Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Searcleanmhain Chríosd

Title
Searcleanmhain Chríosd
Author(s)
Ó Súilliobháin, Dómhnald,
Composition Date
1822
Publisher
(Má Nuad: Riostard Ó Coin, 1822)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Searc-leanmhain Chríosd
a gceithre leabhraibh
le Tomas a Cempis.



Aisdrighthe ua'n Laidion mbunúdhasach agus cómheasta go dúthrachdach leis na
mac-leabhraibh is fearr teisd agus is áirde céim a bhFraincis agus a
Sags-bhearla.



Leis an Athair Dómhnald ó Súilliobháin.



A mBaile Ath Cliath.



Clódh-bhuailte le Riosdard O Coin,
Clódh-bhuailteóir agus leabhar-reiceadóir
do Chlochar naoimh Pátraic
a nAgh an Fhuaith.
1822


L. iii


Do'n Athair Seaghan O Mhurchughadh,
Easbag fíor-óirbhídineach
Chorcaíghe,
Diadhaire deagh-mhúinte, agus ursa theangaine chaoin-ársaidh na nGaodhal, a
toirbhirthear an beag-shaothar so, le mór-urraim agus le lán-bhúidheachas, a
sheirbhíseic shár-úmhail agus a urraimh shár-dhílis, Dómhnald Ó
Súilliobháin.



4 Sráid Chépel,
20 lá de'n fhómhar 1822.


L. 3



SEARC-LEANMHAIN CHRÍOSD.



AN CHEUD LEABHAR.



AN CHEUD CHAIBIDIL.



De shearc-leanmhain Chríosd, agus
de dhímheas bhaosraidh an t-saoghail.



"Gidh be leanann mesi, ní shíubhal-
ann se andorchadas," air ár ttiarna.
Is iad so bríathra Chríosd le gcómh-
airlidhthear dhúin a bheatha agus a bheusa
do leanmhain má's mian linn bheith
soillsaidhthe agus fuasgalta uadh gach
daille inntinne. Uime sin is éigion
dhuinn machtnadh go dútrachtach air
bheatha IOSA CRÍOSD. Sáraídh-
ean teagasg Chríosd teagaisg na
naomh go huile, agus gidh bé ag a bhfuil
an Spiorad cheart, gheabhfadh se
manna nó mildhriucht fallaidhthe ann.
Acht tárlaidheann gur mór d'éisdeann
go minic le bríatharaibh an tsosgéil
gan rún a leasadh do lorg, de bhrígh
nach bhfuil Spioraid Chríosd aca.


L. 4


Acht ní fulaír don té le'r mian
bríathra Críosd do thuigsin go lán-
chíalmhar a bheátha uile do ríaradh go
dúthrachtach do réir bheatha Chríosd.



Creud é an tairbhe dhuit labháirt go
sáir-eólach air rún-díamhar na trío-
nóide, má táir gan umhlacht agus dá
bhrígh sin míthaithneamhach aláthair na
tríonóide? Go cinte, ní le bhríath-
araibh blasda briochtshnaidhte naomhthar
an fireun acht le beatha dheaghríartha.
B'fhearr liom cómhghuin do mhothughadh
'ná fios a brígh bheith agam. Dá
mbeidh an bíobla go léir agus seann-
ráidhte na n-ollamh uile de ghlan-
mheamhair agat, creud é an fághaltas
dhuit íad uile gan grádh agus grása Déi?
Baosradh na mbaosradh, agus baosradh
an uile, acht Día amháin dho riaradh
agus do ghrádhadh. Isí so an chíall chóir
triall ar' neamh tré dhímheas an
tsaoghail so.



Is baosradh dá bhrígh sin saidhbhreas
sochaithte suarach an tsaoghailso
d'íaradh agus ár muinín a cur ionnta.



Is baosradh mar an cceudna bheith
áirléogach ag iaradh gradama agus
árd-chéime saoghalta.


L. 5


Is baosradh mór géilleadh do chlaon-
taibh na colna: agus ár mian do chur
ansna nidhthibh a thuillean trom-fhearg
Déi.



Is baosradh saoghal fada d'íaradh
agus faillíghe do thabhairt iona chathadh go
maith. Is baosradh ar naire go
hiomlán athabhairt air an mbeatha sa:
agus gan feuchain romhainn air an mbea-
tha shíorruidhe.



Is baosradh searc ar croídhe
athabhairt dóibhsi a ritheann tarainn go
sárluamaineach: agus gan brostadh
don ionnad ionna lonaidheann gáir-
deachus gan fóircheann.



Cuimhnidh go minic air an feannfhocal:
"ní sásaidhthear an tsuil le hamharch,
agus ní líontar an chluas le héisdeacht."
Tabhair aire dá bhrígh sin agus taraing do
chróidhe uadh anghrádh nidhthe sofhaicse
agus tabhair thu féin air nidhthibh dofhaicse:
óir trúaillidheann an drong a leanann
sadhail na colna a gcogús agus caillid
grása Déi!


L. 6


2 CAIB.



De'n mbaramhail uirísioll is ceart
dhuinn bheith againn as inn féin.



Is mían le gach duine réir náduire
breis feasa d'íaradh: acht creud é
an fághaltas a chuid feasa gan eagla
an tighearna? Go deimhin is fearr
an críaidh-uiire uirísioll a dheunann
réir Déi, 'ná an teagnach uaibhreach
árdaigeantach a thughann faillíghe an
anam féin ag breathnughadh air chúrsa
na ráe. An té aga bhfuil fios a
chlaonta féin, is suarach é amheas air
féin; agus ní thaithnighean leis chách dá
mholadh. Dá mbadh liom eolus na
cruinne agas a bheith an eugmais ghrádh
Déi, agus na comharsan; creud é an
chabhair dham é, abhfíaghnaise Déi, a
thabhairfeas breith orm do réir mo
ghníomhartha?



Cur dhíoth an tanmhian sin chum
foghlama: óir faghthar innte mórán
ceilge agus buaireadh inntinne.



Is mian le lucht na foglama samh-
ladh agus meas mór céille d'fhaghail uadh
chách: acht tá lán de'n fhoghlaim is mó
loiteann 'ná leasaidheann an tanam!


L. 7


Agus is ró amadánta an duine thu-
gann aire d'aon nídh eile, acht dóibhsi
a thréoraidheann chum leas anama.
Ní sásaidhthear an tanam le hiom-
adlacht focal; acht bheireann beatha
dheagh-ríartha suaimhneas agus sasamh
aigne: agus neartaidheann an cogús
glan ár munín a nDía. Do réir
iomadamhlachta t'éoluis a bheidh troime
do bhreitheamhnuis mur mbeidh do bheatha
níos naomhtha. Ná glac taibhse dá
bhrígh sin de dhroim t'intleachta na
t'éoluis; acht gabhadh uamhain agus eagla
thú a dtaobh an éoluis abronnadh ort.



Ná samhlaidhthear dhuit go bhfuil tú
fiosach sáréolach a mórán fóghlama:
ná dearmaid air an am gceudna go
bhfuil mórán eile na n'anbhfios ort.
Ná bí árd-aigeantach, acht admhaidh
t'annbhfios go toilteanach.



Creud fáth dtugann tusa rogha dhuit
féin tar chách, uadh tá mórán níos
foghlamtha agus níos éolgaiche andlíghe
Déi 'ná táirse?



Ná's mian leat d'fhoghlaim agus
d'éolus do dhul chum tairbhe dhuit, tabhair
gean do'n úaigneas agus dod' dhimheasadh
féin.


L. 8


Is ceacht sárléighionta fíor-thair-
bheach; gan dul as ár naithne féin,
agus gan mór-mheas bheith aguinn orainn
féin. Is foirbhtheacht agus fíor-eagna
gan baramhail air bith a bheith aguinn as inn
féin, agus labhairt uadh chroídhe go
deagh-theisteamhail air chách. Dá bhfeic-
fádh cách ag tuitim go fóirleathan a
bpeacadh nó a gcoirthibh uathbhásacha;
gidheadh ní ceart duitsi úaill meanmna
do ghlacadh uime sin: óir ní fios duit
fad do bhuan-tseasaidh féin air dheágh-
staid. Támoid uile sothuitimeach:
acht tabhairsi aire agus ná smúain go
bhfuil aon neach chómh lag leat féin.



3. CAIB.



De theagasg na fírinne.



Is sonadh síorághmhar an te teag-
asgthar le beul na fírinne féin, ní lé
cómharthaibh nó le bríatharaibh so-
ghlúaiste acht lé béul bríoghmhar na
fírinne. Is minic mheallann ar mbar-
amhail agus ár gceadfadh féin sinn, agus is
beag dfaillsídhid dhúinn. Creud is
tairbhe dhúinn aghnas árd-léighionta air
nidhthibh díamhara dothuigse an tráth


L. 9


nach gceisdeóchar sinn ionnta lá an
bhreitheamhnais? Is mór an bhaois
dúinn faillíghe do thabhairt annsna nidhthibh
atá riachtanach agus tairbheach do shlán-
adh an anama, agus ar gcúram a chur
annsna nidhthibh a lagaidheann agus loiteann
é? Tá súile againn agus ní fheiceamoid!



Agus cread é an ríachtanás atá
aguinne sinn féin a bhuaireadh le ceis-
dibh gasta gaoise? Fuascailtear
an té, lé a labharann an Bríathar
síorrúidhe, uadh uiliomad tuairimithe.
Is uadh'n m-Bhríathar amháin tá na
huile nidhthe; agus labharann na
huile nidhthe an t-aon-Bhriathar so:
agus is é so an tús a labharann mar an
gceudna linn-ne. Ní thuigeann agus ní
bhreithnidheann aon neach mar is cóir,
gan cábhair an Bhréithir so. An té
do gur b'aon gach uile nídh, agus tharruin-
geann gach uile nídh chum aoin, - agus a
fheiceann gach uile nídh ann aon - tá sé
seasamhach 'na chróidhe agus lonaidh-
eann go síthchánta a nDia. Ó a Dhía
na fírinne comhcheangail mé leat a
ngrádh bith-bhuan.



Bídhim tuirseach támhgheúgach go
minic uadh léigheadh agus uadh chlos alán:
is ionnadsa amháin tá an iomláine
d'ár thugas toil agus searc mo chroídhe.


L. 10


Dúnadh gach oide a bheul; bíodh
creutúiridh na talmhuin uile na dtosd
an do láthair: deónaidh féin amháin
labhairt liom.



Réir már bhídheann aon neach cómh-
aonda ann féin agus neamhscapaidhthe go
hin-mheódhanach, is e thuigeann sé tea-
gasg imdhomhainn Déi gan duadh; óir
is uadh neamh fhaghann se solus agus
sothuigse na híntleachta. Ní buair-
ídhthear an duine símplidh seasamhach
a nglan-chróidhe le meúd a chúraim;
óir dírídheann sé a shaothar go léir
chum onóra Déi, agus deunann díthchioll
air aigne do chómheud a sithcáin agus gan
oibriughadh air son a mhear-ghrádh féin.
An bhfuil aon toirmeasg is déine agus
is láidire ioná cláonta dosmach-
taidhthe do chróidhe féin? Ríaráidheann
an duine díadha deaghshómhplach a gnío-
mhartha go hinmheódhanach air dtúis,
sul a dtonsgnann air ghnothaibh foir-
imiolacha. Dá bhrígh sin ní tharuingid
é chum mían anríanta: acht lúbann
sé íad fá threóir a cheart-résúin.
Ní bhfuil gleic is cruaidhe nó cómhrac
is tréine, 'ná buadh do bhreith air ár
ccláontaibh féin. Dá bhrígh sin, ní
fuláir dhúinn díth-chioll a dheunadh ar
gclaonta do smachtúghadh, agus an cath


L. 11


a chur go cródha ann ar naghadh féin
ionnus go dtiucfadh linn dul a bhfeabhas
go laétheamhuil.



Tá foirbheacht na beatha so suaith-
te le lochtaibh, agus gach éolus saoghalta
fá dhubh-neul dhorcha an anbhfis. Is
fearr threóraidheann fios fíor-úmhal
ár locht féin chum Dhéi sinn, ioná sáir-
éolas na nealadhan go huile. Gidh-
éadh ní air fhoghlaim nó air eólas na
nealadhan is ceart an millean a chur,
óir ta maith ann féin agus órdaidhthe uadh
Dhía: acht is fearr cogús glan agus
beatha gan achmhusán ioná foghluim na
cruinne. Acht de bhrígh gur mó leanann
d'fhoghluim ioná ríaraidheann a mbeatha
mar is cóir: uime sin is minic a
mealtar íad, agus is suarac an toradh
fhásan air a saothar! O dá dtugadh
daoine an oiread aire do dhíth-
fhreumadh fhiadhaíle na locht, agus do chur
shíoil na subhailcidh 'na nanam, is
do thugaid do chruadh-cheasdaibh na neal-
adhan ní bheidh cortha na ndaoine chomh
trom nó cleachda an phobuil chomh
drochshómplach agus táid. Go fírineach,
an tan thiocfas lá léonmhar an
bhreitheamhnais ní fiafróchar d'inn
cread léigheamar, acht cread rinne-


L. 12


mar: ní ceisdeóchar sinn air mhil-
seacht ár dteangan, acht cionnas
chaitheamar ár mbeatha! Innis dam
anois cabhfuil gach ollamh sár-léig-
iontha dob' eól duit air feadh a mbeatha?
Ta a maoin agus amór-fhághaltas a
seilbh dhaoine eile anois, agus faraor!
measaim gur b'annamh chuimhníghid
ortha! Shamhladar fá mheas mhór air
feadh a mbeatha, acht anois ní luas-
gann aon duine a bheul ortha. O! is
obann imthígheann glóir an tsaoghailso!
Bféidir le Día go raibh naomhthacht
a mbeatha do réir doimhinneis a bhfogh-
lamha! Muna raibh, dob' olc chaithe-
adár a naimsir. Cread é líacht
duine a chailleann a anam go síorrúidhe
le baois na foghlamha, tré fhaillighe a
thabhairt a seirbhís Déi? Agus de
bhrígh gur rogha léo bheith árd-
chéimeach, ioná uirisioll, dalltar a
a níntleacht agus téidhid a mugha a
ndoilbh-cheó a smuainte féin. Tá an
duine amháin árd-chéimeach, aga bhfúil
searc-ghrádh Déi, agus na comharsann.
Tá an duine amháin ard-chéimeach, a
shamhlaidheann táir, tarcuisneach 'na
shúilibh féin; agus dhímheasann gradaim
an tsaoghailso. Tá an duine sár-
ghlic, a thugann druim láimhe le lóchán


L. 13


an tsaoghail si, air lorg Chríost.
Agus is mór foghlaim an te leanann
réir Déi, agus thréigeann a thoil an-
mhíanach féin.



4. CAIB.



De ghliocas ann ár ngnóthaibh.



Ní ceart duinn gach focal, a chlois-
eamoid do chreideadh, ná gach smuai-
neadh inmhéodhanach do leanmhain acht
gach nídh do meadhachan do réir Déi.
Faraor! is minice chreideamoid
droch-sgéul 'ná deagh-sgeul air an
gcómharsainn; acht ní thugann daoine
cíallmhara cluas go heusgaidh, do
gach ramás; de bhrígh gur fiosach
dóibh cleasa claon-lúbacha an duine,
tugtha don olc agus bár-thuisleach 'na
chómhrádh.



Is mór an eagna gan bheith ceann-
treun 'nár ngóthaibh, ná anríanta
'nár mbaramhail féin: mar an
gceudna gan creideamhain do rádh-
taibh gach binn-sgeulaidhe, agus gan na
nidhthe chloiseamoid d'innisin go luath-
inntinneach do chách. Iar cómhairle an
duine eagnaidh, agus lean teagasg an


L. 14


duine dheaghshomplaich níos túisge 'ná
do tuairimithe féin. Deunann beatha
dheagh-ríartha duine eagnach do réir
Déi, agus fíor-eólach an iliomad. Meu-
daidheann ár gcíall agus ar dtuigse, do
réir ar númhlachta agus ár naontaidh do
thoil Dei.



5. CAIB.



De léigheadh na Sribhinne Diadha.



Is fírinne agus ní deagh-labhairt is
ceart dhuinn do lorg annsa sgnibhinn
diadha. Is cóir briathra Déi do
leigheadh leis an spiorad gceudna
le ar sgríobhadh íad. Is ceirte
dhúinn fághaltás fiorriachtanach an
anama do lorg a mbriathar Déi,
'ná deismireacht chómhráidh. Badh
cheart dhúinn leabhara díadha deagh-
thuigsionacha do léígheadh níos toil-
teanaiche, 'ná íad so atá dorcha
dofhoghlamtha. Ná glac oilbhéim tré
cháil an sgríobhnóra, gidh bhé olc nó
maith é: acht léigh go gnáth tré shearc-
rún na fírinne. Ná fíafraidh cia a
dúbhairt so nó súd, acht tabhair
aire don nídh a dúbhairt.


L. 15


Imthígheann na daoine gan tuairisg:
acht "lonaidheann firinne an tighearna
go siorruidhe." Labharann Dia go
minic le na chreutuiribh gan báidh do
neach tar a chéile. Is minic thoir-
migeann ár ndeismireacht féin sinn
ag léigheadh na sgriobtúire, an tan
thógamoid oruinn féin ná nídhthe do
thuigsin agus do chraobhsgaoileadh badh
cheart dhúinn a léigeann tharainn go
símplídhe. Más mian leat sochar
searc-áluin na sgríbhinne díadha dfá-
ghail, léigh go símplídhe úmhal-chreid-
eamhach, agus ná loirg choídhche meas nó
mór-ainm sar-fhoghlama. Loirg go
díthchiollach, agus éisd go dúthrachtach le
caoin-chómhrádh na naomh; agus glac
searc agus síor-ghrádh do mhín-rádhtaibh
na seann; oir is blasda bríoghmhar
na bríathra a chanadar!



6. CAIB.



De mhíanaibh anmheasardha.



Chómh luath agus chuireann duine a dhúil
go hanmheasardha ann aon nídh, cail-
leann se a shuaimhneas aigne gan


L. 16


maill: uime sin ní bhídheann síthcháin
air bith ag lucht an uabhair agus na
sainte: acht sealbhaidhid na boicht agus
na húirísill a spioraid suaimhneas
agus sith-chómhnúidh anama. Is suarach
na nidhthe a chúireann cathaidh, agus bhuadh-
ann go hobann air an té ag nach bhfuil
a chlaonta lán-smachtaidhthe. Is dea-
cair don té atá fós greamaidhthe le
srangaibh na drúise, agus cúibhridhthe le
teudaibh ríghne na ndroch-chleacht é
féin do tharang go hiomlán uadh
anmhíanaibh gráineamhla na colna.
Agas dá bhrígh sin, is minic bhidheann
a chroidhe go doilbh doshásta, an uair
thugan íaracht air a leas; agus lasann
go hobann le feirg an tan tughtar
cómhairle dho. Aghus má ghéilleann
d'á mhianaibh, mothaidheann gan mhaill
cnumh an chogúis dá ghread-chreimeadh,
de bhrígh gur lean sé sádhail na colna:
nídh nach dtabharfadh go bhráth síth-cháin
don aigne, na sláinte don anam.
Uime sin, ní féidir dhúinn suaimhneas
ná síthchin dfághail, acht le ár gclaon-
ta do smachtadh, buadh do bhreith air ár
ndroch-chleadhtaibh, agus gairm go dúth-
rachtach ar chabhair Déi, ionnus gur
thoil le na mhórdhacht naomhtha neartadh


L. 17


linn an iorguil an chatha, anaghadh an
diabhail, an tsaoghail agus na colna, trí
namhadha nimhneacha an anama.



7. CAIB.



De theitheadh uadh'n uabhar agus uadh'n
mbaoth-dhóthchus.



Is baothán bog a chuireann a mhuiníghin
in ndaoinibh ná a gcreutúraibh air bith
eile. Ná bíodh náire ort tré bheith
ad seirbhíseach ag cách; agus bhocht tar-
cuisneach a súilibh an tsaoghail tré
grádh Íosa Críost. Ná seasaidh air
do bhonn féin, acht cuir do dhóthchas go
hiomlan a nDía. Deun a bhféadfair,
agus tabhairfidh Día cabhair dhuit chum do
deagh-inntinne chur a ngníomh. Ná
cur do dhóthchas ann teólas féin, ná
a ngliocas chách, acht a ngrasaibh
Déi, a chbharaidheann leis an duine
úmhal, agus dúmhlaidheann an duine uabh-
aireach. Na glac taibhse de dhruim
do shaibhris, más mór do maoin shao-
ghalta, ná mar gheall air do cáirdibh,
air son a mbeith cochal-árd cúmhach-
tach; acht bídh lúthgháireach agus cur do


L. 18


mhuiníghin a nDia, a thugann gach uile
nídh dá bhfuil agat dhuit, agus le'r mian
é féin ós cionn gach nídh a thabhairt
dhuit. Ná bídh uabhaireach air son
do mhéid nó do bhreaghachta; óir is
gearr bheidh taom thinneis a lot do
mhaise agus do mhór-áilleachta. Ná
tabhair taithneamh dhuit féin air son
do thuigse nó do chaoin-céille, d'eagla
feirge chur air Dhía, a bhronn ort
gach deagh-thíodhlaice d'á bhfuil agat.
Ná meas gur fearr tu féin 'ná
cách, air eagla go mbeidhfádh níos
measa a láthair Déi, d'ár fios
cread é mianach an duine. Ná
maoidh as do deagh-obaireachaibh: óir
ní cosmhail bhreitheamhnas Déi agus
breitheamhnas daoine; mar is minic
chuireann na nidhthe thaithneann linne,
míthaithneamh air Dhía. Má tá aon
deagh-cháileacht annat, creid go bhfuil
cáile níos fearr ag cách, ionnas go
gcómheudfádh t'úmhlacht. Ní dochar
dhuitsi tu féin a mheas níos táire 'ná
cách, acht is baoghal duit díoghaltas
Déi, má mheudaidheann t'uaill tred'
dheagh-ghníomharthaibh. Lonaidheann síth-
cháin agus suaimhneas síor-sheasamhach
a gcroídhe an úr-ísill acht déunann


L. 19


tnúth agus fearg fraoch-nimhneach neadadh
a gcróidhe calcaidhthe an duine ua-
bhairigh!



8 CAIB.



De sheachnadh an iomad muinntirdheis.



"Ná foillfidh do chróidhe do gach
naon:" acht deun cómháirle leis an
duine eagnúidh, air a bhfuil eagla an
tighearna. Ná bídh go minic a
gcómhluádar aosóg, agus seachain an
cómhthigheach. Ná bídh ad bhladaire
leis an duine saidhbhir: agus ná tar go
heasgáidh a láthair na nuasal. Coi-
mheud cómhluadar caoin na ndaoine
umhal neamhurchóideach, na ndaoine
ndíadha ndeaghshómplach: agus labhair
leó go carthanach céilligh. Ná bídh
dlúth-mhuinteardha le bean air bith:
acht cur mná maithe an domhain fá
chomairce Déi. Ná loirg bheith
múinteardha le aon neach acht le Día
amháin agus le 'na naomh-ainglibh; agus
tréig cómhluadar na ndaoine, Bídh
carthanach leis gach naon air son
Déi, acht ní gádh dhuit bheith dhlúth-chean-


L. 20


gailte le haon neach. Tárlaidheann
air uairibh, go ritheann clíu an té
nách aithne dhúinn go mór-mheasamhail
ann ar measg; gidh an tan ghéabham-
oid aithne air, is minic nách dtaith-
neann sé linn. Measamoid go minic
gur mór an sásamh air ár gcáirdibh
dlúth-mhuintirdheas a dheunadh leó: gidh
is gnáthaiche sinn aig cur feirge ortha
leis na droch-chleachtaibh a bhreath-
naidhid annainn.



9. CAIB.



De'n urraim agus de'n fhomós.



Is mór é luach-saothair an té
sheasaidheann san úghaim faoi láimh
an uachdaráin, agus nach leanann a
thoil féin. Is fearr go mór beith
faoi smacht chách, 'ná chách bheith
faoi ár smacht-ne. Tá lán faoi
chuing na hurrama, níos mó tré ríach-
tanas 'ná tré grádh Déi; agus
bídheann a léitheidídh so go déogh dorrdha
doshásda: agus ní féidir dhóibh saoir-
seacht inntinne dfaghail go bráth muna
ngéillid go hiomlán air son Déi.


L. 21


Rith annso agus ann súd: ní bhfuil suaimh-
neas le fághail agat acht ann umhal-
fhomós dod' uachdarán. Is iomhda
duine a mealladh lé híomháighibh agus le
haisdriughadh uadh ait go háit!



Is fíor gúr mian leis gach aon
deunadh réir a thola féin agus bheith
ceanamhail air an té aonthaidheann d'á
shlíghe. Acht, má bhídheann Día ann ár
measg, ní fuláir dhuinn air uairibh ár
mbaramhail féin do threigheadh áir
son na síth-chána. Cía aga bhfuil
cíall a dhóthain chum an uile nidhthe do
thuigsin go hiomlán? Dá bhrígh sin,
ná cur muiníghin tar fóir ad thuairim
féin; acht éisd ga foighdeach le
tuairim chách. Fág go bhfuil do
tuairim go maith, gidheadh má tréigir
í air son Déi, chum géilleadh do
thuairim chách, is móide do luach-
saothair uadh Dhía é.



Chualadh go minich, gur fearr eis-
deachd, agus cómhairle do ghlacadh, 'ná
bheith baoth beul-luath ag teagasg
chách. Bféidir fós do thuairim gach
aon bheith maith; acht mar sin féin,
is cómhartha uabhair agus anríantachda
gan géilleadh an uair chidhmid fáth agus
reusún leis.


L. 22



10 CAIB.



De chosc na teangan.



Seachain luasgán leamh an tsaoghail,
an oiread 'sis féidir leat; óir
búairidheann gnótha saoghalta an ta-
nam, gidh glan-inntinneach a mheasga-
moid ionnta: óir truaillídhthear sin
go hobann, agus gabhthár sinn a liontaibh na
baoise. Is truagh líom nár choisg-
eas mo theanga go minic, nó nár
fhágbhas an chuideachda. Acht creud fáth
a bhfuil an oiread so dúile a gcaint
agus a gcómhluadar a chéile againn
an tann nach bhfilleamoid chum ciúnais
gan maslá mheirgeach ár gcogúis?
Is é cúis, fá dtugamoid searc do
chómhluadar a chéile, de bhrígh gur
taitneamheach linn solás dfághail, agus
ár gcroidhthe tuirseachá uadh ghnáth-
mhachtnadh dfoilsiughadh dá chéile fá
seach. Agus is ró-thoil linn labhairt
air na nidhthibh d'á bhfuil gean againn,
nó fós ortha so is mian linn dfághail,
nó air aon nidh a samlaiddhthear dhuinn
a thiocfadh annaghadh ár leasa.



Acht faraor! is minic gur dímh-
aoin ár ngnó: óir is gnath go


L. 23


gcoisgcean an solás foirimiolach so
suaimneas agus searc-chiúnas an
anama. Dá bhrígh sin is éigean
dhuinn bheith ag áirneun agus ag úrnaigh
ionnas nách gcailfeadhmois ár naim-
sir le dímhaoineas. An tann is
ceadaidhtheach agus is riachtanach dhúinn la-
bhairt, labhramois bríathra buidh-
chraibhtheacha le chéile. Is íad ár
ndroch-chleachta, agus faillígh ár leasa a
thugann orainn gan srían a chur le ar
dteangthaibh. Acht is mór chabhraidh-
eann cómhluadar deagh-ríartha air
nidhthibh spriodálta linn chum leasa ár
nanama, go háirighe, an tan chómh-
chruinnidheann lucht aon chroídhe agus aon
aigne mar ghrádh do Dhía.



11 CAIB.



De shaothrúghadh síthe agus díograis a leas
ár nanama.



Bhfeidir linn suamhneas agus síth-cháin aig-
ne dfághail, dá mbadh áill linn gan sinn
féin do bhuaidhreadh le gníomharthaibh
chách, agus le nidhthibh eile nach mbaineann
linn. Cionas is féidir do'n duine sin
lonúghadh a bhfad a síth-cháin, a grea-


L. 24


maidheann é féin a lúbaibh ghnotháighe
chách; a loirgean ádhbhair buartha go
foirimiolach, agus náth gcuimhnídheann acht
go fánach, faillígheach air leas anama
féin? Is beannadhthe lucht an chróidhe
neamhroinnte, óir gheabhfaid iomad
síth-chána! Creud é an fáth go raibh
alán naomh chómh foirbhthe, fíorchuim-
neach agus bhídear? De bhrígh go dtuga-
dar iad féin air gach mian talmhúidh do
smachthughadh agus uime sin do bféidir leo
íad féin do thathúghadh uadh chroídhe go
hiomlán le Dia, agus feuchain chúcha
féin go saor-inntinneach. Act tá
sinne fá chumhachtaibh ár ndroch-chlaonta
agus ró aireach air nidhthibh soimthidhthe an
tsaoghail so! Agus is annamh bheirea-
moid buadh go hiomlán air an oiread
agus aon dobháilc amháin, agus ní shamhlamoid
dáríribh ann ár saothar, agus dá bhrígh
sin támoid fúar failígheach a seirbhís
Déi.



Dá mbeidh ár cclaonta básaidhthe,
agus ar gcroidhthe saor uadh chealg chol-
lóideach na cholla, do bhféidir dhúinn
go deimhin mílseacht na cráibheachta
do bhlaiseadh, agus réimhfhios dfhághail air
shúairceas na machtnadh neamhdha.
Ní bhfuil nídh air bith is mó thoirmisceann
agus chuireann air gcúl sinn, 'na sádhail


L. 25


na colla; agus gan díthchioll a dheunadh
air shiúbhal a lorg na naomh. Agus
an tan theagmhaidheann aon annró dá
lúghad linn, tuiteamoid a ndubrón ró-
obann agus íaramoid solás uadh chreutu-
raibh mar sinn féin. Da ndeunfa-
mois dithchioll air sheasadh go cródha
calma lá an catha: gan amhras chídh-
feadhmois go dtabharfadh an tíghear-
na uadh neamh cabhair dhúinn. Oir tá
se ollamh go gnáth chumh cabhradh leis
an muintir a throideann go cródha agus
chuireann a ndóthchas uile 'na ghrásaibh:
óir is minic thugann sé ocáidídh cátha
agus cómhlainne dhúinn ionnas go mbéir-
feadhmois buadh. Ma chuireamoid
ár rían a slíghe na subháilcidh annsna
hobaireachaibh foiriomalacha-so amh-
áin, is gearr go mbéidh deireadh air
ár gcráibheacht. Acht cuireamois
faobhar na haithríghe le preumhaibh na
locht, ionnas tre gearradh na gclaonta
go sealbhóchamois ár nanama a síth-
cháin.



Da sgriosfamois amach aon ghas
amháin dfhíaile na locht gach blíadhain,
badh ghearr gur dhaoine foirbte sinn.
Acht faraor! Is minic gur dhúthrach-
taiche agus gur dheaghríartha sinn adtús
ár mbeatha 'ná tar éis mor-chuidh


L. 26


aimsire a chathadh fá chúingh na cráibh-
eachta: badh chóir gur a dul a bfeabhas
a bheidhmis, acht an ionad sin, is mór
an maoidheamh linn má chomheudamoid
ár gceud chaondúthracht. Dá dtug-
amois sgathadh geur goineamhuil air
ár gclaontaibh air dtús, thiocfadh
linn gach nidh dheunadh na dhiaigh sin go
socair so-mhéinneach. Is deacair
dhuinn ár sean-chleacta do thréigeann:
agus is docamhlaighe 'na sin dul anaghadh
ár dtola dhílse féin acht muna
mbeirir buadh air do chlaontaibh
laga, cionas bhéirfir buadh air an-
mhanaibh ata preumhaidhthe le fada
a gceart-lár do chruadh-chróidhe?
Seasaidh go dána anaghadh do thola
féin air dtús agus bris slabhradh na
ndrochleacht d'eagla é neartúghadh le
haimsir agus nách dthiocfadh leat é
bhriseadh fá dheóigh. Oh! Dá mbadh
eol duit creud an tsíth-cháin shaothro-
chádh dhuit féin agus creud an luath-gháir
do chách tré bheith díadha deagh-iomp-
chuir, ghlacfádh níos mó cúraim a leas
t-anama.


L. 27



12 CAIB.



De Thairbhe an anró.



Is tairbheach dhúinn buaireadh agus anró
d'fullang: oir cuireann siad dfiach-
aibh orainn feuchain chugainn féin go
minic, ionnas go dtuigfeamois nách
bhfuil ionainn acht díbirthich agus nách
gcuirfeamois ár ndóthchas go hiom-
lán ann aon nídh cruthaidhthe air dhroim
na talamhuin so. Is tairbheach dhúinn
cách d'ár gcrosadh air uairibh, agus
drochthuairim a bheith ag daonibh asainn,
gidh go mbeidh ár ninntinn deaghríartha
agus ár ngíomhartha deaghórdaidhthe áir
an am gceudna: oir is minic chabh-
raidheann na nidhthesi chumh ár numh-
lachta agus comheudaid sinn air ghlóir
dhiomhaoin. Oir is móide thrialla-
moid air Dhia, fíadhnaise inmhéodhanach
ár smuainte, an tan bhímid fá
dhroch-mheas agus fá tharcaisne go
foirimiollac ag daoinibh. Dá bhrígh
sin bádh cheart do dhuine é féin do
chómnéartadh go foirbthe a nDia air
mhódh nár ghádh dho com-pórd saoghalta
d'íaradh go bráth. An tan buairidh-
thear, nó cuirthear cathaidh, no cráidh-


L. 28


tear le droch-smuainte an duine
deaghmheinneach, ise is fearr thuigeann
sé meud an riachtanais atá aige le
Dia, óir ní féidir dhúinn aon deaghníomh
do dheunadh gán comhnadh Dei. Is air
an uairsi bhidheann a chroidh gho doilbh
duairc agus d'árdaídheann a ghuth le
tromosnadh ag íarradh cabhaire uadh'n
anro ionn a bhfuil se. Is air an uair
si bhídheann sé tuirseach d'á shaoghal:
agus badh mhaith leis go dtiocfadh an
bás d'á fhuasgailt ionnas go mbeidh
se a bhfhochair Chríost. Is air an uair
si mar an gceudna chidheann sé nách
féidir suaimhneas noseas gaireacht
iomlán d'fághail air an tsaoghail so.



13 CAIB.



De chur anaghadh na gcatháidhe.



An fhad mhairfeamoid air an tsaoghal-
so, ní féidir dhúinn bheith saor uadh
bhuaireadh agus uadh chatháidh: uime sin
a deir Iób, "Is síor-chogadh beatha
an duine air an dtalamh". d'a bhrígh
sin badh cheart do gach aon bheith lán-
fhaireach síorchúramach an úrnaidh-
thibh d'eagla go bhfaghadh an diabhal,


L. 29


(a ghabhann timchioll go ghnath air lorg
na ndaoine chum iad do chraos-
shlogadh) faill air a mhealladh. Ní
bhfuil aon duine chómh ionraic agus chómh
naomhtha sin, go mbeidh sé saor air
fad uadh chathaidhibh na namhaide. Is
minic gur tairbheach iad, gidh go
bhfuilid lán-bhuartha dhuinn: óir úmh-
láidhid, glanaid agus teagasgaid sinn.
Is tre bhuaireadh agus chathaidh do b'éi-
gionn do na naomhaibh triall air neamh,
agus thuit an mhuintir air gcúl nár
sheasaidh go cródha na naghadh, ionnas
gur chailleadar grása Déi. Ní
bhfuil aon staid dá naomhtha nó ait
dá iargcúltha 'nach bhfuil fachain agus
anró go léór. Ní bhfuil an duine
saor air fad uadh chaithidhibh an fhaid
bheidh sé a ngleann so na ndeór; óir
is anainn féin tá tobar na gcataidhe,
de bhrígh gur geineadh sin a bpeacadh.
An tan chuireamoid dh'inn aon bhuaireadh
amháin tagann an dara ceann le na
shálaibh oruinn: agus dá bhrígh sin
bídhmid a fullang uadh uair go huair,
de dhruim ár neamhchiontacht a chail-
leamhuinn tre choir ár sínsir. Is
iomdha duine le'r mian teitheadh uadh
chathaidhibh, a thuiteann níos domhaine
ionnta: ní le teitheadh go haonaránach


L. 30


is féidir linn buadh bhreith: acht is le
foighide agus le humhlacht a neartaidh-
thear sinn ós cionn ár namhad uile. Ní
mór an tairbhe na chathaidhsi do sheach-
nadh go foiriomalach muna smach-
taidhthear na claonta go duthrachtach;
oir filleann siad an ath-uair go
práidhineach agus beidh a chor níos measa.
Is a ndíaigh a chéile agus le foighide fíor-
umhal ise is fearr a beirthear buadh,
agus ní le foirneart fírnimhneach nó le
buaireadh borb-éignioch na hantola.
Le linn do chathaidh féin iar agus glac
cómhairle go minic, agus ná bídh searbh
seasgbhríathrach le cách ionna bhuair-
eadh, acht labhair leis go carthanach,
ceillíghe, reir mar badh maith leat
cách a labhairt leat. Is a lughad ár
ndóthchais a nDia, agus a neamhbhuaine
ár gcroidhthe dfhásan na cathaidh so
orainn. Oir do réir mar luasgann
tonna lan-treuna na mara an long
gan stiuir, mar an gceudna luasg-
thar go hanshocair an duine faillígh-
each focal-luath air thonnaibh borba
na fachaine. Do réir mar tás-
dáltar an tíarann ann sa teine,
cuardáidhthear an duine iriseach a
ngríosach na fachaine. Is minic
nách fios duinn ár neart féin, acht


L. 31


an uair thagann lá na cómhlaine
foillsidhthear dhuinn creud is féidir
linn a dheunadh. Gidhe ní fhulair dhuinn
bheith ró aireach go háirighe adtosach
an chatha; oir is forusa buadh bhreith
air an namhaid air dtus sul a
bhfaghann seilbh an anma, 'ná tar
éis dul a bfeidhim an croidhe. Uime
do chann an file Laidhine an ransa
"Principiis obsta, serò mede-
cina paratur.". Is é sin,



"A dtús an ghalair na bídh mall;
"Ní bhfuil bhrígh 'sa luibh nach faghthar
a n-am".



Oir air dtús tagann an smuaineadh
go haonaránach: na dhíaigh sin meam-
na mór-threun: agus fá dhéoigh taith-
neamh agus tláchd na colna mar aon le
aontadh na tola. Agus mar so
ndiaigh a chéile a thógann an namhaid
chealgach seilbh an anma muna seas-
áidhthear go dána dían-chómhlaineach
na haghadh adtosach na hiorguile.
Agus do réir mar bhídheann duine
faillígheach a n-aghaidh a chlaonta, is
e théidheann se a laige go láetheamh-
ail ionn fein, agus téidheann an námhaid


L. 32


a neartmhaire a n-aghaidh. Teag-
mhann air uairibh go nionsaidheann
an anspiorad an dhuine a dtús a
dheaghbheatha, agus air uairibh eile
léigeann leis gan buaireadh air bith
do chur air go dtagann galar an
bháis. Agus air uairibh eile, leanann
agus buairidheann sé an duine uadh am
go ham air faid a shaoghail, acht tá
daoine ann is lúghadh abuairidhthear 'ná
cheile do réir chrionachta agus cheart-
thola Déi, a mheádhann neart agus dual
gach duine, agus reimhórdaidheann gach
nidh chum sláinte siorruidhe a chlainne
toghtha féin. Dá bhrígh sin ní ceart
dhuinn tuitim an éadóthchas an tan
thugan an diabhal fogha oruinn acht
gúidhe go díoghrasach chum Dé ionnas
gur dheónaidhtheach leis cabhradh linn
ann ár gcómhlann, agus deunfadh Día,
do réir naomh Poil, "a leitheid sin
de chonradh ris an gcathaidh ionnas
go mfeidir linn é iomhchar chum leas
ár nanma". Umhlamoid dá bhrígh
sin ár nanama fá láimh ann gach
caith agus gach buaireadh: óir tabhar-
fadh Día sláinte anama agus árd-
chéim shíorruidhe don droing a tá
úmhal-chroidhtheach. Is a gcathaidhíbh


L. 33


agus a gcómhlannaibh a dearbhaidhthear
caondúthracht an duine; agus is ionntaso
gheibh se luach-saothair ró mhór, agus
thaisbéunann sé sochar na subháilcidh
níos soléire! Oir ní deacair do
dhuine bheith díadha deaghórdaidhthe, an
fhaid nach mothaidheann sé go foighi-
deach fíor-úmhal anaghadh aimsiúghadh
an Aidhbherseora, is dearbh mo
thuairim go rithfidh leis a slíghe na
subháilcidh. Is iomdha duine a rug
buadh air chathaidhibh troma tréun-
chómhlainneacha, agus a thuit go fann fa-
raor! 'na dhíagh sin a gcathaibh
suaracha: ionnas air mbeith umhal
dóibh nách mbeidís mor-mheaseamhail
ortha féin an tráth cídh siad creud
a lughad a leagann iad.



14 CAIB.



De Sheachaint breithe obainne.



Iompaidh do shúile asteach air do
chroídhe féin, agus ná beir breith air do
chómharsainn; ag breith breithe air


L. 34


chách imthigheann ar saothar gan tairbhe.
Is minic go mbídheann ár dtuairim
ancheart, agus dá bhrígh sin tuitea-
moid a bpeacadh: acht ag breath-
nadh agus ag feuchain air ár ngníomh-
arthaibh féin is gnáth toradh air ár
saothar. Is gnáth linn breiteamhnas
a thabhairt do réir ár gcroidhe
fein; agus uime sin dallaidhthear ár
dtuigse tre mhear-ghrádh priobháid-
each. Dá mbudh é Dia amháin searc
sior-bhuan ár mian, ní ghlacfamois
buairt air chrosadh ár dtuairime
chómh-obann so. Acht is gnáth nídh
éigin falaighthe ionn ár gcroidhe, nó
ag teacht go foirimiolach a thar-
raingeann leis sinn. Ta an iliomad
aloirgeann íad féin ann gach nídh, agus,
faraor! ní thuigid iad féin. Samh-
laidh síad mar an gceadna go
seasgair síothchánta, an tan ritheann
an saoghal leo do réir a mían agus a
mbreitheamhnais féin: acht má thui-
teann aon nidh amach tar a dtoil is
doirbh doshásta bhídheann síad! Is
uadh chontrárdhachd smuainte agus
baramhal d'éirgidheann go minic
cómhbhuaireadh ameasg carad agus
cómharsan, agas imreasán ameasg


L. 35


na droinge fós a ghabh cuing chráibh-
aidh ortha féin. Ní furas fean-
nós do thréigeann, agus ní maith le haon
duine dul níos sía 'ná thréoraidheann
a thoil agus thuigsin féin é. Más mó do
mhuiníghin as do thuairim agus t'imshniomh
féin 'ná as na subháilcibh a chean-
glann ort bheith úmhal d'Íosa Chríost
ní soilseóchar go bráth thú le lonnradh
na gréine síorruidhe; óir is mían
le Dia sinn bheith úmhal dó fein os
cionn an uile nídh agus searc agus taith-
neamh ár gcroídhe go hiomlan do
thabhairt dho.



15 CAIB.



De obaireachaibh a deuntar tre
charthanacht.



Ní ceart olc do dheunadh mar
gheall air aon nídh air bith, ná de
dhruim ghrádh duine air an tsaoghal:
acht air son duine bhoicht tá se
ceadaidhthe air uairibh deagh-obair
dfágbháil gan críochnúghadh nó do
mhalartadh air obair éigin eile is
fearr agus is mó rachfadh chum sochair


L. 36


dó. Oír ní cailltear sochar an
deagh-ghníoimh a gcás de'n tsamhail-
so, acht malairtthear é air ghníomh
is fearr. Gan carthánacht, ní bhfuil
sochar 'n ár saothar, acht dá lúghad
agus dá shuaraiche nídh a thagann linn do
dheunadh, tre'n gcarthanacht tugann
Dia toradh agus tairbhe air. Oir is
mó thugánn Dia fá'n aire meud an
ghrádh agus na dúthrachda le a noibridh-
eamoid 'na an obair fhéin. Deunann
an té sin go leor, a ghrádhann go
leor: agus mar an gceudna, is mór
sochar saothair an té oibrídheann le
dúthrachd. Is tairbheach saothar an
té thúgann rogha do'n maith choitcheann
tar a thoil féin. Is minic chuireann
an gean agus an grádh nadúrdha iompa
cruth na carthanchda: óir is gnáthach
linn maith do dheunadh, tré chlaonadh
nadúrdha, tré antoil, tré shúil le
leórghníomh, nó tré mhian ár sochair
phriomháidich féin. Ní iarann an té
agá bhfuil an charthanacht fhírinneach,
a thoil ná a thairbhe féin ann aon nídh,
acht glóir agus onóir Déi. Ní bhídheann
formad aige le haon neach, de bhrigh
nách áil leis a shásamh ná a sas-
gaireacht féin: acht ós cionn an uile


L. 37


nidh is mían leis bheith socair go
sona a nDía. Ní chuireann mai-
theas iomlán a leith aon chreutúra,
act a leit Déi amháin, uadh srothann
an uile mhaith, amhail caise uad'n
dtobar, iona lonaidhid na naoimh
amhuil 'na gcríoch ndeigheanach. Oh!
Dá mbeidh ionnainn acht aon spré
amháin de'n fhíor-carthanacht, thuig-
feamois nách bhfuil a nidhthibh so-
mharbhtha an tsaoghailso acht lóchán
na baoise.



16 CAIB.



De chuir suas le lochtaibh chách.



Is ceart dhuinn na lochta nách féi-
dir linn do leasughadh ionnainn féin nó
a gcach d'iomchar go foigideach nó
gur toil le Dia iad do chlaochlódh.



Smuain, go mféidir gur chum
do thairbhe do rachfaidís ag meu-
dughadh d'foigide agus d'fhadfhullang;
oir gan foigide is neamhbhrígheach
do luach-saothair. Gidhe ní fulair


L. 38


duit fá chathaibh de'n tsamhailsi guidhe
go dúthrachtach chum Déi cabhradh
leat ionnas go bhféadfádh a niomchar
mar is cóir. Má bhídheann cách cómh
dotheagaisg sin, agus gan do chómh-
airle do ghlacadh fá dhó nó fá thrí,
ná deun imreas leis acht fág fá
Dhia é; ionnas go ndeunfádh toil
Déi air an dtalamh d'ár b'eól maith
do tarrang as olc. Muna féidir
leat tú féin a leasúghadh do réir
do thola féin, cionas is dóigh leat
cách do tharrang chum do chómhairle
do leanmhain? Badh mhaith linn cách
do leasughádh a bheatha, agus ní leasaidhea-
moid ár mbeatha mhíríaghalta féin!
Badh mhaith linn cách do ghlacadh ár
dteagaisgh agus ní maith linn coidhche
cómháirle d'fághail! Ní thaithneann
dúire nó dorántacht na cómharsann
linn, gidh anrianta do theagaisg
bhídhmid féin. Badh thoil linn daoine
eile bheith cuibhridhthe fá smacht na
dlíghe, acht ní mian linn aon chosg do
chur orainn féin! As so is follas
gur b'annamh mheadhamoid ár gcómh-
arsa ann aon mheadh linn féin. Dá
mbeidh gach aon go naomhtha neamh-
lochtach, creud bheidh aguinn le ful-


L. 39


lang uadh chách air son Déi? Acht
feuch, isí so a thoil naomhtha ionnas go
bfoglamómois ualaighe a céile
d'iomchar: oir ní bhfuil saoi gan
locht, ná duine air bith gan a ualach
féin; ní bhfuil aon neach gan easba
éigin fá leith; dá bhrígh sin is ceart
dhuinn cabhradh agus cómhneartadh le
chéile, teagasg agus cómhairle do tha-
bhairt agus do ghlacadh fá seach. Acht
meadhtar meud ár subháilcidh le
meud na foighide le a bhfuillingeam-
oid anró agus anacra; oir ní lag-
aídheann an tanró sinn, acht foill-
sídheann dhuinn creud é ár mianach.



17 CAIB.



De bheatha Manaich.



Ní fuláir dhuit gan do thoil féin
do leanmhain má's mian leat bheith
a síth-cháin agus a sochaidreamh le d'
chómharsain. Ní súarach an nídh
maireachtain a Mainistir, agus a
gcómhluadar choitcheann a chéile gan


L. 40


locht, agus seasadh dílis go bás. Is
beannaidhthe an té mhaireas agus d'eugas
fá chúing dheaghríartha na crábhaidh!
Ma's áil leat seasadh go cródha agus
dul air haghadh go cathbhuadhach, bí
déimhnidhtheach nách bhfuil ionnat acht
deoruigh agus dibhirtheach air talmh, agus gur
b'éigeann dhuit triall air do chathair
dhúthchais! Ní fuláir dhuit mar an
gceadna, bheith sásda le meas ama-
dáin bheith ort, más mían leat
beatha ríaghalta do chathadh. Ní
bhfuil acht suarachas a n-aibíd an
mhanaich no a bhfolt-ghearradh an
chléireich, muna leásaidhthear an
bheatha, agus muna smachtaidhthear claon-
ta cealgacha nna hantola. An té
thogann cúing chrábhaidh air son aon
nídh, acht le grádh dílis Déi ni féi-
dir dho gan bheith duairc doshásda:
agus fós ní bhéidh suaimhneas air a
aigne muna númhlaidh sé é féin faoi
láimh an uachtaráin gan ceangal air
bith d'a bharamhuil féin. Smuain
gur ghlacais aibíd manaich chum
réir an uachtaráin do leanmhuin agus
diúltadh dod' thoil féin; bíodh a fhios
agat gur gairmeadh tú chum fad-
fhullang agus fíorshaothair; agus dá bhrígh


L. 41


sin nách ceadaidhthe dhuit bheith dímhaoin
deaghlabhartha a seirbhis Déi. Uime
sin is fá chuing na crabha dear-
bhaidhthear sinn amhuil óir san dtealach
agus ní féidir d'aon neach seasadh fá'n
gcuing so, muna númhlaidh sé a
chroídhe go hiomlán le díogras dúth-
rachtach do Dhia.



18 CAIB.



De dheagh-shómpla na n-at<h>arach
naomhtha.



Feuch air shómpla lonnrach na
n-atarach naomhtha, a chaith a saoghal
a bhfoirbheacht gach fírinne agus a
saothar gach subháilce, agus chídhfidh tú
creud é lughad a thagann linn do dheu-
nadh. Fáraor! creud í ár mbea-
tha-ne a gcómheas leó-san! Thuill
na naoimh agas cáirde Chríosd neamh
a n-ocras agus a dtart; a bhfuacht agus
a loime; a nduadh agus a dtuirse; a
n-áirnéan agus a dtrosgadh; a n-úr-
naidhthibh agus a naomh-machtnadh; a
ngeurleanmhain agus a mórán imdhear-
gaidh. A! badh dho-fhuilinnte leatrom


L. 42


na beatha a chaith na habstail, na
Mairtírich, lucht admhaidhthe an
chreidimh, na Maighdeana, mar aon
le mílte eile a leann go díograsach
lorg Chríosd: oir dfhuathaidear a
mbeatha air an tsaoghal-so air son
na beatha síorruidhe. O! badh dea-
caireach agus badh chruaidh an saoghal a
bhidh ag na hathaireacha naomhtha air
an bhfásach! Badh gheur agus badh dhofhuil-
inte a gcathaidhe a n-aghaidh na ná-
mhaide. Badh mhinic agus badh dhíograsach
agus n-urnaidhthe chum Déi! Badh mhór a
dtrosgadh agus a dtreunas: badh mheis-
neamhail agus badh fonnmhar a dteas-
grádh a leas a n-anama! Badh
chródha a gcómhlann a leasúghadh a
locht; badh ghlan an aigne agus badh dhí-
reach an mhéin, le'r leanadar réir
Déi! Chaitheadar an lá a ndubh-
obhair an óidhche a n-úrnaidhthibh; gidh
nár chlaon a n-inntinn uadh úrnaidhthibh
inmheadhanacha air feadh an laé.
Chaitheadar a n-amsir go léir go
tairbheach: badh ghearr leó, a bhídís
a gcómhluadar Déi: agus tre mhór-
mhilseacht na machtnadh ndiadha,
dearmhadadar uireasbadha an choirp.
Thugadar a gcúl le saidhbhreas agus


L. 43


le so-ghradam saoghalta, le cáirdibh
gaoil, agus fós le sochar agus le sádhail
na beatha so; níor mhian leó aon
nídh air an tsaoghal so; is le tuirse
thugaidís do'n gcolainn na nidhthe
badh riachtanac di. Bhíodar dá
bhrigh sin bocht a maoin tsaoghalta;
acht bhíodar saidhbhir a ngrásaibh agus
a subháilcidhibh. Bhíodar a ngádh go
foirimiolach; acht bhídear near-
taidhthe go hinmheadhanach le grásaibh
agus le solásaibh Déi. Bhíodar a n-
aneólas an tsaoghail; acht bhídear
a muintirdheas agus a gcaradas Déi.
Shamhladar neamh-nídh 'na suilib féin,
agus bhídear fá droch-mheas an tsao-
ghail so: acht mor-luach, taithneamh-
ach a shúilibh Déi. Sheasaidear a
bhfírinne na húmhlachta, mhaireadar
a símplídheacht an fhomóis, agus shíubh-
ladar a so-chroídheacht na foighide
agus na carthanachta: uime sin chuadar
air a n-agaidh gach lá ann sa spio-
raid agus a gcaradas dílis Déi. Tug-
adh mar shómpla iad do dhaonibh
cráibheacha an domhain: agus badh
cheirte dhúinne bheith gríosaidhthe le na
ndeagh-bheusaibh, 'ná lagaidhthe le
droch-chleachtaibh na bhfuarchrábhach.


L. 44


O! badh mhór é díogras na gcráibh-
each a dtús a naomh bheatha! O!
badh lonnrach a gcaondúthracht a
n-úrnaidhthibh! Badh theann a dteas-
ghrádh do na subháilcidhibh! Badh
dhíograsach a ngean do'n ríaghail!
Badh mhór a n-urraim agus a bhfomós
do bhriathraibh an uachdaráin! Tais-
beanann rian a ndeagh-shómpla, a
mhaireann fós, gur dhaoine sár-
naomhtha fíor-fhoirbhe iad, a throid
go cródha agus gaibh de chosaibh ann-sa
tsaoghal so. Anois meastar gur
duine naomhtha an té nách dtuiteann a
bhfeile-bheartaibh, agus d'fulainneann
go foighideach an tualach a thóg sé
air féin. Monuar! an staid
fhaillígheach fhuar-chroídheach 'na bhfuil-
eamoid-ne, oir is obann thuiteamoid
ua'n dteasghrádh díograsach, ionnar
thionsgnamar, air chor go bhfuilea-
moid annois tuirseach d'ár saoghal
tré leisge agus tré fuar-cráibheacht.
Go ndeónaidh Dia sinn dhul air ár
n-aghaidh, ionnas nách dtuitfeamois
a neamh-aire 'na sheirbhís a thug
beatha na naomh mar sómpla dhuinn le
triall a mbealach ár leasa.


L. 45



19 CAIB.



d'oibreachaibh dhuine riághalta.



Badh cheart do dhuine riághalta a
bheatha do chathadh a dtaithíghe an uile
shubháilce, ionnas go mbeidh a chróidhe
cómh-fhreagrach d'á ghniomharthaibh,
agas fos badh cheart do a chroidhe
bheith níos dheaghriartha 'ná shamh-
laidheann a dheagh-ghnúis; óir tá rosg
ghéur-radharcach Déi ag amharc
oruinn, agus bhadh chóir dhuinn uathbhás
agus eagla d'ár nglacadh 'na láthair agus
síubhal go neamh-chaidh an fhíaghnaise
mar aingil árd-chéimeacha Déi.
Badh cheart dhuinn ár rún diongmhálta
d'athnúadhchain agus sinn féin do ghrío-
sadh chum teasghrádh amhail gur b'é
gach lá tosach ár naithríghe; ag radh
"Cabhraidh liom a thíarna Dia, ann
mo dheaghrún, agus déonaidh do ghrása
do bhronnadh orm, ionnas go dtiucfadh
liom tionsgnad uadh'n lá niu amach,
óir is neamhnidh a ndearnas go
nuige si". Beidh ár gcéim a slíghe


L. 46


ár slánaidhthe do réir neirt ár
ninntinne, deaghmhéine ár rún: agas
ní faláir do'n te le'ar mian dul
air aghadh, bheith lán-chúramach,
cruadh-dhíthchollach 'na taisdeall.
Oir má's minic theipeann misneach
an té agá raibh rún daingion,
creud thuitfeadh amach do'n té bhídh-
eann lag-bhrígheach sothuiteamach 'na
rún? Is iomdha slíghe air a mbris-
eamoid ar ngeallamhna do Dhía;
agus is suarach an fhaillídhe 'nár
noibreachaibh sprioalta le a gcail-
leamoid morán sochair! Is mó
churaid na fíréin a muiníghin a
ngrásaibh nDéi, 'ná a neart a n-
eagna féin, óir isé Día dóith na
bhfíreun ann gach nídh d'á dtógaid a
láimh. Isé an duine an síoladóir,
acht isé Día an fásadóir, de bhrígh
nách bhfuil slíghe an duine air a chumas
féin. Má leigeamoid dhinn air uairibh
cuid de ghnáth-obair na craibheachtha
air son na cómharsann, bféidir linn
filleadh uirthe na dhiaigh sin, acht má
thugamoid faillidhe innte tré leisge
no air son dímhaoinis, is trom í
ár gcoir agus is ro dhíoghbhalach do'n
anam: is baoghalach fós tar éis


L. 47


ár ndíthchioll nách dtiocfadh linn ár
ndualgas do chómhlíonadh mar is
coír. Gidhé is eígean dhuinn ár na-
ghadh thabhairt air nídh eígin airíghthe
fha leith agus seasadh go dána anaghadh
na gcortha is mó fhríothchuireann ár
leas. Ní falaír dhuinn sinn feín do
dheaghriáradh agas do mhionsgrúdadh
go foiriomallach agus go hinimeadha-
nach, oír foghnaid air aon linn
aslíghe ár slánaidhthe. Muna féidir
linn bheith go gnath ag siór-mhachtnadh,
badh cheart dhuinn go háirighthe air
maidin nó am thrathnóna tamal do
chathadh aig léirsmuaineadh. A dtus
an lae bíodh rún daingion agat
gan fearg do chur air Dhia; agus air
theacht na hoidhche sgrúdaidh do
chogús, agus fiáfraidh dhiót feín cionas
d'iómcharais tú feín air feadh an
lae; an rabhais cionntach ambría-
thar a smuaineadh, nó angniomh,
le'r thugais másla do Dhía nó don
chómharsainn? etc. Ollmhaidh tu feín
an aghadh chathaidh nimhneacha an día-
bhail: Cur srían led' chraos, agus is
furas duit na dhíagh sin anmhiana
na colna do smachtadh. Ná bei-


L. 48


readh an anspiorad go bráth dí-
mhaoin ort; acht bí a léigheadh, no a
scriobhadh, nó ag úrnaidhthe, nó a
machtnadh, no ag deunadh nidh éigin
eile a rachfadh chum tairbhe do'n
choitchinne - gidheadh ann oibreachaibh iom-
shaotharacha is ceart dhuinn bheith stua-
ma; oir ní réightídheann dubhsglá-
bhaidheacht leis gach aon. Ní ceart
na nidhthe nách bhfuil coitcheann a
dhéunadh go puiblígh; óir is fearr na
dualgais áirighthe sin a chómhlíonadh
ós ísiol. Acht na dearmad do
ghnótha coitcheanna air son do thola féin
do leanmhuin, gidhé is féidir leat,
tar éis na nidhthe tá ceangailte ort
do chómhlíonadh, má bhídheann aon aim-
sir fá leith agat, filleadh air do
mheanmhain agus do dheaghoibreacha
priobháideacha do chómhlíonadh do
réir do thola agus do thuigsiona féin.
Ní féidir don uile bheith oireamhnach
don uile ghnó, óir ní lia ceann ná ceard.
Uime sin ta nidhthe níosa iondéunta
air uairibh 'ná air uairibh eile, do réir
iomadamhlachta na ndeaghníomh; óir
bídheann cuid díobh taithneamhach air
láethibh féile, tuilleadh air láethibh
coitchionna, tuilleadh ann am an chatha,


L. 49


agus cuid eile fós ann am síthe agus seas-
gaireachta; tuilleadh ann am duáir-
ceis agus dubróin, agus tuilleadh ann am
lúthgháire an sa Tíarna. Timchioll
na mór-fhéilidhe is cóir dhuinn ár
ndeaghnósa d'athnuadhabh agus idirghúdhe
na naomh d'impídh níosa dhúthrachtaiche.
Badh cheart dhuinn ár ndeagh-rúna do
dhéunadh uadh fhéile go féile; amhuil
daoine ag triall air bhearnainn
an bháis ag teacht chum féile na
síorrúidheachta!



Dá bhrígh sin tá sé ceangailte
orainn sinn féin d'ollmhadh níos dhúth-
rachtaighe, deagh-chómhluadar do
chóimhéudh, agus ár ndualgas a chómh-
lionadh níos géire, ann aimsir na
caondúthrachta de bhrígh gur gearr
uainn luach ár saothair d'fhághail
uadh Dhía. Agas má's toil le Dia
ár mbás do chur air cáirde, bídh a
fhios aguinn nách bhfuilimid fós oll-
mhaidhthe mar is cóir, agas nách
fíuntach sinn fós le dul a seilbh na
glóire a foillseochar ion-ainn air
an aimsir cheapaidhthe; uime sin
cuireamoid sinn féin a ngléus gluai-
seacht ann aghadh iorguil an bháis.
"Is beannaidhthe an seirbhíseach",


L. 50


(ar an sosgeulaidh, naomh Lúcás) "a
gheabhfas a Thigeana, an tan thiocfas
sé, ag airneún; go firineach a
dheirim libh, go gcuirfidh sé é ós
cionn a bhfuil aige".



20 CAIBH.



De grádh an uáigneis, agus an
chíuinis.



Loirg am iomchuibhe chum filleadh
ort féin, agus smuain go minic air
thabarthais Déi. Léigh níosa mhó
air son cómhghuine, na chathadh aim-
sire, agus díultaidh do leabhraibh ra-
másacha: ghabhaidh tú aimsir do
dhóithin chum deagh-mhachtnaidh, má
tarrangair tu féin uadh'n séol
cainte, agus uadh'n dúl mallaidhthe atá
agat a gcómhluadar chách; mar an
gceudna uadh'n dtaithneamh le a
néisdeann tú sgéultaibh agus le gla-
gaireacht neamhbhunasach. Thréig-
éadar na naoimh badh cheannasaiche agus
dob' oirdheirce, comhluadar na


L. 51


ndaoine chómh minic is dob' fhéidir
leo, agus thógadar mar rogha mairthin
ós ísiol a bhfíaghnaise Déi, "chómh-
minic is bhídhim a gcómhlúadar na
ndaoine," (air Seneca) "fillim
uatha níos lúghadh am dhuine." Is
gnáth an sgéul ceudna aguinne tar
éis an iomad cainte.



