sheirbhíseach bocht, sleachduighthe go h-umhal
ag bun do chruise naomhtha, ag caoinadh a anacra,
ag impighe do thrócaire, agus ag athchuinighe ort
truaighe agus cómhothúghadh do ghlacadh dhó annsa
g-cruadhchás so a láthair. (Ann a bhuaidhreadh, a
bhochtainacht, a chathúghadh, no a thrioblóid; no gib'é
ríachtanas eile corportha no spioradálta ionna
m-béadh sé.) Éist lé m'urnaighthe, a dhídin chinnte gach
truaighleána dólásaigh! Féuch mo dheora, breath-
nuigh mo dhubróna, agus leigheas mo leatrom;
óir air m-beith do ghábhadh iomadúla am thimchioll
tré mo chortha troma, ní feas dom cá rachfad le
furtacht d'fhághail, nó cé leis a n-déanfad m'éa-
gcaoin, acht leatsa, A Shlánuighthóir shéimh thrócairigh,
le muinín, agus dóchas iomlán go n-deonóchfá,
A Fhuasgaltóir ionmhuin cluas a thabhairt d'ath-
chuinigh umhal do leinbh bhoicht le do ghnáththruaighe agus
shíorthrócaire.



Agus trés an millseachd do mhothuigh d'anam
naomhtha, a n-am theacht dhúinn ionnar nadúir daona,
n-uair bhidis ag cur romhad, mar aon leis an


L. 43


Athair agus leis an Spiorad Naomh, do Phearsa
naomhtha do chomhcheangal le colann daona air son
ar slánuighthe, do chuiris d'aingeal naomhtha d'ion-
suighe na maighdine beannuighthe Muire, leis na sgéal-
taibh séanmhara sin; agus ag glacadh ort féin, ar
nádúir daona, gur chómhnuighis d'fhír-Dhia agus d'fhír-
Dhuine air feadh naoi míosa 'nn a broinn beannuighthe.
Trés an g-crádh d'fhulaingis 'nnuair tháinic am do
pháise leagtha amach roimhré, do ghuidhis chum d'Athar
síorraigh, dá m-béadh do réir a roimhradhairc dhiadha,
go rachfadh an chailís shearbh sin tharat, gidheadh, ag
críochnúghadh leis an n-gníomh géillidh ba fírúimhle
“ni shi mo thoilse, acht do thoilse, A Athair neamh-
dha, dhéantar.”



Tré na maslaigh andlightheacha, tré na tarcuisnigh
náireacha, tré na builligh dúismionta, tré na dia-
mhaslaidh aithiseacha, trí na fianisigh fállsa, tré na
casaoideacha bréagacha, agus tré na breitheamhnuis
éagcóracha, d'fhulaingis go foighdeach, A Uain
neamhchionntaigh. Tré na téada do cheangail do
lámha, tré na deora do thuit ó do shúilibh, tré an
fhuil do shil ó do cholainn go h-uile. Tré an faitcheas,
dobrón, agus dólás do chroidh; tré do cheann
ríoghúil corónuighthe le deilgnibh, agus buailte le
giolcach. Trés an náire dofuairis, 'n uair, air
m-beith dod chuid éaduigh bainte dhíot, dobhidhis


L. 44


crochta, nochduighthe air an g-crois, air feadh trí
h-uairibh a radharc do mháthar dólásaighe, agus a
láthair na n-daoine go h-uile. Tré na táirnidh
géara le ar tolladh do lámha agus do chosa míne,
agus le ar fastuigheadh air an g-crois iad. Tré
do thart sásuighthe le vinégar agus le domblas;
tré do thaobh fosguilte le sleigh as a d-táinic amach
fuil agus uisge, chum aithneartúghadh do thabhairt dár
n-anmanaibh leis an d-tiobrad bithbhuan sin do
ghrádha agus do thrócaire. Trés an mórthrócaire
do thasbáinis don ghadaidh aithrígheach, ag rádh,
“béidh tusa aniugh, am fhochairsa a b-Párathas.”
Tré do ghuidhe air son do námhaide ag rádh, “A
Athair, maith dhóibh, óir ní feas dóibh cad é a
dhéanaid.” Tré thoirbhirt d'anama suas dod Athair
naomhtha le linn éaga, ag rádh; “ann do lámha
thiomnaim mo spiorad.” Tré thabhairt do spioraid
suas n-uair d'éimhis le guth árd, “mo Dhia, mo
Dhia, cad é an fáth ar thréigis mé;” agus annsin, ag
claonadh síos do chinn bheannuighthe, chum póige na
síothchána do shínadh chuguinn, adubhrais, “atá an
uile nidh críochnuighthe.”



Tré do dhul síos go Limbo agus an luathgháire
dothugais do na deághanamibh, dobhí ann a n-ghéibhion;
tré ghlóir d'aiséirighthe caithréimaighe agus an tais-
bánadh aoibhin dorinnis díot féin air feadh dhá


L. 45


fhichiod lá, dod naomhóigh Mháthair, dod Apstolibh,
agus dod cháirdibh agus sheirbhísibh eile tobhtha. Tré
do dheasghábháil iongantach, an tan do h-árduighadh
suas thú air neamh a radharc do mháthar agus
d'Apstol. Tré thuirling an Spioraid Naoimh a
bh-fuirm teangtha tinntighe lér líonis croidhthe do
dheisgiobhail le do ghrádh, agus lér thugis neart agus
meisneach dóibh chum do chreideamh do chur air bun
air feadh an domhain. Tré lá critheaglach an
bhreitheamhnais gheneráilte 'n uair thabhairfir breith
air an g-cineadh daona go h-uile. Tré gach
buaireadh, luathgháire, fulang, truaighe, agus tré
gidhb'é nidh eile is neasa, no is ionmhuine leat
air neamh, nó air talamh, glac truaighe dom, A
Fhuasgaltóir thruaghmhéiligh, éist m'urnaighthe agus
tabhair dom an nidh iarrim go roumhal ó mo
chroidh ort anis.



(Ainimnigh annso, an nidh ba mhian leat d'fhághail
ó Dhia.)



Tabhair dom A Shlánuighthóir ghrástúil luathmhoth-
úghadh éifeachdúil air do chungnamh agus do chomh-
fhurtachd diadha, an-té do réir ghnáthmhillseacht do
chroidh chaoimh atá a g-cleachtadh, a n-athchuinighthe do
thabhairt don droing ag a m-bidheann eagla rómhad,
agus do ghrádhuighas thú dáríribh, go nuige mian agus
sásamh a n-anam.


L. 46


Bronn ormsa mar an g-céadna, A Thiarna
bheannuighthe Íosa, creideamh seasamhach, dóchas
muiníneach, carthanachd iomlán, croidhbhrúghadh in-
mheodhanach, faoisidin ghlan, leorghníomh ceart, aire
dhúrachdach orm féin óm ghnáthlochta, tarcuisne
chrógach air an t-soaghal, buaidh iomlán air m'an-
mhianta, aithris dhíghrasach do bheatha agus do chómhradha
deághshomplaigh, comhlíonadh iomlán air mo mhóide,
crádhadh fírineach air mo thoil féin, fonnmhaireacht
thoilúil chum báis d'fhulang air son do ghrádha agus
d'onóra, buantseasamh go deireadh a n-grása
agus a n-déaghoibreachibh, imtheacht séanmhar dom
anam as an t-saoghal so, lem chiall cheart am
thimchioll, do shácramuinte naomhtha chum mo
neartúghadh, thú féin A Íosa ionmhuin chum mo chomh-
fhurtúghadh, do MhaighdeanMháthair, mar aon leis na
naoimh mo phátrúin specialta chum guidhe air mo
shon, agus mo dheághaingeal chum mo threorúghadh go
suaimhneas síorruigh, go beatha shíorruigh, agus
go h-aoibhneas síorruigh. Amen.



OIDEAS AN TRÁTHNÓNA.



Tabhair fád aire: n-uair bhéidheas obair shaogh-
alta do staid bheata críochnuighthe san lá, ná té
choidhche chum suaimhnis, no go g-comhlíonaidh tú le


L. 47


Dia uilechumhachtach an t-adhrúghadh a dlighthar dhó ó gach
créatúr tuigsionach. Sgar ó d'aigneadh, dá
bhrigh sin, gach smuaintigh do cheanglas thú dod
chúram saoghalta; cuimhnigh gur b' é Dia tús agus
deireadh gach uile nidh, agus toirbhir d'anam dhó a
n-urnaigh mar so.



URNAIGHTHE AN TRÁTHNÓNA.



A n-ainim an Athar, etc. Taobh 27.



Tuirling, A Spioraid Naoimh, etc. T. 27.



Cuiramaid sinn féin a láthair Dé, agus tuga-
maid buidheachus dó a d-taobh na n-grásta
dofuaramar uaidhe.



A Thiarna Dhé! creidim go diongbhálta go
bh-fuil tú annso aláthair, go bh-fuil tú ag éisteacht
liom, go bh-fuil fios m'uile smuaintighthe agud:
molim agus onóruighim thú; admhuighim gur tú mo
chruthuighthóir agus mo mháighisdir; íslighim me féin
go h-iomlán faoi do smacht, cuirim mo dhóchas agus
mo mhuinín go léir ionnat, agus tá grádh agam
duit óm chroidh agus óm anam. Bheirim míle
buidheachas dhuit a d-taobh iomadamhlachda do thabh-
artais dhom, do bhrigh mar dorinnis mo chréatúr
tuigsineach mé oireamhnach chum d'aithint, do
ghrádhúghadh, agus do shealbhúghadh; do bhrigh mar d'fhuas-
glais mé lé fuil do Mhic ionmhuin Íosa Críosd,
ar Slánuighthóir, mar dorinnis críosdaigh agus


L. 48


Catoiliceach dhíom; agus go mórmhór mar
dothug tú slán foláin mé ó gach baoghal agus díbháil
an lae so.



Ar n-Athair, etc. T. 29.
Dia do bheatha A Mhuire, etc. T. 29.



Iarramaid grásta ó Dhia, eolus agus fuath
iomlán a d-taobh ar b-peacaigh do thabhairt dhúinn.



Guidhamaid.
A Thiarna, tré do mhórthrócaire, tabhair solus
do ghrásta dhúinn, chum go m-ba leur dhúinn ar lochta,
agus go m-béadh fírghráin aguinn orra, agus fuath
diongbhálta dóibh.



AN FHAOISDÍN GHENERÁILTE.
Admhuighim do Dhia uilechúmhachtach, do Mhuire
naomhtha, atá riamh na h-óigh, do Mhíchál naomhtha
árdaingeal, d'Eoin naomhtha Baisde, dona naomh-
Apstolibh, Peadar agus Pól, agus dona naoimh uile,
gur pheacuighas go romhór, le smuainteadh, le
briathar, agus le gníomh, tré mo choir féin, tré mo
choir féin, tré mo choir romhór féin.



(Stadamaid annso, agus tugamaid chum ar
g-cuimhne, peacaidh prionnsabálta ar saoghail go
d-tigh so: acht go h-áirighthe smuainighamaid air
gach gnóthuidh, cómhluadar, agus ócáid eile pheac-
aidh tháinic trasna orainn aniugh.)


L. 49


Taréis léirsmuaintiúghadh oireamhnach, abair:



A Dhé! tá doilghíos croidh orm tré fheirg do chur
ort, agus tá fuath rofhírinneach agum do mo pheacaidh,
dobhrigh go g-cuirid míshásamh ortsa, A Dhé, do
thuilas mo ghrádh go h-iomlán, a d-taobh do cháiligh-
eachta rógheanúla, agus do mhaithis neamhchoimsigh,
agus tá rún diongbhálta agam le cúngnamh do
ghrásta, gan fearg do chur ort, go brách aríst, agus
mo bheatha do leasúghadh.



Air an ádhbhar sin impighim air Mhuire naomhtha
atá riamh na h-óigh, air Mhíchál naomhtha árdaingeal,
air Eoin naomhtha Baisde, air na h-Apstoil
naomhtha, Peadar agus Pól, agus air na naoimh uile,
guidhe chum ar d-Tiarna Dia ar mo shon.



Go d-tugidh Dia uilechúmhachtach trócaire dhom,
go maithidh sé mo pheacaidh dhom, agus go d-treo-
ruigh sé mé chum beatha shíorruigh. Amen.



Glóir don Athair, etc. T. 30.



LIODÁN NA MAIGHDINE.



Roimhghuth.
Deifrighamaid fá do chomairce, A naomh
Mháthair Dé, ná tarcuisnigh ar n-urnaighthe ann ar
riachtanais, acht saor sinn ó gach baoghal, A Mhaigh-
dean shírghlórmhar bheanuighthe.


L. 50


A Thiarna, déan trócaire oruinn.
A Chríosd, déan trócaire oruinn.
A Thiarna, déan trócaire oruinn.
A Chríosd, éist linn.
A Chríosd, éist linn go grástúil.
A Athair neamhdha, A Dhé, déan, etc.
A Mhic Dé, A Fhuasgaltóir an domhain,
A Spioraid Naoimh, A Dhé,
A Thrínóid naomhtha aon Dia amháin, déan trócaire oruinn.
A NaomhMhuire, Guidh oruinn.
A NaomhMháthair Dé,
A NaomhMhaighdean na Maighdean,
A Mháthair Chríosd,
A Mháthair na grásta diadha,
A Mháthair is fírghlaine,
A Mháthair is geanmnaighe,
A Mháthair gan truailliúghadh,
A Mháthair gan toibhéim,
A Mháthair gheanúil,
A Mháthair iongantach,
A Mháthair ar g-Cruthuighthóra,
A Mháthair ar Slánuighthóra,
A Mhaighdean is críona,
A Mhaighdean is airmhidnighe,
A Mhaighdean chliútúil, Guidh oruinn.


L. 51


A Mhaighdean chumhachtach,
A Mhaighdean thrócaireach,
A Mhaighdean dhílis,
A Scathán an cheartais,
A Áitsuidhe na h-eagna,
A Chúis ar n-gáirdeachais,
A Shoithigh spioradálta,
A Shoithigh onóraigh,
A Shoithigh óirdheirc an chrábhaidh,
A Róis rúndiamhair,
A Thuir Dhábhidh,
A Thuir ébhurdha,
A Thigh órdha,
A Áirc an Chonnartha,
A Gheata Fhlaitheamhnais,
A Réalt na Mainne,
A Shláinte na n-easlán,
A Dhídin na b-peacach,
A Shólás na n-dobrónach,
A Chungnamh na gCríosdaigh,
A Bhanrighan na n-Aingeal,
A Bhanrighan na b-Pátriarc,
A Bhanrighan na bh-Fáigh,
A Bhanrighan na n-Apstol,
A Bhanrighan na Mairtíreach, Guidh oruinn.


L. 52


A Bhanrighan na g-Confesóirigh,
A Bhanrighan na Maighdean,
A Bhanrighan na Naomh go h-uile,
(Agus an uair deirthar so taréis an
phaidirín phártigh,
A Bhanrighan na Rósarighe is naomhtha), Guidh oruinn.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Spáráil
sinn, A Thiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Éist
linn, A Thiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain; Déan
trócaire oruinn, A Thiarna.



Deifrighamaid faoi do chomairce, etc.



Aingeal an Tiarna, etc. T. 34.



Guidhamaid chum ar n-Aingil coimhdeachda.



O Aingil Dé! dobhidhas dár g-coimhdeachd,
ná sgar linn. Soillsigh agus coiméad sinn anocht,
agus air uair ar m-báis. Amen.



Tar a féachaint air ar n-áras, impighamaid thú
A Thiarna, agus díbir a bh-fad uaidhe gach uile
chealg na námhuide, go g-cómhnuighidh d'aingil
naomhtha ann chum ar g-coiméad a síothcháin; agus
go raibh do bheannacht a g-cómhnuigh oruinne: tré
Chríost ar d-Tiarna. Amen.


L. 53


V. Go bh-fanigh cungnamh Dé do ghnáth aguinn.
R. Amen.
V. Agus go suaibhnighe anama na bh-fíréan a
síothcháin, tré thrócaire Dé.
R. Amen.
Impighamaid thú, A Thiarna, etc. T. 35.



Tabhair fád aire - An uair bhidhas tú dul a chod-
ladh, ag tarraing d'anála, smuain agus abair:
Í-O
agus ag séidadh d'anála, abair,
S-A.



OIDEAS CHUM AIFRINN D'ÉISDEACHT.



“Déanigh so a g-cuimhne ormsa.” N. Lúc.xxii.19



Cuimhnigh, gur b'é an t-Aifrionn íobairt neamh-
fhuilteach choirp agus fola Chríosd, atá láithreach dáirfhíre
agus go fírinneach; agus gidh air mhodh neamhionan,
ofráltar é chum na mórchríocha céadna air ar
h-ofráladh cheana-féin íobairt fhuilteach Chríosd air
an g-crois air chnoc Chalvarigh. Ní ceart, dábhrigh
sin, aon smuainteadh a bheith a n-inntinn an Chríos-
daigh, acht na smuaintigh is lánchráibhthighe air bith,
an uair atá sé air tí bheith láithreach ag an mistéir


L. 54


so na mistéiridh. d'aithin ar Slánuighthóir ion-
mhuin dhúinne, “é so do dhéanadh a g-cuimhne air-
sion.” (N. Lúc.xxii.19). Machnuigh annsin godé
mar bhéadh do mhothúghadh, do smuaintidh, agus do
mhianta, dá m-beithfeá láithreach dáirfhíre, an uair
h-íobaradh Uan neamhchionntach Dé leis na Iudaighibh
air shliabh Chalvarigh, chum sásamh do thabhairt air
son ar b-peacaidh, agus chum réiteach do dhéanadh
eadrinne agus a Athair masluighthe. Le na leith-
éde so amháin, bá ceart duitse cur rómhat thú
féin d'ullmhúghadh chum Aifrinn d'éisteacht. Bíodh
dábhrigh sin, páis agus fuilingthe do Shlánuighthóra
naomhtha ós cómhair do shúile go spioradálta; agus
mar atá gach roinn den Aifrionn ag foillsiúghadh den
taobh amuigh, gach nidh do thárla an tan sin, bros-
duighadh gach páirt cófhreagrúil den pháis, croid-
bhrúghadh ionnad ar son peacaidh, grádh air Dhia, agus
mian a d-taobh gach uile shubháilce do ghluaisas
chum croidh d'fhírghlanadh, agus chum sinn féin do
dhéanadh taithneamhach a láthair Dé.



Ag crathadh an uisge choisricthe ort féin, abair:



“Craithfidh tú orm le hissop, (A Thiarna,) agus
glanfar me; nighfidh tú mé, agus béidh me níos
gile ná sneachda.” Ps.1.9.


L. 55


Ag dul asteach san d-Teampoll dhuit, abair:



“Nighfad mo lámha ameasg na neamhchionntach,
rachfaidh mé timchioll d'altóra, A Thiarna, chum go
g-cluinfinn guth an mholtaidh, agus chum go bh-foill-
seochuinn do mhíorbhuiltidh go léir. A Thiarna!
do ghrádhuighas sgéimh do thighse, agus ionad cómh-
nuighthe do ghlóire. A Dhé, ná sgrios m'anam a
g-cuideachd druinge na fola.” Ps.xxv.6, etc.



“Tá gárdachas orm a d-taobh na neithe a dubh-
radh liom; rachfamaid asteach go tigh an Tiarna.”
Ps.cxxi.1.



“Iarrigh na neithe do bhainas lé síothcháin Ierú-
salem; agus líonmharachd dóibhsan do ghrádhuigh-
as í.” Ps.cxxi.7.



“Sé mo thighse tigh na h-urnaighthe.” N. Math.
xxvi.13.



Air n-dul don t-Sagart chum na h-altóra; smuain air
Chríosd ag teacht asteach a n-gáirdín Olivet: N. Ma.
xxvi.37.



GNÍOMHARTHA CROIDHBHRUIGHTE, CREIDIMH,
DÓCHAIS, AGUS CARTHANACHDA.



Urnaigh roimh na Gníomhartha.



Guidhamaid.
A Dhé shíoruigh agus uilechumhachtaigh, tabhair


L. 56


dhúinn méadúghadh creidimh, dóchais, agus carthanachda;
agus chum go bh-faighamais toradh do gheallamhna,
tabhair dhúinn d'aitheanta do ghrádhúghadh, agus do chómh-
líonadh: tré Íosa Críosd ar d-Tiarna. Amen.



GNÍOMH CROIDHBHRÚIGHTE.



A Dhé, ta doilghíos croidh orm, tré fheirg do
chur ort, agus tá fuath go fírinneach agam dom
pheacaidh de-bhrigh go g-cuirid mishásamh ortsa, A
Dhé, do thuilleas mo ghrádh go h-iomlán a d-taobh
do cháiligheachta is geanúla, agus do mhaitheasa
neamhchoimsigh, agus tá rún diongbhálta agam le
cúngnamh do naomhghrásta, gan fearg do chur ort
go brách aríst. Amen.



GNÍOMH CREIDIMH.



A Dhé, creidim go diongbhálta, gur b'aon
Dia amháin thú, cruthuighthóir, agus árdthiarna neimhe
agus talmhan, go bh-fuil do mhórdhacht agus do mhaitheas
dóchoimseach. Creidim go diongbhálta go bh-fuil
ionnadsa, an t-aon Dia amháin, trí pearsana go
h-eidirdheallighthe, agus comhionan ann gach uile nidh,
an t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad
Naomh. Creidim go diongbhálta gur ghlac Íosa
Críosd Dia an Mac colann dhaona, gur gabhadh
ón Spiorad Naomh é, gur rugadh é ón Maighdean


L. 57


Muire, gur fhulaing sé páis, agus go bh-fuair bás
air an g-crois, chum sinne d'fhuasguilt agus do
shábháil; gur aiséirigh sé an treas lá ó mharbhibh, go
n-deachaidh sé suas air neamh, go d-tiocfaigh a
n-deireadh an t-saoghail, chum breitheamhnais do thabh-
airt air an g-cine daona; go d-tabharfaidh sé aoibh-
neas síorruigh mar luach saothair do na deaghdhaoinibh,
agus go d-teilgfidh sé na drochdhaoine go pianta
síorruighe ifrinn. Creidim so, agus gach nidh eile
do chraobhsgaoilas an naomhEaglais Chatoilice
Rómhánach dhúinn, de-bhrigh gur thusa, A Dhé, an
fhírinne dómheallta d'foillsigh iad, agus d'orduigh
dhúinn éisteacht leis an Eagluis, ó sí bun agus
piléur na fírinne í. Annsa g-creideamh so tá rún
seasamhach agam le cungnamh do naomhghrásta,
maireachtain agus bás d'fághail. Amen.



GNÍOMH DÓCHAIS.



A Dhé, do gheall go grástúil gach tabhartas agus
fós flaithas Dé féin tré Íosa Críosd don lucht do
choimhéadas d'aitheanta; ag seasamh air do mhór-
chúmhacht, do mhórmhaitheas, agus do mhórthrócaire,
agus le muinín as do naomhgheallamhnaibh do
chomhlíonas tú a g-cómhnuigh go fírinneach, tá dóchas
láidir agam go d-tabharfaidh tú maitheamhnas dham
ann mo pheacaidh go léir, grásta air an t-saoghal


L. 58


so, chum do sheirbhíse do dhéanadh go dúrachdach, ag
déanadh dhom na n-deághoibreacha d'orduigh tú, agus
geallim led chungnamhsa a g-cómhlíonadh, agus
aoibhneas síorruigh d'fhághail air an t-saoghal eile tré
mo Thiarna agus mo Shlánaightóir Íosa Críosd.
Amen.



GNÍOMH CARTHANACHTA.



A Dhé, grádhuighim thú lé mo chroidh, agus lé
m'anam go h-iomlán, agus óscionn gach uile nidh,
dobhrigh go bh-fuil tú go neamhchoimsighthe maith agus
iomlán, agus go d-tuillann tú mo ghrádh go h-uile,
agus air do shonsa grádhuighim mo chomharsa mar
mé féin. Tabhair dom go trócaireach, A Dhé, taréis
do ghrádhúghadh air talamh go n-grádhóchuinn, agus go
sealbhóchuinn thú go síorruigh a bh-flaitheamhnas.
Amen.



URNAIGH IONRÁIDHTE ROIMH AIFRIONN.



O Athair thrócairigh! do ghrádhuigh an domhan chó
mórsin, go d-tug tú suas do Mhac grádhach chum
ar sábhála, an-té lé umhlachd dhuitse agus air ar
sonne na peacaigh, d'ísligh é féin fós go bás na
croise, agus leanas ag déanadh ofrála dhe féin go
laethúil tré lámha na sagart, air son na m-beo
agus na marbh. Athchuinighmaid thú go h-umhal,


L. 59


beochreideamh do spreagadh ionainn, ionnus go
n-iomchóramais sinn féin do ghnáth, le h-iomad
cráibhtheachda agus ómóis a láthair íobairt is luach-
mhaire, a chuid feola agus fola atá naomhchois-
reagtha sann Aifrionn, agus air an modh sin go
m-féidir linn a bheith roinnpháirteach annsan íobairt
do chríochnuigh sé air Chalvarigh.



Air aon inntinn leis an naomhEagluis, agus le
na seirbhísigh, agus ag iarraidh eadarghuidhe na
Maighdine Muire, Máthair Dé, na n-aingeal agus
na naomh uile, ofrálamaid anis íobairt is adhrúla
an Aifrinn, air d-tús, dod onóir, agus dod ghlóir,
d'admháil do dheaghcháilígheachta dóchoimsighthe, agus
d'árd chúmhachd óscionn gach créatúra, ar síorómós
dhuitse, agus ar seasamh go h-iomlán air do
chúngnamh grástúil. Sann dara h-áit; ag tabhairt
buidheachais dhuit a d-taobh do thabhartais go léir.
Sann treas áit; chum maitheamhnas d'fhágail ann ar
b-peacaidh. Agus faoi dheireadh, ofrálamaid é
chum síolruighthe an chreidimh Chathoilice; air son ar
n-athar is naomhtha an Pápa, air son ar n-Easboig,
(nó ar n-Árdeasboig,) agus air son tréadaidhthe
agus an chléir uile d'Eagluise naomhtha; ionnus go
stiúreochadaois na fíréin a sligh sábhála; air son
na Banrighne, agus gach duine atá a n-árdréim,
ionnus go g-caithfamaois beatha shíothúil naomhtha;


L. 60


chum síothchána agus deaghmhéin ameasg daoine ann
gach uile staid; air son riachtanais an chinidh daona,
agus go spécialta air son an Phobail atá annso aláthair,
ionnas go bh-faighamais gach grásta riachtanach air
an t-saoghal so, aoibhneas dóchríochnuighthe air an
t-saoghal eile, agus suaimhneas síorraigh do no
fíréin a d'imigh rómhuinn.



Agus mar d'orduigh Íosa Críost an uair do
thionsgain sé air a shuipéar dhéaghanach an rúndiamhar
iongantach so a chúmhachta, a eagna, agus a mhaith-
easa, ofrálamaid an t-Aifronn so a g-cuimhne
bhuidheach air son a n-deárna agus ar fhulaing sé
lé grádh dhúinne, ag déanadh cuimhne spécialta air
a ghéar pháis, agus air a bhás, air a aiséirigh ghlór-
mhar, agus a dhul suas air neamh.



O Dhé shíorruigh uile-chúmhachtaigh, (óir is dhuitse
amháin is dlíghtheach íobairt d'ofráil,) deonuigh í so
do ghlacadh go grástúil, chum na g-críoch so agus
gach críoch eile, atá taithneamhach led naomhthoil,
agus chum a déanadh níos taithneamhaighe ofrála-
maid dhuit í tré an t-Íosa Críosd céadna, do
Mhac muirneach, ar d-Tiarna, ar n-Árdshagart,
agus ar n-íobairt, agus a n-ainim na Tríonóide
is naomhtha, an t-Athair, agus an Mac, agus
an Spiorad Naomh, d'ár ba cóir moladh, onóir,
agus glóir tré shaoghal na saoghal. Amen.


L. 61


MODH CRÁIBHTHEACH LÉ AIFRIONN d'ÉISDEACHT.



N-uair thoisighas an Sagart air an Aifrionn; smuain air
Íosa ag guidhe sann n-gáirdín. N. Lúc.xxii.42.



A n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus
an Spioraid Naoimh. Amen.



Rachfad a n-gar dod altóir, O mo Shlánuigh-
thóir, chum neart agus brígh nuadh d'fhághail ann dom
anam: agus tré do ghrásta dealuigh mé ó na dí-
chreidmhaigh ag nach bh-fuil roinnpháirt leatsa: Óir is
é do ghrásta dothugas spiorad na h-urnuighthe
agus an chroidhbhrúite dam, dothugas compórd
dam nuair bhuairas agus uiríslighas mo pheacaidh
me; is é do ghrásta do chuiras a n-úil dam, go
bh-fuil dídean bithbhuan le fághail ann do mhaitheas,
agus go bh-fuil tú ollmhuighthe chum ar b-peacaidh
do mhaithadh chó luath is admhuighamaid ó chroidh
iad.



Ag an “g-Confiteor;” smuain air Íosa ag tuitim air
aghaidh chum na talmhan. N. Lúc.xxii.44.



Admhuighim anis óm chroidh, A Fhuasgaltóir
ionmhuin, gur chuiras fearg gan chuimse ort, le mo


L. 62


smuaintighthe, le mo bhriathra, le mo ghníomhartha,
agus le mo fhailligh. Tá fhios agam gur peacadh,
faraor! cúis do chráidhte seirbhe sann n-gáirdín.
Tá fhios agam gur b'é do roimheolas air mo pheac-
aidh, do chuir méadúghadh air dhobrón d'anama. Tá
doilghíos croidh orm a d-taobh go raibh me roinn-
pháirtach ann air aon mhodh; agus impighim air luchd
fábharach na bh-flaitheas atá a g-cómhnuigh ag freas-
dal dod mhórdhachd dhiadha, guidhe air mo shon;
agus air d-tús, an Mhaighdean Mhuire bheannuighthe
do mháthair, annsin d'aingil fíorghlana naomhtha,
agus do naoimh go h-uile atá air lasadh le grádh
diadha. Agus fá dheireadh iadson go h-uile atá
annso shíos ag cur rompa, go fann féin, a sompla
mórluachmhar do leanúint.



Nuair phógas an Sagart an Altóir, agus ag an “Introi-
tum:” smuain air Íosa a bheith braite tré phóig le h-Iu-
dás. N. Ma.xxvi.49.



Cosain sinn A Thiarna ó mhífhortún tréigmheála
an chreidimh admhuighamaid ionnadsa mar Iudás;
agus ós iad ar n-droch-chlaonta amháin le ar
féidir sinn do dhéanadh míothaithneamhach dhuitse,
glaodhamaid go h-umhal ort ag iarraidh trócaire.


L. 63


Ag an Kyrie eleison;” smuain air Íosa séanta le
Peadar: N. Ma.xxiv.72.



