Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Tighe Chonáin

Title
Feis Tighe Chonáin
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Joynt, Maud
Composition Date
1686
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1936)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




Sealg throm-thorthach shaor-aoibhinn árd-aigeantach
mhór-mheanmnach do comóradh le Fionn mac
Cubhaill mic Tréinmhóir uí Bhaoiscne agus le fianaibh
gúsmhura gairg-bheódha gníomh-éachtacha Gáoideal
ó Theamhair Earna a theas go Sliabh árd uráoibhinn
Eachtuigh. As ann sin do suigheadh an tshealg leó,
fó na coilltibh beandacha bárr-ghlasa mór-thorracha
agus fó na daireadhuibh dlúithe daingne díomhóra agus
fó na sléibhtibh fairsinge fraoch-árda furuaidhe agus
fó na maghuibh míne mór-áille mbán-scothacha deagh-bhalaidh
agus fó na cnocuibh corracha ceand-gharbha
mórthimchioll na bhfearann, agus do bhí gach taoiseach
féinnidh acu ann a ionadh urdhálta agus ann a bhearnna
bhaogail agus ann a láthair licthe annar chleachtadh
a beith go minic roimhe sin. Agus do scaoileadur
da ngadhruib trom-chluasacha guth-bhinne mór-ghlóracha
agus do greasuidur íad fó na mór-dhaireadhuibh agus
fó na choilltibh agus fó na sléibhtibh gacha taobh dhíobh
agus do chuireadur a ccoin fheargacha chraos-fhairsing
chliabh-dhomhuin ucht-leathann árd-aigeantacha ar a
n-ialluibh daingne dath-áille deadh-mhaiseacha.
Agus do shuigh Fionn ann a dhúmha sealga, agus níor
fhan ann (a) fhochair ná ann a choimhdeacht an lá
sin acht Díorraing mac Doghair Dhámhaigh amháin.
Dob é do ba ceól agus dob oirfide agus dob ealadha
dhóibh a bheith ag éistacht le núadh-ghárrta na
sealga, ré seasdán na bhfear bhfiadaigh, le laoghadh
na laochraidhe risna sár-chonuibh, gur dhúisceadar
fiadha faiteacha folúaimneacha, míolta mong-ruadha


L. 2


mbuidhe agus sionnuidh chorr-chluasacha chealgacha
chaib-líatha agus bruic cheananna thaoibh-thoruinn
tréan-díana chomhruichacha, gurbha cinn-dearg
coin agus bha lámh-dhearg laoich agus gurbhá mór-mhuirineach
giollanradh acu an uair sin. Gurab í
sin úair agus aimsir do ghabh funn súain agus sáir-chodhlata
an rí-fhéinnidh agus adubhairt sé le Díorraing
mac Doghair faire agus forchoimhéad do dhéanamh dó
nó go ccodhludh cáil éigin tar éis na mochéirghe
dorinne an lá sin. "Dodheána cheana" ar Díorraing.



Do luigh Fionn agus do thuit a thoirrchiom súain
agus sáir-chodhlata fair, agus do bhí 'na chodhladh ón
tráth sin nó gur fhéuch an ghrían aníar agus nó gur
fhilleadar an fhían ón tsheilg. Agus dob fada le
Díorraing do bhí Fiond 'n-a chodhladh, agus tug lám
tar fhormna agus tar aghaidh dhó agus do mhúiscail é agus
d'innis dó an fhían d'imtheacht agus a n-ionadha sealga
d'fagbáil dóibh, agus adubhairt nach ccuala fead ná
fercheadh uathaibh. Arna chlos sin d'Fhionn, d'éirigh
go hathlamh agus tug lámh tar (a) aghaidh agus adubhairt:
"Dar liom, a Dhíorraing, as deireadh láoi ann, agus
ni roichfeam an fhían anocht; agus éirigh fón ccoill
agus tabhair adhbhur boithe agus bélsgáláin chuguinn."
Do éirigh Díorraing agus do chuaidh an tan do
chonnaic an dúnadh ríogha ro-mhaiseach agus an
phíoláid áluinn iongantach 'na fharradh. Iontóigheas
Díorraing mur a raibhe Fionn agus d'innis sin
dó. "Déan d'ionnsuighe an dúnaidh," ar Fionn,
"óir ní bhíam ré saothar boithe feasta." Do rángadar
rompu go dorus an dúnaidh agus do bhaineadur béim
baschrainn frisan dorus. Táinic an doirrseóir chuca
agus ro fhiarfhaigh cia do bhí ann. "Días do mhuinntir
Fhinn mic Cubhaill atá annso" ar íad-sumh. "Gleó
nimhe agus ágha agus urbadha oruibh" ar an doirrseóir,


L. 3


"as olc an turus a ttángabhair ann so; óir as é
Fionn do mharbh athair agus máthair fhir an tighe-se
agus a cheathrar dearbhbráithreach agus triur dearbhbráithreach
(a) athar agus athair a mná .i. Dub mac
Dubguill ar muigh Teasga a theas, agus as é baile
do bhí ann sin .i. baile Conáin Chind-tsléibe risa
ráither Conáin Chind-tshugmuire Ruaidhe, óir is leis
do tráigheadh Loch Lorgán ag iarraidh Mic in Luinn
ann." Et dob fhíor don doirseóir a ndubairt uile
ann sin ré Fiond, óir is é Fiond dorinne na héachta
sin uile. Fillidh an doirseóir go Conán et innsios an
beac-choindeam sin do bheith 'sa dorus. Fiafraigheas
Conán: "Créud tuaruscbáil na buidhne atá
san dorus?" "Tá ann" ar sé, "óglách forusta
fionn-liath fearamail fíor-mhaiseach is mó do mhíleadhaibh
et is láidire do laochaibh et is áille don
druing dhaondha uile; agus cú craosach cír-dhub
ucht-geal ina láimh go michair ríoghnaidhe, go
n-ingnibh iuchannda, go nimh nathrach, go slabhraidh
sníthi, go muince óir orloiscthe fána brágait;
et óglách donn-dearg dath-álainn ina fhochuir agus
sadh bhreac bhuidhi uallach ina láimh." "Is maith
tucais tuaruscbáil na buidhne itá 'san dorus leat"
ar Conán, "et dobheirim-si aithne forro, uar as é
Fiond flaithféinnidh Gaoideal in t-óglách fá tuaruscbáil
tucais leat ar tús agus Bran ina láim, et Díorraing mac
Doghair in t-óghlách sin eile fá tuaruscbail tucais leat
ar deireadh et Sceólang ina láim; agus éirghe amach
go luath agus leig asteach iat." d'imigh in doirseóir agus
do fhoscail in dorus agus tángadur asteach agus do gabadh
a n-arma asa lámhaibh agus ceangladh a ccoin agus do-rinneadh
umhallfhosaic dhóibh, gurba subach
somheanmnach iat; agus iar ccaitheamh forgla a
gcodcha dhóibh táinic cóir comhráidh agus imagallmha
idir Conán agus Fiond agus adubairt Conán: "A Fhiond"


L. 4


ar sé, "is mór in grádh bídh agus oídheachta dhuit-se
teacht don thigh-si agus méid a fhala agus heasaonta
and"; agus is amhlaidh do bhí Conán an uair sin agus
a bhean ara ghualainn, agus ingean chruthach choímhálainn
do bhí ag Conán ar ghuallainn a máthur .i.
Findearb inghean Conán. Do fhreaguir Fiond é agus
adubairt: "Is fíor gach ní dá ndubrais, a Chonán,"
ar sé, "is mór m'fhala-sa agus m'easaonta friot; agus cidh
eadh dorindius siacháin friot an tan do mharbhus
h'athair agus do máthair agus do thriur dearbráithreach
agus do dá mac agus athair do máthar .i. Dub mac Dubguill
agus a triur mac; do ainces thú féin agus do bhean agus hí
taobh-throm torrach, agus do naisceadh an torrcheas
sin damh-sa: dámadh mac do bhiadh ann, go mbeith
'na dalta agus 'na fianaidhe agum, agus dámad inghean do
bhiadh and, a leasughadh agus a hoilleamhain go maith
fám' chomhair féin dámad diongmhála dhamh í agus
munbad eadh go ttucainn do thaoiseach féine
maith éigin dom' muintir hí; agus dobheirim aithne
forre gurab hí súd thall a bfochair a máthar í anois,
agus is diongmála damh-sa mur mhnaoi: agus dá taphairt
tánac-sa don tigh-si anocht agus ní ar oídheacht;
agus is córa dhuit cuimne do bheith ar in maith sin
dorindius ort ná cuimne do bheith agad ar fhala
ná ar adhuhur." "Leig as, a Find," ar Conán; "do
naiscead an inghean úd d'fhior eile, agus is dóigh liom-sa,
gi mór do chonách-sa agus do neart, nach lugha leis a
mheanma iná aicnead iná leat-sa, a Find." "Cé
hé sin?" ar Díoraing mac Doghuir. "Itheach mac
rí shíthi Easa Ruaidhe a ttuaith." "For da ghráín
agud do cholluabais, a Conán," ar Díorraing, "agus do
badh cóir in bhél tara ttáinic in glór sin amach do
dluidhe agus do dían-gearradh agus dionbhas d'imbert fair,
uar dá gcurtha Tuatha Dé Danann uile a pearsain
éan-duine, is fearr Fiond iná é." "Leig as, a Dhíorraing,"


L. 5


ar Fiond; "ní d'iomurbháigh nó d'imreasain
tángamur don tigh-so anocht, acht do tabairt mná,
agus dobéaram hí gidh olc maith le a bfuil a nEirinn
é." "Ní dhiongnuim-ne imreasain ar bíth uime
sin, a Fhinn," ar Conán; "acht geassa nach
fuilingit fíorlaoich fort mura n-indisir damh-sa gach
ní fiarfeóchat d'imtheochtuibh agus d'iongantaibh
agus do scéaluibh fhian Éirionn díot, go luidhir for
do leabaidh anocht." "Gach (ní) bhias agam-sa ar
cuimne de sin, inneósat iad," ar Fionn. "Más eadh,"
ar Conán, "indis damh céad-ainm tugadh ort agus an
dara hainm, agus cá ndearnais do chéad-chreach agus
do chéad-eucht agus do chéad-shnámh, agus créad fá
linginn tú léim na Brece Bladha (?) gacha bliadhna."



"Indeosad dhuit ámh," ar Fionn. "Glas
Dige mo chéad-ainm agus Giolla an chuasáin m'ainm
'na dhiaigh sin, agus ag Tioprait Crithirlinde do leath-taoibh
tshléibhe Smóil mic Eighleachair dorinnius
mo chéad-shnámh agus ag Dún mBrocna dorindius
mo chéad-chreach ariamh .i. an preasleacha gona
dá hén déig; agus is aire lingim-si léim na Brice
Bladha gacha bliadhna .i. an céad-lá do scarus
ré mo bhuime .i. ré Boghmuinn, arna marbadh do
chlannuibh Mórna, do gabhus seachrán sligheadh
cugum co ránac co Luachair Deaghadh theas, agus
mé am' óg-macaomh bhaoth éagiallaidhi and; agus
ní raibhe d'éadach umum ann acht beart do
croicend óglaogh allaidh; agus ní cian do chuadhus
an tan do concas an dá comhdáil, oireachtus fortamail
fearamail fear agus oireachtus bind comráiteach ban,
ar dhá cnoc chomárda re taobh a chéile, agus all dubh
duaibhseach domain gáibteach gráineamail etorro;
agus táinic misi an uair-sin mur a raibhe na mná ar
tús agus do bheannaigeas dhóibh treasna déibh adharthae


L. 6


agus d'fhiauraigheas créad má roibhadur an dá chomdáil
sin leath ar leith 'mun all. Do innsidur na mná
domh-sa gurab é an adhpur .i. go raibhe Séadna
mac Oilealla ann .i. mac rí Ciarraidhe Luachra,
agus oireachtus fearda fearamail fear ina thiomcioll,
agus go ttuc searc agus siar-grádh d'Athnait inghean
Dáire an Sídhe go bfuil an t-oireachtus ccomálaind
binn-briathrach bhan-sa ina tiomcioll; agus is í cobchi
do iarr sí fair, léim an aill-si do thabhairt; agus
thig gacha bliadhna ionna coinde ann so (do)
tabhairt in léime; agus in uair thionscnas í tabhairt
agus thig go bruach an aill, tillighidh tar (a) ais arís
gan a léim do thabhairt. Do fhiafraighius don
ingin 'nar chuma léi cé dobeireadh an léim. Adubhairt
nár chuma, "agus cidh gránna h'eireadh-sa agus
h'éadach agus do chulaidh, agus ní do chaíneadh do dheilbe
féin é, dá ttugteá in léim, do bhiadh sisi agud agus do
fuighfeadh leat." Arna chlos (sin) damh-sa tugus
lán-chruinughadh orm a meadhón mo chroicinn agus
do scuchus ar mo chúl ón all agus tucus dighrim
reatha rind-luaithe dochum an aill, gur éirgeas co
hárd-éadrum eaduruasach rum féin ós cionn an aill,
gur turlingus ar taobh na tulcha don taobh thall don
all, agus do thillus a fritheing na conaire céadna arís
cum an aill agus tucus an léim tar mh'ais, agus dobéaraind
ní ba mionca dámad áil liom féin. Arna fhaicsin
(sin) d'Aithnait, táinic dom' ionnsaighe-si agus (do)
chuir a lámh fom uráguit, agus tuc teóra póg dam agus do
bhain mo croicend dhíom agus tug éadach mo diongmála
dam umum, agus do chuadhas léi dá teigh an oidhche
sin agus do éirgheas co moch arna uhárach. Táinic sisi
cugam agus do iair aiscidh maidne orum .i. an léim-si
do thabhairt gacha bliadhna; agus tugus sin dí; agus
do fhág mur geasuibh orm, an bliadhain nach
ttiurainn hé, éag nó oigheadh d'fhagáil damh.


L. 7


Agus is iad sin scéala d'fhiarfaigis díom, a Chonán,"
for Fiond.



"Beir buaidh agus beannachtain, a fhir amhnuis
fhír-eólaigh, is mór in t-urgáirdugadh meanman agus
aigceanta dhúinn a bheith ag éistacht friot; agus ar grád
d'einigh agus h'eangnama, a rí-fhéinnid, indis dam co
héscaidh umhall gach ní fiabhreóchat díot, agus ná bíodh
tursi ná fearg ort uime." "Ni bhiaidh," ar Fionnd;
"agus fiafraig gach ní is áil leat feasda do scéalaibh
na féinne agus dogéabair gach ní bhias agam-sa díobh."
"Fiafraigim dhíot" ar Conán, "cá laoch d'fianaibh
Ereann lingis ar a leacht agus ar a lighi féin gach laoi
agus é féin beó, agus gurab í (a) ingean a máthair, agus go
mbíonn ag agra aeruca agus einioclann ar an bfear ros
maruh é." "Indeósat-sa sin," ar Fiond. "Imreasain
tarla idir dá thaoiseach féine maith dom mhuintir-si
fá congleic dá chon .i. eidir Oscur mac Croimchind agus
Daolgus mac Oillealla Cais, agus ní raibhe 'sa mbaile
don fhéin lucht a n-eadrána, nó co ttorchuir Daoilgus
le hOsgur. Táinic inghean chruthach chaomh-álainn
do bhí ag Daolgus ós a chiond agus é marbh, agus do
chrom fair agus tuc póg dhó, agus do ling caor cróin-dearg
as a bhéal-sa ina bél-sa, gur fágadh taobh-throm
torrach í; co ceand naoi míos dhí amhlaidh sin, co ruc
mac don toirrcheas sin; agus dona céad-aistibh
reapraidh dó beith ag léimnigh ar a leacht agus ar a lighe
féin gach laoi; agus ó nach bfrítheadh athair dhó,
do baisteach agus tucad ainm a hathara féin .i. Daolgus
(fair), agus atá aniudh ag tabach éaruca ar an bfear ros
mharuh hé. As iat sin fuascladh na gceist do cuiris
orm, a Chonann," ar Fiond.



