Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Corraghliocas na mBan
Title
Corraghliocas na mBan
Author(s)
de Barra, Dáibhí,
Compiler/Editor
Ó Conchúir, Breandán
Composition Date
1834
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1991)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L319} {L 1} {B 1834 19L} {G L} {U 0305} {C Prós} {M 8} An Díonbhrollach. Chum mo chomhbhuíne do léas an leabhar so. Adeirim libh go grinn ní fuil ní ar bith is mó a tharraingeann chum néaladóireacht agus drochbhearta duine ná díomhaoineas, agus ó nach bhfuil a fhios againn cia díobh is fearr i láthair Dé, duine dá mharú féin le hobair nó bás do sholáthar de dhroim díomhaoinis, ag amhlorgaireacht ar phléisiúir saolta agus de ghrá ban, do-dhéan an beagán briathar so do bhronnadh ar mo chomhaos óg mar luibhleabhar chum iad do leigheas ar an nimhghalar sin. Agus ó ba thoil leis an nDúileamh meabhair chum a thuigseana agus lámh stiúrtha ar an ngobpheann a thabhairt dom, cuirfidh mé anso síos i dteanga a máthar agus i mbriathra míne, macánta an ceart dóibh, ar chor go mbeidh mo fhocail acu amhail coinneal i lantaeir chum iad do sheoladh agus a threorú tré cheo dorchadais a mí-eolais, de bhrí gur iomdha drochbhearta agus trioblóid
ag gardáil ar bhaois óige an duine agus dá tharraint chum aimhleas coirp agus anma, agus dá bhrí nach bhfuil ní ar bith is coitinne do mhilleadh na mbaothógán ná conbharsáid agus cuideachta slíomadóirí ban ina mbíonn gliocas 'na mbriathra agus mioscais 'na n-aigne. Dá bhrí sin do tuigeadh dom nárbh fhéidir liom aon chomaoine do chur ar mo lucht comhleanúna agus cumainn ba mhó ná an compánach beag póca so do bhronnadh orthu, chum go mbeadh sé mar éide chosanta acu i gcoinne deartaibh nimhiúla mealltóirí ban, do chuireann d'fhiachaibh oraibh (an tan a mealltar leo sibh) a bheith
bhur n-amadána neamhurramúil d'bhur muintear agus
n bhur seirbhíseacha neamhchearta d'bhur máistrí agus
n bhur ndrochfhearaibh d'bhur mná an tan a póstar sibh, agus mar bharr ar gach drochscéal,
bhur n-aithreacha olca, fuara, faillítheacha d'bhur gclainn. Níl ní ar bith níos cinnte ná go ndéintear mórán de na buachaillí óga, baothchéillí do tharraint agus do mhealladh le harthaí piseogacha agus le foghar draíochtúil na líoga lómhar so. Chum sibh féin do sheachaint ar na fiacha dubha so i gcleití péacóige, agus chum sibh do dhéanamh comhluadar agus conbharsáid cainte leo, gan aon dochar díbh féin, do ghlacas mar theasc an leabhar beag so do chur i dtóin a chéile leabhar beag so do chur i dtóin a chéile, gan do iarraidh de luach saothair ach bhur mbeannacht. Agus ó tá sibh ar bhur gcumas féin fós agus i mbláth bhur n-aoise, do-dhéan dánacht ar m'ainm do chur fá bhun an díon-bhrollaigh, dá chur i gcéill gur mé bhur seirbhíseach díleas, bithbhuan go bás. Dáibhí de Barra.
Corr-ghliocas na mBan Léirmhínithe. An Chéad Pháirt. De Bhladaireacht nó de Bhréagaibh na mBan. De gach uile ní ar olcas níl aon phointe is iomarcaí agus is coitinne os cionn na ndaoine ná comhluadar aimhdhlitheach leis na mná, agus de gach uile pheaca is é is treise agus is mó tímtáisiún agus is mó mailís agus cluanaireacht do húsáidtear chum fearaibh a tharraint chum na hóinmhideacht so. Atá tarraingtheoireacht na mban comh grámhar sin, agus é gonta ó nádúr comh láidir sin, gur deacair do dhuine é féin do chosaint gan corraí le tímtáisiún gleáchais na mban gcorr-ghlic, agus é do thiomáint ar aghaidh le mian neamhchuimsithe na drúise gan teora. Agus ó nach bhfuil aon phaisiún den tsórt so róláidir chum bua d'fháil air, ná aon tímtáisiún róthréan chum a sheachanta, féadfaidh tú féachain go cruinn ar na meoin do chuirfeadsa síos duit insa leabhar beag so. Caithfidh tú a bheith armálta i gcoinne breáthacht, cuirfir grá fád chois mar sheirbhíseach, agus cuirfidh tú prasghliocas na mban ar neamhní, agus beid na meoin chum tú a theagasc in ionad do dhamáiste. Tabhair aire conas a thógfaidh tú meas rómhaith ar mhnaoi ar do chéad amharc uirthi, óir ní fheiceann tú an bhean go fírinneach, ach a cuid bláthornáidí, agus a paistí dathannacha, agus a cuid maise éadaigh noch do bhíonn uirthi chum a droch-chreat d'fholach. Breáthacht amhail fírinne, is é am is dathúla í an uair is lú a folach. Atá mórán ag a mbí féachaint bhreá acu an tan a bhíd gafa in éadach shaibhir, agus an uair a chuirid díobh an bláthdhíon sin scinneann an bhean sciamhach chum siúil amhail do rin Juno le hIxion, nár fhág sí aige ach pleidhce de scamall i bhfoirm mná le pógadh. Má thaitníonn bean leat agus gur mhaith leat fios d'fháil an mbeadh sí de nádúr comh maith is d'fhéachann sí, cuimhnigh ar theacht chuici ar maidin an uair ná beidh
uimpi, agus is aon in aghaidh dheich nó do-ghéabhair do bhandé ar athrú cuma, agus an t-aingeal ag a raibh aghaidh t'intinne (ar a róbhreáthacht) iompaithe i riocht gósta nó sprid urláir. Bí de ghnáth éadmhar leis an ógbhean a bheadh de shíor ag moladh a geanmnaíochta, nó leis an mnaoi do bheadh ag craobhscaoileadh ar dhrochbhearta a fir agus gan é do láthair, nó
baintreach do bheadh ag suirí led chuideachtain; óir an tan do bhíonn bean ag moladh a geanmnaíochta is amhlaidh a bhíonn sí amhail fear siopa ag moladh a chuid earraí ag iarraidh a bheith réidh leo, agus an bhean do nochtas drochghníomhartha a fir, agus gan é láithreach, os comhair fir eile is dearbh go ndéanfadh í féin do leathadh os comhair an fhir chéanna gach uair do iarrfadh uirthi é, agus an tan do bheas baintreach ceanúil ar do chuideachtain bí lándeimhneach gur tré rún do tharraingthe chuici féin do bheidh sí agus muna mbeidh tú ar t'aireachas go maith cuirfidh sí tú id bheathaidh. Ná cuireadh aon tímtáisiún d'fhiachaibh ort piocadh suas le haon mhnaoi ar an sráid, agus dá dtitfeadh amach go ndéanfá, bíodh súil romhat agus súil id dhiaidh, mar an áit na mbeidh drúis ad tharraint beidh dainséar ad leanúint. Ná glac saint chum tabharthaistí mná óir níl iontu ach mar a churthaí breac mar bhaidhte chum breith ar bhradán, agus an tan is dóigh leat bheith ag breith lena tabharthaistí is amhlaidh a bheir ad chailliúint féin. Gach duine do ghéabhthar le gaiste cealgshúileach na mban is amhlaidh a bhíonn mar do bheadh cuil i neid duáin alla, mar a mbeadh sé ag aireachas nó go bhfaigheadh é ar a shocracht chum a mharfa. An té do sheirbheálfaidh drúis mná níl ann ach mar do bheadh monkey ag duine uasal, óir ní bhíonn meas aige air ach an feadh a bheidh sé ag súgradh len' eireaball. Bí comh haireach ar conas a mhairfir ar striapaigh is do bheir ar conas do choimeádfaidh tú ceann, óir le mairiúint ar cheann ní bhéarfaidh tú aon ní, agus le ceann do choimeád caillfir gach ní. Bíodh agó agat insa mhnaoi do bheidh róshaibhir de réir a comhrá féin, óir an bhean a bhíonn ag síorthrácht ar ró-mhéid a foirtiúin agus a saibhris is gnáthach gurb amhlaidh a bhíonn sé róghann. Ná tuig go mbíonn gach aon bhean saibhir do chaitheann éadach breá, óir is gnáth leo a maighdeanas do chur i ngeall chum a mórála do choimeád suas. Ná cuir dóchas rómhór i radharc d'fháil ar roinnt guiní nó watch óir, mar b'fhéidir ná fuil iontu so ach bróga adharcacha chum tú a tharraint chum do bhotúin. Ná creid teastas aon duine ar fhoirtiún mná muna mbeidh aithne mhaith agat air, óir ní curthar match ar a haghaidh go brách gan gríosaitheoirí.
Bí deimhneach dá spré, siúd go dtógfá a suáilcí ar chreidiúint, ach an té do thógfaidh iad araon ar chreidiúint do-ghéabhaidh amach, an tan a bheidh ródhéanach, ná beidh ceachtar díobh ar chreidiúint aige. Ná tóg ort síorghrá mná do tharraint ort le bheith ag tabhairt tabharthaistí dhi, ar an abhar gach tabharthas do-bhéarfairse uait beid ar ball i seilbh do chomhghráthóra; agus dá éamais sin is ait leo tabharthaistí, agus má thugair mar thaithí dóibh é ní bheidh grá acu dhuit ach an feadh do bheir ag tabhairt uait. Ná creid grá ón mnaoi do thaispeánfadh sórt comharthaí grá agus adéarfadh leat go mbeidís fírinneach, óir glacaid siad móráil ar son grá a bheith dóibh, siúd gurb iad an mhuintear na mbeadh scorn orthu 'na dtaobh do bheadh i ngrá leo. Ná glac meas rómhór ort féin de dheasca bladaireacht mná agus ná tóg a moladh mar chomhartha grá, mar níl ann ach cuid den chorr-ghliocas, ar an abhar is amhlaidh a bhíd na mná glioca amhail cruinnrialaitheoir, bíd ag síorbhladaireacht leis an muintear is mó na mbíd ar tí
dhéanamh dóibh. Ná cuireadh aon bhean artha dhuit de dhroim a léir-theangthaí, óir is mó duine a bhíonn go prasbhriathrach ar róbheagán tairbhe. Ná tuig agat féin gur móide rialtacht mná cuir suas duit ar do chéad iarracht, óir is amhlaidh a bhíd amhail cathair do bheadh i bhforéigean, seasóid siad roinnt iarracht agus fá dheoidh tiocfaid siad aduas agus géillfid siad ar théarmaí réasúnta. Bíd roinnt de na mná amhail cathair láidir nach féidir iad do thógáil ach ar aon tslí amháin, agus muna bhfaighe tú an tslí sin amach go hachomair, glac foighne, agus má thaitnír léi cuirfidh sí féin ar an slí gcóir tú. An tan a dhéanfadh bean drochbheathach do dheacracha do réiteach, níl ann ach le mian deimhnitheach go réiteofása broid a drúise. Is amhlaidh a thomhaiseann sí a carthanas let acfainnse. Leathfaidh sí a sparánchordaí chum tú a choinneáil suas it uireaspaí, cuir i gcás go rachfá i bponc róchruaidh chum réachan ar a deacracha,
bí deimhnitheach ná beidh sí 'na seirbhíseach agat ach an fhaid do bheirse id sclábhaí aicise. An té do bhíonn 'na stail aige striapaigh bíonn sé 'na sheirbhíseach ag an ndonas agus 'na churadh chosanta ar olc duine eile, 'na mheatach i ngach dea-shlí agus gach lá ag tuilleamh na mallachta dhó féin. Ná cuireadh aon bhean lena cuid cluanaireacht ná praschéille
d'fhiachaibh ort í a ghráú, dá bhrí má bhíonn sí ciallmhar a daothain chum tímtáisiún do chur ort, is fíor go mbeidh sí glic a daothain chum tú a mhealladh. Ná fulaing tú a theanntú aige mnaoi do bheadh ró-fhríálta 'na cuid deischainte, óir an bhean a bheadh róchúramach ag taispeánadh a hiompair is amhlaidh a bhíonn sí amhail do bheadh gráthóir na mbeadh mórán cúraim uirthi, agus bé ar bith do bheidh socair leat i measc cuideachtan beidh mórán níos socra san áit ná beidh ach dís i bhfochair a chéile. Ná tuig agat féin go dtabharfadh claonfhéachaint grámhar mná teideal duit chum dul 'na sciortaí, ar an abhar is féidir leo féachaint ar thaobh díobh agus a gcroí a bheith ar thaobh eile. Ná bíodh tnúth agat le haon dea-iompar ó mhnaoi a níos mó ná mar do thaispeáanann sí, óir atá sé de shlí acu, de dhroim oidhreachta an chorr-ghliocais, go gcuirid an taobh is fearr amach de ghnáth. Má bhíonn tú i ngrá tabhair aire conas a theilgfidh tú do rún, de bhrí an t-iasc a bhíonn ag síorshúgradh timpeall an bhaidhte taispeánann sé a bheith toilteanach lena ghabháil. Ná húsáid do neart chum pléisiúir
na mná breátha ná t'aimsir ná do chuid airgid chum riartha ar a n-antoil, ach pós bean gheanmnaí de threabhchas mhaith agus foirtiún nó spré chothrom aici, agus má ghní tú sin níl aon chontúirt ná go mbeir ar do shocracht. An Dara Caibideal. De Mhíchoinníoll nó de Dhíomuaineas na mBan. Bé ar bith bean do thabharfadh suas a bandacht chum toile duine eile do chomhlíonadh ní bheidh aon scrupall uirthi an fhríáltacht chéanna do dhéanamh le haon fhear chum pléisiúir di féin, óir is beag de mhná na mbíonn grá comh gonta 'na gcroí gur mó an grá do bheadh acu d'fhear ná dhóibh féin. Dá bhrí sin an bhean do chaillfeadh a creidiúint i gcomhair do thoilese do chomhlíonadh cuirfidh sí do ghrása fána cosaibh d'fhonn í féin do shásamh, agus an bhean a dhéanfadh gach ní díobh so ní féidir léi a bheith díleas. Ná cuir do mhuinín insa mhnaoi do chaill a honóir, ar an abhar an bhean do chaill a creidiúint is deimhin ná fuil aon ní eile aici chum seasaimh air chum a bheith díleas. Is amhlaidh a mhaireann
dílseacht ar gheanmnaíocht, agus ise do chaillfeadh a geanmnaíocht níl ní ar bith eile aici do chuirfeadh d'fhiachaibh uirthi dílseacht do choimeád. An bhean nar mó a thaitníonn a hantoil léi ná a bandacht beidh sí díleas dá drúis agus ní dhuitse. Níl ní san mbith is mó a tharraingíonn grá fir ar mhnaoi ná dóchas go mbeidh sí díleas dó, ach is fearr dhó a thuigsint a beith bunoscionn, dá bhrí má ghní sé sin ní féidir léi é a mhealladh. Atá 'fhios aige na mná gur mó an cion agus an meas a bheadh ag na fir ar iad a bheith díleas ná ar aon chuid eile dá mbandacht, ach atá sé de bhith aige na mná corr-ghlioca go meallfaid sinn insa ní is mó na mbeidh ár muinín. Níl aon ní níos scannalaí ná striapach do choinneáil, dá bhrí í sin do choimeádfairse coimeádfaidh sí sin stail eile má fhéadann, mar beidh an oiread mórchroíúlacht inti chum a bheith 'na máistreás ar dhuine eile is do bheadh ionatsa chum a bheith id mháistir uirthise; agus an té nar dóigh leis go mbeidh bean díleas dó ar son a cosnaimh is amhlaidh a bhíonn 'na choirpeoir dó féin agus 'na rí-óinmhid ag a mháistreás. Ná cuir iomarca dóchais i mbean phósta, dá bhrí an bhean ná beidh díleas dá fear féin is fíor ná beidh sí amhlaidh dhuitse. An bhean do bheadh pósta agus do réiteodh le fear eile chum a bleathach pise do bhualadh, go dearbh is fíor go mbíonn comh díleas leis an mbean do bhí aige Monsieur Ragoue do bhí díleas don tslua. Má bhíonn bean phósta 'na striapaigh, le í a thriail níos géire bíonn sí claonbheartach, óir an bhean na mbíonn a fear féin aici dá mhealladh gach aon lá, is fíor go meallfadh sí a journeyman ar a socracht. Ar ghrá bithbhuan do sheasaíonn dílseacht, agus gan an díl
eacht ní bhíonn an grá buantseasmhach fá a mbí an bun falsa. Ná bí díleas d'aon bhaineannach ach bean, óir má bhíonn tú meallfair tú féin. Ná bíodh súil agat le dílseacht ó spairntheoir striapaí, nó má bhíonn meallfar tú mar an gcéanna. Ná creid briathra na mná do chaill a geanmnaíocht, ach creid an mhalairt, óir labhrann sí bunoscionn. Má cheanglann tú muintearas le mnaoi, gach ní do dhéanfaidh sí dhuit ná bíodh ann ach mar do thuillfir, agus má bhíonn sí díleas duit, is ní é nach raibh súil agat leis.
Ná tuig go mbeadh bean folláin don té na ligfeadh sí uirthi cion mór do bheith
air, mar an té is mó do bheadh sí do mhealladh is leis is soilbhre do bheadh sí. Ná tuig go mbíonn gach aon bhean 'na maighdin do bhíonn ag síorthrácht ar a maighdeanas, mar iad uile na ndearna mná dhíobh do ligfidís orthu a bheith 'na maighdeana. Má bhíonn tú mór le bean fir eile agus go ndéarfaidh sí leat nach aithnid di aon fhear ach a fear féin agus tusa, ná creid a briathra, óir móideoidh agus dearbhóidh dá fear nach eol di fear eile san mbith ach é féin amháin. Ná creid focal ón mnaoi adéarfadh go mbeadh sí lándíleas, buantseasmhach, óir dearbhóidh sí ar son a macántacht do láthair an té ler chiontaigh sí. Ná gráigh aon bhean agus gan a fear do láthair, mar níl ann ach mar a stopfá bearna do dhuine eile ná géabhadh a bhuíochas leat; agus cuimhnigh an tan a thiocfaidh an fear isteach go gcaithfirse teitheadh. Má bhíonn tú i ngrá le bean coinnibh t'aigne agat féin; sásaimh í le briathra milse ach ná nocht do phaisiún, agus mar sin, led bhainistí, b'fhéidir dhuit í do mháistríocht, ar an abhar da neosfá do ghrá ó thúis go mbeifeá fána cosaibh mar sheirbhíseach. Tomhais grá mná lena héadmhaireacht, óir is leis an té is mó a bhíonn sí i ngrá is mó a bhíonn sí ag éad agus is leis an té is mó a bhíonn sí i ngrá is mó a bhíonn sí i ndíograis. Bí éadmhar leis an mbean ná beidh éadmhar leat, óir an bhean ná beidh éadmhar leat ní bheidh sí i ngrá leat ná díleas duit. Gach bean ba mhaith leat do choinneáil díleas duit freagair do gach dóchas a bheidh aici ionat, dá bhrí má thugann tú an fhaillí is lú inti atá do chluiche ar pointe a chailliúna. Bíodh súil aireachais agat ar an mnaoi na mbeifeá i ngrá léi. Ná lig ort dabht do bheith agat 'na geanmnaíocht, nó má ligir beidh sí ag baint trialacha as do chreideamh. An bhean do phógfadh a fear os comhair daoine is gnáth go mbíonn a súile ar an té a phógfadh sí san uaigneas, agus an bhean do phógfadh i bpoiblíocht agus in uaigneas is cuma léi cá bpógfadh sí. Toghaibh dhuit féin bean dhiaga mar cosnaíonn diagacht discréid, agus discréid bandacht, agus bandacht náire, agus náire grá, agus grá dílseacht. Do-ghní míchoinníoll do bheith i mnaoi an pósadh amhail sceach
ar a bhfásann mórán deilgne géara, agus do-ghní míchoinníoll i bhfear an bhean míchoinníollach, agus do-ghní bean mhíchoinníollach an fear 'na ghnáthchocól. Ná tabhair iontaoibh le fear ar bith i bhfochair do mhná aige baile agus tú féin amuigh, agus ná hiarr ar do bhráthair í a choimeád agus gan tú do láthair, óir déanfaidh an chaoi agus an síoriarratas bua do bhreith ar an gcroí is cróga san mbith bhraonaigh. Ná beir aon fhear leat go nuig do mháistréas má bhíonn cion agat féin uirthi, dá bhrí má bhíonn sí ceanúil ort gur róthaitneamhach a ghéabhaidh sí do bhráthair chuici ar do shonsa. Atá mórán ban do bhíonn fuar de nádúr, agus go háirithe an mhuintear a béarthar faoi phlainéid fuar na ré; ach cuimhnigh ar an seanfhocal i gciall fhoirmdhlitheach, nach fuil aon ní fán ngealaigh nach féidir do iompó. Is mór an mhaith a bheith díleas, agus má bhíonn duine ar a chontráil níl ann ach olc dainséarach; an bhean do thréigfeadh an chéad ní agus do leanfadh an dara ní, ní ceart í a ghráú ná ionchaibh do thabhairt léi. Is maith an ní bheith ciallmhar, agus is ciallmhar an ní bheith fírinneach, agus is fírinneach an ní a bheith díleas. An Treas Caibideal. De Ghrá na mBan. Is urasa grá mná do tharraint ach is deacair é do choinneáil. Do ba usa dhuit creidiúint a chur fá chois agus bean gheanmnaí do tharraint chum do thoile ná a chur d'fhiachaibh uirthi a bheith díleas duit. Ag so an ní atá go coiteann in aigne na mban, mar atá, an uair do chlaonaid chum antoile an fhir go n-imíonn an grá do bhí aige díbh, agus an meas do bhí aige ar a bpearsain roimhe sin go laghdaíonn sé ó do íslíodar iad féin chum a thoile, agus de dhroim na tuigseana sin tarraingeoidh sí a mianaibh do leataoibh uait agus druidfidh le fear eile na mbeidh meas maith
ar a geanmnaíocht, óir níl ní ar bith níos cinnte ná go bhfaighid na mná do mealltar mórán pléisiúir i mealladh daoine eile; agus tusa do mheallfadh tabhair aire ar eagla go meallfaí tú. Bíonn grá maighdine neamhchiontach agus buantseasmhach mar
a geanmnaíocht. Bíonn grá bean phósta ceart, lán-tsoilbhir, muinteartha; agus bíonn grá striapaí drúisiúil, díbheirgeach. Má bhíonn tú id ghráthóir aige mnaoi agus gur mhaith leat coinneáil amhlaidh, caithfir a bheith dícheallach chum í do shásamh agus a bheith ar garda chum í a chosaint ó chomhghráthóirí, nó muna ndéanfair sin is amhlaidh a bheidh do chailín amhail feadán pléascáin: cuirfid
an piléar déanach an rith ar an gcéad philéar. Ná cuir tú féin in oiriúint don mhnaoi do bheadh go géar i ngrá riot, óir má ghní tú agus go bhfaighidh sí do ghrása ag méadú fuarfaidh sí a cuid féin le ródheimhneacht as do chuidse. Dá dtitfeadh amach dhuit grá mná a tharraint ort agus gur mhaith leat coinneáil suas léi ann, bí luathchuardach dá féachaint go mion minic, de bhrí go mbíonn cuid de na mnáibh comh luathintinneach sin go n-imeodh a gcuimhne dhíot dá bhfanfá seachtain as a radharc. Atá cheithre séasúir i ngrá mná, amhail bliain, .i. an t-earrach, an samhradh, an fómhar, agus an geimhreadh. Tosnaíonn sé le mian te agus beathaíthear chum a bheith níos teo é le tarraingtheoireacht caoin an ghráthóra nó go dtagann sé chum fómhair i searcmhian do bheith lánaibidh, ach an tan a bheidh toradh a grá aibidh agus é baileach aici, is gearr go mbraithfidh tú roinnt de chruaghaothaibh agus comharthaí fuara an gheimhridh chugat. Leanfaidh grá mná náireacht dhíot ar feadh d'iompróir tú féin go maith, ach grá mná do chaill a geanmnaíocht ní bheidh sé aici dhuit ach an feadh a bheidh tú idir í agus Bugabus an púca. Gráigh bean go meonach do ghráfaidh tú go hiomarcach, ar an abhar is gairid go dtiocfaidh a paisiún sin aduas comh héadrom led ghrá-sa; agus ansin beidh buntáiste agat uirthi,
, ó choimeád an ghrá bhig de shíor taispeánann sé nádúr díleas, buantseasmhach agus féachfaidh sé muinteartha, so-ranna, an uair do thaispeánfaidh an grá do laghdaíonn chum an mheoin bhig, sleamhain, faillítheach; agus dá éamais sin, an té do róghráfaidh bean is urasa leis grá lag a bheith dó féin. Ná bíodh aon tseasamh agat ar ghrá mná mímhacánta mar níl ann ach slat chum do ghrodbhuailte; atá a searc fuinte ar measc a drúise agus ní bhfaighir an chéad ní a bheith díleas duit gan tú a bheith díleas don dara ní, agus sul do bheinnse amhlaidh sin do thógfainn orm a bheith leathach le pianta Sysiphus .i. athach mór atá i bhfogas do bhrogaibh ifrinn, agus is amhlaidh tá ar mullach
haille agus bulla mór cloiche ró-ábhal, lántrom aige, agus an tan do ligeann an chloch uaidh ní stadann go dul go bun na haille di, agus ritheann 'na diaidh go mbeireann ar a ghualainn suas arís í, agus is í sin
úid
agus
obair de ghnáth. Ná deimhnigh do ghrá do mhnaoi le leabhraibh ná le móide, óir má ghní tú is dóigh léi gur cheanglais ort féin a bheith i ngrá léi go síoraí, agus is cuma léise créad do dhéanfaidh sí féin ó tá do ghrása ceangailte aici fád láimh agus fád mhóide. Cuir i gcás go mbeadh searc agat do mhnaoi agus go ndeimhneodh sí dhuit lena briathra bithbhlasta agus lena géar-eadarghuíonna a bheith go súile i ngrá riot, ná bíodh so 'na sheanóráid dhuitse le hathscríobhadh, óir má thugann tusa na móide céanna agus go ngéabhair in aon tslí bunoscionn léi, siúd go mbeadh sí ag féachaint ar an bhfear ba ionúin léi, beidh sí go líofa, luath-theangthach agus a béal amhail claibín muilinn ag casachán riotsa ar son do chuid éithigh. Dá dtitfeadh amach go mbeifeá id ghrá aige bean nach féadfá a phósadh, agus ar a shon sin gur mhaith leat í a dhíon fád thearmainn féin anois agus arís, meall uaithi led chluanaireacht an méid d'fhéadfair, óir dá mhéid a mheallfair uaithi is móide a cion ort é, mar ní scarfaidh sí go réidh leis an ní a fuair sí go daor, agus dá mhéid do cheannóidh sí tú is daoiride an meas a bheidh aici ort é. Is mór an trua grá mná óige. Is mór is fiú grá mná pósta agus ní cóir trua ná meas a bheith ar ghrá striapaí, dá bhrí go mbeadh grá aici don té do réiteodh deacracha a drúise. Ná cuir coráiste ar bhean fir eile chum tú a ghráú óir is amhlaidh a thosnaíonn sé le drúis, curthar ar aghaidh é le hantoil, agus críochnaíthear é le dainséar. Is aicíd grá do théann tar gach cruagáil le deacracht é a leigheas, agus an té bheas 'na liaigh air is féidir leis a rogha pá d'éileamh; agus dá bhrí sin, a léitheoir, féach go cruinn ar conas do thitfir i dtrioblóid leis an aicíd doleighis, mórpháúil so, agus chum go dtabharfá aire níos cruinne dom chomhrá féach an cúpla rann so: Ansacht mná go brách ná cloíodh do chiall, is fann a ngrá 'sis fánach síleach iad, dream atá le háille ón nDíle riamh, 'sis cam an fáth ler táthadh croí 'na gcliabh. Is meabhlach, ráiteach, gáifeach, maoifeach iad; mo cheann de phrás, dá ndáileadh míle bliain
ar mheabhradh an fháidh, 'sa dtáine 'dhraoithe riamh, ar mheall na mná ní thráchtfaimis a dtrian. Grá diaga do-ghní compord do na haingil, grá daonna do-ghní sólás na ndaoine, grá nádúrtha, slabhra an tsaoil, agus grá drúisiúil, máthair an mhífhoirtiúin. Is é ár ndiúité grá a bheith dár mnaoi agus is é ár mbuntáiste grá a bheith dár gcaraid, ach má bhíonn grá againn do bhean drochbheartach níl ní ar bith is mó dainséar ná é. An Ceathrú Caibideal. De Mhailís agus Dhíbheirg na mBan. De gach uile phaisiún níl san mbith aon ní is mó do chontrálann ar aigne shoilbhir ná díbheirg, agus caochann sé réasún duine comh mór sin go ngluaiseann sé tré bhuile a urchóide i gcoinne an dainséir i ndóigh oilc do dhéanamh dá namhaid. Atá síol nimhiúil an phaisiúin curtha, ó nádúr, i measc lotghrá na mban (amhail do-ghní an fíon is fearr an tan a hiompaíthear é an bhinéigre is géire) agus é comh hiomarcach sin 'na gcineál, ó phréimh dhúchais, gur cuma leo créad do-ghníd ach go gcuirfeadh siad i gcrích an mhailís do bhíonn 'na ngoile agus i gceartlár a gcroí; agus atáid siad comh luathintinneach sin gur minic a thagann dearmad chum bheith 'na dháiríribh, ar chor go gcaithid iad féin lena gcuid drochamhrais agus lagthuigseana chum meas bunoscionn do bheith ar a ngráthóirí; agus cuirid a n-amhras éadmhar féin i bhfórsa go minic mar d
eimhinbheartaibh, agus géaraíd siad a ngrá chum díbheirge ró-ábhail gan chúis, ag iompó 'na ndeargnamhaid in aghaidh na bhfear do ghrádar roimhe sin, gan luach feoirlinge de chúis ach de dhroim gur dóigh leo go mbíonn díomuíochas acu orthu, agus is dóigh liom gur de dhroim na haigne tréna chéile sin do bheith aige na mná do bhíd a níos tugtha do mhailís agus do dhíbheirg ná na fir. Dá bhrí sin ná glac saint chum grá mná do tharraint ort ach an bhean na mbeifeá sásta léi, óir an fhaillí is rólú do-bhéarfair inti tógfaidh sí é 'na dhíomuíochas rómhór id choinne. Deighleáil le bean dhíbheirgeach amhail do dhéanfá le sórt
arm tine ar a nglaoitear sa Bhéarla handgrenado: an tan a thabharfair tine dhá priment caith uait í ar eagla go bpléascfadh chum do dhamáiste. Ná bíodh muintearthas agat leis an mnaoi dár chuiris fearg roimhe sin ar eagla a beith beachúil agus go gcealgódh tú lena heireaball. An bhean do bhí anallaid i ngrá riot agus ansin do iompaigh 'na namhaid dhuit féach uirthi de ghnáth chum a bheith mar sin; ná mealladh sí tú lena palámhaireacht in aon tslí na dtiocfá ina caoi chum do ghortaithe; óir mná, cé go ligid orthu an t-olc do-níthear dóibh do dhearmad is maith do chuimhníd air an tan a thagann sé 'na slí díbheirg do dhéanamh ar a shon. Ná déin puinn braith ar chumann mná do bheadh i ngrá riot go héagmhaiseach, óir is amhlaidh a bhíd amhail leann má bhíonn rómhilis, is luaithide a ghéaróidh sé é. Ná tuig it aigne go dtabharfadh mímheas mná dímrí dhuit ná a féachaint shoilbhir réasún maith dhuit ar í a bheith i ngrá riot, de bhrí gach uair a bhíonn an ghrian fé scamall ná ciallaíonn sé drochaimsir, ach b'fhéidir an uair is lonraí do shéidfeadh a sáinníní go mbeadh an cith i ngar dhúinn; ar an gcuma chéanna do na mná, is féidir leo a n-aigne d'aistriú amhail a dhéanfadh cleití péacóige lá gréine athrach datha. Is amhlaidh a bhíonn grá mná mar a bheadh bhinéigre do rachadh chum seandacht agus nach féidir a thabhairt tar ais gan bheith róghéar go bithbhuan. Níl ní ar bith is díbheirgí ná bean má dhéintear éagóir ar bith uirthi, agus is mar gheall air sin a d'ordaigh an file mná do thoghadh seoch fearaibh chum Furies a dhéanamh díobh. Is beannaithe an ní grá mná geanmnaí, ach má cailltear é aon uair amháin tré dhíomuíochas, do-ghéabhair amach
gcoimeádfaidh sí mailís bhuan duit in ionad an ghrá ná féadfadh d'fhulang buan 'na croí. Seachain an bhean do bheadh 'na namhaid agat, óir gach am do chífidh tú corróidh a fionnfadh amhail cat agus cuirfidh ar gcuimhne dhi a bheith ar a tapa insa rún díbheirge atá i dtaisce aici i gcónaí fád chomhair. Atá paisiún mná díbheirgeach, fraochaí, feargach, agus ní thuigim go bhfuil aon leigheas níos fearr chum é a scaipeadh ná bladaireacht. Bí trócaireach don mhuintir a bheidh fád chumas. Bí ag bladar
leis
namhaid ná féadfá bua d'fháil orthu, óir bíonn díbheirg Dé ag an muintir a loirgeann í searbh fá dheoidh, agus go háirithe don mhuintear a chaitheann í a fhulang. Bíd cuid de na mná do ligeann orthu a bheith géar-aithríoch tar éis díobhála a dhéanamh do neach, agus creid go mbíd in aithreachas; gidh ea is de dhroim nár fhéadadar an damáiste a dhéanamh ní ba mhó do bhíd amhlaidh, agus bíodh an oiread trua agat do chathú na mná sin is do bheadh agat don bhean úd a bheadh ag géarghol ag leanúin a fir gus an uaimh, nar chuir a himpí chum Dé go minic roimhe sin dá iarraidh Air é a thógáil as an saol d'aonphléisc uaithi. Sóinseálacha i mbean aimhdhíleas, ní thaispeánann dúinn gur cóir a gcur i suim, dá bhrí an bhean do dhéanfadh díobháil dhuit agus do ligfeadh uirthi a bheith in aithreachas, bíonn go dearbh, mar a dúrt leat roimhe so, i dtaobh nár thit amach di olc do dhéanamh nar bhfiú léi trácht air. An bhean do ghortaíonn tú aon uair amháin agus do thiocfadh chum socraithe leat ar théarmaí réasúnta, bíodh an oiread dóchais agat inti is do bheadh i maistín do bheadh ag crothadh eireabaill chugat tar éis iarracht a thabhairt ar tú do chreimeadh roimhe sin lena scagfhiacla. Bíonn mórán ban aistiúil 'na ngrá, ach is mó ná sin díobh a bhíonn corr-ghlic 'na ndíoltas; ar an abhar sin tabhair h'aire conas a chuirfir fearg orthu nó do mheallfair iad, mar is ní as an slí saoineas do dhéanamh ar dhuine luathfheargach ná cathú do dhéanamh ar an laige. Ná déin an bhean do bheadh i ngrá riot do chur in earraid leat tré dhíomuíochas, óir is amhlaidh a bheadh amhail crann úlla géara do chuirfeadh bláth milis tríd agus toradh géar. An Cúigiú Caibideal. De Mhóráil na mBan. Is slachtmhar an ní státmhaireacht i mnaoi, 'na siúl agus 'na coiscéim, ach is fuafar, scannalach an ní móráil 'na briathra, agus tógthar gáir mhagaidh agus fonóide i gcuideachtain fán mnaoi bhíos aicídeach leis an místaidéar so na colna an tan a bheadh ag caint; agus bíonn na hóráidí fadbhreallacha, agus an tsíorchaint chlaonchleasach, agus an ghoicíol mhórmheastach so comh fuafar
