Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aithghearughadh an Teagaisg Críosdaighe Geinearáilte
Title
Aithghearughadh an Teagaisg Críosdaighe Geinearáilte
Author(s)
Furlong, Ionatan,
Composition Date
1839
Publisher
(B.Á.C.: T. Coldamhell, 1839)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AITHGHEARUGHADH AN TEAGAISG CRÍOSDAIGHE GEINEARÁILTE: Molta le hÁrdeasboig Eireann, Chum Usáide na mionaosóige, Aig nach bh-fuil fós Intleacht Chum níos mó d'fhoghluim. Aistrighthe a n-Gaoidhilig, Le Jonatan Furlong, Sagart Catoilice. “Leigidhe do na leinbh beaga theacht chugamsa agus ná toirmisgidhe íad; óir is lena samhail-sin ríoghacht Dé.” Naomh Marcus c.10. r.14. A n-Athclíath: Clobhuailte le T. Coldamhell. 1839.
D'Iosa Críosd, Mac coshubstainteach an Athar shíorruidhe, Slánuightheóir an Domhain, Teasghrádhthóir na n-anam dhaona, agus Ceann dofheicsinte na hEagluise Catoilice toirbhirthear an beagshaothar so. Lena Sheirbhíseach Pheacúil Jonatan Furlong.
A n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomhtha. Amen. Urnaighe an Tíarna. 1. Ar n-Athair atá air neamh, go naomhthar t'ainim. 2. Go d-tigighe do ríoghacht. 3. Go n-déantar do thoil air an d-talamh mar déantar air neamh. 4. Ar n-arán laethúil tabhair dhúinn aniugh. 5. Agus maith dhúinn ar bh-fiacha mar mhaitheamaoid d'ar bh-feithamhnaibh féin. 6. Agus ná léig sinn a g-cathughadh. 5. Acht saor sinn ó olc. Amén. Fáilte an Aingil. Go m-beannuighthear dhuit A Mhuire, atá lán de ghrásta; ta'n Tíarna ad fhochair, is beannuighthe thu idir mhnáibh, agus is beannuighthe tora do bhroinn Iosa. A Naomh Mhuire, A Mháthair Dé, guigh oruinn-e na peacaigh anis, agus air uair ár m-báis. Amhen. Cré na n-Apstol. 1. Creidim a n-Dia an t-Athair uilechomhachtach cruthuightheóir neimhe agus talmhan. 2. Agus a n-Iosa Críost a aon mhac-son, ar d-Tíarna do gabhadh ó'n Spiorad Naomhtha, do rugadh ó Mhuire oigh. 3. D'fhulaing páis fé Phontuis Phíleat, do céasadh, dofuair bás,
agus do hadhlacadh. 4. Dochuaidh síos go hifrionn, d'éirigh an treas lá ó mharbhibh. 5. Dochuaidh suas air neamh, agus ata na shuighe air dheasláimh Dé an t-athair uilechomhachtach. 6. As sin tiucfhaigh do thabhairt breitheamhnuis air bheobhibh agus ar mharbhibh. 7. Creidim san Spiorad Naomhtha. 8. San naomheaglais Catoilice. 9. A g-comaoin na Naomh. 10. Maitheamhnas na b-peacaidh. 11. Aiseirighe na colainne. 12. Agus san bheatha shíorruighe. Amen. An Faoisdín gheinearáilte. Admhuighim do Dhia uilechomhachtach, do Mhuire Naomhtha ata ríamh na hógh, do Mhícheal Naomhtha Ardaingeal, d'Eoin Naomhtha Baisde, do na Naoimhibh apstolaibh Peadar agus Pól, agus do na naoimhibh uile, gur pheacuigheas go romhór le smuainte, le bríathar agus le gníomh, trím choir féin, trím choir féin, trím romhór choir féin. Air an adhbharson impighim air Mhuire naomhtha ata ríamh na hógh; air Mhicheal naomhtha, Ardaingeal; air Eoin naomhtha Baisde; air na hApstoil naomhtha Peadar agus Pól; agus air na naoimh uile, guighe chum ár d-Tíarna Día, air mo shon. Go d-tugaidhe Día uilechomhachtach trócaire dhom, go maithidhe se mo pheacaidh dhom, agus go d-treoruighe se me chum na beatha síorruighe. Amen. Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomhtha. Mar dobhi air d-tús, mar ata 'nis, agus mar bheidh go bráth, trí shaoghal na saoghal. Amen.