Is furasa go mór an béul do
dhúnadh air fad, ná gan dul tar
fóir a gcómhrádh. Is furasa fan-
mhain ansa mbaile, 'ná sinn féin do
chosg air pheacadhaibh na teangaine
a measg chách. Gidh b'é, uime sin
le'ar mian tríall a mbóthar a
leasa, ní fulair imtheacht mar
aon le hÍosa a leataoíbh uadh'n
sluadh. Ní bhfuil aon neach sáor uadh
bhaoghal a gcuideachtain, acht an
té dfhanfadh go toileamhuil ansa
mbaile; ná saor uadh bhaoghal a
gcomhluadar, acht an té ghrádhann
an cíunas, ná saor uadh bhaoghal,
a ríaghail, acht an té bheidh sásda
le daoirseachd; ná saor uadh bhao-
ghal ann árd-cheím, acht an té dfhogh-
laimh bheith fómósach.



Ní féidir d'aon neach bheith
luthgháireach, acht an té aiga bhfuil


L. 52


bhfuil cróidhe agus cogús glan. Gidhé
bhídh neamheagla na naomh lán go
cínte de naomh-uamhain an Tíarna.
Gidh go raibh a mbeatha lonnrach le
subháilcidhibh, agus neartaidhthe le grá-
saibh, gidhé nior chailleadar a
n-úmhlacht ná a naomh-aire ortha
fein. Acht is uadh uabhar agus uadh
andóthchas dfhásan seasgaireachd
neamhnáireach na mallaidhtheoiridh,
le a mealltar íad fá dheireadh. Ná
geall seasgaireacht iomlán duit
fein air an tsaoghal so, gidh gur
duine díadha deaghórdaidhthe thu, nó
díthreabhach díathoirbhaidhthe: óir is
baoghalach duit air feadh do bheatha.
Is minic gur mó baoghal na muin-
tire air a mbídheann mór-mheas chách
de dhruim an anndóthchais agus na
mórdháile d'á dtugaid íad féin.
Is fearr, uime sin, d'á lán gan
bheith saor air fad uadh chatháidhibh,
air eagla go nglacfaidís an iom-
ad tádhbhaichd agus tóstail ionnta féin,
agus go rithfidís a leataobh andiaigh
sholáis na colla. A! is glan-
chaoin cogús an té nach loirgeann
lúthgháir shoghluaiste, ná cúram cail-
leamhnach an tsaoghail so. A! is
iomdha síth agus suaimhnios aigne sheal-


L. 53


bhaidheann an té thugann drúim láimhe
le buaireadh baoth na beatha sa, agus
chuireann a dhóthchas go hiomlán a
nDía. Ní fíu an té nach mblaiseann
searbhas na naomh-chómhguine, ibheadh
de mhilseachd na solás neamhdha!
Má's mian leat do chroidhe do ghrío-
sadh chum cómhghuine, téidh asteach an
do sheómra uadh chollóid an tsaoghail,
amhail mar deir an sgribhinn dhíadha;
"Bidh sibh cómh-ghuineach ionn bhur
seómraibh," iodhon, dubrónach tré
bhúr bpeacadh, ghéabhair an do chíllín
an nídh is gnáth leat do chailleamhuin
amuigh. Má lonnáidheann tú an do
chillín tabhairfir taithneamh dhó, acht
muna ndéunair taithídhe dhe, glac-
fair gnás agus fuath dhó; acht má
thaithídheann tú air dtúis fanmhuin an
do sheómra beidh se agat na dhiaigh
san mar charaid dhílis d'á dtabhair-
fir taithneamh agus síor-ghrádh! Is a
nuáigneas an chíunais a théidheann
an tanam air aghaidh, agus dfoghlamann
bríathra bríghmhara an scriptíura.
Is ann shileann sé frasa diana deór
le a nionlaidheann é féin gach oídhche,
agus le a ndéunann caradas le 'na
cruthaidhthéoir níos dúthrachtaiche do
réir cíantachda na slíghe idir é


L. 54


féin agus an saoghal: óir tiocfaidh
Dia mar aon le'n aingiolaibh naomh-
tha a gcómhluadar an té, thréigeann
a cháirde agus a chaoin-ghaoil air a
shon! Is fearr staid an té,
cheileann agus do chómhdhúnann é féin a-
stigh ag thabháirt aire d'á anam, 'ná
an té téidheann amach fá'n saoghal
ag déunadh míorbhuilídh agus thugann
faillíghe a leas anama féin. Is
ró ionmholta a nduine ríaghalta,
dul amach go hannamh gan bheith dúl-
mhar a gceachtar díobh, .i. cách dfheic-
sin, nó íad d'a fheicsin. Créud
fáth gur mían leat na nidhthe dfheic-
sin nách féidir leat do sealbhadh:
"óir tá an saoghal so ag imtheachd
tarainn agus a chlaon-mhíana" (air naom
Eoin). Brosdaidheann sáidhile na
mían amach tu, acht an uair thagann
an tam, air ar ceart dhuit filleadh,
creud thugann tú leat acht croidhe
scartha agus cogús tuirseach tre
throm-ualach do mhighníomh! Is minic
fhilleann go trom-chroídheach an té
d'imthigh go lúthgháireach, agus is minic
leanann maidion bhrónach, óidhche
shúgach! Oir síleamoid gur taith-
neamhach gach lúthgháir na colna;
acht is searbhas agus síor-bhás is chríoch


L. 55


air. Créud is féidir leat dfheic-
sin ann aon áit eile nách bhfeiceann
tu ag baile? Féuc neamh agus talamh;
agus na dúile go huile; óir is asda so
cruthaidheadh gach nídh eile. Créud
is féidir dsheicsin ann aon áit a
lonaidheann a bhfad air druim tal-
mhain? Bfhéidir go measann tú sá-
samh agus síor-thaithneamh dfhághail asda,
acht gan amhras ní thiocfaidh san
leat air feadh na beatha so. Dá
mb'fhéidir leat radharc na cruinne
dfhághail d'aon amharch, creud bheidh
ann uile acht sileadh suarach neamh-
thairbheach? Dá bhrígh ardaidh do
shúile agus do chroídhe chum Dei uile-
chumhachtaich, agus síor-ímpidh air
maitheamhnas uadh pheacadhaibh agus uadh
chlaontaibh. Fág éigcíallachd an
tsaoghail so ag daoinibh díthchéillidhe,
agus tabhair aire aitheanta Déi do
chómhlionadh. Dún amach gach nídh
eile uadh chroídhe, agus gairmaidh go
héigineach air do chaoin-shearc Iosa
theachd fad' tharmoin. Fan an fho-
chair go caomh-chumannach ann do chil-
lín, óir ní féidir dhuit cuideachta is
fearr dfhághail ann áit air bith eile.
Da mb'áil leat gan bheith ag rith


L. 56


amach, agus ag éisdeacht le ráidhmhéis
éitheich, ní chaillféadh suaimhneas
taigne: acht óf mian leat cluas do
thabhairt do sgéulaibh seanbhan sgith-
bhéulacha, ní hiongnadh thu bheith faoi
thrioblóid agus faoi bhuaireadh inntinne
go minic.



21 CAIB.



De chómhghuin Chroídhe.



Má's mhian leat dul air aghadh ann
do dheaghrún, bíodh eagla an Tíarna
ort, cur srían led' cheadfadhaibh agus
ná bídh tugtha do gháirdheachas óin-
mhideach. Tabhair tu féin air chómh-
ghuin croídhe agus gheabhfadh tú caondúth-
racht; óir osglan an chomhghuin an
tslíghe do mhórán maithise, a caill-
tear go hobann le guagaireachd!



Is ró iongantach aon duine bheith
lúthgháireach ansa mbeatha so, a
smuaineann agus mhachtnaidheánn air a
dhíbirtheachd uadh na bháile dúthchais,
agus air ghuaisibh géura goimheamhla a
anama! Is tré luaimneachd croídhe
agus tré easba machtnaidh air ár


L. 57


míbhéusaibh féin, nách mothaidheamoid
dúairceas agus dubrón ár nanama;
óir is minic gáireamoid go súgach,
an uair is mó ar gcúis ghola. Dá
bhrígh ni bhfuil saoírseachd chroíde ná
lúthgháir anama le faghail gan eagla
Déi mar aon le cogús glan! Is
sonadh an te lé'ar féidir gach toir-
measg talmhúidhe do theilgean uaidh,
agus é féin do tháthadh go dlúthchumannach
le Dia! Is sonadh an té le'ar
féidir é féin do sgaradh leis gach
nídh, tre a dtrúaillidhthear an
cogús! Seasaidh go cródha: búaidh-
tear air nós, le nós eile. Léig
do chách, agus léigfidh cách dhuit. Ná
measg thu féin angnóthaibh nach
mbaineann leat, agus go mór-mhór
seachain bheith ag cur asteach air
uachtaránaibh. Comheud do shúil go
háiridhe ort féin; agus tabhair aire
tu fein do chómhairlíughadh go sonn-
rach tar gach caraid d'a dhílse. Ná
glac buairt tré gan bhéith faoi mheas
nó faoi mhacnais ag cách; acht bíodh
doilgheas ort, tré gan tu féin
d'iomchar go carthannach, ceillidhe,
amhail badh cheart do sheirbhíseach
dílis Déi. Is minic gur fearr agus


L. 58


gur tairbheiche do dhuine bheith air
uireasba só agus seasgaireachda na
beatha so, go mór-mór an chuid
dhíobh a méudaidheann teasbach na
colna. Gidhé is sinn féin is cion-
tach gan só agus seasgaireachd neamh-
dha do mhothadh níos minice: de bhrígh
nách íaramoid cómhghuin chroídhe agus
nách dteilgeamoid uainn go hiomlán
gach sásamh suarach foiriomiolach.



Admhaidh uadh chroídhe nach fíu thu
milseachd na solás neamhdha do
bhlaiseadh, agus nách dtúlleann tu acht
buaireadh. Ní bhidheann meas ná
dúil a lóchán an tsaoghail so aig an
té mhothaidheann suairceas ná cómh-
guine; óir fuathaidheann sé saidh-
bhrios soghluaiste na beatha táire
so. Tuigeann an deaghdhuine go bhfuil
gnáth-chúis deór agus dubrón aige, óir
gidh bé mhachtnaidheann air féin,
no air a chómharsain, chídheann nach
bhfuil aon duine air talamh gan a
chodrama féin de'n annró! Agas
dá ghéire bhreathnaidheann sé is é is
mó a dhoilgheas fá neamhaithríghe na
ndaoine. Is fáth fírinneach ar
ndubróin agus ar ndoilgheis croídhe
méud ár gcortha agus ár míghníomh


L. 59


tré gceangaltar síos eitídh na
meanmaine, ionnas nách féidir linn
machtnadh air ríoghacht ró-áluinn na
bhflathas! Dá smuainfádh air an
mbás chómh minic is smuaineann tú
air shaoghal fada, ní bhfuil amhras
nach ndeunfádh do bheatha do leasadh
níos díograsáiche: agus dá ndéunfádh
geur-mhachtnadh air phiannaibh do-
fulainte ifrinn nó phurgadóra,
measaim, gur lúthgháireach leat
duadh agus dubhobair na beatha so
dfhulan go foíghideach air son na
siorrúidheachta!



Acht de bhrígh nách dtéidheann na
smuainte si do'n gcroídhe, agus go
dtugamar gean agus grod-ghrádh do'n
tsaoghal so, támoid fós fuar fail-
lígheach a leas ár nanama. Is minic
gur tré easba meanmaine ghear-
ánann an colan dhona air bheagán
cúise: uime sin, guidh ar dtiarna go
dúthrachtach, spioraid agus meanmain
na comhghuine do bhronnadh ort: ag
rádh mar aon leis an fáidh ríoghamh-
ail, "Beathaidh me, a Thiarna le
harán na ndeór, agus tabhair dham ól
d'uisge na ndeór go farsuing."


L. 60



22 CAIB.



D'anacrachd an duine.



Táir anacrach, gidh b'é áit ionn
a bhfuilir, agus gidh b'é taobh air a
niompóchair thu féin, muna níom-
paidhir air Dhia. Créud fáth
bhfuilir duairc doilbh-chroidheach an
tan nách ritheann an saoghal so leat
do reir do thola: cá bhfuil aon
duine air a lántsásdacht ansa nuile
nídh air dhruim talmhain? Gan amh-
ras ní bhfuilir se ná mise amhla, ná
aon duine eile annsa domhan gidh go
mbeid na Phápa nó na Rígh. Cía,
uime sin, is mó sonas air an tsao-
ghal so? Gan amhras an té lé'ar
mián an uile nidh dfulann air son
Dei. Is minic deireann daoine
laga leóntacha an tsaoghail so:
"Féuch gur saidhbhir sár-chumhach-
tach tá an té so agus an té súd"; acht
tabhairse aire do shaidhbhreas síor-
áluinn na bhflathas, óir tá saidhbhreis
an tsaoghail dimbuan do-íomchair,
de brígh nách féidir a sealbadh gan
duadh agus díaneagla a gcaillte!


L. 61


Ní uadh iomadamhlacht ár saidh-
bhreis is ceart ár sonas do mheas;
óir is leór dhúinn cathadh, agas fa-
ghail. Go firinneach, is mór an
anacra a bheith air an tsaoghal so.
Oir an mhéud is mó is mian le duine
leas anma do dhéunadh, ise is mo
tugthar míthaithneamh do shearbhas
na beatha so; de bhrígh gur fearr
thuigeann sé agus gur soléire fheiceann
sé lochta lán-trúallaidhthe an chine
daonna. Is fíor gur mór an ta-
nacra agus an tamhgar le duine
diadha lé'ar mian saoirseachd agus
searc-rún na naomh, bheith ag ithe
agus ag ól, ag codladh agus ag dúsgadh,
ag obair agus ag cómhnuidhe agus faoi
ualach throm na nadúire daonna ann
gach riachtanas eile a leanann de.
Oir geur-mhothaidheann an duine in-
mheadhnach muirior mursanta an
choirp ag éiliughadh air go grod
gáibhtheach air feadh na beatha so:
agas uime sin ghúidheann an fháidh
ríoghamhail go teasghrádhach chum
Dei, é féin dfhuascaladh uadh an
ngéibhionn iona raibh, "A thíarna
fuascail uadh m'anacra me"
(Psailm xxiv. xvii.). Is mairg


L. 62


do'n té, do nách fios a anacra
féin, agus is ró mhairg do'n te a ghrádh-
ann an bheatha anacrach thruaillidhthe
so. Oir faraor! tá mórán chómh-
ceangailte sin de'n tsaoghal so,
gidh gur díthcioll doibh iad féin do
chothadh air a ndéirc, gidhe da mb'fhéi-
dir leo maireadh go bráth, badh
shuarach a mbeann air ríoghacht na
bhflathas! Ó, a dhaoine dithchéillidhe
díthchreidmhacha ionn bhúr gcroidhthe,
a tá chómh doimhin sin múchta a láib
na locht, nách féidir libh gean do
thabhairt d'aon nídh acht do mhíanaibh
marbhthacha na colna! A! na
truailleanaich bhochta! chídhfid fá
deóidh go tromchroidheach, táir agus
tarcaisne na nidhthe so d'á dtuga-
dar grádh, agus lé ar chaillidear an
bheatha shíorrúidhe! Ní mar so do
naomhaibh Déi agus do cháirdibh caomh-
chumannacha Chríost, a thug fuath agus
míghreann air sháimhrígheacht na col-
na agus air mhór-meas na bheatha-so,
agas lean go lán-dóthchasach lorg
na beatha síorrúidhe. d'árdaidhea-
dar a gcroidhthe go minic chum
saidhbhreas síor-bhuan na bhflathas,
d'eagla ghrádh an traoghail d'á


L. 63


dtarang chuige féin. A dhear-
bhráthair ionmhuin, ná caill do mheis-
neach, ní deaghanach fós é, ní bhfuil
an uair fós imighthe thart ionn ar féi-
dir do bheatha do leasadh agus tanam
do shlánadh. Créud fa gcuirir do
leas air cáirde uadh lá go lá?
Eirigh suas as suan na locht, tons-
gnaidh aso amach; agus abair leat
féin; "anois am na hobaire,
anois uair an chómhraic, anois is
cuibhe dham mo bheatha do leasadh".
Oir isé lá an chatha, lá an luach-
saothair do thuilleadh. Is éigion
dhuit gabháil trí theine agus trí uisge,
sul a dtagair chum suaimhneis. Mu-
na seasáidhir go dian-chómhlainneach
ann aghaidh do thola féin, ní féidir
dhuit buadh air do chlaontaibh! Ní
féidir dhuinn bheith lán-tsaor uadh
an bpeacadh, ná fuascailte uadh
thuirse agus anshásdachd, an fhaid is
mhairfeamoid ansa gcorpán sua-
rach sothuitimeach so. Badh gheal linn
bheith saor uadh an anachra so: acht
de bhrígh gur chailleamar ar neamh-
chíonntacht tre thuitim a bpeacadh,
chailleamar mar an gceadna ár
sonas fírinneach. Ní fuláir dhuinn,


L. 64


dá bhrígh sin, bheith foighideach fo-
rasda ag feitheamh le trócaire an
tíarna, go mimthigh an amsir so an
ancheirt tarainn, agas go sloigthear
súas an tsomharbhthacht sa leis an
mbeatha ndomharbhtha. A! is so-
thuitimeach agus is claon do'n olc an
duine! Aníudh admhaidheann tu do
pheacaidh, agus amárach tuitir ansna
corthaibh ceadna! Anois bídheann
aigné agad bheith air taireachas,
agas agceann athaid aimsire, déu-
nair amhail is nár ghabhais an rún
san ríamh! Is ceart dhuinn, dá bhrígh
sin, bheith úmhal neamhustarach asainn
féin, ó cídhmid ár laige agas ár
leóghantachd féin.



Is obann a cailltear le faillídh,
a bhfuaramar de ghrásaibh, le
duadh díanfhada! Créud thiocfadh
dhínn a ngeimhre goimheamhuil an
bháis, má chailleamoid ár dteas-
ghrádh chómh-lúath so an earrach árd-
mheisneamhail na hóige? Is mairg
dhuinn, má támoid air inntinn sgur
uadh obair, amhail is go bhfuil ár
saothar críochnaidhthe agus ár sithcháin
déunta, an tan nách bhfoillsidheann
ár gcómhluadar aon chómharta cinte


L. 65


air ár naomhthacht. Is ró mhór, dá
bhrígh sin, ar ngádh le athchómhairle
amhuil nuaidhfheinidhe, a ndeighbhéus-
aibh, ionnas go dtiocfadh linn ár
mbeatha do leasadh agus ár ndro-
chleachtadh do thréigeann.



23 CAIB.



De smuaineadh an bháis.



Is gearr nách fulair dhuith bheith ag
imtheacht; féuch, uime sin, cíanós
sheasaidheann tu a láthair Déi: bídh-
eann an duine annso aniugh, agus amárac
imthidheann gan tuairisg! Agas ní
túsga tógthar as ár radharc é 'ná
shleamhnaidheann mar an gceadna as
ár gcuimhne! A! is murtill mear-
dhána croídhe an duine, a smuain-
eann go haonaránach air an tsaoghal
so, agus nách bféuchann roimhe air an
tsaoghal atá le teacht! Badh cheart
dhuit bheith chomh-aireach ann do smuain-
tibh agus do bhríathraibh is dá mbeidhfádh
le bás d'fhághail gan mhaill. Ní
bhídheann imeagla an bháis air locht
an chógúis ghlain; óir is fearr do


L. 66


neach teitheadh uadh an bpeacadh 'ná
bheith faoi eagla an bháis. Muna
bhfuilir ullamh aniugh, cionas bhéir
amárach? Faraor! Is annamh ghnídh
saoghal fada níos fearr sinn, acht is
ro mhinic mhéudaidheann se ár gcor-
tha!



Is truagh nár chaitheamar aon
lá amháin d'ár saoghal mar badh
chóir! Is iomdha duine áirmhídheann
blíanta a gcómhfhilleadh air Dhia: acht
is minic gur suarach a rian a
mbealach a leasa. Gidh gur scan-
ramhail an rud an bás, b'fhéidir gur
guasachdaíche maireadh níos sía. Is
beannaidhthe an té ag á mbídheann
uair a bháis go cinte os cómhair a
shúl, agas d'ullmhaidheann é féin go
laetheamhail a naghaidh uáir an éuga!
Má bídhis ríamh a láthair báis aon
duine, cuimhnid nách fuláir dhuit féin
triall san gconaire gceadna. Air
maidin, smuain go mb'féidir dhuit
bheith marbh faoi'n oidhche; agus air
theacht na hoidhche, ná geall dhuit
féin éirghe an lae. Bídh ullamh, dá
bhrígh sin, gach am, agus leasaidh do
bheatha, ionnas nách dtiocfadh an bás
gan fhios ort. Is iomdha duine


L. 67


fuair annbhás obann: "Oir tioc-
faidh mac an duine air an uair nách
mbeidh súil leis;" agas monuar!
beidh atharaghadh smuainte agat air
ar chaithis ded' shaoghal, agas béir
duairc, dubrónach dtaobh d'aimsire
scapadh go fuar faillidheach mar
rinnis. A! is sona, sáirchíallach
an té mhaireann anois air an módh
ionnar mhían leis bás d'fághail:
óir is dual deaghbhás do'n té, ag á
raibh an saoghal sa fá tháir agus fá
tharcuisne, ag a raibh teasghrádh na
maithise, agus na mór-ghaoise: - thug
é fein air aithríghe, air umhlacht
agas air thóil-éimhdeidh; - agas
dfhullann gach anacra go foighideach
forasda le grádh do Chriost. Is
féidir leat mórán maithise do
dhéunadh an fhaid táir deaghshláin-
teach; acht is baoghal liom, an tan
thiocfas lá an ghalair, gur suarach
a mbéidh air do chumas. Is bheag
a leasaidheann ambeatha tré thinneas,
agus mar an gceadna, is annamh
fearshiubhail sáir-naomhtha. Ná
cuir do mhuiníghin ann do cháirdibh
no ann do chómhgus, agus ná ta-
bhair faillídh a leas tanama, óir
dearmhadfaidh do chómhghaoil tu níos


L. 68


túisge 'ná shíleann tú. Is fearr
duit féuchain rómhat, agus lón ná síor-
ruidheachta do saothradh, 'ná bheith
ag brath air chongnadh chách tar éis
do bháis!



Muna bhfuil aon bheann agat ort
féin anois, cía ag a mbéidh beann
ort na dhíaigh so? Ní bhfuil uain
is mór-luaiche 'ná an uain laith-
reach: "anois tá laethe an tslán-
aidhthe;" anois tá an uain iom-
chuibhe. Acht is mór an tuar
eugcaoine agus dubróin, nách gcaithir
an aimsir so níos tairbheiche, le ar
bhfèidir dhuit lón léir-áluinn na
bhflathas do thuilleadh! Tiocfaidh an
lá, ionna dtabharfádh an chruinne,
air aon uair amháin aimsire na
haithríghe; agas faraor! ní fiosach
dham nách éimdhidhfidh tú! A! a
chuisle mo chroídhe, is mór an ghuais
uadh ár féidir leat anois tu féin
dfhuascailt: tá sé air do chumas
anois tu féin do shaoradh air eagla
agus air uamhain an bháis, le bheith
eaglach air feadh do bheatha, agus gan
aon nídh do dheunadh a mhéudóchadh
uathbhas an éuga. Déun díthchioll
anois do bheatha do leasadh, ionnas
gur mhó fáth do luathgháire 'ná tuamh-


L. 69


aine ann uair chritheaglach an éuga!
Díultaidh do'n tsaoghal anois, ionnas
go mairfádh iar mbás mar aon le
Críost. Smachtaidh do chorp anois
le sgiursa na haithríghe, ionnas go
mbeidh dóthchas bríghmhar agat lá
leóntach na breithe. A! a dhuine gan
chéill, créud fáth gcuimhnídheann tú
air shaoghal fada, an tráth nách
deimhneach tu d'aon lá amháin?
Nách iomdha duine aga raibh súil le
raé fhada, a mealladh go cailleamh-
nach, agus a sladadh as a shláinte?
Nách minic chualais gur marbhadh
an té so agus an té súd le faobhar
cloidheimh, gur bádhadh duine eile a
lár na linne, gur thuit duine eile le
faill agus gur briseadh a chnamha; gur
éug an téso air chlár an óil agus an
té úd air chlár na himirte; gur
loisgeadh tuille air a leabachaibh,
gur sgriosadh móran eile le plá-
ghaibh, agus go bhfuair na mílte bás
obann faoi anfhorlán foghluidhthe!
Uime sin isé an bás críoch na beatha
agus ritheann saoghal an duine go hobann
amhuil sgáile.



Cía agá mbéidh cuimhne ort iar
mbás; agus cía gúidhfeas ort?


L. 70


Déun anois, a dhíanghrádh, an mhéud
is féidir leat, óir ní fios dhuit
ciathan d'éugfair, ná creud thioc-
fadh dhíot tar éis do bháis.



An fhaid tá uáin agat, cnua-
saidh saidhbhreas dochaillte na
bhflathas; tabhair tu féin air shlá-
nadh an anama, agus ná cuir suim acht
a réir Déi amháin. Anois deun
carada dhuit féin a measg na naomh,
tabhair urraim agus onóir dóibh, agus lean
an sompla dfhágadar agat, ionnas
an uair theipfidh an saoghalsa ort,
go nglacfaidis asteach tu an áras
bhithbhuan na bhflathas! Mair anso
amhuil oilethreach cómhthígheach a thugann
druim le cúraim an tsaoghail so:
comheud do chroidh saor, agus árdaidhthe
súas chum Déi, de bhrígh nách bhfuil
cathair chómhnaidhtheach anso agat.
Cuir rómhat go láetheamhail túr-
naidthe mar aon led'osnadhaibh agus
led' dheoraibh, ionnas go mb'fhíu tú
danam do dhul go sona, seunmhar
a láthair an Tíarna. Amen.


L. 71



24 CAIB.



De'n bhreith dhéighanaic, agus de
throm-dhíoghaltas Dei air an
bpeacadh.



Ann gach nídh féuch chum do chríche,
agus cionas is féidir dhuit seasadh a
láthair an chruaidh-bhreitheimh, d'ár
léir na huile nidhthe, nách nglacann
breab nó leithsgéul uadh aon neach,
acht a thabhairfidh breith do réir
chothroim an cheirt. A! a pheachaich
bhoicht dhíthceilléidhe! a chritheann go
minic a láthair do chómhchréutura air
a mbídheann fearg, créud é an
freagra thabhairfir air Dhía, agá
bhfuil fios do locht agus do mhíghníomh?
Créud fáth nach bhféuchann tu rómhat
ann aghaidh lae na breithe, an tráth
nách nglacfar leithsgéul ná leór-
choghnamh chách air do shon: óir beidh
gach aon air a dhíthchioll ag frea-
gairt air a shon fein? Air feadh
do bheatha, tá do shaothar torrtha-
mhail, do dheóra taithneamach, d'os-
náidhe annéisdidhthe, agas do chróidhe-
bhrúdh leór-ghníomhach! Is foláin


L. 72


fior-éifeachtach Purgadóireacht an
duine fóighdeich air an tsaoghal so;
air a ndéuntar éugcóir agus ghearán-
ann níos mó a dtaobh pheacadh chách,
ioná a dtaobh a dhíoghbhála féin, a
gúidheann air son a namhaide, agus mhai-
theann uadh chroidhe a chionnta; nách
gcuireann air cáirde maitheamhnas
d'iaradh air chách; a coraídhthear
níos éusgaidh chum truaghmhéile 'ná
chum díoghaltais; agus d'imireann dían-
as air féin ag claoidh na colna
fá smacht iomlán na Spioraide.
Is fearr go mór ár bpeacaidh
d'imrúagadh anois, agas ár gclaon-
ta do smachtadh, 'ná íad bhréith linn
a lathair Déi fá thróm-sgíursa a
díoghaltais. Gan amhras mealla-
moid sinn féin tré mhearghrádh an-
mheasardha na colna! Creud eile,
acht do pheacaidh a losgfear a
dtreun-theine na bpian? Do réir
mar léigeann tú srían anois led'
anmhíanaibh, agas leanann tú toil
na colna isé bheidh troimeachd na
bpían agus teas na teine air an dtaobh
thall. Ansna nidhtibh ionnar mó
pheacaidh gach aon, is ionnta, is mó
pianfar é. An súd beidh an duine


L. 73


leisgeamhail lorgánta dá ghéur-
ghonadh le bearraibh birnímhneacha,
agas an glothaire craosach dhá
shnaidheadh le tart agus ocras: an
drúiseach drochbheartach lán de
smúitcheó síor-loisgeamhuil raimhe:
agas an tnúthánach taobh-thruadh
amhuil onnchú chúthaich ag úalfartaigh
le géire na ngrodphían a himir-
thear air, air leacaibh loma lois-
gineacha san ifrinn.



Ann súd, ní bheidh dubháilce gan
doghruin fá leith; beidh an duine uaibh-
reach, árdaigeantach lán d'aithis agus
de náire, agas an duine santach dhá
chéusadh le dían-easba dochraideach
gan súil le faosamh. Ann súd, is
guirte, ghéire, ghráineamhla aon uáir
amháin ag fulann na nillphían úd,
ioná céud blíadhain air an tsaoghal
sa faoi iarsma gach trom-aithríghe.
Ní bhfuil osadh ná ionfhuaradh le fá-
ghail aig an ndrong ndamanta ó'n
am dimthíd amach tré bhearnain an
bháis; acht ann so, is minic gheibhid
suaimhneas uadh shaothar, agus sár-
luathgháir tre chómhluadar a gcarad.
Anois gaibh fuadar fíordoilgheas
a dtaobh do pheacaidh, ionnas go


L. 74


dtiocfadh leat bheith an aoibhneas
árdchéimeach na naomh, lá an bhreith-
eamhnais: "óir an tráth sin seas-
faidh na fíréin go lánmhisneamhail
an aghaidh na droinge a chráidh agas
a chreachruathair íad." An lá úd,
tabharfadh, an té so breith air chách,
a ghéilleann go húmhal do bhreitheamh-
nas chách anois. An lá úd, béidh
an duine bocht, úmhal-chroídheach lán
de neart agus de dhóthchas, agus an duine
uaibhreach faoi imeagla air gach
leath. An lá úd a foillséochar
cíall agus críonnacht an té bhídh faoi
tháir agus faoi tharcuisne ansa tsaoghal
so air son Chríost. An lá úd,
beidh gach duadh agus doghruin, a fuilin-
neadh le foighide, taithneamhach, agus
"druidfir le chéile beul gach an-
cheirt." An lá úd beidh luathgháir
agus gáirdeachas air an nduine ndía-
dha; agus beidh an neamhchráibheach
gruama goirgeach! An lá uid, beidh
an cholan, a crádhadh le geuraithríghe
níos chaithréimighe 'ná dá mbeidh sí
d'á sáir-bhíadhtha le áilleact gach
aoibhneis air feadh a beatha. An
lá úd, beidh an aibíd lom-chaithe go
lonnrach lánmhaiseach, agus eudaigh


L. 75


míne, mórchosdais, gan mheas.
An lá úd, beidh an bothán bocht níos
ionmholta 'na an grianán oirdheirc
árd-aobhinn! An lá úd, beidh torra
air an bhfhoighide, agas cumas
claonbheartach go annbhfannach; beidh
úmhlacht úiríosal go ceannasach,
agus gliocas ceardeamhail an tsaoghail
so go tarcaisneach, táirmheasa-
mhail! Beidh fear an chogúis ghlain
níos luathgháirighe 'ná an t-ollamh
tóstalach, a chuir a leas air cáirde
le cíocras foghlama! Beidh dímheas
gach saidhbhreis níos toirteamhla,
'ná maoin agus mórfhághaltas na saogh-
altánach go huile!



An lá úd, is mó an suairceas
leat cuimhniughadh air a ndúbhrais
d'úrnaidhthibh, 'ná air ar ithis de
bhiadhaibh soineamhla, sochaithte air
feadh do bheatha! Agas is mó do
luathgháir de dhruim bheith ciúin,
cneasda, ioná dá mbeidhfádh cain-
teach, cómhluadrach. An lá úd, is
mó an meas bheidh air deaghobair-
eachaibh, 'ná air bhríathraibh blasda,
beagmhathasacha; agas is mó an
taiteas do neach féuchain tar ais


L. 76


air bheatha dheaghriartha, 'ná aoibh-
neas na cruinne!



Foghlaim anois saothara suaracha
an tsaoghail so dfhulann go foighid-
each, ionnas go saorfaidh thú uadh
throm ualach na nill-phian air an
tsaoghal eile. Feuch anois air
feadh na beatha sa, créud is féidir
leat d'iomchar tar éis do bháis:
agas muna bhféadair beagán d'fhu-
lann anois, cionnas thiocfadh leat
pianta síorruidhe Ifrinn d'fhulann air
an dtaobh thall? Gan amhras ní
féidir duit bheith seasgair sáir-
shólásach annso, agas sona, síor-
cómhnaidhtheach mar aon le Críost
ann súd.



Créud d'fhóghnfadh gradam agus
gnáth-aiteas na beatha so dhuit, dá
mbeidhfádh le bás d'fhághail anois?
Is baosradh, dá bhrígh sin na huile,
acht grádh agus searc-riaradh Déi
amháin. Oir ní eagal do'n té
ghráidheann Dia le na chroídhe go
hiomlán, bás, ná breitheamhnas,
na fós teine threun Ifrinn; de bhrígh
go nosglann searc-ghrádh Déi an
tslíghe go ríoghacht na bhflathas!
Acht ní iongna, faraor! go mbeidh


L. 77


an té thugann taithneamh do'n bpea-
cadh, im-eaglach roimh an mbás, agus
an mbreitheamhnas. Gidhe muna
gcoisgidh tú ó'n bpeacadh le grádh
do Dhia, is maith, an chuid is lúghadh
dhe, cosg ó'n olc le heagla Ifrinn.



Acht ní feidir do'n té a chrapann
a lámh ó'n olc tré eagla Ifrinn go
haonaránach, seasadh a bhfad air
deaghstaid; oir is gearr go dtuitfidh
sé a ngaisde gháibhtheach an Diabhail!



25 CAIB.



De leasadh díograsach ar mbeatha.



Bídh díthchiollach, agus glach taith-
neamh a seirbhís Déi, agus smuain go
minic creud thug annso thú, agus créud
fá'r thréigis an saoghal? Ann nách
chum maireachtain do Dhia amháin agus
do bheatha do chathadh do réir a thola
naomhtha?



Bídh díoghrasach dá bhrígh sin, a leas
d-anama, oir is gearr uait dual-
gas mórluach do shaothair, agas as


L. 78


sin amach ní baoghal duit doilgheas
ná doghruin air feadh na síorrúidheach-
ta! Ní fuláir duit bheith ag obair
agus ag gnóthadh air feadh tamail bheig
anois, acht na dhiaigh sin, gheabhfair
síthcháin agus suaimhneas ar feadh na
síorrúidheachta.



Má leanann tú go dílis, dúthrach-
tach, a saothar do leasa, gan amh-
ras beidh Dia dílis, deaghchroídheach
ag tabhairt do dhualgais dhuit. Ní
fuláir dhuit muiníghin láidir a bheith
agat rochtuin do'n ríoghacht; acht
ná meas go bhfuilir saor uadh bao-
ghal, air eagla go dtuitfeádh a
n-uabhar nó a bhfaillíghe. Lá naon
bhí duine áirighe a mbuairt aigne
mhór, agus iar dteachd dó asteach don
eaglais, sleachtaídheann é féin a
bfiaghnaise na haltóra, ag rádh
mar leanas a meódhan a chroídhe:
"Da mbeidh a fhios agam go lean-
fainn go buan-tseasamhach a seir-
bhís Déi:" agus gan stadh, cluineann sé
Dia ag labairt leis go hinmheódh-
anach: "agas dá mbeidh an fios
san agath, creud dheunfádh"? Deun
anois an nídh dheunfádh an uair sin,
agus ní bheidh baoghal air bith ort".


L. 79


Agas gan maill mhothaidh sé é féin
cómhneartaidhthe, de bhrígh na mbria-
thar sin, agus thug suas a thoil go
iomlán do thoil Déi, agus uadh an lá
sin amach thréig a bhuairt agus a dhoil-
gheás inntinne é! Níor fíafraidh níos
mó, créud bhí lé tuitim amach do iar
neugadh; acht thug é féin air thoil
iomlán árdthaithneamhach Déi do
lorg agus do leanmhain mar thús agus
mar dheireadh gach deaghobaire.



"Cuir do mhuiníghin annsa Tiarna
agus deun maitheas," air an faidh ríogh-
amhail, "agas áitreabhaidh an ta-
lamh, agas biadhthóchar thú le'n a
shaidhbhreas". Tá aon nídh amháin
is minic choisgeann alán air dhul air
an aghaidh a leas a n-anama; íodhon
eagla an duaidh agus an dianshaothair,
nách fuláir dhóibh d'fhullann ansa
gcoinbhfliocht sin. Agas ní bhfuil
neach is fearr téidheann air aghaidh
a mbóthar a leasa, 'ná an té
throideann go cródha a naghaidh na
gclaonta, is neartmhaire agus is
dochlaoidhte: óir is dual an luach-
saothair is fearr, agus na grása is
mó do'n té bheireann buadh air féin,
agus dhiúltaidheann d'antoil na cholna.


L. 80


Acht ní hionann cómhrac agas
cathaidhe gach aon: acht an té,
tá dílis, dúthrachtach, gidh gur
láidire a chlaonta, fós is mó a
dhualgas agas is fearr a shlíghe chum
Déi, 'ná slíghe an té, ag nách bhfuil
acht claonta laga agus thugann fail-
lighe ann a smachtadh.



Congnaidheann dá nídh go mór linn
a leasadh ar mbeatha, íodhon, sinn
féin do tharrang go díthchiollach uadh
na hanmhíanaibh peacamhla, d'á
ngéilleann an nadúr daonna, agas
na subháilcídhe is mó theafdáidheann
uainn do lorg go dúthrachtach. Ta-
bhair aire mar an gceadna air na
lochtaibh so do sheachaint is mo chuir-
eann míthaithneamh ort a gcách.



Iompaidh gach ócáid chum fághal-
tais d-anama; ionnas má fheicir,
nó má chloisir aon deagh-shómpla,
go nglacfádh formad na maithise.
Acht má fheicir aon drochnídh da
dheunadh, tabhair aire gan aithris
do dheunadh air; agas má thuit
amach gur rinnis a leithéid riamh,
leasaidh thú féin gan maill.



Do réir mar bhreathnaidheann tu-
sa cách, is é bhreathnaidheann cách thú.


L. 81


O! is taithneamhach an nídh dear-
bhráithre dfheicsin díograsach, dia-
thoirbhirthe, diadha, deaghórdaidhthe!
Acht is duairc, dubrónach an nídh
iad dfheicsin airleógach, anspianta
neamhchúramach a ngnothaibh a n-
anama. Is gáibhtheach guaiseach an
nídh faillídhe do thabhairt a ninntinn
ar ngairme, agus ar naire bhronnadh
air ghnóthaibh nach mbaineann linn.



Bídh cuimhneach air an rún cráibh-
theachta a ghlacais, agus cuir íomháigh
na croise go minic ós do chómhair.
Monuair! Is iomdha cúis náire
agat, má fheuchan tú air bheatha
Íosa Críost, nách bhfuil tú fós
cómhfhreagrach do'n phátrún óir-
dheirc so, gidh fada ag iomchar na
haibíde thú.



Gheibheann an cráibheach a ghnáthai-
dheann go dúthrachtach dáiríribh ag
machtnadh air bheatha, agus air pháis
ár dTiarna, gach nídh ríachtanach agus
tairbheach ann; agus ní gádh dho aon
nídh is fearr do lorg a hÍosa! A!
dá dtagadh Íosa ceusta air cuairt
ann ar gcroidhthe, badh líonmhar, agus
badh obann ar bhfoghlaim!



Fuilingeann an duine diadha dío-


L. 82


grasach, agas glacann go ceanamh-
ail gach nídh a aitheantar dho. Acht
bídheann buaireadh air druim buair-
eidh age'n nduine bhfuarchráibheach,
agas doilgheas air gach leath dhe; de
bhrígh nách bhfuil solás air bith aige
air an dtaobh astigh, agus go bhfuil sé
coisgthe air, é lorg uadh'n dtaobh
amhuigh.



Is uathbhásach an creachruathar
lé a mílltear an manach a dhiúl-
taidheann fómos do riaghalaibh.
Bídheann an duine faillígheach an-
rianta, go gnáth anshocair anshás-
da: de bhrígh go gcuireann so nó súd
anshásdacht air uadh uair go huair.
Cionas mhaireann na manaigh, fá
chruadh-smacht na riaghal, do nách
fuláir dóibh geilleadh. Is anamh
shiúbhlaid amach, is íargcúlta chai-
thid a mbeatha; is suarach a mbiadh
agus a ndeoch; is lomchaite a neudach;
is duadhamhail a saothar; is beag a
labharaid; is fada a náirnéan;
ish much a dhúsgaid; is cian a núr-
naidhthe; is mór a léighid, agus is
dúthrachtach ghéillid do gach riaghail
a bhaineann le'n a mbeatha.



Feuch air na hórdaibh beannaidhthe
d'á rádhtar, "Cartúsiáni agus


L. 83


Cistercíani", agus air an uiliomad
eile de Mhanachaibh, agus de mhnáibh
ríaghalta mar éirghid a gceart-
mheadhan na hoídhche ag canadh psalm
do'n Tiarna. Badh mhór, uime sin,
an náire dhuitsi bheith ad spadaire
spairtfhuar air feadh na haimsire
beannaidhthe so, agus meithle mór-áluine
an Tiarna go luathgháireach ag mo-
ladh mordhacht Déi. A! is truagh
mar tá aon nídh eile le deunadh
againn, acht bheith ag moladh agus ag
mor-mheudadh ar dTiarna Dia uadh
ar gcroídhe, agus ar sgairt go hiom-
lán!



Is truagh nách fèidir linn deunadh
gan ithe gan ól, gan codladh gan
suan, ionnas ga mbeidhmis go síor-
chómhnaidhtheach ag moladh Déi, agus
tógtha suas go hiomlán a ngnóthaibh
spriodálta! Badh mhó ar sonas agus
ar sólás mar sin, 'ná mar támoid
annois, fá throm-iarsma na colna.



A bhúidhe re Dia, nách mbeidh a
leithéid so d'iarsma orainn, agus nách
mbeidh agaínn acht aire do thabhairt
dfionn-fhuaradh an anama, nách
mblaiseamoid faraor! acht go ró-
annamh! An tan nách loirgeann neach


L. 84


a sholás, acht uadh Dhia amháin, ise
thionsgann sé go foirbhthe taithneamh
do thabhairt do Dhia: agus bídheann sásda
gidh b'é nídh thárlaidheann dó. Ní
bhídheann an té so luathgháireach 'n a
shaidhbhreas, ná dubrónach 'nn a dhobh-
reas, acht tiomnaidheann é féin go
hiomlán, agus go muiníghineach do Dhia,
d'á dtug sé searc agus dianghrádh tar
gach nidh cruthaidhthe; oir ní théidheann
aon nídh amúgha ná a gclaochlódh uadh
Dhia, acht maireann gach nídh dhó agus
riaraid é gan maill.



Cuimhnidh go cínte air do chríoch
dhéighionaich, agus nách bhfilleann an aim-
sir d'imthídheann tarainn. Ní féidir
d'aon neach bheith taithneamach a
láthair Déi, gan bheith dílis dúth-
rachtach 'nn a sheirbhís. Má thions-
gann tú bheith fuarchásach, beidh tú
gan maill anshásda; acht má thug-
air thu féin air theasgrádh Déi,
beidhir suaimhneach síthchánta: agas
deunfaidh grása Déi, agus searc na
subháilcídhe do dhuadh níos lúghadh agus
d-ualach níos eudtroime.



Bídheann an duine dúthrachtach teas-
ghrádhach, ullamh do gach deagh-nidh.
Is docamhla go mór claonta do


L. 85


smachtughadh agus droch-chleachta thréi-
geadh, 'ná bheith ag obair agus ag
iomshaothar le'ar mballaibh corpor-
dha. An té nách dtréigeann lochta
suaracha, titeann le beagán agus le
beagán a lochtaibh lán-mhóra.



Má chaitheann tú an lá go maith,
beidhir luathgháireach, áthasach air
theacht na hoídhche. Bídh aireach;
gríosaidh do mheanmain; cómháirlidh
thú fein: agus gidh b'é theagmhann do
chách, ná tabhair si faillíghe ionnat
féin. Do réir mheid an díanais
le a ndiúltáidhir dod' thoil féin, ise
is móide do rian a mbealach do
leasa.


L. 86


AN DARA LEABHAR.



1 CAIB.



De chómhrádh inmheadhanach.



"Tá ríoghacht Déi ionn bhúr measg
agaibh," air ar dTiarna. Iompaidh
led' chroídhe go hiomlán air an
dTiarna, agus tréig an saoghal an-
ródhach sa, agus gheobfair síthcháin
anama. Foghlaim nidhthe saoghalta
do dhímheasadh, agus tabhair thú féin air
nidhthibh inmheadhanacha, agus chídhfir río-
ghacht Déi fad' tharamuin: oir is é
ríoghacht Déi síthcháin agus gáirdeachas
ann sa Spiorad naomhtha, a seun-
tar air na mallaidhtheóiribh.



Tiocfadh Críost chugat ag foill-
seadh a shólás dhuit, má ullmháidhir
ionad cómhnaidhthe dho. Is a gcroídhe
an duine tá glóir agus maise an Tiar-
na, agus is ann is mian leis áitreabhadh.
Is iomdha cuairt bheir sé air an
nduine inmheadhanach, is milis a


L. 87


chómhluadar leis; is bríghmhar a
sóláis, iodhon, iliomad síthchána agus
muinteardhas gan teóra.



O! anam fhíreunda, ullmhaidh do
chroídhe dod' chéile ruin, ionnas go
ndeónfadh sé teacht agus cómhnuidhe
ionnat; oir deir sé féin, "Gidh b'é
ghrádhann mesi coimheudfadh sé
mo bhríathar, agus tiocfam chuige, agus
deunfam cómhnuidhe mar aon leis."
Deun shlígh uime sin do Críost a
meadhan do chroídhe, agus seun dul
asteach air gach aon eilé. Is duine
lán-tsaidhbhir thu, an tan a sheal-
bhaidheann tú Críost, agus is ró leór
dhuit é: deunfadh se saláthar dhuit go
dílis deaghchúramach, ionnas nách
gádh dhuit do dhóthchas do chur a
ndaoinibh air bith: oir malartáidh-
eann daoine a n-aigne gan maill, agus
is obann thédhid ar neamhnídh; acht
ní mar sin do Chríost, seasaidheann
linn diongabhálta go deire.



Ní ceart an iomad muiníghine
do chur a ndaoinibh suaracha, so-
mharbhtha, an tsaoghail so gidh gur
thairbheach, ionmhuin linn íad: ná fós
bheith buartha anshásda, má bhídhid
air uairibh ann ár naghaidh agus d'ár


L. 88


gcrosadh. Oir an drong a tá leat
aniugh, bféidir dhóibh bheith ad aghaidh
amárach, agus a n-inntinn d'atharughadh
air nós na gaoithe.



Cuir do dhóthchas iomlán a n-Día;
glác naomh-uamhain roimhe, agus tabhair
searc do chroíde dho; deunfadh sé
freagairt air do shon, agus ríarfadh
gach níd chum leas d-anama. Ní
bhfuil cathair chómhnaidhtheach annso
agat; agus gidh b'é áit a bhfuilir, ni
bhfuil ionnat acht deóruighe, agas
oilearach, do nách féidir suaimh-
neas dfaghail go dtáidhthídhthear é
go hinmheadhanach le Críost.



Creud fáth bhfanann tú ag amharc
ad timchioll, an tráth nách annso tá
hionad suaimhneis? Is air neamh
nách fuláir dod' áitreabh béith,
agas ní dual feuchain air nidhthibh
na talmhan so, acht amhail nidhthe
thárlaidheann orainn ann sa tslíghe.
Imthígheann lón na beatha só agus sinn
féin mar aon leis: dá bhrígh sin,
ní ceart dhuinn ceangal de'n tsaoghal
sa, air eagla go mbeirfídh annsa
ngaiste orainn, agus go gcaillfea-
mois ar n-anama.


L. 89


Machtnaidh go minic air mhór-
dhacht an Aird-rígh, agus cuir d-úr-
naidhthe go cómhnaidhtheach a láthair
Chríost. Muna fiosach duit macht-
nadh do dheunadh air árd-rúndiamh-
araibh an chreideimh, smuain go dil
air gheur-pháis Chríost, agus lonaidh
le taithneamh 'nn a chreuchtaibh ró-
naomhtha: oir má rítheann tú go beó-
chreideamhach chum creuchta, agus
cneadha mór-luacha Íosa, beidhir
sásda, solásach ad buáireidh, gan
beann air mheas nó air mhímheas
saoghaltánach, ná fós air theangain
na cúl-chainte!



Bhídh Críost féin fá dhímheas air
an saoghalsa, agus tréigthe ag á cháir-
dibh agus ag a chomhlúadar a gceart-
mheadhan gach athaise: dfulainn sé
táir agus tarcuisne; agus an feidir
leatsa gearán air aon neach? Bhídh
daoine air droch-aigne, agus ag ithiom-
radh Chríost féin; agus ann measairsi,
gur fuláir do gach aon bheith cáir-
deamhail, cúramach agat féin?



Cionas is féidir dhuit duais na
foighide do thuilleadh, muna dtár-
ladh mí-ádh air bith dhuit? Cionas
bheidhir ad charaid ag Críost, muna


L. 90


bfulannair air a shon? Uime sin
fulainn mar aon le Chríost, agus air
shon Críost, má's mían leat riagh-
lughadh mar aon le Críost. Dá
dtagadh leat dul a seilbh inmhea-
dhanach Iosa, agas a dhianghrádh do
mhothúghadh, ní bheidh beann air bith
agat air do sheasgaireacht, nó
mhísheasghaireacht féin; acht bheidh
luathgháir ort fá aithis d'fhághail;
óir deunann grádh Iosa mí-thait-
neamhach ann ár súilibh féin sinn.



Is féidir leis an duine inmheadh-
anach, a ghrádhann Íosa na fírinne;
ata saor uadh gach anchumann, é féin
do thabhairt go hiomlán do Dhia,
agas a chroídhe d'ardughadh tar gach
nídh cruthaidhthe chum Déi na síth-
chána! Tá an té sin cíallmhar
caoin-teagasgtha uadh bheul Déi, a
mheasann gach nídh do réir chothroim
an cheirt, iodhon, do réir thola
Déi.



Ní bhídheann an duine diadhá deagh-
shómplach, a dhímheasann an saoghal
sa, choídhche air easbadh uaine agus
ionaid chum a dhéaghníomhartha do
dheunadh: oir, de bhrígh nách dtugann
é féin tar fóir air ghnóthaibh saogh-
alta, is féidir leis athchúimhneadh


L. 91


níos luaithe air ghnóthaibh an anama.
Ní ghailleann duadh nó doghruin air
an téso; de bhrígh go gcuireann é
féin a noireamhain do gach nídh do
réir mar thárlaidheann.



Ní thugann sé aire air bith do
mhí-iomchar ná do dhrochleachtaibh
chách, de bhrígh go bhfuil a chroídhe féin
lán-tsocair a nDia. Do réir
mar tharrangeann duine cúraim air
féin ise bhuairidhid, agus churaid toir-
measg air. Do rachfadh gach nídh
chum maithis agus mór-fhághaltais dhuit,
dá mbeidhfádh glan-chroídheach, deagh-
órdaidhthe an d'aigne. Is minic
bhídhír anshocair, míshásda, le mó-
rán nidhthe; de bhrigh nár smach-
taidhís do chlaonta, agus nach bhfuilir
fós deighilte air fad uadh lochán an
tsaoghail si.



Ní bhfuil nídh air bith is mó thruail-
laidheann, agus shladann croídhe an duine,
'ná ancumann do chreutúiribh. Má
thugann tú druim laimhe leis gach
sáshamh ceadfádhach, tiocfadh leat
léir-mhachtnadh air shólás síor-bhuan
na bhflathas; agus gáirdeachas gan
teóra do mhothúghadh a gceart-lár
do chroíde.


L. 92



2 CAIB.



D'úmhal-fhomós.



Ná cuir suim ann cia tá leat, nó
ann d'aghaidh; acht deun díthchioll go
mbeidh Día leat an gach nídh, 'nn a
gcuirir do lámh. Coimheud an coin-
sías glan, agus tabhairfidh Dia cabhair
dhuit: oir ní féidir le malís chách
díoghbháil a dheunadh do'n té le a
gcabhraidheann Dia.



Bídh foighide agat, agus éisd do
bheul, agus chídhfir go dtabharfadh Dia
lám chabharthach leat. Tá fios na
huaine agus na haimsire aige, ionn a
ceart tu fhuasgladh; dá bhrígh sin
géill go hiomlán dá thoil ró-naomh-
tha. Is le Dia bhaineann sinn dfuas-
gladh agus cabhrúghadh línn ann gach
buaireadh. Is minic gur tairbheach
dhuinn air son na humhlachta, fios ár
locht bheith ag chách, agus aithbhior dfá-
ghail uatha.



An tan úmhlaidheann neach é féin,
de dhruim a chionta, síothaidheann sé
cách go urusa, agas tugann sásamh
do'n drong a bhídheann a bhfeirg leis.


L. 93


Comairceann, agas fuasglann Dia
an duine úmhal; is dó thugann se
searc agus síor-ghrádh; is chuige a
chlaonann a ghrása, agus d'éis é uirís-
leadh, árdaidheann é do'n chathair
chaomh-áluin. Is do'n duine úmhal
dfhoillsídheann sé a rúna, agus
tarraingeann é go suairc sáir-
thaithneamhach chuige féin!



An tan thugthar masla nó míchliú
do'n duine úmhal fuileangann é go
foighideach; oir is a nDia tá a
dhóthchas agus ni ann san tsaoghal. Ná
meas tu féin órdlach air d'aghaidh
a mbealach do leasa, an fhaid is
dóigh leat go bhfuilir níos fearr
'ná cách!



3 CAIB.



De'n deagh-dhuine shíth-chánta.



Cómheud do chroídhe féin air dtús
a síth-cháin, agus 'na dhiaigh sin, is féi-
dir leat cách do síothúghadh. Is mó
an tairbhe thagann lé fear síth-chánta


L. 94


do dheunadh 'ná lé fear foghlama.
Umpaidheann fear na feirge gach
maith chum oilc, agus is obann d'éisdeann
le drochsgeul. Acht úmpaidheann
fear na síth-chána gach nídh chum
maithise! Ní thugann droch-thuairim
fúidh chách, acht ní mar sin dfear
na feirge, buairídhthear é le an-
shásdachd; ní bhfuil suamhneas air
bith air féin, agus ní lúgha tá 'ná
fhulainneann do chách suámhneas do
dheunadh. Labrann sé air nidhthibh
air n'ár cheart do a bheul do luas-
gadh, agus bídheann sé ciuin ann uair
badh cheart dó labhairt. Feiceann
se go geur-radharcach gnótha chách, agus
tugann faillíghe 'nn a ghnóthaibh féin.
A! a thruadháin, bídh fonnmhar a
gcómhlíonadh do dhualgais féin air
dtúis, agus na dhiaigh sin is féidir leat
go dlightheach cúram do chur a
ngnóthaibh na cómharsan.



Is maith is eól duit do lochta féin
do cheilt, agus a leithsgeul do ghabháil;
agus fós ní maith leat leithsgeul do
ghlacadh uadh chách. Badh cheirte dhuit
tu féin do dhaoradh agus do dhearbhrá-
thair do shaoradh: má's áil leat
cách bheith foighideach leat, bídhse


L. 95


foighideach leis. Feuch gur fada
thu fós uadh grádh Déi agus uadh'n úmh-
lacht, a theagasgfadh dhuit gan bheith
a bhfeirg nó a bhfuasnadh le aon
neach acht leat féin.



Ní deacair cómhluadar do cho-
mheud le daoinibh ceannsa, úmhla;
oir tá sin taithneamhach do réir
nadúire gach aoin: agas is gnáth
gur geal le gach neach, chómhluadar
na ndaoine, a réightídheann le na
thoil féin. Acht is fearamhail,
fiorghrásach an ghaisge do neach air
bith, maireadh go síth-chánta a measg
dhaoine dúra doshásda, a bhídheann ag
aghnasadh agus ag claon-chamadh air.
Gidhé tá daoine ann a chómheudann
iad féin síth-chánta, agus fós a mhair-
eann gan imreas a measg chách;
acht, faraor! tá daoine éile ann,
a bhídheann ag síor-chogadh leó féin,
agus le cách; a bhídhean suaiteach, sios-
marach a measg na gcómharsan, agus
fós ní sos dóibh féin é. Tá an
tríomhadh cineul daoine ann, a bhí-
dheann síthchánta iad féin, agus chabhrai-
dheann ag tabhairt na gcómharsan
chum síthchána.



Acht ann fhaid bheidhmíd air an


L. 96


tsaoghal anródhach sa, is mó is ceart
dhuinn ar síth-cháin do mheas uadh ár
bhfoighide a bhfulann, 'ná uadh easbadh
mí-ádh: oir is mór síth-cháin agus
suaimhneas an té, d'ár fios é féin
d'iomchar go foighideach fá láimh an
Tiarna. Buadhann an té sin go
caith-réimeach air a dhrochlaontaibh
féin, agus air dhrochleachtaibh an tsao-
ghail; neartaidheann a charadas le
Críost, agus saothraidheann oighreacht
na bhflathas!



4 CAIB.



De'n aigne ghlain agus de'n inntinn maith.



Ardáidhthear an duine uadh'n dta-
lamh do neamh le dhá sgiathán, iodhon,
le símplídheacht agus le glaine chroídhe.
Ní fuláir do'n inntinn bheith símplídhe
agus do'n gcumann bheith neamhthrúail-
lidhthe. Umpaidheann an tsimplídhe-
acht go iomlán air Dhia; gream-
aidheann agus sealbhaidheann an glaine-
achd é. Ní chuirfidh deaghnó air bith


L. 97


toirmeasg ort má táir saor uadh
ghrádh anmheasardha; má loirgeann
tú leas agus tairbhe do chómharsan, agus
toil ró-naomhtha Déi ann gach nídh,
beidhir saor sáir-fhuasgalta uadh
gach buairt aigne. Dá mbeidh do
chroídhe glan, badh sgathán beatha, agus
leabhar naomhtheagaisg gach creut-
úir dhuit: de bhrígh nach bhfuil aon
chreutúir d'á lúghad agus d'á tháire,
nách bhfoillsidheann sáir-mhaitheas
Déi!



Dá mbeidh do chroídhe díreach
deaghórdaidhthe, chíodhfádh agus thuigfádh
gach nídh go geur glan-radharcach: de
bhrígh go bhfeiceann fear an chroídhe
ghlain go ceartlár na bhflathas, agus
go fíor-iochtar Ifrinn. Tugann gach
aon a thuairim fúidh chách do réir a
chroídhe féin. Má tá luathgháir le
fághail air talamh, gan amhras tá
fear an chroídhe ghlain luathgháireach.
Agas má tá buaireadh agus crádh-
croídhe air talamh, isé fear na
droch-aigne is mó mhothaidheann iad!
Do réir mar chailleann an tiaran
a chuid meirge annsan dtealach, agus
thógann goradh, mar an gceudna,
chailleann an té úmpaidheann air a


L. 98


chuidh leisge, agus thógann goradh glan-
lonrach na carthanachta tré a
ndeuntar duine nuadh dhe.



An tan thosaidheann duine bheith
faitcheasach fuar-chásach, glacann
eagla é roimh bheagán saothair, agus
filleann go fonnmhar air sádhail na
colna. Acht an tan smachtaidheann
sé a chlaonta, agus shiúbhlann go cródhá
a mbealach a leasa, ní chuireann
suim air bith annsna nidhthibh a shamh-
laidh roimhe sin duadhamhail dian-
shaothair dho.



5 CAIB.



D'ar léir-mheas féin.



Ní féidir dhuinn bheith muiníneach
asainn féin, de bhrígh gur minic sinn
air easbadh grás agus ger-thuigsiona.
Múchamoid go hobann an leus bheag
sholuis a tá annainn, tré ar neamh-
aire fein: agus is minic nách mbreath-
namoid an daille inntinne ionna
bhfuilimid. Is minic ghníomoid


L. 99


droch-bheart, agus meudamoid an
t-olc, ag gábhail ár leithsgéil.
Bídhmid feargach air uairibh, agus
measamoid gur b'é grádh Déi, a
choraidheann sinn. Bidhmid milléin-
each air lochtaibh suaracha chách, agus
tugamoid cluas bhodhar d'ar dtrom choirthibh
féin. Is geur glan-radhar-
cach d'fheiceamoid gach díth agus
díoghbháil d'á ndeuntar dhuinn, agus ní
cúimhnídheamoid air a ndeunamoid
d'olc air dhaoinibh eile. Dá macht-
naidhmois air ar bhfeile-bheartaibh
féin, ní bheidh slíghe air bith againn
chum daor-bhreithe do thabhairt air
chách.



Tughann an duine diadha aire d'á
anam féin tar gach nídh eile; agas
ní gnáthach leis an té sin, bheith d'á
mheasgadh féin a nghnóthaibh dhaoine
éile. Ní féidir d'aon neach bheith
diadha, deaghiomchair, a sháidheann é
féin asteach a ngnóthaibh chách, agus
thugann faillíghe 'nn a ghnóthaibh fein.
Dá dtabharfádh aire iomlán do
Dhía, agus do leas d'anama, badh bheag
do shúim annsna nidhthibhsi nach mbain-
eann leat.


L. 100


Cá mbídheann tú an uair dhear-
mhadair tu féin? Agas creud é
an tairbhe dhuit d'aigne do sgaoil-
eadh na rith go luath-inntinneach air an
ndomhan uile, agus faillíghe a thabhairt
a leas d'anama? Má's mian leat
síth-cháin agus fíor-aondacht d'fághail,
ní fuláir dhuit gach nídh a léigean
thart, agus feuchain go sonrádhach
ort féin. Rachfair air d'aghadh go
mór, má chomheudair tu féin saor
uadh gach cúram saoghalta: acht
tuitfir go huathbhásach air gcúl,
má thugair cion d'aon nídh cruth-
aidhthe.



