Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Tighe Chonáin
Title
Feis Tighe Chonáin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Joynt, Maud
Composition Date
1686
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1936)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sealg throm-thorthach shaor-aoibhinn árd-aigeantach mhór-mheanmnach do comóradh le Fionn mac Cubhaill mic Tréinmhóir uí Bhaoiscne agus le fianaibh gúsmhura gairg-bheódha gníomh-éachtacha Gáoideal ó Theamhair Earna a theas go Sliabh árd uráoibhinn Eachtuigh. As ann sin do suigheadh an tshealg leó, fó na coilltibh beandacha bárr-ghlasa mór-thorracha agus fó na daireadhuibh dlúithe daingne díomhóra agus fó na sléibhtibh fairsinge fraoch-árda furuaidhe agus fó na maghuibh míne mór-áille mbán-scothacha deagh-bhalaidh agus fó na cnocuibh corracha ceand-gharbha mórthimchioll na bhfearann, agus do bhí gach taoiseach féinnidh acu ann a ionadh urdhálta agus ann a bhearnna bhaogail agus ann a láthair licthe annar chleachtadh a beith go minic roimhe sin. Agus do scaoileadur da ngadhruib trom-chluasacha guth-bhinne mór-ghlóracha agus do greasuidur íad fó na mór-dhaireadhuibh agus fó na choilltibh agus fó na sléibhtibh gacha taobh dhíobh agus do chuireadur a ccoin fheargacha chraos-fhairsing chliabh-dhomhuin ucht-leathann árd-aigeantacha ar a n-ialluibh daingne dath-áille deadh-mhaiseacha. Agus do shuigh Fionn ann a dhúmha sealga, agus níor fhan ann (a) fhochair ná ann a choimhdeacht an lá sin acht Díorraing mac Doghair Dhámhaigh amháin. Dob é do ba ceól agus dob oirfide agus dob ealadha dhóibh a bheith ag éistacht le núadh-ghárrta na sealga, ré seasdán na bhfear bhfiadaigh, le laoghadh na laochraidhe risna sár-chonuibh, gur dhúisceadar fiadha faiteacha folúaimneacha, míolta mong-ruadha
mbuidhe agus sionnuidh chorr-chluasacha chealgacha chaib-líatha agus bruic cheananna thaoibh-thoruinn tréan-díana chomhruichacha, gurbha cinn-dearg coin agus bha lámh-dhearg laoich agus gurbhá mór-mhuirineach giollanradh acu an uair sin. Gurab í sin úair agus aimsir do ghabh funn súain agus sáir-chodhlata an rí-fhéinnidh agus adubhairt sé le Díorraing mac Doghair faire agus forchoimhéad do dhéanamh dó nó go ccodhludh cáil éigin tar éis na mochéirghe dorinne an lá sin. "Dodheána cheana" ar Díorraing. Do luigh Fionn agus do thuit a thoirrchiom súain agus sáir-chodhlata fair, agus do bhí 'na chodhladh ón tráth sin nó gur fhéuch an ghrían aníar agus nó gur fhilleadar an fhían ón tsheilg. Agus dob fada le Díorraing do bhí Fiond 'n-a chodhladh, agus tug lám tar fhormna agus tar aghaidh dhó agus do mhúiscail é agus d'innis dó an fhían d'imtheacht agus a n-ionadha sealga d'fagbáil dóibh, agus adubhairt nach ccuala fead ná fercheadh uathaibh. Arna chlos sin d'Fhionn, d'éirigh go hathlamh agus tug lámh tar (a) aghaidh agus adubhairt: "Dar liom, a Dhíorraing, as deireadh láoi ann, agus ni roichfeam an fhían anocht; agus éirigh fón ccoill agus tabhair adhbhur boithe agus bélsgáláin chuguinn." Do éirigh Díorraing agus do chuaidh an tan do chonnaic an dúnadh ríogha ro-mhaiseach agus an phíoláid áluinn iongantach 'na fharradh. Iontóigheas Díorraing mur a raibhe Fionn agus d'innis sin dó. "Déan d'ionnsuighe an dúnaidh," ar Fionn, "óir ní bhíam ré saothar boithe feasta." Do rángadar rompu go dorus an dúnaidh agus do bhaineadur béim baschrainn frisan dorus. Táinic an doirrseóir chuca agus ro fhiarfhaigh cia do bhí ann. "Días do mhuinntir Fhinn mic Cubhaill atá annso" ar íad-sumh. "Gleó nimhe agus ágha agus urbadha oruibh" ar an doirrseóir,
"as olc an turus a ttángabhair ann so; óir as é Fionn do mharbh athair agus máthair fhir an tighe-se agus a cheathrar dearbhbráithreach agus triur dearbhbráithreach (a) athar agus athair a mná .i. Dub mac Dubguill ar muigh Teasga a theas, agus as é baile do bhí ann sin .i. baile Conáin Chind-tsléibe risa ráither Conáin Chind-tshugmuire Ruaidhe, óir is leis do tráigheadh Loch Lorgán ag iarraidh Mic in Luinn ann." Et dob fhíor don doirseóir a ndubairt uile ann sin ré Fiond, óir is é Fiond dorinne na héachta sin uile. Fillidh an doirseóir go Conán et innsios an beac-choindeam sin do bheith 'sa dorus. Fiafraigheas Conán: "Créud tuaruscbáil na buidhne atá san dorus?" "Tá ann" ar sé, "óglách forusta fionn-liath fearamail fíor-mhaiseach is mó do mhíleadhaibh et is láidire do laochaibh et is áille don druing dhaondha uile; agus cú craosach cír-dhub ucht-geal ina láimh go michair ríoghnaidhe, go n-ingnibh iuchannda, go nimh nathrach, go slabhraidh sníthi, go muince óir orloiscthe fána brágait; et óglách donn-dearg dath-álainn ina fhochuir agus sadh bhreac bhuidhi uallach ina láimh." "Is maith tucais tuaruscbáil na buidhne itá 'san dorus leat" ar Conán, "et dobheirim-si aithne forro, uar as é Fiond flaithféinnidh Gaoideal in t-óglách fá tuaruscbáil tucais leat ar tús agus Bran ina láim, et Díorraing mac Doghair in t-óghlách sin eile fá tuaruscbail tucais leat ar deireadh et Sceólang ina láim; agus éirghe amach go luath agus leig asteach iat." d'imigh in doirseóir agus do fhoscail in dorus agus tángadur asteach agus do gabadh a n-arma asa lámhaibh agus ceangladh a ccoin agus do-rinneadh umhallfhosaic dhóibh, gurba subach somheanmnach iat; agus iar ccaitheamh forgla a gcodcha dhóibh táinic cóir comhráidh agus imagallmha idir Conán agus Fiond agus adubairt Conán: "A Fhiond"
ar sé, "is mór in grádh bídh agus oídheachta dhuit-se teacht don thigh-si agus méid a fhala agus heasaonta and"; agus is amhlaidh do bhí Conán an uair sin agus a bhean ara ghualainn, agus ingean chruthach choímhálainn do bhí ag Conán ar ghuallainn a máthur .i. Findearb inghean Conán. Do fhreaguir Fiond é agus adubairt: "Is fíor gach ní dá ndubrais, a Chonán," ar sé, "is mór m'fhala-sa agus m'easaonta friot; agus cidh eadh dorindius siacháin friot an tan do mharbhus h'athair agus do máthair agus do thriur dearbráithreach agus do dá mac agus athair do máthar .i. Dub mac Dubguill agus a triur mac; do ainces thú féin agus do bhean agus hí taobh-throm torrach, agus do naisceadh an torrcheas sin damh-sa: dámadh mac do bhiadh ann, go mbeith 'na dalta agus 'na fianaidhe agum, agus dámad inghean do bhiadh and, a leasughadh agus a hoilleamhain go maith fám' chomhair féin dámad diongmhála dhamh í agus munbad eadh go ttucainn do thaoiseach féine maith éigin dom' muintir hí; agus dobheirim aithne forre gurab hí súd thall a bfochair a máthar í anois, agus is diongmála damh-sa mur mhnaoi: agus dá taphairt tánac-sa don tigh-si anocht agus ní ar oídheacht; agus is córa dhuit cuimne do bheith ar in maith sin dorindius ort ná cuimne do bheith agad ar fhala ná ar adhuhur." "Leig as, a Find," ar Conán; "do naiscead an inghean úd d'fhior eile, agus is dóigh liom-sa, gi mór do chonách-sa agus do neart, nach lugha leis a mheanma iná aicnead iná leat-sa, a Find." "Cé hé sin?" ar Díoraing mac Doghuir. "Itheach mac rí shíthi Easa Ruaidhe a ttuaith." "For da ghráín agud do cholluabais, a Conán," ar Díorraing, "agus do badh cóir in bhél tara ttáinic in glór sin amach do dluidhe agus do dían-gearradh agus dionbhas d'imbert fair, uar dá gcurtha Tuatha Dé Danann uile a pearsain éan-duine, is fearr Fiond iná é." "Leig as, a Dhíorraing,"
ar Fiond; "ní d'iomurbháigh nó d'imreasain tángamur don tigh-so anocht, acht do tabairt mná, agus dobéaram hí gidh olc maith le a bfuil a nEirinn é." "Ní dhiongnuim-ne imreasain ar bíth uime sin, a Fhinn," ar Conán; "acht geassa nach fuilingit fíorlaoich fort mura n-indisir damh-sa gach ní fiarfeóchat d'imtheochtuibh agus d'iongantaibh agus do scéaluibh fhian Éirionn díot, go luidhir for do leabaidh anocht." "Gach (ní) bhias agam-sa ar cuimne de sin, inneósat iad," ar Fionn. "Más eadh," ar Conán, "indis damh céad-ainm tugadh ort agus an dara hainm, agus cá ndearnais do chéad-chreach agus do chéad-eucht agus do chéad-shnámh, agus créad fá linginn tú léim na Brece Bladha (?) gacha bliadhna." "Indeosad dhuit ámh," ar Fionn. "Glas Dige mo chéad-ainm agus Giolla an chuasáin m'ainm 'na dhiaigh sin, agus ag Tioprait Crithirlinde do leath-taoibh tshléibhe Smóil mic Eighleachair dorinnius mo chéad-shnámh agus ag Dún mBrocna dorindius mo chéad-chreach ariamh .i. an preasleacha gona dá hén déig; agus is aire lingim-si léim na Brice Bladha gacha bliadhna .i. an céad-lá do scarus ré mo bhuime .i. ré Boghmuinn, arna marbadh do chlannuibh Mórna, do gabhus seachrán sligheadh cugum co ránac co Luachair Deaghadh theas, agus mé am' óg-macaomh bhaoth éagiallaidhi and; agus ní raibhe d'éadach umum ann acht beart do croicend óglaogh allaidh; agus ní cian do chuadhus an tan do concas an dá comhdáil, oireachtus fortamail fearamail fear agus oireachtus bind comráiteach ban, ar dhá cnoc chomárda re taobh a chéile, agus all dubh duaibhseach domain gáibteach gráineamail etorro; agus táinic misi an uair-sin mur a raibhe na mná ar tús agus do bheannaigeas dhóibh treasna déibh adharthae
agus d'fhiauraigheas créad má roibhadur an dá chomdáil sin leath ar leith 'mun all. Do innsidur na mná domh-sa gurab é an adhpur .i. go raibhe Séadna mac Oilealla ann .i. mac rí Ciarraidhe Luachra, agus oireachtus fearda fearamail fear ina thiomcioll, agus go ttuc searc agus siar-grádh d'Athnait inghean Dáire an Sídhe go bfuil an t-oireachtus ccomálaind binn-briathrach bhan-sa ina tiomcioll; agus is í cobchi do iarr sí fair, léim an aill-si do thabhairt; agus thig gacha bliadhna ionna coinde ann so (do) tabhairt in léime; agus in uair thionscnas í tabhairt agus thig go bruach an aill, tillighidh tar (a) ais arís gan a léim do thabhairt. Do fhiafraighius don ingin 'nar chuma léi cé dobeireadh an léim. Adubhairt nár chuma, "agus cidh gránna h'eireadh-sa agus h'éadach agus do chulaidh, agus ní do chaíneadh do dheilbe féin é, dá ttugteá in léim, do bhiadh sisi agud agus do fuighfeadh leat." Arna chlos (sin) damh-sa tugus lán-chruinughadh orm a meadhón mo chroicinn agus do scuchus ar mo chúl ón all agus tucus dighrim reatha rind-luaithe dochum an aill, gur éirgeas co hárd-éadrum eaduruasach rum féin ós cionn an aill, gur turlingus ar taobh na tulcha don taobh thall don all, agus do thillus a fritheing na conaire céadna arís cum an aill agus tucus an léim tar mh'ais, agus dobéaraind ní ba mionca dámad áil liom féin. Arna fhaicsin (sin) d'Aithnait, táinic dom' ionnsaighe-si agus (do) chuir a lámh fom uráguit, agus tuc teóra póg dam agus do bhain mo croicend dhíom agus tug éadach mo diongmála dam umum, agus do chuadhas léi dá teigh an oidhche sin agus do éirgheas co moch arna uhárach. Táinic sisi cugam agus do iair aiscidh maidne orum .i. an léim-si do thabhairt gacha bliadhna; agus tugus sin dí; agus do fhág mur geasuibh orm, an bliadhain nach ttiurainn hé, éag nó oigheadh d'fhagáil damh.