Gníomhartha Croidhbhruighthe, Creidimh, Dóchais agus Carthanachta. Urnaighe roimh na Gníomhartha. Guigheamaoid. A Dhía shíorruighe uilechomhachtaigh, tabhair dhúinn breis Creidimh, Dóchais agus Carthanachta; agus chum go bh-faighimís toradh do gheallamhna tabhair dhúinn d'aitheanta do ghradhughadh, agus do chomhlíonadh tri Iosa Críost ar d-Tíarna. Amen. Gníomh Croídhbhruighthe. A Dhía, ta doilghios Croidhe orm tri fheirg do chur ort, agus ta fuath rofhírinneach agam dom pheacaidh de bhrigh go g-cuirid mishásamh ort-sa, A Dhia, do thuilleas mo ghrádh go hiomlán a d-taobh do cháiligheachta rogheanúla, agus do mhaithis neamhchoímsigh, agus ta rún díongabhálta agam le cúngnamh do ghrásta gan fearg do chur ort go bráth arís. Amen. Gníomh Creidimh. A Dhía, creidim go diongabhálta, gurb'aon Día amháin tu Cruthuighthóir agus árdtíarna neimhe agus talmhan. Go bh-fuil do mhórgacht agus do mhaitheas dochoímseach. Creidim go diongabhálta go bh-fuil ionot-sa, an t-aon Día amháin tri pearsana go heidirdheillighthe agus comhionan ion gach uile nidh, an t-Athair, agus an Mac agus an Spiorad Naomhtha. Creidim go diongabhálta gur ghlac Iosa Criost, Día
an Mac, colann dhaona, gur gabhadh ó'n Spiorad Naomhtha é, gu' rugadh e ó'n Maighdean Muire; gur fhulaing se páis agus go bh-fuair bás air an g-crois, chum sinn d'fhuasguilt agus do shábháil; gur aiseirigh se an treas lá ó mharbhibh, go n-deacha suas air neamh, go d-tiucfhaigh a n-deire an t-saoghail chum breitheamhnais do thabhairt air an g-cine dhaona; go d-tabhairfigh se aoibhneas síorruighe mar luachsaothair do na deaghdhaoinibh; agus go g-cuirfigh se na drochbheathaigh go píanta síorruighe ifrinn. Creidim so agus gach nidh eile do chraobhsgaoileas an Naomheaglais Catoilice Rómhánach dhúinn; de bhrigh gur tu-sa, A Dhía, an fhírinne domheallta d'fhoillsigh íad, agus d'órduigh dhúinn éisteacht leis an Eaglais, ó sí bun agus píolóir na fírinne í. Annsa g-creideamh so ta rún seasamhach agam le cúngnamh do naomhghrásta, maireachtain agus bás d'fhaghail. Amen. Gníomh Dóchais. A Dhía do gheall go grástúil gach tabhartas, agus fós flathas féin tri Iosa Críost don lucht do choímheadas d'aitheanta; aig seasamh air do mhórchomhachta do mhórmhaitheas agus do mhórthrócaire, agus le muinín as do naomhgheallamhna do chomhlíonann tu a g-comhnuighe go fírinneach, ta Dóchas láidir agam go d-tabhairfidh tu maitheamhnas dhom ion mo pheacaídh uile, grásta air an saoghal so chum do sheirbhíse do dheanadh go dúrachdach, aig déanadh na n-deághoibreacha órduigheas tu agus led chungnamh
geallaim a g-cómhlíonadh, agus aoibhneas síorruighe air an saoghal eile: Tri mo Thíarna agus mo Shlánuightheóir Iosa Criost. Amen. Gníomh Carthanachta. A Dhía, gradhuighim thu lem chroidhe, agus lem anam go hiomlán, agus os ceann gach uile nidh; de bhrigh go bh-fuil tu romhaith, agus rocheart, agus go d-tuillean tu mo ghrádh uile, agus air do shon-sa gradhuighim mo chomharsa mar me féin. Tabhair dhom go trócaireach, A Dhía taréis do ghrádhughadh air talamh go n-gradhóchainn agus go sealbhóchainn thu go síorruighe a bh-flathamhnas. Amen. An Teagasg Críosdaidhe. An I. Léighean. Air Dhía, agus air na tri Pearsana díaga. Ceisd. Ce chruthuigh an Domhan? Freagra. Día. C. Cé hé Día? F. Cruthuightheóir neimhe agus talmhan, agus árdthíarna os ceann gach uile nidh. C. Cé mhéad Día ann? F. Ní'l acht aon Día amháin, do thabhairfigh luachsaothair do na deaghdhaoinibh, agus pionós do na drochbheathaibh. C. Cá mhead pearsa a n-Día? F. Tri pearsana díaga idirdheillighthe go fírinneach agus comhionan ion gach uile nidh. C. Cionas ainimnigheann tu na tri pearsana díaga?
