Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Genealogical Tracts I

Title
Genealogical Tracts I
Author(s)
Mac Firbhisigh, Dubhaltach,
Compiler/Editor
Ó Raithbheartaigh, Toirdhealbhach
Composition Date
1650
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1932)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



GENEALOGICAL TRACTS 1.



1. Craobha coibhneasa agus geuga genealuigh
gacha gabhála dar ghabh Ere ón am-sa go h-Adhamh,
(acht Fomhoraigh, Lochlonnaigh agus Saxgaill amháin
lamham ó tanghadar dar ttír), go naoimhshenchas agus
rém rioghraidhe Fodla fos, agus fa dheoigh clár na
ccuimsighther (iar n-urd aibgidre) na sloinnte agus
na h-áite oirdhearca luaiter isin leabhar-sa do teaglomadh
les an Dubhaltach mac Firbhisigh Leacain, 1650.



Bioth umorro gurob fon samhail-sin as gnáithche
tabhairt tiodail do leabhraibh re linn an líne-si, ní legfem
lorg ár sen, an sen-ghnás grianach Gaoidhealach, dhinn,
oir asé as soilére mar so: -



Loc, Aimsir, Persa, agus Tugaid sgríbhne don leabhar-sa.



2. Loc dhó, Coláisde San Niocol i nGaillimh; aimsir


L. 2


dhó aimsir an chogaidh chredmhigh edir Chatoilcibh
Érenn agus eriticibh Érenn Alban agus Saxon go h-airithe
isin mbliadhain do aois Críost, 1650. Persa dhó,
Dubhaltach mac Giolla Íosa Mhóir Mhec Fhirbhisigh
i tTír Fhiachrach Muaidhe; agus tugait sgribhne an
leabhair cheudna do mhórughadh glóire Dé agus do
geunamh iuil do chách i ccoitchinne.



3. Tegeumhadh tra go mesfadh nech éigin iongnadh
isin obair-si tre aidhbhle agus fhoirlethne na sen-ghenealach-sa
siar ar na ceudaibh cinedh cóirighther ann
go h-Ádhamh, iar n-urd a ngaol re raile; uair adchluinim
fén dronga aderid nach édir genealaigh Gaoideal do breth
go bun mar soin; gibé fáth ma n-abraid sin do bhéarmaois
baramhuil da madh brigh linn; air ní dó atámuid, acht
do thaispeanadh na fírinne iar sen-sgríbhnibh suidhighthe
suadh sen-naomh agus sruith-shenchadh Érenn olchena
ó cheudtos na n-aimsior gus aniu, ní nach cuirthe i
gcuntabhairt, uair as rádh coitchenn coimh-iondraic do


L. 3


ghlain-leabhraibh Gaoidelge aosda Érenn na briathra-so
síos ag foillsiughadh luchta coimheuda an shenchais.



4. Ag so mar ader: -



Ma bheth nech fhiarfhuigheas cia ro choimhed
an senchas, bioth a fhios ag cách gurob reraigh go
réeibh rofhada agus seanóire cuimnecha
cian-aosda do dheonaigh Dia do choimheud agus
do aisnés shenchais Érenn i leabhraibh diaigh i
ndiaigh do gach duine ó dhílinn go haimsir
Naomh Padraig (tainig isin chethramhadh
bliadhain fhlatha Laoghaire mec Néill), agus
Choluim Chille agus Comghaill Bennchuir, agus
Fhinen Chluana h-Ioraird agus naomh Érenn
archena. Ro-sgríobhad for a nglúinibh-sidhe i
liubhra ionnus go ffuil se ar altoraibh naomhtha
i ttighibh Sgreabtra i lámhuibh sruithedh agus
suadh agus seanchaidheadh ó sin amach go bráth.



5. Go sin atá an rádh rémhráite agus atá ní as
foirlethne isin Leabhar Gabhála, leabhar sin ba lór do


L. 4


demhnighedh an nethe-si. Tairis sin ag so sunnradh
anmann ughdar shenchais agus ealadhan ele Érenn
againn re gach gabháil da ttainig innte, iar sen-sgreabtraibh
cian-aosda cuires síos. Mar so ader Leabhar
Gabhála: -



Bachorb Ladhra, ceudna hoide Érenn, ollamh Pharthaláin.
Figma, file agus senchaidh Chloinne Nemhidh.
Fathach, file Fer mBolg, do chanadh senchas,
laoidhe, agus sgéaluidheacht doibh.
Cairbre, Aoi, agus Eadan, filedha Thuath De
Dhanann re senchasaibh agus laoidhibh agus
sgeulaighiocht bheos, agus fos ba lán do eolus
agus draoideacht urmhor uasal Tuaithe De
Dhanann uile.



6. Gaoidhel tra ní hiad ag nach raibhe lucht
coimheuda a senchais sgach ait i mbadar, uair Fenius
Farsaidh a sen-athair ba priomh-ughdar 'sna h-ilbeurlaibh
é ní maoidhte (?) air eolus a senchasa fén.


L. 5


7. Mar sin bheos do Nel mac Feniusa isin Égipt,
Caicher draoi isin Sgithia agus isna Gaothlaighibh agus
eatorra sin du ar tharrngair Ére dhóibh, etc.



8. Mílidh Easpáine darb ainm Golamh iar ndol dó
a h-Easpáin go Sgithia agus as sin go h-Égipt rofhoghluimsiod
foirenn da mhuinter priomh-dhána innte .i.
Seudga, Suirge, agus Sobairce fria saoirsi .i. ars .i. eladha,
(ansu), Mantan, Fulmán, Caicher fri droidheacht; badar
buadlainn agus badar firbrethimh triar ele da muintir
.i. Goisden, Aimirgin, agus Donn.



9. Aimirgin Glúingheal mac Mílidh, Cachain agus
Cir mac Cis trí filedha mhac Mílidh. Filedha,
brethemhain, senchaidhe, sgeuluidedha Aimirgin agus
Cachain, Cir mac Cis re filidhiocht, re sgeuluidhecht,
Onna re ceol agus re cruitirecht do mhacaibh Mílidh,
mar tá isin Leabhar Gabhála: -



"Dá mac Mílidh, miadh n-ordan, etc."



10. Clann Ugoine Mhóir ba lan d'eolus drem dhibh


L. 6


mar as follus ar Roighne Rosgadhach mac Ugoine as
ugdar do iomad senrádh fénechais.



11. Ollamh Fódla rí Érenn dar h-ainmnighiodh ar
aidhbhle a eolusa ollamh uair Eochaidh a cheudainm,
as e do-rine Fes Temrach ar tús, mórdáil fer n-Érenn
sin do-nídis ríogha Érenn ó shin gacha tres bliadhna
do choimhead rechta agus riaghla agus do ghlanadh
senchais Érenn agus da sgríobhadh i Saltair na
Temhrach .i. i leabhar Áirdrigh Érenn. Ger beg sin
fén do choimheud senchais ríoghachta da meud, ní hedh
go raibhe taobh les, uair ní h-airmhech go ttáinig aoinlíne
i n-Éirinn ag nach beth aos foglamtha re coimheud a senchais.



12. Fecht ann re linn Conchabair badar 1200 file i
n-aonbhuidhin, uair ele secht ccéd, mar do bhí re linn
Aodha mc. Ainmirech agus Coluimchille; agus fós in
gach aon aimsir etorra sin ba mó le h-Érinn a rabhsad


L. 7


do cliaraibh no do égsibh re heolus innte iná a ttesda
uatha.



13. Ionnas tre n-a líonmhuire agus tre n-a ttromdhacht
gur trialladh a ndíochar a h-Érinn fo thrí, gur
fhosdadar Ulaidh ar fhéle iad mar as léir i nAmhra
Choluim Cille do chongaibh fa dheóigh iad, agus
do chuir file gacha tuaithe agus file leis an righ díbh, (da
n-euttromughadh do chách), go ffuilid ar a lorg re linn
gach líne ag coimheud dál na dúidhche gus an dan-sa.



14. Ní h-iad sin amháin acht rígh agus naoimh agus
eaglais Erenn, mar do ráidhes cena, coimheudaid an
senchas fós. Féch Firchirtne File, Sencha mac Ailiolla,
Nedhe mac Adhna, Adna mac Uithir, Morann mac
Maoin, Aithirne, Cormac ua Cuinn an t-Áirdrígh,
Cormac mac Cuilennáin righ Mumhan, Flann Mainisdreach,
Eochaidh Ua Floinn, Giolla na Naomh Ua Duinn, etc.



15. Créd dá mbiú dá n-airemh uair ní hédir cinnedh


L. 8


orra gan lámleabhar do sgríobhadh da n-anmannaibh
agus gan acht tiodal na ttrácht do sgríobhsad do chur
re a ccois amháin, (mar doronsam cena remhe so), acht
do coimhedsiod an senchas gus na h-aimsioruibh
déghenchaibh timchioll cúig nó sé de ceudoibh bliadhain
ó shin. Fa tuairim na háimsire sin do thasaighsiod a
n-as mó do na sloinntibh Gaoidhealcha atáid i n-Érinn
anosa, agus do ghabhsad nó ro h-ordaighid cinedha do
bheth re senchas agus re ealadhnuibh ele in ionbhuidh-sin,
drong díbh seal remhe, agus seal iaromh drema ele,
ionnus go ffuilid i ttíribh Erenn ag flaithibh fa sech re a
senchasa do sgríobhadh re h-airisnibh agus re h-annáluibh
agus re déanamh duan ndearsgaitheach ar na senchasaibh
sin bheos agus re coimheud agus tegosg gach aircedail
fordhorcha i nGaoidhelg chena.



16. Ag so drong dona sencaidhibh sin gus na
h-iathaibh agus na h-aird-chinedhoibh da labhraid
(isin aimsir deghenaigh): -



O Mhaolchonaire ag Síol Muiredhoigh um


L. 9


Chruachain, drong díobh i tTuaghmumhain agus
araile i Laighnibh agus isin Anghaile dhíbh.



Clann Fhirbhisigh i n-Íochtar Connacht, agus
i n-Íbh Fiachrach Muaidhe, agus i n-Íbh
Amhalgaidh agus Cera, agus ig Uibh Fhiacrach
Aidhne agus Eachtga, agus ag sliocht Colla Uais
.i. Clann nDomhnuill.



