Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaire Gaedhilge II
Title
Duanaire Gaedhilge II
Compiler/Editor
Ní Ógáin, Róis
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: C.O.É., 1930)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
3.- Fríoth an uainse ar Inis Fáil. Eochaidh Ó hEoghusa ro chan. Fríoth an uainse ar Inis Fáil, Buime mac Míleadh Easpáin; Rugadh a neart, fríoth a faill, Gach críoch ag teacht fá a tuaraim. Tugadh slán gach fir impe, Iomdha a huilc 's a héigcinnte; A neamh-ghlóir is saobh re seal, Sean-Róimh na naomh 's na neimheadh. Ní thuit cara tar a ceann, Ní faghthar troid 'n-a timcheall; Mo thruaighe mar tharla i niogh, Labhra uaidhe ní héistior.
Do díoghladh cneadha cath nGall; Fuaradar ógbhadh eachtrann A n-algas don eing re headh, Tangas re greim na nGaoidheal. Dá mbiadh compán nó cara, Do chloinn Néill anallana, Do chidhfeadh mar tharla an tír, Do chaoifeadh damhna a dímbrígh. Ní tharla do threibh Gaoidheal Díth cumhacht nó comhsgaoileadh Re dteacht nár tairngireadh dhi - A n-aindligheadh eacht eili. Do gheall an fáidh - fada liom A fhearg re huaislibh Éirionn - Nach maithfidhe le Dia dháibh Go ria a n-aithrighe d'éanláimh. Féachaid clann Chonaill cia dhíobh Nachar thuill fearg an Áirdríogh; Is féachaid síol Eoghain air, Deoraidh dhíobh ar n-a dhéanamh. Féachaid clann Charthaigh ó Chliaigh, 'S ríoghradh chródha chrú shaoir-Bhriain, Cia nár thuill a dtarla dhóibh Fá Bhanbha Chuinn i gcéadóir. Féachaid clann Ír nár ob cath, Is clann Bhriain Mhóir mhic Eachach, Laighnigh agus clann Cholla, 'S gach clann aingidh eatorra. Fine Gaoidheal, sean-Ghoill féin, Tearc dhíobh, dá gcluintí a gcaithréim, Nachar tairngeadh tocht re a dteann, Gur maidhmeadh olc na hÉireann.
4. - A mhic ná meabhraigh éigse. Mathghamhain Ó hIfearnáin ro chan. A mhic na meabhraigh éigse, Ceard do shean rót róthréigse; Tús anóra gér dhual di, Fa tuar anshógha an éigsi. Ná lean do dhíogha ceirde, Ná cum do ghréas Gaoidheilg; Dán snasta is fuamfhoirfe fáth, Gasta nuadhoirche neamhghnáth. Ramhán gnáth, briathra boga, Nach beag a mbeith comhfhoda, Cum go réidh gan ró gcasaidh, Mó do chéim ón gcumasain. Ná mol aoinfhear, ná haor fear, Dá molair ná mol Gaoidheal; Tuar faladh d'aoinfhear lér bh'áil Maladh Gaoidheal do ghabháil. Sgar riú, ná ríomh a n-aitheacht, Ná cuimhnigh a gcronaiceacht; Iúl molta Gaoidheal ná gabh, Gach aoinfhear rompa ríomhthar. Mar sin nach searbh do labhra, Céim ardaighthe t'agalmha; Ríomh a gclú i gcéimeannaibh ceil, Crú gacha Éireannaigh ísleigh. An mhaith do bhí ná bí dhi, An mhaith atá tar tairsi; Molsa crú gasraidhe Gall Ós rú is casmhaile cumann. Maicne Míleadh, clanna Cuinn, Neart aca arís dá n-abruinn, Bréag thairngre do thuar sinn; Ná luadh ainbhfine ar Éirinn. Fine Luirc, is clann Carthaigh, Riúsan abair allmharchaigh, Ar chrích Floinn fá'n míne muir Ná sloinn ríghe do rochtain. Ná cuimhnigh Conn na gcéad gcath, Léig i neimhní mac Eachach; Fréamha síl chinniodh-náir Chuinn Rígh dob'ioniomráidh eadrainn. Léig tar cheal cuimhne a neamhuilc, Stór fileadh, fuil rígh-Ghearuilt, Nár thuill goradh do ghrádh cruidh Dán dá moladh ná meabhruigh. Muna maith le neach a nois Tréithe nó tuigsin eolois - Ní mac samhla fál fá ar - Gá tarbha dán do dhéanamh.
