Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Mil na hÉigse
Title
Mil na hÉigse
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1760
Publisher
(B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin Teor, 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A AINNIR MHIOCHAIR BHLÁITH Mícheál Coimín cct. chun Harriet Stacaból A ainnir mhiochair bhláith n-a dtug mo chroidhe dhuit grádh, Is grádh é gan bhaois gan bhréagadh, Grádh gan tnúth le tréad, grádh gan súil le séad Is grádh é gan smúit gan éilneadh; Grádh ó thúis go fás, is grádh ó aois go bás, Is grádh é raghaidh go dlúth i gcré liom; A chumann dhil mo láir, ná diúltuigh-se mo pháirt Is gur b'annamh é le fagháil ag aon bhean. Aon bhean níl le fagháil ag a mbeadh rún nó fios mo cháis Acht an fhaoileann ó's í do bhreóidh me; Mo leigheas-sa níl le fagháil, mo leigheas i luibh ná ag leagha, Mo leigheas-sa níl acht ag bláth na hóige; Ní aithneochainn lon tar chuach, ní aithneochainn teas tar fhuacht, 'S ní aithneochainn-se m'fhuath óm chomhaltaibh, Ní aithneochainn an oidhche ón lá acht d'aithneóch mo chroidhe mo ghrádh Dá dtagadh sí le páirt dom fhóirthin.
Fóir, a chumann cléibh, tabhair póg ót mhilisbhéal, Is tóg-se chugat féin ón mbás me, Ná hórduigh leaba chaol i gcomhrainn chluthair déil I gcomhgar an daeil agus a cháirde; Ní beó mo bheó tar t'éis, ní glór mo ghlór acht gaoth Níl snódh orm, ná saoghal ná sláinte, Acht go deórach brónach faon, gan ceol, gan spórt, gan réim Le mór-bhroid i bpéin 's me i ngrádh leat. Grádh do thugas féin, is grádh do chuir me i bpéin - Grádh é gan choir gan chlaon gan cháirde Don bháib is mílse méinn 's is breaghtha cruth is scéimh Tar mhnáibh na cruinne an bhéith is áilne; Mo chumha, mo dhíth, mo léan gan mé is an fhaoileann tséimh In Árainn thoir i gcéin ó ár gcáirdibh, Ba ghrádhmhar cluthair séimh le páirt do dhruidfinn léi, Fí bharr na duille craobh go lá geal. Is geal a píob 's a brághaid, 's is geal a clí gan cháim, 'S is geal a croidhe gan tlás gan amhgar, Is deas a braoithe breagha 's a mala chaoil gan cháim 'S a leacain ghrinn atá mar bhláth an tsamhraidh,
Amharc a righin-rosc réidh chuir dortadh saighead im thaobh 'S do shlad mo chroidhe go bráth le greann di - An bhean is mílse cáil, an bhean gan roinnt mo ghrádh, An bhean do leigheasfadh fáth mo channtlaimh.
8 - Oidhche na Gaoithe Móire Ar Oidhche Cinn an Dá lá Dhéag beidh cuimhne grinn go héag Óir is iomdha duine d'éaga' i mbailte i muir 's i dtír; Oidhche ghaoithe móire, oidhche shlaid is dóighte Oidhche coillte is crainn do stróiceadh agus obair dhaingean shaoir. Oidhche uailleach scréacach fhuaimneach stoirmeach ghaothach, Is duine dall nach léighfeadh cumhachta an Áirdrí thuas; An domhan uile ag géimneadh, an mhuir mar gheilt 's í ag léimnigh, Eallach, dúile is créatúir in eagla is i nguais.
An talamh ar crith le buaidhreadh, peacaigh ag caoidh is ag ualfairt Ar feadh an bheagán uaire do shínseáil Dia a ghnúis; Tug ordughadh annsin don ghaoth úd séideadh láidir léithi, Clocha is crainn do réabadh agus tighthe thabhairt anuas. Ní túisce dubhairt na briathra 'ná chughainn ar ball aniar í, Cubharach, fíochmhar, fiatamhail, ag briseadh in aghaidh na trágha; An mhuir go feargach traothach ag coipeáil leis na réalta Tar éis na mílte céad insan dubhaigéan do bháthadh. 'S do báthadh ar fad an saoghal so mar bháidh fadó an díleann, Éanlaith ainmhidhthe is daoine acht Nóah fuairtheas fíor Mura mbeadh gur cheap an tÁirdrí teórainn ins gach tráth dhí Nach dtrasnóch' sí go bás nó go gcaithfeadh fanacht síor. Acht thóg sí suas an sáile 's ag coipeadh dhi go láidir, Dfhearthainn, is ní mar ghnáth, nach bhfeacthas fós ariamh - Tuilteach ceathach tréanmhar, salann-bhraonach, géarmhar Ag sailiughadh bánta is féartha agus fraoch glas ar shliabh.
Is duine dall gan léargas nó amadán gan éirim Nach gcorroghadh an oidhche léin sin a chroidhe istigh 'na chliabh, Nó nach smaoineóch'ar an lá úd chuirfeas críochnughadh ar gach náisiún Crith-eagla ar gach nádúir is an breitheamhnas ag triall. Cuimhnighidh sibh-se, a dhaoine, go dtiocfa lá na críche Chuirfeas deire leis an saoghal so is gan fios againn cé an spás, Acht do réir mar deir an scríbhinn go dtiocfa nuair nach sílfear Mar an gadaidhe insan oidhche nó an gruagach slada, an bás. Glacaidh sibh-se comhairle in aois bhur neirt 's bhur n-óige, Bhur gcunntas bheith i gcóir agaibh, 's an aithrighe dhéanadh in am Nó tiocfa lá bheas brónach nach mbeidh áird ar bith 'nbhur nglórthaibh Dá leaghadh sibh le deóraibh na súile istigh 'nbhur gceann. Tá sé againn scríobhtha de bharr na n-eólach naomhtha 'S ó bhéal an Spirid Naoimh tabhartha síos i dteampall Dé, Barr os cionn na mílte go mbeidh trioblóid mhór i dtíorthaibh Cogaidhe idir ríghthibh, gorta, plágha agus éag.
Acht níl ionnta ar fad acht súgradh i bhfarra gaoithe móire is túrnaimh An talamh ar crith le scannradh is an teine ar fad dá chrádh; Siné críoch gach sciúrsa, siné críoch ár gcúrsa Siné críoch gach cunntais is gan fios againn cé'n lá. Bígidh ar bhur ngárda níos grinne feasta, a cháirde, Mar champa ar na hárdaibh in aimsir cogadh a thriall A bhíos réidh ar an dtáirnge le troid in aghaidh a námhad, A gcuid arm ina lámhaibh is gan duine ag fanacht siar. Screadaigí ar Mháire dfhonn impidhe ar Rí na ngrása Bhur seachaint is bhur sábháil ó ghéar-bhroid an tsluaigh, Diabhla is craosach líonmhar do claoidheadh leis an mnaoi sin Agus le n-a hAonmhac Íosa do rug ar ifreann buadh. Má thóigeann sise lámh libh sin treise libh an lá san, Buailfe sibh bhur námhaid le congnadh bhur gcara chaoimh, Óir ní thiocfa choidhche 's ní tháinig cara chaoin níos fearr daoibh 'Ná bainríoghain gheal na ngrása na n-aingeal is na naomh.
Tá, a dhaoine, an dán so scríobhtha síos i rannaibh daoibh-se Chomh maith agus do b'éidir le ciall a chur i bhfuaim, Óir tiocfa fós an aimsir nach mbeidh fhios cé dubhairt an chaint seo Ná cé'n tír ná an teampall 'na gcodlóigh' sé go suan. Míle is ocht de chéadaibh, naoi agus trí de dhéagaibh Siné dáta an téarma go nuige an lá den mhí Ó rugadh Críost ó Mháire i mBethleham sa stábla Gur éirigh an ghaoth anáirde ag leath-uair tar éis a trí.
9. - Mo Shlán leat, a Mhuirisc Mo shlán leat, a Mhuirisc bhreagh shéimhidh shuairc 'S do na sléibhtibh breagh deasa bhídh a ndeas is a dtuaidh; Ba bhinne liom guth crotaigh ag siubhal ar an dtráigh 'Ná ceólta na cruinne an taobh so den Chlár. Do gheall mé gan amhras umhlacht don chléir Is mo thoil féin do shéanadh ar a dtoil-sean go léir; Isé sin dfhág mise insa tír seo go buan, Nó ní thréigfinn-se Muirisc ná aoibhneas na gcuan.
Má mhairim-se féin go ngoirfidh an chuach Rachad go Muirisc is déanfad ann cuairt; Níl na daoine annso mar chleacht mise saoitheamhail ná suairc Acht mar íomháigh de dhair coille a ceapfaí le tuaigh. Freagra air sin, ag Seán Ó Modhráin, gabha: Bíonn fraoch cruaidh casta thiar ar an gCruaich, Bíonn sioc uirthi, fearthainn, gaoith, sneachta agus fuacht; Ní faochain chleachtamaoid-ne ná báirnigh go buan Acht arán geal cruithneachta, is níl sugh eornan uainn. Mura mbéinn-se ag géilleadh do Rí gheal na ndúl 'S don chléire ró-bheannuighthe ag ar fhág sé gach cumhacht Ní léigfinn leat masladh na tíre chun siubhail Ná le haon neach dá maireann, a Athair Uilliam de Búrc.
11 - An gCualabhair sceólta leóghain an deagh-chroidhe? An gcualabhair sceólta leóghain an deagh chroidhe Tug cuaird tar bóchna ar bórd le fastaoim Is gan 'na chomhair chun gleó acht lag-bhuidhean Cé chuir sé slóighte Sheóirse i gcreathaíbh. A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín!
Rinnce nódh mhúin dóibh tré shneachtaíbh Ó Albain mhóir go teóra Charlísle Wade is Cope cé mór do meastaoi Le síol na leógan gcródha smachtuigheadh. A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín! An bhuidhean do chomhnuigh go nód 'na chathaoir Síol Hanóbhar is Sheóirse an chaipín A Mhanifestó ar an mbórd ní ghlacfaoi Cé bhí a gcór ag fógairt cnaipí. A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín! Ní harmáil mhór ná teóra ballaí Do choimirc mo stór-sa ar an gcóip gan charghaos Acht fearta na gcomhacht dá sheóladh i leath-taoibh 'S an Bhanaltra chóir bheir lón don Phaidrín. A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín! Is geallaim díbh fós, a shlóighte an deagh-chroidhe Do ghlacann go cóir an lón ón gcailís Go bhfuil aca i bhFlóndras mórdhacht cathaidhe Do cheapfaidh a ghnó fá'n bhfoghmhar dom ghaiscidheach. A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe Is fá n-á dheóin och! ólam cainnín!
Tá dalta Bhriain Bóirmhe ó bhórd an Phairtín Is cara na leógan gcródha ón nglan-Laoi Fuair gairm nár bhfólta, fós dé Anbhílle Ag teagasc mo stóir-se i gcomhair na scathaí. A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín! Mac Eachaidh 's a shlóighte mórdha ag teacht síos Fara na comharda fós ón bhfear mbuidhe Is cara don leogan óg so ó Mhadraoid Do chasfas mo stór-sa fós 'na chathaoir. A shláinte dh'ól ba chóir le deagh-chroidhe Críoch mo sceóil i mbeoir 's i ngealfíon!
12 - Is cráidhte an scéal so léightear dúinn. Nuair socruigheadh ar Chonnradh Aix-la-Chapelle, a.d. 1748. Is cráidhte an scéal so léightear dúinn Noch dfhúig sinn lán de bhrón Go ndearnadh réidhteach clé 'san chúis Ler túrnadh táinte i ngleó; Gan fagháil ar chéile ag Éirinn bhúidh Ná áireamh réx ar Shéamus fhionn 'S mo ghrádh gheal Séarlus tréith, dar liúm, M'úileacán dubh óg!
Tá ráib an Bhéarla réidh 'san chúis Le prionnsa Pháris mhóir 'S an stát ón Haolland tréan 'san chúirt Fuair brughadh agus cárnadh i ngleó; Tá an Spáinneach maol gan faobhar 'na lúib, 'S Don Carlos réx ó Naples chughainn, 'S ní cás liom é acht mo thréin-fhear dubhach, M'úileacán dubh óg. Tá Máire, an chael-bhean mhaordha ar siubhal Gan congnadh dfhagháil chun bróg, 'S gan dfhagháil de réim dá céile acht Diúic, 'S ní cumha liom fáth a ndeór; Tá stát Genébha saor gan smúit 'S an sáir-fhear séimh Modéna subhach, Mo lá is mo léan gan éinne dubhach Acht m'úileacán dubh óg. Is tú grádh go léir na cléire ar dtúis Mo riún 's mo ghrádh do chló, Is tú grádh na mbéithe mbéasach úd Le fonn do thrácht id dheóidh; Is tú grádh ban Éireann d'éag le cumha Is gráine id éagmuis déantar liúm, Is grádh Mhilesius fhaobhraigh thú A úileacán dubh óg. Beidh ráidhte scéal gach féile ar siubhal 'S do bfhiú liom trácht 'na gcomhair, 'S dá bhfághainn-se cae bheag téacht 'na gcúl Ó shúilibh námhad sa ghleó; Tá an báire ar thaobh lucht pléasctha mionn Is páis dá réabadh ar mhéith-mhart úr, 'S mo pháiste féin go tréith ar gcúl 'Sé m'úileacán dubh óg.
