Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabhar Branach
Title
Leabhar Branach
Compiler/Editor
Mac Airt, Seán
Composition Date
1594
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1944)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AONGHUS DUBH Ó DÁLAIGH CC. Scél tásgmhar do ráinig fá chríochaibh Fáil dá ttáinig lántuile a nGaoidhiltigh Cláir do chloinn áird áithiosaigh Mhíleadh Easpáin. Toisg áirmhioch ar lár an laoi ghil bháin tug gárda láidir mhic Aoidh mhic Seaáin do chuir ár ar bhárda an aolchaisleáin. 'S báidh liom nár fágbhadh neach d'fhuidheall an áir gan chnáimhghearradh a bhfán an mhaolchnuic áird acht an bhráighe atá fá dhaoirsi a láimh. Ón lá sin bú láidir Gaoidhil go bráth, 's ní náir liom mar táid na laoich sin slán d'éis an áir gan chneádhuibh a gcaoinios sleágh. 'S ní bás do shliocht Seaáin mhic Aoidh go bráth amárach dá bhfághaid a n-aoinfheacht bás d'éis áthuis láinmhir an laoi so amháin. So an ghárda do bhí an lá so ag sraoineadh an áir d'fhuil Rághnuill nár ghrádhuigh síoth do ghnáth 's nár chuir lá ná cáirde am dhíol ar dháimh. Táin státmhar árrachta míleadh mBreágh nár ghabh scáth ré ndá urad buidhne ar áth 's leis nár ghnáthach sámhchodladh oidhche d'fhagháil. Do-ní lá do lár na hoidhche dháibh gárlasair smálghairthe críche a námhad. Is iomdha Spáineach scáithgheal dírioch leábhar is feilm bháinghreanta ar ádhbhar laoich ar áird, scéith áille táite le clí dheasláin, is lámh láidir fhágus le píosa práis. Ceann an bhárda ar sgáth an spíce ar lár a ndiaidh sháirmhic áirmhigh Aoidh mhic Seaáin, lámh láidir mhic Sáidhbhe as dídion dáibh. 'S dá ttráchtuinn a ndeárna ó a aois go bás d'áithios mhic Sáidhbhe scríobhtha a bpár, budh mé an fáidh dob fheárr fios a gcríochuibh Fáil. S.G.É.L.
Do-chluinim mar do-chluin cách scél chuirfios a lán a ttrén; ciodh gearr ó a-né gus a-niugh 's fada ráinig fios na scél.
DOMHNALL MAC EOCHADHA CC. Mairg do-chonnairc ceann Fiachaidh do dhíoth an fhéil óirsciathaigh; bheith d'easbuidh a chuirp dá cheann do dheasguibh uilc na hÉireann. Mairg mairg do-chonnairc a chorp ar díoth chinn mar do-chonnarc! dob fhearr dall an rosc roimhe, cosc ní ham dom eólchoire. Mairg riamh ar a raibhe an chos rug mé san áit ar fhéachos mo sciath a ttráth a thurbhuidh a nÁth Cliath 'na cheathrumhnaibh. Mairg do osguil an abhra tug orm an ceann cathardha, an lúdh gan anam d'fhaiscin, nó an chalann úr ordhairc-sin. Mairg 'gá raibh an chluas ré a gclas scél a bháis an t-am fhuaras; do bheadhg am chliabh mo chroidhe, 's do shearg ciall ar gcollai-ne.
