Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Mil na hÉigse

Title
Mil na hÉigse
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1760
Publisher
(B.Á.C.: Brún agus Ó Nualláin Teor, 1945)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A AINNIR MHIOCHAIR BHLÁITH



Mícheál Coimín cct. chun Harriet Stacaból



A ainnir mhiochair bhláith n-a dtug mo chroidhe dhuit grádh,
Is grádh é gan bhaois gan bhréagadh,
Grádh gan tnúth le tréad, grádh gan súil le séad
Is grádh é gan smúit gan éilneadh;
Grádh ó thúis go fás, is grádh ó aois go bás,
Is grádh é raghaidh go dlúth i gcré liom;
A chumann dhil mo láir, ná diúltuigh-se mo pháirt
Is gur b'annamh é le fagháil ag aon bhean.



Aon bhean níl le fagháil ag a mbeadh rún nó
fios mo cháis
Acht an fhaoileann ó's í do bhreóidh me;
Mo leigheas-sa níl le fagháil, mo leigheas i
luibh ná ag leagha,
Mo leigheas-sa níl acht ag bláth na hóige;
Ní aithneochainn lon tar chuach, ní aithneochainn
teas tar fhuacht,
'S ní aithneochainn-se m'fhuath óm chomhaltaibh,
Ní aithneochainn an oidhche ón lá acht d'aithneóch
mo chroidhe mo ghrádh
Dá dtagadh sí le páirt dom fhóirthin.


L. 31


Fóir, a chumann cléibh, tabhair póg ót mhilisbhéal,
Is tóg-se chugat féin ón mbás me,
Ná hórduigh leaba chaol i gcomhrainn chluthair
déil
I gcomhgar an daeil agus a cháirde;
Ní beó mo bheó tar t'éis, ní glór mo ghlór acht
gaoth
Níl snódh orm, ná saoghal ná sláinte,
Acht go deórach brónach faon, gan ceol, gan
spórt, gan réim
Le mór-bhroid i bpéin 's me i ngrádh leat.



Grádh do thugas féin, is grádh do chuir me i
bpéin -
Grádh é gan choir gan chlaon gan cháirde
Don bháib is mílse méinn 's is breaghtha cruth
is scéimh
Tar mhnáibh na cruinne an bhéith is áilne;
Mo chumha, mo dhíth, mo léan gan mé is an
fhaoileann tséimh
In Árainn thoir i gcéin ó ár gcáirdibh,
Ba ghrádhmhar cluthair séimh le páirt do
dhruidfinn léi,
Fí bharr na duille craobh go lá geal.



Is geal a píob 's a brághaid, 's is geal a clí
gan cháim,
'S is geal a croidhe gan tlás gan amhgar,
Is deas a braoithe breagha 's a mala chaoil
gan cháim
'S a leacain ghrinn atá mar bhláth an
tsamhraidh,


L. 32


Amharc a righin-rosc réidh chuir dortadh saighead
im thaobh
'S do shlad mo chroidhe go bráth le greann
di -
An bhean is mílse cáil, an bhean gan roinnt
mo ghrádh,
An bhean do leigheasfadh fáth mo channtlaimh.


L. 36


B 1839c 19L
U Mícheál de Búrc



8 - Oidhche na Gaoithe Móire



Ar Oidhche Cinn an Dá lá Dhéag beidh cuimhne
grinn go héag
Óir is iomdha duine d'éaga' i mbailte i muir
's i dtír;
Oidhche ghaoithe móire, oidhche shlaid is dóighte
Oidhche coillte is crainn do stróiceadh agus
obair dhaingean shaoir.



Oidhche uailleach scréacach fhuaimneach stoirmeach
ghaothach,
Is duine dall nach léighfeadh cumhachta an
Áirdrí thuas;
An domhan uile ag géimneadh, an mhuir mar
gheilt 's í ag léimnigh,
Eallach, dúile is créatúir in eagla is i nguais.


L. 37


An talamh ar crith le buaidhreadh, peacaigh ag
caoidh is ag ualfairt
Ar feadh an bheagán uaire do shínseáil Dia a
ghnúis;
Tug ordughadh annsin don ghaoth úd séideadh
láidir léithi,
Clocha is crainn do réabadh agus tighthe
thabhairt anuas.



Ní túisce dubhairt na briathra 'ná chughainn ar
ball aniar í,
Cubharach, fíochmhar, fiatamhail, ag briseadh in
aghaidh na trágha;
An mhuir go feargach traothach ag coipeáil
leis na réalta
Tar éis na mílte céad insan dubhaigéan do
bháthadh.



'S do báthadh ar fad an saoghal so mar bháidh
fadó an díleann,
Éanlaith ainmhidhthe is daoine acht Nóah
fuairtheas fíor
Mura mbeadh gur cheap an tÁirdrí teórainn
ins gach tráth dhí
Nach dtrasnóch' sí go bás nó go gcaithfeadh
fanacht síor.



Acht thóg sí suas an sáile 's ag coipeadh dhi go
láidir,
Dfhearthainn, is ní mar ghnáth, nach bhfeacthas
fós ariamh -
Tuilteach ceathach tréanmhar, salann-bhraonach,
géarmhar
Ag sailiughadh bánta is féartha agus fraoch
glas ar shliabh.


L. 38


Is duine dall gan léargas nó amadán gan
éirim
Nach gcorroghadh an oidhche léin sin a chroidhe
istigh 'na chliabh,
Nó nach smaoineóch'ar an lá úd chuirfeas
críochnughadh ar gach náisiún
Crith-eagla ar gach nádúir is an breitheamhnas
ag triall.



Cuimhnighidh sibh-se, a dhaoine, go dtiocfa lá na
críche
Chuirfeas deire leis an saoghal so is gan fios
againn cé an spás,
Acht do réir mar deir an scríbhinn go dtiocfa
nuair nach sílfear
Mar an gadaidhe insan oidhche nó an gruagach
slada, an bás.



Glacaidh sibh-se comhairle in aois bhur neirt 's
bhur n-óige,
Bhur gcunntas bheith i gcóir agaibh, 's an
aithrighe dhéanadh in am
Nó tiocfa lá bheas brónach nach mbeidh áird ar
bith 'nbhur nglórthaibh
Dá leaghadh sibh le deóraibh na súile istigh
'nbhur gceann.



Tá sé againn scríobhtha de bharr na n-eólach
naomhtha
'S ó bhéal an Spirid Naoimh tabhartha síos i
dteampall Dé,
Barr os cionn na mílte go mbeidh trioblóid
mhór i dtíorthaibh
Cogaidhe idir ríghthibh, gorta, plágha agus éag.


L. 39


Acht níl ionnta ar fad acht súgradh i bhfarra
gaoithe móire is túrnaimh
An talamh ar crith le scannradh is an teine ar
fad dá chrádh;
Siné críoch gach sciúrsa, siné críoch ár gcúrsa
Siné críoch gach cunntais is gan fios againn
cé'n lá.



Bígidh ar bhur ngárda níos grinne feasta, a
cháirde,
Mar champa ar na hárdaibh in aimsir cogadh
a thriall
A bhíos réidh ar an dtáirnge le troid in aghaidh
a námhad,
A gcuid arm ina lámhaibh is gan duine ag
fanacht siar.



Screadaigí ar Mháire dfhonn impidhe ar Rí
na ngrása
Bhur seachaint is bhur sábháil ó ghéar-bhroid
an tsluaigh,
Diabhla is craosach líonmhar do claoidheadh
leis an mnaoi sin
Agus le n-a hAonmhac Íosa do rug ar ifreann
buadh.



Má thóigeann sise lámh libh sin treise libh an
lá san,
Buailfe sibh bhur námhaid le congnadh bhur
gcara chaoimh,
Óir ní thiocfa choidhche 's ní tháinig cara chaoin
níos fearr daoibh
'Ná bainríoghain gheal na ngrása na n-aingeal
is na naomh.


L. 40


Tá, a dhaoine, an dán so scríobhtha síos i
rannaibh daoibh-se
Chomh maith agus do b'éidir le ciall a chur i
bhfuaim,
Óir tiocfa fós an aimsir nach mbeidh fhios cé
dubhairt an chaint seo
Ná cé'n tír ná an teampall 'na gcodlóigh' sé
go suan.



Míle is ocht de chéadaibh, naoi agus trí de
dhéagaibh
Siné dáta an téarma go nuige an lá den mhí
Ó rugadh Críost ó Mháire i mBethleham sa
stábla
Gur éirigh an ghaoth anáirde ag leath-uair tar
éis a trí.


L. 41


B 1770c 18D
U Anaithnid



9. - Mo Shlán leat, a Mhuirisc



Mo shlán leat, a Mhuirisc bhreagh shéimhidh shuairc
'S do na sléibhtibh breagh deasa bhídh a ndeas
is a dtuaidh;
Ba bhinne liom guth crotaigh ag siubhal ar an
dtráigh
'Ná ceólta na cruinne an taobh so den Chlár.



Do gheall mé gan amhras umhlacht don chléir
Is mo thoil féin do shéanadh ar a dtoil-sean
go léir;
Isé sin dfhág mise insa tír seo go buan,
Nó ní thréigfinn-se Muirisc ná aoibhneas na
gcuan.


L. 42


Má mhairim-se féin go ngoirfidh an chuach
Rachad go Muirisc is déanfad ann cuairt;
Níl na daoine annso mar chleacht mise
saoitheamhail ná suairc
Acht mar íomháigh de dhair coille a ceapfaí
le tuaigh.



Freagra air sin, ag Seán Ó Modhráin, gabha:



Bíonn fraoch cruaidh casta thiar ar an gCruaich,
Bíonn sioc uirthi, fearthainn, gaoith, sneachta
agus fuacht;
Ní faochain chleachtamaoid-ne ná báirnigh go
buan
Acht arán geal cruithneachta, is níl sugh
eornan uainn.



Mura mbéinn-se ag géilleadh do Rí gheal na
ndúl
'S don chléire ró-bheannuighthe ag ar fhág sé
gach cumhacht
Ní léigfinn leat masladh na tíre chun siubhail
Ná le haon neach dá maireann, a Athair
Uilliam de Búrc.


L. 46


B 1745 18L
U Éadbhard de Nógla



11 - An gCualabhair sceólta leóghain an deagh-chroidhe?



An gcualabhair sceólta leóghain an deagh chroidhe
Tug cuaird tar bóchna ar bórd le fastaoim
Is gan 'na chomhair chun gleó acht lag-bhuidhean
Cé chuir sé slóighte Sheóirse i gcreathaíbh.



A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe
Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín!


L. 47


Rinnce nódh mhúin dóibh tré shneachtaíbh
Ó Albain mhóir go teóra Charlísle
Wade is Cope cé mór do meastaoi
Le síol na leógan gcródha smachtuigheadh.



A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe
Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín!



An bhuidhean do chomhnuigh go nód 'na chathaoir
Síol Hanóbhar is Sheóirse an chaipín
A Mhanifestó ar an mbórd ní ghlacfaoi
Cé bhí a gcór ag fógairt cnaipí.



A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe
Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín!



Ní harmáil mhór ná teóra ballaí
Do choimirc mo stór-sa ar an gcóip gan charghaos
Acht fearta na gcomhacht dá sheóladh i leath-taoibh
'S an Bhanaltra chóir bheir lón don Phaidrín.



A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe
Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín!



Is geallaim díbh fós, a shlóighte an deagh-chroidhe
Do ghlacann go cóir an lón ón gcailís
Go bhfuil aca i bhFlóndras mórdhacht cathaidhe
Do cheapfaidh a ghnó fá'n bhfoghmhar dom
ghaiscidheach.



A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe
Is fá n-á dheóin och! ólam cainnín!


L. 48


Tá dalta Bhriain Bóirmhe ó bhórd an Phairtín
Is cara na leógan gcródha ón nglan-Laoi
Fuair gairm nár bhfólta, fós dé Anbhílle
Ag teagasc mo stóir-se i gcomhair na
scathaí.



A shláinte dh'ól ba chóir a thaithighe
Is fá n-a dheóin och! ólam cainnín!



Mac Eachaidh 's a shlóighte mórdha ag teacht
síos
Fara na comharda fós ón bhfear mbuidhe
Is cara don leogan óg so ó Mhadraoid
Do chasfas mo stór-sa fós 'na chathaoir.



A shláinte dh'ól ba chóir le deagh-chroidhe
Críoch mo sceóil i mbeoir 's i ngealfíon!


L. 48


B 1748c 18L
12 - Is cráidhte an scéal so léightear dúinn.



Nuair socruigheadh ar Chonnradh Aix-la-Chapelle, a.d. 1748.



Is cráidhte an scéal so léightear dúinn
Noch dfhúig sinn lán de bhrón
Go ndearnadh réidhteach clé 'san chúis
Ler túrnadh táinte i ngleó;
Gan fagháil ar chéile ag Éirinn bhúidh
Ná áireamh réx ar Shéamus fhionn
'S mo ghrádh gheal Séarlus tréith, dar liúm,
M'úileacán dubh óg!


L. 49


Tá ráib an Bhéarla réidh 'san chúis
Le prionnsa Pháris mhóir
'S an stát ón Haolland tréan 'san chúirt
Fuair brughadh agus cárnadh i ngleó;
Tá an Spáinneach maol gan faobhar 'na lúib,
'S Don Carlos réx ó Naples chughainn,
'S ní cás liom é acht mo thréin-fhear dubhach,
M'úileacán dubh óg.



Tá Máire, an chael-bhean mhaordha ar siubhal
Gan congnadh dfhagháil chun bróg,
'S gan dfhagháil de réim dá céile acht Diúic,
'S ní cumha liom fáth a ndeór;
Tá stát Genébha saor gan smúit
'S an sáir-fhear séimh Modéna subhach,
Mo lá is mo léan gan éinne dubhach
Acht m'úileacán dubh óg.



Is tú grádh go léir na cléire ar dtúis
Mo riún 's mo ghrádh do chló,
Is tú grádh na mbéithe mbéasach úd
Le fonn do thrácht id dheóidh;
Is tú grádh ban Éireann d'éag le cumha
Is gráine id éagmuis déantar liúm,
Is grádh Mhilesius fhaobhraigh thú
A úileacán dubh óg.



Beidh ráidhte scéal gach féile ar siubhal
'S do bfhiú liom trácht 'na gcomhair,
'S dá bhfághainn-se cae bheag téacht 'na gcúl
Ó shúilibh námhad sa ghleó;
Tá an báire ar thaobh lucht pléasctha mionn
Is páis dá réabadh ar mhéith-mhart úr,
'S mo pháiste féin go tréith ar gcúl
'Sé m'úileacán dubh óg.