Muintir Duibgennain ag Clainn Mhaoilruanaigh
agus ag Conmaicne Muige Rén.



Muintir Chuirnín ag Ruarcachaibh, etc.
Uí Dubagáin i Main (ib (?)).



Muintir Chlérigh agus Muintir Chanann ag
Cineul gConaill, Muintir Luinín ag Feraibh Manach.



17. Muintir Chlercen ag Cineal Eoghain,
Muinntir Dhuinnín isin Mumhain do urmhor .i. ag Síol
Eoghain Mhóir, mar táid, Clann Carrthaigh, Síol
Súilleabháin, etc.



Mac an Ghabhann ag Síol cCinédig i n-Urmumhain,
Muintir Ríoghbhardáin i n-Éle, Clann Cruitín agus
Muintir Bhruaidedha i tTuaghmhumhain.


L. 10


Clann mc. Giolla Ceallaigh i n-iarthar Connacht ag
Uibh Fhlaithbhertaigh, etc.



18. Mar sin fa badar cinedha ele i n-Érinn ris an
ealadhain ceudna, agus d'fiachaibh ar gach aon aca do
bhen dhi díoghlaim fhíorghlan do denamh uirre. Maille
riú sin do bhídis breithemain na Banba ag caomhna (mar)
an cceudna, uair ní brethemh nach senchaidh, agus ní
senchaidh nach brethemh i mBrethuibh Nimhedh .i.
leabhar dheiridh shaothair na senchadh agus na mbrethemhan
bhos.



19. Do bhrigh na mbriathar ffíre sin dar ndóigh
fesda ní fuighther aoinnech eagnuidhe aidéumhas nach
urasa genelche Gaoidheal do breth go bun go Naoi agus
go hÁdhamh, agus muna ccrede sé sin, nar crede se
gurob mac da athair fén é fén, uair ní fhuil iomrall isin
senchas genelach acht amhuil agus mar fhágbhuidh an
t-athair ag an mac é díaigh i ndiaigh.



20. Dar ndóigh credigh cách an Sgriobtúir Dhiadha
dobher genealach ionann do fheruibh domhain ó Adhamh


L. 11


anuas go Naoi, agus genelach Christi agus na n-aithredh
naomh iaramh mar as lér isin Eaglais.



Crededh sé sin, (no diultaidh Dia), agus madh
credenn, créad nach ccredfedh senchas ele ar a mbeth
fíorchoimheud mar senchas Érenn.



21. Fíorchoimheud dno aderim, uair ní h-edh amháin
go rabhsad roilíonmar, mar do ráidhsem chena, ag
coimeud an cceudna, acht do bhí ord agus dlighedh aca
agus orra as nár édir dhóibh, (gan dioth adhbhal), breug
na fallás do denamh ann, mar as lér (i leabhraibh fénechasa
na Fodla agus isna gradaibh filedh fén), a n-ord agus a
ndlighedh, uair ní raibhe laochraidh ná cliar chille na
thuaithe i n-Érinn (gur cumhuisgedh an chríoch) ar nach
mbaoi ord airidhe (da ngoirther gradha .i. cémenna)
agus dligedh na ngrad-sin d'fiachaibh ar gach droing
diobh do choimheud fa phén smachta agus a n-onóra
do chaillemh, (mar do sgríobhsam inár foclóir fénechais
labhras go foirlethan orra sin agus ar dhlighedh Gaoidhiol
i ccoitcinne).


L. 12


22. Senchaidh Érenn umorro beg ma gebther
isin sen-aimsir difir etorra agus fénigh agus an drong da
ngoirther aos dána aniu, uair ba h-aon sgoil go minic do
égsibh Érenn uile an ionbhuidh-sin, agus as amhlaidh do
bhidís agus secht ngradha aca .i. ollamh, anradh, cli,
cana, dos, macfuirmidh, agus fochlag anmanna na secht
ngrad sain, amhuil atáid secht ngraidh Eagalsa .i. sagart,
deochain, suibhdeochain, etc.



23. Na gradha filedh, umorro, do bhíodh (maille le
gach dlighedh ele) d'fiachaibh orra bheith saor glan ar
goid agus ar mharbhadh, ar aoradh agus ar adhultras,
agus ar gach ní ba lot da ffoghluim, amhuil atá isin rann sa: -




"Iodhna láimhe, lith gan guin,
Iodhna bheoil gan aoir n-iomdhuibh,
Iodhna fhoghlama gan ghes,
Agus iodhna lánamhnuis."




24. Gibe senchaidh tra madh ollamh, anradh, nó
gibe gradh é aca nach ccoimhledh na h-iodhna .i. na


L. 13


glaine sin, do chailledh se a leth-eneclann agus a onóir do
rér dhlighedh, agus do beth smacht adhbhal air bheos.
Da bhrigh sin, bhés ní h-inmhesda go ffuil duine céllidhe
isin chruinne nach fírinne ba fonnmhaire les do luadh,
muna bheth d'fáth aige acht eagla Dé a onóra agus a
eneclainn do chaillemh.



Conadh de sin nach cosmhail claon do chur a leth
na senchadh ttoghtha.



25. Gidh edh, da sgríobhdaois daoine esiondraca
bréug agus a chur a leth senchadh, do bédir a dhul a
míochlú dona senchaidhibh muna rabhuidh ar a ccoimheud
agus a fheuchain an a prímleabhruibh ugdardha ghebhid
a n-iul, agus as mar sin as cóir do chách uile edir thuata
agus shenchaidh gach ní ar a mbí amhforus aca d'feuchain,
agus muna ffaghaid dearbhtha iar ndeghleabhruibh é
a chuntabhairt fén do chur re a chois (mar doním-si
fén re h-aroile do slechtaibh siarain isin leabhar-sa) agus
mar sin saorthar na senchadha ar shechrán cáigh ele da
ccumuisge orra, (nár lege Dia).


L. 14


26. Baoi do dhuthracht im dhálaibh Erenn do
iomchoimeud ag na senchaidhibh nár chuirthe i n-iongnadh
orra fios da fhoirlethne dhá ffuigfidís ar uaislecht agus ar
ardnós cháigh, air nír lór leo sin gan sgríobhadh ar a
dhaoirnemhidhibh, ar leghaibh, agus saoruibh na sen-aimsire
mar bhus lér síosana.



27. D'foillsiughadh duthrachta na senchadh agus
shechráin na droinge ader nach rabhsad oibreacha cloch
i n-Erinn go techt Gall no Lochlonn innte, ag so mar
ader an sen-sliocht: -



Cedliaigh, ceudshaor, agus ced-iasgaire do bhí i
nÉrinn ar tús riamh .i.




28. (1) "Capa re leghes ní lag,
Re remhes roba coimhnert,
Is Luasad an saor glic gle,
Agus Laighne an t-iasgaire."



(2) Eaba .i. bainliaigh, tainig ar aon le Cesair,
an liaigh tánaisi.


L. 15


(3) Slánga mac Parthaláin an tres liaigh
tainig le Partholan i n-Érinn.



(4) Ferghna ua Crithinbel an cethramhadh
liaigh tainig ar aon le Nemidh i n-Érinn.



Leagha Fher mBolg didhiu, Dubda Dublosach agus
Codan Coimcisnech agus Finghin Fisiocdha agus Maine
mac Gressach, Aonghus an Ternamach.



Leagha Tuaithe de Dhanann .i. Diancecht agus
Airmedh agus Miach, etc.



29. Na saoir umorro ag so anmanna droinge dhíbh
da ngairther saoir na bpríomh-chloch: -



Ailian caisleoir Solmon, Cabar caisleoir na Temrach,
Bairnib caisleoir Eirico, Bacus din rathbuidhe
Nemhruaidh, Cidorn nó Cingdorn caisleoir ConRuí, Goll
Clochair caisleoir NadFroich, Casruba caisleoir Ailiac,
Ringriu nó Rigriu, agus Gablan mac Uí Gairb nó Garbhan
mac Ugairbh, dá chaisleoir Ailigh, Troighlethan rathbuidhe


L. 16


Temrach, Cir caisleoir Roma, Arond caisleoir
Iarúsalem, Oilen (vel Cleothair) caisleoir Constantinpoil,
Bolc mac Blair rathbhuidhe Cruachan, Bainche nó
Bailcne mac Dobru rathbuidhe Eamhna, Balur mac
Buanlamaigh rathbuidhe Ratha Bresi, Cricil mac Duibcruite
rathbuidhe Rath Oilella .i. Aillinne.



30. Conadh iad sin saoir na bpríomh-chloch, amhail
aspert an laoidh: -




"Ailian la Solmain na sluagh,
Ba caisleoir congbaigh caomhruadh.
Ag Nemhruadh ba luchair lem
Cauar rochruthaigh Caiseall.



Barnab, diarbho mithidh do,
Caisleoir críchidh hEricho.
Rug Róimh Cir, ba caomh a reng,
Arann saor 'Iarú-sailem.



I cConstantinopoil ba prab,
Cleothoir roba treunghalgad,


L. 17


Ag Nemhruadh gan luadh luighe
Bacus ruadh ba rathbuidhe.



Caisleoir Con Rui Cingdorn cain,
Ag mac Natfroich Goll Clochair.
Casruba caisleoir na Crec
Ag a mbidh braisbheoil blaithlec.



Dhá chaisleoir Ailigh an airm
Rigriu agus Garbhan mac Ugairbh.
Traighlethan adluigh dealbh(dh)a
Rathbuidhe tuir thrén-Temhra.



Bolc mac Blair ó Ath Blair binn
Rathbuidhe Cruachna cro-ind.
Bainche na mbrigh ó Bearba
Rathbuidhe righ ruaidh-Eamhna.



Balur, roba diolmuin de,
Ro chum raith mbrioghmuir mBresi,
Cricel mac Duib, raith gan rinn,
Ro ba saor aith for Aillinn.


L. 18


Doratar nemh n-uasal n-án
Do Domhnall mac Flannacán
Ro chum laoidh nach láinfhiar linn
Otá Ailian go hAillinn."




32. Do-gheubhmaois iliomad do oibrechaibh
aosda Erenn re a n-ainmniughadh maille riú sin agus na
saoir do-rine iad agus na rígh agus na roflaithe da ndernuid
acht go madh eimhilt a n-aisnes sunn.