A Chríost, a Thabharthóir grásta agus buan-
sheasamhachda, déan trócaire oruinn; agus ná
rabhamaid choidhche chó h-eaglach air ghruamachd an
t-saoghail so, mar Pheadar, is go séanfamais
thusa atá ad Thiarna agus ad Mhaghaisdir dhúinn.



Ag an “n-Gloira in excelsis;” (an tan deirthar é;) smuain,
gur le amharc ó Íosa thigas aithmhéal air Pheadar: N. Lúc.
xxii.61.



Glóir do Dhia ann sna h-árdibh, agus air talamh
síothcháin do lucht deághrúin: acht “ní'l aon t-síoth-
cháin ag na drochdhaoinibh.” O Dhia go bh-fághad
suaimhneas consíais mhaith: agus nuair iompóchas
mé uait tré pheacadh, aisig dom go trócaireach
soillse do ghnúise, ionnus mar Pheadar go m-béadh
aithmhéal orm, agus air an modh so, go n-déanfuidh
oireamhnach mé lé do mholadh, do bheannúghadh, agus
d'adhrúghadh, A Íosa Críosd, leis an Spiorad Naomh,
a n-glóir Dé an Athar. Amen.


L. 64


Ag an Oráid, agus ag an Episdil; smuain go d-tugthar
Íosa a láthair Phílóid; agus na dhiaighsin a láthair Íoruaidh:
N. Ma.xxvii.2.



Guidhamaid.



A Dhé uilechumhachtaigh, athchuinighamaid thú go
fírísiol, éisdeacht go trócaireach le h-urnuighthe do
sheirbhísigh, do thoirbhiras se suas dhuit a n-ainim
d'Eagluise, agus air ar sonne do phobal. Glac
iad chum onóra d'ainime, agus chum maitheasa ar
n-anam, agus tabhair dhúinn gach uile bheannacht do
chúngnóchadh linn ann aon mhodh chum ar sábhala:
tré ar d-Tiarna Íosa Críost. Amen.



Le h-aghaidh na n-Oráideacha air feadh na
bliana, féuch air thaobh 77.



Ag an Episdil.



Do theagasg tú sinn, A Dhé, lé d'fhaighibh agus lé
d'Apstalibh, tabhair dhúinn tré na d-teagasgsan agus
tré na sompla go rachfamais air aghaidh chó maith
sin a n-grádh dod ainim naomhtha, ionnus go
d-taisbánfamais ann ar m-beatha cia dár ab deis-
ciaboil sinn; agus gidh go mairamaid ameasg
ceilge an t-saoghail so, nach leanfamais claontachd
na feola ná na fola, acht air m-breith buaidhe dhúinn
air ar n-anmhiantaibh uile, go stiúróchfuidh sinn led


L. 65


sholus, go neartóchfuidh sinn led ghrásta, go siubhal-
famais a g-comhlíonadh iomlán do dhlighe agus go
n-déanfamais do riar lé croidhthibh glana. Amen.



Ag an t-Soisgeul; smuain go n-deárna Íoruadh magadh faoi
Íosa. N. Lúc.xxiii.11.



Go n-adhruighthar agus go moltar thú choidhche, A
Dhé thrócairigh, nach raibh sásta sinn do theagasg lé
d'fháighibh agus lé d'Apstalibh, acht do dheonuigh fós
labhairt linn tré d'aonMhac ar Slánuighthóir Íosa
Críosd; ag ordughadh dhúinn le guth ó neamh éisdeacht
leis. Tabhair dhúinn grásta, chum tairbhe do bhaint
as a theagasg neamhdha; agus gidh go mairamaid
a soaghal, an áit, mar rinn Ioruadh, a d-tugid
mórán daoine tarcuisne air a dhiadhachd naomhtha,
agus a n-diúltuighid dá chreideamh; go leana-
maidne dhóso mar dheisciobail fhírinnigh lé h-umhal-
achd, buansheasmhachd, agus grádh.



Ag an gCré: (an tan deirtar í,) smuain air Íosa ag
admháil gur b'é Righ na n-Iudig é: N. Ma.xxvii.11.



Creidim, A Thiarna, gach uile nidh do mhúinas
tú dhom led naomheagluis. Adhruighim gach a
d-tuigim ann sna rúndiamharibh neamhdha so, agus


L. 66


mar an g-céadna, gach a bh-fuil thar mo thuigse;
óir atá m'íntleachd chó cúmhang gur fírbheag do
thuigim dom thaobh féin amháin: dá bhríghsin, ní
féidir agus ní ceart go d-tuigfuinn thusa go
h-iomlán, A Dhé dhóchoimsighthe, dhóthuigseanaigh!
Tá mé lánchinnte a d-taobh dhísleachda agus eagna
do dheisciobail iomadúla, d'admhuigh an creideamh
céadna a chreidimse anis. Is cruthúghadh sásta air
do theagasg naomhtha a m-beatha beannuighthe; agus
is urrúdhas dom do gheallamhnacha anaghaidh ear-
ráide. Ní fhuilingeochaidh me a choidhche dom réasún
agus dom thoil a bheith a n-amharus, gidh go
n-déanfadh mo chéadfádha agus mo smuaintighthe
díomhaoineacha iarraidh a thabhairt air. Cá rachfuinn,
acht chugadsa, A Thiarna, ós agadsa atá briathra
na beatha síorruigh? Creidim A Thiarna, fóir air
mo dhíchreideamh.



Ag an d-Toirbirt; smuain air uirísleachd Íosa, nuair do
gháiradar na Iuduigh amach, “céastar é:” N. Ma.
xxvii.23.



Glac uainn, O Athair shíorruigh, an toirbhirt so
doghnidhamaid dhuit: ní'l ann fós acht arán agus fíon:
acht le míorbhúile do chumhachda, tá tú air tí abhlan
naomhtha síorruigh do dhéanadh dhe, ofrálas é féin


L. 67



L. 68



L. 69


ar molta neamhbhríghmhara lagchroidheacha a chur le
na g-caintic diadha ag rádh: is naomhtha, naomhtha,
naomhtha an Tiarna Dia na sluadh. Tá neamh
agus talamh lán ded ghlóir. Hosanna ann sna
h-árdibh. Is beannuighthe anté thigas a n-ainim an
Tiarna; Hosanna ann sna h-árdibh.



Ag an gCanóin: smuain air Íosa le coróin spíona air a
cheann, agus uraim righ bréige tugtha dhó: N. Ma.
xxvii.29.



O Athair is trócairighe, d'fhulang coróin spíona
a bheith curtha air cheann do Mhic ionmhuin, agus
uraim righ bréige a bheith tugtha dhó, chum sinne
do mhúnadh le magadh agus gruamachd an
t-saoghail so d'fhulang go foighdeach; tabhair éisd-
eachd, impighamaid thú, dar n-urnaighthibh. Thusa,
A Árdthréadaigh óscionn gach uile thréadaigh, cosain,
cócheangail, agus riaghluigh d'Eagluis naomhtha air feadh
an domhain go léir: dóirt anuas do bheanachd air
a naomhthachd ar b-Pápa Gregóir, (no A.B.)
agus air ar n-easbog, (A.B.) sábháil ar m-bann-
righan Victoria; (no A.B.) déan mór agus
maith iad, air an t-saoghal so, agus sona air an
t-saoghal eile; agus tabhair do bheannachd d'á
bh-fuil faoi na g-cúram.


L. 70


Ag Cochuimhniúghadh na m-beo: smuain air Íosa ag iomchar a
chroise: N. Eon.xix.17.



Ofráilim dhuit, O Athair shíorruigh a n-éinfheachd
lé d'fhearfriothólaimhe annso air an altóir, an íobairt
so fola agus feola d'aoinMhic, chum d'onóra agus
do ghlóire: a g-cuimhniúghadh Páise mo Shlánuighthóra,
agus breith buidheachais air son do thabhartais; chum
sásamh a d-taobh mo pheacaidh, agus chum grásta
d'fhághail, ionnas go neartóchuidh mé, lé trioblóidacha
an t-saoghail so d'fhulang go foighdeach. Impighim
thú, A Dhé, mar an g-céadna, a ghlacadh air son
(A.B.) air son mo thúismighthóirigh (má mhairid)
mo cháirde, agus mo chabharthóirigh: tabhair dóibh
gach uile bheannachd spioradálta agus saoghalta. Mar
an g-céadna, air son an uile dhuine atá a n-amh-
gar, air a son so d'á n-déarna me díbháil air
aon mhodh; agus air son mo námhaididh, chum iom-
poighthe na b-peacach, agus chum soillsighthe gach
aoin do shuidhas a n-dorchadas. Dóirt anuas do
bheannachd air gach uile dhrong do réir a riachtanais
fá leith. Tré luaidheachd d'aoinMhic ar d-Tiarna.
Amen.


L. 71


Nuair fhosglas an Sagart a lámha amach oscionn na cailíse;
smuain air Íosa fastuighthe air an g-crois: N. Luc.
xxiii.33.



A Dhé, d'fhulaing cosa agus lámha míne do Mhic
ionmhuin a bheith fastuighthe d'adhmad cruaidh na
croise; múin damhsa a bheith ceusta a d-taobh dí-
mhaoinis agus drochghníomhartha an t-saoghail so,
agus bheith tugtha suas duitse ó chroidh. Feuch, A
Thiarna, ofrálamaidne dhuitse annsan arán agus annsa
bh-fíon so comharthaidh ar bh-fíraontuighthe; óir gidh
air m-beith dhúinn a g-céimibh éagcosamhala, atá-
maid san am cheadna, cómhcheangailte lé carthan-
achd mar bhaill den aon-chorp dar ab ceann Críosd.
Deonuigh, air m-beith dhúinn greamuighthe dhuitse
agus dá chéile lé creideamh, go mairfamaid ann do
sheirbhís, agus go bh-fágfamaid an saoghal so ann
do naomhghrásta. Esion atá uilechumhachtach,
Esion an fhírinne féin a dubhairt lé na bheul naomh-
tha, “ag so mo chorp, ag so m'fhuil,” agus cionnas
annsin ar féidir amhras a bheith aguinn air a fhírinne.
Esion dorinn gach nidh as neamhnidh lé na bhriathar,
nach g-creidfar é nuair a deir sé, gur iomchoir
sé aon nidh a nidh eile! Seadh. Creidim, agus
adhruighim.


L. 72


Ag árdughadh an Choirp naomhtha, agus na Cailíse; smuain air
Íosa árduighthe air an g-crois.



A Choirp ionadhruighthe Íosa! dorugadh ó
Mhuire óigh, d'fhulaing daorpháis dhearbhtha air an
g-crois, air son an duine! Adhruighim thú lé
cumhacht m'anama go léir!



A Fhuil ionadhruighthe! do nigh amach ar b-peac-
aidh! Adhruighim thú! Is sona sinne ma chaith-
amaid ar m-beatha do réir mar orduighas ar
g-creideamh ionnas go bh-faighfamais na dualgasa
do cheannuigh tú dhúinn lé d'fhuil!



Taréis árdughadh na cailíse; no ag an “unde memores:”
smuain air Íosa nuair tairghtar domblas agus vinégar
dó le na n-ól.



Is anis A Thiarna, lé croidhthibh buidheacha a
chuimhnighamaid air rúndiamharibh naomhtha do pháise
agus do bháis; d'aiséirighe agus do dheasghabhála: ag
so do chorp a brisadh, ag so d'fhuil a dóirtadh air
ar son. Is anis ofrálamaid dhuit go fírinneach
A Dhé, an íobairt fhírghlan naomhtha sin, ba toil
leat thabhairt dhúinn; óir ann gach íobairt eile da
n-deárnadh dá thaobh, ní raibh ionnta acht cómharthaidh
agus figiúracha.


L. 73



L. 74



L. 75


Taréis an “Agnus Dei;” smuain air an t-síothcháin curtha
air bun idir Dia agus Duine lé bás Chríosd.



Ag rádh le d'Apstolibh “mo shíothcháin fágim
aguibh, mo shíothcháin féin bheirim daoibh,” do gheall
tú A Thiarna, dod Eaglais uile an t-síothcháin
sin, nach féidir leis an domhain a thabhairt, éadhon,
síothcháin leatsa, síothcháin lé ar g-comharsain, agus
síothcháin linn féin. Ná toirmeasgadh, A Thiarna,
aon nidh go brách an t-síothcháin so; ná dealluigh-
adh aon nidh sinn uait féin lé ar mian linn ó chroidh
bheith ceangailte, tré an t-sácramuint naomhtha so
síothchána agus réightigh: cómhneartuighadh an biadh
so na n-aingeal sinne ann gach dualgas críosdúil,
ionnus nach n-aontóchamais choidhche aríst do chathughadh,
agus nach d-tuitfamais ionnar laige ghnáthúil.



Ag an “Domine non sum dignus:” smuain air Íosa leagtha
sann tuama.



Go raibh m'anam, A Thiarna na ionad taisgidh
air do láithreachd naomtha. Go raibh mo chóinsias,
mar bheith, nuadh amhail tuama Ioseph, lé h-aghaidh
do ghlacadh. Go raibh me foluighthe lé brat neamh-
thruaillighthe grádha diadha, lé fáilte tabhairt dhuit
air do theacht chugam.


L. 76


Ag an “g-Comaoin;” smuain air Aiséirig Chríosd.



Go bh-fághaidh sinne dobhí a láthair ag na rún-
diamhraibh naomhtha so, a d-tairbhe ann ar n-an-
amibh.



Ag an “Iar g-comaoin;” smuain air Dheasghabháil Chríosd.



Neartuighthe lé do ghrásta, go n-árduighthar
sinne leatsa, A Chríosd, chum nuadhachd beatha;
coinnigh suas sinn, ann ar g-caraigheachd thríd an
t-saoghal, lé do dhlighe do choiméad agus bí achoidhche
cuimhneach a d-taobh ar laige: síramaid an bhean-
nachd so uaitse a n-ainim an Athar, agus an
Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.



Ag an t-soisgeul déaghanach: smuain air thuirlint an
Spioraid Naoimh.



A Spioraid soluis agus grásta, le do chómhoib-
riúghadh a n-deárnadh an Briathar síorruigh na fheoil:
tar anuas ann mo chroidh agus líon é lé neart chum
mo dheághrún do choimhéad a g-cathamh mo bheatha
do réir dhlighe Chríosd. Thusa do neartuigh na
h-apstoil agus dothug daingneachd dóibh, geur-
leanúinteacha an t-saoghail so a chur a míoshuim, lé


L. 77


na righachd spioradáltasan do leathnúghadh air an d-ta-
lamh, neartuigh mise mar an g-céadna, ionnus daimh-
dheoin an t-saoghail, go ma féidir liom maireachtain
faoi smacht, go neamhurchóideach agus a naomhthacht;
agus mar so, gidh ag maireachtain dham san
t-saoghal, go raibh me marbh ionna choiribh, agus
ionna anmheasarachdibh, no go d-tigh air bh-fágh-
ail báis na bh-firéan dam go ma féidir liom
maireachtain agadsa air feadh na síorruighachda:
thusa do mhairas agus do riaghluighas a n-aonachd
leis an Athair agus leis an Mac tré shaoghal gan
chríoch. Amen.



NA H-ORÁIDEACHA AIR FEADH NA BLIANA.



Lé h-aghaidh an cheud domhnaigh den Advent.



Brosduigh do chúmhachd athchuinighamaid thú A
Thiarna, agus tar; ionnus tré do chomuirc go
d-tuilamaid a bheith saortha ó chontabhairtibh dian-
mhara ar b-peacaidh, agus go slánóchfuidh sinn tré
do thrócaire. Do mhairas agus do riaghlas,
etc.


L. 78


A d-taobh Mhuire bheannuighthe.



A Dhé le'r ba toil, go n-glacfadh do bhriathar
colann daona, as broinn na Maighdine Muire
beannuighthe ag teachdaireachd an Aingil; tabhair
dhúinne atá cur athchuinigh ort, do réir mar chreida-
maid gur b'í fírmháthair Dé í, go g-cúngnóchfuidh
linn ann do láthair, lé na h-eadarghuidhe. Tré,
etc.



Air son na-h-Eagluise.



Glac go fábharach, athchuinighamaid thú A Thiar-
na, urnuighthe d'Eagluise; ionnus air m-beith do
gach cruadhchás agus earráid léirsgriosta, go
n-déanfadh sí do riar le saorseachd neamheaglach.
Tré, etc.



Air son an Phápa.



A Dhé, A Thréaduigh agus Riaghluighthóir na
bh-fíréan go h-uile; feuch anuas ann do thrócaire
air do sheirbhíseach Gregoir: (no A-B-) do
chuiris na thréaduigh óscionn d'Eagluise: deonuigh
dhó, athchuinighamaid thú, deághtheagasg a thabhairt lé
briathar agus lé sompla dóibh so atá faoi na
smacht: ionnas go d-tiocfadh sé fá dheireadh a
g-cuideachd an tréid a cuiradh air a chúram chum
na beatha síorruigh. Tré, etc.


L. 79


Lé h-aghaidh an dara domhnaigh den
Advent.



Brosduigh A Thiarna, ar g-croidhthe, chum slighe
do Mhic aongheinte d'ollmhúghadh: ionnus le na theachd
chugainn, go d-tuilamaid do sheirbhís do dhéanadh lé
inntinnibh fhíorghlana. Tré ar d-Tiarna, etc.



Lé h-aghaidh an treas domhnaigh den Advent.



Tabhair cluas d'ar n-urnuighthibh, athchuinighamaid
thú A Thiarna: agus soilsigh dorchadas ar n-inn-
tinne lé grásta do naomhchúirte. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an ceathramhadh domhnaigh den Advent.



Brosduigh do chumhachd athchuinighamaid thú, A
Thiarna, agus tar; agus fóir orruinn lé do mhór-
shubháilce: ionnus tré chúngnadh do ghrásta, go
luathóchadh maithfeachas d'fhabhaireachda an nidh a
cuirthar chum maille lé ar b-peacaidh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh lae Nodlag.



Tabhair dhúinn A Dhé uilechumhachtaigh a bheith
saortha lé nuadh-bhreith tré cholainn do Mhic
aongheinte; sinne atá congbhuighthe lé sean sclábh-
uigheachd faoi chuing an pheacaidh. Tré, etc.


L. 80


Lé h-aghaidh an Domhnaigh taobh astigh den ochtmhadh
lá na Nodlag.



A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh, dírigh ar
n-gníomhartha do réir do naoimthola; ionnus tré
ainim do Mhich ionmhuin go d-tuilamaid méadúghadh a
n-deághoibreachibh.



Lé h-aghaidh lae féile an Timchiollgheártha.



A Dhé thug slánúghadh síorruigh mar dhuais don
chine daona, tré mhaighdeanas thorthamhúil Mhuire
bheannuighthe; Tabhair dhúinn, athchuinighamaid thú, go
mothóchamais a h-eadarghuidh tré a d-tuilamaid
ughdar na beatha, ar d-Tiarna Íosa Críosd do
Mhac féin, a ghlacadh chugainn.



Lé h-aghaidh lae chinn an dáládhéag.



A Dhé d'fhoillsigh aniugh do na náisiúnibh le
treorúghadh an réilt do Mhac aongheinte féin: tabhair
go fábharach dhúinne, aig a bh-fuil eolus cheanna ort
tré chreideamh, go d-treoróchfuidh sinn faoi dheireadh
chum gné d'árdachda do smuainiúghadh.



Lé h-aghaidh an Domhnaigh taobh astigh den ochtmhadh
lá, de lá cinn an dáládhéag.



Tabhair chum deághchríoch lé do chráibhtheachd
neamhdha, móide do phobail uirísil, athchuinighamaid


L. 81


thú A Tiarna: ionnus go raibh fios aca gode
atá riachtanach aca lé déanadh, agus go
m'féidir leo na neithe a dhéanadh, air a bh-fuil
eolus aca. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh taréis lae chinn an
dáládhéag.



A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh, a riagh-
luighas na h-uile neithe neamhdha agus talmhuigh;
éist go fábharach lé h-urnaighthibh do phobail, agus
tabhair dhúinn do shíothcháin ionnar n-aimsir. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh taréis lae chinn an
dáládhéag.



A Dhé shíorruigh agus uilechúmhachtaigh, féuch go
fábharach air ar laige; agus sín amach lámh dheas
do mhórdhachda chum ar g-coimirce. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnaigh taréis lae
chinn an dáládhéag.



A Dhé, aga bh-fuil fios nach féidir linne, tré
laige ar nádúire daona, maireachtain ameasg an
oiread so de chontabhairtibh: tabhair dhúinn slánúghadh
coirp agus anama, ionnus, na neithe fhulainga-
maid air son ar b-peacaidh, go ma féidir linn
buaidh a bhreith orra tré do chúngnamhsa. Tré,
etc.


L. 82


Lé h-aghaidh an cúigeadh Domhnaigh taréis lae chinn
an dáládhéag.



Cumhduigh impighamaid thú A Thiarna, do phobal
lé do bhuanthrócaire; ionnus go rabhamaidne
cosainte lé do dhídean, do chuiras ar mhuinníghin go
h-uile a g-cobhair do ghrása neamhdha. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an séamhadh Domhnaigh taréis lae chinn
an dáládhéag.



Tabhair dhúinn, athchuinighamaid thú A Dhé uile-
chúmhachdaigh, air m-beith dhúinn a g-cómhnuigh ag
smuainiúghadh air neithe réasúnta go g-comhlíonamaid
a bh-focal agus a n-gníomh, iad so atá taith-
neamhach leatsa. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an Domhnaigh Septuagesima.



Éist go caoimh, athchuinighamaid thú A Thiarna,
lé h-urnaighthibh do phobail; ionnus mar atá sinne
faoi phianós go fírcheart air son ar b-peacaidh, go
rabhamaid saortha go trócaireach air son glóire
d'ainime. Tré etc.



Lé h-aghaidh an Domhnaigh Sexagesima.



A Dhé, a fheicas nach g-cuiramaid aon mhuinígh-
in a nidh air-bith is féidir linn a dhéanadh; tabhair
dhúinn go fábharach a bheith cosainte tré dhídean
dochtúra na naisiún anaghaidh gach anshógha. Tré, etc.


L. 83


Le h-aghaidh an Domhnaigh Quinquagesima.



Éist ar n-urnaighthe go caoimh athchuinighamaid
thú A Thiarna: agus iar m-beith saortha ó shlabh-
raibh ar b-peacaidh, coinnigh sinn ó gach uile
anshógh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an cheud Domhnaigh den g-Caraos.



O Dhé, a fhírghlanas d'Eagluis lé congbháil an
charaois gach bliain; tabhair dod phobal, go g-cuir-
feadh siad a n-gníomh le deághoibreachibh gach
nidh do chuiras siad rómpa a ghlacadh uaitse tré
staonadh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh den
g-Caraos.



A Dhé a fheiceas go bh-fuil sinn easbhach ann gach
uile shubháilce; coinnigh sinn taobh amuigh agus taobh
asdigh, ionnus go rabhamaid saor ó gach uile anshódh
ionnar g-colainn, agus go raibh ar n-anama glanta
ó gach uile dhrochsmuaintighthe. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh den g-Caraos.



Feuch air mhóide luchd na h-umhalachda guidha-
maid thú A Dhé, uilechumhachdaigh; agus sín amach
deaslámh do mhórdhachda le nar g-cosaint. Tré, etc.


L. 84


Lé h-aghaidh an ceatramhadh Domnaigh den
g-Caraos.



Tabhair dhúinn, guidhamoid thú A Dhé uilechumh-
achtaigh; go rabhamaidne atá ceartphianta do
réir ar míluaidheachdibh, cabhartha le cófhurtachd
do ghrásta. Tré, etc.



Lé h-aghaidh Domhnaigh na Páise.



Feuch anuas go trócaireach air do phobal, guidh-
amaid thú A Dhé uilechumhachdaigh; ionnus tré do
thíodhlacadh go raibh siad riaghluighthe a g-colainn,
agus tré do dhídean go raibh siad cosainte a
n-anam. Tré, etc.



Lé h-aghaidh Domhnaigh an Iúbhair.



A Dhé uilchumhachtaigh agus shíorruigh, dothug
air ar Slánuighthóir colann do ghlacadh agus fulang
air an g-crois mar shompla úmhalachda don chine
daona: tabhair dhúinn go trócaireach, go d-tuila-
maid leasúghadh ionnar m-beatha d'fhághail tré shompla
a fhoighide agus a bheith roinnpháirteach ionna aiséirigh.
Tré, etc.



Lé h-aghaidh Domhnaigh na h-Aiséirighe.



A Dhé a d'fhosgail bealach na síorruigheachda
dhúinne a g-comhthrom an lae niugh, tré bhuaidh do


L. 85


Mhic aongheinte ós cionn an bháis; tabhair dhúinn, ar
móide bheith tairbheach tré do chúngnadhsa, noch do
cuiradh ionnar n-inntinn le do ghrásta roimhdhírighthe.
Tré, etc.



Lé h-aghaidh an Domhnaigh a n-Albis.



Tabhair dhúinn athchuinighamaid thú A Dhé uile-
chumhachdaigh; ionnus mar sholamnuighamar féile na
cásg, go g-coineomaid é tré do ghrásta, ionnar
m-beatha agus ionnar n-deághbhéasaibh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh taréis
Cásg.



A Dhé do thóg suas an saoghal tuite tré uirís-
leachd do Mhic; tabhair dod fhíréanibh gáirdeachas
marthanach, ionnas mar shaor tú iad ó bhaoghal báis
bithbhuain go d-tabharfá dhóibh sólás gan chríoch do
shealmhúghadh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh taréis Cásg.



A Dhé a thaisbáinas solus d'fhírinne dóibh so a
théid air seachrán, ionnus go m'féidir leo theachd air
ais chum slighe na fíréantachda: tabhair dóibh so
uile admhuighas an t-ainim críosdúil, gach nidh a
dhiúltúghadh atá anaghaidh na h-admhála sin, agus gach
nidh atá oireamhnach do leanúint. Tré, etc.


L. 86


Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnaigh taréis
Cásg.



A Dhé a thugas air na creidamhuigh a bheith air aon
inntinn; deonuigh do na daoinibh, go raibh grádh aca
air na neithibh orduighas tú, agus go raibh mian aca
leis na neithibh a gheallas tú; ionnas ameasg neithe
neamhchinnte an t-saoghail so go m-beadh ar g-croidhthe
socruighthe air an áit ionna bh-fuil fírgháirdeachas le
fághail. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an cúigeadh Domhnaigh taréis
Cásg.



A Dhé, ó a d-tigann gach uile nidh atá maith,
deonuigh dúinne athchuinighas thú, go smuainigha-
maid tré d'análúghadh naomhtha air gach nidh atá ceart,
agus tré do threorúghadh go g-cuiramaid iadsin a
n-gníomh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh Féile Deasghabhála ar d-Tiarna.



Deonuigh athchuinighamaid thú A Dhé uilechumh-
achtaigh; ionnus mar chreidamaid go n-deachaidh do
Mhac éingheinte ar Slánuighthóir suas air neamh a
g-comhthrom an lae so; go g-cómhnóchadh sinne
a n-inntinn mar an g-céadna ameasg neidhthe neamh-
dha. Tré, etc.


L. 87


Lé h-aghaidh an Domhnaigh taobh asdigh den ochtmhadh
lá Deasghabhála.



A Dhé uilechúmhachtaigh agus shíorruigh, tabhair
dhúinn toil chráibhtheach d'iomchar dhuitse a g-comhnuigh;
agus seirbhís do dhéanadh dod mhórdhachd le croidh
dílis. Tré, etc.



Lé h-aghaidh Domhnaigh na Cincíghise.



A Dhé do theagasg croidhthe na bh-fíréan le lonn-
radh an Spioraid Naoimh a g-comhthrom an lae so;
tabhair dhúinn annsa Spiorad chéadna, go m-blais-
famais an ceart, agus ann a shólás-san go m-beadh
síorgháirdeachas oruinn. Tré, etc.



Lé h-aghaidh Domhnaigh na Tríonóide.



A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh dothug dod
sheirbhíseachibh a n-admháil an chreidimh fhírinigh, glóir
na Tríonóide d'aithniúghadh; agus a g-cúmhachd
mórdhachda an aondachd d'adhrúghadh; athchuinighamaid
thú, ionnus tré neart an chreidimh chéadna go rabha-
maid cosainte ó gach uile chruadhchás. Tré, etc.



Lé h-aghaidh Diardaoine Choirp Chríosd.



A Dhé d'fhág aguinne, faoi an t-sácramuint ion-
gantach so, cuimhniúghadh air do pháis; tabhair dhúinn
athchuinighamaid thú, urraim a thabhairt do rúndiamhara


L. 88


naomhtha do choirp agus d'fhola, air mhodh go n-air-
íghamaid a g-cómhnuigh ionnuinn toradh d-fhuasgalta:
do mhairas, etc.



Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh taréis na Cincíghise.



Tabhair dhúinn A Thiarna, eagla agus grádh
buansheasamhach a bheith aguinn dod ainim naomhtha;
ó nach m-beirann tú a choidhche do threorughadh uatha so,
do shocruighas tú go diongmhálta ann do ghrádh.
Tré, etc.



Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh taréis na Cincíghise.



A Dhé, a chosantóir na druinge a chuiras a
n-dóchas ionad; óir gan do chongnadh ní bh-fuil
aon nidh seasmhach, ná aon nidh naomhtha: méaduigh
do thrócaire oruinn, ionnus faoi do stiúrúghadh agus
faoi do threorúghadh, go ma féidir linn a dhul tré dheágh-
neithe an t-saoghail so, air modh nach g-cailfamais
iad so atá síorruidh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnach taréis
Cincíghise.



Deonuigh athchuinighamaid thú A Thiarna, go raibh
cúrsa an t-saoghail so riaghluighthe dhúinne a síothcháin
faoi do threorúghadh; agus go raibh d'Eagluis luath-
gháireach a g-ciuineas agus a g-cráibhtheachd. Tré,
etc.


L. 89


Lé h-aghaidh an cúigeadh Domhnaigh taréis na
Cincíghise.



A Dhé a d'ollmhaigh deághneithe dófheicsionacha
dóibh so a ghrádhuighas thú, dóirt anuas ionnar
g-croidhthibh annsachd do ghrádha; ionnus air do ghrádhúghadh
dhúinn annsna h-uile neithibh agus ós cionn na n-uile
neithe, go ma féidir linn seilbh fhághail air do gheal-
lamhnachibh do sháruighas gach uile mhian. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an séamhadh Domhnaigh taréis na
Cincíghise.



A Dhé na subháilcidh, ar leat go h-iomlán gach
nidh is fearr, plandaidh ionnar m-brollachibh grádh
d'ainime féin; agus tabhair dhúinn méadúghadh riagh-
altachda, ionnus go g-cothóchfá na deághneithe, agus
lé sírghnás cráibhtheachda go g-cuidóchfá iad so ata
cothuighthe. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an seachtmhadh Domhnaigh taréis
na Cincíghise.



