Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Searcleanmhain Chríosd
Title
Searcleanmhain Chríosd
Author(s)
Ó Súilliobháin, Dómhnald,
Composition Date
1822
Publisher
(Má Nuad: Riostard Ó Coin, 1822)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L278} {L i} {B 1822 19T} {G L} {U 0467} {C Prós} {M 8} Searc-leanmhain Chríosd a gceithre leabhraibh le Tomas a Cempis. Aisdrighthe ua'n Laidion mbunúdhasach agus cómheasta go dúthrachdach leis na mac-leabhraibh is fearr teisd agus is áirde céim a bhFraincis agus a Sags-bhearla. Leis an Athair Dómhnald ó Súilliobháin. A mBaile Ath Cliath. Clódh-bhuailte le Riosdard O Coin, Clódh-bhuailteóir agus leabhar-reiceadóir do Chlochar naoimh Pátraic a nAgh an Fhuaith. 1822 {L iii} Do'n Athair Seaghan O Mhurchughadh, Easbag fíor-óirbhídineach Chorcaíghe, Diadhaire deagh-mhúinte, agus ursa theangaine chaoin-ársaidh na nGaodhal, a toirbhirthear an beag-shaothar so, le mór-urraim agus le lán-bhúidheachas, a sheirbhíseic shár-úmhail agus a urraimh shár-dhílis, Dómhnald Ó Súilliobháin. 4 Sráid Chépel, 20 lá de'n fhómhar 1822.
SEARC-LEANMHAIN CHRÍOSD. AN CHEUD LEABHAR. AN CHEUD CHAIBIDIL. De shearc-leanmhain Chríosd, agus de dhímheas bhaosraidh an t-saoghail. "Gidh be leanann mesi, ní shíubhal- ann se andorchadas," air ár ttiarna. Is iad so bríathra Chríosd le gcómh- airlidhthear dhúin a bheatha agus a bheusa do leanmhain má's mian linn bheith soillsaidhthe agus fuasgalta uadh gach daille inntinne. Uime sin is éigion dhuinn machtnadh go dútrachtach air bheatha IOSA CRÍOSD. Sáraídh- ean teagasg Chríosd teagaisg na naomh go huile, agus gidh bé ag a bhfuil an Spiorad cheart, gheabhfadh se manna nó mildhriucht fallaidhthe ann. Acht tárlaidheann gur mór d'éisdeann go minic le bríatharaibh an tsosgéil gan rún a leasadh do lorg, de bhrígh nach bhfuil Spioraid Chríosd aca.
Acht ní fulaír don té le'r mian bríathra Críosd do thuigsin go lán- chíalmhar a bheátha uile do ríaradh go dúthrachtach do réir bheatha Chríosd. Creud é an tairbhe dhuit labháirt go sáir-eólach air rún-díamhar na trío- nóide, má táir gan umhlacht agus dá bhrígh sin míthaithneamhach aláthair na tríonóide? Go cinte, ní le bhríath- araibh blasda briochtshnaidhte naomhthar an fireun acht le beatha dheaghríartha. B'fhearr liom cómhghuin do mhothughadh 'ná fios a brígh bheith agam. Dá mbeidh an bíobla go léir agus seann- ráidhte na n-ollamh uile de ghlan- mheamhair agat, creud é an fághaltas dhuit íad uile gan grádh agus grása Déi? Baosradh na mbaosradh, agus baosradh an uile, acht Día amháin dho riaradh agus do ghrádhadh. Isí so an chíall chóir triall ar' neamh tré dhímheas an tsaoghail so. Is baosradh dá bhrígh sin saidhbhreas sochaithte suarach an tsaoghailso d'íaradh agus ár muinín a cur ionnta. Is baosradh mar an cceudna bheith áirléogach ag iaradh gradama agus árd-chéime saoghalta.
Is baosradh mór géilleadh do chlaon- taibh na colna: agus ár mian do chur ansna nidhthibh a thuillean trom-fhearg Déi. Is baosradh saoghal fada d'íaradh agus faillíghe do thabhairt iona chathadh go maith. Is baosradh ar naire go hiomlán athabhairt air an mbeatha sa: agus gan feuchain romhainn air an mbea- tha shíorruidhe. Is baosradh searc ar croídhe athabhairt dóibhsi a ritheann tarainn go sárluamaineach: agus gan brostadh don ionnad ionna lonaidheann gáir- deachus gan fóircheann. Cuimhnidh go minic air an feannfhocal: "ní sásaidhthear an tsuil le hamharch, agus ní líontar an chluas le héisdeacht." Tabhair aire dá bhrígh sin agus taraing do chróidhe uadh anghrádh nidhthe sofhaicse agus tabhair thu féin air nidhthibh dofhaicse: óir trúaillidheann an drong a leanann sadhail na colna a gcogús agus caillid grása Déi!
2 CAIB. De'n mbaramhail uirísioll is ceart dhuinn bheith againn as inn féin. Is mían le gach duine réir náduire breis feasa d'íaradh: acht creud é an fághaltas a chuid feasa gan eagla an tighearna? Go deimhin is fearr an críaidh-uiire uirísioll a dheunann réir Déi, 'ná an teagnach uaibhreach árdaigeantach a thughann faillíghe an anam féin ag breathnughadh air chúrsa na ráe. An té aga bhfuil fios a chlaonta féin, is suarach é amheas air féin; agus ní thaithnighean leis chách dá mholadh. Dá mbadh liom eolus na cruinne agas a bheith an eugmais ghrádh Déi, agus na comharsan; creud é an chabhair dham é, abhfíaghnaise Déi, a thabhairfeas breith orm do réir mo ghníomhartha? Cur dhíoth an tanmhian sin chum foghlama: óir faghthar innte mórán ceilge agus buaireadh inntinne. Is mian le lucht na foglama samh- ladh agus meas mór céille d'fhaghail uadh chách: acht tá lán de'n fhoghlaim is mó loiteann 'ná leasaidheann an tanam!
Agus is ró amadánta an duine thu- gann aire d'aon nídh eile, acht dóibhsi a thréoraidheann chum leas anama. Ní sásaidhthear an tanam le hiom- adlacht focal; acht bheireann beatha dheagh-ríartha suaimhneas agus sasamh aigne: agus neartaidheann an cogús glan ár munín a nDía. Do réir iomadamhlachta t'éoluis a bheidh troime do bhreitheamhnuis mur mbeidh do bheatha níos naomhtha. Ná glac taibhse dá bhrígh sin de dhroim t'intleachta na t'éoluis; acht gabhadh uamhain agus eagla thú a dtaobh an éoluis abronnadh ort. Ná samhlaidhthear dhuit go bhfuil tú fiosach sáréolach a mórán fóghlama: ná dearmaid air an am gceudna go bhfuil mórán eile na n'anbhfios ort. Ná bí árd-aigeantach, acht admhaidh t'annbhfios go toilteanach. Creud fáth dtugann tusa rogha dhuit féin tar chách, uadh tá mórán níos foghlamtha agus níos éolgaiche andlíghe Déi 'ná táirse? Ná's mian leat d'fhoghlaim agus d'éolus do dhul chum tairbhe dhuit, tabhair gean do'n úaigneas agus dod' dhimheasadh féin.
Is ceacht sárléighionta fíor-thair- bheach; gan dul as ár naithne féin, agus gan mór-mheas bheith aguinn orainn féin. Is foirbhtheacht agus fíor-eagna gan baramhail air bith a bheith aguinn as inn féin, agus labhairt uadh chroídhe go deagh-theisteamhail air chách. Dá bhfeic- fádh cách ag tuitim go fóirleathan a bpeacadh nó a gcoirthibh uathbhásacha; gidheadh ní ceart duitsi úaill meanmna do ghlacadh uime sin: óir ní fios duit fad do bhuan-tseasaidh féin air dheágh- staid. Támoid uile sothuitimeach: acht tabhairsi aire agus ná smúain go bhfuil aon neach chómh lag leat féin. 3. CAIB. De theagasg na fírinne. Is sonadh síorághmhar an te teag- asgthar le beul na fírinne féin, ní lé cómharthaibh nó le bríatharaibh so- ghlúaiste acht lé béul bríoghmhar na fírinne. Is minic mheallann ar mbar- amhail agus ár gceadfadh féin sinn, agus is beag dfaillsídhid dhúinn. Creud is tairbhe dhúinn aghnas árd-léighionta air nidhthibh díamhara dothuigse an tráth
nach gceisdeóchar sinn ionnta lá an bhreitheamhnais? Is mór an bhaois dúinn faillíghe do thabhairt annsna nidhthibh atá riachtanach agus tairbheach do shlán- adh an anama, agus ar gcúram a chur annsna nidhthibh a lagaidheann agus loiteann é? Tá súile againn agus ní fheiceamoid! Agus cread é an ríachtanás atá aguinne sinn féin a bhuaireadh le ceis- dibh gasta gaoise? Fuascailtear an té, lé a labharann an Bríathar síorrúidhe, uadh uiliomad tuairimithe. Is uadh'n m-Bhríathar amháin tá na huile nidhthe; agus labharann na huile nidhthe an t-aon-Bhriathar so: agus is é so an tús a labharann mar an gceudna linn-ne. Ní thuigeann agus ní bhreithnidheann aon neach mar is cóir, gan cábhair an Bhréithir so. An té do gur b'aon gach uile nídh, agus tharruin- geann gach uile nídh chum aoin, - agus a fheiceann gach uile nídh ann aon - tá sé seasamhach 'na chróidhe agus lonaidh- eann go síthchánta a nDia. Ó a Dhía na fírinne comhcheangail mé leat a ngrádh bith-bhuan. Bídhim tuirseach támhgheúgach go minic uadh léigheadh agus uadh chlos alán: is ionnadsa amháin tá an iomláine d'ár thugas toil agus searc mo chroídhe.
Dúnadh gach oide a bheul; bíodh creutúiridh na talmhuin uile na dtosd an do láthair: deónaidh féin amháin labhairt liom. Réir már bhídheann aon neach cómh- aonda ann féin agus neamhscapaidhthe go hin-mheódhanach, is e thuigeann sé tea- gasg imdhomhainn Déi gan duadh; óir is uadh neamh fhaghann se solus agus sothuigse na híntleachta. Ní buair- ídhthear an duine símplidh seasamhach a nglan-chróidhe le meúd a chúraim; óir dírídheann sé a shaothar go léir chum onóra Déi, agus deunann díthchioll air aigne do chómheud a sithcáin agus gan oibriughadh air son a mhear-ghrádh féin. An bhfuil aon toirmeasg is déine agus is láidire ioná cláonta dosmach- taidhthe do chróidhe féin? Ríaráidheann an duine díadha deaghshómhplach a gnío- mhartha go hinmheódhanach air dtúis, sul a dtonsgnann air ghnothaibh foir- imiolacha. Dá bhrígh sin ní tharuingid é chum mían anríanta: acht lúbann sé íad fá threóir a cheart-résúin. Ní bhfuil gleic is cruaidhe nó cómhrac is tréine, 'ná buadh do bhreith air ár ccláontaibh féin. Dá bhrígh sin, ní fuláir dhúinn díth-chioll a dheunadh ar gclaonta do smachtúghadh, agus an cath
a chur go cródha ann ar naghadh féin ionnus go dtiucfadh linn dul a bhfeabhas go laétheamhuil. Tá foirbheacht na beatha so suaith- te le lochtaibh, agus gach éolus saoghalta fá dhubh-neul dhorcha an anbhfis. Is fearr threóraidheann fios fíor-úmhal ár locht féin chum Dhéi sinn, ioná sáir- éolas na nealadhan go huile. Gidh- éadh ní air fhoghlaim nó air eólas na nealadhan is ceart an millean a chur, óir ta maith ann féin agus órdaidhthe uadh Dhía: acht is fearr cogús glan agus beatha gan achmhusán ioná foghluim na cruinne. Acht de bhrígh gur mó leanann d'fhoghluim ioná ríaraidheann a mbeatha mar is cóir: uime sin is minic a mealtar íad, agus is suarac an toradh fhásan air a saothar! O dá dtugadh daoine an oiread aire do dhíth- fhreumadh fhiadhaíle na locht, agus do chur shíoil na subhailcidh 'na nanam, is do thugaid do chruadh-cheasdaibh na neal- adhan ní bheidh cortha na ndaoine chomh trom nó cleachda an phobuil chomh drochshómplach agus táid. Go fírineach, an tan thiocfas lá léonmhar an bhreitheamhnais ní fiafróchar d'inn cread léigheamar, acht cread rinne-
mar: ní ceisdeóchar sinn air mhil- seacht ár dteangan, acht cionnas chaitheamar ár mbeatha! Innis dam anois cabhfuil gach ollamh sár-léig- iontha dob' eól duit air feadh a mbeatha? Ta a maoin agus amór-fhághaltas a seilbh dhaoine eile anois, agus faraor! measaim gur b'annamh chuimhníghid ortha! Shamhladar fá mheas mhór air feadh a mbeatha, acht anois ní luas- gann aon duine a bheul ortha. O! is obann imthígheann glóir an tsaoghailso! Bféidir le Día go raibh naomhthacht a mbeatha do réir doimhinneis a bhfogh- lamha! Muna raibh, dob' olc chaithe- adár a naimsir. Cread é líacht duine a chailleann a anam go síorrúidhe le baois na foghlamha, tré fhaillighe a thabhairt a seirbhís Déi? Agus de bhrígh gur rogha léo bheith árd- chéimeach, ioná uirisioll, dalltar a a níntleacht agus téidhid a mugha a ndoilbh-cheó a smuainte féin. Tá an duine amháin árd-chéimeach, aga bhfúil searc-ghrádh Déi, agus na comharsann. Tá an duine amháin ard-chéimeach, a shamhlaidheann táir, tarcuisneach 'na shúilibh féin; agus dhímheasann gradaim an tsaoghailso. Tá an duine sár- ghlic, a thugann druim láimhe le lóchán
an tsaoghail si, air lorg Chríost. Agus is mór foghlaim an te leanann réir Déi, agus thréigeann a thoil an- mhíanach féin. 4. CAIB. De ghliocas ann ár ngnóthaibh. Ní ceart duinn gach focal, a chlois- eamoid do chreideadh, ná gach smuai- neadh inmhéodhanach do leanmhain acht gach nídh do meadhachan do réir Déi. Faraor! is minice chreideamoid droch-sgéul 'ná deagh-sgeul air an gcómharsainn; acht ní thugann daoine cíallmhara cluas go heusgaidh, do gach ramás; de bhrígh gur fiosach dóibh cleasa claon-lúbacha an duine, tugtha don olc agus bár-thuisleach 'na chómhrádh. Is mór an eagna gan bheith ceann- treun 'nár ngóthaibh, ná anríanta 'nár mbaramhail féin: mar an gceudna gan creideamhain do rádh- taibh gach binn-sgeulaidhe, agus gan na nidhthe chloiseamoid d'innisin go luath- inntinneach do chách. Iar cómhairle an duine eagnaidh, agus lean teagasg an
duine dheaghshomplaich níos túisge 'ná do tuairimithe féin. Deunann beatha dheagh-ríartha duine eagnach do réir Déi, agus fíor-eólach an iliomad. Meu- daidheann ár gcíall agus ar dtuigse, do réir ar númhlachta agus ár naontaidh do thoil Dei. 5. CAIB. De léigheadh na Sribhinne Diadha. Is fírinne agus ní deagh-labhairt is ceart dhuinn do lorg annsa sgnibhinn diadha. Is cóir briathra Déi do leigheadh leis an spiorad gceudna le ar sgríobhadh íad. Is ceirte dhúinn fághaltás fiorriachtanach an anama do lorg a mbriathar Déi, 'ná deismireacht chómhráidh. Badh cheart dhúinn leabhara díadha deagh- thuigsionacha do léígheadh níos toil- teanaiche, 'ná íad so atá dorcha dofhoghlamtha. Ná glac oilbhéim tré cháil an sgríobhnóra, gidh bhé olc nó maith é: acht léigh go gnáth tré shearc- rún na fírinne. Ná fíafraidh cia a dúbhairt so nó súd, acht tabhair aire don nídh a dúbhairt.
Imthígheann na daoine gan tuairisg: acht "lonaidheann firinne an tighearna go siorruidhe." Labharann Dia go minic le na chreutuiribh gan báidh do neach tar a chéile. Is minic thoir- migeann ár ndeismireacht féin sinn ag léigheadh na sgriobtúire, an tan thógamoid oruinn féin ná nídhthe do thuigsin agus do chraobhsgaoileadh badh cheart dhúinn a léigeann tharainn go símplídhe. Más mian leat sochar searc-áluin na sgríbhinne díadha dfá- ghail, léigh go símplídhe úmhal-chreid- eamhach, agus ná loirg choídhche meas nó mór-ainm sar-fhoghlama. Loirg go díthchiollach, agus éisd go dúthrachtach le caoin-chómhrádh na naomh; agus glac searc agus síor-ghrádh do mhín-rádhtaibh na seann; oir is blasda bríoghmhar na bríathra a chanadar! 6. CAIB. De mhíanaibh anmheasardha. Chómh luath agus chuireann duine a dhúil go hanmheasardha ann aon nídh, cail- leann se a shuaimhneas aigne gan
maill: uime sin ní bhídheann síthcháin air bith ag lucht an uabhair agus na sainte: acht sealbhaidhid na boicht agus na húirísill a spioraid suaimhneas agus sith-chómhnúidh anama. Is suarach na nidhthe a chúireann cathaidh, agus bhuadh- ann go hobann air an té ag nach bhfuil a chlaonta lán-smachtaidhthe. Is dea- cair don té atá fós greamaidhthe le srangaibh na drúise, agus cúibhridhthe le teudaibh ríghne na ndroch-chleacht é féin do tharang go hiomlán uadh anmhíanaibh gráineamhla na colna. Agas dá bhrígh sin, is minic bhidheann a chroidhe go doilbh doshásta, an uair thugan íaracht air a leas; agus lasann go hobann le feirg an tan tughtar cómhairle dho. Aghus má ghéilleann d'á mhianaibh, mothaidheann gan mhaill cnumh an chogúis dá ghread-chreimeadh, de bhrígh gur lean sé sádhail na colna: nídh nach dtabharfadh go bhráth síth-cháin don aigne, na sláinte don anam. Uime sin, ní féidir dhúinn suaimhneas ná síthchin dfághail, acht le ár gclaon- ta do smachtadh, buadh do bhreith air ár ndroch-chleadhtaibh, agus gairm go dúth- rachtach ar chabhair Déi, ionnus gur thoil le na mhórdhacht naomhtha neartadh
linn an iorguil an chatha, anaghadh an diabhail, an tsaoghail agus na colna, trí namhadha nimhneacha an anama. 7. CAIB. De theitheadh uadh'n uabhar agus uadh'n mbaoth-dhóthchus. Is baothán bog a chuireann a mhuiníghin in ndaoinibh ná a gcreutúraibh air bith eile. Ná bíodh náire ort tré bheith ad seirbhíseach ag cách; agus bhocht tar- cuisneach a súilibh an tsaoghail tré grádh Íosa Críost. Ná seasaidh air do bhonn féin, acht cuir do dhóthchas go hiomlan a nDía. Deun a bhféadfair, agus tabhairfidh Día cabhair dhuit chum do deagh-inntinne chur a ngníomh. Ná cur do dhóthchas ann teólas féin, ná a ngliocas chách, acht a ngrasaibh Déi, a chbharaidheann leis an duine úmhal, agus dúmhlaidheann an duine uabh- aireach. Na glac taibhse de dhruim do shaibhris, más mór do maoin shao- ghalta, ná mar gheall air do cáirdibh, air son a mbeith cochal-árd cúmhach- tach; acht bídh lúthgháireach agus cur do
mhuiníghin a nDia, a thugann gach uile nídh dá bhfuil agat dhuit, agus le'r mian é féin ós cionn gach nídh a thabhairt dhuit. Ná bídh uabhaireach air son do mhéid nó do bhreaghachta; óir is gearr bheidh taom thinneis a lot do mhaise agus do mhór-áilleachta. Ná tabhair taithneamh dhuit féin air son do thuigse nó do chaoin-céille, d'eagla feirge chur air Dhía, a bhronn ort gach deagh-thíodhlaice d'á bhfuil agat. Ná meas gur fearr tu féin 'ná cách, air eagla go mbeidhfádh níos measa a láthair Déi, d'ár fios cread é mianach an duine. Ná maoidh as do deagh-obaireachaibh: óir ní cosmhail bhreitheamhnas Déi agus breitheamhnas daoine; mar is minic chuireann na nidhthe thaithneann linne, míthaithneamh air Dhía. Má tá aon deagh-cháileacht annat, creid go bhfuil cáile níos fearr ag cách, ionnas go gcómheudfádh t'úmhlacht. Ní dochar dhuitsi tu féin a mheas níos táire 'ná cách, acht is baoghal duit díoghaltas Déi, má mheudaidheann t'uaill tred' dheagh-ghníomharthaibh. Lonaidheann síth- cháin agus suaimhneas síor-sheasamhach a gcroídhe an úr-ísill acht déunann
tnúth agus fearg fraoch-nimhneach neadadh a gcróidhe calcaidhthe an duine ua- bhairigh! 8 CAIB. De sheachnadh an iomad muinntirdheis. "Ná foillfidh do chróidhe do gach naon:" acht deun cómháirle leis an duine eagnúidh, air a bhfuil eagla an tighearna. Ná bídh go minic a gcómhluádar aosóg, agus seachain an cómhthigheach. Ná bídh ad bhladaire leis an duine saidhbhir: agus ná tar go heasgáidh a láthair na nuasal. Coi- mheud cómhluadar caoin na ndaoine umhal neamhurchóideach, na ndaoine ndíadha ndeaghshómplach: agus labhair leó go carthanach céilligh. Ná bídh dlúth-mhuinteardha le bean air bith: acht cur mná maithe an domhain fá chomairce Déi. Ná loirg bheith múinteardha le aon neach acht le Día amháin agus le 'na naomh-ainglibh; agus tréig cómhluadar na ndaoine, Bídh carthanach leis gach naon air son Déi, acht ní gádh dhuit bheith dhlúth-chean-
gailte le haon neach. Tárlaidheann air uairibh, go ritheann clíu an té nách aithne dhúinn go mór-mheasamhail ann ar measg; gidh an tan ghéabham- oid aithne air, is minic nách dtaith- neann sé linn. Measamoid go minic gur mór an sásamh air ár gcáirdibh dlúth-mhuintirdheas a dheunadh leó: gidh is gnáthaiche sinn aig cur feirge ortha leis na droch-chleachtaibh a bhreath- naidhid annainn. 9. CAIB. De'n urraim agus de'n fhomós. Is mór é luach-saothair an té sheasaidheann san úghaim faoi láimh an uachdaráin, agus nach leanann a thoil féin. Is fearr go mór beith faoi smacht chách, 'ná chách bheith faoi ár smacht-ne. Tá lán faoi chuing na hurrama, níos mó tré ríach- tanas 'ná tré grádh Déi; agus bídheann a léitheidídh so go déogh dorrdha doshásda: agus ní féidir dhóibh saoir- seacht inntinne dfaghail go bráth muna ngéillid go hiomlán air son Déi.
Rith annso agus ann súd: ní bhfuil suaimh- neas le fághail agat acht ann umhal- fhomós dod' uachdarán. Is iomhda duine a mealladh lé híomháighibh agus le haisdriughadh uadh ait go háit! Is fíor gúr mian leis gach aon deunadh réir a thola féin agus bheith ceanamhail air an té aonthaidheann d'á shlíghe. Acht, má bhídheann Día ann ár measg, ní fuláir dhuinn air uairibh ár mbaramhail féin do threigheadh áir son na síth-chána. Cía aga bhfuil cíall a dhóthain chum an uile nidhthe do thuigsin go hiomlán? Dá bhrígh sin, ná cur muiníghin tar fóir ad thuairim féin; acht éisd ga foighdeach le tuairim chách. Fág go bhfuil do tuairim go maith, gidheadh má tréigir í air son Déi, chum géilleadh do thuairim chách, is móide do luach- saothair uadh Dhía é. Chualadh go minich, gur fearr eis- deachd, agus cómhairle do ghlacadh, 'ná bheith baoth beul-luath ag teagasg chách. Bféidir fós do thuairim gach aon bheith maith; acht mar sin féin, is cómhartha uabhair agus anríantachda gan géilleadh an uair chidhmid fáth agus reusún leis.
10 CAIB. De chosc na teangan. Seachain luasgán leamh an tsaoghail, an oiread 'sis féidir leat; óir búairidheann gnótha saoghalta an ta- nam, gidh glan-inntinneach a mheasga- moid ionnta: óir truaillídhthear sin go hobann, agus gabhthár sinn a liontaibh na baoise. Is truagh líom nár choisg- eas mo theanga go minic, nó nár fhágbhas an chuideachda. Acht creud fáth a bhfuil an oiread so dúile a gcaint agus a gcómhluadar a chéile againn an tann nach bhfilleamoid chum ciúnais gan maslá mheirgeach ár gcogúis? Is é cúis, fá dtugamoid searc do chómhluadar a chéile, de bhrígh gur taitneamheach linn solás dfághail, agus ár gcroidhthe tuirseachá uadh ghnáth- mhachtnadh dfoilsiughadh dá chéile fá seach. Agus is ró-thoil linn labhairt air na nidhthibh d'á bhfuil gean againn, nó fós ortha so is mian linn dfághail, nó air aon nidh a samlaiddhthear dhuinn a thiocfadh annaghadh ár leasa. Acht faraor! is minic gur dímh- aoin ár ngnó: óir is gnath go
gcoisgcean an solás foirimiolach so suaimneas agus searc-chiúnas an anama. Dá bhrígh sin is éigean dhuinn bheith ag áirneun agus ag úrnaigh ionnas nách gcailfeadhmois ár naim- sir le dímhaoineas. An tann is ceadaidhtheach agus is riachtanach dhúinn la- bhairt, labhramois bríathra buidh- chraibhtheacha le chéile. Is íad ár ndroch-chleachta, agus faillígh ár leasa a thugann orainn gan srían a chur le ar dteangthaibh. Acht is mór chabhraidh- eann cómhluadar deagh-ríartha air nidhthibh spriodálta linn chum leasa ár nanama, go háirighe, an tan chómh- chruinnidheann lucht aon chroídhe agus aon aigne mar ghrádh do Dhía. 11 CAIB. De shaothrúghadh síthe agus díograis a leas ár nanama. Bhfeidir linn suamhneas agus síth-cháin aig- ne dfághail, dá mbadh áill linn gan sinn féin do bhuaidhreadh le gníomharthaibh chách, agus le nidhthibh eile nach mbaineann linn. Cionas is féidir do'n duine sin lonúghadh a bhfad a síth-cháin, a grea-
maidheann é féin a lúbaibh ghnotháighe chách; a loirgean ádhbhair buartha go foirimiolach, agus náth gcuimhnídheann acht go fánach, faillígheach air leas anama féin? Is beannadhthe lucht an chróidhe neamhroinnte, óir gheabhfaid iomad síth-chána! Creud é an fáth go raibh alán naomh chómh foirbhthe, fíorchuim- neach agus bhídear? De bhrígh go dtuga- dar iad féin air gach mian talmhúidh do smachthughadh agus uime sin do bféidir leo íad féin do thathúghadh uadh chroídhe go hiomlán le Dia, agus feuchain chúcha féin go saor-inntinneach. Act tá sinne fá chumhachtaibh ár ndroch-chlaonta agus ró aireach air nidhthibh soimthidhthe an tsaoghail so! Agus is annamh bheirea- moid buadh go hiomlán air an oiread agus aon dobháilc amháin, agus ní shamhlamoid dáríribh ann ár saothar, agus dá bhrígh sin támoid fúar failígheach a seirbhís Déi. Dá mbeidh ár cclaonta básaidhthe, agus ar gcroidhthe saor uadh chealg chol- lóideach na cholla, do bhféidir dhúinn go deimhin mílseacht na cráibheachta do bhlaiseadh, agus réimhfhios dfhághail air shúairceas na machtnadh neamhdha. Ní bhfuil nídh air bith is mó thoirmisceann agus chuireann air gcúl sinn, 'na sádhail
na colla; agus gan díthchioll a dheunadh air shiúbhal a lorg na naomh. Agus an tan theagmhaidheann aon annró dá lúghad linn, tuiteamoid a ndubrón ró- obann agus íaramoid solás uadh chreutu- raibh mar sinn féin. Da ndeunfa- mois dithchioll air sheasadh go cródha calma lá an catha: gan amhras chídh- feadhmois go dtabharfadh an tíghear- na uadh neamh cabhair dhúinn. Oir tá se ollamh go gnáth chumh cabhradh leis an muintir a throideann go cródha agus chuireann a ndóthchas uile 'na ghrásaibh: óir is minic thugann sé ocáidídh cátha agus cómhlainne dhúinn ionnas go mbéir- feadhmois buadh. Ma chuireamoid ár rían a slíghe na subháilcidh annsna hobaireachaibh foiriomalacha-so amh- áin, is gearr go mbéidh deireadh air ár gcráibheacht. Acht cuireamois faobhar na haithríghe le preumhaibh na locht, ionnas tre gearradh na gclaonta go sealbhóchamois ár nanama a síth- cháin. Da sgriosfamois amach aon ghas amháin dfhíaile na locht gach blíadhain, badh ghearr gur dhaoine foirbte sinn. Acht faraor! Is minic gur dhúthrach- taiche agus gur dheaghríartha sinn adtús ár mbeatha 'ná tar éis mor-chuidh
aimsire a chathadh fá chúingh na cráibh- eachta: badh chóir gur a dul a bfeabhas a bheidhmis, acht an ionad sin, is mór an maoidheamh linn má chomheudamoid ár gceud chaondúthracht. Dá dtug- amois sgathadh geur goineamhuil air ár gclaontaibh air dtús, thiocfadh linn gach nidh dheunadh na dhiaigh sin go socair so-mhéinneach. Is deacair dhuinn ár sean-chleacta do thréigeann: agus is docamhlaighe 'na sin dul anaghadh ár dtola dhílse féin acht muna mbeirir buadh air do chlaontaibh laga, cionas bhéirfir buadh air an- mhanaibh ata preumhaidhthe le fada a gceart-lár do chruadh-chróidhe? Seasaidh go dána anaghadh do thola féin air dtús agus bris slabhradh na ndrochleacht d'eagla é neartúghadh le haimsir agus nách dthiocfadh leat é bhriseadh fá dheóigh. Oh! Dá mbadh eol duit creud an tsíth-cháin shaothro- chádh dhuit féin agus creud an luath-gháir do chách tré bheith díadha deagh-iomp- chuir, ghlacfádh níos mó cúraim a leas t-anama.