33. Féch an Lebhar Gabhála madh áil a ffaghail agus
ní fhuil amhras againn go rabhsad dénta mar oibrecha
i ríoghachtaibh ele im an am i ndearnadh iad, agus
creud an fáth nach bedís, uair ní tainig gabhaltas i
nÉrinn acht ón domhan anair, mar tá, Sbáin, etc., agus
as iongnadh creud an easphaidh intlechta do na drongaibh
tanghadar i nÉreinn amhuil baoi do mhesnigh ionnta
Ére do ghabháil, nach beth do chuibdhes leo aithris a
h-áitighthe agus a hiosdadh do cur a ccosmhuiles ris
an tír ór thriallsad iar mbunadhas no iar nudmhuille,
uair ní héidir nachar bh'eól dóibh indeall aitreabh urmhóir


L. 19


Eorpa agus siad ar ttecht ('s gach slighidh i n-ar ghabhsad)
a Sgithia, a hÉgipt, a Grég, a hAithnesda, a Felisdine,
a h-Easpáin, etc., go hÉrinn, agus mad doronsad na
gabhála ud Érenn oibrecha innte i n-ionnamhail obar
ba ttalmann tre a ttanghadar, mar as cosmail go ndernsad,
creud ma ffuilter dhóibh.



34. Ní fhuil acht tres nach ffaicter balladha aolta
'na sesamh isna h-áitibh do tógbhadh míle go leth, nó
dhá míle, tri mhíle, agus ní as mó do bhliadhnuibh ó
shin. Ní nach iongnadh gan a beth, uair as giorra iná
sin an aimsir 'na ttig talamh tar oibrechaibh ó do brisdear
nó ó thuitid uatha udhen tre ársaidheacht.



35. Da dearbhadh sin do-chonnarc fén taobh astigh
do se bliadhnuibh deug caislén arda aolta uile ar n-a
ndeunamh do chloich aolta, agus aniu (ar n-a ttuitim) ní
fhuil acht múta talman da ttioruairsi, agus ní
mór go n-aitheonadh aineolach go rabhsad oibre and idir.



36. Sínter sin agus na hoibre doronadh na ceuda


L. 20


agus na mílte bliadhan o shin re chele, agus ní h-iongnadh,
(da ndeuntar), muna bheth feabhas na sen-obar sech
oibribh na h-aimsire-si, gan cloch na ard-úire do aithne
i n-a n-áitibh; gidhedh, ní h-amhlaidh atá, (do arrachtaidhe
na n-obar n-aosda). Atáid rátha ríoghdha
romhóra agus lesa go líonmhar ar fhud Érenn 'na ffuilid
iolar cloch snaite slemhan agus soileur no teghass fo
thalmhuin fa a múruibh, mar atá, i Raith Maoilcatha,
i cCaislén Concabhair, Baile Uí Dubhda i ttír Fhiachrach
ar brú na Muaidhe.



37. Atáid naoi soilér chloch ccoimhshlemhuin fa
mhúr na ratha sin, agus do bhadhas istigh innte agus
saoilim go ffuil sí ar rathuibh iom-aosda Érenn, agus
as maith an airde bhadhbdhúin atá 'na múr. Fághbhuim
sin, agus iomad a ionnamhal ele 'gun aos eagnuidh re a
bhrethughadh, agus fillem go ár ccéudaignedh uime so .i.
cosnamh fhírinne an t-senchuis ar a ndeunuid aineolaigh
eugóir ele, ag rádh go mberenn fhir Erenn uile go Macaibh
Milidh. Aidéumhaid iad fén fallsa ann sin, da ffeuchaid


L. 21


a ffuil do echtairchineuluibh isin leabhar-sa fén nach
berther go macaibh Mílidh, mar bhus lér i ccurp an
liubhair i n-iol-áitibh; agus feuchaid so riana chéile.



38. Ag so saine .i. neimhionannas adfiadhaid ro-eolaigh
an tsenchasa im éaxamhlacht an dá chinedh
n-eugsamhuil filed i nÉrinn .i. idir iarsma Fher
mBolg Fher nDomhnann agus Ghailiuin agus Tuatha De
Danann agus Mac Mílidh: -



39. Gach aon as geal, as donn, as dána, as enigh,
as deudla, as sona, as tíodhnaicthech seud agus maoine
agus ordhuisi, agus nach egal fria cath ná comhlann, as
iad sin iarsma Mhac Miledh i n-Érinn.



Gach aon as fionn, as inich, as mór, gach airgthech,
gach ceolmhar, lucht ted-bhinniosa ciuil agus airfidigh,
is marcach for gach cerd droidheachta agus gach miadchuince
archena, as iad-sin iarsma Tuath Dé Danann i
nÉrinn.



Gach aon as dubh, as labhar-ghlórach, beudach,


L. 22


sgeulach, engech, eucaidhe; gach dona dísgir daosgar
udmhall, anbhfosuidh, aindiuid, aininidh; gach mogh,
gach mogh-ladroin, gach doicernaigh, gach aon na-contuaisi
fri ceol ná airfidiodh, lucht buaidheartha gacha
caingne agus gach airechta agus iomchosaoide cáich, as
iad sin iarsma Fher mBolg, agus Gailioin, agus Lioghmaine
agus Fher nDomhnann i n-Éirinn. Acht cena, as iarsma
Fer mBolg as lia díbh sin. Amuil aspert an senchaidh: -




40. "Fionnad senchadha ffer fFáil.
Ná bíd uime i n-iomarrain,
Saine mhac Milidh 'sa cclann,
Fher mBolg is Thuath De Dhanann.



Gach geal, gach dána, gach donn,
Gach calma, cruaidh i ccomhlann,
Gach gartaigh i ngniomh gan glór,
Dasgar Mhac Miledh mbladhmór.


L. 23


Gach fionn, airgthech, mór ar muigh,
Gach cerdach, ceolmhar, cubhuidh,
Lucht serigh gach tuaichle tall,
Drong sin Tuaithe De Dhanann.



Gach glorach, beudach, miadh nglé,
Gach bras, breugach, eucaidhe.
Iarsma na ttri ttuath anall
Ghaileon, Fher mBolg, Fer nDomhnann.



Tugas snaithe coimghne cain
Im shaine na ttri ndrong-sain,
Íar sreth senchadha nach lag,
Amhuil adfiadhaid fionnad."




Sliocht sen-leabhair sin.



41. Gidhedh, aithne fhíre aicmedh ar a n-aigentaibh
agus crothaibh, ní cuirim go cinnte orm a rádh, gidh go


L. 24


madh édir a bheth fíor isna ceudaimsioruibh, (nó gur
cumaisgedh na cinedha ar a chéle go minic iaramh),
uair adchímid go laethemhuil rer linn agus adchluinimid
go minic ór senaibh samhlughadh crotha agus cáile agus
beus bheós do bheth ag gach fine innte fén do Érinn re
aroile; agus ní h-edh amháin go mbí sin samhluidh, acht
aderther go mbí cosmhailes ag gach lucht énchríche innte
fén re chéle agus go mbí éinbheus abháin ar a n-aithnighther
iad aca uile, mar as éidir a tuigsi as an laoidh-si: -




42. "Cumdach na n-Iudaideadh n-ard
Agus a fformad fíorgharg,
Mead na n-Airmianach gan fheall
Agus sonairte Saircenn.



Amhainsi i nGreugaibh go ngail,
Roi-dhíumas ag Rómhánchuibh,
Dúire na Saxon snámhach,
Agus burba Easpánach.


L. 25


Santaidhe i fFrangcaibh freacraigh
Agus ferg i ffírBhretnaibh.
Ag so eolas na ccrann go cert,
Craos Gall agus cennuidhecht.



Móirmhenma Cruithnech ní chéal,
Aille agus cattrad Gaoidheal,
Adber Giolla na Naomh tre nath
A Chríost, rob caomh an cumhdach.




43. Dar ndóigh, as córaide, as cosmhailes ud d'faghail
i n-Éirnn, mar tá do dhlighedh i Senchus Mór Padraig,
da ttegmadh ben idir dhís fer, i n-aimsir choimperta,
ionnus nár ffes di cia dhíbh athair an toirrchis do-ghebh
an uair-sin, ader dlighiodh (munab édir an leanabh do
chur ar a athair fhíre ar modh ele) ésdeacht les go cenn
teora mbliadhan go ttí finechruth, fineghuth, agus
finebheusa dhó, agus gibe don dá fhior re a ttéd go
ttugann sin cungnamh imdheanma don mhnaoi air, uair
mesdar gurob lesin fher lén cosmuile an leanab é.


L. 26


44. Agus dar liom ó do comhtharaighedh sin i
nDlíghedh San Padraig, as nemh-iongnadh a bheth 'na
ard-chomhardha ar chineadhoibh sech a chele. Bíodh
nach édir a fhaghail fírinnech gach uair ní fhuil égnesdacht
eoluis ann, agus fós, is ní é i n-aghaidh na droinge ader
nach bí cinedh isin chrích nach cuirid senchadha go
macaibh Milidh. Agus tar a chenn sin, da madh amhlaidh
do bheth, nír iongnadh é uair da ffeuchadh fer ar
mhacaibh Milidh fén (gus na clannuibh rathmhara
do shíolsad uatha i nÉrinn agus i nAlbain), agus
a laghad mhaires díbh aniu, ní chuirfedh i n-iongnadh
gan daoine as uirísle ináid (do bhíodh fútha re
fada) do mharthain. Ar as gnáth do na h-ardfhlaithibh,
an uair iomdhaighid a cclanna agus a ccineula,
foirdhinge, feodhughadh, agus fásughadh a ccéledh agus
a lucht lenamhna. Feuch 'Ére agus an domhan uile, dia
ttugrae fén, agus ní fhoil foirchenn ar a ffuighe do
eisiomlairibh ann do sin, as nach iongnadh da madh go
Mílidh do-beurthaoi uired genelach 's atá i n-Érinn aniu.



45. Do bhrigh gur ba beus dona senchaidhibh


L. 27


slonnadh leabhar ar leith, do rér a saine, do shaorchlannuibh
Gaoidheal abháin do bhíodh a n-as uille ar a
n-aire do iomchoimeud, mar tá, leabhar Connachtach,
Ultach, Laighnech, Muimhnech, do-gheunam roinn agus
difriughadh ar an lebhar-sa aga roinn a leabhraibh
saine fo líon ghabhál Érenn ré nGaoidhealaibh, fo líon
na ttrí mac Mhílidh Espáine ór gabhadh flaitheas na
Fodla, leabhar dona naomhaibh, agus leabhar do
Fhomorchaibh, do Lochlonnuibh, do Ghalluibh, agus
Saxgalluibh sena agus nuadha da n-és.