L. 50



Atá gach séice thréig na húird
'S do dhiúlt don Phápa nódh
Dá rádh le chéil'gur tréigeadh thú
'S nach fiú leó trácht id ghleó;
Mo lá gan éacht is bréagach súd -
Beidh lá ag an bpaorach d'éis gach pudhair
N-a bhfághthar traochta a ndaor-chuirp súd
Ag m'úileacán dhubh óg!



Óráid Cheangail:
A Mhária ghléigeal chaol gan smúit,
Cuir liúm gach tráth det dheóin;
A Mháter Iésú, glaodhaim le fonn
Cuir congnadh grása im beól;
A Áirdmhic Dé tug Maeis 's a dhrong
Ó Pháró saor gan baoghal sa tsiubhal,
Mo Pháter léighim 's mo Chréidh tré rún
'S tabhair lonnradh lánmhar dóibh.



B 1758c 18L
13 - Is fada fé chiach me gan riar ar dhántaibh.



Is fada fé chiach me gan riar ar dhántaibh
Ag síor-chaoi im intinn fáth mo bhróin
In Alba ó rianadh fiar-chath námhad
'S mo shíogaidhe groidhe dá chárnadh i ngleó;
Do cheangail go dian an liach so im lár-sa
Gur aiseag mo chiall im chliabh le ráithe
An báire curtha ar ghárda an uilc is fíor-ghníomh
áthais
Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg!



Barra gach gliadh in iaithibh tá againn
Is fíor-chloidheamh Laoisigh láidir mhóir
Tug Braddock 'na chriaidh le bliadhain 's a ghárda,
'S is díobhaidhe 'on bhuidhean do thrácht 'na
gcomhair;


L. 51


An machaire stiallta ag fiann den áitreabh
Go ngearraid a gciabha le scianaibh bearrtha
Bheir gártha guil ag mnáibh go tiugh 's is caolbhinn
áiteas
An Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Tá Gallisioniere 'na chliath ar lán-mhuir -
Mo shíogaidhe taoisigh tábhachtach beó
Is Mac Con Mara 'na sciath de thriathaibh Dhál gCais
'S ní díth linn Byng mar atá fá bhrón;
An chathair gur rianadh 's a cliabh gur bearnadh
Gur smachtadh go dian an gliadhaire Blácaigh
Is fearrde me go bráth anois 's is fíor-chaoin
fáilteach
Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Tá ceangailte ar shrian 's i riaghail chirt
Máire
An chaoin-mhín ríoghain gan cháim 'na cló
Do tharraing 'na diaidh aniar an Spáinneach
i bhfíor-chuing dlighe gan trághadh go deó
Don Carolus ciallmhar, triath Iodáile,
Mar Aicil 'na rian ag triall 's a ghárda
Le fáscadh cloidhmhte is dásacht buile stríocfaidhear
bearna
Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Tá bagairt le cian ar Thighearna an Chláir ghil
Do thigheacht fí'n tír le táintibh slógh,
Ag trascairt na bpiast fuair biathadh ár
n-áitreabh
'S is cuibhe trí dhíograis a shláinte d'ól;


L. 52



Mo lagar ná fiadaim triall 'na dháil sin
Mo bhaitheas cé liath agus fiaradh im chnámhaibh
Do ghearrfainn tuirc mar chárnadh guirt le
faoibhar nimhe mo shnáthaid
Dom Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg.



Aitchim-se Dia go dian 's a Mháthair
Go soillsighidh an bhuidhean atá san ród,
Go bhfaiceam gach bliadhain ag triall a ghrása
Cé síorraidhe sinn i gcáim gach ló;
Paidir is Criadh le mian is Ábhe
Ár mbearta cé fiar scrios iad le fána
'S ar ghráscar uilc gach bearna scuir dom
shíogaidhe ghrádhmhar -
Mo Chraoibhín Aoibhinn Áluinn Óg!



B 1795obc 18D



14 - NÍL FILE 'SA TÍR NÁ SIOLLAIRE GRINN



Níl file 'sa tír ná siollaire grinn,
Ná Pilib 's a phíb 's a mhálaí
Ná cuirfeadh a suim sa bhruinneal so mhaoidhim
Dá ngoireathar Babaití Dálaoi.



Tá luisne 'na gnaoi agus deise 'na braoi,
Tá féire 'na dlaoi-fholt fáinnidhe,
Tá gile ina píb is cruinne ina righe -
Mo scéal ar Bhabaití Dálaoi.



Na céadta curadh go dtéighid i luige
Le héigean cumainn don bháibín,
'S gur baoghal gur duine dhen tréad-san mise
Ní ghéillfidh Babaití Dálaoi.



Dá bhfeiceadh Mac Prím an inghean ró-mhín
Fó dhruidim don flít tar sáilíbh,
Go dteipfeadh dá choimheascar teine agus cloidhimh
Le méinn do Bhabaití Dálaoi.


L. 53


Sa Trae go scuirfeadh a réabadh dlighthe
Do dhéanadh ar bhruinneal na mbán-chlí,
'S a tréithibh uile gur léir le feicsint
I scéimh ghlain Bhabaití Dálaoi.



15 - MO CHAILÍN RUADH



Táid éigse ceart na dúthaighe
Go béasach beacht ag úr-mhaoidheamh
An spéir-bhean mhaiseach bhúidh mhín
Gur shlad sí an buadh;
Gur céile cneasta i ndúthaíbh
Mo phéarla phras do phrionnsaíbh,
Gur séad glan seamach subhach í
Mo Chailín Ruadh!



Is craobhach cas a cúilín
Mar chaora ag teacht 'na mbúclaíbh
Go dréimreach deas ag tabhairt síos
'Na mbeartaíbh cruadha;
Is caol a mala dlúth-chaoin,
A claon-rosc reamhar drúcht-ghlinn
Ba léir-ghlan lasmhar lonnraidhe
Mo Chailín Ruadh!



A béal ar bhlas an ubhaillín,
A déad mar chailc 'na ndlúith-chír
Do shéidfeadh bolath an túis tríot
Gan teasaidheacht uaidh;
An ghéis ar stad 'na ciúin-phíb,
Is glé 's is geal a súil chaoin
Is néata ó bhaitheas búnn í
Mo Chailín Ruadh!


L. 54


Isé mo mheas dá siubhluigheadh
Cléir na gceacht is úird-bhinn
Tréin-fhir taistil triúch líoghach
Is dartaí sluagh,
Éigse is flathaibh úr-chroidheach
Is réxa rathmhar ciúin caoin
Go ngéillfeadh seal dom plúirín -
Dom Chailín Ruadh!



'Sí gaol na ndragan dtrúip-ghníomh
Is tréin-fhir Chaisil fionn-dlaoi
Is Gaedhal-shliocht Airt is Lughaidh í
Is geal-ríogh Tuamhan;
Is Gaedheal de chlannaibh Rúidhrí
Don éigse leagadh búird ghroidhe,
'S an Léisigh, flaith ó Bhrúgh Ríogh
Mo Chailín Ruadh!



Mo léan, mo lagar, lionn-duibhe
An scéal do neartuigh cumha thríom
Mar léith an ghead so im chúil-fidh
'S me im shean-naoidhe thruagh;
Mo dhéara dearc, mo phudhair chroidhe
An t-aos do theacht do bhrúigh sinn
Nó bhéarfainn preab dá hionnsaidhe -
Mo Chailín Ruadh!



Ó's céasta an chlais 'nar brúghadh sinn
Go tréith gan neart gan lúith ghrinn
An scéal gur scaip dem chúrsaíbh
Le srathaidhe uaim;
Acht léigim bean gan chlúid chuibhe
Dá caomhnadh ar fad ó chúl cinn
Do dhéanamh taisce is dlúith-dhín
Dom Chailín Ruadh!




L. 72


B 1780obc 18D
U Seán Llóid



25 - Cois Leasa Dham go hUaigneach



Cois leasa dham go huaigneach
Ar uair na maidne im aonar,
Le hais na Sionna i mbruach cnuic
Ba shnuadh-ghlaise scáil
Do dhearcas ainnir uaibhreach
Ba shuaimhneach, ba shéanmhar,
Go réaltannach aerach,
Ag téarnamh im dháil;
Bhí a dlaoi-fholt daithte feactha fíor
Go cíortha casta crathach síos,
Go slímeach snasta, srathach síor
'Na héadan gan chas gan chrín,
Ag léir-chaitheamh gaethe
I gcléithibh gach treóin!


L. 73


Ba gheanamhail geal a héadan
Gan éalaing acht óige,
'S a malaí gearra caol-deasa
Ba chéir-shnoidhte cóir
'Na leacain leabhair, aolda
Ba thréanmhar an rós-bhruith,
'S a beól tana beó-bhlasta
Córach gan cháim;
Do líon mé ar fad le rachtaibh cléibh
Bhíodhgas mear mar ealtain éin,
Do bhíos an seal im stad go léir
Ag léir-dhearcadh a cló,
Do shíleas gur sídh-bhean í
Do shíolruigh tar lear i gcéin
Nó an chaoin-bhean as croidhe an leasa
Do bhí ag teacht im dháil.



De bhrígh nár bhfeas gur léir dam
Cia'n ghaoth chughainn do sheól í,
Fionnaim dise cé an treabh
Ór théarnaidh a pór,
Nó an fíor gurab í an spéir-bhean
Chuir an Trae thoir fá cheó-bhruit,
Nó Déirdre trér léanadh
Na tréin-fhir gan treóir.
Nó an bhean do leónuigh Fianna Fhinn
Nó an bhean ón mBinn do dhlíghidh ar Chonall
Triall seal na deóidh;
No Céarnait do b'áilne
Nó Bláthnaid ba ghile gnaoi,
Nó an ghrian-bhean do fhág
Inis Fáilbhe faoi bhrón.


L. 74


Do fhreagair domh-sa spéir-ainnir,
Aodhbha na mall-rosc;
Ní bean don aicme is léir duit
Ar aon chor mé, a Sheóin;
Acht bean le fada i bpéin me
Gan chéile dom chumhdach,
Óm dhlúith-chreimeadh ag búraibh
Dom shúghadh agus dom dheól,
Is me Éire shean ag teacht it líon,
Le scéal gur gairid, geallaim díbh,
Go dtéarnaidh maithe Chlanna Gaoidhal
'Om éileamh is 'om dháil,
'S an tréan-bhile is aoirde
De phréimh-shliocht Chaisil chaoin
Go léadmhar le laochradh
Go léimfidh mo leómhan.



Is aithind dom gur tú an bhean
Fuair clú, raith is réimheas
An fhaid do cheangail tú
Le treibh Iughaine Mhóir;
Do b' fhada leat do shiubhalta
Tré dhúthracht le méirligh
Do léir-chuir as réimheas
Do laochradh is do leómhain.
Is doilbh me det ghuth, ar sí,
Gan cine Scuit im bun mar bhí,
Acht tuig anois le fuinneamh fíor
Go suidhfead 'na choróin -
An Rí ceart, le míltibh
Ina choimhdeacht, de Chlanna Gaoidhal;
Agus líon gloine timcheall,
Sin críoch ar mo sceól.




L. 75


B 1745c 18L
U Hanraoi Mac Amhlaoibh



26 - A Éigse suairc na nArad-bheart.



A éigse suairc na n-arad-bheart gléasuighidh
suas go hathchomair
Féachaidh uair na hathchuinghe mar d'éist Mac
na hÓighe
Le huaisle Gaedhal dá dtarraint chughainn go
fuadrach féil le fairsinge
Go cuantaibh ciumhaise Chairbre ag réidhteach
ár mbróin;


L. 76


Nach éachtach an scéal so in Éirinn na nÓrd
Méirlig an éirlig bheith traochta, is a gcóip
Le n-ar trascradh ár gcaraid uile 's ler
marbhadh ár n-aithreacha
'S ler cailleadh fionna-fearachoin na laoch
mear sa ghleo?
Is calma 's is gasrach atá an Spáinneach sa tóir
Go heachrach, go harmach, go lán-neartmhar fós
Ag greadadh gacha fanatic
As baile-phuirt na Banba
Le lasair chuthaigh catha ag cur an áir i ngach ród.



Atá Séarlus buacach barramhail is na céadta
sluagh i bhfara leis
Anois ag teacht go Banba is na Gaedhlaibh
ina dheóidh
Is Éire fuar le faltanas na méirleach
mbuailteach malluighthe
Is léir monuar do scaipeadh as a saor-mbailte
spóirt.
Is faobhrach gach fraoch-bhile i nglé dlighthe
an chóip
In Éirinn ár sinsear ag déanamh a ngleó
Is tréad an fhill go heasmailteach gan réim
gan raidhse in anabhroid
In aol-bhrog Chéin is Alastruim go céasta
gan gó;
Is acfuinneach groidhe dragain, fuil de
phréimh-scoth na ndámh
I gceannas cnuic le feacadh nirt ag déanamh
an áir
Ar chlannaibh uilc na heascaine
Tá ar lasadh luirc go damanta
Gan fearantas gan fairsinge go léir-scriosta
ar lár


L. 77


Dá réir sin, a uaisle an tseanchais, déinidh
luas le fearamhlacht
Is éirighidh suas chun galla-phuic do thraochadh
agus do bhreodh
Is gléasuighidh teacht in armaibh le chéile ar
thaobh gach machaire
'S bhur Séarlus séanmhar gaisceamhach le haon
chath ar ló;
Fionna-bhruig bhur námhad fágaidh ina smól
Is tabhraidh dbhur n-aire suidhe ba ghnáthach
le spórt
Spionnaigí go lán-talamh seana-bhailte Chláir
Luirc
Ba dúthchas do bhur gcáirde gan cháim ins gach
cóig;
Leagaigí a ndaingeanaibh, a ngéim is a
móin
'S bhur ndúthaí gan dearmad bíodh saor libh, gach
fód
Leantar libh gach ailp aca
Go dtraocha sibh gach aithid uilc
Sin aiste suilt gan easnamh díbh do thraochas
ár mbrón!



B 1760c 18L
27 - A Phádraig na nÁrann
Fonn: Pléráca an Ghleanna



A Phádraig na n-árann an gcluin tú na gártha -
An gcluin tú an pléráca an siosma is an
gleó?
Ar chualais mar tháinig
Go Cúige Uladh an ghárda


L. 78


Thurot 'na shláinte le hiomarca scóip!
Preab! bí it sheasamh! glac meanmna is bíogadh
Gríosuigh na seabhaic tá it aice chun spóirt
Beidh pící dá séide
Le claidheamh a mbeidh faobhar air
Is racham in éinfheacht fé bhrataibh an leóghain.