Mairg do bhraith, gi-bé as cionntach, mac Aodha, an triath toirbhiortach; fearg Dé ar an tí lé a ttorchuir an té budh rí ar Raghnallchaibh. Mairg tuaith is creachadh cille toisg cinn mheic meic Duirinne go cúirt roighil suairc Sasan; doiligh a chuairt chuca-san. Mairg nách faghann mar a bhfuil, cóir gaoithe agus uain arthruigh do-bhéaradh sinn go Sagsuibh d'fhéghadh chinn an churadh-sain. Mairg tarla mur do tharla ord fileadh fóid fionnBhanbha fá theann eachtrann 'na easbhuidh, an ceann dearcmhall déidgheal-soin. Mairg dá fhine do fhuirigh beó dá éis dá fhiafraighidh, cia bhus díon dún 'na dheaghuidh do shíol a ghlún ngeinealaigh. Mairg oile dá n-uair misi, ní hé as crádh don chroidhi-si, crádh damh-sa mar gach nduine 's dá lán m'annsa is m'ionmhuine. Mairg as mó dhúinne ná díoth ceann Fiachaidh nár ob eissíoth, cliath fhasgaidh na ndruadh ag dul a n-asgoidh lé sluagh Sacsan.
Mairg dhíbh nách n-aghann ar-ís do neamhthoil Ghall 's an ghiúisdís, ní sia a chalann, dámadh cead ó Dhia a anam ar aiseag. A ndíol a bhfríoth lé Fiachaidh d'fhuasgladh giall ó Ghailltriathoibh fríoth bráighe ghill lé Galluibh; scáile a chinn do-chonncamair. M.A.I.R.G.
AONGHAS Ó DÁLAIGH CC. A cholann do-chím gan cheann, sibh d'fhaiscin do shearg mo bhríogh rannta ar sparraibh a nÁth Cliath; d'éigsi Banbha bhias a dhíoth. Tú an cholann do-chonnairc sionn ós cionn mórshluagh ad mhionn shúl; gé taoi a n-ainriocht nuaidhe a-niogh, dob áirmhioch do chion ar tús. A chuirp oirdheirc dob fhearr clú, ód-chonnarc thú ad cheithre chuid, ní bhia an croidhe cédna am chliabh 's ní bu cuimhnioch ciall mo chuirp. Tú do dhall radhorc mo rosc, rug luadhaill mo chos ar gcúl; a cholann do chlaoi mo thrén, ní chuala riamh éacht mar thú.
Cia fhóirfios easbhuidh na mbocht, nó cia bhronnfas crodh ar chléir? a cholann ó taoir gan cheann, ní marthain dob fhearr tar h'éis. Cia ar a n-iarrfuid draoithe duas? cia ó a bhfuighid cuairt do shíor? ó taoi, a cholann, gan bheith beó, cia chinneóchus ceól ná fíon? Ceathra boill brisde na ruag do-chonnarc uaim a nÁth Cliath, dá gcomhroinn ar cheithre spairr tug mo chroidhe fá dhall chiach. Na boill-sin do bheith gan cheann tug críoch Laighion na learg n-úr gan riar deóradh, gan cheól crot, gan luadh comhlann, gan chor clú. Mairg do-chí césadh na mball lér ghnáth bronnadh arm is each, dá bpianadh ag gaillsin ghéir; mairg tárruidh a ré do theacht. Scél fá mbíd curaidh ag caoi, boill lúthmhara an laoich ón Ghleann roinnte ar sparra chruaidhbheann chlach d'éis claochluighthe a ndath 's a ndealbh. Scaoiltioch ortha ó thír go tír, laoich coigcríoch do-chínn ad dhún; scaoiltioch bantrocht, scaoiltioch scol, is diombáidh liom a gcor súd.
Uch a chinn chnuaisge na gcreach ó thír námhad lé neart sluaigh, nách tarla a fhiú d'onóir ort do cholann do chor a n-uaigh! Sul do-chonnorc féin do mharbh, a mhic Aodha na n-arm nocht, truagh mar tharla croidhe am chlí, nó nách dall do bhí mo rosc! Far-íor ní fhaicfiom go bráth an troigh lúthmhar ná an lámh gheal, is ní fhaicfeam choidhche an ceann dob fhearr cuma, dealbh is dreach. A.C.L.