12 CAIB. De Thairbhe an anró. Is tairbheach dhúinn buaireadh agus anró d'fullang: oir cuireann siad dfiach- aibh orainn feuchain chugainn féin go minic, ionnas go dtuigfeamois nách bhfuil ionainn acht díbirthich agus nách gcuirfeamois ár ndóthchas go hiom- lán ann aon nídh cruthaidhthe air dhroim na talamhuin so. Is tairbheach dhúinn cách d'ár gcrosadh air uairibh, agus drochthuairim a bheith ag daonibh asainn, gidh go mbeidh ár ninntinn deaghríartha agus ár ngíomhartha deaghórdaidhthe áir an am gceudna: oir is minic chabh- raidheann na nidhthesi chumh ár numh- lachta agus comheudaid sinn air ghlóir dhiomhaoin. Oir is móide thrialla- moid air Dhia, fíadhnaise inmhéodhanach ár smuainte, an tan bhímid fá dhroch-mheas agus fá tharcaisne go foirimiollac ag daoinibh. Dá bhrígh sin bádh cheart do dhuine é féin do chómnéartadh go foirbthe a nDia air mhódh nár ghádh dho com-pórd saoghalta d'íaradh go bráth. An tan buairidh- thear, nó cuirthear cathaidh, no cráidh-
tear le droch-smuainte an duine deaghmheinneach, ise is fearr thuigeann sé meud an riachtanais atá aige le Dia, óir ní féidir dhúinn aon deaghníomh do dheunadh gán comhnadh Dei. Is air an uairsi bhidheann a chroidh gho doilbh duairc agus d'árdaídheann a ghuth le tromosnadh ag íarradh cabhaire uadh'n anro ionn a bhfuil se. Is air an uair si bhídheann sé tuirseach d'á shaoghal: agus badh mhaith leis go dtiocfadh an bás d'á fhuasgailt ionnas go mbeidh se a bhfhochair Chríost. Is air an uair si mar an gceudna chidheann sé nách féidir suaimhneas noseas gaireacht iomlán d'fághail air an tsaoghail so. 13 CAIB. De chur anaghadh na gcatháidhe. An fhad mhairfeamoid air an tsaoghal- so, ní féidir dhúinn bheith saor uadh bhuaireadh agus uadh chatháidh: uime sin a deir Iób, "Is síor-chogadh beatha an duine air an dtalamh". d'a bhrígh sin badh cheart do gach aon bheith lán- fhaireach síorchúramach an úrnaidh- thibh d'eagla go bhfaghadh an diabhal,
(a ghabhann timchioll go ghnath air lorg na ndaoine chum iad do chraos- shlogadh) faill air a mhealladh. Ní bhfuil aon duine chómh ionraic agus chómh naomhtha sin, go mbeidh sé saor air fad uadh chathaidhibh na namhaide. Is minic gur tairbheach iad, gidh go bhfuilid lán-bhuartha dhuinn: óir úmh- láidhid, glanaid agus teagasgaid sinn. Is tre bhuaireadh agus chathaidh do b'éi- gionn do na naomhaibh triall air neamh, agus thuit an mhuintir air gcúl nár sheasaidh go cródha na naghadh, ionnas gur chailleadar grása Déi. Ní bhfuil aon staid dá naomhtha nó ait dá iargcúltha 'nach bhfuil fachain agus anró go léór. Ní bhfuil an duine saor air fad uadh chaithidhibh an fhaid bheidh sé a ngleann so na ndeór; óir is anainn féin tá tobar na gcataidhe, de bhrígh gur geineadh sin a bpeacadh. An tan chuireamoid dh'inn aon bhuaireadh amháin tagann an dara ceann le na shálaibh oruinn: agus dá bhrígh sin bídhmid a fullang uadh uair go huair, de dhruim ár neamhchiontacht a chail- leamhuinn tre choir ár sínsir. Is iomdha duine le'r mian teitheadh uadh chathaidhibh, a thuiteann níos domhaine ionnta: ní le teitheadh go haonaránach
is féidir linn buadh bhreith: acht is le foighide agus le humhlacht a neartaidh- thear sinn ós cionn ár namhad uile. Ní mór an tairbhe na chathaidhsi do sheach- nadh go foiriomalach muna smach- taidhthear na claonta go duthrachtach; oir filleann siad an ath-uair go práidhineach agus beidh a chor níos measa. Is a ndíaigh a chéile agus le foighide fíor- umhal ise is fearr a beirthear buadh, agus ní le foirneart fírnimhneach nó le buaireadh borb-éignioch na hantola. Le linn do chathaidh féin iar agus glac cómhairle go minic, agus ná bídh searbh seasgbhríathrach le cách ionna bhuair- eadh, acht labhair leis go carthanach, ceillíghe, reir mar badh maith leat cách a labhairt leat. Is a lughad ár ndóthchais a nDia, agus a neamhbhuaine ár gcroidhthe dfhásan na cathaidh so orainn. Oir do réir mar luasgann tonna lan-treuna na mara an long gan stiuir, mar an gceudna luasg- thar go hanshocair an duine faillígh- each focal-luath air thonnaibh borba na fachaine. Do réir mar tás- dáltar an tíarann ann sa teine, cuardáidhthear an duine iriseach a ngríosach na fachaine. Is minic nách fios duinn ár neart féin, acht
an uair thagann lá na cómhlaine foillsidhthear dhuinn creud is féidir linn a dheunadh. Gidhe ní fhulair dhuinn bheith ró aireach go háirighe adtosach an chatha; oir is forusa buadh bhreith air an namhaid air dtus sul a bhfaghann seilbh an anma, 'ná tar éis dul a bfeidhim an croidhe. Uime do chann an file Laidhine an ransa "Principiis obsta, serò mede- cina paratur.". Is é sin, "A dtús an ghalair na bídh mall; "Ní bhfuil bhrígh 'sa luibh nach faghthar a n-am". Oir air dtús tagann an smuaineadh go haonaránach: na dhíaigh sin meam- na mór-threun: agus fá dhéoigh taith- neamh agus tláchd na colna mar aon le aontadh na tola. Agus mar so ndiaigh a chéile a thógann an namhaid chealgach seilbh an anma muna seas- áidhthear go dána dían-chómhlaineach na haghadh adtosach na hiorguile. Agus do réir mar bhídheann duine faillígheach a n-aghaidh a chlaonta, is e théidheann se a laige go láetheamh- ail ionn fein, agus téidheann an námhaid
a neartmhaire a n-aghaidh. Teag- mhann air uairibh go nionsaidheann an anspiorad an dhuine a dtús a dheaghbheatha, agus air uairibh eile léigeann leis gan buaireadh air bith do chur air go dtagann galar an bháis. Agus air uairibh eile, leanann agus buairidheann sé an duine uadh am go ham air faid a shaoghail, acht tá daoine ann is lúghadh abuairidhthear 'ná cheile do réir chrionachta agus cheart- thola Déi, a mheádhann neart agus dual gach duine, agus reimhórdaidheann gach nidh chum sláinte siorruidhe a chlainne toghtha féin. Dá bhrígh sin ní ceart dhuinn tuitim an éadóthchas an tan thugan an diabhal fogha oruinn acht gúidhe go díoghrasach chum Dé ionnas gur dheónaidhtheach leis cabhradh linn ann ár gcómhlann, agus deunfadh Día, do réir naomh Poil, "a leitheid sin de chonradh ris an gcathaidh ionnas go mfeidir linn é iomhchar chum leas ár nanma". Umhlamoid dá bhrígh sin ár nanama fá láimh ann gach caith agus gach buaireadh: óir tabhar- fadh Día sláinte anama agus árd- chéim shíorruidhe don droing a tá úmhal-chroidhtheach. Is a gcathaidhíbh
agus a gcómhlannaibh a dearbhaidhthear caondúthracht an duine; agus is ionntaso gheibh se luach-saothair ró mhór, agus thaisbéunann sé sochar na subháilcidh níos soléire! Oir ní deacair do dhuine bheith díadha deaghórdaidhthe, an fhaid nach mothaidheann sé go foighi- deach fíor-úmhal anaghadh aimsiúghadh an Aidhbherseora, is dearbh mo thuairim go rithfidh leis a slíghe na subháilcidh. Is iomdha duine a rug buadh air chathaidhibh troma tréun- chómhlainneacha, agus a thuit go fann fa- raor! 'na dhíagh sin a gcathaibh suaracha: ionnas air mbeith umhal dóibh nách mbeidís mor-mheaseamhail ortha féin an tráth cídh siad creud a lughad a leagann iad. 14 CAIB. De Sheachaint breithe obainne. Iompaidh do shúile asteach air do chroídhe féin, agus ná beir breith air do chómharsainn; ag breith breithe air
chách imthigheann ar saothar gan tairbhe. Is minic go mbídheann ár dtuairim ancheart, agus dá bhrígh sin tuitea- moid a bpeacadh: acht ag breath- nadh agus ag feuchain air ár ngníomh- arthaibh féin is gnáth toradh air ár saothar. Is gnáth linn breiteamhnas a thabhairt do réir ár gcroidhe fein; agus uime sin dallaidhthear ár dtuigse tre mhear-ghrádh priobháid- each. Dá mbudh é Dia amháin searc sior-bhuan ár mian, ní ghlacfamois buairt air chrosadh ár dtuairime chómh-obann so. Acht is gnáth nídh éigin falaighthe ionn ár gcroidhe, nó ag teacht go foirimiolach a thar- raingeann leis sinn. Ta an iliomad aloirgeann íad féin ann gach nídh, agus, faraor! ní thuigid iad féin. Samh- laidh síad mar an gceadna go seasgair síothchánta, an tan ritheann an saoghal leo do réir a mían agus a mbreitheamhnais féin: acht má thui- teann aon nidh amach tar a dtoil is doirbh doshásta bhídheann síad! Is uadh chontrárdhachd smuainte agus baramhal d'éirgidheann go minic cómhbhuaireadh ameasg carad agus cómharsan, agas imreasán ameasg
na droinge fós a ghabh cuing chráibh- aidh ortha féin. Ní furas fean- nós do thréigeann, agus ní maith le haon duine dul níos sía 'ná thréoraidheann a thoil agus thuigsin féin é. Más mó do mhuiníghin as do thuairim agus t'imshniomh féin 'ná as na subháilcibh a chean- glann ort bheith úmhal d'Íosa Chríost ní soilseóchar go bráth thú le lonnradh na gréine síorruidhe; óir is mían le Dia sinn bheith úmhal dó fein os cionn an uile nídh agus searc agus taith- neamh ár gcroídhe go hiomlan do thabhairt dho. 15 CAIB. De obaireachaibh a deuntar tre charthanacht. Ní ceart olc do dheunadh mar gheall air aon nídh air bith, ná de dhruim ghrádh duine air an tsaoghal: acht air son duine bhoicht tá se ceadaidhthe air uairibh deagh-obair dfágbháil gan críochnúghadh nó do mhalartadh air obair éigin eile is fearr agus is mó rachfadh chum sochair
dó. Oír ní cailltear sochar an deagh-ghníoimh a gcás de'n tsamhail- so, acht malairtthear é air ghníomh is fearr. Gan carthánacht, ní bhfuil sochar 'n ár saothar, acht dá lúghad agus dá shuaraiche nídh a thagann linn do dheunadh, tre'n gcarthanacht tugann Dia toradh agus tairbhe air. Oir is mó thugánn Dia fá'n aire meud an ghrádh agus na dúthrachda le a noibridh- eamoid 'na an obair fhéin. Deunann an té sin go leor, a ghrádhann go leor: agus mar an gceudna, is mór sochar saothair an té oibrídheann le dúthrachd. Is tairbheach saothar an té thúgann rogha do'n maith choitcheann tar a thoil féin. Is minic chuireann an gean agus an grádh nadúrdha iompa cruth na carthanchda: óir is gnáthach linn maith do dheunadh, tré chlaonadh nadúrdha, tré antoil, tré shúil le leórghníomh, nó tré mhian ár sochair phriomháidich féin. Ní iarann an té agá bhfuil an charthanacht fhírinneach, a thoil ná a thairbhe féin ann aon nídh, acht glóir agus onóir Déi. Ní bhídheann formad aige le haon neach, de bhrigh nách áil leis a shásamh ná a sas- gaireacht féin: acht ós cionn an uile
nidh is mían leis bheith socair go sona a nDía. Ní chuireann mai- theas iomlán a leith aon chreutúra, act a leit Déi amháin, uadh srothann an uile mhaith, amhail caise uad'n dtobar, iona lonaidhid na naoimh amhuil 'na gcríoch ndeigheanach. Oh! Dá mbeidh ionnainn acht aon spré amháin de'n fhíor-carthanacht, thuig- feamois nách bhfuil a nidhthibh so- mharbhtha an tsaoghailso acht lóchán na baoise. 16 CAIB. De chuir suas le lochtaibh chách. Is ceart dhuinn na lochta nách féi- dir linn do leasughadh ionnainn féin nó a gcach d'iomchar go foigideach nó gur toil le Dia iad do chlaochlódh. Smuain, go mféidir gur chum do thairbhe do rachfaidís ag meu- dughadh d'foigide agus d'fhadfhullang; oir gan foigide is neamhbhrígheach do luach-saothair. Gidhe ní fulair
duit fá chathaibh de'n tsamhailsi guidhe go dúthrachtach chum Déi cabhradh leat ionnas go bhféadfádh a niomchar mar is cóir. Má bhídheann cách cómh dotheagaisg sin, agus gan do chómh- airle do ghlacadh fá dhó nó fá thrí, ná deun imreas leis acht fág fá Dhia é; ionnas go ndeunfádh toil Déi air an dtalamh d'ár b'eól maith do tarrang as olc. Muna féidir leat tú féin a leasúghadh do réir do thola féin, cionas is dóigh leat cách do tharrang chum do chómhairle do leanmhain? Badh mhaith linn cách do leasughádh a bheatha, agus ní leasaidhea- moid ár mbeatha mhíríaghalta féin! Badh mhaith linn cách do ghlacadh ár dteagaisgh agus ní maith linn coidhche cómháirle d'fághail! Ní thaithneann dúire nó dorántacht na cómharsann linn, gidh anrianta do theagaisg bhídhmid féin. Badh thoil linn daoine eile bheith cuibhridhthe fá smacht na dlíghe, acht ní mian linn aon chosg do chur orainn féin! As so is follas gur b'annamh mheadhamoid ár gcómh- arsa ann aon mheadh linn féin. Dá mbeidh gach aon go naomhtha neamh- lochtach, creud bheidh aguinn le ful-
lang uadh chách air son Déi? Acht feuch, isí so a thoil naomhtha ionnas go bfoglamómois ualaighe a céile d'iomchar: oir ní bhfuil saoi gan locht, ná duine air bith gan a ualach féin; ní bhfuil aon neach gan easba éigin fá leith; dá bhrígh sin is ceart dhuinn cabhradh agus cómhneartadh le chéile, teagasg agus cómhairle do tha- bhairt agus do ghlacadh fá seach. Acht meadhtar meud ár subháilcidh le meud na foighide le a bhfuillingeam- oid anró agus anacra; oir ní lag- aídheann an tanró sinn, acht foill- sídheann dhuinn creud é ár mianach. 17 CAIB. De bheatha Manaich. Ní fuláir dhuit gan do thoil féin do leanmhain má's mian leat bheith a síth-cháin agus a sochaidreamh le d' chómharsain. Ní súarach an nídh maireachtain a Mainistir, agus a gcómhluadar choitcheann a chéile gan
locht, agus seasadh dílis go bás. Is beannaidhthe an té mhaireas agus d'eugas fá chúing dheaghríartha na crábhaidh! Ma's áil leat seasadh go cródha agus dul air haghadh go cathbhuadhach, bí déimhnidhtheach nách bhfuil ionnat acht deoruigh agus dibhirtheach air talmh, agus gur b'éigeann dhuit triall air do chathair dhúthchais! Ní fuláir dhuit mar an gceadna, bheith sásda le meas ama- dáin bheith ort, más mían leat beatha ríaghalta do chathadh. Ní bhfuil acht suarachas a n-aibíd an mhanaich no a bhfolt-ghearradh an chléireich, muna leásaidhthear an bheatha, agus muna smachtaidhthear claon- ta cealgacha nna hantola. An té thogann cúing chrábhaidh air son aon nídh, acht le grádh dílis Déi ni féi- dir dho gan bheith duairc doshásda: agus fós ní bhéidh suaimhneas air a aigne muna númhlaidh sé é féin faoi láimh an uachtaráin gan ceangal air bith d'a bharamhuil féin. Smuain gur ghlacais aibíd manaich chum réir an uachtaráin do leanmhuin agus diúltadh dod' thoil féin; bíodh a fhios agat gur gairmeadh tú chum fad- fhullang agus fíorshaothair; agus dá bhrígh
sin nách ceadaidhthe dhuit bheith dímhaoin deaghlabhartha a seirbhis Déi. Uime sin is fá chuing na crabha dear- bhaidhthear sinn amhuil óir san dtealach agus ní féidir d'aon neach seasadh fá'n gcuing so, muna númhlaidh sé a chroídhe go hiomlán le díogras dúth- rachtach do Dhia. 18 CAIB. De dheagh-shómpla na n-at
arach naomhtha. Feuch air shómpla lonnrach na n-atarach naomhtha, a chaith a saoghal a bhfoirbheacht gach fírinne agus a saothar gach subháilce, agus chídhfidh tú creud é lughad a thagann linn do dheu- nadh. Fáraor! creud í ár mbea- tha-ne a gcómheas leó-san! Thuill na naoimh agas cáirde Chríosd neamh a n-ocras agus a dtart; a bhfuacht agus a loime; a nduadh agus a dtuirse; a n-áirnéan agus a dtrosgadh; a n-úr- naidhthibh agus a naomh-machtnadh; a ngeurleanmhain agus a mórán imdhear- gaidh. A! badh dho-fhuilinnte leatrom
na beatha a chaith na habstail, na Mairtírich, lucht admhaidhthe an chreidimh, na Maighdeana, mar aon le mílte eile a leann go díograsach lorg Chríosd: oir dfhuathaidear a mbeatha air an tsaoghal-so air son na beatha síorruidhe. O! badh dea- caireach agus badh chruaidh an saoghal a bhidh ag na hathaireacha naomhtha air an bhfásach! Badh gheur agus badh dhofhuil- inte a gcathaidhe a n-aghaidh na ná- mhaide. Badh mhinic agus badh dhíograsach agus n-urnaidhthe chum Déi! Badh mhór a dtrosgadh agus a dtreunas: badh mheis- neamhail agus badh fonnmhar a dteas- grádh a leas a n-anama! Badh chródha a gcómhlann a leasúghadh a locht; badh ghlan an aigne agus badh dhí- reach an mhéin, le'r leanadar réir Déi! Chaitheadar an lá a ndubh- obhair an óidhche a n-úrnaidhthibh; gidh nár chlaon a n-inntinn uadh úrnaidhthibh inmheadhanacha air feadh an laé. Chaitheadar a n-amsir go léir go tairbheach: badh ghearr leó, a bhídís a gcómhluadar Déi: agus tre mhór- mhilseacht na machtnadh ndiadha, dearmhadadar uireasbadha an choirp. Thugadar a gcúl le saidhbhreas agus
le so-ghradam saoghalta, le cáirdibh gaoil, agus fós le sochar agus le sádhail na beatha so; níor mhian leó aon nídh air an tsaoghal so; is le tuirse thugaidís do'n gcolainn na nidhthe badh riachtanac di. Bhíodar dá bhrigh sin bocht a maoin tsaoghalta; acht bhíodar saidhbhir a ngrásaibh agus a subháilcidhibh. Bhíodar a ngádh go foirimiolach; acht bhídear near- taidhthe go hinmheadhanach le grásaibh agus le solásaibh Déi. Bhíodar a n- aneólas an tsaoghail; acht bhídear a muintirdheas agus a gcaradas Déi. Shamhladar neamh-nídh 'na suilib féin, agus bhídear fá droch-mheas an tsao- ghail so: acht mor-luach, taithneamh- ach a shúilibh Déi. Sheasaidear a bhfírinne na húmhlachta, mhaireadar a símplídheacht an fhomóis, agus shíubh- ladar a so-chroídheacht na foighide agus na carthanachta: uime sin chuadar air a n-agaidh gach lá ann sa spio- raid agus a gcaradas dílis Déi. Tug- adh mar shómpla iad do dhaonibh cráibheacha an domhain: agus badh cheirte dhúinne bheith gríosaidhthe le na ndeagh-bheusaibh, 'ná lagaidhthe le droch-chleachtaibh na bhfuarchrábhach.
O! badh mhór é díogras na gcráibh- each a dtús a naomh bheatha! O! badh lonnrach a gcaondúthracht a n-úrnaidhthibh! Badh theann a dteas- ghrádh do na subháilcidhibh! Badh dhíograsach a ngean do'n ríaghail! Badh mhór a n-urraim agus a bhfomós do bhriathraibh an uachdaráin! Tais- beanann rian a ndeagh-shómpla, a mhaireann fós, gur dhaoine sár- naomhtha fíor-fhoirbhe iad, a throid go cródha agus gaibh de chosaibh ann-sa tsaoghal so. Anois meastar gur duine naomhtha an té nách dtuiteann a bhfeile-bheartaibh, agus d'fulainneann go foighideach an tualach a thóg sé air féin. Monuar! an staid fhaillígheach fhuar-chroídheach 'na bhfuil- eamoid-ne, oir is obann thuiteamoid ua'n dteasghrádh díograsach, ionnar thionsgnamar, air chor go bhfuilea- moid annois tuirseach d'ár saoghal tré leisge agus tré fuar-cráibheacht. Go ndeónaidh Dia sinn dhul air ár n-aghaidh, ionnas nách dtuitfeamois a neamh-aire 'na sheirbhís a thug beatha na naomh mar sómpla dhuinn le triall a mbealach ár leasa.
19 CAIB. d'oibreachaibh dhuine riághalta. Badh cheart do dhuine riághalta a bheatha do chathadh a dtaithíghe an uile shubháilce, ionnas go mbeidh a chróidhe cómh-fhreagrach d'á ghniomharthaibh, agas fos badh cheart do a chroidhe bheith níos dheaghriartha 'ná shamh- laidheann a dheagh-ghnúis; óir tá rosg ghéur-radharcach Déi ag amharc oruinn, agus bhadh chóir dhuinn uathbhás agus eagla d'ár nglacadh 'na láthair agus síubhal go neamh-chaidh an fhíaghnaise mar aingil árd-chéimeacha Déi. Badh cheart dhuinn ár rún diongmhálta d'athnúadhchain agus sinn féin do ghrío- sadh chum teasghrádh amhail gur b'é gach lá tosach ár naithríghe; ag radh "Cabhraidh liom a thíarna Dia, ann mo dheaghrún, agus déonaidh do ghrása do bhronnadh orm, ionnas go dtiucfadh liom tionsgnad uadh'n lá niu amach, óir is neamhnidh a ndearnas go nuige si". Beidh ár gcéim a slíghe
ár slánaidhthe do réir neirt ár ninntinne, deaghmhéine ár rún: agas ní faláir do'n te le'ar mian dul air aghadh, bheith lán-chúramach, cruadh-dhíthchollach 'na taisdeall. Oir má's minic theipeann misneach an té agá raibh rún daingion, creud thuitfeadh amach do'n té bhídh- eann lag-bhrígheach sothuiteamach 'na rún? Is iomdha slíghe air a mbris- eamoid ar ngeallamhna do Dhía; agus is suarach an fhaillídhe 'nár noibreachaibh sprioalta le a gcail- leamoid morán sochair! Is mó churaid na fíréin a muiníghin a ngrásaibh nDéi, 'ná a neart a n- eagna féin, óir isé Día dóith na bhfíreun ann gach nídh d'á dtógaid a láimh. Isé an duine an síoladóir, acht isé Día an fásadóir, de bhrígh nách bhfuil slíghe an duine air a chumas féin. Má leigeamoid dhinn air uairibh cuid de ghnáth-obair na craibheachtha air son na cómharsann, bféidir linn filleadh uirthe na dhiaigh sin, acht má thugamoid faillidhe innte tré leisge no air son dímhaoinis, is trom í ár gcoir agus is ro dhíoghbhalach do'n anam: is baoghalach fós tar éis
ár ndíthchioll nách dtiocfadh linn ár ndualgas do chómhlíonadh mar is coír. Gidhé is eígean dhuinn ár na- ghadh thabhairt air nídh eígin airíghthe fha leith agus seasadh go dána anaghadh na gcortha is mó fhríothchuireann ár leas. Ní falaír dhuinn sinn feín do dheaghriáradh agas do mhionsgrúdadh go foiriomallach agus go hinimeadha- nach, oír foghnaid air aon linn aslíghe ár slánaidhthe. Muna féidir linn bheith go gnath ag siór-mhachtnadh, badh cheart dhuinn go háirighthe air maidin nó am thrathnóna tamal do chathadh aig léirsmuaineadh. A dtus an lae bíodh rún daingion agat gan fearg do chur air Dhia; agus air theacht na hoidhche sgrúdaidh do chogús, agus fiáfraidh dhiót feín cionas d'iómcharais tú feín air feadh an lae; an rabhais cionntach ambría- thar a smuaineadh, nó angniomh, le'r thugais másla do Dhía nó don chómharsainn? etc. Ollmhaidh tu feín an aghadh chathaidh nimhneacha an día- bhail: Cur srían led' chraos, agus is furas duit na dhíagh sin anmhiana na colna do smachtadh. Ná bei-
readh an anspiorad go bráth dí- mhaoin ort; acht bí a léigheadh, no a scriobhadh, nó ag úrnaidhthe, nó a machtnadh, no ag deunadh nidh éigin eile a rachfadh chum tairbhe do'n choitchinne - gidheadh ann oibreachaibh iom- shaotharacha is ceart dhuinn bheith stua- ma; oir ní réightídheann dubhsglá- bhaidheacht leis gach aon. Ní ceart na nidhthe nách bhfuil coitcheann a dhéunadh go puiblígh; óir is fearr na dualgais áirighthe sin a chómhlíonadh ós ísiol. Acht na dearmad do ghnótha coitcheanna air son do thola féin do leanmhuin, gidhé is féidir leat, tar éis na nidhthe tá ceangailte ort do chómhlíonadh, má bhídheann aon aim- sir fá leith agat, filleadh air do mheanmhain agus do dheaghoibreacha priobháideacha do chómhlíonadh do réir do thola agus do thuigsiona féin. Ní féidir don uile bheith oireamhnach don uile ghnó, óir ní lia ceann ná ceard. Uime sin ta nidhthe níosa iondéunta air uairibh 'ná air uairibh eile, do réir iomadamhlachta na ndeaghníomh; óir bídheann cuid díobh taithneamhach air láethibh féile, tuilleadh air láethibh coitchionna, tuilleadh ann am an chatha,
agus cuid eile fós ann am síthe agus seas- gaireachta; tuilleadh ann am duáir- ceis agus dubróin, agus tuilleadh ann am lúthgháire an sa Tíarna. Timchioll na mór-fhéilidhe is cóir dhuinn ár ndeaghnósa d'athnuadhabh agus idirghúdhe na naomh d'impídh níosa dhúthrachtaiche. Badh cheart dhuinn ár ndeagh-rúna do dhéunadh uadh fhéile go féile; amhuil daoine ag triall air bhearnainn an bháis ag teacht chum féile na síorrúidheachta! Dá bhrígh sin tá sé ceangailte orainn sinn féin d'ollmhadh níos dhúth- rachtaighe, deagh-chómhluadar do chóimhéudh, agus ár ndualgas a chómh- lionadh níos géire, ann aimsir na caondúthrachta de bhrígh gur gearr uainn luach ár saothair d'fhághail uadh Dhía. Agas má's toil le Dia ár mbás do chur air cáirde, bídh a fhios aguinn nách bhfuilimid fós oll- mhaidhthe mar is cóir, agas nách fíuntach sinn fós le dul a seilbh na glóire a foillseochar ion-ainn air an aimsir cheapaidhthe; uime sin cuireamoid sinn féin a ngléus gluai- seacht ann aghadh iorguil an bháis. "Is beannaidhthe an seirbhíseach",
(ar an sosgeulaidh, naomh Lúcás) "a gheabhfas a Thigeana, an tan thiocfas sé, ag airneún; go firineach a dheirim libh, go gcuirfidh sé é ós cionn a bhfuil aige". 20 CAIBH. De grádh an uáigneis, agus an chíuinis. Loirg am iomchuibhe chum filleadh ort féin, agus smuain go minic air thabarthais Déi. Léigh níosa mhó air son cómhghuine, na chathadh aim- sire, agus díultaidh do leabhraibh ra- másacha: ghabhaidh tú aimsir do dhóithin chum deagh-mhachtnaidh, má tarrangair tu féin uadh'n séol cainte, agus uadh'n dúl mallaidhthe atá agat a gcómhluadar chách; mar an gceudna uadh'n dtaithneamh le a néisdeann tú sgéultaibh agus le gla- gaireacht neamhbhunasach. Thréig- éadar na naoimh badh cheannasaiche agus dob' oirdheirce, comhluadar na
ndaoine chómh minic is dob' fhéidir leo, agus thógadar mar rogha mairthin ós ísiol a bhfíaghnaise Déi, "chómh- minic is bhídhim a gcómhlúadar na ndaoine," (air Seneca) "fillim uatha níos lúghadh am dhuine." Is gnáth an sgéul ceudna aguinne tar éis an iomad cainte. Is furasa go mór an béul do dhúnadh air fad, ná gan dul tar fóir a gcómhrádh. Is furasa fan- mhain ansa mbaile, 'ná sinn féin do chosg air pheacadhaibh na teangaine a measg chách. Gidh b'é, uime sin le'ar mian tríall a mbóthar a leasa, ní fulair imtheacht mar aon le hÍosa a leataoíbh uadh'n sluadh. Ní bhfuil aon neach sáor uadh bhaoghal a gcuideachtain, acht an té dfhanfadh go toileamhuil ansa mbaile; ná saor uadh bhaoghal a gcomhluadar, acht an té ghrádhann an cíunas, ná saor uadh bhaoghal, a ríaghail, acht an té bheidh sásda le daoirseachd; ná saor uadh bhao- ghal ann árd-cheím, acht an té dfhogh- laimh bheith fómósach. Ní féidir d'aon neach bheith luthgháireach, acht an té aiga bhfuil
bhfuil cróidhe agus cogús glan. Gidhé bhídh neamheagla na naomh lán go cínte de naomh-uamhain an Tíarna. Gidh go raibh a mbeatha lonnrach le subháilcidhibh, agus neartaidhthe le grá- saibh, gidhé nior chailleadar a n-úmhlacht ná a naomh-aire ortha fein. Acht is uadh uabhar agus uadh andóthchas dfhásan seasgaireachd neamhnáireach na mallaidhtheoiridh, le a mealltar íad fá dheireadh. Ná geall seasgaireacht iomlán duit fein air an tsaoghal so, gidh gur duine díadha deaghórdaidhthe thu, nó díthreabhach díathoirbhaidhthe: óir is baoghalach duit air feadh do bheatha. Is minic gur mó baoghal na muin- tire air a mbídheann mór-mheas chách de dhruim an anndóthchais agus na mórdháile d'á dtugaid íad féin. Is fearr, uime sin, d'á lán gan bheith saor air fad uadh chatháidhibh, air eagla go nglacfaidís an iom- ad tádhbhaichd agus tóstail ionnta féin, agus go rithfidís a leataobh andiaigh sholáis na colla. A! is glan- chaoin cogús an té nach loirgeann lúthgháir shoghluaiste, ná cúram cail- leamhnach an tsaoghail so. A! is iomdha síth agus suaimhnios aigne sheal-
bhaidheann an té thugann drúim láimhe le buaireadh baoth na beatha sa, agus chuireann a dhóthchas go hiomlán a nDía. Ní fíu an té nach mblaiseann searbhas na naomh-chómhguine, ibheadh de mhilseachd na solás neamhdha! Má's mian leat do chroidhe do ghrío- sadh chum cómhghuine, téidh asteach an do sheómra uadh chollóid an tsaoghail, amhail mar deir an sgribhinn dhíadha; "Bidh sibh cómh-ghuineach ionn bhur seómraibh," iodhon, dubrónach tré bhúr bpeacadh, ghéabhair an do chíllín an nídh is gnáth leat do chailleamhuin amuigh. Má lonnáidheann tú an do chillín tabhairfir taithneamh dhó, acht muna ndéunair taithídhe dhe, glac- fair gnás agus fuath dhó; acht má thaithídheann tú air dtúis fanmhuin an do sheómra beidh se agat na dhiaigh san mar charaid dhílis d'á dtabhair- fir taithneamh agus síor-ghrádh! Is a nuáigneas an chíunais a théidheann an tanam air aghaidh, agus dfoghlamann bríathra bríghmhara an scriptíura. Is ann shileann sé frasa diana deór le a nionlaidheann é féin gach oídhche, agus le a ndéunann caradas le 'na cruthaidhthéoir níos dúthrachtaiche do réir cíantachda na slíghe idir é
féin agus an saoghal: óir tiocfaidh Dia mar aon le'n aingiolaibh naomh- tha a gcómhluadar an té, thréigeann a cháirde agus a chaoin-ghaoil air a shon! Is fearr staid an té, cheileann agus do chómhdhúnann é féin a- stigh ag thabháirt aire d'á anam, 'ná an té téidheann amach fá'n saoghal ag déunadh míorbhuilídh agus thugann faillíghe a leas anama féin. Is ró ionmholta a nduine ríaghalta, dul amach go hannamh gan bheith dúl- mhar a gceachtar díobh, .i. cách dfheic- sin, nó íad d'a fheicsin. Créud fáth gur mían leat na nidhthe dfheic- sin nách féidir leat do sealbhadh: "óir tá an saoghal so ag imtheachd tarainn agus a chlaon-mhíana" (air naom Eoin). Brosdaidheann sáidhile na mían amach tu, acht an uair thagann an tam, air ar ceart dhuit filleadh, creud thugann tú leat acht croidhe scartha agus cogús tuirseach tre throm-ualach do mhighníomh! Is minic fhilleann go trom-chroídheach an té d'imthigh go lúthgháireach, agus is minic leanann maidion bhrónach, óidhche shúgach! Oir síleamoid gur taith- neamhach gach lúthgháir na colna; acht is searbhas agus síor-bhás is chríoch
air. Créud is féidir leat dfheic- sin ann aon áit eile nách bhfeiceann tu ag baile? Féuc neamh agus talamh; agus na dúile go huile; óir is asda so cruthaidheadh gach nídh eile. Créud is féidir dsheicsin ann aon áit a lonaidheann a bhfad air druim tal- mhain? Bfhéidir go measann tú sá- samh agus síor-thaithneamh dfhághail asda, acht gan amhras ní thiocfaidh san leat air feadh na beatha so. Dá mb'fhéidir leat radharc na cruinne dfhághail d'aon amharch, creud bheidh ann uile acht sileadh suarach neamh- thairbheach? Dá bhrígh ardaidh do shúile agus do chroídhe chum Dei uile- chumhachtaich, agus síor-ímpidh air maitheamhnas uadh pheacadhaibh agus uadh chlaontaibh. Fág éigcíallachd an tsaoghail so ag daoinibh díthchéillidhe, agus tabhair aire aitheanta Déi do chómhlionadh. Dún amach gach nídh eile uadh chroídhe, agus gairmaidh go héigineach air do chaoin-shearc Iosa theachd fad' tharmoin. Fan an fho- chair go caomh-chumannach ann do chil- lín, óir ní féidir dhuit cuideachta is fearr dfhághail ann áit air bith eile. Da mb'áil leat gan bheith ag rith
amach, agus ag éisdeacht le ráidhmhéis éitheich, ní chaillféadh suaimhneas taigne: acht óf mian leat cluas do thabhairt do sgéulaibh seanbhan sgith- bhéulacha, ní hiongnadh thu bheith faoi thrioblóid agus faoi bhuaireadh inntinne go minic. 21 CAIB. De chómhghuin Chroídhe. Má's mhian leat dul air aghadh ann do dheaghrún, bíodh eagla an Tíarna ort, cur srían led' cheadfadhaibh agus ná bídh tugtha do gháirdheachas óin- mhideach. Tabhair tu féin air chómh- ghuin croídhe agus gheabhfadh tú caondúth- racht; óir osglan an chomhghuin an tslíghe do mhórán maithise, a caill- tear go hobann le guagaireachd! Is ró iongantach aon duine bheith lúthgháireach ansa mbeatha so, a smuaineann agus mhachtnaidheánn air a dhíbirtheachd uadh na bháile dúthchais, agus air ghuaisibh géura goimheamhla a anama! Is tré luaimneachd croídhe agus tré easba machtnaidh air ár
míbhéusaibh féin, nách mothaidheamoid dúairceas agus dubrón ár nanama; óir is minic gáireamoid go súgach, an uair is mó ar gcúis ghola. Dá bhrígh ni bhfuil saoírseachd chroíde ná lúthgháir anama le faghail gan eagla Déi mar aon le cogús glan! Is sonadh an te lé'ar féidir gach toir- measg talmhúidhe do theilgean uaidh, agus é féin do tháthadh go dlúthchumannach le Dia! Is sonadh an té le'ar féidir é féin do sgaradh leis gach nídh, tre a dtrúaillidhthear an cogús! Seasaidh go cródha: búaidh- tear air nós, le nós eile. Léig do chách, agus léigfidh cách dhuit. Ná measg thu féin angnóthaibh nach mbaineann leat, agus go mór-mhór seachain bheith ag cur asteach air uachtaránaibh. Comheud do shúil go háiridhe ort féin; agus tabhair aire tu fein do chómhairlíughadh go sonn- rach tar gach caraid d'a dhílse. Ná glac buairt tré gan bhéith faoi mheas nó faoi mhacnais ag cách; acht bíodh doilgheas ort, tré gan tu féin d'iomchar go carthannach, ceillidhe, amhail badh cheart do sheirbhíseach dílis Déi. Is minic gur fearr agus
gur tairbheiche do dhuine bheith air uireasba só agus seasgaireachda na beatha so, go mór-mór an chuid dhíobh a méudaidheann teasbach na colna. Gidhé is sinn féin is cion- tach gan só agus seasgaireachd neamh- dha do mhothadh níos minice: de bhrígh nách íaramoid cómhghuin chroídhe agus nách dteilgeamoid uainn go hiomlán gach sásamh suarach foiriomiolach. Admhaidh uadh chroídhe nach fíu thu milseachd na solás neamhdha do bhlaiseadh, agus nách dtúlleann tu acht buaireadh. Ní bhidheann meas ná dúil a lóchán an tsaoghail so aig an té mhothaidheann suairceas ná cómh- guine; óir fuathaidheann sé saidh- bhrios soghluaiste na beatha táire so. Tuigeann an deaghdhuine go bhfuil gnáth-chúis deór agus dubrón aige, óir gidh bé mhachtnaidheann air féin, no air a chómharsain, chídheann nach bhfuil aon duine air talamh gan a chodrama féin de'n annró! Agas dá ghéire bhreathnaidheann sé is é is mó a dhoilgheas fá neamhaithríghe na ndaoine. Is fáth fírinneach ar ndubróin agus ar ndoilgheis croídhe méud ár gcortha agus ár míghníomh
tré gceangaltar síos eitídh na meanmaine, ionnas nách féidir linn machtnadh air ríoghacht ró-áluinn na bhflathas! Dá smuainfádh air an mbás chómh minic is smuaineann tú air shaoghal fada, ní bhfuil amhras nach ndeunfádh do bheatha do leasadh níos díograsáiche: agus dá ndéunfádh geur-mhachtnadh air phiannaibh do- fulainte ifrinn nó phurgadóra, measaim, gur lúthgháireach leat duadh agus dubhobair na beatha so dfhulan go foíghideach air son na siorrúidheachta! Acht de bhrígh nách dtéidheann na smuainte si do'n gcroídhe, agus go dtugamar gean agus grod-ghrádh do'n tsaoghal so, támoid fós fuar fail- lígheach a leas ár nanama. Is minic gur tré easba meanmaine ghear- ánann an colan dhona air bheagán cúise: uime sin, guidh ar dtiarna go dúthrachtach, spioraid agus meanmain na comhghuine do bhronnadh ort: ag rádh mar aon leis an fáidh ríoghamh- ail, "Beathaidh me, a Thiarna le harán na ndeór, agus tabhair dham ól d'uisge na ndeór go farsuing."
22 CAIB. D'anacrachd an duine. Táir anacrach, gidh b'é áit ionn a bhfuilir, agus gidh b'é taobh air a niompóchair thu féin, muna níom- paidhir air Dhia. Créud fáth bhfuilir duairc doilbh-chroidheach an tan nách ritheann an saoghal so leat do reir do thola: cá bhfuil aon duine air a lántsásdacht ansa nuile nídh air dhruim talmhain? Gan amh- ras ní bhfuilir se ná mise amhla, ná aon duine eile annsa domhan gidh go mbeid na Phápa nó na Rígh. Cía, uime sin, is mó sonas air an tsao- ghal so? Gan amhras an té lé'ar mián an uile nidh dfulann air son Dei. Is minic deireann daoine laga leóntacha an tsaoghail so: "Féuch gur saidhbhir sár-chumhach- tach tá an té so agus an té súd"; acht tabhairse aire do shaidhbhreas síor- áluinn na bhflathas, óir tá saidhbhreis an tsaoghail dimbuan do-íomchair, de brígh nách féidir a sealbadh gan duadh agus díaneagla a gcaillte!