"Beir buaidh agus beannachtain, a Fhind, is
maith in t-urgárdiughadh meanman is aiceanta


L. 8


dhúinn a bhéith ag eistacht friot; agus abar riom, a
rí-féinidh, cia is measa nó cia is fearr (a) ufianaibh (?)
Éireann agus cia is mó nó cia is lugha agus cia is luaithe
agus cia is moille." "Indeósat-sa sin dhuit-se" ar
Fiond. "Misi féin duine is fearr a bfianaibh, agus Dear
Dubha Duibhsléibe duine is measa a ufianaibh
Éireann .i. baineachlach atá agam-sa bhíos (ag)
taisteal críoch agus cinneadh an domain (?) rém'
gnóthaidhe, agus ní maith ré héann-duine ariamh acht
imdeargadh do tapairt do gach aon laphrus fria, agus
gach duine chíthfus ar chéad-longadh (í), nacha
dingeann a leas an lá sin. Agus Lipti Leascamail
giolla tineadh coire móir na hAlmaine aon-dhuine is
moille a uhfianaibh Éreann, uar is hé a theand oide
laoi samraidh teacht ón topur atá a ndorus na hAllmaine
conuice a leabaidh féin annsa cuchtar. Agus
Legan Luath a Luachair Deaghadh aonn-duine is
luaithe a ufianaibh Éreann, agus Daolgus mac Duibdhoiligh
aonn-duine is áirde a ufianaibh Éreann, agus
mac Méin in t-aphac bec aon-dhuine is lugha a
ufianaibh Éreann, agus misi féin aonn-duine is fearr i
bfianaib Éreann re clú einigh agus láime agus oirdearcus
conáigh."



Ann sin adubairt Fionn: "Ná bímid mur
so nís sia; má tá ciúil nó oirfide nó ealadna 'sa
mbaile, tapurtar cuguinn iad, óir ní gnáth damh-sa
beith aon-oidhche gan oirfitheadh." "Indis dam-sa"
ar Conán "na ceódla agus na oirfitheadha is binde leat
fuaruis ariamh." "Inneósat-sa sin duit," ar Finn.
"An uair bhidh seacht ccatha na gnáthfhéine a
n-aon-inadh agus thógbait a ccraindgal ós a gceanduibh
agus buailuit na (gaoithe) glan-fuara ar feadh na
ccraindgal agus doníd treathan is tormán etorro, is dona
ceólaibh is binne liom dá ccuala ariamh sin. Is
bind liom fós an tan easgurthur teach mór na


L. 9


hAlmaine agus tógthur na cuirnn comhóla dá ndáil ar
maithuibh na Féine; is binn liom bloscadh donidh
deireadh na ccoirnn 'gá ttógbháil an uair sin. Is
bind liom fós fogur na bfaoilinn agus coigedal na gcorr
agus fuaim thuinde trágha agus comhrádh firscarde (?)
ar scáth a sgéithe. Is bind liom fós guth na
gcuachadh 'sa céatteamain agus sceamgal na muc agam-uigmhoin
daim Cerae a gcnoc Ruadh agus nuallán
sealga Doire Nouis agus sgalguire loin Litreach Néid
agus mungur na glais-sreab agus aphrán trí n-ingean Bic
mic Buain agus aphrán trí mac Eathach. Is bind liom
fós tond fá thír amach agus asteach. Is iat sin na
fuaslaicthe na gceist do chuiris orm, a Chonán" for
Fionn.



"Beir buaidh is beannacht" ar Conán, "is
binn deagh-cheólach do chomrádh, a Fhinn; agus
abar riom anois, a rí-fhéinidh," ar Conán, "cá
haonn-duine d'éaruis agus d'imcháinis agus do chuaidh do
rith ó fhianaibh Éreann agus é ar leath-chois agus ar leath-láim
agus ar leath-shúil, agus créad fá n-aburtur an gnáth-fhocal:
"mur rucadh Roc go tigh Finn."" "Indeósat-sa
sin duit-si" ar Fionn. "Aon do laeithibh do
chuadhus-sa agus maithe na féine maille friom ó
Theamhair Luachra amach, agus ní fuaramur do
sheilg nó do fhiadach an lá sin acht aon-agh allaidh
amáin; agus do bruitheadh hí agus tucadh ar mo béluibh-sa
dá roind hí; agus nír fágbhadh agum-sa di fá deóig
acht mad aon-cholpa amáin; agus táinic Gota Gaoithe
asteach agus do iarr in colpa orm-sa, agus do fiafraighus-sa
de créad fár iarr sé an colpa agus gan do bhiadh agum-sa
acht é. Adubairt seision gurab ar son a reatha
agus a rinn-luais féin dub áil leis a fagháil; agus tucus
an colpa dó ann sin agus dubhrus ris co caithfeadh a
rioth d'féachuin uime; agus do chuadhamur ar an


L. 10


bfaichthe ann sin agus do reath Gota Gaoithe co
dian díscir dásachtach; agus ní mó ná leath na
faichthe do chuaidh an tan do ruc a dearbráthair
féin fair .i. Caoilte mac Rónáin agus tuc an
colpa air an láithir chéadna arís cugum-sa, agus ní
dearnadh d'imreasain nó d'iomurbáidh aguinn an lá
sin acht sin; agus niar chían dúinne amhlaid sin a
ndiaigh dhol asteach dúinn an tan itchoncamur
aitheach corr cartaighe cíordhub easbadhach gránda
huasach ag cromadh fán dorus d'ar n-ionsaighe agus
é ar leath-chois agus ar leath-láim agus ar leath-shúil, agus
beannaigis dúinn trésna déibh aedarta, agus níor suigh
aguinn acht seasam ar laochlár na bruigne agus ucht
ar in luirg reamair iarnaidhe ro bhoí aige agus naoi
ndruimne furre agus co ngerrfadh gach droim díbh
roibhe re sruth nó le gaoith. Fiafraighius-si don
aicheach cá hionadh asa ttáinic nó cá raibhe a triall
nó a forceand. "Aitheach mé chuartaigheas mórán
don domhan" ar sé, "agus do chuala do chlú-sa agus
h'alladh agus h'oirdearcus a mbélaibh súadh agus seanchaidae
agus lucht léighti léags agus leabhpur innisin oinigh
ar caslibh agus raite maithusa ré fleadhuibh (?), agus fós
do chuala-sa gur do na daoinuibh dob fhearr fó
thuilleadh agus fá thuarustal, fá mhaon agus fá mhaithusa
dá raibhe 'sa domhan tú agus nár diultuis aondhuine
ariamh agus nár chaínis aonn-duine ariam, agus ar in
adhpur sin tánac-sa d'iarraidh maoine agus maithiusa
fort-sa, a Fhinn mic Cumhaill." Do fhreagras an
t-aitheach ann sinn agus as eadh adubras: dá mbeith an
bith uile agum-sa, nach thiubraind a bheag ná (a) mór
dó-san de. Adubairt an t-aicheach gur bréag do haithriseadh
uaim-si nár éarus duine ariamh. Adubart-sa
nár dhuine eisionn acht arracht grána uathbhásach.
Adubairt an t-aicheach arís gurab bréag do
hinnseadh uaim nach tucus aithis nó imdeargadh


L. 11


d'aonn-duine riamh. Do freagair misi sin agus as eadh
adubras: dámad duine eisionn nach ttiubrainn
aithis dó. "Más eadh" ar an t-aitheach, "tapur an
colpa sin it' láimh damh-sa agus bíodh slán na féine
fám' fhastóghadh, agus ní iarfad d'uigeachaibh (?)
oruibh acht fad an cholpa féin, agus ná gabthur greim
díom nó co ttuca mé an céd-choisghéim don láithir
uaiph amáin." Arna chlos sin dam-sa tucus-sa
an colpa a láim an aithigh agus tuc an t-aitheach baoth-léim
árd-aiceantach tar sonduibh sithárda in bhaile,
agus do chuaidh a muinighin a reatha agus a rind-luais
co lúthmur léidmeach lán-éadrom. Arna fhaicsin
sin do seacht ccathaibh na gnáthfhéine, gluaisit
'na dhiaigh ina mbuidhnibh tuineda (?) troma
toirtamla tréan-luatha agus ina siorthaibh siubhlacha
sár-luatha glan-reatha agus ina bfeadnachuibh borba
brígmura gníomh-aigmhéile agus ina sluaithibh ceangailte
córidhe dosgaoilte, agus ní mó an radharc do bhí ag an
bfear ba neasa dhó don fhéin ar an bfathach ag dol
tar gach mullach tulcha nó sléibhe nó (a) chéile.
Agus do chuaidh mise agus aois ciúil agus oirfite agus ealadhna
na féine ar taidhphlibh in dúnaidh agus in grianán dá
bféachain; agus ní mó ná aon-amharc do choncamur
forro, agus ó tchonarc-sa misi an taghraim ag dol a ffad
uaim, do gabh machtnughadh meanma mé a
ndiaigh na féine, agus do bheanus díom a raibhe
d'eireadh agus d'éadach umam agus do gabhus cugum
eireadh reatha agus ruaga agus ní rugus d'arm liom
acht Mac in Luin am' láim; agus do rucus ar deireadh
na féine ar Sliabh Uige in Rí theas, agus do fhágus iat
sin amh' dhiaigh; agus rucus ar in trian meadhónach
dhíobh ag Luimneach; agus do fhagbhus iat sin mur
an céadna; agus rucus ar in ngnáthfhéin (?) agus ar
luathaibh na féine ag Áth Mór risí ráiter Áth Luain
aniudh agus do fhágbhus iat sin; agus do gabhus rind na


L. 12


ruaga agus tosach na tagrama chugum féin uathaibh
uile ann sin lámh dheas re Cruachain Connacht, agus
ar fíorlaoid Éreann ar gach áth agus ar gach aphuinn
agus ar gach all agus ar gach machaire agus ar gach sliabh
dúinn cara (?) in caomh-laí sin; agus ní bfuarus ariamh
(teannta?) catha nó cumluinn do ló nó d'oidche
macasamhla sin do teandtach reatha. Acht atá
ní cheana, ráinic in t-aitheach go hEas Ruaidh mic
Moghuirnd agus do ling co cos-tirim an t-eas romham-sa,
agus lingim-si 'na dhiaigh é mur in céadna; agus tic uam
lámh deas ré tír a tiomcioll Éreann go ttáinic do
Beann Éaduind mic Éadghaoith in fhéineadha;
agus mur nach roibh a dhol ass aige, do shamail léim
do thaphairt 'sa bfairge. Is ann sin tucas sitheadh
sanntach solámaidhe agus cróin-ruathur curata céim-láidir
ar in fhathach, go rucus ar chaol choisi air,
gur buailus creat a dhroma fria lár agus fria lán-talmain.
Is ann sin do ráidh in t-aitheach: "Is éagcóir
dhuit, a Fhind, mo leanmuin, uair ní friot dorindius
coimeas, agus is olc dorinis theacht eadram agus in fian nó
go bfaictheá cionnus do rucainn dóibh." Adubhrus
riseann nárbh éagcóir a ndearnus, co tuc-san slán
na féine faí agus nárb iomlán in fhian am' éagmhais
féin. Ní mó ná (a) dheireadh sin tánic dúinn do
rádha, in tan tánic Leagan Luath ó Luachair
Deaghadh cugainn agus Caoilte, 'na dheaghaidh agus
luathfhéine uile a ndéigh Caoilte, agus do fhóbhradur
sleagh gacha fir accu do sháthad 'san bhfaitheach
agus a marbadh fóm' lámuibh-si dom' aimdheóin: agus
gidh eadh, do ainceas orru é ar éigin. Garit dúinn ina
dhiaigh sin in tan rucadur tromlach na féine uile
oruinn agus ro fhiabhraidur créad tuc (oruinn) gan in
t-aitheach do marbad. Adubairt in t-aitheach:
"Do badh olc in comarle mo marbad, ór do
díogheólthaoi orm mé go maith, ór do muirfidhe


L. 13


duine bad fearr ná mé féin iondam"; agus cí gerr
searb leo-san sin, do ainceas in t-aitheach orru agus do
creapladh agus do cruaidh-chuibreadh co daingean é.
Agus níar chian dúind 'na deaghaidh sin an tan do
choncamur Bran Bec ó Buadhachán d'ar n-ionsaighe.
Do fhear fáilte romhainn uile agus dubairt friom-sa co
raibh fleadh urlamh ioncaithmhe aige fóm chomhair
agus gur maith leis mé dhol dá caitheamh in oidhche
sin; agus do chuamar leis in líón uámur ann sin
d'fhianaibh Éreann, agus do heagradh teach a lán-oireachta (?)
óla aguinn; agus do tairngeadh in t-aitheach
agus creat a droma fria lár re lán-talmain, agus do ceangladh
do thoraidh in ríoghthoighe hé a bhfiadhnuise cáich
uile; agus in tan ba háine dúinn ag ól agus ag aoibhneas agus
ag urgáirdiughadh meanman agus aiceanta, do fhiafraigeas
don aitheach cia hé féin nó cá cindeadh dó.
"Roc mac Dichon" ar in t-aitheach "m'ainm-se .i. mac
reachtaire in Broga ós Bóinn dom, agus tuc mo bhean
searc agus síor-grádh dh'fhear eile .i. do Sciath Breac mac
Dathcaoin .i. do dhalta-sa féin, a Fhind, agus do bhí
mo bhean-sa co mór ag molladh luais agus ratha na
féine; agus mur do chuala-si isi dá rádh sin,
adubras féin co bfúigfind féin luatha na féine agus co
bfúigfind in fhian uile ar ulca re Sciath Breac mac
Dathcaoin. Arna chlos sin dísi, do greamaidh sí
misi fá sin d'féchain risin fhéin. Do chuas-sa
ann sin mur a raibhe mo cháirde draaoichachta agus do
éagaoinius sin riú agus do chuiredur insna reachtuibh-si
mé; agus is leór dam ar imreabhar-si d'olc agus do miodhmomh
orm, agus scaoilidh díom anois"; agus dorineadh
amlaidh sin" ar Fiond; "do scaoileadh don aitheach;
agus is uadha sin gorther an seanfocal: "mar rucad
Roc go teagh Find." Agus is iat-sin fuascladh na
gceist do chuiris orm, a Chonán," ar Finn.


L. 14


"Beir buaidh agus beannachtain, a Fhinn"
ar Conán. "Is mór in t-athgearrughadh aimsiri
agus dubróin dúinn beith ag éastacht ré do bhindchomrádh;
agus abar riom anois caidé na sé hionganta is mó
atá 'san fhéin." "Adéar-sa sin" ar Fionn, ".i.
óglách bodhbhur atá 'san bféin, agus ní dearnadh duan
nó duathchann nach biadh do dirm degh-foghluma
agus do glan-meabair aige. Iongnadh eile atá 'sa
bféin .i. fear coise croind itá innte agus fágbaidh sé an
fian uile do rith idir choin agus each agus duine. Ingnadh
(eile) itá inti .i. fear dall, agus ní tuc urchur n-iomruill
a ló nó a n-aoidhche ariam. Iongnadh eile itá inte,
bean atá agam-sa féin agus bí sí marbh gach n-aoidhche
agus beó gach lá, agus ní hannsa liom bean dá raibhe
ariamh agum nó í. Iongnadh (eile) itá inte .i.
óglách itá acu agus bí gach ré mbliadhna 'na mhnaoi
agus 'na fear agus beiridh clann in tan bhus bean é, agus
berthur clann dó in tan bhus fear é. Iongnadh
eile atá 'sa bféin .i. sleagh atá agum-sa .i. sleagh
Fhiacha mic Croinghind, agus an n-uair teilgtear a
ndeóigh a hurluinne hí doní geóin agus acuis díghbháil
don té nó don mbeadhadach ré teilgtear hí, agus in
uair caithtear a ndeóigh a reanna hí, ní déan
doladh nó díghbháil don duine nó don mbeathadhach
ré ccaithtear í. Agus is iat sin ionganta is mó insa
bféin," ar Fionn, agus dorinde (in laoi) ... "As iat sin
fuascladh na gceist do chuiris, a Chonán," ar Fiond.