A Shionann Bhriain Bhóraimhe Diarmaid Ó Briain ro chan. A Shionann Bhriain Bhóraimhe Iongnadh is méad do gháire Mar sguire dod ghlóraighe Ag dol siar isin sáile. Gluaise láimh re Bóraimhe, Téighe láimh re Ceann Choradh, Ag moladh Mhic Ógh-Mhuire, Go bráth bráth is binn t'fhoghar. An port as a dtéighese Ó Shliabh Iarainn, gá neimhcheilt, Lór a luaithe théighese Tré Loch Ríbh, tré Loch nDeirgdheirc. Ag dol tar Eas nDanainne Nochan fhéadthar do chuibhreach; Is ann do-ní an ro-mhaille Ag dola siar ó Luimneach. Ó Luimneach an mhearsháile Go dtéighe i nInis Cathaigh, Láimh re port ar Seanáin-ne, Caidhe th'imtheacht 'na dheaghaidh? Fá imlibh ar bhfearainne Meinic théighe in gach ionadh, Ar ais tar Eas nDanainne, Ag dul san bhfairrge, a Shionann. Bóinn is Siúir is sein-Leamhain, Agus Suca nach sriobhmall. A deirid na deighleabhair Gurab uaisle thú a Shionann.
37. - Tuitim Osgair. Oisín ro chan. Ós cionn mo mhic Osgair áin Táinig mise iar gcur an áir, Agus táinig Caoilte de Ós cionn a ochtair cloinne. Tigid ar mhair beo dár bhFéin Ós cionn a gcarad budhéin, Drong gan labhradh díobh ann soin Is drong eile gan anmain. A Phádraig na mbachall mbán Gibé do chífeadh an t-ár Fá mór an truagh dar linn Uaisle Éireann iar dtuitim. Dob iomdha cathbharr caomh Is bratach do shíoda shaor Is sgiath tarsna ar an maigh, Is a dtriatha gan anmain. Níor thógamar d'fhadhbh an tsluaigh Acht baill ar a rabhadar buaidh, Ní rugsam do réim catha Acht fadhbh ríogh nó árdfhlatha. Is amhlaidh fuaras mo mhac féin, 'Na luighe ar a uillinn chléith, A sgiath láimh leis ar lár, Is a lann ina dheasláimh. Is é ag tonnadh fola dhe Tar bhéalaibh a lúirighe - An laoch nár leonadh roimh an gcath, Fá damhna bróin mo dheaghmhac!
Féachais Osgar oram suas, Is ba leor liom a chruadhas, Sínis chugam a lámh Do mhian éirighthe im chomhdháil. Gabhaimse lámh mo mhic chaoin Is do shuidheas re n-a thaoibh; Is iontuighthe sin i le, Nach bhfuil mo spéis san gcruinne. Dubhairt mo mhac go feardha Liomsa d'fheabhas a mheabhra, A bhuidhe ris na Dúilibh sain Do bheithse slán a athair. Nocha ndéana mise gó Ní raibh agam freagra dhó; Táinig Caoilte ann mar soin Chugainne d'fhéachain Osgair. Léigimse mo shleagh ar lár, 'S do rinneas ós a chionn támh; A Phádraig do smuaineas ann sain Créad do dhéanainn 'na dheaghaidh. Créacht ó shleigh Chairbre chruaidh Fá imlinn Osgair armruaidh, Lámh Chaoilte go huillinn de Do chuaidh i gcréacht na sleighe. Tógaimíd an tOsgar feardha Ar chrannaibh ar sleagh ináirde, Rugsam é ar thulaigh ghluin Do fhothragadh an fhéinnidh. Leithne na boise dá chorp Ní raibh slán de go a fholt; Ó n-a cheann go soiche a lár, Acht a aghaidh 'na haonarán.