Ní uadh iomadamhlacht ár saidh- bhreis is ceart ár sonas do mheas; óir is leór dhúinn cathadh, agas fa- ghail. Go firinneach, is mór an anacra a bheith air an tsaoghal so. Oir an mhéud is mó is mian le duine leas anma do dhéunadh, ise is mo tugthar míthaithneamh do shearbhas na beatha so; de bhrígh gur fearr thuigeann sé agus gur soléire fheiceann sé lochta lán-trúallaidhthe an chine daonna. Is fíor gur mór an ta- nacra agus an tamhgar le duine diadha lé'ar mian saoirseachd agus searc-rún na naomh, bheith ag ithe agus ag ól, ag codladh agus ag dúsgadh, ag obair agus ag cómhnuidhe agus faoi ualach throm na nadúire daonna ann gach riachtanas eile a leanann de. Oir geur-mhothaidheann an duine in- mheadhnach muirior mursanta an choirp ag éiliughadh air go grod gáibhtheach air feadh na beatha so: agas uime sin ghúidheann an fháidh ríoghamhail go teasghrádhach chum Dei, é féin dfhuascaladh uadh an ngéibhionn iona raibh, "A thíarna fuascail uadh m'anacra me" (Psailm xxiv. xvii.). Is mairg
do'n té, do nách fios a anacra féin, agus is ró mhairg do'n te a ghrádh- ann an bheatha anacrach thruaillidhthe so. Oir faraor! tá mórán chómh- ceangailte sin de'n tsaoghal so, gidh gur díthcioll doibh iad féin do chothadh air a ndéirc, gidhe da mb'fhéi- dir leo maireadh go bráth, badh shuarach a mbeann air ríoghacht na bhflathas! Ó, a dhaoine dithchéillidhe díthchreidmhacha ionn bhúr gcroidhthe, a tá chómh doimhin sin múchta a láib na locht, nách féidir libh gean do thabhairt d'aon nídh acht do mhíanaibh marbhthacha na colna! A! na truailleanaich bhochta! chídhfid fá deóidh go tromchroidheach, táir agus tarcaisne na nidhthe so d'á dtuga- dar grádh, agus lé ar chaillidear an bheatha shíorrúidhe! Ní mar so do naomhaibh Déi agus do cháirdibh caomh- chumannacha Chríost, a thug fuath agus míghreann air sháimhrígheacht na col- na agus air mhór-meas na bheatha-so, agas lean go lán-dóthchasach lorg na beatha síorrúidhe. d'árdaidhea- dar a gcroidhthe go minic chum saidhbhreas síor-bhuan na bhflathas, d'eagla ghrádh an traoghail d'á
dtarang chuige féin. A dhear- bhráthair ionmhuin, ná caill do mheis- neach, ní deaghanach fós é, ní bhfuil an uair fós imighthe thart ionn ar féi- dir do bheatha do leasadh agus tanam do shlánadh. Créud fa gcuirir do leas air cáirde uadh lá go lá? Eirigh suas as suan na locht, tons- gnaidh aso amach; agus abair leat féin; "anois am na hobaire, anois uair an chómhraic, anois is cuibhe dham mo bheatha do leasadh". Oir isé lá an chatha, lá an luach- saothair do thuilleadh. Is éigion dhuit gabháil trí theine agus trí uisge, sul a dtagair chum suaimhneis. Mu- na seasáidhir go dian-chómhlainneach ann aghaidh do thola féin, ní féidir dhuit buadh air do chlaontaibh! Ní féidir dhuinn bheith lán-tsaor uadh an bpeacadh, ná fuascailte uadh thuirse agus anshásdachd, an fhaid is mhairfeamoid ansa gcorpán sua- rach sothuitimeach so. Badh gheal linn bheith saor uadh an anachra so: acht de bhrígh gur chailleamar ar neamh- chíonntacht tre thuitim a bpeacadh, chailleamar mar an gceadna ár sonas fírinneach. Ní fuláir dhuinn,
dá bhrígh sin, bheith foighideach fo- rasda ag feitheamh le trócaire an tíarna, go mimthigh an amsir so an ancheirt tarainn, agas go sloigthear súas an tsomharbhthacht sa leis an mbeatha ndomharbhtha. A! is so- thuitimeach agus is claon do'n olc an duine! Aníudh admhaidheann tu do pheacaidh, agus amárach tuitir ansna corthaibh ceadna! Anois bídheann aigné agad bheith air taireachas, agas agceann athaid aimsire, déu- nair amhail is nár ghabhais an rún san ríamh! Is ceart dhuinn, dá bhrígh sin, bheith úmhal neamhustarach asainn féin, ó cídhmid ár laige agas ár leóghantachd féin. Is obann a cailltear le faillídh, a bhfuaramar de ghrásaibh, le duadh díanfhada! Créud thiocfadh dhínn a ngeimhre goimheamhuil an bháis, má chailleamoid ár dteas- ghrádh chómh-lúath so an earrach árd- mheisneamhail na hóige? Is mairg dhuinn, má támoid air inntinn sgur uadh obair, amhail is go bhfuil ár saothar críochnaidhthe agus ár sithcháin déunta, an tan nách bhfoillsidheann ár gcómhluadar aon chómharta cinte
air ár naomhthacht. Is ró mhór, dá bhrígh sin, ar ngádh le athchómhairle amhuil nuaidhfheinidhe, a ndeighbhéus- aibh, ionnas go dtiocfadh linn ár mbeatha do leasadh agus ár ndro- chleachtadh do thréigeann. 23 CAIB. De smuaineadh an bháis. Is gearr nách fulair dhuith bheith ag imtheacht; féuch, uime sin, cíanós sheasaidheann tu a láthair Déi: bídh- eann an duine annso aniugh, agus amárac imthidheann gan tuairisg! Agas ní túsga tógthar as ár radharc é 'ná shleamhnaidheann mar an gceadna as ár gcuimhne! A! is murtill mear- dhána croídhe an duine, a smuain- eann go haonaránach air an tsaoghal so, agus nách bféuchann roimhe air an tsaoghal atá le teacht! Badh cheart dhuit bheith chomh-aireach ann do smuain- tibh agus do bhríathraibh is dá mbeidhfádh le bás d'fhághail gan mhaill. Ní bhídheann imeagla an bháis air locht an chógúis ghlain; óir is fearr do
neach teitheadh uadh an bpeacadh 'ná bheith faoi eagla an bháis. Muna bhfuilir ullamh aniugh, cionas bhéir amárach? Faraor! Is annamh ghnídh saoghal fada níos fearr sinn, acht is ro mhinic mhéudaidheann se ár gcor- tha! Is truagh nár chaitheamar aon lá amháin d'ár saoghal mar badh chóir! Is iomdha duine áirmhídheann blíanta a gcómhfhilleadh air Dhia: acht is minic gur suarach a rian a mbealach a leasa. Gidh gur scan- ramhail an rud an bás, b'fhéidir gur guasachdaíche maireadh níos sía. Is beannaidhthe an té ag á mbídheann uair a bháis go cinte os cómhair a shúl, agas d'ullmhaidheann é féin go laetheamhail a naghaidh uáir an éuga! Má bídhis ríamh a láthair báis aon duine, cuimhnid nách fuláir dhuit féin triall san gconaire gceadna. Air maidin, smuain go mb'féidir dhuit bheith marbh faoi'n oidhche; agus air theacht na hoidhche, ná geall dhuit féin éirghe an lae. Bídh ullamh, dá bhrígh sin, gach am, agus leasaidh do bheatha, ionnas nách dtiocfadh an bás gan fhios ort. Is iomdha duine
fuair annbhás obann: "Oir tioc- faidh mac an duine air an uair nách mbeidh súil leis;" agas monuar! beidh atharaghadh smuainte agat air ar chaithis ded' shaoghal, agas béir duairc, dubrónach dtaobh d'aimsire scapadh go fuar faillidheach mar rinnis. A! is sona, sáirchíallach an té mhaireann anois air an módh ionnar mhían leis bás d'fághail: óir is dual deaghbhás do'n té, ag á raibh an saoghal sa fá tháir agus fá tharcuisne, ag a raibh teasghrádh na maithise, agus na mór-ghaoise: - thug é fein air aithríghe, air umhlacht agas air thóil-éimhdeidh; - agas dfhullann gach anacra go foighideach forasda le grádh do Chriost. Is féidir leat mórán maithise do dhéunadh an fhaid táir deaghshláin- teach; acht is baoghal liom, an tan thiocfas lá an ghalair, gur suarach a mbéidh air do chumas. Is bheag a leasaidheann ambeatha tré thinneas, agus mar an gceadna, is annamh fearshiubhail sáir-naomhtha. Ná cuir do mhuiníghin ann do cháirdibh no ann do chómhgus, agus ná ta- bhair faillídh a leas tanama, óir dearmhadfaidh do chómhghaoil tu níos
túisge 'ná shíleann tú. Is fearr duit féuchain rómhat, agus lón ná síor- ruidheachta do saothradh, 'ná bheith ag brath air chongnadh chách tar éis do bháis! Muna bhfuil aon bheann agat ort féin anois, cía ag a mbéidh beann ort na dhíaigh so? Ní bhfuil uain is mór-luaiche 'ná an uain laith- reach: "anois tá laethe an tslán- aidhthe;" anois tá an uain iom- chuibhe. Acht is mór an tuar eugcaoine agus dubróin, nách gcaithir an aimsir so níos tairbheiche, le ar bhfèidir dhuit lón léir-áluinn na bhflathas do thuilleadh! Tiocfaidh an lá, ionna dtabharfádh an chruinne, air aon uair amháin aimsire na haithríghe; agas faraor! ní fiosach dham nách éimdhidhfidh tú! A! a chuisle mo chroídhe, is mór an ghuais uadh ár féidir leat anois tu féin dfhuascailt: tá sé air do chumas anois tu féin do shaoradh air eagla agus air uamhain an bháis, le bheith eaglach air feadh do bheatha, agus gan aon nídh do dheunadh a mhéudóchadh uathbhas an éuga. Déun díthchioll anois do bheatha do leasadh, ionnas gur mhó fáth do luathgháire 'ná tuamh-
aine ann uair chritheaglach an éuga! Díultaidh do'n tsaoghal anois, ionnas go mairfádh iar mbás mar aon le Críost. Smachtaidh do chorp anois le sgiursa na haithríghe, ionnas go mbeidh dóthchas bríghmhar agat lá leóntach na breithe. A! a dhuine gan chéill, créud fáth gcuimhnídheann tú air shaoghal fada, an tráth nách deimhneach tu d'aon lá amháin? Nách iomdha duine aga raibh súil le raé fhada, a mealladh go cailleamh- nach, agus a sladadh as a shláinte? Nách minic chualais gur marbhadh an té so agus an té súd le faobhar cloidheimh, gur bádhadh duine eile a lár na linne, gur thuit duine eile le faill agus gur briseadh a chnamha; gur éug an téso air chlár an óil agus an té úd air chlár na himirte; gur loisgeadh tuille air a leabachaibh, gur sgriosadh móran eile le plá- ghaibh, agus go bhfuair na mílte bás obann faoi anfhorlán foghluidhthe! Uime sin isé an bás críoch na beatha agus ritheann saoghal an duine go hobann amhuil sgáile. Cía agá mbéidh cuimhne ort iar mbás; agus cía gúidhfeas ort?
Déun anois, a dhíanghrádh, an mhéud is féidir leat, óir ní fios dhuit ciathan d'éugfair, ná creud thioc- fadh dhíot tar éis do bháis. An fhaid tá uáin agat, cnua- saidh saidhbhreas dochaillte na bhflathas; tabhair tu féin air shlá- nadh an anama, agus ná cuir suim acht a réir Déi amháin. Anois deun carada dhuit féin a measg na naomh, tabhair urraim agus onóir dóibh, agus lean an sompla dfhágadar agat, ionnas an uair theipfidh an saoghalsa ort, go nglacfaidis asteach tu an áras bhithbhuan na bhflathas! Mair anso amhuil oilethreach cómhthígheach a thugann druim le cúraim an tsaoghail so: comheud do chroidh saor, agus árdaidhthe súas chum Déi, de bhrígh nách bhfuil cathair chómhnaidhtheach anso agat. Cuir rómhat go láetheamhail túr- naidthe mar aon led'osnadhaibh agus led' dheoraibh, ionnas go mb'fhíu tú danam do dhul go sona, seunmhar a láthair an Tíarna. Amen.
24 CAIB. De'n bhreith dhéighanaic, agus de throm-dhíoghaltas Dei air an bpeacadh. Ann gach nídh féuch chum do chríche, agus cionas is féidir dhuit seasadh a láthair an chruaidh-bhreitheimh, d'ár léir na huile nidhthe, nách nglacann breab nó leithsgéul uadh aon neach, acht a thabhairfidh breith do réir chothroim an cheirt. A! a pheachaich bhoicht dhíthceilléidhe! a chritheann go minic a láthair do chómhchréutura air a mbídheann fearg, créud é an freagra thabhairfir air Dhía, agá bhfuil fios do locht agus do mhíghníomh? Créud fáth nach bhféuchann tu rómhat ann aghaidh lae na breithe, an tráth nách nglacfar leithsgéul ná leór- choghnamh chách air do shon: óir beidh gach aon air a dhíthchioll ag frea- gairt air a shon fein? Air feadh do bheatha, tá do shaothar torrtha- mhail, do dheóra taithneamach, d'os- náidhe annéisdidhthe, agas do chróidhe- bhrúdh leór-ghníomhach! Is foláin
fior-éifeachtach Purgadóireacht an duine fóighdeich air an tsaoghal so; air a ndéuntar éugcóir agus ghearán- ann níos mó a dtaobh pheacadh chách, ioná a dtaobh a dhíoghbhála féin, a gúidheann air son a namhaide, agus mhai- theann uadh chroidhe a chionnta; nách gcuireann air cáirde maitheamhnas d'iaradh air chách; a coraídhthear níos éusgaidh chum truaghmhéile 'ná chum díoghaltais; agus d'imireann dían- as air féin ag claoidh na colna fá smacht iomlán na Spioraide. Is fearr go mór ár bpeacaidh d'imrúagadh anois, agas ár gclaon- ta do smachtadh, 'ná íad bhréith linn a lathair Déi fá thróm-sgíursa a díoghaltais. Gan amhras mealla- moid sinn féin tré mhearghrádh an- mheasardha na colna! Creud eile, acht do pheacaidh a losgfear a dtreun-theine na bpian? Do réir mar léigeann tú srían anois led' anmhíanaibh, agas leanann tú toil na colna isé bheidh troimeachd na bpían agus teas na teine air an dtaobh thall. Ansna nidhtibh ionnar mó pheacaidh gach aon, is ionnta, is mó pianfar é. An súd beidh an duine
leisgeamhail lorgánta dá ghéur- ghonadh le bearraibh birnímhneacha, agas an glothaire craosach dhá shnaidheadh le tart agus ocras: an drúiseach drochbheartach lán de smúitcheó síor-loisgeamhuil raimhe: agas an tnúthánach taobh-thruadh amhuil onnchú chúthaich ag úalfartaigh le géire na ngrodphían a himir- thear air, air leacaibh loma lois- gineacha san ifrinn. Ann súd, ní bheidh dubháilce gan doghruin fá leith; beidh an duine uaibh- reach, árdaigeantach lán d'aithis agus de náire, agas an duine santach dhá chéusadh le dían-easba dochraideach gan súil le faosamh. Ann súd, is guirte, ghéire, ghráineamhla aon uáir amháin ag fulann na nillphían úd, ioná céud blíadhain air an tsaoghal sa faoi iarsma gach trom-aithríghe. Ní bhfuil osadh ná ionfhuaradh le fá- ghail aig an ndrong ndamanta ó'n am dimthíd amach tré bhearnain an bháis; acht ann so, is minic gheibhid suaimhneas uadh shaothar, agus sár- luathgháir tre chómhluadar a gcarad. Anois gaibh fuadar fíordoilgheas a dtaobh do pheacaidh, ionnas go
dtiocfadh leat bheith an aoibhneas árdchéimeach na naomh, lá an bhreith- eamhnais: "óir an tráth sin seas- faidh na fíréin go lánmhisneamhail an aghaidh na droinge a chráidh agas a chreachruathair íad." An lá úd, tabharfadh, an té so breith air chách, a ghéilleann go húmhal do bhreitheamh- nas chách anois. An lá úd, béidh an duine bocht, úmhal-chroídheach lán de neart agus de dhóthchas, agus an duine uaibhreach faoi imeagla air gach leath. An lá úd a foillséochar cíall agus críonnacht an té bhídh faoi tháir agus faoi tharcuisne ansa tsaoghal so air son Chríost. An lá úd, beidh gach duadh agus doghruin, a fuilin- neadh le foighide, taithneamhach, agus "druidfir le chéile beul gach an- cheirt." An lá úd beidh luathgháir agus gáirdeachas air an nduine ndía- dha; agus beidh an neamhchráibheach gruama goirgeach! An lá uid, beidh an cholan, a crádhadh le geuraithríghe níos chaithréimighe 'ná dá mbeidh sí d'á sáir-bhíadhtha le áilleact gach aoibhneis air feadh a beatha. An lá úd, beidh an aibíd lom-chaithe go lonnrach lánmhaiseach, agus eudaigh
míne, mórchosdais, gan mheas. An lá úd, beidh an bothán bocht níos ionmholta 'na an grianán oirdheirc árd-aobhinn! An lá úd, beidh torra air an bhfhoighide, agas cumas claonbheartach go annbhfannach; beidh úmhlacht úiríosal go ceannasach, agus gliocas ceardeamhail an tsaoghail so go tarcaisneach, táirmheasa- mhail! Beidh fear an chogúis ghlain níos luathgháirighe 'ná an t-ollamh tóstalach, a chuir a leas air cáirde le cíocras foghlama! Beidh dímheas gach saidhbhreis níos toirteamhla, 'ná maoin agus mórfhághaltas na saogh- altánach go huile! An lá úd, is mó an suairceas leat cuimhniughadh air a ndúbhrais d'úrnaidhthibh, 'ná air ar ithis de bhiadhaibh soineamhla, sochaithte air feadh do bheatha! Agas is mó do luathgháir de dhruim bheith ciúin, cneasda, ioná dá mbeidhfádh cain- teach, cómhluadrach. An lá úd, is mó an meas bheidh air deaghobair- eachaibh, 'ná air bhríathraibh blasda, beagmhathasacha; agas is mó an taiteas do neach féuchain tar ais
air bheatha dheaghriartha, 'ná aoibh- neas na cruinne! Foghlaim anois saothara suaracha an tsaoghail so dfhulann go foighid- each, ionnas go saorfaidh thú uadh throm ualach na nill-phian air an tsaoghal eile. Feuch anois air feadh na beatha sa, créud is féidir leat d'iomchar tar éis do bháis: agas muna bhféadair beagán d'fhu- lann anois, cionnas thiocfadh leat pianta síorruidhe Ifrinn d'fhulann air an dtaobh thall? Gan amhras ní féidir duit bheith seasgair sáir- shólásach annso, agas sona, síor- cómhnaidhtheach mar aon le Críost ann súd. Créud d'fhóghnfadh gradam agus gnáth-aiteas na beatha so dhuit, dá mbeidhfádh le bás d'fhághail anois? Is baosradh, dá bhrígh sin na huile, acht grádh agus searc-riaradh Déi amháin. Oir ní eagal do'n té ghráidheann Dia le na chroídhe go hiomlán, bás, ná breitheamhnas, na fós teine threun Ifrinn; de bhrígh go nosglann searc-ghrádh Déi an tslíghe go ríoghacht na bhflathas! Acht ní iongna, faraor! go mbeidh
an té thugann taithneamh do'n bpea- cadh, im-eaglach roimh an mbás, agus an mbreitheamhnas. Gidhe muna gcoisgidh tú ó'n bpeacadh le grádh do Dhia, is maith, an chuid is lúghadh dhe, cosg ó'n olc le heagla Ifrinn. Acht ní feidir do'n té a chrapann a lámh ó'n olc tré eagla Ifrinn go haonaránach, seasadh a bhfad air deaghstaid; oir is gearr go dtuitfidh sé a ngaisde gháibhtheach an Diabhail! 25 CAIB. De leasadh díograsach ar mbeatha. Bídh díthchiollach, agus glach taith- neamh a seirbhís Déi, agus smuain go minic creud thug annso thú, agus créud fá'r thréigis an saoghal? Ann nách chum maireachtain do Dhia amháin agus do bheatha do chathadh do réir a thola naomhtha? Bídh díoghrasach dá bhrígh sin, a leas d-anama, oir is gearr uait dual- gas mórluach do shaothair, agas as
sin amach ní baoghal duit doilgheas ná doghruin air feadh na síorrúidheach- ta! Ní fuláir duit bheith ag obair agus ag gnóthadh air feadh tamail bheig anois, acht na dhiaigh sin, gheabhfair síthcháin agus suaimhneas ar feadh na síorrúidheachta. Má leanann tú go dílis, dúthrach- tach, a saothar do leasa, gan amh- ras beidh Dia dílis, deaghchroídheach ag tabhairt do dhualgais dhuit. Ní fuláir dhuit muiníghin láidir a bheith agat rochtuin do'n ríoghacht; acht ná meas go bhfuilir saor uadh bao- ghal, air eagla go dtuitfeádh a n-uabhar nó a bhfaillíghe. Lá naon bhí duine áirighe a mbuairt aigne mhór, agus iar dteachd dó asteach don eaglais, sleachtaídheann é féin a bfiaghnaise na haltóra, ag rádh mar leanas a meódhan a chroídhe: "Da mbeidh a fhios agam go lean- fainn go buan-tseasamhach a seir- bhís Déi:" agus gan stadh, cluineann sé Dia ag labairt leis go hinmheódh- anach: "agas dá mbeidh an fios san agath, creud dheunfádh"? Deun anois an nídh dheunfádh an uair sin, agus ní bheidh baoghal air bith ort".
Agas gan maill mhothaidh sé é féin cómhneartaidhthe, de bhrígh na mbria- thar sin, agus thug suas a thoil go iomlán do thoil Déi, agus uadh an lá sin amach thréig a bhuairt agus a dhoil- gheás inntinne é! Níor fíafraidh níos mó, créud bhí lé tuitim amach do iar neugadh; acht thug é féin air thoil iomlán árdthaithneamhach Déi do lorg agus do leanmhain mar thús agus mar dheireadh gach deaghobaire. "Cuir do mhuiníghin annsa Tiarna agus deun maitheas," air an faidh ríogh- amhail, "agas áitreabhaidh an ta- lamh, agas biadhthóchar thú le'n a shaidhbhreas". Tá aon nídh amháin is minic choisgeann alán air dhul air an aghaidh a leas a n-anama; íodhon eagla an duaidh agus an dianshaothair, nách fuláir dhóibh d'fhullann ansa gcoinbhfliocht sin. Agas ní bhfuil neach is fearr téidheann air aghaidh a mbóthar a leasa, 'ná an té throideann go cródha a naghaidh na gclaonta, is neartmhaire agus is dochlaoidhte: óir is dual an luach- saothair is fearr, agus na grása is mó do'n té bheireann buadh air féin, agus dhiúltaidheann d'antoil na cholna.
Acht ní hionann cómhrac agas cathaidhe gach aon: acht an té, tá dílis, dúthrachtach, gidh gur láidire a chlaonta, fós is mó a dhualgas agas is fearr a shlíghe chum Déi, 'ná slíghe an té, ag nách bhfuil acht claonta laga agus thugann fail- lighe ann a smachtadh. Congnaidheann dá nídh go mór linn a leasadh ar mbeatha, íodhon, sinn féin do tharrang go díthchiollach uadh na hanmhíanaibh peacamhla, d'á ngéilleann an nadúr daonna, agas na subháilcídhe is mó theafdáidheann uainn do lorg go dúthrachtach. Ta- bhair aire mar an gceadna air na lochtaibh so do sheachaint is mo chuir- eann míthaithneamh ort a gcách. Iompaidh gach ócáid chum fághal- tais d-anama; ionnas má fheicir, nó má chloisir aon deagh-shómpla, go nglacfádh formad na maithise. Acht má fheicir aon drochnídh da dheunadh, tabhair aire gan aithris do dheunadh air; agas má thuit amach gur rinnis a leithéid riamh, leasaidh thú féin gan maill. Do réir mar bhreathnaidheann tu- sa cách, is é bhreathnaidheann cách thú.
O! is taithneamhach an nídh dear- bhráithre dfheicsin díograsach, dia- thoirbhirthe, diadha, deaghórdaidhthe! Acht is duairc, dubrónach an nídh iad dfheicsin airleógach, anspianta neamhchúramach a ngnothaibh a n- anama. Is gáibhtheach guaiseach an nídh faillídhe do thabhairt a ninntinn ar ngairme, agus ar naire bhronnadh air ghnóthaibh nach mbaineann linn. Bídh cuimhneach air an rún cráibh- theachta a ghlacais, agus cuir íomháigh na croise go minic ós do chómhair. Monuair! Is iomdha cúis náire agat, má fheuchan tú air bheatha Íosa Críost, nách bhfuil tú fós cómhfhreagrach do'n phátrún óir- dheirc so, gidh fada ag iomchar na haibíde thú. Gheibheann an cráibheach a ghnáthai- dheann go dúthrachtach dáiríribh ag machtnadh air bheatha, agus air pháis ár dTiarna, gach nídh ríachtanach agus tairbheach ann; agus ní gádh dho aon nídh is fearr do lorg a hÍosa! A! dá dtagadh Íosa ceusta air cuairt ann ar gcroidhthe, badh líonmhar, agus badh obann ar bhfoghlaim! Fuilingeann an duine diadha dío-
grasach, agas glacann go ceanamh- ail gach nídh a aitheantar dho. Acht bídheann buaireadh air druim buair- eidh age'n nduine bhfuarchráibheach, agas doilgheas air gach leath dhe; de bhrígh nách bhfuil solás air bith aige air an dtaobh astigh, agus go bhfuil sé coisgthe air, é lorg uadh'n dtaobh amhuigh. Is uathbhásach an creachruathar lé a mílltear an manach a dhiúl- taidheann fómos do riaghalaibh. Bídheann an duine faillígheach an- rianta, go gnáth anshocair anshás- da: de bhrígh go gcuireann so nó súd anshásdacht air uadh uair go huair. Cionas mhaireann na manaigh, fá chruadh-smacht na riaghal, do nách fuláir dóibh geilleadh. Is anamh shiúbhlaid amach, is íargcúlta chai- thid a mbeatha; is suarach a mbiadh agus a ndeoch; is lomchaite a neudach; is duadhamhail a saothar; is beag a labharaid; is fada a náirnéan; ish much a dhúsgaid; is cian a núr- naidhthe; is mór a léighid, agus is dúthrachtach ghéillid do gach riaghail a bhaineann le'n a mbeatha. Feuch air na hórdaibh beannaidhthe d'á rádhtar, "Cartúsiáni agus
Cistercíani", agus air an uiliomad eile de Mhanachaibh, agus de mhnáibh ríaghalta mar éirghid a gceart- mheadhan na hoídhche ag canadh psalm do'n Tiarna. Badh mhór, uime sin, an náire dhuitsi bheith ad spadaire spairtfhuar air feadh na haimsire beannaidhthe so, agus meithle mór-áluine an Tiarna go luathgháireach ag mo- ladh mordhacht Déi. A! is truagh mar tá aon nídh eile le deunadh againn, acht bheith ag moladh agus ag mor-mheudadh ar dTiarna Dia uadh ar gcroídhe, agus ar sgairt go hiom- lán! Is truagh nách fèidir linn deunadh gan ithe gan ól, gan codladh gan suan, ionnas ga mbeidhmis go síor- chómhnaidhtheach ag moladh Déi, agus tógtha suas go hiomlán a ngnóthaibh spriodálta! Badh mhó ar sonas agus ar sólás mar sin, 'ná mar támoid annois, fá throm-iarsma na colna. A bhúidhe re Dia, nách mbeidh a leithéid so d'iarsma orainn, agus nách mbeidh agaínn acht aire do thabhairt dfionn-fhuaradh an anama, nách mblaiseamoid faraor! acht go ró- annamh! An tan nách loirgeann neach
a sholás, acht uadh Dhia amháin, ise thionsgann sé go foirbhthe taithneamh do thabhairt do Dhia: agus bídheann sásda gidh b'é nídh thárlaidheann dó. Ní bhídheann an té so luathgháireach 'n a shaidhbhreas, ná dubrónach 'nn a dhobh- reas, acht tiomnaidheann é féin go hiomlán, agus go muiníghineach do Dhia, d'á dtug sé searc agus dianghrádh tar gach nidh cruthaidhthe; oir ní théidheann aon nídh amúgha ná a gclaochlódh uadh Dhia, acht maireann gach nídh dhó agus riaraid é gan maill. Cuimhnidh go cínte air do chríoch dhéighionaich, agus nách bhfilleann an aim- sir d'imthídheann tarainn. Ní féidir d'aon neach bheith taithneamach a láthair Déi, gan bheith dílis dúth- rachtach 'nn a sheirbhís. Má thions- gann tú bheith fuarchásach, beidh tú gan maill anshásda; acht má thug- air thu féin air theasgrádh Déi, beidhir suaimhneach síthchánta: agas deunfaidh grása Déi, agus searc na subháilcídhe do dhuadh níos lúghadh agus d-ualach níos eudtroime. Bídheann an duine dúthrachtach teas- ghrádhach, ullamh do gach deagh-nidh. Is docamhla go mór claonta do
smachtughadh agus droch-chleachta thréi- geadh, 'ná bheith ag obair agus ag iomshaothar le'ar mballaibh corpor- dha. An té nách dtréigeann lochta suaracha, titeann le beagán agus le beagán a lochtaibh lán-mhóra. Má chaitheann tú an lá go maith, beidhir luathgháireach, áthasach air theacht na hoídhche. Bídh aireach; gríosaidh do mheanmain; cómháirlidh thú fein: agus gidh b'é theagmhann do chách, ná tabhair si faillíghe ionnat féin. Do réir mheid an díanais le a ndiúltáidhir dod' thoil féin, ise is móide do rian a mbealach do leasa.
AN DARA LEABHAR. 1 CAIB. De chómhrádh inmheadhanach. "Tá ríoghacht Déi ionn bhúr measg agaibh," air ar dTiarna. Iompaidh led' chroídhe go hiomlán air an dTiarna, agus tréig an saoghal an- ródhach sa, agus gheobfair síthcháin anama. Foghlaim nidhthe saoghalta do dhímheasadh, agus tabhair thú féin air nidhthibh inmheadhanacha, agus chídhfir río- ghacht Déi fad' tharamuin: oir is é ríoghacht Déi síthcháin agus gáirdeachas ann sa Spiorad naomhtha, a seun- tar air na mallaidhtheóiribh. Tiocfadh Críost chugat ag foill- seadh a shólás dhuit, má ullmháidhir ionad cómhnaidhthe dho. Is a gcroídhe an duine tá glóir agus maise an Tiar- na, agus is ann is mian leis áitreabhadh. Is iomdha cuairt bheir sé air an nduine inmheadhanach, is milis a
chómhluadar leis; is bríghmhar a sóláis, iodhon, iliomad síthchána agus muinteardhas gan teóra. O! anam fhíreunda, ullmhaidh do chroídhe dod' chéile ruin, ionnas go ndeónfadh sé teacht agus cómhnuidhe ionnat; oir deir sé féin, "Gidh b'é ghrádhann mesi coimheudfadh sé mo bhríathar, agus tiocfam chuige, agus deunfam cómhnuidhe mar aon leis." Deun shlígh uime sin do Críost a meadhan do chroídhe, agus seun dul asteach air gach aon eilé. Is duine lán-tsaidhbhir thu, an tan a sheal- bhaidheann tú Críost, agus is ró leór dhuit é: deunfadh se saláthar dhuit go dílis deaghchúramach, ionnas nách gádh dhuit do dhóthchas do chur a ndaoinibh air bith: oir malartáidh- eann daoine a n-aigne gan maill, agus is obann thédhid ar neamhnídh; acht ní mar sin do Chríost, seasaidheann linn diongabhálta go deire. Ní ceart an iomad muiníghine do chur a ndaoinibh suaracha, so- mharbhtha, an tsaoghail so gidh gur thairbheach, ionmhuin linn íad: ná fós bheith buartha anshásda, má bhídhid air uairibh ann ár naghaidh agus d'ár
gcrosadh. Oir an drong a tá leat aniugh, bféidir dhóibh bheith ad aghaidh amárach, agus a n-inntinn d'atharughadh air nós na gaoithe. Cuir do dhóthchas iomlán a n-Día; glác naomh-uamhain roimhe, agus tabhair searc do chroíde dho; deunfadh sé freagairt air do shon, agus ríarfadh gach níd chum leas d-anama. Ní bhfuil cathair chómhnaidhtheach annso agat; agus gidh b'é áit a bhfuilir, ni bhfuil ionnat acht deóruighe, agas oilearach, do nách féidir suaimh- neas dfaghail go dtáidhthídhthear é go hinmheadhanach le Críost. Creud fáth bhfanann tú ag amharc ad timchioll, an tráth nách annso tá hionad suaimhneis? Is air neamh nách fuláir dod' áitreabh béith, agas ní dual feuchain air nidhthibh na talmhan so, acht amhail nidhthe thárlaidheann orainn ann sa tslíghe. Imthígheann lón na beatha só agus sinn féin mar aon leis: dá bhrígh sin, ní ceart dhuinn ceangal de'n tsaoghal sa, air eagla go mbeirfídh annsa ngaiste orainn, agus go gcaillfea- mois ar n-anama.
Machtnaidh go minic air mhór- dhacht an Aird-rígh, agus cuir d-úr- naidhthe go cómhnaidhtheach a láthair Chríost. Muna fiosach duit macht- nadh do dheunadh air árd-rúndiamh- araibh an chreideimh, smuain go dil air gheur-pháis Chríost, agus lonaidh le taithneamh 'nn a chreuchtaibh ró- naomhtha: oir má rítheann tú go beó- chreideamhach chum creuchta, agus cneadha mór-luacha Íosa, beidhir sásda, solásach ad buáireidh, gan beann air mheas nó air mhímheas saoghaltánach, ná fós air theangain na cúl-chainte! Bhídh Críost féin fá dhímheas air an saoghalsa, agus tréigthe ag á cháir- dibh agus ag a chomhlúadar a gceart- mheadhan gach athaise: dfulainn sé táir agus tarcuisne; agus an feidir leatsa gearán air aon neach? Bhídh daoine air droch-aigne, agus ag ithiom- radh Chríost féin; agus ann measairsi, gur fuláir do gach aon bheith cáir- deamhail, cúramach agat féin? Cionas is féidir dhuit duais na foighide do thuilleadh, muna dtár- ladh mí-ádh air bith dhuit? Cionas bheidhir ad charaid ag Críost, muna
bfulannair air a shon? Uime sin fulainn mar aon le Chríost, agus air shon Críost, má's mían leat riagh- lughadh mar aon le Críost. Dá dtagadh leat dul a seilbh inmhea- dhanach Iosa, agas a dhianghrádh do mhothúghadh, ní bheidh beann air bith agat air do sheasgaireacht, nó mhísheasghaireacht féin; acht bheidh luathgháir ort fá aithis d'fhághail; óir deunann grádh Iosa mí-thait- neamhach ann ár súilibh féin sinn. Is féidir leis an duine inmheadh- anach, a ghrádhann Íosa na fírinne; ata saor uadh gach anchumann, é féin do thabhairt go hiomlán do Dhia, agas a chroídhe d'ardughadh tar gach nídh cruthaidhthe chum Déi na síth- chána! Tá an té sin cíallmhar caoin-teagasgtha uadh bheul Déi, a mheasann gach nídh do réir chothroim an cheirt, iodhon, do réir thola Déi. Ní bhídheann an duine diadhá deagh- shómplach, a dhímheasann an saoghal sa, choídhche air easbadh uaine agus ionaid chum a dhéaghníomhartha do dheunadh: oir, de bhrígh nách dtugann é féin tar fóir air ghnóthaibh saogh- alta, is féidir leis athchúimhneadh
níos luaithe air ghnóthaibh an anama. Ní ghailleann duadh nó doghruin air an téso; de bhrígh go gcuireann é féin a noireamhain do gach nídh do réir mar thárlaidheann. Ní thugann sé aire air bith do mhí-iomchar ná do dhrochleachtaibh chách, de bhrígh go bhfuil a chroídhe féin lán-tsocair a nDia. Do réir mar tharrangeann duine cúraim air féin ise bhuairidhid, agus churaid toir- measg air. Do rachfadh gach nídh chum maithis agus mór-fhághaltais dhuit, dá mbeidhfádh glan-chroídheach, deagh- órdaidhthe an d'aigne. Is minic bhídhír anshocair, míshásda, le mó- rán nidhthe; de bhrigh nár smach- taidhís do chlaonta, agus nach bhfuilir fós deighilte air fad uadh lochán an tsaoghail si. Ní bhfuil nídh air bith is mó thruail- laidheann, agus shladann croídhe an duine, 'ná ancumann do chreutúiribh. Má thugann tú druim laimhe leis gach sáshamh ceadfádhach, tiocfadh leat léir-mhachtnadh air shólás síor-bhuan na bhflathas; agus gáirdeachas gan teóra do mhothúghadh a gceart-lár do chroíde.
2 CAIB. D'úmhal-fhomós. Ná cuir suim ann cia tá leat, nó ann d'aghaidh; acht deun díthchioll go mbeidh Día leat an gach nídh, 'nn a gcuirir do lámh. Coimheud an coin- sías glan, agus tabhairfidh Dia cabhair dhuit: oir ní féidir le malís chách díoghbháil a dheunadh do'n té le a gcabhraidheann Dia. Bídh foighide agat, agus éisd do bheul, agus chídhfir go dtabharfadh Dia lám chabharthach leat. Tá fios na huaine agus na haimsire aige, ionn a ceart tu fhuasgladh; dá bhrígh sin géill go hiomlán dá thoil ró-naomh- tha. Is le Dia bhaineann sinn dfuas- gladh agus cabhrúghadh línn ann gach buaireadh. Is minic gur tairbheach dhuinn air son na humhlachta, fios ár locht bheith ag chách, agus aithbhior dfá- ghail uatha. An tan úmhlaidheann neach é féin, de dhruim a chionta, síothaidheann sé cách go urusa, agas tugann sásamh do'n drong a bhídheann a bhfeirg leis.