F. An t-Athair, agus an Mac, agus an Spiorad Naomhtha. C. An Día an t-athair? F. Seadh, is Día an t-Athair, agus an chéud Phearsa de'n Tríonóid Naomhtha. C. An Día an Mac? F. Seadh, is Día an Mac, agus an dara pearsa de'n Tríonóid Naomhtha. C. An Día an Spiorad Naomhtha? F. Seadh, is Día an Spiorad Naomhtha agus an treas pearsa de'n Tríonóid naomhtha. C. Cad do chíalluigheas an Tríonóid naomhtha? F. Aon Día amháin a d-tri b-pearsana díaga. C. A bh-fuil na tri pearsana díaga na d-tri Déthe? F. Ní'lid. Ní'l ionta acht aon Día amháin; de bhrigh nach bh-fuil aca acht an t-aon nadúir amháin dhíaga; agus atáid ó'n t-síorruigheacht. An II. Léigheann Air an Ioncholannughadh. C. Ar ghlac aon de na tri pearsanaibh díaga colann dhaone? F. Do ghlac Día an Mac an dara pearsa díaga colann dhaonna. C. Cionas ghlac Día an Mac colann dhaonna? F. Do gabhadh ó'n Spiorad Naomhtha e, agus dorugadh e ó Mhuire óigh. C. Cad do chíalluigheas tu, ag rádh gur gabhadh Mac Dé ó'n Spiorad Naomhtha? F. Tuigim, gur ghlac se air féin nadúir
dhaonna, se sin, colann agus anam mar ata aguinn-e, le cómhachta agus le hoibriughadh an Spioraid Naomhtha. C. Cá'r ghlac Día an Mac, colann dhaonna, mar ata aguinn-e? F. A m-broinn gheanamnuighe na Maighdine Muire; agus dorugadh uaithe na dhuine e. C. Cionas ainimnigheann tu Día an Mac ioncholanuighthe? F. Iosa Críost. C. Ar fhan Iosa Críost na Dhía taréis colann dhaonna do ghlacadh? F. d'fhan: bhi se a g-cómhnuighe na Dhía. C. Raibh Iosa Críost a g-comhnuighe na dhuine? F. Ní raibh: acht ó am a ghabhála, no a ioncholanuighthe. C. Cad do chíalluigheas an ioncholanughadh? F. Gur ghlac Día an Mac, an dara pearsa de'n Tríonóid naomhtha colann dhaonna. C. Cad do chreideann tu Iosa Críost a bheith? F. Na Dhía go fírinneach, agus na Dhuine go fírinneach. C. Cad fáth ar ghlac Iosa Críost colann dhaonna? F. Chum sinn d'fhuasgailt, agus do shábháil. C. Cionas d'fhuasgail agus do shábháil Críost sinn? F. Lena Pháis, agus lena bhás air an g-crois. C. Cé an lá, ar ghlac Críost colann dhaonna? F. An cúigmhadh lá fichead de Mhárta, lá na teachdaireachda an aingil “do gabhadh ó'n Spiorad Naomhtha e.”
An III. Léigheann. Air Iosa Críost. C. Cé an lá air a rugadh Críost ó Mhuire Oigh? F. Lá nollag a stábla a m-Betlethem. C. Cé an fad do mhair Críost air talamh? Tuairim tri bliaghana déag air fhichead; do chaith se beatha fhírnaomhtha a m-bochtanachd agus a n-annró. C. Cad chuige ar chómhnuigh Críost co fada son air talamh? F. Chum na slighe go flathas do thasbáint dhúinn lena theagasg agus lena shómpla. C. Cionas chríochnuigh Críost a bheatha? F. Aoine an chéasda, do céasadh e air chnoc Calbhari; agus dofuair se bás tarnáilte air an g-crois. C. Cad do tharraingeann tu as fulaing agus as bás Chríst? F. Tromualach an pheacaidh; méad fuatha Dé dho; agus an ríachtanas ata sásamh do dheánadh air a shon. C. Cé dhaor Críost chum báis có dúisminte-sin? F. Pontuis Píolat an rioghluightheóir, air athchunuigh na n-Iudach. C. Cá n-deachaidh anam Chríst taréis a báis? F. Dochuaidh se síos go hifrionn. C. A n-deachaidh anam Chríst síos go hifrionn na n-damanta?
F. Ní dheachaidh, acht go hionad suaimhnis d'á n-goirthear limbo. C. Cé híad dobhi a limbo? F. Anama na Naomh dofuair bás roimh Chríost. C. Cá raibh corp Chríst an fad dobhi a anam a limbo? F. Ionsan uaigh, no ions an tuama. C. Cé an lá ar aiséirigh Críost ó mhairibh? F. Domhnach cáisg an treas lá taréis a chéasda d'éirigh se le colann agus anam, glórmhar agus domharbhtha ó mhairbhibh. C. Cá fad d'fhan Críost air talamh taréis a aiséirighe? F. Dá fhichead lá chum a thasbáint gur aiséirigh se go fírinneach ó mharbhaibh; agus chum a apstoil do theagasg. C. Tareis dá fhichead lá chaitheamh do Chríost air talamh, cá n-deachaidh se? F. Díardaoin deasgabhála, dochuaidh se suas ó chnoc Olibhet, lena cholann agus len'anam go flathas. C. Cá bh-fuil Críost a bh-flathas? F. Ta se na shuighe air deasláimh Dé, an athar uilechomhachtaigh. An IV. Léigheann. Air an Spiorad Naomhtha. C. Cad do gheall Críost d'á apstolaibh sol dochuaidh se suas air neamh? F. Go g-cuirfidh se chuca an Spiorad Naomhtha, Spiorad na fírinne, chum gach uile nidh
do mhúnadh dhóibh, agus chum comhnuighe na bh-fochair go bráth. C. Cad fáth ar chuir Críost an Spiorad Naomhtha uaigh? F. Chum a Eagluise do naomhughadh; chum sólás do chur air a Apstoil; agus chum cumas do thabhairt dhóibh chum an t-siosgéil, no an dlighe nuadh do sheanmóir. C. Cionas ainimnigheann tu lucht leanamhna na dlighe nuadh? F. Críosdaighthe. C. Cionas aithnighthear gur Críosdaighthe sinn? F. Tri bheith baisdighthe, tri admháil teagaisg Chríst, agus tri chómhartha na Cruise. C. Cionas déantar cómhartha na Cruise? F. Le cur na láimhe deise ar an éadon, anson faoí an m-broinn, anson chum na gualann cle agus deas; aig radh; “a n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomhthá.” C. Cad fáth a n-deanann tu cómhartha na Cruise? F. Chum impighe air Iosa Críost, trina Chrois, agus trina Pháis sinn-e do bheannughadh, agus do chosaint. C. Ar cóir dhúinn cómhartha na Cruise do dheanadh go minic? F. Is cóir, go háirighthe ion am gach cathuighthe agus conntabhairte; agus roimh agus taréis urnaighe, agus a g-comhnuighe go haireach, agus le cráibhtheacht. C. Cá bh-fuilid na fírchríosduighthe? F. Ions an Eaglais fhírinneach amháin.