Seal fada dúinne mar sin Ag coimeád a chuirp chaoimhghil; Do chímíd chugainn um nóin Fionn mac Cumhaill mhic Tréanmhóir. Iar rochtain dó gus an ár, Is drong-bhuidhean d'Fhiannaibh Fáil, Do chíd sinn, clanna Bhaoisgne mhir, 'Nár gcosair chró san iorghuil. Truagh, a Dhé, sgréachadh na bhfear, Agus béiceadh na míleadh, Gáir na ngiollaí gan treoir Ar feadh an chatha chomhmhóir. Ní dhearna mac Muirne mór Acht imtheacht uile treas an slógh, D'iarraidh mo chuirpse san gcath Agus cuirp Osgair armghlain. Iar bhfaicsin dúinn meirge Fhinn Is a shleagh aige ós a chionn, Gluaisidh chugainn as an ár, Is gluaisimíd 'na chomhdháil. Do bheannuigheamar uile d'Fhionn, Is níor fhreagair seisean duinn, Acht dul ar thulaigh na dtréan Mar a raibh Osgar airm-ghéar. Adubhairt Osgar ann sin, Re mac Muirne san uairsin, Mochean feasta ris an éag Re t'fhaicsin, a Fhinn airmghéir. Is truagh sin, a Osgair fhéil, A mhic mic ríogh na Féinne, Mé id' dhiaidh feasta go fann, Is ina ndiaidh Fian Éireann.
Measa mar do bhí tu thoir, Maidin chatha Binne hÉadair, Do rachaidís eoin tréd chneas, Ní rugadh fáith ar do léigheas. Mo leigheas ní bhfuil i bhfáith Is ní déantar go dtí an bráth, Is ní bhfuil díbh dom tharbha Acht an seal so dom urlabhra. Uch! is í aonghoin Chairbre Do sgar mise rem cháirdibh, Áladh do shleigh neimhnigh Idir m'fhordhronn is m'imlinn. Mallacht Airt Aonfhir go mbuadh Táinig indiu rem shluagh, Do dearbhadh oram gach nidh Gur chuir mo shliocht ar neamhchrích. Briathar do bhain díom Mac Con, Ar nár shaoileas gur chóir obadh, Dar thuilleas mallacht mo ríogh, Tug mo ghlaintsliocht ar neamhchrích. Is í briathar do bhain díom Lughaidh Mac Con mhic Maicniadh Dá gcuireadh chum Innse Fáil Gan dul 'na aghaidh ar aon-dáil. Iar gclos na mbriathar so Fhinn A anam as Osgar do ling, Sínis uadha a dhá láimh Is dúnais a ruisg rionnbhláith. Táinig chugainn fiche céad, Ag sin ar mhair beo dár bhFéin, Ós cionn Osgair do chloinn ghuil, Gabhaid uile dá phógadh.
Gabhmaoid ag féachain a chréacht Is ag áireamh a mhóir-éacht, Fá mór an cás dúinn ann soin Go bhfuair bás fár lámhaibh. Acht mise féin agus Fionn, A raibh d'Fhianaibh ós a chionn Leigsium trí gártha san uair Do chlos fó Éirinn athuair. Iompuighis Fionn linn a chúl, Is silis déara go dúr; Acht fá Osgar is fá Bhran Ní dhearna deoir ar talmhain. Níor chaoin duine a mhac féin, Níor chaoin a bhráthair budhéin, Ar bhfaicsin mo mhicse mar sain Cách uile ag caoineadh Osgair. Deich gcéad againne mar sain Idir óg agus ársaidh, Ní raibh duine slán díobh sain Againn do na deich gcéad sin. An oidhche sin dúinn san ár Ag adhlacan corp go lá, Ag tógbháil clann-mhaicne Fhinn Ar thulchaibh áilne aoibhinn'. Naoi bhfichid céad is deich gcéad, Ar n-a gcómhaireamh d'Fhionn féin, Marbh don Fhéin ar an maigh Gan aon duine 'n-a n-easbaidh. A dtrí n-oiread sin, is ní gó, Is dá rígh Éireann, sgéal ba mhó, Do bhí marbh don taobh oile Do shluagh Éireann armghloine.