Éistigh a Ghaedhala atá cráidhte age méirligh
Glacaidh bhur dtréan-airm gaisce 'nbhur ndóid;
Bíodh hurrá go súgach
Anois ó tá an prionnsa
'S a ghárdaí go dúbalta ag tarraint 'nbhur
gcomhair.
Hurú gan dochma! bíodh deoch ar an mbórd
agaibh
Suidhgí go sochma le soilbheas ceóil
Tá an báire ag ár muintir
'S an lá aca ar a naimhdhe
Is go bráth beidh ár saoithe ag imirt 's ag ól.



Tá an rúta so láidir, má's fíor gach a
ráidhtear
An crobhaire cionn-árd is a bhuime gan bhrón;
Seóirse go lán-lag
Is Cumberland cráidhte
Pitt insa pharlimint caithte ar a thóin!
Na Hílans ag tarraint fé phlaidibh 'na
dtrupanna
'S a bpíobanna fada dá spreagadh chum ceóil
Rinnce ar gach maol-chnoc
Le háthas na scléipe
Ag cur fáilte roimh Shéarlas abhaile 'na
choróin.


L. 79


'Sé an rí-rá dá ríre é, an pléráca is an
t-aoibhneas,
An scéal breagh le hinnsint faid mhairfeam
gach ló,
Na cóbaigh go claoidhte
Gan fóirthin gan fíonta
Gan ceólta gan saoithe gan bailte gan lón;
Réabaidh gach galla-phoc - leagaidh is rúscaidh
iad
Cuiridh as talamh bhur n-aithreach an chóip
Tá Seóirse 's a mhuintir
Go brónach lag claoidhte
Is coróin na dtrí ríoghachta air ní chasfaidh go deo!



B 1770obc 18D
28 - Marbh-Chaoineadh Aodh Measaí.



.i. droch-dhuine dhen aicme ghallda do fríoth marbh le piléar



Iadhta i dtalamh fá leacaibh i nDún Trí Liag
Tá an spriata Measaí dá chreimeadh age
cnúmhaibh mar bhiadh,
Gan chiall gan fearann gan cheannas gan lúith
gan rian
'S 'na dhiaidh tá an tsailm dá ghreadadh go
habhainn na bpian.



Tá pianta ullamh, a chrochaire, it pháirt-se
thíos,
I dteinte 'od loscadh gan sosa gan spás gan
scíth,
Is fíor don phobal gur follus atá le suidheamh
Gur b'é oirbhíre agus osna na mbocht tug tú
fá líg.


L. 80


Fá líg, mo dheacair nár taisceadh thu i dtúis
do shaoghail,
A chladhaire chealgach ghangaideach chlamprach
chlaon,
Díth chirt danardha damanta ag triall 'na chaor
'Ot bhrostughadh go hAcheron feasta ó chiapadh
Gaedhal.



Tá Gaedhil fí ghradam ó leagadh go fann an
fiadh
Bhíodh fíochmhar falathach gangaideach gann fá'n
mbiadh
Nár ghéill do shneachta ná dfhearthainn aon oidhche
riamh
Gan iad do stracadh as an leabaidh fá ghárda
dhian.



Go dian gan taise, mo dheacair, do fágadh é
I gcriaidh nár bheannuighthe is mo mhallacht gach
lá ina dhéidh,
'Na spriata marbh gan tathac i gcomhrainn chaol
'S do thriall a dhubh-anam don mbara agus
tá sé daor!



Ba dhaor is ba mhursanta é ar dhuine bhí riamh
ar fán,
Agus braon den uisce 'na chistin ní bhfaghadh
donán
Déirc don luige ní thugadh ná greim den 'rán
Is níl aon dár bhfuirinn go Doire nach binn
dó a thásc.


L. 81


A thásc le teachtaire tathacach ráinig mé
Gidh nár ghéill mé gur teascadh an smalaire
chráidh gach n-aon
Nó gur chuala dá chanadh ag fearaibh dá
chomhursain féin
Gur bh'é an diabhal i bpearsain Bhúcannan do
lámhuigh an pléar.



Do b'é an pléar do bfhearra é dar caitheadh
in Éirinn fós,
Do thraoch an madra canaidh go tréith fá'n
bhfód
Ní baoghal do Chroppí bhocht feasta ná aon dá
chór -
Tá a théarma caithte is ní dainid liom féin é
ag dreoghadh.



Ag dreoghadh gan fuinneamh 'na chuisle ná
beodhacht 'na bhaill,
Gan treóir gan tuigsint gan chumas gan cheol
gan mheadhair,
Gan ól gan imirt, gan chuideachta spóirt
ná grinn,
'S dar ndóigh seo mittimus scriobhtha le
stróinse an fheill!



An Mittimus



A Shátan, glac-se an stracaire claon ar nasc
Fáisc is ceangail a reaghthacha buidhe le gad,
Cuir gárda daingean ag faire air, is bíodh
air glas,
Bíodh árus te aige, is seachain é ar ghabháil
amach!


L. 82


Cuir láimh le Calbhin is Bagwell 's le Maude
an spreas -
Friotháil an lasair do, do chleacht sé cineál is
teas!
Cidh dfhág an baile go dealbh dí-cháirdeach lag
Bain cáin na haindeise amach go bonnláithreach as.



Ná glac air banna, is ná mealladh sé thú le
breab -
Tá fíneáil leagaithe 'na gcaithfe sé díol gan
stad;
Tá díotáil agam-sa de dheasca robála is slad
Agus sásuigh t'aigne air, treas a dhomáiste
ar fad.



An Feart-Laoi:
Sin fút, a líog, an ríceach cleasach cam
Cealgach coimhtheach fíochmhar tugtha don bhfeall,
Malluighthe maoidhteach millteach gortach gann
Creachaire dílleacht is fíoghar chun creachadh
gach am.


L. 83


B 1849c 19L
U Brian Mac Aoidh



29 - Scaradh brónach Bhriain Mhic Aoidh le Pádraig, a Chéad Mhac.



Fonn: "An Spailpín Fánach"



An tráth bhreathnuighim uaim ar thigh mo mhic,
Is é bán, gan bhean gan chéile,
Bhí ag cuidiughadh liom ó bhí sé beag
Gan do-scéal ná díchéille
'Sé bhris mo chroidhe 's a liathuigh mo cheann
Síor-smaoineadh ar a thréithre,
Acht mo mhíle slán lem buachaillín bán
Ní fheicfead arís go héag é.


L. 84


Is iomdha ádhbhar mór fuair mise
Ar a bheith claoidhte tréith-lag
Mar do bhí bás na mban agus scaramhain leat
Nó go síntear insan gcré me;
Acht seo é an buille a bhreóidh me ar fad -
Bhí lá is ba mhór an scéal é -
'S dá bhfantá im cheann go dtéighinn i gcill
Do roinnfinn greim mo bhéil leat.



Nár ba fada nó go gcluine mise
A leitir bheith ag teacht fá shéala
Má tá sé i ndán go ndeachaidh sé slán
Is i Meirice atá mo chéad mhac;
B'é an fear ba stuamdha é dar chruthuigh Dia
'S ba deise méinn 'ná an méid sin,
'S dá mbeadh sé i láthair ar uair mo bháis
Mo chomhra clár go ndéanfadh.



Nuair a éireochas an ceó is ghlanfas na cnuic
Rachad go barr Chnuic Néifin
Nó go mbreathnuighe mé uaim ó thuaidh 's ó dheas
Is go mbraithfe mé na spéartha;
Imeocha mise annsin gan mhoill
Nó go gcuartógha mé na réagúin
Nó go ngeabha mé tuairisc mo bhuachaillín
bháin -
Is fíor-chinnte go bpógfainn a bhéilín.



Dá mbeadh sé i ndán go bhfeicinn-se é -
'S ní hé sin an comhrádh bréagach -
d'éireóghainn óg seal eile arís
Is bheinn mar bhí me an chéad lá;
Acht go dtagaidh an Chruach go Balla ar cuaird
Nó an Fhrainnc anall go hÉirinn
Cibé an chaoi a séidfe an ghaoth
Ní scarfaidh Brian óna chéad mhac.


L. 85


B 1860ob 19L
30- Sail óg Ruadh Ní Mháille



Fonn: "Eóchaill"



In Oileán Éide tá mo ghrádh is mo chéad searc
an bhean ler léig me mo rún 's mé óg,
Triúr ar aon chéill ag gol 'na déidh sin
Is bean a mbréagtha, mo léan, fá'n bhfód;
Tá mé tréith-lag - níl fáth dá shéanadh -
Níl mé in éan-chor acht mar bhíonn an ceó,
A stór mo chléibh is tú dfhág liom féin me
Ag dul fá chré dhuit is tú i do chailín óg.



In aois a sé-déag 'seadh fuair mé féin í -
Ba deas an féirín í ag fear le fagháil;
Ba deas a méinn, ba deise í féin,
A súil mar réalt glas roimh an lá;
Mo ghrádh do bhéilín nár chúm na bréaga,
Do bhrágha bhí gléigeal mar shneachta ar áill,
Do láimhín gléigeal le do leanbh bhréagadh,
A stór níor fhéad mé do thabhairt ón mbás.



Dá bpósainn malóid de chaile ghránna
Thóigfeadh go leór orm beith ag gol dá díth,
Mar phós me réaltan chailín bhreagh deas
'S í ina páistín tráth fuair mé í;
Bfhearr liom go mór i mo dhiaidh sa ród í,
Ag bleágan mo bhó nó ag réidhteach bídh
'Ná saidhbhreas Sheóirse agus fághaim é d'ór
bhuidhe
Gur fá fhód chodluigheas stór mo chroidhe!




L. 127


B 1755ob 18L
U Aodh Buidhe Mac Cruitín



51 - Do Chlann Tomáis



Ar aonach má théighid sin aon uair de ló
Beidh béabhar ar bhaothlach i mbuaic a shrón
Ag déanamh na scléipe nár dhualgas dó,
A chaol-sporaibh gléasta is a bhuatais chrón.


L. 128


An tan téighid sin le chéile i scuaine ag ól
Ní féidir a n-éisteacht le fuaim a ngeóin;
Tan théithfid a mbéalaibh i gcuachaibh teó
Beidh a ngaol le gach éinne den uaisle is mó.



Déarfaidh an braobaire is buaidheartha 'en chóip
"Is me féin is mo chéile is uaisle ar bórd,
Is ó Éibhear mac Éibhir do ghluais mo phór
Is tá gaol ag Ó Néill thoir, dar Duach, le
Mór."



Do bhéarfar an t-éitheach gan fuaradh dhó,
Is beidh spéice ag gach n-aon aca thuas 'na
dhóid,
Pléascfaid a chéile le tuargaint treón
'S is bog réabtha bheidh béil aca, cluas is srón.


L. 163


B 1800c 19T
U Anaithnid



72 - Udhacht Pháidín Toirdhéalbhaigh



I dtosach an tsamhraidh 'seadh dhéanfa mé
m'udhacht
Agus fillfead mo ghlún chun an tsagairt,
Is roinnfe mé an Mhumhain ar scarfairíbh subhach
Faid mhairfidh aon únsa dhem theangain:
Ag Aindrias Bán bíodh Inis Díomáin
'S a bhfuil ó Chaláin go Bun Raite,
Chúig mhíle 'na láimh le roinnt ar bhochtáin
Agus tuillfe sé grása na bhFlaitheas.



Ag Brian Ó Modhráin bíodh Baile Uí Ghúnáin,
Cathair Mionnáin is Cill Cathrach,
A bhfuil ó Chill Easpog Fhlannán go cladach
Ghlinn Mheádhoin
Agus as-súd go barr Ghort an Daingin;


L. 164


Age n-a dhearbhráthair ó Chathair na nÁrd
'S as súd go Fánta is an Chreagach,
Bíodh a bhfuil ó Bhaile Uí Mhisleáin go Cill
Muire Uí Bhreacáin
Ag Súsa an Chaisleáin, is mo bheannacht.



Ag Auguistín críona bíonn maithibh na tíre -
Ní mór do luach fíona agus leanna -
Nuair chaithid siad mí ann ar meisce gan
chuimhne
Is a lán den chos-mhuintir 'na n-aice;
Gheóbha sé chúig míle dhen airgead síos
As bancanna an ríogh agus cead tarraingt,
Is bronnaim dá mhnaoi mar phropertí choidhche
A bhfuil ó Bhaile Áth' an Rí go Cinn Mhara.



Ag Seán Ó Modhráin bíodh paróiste Ucht Mháma
'Sé shaoilim nach gádh do bheith ag ceasacht,
A bhfuil ó Bhun an Chaisleáin go Teampul na
Rátha
Agus roinneadh sé a lán de le Harri;
Chúig mhíle bullán ó aonach Chill Mheádhoin,
Agus díolfa sé amáireach na banbhaí,
Beidh sé lán-láidir ag teacht don fhéil Pádraig
Tar éis iad do thiomáint chun an tslatair.



Ag Dochtúir Ó Muraidhe bíodh Baile Uí
Mhuirghín
Agus paráiste an Dísirt gan dada,
A bhfuil as-súd síos go Cuilinn Uí Shíoda
Fé bhulláin, fé chaoirigh is fé chapaill;
An dá Lios Láithrín agus Baile Uí Chaisín,
Cnoc Leabhair is an rí-Chathair Fhada
Gan phingin gan chíos gan taxes don rí
Agus ocasaid fíona gach Satharn.


L. 165


Ag Ó Flaithbheartaigh fágaim Achadh an Bhuinneáin
Bun Ghort an Chláir is Sliabh Chairn,
A bhfuil ó Cheathramha an Locháin go barr an
Phuill Bháin
Go hÁth na gCoileán is don Daingean;
An t-eallach is fearr dá bhfuil in mo pháirc
De chaoirigh, bhulláin is bha seasca;
Mar nuair chínn-se a lán a mbíodh púcaí
'na lámha
Bhíodh an bagún go hárd i dtigh a athar.



Na Brianaigh 's a gclann a bhíodh riamh insan
nGleann
Mar a mbíodh greann agus aiteas,
'S in aimsir gach dream bheith ag screadaigh le
call
Ba ró-mhaith an ceann iad 's an chara;
Bronnaim dóibh siúd Rabhcán 's an Comhad
Oileán na Súlach is Poplar,
An Chros is an Chúirt gan scilling gan púnt
Is cead fiadhaigh i lár Mumhan gan aon taxes.



Bronnaim an Daoilinn ar gheal-mhuintir Chuinn,
Baile Mhichíl is na Faithchí,
Ag Tomás Mac Suibhne bíodh rí-Chnoc na
Righthe
Mar ba ró-mhaith an tigheasach é ag baile;
Bronnaim dá mhnaoi Gleann na Sailighe
Cnoc Bhaile Uí Ghríofa is an Cheapach,
Mar dá gcaithinn-se mí ann ba ró-mhaith mo
dhíol as -
Ba mhaith mo bhéilí agus mo leaba!