sin i súile agus i gcluasa na ndaoine dea-chiallmhara go mbíd lántuirseach dá gcuideachtain i mbeagán aimsire. Níl san mbith aon ní is mó do thaispeánann uireaspa eolais ná móráil i mnaoi, dá bhrí gurb é ní a chosnaíonn é ná ardmheas ar a ndea-bhearta; bíonn a ngrá comh mór sin dóibh féin, agus é 'na sheasamh ar bun a mórmheas, go bhféachaid ar an gcuid eile dá gcineál le súile tarcaisneacha, drochmheasta amhail Narcissus do bhíodh de ghnáth ag maran agus ag géarstaidéar ar a bhreáthacht agus ar a dhea-bhearta féin. Ach chum go dtabharfainn beagán dá thuairisc sin dom léitheoir, ba fhear scothúil é agus do thit aon de na wood-nymphs dar ba ainm Echo i ngrá leis, agus do bhíodh ag teacht roimhe i ngach ball i ndóigh a tharrainaingthe chuici féin, óir ba bhean róbhreá í. Ach do bhí iomarca meas aige Narcissus air féin agus do chuir sé suas dá grá dá dhroim sin, gur scinn sí i ngealtacht os a chomhair agus go bhfuil ó shin i ndoirthibh coillte agus cnoc agus fán-ghleanntaibh, agus i ngach ball eile uaigneach ag freagradh do ghearán gach neach bhíos i dtrioblóid. Is ansin táine taom bá aige Narcissus léi agus gluaiseas ina diaidh san tslí inar ghaibh, go ndeachaigh in ionad diamhair, aimhréidh den doire, agus do chualaidh fuaim a choiscéimí féin i gcuais carraige a bhí os a choinne, gur mheas gurb í an nymph, Echo, do bhí ann, go ndúirt i nguth lánard: "Is there anybody here?". d'fhreagair sí tamall uaidh sa choill ag rá: "here". Ar sin do rith sé gus an mball nar freagradh é agus ní bhfuair sé aon duine ann, go raibh ag siúl aga fada eile dhen lá gur chuala sé fuaim a chos féin arís, agus do mheas gurb í a ghráthóir a bhí ann agus adúirt: "Let us come together". "Come together", ar sí. Ar sin ritheann sé 'na dáil tré bhogach lánfhliuch do bhí os a choinne, agus do bhí tobar cúng, ródhoimhin i slios an churraigh, agus cromas ag ól dí as, go bhfeacaidh a scáil féin san uisce, agus titeas i ngrá léi, agus tugas saobhléim grodmhar agus amas eadarbhuasach ar an té do chonairc sé san uisce d'fhostadh, go ndeachaidh i gcuilithe an tobair, agus níor fhéad teacht as gur bádh é. Ná cuir nimh do shúl den réir sin i mbean den tsórt sin, óir is amhlaidh a bhíd 'na máistreásaí aistreacha, 'na mná doriartha, agus 'na ndrochmháithreacha dá leinbh. Is amhlaidh a bhíonn bean uaibhreach amhail prionsa suaimhneasach: bíonn grá aige don té is fearr do chosnaíonn é. Má thugair iarracht faoi mháistreás ardonóireach ní foláir dhuit moladh mór do thabhairt ar a pearsain agus ar a gníomhartha, agus
teacht léi ar gach ní ritheas 'na haigne, siúd go mbeadh go héagmhaiseach, contrárdha le réasún, óir bladaireacht agus umhlacht, is é do chomairce é chum creidiúna do choinneáil suas léi. Má bhíonn uabhar i mbean bhreá laghdaíodh sé do mheas uirthi, óir ná bíodh meas maith agat ar an mnaoi na mbeadh iomarca meas aici uirthi féin, óir níl inti ach mar scáthán do bheadh cnagaithe, óir is fíorbheag is fiú é de dhroim nach féidir é a dheisiú go brách. Má bhíonn uabhar i mbean intleachtúil is amhlaidh a ghní sé í amhail a dhéanfadh faobharchloch speal; is fíor go ngéaraíonn sé a mímheas, ar chor gur arm ródhainséarach í chum smiolagair ná buaint léi. Bean uaibhreach amhail capall cuthaigh, ní foláir í a mharcachas le srian daingean agus í do bhainistí le haraín díreach, óir muna ndéintear is í is sagart uachta dhá marcach. Má phósair bean uaibhreach, urrúsach ní foláir dhuit eastát maith do bheith agat, ar an abhar, lena thriail, doghéabhair amach bean mhórálach i ra
ngc mheonach do bheith 'na compánach mhíphléisiúrtha agus, i gcás na damáiste, an té bhus túisce do bhéarfadh lámh chabhartha le tú a chur i mbearnain do bhascaithe. Má bhíonn uabhar id bhráthair atá tú i ndainséar aige; má bhíonn uabhar id mháistreás atá sí costasúil duit, agus má bhíonn uabhar id mhnaoi beidh sí 'na peannaid dofhulaing dhuit. Is iomdha bean do chuireann síos a geanmnaíocht chum a drúise do shásamh, ach is mó ná sin do chuireann i ngeall é chum a morála do chosnamh; agus ar son go ndéanfadh drúis bean do tharraint chum striapachais, is í an mhóráil a chuireann 'na ceann méid fáltais na ceirde. Is fíor ná beidh geanmnaíocht i gcuan tsábhála narb é an t-uabhar do bheas dá ghardadh, óir coimeádfar suas an tara ní siúd go ndéanfaí an chéad ní do íobairt ar a s
on. An fear do bheadh pósta le bean uaibhreach, mhórálach is amhlaidh a bhíonn amhail crann daraí do bheadh casta go cruaidh le eidhneán, fulaingeann a dhlúthmhuintearas nó go gcuireann críoch ar a laethaibh. Is amhlaidh a bhíonn bean bhreá agus í uaibhreach, mórálach amhail diaman na mbeadh lot ann: laghdaíonn sé an luach, tarcaisníonn sé an taispeánadh, agus bíonn doleighis fá dheoidh. An fear do phósfadh bean mhórálach is amhlaidh a bhíonn amhail rí na mbeadh náisiún neamhumhal aige le rialú; mar do
chaithfeadh an rí gach achainí do ghlacadh chum síochána do choinneáil 'na ríocht, caithfidh an fear gach achainí d'iarrfaidh a bhean air do thabhairt di chum suaimhnis dá mhuintear thí. An té ag a mbeadh bean shocair, dhiaga is maith an t-aingeal coimhdeachta dhó lena thaobh í, ach an té ag a mbeadh bean uaibhreach bíonn an diabhal ar a ghualainn aige. An fear do phósann bean uaibhreach is amhlaidh a bhíonn sí 'na bean tí mháistriúil, 'na hinín aimhdhiúitéach, 'na máistreás dhoriartha, 'na máthair bhorb, agus 'na seirbhíseach dhrochmhúinte. Is é an t-uabhar athair an oilc agus ceapathóir gach drochghnímh, síol na hainnise, agus tearmainn gach éagóra. Is é an t-uabhar agus an mhóráil do chaill Parthas do na huile, do tharraing an tsíocháin den tsaol, agus do rin diabhail de na haingil. An Séú Caibideal. De Dhíomuíochas na mBan. Ná mealladh bean ainmhianach chum fáltais tú i ndóchas a buíochais, óir an bhean do ísleoidh í féin chum do thoile de ghrá síodaí agus sataéiní agus coinneála suas go mórálach, álainn, is fíor ná beidh sí díleas duit. Cuir i gcás go gcuirfeadh stór ded chuidse isteach chuici féin chum seasaimh air, is í duine is déanaí do-bhéarfadh cabhair duit í an tan a bheadh tú i ngátar. Dá bhrí sin féach ar gach uile ní do-bhéarair dá samhail so comh scartha leat is tá an adharc leis an muic, nó mar do chaithfeá é i bpoll fairrge .i. áit ná beadh súil agat le é a chasadh tar ais. Dá mbeifeá i ngrá le mnaoi, ná mealladh sí tú lena cuid mionthabharthaistí, óir níl ann ach chum go mbeifeása leathshlí 'na coinne, agus níl ann ach iarracht dá corr-ghliocas. Ná tugadh carbhat d'oibreodh a lámha féin teideal di chum do chodasa, ar eagla, an tan a bheadh sí ag moladh do shochroíochta go mbeadh an saol uile ag magadh fát óinmhideacht agus fád dhíth céille. Atá sé comh díomhaoin de obair grá mná do tharraint ort agus do choinneáil agat le tabharthaistí is do bheadh dhuit a thógáil ort criathar do líonadh de uisce; ar an abhar sin caithfidh tú a bheith ag tabhairt don mhnaoi agus ag líonadh insa chriathar nó go seinnfidh stoc Mhíchíl, agus fá dheoidh ní bheidh do ghnó déanta.
Lena heireaball do bhailíonn bean shantach gach buíochas amhail do-ghní beach mil, agus ní foláir léi bheith ag fáil, cuir i gcás go mbeadh na fiacha díolta. An té a bheadh milleánach ar mhnaoi i dtaobh a mí-choinníollaí 'na dháil, is dóigh liomsa gur chóir an oiread milleáin do bheith airsean i dtaobh mar thug sé 'na cumas a bheith míchoinníollach dhó, dá bhrí go gcoinneodh an grá meonach an croí do-ionsaithe agus láimh the; agus dá mba áil leatsa imeacht den réir sin ní fhéadfadh an bhean a bheith míchoinníollach id dháil. Ná meall a maighdeanas ó aon mhnaoi chum í a chothú 'na dhiaidh sin, ar eagla gurb amhlaidh d'imeodh ort mar do imigh ar dhuine uasal do chaith a stát le coinneáil suas costasúil mná óige na rin sé féin ar dtúis í a ghabha. An tan do chuaigh an duine uasal so chum gátair, do chuir a sheirbhíseach go nuig an mnaoi roimheráite ag iarraidh deich nguiní uirthi ar iasacht. Is é adúirt sí leis: 'beir mo sheirbhís chum do mháistreach agus inis dó, an uair do thabharfaidh sé díol dom im gheanmnaíocht do mheall sé uaim go ndéanfad gach uile dhícheall ar é a shásamh, ach ní féidir liom gan ionadh a bheith orm an tan a smaoinim ar conas ba dhóigh leis go dtabharfainn airgead dhó, an fear do ghoid uaim roimhe so an ní nach féidir leis comhlíonadh do dhéanamh liom ann go brách, ach do-ghéabhaidh bás im fhiacha. Ar an abhar sin ná loit aon mhaighdean muna mbeir ullamh chum í a phósadh, óir má thugann sí a maighdeanas chum do thoile beidh tú choíche fá oibleagáid aici, agus is é do chaithfidh sí it éadan chum a leithscéil féin do ghabháil ar gach drochbheart do d
éanfaidh it aghaidh, óir is ortsa a chuirfidh sí milleán a huile ainnise, ar chor go dtitfidh a donasaibh ort fá thrí, agus is dóigh léi nach féidir léi aon olc do dhéanamh dhuit a níos mó ná mar do thuillis. Adeirtear gur measa míchoinníoll ná pisreoga, agus an fear ag a mbeadh a fhios sin aige agus go ndéanfaí an mí-choinníoll d'imirt air, is measa é ná piseoga. Ná hiarr muintearas na mná do mheallais, óir glacfaidh sí áthas i dtaobh tú a theacht aduas comh meonach sin, agus déanfaidh sí asal díot chum tromáin a cuid drochbhearta d'iompar. An tan bheas tú i ngrá le bean comhlíon bearta cróga, fearúla os a comhair agus labhair léi go soilbhir, muinteartha, dá bhrí gur mó a choimeádfadh seasamh státmhar, fearúil agus gníomhartha cróga a greann ort ná bheith ag dul tréna croí le greadadh ceana uirthi.
Adeirim libh sa rá go grinn, is móidím thríd, mo chroí do chrá, go ndeir gach údar liom go cruinn, gur meabhlach corr-ghlic iad na mná. Adeir Aristotle, údar caoin, Ovid, Pliny is Horace áigh, nár scríobhadh riamh le barra pinn, trian ar mealladh leis na mná. Ar Mholadh na Suáilcí. Is fíor nach féidir aon cháil do bheith i mnaoi níos fearr ná suáilce. Is é dathúlacht agus ornáid an fhir é, coróin na maighdean agus cathaoir ríoga na mban pósta. Is é ceo na beatha é do chroitear orainn ó láimh an Dúileamh, Rí, agus d'fhásann ó íochtar ár gcroí, amhail tiobraid ón ngrinneall íochtarach, chum treoraithe agus meoin do thabhairt dúinn ar ionracas na bhflaitheas ar an dtalamh so. Is iad na suáilcí do tharraingeann sinn chum gach dea-bheart, agus do chosnaíonn agus do ghardálas sinn i gcoinne gach oilc, do-bheir sólás dár gcroíthe agus socracht dár gcnámha, agus do-ghní ár n-aigne lán de ghnáthchompord. Tarraingeann siad orainn cion na ndaoine agus grá Dé, óir adeirtear gur de na hocht ndronga beannaithe an drong suáilceach, agus is fíor go dearbh gurb í an bhean do bheadh suáilceach do chomhlíonas na huile dhea-bhearta so; agus má bhíonn sí ar a chontráil beidh sí 'na mioscaiseoir comharsan, na 'buarthóir oíche, agus 'na deamhnóir i gcroí a fir de ghnáth, 'na préamhrúta ar gach olc amhail Diascordis .i. bandé na trioblóide, nach deachaigh in áit ar bith riamh ná go mbeadh 'na bunrúnta le hachrann ann, ionas go raibh dianfhuath ag na déithibh uile agus ag a mná dhi, ar chor ná leomhfadh teacht ar bainis ná ar cóisir in aon bhall na mbeidís. Ach c
eana ó do chonairc sí sin ba samhalta a croí i riocht réabtha ar son
fhaid go raibh ag cur a díbheirge i bhfeidhm ar dhuine éigin, agus lá n-aon dá raibh bainis agus féasta ag na déithibh agus ag a mná do bheartaigh an bhean roimheráite so go mbainfeadh triail as a mioscais eatarthu, agus tógas 'na láimh bulla nó úll breá óir, agus do scríobh ar a thaobh na focail so: "tógadh an té bhus breátha é". Ar sin gluaiseas chum siúil agus do chuaigh i measc na ndéithe os
íseal agus do theilg sí an t-úll ar an mbord agus d'imigh féin. Féachaid na déithe agus a mná ar a chéile, agus féachaid ar an úll den dara feacht, agus tugaid uile sitheadh santach d'ionsaí an úill, agus ionsaíd féin a chéile go dásachtach, agus tar éis mórán iorghaile agus achrainn tugadar fá ndeara an scríbhinn do bhí ar an úll, agus féachaid ar a chéile gur luíodar súil ar an dtriar ba bhreátha dhá mná .i.Juno, Pallas agus Venus, agus ó nach raibh fios acu cia de na mnáibh sin ba róbhreátha, do bhí an t-úll i bplé comh mór is do bhí roimhe sin. Ach c
eana ó nárbh fhéidir an t-úll do mholadh do cheachtar díobh seoch a chéile do cheapadar an triúr ban do dhul amach ar an mbealach réidh agus é a fhágáil fá mholadh an chéad taistealaigh do ghéabhadh an tslí. Do bhádar tréimhse ag feitheamh ar an mbreitheamh gur ghaibh dá n-ionsaí Páris mac Phriamhas, rí na Traé. Do stopadar é agus insid a ngnó dhó. Féachas orthu agus adúirt: 'ní féidir liom breithniú eadraibh go bhféachfainn oraibh nochtaithe". Ar sin do theilgeadar díobh a n-éadach, agus adúirt Pallas: "breithnigh an t-úll domhsa agus do-ghéabhair bua an uile chatha". Adúirt Juno: "má bhreithnír an t-úll domhsa doghéabhair rachmas agus maoin agus saibhreas iomdha". Adúirt Venus: "breithnigh domhsa a t-úll agus do-bhéarfad dhuit idir do dhá láimh an aon-bhean is breátha ar an dtalamh tromfhódach". Féachas sé orthu abhus agus thall agus fá dheoidh do mhol sé an t-úll do Venus. Ansin loirgeas a chumhtha agus adúirt sí leis: "éirigh go cathair na Gréige agus do-ghéabhair ann Helen, an aonbhean is áille deilbh agus déanamh den droing daonna". Téid Páris ann agus do rug leis í, agus a fear féin as baile, agus an tan a tháine sé agus nach fuair sé í roimhe, gluaiseas d'ionsaí an ghadaí le tromfhórsa, gur chuir cogadh ar Rí na Traoi. Dála Pháris, cuireas tionól ar a ghaolta agus ar a shluaite ar gach leath gur fearadh cogadh deich mbliain eatarthu, agus tar éis iomarca curaí do threascairt ar gach taobh, agus an chathair do leagadh 'na talamh réidh, gur chuireadar cruithneacht inti dá ndéis, féach féin gur mhaith é a ndualgas .i. sean-striapach, go ndeireadh bean eile dar ba chomhainm Oenone le Páris, agus í ag casaoid leis 'chionn í féin do thréigean agus Helen do bhreith óna fear féin, nacharbh urasa dó a mheas go mbeadh sí 'na bean dhíleas ná gheanmnaí aige. When once debauched, our sex forever burn in lawless fire, virtue knows no return.
Dishonour never gives a second blow, and once a whore, she will be ever so. Is léir as an méid so adúrt, a léitheoir, gurb olc iad na mná drochbheartacha, agus ós iad na suáilcí ár sciath dhín i gcoinne gach oilc, ceannaigh do chomhra agus punt solais an lá a rachair ag ceannach culaith libhré dod bhean mhíshuáilceach, óir is dearbh ná rachaidh an chomhra chum brínclí ná an solas chum brúscair ná léithe sula mbeidh gnó agat díobh, agus muna n-éagair go luath gráfair tú a chur id bheatha chum bheith as a radharc agus óna súile. An Tara Leabhar. Do chuireas síos insa chéad leabhar rialacha agus meoin oiriúnacha chum seachanta ar chlaon-bheartaibh na mban gcorr-ghlic, agus cuirfead insa leabhar so síos ar thuille dá gcuid oilc agus dá mbearta fuafara, chum ná rachadh sibh de bhaothléim ná de tholl tar ceann i ruailleán in bhur leaba phósta, agus
dtabharfainn nótas díbh (ar feadh mo thuigseana) ar na hoilc, na healaíona, na claonta, agus na hidirchasaoidí do tharraingeann scollóir mná ar a fear pósta. An Chéad Chaibideal. Is fánach dúnmharú, éagóir ná millteántacht do thiteann amach in áit ar bith ná go mbíonn bean 'na thosach nó 'na dheireadh, 'na lár nó 'na leathimeall. Agus atá triail air, óir is iad focail dhéanacha gach fir san gcroich gurb iad na mná do tharraing chum aimhleasa é, óir atá an mhailís agus claonbhearta na mban corr-ghlic comh leanúnach sin, agus a n-aigne comh hiompaitheach sin, agus comh lán sin de chlis agus de anfhorlann, gur deacair d'fhear a bheith na gcuideachtain gan a bheith ciontach, agus dá bhrí sin titeann isteach insan áireamh ina measc 'na sheirbhíseach dá gcuid uabhair agus drúise. Is iomdha ní na gcurthar bean i gcomparáid leis, agus is iomdha trioblóidí dofhaisnéiseacha do thig ar geamshodar le sála mná nach tuigeann na fearaibh óga, agus ná tugaid fá ndeara roimh ré. Agus ó ná fuil an saol déanta de mhin choirce, agus nach ór athleighte an uile ní, agus nach bhfuil an tslí go flaitheas Dé leicithe le geatairí
glasa fá ár gcosaibh, mar an gcéanna is fíor ná fuil cliabhán na síochána in ucht mná, óir dá mbeifeá i seirbhís nó i mbraighdeanas roimhe sin, agus pósadh as sin, ní gairide dot ainnise a bheith réidh leat é, óir sin an t-am, agus ní roimhe sin, do rin tú sóinseáil ar do bhlianta órga ar bhraon beag meala noch d'iompóidh gan fuireach chum a bheith comh searbh le domlas. d'ainneoin na nithe so, atá ógánacha ann do-ghní cíor thuathail dá n-inchinn agus do chaitheann a n-aimsir i ngrá le mná, agus má gheibh siad claonamharc nó má labhraid siad riú is dóigh leo go mbíonn an saol uile fána seilbh, ach i gcionn aga nach tréimhse do-ghéabhaid amach, tar éis a gcuid fiaigh, gur suarach é a n-éirleach, agus ná beidh ní ar bith acu chum a bpléisiúir. Is féidir le fear labhairt go maith ar mhná, agus ar son feabhas do theist orthu do-ghéabhair amach fá dheoidh iad a bheith corr-ghlic 'na ngníomhartha agus 'na n-uile ghnótha agus a gclaonbhearta dainséarach d'fhearaibh chum deighleála leo, óir níl
n-aighthibh ach líontaibh, níl 'na mbreáthacht ach baidhtí, níl 'na bhféachaint ach gathaí, agus níl 'na mbriathraibh ach arthaí, agus iad uile chum fearaibh a tharraint chum a mbotúin. Féach mar a thrácht mé roimhe so ar Helen .i. banáilleán a comhaimsire, gur tharraing sí cogadh agus dortadh fola comh mór sin ar son breáthacht a gnúise idir na Gréagaigh agus na Traoiánaigh, gur chaill an dream déanach a n-anamna ag cosnamh a n-onóra ann. Fá dheoidh do smaoin sí gurb í féin fáth an angair sin uile, do chaoidh sí go diafrach, agus ní ar son a drochbhearta ach ar son a dul chum aoise, agus ba mhaith léi féachain ar chlár a héadain (óir dob fhada roimhe sin nár amharc sí í féin) agus d'iarr scáthán, agus an tan do chonairc a haghaidh críon, cas, agus a breáthacht tar éis í a thréigean, do mhaígh a gean gáire uirthi agus adúirt: "is mór mo mhilleán ar an mbuín d'fhulaing gach angar agus gach trioblóid ar mo shon roimhe so, agus fóiríor", ar sí, "an féidir a rá ná a thuigsint gurb ar son na gnúise so do thiteadar iomarca curaí agus cathmílíbh, agus do leagadh cathracha rómhaiseacha chum talún?". Féachas arís agus do gháir, agus do chríochnaigh a beatha leis na briathra sin. Scríobhas an fháidh, Phíló, an Giúdach, insa chéadleabhar de bheatha Mhaoise gur ghaibh Bálac, Rí na hÁise, comhachta agus ceannas urmhór an tao
bh thoir, agus ná ligfeadh eagla dhó baint ris an bpobal Eabhra gan a chur i gcomhairle a lucht réamhaithris, agus go háirithe an fháidh fhalsa, .i. Balám, agus ar son go raibh
d'fhiachaibh air ó láimh Dé an fhírinne d'insint agus do chomhlíonadh, ar a shon sin chum ná caillfeadh sé fábhar an rí adúirt sé ris ná raibh san mbith slí dob fhearr dhó le déanamh ná mná a thíre do chórú in éadach glémhaiseach, ró-álainn, agus a gcur d'ionsaí na droinge sin chum a millte. Agus is fíor gur thit an ní chum críche comh cruinn is a dúirt sé, óir do mhealladar agus do mhilleadar na mnáibh aos óg an phobail Eabhra comh mór sin gur ghéilleadar do dhrochbhearta na mban, ionas gur adhradar agus gur ofráladar do dhéibh falsa agus gur thréigeadar an comhdhia comhachtach sula bhfuaireadar a mian do chomhlíonadh, ag imirt cluiche an toill leis na mná sin. Do chorraigh dianghrá Dé i gcroí Phineus comh mór sin, ar bhfeicsin a mhuintire ag dul tar tiomna an Tiarna, gur éirigh sé féin agus dream eile do ghráigh Dia mar aon ris, gur ghabhadar ag turnadh agus ag leadradh na droinge falsa, gur mharaiáodar cheithre mhíle fhichead díobh; agus do chosnaíodar agus do choimeádadar a slua agus a n-armáil comh maith sin gur rugadar bua ar an rí agus ar a mhuintir. Gidh ea is chuige a tháchtas ar an scéal so chum go bhfeicfeá gurb iad na mná do chuir an bheart ar aghaidh an tan a chuaigh de gach n-aon eile agus den rí féin a dhéanamh. Taispeánfaidh mé dhuit anso mar a deir Plutarch gurbh í Cléopátra an charraig ar ar briseadh agus ar ar réabadh an captaein cróga, mórchroíúil, .i. Mark Ant
ony, agus adeir Marcas Auréli (an prionsa céillí, ceartbhreathach) nach raibh tine Shliabh Aétna comh dochraideach do ríocht na Sisile is do bhí an bhean so do gach críoch ina comhfhogas. Agus mar chríochnú ar mo scéal, mar a tugthar mná ciúine, dea-bhéasacha dhúinn ó neamh mar thabharthas chum ár n-angair agus ár dtrioblóidí aigne do laghdú, mar an gcéanna do-ghéabhaimid agus do béarthar
ár gcomhair na drochmhná agus na
crostálta chum ár n-intinne do bhuaireamh, agus le cúnamh an chomhdhia, is le buíochas orainn do-gheibhimid drochbhean, óir is fíor go bhfaigheann an té a gheibh í a phurgadóireacht ar an saol so, mar a dúirt an Wife of Bath. Ag so mar a deir an seanfhocal: "an té ag a mbeidh bean bhreá agus capall bán ní bheidh go brách gan trioblóidí"; dá bhrí an bhean ag a mbeidh aghaidh bhreá go mbíonn a leordaothain droch-chroí mar choimeád air, agus go mbíonn a bhféachain neamhdha lán de smaointibh diabhaldha, agus a gcuntanós maorga lán de mhianaibh éigearta, óir is féidir leo bréaga agus bladaireacht do
chaitheamh 'na réimrith as aon bhéal amháin, agus atáid comh gonta sin san ealaín gur dhóigh leat gur thugadar a dtéarma leis an gceird, óir canaid ceol chum do tharraingthe chum do mhíthapa, amhail do-ghníd na burúcha leis na mairnéalaigh. Bíonn dá theanga acu in aon bhéal amhail Iúdás, agus dá chroí in aon chliabh amhail Mágus .i. croí lán de chealgaibh agus de dhíbheirg, agus an dara croí lán de mhilisbhriathra chum meallta ar an bhfear socair, simplí, agus is féidir leo amhail a satyr fuacht agus teas do chaitheamh as aon bhéal amháin. Ach créad is gnó agam ag insin na scéal so uile? Níl go deimhin ach chum a chur in úil díbh gur fearr bean do chailliúint ná í a fháil, gur fearr í a thréigean ná í a choimeád. Adeir naomh Pól gur maith an ní pósadh agus gur fearr gan pósadh, ach ar a shon sin adeir sé gur fearr pósadh ná dó i dtine na drúise, agus is fíor go raibh ciall i mbriathra an fhir sin. Dá bhrí sin más duine ciallmhar tú, a léitheoir, ná cuir do cheann sa cheanraigh, agus tabhair aireachas duit agus cuimhnigh ar an seanfhocal adeir "féach sula léimfir ar eagla go mbrisfeá do loirgne", chum ná beadh cúis agat fá dheoidh mallachtú go diafrach ar do luach pingine daor, nó go n-ordófá an sagart gan chaint do chniotáil do shnaidhm. Do bhí meas comh daor sin aige eagnaigh na seanaimsire ar an bpósadh nár thugadar riamh greann ná grá dhó. Óir d'fhiafraigh duine den eagnach Pythagoras créad an chúis dó a iníon do thabhairt do dhuine dhá namhaid. d'fhreagair sé agus adúirt: "Nihil illi poteram dare deterius, is é sin, níorbh fhéidir liom aon ní ba mheasa do thabhairt dhó, ná mo dhíbheirg do chur i bhfeidhm air ní ba mhó, de bhrí gurb í an bhean an ní is fuafaire agus is deamhnórtha ar droim talún". Do cuireadh de cheist ar eagnach eile créad fá ná pósfadh sé, agus is é adúirt: "atá sé róluath". Agus 'na dhiaidh san an tan a chuaigh sé chum aoise d'fhiafradh an scéal céanna dhe, agus adúirt: "atá sé ródhéanach, dá bhrí" (ar sé) "don té a phósann ná fuil le fáil ach dá lá mhaithe .i. lá a phósta agus lá thórraimh a mhná, óir tabharfaidh bean mil dhuit chum do chothaithe agus domlas chum do mharfa". Do bhí Diogenes comh madrúil sin in
aigne go raibh fuath aige don uile bhaineannach, agus adeireadh Saint Augustin ná raibh aon tabharthas dob fhearr leis d'fháil ó Dhia ná mairiúint gan bean, agus bás d'fháil gan chlann. d'fhiafraigh duine den eagnach, Socrates, cia acu dob fhearr
pósadh nó mairiúint singil. Adúirt sé: "bé ar bith díobh do dhéanfair beir 'na chathú, óir muna bpósair mairfidh tú gan chompord agus doghéabhair bás gan sliocht, agus b'fhéidir gur ag daoine gan chuid gan chóir díot do bheadh do shaibhreas, agus má ghní tú pósadh beidh tú i dtrioblóid de ghnáth. Ní bhfaighir béile bídh do ithe gan a spré do chaitheamh mar anlann ar do mhéis (má bhíonn aon tsaibhreas aici adeirim). Agus arís má ghearánann sí beidh a gaolta in aesántacht leat, agus scéithfidh a máthair focal as gach foghlaim laoi dá rin ó pósadh tú, ionas nár mheasa dhuit rince cosnochtaithe ar dhrom gráinneoige nó fiadhris ghéardheilgneach de struise tréd ladhraibh, ná gach focal searbhghonta dá bhfaighir uaithi. Agus má phósair chum pléisiúir dhuit is fada é do dhearmad, óir dá fhaid do fhanfair leis caithfidh tú imeacht in' éamais, agus an uair is mó a loirgeoir é is ea is lú a ghéabhair é. Agus má phósair bean do bheas torthúil i gclainn beidh do chúram dúbalta, dá bhrí gur lag a fhios ag an athair cad do imeos ar an gclann, agus má bhíonn sí neamhthorthúil beidh fuath do chroí dhi. Má bhíonn sí dea-bhéasach, macánta, beidh eagla a báis de shíor ort, agus má bhíonn sí mímhacánta, easumhal, beir cortha ded shaol aici, óir caithfidh tú í a chosnamh 'na huile angar, agus beidh sin comh fada de ainnise ort le dá dtógthá mar ghnó tobán gan tón do líonadh de uisce. Do bhí duine ann do bhí comh fuafar sin do mhná ná féachadh sé ar an dtaobh den ród na mbeadh aon díobh ag siúl, agus an tan a chualaidh fear magaidh do bhí i gcomhfhogas dó sin, adúirt go mbainfeadh féin triail as. Do ghluais gus an sirriam agus do fuair ordú chum an fhir so do bhreith dá láthair. Gluaiseas roimhe ar ordú an tsirriaim agus an tan a chuaigh dá láthair do cheap sé bean dhó, agus adúirt muna bpósfadh sé an bhean sin go gcrochfadh é. Féachas an brá 'na thimpeall agus adúirt go lom ná pósfadh féin go brách. Adúirt an sirriam leis an ngreannaire é a chur sa chairt, agus <é a> thógáil leis agus <é> do chrochadh. Do thionóladar daoine ó gach taobh chum féachain ar dhuine dá chur chum báis leis an gcúis shuarach sin, agus an tan do bhí an giolla ag gluaiseacht agus an t-óglaoch bocht istigh san gcairt, agus an bhean le taobh na cairte, agus iad i bhfogas do chrann na croiche, do stad an giolla agus is é adúirt: So here is the woman and there is the tree, take which best pleases thee. Adúirt an t-óglaoch: The bargain's bad on either part, the woman's worse, drive on the cart; were women as little as they are good, a pea's pod would make them gown and hood. Ag so mar a chuirimse Gaeilge air: Féach, sid í an bhean agus siúd é an crann, tóg bé margadh ritheas id cheann. Ar thaobh ar bith is olc é an racht, is measa an bhean, tiomáin an chairt; dá mbeadh mná comh beag is táid beagmhaith, dhéanfadh faighneog phise dhóibh gúna is scairf. Adúirt duine uasal lena chomharsain: "ba mhaith é mo chúnamh dhuit re bean mhaith d'fháil dod mhac". Adúirt a dhuine muinteartha ris: "is leor dom mhacsa pósadh an tan a thiocfaidh sé chum céille". Adúirt an duine uasal: "muna bpósa do mhac sula dtagaidh ciall dhó ní phósfaidh sé go brách ansin". Do chuir Dimiteas triar ban agus níor fhliuch sé aon chiarsúir amháin; ní rin ná aon deoir amháin do shileadh. Agus do bhí gadhar maith ag Ulysses ag a raibh lánchion aige air, agus an tan do fuair an gadhar bás do chaoidh sé go diafrach ar a shon, cé nár lig deoir d'éis a mhná. Dá bhrí sin má phósair gan stór chum do chosnaimh, ach ar ghrá, go haonta, adéarfair fá dheoidh in oircheall t'angair gurb iomdha ní eile do bhaineas le tigh do chosnamh in éamais cheithre lom-chosa i leaba. Cuirim an cheist so ar mo léitheoir: "Créad an duine mhaireas go maith agus a dhá láimh 'na bhrollach aige; nó créad an fear do cheannódh feoil ar an margadh, ar mhacántacht, gan súil le é a dhíol aisti?" Ar an abhar sin, an tigh ná beadh aon achrann ar
fhuaid ach na ballaí loma, is oiriúnach é mar áras chum déirceachána do shíolrú ann. Ar a shon sin uile is mó fear gur dóigh leis go mairfeadh sé ar ghrá agus ar leabaidh mhaith, amhail do-ghníd na beacha gabhair san tsamhradh; is deas í a nead 's is suarach a lón. Ach adeirim, má bhíd ar díth spiúntais, go n-iompóidh a ngrá te chum dianfhuachta (mar do-ghníd na beacha