DONNCHADH MAC DOMHNUILL MIC EOCHADHA CC. Cia anois fheithmhios d'iath Laighion d'éis an fhir nár sáruigheadh? lámh fhial dob éinneirt oirbheart riamh ar eimeirt uasailbheart. Iath Laighean, d'fhínné gach fhir, go lá a fhaghála a n-aisgidh do budh teann Fiacha ar gach fear fá cheann an iatha d'fheitheamh. Ar smacht, ar iomchar aoigheadh, scél as cóir do chommaoidheamh, beith mar do bhiadh dá maireadh gan a bhreith d'fhiadh fhionnLaighion.
Ar chuimhne ó do-chualaidh mé cách ag coimhreic an sceóil-si, scél doiligh oile ní fhuil am chroidhe acht oidhidh Fhiachaidh. Ó Raghnallchaibh na ruag mear do bhí uaim ar iath Laighean; do scaoil uaim an iatha ó shin Fiacha ar an uair fár imthigh. Uatha ó do-chuaidh a gceann sídh, fian Laighion lán do neimbrígh; 'na dheóidh is dearbh nach deachaidh sealbh an leóin ó Laighneachaibh. Do budh mór a luadh ré a linn, mac Aodha dob ard intinn; truagh gan acht táir ó thorchair do luadh ráidh ar Raghnallchaibh. Fear iomchair a theaghlaigh thruim nó gur thuit gan chur gcomhluinn; scol níor sháruigh 's níor chailg cill, is mairg thárraidh a thuitim. Truagh an lá-soin luaitear linn 'nar dheónaigh Dia do thuitim; go hécht Domhnuigh do rádh ribh do chládh d'fhoghlaidh níorbh fhéidir. Ní mhairionn duine ar domhan acht Dia dhuit dá dheónoghadh do shaoil gan eadráin oraibh teagmháil daoibh re Danoraibh.
d'fhearoibh Laighion na learg réidh ó fuaras t'oidhidh d'oilbhéim, guth an bhróin a mbeól gach fir, gan óidh ar cheól dá gcluintir. Sgaoiltioch orra ó ar-oile a-nois ó taoi, a Fhiacha, 'na n-égmois, fád bhrataigh ag gníomh a ngreagh a mbíodh do mhacaibh Míleadh. A gcrích Midhe na múr ngeal lór sáirfheadhna cúig gcóigeadh, a dhóigh shéd shíl na bhfileadh, a mhéd tríbh do tuirsigheadh. Bás mheic Aodha an aignidh ghloin, guais go mbia an uair-si an fhiodhbhaidh a bhfad a bhfás gan eatha ón bhás do lag Laighneacha. Tré bhás Fhiachaidh mheic Aodha dóibh dob fhearr a iomthaobha dlighid mílidhe Craoi Chuinn caoi mar ríghfhine Raghnuill. Truagh nách tarla sul torchair, bu díon d'ógbhuidh armghlonnaigh, fál ordhairc a n-eagar ghliadh am dhreagan gormghuirt Ghailian. Ón lá do thuit, truagh an cor, do-chím lé cách go rugadh, a mbeach eóil ós dá iomluadh, breath leóin ar an Laighionshluagh.
Fás na bhfíonshlat fútha sin is tuirsi an laochshluaigh Laighnigh, is tuirsi scol Iatha Airt Fiacha do dhol gan díoghoilt. Bíodh mo shlán bheith rém beathaidh, 's as sé sin do Laighneachuibh, tú fúinn ar ttocht mar thuile gan m'úidh ort, a eólchuire. Tar gach aoinfhear dá aos gráidh dá ghualainn anba an anáir go hoidhidh cinn na gcuradh fa doiligh inn d'athrughadh. Baile na Corra do-chím, ní beag é d'adhbhar imshnímh, do león gur líon an baile a mbíodh ceól a gcomhnaidhe. Ceann an oighre-sin Aodha riamh nár mheabhruigh míothaoma, ceann gan toil d'fhionghoil ná d'fheall tar mhoir ó fhionnmhoigh Éireann. An ceann do cuireadh tar muir misde sibh, a chlann Criomhthuin; lé feall uaibh-si níorbh ionchuir, ceann dob uaisle d'Éirionnchuibh. Ceann budh cosmhuil ris in gceann níor cuireadh ó iath Éireann; ceann do scoil badh teann ttabhaigh, ón Ghleann soir go Sagsonoibh. C.I.A.