L. 166


Ag Donnchadh Ó Cathail fágaim talamh an
Áitribh -
Is deacair é chárnadh gan fearann,
Cotha is Caláin, na sean-Turlaigh Bhána
Ag bun agus barr Bhaile Ghaistill;
Gach a bhfuil bán anoir ó Chill Tártan
Go dtagann sé láimh le Cinn Aille -
Súd fá mo láimh gan pingin go bráth
Acht íocadh sé as cáirt uisce beathadh!



'Sé Ó Flanagáin is brón liom gan pingin
'na phóca
Agus mise gan bróga gan hata,
Is a liacht oidhche spóirt a bhí againn ag ól
Tigh Mholli an Chlóca gan carradh;
Tá mo shúile-se fós le Rí geal na glóire
Chun giní agus coróineach do chaitheamh,
Cead sreacaidh agus gleó ar fuaid bhotháin an
ósta
'S ní baoghal dúinn go dtógfar an t-eallach!



Tá cuid aca i bhfeidhm ná fuil in mo radharc
'S dar go deimhin duit do leigheasfainn a
ngalar -
Diarmuid 'ac Fhloinn do bheathuigheadh na gadhair
'S a shéideadh an adharc dóibh gach maidean;
Bronnaimm Sliabh Eilbhe go bráth ar a chloinn
Cnocán is Coillte Uchtdara,
Paráiste Chill Eibhleach ort-sa, a Phat Lysaght
'S a bhfuil in mo radharc chun na mara!



'Sé is dóigh liom go deimhin díbh go bhfuil mo
phroperti roinnte
Gan leathad béil adhairce de thalamh
Acht bothán fé phoill agus laig ina dhruim
'S me 'om dhalladh gan radharc ag an ndeatach;


L. 167


Tá mo shúile-se fós le huaisle Chláir Fódla
Go bhfaghad áit éigin ró-dheas go gairid -
As so don Tráigh Bháin nó in Inis Díomáin
Is cead bheith ag pléaráca lem practice.



Maidean Dé Máirt bíodh an sagart le fagháil
Agus gheóbha mise bás chun an tSathairn!
Is cuirigí fá chlár me i ndoras tigh an tábhairne
Mar do b'ait liom bheith i bpáirt le mná
an leanna!
Nuair gheibhinn-se spaid-cháirde d'ólainn a
lán de
Is ba mhinic na báillí 'om shracadh,
'S ó thárla fá ráta é ólaidh bhur sáith dhe
Agus cuirigí cáirt de lem anam!


L. 174


B 1805ob 19T
U Brian Merriman



77 - An Mac Alla



Maidean mhín do bhíos gan bhuaidhirt
Ar bhinn an chuain im shuan cois cladaighe
Is barra craoibhcha líonta suairc
De mhaoidheamh na gcuach 's de luadh na n-ealtaí;


L. 175


Blátha is luibheanna breaghtha im thimcheall
Is fásach fíor-ghlas faoile ar thalthaí,
d'aislingíos gur shín liom suas
An tsídh-bhean uasal uallach ealaidhe.



Ba cheasnach í is í ag caoidh go cruaidh
'S is fuidheach do ghluais léi anuas na
srathaí
Is caithte claoidhte bhí 'na cuail
Gan bhrígh gan luaid ar luascadh ag
creathghail;
Ba láidir caoin an stráice lín
Bhí ag fáscadh a cinn go suaidhte ar bannaí,
Cnead 'na croidhe le clí agus guais
Ba tím, ba truagh, ba luaidh, ba lag í.



"Is lag ataoim," ar sí, "monuar!
Mar shínteach fhuar in uaigh fé leacaí,
Dom ghearradh tríom gan tsuim gan truagh,
'S is díth me i dTuadhmhain 's i dTuathaibh
Eachtghaí;
Is tláthach tinn atá mo chroidhe,
Mo shláinte 'om dhíth, mo mhíle creach í!
Galar nímhe agus cling im chluais
Is m'intinn suaidhte ag uaill na caillighe.



Is fada sinn fé dhraoidheacht i dTuadhmhain
'S is binn ár mbuain i mbuaic gach morthaí
Ag freastal fuinn is fíor gach fuaim
'S ag síor-athluadh gach uaill dá ngorthaí;
Níl gáir dá aoirde 'e lá ná d'oidhche
Ón áird 'na mbíom go Tuinn Dá Loilgheach
Ná háireamhuighinn arís gan duais -
Nach cuimhin let chluais mar ghluais mo
ghothaí?


L. 176


Seachnuigí, cé taoim go faon -
Ná saoil gur seithleach saobh me, sochloidhimh,
Is fhaid a bhímse i dtíorthaibh Gaedhal
Go grinn ag éisteacht géimreach gunnaí,
Plaosc an chinn níor taoscadh díom
Le caorthain bhíogach mhílte cogaí
An chailleach nimhe gur shín lem thaobh -
Nach cuimhin leat féin gur féithid ghonta í?



Is bríoghmhar binn do bhíos im ghlór
'S an tír 'na tóir le tóirneach tacaí,
Is cuimhin liom coimheascar Chuinn is Eoghain,
Fhinn is óir-mhic Mhóirne mhearaidhe;
d'éistinn leó go doimhinn sa ghleó
'S me im gcoillte ceó go ceólmhar ceacht-bhinn
Do claoidheadh mo chroidhe, mo chlí, mo chló
Le sceinn-ghuith scólta scórnan scallaighe.



Is fras do riarainn cian gach scéal
Is triall gach tréin i gcéin tar tonnaí,
Go trascairt dian-scoth iarmhar Gaedhal
'Dir Liam 's a mhaor i mbéal na Bonnaí;
Do b'árd mo ghlaodh le gáir na laoch
Le lámhach na bpléar is pléascadh drumaí,
Do chas mo ghiall le pianta cléibh
'S do liath mo chéibh le faobhar na ngontaí.



Screadaimíd le caoidh gan uabhar
Go fuidheach fé thuairim uair na hathchuinghe
Is aitchimíd le guidhe an Uain
Ár scaoile suas ar shluagh na ngealbhuidhean;
An bháirseach bhuidhe do chráidh mo chroidhe
'S a hálmhach síl gan fuigheall gan faillighe -
Scaip an scaoith is scaoil an scuain
Le gaoth adtuaidh ó Thuathaibh Eachtghaí."


L. 183


B 1781ob 18D
U Anaithnid



79 - Don Athair Domhnall Ó Briain, o.p., .i. an Major



A Dhomhnaill na páirte, táim cráidhte ag an
gcíos,
Tá an cheanann ag Párcar, is na gárlaigh
gan bhrigh;
Cuir leitir fád láimh chugham ón árus 'na mbír
An bhfuil fortacht le fagháil dam, nó an bhfágfa
mé an tír.


L. 184



An tAthair Domhnail ag freagairt:



Atá san re n' fhagháil duit, is árduigh do
chroidhe
Do hiompuigheadh an cárta, tá an báire seo línn;
Tá Pruise ar lár is a ghárda gan bhrígh
Is tá Count Daun 's an t-ár ag baint sásaimh
sa ghníomh.



Ag teacht na Féil Pádraig gheóbhair lán-chuid
den bhfíon,
Is beidh Copán Uí Eádhra ar an gclár so go
binn;
Tá Séarlas 'na shláinte is na táinte dá
bhuidhin
Is a bhratach anáirde le háthas ag tigheacht.



Gibé chífeadh an lá san ar Chlár leathan Bhriain
Scrios agus fán agus ár ar na diabhail;
Iad ag imtheacht tar sáile gan cháise gan scian
Is Te Deum ag na bráithre le háitheas 'na
ndiaidh.



Tiocfaidh Nuncius tar sáile ó Phápa na Rómha,
Ní bheidh Acht ann go bráth chun na bráithre do
ghabhóil
Ní bheidh Sasanach láidir ó Árainn go Bóinn,
Agus gheobha tusa an lá san ó Phárcar do bhó!



Pádraig arís:
A Dhomhnaill na n-árann do rádh mur an fiar
Caithfe mé anáirde mo bhán-hata ciar,
Is rachad de rás chun an tábhairne so thiar
Mar a n-ólfa mé sláinte Mhic Cárthaigh is
Uí Bhriain.


L. 185


Beidh teas insan ghréin agus éisc mhaithe ar
línn
Is toradh le naomhthacht go séanmhar ar chrainn;
Beidh mil ar na craobhaibh ar feadh Éireann
gan roinn
Is beidh Aifreann Dé againn dá léigheamh i
ngach cill.



Beidh dearbh-shliocht Éibhir fá réim insa tír,
Is Éireamhón éachtach, Ó Néill is Maguidhir;
Beidh Halster is Séascar is Béacar gan bhrigh
Swaddlers is Quakers is gach aon eile dhíobh.



Beidh ministir taidhbhseach gan cider gan leann,
Is sursaing ag Tadhg 's é á leadhbadh go teann;
Tóg leat do Bhible, 'tis time to be out,
Tú féin is your wife is gan aimhreas do
chlann.



Deir Gráinne le háthas anáirde ar na cnuic:
"Do chonnaic mé an lá san 'n bhfuil rás ar
na puic
Is iad ag imtheacht tar sáile gan fásach gan
stuic -
Tá an tAifreann dá rádh - cluinim gáir ag
na cluig!"


L. 186


B 1844ls 19L
U Anaithnid



80 - Is fada don fhuaim seo ag gluaiseacht eadrainn



Is fada don fhuaim seo ag gluaiseacht eadrainn
Ag tuar chun sparainne i gClár Uí Néill
A bhfuil ó bhailte na tuaithe go bruach na
fairrge
Ag cur uamhain is atuirse agus ár ar
Ghaedhil:
Tá siosma ró-mhuar sa chuan so im aice-se
An Eaglais buaidheartha ar uair an Aifrinn
Ag sileadh na súl ag tabhairt comhairle bhur
leasa dhíbh -
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal!



In ainm Mhic Dé do bhéarfainn teagasc díbh -
Comhairle bhur leasa dá mb'áil libh é -
Gan dul chun an aonaigh le faobhar go feargach,
Tréan fé arm ag lámhach na bpléar;


L. 187


Cé gur dubhach dúinn an scéal le léigheamh do
ghalla-phuic
Gurab iad clanna Gaedhal atá ag déanamh
an achrainn,
Ag trascairt a chéile ar gach taobh re seana-cheirt -
Bhest agus carabhat bán gan scéimh!



A chomhursain an chroidhe ná bídh in earraid liom
Trí mar a spreagaim díbh im ráidhte béil,
'S go dtig osna im chroidhe nuair chím ná
leanann sibh
An tslighe do ceapadh chun árus Dé,
Acht imtheacht le baois ag déanadh aimhlis bhur
n-anma
Mar bheadh daill gan radhairc ar mearathall;
Is gairid díbh sceimhle murab daoine a
stadfaidh sibh -
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal!



Is a dhuine gan mheabhair do labhair go ceannasach
Teann, gan eagla gan tábhacht sa tsaoghal,
Tuig feasta in am nach cabhair duit seana-bhest
Lom, ná carabhat bán do thréig;
Siúd iad an dá bhall chuir ár gceann fé
tharcuisne
Agus dlighthe na ngall i gceann gach baile againn,
Is eaglach leam gurab fann sinn eatortha
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal!



Má thá sibh ar strae 'sé déarfainn feasta libh
Glaodhach go fairsing ar ghrása Dé,
Maitheamh dá chéile agus géilleadh 'on Eaglais
Ó's sé ba thaitneamh díbh Lá an tSléibhe;


L. 188


Bheith carthannach síoch 'nbhur gcroidhe is nbhur
n-aigne
Ag tarraint chun grinn 's gan smaoineadh
ar achrann,
Geallaim-se dhíbh go bhfuil bhur naímhid ag
magadh fúibh -
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal!



Is iongantach liúm ná múineann dadamh sibh -
Comhairle an tsagairt ná cúrsaí an
tsaoghail -
Cá bhfuil bhur mbun cúil i gcúirt ná i gcoiste
agaibh
Chun bhur gcúis do thagairt ná bhur gcás
do phléidhe?
Ná feacabhair rómhaibh bhur gcomhursain
ceangailte
Fé ghlasaibh go dubhach is gan súil le casadh
aca,
Gur díoladh le búir iad mar shúil le n-a
gcaradas -
Táim-se im chodladh nó is fíor mo scéal!



Iarraim-se ar Íosa Críost do cheannuigh sinn
An draoidheacht so a scaipeadh de rás na
nGaedhal,
Go mbeidh clanna Mílidh arís fé ghradamaibh
I dtír 'na bhfearann 's 'na stát gan phléidhe;
Dá bhfeicinn gach n-aon ar aon toil aigne
I bhfochair a chéile ag éisteacht Aifrinn
Do bhronnfadh Mac Dé insan tsaoghal so an
rath orainn
Is ríoghacht na bhflaitheas - sin críoch mo
scéil!


L. 190


B 1817ob 19T
U Seán Ó Coileáin



82 - An Buachaill Bán



Maidin lae ghil fá dhuille ghéagglais
Dhaire im aonar cois imeall trágha,
I bhfís trém néallaibh do dhearcas spéirbhean
Ag teacht ó thaobh deas na mara im dháil;
Ba chirte a braoithe 'ná buille rínn-chuir
Tanaidhe caoil-phinn, buailte ar phár,
Sé dubhairt le díograis, "Och, uaill mo
chroidhe-se
An bhfeicfead choidhche mo Bhuachaill Bán?"


L. 191


Ba chaoin a déid mhion, ba mhín a haol-chrobh,
'S a dlaoi 'na slaodaibh mar ór go sáil,
Ba ghile a héadan 'ná gnúis na réaltan
Bheir solas gléineach don tsaoghal roimh lá;
Do bhí uile shoillse na gréine ag rinnce
'Na leacain mhíonla tré lítis bhán,
Is sruth gan dísce ó shléachta a righin-ruisc
Shochma ríoghdha dá Buachaill Bán.



Is tapaidh shléachtas don bhruinnil mhaordha,
Mhiochair, bhéal-tais, mhúinte mhná,
Is d'fhiafruigh mé dhi i laoithibh Gaedhilge
A cine, a gaolta, a dleacht, 's a cáil
"An dúil de dhéithibh críonna an aeir í,
Nó gein de réxaibh an tsaoghail, a ghrádh,
Nó céard é an tréin-fhear do bhuaidh a céadfadh
Ar a nglaodhann sí an Buachaill Bán?"