Comairceann, agas fuasglann Dia an duine úmhal; is dó thugann se searc agus síor-ghrádh; is chuige a chlaonann a ghrása, agus d'éis é uirís- leadh, árdaidheann é do'n chathair chaomh-áluin. Is do'n duine úmhal dfhoillsídheann sé a rúna, agus tarraingeann é go suairc sáir- thaithneamhach chuige féin! An tan thugthar masla nó míchliú do'n duine úmhal fuileangann é go foighideach; oir is a nDia tá a dhóthchas agus ni ann san tsaoghal. Ná meas tu féin órdlach air d'aghaidh a mbealach do leasa, an fhaid is dóigh leat go bhfuilir níos fearr 'ná cách! 3 CAIB. De'n deagh-dhuine shíth-chánta. Cómheud do chroídhe féin air dtús a síth-cháin, agus 'na dhiaigh sin, is féi- dir leat cách do síothúghadh. Is mó an tairbhe thagann lé fear síth-chánta
do dheunadh 'ná lé fear foghlama. Umpaidheann fear na feirge gach maith chum oilc, agus is obann d'éisdeann le drochsgeul. Acht úmpaidheann fear na síth-chána gach nídh chum maithise! Ní thugann droch-thuairim fúidh chách, acht ní mar sin dfear na feirge, buairídhthear é le an- shásdachd; ní bhfuil suamhneas air bith air féin, agus ní lúgha tá 'ná fhulainneann do chách suámhneas do dheunadh. Labrann sé air nidhthibh air n'ár cheart do a bheul do luas- gadh, agus bídheann sé ciuin ann uair badh cheart dó labhairt. Feiceann se go geur-radharcach gnótha chách, agus tugann faillíghe 'nn a ghnóthaibh féin. A! a thruadháin, bídh fonnmhar a gcómhlíonadh do dhualgais féin air dtúis, agus na dhiaigh sin is féidir leat go dlightheach cúram do chur a ngnóthaibh na cómharsan. Is maith is eól duit do lochta féin do cheilt, agus a leithsgeul do ghabháil; agus fós ní maith leat leithsgeul do ghlacadh uadh chách. Badh cheirte dhuit tu féin do dhaoradh agus do dhearbhrá- thair do shaoradh: má's áil leat cách bheith foighideach leat, bídhse
foighideach leis. Feuch gur fada thu fós uadh grádh Déi agus uadh'n úmh- lacht, a theagasgfadh dhuit gan bheith a bhfeirg nó a bhfuasnadh le aon neach acht leat féin. Ní deacair cómhluadar do cho- mheud le daoinibh ceannsa, úmhla; oir tá sin taithneamhach do réir nadúire gach aoin: agas is gnáth gur geal le gach neach, chómhluadar na ndaoine, a réightídheann le na thoil féin. Acht is fearamhail, fiorghrásach an ghaisge do neach air bith, maireadh go síth-chánta a measg dhaoine dúra doshásda, a bhídheann ag aghnasadh agus ag claon-chamadh air. Gidhé tá daoine ann a chómheudann iad féin síth-chánta, agus fós a mhair- eann gan imreas a measg chách; acht, faraor! tá daoine éile ann, a bhídheann ag síor-chogadh leó féin, agus le cách; a bhídhean suaiteach, sios- marach a measg na gcómharsan, agus fós ní sos dóibh féin é. Tá an tríomhadh cineul daoine ann, a bhí- dheann síthchánta iad féin, agus chabhrai- dheann ag tabhairt na gcómharsan chum síthchána. Acht ann fhaid bheidhmíd air an
tsaoghal anródhach sa, is mó is ceart dhuinn ar síth-cháin do mheas uadh ár bhfoighide a bhfulann, 'ná uadh easbadh mí-ádh: oir is mór síth-cháin agus suaimhneas an té, d'ár fios é féin d'iomchar go foighideach fá láimh an Tiarna. Buadhann an té sin go caith-réimeach air a dhrochlaontaibh féin, agus air dhrochleachtaibh an tsao- ghail; neartaidheann a charadas le Críost, agus saothraidheann oighreacht na bhflathas! 4 CAIB. De'n aigne ghlain agus de'n inntinn maith. Ardáidhthear an duine uadh'n dta- lamh do neamh le dhá sgiathán, iodhon, le símplídheacht agus le glaine chroídhe. Ní fuláir do'n inntinn bheith símplídhe agus do'n gcumann bheith neamhthrúail- lidhthe. Umpaidheann an tsimplídhe- acht go iomlán air Dhia; gream- aidheann agus sealbhaidheann an glaine- achd é. Ní chuirfidh deaghnó air bith
toirmeasg ort má táir saor uadh ghrádh anmheasardha; má loirgeann tú leas agus tairbhe do chómharsan, agus toil ró-naomhtha Déi ann gach nídh, beidhir saor sáir-fhuasgalta uadh gach buairt aigne. Dá mbeidh do chroídhe glan, badh sgathán beatha, agus leabhar naomhtheagaisg gach creut- úir dhuit: de bhrígh nach bhfuil aon chreutúir d'á lúghad agus d'á tháire, nách bhfoillsidheann sáir-mhaitheas Déi! Dá mbeidh do chroídhe díreach deaghórdaidhthe, chíodhfádh agus thuigfádh gach nídh go geur glan-radharcach: de bhrígh go bhfeiceann fear an chroídhe ghlain go ceartlár na bhflathas, agus go fíor-iochtar Ifrinn. Tugann gach aon a thuairim fúidh chách do réir a chroídhe féin. Má tá luathgháir le fághail air talamh, gan amhras tá fear an chroídhe ghlain luathgháireach. Agas má tá buaireadh agus crádh- croídhe air talamh, isé fear na droch-aigne is mó mhothaidheann iad! Do réir mar chailleann an tiaran a chuid meirge annsan dtealach, agus thógann goradh, mar an gceudna, chailleann an té úmpaidheann air a
chuidh leisge, agus thógann goradh glan- lonrach na carthanachta tré a ndeuntar duine nuadh dhe. An tan thosaidheann duine bheith faitcheasach fuar-chásach, glacann eagla é roimh bheagán saothair, agus filleann go fonnmhar air sádhail na colna. Acht an tan smachtaidheann sé a chlaonta, agus shiúbhlann go cródhá a mbealach a leasa, ní chuireann suim air bith annsna nidhthibh a shamh- laidh roimhe sin duadhamhail dian- shaothair dho. 5 CAIB. D'ar léir-mheas féin. Ní féidir dhuinn bheith muiníneach asainn féin, de bhrígh gur minic sinn air easbadh grás agus ger-thuigsiona. Múchamoid go hobann an leus bheag sholuis a tá annainn, tré ar neamh- aire fein: agus is minic nách mbreath- namoid an daille inntinne ionna bhfuilimid. Is minic ghníomoid
droch-bheart, agus meudamoid an t-olc, ag gábhail ár leithsgéil. Bídhmid feargach air uairibh, agus measamoid gur b'é grádh Déi, a choraidheann sinn. Bidhmid milléin- each air lochtaibh suaracha chách, agus tugamoid cluas bhodhar d'ar dtrom choirthibh féin. Is geur glan-radhar- cach d'fheiceamoid gach díth agus díoghbháil d'á ndeuntar dhuinn, agus ní cúimhnídheamoid air a ndeunamoid d'olc air dhaoinibh eile. Dá macht- naidhmois air ar bhfeile-bheartaibh féin, ní bheidh slíghe air bith againn chum daor-bhreithe do thabhairt air chách. Tughann an duine diadha aire d'á anam féin tar gach nídh eile; agas ní gnáthach leis an té sin, bheith d'á mheasgadh féin a nghnóthaibh dhaoine éile. Ní féidir d'aon neach bheith diadha, deaghiomchair, a sháidheann é féin asteach a ngnóthaibh chách, agus thugann faillíghe 'nn a ghnóthaibh fein. Dá dtabharfádh aire iomlán do Dhía, agus do leas d'anama, badh bheag do shúim annsna nidhthibhsi nach mbain- eann leat.
Cá mbídheann tú an uair dhear- mhadair tu féin? Agas creud é an tairbhe dhuit d'aigne do sgaoil- eadh na rith go luath-inntinneach air an ndomhan uile, agus faillíghe a thabhairt a leas d'anama? Má's mian leat síth-cháin agus fíor-aondacht d'fághail, ní fuláir dhuit gach nídh a léigean thart, agus feuchain go sonrádhach ort féin. Rachfair air d'aghadh go mór, má chomheudair tu féin saor uadh gach cúram saoghalta: acht tuitfir go huathbhásach air gcúl, má thugair cion d'aon nídh cruth- aidhthe. Ná meas go bhfuil aon nídh árd- chéimeach, maiseach, nó mór-áluinn, acht Dia amháin: de bhrígh nách bhfuil acht suarachas, ann gach nídh is lúghadh 'ná Dia, agus nach fhiú iad an searc-ghrádh a dlighthear do Dhia amháin. Ní féidir suairceas an- ama, nó luathghair chroidhe d'fá- ghail, acht a nDia shíorrúidhe uile- chúmhachtach, a líonann le na mhór- dhacht dochuimsidhthe, gach rann de'n domhan.
6 CAIB. Dhe luath-gháir an deagh-chogúis. Is a bhfoirghiol an deagh-chogús bhídheann glóir, agus glé-mhaise an duine mhacánta. Cómheud an cogús glan, agus beidhir go síor luath- gháireach; oir is mór is féidir leis an ndeagh-chogús dfhulann, agus bídheann áthasach a gceart lár gach anró. Ní mar sin d'fhear an droch-chogúis, bídheann sé chóidhche fuidh uamhain agus fuidh anshásdacht. Is mór é suaimhneas d'aigne muna gcrei- midh do chogus féin tú: uime sin ná bídh choídhche sásda, acht tar éis deagh-obaire. Ní mhothaidheann ná mallaidhteóirídh suaimhneas nó síth-cháin anama air feadh a saoghail; de bhrígh, mar deir ar dTiarna, "Ní bhfuil sít-cháin air bith ag na ciontachaibh." Agas dá ndeárfadais, "Támoid a síth- cháin, ní bhfuil baoghal air bith orainn, cía d'ar féidir díoghbháil do dheu- nadh dhuinn"? Ná creid iad; de bhrígh go lasfadh dhíbhfeirg Déi go
hobann ortha, agus go gcurfar a gclaonbhearta air neamhnídh. Ní deacair d'on drong, a ghrá- dhan Dia, bheith sásda le buaireadh; de bhrígh nach bhfuil a nglóir de'n tsamhuil sin, acht glóir a gcros ar dTiarna. Ní bhfuil acht gal gearr-shaoghalach gaoithe a nglóir na saoghaltánách; agas fós bídheann glóir na beatha sa, cómheasgaidhthe le duairceas, agus le dubrón: dá bhrígh sinn, is uadh ar gcogúsaibh féin, is dual duinn glóir agus gáir- deachas d'fhághail, agus ní uadh bheulaibh breugacha an tsaoghailso. Is a nDia, agus uadh Dhia, thagann gáirdeachus na bhfíoraon. Ní bhfuil meas air thaibhse an tsaoghailso ag an té loirgeann an ghlóir shíor- rúidhe: acht an té a loirgeann glóir an tsaoghailsi, nó nach ndímheasann í, is suarach a shuim a nglóir na bhflathas! Is mór suaimhneas agus síth-cháin aigne an té nach gcuireann suim a moladh nó a gcáineadh. Is socair tá croídhe an té ag á bhfuil cogús glan. Ní bhídhir níos naomh- tha le moladh, ná níos míriaghalta le cáineadh: acht tá tú mar tá tú, agus ní féidir a rádh go bhfuilir
níos fearr 'ná chídheann Dia tu bheith. Ma bhreathnaidheann tú go glin staid d'anama féin ní churfadh ráidhte chách buairt air bith ort: de bhrígh nách bhfeiceann duine acht an ceannfhatha, acht feuchann Dia air an gcroídhe; breathnaidheann duine an gníomh, acht meadhaidheann Dia an inntinn. Is maith an cómhartha air dhuine úmhal, bheith go cínte a deunadh maithise, agus fós gan bheith mór- mheasamhail air féin. Is dearbh mar an gceudna an cómhartha air chroídhe ghlan, gan sólás d'iaradh uadh aon nídh cruthaidhthe. Tais- beanann an té nach loirgeann fiagh- naise fhoiriomalach do féin, gur thoirbhir sé é féin go hiomlán do Dhía: "Oir ní é an té mholann é fhéin a tá anmholta, act an té a moltar le Dia." Ní bhfuil aon neach diadha, acht an té a shiúbhlann go hinmheadhanach le Dia, agus thréig- eann gach anchumann foiriomalach.
7 CAIB. De ghrádh Íosa tar gach nídh. Is beannaidhthe an té d'ár fios creud é Íosa do ghrádhúghadh agus é féin dfhuathughádh air son Íosa! Ní fuláir dhuinn gach gean eile do thréig- eann air son seirce ar gcroídhe; de bhrígh gur ríachtanach grádh Iosa do bheith tar gach grádh eile. Tá grádh gach creutúra dimbuan, drochoinghiallach, acht tá grádh Íosa ionruic, buan-tseasamhach. An té ghreamaídheann de'n gcreutuir tuit- eann mar aon leis; acht an té cheanglann d'Iosa seasáidheann go síorrúidhe. Tabhair searc agus síor- ghrádh d'Íosa: O! deun muintear- dhas leis, oir isé amháin nach gcaill- fidh ort an tan thréigfidh an domhan uile thu. Is éigion duit fá dheóigh sga- radh uadh'n tsaoghal uile ded' dheóin nó ded' amhdheóin; uime sin fan a gcómhluadar Íosa ad bheatha agus ad bhás, cuir thu féin fá na chómhairc; oir isé d'ár féidír cabharadh leat ann tan chaillfidh cách ort.
Tá do dhianghrádh eudmhar, agas ní áil leis cómhranadóir a'd' chumann: acht is mian leis súidh amhuil rígh caithreimeach a gceart-mheadhan do chroídhe. Dá dtagadh leat an- chumann gach creutúra do sgrios uad' chroídhe, thiocfadh Íosa go fonnmhar fád' thearmoin. chídhfir go gcaillfidh gach muinín ort, acht muinín Íosa amháin. Ná cuir do mhuinín a ngiolcaich shéideann; "Oir tá gach feóil amhuil feur, agus críonfaidh a maise amhuil bládh an mhachaire." Is gearr go meallfar thu, má mheasann tú daoine a bheith do réir a sgéimhe: oir is minic chaillfid ort, má loirgir do sholás 'ná measg. Acht má loirgir Íosa go cómhnaidhtheach, ní bhfuil amhras nach mbuailfir uime. Acht má leannair do thoil féin, beidh do thoil féin agat, gidhe deunfadh an toil sín ár agus léirsgrios do thabhairt air an anam. Oir is mó an dochar a deunann an duine dhó féin le gan Íosa do lorg, 'ná is féidir do'n domhan agus d'á námhadaibh go huile a dheunadh dhó!
8. CAIB. De dhlúth-mhúinteardhas le Íosa. An tan bhídheann Íosa ionn ar bhfochair, téidheann an uile air a naghaidh, agas ní shamhlaídheann aon nídh docamhlach nó do-dheunta: acht an tan bhídheann as láthair, bídhid uile docharach doghluaiste. An tan nach labharann Íosa leis an gcroídhe, ní fiú dadmun ar solás; acht muna labharfadh sé acht aon fhochal amháin, mothaidheamoid ar ghcroidhthe lán d'aitios agus d'áthas! A! is obann phreabh Máire Mhagdaléan uadh'n áit ionna raibh sí ag eugcaoineadh, an tan dúbhairt Martá lé, "Tá an mághaistir annso, agus é aig gairm ortsa." Is sona an uair ionna ngairmeann Íosa uadh gheur-ghol go gáirdeachas spiorraide. Nách dúr doirbhchroídheach bhídheann tú gan Íosa; nách amaideach, baoth bhídheann tú, an tan iarair aon nídh a dtaobh a muigh d'Íosa; nách mó an dochar agus an díth dhuit Íosa do thréigeann, 'ná an domhan uile?
Ní bhfuil pian is géire 'ná bheith gan Iosa, nó suairceas air neamh is mó 'ná bheith ann fhochair! Ní féi- dir do'n Diabhail dochar ná díaghbháil a dheunadh do'n té le a gcabhraidheann Íosa; dá bhrígh sin is mó saidhbhreas an té a shealbhaidheann Íosa, ná dá mbeidh sé an árd-rígh air uile-mhaitheas na crúinne! Agas is mó mí-ádh an té a chailleann Iosa, 'na dá gcaillfeadh sé saidhbhreas an domhain uile. Is foír dá bhrígh sin, gur bochtán dealbh an té mhaireann gan Íosa, agas gur duine saidhbhir sár-mhaoineach an té thugann searc agus síor-ghrádh dho. Is mór an inntleachd, fios d'fha- ghail air chómhluadar Íosa; agas is mór an eagna a charadas do chó- mheud. Bídh úmhal, neamhchas, agus fanfadh Íosa mar aon leat: bídh cráibheach, ceannsa, agus ní thréigfidh sé thu. Má chromann tú chum sólás chealgacha an tsaoghailso, tiomáin- fir, uait é, agus caillfir a ghrása gan mhaill. Agas má dhíbhireann tú uait Iosa, cía chum a rithfir, no cá bhfaghfhair caraid chómh dílios? Gan caraid éigin, ní féidir dhuit
seasadh, agus ó sé Iosa an charaid is fearr, muna ndeunair múinteardhas iomlán leis, beidh tú duairc, díth- cháirdeamhail. Dá bhrígh sin, is óinmhid bhaoth thú, má chuirir do mhui- nín nó d'aitios ann aon charaid eile. Badh cheart dhúinn bheith sásda le dí- bhfeirg an domhain uile, níos túisge 'ná chúirfeamois fearg air Íosa. Uime sin, tar gach caraid, tabhair grádh agus gean gan teóra dod' chaomh-charaid Iosa. Gráidh gach creutuír air son Íosa, agus Íosa air a shon féin: óir is dhual gach searc agus dian-chumann d'Íosa, de bhrígh go bhfuil sé amháin sár-mhaith síor-dhílios tar gach ca- raid. Is ceart dhuinn grádh bheith d'ar námhaid cómh maith lé ar gcáirdíbh, agas gúidhe ortha, ionnas go dtioc- faidís uile cum grádh agus aithne an Tiarna. Agas fós ní ceart dhúinn moladh ná mór-ghrádh chách do lorg; oir is do Dhia amháin a dlíghthear gach moladh agus gach meas, de bhrígh nách bhfuil aon neach a gcómheas dó. Ná loirg croídhe chách do ghreamughadh dhíot, agas ná greamaídh do chroídhe sa de chách, acht tabhair do chroídhe
féin agus croídhe gach deagh-dhuine d'Iosa Críost! Cómheud thu féinn saor uadh anchu- mann gach creutúra; de bhrígh nách fu- lár dhuit bheith lom lán-shgriosta o'n uile anchumhann má's mian leat sár- mhílseachd an Tíarna do bhlaiseadh. Agas go deimhin ní thiocfadh leat rochtain chómh fadaso, muna dtar- raingidh Dia lé na ghrásaibh thu: ionnas go mbeidhfádhsa táidhthidhthe sa: leis féin amháin, agus éision leatsa: oir an tan bhronnonn Dia a ghrása air neach, neartaidhid é go cumasac; acht an tan tharraingeann a ghrása, fágthar an duine na bhochtan anbhfann- ach, amhail fá leatrom gach aniar- sma! Gidhe ní ceart dho, bheith fan- taiseach, eudóchasach, acht seasadh go meanamnach agus a thoil do chur le toil Déi, ag fulann go foighideach, air son Íosa Críost, gach nídh a thárlaidheann do: de bhrígh go bhfil- leann an samhra ndiaigh an gheimh- ridh; an lá a ndiaigh na hoídhche: agus an grian a ndiaigh na borb-shíne.
9 CAIB. D'uireasbadh an uile sholáis. Ní deacair gach solás saoghalta do dhímheasadh, an fhaid bronntar soláis neamhdha orainn. Acht is ró dheacair seasadh gan ceachtar dhíobh: agus an díbirt dubrónach so an ana- ma uadh Dhia d'fhulann go foighideach air a shon; agus sinn féin do threigeann gan cuimhne air bith air ar nóir- dhearcas féin. Ní híongnadh thu bheith meanamnach, mór-chreidimh an tan dhealraidheann lóchran lán- tsiollseach na ngrás ort; oir is geal le gach aon solas na ngrás d'fhághail. Is socair taisdiol an te a stiúrthar le grásaibh Déi; agus ní h-íongnadh gan é mhothúghadh tuirse na slíghe, de bhrígh go bhfurtaidheann agus go stiúrann Dia féin é. Is gnáth linn dúil do chur a solás éigin, agus is ró dheacair linn solás na colna do thréigean! Rug an naomh-mhairtíreach Labhras buadh air an tsaoghal, mar aon le n-a Sha- gart: de bhrígh go raibh nidhthe taith-
neamhacha an tsaoghail so fá thar- caisne aige; agus gur fhulainn sé Sixtus árd-shagart an Tighearna do bhreith uaidh, gidh go raibh an- cheanamail air. Uime sin, thug sé searc do'n gCruthaidhtheóir tar an gcreutúir, agus thóg sé toil ró naomhtha Déi mar rogha tar gach toil. Mar an gceudna, bídhsi ullamh chum gach caoin-charaid do thréigean air son ghrádh Déi. Ná bídh duairc doshásda, má thugann do charaid druim láimhe leat: oir is éigin dúinn uile sgaramhain fá dheóidh le chéile. Caithfidh duine troid go treun- chómhlainneach sul a dtiocfadh leis cath do chur air a chlaontaibh féin, agus cumann a chroídhe do thabhairt do Dhia. Is obann a claontar cum sólás daonna, an té sheasaidheann air a neart féin. Acht ní leanann an té thugann dil-ghrádh do Chríost, a samhail so de bhláthaibh baoise; is fearr leis catha cruadh agus saothar sáir-dhian d'fhulann air son Chríost. Dá brígh sin, an uair bhronnfaidh Dia solás spioradálta ort, glac go lán-bhuidheach é; acht bídh deimh-
neach nách tré do luaigheacht féin, acht tré mhór-mhaitheas Déi a dheó- naidh é féin d'fhoillsiúghadh dhuit. Ná tabhair gean dod' adhmholadh féin; Ná glac áthas ná andánachd, acht úmhlaidh thu féin níos mó; gaibh eagla agus árd-chúram an d'uile ghníomh: oir rithfidh an uairso thart, agus tiocfaidh uair an catha. Má thréigeann gach solás thú, na tuit a neudóthchas; acht fan go foighideach, fíor-úmhal ag feitheadh na cuairte neamhdha: oir is féidir le Dia solás níos mó do bhronnadh ort. Ní bhfuil so nuadh, ná suaitheantaiseach, ag an ndrong d'ár fiosach slighthe an Tiarna: oir is minic mothaidh na naoimh agus na sean-fháidhe iolardhas de'n tsamhail so. Uime sin, a dúbhairt an fáidh ríoghamhail an tan bhronn Dia a ghrá- sa air, "Dúbhairt mé a'm líon- mhaireacht, ní cuirfear buaireadh choídhche oram." Acht iar dtarang na ngrás uaidh, deir, "d'fholaidh tú d'aghaidh uaim, agas bhídh me buadhartha." Gidhe ní thuiteann sé a neudóthchas, acht guidheann níos dúth- rachtaiche chum Déi ag rádh, "Is
ortsa, a Thiarna, do ghlaodhfad, agus cuirfead mo ghuidhe chum Déi." Fá dheóidh, fuair sé toradh air a ghuidhe, agus tugann féin fiadhnaise gur héis- teadh leis, ag rád, "d'éist an Tiarna liom, agus do rinn trócaire oram: tháinic an Tiarna a gca- bhair dham;" acht cionnas? "d'iom- paídhis mo dhubrón chum luathgháire, thímchiollais mé le gáirdeachas." Ó bhídh an sgeul marsa ag naomhaibh neartmhara Déi, ní ceart do bhoch- tánaibh laga mar sinne tabhairt suas, má bhídhmid air uairibh teas- ghrádhach, agus air uairibh eile fuar, faillígheach; de bhrígh go nimthígheann agus go bhfilleann an Spiorad do réir dheagh-thola an Tiarna. Uime sin a deir Iób naomhtha, "Fiosraidheann tú é go moch air maidin, agus go ho- bann deimhnídheann tú é." Creud dá bhrígh sin ionn a gcuirfead mo mhuinín, agus cia as gur ceart dham dóthchas a bheith agam? As mór- thrócaire Déi amháin agus as iomad- amhlacht a ghrás: oir bídhim a gcomh- luadar deagh-dhaoine, nó a measg dhearbhráthar dhiadha, nó idir cháir- dibh díleas no ag léigheadh leabhar
teagaisg, nó ag éisdeacht le dán- aibh ceólmhara agus psalmaibh síth- mhilse, is ró shuarach mo bheann orr- tha uile, má thréigeann grása Déi me, agus má fágthar a leith mo boch- taineachta féin me. An am de'n tsamhailso, ní bhfuil leighios is brígh- mhaire 'ná foighide, agus me féin do thabhairt suas go hiomlán do thoil naomhtha Déi. Níor thárlaidh aon neach ríamh liom, dá mheud a cráibh- theacht agus a chaon-dúthracht, nách raibh uair éigin air dhíth na ngrás, agus air maoladh meisnighe agus mór-dhíograis! Agus ní raibh naomh dá airde agus dá fhoghlamhtha, gan caithídhe a dtús nó a ndeireadh a shaoghail: oir ní fiú an té nár fhulainn buaireadh éigin air son Déi, machtnadh air a naomh- mhórdhacht: oir is gnáth-chómhartha air sholás le teacht, na caithidhe a chuireamoid dhínn: de bhrígh go bhfuil solás na bhflathas geallta do'n drong a dearbhaidhthear le caithídh- ibh; "Tabharfad (air ar dTíarna) do'n té a bheurfas buadh, le n-ithe de chran na beatha, a tá a meadhan pharthais Déi."
Acht bhronnann Dia soláis neamhdha orainn, chum seasadh níos cródha a naghaidh ionnsaídh an Diabhail; gidhe fulannann Día dhó, cathaídhe do chur orainn, d'eagla an diomusa; óir ní chodlann an Diabhal choídhche; agas ní bhfuil an cholann fós marbh: dá bhrígh sin ná sguir ó'n gcath, oir tá námhada air gach taobh dhíot nach gcómhnaidheann go bhráth! 10 CAIB. De bhuidheacas air son ghrása Déi. Creud fá loirgir suaimhneas, ó rugadh thú chum saothair? Gabh foi- ghide mar rogha tar shólás; agus tóg ualach na croise tar gach lúathgháir. Óir cá bhfuil an saoghaltánach nach nglacfadh go háthasach sólás agus luath-gháir spioradálta, dá mbhféi- dir leis iad d'fhághail go cómhnaidh- theach? De bhrigh gho sáraidheann sólás spioradalta, gach sádhail shaoghalta agus gach aitios collaidhe.
Agas fhós tá taithneamh an tsaoghail so baoth brúideamhail; acht tá sóláis spioradálta amháin, míochair, ma- cánta ag sreamhadh uadh na subháil- cidhibh agus dá ndórtadh go líonmhar ansa nanam glan. Acht ni féidir d'aon neach an tsáir-mhilseachdsa do bhlaiseadh do réir a thola féin: de bhrígh nach fada o'n nduine uair an chatha. Is mór an toirmeasg air an bhfiosradh neamhdha so anshriantachd na tola agus árd-dhóthchas asainn féin. Rainneann Dia go tró- caireach linn an uair bhronnann sé grása na sólas orainn; acht is olc sinne gan búidheachas do ghabháil leis. Agas is fáth nách sreamhann tobar na ngrás chugainn, de bhrígh nach bhfuileamoid búidheach de dhruim a bhfuaramar, agus nach dtugamoid ad- mháil ionnta do'n té a bhronn orainn iad. De bhrígh go sileann sruth na ngrás air an té ghabhas búidhea- chas mar is cóir, agus go dtugthar do'n duine uirísioll, a mbaintear de'n duine uaibhreach. Ní háil liom na sóláis le a gcailltear searc na cómhghuine, agus
ní mian liom na léir-shmuainte a threóraidheann chum uaille: de bhrígh nach bhfuil gach nídh tá árd-chéimeach, naomhtha, ná gach a bhfuil taithneamh- ach, tairbheach; ná gach a bhfuil ionmhuin, ionghlachta a láthair Déi. Glacaim gan docht na grása, a mhúineann úmhlacht agus eagla an Tiar- na dham, agus chabhraidheann liom a smachtadh mo chlaonta. Ní dhubhlan- ann an té tá teagasgtha le tabhar- thas na ngrás, agus múinte fá sgiúrsa an amhgair, aon deagh-ghníomh do chur na leith féin, acht admhaidheann nach bhfuil ann féin acht trúadhán bocht, tárnochta! Tabhair a cheart féin do Dhía, agus do dhuine, iodhon, búidheachas do Dhía air son a thabar- thas, agus air do thaobh féin bídh deimh- neach nach bhfuil ionnat acht peacach, a thuill go minic trom-dhíoghaltas Déi. Gabh de rogha an ait is ísle, agus cuirfear annsa n-áit is áirde thú: oir ní bhfuil árdán gan ísleán. Is iad na naoimh is áirde a láthair Déi, is uirisle 'nna mbaramhuil féin: agus tá a nglóir air neamh sochosmhuil dh'a n-úmhlacht air talamh. Ní bhfuil
beann aca air ghlóir dhímhaóin an tsaoghailso, de bhrígh go bhfuilid líonta de ghlóir na bhflathas! Ní féidir do'n té, a tá cómhneartaidh- the a nDía uabhar do ghabháil. Agas ní loirgeann an té, a chuireann gach maith dá bhfuil aige, a leith Déi, moladh ná mór ainm uadh chách, acht an moladh a dlighthear do Dhia amháin do dhíol leis, agus adhmholadh gach deagh- ghnímh do thabhairt do'n té d'ár dual é: sé sin, do Dhía. Gabh buidheachas uime sin le Día air son beagáin agus bronnfar morán ort. Glac an tabharthas is lúgha, amhail seud mhór-luach, agus an bronn- tanas is táire, amhuil comaoin ró dhíleas. Má bhreathnaidheann tú mór- dhachd agus maise an Tiarna, ní féidir dhuit a mheas go mbeidh aon nídh, dá mbronnann orainn, suarach no neamh- thairbheach. A haithle sin, badh cheart dhúinn bheith búidheach, beannach- tach fós a dtaobh gach píanais agus gach anró is toil leis do chur orainn: óir is chum leasa ar n-anama a cheadaidheann sé gach a dtárlaidheann dúinn air an tsaoghal so! Is éigin do'n té lé ar mian grása Déi do
cóimheud, bheith búidheach le linn a bhfághala, agus foighideach le linn a dtarann uaidh agus ag faireadh go fíor-umhal d'eagla a gcailleamhna. 11 CAIB. De'n fhíor-bheagán a ghrádhann Crois Íosa. Is iomdha duine a ghrádhann ríogh- acht Iosa: acht is beag lé ar mian iomchar na croise. Is iomdha duine d'iarann sólás, acht is beag lé ar mian amhgar. Is iomdha duine lé ar mian súidhe chum bainise Íosa, acht is beag a thugann taithneamh d'á measardhacht. Is mian leis gach duine bheith rannpháirteach 'na luath- gháir acht, faraor! ní maith leo fulann air a shon. Is iomdha duine a leanann Íosa do bhriseadh an aráin; acht is beag a choimheudann a chuidh- eachta ag ól chailíse na páise. Is iomdha duine a thugann urraim do mhíorbhuillibh Íosa, agus is beag a lean-
ann aithis na croise. Is iomdha duine a ghrádhann Íosa an fhaid éir- ghídheann an saoghalsa leó; bídhid go búidheach, beannachtach an fhaid gheibhid sólás agus gáirdeachas spioradálta; acht má thréigeann Íosa iad air feadh tamaill, luidhfid air ghearán nó tuitfid a n-eudóthchas. Ní mar so do'n mbuídhean, a ghrádhann Íosa air a shon féin, gan feuchain choidhche air an suaimhneas aigne a b'fhéidir leó d'fhághail as; bheirid buidheachas leis a gceartlár gach annró amhail is dá mbeidís a meódhan gach aoibhneis. Agas fós dá mbadh thoil leis gan soláis spioradálta do bhronnadh ortha, gidhe mholfaidís agus thabharfaidís buidheachas dó. O! Ís mor is féidir le grádh Íosa do dheunadh, an fhaid bhídheann sé saor uadh anchuman na cholna. Is fíor nách bhfuil acht tuarasdalach ansa té a loirgeann sóláis agus suaimhneas inntinne an gach nídh. Nách follas gur mó ghrádhaid iad féin 'ná Íosa, má thugaid searc dhó, air son a bhfághaltais agus a dtairbhe féin go haonaránach. Cá bhfuil an té a ghrádhann Dia a naisge?