A Dhé nach mealltar do roimhradharc a nidh air
bith a h-orduighthar leis; guidhamaid thú go
h-umhal, gach nidh d'athrúghadh uainn dorachadh ann
dochair dhúinn; agus gidhbé nidh dorachadh ann
sochair dhúinn a bhronnadh orruinn. Tré, etc.


L. 90


Lé h-aghaidh an ochtmhadh Domhnaigh taréis na
Cincíghise.



Bronn orruinne, athchuinighamaid thú A Thiarna,
spiorad smuaintighthe a g-cómhnuigh air na neithe
ata ceart, agus a n-déanadh, ionus sinne, nach
féidir linn maireachtamh gan tú, go g-caitheamaid
ar m-beatha dod' réirsa. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an naomhadh Domhnaigh taréis na
Cincíghise.



Go raibh cluasa do thrócaire foscailte A
Thiarna, d'urnaighthibh an phobail do ghuidhas ort,
agus ionnus go n-éirigh leo a n-athchuinidhe d'fhághail,
tabhair orra na neithe d'iarraidh ata taithneamhach
leatsa. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an deichmhadh Domhnaigh taréis na
Cincíghise.



A Dhé a fhoillsighas go mórmhór d'uilechumhachd
a d-tabhairt maitheamhnais, agus a n-déanadh
truaidhe; méaduigh do thrócaire orruinne, ionus air
g-cur ar muiníne ann do gheallamhnachibh go
n-deanfá roinnpháirteach sinn ionnsna neithe neamhdha.
Tré, etc.


L. 91


Lé h-aghaidh an aonmhadh Domhnaigh déag taréis na
Cincíghise.



A Dhé uilechumhachtaigh agus shíorruigh, do sháruigh-
as a líonmhaireachd do mhaitheasa luaidheachda agus
mianta na droinge do ghuidhas ort; dóirt anuas
do thrócaire orruinn, ionnus go maithfá na neithe
do chuiras faitchíos air ar g-coinsias, agus go
d-tabharfá dhúinn na neithe nach lámhóchfadh sinn iarraidh.
Tré, etc.



Lé h-aghaidh an dara Domhnaigh déag taréis na
Cincíghise.



A Dhé uilechumhachtaigh agus thrócairigh, ó is de
do thíodhlacadh thárluighas go n-déanid d'fhíréin seir-
bhís dhuit go fiúntach foilleamhnach; tabhair dhúinn
athchuinighamaid thú, rith air ar n-aghaidh gan tuisleadh
chum tairbhe do gheallamhnacha d'fhághail. Tré,
etc.



Lé h-aghaidh an treas Domhnaigh déag taréis na
Cincíghise.



A Dhé uilechumhachtaigh agus shíorruigh tabhair
dhúinn méadúghadh creidimh dóchais agus carthanachda;
agus ionnus go d-tuilfamais iad sin d'fhághail, a
gheallas tú dhúinn, bronn orruinn grádh a bheith aguinn
air gach nidh orduighas tú. Tré, etc.


L. 92


Lé h-aghaidh an ceathramhadh Domhnaigh déag taréis
na Cincíghise.



Dídin A Thiarna, athchuinighamaid thú, d'Eagluis
tré do bhuanthrócaire; agus ó tá ar g-colann
básmhar, ag tuitim gan do chúngnadhsa, go g-coinnigh
do ghrásta saor í o gach dochar, agus a treorúghadh
chum slánuighthe. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an cúigmhadh Domhnaigh déag taréis
na Cincíghise.



Go n-glanaidh agus go g-cosanaidh do bhuan
thrócaire d'Eagluis A Thiarna; agus ó thárla nach
féidir léithe bheith sábháilte gan thusa, go raibh sí
treoruighthe a g-cómhnuigh lé do bhronntanas.
Tre, etc.



Lé h-aghaidh an séamhadh Domhnaigh déag taréis
na Cincíghise.



Go d-téigh do ghrásta A Thiarna romhainn agus
'nar n-diaidh; agus go d-tugaidh sí oruinn a bheith
dithchiollach a n-deághoibreachibh do ghnáthúghadh. Tré,
etc.



Lé h-aghaidh an seachtmhadh Domhnaigh déag taréis
na Cincíghise.



Athchuinighamaid thu A Thiarna, tabhair dod


L. 93


phobal, go seachanuidh siad gach pláigh ón Diabhal,
agus le croidh fírghlan go leanaidh siad thusa an
t-aon Dia fírinneach. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an ochtmhadh Domhnaigh déag taréis na
Cincíghise.



Go d-treoruigh cúmhachd do thrócaire ar
g-croidhthe athchuinighamaid thú A Thiarna, óir gan
do chúngnadh ní féidir linn bheith taithneamhach leatsa.
Tré, etc.



Lé h-aghaidh an naomhadh Domhnaigh déag taréis
na Cincíghise.



A Dhé uilechúmhachtaigh agus thrócairigh, cosain
sinn go fábharach ó gach cruadhchás; ionnus air m-beith
dhúinn saor a n-anam agus a g-colainn, go ma féidir
linn na neithe do bhainas leat a chómhlíonadh le lán-
shaoirseacht inntinne. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an ficheadadh Domhnaigh taréis na
Cincíghise.



Tabhair go fábharach dod fhíréanibh, athchuinighamaid
thú A Thiarna, maithfeachas agus síothcháin; ionnas
air m-beith dóibh glanta ó chiontaibh a b-peacaidh
go léir, go ma féidir leo seirbhís do dhéanadh dhuit
lé inntinnibh neamheaglacha. Tré, etc.


L. 94


Le h-aghaidh an aonmhadh air fhichit Domhnaigh taréis
na Cincíghise.



Cosain do mhuintir A Thiarna athchuinighamaid
thú lé do shírthrócaire; ionnus faoi do dhídean go
raibh siad saortha ó gach cruadhchás, agus tré
ghnáthúghadh deághoibreacha go raibh siad tugtha go
dúthrachdach dod ainim. Tré, etc.



Le h-aghaidh an dara air fhichit Domhnaigh taréis
na Cincíghise.



A Dhé, ar n-dídean agus ar neart, thusa féin
atá ad ughdar na cráibhtheachda, tabhair cluas d'ur-
naighthibh dúthrachdacha d'eagluise; agus deonuigh go
bh-faghmaid le tairbhe, gach nidh a iarramaid le
creideamh. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an treas air fhichit Domhnaigh taréis
na Cincíghise.



Maith A Thiarna athchuinighamaid thú peacaidh
do dhaoine; ionnus go rabhamaidne fuasgailte le
do mhaitheas ó na ciontaibh ionnar thuitamar tré ar
laige féin. Tré, etc.



Lé h-aghaidh an ceathramhadh air fhichit Domhnaigh
taréis na Cincíghise.



Brosduigh, athchuinighamaid thú A Thiarna, croidhthe


L. 95


d'fhíréin; ionnus air n-éirigh níos dúthrachdaigh
dhóibh a g-comhlíonadh deághoibreacha, go mothuighid
tré do mhaitheasa leighis níos éifeachdúla. Tré,
etc.



Lé h-aghaidh féile Padraic.



A Dhé do dheonuigh Pádraic beannuighthe d'Easbog
agus do Chonfesóir do chur uait, chum do ghlóir féin
do sheanmórughadh do na náisiúnibh; tabhair dhúinne lé
na luaidheachdsan agus eadarghuidh, go ma féidir
linn tré do thrócaire na neithe do chómhlíonadh
orduighas tú dhúinn le déanadh. Tre, etc.



Lé h-aghaidh féile Teachtaireachda an Aingil.



A Dhé le'r ba toil, etc. T. 78.



Lé h-aghaidh féile Peadair is Póil.



A Dhé do bheanuigh comhthrom an lae so lé
mairtíreachd d'apstoil ghlórmhara Peadar agus
Pól; deonuigh dod eagluis, a n-orduighthe do lean-
úint ann gach uile nidh, óir is thríothfasan do ghlac
siad tús na riaghaltachda. Tré, etc.



Lé h-aghaidh féile Tógbhála Mhuire.



Maith A Thiarna athchuinighamaid thú, peacaidh
do dhaoine; ionnus ó nach d-tig linn do shásúghadh le


L. 96


nar n-gníomhartha féin, go slánóchfuidh sinn tré
eadarghuidh Máthar do Mhic ar d-Tiarna. Tré,
etc.



Lé h-aghaidh féile Naoimh an Domhain.



A Dhé uilechumhachtaigh agus shíorruigh, a thug
dhúinn luaidheachda do naoimh go h-uile d'onórúghadh air
aon fhéile amháin; athchuinighamaid thú, go m-bronn-
fá orruinn iomadúlachd taithneamhach d'fhábhairsa, tré
mhéadúghadh uimhire na n-eadarghuidhthóirigh. Tré, etc.



OIDEAS DO BHAINAS LÉ AITHMHÉAL AGUS LÉ
AITHRIGH.



Ó nach d-téigheann aon lá thorruinn air nach n-déan-
amaid peacadh a mórán de neithibh, is dá bhrighsin
nach ceart dúinn aon lá leigann thorruinn gan aith-
mhéal a bheith orruinn. Air an ádhbhar sin ba cóir
don Chríosdaigh air feadh a shaoghail bheit aithmhéalach.
'Sé substaint an aithmhéil croidhbhrúghadh, no aithreach-
as fírinneach do bheith orruinn tré fheirg a chur air
Dhia; agus is toradh don aithmhéal so aithrigh, atá
déanta suas de ghníomharthaibh áirighthe subháilceacha,
atá leagtha amach dhúinn, lé na g-claoidhtear na
h-anmhianta, agus lé na n-déantar síothcháin
idir Dia agus an peacach. Óir ní bh-fuil aon
mheas ag Dia air an aithmhéal neamhthorthach admhuigh-


L. 97


ghas amháin an peacadh agus dhaoras é; acht lé nach
leasuighthar an peacach, agus lé nach saorthar é ó
pheacadh, ná ó thoradh.



Nír mhínigh an Eagluis, go bh-fuil admháil
shácramuintúil na b-peacaidh sologhtha riachtanach;
acht atá sé d'fhiachibh orruinn a n-admháil do Dhia lé
aithreachas fírinneach, agus rún daingean do bheith
aguinn lé na g-ceartúghadh. Óir ní fhéidir aon pheac-
adh a mhathadh gan aithmhéal; agus dar n-dóigh,
nach bh-fuil aon aithmhéal ann gan a bheith lánchinnte
dhúinn ionnar n-inntinn, go bh-fuil siad peacúil.



Gan an dualgas so chomhlíonadh go laethúil ní
féidir linn cur a n-aghaidh na n-anmhianta so ionn-
ar rugadh sinn; agus orduighthar dhúinn annsa t-Sois-
geul na h-anmhianta so do chongmháil síos agus
do chlaoidh, d'eagla go bh-faighfadh an peacadh
buaidh orruinn. Óir ó nach bh-fuil ionnar n-anmhian-
ta acht dúil pléisiúir do thabhairt dhúinn féin;
agus ó thugas truailliúghadh na lagnádúire daona or-
ruinn a mheas, go bh-fuil sé réasúnta aguinn sinn féin
do shásúghadh a dul air aghaidh lé ar mianta féin do
bheith aguinn; marso, bhéidheadh ar b-peacaidh go mi-
nic foluighthe uainn, do chomhnóchadh siad ionnainn gan ar
n-eolus; agus ní féidir don daille so bheith smach-
duighthe choidhche, acht le solus an Spioraid Naoimh,
a n-éinfheachd lé ar g-comhoibriúghadh féin a g-comh-
líonadh go laethúil na subháilce so an aithmhéil.


L. 98


Gidh, mar a dubhradh cheana, nach bh-fuil sé
riachtanach, lé brígh shácramuint na h-aithrighe d'fhágh-
ail, na peacaidh sológhtha do chur a bh-faoisdin;
annsa n-am chéadna, isí an riaghail is fearr dhúinn
leanúint, an t-iomlán d'admháil don oide faois-
dean, ionnas marso, go m-béadh an t-iomlán
acu maithte lé brígh na h-absolóide. Agus atá
an cúrsa so níos moltaighe do bhrigh gur minic a
ghnighthar ceist amhrais éifeachtaigh dhe, ameasg
lucht an léighin féin, cia acu is sologhtha no marbhthach
a leitheid so, nó a leitheid so de pheacadh.



OIDEAS ROIMH SCRÚDADH COINSÍAIS.



Sol a d-toisigh tú air scrúdadh do Choinsíais,
smuain, nach léigfidh do dhorchadas nádúrtha dhuit
do pheacaidh d'fheicsint, gan ghrásta an t-soluis
neamhdha. Meallfir thú féin lé h-iomad saobh-
thuairimeacha, béidh sgrúbal agad a mion-neithe,
agus ní feicfar dhuit do chortha dá mhéad acht
mar ghníomhartha gan díoghbháil. Sann g-ceud
áit, dá bhrígh sin, úmhluigh thú fhéin a radharc Dé,
agus guidh é air son an t-soluis atá d'easbhaidh
ort, air an modh so leanas.



URNAIGH ROIMH SCRÚDADH COINSÍAIS.



A Thiarna mo Dhia, déan trócaire ormsa an
peacach; admhuighim go h-umhal ad radharc, gur


L. 99


geinadh mé a b-peacadh, agus gur dorchadas an
uile pheacadh. dá réir sin, dom thaobh féin, ruith-
im air m'aghaidh a n-dorchadas ó pheacadh go
peacadh, do mo shásúghadh féin sann am a láthair gan
amhras; acht ag cur míshásamh ortsa, agus ag
déanadh námhaid díom féin dhuitse. Acht thusa A
Thiarna d'orduigh solus do éirigh as an dorchadas,
do chuiris mar an g-céadna do Bhriathar a g-colainn
daona, mar atá do Mhac éingheinte, chum a bheith
na sholus dúinn, agus chum gach uile dhuine dá
d-tig air an t-saoghal so a shoillsiúghadh; cuir do
sholus naomhtha go trócaireach ormsa. Óir do fhor-
fhógraidh do Mhac ionmhuin dham na droch-chlaonta,
agus anmhianta mírialta coiripthe mo chroidh, do
bhásúghadh: agus d'orduigh sé dham má tá dóchas
agam chum beatha shíorruigh d'fhághail, gan aontúghadh
dóibh, acht a g-claoidh agus a g-céasadh. Faraor!
ní dheárna mé so, acht a chontrárdhachd go díreach,
is minic dothug mé srian do na h-anmhiantibh so,
agus do shásuigh mé iad. 'Sé mo mhian agus
m'inntinn anis, A Dhé, feuchaint cá mhéad a
d'aontuigh mé dhóibh, agus d'fhághail amach cad é
an mícheart, cad iad na cortha agus na peacaidh
ionnar tharraingadar mé; agus admhuighim gur
b'é do thabhartas féin an mian so. Acht O Athair
na trócaire agus an t-soluis! godé chó mór is


L. 100


mheallfas mé mé féin, muna d-tugaidh tú cúng-
nadh dham sann obair so lé do Spiorad Naomh!
Tá fhios agam nach bh-fuil aon nidh foluighthe ó do
radharc; acht dom thaobh féin admhuighim go bh-fuil-
im a n-dorchadas orm féin: déanann mo ghrádh
dham féin fábhar dom anmhianta, agus meallann sé
mé chum géilladh dóibh; agus bíodh go bh-fuilid
mórán do mo pheacaidh ag teacht am aghaidh go
follasach, agus nach féidir a g-ceilt, atáid fós
mórán eile, faraor! foluighthe uaim. Acht foill-
sighsa A Thiarna iad sin féin dam; soillsigh an
dorchadas so atá ionnam; leigheas mo dhaille, agus
athruigh gach sgamal fholuighas mo peacaidh uaim;
ionnus nach m-béidhinn níos faide am sheicréid dam
féin, ná aneolach air mo lochta. Cuir anuas do
Spiorad Naomh ionn mo chroidh, agus lé dealradh
ded sholus diadha, fosguil m'intleacht, chum go
m-béadh radharc iomlán agam air mo pheacaidh
agus air mo dhrochghníomhartha; agus marsin ag
fághail aithne dham orm féin, agus ag glacadh aithmhéil
go h-inmheodhanach, go g-cuirfuinn eolus ort, agus
go n-glacfá asteach ann do fhábhar aríst mé. Amen.



Urnaigh eile chum na críche céadna.



A Íosa ionadhruigthe! A Idirmheodhantóir is
cúmhachtaigh agus is grádhmhaire; tigim chugad


L. 101


daimhdheoin mo shuaraigheachda, daimhdheoin na
slabhraigh agus na g-cuibhreacha lér cheangail an
peacadh mé don t-saoghal so. Tigim leis an
lán-mhuinínsin do mhothuighim nuair do bhreathnuigh-
im, gur dhóirtis an braon déaghnach dod chuid
fola, agus gur ofráil tú thú féin lé mo shlánúghadh.
Do pheacuighas A Thiarna, do pheacuighas go ró
throm. Chuaidh m'inntinn air seachrán tré aontúghadh
d'iomad smuaintidh malluighthe ba cheart dam a
theilgean uaim lé critheagla. Dothug mo chroidh
suas é féin go rómhór dom chlaonta anmhianacha,
agus do ghean air neithe talmhuighe. Dorinnas
úsáid rómhalluighthe dom theangain de nár ceart
dham feidhm a dhéanadh acht lé thusa do mholadh, agus
glóir thabhairt dhuit. d'fhulaingas dom chéadfadha
uile mo tharraint chum peacaidh. Dorinnadar
acfuineacha m'anama go h-iomlán ceannairc mhal-
luighthe anaghaidh do mhórdhachda naomhtha, a n-áit mo
naomhúghadh mar ba cóir dóibh. Dorinnas mórán oilc,
agus dobhí an beagán maitheasa dothug tú orm a
dhéanadh, cuidighthe air mo thaobhsa leis an oiread
sin leisge agus neamhshuime, gur mó do thuill mé
díoghaltus ná luachsaothair air a shon. A n-aon
fhocal, na laethe do chaithas atáid folamh ó shubháilce,
agus lán de mhírialtachd.



An é so do gheall mé chó minicsin dhuit, A Dhé,


L. 102


ag glúine m'oide faoisidean? An é so an
grádhbhuidheachas ba cóir dham a bheith agam ort air
son do thrócaire, tré mhaitheamhnas a thabhairt dham
ann mo pheacaidh ionnar chiontuigh mé mé féin an
uair sin? Óch! A Shlánuighthóir! dobhídhas a
g-cómhnuigh neamhdhílis agus fealltach dhuit. Ba
náire dham m'fhocal do bhrisadh lé aon truaighleánach
cosmhuil liom féin; agus nach m-béidh mé líonta
le buaireamh inntinne agus lé doilghíos, ag feis-
cint m'fhailligh a g-cómhlíonadh na geallamhna sol-
lamanta doghnidhim dhuit nuair thigim a n-dáil do
naomh-shácraminte. Admhuighim A Thiarna go
d-tuillfadh an drochúsáid dorinnas díobh, agus an
beagán tairbhe do tharraingas ó na n-gnáthúghadh, go
n-dúnfuidh ann m'aghaidh go brách na tiobraid fógh-
antacha so, do chuir tú air bun ann d'Eagluis,
chum peacaidh na b-peacach bochta míshéanmhara
do nighe amach; agus go n-daorfá mé gan tró-
caire, chum meadhchan do dhíbhfeirge go h-uile
d'fhulang, agus dualgas dobrónach mo mhalluigh-
theachda d'iomchar. Ag so an nidh ba cóir dam
feitheamh a bheith agam leis ó do cheartas; acht
nuair smuainíghim air an d-trócaire gan deire,
nach m-bidheann tuirseach go brách ag lorgaireacht
na g-caorach caillte, agus doghnidhann léithe lé
maitheas dólabhartha; a bh-fad ó thuitim a n-éadóch-


L. 103


as dam, tá súil agam, lé muinín láidir, maitheamh-
nas d'fhághail ann mo pheacaidh. Lán den dóchas
so, rachfad asteach ionnam féin, nochtfad cúláite is
inmheodhanaighe mo choinsíais dhuit; agus cuartóch-
aidh mé go dúrachdach a chréachda go léir.



Tuille teasgaisg.



Taréis cúngnamh Dé d'impigh dhuit, tosuigh go
dúrachdach air scrúdadh do choinsíais. Lé so do
dhéanadh, smuainigh air d-tús, ar thuit tú go toil-
teanach ann aon de na peacaidhibh so atá toirmisgthe
lé aitheantaibh Dé: annsa dara h-áit, má tá tú
ciontach air aon chor, a naghaidh aitheanta na h-eag-
luise: annsa treas áit, má thuit tú a g-ceachtar de
na peacaidh so air a n-glaodhtar go coitchionn
“na seacht b-peacaidh marbhthacha.”



Air gach aon cheann acu so, scrúd do choin-
sías go dithchiollach, acht sann n-am chéadna gan
sgrúbal rómhór a dhéanadh; agus beodhuigh do
chuímhne lé smuaintiúghadh air an anmhian is mó dá
bh-fuil tú claon, agus air ghnéthibh na h-áite, an
chomhluadair, agus na n-gnóthuighe ann a m-béidir
dhuit a bheith tugtha suas.


L. 104


FOIRM SCRÚDAIDH AN CHOINSÍAIS DO RÉIR
AITHEANTA DÉ.



Air an g-ceud Aithne.



Smuainigh ar thug tú do chréatúr air bith, an
onóir dlighthar do Dhia amháin? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má ghrádhuigh tú Dia ós cionn na n-uile neithe:
nó, má ghrádhuigh tú aon chréatúr níos mó ná Dia?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má rinn tú amhras go toilteanach a n-airteagal
air bith Creidimh? Cá mheud? Cá mhinic?



Má bhí tú ainbhfiosach as a riocht, a b-puncibh
Creidimh? a n-aitheantibh Dé, nó na h-Eagluise?
Cá mheud?



Má rinn tú éadóchas dod dheoin a naghaidh tró-
caire Dé? Nó, ar chuir tú muinín rómhór ann
a thrócaire, gan comhoibriúghadh dhuit lé na ghrásta, a
g-comhlíonadh deághoibreacha? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má rinn tu failligh a d-taobh do phaidreacha a rádh
air maidin, nó tráthnóna? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má bhí tú ciontach a g-creidadh go raibh nidh
air bith a n-dán do dhuine? Nó má chreid tú a
n-asarluigheacht, nó a b-piseogibh? Cá mheud?
Cá mhinic?


L. 105


Má chreid tú a m-brionglóidibh, má d'iarr tú eo-
lus air lucht feasa, nó a leithéide sin de dhrochneithe
gan chéil? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an dara h-Aithne.



Smuainigh, má rinn tú neimhnidh d'ainim Dé, nó
úsáid a dhéanadh dhe go neamhurramach? Cá
mheud? Cá mhinic?



Má thug tú mionaidh éithigh, nó obana? nó má
thug tú air dhaoine eile a d-tabhairt? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má mhalluigh tú, nó má mhionuigh tú; nó má thug
tú air dhaoine eile a dhéanadh? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má bhris tú do mhionaidh dlisdionacha; nó má
thug tú air dhaoine eile a dhéanadh? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má chómhlíon tú an nidh air son a d-tug tú an
miona oban? Cá mhinic?



Air an treas Aithne.



Smuainigh má rinn tú failligh, de lá an Tiarna
do naomhúghadh, lé cailladh Aifrinn, nó a bheith a láthair
dhuit gan urraim cheart, nó a bheith neamhaireach
do ghníomharthaibh spioradálta, nó don teagasg
atá lé fághail ad pharáisde féin? Cá mheud?
Cá mhinic?


L. 106


Má chaith tú an Domhnach, nó lá saoire a
n-déanadh gnóthaidh saoghalta gan riachtanas; a
sugra, nó a n-díomhaoinas? nó má thug tú air
dhaoine eile a bheith amhlaidh? Cá mheud? Cá
mhinic?



Air an ceathramhadh h-Aithne.



A d-taobh dualgais na clainne dá d-Túismighthóiribh,
agus dá n-Uachdaránibh.



Smuainigh, má thug tú neamhurraim air bith dod
Athair, nó dod Mháthair? Cá mhinic?



Má thug tú freagartha géara nó neamhurramacha
orthu; a d-tógáil chum feirge, nó buaireamh a
chur orthu air mhodh air bith eile? Cá mhinic?



Má rinn tú failligh dhíobh ionna d-tinneas, ionna
m-bochdaine, nó ionna riachtanasibh eile? Gan a
n-admháil tré uabhar? Cá mhinic?



Má mhasluigh tú, nó má mhalluigh tú iad? Cá
mheud? Cá mhinic?



Má bhí tú neimhneach nó neamhfhoighneach a nuair
a chuir siad do lochda a meabhair dhuit? Má thug
tú drochmheas air a g-cómhairle mhaith? Cá
mheud? Cá mhinic?



Má rinn tú failligh dá d-tiomna chómhlíonadh
taréis a m-báis, nó a chur air cáirde go neamh-
riachtanach.



Má thug tú tarcuisne, nó asúmhalachd dod


L. 107


uachdáránibh dlisdionacha, spioradáltá nó tuata?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má thug tú tarcuisne, no dímheas do dhaoine
aosda? Cá mheud? Cá mhinic?



A d-taobh dualgais Seirbhísigh agus lucht oibre,
chum a Mháighisdiridh, agus iad so dothugas obair
uatha lé déanadh.



Smuainigh má bhí tú uaibhreach, ceasachdach, nó
asumhal dod mháighisdir, nó dóibh so thugas obair
dhuit lé déanadh? Cá mheud? Cá mhinic?



Má bhí tú neamhdhúrachdach a d-taobh na n-gnó-
thaigh a cuireadh faoi do chúram? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má chuir tú neamhshuim a d-tairbhe cheart
réasúnta do mháighisdir, nó do mhaoir oibre?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má léig tú do dhíbháil a bheith déanta dhóibh, ann a
b-pearsain, ann a maoin, nó ann a g-cliú? Cá
mheud? Cá mhinic?



Má rinn tú gaduighacht, má d'innis tú bréaga, nó
má mhionnaidh tú go fállsa, lé na d-toil a dhéanadh,
a n-uair bhí fhios agad nár chóir dhuit aithne Dé a
bhrisadh air son aon duine? Cá mheud? Cá
mhinic?


L. 108


A d-taobh dualgais Aithreacha mar bhainas dá
g-clainn.



Smuainigh má ghrádhuigh tú do chlann lé grádh
Críosdúil?



Má rinn tú failligh dá múnadh, no a bh-fághail
múinte a n-airteagail an Chreidimh?



Má rinn tú failligh oideas thabhairt dóibh annsa
n-am ba cóir, do réir d'acfuine, nó a staid cheart
sann t-saoghal?



Má smachtuigh tú iad ann a lochtibh sann am
cheart; nó má mhol tú a g-cortha, a n-díthchéile, nó
a laige?



Má thug tú scannail dhóibh? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má bhí tú ródhian ortha?



Má thug tú d'fhiach orthu staid bheatha áirighthe
ghlacadh, nó duine áirighthe do phósadh?



Mar bhainas do Mháighisdiridh agus d'Uachtaráin
eile na d-taobh so atá faoi na g-cúram.



Smuainigh má thug tú aire cheart lé do sheirbhí-
sigh, nó iad so faoi do chúram, a stiúradh ann a
m-béasibh agus ann a g-comhradh?



Má thug tú am dhóibh lé na b-paidreacha a rádh
maidin agus tráthnóna; lé aifrionn d'éisteacht air
an Domhnach agus laethibh saoire; agus uain
chum na sacramainte do thaithigh?


L. 109


Má d'orduigh tú dod sheirbhísigh, nó dóibh so faoi
do chúram, an nidh sin a dhéanadh, dobhí fios agad
nach raibh ceart? Cá mheud? Cá mhinic?



Má rinn tú failligh chum a d-tuarasdal d'íoc; nó
maill a dhéanadh ionna íoc? Cá mheud? Cá
mhinic?



Air an cúigeadh h-Aithne.



Smuainigh má rinn tú nidh air bith ba cosamhuil a
bheith na chúis lé bás do chóchréatúra? Má
bhrosduigh tú daoine eile lé na dhéanadh; nó mian
croidh a bheith agad dó? Cá mheud? Cá mhinic?



Má tá fuath diongmhálta agad dod chóchréa-
túr?



Má rinn tú tíoránachd, nó fóirneart na
n-aghaidh so air a raibh fiacha agad, nó daoine
eile bhí ann do chumhachd, go h-áirighthe baintreacha,
díleachdaidh, nó na bochdáin? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má dhiúltaidh tú maitheamhnas thabhairt dóibh so
dorinn díobháil dhuit?



Má rinn tú díoghaltas ós íseal air son dochair
dorinneadh dhuit, nó an dochair do shaoilis
dorinneadh dhuit; má thug tú air dhaoine eile lé a
dhéanadh, nó a mhianúghadh ann do chroidh? Cá
mheud? Cá mhinic?


L. 110


Air an Sémhadh h-Aithne do réir mar bhainas sí
do dhaoinibh pósta.



Smuainigh má rinn tú, má dubhairt tú, mó má
thug tú fad aire ann d'inntinn, nidh air bith a bhéarfadh
ort na geallamhnacha dlisdeanacha dorinn tú dod
chéile a n-am do phósta a bhrisadh?



Smuainigh, go bh-fuil an urraim dlighthar do
shácramuint an phósta, an onóir dlighthar dod
chéile, an meas a dlightar dhuit féin, an ceartas
dlighthar dod chlainn, an rath agus sonas do gach
páirtidh, tarcuisnighthe le brisadh neamhonórach air
bith de dhualgas an phósta; agus go bh-fuil
gníomh, focal, nó smuaineadh air bith ghluaisas
chuca na dhíobháil; agus ba ceart a g-cosg annsa
toiseach, air eagla da d-tabharfaidh ceann dóibh gur
an olc a bheith a n-deireadh. Cá mheud, agus cá
mhinic atá tú ciontach air an modh so?



A d-taobh daoine neamhphósta.



Smuainigh má rinn tú, má dubhairt tú, nó má
chuir tú romhad lé rún inntinne, nidh air bith ba cos-
amhuil lé neamhonóir nó truailliúghadh a thabhairt dod
phearsain.



Smuainigh go bh-fuil an naomhthachd iarras
Dia uait, an onóir atá foilleamhnach dod phearsain,
smuaimhneas d'inntinne, do shláinte, do chliú, do shúil


L. 111


sann t-saoghal so, agus do mhaoin, tarcuisnighthe go
h-iomlán lé dúil do bheith agad, anmhianta na
collainne do shásúghadh, an nidh a dubhairt Críost a
bheith na námhaid d'ár slánúghadh; agus go bh-fuil
gníomh air bith, nó focal, nó smuaineadh air bith as
a riochd a chuiras leo, díobhálach go h-anmhór,
agus go ma cóir a g-cosg san m-bun, air eagla,
dá léigfidh ceann leo, go ma h-olc a n-deireadh.
Cá mheud, agus cá mhinic atá tú ciontach air an
modh so?