46. 1. An cédleabhar do Pharthalan ro-ceudghabh
Érinn iar ndílinn go ttosughadh an leabhair agus techt
Cesra bheos, nach fiu a roinn.



2. 3. An dara leabhar do Nemhid, an tres d'Feraibh Bolg.



4. 5. An cethramhadh do Tuaith De Danann; an
cúigedh do Ghaoidelaibh agus do Mhacaibh Mílidh uile.



Gid edh, as do shíol Eremhoin labhras go críochnughadh
dhóibh, agus as mó an leabhar soin ináid seacht


L. 28


leabhair iar sen-roinn, uair atá ní as mó iná sin ann
ní as líonmaire iná mar do bhí riamh, mar bhus lér don
leughtóir siaruin.



47. 6. An seisiodh do shíol Ir agus do Dháil fFiatach.
d'fuil Eremhoin bheos iad-sidhe, uair as eundhuthaidh
doibh i n-Ultaibh re h-athaidh.



7. An sechdmhadh leabhar do shíol Ébhir, agus do
chloinn Luighdech mic Ithe, uair as eunduthaidh dhóibh,
an Mhumha iar mbunadhas.



8. An t-ochtmadh leabhar do naomhaibh Érenn.



9. An nomhadh agus an leabhar derinech d'Fomorchuibh,
do Loclannchuibh, agus do Ghalluibh.



48. Suidhiughadh ár leabhar, a leugthoir,
munab lór let, tre shuidhiughadh sosar re sinsior: ní
admhuim nach ainminic atá inntibh ó Fhenius Farsaidh
anuas. Feuch clann Fheniusa fén .i. Nel, an sosar, go
h-áirmhech ag senchaidhibh ó thosach agus Naonbhal,
an sinsior gan ro n-airmhe, etc.


L. 29


Eremhón mac Mílidh ria ccuid ele do chloinn Mílidh
as sine inás.



Ní fhuil cinnedh ar a ffuil ann mar sin gus na
sloinntibh déghencha atáid againn aniu. Feuch mar
chuirid senchadha Mumhan Clann Charthaigh ré Síol
Súillebhain as sine ináid, Síol mBriain ré cCloinn
Mhathgamhna as sine ináid, etc.



Cuirid lebhair ele i Leth Cuinn, agus cuiridh Doctuir
Cétin, Niall Naoighiallach cona shliocht as só réna
bhráithribh bad sine inás.



Feuch go ndeachaidh Duach Galach mac Briain, an
sósar, riasna tri macuibh fiched bad sine inás.



Cuiridh senchaidh Shíl Mhuiredhoigh Síol cConchabhair
re n-a sinsioruibh.



Cuirid Ultaigh Mag Aonghasa do shliocht Chonuill
Chernaigh ré sliocht an rígh Conchabhair, mar as iad
sliocht Chonuill ba rathmhaire ann, agus mar sin do
iomad ele ba h-emhelt re a n-airemh; agus madh légter
leo sin a dheanamh iar ccóir, creud nach budh dhlecht
damh-sa lenmhuin a luirg?


L. 30


49. Tairis sin, da saoiledh aoinnech gomadh an-ghnás
súd, ní h-edh chena, uair as minic nach édir gan a
dheunamh tre aimhrétech iomad na n-aicmedh agus na
n-ilcheneul ag techt anuas ar araile, agus dochum a
sgaoilte ó chéile as égin an sinsior do legen secha
sealad agus sgríobhadh ar an sósar agus arís ar an sinsior
agus mar sin fa sech ar uairibh.



Tuig tuilleadh let, a leughthoir, gurab dlighedh i
n-Erinn sósar do chur i fflaithes ar bheulaibh sinsir, mar
ader an riaghail dhlighidh-si as an Senchas Mhór agus
asin Fhenechas i ccoitchine; mar so. "Sinsior la fine,
feabhta la flaith, eagna la hEaglais" .i. an tí as sine
do fhine do chur i ccennus na fine sin fén, agus an tí as
mo céledha agus cumhachta, madh comh uasal é re n-a
shinsior, do chur isin fhlaithes nó isin tighernas agus an
tí as eagnaidhe do chur a n-uachtaránacht na h-Eaglaise.



50. Gidh edh, masé an sinsior as mó tóthchas bí
tighernas aige, no muna ffuil sosar coimhchinél dó as mó
tothchas inás é don tsuim ader dlighedh, bí tighernas ag
an sinsior; ionann sin 's a ní roimhe.


L. 31


Atá rann coitchenn cantar do dhearbhadh gurob
dhlecht sósair diongbhála do chur i righe ar bheulaibh
iomad sinsior nach biadh i ttothchasaibh dlighthecha,
ut dicitur.




51.
"Da mbeth nonbhar do líne
Edir mhac maith is ríghe.
asé a dhíorghadh san cert cóir
A rioghadh prab i cceudóir."




Agus ós cóir mar sin sosar do chur tar sinsior i
ríghe, creud nach cuirfidhe, da madh áil la nech, i ttús
leabhair é. Agus fós ba míomhodhail an nós an rí do
chur ar dheredh buird agus cách ele, dá madh iad a
dhearbhráithre ba sine do beth ann, do chur ar tosach
agus gan iad 'na ríogha. Feuch fós go ccuirther
daorchlanna, ní h-edh amháin ar bheulaibh saorchlann i
ccémibh árda i n-Érinn tre thoice ttalmuidhe do bheth
aca, agus as iongantaighe sin iná an nós remhráite, agus
as mó an tár do uaislibh Érenn é iná gibe ar bioth
suidhighedh do bhermid ar a senchasaibh, is gan duais


L. 32


dúinn da chionn ó aoinnech aca. Aire sin iarram do
athcuingidh orra lethsgel do gabháil 'ga ffoghantaidh
gan fallás,
Dupaltach Mac Firbhisigh.



52. Don Óigléughthoir.



A charaid, atáid comhroghna canamhna isin leabhar-sa,
agus bioth a fios det gurob edh fo-dera iomad de sin
an difrioghadh canamhna atá agus baoi edir críochaibh
Banbha, mar as lér du i n-abar Leath Cuinn Aodh, Maol,
nó a samhail ele, ader Leth Mogha Aedh, Mael no Mal,
agus mar sin d'foclaibh ele mar atá ród.



Atá adhbhar ele ag éxamhlacht anmann do bheth i
ccomhroghain genealuigh .i. da ainm no a trí do bheth
ar aoinnech; ní sin bheós benas don leughthoir do
thabairt fa deara.



Matá aonní inbéime ann secha sin, iarruim ar an
tí fheudas a lesughadh go ttuga Dia dúinn aitherrach
uaire as suaimhnighe iná an aimsir-si re n-a aithsgríobhadh;
air ní fhuil ann so acht ár ccedtegar don trachtadh-sa. - D.F.


L. 33


53. Seanchus genealach gabhaltas uasal
Ereann agus Alban Sgot go ccraobhsgaoileadh a
ccineadhach o ceudtos na n-aimsior n-aicside gus aniu,
(mar ghebhmid), iar n-urd Gabhála Chesrach ceudus,
Pharthalóin iaromh, Nemhid, Fer mBolg, Thuath De
Danonn, Mac Mílidh, Fhomhorach, Lochlannach ('na
ccumusg sin) agus Saxghall fa dheóigh a leabhraibh
Gabhála cóigeadhach, airisin a suaidh-leabhraibh sean-naomh
agus senchadh Érenn, go h-airidhe a leabhraibh
Lecain Mhec Fhirbhisigh, agus a nuai-teaglomaibh
Gaoidhelge agus Gallshaix do teglomadh agus do h-egradh
annso les an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, senchaidh etc.,
a Lecan Mc. Firbisigh do chedchríochnaigh an leabhar-so
isin mbliadhoin-si do aois Christi, 1650.



54. Do bhrigh tra go ttriallam tionnsgnamh le
tosughadh, iarram oir nach anoirches cungnamh an
Cheutosuigh tar nach ttegar .i. ar nDia fíre, fíorthosach,
folamhnaighidh, agus foirbhtiughadh an uile
mhaithesa, Dúilemh na ndúl do chruthaigh (mar adclos)


L. 34


(go coitchenn) ár cceudathair Ádhamh 'sa shliocht, na
líne da labhram san leabhar-sa, da nach lenam go liosda
go h-iomrádh Érenn ann.



55. Dia do chruthaigh Ádhamh athair Seth athar
Enos athar Chaineu athar Mhalaleel athar Iared athar
Enoch athar Mathusalen athar Lamhech athar Noe.



Naoi rémhráite tra, gar ré ndul san Airc ré ndílind
dó agus da thrí macaibh toghta, Semh, Camh, agus
Iafeth go n-a ccetheora mnáibh, Cobha, Olla, Oiliud, agus
Oiliuna, tangadar triar coimhchineoil dó, Bioth, Fiontan,
agus Ladra, d'iarraidh áite isin Airc air, agus mar nár
thol do Naoi pectaig tar aithne Dé do legen isin Airc,
do dhiultsad do Dia an drem-soin tré dhroc-comairle
inghene fhir don triar ud .i. Cesair inghen Betha mc.
Naoi d'fhuráil orra dia brége do adhradh agus imthecht
da rér; conidh í comhairle tug dhóibh dol i loing
ar muir do ionsaighidh Érenn.



56. Tiagaid tra an triar fer remeberta go ccaogaid
inghen im Chesair isin loing-sin; dia Mairt an lá do


L. 35


luidhsiod innte. Iomraid dano iaramh a h-Inis Meroen
for techedh na dílenn do Muir tToirrén for Muir Chaisp
go Muir cCimerdha do Aisia Big edir Siria agus Muir
tToirrén, go h-Ealpa, go h-Espáin, go h-Érinn. Dia
Sathuirn a ccúigedh deug eusga gabhaid cuan ag Dún
na mBarc i cCorca Dhuibhne. Cethracha láithe ria
ndílinn tainig Cesair i n-Érinn aois dhomhain an dan-sin
2242.