"Rod-fia buaidh agus beannachtain, a rígh-fhéinidh,"
ar Conann; "agus abar friom anois créad ó
bfuil "oídhachtus Find co teach Cuanna."" "Inndeósat-sa"
ar Fionn. "Aon do laeithib do bhádus-sa
ar mullach Cairn Fearadhaigh gairid bec ó Luimneach.
Cúigear óglách dúinn ann .i. misi agus Oisín agus Caoilte
agus Mac Luigheach agus Diarmuid ó Duibhne, agus ar


L. 15


ccúig ccoin innar bhforradh .i. Bran agus Sceólang agus
Caoldubh agus Adhnuall agus Luath Luachar, agus ní cian
do bhámur ann sin an tan do choncamur aitheach
adhuathmur urgránda seachainn agus gabhul iarruinne
re a ais agus muc a nglaic na gabhla sin ar a mhuinn ag
sréachadh agus inghean óg álainn na ffaradh agus hí ag
iomáin agus ag brostugadh an aithigh rimpí; agus adubhras
neach do dhol dá n-agallaimh. "Rachat-sa" ar
Diarmuid. Reathas Diarmuid co dian díscir dásachtach
agus ní ruc orru. Do greimeamur uile agus do
reathamur 'na ndeaghaidh agus ní rucamur ar Diarmuid
ná orru-san. Feadh tamaill dúind mur sin gur cuireadh
ceó doilfe draoiachta dúinn, conár bfeas dúinn cár
gabh in t-aitheach ná in inghean ná in mhuc uainn;
agus ar scaoileadh don ceó sin uainn agus sinn ag
féaghain na ceithre n-airdhe gach taobh dínn,
co bfhagamar in teach Cuanna Cindám (?) agus in dúnadh
ríoghdha ro-mhaisseach inar comhfogus leith-iomeal
in fheadha móir, agus do chuadhmur dá ionsaighe agus
do concamur dá thioprait ar in bfaithche amuidh
lamuidh don dunadh .i. thioprait díbh agus eascra álainn
umhaidhe ar a bruach agus tioprait eile agus eascra aghgharbh
iarnaidhe ar a bruach. Táncamur don dúnadh
ann sin agus as eadh do bhí do daoinibh astigh .i.
óglách forusta fionnliath a gcaithaoir álainn órrda
d'ar láim dheas ag dol asteach dhúinn, agus ingeann
óg álainn ina fharradh, agus aitheach ar broinn na
teineadh ag bruith muice, agus óglách mór míleata don
leith eile don teinidh agus dá shúile dég ina chionn agus
dá mac imleasain dég in gach súil. Do bhí peata
reithe astigh agus bolgán glé-geal aige agus ceann cíor-dubh
agus dá adhairc dubh-ghorma (agus) ceithre cosa uainne
faoi; agus cailleach a n-iarthur an tighe agus brat
odhur-ghlas uimpi; agus ni raibhe do dhaoinibh astigh
ann acht mur sin; agus ro fhear in t-óglách do bhí 'san


L. 16


ccathaoir fáilte frinne agus do shuidhemur ar laochlár
na bruighne. "Déantur friotheoladh d'Fionn agus dá
muinntir" ar in t-óglách do bhí 'san gcathaoir.
"Fuath liom sin" ar in t-aitheach "impidhe do thapairt
agus gan a bec nó (a) mór do déanam ar an impidhe sin!"
Agus cérbh eadh, dorinne umallfhosaig dhúinn.
Agus níarb fada dam-sa mur sin in uair do gabh
an íota ba mó ar domhan mé agus níar glac a macasamla
mé ariamh roimhe sin; agus nír mothaigh duine dá
raibhe astigh mé mur sin acht Caoilte ina aonur,
agus do uhí dom' éagaoine-si co mór agus ní raibhe fhios
aige cionnus d'furteóchadh sé orm. "Créad é in
éagaoine sin ort?" ar fear in tighe re Caoilte.
"Acht éirghe amach agus tabhar deoch leat as an dara
tioprait atá 'san bfhaithche aga bfhuighe tú an
t-eascra álainn cum an rí-féindidh." Arna chlos
sin do Caoilte, do gluais Caoilte roimhe cum na
tiopraiti agus do chuir an t-eascra fón tioprait agus tuc
(a) lán leis cugum-sa, agus tuc amh' láimh-si é; agus
ibim-si deoch as agus do uhí blas meala fuirre an fad
do bhíos ag a hól, agus in uair do cuirius dom chionn
í, do bhí blas an domlais ae um' bhél dá héisi agus do
éirgedur mo gaoi cró agus na huile ghallradha agus easláinti
orum; do badh bec má bhí anaithnidhe mé, mur
táncadur airgheanna báis agus becsaoghail damh;
agus gér mór éagaoine Caoilte orm-sa roimhe sin, do
ba ro mó a éagaoine an uair sin orm iná sin. is
ann sin do labhair in t-óglách arís re Caoilte agus
adubairt ris a dol amach agus deoch do tabairt leis as
an dara tioprait do uhí amuigh cugum-sa. Do
chuaidh Caoilte amach ann sin agus tug lán an eascra
aghghairbh iairnaidhe cugum-sa as an dara tioprait.
Ibhim-si deoch as, agus in comhaired bhádhus ag a hól
nocha fuarus teandta catha nó comhluinn ariamh
badh doilge liom nó fad do bhíos dá hól ar a sheiruhe,


L. 17


agus in uair do cuirius dom' chionn í táinic mo dhath
féin orm arís. Is annsin do fiafraigh in t-óglách
'nar bhruithe an mhuc do bhí 'sa gcoire. "As eadh
co deimhin" ar an t-aitheach. "Do concus damh
féin in mhuc do ruind" ar in t-óglách. "Ciondus
sin?" (a) in t-aitheach. "Béarad (an) ceathramha
deiridh d'Fionn agus dá choin agus béarad an ceathramha
deiridh eile dá ceathrur óglách agus (an) ceathramha
cind dá ceithre conuibh, agus biaidh in ceathramha eile
agum féin agus ag an scológ úd thall ag in teinidh agus ag
in cailligh út thiar 'sa ccuilidh, agus béarad a droim agus
a tarr agus a huruscall duit-si agus don inghin óig sin it'
fharadh." "Is briathar dhamh-sa" ar in t-aitheach
"gur maith do roinndis í." "Is briathar dhamh-sa"
ar in peata reithe "gurab olc do roind-se orm-sa agus
gurab éagcóir do dearmuid-se misi fán muic." Agus
is cuma ro bhí dá rádha agus tug sithi sanntach
solámhaidhe ar in cceathramain do bhí a bhfiadhnuise
mo ceathruir óglách-sa agus ruc leis insa ccuilidh í agus
do gabh ag a hithi ina bhfiadnuise. Do éirgedur mo
muinntir-sa agus tucadur a cceithre ccuilg amach
agus do ghabhadur ag bualadh in reithe a n-aonfeacht; agus
nírb fearrde fordeargadh air agus nír scuir eisean d'ithe
na ceathramhan. Is ann sin do labhair in scológ
go rabhadur na súile iomda ina cheann agus as eadh
adubairt: "A chomhdhe cumhachtaigh, is mairg
gá bfuil in ceathrur óglách do leig don reithe a
ccuid d'ithe dá n-aimdheón féin ina bhfiaghnuise."
Agus is cumha ro bhí dá rádha agus tuc in scológ sithe
ar in reithe agus do cuir a cheithre cossa ina láimh agus
tug urchur dhe don taob amach don dorus; agus
ní fhacamur in reithe an fad do bímur asteigh acht sin.
Nírb fada dhúinn 'na dhiaidh sin in tan do éirge in
chailleach agus tuc urchur don uhrat odur-glas do uhí
uimpe ar mo ceathrur óglách-sa, agus dorineadh ceithre


L. 18


seanóiridhe críon-croma cúil-liatha cnáim-arrsaidh
díobh; agus mur do chonairc misi sin" ar Fiond, "do
ghabh eagla mór mé co ccuirfidhe mé féin insna
reachtuib sin. Agus mur do mothaigh in t-óglách do
bhí astigh in eagla sin orum-sa, do goir sé misi cuige
féin, agus do chuadhas ann sin gan fhuireach agus do
shuidhios ara gualainn; agus táinic áilgios codhlata
damh agus adubairt in t-óglách riom co cheand do cur
ar a glún agus codladh do dhéanam; agus dorinnus
amhlaidh sin, agus is gairit do bádhus ann in tan do
mhúscail mé as mo chodladh, agus do éirghe in cailleach
agus do bhain in brat dom' cheathrur óglách-sa agus do cuir
ina reachtuibh féin iat arís. "Maith, a mh'anam, a
Find," ar in t-óglách, "an iongnadh leat córughadh
an tighe-si ina bfuilir?" "Adubras" ar Fionnd,
"nach bfaca-sa ariamh ní badh ionganta ná é."
"Inneósat-sa duit-si a Fhind," ar in t-óglách,
"ordughadh agus samhladh in tighe-si. An t-aitheach
úd (do) concais agus in mhuc i nglaic na gabhla aige,
an leisge tuigtear (as) sin; agus in inghean do concais ina
fharradh, meanma an duine tuictear as sin; uair
as í is luaithe ar bith, uair cuiridh an duine a
meanma ré prap na súl isan eólus nach rachfadh
sé féin ann ré dhá fhichid bliadhan; agus as í an
inghean ruc uaibh-si in t-aitheach út itconcais; agus
in scológ út itconcais agus na súile iomdha ina cheann
an saogal tuigtear as sin, uair is ionnan airgionna
dhóibh; agus an reithe úd itconcais, cosamhlacht an
duine tuigtear as; an bolgán geal atá aige, subhachus
in duine sin; agus in dá adhairc dubhgorma
itconcais, cosamlacht in éaga sin; agus na ceithre cossa
uaine itconcais aige .i. ceithre tallona na haimsire
sin .i. ceithre ráithe na bliadhna. Agus an bfaca
tú mur do éirghe an saogal cum an reithe agus cuir
ar neimhthní a gcéadóir é? óir téid ágh an
tshaogail ar gach créatúir ar in domhan. Agus


L. 19


in cailleach itconcais, an críne tuigtear aisde, agus do
conairc tú féin mur do chríon a héadach an ceathrur
laoch arar chuir é; agus in fhírinde agus in breug tuigtear
as in dá thiobraid asar ibhis in dá dhigh, óir gi millis
le duine in breug dhá déanamh, is searbh fá dheóigh í,
agus in fhírinde imorro, gidh searbh le duine 'gá déanamh,
is millis fá dheóigh í. Agus is iat sin scéala agus iomthús
in tighee-si, a Finn," ar in t-óglách; "agus ní ann so do
ghréus bhím-si; agus co ttugus grádh éagmais duit-si
agus gur chuirius in t-aitheach út ar do cheann dot
thaphairt don tigh-so anocht ar tí neamhshuimh
do bheith agad ionnsa saogal agus a chosmalacht do
thaisbéanadh dhuit; agus béarair-si fios mór leat (a)
haithle h'oídhachta anocht agus badh é "oídhachta
Find go teach Cuanna" ainm in sceóil-si co bráth.
Agus a n-Innsibh Ciúil bhím-si do bhunadh," ar in
t-óglách. Do bhímur mur sin in oidhche sin" ar
Fionn, "agus ag éirge dhúinn as ar ccodhladh arna
mhárach, is ann fuaramur sinn féin, a mullach
Chairn bhFearadaigh agus ar ccoin agus ar n-airm aguinn
go hiomlán"; agus itbert Fiond:




Cúigear do chuadmur do sheilg
co Cairn bfearadaigh bhforrdeirg,
Oisín, Mac Lugach má le,
Caoilte is Diarmuid ó Duibhne.



Ar ccúig coin ba coscrach réim,
Bran agus Sceólang co scéimh,
agus Adhnuall co luas luin,
Caoldubh is Luath Luachair.



Atchoncamur, comhall nglé,
éan-bhean is aitheach rimpe;
gabhal trom úir iarruinn fair,
muc leó 'na glaic ag scréachaigh.


L. 20


Cuirmid-ne dia bhreith (?) scéal
Ua Duibhne fá derg a bhél;
do chuadur uadh leath ar leath
an ingean is in t-aitheach.



Do bhí in reithe tharla astigh
g cheathrur-sa fa proinnigh;
is eadh do bhímur astigh
a bhféagmais ar ccon cúigear.
Cúigear.




"As iat sin fúaslacadh na gceast do chuiris
orum, a Conáin," ar Fionn. "Beir búaidh agus beannachtain,
a rí-fhéindidh," ar Conán; "is mór maith
in oirfide dhúinn bheith ag éisteacht red' scélaigheacht."
Is annsin adubairt Díorraing mac Doghair:
"Créad dobeir dhúinn gan codhladh do dhénamh?
óir in chéad-oidhche dobeir fear bean, is luaithide is
áil leó codhlad é." "Éist, a Dhíorraing," ar Conán,
"is gairid lind a bheith mur atámuid, bheith ag
friochnamh comhráidh re chéile, úair atá ar ndiongmhála
do shean-mhiodh so-óla ro-mhillis aguinn. Agus
abair riom anois cia aga ndearnadh an dord fían ar tús
a nÉrinn agus cá líon bhí dhá dhéanamh." "Inneósat-sa
sin" ar Fiond. "Ag ceithre macuibh Cermada
mic Milbheóil mic in Dagdha do rinneadh é, agus
naonbur laoch lán-chalma doníodh maille friú é; agus
gach aon aga ndearnadh ó sin i lleith é, is naonur do
chanadh é"; agus itbert in láoi ann:




An dord fiansa cídh día ttá
ní fheadrait fir ináit mná,
is ní feadruinn duine dhe
cia dorad dona fianaibh.


L. 21


As dóibh do radadh ar ttús
in dord fiansa re iomthús,
ionmhain buidhen doníodh in chóir,
macne Cearmada Milbheóil.



Cass mac Coráin cruaidh (a) ainm,
trí bliadhna aige a n-Olltaibh,
do chanadh aige re a lá
risin fhéin in dord fiansa.



Gach aon do ghabh flaithios fíor
ar na fianaibh gan dimbrígh,
naonur laoch gach fear don droing
co ttáinic mac mic Cubhaill.



Ón lá tánac-sa sunn seal
am' fhlaith fhéinne Gaodhal ngeal,
aon fear dég ar fhichid rem' lá
doníodh agum in dord fiansa.