Atá gach séice thréig na húird 'S do dhiúlt don Phápa nódh Dá rádh le chéil'gur tréigeadh thú 'S nach fiú leó trácht id ghleó; Mo lá gan éacht is bréagach súd - Beidh lá ag an bpaorach d'éis gach pudhair N-a bhfághthar traochta a ndaor-chuirp súd Ag m'úileacán dhubh óg! Óráid Cheangail: A Mhária ghléigeal chaol gan smúit, Cuir liúm gach tráth det dheóin; A Mháter Iésú, glaodhaim le fonn Cuir congnadh grása im beól; A Áirdmhic Dé tug Maeis 's a dhrong Ó Pháró saor gan baoghal sa tsiubhal, Mo Pháter léighim 's mo Chréidh tré rún 'S tabhair lonnradh lánmhar dóibh.
13 - Is fada fé chiach me gan riar ar dhántaibh. Is fada fé chiach me gan riar ar dhántaibh Ag síor-chaoi im intinn fáth mo bhróin In Alba ó rianadh fiar-chath námhad 'S mo shíogaidhe groidhe dá chárnadh i ngleó; Do cheangail go dian an liach so im lár-sa Gur aiseag mo chiall im chliabh le ráithe An báire curtha ar ghárda an uilc is fíor-ghníomh áthais Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg! Barra gach gliadh in iaithibh tá againn Is fíor-chloidheamh Laoisigh láidir mhóir Tug Braddock 'na chriaidh le bliadhain 's a ghárda, 'S is díobhaidhe 'on bhuidhean do thrácht 'na gcomhair;
An machaire stiallta ag fiann den áitreabh Go ngearraid a gciabha le scianaibh bearrtha Bheir gártha guil ag mnáibh go tiugh 's is caolbhinn áiteas An Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Tá Gallisioniere 'na chliath ar lán-mhuir - Mo shíogaidhe taoisigh tábhachtach beó Is Mac Con Mara 'na sciath de thriathaibh Dhál gCais 'S ní díth linn Byng mar atá fá bhrón; An chathair gur rianadh 's a cliabh gur bearnadh Gur smachtadh go dian an gliadhaire Blácaigh Is fearrde me go bráth anois 's is fíor-chaoin fáilteach Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Tá ceangailte ar shrian 's i riaghail chirt Máire An chaoin-mhín ríoghain gan cháim 'na cló Do tharraing 'na diaidh aniar an Spáinneach i bhfíor-chuing dlighe gan trághadh go deó Don Carolus ciallmhar, triath Iodáile, Mar Aicil 'na rian ag triall 's a ghárda Le fáscadh cloidhmhte is dásacht buile stríocfaidhear bearna Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Tá bagairt le cian ar Thighearna an Chláir ghil Do thigheacht fí'n tír le táintibh slógh, Ag trascairt na bpiast fuair biathadh ár n-áitreabh 'S is cuibhe trí dhíograis a shláinte d'ól;
Mo lagar ná fiadaim triall 'na dháil sin Mo bhaitheas cé liath agus fiaradh im chnámhaibh Do ghearrfainn tuirc mar chárnadh guirt le faoibhar nimhe mo shnáthaid Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg. Aitchim-se Dia go dian 's a Mháthair Go soillsighidh an bhuidhean atá san ród, Go bhfaiceam gach bliadhain ag triall a ghrása Cé síorraidhe sinn i gcáim gach ló; Paidir is Criadh le mian is Ábhe Ár mbearta cé fiar scrios iad le fána 'S ar ghráscar uilc gach bearna scuir dom shíogaidhe ghrádhmhar - Mo Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg!
14 - NÍL FILE 'SA TÍR NÁ SIOLLAIRE GRINN Níl file 'sa tír ná siollaire grinn, Ná Pilib 's a phíb 's a mhálaí Ná cuirfeadh a suim sa bhruinneal so mhaoidhim Dá ngoireathar Babaití Dálaoi. Tá luisne 'na gnaoi agus deise 'na braoi, Tá féire 'na dlaoi-fholt fáinnidhe, Tá gile ina píb is cruinne ina righe - Mo scéal ar Bhabaití Dálaoi. Na céadta curadh go dtéighid i luige Le héigean cumainn don bháibín, 'S gur baoghal gur duine dhen tréad-san mise Ní ghéillfidh Babaití Dálaoi. Dá bhfeiceadh Mac Prím an inghean ró-mhín Fó dhruidim don flít tar sáilíbh, Go dteipfeadh dá choimheascar teine agus cloidhimh Le méinn do Bhabaití Dálaoi.
Sa Trae go scuirfeadh a réabadh dlighthe Do dhéanadh ar bhruinneal na mbán-chlí, 'S a tréithibh uile gur léir le feicsint I scéimh ghlain Bhabaití Dálaoi. 15 - MO CHAILÍN RUADH Táid éigse ceart na dúthaighe Go béasach beacht ag úr-mhaoidheamh An spéir-bhean mhaiseach bhúidh mhín Gur shlad sí an buadh; Gur céile cneasta i ndúthaíbh Mo phéarla phras do phrionnsaíbh, Gur séad glan seamach subhach í Mo Chailín Ruadh! Is craobhach cas a cúilín Mar chaora ag teacht 'na mbúclaíbh Go dréimreach deas ag tabhairt síos 'Na mbeartaíbh cruadha; Is caol a mala dlúth-chaoin, A claon-rosc reamhar drúcht-ghlinn Ba léir-ghlan lasmhar lonnraidhe Mo Chailín Ruadh! A béal ar bhlas an ubhaillín, A déad mar chailc 'na ndlúith-chír Do shéidfeadh bolath an túis tríot Gan teasaidheacht uaidh; An ghéis ar stad 'na ciúin-phíb, Is glé 's is geal a súil chaoin Is néata ó bhaitheas búnn í Mo Chailín Ruadh!
Isé mo mheas dá siubhluigheadh Cléir na gceacht is úird-bhinn Tréin-fhir taistil triúch líoghach Is dartaí sluagh, Éigse is flathaibh úr-chroidheach Is réxa rathmhar ciúin caoin Go ngéillfeadh seal dom plúirín - Dom Chailín Ruadh! 'Sí gaol na ndragan dtrúip-ghníomh Is tréin-fhir Chaisil fionn-dlaoi Is Gaedhal-shliocht Airt is Lughaidh í Is geal-ríogh Tuamhan; Is Gaedheal de chlannaibh Rúidhrí Don éigse leagadh búird ghroidhe, 'S an Léisigh, flaith ó Bhrúgh Ríogh Mo Chailín Ruadh! Mo léan, mo lagar, lionn-duibhe An scéal do neartuigh cumha thríom Mar léith an ghead so im chúil-fidh 'S me im shean-naoidhe thruagh; Mo dhéara dearc, mo phudhair chroidhe An t-aos do theacht do bhrúigh sinn Nó bhéarfainn preab dá hionnsaidhe - Mo Chailín Ruadh! Ó's céasta an chlais 'nar brúghadh sinn Go tréith gan neart gan lúith ghrinn An scéal gur scaip dem chúrsaíbh Le srathaidhe uaim; Acht léigim bean gan chlúid chuibhe Dá caomhnadh ar fad ó chúl cinn Do dhéanamh taisce is dlúith-dhín Dom Chailín Ruadh!
25 - Cois Leasa Dham go hUaigneach Cois leasa dham go huaigneach Ar uair na maidne im aonar, Le hais na Sionna i mbruach cnuic Ba shnuadh-ghlaise scáil Do dhearcas ainnir uaibhreach Ba shuaimhneach, ba shéanmhar, Go réaltannach aerach, Ag téarnamh im dháil; Bhí a dlaoi-fholt daithte feactha fíor Go cíortha casta crathach síos, Go slímeach snasta, srathach síor 'Na héadan gan chas gan chrín, Ag léir-chaitheamh gaethe I gcléithibh gach treóin!
Ba gheanamhail geal a héadan Gan éalaing acht óige, 'S a malaí gearra caol-deasa Ba chéir-shnoidhte cóir 'Na leacain leabhair, aolda Ba thréanmhar an rós-bhruith, 'S a beól tana beó-bhlasta Córach gan cháim; Do líon mé ar fad le rachtaibh cléibh Bhíodhgas mear mar ealtain éin, Do bhíos an seal im stad go léir Ag léir-dhearcadh a cló, Do shíleas gur sídh-bhean í Do shíolruigh tar lear i gcéin Nó an chaoin-bhean as croidhe an leasa Do bhí ag teacht im dháil. De bhrígh nár bhfeas gur léir dam Cia'n ghaoth chughainn do sheól í, Fionnaim dise cé an treabh Ór théarnaidh a pór, Nó an fíor gurab í an spéir-bhean Chuir an Trae thoir fá cheó-bhruit, Nó Déirdre trér léanadh Na tréin-fhir gan treóir. Nó an bhean do leónuigh Fianna Fhinn Nó an bhean ón mBinn do dhlíghidh ar Chonall Triall seal na deóidh; No Céarnait do b'áilne Nó Bláthnaid ba ghile gnaoi, Nó an ghrian-bhean do fhág Inis Fáilbhe faoi bhrón.
Do fhreagair domh-sa spéir-ainnir, Aodhbha na mall-rosc; Ní bean don aicme is léir duit Ar aon chor mé, a Sheóin; Acht bean le fada i bpéin me Gan chéile dom chumhdach, Óm dhlúith-chreimeadh ag búraibh Dom shúghadh agus dom dheól, Is me Éire shean ag teacht it líon, Le scéal gur gairid, geallaim díbh, Go dtéarnaidh maithe Chlanna Gaoidhal 'Om éileamh is 'om dháil, 'S an tréan-bhile is aoirde De phréimh-shliocht Chaisil chaoin Go léadmhar le laochradh Go léimfidh mo leómhan. Is aithind dom gur tú an bhean Fuair clú, raith is réimheas An fhaid do cheangail tú Le treibh Iughaine Mhóir; Do b' fhada leat do shiubhalta Tré dhúthracht le méirligh Do léir-chuir as réimheas Do laochradh is do leómhain. Is doilbh me det ghuth, ar sí, Gan cine Scuit im bun mar bhí, Acht tuig anois le fuinneamh fíor Go suidhfead 'na choróin - An Rí ceart, le míltibh Ina choimhdeacht, de Chlanna Gaoidhal; Agus líon gloine timcheall, Sin críoch ar mo sceól.
26 - A Éigse suairc na nArad-bheart. A éigse suairc na n-arad-bheart gléasuighidh suas go hathchomair Féachaidh uair na hathchuinghe mar d'éist Mac na hÓighe Le huaisle Gaedhal dá dtarraint chughainn go fuadrach féil le fairsinge Go cuantaibh ciumhaise Chairbre ag réidhteach ár mbróin;
Nach éachtach an scéal so in Éirinn na nÓrd Méirlig an éirlig bheith traochta, is a gcóip Le n-ar trascradh ár gcaraid uile 's ler marbhadh ár n-aithreacha 'S ler cailleadh fionna-fearachoin na laoch mear sa ghleo? Is calma 's is gasrach atá an Spáinneach sa tóir Go heachrach, go harmach, go lán-neartmhar fós Ag greadadh gacha fanatic As baile-phuirt na Banba Le lasair chuthaigh catha ag cur an áir i ngach ród. Atá Séarlus buacach barramhail is na céadta sluagh i bhfara leis Anois ag teacht go Banba is na Gaedhlaibh ina dheóidh Is Éire fuar le faltanas na méirleach mbuailteach malluighthe Is léir monuar do scaipeadh as a saor-mbailte spóirt. Is faobhrach gach fraoch-bhile i nglé dlighthe an chóip In Éirinn ár sinsear ag déanamh a ngleó Is tréad an fhill go heasmailteach gan réim gan raidhse in anabhroid In aol-bhrog Chéin is Alastruim go céasta gan gó; Is acfuinneach groidhe dragain, fuil de phréimh-scoth na ndámh I gceannas cnuic le feacadh nirt ag déanamh an áir Ar chlannaibh uilc na heascaine Tá ar lasadh luirc go damanta Gan fearantas gan fairsinge go léir-scriosta ar lár
Dá réir sin, a uaisle an tseanchais, déinidh luas le fearamhlacht Is éirighidh suas chun galla-phuic do thraochadh agus do bhreodh Is gléasuighidh teacht in armaibh le chéile ar thaobh gach machaire 'S bhur Séarlus séanmhar gaisceamhach le haon chath ar ló; Fionna-bhruig bhur námhad fágaidh ina smól Is tabhraidh dbhur n-aire suidhe ba ghnáthach le spórt Spionnaigí go lán-talamh seana-bhailte Chláir Luirc Ba dúthchas do bhur gcáirde gan cháim ins gach cóig; Leagaigí a ndaingeanaibh, a ngéim is a móin 'S bhur ndúthaí gan dearmad bíodh saor libh, gach fód Leantar libh gach ailp aca Go dtraocha sibh gach aithid uilc Sin aiste suilt gan easnamh díbh do thraochas ár mbrón!
