Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Genealogical Tracts I
Title
Genealogical Tracts I
Author(s)
Mac Firbhisigh, Dubhaltach,
Compiler/Editor
Ó Raithbheartaigh, Toirdhealbhach
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1932)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GENEALOGICAL TRACTS 1. 1. Craobha coibhneasa agus geuga genealuigh gacha gabhála dar ghabh Ere ón am-sa go h-Adhamh, (acht Fomhoraigh, Lochlonnaigh agus Saxgaill amháin lamham ó tanghadar dar ttír), go naoimhshenchas agus rém rioghraidhe Fodla fos, agus fa dheoigh clár na ccuimsighther (iar n-urd aibgidre) na sloinnte agus na h-áite oirdhearca luaiter isin leabhar-sa do teaglomadh les an Dubhaltach mac Firbhisigh Leacain, 1650. Bioth umorro gurob fon samhail-sin as gnáithche tabhairt tiodail do leabhraibh re linn an líne-si, ní legfem lorg ár sen, an sen-ghnás grianach Gaoidhealach, dhinn, oir asé as soilére mar so: - Loc, Aimsir, Persa, agus Tugaid sgríbhne don leabhar-sa. 2. Loc dhó, Coláisde San Niocol i nGaillimh; aimsir
dhó aimsir an chogaidh chredmhigh edir Chatoilcibh Érenn agus eriticibh Érenn Alban agus Saxon go h-airithe isin mbliadhain do aois Críost, 1650. Persa dhó, Dubhaltach mac Giolla Íosa Mhóir Mhec Fhirbhisigh i tTír Fhiachrach Muaidhe; agus tugait sgribhne an leabhair cheudna do mhórughadh glóire Dé agus do geunamh iuil do chách i ccoitchinne. 3. Tegeumhadh tra go mesfadh nech éigin iongnadh isin obair-si tre aidhbhle agus fhoirlethne na sen-ghenealach-sa siar ar na ceudaibh cinedh cóirighther ann go h-Ádhamh, iar n-urd a ngaol re raile; uair adchluinim fén dronga aderid nach édir genealaigh Gaoideal do breth go bun mar soin; gibé fáth ma n-abraid sin do bhéarmaois baramhuil da madh brigh linn; air ní dó atámuid, acht do thaispeanadh na fírinne iar sen-sgríbhnibh suidhighthe suadh sen-naomh agus sruith-shenchadh Érenn olchena ó cheudtos na n-aimsior gus aniu, ní nach cuirthe i gcuntabhairt, uair as rádh coitchenn coimh-iondraic do
ghlain-leabhraibh Gaoidelge aosda Érenn na briathra-so síos ag foillsiughadh luchta coimheuda an shenchais. 4. Ag so mar ader: - Ma bheth nech fhiarfhuigheas cia ro choimhed an senchas, bioth a fhios ag cách gurob reraigh go réeibh rofhada agus seanóire cuimnecha cian-aosda do dheonaigh Dia do choimheud agus do aisnés shenchais Érenn i leabhraibh diaigh i ndiaigh do gach duine ó dhílinn go haimsir Naomh Padraig (tainig isin chethramhadh bliadhain fhlatha Laoghaire mec Néill), agus Choluim Chille agus Comghaill Bennchuir, agus Fhinen Chluana h-Ioraird agus naomh Érenn archena. Ro-sgríobhad for a nglúinibh-sidhe i liubhra ionnus go ffuil se ar altoraibh naomhtha i ttighibh Sgreabtra i lámhuibh sruithedh agus suadh agus seanchaidheadh ó sin amach go bráth. 5. Go sin atá an rádh rémhráite agus atá ní as foirlethne isin Leabhar Gabhála, leabhar sin ba lór do
demhnighedh an nethe-si. Tairis sin ag so sunnradh anmann ughdar shenchais agus ealadhan ele Érenn againn re gach gabháil da ttainig innte, iar sen-sgreabtraibh cian-aosda cuires síos. Mar so ader Leabhar Gabhála: - Bachorb Ladhra, ceudna hoide Érenn, ollamh Pharthaláin. Figma, file agus senchaidh Chloinne Nemhidh. Fathach, file Fer mBolg, do chanadh senchas, laoidhe, agus sgéaluidheacht doibh. Cairbre, Aoi, agus Eadan, filedha Thuath De Dhanann re senchasaibh agus laoidhibh agus sgeulaighiocht bheos, agus fos ba lán do eolus agus draoideacht urmhor uasal Tuaithe De Dhanann uile. 6. Gaoidhel tra ní hiad ag nach raibhe lucht coimheuda a senchais sgach ait i mbadar, uair Fenius Farsaidh a sen-athair ba priomh-ughdar 'sna h-ilbeurlaibh é ní maoidhte (?) air eolus a senchasa fén.
7. Mar sin bheos do Nel mac Feniusa isin Égipt, Caicher draoi isin Sgithia agus isna Gaothlaighibh agus eatorra sin du ar tharrngair Ére dhóibh, etc. 8. Mílidh Easpáine darb ainm Golamh iar ndol dó a h-Easpáin go Sgithia agus as sin go h-Égipt rofhoghluimsiod foirenn da mhuinter priomh-dhána innte .i. Seudga, Suirge, agus Sobairce fria saoirsi .i. ars .i. eladha, (ansu), Mantan, Fulmán, Caicher fri droidheacht; badar buadlainn agus badar firbrethimh triar ele da muintir .i. Goisden, Aimirgin, agus Donn. 9. Aimirgin Glúingheal mac Mílidh, Cachain agus Cir mac Cis trí filedha mhac Mílidh. Filedha, brethemhain, senchaidhe, sgeuluidedha Aimirgin agus Cachain, Cir mac Cis re filidhiocht, re sgeuluidhecht, Onna re ceol agus re cruitirecht do mhacaibh Mílidh, mar tá isin Leabhar Gabhála: - "Dá mac Mílidh, miadh n-ordan, etc." 10. Clann Ugoine Mhóir ba lan d'eolus drem dhibh
mar as follus ar Roighne Rosgadhach mac Ugoine as ugdar do iomad senrádh fénechais. 11. Ollamh Fódla rí Érenn dar h-ainmnighiodh ar aidhbhle a eolusa ollamh uair Eochaidh a cheudainm, as e do-rine Fes Temrach ar tús, mórdáil fer n-Érenn sin do-nídis ríogha Érenn ó shin gacha tres bliadhna do choimhead rechta agus riaghla agus do ghlanadh senchais Érenn agus da sgríobhadh i Saltair na Temhrach .i. i leabhar Áirdrigh Érenn. Ger beg sin fén do choimheud senchais ríoghachta da meud, ní hedh go raibhe taobh les, uair ní h-airmhech go ttáinig aoinlíne i n-Éirinn ag nach beth aos foglamtha re coimheud a senchais. 12. Fecht ann re linn Conchabair badar 1200 file i n-aonbhuidhin, uair ele secht ccéd, mar do bhí re linn Aodha mc. Ainmirech agus Coluimchille; agus fós in gach aon aimsir etorra sin ba mó le h-Érinn a rabhsad
do cliaraibh no do égsibh re heolus innte iná a ttesda uatha. 13. Ionnas tre n-a líonmhuire agus tre n-a ttromdhacht gur trialladh a ndíochar a h-Érinn fo thrí, gur fhosdadar Ulaidh ar fhéle iad mar as léir i nAmhra Choluim Cille do chongaibh fa dheóigh iad, agus do chuir file gacha tuaithe agus file leis an righ díbh, (da n-euttromughadh do chách), go ffuilid ar a lorg re linn gach líne ag coimheud dál na dúidhche gus an dan-sa. 14. Ní h-iad sin amháin acht rígh agus naoimh agus eaglais Erenn, mar do ráidhes cena, coimheudaid an senchas fós. Féch Firchirtne File, Sencha mac Ailiolla, Nedhe mac Adhna, Adna mac Uithir, Morann mac Maoin, Aithirne, Cormac ua Cuinn an t-Áirdrígh, Cormac mac Cuilennáin righ Mumhan, Flann Mainisdreach, Eochaidh Ua Floinn, Giolla na Naomh Ua Duinn, etc. 15. Créd dá mbiú dá n-airemh uair ní hédir cinnedh
orra gan lámleabhar do sgríobhadh da n-anmannaibh agus gan acht tiodal na ttrácht do sgríobhsad do chur re a ccois amháin, (mar doronsam cena remhe so), acht do coimhedsiod an senchas gus na h-aimsioruibh déghenchaibh timchioll cúig nó sé de ceudoibh bliadhain ó shin. Fa tuairim na háimsire sin do thasaighsiod a n-as mó do na sloinntibh Gaoidhealcha atáid i n-Érinn anosa, agus do ghabhsad nó ro h-ordaighid cinedha do bheth re senchas agus re ealadhnuibh ele in ionbhuidh-sin, drong díbh seal remhe, agus seal iaromh drema ele, ionnus go ffuilid i ttíribh Erenn ag flaithibh fa sech re a senchasa do sgríobhadh re h-airisnibh agus re h-annáluibh agus re déanamh duan ndearsgaitheach ar na senchasaibh sin bheos agus re coimheud agus tegosg gach aircedail fordhorcha i nGaoidhelg chena. 16. Ag so drong dona sencaidhibh sin gus na h-iathaibh agus na h-aird-chinedhoibh da labhraid (isin aimsir deghenaigh): - O Mhaolchonaire ag Síol Muiredhoigh um
Chruachain, drong díobh i tTuaghmumhain agus araile i Laighnibh agus isin Anghaile dhíbh. Clann Fhirbhisigh i n-Íochtar Connacht, agus i n-Íbh Fiachrach Muaidhe, agus i n-Íbh Amhalgaidh agus Cera, agus ig Uibh Fhiacrach Aidhne agus Eachtga, agus ag sliocht Colla Uais .i. Clann nDomhnuill. Muintir Duibgennain ag Clainn Mhaoilruanaigh agus ag Conmaicne Muige Rén. Muintir Chuirnín ag Ruarcachaibh, etc. Uí Dubagáin i Main (ib (?)). Muintir Chlérigh agus Muintir Chanann ag Cineul gConaill, Muintir Luinín ag Feraibh Manach. 17. Muintir Chlercen ag Cineal Eoghain, Muinntir Dhuinnín isin Mumhain do urmhor .i. ag Síol Eoghain Mhóir, mar táid, Clann Carrthaigh, Síol Súilleabháin, etc. Mac an Ghabhann ag Síol cCinédig i n-Urmumhain, Muintir Ríoghbhardáin i n-Éle, Clann Cruitín agus Muintir Bhruaidedha i tTuaghmhumhain.