Ná meas go bhfuil aon nídh árd-
chéimeach, maiseach, nó mór-áluinn,
acht Dia amháin: de bhrígh nách bhfuil
acht suarachas, ann gach nídh is
lúghadh 'ná Dia, agus nach fhiú iad an
searc-ghrádh a dlighthear do Dhia
amháin. Ní féidir suairceas an-
ama, nó luathghair chroidhe d'fá-
ghail, acht a nDia shíorrúidhe uile-
chúmhachtach, a líonann le na mhór-
dhacht dochuimsidhthe, gach rann de'n
domhan.


L. 101



6 CAIB.



Dhe luath-gháir an deagh-chogúis.



Is a bhfoirghiol an deagh-chogús
bhídheann glóir, agus glé-mhaise an duine
mhacánta. Cómheud an cogús
glan, agus beidhir go síor luath-
gháireach; oir is mór is féidir
leis an ndeagh-chogús dfhulann, agus
bídheann áthasach a gceart lár gach
anró. Ní mar sin d'fhear an
droch-chogúis, bídheann sé chóidhche fuidh
uamhain agus fuidh anshásdacht. Is mór
é suaimhneas d'aigne muna gcrei-
midh do chogus féin tú: uime sin
ná bídh choídhche sásda, acht tar éis
deagh-obaire.



Ní mhothaidheann ná mallaidhteóirídh
suaimhneas nó síth-cháin anama air
feadh a saoghail; de bhrígh, mar deir
ar dTiarna, "Ní bhfuil sít-cháin
air bith ag na ciontachaibh." Agas
dá ndeárfadais, "Támoid a síth-
cháin, ní bhfuil baoghal air bith orainn,
cía d'ar féidir díoghbháil do dheu-
nadh dhuinn"? Ná creid iad; de
bhrígh go lasfadh dhíbhfeirg Déi go


L. 102


hobann ortha, agus go gcurfar a
gclaonbhearta air neamhnídh.



Ní deacair d'on drong, a ghrá-
dhan Dia, bheith sásda le buaireadh;
de bhrígh nach bhfuil a nglóir de'n
tsamhuil sin, acht glóir a gcros
ar dTiarna. Ní bhfuil acht gal
gearr-shaoghalach gaoithe a nglóir
na saoghaltánách; agas fós bídheann
glóir na beatha sa, cómheasgaidhthe
le duairceas, agus le dubrón: dá
bhrígh sinn, is uadh ar gcogúsaibh
féin, is dual duinn glóir agus gáir-
deachas d'fhághail, agus ní uadh
bheulaibh breugacha an tsaoghailso.



Is a nDia, agus uadh Dhia, thagann
gáirdeachus na bhfíoraon. Ní
bhfuil meas air thaibhse an tsaoghailso
ag an té loirgeann an ghlóir shíor-
rúidhe: acht an té a loirgeann glóir
an tsaoghailsi, nó nach ndímheasann
í, is suarach a shuim a nglóir na
bhflathas! Is mór suaimhneas agus
síth-cháin aigne an té nach gcuireann
suim a moladh nó a gcáineadh. Is
socair tá croídhe an té ag á bhfuil
cogús glan. Ní bhídhir níos naomh-
tha le moladh, ná níos míriaghalta
le cáineadh: acht tá tú mar tá
tú, agus ní féidir a rádh go bhfuilir


L. 103


níos fearr 'ná chídheann Dia tu
bheith. Ma bhreathnaidheann tú go glin
staid d'anama féin ní churfadh
ráidhte chách buairt air bith ort:
de bhrígh nách bhfeiceann duine acht
an ceannfhatha, acht feuchann Dia
air an gcroídhe; breathnaidheann
duine an gníomh, acht meadhaidheann
Dia an inntinn.



Is maith an cómhartha air dhuine
úmhal, bheith go cínte a deunadh
maithise, agus fós gan bheith mór-
mheasamhail air féin. Is dearbh
mar an gceudna an cómhartha air
chroídhe ghlan, gan sólás d'iaradh
uadh aon nídh cruthaidhthe. Tais-
beanann an té nach loirgeann fiagh-
naise fhoiriomalach do féin, gur
thoirbhir sé é féin go hiomlán do
Dhía: "Oir ní é an té mholann é
fhéin a tá anmholta, act an té a
moltar le Dia." Ní bhfuil aon
neach diadha, acht an té a shiúbhlann
go hinmheadhanach le Dia, agus thréig-
eann gach anchumann foiriomalach.


L. 104



7 CAIB.



De ghrádh Íosa tar gach nídh.



Is beannaidhthe an té d'ár fios
creud é Íosa do ghrádhúghadh agus é
féin dfhuathughádh air son Íosa! Ní
fuláir dhuinn gach gean eile do thréig-
eann air son seirce ar gcroídhe;
de bhrígh gur ríachtanach grádh Iosa
do bheith tar gach grádh eile. Tá
grádh gach creutúra dimbuan,
drochoinghiallach, acht tá grádh Íosa
ionruic, buan-tseasamhach. An té
ghreamaídheann de'n gcreutuir tuit-
eann mar aon leis; acht an té
cheanglann d'Iosa seasáidheann go
síorrúidhe. Tabhair searc agus síor-
ghrádh d'Íosa: O! deun muintear-
dhas leis, oir isé amháin nach gcaill-
fidh ort an tan thréigfidh an domhan
uile thu. Is éigion duit fá dheóigh sga-
radh uadh'n tsaoghal uile ded' dheóin
nó ded' amhdheóin; uime sin fan a
gcómhluadar Íosa ad bheatha agus ad
bhás, cuir thu féin fá na chómhairc;
oir isé d'ár féidír cabharadh leat
ann tan chaillfidh cách ort.


L. 105


Tá do dhianghrádh eudmhar, agas ní
áil leis cómhranadóir a'd' chumann:
acht is mian leis súidh amhuil rígh
caithreimeach a gceart-mheadhan
do chroídhe. Dá dtagadh leat an-
chumann gach creutúra do sgrios
uad' chroídhe, thiocfadh Íosa go
fonnmhar fád' thearmoin. chídhfir
go gcaillfidh gach muinín ort, acht
muinín Íosa amháin. Ná cuir
do mhuinín a ngiolcaich shéideann;
"Oir tá gach feóil amhuil feur, agus
críonfaidh a maise amhuil bládh an
mhachaire."



Is gearr go meallfar thu, má
mheasann tú daoine a bheith do réir
a sgéimhe: oir is minic chaillfid
ort, má loirgir do sholás 'ná
measg. Acht má loirgir Íosa go
cómhnaidhtheach, ní bhfuil amhras nach
mbuailfir uime. Acht má leannair
do thoil féin, beidh do thoil féin
agat, gidhe deunfadh an toil sín
ár agus léirsgrios do thabhairt air an
anam. Oir is mó an dochar a
deunann an duine dhó féin le gan
Íosa do lorg, 'ná is féidir do'n
domhan agus d'á námhadaibh go huile a
dheunadh dhó!


L. 106



8. CAIB.



De dhlúth-mhúinteardhas le Íosa.



An tan bhídheann Íosa ionn ar
bhfochair, téidheann an uile air a
naghaidh, agas ní shamhlaídheann aon
nídh docamhlach nó do-dheunta: acht
an tan bhídheann as láthair, bídhid
uile docharach doghluaiste. An tan
nach labharann Íosa leis an gcroídhe,
ní fiú dadmun ar solás; acht muna
labharfadh sé acht aon fhochal amháin,
mothaidheamoid ar ghcroidhthe lán
d'aitios agus d'áthas! A! is obann
phreabh Máire Mhagdaléan uadh'n
áit ionna raibh sí ag eugcaoineadh,
an tan dúbhairt Martá lé, "Tá an
mághaistir annso, agus é aig gairm
ortsa." Is sona an uair ionna
ngairmeann Íosa uadh gheur-ghol go
gáirdeachas spiorraide. Nách dúr
doirbhchroídheach bhídheann tú gan
Íosa; nách amaideach, baoth bhídheann
tú, an tan iarair aon nídh a dtaobh
a muigh d'Íosa; nách mó an dochar agus
an díth dhuit Íosa do thréigeann, 'ná
an domhan uile?


L. 107


Ní bhfuil pian is géire 'ná bheith
gan Iosa, nó suairceas air neamh
is mó 'ná bheith ann fhochair! Ní féi-
dir do'n Diabhail dochar ná díaghbháil
a dheunadh do'n té le a gcabhraidheann
Íosa; dá bhrígh sin is mó saidhbhreas
an té a shealbhaidheann Íosa, ná dá
mbeidh sé an árd-rígh air uile-mhaitheas
na crúinne! Agas is mó
mí-ádh an té a chailleann Iosa, 'na
dá gcaillfeadh sé saidhbhreas an
domhain uile. Is foír dá bhrígh sin,
gur bochtán dealbh an té mhaireann
gan Íosa, agas gur duine saidhbhir
sár-mhaoineach an té thugann searc
agus síor-ghrádh dho.



Is mór an inntleachd, fios d'fha-
ghail air chómhluadar Íosa; agas is
mór an eagna a charadas do chó-
mheud. Bídh úmhal, neamhchas, agus
fanfadh Íosa mar aon leat: bídh
cráibheach, ceannsa, agus ní thréigfidh
sé thu. Má chromann tú chum sólás
chealgacha an tsaoghailso, tiomáin-
fir, uait é, agus caillfir a ghrása
gan mhaill. Agas má dhíbhireann tú
uait Iosa, cía chum a rithfir, no
cá bhfaghfhair caraid chómh dílios?
Gan caraid éigin, ní féidir dhuit


L. 108


seasadh, agus ó sé Iosa an charaid is
fearr, muna ndeunair múinteardhas
iomlán leis, beidh tú duairc, díth-
cháirdeamhail. Dá bhrígh sin, is
óinmhid bhaoth thú, má chuirir do mhui-
nín nó d'aitios ann aon charaid eile.
Badh cheart dhúinn bheith sásda le dí-
bhfeirg an domhain uile, níos túisge
'ná chúirfeamois fearg air Íosa.
Uime sin, tar gach caraid, tabhair
grádh agus gean gan teóra dod'
chaomh-charaid Iosa.



Gráidh gach creutuír air son
Íosa, agus Íosa air a shon féin: óir
is dhual gach searc agus dian-chumann
d'Íosa, de bhrígh go bhfuil sé amháin
sár-mhaith síor-dhílios tar gach ca-
raid. Is ceart dhuinn grádh bheith d'ar
námhaid cómh maith lé ar gcáirdíbh,
agas gúidhe ortha, ionnas go dtioc-
faidís uile cum grádh agus aithne an
Tiarna. Agas fós ní ceart dhúinn
moladh ná mór-ghrádh chách do lorg;
oir is do Dhia amháin a dlíghthear
gach moladh agus gach meas, de bhrígh
nách bhfuil aon neach a gcómheas dó.
Ná loirg croídhe chách do ghreamughadh
dhíot, agas ná greamaídh do chroídhe
sa de chách, acht tabhair do chroídhe


L. 109


féin agus croídhe gach deagh-dhuine
d'Iosa Críost!



Cómheud thu féinn saor uadh anchu-
mann gach creutúra; de bhrígh nách fu-
lár dhuit bheith lom lán-shgriosta o'n
uile anchumhann má's mian leat sár-
mhílseachd an Tíarna do bhlaiseadh.
Agas go deimhin ní thiocfadh leat
rochtain chómh fadaso, muna dtar-
raingidh Dia lé na ghrásaibh thu:
ionnas go mbeidhfádhsa táidhthidhthe
sa: leis féin amháin, agus éision leatsa:
oir an tan bhronnonn Dia a ghrása air
neach, neartaidhid é go cumasac;
acht an tan tharraingeann a ghrása,
fágthar an duine na bhochtan anbhfann-
ach, amhail fá leatrom gach aniar-
sma! Gidhe ní ceart dho, bheith fan-
taiseach, eudóchasach, acht seasadh
go meanamnach agus a thoil do chur le
toil Déi, ag fulann go foighideach,
air son Íosa Críost, gach nídh a
thárlaidheann do: de bhrígh go bhfil-
leann an samhra ndiaigh an gheimh-
ridh; an lá a ndiaigh na hoídhche: agus
an grian a ndiaigh na borb-shíne.


L. 110



9 CAIB.



D'uireasbadh an uile sholáis.



Ní deacair gach solás saoghalta
do dhímheasadh, an fhaid bronntar
soláis neamhdha orainn. Acht is
ró dheacair seasadh gan ceachtar dhíobh:
agus an díbirt dubrónach so an ana-
ma uadh Dhia d'fhulann go foighideach
air a shon; agus sinn féin do threigeann
gan cuimhne air bith air ar nóir-
dhearcas féin. Ní híongnadh thu
bheith meanamnach, mór-chreidimh an
tan dhealraidheann lóchran lán-
tsiollseach na ngrás ort; oir is
geal le gach aon solas na ngrás
d'fhághail. Is socair taisdiol an
te a stiúrthar le grásaibh Déi; agus
ní h-íongnadh gan é mhothúghadh tuirse
na slíghe, de bhrígh go bhfurtaidheann
agus go stiúrann Dia féin é.



Is gnáth linn dúil do chur a solás
éigin, agus is ró dheacair linn solás
na colna do thréigean! Rug an
naomh-mhairtíreach Labhras buadh
air an tsaoghal, mar aon le n-a Sha-
gart: de bhrígh go raibh nidhthe taith-


L. 111


neamhacha an tsaoghail so fá thar-
caisne aige; agus gur fhulainn sé
Sixtus árd-shagart an Tighearna
do bhreith uaidh, gidh go raibh an-
cheanamail air. Uime sin, thug
sé searc do'n gCruthaidhtheóir tar
an gcreutúir, agus thóg sé toil
ró naomhtha Déi mar rogha tar gach
toil. Mar an gceudna, bídhsi
ullamh chum gach caoin-charaid do
thréigean air son ghrádh Déi. Ná
bídh duairc doshásda, má thugann do
charaid druim láimhe leat: oir is
éigin dúinn uile sgaramhain fá dheóidh
le chéile.



Caithfidh duine troid go treun-
chómhlainneach sul a dtiocfadh leis
cath do chur air a chlaontaibh féin,
agus cumann a chroídhe do thabhairt do
Dhia. Is obann a claontar cum
sólás daonna, an té sheasaidheann
air a neart féin. Acht ní leanann
an té thugann dil-ghrádh do Chríost,
a samhail so de bhláthaibh baoise; is
fearr leis catha cruadh agus saothar
sáir-dhian d'fhulann air son Chríost.



Dá brígh sin, an uair bhronnfaidh
Dia solás spioradálta ort, glac
go lán-bhuidheach é; acht bídh deimh-


L. 112


neach nách tré do luaigheacht féin,
acht tré mhór-mhaitheas Déi a dheó-
naidh é féin d'fhoillsiúghadh dhuit. Ná
tabhair gean dod' adhmholadh féin;
Ná glac áthas ná andánachd, acht
úmhlaidh thu féin níos mó; gaibh eagla
agus árd-chúram an d'uile ghníomh: oir
rithfidh an uairso thart, agus tiocfaidh
uair an catha. Má thréigeann gach
solás thú, na tuit a neudóthchas;
acht fan go foighideach, fíor-úmhal
ag feitheadh na cuairte neamhdha:
oir is féidir le Dia solás níos mó
do bhronnadh ort. Ní bhfuil so nuadh,
ná suaitheantaiseach, ag an ndrong
d'ár fiosach slighthe an Tiarna: oir
is minic mothaidh na naoimh agus na
sean-fháidhe iolardhas de'n tsamhail
so.



Uime sin, a dúbhairt an fáidh
ríoghamhail an tan bhronn Dia a ghrá-
sa air, "Dúbhairt mé a'm líon-
mhaireacht, ní cuirfear buaireadh
choídhche oram." Acht iar dtarang
na ngrás uaidh, deir, "d'fholaidh
tú d'aghaidh uaim, agas bhídh me
buadhartha." Gidhe ní thuiteann sé a
neudóthchas, acht guidheann níos dúth-
rachtaiche chum Déi ag rádh, "Is


L. 113


ortsa, a Thiarna, do ghlaodhfad, agus
cuirfead mo ghuidhe chum Déi." Fá
dheóidh, fuair sé toradh air a ghuidhe,
agus tugann féin fiadhnaise gur héis-
teadh leis, ag rád, "d'éist an
Tiarna liom, agus do rinn trócaire
oram: tháinic an Tiarna a gca-
bhair dham;" acht cionnas? "d'iom-
paídhis mo dhubrón chum luathgháire,
thímchiollais mé le gáirdeachas."
Ó bhídh an sgeul marsa ag naomhaibh
neartmhara Déi, ní ceart do bhoch-
tánaibh laga mar sinne tabhairt
suas, má bhídhmid air uairibh teas-
ghrádhach, agus air uairibh eile fuar,
faillígheach; de bhrígh go nimthígheann
agus go bhfilleann an Spiorad do réir
dheagh-thola an Tiarna. Uime sin
a deir Iób naomhtha, "Fiosraidheann
tú é go moch air maidin, agus go ho-
bann deimhnídheann tú é."



Creud dá bhrígh sin ionn a gcuirfead
mo mhuinín, agus cia as gur ceart dham
dóthchas a bheith agam? As mór-
thrócaire Déi amháin agus as iomad-
amhlacht a ghrás: oir bídhim a gcomh-
luadar deagh-dhaoine, nó a measg
dhearbhráthar dhiadha, nó idir cháir-
dibh díleas no ag léigheadh leabhar


L. 114


teagaisg, nó ag éisdeacht le dán-
aibh ceólmhara agus psalmaibh síth-
mhilse, is ró shuarach mo bheann orr-
tha uile, má thréigeann grása Déi
me, agus má fágthar a leith mo boch-
taineachta féin me. An am de'n
tsamhailso, ní bhfuil leighios is brígh-
mhaire 'ná foighide, agus me féin do
thabhairt suas go hiomlán do thoil
naomhtha Déi. Níor thárlaidh aon
neach ríamh liom, dá mheud a cráibh-
theacht agus a chaon-dúthracht, nách raibh
uair éigin air dhíth na ngrás, agus air
maoladh meisnighe agus mór-dhíograis!
Agus ní raibh naomh dá airde agus dá
fhoghlamhtha, gan caithídhe a dtús nó
a ndeireadh a shaoghail: oir ní fiú
an té nár fhulainn buaireadh éigin
air son Déi, machtnadh air a naomh-
mhórdhacht: oir is gnáth-chómhartha
air sholás le teacht, na caithidhe a
chuireamoid dhínn: de bhrígh go bhfuil
solás na bhflathas geallta do'n
drong a dearbhaidhthear le caithídh-
ibh; "Tabharfad (air ar dTíarna)
do'n té a bheurfas buadh, le n-ithe
de chran na beatha, a tá a meadhan
pharthais Déi."


L. 115


Acht bhronnann Dia soláis neamhdha
orainn, chum seasadh níos cródha a
naghaidh ionnsaídh an Diabhail; gidhe
fulannann Día dhó, cathaídhe do chur
orainn, d'eagla an diomusa; óir
ní chodlann an Diabhal choídhche; agas
ní bhfuil an cholann fós marbh: dá
bhrígh sin ná sguir ó'n gcath, oir tá
námhada air gach taobh dhíot nach
gcómhnaidheann go bhráth!



10 CAIB.



De bhuidheacas air son ghrása Déi.



Creud fá loirgir suaimhneas, ó
rugadh thú chum saothair? Gabh foi-
ghide mar rogha tar shólás; agus tóg
ualach na croise tar gach lúathgháir.
Óir cá bhfuil an saoghaltánach nach
nglacfadh go háthasach sólás agus
luath-gháir spioradálta, dá mbhféi-
dir leis iad d'fhághail go cómhnaidh-
theach? De bhrigh gho sáraidheann
sólás spioradalta, gach sádhail
shaoghalta agus gach aitios collaidhe.


L. 116


Agas fhós tá taithneamh an tsaoghail
so baoth brúideamhail; acht tá sóláis
spioradálta amháin, míochair, ma-
cánta ag sreamhadh uadh na subháil-
cidhibh agus dá ndórtadh go líonmhar
ansa nanam glan. Acht ni féidir
d'aon neach an tsáir-mhilseachdsa
do bhlaiseadh do réir a thola féin:
de bhrígh nach fada o'n nduine uair
an chatha.



Is mór an toirmeasg air an
bhfiosradh neamhdha so anshriantachd
na tola agus árd-dhóthchas asainn
féin. Rainneann Dia go tró-
caireach linn an uair bhronnann sé
grása na sólas orainn; acht is olc
sinne gan búidheachas do ghabháil leis.
Agas is fáth nách sreamhann tobar
na ngrás chugainn, de bhrígh nach
bhfuileamoid búidheach de dhruim a
bhfuaramar, agus nach dtugamoid ad-
mháil ionnta do'n té a bhronn orainn
iad. De bhrígh go sileann sruth na
ngrás air an té ghabhas búidhea-
chas mar is cóir, agus go dtugthar
do'n duine uirísioll, a mbaintear
de'n duine uaibhreach.



Ní háil liom na sóláis le a
gcailltear searc na cómhghuine, agus


L. 117


ní mian liom na léir-shmuainte a
threóraidheann chum uaille: de bhrígh
nach bhfuil gach nídh tá árd-chéimeach,
naomhtha, ná gach a bhfuil taithneamh-
ach, tairbheach; ná gach a bhfuil
ionmhuin, ionghlachta a láthair Déi.
Glacaim gan docht na grása, a
mhúineann úmhlacht agus eagla an Tiar-
na dham, agus chabhraidheann liom a
smachtadh mo chlaonta. Ní dhubhlan-
ann an té tá teagasgtha le tabhar-
thas na ngrás, agus múinte fá sgiúrsa
an amhgair, aon deagh-ghníomh do
chur na leith féin, acht admhaidheann
nach bhfuil ann féin acht trúadhán
bocht, tárnochta! Tabhair a cheart
féin do Dhía, agus do dhuine, iodhon,
búidheachas do Dhía air son a thabar-
thas, agus air do thaobh féin bídh deimh-
neach nach bhfuil ionnat acht peacach,
a thuill go minic trom-dhíoghaltas
Déi.



Gabh de rogha an ait is ísle, agus
cuirfear annsa n-áit is áirde thú:
oir ní bhfuil árdán gan ísleán. Is
iad na naoimh is áirde a láthair
Déi, is uirisle 'nna mbaramhuil féin:
agus tá a nglóir air neamh sochosmhuil
dh'a n-úmhlacht air talamh. Ní bhfuil


L. 118


beann aca air ghlóir dhímhaóin an
tsaoghailso, de bhrígh go bhfuilid
líonta de ghlóir na bhflathas! Ní
féidir do'n té, a tá cómhneartaidh-
the a nDía uabhar do ghabháil. Agas
ní loirgeann an té, a chuireann gach
maith dá bhfuil aige, a leith Déi,
moladh ná mór ainm uadh chách, acht
an moladh a dlighthear do Dhia amháin
do dhíol leis, agus adhmholadh gach deagh-
ghnímh do thabhairt do'n té d'ár dual
é: sé sin, do Dhía.



Gabh buidheachas uime sin le Día
air son beagáin agus bronnfar morán
ort. Glac an tabharthas is lúgha,
amhail seud mhór-luach, agus an bronn-
tanas is táire, amhuil comaoin
ró dhíleas. Má bhreathnaidheann tú mór-
dhachd agus maise an Tiarna, ní féidir
dhuit a mheas go mbeidh aon nídh, dá
mbronnann orainn, suarach no neamh-
thairbheach. A haithle sin, badh
cheart dhúinn bheith búidheach, beannach-
tach fós a dtaobh gach píanais agus gach
anró is toil leis do chur orainn:
óir is chum leasa ar n-anama a
cheadaidheann sé gach a dtárlaidheann
dúinn air an tsaoghal so! Is éigin
do'n té lé ar mian grása Déi do


L. 119


cóimheud, bheith búidheach le linn a
bhfághala, agus foighideach le linn a
dtarann uaidh agus ag faireadh go
fíor-umhal d'eagla a gcailleamhna.



11 CAIB.



De'n fhíor-bheagán a ghrádhann Crois
Íosa.



Is iomdha duine a ghrádhann ríogh-
acht Iosa: acht is beag lé ar mian
iomchar na croise. Is iomdha duine
d'iarann sólás, acht is beag lé ar
mian amhgar. Is iomdha duine lé
ar mian súidhe chum bainise Íosa,
acht is beag a thugann taithneamh d'á
measardhacht. Is mian leis gach
duine bheith rannpháirteach 'na luath-
gháir acht, faraor! ní maith leo
fulann air a shon. Is iomdha duine
a leanann Íosa do bhriseadh an aráin;
acht is beag a choimheudann a chuidh-
eachta ag ól chailíse na páise. Is
iomdha duine a thugann urraim do
mhíorbhuillibh Íosa, agus is beag a lean-


L. 120


ann aithis na croise. Is iomdha
duine a ghrádhann Íosa an fhaid éir-
ghídheann an saoghalsa leó; bídhid go
búidheach, beannachtach an fhaid gheibhid
sólás agus gáirdeachas spioradálta;
acht má thréigeann Íosa iad air
feadh tamaill, luidhfid air ghearán
nó tuitfid a n-eudóthchas.



Ní mar so do'n mbuídhean, a
ghrádhann Íosa air a shon féin, gan
feuchain choidhche air an suaimhneas
aigne a b'fhéidir leó d'fhághail as;
bheirid buidheachas leis a gceartlár
gach annró amhail is dá mbeidís a
meódhan gach aoibhneis. Agas fós
dá mbadh thoil leis gan soláis
spioradálta do bhronnadh ortha, gidhe
mholfaidís agus thabharfaidís buidheachas
dó.



O! Ís mor is féidir le grádh
Íosa do dheunadh, an fhaid bhídheann
sé saor uadh anchuman na cholna.
Is fíor nách bhfuil acht tuarasdalach
ansa té a loirgeann sóláis agus
suaimhneas inntinne an gach nídh.
Nách follas gur mó ghrádhaid iad
féin 'ná Íosa, má thugaid searc
dhó, air son a bhfághaltais agus a
dtairbhe féin go haonaránach. Cá
bhfuil an té a ghrádhann Dia a naisge?


L. 121


Is annamh gheibheamoid aon duine
chómh spioradálta go dtréigeann an
uile nídh air son Déi. Cá bhfághfar
aon duine a tá bocht a spioraid, agus
saor uadh anchumann an uile chreu-
túire?" Is cosmhuil a luach le nidh-
the a tugadh ann imchian agus uadh fhíor-
imiolaibh an domhain." Má thugann
duine a chuid fághaltais do na boch-
taibh, ní bhfuil ann acht neamhnídh:
má ghearrann a chorp le haithríghe,
ní bhfuil ann acht suarachas: má's
léir dho gach ealadha, tá fós ann
imchian: agas má bhídheann subháil-
ceach, sáir-dhíograsach, tá aon nídh
amháin fós an uireasba air: agus
creud é sin? Tá, iar gach nídh do
thréigean, go dtréigfeadh a thoil agus
a mhéarghrádh féin: agus iar gcomh-
líonadh a dhualgais go dúthrachtach,
nach measfhadh sé go ndeárnaidh sé
aon nídh chum leasa a anama.



Ní ceart dhúinn maoidheamh ná
mór-mheas do dheunadh as na deagh-
obreachaibh a shamhlaidheann ionmholta
a súilibh chách; acht admhaidheamois
go fírinneach nach bhfuil annainn, acht
seirbhísich neamhtharbheacha, amhail a
dúbhairt beul na fírinne féin. "An


L. 122


tan dheunfadh sibh gach a bhfuil órd-
aidhthe díbh, abraídh, ní bhfuil annainn
acht seirbhísich neamhthairbheacha."
An uair sin, a bheidhmid bocht a
a spioraid, agus is féidir linn a rádh
a mbriathraibh an fháidh, "táim
aonaranach agus fíor-bhocht." Gidhe
ní bhfuil aon neach níos saidhbhire,
níos neartmhaire, níos saoire, 'ná
an té, a thréigeann a thoil féin agus gach
anchumann do chreutúiribh, agus d'is-
lídheann é féin annsa n-ionad is
táire!



12 CAIB.



De mhór-shlíghe ríoghamhail na croise
naomhtha.



Is iomdha duine a mheasann gur
deacair na bríatra sa do chómh-
líonadh, "Seun tu féin, tóg do
chros, agus leann Íosa;" acht is dea-
caire go mór na briathra deighean-
acha so do chlos, "a dhrong mhal-
laidhthe, imthídhidh uaim do'n teine


L. 123


shíorrúidhe, a tá ullmhaidhthe do'n
Diabhal agus d'á aingiollaibh." Oir
ní eagal damnadh síorrúidhe an lá
úd, do'n mbúidhean d'éisdeann, agus
leanann briathar na croise anois.
Beidh cómhartha cathbhuadhach na
croise go lán-lonnrach ann sna fla-
thasaibh, an tan thiocfadh an Tiarna
ag tabhairt bhreitheamhnais. Air an
uair sin thiocfaidh seirbhíseich na
croise, a bhídh sochosmhail air feadh
a mbeatha do'n té a ceusadh air an
gcrois, chum Críosd a mbreitheamh
go lán-dóthchasach.



Creud uime sin, gur eagal leat
do chros d'iomchar a threóraidheann
do'n ríoghacht? Annsa gcros a tá
sláinte: annsa gcros a tá beatha:
annsa gcros a tá comairc uadh do
námhaid: annsa gcros a tá tuile
líonmhar na naomh-mhilseachta: annsa
gcros a tá neart inntinne: annsa
gcros a tá gáirdeachas spioraide:
annsa gcros a tá árd-chéim na su-
bháilcídh: annsa gcros a tá foirbh-
eacht na naomhachta. Ni bhfuil
sláinte anama, nó dóthchas na beatha
síorrúidhe acht annsa gcros. Tóg do
chros uime sin, agus lean Íosa, agus


L. 124


tiocfadh leat rochtuin do'n mbeatha
shíorrúidhe. d'imthidh Iosa rómhat
ag iomchar a chroise: fuair sé bás
uirthe, ionnas go ndeunfádhsa do
chros dhíomchar go foighideach, agus gur
mhaith leat bás d'fhághail uirthe mar
an gceudna. De bhrígh má eugair
mar aon leis, mairfir mar aon
leis: agus má chomhéudair cuideachta
dho ionn a pháis beidhir rannpháirteach
mar an gceudna ionn a ghlóir.



Féuch, is í an chros an uile nídh;
agus ag básadh ar gclaonta, cómh-
líontar an uile: agas fós ní bhfuil
slíghe air bith eile chum suaimhneis
aigne agus sólas na beatha síor-
rúidhe d'fhághail, acht bóthar mór na
croise, agus casán criapach na haith-
ríghe! Imthidh gidh b'é áit is toil
leat, loirg gach nídh is taithneamhach
leat, ní féidir dhuit slíghe is airde
d'fhághail shúas, ná slíghe is sábhálta
shíos, ioná bealach beannaidhthe na
croise. Ordaidh agus socraidh do
chúram chómh maith agus is féidir leat,
gidhe ní bhfuilir fós saor uadh bhuair-
eadh; agus is éighin dhuit fulann ded'
dheóin nó de d'amhdheóin, air chor nách
bhfuil dul ó'n gcros agad: óir is


L. 125


annamh duine gan ceachtar díobh,
íodon, tinneas, nó buairt aigne.



Air uairibh tréigfidh Dia thu air
feadh tamail, air uairibh eile, cuir-
fidh do chómharsa buiairt ort, agus fós,
nídh is troime 'ná ceachtar díobh,
béidhir go minic ag déunadh buartha
dhuit féin. Agas an fhochair sin, ní
bhfuil sos nó fuaradh le fághail agad,
chum gur toil le Dia tu fhuasgladh.
Oir is tol le Dia sinn do theagasg
chum gach amhgar d'fhulann gan iom-
chosnamh, agus sinn féin d'úmhladh go
iomlán fá láimh an Tiarna. Oir ní
mhothaidheann aon neach páis Chriost
níos bríoghmhaire ioná an té, a
fhulainneann a samhail é féin. Tá an
chros uime sin, ullmhaidhthe fád' chó-
mhair de ghnath, agas ag fitheadh ort
ann san uile áit.



Ní bhfuil dul agat uaithi gidh b'é
áit ionn a rithfir: de bhrígh go
mbeireann tu do chorp truaillidhthe
féin leat an gach áit, agus go bhfuil
claonta mallaidhthe an choirp sin,
le smachtadh agat an gach ionad.
Ni bhffhuil ardhán ná ísleán, ionad
foiriomalach, ná inmheadhanach nách
bhfuil an chros rómhat! Agas ann gach
áit is éigin duit bheith foighideach,


L. 126


leat m'ás mian suaimhneas aigne
d'fhághail air an tsaoghail eile.



Má thógair an chros go toiltea-
nach, beirfidh sí thu dod' chatháir dhúth-
chais, íodhon, do'n áit ionn a mbéidh
deire led' dhoghrain, gidh tá gan
chríoch air feadh na beatha so. Acht
má thógair í go anleasgmhail, beidh
sí mar ualach leatromach ort' gidhe
caithfir í iomchar. Má theilgir uait
cros, gan amhras buailfidh cros eile
leat, agus b'fhéídir níos troime.



An measann tusa go bhfuil dul as
agat féin uadh an nídh a théip air a
dtáinic ríamh do sheachaint. Cá raibh
aon naomh uadh thosach an domhain, a
bhídh saor ó gach uile bhuaireadh? Ní
raibh ar dTiarna, Íosa Críost féin
air feadh aon uaire amháin d'á bhea-
tha gan geur-fhulann; "níor bhfuláir
go bhfulainnfeadh Críost, agus go n-
eiseireócadh sé uadh mharbhaibh, agus
mar sin dul a seilbh a ghlóire."
Agas creud fá measairsi, slíghe
eile do lorg tar an mbóthar ríogh-
amhailso na croise naomhtha?



Badh chros, agus badh mhairtírdheachd
do-fhuluinnte, beatha Chriosd; agus an
loirgeann tusa suaimhneas agus luath-


L. 127


gháir dhuit féin? Táir go mór air
seachrán, má iarann tú aon nídh acht
amhgar; de bhrígh go bhfuil an bheatha
sho-mharbhtha so lán de mhí-ádh, agus ionn-
saidhthe air gach leath le crosaibh.
Agas d'á áirde fhoghlamann neach an
chráibheacht, is e is troime go minic
a chrosa; de bhrígh go meudaidheann
pian a dheórúigheachta do réir a
ghrádh do Dhia.



Gidhe ní bhfuil an té so, gídh mór
a thrioblóid, gan sólás éigin, a
neartaidheann a meanmain; de bhrígh
go bhfuil fios aige air mhéud an fhá-
ghaltais, a dhlighthear dho, air son a
shaothair. Oir an fhaid d'íomcharann
sé a chros go foighideach iompaidh-
thear trom-ualach a thrioblóidídh a
ndóthchas láidir go bhfaghadh sólás
uadh Dhía. Agas do réir mar claoidh-
tear an cholann le anacradh is e
neartaidhthear an t-anam le grá-
saibh. Agas fós is minic go dtug-
ann duine gean agus geur-ghrádh do'n
anacradh, le dúl bheith sochosmhail le
Críost; air chor go mb'fhearr leis
anró agus anáird d'fhulann 'ná bheith
saor uadhtha; de bhrígh go bhfuil fios
aige, é bheith taithneamhac a láthair


L. 128


Déi, do réir throime na gcros badh
thoil le Dia do chur chuige. Gan amh-
ras ní uadh neart daonna thagann an
mhórmheanmain so, acht uadh chumhach-
tabh Chríost, a oibridheann an oiread
so a gcorpán thruaillidhthe an duine;
air chor go nionsaidheann, agus go
ngrádhann na nidhthe, d'fhúathaidheann agus
do sheachanann, do réir na nadúire
daonna.



Gan amhras, ní mian le claontaibh
daonna, searc agus síor-ghrádh do radadh
do'n gcros, an cholann do smachtadh,
agus do thabhairt fá riar na spioraide,
teithead uadh onóir agus uadh árd-chéim;
mí-chliú agus aithis d'fhulann go foighi-
deach; ar náilleachd féin do dhí-
mheasadh, agus drochmheas chách orainn
d'iomchar go cneasda; gach anacra
agus mí-ádh do ghlacadh go bheannachtach,
agus gan dúil do chur a só ná a seas-
gaireacht an tsaogailso. Má fheu-
chair chum do neirt féin, ní fhéad-
fair aon nídh dhíobh so do dheunadh,
acht má chuirir do mhuinín annsa Tiar-
na, tabhairfear cabhair uadh neamh
dhuit, agus béirfuir buadh air an tsaoghal,
agus air an gcolainn. Agas fós ní ea-
gal duit do námhaid chíocrasach, an


L. 129


Diabhal, má bhídheann tú comaircidh-
the fá sgiath an chreideimh, agus cómhar-
thaidhthe le fíoghar fóghar-ládair na
croise.



Ionnsaidh dá bhrígh sin, an chros
d'iomchar go cródha air son Chríost,
do Thiarna, a céusadh air do shonsa.
Ullmhaidh thu féin chum mí-ádh agas
anacradh dfhulann annsa tsaoghal an-
ródhach so, oir is mar sin a tá sé, ann
gach áit, d'á bhfuilir, agus d'a mbeidhir;
air chor nach féidir dhuit thu féin
do cheilt air. Is éigin nidhthe bheith
mar so. Ní bhfuil leíghios air amh-
gar, agus air dhubrón, acht iad d'fhul-
ann go foighideach. Ól go fúidheach
de chailís ar dTiarna, má's mian
leat a charadas do shaothradh, agus bheith
rannpháirteach ionn a ghlóir. Fág fá
Dhia a shóláis do bhronnad ort, do
réir a thola ró naomhtha féin. Acht
bídhsi ullamh ag fulann gach leatroim,
agus gaibh le gach buaidhreadh amhail na
sóláis is mó: de bhrígh nách fiú ful-
anna na beatha so do chur a gcómheas
leis an nglóir le teacht, gidh gur
b'ort amháin a cuirfídh a dtrom-
ualach uile.



An tan thiocfair chómh fada so a


L. 130


slíghe na naomh, air chor go nglacair
taithneamh agus sár-mhilsheachd do thriob-
lóidibh le grádh do Chríost, án sin,
bídh a fhios agad go bhfuilir a mbea-
lach do leasa; de bhrígh go bhfuar-
ais amach párrthas Déi air talamh.
An fhaid shamhlaidheann trioblóidíghe
mí-thaithneamhach dhuit, agus thugann tú
iarrachd air theitheadh uatha, ní féidir
dhuit gan bheith anshásda, de bhrígh go
leanaid sinn ann gach áit d'á dteithea-
moid.



Acht má thugair thú féin mar is
cóir air do chlaontaibh do smachtadh,
agus air fhulann go fhoighideach, is gearr
uait sólás, agus suaimhneas. Gidh go
dtógfaidh suas thú go nuige an trío-
mhadh flathas, amhail naomh Pól, ní
bhfuilir dá bhrígh sin, saor uadh ana-
cradh: "Óir," air Iosa, "foill-
seochaidh mhise dho, creud é meud na
nidhthe is éigean dó fhulann air son
m'ainme sa." Ní fuláir dhuit air
an ádhbhar-san fulann go foighideach,
má ghrádhann tú Íosa, agus má's mian
leat a réir do dheunadh air feadh
do bheata.



A! is truagh nach fiú thu nídh éi-
gin d'fhulann air son Íosa: badh mhór


L. 131


an luach-saothair a bheidh taisgidhthe
fád' chomhair: badh mhór an chúis luath-
gháire é do naomhaibh Déi: agus badh
bhríoghmhar an sómpla é dod' chómh-
arsanaibh. Deaghmholann gach aon an
fhoighide, acht fáraor! is ró bheag
lé ar mían aon nídh d'fhulann! Badh
cheart dhuit nidhthe eudtroma féin
d'fhulann air son Chríost, ó fheiceann
tú daoine eile ag fulann nidhthe tro-
ma air son an tsaoghail.



Bídh deimhneach nach fuláir dhuit
beatha bhásamhail do chathadh, agus an
mheud a bhásaidhaidheann neach a chlaon-
ta féin, is é is mó mhaireann sé do
réir Déi. Ní bhfuil aon neach oir-
eamhnach air shaidhbhreas na bhflathas
do thuighsin, acht an té úmhlaidheann é
fein ag fulann anacra air son
Chríost. Ní bhfuil aon nídh níos
taithneamhaiche a láthair Déi, nó
níos tairbheiche do d'anam féin air
an tsaoghalso, 'ná fulann go toil-
teach air son Chríost. Agas dá
bhfaghfádh do thogha, bádh cheart dhuit
anacra agus anáirdh d'fhulann air son
Chríost, tar gach aoibhneas d'a mb'
fhéidir leis an saoghal do bhronnadh
ort; de bhrígh go mbeidhfádh mar so


L. 132


níos cosamhla le Críost, agus níos
dealraiche le naomhaibh uaisle Déi.
Oir ní a n-iomadamhlacht suairceas
agas sólás spriodálta a tá ar
nduais agus ar leas, acht a bhfulann
gach leatrom agus gach buaireadh.
Gan amhras dá mbeidh aon nídh níos
tairbhieche d'anam an duine, 'ná ful-
ann, d'fhoillseóchadh Críost dhúinn é a
mbriathar, agus a ngníomh: de bhrígh go
gcómharlaidheann se d'á dheisciobhal-
aibh agus do gach aon lé ar mian é
leanmhain, an chros d'iomchar, ag
rádh: "má's mian le aon neach
teachth a'm' dhiaighsi, diúltadh sé dho
féin, tógadh sé suas a chros, agus leanadh
mesi." Ionnas iar léigheadh agus iar
sgrúdadh gac nídh, cómhdhúnamois
leis na briathraibh so, "Gur tré
anacra nach fuláir dhúinn dul as-
teach go ríoghacht na bhflathas."


L. 133



AN TREAS LEABHAR.



1 CAIB.



De chómhradh inmheadhanach Chríost le
anam an fhír-éin.



An Deisciobail, "Eisdfead le
bríathraibh mo Thiarna Dia." Is
sonadh an t-anam a chluineann an
Tiarna ag labhairt go inmheadhanach
leis, agus ghlacann briathra bríoghmhara
a leasa uaidh. Is sonadh na clua-
sa d'éisdeann le cogar ciúin Déi, agus
d'úmpaidheann uadh chogarnach cheal-
gach an tsaoghail so; gan amhras is
beannaidhthe na cluasa d'éisdeann le
guth na fírinne, a teagasg an ana-
ma, agus thugann faillíghe a nghlór gharbh
na saoghaltánach. Is beannaidhthe na
súile a dúntar air bhaois na beatha
so, agus hosgaltar air ghnóthaibh an
anama. Is beannaidhthe an drong a
dhearcann go grinn air a gcroidhthibh
féin agus dheunann díthchioll air iad féin
d'ullmadh go laetheamhail a naghaidh
an bháis. Is beannaidhthe an drong,


L. 134


a thughann iad féin go iomlán air
Dhia, agus chrothann díobh gach toirmeasg
talmhuidhe. A chara dhílios, tabhair
aire do na nidhthibh so, agus dún amach
dóirse do cheadfádha, ionnas go
gcluinfádh briathra ionmheadhanacha
do Thiarna Dia.



(Críost). Ag so mar deir do
dhian-ghrádh; is mesi do shláinte, do
shíth-cháin agus do bheatha; comhnaidh ann-
amsa agus gheóbhair suaimhneas. Shgaoil
thart saidhbhreasa dimbuana na
beatha so, agus loirg fághaltas fíor-
áluin na síorruidheachda. Creud tá
a nidhthibh an tsaoghail so, acht cealg;
agus creud é an tairbhe a dheunfadh
saidhbhreas na cruinne dhuit, má thréig-
eann do chruthaidhtheóir thu? Cuir dhíot
uime sin, na nidhthe talmhuidhe so, agus
bídh dílios, taithneamhach dod' Chruth-
aidtheóir, ionnas go dtiocfadh leat
rochtuin do'n tsuaimhneas do-mheall-
ta!


L. 135



2 CAIB.



Labhrann an fhírinne ann ar gchroidhthibh
gan fuaim gotha.



(An Deisciobal) "Labhair a
Thiarna, oir tá do sheirbhíseach ag
éisdeacht. Iis mesi do sheirbhí-
seach, tabhair tuigsinn dham, ionnas go
mb'eol dam d'aitheantasa." Claon-
aidh mo chroídhe chum raidhte do bhéil;
léig dod' chómhradh silleadh orm air
nós an drúchda. Dúbhradar clann Is-
ráel a n-allóid le Maoise: "Labhair
féin linn, agus éisdfeamoid: acht na la-
bhradh Dia linn, air eagla go bhfagh-
mois bás." Ní mar so, a Thiarna,
ní mar so, a ghúidhim si: acht mar aon
leis an bhfáidh Samuel, umpaidhim
ort go húmhal, agus go dúthrachtach:
"Labhair a Thiarna, oir tá do
sheirbhíseach ag éisdeacht." Ná la-
bhradh Maoise ná aon fáidh eile liom;
acht labhair féin liomh, a Thiarna
Dia, a theagaisg agus d'fhoillsidh croidh-
the na bhfaidhe: oir is féidir leat
féin amháin, gan cabhair air bith
uadhthasan, me theagasg go bhríghmhar,


L. 136


mhar, acht ní bhfuil tairbhe air bith
ionntasan muna gcabhraidheann tusa
leó, ní bhfuil ionnta acht fothrom gan
bhrígh.



Gidh go labhraid a mbriathraibh
binne, blasda, gidhe má bhídhirsi ciúin,
ní thiocfadh leó an croídhe do lasadh
le grádh Déi. Tugann siad-san tea-
gaisg, acht is tusa mhínídheann creud
is ciall dóibh. Innisid creud is aith-
eannta ann, acht is tusa a chabhraidh-
eann chum a gcómhlíonadh. Taisbean-
aid an tslíghe, acht tugair-si neart
chum síubhail innte. Ní oibrídhidh
siad acht go foiriomalach, acht tea-
gasgann, agus foillsídheann tusa an
croídhe. Léigid an tuisge air ithir
an anama, acht is uaitsi thugann an
bhreis. Eighid go hárd-ghlórach, acht
is tusa thugann tuigsin do'n éisdith-
eóir.



Dá bhrígh sin, ná labhradh Maoise
liomsa, acht labhair féin, a Thiarna
Dia, a fhírinne shíorruidhe, d'eagla go
bhfaghainn bás, agus go mbeidh m'anam
gan tóradh tré bheíth teagasgtha go
foirimiolach, agus mo chroídhe 'nna
spairt gan teasghrádh Déi! Oir is
eagal go dtiocfadh gach teagasg


L. 137


d'á bhfuaras agus nár chómhlíonas; -
gach fios d'á raibh agam, agus do
tharcuisnidheas; - gach ar chreideas,
agus nár leanas, a mbreitheamh-
nas a'm' aghaidh! "Labhair d'á
bhrígh sin, a Thiarna, oir tá do sheir-
bhíseach ag éisdeachd: oir is agat
sa tá briathra na beatha shíorruidhe!"
Labhair liom chum sóláis m'anama,
chum leasa mo bheatha go iomlán;
chum moladh, gloire, agus ónóra síor-
ruidhe dod' naomh-ainim-si.



3 CAIB.



Gur cóir briathra Déi d'éisdeachd
go húmhal, agus gur beag a mheadhann
iad mar is dual.



(Críost.) A mhic, éisd mo bhria-
thra sa, briathra sár-mhilis a shá-
raidheann ráidhte na n-ollamh, agus na
n-eagnach go huile. Is spiorad agus


L. 138


beatha mo bhriathrasa, nách féidir
a mheas do réir thuigsin daonna. Ní
ceart dhuit éisdeacht leó air son an
tsásaimh, agus an tsuairceis dhíomhaoin
a b'fhéidir leat d'fhághail ionnta, acht
éisd leó go ciúin, agus glac iad gho hú-
mhal go agus taithneamhach.



(An Deisciobal.) Agas a dú-
bhart, "Is beannaidhthe an té, a
theagasgann tú féin, a Thiarna, agus
d'á múineann tú do dhlíghe; ionnas go
dtabharfádh suaimhneas do a laéthibh
an oilc," agus nach mbeidh se uaigneach
air an dtalamh.



(Críost.) Is mesi a theagaisg na
faidhe uadh thús, fós ní bhfuil cómhnuidhe
orm, acht ag labhairt leis an gcine
daonna; acht tá mórán bodhar dom'
ghuth agus calcaidhthe ionn a gcroidhthibh.
Eisdeann níos mó le glór dímhaoin
an tsaoghail, 'ná le toil ró naomhtha
an Tiarna! Geallann an saoghal,
saidhbhreas dimbuan, neamhthábhachd-
ach, agus deunaidh daoine a réir
go cíocrach; geallaimsi saidhbhreas
síor-áluin na bhflathas, agus dúnaid a
gcroidhthe! Cá bhfuil an té riarann agus
ghéilleann damhsa ann ghach nídh, amhuil
a riarthar agus a géilltear do'n tsao-


L. 139


ghal agus do thiarnaibh talmhan?" Bídh
náireach a Shídon air an fhairge."
Agas má fhiafraidheann tú an fáth,
innisfead féin sin duit. Téidheann
daoine a n-imchian air lorg shaidh-
bhreas shuáraich na beathaso, acht is
iomhda duine nách gcorraidheann a chos
air lorg saidhbhreas síorrúidhe na
bhflathas! Is cíocrach bhídheann daoine
air lorg fhaghaltais neamhéifeach-
daich; bídhid aig achrann go neamh-
náireach de dhruim aon phingine
amháin: ní tuirseach leó an oídhche
do chur leis an lá air son suara-
chais.



Acht, faraor! ní mian leó duadh
na doghruinn d'fhullann air son saidh-
bhreas do-astraidhthe; air son dual-
gas do-mheasda, - air son árd-
chéimhe gan teóra, agus air son glóire
gan chríoch, gan deireadh! Glác náire
dá bhrígh sin, a sheirbhíseich leisg-
amhuil, gearánaich, an tráth fheiceann
tú cách níos fonnmaire air lorg
báis, ioná táirsi air lorg beatha.
Is mó an t-áthas a tá ortha-san ag
rith a ndiaidh na baoíse, ioná tá
ortsa ag tóraidheacht na fírinne.
Agas fós is minic go mealltar


L. 140


iadsan, acht ní chailleann mo geal-
lamhna sa air aon neach; ní dhíbirím
uaim folamh an té, a chuireann a mhúin-
ín ionnam. Tabharfad-sa uaim gach
ar gheallas, deunfadh go maith do gach
a ndúbhart, má leanann duine, dílios
do-astraidhthe ann mo ghrádh go deir-
eadh a shaoghail. Is mesi dualgas
gach deagh-dhuine, agus fromhaim go
dearbhtha na daoine diadha.



A mhic, sgríobh mo bhriathra a
gceartlár do chroídhe, agus machtnaidh
go dúthrachtach ortha; oir béidh siad
ró ríachtanach ann am an chatha.
Tuigfir an lá sin, na nidhthe a léi-
gheann tú agus nách dtuigeann tú anois.
Is gnáth liomsa teacht air cuairt
a measg mo clainne toghtha air dhá
mhódh, íodhan, le trioblóidibh aghus le
sólásaibh. Agas léighim dá cheacht
go laétheamhail dóibh; an cheud cheacht,
le a n-aifirim a lochta, agus an dara
ceacht, le a ngríosaim iad a lorg
na subháilcídh. An té ag a bhfuil mo
bhriathrasa, agus nách gcómhlíonann iad,
tabharfar breith dhamanta air, lá
an bhreitheamhnais!


L. 141


Urnaidhe ag ímpídh ghrása na
cráibheachta.



O a Thiarna, mo Dhia, is tú mo
mhaitheas iomlán, agus cia é mesi, a
Thiarna, a lamhann labhairt leat.
Is mise do seirbhíseach fíor-bhocht,
ní bhfuil ionnam acht truadhán tar-
caisneach, níos táire agus níos boichte
ioná is féidir liom d'inisin. Acht
cuimhnidhsi a Thiarna, nach bhfuil ionnam
acht neamhnídh, agus nach féidir liom aon
nídh do dheunadh. Is tusa amháin a
tá ceart, caomh-áluin, fíor-naomhtha,
le ar féidir gach nídh do dheunadh; is
uaitsi thagann gach maitheas, is tusa
a líonann na huile nidhthe, acht fágair
an peacach folamh. Cumhnidh a Thiar-
na, air do mhór-thrócaire, agus líon
mo chroídhe de thuile na ngrás, oir
ní ail leat saothar do lámh d'fhágáil
folamh.



Cionas is féidir damhsa me féin
d'iomchar muna neartaidh do ghrása
agus do thrócáire si liom? A Thiarna
na ceil do ghnúis lonnrach orm, ná
cuir do chuairt air cáirde; na tar-
rang d'fhortacht uaim, d'eagla go
dtiocfadh balc ann m'anam amhail


L. 142


talamh gan uisge. O, a Thiarna,
múin dham do thoil ró naomhtha do
comhlíonadh; teagasg me; ionnas go
mbéidhin úmhal, neamhasmuilteach ann
mo chómhrádh; oir is tusa m'eagna,
ag á bhfuil fíor chaidreámh orm, agus ag
a raibh sul a rugadh me, agus fós sul
ar cruthaidheadh an domhan.



4 CAIB.



Gur ceart dhuinn siúbhal a n-úmhlacht
gach fírinne a láthair Déi.



(Críost.) A mhic, siúbhlaidh a'm'
láthairsi a bhfírinne, agas loirg
mési a gcómhnuidhe, a símplídheachd
do chroídhe. Shaorfar uadh gach tu-
baiste, agus uadh gach feall, agus fós uadh
chúl-chaint na mallidhtheóirídhe, an
té a shiúbhlaidheann a bhfírinne os mo
chómhairsi. Má bídheann an fhírinne
leat, béidhir saor gan amhras, agus ní
bhéidh súim agat a mbriathraibh
baoise na saoghaltánach.



(An Deisciobal.) A Thiarna is


L. 143


fíor sin; agus impídhim ort, go dteag-
mhadh dham do réir do bhriathar; go
dteagasgadh d'fhírinne-si me, go
ndeunadh sí comairc agus cosaint orm;
ionnas go dtiocfainn chum deagh-
chríche. Go saoradh sí me uadh gach
droch-aigne, agus uadh gach anchumann
cealgach; ionnas go rithfinn go hai-
tiosach ad' chómhluadar naomhtha sa,
le croídhe soilbhir, sar-eudtrom.



(Criost.) Múinfeadsa dhúit na
nidhthe so, a tá ceart agus taithneamhach
ann mo láthair. Cúimhnidh air do
pheacadhaibh le doilgheas, agus lé cómh-
bhrúgh croídhe; agus ná gaibh meas, ná
mór-is-fiú de dhruim do dheagh-oib-
reacha.



Ni bhfuil ionnat acht peacach bocht,
greamaidhthe a slabhra na ndroch-
rún, agus ceangailte sios a láib na
locht! Táir ag claonadh uait féin
de ghnáth chum neamh-nídh; is obann a
thuiteann tu; is luath a buaidhtear
ort; is furas fearg do chur ort, agus
is minic chailleann tú do mheisneach.
Ní bhfuil nídh air bith agat as ar
féidir leat maoidheamh do dheunadh;
acht tá a n-illiomad lochta ionnat
tré'r ceart dhuit bheith úmhal: oir is


L. 144


laighe thu go mór ioná 's féidir leat
do thuigsin.



Ná glacadh mórdháil tu, dá bhrígh
sin, de dhruim do dheaghníomh. Ná
méas go bhfuil aon nídh, mór, ná
maiseamhuil, ná iongantach; go bhfuil
aon nídh ceannasach, clúmhail, caomh-
áluin; go bhfuil aon nidh tábhachdach
tóramhail, tairbheach, acht nidhthe na
síorruidheachta. Glac taithneamh, agus
treun-ghrádh do'n fhírinne shíorruidhe,
agus fuath agus fíor-ghráin dod' tháire
féin. Glac mioscais, agus mí-ghreann
dod' chlaontaibh peacamhla féin, óir
is mó an bhuairt badh cheart dóibh do
dheunadh dhuit, ioná mí-ádh agus mí-rath an
domhain! Tá daoine ann nách siúbh-
laidheann go híonruic a'm' láthair si,
lé ar mian tré dheismireachd, agus tré
uabhar, fios d'fághail air rúnaibh
ro-árda Déi; agas uime sin, tu-
gaid faillíghe a sláinte a n-anama
féin. Tuitid a samhailsi go minic
a gcathaibh agus bpeacadhaibh ró thro-
ma, de dhrúim a ndeismireachda, agus
a nuabhair; de bhrígh go mbídhim si
na n-aghaidh.



Gaibh uamhain, agus eagla roimh
bhreitheamhnais Déi, agus crith le sgan-


L. 145


radh a láthair an Tiarna uilechómh-
achtaich: seachain, ná scrúdaidh
oibreacha an Aird-rígh; acht feuch
go grinn air iomadamhlacht do mhí-
ghníomh féin; cá mheud uair a chionn-
taidhis le ghníomh, agus le faillíghe. Tá
daoine ann, d'iomcharann a gcráibh-
eachd a leabharaibh diadha, tuille, a
ndeilbhibh, agus a níomhághthaibh, agus tuille,
a gcómharthaibh foiriomalacha: tuille
fós ag á mbídhim air a dteangaibh,
acht fáraor! a bhfad uadh na gcroidh-
thibh. Tá daoine eile ann, ag á bhfuil
tuigsiona deaghshíollsidhthe, agus croidhthe
glana, a chuireann a n-osnaidhe go dúth-
rachtach am' láthair de lá agus d'óidhce;
lé nach mian amháin éisdeachd le
díthcéille an tsaoghalso; agus fós lé
ar doilbh bheith greamaidhthe fá chuing
na nadúire: Is iad so agus a leithéidíghe
eile, a thuigeann go follas cómhrádh
caoin Spioraide na sírinne: De
bhrígh go dteagasgann an Spiorad
Naomh iad cionas is ceart dhóibh
nidhthe talamhúidhé do thréigean agus
gean a gcroídhe do thabhairt do
saidhbhreas na bhflathas: lóchán loch-
tach an tsaoghailso do dhímheasadh, agus
triall do lá agus d'oídhche air a gca-


L. 146


thair dhúthchais a measg na naomh agus
na naingeal.



5 CAIB.



De mhór-chomas ghrádh Déi.



(An Deisciobal.) Beanaidhim thu,
ó a Athair neamhdha; a Athair mo
Shlánaidhtheóra Iosa Críost; de
bhrígh gur dheónaidhis bheith cuimhneach
air mo leithéidsi de thruadhán bhocht
tharchuisneach. O, a Athair na tró-
caire, agus a Dhia na nuile sholás bhei-
rim buidheachas leat, a dtaobh mar
neartaidheann tú mesi, do sheir-
bhíseach neamhthairbheach, le fortacht
do naomh-ghrás. Bheirim moladh agus
glóir dhuit, mar aon led' Mac
dílios agus an Spiorad naomh, an
cómhneartaidhtheóir go fóir-cheann
na saoghal. O a Thiarna Dia, a
searc mo chroídhe, ann uair thioc-
fair si chugam, beid lionta de
luagháir agus de ghairdeachas. Is tusa
amháin mo ghlóir agus áthas mo chroídhe.


L. 147


Is tu mo dhóthchas agus mo chomairc a
lá mo bhuadhartha.



Acht ó táim fós lag am' ghrádh, agus
neamhiomlán am' beusaibh, is riach-
tanach dham neart agus fortacht d'fá-
ghail uaitsi: dá bhrígh sin, a Thiarna,
fiosraidh me níos minice, agus teag-
aisg me ann do naomh-dhlíghe. Fuas-
gail me uadh gach claon-aigne, agus
slánaidh mo chroídhe uadh gach an-
chumann mí-mhacánta, ionnas, iar
mbeith cneasaidhthe uadh chreuchtaibh
mo locht, go ngrádhfainn mo Thiarna
mar is cuibhe; go bhfaghfainn neart
chum fulann air a shon, agus meisneach
chum seasadh ionn a dhlíghe air feadh
mo bheatha.



Is áluinn an nídh grádh Déi, ní bhfuil
maith is fearr ioná é, isé amháin
d'eudthromaidheann gach trom-ualach
agus diomcharann go hionann gach leat-
rom. Téidheann fá'n gcros gan a
troime do mhothughadh agus úmpaidheann
gach searbhas chum milseachda. Tá
grádh Íosa fíor-uasal, gríosann sé
sinn chum mor-laochais, agus lasann ar
gcroidhthe chum taithneimh do thabhairt
dho na nídhthibh is iomláine. Ardaidh-
eann grádh Déi ar gcroidhthe suas


L. 148


air neamh, agus ní bhful nídh air bith
lé'r féidir é chosg. Is mian le
grádh dílios Déi bheith saor, agus fuas-
galta uadh gach cumann talamhuidhe,
air eagla go ndallfaídh solas an
anama, agus go ngreamochaídh é lé
cúram saoghalta, nó go leagfaidh a
mheisneach le mí-ádh aimseardha. Ní
bhfuil nídh air bith is milse 'ná grádh;
ní bhfuil nídh is neartmhaire, is árd-
chéimeiche, is fóirleitheine, is suair-
ce, agus is iomláine air neamh ná
air talamh: oir is uadh Dhia féin a
shíolraidh an grádh, agus ní feidir leis
bheith sásda go gcómhnuidh se a n-Dia,
os cionn an domhain uile!



Ritheann an té ag a bhfuil grádh
Déi, go luath, luaimnéach luathgháir-
each; tá a chroídhe saor uadh gach
anchumann agus ní féidir le cealg na
beathasa greim do bhreith air. Tug-
ann suas an uile nídh air son Déi
uile-chómhachtaich, agus sealbhaidheann sé
Dia, árd-fhlaith an uile mhaitheasa;
oir isé Día tús agas tobar an
uile mhaitheasa. Ní fheuchann air an
mbronntanas, acht úmpaidheann é
féin air an dtiodhlacóir tar gach
tabhartas. Is minic nach mbídheann


L. 149


meódhan le grádh, is minic a lasann
sé an croídhe tar fóir, air chor
nách mothaidheann sé aon ualach dá
throime, aon tsaothar dá dhuadhamh-
la ná aon obair dá thrioblóidighe,
de bhrígh gur fiósach dhó, gach nídh
bheith so-dheunta le congnadh Déi.
Uime sín, tá gach nídh air a chumas,
agus tagann leis mórán do dheunadh, a
theipeann air an té a bhídheann a
néaghmais ghrádh Déi.



Ní thuiteann suan ná táimh-neul
air an té, a ghrádhann Dia; gidh bhídh-
eann támh-gheúgach, ní bhídheann tuir-
seach, gidh bhídheann a gcúmhgach, ní
bhídheann a bhfáiscre, gidh sganraidh-
thear é, gidhe ní bhídheann búartha:
acht amhuil lasair lán-mheisneamhail,
no lóchrann lonnrach, éirghídheann sé go
treun-thapaidh tré gach eachrann. Is
maith thuigeann an té, a ghrádhann Dia,
brígh na mbriatharsa: oir is aireach
d'éisdeann Diá le fuaim ghotha an
anama a ghrádhann é: an tan a deir
sé: O mo Dhia, mo dhian-ghrádh, is
tú mo Dhia go hiomlán, agus is leatsa
mise go hiomlán.