27 - A Phádraig na nÁrann Fonn: Pléráca an Ghleanna A Phádraig na n-árann an gcluin tú na gártha - An gcluin tú an pléráca an siosma is an gleó? Ar chualais mar tháinig Go Cúige Uladh an ghárda
Thurot 'na shláinte le hiomarca scóip! Preab! bí it sheasamh! glac meanmna is bíogadh Gríosuigh na seabhaic tá it aice chun spóirt Beidh pící dá séide Le claidheamh a mbeidh faobhar air Is racham in éinfheacht fé bhrataibh an leóghain. Éistigh a Ghaedhala atá cráidhte age méirligh Glacaidh bhur dtréan-airm gaisce 'nbhur ndóid; Bíodh hurrá go súgach Anois ó tá an prionnsa 'S a ghárdaí go dúbalta ag tarraint 'nbhur gcomhair. Hurú gan dochma! bíodh deoch ar an mbórd agaibh Suidhgí go sochma le soilbheas ceóil Tá an báire ag ár muintir 'S an lá aca ar a naimhdhe Is go bráth beidh ár saoithe ag imirt 's ag ól. Tá an rúta so láidir, má's fíor gach a ráidhtear An crobhaire cionn-árd is a bhuime gan bhrón; Seóirse go lán-lag Is Cumberland cráidhte Pitt insa pharlimint caithte ar a thóin! Na Hílans ag tarraint fé phlaidibh 'na dtrupanna 'S a bpíobanna fada dá spreagadh chum ceóil Rinnce ar gach maol-chnoc Le háthas na scléipe Ag cur fáilte roimh Shéarlas abhaile 'na choróin.
'Sé an rí-rá dá ríre é, an pléráca is an t-aoibhneas, An scéal breagh le hinnsint faid mhairfeam gach ló, Na cóbaigh go claoidhte Gan fóirthin gan fíonta Gan ceólta gan saoithe gan bailte gan lón; Réabaidh gach galla-phoc - leagaidh is rúscaidh iad Cuiridh as talamh bhur n-aithreach an chóip Tá Seóirse 's a mhuintir Go brónach lag claoidhte Is coróin na dtrí ríoghachta air ní chasfaidh go deo!
28 - Marbh-Chaoineadh Aodh Measaí. .i. droch-dhuine dhen aicme ghallda do fríoth marbh le piléar Iadhta i dtalamh fá leacaibh i nDún Trí Liag Tá an spriata Measaí dá chreimeadh age cnúmhaibh mar bhiadh, Gan chiall gan fearann gan cheannas gan lúith gan rian 'S 'na dhiaidh tá an tsailm dá ghreadadh go habhainn na bpian. Tá pianta ullamh, a chrochaire, it pháirt-se thíos, I dteinte 'od loscadh gan sosa gan spás gan scíth, Is fíor don phobal gur follus atá le suidheamh Gur b'é oirbhíre agus osna na mbocht tug tú fá líg.
Fá líg, mo dheacair nár taisceadh thu i dtúis do shaoghail, A chladhaire chealgach ghangaideach chlamprach chlaon, Díth chirt danardha damanta ag triall 'na chaor 'Ot bhrostughadh go hAcheron feasta ó chiapadh Gaedhal. Tá Gaedhil fí ghradam ó leagadh go fann an fiadh Bhíodh fíochmhar falathach gangaideach gann fá'n mbiadh Nár ghéill do shneachta ná dfhearthainn aon oidhche riamh Gan iad do stracadh as an leabaidh fá ghárda dhian. Go dian gan taise, mo dheacair, do fágadh é I gcriaidh nár bheannuighthe is mo mhallacht gach lá ina dhéidh, 'Na spriata marbh gan tathac i gcomhrainn chaol 'S do thriall a dhubh-anam don mbara agus tá sé daor! Ba dhaor is ba mhursanta é ar dhuine bhí riamh ar fán, Agus braon den uisce 'na chistin ní bhfaghadh donán Déirc don luige ní thugadh ná greim den 'rán Is níl aon dár bhfuirinn go Doire nach binn dó a thásc.
A thásc le teachtaire tathacach ráinig mé Gidh nár ghéill mé gur teascadh an smalaire chráidh gach n-aon Nó gur chuala dá chanadh ag fearaibh dá chomhursain féin Gur bh'é an diabhal i bpearsain Bhúcannan do lámhuigh an pléar. Do b'é an pléar do bfhearra é dar caitheadh in Éirinn fós, Do thraoch an madra canaidh go tréith fá'n bhfód Ní baoghal do Chroppí bhocht feasta ná aon dá chór - Tá a théarma caithte is ní dainid liom féin é ag dreoghadh. Ag dreoghadh gan fuinneamh 'na chuisle ná beodhacht 'na bhaill, Gan treóir gan tuigsint gan chumas gan cheol gan mheadhair, Gan ól gan imirt, gan chuideachta spóirt ná grinn, 'S dar ndóigh seo mittimus scriobhtha le stróinse an fheill! An Mittimus A Shátan, glac-se an stracaire claon ar nasc Fáisc is ceangail a reaghthacha buidhe le gad, Cuir gárda daingean ag faire air, is bíodh air glas, Bíodh árus te aige, is seachain é ar ghabháil amach!
Cuir láimh le Calbhin is Bagwell 's le Maude an spreas - Friotháil an lasair do, do chleacht sé cineál is teas! Cidh dfhág an baile go dealbh dí-cháirdeach lag Bain cáin na haindeise amach go bonnláithreach as. Ná glac air banna, is ná mealladh sé thú le breab - Tá fíneáil leagaithe 'na gcaithfe sé díol gan stad; Tá díotáil agam-sa de dheasca robála is slad Agus sásuigh t'aigne air, treas a dhomáiste ar fad. An Feart-Laoi: Sin fút, a líog, an ríceach cleasach cam Cealgach coimhtheach fíochmhar tugtha don bhfeall, Malluighthe maoidhteach millteach gortach gann Creachaire dílleacht is fíoghar chun creachadh gach am.
29 - Scaradh brónach Bhriain Mhic Aoidh le Pádraig, a Chéad Mhac. Fonn: "An Spailpín Fánach" An tráth bhreathnuighim uaim ar thigh mo mhic, Is é bán, gan bhean gan chéile, Bhí ag cuidiughadh liom ó bhí sé beag Gan do-scéal ná díchéille 'Sé bhris mo chroidhe 's a liathuigh mo cheann Síor-smaoineadh ar a thréithre, Acht mo mhíle slán lem buachaillín bán Ní fheicfead arís go héag é.
Is iomdha ádhbhar mór fuair mise Ar a bheith claoidhte tréith-lag Mar do bhí bás na mban agus scaramhain leat Nó go síntear insan gcré me; Acht seo é an buille a bhreóidh me ar fad - Bhí lá is ba mhór an scéal é - 'S dá bhfantá im cheann go dtéighinn i gcill Do roinnfinn greim mo bhéil leat. Nár ba fada nó go gcluine mise A leitir bheith ag teacht fá shéala Má tá sé i ndán go ndeachaidh sé slán Is i Meirice atá mo chéad mhac; B'é an fear ba stuamdha é dar chruthuigh Dia 'S ba deise méinn 'ná an méid sin, 'S dá mbeadh sé i láthair ar uair mo bháis Mo chomhra clár go ndéanfadh. Nuair a éireochas an ceó is ghlanfas na cnuic Rachad go barr Chnuic Néifin Nó go mbreathnuighe mé uaim ó thuaidh 's ó dheas Is go mbraithfe mé na spéartha; Imeocha mise annsin gan mhoill Nó go gcuartógha mé na réagúin Nó go ngeabha mé tuairisc mo bhuachaillín bháin - Is fíor-chinnte go bpógfainn a bhéilín. Dá mbeadh sé i ndán go bhfeicinn-se é - 'S ní hé sin an comhrádh bréagach - d'éireóghainn óg seal eile arís Is bheinn mar bhí me an chéad lá; Acht go dtagaidh an Chruach go Balla ar cuaird Nó an Fhrainnc anall go hÉirinn Cibé an chaoi a séidfe an ghaoth Ní scarfaidh Brian óna chéad mhac.
30- Sail óg Ruadh Ní Mháille Fonn: "Eóchaill" In Oileán Éide tá mo ghrádh is mo chéad searc an bhean ler léig me mo rún 's mé óg, Triúr ar aon chéill ag gol 'na déidh sin Is bean a mbréagtha, mo léan, fá'n bhfód; Tá mé tréith-lag - níl fáth dá shéanadh - Níl mé in éan-chor acht mar bhíonn an ceó, A stór mo chléibh is tú dfhág liom féin me Ag dul fá chré dhuit is tú i do chailín óg. In aois a sé-déag 'seadh fuair mé féin í - Ba deas an féirín í ag fear le fagháil; Ba deas a méinn, ba deise í féin, A súil mar réalt glas roimh an lá; Mo ghrádh do bhéilín nár chúm na bréaga, Do bhrágha bhí gléigeal mar shneachta ar áill, Do láimhín gléigeal le do leanbh bhréagadh, A stór níor fhéad mé do thabhairt ón mbás. Dá bpósainn malóid de chaile ghránna Thóigfeadh go leór orm beith ag gol dá díth, Mar phós me réaltan chailín bhreagh deas 'S í ina páistín tráth fuair mé í; Bfhearr liom go mór i mo dhiaidh sa ród í, Ag bleágan mo bhó nó ag réidhteach bídh 'Ná saidhbhreas Sheóirse agus fághaim é d'ór bhuidhe Gur fá fhód chodluigheas stór mo chroidhe!
51 - Do Chlann Tomáis Ar aonach má théighid sin aon uair de ló Beidh béabhar ar bhaothlach i mbuaic a shrón Ag déanamh na scléipe nár dhualgas dó, A chaol-sporaibh gléasta is a bhuatais chrón.
An tan téighid sin le chéile i scuaine ag ól Ní féidir a n-éisteacht le fuaim a ngeóin; Tan théithfid a mbéalaibh i gcuachaibh teó Beidh a ngaol le gach éinne den uaisle is mó. Déarfaidh an braobaire is buaidheartha 'en chóip "Is me féin is mo chéile is uaisle ar bórd, Is ó Éibhear mac Éibhir do ghluais mo phór Is tá gaol ag Ó Néill thoir, dar Duach, le Mór." Do bhéarfar an t-éitheach gan fuaradh dhó, Is beidh spéice ag gach n-aon aca thuas 'na dhóid, Pléascfaid a chéile le tuargaint treón 'S is bog réabtha bheidh béil aca, cluas is srón.
72 - Udhacht Pháidín Toirdhéalbhaigh I dtosach an tsamhraidh 'seadh dhéanfa mé m'udhacht Agus fillfead mo ghlún chun an tsagairt, Is roinnfe mé an Mhumhain ar scarfairíbh subhach Faid mhairfidh aon únsa dhem theangain: Ag Aindrias Bán bíodh Inis Díomáin 'S a bhfuil ó Chaláin go Bun Raite, Chúig mhíle 'na láimh le roinnt ar bhochtáin Agus tuillfe sé grása na bhFlaitheas. Ag Brian Ó Modhráin bíodh Baile Uí Ghúnáin, Cathair Mionnáin is Cill Cathrach, A bhfuil ó Chill Easpog Fhlannán go cladach Ghlinn Mheádhoin Agus as-súd go barr Ghort an Daingin;
Age n-a dhearbhráthair ó Chathair na nÁrd 'S as súd go Fánta is an Chreagach, Bíodh a bhfuil ó Bhaile Uí Mhisleáin go Cill Muire Uí Bhreacáin Ag Súsa an Chaisleáin, is mo bheannacht. Ag Auguistín críona bíonn maithibh na tíre - Ní mór do luach fíona agus leanna - Nuair chaithid siad mí ann ar meisce gan chuimhne Is a lán den chos-mhuintir 'na n-aice; Gheóbha sé chúig míle dhen airgead síos As bancanna an ríogh agus cead tarraingt, Is bronnaim dá mhnaoi mar phropertí choidhche A bhfuil ó Bhaile Áth' an Rí go Cinn Mhara. Ag Seán Ó Modhráin bíodh paróiste Ucht Mháma 'Sé shaoilim nach gádh do bheith ag ceasacht, A bhfuil ó Bhun an Chaisleáin go Teampul na Rátha Agus roinneadh sé a lán de le Harri; Chúig mhíle bullán ó aonach Chill Mheádhoin, Agus díolfa sé amáireach na banbhaí, Beidh sé lán-láidir ag teacht don fhéil Pádraig Tar éis iad do thiomáint chun an tslatair. Ag Dochtúir Ó Muraidhe bíodh Baile Uí Mhuirghín Agus paráiste an Dísirt gan dada, A bhfuil as-súd síos go Cuilinn Uí Shíoda Fé bhulláin, fé chaoirigh is fé chapaill; An dá Lios Láithrín agus Baile Uí Chaisín, Cnoc Leabhair is an rí-Chathair Fhada Gan phingin gan chíos gan taxes don rí Agus ocasaid fíona gach Satharn.
Ag Ó Flaithbheartaigh fágaim Achadh an Bhuinneáin Bun Ghort an Chláir is Sliabh Chairn, A bhfuil ó Cheathramha an Locháin go barr an Phuill Bháin Go hÁth na gCoileán is don Daingean; An t-eallach is fearr dá bhfuil in mo pháirc De chaoirigh, bhulláin is bha seasca; Mar nuair chínn-se a lán a mbíodh púcaí 'na lámha Bhíodh an bagún go hárd i dtigh a athar. Na Brianaigh 's a gclann a bhíodh riamh insan nGleann Mar a mbíodh greann agus aiteas, 'S in aimsir gach dream bheith ag screadaigh le call Ba ró-mhaith an ceann iad 's an chara; Bronnaim dóibh siúd Rabhcán 's an Comhad Oileán na Súlach is Poplar, An Chros is an Chúirt gan scilling gan púnt Is cead fiadhaigh i lár Mumhan gan aon taxes. Bronnaim an Daoilinn ar gheal-mhuintir Chuinn, Baile Mhichíl is na Faithchí, Ag Tomás Mac Suibhne bíodh rí-Chnoc na Righthe Mar ba ró-mhaith an tigheasach é ag baile; Bronnaim dá mhnaoi Gleann na Sailighe Cnoc Bhaile Uí Ghríofa is an Cheapach, Mar dá gcaithinn-se mí ann ba ró-mhaith mo dhíol as - Ba mhaith mo bhéilí agus mo leaba!