Clann mc. Giolla Ceallaigh i n-iarthar Connacht ag Uibh Fhlaithbhertaigh, etc. 18. Mar sin fa badar cinedha ele i n-Érinn ris an ealadhain ceudna, agus d'fiachaibh ar gach aon aca do bhen dhi díoghlaim fhíorghlan do denamh uirre. Maille riú sin do bhídis breithemain na Banba ag caomhna (mar) an cceudna, uair ní brethemh nach senchaidh, agus ní senchaidh nach brethemh i mBrethuibh Nimhedh .i. leabhar dheiridh shaothair na senchadh agus na mbrethemhan bhos. 19. Do bhrigh na mbriathar ffíre sin dar ndóigh fesda ní fuighther aoinnech eagnuidhe aidéumhas nach urasa genelche Gaoidheal do breth go bun go Naoi agus go hÁdhamh, agus muna ccrede sé sin, nar crede se gurob mac da athair fén é fén, uair ní fhuil iomrall isin senchas genelach acht amhuil agus mar fhágbhuidh an t-athair ag an mac é díaigh i ndiaigh. 20. Dar ndóigh credigh cách an Sgriobtúir Dhiadha dobher genealach ionann do fheruibh domhain ó Adhamh
anuas go Naoi, agus genelach Christi agus na n-aithredh naomh iaramh mar as lér isin Eaglais. Crededh sé sin, (no diultaidh Dia), agus madh credenn, créad nach ccredfedh senchas ele ar a mbeth fíorchoimheud mar senchas Érenn. 21. Fíorchoimheud dno aderim, uair ní h-edh amháin go rabhsad roilíonmar, mar do ráidhsem chena, ag coimeud an cceudna, acht do bhí ord agus dlighedh aca agus orra as nár édir dhóibh, (gan dioth adhbhal), breug na fallás do denamh ann, mar as lér (i leabhraibh fénechasa na Fodla agus isna gradaibh filedh fén), a n-ord agus a ndlighedh, uair ní raibhe laochraidh ná cliar chille na thuaithe i n-Érinn (gur cumhuisgedh an chríoch) ar nach mbaoi ord airidhe (da ngoirther gradha .i. cémenna) agus dligedh na ngrad-sin d'fiachaibh ar gach droing diobh do choimheud fa phén smachta agus a n-onóra do chaillemh, (mar do sgríobhsam inár foclóir fénechais labhras go foirlethan orra sin agus ar dhlighedh Gaoidhiol i ccoitcinne).
22. Senchaidh Érenn umorro beg ma gebther isin sen-aimsir difir etorra agus fénigh agus an drong da ngoirther aos dána aniu, uair ba h-aon sgoil go minic do égsibh Érenn uile an ionbhuidh-sin, agus as amhlaidh do bhidís agus secht ngradha aca .i. ollamh, anradh, cli, cana, dos, macfuirmidh, agus fochlag anmanna na secht ngrad sain, amhuil atáid secht ngraidh Eagalsa .i. sagart, deochain, suibhdeochain, etc. 23. Na gradha filedh, umorro, do bhíodh (maille le gach dlighedh ele) d'fiachaibh orra bheith saor glan ar goid agus ar mharbhadh, ar aoradh agus ar adhultras, agus ar gach ní ba lot da ffoghluim, amhuil atá isin rann sa: -
"Iodhna láimhe, lith gan guin, Iodhna bheoil gan aoir n-iomdhuibh, Iodhna fhoghlama gan ghes, Agus iodhna lánamhnuis."
24. Gibe senchaidh tra madh ollamh, anradh, nó gibe gradh é aca nach ccoimhledh na h-iodhna .i. na
glaine sin, do chailledh se a leth-eneclann agus a onóir do rér dhlighedh, agus do beth smacht adhbhal air bheos. Da bhrigh sin, bhés ní h-inmhesda go ffuil duine céllidhe isin chruinne nach fírinne ba fonnmhaire les do luadh, muna bheth d'fáth aige acht eagla Dé a onóra agus a eneclainn do chaillemh. Conadh de sin nach cosmhail claon do chur a leth na senchadh ttoghtha. 25. Gidh edh, da sgríobhdaois daoine esiondraca bréug agus a chur a leth senchadh, do bédir a dhul a míochlú dona senchaidhibh muna rabhuidh ar a ccoimheud agus a fheuchain an a prímleabhruibh ugdardha ghebhid a n-iul, agus as mar sin as cóir do chách uile edir thuata agus shenchaidh gach ní ar a mbí amhforus aca d'feuchain, agus muna ffaghaid dearbhtha iar ndeghleabhruibh é a chuntabhairt fén do chur re a chois (mar doním-si fén re h-aroile do slechtaibh siarain isin leabhar-sa) agus mar sin saorthar na senchadha ar shechrán cáigh ele da ccumuisge orra, (nár lege Dia).
26. Baoi do dhuthracht im dhálaibh Erenn do iomchoimeud ag na senchaidhibh nár chuirthe i n-iongnadh orra fios da fhoirlethne dhá ffuigfidís ar uaislecht agus ar ardnós cháigh, air nír lór leo sin gan sgríobhadh ar a dhaoirnemhidhibh, ar leghaibh, agus saoruibh na sen-aimsire mar bhus lér síosana. 27. D'foillsiughadh duthrachta na senchadh agus shechráin na droinge ader nach rabhsad oibreacha cloch i n-Erinn go techt Gall no Lochlonn innte, ag so mar ader an sen-sliocht: - Cedliaigh, ceudshaor, agus ced-iasgaire do bhí i nÉrinn ar tús riamh .i.
28. (1) "Capa re leghes ní lag, Re remhes roba coimhnert, Is Luasad an saor glic gle, Agus Laighne an t-iasgaire." (2) Eaba .i. bainliaigh, tainig ar aon le Cesair, an liaigh tánaisi.
(3) Slánga mac Parthaláin an tres liaigh tainig le Partholan i n-Érinn. (4) Ferghna ua Crithinbel an cethramhadh liaigh tainig ar aon le Nemidh i n-Érinn. Leagha Fher mBolg didhiu, Dubda Dublosach agus Codan Coimcisnech agus Finghin Fisiocdha agus Maine mac Gressach, Aonghus an Ternamach. Leagha Tuaithe de Dhanann .i. Diancecht agus Airmedh agus Miach, etc. 29. Na saoir umorro ag so anmanna droinge dhíbh da ngairther saoir na bpríomh-chloch: - Ailian caisleoir Solmon, Cabar caisleoir na Temrach, Bairnib caisleoir Eirico, Bacus din rathbuidhe Nemhruaidh, Cidorn nó Cingdorn caisleoir ConRuí, Goll Clochair caisleoir NadFroich, Casruba caisleoir Ailiac, Ringriu nó Rigriu, agus Gablan mac Uí Gairb nó Garbhan mac Ugairbh, dá chaisleoir Ailigh, Troighlethan rathbuidhe
Temrach, Cir caisleoir Roma, Arond caisleoir Iarúsalem, Oilen (vel Cleothair) caisleoir Constantinpoil, Bolc mac Blair rathbhuidhe Cruachan, Bainche nó Bailcne mac Dobru rathbuidhe Eamhna, Balur mac Buanlamaigh rathbuidhe Ratha Bresi, Cricil mac Duibcruite rathbuidhe Rath Oilella .i. Aillinne. 30. Conadh iad sin saoir na bpríomh-chloch, amhail aspert an laoidh: -
"Ailian la Solmain na sluagh, Ba caisleoir congbaigh caomhruadh. Ag Nemhruadh ba luchair lem Cauar rochruthaigh Caiseall. Barnab, diarbho mithidh do, Caisleoir críchidh hEricho. Rug Róimh Cir, ba caomh a reng, Arann saor 'Iarú-sailem. I cConstantinopoil ba prab, Cleothoir roba treunghalgad,
Ag Nemhruadh gan luadh luighe Bacus ruadh ba rathbuidhe. Caisleoir Con Rui Cingdorn cain, Ag mac Natfroich Goll Clochair. Casruba caisleoir na Crec Ag a mbidh braisbheoil blaithlec. Dhá chaisleoir Ailigh an airm Rigriu agus Garbhan mac Ugairbh. Traighlethan adluigh dealbh(dh)a Rathbuidhe tuir thrén-Temhra. Bolc mac Blair ó Ath Blair binn Rathbuidhe Cruachna cro-ind. Bainche na mbrigh ó Bearba Rathbuidhe righ ruaidh-Eamhna. Balur, roba diolmuin de, Ro chum raith mbrioghmuir mBresi, Cricel mac Duib, raith gan rinn, Ro ba saor aith for Aillinn.
Doratar nemh n-uasal n-án Do Domhnall mac Flannacán Ro chum laoidh nach láinfhiar linn Otá Ailian go hAillinn."