"As iat sin fuaslacadh na gceist do chuiris
orum, a Conáin," ar Fionn. "Beir búaidh is beannachtain,
a rífhéindidh," ar Conán; "is maith in oirfide
agus in ealadha dhúinn a bheith ag éisteacht ré do
mhilis-chomhrádh. Agus innis dúinn anois, a
mic Cumuill, caidhé caradradh Bruin agus Sceolang
friot, agus cionnus fuarais iat, agus cia hiat na mic mháthar
atá acu a fianaibh Ereann agus iat 'na ndaoine."
"Indeósat-sa sin" ar Fionn. "Feacht n-aon dá
ttáinic mo mháthair féin chugum-sa ar cuairt agus a
deirbhshiúr maille fría .i. Muirnn Míonchaomh
inghean Taeidhg mic Nuadhat mo mháthair-sa agus
Turrnae Durrbhél inghean Taoidhg a siúir, agus dob í
sin uair agus aimsir fá ttarla dhá rí-fhéinidhe Ulladh
am' fharradh-sa .i. Oilioll mac Eathach agus Daolgus


L. 22


Fionn mac mic Cais Cuailgne; agus do bhí Oilioll ag
suirghe le Turnae inghin Taoidhg .i. deirbhsiúir na
máthur sin agum-sa, agus do grádhaigh co mór í; agus
arna grádhughadh mur sin dó, do iar orum-sa mur
mnáoi í, agus do fhaomhus a taphairt dó ar acht fána
fagháil slán iomlán damh féin arís in úair do iarfuinn
í; agus is uime do rindius sin .i. leandán bantshíoghaidhe
do uhí aige-sion .i. Uchtdhealbh inghean
Collamhair a ttuaidh, agus dob í sin dob eagail liom-sa
do mhilleadh deirbhsethuir mo mháthur; agus gidh
eadh tucus dó í, agus tucus as mo láimh féin í a láimh
Oisín agus Chaoilte agus as láim Caoilte a láim Mic Luigdheach
agus as láimh Mic Luigdheach a láim Dhiarmada
uí Duibhne agus as láimh Diarmadha a láim Ghuill
mic Morla agus as láim Ghuill a láimh Lugdach Lágha
mic Eogain Taídhligh; agus tuc Luighaidh a láimh
Oillealla mic Eathach í agus adubairt: "Is amhlaidh
do bheirim-si in bhean sin duit-si, a Oillill, fána
fagáil slán iomlán d'Fionn agus do na slána ar cheana,
nó co cheann-sa do taphairt a láimh Fhind." Do
fhaomh Oillill sin; agus tar éis sin rug Oillill Turnae
leis dá thigh agus do uhí aige nó gur toircheadh í. Is
ann sin táinic leandán ban-tsíoghaidhe Oillealla mic
Eathach a riocht bhain-eachlaighe do mhuintir
Fhind chuici agus aduphairt ria: "Do cuir Fiond beatha
agus sláinti cugad, a ríogan," ar sí, "agus adubairt friot
eineach maith do dhénamh; agus tarr amach co lapraind
friot, óir atá deifir orum-sa." Do chuaidh an ríogan
amach," ar Fionn, "agus gairrit do chuaidh in tan tuc
(an) uhain-eachlach slat draíachta amach óna coim
agus do bhuail buille ar in ríogain dí, co ndearna
sadh bhreac-dearg di dob áille do connuibh in
domhain ar in láthair sin, agus ruc léi í co teach Feargusa
Findléith in oidhche sin í (.i.) rí Átha Cliath; óir
is amhlaidh do bhí Feargus Findliath ina dhuine do


L. 23


ba neamhchonchuire ar domhan, óir ní lamhthaí
cú do thaphairt a n-éan-toigh fris; is táinic in
uhain-eachlach mur a raibh Feargus Finnliath agus
adupairt fris: "Do chuir Fiond beatha agus sláinti
chugad agus aduphairt friot in cú-sa do choimhéad co
maith agus maith mór do dhéanamh dhí, agus go bfuil
cúan maith inti. Agus ná tapur sealg ná fíadach
uirthi agus go háiridhe in úair mhéideóchus a brú
iomchuir léi co maith." Iomthúsa Fearghusa
Fhinnléith, táinic lá éigin lena choin do sheilg agus
d'fhiadhach agus d'fhéachain 'nar chú maith í, agus marbhus
caogad fíadh in lá sin, agus co ceand míosa 'na dhiaigh
sin níor bhlais mórán beathadhach, agus do mhéadaigh
a brú ann sin agus ní tugadh sealg nó fiadhach uirthi.
Ní raibhe mórán a nEirinn learbh annsa na coin
ná Feargus Finnlíath ó sin amach. Dob í sin uair agus
aimsir fá ttarla bean Feargusa Findléith taobh-trom
torrach agus do ruc sí mac don toirrcheas sin, agus ruc in
cú dhá chuilén .i. sadh agus fearchú. Agus do bhí olc
eile ag leanmhuin mná Feargusa Findléith .i. fomóir
mór do thigeadh don bhfairge ag breith gach leinimh
dá mbeireadh sí leis; agus is amhlaidh do beireadh leis
iat .i. do chuireadh in cruadh-lám fada fhéitheach
fhorgránna do bhí aige tré mullach in tighe anúas
agus mur sin do beireadh leis iat uathaibh uile.



"Mo dhála-sa," ar Fionn, "tarla mé in lá
sin ag dénamh sealga a nUisneach Mhidhe agus mé
am' shuidhe am' dhumha sealga, agus ní cían do bhí
mé ann in úair do chonairc mé aon macaomh déag
ag teacht dom' ionnshaighe co mbúaidh ccrotha agus
ndatha agus ndealbha agus ndéanmhusa, agus do bheannaigheadur
damh tresna déibh adharta; agus do
fhreagras-sa iat fán cuma céadna agus do fhiafraighius-sa
cia hiat féin nó can asa ttángadur. "Do iarramur


L. 24


mórán do chríochaib in domuin ag iarraidh tiagearna
dilis diongmála ó bhfuighmís séan agus maoine agus
maithius" ar fear dhíobh. "Créad iat na cearda
nó na healadhna doní sibh?" arsa misi. Do chuadur-san
a gceann scéal d'innisin damhsa ann sin. "Mise"
ar in céadfear dhíobh "Freagartach mac Fir Mórfeasaigh
.i. fear fuaisluicthi ceasta is fearr ar doman misi."
"Mise" ar in dara fear díobh-sumh "fear fadóighthi
teneadh is fearr ar bith." ("Mise") ar in treas fear
díobh "Dáil-gan-easbaidh .i. dáileamain is fearr
ar bith." "Misi" ar in ceathramhadh fear dhíobh
"Mac Sobhartain .i. ronnaire is fearr ar bith." "Misi"
ar in cúigeadh fear dhíobh "fear cluais-éistechta
is fearr ar bith." "Mise" ar in seiseadh fear "tréanfear
is fearr ar bith." "Misi" ar in t-ochtmhad fear
"Comhluath-ré-gaoith .i. duine is luaithe ar bith."
"Misi" ar in naomadh fear "Sgread mac Urchuir
.i. fear lámhaigh is fearr ar bith." "Mise" ar in
deachmadh fear dhíph "Mac Drintere .i. dreapaire
is fearr ar bith." "Misi" ar in t-aonmadh fear dég
dhíoph "Faill mac Teltóigh .i. telltóigheach is fearr
ar bith; uair is amhlaidh bhíos an chorr is (a)
leath-shúil dúnta is a leath-shúil eile fosluicthe, agus
fionaim-si in tsúil dúnta gan fhios don tshúil
fosluicthi."



"Adubhras-sa gur maith na cearda sin
uile" ar Fiond, "agus adubras go bhfosdeóbhuinn féin
iat; agus dorinnedur a ccoraidheacht riom agus do geallus
a mbreith féin do thuarustal dóibh agus do fhiarfaighius:
"Cá háit a bfuil an fear feasa agus fíor-eóluis?" "Atáim
sunda" ar sé. "Créad na huilc is mó doníthear
a nÉirinn anocht?" "Inneósat-sa sin" ar in
macaomh; ".i. Feargus Finnliath rí Átha Cliath,
agus is amlaidh atá in fear sin agus fomóir mór fairge ag


L. 25


breith gach leinimh dá mbeirionn a bhean uadha
ré seacht mbliadna diaigh a ndiaigh; agus ruc a
bhean mac aniudh agus béaraidh in fomhóir leis anocht
é." Adubhrus-sa ann sin gur bec an t-olc sin a
nÉirinn, gér mór in t-olc lena muinntir féin é.
Adubhrus-sa fós go ndénainn féin bréag nó
fírinne dé-sin .i. go rachainn féin in oidhche sin
co teach Fearghusa Finnléith. Agus do gluaisimur
romhainn co hÁth Cliath agus do chuadhmur insa
ccuchair ... agus ní fhuaramur ann acht daoscairsluagh
in toighi; agus do bhí Fearghus Finnliath ag seilg an
lá sin agus do bhí a bhean a ngrianán árd uraoibhinn
a ndiaigh an lenamh do breith dhi; agus do h-inniseadh
dí sinne do bheith 'sa mbaile, agus táinic an ríogain
chugainn agus in leanamh eidir a dhá láimh agus fearus
fáilte frinde, agus cuiridh in leanamh am' ucht-sa agus
adubairt: "Ar do chomairce féin, a Fhind, agus ar
cumairci fhian Éirionn uile in leanamh bec sin do
cuireadh it' hucht go lán-shoillsi an láoi amáraigh."
Do imidh an ríogan roimpi ann sin, agus tucadh
ceathramha thuirc agus measuir mheadha cuguinn, agus
adubart-sa: "Taiscaighthear súd nó co dtí
Fearghus Finnliath," agus dorónadh amhlaidh sin.
Gairit dúinn ina dhiaigh sin in tráth táinic Fearghus
Finnliath don bhaile agus fearus fáilte frinde agus do chuir
fios ar lucht an bhaile agus do líonadh in teach mór uile
dona maithibh aguinn ar gach taobh, agus do goirius-sa
ar fhear fadóighthe na teineadh agus adubhrus ris
teine d'fhadógh co luath dona maithuibh. Do
éirghe an fear sin co humal éascaidh agus do glac maidi
fuair astíogh agus do sgoilt é agus do fhadógh teine mhór
ann conár fadóigheadh a ttigh mór na hAlmaine
a macasamhla do teinidh. Tucadh cugainn ann sin
(an) ceathramha thuirc do taiscaigheadh reimhe sin
uaind. Adubras-sa risan ronnaire éirghe agus sin do


L. 26


roind. Do éirghe in ronnaire agus do roind an fheóil
agus ní raibhe 'san ccúirt uili gan a bheith subhach
sáitheach di. Agus adubras-sa mur in gcéana
frisin dáileamhain éirghe agus in mheasair mheadha sin
do dháil for cách. Do éirghe in dáileamhain agus do
dháil in mheasair for na sluaghaibh, guruho measca
meadhair-caoin uili iat, gur thuit gach aon díobh
seacha. Agus do déargaigheadh iomdha dhamh-sa
ann sin agus do chuadhus uirthi agus do ghoirius ar an fear
éistachta agus ar in tréanfear agus adubrussa leó bheith
ar colbha mo leaptha féin agus faire agus forcoiméad maith
do dhéanamh dhúinn agus thairis gach ní in leanamh
do choiméad co maith ar eagla in fhomóir.



"Do uhámur mur sin tréimsi agus tamall. Is
ann sin do labhair in fer éisteachta agus as eadh adubhairt:
"Do chluinim tairm agus treathan in fomhóir
ag teacht ar in fhairge fo thuaith." "Cá háit a ttiocfa
fá thír?" ar in tréanfear. "Ag Beinn Éadain" ar in
t-éistóir. Nírbh fada dhóibh mur sin in tan adubhairt
in t-éistóir risin tréanfear: "Táinic in fomhóir
fó thír a mBinn Éadainn" ar sé. Agus nír shiubhail
áth nó cnoc nó tulach ó Bhind Éadain nó co raibhe
ar in bhfaichthi nach inniseadh in t-éistóir don
tréanfear; agus ar tteacht don fhomór ar (an) bfaichthi
amuidh, do dhúisigh mise," ar Fiond. "Ar ndúscadh
damh, is ann sin do shín in fhomór an cruadh-lámh
fhada fhéitheach ro-neartmur tré fhír-mhullach an
tighe anúas. Do fhiafraighius annsin cá raibhe in
tréanfhear. "Atáim sunda" ar in tréanfear.
Adubhrus-sa fris breith ar láimh in fhaithigh. Is
ann sin do ruc an tréanfhear ar in láimh agus thug
tairring neartmur uirrthi, gur bhúail ceand an
fhathaigh ar mullach na bruighne don taobh amuigh
co hanshocair. Tuc in fomóir tairring eile air-sean,


L. 27


gur bhúail a cheand ar mhullach na bruighne don
taobh astigh. Tug-san an dara tairring ar in láimh
gur thairring in lámh fada féith-reamhar as a ghualing
agus as reamhar-chorp in fhir mhóir, gur thuit in lámh
'na heaslainn mhóir mhímhasaigh ar fíorlaoid na
bruighne agus na caithreach, gur chuir torann agus treathan
na láimhe soilsi na bruighne agus na caithreach uile ass.
Do éighios-sa in sin" ar Fiond, "agus tucas fó
deara lóchraind sholus-móra do lasadh arís, agus do
uhámur ag féachain agus ag ionghantus na láimhe;
agus mur do conairc in t-aitheach sin, do shín in lámh
do bhí aige agus ruc in leanamh beag leis do chliseadh
uaidh, agus ní raibhe acht áit in leinimh aguinn. Táinic
bean Fearghusa chuguinn ann sin agus tuc imdeargadh
mór dhúinn agus as eadh adubhairt: "Ní bfuil acht
clú agus alladh bréige oraibh, a Find agus a fhiana
Éreann" ar sí; "uair is doiligh daoibh cumairce
eile do dénamh in uair nach tairnic leibh aon
leanamh bec do choimhéad ré headh aon oidhche
amháin."



"Arna chlos sin damh-sa" ar Fiond, "do
ghlac náire mé agus dob é sin imdeargadh do ba mhó
liom dár bhfuarus roimhe sin ariamh. Agus do
éirghius mochtráth arna mhárach agus m'aon macaomh
déag maille friom agus do goirius ar in lorgaire agus ruc lorg
in fhir móir go Binn Éaduin. Do fhiarfaighius-sa
cáit a raibhe in fear dionguhála ceist. "Atáim sunda"
ar sé. "Ceist dot' theastaluibh curach cailg-díreach
d'fagáil dúinn uhéarus ar muir agus ar mór-fairrge sinn."
Agus ní mór co ndubrumur sin in uair do choncamur
curach cailg-díreach luchtmur léidmeach bláith-bheandach
sleamhain slios-bhláith luath-réimeandach
dr n-ionnsaighe ar feadh mara agus mór-fairrge, agus dá
rámh gheal-airgit fair agus é ag frais-iomramh na mara


L. 28


ina thiomchioll, agus do chuaidh misi agus m'aon macaomh
déag insa curach. Trí lá agus teóra hoidhche dhúinn
ar muir agus ar mór-fairrge nó co bhfacamur oiléan uaind
ar in muir agus do chuiremur ar ccurach a dtír ann.
Ní cian do uhámur dá shiubail in uair do choncamur
an dúnadh ríogha ró-mhaiseach agus píoláit álaind
iongantach agus sunnach íarnaidhe ina tiomchioll agus
mórán do chuaillibh fada reamur maille ris agus ceand
duine ar gach aon cuaille dhíobh. "Is adhuathmur
gráineamhuil suidhughadh an bhaile-si" ar Fiond.
"An fhuil fhios agat-sa, a Fhinn," ar na macaoimh,
"cia hé in baile-so nó cia is tigearna fair?" "Ní
fheadur" ar Fionn. "Aodh Ruadh is ainm d'fhior
in baile-so" ar iad-san; "agus atá inghean aige agus as í
fear nó bean is luaithe ar bith í, agus as í comha iarrus
ar gach fear thig dá hiarraidh, coimhrith fria; agus
mad é in fear fhúicfus isi, bíaidh mur mhnaoi aige
agus mad isi fhúicfus eision, baintear a cheand dé
gan fhuireach. Is amhlaidh sin do líonadh in cuaille
úd do cheanduibh." Do gluaisimur-ne docum an
bhaile ann sin agus fuaramar Aodh Ruadh a n-oireachtus
ar cnoc láimh raisin mbaile, agus nír shuiluhir
é ag ar bhfaicsin chuige; agus gérbh eadh, do fhiafraigh
scéala dhínn. "Fiond flaith-fhéindidh Gaoideal
sút" ar fear dom' mhuinntir-sa, "agus is é (as) fearr
aguinne; agus táinic sé d'iarraidh h'inghine-si mur
mnaoi agus mur uhainchéile dhó féin." "Baoth in toisc
agus in turus dá chomhaosta theacht d'iarraidh m'ingine-si"
ar Aodh Rúadh co gruama feargach
doichleach; "agus gidh eadh, má thic dhe-sion na
comhtha atá 'na chiond d'fhuaslacadh, biaidh sí
aige .i. coimhrith ría, agus madh fhágbhann seision
issi bíodh sí aige, agus madh fhágbhann sisi eisean, a
cheand do uhain de gan fhuireach." Adubhrus-sa"
ar Fiond "a taphairt a láthair chuguinn; agus do