C. Cionas ainimnígheann tu an Eaglais fírinneach? F. An Eaglais Naomhtha Catoilice. C. A bhfuil aon Eaglais eile fhírinneach ann acht an Eaglais Naomhtha Catoilice? F. Ní'l; mar nach bh-fuil ann, acht aon Tíarna, aon Chreideamh, aon Bhaisde, aon Día, agus Athair gach aoin; ní'l ann acht aon Eaglais fhírinneach. C. A bh-fuil se d'fhíachaibh air gach aon a bheith san Eaglais fhírinneach? F. Ata; ní féidir aonneach a bheith sabhálta aisdi. C. Cad do thuigeann tu le Comaoin na Naomh? F. Cíalluigheann, go g-cúngnann gach aon do bhaineas leis an Eaglais fhír le chéile, lena h-urnaighthe, agus lena n-deaghoibreacha. C. Cad do chíalluigheas maitheamhnas na b-peacaidh? F. Gur fhág Críost aig tréaduighthe a Eagluise cómhachta peacaídh do mhaitheamh. An V. Léigheann. Air Pheacadh agus air Phurgadóir. C. Cad is Peacadh ann? F. Aon smuainte, bríathar, gníomh, no faillighe thoiltineach a n-aghaidh dlighe Dé. C. Cad é an nidh Peacadh na sínsear? F. An Peacadh ata d'oighreacht aguinn ó'n ár g-céud Athair agus ó'n ár g-céud Mháthair; agus ionar geineadh agus ionar rugadh sinn ár g-clainn feirge.
C. Céarbh'íad ár g-céud Athair, agus ár g-céud Mháthair? F. Adhamh agus Eabha, an chéud fhear agus an chéud bhean. C. Cad is Peacadh marbhthach ann? F. Coir throm, no mórchionnta a n-aghaidh dlighe Dé. C. Cad fáth a n-goirthear Peacadh marbhthach air? F. De bhrigh go marbhuigheann se an t-anam, aig baint a fhírbheatha, se sin, grásta naomhtha dhe; agus go d-tugann bás síorruighe agus damaint air an anam. C. A m-baineann Peacadh sologhtha grásta Naomhtha de'n anam, agus a d-tuilleann se píanós síorruighe? F. Ní bhaineann; acht gurtuigheann se an t-anam, aig laghdughadh a ghrádh air Dhía, agus lena gluaiseacht chum peacaidh marbhthaigh; deir an scrioptúir, “An te do tharcuisnigheas neithe beaga tuitfidh se le beagán agus le beagán.” C. An mifhortún mór tuitim a b-peacadh marbhthach? F. Is se is mó de n-uile mhífhortún. C. Cá rachfaigh an dream dogheibhinn bás a b-peacadh marbhthach? F. Go hifrionn air feadh na síorruigheachta. C. Cá d-téann síad-san dogheibhinn bás a b-peacadh sologhtha? F. Go Purgadóir. C. Cad is Purgadóir ann? F. Ait pianóis air an t-saoghal eile iona
bh-fulaingid anama áirighthe air feadh tamail sol is féidir leo dul go flathas. C. An féidir do na hanamaibh a b-Purgadóir fóirthint d'fhaghail trinár n-urnaighthe agus ár n-deaghoibreacha eile? F. Is féidir; air m-beith na g-clainn aig Día, agus fós na m-baill de'n Eagluis, atáid roinphártach a g-comaoin na naomh: agus deir an scríoptúir, gur “naomhtha agus gur folláin an smuainte, guighe air son na marbh, chum go sgaoilfidhe óna b-peacaidh íad.” C. An leor chum slánuighthe a bheith 'nár m-boill de'n fhíreaglais? F. Ní leor: caithfidhmíd olc do sheachaint, agus maith do dheanadh. C. Cad e an mhaith is éigean dom do dhéanadh, chum go bh-faighfhinn an bheatha shíorruighe? F. “Má 's mían leat dul asteach san m-beatha shíorruighe,” deir Críost, “coímead na haitheanta.” C. Cad íad na haitheanta ata agam le coímead? F. Deich n-aitheanta Dé. An VI. Léigheann. Air Aitheanta Dé. C. Abair deich n-aitheanta Dé? F. An chéud. Is mi-se an Tíarna do Dhía, ní bhéidh Déthe bréagacha agat am láthair. An dara. Ní thabhairfidh tu ainim an Tíarna do Dhía go díomhaoin.
