Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaire Gaedhilge II

Title
Duanaire Gaedhilge II
Compiler/Editor
Ní Ógáin, Róis
Composition Date
1608
Publisher
(B.Á.C.: C.O.É., 1930)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



3.- Fríoth an uainse ar Inis Fáil.



Eochaidh Ó hEoghusa ro chan.



Fríoth an uainse ar Inis Fáil,
Buime mac Míleadh Easpáin;
Rugadh a neart, fríoth a faill,
Gach críoch ag teacht fá a tuaraim.



Tugadh slán gach fir impe,
Iomdha a huilc 's a héigcinnte;
A neamh-ghlóir is saobh re seal,
Sean-Róimh na naomh 's na neimheadh.



Ní thuit cara tar a ceann,
Ní faghthar troid 'n-a timcheall;
Mo thruaighe mar tharla i niogh,
Labhra uaidhe ní héistior.


L. 15


Do díoghladh cneadha cath nGall;
Fuaradar ógbhadh eachtrann
A n-algas don eing re headh,
Tangas re greim na nGaoidheal.



Dá mbiadh compán nó cara,
Do chloinn Néill anallana,
Do chidhfeadh mar tharla an tír,
Do chaoifeadh damhna a dímbrígh.



Ní tharla do threibh Gaoidheal
Díth cumhacht nó comhsgaoileadh
Re dteacht nár tairngireadh dhi -
A n-aindligheadh eacht eili.



Do gheall an fáidh - fada liom
A fhearg re huaislibh Éirionn -
Nach maithfidhe le Dia dháibh
Go ria a n-aithrighe d'éanláimh.



Féachaid clann Chonaill cia dhíobh
Nachar thuill fearg an Áirdríogh;
Is féachaid síol Eoghain air,
Deoraidh dhíobh ar n-a dhéanamh.



Féachaid clann Charthaigh ó Chliaigh,
'S ríoghradh chródha chrú shaoir-Bhriain,
Cia nár thuill a dtarla dhóibh
Fá Bhanbha Chuinn i gcéadóir.



Féachaid clann Ír nár ob cath,
Is clann Bhriain Mhóir mhic Eachach,
Laighnigh agus clann Cholla,
'S gach clann aingidh eatorra.



Fine Gaoidheal, sean-Ghoill féin,
Tearc dhíobh, dá gcluintí a gcaithréim,
Nachar tairngeadh tocht re a dteann,
Gur maidhmeadh olc na hÉireann.


L. 16


B 1640obc 17L
U Mathghamhain Ó hIfearnáin
4. - A mhic ná meabhraigh éigse.



Mathghamhain Ó hIfearnáin ro chan.



A mhic na meabhraigh éigse,
Ceard do shean rót róthréigse;
Tús anóra gér dhual di,
Fa tuar anshógha an éigsi.



Ná lean do dhíogha ceirde,
Ná cum do ghréas Gaoidheilg;
Dán snasta is fuamfhoirfe fáth,
Gasta nuadhoirche neamhghnáth.



Ramhán gnáth, briathra boga,
Nach beag a mbeith comhfhoda,
Cum go réidh gan ró gcasaidh,
Mó do chéim ón gcumasain.



Ná mol aoinfhear, ná haor fear,
Dá molair ná mol Gaoidheal;
Tuar faladh d'aoinfhear lér bh'áil
Maladh Gaoidheal do ghabháil.



Sgar riú, ná ríomh a n-aitheacht,
Ná cuimhnigh a gcronaiceacht;
Iúl molta Gaoidheal ná gabh,
Gach aoinfhear rompa ríomhthar.



Mar sin nach searbh do labhra,
Céim ardaighthe t'agalmha;
Ríomh a gclú i gcéimeannaibh ceil,
Crú gacha Éireannaigh ísleigh.



An mhaith do bhí ná bí dhi,
An mhaith atá tar tairsi;
Molsa crú gasraidhe Gall
Ós rú is casmhaile cumann.



Maicne Míleadh, clanna Cuinn,
Neart aca arís dá n-abruinn,
Bréag thairngre do thuar sinn;
Ná luadh ainbhfine ar Éirinn.



Fine Luirc, is clann Carthaigh,
Riúsan abair allmharchaigh,
Ar chrích Floinn fá'n míne muir
Ná sloinn ríghe do rochtain.



Ná cuimhnigh Conn na gcéad gcath,
Léig i neimhní mac Eachach;
Fréamha síl chinniodh-náir Chuinn
Rígh dob'ioniomráidh eadrainn.