32. Do-gheubhmaois iliomad do oibrechaibh aosda Erenn re a n-ainmniughadh maille riú sin agus na saoir do-rine iad agus na rígh agus na roflaithe da ndernuid acht go madh eimhilt a n-aisnes sunn. 33. Féch an Lebhar Gabhála madh áil a ffaghail agus ní fhuil amhras againn go rabhsad dénta mar oibrecha i ríoghachtaibh ele im an am i ndearnadh iad, agus creud an fáth nach bedís, uair ní tainig gabhaltas i nÉrinn acht ón domhan anair, mar tá, Sbáin, etc., agus as iongnadh creud an easphaidh intlechta do na drongaibh tanghadar i nÉreinn amhuil baoi do mhesnigh ionnta Ére do ghabháil, nach beth do chuibdhes leo aithris a h-áitighthe agus a hiosdadh do cur a ccosmhuiles ris an tír ór thriallsad iar mbunadhas no iar nudmhuille, uair ní héidir nachar bh'eól dóibh indeall aitreabh urmhóir
Eorpa agus siad ar ttecht ('s gach slighidh i n-ar ghabhsad) a Sgithia, a hÉgipt, a Grég, a hAithnesda, a Felisdine, a h-Easpáin, etc., go hÉrinn, agus mad doronsad na gabhála ud Érenn oibrecha innte i n-ionnamhail obar ba ttalmann tre a ttanghadar, mar as cosmail go ndernsad, creud ma ffuilter dhóibh. 34. Ní fhuil acht tres nach ffaicter balladha aolta 'na sesamh isna h-áitibh do tógbhadh míle go leth, nó dhá míle, tri mhíle, agus ní as mó do bhliadhnuibh ó shin. Ní nach iongnadh gan a beth, uair as giorra iná sin an aimsir 'na ttig talamh tar oibrechaibh ó do brisdear nó ó thuitid uatha udhen tre ársaidheacht. 35. Da dearbhadh sin do-chonnarc fén taobh astigh do se bliadhnuibh deug caislén arda aolta uile ar n-a ndeunamh do chloich aolta, agus aniu (ar n-a ttuitim) ní fhuil acht múta talman da ttioruairsi, agus ní mór go n-aitheonadh aineolach go rabhsad oibre and idir. 36. Sínter sin agus na hoibre doronadh na ceuda
agus na mílte bliadhan o shin re chele, agus ní h-iongnadh, (da ndeuntar), muna bheth feabhas na sen-obar sech oibribh na h-aimsire-si, gan cloch na ard-úire do aithne i n-a n-áitibh; gidhedh, ní h-amhlaidh atá, (do arrachtaidhe na n-obar n-aosda). Atáid rátha ríoghdha romhóra agus lesa go líonmhar ar fhud Érenn 'na ffuilid iolar cloch snaite slemhan agus soileur no teghass fo thalmhuin fa a múruibh, mar atá, i Raith Maoilcatha, i cCaislén Concabhair, Baile Uí Dubhda i ttír Fhiachrach ar brú na Muaidhe. 37. Atáid naoi soilér chloch ccoimhshlemhuin fa mhúr na ratha sin, agus do bhadhas istigh innte agus saoilim go ffuil sí ar rathuibh iom-aosda Érenn, agus as maith an airde bhadhbdhúin atá 'na múr. Fághbhuim sin, agus iomad a ionnamhal ele 'gun aos eagnuidh re a bhrethughadh, agus fillem go ár ccéudaignedh uime so .i. cosnamh fhírinne an t-senchuis ar a ndeunuid aineolaigh eugóir ele, ag rádh go mberenn fhir Erenn uile go Macaibh Milidh. Aidéumhaid iad fén fallsa ann sin, da ffeuchaid
a ffuil do echtairchineuluibh isin leabhar-sa fén nach berther go macaibh Mílidh, mar bhus lér i ccurp an liubhair i n-iol-áitibh; agus feuchaid so riana chéile. 38. Ag so saine .i. neimhionannas adfiadhaid ro-eolaigh an tsenchasa im éaxamhlacht an dá chinedh n-eugsamhuil filed i nÉrinn .i. idir iarsma Fher mBolg Fher nDomhnann agus Ghailiuin agus Tuatha De Danann agus Mac Mílidh: - 39. Gach aon as geal, as donn, as dána, as enigh, as deudla, as sona, as tíodhnaicthech seud agus maoine agus ordhuisi, agus nach egal fria cath ná comhlann, as iad sin iarsma Mhac Miledh i n-Érinn. Gach aon as fionn, as inich, as mór, gach airgthech, gach ceolmhar, lucht ted-bhinniosa ciuil agus airfidigh, is marcach for gach cerd droidheachta agus gach miadchuince archena, as iad-sin iarsma Tuath Dé Danann i nÉrinn. Gach aon as dubh, as labhar-ghlórach, beudach,
sgeulach, engech, eucaidhe; gach dona dísgir daosgar udmhall, anbhfosuidh, aindiuid, aininidh; gach mogh, gach mogh-ladroin, gach doicernaigh, gach aon na-contuaisi fri ceol ná airfidiodh, lucht buaidheartha gacha caingne agus gach airechta agus iomchosaoide cáich, as iad sin iarsma Fher mBolg, agus Gailioin, agus Lioghmaine agus Fher nDomhnann i n-Éirinn. Acht cena, as iarsma Fer mBolg as lia díbh sin. Amuil aspert an senchaidh: -
40. "Fionnad senchadha ffer fFáil. Ná bíd uime i n-iomarrain, Saine mhac Milidh 'sa cclann, Fher mBolg is Thuath De Dhanann. Gach geal, gach dána, gach donn, Gach calma, cruaidh i ccomhlann, Gach gartaigh i ngniomh gan glór, Dasgar Mhac Miledh mbladhmór.
Gach fionn, airgthech, mór ar muigh, Gach cerdach, ceolmhar, cubhuidh, Lucht serigh gach tuaichle tall, Drong sin Tuaithe De Dhanann. Gach glorach, beudach, miadh nglé, Gach bras, breugach, eucaidhe. Iarsma na ttri ttuath anall Ghaileon, Fher mBolg, Fer nDomhnann. Tugas snaithe coimghne cain Im shaine na ttri ndrong-sain, Íar sreth senchadha nach lag, Amhuil adfiadhaid fionnad."
Sliocht sen-leabhair sin. 41. Gidhedh, aithne fhíre aicmedh ar a n-aigentaibh agus crothaibh, ní cuirim go cinnte orm a rádh, gidh go
madh édir a bheth fíor isna ceudaimsioruibh, (nó gur cumaisgedh na cinedha ar a chéle go minic iaramh), uair adchímid go laethemhuil rer linn agus adchluinimid go minic ór senaibh samhlughadh crotha agus cáile agus beus bheós do bheth ag gach fine innte fén do Érinn re aroile; agus ní h-edh amháin go mbí sin samhluidh, acht aderther go mbí cosmhailes ag gach lucht énchríche innte fén re chéle agus go mbí éinbheus abháin ar a n-aithnighther iad aca uile, mar as éidir a tuigsi as an laoidh-si: -
42. "Cumdach na n-Iudaideadh n-ard Agus a fformad fíorgharg, Mead na n-Airmianach gan fheall Agus sonairte Saircenn. Amhainsi i nGreugaibh go ngail, Roi-dhíumas ag Rómhánchuibh, Dúire na Saxon snámhach, Agus burba Easpánach.
Santaidhe i fFrangcaibh freacraigh Agus ferg i ffírBhretnaibh. Ag so eolas na ccrann go cert, Craos Gall agus cennuidhecht. Móirmhenma Cruithnech ní chéal, Aille agus cattrad Gaoidheal, Adber Giolla na Naomh tre nath A Chríost, rob caomh an cumhdach.
43. Dar ndóigh, as córaide, as cosmhailes ud d'faghail i n-Éirnn, mar tá do dhlighedh i Senchus Mór Padraig, da ttegmadh ben idir dhís fer, i n-aimsir choimperta, ionnus nár ffes di cia dhíbh athair an toirrchis do-ghebh an uair-sin, ader dlighiodh (munab édir an leanabh do chur ar a athair fhíre ar modh ele) ésdeacht les go cenn teora mbliadhan go ttí finechruth, fineghuth, agus finebheusa dhó, agus gibe don dá fhior re a ttéd go ttugann sin cungnamh imdheanma don mhnaoi air, uair mesdar gurob lesin fher lén cosmuile an leanab é.