An treas. Cuímhnigh, lá na sabóide do naomhughadh. An ceathramhadh. Onoruigh t-athair agus do mháthair. An cúigmhadh. Ní dhéanfaidh tu marbhughadh. An sémhadh. Ní dhéanfaidh tu adhaltrannas. An seachtmhadh. Ní dhéannfaidh tu goid. An t-ochdmhadh. Ní bhéarfaidh tu fíadhnuise bhréige a n-aghaidh do chomharsan. An naoimheadh. Ní shanntóchaidh tu bean do chomharsan. An deichmheadh. Ni shantóchaidh tu maoin do chomharsan. C. An ríachtanach na deich n-aitheanta uile agus gach aon dhíobh fá leith do choímead? F. Is ríachtanach deir an scrioptúir; “gidhbé bhriseas aon aithne dhíobh, ta se cionntach ions' a n-iomlán,” se sin, ní thairbheóchaidh se dho chum slánuighthe na haitheanta eile do choímead. C. Cé mhéad aithne chum ar féidir na deich n-aitheanta d'aithghearrughadh? F. Chum an dá phriomhaithne seo; siad sin; “grádhfaidh tu an Tíarna do Dhia led chroidhe go hiomlán, agus le hiomlán do neirt agus le hiomlán d'íntine; agus do chómharsa mar tu féin, dean so agus mairfir.” C. Agus cé hé mo chómharsa? F. An cine daona de gach uile chineal gan easbadh duine air bith, íad-sa fós dodheanas dochar dhúinn, no nach bh-fuil d'ar g-creideamh. C. Cionas is cóir dhom mo chómharsa do ghrádhughadh mar mé féin. F. “Mar ba mhaith libh,” deir Criost, “go
n-deanfadh daoine libh, deanaidh-se leo mar an g-céadna.” C. Cad íad na dualgais fé leith chuireann an ríaghail so orm. F. Gan díobháil do dheanadh choidhche dod chómharsa le bríathar, ná le gníomh, iona phearsa iona mhaoin, ná iona chlú; deaghaigine do bheith dho, guighe air a shon, agus cúngnadh leis a g-cómhnuighe do réir do chumais iona riachtanasaibh spioradálta agus corportha. C. A bh-fuil se d'fhíachaibh orm fós mo namhaid do ghrádhughadh? F. Gan amharas; “grádhuigidhe bhúr naimhde,” deir Críost, “deanaidhe maith dhóibh-se aig a bh-fuil fuath dhaoibh; beannuigidhe an dream do mhalluigheas sibh, agus guigidhe air an lucht doghnidheas géarleanúint agus ithiomradh oruibh.” C. A bh-fuil aon aitheanta eile ann, acht deich n-aitheanta Dé? F. Atáid; aitheanta, no órduighthe na hEagluise, ata go prúnsabálta an sé dhíobh. C. Abair sé haitheanta na hEagluise. F. An chéud. Aifrionn d'eisdeacht gach domhnach agus lá saoire. An dara. Trosga agus Tréanas do dheanadh air na laetheibh órduighthe. An Treas. Faoisdín ár b-peacaidh do dheanadh an chuid is lugha dhe uair san m-bliaghain. An Ceathramhadh. Corp naomhtha an Tíarna do ghlacadh go fiúntach am Cháisg, no taobh astigh de'n aimsir ceapuighthe.
An cúigmhadh. Cúngnamh do thabhairt chum ár d-tréadaighthe do chothughadh. An sémhadh. Gan pósadh do dheanadh san aimsir coisgighthe, ná daoine phósadh taobh astigh de na glúinibh toirimisgthe ó'n Eaglais; ná go foluigheach. C. A g-ceangalaid aitheanta na hEagluise fe Phéin pheacaidh mharbhthaigh? F. Ceangalaid; “an te nách néisteann leis an Eaglais,” deir Críost, “biadh ion do thuairim mar phágánach agus mar phublacánach.” C. Cad ta ríachtanach chum aitheanta Dé, agus a Eagluis do choímead? F. Grásta Dé, do geobhfar go prúnsabáilte le hurnaighe agus leis na sacramuínte. An VII. Léigheann. Air Urnaighe agus air na Sacramuinte. C. Cad is Urnaighe ann? F. Tógbháil an anama suas chum Dé, chum é d'adhrughadh, chum a naomh ainim do bheannughadh, chum a mhaithis do mholadh, agus chum buidheachais do thabhairt dho á d-taobh a thiodhlacaidh. C. An-aon nidh eile an Urnaighe? F. Seadh; is athchunuigh umhal chum Dé í, aig íarradh gach nidh ríachtanach a d-taobh anama agus fuirmcolinne. C. Cionas is cóir dhúinn Urnaighe do dheanadh? F. Có haireach agus có cráibhtheach 's is féidir linn, agus air mhodh omósach, agus air ghlúine feacuighthe.
C. Cá ham áirighthe ar cóir dhúinn urnaighe do dheanadh? F. Air laethe saoire agus domhnaigh; gach maidean agus tráthnóna; agus ion gach contabhairt, cathuighthe agus buaireamh. C. Cad íad na coinghiail ata ríachtanach chum ár n-urnaighthe do dheanadh taithnemheach? F. Ní foláir íad do thairgsint a g-cómhnuighe le croidhe umhal doilghiosach, le teasghrádh agus buanseasamhacht, le muinín a maitheas Dé, le bheith sásta lena thoil agus ion ainim Iosa Chríst. C. Cad íad na hurnuighthe is mó moltar linn? F. Urnaighe an Tíarna, Fáilte an aingil, Cré na n-Apstol, agus an Fhaoisdín gheinearáilte. C. An molann an Eaglais, mar an g-ceadna, na gníomhartha Creidimh Dóchais agus Cárthanachta? F. Molann go dúrachdach; is fuirm anmhaith urnaighe íad; agus cuireann siad ár b-príamh-dhualgais a d-taobh Dé ag-cuimhne dhúinn. C. Cad íad ár b-príamhdhualgais a d-taobh Dé? F. Creideamh ann, Dóchas do chur ann, agus e do ghradhughadh. C. Cad fáth a n-deanair gníomh Croidhbhruighthe roimh na Gníomhartha Creidimh Dóchais agus Carthanachta? F. Chum maitheamhnais d'fhaghail ion mo pheacaidh agus d'á bhár son go m-béidh m'urnaighthe níos taithneamhaighe a láthair Dé, agus níos tairbhighe dhom féin.