Agus is iad sin scéala d'fhiarfaigis díom, a Chonán," for Fiond. "Beir buaidh agus beannachtain, a fhir amhnuis fhír-eólaigh, is mór in t-urgáirdugadh meanman agus aigceanta dhúinn a bheith ag éistacht friot; agus ar grád d'einigh agus h'eangnama, a rí-fhéinnid, indis dam co héscaidh umhall gach ní fiabhreóchat díot, agus ná bíodh tursi ná fearg ort uime." "Ni bhiaidh," ar Fionnd; "agus fiafraig gach ní is áil leat feasda do scéalaibh na féinne agus dogéabair gach ní bhias agam-sa díobh." "Fiafraigim dhíot" ar Conán, "cá laoch d'fianaibh Ereann lingis ar a leacht agus ar a lighi féin gach laoi agus é féin beó, agus gurab í (a) ingean a máthair, agus go mbíonn ag agra aeruca agus einioclann ar an bfear ros maruh é." "Indeósat-sa sin," ar Fiond. "Imreasain tarla idir dá thaoiseach féine maith dom mhuintir-si fá congleic dá chon .i. eidir Oscur mac Croimchind agus Daolgus mac Oillealla Cais, agus ní raibhe 'sa mbaile don fhéin lucht a n-eadrána, nó co ttorchuir Daoilgus le hOsgur. Táinic inghean chruthach chaomh-álainn do bhí ag Daolgus ós a chiond agus é marbh, agus do chrom fair agus tuc póg dhó, agus do ling caor cróin-dearg as a bhéal-sa ina bél-sa, gur fágadh taobh-throm torrach í; co ceand naoi míos dhí amhlaidh sin, co ruc mac don toirrcheas sin; agus dona céad-aistibh reapraidh dó beith ag léimnigh ar a leacht agus ar a lighe féin gach laoi; agus ó nach bfrítheadh athair dhó, do baisteach agus tucad ainm a hathara féin .i. Daolgus (fair), agus atá aniudh ag tabach éaruca ar an bfear ros mharuh hé. As iat sin fuascladh na gceist do cuiris orm, a Chonann," ar Fiond. "Beir buaidh agus beannachtain, a Fhind, is maith in t-urgárdiughadh meanman is aiceanta
dhúinn a bhéith ag eistacht friot; agus abar riom, a rí-féinidh, cia is measa nó cia is fearr (a) ufianaibh (?) Éireann agus cia is mó nó cia is lugha agus cia is luaithe agus cia is moille." "Indeósat-sa sin dhuit-se" ar Fiond. "Misi féin duine is fearr a bfianaibh, agus Dear Dubha Duibhsléibe duine is measa a ufianaibh Éireann .i. baineachlach atá agam-sa bhíos (ag) taisteal críoch agus cinneadh an domain (?) rém' gnóthaidhe, agus ní maith ré héann-duine ariamh acht imdeargadh do tapairt do gach aon laphrus fria, agus gach duine chíthfus ar chéad-longadh (í), nacha dingeann a leas an lá sin. Agus Lipti Leascamail giolla tineadh coire móir na hAlmaine aon-dhuine is moille a uhfianaibh Éreann, uar is hé a theand oide laoi samraidh teacht ón topur atá a ndorus na hAllmaine conuice a leabaidh féin annsa cuchtar. Agus Legan Luath a Luachair Deaghadh aonn-duine is luaithe a ufianaibh Éreann, agus Daolgus mac Duibdhoiligh aonn-duine is áirde a ufianaibh Éreann, agus mac Méin in t-aphac bec aon-dhuine is lugha a ufianaibh Éreann, agus misi féin aonn-duine is fearr i bfianaib Éreann re clú einigh agus láime agus oirdearcus conáigh." Ann sin adubairt Fionn: "Ná bímid mur so nís sia; má tá ciúil nó oirfide nó ealadna 'sa mbaile, tapurtar cuguinn iad, óir ní gnáth damh-sa beith aon-oidhche gan oirfitheadh." "Indis dam-sa" ar Conán "na ceódla agus na oirfitheadha is binde leat fuaruis ariamh." "Inneósat-sa sin duit," ar Finn. "An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a n-aon-inadh agus thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh agus buailuit na (gaoithe) glan-fuara ar feadh na ccraindgal agus doníd treathan is tormán etorro, is dona ceólaibh is binne liom dá ccuala ariamh sin. Is bind liom fós an tan easgurthur teach mór na
hAlmaine agus tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh deireadh na ccoirnn 'gá ttógbháil an uair sin. Is bind liom fós fogur na bfaoilinn agus coigedal na gcorr agus fuaim thuinde trágha agus comhrádh firscarde (?) ar scáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na gcuachadh 'sa céatteamain agus sceamgal na muc agam-uigmhoin daim Cerae a gcnoc Ruadh agus nuallán sealga Doire Nouis agus sgalguire loin Litreach Néid agus mungur na glais-sreab agus aphrán trí n-ingean Bic mic Buain agus aphrán trí mac Eathach. Is bind liom fós tond fá thír amach agus asteach. Is iat sin na fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán" for Fionn. "Beir buaidh is beannacht" ar Conán, "is binn deagh-cheólach do chomrádh, a Fhinn; agus abar riom anois, a rí-fhéinidh," ar Conán, "cá haonn-duine d'éaruis agus d'imcháinis agus do chuaidh do rith ó fhianaibh Éreann agus é ar leath-chois agus ar leath-láim agus ar leath-shúil, agus créad fá n-aburtur an gnáth-fhocal: "mur rucadh Roc go tigh Finn."" "Indeósat-sa sin duit-si" ar Fionn. "Aon do laeithibh do chuadhus-sa agus maithe na féine maille friom ó Theamhair Luachra amach, agus ní fuaramur do sheilg nó do fhiadach an lá sin acht aon-agh allaidh amáin; agus do bruitheadh hí agus tucadh ar mo béluibh-sa dá roind hí; agus nír fágbhadh agum-sa di fá deóig acht mad aon-cholpa amáin; agus táinic Gota Gaoithe asteach agus do iarr in colpa orm-sa, agus do fiafraighus-sa de créad fár iarr sé an colpa agus gan do bhiadh agum-sa acht é. Adubairt seision gurab ar son a reatha agus a rinn-luais féin dub áil leis a fagháil; agus tucus an colpa dó ann sin agus dubhrus ris co caithfeadh a rioth d'féachuin uime; agus do chuadhamur ar an
bfaichthe ann sin agus do reath Gota Gaoithe co dian díscir dásachtach; agus ní mó ná leath na faichthe do chuaidh an tan do ruc a dearbráthair féin fair .i. Caoilte mac Rónáin agus tuc an colpa air an láithir chéadna arís cugum-sa, agus ní dearnadh d'imreasain nó d'iomurbáidh aguinn an lá sin acht sin; agus niar chían dúinne amhlaid sin a ndiaigh dhol asteach dúinn an tan itchoncamur aitheach corr cartaighe cíordhub easbadhach gránda huasach ag cromadh fán dorus d'ar n-ionsaighe agus é ar leath-chois agus ar leath-láim agus ar leath-shúil, agus beannaigis dúinn trésna déibh aedarta, agus níor suigh aguinn acht seasam ar laochlár na bruigne agus ucht ar in luirg reamair iarnaidhe ro bhoí aige agus naoi ndruimne furre agus co ngerrfadh gach droim díbh roibhe re sruth nó le gaoith. Fiafraighius-si don aicheach cá hionadh asa ttáinic nó cá raibhe a triall nó a forceand. "Aitheach mé chuartaigheas mórán don domhan" ar sé, "agus do chuala do chlú-sa agus h'alladh agus h'oirdearcus a mbélaibh súadh agus seanchaidae agus lucht léighti léags agus leabhpur innisin oinigh ar caslibh agus raite maithusa ré fleadhuibh (?), agus fós do chuala-sa gur do na daoinuibh dob fhearr fó thuilleadh agus fá thuarustal, fá mhaon agus fá mhaithusa dá raibhe 'sa domhan tú agus nár diultuis aondhuine ariamh agus nár chaínis aonn-duine ariam, agus ar in adhpur sin tánac-sa d'iarraidh maoine agus maithiusa fort-sa, a Fhinn mic Cumhaill." Do fhreagras an t-aitheach ann sinn agus as eadh adubras: dá mbeith an bith uile agum-sa, nach thiubraind a bheag ná (a) mór dó-san de. Adubairt an t-aicheach gur bréag do haithriseadh uaim-si nár éarus duine ariamh. Adubart-sa nár dhuine eisionn acht arracht grána uathbhásach. Adubairt an t-aicheach arís gurab bréag do hinnseadh uaim nach tucus aithis nó imdeargadh
d'aonn-duine riamh. Do freagair misi sin agus as eadh adubras: dámad duine eisionn nach ttiubrainn aithis dó. "Más eadh" ar an t-aitheach, "tapur an colpa sin it' láimh damh-sa agus bíodh slán na féine fám' fhastóghadh, agus ní iarfad d'uigeachaibh (?) oruibh acht fad an cholpa féin, agus ná gabthur greim díom nó co ttuca mé an céd-choisghéim don láithir uaiph amáin." Arna chlos sin dam-sa tucus-sa an colpa a láim an aithigh agus tuc an t-aitheach baoth-léim árd-aiceantach tar sonduibh sithárda in bhaile, agus do chuaidh a muinighin a reatha agus a rind-luais co lúthmur léidmeach lán-éadrom. Arna fhaicsin sin do seacht ccathaibh na gnáthfhéine, gluaisit 'na dhiaigh ina mbuidhnibh tuineda (?) troma toirtamla tréan-luatha agus ina siorthaibh siubhlacha sár-luatha glan-reatha agus ina bfeadnachuibh borba brígmura gníomh-aigmhéile agus ina sluaithibh ceangailte córidhe dosgaoilte, agus ní mó an radharc do bhí ag an bfear ba neasa dhó don fhéin ar an bfathach ag dol tar gach mullach tulcha nó sléibhe nó (a) chéile. Agus do chuaidh mise agus aois ciúil agus oirfite agus ealadhna na féine ar taidhphlibh in dúnaidh agus in grianán dá bféachain; agus ní mó ná aon-amharc do choncamur forro, agus ó tchonarc-sa misi an taghraim ag dol a ffad uaim, do gabh machtnughadh meanma mé a ndiaigh na féine, agus do bheanus díom a raibhe d'eireadh agus d'éadach umam agus do gabhus cugum eireadh reatha agus ruaga agus ní rugus d'arm liom acht Mac in Luin am' láim; agus do rucus ar deireadh na féine ar Sliabh Uige in Rí theas, agus do fhágus iat sin amh' dhiaigh; agus rucus ar in trian meadhónach dhíobh ag Luimneach; agus do fhagbhus iat sin mur an céadna; agus rucus ar in ngnáthfhéin (?) agus ar luathaibh na féine ag Áth Mór risí ráiter Áth Luain aniudh agus do fhágbhus iat sin; agus do gabhus rind na
ruaga agus tosach na tagrama chugum féin uathaibh uile ann sin lámh dheas re Cruachain Connacht, agus ar fíorlaoid Éreann ar gach áth agus ar gach aphuinn agus ar gach all agus ar gach machaire agus ar gach sliabh dúinn cara (?) in caomh-laí sin; agus ní bfuarus ariamh (teannta?) catha nó cumluinn do ló nó d'oidche macasamhla sin do teandtach reatha. Acht atá ní cheana, ráinic in t-aitheach go hEas Ruaidh mic Moghuirnd agus do ling co cos-tirim an t-eas romham-sa, agus lingim-si 'na dhiaigh é mur in céadna; agus tic uam lámh deas ré tír a tiomcioll Éreann go ttáinic do Beann Éaduind mic Éadghaoith in fhéineadha; agus mur nach roibh a dhol ass aige, do shamail léim do thaphairt 'sa bfairge. Is ann sin tucas sitheadh sanntach solámaidhe agus cróin-ruathur curata céim-láidir ar in fhathach, go rucus ar chaol choisi air, gur buailus creat a dhroma fria lár agus fria lán-talmain. Is ann sin do ráidh in t-aitheach: "Is éagcóir dhuit, a Fhind, mo leanmuin, uair ní friot dorindius coimeas, agus is olc dorinis theacht eadram agus in fian nó go bfaictheá cionnus do rucainn dóibh." Adubhrus riseann nárbh éagcóir a ndearnus, co tuc-san slán na féine faí agus nárb iomlán in fhian am' éagmhais féin. Ní mó ná (a) dheireadh sin tánic dúinn do rádha, in tan tánic Leagan Luath ó Luachair Deaghadh cugainn agus Caoilte, 'na dheaghaidh agus luathfhéine uile a ndéigh Caoilte, agus do fhóbhradur sleagh gacha fir accu do sháthad 'san bhfaitheach agus a marbadh fóm' lámuibh-si dom' aimdheóin: agus gidh eadh, do ainceas orru é ar éigin. Garit dúinn ina dhiaigh sin in tan rucadur tromlach na féine uile oruinn agus ro fhiabhraidur créad tuc (oruinn) gan in t-aitheach do marbad. Adubairt in t-aitheach: "Do badh olc in comarle mo marbad, ór do díogheólthaoi orm mé go maith, ór do muirfidhe
duine bad fearr ná mé féin iondam"; agus cí gerr searb leo-san sin, do ainceas in t-aitheach orru agus do creapladh agus do cruaidh-chuibreadh co daingean é. Agus níar chian dúind 'na deaghaidh sin an tan do choncamur Bran Bec ó Buadhachán d'ar n-ionsaighe. Do fhear fáilte romhainn uile agus dubairt friom-sa co raibh fleadh urlamh ioncaithmhe aige fóm chomhair agus gur maith leis mé dhol dá caitheamh in oidhche sin; agus do chuamar leis in líón uámur ann sin d'fhianaibh Éreann, agus do heagradh teach a lán-oireachta (?) óla aguinn; agus do tairngeadh in t-aitheach agus creat a droma fria lár re lán-talmain, agus do ceangladh do thoraidh in ríoghthoighe hé a bhfiadhnuise cáich uile; agus in tan ba háine dúinn ag ól agus ag aoibhneas agus ag urgáirdiughadh meanman agus aiceanta, do fhiafraigeas don aitheach cia hé féin nó cá cindeadh dó. "Roc mac Dichon" ar in t-aitheach "m'ainm-se .i. mac reachtaire in Broga ós Bóinn dom, agus tuc mo bhean searc agus síor-grádh dh'fhear eile .i. do Sciath Breac mac Dathcaoin .i. do dhalta-sa féin, a Fhind, agus do bhí mo bhean-sa co mór ag molladh luais agus ratha na féine; agus mur do chuala-si isi dá rádh sin, adubras féin co bfúigfind féin luatha na féine agus co bfúigfind in fhian uile ar ulca re Sciath Breac mac Dathcaoin. Arna chlos sin dísi, do greamaidh sí misi fá sin d'féchain risin fhéin. Do chuas-sa ann sin mur a raibhe mo cháirde draaoichachta agus do éagaoinius sin riú agus do chuiredur insna reachtuibh-si mé; agus is leór dam ar imreabhar-si d'olc agus do miodhmomh orm, agus scaoilidh díom anois"; agus dorineadh amlaidh sin" ar Fiond; "do scaoileadh don aitheach; agus is uadha sin gorther an seanfocal: "mar rucad Roc go teagh Find." Agus is iat-sin fuascladh na gceist do chuiris orm, a Chonán," ar Finn.