Tabhair dham, a Thiarna breis
ghrádh, ionnas go mblaisfinn sármhil-


L. 150


seacht do chumainn si, agus go snámh-
fainn a bhfairge fóirleathan do
caomh-dhíograis. A Thiarna, go
sealbhaidh do ghrádh me, air chor go
n-eirgheóchainn ós cionn mo neirt
féin tré lán-díogras duitsi: go
gcanfainn cantaich cheólmhar an
cheana, go leanfainn mo dhian-
ghrádh go hárdáibh; go molfainn thu
tar gach searc, agus go nglacfainn
luathgháir tar fóir ad' chaoin-chumann.
A Thiarna, tabhair dham tusa ghrá-
dhadh níos mó 'ná me féin; agus gach
aon eile mar gheall ortsa, do
réir mar órdaidheann dlíghe an chu-
mainn, a dheallraidheann go lonnrach
tre Dhia.



Bídheann grádh Déi easgaidh, ion-
ruic, diadha, deagh-áluin; aitiosac:
ládair, foighideach, dílios, glic, fad-
fhulainneach, meisneamhail, mór-
chroídheach, gan súim ionn a sheas-
gaireacht féin; oir an tan loirg-
eann duine a bhúntaise féin, tuiteann
sé go neamh-chródha uadh ghrádh Déi.
Bídheann grádh Déi fóghmosach, fíor-
dhíreach fad-earadhanach. Ní bhídheann
sé baoth, neam-thoirteamhail, ná
claon chum díth-chéille, acht foras-


L. 151


da, fíorsheasmach, geanmnuighe,
gnáth-shuaimhneach; ag cosaint na
gceadfadh air íonsaidhe an pheacaidh.
Cómhartha éile air ghrádh Dei, go
mbídheann sé umal, urraimeach
d'uachdaranaibh; mímheasamhuil, mor-
tharcaisneach air féin; diadha, dil-
bhúidheach de Dhia; muiníneach, mór-
dhóthchasach as an dTiarna ann gach
am; agus fós air an uair nach mblais-
eann naomh-mhilseachd, feitheann go
foighideach le grásaibh Déi, de bhrígh
go bhfuil a fhios aige, nach ngein-
tear díogras gan doghruinn!



Gidh b'é nách bhfuil ullamh air gach
nídh d'fhulann agas air ghéilleadh ann
gach nídh do thoil ró naomhtha an
Tiarna, ní feidir a rádh go bhfuil
grádh Déi aige: oir is éigeann do'n
té, a ghrádhann an Tiarna, gach
saothar searbh, sár-dhuadhamhail do
ghábhail le n-ais air son a dhian-
ghrádh, agus gach anacradh dfhulann go
fonnmhar níos túisce ioná Dia do
thréigeann.


L. 152



6 CAIB.



De Dheimhniúgadh an té, a ghrádhann
mar is cóir.



(Criost.) A Mhic, ní gráidheóir
calma caoin-ghlic fós tu.



(An Deisciobal.) Creud fáth a
Thiarna?



(C). De bhrígh go dtuiteann tu air
gcúl uad' dheagh-rún an uair theag-
mhaidheann tú le mí-ádh, agus loirgeann tú
soláis spriodalta leis an iomad
cíocrais. Seasaidheann an gráidh-
eóir cródha, go neamh-mheata a
gceart-lár an chatha, agus ní ghéilleann
do chómhairle chealgach na námhaide:
amhail is taithneamhach leis me an
tan chuirim rath air a shaothar, mar
an gceadna is áil leis me ann uair
an mí-ádh. Ní bhreáthnaidheann an
gráidheóir glic tabharthas a dhian-
ghrádh, chómh mor leis an searctré'r
bronnadh é.



Is mó an tsúim a chuireann ann inn-
tinn an tabhartóra, ioná a luach an
tabharthais uile. Ní bhídheann an té,
thugann searc síor-uasal a chroídhe


L. 153


do Dhia, sásda le tabharthasaibh, acht
bheireann taithneamh do Dhia féin tar
gach tabharthas. Ní bhfuil an uile
caillte, gidh go mbeidhfádh air uair-
ibh níos fuaire ioná badh mhaith
leath. Is uadh láthairdheachd ghrása
Déi thagann an cumann caomh-aoibhinn
sin, a mhothaidheann tú air uairibh;
de bhrígh nach bhfuil ann acht réimhbhlas
na bhflathas. Acht ní ceart dhuit do
mhuinín do chur air fad ann, de bhrígh
go nimthígheann, agus go bhfilleann sé.
Acht troid go cródha a naghaidh
dhrochlaonta na haigne; agus sios-
maidhe síor-mhallaidhthe an Diabhail
do ruagadh as an inntin. Isé so
an cómhartha ceart air chroídhe
ghlan, agus air rún diongabhálta.



Uime sin ná cuireadh taidhbhreithe
uathbhásacha aon bhuairt ort, gidh b'é
cinéal gur de iad, nó áit
gur b'as iad. Cómhéud do rún
daingean agus d'inntinn díridhthe air
Dhia. Ná meas go meallann an
Diabhal tú an tan árdaidhthear a
mbriochtaibh thu, agas fhilleann do
ghnáth laige croídhe gan mhaill na
dhiaigh san. De bhrígh gur ded' amh-
dheóin féin a tá tú lag, agas an


L. 154


fhaid nách dtugann tu aontaoidheacht
dóibh, is mó a dtairbhe 'ná a ndíogh-
bháil duit.



Bhíodh a fhios agat go ndeunann
an tsean-námhaidh a dhíthchioll air
tu chosg air gach deaghníomh, agus gach
mían maith a mhúchadh sul a dtiocfadh
leatsa a gcómhlíonaidh. Ní maith
leis tu thabhairt onóra do na naomh-
aibh, ná machtnadh air mo phais-si,
ná leórghníomh a dheunaidh a'd' phea-
cadhaibh, ná faire air chleasaibh
claona do chroídhe féin, ná fós rún
do ghlacadh air dhul air d'aghaidh
a mbealach do leasa. Cuireann se a
nimeódhan de droch-smuaintibh chu-
gat, le inntinn thú do chur, agus do
sganrúghadh, ionnas go dtiocfadh leis
tu tharrang uadh úrnaidhthibh, agus uadh
leabharaibh diadha. Ní thaithneann an
fhaosidín úmhal leis; agus da mbudh
fhéidir leis é, choisgfeadh sé thu air
ann gcorp-naomhtha do ghlacadh! Ná
tabhair aon ghéilleadh d'á chogar
cealgach, gidh go gcuirfeadh sé a
líontán go minic air inill fád'
chómhair. Cuir na leith féin gach
smuaineamh mallaidhthe neamh-ghlan,
agus abair leis, "Imthigh a spioraid


L. 155


thruaillidhthe, glac aithis agus náire a
phéist mhallaidhthe, ní fuláir gur
anmhídhe ró neamh-ghlan thu agas a
leithéidighe si de smuaintibh do
chur chugam. Bídh air siúbhal a
mhallaidhtheóir chealgaich; ní bheidh
aon chuid agat díomsa, acht beidh
Íosa am'shochairsi mar ghaisgídh-
each chródha, agus cuirfear an teitheadh
ortsa go haithiseach. Thoghfainnsi
bás d'fhághail fá throm-ualach galair
agus geur-phiantha, nios túisge ioná
ghéillfinn dod' chlaon-chogaraibh. Bídh
ad' thosd, a mhallaidhtheóir, ní éis-
fead a thuille leath, gidh go ndeun-
fádh do lán-dhíthchioll air me bhuair-
iúghadh." Oir amhail a deir an fáidh
ríoghamhail, "Isé an Tiarna mo
sholus agus mo shlánadh; cia roimhe a
mbeidh eagla orm? Dá seasfadh
sluagh a bhfoslongphoirt am' thímchioll
ní bheidh eagla air mo chroídhe. Isé
an Tiarna mo chabharthóir agus m'fhuas-
galtóir."



Troid amhail laoch lán-chalma, agus
má thárlaidheann duit tuitim an íor-
ghuil an chatha, tré laige do nádúire,
éirghidh arís níos neartmhaire, agus
cuir do dhóthchas am' ghrásaibh líon-


L. 156


mharasa: acht tabhair aire, gan
uabhar ná taibhse do ghlacadh ionnat
féin; oir is minic thuiteann mórán
a ndaille doleigheasta tre uabhar.
Cnuadhsaidhsi eagna tre earráid
na droinge sin, agus ná glac uabhar
de dhruim do neirt féin.



7 CAIB.



Gur ceart grása do cheilt fá
chúmhdach na húmhlachta.



A Mic, is tairbheiche agus is sábhálta
dhuitsi grása na caondúthrachta do
cheilt agus gan taibhse do ghlacadh dá
ndruim, gan labhairt go minic ortha,
ná bheith ag cuimhniughadh ortha; acht
tu féin do dhímheasadh níos mó, agus
eagla do ghabháil amhail nách fiú
thu iad fhághail. Ní ceart dhuit
greamadh go ró dhaingion de'n
staid so, a malartaidhthear go
minic air staid bhuinsgion. Smuain
a n-am na grás, gur bocht, truadh-
ánta bhídheann tú na néagmais.


L. 157


Agas bíodh a shios agat, gur fearr
dhuit a dtaobh do leasa, easbadh gach
soláis spriodálta d'fhulann go foigh-
ideach, fior-úmhal; air chor nach
dtabharfádh faillíghe ad' úrnaidhthibh,
ná a ndeaghoibreachaibh eile, d'á
ndearnais taithíghe; acht gach nídh
do dheunadh le fonn do réir do thuig-
siona agus do neirt, agus gan faillíghe
do thabhairt ionnat féin de dhruim an
bhuaireimh agus an tíormachda mho-
thaidheann tu.



Oir tá mórán a thuiteann a leisge
agus a neamhfoighidhe ann uair nách ri-
theann leó do reir a dtola. Acht de
bhrígh "nach bhfuil slíghe an duine go
cínte ionn a chomas féin," is le
Dia amáin a bhaineann fortacht
do thabhairt air, an mheud, agus an
uair, is toil leis féin é. Is iomdha
daoine a thug ár agus anachain ortha
féin mar gheall air ghrásaibh na
caondúthrachta; de bhrígh gur thóg-
adar an iomad ortha féin, ag
leanmhain claon a gcroidhthe níos
mó ioná cómhairle ann réasúin. Agas
de bhrígh gur chuireadar rompa níos
mó do dheunadh ioná bhídh taithneimhach
do Dhia; uime sin chailleadar a


L. 158


ghrása go hobann. Tuiteadar a
mbochtaineacht agas a n-úireasbadh,
gidh gur mhian leó ionad do shoc-
rúghadh dhíobh féin air neamh; ionnas
iar mbeith úmhlaidhthe dhóibh, go bhfogh-
lamóidis ghan a ndóthchas do chur 'nna
neart dílios féin, acht rith fá sgiath
mo chomairche si. Agas mar an
gceudna, meallfar an bhuidhean a
tá fós nuadh neamheólgaiseach a
slighthibh an Tiarna, muna leannadh
siad cómhairle na ndaoine eag-
nach.



Agas má's fearr leó a dtoil féin
do leanmhain ioná géilleadh do chách
ag a bhfuil níos mó eóluis, is ró-
bhaoghalach gur b'olc an chríoc a bheidh
ortha, muna dtréigid a gcor-
mhian féin. Is annamh fhulainneann an
drong a mheasann iad féin ciallmhar
cómhairle ná riaghail chách! Is
fearr beagán eóluis, agas umhlacht
mar aon le lag-aigne, ioná a lán
foghlama mar aon le taibhse, agus le
tóstal. Is fearr beagán, ioná
morán, ma ghlacair uabhar d'á
ndrúim. Ní bhfuil an té sin ciall-
mhar go leór a thugann é féin suas
do luathgháir, agus dhearmhadann an bhoch-


L. 159


tanacht ionn a raibh, agus caoin-eagla
an Tiarna; oir is baoghal go gcaill-
fidh na grása a bronnadh air. Agas
air an dtaobh eile, ní bhfuil an té
sin eagnúidhe a dhaothain, a bhídheann
duairc, deilbh-ghruama a n-am aon
anacradh nó mí-ádh, agus cuireann níos
lúghadh dóthchais ionnamsa ioná badh
cheart dho.



An té bhídheann neamhaireach a
n-amsir na shíthchána, bídheann eag-
lach, trom-inntinneach a n-aimsir an
chatha. Dá mb'fhéidir leat bheith
úmhal, uirísiol ad' bharamhail fhéin,
agus do spiorad do riaradh agus do
stiúradh, ní thuitfádh chómh obann a
nguais an pheacaidh. Is ró mhaith
an chómhairle, an tan mhothaidheann
tú spiorad an díograis, cúimhniugh-
adh cionas bheidhir an uair thréigfidh
an solus sin thu. Agas an uair
thréigfidh an díogras thu, cúimhnidh
go mb'fhéidir dho filleadh arís, de
bhrigh gur chum do theagaisg si, agus
mo ghlóir féin a thógas uait é air
feadh tamail.



Is minic gur tairbheiche an dear-
bhadh sa, ioná dá mbeidhfádh a gcómh-
núighe do réir do thola féin; De


L. 160


bhrígh nách meastar dualgas duine
ua na taisbéana, agus na taidhbhreidh-
the, a bhídheann aige, ná fós ó'n eólus
san sgribhinn diadha, ná uadh é bheith
a ngradamaibh móra: acht meas-
tar a luach, uadh é bheith preumhaidh-
the a númhlachd, agus air lasadh le grádh
Déi agas na chómharsann; uadh é
lorg onóra agus ghlóire Déi ann gach
nídh, uadh na bharamhail úirísiol as
féin, air chor go mb' fhearr leis
bheith fá dhroch-mheas ioná fá dheagh-
mheas ag cách.



8 CAIB.



D'ár ndroch-mheas orainn féin a
láthair Déi.



(An Deisciobal). "Labhair-
fead sa lem' Thiarna iar mbeith
am' luaithre dhamh." Má mheasaim
me féin níos fearr, feuch go sea-
saidheann tusa ós mo chómhair: agus
tugann mo chionnta fiaghnaise am'
aghaidh, agus ní féidir iad do bhreug-


L. 161


nughadh: acht má úmhlaidhim me féin
go neamhnídh, agus má theilgim uaim
ghach árd-thuairim asamh féin, agus
admháil (mar is fíor) gur luaithre
me, beidh do ghrasa sa trócaireach
dham, agus tiocfadh do sholus a bhfogus
dom' chroídhe, agas múchfar gach
dil-mheas dá lúghad a ngleann mo
neamhnídh féin. Ann sin foillseó-
chair dham, creud táim, creud
bhídheas agus creud bheid; de bhrigh gur
neamhnídh me gan fhios dam. Má
fágthar a leith mo neirt féin me,
ní bhfuil annam acht neamhnídh, agus fann-
tais gan teóra; acht má fhéuchair
si le súilibh do thrócaire orm, near-
taidhthear go luath me, agus líontar de
gháirdeachas mo chroídhe. Agas is
mór an iongnadh mar árdaidhthear
gan miall me, agus ghabhthar go cean-
amail liomsa, a tuiteann síos tréim'
mhuirtileachd féin de ghnáth.



Isé do ghrádh sa, mo Thiarna,
d'oibrídheann mar so ag teacht am'
choinne, agas ag cabhrúghadh liom an
gac gádh: am' chosaint mar an
gceadna air gach baoghal dogh-
ruineach, agas (mar is féidir liom
a radh) am' fhuasgaladh ua gach olc


L. 162


agus gach géibhionn. Agas de bhrígh
gur creachadh me trem' anghrádh
dhom féin, acht suaras arís Thusa agus
me féin de dhruim mo lorgaireachta
agus mo ghrádh dhuit; agas tríd an
ngrádh so, do dhearbhaidheas go deimh-
neach mo neamhnídh féin. Oir, a
Thiarna ró mhilis, táir trócair-
each orm ós cionn gach dóthchais agus
gach athchuinghíde.



Moladh agus gloír dhuit, O mo Dhia;
nách fiú mesi aon tabharthas d'fhá-
ghail; gidhe tréd' mhaitheas dochúim-
sidhthe si ní théidheann cosg ort acht a
deunadh maithise fós don' drong
dimbuidheach a tá ag imtheacht air
seachrán leó féin! O! a Thiar-
na, fíll tar ais sinn, ionnas go
mbeidhmis buidheach, úmhal, agus diadha,
oir is tusa ar slánadh, ar gcomas
agus ar neart.


L. 163



9 CAIB.



Gur ceart gach nídh d'athchur cum
Déi, amhail an chríoch.



(Críost.) A mhic, is dual gur
mesi do chríoch oirdheirc dhéighneach,
má's mian leat bheith fíor-shona.
De dhruim na hinntinne so glanfar
do chumann, a bhidheann go ró mhinic
claon-chasda ort féin agas air
nidhthibh cruthaidhthe. Oir má loirgir
do sheasgaireachd féin ann aon nídh,
is gearr go dtuitfir a bhfanntais agus
a neamhfhonn. Athchur na huile nidhthe
dhá bhrígh sin, chugamsa; oir is mesi
a bhronn gach a bhfuil agat ort.
Smuain gur uaimsi thagann gach
nídh, amhail ua thobraid an uile
mhaithise, agus dá bhrígh sin, nách fuláir
iad uile do chasadh arís orm amhail
a bpríomh-thús.



Is uaimsi a ritheann sruth na
ngras air an mbocht mar aon leis
an saidhbhir, air an lag mar aon
leis an ládair, air an óg mar aon
leis an ársa; agus bronnfad grása ar
ghrásaibh an té a leanann mo réir


L. 164


go deagh-chroídheach, fonnmhar. Acht
gidh b'é air bith, a mhaoidheann as aon
nídh acht asamsa, nó a ghlacann taith-
neamh ann aon mhaitheas amhail uaidh
féin ní féidir dho luathgháir fhírinneach
d'fhághail, na croídhe fairsiong do
bheith aige. Uime sin beidh sé buar-
tha brónach fá atuirse, agus fá chúmhgach
croídhe. Dá bhrígh sin, ní ceart
dhuit aon deaghnídh do chur ad' leith
féin ná chách, acht iadh uile do chur a
leith Déi: oir is neamhnídh an duine
a néaghmais Déi. Is mesi a bhronn
gach nídh ort, is ceart dhuitsi tu
féin go léir a thabhairt suas dhamh-
sa, agus bheith lán-bhuidheach dhíom, de
bhrígh go n-iaraim si búidheachas de
dhruim gach nídh d'á mbronnaim ort.



Isí so an fhírinne, le a ruagthar
gach glóir dhíomhaoin. Agas má
gheibheann tú seilbh a ngrásaibh Déi
agus a n-iomadamhlacht na carthanach-
ta, ní bheidh fórmad ná cúmhgach
croídhe ort; agus fós ní bheidh meas
ná mórghrádh agat dod' claon-
cholainn féin: de bhrígh go mbeireann
grádh Déi buadh air gach nídh, agas
go leathanaidheann cómhachta agus cáile
an anama. Má tá an chiall chóir


L. 165


agat, beidhir áthasach ionn-amsa
amháin, cuirfir do mhuinín ionnamsa
amháin, oir "ní bhfuil aon nídh maith
acht Dia amháin," is annmholta tar
gach nídh, is annbheannaidhthe ann gach
nídh.



10 CAIB.



Gur b'aoibhinn an nídh réir Dei do
dheunadh, agus gan suim do chur annsa
tsaoghal so.



(An Deisciobal.) Labharfad
anois arís lem' Thiarna, agus ni
bheid am thost; déarfad a néisd-
eacht mo Dhéi, mo Thiarna agus m'Ard-
Rígh. "O creud é meud d'iomadamh-
lacht a Thiarna, a thaisceann tú
dhóibh si, air a mbidheann d'eagla."
Acht creud dóibhsi a riarann agus a
ghrádhann tu le neart a gcroídhe! Tá
milseacht do chuideachtan dolabhar-
tha, gidhe bronann tu an taoibhneas
san ortha sa a thugann gean a
gcroídhe dhuit. Is ann so, tar gach


L. 166


nídh, dfhoillsídhis milseacht do ghrádh
dhamhsa, sé sin, gur chruthaidhis me
as neamhnídh, - gur ghlaodhis tar ais
orm, an uair d'imthígheas ar seach-
rán úait, - agus go dtugais coire agus
ordúghadh dham do réir a leanmhain,
agus searc mo chroídhe go léir do rad-
adh dhuit.



O! a Thóbraid na seirce síor-
rúidhe cionas labharfad ort air aon
chor? Cionas is féidir liom tu
dhearmad chóidhche, ó dheonaidhis cuimh-
niughadh orm sa, an truadhán bocht,
a bhídh múchta a láib na locht, agus ta-
bhartha suas chum báis síorrúidhe?
Rinnis trócaire orm tar gac dóth-
chas, agus bhronnais do ghrása agus do
múinteardhas orm tar gach dual.
Creud é an leórghníomh is féidir
liom a dheunadh air son na ngrás-
so? Oir is grása iad nár bhronnais
air chách, sé sin, díultúghadh don
tsaoghal agus aibíd manaich do ghabháil
orm. An féidir gur mór an tádh-
bhar maoidheimh dham do réir si
dheunadh, an uair tá sé d'fhiachaibh
ar gach creutuír do thoil ró naomhtha
do chómhlíonadh? Ni ceart dham bheith
bladhmanach a dtaobh do réire do


L. 167


dheunadh, acht is mór an tabhar
iongna liom tusa am' ghlacadh ad'
sheirbhís a measg do cháirde dil.



Feuch gur leat féin gach a bhfuil
agam chum do reire do leanmhain:
gidhe, is mó an tseirbhís a dheunair
si dhamhsa ioná mesi dhuitsi! Feuch
go bhfuil neamh agus thalamh, a chruthaidhis
chum tairbhe an duine, úmhal dod'
réir, go gcómhlíonaid go laétheamhail
gach a nórdaidheann tu dhóibh. Agas
ní bhfuil annso acht beagán; an fho-
chair sin, dórdaidhis do na hain-
gealaibh teacht a gcabhair agus a seir-
bhís an duine; agas fós rinnis nídh,
a sharaidheann iadsa uile, oir dheó-
naidhís tu féin do bhronnadh air!



O! creud is féidir liom a dheu-
nadh dhuit air son na dtabharthas so
go léir? O! a Thiarna, go dtagadh
liom do réir a dheunadh air feadh
laéte mo bheatha. O! is truadh
nach féidir liom do réir a dheunadh
go fiúntach air feadh aon laé amháin
féin! Is dual duit a Thiarna, gach
onóir agus gach moladh síorrúidhe. Is
tu go deimhin mo Thiarna, agus is mesi
do sheirbhíseach bochtsa, air a bhfuil
sé ceangailte do réir a dheunadh,


L. 168


agus d'ár ceart do mhórdhacht a mholadh
gan tuirse air feadh mo shaoghail.
Isé so mo thoil agus mo mhian; deónaidh-
si a Thíarna, neartughadh liom, má
thuitim a bhfantais.



Is mór an onóir agus an ghlóir do
réir a dheunadh, agus díultadh dho'n
tsaoghal oir is mór na grása a
bronntar air an ndrong a thógann
ortha go fonnmhar cuing ró naomhtha
do sheirbhíse si. Bronnfar sólás sár-
mhilis an Spioraid naoimh air gach
aon, a thug druim le sóláis na colna,
le grádh do Dhia! Is mór an tsaoir-
seacht aigne a gheóbhaidh an drong,
a leanann casán caol na haithríghe
agus thréigeann gach cúram saoghalta
air do shon sa.



O! a sheirbhís aoibhinn, ró-áluin,
a shaorann agus naomhaidheann an té
leanann díot! O a staid bheannaidhthe
na naomh-mhoghsaine, a chuirean
daoine a gcómheas d'aingheallaibh,
- taithneamhach a láthair Déi, uáth-
bhásach do Diabhalaibh agus annmholta do
chlann na heaglaise! O a sheirbhís
d'ár ceart dhuinn géilleadh, a threór-
aidheann chum Déi, agus a thuilleann luath-
gháir bhith-bhuan!


L. 169



11 CAIB.



Gur cóir miana an chroídhe do
sgrúdadh agus do mhaolúghadh.



(Criost.) A mhic, tá lán le
foghlaim fós uait, nách bhfuil de
ghlanmheamhair agat.



(An Deisciobal.) Creud iad
sin a Thiarna?



(C). Do mhiana do riaradh do réir
mo thola sa: gan bheith ró chean-
amhail ort féin, acht bheith fonnmhar
ag cómlíonadh mo thola sa. Is
minic lasann tú le mianaibh; acht
tabhair aire cia aca air mo shonnsa
no air do shon féin is mó corraidh-
thear thu. Má's mesi fáth do mhian,
beidhir sásda leis gach nídh d'á nór-
dóchad: acht má tá aon dúil a'd'
sheasgaireacht féin coigilte ionnat,
feuch, isé so choisgeann agus bhuaidh-
rídheann tu.



Tabhair aire dá bhrígh sin, gan
géilleadh d'aon mhian sul a gcuirir
am' chómhairle si air dtúis é, d'eag-
la go mbeidhfádh anshásda na dhiaigh
sin, agus go nglacfadh aithreachas tu


L. 170


de dhruim an nídh sin, d'ár ghéillis
amhail deagh-nídh. Oir ní cóir gach
mian, a shamhlaidheann maith, do lean-
mhain go héasgaidh; ná gach mian
nach sámhlaidheann maith do dhíbirt
de'n gceud-iaracht.



Ní fuláir dhuit air uairibh srian
do chur le deaghmhianaibh féin d'eag-
la go dtuithfádh a mbuairt aigne
tré a niomarcadh foinn: no go
dtabharfádh drochshómpla do chách tré
dhul tar riaghail: nó go bhfaghfádh
bárthuisle tré aghnas aingídhe dhaoine
eile. Air uairibh is éigean duit
díanas d'imirt ort féin, agus seasadh
go cródha a n-aghaidh mhiangas mhíl-
teach na colna; gan fiasraidh
creud is fonn nó is fúath léi, acht í
thabhairt fá smacht na spioraide
d'áis nó d'éigion.



Agas ní fuláir í chomheud fá
chruadh-smacht chum go mbristear
gach an-riantacht, agus go bhfoghlamadh
sí bheith sásda le beagán, agus le nidh-
thibh coitchiona, agus gan locht d'fhághail
air aon mhíchómhgar.


L. 171



12 CAIB.



D'Fhoghlaim na foighide, agus de smach-
tadh na nanmhian.



(An Deisciobal). O! a Thiarna
Dia, measaim go bhfuil foighide ró-
ríachtanach dham: de bhrígh gó bhfuil
an bheathasa lán d'aindheise. Oir
gidh b'é módh air a nórdaidhim mo
bheatha chum síth-chána ní féidir liom
bheith gan cogadh agus ruathar.



(Criost.) Is fíor sin, a mhic:
acht ní toil liomsa go niarfádh a
leithéid sin de sith-chain, a bheidh
saor uadh chathaibh agus uadh anró.
Acht tu a mheas fós go bhfuarais
síth-cháin, an uair bhídheann tú ad'
luasgadh air thonnaibh buartha na
beatha so. Má deirir nách féidir
leat an oiread san d'fhulann, cionas
gheóbhair trí theine na bpian? De
dhá olc deun rogha de'n cheann is lúgh-
ghadh: ionnas uime sin, go saorfúidh
thu air phiantaibh síorrúidhe, deun díth-
chioll air thrioblóidhibh na bheatha so
d'fhulann go foighideach air son Déi.
An measann tu nách bhfuilinnid saoghal-
tánaich aon nídh? Ní mar sin tá,


L. 172


fós a measg na droinge is seasg-
aire bhídheann!



Acht b'fhéidir go ndearfádh go
bhfuil a lán aoibhnis agus a dtoil féin
aca; fág go bhfuilid air a dtoil
féin: creud é an fhaid is dóigh leat
a bheid mar sin? Feuch, go sgaip-
fear iad mar dheatach, agus nach
mbeidh cuimhne aca air an aoibhneas
ionn a rabhadar. Agas fós air
feadh a mbeatha, ní féidir a saidh-
bhreas do sgaipeadh gan tuirse,
buaireamh agus mi-eagla: de bhrígh gur
minic thugann na nidhthe ceadna, ionn
a bhfaghaid taithneamh, doghruinn, agus
diachair ortha. Agas is ceart an
sgeul a bheith amhla sin aca; ó
loirgid sólás agus seasgaireacht na
colna tar meódhan, go bhféidfadhís
iad d'fhághail gan searbhas agas
sár-bhuaireamh. O! is dimbuan,
cealgach, anmheasardha, neamhghlan
na haoibhneas iad so. Gidhe tré
mheisge agus mhór-dhaille na ndaoine
ní thuigeann siad é; acht air nós na
mbeitheach alta, air son aoibhneis
dhimbuain na beatha so, tuillid bás
siorrúidhe d'á nanamaibh! "Act
tusa, a Mhic, na leann do dhroch-
mhiana, agus umpaidh uadh do thoil féin.


L. 173


"Glac aoibhneas annsa Tiarna, agus
tabharfadh sé iaratas do chroídhe
dhuit."



Oir ma's maith leat aoibhneas
ró-áluinn agus solás seunmhar d'fhághail:
feuch, tré dhímheas gach aoibhneis
saoghalta, agus tré dhiúltadh do thaith-
neamh tháir na colna do gheóbhair
beannacht agus bronntanas uaimse.
Agas an mheud a tharraingir tu
féin ua shólás, agus ua aoibneas shao-
ghalta, isé is mó, agus is líonmhaire a
bhronnfadsa sóláis síor-bhuana ort.
Acht ní féidir iad so d'fhághail de'n
gceud iaracht gan duadh agus triob-
lóid éigin. Beidh na sean-chleachta
ag deunadh buartha dhuit, acht is
gearr go bhfaghfhair an lámh-uachdair
ortha le cleachtaibh is fearr. Beidh
an cholann féin ag glamhfán, acht
cuirfear fá chois í le teasghrádh
na spioraide. Beidh an tsean-
phiast mhallaidhthe ag séideadh fút
agus ag deunadh buadhartha dhuit,
acht cuirfear an teitheadh uirthe le ur-
naidhthibh; agas ann fhochair sin, is
annamh a thiocfadh sí ag triall ort
má bhídheánn tu a gcómhnúidhe gream-
aidhte a ndeagh-fheidhm ghnótha éigin.


L. 174



13 CAIB.



D'fhómós úmhal-sheirbhíseich air nós
Íosa Críost.



(Criost). A Mhic, an té a dhiúl-
taidheann d'fhómós, diúltaidhean do
ghrásaibh: agas an té lé'r mian
nidhthe bheith ionn a sheilbh dhílios féin,
cailleann na nidhthe a bhídheann coit-
chionn. Is maith an cómhartha nách
bhfuil an cholann fós léir-smachtaidhthe,
muna ngéillidh duine go fonnmhar do
chómhairle an uachdaráin. Foghlaim
dá bhrígh sín, bheith úmhal dod' uach-
dárán, má's mian leat do cholann
do thabhairt fá smacht. Oir is
urusa buadh bhreith air an námhaid
fhoirimiolaich, muna bhfuil an duine
inmheadhnach léir-loitidhthe! Ní bhfuil
námhaid is measa agus is díoghbhálaiche
do'n anam ioná tu féin. Ní fuláir
dhuit gan aon mheas do bheith agat
ort féin, má's mian leat buadhadh
air uabhar fola agus feóla. De bhrígh
go bhfuilir fós ró cheanamhail ort
féin, ní áil leat géilleadh go iom-
lán do thoil chách.


L. 175


Acht creud é an t-iongnadh tusa
ionn nách bhfuil acht luaithre agus neamh-
nídh, do ghéilleadh air son Déi do chách,
an tráth ghéilleas sa, ann tArd-rígh
uile-chómhachtach, a chruthaidh neamh agus
talmh as neamhnídh go húmhal do'n
duine air do shonsa? Thógas sa
colann daonna orm féin, agus bhídheas
táir, tarcaisneach, ionnas go bhfógh-
lamfádhsa buadh bhreith air an uabhar
tre m'úmhlacht sa. A! a luaithre,
foghlaim bheith úmhal, fomósach; ní
bhfuil ionnat acht láib na talamhan,
claon thu féin fá chosaibh an domhain.
Bris slabhra na hantola, agus géill go
hiomlán do smacht.



Glac fuath dhuit féin agus ná bhídh ag
at le huabhar; acht úmhlaidh thu féin
ionnas go mb'fhéidir le cách gabháil
de chosaibh ionnat. A dhuine gan
chéill creud é cúis do ghearáin? A
pheacaich anacraich, creud é an
freagra is féidir leat do thabhairt
air locht do cháinte; - tusa, a chuir
fearg go minic air Dhia, agus thúill
teine Ifrin! Acht d'fheuchas-sa lé
súilibh mo trócaire ort, de bhrígh go
raibh d'anam mór-lúach am' láthair;
ionnas go gcuirfinn mo ghrádh a n-úil


L. 176


duit, agus go mbeidhfádhsa búidheach air
son mo thabhartas; go ngéillfádh go
húmhal do gach smacht agus go nglac-
fádh go foighideach dímheas agus droch-
thuairim chách.



14 CAIB.



De bhreathnughadh breithe diamhaire
Déi, d'eagla uabhair do ghlacadh
ionn ar ndeaghníomharthaibh.



(An Deisciobal.) A Thiarna,
cluinim fothrum do bhreitheamhnais
ós mo chionn, agus crathann tu le crith-
eagla mo chnamha uile, agas tá
m'anam sganraidhthe tar meódhan.
Seasaidhim le iongnadh agus breath-
naidhim, "nac bhfuil na flathais
glan ad' láthair si." Má fuarais
locht annsna haingealaibh agus go
dtugais breith ortha, creud a
thiocfas díomsa? Thuit na reulta
as na flathasaibh, agus cionas is féidir
dhamsa, ionn nach bhfuil acht luaithre,
seasadh? Thuit an drong a measadh


L. 177


bheith annmholta, go grinneal, agas
chonarc an bhuidheann thug taithneamh
roime sin d'arán na n-aingeal,
ag cur duil na dhiaídh san a gcrotal
muc!



Ní bhfuil dá bhrígh sin, aon naomh-
thacht má tharrangair si do lámh, a
Tiarna. Ní bhfuil tairbhe a n-eagna
air bith, muna dtreóraidhir si sinn,
Ní bhfuil feidhm a neart dá ládaire,
muna neartaidhir si linn; ní bhfuil
aon gheanmnúidheacht saor, muna
ndeunair si comairc di. Ní
bhfuil tairbhe ann aon chómheud dá
dtabharfam orainn féin, muna
dtugairsi naomh-aire dhuinn. Oir má
fagthar a leith ar neirt féin sinn,
tuitfeamoid agus caillfear sinn, acht má
thagair si d'ar bhfiosradh, árdochar
cum beatha sinn: de bhrígh go bhfuili-
mid so-luasgaidhthe, acht neartai-
dheann tusa sinn, - fuar, faillígheach,
acht lasann tusa lé grádh sinn.



O! is beag an meas badh cheart
dham bheith oram féin, is suarach an
tuairim badh cóir dham bheith as mo
dheagh-ghníomharthaibh féin. O! is
ísioll badh cheart dham me féin do


L. 178


theilgean fá dhoimhneas dochúim-
sidhthe do bhreitheamhnas sa, a Thi-
arna, ionn a gcuirthear a núil dham
nách bhfuil ionnam acht neamh-nídh!
O! a Chothrom do-thómhasda! O
a Mhuir mhór-thonnaigh! ann nach
samhlaidhim nídh air bith acht amháin
neamhnídh. Cá bhfuil dá bhrígh sinn,
aon chúis maoidheimh agam asam
féin, cionas is féidir liom aon
dóthchas do chur am' neart dílios
féin? Tá gach glóir dhímhaoin slog-
aidhthe suas a ndoimhneas do bhreith-
nas sa ós mo chionn!



Creud is brígh an duine ad' láthar
si, a Thiarna? An féidir do'n láib
uabhar do ghlacadh a bhfiaghnaise an
te a chruthaidh í? Cionas is féidir
an té sin bheith uaibhreach ag á bhfuil
a chroídhe riaraidhthe do réir Déi?
Ní féidir do'n domhain uile corrúidhe
do chur air an té, a theagasgthar le
Dia na fírinne féin. Oir ní chuireann
moladh ná cáineadh buaireamh air an
té ag á bhfuil a dhóthchas iomlán a
nDia. De bhrígh gur neamhnídh iad so
fós a mholann nó a cháineann, agus go nim-
thighid tharainn mar aon le fuaim a


L. 179


n-gotha acht "lonaidheann fírinne an
Tiarna go bráth."



15 CAIB.



De'n choingiall air ar ceart dhúinn
aon nídh d'iaradh.



(Criost). Abair mar so air
gach ócáid: a Thiarna má's é do
thoil é, deuntar an nídh so mar so.
A Thiarna, má théidheann so chum
d'onóra sa, deuntar é an ainm
Déi. A Thiarna, má's taithneamhach
leatsa, agus tairbheach dhamsa, an nídh
so, deónaidh dham é chur a bhfeidhm
chum d'onóra sa; acht má fheiceann
tusa go mhbeidh sé díoghbhálach dham
agus a naghaidh leasa m'anama, a
Thiarna, díbir uaim é. De bhrígh
nach uadh an Spioraid Naomh thagann
an uile mhian, gidh go measadh duine
é bheith díreach, deagh-bheusach. Agas
is minic gur ró dheacair é aithint,
cia aca uadh an Spriorad naomh,
nó uadh an annspiorad thagann mian


L. 180


an nidh so nó an nídh úd. Is iomdha
daoine a mealladh fá dheóidh, a
measadh bheith treóraidhthe le deagh-
spiorad air dtús.



Gidh b'é nídh dhá bhrígh sin, thaghann
os cómhair na haigne, agas shamh-
laidheann bheith anniarrtha, tabhair
aire é iarradh le úmhlachd croídhe
agus le naomh-eagla Déi. Agas
fós badh cheart dhuit é go léir
d'fágbháil fúm sa agus rádh mar
leanann. A Thiarna, is fiosach dhuit-
se creud is fearr, deuntar so nó
sud do réir do thola. Tabhair, a
Thiarna, an nídh is maith leat, an
meud is maith leath, agus air an
uair is maith leat. Deun liom
do réir do thola, gidh b'é nídh is
mó a rachfaidh chum d'onóra féin.
Cuir me gidh b'é áit is maith leat, agus
deun liom ann gach nídh do réir do
thola. Fheuch gur me do sheirbhíseach
ullamh chum do réire do chómhlíonadh
ann gach nídh; oir ní maith maireach-
tain air mo shon féin, acht air do
shonsa. O! nach dtagann sin liom
go dílios dúthrachtach air feadh mo
shaoghail.


L. 181



Urnaidh chum tola Déi do chómh-
líonadh.



Deónaidh do ghrása dham, Íosa
ró thrócaireich, ionnas go bhfan-
faidís agam air feadh mo shaoghail.
Deónaidh dham na nidhthe so d'iaradh
agus do lorg, is mó thaithneann leatsa.
Go raibh mo thoil de ghnáth do réir
do naomh-thola sa, agus go réightídhid
le chéile go iomlán. Deónaidh dham,
searc do thabhairt do gach nídh is
taithneamhach leatsa, agus fuath do gach
nídh tá míthaithneamhach dhuitsi; agus a
Thiarna, ná fág fá'm chumas searc
ná fuath do bheith d'aon nídh, acht do
réir mar ghrádhann no fhathaidheann
tusa é.



Deónaidh dham mo dhúil a nidhthibh
an tsaoghailsi do mhúchadh go hiom-
lán, agus searc a thabhairt do bheith fá
dhroch-mheas agus a gan-fhios do'n
tsaoghal. Deónaidh dham, tar gach
nídh, lonúghadh mar aon leat agus
suaimhneas agus síth-cháin mo chroídhe
do chur ionnat. Is tusa síth-cháin
fhírinneach an chroídhe, is tu a shuaimh-
neas dílios! Gan tu, tá gach nídh
dochamhail anshásda. "Ann san


L. 182


tsíth-cháin cheudna sa, sé sin, annat-
sa, a Dhia shíorrúidhe uilechomhachtaich,
dheunfad codla agus cómhnúidhe. Amen.



16 CAIB.



Gur a nDía amháin is ceart solás
fírinneach do lorg.



(An Deisciobal.) Gidh b'é solás
is mian liom d'fhághail, agus sochar is
mian liom d'iaradh, ní air an sao-
ghalsa tá mo shúil leis, acht air an
saoghal eile. Oir dá mbeidh soláis
agus sár-aoibhneasa na beatha-so am'
sheilbh dhílios féin agam, is fíor nách
bhfanfaidís a bhfad! Dá bhrígh sin,
ní féidir le m'anam fuairceas ná
síor-sholás d'fhághail, acht a nDia
amháin; óir isé Dia solás na
mbocht agus furtaidhthóir na númhal!
Fan go fóill beag, a anam, feith
le cómhlíonadh na ngeallamhna nDiadha
agus gheóbair lán do chroídhe de gach
nídh d'á fheabhas air neamh! Má
loirgeann tú nidhthe na beatha so go
ró chíocarach, caillfir saidhbhreas
síor-áluin na bhflathas. Deun feidhm


L. 183


ne nidhthibh saoghalta, acht ceangail
do chroídhe de nidhthibh síorrúidhe. Ní
féidir dhuit bheith sásda le aon nídh
saoghalta, de bhrígh nách dóibh a cru-
thaidheadh thu.



Gidh go mbeidh uile-mhaitheas na
cruinne a'd' sheilbh dhílios féin, ní
fhéadfádh bheith sásda, de bhrígh gur a
nDia, a chruthaidh iad uile, tá do sho-
nas agus do shíor-sholás. Ní cosmhail an
sonás so leis an sonas, a moltarle
daonibhdíthcéillidhe an tsaoghailso;
acht leis an sonas, a loirgheann deagh-
chríostaidhthe, agas a réimh-bhlai-
seann an drong a tá spioraidálta,
glan-chroídheach. Tá gach solás
daonna baoth, gearr-shaoghalach. Is
beannaidhthe, buan-fhírinneach an solás
a bhrontar go hinmheádhanach le Dia
na fírinne féin. Iomcharann an duine
diadha a chómhfhurtaidhtheóir Íosa, agus
labharann leis agh radh, a Íosa fan
am' fhochair air gach uair agus ann gach
ionad. Biodh sé mar shólás agam,
bheith sásda le uireasba gach sóláis
daonna. Agas má tógthar uaim
mar an gceudna do shólás-sa, a
Thíarna, deónaidh dham bheith sásda
le do thoil ró-naomhtha sa, amhail


L. 184


an sólás is bríghmhaire. Oir "ní
bheidhir si feargach a gcómhnúidhe agus
ní bheidhir ag bagart díoghaltais go
siorruidhe."



17 CAIB.



Gur ceart ar gcúram uile do chur
air Dhia.



(Críost). A Mhic, fág fúm-sa
deunadh leat mar is maith liom; is
fios dam creud is fearr dhuit. Tá
do smuainte amhail smuainte an
duine, agus do thuairim do réir
chumainn dhaonna.



(An Deisciobal). A Thiarna, is
fíor sin, is mó an cúram a tá
agatsa ionnam, 'ná is feidir liom
féin a bheith: oir is ró bhaoghalach
do'n té, nách gcuireann a chúram go
léir ortsa. A Thiarna deun liom
mar is maith leat, air choingiall
go bhfanfadh mo thoil díreach deagh-
órdaidhthe do réir do thola-sa. De
bhrígh nách féidir dho gan bheith maith,
gibh b'é nídh a dheunfairsi. Má's
toil leat me bheith a ndorchadas,
moladh go buan duit: má's toil leat


L. 185


mé shoillsiúghadh, moladh go buan
duit; má's toil leat, soláis do
bhronnadh orm, moladh go buan duit;
agus má's toil leat me bheath a n-ana-
cradh, moladh go buan mar an
gceadna dhuit.



(Críost). A mhic, is air an
aigne so nach fuláir dhuit bheith má's
mian leat siúbhal mar aon liomsa.
Ní fhuláir dhuit bheith chomh ullmhaidhthe
chum fulann agas bheith-fádh chum
luathgháireadh; ní fuláir dhuit bheith
cómh sásda le bochtanacht agus bheith-
fádh le saidh-bhreas!



(An Deisciobal). A Thiarna,
glacfad go toileamhail gach fulann
is toil leat do chur chugam; gach
anacradh mar gach só; gach sear-
bhas mar gach milseacht; gach doil-
gheas mar gach soilbhireachd; agus beid
búidheach a dtaobh gach a dtárlóchaidh
dham. Comheud me saor ó'n bpea-
cadh, agus ní bheidh eagla an bháis ná
fós ifrinn orm. A Thiarna, ná
teilg uait me go síorrúidhe, agus ná
sgrios amach m'ainm as leabhar na
beatha; agus gidh b'é anacradh a thioc-
fas orm, ní dheunfadh sé dochar air
bith dham.


L. 186



18 CAIB.



Gur ceart anacradh na beathaso
d'iomchar go foighideach air nós
Chríost.



(Críost). A mhich, túirlinneas-sa
ua neamh air son tusa do slánadh,
thógas d'anacradh sa orm féin, ní
tré riachtanas acht tré ghrádh;
ionnas go bhfoghlamófádh-sa bheith
foighideach agus amhgar na beatha so
d'fhulann gan glamhsán. Oir ní
rabhas-sa ó'n uair a ghlacas colann
daonna go huair mo bháis air an
gcros, gan fulann agus anacrad. Bhídh-
eas air uireasba maoine saoghal-
ta; is minic chualas daoine ag
gearán orm; d'fhulainneas náire
agus aithis go caoin, ceannsa; ní
bhfuaras air son mo theagaisg agus
mo thíodhlacaidhe, act achmhúsáin agus
dimbuidheachas; agas masla agus
míchlíú air son mo mhíorbhúilídhe!



(An Deisciobal). A Thiarna,
de bhrígh go rabhais-si foighideach air
feadh do bheatha, agus ann so go háiridhe
ag cómhlíonadh thola do naomh-Athar,


L. 187


is ceart dhamhsa, an peacach ró
anacrach, gach nídh d'fhulann go foigh-
ideach do réir do thola: agas ualach
muirtil na beatha boichte so d'iom-
char air son leasa m'anama ann
fhaid is toil leasa é. Agas gidh
go bhfuil an bheatha so trom do-
iomchair, gidhe tré do ghrásaibh si
deuntar tuillmheach í; agas tré do
shompla-sa agus sómplaídh na naomh,
tá sí níos eudtroime agus níos so-
iomchaire fós do lagaibh. Tá sí
mar an gceudna níos fearr go mór
ioná bhídhsi a nallóid fá'n seanreacht,
an tráth bhídh dóirse na bhflathas
dúnta, agas an tslíghe dorcha do-
shiúbhalta, de bhrígh gur ró bheag a
thug aire do thriall air neamh. Ná
fós níor b'fheidir dóib so féin, a
bhídh fírinneach, agus thúill ríoghact na
bhflathas, dul a seilbh an ríoghachta
san, sul ar fhulainnis si páis; agus
dhíolais ar dtrom-fhiacha led' bhás
ró naomhtha.



O! creud é meud an bhuidheachais
is dual duit uaimsi, dtaobh ná slíghe
dfhoillsiughadh dhamsa agus do gach
creideamhach, go ríoghacht na bhfla-
thas! Oir isí do bheathasa ar slíghe,


L. 188


agus siúbhlamoid fad' gheóinsi le foigh-
ide, oir is tusa ar gcoróin. Agas
muna mbeidh tusa d'imtheacht róimh-
inn d'ar dteagasg, cia lé'r chúram
leanmhain? Faraor! is iomdha
duine d'fhanfadh a n-imchian dá
mbeidh gan do shómpla síor-áluinn
si ós cómhair a súl. Feuch gur
fuar, faillígheach támoid fós d'amh-
dheóin a bhfuaramair do theagasg,
agus a gcúalamair de mhíorbhuillíbh;
creud thiocfadh dh'ínn dá bhrígh sin, da
mbeidhmis gan an oireadso solais
dfhághail chum tu do leanmhain?



19 CAIB.



D'iomchar eugcóra; agus de'n fhíor-
fhoighideach.



(Criost). Creud a deireann
tu a mhic? Cosg ua ghearán, agus
cúimhnidh air mo pháis si, agas air
fhulann mo naomh. Níor dhoirtis do
chuid fola fós air mo shonsa. Ní
bhfuil acht suarachas ionn a bhfuil-


L. 189


eannairsi a gcómheas dóibhsan,
d'fulainn cathaidh uathbhásacha, ana-
cradh árd-ghoimheamhúil agus duadh do-
labhartha. Cuimhnidh dá bhrígh sin,
air throm-ualach chách, ionnas go mb'
fhéidir leat d'ualach eudtrom féin
d'iomchar níos fearr. Agas ma
mheasann tu go bhfuil d'ualach féin
trom, do-iomchar, tabhair aire
nách tred' mhí-fhoighide a mheasann tú
mar sin. Acht gidh b'é trom nó
eudtrom iad deun díthchioll air iad
d'iomchar go foighideach.



Dá fheabhas a chuireann tú thu-féin
a n-órdúghadh chum fulann, isé is
fearr, dhuit féin é, agus is é is mó
do dhualgas: agus ann fhochair sin, is fu-
rusa dhuit é iomchar má bhídheann tú
ullamh 'nn a chómhair agus d'aigne tai-
thitheach air. Ná habair, ní féidir
liom na nidhthe so do ghabháil le 'nais
ua na leithéid so de duine; is dea-
cair dham iad fhulann uaidh, oir rinn
sé eugcóir mhór orm, agus cuireann sé
nidhthe am' leith air nár smuain mo
chroídhe riamh; acht ghlacfainn na
nidhthe so uadh dhuine eile, an mheud
badh chuibhe dham dfhulann do réir mo
bhreitheamhnais féin. Is baoth, díth-


L. 190


céillídhe an smuaineadh sin, nách
dtugann aire do shubháilce na foi-
ghide agus do'n té ua a bhfaghfar a
dualgas; acht d'fheuchann níos mó
air na daoinibh agus air an eugcóir a
rinnid.



Ní féidir a mheas gur duine
foighideach an té nách bhfulainneann
acht an mheud is maith leis féin, agus
ua dhaoinibh áiridhe. Is cuma leis
an nduine bhfoighideach, cia a dheun-
fas eugcóir air; ní fheuchann cia
aca uachdarán nó íochdarán, nó
cómhdhuine é; cia aca duine naomhtha,
dheagh-aigeanta nó rógaire droch-
mhéinneach é. Acht gidh b'é anacradh
dá mheud agus dá mhinice a theagmhaidh-
eann do, glacan iad uile go foighid-
each amhail ua laimh Déi, agus bheireann
búidheachas leis a dtaobh a thabhar-
thais. Or dá lúghad rud a fulann-
tear air son Déi, tá a dhualgas
féin fá leith 'nn a chómhair.



Uime sin, bídh ullamh a naghaidh
an chátha má's mian leat buadh do
bhreith. Ní féidir dhuit coróin na
foighide d'fhághail gan troid air a
son. Má dhiúltaidheann tú d'fhulann,
ní áil leat an choróin d'fhághail; acht


L. 191


má's mian leat í shealbadh, troid
go fearamhail, fíor-euchtmhar air a
son. Ní bhfuil suaimhneas e fághail
gan saothar, ná buadh gan síor-
chómhrac.



(An Deisciobal). A Thiarna,
deun na nidhthe so so-dheunta le'd'
ghrásaibh, a shamhlaidheann do-dheunta
tre'm' nadúr féin. Is fios duit
gur beag is féidir liomsa d'iom-
char, agus gur suarach an nídh a lea-
gann agus a mhaolaidheann mo neart.
Tabhair dham, a Thairná, trioblóid
agus buaireamh do ghlacadh go cean-
amhail air do shon-sa: oir is mór
an tsláinte do m'anam amhgar agus
mí-ádh d'fhulann tré ghrádh Déi.



20 CAIB.



D'admháil ar n-anbhfannaidh féin; agus
d'anacradh na beathaso.



(An Deisciobal). "Admhóchad
m'ancheart a'm' aghaidh féin."
Admhóchad m'anbhfannaidh dhuitsi, a


L. 192


Thiarna. Is minic gur suarach an
nídh a leagann agus bhuairidheann me.
Glacaim rún seasadh go dána, acht
n-uair thagann lá an chatha, cuirthear
a gcúmhgach ró mór mé. Is minic
gur ró shuarach an nídh as a dtagann
catháidh geura. Agas an tan
mheasaim me féin saor ua bhaoghal,
tárlaidheann dham an uair is lúghadh
shílim é, go leagann nách mór an gal
me.



Feuch, uime sin, a Thiarna, mo
tháire agus m'anbhfannaidh air gach módh
a n-uil duitsi. Glac truaighe dham
agus réightidh me ua láib mo locht,
ionnas nách bhfanfainn ceangailte
innte, agus nách mbeidhinn cailte go
síorrúidhe. Ag so an nídh is minic
a chuireann a ndiaigh mo chúil me, agus
líonann de náire me ad' láthair si;
sé sin, go bhfuilim chómh so-thuitimeach
so fós, agus chómh lag so a naghaidh mo
mhian.



Agas gidh nách naontaidhim air
fad dóibh, gidhe bídhid ró bhúadhartha,
ró gheur dham: agas is ró thuirseach
liom bheith mar so go laétheamhail a
gcoinbhliocht leó. As so is anntuigthe
dham mo laige féin; de bhrígh gur


L. 193


furusa le drochsmuaintibh mallaidh-
the teacht chugam ioná imtheacht
uaim.



O is truadh nách dtagair si, a
Dhia ró-neartmhair Israel, a cha-
raid dhilis na nanam bhfíreunta, agus
feuchainn air dhuadh dhubrónach do
sheirbhíseich, agus seasadh a gcabhair
dhó ionn a ghnóthaibh uile. Neartaidh
mé le fóirneart neamhdha, d'eagla
go bhfaghfadh an sean-duine, sé sin,
an cholann chaileamhnach, nách bhfuil
fós fá riaghail na Spioraidhe, an
lámh uachdarach; oir is éigean troid
'nn a haghaidh an fhaid bheidhmid san
mbeatha anacrach so. Faraor!
creud é cinéal na beathaso. Ait
nách féidir bheith a n-eugmais
bhuaireimh agus mhór-dhoilgheis; áit
ionn a bhfhuil gach nídh lán de ghaistibh
agus de dhearg-námhaidibh? Oir an uair
imthígheann trioblóid, tagann bhuair-
eamh éigin a n-ionadh; agus fós sul a
nimthígheann an cheud chath, tagann
tuille air a dhruimh go neamhfhiosach.



Cionas is féidir grádh thabhairt
do'n tsaoghalso, ionn a bhfuil an oiread
san searbhais, a tá lán de mhí-ádh
agas d'anacradh? Cionas is féidir


L. 194


beatha do ghairm de, an tráth éir-
ghidheann an oireadh-so bás agus támh-
ghalar as? Agas mo nuar! tugann
mórán grádh dho, agus loirgid a naoibh-
neas ann! Tugann cuid eile dhíob mil-
leán air, ag rádh, le fírinne, go
bhfuil se baoth, cealgach; gidhe ní
áil leó é thréigeann, de bhrígh go
bhfuair anmhiana na colna an lámh
uachdarach ortha! Tarraingeann an-
mhiana na colna, anmhiana na súl,
agus uabhar na bheatha, iad chum grádh
an tsaoghail: acht tugann na pianta
agus na mór-anachradh, a leanann na
hanmhiana so, fuath agus gráin dóibh
air.



Acht fáraor! beireann aoibhneas
dimbuan buadh air anam an tsao-
ghalthánaigh, agus measann se go bhfuil
soláis falaidhthe fá na dealgaibh so;
de bhrígh nách bhfeacaidh agus nár bhlais
riamh milseacht ghrádh Déi, ná aoibh-
neas inmheadhanach na subháilcídh.
Acht ní mar sin do'n mbuidhean ag
á bhfuil fuath agas drochmheas air
lóchán na beatha so, blaisid an mhil-
seacht a tá geallta do'n drong a
thréigeann an uile shólás saoghalta:
is iadso fheiceann go soléir meud


L. 195


an tseachráin agus an dearmhaid a tá
air na saoghaltánaich, agus liachd na
slighte ionn a mealltar iad.



21 CAIB.



Gur ceart dhuinn lonughadh a nDia
tar gach deagh-thabharthas.



(An Deisciobal). Tar gach nídh,
agus ann gach nídh, lonaidh, a anam, a
gcómhnúidhe annsan dTiarna; oir isé
an Tiarna suaimhneas síorrúidhe na
naomh. Tabhair dham, a Íosa ró mhilis
ró ghrádhmhair, lonughadh ionnatsa tar
gach nídh cruthaidhthe; tar gach sláinte
agus deagh-mhaise; tar gach comas agus
céim; tar gach fios agus geurchúis;
tar gach saidhbhreas agus searc-
inntleacht, tar gach gáirdeachas agus
luathgháir; tar gach cliú agus cáil;
tar gach milseacht agus mór-shólás;
tar gach geall agus gléith-dhóthchás;
tar gach dúil agus dual; tar gach ta-
bharthas agus tíodhlaice d'ár féidir
leatsa bhronnadh; tar gach aitios agus
árd-aoibhneas d'ár féidir leis an
aigne a mhothúghadh; fá dheóidh, tar


L. 196


gach aingeal agus árd-aingeal, agus
slúagh líonmhar na bhflathas; tar
gach nídh so-fheicse nó do-fheicse;
agus tar gach nídh is lúghadh ioná thu
féin, mo Dhia!



Oir is tusa mo Thiarna Dia, is
fearr dhíobh uile; is tu amháin is
áirde; is tu amháin is comasaiche;
is tu amháin is líonmhaire agus is lá-
daire; is tu amháin is mílse agus is ró-
lásaiche; is tu amháin is maiseamhla
agus is grádhmhaire; is tu amháin is
uaisle agus is árd-chéimeiche; is ionnat
amháin a tá foirbheacht gach fíor-
mhaithis, agus bhídh riamh agus bheidh go bráth.
Agas dá bhrígh sin, gidh b'é nídh bhro-
nann tu orm is lúghadh ioná tu féin;
gidh b'é nídh fhoillsidheann tu nó gheallann
tu dham, ann fhaid nách bhfeicim agus
nách bhfhághaim tu féin, ní áil agus ní
leór liom é. De bhrigh nách féidir
le mo chroídhe bheith suaimhneach ná
sásda, chum go n-éirghidh sé ós cionn
gach nídh cruthaidhthe agus go gcómhnaidh
ionnatsa.



O! a chéile chaoin-ghrádhach m'an-
ama, a Íosa Críost, a sheirc mo
chroídhe, a Thiarna na cruinne, cia a
thabharfas sgiatháin na fíor-shaoir-


L. 197


seachta dham, chum eitilt agus lonughadh
a'd' fhochair si? O! ciathan a
tabharfar cead saor dham, agus uain
neamhbhuadhartha air fheicsin mil-
seachta mo Thiarna Dia! Ciathan a
bheid lán-tógtha suas ag cúimhneadh
ort, air chor go ndearmhadfainn
me féin tré ghrádh dhuitse, agus go
dtabharfainn gean agus searc dílis
dhuitsi tar gach grádh, agus tar gach
meadhan, air mhódh nách fios do'n
uile? Acht anois, is minic me ag
osnadh agus ag eugcaoineadh mo mhí-ádh
go duairc, dubrónach. De bhrígh
gur iomdha anacradh thárlaidheann
liom a ngleann so na ndeór, a
bhuairídheann go trom me agus chuireann
dubh-neul dhoilbh a'm' thímchioll; a
choisgeann go minic me air thriall
ortsa, agus nách léigeann dham taithídhe
dheunadh ded' chaoin-chuideachta sa a
tá a gcómhnúidhe a seilbh na Spio-
rad mbeannaidhthe. A Thiarna, éisd
le guth mo gearáin, agus glac truaighe
dham de dhruim na mór-anacradh ionn
a bhfuilim air an dtalamhso.



O! a Íosa, a dhealradh na glóire
síorrúidhe; a neart an anama ann
a hoilearachd, ní féidir le'm'
theangain smuainte mo chroídhe
chraobhsgaoileadh, acht labharann mo
chiúnas féin leat. An fada
dfhanfadh mo Thíarna gan teacht
chugam; O tagadh sé anois fá
dheódhain a sheirbhíseich bhoicht, agus
deunadh se luath-gháireach me; sí-
neadh sé amach a lámh agus saoradh sé
me, an truadhán millte, ua gach
amhghar. O! tar; oir gan tú ní
féidir liom áthas laé ná uaire bheith
agam; oir is tusa mo luath-gháir,
agus gan tú tá mo thábla follamh. Táim
ró anacrach, agus mar dearfainn, a
a gcarcair fá ualach géibhion, go
dtugairsi fortacht orm le lonnradh
do láthaire, agus go bhfillir me chum
saoirseachta, agus go bhfeuchair le
súilibh na trócaire orm.



Loirgeadh cách gidh b'é nídh is
maith leis, ad' ionadsa; níor thu-
gas-sa agus ní thabharfad taithneamh
d'aon nídh eile acht dhuitse mo
Dhia, mo dhóthchas agus mo shlánadh síor-
rúidhe. Ní éisdfead agus ní chuirfead
cosg air m'úrnaidhthibh chum go
bhfillidh do ghrása, agus go labharair le
mo chroídhe.


L. 199


(Críost). Feuch go bhfuilim láith-
reach; feuch go dtáinic me ag
triall ort, de bhrígh gur ghairmis
orm. d'umpaidh do dheóra, miana
d'anama, d'úirísleacht, agus do chroidhe-
bhrúgh chugat me.



(An Deisciobal). Agas dúbhart-
sa, a Thiarna, ghairmeas ort, agus is
miam liom tu shealbhughadh, agus
táim ullamh chum gach nídh eile do
thréigean air do shon: oir ghríosais
suas air dtús me, ionnas go loirg-
fainn thu. Moladh go buan duit dhá
bhrígh sin, a Thiarna, a dtaobh
truaighe agus taise do ghlacadh dod'
sheirbhíseach do réir iomadamhlachta
do mhor-thrócaire. Creud eile a
tá lé rádh ag do sheirbhíseach ann do
láthair, acht é féin d'úmhlúghadh tar
meódhan ag cúimhniúghadh do shíor air
a mhallaidhtheacht agas a mhór-tháire
féin. Oir ní bhfuil aon nídh a gcos-
amhlacht leatsa de na nidhthibh ion-
gantacha d'á bhfuil air neamh nó air
talamh. Tá d'oibreacha uile sár-
mhaith; tá do bhreitheamhnais fíor;
treóraidheann tú an chruinne le feidhm-
ghliocas. Moladh agus glóir dhá bhrígh
sin, leat, a eagna an Athar! Go


L. 200


molaidh agus go mór-bheannaidh mo
theanga, m'anam agus gach nídh cruth-
aidhthe thu, air feadh saoghal na
saoghal. Amen.