Léig tar cheal cuimhne a neamhuilc,
Stór fileadh, fuil rígh-Ghearuilt,
Nár thuill goradh do ghrádh cruidh
Dán dá moladh ná meabhruigh.



Muna maith le neach a nois
Tréithe nó tuigsin eolois -
Ní mac samhla fál fá ar -
Gá tarbha dán do dhéanamh.




L. 36


B 1631ls 17T
U Anaithnid
A Shionann Bhriain Bhóraimhe
Diarmaid Ó Briain ro chan.



A Shionann Bhriain Bhóraimhe
Iongnadh is méad do gháire
Mar sguire dod ghlóraighe
Ag dol siar isin sáile.



Gluaise láimh re Bóraimhe,
Téighe láimh re Ceann Choradh,
Ag moladh Mhic Ógh-Mhuire,
Go bráth bráth is binn t'fhoghar.



An port as a dtéighese
Ó Shliabh Iarainn, gá neimhcheilt,
Lór a luaithe théighese
Tré Loch Ríbh, tré Loch nDeirgdheirc.



Ag dol tar Eas nDanainne
Nochan fhéadthar do chuibhreach;
Is ann do-ní an ro-mhaille
Ag dola siar ó Luimneach.



Ó Luimneach an mhearsháile
Go dtéighe i nInis Cathaigh,
Láimh re port ar Seanáin-ne,
Caidhe th'imtheacht 'na dheaghaidh?



Fá imlibh ar bhfearainne
Meinic théighe in gach ionadh,
Ar ais tar Eas nDanainne,
Ag dul san bhfairrge, a Shionann.



Bóinn is Siúir is sein-Leamhain,
Agus Suca nach sriobhmall.
A deirid na deighleabhair
Gurab uaisle thú a Shionann.


L. 67


B 1721-22ls 18T
U Anaithnid



37. - Tuitim Osgair.



Oisín ro chan.



Ós cionn mo mhic Osgair áin
Táinig mise iar gcur an áir,
Agus táinig Caoilte de
Ós cionn a ochtair cloinne.



Tigid ar mhair beo dár bhFéin
Ós cionn a gcarad budhéin,
Drong gan labhradh díobh ann soin
Is drong eile gan anmain.



A Phádraig na mbachall mbán
Gibé do chífeadh an t-ár
Fá mór an truagh dar linn
Uaisle Éireann iar dtuitim.



Dob iomdha cathbharr caomh
Is bratach do shíoda shaor
Is sgiath tarsna ar an maigh,
Is a dtriatha gan anmain.



Níor thógamar d'fhadhbh an tsluaigh
Acht baill ar a rabhadar buaidh,
Ní rugsam do réim catha
Acht fadhbh ríogh nó árdfhlatha.



Is amhlaidh fuaras mo mhac féin,
'Na luighe ar a uillinn chléith,
A sgiath láimh leis ar lár,
Is a lann ina dheasláimh.



Is é ag tonnadh fola dhe
Tar bhéalaibh a lúirighe -
An laoch nár leonadh roimh an gcath,
Fá damhna bróin mo dheaghmhac!


L. 68


Féachais Osgar oram suas,
Is ba leor liom a chruadhas,
Sínis chugam a lámh
Do mhian éirighthe im chomhdháil.



Gabhaimse lámh mo mhic chaoin
Is do shuidheas re n-a thaoibh;
Is iontuighthe sin i le,
Nach bhfuil mo spéis san gcruinne.



Dubhairt mo mhac go feardha
Liomsa d'fheabhas a mheabhra,
A bhuidhe ris na Dúilibh sain
Do bheithse slán a athair.



Nocha ndéana mise gó
Ní raibh agam freagra dhó;
Táinig Caoilte ann mar soin
Chugainne d'fhéachain Osgair.



Léigimse mo shleagh ar lár,
'S do rinneas ós a chionn támh;
A Phádraig do smuaineas ann sain
Créad do dhéanainn 'na dheaghaidh.



Créacht ó shleigh Chairbre chruaidh
Fá imlinn Osgair armruaidh,
Lámh Chaoilte go huillinn de
Do chuaidh i gcréacht na sleighe.



Tógaimíd an tOsgar feardha
Ar chrannaibh ar sleagh ináirde,
Rugsam é ar thulaigh ghluin
Do fhothragadh an fhéinnidh.



Leithne na boise dá chorp
Ní raibh slán de go a fholt;
Ó n-a cheann go soiche a lár,
Acht a aghaidh 'na haonarán.