Mar do bhainas do dhaoine a staid air bith beatha.



Smuainigh má thug tú sganail lé éadtroime,
nó lé neamhoireamhnachd ann d'iomchar, nó lé do
chómhradh?



Má rinn tú úsáid go malluighthe d'foclaibh
ionna m-bídh brigh dhúbailte, ós comhair an t-aosóg,
nó iad so atá neamhchiontach agus neamhamhrasach?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má chaill tú d'aimsir a léighadh leabhra éigcéilidh
a d-taobh cúiseana grádha, chuiras lé lasadh an-
mhianta na collainne agus dhallas an intleachd?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má shinn tú abhráin drúisúla, nó má léig tú a
sinnim, 'nuair b'fhéidir leat a g-cosg? Cá mheud?
Cá mhinic?


L. 112


Má thasbháin tú pictúiridh, nó dealbha neamh-
ghlana, nó tráchd air neithe drúisúla? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má choinnigh tú cóluadar neamhshrianta nó drúis-
úil; nó má bhrosduigh tú daoine eile lé na
dhéanadh? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an Seachtmhadh h-Aithne.



Smuainigh má shealbhhuigh tú, nó má shealbhuighann
tú cuid do chomhursan go mícheart? Má rinn tú
é lé na mealladh a g-ceannuighachd, a meádhachan, nó
lé tomhas mícheart, nó lé usúireachd? (Óir atá
cealg air mhodh air bith chó h-olc le robáil fhol-
lasach). Cá mheud? Cá mhinic?



Má cheanuigh tú, nó má ghlac tú earraidh ó
dhaoine air a raibh amhras agad da d-taobh. Cá
mheud? Cá mhinic?



Má rinn tú dochar tré mhailís, tré thnúth, nó tré
dhíoghaltas dó chuid do chomharsan? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má rith tú a bh-fiacha thar d'acfuin. Cá mheud?
Cá mhinic?



Má rinn tú géarleanúint air do chóchréatúr
lé cúiseanibh cosdasacha dlighe? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má dhúiltuigh tú, má chuir tú anaghaid, nó má


L. 113


rinn tú maill, aisioc a dhéanadh air son na díobhála
dorinn tú dod chómhursain, agus é ann do chumas?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má dhiúltuigh tú do gheallamhnacha chómhlíonadh
ba ceart duit a dhéanadh, agus gan a g-cómhlion-
adh go n-deárnadh díobháil dod chomharsan, nó gur
mealladh é? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an Ochtmhadh h-Aithne.



Smuainidh má mhionnuigh tú ariamh ós íseal, nó
ós árd, má dúbhairt tú, nó má chuir tú a núil
aon nidh bhí fállsa, nó amhrasach a naghaidh do chómh-
ursan? Má labhair tú go h-olc air? Má
mhasluigh tu é lé na chur as a ainim? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má dhiúltuigh tú a chliú a sheasadh a nuair ba
cóir dhuit a dhéanadh?



Má mhol tú daoine ann a g-coirthibh agus a
n-anmheasarachdibh? Cá mheud? Cá mhinic?



Má chuir tú cortha ann a leith ionna raibh fhios
agad nach raibh siad ciontach? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má d'fhoillsigh tú peacaidh seicréideacha daoine
eile? Má d'fhosguil tú a leitreacha gan a
g-cead?



Má d'éisd tú lé cómhrádh seicréidach dhaoine
eile? Cá mheud? Cá mhinic?


L. 114


Má chuir tú do chómhursanaidh a naghaidh a chéile
le gnóthuidhe seicréideacha éinneach acu innsean don
duine eile? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an naomhadh h-Aithne.



Smuainigh má leag tú d'inntinn lé mian croidh
air na peacaidh so atá toirmisgthe leis an sémhadh
h-Aithne? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an deichmhadh h-Aithne.



Smuainigh má leag tú d'inntinn lé mian croidh
air na peacaidh so atá toirmisgthe leis an seacht-
mhadh h-aithne?



AIR RIAGHLACHIBH NA H-EAGLUISE.



An cheud Riaghail.



Smuainigh annso arís, air an nidh atá orduighthe
leis an treas aithne d'aitheantibh Dé.



An dara Riaghail.



Smuainigh má bhris tú riaghail an trosgaidh do
réir d'oibliogáide, air feadh an charaois, ná na
h-Advent, ná ceithre h-amanta d'ar ab ainim
“Quatuor Tenses,” ná air na Vigilacha? Cá
mheud? Cá mhinic?


L. 115


An treas Riaghail.



Smuainigh má bhí tú níos mó ná bliain gan a
dhul a láthair na cathaoire faoisidean? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má bhí tú cruadhmhuinéalach nó easurramach chum
d'oide faoisidean, do bhrigh go raibh sé ag iarraidh
do tharruint ó do dhrochbhéasibh, agus do ghalair
spioradálta do leighas, nó do bhrigh gur chuir sé
d'ualach ort breitheamhnas ceart aithrighe a dhéanad?
Cá mheud? Cá mhinic?



Má bhí neamhshuim nó leisg ort oiread de'n
Teagasg Críosdaidh fhoghlaim, is shaoil d'oide
faoisidean riachtanach dhuit? Cá mheud? Cá
mhinic?



Má rinn tú failligh do choinsías a fhírscrúdadh,
roimh d'faoisidin a dhéanadh dhuit? Cá mheud?
Cá mhinic?



Má rinn tú failligh do bhreitheamhnas do chómhlíon-
adh mar ba cóir, nó má chuir tú air cáirde é
gan riachdanas? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an ceathramhadh Riaghail.



Smuainaigh má bhí tú gan sácramuint choirp
Chríost do ghlacadh a n-am na cásg ó lámhibh
Sagairt an Pharáisde, ná ó na fhear ionaid? Cá
mheud? Cá mhinic?


L. 116


Air an cúigeadh Riaghail.



Smuainigh má chuir tú a neamhshuim an roinn
de do shubstaint a íoc, atá leagtha amach le h-aghaidh
do thréadaigh spioradáltá a choinneál suas, atá
orduighthe do réir cleachdaidh annsa n-áit a g-cómh-
nuighann tú? Cá mheud? Cá mhinic?



Air an sémhadh Riaghail.



Smuainaigh má thug tú sganail lé drochmheas a
thabhairt duit air orduighthibh na h-Eagluise a
d-taobh am do phósta; nó a d-taobh pósta
éineach eile air a m-beith cúmhachd agad ós a
chíonn?



Má bhí tú ainbhfiosach as a riochd, air ghaol idir na
páirtidh atá le pósadh; nó má cheil tú é dod
dheoin?



Má thug tú dímheas air chómhairle chríona d'athar
agus do mháthar; má rinn tú failligh cómhairle Dé,
nó d'oide-faoisidean, nó do cháirde d'fhághail, nuair
a bhí tú ag socrúghadh le h-aghaidh do phósta?



Má rinn tú éalóghadh, nó cur romhat a dhéanadh, a
n-am do phósta? nó má chuidigh tú lé daoine
eile, nó cómhairle thabhairt dóibh lé na dhéanadh?



Má rinn tú failligh air fhuagra tráthúil a thabhairt
dod Shagart Paráisde a d-taobh do phósta a
chuir tú romhad?


L. 117


Má bhí súil agad lé buntáisde shaoghalta níos
mó ná buntáisde spioradálta, a n-am do phósta?



Má rinn tú failligh, béasa an té bhi súil agad
a phósadh, a d-taobh creidimh agus cáilidheachta
d'fhoghluim níos lúgha, ná a d-taobh na maoine,
nó neithe saoghalta eile?



AIR NA SEACHT B-PEACAIDH MARBHTHACHA.



Uabhar - Smuainigh, cá mheud, agus cá mhinic
a bhí tú uaibhreach, ollghlórach, nó tiaránta dóibh so
a bhí ann do chúmhachd? Drochmhúinte nó masluigh-
theach lé do leitheidibh féin? Easumhal, nó mí-
mhodhmhuil lé d'uachdaránibh?



Saint - Smuainigh cá mheud agus cá mhinic do
chlaon tú do antoil an t-saoghail so, agus do
neithibh an t-saoghail?



Cá mheud agus cá mhinic do mhianuigh tú, agus
do shealbhuigh tú neithe go mícheart; do ghabh tú
tairbhe míchneasda, agus maoin éagcneasta? Cá
mheud, agus cá mhinic a bhí tú ciontach do chruadhas-
croidh, d'éagcóir, agus d'éadtrócaireachd chum
airgid d'fhághail, nó do spáráil? Nó má bhí tú tré
anmhian mórdhálach, tré uabhar, nó tré dhánachd,
neamhshásta lé do staid bheatha, agus dá réir sin
ag déanadh munmhair a naghaidh tola Dé?


L. 118


Formad - Smuainigh cá mheud agus cá mhinic,
a bhí tú ciontach do bheith éadmhar air son sonais
spioradálta nó saoghalta do chomhursan?



Cá mheud, nó cá mhinic a bhí crádh ort fá dheágh-
fhortún do chomhursan, nó dobhí gáirdeachus ort
fá na mífhortún? Cá mheud, nó cá mhinic a cháin
tú é féin, nó a ghníomhartha go mícheart?



Fearg - Smuainigh cá mheud, agus cá mhinic
thug tú ceann do fheirg, do lasántachd, nó do neamh-
fhoighid, air chúis dá laighead, nó gan ádhbhar air
bith?



Craos - Smuainigh cá mhéad, agus cá mhinic
a thug tú thú féin do anmheasarachd a n-ithe
agus a n-ól? Cá mhéad a chaith tú ós cionn
d'acfuine?



Drúis - Feuch godé dubhradh cheana dá thaobh
so, air an séamhadh ceann d'aitheantibh Dé.



Leisg - Smuainigh cá mhéad, is cá mhinic a
chlaon tú don mhian ainbhidhtheach sin lé mídhúil a
bheith agad annsna neithibh bhainas lé Dia, nó lé
maitheas dófheicsinte an t-saoghail atá lé teachd?



Cá mheud agus cá mhinic, a thug tú toil do
neamhchúram agus neamhshuim a g-cómhlíonadh do
dhualgais spioradálta?



Cá mheud agus cá mhinic dobhí tú mísheasmhach
ann do dheághrúnibh? Failligheach ann do leanúint?


L. 119


Míghrádhbhuidhach do Dhia air son a thabhartais? Nó
neamhdhílis dod cháirdibh?



Má thug tú rogha leisgúil do dhímhaoineas
agus do bhochdaineachd, anáit oibriúghadh go h-onórach
agus go griongalach lé do choinneál suas?



OIDEAS SPEISIALTA AIR AN MODH BA CHÓIR
DEAGHFHAOISIDEAN DO DHÉANADH.



Tabhair fá n-deara, ann gach uile cheann de na
peacaidh so dá m-féidir dhuit a bheith ciontach, nach
é amháin go m-béidh tú ciontach ann do pheacadh
féin, achd a b-peacaidh dhaoine eile mar an
g-céadna; lé na g-cómhairliúghadh, a n-ordúghadh, a
n-aontúghadh leo, nó moladh peacaidh dhuine eile; ag
cungnadh leis, nó air aon mhodh eile a bheith roinn-
pháirteach ann, gan a thoirmeasg anuair a b'fhéidir
leat, agus dá cheilt anuair dobhí sé do dhualgas
ort a dhéanadh puiblidh; is féidir dhuit fós a bheith
ciontach a b-peacaidh dhaoine eile lé drochshompla
thasbánadh dhóibh.



Lé h-aghaidh daoine aosda ag déanadh faoisidin
ghenaráilte air feadh a m-beatha, atá a leitheide so
de fhoirm scrúdaidh an choinsiais atá leagtha síos annso,
riachtanach dhóibh; agus is cóir dhóibh a léighadh
leis an aire is mó is féidir leo thabhairt dó. Achd
lé h-aghaidh daoine níos óige, nó lé na n-aghaidh


L. 120


so chaithas beatha dhiadha agus rialta, agus thugas
aire do na sácramuíntidh, tá dóchas, gur leor
dhóibh scrúdadh níos lúgha a dhéanadh ortha féin.



Íar bh-fághail do pheacaidh amach dhuit, spreag
thú féin chum doilghís fhírinigh air a son, dá bh-fuathúghadh
air son ghrádha Dé, agus lé rún diongbhálta a
d-tréigean as so amach. Chum sin do dhéanadh,
tabhair fád aire go m-béidh d'fhaoisidin cuidighthe
leis na ceithre cáilidheachta so leanas; sé sin go
m-béidh sí sóthuigsionach, iomlán, aithghearr, agus
eagnach. Air d-tús, bíodh d'faoisidin sóthuigsion-
ach; sé sin, ní cóir dhuit do pheacaidh d'fholach lé
foclaibh dóthuigsionacha, ná aon chor mailíseach
do cheilt. Óir tuig, nach iad amháin do pheacaidh
marbhthacha atá d'fhiachibh ort do chur síos, acht
thairis sin, gach uile chor mailíseach na g-cuideacht
do bhainas leo, sé sin, gach uile chor do mhéaduigh-
as mailís, nó athruighas gné an pheacaidh. Cuir
a g-cás, a bheith air meisge Diadomhnaigh seach
aon lá eile, go méaduigheann sé peacadh na meisge.
Mar so aríst, aon nidh a ghoid as an teampull,
seach aon áit eile, athruighann sé gné pheacaidh na
gaduighachda go peacadh na sácraléide.



Sann dara h-áit, caithfidh d'fhaoisidin a bheith
iomlán, sé sin, tá d'fhiachibh ort, gach aon agus
gach uile pheacadh marbhthach d'admháil air a g-cuimh-


L. 121


nighann tú a bheith ciontach. Óir tuig go h-áirighthe,
go n-déanfaidh ceilt aon pheacaidh acu an fhaoisid-
in neamhúsáideach, agus go g-cuirfidh an cheilt
so toirmeasg, ní shé amháin air mhaitheamhnas aon
pheacaidh, acht fós go g-cuirann sé a g-ceann na
b-peacaidh eile, coir na sácraléide.



Sann treas áit caithfidh d'fhaoisidin a bheith aithgheárr;
sé sin, go g-caithfidhear a deunadh gan aon fhocal
a labhairt nach m-bainann lé substaint na faoisid-
ean; go g-caithfidhear a deunadh gan scéalta
fada do chur síos innte nach m-baineann leis an
b-punc le bheith socruighthe; a bh-foclaibh eile, caith-
fidh tú socrúghadh roimh ré ann d'inntinn, admháil do
pheacaidh, agus annsin a n-innsint dod oidefaoisid-
ean a m-beagán d'fhoclaibh, do réir do thuigse,
mar is féidir a dhuit a g-cur a g-céil dhó.



Sann ceathramhadh aít; caithfidh d'fhaoisidin bheith
eagnach, sé sin, gan briathra mínáireacha do
labhairt, agus gan aon nidh d'innsint a bheith dío-
bhálach d'aon neach eile, agus gan peacadh dhuine
eile d'fhoillsiúghadh gan riachtanas.



URNAIGHTHE ROIMH FHAOISIDIN.



Chum Dé an t-Athair.



A Chruthuighthóir neimhe agus talmhan! a Righ na


L. 122


righthe, agus a Thiarna na d-tiarnaidh, do chruthuigh
mé as neamhnidh do réir d'íomháigh féin, agus
d'fuasguil mé lé fuil mhórluaigh do Mhic éingheinte;
ní fiu mise an peacach anacrach thusa d'ainimniúghadh,
ná oiread agus cuimhniúghadh ort. Impíghim thú go
h-umhal féachaint orm ionn do thruaighmhéile, agus
trócaire do dhéanadh orm. Duitse A Dhé fhírnaomh-
tha admhuighim mo pheacaidh, agus dá ma mhían
liom féin, ní fhéadfuinn a g-ceilt uaitse. Is tú
mo Chruthuighthóir agus mo Chúngantóir, mo
Rialuighthóir agus m'Athair is foighdinighe; is tú
mo neart, agus mo dhídean, mo dhóchas agus
m'aiséirigh, mo bheatha, agus mo shuaimhneas síorruigh.
A Dé ag a bh-fuil cúmhacht eagna agus trócaire;
glac truaighe dhamhsa atá am phéist bhocht anacrach
thalmhuighe, ná léig do mo mhalluighthachd A Thiarna,
buaidh do bhreith air do mhaitheas. Gabh thorm, A
Thiarna shár-ionmhuin, agus glac truaighe do
m'anam pheacúil. Is tusa do chruthuigh mé, is tusa
fós amháin lér féidir mo shábháil. Cé chuige, dá
bhrigh sin, a ruithfinn acht chúgatsa? Má theilgann
tú uait mé, táim caillte go brách. Tá fhios agam
gur caora air seachrán mé, acht tá rún daingean
agam anis filladh airais air an g-cró, chum nach
n-íosfuidh mé leis an madaralla chraosach atá ag
iarraidh mo mhilladh. Glac mé dábhrigh sin; má


L. 123


choinnighann tú amuich mé, cé léigfigh asteach mé?
Má thugann tú tarcuisne orm, agus má iompuighan
tú uaim, cé d'fheuchfadh orm? Má táim truail-
lighthe is féidir leatsa mo dhéanadh glan; má táim
tinn, is féidir leatsa mo leighas; má táim teilgthe
síos is féidir leat mo thógáil suas; tá do chúmhachd
níos treise go mór ná mo mhalluightheachd, agus
ionn do thrócaire is féidir leatsa níos mó do
mhaithadh ná ís féidir liomsa do pheacughadh. Ná
smuainigh dá bhrigh sin air uimhir mo pheacaidh, acht
cuimhnigh gur mé obair do lámha, gan a bheith
cruthuighthe lé déthibh bréagacha, acht leatsa an t-aon
Dia amháin fíor agus bithbheo. Da réir sin, mar
do chlaon d'eagna thú chum mo chruthúghadh, agus mar
do chlaon do thrócaire thú chum d'aonMhac do chur
dom fhuasguilt; go n-déanigh an eagna agus
an trócaire chéadna anis cómhoibriúghadh chum
m'iompuighthe do chomhlíonadh. Do réir iomadúl-
achda do thrócaire tabhair maitheamhnas dam ionn
mo chiontibh uile; abair amháin an focal, agus
béidh m'anam slán; abair lé m'anam, is mé do
shlánúghadh, thusa a dúbhairt leis an domhan, ní maith
liom bás an pheacaigh, acht ionnus go n-iompóchuidh
é, agus go mairfeadh sé. Iompuigh mé chúgat
A Dhé, agus tabhair orm maireachtain na n-diaigh
so a n-eagla níos mó faoi fheirg do chur ort,


L. 124


agus lé aire agus lé ómós níos éifeachdúla mo
dhualgais dhuit do chomhlíonadh. Tabhair orm
m'uile ghníomharta stiúradh chum d'onóra, agus an
aimsir do chaithas go díomhaoin do leasúghadh, ionnus
lé beatha naomhtha, go d-tabharfuidh mé chum báis
sona, agus go m-béidhinn luathgháireach ad fhochair
air feadh na síorruigheachda. Amen.



Urnaigh chum Dé an Mac.



A Thiarna Íosa Críost is trócairighe agus is
séimhe, an t-aon dóchas slánuighthe m'anama, oll-
mhuigh mé lé do ghrásta chum an fhaoisidean so do
dhéanadh mar is cóir dham; agus tabhair dham fír-
dhoilghíos croidh chum go g-caoinfinn d'oidhche agus
do ló, lé h-umhalachd agus lé glaine coinsiais mo
pheacaidh agus mo mhalluightheachda; go d-téigh
m'urnaighthe suas A Thiarna ad chómhair; má
bhidheann tú feargach liom cé an cabharthóir iarrfas
mé? Nó cé dhéanfas trócaire orm ionn mo
leatrom agus ionn mo mhíséan? Faraor! do
pheacuigh mé, agus do pheacuigh mé go trom; acht
tá doilghíos orm anis mar gheall air, agus impigh-
im go h-umhal do thrócaire agus do phárdún.
Glac mé aríst ionn d'fhábhar, thusa do ghlac an mac
anchaithfeach nuair d'fhill sé ort; thusa do ghabh lé
Peadar d'éis do shéanta, tré bheith dhó ag caoidh go


L. 125


geur; gabh liomsa mar an g-céadna. Iompuigh
mé A Thiarna, lé do ghrásta mar d'iompuigh tú
iadsan; agus go raibh m-iompóghadh chó buansheas-
mhach lé na n-iompóghadhsan. A Thiarna agus A
Shlánuighthóir an domhain, gabh liomsa; A Íosa shár-
mhaith do toirbhir thú féin a n-íobairt air an g-crois
chum na b-peacach do shlánúghadh, amharc ormsa an
peacach bocht ag glaoghach air d'ainim ionnadhruighthe;
ná tabhair aire chó mórsin dom olcsa, d'eagla
go n-dearmódfá do thrócaire. Dorinnas cionta
admhuighim, tré a m-féidir leatsa ó cheart mo
dhamnúghadh, agus mar sin do chaillas do ghrásta;
acht ma chaillas, níor chaill tusa do thrócaire, as a
g-cleachtann tú cách uile do shaoradh ó dhamnúghadh.
Dá bhrigh sin, gabh liom go trócaireach, óir is tú
féin mo shlánuighthóir, agus tabhair párdún dhamhsa
an peacach. A Íosa, sgaoil m'anam ó chuibhreach-
ibh an pheacaidh, agus leighis é ó na créachtibh
spioradálta. Iarrim agus ath-iarrim ort do
ghnúis do thasbánadh dham, agus béidh mé slán.
Cuir uait A Thiarna do sholus agus d'fhírinne ionn
m'anam, fhoillseochas agus mhúinfas dham gach uile
andligh agus pheacadh, ba chóir dham admháil agus
chur síos a bh-faoisidin; agus fós neartóchas mé
chum a n-aithris agus chum a nochtuighthe lé croidh-
bhrúghadh agus lé fírdhoilighíos; thusa atá bithbheo, agus


L. 126


riaghluighas mar aon leis an Athair, agus leis an
Spiorad Naomh, tré shaoghal na saoghal. Amen.



Chum Dé an Spiorad Naomh.



A Spioraid an t-soluis agus na n-grás! a
thugas éifeachd do na sácramuintibh. A Spioraid
an ghrádha agus na trócaire! feuch anuas go
fábharach ormsa atá mo pheacach mhífhiúntach, do
chuiras fearg ort go minic agus go róthrom air
mhodhibh éagsamhla; acht isé mo rún anis tré do
ghrástasa úsáid do dhéanadh do shácramuint na
h-aithrighe mar leighas spioradálta dom; agus air
fhómós dod ordúghadh diadha, mo pheacaidh d'admháil
dod fhear-friothólmh, lé dóchas as geallúnachibh mo
Shlánuighthóra, go bh-faighfhinn absolóid iomlán ionn
mo pheacaidh uile. A Thiobraid na trócaire
diadha, mar dothug tú dhom lé d'análúghadh naomhtha,
an deághrún; tabhair grásta dhom, go d-tiucfhadh
liom an obair so do chríochnúghadh do réir mar chuir
mé rómham, chum glóire dod ainimse, agus chum
slánuighthe m'anama féin.



Tabhair dham dá bhrígh sin, A Spioraid fhialmhair
as a d-táinic gach uile dheagh-bhronntanas, tabhair
dham go fábharach an croidhbhrúghadh iomlán úd
dothugais lá éigin do Dhábhidh aithmhéalach; tabhair
dham dílseachd Mhagdaléine, uirísle an phubla-


L. 127


cánaigh, buansheasamhachd na mna ó Chanaan, agus
buaireamh inntinne beannuighthe an deagh-ghadaigh air
an g-crois. Tabhair grásta dham, mo pheacaidh go
léir agus go h-iomlán d'admháil do mo liagh
spioradálta, lé rún seasamhach sásamh a thabhairt
air son a n-deachaidh thort, agus cur rómham mo
bheatha do leasúghadh ó so amach.



Acht A Spioraid an nirt agus an ghrádha, A
aon-chómhfhurtuighthóir m'anama! ó is é do mhian
go n-aontóchfhuinn lé do stiúrúghadh diadha ionn gach
uile nidh; agus mar nach n-iarrim nidh air bith
níos dúrachdaighe ná toil Dé do chómhlíonadh;
cionnas thárluighann sé, go d-tuitim airais chó mhinic
sin ann mo lochdibh gnáthúla. Ní h-í do ghrásta
atá d'easbhaidh orm! Acht faraor! 'Sé mo
mhísheasamhachd féin, mo chrosántachd, mo mhíofhonn-
mhaireachd chum diúltúghadh dom anmhiantaibh agus a
g-claoidh; is é so an t-ádhbhar fírinneach. Is
minic a chuirim romham cur anaghaidh gach
uile chathúghadh, agus go h-aithgheárr gheibhid treis orm,
agus feallim ionn mo dheághrún. Ó cheart dá
bhrigh sin ba chóir dham m'anam umhalúghadh, agus
admháil, nach bh-fuil air dhruim na talmhan éinneach
eile níos laige, ná níos díombuaine ná mé féin.
Neartuigh mé, dá bhrigh sin, ann do thrócaire,
ionnus air m-beith dham gan aon mhuinín a bheith


L. 128


agam ionn mo neart féin, acht lé dóchas iomlán
úmhal as do chúngnadh, agus as do chobhair ghrás-
túil, go d-troidfinn mo námhaididh spioradálta
mar dheisciobal d'Íosa Críosd, agus fá dheoigh
go n-gabhfuin buaidh lé luaidheachd orthu. Amen.



Oideas eile.



Ag dul chum faoisidean, umhaluigh thú féin lé
smaointiúghadh air mhórdhachd Dé, agus air do
shuaraigheachd féin. Ba chóir dhuit bheith glan a
n-éadach, acht san am chéadna gan gleus árdchéim-
ach a bheith ort.



Tabhair fád aire, ag an am specíalta ag déanadh
d'fhaoisidean, leag thú féin air do ghlúinibh a bh-fiadh-
nuise an t-sagairt, agus ann a leithede do mhodh,
nach m-béidh tú ag geuramharc ionna éadan, acht
bíodh do shúile agus d'inntinn go h-iomlán leagtha
amhuil is da m-beithá ag amharc air an g-céasadh
ós do chomhair. Iar socrúghadh do phearsaine, mar
sin go cráibhtheach agus go beachd, impigh an
bheannachd ó d'oidefaoisidean annsna focail so
leanas: “beannuigh mé Athair, óir do pheacuigh
mé,” agus air feadh an ama atá sé ag tabhairt
na beannachda dhuit, coisrig thú féin air an modh
ghnáthach, agus té air d'aghaidh leis an bh-faoisidin
gheneráilte, nó go d-tigidh tú go digh na focail seo,


L. 129


“tré mo choir rómhór fhéin.” Éist annsin leis
na ceisdibh a chuirfeas sé chugat; ná buair, is ná
cuir air seachrán é lé freagarthibh neamhdhíreacha,
agus éigcéiligh, acht bíodh do fhreagartha simplidh,
díreach agus gearr; agus annsin téigh air d'aghaidh
lé admháil do pheacaidh air an modh leagtha síos
cheana.



Tuig san am chéadna, má táir a g-cleachdadh
faoisidin dhéanadh go minic, nach riachdanach dhuit
“an fhaoisidin gheneráilte” a rádh air fad, is leor
a rádh “admhuighim do Dhia uilechúmhachtach, agus
do na naoimh uile, gur pheacuighas go rómhór, lé
smuainadh, lé briathar agus lé gníomh, tré mo
choir rómhór féin.” Iar n-admháil do pheacaidh
dhuit, éist go h-aireach lé cómhairle agus le
h-oideas d'athar faoisidean; glac go h-umhal do
bhreitheamhnas aithrighe, agus an feadh atá sé tabhairt
absolóide dhuit spreag thú féin chum croidhbhrughadh
fírinneach air an modh so leanas: “Ionnsna
peacaidh sin, agus ann gach uile pheacadh nach féidir
liom thabhairt chum mo chuimne anis, atá doilíos
Croidh fírinneach orm, agus sírim maitheamhnas na
d-taobh ó Dhia uilechúmhachtach, agus absolóid ortsa
O Athair spioradálta;” agus annsin críochnuigh
d'fhaoisidin ag rádh “air an ádhbhar sin impighim
air Mhuire naomhtha,” etc., go digh an deireadh.


L. 130


URNAIGHTHE TARÉIS FHAOISIDIN.



Chum Dé an t-Athair.



A Dhé na trócaire agus na truaighe, ó d'éa-
dtromuigh mé mo choinsias ó na cionta le a raibh
sé tromualuighthe; agus ó d'fhoillsigh mé, cho maith
is b'fhéidir liom, dom athair spioradálta, do
shagart féin, gach uile pheacadh, air a m'fhéidir
liom cuimhniúghadh; sírim thú go h-umhal tré luaidh-
eachda na Maighdine beannuighthe Muire, agus na
naomh go h-uile, an fhaoisidin so dorinn mé anis
a ghlacadh go fábharach. Athchuinighim do mhórdhachd
dhiadha, déanadh suas as líonmhairachd do thrócaire
gach uile easbhaidh croidhbhrúighte, gach uile dhíthiom-
láine, agus gach uile mhearbhal agus dhearmad, do
thárla sann bh-faoisidin so, nó a n-aon de na
faoisidinibh dorinn mé roimhe so; agus deonuigh,
A Thiarna, air m-beith dham saor o gach uile
smál agus truailligheachd peacaidh, agus ag
sealbhúghadh aríst do ghrásta agus d'fhábhar diadha, nár
thuillad do fhearg go brách aríst, agus fa dheoigh,
go léigthar asteach mé a ríoghachd na bh-flaitheas;
áit a riaghluighir ad righ sheasmhach ós cionn na
n-aingeal agus ós cionn daoine a lár glóire dó-
innsighthe tré shaoghal na saoghal. Amen.


L. 131


Chum Dé an Mac.