22 CAIB.



De chúimhne mhór-thabharthas Déi.



(An Deisciobal). A Thiarna
osgail mo chroídhe ann do dhlíghe, agus
múin dham siúbhal a'd' aitheantaib.
Tabhair dam grása chum do naomh-
thola do thuigsin, agus chum do thíodh-
laicídhe uile do léir-smuaineadh go
cathaiseach; ionnas go dtiocfadh
liom mar so, búidheachas do bhreith
leat go fiúntach d'á ndrúim. Acht
tá a fhios agam, agus admhaidhim nách
bhfuil sé air mo chumas bheith chómh
búidheach agus badh cheart dham air son
na dtabharthas is lúghadh. Is lúghadh
agus is táire me féin ioná an bronn-
tanas is suaraiche dá dtugair si
dham; agus an uair mhachtnaidhim air
d'óirdhearcas-sa, téidheann mo spio-


L. 201


rad a múgha a mórdhacht do naomh-
mhaise.



Is uaitsi fuaramar gach a bhfuil
againn, idir anam agus chorp, amuigh,
nó astigh, ua nádúir nó ua ghrásaibh;
foillsídhid uile dhuinn do mhaitheas, do
thrócaire agus do mhór-fhéile, ua dta-
gann gach deagh-thabharthas. Agas
gidh gur mó gheibheann duine ioná
duine eile, gidhe is uaitsi thagann a
gcuid air aon; agus níor bhféidir aon
nidh d'á lúghad d'fhághail gan tu. Ní
ceart do'n té, air ar bronnadh
mórán tabharthas, iad do chur a
leith a thuilleadh féin, ná maoidhmh
asda; ag rádh gur fearr é féin
ioná chách; de bhrígh gur fearr go
mór an té chuireann an uile mhaitheas
a leith Déi, agus d'altaidheann go diadha,
úirísiol leis. Agas isé an duine is
measa tuairim as féin agus a shíleann
gur b'é féin an té is tarcaisneiche
air talamh, is oireamhnaiche air na
tabharthais is mó agus is luachmhaire
d'fhághail!



Acht ní ceart don té ar a mbronn-
ann Dia níos lúghadh tabharthas bheith
buadhartha, na formadach leis an
té a fuair níos mó, acht aire tha-


L. 202


bhairt do Dhia, agus é mholadh de dhruim a
thabharthas do bhronnadh chómh líonmhar
sin, go fiall, fáilteach gan feuchain
do mhór-chéim neach seach a chéile.
Is uaitsi thagann gach deagh-nídh, agus
dá brígh sin, táir annmholta ionnta
uile. Is fios duit creud is ceart
do thabhairt do gach naon; agus ní le
n-ar ngnó a bhaineann, fios dfhághail
creud fáth nách bhfaghann an té so, agus
an té úd, an oiread so, agus an oiread
sud; acht leatsa amháin, a Thiarna,
a chómheudann cúntas cruinn air dhual-
gas agus air thuilleamh gach n-aon.



Uime sin, a Thiarna Dia, is mór
an gradam liom bheith a neugmais
na nidhthe so a shamhlaidheann mór-
luach, annmholta a súilibh chách; air
chor gur cheart do dhuine an tan
fheuchann air a bhochtaineacht agus air
a tháire féin, gan tuitim a n-eudóth-
chas ná a mheisneach do chailleamhain,
acht bheit luath-gháireach, lán-
eudtrom d'á ndruim. Oir do
thógais si mar rogha, a Thiarna, na
daoine uirísle, bochta, agus an drong,
a bhídheann fá dhrochmheas an tsaoghail,
mar cháirde agus mar dhaoine dlúth-
mhúinteardha. A fhiaghnaise sin air


L. 203


na hapstalaibh féin d'ar rinnis
prionnsaidhe ós cionn an domhain so;
gidhe mhaireadar air an tsaoghal-
so gan gearán air bith do dheunadh;
go húmhal, símplídhe gán mailís ná
miscais, acht lán d'áthas a dtaobh
masla agas mí-chliú dfhághail air
son d'ainme si; ghlacadar chuca
go ceanamhail na buaidhreamhaso
ua dteitheann an saoghal go luath-
chosach.



Ní bhfuil fáth luathgháire, dá bhrígh
sin, ag an thé, a thugann searc duit-
si, is mó ioná do thoil ró naomhtha
do chómhlíonadh: agus badh cheart dhúinne
bheith chómh sásda leis an ionad is
ísle agus bheidhmís leis an ngradam is
árd-chéimeiche; agus gach táir agus tar-
caisne ghlacadh chómh cathaiseach agus
ghlacfamois onóir agus uaisleacht.
De bhrígh gur ceart géilleadh dod'
thoil ró naomhtha tar an uile nídh;
bhéith sásda léi, tar gach tabharthas
dá mbfhéidir d'fhághail air an
tsaoghalso.


L. 204



23 CAIB.



De cheithre nidhtibh uadh a dtagann a
a lán síth-chána.



(Críost.) A mhic, múinfead
anois an tslíghe dhuit chum síth-chána
agus fíor-shaoirseachta.



(An Deisciobal.) Deun, a
Thiarna, mar deireann tú, oir is
fonnmhar liom éisdeacht leis.



(Críost). Deun díthchioll, a mhic,
air thoil dhuine eile do dheunadh níos
túisge ioná do thoil féin. Tóg an
chuid is lúghad mar rogha tar an
gcuid is mó. Loirg a gcómhnúidhe
an áit is ísle, agus bheith níos íochdar-
aiche ioná cách. Guidh go dúthrach-
tach a gcómhnúidhe, toil Déi a chómh-
líonadh ionnat gan fúigheall. Feuch
go sealbhaidheann a léithéid-so de
dhuine suaimhneas agus síth-cháin.



(An Deisciobal). A Thiarna,
is mór an teagasg a thugann tú
a mbeagán focal. Is beag na
briathra, acht is mór an chiall agus ná
tora a tá ionnta. Oir dá dtagadh
liom a gcómhairle do leanmhain,


L. 205


níor bhfurus buadhairt do chur orm:
de bhrigh go dtuigim me féin cor-
raidhthe lán-bhuadhartha chómh minic agus
théidhim ar seachrán ua'n dteagasg-
so. Acht a Thiarna uile-chómhachtaich,
lé'ar taithneamhach leas an anama,
tabhair dham breis ghrás; ionnas go
gcómhlíonfainn do bhriathra agus go
slánóchainn m'anam.



Urnaidh a naghaidh dhroch-smuainte.



O! a Tiarna, mo Dhia, ná im-
thidh a bhfad uaim; O! mo Dhia, tar
a gcabhair dham; oir tá an iomad
droch-smuainte ag eirghídh suas
am' aghaidh, agus sganradh agus critheagla
ag teacht air m'anam. Cionas is
féidir dham imtheacht gan gortu-
ghadh? Cionas bhrisfead triotha?



(Críost). "Rachfadsa rómhad,
agus ísleóchad daoine móra na tala-
mhan." Osgólfad dóirse na car-
caire, agus craobhsgaoilfead mórán
de rúnaibh diamhaire dhuit.



(An Deisciobal). Deun, a
Thiarna, do réir do chómhraidh, agus
cuir chum fáin na smuainte mal-
aidhthe-so. Isé so mo dhóthchas agus


L. 206


m'aon-fhortacht, teitheadh fá dhídhion
do sgéithe-si ann gach buadhreamh;
mo mhuinighín do chur ionnat, agus gairm
ort ua'm chroídhe, agus feitheadh go foi-
ghideach le'd shólás.



Urnaidh ag iaradh soillsiúghadh na
meanmaine.



Soillsidh me, a Íosa ró thrócar-
aich, le lonnradh na soillse síor-
ruidhe, agus díbir gach dorchadas as
áras mo chroídhe. Cuir srian le'm
smuaintibh seachránacha, agus coisg na
dian-chathaidh d'ionsaidheann go ró-
gheur me. Troid go cródha air mo
shon, agus beir buadh air na hainmhidh-
thibh mallaidhthe-so, sé sin, air na
hanmhianaibh cluaineacha-sa; ionnas
go bhfaghfinn síth-cháin tre'd fhear-
taibh-si, agus go molfainn gan tuirse
thu le croídhe díreach agus le cogús
glan. Labhair leis an ngaoith agus
leis an ngarbh-shíon; abair leis an
ngaoith a dtuaidh, ná séid níos siadh;
agus bheidh ciúnas mór agam.



"Cuir chugainn do sholas agus
dfhírinne," ionnas go dtiocfadh a
a lonnradh air an dtalamh; oir is


L. 207


talamh fallamh, neamhthairbheach
mesi, chum go soillsídhir si me.
Cuir chugainn do ghrása ua neamh;
fliuch mo chroídhe le driúcht na bhfla-
thas; léig orainn braon bríghmhar
d'uisge na caon-dúthrachta, chum
aghaidh na cruinne d'ionladh; ionnas
go dtabharfadhsi tora tábhachdmhar,
toirteamhail. Ardaidh mo mhean-
main a tá ag lúbadh fá throm-ualach
mo pheacadh, agus díridh mo mhiana uile
air nidhthibh neamhdha; ionnas iar
mblaiseadh milseacht na mór-shonas,
a tá air neamh, go nglacfainn fuath
agus gráin do dhomblas an talaimh.



Saor agus tarrainn me ua shólás dhim-
buan an tsaoghail-so; oir ní féidir
d'aon nídh cruthaidhthe mo mhianadh
do shásamh go hiomlán. Táthaidh
me dhiot féin le ceangal do-bhriste
dian-ghrádh; oir is tusa amháin is
leor don ghrádhathóir; oir gan tusa
ní bhfuil a nuile-mhaitheas na cruinne
acht suarachas agus sár-bhaois.


L. 208



24 CAIB.



Ní ceart bheith geur-radharcach ag
faire air bheatha chách.



(Críost). A mhic, na bídh ró-
dheismireach, agus ná tóg cúrama
neamhthairbheacha ort féin. Cionas
bhaineann an rud-so nó an rud úd
leatsa? Lean sa mesi. Oir
creud é sin duitsi, má tá an té so,
mar so nó mar súd; nó má
dúbhairt an té so, an nídh so, nó an
nídh úd? Ní iarfar ortsa freag-
airt air son chách, acht air do shon
féin: creud fá measgair thu féin
uime sin, a ngnóthaibh dhaoine eile?
Feuch, go bhfuil fios agamsa air
gach naon, agus go bhfeicim gach nídh
d'á ndeuntar fá'n ngréin: agus is
fiosach dham cionas tá an sgeul ag
gach duine; creud ar a mbídheann sé
ag cúimhniúghadh, creud badh mhaith
leis dfhághail, agus creud air a dtrial-
lann a chroídhe. Is ceart dá bhrígh
sin, gach aon nídh d'fhágail fúmsa;
acht a'd thaobhsa, cómheud thu féin a
síth-cháin, agus léig don nguag ndroch-


L. 209


ghnóthach bheith chómh fuadarach agus is
maith leis. Gidh b'é nídh a déarfadh
nó a dheunfadh sé, tiocfaid a naghaidh
fhéin; de bhrígh nach féidir dho mesi
do mhealladh.



Ná bídh buadhartha air son sgáile
mór-ainme; agus na hiar bheith dlúth-
mhúinteardha le mórán, ná fá chion
ag daoinibh. Oir is ua nidhthibh de'n
tsamhail sin d'éirghídheann mearbhall
agus mór-dhorchadas croídhe. Badh
mhian liomsa labhairt leat a mbriath-
raibh bríghmhara, agus mo rún dfhoill-
siúghadh dhuit, dá dtugfádh aire do'm
theacht agus dorus do chroídhe d'osgailt
dham. Bídh aireach agus fair a
n-úrnaidhthibh, agus úmhlaidh tu féin san
uile nídh.



25 CAIB.



Na nidhthe ann a gcómhseasaidheann
buan-shíth-cháinn an chroídhe, agus
fíor-leas an anama.



(Críost). A mhic, a dúbhart sa,
"Fágaim síthcháin agaibh, bheirim
mo síthcháin díbh, ní mar thugann an


L. 210


saoghal, a bheirim-si dhíbhsi." Is
mian le gach aon síthcháin dfhághail,
acht is beag a dheunann cúram de ná
nidhthibh a bhaineann leis an bhfíor-
shíthcháin. Tá mo shíth-cháín si mar
aon leis an nduine gceannsa úmhal-
chroídheach. Beidh do shíthcháin a mórán
foighide. Má éisdir liomsa agus mo
ghuth do leanmhain, ní féidir dhuit gan
bheith foighideach.



(An Deisciobal). Creud, uime
sin, a Thiarna is ceart dham a
dheunadh?



(Críost). Tabhair aire dhuit féin
ann gach nídh, a'd ghníomharthaibh agus
a'd labharthaibh; agus díridh d'inntinn go
iomlán ormsa, ionnas go ndeunfádh
mo thoil-si amháin, agus nách mbeidh
iaradh ná lorg agat air aon nídh
acht ormsa. Agas gnótha agus ráidhte
chách, ná tabhair breith obann ortha,
agus ná measg tu féin a nidhthibh nách
bhfuil fád chúram; tiocfaidh de so
gur ró annamh a cuirfear buadhairt
ort. Acht ní de staid na beatha so
gan buaidhreamh aigne ná choirp
dfhulann, acht de staid na beatha
síorrúidhe. Ná meas dá bhrígh sin,
go bhfuarais síth-cháin fhírinneach, a


L. 211


dtaobh gan aon trioblóid do mhothú-
ghadh, ná go bhfuil gach aon nídh go
maith a dtaob tu bheith gan ascaradh,
ná go bhfuilir naomhtha néamhur-
chóideach a dtaobh má ritheann an
saoghal leat do réir do thola. Mar
an gceadna ná meas gur fearr thu
féin ioná chách, ná gur mó caradas
Déi leatsa ioná leisin, má mho-
thaidheann tú meisneach agus mór-mhilseacht
ad' úrnaidhthibh; oir ní a nidhthibh
de'n tsamhail so a haithnídhthear
grádh agus gean na subháilcídhe, ná
ní ionnta chómhsheasaidheann leas ná
foirbheacht an duine.



(An Deisciobal). Creud eile
a Thiarna?



(Críost). A'd thoirbheirt féin
lé'd chroídhe go iomlán do thoil Déi,
gan lorg air do thoil féin a mbea-
gán ná a mórán, a naimsir ná a
síorrúidheacht. Air mhódh go mbeidh-
fádh chómh búidheach a mí-ádh agas
bheidhfádh a mór-shaidhbhreas, ag
tómhas gach nídh a meadh an chothroim.
Má thagann leat bheith chómh calma
agus chómh cródha sin a ndóthchas,
air chor iar dtarrann gach sóláis
inmheadhanaich uait, go gcuirfádh tu


L. 212


féin a nórdúghadh chum tuille dfhulann
agus admháil go bhfuilimsi ceart ann
gach nídh; gan bheith a gabháil do leith-
sgéil féin; acht m'ainm ró naomhtha
sa do mholadh, tá do chos gan amhras
a mbealach do leasa agus a mbóthar
na síth-chána; agus feicfir mo ghnúis
lonnrach sa arís lé luathgháir agus
léir-áthas. Agas má ránaidh leat
teacht chum dímheis iomhláin ort
féin, bídh a fhios agat, go bhfaghfair
sithcháin chómh líonmhar agus is féidir
dfhághail annsa staid dhibhirtheach-so ionn
a bhfuilir.



26 CAIB.



D'árd-chéim na saor-aigne d'éir-
ghídheann as úmhal-úrnaidhtibh níos
mó ioná a léightheóireacht.



(An Deisciobal.) Isé obair an
duine fhoirbhthe gan maolúghadh meis-
neich do mhothughadh choídhche, acht aire
do thabhairt do nidhthibh diadha a
measg gach cúraim amhail agus nách


L. 213


mbeidh aon chúram air: ní air nós
an duine leisgeamhail acht tré dhual-
gas áiridhe a bhaineann le saor-
aigne, nách gceangallann le anchu-
mann d'aon nídh cruthaidhthe.



Cómheud me, impídhim ort, a
Thiarna ró trócaireich air cúrama
na beatha so, ionnas nách mbeidhinn
múchta ró dhoimhin ionnta; air riach-
tanasa an choirp, ionnas nách mbéar-
fúidh a ngaiste na sólas saoghalta
orm; agus air gach toirmeasg anama,
d'eagla iar mbeith claoidhte le
trioblóidíbh, go dtuitfinn go fann
fá'n ualach. Ní deirim amháin ua
na nidhthibhso a loirgeann daoine
baotha na beatha so go cíocrach,
acht mar an gceudna ua'n dtrom-
iarsma, a thuit orainn tré mhallacht
choitchionn ar so-mharbhthachta, agas
a mheadhánn síos agus chuireann air gcúl
anam do sheirbhíseich ua chumas dul
asteach a saoirseacht na spioraide
chómh minic agus badh mhaith leis.



O! mo Dhia, a mhilseacht do-
labharta, úmpaidh chum searbhais
dham gach sádhail chollúidhe a chasann
me ua ghrádh na síorrúidheachta, agus
dfhilleann me uirthe féin le amharc


L. 214


saidhbhreas dimbuan na beatha so,
O! mo Dhia, ná léig dfhuil agus d'fheóil
me chlaoidh, ná buadh do bhreith orm;
ná léig do'n tsaoghal agus dá ghlóir
ghearr-shaoghalach me mhealladh: ná
léig do'n Diabhal me bhuain dem'
bonnaibh le na ghlic-chealg. Tabair
dham neart chum seasadh a naghaidh;
foighide le fulann; agus buaine lé
gnáth-chómhrac. Tabair dham a
nionad sólás uile an tsaoghail so,
suairc-mhilseacht do naomh-spio-
raide; agus a nionad ghrádh collúidhe,
doirt orm searc-bhraon de dhian-
ghrádh do naomh-ainme féin.



Fheuch, gur mor an trioblóid le
spiorad dhíagrasach bheith ag ithe agus
ag ól, agus fá úireasbaibh eile a
bhaineann leis an gcorp. Deónaidh
dham, a Thiarna, feidhm dhlightheach
do dheunadh dhíobh, agus gan an-dúil do
chur ionnta. Ní bhfuil sé ceadaidhthe
iad uile do theilgean uainn; oir ní
fuláir dhuinn sinn féin do chomheud
suas; acht toirmeasgann do dhlíghe
ró naomhtha sa orainn, a niomarca
agus na nidhthe is soineamhla d'iaradh:
d'eagla go bhfásfadh an cholann las-
ánta a naghaidh na spioraide. Ionnta


L. 215


so uile a Thiarna, smachdaidh agus
treóraidh me ionnas nách rithfinn tar
meódhan.



27 CAIB.



Gur b'é mearghrádh an duine air
féin is mó choisgeann é air an
árd-mhaitheas do rochtuin.



(Críost). A mhic, is éigeann duit
an uile nídh do thréigean air mo
shonsa, agus gan cion air bith do tha-
bhairt dhuit féin. Bídh a fhios agat
gur mó loiteann do mhearghrádh féin
tu, ioná aon nídh air druim talamh-
ain. Ceanglann gach nídh dhíot do
réir an cheana a bhídheann agat do.
Má bhídheann do ghrádh neamh-thruaillidh-
the, símplídhe, deagh-órdaidhthe, ní
bheidhir a mbraighdeanas ag aon nídh.
Ná cuir do dhúil ann aon nídh nách
dlightheach dhuit do shealbhadh. Ná híar
aon nídh do dheunfadh toirmeasg
dhuit, nó shladfadh saoirseacht do
mheanmaine uait. Is ró iongan-


L. 216


tach liom, nách dtugann tú thu-féin
agus gach a bhfuil agat suas damhsa
uadh íochdar do chroídhe!



Creud fá gcaithir thu féin le
doilgheas díomhaoin? Creud fá
dtuirsídhir thu féin le gnóthaibh neamh-
thairbheacha? Seasaidh do réir mo
thola sa, agus ní bheidh dochar ort. Má
iarair an nídh so, nó an nídh úd;
nó bheith ann so nó ann súd air son
d'oireamhna, nó do thola féin ní
bheidhir choídhche suaimhneach ná saor
ua bhuadhairt; de bhrígh go bhfaghfair
locht éigin air gach nídh agus go
mbuailfidh duine éigin leat a chros-
fas tu.



Air an ádhbhar san, ní bhfuil
tairbhe air bith dhuit a mór-chuid
maoine; acht is ró thairbheach dhuit
iad do dhímheasadh agus do gearradh
mar aon lé ná bpreumhaibh as
úrlar do chroídhe; agus so do dheunadh
ní é amháin le airgiot agus le maoin
tsaoghalta, acht fós le mian onóra,
agus gradaim, agus baoth-mholadh; oir
imthígheann na nidhthe so uile gan
tuairisg. Is lag an tairbhe dheun-
fadh áit áiridhe dhuinn, má bhímíd gan
spiorad lasamhain: agas ní féidir


L. 217


do'n tsíth-cháin sin bheith fad-shaoghal-
ach a loirgthear ar an dtaobh amuigh,
muna bhfuil an croídhe greamaidhthe
a bhfotha na fírinne; sé sin, muna
seasaidhir ormsa. Is féidir leat
aistriúghadh ua áit go háit, acht
ní bheidh tairbhe dhuit ann: oir an tan
thiocfadh lá an chatha, buailfidh na
nidhthe so amut, uadh ar theithis, de
bhrígh gur fhágais preumh na locht
gan gearradh as do chroídhe.



Urnaidh do ghlanadh an chroídhe agus ag
iaradh eagna neamhdha.



(An Deisciobal). Cómhneartaidh
me, a Dhia, le grása do Naom-
Shpioraide. Deónaidh dham, cumas
bheith neartaidhthe a m' spiorad, agus
gach cúram neamhthairbheach do
sgrios amach as mo chroídhe, agus gan
an-dúil do chur ann aon nídh, gidh b'é
táir nó toramhail é; acht múin dham
feuchainn air gach nídh amhail ag rith
tharam, agus me féin le imtheacht mar
aon leis. "Oir ní bhfuil aon nídh
fá'n ngréin buantseasmhach," de
bhrígh "nách bhfúl ionnta uile acht
suarachas agus buaidhreamh inntinne."


L. 218


A! is ciallmhar an té a bhreath-
naidheann nidhthe mar so.



Tabhair dham, a Thiarna, ciall
neamhdha, ionnas go lorgfainn agus
go bhfaghfainn thusa tar gach nidh; go
dtabharfainn gean agus geur-ghrádh
dhuit, agas go dtuigfinn gach nídh eile
do réir mar táid ionnta féin; sé
sin, do réir do mhór-eagna-sa.
Deónaidh dham, a Thiarna, teitheadh
go glic ua'n mbladaire, agus éisdeacht
go foighideach le fear mo chrosda.
Oir is mór an eagna gan bheith so-
choraidhthe le gaoth gach focail agus
gan cluas do thabhairt do bhriathraibh
bladair gach claon mhurdhucháin.
Oir is mar so thiocfadh linn dul air
ar naghaidh gan baoghal annsa tslíghe
a thógamar orainn féin.



28 CAIB.



A naghaidh theangan an ithiomraidh.



(Críost). A mhic, ná cuir lé'd
chroídhe má labharann cách go holc


L. 219


ort, agus má deireann nidhthe leat nár
mhaith leat do chlos. Badh cheart duit
droch-thuairim bheith agad asad féin,
agus a chreideamhain nách bhfuil aon neach
níos laige 'ná thu. Má shiúbhlaidheann
tú do réir na spioraide, ní bheidh
beann agad air bhriathraibh baoise.
Is mór an chiall, bheith ciúin a
a ndroch-aimsir agus filleadh asteach
oramsa, agus gan buadhairt do ghlacadh
tré thuairim chách.



Ná fág do shíthcháin a dteangaibh
daoine, oir gidh b'é maith nó olc a
dtuairim asat, ní bhfuilir, dá bhrígh
sin, níos fearr nó níos measa. Cá
bhfuil fíor-shíthcháin agus fíor-ghlóir lé
fhághail? Nách ionnamsa amháin?
Agas is mór an tsíth-cháin a tá lé
fághail aig an té, nach santaidheann
adhmholadh chách, agus nách gcuireann suim
ann a mí-thaithnneamh. Is ua chumann
anmheasardha, agus ua bhaoth-eagla
d'éirghidheann gach anshocaireacht
croídhe, agus gach anfa ceadfádhach.


L. 220



29 CAIB.



Cionas is ceart Dia do ghúidhe a
n-aimsir an chatha agas dóthchas
a chur a bhfilleadh na ngrás.



(An Deisciobal). Go mbeann-
aidhthear d'ainm, a Thiarna, go síor-
rúidhe, ó's toil leat na cathaídh agus
na trioblóidídh-so theacht orm. Ní
féidir dham teitheadh úatha, acht caith-
fead rith fá'd chomhaircsi, ionnas go
dtabharfádh cabhair dham, agus go
n-úmpóchaidís chum mo thairbhe. A
Thiarna, táim anois a nanacradh
agus ní bhfuil mo chroídhe socair; O
táim ró bhuadhartha uadh a bhfuil agam
dá fhulann. Agas anois a dhil-
Athair, creud a dearfad?
Do rugadh a gcúmhgach orm. O! fóir
orm as so feasda! Acht is uime
rúgadh san gcúmhgach so orm, go
dtabharfainn glóir dhuitsi, íar mbeith
úmhlaidhthe tar meadhan, go saor-
fádhsa me. Go ndeónaidhir, a
Thiarna, me dhfuasgailt oir ní eól
dham, an truadhán bocht, cá rachfad,
ná creud dheunfad a'd eugmais si.


L. 221


Tabhair dham mar an gceudna bheith
foighideach air an uair so. Cabhar-
aidh liom, a Thiarna, agus ní eagal
liom dá mheud m'anacradh.



Agas creud a déarfad anois a
measg na nidhthe so? A Thiarna,
"go ndeuntar do thoil air an
dtalamh:" is mesi thúill an anacradh
agus an buaidhreamh so; ní fuláir
dham dá bhrígh sin, iad fhulann, agus a
bhúidhe le Dia go nglacfainn go
foighideach iad, go nimthídheadh an
t-anfa taram agus go bhfillidh an
ciúnas. Acht tá do lámh, úile-
chómhachtach-sa cumasach air na
cathaídh so do dhíbirt uaim, agus a
ndianas do mhaolughadh, amhail rinnis
go minic cheana; air eagla go
dtuitfinn fútha, O mo Dhia, mo thró-
caire. Agas dá dhócamhlaighe dhamh-
sa, ise is furusa dhuitsi "an
claochladh sa dheisláimhe an Té is
ró airde."


L. 222



30 CAIB.



Cionas is cóir cabhair Déi d'iaradh.



(Críost). A mhic, is mesi an
Tiarna, a thugann neart a lá an
chatha. Tair chugam an tan bheidhir
a ngádh. Isé fáth is mó choisgeann
sóláis neamhdha ort, sé sin, bheith
mall ag filleadh air úrnaidhthibh.
Oir iarann tu sóláis agus aoibhneasa
air chreutúiribh sul a dtagair ag
triall ormsa; agas uime sin, ní
fhóghnaid dhuit, go dtugair fád'aire
gur mesi an té fhuasgalann an
drong a chuireann a muinín annam:
agas nách bhfuil congnadh cómhachtach,
ná cómhairle thairbheach, ná leígheas
lántsláinteach lé fághail acht ann-
amsa amháin. Acht anois iar dteacht
chugad féin d'éis an anfa, gaibh
neart a solas mo thrócairesi;
oir táimsi lámh leat, chum an uile
d'athnuadhchain, ní é amháin go líon-
mhar, acht fós go iomadamhail mór-
tómhasmhar.



An bhfuil aon nídh dodheunta agam-
sa? Nó an cosmhail mesi leis an


L. 223


té a gheallann agus nach gcómhlíonann?
Cá bhfuil do chreideamh? Seasaidh
go daingean dianghnáthach. Glac
foighide agus meisneach; tiocfaidh
cabhair ionn a ham féin chugat.
Fan liomsa; fan; agus tiocfad a'd
shlanadh. Ní bhfuil ann acht baoth-
eagla a bhaineann geit asat. Creud
é an tarbhe dhuit bheith a'd bhuaidhreadh-
adh a dtaobh gach cineamhna, muna
mían leat bréis bhróin do thabhairt
ort féin? "Is leór do'n lá a olc
féin." Is mór an bhaois agus an
díthcéille bheith luathgháireach ná
dúbbrónach mar gheall air nídhthibh
a bféidir nách dtuitfeadh amach
choídhche.



Acht teagmhaidheann do'n duine go
mealltar go minic é le meamna
de'n tsamhail so, agas is maith an
cómhartha air an anam bheith lag
fós, é géilleadh mar so do chealg
na namhaide. Oir is cuma leis
an n-Diabhal cia aca lé bréig
no lé fírinne a mheallann sé an
duine; cia aca lé grádh na nidhthe
a tá láithreach nó lé eagla na nidhthe
a tá lé teacht a shlaodann sé an


L. 224


té a ghéilleann do. Ná bídh buadh-
artha, ná eaglach air an ádhbhar-
san. Creid ionnamsa, agus cuir do
mhuinín am' thrócaire. Is minic
go mbídhimsi taobh leat, ann uair
mheasair me bheith a bhfad uait. Is
minic gur mó do thuilleamh agus do
dhualgas ann uair mheasann tu go
bhfuilir caillte, ioná ann uair shíleann
tú go bhfuilir air dheaghstaid. Ní
bhfuil an uile caillte ann uair thuiteann
nidhthe amach a n-aghaidh do thola. Ní
ceart dhuit breith do thabhairt do
réir do mhéine láthaireiche, ná aon
trioblóid do chur le'd chroídhe gidh b'é
taobh as a dtagann sí; ná lúb
fúithe amhail is nach mbeidh aon tsúil
agat lé í chur dhíot!



Ná meas go bhfuilir tréigthe air
fad, a dtaobh má chuirim trioblóid-
ídhe air uairibh chugat, nó má thar-
rannaim mo shóláis uait; oir is é
so an bóthar díreach go ríoghacht na
bhflathas! Agas gan amhras, is
fearr dhuitsi, agus dom' sheirbíseachaibh
eile, anacradh dfhulann ioná gach
nídh bheith air bhúr dtoil féin agaibh.
Tá fios smuainte uaighneacha do


L. 225


chroídhe agam, tá a fhios agam gur
ró thairbheach dod' anam bheith air
uairibh ann eugmais sóláis, d'eagla
go nglacfádh uabhar tré'd bhail, agus
go mbeidhfádh ro chathaiseach ort
féin de dhrúim na nidhthe so nách leat
féin. Is féidir liomsa le ceart,
gach nídh a thugas dhuit do bhaint díot
tar ais, agus a dtabhairt dhuit arís ann
uair is toil liom.



An tan thugaimsi uaim, isé mo chuid
dhílis féin a thugaim uaim, agus ann tan
thógaim arís é, ní thógaim aon nídh
a bhaineann leatsa. Oir "is liom-
sa gach deagh-thabharthas agus gach bronn-
tanas iomlán." Má chuirim-si air
aon uair buaidhreamh nó trioblóid
chugat, ná tuit a ndoilgheas agus ná
caill do mheisneach. Is féidir liom-
sa tu árdúghadh suas arís, agus do
bhuadhairt a mhalartadh air gháir-
deachas, Gidhe táim ceart, agus ann-
mholta ann tan rannaim mar so
leat.



Má tá ciall chóir agat, agus má
thugann tú nidhthe fá'd aire go fírinn-
each, ní ceart dhuit bheith doil-
gheasach de dhruim anacradh air bith;
acht áthas dod' ghabháil agus bheith lán-


L. 226


bhuidheach mar gheall ortha; de bhrígh
gur uaimsi thagann siad chum do
smachdaidhthe; "amhail ghrádhaidh an
tAthair mesi, ise ghrádhaimsi sibhsi."
Is so mar dúbhart le'm dheisciob-
alaibh dílis féin, a chuireas ag
craobhsgaoileadh an tsoisgéil, ní
chum a naimsire do chathadh a suair-
ceas ná a sólás saoghalta; a ndroch-
ghnóth ná a ndíomhaoineas; a ngra-
dam ná a mór-mheas, acht a mí-chlíu
agus a mór-shaothar; a gcómhrac agus a
gcathadhaibh; a bhfoighide agus a bhfad-
fhulann. A mhic, cúimhnidh air na
bríathraibh so.



31 CAIB.



De neamh-chúram an uile nídh cruth-
aidhthe ionnas go bhfaghmois an
Cruthaidhtheóir.



(An Deisciobal). Teasdaidheann,
a Thiarna grása níos iomdha uaim,
(má tá sé ceadaidhthe dham dul chómh
fada sin) sé sin, gan é bheith air


L. 227


chumas aon duine air talamh me
thoirmeasg. Oir ann fhaid ghream-
aidheann aon nídh díom, ní fhéadaim
triall ortsa. Badh mhian leis an
bhfáidh ríoghamhail triall ort go
fonnmar an tan a dúbhairt, "Cia
thabharfas sgiatháin air nós an cho-
luim dham, agus deunfad eitilt agus beid
a suaimhneas." Creud is mó
suaimhneas ioná an tsúil shímplídhe?
Creud is saoire ioná gan dúil do
chur an aon nídh air talamh? Is
éigean uime sin, gabháil tar gach
nídh cruthaidhthe, agus fós sinn féin do
thréigean, agus seasadh a dtáimh-neul
meanman; agus fheicsin nách bhfuil aon
chreutúir a gcómheas dhuitsi; oir
sáraidheann tusa iad uile go do-
chúimsidhthe. Agas muna mbeidh
duine saor ua anchumann do nídhthibh
cruthaidhthe, ní féidir dó aire cheart
do thabhairt d'á anam féin. Agas
isé so an fáth nách bhfuil acht beagán
de dhaoinibh diadha air an tsaoghal,
de bhrigh gur ró bheag a dheilleann
iad féin go iomlán ua chreutúiribh.



Oir tá grása áiridhe ríachtanach
chuige so, tré a nárdochaídh an ta-
nam ós cionn a neirt nadúrdha féin.


L. 228


Agas muna nárdaidhthear spioraid
an duine, agus muna bhfuasgaltar í
ua anchumann gach creutúra, agus
muna dtáthaidhthear le Dia amháin
í, ní mór an tábhachd a chuid eóluis
nó saidhbhreis! Is fada bheidh an té
sin go suarach; agus greamaidhthe de'n
talamh, a mheasann aon nídh tábhacdh-
mhar, acht an taon Dia mór-líonmhar
uile-chómachtach. Oir gidh b'e nídh
nách Dia, ní bhfuil ann acht nneamh-
nídh, agus badh cheart meas neamhnídh
bheith air. Is mór an idirdhealbhadh
a tá idir eagna an duine dhiadha
dheagh-shoillsidhthe agus eagna an duine
léighionta. Is uaisle go mór an
fhoghlaim a thagann anuas ua neamh,
ua bheul Déi féin, ioná an fhoghlaim
a bailídhthear le saothar an duine.



Is mór lé ar mian léir-mhacht-
namh, acht ní bhfuil beann aca air na
nidhthibh a threóraidheann chuige. Is
mór an bac orainn an oiread so
beinne do chur a gcómharthaibh agus a
gceadfaibh, agus gan aon aire do tha-
bhairt do chlaonmharbhadh na colna -
Ní fios dam creudh é, ná creud í
an spioraid a threóraidheann sinne a
shamhlaidheann fá cháil dhaoine spio-


L. 229


radálta, agas an oiread so duaidh
agus trioblóide do thógbháil orainn féin
mar gheall air nidhthibh suaracha
soghluaiste an tsaoghailso, agas
faillíghe iomlán a thabhairt a leas
ar nanama féin!



Fáraor! tar éis beagán lag-
mhachtnaimh orainn féin briseamoid
amach arís gan ar noibreacha do
mhéadhachan a gceart-mheadh na léir-
sgrúdadh! Ní thugamoid aire air
bith do chlaon ar gcumann, agus ní gha-
bhann cúmha sin de dhrúim ar neamh-
ghlaine; Oir "do thruaillidh an uile
fheóil a slíghe air ann dtalamh," agus
uime sin tháinic an díle tar an
ndomhan. Dá bhrígh sin, ó tá ar
gcumann inmheódhanach ró thruaillidh-
the, ní fulair d'ar noibreachaibh, a
thagann ua'n gcroídhe bheith mar an
gceadna neamhghlan; is dearbh an
cómhartha é so go bhfuil an taobh
astigh leónta, lag-bhrígheach. Is
ua'n gcroídhe nglan a thagann tóra
na deagh-bheatha.



Is minic fhiafradhmoid an mór
tá deunta ag duine, acht is annamh
thugamoid aire do'n inntinn a Threó-
raidheann a shaothar. Fiafradhmoid,


L. 230


an duine saidhbhir, ládair, gléith-
mhaiseach, deaslamhach, binn, deagh-
saothair, mór-fhoghlamtha é; acht is
annamh labhramoid air a chaoin-dúil
a mbochtacht spioraide, air a cheann-
sacht, air a fhad-fhulann, air a
chraibheacht ná air a chlaon-mharbhadh!
Fheuchann an nádúr air ghnóthaibh
foirimiolacha an duine, acht tugann
na grása aire don gcroídhe. Meall-
tar an nádur go minic, acht cuireann
na grása a muinín a nDia, agus ní
mealltar choídhche iad.



32 CAIB.



De smachtúghadh ar gclaonta agus de
dhiúltúghadh d'ar mianaibh.



(Críost). A mhic, ní féidir dhuit
bheith lán-tsaor, muna ndíultaidhir
dhuit féin go iomlán. Tá gach aon,
ag a bhfuil an iomad ceana air
féin ceangailte a gcúibhreachaibh,
lán d'anmhianaibh, de chúramaibh, agus
d'anshásdachd; a gcómhnúidhe ar lorg
a sheasgaireachta féin, agus a dear-
mad thola Íosa Críost; ag deunadh


L. 231


aistídhe agus a cumadh nidhthe nach seas-
faidh: de bhrígh gur neamhnídh gach
saothar nách dtagann ua Dhía. Beir
leat na briathra bríghmhara so, sé
sin, "tréig gach nídh, agus gheabhair gach
nídh; diúltaidh dod' anmhianaibh, agus
gheabhair suaimhneas." Machtnaidh
na focail so, agus ann uair chuirfir a
ngníomh iad, tuigfir gach uile nídh.



(An Deisciobal). A Thiarna,
ní saothar aon laé amháin ná sug-
radh leanbh é so; oir ann sna briath-
raibhso a coimsídhthear foirbheacht
fíor-iomlán an duine riaghalta!



(Críost). A mhic, ní ceart dhuit
dul a ndiaidh do chúil, ná do mheis-
neach do chailleamhain, air gclos
slíghe na foirbheachda; acht do
mheanmain a ghríosadh níos mó, agus
do dhúil, an chuid is lúgha dhe, do chur
a ríoghacht na bhflathas. B'fhearr
liom go mbeidhfádh mar so fein;
sé sin, chómh fada so a rian na
naomh, air chor nách mbeidhfádh ró-
cheanamhail air do cholainn; acht
urraimeach damhsa, agus don té a
chuireas mar athair ós do chionn: so
mar bheidhfádh ró thaithneamhach am'


L. 232


láthairsi, agus chaithfeádh do bheatha
go suaimhneasach, síth-chánta. Tá
mórán fós agad le tréigean agus le
tabhairt suas dhamhsa gan fúigheall,
sul a bhfaghfair an nídh a tá uait.
"Cómhairlídhim duit ór, a dearbhadh
san dteine do cheannach; ionnas go
mbeidhfádh saidhbhir;" sé sin, eagna
neamhda, a ghabhann de chosaibh a nidh-
thibh an tsaoghail so: agus tréig ciall
chealgach na beatha so mar aon lé
gliocas gearr-radharcach na sao-
ghaltánach. Dúbhart gur ceart na
nidhthe a shamhlaidheann tábhachdmhar,
mórluach a súilibh daoine do mhalar-
tadh air nidhthibh a bhídheann fá dhroch-
mheas aca! Oir is táir, tarcais-
neach bhídheann an fhíor-eagna neamhdha
a súilibh saoghaltánach; gidh go dtea-
gasgann sí dhuinn bheith úirísiol ann ar
dtuairim féin, agus gan gradam, ná
onóir do lorg air an dtalamh so.
Fáraor! Is iomdha duine a chreid-
eann na nidhthe so, acht is ró bheag
a mhaireann do réir a gcreideimh;
gidhe isí an eagna so an peurla
mórluach (air ar labhair Críost a
soisgeul naomh Matha), atá falaidh-
the uadh n-a lán.


L. 233



33 CAIB.



De mhí-choinghiall ar gcroídhe; agus
d'ar ngnáth-inntinn a dhíriúghadh air
Dhia.



(Críost). A mhic, ná cuir do
mhuinín a'd' chumann láithireach, oir
is gearr go mbeidhir air aithear-
rach aigne. An fhaid mhairfir,
béidhir claon do'n aistriúghadh, agus
go minic fos de'd' leath-amhdheóin;
air chor go mbéidhir air uairibh
luath-gháireach, agus air uairibh eile
trom-chroídheach; anois síthchánta,
agus gan maill buadhartha; air uairibh
diadha, teasghrádhach; agus air uairibh
eile trom, spairteamhail. Acht
seasaidheann an duine ciallmhar,
deagh-mhúinte, ós cionn na luath-
inntinne so. Is cuma leis cá seid-
eann gaoth ghuairnéin na hansho-
crachda, oir chómheudann sé a chroídhe
díridhthe de ghnáth air Dhia. Mar so,
is féidir leis fanamhain go neamh-
aistridhtheach, agus súil a inntinne do
chómheud tre gach íolardhas cineamh-
na go cruinn ormsa.


L. 234


Agas do réir mar bhídheann an
inntinn deaghórdaidhthe, is é bhídheann
an duine diongbhálta chum seasadh
a naghaidh an anfa. Acht tá mórán
ag a bhfuil rosg na glan-inntinne
dall, dorcha; de bhrígh go bhfeuchaid
a leataoibh go obann air aon aoibh-
neas saoghalta a thárlaidheann ionn a
slíghe. Agas is ró dheacair aon
duine d'fhághail a tá air fad saor
ua'n anchumann féin. Amhail agas
mar tháinic na Iudaidheacha go
Bethánia go teach Mhartha agus
Mháire, ní chum Íosa amháin d'fheic-
sin, acht ionnas go bhfeicfidis La-
zarus mar an gceudna. Ní fuláir,
dá bhrígh sin, do shúil na hinntinne bheith
niamh-ghlann, ionnas go bhfeicfeadh sí
mesi tré gach achrann dá dtagann
san tslíghe.


L. 235



34 CAIB.



Go dtugann an té ag á bhfuil grádh
Déi taithneamh dó tar gach nídh,
agus ann gach nídh.



(An Deisciobal). Feuch, mo Dhia
agus m'uile-mhaitheas! Creud eile
theasdaidheann uaim, agus creud é nídh
is brígmhaire ioná é? O! a bhria-
thar mhilis mhór-sheirce do'n té a
ghrádhann an Briathar, ní dhon té a
ghrádhann an sáoghal, ná na nidhthe a
tá ann sa tsaoghal. Mo Dhia agus m'uile-
mhaitheas! Is leór a ndúbhart don
té a thuigeann: agas is ró taith-
neamhach, leis an té a ghrádhann,
na briathraso do rádh go minic.
Oir a n-uair bhídheann tu am'
fhochair, bídheann gach nidh taitneamh-
ach, acht ann uair bhídheann tu uaim,
bídheann gach nídh gráineamhail. Is
tusa bhronnann suaimhneas, síthcháin agus
sár-luathgháir air an gcroídhe. Is
tusa a thugann duinn meas maith do
bheit air chách, agus do mhórdhacht a
mholadh a gchách; agus ní féidir d'aon
nídh bheith taith-neamhach gan tu; oir


L. 236


ionnas go mbeidh sé taithneamhach
dhuitsi, ní fuláir dod' ghrásaibh féin
bheith láithreach, agus bheith snasaidhthe
le snas d'fhíor-eagna féin.



Samhlaidheann gach nídh taithneamh-
ach do'n té ag a bhfuil grádh dhuitsi;
acht ní bhídheann aoibhneas air bith le
fághail aig an te fhúathaidheann thu.
Is ró fhada ua milseachd do naomh-
eagna-sa staid dhubrónach na sao-
ghaltánach agus na droinge a leanann
toil na colna; de bhrígh gur iomdha
baosradh ar an tsaoghal, agus go dtreor-
aidheann sádhail an choirp go bás
síorrúidhe! Is ró chiallmhar gan
amhras an duine, an té a leanann
tusa tré dhímheas an tsaoghail, agus
tre chlaonmharbadh na colna: de
bhrígh go bhfuil aistridhthe ua bhaosradh
go fírinne; ua'n gcolainn gus an
Spioraid. Faghann duine de'n tsamh-
ailso sár-mhilseachd a nDia, agus
tugann moladh agus mor-bhúidheachas dó
air son gach tairbhe a bhaineann as
a chreutúiribh. Acht is ró idir-
dhealbhach an mhilseachd a faghthar
annsa gcreutúir ó'n milseachd a
motháidhthear annsa gCruthaidhtheóir;
idir shólás na síorrúidheachta, agus


L. 237


gearrshaoghalachd aimsire; idir
lonnra na soillse síorrúidhe, agus doilbh-
cheó na beatha so.



O! a lonnra shiorrúidhe, a sháraidh-
eann gach solas crudhaidhthe, deall-
raidh ormsa gath de sholas na fí-
rinne; ionnas go bhfoillseóchadh sé
uaigneas dorcha mo chroídhe. Ionn-
laidh, fortaidh, soillsidh, agus beódhaidh
mo spioraid le brígh an tsolais so;
ionnas go leanfainn díot le táimh-
neul luathgháire! O! ciothan thioc-
fas an uair bheannaidhthe sin, ionna
líonnfair me le'd mórdhacht ionnas
go mbheidhinn am' uile don uile. An
fhaid nách bhfaghad an nídh so, ní
féidir dom' luathgháir bheith iomlán.
Fháraor! tá an seanóir mallaidhthe
fós gan básadh agus gan ceusadh annam.
Tá an cholann fós a gcogadh leis an
Spioraid, agus ní leigeann do'n anam
a ríoghacht do shealbhughadh a síthcháin.



Acht a Thiarna, "a smachtaidheann
anfa na mara, agus a chiúnaidheann
luasgán na dtonn," éirghidh agus cabh-
raidh liom. "Sgab ua chéile an
drong ag a bhfuil dúil a gcogadh,"
agus mionbhrúidh iad led chómhachtaibh.
Foillsidh, aitchim ort, a Thiarna,


L. 238


do mhór-fhearta, agus tugthar glóir
dod' dheas-láimh; de bhrígh nách bhfuil
dóthchas ná comhairc agam acht
annadsa, mo Thiarna agus mo Dhia.



35 CAIB.



Nach bhfuil aon neach saor ua cha-
thaibh air an tsaoghal so.



(Críost). A mhic, ní bhfuilir saor
ua bhaoghal na beatha-so fós, agus
uime sin, tá arm na spioraide ró-
riachtanach dhuit. Táir a gceart-
lár do námhad, agus iad ad ionsughadh
air gach leith. Muna gcuirir sgiath
na foighide ad chosaint ar a dtrom-
bhéimeannaibh, ní bheidhir a bhfad gan
goin. Ann fhochair sinn, muna gcó-
mheudair do chroídhe díridhthe orm-
sa, agus gach nídh d'fhulann air mo shon,
ní féidir dhuit seasadh a gcómhlainn
na spairne-so, ná dualgas cath-
réimeach na naomh d'fhághail. Is
éigin duit, uime sin, seasadh go
cródha, agus lámh ládair a thabhairt le


L. 239


le gach nídh, a thagann ann do shlíghe.
"Is do'n té a bheireann buadh a
tugthar manna nó mildhríucht le
n-ithe": agus ní bhfaghann an lorgánach
leasg acht anacradh!



Má iarair seasgaireachd annso,
cionas is dóigh leat suaimhneas
síorrúidhe dfághail ann súd? Loirg
fíor-shuaimhneas, ní air talamh, acht
air neamh; ní ua dhaoinibh acht ua
Dhia amháin. Ní fuláir dhuit bheith
sásda leis gach fulann air son Déi:
sé sin, le duadh agus le dubrón; le
cathaibh agus le crádhadh; le mí-shuaimh-
neas agus mór-easbaibh; le tinneas agus
le treun-eugcóir; le masla agus le
mí-chliú, le aithis agus le ill-cháineadh;
le smachd agus le tarcaisne. Treó-
raidhid so an duine a mbealach a
leasa; dearbhaidhid naudh-fheinídhe
Chríost, agus saothraidhid ríoghacht na
bhflathas! Tabharfad-sa dualgas
do-chríochnaidhthe air son an ghearr-
shaothair so, agus glóir shíorrúidhe de
dhrúim na aithise dimbuaine so.



An measairsi go mbeidh sóláis
spioradálta agad do réir do thola
féin? Ní rabhadar ag mo naomhaibh
amhla san; oir is minic bhíodar a


L. 240


mbuairt agus a mór-chathaibh; a ngádh
agus a ngéibhionn; agus d'fhulannadar go
foighideach, ag cur a ndóthchais ionn-
amsa níos mó 'ná ann a neart féin;
de bhrígh go raibh a fhios aca nár
bh'fhéidir anacradh na beatha-so do
chur a gcómheas le mórdhachd ghlóire
na beatha síorrúidhe. Ar mhian
leatsa an nídh sin d'fhághail anois
gan duadh air bith, a fuair daoine
eile ar éigin tar éis trom-dhortadh
deór agus treun-chatha? "Feith leis
an dTiarna, gníomhaidh go fear-
amhail, agus bíodh meisneach ort": Ná
tuit a mí-dhóthchas; ná imthidh a leat-
aobh, acht toirbhir do chorp agus
d'anam go cómhnaidhtheach air son
ghlóire Déi. Tabharfadsa dualgas
sár-líonmhar dhuit, agus beid lámh leat
ann gach amhgar.



36 CAIB.



A naghaidh bhaoth bhreitheamhnas daoine.



(Críost). A mhic, caith thu féin
go diongbhálta air an dTiarna, agus
ná glac eagla roimh bhreitheamhnas


L. 241


daoine an uair thugann do choinsias
deagh-theisdeas le do neamhchiontachd.
Is ró mhaith an rud fulann mar so;
agus ní bheidh sé docamhail do chroídhe
úmhal, ná do'n té ag a bhfuil a
dhóthchás a nDia níos mó ioná ann
féin. Deireann daoine an oiread
san, air chor nách ceart creide-
amhain do thabhairt dóibh. Agas
ní féidir iad go léir a shásadh.
Gidh gur rinn naomh Pól a dhíthcioll
air gach aon duine do shásadh annsa
Tiarna, agus go raibh sé an uile do'n
uile, gidhe níor chuir suim a mbreith-
eamhnas laé an duine.



Rinn sé a dhíthchioll air son leasa
agus léir-shláinte chách, act níor
bh'fhéidir a ndrochmheas ná a ndroch-
thuáirim do chosg. D'fág sé dhá
bhrígh sin, é go léir fá Dhia d'ár
fios gach nídh, agus chosain é féin le
foighide agus le úrísleacht a naghaidh
theanga na droinge a labhair go
holc air; gidhe d'fhreagair sé iad
air uairibh d'eagla go dtabharfadh
a chiúnas fáth oilbhéime do'n lag.
"Cia é tusa, chum eagla dod'
ghabhail roimh bhreitheamhnas dhuine
shomharbhtha"? Aniudh, maireann sé;


L. 242


agus amárach, tá sé imthighthe gan
tuairisg! Gaibh eagla Déi ort, agus
ní gádh dhuit bheith fá eagla duine.
Creud é an díoghbháil is féidir le
aon neach a dheunadh dhuith lé n-a
bhriathraibh ná le n-a chuid eugcóra?
Is mó a dhíoghbháil dhó féin go mór
ioná dhuitsi; de bhrígh nách féidir
dho gan tuitim fá bhreitheamhnas
Déi, gidh b'é duine é. Cómheud do
shúil air Dhia agus na bídh ag ceannairc
le briathraibh gearánacha. Agas
má shamhlaidheann tú claoidhte, cómh-
bhuardhartha tré achmhúsánaibh nár
thuillis, ná gabh fearg dá dhruim sin,
agus ná laghdaidh do coróinn tré mhí-
fhoighide. Feuch chugamsa air neamh,
oir is féidir liom tu shaoradh uadh
gach buaidhreamh agus eugcóir; agus
cúitiúghadh le gach naon do réir a
ghníomhartha.


L. 243



37 CAIB.



De ghlan-aontachd iomlán na tola
do Dhia, ionnas go bhfaghmois
saoirse Chroidhe.



(Críost). A mhic, tréig thu
féin, agus gheabhair mesi. Seasaidh
gan togha ná féin-spéis, agus deun-
fair sochar mór. Oir bronnfar
grása níos líonmhaire ort an tan
thréigir thu féin go hiomlán gan inn-
tinn aithfhilleadh.



(An Deisciobal). A Thiarna,
creud é mhinice a ghéillfead, agus
creud iad na nidhthe ionn ar ceart dham
mé-féin do thréigean?



(Críost). A gcómhnúidhe, agus ann gach
áit; a nidhtibh suaracha amhail a nidh-
thibh tábhachdmhara: ní chuirim suas
d'aon nidh, acht is mian liom tú fhá-
ghail saor ó'n uile anchumann. Ní
féidir dhuit bheith taithneamhach damh-
sa ar shlighe ar bith eile; dá bhrígh sin,
ní fuláir dhuit diúltúghadh a gcómh-
núidhe dod' antoil féin. Ní bhfuil
dá luaithe a dheunfair amhla so ioná
is fearr é; agus ní bhfuil dá líonmhaire


L. 244


agus dá iomláine a thréigfir tu féin,
ioná gur mó mo greannsa ort é.



Tréigeann a lán iad féin, acht ní
thréigid iad féin san uile: oir ní
chuirid a ndóthchas iomlán a nDia; agus
uime sin, bídhid ró fhuadarach a so-
láthar dhóibh féin. Tuille fos a thoir-
bhireann a n-iomláine air dtús, acht na
dhiaidh sin, fillid ortha féin arís an
uair theagmhaidheann cathaidhe leó; agus
isé so an fáth gur suarach a dteas-
dal a mbealach a leasa. Ní féidir
dhóibh fíor-shaoirse croídhe na dlúth-
mhúintheardhas d'fhághail liomsa, muna
ngéillid go iomlán dom' thoil, agus iad
féin do thoirbhirt mar íodhbairt laé-
theamhail am' láthair; oir ní féidir
dhóibh bheith táthaidhthe liomsa ann aon-
dacht an fhíor-ghrádh ar a mhalart de
chonradh.



Is minic a dúbhart leat, agus deirim
anois arís leat; "tréig tu féin,
aontaidh dhomhsa, agus gheabhair síth-cháin
agus suaimhneas mór aigne." Tabhair
an uile ar an uile; ná loirg aon nídh,
ná iar aon nídh tar ais: seasaidh
go hionnraic agus le muinín ládair, agus
gheabhar sealbh ormsa. Beidhir saor ad
chroídhe agus ní thiocfadh doilbh-cheó an


L. 245


dorchadais ad thímchioll! Cuir do
dhúil agus do ghúidhe annso amháin, deun
díthchioll ar gach féin-lorg do thréigean,
ionnas go mb'fhéidir leat Iosa a
bhídh nochtaidhthe ar altóir na croise air
do shonsa, do leanmhain; agus iar gclaon-
mharbhadh na colna go mairfádh mar
aon leis go síorrúidhe. An uair sin
cuirfear cosg ar gach meamna dhíomh-
aoin, gach buadhreamh mallaidhthe, agus
gach chúram neamhthairbheach. Mar an
gceudna múchfar gach eagla anmheas-
ardha, agus gach anchumann neamhionnraic!



38 CAIB.



De dheagh-riaradh a nidhthibh foirim-
iolacha, agus de dhul fá chomairc
Déi ann gach guais.



(Críost). A mhic, ní fuláir
dhuit díthchioll dúthrachtach a dheunadh
ann gach gníomh agus feidhm ghnótha, air
bheith saor ann do chroídhe agus fá chumas
do reasúin, agus bheith ós chionn do ghnótha:
ionnas go mbeithfádh ad mháighistir ar
do ghníomharthaibh: amhail Abhrach saor-
inntinneach aistridhthe go rann agus go


L. 246


saoirse chlainne Déi; a fheuchainn ar
an saoghail so, agas léir-mhacht-
naidheann ar an saoghal eile: d'amhar-
cann ar nidhthibh na beatha so leis an tsúil
gclé, agus ar nidhthibh na beatha síorrúidhe
leis an tsúil ndeas. Nách gceang-
lann de nidhthibh soghluaiste an tsao-
ghailso, acht a dheunann feidhm dhíobh
do réir thola Déi, a cruthaidh an uile
nidh go maiseach, mór-sgiamhach chum
deaghúsáide an duine.



Má sheasaidhir mar so ann gach
cineamhain, gan breith ná tuairim
do thabhairt do réir thaisbeunadh an
taoibh amuigh, ná feuchainn ar a bhfeicir
do réir amharc na colna, acht triall
asteach mar aon le Maois do'n bpail-
liún ag iaradh cómhairle an Tiarna,
cluinfir go minic freagradh Déi, agus
tiocfair amach teagasgtha a mórán
de nidhthibh láithreacha agus le teacht. Oir
do thriall Maois de ghnáth ar an bpail-
liún ag iaradh réighteach gach doghruinne
agus gach do-cheisde; agus fá chómhairc
úrnaidhthe a naghaidh mhallaidhtheachda
na ndroch-dhaoine. Is mar so nách
fuláir dhuitsi triall go minic asteach
go rúnairm do chroídhe, agus cabhair
Déi d'iaradh go dúthrachtach; oir is


L. 247


é fáth fá'r mheall na Gabaónítes,
Ioshua agus clann Israél, amhail léigh-
tear ansa sgrioptúir; de bhrígh nár
iaradar cómhairle an Tiarna air
dtús, acht éisdeachd ró fhurusa le
briathraibh binne, breugacha na saobh-
chrabhach san.



39 CAIB.



Nách ceart do'n duine bheith ró shan-
tach ionn a ghnóthaib.



(Críost.) A mhic, cuir do chúram
go léir fá mo chómhaircsi, deun-
fadsa é dheagh-riaradh ann am féin:
fan lé mo chabhairsi agus chídhfir go rach-
fadh sé chum sochair dhuit.



(An Deisciobal). A Thiarna,
cuirim mo ghnótha uile fád thearmann;
oir is suarach an tairbhe is féidir
liom féin do dheunadh dá mheud é
m'fhuadar. B'fhearr nách nglacfainn
aon bhúadhairt mar gheall ar chuid na
haimsire le teacht; acht mé féin, agus
a bhfuil agam, a thabhairt suas go
fonnmhar dhuitsi.


L. 248


(Críost). A mhic, is minic thógann
duine ar féin nídh do dheunadh ionn ar
chuir sé dúil, acht an uair bhídheann an
nídh sin deunta, bídheann sé ar mhalairt
aigne. Oir ní fada is gnathach le
inntinn an duine fanamhainn díridhthe ar
aon nídh amháin, acht ag rith ua nídh
go nid. Ní neamhthábhachdhmhar dá bhrígh
sin, an rud duit, diúltiúghadh dod'
thoil féin annsna nidhthibh fós is lúgha
tábhachd.



Is é so an cómhartha is dearbhtha ar
sinn a bheith a mbealach ar leasa; oir
is ró mhór an tsaoirse, agus is beag
an baoghal a tá ar an té a dhiúltaidheann
d'á an-toil féin. Acht ní théidheann,
cosg ar an tsean-námhaid, acht ag
cur a naghaidh gach deaghnídh, agus a
gleusadh a ghaisde de lá agus d'oídhche
ag tarrainn na ndaoine neamhaireacha
ionn a crúcaibh cealgacha. "Deunaídh
faire agus úrnaidhthe ionnas nách dtuit-
fidh sibh a gcathadhaibh."


L. 249



40 CAIB.



Nách bhfuil aon deaghnídh annsa duine
uaidh féin, agus nách-féidir dho maoidh-
eadh as aon nídh.



(An Deisciobal). "A Thiarna,
creud é an nídh an duine, tré a bhfuil-
irsi cúimhneach ar; no mac an duine,
tré a bhfiosraidheann tú é"? Creud
a thuill an duine, tré a dtugairsi do
ghrása dhó? A Thiarna, creud é an
fáth gearáin a tá agamsa, má
thréigeann tu me, nó creud is féidir
liom a chur ad leith le ceart muna
n'éisdir le m'athchuinge? Is féidir
mar so rádh le fírinne, sé sin, "A
Thiarna ní bhfuil ionnam acht neamhnídh,
ní féidir liom aon nídh dheunadh: ní
bhfuil maith ar bith agam asam féin":
acht táim lag, lochtach, agus ag claonadh
go laétheamhail chum neamhnídh. Agas
muna bhfaghad cabhair agus cómhneart
uaitsi, tuitfead a bhfuaire agus a bhfail-
líghe. Acht tusa a Thiarna, an Dia
cómhachtach ceadna a gcómhnúidhe, seas-
mhach go síorrúidhe, de ghnáth maith
ceart, naomhtha; agus dá riaradh do réir


L. 250


chothroim na heagna. Acht mesi is
mó théidheann ar gcúl ioná ar m'aghaidh,
ní fhanaim a bhfad ar aon staid a-
mháin; oir malartaidheann an aimsir
ós mo chionn. Gidhe téidhm a bhfeabhas
an uair is toil léatsa é, agus shíneann tu
lámh chabhartha chugam; oir is tusa
amháin lé ar féidir cabhradh liom
gan congnadh duine agus me neartughadh
air chor nach nathairóchadh mo ghné níos
mó agus go bhfanfadh mo chroídhe díridh-
the ortsa go suaimhneach, síorshásda.



Uime sin, da mb'fhios dam cio-
nas theilgfinn uaim gach sólás daonna,
ceachtar díobh, ar son na caoin-dúth-
rachta, nó tré ghrádh ceangal dhíotsa;
de bhrígh nách bhfuil aon duine lear féi-
dir me fhortacht; badh dhual dam
muinín do chur ad ghrásaibh si agus áthas
do ghlacadh a dtabharthas do nuadh-
shólás.



Moladh agus mór bhúidheachas go buan
duit, oir is uait thagann gach deagh-
thabharthas; acht de'm thaob sa, ní bhfuil
ionnam acht truadhán baoth, lag-bhrígheach
ad láthair si. Creud as dá bhrígh sin,
ar féidir liom maoidheamh a dheunadh?
No creud fáth loirgim bheith fúidh


L. 251


mheas agus fúidh mhór-chliú? Ann é nach
de dhruim neamhnídh é, agus is ró mhaoidh-
mheach an nídh e sin? Gan amhras is
galar guaiseach, agus baosradh iomár-
cach an ghlóir-dhíomhaoin, de bhrígh go
dtarrangann si an fhíor-ghlóir uainn,
agus go sladann grása Déi as an anam.
Oir an fhaid thugann duine taithneamh
dhó féin, bídheann sé míthaithnneamhach
ad láthair si; an fhaid loirgeann sé
adhmholadh chách, cailleann sé brígh na
subháilcídh.