57. Rangadar iaramh go dú da ngoirther Cumar na
tTrí n-Uisge, bhaile ar rannsad na mná .i. sé mná
deug d'Fiontain im Cesair, sé mná deug im Bairrinn
do Bhioth, agus sé mná deug do Ladhra, gur marbh
iomorcraigh lanamhnais é i n-Árd Ladhrann.



Rannuid iaramh Bioth agus Fiontan mná Ladhrann
etorra i ndó. Gar asa h-aithle go ttesda Bioth i ttuaisgert
Érenn i Sliabh Betha gur adhnaicsiod a mhná i ccarn
mhór Slébhe Beta é, conadh uaidh ainmnighther; tegaid
a mhná go Cesair, agus eulaidhis Fiontan uatha


L. 36


uile go ránaig Tul Tuinne ós Loch Dergdherc. Téd
Cessair cona mnáibh gur bhris a croidhe i cCúil Cesra i
cConnachtaibh d'eug a h-athar agus d'iongnais a fir.
Adnaicid na mná annsin í, conadh uaithe ainmnighther
Cúil Chesra agus Carn Cesra. Sechtmhain sin re ndílinn.
(Béarla Cesra .i. Gairtigern re raitear Eabhra.)



58. Ceasair tra taoisioch na gabhála-sa. Da bhrigh-sin
tabhram tosach da genealach .i. Cesair inghen Betha
mec Noe, etc., lethanach 28.



Na mná ele, umorro, beag regar a leas a n-aisnés.
Gibe lenab áil, do gheubha a n-anmanna i sen-leabhraibh
Gabhála Gaoidheal.



Ladhra mac ... Fiontan tra as iomdha
sgríobhthar air agus uaidh, oir as edh coitchennas cháigh
gurob é ugdar asnési na gabhála-sa Chesra agus iliomaid
ele, oir aderid cách gur aithbheoaigh Dia é iar ndílinn
gur mair ilcheuda bliadhan.


L. 37


59. Partholan.



Craobsgaoiledh cine Partoláin. Dara gabháil Erenn.



Naoi rémhráite mac Laimhech iar sergadh dílinne
rannaidh-sidhe an domhan i ttrí rannaibh edir a thrí
macaibh .i. Semh, Camh, agus Iafeth, Semh ar medhon
Aisia ó Shruth Eofrait go tracht airthir an bhetha,
Camh for Afraic agus for desgert-leth na h-Aisia, agus
Iafeth ar an Eoraip uile. Treabhaid na tíre-sin do rér
a ronna athaidh iaramh.



60. Iafeth tra as iad a chlann lenfam sunna .i.
Goimer, Magog, Thiras, Iauan, Masoch, Madai, agus
Thubal. Magog dno mac Iafet, isin Scithia Greugdha ro
aitreabh-somh. Cúig mec les an Magog sin .i. Baath,
Iobath, Barachan, Emoth, agus Aithechta athair
Braiment athar Easru athar Sru athar Sera athar
Phartholáin ro ghabh Ére isin mbliadhain 2520 iar


L. 38


n-Ádhamh, agus iar ndílind 278, agus ba fás Ére ó dhílinn
gus an mbliadhain sin acht an t-aoinfhear do aithbheoaigh
Dia innte .i. Fionntoin remhráite mac Bochna 'ga mbaoi
cuimhne agus coimheud ar shenchas agus eolus Érenn an
ccén ro mhair (Grecc béarla Pharthaloin).



61. As aire tainig Parthalan ó n-a athardha .i. ó
Shiccil Greug, ar techedh fionghaile doróine .i. a athair
agus a mháthair do mharbhadh ag iarraidh righe da
bhráthair Beagsomaus ba sine iná Partholan. D'ionnarb
Sru mac Easru a mhac Partholán agus do loit é gur bhen
a shúil clé uadha gur raibhe secht mbliadhna ar ionnarba
ó tánaig as an Beginghrég lucht luinge gur loisg teach
ar a athair agus ar a mháthair gur marbh iad agus
triúr da dearbhráithribh ag cosnamh righe (dia bhráithir
agus do gabh agus d'fagaiph aige í) nó ag cosnamh a
tuaithe .i. Scotanra ainm na tuaithe sin, agus annsa


L. 39


Sgithia Clochaigh atá an tuath-sin. Conadh ón tuaith-sin
(do rér an tslechta-sa) adearar Scuit re Gaoidhealuibh,
agus as aire as Grég Gaoidhil .i. ar ttecht asin Ghreg
Sgethiogdha.



62. Partholan dno ar an ionnarbadh ud forsa mbaoi
rugadh Rudhraighe agus Sláinghe dhó, agus as uime
aderar Mac Sera re Partholan .i. don fhionghail sin
doróna, oir as ionann Sera isin tengaidh Ghreugdha agus
fionghal isin Bheurla Thebidhe, agus ní Sera acht Sru
mac Easru a athair; acht gibe aca as tres an fhionghail-sin
do thech Partolan go h-Érinn, agus tainig támh a
mhuintire agus a chloinne, gurob é aisde ar a mbídís 'na
suidhe, agus as amhlaidh do ghebhdís bás.



63. Partholan dna ag techt i n-Érinn dó, seolaidh
re mís ó Shiccil go Haladaciam, go Gotiam, go h-Easpáin,
agus go h-Inber Sgéne i n-Erinn dia Mairt i sechtmhadh
deug eusga.


L. 40


64. Airigh gabhála Partholain .i. Partolan fén,
Sláinge, Laighlinne, agus Rudhraighe a thrí mec, agus as
iad do cheudroinn Ére i ccethre rannuibh .i. Partholan
ar an roinn thuaisgeartaigh d'Érinn, Rudhraighe ar
Chonnachtaibh, Sláinghe ar Laighnibh, agus Laighlinne
ar Mumhain, agus baoi ar an roinn-sin go taimlecht
muintire Partholain. Ader Leabhar Gabhála
Dhubhaltaigh Mhóir mc. Fhirbhisigh roinn Érenn edir
chloinn ele Phartholain .i. Eur, Orba, Feron, Fergna,
mar as lér isin laoidh-se: -




65. "Ceathrar mac ba griobhdha glór
Do phríomhchloinn ag Parthalón.
Gabhsad re chele gan chlodh,
Treabhsad Ére gan aithcheodh.



Nír shoirbh don rioghraidh a roinn,
Iath Érenn i n-a aonchoill,
Cnuas gan ceal, 's gach lios re a linn
Fuair gach fer fios a chuibhrinn.


L. 41


Eur an sinsior ba saor sogh,
Suairc a chuid chian gan chlaochlodh,
O Oilech Néd a iath gan fheall
Go h-Áth Cliath Laighen láintenn.



O Áth Cliath Laighen, lém lir,
Go h-Oileun Arda Nemhidh,
Gan doghra nír thais a threóir,
Cuid Orba fa des deghslóigh.



Ón innsi i ffuair Neimhidh nioth
Go Medhraidhe na móir-chríoch,
Fáth deagh-slóigh gan aga ann,
Cuid Fheróin, fada an fearann.



O Medhraidhe fada fos
Go h-Ailech Néd go ndeghnós,
Curaidh calma a tharann nar thim,
Fuair Fergna feronn fairsing.


L. 42


In -Érinn fén, ní fáth fill,
Rugadh na trénfhir thuirbhim,
Dream shaor fa bunata bladh,
Ba caomh curata an cethrar."




66. Aidhne, Aife, Aine, Fochain, Muchas, Nelepart,
Glas, Grennach Abhlach, agus Gribennach dech n-inghena
Parthaloin. Fir na n-inghen-sin .i. Brec, Boan, Ban,
Cairthenn, Eccnach, Athchosan, Luchradh, Lughair,
Lígher, agus Gribher. Anmanna droinge ba
oirdherca 'na ndiaigh-sin do mhuintir Phartholain .i.
Accaisbel a reachtaire, Brea mac Senboith, Malaliach céd
cirbsire Ereann, etc. Fath, Fios, agus Fochmharc a
thri druith, Miolchu, Merán, agus Muinechan a thri
thrénfhir, Bachorbladhra a ollamh. Dobé sin ceudna
oide Erenn.



67. A dhá chendaighidh .i. Biobal, tug ór, agus
Babal tug indile ar tús i n-Érinn.



Tothacht, Tarba, Iomhas, Aithechbel, Cúil, Dorcha,
agus Damh a shecht bprímh-threabhthaigh.


L. 43


Lee, Lecmagh, Iomaire, agus Etirche anmanna na
ndámh badar ag Partholán.



Topa giolla Phartholáin. As ris an Topha sin do
rine Dealcnat ben Partholain ceudrúis Érenn 'na nderna
Partholan cedeud Ereann ag marbhadh a ghiolla Toba,
agus Saimhér, (meschon Dealgnaide), ó ráiter Inis
Saimhér, baile ar áitighsiod an uair-sin ag Eas Dá Eucconn
(a dubhradh do eucconnacht mhíghníomha mhná agus
giolla Phartholain) ris a ráiter Eas Ruaidh.



68. Nerba, Ciochba, agus Cearbnat teora mná
Shláinge, Laighlinne, agus Rudhraighe, thrí mhac
Phartholain. Partholan, umorro, i ccionn dech
mbliadhan iar ttecht i n-Érinn dó brisis cath i Sleamhnaibh
Muighe h-Ithe for Chiogal nGriccenchosach mac
Guill mc. Gairbh mhec Tuathail mc. Umhoir a Sléb
Eamoir cona mhuintir agus for a mháthair Lot Luaimnech,
du i ttorchradar cona muintir re Partholán.



Sechtmain ro-bas ag cur an catha sin. 200 fer agus
600 bean líon mhuintire Cioguil. Tangattar i n-Inbher


L. 44


Domhnann i ttír ar Phartholan, gur cuirsiod an cath
ceudna. Ceudchath Éreann é.



69. Slechtadh magh, tomhaidhm loch, aidhtea
chloinne Partholáin agus cháich archena, do gheubhae
'na Ghabháil iad; ba liosda lenmhain i leabhar
genealaigh dhíobh: acht so amháin. Tríocha bliadhan
baoi Partholan i n-Erinn, gur eug sé i Muigh n-Ealta,
bhail bheos i ttainig táimlecht muintire Partholain, 270
bliadhna iaramh i cCalainn Maoi dia Luain Béaltoine,
gur eug naoi míle díobh ón Luan go chéle .i. cúig míle
fear agus 4000 bean.