Tabhair grásta dham A Thiarna Íosa Críosd,
mo bheatha chathadh níos airighe agus níos dúrach-
daighe as so amach, agus mo shean-chionta sheach-
aint, air a bh-fuil fíorghráin agam anis, le rún
daingean agam tré do ghrásta diadha, gan fearg
do chur ort leo so go brách aríst, agus gach uile shórt
peacaidh a sheachaint, acht go h-áirighthe, gan a bheith
ciontach lé lántoil a b-peacadh marbhthach. Lé
n-aghaidh sin, A Shlánuighthóir is trócairighe, tabhair
grásta dham cur a n-aghaidh an chathuighthe so da bh-fuil
mé tugtha go h-anmhór. (Annso ba chóir an t-an-
mhian uachdarach ainimniúghadh.) Tá fhios agam, “go
g-caillfar sann g-contabhairt iadso ag a m-bidh-
eann grádh air an g-contabhairt.” Da bhrigh sin, tá
rún diongbhálta agam gach uile ócáid peacaidh de
sheachaint ó so amach; óir má thuitann an fíréan seacht
n-uaire, cá mhinicighe go mór is féidir damhsa
tuitim, iar m-beith do mo laige méaduighthe leis
an truailligheachd agus leis an daille dofuair mé tré
oidhrigheachd ó m'athair Adhamh? Acht “is leor dham
do ghrásta.” Tabhair dham go trócaireach na grásta
úd anis, níos líonmhaire, ná ariamh: óir tá fhios
agam “gan tusa nach féidir liom éinnidh a dhéanadh,
acht is féidir liom gach nidh a dhéanadh thríodsa,


L. 132


chóneartuighas mé.” chídhim mailís agus neamh-
ghrádhbhuidheachas an pheacaidh anis níos soilléire ná
chonairc mé ariamh; is é so, mar an g-céadna,
toradh do ghrásta diadha; agus is é cúngnadh an
ghrásta so, chuirim rómham an deághrún anis,
buan-chogadh a dhéanadh a n-aghaidh m'anmhiantibh,
mo dhroch-chlaontaibh, agus a n-aghaidh na scannaile,
na baoise, agus anmheasarrachda an t-saoghail
chuiripe so. Tabhair dham dá bhrigh sin A Thiarna,
neart, misneach, agus buansheasamhachd, agus
duitse féin bhéidhas an bhuaidh, agus béidh mise mo
ghnódhchan-buadha dod ghrásta, air a bh-féachfaid
aingil agus daoine lé fonnmhaireachd. Óir béidh mé
iompuighthe ó bheith mo námhaid dhuitse chum a bheith
mo charaid ionmhuin dhuit, béidh mé air mo iompóghadh
o pheacadh go fíorchráibhtheachd; a n-aon fhocal,
gheabhfaidh mé an onóir a bheith mo leanbh dhuit
anáit a bheith mo sglábhuidh do Shatan. Agus ó tá
fhios agam, daimhdheoin cumais do ghrásta diadha,
air m-beith dham fós mo ghníomhuighthóir saor, go
n-iarrann tú mo chomhoibriúghadh féin chum mo
shlánuighthe; tá rún agam dithchioll a dhéanadh go
bríoghmhar as so amach, lé gníomharthibh contrárdha
Súbháilce, gach uile chlaonadh chum peacaidh do
shárúghadh, acht go h-áirighthe na peacaidh so ba
shubstaint don fhaoisidin dothug do ghrásta cúmhachd


L. 133


dam a dhéanadh air an ócáid so. Is iad so mo
mhianta agus mo rúnta, agus chum a g-cómhlíonadh
sírim do chobhair agus do chúngna grástúil, do
mhairas, agus do riaghluighas lé Dia an t-Athair,
agus lé Dia an Spiorad Naomh, a lár suaibhnis
dólabhartha na druinge toghtha, tré shaoghal na saogh-
al. Amen.



Chum Dé an Spiorad Naomh.



A Dhé, A Spioraid Naoimh, A thabharthóir
gach uile dheághrúin, A thiobraid soluis agus
buansheasmhachda! Tabhair grásta dham lé mo
dheághmhianta chur a n-gníomh, agus gan a bheith
dham níos faide mo lagchréatúr ath-shleamhnuighthach
mar dobhí mé roimhe so. Chum na críche so,
cuirim romham a bheith níos dichiollaighe a scrúdadh
mo choinsiais, gach aon oidhche as so amach. Tá fhios
agam, “iad so do tharcuisnighas neithe beaga, go
d-tuitfidh siad lé beagán agus lé beagán.” Dá
bhrigh sin, ní léigfad do mo neamhiomláinteachibh
méadúghadh, acht déanfad mo dhiocholl a laighdughadh gach
lá, agus béidh súil agam air an iomláine
Chríosdúil úd, an staid ionnar cóir do gach fír-
dheisciobal a bheith. Lé cúngnadh do ghrásta diadha,
atá rún daingion agamsa toisiúghadh gach lá leis
an g-ceud thoradh dhe d'ofráil dhuitse sann maidin,


L. 134


ionnus go m-beannóchuidh an chuid eile dhe, tré a
cheangal mórálta, leis an g-cuid sin de do bhainas
duitse go specialta; ionnus mar so nach m-béidhinn
a choidhche chó neamhdhílis dod ghrásta go n-déanfuinn
dadaidh neamhfhoilleamhnach do Chríosdaigh dhílis.
A d-taobh an bhreitheamhnais aithrighe a cuirthar
orm, sírim go h-umhal do chúngnadh lé na chong-
mháil a g-cuimhne, agus lé na chomhlíonadh mar is
cóir. Ó! nár dhearmadaigh mé go deogh mo
dheághrúnta, agus nár scuiridh mé do dhéanadh mo
dhichill a leasúghadh mo bheatha, nó go d-tigidh dham
fá dheireadh a bheith m'aithrigheach fhírinneach, agus go
g-cuiridh mé umam an duine nuadh; ionnus mar
so go d-tuillidh mé lán-phárdún d'fhághail ionn mo
pheacaidh annso, agus an onóir a bheith a seilbh
phríbhléididh na naomh, agus fá dheoigh suaibhneas
síorruigh; tré luaidheachda agus trí pháis mo
Shlánuighthóra ionmhuin Íosa Chríosd a mhairas
agus riaghluighas leatsa agus leis an Athair tré
shaoghal na saoghal. Amen.



URNAIGHTHE ROIMH CHOMAOIN.



A ChaoimhThiarna thrócairigh Íosa Críosd! tá
eagal ormsa atá mo pheacach bhochd chiontúil, a dhul
d-ionsuigh cuirme do ghrádha. Mothuighim nach
m-béadh aon éiliomh agam uirre ó mo luaidheachdaibh


L. 135


féin; ná a m-béidhinn chó dána is go rachfuinn dá
h-ionsuighe, acht gur b'é do thoil é, ní hé sin
amháin, acht gur b'é d'aithne é. A dubhairt tú
“Muna n-íosfaidh sibh feoil Mhic an duine, agus muna
n-ólfaidh sibh a fhuil, ni bhéidh beatha ionnuibh.” (In.vi.
54). Atá mo dhóchas annsin a g-cómhlíonadh do
thola; isé mo dhóchas go n-déanfuidh do thrócaire agus
do mhaitheas suas air son m'easbhuidhthe, agus go
g-cuidóchaidh do ghrásta liom a dhul d'ionsuighe na
cuirme so is milse agus is dó-innsighthe do choirp
agus d'fhola ionadhruighthe, air an modh is oireamhnach
do Chríosdaidh, agus is cófhreagarthach leis an nidh
air ar smuainidh tú ag cur air bun na sácra-
muinte so is naomhtha agus is inmheasta.



Is tusa Dia na h-uileiomláine; tá mise mo
pheacach neamhsheasmhach, lag agus ath-thuitmheach. A
b-peacadh dorugadh mé, agus a g-ciontaibh do
ghabh mo mháthair a m-broinn mé; is minic dorinn
mé peacadh, do chomhnuigh mé a b-peacadh; agus
faraor! dorinne gnás fada, peacadh níos caidriú-
la dham ná oibriúghadh subháilce! Atá mé air mo
thimchiollúghadh lé eugcruasaibh agus lé cathuighthe;
agus fós cuirann tú d'aithne orm glacadh dhíot
féin, thusa atá do uilenaomhthachd, do uilemhaitheas,
agus do uileiomláineachd! “Go n-déantar
do thoil air an d-talamh, mar déantar air


L. 136


neamh.” Ó d'orduigh tú dham a dhul ad ionsuigh,
isé mo mhuinín ionnad go n-déanfuidh tú oireamh-
nach mé air mhodh éigint. Is féidir leat m'éagcruais
d'iompóghadh chum a bheith na n-ádhbhar luaidheachda
dham; is féidir leat mo chosaint ó aontúghadh do
chathúghadh, agus is féidir leat m'anam a líonadh lé
mían níos láidire do shubháilce agus do riaghaltachd,
ná bhí agam go d-tí so do pheacadh, do dhíthcéille,
agus do mhaitheasibh dímbuana an t-saoghail so.
A Thiarna Íosa Críosd atá lán do thruaighe!
sírim agus athchuinighim tú go h-an-umhal na
grásta so thabhairt dham anis; agus geallaim air
mo thaobhsa an úsáid is fearr is féidir liom a
dhéanadh dhíobh, agus a bheith dílis dhuit go d-tí an
deireadh. Téighim ad ionsuigh annsin, mar rachadh
duine tinn chum liagh tuigsionach; mar rachadh an
bochdán chum deághthabharthóir saidhbir agus fialmhar;
mar dhuine tréigthe chum na carada is ionraice;
mar dhuine bheith lé h-éadan contabhairteacha móra
agus an-fhogusa, chum áit dídin. Óir gidh gur tû
breitheamh na m-beo agus na marbh, is tú fós
Slánuighthóir agus teas-ghrádhuighthóir na n-anam
daona; gidh gur tú mo Dhia, is tú sann am
chéadna, mo dhearbhráthair sann g-colain, agus is
gnáthach leat truaighe ghlacadh do nádúir daona.
Ag cur mo mhuinín ionntu so do cháiligheachda, béidh


L. 137


m'fhaitchís iompuighthe a n-grádh; béidh mo chionta
roimhe so tiontuighthe a n-ádhbhar grádhbhuidheach-
ais, 'nuair smuainnighim air an d-trócaire lé ar
coigladh mé; agus béidh cathuighthe an t-saoghail
athruighthe dhamhsa lé bheith na n-ócáid luaidheachda
agus duaise.



Tá fhios agam go maith, go bh-fuil sé scríobhtha,
“gidhbé íosas an t-arán so, nó olfas cailís an
Tiarna go mífhiúntach, béidh sé ciontach do chorp
agus d'fhuil an Tiarna.” (1.Cor.xi.27).
Agus go cófhreagarthach leis an bh-fuagradh
naomhtha so, dorinnas tré do ghrásta, mo dhithchioll
mé féin a dhearbhadh; do smuainigh mé air staid
mo choinsiais, thug mé mo pheacaidh ionn mo
chuimhne chó maith is b'fhéidir liom, mothuighim
croidhbhrúghadh ionnam dá d-taobh, d'admhuigh mé iad
air mhodh chó oireamhnach is b'fhéidir liom, fuaras
absolóid ionnta tré do ghrásta ó d'fhearfriothólmh
ceart-orduighthe, geallim an breitheamhnas aithrighe
a leagadh orm a chómhlíonadh lé déine agus go
puinteálta, agus is é mo rún agus m'inntinn gach
uile ócáid peacaidh a sheachaint feasta. Mar so
dorinnas mo dhithchioll mé féin a dhearbhadh; sann
am chéadna atá fhios agam, “gidh go n-déanfuinn
gach uile nidh atá orduighthe, ní bh-fuil ionnam fós


L. 138


acht seirbhíseach neamhthairbheach.” (Luc.xvii.10).
Gidh, atá meisneach tugtha dham lé do chuireadh
láidir; “tigidh chugamsa sibhse, go h-uile oibrighas
agus atá faoi ualach, agus bhéarfaidh mé fuaradh
dhaoibh.” (Matt.xi.28). Agus aríst, “muna
n-ithfidh sibh feoil Mhic an duine, agus muna
n-ólfaidh sibh a fhuil, ní bhéidh beatha aguibh ionnuibh
féin.” (Eoin.vi.54). Air m-beith do chuireadh
tugtha dham, agus mé orduighthe mar so, glacim
orm féin a dhul d'ionsuigh do chuirme atá déanta
suas d'aoibhneasaibh do ghrásta agus do thrócaire.
O! go leanidh gach uile thorradh beannuighthe ó mo
roinnpháirt de; go raibh sé damhsa na lán-mhéadúghadh
a n-grástaibh diadha; na athnuaghadh sann taobh astigh
dhíom go léir; go raibh sé dhamhsa na sholus lé a
bh-feicfead buntáiste na neithe spioradálta ós
cionn na neithe saoghalta; go raibh sé dhamhsa na
ordúghadh air mo chéadfadhibh, na riaghlúghadh air m'an-
mhianta, na threoruighthóir do mo fhonnta, na chuimh-
nighthóir do mo smuaintighibh, mo choimeád ó
pheacadh, mo chosaint a n-aghaidh cathuighthe, agus
na gheall agus na roimhshúil leis an n-glóir agus
aoibhneas sin do cheannuigh tú dhamsa, lé do pháis agus
do bhás air an g-crois. Athchuinighim ort na
grásta agus an trócaire so do thabhairt dham, tré


L. 139


do luaidheachda féin do mhairas agus do rialas a
n-aonachd lé Dia an t-Athair, agus lé Dia an
Spiorad Naomh, tré shaoghal gan chrích. Amen.



Urnaigh chum na Maighdine Beannuighthe roimh
Chomaoin.



A Mháthair bheannuighthe Dé! A Mhaighdean
fhírghlan gan sal peacaidh! Ní air do shon féin
amháin d'iomchair tú Slánuighthóir an Domhain ann
do bhroinn gheanmnuigh, acht air ar sonne mar an
g-céadna. Nach féidir dham dá bhrigh sin, A
Mháthair ná trócaire, súil a bheith agam go m-béad
róinnpháirteach ionn a luaidhachd, agus go bh-faighad
tré d'eadarghuidh éifeachdúil roinn éigint de na
deághmhéinte dobhi agutsa sann am ionnar ghabhais
a m-broinn é? O! go n-déanaidh an Spiorad
diadha céadna, a d'ollmhuigh sann am sin do chorp
agus d'anam chum a ghábháil ann do bhroinn, thíodh-
laicidh mórluaidhe do dhórtadh anis orm, ó isé an
Diadhuine céadna atáimse anis air tí do ghlacadh!
Fágh dhamsa croidh fírghlan mar árus dhó, agus rún
diongmhálta seasamhach lé mé féin do choineál
suas ionn a ghrásta. Acht ós cionn gach nidh, go
raibh tré d'eadarghuidhse, gráin dó-innsighthe agam
air pheacadh athuamhar na colainne, do thruaillighas
go specialta anam an duine, agus dhéanas mí-


L. 140


fhoilleamhnach é chum Comaoin do ghlacadh; do
bhrigh, lé neamhonóir thabhairt dom fheoil féin bheirim
neamhonóir d'fheoil Íosa Críosd mar an g-céad-
na. Faraor! muna raibh do bhroinn mhaigh-
deanúil gan toibhéim rófhírghlan chum an
briathar ionchollannuighthe do ghábháil, cionnas dá bhrigh
sin a d-tig liomsa mé féin a thairisgint a láthair
bhóird Dé na fírghlaine, agus a ghlacadh asteach a
g-croidh truaillighthe lé sal dá laighead do dhubháilce
chó gránúil a radharc fírghlaine agus naomhthachda
dóchuimsighthe!



Urnaigh eile roimh Chomaoin.



Creidim go diongmhálta, A Íosa dhiadha! go
bh-fuil tú a láthair go fírinneach a Sácramuint na
h-Altóra. Creidim go bh-fuil do chorp agus
d'fhuil ann, a n-éinneachd lé d'anam agus do
dhiadhachd féin. Admhuighim na fírinneacha so;
creidim na míorbhúilte so; adhruighim an chumhachd
dorinne iad, an chumhachd chéadna a dubhairt;
“bíodh solus ann, agus dobhí solus ann.” (Gen.
i.3). Umhluighim mo chéadfadha agus mo réasún
faoi d'úghdarás diadha. Molim agus bheirim
glóir dod mhaitheas dóchríochnuighthe a d'ollmhuigh an
féasda neamhdha so mar bhiadh agus oileamhuin do
m'anam.


L. 141


O Sibhse A Aingle agus A Naoimh Dé go
h-uile! iarrim go h-umhal cúngnadh bhur n-ur-
nuighthe; ionnus lé croidh glan agus lé coinsias fír-
ghlan go d-téighead d'ionnsuigh an Naomháit na
Naomháit, agus go n-glacad an t-sácramuint
naomhtha so, lé na leitheide sin d'urraim agus
d'umhalachd is bhéidhas chum slánuighthe m'anama.
Amen.



Oideas le h-aghaidh Comaoine.



Tabhair fá d'aire, 'nuair atá tú air tí an
t-sácramuint is naomhtha a ghlacadh, is éigin duit
bheith air chéadlocan ó mheodhan oidhche; agus
caithfidh tú bheith glan agus beitir a n-éadach agus
a b-pearsain.



Ag dul suas dhuit chum na h-altóra, is cóir
dhuit dul go ciúin agus go macánta, gan buair-
eamh ná míonós a chur ort féin, ná air dhaoine eile.
Tóg suas an tuáilte, agus coinnigh é lé do dhá láimh
faoi do smig, ionnus dá d-tuitadh an t-sácra-
muint air aon mhodh go g-coinneochaidh an tuáilte
é ó dhul go talamh.



'Nuair thógas an sagart mior den t-sácramuint
naomhtha, agus abaras sé ós árd, “Ecce Agnus
Dei,” etc. abairse, a n-Gaelic na focla céadna


L. 142


na dhiaigh asteach agad féin, agus spreag thú féin
chum cráibhtheachda agus chum adhruighthe fírómósaigh.



'Nuair thugas an sagart an t-sácramuint
naomhtha dhuit, glac í lé creideamh beomhar, lé
umhalachd uiríseal, agus lé croidh air lasadh lé
grádh diadha; tar air-ais go modhmhuil chum
d'áite, agus cuir romhad cúram do dhéanadh chó
maith is féidir leat, don aoidh do ghlac tú asteach.



URNAIGHTHE TARÉIS COMAOINE.



Buidheachas duit A Thiarna Íosa Críosd! lé
ar toil, as d'fhéileachd féin, m'anam d'oilúint lé
do chorp agus lé d'fhuil mhórluaidh! O! go raibh
mé grádhbhuidheach go brách, go rabhad ómósach go
deo, go rabhad dílis dhuit do shíor! Go g-cruth-
uighidh an Chomaoin so, athchuinighim thú, a bheith na
ceangal aondachda eidir m'anam agus thú féin.
Go neartuighidh sí mo chreideamh, agus go meis-
nighidh sí mé a n-oibriúghadh na n-uile dheágh-oibreacha.
Go saoruigh sí mé ó mo dhroc-chleachdaibh agus go
n-athruigh sí gach drúis a bh-fad uaim. Go n-déan-
aidh sí iomlán mé a g-carthanachd, a n-umhalachd
agus a n-ómós, agus ann gach uile shórt subháilce.
Go n-daingnigh sí mé a n-aghaidh gach uile cheilge
mo námhad fhollasach agus neamhfhollasach. Go


L. 143


n-déanaidh sí measarrtha mé lé críonachd ann mo
chlaonta corpartha agus spioradálta a n-éineachd;
agus fá dheoigh go d-tugaidh sí orm a bheith inmheasda
lé bheith foilleamhnach, chum mo ghlactha asteach mar
aoidh ag an g-cuirm dhiadha úd, áit a bh-fuil tusa
maraon leis an Athair agus leis an Spiorad
Naomh, ad sholus fhírinneach, ad shuaibhneas shíorruigh,
agus ad gháirdeachas bhuan-sheasmhach na naomh go
h-uile, tré shaoghal na saoghal. Amen.



Gníomh Molta agus Adhruighthe taréis Comaoine.



Molim thú, agus tugim glóir dod ainim
naomhtha, A Dhé, air son na bh-fábhair iomadúla
do bhronnis orm, agus air son na n-uile bheannachda
lé a n-deárnais m'anam saibhir a n-diaigh na
n-iomad úireasbhaidheacha agus na n-anacraidh
d'fhulaingas an tan, tré mo phléisiúir agus tré
m'anmhianta, do sgaras uait. Faraor! nach mé
bhí dall go h-an-mhór, súil a bheith agam lé sáimhe
agus lé séan, 'nuair tré mo dhíthcéille, tré mo
fhailligh, agus tré mo neamhchráibhthachd do dhruidas
mé féin níos faide uait? Acht dobhí do mhaitheas
chó mór sin, gur tharraingis mé ó'n aill chum a
raibh mé ag rith, gur shoillsigh tú mé lé do sholus, agus
lé análúghadh naomhtha do ghrásta, gur thugais cuireadh
dham filladh air m'ais; do mhaithis mo pheacaidh


L. 144


dham, agus chum coróin do chur air na fábhair so
go h-uile, dotháinicis anis chugam ionnus go
g-comhnóchá go brách ionnam, agus mise ionnadsa!



A Dhé! go m-beannuighthar do shíor thú air son
na d-trócairigh neamhchoimsighthe so uile! O
m'anam! beannuigh an Tiarna, agus beannuighadh
agus moladh a bh-fuil taobh astigh dhíom a ainim
naomhtha! Beannuigh an Tiarna, agus tabhair fá
d'aire, nach n-dearmódfá na fábhair do bhronn sé
ort. Do leigheas sé d'éagcruais spioradálta,
do chosain sé thú ó bhás síorruigh, agus dothug sé
tabhartuis iomadúla dhuit; do shásuigh sé d'ocrus
lé neithe maithe, agus do líon sé thú lé gach uile
bheannachd ba mhian leat d'fhághail. Agus dá bhrigh
sin nár cheart duitse cur rómhat do bheatha do
leasúghadh, agus do neart athnuadhúghadh agus éirigh óg
mar an t-iolar ionn a sheirbhís? Bíodh do ghrásta
annsin, A Thiarna, a n-gar dham lé cúngnadh
liom; óir déanann mo ghnáth-thaithigh air mo laige féin
eaglach mé, agus muna g-coinnigh tú suas mé
tuitfad aríst go róchinnte. Bíse, da bhrigh sin,
do sgiath agus do chosaint dham; tabhair dham
creideamh diongmhálta agus buansheasmhach, agus
neartuigh an creideamh sin, ní hé amháin a d-taobh
an rúndiamhair so, acht mar an g-céadna a
d-taobh gach uile fhírinne Críosdúil eile, agus gach


L. 145


púnc do bhainas lé beatha shíorruigh; ionnus leis an
g-cúngnadh sin go bh-fuighinn buaidh air gach uile
chruadháil da d-tiocfadh ann mo bhealach, air mo
thaisdiol chum na staide séanmhaire sin da'r
cruthuighadh mé; óir is tré an g-creideamh sin,
dofuair an drong d'imthigh rómham buaidh air a námh-
aididh, agus sin chum deághshompla a thabhairt dham;
mar so dorinneadar ceart, agus dofuaradar do
gheallamhnacha.



Urlabhra diadha taréis Comaoine.



Feuch A Thiarna! táir agamsa anis, ag a
bh-fuil gach uile nidh! Sealbhuighim thusa do sheal-
bhuighas gach nidh; agus le'r féidir gach nidh a
dhéanadh! Tóg mo chroidh dá bhrigh sin, O! mo
Dhia agus m'uilemhaitheas, ó gach nidh eile acht
uait féin; mar nach bh-fuil ionnta lé do thaobhsa,
acht dithcéille agus buaireamh spioraid!



O! go raibh mo chroidh socruighthe ortsa amháin!
go smuainigh mé go deo ortsa, óir is tú
m'órchiste, mo shólás, agus mo shíorruighachd
shéanmhar!



Léig dom anam, A Thiarna, meillseachd do
láithrachda mhothúghadh, ionnus lé bheith tarraingthe tré
do ghrádh, nach m-béidhinn choidhche air lorg aoibhnis
saoghalta; óir is tú féin gáirdeachas mo chroidh, agus
mo chuid go brách!


L. 146


Is tú liagh m'anama, do leigheas m'éagcruais
spioradálta go léir tré d'fhuil naomhtha; agus is
mé an duine tinn úd chum a d-táinic tusa ó
fhlaitheas lé na leigheas! O! go raibh mo leigheas
buan-sheasmhach. Óir ní'l aon liagh agam acht thú
féin, agus gan thú bhéadh mo ghalair iomadúil!



Is tú an tréaduigh maith do leag síos d'anam
air son do chaorach! Feuch! is mise an chaora
úd do cailladh, agus do lorgair tusa mé, agus
dothug tú air-ais mé chum do chró! O! nár
théigh mé a choidhche air seachrán ó chosánibh na
subháilce agus ó dhéaghoibreacha nó-go d-tárlaidh
mé air ingheilt shéanmhar an beatha síorruighe!



O! Sholuis fhírinnigh! do shoillsighas gach duine
a thigas air an t-saoghal so! Soillsigh mo shúile
chum nach g-codlóchuinn a choidhche a m-bás!



A Theine a dhóithas do shíor agus go brách gan
mheath! Feuch chó leamhfhuar agus leath-theith
atáim! Cuir mo chroidh air lasadh lé do grádh.
Óir dotháinic tú chum teine do theilgan air a
d-talamh; agus godé is mian leat acht í bheith
lasta?



A Righ neimhe agus talmhan! saibhir a d-tró-
caire! a bh-fuil do chumhachd neamhchuimseach, agus
do mhaitheas dólabhartha! Feuch ormsa annso a
m-bochdaineachd agus a n-easbhaidh; is feasach
dhuit godé ís mó atá úsáideach dom anam, is tusa


L. 147


amháin le'r féidir cúngnadh agus cabhair a thabairt
dham. O! cuir cabhair chúgam ód thearmuin, agus
ó Shíon, cuir coimhdeachd chúgam!



O! mo Thiarna agus mo Dhia! feuch! is mé
do sheirbhíseach agus do chréatúr! isé mo ghnó go
h-uile anis agus na dhiaigh so, do thoilse a dhéanadh!
tabhair dham tuigse lé fios a bheith agam air, agus
brosduigh mo mhian chum a chomhlíonadh!



Is tú uan Dé, an t-uan gan smal do thógas
peacaidh an domhain! O! tóg uaim gibé nidh
atá míthaithneamhach leat; gibé nidh atá díobhálach
dom anam, agus tabhair dham gibé is feasach dhuit
a bheith tairbheach dham!



Is tú mo ghrádh agus m'aoibhneas! is tú mo
Dhia agus m'uile mhaitheas; is tú cuid m'oidhreach-
da! Mo Dhia go n-dóithidh lasair mhilis do
ghrádha mo chroidh, chó mór sin air mhodh go n-éagfadh
sé don t-saoghal so, tré ghrádh dhuitse dofuair bás
air an g-crois tré ghrádh dhamhsa!



Cómhairle a n-diaigh Comaoine.



Smuainigh air na briathra so ar Slánuighthóra;
“an tan dorinneabhar gach uile nidh atá orduighthe
dhaoibh, abraidhse, is seirbhísigh neamhthairbheach sinn;
an nidh dobhí d'fhiachaibh oruinn a dhéanadh,
dorinneamar é.” (Luc.xvii.10). Gidhbésin, is air


L. 148


an g-connradh go n-déanfamaid a bh-fuil ionnar
g-cumhachd féin, do gheall Mac Dé dhúinn na grásta
is líonmhara lé bheith roinnpháirteach ionn a chorp agus
ionn a fhuil is ionadhruighthe. dá bhrigh sin, is anaoibhin
go deimhin don duine mhífhortúnach úd, a rachfadh
d'ionnsaigh gan an aire agus an chráibhtheachd sin atá
leagtha síos dhúinn leis an Abstol, áit a n-deir sé.
“Acht dearbhadh duine é féin, agus mar so ithadh
sé den arán so, agus óladh sé den chailís;” agus
cuireann sé leis sin, na briathra uathbhásacha so; “Óir
an té ithas agus ólas go neaímhfhiúntach, ithann sé
agus ólann sé damnúghadh dhó féin, gan corp an
Tiarna a bhreathnúghadh.” (1.Cor.xi.28). Tabhair
aire annsin, gach uile nidh da bh-fuil ionn do
chúmhachd a dhéanadh, chum thú féin a dhéanadh oireamh-
nach lé h-aghadh na n-grásta beannuighthe d'fhághail atá
tugtha tré shácramuint is ionadhruighthe choirp Chríosd.
Cuimhnigh air dheireadh Iudáis Iscariot! B'eisean
an cheud Chomaoineach neamhfhiúntach. Nír
sháruigh seisean a anmhian uachdarach; do bhiathuigh
agus do chothuigh sé é, se sin a shaint; agus chó
dallta dobhí sé leis an anmhian so, daimhdheoin an
fhuagartha tugtha dhó lé ar Slánuighthóir féin, gur
ghlac sé lé lántoil den t-suipeur dhéaghanach; '
gidh go raibh fhios aige go raibh sé neamhífhiúntach.
d'imthigh sé annsin ó Íosa agus ó na h-Abstolaibh,


L. 149


agus do dhíol sé a Mhaighisdir air dheich b-píosa
fhichead airgid! Chonairc sé annsin toradh a
neamhdhiadhachda; agus a n-éadóchas air phárdún
d'fhághail, do chroch sé é féin!



Seachain thú féin air a iomchar mídhiadha air
fad. Déan do dhiothcioll ionnsa g-ceud áit d'an-
mhian uachdarach a shárúghadh. Dearbhuigh agus cuar-
tuigh thú féin, agus annsin, tar agus blas godé
cho milis is tá an Tiarna.



Acht má ghlac tú go toilúil den t-sácramuint
mheasúil árduramach so, a n-anmhéid cuirpachda
daona, (an nidh nár léighidh Dia,) air m-beith
cinnte dhuit nach n-deárna tú an dithchioll a bhí ionn
do chumhachd, le thú féin a dhéanadh taithneamhach do
Íosa Chríosd; ná fág, mar dorinn Iúdás Iscariot,
eisean agus a chómhluadar beannuighthe; ná braith
é lé dhul air d'aghaidh níos faide a g-corthaibh. Óir
is feall sin dar d-Tiarna, lé thabhairt air an
díchreidmheach, agus air dhuine an t-saoghail so,
creidúint tré do dhrochiomchar, nach bh-fuil grásta
air-bith lé fághail aguinn ó Shácramuint Choirp
Chríosd, do bhrigh go n-deárna tú úsáid chó h-olc
sin di. A n-aghaidh sin, fill air lé aithreachas níos
mó ná rinne tú ariamh; agus amhail mar Naomh
Peadar, bíodh do ghnáth-chuimhne air do pheacaidh
na réasún agad lé mí-mhuinighin shíor a bheith agad


L. 150


asad féin, agus lé dithchioll níos mó a dhéanadh lé
thú féin a choinneál ó aontúghadh as so suas, do
chathuighthe an Diabhail an t-saoghail agus na co-
lainne.



SEACHT SAILMEACHA NA H-AITHRIGHE.



An Cheud Shailm Aithrigheach. (Ps.vi).



Urnaigh Chráibhtheac an Aithrighigh.



Roimhghuth. A Thiarna ná cuimhnigh.



A Thiarna ná h-imdhearg mé ionn do chutha,
agus ná smachtuigh mé ionn d'fheirg.



Déan trócaire orm A Thiarna, óir atáim
lag; cneasuigh mé, A Thiarna, óir atáid mo
chnámha lánbhuartha.



Agus atá m'anam buartha go rómhór; acht
thusa, A Thiarna, cá fada?



Tiontuigh A Thiarna, agus fuasguil m'anam:
sábháil mé air son do thrócaire.