L. 29


cuireadh fios uirrthi agus is amhlaidh táinic sí amach
agus corn dighe ina láimh a ttuillfeadh deoch trí chaogad
óglaoch ann agus léine sreaphnaidhe sróil réa geil-chneas.
"Cia hagaibh doní coimhrith fria sút?" ar Aodh
Ruadh. Adubraus-sa ré Comluath-ré-gaoith
comrith do dhénamh fria. Is annsin do gluaisidur
co ceand na coimhreatha agus ag turnadh don faighthe
amach dhóibh, tógbhus an inghean an cornn uirthi
agus d'ibh d'aonn-digh é, agus as eadh adubairt: "A
macaoimh" ar sí, "is dóigh liom, an aontumha fada
ina bfuilim-si gur duit-si atá a ndán a caitheamh fá
dheireadh." Agus is cuma ro baoi dá rádha sin agus
do iadh a dhá láimh fó uhrágait in macaoimh agus do
chuir ortha ina chluais agus do thuit (seisean) 'na
thoirchim súain agus síor-chodlata. Arna fhaixin
sin damh-sa" ar Fiond, "do fiafraighius-sa cá
raibhe m'fhear lámhaigh. "Atáim sunda" ar sé.
"Caith urchur ádhmur urmuisneach ar Comhlúath-ré-gaoith
agus dúiscigh as an ccodladh draoidheachta
ina bfuil sé é." Níor faillaigheadh sin leision; do
éirghe ina sheasamh agus do chuir a mhéar a suathnimh
na sleighi sith-fhoda do bhí aige agus tuc rogha n-urchuir
dí, gur chuir ceand na sleighi tar in macaomh agus gur
bhúail crand na sleighi ar droim a chind siar seachtair,
gur fhaghadh coimreamhar an craind d'fheilbh reamhair
fair, gur chuir an tsleagh a talmain feadh
láimhe laoich don taoibh eile de. Is ann sin tuc in
macaomh cliseadh fair agus do éirghe 'na sheasamh agus
tuc lámh tar a ghnúis agus tar (a) aghaidh agus déachus
gacha taobh dhé agus do chí in macaomh mná tar éis
forlonn na faichthe do chur tairsi; agus nár luaithi
siodán do ghaoith Mhárta ag dol tar gach binn
chnuic nó sléibhe co chéile iná in dighrim reatha agus
rinn-luais do bhí léi. Arna fhaicsin sin don macaomh,
tuc cliseadh codla fair agus éirgeas don talmain co hárd


L. 30


agus reathas a ndiaigh na mná; agus dar leat féin ní
mó ná tort choncruinne luaithe do bhí aige a
ndiaigh na mná ón ccruinnughadh tuc sé air
féin chum reatha, agus ní mó ná ttrian na faighthe do
chuaidh an bhean an tan do chuaidh an macaomh
reimpi agus do ruc buaidh na coimhlinga. Arna fhaicsin
sin damh-sa" ar Fionn, "do labhrus agus is eadh
adubhrus: "Neart ar do choraibh agus ar do shlántaibh,
a Aodh, is leine an inghean feasta." "Is fíor gurab
libh" ar Aod Ruadh, "ó rucabhar a búaidh." 'Na
dhiaigh sin do chuamur don uhaile agus do heacradh
teach álainn óla aguinn, agus do uhámur ann go ceann
caoicidhsi ar mhíos gan easbaidh bídh nó dighe
oruinn.



"As ann sin do ghlac náire mór mise fá
a bheith a fhad sin a bhféagmais luirg an fathaigh;
agus do laphrus re mo mhuinntir agus as eadh adubhrus,
gur mhithe dhúinn lorg in fhathaigh d'iarraidh agus co
ndeachaidh fo dimhairiund dá fhad do bhímur 'na
fhéagmais. Do laphair in lorgaire ann sin agus adubhairt
riom-sa gan náire do bheith orm agus nach fearr do
béaradh féin lorg in fhathaigh in céad-lá ar tír ná do
béaradh a ccionn bliadhna ar muir é agus ar mór-fairge.
Is ann sin do ghabhamur ar ccead ag Aodh Ruadh
agus do chuadhmur i n-ar gcurach ar feadh mara agus
mór-fairrge agus do caithemur seal d'ar n-aimsir uirrthi;
agus a gcionn na rée agus na haimsire sin do choncamur
beann mór chloiche uaind ar lár na mara, agus do
rucamur lorg in fhathaigh conuice an mbeinn
agus ní fhuaramur ón mbeinn amach é, agus adubhradur
na macaoimh sin do bhí fariom-sa gurab ann sin do
bhí an fathach. Arna chlos sin damh-sa, adubrus
risin dreapaire dol súas agus scéala na cloiche do thaphairt
chuguinn. Arna chlos sin don dreapaire, do


L. 31


ghluais roimhe súas nó co bhfaca an t-aitheach
'na chodhladh agus in leanamh bec láimh ris agus ceangal
ar ghuailinn an fhaithigh i n-áit na láimhe; agus do
chonairc seisear macaomh ag reaphradh ar feadh
urláir na caithreach agus dá culéin chon agus do amhairc
in tor uile amlaidh sin agus táinic anúas 'na dhiaigh
sin agus do innis innioll in tuir uile. Adubhairt misi
leision ann sin" ar Fionn, "an tealthóigheach do
breith leis ar a mhuin suas agus a fhéachuin in
bhféadfadis na macaoimh sin agus na culéin chon sin
do chur cugam anuas. Do chuadur-san suas agus
do goideadur an leanamh bec agus in seisear macaomh
agus in dá culéin con, agus ní hé amháin, acht tucadur
leó a raibhe d'ór agus d'airgit agus d'arm agus do maithus annsa
gcathraigh uile agus tángadur féin anúas ann sin agus
do leigeamur ar siubhal sinn ar feadh mara agus mór-fairrge.
Agus ní cían do chuamur an tan do éirghe in
t-aitheach agus do lean sinne gan laige gan mhailis agus
ní ruc oruinn nó gur gabhamur cúan agus caladhport a
mBeind Éaduin mic Céidfhir; agus mur do chonairc
an culéin fear-chon eision chuguinn, do éirghe 'na
sheasamh agus do anfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar
gach éan-ruibe dá raibh uirri; agus ar tteacht don
aitheach do láthair, do comhraic ris co fíochmur
feargach formata; agus tuc in culéin scríob dá chrobh
agus tairraing dá fhiacliabh fá ucht agus fá urbruinde an
fhathaigh, gur leig a abach agus a ionathur uile amach;
agus ag tuitim dhó tugus-sa béim claidhimh dó gur
bheaneas a cheand de; agus rucamur a cheann agus a
sheacht meic agus in (dá?) culéin chon co teach Fearghusa
Finnléith an oidhche sin, agus do uhámur an oidhche
sin ann fá lán muirne agus luthghára; agus ar maidin ara
bhárach do éirgimur agus do fhágamur a sheacht mic
ag Feargus Finnliath, agus a raibhe d'ór agus d'airgit
ann tucus dona macaomhuibh sin do uhí fariom


L. 32


é, agus do chongbhus in dá culéin con agum féin; agus
a ndhiaigh na ronna sin do fhiafraighius dona
macaomhuibh cia d'folaibh uaisle nó anuaisle in
domain móir dhóibh. Adubhradur-san gurbh iat
féin mic Eithleanda agus go ttángadar dom' furtacht-sa
do cur sin ón éigion a rabhus, agus gach gábadh a mbia
mé co bráth ó sin co ttiucfaid dom furtacht re mo
dhóigh do cur ionntadh nó re smuaintiughadh orrthu;
agus do ghabadur a ccead agum-sa ann sin; agus dorinius
an láoi an uair sin agus as í so hí:




A buidhean is álainn dreach,
abraidh riom ar bur n-eineach:
ós dom' mhuinntir-si sibh abhus
cá háit a bfuil bur mbunadhus?



A tTír Thairngire treabthaigh
bhímaoid-ne eidir cheathaibh;
mic Eithleanda sinn gan ghus,
bímid a reachtuib amhus.



Do hoileamhadh sinn, ní breág,
ag Manannán na mór-tréad;
ó'r n-oidi tángamur a le
cugad-sa, a rí na féine.



An uair riocfus tusa leas
a gcath nó (a) ccomlann nó a ttreas,
smuaintidh oruinne ann sin
is tiocfum dot' fóiridhin.



Gurab soraidh dhaoibh bur ttreóir
a gcríochaibh an domain móir;
ós scarthain dhúinn is dúibh-se,
budh fada re mo chroidhe.


L. 33



"Do imghedur an t-aon macaomh déag
uaim-si ann sin agus tánac-sa co hUisneach Midhe mur
a rabhadur fiana Éirionn, agus tucas mo dhá culéin
con liom ann agus tucus anmanna orro .i. Bran agus
Sceólang, agus do insios mo scéala féin dhóibh ó thús
co deireadh. Acht aonn-ní cheana, do cuala misi
nach raibhe deirbhshiúir mo mháthur ag Oillil mac
Eathaich, agus do cuirius fios ar a chionn agus táinic dom'
ionnsaighe, agus do fiafraighios dhe cá raibhe in bhean
tucas dhó agus tuc maithe fhian Éirionn uile maille
riom. Adubairt-san nach raibhe a bec nó a mór dá
scéaluibh aige. Do iarus an bhean ar na slántaibh
do bhí agum air-sean. Táinic Lughaidh Lága a
láthair arna chloss sin agus tuc a bhriathur co
ttiobhradh ceann Oillealla mic Eathach am' láimh-si
agus a láimh na féine mura bhfaghadh Turne inghean
Taidhg mic Nuadhat annsa cruth a tuc sé uadha
í. Do íarr Oillil mac Eathach cairdi (orm) agus arna
slántaibh uile ionnus co ndeachadh d'iarraidh na
hinghine agus tuc a bhriathur co ticcfadh chucu-san arís
dá bhfagadh í nó dá mbeith gan a fagháil.
Tucamur-ne uile in chairde sin dó. Do imidh Oillill
roimhe mur a raibhe a leandán ban-tshíoghaidhe
agus do innis dí in t-adhbur fá ndeachaidh sé dá
hionnsaighe. Adubairt sisi: dá ttacadh seision a
breath féin dí co saorfadh ón ccás sin é. Do gheall
seision sin dí; agus do gluaisidur rompu co teach
Fearghusa Finnléith agus tucadur in chú leó co longphort
na féine agus tucadh na cuir céadna dhí-si fána
breith d'fagháil, agus as í breath ruc sí, Oillill do bheith
aici 'na fhear tairis mnáibh in domain. Agus a ndiaigh
na slána sin do daingniughadh tucc si fleasc dhoilbhthi
draoidheachta óna cuim agus do bhúail in chú dhí agus
dorine ríogan cruthach chaomh-álainn di; agus do innis
in ríogan .i. Turnae, gurab í féin do ruc an dá chuléin


L. 34


chon sin a ttigh Fearghusa Finnléith an uair do bhí
sí 'na coin ann. Do thairg Uchtgheal damh-sa .i.
an ban-tsíoghaidhe, na cuiléin sin do chur a reachtuibh
daoine agus adubart-sa: dámadh mé féin a n-athair
comadh fearr liom a mbeith mur sin ná a mbeith
'na ndaoinuibh. Imthúsa Lugdhach Lága, dob
éigion Turnae d'fagháil dó féin do luach choraidheachta
agus tóraidheachta 'na tiomchioll, go ruc
sí triur mac dó .i. Sciath Breac agus Caol Crodha agus
Eoghan Ruadh agus as iat-sin na trí mic máthur atá
ag Bran agus ag Sceólang a bhfianaibh Éireann" ar
Fionn. "Agus as iad sin fuaslacadh na gceasd do
chuiris orum, a Cannáin" ar Fiond.



"Beir buaidh agus beannachtain, a rí-fhéinidh"
ar Conán; "is mór in t-urgáirdiughadh
meanma agus aigeanta dhúinn a bheith ag éisteacht
read' bind-briathraibh; agus abair riom anois créad
fár liath tú agus h'óige, agus créad fá bfuil aoiphle ataithsi
ar do ghnúis agus neim naithreach ar do theanghaidh
agus mosrughadh mairph ar do chloinn agus fuaire an umha
id' leathor, nó cá fad do bhí tú mur sin nó an bfuilir
mur sin fós." "Inneósat-sa sin" ar Fionn. "Aon
do ló dá raibhe misi agus maithe fhian Éirionn a
nAlmhain ag ól agus ag aoibhnus, agus tarla aimhsiughadh
mór cugum ann .i. días ban do Tuathaibh Dé Danann
tuc grádh damh-sa a n-aoinfheacht; agus is amhlaidh
tarla dhóibh a bheith 'na ndias ndeirbhseathur dhá
céile, eadhón Miodhluachar agus Aighne a n-anmanna,
agus tug an dara bean díobh freiteach nach
rachadh sí le fear liáth co bráth .i. Aighne. Arna chlos
sin do Miodhluachair .i. a derbhshiur eile, do thionóil
sí draídhthe Tuath Dé Danann a n-aon-ionadh agus
do dhealbhadur loch doilbhthe draídheachta ar
leath-taoibh Shléibhe Cuillinn Chúailgne .i. do budh


L. 35


(de) chloind Cuillinn Chuailgne an días ban sin féin; agus
dá ndeachdís fir domain faí in loch sin, do badh
liath iat dá éis. Agus ó thairnic dhóibh an loch do
déanamh amhlaidh sin, táinic sí féin a riocht eilidi
éadtruime eadarbhuasaighe ar in bhfaighthe
chugum: agus is amhlaidh tarla damh-sa a bheith am'
aonur ar in bhfaighthe, agus ótchonairc (mé) an eilit
uaim, do-rionnus fead ar na conuibh, agus ní chuala cú
nó duine dá raibhe isin mbruighin nó 'san mbaile
an fhead acht Bran agus Sceolang, agus tángadur amach
a gcéad-óir, agus do leigios don fhiadh iad agus do
ghluaisedur rompu agus ní ruc na coin ar dhol ionnsa
bhfiadh co ráinic Sliabh Cuillinn Chuailgne a gcóicidh
Uladh; agus do leanus féin iad am' ghaisibh gáibteacha
géar-luatha glan-reatha gan aonn-duine dom' mhuintir
agam, agus gér ghairid an eilid ó na conuibh, do ba
giorra ná sin na coin uaim-si; agus ó ráinic in eilid in
sliabh, tuc sí cor dona conuibh, conár fheidir síat
cá haird d'airdibh an domain a ndeachaidh sí uathaibh.
Do ghabh ionghantus mór misi uime sin" ar
Fionn, ".i. co bhfúigfeadh fíadh ar doman Bran agus
Sceólang, agus dorinnus comhnaidhe ar in tsliaph ag
amharc uaim gacha taobha; agus ní cían do uhádhus
(ann) an tan do choncus loch linn álainn grian-sholusda
fo bhun an tshléibhe agus inghean chruthach
chaomhálainn ar brú in locha lán-sholusda sin agus í co
dubhach déarach dobrónach; agus tánac-sa mur a raibh
an inghean agus d'fhiarfaighius fáth agus adhbhar a
dubhróin don inghin. "Ag snámh do bhíos ar in loch-so
ó chianaibh," ar in inghean, "agus do bhídur dhá fail óir
agam agus do thuiteadur isin loch uaim, agus as é sin
adhbhar mo dubróin," ar in inghean. Is ann sin do
fhiafraighe an inghean cía hé in gaisgeadhach anaithnidh
do bhí ag fiafraighe sgéal dí. Do innisius gur
mé féin Fionn. "Más eadh" ar in inghean,