Ag Donnchadh Ó Cathail fágaim talamh an Áitribh - Is deacair é chárnadh gan fearann, Cotha is Caláin, na sean-Turlaigh Bhána Ag bun agus barr Bhaile Ghaistill; Gach a bhfuil bán anoir ó Chill Tártan Go dtagann sé láimh le Cinn Aille - Súd fá mo láimh gan pingin go bráth Acht íocadh sé as cáirt uisce beathadh! 'Sé Ó Flanagáin is brón liom gan pingin 'na phóca Agus mise gan bróga gan hata, Is a liacht oidhche spóirt a bhí againn ag ól Tigh Mholli an Chlóca gan carradh; Tá mo shúile-se fós le Rí geal na glóire Chun giní agus coróineach do chaitheamh, Cead sreacaidh agus gleó ar fuaid bhotháin an ósta 'S ní baoghal dúinn go dtógfar an t-eallach! Tá cuid aca i bhfeidhm ná fuil in mo radharc 'S dar go deimhin duit do leigheasfainn a ngalar - Diarmuid 'ac Fhloinn do bheathuigheadh na gadhair 'S a shéideadh an adharc dóibh gach maidean; Bronnaimm Sliabh Eilbhe go bráth ar a chloinn Cnocán is Coillte Uchtdara, Paráiste Chill Eibhleach ort-sa, a Phat Lysaght 'S a bhfuil in mo radharc chun na mara! 'Sé is dóigh liom go deimhin díbh go bhfuil mo phroperti roinnte Gan leathad béil adhairce de thalamh Acht bothán fé phoill agus laig ina dhruim 'S me 'om dhalladh gan radharc ag an ndeatach;
Tá mo shúile-se fós le huaisle Chláir Fódla Go bhfaghad áit éigin ró-dheas go gairid - As so don Tráigh Bháin nó in Inis Díomáin Is cead bheith ag pléaráca lem practice. Maidean Dé Máirt bíodh an sagart le fagháil Agus gheóbha mise bás chun an tSathairn! Is cuirigí fá chlár me i ndoras tigh an tábhairne Mar do b'ait liom bheith i bpáirt le mná an leanna! Nuair gheibhinn-se spaid-cháirde d'ólainn a lán de Is ba mhinic na báillí 'om shracadh, 'S ó thárla fá ráta é ólaidh bhur sáith dhe Agus cuirigí cáirt de lem anam!
77 - An Mac Alla Maidean mhín do bhíos gan bhuaidhirt Ar bhinn an chuain im shuan cois cladaighe Is barra craoibhcha líonta suairc De mhaoidheamh na gcuach 's de luadh na n-ealtaí;
Blátha is luibheanna breaghtha im thimcheall Is fásach fíor-ghlas faoile ar thalthaí, d'aislingíos gur shín liom suas An tsídh-bhean uasal uallach ealaidhe. Ba cheasnach í is í ag caoidh go cruaidh 'S is fuidheach do ghluais léi anuas na srathaí Is caithte claoidhte bhí 'na cuail Gan bhrígh gan luaid ar luascadh ag creathghail; Ba láidir caoin an stráice lín Bhí ag fáscadh a cinn go suaidhte ar bannaí, Cnead 'na croidhe le clí agus guais Ba tím, ba truagh, ba luaidh, ba lag í. "Is lag ataoim," ar sí, "monuar! Mar shínteach fhuar in uaigh fé leacaí, Dom ghearradh tríom gan tsuim gan truagh, 'S is díth me i dTuadhmhain 's i dTuathaibh Eachtghaí; Is tláthach tinn atá mo chroidhe, Mo shláinte 'om dhíth, mo mhíle creach í! Galar nímhe agus cling im chluais Is m'intinn suaidhte ag uaill na caillighe. Is fada sinn fé dhraoidheacht i dTuadhmhain 'S is binn ár mbuain i mbuaic gach morthaí Ag freastal fuinn is fíor gach fuaim 'S ag síor-athluadh gach uaill dá ngorthaí; Níl gáir dá aoirde 'e lá ná d'oidhche Ón áird 'na mbíom go Tuinn Dá Loilgheach Ná háireamhuighinn arís gan duais - Nach cuimhin let chluais mar ghluais mo ghothaí?
Seachnuigí, cé taoim go faon - Ná saoil gur seithleach saobh me, sochloidhimh, Is fhaid a bhímse i dtíorthaibh Gaedhal Go grinn ag éisteacht géimreach gunnaí, Plaosc an chinn níor taoscadh díom Le caorthain bhíogach mhílte cogaí An chailleach nimhe gur shín lem thaobh - Nach cuimhin leat féin gur féithid ghonta í? Is bríoghmhar binn do bhíos im ghlór 'S an tír 'na tóir le tóirneach tacaí, Is cuimhin liom coimheascar Chuinn is Eoghain, Fhinn is óir-mhic Mhóirne mhearaidhe; d'éistinn leó go doimhinn sa ghleó 'S me im gcoillte ceó go ceólmhar ceacht-bhinn Do claoidheadh mo chroidhe, mo chlí, mo chló Le sceinn-ghuith scólta scórnan scallaighe. Is fras do riarainn cian gach scéal Is triall gach tréin i gcéin tar tonnaí, Go trascairt dian-scoth iarmhar Gaedhal 'Dir Liam 's a mhaor i mbéal na Bonnaí; Do b'árd mo ghlaodh le gáir na laoch Le lámhach na bpléar is pléascadh drumaí, Do chas mo ghiall le pianta cléibh 'S do liath mo chéibh le faobhar na ngontaí. Screadaimíd le caoidh gan uabhar Go fuidheach fé thuairim uair na hathchuinghe Is aitchimíd le guidhe an Uain Ár scaoile suas ar shluagh na ngealbhuidhean; An bháirseach bhuidhe do chráidh mo chroidhe 'S a hálmhach síl gan fuigheall gan faillighe - Scaip an scaoith is scaoil an scuain Le gaoth adtuaidh ó Thuathaibh Eachtghaí."
79 - Don Athair Domhnall Ó Briain, o.p., .i. an Major A Dhomhnaill na páirte, táim cráidhte ag an gcíos, Tá an cheanann ag Párcar, is na gárlaigh gan bhrigh; Cuir leitir fád láimh chugham ón árus 'na mbír An bhfuil fortacht le fagháil dam, nó an bhfágfa mé an tír.
An tAthair Domhnail ag freagairt: Atá san re n' fhagháil duit, is árduigh do chroidhe Do hiompuigheadh an cárta, tá an báire seo línn; Tá Pruise ar lár is a ghárda gan bhrígh Is tá Count Daun 's an t-ár ag baint sásaimh sa ghníomh. Ag teacht na Féil Pádraig gheóbhair lán-chuid den bhfíon, Is beidh Copán Uí Eádhra ar an gclár so go binn; Tá Séarlas 'na shláinte is na táinte dá bhuidhin Is a bhratach anáirde le háthas ag tigheacht. Gibé chífeadh an lá san ar Chlár leathan Bhriain Scrios agus fán agus ár ar na diabhail; Iad ag imtheacht tar sáile gan cháise gan scian Is Te Deum ag na bráithre le háitheas 'na ndiaidh. Tiocfaidh Nuncius tar sáile ó Phápa na Rómha, Ní bheidh Acht ann go bráth chun na bráithre do ghabhóil Ní bheidh Sasanach láidir ó Árainn go Bóinn, Agus gheobha tusa an lá san ó Phárcar do bhó! Pádraig arís: A Dhomhnaill na n-árann do rádh mur an fiar Caithfe mé anáirde mo bhán-hata ciar, Is rachad de rás chun an tábhairne so thiar Mar a n-ólfa mé sláinte Mhic Cárthaigh is Uí Bhriain.
Beidh teas insan ghréin agus éisc mhaithe ar línn Is toradh le naomhthacht go séanmhar ar chrainn; Beidh mil ar na craobhaibh ar feadh Éireann gan roinn Is beidh Aifreann Dé againn dá léigheamh i ngach cill. Beidh dearbh-shliocht Éibhir fá réim insa tír, Is Éireamhón éachtach, Ó Néill is Maguidhir; Beidh Halster is Séascar is Béacar gan bhrigh Swaddlers is Quakers is gach aon eile dhíobh. Beidh ministir taidhbhseach gan cider gan leann, Is sursaing ag Tadhg 's é á leadhbadh go teann; Tóg leat do Bhible, 'tis time to be out, Tú féin is your wife is gan aimhreas do chlann. Deir Gráinne le háthas anáirde ar na cnuic: "Do chonnaic mé an lá san 'n bhfuil rás ar na puic Is iad ag imtheacht tar sáile gan fásach gan stuic - Tá an tAifreann dá rádh - cluinim gáir ag na cluig!"
80 - Is fada don fhuaim seo ag gluaiseacht eadrainn Is fada don fhuaim seo ag gluaiseacht eadrainn Ag tuar chun sparainne i gClár Uí Néill A bhfuil ó bhailte na tuaithe go bruach na fairrge Ag cur uamhain is atuirse agus ár ar Ghaedhil: Tá siosma ró-mhuar sa chuan so im aice-se An Eaglais buaidheartha ar uair an Aifrinn Ag sileadh na súl ag tabhairt comhairle bhur leasa dhíbh - Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal! In ainm Mhic Dé do bhéarfainn teagasc díbh - Comhairle bhur leasa dá mb'áil libh é - Gan dul chun an aonaigh le faobhar go feargach, Tréan fé arm ag lámhach na bpléar;
Cé gur dubhach dúinn an scéal le léigheamh do ghalla-phuic Gurab iad clanna Gaedhal atá ag déanamh an achrainn, Ag trascairt a chéile ar gach taobh re seana-cheirt - Bhest agus carabhat bán gan scéimh! A chomhursain an chroidhe ná bídh in earraid liom Trí mar a spreagaim díbh im ráidhte béil, 'S go dtig osna im chroidhe nuair chím ná leanann sibh An tslighe do ceapadh chun árus Dé, Acht imtheacht le baois ag déanadh aimhlis bhur n-anma Mar bheadh daill gan radhairc ar mearathall; Is gairid díbh sceimhle murab daoine a stadfaidh sibh - Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal! Is a dhuine gan mheabhair do labhair go ceannasach Teann, gan eagla gan tábhacht sa tsaoghal, Tuig feasta in am nach cabhair duit seana-bhest Lom, ná carabhat bán do thréig; Siúd iad an dá bhall chuir ár gceann fé tharcuisne Agus dlighthe na ngall i gceann gach baile againn, Is eaglach leam gurab fann sinn eatortha Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal! Má thá sibh ar strae 'sé déarfainn feasta libh Glaodhach go fairsing ar ghrása Dé, Maitheamh dá chéile agus géilleadh 'on Eaglais Ó's sé ba thaitneamh díbh Lá an tSléibhe;
Bheith carthannach síoch 'nbhur gcroidhe is nbhur n-aigne Ag tarraint chun grinn 's gan smaoineadh ar achrann, Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhur naímhid ag magadh fúibh - Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal! Is iongantach liúm ná múineann dadamh sibh - Comhairle an tsagairt ná cúrsaí an tsaoghail - Cá bhfuil bhur mbun cúil i gcúirt ná i gcoiste agaibh Chun bhur gcúis do thagairt ná bhur gcás do phléidhe? Ná feacabhair rómhaibh bhur gcomhursain ceangailte Fé ghlasaibh go dubhach is gan súil le casadh aca, Gur díoladh le búir iad mar shúil le n-a gcaradas - Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal! Iarraim-se ar Íosa Críost do cheannuigh sinn An draoidheacht so a scaipeadh de rás na nGaedhal, Go mbeidh clanna Mílidh arís fé ghradamaibh I dtír 'na bhfearann 's 'na stát gan phléidhe; Dá bhfeicinn gach n-aon ar aon toil aigne I bhfochair a chéile ag éisteacht Aifrinn Do bhronnfadh Mac Dé insan tsaoghal so an rath orainn Is ríoghacht na bhflaitheas - sin críoch mo scéil!
82 - An Buachaill Bán Maidin lae ghil fá dhuille ghéagglais Dhaire im aonar cois imeall trágha, I bhfís trém néallaibh do dhearcas spéirbhean Ag teacht ó thaobh deas na mara im dháil; Ba chirte a braoithe 'ná buille rínn-chuir Tanaidhe caoil-phinn, buailte ar phár, Sé dubhairt le díograis, "Och, uaill mo chroidhe-se An bhfeicfead choidhche mo Bhuachaill Bán?"