C. Cad íad na meodhain eile a g-ceann urnaighe le'r féidir linn grásta Dé fhaghail? F. Leis na sacramuinte na meodhain is treise airbith. C. Cad is sácramuint ann? F. Comhartha, no gníomh sofheicsinte, se sin, fóiriomlach, do thionsganuigh Críosd chum grásta do bhronnadh. C. Cad as a bh-fuil brigh ions na sácramuintibh chum grásta do bhronnadh? F. As mórluaidheacht Chríst, do chuirid a d-tairbhe d'ar n-anamaibh. C. Cad fáth a n-déantar usáid de'n urad-san fuirmráite aig freasdal na sácramuinte? F. Chum cráibhtheachta agus omóis do spreagadh dhóibh; agus chum a m-brigh do chur a d-tuigsint, agus do mhíonughadh. C. Cá mhead sácramuint ann? F. Seacht. Baisde, Cóneartughadh, Corp Críst, Aithrighe, Ola dheaghanach, Ord beannuighthe, agus Pósadh. An VIII. Léigheann. Air Bhaisde air Chóneartughadh, agus air Churp Chríst. C. Cad is Baisde ann? F. Sácramuint do ghlanas sinn ó pheacadh na sínsear, do dheanas Críosdaighthe agus clann Dé dhínn, agus oighrigh air ríoghacht na bh-flathas. C. A bh-fuil Baisde ríachtanach chum slánuighthe?
F. Atá: gan é ní féidir linn dul asteach a ríoghacht Dé. C. Cé híad do cheap Críost chum Baisde d'fhriothólughadh? F. Tréaduighthe a Eagluise; acht a g-cás ríachtanais is féidir le fear no bean tuata airbith a fhriothólughadh. C. Cionas tugthar Baisde? F. Le huisge dhórtadh air cheann an té ata le baisdeadh; aig radh 'san am chéadna; “baisdighim thu, a n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomhtha.” C. Cad do gheallamar san m-baisde? F. Diultughadh de'n Díabhal, agus d'a oibreachaibh agus d'a uabhair uile. C. Cad is Cóneartughadh ann? F. Sácramuint doghnidheas Críosdaighthe neartmhara iomlána dhínn. C. Cad é an t-ollmhughadh fé leith, is cóir do dheanadh chum Cóneartuighthe do ghlacadh? F. Faoisdin mhaith do dheanadh, agus le hurnaigh caoindúrachdach an t-athair síorruighe do ghuighe go g-cuirfeadh se an Spiorad naomhtha chughat. C. Cad is dógh leat dhoibh-se do ghlacas Cóneartughadh air staid pheacaidh mharbhthaigh? F. Ní bh-faighid tairbhe airbith tríd; acht méaduighid a b-peacaidh le cur tromualach pheacaidh na diamhasla os ceann a seanchortha eile. C. Cad íad na grásta faightear le Cóneartughadh?
F. Seacht d-tiodhlacaidh an Spioraid naomhtha. C. Abair seacht d-tiodhlacaidh an Spioraid naomhtha. F. Eagna, Tuigsint, Cómhairle, Fulang, Eolas, Cráibhtheacht, agus Eagla an Tíarna. C. An peacadh mór failligh a dheanadh Cóneartughadh do ghlacadh? F. Seadh Go háirighthe ions na drochlaethibh seo ion a bh-fuilid Creideamh agus deighbhéasa dá g-cur a g-cuntabhairt le cathuighthe roiomadamhla agus roghéara. C. Cad íad na dualgais do chuireas Cóneartughadh oruinn? F. Ar g-creideamh d'admháil go fosguilte; gan ár g-creideamh do shéanadh air ócáid airbith; agus mar shaigheadúirigh cróga Críst a bheith dílis dho go bás. C. Cad is corp naomhtha an Tíarna, no an Eucaruist ann? F. Feoil agus Fuil, anam agus díadhacht Iosa Chríst fe ghnéthe aráin agus fíona. C. Cad do chíalluigheas an focal Eucarist? F. Grásta, no tabhartas spesíalta Dé; agus cíalluigheann fós gníomh solomanta buidheachais le Día air son a thrócairidh go huile. C. Cionas is féidir leis an arán agus leis an bh-fíon a bheith aisdrighthe chum feola agus fola Chríst? F. Le maitheas agus cómhachta Dé, aig nách bh-fuil aon fhocal dodhéanta.