L. 36


"do chualus féin do theist agus do thuarusgbáil agus do
ghal agus do ghaisceadh agus do bhuadha iomdha agus gur
tearc én-ní 'sa doman nach éireóchadh leat ion da
ccuirfeá dúil; agus ó tá sin mur sin, cuirim geassa nach
fuilngit fíor-laoich fort-sa an dá fhail óir úd do thabairt
chugum as an loch." Arna chlos sin dam-sa" ar
Fionn, "nír mhaith liom mo chur fo geassaibh,
agus gidh eadh nír fhuilngeas co fada fó na geassaibh in
tan do chuirius mh'éadach dhiom agus do chuadhus isin
loch; agus ní fada do bhádhus (ann) an tan fuarus in
dá fhail óir sin agus tucus urchur díobh d'ionnsaighe na
hinghine, agus do gabh iad 'na láimh agus tuc cúl don loch
agus nír fheadur misi cá conair ina ndeachaidh uaim;
agus tánac-sa fó thír a gcéad-óir ann sin; agus gér ghairid
uaim mh'éadach, ní raibhe do shiubal nó do láidireacht
ionnam dol conuige é an tan dorineadh seanóir
críon cúl-liath cnáimh-arsaidh dhíom; agus tángadur
mo dhá choin cugum agus nír aithnighdur mé, agus do
imgedur uaim a ttiomchioll in locha ar gach leith
dom' iarraidh-si. Agus ní cían do bhádhus mur
sin an tan do chonairc mé Caoilte agus tosach na féine
dom' iarmhóiracht agus tángadur ós mo chiond-sa agus
(an ní nárbh iongnadh) nír aithnidar mé. Do labhair
Caoilte ann sin agus as eadh adubhairt: "A sheanóir"
ar sé, "an bhfacuis eilid agus dá choin 'na diaigh agus
aon laoch a ndiaigh na gcon?" Agus d'fhiafraigh
dhíom-sa narbh íascuire mé, agus adubhrus nárbh eadh
agus nach raibhe neart nó láthur ionnam asa ndéanainn
iascuracht; agus adubhrus co bhfacus an eilid agus na coin
'na diaigh agus an gaisceadach ag éirge isin slíabh agus
nach raibhe mórán dá bhfios agam ó sin a leith.
Tug Oisín baramhail ann sin co raibh fios
Fhinn agus na gcon agam-sa; agus gidh eadh nír lamus
a innisin dóibh gur mé féin Fionn. Agus táinic
tromshluagh na féine cugainn ann sin agus do bhádur


L. 37


ag fiafraighe scéal díom-sa ann, agus adubairt Caoilte
in láoi:




Cá fad ó tháinic tú a leith,
a fhir móir, a iascuire?
an bfacais eilid ag teacht
agus coin 'na coimeadacht?



Do choncus ó chíanaibh gach ní
dá bfuil sib d'iarraidh:
dá choin lúatha go traitce
ag leanmhuin na heilidi.



Aon chú díobh do bhí ar tús,
is meabhair liom a n-iomthús,
agus óglách lúath 'na ngar,
nocho ndeachadur uadh a bfad.




"Tángadur in fhian uile gacha taoibha
díom-sa agus do uhádur ag síor-leanmhain scéal orum;
agus do innisius dóibh fá deóigh gur mé féin Fionn; agus
nír chreididur mé agus do mhaslaighdur mé co mór re
teangaidh agus do fhóbradur sleagh gacha fir do
sháthadh ionnam. Is ann sin do éirgios am' sheasamh
agus do ghoirius Caoilte ar fód fó leith agus do innisius mo
scéala féin dó ó thús co deireadh, agus do chreid Caoilte
in sin gur misi Fiond, agus do éirghe atharughadh dealba
agus crotha ar Caoilte ann sin re misi d'fhaicsin ionnsa
riocht sin, agus do innis sin don fhéin uile. Arna chlos
sin don fhéin, do líonadur do thuirsi agus do dhobrón
agus do leigedur trí gártha móra ós aird a ttiomchioll
in locha; gurab de sin atá Loch nDoghra ar in loch
sin agus biaidh co bráth. Is ann sin dorinnedur an fhian
eilitrom damh-sa do chaolach na coilleadh agus do
iomchradur mé co mullach an tshléibhe co síth


L. 38


Cuillinn Cuailgne, agus do thiomsidur seacht ccatha
na gnáthfhéine cum an tsíodha agus do uhádur trí lá agus
teóra hoidhche ag toghail agus ag briseadh an tsíodha.
A ccionn na trí lá sin táinic Cuillionn amach as in
síth dar n-ionnsaighe agus eascra álainn órdhuidhe ina
láimh, agus tuc am' láimh-si é agus adubairt riom deoch
d'ól as; agus do ibhios deoch agus ar n-ól na dighe damh,
táinic mo dhath agus mo chruth agus mo neart féin ionnam
ann sin, agus do imgedur na huile aimsiughthe agus
adhghaill dá raibhe orum acht in léithe amháin, óir
do bhí mo leath-fholt mur airgead aon-gheal arna
niamhadh do dheagh-cheard agus do bhí mo leath-fholt
eile mur ór-snáth arna niamh-ghlanadh; agus do
thairg Cuillion Cuailgne dhamh-sa ann sin co ccuirfeadh
sé dath (mo) fhuilt féin ar mh'fholt-sa agus urchra
fair; agus do rucus do roghain in dath tarla ar m'fholt
a bheith air agus a bheith gan urchra. Agus ar n-ól
na dighe dhamh, tucus in courn i láimh Mic Reithe
agus do ibh deoch as; agus in uair dob áil leis in corn do
shíneadh a láimh an fhir ba neassa dhó, tuc an t-eascra
cliseadh as a láimh ar in talmain, agus do reathadur
an fhían 'na dhiaigh agus gér maith do reathadur ní
rucadur fair, co ndeachaidh 'sa talmain 'na bfhiadhnuise;
agus ba mór dubrón agus tuirsi fhian Éreann uime
sin agus nírbh iongnadh dhóibh, uair dá n-ibheadh in
fhian uile deoch as, do bhíadh fios agus fíor-eolus acu
uile mur atá agum-sa agus ag Mac Reithe. Agus ag sin
duit-si, a Conáin, mur do líath misi ar tús." Agus
adubairt Fionn an láoi ann:




Miodhluachair is Aignae fhial,
dhá bhan-draoi (do) bhí 'sa sliabh,
do charsat mé cechtur dhe,
dhá inghin Chuillinn Chuailgne.


L. 39


Freitighus Aighnae fhial
a dhol co bráth re fear líath
's nach rachadh le fear dhá thoigh
acht madh fear óg anarsaidh.



Tionólus Miodhluathchair mhall
draoithe Tuatha Dé Danann
nó gur dhealbhustair-sean trá
an loch doilbhthe draoidheachta.



Téid roimpe Miodhluathchair mhais
gusin tTeamhraigh treathain-ghlais;
do chuaidh a riocht eilidi de
inghean chaomh Chuillinn Chuailgne.



Do leansum an fíadh luaimneach
éattrom eirluath iomshuaimhneach,
agus níor sguiremur de
co loch Síthe Cuilinn Cualgne.



Aon-bhean ar brú in locha láin
gan uamhan, gan iomurscáil
do rat a gceist misi de
fá dháltaibh na hingine.



"Créad do rad ann sin thú, a bhean,
a inghean luachair láim-gheal?"
"Dhá fhail óir do bhí fóm' laimh
do chuadur 'sa loch lind-bháin.



"Geassa ort-sa, a Fhind fhéil,
mun' ttucadh tusa in léim
ar ceand m'uincceadh óir 'sa loch
's a ttaphairt dham gan lán-locht."


L. 40


Ann sin do lingus an léim,
nocharbh é dob fearr dom' chéill;
an leath do lingus fón loch
as eadh ro líath co lán-mhoch.



As í sin an cheist iar bhfíor,
a Channáin gusan gcaom-ghníomh,
folt mo chind ro líath co mbladh
as eadh ro mhill mad (?) liathadh.




"Beir buaidh agus beannachtain, a rí-fhéinidh,"
ar Conán, "is binne ná céol crot bheith ag éisteacht
re bind-chomhrádh do bheóil; agus ar grádh h'einigh
innis damh anois, a rí-fhéinidh, cionnus fuarais an
fios forbhartach fíor-eólach atá agad; agus ní hé fios
an bradáin nó fios thoighe Cuanna atáim d'iarraidh
ort." "Inneósat-sa sin" ar Fionn. "Tiobraid atá
ag Bec mac Buain agus is do Thuathaibh Dé Danann an
fear sin, agus gach duine ibhus deoch eisdi, bídh fios
forbartach aige dá éis agus budh fáidh é go bás re fírinne;
agus síad bhíos ag coimhéad na tiobraide sin .i. trí
hingeana an Bheic .i. Céibhfionn agus Teacht agus Arbach
agus as í Céibfiond as sine dhíobh agus as í dháilius an tiobraid
ar gach duine cheandaighius hí; agus dobeirthi trí
céad uinge do dearg-ór ar lán gach éan-eascra don
tiobraid sin. Agus tarla misi aon do ló ag seilg na
feagh-sa mur a raibhe iomat fiadhaigh, agus tánac ar
mhullach Cairn bhFearadhaigh agus ní raibhe fariom
annsin acht Díorraing mac Doghuir agus Mac Reithe;
agus ní cían do bhámur ann an tan do choncamur dorus
an tshíodha osluicthe romhainn agus do ionnsaighmur
é gan fhuireach. Arna fhaicsin sin do trí hingeanaibh
Bheic mic Buain, do éirghedur go hathlamh
do dhúnadh an doruis, agus tugadur a lámha
uile a n-aoinfheacht do thaoiph (astigh) ag dúnadh


L. 41


an doruis romhainn agus tucamur-ne ar nguailne agus
ar lámha a n-aoinfheacht don taoibh amuidh dá
fhoslacadh orra-san; agus is amhlaidh tarla do Céibhfionn
a bheith an uair sin agus lán an eascra don tiobraid
ina láimh; agus ag iadhadh na comhladh oruinn
dí, do dhort taosc mór don digh innar mbéil-ne, gur
fhan fios fíor-eólach aguinn ó sin a leith," ar Fionn.
"Agus as íad sin fuaslacadh na gceist do chuiris
orum, a Cannáin," ar Fionn; agus itbert in láoi:




Trí hingine Beic mic Buain,
is acu ibhid na sluaigh;
is uatha sin atá thall
fios dearbhtha Tuath Dé Danann.



Tobur atá thall 'sa lios
is ann dogeibhthur gach fios;
is dearbh do gach aon ros blais
gurab í sin an tseaghais.



Gé do fuarus in t-eó fis,
neimhthní co ránac an tseaghais;
as é in fios forburtach damh
ó ránac an triur inghean.




"As iad sin fuaslacadh na gceist do chuiris
orum, a Conáin," ar Fionn. "Beir búaidh agus beannachtain,
a Find," ar Conán, "is mór in t-iontalas
meanman agus aigeanta dhúinn bheith ag éistacht
friot. Agus abair friom, a rí-fhéinidh, caidhé na
headha oeisi fuilit agad féin ar nach eagal leat bás
d'fagháil nó co ccailtear iad; agus anois innis damh
caidhé "oídhacht Finn co teach Neóid."" "Inneósat-sa
sin" ar Fiond. "Aon do ló tharla misi am' aonar
agus mé am' giolla óg anarsaidh, agus do chuadhus co


L. 42


teach Neóid; agus is amhlaidh do uhí Neóid: is tearc
do bhí 'sa doman duine badh doichlighe ná é agus co
háirithe ní raibhe a nEirinn a gcoimaimsir ris féin
duine badh doichlighe agus do badh measa eineach
iná é; agus do ba mór a mhaoin agus a chonách, uair
do bhádur seacht ndoirse ar a dhúnadh agus do uhádur
seacht n-airghe fá chomhair gacha doruis díoph; agus
gér mór in conách sin, ní dheachaidh aon-duine
ariamh buidheach nó sáitheach as a theach nó as a
bhaile; agus tánac-sa am' aonur don tigh, agus ní raibhe
do dhaoinibh ann acht Neóid agus a bhean agus a ingean
.i. Aoife inghean Neóid; agus ar ndol don tigh damh-sa,
do shuidhios ar lár na bruighne. Is ann sin do
laphair Neóid agus as eadh adubairt: "Créad é adhphur
in tshuidhe úd thall?" ar sé. Adubhras-sa gurbh
áil liom oídheacht na hoidhche sin d'fhagáil uadha-san.
Adubhairt Neóid gur cosmhail nach
ccuala misi scéala in tighe sin an tan do chuadhus
ar oídhacht nó d'iarraidh bhídh ann, agus gurab uime
"tucadh Neóid orum-sa .i. gurbh ainm don doithchioll
neóid, agus mur nach bfuil a nÉirinn duine is doithchlighi
ná misi, is uime tucadh Neóid orum." Adubhrus-sa
ann sin" ar Fionn, "gur chuma liom féin é bheith
olc nó maith fá bhíadh agus co ccaithfeadh sé oídhacht
na hoidhche sin do thabairt damh dá dheóin nó dá
aimhdheóin. Arna chlos sin do Neóid, do éirghe Neóid
'na sheasamh dom' chur-sa amach d'aimdheóin agus do
éirghe mise chuige-sion, agus tucamur cuir ghleaca dá
chéile; agus gidh eadh, do leagadh Neóid a bhfiadhnusa a
mná agus a inghine agus do chuirius ceangal daingean dothscaoilte
fair, agus rucus a bhean liom isan leapaidh fá
coimhneasa dhamh agus dob áil liom luidhe fria. Do
laphair Neóid ann sin agus as eadh adubairt: "Ná mill
mo bhean, a ghiolla," ar sé, "agus dodhéan cumann
agus caradradh friot agus dobhéar m'inghean do mnaoi


L. 43


dhuit agus is cneasta duit mur mnaoi í nó mo bhean-sa."
Do thuicius-sa gurabh fíor sin agus do leigios bean
Neóid uaim agus do scaoilius dhe féin; agus do cheangail
(Neóid) cumann agus caradradh friom agus tuc mo sháith
bídh agus dighe damh agus tuc (a) inghean ar feis leaptha
agus déaruighthe an oidhche sin damh .i. Aoife inghean
Neóid. Agus do éirghemur a mucha na maidne
arna mhárach ar in bhfaithche amach, agus do íar Aoife
aiscidh mhaidhne orum-sa ann sin agus do geallus-sa
sin dí, agus as í aiscidh do iarr orum, lon dá raibhe 'sa
doire choilleadh lamuidh don uhaile a chur as a doire
amach agus coimhrith fris agus a ghabháil agus a thabhairt
beó dí féin. Agus do ghluais misi fón doire ann sin,
agus do dhúiscighius an lon agus do reathus ris agus do ghabhus
é agus tucus d'Aoife é; agus arna thabairt dí, as eadh
adubhairt: "Geassa nach fuilngit fíorlaoich ort,
a Find," ar sí, "muna reathair risan lon-sa a gciond
gacha bliadhna; agus an bhliadhan rachus sé dhíot
gan breith air, do bhás agus h'oigheadh (do) theacht
an bhliadhain sin." Do labhrus re Neóid ann sin agus
adubhrus ris ullmhughadh bainnsi do dhéanam
fám' chomhair agus co ttiubhruinn féin urmór fhear
nÉireann am' fharradh; agus do freastladh co maith
sin. Acht aon-ní cheana: ódchonairc Neóid iomarcaidh
na sluagh agus iomarcaidh an bhídh agus na dighe
'gá ttaphairt do chonuibh agus do giollanradh, do bris
an cochall doichill do uhí ina chroidhe agus do scéith
ar a bhél amach é; gurab é an treas duine nó an
ceathramhadh duine dob fearr eineach do uhí ó
sin amach a nÉirinn é. Agus sin eadh dom' eadhuibh-si,
a Conáin" ar Fionn.