44. Agus dar liom ó do comhtharaighedh sin i nDlíghedh San Padraig, as nemh-iongnadh a bheth 'na ard-chomhardha ar chineadhoibh sech a chele. Bíodh nach édir a fhaghail fírinnech gach uair ní fhuil égnesdacht eoluis ann, agus fós, is ní é i n-aghaidh na droinge ader nach bí cinedh isin chrích nach cuirid senchadha go macaibh Milidh. Agus tar a chenn sin, da madh amhlaidh do bheth, nír iongnadh é uair da ffeuchadh fer ar mhacaibh Milidh fén (gus na clannuibh rathmhara do shíolsad uatha i nÉrinn agus i nAlbain), agus a laghad mhaires díbh aniu, ní chuirfedh i n-iongnadh gan daoine as uirísle ináid (do bhíodh fútha re fada) do mharthain. Ar as gnáth do na h-ardfhlaithibh, an uair iomdhaighid a cclanna agus a ccineula, foirdhinge, feodhughadh, agus fásughadh a ccéledh agus a lucht lenamhna. Feuch 'Ére agus an domhan uile, dia ttugrae fén, agus ní fhoil foirchenn ar a ffuighe do eisiomlairibh ann do sin, as nach iongnadh da madh go Mílidh do-beurthaoi uired genelach 's atá i n-Érinn aniu. 45. Do bhrigh gur ba beus dona senchaidhibh
slonnadh leabhar ar leith, do rér a saine, do shaorchlannuibh Gaoidheal abháin do bhíodh a n-as uille ar a n-aire do iomchoimeud, mar tá, leabhar Connachtach, Ultach, Laighnech, Muimhnech, do-gheunam roinn agus difriughadh ar an lebhar-sa aga roinn a leabhraibh saine fo líon ghabhál Érenn ré nGaoidhealaibh, fo líon na ttrí mac Mhílidh Espáine ór gabhadh flaitheas na Fodla, leabhar dona naomhaibh, agus leabhar do Fhomorchaibh, do Lochlonnuibh, do Ghalluibh, agus Saxgalluibh sena agus nuadha da n-és. 46. 1. An cédleabhar do Pharthalan ro-ceudghabh Érinn iar ndílinn go ttosughadh an leabhair agus techt Cesra bheos, nach fiu a roinn. 2. 3. An dara leabhar do Nemhid, an tres d'Feraibh Bolg. 4. 5. An cethramhadh do Tuaith De Danann; an cúigedh do Ghaoidelaibh agus do Mhacaibh Mílidh uile. Gid edh, as do shíol Eremhoin labhras go críochnughadh dhóibh, agus as mó an leabhar soin ináid seacht
leabhair iar sen-roinn, uair atá ní as mó iná sin ann ní as líonmaire iná mar do bhí riamh, mar bhus lér don leughtóir siaruin. 47. 6. An seisiodh do shíol Ir agus do Dháil fFiatach. d'fuil Eremhoin bheos iad-sidhe, uair as eundhuthaidh doibh i n-Ultaibh re h-athaidh. 7. An sechdmhadh leabhar do shíol Ébhir, agus do chloinn Luighdech mic Ithe, uair as eunduthaidh dhóibh, an Mhumha iar mbunadhas. 8. An t-ochtmadh leabhar do naomhaibh Érenn. 9. An nomhadh agus an leabhar derinech d'Fomorchuibh, do Loclannchuibh, agus do Ghalluibh. 48. Suidhiughadh ár leabhar, a leugthoir, munab lór let, tre shuidhiughadh sosar re sinsior: ní admhuim nach ainminic atá inntibh ó Fhenius Farsaidh anuas. Feuch clann Fheniusa fén .i. Nel, an sosar, go h-áirmhech ag senchaidhibh ó thosach agus Naonbhal, an sinsior gan ro n-airmhe, etc.
Eremhón mac Mílidh ria ccuid ele do chloinn Mílidh as sine inás. Ní fhuil cinnedh ar a ffuil ann mar sin gus na sloinntibh déghencha atáid againn aniu. Feuch mar chuirid senchadha Mumhan Clann Charthaigh ré Síol Súillebhain as sine ináid, Síol mBriain ré cCloinn Mhathgamhna as sine ináid, etc. Cuirid lebhair ele i Leth Cuinn, agus cuiridh Doctuir Cétin, Niall Naoighiallach cona shliocht as só réna bhráithribh bad sine inás. Feuch go ndeachaidh Duach Galach mac Briain, an sósar, riasna tri macuibh fiched bad sine inás. Cuiridh senchaidh Shíl Mhuiredhoigh Síol cConchabhair re n-a sinsioruibh. Cuirid Ultaigh Mag Aonghasa do shliocht Chonuill Chernaigh ré sliocht an rígh Conchabhair, mar as iad sliocht Chonuill ba rathmhaire ann, agus mar sin do iomad ele ba h-emhelt re a n-airemh; agus madh légter leo sin a dheanamh iar ccóir, creud nach budh dhlecht damh-sa lenmhuin a luirg?
49. Tairis sin, da saoiledh aoinnech gomadh an-ghnás súd, ní h-edh chena, uair as minic nach édir gan a dheunamh tre aimhrétech iomad na n-aicmedh agus na n-ilcheneul ag techt anuas ar araile, agus dochum a sgaoilte ó chéile as égin an sinsior do legen secha sealad agus sgríobhadh ar an sósar agus arís ar an sinsior agus mar sin fa sech ar uairibh. Tuig tuilleadh let, a leughthoir, gurab dlighedh i n-Erinn sósar do chur i fflaithes ar bheulaibh sinsir, mar ader an riaghail dhlighidh-si as an Senchas Mhór agus asin Fhenechas i ccoitchine; mar so. "Sinsior la fine, feabhta la flaith, eagna la hEaglais" .i. an tí as sine do fhine do chur i ccennus na fine sin fén, agus an tí as mo céledha agus cumhachta, madh comh uasal é re n-a shinsior, do chur isin fhlaithes nó isin tighernas agus an tí as eagnaidhe do chur a n-uachtaránacht na h-Eaglaise. 50. Gidh edh, masé an sinsior as mó tóthchas bí tighernas aige, no muna ffuil sosar coimhchinél dó as mó tothchas inás é don tsuim ader dlighedh, bí tighernas ag an sinsior; ionann sin 's a ní roimhe.
Atá rann coitchenn cantar do dhearbhadh gurob dhlecht sósair diongbhála do chur i righe ar bheulaibh iomad sinsior nach biadh i ttothchasaibh dlighthecha, ut dicitur.
51. "Da mbeth nonbhar do líne Edir mhac maith is ríghe. asé a dhíorghadh san cert cóir A rioghadh prab i cceudóir."
Agus ós cóir mar sin sosar do chur tar sinsior i ríghe, creud nach cuirfidhe, da madh áil la nech, i ttús leabhair é. Agus fós ba míomhodhail an nós an rí do chur ar dheredh buird agus cách ele, dá madh iad a dhearbhráithre ba sine do beth ann, do chur ar tosach agus gan iad 'na ríogha. Feuch fós go ccuirther daorchlanna, ní h-edh amháin ar bheulaibh saorchlann i ccémibh árda i n-Érinn tre thoice ttalmuidhe do bheth aca, agus as iongantaighe sin iná an nós remhráite, agus as mó an tár do uaislibh Érenn é iná gibe ar bioth suidhighedh do bhermid ar a senchasaibh, is gan duais
dúinn da chionn ó aoinnech aca. Aire sin iarram do athcuingidh orra lethsgel do gabháil 'ga ffoghantaidh gan fallás, Dupaltach Mac Firbhisigh. 52. Don Óigléughthoir. A charaid, atáid comhroghna canamhna isin leabhar-sa, agus bioth a fios det gurob edh fo-dera iomad de sin an difrioghadh canamhna atá agus baoi edir críochaibh Banbha, mar as lér du i n-abar Leath Cuinn Aodh, Maol, nó a samhail ele, ader Leth Mogha Aedh, Mael no Mal, agus mar sin d'foclaibh ele mar atá ród. Atá adhbhar ele ag éxamhlacht anmann do bheth i ccomhroghain genealuigh .i. da ainm no a trí do bheth ar aoinnech; ní sin bheós benas don leughthoir do thabairt fa deara. Matá aonní inbéime ann secha sin, iarruim ar an tí fheudas a lesughadh go ttuga Dia dúinn aitherrach uaire as suaimhnighe iná an aimsir-si re n-a aithsgríobhadh; air ní fhuil ann so acht ár ccedtegar don trachtadh-sa. - D.F.
53. Seanchus genealach gabhaltas uasal Ereann agus Alban Sgot go ccraobhsgaoileadh a ccineadhach o ceudtos na n-aimsior n-aicside gus aniu, (mar ghebhmid), iar n-urd Gabhála Chesrach ceudus, Pharthalóin iaromh, Nemhid, Fer mBolg, Thuath De Danonn, Mac Mílidh, Fhomhorach, Lochlannach ('na ccumusg sin) agus Saxghall fa dheóigh a leabhraibh Gabhála cóigeadhach, airisin a suaidh-leabhraibh sean-naomh agus senchadh Érenn, go h-airidhe a leabhraibh Lecain Mhec Fhirbhisigh, agus a nuai-teaglomaibh Gaoidhelge agus Gallshaix do teglomadh agus do h-egradh annso les an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, senchaidh etc., a Lecan Mc. Firbisigh do chedchríochnaigh an leabhar-so isin mbliadhoin-si do aois Christi, 1650. 54. Do bhrigh tra go ttriallam tionnsgnamh le tosughadh, iarram oir nach anoirches cungnamh an Cheutosuigh tar nach ttegar .i. ar nDia fíre, fíorthosach, folamhnaighidh, agus foirbhtiughadh an uile mhaithesa, Dúilemh na ndúl do chruthaigh (mar adclos)
(go coitchenn) ár cceudathair Ádhamh 'sa shliocht, na líne da labhram san leabhar-sa, da nach lenam go liosda go h-iomrádh Érenn ann. 55. Dia do chruthaigh Ádhamh athair Seth athar Enos athar Chaineu athar Mhalaleel athar Iared athar Enoch athar Mathusalen athar Lamhech athar Noe. Naoi rémhráite tra, gar ré ndul san Airc ré ndílind dó agus da thrí macaibh toghta, Semh, Camh, agus Iafeth go n-a ccetheora mnáibh, Cobha, Olla, Oiliud, agus Oiliuna, tangadar triar coimhchineoil dó, Bioth, Fiontan, agus Ladra, d'iarraidh áite isin Airc air, agus mar nár thol do Naoi pectaig tar aithne Dé do legen isin Airc, do dhiultsad do Dia an drem-soin tré dhroc-comairle inghene fhir don triar ud .i. Cesair inghen Betha mc. Naoi d'fhuráil orra dia brége do adhradh agus imthecht da rér; conidh í comhairle tug dhóibh dol i loing ar muir do ionsaighidh Érenn. 56. Tiagaid tra an triar fer remeberta go ccaogaid inghen im Chesair isin loing-sin; dia Mairt an lá do
luidhsiod innte. Iomraid dano iaramh a h-Inis Meroen for techedh na dílenn do Muir tToirrén for Muir Chaisp go Muir cCimerdha do Aisia Big edir Siria agus Muir tToirrén, go h-Ealpa, go h-Espáin, go h-Érinn. Dia Sathuirn a ccúigedh deug eusga gabhaid cuan ag Dún na mBarc i cCorca Dhuibhne. Cethracha láithe ria ndílinn tainig Cesair i n-Érinn aois dhomhain an dan-sin 2242. 57. Rangadar iaramh go dú da ngoirther Cumar na tTrí n-Uisge, bhaile ar rannsad na mná .i. sé mná deug d'Fiontain im Cesair, sé mná deug im Bairrinn do Bhioth, agus sé mná deug do Ladhra, gur marbh iomorcraigh lanamhnais é i n-Árd Ladhrann. Rannuid iaramh Bioth agus Fiontan mná Ladhrann etorra i ndó. Gar asa h-aithle go ttesda Bioth i ttuaisgert Érenn i Sliabh Betha gur adhnaicsiod a mhná i ccarn mhór Slébhe Beta é, conadh uaidh ainmnighther; tegaid a mhná go Cesair, agus eulaidhis Fiontan uatha
uile go ránaig Tul Tuinne ós Loch Dergdherc. Téd Cessair cona mnáibh gur bhris a croidhe i cCúil Cesra i cConnachtaibh d'eug a h-athar agus d'iongnais a fir. Adnaicid na mná annsin í, conadh uaithe ainmnighther Cúil Chesra agus Carn Cesra. Sechtmhain sin re ndílinn. (Béarla Cesra .i. Gairtigern re raitear Eabhra.) 58. Ceasair tra taoisioch na gabhála-sa. Da bhrigh-sin tabhram tosach da genealach .i. Cesair inghen Betha mec Noe, etc., lethanach 28. Na mná ele, umorro, beag regar a leas a n-aisnés. Gibe lenab áil, do gheubha a n-anmanna i sen-leabhraibh Gabhála Gaoidheal. Ladhra mac ... Fiontan tra as iomdha sgríobhthar air agus uaidh, oir as edh coitchennas cháigh gurob é ugdar asnési na gabhála-sa Chesra agus iliomaid ele, oir aderid cách gur aithbheoaigh Dia é iar ndílinn gur mair ilcheuda bliadhan.