"Beir buaidh agus beannachtain, a Fhinn" ar Conán. "Is mór in t-athgearrughadh aimsiri agus dubróin dúinn beith ag éastacht ré do bhindchomrádh; agus abar riom anois caidé na sé hionganta is mó atá 'san fhéin." "Adéar-sa sin" ar Fionn, ".i. óglách bodhbhur atá 'san bféin, agus ní dearnadh duan nó duathchann nach biadh do dirm degh-foghluma agus do glan-meabair aige. Iongnadh eile atá 'sa bféin .i. fear coise croind itá innte agus fágbaidh sé an fian uile do rith idir choin agus each agus duine. Ingnadh (eile) itá inti .i. fear dall, agus ní tuc urchur n-iomruill a ló nó a n-aoidhche ariam. Iongnadh eile itá inte, bean atá agam-sa féin agus bí sí marbh gach n-aoidhche agus beó gach lá, agus ní hannsa liom bean dá raibhe ariamh agum nó í. Iongnadh (eile) itá inte .i. óglách itá acu agus bí gach ré mbliadhna 'na mhnaoi agus 'na fear agus beiridh clann in tan bhus bean é, agus berthur clann dó in tan bhus fear é. Iongnadh eile atá 'sa bféin .i. sleagh atá agum-sa .i. sleagh Fhiacha mic Croinghind, agus an n-uair teilgtear a ndeóigh a hurluinne hí doní geóin agus acuis díghbháil don té nó don mbeadhadach ré teilgtear hí, agus in uair caithtear a ndeóigh a reanna hí, ní déan doladh nó díghbháil don duine nó don mbeathadhach ré ccaithtear í. Agus is iat sin ionganta is mó insa bféin," ar Fionn, agus dorinde (in laoi) ... "As iat sin fuascladh na gceist do chuiris, a Chonán," ar Fiond. "Rod-fia buaidh agus beannachtain, a rígh-fhéinidh," ar Conann; "agus abar friom anois créad ó bfuil "oídhachtus Find co teach Cuanna."" "Inndeósat-sa" ar Fionn. "Aon do laeithib do bhádus-sa ar mullach Cairn Fearadhaigh gairid bec ó Luimneach. Cúigear óglách dúinn ann .i. misi agus Oisín agus Caoilte agus Mac Luigheach agus Diarmuid ó Duibhne, agus ar
ccúig ccoin innar bhforradh .i. Bran agus Sceólang agus Caoldubh agus Adhnuall agus Luath Luachar, agus ní cian do bhámur ann sin an tan do choncamur aitheach adhuathmur urgránda seachainn agus gabhul iarruinne re a ais agus muc a nglaic na gabhla sin ar a mhuinn ag sréachadh agus inghean óg álainn na ffaradh agus hí ag iomáin agus ag brostugadh an aithigh rimpí; agus adubhras neach do dhol dá n-agallaimh. "Rachat-sa" ar Diarmuid. Reathas Diarmuid co dian díscir dásachtach agus ní ruc orru. Do greimeamur uile agus do reathamur 'na ndeaghaidh agus ní rucamur ar Diarmuid ná orru-san. Feadh tamaill dúind mur sin gur cuireadh ceó doilfe draoiachta dúinn, conár bfeas dúinn cár gabh in t-aitheach ná in inghean ná in mhuc uainn; agus ar scaoileadh don ceó sin uainn agus sinn ag féaghain na ceithre n-airdhe gach taobh dínn, co bfhagamar in teach Cuanna Cindám (?) agus in dúnadh ríoghdha ro-mhaisseach inar comhfogus leith-iomeal in fheadha móir, agus do chuadhmur dá ionsaighe agus do concamur dá thioprait ar in bfaithche amuidh lamuidh don dunadh .i. thioprait díbh agus eascra álainn umhaidhe ar a bruach agus tioprait eile agus eascra aghgharbh iarnaidhe ar a bruach. Táncamur don dúnadh ann sin agus as eadh do bhí do daoinibh astigh .i. óglách forusta fionnliath a gcaithaoir álainn órrda d'ar láim dheas ag dol asteach dhúinn, agus ingeann óg álainn ina fharradh, agus aitheach ar broinn na teineadh ag bruith muice, agus óglách mór míleata don leith eile don teinidh agus dá shúile dég ina chionn agus dá mac imleasain dég in gach súil. Do bhí peata reithe astigh agus bolgán glé-geal aige agus ceann cíor-dubh agus dá adhairc dubh-ghorma (agus) ceithre cosa uainne faoi; agus cailleach a n-iarthur an tighe agus brat odhur-ghlas uimpi; agus ni raibhe do dhaoinibh astigh ann acht mur sin; agus ro fhear in t-óglách do bhí 'san
ccathaoir fáilte frinne agus do shuidhemur ar laochlár na bruighne. "Déantur friotheoladh d'Fionn agus dá muinntir" ar in t-óglách do bhí 'san gcathaoir. "Fuath liom sin" ar in t-aitheach "impidhe do thapairt agus gan a bec nó (a) mór do déanam ar an impidhe sin!" Agus cérbh eadh, dorinne umallfhosaig dhúinn. Agus níarb fada dam-sa mur sin in uair do gabh an íota ba mó ar domhan mé agus níar glac a macasamla mé ariamh roimhe sin; agus nír mothaigh duine dá raibhe astigh mé mur sin acht Caoilte ina aonur, agus do uhí dom' éagaoine-si co mór agus ní raibhe fhios aige cionnus d'furteóchadh sé orm. "Créad é in éagaoine sin ort?" ar fear in tighe re Caoilte. "Acht éirghe amach agus tabhar deoch leat as an dara tioprait atá 'san bfhaithche aga bfhuighe tú an t-eascra álainn cum an rí-féindidh." Arna chlos sin do Caoilte, do gluais Caoilte roimhe cum na tiopraiti agus do chuir an t-eascra fón tioprait agus tuc (a) lán leis cugum-sa, agus tuc amh' láimh-si é; agus ibim-si deoch as agus do uhí blas meala fuirre an fad do bhíos ag a hól, agus in uair do cuirius dom chionn í, do bhí blas an domlais ae um' bhél dá héisi agus do éirgedur mo gaoi cró agus na huile ghallradha agus easláinti orum; do badh bec má bhí anaithnidhe mé, mur táncadur airgheanna báis agus becsaoghail damh; agus gér mór éagaoine Caoilte orm-sa roimhe sin, do ba ro mó a éagaoine an uair sin orm iná sin. is ann sin do labhair in t-óglách arís re Caoilte agus adubairt ris a dol amach agus deoch do tabairt leis as an dara tioprait do uhí amuigh cugum-sa. Do chuaidh Caoilte amach ann sin agus tug lán an eascra aghghairbh iairnaidhe cugum-sa as an dara tioprait. Ibhim-si deoch as, agus in comhaired bhádhus ag a hól nocha fuarus teandta catha nó comhluinn ariamh badh doilge liom nó fad do bhíos dá hól ar a sheiruhe,
agus in uair do cuirius dom' chionn í táinic mo dhath féin orm arís. Is annsin do fiafraigh in t-óglách 'nar bhruithe an mhuc do bhí 'sa gcoire. "As eadh co deimhin" ar an t-aitheach. "Do concus damh féin in mhuc do ruind" ar in t-óglách. "Ciondus sin?" (a) in t-aitheach. "Béarad (an) ceathramha deiridh d'Fionn agus dá choin agus béarad an ceathramha deiridh eile dá ceathrur óglách agus (an) ceathramha cind dá ceithre conuibh, agus biaidh in ceathramha eile agum féin agus ag an scológ úd thall ag in teinidh agus ag in cailligh út thiar 'sa ccuilidh, agus béarad a droim agus a tarr agus a huruscall duit-si agus don inghin óig sin it' fharadh." "Is briathar dhamh-sa" ar in t-aitheach "gur maith do roinndis í." "Is briathar dhamh-sa" ar in peata reithe "gurab olc do roind-se orm-sa agus gurab éagcóir do dearmuid-se misi fán muic." Agus is cuma ro bhí dá rádha agus tug sithi sanntach solámhaidhe ar in cceathramain do bhí a bhfiadhnuise mo ceathruir óglách-sa agus ruc leis insa ccuilidh í agus do gabh ag a hithi ina bhfiadnuise. Do éirgedur mo muinntir-sa agus tucadur a cceithre ccuilg amach agus do ghabhadur ag bualadh in reithe a n-aonfeacht; agus nírb fearrde fordeargadh air agus nír scuir eisean d'ithe na ceathramhan. Is ann sin do labhair in scológ go rabhadur na súile iomda ina cheann agus as eadh adubairt: "A chomhdhe cumhachtaigh, is mairg gá bfuil in ceathrur óglách do leig don reithe a ccuid d'ithe dá n-aimdheón féin ina bhfiaghnuise." Agus is cumha ro bhí dá rádha agus tuc in scológ sithe ar in reithe agus do cuir a cheithre cossa ina láimh agus tug urchur dhe don taob amach don dorus; agus ní fhacamur in reithe an fad do bímur asteigh acht sin. Nírb fada dhúinn 'na dhiaidh sin in tan do éirge in chailleach agus tuc urchur don uhrat odur-glas do uhí uimpe ar mo ceathrur óglách-sa, agus dorineadh ceithre
seanóiridhe críon-croma cúil-liatha cnáim-arrsaidh díobh; agus mur do chonairc misi sin" ar Fiond, "do ghabh eagla mór mé co ccuirfidhe mé féin insna reachtuib sin. Agus mur do mothaigh in t-óglách do bhí astigh in eagla sin orum-sa, do goir sé misi cuige féin, agus do chuadhas ann sin gan fhuireach agus do shuidhios ara gualainn; agus táinic áilgios codhlata damh agus adubairt in t-óglách riom co cheand do cur ar a glún agus codladh do dhéanam; agus dorinnus amhlaidh sin, agus is gairit do bádhus ann in tan do mhúscail mé as mo chodladh, agus do éirghe in cailleach agus do bhain in brat dom' cheathrur óglách-sa agus do cuir ina reachtuibh féin iat arís. "Maith, a mh'anam, a Find," ar in t-óglách, "an iongnadh leat córughadh an tighe-si ina bfuilir?" "Adubras" ar Fionnd, "nach bfaca-sa ariamh ní badh ionganta ná é." "Inneósat-sa duit-si a Fhind," ar in t-óglách, "ordughadh agus samhladh in tighe-si. An t-aitheach úd (do) concais agus in mhuc i nglaic na gabhla aige, an leisge tuigtear (as) sin; agus in inghean do concais ina fharradh, meanma an duine tuictear as sin; uair as í is luaithe ar bith, uair cuiridh an duine a meanma ré prap na súl isan eólus nach rachfadh sé féin ann ré dhá fhichid bliadhan; agus as í an inghean ruc uaibh-si in t-aitheach út itconcais; agus in scológ út itconcais agus na súile iomdha ina cheann an saogal tuigtear as sin, uair is ionnan airgionna dhóibh; agus an reithe úd itconcais, cosamhlacht an duine tuigtear as; an bolgán geal atá aige, subhachus in duine sin; agus in dá adhairc dubhgorma itconcais, cosamlacht in éaga sin; agus na ceithre cossa uaine itconcais aige .i. ceithre tallona na haimsire sin .i. ceithre ráithe na bliadhna. Agus an bfaca tú mur do éirghe an saogal cum an reithe agus cuir ar neimhthní a gcéadóir é? óir téid ágh an tshaogail ar gach créatúir ar in domhan. Agus
in cailleach itconcais, an críne tuigtear aisde, agus do conairc tú féin mur do chríon a héadach an ceathrur laoch arar chuir é; agus in fhírinde agus in breug tuigtear as in dá thiobraid asar ibhis in dá dhigh, óir gi millis le duine in breug dhá déanamh, is searbh fá dheóigh í, agus in fhírinde imorro, gidh searbh le duine 'gá déanamh, is millis fá dheóigh í. Agus is iat sin scéala agus iomthús in tighee-si, a Finn," ar in t-óglách; "agus ní ann so do ghréus bhím-si; agus co ttugus grádh éagmais duit-si agus gur chuirius in t-aitheach út ar do cheann dot thaphairt don tigh-so anocht ar tí neamhshuimh do bheith agad ionnsa saogal agus a chosmalacht do thaisbéanadh dhuit; agus béarair-si fios mór leat (a) haithle h'oídhachta anocht agus badh é "oídhachta Find go teach Cuanna" ainm in sceóil-si co bráth. Agus a n-Innsibh Ciúil bhím-si do bhunadh," ar in t-óglách. Do bhímur mur sin in oidhche sin" ar Fionn, "agus ag éirge dhúinn as ar ccodhladh arna mhárach, is ann fuaramur sinn féin, a mullach Chairn bhFearadaigh agus ar ccoin agus ar n-airm aguinn go hiomlán"; agus itbert Fiond:
Cúigear do chuadmur do sheilg co Cairn bfearadaigh bhforrdeirg, Oisín, Mac Lugach má le, Caoilte is Diarmuid ó Duibhne. Ar ccúig coin ba coscrach réim, Bran agus Sceólang co scéimh, agus Adhnuall co luas luin, Caoldubh is Luath Luachair. Atchoncamur, comhall nglé, éan-bhean is aitheach rimpe; gabhal trom úir iarruinn fair, muc leó 'na glaic ag scréachaigh.
Cuirmid-ne dia bhreith (?) scéal Ua Duibhne fá derg a bhél; do chuadur uadh leath ar leath an ingean is in t-aitheach. Do bhí in reithe tharla astigh g cheathrur-sa fa proinnigh; is eadh do bhímur astigh a bhféagmais ar ccon cúigear. Cúigear.
"As iat sin fúaslacadh na gceast do chuiris orum, a Conáin," ar Fionn. "Beir búaidh agus beannachtain, a rí-fhéindidh," ar Conán; "is mór maith in oirfide dhúinn bheith ag éisteacht red' scélaigheacht." Is annsin adubairt Díorraing mac Doghair: "Créad dobeir dhúinn gan codhladh do dhénamh? óir in chéad-oidhche dobeir fear bean, is luaithide is áil leó codhlad é." "Éist, a Dhíorraing," ar Conán, "is gairid lind a bheith mur atámuid, bheith ag friochnamh comhráidh re chéile, úair atá ar ndiongmhála do shean-mhiodh so-óla ro-mhillis aguinn. Agus abair riom anois cia aga ndearnadh an dord fían ar tús a nÉrinn agus cá líon bhí dhá dhéanamh." "Inneósat-sa sin" ar Fiond. "Ag ceithre macuibh Cermada mic Milbheóil mic in Dagdha do rinneadh é, agus naonbur laoch lán-chalma doníodh maille friú é; agus gach aon aga ndearnadh ó sin i lleith é, is naonur do chanadh é"; agus itbert in láoi ann:
An dord fiansa cídh día ttá ní fheadrait fir ináit mná, is ní feadruinn duine dhe cia dorad dona fianaibh.
As dóibh do radadh ar ttús in dord fiansa re iomthús, ionmhain buidhen doníodh in chóir, macne Cearmada Milbheóil. Cass mac Coráin cruaidh (a) ainm, trí bliadhna aige a n-Olltaibh, do chanadh aige re a lá risin fhéin in dord fiansa. Gach aon do ghabh flaithios fíor ar na fianaibh gan dimbrígh, naonur laoch gach fear don droing co ttáinic mac mic Cubhaill. Ón lá tánac-sa sunn seal am' fhlaith fhéinne Gaodhal ngeal, aon fear dég ar fhichid rem' lá doníodh agum in dord fiansa.