úd sa gheimhreadh), agus iompóidh a mian anteasaí chum múchta le deatach te an angair, agus féachaidís ansin gur maith an lón an grá. Is beag nár fhearr dóibh bás d'fháil agus críoch do chur ar a mbeatha ná mairiúint seachtain ar an modh so, óir má bhíonn airgead ag duine imeoidh sé ar nithe breátha agus ar bhainisí; agus ní measa do caithfear a stór ná mar a chaithfidh sé féin a aimsir i ndobrón agus i ndúchroíocht agus i liachaibh, an tan a smaoinfidh ar an gcostas agus ar an dtrioblóid do tháine air le linn a phósta agus a mhná, óir is fíor gurb amhlaidh a bhíd uaibhreach, beagthairbheach, agus is maith an phurgóid dod sparán sin, óir ní baol go scoiltfidh air, agus an tan is éadrom do sparán is trom é do chroí. Adeirim libh gurb olc an comhartha ar mnaoi a bheith líonta de mhian comhthalántacht agus oireachtais, ach ar a chontráil, má fhanann tré ionracas agus tré dhiscréid ag coimeád an tí féin is comhartha díliseacht agus tairiseacht ar an bpósadh é, agus comhartha ceart, dearbh ar dhea-mhnaoi, ionraic dá fear. Ach ar an dtaobh eile más maith leat comharthaí mná uaibhreach, urchóideach d'fháil, déanfadsa dícheall ar iad a chur síos anso dhuit. Tabhair fá ndeara an ní so go fáthchiallmhar, beidh sí drochmheasta 'na féachaint, ardiomarcach 'na comhrá, goiciúil an feadh ná beidh sí ag caint, drúiseach 'na cuid spóirt, géarurchóideach 'na míshéan, sochma, tromaí 'na síocháin, macánta, banúil 'na cuntanós, claonta chum díbheirge do dhéanamh, neamh-fhoighneach chum iad d'fhulang, ainmhianach chum ordaithe, mall chum géilleadh, ullamh chum oilc do dhéanamh, lag-chomhlíontach ar gach maitheas, deacúil i maiteachas, so-ranna chum díoltais, mianach 'na cuid bídh, agus mórchroíúil chum a máistreásaíocht do chur i bhfeidhm i ngach slí, agus chum sin do chur i dtuigsin dhuit taispeánfad dhuit dá shampla. Adeir an t-eagnach, Pliny, gurbh í Cléopátra .i. banríon na hÉigipte, bean ba mhó uabhar agus móráil san mbith lena linn féin, agus ar thabhairt fá ndeara dhi gurbh é Mark Anthony an t-aonfhear dob fhearr agus ba shaibhre bainisí agus cóisireacha ar droim talún adúirt an bhean so, tré chor chasaoide agus éada, agus fós iomarbhá, roinnt focal ag tarcaisne ar a mhórdháilteacht, agus adúirt ná raibh iontu ach neamhní ar saibhreacht ná ar feabhas seoch mar d'fhéadfadh sí féin iad a thabhairt uaithi. An tan a chuala Mark Anthony sin do ghluais dá hionsaí agus Lucius Pla
tius mar aon ris chum breithniú eatarthu, agus an tan a
tháine do láthair d'fhiafraigh di créad a dhéanfadh sí chum a cóisireach do bheith ní ba shaibhre ná a chuid féin. Níor labhair an bhanríon sháruaibhreach so focal, ach do bhí dá fháinne ró-álainn d'ór athleighte gona bpéarlaí fíordhaora 'na cluasa. Do thóg sí aon díobh agus do chuir dá leigheadh i bhinéigre é, agus do shloig siar é i bhfianaise na gcaomhfhear. Buaileas Lucius a dhá dhóid ar a chéile an tan do chonairc an géarbhásta do rin an bhean, agus beireas ar an dara fáinne agus do stop ar a shlogadh í, agus chum í a chur chum suaimhnis do thug sé suas an bua ar a taobh. Cé gur mór do bhuairimh sin Marc Antóin ní ligfeadh Lucius dhó labhairt, óir do thóg an péarla agus do roinn é 'na dhó, agus do chuir é in íomháigh Venus, agus atá an scéal so le fáil i leabhar na ndéithe falsa noch cuireadh i gcló san Róimh. Is é an dara sampla, .i. bean rí a bhí in oileán mara darbh ainm Dominica Sylvia, agus adeir Antóin Sabellicus insan 84 caibideal den cheathrú leabhar go raibh an bhean so comh líonta sin de uabhar agus de gach sórt mórála, agus comh néata sin timpeall a coda bídh agus dí, agus gach uile shlí eile, nach é amháin go mbíodh buidéil dea-bholaitheacha aici de ghnáth, ach do bhíodh miontas, agus tuím, agus milíosach, agus mórán de luibheanna cumhra eile aici 'na timpeall, an oiread agus go gcuireadh guais agus meidhreán i gceannaibh gach n-aon eile dá dtíodh 'na seomra. Ach do bhí sí comh néata sin, adeirim, ná déanfadh uisce coiteann a gnó chum a nite, ach do chuireadh d'fiachaibh ar a seirbhísigh drúcht na bhflaitheas do phiocadh gach maidean de na luibheannaibh cumhra agus a thabhairt chuici chum a húsáide; agus níos mó ná sin, ní bhainfeadh lena méaraibh le bia ar bith dá chur chum a béil ná fós ar a bord ach do thógadh é le forcaibh óir, agus ar an aiste sin do chuireadh ina béal é. Ach fá dheoidh do chonairc an Dúileamh a hantoil agus do thóg a lámh 'na coinne agus do chuir a néatacht ar neamhní, óir do líon a corp de ghalar agus do loibh agus do ghéarghearradh a cliabh, ar chor nach féadfadh aon dá buín fanúint in aon tigh léi, agus do fuair bás ar an gcuma bhréan, dhianfhuafar sin. Fóiríor, is amhlaidh a bhíonn an galar uaibhreach i mnaoi amhail do bheadh sí lán de dhrapsaí, óir mar do ardaíonn deoch an tart san ngalar déanach, mar an gcéanna do ardaíonn airgead ainmhianaibh an chéad ghalair, agus caithfidh do sparán a bheith ar leathadh de ghnáth chum a hantoile do chosnamh, ionas go mbeidh do chostas mór agus do theacht isteach, b'fhéidir, direoil.
Ní foláir do thigh a bheith in ornáid rialta, siúd go rachadh do sheirbhísigh don ghorta le fíoruireaspa beatha dá chionn. Caithfidh tú t'ainm do ghlanadh as leabhar an cheannaí agus díol go cruinn le fear na mion-earraí, óir ní foláir go mbeidh a gúna déanta sa bhfaisean nua agus a clóca den olainn is daoire, agus go háirithe má bhíonn sí breá, óir is gnáthach breáthacht agus uabhar táite in aon chreatlach; agus má bhíonn sí mar sin beidh sí costasúil agus 'na drochbhean tí, ar chor ná féadfaidh aon tseirbhíseach í a fhulang; agus má bhíonn sí macánta, banúil agus 'na bean tí mhaith, gan agó beidh sí éadmhar. Má bhíonn sí breá ná scothúil ardóidh a glór id dháil, gur samhalta leis an ndeamhan dualach a fuaim agus a fothram, ag rá: "do ba urasa dhomhsa fearaibh d'fháil do chothódh agus do choimeádfadh suas amhail bean mé, ní hionann agus mar d'imím anois mar nach imeodh aon bhean; gidh ea ní foláir domhsa coinneáil suas, siúd go gcrochfá ar a shon". Ag so an aiste na bpianfaidh sí tú de ghnáth, ag sileadh dortaí de d
éaraibh mealltórtha, óir is féidir le mná sileadh gach am is méin leo féin é. Cuir fearg dá laghad ar mhnaoi agus cuirfidh méar 'na súil go ngoilfidh go fuíoch, ar chor go mbíd mórán d'fhearaibh amadánta ag géariarraidh orthu a bheith
tost agus suaimhneas do ghlacadh; ach so an ní do chuireann an diabhal orthu i bhfochair mar a bhíodar, óir an ní is mó do hiarrfar is é is lú do-ghéabhthar ó mhnaoi, ach aon ní amháin. Agus níor chóir a bheith de thrua don mhnaoi do ghoilfeadh ar an slí úd ach mar do bheadh do ghé
siúl cosnochtaithe lá fliuch, óir mar is féidir leo a ndeora do ghairm chucu in am gátair bíonn a bhfocail gan ghá gairmthe chucu de ghnáth. Ní bhfuil, agus ní fheacasa riamh bean ná dearbhódh ar son a macántacht féin, agus ná seasódh go lom ar fhírinne an scéil; ní hé ná go mbeadh náire orthu, agus fós eagla fuachta do ghlacadh dhá leathfaidís a mbéal chum dearbhaithe sa gheimhreadh, agus insa tsamhradh ar eagla go leighfeadh a thairbhe. Agus dá gcurthá i suim dhuit féin méid droch-mheasa agus laghad tairbhe mná, do ba usa dhuit mairiúint gan a gcomhluadar agus a bheith gan bhean i láthair do adhlacadh d'fhearfadh do chluiche caointe, ná deachú géarpheannaide drochmhná d'fhulang ar feadh seachtaine. Agus mar leathchruthú ar mo scéal féach an rann do chan an file: Is mairg do bhíonn faoi tharcaisne ag mnaoi, 's gan aon earra ar an dtalamh is measa ná í;
ní lig géag ar an gcraoibh ná céad cor 'na croí, mar is í rin an peaca 's do chuir fearg ar Chríost. Is iomdha duine adéarfadh gur fírinne na nithe so do scríobhaimse, agus ar a shon sin go mb'fhéidir ná leanfainn féin an chomhairle. Ní haon ní dhuitse sin, a léitheoir, ach féach ar an seanfhocal .i. "an té a bheadh 'na dhroch- chomhairleach dhó féin, ba mhaith an comhairleach do dhuine ele é". Agus dá éamais sin ba mheasa dhuitse tú féin do dhéanamh do bhotúin uair isna seacht mbliana ná mise dá dhéanamh seacht n-uaire san ló, óir is é allas a mhalaí féin do loisceann ar gach n-aon; agus dá 'neosthaí don fheidhleacán (an tan a bhíonn ag rith timpeall na coinnle) go loiscfí é, ní chuirfeadh suim sa chomhrá chum go mbainfeadh triail as, ach dob fhéidir dá dtuigfeadh sin, a fhear agallaimh, amhail a thuigirse mise, go nglacfadh an chomhairle. Agus is mó duine ná tugann aireachas dhó
ar an ndiabhal nó go bhfaigheann a mháthair mar chéile uaidh, agus an drong ná géabhaidh comhairle, ní cóir trua a bheith dóibh. Agus créad an ní mná mar go mbíonn fearaibh comh dian so 'na ndiaidh? Is fíor go dearbh go mbíd cuid acu níos breátha ná a chéile; ach i dtaobh aon ní eile ní bhfuilid ach mar a chéile, óir atá Siobhán comh maith lena máistreás insa dorchadas. Ach tabhair dom cead chum a insint duit, má phósair bean na mbeadh drochghairm aici beidh a míchreidiúint 'na spota i gclár t'éadain de ghnáth. Ní fhéadfair siúl an tsráid ria gan fonóid, ná gabháil léi ar measc do chomharsan gan magadh do dhéanamh fút, agus is gnáthach gurb iad na mná is breátha lenarb usa géilleadh chum ainmhianais agus díomhaointis. Agus an fear na mbeadh bean bhreá agus cloch fhaobhair aige beidh gach nduine do ghéabhaidh an tslí ag lí a airm orthu, agus tabhair dot aire, dá mba caisleán <é> na dtabharfadh iomarca aghaidh dhó gur deacair dhó seasamh 'na gcoinne, agus chum sin leis do dheimhniú duit, féach mar adeir an file an rann fhírinneach: Atá mo lámhsa go cráite ciapaithe, 's tá an Bhlarna lán de bhia 's de dhigh, atá an Pápa 's a mháthair riamh fé chion, 'sis gnáthach mná breátha 'na striapacha. Dá bhrí sin an té a phósann bean bhreá beidh gach n-aon do chífidh í ag guí chum Dé ag iarraidh a bháis, chum an phéarla
bheagthairbheach sin do bheith aige féin. Agus má bhíonn tú saibhir agus gan bheith glémhaiseach i ndealramh, ansin caillfidh do bhean bhreá a creidiúint chum a hantoile do shásamh, óir is amhlaidh a bhíd amhail diaman, ní thaispeánfaidh a lonradh comh maith in aon ní eile is do dhéanfadh in ór; mar an gcéanna an bhean bhreá, ní bhfuil a féachaint comh taitneamhach i ndrochéadach is do bheadh 'na cuid bláthornéid, agus dá dhroim sin is iomdha bean do tharraingeann a bhfearaibh chum bochtaineacht agus náire de dhroim uabhair agus striapachais. Ach so bun agus leathbharr an scéil dhuit, ní foláir go n-imeoidh an bhean amhail péacóg agus go leanfaidh a fear í go fuar, fadghobach amhail creabhar. Go deimhin is iomarcach agus is iontach le féachaint mórán de chleasaibh corr-ghlioca na mban, óir beid anois meidhreach agus ar ball dubhach, gáirfid ar an nóimeint agus goilfid i gcionn leathuaire, beid anois tinn agus go maith gan fuireach, agus gach uile ní nach taitneamh leo is measa é ná aon ní, agus dá olcas ní, má bhíd na mná ar a bpléisiúr, níl aon ní níos fearr ná é, agus is ionann agus éag ar an spota do mhnaoi muna ndáilfear di gach uile ní dá sirfidh, agus tarcaisneoidh sí go lúithreacha dá fheabhas ní do bhéarfair di gan iarraidh. An tan a bheidh easpa ar bith ar mhnaoi beidh sí ag bladar agus ag milisbhriathracht; ach an ta do-ghéabhaidh an ní a bhíonn uaithi, féachfaidh le súil chlaoniomarcach, agus freagróidh gach ceist go dána, agus canfaidh briathra scornúla, ionas gur dóigh leis an té ná beadh taithíoch orthu ná loirgfidís ní ar bith eile go brách. Agus is amhlaidh a bhíonn sin, bean amhail long, rigeáil í inniu comh maith 'sis féidir leat, ach ar a shon sin beidh ní éigin aici i ngátar deisithe; mar an gcéanna bean, tabhair di inniu gach uile ní is féidir léi do iarraidh agus beidh in uireaspa arís amáireach. Is oiriúnach an ainm do mhnáibh préacháin oíche, óir san oíche do loirgfid gach uile ní do smaoiníd san lá. Is maith 'fhios acu gurb í an oíche a n-am féin, an tan do oibreoid siad duine comh bog le céir, agus go dtarraingid chum a rogha foirm é amhail do dhéanfadh cloch lómhar le hiarann, agus an tan do ghéilleann dóibh, tosnóid ar iarratas. Agus go deimhin níor chliste san ealaín aon de bhacaigh Bhaile Mhuirne nó de chléirigh Ghobnait ná gach bean díobh, agus adeirid: "a bhráthair na sárfhear, agus a fhir tí chóraigh, agis a áilleán mo choirp nár ob aon ní dár loirg bean riamh ort, atá mo shúilse leatsa anois go gcomhlíonfaidh tú gach beart go fearúil, flaithiúil, ciallmhar mar ba dhual duit; agus is
fada í mo fhoighne anois le trí lá ar drochbhróga, agus atá mo ghéaga nochtaithe le poll in ascaill mo ghúna; mo ghrá thú, agus atá súil agamsa go gclúdóirse mise comh glémhaiseach sin is ná beidh formad agam le haon bhean dem chomharsain, óir is deas an chaidhp san bhfaisean do chonarc ar bhean Dhonncha Uí Scannláin inné, agus chum go rachadh do chlúsa níos sia ná clú Dhonncha ní foláir dhuit a leithéid eile d'fháil domhsa, agus ciarsúir India, agus gúna den fhaisean dhéanach, agus pointeáil do bheith ar mo aprún, agus mo chóta den w
ave-chuilteáil, etc. Agus dá éamais sin atá 'fhios ag gach fear pósta, aon ní na gcuirfidh bean dúil ann nach socair a haigne nó go bhfaighidh é. Agus má chuireann tú ar moill í, gan gach ní d'fháil di, cuirfidh cnú 'na héadan, ionas go ndéanfaidh triuth den hart, siúd ná beadh aon chárta dhubh id láimh; óir is amhlaidh a bhíonn bean, muna bhfaighidh gach ní a iarrfaidh, agus muna ndéarfaidh gach ní a smaoinfidh, agus muna rachaidh i ngach áit is mian léi, líonfaidh sí an tigh de dheatach a géarchainte ionas nach féadfair é a fhulang Is maith an fhírinne agus is géar an sean-fhocal, gur tinn an greim do bhainfeadh sean-ghadhar nó dearnaite ocrach. Ach d'réir mo bharúlachtsa is tinne an greim do bhainfeadh bean ainigí, fhíochmhar; agus má thógair ort í a mháistríocht agus do thabhairt chum ceansacht níl tairbhe dhuit a dhéanamh le buillí, ach muna mbatrálair chum báis í. An Dara Caibideal. Ba chóir nár bheag don fhear chiallmhar an méid so adúrt chum tuigseana do bhaint as chum é féin do sheachnadh ar ghaistí agus ar mhealltóireacht na mban gcorr-ghlic, ach chum go dtabharfá fá ndeara níos géire mo chomhrá cuirfead síos roinnt eile ag taispeáint ainnise agus angair na bhfear bpósta. Ach ar dtúis cuirfidh mé síos an scéal do chonarc insa leabhar dar ba ainm an Daemonameny of Doctor Bodin, nó níos soiléire, i leabhar na ndeamhan agus na spridí falsa. Is é a chuireann an scéal so síos, go raibh ógbhean darbh ainm Magdelena de la Croix aige Cardóbhia san Spáinn, agus tháine ó threibh mheonach, agus do thóg sí uirthi déirc do thógáil agus do chnósach, chum atóigthe agus cosnaimh ar thigh ban rialta naomh Clára, do bhí tar éis dul ar neamhní an tan sin; agus do chuir a gnó ar aghaidh comh héifeachtach sin gur chríochnaigh an
mhainistir go creatúil agus go maith. An tan do chonarcadar na mná rialta sin, do smaoineadar gur mhaith agus gur cheart dóibh an bhandé a thóg an mhainistir do ghlacadh ina measc, agus níor chian do bhí acu an tan do tháine deamhan dubh, amhail Aethiopian, chum comhluadair agus cuideachtanais ria, agus ní raibh sí d'aois an tan so ach i dtuairim a deich nó a dó dhéag de b
lianta. Gidh ea do chuir, tréna ghliocas diabhaldha,
a bheith 'na seirbhíseach chum a thoile, agus do chuir í i bhfoirm agus i dtaispeánadh chum a bheith comh rialta agus comh naofa agus comh ciallmhar le haon dá haois san mbith bhraonaigh, agus chum gur fearrde a ghéabhadh a mhianaibh do chur i bhfeidhm uirthi, an tan do bhí sí dá bhliain déag do iarr uirthi é a phósadh. Agus tug sí a cead chuige, agus do phós sé í ar an gcuntas so .i. go mbeadh sí dó déag ar fhichid de bhlianta, ní hé amháin ionann, ach tar gach bean rialta agus manach eile dá mbeadh in aon mhainistir léi, i naofacht agus in ainglíocht. Agus do thit gach uile ní amach d'réir a thoile, óir do bhí sí féin agus an deamhan comh ceanúil sin ar a chéile, ionas, an tan do imíodh in imchianaibh go bhfágadh seirbhíseach ag tabhairt aireachais dá mhnaoi ina dhiaidh, go dtugadh cabhair di ar gach slí agus do-ghníodh gach ní ba chóir dise do dhéanamh, chum socracht di; agus an tan do chasadh an deamhan chum baile ní thiteadh ní ar bith nar bhfiú é nótas a thabhairt dhó chum críche i cheithre hardaibh an domhain ná tugadh a dheimhinchuntas dá mhnaoi. Ar measc mórán eile nithe, d'inis di aon de laethaibh mar a tógfaí an chéad Phróinséis, Rí, 'na phríosúnach, agus ar an ár agus ar an easpa do thiocfadh ar an Róimh i gcionn beagán aimsire 'na dhiaidh san. Inseas Magdeléna sin do na mnáibh rialta agus do tuigeadh dóibh gur ón Sprid Naomh do oibrigh sin inti, nó gur aingeal maith éigin d'fhaisnéis di é. Ach chum an scéil a dhéanamh gearr do-ghníodh an bhean óg so comharthaí iontacha agus míorúiltí éagsúla, leis an ndiagas do thaispeánadh ón dtaobh amuigh, ar chor gur toghadh í leis an gcuid eile mar bhan-ab insa mhainistir, agus do thug sí aire dhi féin insa chúram sin comh maith is nárbh fhéidir d'fháil uirthi. Agus ar laethaibh solmanta do bhíodh sí comh diaga sin go dtógthaí í trí chúibit ón dtalamh suas, agus íomháigh Chríost ina láimh aici, agus do thaispeánadh ar uairibh ciabh agus craobhfholt comh breá, comh fada go sroiseadh síos go haltaibh léi, agus níor thúisce sin ná do imíodh arís. Agus an tan do bhíodh ag an aifreann do
oscladh bearna insa bhfalla chum gurbh fhearrde do chífí an abhlainn naofa 'na fianaise é, agus na laethaibh do theipeadh ó Chomaoine do ghlacadh (ar son go gcoisric
í leis an sagart an nuimhir chinnte dhíobh) tar éis iad uile do ghlacadh Comaoine ach an bhean so na dtráchtaim libh uirthi, do bhíodh díth aon de na sácraimíntí air, agus do tuigthí dhó gur aingeal maith éigin do chuir do leataoibh é chum é féin dá thabhairt di, agus do taispeántaí do chuid de na naomh-mhaighdeana an abhlainn ag teacht as an spéir agus ag dul 'na béal, agus do thaispeánadh sí sin dóibh poiblí. Do ardaigh so a creidiúint agus a gairm rialtais ionas go gcuireadh pápaí agus impirí agus prionsaí litreacha chuici dá gcur féin fá chomairce a guí agus a hachainí. Do chuir bean an cúigiú Cormac an t-éadach do bhí aici le haghaidh a mic, .i. an dara Pilib, do chur ann an tan a béarthaí é, dá hionsaí chum é a choisreagan lena béal féin. Agus do-ghníodh sí oiread sin míorúiltí ionas fá dheoidh gur thóg na mná ceartrialta drochamhras di, agus go ndúradar nach raibh inti ach deamhnóir nó geasrógaí. Agus arna bhrath sin di orthu do chorraigh oibriú Dé 'na croí diaidh ar ndiaidh, ar chor gur admhaigh gach ní amhail a dúrt roimhe so, agus gur ghearr go mbeadh deireadh an téarma istigh, agus do admhaigh do na bráithre an orda agus na mainistreach roimheráite go raibh aithne aici ar an ndeamhan so ó bhí sí in aois a dó dhéag de b
lianta gus an am sin, agus do admhaigh a crutha go poiblí, agus do chaoidh go dúthrachtach agus d'iarr orthu uile guí chum Dé ar a son. An tan a chonairc an deamhan do bhí 'na seilbh comh fada is a bhí, go raibh a haigne iompaithe uaidh, do rin a dhícheall ar í a tharraint chuige féin arís, ach ba lag an bheart dhó sin, óir is treise Dia ná an diabhal agus dob éigean dó í a fhágáil. Agus chum gurbh fhearrde a dhéanfadh sí leorghníomh 'na peacaí do cuireadh i bpríosún í, mar ar fhulaing mórán da chruapheannaid agus breithiúnas aithrí daor, agus fá dheoidh do fuair maitheamh ann fá láimh an ceathrú Pól, Pápa. Taispeánann an scéal so dhúinn créad méid an áthais a bhíonn ar an ndiabhal an tan a thógann seilbh i mnaoi mhór-chroíúil, chlaonghlic. Dá mbeadh bean na mbeadh an taobh amuigh di go róbhreá, agus a teanga comh sleamhain le híle agus comh mín le síoda, agus a briathra comh milis le miil, agus ní hé amháin sin ach dá mbeadh sí dianchiallmhar agus mála maith óir nó saibhris aici, is aon in aghaidh mhíle nó fuathóidh sí an t-uaigneas agus rachaidh ar measc a comharsan chum comhluadair, óir tarraingeann an
comhluadar muintearas, agus cuireann an géarmhuintearas an uile óinmhideacht ar aghaidh, agus go háirithe má bhíonn mian reatha síos agus suas uirthi, cuirfidh sí a macántacht i ngeall chum a toile do shásamh. Agus chum í a choimeád suas 'na baothántacht agus 'na hiomarcaí ní foláir gur ar an bhfear do bheidh an uile chostas, agus do mhairfidh ar an uile bhoichteacht. Rachaidh an fear san uile bhaol agus caithfidh an bhean a uile shaothar. Caithfidh an fear faire agus forchoimeád, cathú agus cosnamh, an talamh do shaothrú agus obair do dhéanamh go duamhail chum a cothaithe, agus gach ní do bhaileoidh sé ar feadh seacht mbliana caithfidh agus leighfidh bean in aon bhliain amháin é; agus beidh róbheag aici chum a coimeádta suas, agus ró-iomarcach le laghad chum a toile mhaith d'fháil dá dhroim. Ní hé amháin, ach dá dtabharfá dhi gach ní dá fheabhas, muna dtaitneoidh do phearsa léi ní fiú leathphin
e san mbliain a macántacht agus a coinníoll id dháil; óir cumhdóidh a brollach croí fuafar, mailíseach, nimhiúil; beidh gach olc dá chumadh agus dá cheartú féna ceann, agus a lámh ullamh chum gach ní díobh a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin créad an ainm is ceart di in éamais mná? Atá, géag leis an ndiabhal ag á mbíonn a ceann, a lámha, a croí, a haigne, agus a hanam lán de mhailís agus de dhíbheirg. Agus dá bhrí sin is maith an ainm é dhóibh carrán cam gach oilc, de bhrí go dtógthar fearaibh leo amhail a tógthaí iasc le gatha, óir atá míle slí aige mnáibh chum fearaibh do mhealladh, mar atá, coinneoidh siad cuid díobh ar a láimh le geallúna, cuid eile le subhachas agus le cleasaíocht, agus cuid eile do-ghníd siad a shásamh le póga. Ligid a ngruaig síos chum grá fear do tharraint orthu. Idir a dhá gcíoch atá gleann an léirscriois, agus ina leapacha atá ifreann, buaireamh, dólás agus cathú; óir is fíor nach déanfadh fiolar fear d'ithe go bhfaigheadh marbh é, ach ithid na mná 'na mbeathaidh iad. Piocfaidh bean do phóca, folmhóidh do sparán agus gáirfidh it éadan, agus gearrfaidh do scornach. Atáid siad lán de chruachinnteacht fhéichiúnta, mealltórtha, díomuan, droch-choinníollach, ainigí, nimhneach, bréagánta, éadrom, míchéatach, uaibhreach, leantúil, agus éigeart. Agus ar a shon sin uile ní féidir linn a rá nach é Dia do chruthaigh iad, agus gurb é
nádúr do thug foirm dóibh, agus más é féin, is fíor gurb é an corr-ghliocas do thug fáth seachanta orthu, óir má théann dea-ní ar mearachadh is cóir é do sheachnadh,
óir is beag an mhaith dhuit feoil rósta dá ngabhthaí den bhior sa cheann ort. Adeir Solamh, an fear d'fhulaingíos é féin do chur ar mearú amhlaidh sin go mbíonn amhail amadán ag lúcháir tréna bhreith, dá chur isna stoic. Adeir Naomh Pól, chum seachnadh ar dhrúis ba cheart do gach fear bean do phósadh; agus an té ag a mbeadh a bhean féin, agus ar a shon sin do rachadh go nuig bean eile, is
amhail gadaí saibhir noch do ghoideann is gan é i ngátar. Atá trí mhodh chum aithne
ar striapaigh .i. ar a féachaint shúgach, ardintinneach, ar a comhrá, agus ar a himeacht státmhar, goiciúil. Agus adeir Solamh nach cóir dúinn ár neart do chaitheamh le méirleachas, óir is iad olc gach uile oilc iad, agus díomhaoineas gach uile dhíomhaoinis. Lagaíd siad neart an fhir agus cuirid ar mearú a scéimhchruth. Cuirid claiseacha ina ghruanna agus dorchaíd an radharc isna súile, agus ciorraíd go hiomarcach ar laethaibh dhuine; agus ar son go bhféachaid id shúile comh milis le elecampane, lena dtriail, bíd comh searbh le barainótar. Atáid ciallmhar, ach atáid rógheasrógúil; má bhíd i ngrá atá sé géarghonta, agus má bhíd i bhfuath, atá sé marfach. Agus ar son a hiompaithe ar an modh so, adeir an Sprid Naomh i mbéal an eagnaigh, .i. go bhfuil díbheirg mná tar gach comparáid, óir atá sí 'na fúrnéis agus 'na tine comh láidir sin nach féadfadh a bhfuil d'uisce san mbith a múchadh, agus go háirithe más ó mhioscais nó ó dhianfhuath i ndáil fireannaigh ar bith do thig an díbheirg sin, óir sin an t-am do scaoilfidh sí ar siúl saigheada a díoltais agus do dhéanfaidh, amhail deamhan, a huile chineál céille agus geasróga do chur chum oibre, agus go háirithe gach n-aon ná tiocfaidh lena drúis agus 'na huile mhian, agus 'na sásamh ins gach uile phléisiúr; agus chum cruthaithe air sin féach ar an mbeagán so romhat. Do chuaidh Philander chum fairrge i gcríochaibh imchian, agus an tan do chonairc Marizee, a bhean, nár chas comh luath is ba mhian léi, do smaoin gur iarracht do thug ar í a thréigean, agus d'iompaigh a dianghrá i rófhuath 'na choinne ionas ná raibh ar gcumas di gan a mioscais do chur i bhfeidhm ar shlí éigin. Do thug nimh do thriúr clainne a bhí aici ris agus do thóg féin í mar an gcéanna, ag rádh gurbh fhearr léi críoch do chur orthu uile ná bheith chum pléisiúir ag a fear an tan ba mhian leis teacht dá dtóraíocht. Cuireann Antóin Múret síos insa chéad leabhar dá chuid eadar-
cheachtaibh tuairisc ar mhnáibh d'áirithe do thaispeánadh iad féin 'na ndeargnamhaid i ndáil na droinge ná claonfadh chum a dtoile, ag réiteach deacracha a ndrúise, agus mar do fuair mise ansin é do-dhéan féin dícheall ar é a chur síos anso. Agus ar dtúis cuirfidh mé síos bean Photiphar. An tan do thug iarracht ar Joseph do tharraint chum a toile agus nár fhéad, do labhair lena fear agus adúirt nach maith an buachaill Joseph "do thug iarracht ar mé a éigean agus do tharraint chuige féin uaitse"; agus ar son ná raibh anso ach mioscais tré ghrá do thógadh Joseph agus do cuireadh i bpríosún é, ceangailte go daor agus go docht le slabhraí ar a chosa agus ar a lámha, óir do chreid sé gur fírinne d'inis an bhean dhó. An dara bean, Ph
edra, an tan nachar fhéad grá a mic i ndlí, nó a cleamhna do tharraint uirthi, .i. Hippolytus, do chuaigh tré mhioscais éada go nuig a fear féin agus d'inis dó gur thug a cliamhain fá ndeara a honóir do bhaint di le fórsa, agus do chuir a díbheirg agus a fraoch i bhfeidhm comh maith sin go bhfuair óna fear ordú do thabhairt a cheithre géaga do cheangal de cheithre capallaibh fiaine, gur shracadar 'na choda beaga ó chéile é. An tríú bean, Ante
a, céile an rí Pro
tus, do iarr go dúthrachtach ar Bel
erophon luí léi, ach is di ba bheag an mhaith, óir d'éimigh sé í. Ansin do smaoin aici féin go mbeadh an ní sin aige Bel
erophon os a cionn, agus ní hé sin amháin ach go mb'fhéidir go leathfadh an scéal uirthi; agus tré chorp éada agus droch-chroí do chuaigh gus an rí agus d'inis dó gur mheas an laoch sin méirdreachas do dhéanamh ar a leabaidh phósta, agus do chuir an rí i gcomhair a mharfa é, tré amas glic litreach, ionas go dtáine scéal na litreach sin chum bheith 'na shean-fhocal ó shin. An ceathrú bean, .i. Philonome, an tan do éimigh Tenes, mac Cygnus, a mianaibh uirthi, do ghearán lena athair é, agus adúirt ris go raibh a mhac dá hiarraidh chum a thoile. Do chreid an t'athair go simplí an scéal sin, agus do thug ordú a chur i gcófra fá ghlas, agus a chaitheamh le muir agus le mórfhairrge. An cúigiú bean, .i. Hippolite, céile Acastus, do bhí ag rialú ríochta Magnesia, agus an tan nacharbh fhéidir léi grá Peleus do tharraint uirthi ar a slí féin, do ghearán lena fear é, agus adúirt gur mheas an ceatharnach sin an t-ionracas agus an díleasacht do bhí aici dhósan do lot, agus dá dhroim sin do fuair críoch ar a laethaibh. An séú bean, .i. Hippodame, bean chéile Pelops, agus an tan do
bhádar ag tógáil aeir ins
charbad adúirt sí lena fear féin go raibh sí i rochtaibh éaga tré thromphéin tarta, agus adúirt ris deoch d'fháil di ar shlí éigin. Tuirlingeas Pelops agus ní túisce do imigh as a radharc ná do shir an bhean ar a giolla carbaid .i. Myrtilus, teacht agus luí uirthi. Gidh ea do eitigh sé í go ceart, cróga, agus an tan do chas a fear féin arís do labhair sí ris i mbriathraibh corr-ghlioca, agus adúirt gur mheas Myrtilus fórsa a dhéanamh uirthi. Do chreid a fear sin, mar gach fear eile, agus do rug ar an ngiolla sochineoil, ceartdíreach, agus do theilg san muir do bhí i bhfogas dhó é gur bádh é. An seachtú bean, .i. an bhanáilleán, céile Chonstantín chróga, agus an tan do theip ionracas a cleamhna uirthi adúirt sí rena athair gur mheas an fear sin adh
ltranas do chur i bhfórsa ria; glacas lonnas agus luathfhearg a athair, ionas gur chuir ar díbirt óna dhútha féin é. An t-ochtú bean, .i. Fausta, iníon Maximinus ó Éigipt. Do bhí an bhean so comh géar sin i ngrá lena mac i ndlí, gur mheas a dhúil do tharraint chum luí 'na leabaidh ar shlí éigin; ach an tan do thuig, tréna fhaillí, ná raibh sé urasa di a thoil d'fháil uaidh, do dhíbir a géarshearc agus do chuir dianfhuath san bhfolamh, agus do ghearán leis an impire gur mheas an fear sin a mí-onóir do chur, tré ghníomh náireach, ionas gur chuir an t-impire chum báis é. Gidh ea do thuig fá dheoidh an scéal do bheith falsa, agus do chuir an bhean chum báis mar an gcéanna, chum sómpla do gach uile bhean eile do bheadh ag cur a ndroch- chroí i bhfórsa an tan ná faighid a mian féin ó fhearaibh Adeir an t-údar, Plato, gurb amhlaidh a bhíd mná 'na n-aingil nó 'na ndiabhail, ceachtar díobh; óir bíd i ngrá glémhaiseach nó i bhfuath éagmhaiseach, óir ní bhíonn tuigsint 'na ngrá ná cumann 'na ndíbheirg ná foighne 'na bhfearg. Dá bhrí sin níl aon ní is mó do-ghní pléisiúr nó míphléisiúr ar fhear ná bean, óir is fíor gur rómhór an greann do bheadh ag mnaoi ar fhear, agus más fíor, is fíor gur rómhór do mheallfadh sí é i ngach uile shlí agus pointe. Do rin Theodora (an striapach nótaltha) a mórbhraigeáil le Socrates de dhroim an nuimhir mhór d'fhearaibh do thagadh de ghnáth timpeall a tí, agus adúirt gur mó do mheallfadh dá scoláirí uaidhsean ná do mheallfadh seisean uaithise. "Ní hionadh sin", ar sé, "óir taispeánann do shlíse so-ghluaiste, réidh, agus is ait le haos óg an tslí sin do leanúint, ach an tslí chum beatha rialta, atá lán de bhraimileoga agus de dheilgne.