Óir sann m-bás ní'l éinneach chuimhnighas ort:
acht a n-ifrionn cé admhóchas dhuit?



d'oibrighas ionn m'éagcaoin, nighfidh mé mo
leaba gach oidhche: fliuchfaidh mé m'áit-luighe lé
mo dheoraibh.



Atá mo shúil buartha tré chuthach: d'éirighas
aosta ameasg mo námhaididh go h-uile.


L. 151


Imthighidh uaim sibhse uile, a oibrighas malluigh-
thachd: do bhrigh gur chualaidh an Tiarna go fíor
guth mo chaointe.



Dochualaidh an Tiarna go fíor m'athchuinigh,
do ghlac an Tiarna m'urnaigh.



Bíodh náire air mo námhaididh go h-uile agus
bídís buartha go h-anmhór; iompuighthar iad
agus lasadh siad lé náire go h-anluath.
Glóir don Athair, etc.



An Dara Sailm Aithrigheach. (Ps.xxxi).



An t-Séanmhaircachd a bheith saor ó Pheacadh.



Is beannuighthe iad so dá bh-fuil a n-éagcóra
maithte, agus ag a bh-fuil a b-peacaidh foluighthe.



Is beannuighthe an té, nár chuir an Tiarna
peacadh ionn a leith: agus ag nach bh-fuil cealg
ionn a spiorad.



Do bhrigh go raibh mé am' thosd, d'éirighadar mo
chnámha foirfe; an feadh d'éimh mé amach a
g-cathamh an lae uile.



Óir dobhí do lámh trom orm do ló agus
d'oidhche; atá mé iompuighthe ann m'annró, an
feadh atá an dealg sáite go daingean.



Dothug mé fios dhuit air mo chionta: agus
níor chuiras m'éagceart a bh-folach.


L. 152


Dubhairt mé: admhóchaidh mé a m'aghaidh féin
m'éagceart don Tiarna: agus do mhaith tusa
mínaomhthachd mo pheacaidh.



Air an ádhbhar sin, cuirfidh gach naomhurnaigh
chúgad, a n-am thráthúil.



Thairis-sin a n-díle uisgidh móra ní thiocfaid
a n-gar dhó.



Is tú mo dhídean ón d-trioblóid le'r timchiolladh
mé: mo luathgháire, saor mé uatha so atá teacht
am thimchioll.



Bhéarfaidh mé tuigse dhuit, agus múinfidh mé
thú ionns an t-sligh so ionn a siúbhalfaidh tú: soc-
róchaidh mé mo shúile ort.



Ná h-aontuighidh a bheith mar an t-each agus an
múile, ag nach bh-fuil innleachd.



Lé beulmhach agus lé srian diancheangail a
n-gialla so, nach d-tigid a n-gar dhuit.



Is iomadúil sgiúrsaidh an pheacaigh: acht
béidh trócaire tiomchioll an té chuiras a dhóchas sann
d-Tiarna.



Bíghídh áthasach sann d-Tiarna agus bíodh luath-
gháire oruibh A fhíréana, agus glóruighidh sibhse
uile atá díreach a g-croidh.



Glóir don Athair, etc.


L. 153


An treas Sailm Aithrigheach. (Ps.xxxvii).



Mínighthar Anacra an Pheacaigh.



A Thiarna na h-imdhearg mé ionn do chutha,
agus ná smachtuigh mé ionn d'fheirg.



Do bhrigh go bh-fuilid do shoighde fastuighthe
ionnam, agus do chóneartuighis do lámh orm.



Ní'l aon t-sláinte ionn m'fheoil ó aghaidh
d'fheirge: ní'l síothcháin ag mo chnámha do bhrigh
mo pheacaidh.



Óir d'éirighadar m'éagcóra ós mo chionn:
agus mar ualach throm atáid déanta trom orm.



Do dhreoighadar mo chneadha agus atáid lobhtha,
do bhrigh mo bhaoise.



d'éirigh mé anacrach, agus atáim cromtha síos
go d-tí an deireadh; do shiúbhalas dobrónach
air feadh an lae go léir.



Óir atáid mo shliasaid líonta lé cluainireachd-
aibh; agus ní'l aon fholláine ionn m'fheoil.



Atáim buartha agus róumhaluighthe: dorinne
mé oillghéim ó éagcaoin mo chroidh.



A Thiarna atá gach uile-mhian dá bh-fuil agam
ós do chómhair: agus ní bh-fuil m'éagcaoin
ceilte uait.



Tá mo chroidh fíorbhuartha, do thréig mo neart


L. 154


mé: agus fós ní'l solus mo shúl féin am fhochair.



Mo cháirde agus mo chómursanaidh do than-
gadar a n-gar a m'aghaidh agus do sheasadar.



Agus iad so dobhí a n-gar dhom, do sheasadar
a bh-fad uaim: agus iad so do lorgair m'anam
dorinneadar foiréigean.



Agus iad so do lorgair oilc dham, labhradar
mealltóireachda: agus do smaoinighadar ceal-
gachda air feadh an lae uile.



Acht mise mar dhuine bhodhar níor chualas:
agus mar dhuine bhalbh gan a bheul fhosguilt.



Agus dorinneadh mé mar dhuine nach g-cluin-
eann, agus ag nach bh-fuil achmhusáin ionn a
bheul.



Do bhrigh A Thiarna, gur chuiras mo dhóchas
ionnadsa: éistfir liom go h-aireach, mo Dhia.



Óir a dúbhras: d'eagla a n-am air-bith go
n-déanfadís mo námhaidídh gáirdeachas dom
thaobh: agus an feadh chóchrithid mo chosa, do
labhradar neithe móra orm.



Do bhrigh go bh-fuil mé ollmhuighthe lé h-aghaidh
sgiúrsaighibh: agus atá mo dhobrón do shíor ós
mo chómhair.



Do bhrigh go bh-foillseochad m'éagcóir, agus
smuaineóchad air son mo pheacaidh.



Acht mairid mo námhaididh agus táid cóneart-


L. 155


uighthe ós mo chionn: agus táid so méaduighthe
ag a bh-fuil fuath orm go h-éagcórach.



Iad so dothugas olc air son maitheasa,
dorinneadar cúlchaint orm: do bhrigh gur lean mé
maitheas.



Ná tréig mé A Thiarna mo Dhia: ná
h-imthigh uaim.



Bí claon chum mo chúngnaidh, A Thiarna,
Dia mo shlánuighthe.



Glóir don Athair, etc.



An Ceathramhadh Sailm Aithrigheach. (Ps.l).



Urnaigh Chráibhtheach an Aithrighigh.



Déan trócaire orm A Dhé: do réir do
mhórthrócaire.



Agus do réir iomadamhlachda do thruaighmhéil-
eachda, sgrios amach m'éagcóir.



Nigh mé níos mó ó m'éagcóir: agus glan
mé ó mo pheacadh.



Óir aithníghim m'éagcóir: agus atá mo
pheacadh a g-cómhnuigh ós mo choinne.



Ad aghaidhsa amháin do pheacuigh mé, agus
rinneas olc ad láthair: ionnus go raibh tú ceart-
uighthe ionn do bhriathraibh, agus go m-beirigh tú
buaidh an tan thugthar breith ort.


L. 156


Óir feuch, do gabhadh a m-broinn mé a n-éa-
gcóiribh: agus a b-peacaidh do ghabh mo
mháthair mé.



Óir feuch, do ghrádhuighis fírinne: d'fhoillsigh tú
dham neithe neamhchinnte agus foluighthe d'eagna.



Craithfidh tú orm lé hissóp agus glanfar mé:
nighfidh tú mé, agus béidh mé níos gile na
sneachda.



Dom éisdeachd bhéarfaidh tú gáirdeachas agus
áthas: agus na cnámha umhaluighthe béid luath-
gháireach.



Iompuigh d'aghaidh ó mo pheacaidh: agus
sgrios amach m'éagcóireacha go léir.



Cruthuigh croidh glan ionnam A Dhé: agus
athnuadhuigh spiorad ceart ionn m'innighibh.



Ná teilg air siúbhal mé ó d'aghaidh: agus ná
beir do spiorad beannuighthe uaim.



Aisig dham áthas do shlánuighthe: agus có-
neartuigh mé lé spiorad priúnsabálta.



Múinfidh mé do shlighthe don droing éagceart:
agus iompóchar an drong mídhiadha chúgad.



Saor mé ó fhuiltibh A Dhé, Dia mo shlánuighthe:
agus molfaidh mo theanga go h-árd d'fhíréantachd.



A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh: agus
fuagróchaidh mo bheul do mholadh.



Óir dá ma mhian leat íobairt, go deimhin


L. 157


thabharfuinn í: ní bh-fuil dúil agad a n-íobairt
loisge.



Sé is íobart ann do Dhia spiorad cóbhuartha:
croidh aithrigheach umhal, A Dhé, ní tharcuisneochaidh
tú.



Déan go fábharach, A Thiarna, ionn do dheágh-
thoil lé Síon: chum go d-tógfaidh suas ballaigh
Ierusalem.



Annsin glacfaidh tú íobairt fíréantachda, toir-
bhearta agus íobartha loisge iomlána: annsin
leagfaidh siad laoghtha air d'altóir.



Glóir don Athair, etc.



An Cúigeadh Sailm. (Ps.ci).



Urnaigh chum oilc an Pheacaidh do chosg.



A Thiarna éist m'urnaigh: agus go d-téigh
mo gháir ionn do láthair.



Ná iompuigh d'aghaidh uaim: gibé air-bith lá
a m-béidh mé a m-buaireamh, claon chúgam do
chluas.



Gibé air-bith lá ionn a n-glaoghfaidh mé ort:
éist liom go luath.



Óir do leághadar mo laethe mar dheatach: agus
atáid mo chnámha críonuighthe mar chonadh.



Táim buailte síos mar fheur, agus atá mo


L. 158


chroidh feoighte: do bhrigh gur dhearmadas m'arán
d'ithe.



Tré ghuth m'éagcaoine d'fhastuigh mo chnáimh
do m'fheoil.



Tá mé déanta cosamhuil lé pelican san díoth-
ramh: tá mé déanta mar an olchaochán sann
áitreamh.



d'fhairigh mé, agus tá mé déanta mar
ghealún leis féin air mhullach an tigh.



Do mhasluighadar mo námhaididh mé air feadh an
lae: agus iad so do mhol mé, do mhionnuighadar
am aghaidh.



Óir duaigh mé luaith mar arán: agus do
mheasg mé mo dheoch lé mo dheoraibh.



Ó amharc d'fheirge agus d'fhíochmharachda: óir
air mo thógáil suas duit, do theilgis síos mé.



Do leághadar mo laethe mar sgáil: agus
táimse seargtha amhuil feur.



Acht tusa A Thiarna cómhnuighir go brách:
agus do chuimhniúghadh ó gheinealach go geinealach.



Ag éirigh suas dhuit, déanfir trócaire air
Shíon: óir is mithid trócaire do dhéanadh uirre,
óir tháinic an tam.



Óir do thaithnighadar a clocha lé do sheirbhíseach-
aibh: agus béidh truaighe acu dá talamh.



Agus glacfaidh na náisiúna eagla roimh d'ainim


L. 159


A Thiarna, agus uile-righthe na talmhan roimh
do ghlóir.



Óir do thóg an Tiarna suas Síon: agus
chífear é ionn a ghlóir.



Do thasbáin sé meas d'urnaighthibh an lucht
umhail: agus níor tharcuisnigh sé a n-athchuinigh.



Scríobhthar na neithe so do gheinealach eile:
agus an pobal do chruthóchar, molfaid an Tiarna.



Do bhrigh gur dhearc sé anuas ó na árdionad
naomhtha: ó neamh do dhearc an Tiarna air an
d-talamh.



Chum go g-cluinfeadh sé éagcaoinidh an lucht
atá cuibhrighthe: chum go sgaoilfadh sé clann na
n-daoine básuighthe.



Chum go bh-foillseochadís ainim an Tiarna a
Síon: agus a mholadh a n-Ierusalem.



A g-cruinniúghadh na b-pobal a g-ceann a chéile,
agus na righthe chum seirbhíse do dhéanadh don
Tiarna.



d'fhreagair sé é a sligh a nirt: foillsigh dham
ganntachd mo laethe.



Ná glaodh airais mé a lár mo laethe: tá do
bhlianta ó gheinealach go geinealach.



A d-tús do shocruigh tú A Thiarna bunáit na
talmhan: agus is iad na flaithis oibreacha do
lamha.


L. 160


Meathfidh siadsan, acht cómhnuigh tusa: agus
rachfaidh siad uile a n-aois mar éadach.



Agus mar bhrat athróchaidh tú iad agus athróchar
iad: acht is tusa féin an té céadna, agus ní
mheathfid do bhlianta.



Cómhnóchaid clann do sheirbhísigh: agus stiúróch-
ar a síol go brách.



Glóir don Athair, etc.



An Séamhadh Sailm Aithrigheach. (Ps.cxi).



Chum go saorfuidh sinn ó choir agus ó pionós.



As na doimhneachdaibh d'éimh mé ort A
Thiarna: A Thiarna éist lé mo ghuth.



Bídís do chluasa claonta chum guth m'impighe.



Má thugann tusa, A Thiarna, éagcóra faoi
deara: A Thiarna, cé fhulaingeochas?



Do bhrigh ad láthairsa go bh-fuil fábhar: agus
air son do dhligh d'fheith mé ort A Thiarna.



d'fheith m'anam air a bhriathar: do chuir
m'anam dóchas annsa Tiarna.



Ó fhaire na maine fós go d-tí an oidhche, bíodh
dóchas ag Israel annsa Tiarna.



Do bhrigh a láthair an Tiarna go bh-fuil tró-
caire, agus fuasgla iomadúil ann fhochair.


L. 161


Agus fuasglóchaidh sé féin Israel: ó na uile
mhalluighthachdaibh.



Glóir don Athair, etc.



An Seachdmhadh Sailm Aithrigheach. (Ps.cxlii).



Iarrann an t-Aithrigheach a bheith iompuighthe o shligh an Pheacaidh.



A Thiarna éist lé m'urnaigh, tabhair cluas do
m'impigh ionn d'fhírinne: éist mé ionn d'fhiréan-
tachd.



Agus ná téigh a m-breitheamhnas lé do sheirbhís-
each: óir ní ceartóchar éinneach beo ionn do
radharc.



Óir dorinne an námhaid géirleanúint air
m'anam: d'ísligh sé m'anam go d-tí an talamh.



Dothug sé orm cómhnuigh do dhéanadh a n-dor-
chadas, mar an druing atá marbh lé fada: agus
atá mo spiorad míshuaimhneach ionnam, tá mo
chroidh astigh buartha.



Do chuimhnigh mé air laethe na seanaimsire, do
mhachnuigh mé air d'oibreachaibh go h-uile: air
ghníomharthaibh do lámha bhí mé machtnúghadh.



Do shínas amach mo lámha chúgat: atá
m'anam dhuit mar úir gan uisge.



Éist mé go luath, A Thiarna, do leágh mo
spiorad.


L. 162


Ná h-iompuigh d'aghaidh uaim: agus béidh mé
cosamhuil leoso dothéighas síos ionnsa loch.



Tabhair dham do thrócaire dochlos air maid-
in: do bhrigh gur ionnatsa do chuir mé mo
dhóchas.



Foillsigh dham an t-sligh ionn a siubhalfuinn: óir
d'árduighas suas m'anam chúgat.



Sgiob mé ó mo námhaididh, A Thiarna, is chúgatsa
do dheifrigh mé: múin dham do thoil a dhéanadh, óir
is tú mo Dhia.



Treoróchaidh do dheágh-spiorad mé don talamh
cheart: air son d'ainime A Thiarna, beodhóchaidh
tú mé ionn d'fhíréantachd.



Treoróchaidh tú m'anam as anacra: agus
ionn do thrócaire léirscriosfaidh tú mo námhaididh.



Agus scriosfaidh tú iad so go-huile, do
bhuairas m'anam: óir is mise do sheirbhíseach
féin.



Glóir don Athair, etc.



Roimhghuth. A Thiarna ná cuimhnigh ar g-cor-
tha, ná cortha ar d-tuismeoiridh, agus ná déan
díoghaltas oruinn air son ar b-peacaidh.


L. 163


LIODÁIN NA NAOMH.



A Thiarna, déan trócaire oruinn.
A Chríosd, déan trócaire oruinn.
A Thiarna, déan trócaire oruinn.
A Chríosd, éist linn.
A Chríosd, éist linn go grástúil.
Athair neamhdha, A Dhé, déan trócaire oruinn.
A Mhic Dé, A Fhuasgaltóir an domhain, déan
trócaire oruinn.
A Spioraidh Naoimh, A Dhé, déan trócaire
oruinn.
A Thríonóid naomhtha aon Dia amháin, déan
trócaire oruinn.
A NaomhMhuire, guidh oruinn .
A NaomhMháthair Dé, guidh oruinn.
A NaomhMhaighdean na Maighdean, guidh
oruinn.
A Naoimh Mhichíl, guidh oruinn.
A Naoimh Ghabriel, guidh oruinn.
A Naoimh Ráphael, guidh oruinn .
A Aingil agus Árdaingil naomhtha go h-uile,
guidhidh oruinn.
A NaoimhÓird na Spiordaidh beannuighthe go
h-uile, guidhidh oruinn.


L. 164


A Naoimh Eoin Baisde, guidh oruinn.
A Naoimh Ioseiph, guidh oruinn.
A Phátriarca agus A Fháigh naomhtha go h-uile,
guidhidh oruinn.
A Naoimh Pheadair, guidh oruinn.
A Naoimh Phóil, guidh oruinn.
A Naoimh Andrís, guidh oruinn.
A Naoimh Shéamuis, guidh oruinn.
A Naoimh Eoin, guidh oruinn.
A Naoimh Thomáis, guidh oruinn.
A Naoimh Shéamuis, guidh oruinn.
A Naoimh Philip, guidh oruinn.
A Naoimh Phárthaláin, guidh oruinn.
A Naoimh Mhatha, guidh oruinn.
A Naoimh Shímóin, guidh oruinn.
A Naoimh Thadeuis, guidh oruinn.
A Naoimh Mhattiais, guidh oruinn.
A Naoimh Bharnabais, guidh oruinn.
A Naoimh Lucáis, guidh oruinn.
A Naoimh Mharcuis, guidh oruinn.
A NaoimhApstoil agus A Shíosgeuluighthe go
h-uile, guidhidh oruinn.
A NaoimhDheisgiobhail an Tiarna go h-uile,
guidhidh oruinn.
A NaoimhNeamhchiontaigh go h-uile, guidhidh
oruinn.


L. 165


A Naoimh Stepháin, guidh oruinn.
A Naoimh Lauráis, guidh oruinn.
A Naoimh Vincent, guidh oruinn.
A Naoimh Fhabiain agus Shabatiain, guidhidh
oruinn.
A Naoimh Eoin agus Phól, guidhidh oruinn.
A Naoimh Chosmais agus Dhámiain, guidhidh
oruinn.
A Naoimh Ghervais agus Phrótais, guidhidh
oruinn.
A NaoimhMháirtíridh go h-uile, guidhidh
oruinn.
A Naoimh Shilvesteir, guidh oruinn.
A Naoimh Ghregóir, guidh oruinn.
A Naoimh Ambróis, guidh oruinn.
A Naoimh Aguistín, guidh oruinn.
A Naoimh Ieróim, guidh oruinn.
A Naoimh Mhártain, guidh oruinn.
A Naoimh Nicoláis, guidh oruinn.
A Naoimh Phádraic, guidh oruinn.
A Easboig agus A Chonfesóiridh naomtha go
h-uile, guidhidh oruinn.
A Dhochtúiridh naomhtha go h-uile, guidhidh
oruinn.
A Naoimh Antoni, guidh oruinn.
A Naoimh Bhenneit, guidh oruinn.


L. 166


A Naoimh Bhernaird, guidh oruinn.
A Naoimh Dhominic, guidh oruinn.
A Naoimh Phróinsíais, guidh oruinn.
A Shagairt agus A Levítigh naomhta go h-uile,
guidhidh oruinn.
A Mhanaigh agus A Dhithreabhaigh naomhtha go
h-uile, guidhidh oruinn.
A Naomh Mháire Magdaléin, guidh oruinn.
A Naomh Agata, guidh oruinn.
A Naomh Lúsi, guidh oruinn.
A Naomh Agnes, guidh oruinn.
A Naomh Shisili, guidh oruinn.
A Naomh Chaitilín, guidh oruinn.
A Naomh Anastasia, guidh oruinn.
A Naomh Bhríghid, guidh oruinn.
A Mhaighdeana agus A Bhaintreabhacha naomhtha
go h-uile, guidhidh oruinn.
A Naoimhfhir agus A NaoimhMhná Dé go
h-uile, guidhidh oruinn.
Bí trócaireach oruinn. Spáráil sin A Thiarna.
Bí trócaireach oruinn. Eist linn go grástúil
A Thiarna.
Ó n-uile olc, saor sinn A Thiarna.
Ó n-uile pheacadh, saor sinn A Thiarna.
Ó d'fheirg, saor sinn A Thiarna.


L. 167


Ó bhás oban agus neamhollmhuighthe, saor sinn
A Thiarna.
Ó chealgaibh an Diabhail, saor sinn A Thiarna.
Ó fheirg ó fhuath agus ó n-uile dhrochaigine,
saor sinn A Thiarna.
Ó spiorad striapachais, saor sinn A Thiarna.
Ó theinnteach agus ó stuirm, saor sinn A Thiarna.
Ó bhás shíorruigh, saor sinn A Thiarna.
Tré rúindiamhar d'incholannuighthe naomhtha, saor
sinn A Thiarna.
Tré do theachd, saor sinn A Thiarna.
Tré de Bhreith, saor sinn A Thiarna.
Tré do Bhaisde agus tré do throsgadh naomhtha,
saor sinn A Thiarna.
Tré do chrois agus tré do pháis, saor sinn A
Thiarna.
Tré do Bhás agus tré d'adhlacadh, saor sinn
A Thiarna.
Tré d'Eiséirigh ghlórmhar, saor sinn A Thiarna.
Tré do Dheasghabháil iongantach, saor sinn A
Thiarna.
Tré Thuirlint an Spioraid naoimh, an comh-
fhurtuighthóir, saor sinn A Thiarna.
Lá an Bhreiteamhnais, saor sinn A Thiarna.
Sinne na peacaigh, impighamaid thú éist linn.
Go spárálfá sinn, impighamaidh thú éist linn.


L. 168


Go maithfá dhúinn, impighamaid thú eist linn.
Go n-deonóchfá sinn do threorúghadh chum aithrighe
fhírineach, impighamaid thú eist linn.
Go n-deonóchfá d'Eagluis naomhtha do rialúghadh
agus do chúmhdach, impighamaid thú eist linn.
Go n-deonóchfá, an teampoll Apstolta agus
an uile órd eagluise do chúmhdach a riaghaltachd
naomhtha, impighamaid thú eist linn.
Go n-deonóchfá námhaididh d'Eagluise naomhtha
d'umhalúgh, impighamaid thú éist linn.
Go n-deonóchfá síothcháin agus cómhréiteach do
thabhairt do righthibh agus do phrionsaibh chríosdúla,
impighamaid thú éist linn.
Go n-deonóchfá síothcháin agus aondachd do
bhronnadh don phobal chríosdúil go h-uile, impigha-
maid thú éist ínn.
Go n-deonóchfá sinn féin do neartúghadh agus do
chúmhdach ionn do sheirbhís naomhtha, impighamaid thú
éist linn.
Go n-árdóchfá suas ar n-aignidh chum miana
neamhdha, impighamaid thú éist linn.
Go d-tabharfá deagh-neithe síorruighe d'ár
g-cabhartóirigh uile, impighamaid thú éist linn.
Go bh-fuasglóchfá ar n-anama, anama ar
n-dearbhráithreacha, ar luchd gaoil agus ar g-cabh-
arthóirigh ó dhamnúghadh síorruigh, impighamaid thú
éist linn.


L. 169


Go n-deonóchfá tortha na talmhan do thabhairt
agus do chúmhdach, impighamaid thú éist linn.
Go n-deonóchfá suaibhneas síorruigh do thabhairt
d'anamaibh na bh-fíréan d'imthigh romhuinn, impigh-
amaid thú éist linn.
Go n-deonóchfá éisteacht linn go grástúil, im-
pighamaid thú éist linn.
A Mhic Dé, impighamaid thú éist linn.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain;
Spáráil sinn A Thiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain;
Éist linn A Thiarna.
A Uain Dé thógas peacaidh an Domhain;
Déan trócaire oruinn.
A Chríosd; éist linn.
A Chríosd; éist linn go grástúil.
A Thiarna; déan trócaire oruinn.
A Chríosd; déan trócaire oruinn.
A Thiarna; déan trócaire oruinn.
Ar n-Athair, etc. (go h-ísiol).
R. Agus ná léig sinn a g-cathúghadh.
F. Acht saor sinn ó olc. Amen.



Sailm lxix.



A Dhé claon chum mo chabhartha: A Thiarna
luathuigh chum cúngnadh liom.


L. 170


Mearuighthar iad agus bíodh náire orthu so,
do lorgairid m'anam.



Filltar air ais iad agus lasadís lé náire, lé
ar mian mo dhíobháil.



Iompuighthar amach air a'm-ball iad so a lasadh
lé náire, a deiras liom, atá go maith, atá go maith.



Bídís so go h-uile áthasach agus luathgháireach
do lorgairas thú: agus abradís so a g-cómh-
nuigh do ghrádhuighas do shlánúghadh, go móruighthar an
Tiarna.



Acht atáimse úireasbhach agus bochd: A Dhé
cuidigh liom.



Is tú mo chuidighthóir agus mo shaoruighthóir:
A Thiarna ná déan maill.



Glóir don Athair, etc.



Mar dobhí ó thús, etc.



R. Slánuigh do sheirbhísigh.



F. Do chuiras a n-dóchas ionnad, A Dhé.



R. Bí do thur nirt aguinn, A Thiarna.



F. Ó aghaidh na námhaide.



R. Nár bheirigh an námhaid buaidh oruinn.



F. Agus ná raibh cumhachd ag Mac na mal-
luighthachda díobháil do dhéanadh dhúinn.



R. A Thiarna ná déan linn do réir ar b-peacaidh.



F. Agus ná déan díoghaltas orruinn do réir
ar n-éagcóra.


L. 171


R. Guidhamaid air son ar b-príomheasboig
Gregóir. (Nó, A.B.)



F. Go g-cúmhduigh an Tiarna é, go d-tugaidh
sé saoghal fada dhó, go n-déanidh sé beannuighthe é
air talamh, agus nár thugaidh sé suas é do thoil a
námhaididh.



R. Guidhamaid air son ar g-cabharthóirigh.



F. A Thiarna air son d'ainime, deonuigh
beatha shíorruigh do thabhairt, mar luach saothair dóibh
so go h-uile dodhéanas maith dhúinn. Amen.



R. Guidhamaid air son na bh-fíréan a d'imthigh
rómhuinn.



F. Suaibhneas síorruigh A Thiarna tabhair
dhóibh, agus go soillsigh síor-sholus orthu.



R. Go suabhinighid a síothcháin.



F. Amen.



R. Guidhamaid air son ar n-dearbhráithre nach
bh-fuil a láthair.



F. A Dhé slánuigh do sheirbhísigh ag a bh-fuil
dóchas ionnad.



R. Cuir cabhair chucu A Thiarna ó d'ionad
naomhtha.



F. Agus ó Shíon cúluigh iad.



R. A Thiarna éist m'urnaigh.



F. Agus go d'téigh m'osna ad láthair.


L. 172


Guidhamaid.



A Dhé, dar b'í do cháilidheachd do ghnáth a bheit
trócaireach agus do spáráil, glac ar n-impigh;
ionnus go bh-faighamaisne agus do sheirbhísigh go
h-uile atá cuibhrighthe lé slabhraigh an pheacaidh,
maitheamhnas go trócaireach, as ucht truaidhmhéile
do mhaitheasa.



Impighamaid thú A Thiarna, éist lé h-ur-
naighthibh d'impighthóirigh, agus tabhair maitheamhnas
ionn a b-peacaidh dhóibh so admhuighas dhuit iad;
ionnus tré d'fhéileachd, go d-tabharfá maitheamhnas
agus síothcháin dhúinn.



As ucht do thruaighmhéile, A Thiarna, tasbáin
dhúinn do thrócaire dolabhartha; ionnus mar sin go
saorfá sinn ó ar b-peacaidh go léir, agus go
bh-fuasglóchá sinn as na pianta do thuillamar dá
g-cionn.



A Dhé dá d-tugthar mímhodh lé peacadh, agus
lé na n-déantar síothcháin tré aithrigh; tabhair aire
go fábharach do urnaighthibh do phobail doghnidhas
guidh ort, agus iompuigh uainn sgiúrsaidh d'fheirge
do thuillamaid air son ar b-peacaidh.



A Dhé shíorruigh agus uilechumhachdaigh, bí
trócaireach dod sheirbhíseach Gregóir (no, A.B.)
ar b-príomheasbog; agus treoruigh é do réir do
cheanáltais, a sligh slánuighthe shíorruighe, ionnus lé


L. 173


cúngnadh do ghrásta, go ma mhian leis na neithe atá
taithneamhach leat, agus go g-comhlíonfadh sé iad
lé h-iomlán a nirt.



A Dhé ó a bh-fuil naomh-mhianta, ceartchomhair-
leacha agus deaghoibreacha; tabhair dod sheirbhísigh
an t-síothcháin sin nach féidir leis an t-saoghal do
thabhairt; ionnus air m-beith dar g-croidhthe tugtha
dod aitheanta, agus eagla na námhaididh tógtha
dhínn, go m-beadh an aimsir síothchánta, tré do
choimirce.



Las, A Thiarna, ar n-dubháin agus ar g-croidhthe
lé teine do naomhspioraid, ionnus go n-déan-
famais do riar lé colann gheanmnuidh, agus go
g-cómhlíonfamais do thoil lé croidh glan.



A Dhé, A Chruthuighthóir, agus A Shlánuighthóir
na bh-fíréan go h-uile, tabhair d'anamaibh do
sheirbhísigh maitheamhnas a b-peacaidh go léir; ionnus
lé athchuinighibh cráibhtheacha go bh-faighedís an logha
do b'áil leo fhághail a g-cómhnuigh.



Impighamaid thú A Thiarna, ar n-gníomhartha
do roimhdhíriúghadh lé d'análúghadh naomhtha; agus treo-
ruigh iad lé do chungnadh, ionnus go ma uait féin
thionsgnóchadaois ar n-urnaighthe agus ar n-oib-
reacha go léir, agus go ma thríotsa chríochnóchfar
iad.