L. 69


Seal fada dúinne mar sin
Ag coimeád a chuirp chaoimhghil;
Do chímíd chugainn um nóin
Fionn mac Cumhaill mhic Tréanmhóir.



Iar rochtain dó gus an ár,
Is drong-bhuidhean d'Fhiannaibh Fáil,
Do chíd sinn, clanna Bhaoisgne mhir,
'Nár gcosair chró san iorghuil.



Truagh, a Dhé, sgréachadh na bhfear,
Agus béiceadh na míleadh,
Gáir na ngiollaí gan treoir
Ar feadh an chatha chomhmhóir.



Ní dhearna mac Muirne mór
Acht imtheacht uile treas an slógh,
D'iarraidh mo chuirpse san gcath
Agus cuirp Osgair armghlain.



Iar bhfaicsin dúinn meirge Fhinn
Is a shleagh aige ós a chionn,
Gluaisidh chugainn as an ár,
Is gluaisimíd 'na chomhdháil.



Do bheannuigheamar uile d'Fhionn,
Is níor fhreagair seisean duinn,
Acht dul ar thulaigh na dtréan
Mar a raibh Osgar airm-ghéar.



Adubhairt Osgar ann sin,
Re mac Muirne san uairsin,
Mochean feasta ris an éag
Re t'fhaicsin, a Fhinn airmghéir.



Is truagh sin, a Osgair fhéil,
A mhic mic ríogh na Féinne,
Mé id' dhiaidh feasta go fann,
Is ina ndiaidh Fian Éireann.


L. 70


Measa mar do bhí tu thoir,
Maidin chatha Binne hÉadair,
Do rachaidís eoin tréd chneas,
Ní rugadh fáith ar do léigheas.



Mo leigheas ní bhfuil i bhfáith
Is ní déantar go dtí an bráth,
Is ní bhfuil díbh dom tharbha
Acht an seal so dom urlabhra.



Uch! is í aonghoin Chairbre
Do sgar mise rem cháirdibh,
Áladh do shleigh neimhnigh
Idir m'fhordhronn is m'imlinn.



Mallacht Airt Aonfhir go mbuadh
Táinig indiu rem shluagh,
Do dearbhadh oram gach nidh
Gur chuir mo shliocht ar neamhchrích.



Briathar do bhain díom Mac Con,
Ar nár shaoileas gur chóir obadh,
Dar thuilleas mallacht mo ríogh,
Tug mo ghlaintsliocht ar neamhchrích.



Is í briathar do bhain díom
Lughaidh Mac Con mhic Maicniadh
Dá gcuireadh chum Innse Fáil
Gan dul 'na aghaidh ar aon-dáil.



Iar gclos na mbriathar so Fhinn
A anam as Osgar do ling,
Sínis uadha a dhá láimh
Is dúnais a ruisg rionnbhláith.



Táinig chugainn fiche céad,
Ag sin ar mhair beo dár bhFéin,
Ós cionn Osgair do chloinn ghuil,
Gabhaid uile dá phógadh.


L. 71


Gabhmaoid ag féachain a chréacht
Is ag áireamh a mhóir-éacht,
Fá mór an cás dúinn ann soin
Go bhfuair bás fár lámhaibh.



Acht mise féin agus Fionn,
A raibh d'Fhianaibh ós a chionn
Leigsium trí gártha san uair
Do chlos fó Éirinn athuair.



Iompuighis Fionn linn a chúl,
Is silis déara go dúr;
Acht fá Osgar is fá Bhran
Ní dhearna deoir ar talmhain.



Níor chaoin duine a mhac féin,
Níor chaoin a bhráthair budhéin,
Ar bhfaicsin mo mhicse mar sain
Cách uile ag caoineadh Osgair.



Deich gcéad againne mar sain
Idir óg agus ársaidh,
Ní raibh duine slán díobh sain
Againn do na deich gcéad sin.



An oidhche sin dúinn san ár
Ag adhlacan corp go lá,
Ag tógbháil clann-mhaicne Fhinn
Ar thulchaibh áilne aoibhinn'.



Naoi bhfichid céad is deich gcéad,
Ar n-a gcómhaireamh d'Fhionn féin,
Marbh don Fhéin ar an maigh
Gan aon duine 'n-a n-easbaidh.



A dtrí n-oiread sin, is ní gó,
Is dá rígh Éireann, sgéal ba mhó,
Do bhí marbh don taobh oile
Do shluagh Éireann armghloine.


L. 72


Ní raibh Fionn soilbhir ná slán
Ón ló san go hoidhche a bháis,
I ngleo níor bhfeairrde a ghean
Ríoghacht an bheatha dá bhfaghadh.