Trí cheud bliadhain remhes muintire Partoláin ar
Érinn.



70. Genealach coitchenn Phartholain 's a chloinne
do sgríobhas cena: - ...


L. 45


71. Aderid senslechta go ffuilid cúig anmanna
ar Érinn .i. Ére, Fodla, agus Banba, Fáil, agus Ealca, -
na trí h-anmanna toisioncha ó thrí mnáibh na ttrí
bpríomhdruadh battar ag Tuaith De Danann i n-Érinn
ar chionn mhac Míledh Easpánda, mar aderam isin
lethanach 79. Fáil nó Inis Fáil, féach lethanach 75.
Ealca no Inis Ealga ob id dicitur ar Elca, ben Parthalain
mc. Sera, agus Hibernia Elca dicitur.


L. 55


89. Cidh trácht gairmid cédrí Érenn riamh orra fén
da sinsior Sláinghe gur chaith bliadhain i righe Ereann.



Eochaidh mac Erc din tiughfhlaith Fher mBolg - rí
romaith esidhe. Ceudna lasa ndernadh rechtge cóir i
n-Érinn; ní baoi fleachadh acht drúcht, na bliadhain gan
mes; re a linn do cuirthi gaoi a h-Érinn. Sgríobhthar
gurbe sin cedrí do shuidh san dú da ngoirther Temhair.



Ader sliocht ele, ag beth i n-airdrighe Érenn d'Eochaidh
mac Erc ós cath in uair cuirthe Catha Maighe
Nia i ccrích Conmhaicne Chúile eatorra agus Tuatha De


L. 56


Dhanann gurob iad-so ríogha badar ar Fheraibh Bolg i
n-Érinn .i. Alla mac Gainn air chúigedh nGainn, air
Chonnachta.


L. 57


91. Acht cipionnas as i n-aimsir an Eochaidh-sin
mc. Erc tangattar Tuatha De Dhanann i n-Érinn gur
brissiod ar Fheraibh Bolg i ccath Muighe Tuiredh Conga
i cConmhaicne Cúile Toladh Chonnacht agus romarbhadh
ceud ar mhíle do Fheraibh Bolg ó Muigh Tuireadh go
Traigh Eothuile, ar ar marbhadh an rí fén Eochaidh re
trí macaibh Nemhidh mc. Bhadhraoi do Tuaith De
Danann gur h-adhnaicedh é i cCúil Chnamh ós Tráigh
Eothuile i n-airther Thíre Fiachrach Muaidhe, bhaile i
ffuil Loch Lughna iar ccoilltibh Lughna Firthri, ut dixit: -




"Cúil Chnamh an fearonn a bhfuil
Eochaidh mac Erc mac Rionnuil.
Mairfidh an t-ainm go Lá an Luain
Ó chnámhaibh Eochaidh arm-ruaidh."


L. 58



93. Fir Bolg tra tuitid isin chath-sin acht beg do
thech re Tuathaibh De Danann i n-innsibh agus i
n-oileunuibh mara im Érinn gur aitrebhsad ionnta
iarsin. Asiad so na h-innsi agus na h-oilén i n-ar ghabhattar
Fir Bholg ar ttechemh dhóibh .i. i n-Áruinn, i
n-Íle, i Rachrainn, i mBriotain, agus i n-Innsibh Gall ele
olchene, conadh iad tug Fomhorcha iarsin do chath
tanaisde Muighe Tuiredh. (Feuch tuilleadh air so isin
46 lethanach, romhad atá.)



94. Fir Bholg, umorro, ge rodibrid a h-Érinn
la Tuathaibh De Danann, asedh thuigmid a leabhraibh
Gabhála Gaoidheal a mbeth ag filedh go h-Érinn ó
sgrios nirt Thuaithe De Danann go h-ilcheuduibh
bliadhan iaramh, re ré Ghaoidheal mar bhus lér i n-ar
leabhar róinn, agus fos iarsma dhíobh do bheth beo
innte gus aniu, 1650.



95. Derbhadh an Leabhair Gabhála ceudus air sin


L. 59


ader, an bhliadhain do ghabh Eremhon mac Mílidh
airdrighe Érenn, go ttug sé righe Laighen do Chriomhthann
Sgiathbheul do Dhomhnannchuibh ar ar luidh,
agus do iomchair agus do chosain, anfhorlann adhbhal ag
coimheud na críche agus ag cathughadh i fFothartaibh
re Tuathaibh Fiodhga do Bhrethnaibh gur dhíbir iad tre
gaois dhruadh Cruithnech.



96. An dara derbhas dhúinn ár reamhrádh; esaonta
Fher mBolg re Gaoidhelaibh, mar bhus lér síosana.



Irial Fáidh mac Ereamhoin rí Érenn do chuir cath
Lochmhuighe i ttorchair Lugh Roth mac Mofebhis
d'Feraibh Bolg.



Conmhal mac Ébhir rí Érenn do bhris cath Locha
Lén for Eurna Mairtine, agus for Moghruith mac
Mofebhis d'Fheraibh Bolg.



Tighearnmhas mac Fhollaigh rí Érenn do bris tri
catha for Fhiora Bolg.



Fiacha Labhruinne rí Érenn cuiris cath fri h-Eurna
d'Fheraibh Bolg. Iar mbrisiodh an chatha-so ro-mheabhuidh
Loch Érne .i. loch tar Eurna innsin.


L. 60


Aonghus Olmucaidh rí Érenn do bhris caoga
cath ar Chruithentuaith agus ar Fheraibh Bolg.



Siorna mac Dén rí Érenn do bhris cath Mona
Foichnidh la h-Uíbh fFailghe for Mairtine agus Eurna.



97. Cairbre Cinn Cait nó Caitchenn, rí Érenn do
athach-thuathaibh, aderid aroile gurob d'Fheraibh Bolg
dhó. Athair-sidhe Moruinn mc. Maoin. Acht ader
sliocht ele: - Drug, Lig, Lughaidh, tri mec Dregamain
mc. Threna mc. Cairbre Cinnchaitt, tri mec bráthar iad-sin
do Mhorann mhac Maoin mc. Cairbre Cinn Chaid,
do chloinn Chiombaoith mc. Fiontain dóibh. Cidh
tracht, gibe sliocht da ffuil, ní h-oirchis dearmad duine
mar Mhorann.



98. Ba do mhaithibh Érenn. Ria cCreidemh do
chred sé i nDia fhíre na ndúl mar fhoillsighes a Thegasg
Rígh, udhacht Morainn do Fheradhach Fhionn
Fhechtnach da mac agus do rígh Érenn, agus fós as mór


L. 61


a chumaoin ar dhlighedoibh Gaoidheal, mar as lér in
gach beusgna i n-abair Morann ag tegasg a mhec Nere: -
"A mo Nere nuallghnaidh, etc.,"
agus mar ader Nere ag tochlughadh a thegaisg ar Morann: -
"A Mhorainn, a Mhaoinigh, a Mhochta, etc."



Ní lenam de sin sunna, acht a luadh do mhaith
Mhorainn 'ga mbaoi an t-sin .i. an idh, óir le toil nDé
saoilmid a soillsiughadh i n-ár ffoclóiribh agus i n-ár
Fénechuis archena.



99. Fir Bolg dno da labhram, ma díbh athach-tuatha
Érenn, urusa dúinn iomrádh orra, oir i n-aithe a
n-ainbhreth bhadar fa dhaoire ag Feradhoch Fionn
Fechtnach agus 'ga mhac Fiacha Fionnolaidh, (dá rígh
Erenn iad-sen), ionus gur cograttar athach-tuatha
marbhadh an Airdrígh, Fiacha Fionnfholaidh. Doronadh
leo .i. ris na coigedhachaibh, Elim mac Conrach rí Uladh,
Sanb mac Cet mc. Magach rí Connacht, Foirbre mac Fine
rí Mumhan, agus Eochaidh Ainchenn rí Laighen an


L. 62


marbhadh sin tré mío-comhairle na n-aitheach i n-orgain
Dhúin Bolg. Asedh sgríobhuid sen-leabhair gur bhásaighsiod
athach-tuatha an uair-sin urmhor Chlainne Ugaine
acht Tuathal Techtmhar bhaoi i mbroinn a máthair
Ethne inghene rígh Alban, agus iar ffichid bliadhan ríghe
Elim mc. Conrach follamhnaighis flaithes Érenn agus do
dhíothaigh aithech-thuatha Érenn, uair ro bhris 25 catha
for Laighnibh, 25 catha for Ulltaibh, 25 catha for
Mumhain, agus 25 for Chonnachtaibh.



Ag so anmanna aroile dona cathaibh-sin agus an
cháich ar ro bhris iad, amhuil atá isin duain senchuis 'san
Leabhar Gabhála: -



"Triath ós triathaibh Tuathal Techtmar."



100. Ní do chaithrém Tuathail acht da aidhbhliughadh
Fher mBolg atu ag cur na ccath-so síos. As é
ceudchath luaidhes .i. cath Aichle for Elim, agus ag so
an rann ata iarsin dearbhas gurob d'Feraibh Bolg na


L. 63


buidhne da labhrann an laoidh, go h-airidhe gurob iad
as cinn-urradh (do urmhor) orra mar ader: -


L. 67


105. Tugtha fadera go ngoirther Eurna d'Feraibh
Bolg, agus Eurna do Chloinn nDeaghaidh, agus Eurna
do chinedhoibh ele aderam da ési so. Gidhedh, as do
shíol Oiliolla Eurann ó ttanghadar Clanna Deaghaidh as
gnaithche gairm Eurna.


L. 68


107. Iarsna cathaibh sin doronadh Fes Temhra la
Tuathal agus tanghattar fir Éreann agus a mná dha
ionsoighidh agus tugsad ratha fris na ndúl aicsidhe agus
nemhaicsidhe agus gach gradh fuil fo nimh agus in nemh
nach éreóchdaís 'na aghaidh na i n-aghaidh a chlainne
go brath. As iad so umorro na tuatha as a ffuil daoirchíos
for Érinn ósin ale.


L. 69


108. (Oir do fodhladh .i. do roinneadh na tuatha
so síos, agus do cuireadh cíos Éreann orra. Tuig, a
leughthoir, go n-ainmnighthear ar na tuathaibh-si annso
anmanna as deagancha (fuairsiod) iná an fodhail-si, oir
ní h-aithgheanta iad gan a slonnadh samhlaidh re h-ais
na sean-anmann badar aca.)