Ba chaoin a déid mhion, ba mhín a haol-chrobh, 'S a dlaoi 'na slaodaibh mar ór go sáil, Ba ghile a héadan 'ná gnúis na réaltan Bheir solas gléineach don tsaoghal roimh lá; Do bhí uile shoillse na gréine ag rinnce 'Na leacain mhíonla tré lítis bhán, Is sruth gan dísce ó shléachta a righin-ruisc Shochma ríoghdha dá Buachaill Bán. Is tapaidh shléachtas don bhruinnil mhaordha, Mhiochair, bhéal-tais, mhúinte mhná, Is d'fhiafruigh mé dhi i laoithibh Gaedhilge A cine, a gaolta, a dleacht, 's a cáil "An dúil de dhéithibh críonna an aeir í, Nó gein de réxaibh an tsaoghail, a ghrádh, Nó céard é an tréin-fhear do bhuaidh a céadfadh Ar a nglaodhann sí an Buachaill Bán?" "An tusa an réaltan rug barra scéimhe Ó mhnáibh na hÉireann ag gol san ár Ós cionn a tréin-fhir Naois' do traochadh I nUlaidh an éirligh le ceilg námhad? Nó an leannán caointeach rinn géise 'e Chloinn Lir Ar Shruth na Maoile do b'fhada ag snámh, Nó céile an taoisigh fuair céim na Craoibhe Nó ar n-éag sa chointinn 'on Bhuachaill Bhán?" Adubhairt an chéibh-fhionn, "ní neach don dréim sin Do ríomh do dhréacht mé acht Fódla atá Fá ghriolla gall le treall ar Ghaedhlaibh Cródha caomhnach in Inis Fáil,
Is cian ag géar-ghol ag caoineadh a tréin-fhir A cumann céile is fada ar fán, Oidhre gaolmhar Mhílidh is Éibhir Is Chuinn na gcéad-chath a Buachaill Bán." "Scuir den gháir sin, a bhruinneal ársa, Is bí go sásta cé fada atá Do phrionnsa rábach clúmhail láidir Trúpach gárdach ar seachrán - Atá anois go cródha 'gus buidhean na hEórpa Ar an gcósta go hiomalán, Ag teacht id phórtaibh le neart gan teóra Is buaidhfidh Fódla don Bhuachaill Bhán." Ar chlos an scéil sin do scaip a claonta Is do ghaibh a caomh-chruit órdha bhláth, Do sheinn a géaga gaoil, a ndréachta, Is a ríoghdha aosta ba mhór le rádh; Na héin, na míolta, na cnuic, na coillte, Aibhne is líoga ag iomarbháidh, Do bhíodh ag rinnce insna gleannta timcheall Le greann dá laoithibh don Bhuachaill Bhán. 83 - Machtnamh an duine dhoilgheasaigh. Oidhche dhom go doiligh duairc Cois fairrge na dtonn dtréan, Ag léar-smaoineamh is ag luadh Ar choraibh cruaidhe an tsaoghail. Bhí an ré is na réalta suas, Níor chlos fuaim tuinne na trágha Is ní raibh gal ann den ghaoith Do chroithfeadh barr crainn ná bláth.
Do ghluaiseas i machtnamh maon, Gan aire ar raon mo shiubhail Doras cille gur dhearc mé San gconair réidh ar mo chionn. Do stad mé san ndoras tsean 'Nar ghnáth almsa agus aoidheacht Dá ndáil don lobhar agus don lag An tráth do mhair lucht an tighe. Bhí foradh fiar ar a chliabh - Is cian ó cuireadh a chlódh - Ar a suidheadh saoithe is cliar Is taistealaigh triallta an róid. Shuidh mé síos le machtnamh lán Do leigeas mo lámh fém ghruaidh Gur thuit frasa diana déar Óm dhearcaibh ar an bhféar anuas. Adubhairt mé annsin fé dhith Agus mé ag caoidh go cumhach: Do bhí aimsear ann 'na raibh An tigh so go soilbh subhach. Is ann do bhíodh cluig is cliar, Dréachta is diadhacht dá léigheamh, Córaidhe ceadal agus ceol Ag moladh mórdhacht Dé. Fothrach folamh gan áird An t-árus so is aosta túr, Is iomdha eascal agus gaoth Do bhuail fé mhaol do mhúr. Is iomdha fearthainn agus fuacht Is stoirm chuain do chuiris díot Ó tiodhlacadh tú ar dtúis Do Rígh na ndúl mar thigheas. A mhúir naomhtha na mbeann nglas, Do b'órnáid don tír seo tráth; Is diombáidh dian liom do scrios Agus cur do naomh ar fán. Is uaigneach ataoi anois, Níl ionnat córaidhe ná ceol Ach scréachadh na gceann gcait In ionad na salm soghail! Eidhean ag eascar ós do stuaigh Neanntóg ruadh it urlár úr Tafann caol na sionnach seang Is crónán na n-eas id chlúid. Mar a nglaodhadh an fhuiseog mhoch Do chléir ag canadh na dtráth Níl teanga ag corruighe anois Acht teanga ghliogair na gcág. Atá do phroinn-teach gan bhiadh Do shuain-lios gan leaba bhláith, Do thearman gan íodhbairt cliar Ná Aifreann do Dhia dá rádh. d'imthigh do luaimh is do riaghail Is do chuallacht fé chian-chrádh; Och! ní fhionnaim anois fét iadh Acht carnán criadhta cnámh. Och! anfhorlann is anuaill Anbhroid, anuais is aindlighe; Fóirneart namhad is creachadh cruaidh d'fhág tú uaigneach mar ataoi! Do bhíos-sa féin sona seal, Faraoir! do chlaochluigh mo chlódh; Tháinig tóir an tsaoghail im aghaidh, Is níl feidhm orm acht brón. d'imthigh mo luadhail is mo lúth, Radharc mo shúl, agus mo threóir Atáid mo cháirde agus mo chlann 'San chill seo go fann ag dreoghadh! Atá duairceas ar mo dhriuch, Tá mo chroidhe 'na chrotal cnó; Dá bhfóireadh orm an bás Ba dhearbh m'fháilte fá n-a chómhair.
87 - Céad slán do sna cnuic Céad slán do sna cnuic thá ar árd-ghleanna an tsuilt, Slán chughat-sa a Thiobrad Árann, Slán chun mo chumainn tá i gCnoc na Coradh - Slán agus fiche 'on stáidhbhean! Nó go dtráighfidh an tuile thá idir thú agus mise Grádh beidh agam i gcomhad duit, Slán agus fiche, dáiltear dam gloine Do shláinte tar muir go n-ólad! Slán don dá Liam tá ag crádh-ghol im dhiaidh, Slán chughat-sa siar, a Phádraig; Slán chun mo rúin atá i Los na nGall Slán chun na mbriathra cárthain;
Tá do shláinte-se, a Bhriain, idir lámha agam le bliadhain Gach lá ag cur grianta i ngrádh dham, Slán feasta óm chliabh chun sáir-fhear na gcliar Ó fhágann sé an tSiúir don mBáinsigh. Cá bhfágainnse Pilib - slán chughat tar uisce, Slán chun tuilleadh dár gcomhursain, Slán uaim don Mhumhain is chun Seáin ghil de Búrc, Slán go dlúth dá nóchar; Tá mo shláinte go fann ó tháine mé anall, Is ní thráchtaim ar am na baoise, Ó chaill me mo shúil, mo shláinte is mo lúth Céad slán do na lionnta Bríde!
Cá bhfuil bhur saothar le dathad is caogad? Cá bhfuil bhur saothar le dathad is caogad, Gidh fada bhur mbéalaibh dá árd-mhaoidheamh Go mbeidh Sasana, Éire agus Alba ag Séarlus - Do mealladh bhur bhféirim 's is nár díbh! Glacaidh mo dhréacht-sa, a ghasra bhéasach, Is geallaim gan bhréagadh mo lámh díbh Go dtagaidh dhá ghréin ag taitneamh ar aon chnoc Go mbeidh Banba an Bhéarla ag Seán Buidhe! Táid sagairt is cléirigh is eaglais naomhtha Ag screadaigh 's ag éigheamh ar an Árdrí Fagháil atharrach céile do Bhanba an Bhéarla Is glacfa sí éinne acht Seán Buidhe; Measaim gur bréaga do chanadar éigse Ag labhairt le haon-ghuth in áthbhaois Go gcasfaid na réalta ar atharrach spéire Go bhfuil scartha le hÉirinn an t-árdmhaor. Dá dtagadh ar raonta 'na chalmacht laochais Le dragain ar thaobh cnuic 'na lán-mhaidhm Do gearradh a ngéaga, do stathadh a bpréamhcha - Na fanatics éithigh do chráidh sínn; Tagaidh go léir liom, ná leagaidh bhur saothar, Faid mhairfead-sa déanfad an cás fíor - Muna gairid push éigin ó Fhlaitheas an Aenmhic Ní scarfaidh a chéile le Seán Buidhe!
92 - Is gairid anois Is gairid anois gur mithid damh-sa féin Taisteal chum cille is dul fé chóta cré; A Athair 's a Mhic 's a Spirid is glórmhar gné An t-anam so ionnam is libh, is fóiridh é! Braithim anois go bhfuil go mór an t-aos Dom chartadh as mo chruith, 's d'imthigh an snódh 's an scéimh, Acmhaing mo nirt, mo mhire 's m'óige féin, 'S níos measa 'ná san, tá ag dul go mór dem chéill! Is fada me ag rith tar goimh lem chomhairle féin Go tarcuisneach tur, gan urraim chóir don chléir; Ba charthannach milis mise ós comhair an tsaoghail 'S an ghangaid ionnam istigh tar fóir go léir.
Bearta agus cuir is clis is móide i mbréig, Na haitheanta bhriseadh, iomad póite is craos, Leathaibh na gcortha rinneas damhsa is baoghal Nár bh'aithinid dam a gcur i gcóir don chléir. A Athair do chruthuigh me as móta cré, A Mhic cheannuigh me ar chrois, 's a Spririd is cóir a ghlaodhach, Bhur n-aitheanta bhriseadh liom is brónach é, Is maitheamh na gcortha rinneas damh-sa is déirc. A Bhanaltrain mhilis mhiochair mhór-Mhic Dé Rug barra ar an gcriostal, is bhain a cló den ghréin, T'fhairrge a shil de mhil 's de lóchrann séad Ná dearmad mise, an duine dreóil seo 'ot ghlaodhach. An Ceangal: Céad buidheachas let fheartaibh, let réim is let rachmas, Let mhéinn is let mhaitheas, a Dhia dhaonnachtaigh ghrádhaigh, A chúm spéartha agus reanna is grian aerach na maidne, Rian réimeann na bhflaitheas 'na péarla mar tá; An ré go n-a healta ar an spéir mar ba cleachtadh Ag séideadh na scamall do théigh ar an scáth, 'S an mhuir bhraonach nach feasach d'éinneach 'na bheathaidh Cia an taobh ina gcasann nuair théigh ina tráigh.
A chíonádh na cruinne, is a Rí tá os cionn righthe, A phríomháidh 's a bhreithimh na dtréan is na dtruagh, I ngach gníomh gnáis do rinneas ó aois fáis mo leinbh Go dtí an lá 'na bhfuilim, cidh baoghlach gur muar; Ná díotáil-se mise, cuir síos sáithte an bille I gcroidhe-lár na teine go ndéana dhe gual, Síothchán ort sirim mo dhíoghbháil ná fuiling Ar t'íomháigh ó rinnis me 'en chré 'gus den luaith. Luaithreán na righthe agus luaithreán an churaidh, Luaithreán a rugadh is a mbéarfar monuar! Ní buan bláth an duine, tá an t-uathbhás 'na ghoire, Duadh an bháis ag druidim, an daol is an uaigh; Mo bhuaidhirt chráidhte scriosta, is cruadh an cás 'na bhfuileam - Muarán is mise 'nár slaod-chodladh buan; Cuasán ár gcroidhthe go truagh tráighte tirim - Muardháil is mustar dár séideadh chum suain!
93 - Cia briseadh bhur ndóchas fós Cidh briseadh bhur ndóchas fós, a chlanna Mílidh, 'S gur tugadh an choróin gan chóir don aicme choimhthigh, Cidh cuireadh chun róid na treóin ler cheart bheith díleas Tiocfaidh bhur bpór ón smól mar chlannaibh Ísrael.
Cuimreasc crón nbhur gcomhair gan bearta díogail Do chuirfeadh ar treó 'na ndeóidh 's do lasfadh tíortha; Is minic dar ndóigh gur modhmhrach maith do chríochnadh Dá ritheadh mo leoghan le tóirnigh ghairbh choimhthigh. An fhuireann so i bhFódla fós gan cheart don impre Ná tug urraim don Órd acht óspairt gharbh dhíoghaltach, An uair dhruidfid le teóra an scóid ar deis na gaoithe Tuitfid de thóirt ar nós na mara-thaoide. Dá dtigeadh an chóir 'na cóir isteach go díleas 'S go gcuirfeadh an chóir 'na chóir le gasra Laoisigh Go bhfeiceam-na Fódla an bhróin ón ngraithin d'íocfadh - Sul a scuiridh an gnó níos mó ní chanfad choidhche!
94 - Is talamh saidhbhir suairc í. Is talamh saidhbhir suairc í Ó is talamh slán fionnfhuar í 'S is talamh drúchtmhar duais í Mo thalamh dúthchais féin. Níl fir ar bith níos tréine, I gcroidhthe a ban níl claonadh, 'Sí mo ghuidhe, mo shúil, í shaoradh, Mo thalamh dúthchais féin. Ní talamh fuar ná dúr í Acht is talamh seascair úr í, Is ársa dílis dlúth í Mo thalamh dúthchais féin. Dá mbeadh ceart le fagháil ag breaghthacht 'S dá bhfaghadh sí toradh ar chráibhtheacht Níor bhaoghal di namhaid, 's is cáidh bheadh Mo thalamh dúthchais féin, Ó! is talamh réidh-ghlas úr í, Ó! is talamh séanmhar subhach í, Ó! is talamh féarmhar fionn í Mo thalamh dúthchais féin.