"As iat sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin," ar Fionn. "Beir búaidh is beannachtain, a rífhéindidh," ar Conán; "is maith in oirfide agus in ealadha dhúinn a bheith ag éisteacht ré do mhilis-chomhrádh. Agus innis dúinn anois, a mic Cumuill, caidhé caradradh Bruin agus Sceolang friot, agus cionnus fuarais iat, agus cia hiat na mic mháthar atá acu a fianaibh Ereann agus iat 'na ndaoine." "Indeósat-sa sin" ar Fionn. "Feacht n-aon dá ttáinic mo mháthair féin chugum-sa ar cuairt agus a deirbhshiúr maille fría .i. Muirnn Míonchaomh inghean Taeidhg mic Nuadhat mo mháthair-sa agus Turrnae Durrbhél inghean Taoidhg a siúir, agus dob í sin uair agus aimsir fá ttarla dhá rí-fhéinidhe Ulladh am' fharradh-sa .i. Oilioll mac Eathach agus Daolgus
Fionn mac mic Cais Cuailgne; agus do bhí Oilioll ag suirghe le Turnae inghin Taoidhg .i. deirbhsiúir na máthur sin agum-sa, agus do grádhaigh co mór í; agus arna grádhughadh mur sin dó, do iar orum-sa mur mnáoi í, agus do fhaomhus a taphairt dó ar acht fána fagháil slán iomlán damh féin arís in úair do iarfuinn í; agus is uime do rindius sin .i. leandán bantshíoghaidhe do uhí aige-sion .i. Uchtdhealbh inghean Collamhair a ttuaidh, agus dob í sin dob eagail liom-sa do mhilleadh deirbhsethuir mo mháthur; agus gidh eadh tucus dó í, agus tucus as mo láimh féin í a láimh Oisín agus Chaoilte agus as láim Caoilte a láim Mic Luigdheach agus as láimh Mic Luigdheach a láim Dhiarmada uí Duibhne agus as láimh Diarmadha a láim Ghuill mic Morla agus as láim Ghuill a láimh Lugdach Lágha mic Eogain Taídhligh; agus tuc Luighaidh a láimh Oillealla mic Eathach í agus adubairt: "Is amhlaidh do bheirim-si in bhean sin duit-si, a Oillill, fána fagáil slán iomlán d'Fionn agus do na slána ar cheana, nó co cheann-sa do taphairt a láimh Fhind." Do fhaomh Oillill sin; agus tar éis sin rug Oillill Turnae leis dá thigh agus do uhí aige nó gur toircheadh í. Is ann sin táinic leandán ban-tsíoghaidhe Oillealla mic Eathach a riocht bhain-eachlaighe do mhuintir Fhind chuici agus aduphairt ria: "Do cuir Fiond beatha agus sláinti cugad, a ríogan," ar sí, "agus adubairt friot eineach maith do dhénamh; agus tarr amach co lapraind friot, óir atá deifir orum-sa." Do chuaidh an ríogan amach," ar Fionn, "agus gairrit do chuaidh in tan tuc (an) uhain-eachlach slat draíachta amach óna coim agus do bhuail buille ar in ríogain dí, co ndearna sadh bhreac-dearg di dob áille do connuibh in domhain ar in láthair sin, agus ruc léi í co teach Feargusa Findléith in oidhche sin í (.i.) rí Átha Cliath; óir is amhlaidh do bhí Feargus Findliath ina dhuine do
ba neamhchonchuire ar domhan, óir ní lamhthaí cú do thaphairt a n-éan-toigh fris; is táinic in uhain-eachlach mur a raibh Feargus Finnliath agus adupairt fris: "Do chuir Fiond beatha agus sláinti chugad agus aduphairt friot in cú-sa do choimhéad co maith agus maith mór do dhéanamh dhí, agus go bfuil cúan maith inti. Agus ná tapur sealg ná fíadach uirthi agus go háiridhe in úair mhéideóchus a brú iomchuir léi co maith." Iomthúsa Fearghusa Fhinnléith, táinic lá éigin lena choin do sheilg agus d'fhiadhach agus d'fhéachain 'nar chú maith í, agus marbhus caogad fíadh in lá sin, agus co ceand míosa 'na dhiaigh sin níor bhlais mórán beathadhach, agus do mhéadaigh a brú ann sin agus ní tugadh sealg nó fiadhach uirthi. Ní raibhe mórán a nEirinn learbh annsa na coin ná Feargus Finnlíath ó sin amach. Dob í sin uair agus aimsir fá ttarla bean Feargusa Findléith taobh-trom torrach agus do ruc sí mac don toirrcheas sin, agus ruc in cú dhá chuilén .i. sadh agus fearchú. Agus do bhí olc eile ag leanmhuin mná Feargusa Findléith .i. fomóir mór do thigeadh don bhfairge ag breith gach leinimh dá mbeireadh sí leis; agus is amhlaidh do beireadh leis iat .i. do chuireadh in cruadh-lám fada fhéitheach fhorgránna do bhí aige tré mullach in tighe anúas agus mur sin do beireadh leis iat uathaibh uile. "Mo dhála-sa," ar Fionn, "tarla mé in lá sin ag dénamh sealga a nUisneach Mhidhe agus mé am' shuidhe am' dhumha sealga, agus ní cían do bhí mé ann in úair do chonairc mé aon macaomh déag ag teacht dom' ionnshaighe co mbúaidh ccrotha agus ndatha agus ndealbha agus ndéanmhusa, agus do bheannaigheadur damh tresna déibh adharta; agus do fhreagras-sa iat fán cuma céadna agus do fhiafraighius-sa cia hiat féin nó can asa ttángadur. "Do iarramur
mórán do chríochaib in domuin ag iarraidh tiagearna dilis diongmála ó bhfuighmís séan agus maoine agus maithius" ar fear dhíobh. "Créad iat na cearda nó na healadhna doní sibh?" arsa misi. Do chuadur-san a gceann scéal d'innisin damhsa ann sin. "Mise" ar in céadfear dhíobh "Freagartach mac Fir Mórfeasaigh .i. fear fuaisluicthi ceasta is fearr ar doman misi." "Mise" ar in dara fear díobh-sumh "fear fadóighthi teneadh is fearr ar bith." ("Mise") ar in treas fear díobh "Dáil-gan-easbaidh .i. dáileamain is fearr ar bith." "Misi" ar in ceathramhadh fear dhíobh "Mac Sobhartain .i. ronnaire is fearr ar bith." "Misi" ar in cúigeadh fear dhíobh "fear cluais-éistechta is fearr ar bith." "Mise" ar in seiseadh fear "tréanfear is fearr ar bith." "Misi" ar in t-ochtmhad fear "Comhluath-ré-gaoith .i. duine is luaithe ar bith." "Misi" ar in naomadh fear "Sgread mac Urchuir .i. fear lámhaigh is fearr ar bith." "Mise" ar in deachmadh fear dhíph "Mac Drintere .i. dreapaire is fearr ar bith." "Misi" ar in t-aonmadh fear dég dhíoph "Faill mac Teltóigh .i. telltóigheach is fearr ar bith; uair is amhlaidh bhíos an chorr is (a) leath-shúil dúnta is a leath-shúil eile fosluicthe, agus fionaim-si in tsúil dúnta gan fhios don tshúil fosluicthi." "Adubhras-sa gur maith na cearda sin uile" ar Fiond, "agus adubras go bhfosdeóbhuinn féin iat; agus dorinnedur a ccoraidheacht riom agus do geallus a mbreith féin do thuarustal dóibh agus do fhiarfaighius: "Cá háit a bfuil an fear feasa agus fíor-eóluis?" "Atáim sunda" ar sé. "Créad na huilc is mó doníthear a nÉirinn anocht?" "Inneósat-sa sin" ar in macaomh; ".i. Feargus Finnliath rí Átha Cliath, agus is amlaidh atá in fear sin agus fomóir mór fairge ag
breith gach leinimh dá mbeirionn a bhean uadha ré seacht mbliadna diaigh a ndiaigh; agus ruc a bhean mac aniudh agus béaraidh in fomhóir leis anocht é." Adubhrus-sa ann sin gur bec an t-olc sin a nÉirinn, gér mór in t-olc lena muinntir féin é. Adubhrus-sa fós go ndénainn féin bréag nó fírinne dé-sin .i. go rachainn féin in oidhche sin co teach Fearghusa Finnléith. Agus do gluaisimur romhainn co hÁth Cliath agus do chuadhmur insa ccuchair ... agus ní fhuaramur ann acht daoscairsluagh in toighi; agus do bhí Fearghus Finnliath ag seilg an lá sin agus do bhí a bhean a ngrianán árd uraoibhinn a ndiaigh an lenamh do breith dhi; agus do h-inniseadh dí sinne do bheith 'sa mbaile, agus táinic an ríogain chugainn agus in leanamh eidir a dhá láimh agus fearus fáilte frinde, agus cuiridh in leanamh am' ucht-sa agus adubairt: "Ar do chomairce féin, a Fhind, agus ar cumairci fhian Éirionn uile in leanamh bec sin do cuireadh it' hucht go lán-shoillsi an láoi amáraigh." Do imidh an ríogan roimpi ann sin, agus tucadh ceathramha thuirc agus measuir mheadha cuguinn, agus adubart-sa: "Taiscaighthear súd nó co dtí Fearghus Finnliath," agus dorónadh amhlaidh sin. Gairit dúinn ina dhiaigh sin in tráth táinic Fearghus Finnliath don bhaile agus fearus fáilte frinde agus do chuir fios ar lucht an bhaile agus do líonadh in teach mór uile dona maithibh aguinn ar gach taobh, agus do goirius-sa ar fhear fadóighthe na teineadh agus adubhrus ris teine d'fhadógh co luath dona maithuibh. Do éirghe an fear sin co humal éascaidh agus do glac maidi fuair astíogh agus do sgoilt é agus do fhadógh teine mhór ann conár fadóigheadh a ttigh mór na hAlmaine a macasamhla do teinidh. Tucadh cugainn ann sin (an) ceathramha thuirc do taiscaigheadh reimhe sin uaind. Adubras-sa risan ronnaire éirghe agus sin do
roind. Do éirghe in ronnaire agus do roind an fheóil agus ní raibhe 'san ccúirt uili gan a bheith subhach sáitheach di. Agus adubras-sa mur in gcéana frisin dáileamhain éirghe agus in mheasair mheadha sin do dháil for cách. Do éirghe in dáileamhain agus do dháil in mheasair for na sluaghaibh, guruho measca meadhair-caoin uili iat, gur thuit gach aon díobh seacha. Agus do déargaigheadh iomdha dhamh-sa ann sin agus do chuadhus uirthi agus do ghoirius ar an fear éistachta agus ar in tréanfear agus adubrussa leó bheith ar colbha mo leaptha féin agus faire agus forcoiméad maith do dhéanamh dhúinn agus thairis gach ní in leanamh do choiméad co maith ar eagla in fhomóir. "Do uhámur mur sin tréimsi agus tamall. Is ann sin do labhair in fer éisteachta agus as eadh adubhairt: "Do chluinim tairm agus treathan in fomhóir ag teacht ar in fhairge fo thuaith." "Cá háit a ttiocfa fá thír?" ar in tréanfear. "Ag Beinn Éadain" ar in t-éistóir. Nírbh fada dhóibh mur sin in tan adubhairt in t-éistóir risin tréanfear: "Táinic in fomhóir fó thír a mBinn Éadainn" ar sé. Agus nír shiubhail áth nó cnoc nó tulach ó Bhind Éadain nó co raibhe ar in bhfaichthi nach inniseadh in t-éistóir don tréanfear; agus ar tteacht don fhomór ar (an) bfaichthi amuidh, do dhúisigh mise," ar Fiond. "Ar ndúscadh damh, is ann sin do shín in fhomór an cruadh-lámh fhada fhéitheach ro-neartmur tré fhír-mhullach an tighe anúas. Do fhiafraighius annsin cá raibhe in tréanfhear. "Atáim sunda" ar in tréanfear. Adubhrus-sa fris breith ar láimh in fhaithigh. Is ann sin do ruc an tréanfhear ar in láimh agus thug tairring neartmur uirrthi, gur bhúail ceand an fhathaigh ar mullach na bruighne don taobh amuigh co hanshocair. Tuc in fomóir tairring eile air-sean,
gur bhúail a cheand ar mhullach na bruighne don taobh astigh. Tug-san an dara tairring ar in láimh gur thairring in lámh fada féith-reamhar as a ghualing agus as reamhar-chorp in fhir mhóir, gur thuit in lámh 'na heaslainn mhóir mhímhasaigh ar fíorlaoid na bruighne agus na caithreach, gur chuir torann agus treathan na láimhe soilsi na bruighne agus na caithreach uile ass. Do éighios-sa in sin" ar Fiond, "agus tucas fó deara lóchraind sholus-móra do lasadh arís, agus do uhámur ag féachain agus ag ionghantus na láimhe; agus mur do conairc in t-aitheach sin, do shín in lámh do bhí aige agus ruc in leanamh beag leis do chliseadh uaidh, agus ní raibhe acht áit in leinimh aguinn. Táinic bean Fearghusa chuguinn ann sin agus tuc imdeargadh mór dhúinn agus as eadh adubhairt: "Ní bfuil acht clú agus alladh bréige oraibh, a Find agus a fhiana Éreann" ar sí; "uair is doiligh daoibh cumairce eile do dénamh in uair nach tairnic leibh aon leanamh bec do choimhéad ré headh aon oidhche amháin." "Arna chlos sin damh-sa" ar Fiond, "do ghlac náire mé agus dob é sin imdeargadh do ba mhó liom dár bhfuarus roimhe sin ariamh. Agus do éirghius mochtráth arna mhárach agus m'aon macaomh déag maille friom agus do goirius ar in lorgaire agus ruc lorg in fhir móir go Binn Éaduin. Do fhiarfaighius-sa cáit a raibhe in fear dionguhála ceist. "Atáim sunda" ar sé. "Ceist dot' theastaluibh curach cailg-díreach d'fagáil dúinn uhéarus ar muir agus ar mór-fairrge sinn." Agus ní mór co ndubrumur sin in uair do choncamur curach cailg-díreach luchtmur léidmeach bláith-bheandach sleamhain slios-bhláith luath-réimeandach dr n-ionnsaighe ar feadh mara agus mór-fairrge, agus dá rámh gheal-airgit fair agus é ag frais-iomramh na mara
ina thiomchioll, agus do chuaidh misi agus m'aon macaomh déag insa curach. Trí lá agus teóra hoidhche dhúinn ar muir agus ar mór-fairrge nó co bhfacamur oiléan uaind ar in muir agus do chuiremur ar ccurach a dtír ann. Ní cian do uhámur dá shiubail in uair do choncamur an dúnadh ríogha ró-mhaiseach agus píoláit álaind iongantach agus sunnach íarnaidhe ina tiomchioll agus mórán do chuaillibh fada reamur maille ris agus ceand duine ar gach aon cuaille dhíobh. "Is adhuathmur gráineamhuil suidhughadh an bhaile-si" ar Fiond. "An fhuil fhios agat-sa, a Fhinn," ar na macaoimh, "cia hé in baile-so nó cia is tigearna fair?" "Ní fheadur" ar Fionn. "Aodh Ruadh is ainm d'fhior in baile-so" ar iad-san; "agus atá inghean aige agus as í fear nó bean is luaithe ar bith í, agus as í comha iarrus ar gach fear thig dá hiarraidh, coimhrith fria; agus mad é in fear fhúicfus isi, bíaidh mur mhnaoi aige agus mad isi fhúicfus eision, baintear a cheand dé gan fhuireach. Is amhlaidh sin do líonadh in cuaille úd do cheanduibh." Do gluaisimur-ne docum an bhaile ann sin agus fuaramar Aodh Ruadh a n-oireachtus ar cnoc láimh raisin mbaile, agus nír shuiluhir é ag ar bhfaicsin chuige; agus gérbh eadh, do fhiafraigh scéala dhínn. "Fiond flaith-fhéindidh Gaoideal sút" ar fear dom' mhuinntir-sa, "agus is é (as) fearr aguinne; agus táinic sé d'iarraidh h'inghine-si mur mnaoi agus mur uhainchéile dhó féin." "Baoth in toisc agus in turus dá chomhaosta theacht d'iarraidh m'ingine-si" ar Aodh Rúadh co gruama feargach doichleach; "agus gidh eadh, má thic dhe-sion na comhtha atá 'na chiond d'fhuaslacadh, biaidh sí aige .i. coimhrith ría, agus madh fhágbhann seision issi bíodh sí aige, agus madh fhágbhann sisi eisean, a cheand do uhain de gan fhuireach." Adubhrus-sa" ar Fiond "a taphairt a láthair chuguinn; agus do