Ón ló san chatha Gabhra
Ní dhearnamar teannlabhra,
Ní rabhsam oidhche ná ló
Ná leigmís osna lán-mhór.



Adhlacmaoid Osgar amhra
Fan taoibh thuaidh don mhór-Ghabhra,
Is Osgar mac Garaid na nglonn
Is Osgar mac ríogh Lochlonn.



Is an té nár chumhang fá ór
Mac Lughach an laoch lán-mhór,
Clann Chaoilte 'na bhfeartaibh fáil,
Nochar linne nár dhíombáidh.



Do thochlamar na fearta
'S ionad ríoghdha ró-fhairseanga,
Fearta na nOsgar n-adhbhal ngrinn,
Fearta mhic Garaidh is mhic Oisín.



Do ghabh an ráth mhór ar fad
Feart Osgair mhóir ón mBeirbeadh,
Cian ó cháirdibh an laoch nár lag
'Na luighe i measg Fian Almhan.



Guidhimse Rí an bheatha bhinn,
Is guidhse, a Phádraig mhic Arphluinn,
Go dtuga tlacht ar mo ghlór,
Mo chumha a nocht is ro-mhór.


L. 83


B 1758ls 18L



47. Fada an lá gan clann Uisneach.



Deirdre ro chan.



Fada an lá gan clann Uisneach,
Níor thuirseach bheith 'na gcuallacht,
Mic ríogh re a ndíoltaí deoraidh,
Trí leomhain Chnuic na hUamha.



Trí leannáin do mhnáibh Breatan,
Trí seabhaic Sléibhe Cuillinn,
Mic ríogh dár ghéill an gaisge
'S dá dtugdís amhais uirrim.


L. 84


Na trí beithreacha beodha,
Trí leomhain Leasa Connrach,
Mic ríogh nár mhian a moladh,
Trí mic ochta na nOlltach.



Triúr laoch nár mhaith fá urraim,
A dtuitim is cúis truaighe,
Trí mic inghine Chathbhaidh,
Trí gabhla catha Chuailgne.



Trí dragain Dúna Monaidh,
Na trí curaidh ón gCraoibhruaidh,
Dá n-éis ní budh beo mise,
Triúr do bhriseadh gach aon ruaig.



Triúr do hoileadh ag Aoife,
'Ga mbíodh críocha fá chánaigh,
Trí huaithní briste catha,
Triúr daltadh do bhíodh ag Sgáthaigh.



Áird-rí Uladh mo chéidfhear
Do thréigeas do ghrádh Naoise,
Gearr mo shaoghal ina dheáigh,
Fearfad a chluichthe caointe.



Go mairfinn i ndiaidh Naoise
Ná saoileadh neach 'na bheatha,
I ndiaidh Ardáin is Ainnle
Ní bhia m'aimsear fada.



A fhir thochlas ar feartán
'S chuireas mo leannán uaimse,
Ná déan an uaigh go dochrach,
Biadhsa i bhfochair na n-uasal.



Mór do-gheibhinn do dhochar
I bhfochair na dtrí ngruagach,
Gé bhínn gan teagh gan tine,
Ní mise ná bíodh súgach.


L. 85


A dtrí sgiatha, a dtrí sleagha
Fá leaba dham go minic;
Cuir a dtrí cloidhmhe cruadha
Ós cionn na huagha, a ghiolla.



A dtrí coin, a dtrí seabhaic
Biaid feasta gan lucht sealga;
Trí túir congbhála catha,
Triúr daltadh Chonaill Chearnaigh.



Trí hialla na dtrí gcon sin
Do bhean osna óm chroidhese;
Agam do bhí i dtaisgidh,
A bhfaicsin is fáth tuirse.



Ní rabhas riamh im aonar
Acht lá déanta bhur n-uaighe
Gé minic do bhí mise
Agus sibhse go huaigneach.



Do chuaidh mo radharc uaimse
Ar bhfaicsin uaighe Naoise;
Gearr go bhfuigfidh mé m'anam,
'S ní mhairid lucht mo chaointe.



Tríomsa do fealladh ortha
Trí tonna tréana tuile -
Truagh nach rabhas i dtalamh
Sul do marbhadh clann Uisneach.



Truagh mo thuras le Feargus
Dom chealgadh don Chraoibhruaidh,
Le a bhriathraibh bláithe binne
Do milleadh sinne i n-aonuair.



Do sheachnas aoibhneas Uladh
Mórán curadh is carad;
Ar mbeith 'na ndiaidh im aonar
Mo shaoghal ní budh fada.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services