AN IX. Léigheann. Air an aifrionn agus air an g-Comaoin. C. Cad is aifrionn ann? F. Iobairt feóla agus fola Críst, ata go fírinneach a láthair, fé ghnéthe aráin agus fíona agus ofráiltear do Dhía tri an t-sagart, air son na m-beo agus na marbh. C. Cad is íobairt ann? F. An chéud ghníomh is ríachtanaighe de'n Chreideamh trí n-admhuigheamaoid árdchómhachta Dé os ár g-ceann, agus ár seasamh go hiomlán air. C. Cad íad na críocha chum a n-deirthear an t-aifrionn? F. Chum onóire agus glóire a thabhairt do Dhía, chum buidheachais do bhreith leis a d-taobh a thíodhlacaidh, chum maitheamhnuis d'fhaghail ion ár b-peacaidh, agus gach uile ghrásta, agus beannughadh eile tri Iosa Críost. C. Cad í an chrích eile chum a n-deirthear an t-aifrionn. F. Chum íobairt Críst air an g-crois do bhuanughadh agus chur a g-céill: “deanaidhe seo,” deir Críost, “a g-cuimhne orm-sa.” C. Cionas is cóir dhúinn sinn féin d'iomchar a láthair an aifrinn? F. Le hiomad cuímhne, agus cráibhtheacht inmheónach: agus le gach uile chomhartha omóis agus caoindúthrachta sofheicsinte. C. Cad e an modh is fearr chum aifrinn d'éisteacht? F. E do thoirbhirt do Dhía, air aon íntin leis an t-sagart chum na críche céadna le a
ráitear é; machtnughadh air pháis Críst, agus dul chum comaoine. C. Cionas is ríachtanach dhúinn a bheith ollmhuighthe chum comaoine? F. Is ríachtanach dhúinn a bheith air staid na n-grás, foillsighthe le Creideamh beo, misnighthe le Dóchas diongabhálta, agus lasta le teasghrádh Dé. C. Cad do chíalluigheas a bheith air staid na n-grás? F. A bheith saor an chuid is lugha dhe ó choir pheacaidh mharbhthaigh. C. An-íarrthar aon nidh eile roimh chomaoin? F. Iarrthar, a bheith air ceudlocan ó mheodhanoidhche; agus is cóir dhúinn bheith anmhodhamhuil fíríseal agus glan an-éadach; aig teasbánadh ion ár n-iomchar fóiriomlach uile, an chráibhtheacht agus an t-omós is mó do shácramuint co naomhtha sa. C. Cad is cóir dhúinn do dheanadh taréis comaoine? F. Ba cóir dhúinn seal do chaitheadh a machtnughadh agus air urnaighe; agus go háirighthe a n-gníomhartha buidheachais. C. An peacadh mór comaoin do ghlacadh go mifhiúntach? F. Seadh; “an te do ghlacas é air dhrochstaid beigh cionntach a bh-feoil agus a bh-fuil an Tíarna: agus itheann breitheamhnas, se sin, damaint dho féin, gan corp an Tíarna do bhreithneughadh.” C. Cad do chíalluighir le comaoin mhifhiúntach do ghlacadh?
F. An Eucairist, se sin, corp naomhtha an Tíarna do ghlacadh air staid pheacaidh mharbhthaigh. C. Cad is ríachtanach do dhuine a dheanadh má bhín a b-peacadh mharbhthach roimh chomaoin? F. Is ríachtanach dho maitheamhnuis d'fhaghail ion sácramuint na haithrighe. AN X. LÉIGHEANN. Air Aithrighe agus air Fhaoisdin. C. Cad is Aithrighe ann? F. Sácramuint lena maitear dhúinn na peacaidh iona d-tuiteamaoid tar éis ár m-baisde. C. Cad is ríachtanach do dheanadh chum maitheamhnais d'fhaghail ionár b-peacaidh tri sácramuint na hAithríghe? F. Is ríachtanach dhúinn, Faoisdín mhaith do dheanadh. C. Cad e an modh is fearr chum sinn féin d'ollmhughadh chum Faoisdine maithe do dheanadh. F. Air d-tús; grásta ó Dhía d'íarradh go dúrachdach, chum Faoidine maithe do dheanafh. An dara nidh; sinn féin do mhionscrudughadh go haireach air aitheanta Dé agus a Eagluise, air na seacht b-peacaidh marbhthacha, agus go háirighthe air ár n-anmhíanta is mó da bh-fuilimíd claon, agus air dhualgaisibh ár slighe bheatha; ionas go m-beadh fhios aguinn, cad ann, agus cá mhéad uair do pheacuigheamar le smuainte, le bríathar le gníomh, no le failligh; an treas nidh, gníomhartha Creidimh, Dóchais agus Carthanachta do dheanadh. Agus an ceathramhadh
nidh; sinn féin do spreagadh chum Croidhbhruighthe fírinighe air son ár b-peacaidh. C. Cad is Croidhbhrughadh ann? F. Doilghios croidhe agus fuath don pheacadh, tri fheirg do chur air Dhia, le rún diongabhálta gan peacughadh níos mó. C. Cad is cóir dhúinn a dheanadh aig faoisdín. F. Is cóir dhúinn beannacht an t-sagairt d'íarradh, an fhaoisdín gheinearáilte do radh, sinn féin do chionntughadh ionár b-peacaidh, éisteacht le n'a oideas; agus ár n-doilghios d'athnuadhchaint 'nuair bheireas absolóid dhúinn. C. Cad is dogh leat de'n dream-sa do cheileas peacadh marbhthach san bh-faoisdín? F. Deanaid peacadh anthrom tri bhréig d'ínsint don Spiorad naomhtha; agus ion áit maitheamhnais d'fhaghail, tarraingid ortha féin iríre Dé níos troime. C. Cad is riachtanach dhóibh so do dheanadh nach scruduigh a g-cónsias go haireach, aig nach raibh doilghios fírinneach a d-taobh a b-peacaidh, no do cheil go toiltineach peacadh marbhthach a b-faoisdin? F. Is éigean dhóibh aithrighe fhírinneach do dheanadh a d-taobh gach drochfhaoisdín díamháslathach de'n t-sórt son, agus íad go léir d'aithdheanadh. C. Cad e an comhartha is fearr go raibh ár bh-faoisdín go maith; agus go raibh doilghios fírinneach oruinn tri n'ár b-peacaidh? F. Leasughadh ár m-beatha. C. Cad is cóir dhúinn do dheanadh taréis faoisdine?