Acht is fíor-ghlóir agus naomh-luathgáir
glóireadh asatsa amháin; bheith gáir-
deach ad ainm, agus gan bheith tóstalách
ná taibhseach mar gheall ar ar ndeagh-
ghníomharthaibh féin; ná taithneamh do
thabhairt d'aon chreutúir acht ar do
shonsa. Moltar dá bhrígh sin, d'ainm
si, meudaidhthear do mhór-obair, beann-
aidhthear do naomh-ainm: acht ná
cuirthear moladh ná mór-theisd daoine
a'm leith si. Is tusa mo ghlóir, is
tu áthas mo chroídhe. Is ionnatsa
dheunfad glóir agus mór-luathgháir ar
feadh an lae; acht de'm thaobhsi, "ní
dheunfad mórdháil as aon nídh ionnam
féin acht as m'eugcruas."


L. 252


Loirgeadh na Iúdaidhe an ghlóir
a thugann daoine dhá chéile, acht loirg-
feadsa an ghlóir a thagann ua Dhia
amháin. Ní bhfuil acht suarachas agus
deargbhaois an gach glóir dhaonna,
ann gach gradam saoghalta, agus ann gach
árdchéim thalmhúidhe a gcómheas don
nglóir shíorrúidhe. O! mo Thrócaire
agus m'fhírinne, agus mo Dhia. O! a Thrío-
nóid shar-naomhtha, moladh, agus cómhach-
ta agus glóir, agus onóir dhuitse amháin
air feadh saoghal na saoghal. Amen.



41 CAIB.



De dhímheas gach onóra saoghalta, agus
gach sóláis daonna.



(Críost). A mhic, ná cuir le'd
chroídhe, má fheiceann tú cách dá ár-
dúghadh a ngradam agus a mór-chéimibh,
agas tú féin fá dhrochmheas agus fá
tharcaisne. Ardaidh do chroídhe saus
ar neamh chugamsa, agus ní chuirfidh droch-
mheas daoine ar talam aon bhuadhairt
ort.



(An Deisciobal). A Thiarna,
támoid a ndorchadas agus is obann


L. 253


mheallann an bhaois sinn. Dá bhfeuch-
ainn-si chugam féin mar badh ceart,
chídhfinn nár rinn do chreutúirídhe aon
eugcóir riamh oram; agus dá bhrígh
sin, ní bhfuil cúis ghearáin agam ort-
sa: Oir pheacaídheas go minic agus go
ró throm a'd' aghaidhsi; uime sin,
badh cheart do gach creutuir éirghídh
suas ann armaibh a'm' choinne. Is
damhsa, ar an adhbhar san, is dual
náire agus aithis; acht dhuitsi, onóir,
moladh agus glóir. Agas muna gcuir-
fead me féin san gcoinghiall san, agus
bheith sásda le tarcaisne agus le droch-
mheas an uile chreutúire, ní féidir
dham suaimhneas aigne ná neart inn-
tinne d'fhághail; ná bheith soillsidhthe,
ná táthaidhthe a naondacht leatsa, a
Thiarna.



42 CAIB.



Nách ceart dhuinn ar síth-cháin do
bhun-áitiúghadh a ndaoinibh, acht a
nDia.



(Críost), A mhic, má chuirir do
shíth-cháin ann aon duine ar son an


L. 254


tsuairceis mhothaidheann tu ann a chómh-
luadar, beidhir choídhche buadhartha
anshásda; acht má chuirir do mhuinín
ansa bhfírinne bhit-bhuan, ní bheidhir
doilgheasach ar bhás do charad. Is
annamsa nách fuláir do ghrádh do cha-
rad seasadh, agus is ar mo shonsa nách
fuláir duit gean do thabhairt dhó.
Gan mesi ní féidir d'aon charadas
bheith dílios buan-tseasamhach, agus ní
féidir d'aon ghrádh bheith díreach,
deagh-chroídheach muna mesi is úgh-
dar dhó. Badh ceart dhuit do cholann
beith chómh mór san fá smachd agad,
ar chor go mairfádh ar feadh do bheatha
gan cómhluadar daoine, dá mbeidh
an sgeul ar do thoil féin. Druideann
duine a bhfogas do neamh do réir
mar theitheann sé ua gach sólás sao-
ghalta: agas árdaidhthear é chum
Déi do réir mar tá sé ísioll, táir
'nn a bharamhail féin.



Acht an té, a chuireann aon mhaith
ar bith 'nn a leith féin, coisgeann sé
grása Déi ua theacht a gcabhar dhó;
oir ní túirlingeann grása Déi choídhche
acht ar chroídhe úmhal. Dá mb'eol duit
tu-féin do chlaochladh, agus grádh neamh-
ghlan gach creutúire do sgrios amach
as do chroídhe, ann sin, do rithfeadh


L. 255


sruth líonmhar na ngrás ar d'anam.
An uair fheuchair le mearghrádh ar an
gceutúr, ceileann an Cruthaidhtheóir
a gnúis lán-lonnrach ort. Foghlaim
ar son an Chruthaidhtheóra buadh bhreith
ar do chlaontaibh, agus beidhir oireamhnach
ar chaidreamh d'fhághail ar Dhia. Dá
lúghad ar bith an nídh dá dtugair an-
chumann, cuireann maill ort ua thriall
ar an árd-mhaitheas, agus truaillídheann
an tanam.



43 CAIB.



A naghaidh fhoghlaime díomhaoine an
tsaoghail so.



(Críost). A mhic, ná glac for-
mad le briathraibh binne blasda
daoine; "oir ní a mbriathraibh tá
ríogacht Déi acht a bhfeartaibh, (ar
naomh Pól). Tabhair aire do'm
briathraibhsi, a ghríosann an croídhe
agus do shoillsidheann an aigne; a bhros-
taidheann cum cómhghuine agus bhronnann
fíor-shólás. Ná léigh aon rud choídhche
ar son bheith nios foghlamtha a suilibh
chách; acht deun díthchioll ar chlaon-


L. 256


mharbhadh do locht dfhoghlaim; oir is
mó an sochar dhuit é ioná réighteach
cruaidh-cheasda.



Íar léigheadh agus bhfoghlaim móráin
dhuit, ní fuláir duit filleadh air an
t-aon tús. Is mesi an té, a theag-
asgann daoine san bhfoghlaim gcóir,
agus a thugann íntleachd níos géire do'n
uirísiol ioná is féidir d'fhághail uadh
dhuine. Is ró gearr go dtagann ciall
do'n té le a labhairim si, agus téidheann
sé ar aghaidh a dteagasg a leasa. Is
anaoibhinn don drong d'iarann fios a
lán deismireachta ar dhaoinibh, agus nach
loirgeann an tslíghe chum triall orm-
sa. Tiocfaidh an uair air a mbeidh
Críost, oide na noidídh, agus Tiarna
na naingeal, ag éisdeacht le ceacht
na ndaoine, sé sin, ag sgrúdadh
choinsias gach duine. "Agas ann sin,
spionfaidh se Ierúsalem le coinn-
eallaibh, agus tabharfar chum solais
nidhthe falaidhthe an dorchadais" agus
cuirfear cosg ar aghnas na dtean-
gan.



Is mesi an té árdaidheann an croídhe
úmhal ar phreab na súl, chum fátha na
fírinne síorrúidhe thuigsinn níos líon-
mhaire, ioná dá gcaithfeadh se deich


L. 257


mbliadna ar sgoil. Teagasgaimsi
gan geóin chainte, gan imreasán
baramhal, gan anmhian onóra agus gan
cadrán aghnais. Teagasgaim si
dímheas an tsaoghail so, gráin shá-
dhaile na colna; nidhthe síor-bhuana
do lorg agas dúil do chur ionnta;
teitheadh ua ghradam; oilbhéim agus
aithis d'fhulann go foighideach a dhóth-
chas iomlán do chur ionnamsa; gan
aon nídh d'iaradh ná lorg tar mo
thoil si, agus grádh lasamhain do thabhart
dam ós cionn gach nídh.



Oir d'fhoghlaim duine áiridhe tré
ghrádh thabhairt dhamhsa, nidhthe diadha,
agus do labhair nidhthe iongantacha. Is
mó an sochar a fuair sé mar gheall
ar an uile nídh do thréigean, ioná dá
meamharfadh sé gach geur-chúis. Acht
labharaim nidhthe coitchionna le cuid
de na daoinibh, agus nidhthe sonnradhacha
le cuid eile; taisbeunaim me féin
go caomh do thuille a gcómharthaibh agus
a bhfíogharaibh; agus cuid eile, d'á
bhfoillsídhim rúindiamhara go lán-
lonnrach. Is ionann guth leabhar, acht
ní theagasgann sé gach aon mar a
chéile; de bhrígh gur mesi teagasg-
thóir ionnmheódhanach na fírinne, an


L. 258


té a sgrúdaidheann an croídhe, a
thuigeann na smuainte, a ghríosann
chum gnótha, agus a rannann leis gach
duine do réir mar mheasaim is
dual.



44 CAIB.



Nách ceart duinn dul a nachrann le
nidhthibh foirionalacha na beatha-
so.



(Críost). Is éigean duit, a mhich,
bheith ann anbhfhios a lán de nidhthibh,
agus tu-féin do mheas amáil duine
marbhtha ar talamh d'á bhfuil an sao-
ghalso ceusaidhthe. Is iomdha nidhthe
mar an gceudna le nách fuláir duit
cluas bhodhar do thabhairt, agus d'aire
bheith dóibhsi, a bhaineann le'd shíth-
cháin. Is fearr gan feuchain ar na
nidhthibh a chuireann míthaitneamh ort,
agus a shlíghe féin d'fhágail ag cách,
ioná srian do léigean le ar dteang-
thaibh. Má táir ar deaghstaid a bhfíagh-
naise Déi, agus úmhal d'á bhreitheamh-
nas, ní chuirfir súim a gcaithréim
chách.


L. 259


(An Deisciobal). A Thiarna,
creud thárlaidh dhuinn? Feuch gur
deórach sinn fá mhí-ádh saoghalta;
gur saothrach fuadarach sinn ar son
beagáin fághaltais; acht is annamh
smuaineamoid ar leas ar nanama!
Tugthar aire do'n nídh gan sochar, agus
faillíghe annsa nídh is tábhachdmhaire
ar talamh: de bhrígh go múchann an duine
é-féin a ngnóthaibh saoghalta, agus muna
dtugadh sé amas ar éirghídh, go gcó-
mheudfar síos go bráth é.



45 CAIB.



Nách ceart gach neach do chreideamh-
ain, agus gur ró fhurus tuitim a
mbriathraibh.



(An Deisciobal). "Deónaidh
cabhair dham, a Thiarna, ann m'ana-
cradh, de bhrígh nách bhfuil tairbhe a
gcabhair an duine." Creud é mhi-
niche a mealladh me leis an té nár
shíleas. Is neamhthairbheach dá bhrígh
sin, ar ndóthchas do chur a ndaoínibh,
acht is ionnatsa, a Thiarna, tá tear-
mann na bhfíreun. Beannacht agus


L. 260


moladh dhuitsi, mo Thiarna Dia, a
dtaobh gach nídh dá dtárlaidheann duinn.
Támoid-ne lag, néamhsheasmhach; is
luath a mealltar, agus a hatharraídh-
thear sinn.



Cá bhfuil an té lé ar feidir é féin
d'fhaireadh agus do riaradh chómh glic
sin, ar chor nách dtuuitfeadh a gcealg
nó ann achrann ar bith? Acht an té a
chuireann a mhuinín ionnatsa, a Thiar-
na, agus loirgeann tu le croídhe glan,
ní thuiteann sé chómh furus san. Agas
má thárlaidheann dó tuitim ann aon
bhuaidhreamh, dá mheud an greim a
a bheidheas ar, tabharfair-si fuais-
gailt no fortacht ar gan maill; oir
ní thréigfirsi choídhche an té a chuir-
eann a mhuinín ionnat. Is ró dheacair
caraid dileas d'fhághail, a sheas-
aidheann go dearbhtha len a dhuine
múinteardha tré gach mí-ádh. Is
tusa amháin, a Thiarna, an chaomh-
charaid bhith-dhíleas go bráth!



O! badh chiallmhar í an bheann-
naomhtha (naomh Agatha), a dúbhart
"Tá m'aigne diongmhálta, agus dain-
gean a gCríost." Dá mbeidhinn-si
mar sin, ní chuirfeadh eagla chách
buadhairt orm chómh furas so, agus ni


L. 261


ghlacfainn uamhann, roim shoighead na
teangan. Cá bhfuil an té a réimh-
fheiceann an uile nídh, nó cia lé ar
féidir forfhaire ann aghaidh gach cin-
eamhna? Gidhe má's minic ghor-
taídheann nidhthe réimhfheicseanta sinn,
nách mó ioná sin an díoghbáil a
dheunfas an tolc nach saoiltear?
Acht creud fáth nár fheuchas chugam
féin a n-am; creud fath ar chreid-
eas, an truadhán bocht, do bhriath-
raibh binne chách? Acht ní bhfuil annainn
acht daoine, agus daoine sothuiteamacha
leis, gidh go measann a lan gur ain-
gealla sinn. Cia d'á gcreidfead,
a Thiarna, cia d'á gcreidfead acht
duitsi? Is tusa an fhírinne, nách
meallann, agus nách féidir a mhealladh.
Agas ar an dtaobh eile; tá an uile
dhuine breugach, lag, dimbuan, so-
tuiteamach go sonnrádhach a mbriath-
raibh: ar chor nách cóir cluas do
thabhairt go easgaidh dóibhso fós ar a
bhfuil cosmhalachd na fírinne.



Badh ghasta gaosmhar, a thugais
furfhógradh dúinn, sinn-féin do shea-
chaint ar dhaonibh, agus gur "b'iad lucht
a thíghe féin námhaid dhuine"; agus nách
ceart dhuinn creideamhain, dá ndéar-


L. 262


fadh duine, "Fheuch annso, nó feuch ann súd".
Fuaras-sa ciall cheannaidhthe
agus is truagh nách ndeunann sí níos
airíghe me, agus gan mo baois do
mheudúghadh! "Bídh aireach (ar duine
áiridhe) bídh aireach, ná hinnis na
nidhthe so a dúbhart leat," agus ar feadh
mo chiúineis si, ann uáir mheasaim
an sgeul bheith eadrainn araon, ní
féadann sé féin rún do chómheud ar,
acht craobsgaoileann ar féin agus orm-
sa agus imthígheann a bhóthar. A Thiarna,
saor me ua dhaonibh beul-sgaoilte
de'n tsamhail so; ionnas nách dtuit-
finn idir a lámha, agus nách ndeunfainn
a leithéid go deóigh. Tabhair dom'
bheul briathra bunadhúsacha na fí-
rinne do labhairt, agus díbir teanga
chealgach a bhfad uaim. Badh cheart
dam mo lán-díthchioll a dheunadh ar
na nidhthe so de sheachaint, nár mhaith
liom a dheunadh orm séin.



O! is síth-chánta, sár-sheunmhar
an beus gan labhairt go trom air
chách, agus gan gach nídh dh'á gcloiseam-
oid do chreideamhain, na chraobh-
sgaoileadh; gan ar rún do léigean
acht lé fíor-bheagán: tusa sgrú-
daidhtheóir an chroídhe do lorg go


L. 263


cínte; agus gan beith ar luasgadh le
gaoth gach focail, acht gúidhe go dhúth-
rachtach gach nídh amuigh agus astigh do
bheith órdaidhthe do réir do naomh-
thola sa. Is ró mhór an sás grása
Déi chómheud, teitheadh ua chómhluadar
daoine, agus gan na nidhthe so do lorg,
a thuillean mór-mheas saoghaltanach,
acht iadso a leasaidheann agus ghríosaidh-
eann sinn chum na beatha siorrúidhe.
Ca lia duine d'ár rinn sé díoghbháil
ró mhór fios a subháilcídhe a bheith
ag cách, agus é d'á mholadh ró iomar-
cach! Arís is mór é sochar an té a
cheileann a dheaghbheusa féin a gciú-
nas san mbeatha shothuitimeach so,
ionn nach bhfuil acht áit chathaidhe agus
chómhraic.



46 CAIB.



Gur ceart ar ndóthchas do chur
a-nDia an tan chaithtear soighead
fhocal linn.



(Críost). A mhic, seasaidh diong-
mhálta, agus cuir do dhóthchas ionnamsa;
oir creud tá a bhfocalaibh acht


L. 264


fuaim d'imthídheann le gaoth, agus nach
dtéidheann choídhche ann achrann a gca-
raig? Má táir cionntach, smuainn
gur mian leat tu-féin do leasúghadh.
Má táir neamhchionntach, smuain gur
mian leat an nídh sin d'fhulann go
fonnmhar ar son Déi. Is lag an
gníomh duit fulann le focalaibh, an
tráth nach bhfuilir fós oireamhnach ar
bhuillíbh troma d'iomchar. Agas
creud fáth gcuirir led' chroídhe na
nidhthe suaracha so; acht de bhrígh go
bhfuilir fós collúidhe, agus go bhfuilir
níos aireiche ar thuairim chách ioná
badh cheart dhuit? Oir de bhrígh nach
maith leat bheith fá dhrochmeas, ní
thaithneann leat cách dod' imdheargadh
de dhruim do locht, agus uime sin, teith-
eann tú fá sgáth leithsgéil.



Acht feuch chugad féin níos géire
agus chídhfir go maireann spioraid an
tsaoghail fós ionnad agus go nglacair
taithneamh ann adhmholadh chách. Oir
ann uair nách mian leat bheith úmh-
laidhthe, imdheargtha ar son do locht,
is follas nách bhfuilir fós fíor-úmhal,
ná claonmharbhtha, ná an saoghal
ceusaidhthe dhuit. Acht éisd le mo
briatharsa, agus ní chuirfir suim a rádh-


L. 265


taibh breugacha daoine. Feuch dá
ndearfaídh gach nídh ann d'aghaidh d'á
mb'fhéidir le mailís an duine do rádh,
creud é a dhíoghbhail sin duitsi, má
sgaoileann tú thart é, gan suim do
chur ann? Ann dtiocfadh leis aon
róine amhain do stadhbhadh as do
ghruag?



Acht is ró fhuras fearg do chur ar
an té nách bhfuil inmheadhanach ionn a
chroídhe, agus nách gcuireann Dia ós
cómhair a shúl: ní mar sin do'n té
ag á bhfuil a dhóthchas ionn-amsa, agus nách
dtógann ar, seasadh ar a bharamhail
féin, ní bhídheann eagla theangan chách
ar. Oir is mesi bretheamh agas sgrú-
daidhtheóir na nuile rún; is fios dam
cionas tá an sgeul; tá aithne agam
ar an té rinneann an eugcóir, agus air
an té, a fhuileannann í. Is uaimsi
d'imthigh an briathar úd; is tré mo
chead-sa a thárlaidh sé; "ionnas go
bhfoillseóchaídh smuainte as mórán
de croidhthibh." Tabharfadsa breith-
eamhnas ar an gcionntach agus ar an neamh-
chionntach; acht badh mhian liom iad
araon d'fhromhadh roimhré le breith-
eamhnas falaightheach.


L. 266


Tá teisdeas daoine go minic
breugach; tá mo bhreitheamhnas-sa
go cinnte fíor! isé amháin a shea-
saidheann agus nách féidir a chur ar
gcúl! Bídheann sé falaighthe nách mór
de ghnáth; agus is ró bheag dá bhfoill-
sídhthear é ann gach nídh: gidhe ni
thuiteann se ann earáid choídhche,
gidh go samhlaidheann sé ar uairibh,
ancheart a súilibh amadán. Is orm-
sa, dá bhrígh sin, nách fuláir dhuit
triall ann gach breitheamhnas, agus gan
géilleadh dod' bharamhail bhreugaich
féin. "Oir ni bheidh buaidhreamh ar
an nduine ionnraic, gidh b'é nídh a
thárlaidheann do ua Dhia." Agas gidh
go gcuirfídh ancheart ionn a leith,
gidhe is cuma leis: ná ní ghlacfadh
mórdhail é, ma ghabhann cách a leith-
sgeul; oir cúimhnídheann sé, "gur
mesi a sgrúdaidheann an croídhe agus
na drólana, a thugann breitheamhnas,
ní do réir na ceinnfhatha, ná do réir
sgéimhe daonna. Oir is minic gur
cionntach am' láthairsi an té a meas-
tar neamhchionntach a láthair daoine.



(An Deisciobhal) O! a Thiarna
Dia, an breitheamh cóir, cómhachtach,
foigheadach, d'ár fios laige agus


L. 267


claonta an duine, neartaidh agus ta-
bhair dóthchas dham, de bhrígh nach leór
dham teisdeas mo choghúis féin. Is
fiosach duitsi na nidhthe a tá na nan-
bhfios ormsa; agus uime sin is éigin
dam gach achmhúsán d'fhulann go caoin
ceansa. Tabhair maitheamhnas dham
tré do thrócaire, a Thiarna, chómh
minic agus nár fhuileannas mar so;
agus bronn orm na grása a tá ríach-
thanach chum seasaidh níos cródha.
Oir is fearr dhamhsa dul fá sgáth
do mhór-thrócaire si am'dhídhion ar
do dhíoghaltas ioná fá chomhairc mo
chlaon-chogúis féin; "oir gidh nách
gcuireann mo cogús aon locht am'leith,
gidhe ní shaorann sin me;" oir má
chuirthear do thrócaire si a leataobh
"ní fíreunfar neach d'á maireann
ad' láthair."



47 CAIB.



Gur fiú an tsíorrúidheacht gach do-
ghruinn d'fhulann ar a son.



(Criost). A mhic, ná glac fait-
cheas de dhruim na saothar a thóghais


L. 268


ort féin ar mo shonsa; agus ná tuit fá
ualach na dtrioblóidígh, a tárlaidh-
eann leat; acht bain neart agus sólás
as mo gheallamhna sa. Is leór me-
si chum do luach-saothair do dhíol leat
tar gach meódhan. Ní fada bhéidhir
a ndoghruinn ar an tsaogal so. Fan
go fóill beag, agus chídhfir gur gearr
go mbeidh deireadh ar do thrioblóidíbh.
Tiocfadh an lá ionna gcuirfear cosg
ar gach duadh agus dian-shaothar! Is sua-
rach, gearr-shaoghalac é an nídh a
imthígheann le amsir.



Tabhair aire do'n gcúram a tá
ort; saothraidh go díleas, dúthrach-
tach an m'fhineamhainsi, agus beidh me
mar dhualgas agad. Caith d'aimsir
ag sgriobhadh, ag léigheadh, ag abhrán,
ag osnadhail, a gciúnas, ag urnaidh,
ag iomchar do chros go fearamhail,
fíor-chródha: is fiú an bheatha mhar-
thanach níos mó fós d'fhulann ar a son.
Tiocfadh síth-cháin chugad a lá áir-
idhe, is fiosach do'n Tiarna; agus ní
bheidh sé amhail feasgar laé agus oídh-
che mar tá anois, acht 'nna sholas
shíorrúidhe, 'nna lonnradh do-chúimsidhthe,
'nna shithcháin dhiongmhálta agus 'nna
shuaimhneas do-chórraidhthe. Ní dhear-


L. 269


fair an uair sin, "Cia shaorfas
me ua chorp an bháis so"? Ná, "is
mairg dhamhsa de bhrígh gur cuireadh
mo chómhnúidhe ar cáirde." Oir teilg-
fear an bás le fánadh, agus beidh sláinte
gan galar, agus aoibhneas gan buadh-
reamh, agus cómhluadar caoin caomh-
áluinn na naomh agus na naingheal agad
go síorrúidhe!



O! dá bhfeicfádh corónídh suath-
aine na naomh ar neamh, agus meud na
caithréime ionn a bhfuilid, gidh gur
shamhlaidear táir, tarcaisneach ar
an tsaoghalso, air chor gur mheas
daoine nár bhfhiú iad bheith 'nna mbea-
thaidh, gan amhras do chaithfádh tu
féin ar an dtalamh, agus do b'fhearr leat
bheith fá chosaibh an domhain, ioná
aon duine amháin do bheith fá'd smacht.
Ní chuirfádh dúil a laéthibh luathgháire
na beatha so, acht thógfádh mar rogha
anacradh agas mí-ádh d'fhulann ar son
Déi; agus ghlacfádh drochmheas agus tar-
caisne ua chách amhail an fádhaltas
is bríghmhaire. A! dá radfádh taith-
nneamh dóibh si, agus léigeann dóíbh dul
a ndoimhneas do chroídhe, cionas
chuirfádh rómhad an oiread agus aon
ghearán amháin do dheunadh? Nách


L. 270


fiú an bheatha shíorrúidhe gach duadh agus
anró d'fhulann ar a son? Ní rud
suarach ar aon chor, ríoghacht na
bhfhlathas do bhreith nó chailleamhainn.
Ardaidh suas dá bhrígh sin, do shúile
air neamh: feuch an taiteas ionna
bhfhuilimsi mar aon leis na naomh-
aibh, gidh gur fhuilinneamar dian-
chomhlann, ar talamh: támoid anois a
luathgháir agus a ngáirdeachas, gan
baoghal, gan buaidhreamh, agus beidhmíd
amhla ar feadh na síorrúidheachta a
ríoghacht ró-áluinn m'Athar!



48 CAIB.



De lá na síorrúidheachta, agus de chúmh-
gach na beatha-so.



(An Deisciobal). O! a naomh-
theaghlach árd-chéimeach na cathaire
is airde. O, a lonnrach na síorrúidh-
eachta, nach ndorchaidhthear choídhche
le feasgar, a dealraidhthear go
cinnte le solas síorlonnrach na sár-
fhírinne. Lá luathgháireach, lá gan
baoghal, lá bithbuan. O! is truagh
nach n-eirghídheann an lá so orainn, agus


L. 271


nach gcuirthear deire le gach nídh sao-
ghalta! d'éirghidh sé gan amhras ar
na naomhaibh go soillseach síor-dheal-
radhach; acht ní fheiceamoid-ne oile-
raich bhochta ar talamh, é, acht ann
imchian agus amhail thrídh sgáthán.



Is fios do luchd na naomh-chathare
aiteas agus luathgháir an laé so; acht
caoineann clann dhíobhartha Eabha sear-
bhas agus liosdachd ar laé féin annsa.
Tá laethe na beatha gearr-shaoghalach
olc lán de dhoilgheas agus d'anacradh;
mar a dtruaillídhthear an duine le
mórán peacadh; mar a ngaistídh-
thear é le mórán claonta; mar a
nionnsaidhthear é le mórán cúraim;
mar a mbuaidhrídhthear é le móran
deismireachta; mar a ngreimídh-
thear é le mórán baoise; mar a
dtímchiolltar é le mórán earráid-
ídhe, ann aon fhocal; áit ionna mbris-
tear a chroídhe le dian-shaothar;
ionna gciapaidhthear a spioraid le
cathadhaibh, ionna lagaidhthear a mhéan-
main le só, agus ionn a dtúrnaidhthear
a cholann le uireasba.



O! cia an uair a bheidheas deire
air na holcaibh iomadamhlaso? Cia
an uair a bheidsa saorfhuasgalta


L. 272


ua mhoghsaine mhí-ádhbhrach an pheacadh?
Cia an uair a Thiarna, a bheid
cúimhneach ortsa amháin? Cia an
uair a dheunfad luathgháir lán-líon-
mhar ionnatsa? Ciathan a bheid gan
bac ar bith a seilbh na fíorsaoirse,
fuasgalta ua gach amhgar anama agus
choirp? Ciathan a bheídh mo shíthcháin
iomlán gan baoghal buadhartha amuidh
ná astigh acht daingean, diongmhálta
ar gach taobh. O! a Íosa cheannsa
ciathan a chídhfead do ghnúis lonnrach?
Ciathan a léir-mhachtnóchad glóir do
ríoghachta? Ciathan a bheidhir an uile
ann sa nuile dhamhsa. O! ciathan a
bheid ad'fhochair ad' ríoghacht a tá
ollmhaidhthe dod cháirdibh díleas ua
chruthúghadh an domhain? Táim tréig-
the, a'm dhíobarthach bhocht a dtalamh
mo namhad, agus iad ag cur choghaidh go
laétheamail orm.



Cómhneartaidh ann mo dhíobarthachd
me, maolaidh mo dhoghrainn, oir is
annatsa tá mo dhuil iomlán, de bhrigh
gur muiríor trom liom gach nídh d'ár
féidir leis an saoghal do bhronnadh
orm. Is ró mhian liom seilbh dhíleas
d'fhághail ortsa, acht faraor! ní
fhéadaim é. Badh mhian liom ceangal


L. 273


de nidhththibh neamhdha, acht maolaidh-
eann nidhthe saoghalta, agus mo droch-
chleachda féin me. Is mian le'm
spioraidh bheith ós cionn gach nídh cruth-
aidhthe, acht cómheudann an cholann de
m'amhdheóin fá chois me; air chor
go bfhuilim am dhuine dhona ag síor-
ghleic liom féin, agus tuirseach de'm
shaoghal ann fhaid bhídheann an tanam
ag triall suas, agus an cholann d'á chó-
mheud síos.



O! creud fhulannaim go hinmheadh-
anach an tráth smuainim ar ríoghacht
na bhfhlathas, agus thagann sluagh mal-
laidhthe de dhrochsmuaintibh na colná
ag cosg m'úrnaidhthe! "O! mo Dhia
ná himthigh a bhfad uaim, agus ná fág
do sheirbhíseach tre fhearg. Caith
do splanca agus sgap iad, lámhaid do
shoigheada" agus díbir meang na námh-
aide. Gairm ar mo cheadfádhaibh
chugat féin; deónaidh dham nidhthe
an tsaoghailso do dhearmad, agus gach
claon-mhian do smachtúghadh agus do
dhímheasúghadh. Tabhair cabhair dham
a Dhia na fírinne, ionnas nár bhaoghal
dam baois na beathaso; tair a
naomh-mhilseachd, agus díbir gach neamh-
ghlaine ua d'fhiaghnaise. Tabhair mar
an gceudna maitheamhnas dam tré


L. 274


do mhór-thrócaire chómh minic agus
smuaineas ar aon nídh eile acht ort-
sa a'm úrnaidhthibh. Oir admhaidhim
gur gnáth liom bheith ar mearbhal inn-
tinne. Oir is minic nách annsa n-áit
ionn a súidhim nó a seasaidhim, a bhídhim
acht annsan áit ionn a mbídheann mo
smuainte. Agas bídheann mo smu-
ainte mar a mbídheann an nídh is
ionmhuin liom. Tagann an nídh sin do
m'aigne, is aoibhine liom agus d'ár mó
thugas taithnneamh.



Uime sin dúbhairt Dia na fírinne
féin na briathra so, "gidh b'é áit
ionn a bhfhuil d'ionmhus is ann a tá do
chroídhe." Má ghrádhaim na flathais,
is furas liom smuaineadh ortha. Ma
ghrádhaim an saoghal, chomh-mhaoidhim
leis ionn a rath, agus cómhghuilim ionn a
mhí-ádh. Má ghrádhaim an chólan, líon-
tar mo meamna de dhúilibh na colna.
Má ghrádhaim an spioraid, is ait-
easach liom labhairt ar nidhthibh spior-
adálta. Oir is maith liom bheith ag
labhairt agus ag éisdeacht le cách ag
tráchd ar na nidhthibh a ghrádhaim; agus
is gnáth liom a gcosmhalachd do bhreith
a bhaile liom. Acht is beannaidhthe
an té thréigeann, agus dhiúltaidheann do'n
uile chreutúir ar do shonsa, a Thiarna;


L. 275


d'imireann dianas ar a nádúir, agus tré
dhíogras spioraide, a cheusann an-
mhiana na colna; ionnas iar nglan-
adh a chogúis go gcuirfeadh sé úrnaidh-
the taithneamhacha ann do láthair, agus
gur bhfhiú é dul ameasg na gcóraidh
aingeilídhe, agus gach anmhian mallaidh-
the do sgrios as an anam agus as an
gcolainn.



49 CAIB.



De dhúil na beatha marthanaiche, agus
de mheud an dualgais a tá geall-
ta do luchd an chómhraic.



(Críost). A mhic, an tan mho-
thaidheann tú dúil na beatha síorrúidhe
gríosaidhthe ionnadh ua neamh, agus is
mian leat imtheachd amach as áras
an coirpso, ionnas go ndeunfádh
léirmhachtnadh ar mo lonnrachsa gan
sgáil aistridhthe; osgail do croídhe,
gabh chugad go ró cheanamhail an naomh-
ghaothso. Gabh míle búidheachas le
féile fíor-uasal Déi, a rainneann
chómh trócaireach sin leat, a fhios-
raidheann go ceannsa thu, a ghríosaidh-


L. 276


eann go cómhachtach thu, d'eagla go
dtuitfádh chum talaimh tré'd mhuir-
tileachd féin. Oir ní de dhruim do
smuainte ná do ghníomhartha féin a
rannainn Dia amhla so leat, acht de
bhrígh go mbronnann se a grása ort
ua neamh agus go dtagann dod' fhios-
radh; ionnas go rachfádh ar d'aghaidh
annsna subháilcídhibh, agus go nollmhóchádh
thu féin ann aghaidh an chomhraic ag
ceangal díomsa le geur-chumann do
chroídhe, agus ag deunadh mo réire lé
chómhachtaibh iomlána do thola.



A mhic, is minic go ndóigheann an
teine, acht ní éirghídheann an lasair
gan deatach: ar an módh gceadna,
bhídheann miana a lán daoine ar lasadh
le dúil a nidhthibh neamhdha, gidhe ní
bhídhid saor ua chathadhaibh agus ua chlaon-
taibh na colna. Agas uime sin ní
ar son Déi go haonaranach a rinnid na
nidhthe d'iaraid chómh dúthrachtach sin
ar. Bídheann do mhian sa féin go mi-
nic ar an nós so, gidh tuairim leat
é bheith dian, deaghórdaidhthe: de
bhrígh nách bhfhuil aon nídh glan aniar-
adhta, a bhidheann truaillidhthe le mear-
ghrádh an duine ar féin.



Na hiar na nidhthe a tá aoibhinn,


L. 277


miangasach, acht na nidhthe a tá
taithneamhach, onórach damhsa; oir
má bhreithnídheann tu a gceart, badh
cheirte dhuit mo thoil ró naomhthasa
do leanmhain agus bheith sásda léi, ioná
bheith fá mhoghsainne do chlaonmhian
féin. Is aithne dhamhsa do dhúil, agus is
minic chualadh d'osnaidhe. Badh mhian
leat bheith anois a saoirse ghlóire
chlainne Déi. Badh gheal leat bheith
anois ad'bhaile síorrúidhe, agus ad'dhúithche
neamhda mar a bhfhuil gáirdeachas
gan teóra: acht níor thánaic an
uair sin fós: isé so am an chatha, agus
an chómhraic, am an tsaothair, agus an
tsúidhte. Badh mhian leat bheith líon-
ta de'n árdmhaitheas, acht ní féidir
dhuit sin d'fhághail fós.



Is mesi an tardmhaitheas so, feith
liom do dtagadh ríoghachd Déi. Is
éigean duit bheith súidhte fós ar talamh,
agus tu thásdáil a mórán nidhthe eile.
Tabharfar sólás ar uairibh dhuit; acht
ní bhfhaghfair bheith ar do lán-tsásdachd
ar aon chor. Gabh meisneach, uime sin,
agus bídh cródha ann do ghníomharthaibh
amhail ann d'fhoighide le nidhthibh bun-
óscionn do'n nádúir d'fhulann. Caith-
fir an nuadh-dhuine do chur umat, agus


L. 278


bheith atharraidhthe a nduine eile.
Caithfir go minic an nídh sin do
dheunadh a bhídheann ann aghaidh do thola,
agus an nídh eile sin do sgaoileadh thart
d'á gclaonann do mhiana. Rithfidh
an saoghal le các do réir a thola,
acht is minic go mbeidhirsi a mí-ádh
agus ann anacradh. Eisdfear go fonn-
mhar le rádhtaibh chách, acht ní bheidh
meas ar bith ar a ndearfairsi. Iar-
faidh cách, agus gheabhaid, iarfair si agus
ní bhfhaghfair.



Beidh cách fá mheas agus fá chliú, agus
beidhir si fá tháir agus fá tharcaisne.
Tabharfar so nó súd fá mhuinín chách,
acht ní measfar go bhfuil aon tairbhe
ionnadsa. Dá ndruim so, beidh an
nádúir go ró dhoilgheasach, agas is
mór do dhualgas má fhuileannann tu go
cúin, ceannsa, iad. Is ionnta so agus
ionn a samhail eile is gnáth seirbhiseach
díleas an Tiarna do thásdáil, ionnas
go bhfeicfídh cá mheud a thréigeann
sé a thoil agus a chlaonta féin. Ní bhfhuil
nídh ar bith, ionn ar mó do ghádh le
claonmharbhadh, ioná annsna nidhthibh
a thagann ann aghaidh do thola, agas
go háiridhe ionnta so, a haithnídhthear
dhuit da dheunadh, má mheasann tú iad


L. 279


bheith neamhthairbheach. Agas de bhríg
go bhfhuilir fá lámh uáchdarain, agus nách
féidir leat cur an aghaidh na gcó-
mhachta móra a tá aige; uime sin,
measann tú gur ró dheacair siúbhal
do réir a sméide; agus do bharamhail
féin do thréigean ar fad.



Acht breathnaidh, a mhich, dualgas
na saothar so, gur ró ghearr go mbeidh
deireadh leo; go bhfhuil a luachsaothair
sár-mhór; gur lag an díobhail a
dheunfaid dhuit, agus go bhfhaghfair sólás
agus fortacht ionnta. Oir a n-áit an
bheagáin sin de'd thoil féin a thréigir
anois, gheabhair toil shaor ar neamh:
oir is ann sin a tabharfar dhuit gach
nídh is toil leat, nó is mían leat
d'fhaghail. Ann sinn, a bheidheas do
thoil cómhaontaidhthe le mo thoil si, ar
chor nách n-iarfair aon nídh, acht do
réir mo thola-sa. Is ann a bheidhir a
seilbh gach aiteis gan eagla a chaillte
go bráth. Ann sin, ní chuirfidh aon
neach toirmeasg, ní bheidh aon neach
a gearán ort, ní dheunfaidh aon
neach cosg ort, ní bheidh aon nídh ag
teacht annsa tslíghe, acht beidh gach
nídh is toil leat cnuadhsaidhthe ad
láthair, ag sásadh do mhían agus do chu-


L. 280


mann gan foir-cheann. Ann sinn, a
thabharfeadsa glóir dhuit ar son gach
tarcaisne d'á bhfhuarais, agas cu-
laidh adhmholta ar son do dhubróin,
agas cathaoir ríoghdha ar feadh na
síorrúidheachta ar son tu bheith ann so
annsa n-áit is ísle. Ann sin a feic-
fear tóradh an fhomóis, agus luath-
gháir saothair na haithrídhe, agus cor-
óin ghlórmhar na fíor-fhoighide!



Crom síos do cheann dá bhrígh sin,
anois fá lámhaibh an tsaoghail, agus ná
tabhair aire, cia a dubhairt nó
d'aithnidh é so; acht deun do lán-
díthchioll ar gach duadh agus dhianshaothar
do chómhlíonadh go dúthrachtach, deagh-
mhéineach, gidh b'é uachdarán nó íoch-
daran nó cómh-dhuine d'iarann ort é.
Loirgeadh an té so agas an té úd,
an nídh so agus an nídh úd, deunadh se
maoidheamh as so nó as súd, moltar
míle ar mhíle uair é, acht de'd thaobh
sa ná deun luathgháir annsa nídh so
'ná annsa nídh ud, acht a'd dhímheas
féin, agus am' thoil agus am' onóirsi
amháin. Isé so mian badh cheart
duit bheith agat, go bhfhaghfadh Dia
moladh agus glóir gidh b'é beó nó marbh
thu.


L. 281



50 CAIB.



Cionas is ceart do'n duine dhireóil
é féin do thoirbhirt a lámhaibh Déi.



(An Deisciobal). O! a Thiarna
Dia, a Athair ró naomhtha, moladh agus
beannúghadh dhuit anois agus de shíor, óir
do réir mar is toil leatsa is amh-
la thárlaidh, agus gidh b'é nídh a dheunann
tú, bídheann a gcómhnúidhe maith. Go
ndeunaidh do sheirbhíseach luathgháir
ionnad, ní ann féin, ná ann aon nídh
eile; oir is tusa amháin an fhíor-
luathgháir; is tu mo dhóthchas agus mó cho-
róin, mo gháirdeachas agus m'onóir, a
Thiarna. Creud tá aig do sheirbhí-
seach acht a bhfhuair sé uaitsi, agus sin
gan aon cheartas ar a thaobh féin?
Is leatsa gach nídh, a chruthaidhis agus
bhronnais orainn; "is duine bocht
mesi, a tá a saotharaibh ua m'óige,"
agus bídheann m'anam air uairibh doil-
gheasach go deóraibh, agus buadhartha ann
féin tré líonmhaire na gclaonta
ionna bhfhuil sé.



Is fada liom uaim aiteas na síth-
chána, iaraim go cíocrach suaimhneas


L. 282


do chlainne, a cothaidhthear leatsa a
soillse do naomh-shóláis. Má thugar
síthcháin, má bhronnair luathgháir, beidh
anam do sheirbhíseich lán-bhinn ad'
mholadh: acht má thréigir me amhail
is gnáth leath ar uairibh, ní bheidh me
ionamhail ar rith a slíghe d'aitheanta;
acht caithfead mo ghlúine chrapadh, agus
m'uchd do bhualadh, de bhrígh nách bhfhuil
aniú amhail andé agus an lá roimhe
sin, ann uair lonnraidh do lóchrann
lán-tsoillseach-sa ós mo chionn, agus
bhídheas cúmhdaidhthe fá dhídhion do
sgéithe ua chathadhaibh an Diabhail, an
tsaoghail, agus na colna.



O! a Athair fhíor-ceart, shár-
naomhtha, thánic ann uair ionnar chóir
do sheirbhíseach do thásdáil. O! a
Athair ró ghrádhmhair, is dual do'd
sheirbhíseach nídh éigin d'fhulann ar do
shon. O! a Athair ró óirdheirc,
tháinnic an uair, a bhídh ceapaidhthe
ua'n tsíorrúidheacht, ionn a mbeidh
do sheirbhíseach doilgheasach air an
dtaobh amhuigh, acht go mbeidh sé a
gcómhnúidhe beódh, ar an dtaobh astigh
duitsi; go dtuitfeadh sé a ndroch-
mheas a súilibh daoine, go mbeidh se
fá ghéibhionn agus fa ghalar; ionnas go


L. 283


ndeunfadh se aiséirghídhe mar aon
leatsa a bhfeascar laé na nuadh-
shoillse chum glóire bith-bhuaine na
bhflathas! O, a naomh-Athair, d'ór-
daidhis, agus badh thoil leat so, agus tháinic
an nídhso chum críche do réir mar
aithnídhis.



Oir is mór an cómhartha ceana ar
do charaid, é fhulann buaidhreamh agus
trioblóidhíghe annso le grádh dhuit, gidh b'é
mhinice a thagann siad, nó gidh b'é
dhuine ar bith is bun leó. Oir ní
deuntar aon nídh ar talamh gan fáth
ná a ganfhios duitsi. "Is maith
dhamhsa, a Thiarna, gur úmhlaidhis
me, ionnas go ndeunfainn do reachda
sa d'fhoghlaim": agus ionnas go dteilg-
finn uaim gach andánachd agus gach ua-
bhar croídhe. Is mór an tairbhe
dham mar lasas le náire, ionnas go
niarfainn fortachd ortsa nios túisge
ioná ar dhaoinibh. d'fhoghlaimeas mar
an gceudna as so, eagla do bhreithemh-
nas do-sgrúdaidhthe do ghlacadh, a
chuireann anró chum an fhíréin mar
aon leis an mallaidhtheóir, acht ní
gan dlíghe agus ceart.



Moladh go buan duit, de bhrígh nár
choigilis mo dhroch-bhearta, acht me


L. 284


brúghadh le bhuillíbh fá throm-iarsma
gach péine, amuigh agus astigh. Agas
ní bhfhuil aon nídh ar neamh ná ar talamh
le ár féidir me fhortachd, acht tusa
mo Thiarna Dia, liagh an anama,
"a ghoineann agus do chneasaidheann, a
bheireann síos go ifreann agus threór-
aidheann tar ais arís".



Feuch, a dhil-Athair, go bhfuilimsi
a'd lámhaibh, agus go gcúbaim me féin,
fa shlait do smaichd. Buail mo
dhrom agus mo chruadh-mhuineul, ionnas go
lúbfainn mo chaime dod' thoil si.
Deun deisciobal diadha, úiríseal
dhuit féin díom, amhail is gnátheól
duit, ionnas go siubhalfainn do réir
do sméide si a gcómhnúidhe. Toir-
bhirim me féin agus gach a bhfhuil agam
duitsi; ionnas go gcuirfádh smachd
orm: oir is fearr dham me smachd-
úgadh annso ioná annsa tsaoghal eile.
Tá fios gach uile nídh agat, agus ní bhfhuil
aon nídh ceillte a gcogús an duine
uait. Tá fios a bhfhuil le teachd agat
sul a dtagann síad agus ní gádh dhuit
teagasg ná chómhairle d'fhághail a
dtaobh aon nídh ar talamh. Is fios
duit gur ríachtanach dhamhsa ana-
cradh d'fhulann ar talamh, chum meirge


L. 285


an pheacadh do sgrios de m'anam.
Deun liom do réir do dheagh-thola;
isé is mian liom; agus ná dímheasaidh
mo bheatha pheacamhail; oir is fearr
agus is mó an aithne tá agatsa orm,
ioná ag aon neach eile. Deónaidh
dham, a Thiárna, fios na nidhthe so
d'fhághail, ar ar ceart eólus do bheith;
grádh do thabhairt do nidhthibh d'ár
dual gradh; moladh do gach nídh is
taithneamhach leatsa; meas do gach
nídh a tá annmheasda a'd láthair si;
agus dímheas do gach nídh a ta tarcais-
neach agadsa. Ná léig dham breith
do thabhairt do réir radharc na súl
bhfhoirionalach, ná mo thuairim do
réir chlos na gcluas annbhfhiosach, acht
idirdhealbadh do dheunadh a gceart-
bhreitheamhnas nidhthe sofheicse agus
nidhthe spioraidálta, agus tar gach nidh
do dheagh-thoilsi do leanmhain. Is
minic go mbídheann daoine eugcóir-
each iona mbreitheamhnasaibh, agus go
mealltar saoghaltánaich ag cur a
gcroidhthe a nidhthibh na beatha so.
An mbídheann duine níos fearr, má
bhídheann meas mór ag a chómharsainn
ar? Meallann an duine cealgach an


L. 286


duine mealltach, an duine baoth duine
baoth eile, an duine dall, dal-
lacán eile, an duine lag, an león-
tach, ann fhaid bhídheann d'á árd-mholadh;
agus le fírinne, is mó an magadh leis
é, 'ná an tadhbhar molta. Oir do
réir mar tá gach aon duine a'd
shúilibh si, a Thiarna, sin mar tá se
go fírinneach, gan bheith níos fearr
'ná níos measa, ar se an duine sár-
úmhal naomh Próinsias.



51 CAIB.



Gur ceart dhuinn, ann tan nách dtagann
linn mór-oibreacha do dheunadh,
bheith sásda le oibreachaibh ísle,
agus sinn féin a mheas fiúntach air
thrioblóidíbh chómh maith le sóláis.



(Críost). A mhic, ní fhéadfair
seasadh a gcómhnúidhe annsa gcéim is
áirde tréighthe, ná ann sa staid is
céimeamhla machtnamh, acht is éigin
duit tré laige do nádúra teacht
anuas ar uairibh, agus ualach na beatha
somharbhtha so d'iomchar fós le tuirse
agus a n-aghaidh do thola. An fhaid


L. 287


iomcharann tú an corp somharbhtha
sin, beidhir buadhartha, trom-chroídh-
each. Badh cheart dhuit uime sin, ar
feadh do bheatha, muirear muirteamh-
ail na colna d'eugcaoineadh, de
bhrígh nách bhfhéadann tú leanmain go
cómhnidhtheach d'oibreachaibh spriod-
álta, agus de mhachtnamh dhiadha. Air
uairibh mar so ní fuláir dhuit filleadh
air oibreachaibh úmhala, foirionalacha,
agus a ndeaghnóthaibh; súil do bheith agat
go lándóthchasach le'm theacht sa agus
le'm chuairt neamhdha: do dhíobhar-
thachd agus do mhaoladh meanmaine d'fhu-
lann go fhoighideach, go bhfhilleadsa
arís ort agus go bhfhuasglad ua gach
cúmhgach thu. Oir cuirfead sa
dfhiachaibh ort do thrioblóidíghe go
léir do dhearmad, agus bronnfad suaim-
neas aigne ort. Osgólfad fá'd
chómhair fatha fíor-áluinn an sgriop-
túra, ionnas iar meudúghadh do
chroídhe go dtionsgnóchádh ar rith a
slíghe m'aitheanta, ag rádh "nách
bhfuil fulanna na haimsire so cómh-
fhiúntach leis an nglóir le theacht a
foillseóchar annainne."



(An Deisciobal). A Thiarna, ní
fiú mesi do shólás sa d'fhághail, ná


L. 288


fós tu theacht ar cuart chugam; agus uime
sin is ró cheart rannann tú liom an tan
thréigeann tu me am bochtán uaigneach:
oir dá mb'fhéidir liom deóra shil-
leadh mar an muir, níor bhfiú me
thusa bhronnadh do shólás orm. Dá
bhrígh sin níor thuilleas acht pianta
agus tromsgiúrsa, ar an adhbhar gur
pheacaidheas go maslaidhtheach, agus gur
chuireas fearg ort go ró mhinic.
Agas dá bhrígh sin do réir gach
fíor-reusuin, níor thuilleas an sólás
is lúgha d'fhághail. Acht tusa, a
Dhia cheansa, ró thrócaireich, le nách
mian aon chuid de'd shaothar do dhul
a múghadh, a thaisbeunann saidhbhreas
agus iomadamhlachd do mhaithise a soigh-
theachaibh do thrócaire, agas a dheó-
naidheann ós cionn gach dualgais, só-
lás do bhronnadh ar do sheirbhíseach go
ró líonmhar. Oir ní cosmhail do
shóláis sa agus sóláis daonna. Creud
a rinneas sa, a Thiarna tré mbronn-
fádh do shóláis neamhdha orm? Ní
féidir liom cúimhniughadh ar aon mhaith
a rinneas riamh; acht go rabhas a
gcómhnúidhe claon do'n olc, agus ró an-
leasgamhail chum leasaidhthe. Is í
so an fhírinne agus ní féidir liom í
sheunadh. Dá ndearfainn a mhalairt,


L. 289


bheidhfádhsa a'm choinne agus ní bheidh aon
neach a dheunfadh chomhairc dham.
Creud thuilleas de dhruim mo phea-
caidhe acht ifreann agus teine shíorrúidhe?
Admhaidhim le fírinne, gur dual dam
gach drochmheas agus tarcaisne agus nách
fiú me bheith ainimnidhthe a measg
do seirbhíseach sa. Agas gidh gur
a'm choinne féin a thagann so, gidhe ar
son na fírinne daorfad me féin,
ionnas gur túisge dheunfádhsa tró-
caire orm é. Creud is féidir
liomsa a tá cionntach agus lán d'aithis
do rádh? Ní bhfuil sé d'eudan orm
aon nídh rádh, acht an t'aon fhocal
so, "pheacaidheas, a Thiarna, do
pheacaidheas; deun trócaire orm
agus maith dham." "Léig dhám fein
tamal beag, go gcaoinfead mo
dhoilgheas, sul a rachfad do'n tír
dhuibh-cheódhach, a tá cúmhdaidhthe le
dorchadas an bháis." Creud é an
coinghiall d'iarann tú ar dhuine chómh
cionntach so, ar pheachach ró anacradhach
acht croíde-bhrúgh agus doilgheas ar son
a pheacadha? Is as chroídhe-bhrúgh,
agus as úirísle d'éirghídheann dóthchas
maitheamhnais, glacthar tar as
cogús buadhartha, tugthar dho arís


L. 290


na grása a chaill sé, saorthar an
duine ua'n bhfeirg le teacht, agus tár-
laidheann Dia agus an tanam aithrígheach ar
a chéile le naomh-dheochadh na síth-
chana. Is íodhbairt thaithnneamhach a
láthair Déi úmhal chroídhe-bhrúgh de
dhruim peacadha, agus is cúmhra leat
é, a Thiarna, ioná losgadh túise. Is
é so mar an gceudna an ola mhilis
badh mhian leat do dhortadh ar do cho-
saibh beannaighthe, "oir níor dhí-
mheasaidhis riamh an croídhe úmhal,
cómhbhrúidhte. Isé so ionad cómh-
airce ua aghaidh fheirge na namhaide:
is ann sa a leasaidhthear agus a glan-
tar amach gach míghníomh agus gach obair
thruaillidhthe.



52 CAIB.



Nách mbronntar grása Dé ar súgh-
mhairíghe an talmhain.



(Críost). A mhic, tá mo ghrása-
sa mór-luach, ni áil leó measgadh
le nidhthibh neamh-thábhachdmhara an
tsaoghail so. Caithfidh tú uime sin,
gach nídh a chuirfeadh cosg ortha do


L. 291


theilgean uait má's mian leat go
silfinn si ort iad. Eirghidh go ionad
uaigneach, tabhair grádh do bheith ad'
aonar; ná hiar cómhluadar chách,
acht taosg dian-úrnaidhthe ua íochtar
do chroídhe chum Déi do mheanmain
a chomheud a gcómhghuin agus do chogús
glan. Ná bíodh meas ar bith agad ar
an tsaoghal, agus tóg mar rogha seir-
bhís Déi tar gach gnó saoghalta;
oir ní féidir dhuit aire thabhairt
dhamhsa agus bheith ar an am gceudna grea-
maidhthe a nidhthibh soghluaiste na beatha
so. Ní fuláir bheith ar deilt ua do
chaidreamh agus ua do cháirdibh agus d'aigne
chomheud sgartha ua gach sólás aim-
seardha; is mar so a ghríosaidheann
an naomh-Abstal Peadar lucht
leanmhana Chríost, "Iad féin do
chomheud mar dheóraidhthe agus mar oil-
earaigh ar an tsaoghal so. O! creud
é meud an dóthchais a bheidheas ag
an té sin ar uair a bháis nár thug
anchumann d'aon nídh ar talamh. Acht
ní bhfuil an tanam lag-bhrígheach fós
ionamhail ar an gcroídhe do stracadh
leis mar so go hiomlán ua nidhthibh
shaoghalta, ná ní thuigeann an duine
collúidhe saoirse searc-áluinn an duine


L. 292


dhiadha. Gidhe má's mian leis bheith
spioradálta dhá ríribh, ní fuláir
dho druim do thabhairt le na cháirdibh
chomh maith le daoinibh iasachta, agus é
féin do seachaint níos mó ioná duine
ar bith eile. Má bheirir buadh iomlán
ort féin, ise is furasa dhuit buadh
do bhreith ar gach nidh eile. Isí an
chaithréim chóir buadh bhreith ar ár
gclaontaibh féin. Acht ní bhfuil aon
duine cathbhuadhach ar féin acht amháin
an té a chómheudann a chlaonta fá
smachd agus do réir a reusúin, agus an
reusúin féin do réir thola Dhéi: is
tiarna air an gcruinne duine de'n
tsamhailso! Má's mian leat éirghidh
chómh hárd so, ní fuláir dhuit tion-
sgnadh go fearamhail, agus faobhar
na haithríghe do chur le preúmhaibh
na locht, ionnas go ngearfádh agus
go sgriosfádh amach an tanchumann
neamhdhligheach a tá agad duit féin
mar aon leis gach taithneamh an-
toileamhail do nidhthibh an tsaoghail
so. Is as an ndubháilce so fhásann
gach drochlaon a tá ag an nduine le
gearadh amach ua phréimh, sé sin,
as an gcion anmheasardha a thugann
sé dho féin; agus iar na dubháilce so


L. 293


do sgrios agas do chur fá chosaibh,
tiocfaidh síthcháin mór agus ciúnas
gan maill na dhíaidh sin. Acht de
bhrígh nách bhfuil acht fíor-bheagán a
dheunann díthchioll ar a gclaonta do
bhásúghadh agus ar imtheachd amach go iom-
lán asda féin, uime sin fanaid a
nachrann ionnta féin agus ní féidir leó
bheith árdaidthe a spiorad os a gcionn
féin. Acht an té le ar mian siúbhal
a saoirse mar aon liomsa, ní ful-
áir dhó a dhrochlaonta anshrianta do
léirsmachdúghadh agus gan ceangal d'aon
nídh cruthaidhthe le mear-ghrádh míriagh-
alta na hantola.



53 CAIB.



De ghluasachd eugsamhail ghrás agus
nádúire.



(Críost). A mhic, tabhair aire
go díthchiollach do gluasachdaibh ná-
dúire agus ghrás, de bhrígh go ngluasaid
go glic a slighthibh contrárdha dhá
chéile, agus is ar éigin a aithnídhthear tar
a cheile iad acht le duine spiorad-
álta, agus soillsidhthe go hinmheódhanach.
Tugann gach duine go deimhin iarachd
ar mhaith, agus deaghnídh éigin do lorg ann


L. 294


a ngníomharthaibh agus ann a labharthaibh,
uime sin, fá sgáil na maitheasa meall-
tar a lán. Tá an náduir cealgach, agus
tarrannann a lán a leataoibh, dá
gcúibhriughadh agus dá mealladh agus ní bhfuil
críoch aice acht í féin: acht siúbh-
laidheann an grás a símplídheacht, ceil-
eabhrann do sgáil an oilc, ní thoirbhi-
reann cealg ar bith, agus deunann gach nídh go
gléith ar son Déi, ionn a gcómhnaidheann
sí a suaimhneas fá dheóidh. Ní áil leis
an nádúir bheith smachdaidhthe, claon-
mharbhtha, fá chúing na haithríghe ná
fá láimh an uachdaráin: ná ní féi-
dir í chur fá chois acht dá hamhdheóin
féin.



Acht ní mar sin do'n ngrás,
deunann díthchioll ar í féin do chlaon-
mharbhadh, diúltaidheann do'n gcolainn,
iarann bheith fá smachd, agus buadh bhreith
oirthe féin, ní áil léi bheith a seilbh a
tola féin, acht fá ríaradh chách, agus ní
maith léi bheith ann árdcheannas ós cionn
aon duine; acht maireachtain, seasadh
agus beith a gcómhnúidhe fá Dhia; agus bidheann
de ghnáth ullamh ar í féin d'úmhladh do
gach creutúir daonna ar son Déi.
Saothraidheann an nádúir ar son a hoir-
eamhna féin, tugann aire creud é an
fághaltas do b'fhéidir léi bhaint as


L. 295


cách. Acht ní mar sin, do'n ngrás,
ní bhreathnaidheann sí a hoireamham ná a
fághaltas féin, acht tairbhe na coit-
cheinne. Is toileamhail ghlacann an ná-
duir gradam agus onóir; acht cuireann
an grás gach gradam agus onóir a leith
Déi.



Bídheann an nádúir eaglach roimh
aithis agas dhrochmheas, acht bídheann an
grás áthasach a dtaobh oilbhéime dfhu-
lann ar son naomh-ainime Íosa. Grá-
dhann an nádhúir dímhaoineas agus suaimh-
neas do'n gcorp; acht ní fhéadann an
grás fanamhain dímhaoin, acht tógann
saothar oirthe féin go fonnmhar. Loir-
geann an nadúir nidhthe daora, deasa
d'fhághail, agus is cuma léi ca ngabhann
nidhthe saora, garbha: acht bídheann an
grás sásda le nidhthibh símplídhe, úir-
ísle, ní dhiúltaidheann do nidhthibh garbha,
agus ní éimhídheann sean-eudach do chur uimpi.



Feuchann an nádúir chum nidhthe
saoghalta, glacann luathgháir tré fhá-
ghaltas thalmhúidhe, agas dubrón tré
mhí-ádh, agus lasann le feirg tré'n bhfo-
cal is lúgha a thabarfadh sgáil droch-
ainime dó; acht tugann an grás are
do nidhthibh síorrúidhe, ní ghreamaidheann
d'aon rud d'imthíghéann le aimsir, ní
bhídheann duairc tré mhí-ádh, ná gríos-


L. 296


aidhthe le feirg de dhrúim focal mas-
laidhtheacha; de bhrigh go bhfhuil a mhaoin
agus a mhór luathgháir ar neamh, áit ionn
nách gcailltear aon nídh. Tá an ná-
dúir sainteach, agus is fonnmhaire ghlacann
ioná thugann uaithi, agus is geal léi á cuid
a bheith de sheilbh dílis rannta cuichi
féin: acht tá an grás fial croídheamh-
ail, sásda le beagán, a diúltúghadh do'n
fhéin-ghean, agus "ag breathnúghadh gur
fearr tabhart ioná glacadh." Claonann
an nádúir chum creutúirídhe, chum na
colna, chum baoise, agus chum siutharrais:
acht iontaidheann an grás ar Dhia agus ar
shúbháilcibh; diúltaidheann do chreutúi-
ríbh, teitheann ua'n tsaoghal, coisgeann é
féin ar thiútharras amach, agus bídheann
náireach dtaobh é fheicsin go publíghe.
Glacann an nádúir solás foirional-
lach go fonnmhar as a mb'fhéidir léi
aiteas ceadfádhach d'fhaghail: acht ia-
rann an grás a shólás a nDia amháin,
agus aoibhneas dh'fhághail annsa n-árd-
mhaitheas tar gach nídh aniaradhta.
Bídheann an nádúir a deunadh gach nídh
ar son a fághaltais agus a tairbhe féin;
ní áil léi aon nídh dheunadh ann aisge,
acht bídheann a súil le leórghniomh ion-
ann, nó níos fearr, nó le moladh nó


L. 297


mór-caradas ar son a deaghníomh; agus
is ró mhian léi meas mór do bheith ag
cách ar a gnóthaibh agus ar a tabharthasaibh;
acht ni loirgeann an grás aon dual-
gas saoghalta ná aon duais eile acht
Dia amháin mar luach-saothar; ná ní
iarann nios mó de mhaoin an tsaoghail
so acht an mheud is ríachtanach chum
na beatha síorrúidhe do shaothrughadh.