95 - Aithrighe Phádraig Uí Iarfhlaithe, 1780 Mac Dáith Bhacaigh do shagart paróiste Bhaile Bhoirne Céad fáilte roimh ghrása mo Thighearna anois Dfhuiling páis agus bás agus pian ar chrois, Do shlánuigh sliocht Ádaimh cé dian a gcoir, 'S do thráigh an mhuir lánmhar 's an ghrian gur scuir. Admhaim gach peaca dhuit dár thárluigheas ann, Ó's sagart tu tá ag maitheamh dam, a ghrádh dhíleas, Ón Aifreann go bhfanainn-se gach lá saoire, 'S an carrbhas go leagadh me le barr baoise. Ní hí an phaidear ná an tsailm do ghnáthuighinn-se Ag luighe ar leabain ar maidin ná i meadhon-oidhche, Guidhe na n-aspol do b'annamh le grádh croidhe agam Acht gníomhartha malluighthe, eascaine agus gráin-smaointe.
A Athair-mhic fuair peannaid uilc is bás Aoine Do ceangladh ar beannaibh croise is táirngí ionnat, Mar mhaithis tré a shalma do Dháibhí a choir Beir m'anam leat go Parrthas gan fán timcheall. Ní hé ar chailleas-sa dem charaid ná dhem ghnáthmhuintir, Ná a bhfuil ar an dtalamh de mhaitheas dá n-áirmhighinn-se, Ná bheith ar mo leabain gan tapa agus an bás taoibh liom Acht an Té cheannuigh me bheith in earraid liom nár shásuigheas sin. A Uain an tSolais do crochadh ar chrois Dé hAoine 'S t'fhuil uasal fhoirtil 'na logaibh it mhóirthimcheall, Gach uair thig doirbheas orm ná claoinsmaointe uilc Is muar an donas nach ort-sa do smaoinighinnse. A Mhichíl mh'anma, a theachtaire an Rí ghlórmhair Bí im aice-se ar eagla an mhí-chóthroim; Do shaoileas fanacht i mbeatha is i mbaois m'óige Gur thigheasach nár choímhtheach an tAthair glórmhar.
A dhuine cad b'fháth dhuit rádh go mbeinn-se suas Is ar imthigh tar sáile 'em cháirdibh féin ar cuaird, An tubaist gur fháisc a lámha go léir im buaic - Mo ghiolla is mo láir dfhagháil bháis in éinfheacht uaim. Do bhíos-sa im leabaidh go hatuirseach tréith im luighe Araoir tré ainbhfios tamall ag éad le Críost Tug cíos gach fearann do ghallaibh in aol-Ghort Fhloinn Is Gaoidhil dá leagadh dá gcreachadh is dá gcéasadh shíor.
Mo scíos nach lasair ó Fhlaitheas do léigis trínn Nó an díle thabhairt gan aiseag tar céile Chuinn Seach díth na gCarathach gceannasach dtréitheach ngroidhe Do-bheir sinn dár bhfeannadh ag fanatics claona an fhill. Do bhíodar tamall go carthannach déarcach caoin, Ba bhinn a n-easpuig a manaigh 's a gcléir ag guidhe; Ó's fíor gur peaca thuit artha rinn faol-choin díobh! - A Chríost, cé'n Sasanach smeartha nár réab do dhlighe!
Chun Seáin Uí Chuirc nach gruama Chun Seáin Uí Chuirc nach gruama Gan cruadhtan mo mhíle beannacht - Ráib gheal oinigh shnuadh-ghlan Atá fuaighte 'san spórt; Is chun Seáin bhig ghil Uí Thuama Do ghluais leis as an mbaile Agus dfhág gach fuireann luadrach Le fuaim a chuid ceóil; 'S chun Seáin gan phoimp Mac Meán Mhíchíl - Go ngárda Críost an gasra; Slán go dtighid na sáir-fhir ghrinn Tar sáile arís 'na mbailte puirt Go ceann-árd tuilte 'e mhuar-chion Le gluaiseacht na gaoithe is mara Gan smáchail chuirp dá gcuanta Go luascthar mo leoghain. Ó shráid an Ghuirt sin Ghuaire Ó Luachmagh is go tír an Daingin Mar Sheán Ó Cuirc chomh uasal Ní bhfuaras-sa fós;
Atá páirt is sult is suairceas Is muar-thuigsint ina phearsain Is tá a fhios agam dar Muaireach Ón uair a thug dam seoid; Ó Árainn naoimh go páil Phort Laoighis 'S ón Ráth go taoibh Loch Garman Ní thárla linn, dar láimh Lachtín, Rábach groidhe chomh fearamhail Fáilteach fliuch roimh thruagh-fhir, Chun fuascailt ar dhuine dhealbh Gan fagháltas stuic i bhfuairthean Ar cuaird bhíodh gan treóir. Is áthas liom-sa an nuadhacht sin Do chuala mé ó na fearaibh Mar go rángadar chun cuain chirt Gan bhuaidhreamh gan bhrón, 'S nár fhág an mhuir gach buachaill Le ruaig tuinne sínte marbh 'S nár báthadh gach buinne buacach 'S a bhfuadach gonuig róin - Ar lár sa tuinn na Seáin nár scinn Le lán-neart gaoithe is carraigeach An tÁrdmhac Ríogh fuair bás dár dtaoibh Gach lá dá ndíon 's 'na bhfaire sin, 'S dar Párc sin mise suaimhneach Gan bhuaidhreamh i mbrígh 's i misneach Le gártha suilt gan duairceas Gan gluaiseacht im cheo Grádh mo chuirp go bhfuaradh Gach buachaill den mhuintir chailce An rás dfhuil fhíor-ghlan Thuama Nach tuata is nach dearóil
Nar ghnáthach aca duanta Ag suaga go binn dá gcanadh - Sásamh, sult is suairceas Is fuaim crot gach ló; De bhláth an chrainn ór fhás na Gaoidhil Do tháine an bhuidhean bheag ghreannamhar - Na Cárthaigh ghroidhe, le rádh gaiscidhigh, Bhí tráth ina ríghthe i gCaiseal Chuirc 'Na n-árus suidhte subháilceach síoch Dom thuairim-se níl a samhailt I gClár Luirc ghluis ón gCluain teas 'S a chuardach go Bóinn. An bás dom sciobadh, 'om scuabadh 'S dom fhuadach fá líoga i dtaisce Má tá níos briosca is uaisle 'Ná is suairce 'san chóig 'Ná an Seán is sine 'en chuaine Nach fuathmhar do bhuidhin an bhealaigh, 'S a stáid-bhean oinigh stuama Nach gruama dubh cló; Pláta an ríogh 's a fhagháil don dís I ráithe chruinn do scaipfidís; Is árd a gcroidhe 's is fáilteach grinn 'Na n-árus tighis is carthannach I dtabhairne dighe na dtuatha Ar na bruachaibh seo timcheall Chaisil Ina bhfagháltas stuic an uair seo Dá dtuairisc níl beó.
103 - Conntae Mhuigheó Do liostáil me le sargeant ar shráid an bhaile mhóir, Is chuaidh mé leis tar sáile, mo chreach agus mo bhrón! Do thug sé gunna im láimh dam Is cloidheamh géar a bhí bárr-chaol Is shaoil me go mba fearr sin 'ná lán luinge d'ór. Muna mbeadh bás mo mháthar do bhíos-sa maith go leór - Bhíodh boidéal fíona ar clár agam is comhluadar ban óg; Dá mbeinn mar ba mhian liom Do bheinn-se seal dá gciapadh - Ní mar sin d'órduigh Dia dham acht i gciantaibh fá bhrón.
Tá ór go leór le glacadh agam i gConntae Mhuigheó Acht ní fhéadaim dul chomh fada leis, tá an tuile seo ró-mhór; Anois ó dalladh m'intleacht 'S gur dhearmaid mé mo mhuintir Ded chumha go bráth ní éagfad-sa, a Chonntae Mhuigheó. Síor-thriall go teach an tábhairne le pléaráca agus le hól d'fhág mé i bhfad óm cháirde, gan dáil casadh agam go deo; Muna mbeadh síor-ól na gcárta Nó an dlighe do bheith ró-láidir I Sante Cruz ní fhágfainn mo chnámha fá'n bhfód. Cuirim-se slán feasta leat, a Chonntae Mhuigheó, Mar a mbíodh an óige bailighthe ar an mbán fá mheadhair le ceól; Is lúthmhar éadtrom tapa Déanfainn damhas i measc na gcailín 'S insan oidhche ag triall abhaile agus mo chroidhe bheith aoibhinn beó.
Gach n-aon ná tuigfeadh dom pudhair Go mbuailidh an tubaist air pleannc, 'S gach n-aon do ghoirfeadh díom "Splinnc" Ar Chríost nár fheice sé splannc! Mo dhainid mo dhearc, mo dhreach, mo ghné, mo ghnaoi, Mo leagadh, mo leath, mo lagar léin gach laoi Mo scalladh, mo scairt, mo scread, mo scréach, mo scíos An galar so a stad ar ghlas mo chlaonruisc chaoin!
Ní scamall ná scraith, ní brat beag éadtrom finn Ná fanfadh acht seal 's do ghlanfadh tréimhse arís, Acht anachain fhada ar feadh mo shaoghail gan chrích Do scartuigh mo dhearc amach as plaosc mo chinn! 105 - Do Sheán Ó Ríoghbhardáin Mo mhairg, mo chreach, mo cheas, mo chiach, mo chás, Scaipeadh na bhfear do chleacht bheith fial le dáimh, Do leagadh na mairt 's ná faiceadh iad go bráth 'S a leastar dá mheas ná feacthas riamh ar shráid. Ná leanaidh-se a reacht, níor ghasta a gciall 's a gcáil! Is fearra de cheacht fá seacht an biadh a choimeád! Gach aicme bhíodh leamh ler bh'ait a riar ar chách Beidh feasta gan mheas ag teacht chun iarthair chláir! Mo theagasc beir leat do leas má's mian a thrácht Bleachtaidh an cheanann, bain den riabhach a barr! Ó's dearbhtha an stair gur mhaith gach triath den chlár Bíodh agat-sa castor, each is diallait bhláith!
It dhiallait bhláith go sámh dá suidhir ar th'each Stiallaidh cnámha nó barr na slighe beir leat; Gach fial-fhear sámh atá let linn fá cheas It dhiaidh beidh spás ó's áil le Dia na bhfeart. An Ceangal: Is díth liom ár saoithe go beag-gill fann Is fíor-shliocht ár dtaoiseach go tearc-bhídh gann, Is fírinne, a dhaoine, má chreadtaoi m'amhail - Do bhíodar, uch nílid, 's dá mbeidís ann! Bonn-lása: Gan ghustal, gan cháirdeas, Dá gclipeadh 's dá gcáibleadh Bheadh sibh-se gan áireamh Cé urradh gan áird me Nó "níor mhisde is do b'fhearrde!"
106 - Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna, "Sasanach"! Nuair thug duine éigin Sasanach air toisc gur labhair sé beagán focal Béarla ar mhargadh Chorcaighe. Tá an oiread-san tarcuisne ar bhreathaibh na binn-Ghaoidhilge Gur milleadh mo theanga le cas-fhriotal gaillbhuidhne Ionnas go meastar le haicme de chlann Mílidh Dar Muiris gan magadh gur Sasanach teintidhe me!
Is ise ba chneasta, ba ghasta is do b'fhíorlíomhtha Do b'oilte, do b'aite is ba bhlasta i ngach brigh binn-ghuib, Ba snoidhte, ba snasta ag reacaireacht gaoislaoithe - Ní hionann is glafairneach mhalluighthe ár bhfíornaímhde. Sirim an tAthair 's an geala-Spirid caoin naoimhtha, 'S go deimhin dár gcabhair-na gairmim fíor Íosa, Scrios ar na gallaibh 's a n-agall go ndíbrighthar Ionnas go leanainn-se teanga mo phrímhshinsir. Nó go bhfillidh a maireann de shleachtaibh na bhfíor-shaoithe 'S go mbristar na reachta so ar marthain ag slím-smístibh, Go suidhfidh an leanbh i gceannas na dtrí ríoghachta Ní sultmhar mo labhairt 's is searbh mo chaoinlaoithe. Tiocfaidh an aicme cé fada dá shíor-mhaoidheamh sinn is cuirfid chun reatha lucht trascartha an fhírdhlighe chirt; Bainfid is grafaid nó seasfaid i ndíg draoibe - Sinn-ne ina mbailtibh 's an ghramaisc fá chríondaoirse.
123 - A Athair na bhFlaitheas A Athair na bhflaitheas do dhealbhuigh spéir is tír, Aingil is aspoil is eaglais aonda is naoimh, Aicme ba mheasa - na peacaigh do réab do dhlighe - 'S is fearra do mhaitheas 'ná maitheamh dá mhéid do ghnímh. Admhaim bearta gur bh'annamh me ag sléachtadh i gcill Ag machtnamh na saltrach beannuighthe léightar línn; Teachtaireacht aingil go banaltrain mhaordha Chríost Dá aithris gur shealbhuigh dalta an Spirid Naomh 'na croidhe.
Nó a taisteal ar maidin chun baile chirt naomh-Eilís Mar d'aithris an t-aingeal gur gairid go mbéarfadh sí Leanbh do bhaistfeadh le carthannacht céadta roimhe 'S i bhflaitheas do ceapadh mar ainm air Réamh-reathaidhe. Adhbhar gach aitis ar talamh gur aontuigh tigheacht Gan ghradam gan rachmas, ag aingil dá aodhaireacht síoch, A thairgsint amhail an pheacaigh le faobhar dlighe d'Anna do b'fhada dá athchairt 's a céile naoimh. Sin mearathall aigne, atuirse, déara is caoi Ler measadh dí tamall gur cailleadh a haonmhac síoch, Gur aithin di freagairt i gceastaibh gach téx den díodhacht 'S go bhfaiceadh ag teagasc na dteagascach é gan aois. Barra ar gach atuirse cathuighthe is céasadh croidhe Athchairt an Athar, ag screadaigh fá scéith an chrainn, Allas dá bhallaibh 'na cheathaibh ba chraorach braoin 'S a ghreadadh le slataibh gur gearradh na créachta tríd.