59. Partholan. Craobsgaoiledh cine Partoláin. Dara gabháil Erenn. Naoi rémhráite mac Laimhech iar sergadh dílinne rannaidh-sidhe an domhan i ttrí rannaibh edir a thrí macaibh .i. Semh, Camh, agus Iafeth, Semh ar medhon Aisia ó Shruth Eofrait go tracht airthir an bhetha, Camh for Afraic agus for desgert-leth na h-Aisia, agus Iafeth ar an Eoraip uile. Treabhaid na tíre-sin do rér a ronna athaidh iaramh. 60. Iafeth tra as iad a chlann lenfam sunna .i. Goimer, Magog, Thiras, Iauan, Masoch, Madai, agus Thubal. Magog dno mac Iafet, isin Scithia Greugdha ro aitreabh-somh. Cúig mec les an Magog sin .i. Baath, Iobath, Barachan, Emoth, agus Aithechta athair Braiment athar Easru athar Sru athar Sera athar Phartholáin ro ghabh Ére isin mbliadhain 2520 iar
n-Ádhamh, agus iar ndílind 278, agus ba fás Ére ó dhílinn gus an mbliadhain sin acht an t-aoinfhear do aithbheoaigh Dia innte .i. Fionntoin remhráite mac Bochna 'ga mbaoi cuimhne agus coimheud ar shenchas agus eolus Érenn an ccén ro mhair (Grecc béarla Pharthaloin). 61. As aire tainig Parthalan ó n-a athardha .i. ó Shiccil Greug, ar techedh fionghaile doróine .i. a athair agus a mháthair do mharbhadh ag iarraidh righe da bhráthair Beagsomaus ba sine iná Partholan. D'ionnarb Sru mac Easru a mhac Partholán agus do loit é gur bhen a shúil clé uadha gur raibhe secht mbliadhna ar ionnarba ó tánaig as an Beginghrég lucht luinge gur loisg teach ar a athair agus ar a mháthair gur marbh iad agus triúr da dearbhráithribh ag cosnamh righe (dia bhráithir agus do gabh agus d'fagaiph aige í) nó ag cosnamh a tuaithe .i. Scotanra ainm na tuaithe sin, agus annsa
Sgithia Clochaigh atá an tuath-sin. Conadh ón tuaith-sin (do rér an tslechta-sa) adearar Scuit re Gaoidhealuibh, agus as aire as Grég Gaoidhil .i. ar ttecht asin Ghreg Sgethiogdha. 62. Partholan dno ar an ionnarbadh ud forsa mbaoi rugadh Rudhraighe agus Sláinghe dhó, agus as uime aderar Mac Sera re Partholan .i. don fhionghail sin doróna, oir as ionann Sera isin tengaidh Ghreugdha agus fionghal isin Bheurla Thebidhe, agus ní Sera acht Sru mac Easru a athair; acht gibe aca as tres an fhionghail-sin do thech Partolan go h-Érinn, agus tainig támh a mhuintire agus a chloinne, gurob é aisde ar a mbídís 'na suidhe, agus as amhlaidh do ghebhdís bás. 63. Partholan dna ag techt i n-Érinn dó, seolaidh re mís ó Shiccil go Haladaciam, go Gotiam, go h-Easpáin, agus go h-Inber Sgéne i n-Erinn dia Mairt i sechtmhadh deug eusga.
64. Airigh gabhála Partholain .i. Partolan fén, Sláinge, Laighlinne, agus Rudhraighe a thrí mec, agus as iad do cheudroinn Ére i ccethre rannuibh .i. Partholan ar an roinn thuaisgeartaigh d'Érinn, Rudhraighe ar Chonnachtaibh, Sláinghe ar Laighnibh, agus Laighlinne ar Mumhain, agus baoi ar an roinn-sin go taimlecht muintire Partholain. Ader Leabhar Gabhála Dhubhaltaigh Mhóir mc. Fhirbhisigh roinn Érenn edir chloinn ele Phartholain .i. Eur, Orba, Feron, Fergna, mar as lér isin laoidh-se: -
65. "Ceathrar mac ba griobhdha glór Do phríomhchloinn ag Parthalón. Gabhsad re chele gan chlodh, Treabhsad Ére gan aithcheodh. Nír shoirbh don rioghraidh a roinn, Iath Érenn i n-a aonchoill, Cnuas gan ceal, 's gach lios re a linn Fuair gach fer fios a chuibhrinn.
Eur an sinsior ba saor sogh, Suairc a chuid chian gan chlaochlodh, O Oilech Néd a iath gan fheall Go h-Áth Cliath Laighen láintenn. O Áth Cliath Laighen, lém lir, Go h-Oileun Arda Nemhidh, Gan doghra nír thais a threóir, Cuid Orba fa des deghslóigh. Ón innsi i ffuair Neimhidh nioth Go Medhraidhe na móir-chríoch, Fáth deagh-slóigh gan aga ann, Cuid Fheróin, fada an fearann. O Medhraidhe fada fos Go h-Ailech Néd go ndeghnós, Curaidh calma a tharann nar thim, Fuair Fergna feronn fairsing.
In -Érinn fén, ní fáth fill, Rugadh na trénfhir thuirbhim, Dream shaor fa bunata bladh, Ba caomh curata an cethrar."
66. Aidhne, Aife, Aine, Fochain, Muchas, Nelepart, Glas, Grennach Abhlach, agus Gribennach dech n-inghena Parthaloin. Fir na n-inghen-sin .i. Brec, Boan, Ban, Cairthenn, Eccnach, Athchosan, Luchradh, Lughair, Lígher, agus Gribher. Anmanna droinge ba oirdherca 'na ndiaigh-sin do mhuintir Phartholain .i. Accaisbel a reachtaire, Brea mac Senboith, Malaliach céd cirbsire Ereann, etc. Fath, Fios, agus Fochmharc a thri druith, Miolchu, Merán, agus Muinechan a thri thrénfhir, Bachorbladhra a ollamh. Dobé sin ceudna oide Erenn. 67. A dhá chendaighidh .i. Biobal, tug ór, agus Babal tug indile ar tús i n-Érinn. Tothacht, Tarba, Iomhas, Aithechbel, Cúil, Dorcha, agus Damh a shecht bprímh-threabhthaigh.
Lee, Lecmagh, Iomaire, agus Etirche anmanna na ndámh badar ag Partholán. Topa giolla Phartholáin. As ris an Topha sin do rine Dealcnat ben Partholain ceudrúis Érenn 'na nderna Partholan cedeud Ereann ag marbhadh a ghiolla Toba, agus Saimhér, (meschon Dealgnaide), ó ráiter Inis Saimhér, baile ar áitighsiod an uair-sin ag Eas Dá Eucconn (a dubhradh do eucconnacht mhíghníomha mhná agus giolla Phartholain) ris a ráiter Eas Ruaidh. 68. Nerba, Ciochba, agus Cearbnat teora mná Shláinge, Laighlinne, agus Rudhraighe, thrí mhac Phartholain. Partholan, umorro, i ccionn dech mbliadhan iar ttecht i n-Érinn dó brisis cath i Sleamhnaibh Muighe h-Ithe for Chiogal nGriccenchosach mac Guill mc. Gairbh mhec Tuathail mc. Umhoir a Sléb Eamoir cona mhuintir agus for a mháthair Lot Luaimnech, du i ttorchradar cona muintir re Partholán. Sechtmain ro-bas ag cur an catha sin. 200 fer agus 600 bean líon mhuintire Cioguil. Tangattar i n-Inbher
Domhnann i ttír ar Phartholan, gur cuirsiod an cath ceudna. Ceudchath Éreann é. 69. Slechtadh magh, tomhaidhm loch, aidhtea chloinne Partholáin agus cháich archena, do gheubhae 'na Ghabháil iad; ba liosda lenmhain i leabhar genealaigh dhíobh: acht so amháin. Tríocha bliadhan baoi Partholan i n-Erinn, gur eug sé i Muigh n-Ealta, bhail bheos i ttainig táimlecht muintire Partholain, 270 bliadhna iaramh i cCalainn Maoi dia Luain Béaltoine, gur eug naoi míle díobh ón Luan go chéle .i. cúig míle fear agus 4000 bean. Trí cheud bliadhain remhes muintire Partoláin ar Érinn. 70. Genealach coitchenn Phartholain 's a chloinne do sgríobhas cena: - ...