Luathgháireann an nádúir tré mhórán
cáirde agus daoine múinteardha, maoidh-
eann sí as uaisleacht agus árd-chéim na
treibhe ua'r fhás sí; blanndaireann si
lucht an tsaidhbhreis, agus adhmholann gach
a bhfhuil a gcosmhail léi féin: acht
grádhann an grás a námhaid, ní bhídh-
eann uabharamhail tré iomadamhlachd
a ghaolta; is cuma leis cá ngabhann
uaisleachd nó árdchéim a mhuintire
muna mbídheann tréighthe dá réir aca:
is mó thaobhaidheann leis an mbocht ioná
leis an saidhbhir; is mó a thruaigh-
mhéil do'n neamhchionntach ioná don
duine chómhachtach; cómhgháireann sé leis
an nduine bhfhírinneach níos mó ioná leis
an nduine gcealgach; ímpídheann na
deaghdhaoine a gcómhnúidhe chum dul a
bhfheabhas, agus iad féin do dheunadh cos-
mhail le Mac dílis Déi tré thaithídhe


L. 298


na nuile shubháilcídhe. Gearánann an
nádúir go obann ar easba agus ar thriob-
lóid: acht iomcharann an grás boch-
tanacht go buantseasmhach. Tugann
an nádúir búidheachas gach nídh léi fhéin,
agus is ar a son féin do dheunann saothar
agus casaid: acht tugann an grás búidh-
eachas gach nídh do Dhia ua dtagann
gach nídh ua thús; ní chuireann aon
mhaith ionn a leith féin ná ní thógann aon
nidh ar féin go díomasach; ní bhídheann
sé ag ceannairc, ná ag tabhairt rogha
d'á bharamhail féin, acht ann gach ciall
agus tuigsin géilleann do'n eagna shíorrúidhe
agus do'n sgrúdadh dhiadha. Santaidheann
an nádhuir fios rún agus sgeula-nuadh
d'fhághail; is mian léi gabháil amach,
agus alán do thásdáil le na ceadfadh-
aibh; is maith léi, cách d'á tabhairt
fá'n aire, agus ná nidhthe so do dheunadh
as a néirghídheann iongna agus adhmoladh;
acht ní thugann an grás aire ar bith
d'éisdeachd le nuadhachtaibh ná le deis-
mireacht, de bhrígh gur ua'n sean-othar
morgadhach a thagann siad so uile, an
tráth nách bhfuil aon nídh nuadh ná mar-
thanach ar talamh: múineann sé úime sin
na ceadfádha do smachtúghadh, baoth-
thaithneamh agus áibhéis do sheachaint, na


L. 299


nidhthe so d'ár dual iongna agus adhmho-
ladh do cheilt go úirísiol, agus toradh an
fághaltais spioradálta, agus mo-
ladh agus onóir Dei do lorg ann gach
foghlaim agus as gach nídh eile. Ní mian
leis é féin ná aon nídh ís leis bheith
molta; acht is maith leis gach moladh
agus beannúghadh do thabhart do Dhia, a bron-
ann gach tabharthas tré charthanachd
amháin! Is solas ós cionn nádúire an
grás so, agus tabharthas áiridhe fá leith
ua Dhia, agus cómhartha cinte chlainne
toghtha Déi, agus geall le slánúghadh síor-
rúidhe, a árdaidheann an duine ua nidh-
thibh na talmhan chum seirce na nidhthe
neamhdha, agus dheunann duine spioradálta
de'n duine chollúidhe. Dá bhrígh sin ní
bhfhuil dá mhó smachdaidhthear an nádúir,
'ná gur líonmhaire a siltear an grás,
agus leasaidhthear an duine inmheadhanach
le nuadh-chuartaibh do réir chosmal-
achta Déi.



54 CAIB.



De mhorgadh na nadúire agus d'éifeachd
an ghráis Dhiadha.



(An Deisciobal). O! a Thiarna,


L. 300


mo Dhia, a chruthaidh me do réir d'íomh-
áigh agus do chosmhalachda féin, deónaidh
dham an grás so a thaisbeunann tú
bheith chomh mhór sin agus chómh ríachtanach
dom' shlánúghadh, ionnas go mbéirfinn
buadh ar mo nádúir is measa, a tharrann-
ann a bpeacadh agus a ndilghionn mé. Oir
mothaidhim a'm cholann reacht an pheacadh
ag cur ann aghaidh reachta m'inntinne agus
a'm threóradh a mbruid do shádhaile
na colna a mórán de nidhthibh: agas
ní fheadfad seasadh a n-aghaidh a claon-
mhiana, muna gcabhraidh do ghrás sa
liom, agus muna mbronnair go líonmhar
orm é. Tá gádh agam lé'd grás sa,
agus é bheith lán-bhríghmhar chum buadh do
bhreith ar an náduir a tá tugtha do'n
olc ua'n óige. Oir ó truaillídheadh
an cheud duine Adhamh le peacadh, do
ruchd pian na coire sin an drong
daonna: ar chor go bhfuil an nádúir, a
chruthaidhis si díreach, deaghriartha,
anois ionamhail le urchóid agus le an-
bhfainne na nádúire truaillidhthe; de
bhrígh go dtarannann a luamain má
fágthar fúidhe féin é, chum oilc agus
íochdair. Oir is cosmhail an spio-
nnaidh beag, d'fhanann, le spré theine
fallaidhthe fá'n luaithre. Isé so ár


L. 301


gciall nádúrdha tímchiolta le ceó
doilbh, ag á bhfhuil fós lagbhreitheamh-
nas oilc agus maitheise, agus fios imchéine
fhírinne agus fhalsachda ua chéile; gidh
nách dtagann leis gach nídh a dheigh-
mheasann do chómhlíonadh; ná lánlonnra
na fírinne d'amharc ná shealbhadh le
fíor-ionnracas a chumann amhail
ann allóid. As so thagann sé, ó mo Dhia,
go bhfhághaim do dhlighe si, do réir an
duine inmheódhanaic, ró thaithneamhach,
oir is fios dam go bhfhuil d'aitheanta
sa maith, ceart agus naomhtha, agus a n-
aghaidh gach oilc agus peacadh amhail nidhthe
badh cheart d'fhuathúghadh; agus tar éis so
go léir géillim do reacht an phea-
caidh a'm cholainn, an tan is rogha
liom réir an choirp do leanmhain ioná
an reasúin. As so thaghann, "go bhfhuil
méinn na maitheise a bhfogas dam,
acht ní bhfhághaim í chómhlíonadh." Uime
sin cuirim romham morán maitheise
do dheunadh, acht de bhrígh go dteas-
daidheann grás uaim chum cabhradh
lem' laige, tuitim ar gcúl agus fáillidh-
im tré fhribheart shuarach. As so is
iontúigthe gur fiosach damh slíghe na
foirbheachta, agus go bhfheicim follas go
leór creud badh cheart dam a dheun-


L. 302


adh; acht meadhaidhte síos le muir-
santachd mo mhorgaidh, ní éirghídhim
chum na nidhthe so is díograsaiche. O!
a Thiarna, creud é chómh sár-ríach-
tanach agus ta do ghrás sa dham cum
tionsgnadh go maith, cum dul ar m'a-
ghaidh, agas chum deaghchríche. Oir gan
é ní féidir liom aon nídh do dheunadh;
acht tré'd ghrás sa a'm fhortachd
d'fhéadfainn gach nídh do dheunadh. O!
a ghrás fhior-neamhdha, gan tú, ní bhfhuil
luaidheachd ar bith annainn, ná ní bhfuil
aon de thabharthasaibh na nádúire an-
mheasda. Ni fiú náda ealadhana, ná
eólasa, saidhbhreasa, ainleacht ná
neart, íntleachd, uchdach ná aon ta-
bharthas eile a'd láthairsi, a Thiarna,
gan grás. Oir tá tabharthasa na
nádúire coitcheann do'n olc agus do'n
maith, acht is tíodhlacadh dilis do'n
drong toghtha an grás nó an char-
thannachd; agus meastar gach aon, ag á
bhfhuil an grás so, fiúntach de'n mbea-
tha shíorruidhe. Tá an grás so chómh
óirdheirc sin, nách fiú náda tabhar-
thas fáidheadoireachda ná míorbhúil-
lídhe, ná taiscealta dá áirde gan é.
Ní bhfuil fós creideamh ná dóthchas
ná aon tréighthe eile taithneamhach ad'


L. 303


láthair gan grádh Déi agus a ghrás. O!
a ghrás ró bheannaidhthe, a shaidhbhireann
le subháilcibh na boicht a spioraid, agus
a dheunann úmhal-chroídheach an té bhí-
dheann saidhbhir a mórán maitheise,
tair agus túirlinn orm, líon me ar mai-
din de'd shólás, d'eagla go dtuitfeadh
m'anam a laige le tuirse agus le tuire
inntinne. Impídhim ort a Thiarna, me
d'fhághail grás ad' láthair; oir is
leór dham do ghrás sa gidh nách bhfha-
ghainn aon de na nidhthibh so is taithneamh-
ach leis an nádúir. Má bhídhim a gca-
thaidhibh agus a gcómhlainn gach triob-
lóide ní bheidh eagla díoghbhála orm
an fhaid bheidheas do grás sa agam.
Is sé so mo neart; is uaidh gheibhim
cabhar agus cómharle. Tá sé níos ládare
ioná mo námhaid uile agus níos ciallmhare
ioná lucht na heagna go léir. Isé
so árdfhlaith na fírinne, oide ghach
deaghtheagaisg, solas an chroídhe, só-
lás gach buaidhreimh, díobharthach gach
doilgheis, ruagaire gach fiar-eagla
alt gach caoindúthrachda, agus túismidh-
theóir gach croidh-bhrúidh! Creud é
mesi a n-eugmais, acht smotán
dreóidhte, neamhthairbheac d'ár dual
é theilgean amach as an ithir? Go


L. 304


raibh do ghrás sa uime sin rómham agus
am dhiaidh, am ghríosadh chum deagh-
ghníomhartha tré do mhac ionmhuin
Íosa Críost. Amen.



55 CAIB.



Gur ceart duinn diúltughadh dhuinn féin
agus Críost do shearc-leanmhain
tré'n gcros.



(Críost). A mhic, imthigh amach
asad féin an oiread agus is féidir leat,
agus tiocfadh leat de'n réir gceudna
teacht asteach annamsa. Amhail tug-
thar suaimhneas aigne do'n te nách
gcuireann a dhúil a nidhthibh talamhúidhe,
mar an gceudna táthaídhthear lé Dia
an te dhiúltaidheann d'a anmhianaibh
féin. Is maith liom tu fhoghluim, tu
féin do sheunadh do réir mo thola-sa
gan casaid ná gearán. Lean mesi;
"is me an tslíge, an fhírinne agus an
bheatha;" gan an tslíghe ní féidir
taisdeall, gan an fhírinne ní féidir
bheith eólgach, agus gan an bheatha ní féi-
dir maireachtainn. Is mesi an tslíghe
nách fuláir dhuit do leanmhain, an


L. 305


fhírinne nách fuláir dhuit do chreid-
eamhain, agus an bheatha nách fuláir dhuit
do dhóigheadh. Is mesi an tslíghe neamh-
thruaillidhthe, an fhírinne dhomheallta agus
an bheatha dhochríochnaidhthe. Is mesi
an tslíghe shárdhíreach, an fhírinne ard-
chéimeach, agus an bheatha fhíor-bheannaidhthe,
neamhchruthaidhthe. Má lonaidhir am'
shlíghe si, gheabhair fios na fírinne a
dheunfas tu shaoradh agus do threóradh
chum na beatha síorrúidhe; "Gib'é lé
ar mian dul asteach do'n mbeatha,
comheudadh sé na haitheanta." Má's
mian leat fios d'fhághail ar an bhfhírinne,
creid mesi: "ma's mian leat bheith
foirbhthe díol a bhfuil agat": má's
mian leat bheith a'd dheisciobal agam-
sa, diúltaidh dhuit féin: má's mian
leat saoghal síor-bhuan, sár-naomhtha
do shealbhadh, dímheasaidh an saogal
so; má's mian leat bheith árdaidhthe
ar neamh, úmhlaidh thú féin ar talamh:
má's mian leat bheith a seilbh na glóire
a'm fhochairsi, iomchair an chros a'm
fhochair; oir ní bhfhághann aon daoine
slíghe na seun acht seirbhíseich na
chroise!



(An Deisciobal). A Thiarna Íosa
Críost, ó tá do shlíghe si cúmhaing,


L. 306


agus fá dhrochmeas aig an saoghal, deó-
naidh mesi dod' leanmhain agus do bheith
fá tharcaisne ag an saoghal. Oir
ni bhfhuil an seirbhíseach níos mó ioná
a Thiarna, ná an desciobal ós cionn
a mháighistir. Deónaidh dham bheith ag
machtnadh ar do bheatha-sa, oir is ann
a tá mo slánadh agus fíornaomhthachd.
Ní féidir liom taithnneamh ná aiteas
iomlán d'fhághail ann aon nídh eile d'á
léighim ná d'á gcloisim.



(Críost). Anois a mhic ó léighis,
agus go bhfhuil fios na nidhthe so go léir
agat, is sonúidhe dhuit má chómhlíonann
tú iad. "An té ag a bhfuil m'aith-
eanta-sa agus chomheudann iad is é a
ghrádhann me, agus gradhfadsa esion agus
foillseóchad me féin do: agus cuirfead
na shúidhe a'm fhochair féin é a ríogh-
acht m'Athar!"



(An Deisciobal). A Thiarna, go
ndeuntar liom amhail a dúbhrais agus
gheallais, agus go dtárlaidh dhamhsa sin
do thuilleadh uait. Ghlacas an chros as
do lámháibh-si, agus deunfad í iomchar
go bás do réir mar chuiris-si orm
í. Go deimhin ní bhfhuil a mbeatha dhuine
dheaghriaghalta acht crosa; gidhe is
crosa iad a threóraidheann go Parthas.
Tá an nídh tionsgnaidhthe: ní dual dul


L. 307


air gcúl, ná ní ceart tabhairt suas.
Glacaídh meisneach, a dhearbhráithre,
beidh Iosa linn: is ar son Íosa thóg-
amair suas an chros-so; ar son Íosa
deunamoid buantseasamh.



Tabharfaidh sé cabhair dhúinn, oir
isé ár dtaoiseach agus ár dtreór-
úidhe é. Feuch go bfhuil ár rígh ag im-
theachd rómhainn chum troda ar ár son:
leanamoid é mar laochra lán-chródha,
ná seargadh aon neach le eagla.
Bídhmis ullamh chum báis dh'fhághail go
calma a machaire an chómhraic, agus
gan ár gcliú agus ár ndualgas do
chailleamhain tré theitheadh ua dheil-
ghréine na croise.



56 CAIB.



Nách ceart do dhuine bheith ró throm-
inntinneach an uair thuiteann a loch-
taibh éigin.



(Críost). A mhic, is taithneamh-
aiche liomsa tu bheith úirísiol, foighid-
each fá anacradh, ioná dá mbeidhfádh
luathgháireach, diadha fa rath. Creud
fá bhfuilir buadhartha má deuntar nó
má deirtear nídh suarach a'd coinne?


L. 308


Dá mbeidh sé níos mó níor cheart
dhuit é chur le'd chroídhe; acht sgaoil
thart anois é; ní é an cheud uair é;
ná an uair dhéigneach má mhaireann
tú a bhfad, ionn a dteagmhóchadh a leith-
éidídhe so leat. Táir calma do dao-
thain an fhaid nách dtárlaidheann annró
ná achrann leat: mar an gceudna, táir
deaghtheagaisg, agus neartaidheann tú
cách le'd rádhtaibh, acht an uair tha-
gann aon trioblóid obann a triall ar
do dhoras féin, caillir do chómhairle
agus do mheisneach. Tabhair aire dho'd
mhór-laige féin, is minic a mhothaidh-
eann tú ann achrannaibh suaracha go
leór: gidhe is le inntinn do leasa a
thárlaidheann na nidhthe so leat. Díbir
uadh do chroídhe gach dubrón, chómh
luat agus is féidir leat é, agus má chuaidh
sé a gcnámh ort, ná léig dho do chroidhe
do bhriseadh, na tu chomheud a bhfad a
dtrioblóid. An chuid is lúgha dhe, iom-
chair go foighideach é, muna bhfhéadar
é ghabháil chugat go luathgháireach.
Agas gidh nár mhaith leat é fhulann,
agus go gcluinfádh fearg ar lasadh a'd
aigne na choinne, deun díthchioll ar í
mhúchad, agus ná tuiteadh aon fhocal glamh-
sánach uait, a thabharfadh oilbhéim


L. 309


do'n lag. Is gearr go gcuirfear
cosg ar an gconnfádh uathbhásach san,
agus tabharfar milseacht do'n doghruin
inmheadhanach san tré ath-fhilleadh na
ngrás. Mairim si fós, ar an Tiarna,
ullamh chum neartúghadh leat agus sóláis
níos líonmhaire do bhronnadh ort, má
chuirir do dhóthchas annam, agus gairim go
beó-chreidmhach orm. Comheud d'aig-
ne go ciúin, caomh-ionan, agus bídh ul-
lamh ar thuille fós d'fhullann má's gádh
é. Ná meas go bhfhuil an donas ar fad
ort, má mhothaidheann tú buaidhreamha
agus treun-chathaidhe. Is duine thú, agus
ní Dia; is colan thu agus ní aingeal.
Cionas mheasann túsa seasadh a gcómh-
núidhe ar dheaghstaid na subháilcídhe,
an tráth thuiteadar aingheil as na
flathasaibh agus ár gceud athair as aoibh-
neas pharthais? Is mesi an té d'ár-
daidheann agus shlánaidheann luchd an du-
bróin; agus dfhoillsídheann mo dhíadhacht
do'n drong d'ar b'eól a laige féin.



(An Deisciobal). O! a Thiarna,
go mbeannaidhthear do bhriáthar, is
milse do'm beul ioná cír mheala.
Creúd dheunfainn am' throm-ana-
cradh agus am' chúmhgach muna gcuireadh
do naomhbhriathra-sa meisneach orm?
Creud is fiú uimhir ná cáil mo thriob-


L. 310


lóidídhe, má thagaim fa dheóidh go
cuan mo shlánaidhthe? Deónaidh deagh-
chríoch dham a Thiarna, deónaidh tais-
deall sonúidhe as an tsaoghal so dham:
bídh a gcómhnúidhe cúimhneach orm; O!
mo Dhia, agus treóraidh me annsa mbó-
thar díreach dod' ríoghacht féin.
Amen.



57 CAIB.



Nách cóir nidhthe ró árda, ná breith-
eamhnais diamhair Déi do mhion-
sgrúdadh.



(Críost). A mhic, tabhair aire
gan beith a cómhchaint ar nidhthibh ró ár-
da, ná ar bhreitheamhnais diamhare Déi:
creud é an chúis, lé a bhfágthar an
té so mar so, agus le a mbronntar grá-
sa ar an nduine eile úd: nó creud é
an chúis fá bhfuil an té so a dtriob-
lóidibh agas an té úd árdaidhthe? Tá
na nidhthe so ós cionn chumas an duine:
ná ní féidir d'aon reusún ná d'aon
íntleachd tolladh a mbreitheamhnais
Déi. Dá bhrígh sin, an uair chogarann
an námhaid na nidhthe so nó a samhail
a'd chluais: nó má chluineann tú daoine
deismireacha ag caint ortha, freag-


L. 311


air mar aon leis an bhfháigh ríogh-
amhail. "Táirsi ceart, a Thiarna,
agus do bhreitheamhnais díreach." Agas
fós, "Tá breitheamhnais an Tiarna
fíor, agus fíoraidhthe ionnta féin."



Is ceart bheith eaglach roimh mo
bhreitheamhnais-sa agus gan iad do
sgrúdadh; de bhrígh go bhfhuilid do-
chuimsidhthe ag túigsin daonna. Mar
an gceudna, ná fiasraidh agus ná bídh
ag aghnas ar dhualgas na naomh, ná
cia dhíobh is naomhtha nó is mó céim
a bhflathas Déi. Is minic go dtagann
amhréighteas agus cadrán neamhthairbheach
as na nidhthibh so; agus deunaid duine
uabharamhail, baoth-mhaoidhmheach: uime
sin éirghídheann formad agus fraoch-shios-
ma idir dhaoinibh an fhaid bhídheann an
té so go huaibhreach dá rádh gur rogha
leis féin an naomh so, agus an té úd,
dá fhreagairt, gur fearr an naomh
eile úd. Ní bhfhuil tairbhe ar bith a
gcómhchaint de'n tsamhail so; acht mí-
thaithneamh mór do na naomhaibh féin
"Oir ní mesi Día an amhréidhteis,
acht Dia na síth-chána," a chómhsheas-
aidheann níos mó ann úirísleachd ioná
ann árdadh dhuine féin. Beirtear cuid
de na daonibh le teasghrádh a gcum-
ainn chum na naomh-so nó na naomh-


L. 312


úd; acht tá níos mo de'n daonnachd
ioná de'n díadhacht ann san gcumann-
so. Is mesi an té a rinn naoim díobh
go léir, a bhronn grása ortha agus thug
chum glóire iad. Tá fios a ndual-
gais agamsa: dfhorghlacas iad le
beannachta mo mhilseachda; d'aithinn
me mo chlann ionmhuin roimh shaoghal na
saoghal; Thoghas amach as an tsaoghal
iad sul do thoghadar san mesi. Ghair-
meas ortha le mo ghrásaibh agus thar-
rannas chugam iad le mo thrócaire.
Threóraidheas saor iad tré mhórán
cathaidhe; thugas sólása brioghmhara
dhóibh, bhronnas buan-tseasamh ortha,
agus choróineas a bhfoighide! Is aithinn
dhamhsa iad ua'n gceud duine gus an
ndúine ndéighneach, agus deochaim iad
go léir le grádh domheasda. Táim
annmolta ann mo naomhaibh go léir, is
ceart me bheannúghadh agus d'onórúghadh
tar meódhan ann gach aon díobh fá leith,
ó mhóraidheas go glórmhar iad, agus ó
thoghas o'n tsíorrúidheadht iad gan aon
roimh-luaidheacht ar a dtaobh féin.
An té, dh'á bhrígh sin, a dhímheasan an
té is lúgha de'm naomhaibhsi, ní thu-
gann onóir do'n naomh is mó, oir is
mesi rinn naoimh díobh beag agus mór mar


L. 313


tá siad. Agas an té, a tharcuisnídh-
eann aon de na naomhaibh tarcaisnidh-
eann sé mesi, agus a bhfhuil de naomhaibh
a ríoghacht na bhfhlathas. Táid uile mar
aon tré cheangail an ghrádh; táid uile
ar aon aigne, ar aon inntinn agus ar aon toil;
agus grádhaid uile a chéile fá seach.
Agas fós, nídh is airde go mór ioná
sin, grádhaid mesi nios mó ioná iad
féin ná a ndualgas. De bhrígh go
bhfuilid árdaidhthe ós a gcionn féin, agus
dheillte ua'n bhféin-ghean, sloigidh-
thear suas iad go iomlán a'm ghrádh-
sa ionna bhfaghaid suaimhneas síor-
rúidhe, sár-aoibhin! Ní bhfuil aon nídh
lé ár féidir iad ionntódh uaimsi, ná
fós a meisneach do lagúghadh: de
bhrígh bheith lán de'n fhírinne shíorrúidhe,
táid ar lasadh lé teine domhúchda na
carthannachda. Uime sin, coisgeadh
daoine ceadfádhacha, collúidhe, lé nách
féidir aon nídh do ghrádhúgadh a dtaobh
múigh d'á suaimhneas féin, de con-
spóid de thaobh staide na naomh: oir
cuirid leis agus bainid dhe do réir a
gclaon-inntinne féin, ní do réir thaith-
neimh na fírinne síorrrúidhe. Tá alán
ann anbhfios, go háiridhe an drong
neamhshoillsidhthe, nách bhfeadar cion-


L. 314


as aon duine do ghrádhughadh le fíor-
shearc spioraidálta. Claonaid fós
chum an té si no an té úd, le cumann
nádúrdha, nó le muinteardhas daonna,
agus do réir a dtuairime fá nidhthibh an
tsaoghailso, isé bhídheann a mbaramh-
ail fá nidhthibh an tsaoghail éile. Acht
tá idirdhealbhadh neamhchosmhail idir
bharamhail neamhiomlán na ndaoine
saobh-chiallachso, agus sárfhios na muin-
tire a léirmhadhtnaidheann tré lonnra
na soillse a thagann ua neamh.



Tabhair aire dhá bhrígh sin, a mhic, gan
labhart go heudtrom ar na nidhthibh-so,
a sháraidheann do léir-fhios; acht deun
do lán-díthchioll ar bheith na measg a
ríoghacht Déi, fág gur tú an te badh
lúgha ann. Agas dá mb'fhios do dhuine
cia is naomhtha ioná chéile, nó is mó
céim a bhflathas Déi, creud é tarbhe
an fheasa sin dó? muna númhlaidh sé
é féin de dhruim an eólais sin a'm
láthair si, agus m'ainim do mholadh níos
díograsaiche. Is mó thaithneann le
Dia go mór, an duine chúimhneadh ar
iomadamhlachd a pheacaidh, ar theirce
a thréidhthe, agus ar a chianntachd ua fhoirbh-
theachd na naomh, ioná bheith ag aghnas
cia aca is mó nó is lúgha. Is fearr


L. 315


go mór idirghúidhe na naomh d'impídh
le úrnaidhthibh agus le deóraibh, agus gúidhe
chúcha ar son a dtoghairme le inntinn
úmhal, ioná bheith ag sgrúdadh a rún
le ceasdaibh dímhaoine. Tá na naoimh
air a lántsásdachd; dá mb'eól do
dhaoinibh bheith sásda agus a mbéil do
chosg ar bhaothchómhradh. Ní dheunaid
maoidheamh choidhche as a ndualgas
féin, de bhrígh nách gcuirid aon mhaith
ionn a leith féin, acht a'm leith si; oir
is mesi a bhronn an uile ortha as mo
charthannachd dochúimsidhthe. Tá siad
chómh tuilte sin de Dhian-grádh Déi, agus
de luathgháir lán-aoibhin, nách bhfuil
aon easba ar a nglóir, ná ar a sonas.
Ní bhfhuil dá airde céim na naomh ar
neamh na gur b'iomadamhla a núirís-
leacht; agus dá bhrígh sin, níos foigse
dhamhsa agus níos mó a'm ghrádh. Agas
uime sin a dúbhairt naomh Eoin a lea-
bhar na dtaisbeúnadh; "gur theil-
geadar síos a gcoróinnídhe a láthair
Déi, thuiteadar ar a naghaidh a bhfíagh-
naise an Uain, agus d'adhradar an té
mhaireann go saoghal na saoghal." Is
iomdha duine fhiafraidheann, cia is mó
a ríoghacht na bhflathas, nách bhfead-


L. 316


air a mbeid féin fiúntach ar bheith
cómháirmhidhthe ameasg na cuda is
lúgha ann. Is mor an nídh bheith annsa
n-áit is lúgha ar neamh mar a bhfuil
gach áit árdchéimeach; oir gairm-
fear clann Déi dhíobh go léir, agus beid
go léir na gclann aige. "Beidh an
té is lúgha amhail míle, agus eugfaidh an
peachach na gceud-mbliadhann." Oir
an uair fhiafraidh na Deisciobail,
"cia badh mhó a ríogacht na bhfla-
thas"? fuaradar an freagradh so;
"Muna bhfillidh sibh agus bheith mar lean-
bha beaga, ní rachfadh sibh asteach go
ríoghacht na bhflathas." Air an ádh-
bhar sin, gidh b'é a umhlóchas é féin
ar nós an leinbh so, isé sin is mó a
ríoghacht na bhflathas." Mí-ádh ortha
so, nach ndeónann iad féin d'úmhlúghadh
amhail leinbh; oir ní leigfidh doras
ísioll an ríoghachta neamhdha asteach
iad.



Mí-ádh fós agas mairg ar lucht
an tsaidhbhreis, ag a bhfhuil a sólás
annso aca; oir ann uair rachfas na
boicht asteach go ríoghacht na bfla-
thas, caithfidh siad san fanamhain ag
uaillfeartach ar an dtaobh amuigh.
Bídhidh luathgháireach a dhaoine uirísle


L. 317


agus biodh áthas oraibh a dhaoine bochta;
oir is libhsi ríoghacht Déi; má shiúbh-
laidheann sibh a mbealach na fírinne.



58 CAIB.



Gur ceart gach muinín agus gach dóth-
chas do chur a nDia amháin.



(An Deisciobal). O! a Thiarna,
cá bhfuil an muinín a tá agamsa ar
an tsaoghal so, agus creud é an sólás
is mó is féidir dam dfághail ar an
dtalamh so? Ann é nách tusa, a Tiar-
na Dia, an té nách féidir a thrócare
d'áiriomhadh? Ciothan riamh a bhídheas
air fóghnamh gan tu, nó ciothan riamh
a bhídh droch-ádh liom an fhaid bhídhis si
a'm fhochair? B'fearr liom bheith bocht
a'd fhochair si ioná saidhbhir a'd eug-
mais.



Badh rogha liom fanamhain air
talamh a'd fhochair si, ioná dul air
neamh gan tu: tá na flaitheis, gidh b'é
áit a bhfhuilirsi, acht tá an bás agus
ifreann annsa n-áit nach bhfhuilir. Tá
mo mhian ionnad, agus uime sin ní fulair
dham bheith ag osnadh agus ag eugcaoin


L. 318


agus ag úrnaidh ort: fá dheóidh ní féi-
dir liom mo dhóthchas do chur ann aon
neach chum cabhair ionn a ham féin
do thabhairt dham, acht annat sa amh-
áin, mo Dhia. Is tu mo dhóthchas agas
mo mhúinín, is tu mo shólás agus mo cha-
raid ró dhílis tar gach neach.



Loirgeann cách a tharbhe féin, ní loir-
geann tusa acht mo leas, agus mo shlánadh-
sa, agus ionntaidheann tú an uile nídh chum
tairbhe dham. Gidh go gceadaidheann
tú cathaidhe iolardha, agus anacradh do
thárladh dham, gidhe is chum mo mhaith-
eise d'órdaidheann tú na nidhthe so,
oir tásdálann tú do sheirbhíseich ion-
mhuine ar mhíle módh éugsamail. Agas
badh cheart tú mholadh agus do ghrádhughadh
fá na tásdálaibh so, chómh maith agus dá
líonfádh me le sólás neamhdha.



Is annatsa ar an ádhbhar sin a chuirim
mo dhóthchas agus mo chomharc, O! mo Ti-
arna Dia; is duitsi fhoillsídhim mo
thrioblóidídhe agus m'amhgair go léir, de
bhrígh go bhfághaim gach nidh easlán,
neamsheasamhach, dá bhfeicim, a dtaobh
amuigh dhíotsa. Oir ní bhfuil tairbhe
dham a mórán carad, agus is lag an
fhurtachd is féidir le lucht mo cha-


L. 319


bhartha do thabhairt dham; tá cómhairle
na ndaoine nglice gan fághaltas
ionna bhfreagradh oram: ní bhfagham
sólas a leabharaibh na suadh; ni féi-
dir le maoin ná mór-shaidhbhreas me
fhuasgailt; ná le áit uaigneach ná
dhaingean me chaomhnadh, muna dta-
gair féin le cabhair agus le congnadh,
le neart agus le sólás a'm fhortachd,
a'm theagasgadh agus a'm shaoradh. Oir
ní fiú náda na nidhthe so a shamhlaidheann
chum ar sonais agus ar síthchána an tráth
bhídhirsi as láthair; agus go fírinneach, ní
bhronnaid aon tsonas orainn. Is tusa
dhá bhrígh sin tobar an uile mhaitheasa,
árd na bheatha agus doimhneas na heagna,
agas ní bhfhuil sólas ar druim talaimh
is mó aig do sheirbhíseachaibh ioná a
ndóthchas do chur annad ós cionn an uile
nídh! Is chugat sa d'árdaidhim mo
shuile; is annatsa, O! mo Dhia, a Athar
na trócaire, a chuirim mo mhuinín.
Beannaidh agus naomhaidh m'anam le beann-
acht neamhdha, ionnas go mbeidh sé mar
naomh-ionad cómhnaidhthe agad sa, agus
mar shúidheachán do ghlóire síorrúidhe-
si; agas ná faghthar aon nídh a
dteampall do Dhíadhachta-sa, a tha-


L. 320


bharfadh masladh do shuilibh do mhór-
dhachda. Do réir mhórdhachda do
mhaitheise agus iomadamhlachta do Thró-
caire, feuch go truaighmhéilioch orm,
agus éisd le úrnaidhthibh do sheirbhíseich
bhoicht a tá a ndíobharthachd a gcian
uaitsi a ndúithche sgáile an bháis.
Comarc agus caomhnaidh anam do sheirbhí-
seich ameasg an oiread so, de ghuaisibh
na beatha truallaidhthe so, agus treór-
aidh é led ghrásaibh tré shlíghe na síth-
chána go dúithche na soillse síorrúidhe.
Amen.


L. 321



AN CEATHRAMHA LEABHAR.



DE'N TSACRAMINT.



1 CAIB.



Guth Chríost.



"Tagaidh chugamsa, sibh uile ar a
bhfuil duadh agus tromualach, agus tabhar-
fad fionnfhuaradh dhíbh." N. Matha
11.28.



"Isí m'fheóil féin an tarán a
thabharfadsa mar bheatha an domhain."
N Eóin. 6.52.



"Tógaidh agus ithidh: isé so mo chorp
féin, a tabharfar suas ar bhúr son-
sa: deunadh so a gcómhchuimhne orm-
sa." 1 Cor. 11.24.



"An té d'itheann m'fheoil, agus d'olan
m'fhuilsi, cómhnaidheann sé annamsa, agus
mesi ann-san." N. Eóin. 6.57.



"Is spioraid agus beatha na briathra
a labharaim si libh." N. Eóin. 6.4.



De'n mór-urraim lé ar cóir Críost
do ghlacadh.



Is iad so do bhriatha sa, a Chríost
a fhírinne shíorrúidhe, gidh nach ndúbhradh
iad ar an am gceudna, agas nách


L. 322


rabhadhar sgríobhtha ann aon-láthar. De
bhrígh uime sin gur b'iad do bhriathra
sa iad, agus go bhfuilid fíor, is ceart
dhamhsa, iad do ghlachadh le buidheachas agus
le creideamh. Is iad so do bhriathra
sa, de bhrígh gur labharais iad; agus is
iad mo bhriathra sa mar an gceud-
na iad de bhrígh gur ar són mo shlá-
naidh-sa do labharais iad. Glacaimh
go toileamhail ua do bhéul sa iad,
ionnas go mbeurfaidís greim níos
daingeine ar mo chroídhe. Gríosaidh-
eann na briathraso a tá lán de shuar-
ceas agas de ghrádh le mór-mheisneach
me; acht sganraidheann mo pheacaídh
féin me, agus cuireann mo chogús neamh-
ghlan ar gcúl me ua rúndiamhar chómh
mór san. Brostaidheann milseacht do
bhriathra sa me, acht meadhann trom-
ualach mo chlaon-bheart síos me. Or-
daidheann tú dham triall ort go dóth-
chasach, má's mian liom bheith rann-
pháirteach leat féin; agus beatha na
domharbhthachda do ghlacadh, má's mian
liom beatha agus glóir shíorrúidhe dfhághail.
"Tagaidh," a deirir liom; "sibhse
uile a tá fá dhuadh agus fá throm-ualach,
agus tabharfadsa fionn-fhuaradh dhíbh."
O! a bhriatra milse mór-chárdais


L. 323


a gclúasaibh an pheacaich, le dtugar
si, a Thiarna Dia, cuireadh agus fáilte
do'n bpeacach mbocht chum teachd a
glacadh do choirp sháirnaomhtha! Acht
cia é mesi, a Thiarna, go lámhóchainn
teachd a triall ortsa? Feuch nách
bhfhuil flathas na bhflathas ionamhail ar
tu chongbháil, agus fós a deirir, "tag-
aidh chugam sa sibhse uile." Creud
a chiallaidheann an deónadh díaghrasach
agus an cuireadh ró mhuinteardha-so?
Cionas dfhéadfadsa triall ort, an
tan nách léir dham aon mhaith annam
féin as a gcuirfinn mo dhóthchas? Cio-
nas dfhéadfadsa tu treóradh dom'
áras ó thugas masladh chómh minic sin
do'd dheagh-ghnúis? Tugann na haingeil
agus na hárdaingeil naomhurraim dhuit,
bídheann uamhann agus eagla ar na naomhaibh
agus ar na fíreunaibh féin; agus a deir tú,
"tagaidh go léir chugam". Muna
mbeidh gur tusa, a Thiarna, do labhar
na briathra so cia chreidfeadh iad?
Muna nórdaidh tu-sa dhuinn triall ort,
cia ag á mbeidh meisneach a dhaothain
chum teachd a ngearr dhuit?



Feuch gur chaith Naoi, gidh gur dhuine
ceart é, ceud bliadhain ag deunadh
na háirce, chum é féin agus beagán eile


L. 324


do shaoradh ua'n ndíle; agus cionas
dfhéadfadsa ar feadh aon uaire amháin
me féin d'ullmhadh chum Cruthaidhtheóir
an domhain do ghlacadh leis an urraim
is dual dó? Rinn Maois, do mhór-
sheirbhíseach agus do charaid ró muintear-
dha, áirc d'ádhmad neamhthruaillidhthe,
agus chúmhdaidh í le ór glan-cheárdaidhthe,
ionnas go gcuirfeadh sé cláir an dlíghe
agus dtaisgidh innte; agus an féidir dhamh-
sa, creutúir morcaidhthe cur rómh-
am tu-sa, cumadóir an dlíghe, agus
tabharthóir na beatha do glacadh chómh
furus so? Chaith Solamh badh chiall-
mhaire agus do b'eagnúidhe de ríghthibh
Israel seacht mbliadhana a deunadh
teampaill ghleith-mhaiseich chum do
naomh-ainime do mhórmholadh: agus chaith
ocht lá iomlána dá dhiathoirbhirt:
d'íodhbair sé míle ofráil síthchána,
agus thug áirc an chonnartha do'n áit ull-
mhaidhthe fa na cómhair, le fuaim agus
fionn-cheól buadhbhall a gceart-mheódh-
-an gach litheis agus mór-gháirdeachais!
Agas cionas dfhéadfadsa a tá a'm
bochtán dhona tu thabhairt asteach a'm
áras féin, an tráth gur díthchioll
dam aon uair bheag amháin do chathadh
mar is tóir: agas a bhúidhe le Dia go


L. 325


gcaithfinn aon leath uair amháin féin
mar badh dhual dam!



O! mo Dhia creud é meud an dith-
chill a rinnidear san chum tu shásadh?
Faraor! is beag a dheunaim si! is
beag an aimsir, a chaithim a'm ull-
amhadh féin chum comaoine! Is annamh
bídhim léir-chnuadhsaidhthe; agus is ró
annamh bhídhim saor ua'n uile mhearbhal!
Agas go fírinneach, a bhfíaghnaise do
mhórdhachta ró naomhta sa, níor cheart
d'aon smuaineamh neamhchuibhe teachd
a'm aigne, ná aon nídh cruthaidhthe
sealbh do ghabháil a'm chroídhe; de bhrígh
nách aingeal a ghlacaim ann ósdaidheacht,
acht Tiarna na naingeal.



Agas fós tá idirdhealbhadh mór
idir áirc an chonnartha agas a raibh
innte, agus do chorp ró naomhtha sa mar
aon le na fheartaibh; idir iodhbhartha-
so an reachta, a bhídh mar fhíoghata
ar a raibh le teachd agus fíor-íodhbhairt
do choirpsi, ionn ar cómhlíonadh na
sean-íodhbhartha-so go leir.



Creud fáth uime sin, nách bhfuilim
níos mó ar lasadh le dian-ghrádh a'd
láthair? Creud fáth nách n-ullmhaidh-
im me féin níos cúramaiche chum do-
naomhthabharthas do ghlacadh, an tráth
thaisbean na phríomh-athairecha naomh-


L. 326


tha, na fáighe, na ríghthe féin mar aon
leis na daoinibh a gcoitcheinne an
oiread-san de chumann chaoindúthraicht
a deunadh adhradh agus onóra dhuit."



Do rínc an rígh uasal árd-naomhtha
Dáibhídh ar a lán-dhíthchioll ós cómhair
áirce an Tiarna, ag cuimhneadh na
mór-thabarthas a bronnadh ann allóid
air na hathareachaibh. Rinn sé óir-
néisídhe ceóil ar chumaibh iolchruth-
acha; agus dánta diadha, agus d'ór-
daidh iad do chanadh le luathgháir; shéinn
sé féin go minic iad ar an gcruit
gceólmhair fá chaoin-oideas an Spio-
raid naomh. Theagasg sé clan Is-
ráel cionas badh cheart Dia do
mholadh agus d'árd-adhradh le fíor iom-
láine a gcroídhe. Má taisbeanadh
an oiread sin onóra agas árdmho-
ladh ós cómhair áirce an reachta:
creud é meud na honóra agus na hárdh-
urraime badh cheart dhamhsa agus do
gach críostúidhe do thaisbéanadh a láthar
na naoimh-shácraminte so, agus a glacadh
choirp chaoimh-áluinn Chríost?



Is iomdha daoine ritheann ua áit go
háit ag ionnsadh thaisídhe na naomh, agus ga-
bhaid iongna ar gcloisdin a bhfearta:
feuchaid go hiongantach ar mhaise agus
ar bhreadhachd, a dteampall, pógaid agus


L. 327


deochaid a gcnámha beannaidhthe a bhídh-
eann cúmhdaidhthe a neudaichaibh síoda
fá bhrataibh bárbhúidhe óir; agus feuch go
bhfuilir féin láithreach annso ar an ál-
tóir agamsa, mo Dhia, a naoimh na
naomh, a chruthaidhtheóir an dhomhain, a
Thiarna na naingeal! Is minic gur
deismireacht a bheireann daoine chum ra-
dharc d'fhághail ar na nidhthibhso, ionnas
go mbeidh sgeul nuadh aca le insin.
Agas uime sin is ró shuarach é toradh
a dturasa, go háiridhe an tann rithid
anonn agus a nall go luathinntinneach gan
fíor-dhoilgheas a dtaobh a bpeacaidh.
Acht annso, a sácramint na haltóra,
táir féin go híomlán láithreach, a'd
Dhia, agus a'd dhuine fhíor, Críost Iosa:
as a bhfhaghthar toradh líonmhar na
sláinte síorrúidhe chómh minic agus glac-
thar thú go fiúntach, fíor-dhiadha.
Agas ní tarranntar chuige so sinn le
luath-inntinn, le deismireachd ná lé
sádhail na gceadfadh, acht le creideamh
daingean, le dóthchas diadha agus le car-
thannacht ionruic.



O! mo Dhia, a Chruthaidhtheóir do-
fheicse na cruine nách iongantach a
rannainn tú linn! Nách caoin, car-
tanach d'órdaidheann tú an uile nídh chum


L. 328


tairbhe do chlainne toghtha féin, d'á
dtugair thú féin le glacadh a sacra-
mínt na haltóra. Oir sáraidheann
so gach tuigsin daonna; is é so go
háiridhe a ghríosaidheann agus lasann
croidhthe na bhfíreun le teasghrádh.
De bhrígh go bhfaghaidh do chlann dílios
a chaitheann a mbeatha go deaghriartha
grása na caoindúthrachta agus caomh-
ghrádh na subháilcídhe, tré ghlacadh na
sacramínte ró ardhadhmhla so go mi-
nich ar deaghstaidh.



O! is ró iongantach grása fal-
aidhthe na sáramínte so, a bronntar
ar cháirdibh Chríost; nách féidir do
luchdh an díthchreideimh ná na bhfeile-
bhfeart do mhothúghadh. Is ann-sa tsa-
cramint so a bronntar grása sprio-
dálta: athnuaidhthear tréidhthe faona
an anama: agus athfhilleann maise agus mór-
áileachd a bhídh roimhe so fá dhoilbh-cheó
an pheacaidh! Agas ar uairibh bídheann
na grása so chómh bríghmhar san air
chor go neartaidhid, ní he amháin, an
tanam, acht fos an corpán anbhfa-
nnach féin, tré líonmhaireachd na crá-
bhadh a bhronnaid air.



Gidhe is fáth duairceis agus bubróin
sinn bheith chómh faillígheach, fuarchasách


L. 329


agus támoid: agus gan triall ar Chríost do
ghlacadh le díogras agus le cumann níos
mó ioná mhothaidhmoid, oir is e Críost
lándóthchas agus dualgas na múintire a
slánóchar! Oir ise ár naomhthacht agus
ár bhfuasgladh é: is é ár bhfortachd
é ann ár noilearachd, agus séan síorrúidhe
na naomh. Is mór dá bhrígh sin an
tádhbhar doilgheis agus dubróin, lúghaid
an chúraim a thugann urmhór na
ndaoine do'n rúndiamhar shlánaidhthe
so, a luathgháireann neamh agus chomhairc-
eann an domhan. O! daille agus cal-
caidhtheacht chroídhe an duine nách dtu-
gann níos mó aire do'n tabharthas
dolabhartha so; agas a thuiteann a
neamhshuim tré na úsaid laetheamhail!



Dá mbeidh an tsácramíntt so d'á
sholamnadh ann aon áit amháin agus d'á
choisreacadh le haon tsagairt amháin
annsa domhain, nár mhór an dúil a
bheidh ag daonibh dul gonuig an áit
sin, agus fhá thuairim an tsagairt sin,
go bhfeicfidís na rúndiamhara beann-
aidhthe sin dá solamnadh. Acht anois
tá mórán sagart ann, agus ta Críost
dá ofráil suas a mórán d'áitibh;
ionnas go bhfoillseóchaídh grádh agus
grása Déi níos mó do réir mar tá


L. 330


an naomh-chumaoin so leathnaidhthe ar
feadh an domhain. Míle buidheachas
leat, a dheagh Íosa, a aodhaire shíor-
rúide, a dheónaidh sinne, na díobhar-
thaich bhochta, do chothúghadh le do chuid
fola agus feóla fíoruaisle, agus cureadh
do thabhairt dúinn de chain-chómhradh do
bhéil bheannaidhthe féin, teacht ag gla-
cadh na rúndiamhar so, ag rádh, "ta-
gaidh chugam sibhsi uile a tá fuídh dhuadh
agus fúidh throm-ualach agus tabharfad sa
fionnfhuaradh díbh.



2 CAIB.



Go bhfoillsídhthear maitheas agus mór-
ghrádh Déi dho'n duine ann-sa tsá-
cramint-so.



(An Deisciobal). O! a Thiarna,
le muinín ann do mhórmhaitheas agus ann do
shár-thrócaire thagáim breóidhte chum
mo Shlánaidhtheora, ocrasach, tart-
mhar, chum tobair na beatha, fíor-
bhocht, chum Rígh na bhflathas; mar
óglách chum a Thiarna, am chreutúir
chum a Chruthaidhtheóra, am thruadhán
léirsgriosta chum mo shólásúidhe ró


L. 331


dhílios. Acht cionas a thárlaidheann se
so dhamh-sa go dtiocfhádh sa chugam?
Cia hé mesi go mbronnfádhsa thú
féin orm? Creud fá dtógann mo
leithéidsi de pheacach mhallaidhthe séas-
adh ad' láthair? Agas cionas dheón-
aidheann tusa teachd a triall air an
bpeacach? Is aithne dhuit do sheirbhí-
seach, agus nách bhfhuil aon mhaith ann, tré
a mbudh fhéidir leis do cion-sa thuill-
eadh. Admhaidhim uime sin mo neamh-
fhiúntas féin agus do mhórmhaitheas sa;
molaim do bhlá, agus bheirim búidheachas
leat ar son do charthannachta gan teó-
ra! Oir is de dhrúim do ghrádh a rinnis
so, agus ní mar gheall ar mo dheaghthréidh-
thibh si; ionnas go bhfeicinn do mhaitheas
níos soléire, go gcuirfádh do ghrádh
níos líonmhaire ann achrann annam, agus
go ndeaghmholfádh an úirísleachd níos
iomláine dham. Air an adhbhar sin
ó thaithnneann an nídh so leat, agus o d'ór-
daidhis a bheith mar sin: taithnneann mar
an gceudna do chaomh-dheóntachd liom-
sa; badh ró mhaith liom nách gcuirfeadh
mo chlaon-bhearta cosg ar bith ort.



O! a Íosa shár-mhilis, a thobhar na
féile, is ró dhual duit moladh síor-
bhuan, búidheachas agus urraim gan teóra


L. 332


ar son do choirp shár-naomhtha do bhronn-
adh orainn; tabharthas nách féidir le
teanga dhaonna a mhórdhachd d'urlabhradh
mar is cóir. Acht creud ar a mbeidh
me ag smuaineadh, lá mo chumaoine,
an uair thriallfad ar mo Thiarna, an
tráth nách féidir liom choidhche an oir-
ead urraime a thabhairt dó agus is dual,
gidh gur mhian liom é ghlacadh go crá-
bhadh, caoin-dúthrachtach? Creud ar
ar bhféidir liom smauaineadh, b'fhearr
agus badh folláine do m'anam ioná me
féin d'úmhladh go hiomlán a'd láthar?,
agus do mhaitheas dhóchúimsidhthe ós mo chionn
do mhór-árdúghadh? Molaim agus mór-
árdaidhim thú, mo Dhia, go síorrúidhe:
dímheasaim me féin, agus úmhlaidhim
dhuitsi fá dhoimhneas mo tháire féin.



Feuch gur tusa naomh na naomh, agus
gur mesi daosgar na bhpeacach. Feuch
go gclaonair thu féin anuas chugam,
agus gur mian leat bheith a'm fhochair!
Tugar cuireadh dham chum do bhainíse!
mar a dtabharfair biadh neamhda agus
arán na naingeal le n-ithe dham, ní
arán eile gan amhras acht thu féin,
an tarán beódh a thúirlinn ua neamh agus
thugann beatha do'n domhan!


L. 333


Feuch cad as a dtagánn grádh!
meud na gcaomhdheónadh a foillsidh-
thear dhúin! Is líonmhar an búidheachas
agus an tard-mholadh is dual duit, a
Thiarna, ar son na nidhthe so! O! badh
thairbheach folláin í do chómhairle ag
cur na sácramínte so ar bun! O!
is suairc, sár-aoibin an fhleadh í so
ionn a dtugar thu féin mar bhiadh dhúinn!
O! is sár-iongantach iad dho ghníomh-
artha-sa, a Thiarna! Is chómhachtach
iad d'fhearta, agus is domheallta d'fhí-
rinne! Oir labharais si an bhriathar,
agus bhídh an uile nídh deunta, agus rinneadh
gach nídh d'órdaidhis si.



Is ró iongantach an nídh é, agus is
dual é chreideamhain, gidh sháraidheann
gach tuigsin daonna, go bhfuilir si, a
Thiarna Dia, a'd Dhia fhírinneach agus a'd
dhuine fhírinneach, go hiomlán fá ghnéith-
ibh aráin agus fhíona, agus go nitheann an té
a ghlacann thú gan tu chathadh! Badh
thoil leatsa, a Thiarna na nuile, tré'n
tsácramíntsi lonúghadh annainne, gidh
nách raibh gádh le haon neach agat.
Comheud mo chroídhe gan bhéim ionnas
go sollamnóchainn níos minice do rún-
diamhara-sa le cogús glan, luath-
gháireach, agus go nglacfainn chum mo


L. 334


shlánadh síorrúidhe na rundiamhara so
d'órdaidhis agus chuiris féin ar bun mar
bhuan-onóir agus mar chúimhniughadh síor
ort.



Bídh luathgháireach, O! anam: agus
tabhair na mílte búidheachas do Dhia
ar son an tabharthais ró uasal-so, an
sólas sár-aoibinn so d'fhágáil agat
a ngleann-so na ndeór. Oir chómh
minic agas d'athnuaidheann tú an rún-
diamar so agus ghlacann tú corp Chríost,
sollamnaidheann tú gníomh d'fhuas-
galta, agus bídheann tú rannpháirteach a
mórluaidheachtaibh ár Slánaidhtheóra!
Ní théidheann laghdúghadh choídhce ar ghrádh
Chríost, agus ní féidir do'n tsásamh, a
thug sé do'n Athair síorrúidhe, bheith
caithte go bhráth. Dá bhrígh sin badh
cheart duitsi thú féin do chur a nór-
dúghadh do'n tsácramínt so le beódh-
acht do mheanmaine d'athnuadhadh, agus an
rúndiamhair so do shlánaidhthe do
mheadhadh le léirmheas lánaireach. Agas
chómh minic agus deirir, nó d'éisdir
aifrionn, badh cheart do samhlughadh
chómh mór chóm tábhachdmhar, agus chómh
taithneamheach, agus dá mb'é sin an
cheud lá a thuirlinn Críost uadh neamh
a mbroinn na Maighdeine do ghlacadh


L. 335


colna daonna; nó an lá a bídh sé ar
an gcros a taosgadh a chuid folá fíor-
uaisle ar son na cine daonna!



3 CAIB.



Gur ró thairbheach cumaoine do
ghlacadh go minic.



(An Deisciobal). Feuch go dta-
gaim chugad, a Thiarna, ionnas go
bfoghnfadh do thíodhlaicídhe orm, agus go
bhfaghainn taithneamh ad bhainís neamh-
dha, a ghleusais féin, a Thiarna a
n-iomadamhlachd do mhílseachda do na
bochtaibh. Feuch gur annad féin, a
Thiarna, a tá gach nídh is mian agus is
ceart dam d'iarradh; is tu mo shláinte
shíorrúidhe agus m'fhuasgailt, mo dhóthchas
agus mo neart, m'onóir agus mo ghlóir.
Tabhair ar an ádhbhar san luathgháir
aniu d'anam do sheirbhíseich, de bhrígh
gur árdaidheas m'anam chugad a
Thiarna, Íosa. Is mian liom tu
ghlacadh le urraim agus le chráibhdeachd:
badh gheal liom tu thabhairt asteach
a'm áras, ionnas ar nós Zachéus go
bhfaghfainn do bheannacht, agus go mbeidh-


L. 336


inn cómháirmhidhthe a measg shleachta
Abraham. Is ró fhada le m'anam
go bhfaghann sé an oileamhain neamhdha-
so; tá mian ar mo chroídhe bheith táidh-
te leat.



Tabhair thú féin dam agus is leór sin
dam, de bhríg nách bhfhuil tairbhe ann
aon tsólás gan tusa. Ní féidir
dam seasadh beódh a'd eugmais-si, agus
muna dtugar cuairt orm, ní mhair-
fead. Agas uime sin ní fuláir dham
triall ort go minic, agus tu ghlacadh
dtuitfinn ann anbhfhainne ar an mbóthar
go mar leigheas mo shlánaidhthe d'eagla



muna bhfaghfainn an oileamhain neamhdha-
so. Oir is mar so badh thoil leat féin
a rádh lá dá rabhais, a Íosa ro thró-
caireich, ag craobhsgaoileadh do'n bpobal
agus ag leigheas an illiomad aicídídhe;
"Ní áil liom a léigean uaim 'nna
dtrosgadh, d'eagla go rachfadais ann
anbhfainne ar an tslíghe." Rainn mar an
gceudna anois liomsa, ó dhenóaidhis
tu féin d'fhágbháil annsa tsácramint-
so mar shólás do na fíreunaibh. Oir
is tusa biadh bríghmhar an anama; agus
gidh b'é chaitheann go fiúntach thu, beidh
sé an oighre rannpháirteach ar an ngloir
shíorrúidhe. Tá sé ró ríachtanach dhamh-
sa, a thuiteann go minic a ndásachd an


L. 337


pheacaidh, a bhídheann fuar, faillíghtheach a
leas m'anama, mo neart d'atnuadhadh
le gnáth-úrnaidhthibh agas le síor-
faoisidinídhe; m'anam do ghlanadh agus
do ghríosadh le teasghrádh, d'eagla go
dtuitfinn uam' dheaghrún dá gcuirfinn
suas níos faide dhó.



Tá ceadfádha an duine claon do'n
olc ua'n óige; agus muna dtugaidh do
leigheas naomhtha-sa fortachd ar, tuit-
fidh sé gan maill a gcleachtaibh níos
measa. Tarrainneann an chumaoine
naomhtha dá bhrígh sin ua'n olc é, agus
neartaidheann a maitheas é. Má táimsi
chómh faillíghtheach, fuarchásach-so a-
nois, ann am chumaoine do ghlacadh, nó
aifrinn do rádh, cionas bheidh an sgeul
agam muna dtógbhainn an leigheas, agus
muna loirginn cabhair chómh éifeachdach-
so? Agas gidh nách bhfuilim oireamh-
nach gach aon lá ar aifrionn do rádh,
gidhe deunfad díthchioll ann am chóir
ar na rúndiamhara sár-naomhtha so do
ghlacadh agus ar me féin a dheunadh rann-
pháirteach de ghrásaibh chómh tabhachd-
mhar-so. Oir isé so an sólás is
bríghmhaire aig an anam bhfíreunda
an fhaid lonaidheann se annsa gcorpán
shomharbhtha agcian uaitsi, se sin,


L. 338


bheith cúimhneach ortsa a Dhia go minic,
agus a dhianghrádh do ghlacadh le aigne
fhíordhiadha.



O! a chaomh-dheónadh iongantach do
naomh-cheana-sa orainne, go dtioc-
fádh sa, a Thiarna Dia, cruthaidh-
theoir agus beóthaidhtheóir na spioraid-
ídhe go huile, gus an anam mbocht, agus
a ocras do shásadh le iomadamhlacht
do dhíadhachta agus do dhaonnachta. O!
mheanmain shona, a anam bheannaidhthe,
a thuilleann tusa, a Thiarna Dia, do
ghlacadh go cráibhtheach, agus a líontar
dá bhrígh sin de gháirdeachas spiríod-
álta. O! nách mór an Tiarna, a
ghlacann sé! Nách grádhmhar an taoidh-
eadh a thugann fa'n áras! Nách grianach
an compánach a ghlacann sé! Nách
dílis an charaid a ghabhann sé chuige
féin! Nách maiseach, móráluinn an
chéile a dheochann sé, d'ár dual grádh
tar gach nídh cruthaidhthe! Bíodh neamh
agus talamh mar aon le na nórnáidídhe
maiseamhla, ciuin a'd láthair-si, a
dhian-ghrádh mo chroídhe, oir is uaitsi
fuaradar gach maise agus mór-bhreadh-
acht d'á bhfhuil aca: agus ní féidir dhóibh
teachd suas le sgéimh d'ainme-si, oir
ní bhfhuil críoch na áireamh ar d'eagna.


L. 339



4 CAIB.



Go mbronnann Dia mórán tíodhlai-
cídhe ar luchd na cumaoine diadha.



(An Deisciobal). A Thiarna Dia,
deónaidh teachd roimh do sheirbhíseach a
mbeannachtaibh do mhílseachta, ionnas
gur bhfiú me triall ar do shácramínt
ró uasal-sa go fiúntach, fírdhiadha.
Ardaidh suas mo chroídhe ort féin,
agus fuasgail me ua'n dtrom-mharbhán-
tachd-so. Tabhair cuairt orm le'd
ghrásaibh ionnas go mblaisfinn do mhil-
seachd a'm spioraid, agus go bhfaghainn
an suairceas spriodálta a lúidh-
eann falaidhthe annsa tsácramint-so
amhail 'nna cheanntobar. Soillsidh mar
an gceudna mo shúile chum glinnfheu-
chain ar rundiamhair chómh mór so; agus
nearthaidh me chum géilleadh dho le
creideamh diongmhálta. Oir is leatsa
bhaineann an obar-so agus ní le cómhach-
taibh daonna, ní hí so comadóireacht
an duine, acht do naomh-thionsgnadh
féin. Oir ní féidir aon duine dfhághail
ionamhuil ar na nidhthibh so thuigsin, a
sháraidheann intleachd na naingeal
féin. Cionas is féidir liomsa, dá


L. 340


bhrígh sin, a tá a'm luaithre, sácra-
mint chómh mór so do sgrúdadh ná
thuigsin?



O! a Thiarna, a símplídheacht mo
chroidhe, a gcreideamh dhaingean agus a
númhlacht do'd órdúghadh sa, tagaim
chugat le dóthchas agus le naomh-urraim;
agus creidim go fírinneach go bhfuilir si
láithreach annsa tsácramínt a'd Dhia
agus a'd dhuine. Is mian leat, uime sin,
mesi, do'd ghlacadh, agus me féin do
tháthughadh leat tré chaoin-cheangal
grádh. Uime sin ímpídhim do thró-
caire, agus athchuingídhim ort grása
príomhaonda do bhronnadh orm, ionnas
go gcnaoidhfinn le líonmhaire mo ghrádh
dhuit; agus nách niarfainn feasda aon
tsólás acht a dtagann uaitsi. Oir isé
an sácramnit sár-bhríghmhar, síor-
uasal so sláinte an anama agus an
choirp, leigheas gach aicíde spriod-
álta, le a gcneasaidhthear gach othar,
le a gceansaidhthear uaill na hinn-
tine, le a mbeirthear buadh, nó le a
maolaidhthear catháidhe, le a dtoir-
bhirthear grása níos iomadamhla, le a
bhfaghthar breis tréidhthe, le a ndeimh-
nídhthear an creideamh, le a neartaidh-
thear an dóthchas agus le a lastar agus a
meudaidhthear an charthannacht.


L. 341


Oir bhronnais si, a Thiarna, agus
bronnann tú fós go minic mórán tíodh-
laicídhe ar do chlainn dhílios a ghlacann
cumaoine ar dheaghstaid, de bhrígh gur
tu cabhar m'anama, leasaidhtheóir na
lag agus tabharthóir gach sóláis inmheódh-
anaich. De bhrígh go rainneann tu do
shóláis go hiomadamhail linn d'ár
neartughadh ann aghaidh gach trioblóide
agus árdaidheann tú suas sinn as doimhneas
ar mbuareamh chum dóthchais do chomh-
airce féin: agus athchruthaídheann agus foill-
sídheann tú sinn le nuadh-ghrásaibh áiridhe,
ar chor go bhfaghann an drong a bhídh
buadhartha, neamhchumannach roimh chum-
aoine, iad féin atharraidhthe ar feabhas
tar éis na hoileamhna neamhdha-so do
ghlacadh.



Agas is toil leat rainneadh mar so
le'd chlainn toghtha, ionnas go nadmhó-
chaidís agus go bhfromhaidís go soléir
iomadamhlacht a laige fein, agus meud
agus maise na dtabharthas a gheibhid
uaitsi. Oir má fágthar futha féin
iad, tá siad fuar seargtha neamh-
chráibheach; deunair si teasghrádhach
meisneamhail mór-chreideimh iad.
Oir cá bhfhuil an té, a thriallann le
úirísleachd ar thobar na mílseachta, nách


L. 342


mbeireann milseacht éigin as? Nó
cia le'r féidir seasadh a bhfhogus do
theine thréin gan teasúidheachd éigin
d'fághail aisde? Acht is tusa an to-
bar líonmhar gan trághadh, agus an teine
lán-treun gan múchadh!