FEARGHAL MHAC LUGHAIDH. Do-chím gach fear acht Fiacha eidir uaisle is airdtriatha, 's daoine gan bhéim ar a mbloidh 's a ndraoidhe féin 'na bhfochoir. Do-chím a theaghlach tromdha 's a ghaol 's a lucht leanamhna, 's ní fhaicim céile na gcliar dá bhfaicinn gléire Ghailian. Do-chím ollamhuin fhóid Breagh, do-chím cliara na gcóigeadh, feadh comhóil in gach caithir fá onóir 'gá n-ardfhlaithibh. A lucht do-chí nó do-chluin, an truagh libh draoithe an domhain fá threisi 'gá ttriathaibh féin 's meisi gan Fhiachaidh ainnséin? Nó an truagh libh, a lucht comtha, do dhíoth cinn mo chobhartha a mbí do thár oirn d'éigin 's moirn 'ga lán dom leithéidibh? Nó an truagh libh mo dhán gan díol 's mo chion ag dul a ndimbríogh? d'éis an tseisi ór slonnadh sinn meisi an t-ollamh gan uirrim.
Ionann bhraithim go nua a-nois an té as treise ó taoi am égmhuis, is an tí as éidtreise iocht ar tí m'éignei-si a n-aoinfhiocht. Ní sheachnann sluagh dá mhéad mé, guais leam gach lucht dá loige; am chádhos do-chuaidh caithiomh, tárras uair nách íocfaithear. Créd an diamhair-si ar ndul air? nó an truagh nách faicim Fiachaidh? ós é do fhédfadh m'fhurtacht is do fhégfadh m'anocracht. Ní fhaicim é lé treimhsi, a chomhrádh ní chluineim-si, a-muigh ar tolaigh ná as-toigh; cá conair a bhfuil Fiachaidh? Créd nach faicim flaith Laighion a measg druadh ná deóraidheadh, ag deaghthuar teasd ná troimneirt a measg creachshluagh gcreachoirdheirc? Ná a measg bandál ná brughadh, ná mac ríogh ná ríoghcuradh ag buain teasd a ndoibheart díobh, a measg oireacht ná uirríogh? Smacht flatha ré feadh síodha, glés airm lé hucht móirghníomha, uch nách cluinim far-íor uaidh gníomh dá gcluininn an chéduair!
Créd nách cluinim mar do chleacht Fiacha ag geimhleadh giall n-oirdhearc, ná a ttús coinneadh crú deaghBhroin ag toilleamh clú a gcaithbhearnain? Ag sreathadh con ar chionn sealg, ag deilbh chean ná ag cosg díbhearg, ag cosg doirre sgol gan scíoth, ná ag dol a gcoinne coigcríoch? Do bhíodh againn, gach aoinfhear do lucht dénta duanlaoidheadh, luagh ar a nós a-nallain; truagh nách 'na thós tárramair. A chomairce 's a chosnamh, a thionnlagadh tarbhach-san, a rún 's a chomhrádh ré chois, a roghrádh dún 's a dhíoghruis. Ionann fa m'fhachain scíthe a chomthaigh 's a choigcríche, 's a mair don laochruidh Laighnigh, a chaomhthaigh 's a chomhairligh. A mbí ag éagnach dá aithle eidir chairde is chomhaighthe, damh féin as foide leam-sa féil broide na mbuidhean-sa. Beag an chúis lúthghára leam gach lá féile dá bhfaiceam; mór bhflaith 's gan eision orra, sgaith ar seiseadh saoghalda.