Do bhí Messalina, .i. bean an impire, Claudius Caesar, comh mórdhrúiseach sin go ndeachaidh go poiblí ar an sráid ag tabhairt pléisiúr a bolgthoill do lucht teachta agus imeachta, agus do chuir geall leis an striapaigh ba mhó san mbaile sin gur mó d'fhearaibh d'fhulaingeodh sí féin ná í. Agus do luigh an oíche sin le 25 rúfins, agus do chuaigh abhaile ar maidin cortha, gan bheith sásta; gidh ea do rug sí an geall, óir níor luigh an bhean eile ach le 23. Féach an bhean bhreá, ró-álainn, Hynes; do ghlac an seachtú Cormac, rí Franc, grá comh mór sin di, agus do bhí meas comh daor sin aige ar phléisiúr a coirp nach é amháin, lena chuid saibhris, gur neartaigh agus gur shaibhrigh sí a huile mhuintear, ach d'fhág 'na huacht déanach trí fichid míle coróin chum a thabhairt amach san áit na gcurfaí í. Adeir Athenaeus, an t-údar foghlamtha, scéal eile is mó d'ionadh ná an scéal so, ar Phryne noch do chruinnibh an oiread sin saibhris tré chathaíocht a grá go ndúirt ris an lucht cónaithe do bhí i gcathair Thebes go dtabharfadh airgead dóibh chum an chathair do atógáil, agus céad geata ró-álainn, fíornéata do chur uirthi, ar chuntas go gcuirfidís an scríbhinn so ar pholla gach geata dhíobh: "Alexander ever
it, Phryne amica erexit", .i. is é Saorbhreathach do leag iad, agus is í Phryne, an mhéirdreach, do thóg iad. Féach an rí, Demetrius, níor thug ach aon ligean amháin dá shúil go hathghairid ar Lam
a, agus do goineadh dá searc comh mór sin é, tréna grá, agus do chaith aon ionga déag d'ór uirthi do bhí aige chum a shaighdiúirí a dhíol; agus ní hé sin ach do thréig a bhean féin agus níor fhág cuideachta na striapaí so go rug an bás uaidh í, agus tar éis a báis do chaoidh go diafrach ar son a héaga, agus do phóg agus do róthaispeáin a mhórchion uirthi, agus fá dheoidh do thug ordú a hadhlacan fá bhun a fhuinneoige, agus gach am d'fhéachadh ar an bhfeart do ghoileadh go fuíoch. Féach Flora, iníon an rí, do thóg an cheard ó am go ham agus do lean í comh dlúth sin gur chuir sí críoch ar a beatha an daicheadú bliain dá haois. Agus dob é an rí, Menelaus, an chéad fhear do chuir a ghrá in úil di, an tan do bhí sé ar máirseáil ag dul ag cur chogaidh ar an gcathair, Carthage, agus do scaip níos mó airgid 'na timpeall ná do chaill sé le bua d'fháil ar a namhaid. Gidh ea ar son a hiompaithe chum na ceirde, do bhí an fhuil ríoga inti, agus ní bhfaigheadh aon neach a mhian ná a phléisiúr uirthi
ach fear den phríomhfhuil, agus do chuir scríofa os cionn a geata na briathra so: "gach rí, prionsa, impire, nó easpag do thiocfadh anso, atá fáilte roimhe ann". Agus ní mó ní raibh an Flora so comh mianmhar chum airgid leis an ndís bhan adúrt roimhe so, óir d'fhiafraigh duine dá príomhcharaid di créad an fáth ná déineadh fiacha dá grá. Is é adúirt sí ris: "ní dheinimse mo chorp a thabhairt chum pléisiúir do neach ach rí nó ardfhlaith, agus do-bheirim mo bhriathar, dá laghad do fríth dom ó neach riamh gur mó é ná loirgeas, óir atá ráta fá leith ar gach uile ní ach grá amháin, agus ba cheart an oiread meas do bheith ar mhnaoi bhreá is do bheadh aici uirthi féin". Do éag an bhean so i gcionn daichead bliain, agus do bhí de mhéid an tsaibhris d'fhág 'na diaidh san Róimh, gur háiríodh é comh ró-iomadúil sin go gcuirfeadh ballaí nua timpeall na cathrach. Dá bhrí sin, le léigheadh na scéal so agus mórán de scéalta eile do-ghéabhair amach roinnt de oibreacha na mban claonchleasach. Ní hé amháin gur chuireadar ar neamhní rithe agus Caésair, ach do leagadh dá ndroim caisleáin agus cathracha, agus do creachadh dá ndroim triúcha agus oileáin, agus ní hé sin
ach créad an ní ná féadfadh bean do dhéanamh? Ar an abhar sin ná fan it aonar i bhfochair mná le muinín as do dhiscréid féin, muna mbeifeá níos láidre ná Sampson, níos ciallmhaire ná Solamh, agus níos naofa ná Dáth, Rí, óir do tugadh iad so agus mórán eile chum a mbotúin tré mhealltóireacht ban, d'réir mar a léifidh tú 'na dhiaidh so, agus féach an rann do canadh i bParlaimint na mBan: Do mealladh le mnaoi Dáth Rí agus Solamon glic, Sampson is na mílte saoi ba chalma i ngail, ár n-athair do suíodh go haoibhinn i bParthas tsoir, is Peadair; a Chríost, cár díon dár bhfearaibhne dul? Is é ní do iarradh Aristippus bia breá, milis chum a chaite, agus bean álainn, shultmhar chum a leapa. Ach d'réir mar a thuigimse, an fear do leathfadh a líon chum breith ar bhean bhreá, is amhlaidh a béarthar air i líon na gcreabhar. Den réir sin impím ar na fearaibh óga, agus achraim ar na fearaibh aosta, agus comhairlím do na fearaibh simplí, agus do-bheirim forógra do gach uile chineál fear chum sceinm ó bhean dhíbheirgeach amhail a dhéanfaidís ó phláigh, nó muna ndéinid is féigean dóibh a dhéanamh fá dheoidh. Féach Aristotle, ar son cuideachtan do choimeád le banríon
Athens, gurbh fhéigean dó teitheadh dá dhroim chum seachnadh ar phionós, agus do bhí san bhforuaigneas sin ar feadh tríocha bliain, mar ar scríobh mórán de leabhraibh áille. Féach arís Sampson agus Hercules, ar son a nirt agus a mórchrógacht, agus a gcalmacht i gcathaibh fómharach, do leag duine acu ar lár a chleith i bhfianaise na mná áille, Dajanira, agus an fear eile, d'inis dá mhnaoi féin, .i. Dalila, cá raibh a neart. Gidh ea do dhíoladar féin as a n-óinmhideacht 'na dhiaidh san. Féach Plato, ar son a fhoghlama agus a eagnaíochta, do choimeád cuideachta Archanessa agus í aosta (óir do bhí iomarca gráthóirí aici an tan a bhí sí óg), an tan do shéan gach duine eile í, agus do bhí a chion comh mór sin uirthi gur scríobh mórán de dhuanta breátha dhá moladh. Mar an gcéanna Socrates, ar son a thromán céille agus a mhórthuairisc ar fuaid an tsaoil, ach ar a shon sin do thug grá comh mór sin do Alphasis, .i. sean-striapach chríonchaite, go raibh i dtoirchim éaga dhá droim. Do choinnibh grá an rí, Antíocas, ag Calcian ar feadh bliana, do bhean óg nar chuir rinn a rosc inti; gidh ea ba dhamáisteach an scéal do féin sin. Do chuir an rí, Han
ibal, gach uile obair thairbheach dá raibh aige do leataoibh, agus do chaith a shéasúr fada aige Caíphus, le grá dho mhnaoi, ach do ba olc an scéal dó féin sin, óir tháine a namhaid isteach air i mórán áitibh dá ríocht. Mar an gcéanna Julius Caesar, do chaith séasúr fada san gcathair, Alexandria, agus ní le grá d'aon mhnaoi amháin ach le mian drúisiúil do mhórán, ionas go bhfuair náire agus masla mhór dá chionn. Féach an captaein cróga, cathbhuach, mórchroíúil, na gcritheadh táinte agus na scanraíodh náisiúin
, an tan a smaoinídís ar
ainm, .i. Holofernes, gur maraíodh le mnaoi é tréna dhíth céille féin. Féach Herod, do bhí a ghrá comh mór sin i ndáil mná gur chuir d'fhiachaibh an ceann do bhuaint de Eoin Baiste ar a son. Ach chum ná beinn i bhfad ag comhrá orthu féach féin it aigne ar gach scéal, agus do-chífir ná fuil aon rásúr is fearr chum gach ní do ghearradh ná an aimsir, agus go háirithe gach olc do thagann de mhnáibh, óir dá mbeadh Holofernes gan breá-aghaidh Judith d'fheicsint, ná a caoltroigh d'fheicsin go scléipeach san gcomhthalán ag rince, is dearbh ná caillfeadh a cheann léi. Dá
mbeadh Herod gan iníon Herodias d'fheicsint ag rince, ní thabharfadh le claontoil mar achainí di ceann Eoin Baiste ar son a scléipe. Féach mar an gcéanna an churadh chalma, chathbhuach, .i. Con Raoi mac Dáire, taoiseach Chlanna Déadha
, mar cailleadh é de dhroim Bhláthnaid, iníon Rí Alban, ar dtabhairt searc di do Chú Chulainn mac Sabhaltaigh, agus adúirt ris; "atá claíomh aige Con Raoi", ar sí, "agus an feadh do bheidh 'na sheilbh níl baol báis ná bithéaga air i gcogadh ná i gcath. Gidh ea cuirfidh mise d'fhiachaibh ar Chon Raoi curaí na dea- shlua do chur ar amas in áit éigin, agus goidfead an claíomh, agus ceapaim an lá dhuitse, agus bí cois taobh na habhann atá lámh le cathair Chon Raoi, agus an tan bheas gach ní riartha agamsa doirtfead bainne na mbó leis an sruth; tairse an tan sin, agus sin an comhartha". Gluaiseas Cú Chulainn chum baile, agus do chuaigh Bláthnaid dá tigh féin agus do labhair go foirmdhlitheach, ceart, ciallmhar (dar le Con Raoi), agus adúirt: "is mór é do chumas agus is suarach do theaghlach, agus ba chóir duitse do laochra lánláidir do chur fá thriúchaibh agus fá cheithre hollchúige Éireann, agus clocha móra agus líogaibh garbha ró-áille do thabhairt leo, agus cúirt róghlémhaiseach do dhéanamh dúinn". Do chreid Con Raoi comhrá corr-ghlic na mná, agus do chuir tionól ar a shlua agus adúirt riu gluaiseacht fá thíortha agus fá chríochaibh Éireann, agus gach clochleac agus gach garbhrúisc thromchairrge ba dhóigh leo ba mhaith chum balla o dhéanamh do thabhairt riú, agus go ndéanfaidís cúirt ró-álainn dóibh féin agus dá sinsear. Gluaisid uile de thoil a chéile agus le comhairle Chon Raoi chum an ní sin do chomhlíonadh. Dála Bhláthnaid, an tan do fuair a gcosa tar doras an dúna amach do ghoid an claíomh, óir ba mhaith 'fhios aici cá raibh, agus do chuaigh go moch ar maidin mar a raibh na mná ag crú na mbó ar bruach an ghlaise, agus do thóg fearg riú, agus do dhoirt an leamhnacht ris an sruth, agus má rin, níorbh fhearr chum aireachais an chaora bhradach ná an tréadaí, óir do bhí Cú Chulainn ag faire ag an nglaise, agus gluaiseas fá thuairim na dea-chríche, agus do chonairc Con Raoi é, agus d'aithin gur fána thuairim féin do bhí ag teacht, agus téid ag iarraidh a chlaímh, agus má chuaigh ní bhfuair. Tógas a staf agus a chuid mion-airm, agus ionsaíos Cú Chulainn agus a bhuíon, agus do threascair agus do rómhairbh mórán curadh den ruathar sin, ach fá dheoidh do thit féin de dhroim gaisce an chathmíle chrua- armaigh .i. Cú Chulainn.
Féach mar an gcéanna trí coinnle gaisce na nGael, .i.triúr clainne Osnaigh (Naoise, Ardán agus Ainle a n-ainmna), mar do thiteadar uile le Conchubhar, Rí Uladh, le mór-dhraíocht Chathbha
, draoi (noch ba phríomhdhraoi ag Conchubhar an tan sin), agus ní de dhroim laochais, 'chionn Deirdre do bhreith uaidh, amhail is follas in Oidhidh Chloinne Osnaigh. Féach mar an gcéanna an leon líofa, luathfheargach agus an churadh chosantach, chrualinneach, .i. Feardia mac Dubháin, mar do thit de dhroim idirchasaoid Mheidhbhe Chruachna, do chuir de gheasaibh air, agus é ar meisce, dul ag comhrac le Cú Chulainn, amhail is follas don léitheoir i gComhrac Chú Chulainn agus Feardia. Féach arís an tan do phós Lir iníon Bhodhbh Dearg, .i. rí Thuatha Dé Danann, agus do bhí aige nó go rug ceathrar ballach clainne dhó in dá chúpla, agus do fuair bás ar sin. Gidh ea do fuair Lir an dara hiníon ó Bhodhbh Dearg, le rómhéid a ionúine agus a ghrá dhó mar chliamhain, .i. Aoife a hainm, agus an tan a thagadh an oíche fuar ná 'na duartan trom d'éiríodh Lir as a leabaidh agus do chlúdaíodh a cheathrar clainne. Ach do thóg Aoife éad lánmhór riú, agus lá n-aon dá ndeachaidh Lir as an mbaile tógas Aoife a cheathrar clainne léi amach, agus do chrom ar dhraíocht agus ar ghintlíocht d'imirt orthu, ionas go rin cheithre géisibh comháille díobh tréna healaín, gur cheap naoi gcéad bliain dóibh ar an modh sin, amhail is follas don léitheoir in Oidhidh Chloinne Lir. Féach mar an gcéanna gur de dhroim éachtaí iníon Rí Tíre-Fá-Thoinn do thit an Macaomh Mór, agus iomad curadh agus dea-shlua ina thimpeall, agus fós a dhís dhearthár féin, .i. Úr agus Artúr, re hIollann Armdhearg, mac Rí Gréag. Mar an gcéanna féach gur de dhroim Saidhbhe, iníon Eoghain Óig, do thit an laoch láidir, lánchalma, agus an churadh chosantach, chéadbhagarthach, agus an leon líofa, luathfheargach, agus an treon crualinneach, mear, urm
aisneach, .i. Ardrí na Drólainne Móire, gona shluaitibh uile. Féach arís, a léitheoir, agus do-ghéabhair amach mar do chuir Meadhbh Chruachna clann Chailitín Choirpe agus iomarca slua eile i gcoinne agus i gcomhdháil Chú Chulainn mac Sabhaltaigh, .i. laoch láidir de arm na Craoibhe Rua, agus mar do thit le hiomarca na gcuraí, amhail is follas don léitheoir i mBrisleach Mhuighe Mhuirtheimhne.
Féach, a léitheoir, mar do thit an gaiscíoch galach, gníomhéachtach, .i. Tailc mac Treoin, le hOscar mac Oisín taréis mórán den Fhiann do leagadh gan anam, agus iad uile do thitim de dhroim Niamh Nuachrothach, iníon Dáire. A léitheoir, is fíor go mbeadh sé liosta dhomhsa le scríobh ná dhuitse le léigheadh an deichiú cuid den méid is acfainn domsa do tharraint chugam, i gcás díospóireachta den tsórt so buíne, ach chum ná beinn liosta, leadránach, ná róleanúnach ar aon ní amháin scoirfead den scéal so agus iompód ar scéal eile. Fothargan na hoibre le tréibh gan táir, is corr-chnap ar lom-alt mo mhéir ón sás, gan agallamh ag ceapadh suilt ná réim ar pháir, faoi ndeara dhom bheith paraitheasach tréith im láimh. An Tríú Caibideal. De na Baintreacha agus dá míchoinníoll. Atáim tnúthach, a léitheoir agus a chomhchara, má leanaim níos sia ar chorr- ghliocas na mban do léirmhíniú dhuit, ná bead ag obair gan dadamh den dualgas mar do bhíodh an táilliúir i gceann an lána ag síorfhuaghadh gan phá gan bhuíochas, agus ceannach an tsnátha air féin. Gidh ea áireodsa díol maith agam féin má t
uillim buíochas díse nó leathdosaein, agus fá thuairim an scéil sin leanfad ar lagstiúradh mo bhaothphinn go fóill, agus an tan d'fhéachaim im thimpeall is baintreach an chéad ní do chím chum barr mo phinn do phointeáil uirthi, agus cuirfead anso síos an foirm na dtaispeánann sí im shúilese. Fóiríor, is iomdha trioblóid, buairt, ainnise, forbhirt, agus angar do thagann ar an bhfear pósta, agus go háirithe an té do phósann baintreach, .i. pláigh dhúbalta ar bheatha an fhir, an bithiúnach claonchleasach ná fuil sásta leis an ndea-mheas coiteann ba chóir do bheith uirthi, ach do ghlacfaidh agus do sholáthróidh an uile chaoi chum an smior do ghoid as cnámha duine, agus a laethaibh do chiorrú. Ach créad adéarfad léi nó 'na coinne, nó leis an bhfear nó 'na choinne? Glaofad go hard agus adéarfad: "monuar, an t-ainniseoir bocht sin do ceangaltar leis an mbaintrigh, óir beidh an bhaintreach 'na bunrúta le míle drochní agus le milleon mórainnise".
Ach ar son gach ní dá dtuigimse, is iomdha fear ná hiarrfaidh slí ba mheasa dhó féin ná é a cheangal le baintrigh mhaith, shaibhir. Ach smaoin ar dtúis créad an bhuairt do chomhcheangalfair let áthas, óir má bhíonn sí go saibhir ní foláir gurb í féin is máistreás i ngach uille phointe, agus má bhíonn sí daibhir beidh tú de ghnáth i bpláigh le boichteacht agus le daoirse; agus arís beidh do pheannaid dúbalta, óir caithfir gach sean-shlí dá bhfuil 'na ceann do bhaint as, agus ansin a tabhairt ar do shlí féin. Agus má thógair sin ort do chomhlíonadh, níl duit ann ach mar do-ghéabhthá fear dubh ó Ethiópia agus do thógfá ort é a ghealadh tré sciomradh, óir is gnáthach go mbíonn baintreacha comh claonbheartach sin nach féidir leat a dtoil do choinneáil uathu, agus más dóigh leat í a dhéanamh go maith le bualadh agus le batráil, níl maith ann, muna mbatrálair chum báis í. Do phós fear baintreach chrosánta uair, agus an tan do thiteadar amach le chéile (agus ba gearr go nuige sin) do ghairm sí bithiúnach de, agus mórán ainmna eile deasa len' áireamh. De dhroim na feirge sin do rug sé uirthi agus do ghearraigh a teanga as a ceann, agus ó ná féadfadh sí aon fhocal do labhairt do-ghníodh comhartha na croiche lena méaraibh chuige. Is fánach, agus ní hé amháin fánach ach ní dóigh liom go ndearnadh riamh é, eadhon, fear do phósadh baintrí de dhroim a breáthacht, ach ar son a gradamreanc agus a cuid saibhris; agus má bhíonn sí saibhir agus breá i dteannta a chéile táthóir tú féin le diabhal baineann, óir imeoidh sí amhail péacóg, agus tusa amhail creabhar. Cuirfidh sí do chuid airgid i bhfolach chum coinneála suas ar a huabhar. Agus má thagann sé id cheann a bheith meidhreach 'na cuideachtain adéarfaidh sí: "atá tú meidhreach ar son mar tá bean agat atá in acfainn chum do chothaithe, óir roimhe so ní rabhais ach id dhéirceachán". Agus má thaispeánair tú féin dubhach adéarfaidh sí: "atá tú dubhach", i dtaobh ná fuil tú dá cur féin san bhfeart chum go mbeadh a cuid saibhris agat. Agus má roinneann tú bia go flaithiúil id thigh adéarfadh sí leat, má tá aon ní ar do chumas féin, é a chaitheamh. Agus má bhíonn tú spáráilteach adéarfaidh sí nach cóir dhuit miotóg do bhaint aisti, ag coimeád a coda féin uaithi. Agus má ghní tú aon ní bunoscionn lena haigne féin adéarfaidh sí gur shoilbhre agus gurbh fhearr an fear eile a bhí aici ná tú. Má théir go tigh do chomharsan ar féasta, an tan a thiocfair abhaile adéarfaidh sí: "bí ar siúl, a chladhaire, agus imigh go nuig do striapacha mar a rabhais feadh na hoíche".