cuireadh fios uirrthi agus is amhlaidh táinic sí amach agus corn dighe ina láimh a ttuillfeadh deoch trí chaogad óglaoch ann agus léine sreaphnaidhe sróil réa geil-chneas. "Cia hagaibh doní coimhrith fria sút?" ar Aodh Ruadh. Adubraus-sa ré Comluath-ré-gaoith comrith do dhénamh fria. Is annsin do gluaisidur co ceand na coimhreatha agus ag turnadh don faighthe amach dhóibh, tógbhus an inghean an cornn uirthi agus d'ibh d'aonn-digh é, agus as eadh adubairt: "A macaoimh" ar sí, "is dóigh liom, an aontumha fada ina bfuilim-si gur duit-si atá a ndán a caitheamh fá dheireadh." Agus is cuma ro baoi dá rádha sin agus do iadh a dhá láimh fó uhrágait in macaoimh agus do chuir ortha ina chluais agus do thuit (seisean) 'na thoirchim súain agus síor-chodlata. Arna fhaixin sin damh-sa" ar Fiond, "do fiafraighius-sa cá raibhe m'fhear lámhaigh. "Atáim sunda" ar sé. "Caith urchur ádhmur urmuisneach ar Comhlúath-ré-gaoith agus dúiscigh as an ccodladh draoidheachta ina bfuil sé é." Níor faillaigheadh sin leision; do éirghe ina sheasamh agus do chuir a mhéar a suathnimh na sleighi sith-fhoda do bhí aige agus tuc rogha n-urchuir dí, gur chuir ceand na sleighi tar in macaomh agus gur bhúail crand na sleighi ar droim a chind siar seachtair, gur fhaghadh coimreamhar an craind d'fheilbh reamhair fair, gur chuir an tsleagh a talmain feadh láimhe laoich don taoibh eile de. Is ann sin tuc in macaomh cliseadh fair agus do éirghe 'na sheasamh agus tuc lámh tar a ghnúis agus tar (a) aghaidh agus déachus gacha taobh dhé agus do chí in macaomh mná tar éis forlonn na faichthe do chur tairsi; agus nár luaithi siodán do ghaoith Mhárta ag dol tar gach binn chnuic nó sléibhe co chéile iná in dighrim reatha agus rinn-luais do bhí léi. Arna fhaicsin sin don macaomh, tuc cliseadh codla fair agus éirgeas don talmain co hárd
agus reathas a ndiaigh na mná; agus dar leat féin ní mó ná tort choncruinne luaithe do bhí aige a ndiaigh na mná ón ccruinnughadh tuc sé air féin chum reatha, agus ní mó ná ttrian na faighthe do chuaidh an bhean an tan do chuaidh an macaomh reimpi agus do ruc buaidh na coimhlinga. Arna fhaicsin sin damh-sa" ar Fionn, "do labhrus agus is eadh adubhrus: "Neart ar do choraibh agus ar do shlántaibh, a Aodh, is leine an inghean feasta." "Is fíor gurab libh" ar Aod Ruadh, "ó rucabhar a búaidh." 'Na dhiaigh sin do chuamur don uhaile agus do heacradh teach álainn óla aguinn, agus do uhámur ann go ceann caoicidhsi ar mhíos gan easbaidh bídh nó dighe oruinn. "As ann sin do ghlac náire mór mise fá a bheith a fhad sin a bhféagmais luirg an fathaigh; agus do laphrus re mo mhuinntir agus as eadh adubhrus, gur mhithe dhúinn lorg in fhathaigh d'iarraidh agus co ndeachaidh fo dimhairiund dá fhad do bhímur 'na fhéagmais. Do laphair in lorgaire ann sin agus adubhairt riom-sa gan náire do bheith orm agus nach fearr do béaradh féin lorg in fhathaigh in céad-lá ar tír ná do béaradh a ccionn bliadhna ar muir é agus ar mór-fairge. Is ann sin do ghabhamur ar ccead ag Aodh Ruadh agus do chuadhmur i n-ar gcurach ar feadh mara agus mór-fairrge agus do caithemur seal d'ar n-aimsir uirrthi; agus a gcionn na rée agus na haimsire sin do choncamur beann mór chloiche uaind ar lár na mara, agus do rucamur lorg in fhathaigh conuice an mbeinn agus ní fhuaramur ón mbeinn amach é, agus adubhradur na macaoimh sin do bhí fariom-sa gurab ann sin do bhí an fathach. Arna chlos sin damh-sa, adubrus risin dreapaire dol súas agus scéala na cloiche do thaphairt chuguinn. Arna chlos sin don dreapaire, do
ghluais roimhe súas nó co bhfaca an t-aitheach 'na chodhladh agus in leanamh bec láimh ris agus ceangal ar ghuailinn an fhaithigh i n-áit na láimhe; agus do chonairc seisear macaomh ag reaphradh ar feadh urláir na caithreach agus dá culéin chon agus do amhairc in tor uile amlaidh sin agus táinic anúas 'na dhiaigh sin agus do innis innioll in tuir uile. Adubhairt misi leision ann sin" ar Fionn, "an tealthóigheach do breith leis ar a mhuin suas agus a fhéachuin in bhféadfadis na macaoimh sin agus na culéin chon sin do chur cugam anuas. Do chuadur-san suas agus do goideadur an leanamh bec agus in seisear macaomh agus in dá culéin con, agus ní hé amháin, acht tucadur leó a raibhe d'ór agus d'airgit agus d'arm agus do maithus annsa gcathraigh uile agus tángadur féin anúas ann sin agus do leigeamur ar siubhal sinn ar feadh mara agus mór-fairrge. Agus ní cían do chuamur an tan do éirghe in t-aitheach agus do lean sinne gan laige gan mhailis agus ní ruc oruinn nó gur gabhamur cúan agus caladhport a mBeind Éaduin mic Céidfhir; agus mur do chonairc an culéin fear-chon eision chuguinn, do éirghe 'na sheasamh agus do anfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar gach éan-ruibe dá raibh uirri; agus ar tteacht don aitheach do láthair, do comhraic ris co fíochmur feargach formata; agus tuc in culéin scríob dá chrobh agus tairraing dá fhiacliabh fá ucht agus fá urbruinde an fhathaigh, gur leig a abach agus a ionathur uile amach; agus ag tuitim dhó tugus-sa béim claidhimh dó gur bheaneas a cheand de; agus rucamur a cheann agus a sheacht meic agus in (dá?) culéin chon co teach Fearghusa Finnléith an oidhche sin, agus do uhámur an oidhche sin ann fá lán muirne agus luthghára; agus ar maidin ara bhárach do éirgimur agus do fhágamur a sheacht mic ag Feargus Finnliath, agus a raibhe d'ór agus d'airgit ann tucus dona macaomhuibh sin do uhí fariom
é, agus do chongbhus in dá culéin con agum féin; agus a ndhiaigh na ronna sin do fhiafraighius dona macaomhuibh cia d'folaibh uaisle nó anuaisle in domain móir dhóibh. Adubhradur-san gurbh iat féin mic Eithleanda agus go ttángadar dom' furtacht-sa do cur sin ón éigion a rabhus, agus gach gábadh a mbia mé co bráth ó sin co ttiucfaid dom furtacht re mo dhóigh do cur ionntadh nó re smuaintiughadh orrthu; agus do ghabadur a ccead agum-sa ann sin; agus dorinius an láoi an uair sin agus as í so hí:
A buidhean is álainn dreach, abraidh riom ar bur n-eineach: ós dom' mhuinntir-si sibh abhus cá háit a bfuil bur mbunadhus? A tTír Thairngire treabthaigh bhímaoid-ne eidir cheathaibh; mic Eithleanda sinn gan ghus, bímid a reachtuib amhus. Do hoileamhadh sinn, ní breág, ag Manannán na mór-tréad; ó'r n-oidi tángamur a le cugad-sa, a rí na féine. An uair riocfus tusa leas a gcath nó (a) ccomlann nó a ttreas, smuaintidh oruinne ann sin is tiocfum dot' fóiridhin. Gurab soraidh dhaoibh bur ttreóir a gcríochaibh an domain móir; ós scarthain dhúinn is dúibh-se, budh fada re mo chroidhe.
"Do imghedur an t-aon macaomh déag uaim-si ann sin agus tánac-sa co hUisneach Midhe mur a rabhadur fiana Éirionn, agus tucas mo dhá culéin con liom ann agus tucus anmanna orro .i. Bran agus Sceólang, agus do insios mo scéala féin dhóibh ó thús co deireadh. Acht aonn-ní cheana, do cuala misi nach raibhe deirbhshiúir mo mháthur ag Oillil mac Eathaich, agus do cuirius fios ar a chionn agus táinic dom' ionnsaighe, agus do fiafraighios dhe cá raibhe in bhean tucas dhó agus tuc maithe fhian Éirionn uile maille riom. Adubairt-san nach raibhe a bec nó a mór dá scéaluibh aige. Do iarus an bhean ar na slántaibh do bhí agum air-sean. Táinic Lughaidh Lága a láthair arna chloss sin agus tuc a bhriathur co ttiobhradh ceann Oillealla mic Eathach am' láimh-si agus a láimh na féine mura bhfaghadh Turne inghean Taidhg mic Nuadhat annsa cruth a tuc sé uadha í. Do íarr Oillil mac Eathach cairdi (orm) agus arna slántaibh uile ionnus co ndeachadh d'iarraidh na hinghine agus tuc a bhriathur co ticcfadh chucu-san arís dá bhfagadh í nó dá mbeith gan a fagháil. Tucamur-ne uile in chairde sin dó. Do imidh Oillill roimhe mur a raibhe a leandán ban-tshíoghaidhe agus do innis dí in t-adhbur fá ndeachaidh sé dá hionnsaighe. Adubairt sisi: dá ttacadh seision a breath féin dí co saorfadh ón ccás sin é. Do gheall seision sin dí; agus do gluaisidur rompu co teach Fearghusa Finnléith agus tucadur in chú leó co longphort na féine agus tucadh na cuir céadna dhí-si fána breith d'fagháil, agus as í breath ruc sí, Oillill do bheith aici 'na fhear tairis mnáibh in domain. Agus a ndiaigh na slána sin do daingniughadh tucc si fleasc dhoilbhthi draoidheachta óna cuim agus do bhúail in chú dhí agus dorine ríogan cruthach chaomh-álainn di; agus do innis in ríogan .i. Turnae, gurab í féin do ruc an dá chuléin
chon sin a ttigh Fearghusa Finnléith an uair do bhí sí 'na coin ann. Do thairg Uchtgheal damh-sa .i. an ban-tsíoghaidhe, na cuiléin sin do chur a reachtuibh daoine agus adubart-sa: dámadh mé féin a n-athair comadh fearr liom a mbeith mur sin ná a mbeith 'na ndaoinuibh. Imthúsa Lugdhach Lága, dob éigion Turnae d'fagháil dó féin do luach choraidheachta agus tóraidheachta 'na tiomchioll, go ruc sí triur mac dó .i. Sciath Breac agus Caol Crodha agus Eoghan Ruadh agus as iat-sin na trí mic máthur atá ag Bran agus ag Sceólang a bhfianaibh Éireann" ar Fionn. "Agus as iad sin fuaslacadh na gceasd do chuiris orum, a Cannáin" ar Fiond. "Beir buaidh agus beannachtain, a rí-fhéinidh" ar Conán; "is mór in t-urgáirdiughadh meanma agus aigeanta dhúinn a bheith ag éisteacht read' bind-briathraibh; agus abair riom anois créad fár liath tú agus h'óige, agus créad fá bfuil aoiphle ataithsi ar do ghnúis agus neim naithreach ar do theanghaidh agus mosrughadh mairph ar do chloinn agus fuaire an umha id' leathor, nó cá fad do bhí tú mur sin nó an bfuilir mur sin fós." "Inneósat-sa sin" ar Fionn. "Aon do ló dá raibhe misi agus maithe fhian Éirionn a nAlmhain ag ól agus ag aoibhnus, agus tarla aimhsiughadh mór cugum ann .i. días ban do Tuathaibh Dé Danann tuc grádh damh-sa a n-aoinfheacht; agus is amhlaidh tarla dhóibh a bheith 'na ndias ndeirbhseathur dhá céile, eadhón Miodhluachar agus Aighne a n-anmanna, agus tug an dara bean díobh freiteach nach rachadh sí le fear liáth co bráth .i. Aighne. Arna chlos sin do Miodhluachair .i. a derbhshiur eile, do thionóil sí draídhthe Tuath Dé Danann a n-aon-ionadh agus do dhealbhadur loch doilbhthe draídheachta ar leath-taoibh Shléibhe Cuillinn Chúailgne .i. do budh
(de) chloind Cuillinn Chuailgne an días ban sin féin; agus dá ndeachdís fir domain faí in loch sin, do badh liath iat dá éis. Agus ó thairnic dhóibh an loch do déanamh amhlaidh sin, táinic sí féin a riocht eilidi éadtruime eadarbhuasaighe ar in bhfaighthe chugum: agus is amhlaidh tarla damh-sa a bheith am' aonur ar in bhfaighthe, agus ótchonairc (mé) an eilit uaim, do-rionnus fead ar na conuibh, agus ní chuala cú nó duine dá raibhe isin mbruighin nó 'san mbaile an fhead acht Bran agus Sceolang, agus tángadur amach a gcéad-óir, agus do leigios don fhiadh iad agus do ghluaisedur rompu agus ní ruc na coin ar dhol ionnsa bhfiadh co ráinic Sliabh Cuillinn Chuailgne a gcóicidh Uladh; agus do leanus féin iad am' ghaisibh gáibteacha géar-luatha glan-reatha gan aonn-duine dom' mhuintir agam, agus gér ghairid an eilid ó na conuibh, do ba giorra ná sin na coin uaim-si; agus ó ráinic in eilid in sliabh, tuc sí cor dona conuibh, conár fheidir síat cá haird d'airdibh an domain a ndeachaidh sí uathaibh. Do ghabh ionghantus mór misi uime sin" ar Fionn, ".i. co bhfúigfeadh fíadh ar doman Bran agus Sceólang, agus dorinnus comhnaidhe ar in tsliaph ag amharc uaim gacha taobha; agus ní cían do uhádhus (ann) an tan do choncus loch linn álainn grian-sholusda fo bhun an tshléibhe agus inghean chruthach chaomhálainn ar brú in locha lán-sholusda sin agus í co dubhach déarach dobrónach; agus tánac-sa mur a raibh an inghean agus d'fhiarfaighius fáth agus adhbhar a dubhróin don inghin. "Ag snámh do bhíos ar in loch-so ó chianaibh," ar in inghean, "agus do bhídur dhá fail óir agam agus do thuiteadur isin loch uaim, agus as é sin adhbhar mo dubróin," ar in inghean. Is ann sin do fhiafraighe an inghean cía hé in gaisgeadhach anaithnidh do bhí ag fiafraighe sgéal dí. Do innisius gur mé féin Fionn. "Más eadh" ar in inghean,
"do chualus féin do theist agus do thuarusgbáil agus do ghal agus do ghaisceadh agus do bhuadha iomdha agus gur tearc én-ní 'sa doman nach éireóchadh leat ion da ccuirfeá dúil; agus ó tá sin mur sin, cuirim geassa nach fuilngit fíor-laoich fort-sa an dá fhail óir úd do thabairt chugum as an loch." Arna chlos sin dam-sa" ar Fionn, "nír mhaith liom mo chur fo geassaibh, agus gidh eadh nír fhuilngeas co fada fó na geassaibh in tan do chuirius mh'éadach dhiom agus do chuadhus isin loch; agus ní fada do bhádhus (ann) an tan fuarus in dá fhail óir sin agus tucus urchur díobh d'ionnsaighe na hinghine, agus do gabh iad 'na láimh agus tuc cúl don loch agus nír fheadur misi cá conair ina ndeachaidh uaim; agus tánac-sa fó thír a gcéad-óir ann sin; agus gér ghairid uaim mh'éadach, ní raibhe do shiubal nó do láidireacht ionnam dol conuige é an tan dorineadh seanóir críon cúl-liath cnáimh-arsaidh dhíom; agus tángadur mo dhá choin cugum agus nír aithnighdur mé, agus do imgedur uaim a ttiomchioll in locha ar gach leith dom' iarraidh-si. Agus ní cían do bhádhus mur sin an tan do chonairc mé Caoilte agus tosach na féine dom' iarmhóiracht agus tángadur ós mo chiond-sa agus (an ní nárbh iongnadh) nír aithnidar mé. Do labhair Caoilte ann sin agus as eadh adubhairt: "A sheanóir" ar sé, "an bhfacuis eilid agus dá choin 'na diaigh agus aon laoch a ndiaigh na gcon?" Agus d'fhiafraigh dhíom-sa narbh íascuire mé, agus adubhrus nárbh eadh agus nach raibhe neart nó láthur ionnam asa ndéanainn iascuracht; agus adubhrus co bhfacus an eilid agus na coin 'na diaigh agus an gaisceadach ag éirge isin slíabh agus nach raibhe mórán dá bhfios agam ó sin a leith. Tug Oisín baramhail ann sin co raibh fios Fhinn agus na gcon agam-sa; agus gidh eadh nír lamus a innisin dóibh gur mé féin Fionn. Agus táinic tromshluagh na féine cugainn ann sin agus do bhádur
ag fiafraighe scéal díom-sa ann, agus adubairt Caoilte in láoi:
Cá fad ó tháinic tú a leith, a fhir móir, a iascuire? an bfacais eilid ag teacht agus coin 'na coimeadacht? Do choncus ó chíanaibh gach ní dá bfuil sib d'iarraidh: dá choin lúatha go traitce ag leanmhuin na heilidi. Aon chú díobh do bhí ar tús, is meabhair liom a n-iomthús, agus óglách lúath 'na ngar, nocho ndeachadur uadh a bfad.