Is annamh gheibheamoid aon duine chómh spioradálta go dtréigeann an uile nídh air son Déi. Cá bhfághfar aon duine a tá bocht a spioraid, agus saor uadh anchumann an uile chreu- túire?" Is cosmhuil a luach le nidh- the a tugadh ann imchian agus uadh fhíor- imiolaibh an domhain." Má thugann duine a chuid fághaltais do na boch- taibh, ní bhfuil ann acht neamhnídh: má ghearrann a chorp le haithríghe, ní bhfuil ann acht suarachas: má's léir dho gach ealadha, tá fós ann imchian: agas má bhídheann subháil- ceach, sáir-dhíograsach, tá aon nídh amháin fós an uireasba air: agus creud é sin? Tá, iar gach nídh do thréigean, go dtréigfeadh a thoil agus a mhéarghrádh féin: agus iar gcomh- líonadh a dhualgais go dúthrachtach, nach measfhadh sé go ndeárnaidh sé aon nídh chum leasa a anama. Ní ceart dhúinn maoidheamh ná mór-mheas do dheunadh as na deagh- obreachaibh a shamhlaidheann ionmholta a súilibh chách; acht admhaidheamois go fírinneach nach bhfuil annainn, acht seirbhísich neamhtharbheacha, amhail a dúbhairt beul na fírinne féin. "An
tan dheunfadh sibh gach a bhfuil órd- aidhthe díbh, abraídh, ní bhfuil annainn acht seirbhísich neamhthairbheacha." An uair sin, a bheidhmid bocht a a spioraid, agus is féidir linn a rádh a mbriathraibh an fháidh, "táim aonaranach agus fíor-bhocht." Gidhe ní bhfuil aon neach níos saidhbhire, níos neartmhaire, níos saoire, 'ná an té, a thréigeann a thoil féin agus gach anchumann do chreutúiribh, agus d'is- lídheann é féin annsa n-ionad is táire! 12 CAIB. De mhór-shlíghe ríoghamhail na croise naomhtha. Is iomdha duine a mheasann gur deacair na bríatra sa do chómh- líonadh, "Seun tu féin, tóg do chros, agus leann Íosa;" acht is dea- caire go mór na briathra deighean- acha so do chlos, "a dhrong mhal- laidhthe, imthídhidh uaim do'n teine
shíorrúidhe, a tá ullmhaidhthe do'n Diabhal agus d'á aingiollaibh." Oir ní eagal damnadh síorrúidhe an lá úd, do'n mbúidhean d'éisdeann, agus leanann briathar na croise anois. Beidh cómhartha cathbhuadhach na croise go lán-lonnrach ann sna fla- thasaibh, an tan thiocfadh an Tiarna ag tabhairt bhreitheamhnais. Air an uair sin thiocfaidh seirbhíseich na croise, a bhídh sochosmhail air feadh a mbeatha do'n té a ceusadh air an gcrois, chum Críosd a mbreitheamh go lán-dóthchasach. Creud uime sin, gur eagal leat do chros d'iomchar a threóraidheann do'n ríoghacht? Annsa gcros a tá sláinte: annsa gcros a tá beatha: annsa gcros a tá comairc uadh do námhaid: annsa gcros a tá tuile líonmhar na naomh-mhilseachta: annsa gcros a tá neart inntinne: annsa gcros a tá gáirdeachas spioraide: annsa gcros a tá árd-chéim na su- bháilcídh: annsa gcros a tá foirbh- eacht na naomhachta. Ni bhfuil sláinte anama, nó dóthchas na beatha síorrúidhe acht annsa gcros. Tóg do chros uime sin, agus lean Íosa, agus
tiocfadh leat rochtuin do'n mbeatha shíorrúidhe. d'imthidh Iosa rómhat ag iomchar a chroise: fuair sé bás uirthe, ionnas go ndeunfádhsa do chros dhíomchar go foighideach, agus gur mhaith leat bás d'fhághail uirthe mar an gceudna. De bhrígh má eugair mar aon leis, mairfir mar aon leis: agus má chomhéudair cuideachta dho ionn a pháis beidhir rannpháirteach mar an gceudna ionn a ghlóir. Féuch, is í an chros an uile nídh; agus ag básadh ar gclaonta, cómh- líontar an uile: agas fós ní bhfuil slíghe air bith eile chum suaimhneis aigne agus sólas na beatha síor- rúidhe d'fhághail, acht bóthar mór na croise, agus casán criapach na haith- ríghe! Imthidh gidh b'é áit is toil leat, loirg gach nídh is taithneamhach leat, ní féidir dhuit slíghe is airde d'fhághail shúas, ná slíghe is sábhálta shíos, ioná bealach beannaidhthe na croise. Ordaidh agus socraidh do chúram chómh maith agus is féidir leat, gidhe ní bhfuilir fós saor uadh bhuair- eadh; agus is éighin dhuit fulann ded' dheóin nó de d'amhdheóin, air chor nách bhfuil dul ó'n gcros agad: óir is
annamh duine gan ceachtar díobh, íodon, tinneas, nó buairt aigne. Air uairibh tréigfidh Dia thu air feadh tamail, air uairibh eile, cuir- fidh do chómharsa buiairt ort, agus fós, nídh is troime 'ná ceachtar díobh, béidhir go minic ag déunadh buartha dhuit féin. Agas an fhochair sin, ní bhfuil sos nó fuaradh le fághail agad, chum gur toil le Dia tu fhuasgladh. Oir is tol le Dia sinn do theagasg chum gach amhgar d'fhulann gan iom- chosnamh, agus sinn féin d'úmhladh go iomlán fá láimh an Tiarna. Oir ní mhothaidheann aon neach páis Chriost níos bríoghmhaire ioná an té, a fhulainneann a samhail é féin. Tá an chros uime sin, ullmhaidhthe fád' chó- mhair de ghnath, agas ag fitheadh ort ann san uile áit. Ní bhfuil dul agat uaithi gidh b'é áit ionn a rithfir: de bhrígh go mbeireann tu do chorp truaillidhthe féin leat an gach áit, agus go bhfuil claonta mallaidhthe an choirp sin, le smachtadh agat an gach ionad. Ni bhffhuil ardhán ná ísleán, ionad foiriomalach, ná inmheadhanach nách bhfuil an chros rómhat! Agas ann gach áit is éigin duit bheith foighideach,
leat m'ás mian suaimhneas aigne d'fhághail air an tsaoghail eile. Má thógair an chros go toiltea- nach, beirfidh sí thu dod' chatháir dhúth- chais, íodhon, do'n áit ionn a mbéidh deire led' dhoghrain, gidh tá gan chríoch air feadh na beatha so. Acht má thógair í go anleasgmhail, beidh sí mar ualach leatromach ort' gidhe caithfir í iomchar. Má theilgir uait cros, gan amhras buailfidh cros eile leat, agus b'fhéídir níos troime. An measann tusa go bhfuil dul as agat féin uadh an nídh a théip air a dtáinic ríamh do sheachaint. Cá raibh aon naomh uadh thosach an domhain, a bhídh saor ó gach uile bhuaireadh? Ní raibh ar dTiarna, Íosa Críost féin air feadh aon uaire amháin d'á bhea- tha gan geur-fhulann; "níor bhfuláir go bhfulainnfeadh Críost, agus go n- eiseireócadh sé uadh mharbhaibh, agus mar sin dul a seilbh a ghlóire." Agas creud fá measairsi, slíghe eile do lorg tar an mbóthar ríogh- amhailso na croise naomhtha? Badh chros, agus badh mhairtírdheachd do-fhuluinnte, beatha Chriosd; agus an loirgeann tusa suaimhneas agus luath-
gháir dhuit féin? Táir go mór air seachrán, má iarann tú aon nídh acht amhgar; de bhrígh go bhfuil an bheatha sho-mharbhtha so lán de mhí-ádh, agus ionn- saidhthe air gach leath le crosaibh. Agas d'á áirde fhoghlamann neach an chráibheacht, is e is troime go minic a chrosa; de bhrígh go meudaidheann pian a dheórúigheachta do réir a ghrádh do Dhia. Gidhe ní bhfuil an té so, gídh mór a thrioblóid, gan sólás éigin, a neartaidheann a meanmain; de bhrígh go bhfuil fios aige air mhéud an fhá- ghaltais, a dhlighthear dho, air son a shaothair. Oir an fhaid d'íomcharann sé a chros go foighideach iompaidh- thear trom-ualach a thrioblóidídh a ndóthchas láidir go bhfaghadh sólás uadh Dhía. Agas do réir mar claoidh- tear an cholann le anacradh is e neartaidhthear an t-anam le grá- saibh. Agas fós is minic go dtug- ann duine gean agus geur-ghrádh do'n anacradh, le dúl bheith sochosmhail le Críost; air chor go mb'fhearr leis anró agus anáird d'fhulann 'ná bheith saor uadhtha; de bhrígh go bhfuil fios aige, é bheith taithneamhac a láthair
Déi, do réir throime na gcros badh thoil le Dia do chur chuige. Gan amh- ras ní uadh neart daonna thagann an mhórmheanmain so, acht uadh chumhach- tabh Chríost, a oibridheann an oiread so a gcorpán thruaillidhthe an duine; air chor go nionsaidheann, agus go ngrádhann na nidhthe, d'fhúathaidheann agus do sheachanann, do réir na nadúire daonna. Gan amhras, ní mian le claontaibh daonna, searc agus síor-ghrádh do radadh do'n gcros, an cholann do smachtadh, agus do thabhairt fá riar na spioraide, teithead uadh onóir agus uadh árd-chéim; mí-chliú agus aithis d'fhulann go foighi- deach; ar náilleachd féin do dhí- mheasadh, agus drochmheas chách orainn d'iomchar go cneasda; gach anacra agus mí-ádh do ghlacadh go bheannachtach, agus gan dúil do chur a só ná a seas- gaireacht an tsaogailso. Má fheu- chair chum do neirt féin, ní fhéad- fair aon nídh dhíobh so do dheunadh, acht má chuirir do mhuinín annsa Tiar- na, tabhairfear cabhair uadh neamh dhuit, agus béirfuir buadh air an tsaoghal, agus air an gcolainn. Agas fós ní ea- gal duit do námhaid chíocrasach, an
Diabhal, má bhídheann tú comaircidh- the fá sgiath an chreideimh, agus cómhar- thaidhthe le fíoghar fóghar-ládair na croise. Ionnsaidh dá bhrígh sin, an chros d'iomchar go cródha air son Chríost, do Thiarna, a céusadh air do shonsa. Ullmhaidh thu féin chum mí-ádh agas anacradh dfhulann annsa tsaoghal an- ródhach so, oir is mar sin a tá sé, ann gach áit, d'á bhfuilir, agus d'a mbeidhir; air chor nach féidir dhuit thu féin do cheilt air. Is éigin nidhthe bheith mar so. Ní bhfuil leíghios air amh- gar, agus air dhubrón, acht iad d'fhul- ann go foighideach. Ól go fúidheach de chailís ar dTiarna, má's mian leat a charadas do shaothradh, agus bheith rannpháirteach ionn a ghlóir. Fág fá Dhia a shóláis do bhronnad ort, do réir a thola ró naomhtha féin. Acht bídhsi ullamh ag fulann gach leatroim, agus gaibh le gach buaidhreadh amhail na sóláis is mó: de bhrígh nách fiú ful- anna na beatha so do chur a gcómheas leis an nglóir le teacht, gidh gur b'ort amháin a cuirfídh a dtrom- ualach uile. An tan thiocfair chómh fada so a
slíghe na naomh, air chor go nglacair taithneamh agus sár-mhilsheachd do thriob- lóidibh le grádh do Chríost, án sin, bídh a fhios agad go bhfuilir a mbea- lach do leasa; de bhrígh go bhfuar- ais amach párrthas Déi air talamh. An fhaid shamhlaidheann trioblóidíghe mí-thaithneamhach dhuit, agus thugann tú iarrachd air theitheadh uatha, ní féidir dhuit gan bheith anshásda, de bhrígh go leanaid sinn ann gach áit d'á dteithea- moid. Acht má thugair thú féin mar is cóir air do chlaontaibh do smachtadh, agus air fhulann go fhoighideach, is gearr uait sólás, agus suaimhneas. Gidh go dtógfaidh suas thú go nuige an trío- mhadh flathas, amhail naomh Pól, ní bhfuilir dá bhrígh sin, saor uadh ana- cradh: "Óir," air Iosa, "foill- seochaidh mhise dho, creud é meud na nidhthe is éigean dó fhulann air son m'ainme sa." Ní fuláir dhuit air an ádhbhar-san fulann go foighideach, má ghrádhann tú Íosa, agus má's mian leat a réir do dheunadh air feadh do bheata. A! is truagh nach fiú thu nídh éi- gin d'fhulann air son Íosa: badh mhór
an luach-saothair a bheidh taisgidhthe fád' chomhair: badh mhór an chúis luath- gháire é do naomhaibh Déi: agus badh bhríoghmhar an sómpla é dod' chómh- arsanaibh. Deaghmholann gach aon an fhoighide, acht fáraor! is ró bheag lé ar mían aon nídh d'fhulann! Badh cheart dhuit nidhthe eudtroma féin d'fhulann air son Chríost, ó fheiceann tú daoine eile ag fulann nidhthe tro- ma air son an tsaoghail. Bídh deimhneach nach fuláir dhuit beatha bhásamhail do chathadh, agus an mheud a bhásaidhaidheann neach a chlaon- ta féin, is é is mó mhaireann sé do réir Déi. Ní bhfuil aon neach oir- eamhnach air shaidhbhreas na bhflathas do thuighsin, acht an té úmhlaidheann é fein ag fulann anacra air son Chríost. Ní bhfuil aon nídh níos taithneamhaiche a láthair Déi, nó níos tairbheiche do d'anam féin air an tsaoghalso, 'ná fulann go toil- teach air son Chríost. Agas dá bhfaghfádh do thogha, bádh cheart dhuit anacra agus anáirdh d'fhulann air son Chríost, tar gach aoibhneas d'a mb' fhéidir leis an saoghal do bhronnadh ort; de bhrígh go mbeidhfádh mar so
níos cosamhla le Críost, agus níos dealraiche le naomhaibh uaisle Déi. Oir ní a n-iomadamhlacht suairceas agas sólás spriodálta a tá ar nduais agus ar leas, acht a bhfulann gach leatrom agus gach buaireadh. Gan amhras dá mbeidh aon nídh níos tairbhieche d'anam an duine, 'ná ful- ann, d'fhoillseóchadh Críost dhúinn é a mbriathar, agus a ngníomh: de bhrígh go gcómharlaidheann se d'á dheisciobhal- aibh agus do gach aon lé ar mian é leanmhain, an chros d'iomchar, ag rádh: "má's mian le aon neach teachth a'm' dhiaighsi, diúltadh sé dho féin, tógadh sé suas a chros, agus leanadh mesi." Ionnas iar léigheadh agus iar sgrúdadh gac nídh, cómhdhúnamois leis na briathraibh so, "Gur tré anacra nach fuláir dhúinn dul as- teach go ríoghacht na bhflathas."
AN TREAS LEABHAR. 1 CAIB. De chómhradh inmheadhanach Chríost le anam an fhír-éin. An Deisciobail, "Eisdfead le bríathraibh mo Thiarna Dia." Is sonadh an t-anam a chluineann an Tiarna ag labhairt go inmheadhanach leis, agus ghlacann briathra bríoghmhara a leasa uaidh. Is sonadh na clua- sa d'éisdeann le cogar ciúin Déi, agus d'úmpaidheann uadh chogarnach cheal- gach an tsaoghail so; gan amhras is beannaidhthe na cluasa d'éisdeann le guth na fírinne, a teagasg an ana- ma, agus thugann faillíghe a nghlór gharbh na saoghaltánach. Is beannaidhthe na súile a dúntar air bhaois na beatha so, agus hosgaltar air ghnóthaibh an anama. Is beannaidhthe an drong a dhearcann go grinn air a gcroidhthibh féin agus dheunann díthchioll air iad féin d'ullmadh go laetheamhail a naghaidh an bháis. Is beannaidhthe an drong,
a thughann iad féin go iomlán air Dhia, agus chrothann díobh gach toirmeasg talmhuidhe. A chara dhílios, tabhair aire do na nidhthibh so, agus dún amach dóirse do cheadfádha, ionnas go gcluinfádh briathra ionmheadhanacha do Thiarna Dia. (Críost). Ag so mar deir do dhian-ghrádh; is mesi do shláinte, do shíth-cháin agus do bheatha; comhnaidh ann- amsa agus gheóbhair suaimhneas. Shgaoil thart saidhbhreasa dimbuana na beatha so, agus loirg fághaltas fíor- áluin na síorruidheachda. Creud tá a nidhthibh an tsaoghail so, acht cealg; agus creud é an tairbhe a dheunfadh saidhbhreas na cruinne dhuit, má thréig- eann do chruthaidhtheóir thu? Cuir dhíot uime sin, na nidhthe talmhuidhe so, agus bídh dílios, taithneamhach dod' Chruth- aidtheóir, ionnas go dtiocfadh leat rochtuin do'n tsuaimhneas do-mheall- ta!
2 CAIB. Labhrann an fhírinne ann ar gchroidhthibh gan fuaim gotha. (An Deisciobal) "Labhair a Thiarna, oir tá do sheirbhíseach ag éisdeacht. Iis mesi do sheirbhí- seach, tabhair tuigsinn dham, ionnas go mb'eol dam d'aitheantasa." Claon- aidh mo chroídhe chum raidhte do bhéil; léig dod' chómhradh silleadh orm air nós an drúchda. Dúbhradar clann Is- ráel a n-allóid le Maoise: "Labhair féin linn, agus éisdfeamoid: acht na la- bhradh Dia linn, air eagla go bhfagh- mois bás." Ní mar so, a Thiarna, ní mar so, a ghúidhim si: acht mar aon leis an bhfáidh Samuel, umpaidhim ort go húmhal, agus go dúthrachtach: "Labhair a Thiarna, oir tá do sheirbhíseach ag éisdeacht." Ná la- bhradh Maoise ná aon fáidh eile liom; acht labhair féin liomh, a Thiarna Dia, a theagaisg agus d'fhoillsidh croidh- the na bhfaidhe: oir is féidir leat féin amháin, gan cabhair air bith uadhthasan, me theagasg go bhríghmhar,
mhar, acht ní bhfuil tairbhe air bith ionntasan muna gcabhraidheann tusa leó, ní bhfuil ionnta acht fothrom gan bhrígh. Gidh go labhraid a mbriathraibh binne, blasda, gidhe má bhídhirsi ciúin, ní thiocfadh leó an croídhe do lasadh le grádh Déi. Tugann siad-san tea- gaisg, acht is tusa mhínídheann creud is ciall dóibh. Innisid creud is aith- eannta ann, acht is tusa a chabhraidh- eann chum a gcómhlíonadh. Taisbean- aid an tslíghe, acht tugair-si neart chum síubhail innte. Ní oibrídhidh siad acht go foiriomalach, acht tea- gasgann, agus foillsídheann tusa an croídhe. Léigid an tuisge air ithir an anama, acht is uaitsi thugann an bhreis. Eighid go hárd-ghlórach, acht is tusa thugann tuigsin do'n éisdith- eóir. Dá bhrígh sin, ná labhradh Maoise liomsa, acht labhair féin, a Thiarna Dia, a fhírinne shíorruidhe, d'eagla go bhfaghainn bás, agus go mbeidh m'anam gan tóradh tré bheíth teagasgtha go foirimiolach, agus mo chroídhe 'nna spairt gan teasghrádh Déi! Oir is eagal go dtiocfadh gach teagasg
d'á bhfuaras agus nár chómhlíonas; - gach fios d'á raibh agam, agus do tharcuisnidheas; - gach ar chreideas, agus nár leanas, a mbreitheamh- nas a'm' aghaidh! "Labhair d'á bhrígh sin, a Thiarna, oir tá do sheir- bhíseach ag éisdeachd: oir is agat sa tá briathra na beatha shíorruidhe!" Labhair liom chum sóláis m'anama, chum leasa mo bheatha go iomlán; chum moladh, gloire, agus ónóra síor- ruidhe dod' naomh-ainim-si. 3 CAIB. Gur cóir briathra Déi d'éisdeachd go húmhal, agus gur beag a mheadhann iad mar is dual. (Críost.) A mhic, éisd mo bhria- thra sa, briathra sár-mhilis a shá- raidheann ráidhte na n-ollamh, agus na n-eagnach go huile. Is spiorad agus
beatha mo bhriathrasa, nách féidir a mheas do réir thuigsin daonna. Ní ceart dhuit éisdeacht leó air son an tsásaimh, agus an tsuairceis dhíomhaoin a b'fhéidir leat d'fhághail ionnta, acht éisd leó go ciúin, agus glac iad gho hú- mhal go agus taithneamhach. (An Deisciobal.) Agas a dú- bhart, "Is beannaidhthe an té, a theagasgann tú féin, a Thiarna, agus d'á múineann tú do dhlíghe; ionnas go dtabharfádh suaimhneas do a laéthibh an oilc," agus nach mbeidh se uaigneach air an dtalamh. (Críost.) Is mesi a theagaisg na faidhe uadh thús, fós ní bhfuil cómhnuidhe orm, acht ag labhairt leis an gcine daonna; acht tá mórán bodhar dom' ghuth agus calcaidhthe ionn a gcroidhthibh. Eisdeann níos mó le glór dímhaoin an tsaoghail, 'ná le toil ró naomhtha an Tiarna! Geallann an saoghal, saidhbhreas dimbuan, neamhthábhachd- ach, agus deunaidh daoine a réir go cíocrach; geallaimsi saidhbhreas síor-áluin na bhflathas, agus dúnaid a gcroidhthe! Cá bhfuil an té riarann agus ghéilleann damhsa ann ghach nídh, amhuil a riarthar agus a géilltear do'n tsao-
ghal agus do thiarnaibh talmhan?" Bídh náireach a Shídon air an fhairge." Agas má fhiafraidheann tú an fáth, innisfead féin sin duit. Téidheann daoine a n-imchian air lorg shaidh- bhreas shuáraich na beathaso, acht is iomhda duine nách gcorraidheann a chos air lorg saidhbhreas síorrúidhe na bhflathas! Is cíocrach bhídheann daoine air lorg fhaghaltais neamhéifeach- daich; bídhid aig achrann go neamh- náireach de dhruim aon phingine amháin: ní tuirseach leó an oídhche do chur leis an lá air son suara- chais. Acht, faraor! ní mian leó duadh na doghruinn d'fhullann air son saidh- bhreas do-astraidhthe; air son dual- gas do-mheasda, - air son árd- chéimhe gan teóra, agus air son glóire gan chríoch, gan deireadh! Glác náire dá bhrígh sin, a sheirbhíseich leisg- amhuil, gearánaich, an tráth fheiceann tú cách níos fonnmaire air lorg báis, ioná táirsi air lorg beatha. Is mó an t-áthas a tá ortha-san ag rith a ndiaidh na baoíse, ioná tá ortsa ag tóraidheacht na fírinne. Agas fós is minic go mealltar
iadsan, acht ní chailleann mo geal- lamhna sa air aon neach; ní dhíbirím uaim folamh an té, a chuireann a mhúin- ín ionnam. Tabharfad-sa uaim gach ar gheallas, deunfadh go maith do gach a ndúbhart, má leanann duine, dílios do-astraidhthe ann mo ghrádh go deir- eadh a shaoghail. Is mesi dualgas gach deagh-dhuine, agus fromhaim go dearbhtha na daoine diadha. A mhic, sgríobh mo bhriathra a gceartlár do chroídhe, agus machtnaidh go dúthrachtach ortha; oir béidh siad ró ríachtanach ann am an chatha. Tuigfir an lá sin, na nidhthe a léi- gheann tú agus nách dtuigeann tú anois. Is gnáth liomsa teacht air cuairt a measg mo clainne toghtha air dhá mhódh, íodhan, le trioblóidibh aghus le sólásaibh. Agas léighim dá cheacht go laétheamhail dóibh; an cheud cheacht, le a n-aifirim a lochta, agus an dara ceacht, le a ngríosaim iad a lorg na subháilcídh. An té ag a bhfuil mo bhriathrasa, agus nách gcómhlíonann iad, tabharfar breith dhamanta air, lá an bhreitheamhnais!
Urnaidhe ag ímpídh ghrása na cráibheachta. O a Thiarna, mo Dhia, is tú mo mhaitheas iomlán, agus cia é mesi, a Thiarna, a lamhann labhairt leat. Is mise do seirbhíseach fíor-bhocht, ní bhfuil ionnam acht truadhán tar- caisneach, níos táire agus níos boichte ioná is féidir liom d'inisin. Acht cuimhnidhsi a Thiarna, nach bhfuil ionnam acht neamhnídh, agus nach féidir liom aon nídh do dheunadh. Is tusa amháin a tá ceart, caomh-áluin, fíor-naomhtha, le ar féidir gach nídh do dheunadh; is uaitsi thagann gach maitheas, is tusa a líonann na huile nidhthe, acht fágair an peacach folamh. Cumhnidh a Thiar- na, air do mhór-thrócaire, agus líon mo chroídhe de thuile na ngrás, oir ní ail leat saothar do lámh d'fhágáil folamh. Cionas is féidir damhsa me féin d'iomchar muna neartaidh do ghrása agus do thrócáire si liom? A Thiarna na ceil do ghnúis lonnrach orm, ná cuir do chuairt air cáirde; na tar- rang d'fhortacht uaim, d'eagla go dtiocfadh balc ann m'anam amhail
talamh gan uisge. O, a Thiarna, múin dham do thoil ró naomhtha do comhlíonadh; teagasg me; ionnas go mbéidhin úmhal, neamhasmuilteach ann mo chómhrádh; oir is tusa m'eagna, ag á bhfuil fíor chaidreámh orm, agus ag a raibh sul a rugadh me, agus fós sul ar cruthaidheadh an domhan. 4 CAIB. Gur ceart dhuinn siúbhal a n-úmhlacht gach fírinne a láthair Déi. (Críost.) A mhic, siúbhlaidh a'm' láthairsi a bhfírinne, agas loirg mési a gcómhnuidhe, a símplídheachd do chroídhe. Shaorfar uadh gach tu- baiste, agus uadh gach feall, agus fós uadh chúl-chaint na mallidhtheóirídhe, an té a shiúbhlaidheann a bhfírinne os mo chómhairsi. Má bídheann an fhírinne leat, béidhir saor gan amhras, agus ní bhéidh súim agat a mbriathraibh baoise na saoghaltánach. (An Deisciobal.) A Thiarna is
fíor sin; agus impídhim ort, go dteag- mhadh dham do réir do bhriathar; go dteagasgadh d'fhírinne-si me, go ndeunadh sí comairc agus cosaint orm; ionnas go dtiocfainn chum deagh- chríche. Go saoradh sí me uadh gach droch-aigne, agus uadh gach anchumann cealgach; ionnas go rithfinn go hai- tiosach ad' chómhluadar naomhtha sa, le croídhe soilbhir, sar-eudtrom. (Criost.) Múinfeadsa dhúit na nidhthe so, a tá ceart agus taithneamhach ann mo láthair. Cúimhnidh air do pheacadhaibh le doilgheas, agus lé cómh- bhrúgh croídhe; agus ná gaibh meas, ná mór-is-fiú de dhruim do dheagh-oib- reacha. Ni bhfuil ionnat acht peacach bocht, greamaidhthe a slabhra na ndroch- rún, agus ceangailte sios a láib na locht! Táir ag claonadh uait féin de ghnáth chum neamh-nídh; is obann a thuiteann tu; is luath a buaidhtear ort; is furas fearg do chur ort, agus is minic chailleann tú do mheisneach. Ní bhfuil nídh air bith agat as ar féidir leat maoidheamh do dheunadh; acht tá a n-illiomad lochta ionnat tré'r ceart dhuit bheith úmhal: oir is
laighe thu go mór ioná 's féidir leat do thuigsin. Ná glacadh mórdháil tu, dá bhrígh sin, de dhruim do dheaghníomh. Ná méas go bhfuil aon nídh, mór, ná maiseamhuil, ná iongantach; go bhfuil aon nídh ceannasach, clúmhail, caomh- áluin; go bhfuil aon nidh tábhachdach tóramhail, tairbheach, acht nidhthe na síorruidheachta. Glac taithneamh, agus treun-ghrádh do'n fhírinne shíorruidhe, agus fuath agus fíor-ghráin dod' tháire féin. Glac mioscais, agus mí-ghreann dod' chlaontaibh peacamhla féin, óir is mó an bhuairt badh cheart dóibh do dheunadh dhuit, ioná mí-ádh agus mí-rath an domhain! Tá daoine ann nách siúbh- laidheann go híonruic a'm' láthair si, lé ar mian tré dheismireachd, agus tré uabhar, fios d'fághail air rúnaibh ro-árda Déi; agas uime sin, tu- gaid faillíghe a sláinte a n-anama féin. Tuitid a samhailsi go minic a gcathaibh agus bpeacadhaibh ró thro- ma, de dhrúim a ndeismireachda, agus a nuabhair; de bhrígh go mbídhim si na n-aghaidh. Gaibh uamhain, agus eagla roimh bhreitheamhnais Déi, agus crith le sgan-
radh a láthair an Tiarna uilechómh- achtaich: seachain, ná scrúdaidh oibreacha an Aird-rígh; acht feuch go grinn air iomadamhlacht do mhí- ghníomh féin; cá mheud uair a chionn- taidhis le ghníomh, agus le faillíghe. Tá daoine ann, d'iomcharann a gcráibh- eachd a leabharaibh diadha, tuille, a ndeilbhibh, agus a níomhághthaibh, agus tuille, a gcómharthaibh foiriomalacha: tuille fós ag á mbídhim air a dteangaibh, acht fáraor! a bhfad uadh na gcroidh- thibh. Tá daoine eile ann, ag á bhfuil tuigsiona deaghshíollsidhthe, agus croidhthe glana, a chuireann a n-osnaidhe go dúth- rachtach am' láthair de lá agus d'óidhce; lé nach mian amháin éisdeachd le díthcéille an tsaoghalso; agus fós lé ar doilbh bheith greamaidhthe fá chuing na nadúire: Is iad so agus a leithéidíghe eile, a thuigeann go follas cómhrádh caoin Spioraide na sírinne: De bhrígh go dteagasgann an Spiorad Naomh iad cionas is ceart dhóibh nidhthe talamhúidhé do thréigean agus gean a gcroídhe do thabhairt do saidhbhreas na bhflathas: lóchán loch- tach an tsaoghailso do dhímheasadh, agus triall do lá agus d'oídhche air a gca-
thair dhúthchais a measg na naomh agus na naingeal. 5 CAIB. De mhór-chomas ghrádh Déi. (An Deisciobal.) Beanaidhim thu, ó a Athair neamhdha; a Athair mo Shlánaidhtheóra Iosa Críost; de bhrígh gur dheónaidhis bheith cuimhneach air mo leithéidsi de thruadhán bhocht tharchuisneach. O, a Athair na tró- caire, agus a Dhia na nuile sholás bhei- rim buidheachas leat, a dtaobh mar neartaidheann tú mesi, do sheir- bhíseach neamhthairbheach, le fortacht do naomh-ghrás. Bheirim moladh agus glóir dhuit, mar aon led' Mac dílios agus an Spiorad naomh, an cómhneartaidhtheóir go fóir-cheann na saoghal. O a Thiarna Dia, a searc mo chroídhe, ann uair thioc- fair si chugam, beid lionta de luagháir agus de ghairdeachas. Is tusa amháin mo ghlóir agus áthas mo chroídhe.
Is tu mo dhóthchas agus mo chomairc a lá mo bhuadhartha. Acht ó táim fós lag am' ghrádh, agus neamhiomlán am' beusaibh, is riach- tanach dham neart agus fortacht d'fá- ghail uaitsi: dá bhrígh sin, a Thiarna, fiosraidh me níos minice, agus teag- aisg me ann do naomh-dhlíghe. Fuas- gail me uadh gach claon-aigne, agus slánaidh mo chroídhe uadh gach an- chumann mí-mhacánta, ionnas, iar mbeith cneasaidhthe uadh chreuchtaibh mo locht, go ngrádhfainn mo Thiarna mar is cuibhe; go bhfaghfainn neart chum fulann air a shon, agus meisneach chum seasadh ionn a dhlíghe air feadh mo bheatha. Is áluinn an nídh grádh Déi, ní bhfuil maith is fearr ioná é, isé amháin d'eudthromaidheann gach trom-ualach agus diomcharann go hionann gach leat- rom. Téidheann fá'n gcros gan a troime do mhothughadh agus úmpaidheann gach searbhas chum milseachda. Tá grádh Íosa fíor-uasal, gríosann sé sinn chum mor-laochais, agus lasann ar gcroidhthe chum taithneimh do thabhairt dho na nídhthibh is iomláine. Ardaidh- eann grádh Déi ar gcroidhthe suas
air neamh, agus ní bhful nídh air bith lé'r féidir é chosg. Is mian le grádh dílios Déi bheith saor, agus fuas- galta uadh gach cumann talamhuidhe, air eagla go ndallfaídh solas an anama, agus go ngreamochaídh é lé cúram saoghalta, nó go leagfaidh a mheisneach le mí-ádh aimseardha. Ní bhfuil nídh air bith is milse 'ná grádh; ní bhfuil nídh is neartmhaire, is árd- chéimeiche, is fóirleitheine, is suair- ce, agus is iomláine air neamh ná air talamh: oir is uadh Dhia féin a shíolraidh an grádh, agus ní feidir leis bheith sásda go gcómhnuidh se a n-Dia, os cionn an domhain uile! Ritheann an té ag a bhfuil grádh Déi, go luath, luaimnéach luathgháir- each; tá a chroídhe saor uadh gach anchumann agus ní féidir le cealg na beathasa greim do bhreith air. Tug- ann suas an uile nídh air son Déi uile-chómhachtaich, agus sealbhaidheann sé Dia, árd-fhlaith an uile mhaitheasa; oir isé Día tús agas tobar an uile mhaitheasa. Ní fheuchann air an mbronntanas, acht úmpaidheann é féin air an dtiodhlacóir tar gach tabhartas. Is minic nach mbídheann
meódhan le grádh, is minic a lasann sé an croídhe tar fóir, air chor nách mothaidheann sé aon ualach dá throime, aon tsaothar dá dhuadhamh- la ná aon obair dá thrioblóidighe, de bhrígh gur fiósach dhó, gach nídh bheith so-dheunta le congnadh Déi. Uime sín, tá gach nídh air a chumas, agus tagann leis mórán do dheunadh, a theipeann air an té a bhídheann a néaghmais ghrádh Déi. Ní thuiteann suan ná táimh-neul air an té, a ghrádhann Dia; gidh bhídh- eann támh-gheúgach, ní bhídheann tuir- seach, gidh bhídheann a gcúmhgach, ní bhídheann a bhfáiscre, gidh sganraidh- thear é, gidhe ní bhídheann búartha: acht amhuil lasair lán-mheisneamhail, no lóchrann lonnrach, éirghídheann sé go treun-thapaidh tré gach eachrann. Is maith thuigeann an té, a ghrádhann Dia, brígh na mbriatharsa: oir is aireach d'éisdeann Diá le fuaim ghotha an anama a ghrádhann é: an tan a deir sé: O mo Dhia, mo dhian-ghrádh, is tú mo Dhia go hiomlán, agus is leatsa mise go hiomlán. Tabhair dham, a Thiarna breis ghrádh, ionnas go mblaisfinn sármhil-
seacht do chumainn si, agus go snámh- fainn a bhfairge fóirleathan do caomh-dhíograis. A Thiarna, go sealbhaidh do ghrádh me, air chor go n-eirgheóchainn ós cionn mo neirt féin tré lán-díogras duitsi: go gcanfainn cantaich cheólmhar an cheana, go leanfainn mo dhian- ghrádh go hárdáibh; go molfainn thu tar gach searc, agus go nglacfainn luathgháir tar fóir ad' chaoin-chumann. A Thiarna, tabhair dham tusa ghrá- dhadh níos mó 'ná me féin; agus gach aon eile mar gheall ortsa, do réir mar órdaidheann dlíghe an chu- mainn, a dheallraidheann go lonnrach tre Dhia. Bídheann grádh Déi easgaidh, ion- ruic, diadha, deagh-áluin; aitiosac: ládair, foighideach, dílios, glic, fad- fhulainneach, meisneamhail, mór- chroídheach, gan súim ionn a sheas- gaireacht féin; oir an tan loirg- eann duine a bhúntaise féin, tuiteann sé go neamh-chródha uadh ghrádh Déi. Bídheann grádh Déi fóghmosach, fíor- dhíreach fad-earadhanach. Ní bhídheann sé baoth, neam-thoirteamhail, ná claon chum díth-chéille, acht foras-
da, fíorsheasmach, geanmnuighe, gnáth-shuaimhneach; ag cosaint na gceadfadh air íonsaidhe an pheacaidh. Cómhartha éile air ghrádh Dei, go mbídheann sé umal, urraimeach d'uachdaranaibh; mímheasamhuil, mor- tharcaisneach air féin; diadha, dil- bhúidheach de Dhia; muiníneach, mór- dhóthchasach as an dTiarna ann gach am; agus fós air an uair nach mblais- eann naomh-mhilseachd, feitheann go foighideach le grásaibh Déi, de bhrígh go bhfuil a fhios aige, nach ngein- tear díogras gan doghruinn! Gidh b'é nách bhfuil ullamh air gach nídh d'fhulann agas air ghéilleadh ann gach nídh do thoil ró naomhtha an Tiarna, ní feidir a rádh go bhfuil grádh Déi aige: oir is éigeann do'n té, a ghrádhann an Tiarna, gach saothar searbh, sár-dhuadhamhail do ghábhail le n-ais air son a dhian- ghrádh, agus gach anacradh dfhulann go fonnmhar níos túisce ioná Dia do thréigeann.
6 CAIB. De Dheimhniúgadh an té, a ghrádhann mar is cóir. (Criost.) A Mhic, ní gráidheóir calma caoin-ghlic fós tu. (An Deisciobal.) Creud fáth a Thiarna? (C). De bhrígh go dtuiteann tu air gcúl uad' dheagh-rún an uair theag- mhaidheann tú le mí-ádh, agus loirgeann tú soláis spriodalta leis an iomad cíocrais. Seasaidheann an gráidh- eóir cródha, go neamh-mheata a gceart-lár an chatha, agus ní ghéilleann do chómhairle chealgach na námhaide: amhail is taithneamhach leis me an tan chuirim rath air a shaothar, mar an gceadna is áil leis me ann uair an mí-ádh. Ní bhreáthnaidheann an gráidheóir glic tabharthas a dhian- ghrádh, chómh mor leis an searctré'r bronnadh é. Is mó an tsúim a chuireann ann inn- tinn an tabhartóra, ioná a luach an tabharthais uile. Ní bhídheann an té, thugann searc síor-uasal a chroídhe
do Dhia, sásda le tabharthasaibh, acht bheireann taithneamh do Dhia féin tar gach tabharthas. Ní bhfuil an uile caillte, gidh go mbeidhfádh air uair- ibh níos fuaire ioná badh mhaith leath. Is uadh láthairdheachd ghrása Déi thagann an cumann caomh-aoibhinn sin, a mhothaidheann tú air uairibh; de bhrígh nach bhfuil ann acht réimhbhlas na bhflathas. Acht ní ceart dhuit do mhuinín do chur air fad ann, de bhrígh go nimthígheann, agus go bhfilleann sé. Acht troid go cródha a naghaidh dhrochlaonta na haigne; agus sios- maidhe síor-mhallaidhthe an Diabhail do ruagadh as an inntin. Isé so an cómhartha ceart air chroídhe ghlan, agus air rún diongabhálta. Uime sin ná cuireadh taidhbhreithe uathbhásacha aon bhuairt ort, gidh b'é cinéal gur de iad, nó áit gur b'as iad. Cómhéud do rún daingean agus d'inntinn díridhthe air Dhia. Ná meas go meallann an Diabhal tú an tan árdaidhthear a mbriochtaibh thu, agas fhilleann do ghnáth laige croídhe gan mhaill na dhiaigh san. De bhrígh gur ded' amh- dheóin féin a tá tú lag, agas an
fhaid nách dtugann tu aontaoidheacht dóibh, is mó a dtairbhe 'ná a ndíogh- bháil duit. Bhíodh a fhios agat go ndeunann an tsean-námhaidh a dhíthchioll air tu chosg air gach deaghníomh, agus gach mían maith a mhúchadh sul a dtiocfadh leatsa a gcómhlíonaidh. Ní maith leis tu thabhairt onóra do na naomh- aibh, ná machtnadh air mo phais-si, ná leórghníomh a dheunaidh a'd' phea- cadhaibh, ná faire air chleasaibh claona do chroídhe féin, ná fós rún do ghlacadh air dhul air d'aghaidh a mbealach do leasa. Cuireann se a nimeódhan de droch-smuaintibh chu- gat, le inntinn thú do chur, agus do sganrúghadh, ionnas go dtiocfadh leis tu tharrang uadh úrnaidhthibh, agus uadh leabharaibh diadha. Ní thaithneann an fhaosidín úmhal leis; agus da mbudh fhéidir leis é, choisgfeadh sé thu air ann gcorp-naomhtha do ghlacadh! Ná tabhair aon ghéilleadh d'á chogar cealgach, gidh go gcuirfeadh sé a líontán go minic air inill fád' chómhair. Cuir na leith féin gach smuaineamh mallaidhthe neamh-ghlan, agus abair leis, "Imthigh a spioraid
thruaillidhthe, glac aithis agus náire a phéist mhallaidhthe, ní fuláir gur anmhídhe ró neamh-ghlan thu agas a leithéidighe si de smuaintibh do chur chugam. Bídh air siúbhal a mhallaidhtheóir chealgaich; ní bheidh aon chuid agat díomsa, acht beidh Íosa am'shochairsi mar ghaisgídh- each chródha, agus cuirfear an teitheadh ortsa go haithiseach. Thoghfainnsi bás d'fhághail fá throm-ualach galair agus geur-phiantha, nios túisge ioná ghéillfinn dod' chlaon-chogaraibh. Bídh ad' thosd, a mhallaidhtheóir, ní éis- fead a thuille leath, gidh go ndeun- fádh do lán-dhíthchioll air me bhuair- iúghadh." Oir amhail a deir an fáidh ríoghamhail, "Isé an Tiarna mo sholus agus mo shlánadh; cia roimhe a mbeidh eagla orm? Dá seasfadh sluagh a bhfoslongphoirt am' thímchioll ní bheidh eagla air mo chroídhe. Isé an Tiarna mo chabharthóir agus m'fhuas- galtóir." Troid amhail laoch lán-chalma, agus má thárlaidheann duit tuitim an íor- ghuil an chatha, tré laige do nádúire, éirghidh arís níos neartmhaire, agus cuir do dhóthchas am' ghrásaibh líon-
mharasa: acht tabhair aire, gan uabhar ná taibhse do ghlacadh ionnat féin; oir is minic thuiteann mórán a ndaille doleigheasta tre uabhar. Cnuadhsaidhsi eagna tre earráid na droinge sin, agus ná glac uabhar de dhruim do neirt féin. 7 CAIB. Gur ceart grása do cheilt fá chúmhdach na húmhlachta. A Mic, is tairbheiche agus is sábhálta dhuitsi grása na caondúthrachta do cheilt agus gan taibhse do ghlacadh dá ndruim, gan labhairt go minic ortha, ná bheith ag cuimhniughadh ortha; acht tu féin do dhímheasadh níos mó, agus eagla do ghabháil amhail nách fiú thu iad fhághail. Ní ceart dhuit greamadh go ró dhaingion de'n staid so, a malartaidhthear go minic air staid bhuinsgion. Smuain a n-am na grás, gur bocht, truadh- ánta bhídheann tú na néagmais.