A bhaitheas dá bhascadh le bearanna géara nímhe Le tarcuisne mhagaidh a ghairm 's a ghlaodhach mar rí, Dá leagadh ar an dtalamh fá ana-chrois chéasta thruim 'S a anam gur dhealuigh an pheannaid le daonnacht clí. 'S a thaisteal go carcair na n-athrach naomhtha thíos A ndainginí ceangail 's a nglasa gur réidhtigh díobh, Na haspoil do scaipeadh do bhailigh le chéile arís 'S ar talamh do theagasc a dathad de laethaibh síoch. Seo an taca n-ar ghairm an tAthair an t-aodhaire groidhe 'S, gan mearathall, aiteas ar aingealaibh aonta roimhe, Iar scaramhain d'aithin do Pheadair an tréad do dhíon 'S a bharra gan bhascadh go dtagadh air glaodhach arís. Is anbhfann atuirseach eaglach faon do bhí Peadair ba charraig is aspoil tar éis an rí Gur neartuigh spirid charthannach chabharthach é 'na chroidhe is lasrach beannuighthe i dteangain gach éinne dhíobh.
Is machtnamh tar machtnamh an Bhanaltra chéadna arís Idir phearsain is anam gur glacadh in éinfheacht í I ngradam na bhflaitheas fá armas Dé na guidhe I rachmas ná feacthas a shamhail don daonnacht roimhe. A chumainn, a charaid 's a dhalta Mhic Dé na guidhe Is daingean do cheannuigh i bpeannaid na péine sínn As gach easmailte mearathaill mhagaidh do réinis díol Cé fairsing ár malluightheacht, bailigh fád scéith arís. Ba margadh daingean na ceathanna tréana bhí Gach caise gan taise dár ndeascaibh i gcréachta bhí, An tairnge sparra 'na bhallaibh ar ghéaga an chrainn Aitchim go nglacaidh an tAthair mar éiric í. An Ceangal: Cé mór a tuigthar coirthe shíol Ádaimh Is leor mar fhulang cirt don Rí neámhdha; Geóbhaidh le fuil a Mhic mar dhíol sásaimh A bhrón 's a bhroid i gcrois na fíor-pháise.
124 - Admhaim féin go déarach Admhaim féin go déarach díthreórach In aithreachas ghéar tar éis mo ghníomh-ghnótha d'aitheantaibh Dé ná déininn teinn-treóradh 'S gur b'aite liom claonadh clé na clí-fheóla.
Do b'annamh me ag sléachtadh ag taobh na gcill-dóirse Ag machtnamh go mbéinn mar aon den chruinnchnósach Ag amharc na dtréan-fhear tréimhse bhí rómhainn-ne I gceannas an tsaogail ghléasta ghroidhechóistigh. An t-annamh do théighinn níor bh'é mo smaointeoireacht Gur balbh an béal ba bhréagach binn-sceólach Gan baladh ag céadfadh claon na poimp-shróna 'S gur smachtaithe faon-dearc sméide an smísteóra. Ní deacra réilte an aeir do chruinn-chóimhreamh Ná glasradh ar ghéagaibh craobh na coill-chnósa Ná gainimh do théid le taoscadh tuinn bóchna 'Ná a gcleachtainn gach lae de réabadh dlighe an Chómhachtaigh. Ba chealgach craosach créachtach croidhe-chróilighe Me ag scanadh gach scéil go héitigh éagcórach, A ngeallainn níor mhéinn liom é do fhíorchomhall 'S ba mhairg don bhé do dhéineadh linn comhairle. 'Na ceathanna braon ar fhéar ghlas fíor-nóna Nó maidean roimh ghréin ar dtéacht don mhínfhoghmhar An peaca mar chéile céirde im chroidhe chomhnuigh 'S a mhaitheamh led daonnacht, a Aenmhic aoird, deónuigh.
I leabhar na dtéx do léightar línn dóchas Dá mhalluightheacht aon má ghlaodhann re croidhe deórach Gur maithmheachas saor a dtéid den ghníomh thórsa Acht fanamhain go réidh tar éis ar shlighe fhóghanta. Athchuinghim féin is éighim go glinn-ghlórach Athair na naomh is Rex na Tríonóide, An Phearsa le péin a chléibh do shaoir slóighte 'S an Araid-Spirid naomhtha réidheas gach mí-dhóchas. Do neartuigh an chléir bhí déarach díthreórach, Leagaithe d'éis a réilteann rí-eólais Ler labhair 'na mbéal na bréithre suíbhsceólta Ag teagasc gan spéis gach n-aon den naimhidchomhursain. 'Bé agaibh-se, a shaogail shlaodaigh shlímshlógaigh Nár theagmhuigh mar mési i mbaoghlaibh mí-dhóchais Is dearbhtha an scéal do réir na naoimh-eólach Go Flaitheas go réidh go réidhid gan millteóireacht. An Ceangal: A Bhainríghin na mbainríghin 's a mhaise na mbé 'S a annsaidheacht le gceannsuighthar eagnacht Dé, A chrann-shoillse is greann díoghrais daingean don chléir In am guidhidh ár n-anphoimp do mhaitheamh go léir.
Greann Ríogh na reann í ina leanbh gan bhéim Do thoghaidh Críost gan ceanta í ina banaltrain fé, Samhluighim gurab ann luigheann 'na leaba an Spirid Naomh Mo theannta í i ngach canntaoir chun freagartha im pléidhe. Lanndaoir dar leam í na n-anbhfann bhfaon Is leabhair-chraoibh gan mheang í ó bharra go préimh; Dá chlampraighe me im scannraighil ag galar ná ag taom I bhfabhraíbh a beann-mhín-bhrait rachad mar scéith. I gcampaíbh na lann líomhtha leadartha ngéar In am díoghaltais namhaididhe dá dtagadh go réighinn I gcobhaltaíbh na dtonn dtaoide ar fairrge i mbaoghal Mo chabhair í - ina bhfoghlaidheacht ní heagal liom aon. Cé teann tighid na deamhain nímhe ó Aiceron chlaon 'S an cam-shaoighal sleamhain slím dom mealladh gach lae, An tsanntaidheacht 'na splanncaíbh ag spalpadh na mbréag Is fann chlaoidhfe an mhodhmhail mhíonla a n-acmhaing go léir.
Rogha Ríogh an domhain bhraoinigh fhairsing an bhé Is logha líonta ag labhairt trí n-a hainm do ghlaodhach is fonn línn a fabhar-ghlaoidhach go dtagaidh an t-éag Go ngabhaidh Críost 'na bhogha-líon ár n-anam tar 'éis. - Amen. 125 - An tan do bhíodar gaoidhil in Éirinn beo. Nuair do scríbh Diarmuid Ó Súilleabháin .i. mac Domhnaill Mic Fhínghin Chaoil, an iarracht san "Níor bhfeasach sinn i gcríobhaibh Éibhir Mhóir." An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beo Ba lasmhar líonmhar laoithe is léigheann go leór, Ba rathmhar righin-ruisc ríghthe ag réidhteach leo 'S ba ghasta gnaoi-ghlan gníomhdha Gaedhil i ngleo. Ba thaitneach taoisigh tíre ag téacht le tóir, Ba scaiptheach scaoilteach sceimhealta scéamhdha scóip, Ba mhaiseach míonla mín-chnis maordha modhmhail Gach ainnir chaoin de phrímh-shliocht Éibhir Mhóir. Dá maireadh sinsear saoithe séadmhar soghmhail - An t-athair Muimhneach linn dá nglaodhtar Eoghan, Mac Airt mic Chuinn nó buidhean na Féinne fós Do chartfadh gaill mar chaoirigh tréada i gcró!
Dá mairidís an bhuidhean tug tréan-troid slógh I gcasmairt buidhne Chuinn na gcéad-chath 's Éoghain, Ná cath na hAoine do chlainn Thurgéisius threoin Ní reachadh gaill in íorghail faobhair leó.
126 - Atáid clanna na ngaedhal go léir i dTuirse Atáid clanna na nGaedhal go léir i dtuirse Tréith gan sult gan subhachas, Gan taisce sa tsaoghal go taommhar tur Gan saoghaltacht stuic ná connradh; A bhflatha go faon acht pé caogad mion Ón éag do rith gan túrnamh, Fá tharcuisne ghéar i bpéin 's i mbroid Ag béaraibh briste brúighte. A fharaire fhéil-ghlic léigheanta shultmhair 'S a ghéag na gcuisleann gcumhra, A thaca na héigse, a scéimh 's a gcruth, 'S a chléirigh chruinnigh chúirtigh, Aithris dam féinidh, sléacht is innis, Déin - ná coinghibh rún air - An fada bheidh Gaedhil bhoicht fé gach coiste Daor dá bhfuilid fútha? A dhalta na mbéithe maordha miochair, Éist le cruinneas cunntais, Go bhfuil eascaine Dé, do réir mar chitear Claochladh righthe is triúcha Ag fealladh ar a chéile, claon is cuime, Craos is iomad drúise, Aitheanta naomhtha na cléire bhriseadh 'Sé do chuir amudha sinn.
Do chaitheadar téarma caogaid go leith Gréine ag cur a gcúrsa Gan eagla Dé ná géilleadh 'o Mhuire Acht ag réabadh dlighthe rúmpa; 'Sé eagna Dé agus éigne cirt Do réin don fhuirinn sciuirse Ler greadadh go haeibh gach n-aon againn Ón aodhaire gonuige an prionnsa. 'S a dhalta mo chléibh ná géill gur cion Ar thréadaibh chloinne an bhrúdaigh 'Na bhfuil rachmas is saoghaltacht Éireann uile Fé n-a gcumas, fútha; Carrbhus, craos is bréithre buile Is baoghal go bhfuiltar chucha De dheascaibh a dtréithe féin go mbuinfear Éigean cirt den chomplacht. I mbeatha na naomh gan bhréag do chibheam Bréithre is milis liúm-sa - Gur chaitheadar tréada an Bhéarla bhuirb An léagsa a cuireadh chucha; Ní fada mo shaoghal cé haosta roimhe Mé chun go bhfeicead brúdaigh Dá nglanadh as gach aol-bhrog aerach slinne Is Gaedhil 'na n-ionad subhachais.
129 - An Brannda A dhalta dhil dár radas-sa m'annsacht dian Geallaim dhuit go rachainn-se cídh fann mo rian 'Ot fhaicsin-se le carthannacht in am gach bliadhain Acht ar eagla bheith trascartha ag an mbrannda thiar.
Ní seascaireacht fé ndeara dham ná clampar fiach, Ná anbhfann do chrapfadh mé, mo cheann cidh liath, Ná seachaint dul tar garbh-chnocaibh reamhra liag, Acht ar eagla bheith trascartha ag an mbrannda thiar. Eascara don anam é agus namhaid do Dhia Do leagas cuirp dá chalmacht gach ball na mbiaid, Glaise Styx is aisti stilleadh brannda riamh, Nathair nimh' nach annamh tug mo cheann gan chiall. Is cleachtadh leis an leanbh mbeag cé gann a chiall, Nuair shatalas ar aithinn ná ar a shamhail de phian, Go seachnann an lasair sin gach ball dá thriall, Is ní taise dham roimh ragairne an bhrannda thiar. Glac-sa sinn óm theachtaire, 's is gann liom iad, Mo scata bruinneal gan faice bruit ná beann dá riar Tabhair cuid dot bhanaltrain is ceannsa mian Is gabhaid uile im ainm-se dot chlann it rian. An Ceangal: A shuairc-fhir ghroidhe do ghní an greann is an sult, Ní fuath dot mhnaoi ná dhíbh tug mall mo dhul Ná fuath don tslighe cé coimhtheach reamhar na cnuic Acht fuath mo chroidhe do bhíos don bhrannda agam!
130 - A fhlaith gan bhéim 's a shaor-fhir chlúmhail Comhairle an fhile d'Ó Súilleabháin Mhór chun toghtha céile. A fhlaith gan bhéim 's a shaor-fhir chlúmhail gan cháim Is taca 'on chléir, is spréidh 's is cúl don dáimh, Fearta Dé is tú féin ag scrúdadh an cháis 'S ná beidh le glaodhach tar héis "Uí Shúilleabháin." Is bean is spréidh má's féidir súd leat dfhagháil Bheith maiseach béasach tréitheach d'úr-fhuil áird, Snaimidh léi mun séanaidh thú le plás Is gaibh-se léi dá mbéadh gan púnt 'na láimh. Ceap is préamh na nGaedhal dá múchadh ar lár, Is leagadh is créim don taobh so is súd go bráth; Glac-se saor is léigim chughat le grádh Mo theagasc céille ón nGréig den chrú noch dfhás. Ainm an duine noch d'imigh 's ná fágann mac Ainm ná cuirtar i gcroinic i gclár ná i gceacht, Ainm do scriostar go minic tar fál amach is lastar 'san teine mar nidhthibh ná fásann glas.