Dá ndeachair ar margadh nó ar aonach agus go gcaithfeá réal nó scilling adéarfaidh sí: "id bhochtán do fuaireassa tú agus im bhochtán is mian leatsa mise d'fhágáil". Dá bhfanfá istigh de ghnáth adéarfaidh sí: "atá áthas ort de chionn mná d'fháil do chothódh díomhaoin tú". Dá ngearrfá an blúire is fearr ar an gclár di, siúd go dtógfadh sí é, adéarfaidh sí go raibh fear aici féin do ligfeadh di a greim do ghearradh pé áit nar mhian léi féin é. Agus dá dtaga tú isteach le subhachas maith ort, le dúil chum a bheith meidhreach, agus labharfaidh tú léi le briathra milse, adéarfaidh sí ná fuil ionat ach duine claonbheartach, beagchráifeach, ag rá: "labhrann tú liom go breá led theangain ach atá do chroí ar do mhná acracha lasmuigh". Ag so cuid de chleasaibh buile na mbaintreach cruachasaoideach, .i. an dream nach maith seangchliabhach ná bolglíonta. Ní rachaid go nuig an aifreann agus ní fhanfaid san mbaile de dheasca a luathintinne. Ní bheidh tú i síocháin os a gcomhair ná i bhfad uathu, óir má bhíonn tú as an mbaile beidh t'intinn buartha an tan a smaoinfir ar an ngéarphurgadóireacht atá fád chomhair, ag feitheamh ar tú a fháil tar doras, óir cuirfidh ceann na muice ar an ngabhar, agus lena léirtheangthaí cuirfidh 'na luí ortsa gurb amhlaidh atá gach ní déanta aici go foirmeach 'na cheart féin. Agus má deir tú nach fíor gach ní adéarfaidh, scaoilfidh na haraíona agus sloigfidh an béalbhach, agus cuirfidh an roth ar seol fána teangain, ionas gur géire í ag tiomáint 'na cúrsa ná Phéton an tan do rith sé ar random le heachra Phoebus. Agus dá éamais so ní foláir dhuit foighne a bheith agat le sruimle de bhogshíofróir de bhreillice cailín aimsire, amhail cailleach ó ifreann na mbeidh a dhá cíoch fada, slaprach, buíghlas, amhail dá lamhnán taisúra, leathfholamh ag tabhairt aire dhuit agus ag cur do dhinnéir ar clár chugat, óir ní ligfeadh do bhaintreach dhuit aon ainnir óg ná fháiscithe do choinneáil. Agus dá ndéanfá, le hoiriúint in am áirithe, na miasa agus na plátaí do theilgean chum talún ar son a samhailt sin de chaile bhréanshalach dá gcur it fhianaise, tógfaidh do bhaintreach piobar san tsróin agus sraothfaidh agus srannfaidh agus féachfaidh comh searbh is dá mba
éirí ó ithe úlla géara do bheadh sí, agus adéarfaidh: "sul do phós tú mise ba mhaith leat an greim is measa ar mo chlár d'fháil". Ansin adéarfaidh tusa arís: "muna mbeadh mise a bheith ar buile comh mór sin is tú a phósadh ní ghlacfadh an diabhal féin tú". Agus ansin cromfair uirthi ar an gcúis sin, agus tabharfair achasán grod,
gáifeach di ar son a móraoise
a héadmhaireacht, ar son a cuid airgid do chur i bhfolach, agus ar son mar thionlaic sí chum siúil an uile mhaith dá dtugais féin chuici, i gcoinne toile do uile charad agus chum do m
íbhuntáiste féin, agus go dtugais iad sin uile di ar son a deora agus le trua dhi, an tan a bhí sí i bponc an bháis le grá dhuit. Ar an dtaobh eile éireoidh an bhaintreach suas 'na colgsheasamh agus a dhá súil amhail coinnle ar lasadh, agus rithfidh amach ar measc a comharsan, agus séidfidh amach olc le cois oilc, ar chor, le hiomarca na tiomána agus an áit c
úng, go scríobfaid don scornaigh agus go mbuailfid i gcoinne na bhfiacal, ionas gur samhalta re toirnigh a dtoirléaspadh uile ar feadh an bhaile. Agus bé ar bith beagán dá focail is féidir a thuigsint, is dearbh go mbeid so orthu, .i. "do chuir sé mo chuid arbhair chum margaidh agus mo chuid beithíoch ar an aonach, agus gach ní eile do-gheibh gan ghlas nó coimeád tógfaidh ris é re fórsa, agus gach ní a chuirfead i bhfolach go discréideach goidfidh sé é go príomháideach; agus imreann sé mo chuid airgid ar chártaí agus ar dhíslí, agus caitheann ar an aiste so mo shubstaint uile, agus ar a shon sin ní bheidh cion aige orm ach an feadh a chothód suas in airgead é, ach bíonn dianfhuath aige dom pearsa agus dom chuideachtain. Ach anois atá a thoil aige agus ní thugann aon ní domhsa ach briathra crosta, agus géarchaint, agus drochúsáid, ar son gur phósas é gan dadamh, tré dhianghrá, ach anois atá a chuid drochbhainistí am chur féin agus mo chlainne chum deireadh go rómhór." Gidh ea ar measc an mhórthóchtáin comhráidh so ní dhéanfaidh sí dearmad dá cuid dea-mhéine féin do chur i dtuigsint, agus adéarfaidh: "bímse de ghnáth ag fuáil agus ag cniotáil, agus ag déanamh an uile oibre is túisce chum mo lámh, agus eisean ag striapachas agus ag caitheamh mo choda amuigh go millteortha". Ag so an tslí na mbíd de ghnáth ag pianadh agus ag géarghearradh a bhfearaibh pósta. Ag so beatha; gidh ea, atá sí comh tuirseach le hifreann féin, óir dá bpógfadh baintreach agus a fear a chéile ar maidin amhail caraid, beid sula dtig an tráthnóna i riocht an tí agus na mbreallán do chaitheamh amach trés na fuinneoga. Adeirtear go dtuilltear le purgadóireacht flaitheas Dé, agus is dóigh liomsa nach féidir le fear dul go haon phurgadóireacht is géire agus is measa ná é a cheangal le baintrigh chrosánta, óir an té do chomhcheanglas le baintrigh agus triar clainne aci,
is fíor go ndéineann snaidhmiú agus caradas le ceathrar bithiúnach. Do phós fear baintreach tráth, agus do bhí sé de shéan air gur chuir sé fód na feirte uirthi. Gidh ea is fíor gur chráigh sí é sul d'imigh sí, óir 'na dhiaidh san, an tan do bhí ag fáil bháis, do tháinig a chairde uile 'na thimpeall, agus adúradar ris guí chum an Athar síoraí chum a anma do bhreith gus an ríbhrog neamhdha. Adúirt sé riú: "an dóigh libh gur ann do chuaidh mo bhean?" "Is ea gan amhras," ar siad uile. "Má ea" ar sé, "is cuma liomsa cá rachad ach ná rachainn mar a bhfuil sí sin, óir dá dteagmhainn léi arís is dearbh go mbeinn i bpláigh agus i bpurgadóir bithbhuan mar a bhíos roimhe so". Do phós fear eile baintreach, agus lá n-aon dá raibh ag éisteacht le diagaire ag teagasc agus ag seanmóir, do chuala é ag rá: "bé ar bith nar mian
a bheith sábhálta tógadh suas a chros agus leanadh mise". Gluaiseas an fear buile so tar éis na seanmóra do bheith críochnaithe agus tógas a bhean leis ar a ghualainn go nuig an áit na raibh an seanmóntaí, agus adúirt: "ag so mo chrossa agus atáim ullamh chum tú a leanúint bé áit ar bith na rachair". Do phós fear súgach eile baintreach agus tógas leis í don Fhrainc. Gidh ea ní túisce a chuadar chúig léig amach ná do éirigh stoirm mhór, ar chor go rabhadar foireann na loinge i mbaol báite, agus
bhfeicsin sin don chaptaein d'ordaigh dóibh gach earra ba throime dá raibh san loing do chaitheamh tar bord amach. An tan a chualaidh an fear pósta sin, tógas an bhaintreach ar a bhaclainn chum í a theilgean fán dtréanmhuir amach. Fiafraíos an captaein de créad an fáth nar mhian leis a bhean do chaitheamh san muir. d'fhreagair agus adúirt nár theagmhaigh ní ar bith riamh leis ba throime ná an bhean sin, "agus sin an fáth", ar sé. Do phós fear eile baintreach, agus in aimsir athghairid 'na dhiaidh sin do chuaidh sí amach sa ghairdín, agus do chonairc sí léine a fir agus léine a cailín leata ar aon tor amháin. Do líon racht éada í de dhroim an radhairc sin, agus do chuaidh agus chroch í féin as crann. d'fhiafraigh fear do ghaibh an tslí fáth an scéil sin agus do hinseadh dhó gur éad. "Há, há", ar sé, "is trua gan toradh comh breá sin ar gach crann sa ghairdín". Agus dem dhóigh is dhe a dúradh an rann so, agus ní de chrann an tSacsanaigh: Maith do thoradh, a chrainn, rath do thoradh ar gach aon chrann;
is trua gan crainn Inis Fáil, lán ded thoradh gach aon lá. Ach anois, a léitheoir, agus gach nduine eile chluineas, is tuigithe dhíbh go ndúirt mé roinnt mhaith ar bheartaibh agus ar chorr-ghliocas na mbaintreach, ach dá g
éireacht do leanfainn iad is siaide uathu bheinn é, óir is iad nuimhir na seacht bpeaca mharbh iad, caraid na ndeamhan, agus doirse ifrinn. Ach do phreabas suas ar scríobh na bhfocal so, óir do taispeánadh dom gur chluineas im chluais, d'éis duine éigin dá rá, gur cheart dom an scéal so d'insin roimhe so, óir atá sé ródhéanach leigheas do t
abhairt amach an tan rachas an t-othar d'éag, nó go bhfuil sé ródhéanach comhairle do thabhairt an tan nach fuil fáil chasta ar an ngníomh. Ach adeirimse 'na choinne sin gur fearr déanaí ná ródhéanaí, óir b'fhéidir go ndéanfadh duine éigin éirim do phiocadh as mo chomhrá. Agus adeirim arís gur maith an forógra é do dhaoine óga do bhíonn ag rith, amhail fiach dubh ar lorg nead, ag cuardach na haicme so chum a mian drúisiúil do shásamh, ar chor go gcuirid d'fhiachaibh ar dhuine míle drochbheart do chomhlíonadh do bhíonn 'na spota in
éadan an faid is beo é. Gidh ea dá dtugadh fá ndeara an scéal ar a shocracht (amhail a ghnímse), is urasa bean do tharraint chum scléipe; meallfair ar úll í, agus caillfir ar a lomairt í. Is urasa daoine óga do tharraint chum aimhlis. Do-ghní breáthacht ban smaointe milisdheasa agus tarraint 'na n-intinn, agus do-ghní tabharthais órga bua d'fháil go róréidh ar aigne ardintinneach, agus sóinseálaid geanmnaíocht ar chaitheamh aimsire an díomhaoinis. Agus an té do thógann 'na cheann an drochshlí aon uair amháin, dá fhaid a shaol is amhlaidh a bheidh ag daingniú ann gan mhothú, gan aithrí, ar chor go dtiocfaidh chum a bheith 'na ionadh ag gach uile dhuine, agus 'na liathróid chos ag an mífhoirtiún, dá chaitheamh síos agus suas ar fuaid an tsaoil, gan de chompord acu ach donas ar muin donais. Agus ní hé sin amháin ach beidh deich míle donas ar bogshodar le sála an fhir so, agus leanfaid é comh cruinn is do leanfadh an easóg francach, bé áit ar bith ina rachaidh, dá bhrí, gach dream do-gheibh drochainm ná fanaid in áit ar bith ach ag imeacht ó bhall go ball, ag dul amú agus ar seachrán, gan foirtiún i bhfabhar dóibh thall ná abhus, agus ní bhfaighid buntáiste in aon ealaín dá
dtarraingid chucu, arna dtréigean agus do chaitheamh amach as gach cuideachta dea-mheasta, lán de eagla go ndéanfadh údarás, le claíomh an chirt, iad do ghearradh óna dtoil shaor. Féach den réir sin ar mar a chaithfidh sibh bhur n-aimsir ag siúl fá dhólás amhail an t-éan darb ainm ceann cait, gan aon chompord i gcaradas ribh, ach amháin aithreachas daorcheannaithe do bheidh oraibh in antráth. Dá bhrí sin labhrann mo theanga le sórt trua leis an ndream ardintinneach noch do thuigim "tré aithreachas mo chroí" ón míchoinníoll do chím i mórán fear agus ban. Ach na fearaibh, adeirtear ná bíonn saoi gan locht, agus go mbíonn dá locht ins gach aon mhnaoi, is é sin ní fhéadfaidís aon ní fónta a dhéanamh ná aon ní fónta a rá. Is fíor go dearbh go mbíd mná an chuid is mó den tráthnóna dá ndathú agus dá bpéinteáil féin, ag casadh a ngruaige agus ag féachaint 'na scáthán de ghnáth, amhail apaí nó geilte, chum iad féin a chórú amhail bábáin Phárthaláin nó bóna aonaigh; óir áireothar ar measc fear 'na liobar shalach an bhean nach imeoidh mórálach in éadach. Dá bhrí sin más maith leat do bhean uasal do shásamh, ní foláir go dtaitneoidh sí leat agus go mbeidh grá agat di, agus go seirbheálfair í i ngach slí. Agus in am gach caithimh ní mór dhuit ualach den stór do chur chuici, óir ní foláir í a choinneáil suas mar so nó mar siúd, bé ar bith aiste nó slí na bhfaighir é, ar charrán nó ar lúbán, é a ghoid as mála Iúdáis nó as mealbhóig an diabhail. Ach chum scéal gearr a dhéanamh de, ní bhfaighir stór a dhéanamh de thalamh ná de thiarnas, de airgead ná de ór. Óir mná, áireoid siad tú id sprionlachán muna mbeir id shíorchaiteoir, agus id dhuine gan mhisneach muna rithfir i gcoinne gach dainséir; id dhuine gan chéill gan réasún má bhíonn tú ciúin, agus má bhíonn tú ag síorchomhrá adéarfaid gur amadán tú; agus áireoid gur bodach gach aon duine ná beidh 'na ghráthóir, lán d'fhocail shoilbhre, shéibhialta. Má bhíonn tú glan in éadach adéarfaid go bhfuil tú mórálach. Má bhíonn tú ar drochéadach adéarfaid gur sruimle tú. Má bhíonn tú ard adéarfaid gur tú an breillice fadchosach. Má bhíonn tú gearr adéarfaid gur abhac tú. Óir atá meabhair ghéar agus teangtha cliste acu, agus má thugair orlach dóibh led thoil déanfaid féin dánacht ar trí horlaí. Cuirfidh sí lámh léi timpeall do mhuiníl ad phógadh, agus beidh an lámh eile id phóca, agus má ligeann tú dhi aon ní a thógáil mar mhagadh, déanfaidh (muna bhfeicfir í) é a choinneáil dáiríribh.
Ach má thránn do phócaí agus ná seasóidh gustal dhuit chum í a choinneáil suas 'na huabhar agus 'na honóir, ansin éireoidh sí suas díot amhail a dhéanfadh cearc dá héanaibh an tan a bheathaíonn í féin 'na dteannta go maith, agus ansin stadfaí de aon ní a thabhairt dóibh; agus ní thaitneoidh do phearsa ná do chuideachta ria, agus ní bheidh aon náire uirthi a rá gur don té do chothódh í amhail bean uasal is córa dhi féin a grá do thabhairt. Féach den réir sin mar d'fhíonn siad nead a mbotúin féin agus shníomhaid siad snátha chum líon daingean do dhéanamh chum iad
a ghabháil ann. Óir má bhíd mná i ngátar is dá n-ainneoin do bheid, óir gearrfaid as an éadach an faid do s
easóidh aon ruinne den phíosa. Is fíor gur ar son a gcuid meala do curthar curcóga ar na beacha, agus gur ar son a lomra do bearrthar na caoire; chum buntáiste do curthar chum oibre an bullán, agus na héanaibh do pioctar go lom ar son a gcuid clúimh, an crann na gcurthar grafadh ann ar son a thoradh, agus an talamh do saothraíthear chum gráinne agus planda do thabhairt. Ach gach uile thrioblóid do-ghéabhair ag mnaoi, atáid caite uait gan tairbhe, óir níl buntáiste ar bith le fáil as duit; agus an tan do dhéanfair gach uile ní agus do thabharfair uait gach ní do shirfidh ort, is fíor go mbeidh tú comh maith díolta fá dheoidh is do bhí an drea
úd a thóg an Garlach Coileánach ar trí leathphin
í san ló chum a chuid startha bréagacha do scríobhadh. Má thugair fá ndeara an ní so go fáthchiallmhar, is mór an t-amadán tú má cheanglair tú féin lena ngnótha dána, a bheith umhal dá mbagartha agus teacht ar a nglaoitibh, talamh do dhíol chum iad do bheathú go ró-álainn, ag ceannach síodaí agus sataéiní chum bean uasal do dhéanamh de Shíle ar modh ná beidh beann aici ar an mnaoi is daoire éadach ná is mórálaí, ar son ná fuil níos mó de gheanmnaíocht ná de náire inti in aon tslí ná go sásódh sí í féin le cuairt gach tráth do-ghéabhadh an chaoi, óir foighneoidh sí méaraibh gach fir eile comh doimhin san méis is do bheidh do mhéaraibhse sa phláta, agus ligfidh do gach fear eile bheith ag iascach san áit na gcaithfidh tusa do dhuán, ag coinneáil suas do gach n-aon do thiocfaidh; gan puinn mídhealraimh ris an gcathaoir do bhíonn ag an mbearbóir, nach túisce coirpeoir aisti ná coirpeoir eile inti; cóiste poist do gach n-aon chum bheith ag fáil marcaíochta ann, agus bád caladh do gach n-aon do thiocfaidh agus cead iomair acu uile. Ach anois má chromann do chuid saibhris ar dhul i
laghad, ansin tógfaidh sí a gearr-éadach agus adéarfaidh: "go dtuga Dia lá maith dhuit", agus fágfaidh slán agat go gearr, géar, in ainm an deamhain. Ó tá gach ní comh soiléir so, tuig agat féin, an tigh na ngnáthódh a samhail sin de mhnaoi go mbíonn comh fuafar chum suí ann is do bheadh conablach lá brothallach samhraidh. Déinidís a gcuid bladair comh maith is d'fhéadfaid, níl aon ghrá iontu
tar a bhfiacla amach. Is soiléire do nochtaim a slite agus is fearrde na réasúin do thugaim uaim, de bhrí go ndéarfainn leat féachain go cruinn ar na mná milisbhriathracha, claonbheartacha, drochnádúrtha so. Do chonarcsa cló nó pictiúir striapaí ar an modh so: ar dtúis fear breá, óg gan radharc, agus idir a dhá láimh bean ro-álainn, bláthsciamhach, agus lámh léi 'na phóca ag taispeánadh a cuid gadaíochta, agus scian ghéar san láimh eile chum a scornaí do ghearradh, ar bpiocadh an phóca dhi. Ach anois atá sé ag fiuchadh id scornaigh a rá liom nach aithnid duit bean seoch bean eile gan triail éigin do bheith uirthi, óir is ionann dealramh dóibh uile, in éadach agus i ndéanamh, óir beidh úll géar i ndealramh mar an sweetpippin. Adeirimse leat gur maith liom mar a chonarcas an cheist sin ag fiuchadh id scornaigh, óir is fíor gur éan an fiach dubh agus ná fuil san ngéis ach éan. Is mar an gcéanna do bhíd mórán de na mná: bíd siad i ndealramh aingeal ach bíd amhail diabhail 'na ngníomhartha, nó mar chnámha dreoite i gcomhranna péintéalta, nó mar an éan darb ainm ostrich na mbíonn cleití breátha uirthi agus a cuid feola do-ite, nó mar an luibh darb ainm moly na mbíonn a bláth comh geal le sneachta agus a préamh comh dubh le gual. Mar an gcéanna do na mná. Ar son go mbíd breá agus go ligid orthu trua a bheith iontu, is amhlaidh a bhíonn a gcroí lándubh, ag mórat le hurchóid. Ní mídhealraitheach le sean-chrann iad na mbíonn go breá ón dtaobh amuigh agus duille glas, slachtmhar air; gidh ea bíonn an cuilithe lochtach nó fabhtach ann. Má ghnáthaír a dtigh cuirfid artha an ghrá dhuit, agus má éisteann tú leis na mná milischeachtacha so cuirfid draíocht ort le claonamharc gleáchais na drúise, agus cuirfid draíocht ort le dianfhuath, ag cur suanbhliocht ort chum críoch do chur ar do laetha. Atá cleasa 'na bpluic chum mealltóireacht agus caisirníní 'na n-éadain chum clischealgóireacht. Atá súile acu chum gríosaithe. Atá teangthaibh acu chum bladaireacht, agus pógaibh chum corraithe ar aigne,
bagartha chum daoine a chasadh tar ais, puisíní chum dlaoitheoireacht nó piseoga; agus meoin chum a leithscéil féin do ghabháil. Is urasa don té nach gnáthach ag teagmháil insa phléisiúr grodaithreach so cuideachta na mban drúisthugtha so do sheachnadh; ach an fear do ghnáthódh an sórt úd sclábhaíochta is dearbh go mbíonn a ghnáthmhian ann, agus an tímtáisiún cois a láimhe de shíor. Dá bhrí sin tabhair aire ar dtúis agus ná lig tú féin do thitim san óinmhideacht dhrúisiúil so, óir is usa do bhuachaill nó do chailín óg an súgradh toill so do sheachnadh ná do bhaintrigh, agus is usa don bhaintrigh é a sheachnadh ná don bhean p
ósta na mbeadh a fear dá díth. Agus dá bhrí sin arís tabhair aire dhuit, óir ní bhfaighir aon ní de dhroim ban ach cathú agus síorbhuairt. Atá mórán daoine dar ba dóigh leo má fhéachann bean orthu go mbeidh sí go lúithreacha i ngrá leo; beidh a leathlámhann ar dhuine, agus a gártaeir ar dhuine, agus ag duine eile beidh a trashbag. Gidh ea beidh duine eile is mó bheas i ndíograis léi ná iad uile, agus sin an fear do chaithfidh agus do mhairfidh ar gach tabharthas agus breá-ní dá bhfaighidh sí óna fearaibh eile. Dá bhrí sin dá dtugthá do chorp don liaigh agus t'anam don deamhan, ag siúd an sórt ban atá oiriúnach chum do bhirte a chomhlíonadh chuige sin. Atá mórán beithíoch ar an saol i ndealramh le mná, óir atá cuid de na capaill agus ní fhéadfadh drochmharcach iad do bhainistí ar chor ar bith, agus cuid eile, d'ainneoin an mharcaigh is fearr, na mbeidh drochbhéas éigin ann; agus cuid de na gadhair fhiaigh, ritheann bunoscionn d'ainneoin an fhiagaí; agus cuid de na daoine, do ghoidfeadh ní uait agus a lámha ceangailte ar an dtaobh thiar dá ndrom, agus daoine eile narbh fhearr leo bás d'fháil den ghorta ná aon ní a ghoid. Mar an gcéanna do na mná. Beidh cuid díobh agus ní fhéadfá iad a tharraint le grá seacht mblian, agus cuid eile do-ghéabhair ar phléisiúr aon uaire. Den réir sin, dá ndéininn staidéar dá mhíle blian ní bhfaighinn amach bean ach bunoscionn leis an bhfear i ngach uile phointe, de ghnáth ag leanúint gach nua- fhaisin. Agus dá mba páipéar an saol uile, agus gur lí dhubh an fhairrge, agus gur peann an uile chrann, agus gach uile fhear do bheith 'na scríbhneoir, ní fhéadfaidís an deichiú cuid de chorr-ghliocas ná de mhealltóireacht claonchleasach mná a chur síos.
An Ceathrú Caibideal. Adeir Plutarch go raibh grá comh mór sin ag rí Assyria, .i. Ninus a ainm, do sheirbhíseach mná do bhí aige féin darbh ainm Semiramis, gur phós sé í tar mhnáibh a ríochta, agus ar son a ghradaim di. Ní cion, ná meas, ná grá a ghlac sí dhó, ach ní túisce do fuair í féin 'na máistreás ar a chroí ná do ghuigh sí é go diafrach chum an choróin agus bainistí an ríochta d'fháil aon lá amháin, agus do chuir a claonchomhráití i bhfeidhm air comh géar sin gur thug sé rialú a ríochta dhi an lá sin. Ní túisce do fuair sí a toil ná do chrom ar a mianaibh do chur i bhfórsa, agus is é céadní do thug fá ndeara críoch do chur ar a ghradam agus ar a shaol, chum go mbeadh sí féin agus stócach do bhí aici roimhe sin ar a socracht san mórghradam ríthiúil sin. Is dearbh ná raibh Medea puinn níos measa croí ná an bhean roimheráite, óir an tan do fuair ó Jason gach uile ní dob fhéidir le bean tré chorr-ghliocas do mhealladh ó fhear, gidh ea ní raibh sásta leis sin uile gan buaireamh do chur air féin agus ar a mhuintir, agus chum gur fearrde d'fhéadfadh a bearta a chomhlíonadh d'fhoghlaim sí mórán de ealaíona draíochta, agus do chríochnaigh laetha mná eile do bhí 'na comhghráthóir aici, chum guaise agus peannaid don fhear dá raibh searc a chroí dhi; agus ní hé sin amháin, do mhairbh a deartháir féin chum sásaimh ar a mírún. Féach arís Atalanta, iníon Sch
en
us, do bhí comh breá sin tar mhnáibh a comhaimsire, agus comh luathshiúlach agus comh troighéasca sin chum reatha gur cheap sí (le toil a hathar) gan aon fhear do phósadh ach an fear do bhéarfadh bua uirthi ag rith, agus do thugadh an freagra so ar gach n-aon do thagadh dá hiarraidh mar chéile .i. "is fíor ná cuirfeadsa suas do bheith mar chéile ag an bhfear do bhuafaidh, ach ní foláir gur mé féin do mharóidh gach -aon na mbéarfad bua
". Do bhí an nós so aici dá leanúint roinnt blianta, agus iomarca fear ag titim dá droim; ach fá dheoidh do tháine Hippomenes mac Macareus, agus mac mic do Neptune, eadhon ógánach ró-álainn, chum an chúrsa, agus ar bhfeicsin na sruthanna fola dhó in imeall an mhachaire ba mhór an ionadh do chuir sin air, agus adúirt ris féin: "an féidir go mbeadh daoine comh dall sin agus bean do lorg ar measc an oiread so dainséir?". Ach an feadh a bhí ar an aiste so ag tabhairt fá ndeara mífhoirtiún a chomh-
ghráthóirí do chonairc sé Atalanta ag imeacht tairis, agus ar bhfeicsin a scéimh dhó agus a lonradh mar an ngréin, do thóg suas a lámha agus d'fhéach in airde ar na flaithis, agus adúirt: "gabhaidh mo chomairce agus mo leithscéal, a chomhghráthóirí", ar sé, "ar son ar chuir mé de amadántacht
bhur leith sula bhfeaca mé an mórluach agus an dualgas do bhí agaibh le fáil dá chionn". Do thóg breáthacht Atalanta croí agus intinn Hippomenes comh mór sin, agus do goineadh é comh géar sin gur ghlac racht éada é ar eagla aon duine eile dá chur roimhe féin i liost an ráis, agus do ghluais mar a raibh Atalanta agus adúirt go gcuirfeadh a bheatha i gcontúirt amhail do rin gach fear eile. Ach san am chéanna do bhí drochmheas mór aici ar an té do thóg air dul chum báis dá mba ghá é ar a son, agus adúirt sí le croí cealgach: "créad an bheann do bheadh agamsa ar
anam agus a mhéid d'fhearaibh do thit liom roimhe so?; dá bhrí sin faigheadh sé bás ó thuill sé é, agus ó ná déanfadh bás na coda eile é a mhúineadh; ach arís nach mór an trua é a bhású ar son a ghrá im dháilse, nó nach mór an trua drochdhualgas do thabhairt dhó ar son a mhian chum a bheatha do chaitheamh maille riomsa?; créad an fáth na n-iarfainn bua ar an bhfear nar tromán agus mór-ualach dom achasán a mhuintire ar son a chuid fola?" Ach d'ainneoin na díospóireachta so a bhí aici léi féin do bhí Venus, .i. bandé an ghrá, i bhfábhar do Hippomenes, agus do thug sí trí húlla óir dhó agus adúirt ris bheith dá gcaitheamh seachaid an tan do bheadh Atalanta dá shárú sa chúrsa. Agus ar ndul chum reatha dóibh gluaiseas an tréanfhear go troighéasca 'na chéimeanna talcmhar, diana, agus ní fada do chuaidh an tan do bhí an bhean ag dul tairis, agus do chaith sé ceann de na húlla mar a dúradh leis, agus do lean Atalanta é gur thóg é, agus ba thaitneamhach léi a lonradh, agus gluaiseas insa chúrsa den dara feacht; agus do rin Hippomenes mar an gcéanna ris na húlla eile, ionas, ón méid sin buntáiste, gur thúisce é chum an pholla ná í, agus do phós ar an láthair sin í. Ach ní raibh an foirtiún maith so i bhfad i bhfabhar dóibh, óir do lean Atalanta dá slí uaibhreach, ardintinneach mar do rin roimhe sin, ar chor gur tharraing sí uirthi díbheirg mháthair mhór na ndéithe .i. Cybele, tré dhul i lánúnachas 'na teampall, ionas go rin sí cruthshóinseáil orthu araon. Do rin leon de Hippomenes agus banleon de Atalanta, agus do lig ar measc na gcoillte
agus na bhfánghleanntaibh ar measc na mbeithíoch allta iad. Ach anois ní thráchtfad ar a thuilleadh foras feasa, ar eagla go gcuirfinn fearg ar na mná ciallmhara, cearta, discréideacha, dea-ghnóthacha, eagnaí, dea- iompair le trácht ar na mná drochbheartacha so do thugann náire dá gcineál; agus ó ná bíonn coill gan críonach ná gort gan diasacha fia, mar an gcéanna do na mná. Ach adeirim arís go mbíonn cuid díobh comh cinnte agus comh danardha, agus comh cruagálach sin 'na n-údarás, comh géar sin 'na n-ordú, comh héadmhar sin 'na gcaithréim, agus comh barbéiseach sin 'na ngníomhartha, gur cheart go bhfoghlaimeoidís as a gclaonbhirt gur chóir dóibh deaghníomhartha do chaitheamh ar measc na ndrochbheart, agus teacht chum bua do bhreith orthu féin chum bréagnaithe ar gach drochthuairim dá dtugthar dóibh; agus fágaim a bhreithniú fúthu féin. Ach adeirim go mbíd na mná so comh lán sin de ghlóire dhíomhaoin 'na gcroíthe, agus comh huaibhreach sin 'na n-aigne, agus comh goiciúil sin 'na n-imeachtaibh gur cheart dúinn gach ní do scríobhthar orthu do chreidiúint. Agus dá mba áil leo féachain ar an sean-chomhairle do chonarcsa i sean-leabhar do scríobhadh timpeall céad go leith blian ó shin, agus so an aiste na bhfeaca é. . . tugtar rann anseo sa LS in "Ogham choll". Ag so an rann chéanna: An bhean nar mhian léi clú mhaith 'shaothrú, fanadh sa bhaile amhail bheadh ar daorshiúl; ach an ainnir chiúin chneasta, is é
searchbhirt 'sa gníomhartha, bheith ag obair 's a' gnó ó mhaidean go hoíche. Ag so an rann chéanna ar shlí eile: The wife that would acquire of a good name, should stay at home, as if she were lame; but the maid that is honest, her chiefest delight is still to be doing from morning till night, etc. Dá bhrí sin féach romhat sula bpósfair, óir is fearr aon fhéachain amháin romhat ná dá fhéachain id dhiaidh, agus dá éamais sin an té a phósann fá dhithneas is gnáth leis aithreachas a dhéanamh ar fadaimsir, óir is iomdha trioblóid do thagann