Agas muna dtigidh liom mo sháith
d'ibheadh as líonmhaireacht an tobar-so;
cuirfead, an chuid is lúgha dhe, mó bheul
ar an tsruth neamhdha-so agus ólfad braon
beag éigin do mhúchadh mo tharta;
ionnas nach seargfainn ar fad le daor-
íota. Agas muna bhféadfad bheith ar
lasadh le dianghrádh ar nós na gCe-
rubim agus na Seraphim, gidhe deunfad
díthchioll ar beith diadha, agus ar me-féin do
chuir a nórdúghadh ar lasair bheag éig-
in de ghrádh Déi do shaothrúghadh tre
ghlacadh shácraminte so ra beatha.
Agas a Shlánaidhtheóir Íosa Críost,
deónaidh tré'd mhór-fhéile gan teóra
cabhradh liomh ann gach nídh dá bhfhuil a
núireasba orm; oir d'aontaidhis sinn
go léir a ghairmeadh chugat, ag rádh:
"Tagaidh chugamsa, sibhsi uile a tá
fá dhuadh, agus fá thromualach, agus tabhar-
fad fionnfhuaradh dhíbh."



Táimsi go deimhin fá dhuadh ann al-
lus go mhailídhe; táim a bpeanaid le


L. 343


doilgheas croídhe; táim ualaidhthe le
peacadhaibh; táim buaraidhthe le ca-
thadhaibh; agus táim ceangailte síos
múchta fá'm dhrochlaontaibh; agus ní bhfhuil
aon neach chuim cabharúghadh liom; ní
bhfhuil neach chum me dfhuasgailt agus do
shábháil, acht tusa, a Thiarra Dia, a
Shlánaidhtheóir, d'á dtiomnaídhim me-
féin agus gach nídh is liom, do'm chomheud
agus do'm threóradh do'n mbeatha shíor-
rúidhe. Gaibh liom ar son moladh agus
glóire d'ainme, ó d'ollmhaídhis do
chuid fola agus feola fíor-uaisle mar
oileamhain anama dham. Deónaidh
dham, a Thiarna Dia, mo Shlánaidh-
theóir, cumann mo chráibheachda do
mheudúghadh tré dheagh-thaithídhe do rún-
diamhair-si.



5 CAIB.



D'árdchéim na Sácraminte so, agus
de'n staid shagartamhail.



(Críost). Dá mbeidhfádh chómh
glan lé aingeal agus chomh naomhtha le naomh
Eón Baisde, níor bhfiú thu an sácra-
mint-so do ghlacadh, ná fós lámh do


L. 344


chur ar. Oir ní dual d'aon duine d'á
luachdaibh féin, sácramint Chríost
do naomhchoisreacadh agus do ghlacadh idir
a lámhaibh; agus arán na naingeal do
caitheadh mar bhiaidh.



Is óirdeirc an rúndiamhair é so,
agus is uasal í árdchéim na Sagart
d'ar tugadh cómhachta nár bronnadh ar
na haingealaibh féin! Oir is ag Sa-
gartaibh amháin, a théidheann mar is
cuibhe fá ghrádhaibh eaglaiseamhla, tá
cómhachta corp naomhtha an Tiarna
sholamnadh agus do naomhchoisreacadh! Isé
an Sagart feadhmannach Déi, ag deu-
nadh úsáid de bhriathar Déi do réir
órdúghadh agus thionsgnadh Déi féin; acht
isé Dia féin is príomh-úghdar ann, an
gníomhthóir dofheicse, d'á naontáidh-
eann gach nídh is toil leis, agus d'á bhfhuil
na dúile uile géilleamhail.



Badh cheart duit, dá bhrígh sin, creid-
eamhain níos túisge do Dhia uile chómh-
achtach ann-san tsácramínt ró-áluinn
so, ioná do'd cheadfádhaibh féin;
ná fós d'aon chómhartha sofheicse;
agas dá bhrígh sin, badh cheart duit
triall ar an gníomh-so le heagla agus
le naomhurraimh. Tabhair aire dhuit
féin, ar an ádhbhar sin, agus feuch creud
é an cinéal feídhmanachta a tugadh dhuit


L. 345


tré lámhaibh an Easbaig do thógbháil
ós do chionn. Feuch gur deunadh sa-
gart díot! agus go bhfuilir naomhchois-
reactha chum afrionn do rádh: feuch
anois agus ofhráil íodhbairt do Dhia go
híonruic diadha ann am féin, agus iomchar
tu féin gan achmhúsán.



Níor eudtromaídhis d'ualach, acht
táir anois ceangailte le cúibhreach
níos daingeine na ndeaghbheus, agus is
éigin duit bheith níos naomhtha go mór
ioná roimhe so. Badh cheart do Shag-
art bheith sgiamhaidhthe leis gach gné
subháilce, agus sompla deaghbheatha do
thabhairt do chách. Ní ceart d'á chomh-
luadar bheith le slightibh coitchionna na
ndaoine, acht le haingealaib neimhe,
nó le fearaibh foirbhthe ar talamh.



Isé an Sagart eudaidhthe a gcu-
laidh naomhtha an aifrinn fear-ionaide
Íosa Críost chum Déi do gúidhe go
húmhal-ímpídheach ar a shon féin agus ar son
an phobail uile. Bídheann cómhartha
chroise ar dTiarna ar a uchd agus ar adhrom
chum go gcuimhneóchadh de ghnáth ar pháis
Chríost. Iomcharann sé an chros ar a
uchd, ionnas go dtabharfadh fán' aire
coiscéimídhe Chríost, agus go ndeunfadh
díthchioll ar shiúbhal ionnta. Tá cómh-


L. 346


artha na croise ar a dhrom ionnas go
nglacfadh sé go ceannsa gach droch-
run ua lámhaibh chách. Iomcharann an
chros ar a uchd, ionas gho gcaoinfeadh
a pheacaidh féin, agus ar a dhrom, ionnas
go mbeidh doilgheasach tré pheacaidhibh
chách; agus fós go dtuigfeadh é-féin bheith
an idirghúidhtheóir idir Dhia agus na pea-
caich. Agas ní ceart dó cosg ua
úrnaidhthibh ná ua'n íodhbairt naomhtha
go bhfaghann na grása agus an trócaire
a theasdaideann uaidh. Ann uair deireann
Sagart aifrionn, tugann onóir do
Dhia, luathgháir d'aingealaibh, deagh-
shómpla do'n eaglais, cabhair do bheó-
dhaibh agus suaimhneas do mharbhaibh; agus
deunann é féin rannpháirteach ann gach
uile mhaitheas.



6 CAIB.



De'n ollmhadh ríachtanach roimh
Chumaoine.



(An Deisciobal). Ann uair bhreath-
naídhim do mhórdhacht, O! a Thiarna,
agus mo tháire féin, tagann critheagla
orm agus lasaim le náire; óir muna


L. 347


ndlúthaidhím leatsa, teithim ua bheatha,
agus má thriallaim ort go neamhfhiúntach,
tuillim do dhíbhfeirg. Creud da bhrígh
sin a dheunfad, O! mo Dhia, mo chon-
gantóir, agus mo chómhairleach ann gach
ríachtanas?



Múin féin an tslíghe chóir dham, agus
órdaidh féin gníomhartha athchomaire
éigin dham, a bheidheas oireamhnach do'n
naomh chumaoine. Oir ís ríachtanach
dham fios d'fhághail cionas chuirfinn
mo chroídhe go diadha deaghurramach a
n-oireamhain duitsi, chum na sácra-
minte do ghlacadh go tarbheach, nó chum
na híodhbartha mór-dhiadha-so do sho-
lamnúghadh.



7 CAIB.



De mhionsgrúdadh an chogúis, agus
de dheaghrún ar mbeatha, do leas-
úghadh.



(Críost). Tar gach nídh is éigion
do Shagart Déi teachd do sholamnú-
ghadh, do lámhúghadh, agus do ghlacadh an
tsácramínt-so, le fírisleacht croídhe
le caomh-urraim, le lán-chreideamh,


L. 348


agus le hinntinn dhiadha chum onóra Déi.
Sgrúdaidh do chogús go dúthrachtach,
agus glan agus ionlaidh é chómh maith agus is
féidir leat, le croídh-bhrúgh agus le faois-
idin úmhal; ionnas nách mbeidh aon nídh
trom ar, a chnaoidhfeadh nó a choisgfeadh
do shaor-theacht. Deun aithrídhe ar son
do pheachadha go léir, agus glac doilgheas
agus dubrón ar son do lochtaidhe laetheamh-
la fá leith.



Bídh ag osnadh agus ag caoineadh a dtaobh
bheith fós chómh collúidhe agus chómh saoghalta
so, agus chómh neamhsmachtaidhthe-so ad'
chlaontaibh. Chómh lán-so d'anmhianaibh
na colna, chómh neamhaireachso ar do chead-
fádhaibh corphardha, agus chómh minic-so
a n-achrann le mórán saobhamharc
suarach. Chómh claon-so do nidhthibh
foiriomhollacha, agus chómh faillígheach-so
a nidhthibh inmheódhanacha. Chómh tugtha-
so do gháire agus do gháirseamhlachd; chómh
ollamh-so do shúgra agus do shádhail na
colna; chómh leasgamhail-so do dhaor-
dháil agus do theasghrádh. Chómh anmhianach
so chum sgeula nuadh do chloisdin, agus
radharca taithneamhacha dfheicsin; agus
chómh faillígheach so ar aon nídh táir ná
tarcaisneach do ghabháil de láimh! Chómh
santach-so ar mhorán dho bheith agat


L. 349


chómh cruaidh-chroídheach so ag tabhart
uait, agus chómh greamaidhtheachso ar a
mbídheann agat. Chómh baothso a gcómh-
rádh agus fós chómh claon so chum cainte.
Chómh neamhórdaidhtheso a mbeusaibh, agus
chómh dian-so a ngníomharthaibh. Chómh
cíocrach so ós cionn chláir, agus chómh bo-
dhar so do bhriathar Déi. Chómh dúil-
mhar sa a suaimhneas, agus chómh fuathmhar
so do shaothar. Chómh aireach so, ag
éisdeachd le rámás, agus chóm codladh-
tach so chum áirnéan a seirbhís Déi.
Chómh deitheansach-so le deire na núr-
naidhthe, agus chómh seachránach-so chum
aire thabhairt dóibh; chómh faillígheach
so a léigheadh d'oifice, chómh leamhfhuar
so a solamnadh aifrinn, chómh tirim so
a glacadh na naomh-chumaoine. Chómh
obann so ar mearbhall, chómh annamh-so
cúimhnidhthe annat féin, chómh fonnmhar-
so chum feirge, chómh tugtha-so chum
feirge do chur ar chách, chómh claon-so
chum daor-bhreithe, chómh danartha-so
an aghnas; chómh áthasach-so fá rath,
chómh lagspriodach so fa mhí-ádh; chómh
mhinic-so a deunadh deaghrún, agus cómh
annamh-so d'á gcur a ngníomh.



Tar éis iad-so go léir agus do loch-
daidhe eile do chur a bhfaoisidín le
doilgheas agus le dubrón tré'd mhór-


L. 350


laige, gaibh rún láidir do bheatha do
leasúghadh, agus bheith ag dul ar d'aghaidh
a gcómhnúidhe annsna subháilcíbh. Ann sin,
le inntinn iomlán agus le'd thoil go
huile toirbhir thú-féin d'onóir m'ain-
me-si mar ghnáth-íodhbairt loisgidhthe
ar altóir do chroídhe; led'anam agus le
do chorp do thabháirt suas damhsa go
hionruic; ionnas gur bhfiú thu iodhbart
d'ofráil do Dhia, agus sácramint a
choirp do ghlacadh mar shláinte an-
ama.



De bhrígh nách bhfhuil saor-thoirbhirt
is bríghmhaire, ná sásamh is soghlac-
aidhthe agus is fearr chum peacadha do
sgriosadh amách ioná thú-féin d'of-
ráil suas do Dhia go hiomlán gan
teimheal mar aon le saor-thoirbhirt
choirp Chríost. Má dheunann duine a
dhíthchioll, agus má bhídheann fiordhoilgheas ar
de dhrúim a pheachadha, chómh minic agus
thiocfadh sé chugamsa, ag iaradh grá-
sa agus trócaire; "mar mhairim, ar
an Tiarna, ní áil líom bás an phea-
caich, acht is fearr liom é fhilleadh agus
maireachtain; oir ní bheidh cuimhne níos
siadh agam ar a chiontaibh, acht maith-
fead iad go léir dho". Ezecíel 33.
2.


L. 351



8 CAIB.



De shaor-thoirbhirt Chríost a gcochal
na croise, agus de chaoin-aontúghadh
an fhíréin do thoil Déi.



(Críost). Do réir mar ofrálas-
sa me-féin nochdaidhthe ar altóir na
croise, agus mo lámha sínte ar a beannaibh,
ar chor nách raibh aon nídh ionnam ná'r
raib iontaidhthe ann íodhbairt ar son do
pheacadha-sa chum díbhfeirge Déi do
mhaolúghadh: ar an módh gceudna, ní
fuláir dhuitsi thú-féin d'ofráil le fonn
damhsa go laetheamhail ann-sann Aif-
rionn, mar aon le iomlaine do chum-
ainn agus do neirt an oiread agus is féidir
leat. Creud eile iaraim ort acht
do dhíthchioll a dheunadh ar thú-féin do
thabhairt suas go hiomlán dam? Ní
chuirim súim ann aon nídh dá dtugair
dham a dtaobh muigh dhíot séin; oir ní
hé do thabhartas is áil liom, acht thú-
féin.



Air an módh gceudna, nár leór
dhúitsi, d'á mbeidh an domhan de shealbh
dhílios agat, dá mbeidhfádh a'm eug-
mais si, mar sin, ní taithneamhach


L. 352


liomsa gidh b'é nídh a thugair, an fhaid
nách dtugair thú-féin. Toirbhir thú-
féin dam, agus tabhar d'iomláine go
léir do Dhia, agus beidh do thabharthas
taithneamhach. Feuch gur thoirbhireas-
sa me féin uile do'n Athair ar do shon-
sa, thugas mar an gceudna mo chuid
feóla agus fola fíoruaisle mar bhiadh agus
mar dheoch dhuit, ionnas go mbeidhfádh
go léir agam, agus go mbeidhinn-si go
léir agatsa. Acht má sheasaidheann tú
ar do bhunaibh féin, agus gan aontúghadh go
fonnmhar do'm thoilsi; ní bhfuil d'íodh-
bairt iomlán, ná ní féidir ceangal
ionnruic a bheith eadruinn.



Dá bhrígh sin, tar gach gnó ní ful-
áir dhuit thu-féin a shaor-thoirbhirt a
lamhaibh Déi, má's mian leat saoirse
agus grása d'fághail. Oir isé fáth, nách
bhfhuil mórán soillsidhthe ná saor-inn-
tinneach, de bhrígh nach ndiúltaídhid go
hiomlán dóibh-féin. Seasaidheann mo
rádh-sa go diongmhalta; "muna
ndiultaidh duine do'n uile, ní féidir dhó
bheith mar dheisciobal agámsa. Naomh
Lúcás 14.33.



Má's mian leat dá bhrígh sin, bheith
mar dheisciobal agamsa toirbhir thu-
féin mar aon le'd uile chumann damhsa.


L. 353



9 CAIB.



Gur ceart dhuinn sinn-féin agus a bhfhuil
againn do thabhairt suas do Dhia,
agus gúidhe ar son chách.



(An Disciobal). A Thiarna, is
leat gach nídh, d'á bhfhuil ar neamh agus ar
talamh. Is mian liomsa me-féin d'of-
ráil duit mar shaorthoirbhirt, agus bheith
go síorrúidhe agat. A Thiarna, a sím-
plídheacht mo chroídhe tiomnaidhim me-
féin duit aniú, mar sheirbhíseach dílios
go bráth, chum do réire do dheunadh, agus
bheith mar íodhbart ghnaith-mholta agat.
Gabh led'ais me mar aon leis an
naomh-íodhbairt-so do choirp mhor-
luaidheich, a thoirbhirim dhuit aniú a
bhfíaghnaise na naingeal, a sheasaidheann
go dofheicse fá gcuairt, ionnas go
rachfadh se chum sláinte anama dam
féin agus do'n bpobul.



A Thiarna, toirbhirim dhuit mo phea-
caídh uile agus mo throm-chora, ionn ar
thuiteas a'd láthair-si agus a lathair do
naomh-aingeal, ua'n gceud lá b'fhéidir
dham peacadh do dheunadh gus an lá,


L. 354


ionn a bhfuilim anois, ar do chaoin-altóir
si, ionnas go lánloisgfádh iad uile le
teine do chaomh-ghrádh, go sgriosfádh
amach sal mo chionnta, agus go nglanfádh
mo chogús ua thruaille mo lochd, agus go
mbronnfádh arís orm na grása, a
chailleas tre'm drochlaonta, le iad uile
do lán-mhaitheadh dham agus me ghlacadh
tar ais chum póige na síth-chána.



Creud is féidir dham a dheunadh ar
son mo pheacaídh acht faoisidin úmhal
a dheunadh ionnta; doilgheas agus dubrón
do ghlacadh d'á ndruim; agus do throcare
si d'impídheadh de ghnáth ortha? Eisd
liom go trócareach, aitchim ort: feuch
go seasáidhim a'd láthair, O! mo Dhia.
Cuireann mo pheacaíd uile mí-shásamh ró-
mhór orm: ní háil liom tuitim ionnta
as so suas: tá doilgheas orm d'á
ndruim, agus beidh ar feadh mo bheatha: táim
ollamh chum aithrídhe do dheunadh ionnta
leórghníomh do chómhlíonadh leatsa, a
Thiarna, do réir mo lán-díthchill.



Maith dham, O! mo Dhia, maith dham
mo pheacaidh as uchd do naomh-ainme:
agus sábháil m'anam, d'fhuasglais le'd
chuid fola fíor-uaisle. Feuch go
ghcáithim me féin ar do thrócaire, agus


L. 355


go dtugaim me féin suas idir do
lámhaibh. Rainn liom do réir do mór-
mhaitheasa féin, ní do réir mo chionnta
ná mo mhallaidhtheachda-sa. Tiom-
náidhim dhuit mar an gceudna gach
maith d'á bhfhuil annam, gidh gur ró-
shuarach neamhiomlán mo chuid di, ionn-
as go ndeunfádhsa í leasúgadh agus í
naomhúghadh: í dheunadh taithneamhach
anghlacaidhthe dhuit féin, agus a brígh do
mheudúghadh fós níos mó.



Tiomnaídhim dhuit fós miana mór-
dhiadha na gcráibheach uile; úireasbadha
m'athar agus mo mháthar, mo dhearbhrá-
thar, mo dhearbhshiúra, mo mhúintire
agus mo cháirde; agus gach aon eile, a
rinn maitheas damhsa nó do chach, le
grádh dhuitsi; dhóibhsi mar an gceuid-
na d'iar orm úrnaidhthe agus aifrinn do
rádh dhóibh féin agus d'á gcuid, gidh beó nó
marbh iad. Go mothaidhid uile cabhar
do ghrás, agus neart do shóláis; do com-
airc ann gach doghruinn, agus do shaoradh ua
gach peanaid; ionnas go dtabharfaidís
moladh mor-gháirdeachais duitsi a dtaobh
iad fhuasgailt ua gach olc.



Ofrálaim suas duit mar an gceud-
na m'úrnaidhthe, agus an naomh-iodhbairt
díolúidheachta-so ar a son-so go háiridhe


L. 356


a rinn aon eugcóir orm, a chuir buart,
nnó mí-chliú orm, nó a rinn díoghbháil nó
olc dham. Mar an gceudna, ar son
gach duine d'ár thugas olbhéin, d'á
ndeárnas olc, ar ar chuireas buart air
bith ar feadh mo bheatha, a bhfios, nó a gan-
fhios, le briathar nó le gníomh; ionnas
go dtabharfádh-sa maitheamhnas dúinn
uile, ionn ar gcionntaibh a naghaidh
chéile.



Díbir a Thiarna, as ar gcroidhthibh
gach formad agus gach fearg, gach cu-
thach agus gach cealg, agus gach nídh eile, a
loitfeadh carthannacht, no a leónfadh
grádh na cómharsann. Bídh trócareach
a Thiarna, bídh trócareach ar gach aon a
sgreadann ar do thrócaire; tabhair grá-
sa do'n mbúidhean a tá 'nn a ngádh; agus
deónaidh gur bhfiú sinn do ghrása naomh-
tha d'fhághail, agus már sin dul a seilbh
na beatha síorrúidhe. Amen.



10 CAIB.



Nách cóir druim do chur le comaoine
tré leithsgeul shuarach.



(Críost). Badh cheart duit trialladh
go minic ar thobar na ngrás agus na tró-


L. 357


caire, ar thobar na nuile mhaitheas, agus ar
shruth fhíor-áluinn na naomh-ghlaine;
ionnas go nglanfaídh thu ua gach pea-
cadh agus drochleacht; agus go bhfaghfádh bhrígh
agus neart ann aghaidh chathaidhe agus chealg an
Diabhail. Is fios don námhaid toradh
agus táirbhe na naomh-chumaoine, agus d'á
bhrigh sin, deunann sé a lándíthchioll ar
gach ócáid, ar dhaoinibh diadha, dheagh-
chreideimh do chosg agus do thoirméasg ar
chumaoine do ghlacadh.



Oir ann uair bhídheann daoine d'á
nollmhúghadh féin chum faoisidine, is
e ionsaídheann an Diabhail iad go ró-
chíocrach. Tagann an anspioraid
mhallaidhthe so, amhail tá sgriobhtha a
leabhar Iób, ameasg chlainne Déi dá
mbuaídhreadh le'n a ghnáth-chealg; nó a
cuir an iomad eagla agus sgánradh ortha,
ionnas go dtiocfadh leis mar-so a
gcaonduthracht do mhaolúghadh agus do
lagúghadh, nó a gcreideamh do mhúchadh
le n-amasaibh, dá dtréigfidís an
chumaoine ar fad, nó dá dtriallfaid-
ís uirthe le leamhfhuaire. Acht ní ceart
aire thabhart d'a shéideógaibh cealgacha,
gidh adhfhuathmhar, barbardha iad, acht
is cóir iad go léir a chathadh tar ais
ann eudan féin. Is céart drochmheas agus


L. 358


tarcaisne bheith ar an dtruaghán
ngrána, agus gan fanamhain ua chum-
aoin de dhruim na buadhartha a chor-
raídhean sé annainn.



Is minic mar an gceudna go
gcuireann an iomad imnídhe agus anchúr-
aim a dtaobh faoisidine toirmeasg
mór ar dhuine. Lean annso, chómhairle
na neagnúidheach, agus cuir dhíot gach sgáth-
amhras agus mí-shuamhneas inntine; de
bhrígh go gcoisgid grása Déi agus go
léirsgriosaid an chaondúnnracht. Ná
fan ua chumaoin mar gheall ar gach
buaidreadh, nó trioblóid bheag a thagann
a'd shlíghe; acht éirghidh go luath chum
faoisidine, agus go fonnmhar maith do
chách a gcionnta a'd aghaidh. Agas má
chuiris fearg ar aon neach, iar maitheachas
ar go húmhal, agus tabharfaidh Dia maith-
eamhnas go heusgaidh dhuit-féin.



Creud é an tairbhe dhuit an fhaois-
idin do chur ar cáirde ar feadh a bhfad,
agus druim do thabhairt leis an gcorp
naomhtha? Glan tu-féin chómh luath agus
is féidir leat; caith amach nimh an
pheacaídh, agus triall ar an leigheas; agus
chídhfir gur fearr bheidh tú ioná dá
gcuirfádh ar cáirde é ar feadh a bhfadh,
Má léigeann tú an la aniú thart mar


L. 359


gheall ar shuarachas éigin, b'fhéidir go
dtiocfadh toirmeasg níos mó a má-
rach a'd shlíghe, agus mar sin ua lá go lá
a dul ann olcas agus a neamhshuimeamhla.
Chómh luath agus is féidir leat, craith dhíot
an leisge agus an troimeadhacht sin, oir
ní bhfhuil aon tairbhe dhuit thu-féin a
chomheud a mbuadhairt agus a mí-shuaimh-
neas aigne mar gheall ar na toirmeas-
gaibh laéthamhla-so; ná fanamhain ua
fhaoisidin dá ndruim. Ann fhochair-so,
is mór an dochar an chumaoine do
chur a bhfhadh ar cáirde, oir is gnáth go
ndeunann sé duine leamhfhuar, mar-
bhánta, a bhfaoisidin agus a gcumaoin a
chur ar cáirde d'eagla go gcuirfídh d'ua-
lach ortha bheith níos areiche ortha fein.



Mo nuair! is beag é a ngrádh do
Dhia; is lag é a ndúil a leas a nana-
ma, ann tráth go gchuirid ar cáirde
chómh furas-so corp naomhtha an Tiar-
do ghlacadh! Is sonadh, sar-taithneamh-
ach a láthair Déi an té, a mhaireann agus
chómheudann a chogus chómh glan sin, ar
chor go mbeidh ollamh gach lá ar chu-
maoine do ghlacadh, dá mbeidh sé cead-
aidhtheach aige agus go mb'fhéidir dhó a
dheunadh gan bheith tabhartha fá deara.
Má fhanann duine ar uairibh ua chum-


L. 360


aoiné tré úmhlachd, nó mar gheall air
chús dhlísdineach éigin eile, is ceart
é mholadh de dhruim a urraime. Acht
má eulaídheann leisge air, ni fuláir
dho é-féin do chorrughadh suas, agus gach
nídh is féidir leis do dheunadh; agus ta-
bhairfaidh Dia cabhair d'á mhian ar
son a dheaghinntinne, air a bhfheuchann sé
a gcómhnuidhe go taithneamhach.



Agas ann uair a cuirthear cosg
dlisdionach air, ní fuláir dhó fós bheith
a gcómhnúidhe ar inntinn cumaoine do
ghlacadh; agus air an módh so ní chaillfidh
toradh na sácraminte. Oir is féi-
dir leis gach duine diadha corp Chríost
a ghlacadh go spriodálta gach uair
de'n lá gan cosg air bith, le fághál-
tas mór d'á anam féin. Agas fós
air laéthibh áiridhe, agus air aimsiribh
ceapaidhthe, badh cheart dó, corp
Chríost a ghlacadh go sácraminteamh-
ail le searc-chumann; agus moladh agus on-
óir Déi do lorg níos mó ioná a shó-
lás féin. Oir glacan sé ann corp
naomhta go rúndiamharach a módh dho-
fheicse chómh minic agus chúimhnídheann sé
go diadha ar rúndiamhair na hion-
cholna agus ar pháis Chríost, agus lasann le
teasghrádh dhó.


L. 361


Is minic a bearfar gan ollmhúghadh
air an té nách gcuireann é féin ann
oireamhain acht ar theachd féile éigin,
nó d'á leath-amhdheóin ar uairibh áir-
idhe. Is beannaidhthe an té, a thoir-
bhireann é-féin suas do'n dTiarna,
mar íodhbairt loisgthe chómh minic agus
deireann afrionn nó ghlacann an corp
naomhtha. Ná bídh ró luath ná ró mhall
ag rádh aifrinn acht lean an sean-nós
mait, coithionn na háite ionn a gcómh-
naídheann tú. Ní ceart dhuit bheith fa-
dálach ná trioblóideach do chách, acht
an sean-nós do leanmhain do réir
thionsgnadh na nuachdarán; agus tairbhe
chách do lorg níos túigse ioná do chu-
mann claon féin.



11. CAIB.



Go bhfuil corp Chríost agus an sgribhinn
dhiadha ró ríachtanach don anam
ionnruic.



(An Deisciobhal). O! a Thiarna,
a Íosa shár-mhilis, nách iomadamhail
é suairceas an anama fhireunta, a
shúidheann ar aon chlár leat féin chum


L. 362


do bhainíse naomhtha: áit nách gcuir-
thear biaidh ar bith ós a chómhair,
acht thú-féin a dhian-ghrádh anmhian-
aidhthe tar gach mian a chroídhe. Agas
badh ró thaithneamhach liomsa frasa
deór do shilleadh ad láthair le lán-
chumann mo chroídhe, agus ar nós Mhag-
dalen do chosa d'ionladh le lacht mo
dhearc. Acht cá bhfuil an dian-dort-
adh deór so? Gan amhras, badh cheart
do'm chroídhe bheith air lasadh le grádh
agus ag gul le háthas a'd láthair si, agus a
láthair do naomh-aingeal. Oir tá tú
agam go fírinneach annsan tsácra-
mint láithreach, gidh ceilte fá ghné
eile.



Dá bhrígh nár bhféidir do'm shúilibh
tu dhearcadh a gceart-mheódhan do
lán-lonnra féin, ná fhós ní fhéad-
fadh an domhan uile seasadh le deall-
radh ghlóire do mhórdachda. Uime
sin cómhíslídheann tú thu-fein do'm
laige-si, mar is go gceilir thú-féin
annsan tsácramint so. Sealbhaim agus
adhraim annsan tsácramint so, an
Dia ceudna d'adhraidh na aingeala
air neamh; acht mesi a gcreideamh
agus iad san ann amharc gan falach. Ní
fuláir dhamhsa bheith sásda le solas


L. 363


an fírchreideimh, agus siúbhal d'á
réir go néirghídh lá lonnrach na
síorrúidheachta, agus go nimthídh sgáile na
bhfíoghar tharainn. "Acht ann uair
thiocfaidh an iomláine," ní bheidh gádh
le sácramintíbh, oir ní theasdaídh-
eann falach na sácramintídhe ua'n
ndream mbeannaidhthe ag a mbeidh
glan-ghlóir na bhflathas. Oir tá a
luathgháir gan chríoch gan deire a
bhfiaghnaise Dei; ag amharcadh a
ghlóire aghaidh ar aghaidh; agus athchrudh-
aidhthe ua dheallradh go deallradh de
dhoimhneas na Díadhachda, blaisid
"briathar Déi d'ár deunadh feóil,"
mar bhídh ua thús agus bheidh go síorrúidhe!



Ann uair chuimhnídhim ar na nidhthibh
iongantacha-so, bídheann gach sólás
spriodálta féin ró mhí-thaithneamhach
agam; de bhrígh an fhaid nách bhfeicim
mo Thiarna go follus ionn a ghlóir, ní
bhfhuil súim ar bith agam ann aon nídh d'á
gcloisim ná d'á bhfeicim ar drúim ta-
laimh. Is tusa féin, a Dhia, m'fhiagh-
naise, nách féidir d'aon nídh cruth-
aidhthe sólás ná suaimhneas aigne tha-
bhairt dam gan tusa mo Dhia d'á
dtugas taithneamh, agus ar ar mian liom
bheith ag machtnadh go bráth. Acht ní


L. 364


féidir é so an fhaid táim annsan
mbeatha shomharbhthaich-so. Agas ar an
ádhbhar sin ní fuláir dham bheith foi-
ghideach, agas géilleadh dhuitsi ann gach
mian. Oir dfhan do naoimh a tá anois
fúidh áthas ann d'fhochair si a ríoghacht
na bhflathas, an fhaid bhíodar ar an
tsaoghal so, a gcreideamh agus a mór-
fhoighidhe ag fetheadh le teachd do glóire.
Tá an creideamh ceudna agamsa, tá
an dóthchas ceudna, a bhídh aca san
agamsa, agus tá mo shúil tré'd ghrásaibh
si go dtiocfadh liomsa rochthuin do'n
áit d'á ndeachadar-san. Go nuige sin,
triallfad ort le creideamh neartaidh-
the tré shómpla na naomh. Tá ann fho-
chair sin leabhair dhiadha agam mar
shólás agus mar sgathán beatha; agus tar
gach nídh eile, do chorp naomhtha féin
mar leigheas ró bhríghmhar, agus mar chomh-
airc ua'm námhaid.



Oir mothaidhim go bhfhuil dhá nídh áir-
idhe ró ríachthanach dham; agus nách féidir
dham mo bheatha anacrach d'iomchar
gan iad. Admhaidhim go dteasdaidheann
dhá nídh uaim an fhaid fágfar a gcar-
cair na colna so me: íodhon: "oil-
eamhain agus solas." Thugais si dham ar
an ádhbhar sin, gidh lag me, do chorp


L. 365


naomhtha féin mar oileamhain anama
agus choirp; agus chuiris do bhriathar mar
"Lóchrann do'm chosaibh, agus mar sholas
dom' chasánaibh." Psailm 108.105.
Níor bh'fhéidir dham maireachtan ionn
a neughmais so araon: oir is é bria-
thar Déi lóchrann m'anama, agus isé an
sácramint "arán na beatha." Is
féidir a rádh mar an gceudna gur
b'iad so araon an dá chlár a cuireadh
fá seach ar gach taobh d'óirchisde na
naomh-eaglaise: íodhon, clár na hal-
tóra naomhtha ar a mbídheann an tarán
beannaidhthe, se sin, corp mór-luach
Chríost. Air an gclár eile tá an
dlíghe dhiadha agus an toircheadal naomhtha
ag teagasgadh an chreideimh cheirt, agus
ag treórúghadh go neamhearráideach fós
asteach tar "an bhfalach" mar a bhfhuil
"naomhthachd na naomhthachda". Moladh
go buan duit, a Thiarna Iosa, a sho-
lais na soillse síorrúidhe, ar son chláir
an naomh-theagaisg badh thoil leat d'oll-
mhúghadh dhúinn tré shaothar do sheirbhí-
seach, na fáidhe na hapstoil, agus teagasg-
thóirídh eile.



Bheirim búidheachas leat, a Chruthaidh-
theóir agus Fhuasgaltoir an domhain, an
té le grádh do'n gcine dhaonna d'oll-


L. 366


mhaidh fleath ró-áluinn, agus chuir ionn ar
bhfiaghnaise le n-íthe agus le n-ol ní hé
an tuan-fíoghardha, acht a chuid feóla
agus fola fíoruaisle féin: ag cur luath-
gháire ar na fíreunaibh le'n a bhainis
ró naomhtha; agus d'á bhfóirlíonadh le
cailís na sláinte síorrúidhe, ionn a
bhfuil aoibhneasa pharthais uile: agas
caitheann na naomh-aingeil an fhleath
so ionn ar bhfochair, acht le milseacht
níos sáire go mór.



O! nách árdchéimeach, onorach é
gnó na sagart, a fuair cómhachta,
Tiarna na mórdhachda do naomhchois-
reacadh le briathraibh beannaidhthe; é
bheannúghadh le'n a mbeulaibh; é thóg-
bháil idir a lámha; é ghlacadh go cor-
pardha, agus é rainneadh le chách! O! nách
glan badh cheart do na lámhaibh so bheith,
nách gléith an beul, nách naomhtha an
corp, nách neamhcháidheach an croídhe
badh cheart bheith ag an tsagart, a
ghlacann chómh minic so Ughdar óir-
dheirc na fíorghlaine! Níor cheart
d'aon fhocal, acht do dheaghfhocal naomh-
tha teachd ua bheul sagairt, a ghlacann
chómh minic so sácramint choirp
naomhtha an Tiarna.



Badh cheart d'á shúilibh, a bhídheann ag


L. 367


amharcadh ar chorp Críost, bheith modh-
amhail, macánta; agus d'á lámhaibh, a
bhídheann ag lámúghádh Chruthaidhtheóra
neimhe agus talmhain, bheith ró ghlan, agus
árdaidhthe suas chum neimhe. Is chum
na sagart go sonnrádhach a dírídhthear
na briathra so an dlíghe; "Bídhidh
naomhtha, oir táimsi, bhúr dTiarna
Dia, naomhtha". Lebhit.19.2.



A Thiarna uile-chómhachtaich, go dtu-
gaidh do ghrása cabhair dhuinn; ionnas
go ndeunfamois-ne, a thóg grádh eag-
laise orainn féin, do thoil ró naomhtha
do chómhlíonadh le croídhe neamhcháidheach
agus le cogús glan. Agas muna bhfhéad-
amoid ar mbeatha do chathadh chómh neamh-
chionntach agus badh chóir, deónaidh dhuinn,
an chuid is lúgha dhe, doilgheas do ghla-
cadh de dhruim na bpeacadha ionn ar
thuiteamar, agas do réir a dheunadh
a spioraid na húmhlachta, agus a rún
deaghinntinne níos fonnmhaire feasda.



12 CAIB.



Gur ceart do'n té thriallann air an
gcorp naomhtha é féin d'ollmhúghadh
go dútrachtach do Chríost.



(Críost). Is mesi an té a ghrádhann


L. 368


an ghlaine, agus bhronnann an uile naomhthacht.
Loirgim an croídhe glan; agus is ann a
tá ionad mo chómhnaidhthe. Ollmhaidh
dham "seómar árd, farsaing, deagh-
mhaiseach, agus deunfad an cháisg a'd
fhochar mar aon le'm dheisciobhalaibh".
Má's ail leat me theachd chugat agus lonúigh-
adh a'd fhochair, sgrios amach an sean-
laibhín, agus cullóid na ndubháilcídh uile;
suidh amhail gealún uaigneach ar bhuaic
an tígh, agus cúimnidh ar do chionntaibh a
searbhas do chroídhe. Oir deunann gach
duine, a bhídheann a ngrádh, ann seómar
is fearr, agus is maiseamhla d'oll-
mhúghadh d'á shearc; agus is márso haith-
nídhthear cumann an té a thugann cuir-
eadh d'á dhianghrádh.



Gidhe ná beir leat fo bhféadfádh
thu-féin d'ollmhúghadh mar badh chóir
tré luaidheacht do ghníomhartha féin go
haonaránach, dá gcaithfádh an bhliain
go léir leis agus gan cúimhneadh ar aon nídh
eile ar feadh na haimsire; acht de'm
fheabhas agus de'm ghrásáibh-si amháin
a tá sé ceadaidhtheach dhuit súidhe chum
cláir an Tiarna; amhail agus dá dhtugadh
duine saidhbhir cuireadh bainíse do bhoch-
tán nách bhféadfadh aon chúiteadh eile
do thabhairt uaidh ar son na cumaoine,
acht é féin d'úmhlúghadh agus altúghadh le'n


L. 369


a bhéile. Deun do dhíthchioll, agus deun go
dúthrachtach é; acht ná deun é tré
nós, ná tré éigean; acht le heagla
agus le hurraim, le searc agus le cumann,
glac corp naomhtha do Thiarna Dia,
a dheónaidh é féin do bhronnadh ort. Is
mesi an té, a thug cuireadh dhuit; is me
an té d'órdaidh é bheith mar so; fóir-
líonfad sa a dteasdaidheann uaitsi;
tair agus glach me.



Ann uair bhronnaimsi grása na
caondúthrachta ort, tabhair búidheachas
do'd Dhia, ní de bhrígh gur fiú thu é,
acht de bhrígh fo ndeárnadh sa tró-
chaire ort. Agas muna mbhronntar
ort iad, agus go mothaidhir thu-féin tir-
im, fuarchásach, lean de'd urnaidhthibh
ag osnaidheal agus ag bualadh dhorais na
trócare; agus ná sguir go dtuillir blódh
nó braon de ghrásaibh Déi. Teas-
daidhim si uaitsi, acht ní theasdaidhir
si uaimsi; agas ní thagairsi chum
mesi do naomhúghadh, acht tagaimsi
do'd naomhúgadhsa agas do'd dheunadh
níos fearr. Tagair si, ionnas go
ndeunfainnsi thu naomhúghadh agus do thá-
thúghadh liom féin, ionnas go bhfaghfádh
breis ghrás agus díograis chum do bheatha
do leasúghadh. Ná tabhair faillíghe
annsna grásaibh so, acht ollmhaidh do


L. 370


chroídhe go lán-dútrachtach 'nn a gcó-
mhair; agus treóraidh do dhianghrádh
chugat.



Acht badh cheart dhuit, ní hé amháin,
thu-féin d'ollmhugadh go dílios dúth-
rachtach roimh chumaoine, acht aire do
thrbhairt dhuit féin tar éis cumaoine
do ghlacadh; de bhrígh go bhfhuil se chómh
ríachtanach bheith ar d'aire na diaigh, agus
tá bheith ollmhaidhthe roimhe: oir ní
bhfhuil ollmhúghadh is fearr chum cum-
aoine do ghlacadh arís ioná deagh-
chomeud ar na grásaibh a fuaramar.
Oir deunann sé díoghbhail mhór do'n
anam filleadh go hobann ar lorg shólás
chead-fhádhach. Ná bídh tugtha do chaint,
fan ann ionad uaigneach leat féin ag
caoin-chómhrádh le Dia, oir tá sé
agat; agus ní féidir do'n domhan uile é
bhreith uait! Is mesi an te d'ár
ceart dhuit do bhith iomlán do thabhairt
suas; ionnas go mairfádh feasda saor
ua gach buadhairt aigne ní a seilbh
do thola féin acht a'm' sheilbhsa.



13 CAIB.



Gur ceart do'n anam dhiadha bheith
lán-dúlmhar a gcómcheangal Chríost
annsa tsácramíntso.


L. 371


(An Deisciobal). Cia a thabhar-
fas dam a Thiarna, tusa d'fhághail
a'd aonar, go nosgólfainn mo croídhe
go léir dhuit, agus go sealbhóchainn thu do
réir dhúil m'anama; agus fós ná dímheas-
adh aon neach me, agus ná cuireadh aon nídh
cruthaidhthe buaidhreamh ná beann orm;
acht go labharfádh féin liom, agus go
labharfainn-si leatsa, amhail a labha-
rann cáirde caomh-dhílios le chéile.
Isé mo ghúidhe agus mo mhian bheith dlút-
cheangailte leat, agus mo chroídhe do
sgaramhain leis gach nídh cruthaidh-
the; agus tré naomh-chumaoine, agus tré sho-
lamnadh an afrinn nidhthe neamhdha na
síorrúidheachta do mhachtnadh níos mi-
nice agus níos fonnmhaire. A! a Thiar-
na, ciothan a bheidh me dlúth-cheangailte
annatsa agus lándearmhadach orm féin;
ionnas go mbeidhinn annatsa agus tusa
annamsa: O! deónaidh go mbeidhmís
choídhche dlútaidhthe mar so le chéile.



Go fírinneach, is tu mo dhian-ghrádh,
mo rogha de mhíltibh, ionn ar ró-mhian
lem' anam cómhnúidhe uile laéthe a
bheatha. Go fírinneach is tu mo ceann-
saidhtheóir ionn a bhfhuil sár-shíthcháin agus
suaimhneas fíor; agus gan tu ni bhfuil acht
duadh, dubrón agus anacradh shíorrúidhe le


L. 372


fághail. Go fírinneach, is Dia ceilte thu,
agus ní bhfhuil do chómharle leis na malladh-
theóiribh; acht tá do chómhluadar le
daoinibh úmhla, símplídhe. O! is suarc
í do spioraid, a Thiarna, a dheónaidh
do chlann a chothúghadh leis an arán
sár-mhilis, a tháinic anuas ua neamh;
ionnas go gcuirfádh do mhór-mhilseacht
ann úil dóibh! Go fírinneach, ní bhfhuil
aon chine eile chómh mór, ag a bhfhuil a
nDia chómh dlúith so leó, is tair si, a
Thiarna Dia, linne, do chlann dílios
féin, d'á dtugair do chorp naomhtha
féin mar shólás laétheamhail, agus mar
thógbháil croídhe!



Oir cá bhfhuil aon chine dhaoine chómh
clúdhamhail leis an gcine chríost-
amhail? Ná cá bhfhuil aon chreutúir
fá neamh is dílse 'ná an tanam fí-
reunta ionn a dtagann Dia féin d'á
chothúghadh le'n a chorp glórmhar féin?
O! a ghrása do-labhartha! O! a
chaomhdheónadh ró iongantaich. O! a
ghrádh do-chúimsidhthe rannta go ró fhial
ar an nduine! Acht creud é an cúiteadh
is féidir liom a dheunadh leis an
dTiarna ar son a ghrása agus a chómh-
charthannachta. Ní bhfhuil aon nídh d'ár
féidir liom a thabhairt uaim is fearr
a thaithneann leis 'ná mo chroídhe go


L. 373


léir do thiomnadh dhó, agus é chómhcheangal
a ndlúthmhuinteardhas leis. Ann sin
léimfidh m'innídhe le luathgháir ann uair
bheidh m'anam dlúthaidhthe le mo Dhia:
Ann sin déarfaidh sé liom: "má's
áil leatsa bheith a'm' fhochair si, is áil
liomsa bheith a'd' fhochair si": agus déar-
fad-sa leis; "deónaidh, a Thiarna,
fanamhain a'm'fhochair, agas beidsa
lántsásda le bheith a'd' fochairsi. Is
é mo mhian ule go mbeidh mo chroídhe
ceangailte annad.



14 CAIB.



De ghrádh lasamhain na ndaoine
ndiadha chum an choirp naomhtha
do ghlacadh.



"O! a Thiarna, creud é iomad-
amhlachd do-mhilseachda a tá taisgidhthe
agad fá chómhair na ndaoine air a
mbídheann d'eagla." Ann uair chuimh-
nídhim si ar dhaoinibh diadha áiridhe, a
thagann chum do shácramint le cumann
ró chneasda agus le grádh ró líonmhar,
is minic go lasaim le náire, a dtaobh
triall ort chómh leamh agus chómh fuar
so: bídheann aithis orm a dtaobh bheith
chómh tirim so agus chómh fuarchásach a


L. 374


bhfiaghnaise mo Thiarna Dia, ann uair
badh cheart dam bheith ar lasad le díog-
ras, mar dhaoininibh diadha is minic
nách bhféadann deóra a ngáirdeachas
do chosg le meud foinn agus cumainn a
gcroídhe chum cumaoine do ghlacadh.
Air a mbídheann cíocras naomhtha tu-
sa, a Dhia, a thiobraid na beatha, do
ghlacadh asteach 'nn a gcroídhe: oir ní
fhéadaid a nocras do mhaolúghadh ná
do shásadh gan triall air an gcorp
naomhtha le luathgháir anama agus le
cíocras spriodálta!



O! is sár-dhearbhadh ar do naomh-
fhiaghnáise si an creideamh beódh so
do sheirbhíséach. Oir aithnídhid san go
fírinneach a "dTiarna a mbriseadh
an aráin": oir bídeann a gcroídhe
ar lasadh le teasghrádh ua Íosa bheith
ag taisdealladh leó. Is minic gur
ró fhada uaimsi bhídheann a leithéid
so de chumann agus de chaondúthrachdh.
Bídhsi trocaireach orm, a dheagh-Íosa,
a Thiarna mhilis mhór-cheannsa, agas
deónaidh dham, do sheirbhíseach bocht,
cuid éigin de chaomh-chumann do ghrádh
do mhothúghadh, an chuid is lúgha de ann-
sa naomh-chumaoine; ionnas go mbeidh
mo chreidheamh níos láidire: mo dhóth-
chas ad' mhór-mhaitheas-sa níos breis-


L. 375


eamhla, agus mo charthannachd buantséas-
amhach, tar éis bheith lánlasda aon
uair amháin le blaiseadh manna ná
bhflathas.



Umoro is féidír le'd thrócaire
na grása a theasdaidheann uaim do
bhronnadh, agus teachd do'm fhiosradh go
caoin, ceannsa le spioraid an díog-
rais ann uair is maith leat féin é.
Agas gidh nách bhfuilim ar lasadh anois
le mian chómh fonnmhar le'd sheirbhí-
seachaibh dílios; gidhe is ró áil liom
an mór-mhian bheith agam; ag ghúidhe
agus ag síoriarradh go mbeidhinn rann-
pháirteach leis an muintir is mó ghrá-
dhann Tusa, agus áireamhaidhdhe ameasg a
naomh-chúideachtain.



15 CAIB.



Nách bhfaghthar grása na caonduth-
rachda gan úirísleachd agus féin-
diúltadh.



(Críost). Badh cheart duit grása
na caondúthrachda do lorg go him-
nídheach, d'iarradh go díograsach, dfei-
theadh go foighideach, dóthchasach, do ghla-


L. 376


cadh go búidheach, do chomeud go hú-
mhal; comhoibriúghadh go díthchiollach
leó, agus ionad agus aimsir na cuairte
néamhdha-so d'fagbháil fá Dhia chum
gur toil leis féin teachd dod' fhios-
radh. Bádh cheart duit thú-féin d'úmh-
ladh go ró mhór ann uair nác mothaidh-
eann tu aon chaondúthracht nó fós acht
beagán di go hinmheódhanach; gidhe
ná bídh ró throm-chroidheach ná ró dhub-
rónach. Is minic go mbronnann Dia
a n-aon athaidh ghearr amháin, an nídh,
a dhiúltaidheann ar feadh móráin aim-
sire. Tugann se ar uairibh a ndeire
úrnaidhthe an nídh, a chuir sé ar cáirde
a dtosach.



Dá mbronnfadh Dia a ghrása go
hobann agus do réir thola an duine, níor bhfuras
don duine lag iad d'iomchar.
Dá bhrígh sin, is ceart feitheadh go
deagh-mhuiníneach agus go húmhal-fhoighid-
each le grásaibh na cáondúthrachta.
Gidhe muna mbronntar ort, nó má
baintear go foillightheach dhíot iad
cuir a mhilleán ort féin, agus ar do phea-
caidhibh. Is minic gur beag an rud,
a choisgeann nó a cheileann grása ort,
má's féidir a rádh go bhfuil an nídh
sin beag a choisgeann maith chómh mór
san: acht má chuireann tú an toirmeasg


L. 377


so as do shlíghe gidh beag nó mór é, agus
buadh iomlán d'fhághail ar, gheabhair
mian do chroídhe.



Oir chómh luath agus thugair thú-féin
suas go hiomlán do Dhia, gan lorg
air bith ar do chlaon-toil féin, acht géil-
leadh ann gach nídh do'n Tiarna, beidhir
táthaidhthe go dlúth a síthcháin leis; oir
ní chuirfeadh aon nídh an oiread luath-
gháire agus sásdachda ort le deaghthoil
Déi. Gidh b'é uime sin, a dhírídheann
a inntinn le croídhe neamhrannta suas
chum Déi, agus ghlanann é féin ua gach
grádh agus fuath anmeasardha d'aon nídh
cruthaidhthe, is sé sin is sáir-oireamh-
neiche ar ghrásaibh na caondúthrchda
d'fághail. Oir bronnann Dia a bheann-
acht annsa n-áit ionn a bhfaghann na
hátharacha folamh. Agas dá iom-
láine a thréigeann duine nidhthe an tsao-
ghail so, agus dá mheud a bhásaídheann agus
dhímheasann é-féin, ise is túisge a
thagann grása, ise is líonmhaire a
théid asteach, agus ise is airde a thógaid
an croídhe saor.



"Ann sin chídhfidh sé agus líonfar é;
beidh iongna agus farsainge ar a chroídhe
ionn a chliabh," de bhrígh go bhfhuil lámh
Déi leis, agus chuir sé é-féin idir a


L. 378


lámha go hiomlán ar feadh na síorrúidh-
eachda. Feuch gur mar so a beann-
óchar an té, a loirgeann Dia le'n a
chroídhe uile; agus ní gan fáth a fuair
sé a anam. Faghann a leithéid so de
dhuine mór-grása an cheangail dhiadha
ar ghlacadh an choirp naomhtha; de bhrígh
nách gcuireann suim ionn a shólás ná ionn
a fhurtachd féin, acht ann onóir agus a
a nglóir Déi tar gach sólás agus fur-
tachd.



16 CAIB.



Gur ceart dhuinn ar nuireasbadha do
nochtadh do Chríost, agus a ghrása
d'iaradh.



(An Deisciobal). A Thiarna ró-
mhilis, ró ghrádhmhair, is mian liom tu
ghlacadh anois go ró chaondúthrachtach;
tá fios mo laige agus m'uireasbadha
agat; is eól duit meud na locht agus na
ndubháilcídhe ionn a bhfuilim múchta;
creud é a mhinice, bhídhim fá throm-
dhoilgheas, fa chathaidhibh, fá bhuairt, agus
fá thruaill-dhochar. Is cugatsa tha-
gaim ag iaradh leigheis; guidhim thu


L. 379


cabhair agus furtachd a thabhairt dham:
labharaim leis an té ag a bhfuil fios
an uile nídh, d'ár follas gach smuain-
eadh uaigneach mo chroídhe, agus le ar
féidir cabhair agus fortachd a thábhairt
dham: tá a fhios agat gur iomdha nídh
maith a núireasbadh orm, agus go bhfuilim
ró bhocht a subháilcíbh aguis a ndeagh-
thréidhthibh.



Feuch go seasaídhim a'd láthair a'm
bochtán nochtaidhthe, ag iaradh do ghrás
agus ag ímpídheadh do thrócare. Biadhthaidh
me, do bhochtán ocrach; las mo chroídhe
fuar le teine do dhian-ghrádh; agus soill-
sidh mo dhaille le lonnra do naomh-
ghnúise. Múin dham searbhas d'fhághail
a nidhthibh talmhuidhe, agus gach anacradh agus
buaireamh d'fhulann le foighide; agus nidh-
the suaracha soghluaiste an tsaoghail
so do dhímheasadh. Ardaidh mo chroídhe
chugat féin ar neamh, agus ná fág air
seachrán annso me. Bidhsi amháin
taithneamhach dham ua anois ar feadh
na síorrúidheachda. Oir is tusa
amháin mo bhiadh agus mo dheoch, mo ghrádh
agus mo luathgháir, mo mhilseachd agus m'uile-
mhaitheas.



O! badh ró áil liom go lasfádh, go
loisgfádh agus go nathchúmfádh me ann-
at féin tré'd láthardhachd, go mbeidh-


L. 380


inn a'm spioraid mar aon leat, tré
ghrásaibh an chómhcheangail inmheádhan-
aich, agus tré radadh seirce agus síor-
ghrádh! Ná léig uait me fá ocras,
ná fá thart; acht rainn liom go tró-
caireach, amhail rainnis go miric le'd
naomhaibh a módh iongantach. Creud
é an t-iongna dá lasfainn ar fad le
dian-ghrádh; agus bás d'fághail annam
féin, de bhrígh gur teine gan múchadh
thusa; gur grádh thu, a ghlanann an
croídhe agus shoillsídheann an tuigsin.



17 CAIB.



De ghrádh lasamhain, agus de dhúil dhíog-
raiseach Críost do ghlacadh.



(An Deisciobal). Le díogras
dian agus le grádh lasamhain, le ró-
chumann agus le dúil mo chroídhe go léir,
is mian liom thu ghlacadh, a Thiarna;
ar nós mhórann naomh agus daoine diadha
a bhídh ró thaithneamhach dhuit a naomh-
thachd a mbeatha, agus a ndíogras a gcaon-
dúthrachda. O! mo Dhia, mo ghrádh
síorrúidhe, mo shonas dochríochnaidhthe,
agus m'uile mhaitheas, badh ró-mhian liom
thu ghlacadh le grádh agus le hurraim chómh


L. 381


mór agus ghlac aon de'd' naomhaibh riamh
thu.



Agas gidh nách fiú me an oiread teas-
ghrádh do mhothúghadh agus mhothaidheadar san,
gidhe, tiomnaidhim dhuit uile-chumann
mo chroídhe chómh maith agus dá mbeidh
miana mór-dhíograis na naomh go
leir agam féin; agus ann fhochair sin
toirbhirim suas dhuit gach deaghsmuain-
eadh d'ár féidir le aigne dhiadha féin
do mhachtnadh nó d'iaradh le mór-
urraim agus le landúthrachd. Ní háil
liom aon nídh do thaisgeadh dam féin
acht me-féin agus a bhfuil agam dho thoir-
bhirt go toiltionach, lán-tsaor dhuit-
si. O! a Thiarna, mo Dhia, mo Chruth-
aidhtheóir agus m'Fhuascaltóir, is mian
liom tu ghlacadh aniú le cumann, le
urraim, le moladh, agus le onóir, le búidh-
eachas, le fúintachd, agus le grádh; le
creideamh, le dóthchas, agus le glaine
chroídhe, amhail ghlac do naomh Mháthar,
an mhaighdean ró ghlórmhar thu, ann uair
fhreagair sí an taingeal go húmhal
diadha, an tan d'foillsidh sé rún-
diamhair na hioncholnaidh dhi: "Feuch
mesi cailín an Tiarna, go ndeun-
tar liom do réir do bhriathair. N.
Lúcas 1.38.



Agas amhail do léim naomh Eón


L. 382


Baisde le luathgháir annsa spioraid
naomh, agus é a mbroinn a mháthar; agus 'nn a
dhiaidh sin ar fheicsin Íosa ag siúbhal
a measg na ndaoine, d'úmhlaidh é-féin
go ró mhór, agus dúbhart go lándíograsach,
"cara an fhirnuadhphósda, a sheasaidh-
eann agus d'éisdeann leis, gabhann luathgháir
mhór é tré ghuth an fhirnuadhphósda".
N. Eóin.3.29. Mar an gceudna is
ró áil liomsa bheith ar lasadh le mian-
aibh sár-naomhtha, agus me-féin a thabhairt
suas dhuit le'm chroídhe uile. Uime sin
ofrálaim dhuit anois luathgháir, agus árd-
chumann, táimhneul agus soillse os cion
nádúire, gach deaghchroídhe mar aon le
moladh agus le subháilcíbh an uile chreut-
úra ar neamh agus ar talamh, ar mo shon féin
agus ar son gach naon a chuir é-féin fá'm
ghúidhe; ionnas go dtabharfamois uile
moladh agus glóir dhuit go síorrúidhe.



Gaibh le'm dheaghinntinn, a Thiarna mo
Dhia, agus glac mo mhian, moladh do-
choimshidhthe agus beannachta gan fóircheann
do thabhairt duit do réir iomadamh-
lachta do mhórdhachda dolabhartha. Of-
rálaim iadso dhuit, agus is é mo ró-mhian
bheith d'á nofráil gach lá agus moiment
dhe'm shaoghal. Agas tugaim cuireadh
agus ímpídhim ar na spioraidíbh neamhdha
teachd a gcabhair dham chum tu do mho-


L. 383


ladh agus búidheachas do bhreith leat. Go
molaidh agus go móraidh gach pobul, treabh
agus teanga do naomh-ainm go ró luath-
gháireach. Agas deónaidh do gach naon,
a dearfas aifrionn go diadha, deagh-
urramach, agus a ghlacfas sácramint ró-
óirderc na haltóra le lán-chreid-
eamh, grása agus trócaire d'fhághail idir
do lámhaibh naomhtha; agus mar an gceud-
na, deónaidh é ghúidhe ormsa, an pea-
cach bocht, truaillidhthe. Agas fos
ann uair bronnfair-si grása na caon-
dúthrachda ortha agus bheidh siad comh-
ceangailte a ngrádh leat, ar tí imtheachda
ua'n gclár neamhdha lán de shólás agus
d'oileamhain bheannaidhthe, deónaidh, a
Thiarna, iad ghúidhe ar m'anam bochtsa.



18 CAIB.



Nách ceart do dhuine bheith ag sgrúd-
adh an tsácramint-so le deis-
mireachd, acht Críost do leanmhain
go huirísiol, agus a cheadfadh cóllúidhe
do thabhart fá smachd an chreideimh
naomhtha.



Críost. Ní fuláir dhuit an uile
sgrúdadh deismireach neamh-thairbhtheach


L. 384


a dtaobh an tsácramint tsár-dhoimhin
so do sheachnadh, má's maith leat gan
tuitim a ndubhaigéin an amhrais;
"Oir múchfar le glóir an te bhídheann
ag sgrúdadh mórdhachda". Seanraidh-
te. 25.27.



Is féidir le Dia nios mó do dheu-
nadh 'ná is féidir le duine a tuigsin.
Tá sé ceadaidhthe an fhírinne do lorg
go húmhal diadha do réir theagaisg
fhalláin, dhiongmhálta na nAtharach
naomhtha.



Is beannaidhte í an tsímplídheachd
sin, d'fhagann slighte daingeana, do-
eóluis an aghnais agus na conspóide, agus
d'imthídheann ar aghaidh a mbealach follas,
fírdhíreach na naitheanta! Is iomdha
duine chaill a chreideamh ann uair badh
mhian leis nidhthe ró árda do léir-
sgrúdadh. Is creideamh agus beatha ionn-
ruic a hiarthar ortsa, agus ní árd-
chumas intleachda, ná doimhneas rún-
diamar Déi. Muna dtuigir agus muna
bhfhuil fios na nidhthe a tá fá'd bhun
agat, cionas is féidir dhuit na nidhthe
a tá ós do chionn do thuigsin? Géill
do Dhia agus úmhlaidh do cheadfadh do
chreideamh, agus tabharfar solas na


L. 385


heagna dhuit an mheud is ríachtanach
agus is tairbheach dhuit é.



Fulanneann daoine áiridhe geur-
chathadha a dtaobh an tSácsamint-so;
gidhe ní ortha féin is cóir a mhilléan
do bheith acht ar an námhaid. Ná bídh
ró shuimeamhail ann, na héirghidh chum
conspóide le'd smuaintibh, agus ná
freagair d'amhrasaibh a thagann ua'n
nDiabhal; acht creidsi briathra Déi:
creid d'á Fáighibh, agus teitfidh an na-
mhaid mhallaidhthe uait. Is minic
gur ro thairbheach do sheirbhífeach
Déi a leithéidídheso d'fhulann; de bhrigh
nach n-ionsainádheann an Dhiabhal luchd
an díthchreideimh, agus peacacha a tá
ann a sheilbh dhílios cheana aige; acht
ionsaidheann sé a módh eugsamhall
luchd an chreideimh agus daoine diadha.



Eirghidh air d'aghaidh uimé sin,
le creideamh ionruic neamh-amhras-
ach, agus triall air an tsácramint-
so le húmhalurraim; fág fá Dhia
uile-chómhachtach an mheud nách dta-
gann leat do thuigsin. Ní mheallann
Dia choídhche, acht tá an té sin meallta
a chureann an iomad dóthchais as a
neart féin. Síubhlaidheann Dia leis
na daonibh símplídhe; agus foillsídheann
é-féin do na daonibh úirísle. "Tu-


L. 386


gann sé tuigse do leanbhaibh": osglann
sé dóirse na heagna do'n aigne
ghlan agus ceileann a ghrása ar na daoinibh
deismeireacha, uabhaireacha. Tá an
reusun daonna lag, agus is furas é mheal-
ladh, acht ní féidir creideamh fírinneach
do mhealladh.



Badh chéart do'n uile reusún agus do'n
uile sgrúdadh nádúrdha creideamh do
leanmhain agus gan imtheachd choídhche
roimhe, ná gabháil ann aghaidh: de bhrígh
go bhfuil creideamh agus grádh sárchéim-
each, agus go nobraidhid annsa tsácra-
mint tsáirnaomhtha ró óirdheirc-so
ar mhódh dho-fheicse. Oibridheann Dia
síorrúidhe dochúimsídhthe uile-chómhach-
tach nidhthe móra dosgrúdaidhthe air
neamh agus air talamh; agus rí féidir a
ghníomhartha iongantacha do léir-
chuartadh. Dá mbeidh oibreacha Déi
sothuigse ag an reusún ndaonna, níor
bh'fhéidir a rádh go mbeidís míor-
bhuilleach, do-labhartha.



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services