"An tusa an réaltan rug barra scéimhe
Ó mhnáibh na hÉireann ag gol san ár
Ós cionn a tréin-fhir Naois' do traochadh
I nUlaidh an éirligh le ceilg námhad?
Nó an leannán caointeach rinn géise 'e
Chloinn Lir
Ar Shruth na Maoile do b'fhada ag snámh,
Nó céile an taoisigh fuair céim na Craoibhe
Nó ar n-éag sa chointinn 'on Bhuachaill
Bhán?"



Adubhairt an chéibh-fhionn, "ní neach don dréim
sin
Do ríomh do dhréacht mé acht Fódla atá
Fá ghriolla gall le treall ar Ghaedhlaibh
Cródha caomhnach in Inis Fáil,


L. 192


Is cian ag géar-ghol ag caoineadh a tréin-fhir
A cumann céile is fada ar fán,
Oidhre gaolmhar Mhílidh is Éibhir
Is Chuinn na gcéad-chath a Buachaill Bán."



"Scuir den gháir sin, a bhruinneal ársa,
Is bí go sásta cé fada atá
Do phrionnsa rábach clúmhail láidir
Trúpach gárdach ar seachrán -
Atá anois go cródha 'gus buidhean na hEórpa
Ar an gcósta go hiomalán,
Ag teacht id phórtaibh le neart gan teóra
Is buaidhfidh Fódla don Bhuachaill Bhán."



Ar chlos an scéil sin do scaip a claonta
Is do ghaibh a caomh-chruit órdha bhláth,
Do sheinn a géaga gaoil, a ndréachta,
Is a ríoghdha aosta ba mhór le rádh;
Na héin, na míolta, na cnuic, na coillte,
Aibhne is líoga ag iomarbháidh,
Do bhíodh ag rinnce insna gleannta timcheall
Le greann dá laoithibh don Bhuachaill Bhán.



83 - Machtnamh an duine dhoilgheasaigh.



Oidhche dhom go doiligh duairc
Cois fairrge na dtonn dtréan,
Ag léar-smaoineamh is ag luadh
Ar choraibh cruaidhe an tsaoghail.



Bhí an ré is na réalta suas,
Níor chlos fuaim tuinne na trágha
Is ní raibh gal ann den ghaoith
Do chroithfeadh barr crainn ná bláth.


L. 193


Do ghluaiseas i machtnamh maon,
Gan aire ar raon mo shiubhail
Doras cille gur dhearc mé
San gconair réidh ar mo chionn.



Do stad mé san ndoras tsean
'Nar ghnáth almsa agus aoidheacht
Dá ndáil don lobhar agus don lag
An tráth do mhair lucht an tighe.



Bhí foradh fiar ar a chliabh -
Is cian ó cuireadh a chlódh -
Ar a suidheadh saoithe is cliar
Is taistealaigh triallta an róid.



Shuidh mé síos le machtnamh lán
Do leigeas mo lámh fém ghruaidh
Gur thuit frasa diana déar
Óm dhearcaibh ar an bhféar anuas.



Adubhairt mé annsin fé dhith
Agus mé ag caoidh go cumhach:
Do bhí aimsear ann 'na raibh
An tigh so go soilbh subhach.



Is ann do bhíodh cluig is cliar,
Dréachta is diadhacht dá léigheamh,
Córaidhe ceadal agus ceol
Ag moladh mórdhacht Dé.



Fothrach folamh gan áird
An t-árus so is aosta túr,
Is iomdha eascal agus gaoth
Do bhuail fé mhaol do mhúr.



Is iomdha fearthainn agus fuacht
Is stoirm chuain do chuiris díot
Ó tiodhlacadh tú ar dtúis
Do Rígh na ndúl mar thigheas.



A mhúir naomhtha na mbeann nglas,
Do b'órnáid don tír seo tráth;
Is diombáidh dian liom do scrios
Agus cur do naomh ar fán.



Is uaigneach ataoi anois,
Níl ionnat córaidhe ná ceol
Ach scréachadh na gceann gcait
In ionad na salm soghail!



Eidhean ag eascar ós do stuaigh
Neanntóg ruadh it urlár úr
Tafann caol na sionnach seang
Is crónán na n-eas id chlúid.



Mar a nglaodhadh an fhuiseog mhoch
Do chléir ag canadh na dtráth
Níl teanga ag corruighe anois
Acht teanga ghliogair na gcág.



Atá do phroinn-teach gan bhiadh
Do shuain-lios gan leaba bhláith,
Do thearman gan íodhbairt cliar
Ná Aifreann do Dhia dá rádh.



d'imthigh do luaimh is do riaghail
Is do chuallacht fé chian-chrádh;
Och! ní fhionnaim anois fét iadh
Acht carnán criadhta cnámh.



Och! anfhorlann is anuaill
Anbhroid, anuais is aindlighe;
Fóirneart namhad is creachadh cruaidh
d'fhág tú uaigneach mar ataoi!



Do bhíos-sa féin sona seal,
Faraoir! do chlaochluigh mo chlódh;
Tháinig tóir an tsaoghail im aghaidh,
Is níl feidhm orm acht brón.



d'imthigh mo luadhail is mo lúth,
Radharc mo shúl, agus mo threóir
Atáid mo cháirde agus mo chlann
'San chill seo go fann ag dreoghadh!



Atá duairceas ar mo dhriuch,
Tá mo chroidhe 'na chrotal cnó;
Dá bhfóireadh orm an bás
Ba dhearbh m'fháilte fá n-a chómhair.


L. 205


B 1760flc 18L
U Anaithnid



87 - Céad slán do sna cnuic



Céad slán do sna cnuic thá ar árd-ghleanna
an tsuilt,
Slán chughat-sa a Thiobrad Árann,
Slán chun mo chumainn tá i gCnoc na Coradh -
Slán agus fiche 'on stáidhbhean!
Nó go dtráighfidh an tuile thá idir thú agus
mise
Grádh beidh agam i gcomhad duit,
Slán agus fiche, dáiltear dam gloine
Do shláinte tar muir go n-ólad!



Slán don dá Liam tá ag crádh-ghol im dhiaidh,
Slán chughat-sa siar, a Phádraig;
Slán chun mo rúin atá i Los na nGall
Slán chun na mbriathra cárthain;


L. 206


Tá do shláinte-se, a Bhriain, idir lámha agam
le bliadhain
Gach lá ag cur grianta i ngrádh dham,
Slán feasta óm chliabh chun sáir-fhear na gcliar
Ó fhágann sé an tSiúir don mBáinsigh.



Cá bhfágainnse Pilib - slán chughat tar uisce,
Slán chun tuilleadh dár gcomhursain,
Slán uaim don Mhumhain is chun Seáin ghil de
Búrc,
Slán go dlúth dá nóchar;
Tá mo shláinte go fann ó tháine mé anall,
Is ní thráchtaim ar am na baoise,
Ó chaill me mo shúil, mo shláinte is mo lúth
Céad slán do na lionnta Bríde!


L. 207


B 1785-88ls 18D
U Anaithnid



Cá bhfuil bhur saothar le dathad is caogad?



Cá bhfuil bhur saothar le dathad is caogad,
Gidh fada bhur mbéalaibh dá árd-mhaoidheamh
Go mbeidh Sasana, Éire agus Alba ag Séarlus -
Do mealladh bhur bhféirim 's is nár díbh!
Glacaidh mo dhréacht-sa, a ghasra bhéasach,
Is geallaim gan bhréagadh mo lámh díbh
Go dtagaidh dhá ghréin ag taitneamh ar aon
chnoc
Go mbeidh Banba an Bhéarla ag Seán Buidhe!



Táid sagairt is cléirigh is eaglais naomhtha
Ag screadaigh 's ag éigheamh ar an Árdrí
Fagháil atharrach céile do Bhanba an Bhéarla
Is glacfa sí éinne acht Seán Buidhe;
Measaim gur bréaga do chanadar éigse
Ag labhairt le haon-ghuth in áthbhaois
Go gcasfaid na réalta ar atharrach spéire
Go bhfuil scartha le hÉirinn an t-árdmhaor.



Dá dtagadh ar raonta 'na chalmacht laochais
Le dragain ar thaobh cnuic 'na lán-mhaidhm
Do gearradh a ngéaga, do stathadh a bpréamhcha -
Na fanatics éithigh do chráidh sínn;
Tagaidh go léir liom, ná leagaidh bhur saothar,
Faid mhairfead-sa déanfad an cás fíor -
Muna gairid push éigin ó Fhlaitheas an
Aenmhic
Ní scarfaidh a chéile le Seán Buidhe!


L. 214


B 1800c 19T
U Anaithnid



92 - Is gairid anois



Is gairid anois gur mithid damh-sa féin
Taisteal chum cille is dul fé chóta cré;
A Athair 's a Mhic 's a Spirid is glórmhar gné
An t-anam so ionnam is libh, is fóiridh é!



Braithim anois go bhfuil go mór an t-aos
Dom chartadh as mo chruith, 's d'imthigh an snódh
's an scéimh,
Acmhaing mo nirt, mo mhire 's m'óige féin,
'S níos measa 'ná san, tá ag dul go mór dem
chéill!



Is fada me ag rith tar goimh lem chomhairle
féin
Go tarcuisneach tur, gan urraim chóir don
chléir;
Ba charthannach milis mise ós comhair an
tsaoghail
'S an ghangaid ionnam istigh tar fóir go léir.


L. 215


Bearta agus cuir is clis is móide i mbréig,
Na haitheanta bhriseadh, iomad póite is craos,
Leathaibh na gcortha rinneas damhsa is baoghal
Nár bh'aithinid dam a gcur i gcóir don chléir.



A Athair do chruthuigh me as móta cré,
A Mhic cheannuigh me ar chrois, 's a Spririd is
cóir a ghlaodhach,
Bhur n-aitheanta bhriseadh liom is brónach é,
Is maitheamh na gcortha rinneas damh-sa is
déirc.



A Bhanaltrain mhilis mhiochair mhór-Mhic Dé
Rug barra ar an gcriostal, is bhain a cló
den ghréin,
T'fhairrge a shil de mhil 's de lóchrann séad
Ná dearmad mise, an duine dreóil seo 'ot
ghlaodhach.



An Ceangal:
Céad buidheachas let fheartaibh, let réim is
let rachmas,
Let mhéinn is let mhaitheas, a Dhia dhaonnachtaigh
ghrádhaigh,
A chúm spéartha agus reanna is grian aerach
na maidne,
Rian réimeann na bhflaitheas 'na péarla mar
tá;
An ré go n-a healta ar an spéir mar ba cleachtadh
Ag séideadh na scamall do théigh ar an
scáth,
'S an mhuir bhraonach nach feasach d'éinneach
'na bheathaidh
Cia an taobh ina gcasann nuair théigh ina
tráigh.


L. 216


A chíonádh na cruinne, is a Rí tá os cionn
righthe,
A phríomháidh 's a bhreithimh na dtréan is
na dtruagh,
I ngach gníomh gnáis do rinneas ó aois fáis
mo leinbh
Go dtí an lá 'na bhfuilim, cidh baoghlach
gur muar;
Ná díotáil-se mise, cuir síos sáithte an
bille
I gcroidhe-lár na teine go ndéana dhe gual,
Síothchán ort sirim mo dhíoghbháil ná fuiling
Ar t'íomháigh ó rinnis me 'en chré 'gus den
luaith.



Luaithreán na righthe agus luaithreán an churaidh,
Luaithreán a rugadh is a mbéarfar monuar!
Ní buan bláth an duine, tá an t-uathbhás 'na
ghoire,
Duadh an bháis ag druidim, an daol is an
uaigh;
Mo bhuaidhirt chráidhte scriosta, is cruadh an
cás 'na bhfuileam -
Muarán is mise 'nár slaod-chodladh buan;
Cuasán ár gcroidhthe go truagh tráighte tirim -
Muardháil is mustar dár séideadh chum
suain!


L. 217


B 1752-85flc 18L
U Dáibhí mac Phádraig Ó hIarlaithe
93 - Cia briseadh bhur ndóchas fós



Cidh briseadh bhur ndóchas fós, a chlanna
Mílidh,
'S gur tugadh an choróin gan chóir don aicme
choimhthigh,
Cidh cuireadh chun róid na treóin ler cheart
bheith díleas
Tiocfaidh bhur bpór ón smól mar chlannaibh
Ísrael.


L. 218


Cuimreasc crón nbhur gcomhair gan bearta
díogail
Do chuirfeadh ar treó 'na ndeóidh 's do lasfadh
tíortha;
Is minic dar ndóigh gur modhmhrach maith do
chríochnadh
Dá ritheadh mo leoghan le tóirnigh ghairbh
choimhthigh.



An fhuireann so i bhFódla fós gan cheart don
impre
Ná tug urraim don Órd acht óspairt gharbh
dhíoghaltach,
An uair dhruidfid le teóra an scóid ar deis
na gaoithe
Tuitfid de thóirt ar nós na mara-thaoide.



Dá dtigeadh an chóir 'na cóir isteach go díleas
'S go gcuirfeadh an chóir 'na chóir le gasra
Laoisigh
Go bhfeiceam-na Fódla an bhróin ón ngraithin
d'íocfadh -
Sul a scuiridh an gnó níos mó ní chanfad
choidhche!


L. 219


B 1873 19D
U Anaithnid



94 - Is talamh saidhbhir suairc í.



Is talamh saidhbhir suairc í
Ó is talamh slán fionnfhuar í
'S is talamh drúchtmhar duais í
Mo thalamh dúthchais féin.



Níl fir ar bith níos tréine,
I gcroidhthe a ban níl claonadh,
'Sí mo ghuidhe, mo shúil, í shaoradh,
Mo thalamh dúthchais féin.



Ní talamh fuar ná dúr í
Acht is talamh seascair úr í,
Is ársa dílis dlúth í
Mo thalamh dúthchais féin.



Dá mbeadh ceart le fagháil ag breaghthacht
'S dá bhfaghadh sí toradh ar chráibhtheacht
Níor bhaoghal di namhaid, 's is cáidh bheadh
Mo thalamh dúthchais féin,



Ó! is talamh réidh-ghlas úr í,
Ó! is talamh séanmhar subhach í,
Ó! is talamh féarmhar fionn í
Mo thalamh dúthchais féin.


L. 220


B 1780 18D
U Anaithnid
95 - Aithrighe Phádraig Uí Iarfhlaithe, 1780



Mac Dáith Bhacaigh
do shagart paróiste Bhaile Bhoirne



Céad fáilte roimh ghrása mo Thighearna anois
Dfhuiling páis agus bás agus pian ar chrois,
Do shlánuigh sliocht Ádaimh cé dian a gcoir,
'S do thráigh an mhuir lánmhar 's an ghrian gur
scuir.