ar steall-rás le sálaibh mná ná tuigeann daoine óga, óir ar dtúis ba chóir dóibh díomhaointeas do sheachnadh de bhrí gurb í an díomhaoineas tosnóir agus cothaitheoir na drúise. Tabhair tú féin ar ghnó éigin, óir an feadh bheas t'intinn ar ghnó ar bith ní smaoinfir ar ghrá ná ar mhná, agus ní thiocfaidh mian drúisiúil it aigne; ach má chaithfir t'aimsir go suarach, óinmhidiúil, is amhlaidh a bheir amhail duine a bheadh ag súgradh le beich, nar túisce a mhothóidh sé an cealg ná a bhlaisfidh an mhil. Is fíor ná féadfadh duine tine a bhreith leis 'na bhrollach gan é a dhó, agus ní lú d'fhéadfadh ná do mhairfeadh sé i ngrá, óir is saol é comh tuirseach le hifreann féin, ionas an fear do phósann ceanglann sé é féin le mórán trioblóidí. Dá bpósfá bean shocair, shíochánta, is amhlaidh a bheir amhail fear a dhéanfadh marcachas ar chapall shocair go hifreann; ach dá bpósair bean chrosánta, aimhréidh, is amhlaidh a bheidh an scéal agat amhail fear do dhéanfadh marcaíocht ar chapall ghéarshodrach sa diabhal. Agus insa scéal so ní bhead féin im rannadóir agam féin, ach fágfad fá mholadh droinge é do bhain triail as, agus do fuair amach an fios, agus d'fhulaing na pianta, óir níl aon duine comh maith de bhreitheamh ar ghnótha ban leis an té do chonairc iad agus do fuair a dtrioblóid. Adeirtear gur ceart do dhuine buiséal salainn d'ithe i bhfochair a dhuine muinteartha sula gcuirfeadh aon ní 'na mhuinín, agus dá mbeifeá an fhaid sin ag toghadh duine muinteartha is dearbh nár mhór dhuit dá bhuiséal d'ithe i bhfochair mná sula ndéinir í a thógáil mar chéile chugat; agus muna ndéinir sin, sula mbeidh buiséal ite agat 'na teannta do-ghéabha tú deich gceathrúna buiséil de chathú mar anlann leis. Agus ar gach dram pléisiúir ghéabhair unsa péine, agus ar gach piont meala do-ghéabhair galún domlais, agus ar gach orlach spóirt do-ghéabhair leathshlat crua-ainnise. Insa tosnú taispeánann grá mná go róphléisiúrtha, ach críochnaíonn le díbheirg. Ar an abhar sin an té a chuirfeadh a dhóchas i mnaoi chum seasaimh air, beidh comh mór i ndainséar leis an té a bheadh ar crochadh as duilleoig crainn i ndeireadh an tsamhraidh. Atá difear mhór idir an caise agus an poll duibheagáin, ar a shon ná fuil ach uisce iontu araon. Tóg an ceann is lú de dhá olc. Gidh ea ní deirim leat an bhean is lú do thógáil, óir bíd na mná beaga comh mífhoirtiúnach leis na mná móra, agus ar son go
mbíonn a gcabhail nó a gcolna beag is rómhór an croí a bhíonn acu. Atá sé sórtaibh ban ann nár chóir buaint leo, eadhon, maith ná olc, breá ná gránna, bocht ná saibhir. Óir má phósair bean mhaith is urasa dhuit í a lot le bheith ag déanamh mórán di; agus má bhíonn sí go holc caithfir í a choinneáil suas 'na huile drochbhearta, agus beidh sin comh trioblóideach ort le bheith ag tarraint uisce de ghnáth chum tobán gan tón do líonadh. Má bhíonn sí breá ní bhfaighir ní ar bith do dhéanamh ach ag aireachas uirthi de ghnáth; agus má bhíonn sí gránna ní fhéadfair í a fhulang. Má bhíonn sí saibhir ní foláir dhuit foighne a bheith agat léi ins gach pointe, de dhroim a cuid saibhris; agus má bhíonn sí bocht is ort féin do bheidh a coinneáil suas agus a beathú gan chúnamh. Dá mbeadh bean ann do bheadh saibhir i spré, go maith i ndea-ainm, breá 'na cruth, soilbhir 'na cuntanós, 'na cainteoir mhaith, agus go maith chum an tsaoil i ngach slí, ar a shon sin uile bheadh drochbhéas éigin inti do loitfeadh iad go léir; amhail bó do thabharfadh bainne mór agus ansin do dhoirtfeadh é arís le speich; nó mar chuid de na fearaibh, adéarfar: "is breá an fear oibre an fear so nó an fear úd, is maith an dochtúir é, nó is breá an liaigh é", etc., "ach is mór an trua mar tá aon locht amháin ann .i. is mór an meisceoir é", agus is dearbh gur ró-olc an cháil i bhfear sin. Atá sé ráite ná bíonn in aonfhear ach aon locht amháin, agus go mbíonn dá locht ins gach aon mhnaoi, óir ní fhéadfaidís aon ní fónta a dhéanamh ná aon ní fónta a rá. Agus atá ráiteachas eile ann .i. an ní is sia a tugthar agus is daoire a ceannaíthear gurb air is mó a bhíonn meas. Is féidir an ní céanna a rá le mná, agus ar son go
cuid díobh ná tugthar i bhfad is fíor gur daor an ceannach iad, is ea comh daor sin adeirim gur mó fear do bhíonn ag mallachtú go cruaidh ar a luach pingine daor. Óir níl de sheasamh i bpléisiúr na mná is breátha ach gealach mheala, is é sin, nó go gcuirfeadh duine a thocht de, agus go mbainfeadh sé toradh a mhianaibh; agus imeoidh an pléisiúr ansin, agus
guais agus aithreachas <'n>a chuideachta de ghnáth. Dá bhrí sin chum tú a neartú i gcoinne na nathracha nimhe míne so, tuig nach mór dhuit níos mó ná aon chnaipe amháin do bheith id chasóig chum tú a dhíon ar fhuacht, agus is fearrde do shuífidh long dá ancaire do bheith caite uaithi, agus féach romhat sula léimfir ar eagla do loirgne a bhriseadh. Ach anois ó tá mo thine adhainte b'fhéidir gur chóir dom fagóid
eile a dhó. Caithimis uainn seanfhocail is leanaimis den ghnó na bhfuilimid in' fheighil. Dá mbeadh bean go glémhaiseach in éadach, tuig a beith bunoscionn. Dá mbeadh sí díreach, tuig a beith bunoscionn. Dá mbeadh sí díreach, tuig a beith cam. Dá mbeadh sí go maith, dea-dhéanta, tuig ná fuil inti ach suíste. Dá mbeadh sí fada, tuig a beith drochdhéanta. Dá mbeadh sí rua, tuig a beith comh dubh le préachán. Dá mbeadh sí breá, tuig ná fuil inti ach balla bándathach. Dá mbeadh sí taisnáireach, tuig a beith drochmhúinte. Dá mbeadh sí meidhreach, pléisiúrtha, tuig gur móide a dealramh chum a bheith drochbheathach é. Ach dá mbeifeá comh mór sin de amadán go gcaithfeá do shubstaint agus t'aimsir le grá agus le sásamh ban, is amhlaiidh a bheidh tú amhail na hIndians shimplí do chóiríonn iad féin comh maith 'sis acfainn dóibh an tan a bhíd ag dul chum a ndóite. Ach créad is maith dhom do rá? Is mó fear ná tabharfadh a chaisleán féin ar thúr Londain; agus an té a bhí ar fairrge do chonairc sé dainséir; agus is féidir leis an bhfear pósta scéal d'insin ar a thrioblóidí féin; agus an fear nár dódh riamh ní bhíonn eagla roimh thine aige; rachaidh daoine ag imirt díslí ar son go bhfeicid daoine eile ag cailliúint a gcoda; mar an gcéanna pósfaidh cuid de na fearaibh mná, siúd go n-iarrfaidís déirc le cois a chéile. Atá cuid de na mná do théann fána bhfearaibh amhail do rin Dalila le Sampson, agus cuid eile do-ghní, le scollóireacht agus le corr-fhocail, a bhfearaibh do thuirsiú dhá saol amhail do-ghníodh Xant
ippe le Socrates, agus an tan a bhíodh a bhean ag glámhadh agus ag aithisiú air d'imíodh amach agus ní thagadh go mbíodh an tigh suaimhneasach arís; ach ar son ná déineadh sé idirchasaoid léi ba mhóide a holc é, óir lá n-aon dá ndeachaidh sé amach, ag teitheadh uaithi, do rin sí aireachas air, agus ar imeacht dhó do chaith sí an seomrapota trésan bhfuinneoig sa cheann air. "Ha, ha", ar sé, "ba dhóigh liom tar éis na toirní so gur chóir go dtiocfadh fearthainn". He took it patiently, and wiped his head, saying "rain follows thunder", and that was all he said. Do-ghéabhaimid scríofa i bhforas feasa gur thug eagnach darbh ainm Anninus cuireadh dá bhráthair dá thigh chum dinnéir, agus an tan do rángadar araon chum an tí is amhlaidh a bhí a bhean ag scollóireacht agus ag géarchaint lena seirbhísigh. An tan do chonairc a bhráthair sin ba ró-dhoshásta do bhí, agus do mheas
imeacht. Féachas Anninus air agus adúirt: "A Thiarna!", ar sé, "is drochfhoighneach an duine tú; féach mar táimse ag foighneadh léi le fiche blian, agus ní fhéadfása í a fhulang dá uair an chloig". Do shuigh a bhráthair síos ar sin, agus an tan do chonairc an bhean sin do rin, tré ghliocas, an aghaidh dob fhearr do chur ar an scéal, agus do dhíbir an challóid uile le leathangháire. Adeir an t-údar, Dion, gur chuir Marc Antóin d'fhiachaibh ceann Cicero, .i. a dhearbhnamhaid, do thabhairt dá láthair agus é a chur ar an mbord os a chomhair chum go sásódh a chroí agus a shúile ag féachaint air. Agus an tan do rin sin, adúirt é a thógáil uaidh; ach chum go dtaispeánfadh a bhean an dianfhuath do bhí aici féin dhó do thóg an ceann idir a dhá láimh agus do chaith pioslaí in 'éadan, agus do bhrúchtaíl amach mórán drochfhocal agus casacháin 'na choinne, agus tar éis gach ní do tharraing sí amach a theanga agus do tholl í uile le biorán ramhar agus le snáthada, gur shásaimh a droch- chroí mórchealgach san ngníomh sin. Ach féach fós mar adeir Baudel i leabhar gach ionadh géarpheannaideach, .i. go raibh bean uasal san Spáinn darbh ainm Violenta, agus an tan a mealladh lena gráthóir í, eadhon Diego a ainm, agus do eitigh í a phósadh, ansin do ghlac sé caradas ó mhnaoi eile. Ach do chuaigh Violenta fé agus tairis comh mór sin lena milisbhriathra gur tharraing oíche chum a tí é chum gach briseadh a bhí eatarthu do shlánú agus do dhéanamh suas le chéile; agus an tan do fuair tar doras isteach é adúirt leis go gcuirfeadh seal codlata i bhfochair a chéile gach casaoid dá raibh 'na croí ar neamhní. Ach ní túisce a thit a chodladh ar Diego ná do tháine an cladhaire mná maraon lena mná coimhdeachta, agus do bhriseadar agus do bhrúdar a chliabh agus a chreatlach. Gidh ea ní rabhadar sásta leis sin, óir do thugadar cúig nó sé de shána dhe sciain ann, agus chum breis sásaimh ar a drochchroí do bhain na súile as a cheann agus do shrac an teanga amach as, agus d'oscail a chliabh agus thóg a chroí amach agus do shrac lena hingne as a chéile é, agus dá éis sin do mhionbhris a chorp, ionas nárbh fhéidir idirdhealú a dhéanamh idir bhall dá bhallaibh seoch a chéile; agus chum críoch ghlan do chur ar a díbheirg do chaith amach tríd an bhfuinneoig 'na bhrúscar beag ar an sráid é. Ba mhór an ionadh le gach taistealach a ghabhadh an tslí an radharc sin d'fheicsin, ach fá dheoidh do smaoineadar orthu féin
agus do thugadar chum cuntais an bhean so agus do admhaigh an gníomh dóibh; ach is gearr gur cheap an ceart breithiúnas oiriúnach dá gníomh agus gur cuireadh i bhfeidhm uirthi é, maraon lena mná coimhdeachta, i bhfianaise an Diúic Calabria, .i. mac don Rí, Freidiric. Is dearbh ná fuil aon bhean 'na beatha gan teanga fhada agus fiacal mhiangasach, agus is ró-olc na comharsain i dteannta a chéile iad, óir éadromóidh ceann díobh do phóca, agus coimeádfaidh an ceann eile id dhúiseacht tú. Agus is fíor go ndéinid fearaibh gach uile bheithíoch do mhíniú, ach is dearbh nach féidir teanga mná do dhéanamh mín, agus ar son ná fuil inti ach réad beag agus gur fánach a chítear í, is rómhinic a cluintear í chum trioblóide agus drochaimsire do mhórán fear. Agus ó dhéanfadh srian daingean agus béalbhach géar máistríocht ar chapall stuacach, mar an gcéanna do chaithfear drochbhean do bhainistí. Agus dá gcoiscfidís na mná a dteangtha is minic go gcoiscfeadh na fearaibh a lámha. Agus fá mar ná bíonn dá fheabhas crua-arm faobhair saor gan bheith cumaiscithe le hiarann, mar an gcéanna do na mná; dá fheabhas bean is fíor ná bíonn saor ó lochtaibh: Ní lú 'bhíonn garraí saor ó fhiaile ná 'bhíonn aon bhean saor ó mhianaibh. Do bhí fear ann do bhí lán de chion agus de mheas ar a mhnaoi, agus do bhí cairdeas Críost dhó san tigh ba fhoigse dhó, agus do thug sé fá ndeara go mbíodh an cairdeas ag gabháil laistiar de, gach am a ghéabhadh an chaoi air, agus do cheap 'na mheanmain go mbainfeadh triail as a chairdeas agus as a mhnaoi le cois a chéile. Agus maidean d'áirithe do bhraith sé fonn súgartha ar a mhnaoi do lig air a bheith marbh, agus corraíos agus bogas an bhean suas é agus ní raibh maith ann, óir ní raibh cor ann. Ar sin adúirt sí lena cailín uisce agus min do chur síos agus lite a dhéanamh dá fhéachain an bhféadfadh sí blúire bith d'ithe le haghaidh an mhórchathaithe do bhí i gcochall a croí. Agus ar mbeith don liti bruite do thóg ar scála í, agus adúirt leis an gcailín a cairdeas do ghlaoch isteach, óir ná ligfeadh iomad den chathú dhi greim do bhlaiseadh 'na haonar. Agus ar dteacht don chairdeas d'inis dhó Diarmaid do bheith marbh, agus do thóg an scála 'na bhfianaise go n-ithfidís blúire sula dtógfaidís as an leabaidh é; agus ní ráine léi a fháil ach aon spiún amháin, agus tug
sí don chairdeas í, agus adúirt leis an gcailín iasacht spiúine d'fháil di. Agus ar gcaitheamh a sáith dhóibh do chrom sí ar dhíodán ag caoineadh Dhiarmada, dá rá go mba urasa di féin fearaibh maithe d'fháil dá éamais, agus i measc gach ní adúirt sí an méid so: Mo chreach ar lár tú anois, A Dhiarmaid, 'sis olc an sás tú chum mise 'riaradh, is mó fear maith do bhí am iarra, ach b'fhéidir go bhfaighinn ceann maith 'na dhiaidh so. Ar sin adúirt sí an tigh do stuáil ionas go dtógfaidís Diarmaid as an leabaidh agus go bhféadfadh sí féin 'sa cairdeas síneadh chum néal do chodladh sula líonfadh an tigh isteach. Agus ní raibh ann ach bothán cúng, agus spiara beag slata 'na lár, agus adúirt an cairdeas nárbh fholáir an spiara do thógáil ionas go mbeadh slí aige daoine ag an dtórramh, agus gabhas ag stathadh an spiara as an dtalamh. Is ansin do mhúscail Diarmaid agus adúirt: A bhean úd thall na bhfuil na fir at iarra, is na bhfuil an cathú mór 'na ndiaidh ort, má ithis an lite, cuir abhaile an t-iasacht, 'sa chairdeas Críost ná bris mo spiara. Mar is gnáth le lucht cúraim éirí moch, do bhí fear ann agus d'éiríodh sé gach maidean i dtráth timpeall a chúraim, agus do bhí comharsa mhaith aige do thagadh in' ionad go minic ag dul hob ar muin daid ar a mhnaoi. Agus lá n-aon dár fhill an fear isteach níos túisce ná mar a mheasadar, d'imigh an stócach trésan bhfuinneoig agus dhearmhaid sé a bhríste ar chois na leapa, agus do chuaigh an fear sa tseomra níos túisce ná mar a fhéad an bhean an bríste d'fholach. Tug seisean súil air agus ba ionadh mhór leis créad a thug ann é, óir ní raibh drochamhras aige uirthi, ach san am chéanna bhí 'fhios aige nach leis féin é, agus do lig an bhean uirthi a bheith 'na codladh. Buaileas sé síos agus suas ar fuaid an tí agus gan de ghnáthrá 'na bhéal ach: "bríste, bríste, cér leis an bríste?" Ar sin do ghluais amach agus ins gach áit na ngabhadh ní thagadh aon fhriotal as a bhéal ach: "bríste, bríste, cér leis an bríste?" Is ansin d'aithin a bhean go raibh sí i dteannta, agus do chuir fios ar a máthair do bhí cúpla míle uaithi, agus d'inis an scéal uile dhi. "Abhoch!", do rá an mháthair, "muna bhfuil de chás ort ach sin fág
fúmsa é; cuirfeadsa cuireadh dinnéir chugaibh araon amáireach, agus faighse bríste déanta agus cuir ort laistigh ded chóta é, agus fág fúmsa an chuid eile". Ar sin gluaiseas an chailleach chum baile, agus ní túisce do riocht sí ann ná do chuir teachta go nuig a cliamhain le cuireadh dhinnéir dó féin agus dá mhnaoi amáireach, agus cé ba dheacair leis dul ann mar bhí
intinn buartha, do bhain a bhean é chuige. Gluaisid ar sin, agus ar mbeith don dinnéar ar clár níorbh fhéidir aon scian d'fháil do ghearrfadh greim dóibh, óir do chuir an chailleach iad uile i bhfolach, gonadh ar sin adúirt sí: "níl gnó mar so againn ag féachaint ar a chéile"; agus tógas suas a cóta, agus cuireas lámh i bpóca an bhríste a bhí uirthi agus tarraingeas ráiséad do sciain ghlan, ghéar amach, agus do riar iad uile. Gabhas an fear ag machnamh ag an ngnó sin, go ndúirt an chailleach: "is dóigh gurb ionadh leat bríste a bheith ormsa, agus ar mo gheall go bhfuil ceann acu ar do mhnaoise, óir bíd siad orainn uile an aimsir fhuar so". Agus ar sin ba fhéigean don mhnaoi a cóta a thógáil suas go bhfeacaidh a fear an bríste céanna a bhí ag déanamh mearathail dhó uirthi. Do shuigh a chroí ar sin, agus do chaith a chuid go pléisiúrtha, súgach, óir bhí
aigne sásta. Do ghnáthaíodh veidhleadóir ag scríobadh a théadaibh i dtigh ósta i mbaile mór lámh le muir, agus do bhí bean ghleoite, dheas, thanachraicinn, ghlanéadaigh aige, agus do bheireadh leis í de ghnáth ins gach ball na mbíodh sé ag seinm, óir ba mhór a mheas ar a hionracas, ar a geanmnaíocht, agus ar a discréid. Ach lá n-aon dá raibh sé agus comhthionól mór 'na thimpeall tháine captaein loinge i dtír, gur casadh é san teach ósta so, agus tháine uisce fán' fhiacla ar bhfeicsin na mná dhó, agus d'fhiafraigh an bhfaigheadh í ar airgead chum dreas lánúnachais. Adúirt an veidhleadóir ná tabharfadh sí a toil d'aon fhear beo faid a mhairfeadh sé féin. Aduáirt an captaein go gcuirfeadh sé a long mar gheall leis i gcoinne a veidhlín go bhfaigheadh sé a toil fá cheann dá uaire ach í a fháil in uaigneas, agus do dhaingnigh an veidhleadóir an geall ris. Ar sin tógas an captaein leis í ar leabaidh a bhí i seomra cois a láimhe, agus gabhas dá láimhseáil go ródhiafrach. Téid an veidhleadóir go nuig an ndoras agus buaileas a shúil ar pholl an ghlais dá bhfeitheamh, agus an tan ba ghéar leis a bhí an captaein ag dul uirthi adúirt sé mar so, óir dob fhear gallda é:
Hold out sweetheart, hold out, hold out but these two hours; if thou hold out, there is no doubt, but the ship and all is ours. Adúirt an bhean: Alas! sweet Robin dear I can't, he has me by the middle, oh! poor Robin, thou art undone, for thou hast lost thy fiddle. Ag so mar a chuirimse constráil air: Coinnibh suas, a ghrá, cooinnibh suas, coinnibh suas dá uair nó tuilleadh; má sheasair an babht ní bhfuil aon dabht, ná gur linn an long is uile. Adúirt an bhean: Faraoir, a Riobaird, ní fhéadaim sin, atá greim aige ar mo leidhbín; ó, a Riobaird bhoicht, ataoi caillte choíche, óir chaillis do veidhlín. Do bhí táilliúir agus a bhean lá ag gabháil an ród, agus le cion agus le mórghrá dá chéile adúirt an bhean ná raibh fear san mbith dá dtabharfadh sí féin a croí ná a toil ach dósan amháin; agus mar chomhlíonadh 'na choinne sin, adúirt an táilliúir dá dtógfadh fear san domhan í tar a thoil go ndéanfadh díoltas follas, forlíonta air. Agus do bhádar ar an imagallamh grách sin go mba samhalta le gandal agus le gé tar éis éirí ó ghor iad, ag dul i mbéal a chéile agus ag siosmarnaigh, go ráine réice uasal ar muin eich san tslí 'na ndiaidh, agus tug fá ndeara iad, agus ar dteacht suas leo dhó, adúirt leis an dtáilliúir go mba mhaith leis cluiche d'imirt leis an mnaoi sin. Adúirt an táilliúir ná fulaingfeadh féin sin ó aon fhear. Ar sin tuirlingeas an réice agus adúirt leis an dtáilliúir a chapall a choimeád, agus a chóta mór do leathadh fána chosa chum ná tógfadh na cruite meirg. Agus d'ainneoin gach braigeála dá rin an
táilliúir ba fhéigean dó sin do dhéanamh; agus le cráiteacht croí gabhas a shiosúr chuige, agus do ghearr an chasóg mhór timpeall chosa an chapaill ionas go rachaidís go talamh. Agus ar mbeith sáthach don réice do chuaigh ar muin a eich agus d'imigh. Is ansin adúirt an táilliúir: "do mheas an cladhaire úd go gcoimeádfainnse cosa a chapaill ón dtalamh, ach do bhíossa suas leis, óir ghearras an chasóg agus ligeas ar an dtalamh iad mar dhíoltas". Adúirt an bhean: "ní rabhassa féin i ndiaidh lámha im chuid féin den díoltas, óir ba fhéigean dó an cuilithe an stáca a bhualadh le hais an b
rusa". Is dearbh ar an scéal so gur deacair dóchas do chur i ndílseacht mná, óir bíd uile macánta an feadh ná faighid an chaoi, agus féach cad dúirt Hélen le Paris an tan ba mhall léi a bhí sé ag cur chum í a bhreith leis, agus so mar a chonarcsa in Ovid's Epistles é: Let me not live, but everything conspires to join our love, and yet my fear retires. You court with words, where you should force employ, a rape is requisite to shame-freed joy. Indulgent to the wrongs which we receive, our sex can suffer what we dare not give. Do-ghéabhaimid scríofa i Leabhar Gabhála gurbh é Párthalón ón nGréig an chéad fhear do ghaibh Éire chum áitribh inti tar éis Díle. Agus is uime a tháine sé ann, ar marú
athar dhó as feirg, i gcúis éigin nach fuaras amach, do smaoin go dtitfeadh díbheirg Dé air in éiric an ghnímh sin, agus táine sé féin agus a bhean agus beagán eile buíne maille ris go hÉirinn, i ndóigh ná faigheadh Dia amach é an fhaid sin óna thír féin, agus i mball comh fásúil, comh huaigneach. Agus ar mbeith tréimhse dhó ann do bhraith go mbíodh a ghiolla ag marcaíocht a mhná gach uair a ghéabhadh faill ná amas uirthi, agus d'fhiafraigh sé dhi tráth cad fáth dhi an gníomh sin do dhéanamh. "A Phárthalóin", ar sí, "an bhfeaca tú feoil lámh le cat, nó mil lámh le leanbh, nó bia lámh le flaith, nó airm lámh le saor, nó fear agus bean in uaigneas gan iad do chuimeasc re chéile?" Gabhas Párthalón fearg de haithle an leithscéil sin agus do bhuail buille dhen tslait do bhí 'na dhóid ar choin mhacnasaigh a bhí maille ris, gur mharbh í, agus do chaith san log do bhí i bhfoigse dhó í, gur Loch Sa
méir is ainm don loch ó shin, óir ba Saiméar ainm na con.
Adeir an scéal darb ainm an "Curious Impertinence" go raibh dís fhear, .i. Ansylmo agus Lathoria a n-ainmna, i gcumann agus i gcomhchion comh mór sin ná déanfadh aon díobh gnó ar bith dá laghad gan cead agus comhairle an fhir eile. Agus do bhádar amhlaidh sin atha fada, i gcomhtharraint ceana agus comhpháirte, ionas go ndúirt Ansylmo le Lathoria lá: "atá bean dá foláireamh dom atá lántsaibhir agus i ndealramh mhaith cruith agus scéimhe, agus is doiligh liom í a thógbhan ar eagla go gcuirfeadh sí amú mé ó bheith gach tráth id chuideachtain agus id chomhpháirtse". Adúirt Lathoria gur chóir dó an bhean do ghlacadh agus gur mhithid dhó pósadh agus sliocht do ghabháil mar gach fear, agus go mbeadh sé féin dá réir mar do bhí roimhe sin; agus ar sin do shnaidhmigh a mhargadh agus chuir a mhuineál fá gheoca Hímen. Agus ní mó ná seachtain do bhí ag caitheamh an tsóláis i dteannta a mhná an tan a smaoin sé 'na mheanmain go raibh maíomh mór ag gach n-aon air ar son rófheabhas na mná sin, agus nárbh fheas dó an raibh sí comh maith is a dúradar, agus chum a aigne a dhéanamh socair nár mhór dhó triail a bhaint aisti. Agus do ghluais go nuig Lathoria agus adúirt ris: "rachadsa as baile amáireach agus chum ná beadh mo bhean 'na haonar tairse 'na cuideachtain, agus labhair briathra gráthóra léi dá fhéachaint an ngéillfeadh duit, agus tabhair scéala domhsa conas a bheidh sin". Adúirt Lathoria ris go mba éagóir dhó drochthuairim a thabhairt di, ná tímtáisiún do chur ar an bhfoirtiún ag a raibh 'na sheilbh, agus ná rachadh féin ann. Gidh ea níor ghaibh an fear eile sin uaidh, agus gluaiseas chum baile ar sin agus d'innis dá mhnaoi go raibh sé de éigean air féin a cuideachta d'fhágáil amáireach, agus go dtiocfadh a dhuine muinteartha go nuig ise mar chuideachtain. Agus is amhlaidh sin do bhí, ach ón dtráth do tháine Lathoria 'na seomra níor thóg a cheann agus níor fhéach 'na gnúis ar feadh an lae sin, ach iad 'na suí ar gach taobh den bhord gan focal do rá re chéile. Agus d'imigh Lathoria abhaile ar sin agus táine Ansylmo dá fhios créad ba scéal aige. "Atá", ar sé, "gurb í bean is ionraicí, mhacánta ag siúl an talún í, óir dá mhéid a fuaireas dá dua ba ghnó gan tairbhe é". Adúirt Ansylmo leis triail laoi eile a bhaint aisti, agus do rin ar an slí gcéanna. Ach do bhí Ansylmo i bhfolach i bhfoigse cloistin dóibh, agus ó nár labhradar re chéile do bhí lánfheargach le Lathoria, agus adúirt gur dá mhealladh do bhí sé, agus muna
mbainfeadh triail mhaith amáireach aisti go mbeadh a gcaradas briste choíche, agus gluaiseas abhaile ar sin. Agus ar mbeith dhó féin agus dá mhnaoi ar a leabaidh adúirt sí ris: "is mór an fáth náire dhuit bheith ag imeacht uaim gach aon lá agus am fhágáil i gcontúirt mo chreidiúna do bhriseadh i gcuideachtain stróinse ar bith, agus rachadsa abhaile go mbeidh do thuras tí réidh díotsa". "Ná dein", ar sé, "óir ní rachadsa amach ach amáireach, agus créad is baol duit?" Is ar sin d'imigh ar maidin agus tháine Lathoria, agus ar mbeith dhó 'na shuí os a coinne anonn gabhas dá géaramharc, ionas nach daingne do chuir Cú Chulainn an ga Bolga i bhFeardia ná do chuir Cupid a shaighead tréna chroí, go mba gonta dá grá é dá haithle. Agus an tan a bhraith an bhean dá síoramharc é d'fhéachadh sí air go fáthúil anois agus arís, go rabhadar araon ionann gan fuireach, ionas gur labhradar araon i dtoil re chéile agus gurbh é críoch an scéil eatarthu gur chuir sé a ghrá in achrann inti comh fada is dob fhéidir le fear é a chur i mnaoi, agus do chaitheadar an lá sin i dteannta a chéile gan fuath, gan doicheall, agus ansin d'imigh. Agus go moch ar maidin táine Ansylmo dá ionsaí agus d'fhiafraigh de cad ba scéal aige. "Atá," ar sé, "go ndeachas comh fada uirthi is b'fhéidir lem dhícheall dul, agus gur thriaileas go ceart í, agus ná bí i ndabht níos mó 'na taobh, óir is í an bhean chneasta, dhíleas, chiallmhar, dhiscréideach í". "Is leor sin" dó rá Ansylmo, "agus ná bí id stróinse gan teacht chugainn gach lá". Agus ba mhaith le Lathoria an cuireadh sin d'fháil, agus do théadh ann go laoithiúil, agus do ba urasa dhó féin agus don mhnaoi caoi d'fháil ar a ngnó féin do chur chum cinn, óir d'fhágadh an briollán eile i dteannta a chéile iad go minic chum í a thriail dhó. Do bhádar mar sin atha fada, gur liosta dhom le scríobh gach ní do thit eatarthu, ach fá dheoidh do rinneadar comhairle eatarthu féin chum imithe le chéile. Agus lá n-aon dá raibh Ansylmo as baile do chruinnibh an bhean gach ór agus airgead agus ionnús eile do fuair sí soghluaiste san teach, agus d'éalaigh sí féin agus Lathoria, agus do rug sí a cailín léi, go nár fhág aon san chuid den tigh na ngnáthaíodh do neosadh a turas, ach na doirse fá ghlasaibh daingne. Ar dteacht do Ansylmo ar maidin do bhuail ag an ndoras mar fá bhéas leis, agus níor fríth freagra dhó ann. Téid as sin gus an gcistin ar lorg an chailín, agus ó ná fuair í buaileas a dhóide um a chéile go gcualaidh a chomharsain agus tuilleadh dá mhuintir a
bhí 'na gcodladh in iargúil an tí é, agus brisid na doirse a bhí fá ghlas, go bhfuaireadar gach ní imithe mar a dúrt. Ar sin gluaiseas i ndáil Lathoria go n-inseadh a scéal trua sin dhó, agus ní bhfuair dá thuairisc ach gur fhág sé an baile um thráthnóna roimhe sin agus nárbh fheas cár ghaibh. Ansin ar gclos an scéil ar gach taobh adúradar uile gurb éaló le chéile a rinneadar. Is ainsin do ghluais Ansylmo, gan suim i mbia ná i ndigh, ar a lorg gur thit i lionn dubh arna smaoineamh dhó gurb é féin fá ndeara gach díth dár thit amach, agus d'éag i lúib an róid fá cheann seachtaine. Dála Lathoria, ar gclos dó gur éag a dhuine muinteartha, agus ar dtabhairt fá ndeara gach éagóir do rin sé air, do chroch é féin, agus d'imigh an bhean le baois agus do fuair bás go hathghearr 'na dhiaidh san. Do bhí fear ann tráth darbh ainm Mac Queen, agus insa mBreatain d'fhosclónaíodh sé, agus do bhí bean charthanach, lánchoinsiasach, dheas, gheanmnaí aige, fá chion mhór, agus ba hé a n-úid
agus a n-obair bheith ag déanamh pictiúirí le haghaidh a reictithe agus mar chuid mhairiúna, ionas go ngnáthaíodh a dtigh lán de fhearaibh agus de dhaoine ag féachain agus ag ceannach na bpictiúirí sin. Agus lá n-aon do bhraith an fear aon óglaoch amháin ag déanamh tnaoi agus taithí dhen tigh, i leith bheith ag ceannach cuid de na foirmibh nua ad-chíodh ann gach laoi. Ach do bhraith Mac Queen lá gur mó a bhí
aire ar an mnaoi ná ar na pictiúirí uile, agus do bhraith mar an gcéanna go raibh an bhean leathslí 'na choinne, agus do cheap dhó féin go mbainfeadh triail aisti, agus adúirt sé léi lá, os comhair an stróinse, go raibh d'fhéigean air féin an baile d'fhágbhan an lá sin agus gan teacht go ceann dá lá, "agus déinse an gnó a chur ar aghaidh go maith", ar sé. Is ansin do ghluais chum siúil agus ní dheachaidh tar an lána ba ghiorra dhó san tsráid, agus do chuaigh go teach ósta ag ligean an lae thairis agus d'fhan ann seal den oíche, agus gluaiseas ansin i ndáil a thí féin. Agus cé bhí mórán gan dul chum codlata san tráth sin do bhí an doras daingean go lom, agus ba fhéigean dó a bhualadh go minic sula bhfuair a oscailt, óir ar mbrath don mhnaoi gurb é a bhí ann do rin sí moill ag cur an stócaigh i bhfolach, agus ansin d'oscail sí dhó agus d'fhiafraigh de cad a chas comh hobann sin é. Adúirt sé go raibh teachtaire san tslí 'na choinne dá rá ris fuireach go ceann seachtaine eile, "agus las solas dom", ar sé. "Créad an solas is gá dhuit anois?", ar sí, "ach tair a chodladh". "Is maith liom solas chuige sin féin", ar sé, agus ba fhéigean di an choinneal do lasadh.