71. Aderid senslechta go ffuilid cúig anmanna ar Érinn .i. Ére, Fodla, agus Banba, Fáil, agus Ealca, - na trí h-anmanna toisioncha ó thrí mnáibh na ttrí bpríomhdruadh battar ag Tuaith De Danann i n-Érinn ar chionn mhac Míledh Easpánda, mar aderam isin lethanach 79. Fáil nó Inis Fáil, féach lethanach 75. Ealca no Inis Ealga ob id dicitur ar Elca, ben Parthalain mc. Sera, agus Hibernia Elca dicitur.
89. Cidh trácht gairmid cédrí Érenn riamh orra fén da sinsior Sláinghe gur chaith bliadhain i righe Ereann. Eochaidh mac Erc din tiughfhlaith Fher mBolg - rí romaith esidhe. Ceudna lasa ndernadh rechtge cóir i n-Érinn; ní baoi fleachadh acht drúcht, na bliadhain gan mes; re a linn do cuirthi gaoi a h-Érinn. Sgríobhthar gurbe sin cedrí do shuidh san dú da ngoirther Temhair. Ader sliocht ele, ag beth i n-airdrighe Érenn d'Eochaidh mac Erc ós cath in uair cuirthe Catha Maighe Nia i ccrích Conmhaicne Chúile eatorra agus Tuatha De
Dhanann gurob iad-so ríogha badar ar Fheraibh Bolg i n-Érinn .i. Alla mac Gainn air chúigedh nGainn, air Chonnachta.
91. Acht cipionnas as i n-aimsir an Eochaidh-sin mc. Erc tangattar Tuatha De Dhanann i n-Érinn gur brissiod ar Fheraibh Bolg i ccath Muighe Tuiredh Conga i cConmhaicne Cúile Toladh Chonnacht agus romarbhadh ceud ar mhíle do Fheraibh Bolg ó Muigh Tuireadh go Traigh Eothuile, ar ar marbhadh an rí fén Eochaidh re trí macaibh Nemhidh mc. Bhadhraoi do Tuaith De Danann gur h-adhnaicedh é i cCúil Chnamh ós Tráigh Eothuile i n-airther Thíre Fiachrach Muaidhe, bhaile i ffuil Loch Lughna iar ccoilltibh Lughna Firthri, ut dixit: -
"Cúil Chnamh an fearonn a bhfuil Eochaidh mac Erc mac Rionnuil. Mairfidh an t-ainm go Lá an Luain Ó chnámhaibh Eochaidh arm-ruaidh."
93. Fir Bolg tra tuitid isin chath-sin acht beg do thech re Tuathaibh De Danann i n-innsibh agus i n-oileunuibh mara im Érinn gur aitrebhsad ionnta iarsin. Asiad so na h-innsi agus na h-oilén i n-ar ghabhattar Fir Bholg ar ttechemh dhóibh .i. i n-Áruinn, i n-Íle, i Rachrainn, i mBriotain, agus i n-Innsibh Gall ele olchene, conadh iad tug Fomhorcha iarsin do chath tanaisde Muighe Tuiredh. (Feuch tuilleadh air so isin 46 lethanach, romhad atá.) 94. Fir Bholg, umorro, ge rodibrid a h-Érinn la Tuathaibh De Danann, asedh thuigmid a leabhraibh Gabhála Gaoidheal a mbeth ag filedh go h-Érinn ó sgrios nirt Thuaithe De Danann go h-ilcheuduibh bliadhan iaramh, re ré Ghaoidheal mar bhus lér i n-ar leabhar róinn, agus fos iarsma dhíobh do bheth beo innte gus aniu, 1650. 95. Derbhadh an Leabhair Gabhála ceudus air sin
ader, an bhliadhain do ghabh Eremhon mac Mílidh airdrighe Érenn, go ttug sé righe Laighen do Chriomhthann Sgiathbheul do Dhomhnannchuibh ar ar luidh, agus do iomchair agus do chosain, anfhorlann adhbhal ag coimheud na críche agus ag cathughadh i fFothartaibh re Tuathaibh Fiodhga do Bhrethnaibh gur dhíbir iad tre gaois dhruadh Cruithnech. 96. An dara derbhas dhúinn ár reamhrádh; esaonta Fher mBolg re Gaoidhelaibh, mar bhus lér síosana. Irial Fáidh mac Ereamhoin rí Érenn do chuir cath Lochmhuighe i ttorchair Lugh Roth mac Mofebhis d'Feraibh Bolg. Conmhal mac Ébhir rí Érenn do bhris cath Locha Lén for Eurna Mairtine, agus for Moghruith mac Mofebhis d'Fheraibh Bolg. Tighearnmhas mac Fhollaigh rí Érenn do bris tri catha for Fhiora Bolg. Fiacha Labhruinne rí Érenn cuiris cath fri h-Eurna d'Fheraibh Bolg. Iar mbrisiodh an chatha-so ro-mheabhuidh Loch Érne .i. loch tar Eurna innsin.
Aonghus Olmucaidh rí Érenn do bhris caoga cath ar Chruithentuaith agus ar Fheraibh Bolg. Siorna mac Dén rí Érenn do bhris cath Mona Foichnidh la h-Uíbh fFailghe for Mairtine agus Eurna. 97. Cairbre Cinn Cait nó Caitchenn, rí Érenn do athach-thuathaibh, aderid aroile gurob d'Fheraibh Bolg dhó. Athair-sidhe Moruinn mc. Maoin. Acht ader sliocht ele: - Drug, Lig, Lughaidh, tri mec Dregamain mc. Threna mc. Cairbre Cinnchaitt, tri mec bráthar iad-sin do Mhorann mhac Maoin mc. Cairbre Cinn Chaid, do chloinn Chiombaoith mc. Fiontain dóibh. Cidh tracht, gibe sliocht da ffuil, ní h-oirchis dearmad duine mar Mhorann. 98. Ba do mhaithibh Érenn. Ria cCreidemh do chred sé i nDia fhíre na ndúl mar fhoillsighes a Thegasg Rígh, udhacht Morainn do Fheradhach Fhionn Fhechtnach da mac agus do rígh Érenn, agus fós as mór
a chumaoin ar dhlighedoibh Gaoidheal, mar as lér in gach beusgna i n-abair Morann ag tegasg a mhec Nere: - "A mo Nere nuallghnaidh, etc.," agus mar ader Nere ag tochlughadh a thegaisg ar Morann: - "A Mhorainn, a Mhaoinigh, a Mhochta, etc." Ní lenam de sin sunna, acht a luadh do mhaith Mhorainn 'ga mbaoi an t-sin .i. an idh, óir le toil nDé saoilmid a soillsiughadh i n-ár ffoclóiribh agus i n-ár Fénechuis archena. 99. Fir Bolg dno da labhram, ma díbh athach-tuatha Érenn, urusa dúinn iomrádh orra, oir i n-aithe a n-ainbhreth bhadar fa dhaoire ag Feradhoch Fionn Fechtnach agus 'ga mhac Fiacha Fionnolaidh, (dá rígh Erenn iad-sen), ionus gur cograttar athach-tuatha marbhadh an Airdrígh, Fiacha Fionnfholaidh. Doronadh leo .i. ris na coigedhachaibh, Elim mac Conrach rí Uladh, Sanb mac Cet mc. Magach rí Connacht, Foirbre mac Fine rí Mumhan, agus Eochaidh Ainchenn rí Laighen an
marbhadh sin tré mío-comhairle na n-aitheach i n-orgain Dhúin Bolg. Asedh sgríobhuid sen-leabhair gur bhásaighsiod athach-tuatha an uair-sin urmhor Chlainne Ugaine acht Tuathal Techtmhar bhaoi i mbroinn a máthair Ethne inghene rígh Alban, agus iar ffichid bliadhan ríghe Elim mc. Conrach follamhnaighis flaithes Érenn agus do dhíothaigh aithech-thuatha Érenn, uair ro bhris 25 catha for Laighnibh, 25 catha for Ulltaibh, 25 catha for Mumhain, agus 25 for Chonnachtaibh. Ag so anmanna aroile dona cathaibh-sin agus an cháich ar ro bhris iad, amhuil atá isin duain senchuis 'san Leabhar Gabhála: - "Triath ós triathaibh Tuathal Techtmar." 100. Ní do chaithrém Tuathail acht da aidhbhliughadh Fher mBolg atu ag cur na ccath-so síos. As é ceudchath luaidhes .i. cath Aichle for Elim, agus ag so an rann ata iarsin dearbhas gurob d'Feraibh Bolg na
buidhne da labhrann an laoidh, go h-airidhe gurob iad as cinn-urradh (do urmhor) orra mar ader: -
105. Tugtha fadera go ngoirther Eurna d'Feraibh Bolg, agus Eurna do Chloinn nDeaghaidh, agus Eurna do chinedhoibh ele aderam da ési so. Gidhedh, as do shíol Oiliolla Eurann ó ttanghadar Clanna Deaghaidh as gnaithche gairm Eurna.
107. Iarsna cathaibh sin doronadh Fes Temhra la Tuathal agus tanghattar fir Éreann agus a mná dha ionsoighidh agus tugsad ratha fris na ndúl aicsidhe agus nemhaicsidhe agus gach gradh fuil fo nimh agus in nemh nach éreóchdaís 'na aghaidh na i n-aghaidh a chlainne go brath. As iad so umorro na tuatha as a ffuil daoirchíos for Érinn ósin ale.
108. (Oir do fodhladh .i. do roinneadh na tuatha so síos, agus do cuireadh cíos Éreann orra. Tuig, a leughthoir, go n-ainmnighthear ar na tuathaibh-si annso anmanna as deagancha (fuairsiod) iná an fodhail-si, oir ní h-aithgheanta iad gan a slonnadh samhlaidh re h-ais na sean-anmann badar aca.)