Ní raibh Fionn soilbhir ná slán Ón ló san go hoidhche a bháis, I ngleo níor bhfeairrde a ghean Ríoghacht an bheatha dá bhfaghadh. Ón ló san chatha Gabhra Ní dhearnamar teannlabhra, Ní rabhsam oidhche ná ló Ná leigmís osna lán-mhór. Adhlacmaoid Osgar amhra Fan taoibh thuaidh don mhór-Ghabhra, Is Osgar mac Garaid na nglonn Is Osgar mac ríogh Lochlonn. Is an té nár chumhang fá ór Mac Lughach an laoch lán-mhór, Clann Chaoilte 'na bhfeartaibh fáil, Nochar linne nár dhíombáidh. Do thochlamar na fearta 'S ionad ríoghdha ró-fhairseanga, Fearta na nOsgar n-adhbhal ngrinn, Fearta mhic Garaidh is mhic Oisín. Do ghabh an ráth mhór ar fad Feart Osgair mhóir ón mBeirbeadh, Cian ó cháirdibh an laoch nár lag 'Na luighe i measg Fian Almhan. Guidhimse Rí an bheatha bhinn, Is guidhse, a Phádraig mhic Arphluinn, Go dtuga tlacht ar mo ghlór, Mo chumha a nocht is ro-mhór.
47. Fada an lá gan clann Uisneach. Deirdre ro chan. Fada an lá gan clann Uisneach, Níor thuirseach bheith 'na gcuallacht, Mic ríogh re a ndíoltaí deoraidh, Trí leomhain Chnuic na hUamha. Trí leannáin do mhnáibh Breatan, Trí seabhaic Sléibhe Cuillinn, Mic ríogh dár ghéill an gaisge 'S dá dtugdís amhais uirrim.
Na trí beithreacha beodha, Trí leomhain Leasa Connrach, Mic ríogh nár mhian a moladh, Trí mic ochta na nOlltach. Triúr laoch nár mhaith fá urraim, A dtuitim is cúis truaighe, Trí mic inghine Chathbhaidh, Trí gabhla catha Chuailgne. Trí dragain Dúna Monaidh, Na trí curaidh ón gCraoibhruaidh, Dá n-éis ní budh beo mise, Triúr do bhriseadh gach aon ruaig. Triúr do hoileadh ag Aoife, 'Ga mbíodh críocha fá chánaigh, Trí huaithní briste catha, Triúr daltadh do bhíodh ag Sgáthaigh. Áird-rí Uladh mo chéidfhear Do thréigeas do ghrádh Naoise, Gearr mo shaoghal ina dheáigh, Fearfad a chluichthe caointe. Go mairfinn i ndiaidh Naoise Ná saoileadh neach 'na bheatha, I ndiaidh Ardáin is Ainnle Ní bhia m'aimsear fada. A fhir thochlas ar feartán 'S chuireas mo leannán uaimse, Ná déan an uaigh go dochrach, Biadhsa i bhfochair na n-uasal. Mór do-gheibhinn do dhochar I bhfochair na dtrí ngruagach, Gé bhínn gan teagh gan tine, Ní mise ná bíodh súgach.
A dtrí sgiatha, a dtrí sleagha Fá leaba dham go minic; Cuir a dtrí cloidhmhe cruadha Ós cionn na huagha, a ghiolla. A dtrí coin, a dtrí seabhaic Biaid feasta gan lucht sealga; Trí túir congbhála catha, Triúr daltadh Chonaill Chearnaigh. Trí hialla na dtrí gcon sin Do bhean osna óm chroidhese; Agam do bhí i dtaisgidh, A bhfaicsin is fáth tuirse. Ní rabhas riamh im aonar Acht lá déanta bhur n-uaighe Gé minic do bhí mise Agus sibhse go huaigneach. Do chuaidh mo radharc uaimse Ar bhfaicsin uaighe Naoise; Gearr go bhfuigfidh mé m'anam, 'S ní mhairid lucht mo chaointe. Tríomsa do fealladh ortha Trí tonna tréana tuile - Truagh nach rabhas i dtalamh Sul do marbhadh clann Uisneach. Truagh mo thuras le Feargus Dom chealgadh don Chraoibhruaidh, Le a bhriathraibh bláithe binne Do milleadh sinne i n-aonuair. Do sheachnas aoibhneas Uladh Mórán curadh is carad; Ar mbeith 'na ndiaidh im aonar Mo shaoghal ní budh fada.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services