F. Buidheachais do thabhairt le Día, agus an breitheamhnas aithrighe do chuir ár n-oidea-faoisdine oruinn, do chomhlíonadh go dúrachdach. AN XI. LÉIGHEANN. Air na Sácramuinte eile. C. Cad is Ola dheaghanach ann? F. Sácramuint dobheireas grásta chum deaghbháis d'fághail; agus do tionsganuigheadh go mórmhór chum neirt agus compóird spioradálta do thabhairt do dhaoine a n-guais bháis. C. Cionas ba cóir dhúinn sinn féin d'ollmhughadh don Ola dheaghanach? F. Le faoisdín mhaith, agus ba cóir dhúinn doilghios fírinneach a bheith oruinn a d-taobh ár b-peacaidh, agus bheith sásta le toil Dé, an-uair do ghlacamaoid an t-sácramuint dheaghanach so. C. Cad is Ord beannuighthe ann? F. Sacramuint dobheireas Easboig, Sagairt agus Cléir ísle don Eagluis; agus do neartuigheas leo chum a n-dualgais fá leith do chomhlíonadh ínti. C. Cad is pósadh ann? F. Sácramuint dobheireas grásta don lánamhuin phósta maireachtain go séanmhar a bh-fochair a chéile, agus a g-clann do thabhairt suas a n-grádh agus a n-eagla Dé. C. A bh-faighid seo grásta Sácramuint an phósta, do phósas a staid pheacaidh mharbhthaigh? F. Ní bh-faighid. Ta síad ciontach a n-díamhasla
romhór tri mimheas do thabhairt do shácramuint có mór-sa; agus an-ionad beannachta, gheibhid a n-damanughadh. C. Cad is cóir do dhaoinibh do dheanadh chum sácramuint an phósta do ghlacadh go fiúntach? F. Ba cóir dhóibh faoisdín mhaith do dheanadh, agus ímpighe air Dhia go dúrachdach, íntin ghlan do thabhairt dhóibh, agus íad do stiurughadh ions an togha atáid air ti do dheanadh. C. An cóir do chlainn cómhairle a n-aithreacha agus a maithreacha d'iarradh a d-taobh an phósta is íntin leo do dheanadh? F. Is cóir, agus a g-cómhairle do ghlacadh do réir céille agus creidimh: ba cóir dhóibh mar an g-ceadna sgéala tráthúil do thabhairt d'a sagartaibh. C. An féidir snaidhm, no ceangal an phósta bheith sgaoilte go bráth? F. Ni féidir, acht le bás an fhir, no na mna. C. Cad fath ar chuir Críost na sácramuinte air bun? F. Chum ár n-anama do naomhughadh; agus sinn d'ollmhughadh chum aiséirighe séanmhaire glórmhaire. AN XII. LÉIGHEANN. Air an m-Breitheamhas geinearáilte. C. Cad do chíalluigheas aiséirighe na colainne? F. Go g-caithfidhmíd uile éirighe arís air an lá deaghanach. C. Cad thuigean tu leis an lá deaghanach? F. Lá an bhreitheamhnais gheinearáilte 'n-uair
is éigean dhúinn uile teacht a láthair cathaoire bhreitheamhnais Chríst; agus annsin roinfigh se le gach aon do réir a ghníomhartha. C. Cionas thiucfaigh Críost chum breitheamhnais do thabhairt oruinn? F. A néulta neimhe le mórchómhachd agus mórgachd, agus na haingil na chuideachda. C. Cad déarfaigh Críost leis na fíréinibh air an lá deaghanach? F. “Tagaidhe A lucht beannuighthe m'athar, glacaidhe seilbh air an ríoghacht ata ollmhuighthe dhaoibh.” C. Cad déarfaigh Críost leis na drochbheathaigh air an lá deaghanach? F. Teilgfear idir chorp agus anam íad go píanta síorruighe. C. Cá reachfaid na fíréin air an lá deaghanach? F. Rachfaid na fíréin asteach le colannaibh glórmhara domharbhtha san m-beatha shíorruighe. C. Cad do chíalluigheas an bheatha shíorruighe? F. Cíalluigheann, ma dhéanamaoid réir Dé go dílis air an t-saoghal so, go m-beidhmíd go séanmhar an fhochair ions na flathais go síorruighe. C. Cad do chíalluigheas séan na bh-flathas? F. Día d'fheicsint, do ghrádhughadh agus do
shealbhughadh ion ríoghacht a ghlóire, tri shaoghal na saoghal. Amen. C. Cad do chíalluigheas Amen? F. Bíadh mar sin. Críoch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services