113. Tuath mc. Dreoga i n-iarthar Midhe for Fheraibh Cuircne.
Tuath Masraighe for Muigh Sleucht i n-Ibh Briuin Breifne. Tuath Airbre i ttaobh Tethfa. Tuath Glasraighe im Chairbre agus im Loch Sílinn. Tuath Connraighe i Slébh Bregh agus i Mughdhornuibh agus i n-Uibh Segháin agus i bhFeraibh Rois agus i bhFearaibh Arda agus i fFearaibh Luirg agus isin Da Chremthainne. Tuath Luighne i mBreghaibh agus i Laoghairibh agus i n-Ardghal agus isna Dealbhnuibh agus i n-Ibh mc. Uais agus go Temhraigh, agus ó Inbher Colptha go Comar Chluana hIoraird. Conidh amhlaidh-sin rofodhladh na tuatha agus do cuiredh cíos Érenn orra, conadh XLVII tuatha re a n-airemh uile. 114. Na tuatha soin dno do bas da mbaoghlughadh agus fos aroile díobh da mbásughadh ó bhuidhnibh borrfadhacha Chloinne Cuinn agus fine Ghaoidhel archena, mar tegmadh esaonta etorra. As lér dearbhadh air sin i mBetha Ghrealláin naoimh-dhesgiobhail Phadraig sa ré i n-ar gabhsad gasair do uaislibh Oirghiall na h-iatha
da ngoirther Mainigh, go h-airidhe Magh Senchineoil, ar Chian d'Feraibh Bolg noch 'ga mbaoi an nuimir-si do aos gaisgidh, amhuil ader an rann: -
"Aoinfher as gach lios amach asedh do thigedh le Cian A Magh Sen Cheneoil, ní breug, Dech cceud air fhichit ceud sgiath."
115. Gidh airmhech an Cian-sa an uair sin, suaill ma's fes a bheg do bhláth a chineoil ó chumasg Cloinne na cColla air go so. Mar sin do iolaicmibh i n-Érinn díobh, ar ndíoláithriughadh, mas a aitherrach nó a n-anchroidhe do Chloinn Mhílidh do thoiligh Dia do aithe orra. Gidhedh chena, ge do dheachsad, ní fhaomhuim gan cuimhniughadh gach cuire da ccuirther dhíobh um dháil i laoidh nó i leabhar. Feuch ceudus cuimhniughadh droinge díobh isin laoidh-si: -
119. Tuilleadh demhnighthe ar dhrongaibh da ttugtar d'Fhearaibh Bolg, agus difiriughadh eatorra agus Gaileoin agus Domhnannaigh, mar ader: -
124. Do les an leughthóra agus ní do inchrechadh na duaine remhsgríobhtha, tugadh da aire du i ndubhairt an duain nach d'Feraibh Bolg, Gaileoin ná Domhnannaigh etc. Fír sin tra iar n-a slonnadh gnéthech. Gidhedh, iar n-a slonnadh coitchenn, as ainm díles dona tri tuathaibh remhráite Fir Bolg do ghairm uile dhíobh mar do dherbhsom remhe so. 125. "Cúchulainn," umorro, agus "Fionn Flaithfénnidh," ader an duain. Madh é an Cú agus an Fionn oirdherc ader, tegeumadh sin fíor fós no fallsa ar modhaibh eugsamhla; fír dno, da ttegmhadh Cúchulainn agus Fionn i ttuinidhe dhúdhchuis edir na tuathaibh da n-ainmnighionn an duain iad; dob édir mar sin a slonnadh as na tuathaibh ceudna, gen go madh dhíobh dhóibh iar ngenelchibh. Fallsa an duain, umorro, da n-abradh (mar nar abair) go madh iad sud a sloinnte iar ffíor, óir as do shíol Éremhoin mc. Míledh Cúchulainn, iar Leabhar Ulltach, agus Fionn iar Leabhar Laighnech. (Feuch Lebhar Ulltach, leathanach 500, agus Leabhar Laighnech, lethanach 435.)
126. Fir Bolg, umorro, tar ar érigh do euttualang dhóibh i n-aimsir Tuathail Techtmhair agus na ríogh remhraite archena, do ghebhmid a slechtaibh eugsamhla gur gabsad a cclanna cennas mór 'na dhiaigh sin, go h-áiridhe a cConnachtaibh, (ní airbhim an Cian do luaidhedh linn, óir is áildiu dhúinn iompódh orra suas seal ele) .i. go h-aimsir ... uair thra baoi do nert an ionbhaid-sin fo ríoghaibh Erenn aca gur rannsad Cúigedh Olneugmacht .i. Connachta i ttrí trenuibh amhuil ader dán Aingligh Uí Dhomhnalláin, "Roinn lethe ar Chóigedh Connacht."
130. Sliocht ele, gin gur d'Fheraibh Bolg amháin benas, dobher solas da ccennas. Ríogha Connacht do és Meadhbha Chruachan siosana: - Maine Aithremhail mac Oiliolla agus Meadhbha ro ríoghsad Cruithentuaith Cruachna agus Fir Thaoidhen
agus Garbraighe Shuca agus Fir Chraoibhe agus Catraighe agus Bolgthuath Badhgna. Acht rob olc re Domhnannchuibh agus re Macaibh Magach (no Madach) agus re Clannaibh Umhóir agus re Maicne Shreng agus re Cloinn Ghenuinn mc. Deala agus re Conarbrunae Med agus re Tuath Ruisin agus re Dál nDruithne Maonmhuighe .i. na h-aicmedha rémhráite conadh í comhairle chinnid righe do thabhairt do Mhacaibh Madach gur chomhairlighid tabhairt na righe do Sanb Shithcend mac Cet, gur érigh cogadh coitchenn i cConnachtaibh fén de sin, agus así fa coiccríoch etorra Dubhabhainn Bhrea ris a ráiter Suca .i. ó Shogca inghen Chairbre do báidhedh ann. 131. Cuirther etorra cath Dergmhaighe ris a ráiter Magh Cineoil Lughna, bhail ar marbhadh Buac agus Maonach, dá rígh Fher Craoibhe. Conadh dhe sin ro-ráidh Gruibhne Éges: - "Bid gnáthach an oil-si," conadh de atá Liag Gnáthaigh.
Tugsad cath Árdachaidh iarsin agus ro marbhadh Maine Aithremhail ann agus an ffail in ro tionóileadh a ffaidhbh agus a ccinn ráiter ris Faithche Cenn anos .i. an Ghamhanraigh agus Clannmhaicne Oilliolla agus Mheadhbha. 132. Ro gabhsad an cúigedh iarsin agus ro bhaoi ... fiche bliadhain i righe Connacht gur rosmarbh Tuathal Techtmhar i ccath Dhumha Sealg a Mai
... Gabhais ... mc. Maine Aithreamhail ríghe ar Chonnachtaibh d'és Tuathail Techtmhair gur ros(marb?) Eochaidh Fionn mac Mec Ceucht agus gabhaiss Eochaidh ríghe Connacht iarsin. Eochaidh mac Cairbre mc. Maine iarsin. (Sliocht ele. Cairbre mac Maine Aithremhuil ro gabh ríghe Connacht tar és Sainb mc. Cet mc. Magach. Aodh ... mac Conudir d'és Cairbre mc. Maine. Eochaidh mac Cairbre mc. Maine iarsin, etc.)
133. Aonghus Fionn mac Domhnuill mc. Feg mc. Fiodhaigh ro gabh ríghe tar és Eathach mc. Cairbre, acht as ag an Aonghus (Fionn) soin ro cedmhilledh an Ghamhanruigh ar tús re deredh fhlaithesa Tuathail Techtmhair re linn Chormaic Ulfada, rígh Érenn. Do ben Cormac fén agus do sgar ríghe Connacht ris an Gamhanraigh fa dheóigh, amhuil adeuram romhainn arís. 134. (Gamhannraigh) Aonghus Fert mac Aonghusa Find iarsin ba rí Connacht i n-aimsir Tuathail Techtmhair. Conall Cruachna mac Aonghusa Fert iarsin, asé fa chomhaimsir do Fhedlimidh Rechtmhar agus da mhac, .i. do Chonn Ceudchathach. Feradhach mac Aonghusa agus Forgna Fiansa mac ... agus Daire mac mc. ... Mogha Lamha.
(Sliocht ele. Feradhach mac Conuill mc. Aonghusa ro ghabh ríghe Connacht tar és a athar re ré flaithesa Chuinn re ré Conaire mec Mogha Lámha). 135. Forgna dno, (asé rug an mnaoi ó Chonn Ceudchathach .i. Baillgheal inghen Mogha Lámha), X mbliadhna re n-Art mac Cuinn ro gabh ríghe agus XXX bliadhain Airt, conadh XL bliadhain dó i ríghe Connacht, doigh as é Forgna robhaoi ar aon re h-Art mac Cuinn i ccath Muighe Mucromha, amhail ro ráidh Flann: -
Teora Connacht na ccosdadh, Óthairnigh a ttochosdal, Tegaid um Chian 'sa' chath chain 'S um Fhorg
a mac Fearadhoigh.
136. Agus as isin chath-sin Mhuighe Mucramha do marbhadh Forg
a, (iar ffairinn). Adberaid araile a bhreth tar és an chatha i Sidh Rionduilbh mc. Ocuill Cruachna, conadh ann atá ósin anall.