Ní mó as cúis lúthghára leam ól fleadh ná imirt fhithcheall, ná rith deighfheadhach sadh seang a ndeidheanach damh ndíleann. Beag thógbhuid ceó dom chroidhe, gníomh each ná lúth laochruidhe ar maghucht ná ar maoilinn ghloin, ná amharc aoibhinn aonaigh. Ar cheól, ar laoidh ná ar leabhar ní fhuil m'aire ag oibriughadh, ar ghroigh mhuirnigh ná ar cuan con, ar fuighlibh suadh ná seanchadh. Gan fhaigsin Fhiacha ní fhuil séd dá áille ar druim domhain, ceól sídh ná seanchos feasa, bheanfas dínn an doilgheas-sa. Ní fhéduim, an uair do-chím, gan chor gach ní a neimbrígh; grádh a n-aoigheadh ós gach fhear, gach aoinfhear slán acht seisean. Truagh nách cluin mo chuid cridhe mur táim lé headh n-aimsire, d'éis loighe dom aigneadh air gan chaidreamh oile d'iarraidh. d'iath Laighion as dúthchus damh, dó san chaill-sin do-chuamar, lé neach dhíbh níor threabh mo thoil; do-chím gach fear acht Fiachaidh. D.O.C.H.Í.M.
FEARGHAL ÓG MHAC EOCHADHA CC. Mairg atá tar éis Fhiacha gan airighidh éintriatha, 's nach áil le triath oile inn ón iath go ar-oile d'Éirinn. Mairg agá bhfuil a ndán dó triath d'iarraidh tar éis Fhiacha; ní fhoil san tail acht taidhbhse, mo thoil air dá n-aghainn-si. Giodh mairg a-tá mar táim féin, ní mé a-mháin dá mbean oilbhéim; neach mar táim uadh is iomdha, truagh mar táim gan tighiorna. Mairg 'gá raibh a ró muirne a gcogar 's a gcomhairle, sgath a rún, a ghrádh 's a ghean, 's a lán ag tnúdh 'na thimcheal. Mairg do chleacht a chaidreamh séimh 's a bhronnadh ríoghdha roiréidh 's a ghnúis donnbhán mhaordha mhear 's a chomhrádh aobhdha áilghean. Mairg as beó a ndiaidh ar ndeadhla, m'fhear tobhaigh, mo thighearna, m'fhear toighe, mo ghaol, mo ghrádh, mo laogh croidhe, mo chompán.
Mairg mhairios gan mhac Aodha, neach tar m'éis ní hiontaobha, fear ónár bhuan séd ar sliocht, truagh gan ar n-ég a n-aoinfhiocht. Truagh mar táim tar éis Fhiacha, mairg bhíos ar díoth deighthriatha, 's mé fá thrén Gaoidhiol is Gall 's gan trén ar aoinfhior agam. Mairg do chuidigh choidhche a ghoin, misde Gaoidhil goin Fhiachaidh; mar tá a mhairg, a Dhé, dhamh, a mhairg don té lér tionnsgnadh. Más d'fhuath croidhe nó a gcruth fill, mairg dá ttáinig a thuitim, ceann an chaomhchuire ó Bhóinn Bhreagh, ceann slóigh laochraidhe Laighean. Mo romhairg fuair mar fuair mé d'éis Fhiacha is adhbhar truaighe, sé 'na aonar go Dia ar ndol saoghal budh shia ná a shaoghal. Mairg, a Dhé, nár dhídean damh ceann na ndámh is na ndeóradh, ceann gan locht, ceann na gcuradh, ceann na mbocht do bheathughadh. Dob é fear coimhéda ar gcruidh, mairg as beó tar éis Fhiachaidh, 's mé gan aonduine dá éis 'na aoghaire agam airnéis.
Gidh iomdha mairg roimhe riamh fuaras do ghasraidh Ghailian, bás an té nár airg ollamh, mairg mar é ní fhuaramar. M.A.I.R.G.