L. 72


113. Tuath mc. Dreoga i n-iarthar Midhe for Fheraibh Cuircne.


L. 73


Tuath Masraighe for Muigh Sleucht i n-Ibh Briuin Breifne.



Tuath Airbre i ttaobh Tethfa.



Tuath Glasraighe im Chairbre agus im Loch Sílinn.



Tuath Connraighe i Slébh Bregh agus i Mughdhornuibh
agus i n-Uibh Segháin agus i bhFeraibh Rois
agus i bhFearaibh Arda agus i fFearaibh Luirg agus isin
Da Chremthainne.



Tuath Luighne i mBreghaibh agus i Laoghairibh agus
i n-Ardghal agus isna Dealbhnuibh agus i n-Ibh mc. Uais
agus go Temhraigh, agus ó Inbher Colptha go Comar
Chluana hIoraird.



Conidh amhlaidh-sin rofodhladh na tuatha agus do
cuiredh cíos Érenn orra, conadh XLVII tuatha re a
n-airemh uile.



114. Na tuatha soin dno do bas da mbaoghlughadh
agus fos aroile díobh da mbásughadh ó bhuidhnibh
borrfadhacha Chloinne Cuinn agus fine Ghaoidhel archena,
mar tegmadh esaonta etorra. As lér dearbhadh air sin
i mBetha Ghrealláin naoimh-dhesgiobhail Phadraig sa
ré i n-ar gabhsad gasair do uaislibh Oirghiall na h-iatha


L. 74


da ngoirther Mainigh, go h-airidhe Magh Senchineoil,
ar Chian d'Feraibh Bolg noch 'ga mbaoi an nuimir-si do
aos gaisgidh, amhuil ader an rann: -




"Aoinfher as gach lios amach
asedh do thigedh le Cian
A Magh Sen Cheneoil, ní breug,
Dech cceud air fhichit ceud sgiath."




115. Gidh airmhech an Cian-sa an uair sin, suaill
ma's fes a bheg do bhláth a chineoil ó chumasg Cloinne
na cColla air go so. Mar sin do iolaicmibh i n-Érinn
díobh, ar ndíoláithriughadh, mas a aitherrach nó a
n-anchroidhe do Chloinn Mhílidh do thoiligh Dia do aithe
orra. Gidhedh chena, ge do dheachsad, ní fhaomhuim
gan cuimhniughadh gach cuire da ccuirther dhíobh um
dháil i laoidh nó i leabhar. Feuch ceudus cuimhniughadh
droinge díobh isin laoidh-si: -


L. 79


119. Tuilleadh demhnighthe ar dhrongaibh da
ttugtar d'Fhearaibh Bolg, agus difiriughadh eatorra agus
Gaileoin agus Domhnannaigh, mar ader: -


L. 85


124. Do les an leughthóra agus ní do inchrechadh
na duaine remhsgríobhtha, tugadh da aire du i ndubhairt
an duain nach d'Feraibh Bolg, Gaileoin ná Domhnannaigh
etc. Fír sin tra iar n-a slonnadh gnéthech. Gidhedh,
iar n-a slonnadh coitchenn, as ainm díles dona tri tuathaibh
remhráite Fir Bolg do ghairm uile dhíobh mar do
dherbhsom remhe so.



125. "Cúchulainn," umorro, agus "Fionn Flaithfénnidh,"
ader an duain. Madh é an Cú agus an Fionn
oirdherc ader, tegeumadh sin fíor fós no fallsa ar
modhaibh eugsamhla; fír dno, da ttegmhadh Cúchulainn
agus Fionn i ttuinidhe dhúdhchuis edir na tuathaibh da
n-ainmnighionn an duain iad; dob édir mar sin a slonnadh
as na tuathaibh ceudna, gen go madh dhíobh dhóibh iar
ngenelchibh.



Fallsa an duain, umorro, da n-abradh (mar nar
abair) go madh iad sud a sloinnte iar ffíor, óir as do
shíol Éremhoin mc. Míledh Cúchulainn, iar Leabhar
Ulltach, agus Fionn iar Leabhar Laighnech. (Feuch
Lebhar Ulltach, leathanach 500, agus Leabhar Laighnech,
lethanach 435.)


L. 86


126. Fir Bolg, umorro, tar ar érigh do euttualang
dhóibh i n-aimsir Tuathail Techtmhair agus na ríogh
remhraite archena, do ghebhmid a slechtaibh eugsamhla
gur gabsad a cclanna cennas mór 'na dhiaigh sin, go
h-áiridhe a cConnachtaibh, (ní airbhim an Cian do
luaidhedh linn, óir is áildiu dhúinn iompódh orra suas
seal ele) .i. go h-aimsir ... uair thra baoi do nert
an ionbhaid-sin fo ríoghaibh Erenn aca gur rannsad
Cúigedh Olneugmacht .i. Connachta i ttrí trenuibh
amhuil ader dán Aingligh Uí Dhomhnalláin,



"Roinn lethe ar Chóigedh Connacht."


L. 88


130. Sliocht ele, gin gur d'Fheraibh Bolg amháin
benas, dobher solas da ccennas.



Ríogha Connacht do és Meadhbha Chruachan siosana: -



Maine Aithremhail mac Oiliolla agus Meadhbha ro
ríoghsad Cruithentuaith Cruachna agus Fir Thaoidhen


L. 89


agus Garbraighe Shuca agus Fir Chraoibhe agus
Catraighe agus Bolgthuath Badhgna.



Acht rob olc re Domhnannchuibh agus re Macaibh
Magach (no Madach) agus re Clannaibh Umhóir agus re
Maicne Shreng agus re Cloinn Ghenuinn mc. Deala agus
re Conarbrunae Med agus re Tuath Ruisin agus re Dál
nDruithne Maonmhuighe .i. na h-aicmedha rémhráite
conadh í comhairle chinnid righe do thabhairt do
Mhacaibh Madach gur chomhairlighid tabhairt na righe
do Sanb Shithcend mac Cet, gur érigh cogadh
coitchenn i cConnachtaibh fén de sin, agus así fa coiccríoch
etorra Dubhabhainn Bhrea ris a ráiter Suca .i. ó Shogca
inghen Chairbre do báidhedh ann.



131. Cuirther etorra cath Dergmhaighe ris a ráiter
Magh Cineoil Lughna, bhail ar marbhadh Buac agus
Maonach, dá rígh Fher Craoibhe.



Conadh dhe sin ro-ráidh Gruibhne Éges: -
"Bid gnáthach an oil-si,"
conadh de atá Liag Gnáthaigh.


L. 90


Tugsad cath Árdachaidh iarsin agus ro marbhadh
Maine Aithremhail ann agus an ffail in ro tionóileadh a
ffaidhbh agus a ccinn ráiter ris Faithche Cenn anos .i. an
Ghamhanraigh agus Clannmhaicne Oilliolla agus
Mheadhbha.



132. Ro gabhsad an cúigedh iarsin agus ro bhaoi
... fiche bliadhain i righe Connacht gur rosmarbh
Tuathal Techtmhar i ccath Dhumha Sealg a Mai<gh>
... Gabhais ... mc. Maine Aithreamhail
ríghe ar Chonnachtaibh d'és Tuathail Techtmhair gur
ros(marb?) Eochaidh Fionn mac Mec Ceucht agus
gabhaiss Eochaidh ríghe Connacht iarsin.



Eochaidh mac Cairbre mc. Maine iarsin.



(Sliocht ele. Cairbre mac Maine Aithremhuil ro
gabh ríghe Connacht tar és Sainb mc. Cet mc. Magach.



Aodh ... mac Conudir d'és Cairbre mc.
Maine. Eochaidh mac Cairbre mc. Maine iarsin, etc.)


L. 91


133. Aonghus Fionn mac Domhnuill mc. Feg mc.
Fiodhaigh ro gabh ríghe tar és Eathach mc. Cairbre,
acht as ag an Aonghus (Fionn) soin ro cedmhilledh an
Ghamhanruigh ar tús re deredh fhlaithesa Tuathail
Techtmhair re linn Chormaic Ulfada, rígh Érenn. Do
ben Cormac fén agus do sgar ríghe Connacht ris an
Gamhanraigh fa dheóigh, amhuil adeuram romhainn arís.



134. (Gamhannraigh) Aonghus Fert mac
Aonghusa Find iarsin ba rí Connacht i n-aimsir Tuathail
Techtmhair.



Conall Cruachna mac Aonghusa Fert iarsin, asé fa
chomhaimsir do Fhedlimidh Rechtmhar agus da mhac,
.i. do Chonn Ceudchathach.



Feradhach mac Aonghusa agus Forgna Fiansa
mac ... agus Daire mac mc. ... Mogha Lamha.


L. 92


(Sliocht ele. Feradhach mac Conuill mc. Aonghusa
ro ghabh ríghe Connacht tar és a athar re ré flaithesa
Chuinn re ré Conaire mec Mogha Lámha).



135. Forgna dno, (asé rug an mnaoi ó Chonn Ceudchathach
.i. Baillgheal inghen Mogha Lámha), X mbliadhna
re n-Art mac Cuinn ro gabh ríghe agus XXX bliadhain
Airt, conadh XL bliadhain dó i ríghe Connacht, doigh as é
Forgna robhaoi ar aon re h-Art mac Cuinn i ccath Muighe
Mucromha, amhail ro ráidh Flann: -




Teora Connacht na ccosdadh,
Óthairnigh a ttochosdal,
Tegaid um Chian 'sa' chath chain
'S um Fhorg<n>a mac Fearadhoigh.




136. Agus as isin chath-sin Mhuighe Mucramha do
marbhadh Forg<n>a, (iar ffairinn). Adberaid araile a bhreth
tar és an chatha i Sidh Rionduilbh mc. Ocuill Cruachna,
conadh ann atá ósin anall.


L. 93


Cedghin Cruachna mac Conuill (mc. Aonghusa)
tar és Fhorga Fiansa fri rémhes Mec Con.