Agus d'fhéach gach ní san tslí roimhe go ndeachaidh san tseomra na raibh na pictiúirí, agus do chonairc fear leabhair, lomnochta 'na sheasamh go dlúth, agus a dhrom leis an bhfalla, idir dhá phictiúir mhóra eile, agus do aithin go maith é. "Créad an pictiúir so a chím anso?", ar sé. "Atá," ar sí, "captaein loinge do labhair liom chum ceann a dhéanamh dhó chum a chur ar thosach a loinge, ag cur sceoin isna piasta, agus mar a sháraigh sé mé chum é a fháil déanta do shíleas ná tiocfása chum baile comh hachomair, agus rinneas é sin inniu, agus mar is gearr ó oibríos é do bhí sé taisúr, agus chuireas ansin ar tiormú é". "Is maith sin", ar sé, "agus atá a bhallaibh le chéile i bhfoirm mhaith, ach go bhfuil a ghléas réad beag rófhada, agus tabhair chugam an deimheas go mbearra mé é". "Ná bac dó go mbeidh solas an lae agat", ar sí. "Is leor liom a dhéanamh anois" ar sé. Is ansin gabhas an pictiúir ag sileadh braonaibh múin le heagla, go ndúirt an fear: "ba samhalta le bheith 'na bheatha é", ar sé, "agus créad an t-uisce sin ag rith uaidh?" "Atá," ar sí, "braon uisce do chuireas 'na bholg do bheadh aige dá shileadh chum gur móide d'fhéachfadh sé i ndealramh bheith 'na bheathaidh é". "Éirigh agus tabhair leat an deimheas go slachtaínn é", ar sé, "óir is trua aon fhabht do bheith i bpictiúir comh breá leis". Do ghluais sí ar sin agus do bhí i bhfad gan teacht, agus adúirt ná fuair sí é. "Atá sé sa chupúrd", ar sé, "agus luathaigh chugam é, óir ní rachad ar leabaidh go slachtaíod lem láimh féin é". Do ghluais sí arís, agus fá dheoidh tháine sí in 'éamais. Gabhas fearg an fear agus do rith féin go ditheansach dá iarraidh. Ní túisce sin ná do phreab an pictiúir chum an dorais, agus go fábharach dhó, do ráine sé gan daingean air, agus do rith tríd an sráid agus Mac Queen 'na dhiaidh gur iompaigh sé i lána cúng, caol, agus le dorchadas na hoíche níor shamhlaigh sé cá raibh sé ag gabháil go ndeachaidh isteach i dtigh beag na mbíodh daoine dá n-éadromú féin ann, agus de dhroim a mhórdhithnis do bhris an stól faoi gur sloigeadh go hascla é, gurb ann do fuaireadh ar maidin é i ndeireadh
n anma. A léitheoir, is dóigh nach beag dom ar inis mé den sórt so scéalta gráthóirí dhuit. Ach adeirim riot gan aon scéal discréideach do chur i gcluais do mhná, dá mhéid do chion uirthi, óir dá mhéid adéarfair léi gan é a insint is móide a bheidh a bolg ag ardú é chum go nochtfaidh a haigne uile dá cairdeas Críost, agus dá dtugthá chum teastais í dá chionn, ansin glacfaidh sí olc agus adéarfaidh sí: "ní
bean tí comh héadrom sin im theangain mise, ní hionann agus mar do bhíd mná eile na mbíonn a scéal discréideach ar bharr a ngoib acu noch do scinneann amach an tan do osclaid a mbéal, agus dá bhrí sin ní miste dhuit gach scéal is mian leat d'insint domhsa, óir ní rabhas riamh ciontach i mbarr-thuisle im theangain." Agus ní hé sin, ach ní bheidh cás uirthi dearbhú go solamanta go satalfaidh fána cois air, nó é a chur fé chloich in áit ná héireoidh go brách. Ach ar a shon sin uile ná creid í, óir níl aon bhean gan cairdeas éigin fá leith is mó a cion uirthi ná an chuid eile, agus is mó na ligfidh sí a rún léi, agus is dearbh go rithfidh chuici sin le gach burdún beag dá bhfaighidh. An fear do phósann bean bhreá is fíor go gcuireann é féin i mórán contúirtí, agus iad sin uile ag iarraidh í a choinneáil i stát dhiscréideach. Ach más drochnádúr í déin gach ní is féidir leat; bris do chroí agus lúb do staidéar comh fada is d'fhéadfair, agus tar éis gach ní ní bheidh tairbhe ar bith id ghnó. Lig di imeacht 'na haonar gach am den oíche agus ní baol go dteagmhóidh aon ní léi is measa ná í féin, ach amháin muna mbuailfeadh an diabhal féin uimpi. Dá bhrí sin ag so mé ag tabhairt comhairle arís duit chum mná dothoghadh. Ar dtúis ba chóir duit aire mhaith do thabhairt dá béasa agus dá gníomhartha sula dtugair barr do láimhe 'na glaic le crothadh, ná margadh chum pósta do bhualadh suas léi. Féach mar an gcéanna agus tabhair fá ndeara a muintear agus conas a phlandáil sí, agus bíodh na sean-fhocail so id mheabhair de ghnáth, .i. nach féidir le drochéan a bhreith ach drochogh; gach cat d'réir
dhúchais; conas a bheadh an t-úll ach mar an abhall; mar an sean-choileach do ghlaonn an coileach óg, etc. Is mór an ionadh clanna do fheicsin ag siúl ach casán a muintire. Agus an té do rachadh ar aonach chum capaill do cheannach ní foláir go bhfaighidh coinníoll le hé a bheith slán, folláin, gan aon lochtaibh foilíosacha, agus an uile chomhartha dea-chapaill do bheith air; ach cheana, d'ainneoin a dhíchill, dob fhéidir é a bheith meallta 'na mhargadh. Ach tabhair fá ndeara dá n-iompódh sé amach go holc, gur féidir leis é a dhíol ar an aonach is giorra dhó. Ach dá meallfaí i dtoghadh mná tú do-ghníthear mórán, ní bhfaighir í a dhíol ar aonach, óir caithfir seasamh chum t'fhocail mar do gheallais i láthair an tsagairt agus mórán daoine eile: gabháil léi 'na maith is 'na holc. Agus dá éamais sin, dá mba mhian leat scarúint léi do theip sin ort, dá bhrí go gceangalfaidh sí dhíot comh dlúth is a dhéanfadh iallait trí ghiorta de chapall
bhocht; agus má bhíonn sí go holc, beir de ghnáth i ngéarpheannaid aici. Ach anois dá mba mhian leat a fhiafraí dhíom conas ba mhaith dhuit bean do thoghadh, adeirimse leat go bhfuil an chruinne cheathardha agat chum do rogha a thógáil, agus tar éise sin dob fhéidir tú a mhealladh, ach ar a shon sin féach ar an gcomhairle do thug an seanduine dá mhac ar an modh so: Comhairle, a mhic, glac má thaoir i gcéill, má phósair aimid, mallacht Íosa id dhéidh, ná ósta caile 'sciobfadh díot do scéimh, ná bean tar lear na mbeadh a dath 'sa gnaoi mar ghréin. Pós an bhean darb aithin duit í dhe phréimh, nar cóir di bheith go maith 's a teacht ó mhíntreibh réidh; tá comhairle ag teacht ó neamh chum daoine an tsaoil, gur i dtóin na mbeach a bhíonn cealg mhillte a mbéil. d'fhiafraigh mac ciallmhar dá athair agus é aosta conas ba mhaith dhó bean do thoghadh. Adúirt an t-athair ris: "san áit is mó na bhfeicfir de mhná óga", ar sé, "dún do dhá shúil agus rith ina measc, agus bé díobh do-ghéabhair id líon coimeád í sin". Adúirt an t-ógánach: "dob fhéidir go meallfaí mar sin mé". "Is fíor sin", ar an seanduine, "agus dá mbeadh do dhá shúil oscailte is amhlaidh is dóichí go meallfar tú". Ach éist liom beagán eile agus adeirim leat gurb é am is fearr d'fhear pósadh in aois a cúig fichead, agus tógadh bean in aois a seacht déag, nó mar sin, agus gura seacht fearr leat ainnir ná baintreach, óir is deacair a hintinn d'iompó ó shlitibh a sean-fhir, ach beidh an ainnir óg so-ranna, soghluaiste, bog le lúbadh, ullamh chum gach ní is mian lena fear do dhéanamh, agus ní mar son don bhaintrigh. Más duine saibhir tú pós cois baile, agus muna bhfuil saibhreas agat éirigh i bhfad chum tú féin a dhéanamh níos fearr. Ach sula rachair tar doras cuardaigh agus faigh géarfhaisnéis créad an sórt í, óir do-ghéabhair fios ó lucht na gáinneála conas d'imeoidh an margadh. Agus dá mbeadh gach ní i dtaitneamh dhuit cuir ar aghaidh é go hachomair, óir beidh scéalta ag rith eadraibh, agus is aon in aghaidh dheich nó cuirfid bunoscionn sibh, óir is d'ainneoin an diabhail do rinneadh aon ní fónta riamh.
Toghaibh ar dtúis a beith óg, solúbtha amhail slat bhog; den dara feacht a beith 'na treibh mhaith; an tríú feacht a beith dea-ghnóthach, ciallmhar; an ceathrú feacht í a chaitheamh éadach oiriúnach dá ra
ngc nó do stát a hathar; agus an cúigiú feacht, foirtiún (nó spré) mhaith do bheith aici. Agus dá bhfaighir an sórt so do cheapaimse dhuit, is fíor gan agó go mairfidh tú go sámh agus go mbeir ar do shuaimhneas. Ach ó tá idirdhealú idir an maith agus an t-olc i ngach slí, mar an gcéanna do na fearaibh agus do na mnáibh. Atá idirdhealú mór 'na mbeartaibh agus 'na ngníomharthaibh, agus dá dtitfeadh amach de chionn cinniúna go bhfaighfeá bean mhaith, smaoin ar an sean-fhocal adeir Seldom comes a better. Agus ní bhfuil aon fhear níos boichte ná an fear na mbeadh mórán ban 'na chúram air. Is féidir le fear cion do bheith ar a mhnaoi agus gan é a insint di. Is féidir leis grá a dhaothain do bheith dhi agus ga í a bhreith ar a mhuin leis. Agus is féidir le fear cion mór do bheith ar a thigh agus gan a dhá chois do leathadh ar a bhuaic le greann air. Bíodh grá agat dod mhnaoi agus labhair go breá léi, siúd gur ag bladar do bheifeá san am chéanna, óir is ait le mná labhairt go breá leo ar ghairm dathúlacht, agus a bheith 'na máistreásaí ar mhórán seirbhíseach agus daoine, agus mairiúint gan bhuairt, óir déanfaidh briathra soilbhre bean do shásamh comh mór le haon ní eile san mbith. Agus is é céad achainí ba cheart d'fhear do iarraidh, .i. grásta Dé, ansin beatha shocair, shuaimhneasach, bean mhacánta, ómósach, creidiúint mhaith, duine muinteartha in am an ghátair, agus cad é an réad eile ba uras
dó a iarraidh. Adeir naomh Pól gur maith an ní pósadh, ach gur fearr gan pósadh; gidh ea adeir sé arís gur fearr pósadh ná dó i dtine na drúise. d'fhiafraigh fear de ghiolla shúgach, éadrom créad an fáth ná pósfadh sé. "Is fíor", ar sé, "go rabhas insa bhedlam cúig nó sé de uairibh; gidh ea ní rabhas ar buile comh mór sin riamh is go bpósfainn". Ach adeirim 'na choinne sin gur dóigh liom ná fuil aon phléisiúr saolta comh mór le pósadh; gidh ea is ar an gcoinníoll so é: ní foláir dóibh a bheith i ngar comhaoise agus comhionann i ra
ngc agus i ndea-bhearta. Ansin beidh foirtiún agus mífhoirtiún comhfháilteach acu. Beidh gach cúram agus pléisiúr comhionann dóibh, agus is mar a chéile gach ní eatarthu. Beidh cion agus meas ag a
fear ar an mnaoi, agus má bhíonn sé saibhir tabharfaidh a uile shaibhreas fána láimh agus fána tearmainn, agus má bhíonn sé daibhir agus i dtrioblóid ní bheidh air ach a leath, óir tógfaidh a bhean an leath eile uirthi féin, agus glacfaidh an uile thrioblóid chum pléisiúr do chur air comh mór is d'fhéadfaidh. Má fhanann sé sa bhaile fanfaidh sí maraon leis ag coimeád cuideachtan dó; agus dá rachadh amach nó as baile beidh sí ullamh chum dul leis; agus muna mbeidh sé do láthair is fada léi uaithi a chuideachta; agus an tan thagas sé chum baile glacfaidh le lánghairdeachas agus le lúcháir é, 'na féachaint agus 'na cuntanós. Is iomdha pléisiúr agus taitneamh do bhíonn sa tsórt sin pósta, óir beid a gclann, an tan a bheid óg, ag súgradh agus ag meidhirghníomhadh agus ag gáire, ionas go gcorróid a muintir chum pléisiúir agus gealgháirí. Agus ansin an tan a thigid chum a bheith níos aosta, agus rachaidh a muintear chum aoise agus angair, cuirfidh a gclann an uile chompord orthu agus gach sólás d'fhéadfaid; agus ar n-éagadh dhá muintear tabharfaidh an chlann go hoiriúnach agus go galánta gus an bhfeart iad, le déara 'na súile agus le croí tuirseach, go n-adhlacfaid ar an modh sin iad. Ach ar an dtaobh eile smaoin, an tan a phóstar bean chríonchas gan fiacla le garsún óg gan féasóg, nach féidir a bheith de ghrá acu dá chéile ach mar do bheadh ag firéad agus aige coinín, nó aige gráinneoig agus aige athair nimhe, óir beid de ghnáth ag aoradh agus ag aithisiú a chéile, agus mairfid de ghnáth i mórán trioblóide agus buairimh. Is féidir an ní céanna a rá leis an muintir do-ghní margadh pósta dá gclainn agus do dhíolann an spré, agus gan an cúpla óg i láthair, ná fios acu ar an scéal nó go gcurthar d'fhiachaibh orthu a lámha a thabhairt dá chéile i gcoinne a dtoile, ar eagla díbheirge agus eas
nóra a muintire do tharraint orthu, agus is rómhinic do gheallaid lena dteangtha agus do eitíd lena gcroíthe. Ná toghaibh bean róbhreá ná róghránna ná róshaibhir, óir má bhíonn sí breá beidh gach n-aon do chífidh í ag breith uirthi, agus má bhíonn sí gránna ní bheidh aon mhian dá grá agat, agus má bhíonn sí saibhir beidh sí 'na máistreás bharbéiseach, óir do-ghní saibhreas bean uaibhreach, agus do-ghní breáthacht bean uafar. A léitheoir, is dóigh gur léigh tú go minic ar an mbanríon Eilís, mar do ligeadh uirthi nach raibh aon mhaighdean ba gheanmnaí ná í féin, agus is amhlaidh a bhí sin, ní raibh aon spáinnéar ba mhire
agus ba shúgaí eireaball ná í, ionas, lá n-aon dá raibh an tIarla Essex tar éis í a léim go ndúirt sí leis le rómhéid a ceana air: "má bhíonn tú i ngreim ná i mbaol báis le cúis ar bith", ar sí, "tabhair scéala domhsa air agus saorfad tú". Agus ar sin do bhain fáinne álainn óir ina raibh péarla mórluaich ann dá meoir agus tug dhó é, agus adúirt leis é sin do choimeád mar chomhartha grá, agus a chur chuici in am an chomhéigin chum a chur ar gcuimhne dhi an gheallúint do thug sí. Ach is gnáth dá airde agus dá shaibhre feoil do-ghéabhadh duine uasal go mbíonn caitheamh i ndiaidh miangais agus sóinseála aige, agus dá dheimhniú sin tug an t-iarla searc agus róghrá do mhnaoi uasail eile, óir ba bhreátha í ná an bhanríon. Agus do bhí sé féin agus an bhean uasal ag fáil suilt agus pléisiúir 'na chéile seal aimsire, gur ghlac an bhanríon ionadh agus uaigneas créad an fáth ná tagadh sé 'na dáil mar fá ghnáth leis. Agus d'fhiafraigh sí lá cá raibh sé, óir ba dhuine dá príomhchomhairligh é, agus ar bhfáil feasa cá raibh níor lig aon ní uirthi, ach do bhí ag faire air i ngach slí, amhail a bheadh cat ar luich, nó go bhfuair cúis éigin shuarach in
aghaidh. Agus tug sí ordú é a chaitheamh i bpríosún dhubh, dhorcha, ar róbheagán lóin, ionas go n-iompódh a chrann súgartha a cheann chum talún, agus 'na dhiaidh san tug sí fá ndeara dá lucht comhairle breithiúnas báis a thabhairt air. Arna chlos sin don iarla do chuir fios ar a mhnaoi uasail agus tug an fáinne di agus adúirt léi a thabhairt don bhanríon. Do bhí fios príobháide an fháinne ag an mnaoi uasail agus do smaoin gur bhreá an mhaise dhi féin é chum fir eile a mhealladh, agus an tráth gur thréig an t-iarla an bhanríon ná raibh ní ba dhearfa ná go dtréigfeadh í féin, agus do choimeád an fáinne, ionas gur gearradh an ceann ar an mbloc dhen iarla. Ach anois is dóigh gur leor leat ar chuireas síos duit chum tú a chur ar t'aire i gcoinne an dainséir. Agus adeirim riot go dearbh, i dtoghadh mná, gur chóir do dhuine aire mhaith do thabhairt do mhacántacht a muintire, óir is gnáthach an chlann a tógthar go múinte ó nádúr do leanúin cineol a muintire, ní hé ná gur iomdha crann do loitear 'na ghearradh. Mar an gcéanna is iomdha duine ná bíonn aige ach aon iníon amháin, agus tré iomarca a ghrá di sin ná coiscfidh uaithi aon ní do shirfidh, ach aontóidh di gach mian is mian léi agus a beatha do chaitheamh i ndíomhaoineas agus in óinmhideacht, noch tharraingeas í chum mórán drochbhearta 'na dhiaidh san. Agus féach go cruinn ar mar a deir an sean-fhocal, eadhon, gach airthle mar a hoiltear.
Ach anois chum ná déarfadh na mná go labharfainn 'na gcoinne féin ins gach pointe, adeirim go grinn, fírinneach gur chóir don athair sula bpósfadh sé a iníon gnótha, gníomhartha, agus dea-bhearta a chleamhna do chuardach agus do chriathairt go maith; óir an té do theangmhós le fear ciallmhar, séibhialta, macánta, is dearbh gur maith an cliamhain é; ach an té do theangmhódh le fear ar a chontráil, is measa do chuireann a iníon ná dá gcuirfeadh cloch fána bráid agus a teilgean i bpoll ná feicfeadh go brách í. Óir má ghní sé sin ní bheidh air ach buairt ghearr, agus ní mar sin dhó le í a thabhairt don droch- chliamhain: dá mbeadh céad blian de shaol aige, gach am do chífidh a iníon in angar is dearbh go ndéanfaidh a chathú a athnuachant. Agus chum mo cheana do chruthú do na dea-bhruinneallaibh, ó nach féadfaidís rian mo lámh do léigheadh, éistidís lem briathra, agus féachaidís ar chomhairle an tseanduine dá inín, scríofa óm láimhse: Comhairle charad glacsa a ghéig na lúb, má phósair fear, braith a thréithe ar dtúis, a shnódh, a chreat, a mhaith, a mhéin, 'sa chlú, 'sa ghnótha deasa glac mar chéile chugat. Ná pós fear le gean dá éadach úr, dá bhróga deasa, daite, daora, dubha, dreofaidh an bhalcais, caithfidh an béabhar úr, 'sis lóma laice an spreas 'na n-éamais siúd. Ach anois do ghlaoigh Mercury orm ó Venus agus adúirt liom gur chóra dhom mo bhuíon féin do threorú. Ach chum ná scinnfinn d'aon toisc ó pháirt na ndea-bhan do ghabháil, ar chomhairle an duine bhradaigh, bhréagaigh úd, .i. Mercury, adeirim gur cheart don fhear a thuigsin dhó féin gurb í a bhean an saibhreas is fearr ar talamh aige, agus ná fuil aon ní is fearr do oireann di ná cuideachta shoilbhir, macántacht, agus grá a fir. Dá dtabharfá fá ndeara locht id mhnaoi, ní ceart dhuit titim i bpaisiún ró- éasca, ach labhair ria i bpríobháid, óir ní ceart dhuit imirt ná súgradh a dhéanamh léi os comhair cuideachtan; dá bhrí an drong do-ghní súgradh lena mná i bpoiblíocht gurb amhlaidh a bhíd ag cur faobhair ar fhiacla gach n-aon do chífeadh iad, agus do-ghní siad an bhean aimhdhíleas. Atá sé riachtanach do gach fear pósta a bheith soilbhir, séibh
ialta lena mhnaoi, óir dá dtabharfadh bean dhiscréideach fá ndeara drochiompar 'na fear, ní hé amháin go mbeadh fuath aici dhó dá dhroim, ach ba dhóigh léi gur fearr an tabhairt suas, agus an fhoghlaim, agus an t-iompar do bheadh i bhfearaibh eile ná ann. Ba cheart do gach bean, chum a creidiúna féin do chosnamh, cuideachta gach n-aon do fuair drochainm do sheachnadh. Ba cheart di bheith go ródhiscréideach i ngach cuideachtain chum ná tógfadh aon fhear air
í a theanntú ná aghaidh do thabhairt di. Dá bhrí sin dá gcuirfeadh aon fhear stró ar an mnaoi mhacánta labhradh sí ris ar an modh so: "an tan a bhíos im ógbhean do bhíos fá láimh agus fá thearmainn m'athar, ach anois atáim pósta agus atáim chum pléisiúir agus toile m'fhir; den réir sin is leis is fearr dhuit labhairt im thaobh, agus fios d'fháil uaidh créad is ceart dom a dhéanamh". Agus muna mbeadh a fear ann, tugadh sí aire dhi féin de ghnáth comh cruinn is dá mbeadh sé 'na fianaise. Dá mbeadh an fear lasánta, urchóideach, ba cheart don mhnaoi a dícheall do dhéanamh ar é a chur chum suaimhnis le briathra soilbhre, eagnaí; agus dá gcromfadh ar scollóireacht uirthi, ná labhradh focal, óir is é freagra gach bean chiallmhar an ciúineas. Ná nochtadh sí a haigne go mbeidh a phaisiún urchóideach do leataoibh, óir is minic dá gcoimeádfadh na mná a dteangtha go diúltéach, tost
, go mbeadh breis suaimhnis acu ná bíonn. Do pósadh lánú luathfheargach le chéile, agus lá dár ghaibh a mbráthair chucu chum dinnéir d'fhiafraigh díobh conas do réitídís le chéile agus iad araon comh neantaí, comh hurchóideach sin. Adúirt an fear: "an tan a bhímse i bhfeirg bíonn foighne agem mhnao liom, agus an tan a bhíonn fearg ar mo mhnaoi éistimse léi, agus sin an tslí", ar sé. An fear do theagmhódh le bean bhanúil, thaisnáireach, dhícheallach chum an tsaoil, ag a mbeadh fios cá huair ba cheart caitheamh agus cá huair ba cheart spáráil, agus an tigh do choinneáil in ordú mhaith, ní ceart don fhear aon ní do bheadh san tigh do shéanadh ná do sheachnadh ar an mnaoi so 'na huireaspaí. Ach dá mbeadh sí 'na bean tí shuarach, éadrom, dhíomhaoin, gan suim 'na tigh, ná 'na fear, ná 'na clainn ná 'na seirbhísigh, ná in aon ní eile san tigh, is ceart de réir oiriúna agus chirt go gcoiscfeadh a fear í, agus go gcoimeádfadh sé srian teann léi gan a ligean di a chuid do lot ná do dhroch-chaitheamh gan tairbhe. Do ritheas ar mo aghaidh atha fada ag tabhairt léirmhíniú agus
deimhinchuntas dom léitheoir ar ghnótha agus ar ghníomhartha an dream dána, míchoinníollach, .i. mná, do tharraing, tré ainmhian agus tré dhrochghoile, an ainnise agus an donas orainn ó am ár gcéad athair, .i. Adam. Ach anois ó tá mo bhácús dearg dob fhéidir gur chóir dom arán do chur ann, agus é a thabhairt chum sochair agus tairbhe; agus leanfad anois ar bheagán de bhriathra neamhurchóideacha, gan díth ná díobháil do aon chineál daoine, noch tugadh amach ar pósadh roinnt blianta ó shin agus do ritheann ar an modh so mar leanas: Bean Mhaith, Tabharthas ó Dhia nó Tuairisc Dea-Mhná go Dearbh An té do-gheibh bean mhaith, do-gheibh sé gan dearmad tabharthas ó Dhia. (Prov. xviii,22). Isna focail so Rí Solamh, is féidir linn, a léitheoir, a thabhairt fá ndeara mar do thugann Dia dhúinn na cúig mheoin nó réasúin so: 1. An t-aon neach a moltar: bean. 2. An teist a tugthar uirthi: maith. 3. An tslí chum í a fháil, lena cuardach i mbrí an fhocail, "fachta". 4. An té do thugann uaidh í: Dia. 5. Ainm an tabharthais: comaoine. Ag so ar an gcéad ní úd a dúramair, .i. bean. Dob fhéidir go bhfiafródh duine éigin díom créad é an ní bean, nó gur bean gach baineannach, amhail adeir Solamh. Is fíor, agus is fíor go ndeir an Solamh céanna in ionad eile go mbíonn bean ann do tharraingeas aduas an tigh, is é sin, ní hé amháin go mbíonn sí 'na gnáthdhuais cois taoibh a fir ach truaillíonn an smior 'na chnámha, nó mar do bheadh drochthigh na mbeadh gnáthbhraon ag sileadh ann lá fliuch, ionas gur rogha leis an bhfear teitheadh as agus imeacht tar dorsaibh an dúna amach ná fanúint ag foighneamh agus ag éisteacht leis an ngnáthchardáil searbh- bhriathra sin do bhíonn aici gan tuirse gan stad; óir is dearbh gur fearr dhó suí ar bhuaic an tí agus
aghaidh i gcoinne na síne, nó dul in uaigneas ar measc na n-éigialltach nó na mbeithíoch fiaine, ná tigh do choimeád i bhfochair an sórt sin mná. Is féidir roinnt freagarthaí do thabhairt ar an scéal so, óir ar
dtúis, adeir daoine an feadh do bheidh bean 'na bean, is é sin, an feadh do bheidh sí ionraic, geanmnaí, gan truailliú, ná cuid do bheith d'aon fhear ach dá fear féin, bé ar bith buairt nó cruagáil, agus géarpheannaid eile do bheadh inti, gur chóir gairm mhná do thabhairt di, agus í a áireamh 'na tabharthas. Óir adeirtear gur fearr droch-ghiúistís síochána i mbaile ná a bheith gan aon cheann, agus den réir sin is fearr drochbhean ná bheith gan aon cheann; ach níl so ceart mar a thuigimse. Ach ar dtúis, is bocht agus is lag an teastas ar mhnaoi a rá: "is fearr an sórt sin féin ná a bheith gan aon bhean". "Créad an sórt tairbhe í sin", adeir Ieróm, "nó créad an ainm do ghlaonn tú uirthi?" Is fíor nach ceart an ainm di "beagmhaith", ach is cruinn an ainm di "mórolc". Do bhí fear i bhfochair a dhuine muinteartha ar béile, lá, agus an tan do thaitnigh an billéad do fuair sé ó bhean an tí leis, gabhas dá mholadh os comhair a bhráthar. Féachas a bhráthair air agus do lig leamhgháire, agus adúirt: "níl iontu ach sórt ainmhithe réasúnta nar fearr sa tigh iad ná ainmhithe eile, óir déanfaidh siad do chuid tea agus deiseoid siad do bhalcaisí". "Ní ghlaoimse spré", do rá duine, "ar an ní sin dá ngoirthear spré; agus ní mó ghairmeas sprid Dé bean disi do-ghéabhas an ainm de ghnáth, óir dá mbeadh suaimhneas, suáilceas, geanmnaíocht, agus dea-bhéasa dá díth, is fíor nach bean í i gcuntas Dé, agus ní gan réasún maith é. Óir is dearbh go fíor ná fuil inti ach scáil gan substaint agus gairm bhréagach. Bíonn an ainm uirthi ach ní bhíonn na gníomhartha aici, óir créad an ní bean ach baineannach do thug Dia don fhear chum cúnamh agus compord dhó, óir is amhlaidh adúirt Dia le hÁdam sul do chruthaigh sé Éabha: "tabharfad comhpháirtí dhuit do bheas 'na cúnamh agat", cé gurb amhlaidh is dóigh le mórán ban gur chuige a fuair sé í chum a bheith 'na máistreás air, agus gur fhan sin ar measc a cineáil ó shin i leith. Ach ó ná faighidh athair amadáin aon phléisiúr as, mar an gcéanna an fear do póstar le liobar óinsiúil mná, de réir gach dealraimh is beag an pléisiúr, cúnamh, ná compord do-gheibh sé inti. Ach conas is compord an té nach féidir leis aon chompord do thabhairt uaidh? Nó conas is cabhair an bhean ná tabharfadh aon chabhair uaithi? Agus is dearbh nach mó de chompord agus de shólás bean mhaith, ná de dhólás agus de mhíchompord drochbhean don fhear a ceangaltar léi.
Anois ba cheart do na mná féachaint go cruinn orthu féin agus 'fhios do bheith acu an céile ceart iad nó nach ea. "Ach créad an gátar sin?", adéarfaidh bean; "atá 'fhios againn cheana gur pósadh sinn os comhair finnéithe, agus den réir sin is céile agus bean phósta gach n-aon againn". Adeirim go fíor go mb'fhéidir sin do bheith mar sin, agus ar a shon sin uile nach mná iad, bíodh go mbeidís pósta os comhair míle finné, ní hé amháin le sagart den deoiseas, ach ó láimh an easpaig féin, gan óráid ná fáinne do dhearmad; ach d'ainneoin gach ní díobh sin, ní mná iad muna gcomhlíonaid siad bearta agus diúité ban. Ach conas do bheadh 'fhios an mbeadh sí 'na bean cheart nó ná beadh? M'fhreagra ar an gceist sin: léigh na meoin d'fhág naomh Peadair agus naomh Pól chum fios do bheith conas ba chóir bean phósta a bheith, 'na gnótha agus 'na gníomhartha, agus tabhair fá ndeara go maith iad. Léigh arís an tuairisc do scríobh máthair Solamh, mhac Dáth Rí, ar mhnaoi mhaith, agus cuir do ghnótha féin chum cosúlacht leo. Ag sin patrún agus scáthán agat chum tú féin d'fhéachain agus d'fheicsint ó bhun go barr ann. Ach adeirim go deimhin, fírinneach, an fear do-gheábhadh bean mhaith gur coróin í os cionn gach ní; ceansóidh agus cuirfidh chum suaimhnis é 'na fheirg, neartóidh agus ardóidh a mheanmain ins gach dólás, agus tabharfaidh cúnamh agus cabhair dhó i ngach uile angar. De Leisce na mBan bPósta. Is dóigh liom, an feadh ritheas mo mheabhair, go n-áiríd an drong Catoilice Rómhánach an leisce i nuimhir na seacht bpeaca mharbh, agus fágaim an ní sin fá mheas na cléire agus an dream dea-thabhartha suas; ach insa phointe so atáim deimhneach, má bhíonn leisce i mnaoi phósta gur peaca marfa i gcoinne a fir é, óir an tan a chuirfidh fá dhithneas in áit nó le gnó ar bith í, casfaidh a heireaball amhail a dhéanfadh gadhar nimhiúil, leanfaidh dá drochghníomhartha agus suífidh síos go dúr, leisciúil, dána. An tan a beirtear ó nádúr duine san aicíd so is dearbh nach féidir é a bhaint a,s gan préamh de bheith ceangailte i rúta a chroí, ionas go dtaispeánfaidh é féin 'na bhféachaint, 'na ráiteachas, agus 'na n-uile ghníomhartha. Ach is dóigh liom gurb é so fáth an drochnádúir so, .i. an truaill thalmhaí na ndearnadh de iad nár cuireadh a dhaothain aeir agus tine ina mheasc chum misnigh agus
anama do chur iontu; ach ó tá insa cholainn spairtiúil anam réasúnta, neartmhar, deachuimhneach, ba cheart do dhuine dícheall a dhéanamh ar é féin do shábháil, nó muna ndéinidh ligfidh an lúmpa gan mhothú dhó titim san bpoll doimhin, agus an feadh a bheidh ar an saol so áireothar 'na dhuine mharbh é. Ar son gur cóir trua a bheith don sórt so daoine, ní hurasa grá a bheith dhóibh. Dá bhrí sin ba chóir do m
naoi gach uile ní agus beart do chomhlíonadh go dícheallach chum an drochbhéis sin do sheachnadh, agus chuige sin ba chóir di gan í féin do thabhairt ar aon ghnó amháin go haonta, ach lámh do bheith ins gach aon ní, óir ardaíonn socracht agus suaimhneas an aicíd. Ba cheart di gnótha móra, duaismheara do dhéanamh, gan do chodladh ach beagán, gan do ithe ach róbheagán, agus mairiúint de ghnáth fán spéir go forleathan. Dob fhéidir go rachadh an chomhairle so i bhfad ar roinnt leighis do dhéanamh, ach ní deirim go ndéanfaidh sé ar fad é. Dá dtabharfaí bean suas go díomhaoin, drochmhaitheasach i dtúis a saoil, an tan a pósfaí í ba cheart di a haigne do shóinseáil, óir ní hiad na gníomhartha a bhí aici roimhe sin do bhíonn súil d'fháil uaithi. Ba cheart di smaoineamh go bhfuil fear aici chum a réir do dhéanamh, buíon agus muintear le riarú, agus tigh le bainistí, agus mórán de ghnótha eile; agus muna mbeidh sí dícheallach, mar a dúrt, is dearbh go mbeidh drochmheas a fir uirthi, mar aon le hachasán a mhuintire, agus tarcaisne gach dea-bhean eile uirthi de ghnáth, agus i ngach ionad na mbeidh sí. Atá mórán daoine (gidh ea ní hiad an chuid is ró-chiallmhaire díobh) do phósann gan suim i dtairbhe an tsaoil, ach le mian forliíonta chum a ndrúise do réiteach. Ach féachaidís, dá bhreáthacht is féidir le gnúis agus le dealramh mná do bheith, go bhfuil sí gan aon ghó go lagmheabhrach, agus créad an duine lenar féidir a mheas go gcuirfí an bhean bhreá so 'na suí, amhail pictiúir i gceann cláir agus muintire, nó mar phoitín China, chum a bheith mar bhréagán ag féachaint uirthi gan sochar gan tairbhe ar bith, ach chum a fir a bheith ag gabháil dá bhriongshúilí uirthi. Créad an grá ná an dea-araí ba cheart don bhean tnúth a bheith
óna fear, an tan do iarrfaidh a cabhair chum cúnta a thabhairt dó chum aon ní a dhéanamh do chothódh iad, narb é a freagra gan fuireach: "ní fhéadfainn é a dhéanamh, ní chuige a tugadh suas mé". Agus an tan a déarfaidh sé go lom nach foláir di a dhéanamh, cromfaidh ar ghol go faíoch agus adéarfaidh gur
cruaidh an deighleáil do-ghníthear léi féin, agus adeir: "mo chreach ghéar, chráite mar a pósadh riamh mé, agus dá mbeadh a fhios agam gurb é so sórt fir do-ghéabhainn, do ligfinn dhó caile garraí éigin d'fháil do thiocfadh chum bheith 'na cailleach shlaprach, mar a mháthair". Ag so an stuf agus an nádúr do scinnfidh as a béal gach am do labharfaidh. Is róbheag ná fuil sé comh míthaitneamhach an tan a chaithfidh fear a fhocal do rá arís agus arís eile, agus fá dheoidh adéarfaidh sí: "a Dhia, ní chuala tú ar aon chor; créad sin adeir tú?" Agus dá éamais so tabharfaidh míle leithscéal beag, leanbaí ar son a drochtheachtaireachta, agus cuirfidh di ó am go ham an ní is mó a bheadh 'na bhroid uirthi féin agus ar a fear do dhéanamh do láthair. Ó tá an leisce comh holc so de aicíd agus gan fios againn cia an liaigh is fearr chum a leighis, den réir sin ba chóir do gach bean chiallmhar aireachas do thabhairt di féin, agus dícheall do dhéanamh ar an aicíd thógálach so do sheachnadh, ionas ná beadh fá cháin aige Dia agus fá dhrochmheas aige daoine, agus fá ualach comh trom sin nach é amháin do leagfadh ar talamh í, ach do theilgfeadh le héagthroime san bpoll is doimhne in ifreann í. Dá bhrí sin ó inseas an aicíd agus conas ba chóir í a sheachnadh, atá súil agam le beannacht is páirt na ndea-bhruinneall, meas agus buíochas na bhfear pósta, dea-chroí agus gealchomhrá mo chomhbhuíne. Agus i dtaobh na ndrochbhan, is ionann liom a mbeannacht nó a mallacht, bíodh go ndeirtear go bhfaigheann badhb a hachainí; ach san am gcéanna ní dóigh liomsa go bhfuil Dia comh beag sin staidéar agus comh lagmheabhrach sin go dtabharfadh cúnamh ná cabhair do rógaire ar bith, agus dá éamais sin, dá bhfaighidís a nguí ní mar táid siad do bheidís, óir ní theastódh pingin den tsaol uathu.