AG SO DUANAIRE FHEIDHLIM MHIC FHIACHAIDH MHIC AODHA EOCHAIDH Ó HEÓGHASA CC. Ionmhuin teach ré ttugus cúl, fionnbhrugh luchtmhar na lios mbán, múr síodhfhoirfe sliombláith saor, fionnráith chaomh líodhoilfe lán. Ionmhuin míntreabh ágbhláith oll, a fágbháil ba fírleasc leam; do bháith a snímhimneadh sionn, ráith fhionn na sídhinghean seang. Ionmhoin meadhair a mac ríogh, ionmhoin tlacht a heasdadh n-úr, ionmhoin reabhradh a con gcaomh 's a scor saor leannghlan ar lúdh. Ionmhuin snuadh bláithgheal a brat 's a sluagh 'na ngnáithbheartaibh gleac, séis neamhdhuidhe caoine a crot 's faoidhe a stoc mbeannbhuidhe mbreac.
Ionmhuin sreath dáileamh an dúin nách ráiteach ré headh an óil, 's fuighle a hógbhan snuaidhgheal sídh do thógbhadh dínn buaidhreadh bróin. Ionmhoin a heasrán 's a haobh, 's is ionmhoin seasdán a sluagh, is mearghraifne a ngreagh dá ngníomh, sníomh a sleagh reannghairthe ruadh. Is amharc a hasnadh ndlúth is radharc a gasradh ngnáth, silleadh a coilgshleagh 's a cuach, rinneadh a bruach mboirdgheal mbláth. Díogha turuis tarla liom, anmhoin a nUltaibh dob fhearr; dul go port na saorchlár sliom olc liom is claochládh am cheann. Iosdadh niamhghlan Cairrge an Chróigh nách iatar le haidhbhle sluaigh, Traoi Laighion an síodhmhúr séimh, díobhdhúdh dom chéill m'aigheadh uaidh. A ttarla do radharc riom is amharc marbhthach rom-mheall; muna síoth a saoirlios sliom, ní fríoth liom aoibhnios dob fhearr. Treabh asnabhláith go ngné ngloin, an é teach Manannáin mhir, nó an síoth fár fhear Fionnbharr fuil, nó an teagh 'nar shuidh Sioghmhall sin?
Nó an é teach Ábhartaigh d'fhoirm an bláthbhrugh-soin nách beag gairm, nó síoth líonmhar braitgheal Boidhbh, aitreabh Doilbh nó síodhbhrugh Sainbh? Nó an é do scar Aonghus Óg ré hEalcmhar nárbh aobhdha rúd? múr griandoilfe fán gnáth éd, nó an scáth brég siabhairthe súd? Nó an é Nás, róbhrugh na ríogh, inar ghnáth an ógbhadh fhial, nó lios Carman na gcladh n-úr, an múr glan fá ngabhladh grian? Iosdadh slaitgheal Cairrge an Chróigh, aitreabh as daingne acht ar dháimh, múr na ttreabh saoghalta sídh, aonshompla sídh is cean cáigh. Iomdha dream ag conchlann cleas, is fothrom arm slios re slios, is cuach lán mbeannbhuidhe mbras, 's sgeamhghuire ghlas lámh san lios. Treabh lonnrach na laochradh n-óg, mo-chean snaidhm na n-aolchloch úd, garrdha caomhanta um chath nGrég, scath na séad saoghalta súd. Ó chlachaibh ceangail gach cuaigh 's ó lasruibh a heirreadh n-óir is fatha siabhraidh lé súil datha an dúin niamhghlain am nóin.