A Dhé shíorruigh agus uilechumhachdaigh, aga


L. 174


bh-fuil árdréim ós cionn na m-beo agus na marbh;
agus aga bh-fuil trócaire dóibh so go h-uile do
aithnighir roimh ré gur leat féin a bhéid tré chreid-
eamh águs tré dheaghoibreacha; impighamaid thú go
h-umhal, iad so ar mian linn ar n-urnaighthe do
thairsgint suas air a son, gidhbé chómhnuighid air
an t-saoghal so fós a g-colainn, nó gur ghlac an
saoghal eile cheana iad as a g-corpaibh, go bh-faigh-
adaois tré impigh do naomh, agus tré cheanáltas
do chráibhtheachda, maitheamhnas ionn a b-peacaidh go
léir, tré do Mhacsa ar d-Tiarna Íosa Chríosd.
Amen.



R. Go n-éistigh ar d-Tiarna uilechumhachtach
agus trócaireach linn.



F. Amen.



R. Agus go suaibhnighe anama na bh-fíréan a
síothcháin, tré thrócaire Dé.



F. Amen.



AIR AN B-PAIDIRÍN PÁIRTEACH.



Faoi an n-gnásmhianach so na cráibhtheachda
atáid go sáircheart, dhá ghné urnaighthe, sé sin lé
rádh, urnaigh na h-inntinne agus urnaigh an bhéil.
Lé athráitibh na smuaintighthe, tugann sé eolus air
rúndiamharaibh an chreidimh dóibh so dobhidheas a


L. 175


n-ainbhfios a d-taobh na fírinnidh slántúla so; agus
tugann sé a meamhair dóibh so eile ag a bh-fuil fios
riachdanach orthú cheana, na cuimhnidhthe áirdréimeacha
so air ghrádh agus air thrócaire Dé air son an
duine; an nidh nachar féidir leis an bh-fírchríos-
daidh cuimhniúghadh air, gan an charthanachd agus an
grádhbhuidheachas so a spreagadh chum Dé, do
chuidighas chó mórsin lé ar g-croidhthe do ghlanadh,
agus sin féin a dhéanadh taithneamhach ionn a láthair.
Tugann sé ócáid dhúinn, mar an g-céadna, dia-
bhóideachd specialta do dhéanadh don Mhaighdean
bheannuighthe Muire, aga bh-fuil a h-eadarghuidh sár-
chumhachtach chum Fuasgaltóra an domhain air son
na b-peacaigh bochda.



Atá an diabhóideachd so déanta suas de chúig
ádhbhair dhéag smuaintighthe, lé a g-cuirthar urnaighthe
áirigthe a ghnidhas páirt den diabhóideachd. Roinntar
na cúig ádhbhair dhéag so na smuaintighthe, a d-trí
g-cinéalaibh do réir mar thigeas aimsir na bliana
leo so air a n-glaoghtar, “na rúndiamhara luath-
gháireacha,” “na rúndiamhara dólásacha,” nó “na
rúndiamhara glórmhara,” ar g-Creidimh. Dá
réir sin atá an Advent agus na thiomchal sin,
leagtha amach lé h-aghaidh rúndiamhair an ioncholla-
nuighthe, agus leo so do bhainas leis, air a n-glaogh-
tar “na rúndiamhara luathgháireacha”: mar an


L. 176


g-céadna, atá an caraos agus na thiomchal sin, leagtha
amach chum rúndiamhair Páise ar d-Tiarna, agus
leo so do bhainas leis, air a n-glaoghtar “na
rúndiamhara dólásacha;” agus atá an Cháisg agus
na thiomchal sin leagtha amach chum rúndiamhair an
Aiséirigh, agus leo so do bhainas leis, air a
n-glaoghtar “na rúndiamhara glórmhara.”



Mar so, atá an diabhóideachd so an Phaidirín
pháirtigh sár-oireamhneach, má deirthar go ceart é,
lé na h-anbhfiosaigh do mhúnadh annsna rúndiamhara
priúncibálta ar g-Creidimh naomhtha, agus ní
lughaide ná sin, atá a éifeachd a n-árdúghadh an
anama Chríosdúil, cé acú bhéadh sé múinte no
anbhfiosach, annsna mothuighthe áirdréimeacha so na
Diabhóideachda atáid do ghnáth a g-cuideachd lé
fíorghrád Dé.



Dá réir sin, atá an Diabhóideachd so a mór-
thaithigh ameasg na n-daoine Catoilice ann gach uile
áit, agus ní bh-fuil sé ameasg aon n-daoine níos
mó, ná atá sé ameasg catoiliceacha dílise na
h-Éireann.


L. 177


CORÓIN NA MAIGHDINE MUIRE.



An Cheud roinn.



Na cúig rúndiamhara luathgháireacha.



(Tá an cheud roinn ionráite air gach Luan agus
Diardaoin tríd an m-bliain, agus gach lá ón
g-ceud Domhnach a n-Advent go d-ti féile
Ghlanta na Maighdine Muire.)



Rannín. A n-ainim an Athar, etc.



Freagra. Amen.



R. Dia do bheatha A Mhuire, atá lán do ghrásta,
tá'n Tiarna leat.



F. Is beannuighthe tú idir mhnáibh, agus is
beannuighthe toradh do bhronn Íosa.



R. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh.



F. Agus foillseóchaidh mo bheul do mholadh.



R. A Dhé claon chum mo chabhartha.



F. A Thiarna luathuigh chum cúngnadh liom.



R. Glóir don Athair agus don Mhac, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc. Amen. Alleluia.



(A n-ionad Alleluia, ó Septuagesima go Cáisg
abair, “Moladh dhuit A Thiarna, A Righ na
glóire síorruighe.”)


L. 178


An cheud rúndiamhar.



Teachtaireachd an Aingil.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar do
bheannuigh an t-Aingeal Gabriel, da'r m-banrighan,
leis an d-tiodal so, “lán do ghrásta,” agus
d'fhoillsigh dhi incholannúghadh ar d-Tiarna agus ar
Slánuighthóra Íosa Chríosd.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aonn n-uair amháin).



R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhuire naomhtha, A Bhanrighan na maighdean,
tré rúndiamhar is áirde an incholanuighthe do Mhic
ionmhuin ar d-Tiarna Íosa Críosd, ó'r tionsg-
nuighadh ar slánúghadh chó séanmharsin; fágh dhúinn lé
d'eadarghuidh, solus tré go n-aithneochamís an
mórthiodhlacadh so, do bhronn sé oruinn; ag deonúghadh
ann, ar n-dearbhráthair a dhéanadh dhe féin, agus
dhíotsa a Mháthair is ionmuine, ár Máthairse mar
an g-céadna. Amen.


L. 179


An dara rúndiamhar.



An Chuairt.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, air
d-tuigsint don Mhaighdean bheannuighthe Muire ón
Aingeal go raibh a siúr Elisabeth torrach, go
n-deachaidh sí go luath chum sléibhe Iudea dá fios-
rúghadh, agus gur fhann sí na fochair air feadh trí
míosa.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean Naomhtha! A scáthán is fírghlaine
na h-umhalachda; tré an mhórcharthanachd sin do
bhrosduigh thú dul a fiosrúghadh do shiúr bheannuighthe
Elisabeth; fágh dhúinne lé d'eadarghuidh go d-tiucfadh
do Mhac is naomhtha air cuairt ionn ar g-croidhthe,
ionnus air m-beith saor dhúinn, ó n-uile pheacadh, go
molfamais, agus go d-tabharfamais buidheachas
dó go brách. Amen.


L. 180


An treas rúndiamhar.



Breith ar d-Tiarna Íosa Críosd.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, 'nuair
dotháinic am a túismighthe, mar dothug an Mhaighdean
bheannuighthe Muire air an t-saoghal so ar bh-Fuas-
galtóir annsa meodhan oidhche; agus do leag sí a
mainséar é, do bhrigh nach raibh áit dhó ionnsa tigh
ósda a m-Bethlehem.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mháthair Dé is fíorghlaine tré do thúismighthe
maighdeanúil agus is luathgháirighe, lé a d-tugis
d'aonMhac ar Slánuighthóir don domhan, impigha-
maid thú, fágh dhúinne lé d'eadarghuidh, grásta chum
beatha chó fíorghlan agus chó naomtha-sin do chathadh
annsa t-saoghal so, ionnus go sinfamís go luathgháir-
each gan sgur do ló agus d'oidhche, trócaireacha
do Mhic agus a thiodhlaiceacha dhúinne thríotsa. Amen.


L. 181


An ceathramhadh rúndiamhar.



Ofráil an leinbh Íosa sann d-Teampol.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar
d'ofráil an Mhaighdean bheannuighthe Muire, air lá a
coisreacan, an leanbh Íosa ionnsa teampol, áit ar
ghlac Siméon naomhtha idir a lámhaibh é, ag tabhairt
buidheachais do Dhia lé mórchráibhtheachd.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean naomhtha, A Mhaighistrás iongan-
tach agus A phátrún an omóis, d'ofráil ionnsa
teampol Tiarna an teampoil; fágh dhúinn ó do
Mhac grádhach, ionnus mar aon lé Siméon naomhtha
agus lé h-Anna déabhodach go d-tiucfadh linn
moladh agus glóir thabhairt dhó do shíor. Amen.


L. 182


An cúigeadh rúndiamhar.



Fághail an leinbh Íosa ionnsa Teampol.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar
air chailiúint don Mhaighdin bheannuighthe Muire,
gan aon chionnta na taobhsan a Mac ionmhuin
a n-Ierúsalem, do lorgair sí é air feadh trí
laethe, agus dofuair sí é fádheoigh air an treas
lá ionnsa teampol ameasg na n-dochtúirigh ag
diosbóireachd leo, air m-beith dhó a n-aois a dhá
bhliain déag.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aonn n-uair amháin).



R. Dia do bheatha A Muire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean fhírbheannuighthe, níos mó ná mair-
tír ann d'fhulang, agus fós compórd luchd a
n-dobhróin, tré an luathgháire dolabhartha sin, lé
nar líonadh d'anam air bh-fághail do Mhic ghrádhaigh
ionnsa teampol ameasg na n-dochtúirigh ag dios-
bóireachd leo; fágh dhúinn uaidhe grásta go d-tiuc-
fadh linn air an modh sin, eision do lorgarúghadh agus


L. 183


d'fhághail ionnsan Eagluis naomhtha Catoilice ionnus
nach sguirfidh sinn uaidhe go brách. Amen.



An “Salve Regina”.



Go m-beannuighthar dhuit A Bhanrighann, a Mháthair
na trócaire, ar m-beatha ar millseachd agus ar
n-dóchas; is ortsa do ghlaoghamaid mar chlann bhocht
dhíbeartha Eva; is chugadsa chuiramaid suas ar
n-osnaidhthe ag gul agus ag caoidh annsa n-gleann
so na n-deor: air an ádhbhar sin, O Adhvocáid is
grástúla, iompuigh do shúile trócaireacha oruinne;
agus tar-éis ar n-díbirt annso, tasbáin dhúinn tor-
adh beannuighthe do bhronn Íosa, A Mhaighdean
cheannsa, chráibhtheach, mhilis Mhuire.



R. Guidh oruinn A NaomhMháthair Dé.



F. Ionnus go n-déanfuidh fiúntach sinn chum
geallamhnacha Chríosd d'fhághail.



Guidhamaid.



A Dhé síorruigh agus uilechumhachdaigh d'ollmhuigh
lé cómhoibriúghadh an Spioraid Naoimh colann agus
anam na Maighdine glórmhaire Muire, chum bheith
na h-áras oireamhnach dod Mhac; tabhair tré na
h-eadarghuidh chráibhtheachsan air a g-cuimhnighamaid
lé gáirdeachas, go saorfuidh sinn ó gach olc sann am
aláthair, agus ó bás shíorruigh. Tré an g-Críosd
chéadna. Amen.


L. 184


Éist, A Dhé thrócairigh lé h-urnaighthibh do sheir-
bhísigh, ionnus sinne do chruinnighas a g-ceann a chéile
a g-cómhluadar na corónach páirtighe is naomhtha
na Maighdine beannuighthe Máthair Dé, go m-beidh-
mís tré na h-eadarghuidh, saor ó na dainseuraibh
atá ós ar g-cionn do ghnáth. Amen.



A Dé ó sé do Mhac éingheinte lé na bheatha, lé
na bhás, agus lé na aiséirigh, do cheanuigh dhúinne
luach saothair na beatha síorruigh: tabhair dhúinne
impighamaid thú, air smuaintiúghadh dhúinn air na
rúndiamharaibh so annsa g-coróin pháirteach is
naomhtha na Maighdine beannuighthe Muire, go
d-tiucfadh linn na neithe do chialluighid chur a
n-gníomh, agus na neithe d'fhághail a gheallaid: tré
an g-Críosd chéadna ar d-Tiarna. Amen.



Liodáin na Maighdine etc. T.49.



CORÓIN NA MAIGHDINE MUIRE.



An Dara Roinn.



Na cúig rúndiamhara dólásacha.



(Tá an dara roinn ionráite air gach Máirt, agus
air gach Aoine thríd an m-bliain, agus air
na Domhnaigh sann g-Caraos.)



Rannín. A n-ainim an Athar, etc.



Freagra. Amen.


L. 185


R. Dia do bheatha A Mhuire, atá lán do ghrásta,
tá'n Tiarna leat.



F. Is beannuighthe thú idir mhnáibh, agus is
beannuighthe toradh do bhronn Íosa.



R. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh.



F. Agus foillseóchaidh mo bheul do mholadh.



R. A Dhé, claon chum mo chabhartha.



F. A Thiarna, luathuigh chum cúngnadh liom.



R. Glóir don Athair, agus don Mhac, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc. Amen. Allelúia.



An cheud rúndiamhar.



Allus fula ar Slánuighthóra annsa n-gáirdín.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar do
bhí ar Slánuighthóir Íosa Críosd chó h-anacrach sin
air ar sone a n-gáirdín Ghetsemani, go raibh a
cholann foluighthe lé allus fula, do rith síos ag tuitim
'na mórbhraonaibh air an d-talamh.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire)



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.


L. 186


Guidhamaid.



A Mhaighdean fhíornaomhtha, níos mó ná mairtir,
tré an urnaigh dhíograsach d'ofráil do Mhac ion-
mhuin suas chum a Athar annsa n-gáirdín; deonuigh
eadarghuigh a dhéanadh air ar sone, ionnus air
m-beith dar n-anmhianta claoite faoi omós réas-
úin, go n-aontóchamaois agus go n-umhalóchamaois
sinn féin a g-cómhnuigh ann gach nidh, faoi thoil
naomhtha Dé. Amen.



An dara rúndiamhar.



Sgiúrsáil ar d-Tiarna ag an b-Piléir.



An Smuaintiúghadh.



Smuainidhamaidh annsa rúndiamhar so, mar do
sgiúrsáladh ar d-Tiarna Íosa Críosd go ró
dhúismionta a d-tigh Philóid.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc., (deich n-uaire)



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mháthair Dé, A Thiobruid shárlíonta na
faighide, tré na búillidh do dheonuigh d'aon-Mhac is


L. 187


ionmhuine d'fhulang air ar sone; fagh uaidhe
dhúinne grásta, ionnus go m-béadh fhios aguinn cionnas
do smachtóchamaois ar n-anmhianta, agus go
n-gearrfamaois uainn an uile ócáid peacaidh, lé
cloidheamh an dóláis agus na truaighmhéile dochuaidh
tré d'anam fírmhín. Amen.



An treas rúndiamhar.



Córóiniúghadh ar Slánuighthóra lé deilgnibh.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighmaidh annsa rúndiamhar so, mar d'fhígh-
adar an lucht freasdail dúismionta úd Shatain,
coróin do dheilgnibh géara, agus mar d'fháisgadar
go ródhúismionta í air cheann ar d-Tiarna Íosa
Críosd.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mháthair ar b-Prionnsa shíorruigh, agus righ na
glóire; tré na deilgne géara so dochuaidh tré
na cheann fíornaomhtha, impighamaid thú; go rabha-


L. 188


maid tré d'eadarghuigh saortha annso ó n-uile ghluas-
achd uabhair, agus a lá an bhreitheamhnais ó'n náire
úd do thuillid ar b-peacaidh. Amen.



An ceathramhadh rúndiamhar.



Íosa ag iomchar na Croise.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaidh annsa rúndiamhar so, iar m-beith
d'ar d-Tiarna Íosa Críosd teilgthe chum báis,
mar d'iomchair sé leis an bh-foighid is iongantaighe,
an chrois do cuiradh air, chum méadúghadh a phianóis
agus a tharcuisne.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean naomhtha, A Shompla na faighde
tré iomchar is pianmhaire na croise air ar iomchair
do Mhac ar d-Tiarna Íosa Críosd tromualach ar
b-peacaidh, fagh uaidhe tré d'eadairghuigh, meisneach
agus neart chum a loirg do leanúint, agus ar
g-crois d'iomchar na dhiaigh go críoch ar m-beatha.
Amen.


L. 189


An cúigeadh rúndiamhar.



Céasadh ar d-Tiarna Íosa Críosd.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, air d-teachd
d'ar d-Tiarna Íosa Críost go sliabh Chalvari,
mar do nochdadh é dá chuid éadaigh, agus mar do
fastuigheadh a lámha agus a chosa lé táirnighibh go
rodhúismionta don chrois, ós cómhair a Mháthar
an-dólásach.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin.)



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhuire naomhtha, A Mháthair Dé, do réir
mar dobhí colann do Mhic ghrádhaigh árduighthe air
an g-crois air ar sone, go raibh mar an g-céad-
na, ar mianta gach lá níos mó na chéile, méad-
uighthe amach ionn a sheirbhís, agus ar g-croidhthe
gointe lé truaighmhéil dá ghéarpháis; agus thusa A
Mhaighdean fhírbheannuighthe, deonuigh go grástúil tré


L. 190


d'eadarghuidh chumhachtach, cúngnadh linn chum oibre
ar slánuighthe do ghnothúghadh. Amen.



An “Salve Regina,” T. 183.



Liodáin na Maighdine, etc. T. 49.



CORÓIN NA MAIGHDINE MUIRE.



An Treas roinn.



Na cúig rúndiamhara glórmhara.



(Tá an treas roinn ionráite air gach Céadaoin
agus Satharn thríd an m-bliain; agus air na
Domhnaigh ó Cháisg go h-Advent).



Rannín. A n-ainim an Athar, etc.



Freagra. Amen.



R. Dia do bheatha, A Mhuire, atá lán do ghrásta,
tá'n Tiarna leat.



F. Is beannuighthe thú idir mhnáibh, agus is
beannuighthe toradh do bhronn Íosa.



R. A Thiarna fosglóchaidh tú mo phuisínidh.



F. Agus foillseóchaidh mo bheul do mholadh.



R. A Dhé, claon chum mo chabhartha.



F. A Thiarna, luathuigh chum cúngnadh liom.



R. Glóir don Athair, agus don Mhac, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc. Amen. Allelúia.


L. 191


An cheud rúndiamhar.



Aiséirigh Chríosd ó mharbhaibh.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, air
m-buadhúgadh dar d-Tiarna Íosa Críosd go glór-
mhar air an m-bás, mar d'éirigh sé dómharbhtha
agus dófhulangtha.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean ghlórmhar Mhuire, tré an luathgháire
dólabhartha do ghlac tú a n-aiséirigh d'éinMhic ion-
mhuin; impighamaid thú, fagh uaidhe dúinne, gan ar
g-croidhthe dhul air seachrán a n-diaigh aoibhnis
bréagacha an t-saoghail so, acht go m-béidís do
ghnáth ag leanúint fíoraoibhnis shubstainteacha na
bh-flaitheas. Amen.



An dara rúndiamhar.



Deasghabháil Chríosd air neamh.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid annsa rúndiamhar so, mar


L. 192


dochuaidh ar d-Tiarna Íosa Críosd da fhichead lá
tar-éis a aiséirigh suas air neamh, fríothóilte lé
h-ainglibh, a radharc a Mháthar is naomhtha, a Aps-
toil, agus a Dheisciobail, lé na mór-iongantais
go h-uile.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús. etc.



Guidhamaid.



A Mháthair Dé, A Shóláis na n-dobrónach, mar
do thóg do Mhac grádhach air n-dul suas dó air
neamh a lámha, agus do bheannuigh a Apstoil;
deonuigh mar an g-céadna, do lámha fíorghlana do
thógáil suas chuige air ar sonne, ionnus go sealbhóch-
amais tairbhe a bheannachda agus do bheannachda féin
anis air talamh, agus na dhiaigh so air neamh.
Amen.



An treas rúndiamhar.



Tuirlint an Spioraid Naoimh air na Deisciobail.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, air


L. 193


m-beith dar d-Tiarna, Iosa Críosd na shuigh air
dheisláimh Dé, mar do chuir anuas uaidhe an
Spiorad Naomh air na h-Apstoil do réir a
gheallamhna; noch d'fhill go h-Ierusalem tar-éis a
dheasghabhála, agus do chómhnuigh siad a n-urnaigh agus
a n-athchuinigh mar aon leis an Maighdean Mhuire,
ag feitheamh cómhlíonadh a gheallamhna.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean Naomhtha, A Thabarnacail an
Spioraid Naoimh! fágh dhúinne, impighamaid thú, lé
d'eadarghuigh cumhachtach, go n-déanfadh an Cómh-
fhurtuighthóir fírmhilis do chuir do Mhac ionmhuin
anuas air na h-Apstoil, dá líonadh lé gáirdeachas
spioradálta, sinne do threorúghadh air an t-saoghal so,
a sligh cheart an t-slánuighthe, agus go stiúróchfadh
sinn a g-cosáin na subháilce agus na n-deághoib-
reacha. Amen.


L. 194


An ceathramhadh rúndiamhar.



Tógáil na Maighdine beannuighthe Muire air neamh.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, mar
d'imthigh an Mhaighdean ghlórmhar dhá bhliain déag
taréis a Mic as an t-saoghal so chuige, agus mar
do ghlac sé asteach annsna flaithis í, a g-cuideachd
na n-aingeal naomhtha.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Mhaighdean fhírchríona air n-dul dhuit asteach a
b-pálás na bh-flaitheas, do líon na h-aingil naomhtha
lé gáirdeachas agus an cine daona lé dóchas; deon-
uigh eadarghuidh a dhéanadh air ar sonne air uair ar
m-báis; ionnus air m-beith dhúinn saor ó chluainir-
eachdaibh agus ó chathuighthibh an Diabhail, go d-téigh-
maid go luathgháireach as an staid aimsire so,
chum sealbhúghadh aoibhnis na beatha síorruigh. Amen.


L. 195


An cúigeadh rúndiamhar.



Coróiniúghadh na Maighdine beannuighthe ionnsna flaithis.



An Smuaintiúghadh.



Smuainighamaid ionnsa rúndiamhar so, mar do
chuir a Mac coróin is lonnraighe na glóire air an
Maighdean ghlórmhar Muire, lé mór-luathgháire
agus úrgháirdeachas cúirte na bh-flaitheas go h-iom-
lán agus lé glóir specialta na naomh go h-uile.



R. Ar n-Athair, etc. (aon n-uair amháin).



F. Ar n-arán, etc. (aon n-uair amháin).



R. Dia do bheatha, A Mhuire, etc. (deich n-uaire).



F. A NaomhMhuire, etc. (deich n-uaire).



R. Glóir don Athair, etc.



F. Mar dobhí ó thús, etc.



Guidhamaid.



A Bhanrighan ghlórmhar na g-cathraightheach neamh-
dha go h-uile, impighamaid thú, glac an choróin so,
ofrálamaid faoi do chosa, mar choróin do rósaibh;
agus tabhair A Bhanrighan ghrásthúil, tré d'eadar-
ghuidh go m-bedís ar n-anama lasta lé teas-mhian
chó mórsin lé d'fheiscint corónuighthe chó ghlórmhar so,
ionnus nach meathfadh an mían so ionnainn go brách
nógo m-béadh sé aisdrighthe chum seilbh séanmhair do
radhairc bheannuighthe air neamh. Amen.



An “Salve Regina.” T. 183.



Liodáin na Maighdine. T. 49.


L. 196


COMHAIRLE CRÍOSDÚIL DÓIBH SO AGA BH-FUIL
CÚRAM AIR DHAOINE TINNE, NÓ ATÁ NA
D-TIMCHIOLL.



Ní bh-fuil aon chás ionna bh-fuil carthanachd
tasbáinte chó mór, agus dá bhrighsin ó bh-fághann
duine luaidheachd chó glórmharsin, is atá sé foill-
sighthe a g-cás tinnis, na d-taobh so aga bh-fuil
cúram air dhaoine tinne. A g-cás tinnis, ós cionn
gach cás eile, ni'l fios ag an duine thinn, ní féidir
dhó fios a bheith aige, godé atá fírcheart dhó a d-taobh
a mhaithis spioradálta nó saoghalta. Tá sé air
feadh an ama, a staid níos measa ná leanbhaidh-
eachd; óir do b'fusa an leanbh a riar. A d-tinneas,
tá an duine tasbánta mar chréatúr shuarach gan
cumas aige cabhair thabhairt dhó féin, faoi láimh smach-
dúil an Chruthuightheora. Cuirann tinneas, mar theacht-
aire an bháis, a g-cuimhne dhó, cébé airbith a chéim
sann t-saoghal, an cómhionannachd nadúrtha sin atá
ameasg chlain Adhaimh go h-uile, agus tugann sé
air admháil, go bh-fuil sé a leith cúngantaidh a
chóchréatúra, an nidh do chuir an Dia uile-eagnach,
ar g-Cruthuightheoir air bun, mar thiobraid dóthráighte
ar g-carthanachda chum a chéile.



A g-cás tinnis dá bhrigh sin, atá ar g-cómhothuighthe


L. 197


go léir a g-carthanachd agus a n-daonachd bros-
duighthe: agus godé an luach saothair atá leagtha
amach a cómlíonadh subháilce eile, ní bh-fuil mórán
smuaintiúghadh riachtanach don fhírchríosdaigh a bheith
lán-chinnte, go bh-fuil an duais atá leagtha amach a
n-gnás carthanachda agus a chó-shubháilce daon-
achda sárluaidheachdach, a g-cás aire thabhairt don
duine thinn. Amhail mar bheadh duais agus luach
saothair dóibh so, do chómhlíonas go dílis an oib-
liogáid thabhachdach so a curthar orthu lé roimhradharc
Dé, air feadh a g-cúraim a d-taobh a n-dear-
bhráithre tinne; is amhlaidh a bheidheas, air an láimh
eile go fírchinnte, a g-coir agus a b-pianós, má
faghthar iad a radharc Dé, neamhdhílis agus neamh-
aireach dá g-cúram.



Tá infhreagarthachd air a leitheide so do dhaoinibh
chó h-anmhór sin, go ma cheart dóibh air a d-taobh-
san, smuaintiúghadh air na riaghlacha Críosdúla
so leanas.



1. Ba cheart comhairle a thabhairt don té air a
leagann Dia tinneas trom, go n-glacfadh sé a
thinneas mar thiucfadh sé ó láimh Dé, lé é féin
a thabhairt suas go h-iomlán don toil neamhdha,
agus mar cheart-phianós air son a pheacaidh. Ba
cheart comhairle a thabhairt dhó, e féin ofráil go
minic do Dhia, agus grásta iarraidh, go m-féidir


L. 198


leis a anróite d'fhulang go foighdeach, agus a fhul-
aingthe a naomhúghadh lé na g-cur a g-ceann, ful-
aingtibh Chríosd a Shlánuightóra air an g-crois,
tré Chreideamh Dóchas agus Carthanachd; agus
mar an íobairt atá do dhualgas air, a ofráil do
Dhia air son a pheacaidh.



2. Ba chóir cur a g-cuimhne dhó, go ma cheart
dó, cúntas a thabhairt dá thréaduigh spioradálta dá
thaobh a n-am thráthúil, ionnus go g-cuirfeadh sé a
n-ordúghadh na neithe bhaineas dá anam; nidh atá
go mór níos fusa a dhéanadh a d-túis tinnis ná
na dhiaighsin n-uair a dhéanfadh méadúghadh an ghalair
nó nádúir an leighis, an duine tinn neamhoireamh-
nach, chum gnothuidh chó trom sin a shocrúghadh. Ba
cheart cur a g-cuimhne dhó, gur pianós air son
peacaidh an tinneas; agus dá bhrigh sin, go n-umh-
luighann Dia go minic uabhar an duine lé tinneas
a thabhairt air, ionnus tré aithrigh go slánochaidh a
anam; air an ádhbhar sin, gur croidhbhrúghadh fírin-
neach agus deághfhaoisdin an t-aon mhodh amháin
lé a n-athruighthar an fhearg dhiadha, agus lé a
d-tugthar air ais go minic an duine tinn chum a
shláinte.



3. Do réir aoise nó éagcruais an easláin;
nó do réir a leitheide sin do neithibh eile bhainas
don g-cás, agus do chuirfeadh a g-ciall do dhuine


L. 199


go bh-fuil riachdanas lé tiomna a dhéanadh; ba chóir,
mar an g-céadna, a leitheide do thiomna a dhéanadh,
d-tús an tinnis; ionnus iar socrúghadh dhó gach curáim
saoghalta, mar so go m-beadh an t-easlán níos
saoire chum a aire go léir thabhairt do ghnóthuidh
spioradálta a anama gan aon bhuaireamh nó
mhíonós eile.



Chum so a dhéanadh ba cheart do cháirdibh an
duine thinn aga bh-fuil maoin lé socrúghadh, cómhairle
agus seirbhís fir dlighe eolasaigh agus críona a
fhághail; ionnus go m-beadh an tiomna déanta go
ceart do réir dlighe. Óir thárla go minic, tré
easbhaidh cómhairle don t-sórt sinn, go d-táinic dligh-
eadh agus cosdas anmhór, go raibh maoin sgiobtha
air siubhal ó na h-oighrighibh dlisteanacha, agus bunaidh
da bharr sin leagtha síos a m-bochdaineachd.



4. Ní ceart go meallfuidh an t-easlán lé
cáirdibh fallsa a déarfadh leis tré na m-buntáiste
féin, nó tré chineáltas fallsa, go bh-fuil a thinneas
éadtrom, n-uair atá sé dainséarach. Ba chóir fios
a thabhairt dhó ann am, a d-taobh fíorstaide agus
nádúire a thinnis, agus gan a bheith meallta lé súil
maireachdain dó, n-uair nach bh-fuil aon chosamhlachd
mhór air. A n-aghaidh sin, ba cheart cómhairle a
a thabhairt dhó, an úsáid is fearr do dhéanadh den
aimsir sin, b'féidir a bheadh dhósan na aimsir


L. 200


dhéaghanach, agus air a g-comhnóchadh a shíorruigh-
eachd.



5. Ní ceart léigeant do luchd cuairte, a thigeas
do réir gnáis, trioblóid a chur air, ná a bhuair-
eadh lé comhradh saoghaltá air bith, chó fada is sé
baramhail an doctúra thuigsionaigh go bh-fuil a chás
gan dóchas; sann g-cás sin, ni ceart aon chon-
bhearsáid eile bheith labhartha ionn a láthair, acht mar
bhaineas lé Dia agus lé neithibh spioradálta.