"Tángadur in fhian uile gacha taoibha díom-sa agus do uhádur ag síor-leanmhain scéal orum; agus do innisius dóibh fá deóigh gur mé féin Fionn; agus nír chreididur mé agus do mhaslaighdur mé co mór re teangaidh agus do fhóbradur sleagh gacha fir do sháthadh ionnam. Is ann sin do éirgios am' sheasamh agus do ghoirius Caoilte ar fód fó leith agus do innisius mo scéala féin dó ó thús co deireadh, agus do chreid Caoilte in sin gur misi Fiond, agus do éirghe atharughadh dealba agus crotha ar Caoilte ann sin re misi d'fhaicsin ionnsa riocht sin, agus do innis sin don fhéin uile. Arna chlos sin don fhéin, do líonadur do thuirsi agus do dhobrón agus do leigedur trí gártha móra ós aird a ttiomchioll in locha; gurab de sin atá Loch nDoghra ar in loch sin agus biaidh co bráth. Is ann sin dorinnedur an fhian eilitrom damh-sa do chaolach na coilleadh agus do iomchradur mé co mullach an tshléibhe co síth
Cuillinn Cuailgne, agus do thiomsidur seacht ccatha na gnáthfhéine cum an tsíodha agus do uhádur trí lá agus teóra hoidhche ag toghail agus ag briseadh an tsíodha. A ccionn na trí lá sin táinic Cuillionn amach as in síth dar n-ionnsaighe agus eascra álainn órdhuidhe ina láimh, agus tuc am' láimh-si é agus adubairt riom deoch d'ól as; agus do ibhios deoch agus ar n-ól na dighe damh, táinic mo dhath agus mo chruth agus mo neart féin ionnam ann sin, agus do imgedur na huile aimsiughthe agus adhghaill dá raibhe orum acht in léithe amháin, óir do bhí mo leath-fholt mur airgead aon-gheal arna niamhadh do dheagh-cheard agus do bhí mo leath-fholt eile mur ór-snáth arna niamh-ghlanadh; agus do thairg Cuillion Cuailgne dhamh-sa ann sin co ccuirfeadh sé dath (mo) fhuilt féin ar mh'fholt-sa agus urchra fair; agus do rucus do roghain in dath tarla ar m'fholt a bheith air agus a bheith gan urchra. Agus ar n-ól na dighe dhamh, tucus in courn i láimh Mic Reithe agus do ibh deoch as; agus in uair dob áil leis in corn do shíneadh a láimh an fhir ba neassa dhó, tuc an t-eascra cliseadh as a láimh ar in talmain, agus do reathadur an fhían 'na dhiaigh agus gér maith do reathadur ní rucadur fair, co ndeachaidh 'sa talmain 'na bfhiadhnuise; agus ba mór dubrón agus tuirsi fhian Éreann uime sin agus nírbh iongnadh dhóibh, uair dá n-ibheadh in fhian uile deoch as, do bhíadh fios agus fíor-eolus acu uile mur atá agum-sa agus ag Mac Reithe. Agus ag sin duit-si, a Conáin, mur do líath misi ar tús." Agus adubairt Fionn an láoi ann:
Miodhluachair is Aignae fhial, dhá bhan-draoi (do) bhí 'sa sliabh, do charsat mé cechtur dhe, dhá inghin Chuillinn Chuailgne.
Freitighus Aighnae fhial a dhol co bráth re fear líath 's nach rachadh le fear dhá thoigh acht madh fear óg anarsaidh. Tionólus Miodhluathchair mhall draoithe Tuatha Dé Danann nó gur dhealbhustair-sean trá an loch doilbhthe draoidheachta. Téid roimpe Miodhluathchair mhais gusin tTeamhraigh treathain-ghlais; do chuaidh a riocht eilidi de inghean chaomh Chuillinn Chuailgne. Do leansum an fíadh luaimneach éattrom eirluath iomshuaimhneach, agus níor sguiremur de co loch Síthe Cuilinn Cualgne. Aon-bhean ar brú in locha láin gan uamhan, gan iomurscáil do rat a gceist misi de fá dháltaibh na hingine. "Créad do rad ann sin thú, a bhean, a inghean luachair láim-gheal?" "Dhá fhail óir do bhí fóm' laimh do chuadur 'sa loch lind-bháin. "Geassa ort-sa, a Fhind fhéil, mun' ttucadh tusa in léim ar ceand m'uincceadh óir 'sa loch 's a ttaphairt dham gan lán-locht."
Ann sin do lingus an léim, nocharbh é dob fearr dom' chéill; an leath do lingus fón loch as eadh ro líath co lán-mhoch. As í sin an cheist iar bhfíor, a Channáin gusan gcaom-ghníomh, folt mo chind ro líath co mbladh as eadh ro mhill mad (?) liathadh.
"Beir buaidh agus beannachtain, a rí-fhéinidh," ar Conán, "is binne ná céol crot bheith ag éisteacht re bind-chomhrádh do bheóil; agus ar grádh h'einigh innis damh anois, a rí-fhéinidh, cionnus fuarais an fios forbhartach fíor-eólach atá agad; agus ní hé fios an bradáin nó fios thoighe Cuanna atáim d'iarraidh ort." "Inneósat-sa sin" ar Fionn. "Tiobraid atá ag Bec mac Buain agus is do Thuathaibh Dé Danann an fear sin, agus gach duine ibhus deoch eisdi, bídh fios forbartach aige dá éis agus budh fáidh é go bás re fírinne; agus síad bhíos ag coimhéad na tiobraide sin .i. trí hingeana an Bheic .i. Céibhfionn agus Teacht agus Arbach agus as í Céibfiond as sine dhíobh agus as í dháilius an tiobraid ar gach duine cheandaighius hí; agus dobeirthi trí céad uinge do dearg-ór ar lán gach éan-eascra don tiobraid sin. Agus tarla misi aon do ló ag seilg na feagh-sa mur a raibhe iomat fiadhaigh, agus tánac ar mhullach Cairn bhFearadhaigh agus ní raibhe fariom annsin acht Díorraing mac Doghuir agus Mac Reithe; agus ní cían do bhámur ann an tan do choncamur dorus an tshíodha osluicthe romhainn agus do ionnsaighmur é gan fhuireach. Arna fhaicsin sin do trí hingeanaibh Bheic mic Buain, do éirghedur go hathlamh do dhúnadh an doruis, agus tugadur a lámha uile a n-aoinfheacht do thaoiph (astigh) ag dúnadh
an doruis romhainn agus tucamur-ne ar nguailne agus ar lámha a n-aoinfheacht don taoibh amuidh dá fhoslacadh orra-san; agus is amhlaidh tarla do Céibhfionn a bheith an uair sin agus lán an eascra don tiobraid ina láimh; agus ag iadhadh na comhladh oruinn dí, do dhort taosc mór don digh innar mbéil-ne, gur fhan fios fíor-eólach aguinn ó sin a leith," ar Fionn. "Agus as íad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Cannáin," ar Fionn; agus itbert in láoi:
Trí hingine Beic mic Buain, is acu ibhid na sluaigh; is uatha sin atá thall fios dearbhtha Tuath Dé Danann. Tobur atá thall 'sa lios is ann dogeibhthur gach fios; is dearbh do gach aon ros blais gurab í sin an tseaghais. Gé do fuarus in t-eó fis, neimhthní co ránac an tseaghais; as é in fios forburtach damh ó ránac an triur inghean.