Agas bíodh a shios agat, gur fearr dhuit a dtaobh do leasa, easbadh gach soláis spriodálta d'fhulann go foigh- ideach, fior-úmhal; air chor nach dtabharfádh faillíghe ad' úrnaidhthibh, ná a ndeaghoibreachaibh eile, d'á ndearnais taithíghe; acht gach nídh do dheunadh le fonn do réir do thuig- siona agus do neirt, agus gan faillíghe do thabhairt ionnat féin de dhruim an bhuaireimh agus an tíormachda mho- thaidheann tu. Oir tá mórán a thuiteann a leisge agus a neamhfoighidhe ann uair nách ri- theann leó do reir a dtola. Acht de bhrígh "nach bhfuil slíghe an duine go cínte ionn a chomas féin," is le Dia amáin a bhaineann fortacht do thabhairt air, an mheud, agus an uair, is toil leis féin é. Is iomdha daoine a thug ár agus anachain ortha féin mar gheall air ghrásaibh na caondúthrachta; de bhrígh gur thóg- adar an iomad ortha féin, ag leanmhain claon a gcroidhthe níos mó ioná cómhairle ann réasúin. Agas de bhrígh gur chuireadar rompa níos mó do dheunadh ioná bhídh taithneimhach do Dhia; uime sin chailleadar a
ghrása go hobann. Tuiteadar a mbochtaineacht agas a n-úireasbadh, gidh gur mhian leó ionad do shoc- rúghadh dhíobh féin air neamh; ionnas iar mbeith úmhlaidhthe dhóibh, go bhfogh- lamóidis ghan a ndóthchas do chur 'nna neart dílios féin, acht rith fá sgiath mo chomairche si. Agas mar an gceudna, meallfar an bhuidhean a tá fós nuadh neamheólgaiseach a slighthibh an Tiarna, muna leannadh siad cómhairle na ndaoine eag- nach. Agas má's fearr leó a dtoil féin do leanmhain ioná géilleadh do chách ag a bhfuil níos mó eóluis, is ró- bhaoghalach gur b'olc an chríoc a bheidh ortha, muna dtréigid a gcor- mhian féin. Is annamh fhulainneann an drong a mheasann iad féin ciallmhar cómhairle ná riaghail chách! Is fearr beagán eóluis, agas umhlacht mar aon le lag-aigne, ioná a lán foghlama mar aon le taibhse, agus le tóstal. Is fearr beagán, ioná morán, ma ghlacair uabhar d'á ndrúim. Ní bhfuil an té sin ciall- mhar go leór a thugann é féin suas do luathgháir, agus dhearmhadann an bhoch-
tanacht ionn a raibh, agus caoin-eagla an Tiarna; oir is baoghal go gcaill- fidh na grása a bronnadh air. Agas air an dtaobh eile, ní bhfuil an té sin eagnúidhe a dhaothain, a bhídheann duairc, deilbh-ghruama a n-am aon anacradh nó mí-ádh, agus cuireann níos lúghadh dóthchais ionnamsa ioná badh cheart dho. An té bhídheann neamhaireach a n-amsir na shíthchána, bídheann eag- lach, trom-inntinneach a n-aimsir an chatha. Dá mb'fhéidir leat bheith úmhal, uirísiol ad' bharamhail fhéin, agus do spiorad do riaradh agus do stiúradh, ní thuitfádh chómh obann a nguais an pheacaidh. Is ró mhaith an chómhairle, an tan mhothaidheann tú spiorad an díograis, cúimhniugh- adh cionas bheidhir an uair thréigfidh an solus sin thu. Agas an uair thréigfidh an díogras thu, cúimhnidh go mb'fhéidir dho filleadh arís, de bhrigh gur chum do theagaisg si, agus mo ghlóir féin a thógas uait é air feadh tamail. Is minic gur tairbheiche an dear- bhadh sa, ioná dá mbeidhfádh a gcómh- núighe do réir do thola féin; De
bhrígh nách meastar dualgas duine ua na taisbéana, agus na taidhbhreidh- the, a bhídheann aige, ná fós ó'n eólus san sgribhinn diadha, ná uadh é bheith a ngradamaibh móra: acht meas- tar a luach, uadh é bheith preumhaidh- the a númhlachd, agus air lasadh le grádh Déi agas na chómharsann; uadh é lorg onóra agus ghlóire Déi ann gach nídh, uadh na bharamhail úirísiol as féin, air chor go mb' fhearr leis bheith fá dhroch-mheas ioná fá dheagh- mheas ag cách. 8 CAIB. D'ár ndroch-mheas orainn féin a láthair Déi. (An Deisciobal). "Labhair- fead sa lem' Thiarna iar mbeith am' luaithre dhamh." Má mheasaim me féin níos fearr, feuch go sea- saidheann tusa ós mo chómhair: agus tugann mo chionnta fiaghnaise am' aghaidh, agus ní féidir iad do bhreug-
nughadh: acht má úmhlaidhim me féin go neamhnídh, agus má theilgim uaim ghach árd-thuairim asamh féin, agus admháil (mar is fíor) gur luaithre me, beidh do ghrasa sa trócaireach dham, agus tiocfadh do sholus a bhfogus dom' chroídhe, agas múchfar gach dil-mheas dá lúghad a ngleann mo neamhnídh féin. Ann sin foillseó- chair dham, creud táim, creud bhídheas agus creud bheid; de bhrigh gur neamhnídh me gan fhios dam. Má fágthar a leith mo neirt féin me, ní bhfuil annam acht neamhnídh, agus fann- tais gan teóra; acht má fhéuchair si le súilibh do thrócaire orm, near- taidhthear go luath me, agus líontar de gháirdeachas mo chroídhe. Agas is mór an iongnadh mar árdaidhthear gan miall me, agus ghabhthar go cean- amail liomsa, a tuiteann síos tréim' mhuirtileachd féin de ghnáth. Isé do ghrádh sa, mo Thiarna, d'oibrídheann mar so ag teacht am' choinne, agas ag cabhrúghadh liom an gac gádh: am' chosaint mar an gceadna air gach baoghal dogh- ruineach, agas (mar is féidir liom a radh) am' fhuasgaladh ua gach olc
agus gach géibhionn. Agas de bhrígh gur creachadh me trem' anghrádh dhom féin, acht suaras arís Thusa agus me féin de dhruim mo lorgaireachta agus mo ghrádh dhuit; agas tríd an ngrádh so, do dhearbhaidheas go deimh- neach mo neamhnídh féin. Oir, a Thiarna ró mhilis, táir trócair- each orm ós cionn gach dóthchais agus gach athchuinghíde. Moladh agus gloír dhuit, O mo Dhia; nách fiú mesi aon tabharthas d'fhá- ghail; gidhe tréd' mhaitheas dochúim- sidhthe si ní théidheann cosg ort acht a deunadh maithise fós don' drong dimbuidheach a tá ag imtheacht air seachrán leó féin! O! a Thiar- na, fíll tar ais sinn, ionnas go mbeidhmis buidheach, úmhal, agus diadha, oir is tusa ar slánadh, ar gcomas agus ar neart.
9 CAIB. Gur ceart gach nídh d'athchur cum Déi, amhail an chríoch. (Críost.) A mhic, is dual gur mesi do chríoch oirdheirc dhéighneach, má's mian leat bheith fíor-shona. De dhruim na hinntinne so glanfar do chumann, a bhidheann go ró mhinic claon-chasda ort féin agas air nidhthibh cruthaidhthe. Oir má loirgir do sheasgaireachd féin ann aon nídh, is gearr go dtuitfir a bhfanntais agus a neamhfhonn. Athchur na huile nidhthe dhá bhrígh sin, chugamsa; oir is mesi a bhronn gach a bhfuil agat ort. Smuain gur uaimsi thagann gach nídh, amhail ua thobraid an uile mhaithise, agus dá bhrígh sin, nách fuláir iad uile do chasadh arís orm amhail a bpríomh-thús. Is uaimsi a ritheann sruth na ngras air an mbocht mar aon leis an saidhbhir, air an lag mar aon leis an ládair, air an óg mar aon leis an ársa; agus bronnfad grása ar ghrásaibh an té a leanann mo réir
go deagh-chroídheach, fonnmhar. Acht gidh b'é air bith, a mhaoidheann as aon nídh acht asamsa, nó a ghlacann taith- neamh ann aon mhaitheas amhail uaidh féin ní féidir dho luathgháir fhírinneach d'fhághail, na croídhe fairsiong do bheith aige. Uime sin beidh sé buar- tha brónach fá atuirse, agus fá chúmhgach croídhe. Dá bhrígh sin, ní ceart dhuit aon deaghnídh do chur ad' leith féin ná chách, acht iadh uile do chur a leith Déi: oir is neamhnídh an duine a néaghmais Déi. Is mesi a bhronn gach nídh ort, is ceart dhuitsi tu féin go léir a thabhairt suas dhamh- sa, agus bheith lán-bhuidheach dhíom, de bhrígh go n-iaraim si búidheachas de dhruim gach nídh d'á mbronnaim ort. Isí so an fhírinne, le a ruagthar gach glóir dhíomhaoin. Agas má gheibheann tú seilbh a ngrásaibh Déi agus a n-iomadamhlacht na carthanach- ta, ní bheidh fórmad ná cúmhgach croídhe ort; agus fós ní bheidh meas ná mórghrádh agat dod' claon- cholainn féin: de bhrígh go mbeireann grádh Déi buadh air gach nídh, agas go leathanaidheann cómhachta agus cáile an anama. Má tá an chiall chóir
agat, beidhir áthasach ionn-amsa amháin, cuirfir do mhuinín ionnamsa amháin, oir "ní bhfuil aon nídh maith acht Dia amháin," is annmholta tar gach nídh, is annbheannaidhthe ann gach nídh. 10 CAIB. Gur b'aoibhinn an nídh réir Dei do dheunadh, agus gan suim do chur annsa tsaoghal so. (An Deisciobal.) Labharfad anois arís lem' Thiarna, agus ni bheid am thost; déarfad a néisd- eacht mo Dhéi, mo Thiarna agus m'Ard- Rígh. "O creud é meud d'iomadamh- lacht a Thiarna, a thaisceann tú dhóibh si, air a mbidheann d'eagla." Acht creud dóibhsi a riarann agus a ghrádhann tu le neart a gcroídhe! Tá milseacht do chuideachtan dolabhar- tha, gidhe bronann tu an taoibhneas san ortha sa a thugann gean a gcroídhe dhuit. Is ann so, tar gach
nídh, dfhoillsídhis milseacht do ghrádh dhamhsa, sé sin, gur chruthaidhis me as neamhnídh, - gur ghlaodhis tar ais orm, an uair d'imthígheas ar seach- rán úait, - agus go dtugais coire agus ordúghadh dham do réir a leanmhain, agus searc mo chroídhe go léir do rad- adh dhuit. O! a Thóbraid na seirce síor- rúidhe cionas labharfad ort air aon chor? Cionas is féidir liom tu dhearmad chóidhche, ó dheonaidhis cuimh- niughadh orm sa, an truadhán bocht, a bhídh múchta a láib na locht, agus ta- bhartha suas chum báis síorrúidhe? Rinnis trócaire orm tar gac dóth- chas, agus bhronnais do ghrása agus do múinteardhas orm tar gach dual. Creud é an leórghníomh is féidir liom a dheunadh air son na ngrás- so? Oir is grása iad nár bhronnais air chách, sé sin, díultúghadh don tsaoghal agus aibíd manaich do ghabháil orm. An féidir gur mór an tádh- bhar maoidheimh dham do réir si dheunadh, an uair tá sé d'fhiachaibh ar gach creutuír do thoil ró naomhtha do chómhlíonadh? Ni ceart dham bheith bladhmanach a dtaobh do réire do
dheunadh, acht is mór an tabhar iongna liom tusa am' ghlacadh ad' sheirbhís a measg do cháirde dil. Feuch gur leat féin gach a bhfuil agam chum do reire do leanmhain: gidhe, is mó an tseirbhís a dheunair si dhamhsa ioná mesi dhuitsi! Feuch go bhfuil neamh agus thalamh, a chruthaidhis chum tairbhe an duine, úmhal dod' réir, go gcómhlíonaid go laétheamhail gach a nórdaidheann tu dhóibh. Agas ní bhfuil annso acht beagán; an fho- chair sin, dórdaidhis do na hain- gealaibh teacht a gcabhair agus a seir- bhís an duine; agas fós rinnis nídh, a sharaidheann iadsa uile, oir dheó- naidhís tu féin do bhronnadh air! O! creud is féidir liom a dheu- nadh dhuit air son na dtabharthas so go léir? O! a Thiarna, go dtagadh liom do réir a dheunadh air feadh laéte mo bheatha. O! is truadh nach féidir liom do réir a dheunadh go fiúntach air feadh aon laé amháin féin! Is dual duit a Thiarna, gach onóir agus gach moladh síorrúidhe. Is tu go deimhin mo Thiarna, agus is mesi do sheirbhíseach bochtsa, air a bhfuil sé ceangailte do réir a dheunadh,
agus d'ár ceart do mhórdhacht a mholadh gan tuirse air feadh mo shaoghail. Isé so mo thoil agus mo mhian; deónaidh- si a Thíarna, neartughadh liom, má thuitim a bhfantais. Is mór an onóir agus an ghlóir do réir a dheunadh, agus díultadh dho'n tsaoghal oir is mór na grása a bronntar air an ndrong a thógann ortha go fonnmhar cuing ró naomhtha do sheirbhíse si. Bronnfar sólás sár- mhilis an Spioraid naoimh air gach aon, a thug druim le sóláis na colna, le grádh do Dhia! Is mór an tsaoir- seacht aigne a gheóbhaidh an drong, a leanann casán caol na haithríghe agus thréigeann gach cúram saoghalta air do shon sa. O! a sheirbhís aoibhinn, ró-áluin, a shaorann agus naomhaidheann an té leanann díot! O a staid bheannaidhthe na naomh-mhoghsaine, a chuirean daoine a gcómheas d'aingheallaibh, - taithneamhach a láthair Déi, uáth- bhásach do Diabhalaibh agus annmholta do chlann na heaglaise! O a sheirbhís d'ár ceart dhuinn géilleadh, a threór- aidheann chum Déi, agus a thuilleann luath- gháir bhith-bhuan!
11 CAIB. Gur cóir miana an chroídhe do sgrúdadh agus do mhaolúghadh. (Criost.) A mhic, tá lán le foghlaim fós uait, nách bhfuil de ghlanmheamhair agat. (An Deisciobal.) Creud iad sin a Thiarna? (C). Do mhiana do riaradh do réir mo thola sa: gan bheith ró chean- amhail ort féin, acht bheith fonnmhar ag cómlíonadh mo thola sa. Is minic lasann tú le mianaibh; acht tabhair aire cia aca air mo shonnsa no air do shon féin is mó corraidh- thear thu. Má's mesi fáth do mhian, beidhir sásda leis gach nídh d'á nór- dóchad: acht má tá aon dúil a'd' sheasgaireacht féin coigilte ionnat, feuch, isé so choisgeann agus bhuaidh- rídheann tu. Tabhair aire dá bhrígh sin, gan géilleadh d'aon mhian sul a gcuirir am' chómhairle si air dtúis é, d'eag- la go mbeidhfádh anshásda na dhiaigh sin, agus go nglacfadh aithreachas tu
de dhruim an nídh sin, d'ár ghéillis amhail deagh-nídh. Oir ní cóir gach mian, a shamhlaidheann maith, do lean- mhain go héasgaidh; ná gach mian nach sámhlaidheann maith do dhíbirt de'n gceud-iaracht. Ní fuláir dhuit air uairibh srian do chur le deaghmhianaibh féin d'eag- la go dtuithfádh a mbuairt aigne tré a niomarcadh foinn: no go dtabharfádh drochshómpla do chách tré dhul tar riaghail: nó go bhfaghfádh bárthuisle tré aghnas aingídhe dhaoine eile. Air uairibh is éigean duit díanas d'imirt ort féin, agus seasadh go cródha a n-aghaidh mhiangas mhíl- teach na colna; gan fiasraidh creud is fonn nó is fúath léi, acht í thabhairt fá smacht na spioraide d'áis nó d'éigion. Agas ní fuláir í chomheud fá chruadh-smacht chum go mbristear gach an-riantacht, agus go bhfoghlamadh sí bheith sásda le beagán, agus le nidh- thibh coitchiona, agus gan locht d'fhághail air aon mhíchómhgar.
12 CAIB. D'Fhoghlaim na foighide, agus de smach- tadh na nanmhian. (An Deisciobal). O! a Thiarna Dia, measaim go bhfuil foighide ró- ríachtanach dham: de bhrígh gó bhfuil an bheathasa lán d'aindheise. Oir gidh b'é módh air a nórdaidhim mo bheatha chum síth-chána ní féidir liom bheith gan cogadh agus ruathar. (Criost.) Is fíor sin, a mhic: acht ní toil liomsa go niarfádh a leithéid sin de sith-chain, a bheidh saor uadh chathaibh agus uadh anró. Acht tu a mheas fós go bhfuarais síth-cháin, an uair bhídheann tú ad' luasgadh air thonnaibh buartha na beatha so. Má deirir nách féidir leat an oiread san d'fhulann, cionas gheóbhair trí theine na bpian? De dhá olc deun rogha de'n cheann is lúgh- ghadh: ionnas uime sin, go saorfúidh thu air phiantaibh síorrúidhe, deun díth- chioll air thrioblóidhibh na bheatha so d'fhulann go foighideach air son Déi. An measann tu nách bhfuilinnid saoghal- tánaich aon nídh? Ní mar sin tá,
fós a measg na droinge is seasg- aire bhídheann! Acht b'fhéidir go ndearfádh go bhfuil a lán aoibhnis agus a dtoil féin aca; fág go bhfuilid air a dtoil féin: creud é an fhaid is dóigh leat a bheid mar sin? Feuch, go sgaip- fear iad mar dheatach, agus nach mbeidh cuimhne aca air an aoibhneas ionn a rabhadar. Agas fós air feadh a mbeatha, ní féidir a saidh- bhreas do sgaipeadh gan tuirse, buaireamh agus mi-eagla: de bhrígh gur minic thugann na nidhthe ceadna, ionn a bhfaghaid taithneamh, doghruinn, agus diachair ortha. Agas is ceart an sgeul a bheith amhla sin aca; ó loirgid sólás agus seasgaireacht na colna tar meódhan, go bhféidfadhís iad d'fhághail gan searbhas agas sár-bhuaireamh. O! is dimbuan, cealgach, anmheasardha, neamhghlan na haoibhneas iad so. Gidhe tré mheisge agus mhór-dhaille na ndaoine ní thuigeann siad é; acht air nós na mbeitheach alta, air son aoibhneis dhimbuain na beatha so, tuillid bás siorrúidhe d'á nanamaibh! "Act tusa, a Mhic, na leann do dhroch- mhiana, agus umpaidh uadh do thoil féin.
"Glac aoibhneas annsa Tiarna, agus tabharfadh sé iaratas do chroídhe dhuit." Oir ma's maith leat aoibhneas ró-áluinn agus solás seunmhar d'fhághail: feuch, tré dhímheas gach aoibhneis saoghalta, agus tré dhiúltadh do thaith- neamh tháir na colna do gheóbhair beannacht agus bronntanas uaimse. Agas an mheud a tharraingir tu féin ua shólás, agus ua aoibneas shao- ghalta, isé is mó, agus is líonmhaire a bhronnfadsa sóláis síor-bhuana ort. Acht ní féidir iad so d'fhághail de'n gceud iaracht gan duadh agus triob- lóid éigin. Beidh na sean-chleachta ag deunadh buartha dhuit, acht is gearr go bhfaghfhair an lámh-uachdair ortha le cleachtaibh is fearr. Beidh an cholann féin ag glamhfán, acht cuirfear fá chois í le teasghrádh na spioraide. Beidh an tsean- phiast mhallaidhthe ag séideadh fút agus ag deunadh buadhartha dhuit, acht cuirfear an teitheadh uirthe le ur- naidhthibh; agas ann fhochair sin, is annamh a thiocfadh sí ag triall ort má bhídheánn tu a gcómhnúidhe gream- aidhte a ndeagh-fheidhm ghnótha éigin.
13 CAIB. D'fhómós úmhal-sheirbhíseich air nós Íosa Críost. (Criost). A Mhic, an té a dhiúl- taidheann d'fhómós, diúltaidhean do ghrásaibh: agas an té lé'r mian nidhthe bheith ionn a sheilbh dhílios féin, cailleann na nidhthe a bhídheann coit- chionn. Is maith an cómhartha nách bhfuil an cholann fós léir-smachtaidhthe, muna ngéillidh duine go fonnmhar do chómhairle an uachdaráin. Foghlaim dá bhrígh sín, bheith úmhal dod' uach- dárán, má's mian leat do cholann do thabhairt fá smacht. Oir is urusa buadh bhreith air an námhaid fhoirimiolaich, muna bhfuil an duine inmheadhnach léir-loitidhthe! Ní bhfuil námhaid is measa agus is díoghbhálaiche do'n anam ioná tu féin. Ní fuláir dhuit gan aon mheas do bheith agat ort féin, má's mian leat buadhadh air uabhar fola agus feóla. De bhrígh go bhfuilir fós ró cheanamhail ort féin, ní áil leat géilleadh go iom- lán do thoil chách.
Acht creud é an t-iongnadh tusa ionn nách bhfuil acht luaithre agus neamh- nídh, do ghéilleadh air son Déi do chách, an tráth ghéilleas sa, ann tArd-rígh uile-chómhachtach, a chruthaidh neamh agus talmh as neamhnídh go húmhal do'n duine air do shonsa? Thógas sa colann daonna orm féin, agus bhídheas táir, tarcaisneach, ionnas go bhfógh- lamfádhsa buadh bhreith air an uabhar tre m'úmhlacht sa. A! a luaithre, foghlaim bheith úmhal, fomósach; ní bhfuil ionnat acht láib na talamhan, claon thu féin fá chosaibh an domhain. Bris slabhra na hantola, agus géill go hiomlán do smacht. Glac fuath dhuit féin agus ná bhídh ag at le huabhar; acht úmhlaidh thu féin ionnas go mb'fhéidir le cách gabháil de chosaibh ionnat. A dhuine gan chéill creud é cúis do ghearáin? A pheacaich anacraich, creud é an freagra is féidir leat do thabhairt air locht do cháinte; - tusa, a chuir fearg go minic air Dhia, agus thúill teine Ifrin! Acht d'fheuchas-sa lé súilibh mo trócaire ort, de bhrígh go raibh d'anam mór-lúach am' láthair; ionnas go gcuirfinn mo ghrádh a n-úil
duit, agus go mbeidhfádhsa búidheach air son mo thabhartas; go ngéillfádh go húmhal do gach smacht agus go nglac- fádh go foighideach dímheas agus droch- thuairim chách. 14 CAIB. De bhreathnughadh breithe diamhaire Déi, d'eagla uabhair do ghlacadh ionn ar ndeaghníomharthaibh. (An Deisciobal.) A Thiarna, cluinim fothrum do bhreitheamhnais ós mo chionn, agus crathann tu le crith- eagla mo chnamha uile, agas tá m'anam sganraidhthe tar meódhan. Seasaidhim le iongnadh agus breath- naidhim, "nac bhfuil na flathais glan ad' láthair si." Má fuarais locht annsna haingealaibh agus go dtugais breith ortha, creud a thiocfas díomsa? Thuit na reulta as na flathasaibh, agus cionas is féidir dhamsa, ionn nach bhfuil acht luaithre, seasadh? Thuit an drong a measadh
bheith annmholta, go grinneal, agas chonarc an bhuidheann thug taithneamh roime sin d'arán na n-aingeal, ag cur duil na dhiaídh san a gcrotal muc! Ní bhfuil dá bhrígh sin, aon naomh- thacht má tharrangair si do lámh, a Tiarna. Ní bhfuil tairbhe a n-eagna air bith, muna dtreóraidhir si sinn, Ní bhfuil feidhm a neart dá ládaire, muna neartaidhir si linn; ní bhfuil aon gheanmnúidheacht saor, muna ndeunair si comairc di. Ní bhfuil tairbhe ann aon chómheud dá dtabharfam orainn féin, muna dtugairsi naomh-aire dhuinn. Oir má fagthar a leith ar neirt féin sinn, tuitfeamoid agus caillfear sinn, acht má thagair si d'ar bhfiosradh, árdochar cum beatha sinn: de bhrígh go bhfuili- mid so-luasgaidhthe, acht neartai- dheann tusa sinn, - fuar, faillígheach, acht lasann tusa lé grádh sinn. O! is beag an meas badh cheart dham bheith oram féin, is suarach an tuairim badh cóir dham bheith as mo dheagh-ghníomharthaibh féin. O! is ísioll badh cheart dham me féin do
theilgean fá dhoimhneas dochúim- sidhthe do bhreitheamhnas sa, a Thi- arna, ionn a gcuirthear a núil dham nách bhfuil ionnam acht neamh-nídh! O! a Chothrom do-thómhasda! O a Mhuir mhór-thonnaigh! ann nach samhlaidhim nídh air bith acht amháin neamhnídh. Cá bhfuil dá bhrígh sinn, aon chúis maoidheimh agam asam féin, cionas is féidir liom aon dóthchas do chur am' neart dílios féin? Tá gach glóir dhímhaoin slog- aidhthe suas a ndoimhneas do bhreith- nas sa ós mo chionn! Creud is brígh an duine ad' láthar si, a Thiarna? An féidir do'n láib uabhar do ghlacadh a bhfiaghnaise an te a chruthaidh í? Cionas is féidir an té sin bheith uaibhreach ag á bhfuil a chroídhe riaraidhthe do réir Déi? Ní féidir do'n domhain uile corrúidhe do chur air an té, a theagasgthar le Dia na fírinne féin. Oir ní chuireann moladh ná cáineadh buaireamh air an té ag á bhfuil a dhóthchas iomlán a nDia. De bhrígh gur neamhnídh iad so fós a mholann nó a cháineann, agus go nim- thighid tharainn mar aon le fuaim a
n-gotha acht "lonaidheann fírinne an Tiarna go bráth." 15 CAIB. De'n choingiall air ar ceart dhúinn aon nídh d'iaradh. (Criost). Abair mar so air gach ócáid: a Thiarna má's é do thoil é, deuntar an nídh so mar so. A Thiarna, má théidheann so chum d'onóra sa, deuntar é an ainm Déi. A Thiarna, má's taithneamhach leatsa, agus tairbheach dhamsa, an nídh so, deónaidh dham é chur a bhfeidhm chum d'onóra sa; acht má fheiceann tusa go mhbeidh sé díoghbhálach dham agus a naghaidh leasa m'anama, a Thiarna, díbir uaim é. De bhrígh nach uadh an Spioraid Naomh thagann an uile mhian, gidh go measadh duine é bheith díreach, deagh-bheusach. Agas is minic gur ró dheacair é aithint, cia aca uadh an Spriorad naomh, nó uadh an annspiorad thagann mian
an nidh so nó an nídh úd. Is iomdha daoine a mealladh fá dheóidh, a measadh bheith treóraidhthe le deagh- spiorad air dtús. Gidh b'é nídh dhá bhrígh sin, thaghann os cómhair na haigne, agas shamh- laidheann bheith anniarrtha, tabhair aire é iarradh le úmhlachd croídhe agus le naomh-eagla Déi. Agas fós badh cheart dhuit é go léir d'fágbháil fúm sa agus rádh mar leanann. A Thiarna, is fiosach dhuit- se creud is fearr, deuntar so nó sud do réir do thola. Tabhair, a Thiarna, an nídh is maith leat, an meud is maith leath, agus air an uair is maith leat. Deun liom do réir do thola, gidh b'é nídh is mó a rachfaidh chum d'onóra féin. Cuir me gidh b'é áit is maith leat, agus deun liom ann gach nídh do réir do thola. Fheuch gur me do sheirbhíseach ullamh chum do réire do chómhlíonadh ann gach nídh; oir ní maith maireach- tain air mo shon féin, acht air do shonsa. O! nach dtagann sin liom go dílios dúthrachtach air feadh mo shaoghail.
Urnaidh chum tola Déi do chómh- líonadh. Deónaidh do ghrása dham, Íosa ró thrócaireich, ionnas go bhfan- faidís agam air feadh mo shaoghail. Deónaidh dham na nidhthe so d'iaradh agus do lorg, is mó thaithneann leatsa. Go raibh mo thoil de ghnáth do réir do naomh-thola sa, agus go réightídhid le chéile go iomlán. Deónaidh dham, searc do thabhairt do gach nídh is taithneamhach leatsa, agus fuath do gach nídh tá míthaithneamhach dhuitsi; agus a Thiarna, ná fág fá'm chumas searc ná fuath do bheith d'aon nídh, acht do réir mar ghrádhann no fhathaidheann tusa é. Deónaidh dham mo dhúil a nidhthibh an tsaoghailsi do mhúchadh go hiom- lán, agus searc a thabhairt do bheith fá dhroch-mheas agus a gan-fhios do'n tsaoghal. Deónaidh dham, tar gach nídh, lonúghadh mar aon leat agus suaimhneas agus síth-cháin mo chroídhe do chur ionnat. Is tusa síth-cháin fhírinneach an chroídhe, is tu a shuaimh- neas dílios! Gan tu, tá gach nídh dochamhail anshásda. "Ann san
tsíth-cháin cheudna sa, sé sin, annat- sa, a Dhia shíorrúidhe uilechomhachtaich, dheunfad codla agus cómhnúidhe. Amen. 16 CAIB. Gur a nDía amháin is ceart solás fírinneach do lorg. (An Deisciobal.) Gidh b'é solás is mian liom d'fhághail, agus sochar is mian liom d'iaradh, ní air an sao- ghalsa tá mo shúil leis, acht air an saoghal eile. Oir dá mbeidh soláis agus sár-aoibhneasa na beatha-so am' sheilbh dhílios féin agam, is fíor nách bhfanfaidís a bhfad! Dá bhrígh sin, ní féidir le m'anam fuairceas ná síor-sholás d'fhághail, acht a nDia amháin; óir isé Dia solás na mbocht agus furtaidhthóir na númhal! Fan go fóill beag, a anam, feith le cómhlíonadh na ngeallamhna nDiadha agus gheóbair lán do chroídhe de gach nídh d'á fheabhas air neamh! Má loirgeann tú nidhthe na beatha so go ró chíocarach, caillfir saidhbhreas síor-áluin na bhflathas. Deun feidhm
ne nidhthibh saoghalta, acht ceangail do chroídhe de nidhthibh síorrúidhe. Ní féidir dhuit bheith sásda le aon nídh saoghalta, de bhrígh nách dóibh a cru- thaidheadh thu. Gidh go mbeidh uile-mhaitheas na cruinne a'd' sheilbh dhílios féin, ní fhéadfádh bheith sásda, de bhrígh gur a nDia, a chruthaidh iad uile, tá do sho- nas agus do shíor-sholás. Ní cosmhail an sonás so leis an sonas, a moltarle daonibhdíthcéillidhe an tsaoghailso; acht leis an sonas, a loirgheann deagh- chríostaidhthe, agas a réimh-bhlai- seann an drong a tá spioraidálta, glan-chroídheach. Tá gach solás daonna baoth, gearr-shaoghalach. Is beannaidhthe, buan-fhírinneach an solás a bhrontar go hinmheádhanach le Dia na fírinne féin. Iomcharann an duine diadha a chómhfhurtaidhtheóir Íosa, agus labharann leis agh radh, a Íosa fan am' fhochair air gach uair agus ann gach ionad. Biodh sé mar shólás agam, bheith sásda le uireasba gach sóláis daonna. Agas má tógthar uaim mar an gceudna do shólás-sa, a Thíarna, deónaidh dham bheith sásda le do thoil ró-naomhtha sa, amhail
an sólás is bríghmhaire. Oir "ní bheidhir si feargach a gcómhnúidhe agus ní bheidhir ag bagart díoghaltais go siorruidhe." 17 CAIB. Gur ceart ar gcúram uile do chur air Dhia. (Críost). A Mhic, fág fúm-sa deunadh leat mar is maith liom; is fios dam creud is fearr dhuit. Tá do smuainte amhail smuainte an duine, agus do thuairim do réir chumainn dhaonna. (An Deisciobal). A Thiarna, is fíor sin, is mó an cúram a tá agatsa ionnam, 'ná is feidir liom féin a bheith: oir is ró bhaoghalach do'n té, nách gcuireann a chúram go léir ortsa. A Thiarna deun liom mar is maith leat, air choingiall go bhfanfadh mo thoil díreach deagh- órdaidhthe do réir do thola-sa. De bhrígh nách féidir dho gan bheith maith, gibh b'é nídh a dheunfairsi. Má's toil leat me bheith a ndorchadas, moladh go buan duit: má's toil leat
mé shoillsiúghadh, moladh go buan duit; má's toil leat, soláis do bhronnadh orm, moladh go buan duit; agus má's toil leat me bheath a n-ana- cradh, moladh go buan mar an gceadna dhuit. (Críost). A mhic, is air an aigne so nach fuláir dhuit bheith má's mian leat siúbhal mar aon liomsa. Ní fhuláir dhuit bheith chomh ullmhaidhthe chum fulann agas bheith-fádh chum luathgháireadh; ní fuláir dhuit bheith cómh sásda le bochtanacht agus bheith- fádh le saidh-bhreas! (An Deisciobal). A Thiarna, glacfad go toileamhail gach fulann is toil leat do chur chugam; gach anacradh mar gach só; gach sear- bhas mar gach milseacht; gach doil- gheas mar gach soilbhireachd; agus beid búidheach a dtaobh gach a dtárlóchaidh dham. Comheud me saor ó'n bpea- cadh, agus ní bheidh eagla an bháis ná fós ifrinn orm. A Thiarna, ná teilg uait me go síorrúidhe, agus ná sgrios amach m'ainm as leabhar na beatha; agus gidh b'é anacradh a thioc- fas orm, ní dheunfadh sé dochar air bith dham.