6. A d-taobh an chúraim a tugthar don duine
thinn, lé mnáibh freasdail, nó leo so ag a m-bidh-
eann aire air dhaoine tinne: ba cheart dóibh, go
n-aireoghdís mar a d-tromoibliogáid, aire thabh-
airt go dúrachdach dona h-orduighthe a ghlacaid
ón dochtúir cheart atá a bh-freasdal. Óir ní hé
amháin go bh-fuil saoghal an duine thinn a leith a
friothhóilmhe cirt ann a leitheide so do chásaibh, acht
muinínn shaoghalta na muintire; agus rud atá
níos mó ná sin féin, is féidir gur minic bhidheas
slánúghadh anama an duine thinn air a athshláinte a g-cás-
aibh áirighthe, agus darnóidh, is do réir an fhrióthoilmhe
tugthar dhó fhághas sé aisiog a shláinte: agus air
a son so go h-uile, atá siad so ag a bh-fuil cúram
air dhuine thinn, freagarthach do Dhia agus don
t-saoghal.



7. Urnaigh noch atá ionráite ann gach uile am,


L. 201


atá sé go specialta riachdanach air feadh tinnis;
mar aon leis an bh-feirg dhiadha d'iompóghadh, agus
leis an duine thinn a choineál suas ionn a fhuil-
ingthibh ann a leiteide sin do chruth, a n-aghaidh
ionnsuighthibh a námhaididh spioradálta. Ba cheart
annsin na h-urnuighthe so a leanas, nó urnaighthe
don t-sórt sin a radh air a shon, agus ionn a ainim.
Ba cheart céasa do chur as a chuine, ionnus go
smuaineochadh sé a g-cómhnuigh air Pháis a Shlánuigh-
thóra; ionnus go ma mhian leis go cráibhtheach go
m-béidheadh a pheacaidh cumailte amach lé na fhuil;
agus go bh-faigheadh sé ó Dhia spiorad na fíraith-
righe, lé smuainiúghadh air an méid a d'fhulaing a
Shlánuighthóir chum eision do shaoradh ó'n t-síar-
ruighachd anacrach, agus chum réiteach a dhéanadh
idir eision agus a Chruthuighthóir.



Is féidir an rádh díabhódach úd Naoimh Augus-
tin a chur a g-cuimhne dhó lé tairbhe da anam;
“Nár cheart do Chríosdaigh air bith, cur roimhe bás
d'fághail a staid air bith eile, acht a staid an
aithrighigh.”



URNAIGHTHE LÉ RÁDH AIR SON AN DUINE THINN,
AGUS IONN A AINIM.



A Íosa mhilis! ní mian liom beatha ná bás,
acht do thoil naomhthasa do dhéanadh! Is tusa amháin


L. 202


A Thiarna, lorgairim: bíodh sé damhsa do réir
do thola; má is mian leat A Íosa! go bh-faighfhinn
bás, glac m'anam; má's toil leat, go mairfinn níos
faide, tá rún agam lé cúngnadh do ghrásta, an
chuid eile dom shaoghal a chathadh lé buntáiste níos
mó, agus chum sástaidh a thabhairt air son a n-deach-
aidh thort, leis an g-cuid eile do mo laethibh naomh-
úghadh ionn do sheirbhís dhiadha, tré árdúghadh d'ónora agus
do ghlóire do réir mo dhithchill.



O Íosa thrócairigh! mo neart, mo chompórd,
agus m'aoibhneas; mo chosantóir, agus m'fhuasgal-
tóir; ionn ar chuiras mo dhóchas, ionn ar chreidas,
agus do ghrádhuighas; mo thur nirt, mo mhuinín ó
mo náoidheántachd; treoruigh me a m-beatha, a
d-tinneas agus a m-bás, n-uair is sé do thoil dhiadha
é do ghlaoghach orm, freagróchaidh mé thú.



A Chruthuighthoir neimhe agus talmhan! sín amach
do lámh cumhachtach chum oibre do lamha féin; is
mise do chréatúr; lé do dhligh agus lé do thoil do
gabadh mé a m-broinn mo Mháthar; tré do thoil do
mhair mé go d-ti an uair so; agus má sé do thoil é
anis nach raibh am damhsa níos faide, go n-déantar
do thoil naomhtha; nochta dotháinic mé asteach san
t-saoghal so, agus nochta chaithfeas me a dhul amach
as; go ma beannuighthe ainim an Tiarna.



Tar A Thiarna, agus ná déan maill! Atá


L. 203


miangus agam a bheith dealuighthe agus a bheith a
bh-fachair Chríosd. Cé shaorfas mé ón g-corp marbh-
thach so? Ó! is thríotsa, A Íosa mhilis, m' Fhuas-
galtóir, a chuirfas an cholann thruaillighthe so neamh-
thruailligheachd uirthi, agus a chuirfas an corp
marbhthach so neamh-mharbhthachd air.



Creidim go maireann m'Fhuasgaltóir, agus air
an lá déaghanach go n-éireochaidh mé ón talamh;
agus ann mo cholann féin go bh-feicfidh mé Dia m'
Fhuasgaltóir, agus ann mo cholann féin go bh-feicfidh
mé mo Shlánuighthóir; agus eision go bh-feicfidh mé
féin é, agus ní éinneach eile, agus go bh-feicfidh mo
shúile féin é. Fosguil annsin, A Shlánuighthóir an
domhain, geataidh fhlaithis do m'anam; agus amhail
théidhas mo chorp síos sann uaigh, go d-téidh mo
spiorad suas air neamh; ionnus air feadh atá mo
cholann airna leághadh chum na h-úire dá m-baineann
sí, agus go suaibhnidh sí annsa tuama nógo d-ti do
dhara theacht; go raibh m'anam déanta sólásach lé
do láithreachd naomhtha annsa n-áit sin ionna bh-fuil
aoibhneas, do cheanuigh tú dhamhsa lé do bhás air
an g-crois.



Acht cé h-é mise, a ghlachfadh orm féin labhairt
air an modh so? Ní'l ionnam acht luaithreadh agus
luaith! Faraor tá mé go mór níos measa, atá
mé mo pheacach. Do gabhadh mé, do geinadh mé,


L. 204


dorugadh mé, agus do h-oiladh mé a b-peacadh.
Do chaith mé mo shaoghal a b-peacadh, dobhí mé mo
dhaoránach do bhaoisibh agus do dhíomhaoineasaibh
an t-saoghail; dorinne mé failligh dod sheirbhís; do
chuir mé air neamhshuim na dualgais go léir ba
toil leat a thabhairt dham do chómhlíonadh tré do
roimhradharc. Cé h-é mise annsin go n-glacfuinn
orm féin labhairt lé mo Thiarna? dá mhéad dá
bh-fuil mé anacrach dom thaobh féin, is mé sann am
chéadna, luach d'fhola féin! agus is tusa feoil dom
fheoil, agus cnáimh dom chnáimh! Is tu m' Fhuas-
galtóir, agus do gheall tú trócaíre dóibh so do
chuiras a n-dóchas ionnat: ionnatsa A Thiarna, do
chuir mé mo dhóchas agus ní bhéidh adhnáire orm go
brách. Glaoghim ort go róumhal, trócaire do dhéan-
adh orm; má is mithid go n-iompóchadh luaithreadh
go luaithreadh, godé an chaithréim dhuitse A Thiarna,
go n-daorfuidh mé? Tá mé ós do chomhair níos
lugha ná lóchán air aghaidh na gaoithe; béidh mé go
gairid mo bhiadh do phéistibh; gidh, do chosain
m'amam go leor dhuit; air son d'ainime annsin, A
Fhuasgaltóir ionmhuin, ná cailltar m'anam; éirigh
A Thiarna agus cuidigh liom, agus ná teilgthar
air siubhal mé go brách.



Maith dom mo pheacaidh, A Thiarna, óir atá
doiligheas croidh fírinneach orm air a son; do ghlac tu


L. 205


colann dhaona, A Fhuasgaltóir ionmhuin tré ghradh
don chineadh daona; agus faoi cholann dhaona ba
toil leat do dhiadhachd d'fholúghadh, ionnus nach m-béadh
faitchíos oruinn do dhul d'ionsuigh do mhórdhachd
chritheaglach. Airighim annsin, nach cóir faitchíos a
bheith orm a dhul d'ionsuigh mo dhearbhrathair féin
annsa g-colainn, mo Shlánuighthóir, mo charaid ion-
mhuin, céile m'anama, agus mo chuid go brách.
ASé an saoghal so m'áit dhíbeartha; is a bh-flaith-
eas ata m'fhíordhúithche, agus ní'l aon nidh thoir-
misgas mé ó dhul asteach ann m'áit chómhnuighe
nádúrtha acht mo pheacaidh. Déan trócaire orm
annsin, A Thiarna, do réir do mhórthrócaire; agus
do réir iomadamhlachda do thruaighmhéileachda,
sgrios amach m'éagcóir. Aisig dham áthas do
shlánuighthe, agus déan go fábharach lé Síon, chum
go d-tógfuidh suas ballaidh Ierusalem.



Is roinn mé den g-ceanuigheachd úd dorinne tú
air an g-crois, A Thiarna Íosa is ionadhruighthe!
air mo shonsa do dhóirt tú d'fhuil is mórluaighe!
Ó! na raibh sí dóirte gan torradh dhamhsa! ná teilg
mé uait, gidh anacrach atá mé dom thaobh féin, air
m-beith dham mo luach saothair d'fholasa, éirighim mo
dhíol carthanachda ionn do radharc: O! dearc anuas
orm lé truaighe agus cómhothúghadh. Iompuigh d'aghaidh
air siubhal ó mo pheacaidh; agus sgrios amach
m'éagcóireacha go léir.


L. 206


Faraor! Atá mé mar an chaora úd dochuaidh
air seachrán noch do lorgaras tú, A Thréadaigh mhaith!
tabhair air ais mé chum do chró; ionnus go raibh tú
ceartuighthe ionn do bhriathraibh; óir a dúbharas, “gibé
air bith lá iompóchar an peacach ó na pheacaidhibh,
agus go n-déanfhadh sé aithrigh air a son, slán-
óchar é.” O! an feadh fhághaim bás nádúrtha an
chinidh daona, an feadh a théighim a sligh gach
uile fheola, go bh-faghaidh mé bás na bh-fíréan,
agus go raibh mo chrích dhéaghanach cosamhail leo-
san: gidh go bh-faghad bás don t-saoghal so, go
mairidh mé go brách dhuitse: gidh go n-dúnad
mo shúile do sholus nádúrtha an t-saoghail so, O!
go bh-fosgluidh siad air sholus níos lonnraighe na
glóire síorruighe.



A Dhé! A Athair na trócaire! Do pheacuigh mé
ann d'aghaidhsa, agus a n-aghaidh neimhe, agus ní fiú
mé do mhac do ghairim dhíom; déan mé mar aon
dod luchd tuarusdail is ísle. Ná déan liom do
réir mo pheacaidh; agus ná tabhair dham do réir
m'éagcóireacha. As ucht do thruaighe, dearc anuas
air son noch a d'fhuasgail do mhac. Cromim síos lé
aontúghadh faoi do lámh smachdúil. Toiligh an íobairt
so do ghlacadh doghnidhim dhuit do mo bhuaireamh, a
ofrálim dhuit mar shíoth air son mo pheacaidh
iomadúla; ofrálim é a n-éinneachd le fulaingibh mo


L. 207


Slánuighthóra air an g-crois. Ó! glac é,
agus coisreac é, agus mé féin mar an g-céad-
na, ionnus iar n-dul dham thríd dhearbhachd tinnis agus
báis lé omós dod cheart-bhreitheamhnasaibh agus dod
orduighthe eagnacha, go d-téigh mé saor ó bhás shíor-
ruigh, agus go bh-faghaidh mé flaitheas tré luaidheachda
mo Shlánuighthóra Íosa Críosd. Déan go fábharach
liomsa annsin A Thiarna, do réir do dheaghthola,
ionnus ameasg do luchd toghtha go molfuinn agus
go d-tabharfuinn glóir dhuit tré shaoghal na saoghal.
Amen.



LIODÁIN DO DHAOINE TINNE.



A Thiarna; déan trócaire air (no uirre).
A Chríosd; déan, etc.
A Thiarna; déan, etc.
A Dhé, an t-Athair, Cruthuighthóir an domhain;
déan, etc.
A Dhé, an Mac, Fuasgaltóir an chinidh daona;
déan, etc.
A Dhé, an Spiorad Naomh, Coisreacthóir na
druinge toghtha; déan, etc.
A Thríonóid Naomhtha, aon Dia amháin a d-trí
b-pearsanaibh; déan, etc.


L. 208


A NaomhMhuire; guidh air (nó uirre).
A Aingil, agus A Árdaingil naomhtha go h-uile;
guidhidh, etc.
A Abeil naomhtha; guidh, etc.
A Chuideachda naomhtha na bh-fíréan go h-uile;
guidhidh, etc.
A Abrahaim naomhtha; guidh, etc.
A Eoin naomhtha Baisde; guidh, etc.
A Phatriarca, agus A Fháigh naomhtha go h-uile;
guidhidh, etc.
A Pheadair, agus A Phóil naomhtha; guidhidh, etc.
A Andriais, agus Eoin naomhtha; guidhidh, etc.
A Apstoil, agus A Shíosgeuluighthe naomhtha go
h-uile; guidhidh, etc.
A Dheisgiobail naomhtha ar d-Tiarna go h-uile;
guidhidh, etc.
A Neamhchionntaigh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc.
A Steapháin, agus A Labhráis naomhtha; guidhidh,
etc.
A Mhairtíridh naomhtha go h-uile; guidhidh, etc.
A Shilbhestir agus A Augustín naomhtha; guidhidh,
etc.
A Easboig agus A Chonfessóiridh naomhtha go
h-uile; guidhidh, etc.
A Bhennet agus A Phróinsiais naomhtha; guidhidh,
etc.


L. 209


A Mhanaigh agus A Dhíthreabhaigh naomhtha go
h-uile; guidhidh, etc.
A Mháire Magdelen, agus A Lusi naomhtha;
guidhidh, etc.
A Mhaighdeana agus A Bhaintreabhacha naomhtha
go h-uile; guidhidh, etc.
A Naoimh Dé go h-uile; guidhidh, etc.
Bí trócaireach, A Thiarna; agus spáráil é (nó í).
Bí trócaireach, A Thiarna; agus éist linn.
Ó n-uile pheacadh; saor é (nó í).
Ó n-uile chathúghadh agus cheilgibh an Diabhail; saor,
etc.
Ó n-uile mhífhoighide agus ghearán a n-aghaidh do
cheartsmachtuighthe; saor, etc.
Ó dhrochmheisneach Spioraid, agus ó mhímhuinín ionn
do thrócaire; saor, etc.
Ó eagla báis, agus ó iomarca dúil maireachtain;
saor, etc.
Ó bhuaireamh aigne, mar gheall air neithe an t-saogh-
ail so, agus ó fhailligh é féin, (nó í féin),
d'ollmhúghadh lé h-aghaidh na síorruigheachda; saor,
etc.
Tré do chrois, agus tré do pháis; saor, etc.
Tré do bhás, agus tré d'adhlacadh; saor, etc.
Tré d'Aiséirigh ghlórmhar, agus tré do dheasghabh-
áil; saor, etc.


L. 210


Tré ghrásta an Spioraid naoimh, an Comhfortuigh-
thóir; saor, etc.
Air uair an bháis, agus lá an bhreitheamhnais;
saor, etc.
Sinne nar b-peacaigh; impighamaid ort éist linn.
Go ma toil leat comhfhurtachd do thabhairt dhó, (nó
dhi), ionn a dhobrón, agus go d-tabharfá cumas
dhó, (nó dhi), chum féachaint taobh thall don bhás,
agus air an staid bheannuighthe chum a d-treo-
ruighann sé; impighamaid, etc.
Go n-deonófá grásta thabhairt dhó, (nó dhi), chum
a chúram soaghalta uile shocrúghadh lé críonachd, lé
ceartas, agus lé carthanachd; ionnus lé h-aigneadh
saor go m'éidir leis a aire iomlán thabhairt lé
é féin (nó í féin), d'ollmhúghadh chum flaitheamhnais;
impighamaid, etc.
Go n-deonófá grásta thabhairt dhó (nó dhi), deagh-
fhaoisidin agus aithrigh fhírinneach ionn a pheacaidh a
dhéanadh; impighamaid, etc.
Go n-deonófá grásta thabhairt dhó (nó dhi), maitheamh
ó chroidh dóibh so uile dorinn olc a n-aghaidh;
agus leorghníomh chó maith is thig leis (nó léithe)
a dhéanadh do gach aon dá n-deárna sé (nó sí)
díobháil da laighead; impighamaid, etc.
Ionnus air m-beith a síothcháin leatsa, agus leis an
t-saoghal uile; air an modh sin go n-glacfadh


L. 211


sé (nó sí), lé dóchas uiríseal lón naomhtha do
choirp bheannuighthe; agus go m-buanóchaidh sé,
(nó sí), ionn do ghrásta, agus ionn d'fhábhar go
deireadh; impighamaid, etc.
Go n-déanfadh pianta a éagcrúais (nó a h-éa-
gcruais) sásamh ionn sa dioghaltas do thuill a
pheacaidh, ag laighdiúghadh a ghrádh don t-saoghal so,
agus ag méadúghadh a mhianta don t-saoghal eile;
impighamaid, etc.
Ionnus cé air bith nidh do cheapfadh d'aireachas diadha
dhó, (nó dhi), go n-aontóchaidh sé go fonnmhar lé
do thoil naomhtha, agus gidhbé bás, nó beatha
dhó, (nó dhi), go ma leatsa fa dheireadh
é (nó í); impighamaid, etc.



A Mhic Dé; impighamaid thú éist linn.
A Uain Dé thógas peacaidh an domhain; spáráil
é (nó í).
A Uain Dé thógas peacaidh an domhain; éist linn.
A Uain Dé thógas peacaidh an domhain; déan
trócaire air (nó uirre).
A Thiarna, déan, etc.
A Chríosd, déan, etc.
A Thiarna, déan, etc.



Ar n-Athair, etc.
Agus ná léig sinn a g-cathúghadh.
Acht saor sinn ó olc. Amen.


L. 212


R. A Thiarna, éist m'urnaigh.



F. Agus go d-téigh m'osna ad láthair.



Guidhamaid.



A Dhé shíorruigh agus uilechumhachtaigh ag a
bh-fuil eocracha báis agus beatha, agus a g-cuirann
d'eagna neamhchoimseach gach nidh a n-ordúghadh mar
is fearr dóibh so do ghrádhuighas thú: feuch, impigh-
amaid thú, air do sheirbhíseach do theilg tú air leaba
tinnis, agus fóir air a spiorad anacrach lé do
ghrásta; neartuigh a chreideamh, méaduigh a dhóchas,
déan iomlán a charthanachd, agus naomhuigh dhó gach
cor dá éagcruais; ionnus má sé toil do thrócaire a
shláinte d'aisiog dhó, (nó dhi), go n-déanfadh sé lé
biseach dúrachdach, drochghníomhartha a shaoghail roimhe
so do leasúghadh; agus má sé do thoil a ghlaoghach
chugad féin, go n-gabhadh sé (nó sí), tré ghleann scáile
an bháis go sabháilte, agus go d-treoruighthar é lé
d'Aingil naomhtha asteach go h-áitreabh na druinge
beannuighthe, áit nach m-buairfigh eagla é, nach
g-céasfaigh pianta é, agus nach g-corróchaidh dólás
air bith suaibhneas a inntinne; acht an áit a m-béidh
aoibhneas fíorghlan, agus luathgháire dólabhartha cin-
tighthe dhó go brách: tré d'aonMhac Íosa Críosd
ar d-Tiarna, do mhairas agus do riaghluighas mar
aon léatsa, agus leis an Spiorad Naomh, aon
Dia, tré shaoghal na saoghal. Amen.


L. 213


TOIRBHIRT SUAS AN ANAMA AG IMTHEACHD AS
AN T-SAOGHAL.



“Is beannuighthe iad so dogheibhas bás annsa
Tiarna, óir sguirid ó na saothair, agus leanann a
n-oibreacha iad.” Apoc.xiv.13.



Imthigh dá bhrigh sin, a síothcháin, Ó anam Chríos-
túil, as an t-saoghal so, chum do bhaile shíorruigh;
imthigh lé dóchas agus lé muinín iomlán, a n-ain-
im Dé an t-Athair uilechúmhachtach do chruthuigh thú;
a n-ainim Íosa Críosd Mac Dé bhí d'fhulaing air
do shon air an g-crois; a n-ainim an Spioraid
Naoimh do dhóirt a ghrásta ionnad; a n-ainim na
n-aingeal agus na n-árdaingeal; a n-ainim na
d-Trónaidh, na g-Cumhachdaidh agus na n-Árd-
réimach; a n-ainim na g-Cerebím agus na
Seraphím, agus na n-uile Spioradaidh beannuighthe:
a n-ainim na b-patriarc agus na bh-fáigh; a
n-ainim na n-Apstoil agus na Soisgeulaidhthe;
a n-ainim na Mairtíridh agus na g-Confesóiridh; a
n-ainim na Maighdeana beannuighthe, agus na
naoimh Dé go h-uile; bíodh d'ionad aniugh a
síothcháin, agus d'árus cómhnuighthe a Síon naomh-
tha: tré Chríosd ar d-Tiarna. Amen.



A Dhé na trócaire, A Dhé na maitheasa, A Dhé
anté do réir iomadúlachda do thrócaire do mhaithas
peacaigh na druinge dhéanas aithrigh; agus


L. 214


dothugas dhóibh go grástúil párdún ionn a g-cortha;
feuch go trócaireach air do sheirbhíseach (A.B.)
annso, agus tabhair dhó (nó dhi) lánshaoradh ó na
pheacaidh uile (nó ó na peacaidh uile) atá dá iar-
raidh go dithchiollach ort; aistrigh, Ó Athair na
trócaire, gach nidh atá truaillighthe ann (nó innte),
tré lagar daona, nó tré cheilgibh na námhaide,
agus go raibh sé roinnpháirteach a d-toradh do
shlánuighthe. Bí truaighmhéileach, A Thiarna, dá
dheoraibh (nó dá deoraibh) agus léig é (nó í) chum
sacramuinte do shíothchána, ag nach bh-fuil aon
dóchas acht ionnutsa; tré Chríosd ar d-Tiarna.
Amen.



Toirbhirim thú, A Dhearbhráthair (no A Dhearbh-
shiúr) ionmhuin do Dhia uilechumhachtach; agus
fágim thú faoi na thrócaire, óir is tú a chréatúr;
ionnus iar n-díol fiach coitchionn na nádúire dhuit
tré thabhairt d'anam suas, go bh-fillfá air do
Chruthuighthóir do chum thú den chré. Go d-tigidh
cuideachd lonnrach na n-Aingeal, dá réirsin, a
g-coinne d'anama air n-imtheachd dhó; go n-glacidh
cúirt na n-Apstol thú; go stiúruigh sluagh caith-
réimeach na Mairtíridh thú; go d-timchiollaigh
cóthionól áthasach na g-Confesóiridh thú; go d-téigh
córa na Maighdeana beannuighthe rómhad; agus go
ma suaibhneas séanmhar do chuid a g-cuideachd na


L. 215


b-patriarca; go d-tasbánaidh Íosa Críosd é féin
dhuit lé gnúis shoineanta shoilbhir, agus go d-tugidh
sé ionad dhuit ameasg na droinge atá lé bheith ionn
a láithreachd go brách. Go ma strainséir thú do
gach nidh do céastar lé dorchadas, do smachtuighthar
lé lasracha, nó daorthar chum peannaide. Go n-im-
thigh an námhaid mhalluighthe lé na dhrochspioradibh
uile uait; go g-crithidh sé air do theachd a g-cuid-
eachd na n-aingeal, agus go d-teithidh sé a n-eas-
ordúghadh uathbhásach na h-oidhche síorruighe. Go n-éirigh
do Dhia, agus go g-cuiridh ruaig air do námhaid-
idh. Go d-teithigh siad so go h-uile roimhe ag a
bh-fuil fuath dhó. Go leághid mar dheatach, agus
mar chéir ós cómhair na teineadh, mar sin go
g-cailltar na drochdhaoine a radharc Dé; acht a
d-taobh na bh-firéan go ma luathgháireach agus
séanmhar iad ionn a láithreachd. Go líontar drong
friothóilmhe ifrinn uile lé easordúghadh agus lé náire,
agus nár lámhuigh aon drochspiorad do thoirmeasg
ionn d'aisdear.



Go ma hé Íosa Críosd d'Fhuasgaltóir, do
céasadh air do shon. Go saoruigh Íosa Críosd ó
bhás tú, do dheonuigh bás fhághail air do shon. Go
socruigh Íosa Críosd Mac Dé bhí thú ionn a gháir-
dín Pharathais, agus go n-admhuigh seision, an
tréaduigh fírinneach thú mar aon dá thréad. Go


L. 216


d-tugidh sé absolóid dhuit ionn do pheacaidh uile,
agus go g-cuirigh sé air a dheisláimh thú a n-oigh-
reachd na bh-fíréan.



Iarramaid go ma hé do roinn shéanmhar, do
Shlánuighthóir d'feicsin aghaidh air aghaidh; a bheith
go síor ionn a fhiadhnuise, agus a radharc na fírinne
úd atá na luathgháire don droing bheannuighthe; agus
mar sin, a bheith socruighthe dhuit ameasg na spior-
adaidh sona ionnus go raibh tú choidhche líonta lé
millseachd neamhdha. Amen.



Glac do sheirbhíseach, A Thiarna, asteach san
ionad slánuighthe, lé bh-fuil súil aige (nó aice)
tré do thrócaire. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh ón uile
chontabhairt ifrinn, ón uile phian agus amhgar. F.
Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Enoc agus Elias ó bhás choitchion an
t-saoghail. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Naoi ón díle. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Abraham as ceart-lár na g-Caldéan-
ach. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Iób ó na bhuaidhearthaibh uile. F. Amen.


L. 217


Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Isaac ó bheith íobartha lé na athair.
F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Lot ó Shodom agus ó na lasracha tinneadh.
F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Maoise as lámhaibh Pharoe, righ na h-É-
gipte. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh, mar do
shaor tú Dómhnal ó uaigh na leonta. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do
shaor tú an triúr leinbh as an bh-foirnéis tinneadh,
agus ó lámhaibh an righ neamhthrócairaigh. F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do
shaor tú Susanna ó na luchd casaoide bréagacha.
F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do
shaor tú Dábhidh ó lámhaibh Gholiagh agus Shaul.
F. Amen.



Saor, A Thiarna, anam do sheirbhísigh mar do
shaor tú Peadur agus Pól as an b-príosún.
F. Amen.



Agus mar do shaor tú an óigh agus an mhairtír
bheannuighthe úd, Técla naomhtha ó dhúrpheanaid ró
dhúismionta; mar sin deonuigh, anam do sheir-


L. 218


bhísigh so shaoradh, agus tabhair é go roinnpháirt
d'aoibhnis neamhdha. Amen.



Guidhamaid.



Bheiramaid dhuit A Thiarna, anam do sheir-
bhísigh annso, agus impighamaid thú, A Íosa Chríosd,
A Shlánuighthóir an domhain, ionnus a d-trócaire
dhósan (nó dhise), do ghlacis colann dhaona, mar an
g-céadna go n-deonófá anis eisean (nó ise), do
léigion asteach a n-uibhir na naomh. Cuimhnigh
A Thiarna, gur b'é (nó b'í) do chréatúr é, (nó í)
nach n-deárnadh lé Déthibh coimhightheacha, acht leatsa
an t-aon Dia amháin fírbhithbheo; óir ní'l aon Dia
eile ann acht thusa, ní'l aon Dia d'fhéadfadh d'iong-
antaigh a dhéanadh. Go bh-fáigh a anam (nó a
h-anam) compórd ionn do radharc, agus ná cuimh-
nigh a pheacaidh (nó a peacaidh) dorinn sé (nó sí)
roimhe seo, ná air aon do na míriaghaltais so ionn
ar thuit se (nó sí) tré ain-neart anmhiain agus
truailligheachda. Óir bíodh, gur pheacuigh sé (nó
sí) do choinnigh sé (nó sí) a chreideamh (nó a crei-
deamh) ceart ionnatsa, an t-Athair, an Mac, agus
an Spiorad Naomh; dobhí díogras aige (no
aice) chum d'onóra, agus d'adhruigh sé (nó sí) go
dílis thusa, Dia agus Cruthuighthóir gach neithe.



Ná cuimhnigh, A Thiarna, impighamaid thú, air


L. 219


pheacaidh agus air ainbhfiosa a óige, (nó a h-óige),
acht do réir do mhór-thrócaire, bí cuimhneach air
(nó uirthe) ionn do ghlóir shíorruigh. Go raibh na
flaithis osguilte dhó, (nó dhi,) agus go n-déanaidh
na h-aingil luathgháire ann fhochair (nó na fochair).



Glac A Thiarna, do sheirbhíseach asteach ionn do
ríoghachd. Go d-treoruigh an t-árdaingeal Michál
naomhtha ceann an t-sluaigh neamhdha é (nó í). Go
d-tigidh aingil naomhtha Dé na choinne, (nó na
coinne), agus go d-tugidh siad é, (nó í), asteach a
g-cathair Ierusalem neamhdha. Go n-glacigh
Peadar é, (nó í), dá'r tugadh eochracha ríoghachda
na bh-flaitheas. Go g-cúngnuigh Pól naomhtha leis
(nó léithe) an t-Apstol dobhí na shoitheach toghtha.
Go n-déanaigh naomh Eoin deisgiobal dá'r
fhoillsigh Dia rúndiamhara neamhdha, eadarghuidh air
a shon (nó air a son). Go n-déanaidh na h-Aps-
toil naomhtha uile dá'r tugadh cumhachd ceangalta
agus scaoilte, guidh air a shon (nó air a son).
Go n-déanaidh seirbhísigh beannuighthe toghtha Dé,
d'fhulaing daorphianta ionn sa t-saoghal so air son
ainime Chríosd, guidh air a shon (nó air a son).
Ionnus air m-beith dhó fuasgalta ón g-corp
truaillighthe so, go léigfigh asteach é (nó í), a ríoghachd
na bh-flaitheas, tré chúngnadh agus tré luaidheachd
ar d-Tiarna Íosa Críosd, do mhairas agus do


L. 220


riaghluighas leis an Athair, agus leis an Spiorad
Naomh, tré shaoghal na saoghal.



Oideas chum muintire duine mairbh.



Feadh an ama a coinnighthar an corp astigh, agus
air feadh oidhche an tórraimh, ba cóir dóibh so a
bhidheas a láthair iad féin iomchar lé cráibhtheachd,
agus omós; agus ó am go h-am, an Paidrín
páirteach a rádh air son na marbh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services