Admhaim gach peaca dhuit dár thárluigheas ann,
Ó's sagart tu tá ag maitheamh dam, a ghrádh
dhíleas,
Ón Aifreann go bhfanainn-se gach lá saoire,
'S an carrbhas go leagadh me le barr baoise.



Ní hí an phaidear ná an tsailm do ghnáthuighinn-se
Ag luighe ar leabain ar maidin ná i meadhon-oidhche,
Guidhe na n-aspol do b'annamh le grádh croidhe
agam
Acht gníomhartha malluighthe, eascaine agus
gráin-smaointe.


L. 221


A Athair-mhic fuair peannaid uilc is bás Aoine
Do ceangladh ar beannaibh croise is táirngí
ionnat,
Mar mhaithis tré a shalma do Dháibhí a choir
Beir m'anam leat go Parrthas gan fán
timcheall.



Ní hé ar chailleas-sa dem charaid ná dhem ghnáthmhuintir,
Ná a bhfuil ar an dtalamh de mhaitheas dá
n-áirmhighinn-se,
Ná bheith ar mo leabain gan tapa agus an bás
taoibh liom
Acht an Té cheannuigh me bheith in earraid liom
nár shásuigheas sin.



A Uain an tSolais do crochadh ar chrois Dé
hAoine
'S t'fhuil uasal fhoirtil 'na logaibh it mhóirthimcheall,
Gach uair thig doirbheas orm ná claoinsmaointe
uilc
Is muar an donas nach ort-sa do smaoinighinnse.



A Mhichíl mh'anma, a theachtaire an Rí ghlórmhair
Bí im aice-se ar eagla an mhí-chóthroim;
Do shaoileas fanacht i mbeatha is i mbaois
m'óige
Gur thigheasach nár choímhtheach an tAthair
glórmhar.


L. 230


B 1750flc 18L
U Anaithnid



A dhuine cad b'fháth dhuit rádh go mbeinn-se suas
Is ar imthigh tar sáile 'em cháirdibh féin ar cuaird,
An tubaist gur fháisc a lámha go léir im buaic -
Mo ghiolla is mo láir dfhagháil bháis in éinfheacht uaim.




Do bhíos-sa im leabaidh go hatuirseach tréith
im luighe
Araoir tré ainbhfios tamall ag éad le Críost
Tug cíos gach fearann do ghallaibh in aol-Ghort
Fhloinn
Is Gaoidhil dá leagadh dá gcreachadh is dá
gcéasadh shíor.


L. 231


Mo scíos nach lasair ó Fhlaitheas do léigis
trínn
Nó an díle thabhairt gan aiseag tar céile
Chuinn
Seach díth na gCarathach gceannasach dtréitheach
ngroidhe
Do-bheir sinn dár bhfeannadh ag fanatics
claona an fhill.



Do bhíodar tamall go carthannach déarcach
caoin,
Ba bhinn a n-easpuig a manaigh 's a gcléir ag
guidhe;
Ó's fíor gur peaca thuit artha rinn faol-choin
díobh! -
A Chríost, cé'n Sasanach smeartha nár réab do
dhlighe!


L. 235


B 1850c 19L
U Anaithnid



Chun Seáin Uí Chuirc nach gruama



Chun Seáin Uí Chuirc nach gruama
Gan cruadhtan mo mhíle beannacht -
Ráib gheal oinigh shnuadh-ghlan
Atá fuaighte 'san spórt;
Is chun Seáin bhig ghil Uí Thuama
Do ghluais leis as an mbaile
Agus dfhág gach fuireann luadrach
Le fuaim a chuid ceóil;
'S chun Seáin gan phoimp Mac Meán Mhíchíl -
Go ngárda Críost an gasra;
Slán go dtighid na sáir-fhir ghrinn
Tar sáile arís 'na mbailte puirt
Go ceann-árd tuilte 'e mhuar-chion
Le gluaiseacht na gaoithe is mara
Gan smáchail chuirp dá gcuanta
Go luascthar mo leoghain.



Ó shráid an Ghuirt sin Ghuaire
Ó Luachmagh is go tír an Daingin
Mar Sheán Ó Cuirc chomh uasal
Ní bhfuaras-sa fós;


L. 236


Atá páirt is sult is suairceas
Is muar-thuigsint ina phearsain
Is tá a fhios agam dar Muaireach
Ón uair a thug dam seoid;
Ó Árainn naoimh go páil Phort Laoighis
'S ón Ráth go taoibh Loch Garman
Ní thárla linn, dar láimh Lachtín,
Rábach groidhe chomh fearamhail
Fáilteach fliuch roimh thruagh-fhir,
Chun fuascailt ar dhuine dhealbh
Gan fagháltas stuic i bhfuairthean
Ar cuaird bhíodh gan treóir.



Is áthas liom-sa an nuadhacht sin
Do chuala mé ó na fearaibh
Mar go rángadar chun cuain chirt
Gan bhuaidhreamh gan bhrón,
'S nár fhág an mhuir gach buachaill
Le ruaig tuinne sínte marbh
'S nár báthadh gach buinne buacach
'S a bhfuadach gonuig róin -
Ar lár sa tuinn na Seáin nár scinn
Le lán-neart gaoithe is carraigeach
An tÁrdmhac Ríogh fuair bás dár dtaoibh
Gach lá dá ndíon 's 'na bhfaire sin,
'S dar Párc sin mise suaimhneach
Gan bhuaidhreamh i mbrígh 's i misneach
Le gártha suilt gan duairceas
Gan gluaiseacht im cheo



Grádh mo chuirp go bhfuaradh
Gach buachaill den mhuintir chailce
An rás dfhuil fhíor-ghlan Thuama
Nach tuata is nach dearóil


L. 237


Nar ghnáthach aca duanta
Ag suaga go binn dá gcanadh -
Sásamh, sult is suairceas
Is fuaim crot gach ló;
De bhláth an chrainn ór fhás na Gaoidhil
Do tháine an bhuidhean bheag ghreannamhar -
Na Cárthaigh ghroidhe, le rádh gaiscidhigh,
Bhí tráth ina ríghthe i gCaiseal Chuirc
'Na n-árus suidhte subháilceach síoch
Dom thuairim-se níl a samhailt
I gClár Luirc ghluis ón gCluain teas
'S a chuardach go Bóinn.



An bás dom sciobadh, 'om scuabadh
'S dom fhuadach fá líoga i dtaisce
Má tá níos briosca is uaisle
'Ná is suairce 'san chóig
'Ná an Seán is sine 'en chuaine
Nach fuathmhar do bhuidhin an bhealaigh,
'S a stáid-bhean oinigh stuama
Nach gruama dubh cló;
Pláta an ríogh 's a fhagháil don dís
I ráithe chruinn do scaipfidís;
Is árd a gcroidhe 's is fáilteach grinn
'Na n-árus tighis is carthannach
I dtabhairne dighe na dtuatha
Ar na bruachaibh seo timcheall Chaisil
Ina bhfagháltas stuic an uair seo
Dá dtuairisc níl beó.


L. 238


B 1750c 18L
U Anaithnid



103 - Conntae Mhuigheó



Do liostáil me le sargeant ar shráid an bhaile mhóir,
Is chuaidh mé leis tar sáile, mo chreach agus
mo bhrón!
Do thug sé gunna im láimh dam
Is cloidheamh géar a bhí bárr-chaol
Is shaoil me go mba fearr sin 'ná lán luinge d'ór.



Muna mbeadh bás mo mháthar do bhíos-sa maith
go leór -
Bhíodh boidéal fíona ar clár agam is comhluadar
ban óg;
Dá mbeinn mar ba mhian liom
Do bheinn-se seal dá gciapadh -
Ní mar sin d'órduigh Dia dham acht i gciantaibh
fá bhrón.


L. 239


Tá ór go leór le glacadh agam i gConntae
Mhuigheó
Acht ní fhéadaim dul chomh fada leis, tá an tuile
seo ró-mhór;
Anois ó dalladh m'intleacht
'S gur dhearmaid mé mo mhuintir
Ded chumha go bráth ní éagfad-sa, a Chonntae
Mhuigheó.



Síor-thriall go teach an tábhairne le pléaráca
agus le hól
d'fhág mé i bhfad óm cháirde, gan dáil casadh
agam go deo;
Muna mbeadh síor-ól na gcárta
Nó an dlighe do bheith ró-láidir
I Sante Cruz ní fhágfainn mo chnámha fá'n
bhfód.



Cuirim-se slán feasta leat, a Chonntae
Mhuigheó,
Mar a mbíodh an óige bailighthe ar an mbán
fá mheadhair le ceól;
Is lúthmhar éadtrom tapa
Déanfainn damhas i measc na gcailín
'S insan oidhche ag triall abhaile agus mo
chroidhe bheith aoibhinn beó.


L. 240


B 1750flc 18L
U Anaithnid



Gach n-aon ná tuigfeadh dom pudhair
Go mbuailidh an tubaist air pleannc,
'S gach n-aon do ghoirfeadh díom "Splinnc"
Ar Chríost nár fheice sé splannc!



Mo dhainid mo dhearc, mo dhreach, mo ghné,
mo ghnaoi,
Mo leagadh, mo leath, mo lagar léin gach laoi
Mo scalladh, mo scairt, mo scread, mo
scréach, mo scíos
An galar so a stad ar ghlas mo chlaonruisc chaoin!


L. 241


Ní scamall ná scraith, ní brat beag éadtrom
finn
Ná fanfadh acht seal 's do ghlanfadh tréimhse
arís,
Acht anachain fhada ar feadh mo shaoghail gan
chrích
Do scartuigh mo dhearc amach as plaosc mo
chinn!



105 - Do Sheán Ó Ríoghbhardáin



Mo mhairg, mo chreach, mo cheas, mo chiach,
mo chás,
Scaipeadh na bhfear do chleacht bheith fial le
dáimh,
Do leagadh na mairt 's ná faiceadh iad go
bráth
'S a leastar dá mheas ná feacthas riamh ar
shráid.



Ná leanaidh-se a reacht, níor ghasta a gciall
's a gcáil!
Is fearra de cheacht fá seacht an biadh a
choimeád!
Gach aicme bhíodh leamh ler bh'ait a riar ar
chách
Beidh feasta gan mheas ag teacht chun iarthair
chláir!



Mo theagasc beir leat do leas má's mian a
thrácht
Bleachtaidh an cheanann, bain den riabhach a
barr!
Ó's dearbhtha an stair gur mhaith gach triath
den chlár
Bíodh agat-sa castor, each is diallait bhláith!


L. 242


It dhiallait bhláith go sámh dá suidhir ar th'each
Stiallaidh cnámha nó barr na slighe beir leat;
Gach fial-fhear sámh atá let linn fá cheas
It dhiaidh beidh spás ó's áil le Dia na bhfeart.



An Ceangal:



Is díth liom ár saoithe go beag-gill fann
Is fíor-shliocht ár dtaoiseach go tearc-bhídh
gann,
Is fírinne, a dhaoine, má chreadtaoi m'amhail -
Do bhíodar, uch nílid, 's dá mbeidís ann!



Bonn-lása:
Gan ghustal, gan cháirdeas,
Dá gclipeadh 's dá gcáibleadh
Bheadh sibh-se gan áireamh
Cé urradh gan áird me
Nó "níor mhisde is do b'fhearrde!"



B 1753lsc 18L
106 - Donnchadh Caoch Ó Mathghamhna, "Sasanach"!



Nuair thug duine éigin Sasanach air toisc
gur labhair sé beagán focal Béarla ar
mhargadh Chorcaighe.



Tá an oiread-san tarcuisne ar bhreathaibh na
binn-Ghaoidhilge
Gur milleadh mo theanga le cas-fhriotal gaillbhuidhne
Ionnas go meastar le haicme de chlann
Mílidh
Dar Muiris gan magadh gur Sasanach teintidhe
me!


L. 243


Is ise ba chneasta, ba ghasta is do b'fhíorlíomhtha
Do b'oilte, do b'aite is ba bhlasta i ngach
brigh binn-ghuib,
Ba snoidhte, ba snasta ag reacaireacht gaoislaoithe -
Ní hionann is glafairneach mhalluighthe ár bhfíornaímhde.



Sirim an tAthair 's an geala-Spirid caoin
naoimhtha,
'S go deimhin dár gcabhair-na gairmim fíor
Íosa,
Scrios ar na gallaibh 's a n-agall go ndíbrighthar
Ionnas go leanainn-se teanga mo phrímhshinsir.



Nó go bhfillidh a maireann de shleachtaibh na
bhfíor-shaoithe
'S go mbristar na reachta so ar marthain ag
slím-smístibh,
Go suidhfidh an leanbh i gceannas na dtrí
ríoghachta
Ní sultmhar mo labhairt 's is searbh mo chaoinlaoithe.



Tiocfaidh an aicme cé fada dá shíor-mhaoidheamh
sinn
is cuirfid chun reatha lucht trascartha an fhírdhlighe
chirt;
Bainfid is grafaid nó seasfaid i ndíg
draoibe -
Sinn-ne ina mbailtibh 's an ghramaisc fá chríondaoirse.


L. 276


B 1750c 18L
U Conchubhar Ó Ríoghbhardáin



123 - A Athair na bhFlaitheas



A Athair na bhflaitheas do dhealbhuigh spéir is tír,
Aingil is aspoil is eaglais aonda is naoimh,
Aicme ba mheasa - na peacaigh do réab do
dhlighe -
'S is fearra do mhaitheas 'ná maitheamh dá
mhéid do ghnímh.



Admhaim bearta gur bh'annamh me ag sléachtadh
i gcill
Ag machtnamh na saltrach beannuighthe léightar
línn;
Teachtaireacht aingil go banaltrain mhaordha
Chríost
Dá aithris gur shealbhuigh dalta an Spirid
Naomh 'na croidhe.


L. 277


Nó a taisteal ar maidin chun baile chirt
naomh-Eilís
Mar d'aithris an t-aingeal gur gairid go
mbéarfadh sí
Leanbh do bhaistfeadh le carthannacht céadta
roimhe
'S i bhflaitheas do ceapadh mar ainm air
Réamh-reathaidhe.



Adhbhar gach aitis ar talamh gur aontuigh
tigheacht
Gan ghradam gan rachmas, ag aingil dá
aodhaireacht síoch,
A thairgsint amhail an pheacaigh le faobhar
dlighe
d'Anna do b'fhada dá athchairt 's a céile
naoimh.