"Agus eadh (eile) dom' eadhuibh-si: aon do
ló dá rabhus-sa a Magh na Céidi theas, co bhfacaidh
(mé) inghean álainn iolchrothach ann, agus d'fhiafraighius


L. 44


di créad tuc ina haonur í. "Ag iarraidh fir"
ar sí. Do fhiafraigh misi dhi cé hé an fear. Adubairt an
inghean nach raibhe fear do sunradh aici, acht an
fear dobhéaradh dí ina choibhthe do bhí sí d'iarraidh.
Agus do fhiafraigh misi créad í in choibhche sin.
Adubairt an inghean: "Ní bfuil acht léim do
tabhairt ar in gcloich úd am' fiadhnuise." Arna
chloss sin damh-sa, do leigios mh'airm ar lár agus do
lingas an léim gan fhuireach. "Ní mur sin is maith
liom in léim do thaphairt" ar in inghean, "acht in
leagán cloichi úd is comhfad riot féin do chur ar do
dhearnainn agus in léim do thaphairt mur sin." Arna
chlos sin damh-sa, do chuirius an leac ar mo dearnaind
agus tucus in léim amhlaidh sin; agus is bec má dorinnus
ariam gníomh ar thalmain badh doilghe liom do
dhéanamh iná in léim sin do thaphairt. Agus do
fhiafraighius don inghin cá hainm nó dúthchus
dhí. "Éadaoin Sléibhi Caoin m'ainm-si" ar sí, agus
do chuir misi fó gheasaibh fána dol léi dá hárus
féin an oidhche sin; agus do chuadhus léi agus do uhí
ar feis leaptha agus déaruighthe agam an oidhche sin,
agus arna uhárach dúinn do chuir misi fó gheasaibh
fán léim sin do thaphairt gacha bliadhna agus in bliadhain
nach ttiubhrainn é, éag nó oigheadh (d') fhagáil
an bliadhain sin.



"Eadh eile dom' eadhuibh-si, fothragadh
dabhcha Coirill, uair is brón báis dam an bliadhain
nach déanaim é. Eadh eile dom' edhuibh .i. fleadh
doní Bláthnat inghean Deirg Díanscothaigh .i.
mo leandán ban-tsíoghaidhe, uair as í coiphche do
iarr orum-sa, dol dá caitheamh gacha bliadhna.
Eadh eile dom' eadhaibh-si, an t-orchur do
naisc Damhnad inghean Raighne Réil orum-sa ar
son a coiphehe .i. mo shleagh diupraicthe do


L. 45


theilgion a Mhullach Rátha go Bealach Iolata, agus ní
taphair aon-duine a nÉirinn an t-urchur sin acht
misi amháin, agus in bhliadhain nach ttiubraind é co
bhfuighinn éag nó oigheadh an bliadhain sin.
Eadh ele dom' edhuibh .i. fleadh doní mo mháthair
dhamh agus do gach duine uhíos am' fharradh, agus gach
neach dá ccaitheann í, ní fhaghann brón bec nó
mór in bliadhain sin. Agus eadh ele dom' eadhuibh-si
.i. muc do mucaibh Slángha do mharbadh acht co
ccoimhioltur a geassa dí; agus geis dí éirge dá leapaidh
riana guin. Is geis dí scréachadh arna goin; agus is
geis dí an duine goinfeas í muna ttuca féin do láthair
in fholachta í; agus is geis dí an gaoth a ttuaith 'gá
dógh; agus geis dí dorus dochum a mbearthar hí
d'fhagáil dúinte ar a haighidh; agus geis dí duine eile
dá roind acht an tí ghonus hí; agus geis dí aonn-duine
dá mbia a n-aon-toigh nó a n-aon-uhaile fría do
dearmad 'na tiomchioll." Agus dorinne Fiond an
laoi:




Fuilit eadha dom' chaphair
aincios mé ar urbadhaibh;
gach áon dhá ccaitheann ar feis
slán go ceand mbliadhna ar aincis.



Comrith re lon Leithreach Néid
doním d'Aoife, dáil gan bréig.,
nó go rom sáruighe in lon
nó co tteagar rem' shaogul.



Aon-mhuc do mucaibh Slángha
gacha bliadhna, líth n-ágha,
is eadh dom' eadhaibh a bfad
gan mheing gan mheabail fuilat.


L. 46



"Is iatt sin fuaslacadh na cceist do chuiris
orum, a Chonáin," ar Fionn. "Beir buaidh agus beannachtain,
a ri-fhéindidh," ar Conann, "ní cualamur
ceol ariamh bud binde iná fogur do bheóil; agus abair
riom anois caidhé na trí hiomruisg is doilge leat
dorinnis ariamh." "Inneósat-sa sin" ar Fionn.
"Aon do ló do bhádhus ag seilg muici .i. Brothur
bán troimlíne a hainm do shunradh, agus do dúisgceadh
an mhuc sin linn agus tánic sí seacham-sa; agus mur do
uhádur na laoich agus na coin 'na leanmhuin, do chuirius
méar a súaithnimh na sleighi sith-fhada do
uhí a n-aice an scéith agum agus tugus ro-urchur di
chum na muici; agus tarla an sleagh nimhe a ttaoiseach
féine maith dom' mhuinntir gur mharbhus é .i.
Miodhbuilg mac Luachair, agus uadh hainmnighter
Miodhbuilg ag Coir Comhraidh aniudh. Agus rucus
ar in tsleigh an dara feacht agus tucus urchur eile cum
na muice, agus tarla an tsleagh a ttaíseach eile dom'
mhuintir, eadhón Eadarsa mac Maín, agus ní ruc a anam
co lár leis; agus tucus an treas urchur don tsleigh cum
na muice agus do chuirius an tshleagh i ttaoiseach maith
eile dom' mhuintir .i. Iomus mac Luachair, agus do
marbhus é, agus uadh goirtear Sliaph Iomuis iniudh;
agus do scuirios do theilgion na sleighi annsin, uair
tucus aithne gur mór dom' aimhleas dorinnus risna
hurchuraibh sin; óir dob annamh liom urchur a
n-iomruill do thabhairt ariamh gonuige sin. Do
claoidheadh fearta na ttrí laoch sin aguinne agus do
tógbadh a líag ós a leachta agus do fearadh a ccluithe
caointe. Agus is iat sin na trí himreasna is doilge
liom dorinnus ariamh, a Channainn," ar Fionn.
"Rod fia buaidh agus beannachtain, a rí-fhéinidh,"
ar Conán. "Is ro-mór in céol agus in t-athgearradh
aimsire dhúinn a bheith ag éistacht red' chaoin-chomhrádh."


L. 47


Is annsin adubairt Fionn: "Déantur leaba
dhúinn, uair is lór a fhad atá tú (ag) leanmhuin ag
fiafruighe scéala díom; óir do innsius mórán
d'iongantuibh agus d'imteachtuibh agus do scéalaibh
fhian Éireann duit, a Channáin, agus (atá) deireadh
oidhche ann anois" ar Fionn, "agus is mithe dhúinn
codhladh." "Is fíor sin" ar Conán, "agus is cóir a
dhéanamh." "Is ann sin do cóirigheadh leaba d'Fionn
agus do cuireadh Findearbh Fhindchiabach inghean
Conáin faris an oidhche sin; agus ar ccodhladh d'Fhionn,
do chonairc aisling huathbhásach agus biodhgustair fó
trí as a chodhladh, gur éirghe comhárd ré húathnibh
na leaptha ón ccliseadh tuc air. "A rí-féindidh" ar
Findearbh, "créad do choncais asar chlisis mur sin?"
"Aisling itchonairc (mé)" ar Fiond, "mur do bhídis
Tuatha Dé Danann ag loscadh na bruighne-si orum
agus ag marbadh na féine am' thimchioll." "Nárab
duit-si ná don fhéin bhías donus ná nimh na haislinge
sin!" ar in inghean.



Iomthúsa na féine imorro, do thiomsaighdur
as gach ionadh co héan-áit agus dob iongnadh
ríu gan scéala Fhind do bheith acú, cá raibhe sé
an oidhche sin; agus do éirghi Bran Bec ó Buadhachán
agus Bran mac Feargusa a mocha na maidhne arna
uhárach agus tángadur mur a raibhe Mac Reithe agus
adubhradar ris scéala d'innisin dhóibh ó uhí fios
aigi-siomh cá raibh sé aréir. "Má tá (a) fhios sin agam"
ar Mac Reithe, "ní háil liom fios nó fáistine d'iarraidh
orum ar eagla mná nó mionn-dáoine bheith 'gá
leanmhuin orm; agus ar a shon sin innsim díph-si
Fionn do bheith a ttigh Conáin Chinntsléibhi aréir agus
co raibhe inghean Chonáin ar feis leaptha agus láimhe
déaruighthe aréir aige agus co bhfuil 'na luidhe ar iomdhuigh
fós, agus ní hiongnadh dhó; as fada do uhí 'na
dhúscadh aréir ag Conann."


L. 48


Arna chlos sin don dias sin, do ghluaisidur rompu
gan mhailis co teach Conáinn agus fúaradar Fionn ag
éirghe dá iomdhuidh, agus ro fearus fáilte friu agus as
eadh ro ráidh siat-san: "A Fhinn" ar siat, "is mór
an t-iongnadh dhuit a bheith ar banuis mná id'
aonur mur so agus gan duine ar bith ad' fharradh agus gan
a fhios ag maithuibh na féine cá conair a ndeachais
uathaibh." "Nocho dearnadh banuis d'Fionn fós"
ar Conann, "agus dodhéantur banuis a díonguhála
dó agus taphradh Fionn maithe fhian Éreann leis dá
caitheamh." "Tiocfad-sa annsin" ar Fiond. "Tabhair
do bhriathar dam-sa fána theacht" ar Conann.
Tucc Fionn a bhriathar dhó uime sin.



Do imidh Fionn roimhe co longphort na
féine. Is ann sin do laphair Bran Bec ó Buadhachán
agus adubairt: "A Finn" ar sé, "atá fleadh urlamh
ionchaithfe agum dhuit a nAlmain, agus tair féin agus
maithe na feine dá caitheamh." "Rachat" ar Fionn.
Do gluaisidur rompu co teach Brain agus do heagradh
an teach álainn óla acú, co raphadur co subhach
suilbhir deagh-chomhráiteach; agus nír chian dóibh
amhlaidh sin an tan itchoncadur Carpri Lifeachair
mac Cormaic chucu don uhaile. "Ní tarla sin
dúinn" ar Fionn, "uair is geis dúinn ar tteach
n-óla do sgaíleadh nó go rapham síothamail subhach,
agus nírb furáil do mac rí Éreann gomad uime féin do
suidheóchadh an teach n-óla ina mbeith sé." "Ní
hamhlaidh doghéantur aguinn" ar Oissín, "acht
leigtear don féin 'sa leith-si abhos agus tucthar an leath
úd thall do mac rí Éireann." "Is cóir sin" ar Fionn,
"agus déantur é." Agus do uhí urscardadh an leath
thall uile fá chomair mic rí Érenn. Agus do uhí
dias óglaoch do Tuathaibh Dé Danann astigh agus do
gabhadur chucu co mór agus co aingithe a ttógbháil as


L. 49


an leith thall ar in urscardadh sin, agus is mó do ghabadur
cucu sin ná do ghabh an mhéid do uhí ann do chlannuib
aithreach maith ó sin amach; agus is iat in días sin
féin .i. Fálfeadha Bec mac Find agus Fálfeadha Mór
mac Domhnaill Deirg; agus is eadh adubradur an días
sin: "Is cugainne uile dorineadh in t-urscardadh
úd ar tí oil agus athuis agus masla do thaphairt dhúinn agus
ar in treibh dá bhfuilmid uile; acht gidh (eadh),
atá a mháthur-san díoph." "Is urus sin aithne" ar
Fálfeadha Mór, "óir is mór in tár agus in tarcuisne tuc
Fionn aréir ar Thuathibh Dé Danann .i. an bhean do
naisceadh don dara fear nó don treas fear is fearr
atá beó do Thuathaibh D. D., a bheith aige féin aréir
d'aimhdheóin a hathur agus a máthur re olca re
Thuathaibh D. D." Agus do imgedur an dias sin
rompu arna bhárach co Síth Fionbhar Mheadha Siuil
agus do innsidur dó gach ní dá ndearna Fionn agus mur
do thuc inghean Chonáin agus mur do gheall fá chionn
míosa dol do dhéanamh baindsi. Arna chlos sin
d'Fionnuar, do ghlac doith aingidhachta agus éada é
agus chuir fios agus teachta úadha do thionól agus do
thiomsiughadh Tuath D. D. ar gach leith; agus do
freagradur é co héscaidh as gach aird a rabhadur
co bádach priaitheamail (?), co rabhadur sé céad
déag do ghlére glan-tsluaigh fá chionn na míosa sin.



Do gheall Conán banais a inghine do
déanamh agus ar bruach Locha Derdeirgertaigh do
ghabhadur fos-longphort. As í sin uair agus aimsir
ráinic do Conán bainuis d'ullmughadh agus do chuir
a bhain-eachlach .i. Duibhtireach co Teamhair
Luachhra mur a raibhe Fiond agus maithe na féine
dá rádh riú theacht do dhéanamh na bainnsi agus a
briathur do chomhall. Adubhairt Fionn co gcoimheóladh
a gheallamhuin do Conán agus co rachadh do


L. 50


dhéanamh na bainnsi agus do chaitheamh na fleidhe
gan fuireach, agus adubhairt ré Duibhthirigh glúasacht
roimhe 'sa tshlighe agus co leanfadh féin gan mhailis
í. Do imidh an bhain-eachlach roimpi agus as í slighi
(do) ghabh sí láimh re Loch nDergertaigh; agus do
choncadur Tuatha D. D. uathaibh í agus táinic drong
mór acú 'na cuinne ann sin a ttiomchioll Fháilfeadha
Bhic mic Find, agus do fhiafraigdur dí cá raibhe sí.
Adubairt sisi co raibh sí a tTeamhair Lúachra mur
a raibhe Fiond agus maithe fhian Éireann 'na fharradh.
"Cá líon atáid ann sin?" ar Fáilfeadha. "Atáid
deich céad ann" ar in bhain-eachlach. "Cá conair
nó slighi ina ngéabhuid?" ar Fáilfeadha. "Go
teach Conáin" ar in bhain-eachlach. Arna chlos
sin d'Fálfeadha, do nocht a lann agus tuc buille don
bhain-eachlaigh fá chaol a droma, co ndearna dá
n-ordain dí, agus do thairing í 'san abhainn bhí rena
thaobh ar eagla go bhfaicfeadh Fionn nó fiana
Eireann í ar in tshlighe; gurab Dubhthireach ainm
na habann ó sin i leith.