18 CAIB. Gur ceart anacradh na beathaso d'iomchar go foighideach air nós Chríost. (Críost). A mhich, túirlinneas-sa ua neamh air son tusa do slánadh, thógas d'anacradh sa orm féin, ní tré riachtanas acht tré ghrádh; ionnas go bhfoghlamófádh-sa bheith foighideach agus amhgar na beatha so d'fhulann gan glamhsán. Oir ní rabhas-sa ó'n uair a ghlacas colann daonna go huair mo bháis air an gcros, gan fulann agus anacrad. Bhídh- eas air uireasba maoine saoghal- ta; is minic chualas daoine ag gearán orm; d'fhulainneas náire agus aithis go caoin, ceannsa; ní bhfuaras air son mo theagaisg agus mo thíodhlacaidhe, act achmhúsáin agus dimbuidheachas; agas masla agus míchlíú air son mo mhíorbhúilídhe! (An Deisciobal). A Thiarna, de bhrígh go rabhais-si foighideach air feadh do bheatha, agus ann so go háiridhe ag cómhlíonadh thola do naomh-Athar,
is ceart dhamhsa, an peacach ró anacrach, gach nídh d'fhulann go foigh- ideach do réir do thola: agas ualach muirtil na beatha boichte so d'iom- char air son leasa m'anama ann fhaid is toil leasa é. Agas gidh go bhfuil an bheatha so trom do- iomchair, gidhe tré do ghrásaibh si deuntar tuillmheach í; agas tré do shompla-sa agus sómplaídh na naomh, tá sí níos eudtroime agus níos so- iomchaire fós do lagaibh. Tá sí mar an gceudna níos fearr go mór ioná bhídhsi a nallóid fá'n seanreacht, an tráth bhídh dóirse na bhflathas dúnta, agas an tslíghe dorcha do- shiúbhalta, de bhrígh gur ró bheag a thug aire do thriall air neamh. Ná fós níor b'fheidir dóib so féin, a bhídh fírinneach, agus thúill ríoghact na bhflathas, dul a seilbh an ríoghachta san, sul ar fhulainnis si páis; agus dhíolais ar dtrom-fhiacha led' bhás ró naomhtha. O! creud é meud an bhuidheachais is dual duit uaimsi, dtaobh ná slíghe dfhoillsiughadh dhamsa agus do gach creideamhach, go ríoghacht na bhfla- thas! Oir isí do bheathasa ar slíghe,
agus siúbhlamoid fad' gheóinsi le foigh- ide, oir is tusa ar gcoróin. Agas muna mbeidh tusa d'imtheacht róimh- inn d'ar dteagasg, cia lé'r chúram leanmhain? Faraor! is iomdha duine d'fhanfadh a n-imchian dá mbeidh gan do shómpla síor-áluinn si ós cómhair a súl. Feuch gur fuar, faillígheach támoid fós d'amh- dheóin a bhfuaramair do theagasg, agus a gcúalamair de mhíorbhuillíbh; creud thiocfadh dh'ínn dá bhrígh sin, da mbeidhmis gan an oireadso solais dfhághail chum tu do leanmhain? 19 CAIB. D'iomchar eugcóra; agus de'n fhíor- fhoighideach. (Criost). Creud a deireann tu a mhic? Cosg ua ghearán, agus cúimhnidh air mo pháis si, agas air fhulann mo naomh. Níor dhoirtis do chuid fola fós air mo shonsa. Ní bhfuil acht suarachas ionn a bhfuil-
eannairsi a gcómheas dóibhsan, d'fulainn cathaidh uathbhásacha, ana- cradh árd-ghoimheamhúil agus duadh do- labhartha. Cuimhnidh dá bhrígh sin, air throm-ualach chách, ionnas go mb' fhéidir leat d'ualach eudtrom féin d'iomchar níos fearr. Agas ma mheasann tu go bhfuil d'ualach féin trom, do-iomchar, tabhair aire nách tred' mhí-fhoighide a mheasann tú mar sin. Acht gidh b'é trom nó eudtrom iad deun díthchioll air iad d'iomchar go foighideach. Dá fheabhas a chuireann tú thu-féin a n-órdúghadh chum fulann, isé is fearr, dhuit féin é, agus is é is mó do dhualgas: agus ann fhochair sin, is fu- rusa dhuit é iomchar má bhídheann tú ullamh 'nn a chómhair agus d'aigne tai- thitheach air. Ná habair, ní féidir liom na nidhthe so do ghabháil le 'nais ua na leithéid so de duine; is dea- cair dham iad fhulann uaidh, oir rinn sé eugcóir mhór orm, agus cuireann sé nidhthe am' leith air nár smuain mo chroídhe riamh; acht ghlacfainn na nidhthe so uadh dhuine eile, an mheud badh chuibhe dham dfhulann do réir mo bhreitheamhnais féin. Is baoth, díth-
céillídhe an smuaineadh sin, nách dtugann aire do shubháilce na foi- ghide agus do'n té ua a bhfaghfar a dualgas; acht d'fheuchann níos mó air na daoinibh agus air an eugcóir a rinnid. Ní féidir a mheas gur duine foighideach an té nách bhfulainneann acht an mheud is maith leis féin, agus ua dhaoinibh áiridhe. Is cuma leis an nduine bhfoighideach, cia a dheun- fas eugcóir air; ní fheuchann cia aca uachdarán nó íochdarán, nó cómhdhuine é; cia aca duine naomhtha, dheagh-aigeanta nó rógaire droch- mhéinneach é. Acht gidh b'é anacradh dá mheud agus dá mhinice a theagmhaidh- eann do, glacan iad uile go foighid- each amhail ua laimh Déi, agus bheireann búidheachas leis a dtaobh a thabhar- thais. Or dá lúghad rud a fulann- tear air son Déi, tá a dhualgas féin fá leith 'nn a chómhair. Uime sin, bídh ullamh a naghaidh an chátha má's mian leat buadh do bhreith. Ní féidir dhuit coróin na foighide d'fhághail gan troid air a son. Má dhiúltaidheann tú d'fhulann, ní áil leat an choróin d'fhághail; acht
má's mian leat í shealbadh, troid go fearamhail, fíor-euchtmhar air a son. Ní bhfuil suaimhneas e fághail gan saothar, ná buadh gan síor- chómhrac. (An Deisciobal). A Thiarna, deun na nidhthe so so-dheunta le'd' ghrásaibh, a shamhlaidheann do-dheunta tre'm' nadúr féin. Is fios duit gur beag is féidir liomsa d'iom- char, agus gur suarach an nídh a lea- gann agus a mhaolaidheann mo neart. Tabhair dham, a Thairná, trioblóid agus buaireamh do ghlacadh go cean- amhail air do shon-sa: oir is mór an tsláinte do m'anam amhgar agus mí-ádh d'fhulann tré ghrádh Déi. 20 CAIB. D'admháil ar n-anbhfannaidh féin; agus d'anacradh na beathaso. (An Deisciobal). "Admhóchad m'ancheart a'm' aghaidh féin." Admhóchad m'anbhfannaidh dhuitsi, a
Thiarna. Is minic gur suarach an nídh a leagann agus bhuairidheann me. Glacaim rún seasadh go dána, acht n-uair thagann lá an chatha, cuirthear a gcúmhgach ró mór mé. Is minic gur ró shuarach an nídh as a dtagann catháidh geura. Agas an tan mheasaim me féin saor ua bhaoghal, tárlaidheann dham an uair is lúghadh shílim é, go leagann nách mór an gal me. Feuch, uime sin, a Thiarna, mo tháire agus m'anbhfannaidh air gach módh a n-uil duitsi. Glac truaighe dham agus réightidh me ua láib mo locht, ionnas nách bhfanfainn ceangailte innte, agus nách mbeidhinn cailte go síorrúidhe. Ag so an nídh is minic a chuireann a ndiaigh mo chúil me, agus líonann de náire me ad' láthair si; sé sin, go bhfuilim chómh so-thuitimeach so fós, agus chómh lag so a naghaidh mo mhian. Agas gidh nách naontaidhim air fad dóibh, gidhe bídhid ró bhúadhartha, ró gheur dham: agas is ró thuirseach liom bheith mar so go laétheamhail a gcoinbhliocht leó. As so is anntuigthe dham mo laige féin; de bhrígh gur
furusa le drochsmuaintibh mallaidh- the teacht chugam ioná imtheacht uaim. O is truadh nách dtagair si, a Dhia ró-neartmhair Israel, a cha- raid dhilis na nanam bhfíreunta, agus feuchainn air dhuadh dhubrónach do sheirbhíseich, agus seasadh a gcabhair dhó ionn a ghnóthaibh uile. Neartaidh mé le fóirneart neamhdha, d'eagla go bhfaghfadh an sean-duine, sé sin, an cholann chaileamhnach, nách bhfuil fós fá riaghail na Spioraidhe, an lámh uachdarach; oir is éigean troid 'nn a haghaidh an fhaid bheidhmid san mbeatha anacrach so. Faraor! creud é cinéal na beathaso. Ait nách féidir bheith a n-eugmais bhuaireimh agus mhór-dhoilgheis; áit ionn a bhfhuil gach nídh lán de ghaistibh agus de dhearg-námhaidibh? Oir an uair imthígheann trioblóid, tagann bhuair- eamh éigin a n-ionadh; agus fós sul a nimthígheann an cheud chath, tagann tuille air a dhruimh go neamhfhiosach. Cionas is féidir grádh thabhairt do'n tsaoghalso, ionn a bhfuil an oiread san searbhais, a tá lán de mhí-ádh agas d'anacradh? Cionas is féidir
beatha do ghairm de, an tráth éir- ghidheann an oireadh-so bás agus támh- ghalar as? Agas mo nuar! tugann mórán grádh dho, agus loirgid a naoibh- neas ann! Tugann cuid eile dhíob mil- leán air, ag rádh, le fírinne, go bhfuil se baoth, cealgach; gidhe ní áil leó é thréigeann, de bhrígh go bhfuair anmhiana na colna an lámh uachdarach ortha! Tarraingeann an- mhiana na colna, anmhiana na súl, agus uabhar na bheatha, iad chum grádh an tsaoghail: acht tugann na pianta agus na mór-anachradh, a leanann na hanmhiana so, fuath agus gráin dóibh air. Acht fáraor! beireann aoibhneas dimbuan buadh air anam an tsao- ghalthánaigh, agus measann se go bhfuil soláis falaidhthe fá na dealgaibh so; de bhrígh nách bhfeacaidh agus nár bhlais riamh milseacht ghrádh Déi, ná aoibh- neas inmheadhanach na subháilcídh. Acht ní mar sin do'n mbuidhean ag á bhfuil fuath agas drochmheas air lóchán na beatha so, blaisid an mhil- seacht a tá geallta do'n drong a thréigeann an uile shólás saoghalta: is iadso fheiceann go soléir meud
an tseachráin agus an dearmhaid a tá air na saoghaltánaich, agus liachd na slighte ionn a mealltar iad. 21 CAIB. Gur ceart dhuinn lonughadh a nDia tar gach deagh-thabharthas. (An Deisciobal). Tar gach nídh, agus ann gach nídh, lonaidh, a anam, a gcómhnúidhe annsan dTiarna; oir isé an Tiarna suaimhneas síorrúidhe na naomh. Tabhair dham, a Íosa ró mhilis ró ghrádhmhair, lonughadh ionnatsa tar gach nídh cruthaidhthe; tar gach sláinte agus deagh-mhaise; tar gach comas agus céim; tar gach fios agus geurchúis; tar gach saidhbhreas agus searc- inntleacht, tar gach gáirdeachas agus luathgháir; tar gach cliú agus cáil; tar gach milseacht agus mór-shólás; tar gach geall agus gléith-dhóthchás; tar gach dúil agus dual; tar gach ta- bharthas agus tíodhlaice d'ár féidir leatsa bhronnadh; tar gach aitios agus árd-aoibhneas d'ár féidir leis an aigne a mhothúghadh; fá dheóidh, tar
gach aingeal agus árd-aingeal, agus slúagh líonmhar na bhflathas; tar gach nídh so-fheicse nó do-fheicse; agus tar gach nídh is lúghadh ioná thu féin, mo Dhia! Oir is tusa mo Thiarna Dia, is fearr dhíobh uile; is tu amháin is áirde; is tu amháin is comasaiche; is tu amháin is líonmhaire agus is lá- daire; is tu amháin is mílse agus is ró- lásaiche; is tu amháin is maiseamhla agus is grádhmhaire; is tu amháin is uaisle agus is árd-chéimeiche; is ionnat amháin a tá foirbheacht gach fíor- mhaithis, agus bhídh riamh agus bheidh go bráth. Agas dá bhrígh sin, gidh b'é nídh bhro- nann tu orm is lúghadh ioná tu féin; gidh b'é nídh fhoillsidheann tu nó gheallann tu dham, ann fhaid nách bhfeicim agus nách bhfhághaim tu féin, ní áil agus ní leór liom é. De bhrigh nách féidir le mo chroídhe bheith suaimhneach ná sásda, chum go n-éirghidh sé ós cionn gach nídh cruthaidhthe agus go gcómhnaidh ionnatsa. O! a chéile chaoin-ghrádhach m'an- ama, a Íosa Críost, a sheirc mo chroídhe, a Thiarna na cruinne, cia a thabharfas sgiatháin na fíor-shaoir-
seachta dham, chum eitilt agus lonughadh a'd' fhochair si? O! ciathan a tabharfar cead saor dham, agus uain neamhbhuadhartha air fheicsin mil- seachta mo Thiarna Dia! Ciathan a bheid lán-tógtha suas ag cúimhneadh ort, air chor go ndearmhadfainn me féin tré ghrádh dhuitse, agus go dtabharfainn gean agus searc dílis dhuitsi tar gach grádh, agus tar gach meadhan, air mhódh nách fios do'n uile? Acht anois, is minic me ag osnadh agus ag eugcaoineadh mo mhí-ádh go duairc, dubrónach. De bhrígh gur iomdha anacradh thárlaidheann liom a ngleann so na ndeór, a bhuairídheann go trom me agus chuireann dubh-neul dhoilbh a'm' thímchioll; a choisgeann go minic me air thriall ortsa, agus nách léigeann dham taithídhe dheunadh ded' chaoin-chuideachta sa a tá a gcómhnúidhe a seilbh na Spio- rad mbeannaidhthe. A Thiarna, éisd le guth mo gearáin, agus glac truaighe dham de dhruim na mór-anacradh ionn a bhfuilim air an dtalamhso. O! a Íosa, a dhealradh na glóire síorrúidhe; a neart an anama ann a hoilearachd, ní féidir le'm' theangain smuainte mo chroídhe chraobhsgaoileadh, acht labharann mo chiúnas féin leat. An fada dfhanfadh mo Thíarna gan teacht chugam; O tagadh sé anois fá dheódhain a sheirbhíseich bhoicht, agus deunadh se luath-gháireach me; sí- neadh sé amach a lámh agus saoradh sé me, an truadhán millte, ua gach amhghar. O! tar; oir gan tú ní féidir liom áthas laé ná uaire bheith agam; oir is tusa mo luath-gháir, agus gan tú tá mo thábla follamh. Táim ró anacrach, agus mar dearfainn, a a gcarcair fá ualach géibhion, go dtugairsi fortacht orm le lonnradh do láthaire, agus go bhfillir me chum saoirseachta, agus go bhfeuchair le súilibh na trócaire orm. Loirgeadh cách gidh b'é nídh is maith leis, ad' ionadsa; níor thu- gas-sa agus ní thabharfad taithneamh d'aon nídh eile acht dhuitse mo Dhia, mo dhóthchas agus mo shlánadh síor- rúidhe. Ní éisdfead agus ní chuirfead cosg air m'úrnaidhthibh chum go bhfillidh do ghrása, agus go labharair le mo chroídhe.
(Críost). Feuch go bhfuilim láith- reach; feuch go dtáinic me ag triall ort, de bhrígh gur ghairmis orm. d'umpaidh do dheóra, miana d'anama, d'úirísleacht, agus do chroidhe- bhrúgh chugat me. (An Deisciobal). Agas dúbhart- sa, a Thiarna, ghairmeas ort, agus is miam liom tu shealbhughadh, agus táim ullamh chum gach nídh eile do thréigean air do shon: oir ghríosais suas air dtús me, ionnas go loirg- fainn thu. Moladh go buan duit dhá bhrígh sin, a Thiarna, a dtaobh truaighe agus taise do ghlacadh dod' sheirbhíseach do réir iomadamhlachta do mhor-thrócaire. Creud eile a tá lé rádh ag do sheirbhíseach ann do láthair, acht é féin d'úmhlúghadh tar meódhan ag cúimhniúghadh do shíor air a mhallaidhtheacht agas a mhór-tháire féin. Oir ní bhfuil aon nídh a gcos- amhlacht leatsa de na nidhthibh ion- gantacha d'á bhfuil air neamh nó air talamh. Tá d'oibreacha uile sár- mhaith; tá do bhreitheamhnais fíor; treóraidheann tú an chruinne le feidhm- ghliocas. Moladh agus glóir dhá bhrígh sin, leat, a eagna an Athar! Go
molaidh agus go mór-bheannaidh mo theanga, m'anam agus gach nídh cruth- aidhthe thu, air feadh saoghal na saoghal. Amen. 22 CAIB. De chúimhne mhór-thabharthas Déi. (An Deisciobal). A Thiarna osgail mo chroídhe ann do dhlíghe, agus múin dham siúbhal a'd' aitheantaib. Tabhair dam grása chum do naomh- thola do thuigsin, agus chum do thíodh- laicídhe uile do léir-smuaineadh go cathaiseach; ionnas go dtiocfadh liom mar so, búidheachas do bhreith leat go fiúntach d'á ndrúim. Acht tá a fhios agam, agus admhaidhim nách bhfuil sé air mo chumas bheith chómh búidheach agus badh cheart dham air son na dtabharthas is lúghadh. Is lúghadh agus is táire me féin ioná an bronn- tanas is suaraiche dá dtugair si dham; agus an uair mhachtnaidhim air d'óirdhearcas-sa, téidheann mo spio-
rad a múgha a mórdhacht do naomh- mhaise. Is uaitsi fuaramar gach a bhfuil againn, idir anam agus chorp, amuigh, nó astigh, ua nádúir nó ua ghrásaibh; foillsídhid uile dhuinn do mhaitheas, do thrócaire agus do mhór-fhéile, ua dta- gann gach deagh-thabharthas. Agas gidh gur mó gheibheann duine ioná duine eile, gidhe is uaitsi thagann a gcuid air aon; agus níor bhféidir aon nidh d'á lúghad d'fhághail gan tu. Ní ceart do'n té, air ar bronnadh mórán tabharthas, iad do chur a leith a thuilleadh féin, ná maoidhmh asda; ag rádh gur fearr é féin ioná chách; de bhrígh gur fearr go mór an té chuireann an uile mhaitheas a leith Déi, agus d'altaidheann go diadha, úirísiol leis. Agas isé an duine is measa tuairim as féin agus a shíleann gur b'é féin an té is tarcaisneiche air talamh, is oireamhnaiche air na tabharthais is mó agus is luachmhaire d'fhághail! Acht ní ceart don té ar a mbronn- ann Dia níos lúghadh tabharthas bheith buadhartha, na formadach leis an té a fuair níos mó, acht aire tha-
bhairt do Dhia, agus é mholadh de dhruim a thabharthas do bhronnadh chómh líonmhar sin, go fiall, fáilteach gan feuchain do mhór-chéim neach seach a chéile. Is uaitsi thagann gach deagh-nídh, agus dá brígh sin, táir annmholta ionnta uile. Is fios duit creud is ceart do thabhairt do gach naon; agus ní le n-ar ngnó a bhaineann, fios dfhághail creud fáth nách bhfaghann an té so, agus an té úd, an oiread so, agus an oiread sud; acht leatsa amháin, a Thiarna, a chómheudann cúntas cruinn air dhual- gas agus air thuilleamh gach n-aon. Uime sin, a Thiarna Dia, is mór an gradam liom bheith a neugmais na nidhthe so a shamhlaidheann mór- luach, annmholta a súilibh chách; air chor gur cheart do dhuine an tan fheuchann air a bhochtaineacht agus air a tháire féin, gan tuitim a n-eudóth- chas ná a mheisneach do chailleamhain, acht bheit luath-gháireach, lán- eudtrom d'á ndruim. Oir do thógais si mar rogha, a Thiarna, na daoine uirísle, bochta, agus an drong, a bhídheann fá dhrochmheas an tsaoghail, mar cháirde agus mar dhaoine dlúth- mhúinteardha. A fhiaghnaise sin air
na hapstalaibh féin d'ar rinnis prionnsaidhe ós cionn an domhain so; gidhe mhaireadar air an tsaoghal- so gan gearán air bith do dheunadh; go húmhal, símplídhe gán mailís ná miscais, acht lán d'áthas a dtaobh masla agas mí-chliú dfhághail air son d'ainme si; ghlacadar chuca go ceanamhail na buaidhreamhaso ua dteitheann an saoghal go luath- chosach. Ní bhfuil fáth luathgháire, dá bhrígh sin, ag an thé, a thugann searc duit- si, is mó ioná do thoil ró naomhtha do chómhlíonadh: agus badh cheart dhúinne bheith chómh sásda leis an ionad is ísle agus bheidhmís leis an ngradam is árd-chéimeiche; agus gach táir agus tar- caisne ghlacadh chómh cathaiseach agus ghlacfamois onóir agus uaisleacht. De bhrígh gur ceart géilleadh dod' thoil ró naomhtha tar an uile nídh; bhéith sásda léi, tar gach tabharthas dá mbfhéidir d'fhághail air an tsaoghalso.
23 CAIB. De cheithre nidhtibh uadh a dtagann a a lán síth-chána. (Críost.) A mhic, múinfead anois an tslíghe dhuit chum síth-chána agus fíor-shaoirseachta. (An Deisciobal.) Deun, a Thiarna, mar deireann tú, oir is fonnmhar liom éisdeacht leis. (Críost). Deun díthchioll, a mhic, air thoil dhuine eile do dheunadh níos túisge ioná do thoil féin. Tóg an chuid is lúghad mar rogha tar an gcuid is mó. Loirg a gcómhnúidhe an áit is ísle, agus bheith níos íochdar- aiche ioná cách. Guidh go dúthrach- tach a gcómhnúidhe, toil Déi a chómh- líonadh ionnat gan fúigheall. Feuch go sealbhaidheann a léithéid-so de dhuine suaimhneas agus síth-cháin. (An Deisciobal). A Thiarna, is mór an teagasg a thugann tú a mbeagán focal. Is beag na briathra, acht is mór an chiall agus ná tora a tá ionnta. Oir dá dtagadh liom a gcómhairle do leanmhain,
níor bhfurus buadhairt do chur orm: de bhrigh go dtuigim me féin cor- raidhthe lán-bhuadhartha chómh minic agus théidhim ar seachrán ua'n dteagasg- so. Acht a Thiarna uile-chómhachtaich, lé'ar taithneamhach leas an anama, tabhair dham breis ghrás; ionnas go gcómhlíonfainn do bhriathra agus go slánóchainn m'anam. Urnaidh a naghaidh dhroch-smuainte. O! a Tiarna, mo Dhia, ná im- thidh a bhfad uaim; O! mo Dhia, tar a gcabhair dham; oir tá an iomad droch-smuainte ag eirghídh suas am' aghaidh, agus sganradh agus critheagla ag teacht air m'anam. Cionas is féidir dham imtheacht gan gortu- ghadh? Cionas bhrisfead triotha? (Críost). "Rachfadsa rómhad, agus ísleóchad daoine móra na tala- mhan." Osgólfad dóirse na car- caire, agus craobhsgaoilfead mórán de rúnaibh diamhaire dhuit. (An Deisciobal). Deun, a Thiarna, do réir do chómhraidh, agus cuir chum fáin na smuainte mal- aidhthe-so. Isé so mo dhóthchas agus
m'aon-fhortacht, teitheadh fá dhídhion do sgéithe-si ann gach buadhreamh; mo mhuinighín do chur ionnat, agus gairm ort ua'm chroídhe, agus feitheadh go foi- ghideach le'd shólás. Urnaidh ag iaradh soillsiúghadh na meanmaine. Soillsidh me, a Íosa ró thrócar- aich, le lonnradh na soillse síor- ruidhe, agus díbir gach dorchadas as áras mo chroídhe. Cuir srian le'm smuaintibh seachránacha, agus coisg na dian-chathaidh d'ionsaidheann go ró- gheur me. Troid go cródha air mo shon, agus beir buadh air na hainmhidh- thibh mallaidhthe-so, sé sin, air na hanmhianaibh cluaineacha-sa; ionnas go bhfaghfinn síth-cháin tre'd fhear- taibh-si, agus go molfainn gan tuirse thu le croídhe díreach agus le cogús glan. Labhair leis an ngaoith agus leis an ngarbh-shíon; abair leis an ngaoith a dtuaidh, ná séid níos siadh; agus bheidh ciúnas mór agam. "Cuir chugainn do sholas agus dfhírinne," ionnas go dtiocfadh a a lonnradh air an dtalamh; oir is
talamh fallamh, neamhthairbheach mesi, chum go soillsídhir si me. Cuir chugainn do ghrása ua neamh; fliuch mo chroídhe le driúcht na bhfla- thas; léig orainn braon bríghmhar d'uisge na caon-dúthrachta, chum aghaidh na cruinne d'ionladh; ionnas go dtabharfadhsi tora tábhachdmhar, toirteamhail. Ardaidh mo mhean- main a tá ag lúbadh fá throm-ualach mo pheacadh, agus díridh mo mhiana uile air nidhthibh neamhdha; ionnas iar mblaiseadh milseacht na mór-shonas, a tá air neamh, go nglacfainn fuath agus gráin do dhomblas an talaimh. Saor agus tarrainn me ua shólás dhim- buan an tsaoghail-so; oir ní féidir d'aon nídh cruthaidhthe mo mhianadh do shásamh go hiomlán. Táthaidh me dhiot féin le ceangal do-bhriste dian-ghrádh; oir is tusa amháin is leor don ghrádhathóir; oir gan tusa ní bhfuil a nuile-mhaitheas na cruinne acht suarachas agus sár-bhaois.
24 CAIB. Ní ceart bheith geur-radharcach ag faire air bheatha chách. (Críost). A mhic, na bídh ró- dheismireach, agus ná tóg cúrama neamhthairbheacha ort féin. Cionas bhaineann an rud-so nó an rud úd leatsa? Lean sa mesi. Oir creud é sin duitsi, má tá an té so, mar so nó mar súd; nó má dúbhairt an té so, an nídh so, nó an nídh úd? Ní iarfar ortsa freag- airt air son chách, acht air do shon féin: creud fá measgair thu féin uime sin, a ngnóthaibh dhaoine eile? Feuch, go bhfuil fios agamsa air gach naon, agus go bhfeicim gach nídh d'á ndeuntar fá'n ngréin: agus is fiosach dham cionas tá an sgeul ag gach duine; creud ar a mbídheann sé ag cúimhniúghadh, creud badh mhaith leis dfhághail, agus creud air a dtrial- lann a chroídhe. Is ceart dá bhrígh sin, gach aon nídh d'fhágail fúmsa; acht a'd thaobhsa, cómheud thu féin a síth-cháin, agus léig don nguag ndroch-
ghnóthach bheith chómh fuadarach agus is maith leis. Gidh b'é nídh a déarfadh nó a dheunfadh sé, tiocfaid a naghaidh fhéin; de bhrígh nach féidir dho mesi do mhealladh. Ná bídh buadhartha air son sgáile mór-ainme; agus na hiar bheith dlúth- mhúinteardha le mórán, ná fá chion ag daoinibh. Oir is ua nidhthibh de'n tsamhail sin d'éirghídheann mearbhall agus mór-dhorchadas croídhe. Badh mhian liomsa labhairt leat a mbriath- raibh bríghmhara, agus mo rún dfhoill- siúghadh dhuit, dá dtugfádh aire do'm theacht agus dorus do chroídhe d'osgailt dham. Bídh aireach agus fair a n-úrnaidhthibh, agus úmhlaidh tu féin san uile nídh. 25 CAIB. Na nidhthe ann a gcómhseasaidheann buan-shíth-cháinn an chroídhe, agus fíor-leas an anama. (Críost). A mhic, a dúbhart sa, "Fágaim síthcháin agaibh, bheirim mo síthcháin díbh, ní mar thugann an
saoghal, a bheirim-si dhíbhsi." Is mian le gach aon síthcháin dfhághail, acht is beag a dheunann cúram de ná nidhthibh a bhaineann leis an bhfíor- shíthcháin. Tá mo shíth-cháín si mar aon leis an nduine gceannsa úmhal- chroídheach. Beidh do shíthcháin a mórán foighide. Má éisdir liomsa agus mo ghuth do leanmhain, ní féidir dhuit gan bheith foighideach. (An Deisciobal). Creud, uime sin, a Thiarna is ceart dham a dheunadh? (Críost). Tabhair aire dhuit féin ann gach nídh, a'd ghníomharthaibh agus a'd labharthaibh; agus díridh d'inntinn go iomlán ormsa, ionnas go ndeunfádh mo thoil-si amháin, agus nách mbeidh iaradh ná lorg agat air aon nídh acht ormsa. Agas gnótha agus ráidhte chách, ná tabhair breith obann ortha, agus ná measg tu féin a nidhthibh nách bhfuil fád chúram; tiocfaidh de so gur ró annamh a cuirfear buadhairt ort. Acht ní de staid na beatha so gan buaidhreamh aigne ná choirp dfhulann, acht de staid na beatha síorrúidhe. Ná meas dá bhrígh sin, go bhfuarais síth-cháin fhírinneach, a
dtaobh gan aon trioblóid do mhothú- ghadh, ná go bhfuil gach aon nídh go maith a dtaob tu bheith gan ascaradh, ná go bhfuilir naomhtha néamhur- chóideach a dtaobh má ritheann an saoghal leat do réir do thola. Mar an gceadna ná meas gur fearr thu féin ioná chách, ná gur mó caradas Déi leatsa ioná leisin, má mho- thaidheann tú meisneach agus mór-mhilseacht ad' úrnaidhthibh; oir ní a nidhthibh de'n tsamhail so a haithnídhthear grádh agus gean na subháilcídhe, ná ní ionnta chómhsheasaidheann leas ná foirbheacht an duine. (An Deisciobal). Creud eile a Thiarna? (Críost). A'd thoirbheirt féin lé'd chroídhe go iomlán do thoil Déi, gan lorg air do thoil féin a mbea- gán ná a mórán, a naimsir ná a síorrúidheacht. Air mhódh go mbeidh- fádh chómh búidheach a mí-ádh agas bheidhfádh a mór-shaidhbhreas, ag tómhas gach nídh a meadh an chothroim. Má thagann leat bheith chómh calma agus chómh cródha sin a ndóthchas, air chor iar dtarrann gach sóláis inmheadhanaich uait, go gcuirfádh tu
féin a nórdúghadh chum tuille dfhulann agus admháil go bhfuilimsi ceart ann gach nídh; gan bheith a gabháil do leith- sgéil féin; acht m'ainm ró naomhtha sa do mholadh, tá do chos gan amhras a mbealach do leasa agus a mbóthar na síth-chána; agus feicfir mo ghnúis lonnrach sa arís lé luathgháir agus léir-áthas. Agas má ránaidh leat teacht chum dímheis iomhláin ort féin, bídh a fhios agat, go bhfaghfair sithcháin chómh líonmhar agus is féidir dfhághail annsa staid dhibhirtheach-so ionn a bhfuilir. 26 CAIB. D'árd-chéim na saor-aigne d'éir- ghídheann as úmhal-úrnaidhtibh níos mó ioná a léightheóireacht. (An Deisciobal.) Isé obair an duine fhoirbhthe gan maolúghadh meis- neich do mhothughadh choídhche, acht aire do thabhairt do nidhthibh diadha a measg gach cúraim amhail agus nách
mbeidh aon chúram air: ní air nós an duine leisgeamhail acht tré dhual- gas áiridhe a bhaineann le saor- aigne, nách gceangallann le anchu- mann d'aon nídh cruthaidhthe. Cómheud me, impídhim ort, a Thiarna ró trócaireich air cúrama na beatha so, ionnas nách mbeidhinn múchta ró dhoimhin ionnta; air riach- tanasa an choirp, ionnas nách mbéar- fúidh a ngaiste na sólas saoghalta orm; agus air gach toirmeasg anama, d'eagla iar mbeith claoidhte le trioblóidíbh, go dtuitfinn go fann fá'n ualach. Ní deirim amháin ua na nidhthibhso a loirgeann daoine baotha na beatha so go cíocrach, acht mar an gceudna ua'n dtrom- iarsma, a thuit orainn tré mhallacht choitchionn ar so-mharbhthachta, agas a mheadhánn síos agus chuireann air gcúl anam do sheirbhíseich ua chumas dul asteach a saoirseacht na spioraide chómh minic agus badh mhaith leis. O! mo Dhia, a mhilseacht do- labharta, úmpaidh chum searbhais dham gach sádhail chollúidhe a chasann me ua ghrádh na síorrúidheachta, agus dfhilleann me uirthe féin le amharc
saidhbhreas dimbuan na beatha so, O! mo Dhia, ná léig dfhuil agus d'fheóil me chlaoidh, ná buadh do bhreith orm; ná léig do'n tsaoghal agus dá ghlóir ghearr-shaoghalach me mhealladh: ná léig do'n Diabhal me bhuain dem' bonnaibh le na ghlic-chealg. Tabair dham neart chum seasadh a naghaidh; foighide le fulann; agus buaine lé gnáth-chómhrac. Tabair dham a nionad sólás uile an tsaoghail so, suairc-mhilseacht do naomh-spio- raide; agus a nionad ghrádh collúidhe, doirt orm searc-bhraon de dhian- ghrádh do naomh-ainme féin. Fheuch, gur mor an trioblóid le spiorad dhíagrasach bheith ag ithe agus ag ól, agus fá úireasbaibh eile a bhaineann leis an gcorp. Deónaidh dham, a Thiarna, feidhm dhlightheach do dheunadh dhíobh, agus gan an-dúil do chur ionnta. Ní bhfuil sé ceadaidhthe iad uile do theilgean uainn; oir ní fuláir dhuinn sinn féin do chomheud suas; acht toirmeasgann do dhlíghe ró naomhtha sa orainn, a niomarca agus na nidhthe is soineamhla d'iaradh: d'eagla go bhfásfadh an cholann las- ánta a naghaidh na spioraide. Ionnta
so uile a Thiarna, smachdaidh agus treóraidh me ionnas nách rithfinn tar meódhan. 27 CAIB. Gur b'é mearghrádh an duine air féin is mó choisgeann é air an árd-mhaitheas do rochtuin. (Críost). A mhic, is éigeann duit an uile nídh do thréigean air mo shonsa, agus gan cion air bith do tha- bhairt dhuit féin. Bídh a fhios agat gur mó loiteann do mhearghrádh féin tu, ioná aon nídh air druim talamh- ain. Ceanglann gach nídh dhíot do réir an cheana a bhídheann agat do. Má bhídheann do ghrádh neamh-thruaillidh- the, símplídhe, deagh-órdaidhthe, ní bheidhir a mbraighdeanas ag aon nídh. Ná cuir do dhúil ann aon nídh nách dlightheach dhuit do shealbhadh. Ná híar aon nídh do dheunfadh toirmeasg dhuit, nó shladfadh saoirseacht do mheanmaine uait. Is ró iongan-
tach liom, nách dtugann tú thu-féin agus gach a bhfuil agat suas damhsa uadh íochdar do chroídhe! Creud fá gcaithir thu féin le doilgheas díomhaoin? Creud fá dtuirsídhir thu féin le gnóthaibh neamh- thairbheacha? Seasaidh do réir mo thola sa, agus ní bheidh dochar ort. Má iarair an nídh so, nó an nídh úd; nó bheith ann so nó ann súd air son d'oireamhna, nó do thola féin ní bheidhir choídhche suaimhneach ná saor ua bhuadhairt; de bhrígh go bhfaghfair locht éigin air gach nídh agus go mbuailfidh duine éigin leat a chros- fas tu. Air an ádhbhar san, ní bhfuil tairbhe air bith dhuit a mór-chuid maoine; acht is ró thairbheach dhuit iad do dhímheasadh agus do gearradh mar aon lé ná bpreumhaibh as úrlar do chroídhe; agus so do dheunadh ní é amháin le airgiot agus le maoin tsaoghalta, acht fós le mian onóra, agus gradaim, agus baoth-mholadh; oir imthígheann na nidhthe so uile gan tuairisg. Is lag an tairbhe dheun- fadh áit áiridhe dhuinn, má bhímíd gan spiorad lasamhain: agas ní féidir
do'n tsíth-cháin sin bheith fad-shaoghal- ach a loirgthear ar an dtaobh amuigh, muna bhfuil an croídhe greamaidhthe a bhfotha na fírinne; sé sin, muna seasaidhir ormsa. Is féidir leat aistriúghadh ua áit go háit, acht ní bheidh tairbhe dhuit ann: oir an tan thiocfadh lá an chatha, buailfidh na nidhthe so amut, uadh ar theithis, de bhrígh gur fhágais preumh na locht gan gearradh as do chroídhe. Urnaidh do ghlanadh an chroídhe agus ag iaradh eagna neamhdha. (An Deisciobal). Cómhneartaidh me, a Dhia, le grása do Naom- Shpioraide. Deónaidh dham, cumas bheith neartaidhthe a m' spiorad, agus gach cúram neamhthairbheach do sgrios amach as mo chroídhe, agus gan an-dúil do chur ann aon nídh, gidh b'é táir nó toramhail é; acht múin dham feuchainn air gach nídh amhail ag rith tharam, agus me féin le imtheacht mar aon leis. "Oir ní bhfuil aon nídh fá'n ngréin buantseasmhach," de bhrígh "nách bhfúl ionnta uile acht suarachas agus buaidhreamh inntinne."
A! is ciallmhar an té a bhreath- naidheann nidhthe mar so. Tabhair dham, a Thiarna, ciall neamhdha, ionnas go lorgfainn agus go bhfaghfainn thusa tar gach nidh; go dtabharfainn gean agus geur-ghrádh dhuit, agas go dtuigfinn gach nídh eile do réir mar táid ionnta féin; sé sin, do réir do mhór-eagna-sa. Deónaidh dham, a Thiarna, teitheadh go glic ua'n mbladaire, agus éisdeacht go foighideach le fear mo chrosda. Oir is mór an eagna gan bheith so- choraidhthe le gaoth gach focail agus gan cluas do thabhairt do bhriathraibh bladair gach claon mhurdhucháin. Oir is mar so thiocfadh linn dul air ar naghaidh gan baoghal annsa tslíghe a thógamar orainn féin. 28 CAIB. A naghaidh theangan an ithiomraidh. (Críost). A mhic, ná cuir lé'd chroídhe má labharann cách go holc
ort, agus má deireann nidhthe leat nár mhaith leat do chlos. Badh cheart duit droch-thuairim bheith agad asad féin, agus a chreideamhain nách bhfuil aon neach níos laige 'ná thu. Má shiúbhlaidheann tú do réir na spioraide, ní bheidh beann agad air bhriathraibh baoise. Is mór an chiall, bheith ciúin a a ndroch-aimsir agus filleadh asteach oramsa, agus gan buadhairt do ghlacadh tré thuairim chách. Ná fág do shíthcháin a dteangaibh daoine, oir gidh b'é maith nó olc a dtuairim asat, ní bhfuilir, dá bhrígh sin, níos fearr nó níos measa. Cá bhfuil fíor-shíthcháin agus fíor-ghlóir lé fhághail? Nách ionnamsa amháin? Agas is mór an tsíth-cháin a tá lé fághail aig an té, nach santaidheann adhmholadh chách, agus nách gcuireann suim ann a mí-thaithnneamh. Is ua chumann anmheasardha, agus ua bhaoth-eagla d'éirghidheann gach anshocaireacht croídhe, agus gach anfa ceadfádhach.
29 CAIB. Cionas is ceart Dia do ghúidhe a n-aimsir an chatha agas dóthchas a chur a bhfilleadh na ngrás. (An Deisciobal). Go mbeann- aidhthear d'ainm, a Thiarna, go síor- rúidhe, ó's toil leat na cathaídh agus na trioblóidídh-so theacht orm. Ní féidir dham teitheadh úatha, acht caith- fead rith fá'd chomhaircsi, ionnas go dtabharfádh cabhair dham, agus go n-úmpóchaidís chum mo thairbhe. A Thiarna, táim anois a nanacradh agus ní bhfuil mo chroídhe socair; O táim ró bhuadhartha uadh a bhfuil agam dá fhulann. Agas anois a dhil- Athair, creud a dearfad? Do rugadh a gcúmhgach orm. O! fóir orm as so feasda! Acht is uime rúgadh san gcúmhgach so orm, go dtabharfainn glóir dhuitsi, íar mbeith úmhlaidhthe tar meadhan, go saor- fádhsa me. Go ndeónaidhir, a Thiarna, me dhfuasgailt oir ní eól dham, an truadhán bocht, cá rachfad, ná creud dheunfad a'd eugmais si.
Tabhair dham mar an gceudna bheith foighideach air an uair so. Cabhar- aidh liom, a Thiarna, agus ní eagal liom dá mheud m'anacradh. Agas creud a déarfad anois a measg na nidhthe so? A Thiarna, "go ndeuntar do thoil air an dtalamh:" is mesi thúill an anacradh agus an buaidhreamh so; ní fuláir dham dá bhrígh sin, iad fhulann, agus a bhúidhe le Dia go nglacfainn go foighideach iad, go nimthídheadh an t-anfa taram agus go bhfillidh an ciúnas. Acht tá do lámh, úile- chómhachtach-sa cumasach air na cathaídh so do dhíbirt uaim, agus a ndianas do mhaolughadh, amhail rinnis go minic cheana; air eagla go dtuitfinn fútha, O mo Dhia, mo thró- caire. Agas dá dhócamhlaighe dhamh- sa, ise is furusa dhuitsi "an claochladh sa dheisláimhe an Té is ró airde."