Sin mearathall aigne, atuirse, déara is caoi
Ler measadh dí tamall gur cailleadh a haonmhac
síoch,
Gur aithin di freagairt i gceastaibh gach téx
den díodhacht
'S go bhfaiceadh ag teagasc na dteagascach é
gan aois.



Barra ar gach atuirse cathuighthe is céasadh
croidhe
Athchairt an Athar, ag screadaigh fá scéith an
chrainn,
Allas dá bhallaibh 'na cheathaibh ba chraorach
braoin
'S a ghreadadh le slataibh gur gearradh na
créachta tríd.


L. 278


A bhaitheas dá bhascadh le bearanna géara
nímhe
Le tarcuisne mhagaidh a ghairm 's a ghlaodhach
mar rí,
Dá leagadh ar an dtalamh fá ana-chrois
chéasta thruim
'S a anam gur dhealuigh an pheannaid le
daonnacht clí.



'S a thaisteal go carcair na n-athrach naomhtha
thíos
A ndainginí ceangail 's a nglasa gur réidhtigh
díobh,
Na haspoil do scaipeadh do bhailigh le chéile
arís
'S ar talamh do theagasc a dathad de laethaibh
síoch.



Seo an taca n-ar ghairm an tAthair an t-aodhaire
groidhe
'S, gan mearathall, aiteas ar aingealaibh
aonta roimhe,
Iar scaramhain d'aithin do Pheadair an tréad
do dhíon
'S a bharra gan bhascadh go dtagadh air glaodhach
arís.



Is anbhfann atuirseach eaglach faon do bhí
Peadair ba charraig is aspoil tar éis an rí
Gur neartuigh spirid charthannach chabharthach é
'na chroidhe
is lasrach beannuighthe i dteangain gach éinne
dhíobh.


L. 279


Is machtnamh tar machtnamh an Bhanaltra
chéadna arís
Idir phearsain is anam gur glacadh in éinfheacht í
I ngradam na bhflaitheas fá armas Dé na
guidhe
I rachmas ná feacthas a shamhail don daonnacht
roimhe.



A chumainn, a charaid 's a dhalta Mhic Dé na
guidhe
Is daingean do cheannuigh i bpeannaid na
péine sínn
As gach easmailte mearathaill mhagaidh do
réinis díol
Cé fairsing ár malluightheacht, bailigh fád
scéith arís.



Ba margadh daingean na ceathanna tréana bhí
Gach caise gan taise dár ndeascaibh i gcréachta
bhí,
An tairnge sparra 'na bhallaibh ar ghéaga an
chrainn
Aitchim go nglacaidh an tAthair mar éiric í.



An Ceangal:
Cé mór a tuigthar coirthe shíol Ádaimh
Is leor mar fhulang cirt don Rí neámhdha;
Geóbhaidh le fuil a Mhic mar dhíol sásaimh
A bhrón 's a bhroid i gcrois na fíor-pháise.


L. 279



124 - Admhaim féin go déarach



Admhaim féin go déarach díthreórach
In aithreachas ghéar tar éis mo ghníomh-ghnótha
d'aitheantaibh Dé ná déininn teinn-treóradh
'S gur b'aite liom claonadh clé na clí-fheóla.


L. 280


Do b'annamh me ag sléachtadh ag taobh na
gcill-dóirse
Ag machtnamh go mbéinn mar aon den chruinnchnósach
Ag amharc na dtréan-fhear tréimhse bhí
rómhainn-ne
I gceannas an tsaogail ghléasta ghroidhechóistigh.



An t-annamh do théighinn níor bh'é mo smaointeoireacht
Gur balbh an béal ba bhréagach binn-sceólach
Gan baladh ag céadfadh claon na poimp-shróna
'S gur smachtaithe faon-dearc sméide an smísteóra.



Ní deacra réilte an aeir do chruinn-chóimhreamh
Ná glasradh ar ghéagaibh craobh na coill-chnósa
Ná gainimh do théid le taoscadh tuinn bóchna
'Ná a gcleachtainn gach lae de réabadh dlighe
an Chómhachtaigh.



Ba chealgach craosach créachtach croidhe-chróilighe
Me ag scanadh gach scéil go héitigh éagcórach,
A ngeallainn níor mhéinn liom é do fhíorchomhall
'S ba mhairg don bhé do dhéineadh linn comhairle.



'Na ceathanna braon ar fhéar ghlas fíor-nóna
Nó maidean roimh ghréin ar dtéacht don mhínfhoghmhar
An peaca mar chéile céirde im chroidhe
chomhnuigh
'S a mhaitheamh led daonnacht, a Aenmhic aoird,
deónuigh.


L. 281


I leabhar na dtéx do léightar línn dóchas
Dá mhalluightheacht aon má ghlaodhann re croidhe
deórach
Gur maithmheachas saor a dtéid den ghníomh
thórsa
Acht fanamhain go réidh tar éis ar shlighe fhóghanta.



Athchuinghim féin is éighim go glinn-ghlórach
Athair na naomh is Rex na Tríonóide,
An Phearsa le péin a chléibh do shaoir slóighte
'S an Araid-Spirid naomhtha réidheas gach mí-dhóchas.



Do neartuigh an chléir bhí déarach díthreórach,
Leagaithe d'éis a réilteann rí-eólais
Ler labhair 'na mbéal na bréithre suíbhsceólta
Ag teagasc gan spéis gach n-aon den naimhidchomhursain.



'Bé agaibh-se, a shaogail shlaodaigh shlímshlógaigh
Nár theagmhuigh mar mési i mbaoghlaibh mí-dhóchais
Is dearbhtha an scéal do réir na naoimh-eólach
Go Flaitheas go réidh go réidhid gan millteóireacht.



An Ceangal:



A Bhainríghin na mbainríghin 's a mhaise na mbé
'S a annsaidheacht le gceannsuighthar eagnacht Dé,
A chrann-shoillse is greann díoghrais daingean
don chléir
In am guidhidh ár n-anphoimp do mhaitheamh go
léir.


L. 282


Greann Ríogh na reann í ina leanbh gan bhéim
Do thoghaidh Críost gan ceanta í ina banaltrain
fé,
Samhluighim gurab ann luigheann 'na leaba an
Spirid Naomh
Mo theannta í i ngach canntaoir chun freagartha
im pléidhe.



Lanndaoir dar leam í na n-anbhfann bhfaon
Is leabhair-chraoibh gan mheang í ó bharra go
préimh;
Dá chlampraighe me im scannraighil ag galar
ná ag taom
I bhfabhraíbh a beann-mhín-bhrait rachad mar
scéith.



I gcampaíbh na lann líomhtha leadartha ngéar
In am díoghaltais namhaididhe dá dtagadh go
réighinn
I gcobhaltaíbh na dtonn dtaoide ar fairrge i
mbaoghal
Mo chabhair í - ina bhfoghlaidheacht ní heagal
liom aon.



Cé teann tighid na deamhain nímhe ó Aiceron
chlaon
'S an cam-shaoighal sleamhain slím dom mealladh
gach lae,
An tsanntaidheacht 'na splanncaíbh ag spalpadh
na mbréag
Is fann chlaoidhfe an mhodhmhail mhíonla a
n-acmhaing go léir.


L. 283


Rogha Ríogh an domhain bhraoinigh fhairsing an bhé
Is logha líonta ag labhairt trí n-a hainm do
ghlaodhach
is fonn línn a fabhar-ghlaoidhach go dtagaidh an
t-éag
Go ngabhaidh Críost 'na bhogha-líon ár n-anam
tar 'éis. - Amen.



125 - An tan do bhíodar gaoidhil in Éirinn beo.



Nuair do scríbh Diarmuid Ó Súilleabháin .i.
mac Domhnaill Mic Fhínghin Chaoil, an iarracht san
"Níor bhfeasach sinn i gcríobhaibh Éibhir Mhóir."



An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beo
Ba lasmhar líonmhar laoithe is léigheann go
leór,
Ba rathmhar righin-ruisc ríghthe ag réidhteach leo
'S ba ghasta gnaoi-ghlan gníomhdha Gaedhil i
ngleo.



Ba thaitneach taoisigh tíre ag téacht le tóir,
Ba scaiptheach scaoilteach sceimhealta scéamhdha
scóip,
Ba mhaiseach míonla mín-chnis maordha modhmhail
Gach ainnir chaoin de phrímh-shliocht Éibhir Mhóir.



Dá maireadh sinsear saoithe séadmhar
soghmhail -
An t-athair Muimhneach linn dá nglaodhtar
Eoghan,
Mac Airt mic Chuinn nó buidhean na Féinne
fós
Do chartfadh gaill mar chaoirigh tréada i
gcró!


L. 284


Dá mairidís an bhuidhean tug tréan-troid slógh
I gcasmairt buidhne Chuinn na gcéad-chath 's
Éoghain,
Ná cath na hAoine do chlainn Thurgéisius threoin
Ní reachadh gaill in íorghail faobhair leó.


L. 284



126 - Atáid clanna na ngaedhal go léir i dTuirse



Atáid clanna na nGaedhal go léir i dtuirse
Tréith gan sult gan subhachas,
Gan taisce sa tsaoghal go taommhar tur
Gan saoghaltacht stuic ná connradh;
A bhflatha go faon acht pé caogad mion
Ón éag do rith gan túrnamh,
Fá tharcuisne ghéar i bpéin 's i mbroid
Ag béaraibh briste brúighte.



A fharaire fhéil-ghlic léigheanta shultmhair
'S a ghéag na gcuisleann gcumhra,
A thaca na héigse, a scéimh 's a gcruth,
'S a chléirigh chruinnigh chúirtigh,
Aithris dam féinidh, sléacht is innis,
Déin - ná coinghibh rún air -
An fada bheidh Gaedhil bhoicht fé gach coiste
Daor dá bhfuilid fútha?



A dhalta na mbéithe maordha miochair,
Éist le cruinneas cunntais,
Go bhfuil eascaine Dé, do réir mar chitear
Claochladh righthe is triúcha
Ag fealladh ar a chéile, claon is cuime,
Craos is iomad drúise,
Aitheanta naomhtha na cléire bhriseadh
'Sé do chuir amudha sinn.


L. 285


Do chaitheadar téarma caogaid go leith
Gréine ag cur a gcúrsa
Gan eagla Dé ná géilleadh 'o Mhuire
Acht ag réabadh dlighthe rúmpa;
'Sé eagna Dé agus éigne cirt
Do réin don fhuirinn sciuirse
Ler greadadh go haeibh gach n-aon againn
Ón aodhaire gonuige an prionnsa.



'S a dhalta mo chléibh ná géill gur cion
Ar thréadaibh chloinne an bhrúdaigh
'Na bhfuil rachmas is saoghaltacht Éireann uile
Fé n-a gcumas, fútha;
Carrbhus, craos is bréithre buile
Is baoghal go bhfuiltar chucha
De dheascaibh a dtréithe féin go mbuinfear
Éigean cirt den chomplacht.



I mbeatha na naomh gan bhréag do chibheam
Bréithre is milis liúm-sa -
Gur chaitheadar tréada an Bhéarla bhuirb
An léagsa a cuireadh chucha;
Ní fada mo shaoghal cé haosta roimhe
Mé chun go bhfeicead brúdaigh
Dá nglanadh as gach aol-bhrog aerach slinne
Is Gaedhil 'na n-ionad subhachais.




L. 289


B 1729 18T
U Diarmuid mac Domhnaill Ó Súilleabháin
129 - An Brannda



A dhalta dhil dár radas-sa m'annsacht dian
Geallaim dhuit go rachainn-se cídh fann mo
rian
'Ot fhaicsin-se le carthannacht in am gach
bliadhain
Acht ar eagla bheith trascartha ag an mbrannda
thiar.


L. 290


Ní seascaireacht fé ndeara dham ná clampar
fiach,
Ná anbhfann do chrapfadh mé, mo cheann cidh liath,
Ná seachaint dul tar garbh-chnocaibh reamhra liag,
Acht ar eagla bheith trascartha ag an mbrannda
thiar.



Eascara don anam é agus namhaid do Dhia
Do leagas cuirp dá chalmacht gach ball na
mbiaid,
Glaise Styx is aisti stilleadh brannda riamh,
Nathair nimh' nach annamh tug mo cheann gan
chiall.



Is cleachtadh leis an leanbh mbeag cé gann a
chiall,
Nuair shatalas ar aithinn ná ar a shamhail de
phian,
Go seachnann an lasair sin gach ball dá
thriall,
Is ní taise dham roimh ragairne an bhrannda thiar.



Glac-sa sinn óm theachtaire, 's is gann liom iad,
Mo scata bruinneal gan faice bruit ná beann
dá riar
Tabhair cuid dot bhanaltrain is ceannsa mian
Is gabhaid uile im ainm-se dot chlann it rian.



An Ceangal:
A shuairc-fhir ghroidhe do ghní an greann is an
sult,
Ní fuath dot mhnaoi ná dhíbh tug mall mo dhul
Ná fuath don tslighe cé coimhtheach reamhar na
cnuic
Acht fuath mo chroidhe do bhíos don bhrannda
agam!





L. 291


B 1750obc 18L



130 - A fhlaith gan bhéim 's a shaor-fhir chlúmhail



Comhairle an fhile d'Ó Súilleabháin Mhór chun
toghtha céile.



A fhlaith gan bhéim 's a shaor-fhir chlúmhail gan
cháim
Is taca 'on chléir, is spréidh 's is cúl don
dáimh,
Fearta Dé is tú féin ag scrúdadh an cháis
'S ná beidh le glaodhach tar héis "Uí
Shúilleabháin."



Is bean is spréidh má's féidir súd leat dfhagháil
Bheith maiseach béasach tréitheach d'úr-fhuil áird,
Snaimidh léi mun séanaidh thú le plás
Is gaibh-se léi dá mbéadh gan púnt 'na láimh.



Ceap is préamh na nGaedhal dá múchadh ar lár,
Is leagadh is créim don taobh so is súd go
bráth;
Glac-se saor is léigim chughat le grádh
Mo theagasc céille ón nGréig den chrú noch
dfhás.



Ainm an duine noch d'imigh 's ná fágann mac
Ainm ná cuirtar i gcroinic i gclár ná i
gceacht,
Ainm do scriostar go minic tar fál amach
is lastar 'san teine mar nidhthibh ná fásann
glas.


L. 292


Teascthar 'san chistin an inighean bhláth bhog thais
Is gabhaidh le broinneal gan pingin, má's
gádh, ná ba;
Ná castar 'na coinne gan ise den árd-fhuil
cheart
'S gur measa dhuit tuitim do chloinne má
táid le teacht.