Do léigh mé insa leabhar darb ainm na Tales of William Vade go raibh rí i nDúlochla
nn dar ba chomhainm Hamlet, agus a bhanríon, Gertrude, agus do bhí deartháir ag an rí darbh ainm Claudius, agus do ghlac an bhanríon cumann agus comhghrá do dheartháir a céile, ionas gur theilgeadar araon le toil a chéile nimh i gcluais an rí, ar mbeith dhó 'na shuan ar meisce, gur éag sé dá haithle; agus adúradar gurb athair nimhe do bhain greim as, ar
mbeith dhó traosta ar binse fá fhosadh craobh sa ghairdín, gur chreid gach n-aon iad, gan snas amhrais do bheith orthu, óir do bhí ceann an rí atmhar, lánmhór ón nimh sin, agus fá cheann míosa do pósadh an Claudius sin agus an bhanríon, Gertrude, le chéile, gur ghaibh sé ríocht agus coróin a dhearthár mar ba dhual dhó. Do bhí mac ag an rí, Hamlet, .i. Hamlet óg, agus ar mbeith dhó 'na bhioránach gan aois do thóg a mháthair agus a leath-athair a chúram agus a uile fhoghlaim orthu féin, go teacht in aois dó chum 'fhoirtiúin féin do thriail agus do lorg. Agus do bhíodh, mar is gnáthach, saighdiúirí ar aireachas ar chúirt an rí gach oíche, go raibh dís díobh os comhair an gheata, feacht, ag comhrá re chéile, agus d'fhiafraigh aon díobh den fhear eile conas d'éirigh an oíche leis. "Go maith" do rá an fear, "óir níor chuala luch ag gliosmarnach ná ag rian anocht". Ar sin do chonarcadar an gósta os a gcomhair 'na sheasamh i bhfoirm agus in éadach mar an rí, Hamlet (noch d'éag). Adúirt fear de na saighdiúirí lena chomráda: "is scoláire tú agus labhair ris an ngósta". "Do-dhéan sin", ar sé. "Fan agus labhair, a shamhailt, adeirim leat", ar sé, agus d'imigh an gósta gan freagra a thabhairt air. Is ansin do bhí an dís shaighdiúirí ag déanamh machnaimh agus ionadh mhór agus ag trácht ar an samhailt sin, go ndúirt an fear foghlamtha gur chuimhne leis gur chuala sé a leithéid eile de thitim amach tar éis bháis an imp
re Caesar, gur oscladar na tuamaí agus gur éiríodar na marbháin 'na n-éadaíbh geala, adhlaicthe, agus gur ghabhadar ag damhsa agus ag léimneach ar fuaid na sráide i gcathair na Rómha, "agus gan dabht is roimhscéal é so ar ní iontach éigin", ar sé. Agus ar rá na bhfocal sin, do thaispeáin an gósta é féin den dara feacht. Ansin adúirt an saighdiúir de ghuth ard, bhorb: "a ghósta, cad tá uait?; an bhféadfainnse aon ní do dhéanamh dhuit?; nó an aon tsaibhreas atá i bhfolach in aon áit atá ag déanamh mearathail duit?" Ar sin do ghlaoigh an coileach agus d'imigh an gósta chum siúil uathu go socair. Is ansin do cheapadar na saighdiúirí eatarthu féin é a bhualadh leis na halbardaí chum go gcaithfeadh sé fanúint acu, ach do scinn sé uathu. Agus adúradar na saighdiúirí gur gnáth le góstaí imeacht ar ghlaoch na gcoileach, "óir", ar siad, "san Aidbheint agus timpeall Nollag bíd na coiligh ag glaoch gach tráth den oíche, ionas gur folláin bheith ag siúl lasmuigh, óir ní bhíonn samhailt ná gósta, síbhrogha
ná deamhnóir piseogach in acfainn díthe do dhéanamh le beannaitheacht na huaire sin den bhliain".
Tar éis an ghósta dá thaispeánadh féin, mar a dúrt, do bhí an rí, Claudius, agus an bhanríon, Gertrude, agus na cúirtéirí uile insa halla mhór an dúna ag comhrá agus ag trácht ar riarú gach gnótha. Agus cé ná raibh amhras ag Hamlet óg gur nimh do fuair an rí, a athair, is go dólásach, dúchroíoch do ghlacadh sé gach muirnéis agus comhartha ceana do-ghéabhadh ón rí agus ón mbanríon, óir níor thaitnigh leis a mháthair do phósadh dearthár a céad fhir. Adúirt Gertrude lena mac ná raibh tairbhe dhó ag caitheamh éadaigh cumha ná dubha, agus iad a shóinseáil feasta. Adúirt sé léi: "ní hé mo chasóg do bheith comh dubh le gual, ná dealramh cumhach lasmuigh do-ghní an cathú a chur i rómhéid, ach atá an cumha so i rúta chochaill mo chroí, agus níl insa chuid eile ach taispeánadh gan tairbhe". Agus adúirt sé ansin go raibh sé ar maran Críoch Lochlann d'fhágáil agus dul ar scoil go Wittenberg. "A Hamlet, a stórach", do rá an bhanríon, "na héirigh ar an scoil sin, ach fan againn féin sa bhaile". Adúirt Hamlet go ndéanfadh sé 'dhícheall ar a bheith dhá réir. Ba thaitneamhach le Claudius an freagra sin do chlos, agus tug ordú do lucht a theaghlaigh uile dul ag ól le meidhre an scéil sin, gur fhágadar Hamle
in 'uathadh agus in 'aonar ag déanamh smaointe agus ag comhrá leis féin ar an modh so: "A! mo mháthair, na raibh an oiread ceana agem athair uirthi is do bhí; A! mo mháthair narbh fhearrde goile m'athar, dá fhaid a leanadh sé de bhia, a beith os a chomhair; mo mháthair do phósadh fir eile ná raibh i ndealramh leis ach mar do bheadh gnúis fir fiain leis an ngréin; mo mháthar narb ar éigin do chríochnaigh sí an mí, ach ní hé sin, ach sul do leathchaith sí na bróga a bhí uirthi ag leanúint m'athar bhocht gus an bhfeart; is claon agus is lag an ní bean; pléascadh mo chroí ó ná fuil cead agallaimh agem theangain". Is ansin táine an dís saighdiúirí a bhí ar garda agus d'inseadar don phrionsa, Hamlet, go bhfeacadar gósta a bhí in inneall agus i ndealramh len' athair an tan a bhí sé ar an saol. Tug an scéal sin míshuaimhneas mór don phrionsa agus do bhí lán d'fhonn an gósta d'fheicsin, ionas go mba fhada leis uaidh an oíche chum labhairt ris, siúd go mbeadh clab ifrinn ar leathadh dá rá leis bheith tost
, agus do chuaigh abhaile ag feitheamh leis an uair chum dul dá agallamh. Ar mbeith don phrionsa 'na sheomra insa phálás do tháine Ophelia, agus Laertes, a deartháir, .i. dís chlainne Polonius, fear coimeádta seomra agus ciste an rí, go teach a n-athar, agus do bhí
greann agus cumann aige Ophelia don phrionsa óg, Hamlet, agus tug Laertes an chomhairle so dhi: "féach, a dheirfiúr, prionsa agus oidhre ríochta ná gearrfadh sé greim dhó féin, agus go gcaitear a ghreamanna a thoghadh dhó, tabhairse aire mhaith gan do chroí do ghonadh tríd, ná do stór geanmnaí do leathadh dhó ar a iarratas; atá dainséar i nduine a bhaint an folach dá aghaidh le solas lag na gealaí, óir is minic a milltear tortha agus blátha le drochghaotha sula bhfaighid uain ar a gcochall a chur as an ndúbla, agus tabhair aire dhuit". Adúirt Ophelia: "a bhráthair ionúin, ná déinse deighleáil liomsa comh míghrástúil is do-ghníd cuid de na sagartaibh do mhúineann agus a thaispeánann an tslí go flaitheas Dé go lándoimhin, cruadheilgneach, agus san am céanna iad féin mar gach réice drochbheathach ag rith go dána, bunoscionn leis na teagascaibh a thugaid dá bpobal". Is ansin, ar dteacht don oíche, do ghluais Hamlet agus fear cumainn dhó agus an dís shaighdiúirí gus an áit na bhfeacadar an gósta an oíche roimhe sin, agus is gearr go bhfeacadar é 'na sheasamh os a gcomhair. Labhras an prionsa leis le hómós agus le coráiste, agus níor thug an gósta freagra ach comhartha a dhéanamh do Hamlet é a leanúint. "Ná lean é", do rá a dhuine muinteartha, "óir an té a leanann gósta is baol dó go gcaillfidh a chiall". "Is cuma sin", do rá Hamlet, "óir rachad leis". Agus do mheasadar a mhuintear é a chosc. Gidh ea níor fhéadadar a dhéanamh. "Atá mo leannánaibh sí dom shárú chum é a leanúint", ar sé, "agus ag déanamh na féithleoige is lú ionam comh láidir le leon Nemea, agus ar sin leanfad é agus déanfad gósta de aon duine a thiocfaidh am chosc". Ar sin do ghluais sé leis an ngósta, agus is gearr gur chasadar araon go miochair, muinteartha le chéile. Agus d'inis an gósta dhó go raibh sé i bpurgadóireacht agus go neosadh sé nithe dhó do chuirfeadh a ghruaig 'na seasamh mar a bheadh deilgne gráinneoige. "Meastar le daoine", ar sé, "gur éagassa tré ghreim athar nimhe sa ghairdín, ach is é an t-athair nimhe sin an fear atá ag caitheamh mo choróine; is é mo dheartháir é, agus ní ba mheasa ná sin do chuir sé chum báis mé gan ola bheannaithe san gcrích dhéanaigh, agus a mhic, déin mé a dhíoghailt. Slán leat, óir atáid na péiste gealáin dá chur in úil dom gur gearr uainn an lá. Slán leat, agus cuimhnigh ormsa". Is ansin tángadar a mhuintir chum an phrionsa, Hamlet, agus d'fhiafradar de cad dúirt an gósta ris. "Gósta séimh, macánta is ea
é", ar sé, "agus má thugann sibh luighe agus móide gan aon ní dár inis an gósta dhom do chraobhscaoileadh, neosad díbh é". Is ansin ba chlos guth an ghósta dá rá leo dearbhú ann. "Ní foláir díbh dearbhú dar mo chlaíomh", do rá Hamlet. Adúirt an gósta fá thalamh: "dearbhaidh dar a chlaíomh". Do rinneadar amhlaidh agus d'inis sé dóibh é. Do bhí an prionsa, Hamlet, i ngrá leis an ríon, Ophelia, amhail d'inseas roimhe so, agus táine sí isteach mar a raibh a hathair, .i. Polonius, ag tabhairt ordú don ghobhairnéir timpeall leasú agus foghlama a mhic, .i. Laertes, agus do bhí sceon mór agus eagla i súile na ríogaine. "A! a thiarna", ar sí, "ar mbeith dhom ag déanamh mo oibre im chlosaeid do tháinig an prionsa, Hamlet, isteach gan chnaipe dúnta 'na veist, gan hata gan ghártaeir, lena stocaí síos ar a shála agus a ghlúine ar critheán ag bualadh i gcoinne a chéile, agus a aghaidh comh bán lena léine; do bhí sé i bhfad dom ghéaramharc amhail is do bheadh chum mo phictiúir do tharraint; do chroith sé mo lámh, do chroith a cheann, agus do tharraing roinnt liacha troma, lánghéara, agus d'imigh ar sin amhail duine dall ag meabhrú na slí". Ní raibh a fhios ag an iarla, Polonius, go bhfeacaidh an
, Hamlet, an gósta, agus go mb'fhéidir é a bheith mearathalach tríd, ach do thuig sé gur le róghrá do Ophelia do bhí sé ar mearadh, agus d'fhág sé an scéal mar sin. Do bhí an rí agus an bhanríon tréimhse agus tamall fada ag iomrá agus ag trácht ar an bprionsa a bheith ar buile, agus tángadar teachta ó Fhionnlochla
nn gus an gcúirt, agus do chualadar an mhórchinniúint sin. Adúirt an sean-ghliograchán, Polonius, na raibh a cheann níos éadroma ná ceann an phrionsa, leis an rí go dtabharfadh sé féin aire don duine thrioblóideach sin. "Is é mo dhiúité é", ar sé, "comh ceart is tá an lá 'na lá, agus an oíche 'na oíche; ar an abhar sin, ós le bheith athghearr do chítear anam na céille agus gurb é a bheith síor-chainteach a colann, beidh mé forlíonta insa scéal; atá do mhac uasal ar buile; glaoim buile air, óir cad é an ní buile ach a bheith ar buile; go fírinneach, a bhanríon uasal, atá sé ar buile; is mór an trua sin, is mór an trua gur scéal fíor; is é tá le déanamh anois fáth na cúise d'fháil amach; anois ag so an chúis: atá iníon agamsa". Ar son do thóg sé na litreacha do chuir Hamlet chum Ophelia. Ar mbeith don rí agus don bhanríon agus don chúirt uile ag trácht ar an gcoinníoll leanna duibh cumhach 'na raibh an prionsa, do tháine sé eatarthu ar mí-ordú mhór, ionas go mba deimhneach
iad go raibh sé ar buile. Ach do thaispeánadh sé ar uairibh anam agus sprid gonta, ródhaingean, cé ba lán de eagna agus de chéill a bhriathra. Ansin adúirt an seaniarla leis go dtáine cuideachta comédians chum pléisiúir dóibh an lá sin agus fanúin go bhfeicfeadh agus go gcluinfeadh sé ag seinm iad, óir do bhí ordú aige ón rí gach pléisiúr d'fhéadfadh do chur air. Agus do rin sé amhlaidh, agus tug sé a mheas agus a thuairim orthu le céill agus le réasún maith. Ar mbeith dhó 'na aonar 'na dhiaidh san do dheimhnigh sé ná raibh ar buile comh mór is do dhealráonn sé a bheith. "Cad é", ar sé, "do ghoil fear cleas agus ealaíon mar gheall ar Hecuba?; cad é sin dó san Hecuba?; cad a dhéanfadh sé dá dtugadh a uncail agus a mháthair nimh dá athair, mar a thug Claudius agus Gertrude dom athairse? A! a nimheoir mhallaithe, a adhaltranaí, a mhealltóir dhrúisiúil, a mharfóir, a chladhaire gan náire; agus créad mar asal mise, agus nach breá an meon do mhac rí bheith ag eascaine mar a bheadh striapach, nó badhbh, nó bean bhocht déirce, nó slabaire cailín cistean, agus go bhfuil na flaithis agus ifreann ag iarraidh orm díoltas a dhéanamh i mbás m'athar". Is ansin a cheap sé slí dhó féin chum deimhin d'fháil an í a mháthair agus a uncail do thug nimh dá athair, "óir b'fhéidir", ar sé, "gur mheall an gósta mé, nó gurb é an diabhal do bhí ann am chur chum mearathail, agus ní foláir an scéal do ghlanadh suas". Adúirt sé ansin le lucht an tseó dá phictiúir a dhéanamh, agus ag déanamh a gcuid cleas, ceann de na pictiúirí a bheith 'na chodladh agus an ceann eile ag dortadh nimhe 'na chluais, "agus atá sé deimh
itheach", ar sé, "más é an rí, Claudius, atá ciontach gurb urasa a aithne ar a ghnúis, óir iompóidh sé bán agus claochlóidh a chruth, agus beidh Hamlet lándeimhneach den choir chum í a dhíoghailt". Is amhlaidh sin do bhí. Do tháine na comédians agus do rinneadar an cleas sin os comhair an rí agus na banríona agus na cúirte uile. Do thuig an rí agus an bhanríon go raibh an cleas sin drochmhúinte, agus gurb é Hamlet fá ndeara dhóibh é a dhéanamh, agus ná raibh sé ar buile comh mór is do ligeadh sé air a bheith. Agus do chritheadar le heagla faisnéise a dhéanamh ar an ngníomh, agus cad ba mhaith dóibh a dhéanamh chum iad féin a choimeád gan amhras do bheith orthu, agus is é ní a smaoin an rí, Hamlet do chur go Sacsana i ndóigh a leighiste. Agus scríobh leis go nuig a charaid dhíleas .i. rí Sacsan, dá iarraidh mar chomhartha
cumainn air an traibhléir óg do chrochadh comh hachomair is a ghéabhadh sé an litir sin. Ach cheana, ba mhaith leis an mbanríon ceistibh do chur ar Hamlet sul d'imeodh sé, ar eag
é a dhéanamh aon díobhála sula n-imeodh sé. Agus do chuaigh an sean-Chamberlain, Polonius, i bhfolach ar scáth cúisín san tseomra chum a bheith i bhfogas don bhanríon dá mbeadh aon díth dá dhéanamh di. Do ghluais an prionsa a bhí ar buile (nó do lig sé air a bheith amhlaidh) ag dul do agallamh a mháthar, Gertrude, agus insa tslí dhó do chonairc sé an rí, Claudius, i gcúinne fá leith ar a ghlúine, ag rá paidre nach fiú dhom a scríobh anso, óir do ghlac scrupall é agus do bhí eagla a dhamanta air 'chionn nimh a thabhairt dá dheartháir, agus a bhaintreach do phósadh, agus a choróin do ghabháil air féin gan cheart. Ar a fheicsint do Hamlet do mheas sé an chaoi sin do ghlacadh ar a mharú, ach do smaoin sé go raibh an rí i staid ghrástúil, ó bhí sé ag cur urnaithe chum Dé, agus do thug sé aire gan é a mharú insa staid sin. "Ba mhór an t-amadán mé", ar sé, "dá gcuirfinn ar aghaidh go flaitheas Dé é, agus gur chuir seisean mo athairse go Purgadóir; ar sin fanadh mo chlaíomh le ham eile chum a sháite ann, ionas go mbeidh sé ag ciceáil i gcoinne na bhflaitheas agus
anam damanta agus comh dubh leis an ifreann ina rachaidh sé". Is ansin a tháine sé ag comhrá lena mháthair agus, ar son a chuid buile, do líon sé í le hualach de achasánaibh gonta, searbha ar son a coire, ionas gur ghoin sé an cochall 'na croí. Do thuig an sean-iarla, Polonius, go rachadh sé rófhada, agus do ghlaoigh ar chabhair go ródhiafrach. Do thuig Hamlet gurb é an rí a chuaigh i bhfolach laistiar den chúisín. Do tharrang a chlaíomh agus do rith chum na francaí, agus do mhairbh an fear maith, Polonius. "A! a mhic, créad a mheastar leat a dhéanamh?", do rá an bhanríon. "A mháthair", do rá Hamlet, "is é an rí do mharaíos". "Is olc an gníomh rí do mharú", ar sí. "A mháthair mhaith", do rá Hamlet, "is beag ná fuil sé comh holc le rí do mharú agus luí lena dheartháir". Agus ar sin d'imigh sé amach agus do shatail ar chorp an tsean-iarla san tslí dhó. Arna chlos do Ophelia go raibh a hathair marbh do éimh sí go diafrach agus do ghread a glacaibh um a chéile, agus do chuir lán a dóide de thuí um a ceann, agus do chaith í féin san abhainn a bhí 'na haice gur bádh í. Is ansin do tógadh corp Ophelia as an abhainn agus do hullmhaíodh gléas chum a sochraide agus chum a hadhlaicthe.
Insan am chéanna do chuir an rí Hamlet ar bord árthaigh dá chur go Sacsaibh, agus ina phasáiste dhó do smaoin sé gur chum feall a dhéanamh air do bháthas dá chur go Londain, agus do chuardaigh sé póca an chompánaigh ba dhíleasaí do cuireadh leis mar chuideachtain, agus do fuair sé litreacha an rí, Claudius, chum a dhuine muinteartha, .i. rí Sacsan, ann, agus séala mór an rí orthu. Agus ar oscladh na litreach dhó do fuair sé ordú géar, lándhearfa chum an rí Sacsanach, le hainm agus marc an rí, Claudius, chum na buíne do-bhéarfadh an litir dhó do chur chum báis gan fuireach. Do thit sé amach de chionn foirtiúin go raibh séala mór a athar 'na sparán aige, agus do chaith sé an litir san muir agus do scríobh ceann eile insa bhfoirm chéanna le hordú na hiompróirí do chrochadh gan fuireach, agus do chas suas an litir sa phaicéad, agus do chuir séala mór an náisiúin orthu uile, agus do fuair leithscéal chum filleadh tar ais gus an gcúirt arís. Is é céad ní do theagmhaigh leis, .i. dís fhear ag
uaimhe
do Ophelia, agus ba lucht grinn iad, go rabhadar ag díospóireacht ar chóir Ophelia do adhlacan i dtalamh choiscrithe, ós í féin do bhá do rin sí, agus adúradar ansin gur chóir adhlacan Críostúil a thabhairt di, ó ba bhean uasal do bhí i ra
ngc ghlan í. Ansin adúradar ná raibh aon drong eile ar talamh comh huasal d'réir sinsearachta le sclábhaithe, óir go bhfuilid siad den cheird chéanna do bhí aige Adam. "Ar dhuine uasal Adam?", do rá fear díobh. "Gan dabht", do rá an dara fear, "óir is é an chéad fhear riamh do ghlac arm é". "An gcaitheadh Adam arm?", do rá an
fhear. "Do-ghníodh go deimhin", ar an dara fear, "óir conas a shaothródh sé an talamh gan ramhainne agus piocóidí?; ar an abhar sin ba dhuine uasal é". Is san am sin a tháine an prionsa, Hamlet, agus duine muinteartha len' ais, agus gabhaid ag machnamh agus ag féachain ar na plaosca a bhí á gcaitheamh suas as an uaimh. Agus do mheas Hamlet gur shamhlaigh sé ceann fir stáit do bhí ábalta ar éagóir a dhéanamh ar Dhia, ansin ceann cúirtéara, ansin ceann mná uaisle ón ríbhrog, agus dá ndéis sin do bhraith sé ceann coirpeora fir dlí. Agus do bhí ag tabhairt a theastais féin ar na cinn sin, fá dheoidh go bhfeaca sé ceann fir grinn agus cleas an rí, agus do rin sé amach ná raibh puinn difreach idir inchinn Caesar nó Alexander agus inchinn an fhir cleas sin. Is ansin do bhí an uaimh déanta, agus tug an sagart uisce coisricthe leis, dá chrothadh inti. Agus tugadh corp Ophelia dá chur inti,
agus do bhí an rí agus an bhanríon ar measc na sochraide, ag leanúint an eileatraim, agus Laertes i gculaith umha le hais coirp a dheirféarach, agus ar ligean an choirp chum talún, le rómhéid a chumha do léim Laertes síos san bhfeart. Do smaoin Hamlet go raibh sé féin i ngreann le Ophelia, agus do léim san bhfeart mar an gcéanna. Do ghlac Laertes racht feirge ar bhfeicsin
an Chamberlain, Polonius, in aon uaimh leis, agus do scinn in' éadan, agus do rinneadar iomrascáil chruaidh, iorghalach atha fada san uaimh, gur thug an rí fá ndeara dá mhuintear iad a theasragan, mar chreidiúint don tsochraid. Insan am chéanna, mar ba mhór an politician an rí, do thuig sé go raibh sé róghátrarach críoch do chur ar laethaibh dhuine buile dhá shamhailt sin, agus ó nár crochadh i Londain é gur chóir deireadh a chur ar a shaol i Lochlannaibh. Agus is é ní do smaoin an rí corr-bheartúil sin, mar do bhí sé i dtaithí nimhe do thabhairt: "an gcluin tú?", ar sé le Laertes, "do mhairbh an prionsa, Hamlet, t'athair, .i. mo Chamberlain mór so, agus ionas go dtiocfadh sé id shlí an ní sin do dhíoghailt, cuirfead réad beag gaisce id láthair, .i. cuirfead geall leat, in dá phas déag, ná buailfir Hamlet trí huaire; agus ní foláir dhuit dul leis os comhair lucht na cúirte uile; beidh do ráipéar géarphointeach arna thumadh liomsa i nimh atá neartmhar lánaibidh, agus más ní é ná tiocfaidh leat an prionsa do bhualadh, beidh buidéal fíona cumaiscithe le nimh agamsa ar an mbord, óir is gnáth le lucht troda deoch d'ól, agus ólfaidh Hamlet deoch, ionas go gcaillfidh sé an t-anam ar cheachtar den dá shlí sin". Adúirt Laertes gur mhaith an smaoineamh sin chum pléisiúir agus díoltais. Is ansin tug Laertes challenge uaidh agus gabhas Hamlet le hais í, agus do cuireadh buidéalaibh fíona ar an mbord le haghaidh na ngaiscíoch, agus tagaid an dís do láthair le ráipéaraibh nochtaithe 'na ndeaslámha deathapa, i láthair an rí, Claudius, agus na banríona, Gertrude, agus na gcúirtéirí uile, gur ionsaigh an dís dea-laoch a chéile go díoscair, dána, dea-thapa, agus san imirt dóibh do ghoin Laertes an prionsa leis an gclaíomh nimhe. Ar bhfáil an ghoin do Hamlet adúirt go hós ard, "feall! feall!", agus le cóch buile do tharraing an ráipéar as láimh Laertes agus sáigheas tréna chroí é, agus den dara feacht tré chroí an rí. Glacas an bhanríon eagla agus sceon mór dá haithle sin agus ritheas ag ól dí, i ndóigh a coráiste do chasadh arís, agus ibheas den bhuidéal nimhe, ionas gur thiteadar an ceathrar ar an láthair sin.
Is é sin am agus tráth táine scéala ón ndís do chuaigh go Sacsana leis na litreacha ar a raibh séala mór-ríochta na Lochlannaí, óir ní túisce do léigh Rí Sacsan iad ná do chroch sé an dís teachta do chuaigh leo, ionas nár fhan fear ná bean beo den treibh ríthiúil sin, ach gur tháine bráthair den rí darbh ainm Fortinbras, do bhí tar éis Poland do chur fá ghoin gaoi agus claímh roimhe sin, agus do ghaibh sé ríocht Lochlann, gurab é sin deireadh mo scéil. Anois a léitheoir, atá deireadh lem ghnó agus mo theasc críochnaithe, agus ó rin mé mo dhícheall agus gur scríobh mé ó am go ham gach ní mar a smaoinínn, atá súil agam nach díomuíochas mo dhualgas i ndeireadh mo chúrsa. Ní héagosúil mo scéal anois re mar a bhí Cú Chulainn ar Mhaigh Mhuirtheimhne, arna theilgean do Lugh
mac Chon Raoi do shleagh na ndeas, go raibh ag tréigean iomad fola as a chréacht dá haithle, agus táine an dobharchú dá hól, gur chaith Cú Chulainn an ga a bhí ina láimh leis an gcoin agus gur mhairbh ar an láthair sin í. "Beir bua agus beannacht, a Chuagáin" do rá Laogh mac Rianghabhra, .i. a ghiolla; "is buach an t-urchar sin do chaithis, agus titfidh mórán d'fhearaibh Éireann leat feasta". "Och! is trua sin" do rá Cú Chulainn, "ní thitfidh duine ná ainmhí liomsa dá héis siúd, óir ba chú mo chéad éacht, agus do tairngireadh dom gur cú mo éacht déanach". Mar an gcéanna, ba é an leabhar dár scríobhas an macleabhar so as mo chéad scríbhinn as mo riocht féin, agus is dóigh gurb é so mo leabhar déanach, óir atá mo radharc ag tréigean go nach léir dom scríobh i gceart, agus mé mearathalach, gnáthbhreoite, go dtuigim féin gurb amhlaidh táim im dhuine marbh ar measc na mbeo, agus im dhuine bheo ar measc na marbh, agus bé beo nó marbh mé atá tnúth agam le guí mo léitheoirí. Dáibhí. An Críochnú Adéarfaidh daoine, is ba bheag acu a rá, gur forbhirt éigin do rin na mná ar Dháth, muna mbeadh mar is ea ná grafadh an oiread so bréithre, ar chlaonta a ngníomhartha, ar a n-olc is ar a dtréithe. Adeirim libh, is canaim díbh gan ghó, ná rinneadar olc ar bith im dháil, dar ndóigh,
ach an tan shuigh mé síos, gan suim i ngníomhartha an tsaoil, ar mhná smaoin mo chroí is thugas aghaidh mo bhéil. Dá bhrí sin níor chóir dóibh a bheith liom i bhfuath, óir ní le droch-chroí ghrafas orthu aon stua, níor labhair mo theanga focal a' trácht ar a gcuid míghníomh, ach m'inchinn rin é cheapadh, is mo lámh do rin é scríobh. Dá éamais sin níor thráchtas orthu uile, ach an méid bhí olc, do thugas thórsa an tuile, féachaidís féin do gach leataoibh thórsa, bé bean díobh na n-oireann an caipín tógadh. Dá mbeadh mo lámhsa a' scríobh, is go scaoilfí an glas dem béal, trian gníomhartha drochmhná ní chuirfinn síos lem shaol, ach ó nár tharcaisníos aon ainnir chneasta, mhúinte, atá mo shúil ná beid i bhfearg liom ar son a ndúrtsa. Níl ach leigheas dóibh i ngach ní do scríobhas, óir féadfaid na hoilc do sheachnadh chuireas síos, dá bhrí sin aitim a mbeannacht liom im ród, is beannacht gach n-aon do léas an leabharsa im dheoidh. Guíodh mo chomhbhuíon ar mo shon chum Dé ghil, mé chur ar mo leas go ceart ar son mo shaothair, óir b'fhada an beartú do gharsún gan puinn d'fhoghlaim, é scríobh roimh aifreann, is tar éis, gach Domhnach. Ach chum ná beinn gan cheilt i bhfad a' plé libh, tugaidh dom anois mo dhea-luacht saothair, is bé maith nó olc do-ghéabhad uaibh bhur nguí, dúbailt na comaoine céanna bheirim díbh. Ó chaitheas mo réim shaoil gan suim i nDia, ach spairn is clébhréithre is gníomhartha an diabhail, aitim an té shaor len' fhuil dhaoir an chliar, go maithidh mo chlaonthréithe ar chaoilchuid pian.
Anois, a léitheoir, ó fhéachais trém leabhar agus go bhfeaca tú roinnt dem shaothar baoise, atá súil agam nach tú an t-aon do phréamhaigh ó threibh chinnte na bhfíorlochtóirí noch leagas agus tharcaisníos gus an nuimhir is lú gach uile obair gan chúis ar bith, ach chum leata ar chreidiúint a bpraseolais féin. Ach is urasa don stíobhard ordú a dhéanamh agus gach locht d'fheicsin sa ghnó, ó ná bíonn a lámh féin ar an sás ná a cheann fé san obair; agus dá mbeadh, b'fhéidir, d'ainneoin a eolais, gurbh fhearr de oibrí an lochtaí ná an lochtathóir. Gidh ea ná tuigse gur chugat féin do chaitheas an iarracht so. Ní hea go dearbh, ach atáim dá rá riot má tá aon ní bunoscionn ann mo leithscéal do ghabháil, óir is fiosach tú féin gur iomdha duine do ghrafadh as roimhscríbhinn go maith ná féadfadh aon duilleog amháin do ghrafadh as féin, agus ó b'é an leabhar so mo chéad rás, má ritheas bunoscionn féin dob fhéidir mé a mhúineadh. Agus ó nach uiris obair is lú ná so
do dhéanamh gan precedent, nó fós féachaint 'na dhiaidh chum miúndála, is deacair domhsa ná fuair de aga chum é seo do dhéanamh ach ar maidin, agus tar éis aifrinn gach Domhnach, é a chur sa bhfoirm míscéimheach so féin, agus dá mbeadh uain ná aimsir agam chum féachaint ar an ngnó do rinneas, ionas go bhfeicfinn gach locht, do ba fhéidir dom é a thabhairt chum compáis, i gcás gurbh fhearr do thaitneodh sé leat ná mar so. Agus ó nach féadfainn, tré dheacracha an tsaoil, aon tamall den lá oibre do chaitheamh leis, agus go mbím tuirseach gach Domhnach, mo lámh ag imirt orm, an codladh am buaireamh, agus an píobaire am dhúiseacht, agus mo chomhaos óg ag glaoch orm chum gluaiseacht go nuig an súgradh, atá mo aigne buartha agus mo intinn mearathalach, ar chor nach féidir liom mo leithscéal do ghabháil leat mar ba cheart dom, ach atá mo mhuinín as mo léitheoir go nglacfaidh óm láimh é le hintinn agus le croí maith, óir is mé do sheirbhíseach díleas go bithbhuan, Dáibhí de Barra.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services