30 CAIB. Cionas is cóir cabhair Déi d'iaradh. (Críost). A mhic, is mesi an Tiarna, a thugann neart a lá an chatha. Tair chugam an tan bheidhir a ngádh. Isé fáth is mó choisgeann sóláis neamhdha ort, sé sin, bheith mall ag filleadh air úrnaidhthibh. Oir iarann tu sóláis agus aoibhneasa air chreutúiribh sul a dtagair ag triall ormsa; agas uime sin, ní fhóghnaid dhuit, go dtugair fád'aire gur mesi an té fhuasgalann an drong a chuireann a muinín annam: agas nách bhfuil congnadh cómhachtach, ná cómhairle thairbheach, ná leígheas lántsláinteach lé fághail acht ann- amsa amháin. Acht anois iar dteacht chugad féin d'éis an anfa, gaibh neart a solas mo thrócairesi; oir táimsi lámh leat, chum an uile d'athnuadhchain, ní é amháin go líon- mhar, acht fós go iomadamhail mór- tómhasmhar. An bhfuil aon nídh dodheunta agam- sa? Nó an cosmhail mesi leis an
té a gheallann agus nach gcómhlíonann? Cá bhfuil do chreideamh? Seasaidh go daingean dianghnáthach. Glac foighide agus meisneach; tiocfaidh cabhair ionn a ham féin chugat. Fan liomsa; fan; agus tiocfad a'd shlanadh. Ní bhfuil ann acht baoth- eagla a bhaineann geit asat. Creud é an tarbhe dhuit bheith a'd bhuaidhreadh- adh a dtaobh gach cineamhna, muna mían leat bréis bhróin do thabhairt ort féin? "Is leór do'n lá a olc féin." Is mór an bhaois agus an díthcéille bheith luathgháireach ná dúbbrónach mar gheall air nídhthibh a bféidir nách dtuitfeadh amach choídhche. Acht teagmhaidheann do'n duine go mealltar go minic é le meamna de'n tsamhail so, agas is maith an cómhartha air an anam bheith lag fós, é géilleadh mar so do chealg na namhaide. Oir is cuma leis an n-Diabhal cia aca lé bréig no lé fírinne a mheallann sé an duine; cia aca lé grádh na nidhthe a tá láithreach nó lé eagla na nidhthe a tá lé teacht a shlaodann sé an
té a ghéilleann do. Ná bídh buadh- artha, ná eaglach air an ádhbhar- san. Creid ionnamsa, agus cuir do mhuinín am' thrócaire. Is minic go mbídhimsi taobh leat, ann uair mheasair me bheith a bhfad uait. Is minic gur mó do thuilleamh agus do dhualgas ann uair mheasann tu go bhfuilir caillte, ioná ann uair shíleann tú go bhfuilir air dheaghstaid. Ní bhfuil an uile caillte ann uair thuiteann nidhthe amach a n-aghaidh do thola. Ní ceart dhuit breith do thabhairt do réir do mhéine láthaireiche, ná aon trioblóid do chur le'd chroídhe gidh b'é taobh as a dtagann sí; ná lúb fúithe amhail is nach mbeidh aon tsúil agat lé í chur dhíot! Ná meas go bhfuilir tréigthe air fad, a dtaobh má chuirim trioblóid- ídhe air uairibh chugat, nó má thar- rannaim mo shóláis uait; oir is é so an bóthar díreach go ríoghacht na bhflathas! Agas gan amhras, is fearr dhuitsi, agus dom' sheirbíseachaibh eile, anacradh dfhulann ioná gach nídh bheith air bhúr dtoil féin agaibh. Tá fios smuainte uaighneacha do
chroídhe agam, tá a fhios agam gur ró thairbheach dod' anam bheith air uairibh ann eugmais sóláis, d'eagla go nglacfádh uabhar tré'd bhail, agus go mbeidhfádh ro chathaiseach ort féin de dhrúim na nidhthe so nách leat féin. Is féidir liomsa le ceart, gach nídh a thugas dhuit do bhaint díot tar ais, agus a dtabhairt dhuit arís ann uair is toil liom. An tan thugaimsi uaim, isé mo chuid dhílis féin a thugaim uaim, agus ann tan thógaim arís é, ní thógaim aon nídh a bhaineann leatsa. Oir "is liom- sa gach deagh-thabharthas agus gach bronn- tanas iomlán." Má chuirim-si air aon uair buaidhreamh nó trioblóid chugat, ná tuit a ndoilgheas agus ná caill do mheisneach. Is féidir liom- sa tu árdúghadh suas arís, agus do bhuadhairt a mhalartadh air gháir- deachas, Gidhe táim ceart, agus ann- mholta ann tan rannaim mar so leat. Má tá ciall chóir agat, agus má thugann tú nidhthe fá'd aire go fírinn- each, ní ceart dhuit bheith doil- gheasach de dhruim anacradh air bith; acht áthas dod' ghabháil agus bheith lán-
bhuidheach mar gheall ortha; de bhrígh gur uaimsi thagann siad chum do smachdaidhthe; "amhail ghrádhaidh an tAthair mesi, ise ghrádhaimsi sibhsi." Is so mar dúbhart le'm dheisciob- alaibh dílis féin, a chuireas ag craobhsgaoileadh an tsoisgéil, ní chum a naimsire do chathadh a suair- ceas ná a sólás saoghalta; a ndroch- ghnóth ná a ndíomhaoineas; a ngra- dam ná a mór-mheas, acht a mí-chlíu agus a mór-shaothar; a gcómhrac agus a gcathadhaibh; a bhfoighide agus a bhfad- fhulann. A mhic, cúimhnidh air na bríathraibh so. 31 CAIB. De neamh-chúram an uile nídh cruth- aidhthe ionnas go bhfaghmois an Cruthaidhtheóir. (An Deisciobal). Teasdaidheann, a Thiarna grása níos iomdha uaim, (má tá sé ceadaidhthe dham dul chómh fada sin) sé sin, gan é bheith air
chumas aon duine air talamh me thoirmeasg. Oir ann fhaid ghream- aidheann aon nídh díom, ní fhéadaim triall ortsa. Badh mhian leis an bhfáidh ríoghamhail triall ort go fonnmar an tan a dúbhairt, "Cia thabharfas sgiatháin air nós an cho- luim dham, agus deunfad eitilt agus beid a suaimhneas." Creud is mó suaimhneas ioná an tsúil shímplídhe? Creud is saoire ioná gan dúil do chur an aon nídh air talamh? Is éigean uime sin, gabháil tar gach nídh cruthaidhthe, agus fós sinn féin do thréigean, agus seasadh a dtáimh-neul meanman; agus fheicsin nách bhfuil aon chreutúir a gcómheas dhuitsi; oir sáraidheann tusa iad uile go do- chúimsidhthe. Agas muna mbeidh duine saor ua anchumann do nídhthibh cruthaidhthe, ní féidir dó aire cheart do thabhairt d'á anam féin. Agas isé so an fáth nách bhfuil acht beagán de dhaoinibh diadha air an tsaoghal, de bhrigh gur ró bheag a dheilleann iad féin go iomlán ua chreutúiribh. Oir tá grása áiridhe ríachtanach chuige so, tré a nárdochaídh an ta- nam ós cionn a neirt nadúrdha féin.
Agas muna nárdaidhthear spioraid an duine, agus muna bhfuasgaltar í ua anchumann gach creutúra, agus muna dtáthaidhthear le Dia amháin í, ní mór an tábhachd a chuid eóluis nó saidhbhreis! Is fada bheidh an té sin go suarach; agus greamaidhthe de'n talamh, a mheasann aon nídh tábhacdh- mhar, acht an taon Dia mór-líonmhar uile-chómachtach. Oir gidh b'e nídh nách Dia, ní bhfuil ann acht nneamh- nídh, agus badh cheart meas neamhnídh bheith air. Is mór an idirdhealbhadh a tá idir eagna an duine dhiadha dheagh-shoillsidhthe agus eagna an duine léighionta. Is uaisle go mór an fhoghlaim a thagann anuas ua neamh, ua bheul Déi féin, ioná an fhoghlaim a bailídhthear le saothar an duine. Is mór lé ar mian léir-mhacht- namh, acht ní bhfuil beann aca air na nidhthibh a threóraidheann chuige. Is mór an bac orainn an oiread so beinne do chur a gcómharthaibh agus a gceadfaibh, agus gan aon aire do tha- bhairt do chlaonmharbhadh na colna - Ní fios dam creudh é, ná creud í an spioraid a threóraidheann sinne a shamhlaidheann fá cháil dhaoine spio-
radálta, agas an oiread so duaidh agus trioblóide do thógbháil orainn féin mar gheall air nidhthibh suaracha soghluaiste an tsaoghailso, agas faillíghe iomlán a thabhairt a leas ar nanama féin! Fáraor! tar éis beagán lag- mhachtnaimh orainn féin briseamoid amach arís gan ar noibreacha do mhéadhachan a gceart-mheadh na léir- sgrúdadh! Ní thugamoid aire air bith do chlaon ar gcumann, agus ní gha- bhann cúmha sin de dhrúim ar neamh- ghlaine; Oir "do thruaillidh an uile fheóil a slíghe air ann dtalamh," agus uime sin tháinic an díle tar an ndomhan. Dá bhrígh sin, ó tá ar gcumann inmheódhanach ró thruaillidh- the, ní fulair d'ar noibreachaibh, a thagann ua'n gcroídhe bheith mar an gceadna neamhghlan; is dearbh an cómhartha é so go bhfuil an taobh astigh leónta, lag-bhrígheach. Is ua'n gcroídhe nglan a thagann tóra na deagh-bheatha. Is minic fhiafradhmoid an mór tá deunta ag duine, acht is annamh thugamoid aire do'n inntinn a Threó- raidheann a shaothar. Fiafradhmoid,
an duine saidhbhir, ládair, gléith- mhaiseach, deaslamhach, binn, deagh- saothair, mór-fhoghlamtha é; acht is annamh labhramoid air a chaoin-dúil a mbochtacht spioraide, air a cheann- sacht, air a fhad-fhulann, air a chraibheacht ná air a chlaon-mharbhadh! Fheuchann an nádúr air ghnóthaibh foirimiolacha an duine, acht tugann na grása aire don gcroídhe. Meall- tar an nádur go minic, acht cuireann na grása a muinín a nDia, agus ní mealltar choídhche iad. 32 CAIB. De smachtúghadh ar gclaonta agus de dhiúltúghadh d'ar mianaibh. (Críost). A mhic, ní féidir dhuit bheith lán-tsaor, muna ndíultaidhir dhuit féin go iomlán. Tá gach aon, ag a bhfuil an iomad ceana air féin ceangailte a gcúibhreachaibh, lán d'anmhianaibh, de chúramaibh, agus d'anshásdachd; a gcómhnúidhe ar lorg a sheasgaireachta féin, agus a dear- mad thola Íosa Críost; ag deunadh
aistídhe agus a cumadh nidhthe nach seas- faidh: de bhrígh gur neamhnídh gach saothar nách dtagann ua Dhía. Beir leat na briathra bríghmhara so, sé sin, "tréig gach nídh, agus gheabhair gach nídh; diúltaidh dod' anmhianaibh, agus gheabhair suaimhneas." Machtnaidh na focail so, agus ann uair chuirfir a ngníomh iad, tuigfir gach uile nídh. (An Deisciobal). A Thiarna, ní saothar aon laé amháin ná sug- radh leanbh é so; oir ann sna briath- raibhso a coimsídhthear foirbheacht fíor-iomlán an duine riaghalta! (Críost). A mhic, ní ceart dhuit dul a ndiaidh do chúil, ná do mheis- neach do chailleamhain, air gclos slíghe na foirbheachda; acht do mheanmain a ghríosadh níos mó, agus do dhúil, an chuid is lúgha dhe, do chur a ríoghacht na bhflathas. B'fhearr liom go mbeidhfádh mar so fein; sé sin, chómh fada so a rian na naomh, air chor nách mbeidhfádh ró- cheanamhail air do cholainn; acht urraimeach damhsa, agus don té a chuireas mar athair ós do chionn: so mar bheidhfádh ró thaithneamhach am'
láthairsi, agus chaithfeádh do bheatha go suaimhneasach, síth-chánta. Tá mórán fós agad le tréigean agus le tabhairt suas dhamhsa gan fúigheall, sul a bhfaghfair an nídh a tá uait. "Cómhairlídhim duit ór, a dearbhadh san dteine do cheannach; ionnas go mbeidhfádh saidhbhir;" sé sin, eagna neamhda, a ghabhann de chosaibh a nidh- thibh an tsaoghail so: agus tréig ciall chealgach na beatha so mar aon lé gliocas gearr-radharcach na sao- ghaltánach. Dúbhart gur ceart na nidhthe a shamhlaidheann tábhachdmhar, mórluach a súilibh daoine do mhalar- tadh air nidhthibh a bhídheann fá dhroch- mheas aca! Oir is táir, tarcais- neach bhídheann an fhíor-eagna neamhdha a súilibh saoghaltánach; gidh go dtea- gasgann sí dhuinn bheith úirísiol ann ar dtuairim féin, agus gan gradam, ná onóir do lorg air an dtalamh so. Fáraor! Is iomdha duine a chreid- eann na nidhthe so, acht is ró bheag a mhaireann do réir a gcreideimh; gidhe isí an eagna so an peurla mórluach (air ar labhair Críost a soisgeul naomh Matha), atá falaidh- the uadh n-a lán.
33 CAIB. De mhí-choinghiall ar gcroídhe; agus d'ar ngnáth-inntinn a dhíriúghadh air Dhia. (Críost). A mhic, ná cuir do mhuinín a'd' chumann láithireach, oir is gearr go mbeidhir air aithear- rach aigne. An fhaid mhairfir, béidhir claon do'n aistriúghadh, agus go minic fos de'd' leath-amhdheóin; air chor go mbéidhir air uairibh luath-gháireach, agus air uairibh eile trom-chroídheach; anois síthchánta, agus gan maill buadhartha; air uairibh diadha, teasghrádhach; agus air uairibh eile trom, spairteamhail. Acht seasaidheann an duine ciallmhar, deagh-mhúinte, ós cionn na luath- inntinne so. Is cuma leis cá seid- eann gaoth ghuairnéin na hansho- crachda, oir chómheudann sé a chroídhe díridhthe de ghnáth air Dhia. Mar so, is féidir leis fanamhain go neamh- aistridhtheach, agus súil a inntinne do chómheud tre gach íolardhas cineamh- na go cruinn ormsa.
Agas do réir mar bhídheann an inntinn deaghórdaidhthe, is é bhídheann an duine diongbhálta chum seasadh a naghaidh an anfa. Acht tá mórán ag a bhfuil rosg na glan-inntinne dall, dorcha; de bhrígh go bhfeuchaid a leataoibh go obann air aon aoibh- neas saoghalta a thárlaidheann ionn a slíghe. Agas is ró dheacair aon duine d'fhághail a tá air fad saor ua'n anchumann féin. Amhail agas mar tháinic na Iudaidheacha go Bethánia go teach Mhartha agus Mháire, ní chum Íosa amháin d'fheic- sin, acht ionnas go bhfeicfidis La- zarus mar an gceudna. Ní fuláir, dá bhrígh sin, do shúil na hinntinne bheith niamh-ghlann, ionnas go bhfeicfeadh sí mesi tré gach achrann dá dtagann san tslíghe.
34 CAIB. Go dtugann an té ag á bhfuil grádh Déi taithneamh dó tar gach nídh, agus ann gach nídh. (An Deisciobal). Feuch, mo Dhia agus m'uile-mhaitheas! Creud eile theasdaidheann uaim, agus creud é nídh is brígmhaire ioná é? O! a bhria- thar mhilis mhór-sheirce do'n té a ghrádhann an Briathar, ní dhon té a ghrádhann an sáoghal, ná na nidhthe a tá ann sa tsaoghal. Mo Dhia agus m'uile- mhaitheas! Is leór a ndúbhart don té a thuigeann: agas is ró taith- neamhach, leis an té a ghrádhann, na briathraso do rádh go minic. Oir a n-uair bhídheann tu am' fhochair, bídheann gach nidh taitneamh- ach, acht ann uair bhídheann tu uaim, bídheann gach nídh gráineamhail. Is tusa bhronnann suaimhneas, síthcháin agus sár-luathgháir air an gcroídhe. Is tusa a thugann duinn meas maith do bheit air chách, agus do mhórdhacht a mholadh a gchách; agus ní féidir d'aon nídh bheith taith-neamhach gan tu; oir
ionnas go mbeidh sé taithneamhach dhuitsi, ní fuláir dod' ghrásaibh féin bheith láithreach, agus bheith snasaidhthe le snas d'fhíor-eagna féin. Samhlaidheann gach nídh taithneamh- ach do'n té ag a bhfuil grádh dhuitsi; acht ní bhídheann aoibhneas air bith le fághail aig an te fhúathaidheann thu. Is ró fhada ua milseachd do naomh- eagna-sa staid dhubrónach na sao- ghaltánach agus na droinge a leanann toil na colna; de bhrígh gur iomdha baosradh ar an tsaoghal, agus go dtreor- aidheann sádhail an choirp go bás síorrúidhe! Is ró chiallmhar gan amhras an duine, an té a leanann tusa tré dhímheas an tsaoghail, agus tre chlaonmharbadh na colna: de bhrígh go bhfuil aistridhthe ua bhaosradh go fírinne; ua'n gcolainn gus an Spioraid. Faghann duine de'n tsamh- ailso sár-mhilseachd a nDia, agus tugann moladh agus mor-bhúidheachas dó air son gach tairbhe a bhaineann as a chreutúiribh. Acht is ró idir- dhealbhach an mhilseachd a faghthar annsa gcreutúir ó'n milseachd a motháidhthear annsa gCruthaidhtheóir; idir shólás na síorrúidheachta, agus
gearrshaoghalachd aimsire; idir lonnra na soillse síorrúidhe, agus doilbh- cheó na beatha so. O! a lonnra shiorrúidhe, a sháraidh- eann gach solas crudhaidhthe, deall- raidh ormsa gath de sholas na fí- rinne; ionnas go bhfoillseóchadh sé uaigneas dorcha mo chroídhe. Ionn- laidh, fortaidh, soillsidh, agus beódhaidh mo spioraid le brígh an tsolais so; ionnas go leanfainn díot le táimh- neul luathgháire! O! ciothan thioc- fas an uair bheannaidhthe sin, ionna líonnfair me le'd mórdhacht ionnas go mbheidhinn am' uile don uile. An fhaid nách bhfaghad an nídh so, ní féidir dom' luathgháir bheith iomlán. Fháraor! tá an seanóir mallaidhthe fós gan básadh agus gan ceusadh annam. Tá an cholann fós a gcogadh leis an Spioraid, agus ní leigeann do'n anam a ríoghacht do shealbhughadh a síthcháin. Acht a Thiarna, "a smachtaidheann anfa na mara, agus a chiúnaidheann luasgán na dtonn," éirghidh agus cabh- raidh liom. "Sgab ua chéile an drong ag a bhfuil dúil a gcogadh," agus mionbhrúidh iad led chómhachtaibh. Foillsidh, aitchim ort, a Thiarna,
do mhór-fhearta, agus tugthar glóir dod' dheas-láimh; de bhrígh nách bhfuil dóthchas ná comhairc agam acht annadsa, mo Thiarna agus mo Dhia. 35 CAIB. Nach bhfuil aon neach saor ua cha- thaibh air an tsaoghal so. (Críost). A mhic, ní bhfuilir saor ua bhaoghal na beatha-so fós, agus uime sin, tá arm na spioraide ró- riachtanach dhuit. Táir a gceart- lár do námhad, agus iad ad ionsughadh air gach leith. Muna gcuirir sgiath na foighide ad chosaint ar a dtrom- bhéimeannaibh, ní bheidhir a bhfad gan goin. Ann fhochair sinn, muna gcó- mheudair do chroídhe díridhthe orm- sa, agus gach nídh d'fhulann air mo shon, ní féidir dhuit seasadh a gcómhlainn na spairne-so, ná dualgas cath- réimeach na naomh d'fhághail. Is éigin duit, uime sin, seasadh go cródha, agus lámh ládair a thabhairt le
le gach nídh, a thagann ann do shlíghe. "Is do'n té a bheireann buadh a tugthar manna nó mildhríucht le n-ithe": agus ní bhfaghann an lorgánach leasg acht anacradh! Má iarair seasgaireachd annso, cionas is dóigh leat suaimhneas síorrúidhe dfághail ann súd? Loirg fíor-shuaimhneas, ní air talamh, acht air neamh; ní ua dhaoinibh acht ua Dhia amháin. Ní fuláir dhuit bheith sásda leis gach fulann air son Déi: sé sin, le duadh agus le dubrón; le cathaibh agus le crádhadh; le mí-shuaimh- neas agus mór-easbaibh; le tinneas agus le treun-eugcóir; le masla agus le mí-chliú, le aithis agus le ill-cháineadh; le smachd agus le tarcaisne. Treó- raidhid so an duine a mbealach a leasa; dearbhaidhid naudh-fheinídhe Chríost, agus saothraidhid ríoghacht na bhflathas! Tabharfad-sa dualgas do-chríochnaidhthe air son an ghearr- shaothair so, agus glóir shíorrúidhe de dhrúim na aithise dimbuaine so. An measairsi go mbeidh sóláis spioradálta agad do réir do thola féin? Ní rabhadar ag mo naomhaibh amhla san; oir is minic bhíodar a
mbuairt agus a mór-chathaibh; a ngádh agus a ngéibhionn; agus d'fhulannadar go foighideach, ag cur a ndóthchais ionn- amsa níos mó 'ná ann a neart féin; de bhrígh go raibh a fhios aca nár bh'fhéidir anacradh na beatha-so do chur a gcómheas le mórdhachd ghlóire na beatha síorrúidhe. Ar mhian leatsa an nídh sin d'fhághail anois gan duadh air bith, a fuair daoine eile ar éigin tar éis trom-dhortadh deór agus treun-chatha? "Feith leis an dTiarna, gníomhaidh go fear- amhail, agus bíodh meisneach ort": Ná tuit a mí-dhóthchas; ná imthidh a leat- aobh, acht toirbhir do chorp agus d'anam go cómhnaidhtheach air son ghlóire Déi. Tabharfadsa dualgas sár-líonmhar dhuit, agus beid lámh leat ann gach amhgar. 36 CAIB. A naghaidh bhaoth bhreitheamhnas daoine. (Críost). A mhic, caith thu féin go diongbhálta air an dTiarna, agus ná glac eagla roimh bhreitheamhnas
daoine an uair thugann do choinsias deagh-theisdeas le do neamhchiontachd. Is ró mhaith an rud fulann mar so; agus ní bheidh sé docamhail do chroídhe úmhal, ná do'n té ag a bhfuil a dhóthchás a nDia níos mó ioná ann féin. Deireann daoine an oiread san, air chor nách ceart creide- amhain do thabhairt dóibh. Agas ní féidir iad go léir a shásadh. Gidh gur rinn naomh Pól a dhíthcioll air gach aon duine do shásadh annsa Tiarna, agus go raibh sé an uile do'n uile, gidhe níor chuir suim a mbreith- eamhnas laé an duine. Rinn sé a dhíthchioll air son leasa agus léir-shláinte chách, act níor bh'fhéidir a ndrochmheas ná a ndroch- thuáirim do chosg. D'fág sé dhá bhrígh sin, é go léir fá Dhia d'ár fios gach nídh, agus chosain é féin le foighide agus le úrísleacht a naghaidh theanga na droinge a labhair go holc air; gidhe d'fhreagair sé iad air uairibh d'eagla go dtabharfadh a chiúnas fáth oilbhéime do'n lag. "Cia é tusa, chum eagla dod' ghabhail roimh bhreitheamhnas dhuine shomharbhtha"? Aniudh, maireann sé;
agus amárach, tá sé imthighthe gan tuairisg! Gaibh eagla Déi ort, agus ní gádh dhuit bheith fá eagla duine. Creud é an díoghbháil is féidir le aon neach a dheunadh dhuith lé n-a bhriathraibh ná le n-a chuid eugcóra? Is mó a dhíoghbháil dhó féin go mór ioná dhuitsi; de bhrígh nách féidir dho gan tuitim fá bhreitheamhnas Déi, gidh b'é duine é. Cómheud do shúil air Dhia agus na bídh ag ceannairc le briathraibh gearánacha. Agas má shamhlaidheann tú claoidhte, cómh- bhuardhartha tré achmhúsánaibh nár thuillis, ná gabh fearg dá dhruim sin, agus ná laghdaidh do coróinn tré mhí- fhoighide. Feuch chugamsa air neamh, oir is féidir liom tu shaoradh uadh gach buaidhreamh agus eugcóir; agus cúitiúghadh le gach naon do réir a ghníomhartha.
37 CAIB. De ghlan-aontachd iomlán na tola do Dhia, ionnas go bhfaghmois saoirse Chroidhe. (Críost). A mhic, tréig thu féin, agus gheabhair mesi. Seasaidh gan togha ná féin-spéis, agus deun- fair sochar mór. Oir bronnfar grása níos líonmhaire ort an tan thréigir thu féin go hiomlán gan inn- tinn aithfhilleadh. (An Deisciobal). A Thiarna, creud é mhinice a ghéillfead, agus creud iad na nidhthe ionn ar ceart dham mé-féin do thréigean? (Críost). A gcómhnúidhe, agus ann gach áit; a nidhtibh suaracha amhail a nidh- thibh tábhachdmhara: ní chuirim suas d'aon nidh, acht is mian liom tú fhá- ghail saor ó'n uile anchumann. Ní féidir dhuit bheith taithneamhach damh- sa ar shlighe ar bith eile; dá bhrígh sin, ní fuláir dhuit diúltúghadh a gcómh- núidhe dod' antoil féin. Ní bhfuil dá luaithe a dheunfair amhla so ioná is fearr é; agus ní bhfuil dá líonmhaire
agus dá iomláine a thréigfir tu féin, ioná gur mó mo greannsa ort é. Tréigeann a lán iad féin, acht ní thréigid iad féin san uile: oir ní chuirid a ndóthchas iomlán a nDia; agus uime sin, bídhid ró fhuadarach a so- láthar dhóibh féin. Tuille fos a thoir- bhireann a n-iomláine air dtús, acht na dhiaidh sin, fillid ortha féin arís an uair theagmhaidheann cathaidhe leó; agus isé so an fáth gur suarach a dteas- dal a mbealach a leasa. Ní féidir dhóibh fíor-shaoirse croídhe na dlúth- mhúintheardhas d'fhághail liomsa, muna ngéillid go iomlán dom' thoil, agus iad féin do thoirbhirt mar íodhbairt laé- theamhail am' láthair; oir ní féidir dhóibh bheith táthaidhthe liomsa ann aon- dacht an fhíor-ghrádh ar a mhalart de chonradh. Is minic a dúbhart leat, agus deirim anois arís leat; "tréig tu féin, aontaidh dhomhsa, agus gheabhair síth-cháin agus suaimhneas mór aigne." Tabhair an uile ar an uile; ná loirg aon nídh, ná iar aon nídh tar ais: seasaidh go hionnraic agus le muinín ládair, agus gheabhar sealbh ormsa. Beidhir saor ad chroídhe agus ní thiocfadh doilbh-cheó an
dorchadais ad thímchioll! Cuir do dhúil agus do ghúidhe annso amháin, deun díthchioll ar gach féin-lorg do thréigean, ionnas go mb'fhéidir leat Iosa a bhídh nochtaidhthe ar altóir na croise air do shonsa, do leanmhain; agus iar gclaon- mharbhadh na colna go mairfádh mar aon leis go síorrúidhe. An uair sin cuirfear cosg ar gach meamna dhíomh- aoin, gach buadhreamh mallaidhthe, agus gach chúram neamhthairbheach. Mar an gceudna múchfar gach eagla anmheas- ardha, agus gach anchumann neamhionnraic! 38 CAIB. De dheagh-riaradh a nidhthibh foirim- iolacha, agus de dhul fá chomairc Déi ann gach guais. (Críost). A mhic, ní fuláir dhuit díthchioll dúthrachtach a dheunadh ann gach gníomh agus feidhm ghnótha, air bheith saor ann do chroídhe agus fá chumas do reasúin, agus bheith ós chionn do ghnótha: ionnas go mbeithfádh ad mháighistir ar do ghníomharthaibh: amhail Abhrach saor- inntinneach aistridhthe go rann agus go
saoirse chlainne Déi; a fheuchainn ar an saoghail so, agas léir-mhacht- naidheann ar an saoghal eile: d'amhar- cann ar nidhthibh na beatha so leis an tsúil gclé, agus ar nidhthibh na beatha síorrúidhe leis an tsúil ndeas. Nách gceang- lann de nidhthibh soghluaiste an tsao- ghailso, acht a dheunann feidhm dhíobh do réir thola Déi, a cruthaidh an uile nidh go maiseach, mór-sgiamhach chum deaghúsáide an duine. Má sheasaidhir mar so ann gach cineamhain, gan breith ná tuairim do thabhairt do réir thaisbeunadh an taoibh amuigh, ná feuchainn ar a bhfeicir do réir amharc na colna, acht triall asteach mar aon le Maois do'n bpail- liún ag iaradh cómhairle an Tiarna, cluinfir go minic freagradh Déi, agus tiocfair amach teagasgtha a mórán de nidhthibh láithreacha agus le teacht. Oir do thriall Maois de ghnáth ar an bpail- liún ag iaradh réighteach gach doghruinne agus gach do-cheisde; agus fá chómhairc úrnaidhthe a naghaidh mhallaidhtheachda na ndroch-dhaoine. Is mar so nách fuláir dhuitsi triall go minic asteach go rúnairm do chroídhe, agus cabhair Déi d'iaradh go dúthrachtach; oir is
é fáth fá'r mheall na Gabaónítes, Ioshua agus clann Israél, amhail léigh- tear ansa sgrioptúir; de bhrígh nár iaradar cómhairle an Tiarna air dtús, acht éisdeachd ró fhurusa le briathraibh binne, breugacha na saobh- chrabhach san. 39 CAIB. Nách ceart do'n duine bheith ró shan- tach ionn a ghnóthaib. (Críost.) A mhic, cuir do chúram go léir fá mo chómhaircsi, deun- fadsa é dheagh-riaradh ann am féin: fan lé mo chabhairsi agus chídhfir go rach- fadh sé chum sochair dhuit. (An Deisciobal). A Thiarna, cuirim mo ghnótha uile fád thearmann; oir is suarach an tairbhe is féidir liom féin do dheunadh dá mheud é m'fhuadar. B'fhearr nách nglacfainn aon bhúadhairt mar gheall ar chuid na haimsire le teacht; acht mé féin, agus a bhfuil agam, a thabhairt suas go fonnmhar dhuitsi.
(Críost). A mhic, is minic thógann duine ar féin nídh do dheunadh ionn ar chuir sé dúil, acht an uair bhídheann an nídh sin deunta, bídheann sé ar mhalairt aigne. Oir ní fada is gnathach le inntinn an duine fanamhainn díridhthe ar aon nídh amháin, acht ag rith ua nídh go nid. Ní neamhthábhachdhmhar dá bhrígh sin, an rud duit, diúltiúghadh dod' thoil féin annsna nidhthibh fós is lúgha tábhachd. Is é so an cómhartha is dearbhtha ar sinn a bheith a mbealach ar leasa; oir is ró mhór an tsaoirse, agus is beag an baoghal a tá ar an té a dhiúltaidheann d'á an-toil féin. Acht ní théidheann, cosg ar an tsean-námhaid, acht ag cur a naghaidh gach deaghnídh, agus a gleusadh a ghaisde de lá agus d'oídhche ag tarrainn na ndaoine neamhaireacha ionn a crúcaibh cealgacha. "Deunaídh faire agus úrnaidhthe ionnas nách dtuit- fidh sibh a gcathadhaibh."
40 CAIB. Nách bhfuil aon deaghnídh annsa duine uaidh féin, agus nách-féidir dho maoidh- eadh as aon nídh. (An Deisciobal). "A Thiarna, creud é an nídh an duine, tré a bhfuil- irsi cúimhneach ar; no mac an duine, tré a bhfiosraidheann tú é"? Creud a thuill an duine, tré a dtugairsi do ghrása dhó? A Thiarna, creud é an fáth gearáin a tá agamsa, má thréigeann tu me, nó creud is féidir liom a chur ad leith le ceart muna n'éisdir le m'athchuinge? Is féidir mar so rádh le fírinne, sé sin, "A Thiarna ní bhfuil ionnam acht neamhnídh, ní féidir liom aon nídh dheunadh: ní bhfuil maith ar bith agam asam féin": acht táim lag, lochtach, agus ag claonadh go laétheamhail chum neamhnídh. Agas muna bhfaghad cabhair agus cómhneart uaitsi, tuitfead a bhfuaire agus a bhfail- líghe. Acht tusa a Thiarna, an Dia cómhachtach ceadna a gcómhnúidhe, seas- mhach go síorrúidhe, de ghnáth maith ceart, naomhtha; agus dá riaradh do réir
chothroim na heagna. Acht mesi is mó théidheann ar gcúl ioná ar m'aghaidh, ní fhanaim a bhfad ar aon staid a- mháin; oir malartaidheann an aimsir ós mo chionn. Gidhe téidhm a bhfeabhas an uair is toil léatsa é, agus shíneann tu lámh chabhartha chugam; oir is tusa amháin lé ar féidir cabhradh liom gan congnadh duine agus me neartughadh air chor nach nathairóchadh mo ghné níos mó agus go bhfanfadh mo chroídhe díridh- the ortsa go suaimhneach, síorshásda. Uime sin, da mb'fhios dam cio- nas theilgfinn uaim gach sólás daonna, ceachtar díobh, ar son na caoin-dúth- rachta, nó tré ghrádh ceangal dhíotsa; de bhrígh nách bhfuil aon duine lear féi- dir me fhortacht; badh dhual dam muinín do chur ad ghrásaibh si agus áthas do ghlacadh a dtabharthas do nuadh- shólás. Moladh agus mór bhúidheachas go buan duit, oir is uait thagann gach deagh- thabharthas; acht de'm thaob sa, ní bhfuil ionnam acht truadhán baoth, lag-bhrígheach ad láthair si. Creud as dá bhrígh sin, ar féidir liom maoidheamh a dheunadh? No creud fáth loirgim bheith fúidh
mheas agus fúidh mhór-chliú? Ann é nach de dhruim neamhnídh é, agus is ró mhaoidh- mheach an nídh e sin? Gan amhras is galar guaiseach, agus baosradh iomár- cach an ghlóir-dhíomhaoin, de bhrígh go dtarrangann si an fhíor-ghlóir uainn, agus go sladann grása Déi as an anam. Oir an fhaid thugann duine taithneamh dhó féin, bídheann sé míthaithnneamhach ad láthair si; an fhaid loirgeann sé adhmholadh chách, cailleann sé brígh na subháilcídh. Acht is fíor-ghlóir agus naomh-luathgáir glóireadh asatsa amháin; bheith gáir- deach ad ainm, agus gan bheith tóstalách ná taibhseach mar gheall ar ar ndeagh- ghníomharthaibh féin; ná taithneamh do thabhairt d'aon chreutúir acht ar do shonsa. Moltar dá bhrígh sin, d'ainm si, meudaidhthear do mhór-obair, beann- aidhthear do naomh-ainm: acht ná cuirthear moladh ná mór-theisd daoine a'm leith si. Is tusa mo ghlóir, is tu áthas mo chroídhe. Is ionnatsa dheunfad glóir agus mór-luathgháir ar feadh an lae; acht de'm thaobhsi, "ní dheunfad mórdháil as aon nídh ionnam féin acht as m'eugcruas."
Loirgeadh na Iúdaidhe an ghlóir a thugann daoine dhá chéile, acht loirg- feadsa an ghlóir a thagann ua Dhia amháin. Ní bhfuil acht suarachas agus deargbhaois an gach glóir dhaonna, ann gach gradam saoghalta, agus ann gach árdchéim thalmhúidhe a gcómheas don nglóir shíorrúidhe. O! mo Thrócaire agus m'fhírinne, agus mo Dhia. O! a Thrío- nóid shar-naomhtha, moladh, agus cómhach- ta agus glóir, agus onóir dhuitse amháin air feadh saoghal na saoghal. Amen. 41 CAIB. De dhímheas gach onóra saoghalta, agus gach sóláis daonna. (Críost). A mhic, ná cuir le'd chroídhe, má fheiceann tú cách dá ár- dúghadh a ngradam agus a mór-chéimibh, agas tú féin fá dhrochmheas agus fá tharcaisne. Ardaidh do chroídhe saus ar neamh chugamsa, agus ní chuirfidh droch- mheas daoine ar talam aon bhuadhairt ort. (An Deisciobal). A Thiarna, támoid a ndorchadas agus is obann
mheallann an bhaois sinn. Dá bhfeuch- ainn-si chugam féin mar badh ceart, chídhfinn nár rinn do chreutúirídhe aon eugcóir riamh oram; agus dá bhrígh sin, ní bhfuil cúis ghearáin agam ort- sa: Oir pheacaídheas go minic agus go ró throm a'd' aghaidhsi; uime sin, badh cheart do gach creutuir éirghídh suas ann armaibh a'm' choinne. Is damhsa, ar an adhbhar san, is dual náire agus aithis; acht dhuitsi, onóir, moladh agus glóir. Agas muna gcuir- fead me féin san gcoinghiall san, agus bheith sásda le tarcaisne agus le droch- mheas an uile chreutúire, ní féidir dham suaimhneas aigne ná neart inn- tinne d'fhághail; ná bheith soillsidhthe, ná táthaidhthe a naondacht leatsa, a Thiarna. 42 CAIB. Nách ceart dhuinn ar síth-cháin do bhun-áitiúghadh a ndaoinibh, acht a nDia. (Críost), A mhic, má chuirir do shíth-cháin ann aon duine ar son an