Cairfead-sa i dtuigsint go bhfuilim de bhláth
na bhfear,
Ainm nach mioscais, is bainidh-se an fáth sin as;
Stadaim den ghliogar - níl a thuille le rádh
agam leat
Acht nára fada liom feitheamh go bhfeicinn
roimh bhás do mhac.




An File ag déanamh a leith-scéil leis an Árd-aingeal
toisc gan acht gandal do bheith aige in onóir Féile
Míchíl.



A Mhíchíl do chídh sínn ar easbhaidh an annlainn
Ar fhíoghraibh gan ím, saill, ná bainne gamhnach
Fá dhaoir-chíos don ghaill-bhuidhin-si chreach na
ceanntair
Mar dhíolaidheacht 'san chuibhrinn sin glac an
gandal!



Glac gandal san am so, a Mhíchíl aoird,
Is cé crannda lag fann me go síorraidhe 'om
shnoidhe,
Franncaigh 'san cheanntar dá dtigheadh díobh
puinn
Do gheallfainn-se reamhar-mhart mar chuibhrinn
díbh!


L. 293


Isé m'amhgar gan teannta lem dhrom agam
'S níor ghandal do b'annlann Dé Domhnaigh im
thigh
Acht reamhar-mhart nár ghamhnach is togha na
molt
Is brannda maith Franncach le toll an tuirc!




132 - Do thráigh féile na hÉireann



Do thráigh féile na hÉireann mar áitigheas
clú,
Is dfhás béim ar an laochra do ghrádhadh í ar
dtúis;
Crádh géar ar an éigse nach básuigheann cumha
Is gáir Bhéarla gan éifeacht ag páistíbh búr.



Níl féile in éinneach is tá sí ar gcúl,
Is an Ghaedhilg, mo léir-chreach mar bádhadh í
siúd;
Spéir-choch ar éadan gach gáirlín cnúmhaigh
De bhréin-tsliocht na ndaor-chlann do ghnáthuigheadh
triubhas.



Is péirbhic go dréimreach 'na bláth-luighe ar chúl
Gach sméirle dá ngéilltar sin árthraighe is
púint,
Is an méid de shliocht Éibhir dá ndáiltí clú
Fá ghéar-smacht ag daorscar na gcáisí bhrúghadh.



Isé bhéir me ar thaobh cnuic i gcáibín chumhang
Ag éagnadh mo phéine is me im ghnáth-luighe im
lúib -
Éileamh is tréin-rith ag báillí chugham
'S gan éinne beó 'e Ghaedhlaibh ba scáth dín
dúinn!


L. 294


Saerbhreathach éachtach 'na lán-luighe in úir,
Is ceile na Claonghlaise is crádh croidhe liúm,
Scéal guirt tug saobh-luisne Chlár mhín Mumhan
Muna réidhtear le haontoil an Áird-ríogh a
bpúdhair.



A Dé dhil fuair céasadh agus Páis trím chúis
Ler saoradh sliocht Éabha ó cháintí an ubhaill,
In éiric do phéine agus tairngí it bhonn
An uair éagfam beir saor sinn gan spás
fít mhúr!



B 1715 18T
133 - Mo chiach atuirseach an trascairt sin



Nuair bronnadh an teideal san Tighearna Chairbreach
ar Sheóirse Íbhans.
A.D. 1715.



Mo chiach atuirseach an trascairt sin ar phór
Mílidh
I ngliadh ag danaraibh gur scaipeadar fá
chóigcríochaibh;
An trian mhaireas insan mbaile aca gan fód
dílis
Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a
Sheóirse Íbhans!



Triath Bhreatan toir ag fanatics gach ló ar
díbirt
Is triath Cheanannais in' aice sin gan slóghbhuidhne,
Triatha Alban gur chaitheadar dá ndeóin
stríocadh
Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a
Sheóirse Íbhans!




L. 295


Triath Pharrthais gan bailte puirt a mhóirshinsir
Is triath Cathrach in' aice sin go ró-chlaoidhte,
An triath is neasa liom gan sealbh aige i
bhfód Faoide
Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a
Sheóirse Íbhans!



An triath dearbhtha sin Chairbreach go ró-mhaoidhte
'S gach triath fairis sin den Chairbrigh 'san
móir-thimcheall,
Triath Seanaghlais in Hamburg 'sé is mó
chaoinim
Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a
Sheóirse Íbhans!



Triath Seanaide gan labhairt air 'san chóig
choidhche
Is triath calma na Carraige nach eól díbh-se,
Triath Cheanna Tuirc ná habarthar a shórd
tríotha
Tug Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa, a
Sheóirse Íbhans!



A Thriath cheannasaigh do cheannuigh sinn let
mhór-dhaoirse,
Triatha Bhanba gur feasach duit dot dheóin
díogtha,
A Dhia, an gcasfair-se an mhalairt sin go deó
choidhche
Le nach biaidh Triath Chairbreach dá ghairm ort-sa,
a Sheóirse Íbhans!


L. 296


B 1750obc 18L



134 - Níor bhfeasach sinn i gcríochaibh Éibhir Mhóir



Níor bh'fheasach sínn i gcríochaibh Éibhir Mhóir
Theas ná thíos i dtíorthaibh Éireamhóin,
Leath a gcíos le hím do dhéanamh dóibh
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



Ná an mart do dhíol ná saill na gcéis ba mhó,
An chearc, na huibhe, na laoigh, na héin, na
sóirt,
Ná an bainne bhí ar feadh mí 'san gcré ar feódh
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



Gach bodach díobh do bhí gan béarla beóil,
Ná teacht thar síoda timcheall fé n-a sceóig,
Ná hata mín, dar linn, ná éadach crón
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



Ná ar chaile an gheingce, síoda, stays ná
clóc,
Scairf ná frínse uimpi, créip ná sróll,
Hata tuighe, ná aoirde fé n-a bróig
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



Gach caile dhíobh do bhíodh gach lae 'na gnó
Is gach bodach díobh do bhíodh gan réal ag rómhar,
Nó seal 'san choill chum cíosa dhéanamh dóibh
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



Ní caithtí snaois, is ní bhíodh téa aca ar bórd,
Ná brata síoda choidhche ag séide a srón,
Ná fean ag mnaoi chun gaoithe théacht 'na cómhair
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!


L. 297



Gach bathlach bhíos le síoda ag séide a shrón,
Is a chaile bhuidhe de mhnaoi i ndaor-bhrat
sróill -
A athair roimhe do bhíodh ag aodhaireacht bhó
Ar tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



An aicme bhíodh i dtrínse cré agus fód
Ar eachaibh suidhid is frínsí fé n-a dtóin,
Geallaim díbh go fíor nárbh é ba nós
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



An brat do bhí ar Leath Chuinn do thréig ár
dtreóin
Do leath aníos ar ínse Fhéidhlim ceó -
Ná brat an díola, nídh ba chéasta leó
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



An tráth do bhíodar Gaoidhil go féastach sóghach
Fleadhach fíontach fíochmhar séadach sóghmhail
Dáimh is draoithe is daill ag téacht 'na
gcómhair
An tan do bhíodar Gaoidhil in Éirinn beó!



Stadfad díobh, ní mhaoidhfe a dtréithe nóis,
Feabhas a dtigheas, a ngníomh, is a gcéimeann
fós,
Níl agam ím le díol ná tréadtha bó
Is rachad choidhche arís ag déanamh bróin!



Dá gcasadh Íosa Críost le tréin-neart slógh
Go ceart a shinsear an rí seo Séamus Óg
Do scaipfeadh gaill tar tuinn gan téacht go
deó -
Do phreabfadh Gaoidhil arís go hÉirinn beó!


L. 298



135 - Och! is cásmhar mise go huireasbhach



Don tubaist, mar leanas.



Och! is cásmhar mise go huireasbhach tuirseach
déarach
Tar sáile ó d'imigh an fhuireann sin mhaithibh
Éireann,
In árus chonnail ó cuireadh me i ngoimh na
déarca
Is a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise
thréigean!



Ó thárla mise fé chumas na ngalla-dhaora
Gach lá go hioscada i bpluide is me ag cartadh
caothach
Potáta is uisce is de is minice chaithim béile
'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise
thréigean!



Atáim ársa liodartha, foirbhthe - chailleas
m'éisteacht -
Fuaireas ré 'nar thuiteas - do bhain an uileghéim
díom -
Mo chóta briste ar m'uilleanna is me gan
léine,
'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise
thréigean!



Ól ná imirt níl ionnam, ná sult do dhéanamh,
Ceol dá sheinnm ní chloisim mar chleachtadh
Gaedhlaibh,
Uchón do thuiteas in umar na haimiléise
'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise
thréigean!


L. 299


Atá an saoghal so ag tuitim im choinne, 's
is misde mé sin -
Mo chéile is mise gan choinneal ag ithe ár
mbéile
Re haer na teine gan chuideachta acht sinn 'nár
n-aonar,
'S a chrádh don tubaist, cár mhisde dhi mise
thréigean!



Is deimhin dá dtigeadh tar uisce chughainn
maithibh Éireann
Fá mheadhair i gcumas chun siosma na cogadh
dhéanamh
Do bheadh Tadhg is tusa agus mise in arm
gléasta
Ag roinnt na tubaiste ar fhuirinn seo an
ghalla-bhéarla!



An Ceangal:
Atá an aindeise dom leanamhain féin de ghnáith,
Is dom baramhail níl scaramhaint agam léi go
bráth;
Dá ngeallamhainn di baile agus leath Éireann
dfhagháil
Uch! ní ghlacfadh gan mo leanamhain dá
dtéighinn don Spáinn!


L. 317


B 1760ob 18L
U Prionnsias Ó Súilleabháin



141 - Ar lagadh na Féile



Mo chráidhteacht gan dán suilt dá shníomh
ná greann,
Dánta le cláirsigh ná gaois dá labhairt,
Ón mBlárnain 'san lán san go Baoi is leastall
'San áit sin gan trácht air acht ím nó a
adhbhar!


L. 318


Is é adhbhar an ime an druimfhionn d'atharrughadh
i bhféar
Is na samhaisce doirthe ón imeall do bheartughadh
léi,
Gach crabhdán tsingil dá laige do cheartughadh

Is gach gamhainín boineann dá bhfeicid do
bheathughadh ar méis.



A beathughadh do dhéanadh mar aon le duine dem
chloinn,
Deir an bhean úd é - ní baoghal ná tiocfaidh
in aois
Ní cailleamhaint é má néidheann seacht
scillinge 'e chíos -
Mo chathughadh cléibh mar phléidhe in ionad an
ghrinn!



In ionad an ghrinn do bhíodh dá threasughadh uair
Ó imeallaibh Baoi go Laoi is go Deasmhumhain
tuaidh
Ní chluinim-se nidh acht críoch nó ceartughadh ar
bhuaibh
Nó siosma ar ím dá dhíol, mo chathughadh is
truagh!



Is truagh liom an cruadhtan 'na bhfuilid na
Gaoidhil,
Dá ruagadh gan tuairisc ag dlighthibh an ghaill,
Is na huaisle ar a bhfuaradh gan fuinneamh
san chill
Go bruachaibh na gcuanta in ar cuireadh an t-ím.


L. 319


An t-ím ní chuireadh an fhuireann so chúcha thoir,
Ná an smísteach saille acht a hithe go húr
istigh;
Do bhíodh daoine singil ag imirt is ag lúth 'na
dtigh -
Is míle milleadh ná feicim mar chúrsa anois!



Anois níor chás dá lán bheith fialmhar fionn
Tigheasmhar páirteach grádhmhar ciallmhar clúmhail,
Tá daoine sámha i ngach áit noch dfhédfadh súd
Ná síneann lámh chum cách dá riar le fonn.



Fonn féile ar éinne ní bhfaghaim go bhfuil
Den tréad so go déadhnach noch d'adhain an
sioc!
Gach crú léigfeadh an saogal ar aghaidh ag rith
Mo chumha chéasta, dá dtraochadh nó i ngreim
fé lic!



Fé'n lic curtha tá an fhuireann do b'fhéile
nós
Nó tréigthe singil, dá mbriseadh gan tréad
gan stór,
Is an té ná cuireann acht bliodarnach ghéar
ar bórd
Lán de mhustar gan sireadh ná téacht tar
feóil!



Feóil ní chuirid dá ithe acht martas táire,
Nó an bhó thuigid bheith tirm de cheal a dártha,
Nó an bhó thuiteas i laige ar theacht an Mhárta,
Is gan bhó go bhfeicead-sa an fhuireann so in
aistear tháinig!


L. 320


Tháinig a lán aca in aistear mar adubhart
Nách gnáthach ar a gchláraibh mar bheatha ag teacht
suas
Acht bláthach le potáta nó bainne lag-fhuar
Cíodh hárd bheid amáireach ar eachaibh 'san
tsluagh!



'San tsluagh nuair thigim ní fheicim go mórdhálach
Acht an sluagh do chruinnigh le huireasbhaidh
mór-fhagháltas,
Nó an sluagh do chuireas chum suime gach sórt
fhásas -
Is sluaighte an oinigh go singil, mo sceól
cráidhte!



142- Tá fuadar séin féd ghille mear



Ag cur leis an iarracht san "Mo ghille mear" ag
Seán Clárach Mac Domhnaill.



Tá fuadar séin féd ghille mear
'S beidh sluaighte fé ag tigheacht tar lear;
Ruaigfe sé
As a dtuathaibh séin
An chuaine chlaon so síoch 'na gceart.



Ní scuirfidh na slóighte is mó dá gcrú-chur -
An tÍmpire comhachtach mór 's a dhúthchas,
'S an ríoghain óg de phór an fhiúntais
Go gcuirfid gan chóir an chóip sin Liútair.



Tá Laoiseach mór i sógh 'san gcomplacht,
Ag síor-chur leó, 's ní fólta an congnamh;
Níl tír ná póirse ná tógfaid rúmpa
Le fíor-neart slóigh agus fórsa púdair.


L. 321


Táid na saoithe is mó fí bhrón i Lonndain
De dhruim na sceól so seóltar chucha;
A bhflít cidh mór 's a bhfórsa tonntach
Ní thigheann leó pórt do dhóghadh ná dúthaigh.



Sul dtighidh foghmhar nó dhó, dar liom-sa,
Beidh Stíobhart Mór Óg 'na ndúthchas,
'Na shuidhe sa choróin fí scóip i Lonndain
'S muna stríocfa Seóirse is dóigh go liughfaidh.



Beidh buadh agus réim led ghille mear,
Is ruaigfe sé na gaill tar lear;
Beidh uaisle fé
'Na dtuathaibh féin,
'S mar luadhaim im scéal-sa guidhim a
theacht!



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services