"As iad sin fuaslacadh na gceist do chuiris orum, a Conáin," ar Fionn. "Beir búaidh agus beannachtain, a Find," ar Conán, "is mór in t-iontalas meanman agus aigeanta dhúinn bheith ag éistacht friot. Agus abair friom, a rí-fhéinidh, caidhé na headha oeisi fuilit agad féin ar nach eagal leat bás d'fagháil nó co ccailtear iad; agus anois innis damh caidhé "oídhacht Finn co teach Neóid."" "Inneósat-sa sin" ar Fiond. "Aon do ló tharla misi am' aonar agus mé am' giolla óg anarsaidh, agus do chuadhus co
teach Neóid; agus is amhlaidh do uhí Neóid: is tearc do bhí 'sa doman duine badh doichlighe ná é agus co háirithe ní raibhe a nEirinn a gcoimaimsir ris féin duine badh doichlighe agus do badh measa eineach iná é; agus do ba mór a mhaoin agus a chonách, uair do bhádur seacht ndoirse ar a dhúnadh agus do uhádur seacht n-airghe fá chomhair gacha doruis díoph; agus gér mór in conách sin, ní dheachaidh aon-duine ariamh buidheach nó sáitheach as a theach nó as a bhaile; agus tánac-sa am' aonur don tigh, agus ní raibhe do dhaoinibh ann acht Neóid agus a bhean agus a ingean .i. Aoife inghean Neóid; agus ar ndol don tigh damh-sa, do shuidhios ar lár na bruighne. Is ann sin do laphair Neóid agus as eadh adubairt: "Créad é adhphur in tshuidhe úd thall?" ar sé. Adubhras-sa gurbh áil liom oídheacht na hoidhche sin d'fhagáil uadha-san. Adubhairt Neóid gur cosmhail nach ccuala misi scéala in tighe sin an tan do chuadhus ar oídhacht nó d'iarraidh bhídh ann, agus gurab uime "tucadh Neóid orum-sa .i. gurbh ainm don doithchioll neóid, agus mur nach bfuil a nÉirinn duine is doithchlighi ná misi, is uime tucadh Neóid orum." Adubhrus-sa ann sin" ar Fionn, "gur chuma liom féin é bheith olc nó maith fá bhíadh agus co ccaithfeadh sé oídhacht na hoidhche sin do thabairt damh dá dheóin nó dá aimhdheóin. Arna chlos sin do Neóid, do éirghe Neóid 'na sheasamh dom' chur-sa amach d'aimdheóin agus do éirghe mise chuige-sion, agus tucamur cuir ghleaca dá chéile; agus gidh eadh, do leagadh Neóid a bhfiadhnusa a mná agus a inghine agus do chuirius ceangal daingean dothscaoilte fair, agus rucus a bhean liom isan leapaidh fá coimhneasa dhamh agus dob áil liom luidhe fria. Do laphair Neóid ann sin agus as eadh adubairt: "Ná mill mo bhean, a ghiolla," ar sé, "agus dodhéan cumann agus caradradh friot agus dobhéar m'inghean do mnaoi
dhuit agus is cneasta duit mur mnaoi í nó mo bhean-sa." Do thuicius-sa gurabh fíor sin agus do leigios bean Neóid uaim agus do scaoilius dhe féin; agus do cheangail (Neóid) cumann agus caradradh friom agus tuc mo sháith bídh agus dighe damh agus tuc (a) inghean ar feis leaptha agus déaruighthe an oidhche sin damh .i. Aoife inghean Neóid. Agus do éirghemur a mucha na maidne arna mhárach ar in bhfaithche amach, agus do íar Aoife aiscidh mhaidhne orum-sa ann sin agus do geallus-sa sin dí, agus as í aiscidh do iarr orum, lon dá raibhe 'sa doire choilleadh lamuidh don uhaile a chur as a doire amach agus coimhrith fris agus a ghabháil agus a thabhairt beó dí féin. Agus do ghluais misi fón doire ann sin, agus do dhúiscighius an lon agus do reathus ris agus do ghabhus é agus tucus d'Aoife é; agus arna thabairt dí, as eadh adubhairt: "Geassa nach fuilngit fíorlaoich ort, a Find," ar sí, "muna reathair risan lon-sa a gciond gacha bliadhna; agus an bhliadhan rachus sé dhíot gan breith air, do bhás agus h'oigheadh (do) theacht an bhliadhain sin." Do labhrus re Neóid ann sin agus adubhrus ris ullmhughadh bainnsi do dhéanam fám' chomhair agus co ttiubhruinn féin urmór fhear nÉireann am' fharradh; agus do freastladh co maith sin. Acht aon-ní cheana: ódchonairc Neóid iomarcaidh na sluagh agus iomarcaidh an bhídh agus na dighe 'gá ttaphairt do chonuibh agus do giollanradh, do bris an cochall doichill do uhí ina chroidhe agus do scéith ar a bhél amach é; gurab é an treas duine nó an ceathramhadh duine dob fearr eineach do uhí ó sin amach a nÉirinn é. Agus sin eadh dom' eadhuibh-si, a Conáin" ar Fionn. "Agus eadh (eile) dom' eadhuibh-si: aon do ló dá rabhus-sa a Magh na Céidi theas, co bhfacaidh (mé) inghean álainn iolchrothach ann, agus d'fhiafraighius
di créad tuc ina haonur í. "Ag iarraidh fir" ar sí. Do fhiafraigh misi dhi cé hé an fear. Adubairt an inghean nach raibhe fear do sunradh aici, acht an fear dobhéaradh dí ina choibhthe do bhí sí d'iarraidh. Agus do fhiafraigh misi créad í in choibhche sin. Adubairt an inghean: "Ní bfuil acht léim do tabhairt ar in gcloich úd am' fiadhnuise." Arna chloss sin damh-sa, do leigios mh'airm ar lár agus do lingas an léim gan fhuireach. "Ní mur sin is maith liom in léim do thaphairt" ar in inghean, "acht in leagán cloichi úd is comhfad riot féin do chur ar do dhearnainn agus in léim do thaphairt mur sin." Arna chlos sin damh-sa, do chuirius an leac ar mo dearnaind agus tucus in léim amhlaidh sin; agus is bec má dorinnus ariam gníomh ar thalmain badh doilghe liom do dhéanamh iná in léim sin do thaphairt. Agus do fhiafraighius don inghin cá hainm nó dúthchus dhí. "Éadaoin Sléibhi Caoin m'ainm-si" ar sí, agus do chuir misi fó gheasaibh fána dol léi dá hárus féin an oidhche sin; agus do chuadhus léi agus do uhí ar feis leaptha agus déaruighthe agam an oidhche sin, agus arna uhárach dúinn do chuir misi fó gheasaibh fán léim sin do thaphairt gacha bliadhna agus in bliadhain nach ttiubhrainn é, éag nó oigheadh (d') fhagáil an bliadhain sin. "Eadh eile dom' eadhuibh-si, fothragadh dabhcha Coirill, uair is brón báis dam an bliadhain nach déanaim é. Eadh eile dom' edhuibh .i. fleadh doní Bláthnat inghean Deirg Díanscothaigh .i. mo leandán ban-tsíoghaidhe, uair as í coiphche do iarr orum-sa, dol dá caitheamh gacha bliadhna. Eadh eile dom' eadhaibh-si, an t-orchur do naisc Damhnad inghean Raighne Réil orum-sa ar son a coiphehe .i. mo shleagh diupraicthe do
theilgion a Mhullach Rátha go Bealach Iolata, agus ní taphair aon-duine a nÉirinn an t-urchur sin acht misi amháin, agus in bhliadhain nach ttiubraind é co bhfuighinn éag nó oigheadh an bliadhain sin. Eadh ele dom' edhuibh .i. fleadh doní mo mháthair dhamh agus do gach duine uhíos am' fharradh, agus gach neach dá ccaitheann í, ní fhaghann brón bec nó mór in bliadhain sin. Agus eadh ele dom' eadhuibh-si .i. muc do mucaibh Slángha do mharbadh acht co ccoimhioltur a geassa dí; agus geis dí éirge dá leapaidh riana guin. Is geis dí scréachadh arna goin; agus is geis dí an duine goinfeas í muna ttuca féin do láthair in fholachta í; agus is geis dí an gaoth a ttuaith 'gá dógh; agus geis dí dorus dochum a mbearthar hí d'fhagáil dúinte ar a haighidh; agus geis dí duine eile dá roind acht an tí ghonus hí; agus geis dí aonn-duine dá mbia a n-aon-toigh nó a n-aon-uhaile fría do dearmad 'na tiomchioll." Agus dorinne Fiond an laoi:
Fuilit eadha dom' chaphair aincios mé ar urbadhaibh; gach áon dhá ccaitheann ar feis slán go ceand mbliadhna ar aincis. Comrith re lon Leithreach Néid doním d'Aoife, dáil gan bréig., nó go rom sáruighe in lon nó co tteagar rem' shaogul. Aon-mhuc do mucaibh Slángha gacha bliadhna, líth n-ágha, is eadh dom' eadhaibh a bfad gan mheing gan mheabail fuilat.
"Is iatt sin fuaslacadh na cceist do chuiris orum, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buaidh agus beannachtain, a ri-fhéindidh," ar Conann, "ní cualamur ceol ariamh bud binde iná fogur do bheóil; agus abair riom anois caidhé na trí hiomruisg is doilge leat dorinnis ariamh." "Inneósat-sa sin" ar Fionn. "Aon do ló do bhádhus ag seilg muici .i. Brothur bán troimlíne a hainm do shunradh, agus do dúisgceadh an mhuc sin linn agus tánic sí seacham-sa; agus mur do uhádur na laoich agus na coin 'na leanmhuin, do chuirius méar a súaithnimh na sleighi sith-fhada do uhí a n-aice an scéith agum agus tugus ro-urchur di chum na muici; agus tarla an sleagh nimhe a ttaoiseach féine maith dom' mhuinntir gur mharbhus é .i. Miodhbuilg mac Luachair, agus uadh hainmnighter Miodhbuilg ag Coir Comhraidh aniudh. Agus rucus ar in tsleigh an dara feacht agus tucus urchur eile cum na muice, agus tarla an tsleagh a ttaíseach eile dom' mhuintir, eadhón Eadarsa mac Maín, agus ní ruc a anam co lár leis; agus tucus an treas urchur don tsleigh cum na muice agus do chuirius an tshleagh i ttaoiseach maith eile dom' mhuintir .i. Iomus mac Luachair, agus do marbhus é, agus uadh goirtear Sliaph Iomuis iniudh; agus do scuirios do theilgion na sleighi annsin, uair tucus aithne gur mór dom' aimhleas dorinnus risna hurchuraibh sin; óir dob annamh liom urchur a n-iomruill do thabhairt ariamh gonuige sin. Do claoidheadh fearta na ttrí laoch sin aguinne agus do tógbadh a líag ós a leachta agus do fearadh a ccluithe caointe. Agus is iat sin na trí himreasna is doilge liom dorinnus ariamh, a Channainn," ar Fionn. "Rod fia buaidh agus beannachtain, a rí-fhéinidh," ar Conán. "Is ro-mór in céol agus in t-athgearradh aimsire dhúinn a bheith ag éistacht red' chaoin-chomhrádh."
Is annsin adubairt Fionn: "Déantur leaba dhúinn, uair is lór a fhad atá tú (ag) leanmhuin ag fiafruighe scéala díom; óir do innsius mórán d'iongantuibh agus d'imteachtuibh agus do scéalaibh fhian Éireann duit, a Channáin, agus (atá) deireadh oidhche ann anois" ar Fionn, "agus is mithe dhúinn codhladh." "Is fíor sin" ar Conán, "agus is cóir a dhéanamh." "Is ann sin do cóirigheadh leaba d'Fionn agus do cuireadh Findearbh Fhindchiabach inghean Conáin faris an oidhche sin; agus ar ccodhladh d'Fhionn, do chonairc aisling huathbhásach agus biodhgustair fó trí as a chodhladh, gur éirghe comhárd ré húathnibh na leaptha ón ccliseadh tuc air. "A rí-féindidh" ar Findearbh, "créad do choncais asar chlisis mur sin?" "Aisling itchonairc (mé)" ar Fiond, "mur do bhídis Tuatha Dé Danann ag loscadh na bruighne-si orum agus ag marbadh na féine am' thimchioll." "Nárab duit-si ná don fhéin bhías donus ná nimh na haislinge sin!" ar in inghean. Iomthúsa na féine imorro, do thiomsaighdur as gach ionadh co héan-áit agus dob iongnadh ríu gan scéala Fhind do bheith acú, cá raibhe sé an oidhche sin; agus do éirghi Bran Bec ó Buadhachán agus Bran mac Feargusa a mocha na maidhne arna uhárach agus tángadur mur a raibhe Mac Reithe agus adubhradar ris scéala d'innisin dhóibh ó uhí fios aigi-siomh cá raibh sé aréir. "Má tá (a) fhios sin agam" ar Mac Reithe, "ní háil liom fios nó fáistine d'iarraidh orum ar eagla mná nó mionn-dáoine bheith 'gá leanmhuin orm; agus ar a shon sin innsim díph-si Fionn do bheith a ttigh Conáin Chinntsléibhi aréir agus co raibhe inghean Chonáin ar feis leaptha agus láimhe déaruighthe aréir aige agus co bhfuil 'na luidhe ar iomdhuigh fós, agus ní hiongnadh dhó; as fada do uhí 'na dhúscadh aréir ag Conann."
Arna chlos sin don dias sin, do ghluaisidur rompu gan mhailis co teach Conáinn agus fúaradar Fionn ag éirghe dá iomdhuidh, agus ro fearus fáilte friu agus as eadh ro ráidh siat-san: "A Fhinn" ar siat, "is mór an t-iongnadh dhuit a bheith ar banuis mná id' aonur mur so agus gan duine ar bith ad' fharradh agus gan a fhios ag maithuibh na féine cá conair a ndeachais uathaibh." "Nocho dearnadh banuis d'Fionn fós" ar Conann, "agus dodhéantur banuis a díonguhála dó agus taphradh Fionn maithe fhian Éreann leis dá caitheamh." "Tiocfad-sa annsin" ar Fiond. "Tabhair do bhriathar dam-sa fána theacht" ar Conann. Tucc Fionn a bhriathar dhó uime sin. Do imidh Fionn roimhe co longphort na féine. Is ann sin do laphair Bran Bec ó Buadhachán agus adubairt: "A Finn" ar sé, "atá fleadh urlamh ionchaithfe agum dhuit a nAlmain, agus tair féin agus maithe na feine dá caitheamh." "Rachat" ar Fionn. Do gluaisidur rompu co teach Brain agus do heagradh an teach álainn óla acú, co raphadur co subhach suilbhir deagh-chomhráiteach; agus nír chian dóibh amhlaidh sin an tan itchoncadur Carpri Lifeachair mac Cormaic chucu don uhaile. "Ní tarla sin dúinn" ar Fionn, "uair is geis dúinn ar tteach n-óla do sgaíleadh nó go rapham síothamail subhach, agus nírb furáil do mac rí Éreann gomad uime féin do suidheóchadh an teach n-óla ina mbeith sé." "Ní hamhlaidh doghéantur aguinn" ar Oissín, "acht leigtear don féin 'sa leith-si abhos agus tucthar an leath úd thall do mac rí Éireann." "Is cóir sin" ar Fionn, "agus déantur é." Agus do uhí urscardadh an leath thall uile fá chomair mic rí Érenn. Agus do uhí dias óglaoch do Tuathaibh Dé Danann astigh agus do gabhadur chucu co mór agus co aingithe a ttógbháil as
an leith thall ar in urscardadh sin, agus is mó do ghabadur cucu sin ná do ghabh an mhéid do uhí ann do chlannuib aithreach maith ó sin amach; agus is iat in días sin féin .i. Fálfeadha Bec mac Find agus Fálfeadha Mór mac Domhnaill Deirg; agus is eadh adubradur an días sin: "Is cugainne uile dorineadh in t-urscardadh úd ar tí oil agus athuis agus masla do thaphairt dhúinn agus ar in treibh dá bhfuilmid uile; acht gidh (eadh), atá a mháthur-san díoph." "Is urus sin aithne" ar Fálfeadha Mór, "óir is mór in tár agus in tarcuisne tuc Fionn aréir ar Thuathibh Dé Danann .i. an bhean do naisceadh don dara fear nó don treas fear is fearr atá beó do Thuathaibh D. D., a bheith aige féin aréir d'aimhdheóin a hathur agus a máthur re olca re Thuathaibh D. D." Agus do imgedur an dias sin rompu arna bhárach co Síth Fionbhar Mheadha Siuil agus do innsidur dó gach ní dá ndearna Fionn agus mur do thuc inghean Chonáin agus mur do gheall fá chionn míosa dol do dhéanamh baindsi. Arna chlos sin d'Fionnuar, do ghlac doith aingidhachta agus éada é agus chuir fios agus teachta úadha do thionól agus do thiomsiughadh Tuath D. D. ar gach leith; agus do freagradur é co héscaidh as gach aird a rabhadur co bádach priaitheamail (?), co rabhadur sé céad déag do ghlére glan-tsluaigh fá chionn na míosa sin. Do gheall Conán banais a inghine do déanamh agus ar bruach Locha Derdeirgertaigh do ghabhadur fos-longphort. As í sin uair agus aimsir ráinic do Conán bainuis d'ullmughadh agus do chuir a bhain-eachlach .i. Duibhtireach co Teamhair Luachhra mur a raibhe Fiond agus maithe na féine dá rádh riú theacht do dhéanamh na bainnsi agus a briathur do chomhall. Adubhairt Fionn co gcoimheóladh a gheallamhuin do Conán agus co rachadh do