Cedghin Cruachna mac Conuill (mc. Aonghusa) tar és Fhorga Fiansa fri rémhes Mec Con. Aodh mac Eathach mc. Conaill mc. Aonghusa Fert tar és Chedghine Chruachna, agus as é an t-Aodh-sa fa comhaimsir do Cormac ua Cuinn ar Chonnachtaibh, agus as fair ro-imir an ainfíre flaitheasa sech gach cúigedhach ele i n-Érinn .i. urrigh do tabhairt fair .i. oirrighe Connacht do tabhairt do Chormac do mhac a mháthar agus da chomhdhalta .i. do Nia mac Lughna, agus as é Cormac cedrí do ríoghaibh Érenn tug oirríghe riamh ar tus ar Chonnachtaibh, acht dorighne Nia ansmacht mór agus ainríghe anbhail ar Chonnachtaibh, agus asiad an Ghamhanraigh do mharbh a athair .i. Lughna Fertrí, agus rosaithrígh Cormac Aodh mar aon re cúigedhachaibh Érenn. (Tiughfhlaith na Gamhanraighe an t-Aodh sin.) 137. Sliocht ele tig les a cceudna sliocht: - Aodh Áluinn mac Eathach Baicedha rí deghenach
Connacht (.i. an t-Aodh céadna) don Ghamhanraigh, agus asé rug Sechnad inghen Cormaic les ar eulodh, agus do bhen Cormac ríghe Connacht de-sion agus don Ghamhanraigh agus do Chlannuibh Umhoir agus do Chlannaibh Cet mc. Magach agus tug do mhac a mháthar fén an ríghe .i. Nia Mór mac Lughna, agus romharbh Aodh Áluinn Nia tar cenn na ríghe, agus ionnarbuis Cormac Aodh tríd-sin, agus tug an ríghe do Lughaidh mac Lughna Firtrí, agus romarb Aodh mac Eathach, agus nír ghabh cúigedhach don Ghamhanraigh ríghe Connacht ó ro-hionnarbadh Aodh Áluinn mac Eachach Baicedha mc. Conaill Cruachna, agus robhaoi 30 bliadhain i ríghe Connacht gur rosmarbh Aodh Caomh mac Garuidh Glúnduibh. 138. (An cedsliocht arís). Rosiacht tra a mháthair (.i. Echtach) go Cormac go Temhraigh iar marbhadh a mec .i. Nia Mór mac
Firthri, agus ó rosiacht, tug a trí h-émhghe ós aird. Rochuala Cormac sin go n-ebert na briathra-sa ann: - 140. Aodh Caomh mac Garaidh Glúnduibh mc. Nemhuinn rí deghenach Connacht ó Chlannaibh Morna, as é an t-Aodh-sin do ghabh righe Connacht tar
és mec Fhirthri. As é an t-Aodh sin bheos do ghabh nó do mharbh Fer Corb mac Mogha Cuirb mc. Cormaic Cais rígh dha cóigedh Mumhan i ccath Sofaltra i Musgraidhe, agus ro tromghonadh Aodh isin chath cheudna sin. 141. Trí mec Neamhuinn mc. Morna Mhóir .i. Morna, Daigir, agus Uaran. Donn mac Aodha mc. Garaidh Glúnduibh Ríghfhénnidh déghenach na Féne. Fial inghen Gharaidh máthair Fhorgh
a mc. Feradhoigh mc. Aonghusa Fert. As é an Forg
a sin fa rí ar Chonnachtaibh ó chath Mhuighe Leuna go cath Mhuighe Mucruimhe, agus fa tréan Clanna Morna ag an Fhorg
a sin. Saimer inghen Fhinn ben Cormaic Chais mc. Oilliolla Óluim así rug Tinnle, Connla, agus Mogh Corb rí dha chóigedh Mumhan, agus tres an ghaol-sin do chongbhuidh Mogh Corb Oisín mac Finn agus Clanna Baoisgne tar shárughadh Cairbre Lifechair agus Aodha Caoimh remhráite mec Garaidh, óir as ag Clannaibh Morna do bhí ríghe Connacht an tan-sin.
142. roghabh Coinde mac Fhirthri iarsin righe Connacht re ré Fhiacha Sraiftine, agus as uaidhe atáid Cineul mc. Coinde. Muiredhach Tírech mac Fhiachach Sraibhtene roghabh righe Connacht iarsin, conadh é fa feronn dó re ré na cColla, agus roghabh Muiredhach righe n-Érenn a Connachta agus ros-ionnarb na Colla a h-Érinn agus tug righe Connacht dha mac do Eochaidh Muighmhedhon, agus roghabh Eochuidh rige Érenn iarsin agus tug righe Connacht do Niall Naoighiallach. 143. Ó roghabh Niall righe Érenn, tug righe Connacht do mhacaibh Moingfhinne .i. Brian, Fiachra, Oilill, agus Ferghus, mec Eathach. Tarustair clann tri nó da mac dibh sin for Chonnachta ósin anall, gonadh uatha táinig teora Connacht deghenach .i. Síol Muiredhoigh, Uí fFiachrach, agus Uí Bhriúin Brefne. Na teora Connacht taoisinich .i. na Sen-Chonnachtaigh .i. Domhnannaigh, Fir Craoibhe, agus Tuatha Taoide.
144. Gonadh iad-sin ríogha Connacht d'és Meadhbha go Creidemh. A ríogha iar cCreidemh, urasa a ffaghail ag craobhsgaoiledh na tteora Connacht deghenach, óir ní dóibh atáthar sunn, acht do chur chuimre nó chuibhdhis críochnaighthe ar iarsmaibh Fher mBolg, agus fós as aire do airmhes ríogha Connacht ó Aodh mac Garuidh ale ionnas nach beth an rém ríoghraidhe uirbhernach go ceudtús an Credmhe. Clanna Morna, umorro, 'ga ffaghmaoid flaithes fa deoigh dona drongaibh rémhráite, as oirches cuimhniughadh ar a n-uaislibh, mar atá: -
150. Fir Bholg, umorro, i n-eugmais ar tteglam da soillsiughadh atá againn sunna suidhiughadh soillér ar a senchas a sliocht Leabhair Gabhála an Dubhaltaigh Mec Fhirbhisigh Leacain, mo shen-athar-sa fén, ader, ar ttuitim d'Feraibh Bolg i cCath Muighe Tuiredh gur thech begán díbh re Tuathaibh De Dhanann
agus gur ghabhadar i n-Áruinn agus i n-Íle agus i Rachruinn agus i mBriotain agus i n-Innsibh Gall ele olchena, agus gurob iad tug Fomhorcha go dara cath Muighe Tuireadh, agus ader an leabhar ceudna fós go mbadar Fir Bolg iarsna h-innsibh-sin go h-aimsir na cCóigedhach for Erinn gur ionnarbsad Cruithnigh iad, agus tangadar tar muir ar amus nó do shaighidh Cairbre Nia Fear, flatha Temhrach, go magh Midhe, agus asedh ba slonnadh orra an uair-sin .i. Mec Umhoir, uair Aonghus mac Umóir ba rí thair orra, agus ar ttecht go Cairbre dhóibh iarraid an ferann ba ferr sa Midhe air, mar do bhí, Raith Cealtchair, Raith Comair, Cnodhbha, Brugh Mná Ealcmhair, Taillte Cermna nó Cerna, Tlachtgha, etc. 151. Agus ro iarr Cairbre orra-somh daorfhoghnamh Temhrach mar gach aon ro ceudaitreabh Banba. Tugsad Clann Umhoir ceithre cura les sin do chomhall dó .i. Cet mac Magach, Ros mac Deadhoigh, Conall Cernach, agus Cúchulainn. Iaromh do chuir Cairbre cíos trom nar
fhuilngedar orra gur euladar ar techemh ria Cairbre cona selbhaibh siar go h-Oilill agus go Medhbh do dhul ar a ccumairce, agus as í sin Imirce Mhac n-Umhoir, agus tugsad-sen feronna dhóibh noch ainmnighther uatha. Lámh re muir as mó atád na feranna sin. Ag so cuid díobh gus na h-uaislibh ór h-ainmnighedh iad .i.
153. Badar i ndúintibh agus i n-insibh mara im Erinn amhluidh sin conus-dilgenn Cúchulainn. Cidh tracht, as a h-aithle sin agrais Cairbre Nia Fer a cethre ratha no aidere bhadar i n-urradhas dó ar Chlainn Umhoir agus tigid go tech Chairbre, Conall agus Cúchulainn anair a h-Ultaibh, Ros mac Deadhadh aniar a h-Eurnaibh Mumhan, agus Cet a Connachtaibh, agus iarraidh Cairbre
chucha a n-enech nó a n-anam. Tiagaid an cethrar curadh-sin go Cruachain do agra mac n-Umhóir agus as é sásadh tugadh dhoibh ar son a n-aidiris, Aonghus mac Umhoir do tabhairt a mhec fén .i. Conaill agus a thriar bráthar les do comhrac dia chionn fri a rathaibh, Cing i n-aghaidh Rosa, Cime Cethirchenn i n-aghaidh Chonuill Chernaigh, Iorgus i n-aghaidh Chet, agus Conall mac Aonghusa fén i n-aghaidh Choncculainn. 154. Marbhthar maicne Umhoir agus rugsad na ratha a ccethre cinn go Cairbre agus rohadhnacht Conall mac Aonghusa fon charn ris a ráiter Carn Conaill n-Aidhne, mar adubhras cena, ut dixit: -
156. Sliocht sen-leabhair ele labhras ar Feraibh Bolg mar so ader se: - Cet mac Oiliolla mc. Madach dalta Dheaghaidh mc. Sin. Dobert Ailill do Dheadha la Cet ó Fid Cétinis fo dheas go Luimnech. Fir Bolg robhadar fair. Roscairid Deadha dhe go mbadar ar Sléib Smoil i ttíribh Laighean agus dolodar siar i n-Urmhumhain agus as díobh Brecraidhe agus Senchenel Chorcamruadh Indinus, SenChenel hUa M
Fine agus a Maine Degl( ---?), Uí Dalaich, m. Corca Adaim, mc. Cairbre m. mc. Conaire, m. mc. Edirsgeoil da ffuil Corca Adaim .i. Uí Dalaich Midhe.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services