Aodh mac Eathach mc. Conaill mc. Aonghusa Fert
tar és Chedghine Chruachna, agus as é an t-Aodh-sa fa
comhaimsir do Cormac ua Cuinn ar Chonnachtaibh, agus
as fair ro-imir an ainfíre flaitheasa sech gach cúigedhach
ele i n-Érinn .i. urrigh do tabhairt fair .i. oirrighe Connacht
do tabhairt do Chormac do mhac a mháthar agus
da chomhdhalta .i. do Nia mac Lughna, agus as é Cormac
cedrí do ríoghaibh Érenn tug oirríghe riamh ar
tus ar Chonnachtaibh, acht dorighne Nia ansmacht mór
agus ainríghe anbhail ar Chonnachtaibh, agus asiad an
Ghamhanraigh do mharbh a athair .i. Lughna Fertrí,
agus rosaithrígh Cormac Aodh mar aon re cúigedhachaibh
Érenn. (Tiughfhlaith na Gamhanraighe an t-Aodh sin.)



137. Sliocht ele tig les a cceudna sliocht: -
Aodh Áluinn mac Eathach Baicedha rí deghenach


L. 94


Connacht (.i. an t-Aodh céadna) don Ghamhanraigh, agus
asé rug Sechnad inghen Cormaic les ar eulodh, agus do
bhen Cormac ríghe Connacht de-sion agus don Ghamhanraigh
agus do Chlannuibh Umhoir agus do Chlannaibh
Cet mc. Magach agus tug do mhac a mháthar fén an
ríghe .i. Nia Mór mac Lughna, agus romharbh Aodh
Áluinn Nia tar cenn na ríghe, agus ionnarbuis Cormac
Aodh tríd-sin, agus tug an ríghe do Lughaidh mac Lughna
Firtrí, agus romarb Aodh mac Eathach, agus nír ghabh
cúigedhach don Ghamhanraigh ríghe Connacht ó ro-hionnarbadh
Aodh Áluinn mac Eachach Baicedha mc.
Conaill Cruachna, agus robhaoi 30 bliadhain i ríghe
Connacht gur rosmarbh Aodh Caomh mac Garuidh Glúnduibh.



138. (An cedsliocht arís).
Rosiacht tra a mháthair (.i. Echtach) go Cormac
go Temhraigh iar marbhadh a mec .i. Nia Mór mac


L. 95


Firthri, agus ó rosiacht, tug a trí h-émhghe ós aird.
Rochuala Cormac sin go n-ebert na briathra-sa ann: -



140. Aodh Caomh mac Garaidh Glúnduibh
mc. Nemhuinn rí deghenach Connacht ó Chlannaibh
Morna, as é an t-Aodh-sin do ghabh righe Connacht tar


L. 96


és mec Fhirthri. As é an t-Aodh sin bheos do ghabh nó
do mharbh Fer Corb mac Mogha Cuirb mc. Cormaic Cais
rígh dha cóigedh Mumhan i ccath Sofaltra i Musgraidhe,
agus ro tromghonadh Aodh isin chath cheudna sin.



141. Trí mec Neamhuinn mc. Morna Mhóir .i.
Morna, Daigir, agus Uaran.



Donn mac Aodha mc. Garaidh Glúnduibh Ríghfhénnidh
déghenach na Féne.



Fial inghen Gharaidh máthair Fhorgh<n>a mc. Feradhoigh
mc. Aonghusa Fert. As é an Forg<n>a sin fa rí ar
Chonnachtaibh ó chath Mhuighe Leuna go cath Mhuighe
Mucruimhe, agus fa tréan Clanna Morna ag an Fhorg<n>a
sin. Saimer inghen Fhinn ben Cormaic Chais mc.
Oilliolla Óluim así rug Tinnle, Connla, agus Mogh Corb
rí dha chóigedh Mumhan, agus tres an ghaol-sin do
chongbhuidh Mogh Corb Oisín mac Finn agus Clanna
Baoisgne tar shárughadh Cairbre Lifechair agus Aodha
Caoimh remhráite mec Garaidh, óir as ag Clannaibh
Morna do bhí ríghe Connacht an tan-sin.


L. 97


142. roghabh Coinde mac Fhirthri iarsin righe
Connacht re ré Fhiacha Sraiftine, agus as uaidhe atáid
Cineul mc. Coinde.



Muiredhach Tírech mac Fhiachach Sraibhtene
roghabh righe Connacht iarsin, conadh é fa feronn dó re
ré na cColla, agus roghabh Muiredhach righe n-Érenn a
Connachta agus ros-ionnarb na Colla a h-Érinn agus tug
righe Connacht dha mac do Eochaidh Muighmhedhon,
agus roghabh Eochuidh rige Érenn iarsin agus
tug righe Connacht do Niall Naoighiallach.



143. Ó roghabh Niall righe Érenn, tug righe Connacht
do mhacaibh Moingfhinne .i. Brian, Fiachra, Oilill, agus
Ferghus, mec Eathach. Tarustair clann tri nó da mac
dibh sin for Chonnachta ósin anall, gonadh uatha táinig
teora Connacht deghenach .i. Síol Muiredhoigh, Uí
fFiachrach, agus Uí Bhriúin Brefne.



Na teora Connacht taoisinich .i. na Sen-Chonnachtaigh
.i. Domhnannaigh, Fir Craoibhe, agus Tuatha Taoide.


L. 98


144. Gonadh iad-sin ríogha Connacht d'és Meadhbha
go Creidemh. A ríogha iar cCreidemh, urasa a ffaghail
ag craobhsgaoiledh na tteora Connacht deghenach, óir
ní dóibh atáthar sunn, acht do chur chuimre nó chuibhdhis
críochnaighthe ar iarsmaibh Fher mBolg, agus fós as aire
do airmhes ríogha Connacht ó Aodh mac Garuidh ale
ionnas nach beth an rém ríoghraidhe uirbhernach go
ceudtús an Credmhe.



Clanna Morna, umorro, 'ga ffaghmaoid flaithes fa
deoigh dona drongaibh rémhráite, as oirches cuimhniughadh
ar a n-uaislibh, mar atá: -


L. 101


150. Fir Bholg, umorro, i n-eugmais ar
tteglam da soillsiughadh atá againn sunna suidhiughadh
soillér ar a senchas a sliocht Leabhair Gabhála an
Dubhaltaigh Mec Fhirbhisigh Leacain, mo shen-athar-sa
fén, ader, ar ttuitim d'Feraibh Bolg i cCath Muighe
Tuiredh gur thech begán díbh re Tuathaibh De Dhanann


L. 102


agus gur ghabhadar i n-Áruinn agus i n-Íle agus i Rachruinn
agus i mBriotain agus i n-Innsibh Gall ele olchena,
agus gurob iad tug Fomhorcha go dara cath Muighe
Tuireadh, agus ader an leabhar ceudna fós go mbadar
Fir Bolg iarsna h-innsibh-sin go h-aimsir na cCóigedhach
for Erinn gur ionnarbsad Cruithnigh iad, agus tangadar
tar muir ar amus nó do shaighidh Cairbre Nia Fear,
flatha Temhrach, go magh Midhe, agus asedh ba slonnadh
orra an uair-sin .i. Mec Umhoir, uair Aonghus mac
Umóir ba rí thair orra, agus ar ttecht go Cairbre dhóibh
iarraid an ferann ba ferr sa Midhe air, mar do bhí, Raith
Cealtchair, Raith Comair, Cnodhbha, Brugh Mná
Ealcmhair, Taillte Cermna nó Cerna, Tlachtgha, etc.



151. Agus ro iarr Cairbre orra-somh daorfhoghnamh
Temhrach mar gach aon ro ceudaitreabh Banba. Tugsad
Clann Umhoir ceithre cura les sin do chomhall dó .i.
Cet mac Magach, Ros mac Deadhoigh, Conall Cernach,
agus Cúchulainn. Iaromh do chuir Cairbre cíos trom nar


L. 103


fhuilngedar orra gur euladar ar techemh ria Cairbre cona
selbhaibh siar go h-Oilill agus go Medhbh do dhul
ar a ccumairce, agus as í sin Imirce Mhac n-Umhoir, agus
tugsad-sen feronna dhóibh noch ainmnighther uatha.
Lámh re muir as mó atád na feranna sin. Ag so cuid
díobh gus na h-uaislibh ór h-ainmnighedh iad .i.


L. 104


153. Badar i ndúintibh agus i n-insibh mara im
Erinn amhluidh sin conus-dilgenn Cúchulainn. Cidh
tracht, as a h-aithle sin agrais Cairbre Nia Fer a cethre
ratha no aidere bhadar i n-urradhas dó ar Chlainn Umhoir
agus tigid go tech Chairbre, Conall agus Cúchulainn anair
a h-Ultaibh, Ros mac Deadhadh aniar a h-Eurnaibh
Mumhan, agus Cet a Connachtaibh, agus iarraidh Cairbre


L. 105


chucha a n-enech nó a n-anam. Tiagaid an
cethrar curadh-sin go Cruachain do agra mac n-Umhóir
agus as é sásadh tugadh dhoibh ar son a n-aidiris,
Aonghus mac Umhoir do tabhairt a mhec fén .i. Conaill
agus a thriar bráthar les do comhrac dia chionn fri a
rathaibh, Cing i n-aghaidh Rosa, Cime Cethirchenn i
n-aghaidh Chonuill Chernaigh, Iorgus i n-aghaidh Chet,
agus Conall mac Aonghusa fén i n-aghaidh Choncculainn.



154. Marbhthar maicne Umhoir agus rugsad na
ratha a ccethre cinn go Cairbre agus rohadhnacht Conall
mac Aonghusa fon charn ris a ráiter Carn Conaill
n-Aidhne, mar adubhras cena, ut dixit: -


L. 106


156. Sliocht sen-leabhair ele labhras ar Feraibh Bolg
mar so ader se: -



Cet mac Oiliolla mc. Madach dalta Dheaghaidh mc.
Sin. Dobert Ailill do Dheadha la Cet ó Fid Cétinis fo
dheas go Luimnech. Fir Bolg robhadar fair. Roscairid
Deadha dhe go mbadar ar Sléib Smoil i ttíribh Laighean
agus dolodar siar i n-Urmhumhain agus as díobh
Brecraidhe agus Senchenel Chorcamruadh Indinus,
SenChenel hUa M<aine> Fine agus a Maine Degl( ---?),
Uí Dalaich, m. Corca Adaim, mc. Cairbre m. mc.
Conaire, m. mc. Edirsgeoil da ffuil Corca Adaim .i. Uí
Dalaich Midhe.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services