Teascthar 'san chistin an inighean bhláth bhog thais Is gabhaidh le broinneal gan pingin, má's gádh, ná ba; Ná castar 'na coinne gan ise den árd-fhuil cheart 'S gur measa dhuit tuitim do chloinne má táid le teacht. Cairfead-sa i dtuigsint go bhfuilim de bhláth na bhfear, Ainm nach mioscais, is bainidh-se an fáth sin as; Stadaim den ghliogar - níl a thuille le rádh agam leat Acht nára fada liom feitheamh go bhfeicinn roimh bhás do mhac. An File ag déanamh a leith-scéil leis an Árd-aingeal toisc gan acht gandal do bheith aige in onóir Féile Míchíl. A Mhíchíl do chídh sínn ar easbhaidh an annlainn Ar fhíoghraibh gan ím, saill, ná bainne gamhnach Fá dhaoir-chíos don ghaill-bhuidhin-si chreach na ceanntair Mar dhíolaidheacht 'san chuibhrinn sin glac an gandal! Glac gandal san am so, a Mhíchíl aoird, Is cé crannda lag fann me go síorraidhe 'om shnoidhe, Franncaigh 'san cheanntar dá dtigheadh díobh puinn Do gheallfainn-se reamhar-mhart mar chuibhrinn díbh!
Isé m'amhgar gan teannta lem dhrom agam 'S níor ghandal do b'annlann Dé Domhnaigh im thigh Acht reamhar-mhart nár ghamhnach is togha na molt Is brannda maith Franncach le toll an tuirc! 132 - Do thráigh féile na hÉireann Do thráigh féile na hÉireann mar áitigheas clú, Is dfhás béim ar an laochra do ghrádhadh í ar dtúis; Crádh géar ar an éigse nach básuigheann cumha Is gáir Bhéarla gan éifeacht ag páistíbh búr. Níl féile in éinneach is tá sí ar gcúl, Is an Ghaedhilg, mo léir-chreach mar bádhadh í siúd; Spéir-choch ar éadan gach gáirlín cnúmhaigh De bhréin-tsliocht na ndaor-chlann do ghnáthuigheadh triubhas. Is péirbhic go dréimreach 'na bláth-luighe ar chúl Gach sméirle dá ngéilltar sin árthraighe is púint, Is an méid de shliocht Éibhir dá ndáiltí clú Fá ghéar-smacht ag daorscar na gcáisí bhrúghadh. Isé bhéir me ar thaobh cnuic i gcáibín chumhang Ag éagnadh mo phéine is me im ghnáth-luighe im lúib - Éileamh is tréin-rith ag báillí chugham 'S gan éinne beó 'e Ghaedhlaibh ba scáth dín dúinn!
Saerbhreathach éachtach 'na lán-luighe in úir, Is ceile na Claonghlaise is crádh croidhe liúm, Scéal guirt tug saobh-luisne Chlár mhín Mumhan Muna réidhtear le haontoil an Áird-ríogh a bpúdhair. A Dé dhil fuair céasadh agus Páis trím chúis Ler saoradh sliocht Éabha ó cháintí an ubhaill, In éiric do phéine agus tairngí it bhonn An uair éagfam beir saor sinn gan spás fít mhúr!
133 - Mo chiach atuirseach an trascairt sin Nuair bronnadh an teideal san Tighearna Chairbreach ar Sheóirse Íbhans. A.D. 1715. Mo chiach atuirseach an trascairt sin ar phór Mílidh I ngliadh ag danaraibh gur scaipeadar fá chóigcríochaibh; An trian mhaireas insan mbaile aca gan fód dílis Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a Sheóirse Íbhans! Triath Bhreatan toir ag fanatics gach ló ar díbirt Is triath Cheanannais in' aice sin gan slóghbhuidhne, Triatha Alban gur chaitheadar dá ndeóin stríocadh Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a Sheóirse Íbhans!
Triath Pharrthais gan bailte puirt a mhóirshinsir Is triath Cathrach in' aice sin go ró-chlaoidhte, An triath is neasa liom gan sealbh aige i bhfód Faoide Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a Sheóirse Íbhans! An triath dearbhtha sin Chairbreach go ró-mhaoidhte 'S gach triath fairis sin den Chairbrigh 'san móir-thimcheall, Triath Seanaghlais in Hamburg 'sé is mó chaoinim Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a Sheóirse Íbhans! Triath Seanaide gan labhairt air 'san chóig choidhche Is triath calma na Carraige nach eól díbh-se, Triath Cheanna Tuirc ná habarthar a shórd tríotha Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a Sheóirse Íbhans! A Thriath cheannasaigh do cheannuigh sinn let mhór-dhaoirse, Triatha Bhanba gur feasach duit dot dheóin díogtha, A Dhia, an gcasfair-se an mhalairt sin go deó choidhche Le nach biaidh Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a Sheóirse Íbhans!
134 - Níor bhfeasach sinn i gcríochaibh Éibhir Mhóir Níor bh'fheasach sínn i gcríochaibh Éibhir Mhóir Theas ná thíos i dtíorthaibh Éireamhóin, Leath a gcíos le hím do dhéanamh dóibh An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! Ná an mart do dhíol ná saill na gcéis ba mhó, An chearc, na huibhe, na laoigh, na héin, na sóirt, Ná an bainne bhí ar feadh mí 'san gcré ar feódh An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! Gach bodach díobh do bhí gan béarla beóil, Ná teacht thar síoda timcheall fé n-a sceóig, Ná hata mín, dar linn, ná éadach crón An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! Ná ar chaile an gheingce, síoda, stays ná clóc, Scairf ná frínse uimpi, créip ná sróll, Hata tuighe, ná aoirde fé n-a bróig An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! Gach caile dhíobh do bhíodh gach lae 'na gnó Is gach bodach díobh do bhíodh gan réal ag rómhar, Nó seal 'san choill chum cíosa dhéanamh dóibh An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! Ní caithtí snaois, is ní bhíodh téa aca ar bórd, Ná brata síoda choidhche ag séide a srón, Ná fean ag mnaoi chun gaoithe théacht 'na cómhair An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!
Gach bathlach bhíos le síoda ag séide a shrón, Is a chaile bhuidhe de mhnaoi i ndaor-bhrat sróill - A athair roimhe do bhíodh ag aodhaireacht bhó Ar tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! An aicme bhíodh i dtrínse cré agus fód Ar eachaibh suidhid is frínsí fé n-a dtóin, Geallaim díbh go fíor nárbh é ba nós An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! An brat do bhí ar Leath Chuinn do thréig ár dtreóin Do leath aníos ar ínse Fhéidhlim ceó - Ná brat an díola, nídh ba chéasta leó An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! An tráth do bhíodar Gaoidhil go féastach sóghach Fleadhach fíontach fíochmhar séadach sóghmhail Dáimh is draoithe is daill ag téacht 'na gcómhair An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó! Stadfad díobh, ní mhaoidhfe a dtréithe nóis, Feabhas a dtigheas, a ngníomh, is a gcéimeann fós, Níl agam ím le díol ná tréadtha bó Is rachad choidhche arís ag déanamh bróin! Dá gcasadh Íosa Críost le tréin-neart slógh Go ceart a shinsear an rí seo Séamus Óg Do scaipfeadh gaill tar tuinn gan téacht go deó - Do phreabfadh Gaoidhil arís go hÉirinn beó!
135 - Och! is cásmhar mise go huireasbhach Don tubaist, mar leanas. Och! is cásmhar mise go huireasbhach tuirseach déarach Tar sáile ó d'imigh an fhuireann sin mhaithibh Éireann, In árus chonnail ó cuireadh me i ngoimh na déarca Is a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Ó thárla mise fé chumas na ngalla-dhaora Gach lá go hioscada i bpluide is me ag cartadh caothach Potáta is uisce is de is minice chaithim béile 'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Atáim ársa liodartha, foirbhthe - chailleas m'éisteacht - Fuaireas ré 'nar thuiteas - do bhain an uileghéim díom - Mo chóta briste ar m'uilleanna is me gan léine, 'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Ól ná imirt níl ionnam, ná sult do dhéanamh, Ceol dá sheinnm ní chloisim mar chleachtadh Gaedhlaibh, Uchón do thuiteas in umar na haimiléise 'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise thréigean!
Atá an saoghal so ag tuitim im choinne, 's is misde mé sin - Mo chéile is mise gan choinneal ag ithe ár mbéile Re haer na teine gan chuideachta acht sinn 'nár n-aonar, 'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise thréigean! Is deimhin dá dtigeadh tar uisce chughainn maithibh Éireann Fá mheadhair i gcumas chun siosma na cogadh dhéanamh Do bheadh Tadhg is tusa agus mise in arm gléasta Ag roinnt na tubaiste ar fhuirinn seo an ghalla-bhéarla! An Ceangal: Atá an aindeise dom leanamhain féin de ghnáith, Is dom baramhail níl scaramhaint agam léi go bráth; Dá ngeallamhainn di baile agus leath Éireann dfhagháil Uch! ní ghlacfadh gan mo leanamhain dá dtéighinn don Spáinn!
141 - Ar lagadh na Féile Mo chráidhteacht gan dán suilt dá shníomh ná greann, Dánta le cláirsigh ná gaois dá labhairt, Ón mBlárnain 'san lán san go Baoi is leastall 'San áit sin gan trácht air acht ím nó a adhbhar!
Is é adhbhar an ime an druimfhionn d'atharrughadh i bhféar Is na samhaisce doirthe ón imeall do bheartughadh léi, Gach crabhdán tsingil dá laige do cheartughadh fé Is gach gamhainín boineann dá bhfeicid do bheathughadh ar méis. A beathughadh do dhéanadh mar aon le duine dem chloinn, Deir an bhean úd é - ní baoghal ná tiocfaidh in aois Ní cailleamhaint é má néidheann seacht scillinge 'e chíos - Mo chathughadh cléibh mar phléidhe in ionad an ghrinn! In ionad an ghrinn do bhíodh dá threasughadh uair Ó imeallaibh Baoi go Laoi is go Deasmhumhain tuaidh Ní chluinim-se nidh acht críoch nó ceartughadh ar bhuaibh Nó siosma ar ím dá dhíol, mo chathughadh is truagh! Is truagh liom an cruadhtan 'na bhfuilid na Gaoidhil, Dá ruagadh gan tuairisc ag dlighthibh an ghaill, Is na huaisle ar a bhfuaradh gan fuinneamh san chill Go bruachaibh na gcuanta in ar cuireadh an t-ím.
An t-ím ní chuireadh an fhuireann so chúcha thoir, Ná an smísteach saille acht a hithe go húr istigh; Do bhíodh daoine singil ag imirt is ag lúth 'na dtigh - Is míle milleadh ná feicim mar chúrsa anois! Anois níor chás dá lán bheith fialmhar fionn Tigheasmhar páirteach grádhmhar ciallmhar clúmhail, Tá daoine sámha i ngach áit noch dfhédfadh súd Ná síneann lámh chum cách dá riar le fonn. Fonn féile ar éinne ní bhfaghaim go bhfuil Den tréad so go déadhnach noch d'adhain an sioc! Gach crú léigfeadh an saogal ar aghaidh ag rith Mo chumha chéasta, dá dtraochadh nó i ngreim fé lic! Fé'n lic curtha tá an fhuireann do b'fhéile nós Nó tréigthe singil, dá mbriseadh gan tréad gan stór, Is an té ná cuireann acht bliodarnach ghéar ar bórd Lán de mhustar gan sireadh ná téacht tar feóil! Feóil ní chuirid dá ithe acht martas táire, Nó an bhó thuigid bheith tirm de cheal a dártha, Nó an bhó thuiteas i laige ar theacht an Mhárta, Is gan bhó go bhfeicead-sa an fhuireann so in aistear tháinig!
Tháinig a lán aca in aistear mar adubhart Nách gnáthach ar a gchláraibh mar bheatha ag teacht suas Acht bláthach le potáta nó bainne lag-fhuar Cíodh hárd bheid amáireach ar eachaibh 'san tsluagh! 'San tsluagh nuair thigim ní fheicim go mórdhálach Acht an sluagh do chruinnigh le huireasbhaidh mór-fhagháltas, Nó an sluagh do chuireas chum suime gach sórt fhásas - Is sluaighte an oinigh go singil, mo sceól cráidhte! 142- Tá fuadar séin féd ghille mear Ag cur leis an iarracht san "Mo ghille mear" ag Seán Clárach Mac Domhnaill. Tá fuadar séin féd ghille mear 'S beidh sluaighte fé ag tigheacht tar lear; Ruaigfe sé As a dtuathaibh séin An chuaine chlaon so síoch 'na gceart. Ní scuirfidh na slóighte is mó dá gcrú-chur - An tÍmpire comhachtach mór 's a dhúthchas, 'S an ríoghain óg de phór an fhiúntais Go gcuirfid gan chóir an chóip sin Liútair. Tá Laoiseach mór i sógh 'san gcomplacht, Ag síor-chur leó, 's ní fólta an congnamh; Níl tír ná póirse ná tógfaid rúmpa Le fíor-neart slóigh agus fórsa púdair.
Táid na saoithe is mó fí bhrón i Lonndain De dhruim na sceól so seóltar chucha; A bhflít cidh mór 's a bhfórsa tonntach Ní thigheann leó pórt do dhóghadh ná dúthaigh. Sul dtighidh foghmhar nó dhó, dar liom-sa, Beidh Stíobhart Mór Óg 'na ndúthchas, 'Na shuidhe sa choróin fí scóip i Lonndain 'S muna stríocfa Seóirse is dóigh go liughfaidh. Beidh buadh agus réim led ghille mear, Is ruaigfe sé na gaill tar lear; Beidh uaisle fé 'Na dtuathaibh féin, 'S mar luadhaim im scéal-sa guidhim a theacht!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services