Iomthúsa na féine imorro, tángadur 'sa
tshlighi a ndiaigh na bain-eachlaighe mur do
ghealladur, agus is bec do uhí a bhfarradh Fhind ionsna
deich céadaibh sin do uhí 'na fharradh uile acht
Goll agus Clanna Morna uile, lamuidh d'Fhionn féin
agus do Chaoilte agus do Mac Reithe agus d'Eochaidh mac
Luighdheach ó Loch Léin agus do Dhoilbhscoinde
(mac) Oisín do uhí ina mhacaomh óg anarrsaidh
éagciallaidhe. Tarla ann sin caoinius coimhráidh
eidir Fionn agus Goll, agus as eadh adubairt Fionn: "Ní
dheachus ar banuis nó ar cuireadh ariamh fár mhó
mh'eagla iná so." "Cad uime sin?" ar Goll. "Ae
eagla Tuath D. D." ar Fionn, "úair atá a bhfiodhair
agus a bhfáistine dhóibh ionnsaighe bruighne do thaphairt


L. 51


orum-sa agus urmór mo muintire do mharbadh, agus ní
dócha liom úair dá ttiocfaidh an tairngire sin asteach
iná anois." "Gabhuim-si orum h'anacul ar
Thuathaibh D.D." ar Goll "an fad bhíos tú a ttigh
Conáin." Agus tucadur cucu Mac Reithe agus do
uhádur ag iarraidh fáistine air; agus nír maith le Mac
Reithe fáistine d'iarraidh air acht gé do bhí sí aige,
uair dob eagail leis dá n-inniseadh dhóibh gach olc
dá raibhe a ndán dóibh, co ccuirfidhe mur ghealtacht
nó mur mí-laochacht air é; agus adhbhur ele, mur do
uhí mionna ar Fhionn fána theacht do dhéanamh
na bainnsi sin inghine Conáin agus nach ccuirfeadh
(sé) féin rena fáistine tríd mhionnuibh é; agus ar gach
adhbur dhíobh sin ní dearna fáistine dhóibh. Agus
do ghluaisidur rompu co teach Conáin; agus do éirghe
Conán agus a mhuintir agus a bhainchéile agus a inghean agus
do fearadur fíor-chaoin fáilte riú uile, agus do chuadur
don dúnadh agus do heagradh na sluaigh uile 'san dúnadh
álainn deagh-maiseach sin Conáin .i. do cuireadh
Fionn a leath-ursainn in tighe agus do cuireadh Findearb
inghean Conáin ar ghualainn dó agus Goll ar ghualainn
eile dó, agus do cuireadh gach duine ina ionadh cinti
coimhaoisi ó sin amach do réir a n-uaisle agus a n-athardhacht;
agus do uhídur ag aoibhnius agus ag urgáirdiughadh
meanman agus aigeanta.



Iomthúsa Tuath D. D. imorro, do cuireadur
an fé fia umpadh féin ar ghléss nach bhfaicfidhi
iad agus do ghluaisidur rompu 'na sé ceadaibh déag
armtha éidigh the inilti sin, agus ní scur nó anadh dorónadh
leó co rángadur faichthe dúnaidh agus dheagh-bhaile
Conáin ina n-éan-bróin dhorcha doiléir draoidhachta,
gan robadh gan rathughadh; agus ar fhosughadh
dhóibh ar in bhfaichthe adubhradur gur bec an
tarbha dhóibh theacht ann sin agus neart láimhe Goill


L. 52


ina n-aghaidh ag anacul Find forra. Is ann sin do
labhair bain-eachlach Fhindbar .i. Eithne bain-eachlach
agus adubairt: "Cealgfad-sa Fiond
chugaibh as in mbruighin amach gan mhothughadh
d'áonn-duine dhá bfuil inte agus déanaidh féin
meisneach fair." Agus is cuma ro uhoí dhá rádha
agus do gluais roimpe chum an dúnaidh agus do chuaidh ós
comhair Find don taobh amuidh agus do fhiafraigh co
hárd: "Cia atá 'sa dúnadh so thall?" ar sise.
"Atáim-se" ar Fionn "ann," 'gá freagra; uair
do chuir sí tré draoidhachta buidhre ar a raibhe
astigh nach gcuala aonn-duine í acht Fionn. "Más
eadh" ar in uain-eachlach, "geassa nach fuilngit
fíor-laoich fort muna ttí tú do labhra friom-sa
amach as an mbruighin." Arna chloss sin d'Fionn,
do ghlac a arm agus táinic amach ar in bhfaichthe, agus
nír airigh duine dá raibhe astigh é acht Caoilte 'na
aonur agus do lean sé Fionn amach; agus fuaradur an
bhain-eachlach ar (a) gcionn amuidh agus as eadh
adubairt friu: "Geassa nach fuilngit fíor-laoich
ort, a Fhind agus a Chaoilte, muna ndéana sibh coimhling
friom-sa." "Cá fhada an coimhling?" ar Fionn.
"Ó Dhoire Dhá Thorc anoir" ar in uain-eachlach.
Do gluaisidur, gérbh fada sin uadha, agus co hÁth
Leathan, agus do chuaidh Fionn rimpi ann sin agus do bhí
Caoilte 'na dhiaigh, agus déachus Fionn 'na dhiaigh agus
do chonairc Caoilte 'na diaigh agus do greis é agus adubairt
gur mór an náire dhó a bheith a ndiaigh na bain-eachlaighe
agus in tuaruscbáil reatha do bhí air ag
fearuibh Érenn. Ar cclos greasacht Fhinn do Chaoilte,
tuc teanda air agus do chuaidh rimpi ag dol dóib co
Doire an tshean-leóin, agus tillis fria agus tuc buille ina
hucht dhí agus do mharbh í agus do bhain a ceand dí. Do
chuala Fionn tairm in bhuille agus féachus 'na dhiaigh
agus do chonairc í gan ceand. "Beannacht ar in láimh


L. 53


sin; cidh mór buille maith tucuis ariamh, ní thucuis
ariamh buille is fearr liom do thabairt dhuit iná
in buille sin."



Iomthúsa Tuath D. D., ar mbreith Find
uathaibh don uhaineachlaigh ón dúnadh, do leigidur
ealta d'énuibh dubha fón dúnadh agus guib theineadh
forro, gur luigheadur ar ochtaibh agus ar urbruindaibh
ban agus fear, co rabhadur 'gá ndóth agus dá loscadh agus
'gá leadradh, gur theitheadur mná agus mionn-dáoine
an dúnaidh as amach agus (gur) theith bean Chonáin
mur gach nduine .i. Caoineach, agus gur báitheadh
í 'san aphuin leath thíos don tigh, gurab Eas
Caoineach ainm na haphan ó sin a leith; agus ar leigion
na healtan uathaibh do Thuathaibh D. D. cum an
dúnaidh do loscadh agus (do) dhógh a raibhe ann,
do leigidur féin 'na ngaisibh gáibhteacha gér-luatha
glan-reatha iat ón dúnadh agus in fé fía umpa a ndiaigh
Find agus Chaoilte agus na bain-eachlaighe; agus ní mór
an fosadh dorinne Fionn agus Caoilte ag leigion a n-anála
an uair do choncadur Tuatha D. D. cucu ina mbróin
armtha éidighthe innilti agus do chuiredur in fé fía
dhíobh. Is ann sin do laphair Caoilte agus as eadh
adubhairt: "A rí fhéine" ar sé, "tarla ar lár ar
námhat sinn; agus déanam calmacht agus ná fionntar ar
mí-laoichacht." "Ní fionnfaidhtear" ar Fionn,
"agus nír fionnadh ariamh, agus ní furáil dúinn; is fada
furtacht uainn."



Is ann sin do iadhadur Tuatha D. D.
iomut curadh agus cath-mhíle a ttimchioll Fhinn agus
Caoilte, gur chuir Fionn agus Caoilte a dhá ndroim
re chéle dá ccumhdach féin; agus gur luidh iomarcaidh
na ccuradh agus na ccath-mhíleadh orra fá deireadh,
gur ghéis sciath Fhinn agus co ttuc Fionn féin osnadh


L. 54


éagoimhlinn ós aird, co gcuala Goll sin, agus as eadh
adubairt: "Is truagh sin" ar sé; "do ghoididur
Tuatha D. D. Fionn uaim gan fhios damh, agus as é
a osnadh éagoimhlinn sin do chluinim agus é 'gá
mharbadh ag Tuathaibh D. D., agus go rabhadur sé
céad déag armtha eidighthe ar in tshlighi romhuinn
agus is iad do chuir an ealta-sa agus guib theineadh orro
chugainn da ar ndógh agus dar loscadh ar tí faill
d'fagháil ar Fhiond; agus gabaidh bur n-arma, a
chlanna Mórna, óir is bec atá don fhéin annso aniudh
acht sibh; agus ná fionnuim bur bhfhuruaacht ná
bur miscuis a ttimchioll Fhind aniu; agus cathaidhe
co calma láidir ré Thuathaibh D. D. a ttimchioll
Fhinn má tá a ndán díbh tuitim ann"; agus dorinne
an láoi:




Gabaidh bur n-arma, a fhiana Find,
ionsuigh an t-ágh gan éislinn,
fearuidh an cath, clú nach gann,
a n-aghaidh Tuath Dé Danann.



Sé céad déag dóibh isin muigh,
deich céad dhúinni 'san mbruighin;
gidh deich deich céad beithdis ann,
dhúinne ní badh hanforlann.



Éirghidh dhúinn chum an chatha,
a chlann-macne an árd-flatha;
déantur gníomha tréana libh,
bur n-arma géara gabaidh.




Ciodh trá acht, do éirghe Goll ina
cholamhain lasamhain agus ina bhuinne teintighe agus
ina dham dhásachtach agus na deich céad do bhí ann
fhían maille fris; agus do éirghe Conann agus sé céad laoch


L. 55


maille fris; agus ro gabhadur a sciatha móra mílita
dath-niamhdha ar dromanuibh deagh-laoch agus ro
gabhadur a sleagh slinn-géara sith-righne sith-fhoda
re guaillaibh na gasraidhe agus ro gabhadur a ccloidhme
tana taithneamhacha faobur-géara dias-fhoda for
thaobhuibh curadh agus cath-mhíleadh, agus dorinnedur
léiphion dhlúith daingeann doscaoilte dá sciathaibh
ina ttimchioll; agus rucadur in cathréim curaidh
coscrach comhchalma sin leó co ráncadur Tuatha D. D.
Is ann sin tucadur in dá shochraidi dhiana dásachtacha
dofreastail sin a n-aghaidh ar a cheile agus fá
hadhbail re innisin an torann tucsat dá chéile ann sin
ag cur a ccraoiseach cró-fairsing catha a sciathaibh
a chéile agus ag búaladh a ccolg tuinidhe lán-trom ar
chorpaibh agus ar cathbharthachuibh agus ar sciathaibh
a chéile agus coigedal na lann bhfada bhfiorga dá
mbualadh a n-aghaidh a chéle.



Cidh trá acht, ód' chonairc Goll an cró catha
dorionsat Tuatha D. D. a ttimchioll Find agus Caoilte,
do ionnsaigh féin go laochdha láidir lán-chalma in
láthair sin; agus as í uair agus aimsir fá raibhe Fionn dá
chlaoi ansa ccomhlann, agus dobeireadh Fiondbar dhá
buille fán mbuille agus dá sháthadh fán tsháthadh
d'Fhionn; agus ar ndol do Gholl do láthair, do chuaidh
eidir Fionnbar agus Fionn; agus nír chobhair gan fheidm
d'Fionn an chophair sin tuc Goll dó an úair sin, óir
nírbh fada dó bheith 'na bheathaidh muna mbadh
Goll. Is ann sin tharla Fionn agus Eochaidh mac
Luighdheach dá chéile 'sa chath agus do thuarcnedur
a chéile co tréanmhar tinnasneach agus co grod gábhtach
gráineamail agus co mear mearrdha míchéilidh, go ttuc
Fionn béim cloidhimh d'Eochaidh gur sgar a cheann
rena chodhlainn. Agus adorchuir Eochaidh Dearg
re Dolbhscoine mac Oisín, agus attorchuir Aodh Eassa
Ruaidh le Garadh Glúndub, agus attorchuir in dá Dhonn


L. 56


le Mac Reithe agus le Dáire, agus attorchuir na trí Cuinn
le Conán mac Mórna, agus attourchuir in dá Cairpri
le Conán agus le Cairpri mac Conáin, agus attorchuir
Fáilfeadha mac Domhnaill Deirg le Dubchosach
mac Méine. Ciodh trá acht, ní héidir gníomhartha
gacha fir fá leith d'innisin 'sa chath. Gidh eadh,
is bec má tucadh a nÉirinn ariamh uiread catha
(agus gan mórán toichiostail do dhéanamh cuige)
is fearr tucadh iná in cath sin; uair do chuadur
fiana Éireann deich céad ann agus Tuatha D. D. sé céad
déag agus Conán sé céad, agus ní dheachaidh dhíobh sin
uile acht madh aon chéad cruaidh agus íad cneadhach
easbadhach cró-linteach.



Iomthúsa Oisín mic Find, innistur sunn
seal eile. Leanus féin agus clanna Baoiscne Fionn co
teach Conáin agus ní fhuaradur ann acht daoiscirshluagh
in dúnaidh, agus do innisidur scéala Fhind agus Conáin
agus Tuath D. D. d'Oisín agus don fhéin. Arna chlos sin
imorro d'Oisín agus do chlannaibh Baoiscne, gluaisit
rompu ina mbuidhnibh borba barbartha buan-óglacha
agus ina ccuradhaibh calma comhchóridhe agus
ina gceithearnaib cliste crand-ruadha go rabhadur
ag dol a láthair chatha. Iomthúsa Tuath D. D.,
ódchoncadur Oisín agus clanna Baoiscne chucu agus a
mbratacha maiseacha maoith-sróil re cranduibh
na sleagh sioth-fhada sár-reamur agus a sciatha dualacha
dath-áille deagh-mhaiseacha ar leath-lámhuibh curaidh
agus cathmhíleadh agus a ccindbearta solusda dath-órrdha
ar cheanduibh triath agus tréanfear, do ghabadur
in fé fía umpu agus do ghabhadur maidhm agus mór-theitheadh
chucu ionnus nár léar don fhéin iat is
nach fhios acú cár gabhadur uathaibh; agus nír
leig Fionn dóibh a leanamhuin as a mball amach.



Is ann sin do thuit Fionn a ttaisibh agus a ttámh-nélluibh


L. 57


agus táinic Oissín agus in fhian ós a chionn. "Is
truagh nach rucamur-ne oruibh gan an cath do
taphairt" ar Oissín, "agus dá mbearmaois, ní imeóchadh
an mhéid a d'imigh do Thuathaibh D. D. uaibh, a
rí-fhéinidh," ar Oissín, "agus is mór in t-ár deagh-dhaoine
sin tucadh oruibh; agus dobheirim dom'
bhréithir co saoilfinn, gé mór do shluaguibh agus do
sochuidhibh biadh ionn bur n-aghaidh, nach tuitfeadh
an uiread-sa aguib leó." "Ní hiongnadh tusa dá
rádha sin" ar Conán; "is mór mo dhíth féin insa
cath-sa, óir tángus-sa sé céad laoch ann agus ní bfuil
aonn-duine 'na bheathaidh acu acht becán atá
ionnam féin."



Agus do hiomchradh Fionn agus Conán dá ndúnaibh
agus dá ndeadh-bhailtibh féin agus tucadh leagha na
féine cucu agus do uhádur caoicís ar mhíos dá leighios;
agus ar n-éirge dhóibh, do uhádur ag éagaoine a
muintire; agus as gairat gurab amhlaidh sin do scar
Fionn agus fiana Éireann re bruighin Conáin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services