dhéanamh na bainnsi agus do chaitheamh na fleidhe gan fuireach, agus adubhairt ré Duibhthirigh glúasacht roimhe 'sa tshlighe agus co leanfadh féin gan mhailis í. Do imidh an bhain-eachlach roimpi agus as í slighi (do) ghabh sí láimh re Loch nDergertaigh; agus do choncadur Tuatha D. D. uathaibh í agus táinic drong mór acú 'na cuinne ann sin a ttiomchioll Fháilfeadha Bhic mic Find, agus do fhiafraigdur dí cá raibhe sí. Adubairt sisi co raibh sí a tTeamhair Lúachra mur a raibhe Fiond agus maithe fhian Éireann 'na fharradh. "Cá líon atáid ann sin?" ar Fáilfeadha. "Atáid deich céad ann" ar in bhain-eachlach. "Cá conair nó slighi ina ngéabhuid?" ar Fáilfeadha. "Go teach Conáin" ar in bhain-eachlach. Arna chlos sin d'Fálfeadha, do nocht a lann agus tuc buille don bhain-eachlaigh fá chaol a droma, co ndearna dá n-ordain dí, agus do thairing í 'san abhainn bhí rena thaobh ar eagla go bhfaicfeadh Fionn nó fiana Eireann í ar in tshlighe; gurab Dubhthireach ainm na habann ó sin i leith. Iomthúsa na féine imorro, tángadur 'sa tshlighi a ndiaigh na bain-eachlaighe mur do ghealladur, agus is bec do uhí a bhfarradh Fhind ionsna deich céadaibh sin do uhí 'na fharradh uile acht Goll agus Clanna Morna uile, lamuidh d'Fhionn féin agus do Chaoilte agus do Mac Reithe agus d'Eochaidh mac Luighdheach ó Loch Léin agus do Dhoilbhscoinde (mac) Oisín do uhí ina mhacaomh óg anarrsaidh éagciallaidhe. Tarla ann sin caoinius coimhráidh eidir Fionn agus Goll, agus as eadh adubairt Fionn: "Ní dheachus ar banuis nó ar cuireadh ariamh fár mhó mh'eagla iná so." "Cad uime sin?" ar Goll. "Ae eagla Tuath D. D." ar Fionn, "úair atá a bhfiodhair agus a bhfáistine dhóibh ionnsaighe bruighne do thaphairt
orum-sa agus urmór mo muintire do mharbadh, agus ní dócha liom úair dá ttiocfaidh an tairngire sin asteach iná anois." "Gabhuim-si orum h'anacul ar Thuathaibh D.D." ar Goll "an fad bhíos tú a ttigh Conáin." Agus tucadur cucu Mac Reithe agus do uhádur ag iarraidh fáistine air; agus nír maith le Mac Reithe fáistine d'iarraidh air acht gé do bhí sí aige, uair dob eagail leis dá n-inniseadh dhóibh gach olc dá raibhe a ndán dóibh, co ccuirfidhe mur ghealtacht nó mur mí-laochacht air é; agus adhbhur ele, mur do uhí mionna ar Fhionn fána theacht do dhéanamh na bainnsi sin inghine Conáin agus nach ccuirfeadh (sé) féin rena fáistine tríd mhionnuibh é; agus ar gach adhbur dhíobh sin ní dearna fáistine dhóibh. Agus do ghluaisidur rompu co teach Conáin; agus do éirghe Conán agus a mhuintir agus a bhainchéile agus a inghean agus do fearadur fíor-chaoin fáilte riú uile, agus do chuadur don dúnadh agus do heagradh na sluaigh uile 'san dúnadh álainn deagh-maiseach sin Conáin .i. do cuireadh Fionn a leath-ursainn in tighe agus do cuireadh Findearb inghean Conáin ar ghualainn dó agus Goll ar ghualainn eile dó, agus do cuireadh gach duine ina ionadh cinti coimhaoisi ó sin amach do réir a n-uaisle agus a n-athardhacht; agus do uhídur ag aoibhnius agus ag urgáirdiughadh meanman agus aigeanta. Iomthúsa Tuath D. D. imorro, do cuireadur an fé fia umpadh féin ar ghléss nach bhfaicfidhi iad agus do ghluaisidur rompu 'na sé ceadaibh déag armtha éidigh the inilti sin, agus ní scur nó anadh dorónadh leó co rángadur faichthe dúnaidh agus dheagh-bhaile Conáin ina n-éan-bróin dhorcha doiléir draoidhachta, gan robadh gan rathughadh; agus ar fhosughadh dhóibh ar in bhfaichthe adubhradur gur bec an tarbha dhóibh theacht ann sin agus neart láimhe Goill
ina n-aghaidh ag anacul Find forra. Is ann sin do labhair bain-eachlach Fhindbar .i. Eithne bain-eachlach agus adubairt: "Cealgfad-sa Fiond chugaibh as in mbruighin amach gan mhothughadh d'áonn-duine dhá bfuil inte agus déanaidh féin meisneach fair." Agus is cuma ro uhoí dhá rádha agus do gluais roimpe chum an dúnaidh agus do chuaidh ós comhair Find don taobh amuidh agus do fhiafraigh co hárd: "Cia atá 'sa dúnadh so thall?" ar sise. "Atáim-se" ar Fionn "ann," 'gá freagra; uair do chuir sí tré draoidhachta buidhre ar a raibhe astigh nach gcuala aonn-duine í acht Fionn. "Más eadh" ar in uain-eachlach, "geassa nach fuilngit fíor-laoich fort muna ttí tú do labhra friom-sa amach as an mbruighin." Arna chloss sin d'Fionn, do ghlac a arm agus táinic amach ar in bhfaichthe, agus nír airigh duine dá raibhe astigh é acht Caoilte 'na aonur agus do lean sé Fionn amach; agus fuaradur an bhain-eachlach ar (a) gcionn amuidh agus as eadh adubairt friu: "Geassa nach fuilngit fíor-laoich ort, a Fhind agus a Chaoilte, muna ndéana sibh coimhling friom-sa." "Cá fhada an coimhling?" ar Fionn. "Ó Dhoire Dhá Thorc anoir" ar in uain-eachlach. Do gluaisidur, gérbh fada sin uadha, agus co hÁth Leathan, agus do chuaidh Fionn rimpi ann sin agus do bhí Caoilte 'na dhiaigh, agus déachus Fionn 'na dhiaigh agus do chonairc Caoilte 'na diaigh agus do greis é agus adubairt gur mór an náire dhó a bheith a ndiaigh na bain-eachlaighe agus in tuaruscbáil reatha do bhí air ag fearuibh Érenn. Ar cclos greasacht Fhinn do Chaoilte, tuc teanda air agus do chuaidh rimpi ag dol dóib co Doire an tshean-leóin, agus tillis fria agus tuc buille ina hucht dhí agus do mharbh í agus do bhain a ceand dí. Do chuala Fionn tairm in bhuille agus féachus 'na dhiaigh agus do chonairc í gan ceand. "Beannacht ar in láimh
sin; cidh mór buille maith tucuis ariamh, ní thucuis ariamh buille is fearr liom do thabairt dhuit iná in buille sin." Iomthúsa Tuath D. D., ar mbreith Find uathaibh don uhaineachlaigh ón dúnadh, do leigidur ealta d'énuibh dubha fón dúnadh agus guib theineadh forro, gur luigheadur ar ochtaibh agus ar urbruindaibh ban agus fear, co rabhadur 'gá ndóth agus dá loscadh agus 'gá leadradh, gur theitheadur mná agus mionn-dáoine an dúnaidh as amach agus (gur) theith bean Chonáin mur gach nduine .i. Caoineach, agus gur báitheadh í 'san aphuin leath thíos don tigh, gurab Eas Caoineach ainm na haphan ó sin a leith; agus ar leigion na healtan uathaibh do Thuathaibh D. D. cum an dúnaidh do loscadh agus (do) dhógh a raibhe ann, do leigidur féin 'na ngaisibh gáibhteacha gér-luatha glan-reatha iat ón dúnadh agus in fé fía umpa a ndiaigh Find agus Chaoilte agus na bain-eachlaighe; agus ní mór an fosadh dorinne Fionn agus Caoilte ag leigion a n-anála an uair do choncadur Tuatha D. D. cucu ina mbróin armtha éidighthe innilti agus do chuiredur in fé fía dhíobh. Is ann sin do laphair Caoilte agus as eadh adubhairt: "A rí fhéine" ar sé, "tarla ar lár ar námhat sinn; agus déanam calmacht agus ná fionntar ar mí-laoichacht." "Ní fionnfaidhtear" ar Fionn, "agus nír fionnadh ariamh, agus ní furáil dúinn; is fada furtacht uainn." Is ann sin do iadhadur Tuatha D. D. iomut curadh agus cath-mhíle a ttimchioll Fhinn agus Caoilte, gur chuir Fionn agus Caoilte a dhá ndroim re chéle dá ccumhdach féin; agus gur luidh iomarcaidh na ccuradh agus na ccath-mhíleadh orra fá deireadh, gur ghéis sciath Fhinn agus co ttuc Fionn féin osnadh
éagoimhlinn ós aird, co gcuala Goll sin, agus as eadh adubairt: "Is truagh sin" ar sé; "do ghoididur Tuatha D. D. Fionn uaim gan fhios damh, agus as é a osnadh éagoimhlinn sin do chluinim agus é 'gá mharbadh ag Tuathaibh D. D., agus go rabhadur sé céad déag armtha eidighthe ar in tshlighi romhuinn agus is iad do chuir an ealta-sa agus guib theineadh orro chugainn da ar ndógh agus dar loscadh ar tí faill d'fagháil ar Fhiond; agus gabaidh bur n-arma, a chlanna Mórna, óir is bec atá don fhéin annso aniudh acht sibh; agus ná fionnuim bur bhfhuruaacht ná bur miscuis a ttimchioll Fhind aniu; agus cathaidhe co calma láidir ré Thuathaibh D. D. a ttimchioll Fhinn má tá a ndán díbh tuitim ann"; agus dorinne an láoi:
Gabaidh bur n-arma, a fhiana Find, ionsuigh an t-ágh gan éislinn, fearuidh an cath, clú nach gann, a n-aghaidh Tuath Dé Danann. Sé céad déag dóibh isin muigh, deich céad dhúinni 'san mbruighin; gidh deich deich céad beithdis ann, dhúinne ní badh hanforlann. Éirghidh dhúinn chum an chatha, a chlann-macne an árd-flatha; déantur gníomha tréana libh, bur n-arma géara gabaidh.
Ciodh trá acht, do éirghe Goll ina cholamhain lasamhain agus ina bhuinne teintighe agus ina dham dhásachtach agus na deich céad do bhí ann fhían maille fris; agus do éirghe Conann agus sé céad laoch
maille fris; agus ro gabhadur a sciatha móra mílita dath-niamhdha ar dromanuibh deagh-laoch agus ro gabhadur a sleagh slinn-géara sith-righne sith-fhoda re guaillaibh na gasraidhe agus ro gabhadur a ccloidhme tana taithneamhacha faobur-géara dias-fhoda for thaobhuibh curadh agus cath-mhíleadh, agus dorinnedur léiphion dhlúith daingeann doscaoilte dá sciathaibh ina ttimchioll; agus rucadur in cathréim curaidh coscrach comhchalma sin leó co ráncadur Tuatha D. D. Is ann sin tucadur in dá shochraidi dhiana dásachtacha dofreastail sin a n-aghaidh ar a cheile agus fá hadhbail re innisin an torann tucsat dá chéile ann sin ag cur a ccraoiseach cró-fairsing catha a sciathaibh a chéile agus ag búaladh a ccolg tuinidhe lán-trom ar chorpaibh agus ar cathbharthachuibh agus ar sciathaibh a chéile agus coigedal na lann bhfada bhfiorga dá mbualadh a n-aghaidh a chéle. Cidh trá acht, ód' chonairc Goll an cró catha dorionsat Tuatha D. D. a ttimchioll Find agus Caoilte, do ionnsaigh féin go laochdha láidir lán-chalma in láthair sin; agus as í uair agus aimsir fá raibhe Fionn dá chlaoi ansa ccomhlann, agus dobeireadh Fiondbar dhá buille fán mbuille agus dá sháthadh fán tsháthadh d'Fhionn; agus ar ndol do Gholl do láthair, do chuaidh eidir Fionnbar agus Fionn; agus nír chobhair gan fheidm d'Fionn an chophair sin tuc Goll dó an úair sin, óir nírbh fada dó bheith 'na bheathaidh muna mbadh Goll. Is ann sin tharla Fionn agus Eochaidh mac Luighdheach dá chéile 'sa chath agus do thuarcnedur a chéile co tréanmhar tinnasneach agus co grod gábhtach gráineamail agus co mear mearrdha míchéilidh, go ttuc Fionn béim cloidhimh d'Eochaidh gur sgar a cheann rena chodhlainn. Agus adorchuir Eochaidh Dearg re Dolbhscoine mac Oisín, agus attorchuir Aodh Eassa Ruaidh le Garadh Glúndub, agus attorchuir in dá Dhonn
le Mac Reithe agus le Dáire, agus attorchuir na trí Cuinn le Conán mac Mórna, agus attourchuir in dá Cairpri le Conán agus le Cairpri mac Conáin, agus attorchuir Fáilfeadha mac Domhnaill Deirg le Dubchosach mac Méine. Ciodh trá acht, ní héidir gníomhartha gacha fir fá leith d'innisin 'sa chath. Gidh eadh, is bec má tucadh a nÉirinn ariamh uiread catha (agus gan mórán toichiostail do dhéanamh cuige) is fearr tucadh iná in cath sin; uair do chuadur fiana Éireann deich céad ann agus Tuatha D. D. sé céad déag agus Conán sé céad, agus ní dheachaidh dhíobh sin uile acht madh aon chéad cruaidh agus íad cneadhach easbadhach cró-linteach. Iomthúsa Oisín mic Find, innistur sunn seal eile. Leanus féin agus clanna Baoiscne Fionn co teach Conáin agus ní fhuaradur ann acht daoiscirshluagh in dúnaidh, agus do innisidur scéala Fhind agus Conáin agus Tuath D. D. d'Oisín agus don fhéin. Arna chlos sin imorro d'Oisín agus do chlannaibh Baoiscne, gluaisit rompu ina mbuidhnibh borba barbartha buan-óglacha agus ina ccuradhaibh calma comhchóridhe agus ina gceithearnaib cliste crand-ruadha go rabhadur ag dol a láthair chatha. Iomthúsa Tuath D. D., ódchoncadur Oisín agus clanna Baoiscne chucu agus a mbratacha maiseacha maoith-sróil re cranduibh na sleagh sioth-fhada sár-reamur agus a sciatha dualacha dath-áille deagh-mhaiseacha ar leath-lámhuibh curaidh agus cathmhíleadh agus a ccindbearta solusda dath-órrdha ar cheanduibh triath agus tréanfear, do ghabadur in fé fía umpu agus do ghabhadur maidhm agus mór-theitheadh chucu ionnus nár léar don fhéin iat is nach fhios acú cár gabhadur uathaibh; agus nír leig Fionn dóibh a leanamhuin as a mball amach. Is ann sin do thuit Fionn a ttaisibh agus a ttámh-nélluibh
agus táinic Oissín agus in fhian ós a chionn. "Is truagh nach rucamur-ne oruibh gan an cath do taphairt" ar Oissín, "agus dá mbearmaois, ní imeóchadh an mhéid a d'imigh do Thuathaibh D. D. uaibh, a rí-fhéinidh," ar Oissín, "agus is mór in t-ár deagh-dhaoine sin tucadh oruibh; agus dobheirim dom' bhréithir co saoilfinn, gé mór do shluaguibh agus do sochuidhibh biadh ionn bur n-aghaidh, nach tuitfeadh an uiread-sa aguib leó." "Ní hiongnadh tusa dá rádha sin" ar Conán; "is mór mo dhíth féin insa cath-sa, óir tángus-sa sé céad laoch ann agus ní bfuil aonn-duine 'na bheathaidh acu acht becán atá ionnam féin." Agus do hiomchradh Fionn agus Conán dá ndúnaibh agus dá ndeadh-bhailtibh féin agus tucadh leagha na féine cucu agus do uhádur caoicís ar mhíos dá leighios; agus ar n-éirge dhóibh, do uhádur ag éagaoine a muintire; agus as gairat gurab amhlaidh sin do scar Fionn agus fiana Éireann re bruighin Conáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services