Ionmhoin teach dá ttá mo thoil, ionmhuin fear a-tá san toigh, draig airmghreanta as arnaidh guin, tuir daighshleachta barrghloin Broin. Teach mheic Fhiacha, iosdadh saor, fialbhrugh nach beirthior a bhuadh, tar a ndéinim ní dó a-tám, mó mo ghrádh d'Fhéilim mon-uar. Fearr do dhíol annsa an t-ainm fuair 's na hairrdhe ar nach aghthar béim; díoghruis muirne an mhéirsheing bhúidh fuighle rúin ar bhFéileim féin. Díorgha a gheallámh, gloine a bhés, a fhoidhide, a neart, a nós, buga a mheanma ag dáil a dhuas, a chruas a láibh feadhma fós. Grian nua ag ardachadh ós fhiodh, triath Raghnallach na ruag mear, glac rochalma as réidhe am chrodh, céile scol bothadhbha Breagh. Mac mheic Aodha, óradh ceall, gein mhaordha mórtha na bhfonn, cosc ainbhreath Adhbha na bhFionn, mionn amhra na Laighneach lonn. Rún eagnuidhe as amhra ciall, arthrach as seasmhuighe seól, dórtadh créachtfhala clann ríogh, sníomh céadfadha Gall a ngleódh.
In dá Aodh dá ttugas tol, lé ttugtha aobh dá gach fhior, táinig dom chrádh tuirsi as-teagh, grádh na bhfear rom-chuir-si a gcion. I.O.N. Inghion Fhiacha, aigneadh saor, an chiallmhar fa cneasda rún, dreach niombán do nuaidhe cliar, triall uaidhe fa diombádh dún. Méd is tighe a toirbhiort ttrom do bhoingsiod dár slighidh sionn; dísle a rúna is roghrádh leam, do mheall comhrádh Úna ionn. Gnúis nár as soidheargtha snuadh nách doimheallta ag dáimh fá dhíol, toradh gég na nGaoidheal n-úr, rún nár bhrég aoinfhear fá fhíon. I.O.N.
AONGHUS Ó DÁLAIGH CC. Rugas ainbhreith ar Fhéilim; móide clú an bhuig bhaismhéirsheing, saoirdhreach nach cumhang croidhe, fulang daoirbhreath dámhscoile. Munar fhulaing ainbhreith damh nó dom ionnshamhuil d'ollamh, roisc thaidhleacha, taobh mar thuinn, ainbhreatha d'aon níor fhulaing.
Ní fhéd énlaoch a n-am gleóidh breith a bhuaidh d'áis ná d'aimhdheóin, cruth séghuinn ar snuadh gcaoire, 's do-bhéruinn uadh iolmhaoine. Ar mhac meic Aodha an airm ghloin treisi mé do mhaor tabhoigh ná an tí as treisi lámh is lann, 's gan meisi a n-ágh acht anbhfann. Fá cheann fhiach nár dhlighios de, rugus ar ríoghmhac Saidhbhe breath daor budh doiligh d'fhulang, an saor oinigh abhramhall. Misi ag doirbhios ré a dhreich gloin, foidhideach é rém iomaidh; bas seingrinn ren suirghioch sinn, cuimhnioch ar Fheidhlim m'intinn. Do bhreith eólach a n-iúl ghrinn is tuar ardfhlaithis d'Fhéilim, cúl dromannach ós dreich gil, bheith úr orramach d'éigsibh. Go n-íoca Dia ré a dhreich mbuig gach uirrim uadh dá bhfaghaid scola duilghe Cláir Connla, fuidhle áir na healadhna. Ní fhuileóngadh duine a ndoirr acht mac ríghfhréimhe Raghnoill; filidh Chláir iobhraigh Éibhir, ionmhuin dáibh an deighfhéinidh.
Ionmhoin loinnear a ghruaidh ghloin, is ruisc mhalla mheic Fhiachaidh, 's a chneas géigmhíolla saor slim nach daor éigcríonna intinn. Níor bhraith mé mana seirce aniú acht an t-óg innilte ar feadh fhuinn mheadhraigh Mhaisdin don druing mheanmnaigh mhóraisdrigh. Siad féin as dídion don druing, gasruidh fhial d'fhine Raghnuill, laoich reannchorcra nách dáigh a ttroid, ceannphorta cáigh a gcomhruig. Tarla d'éis a sgagtha a scoil deoch molta ag mnáibh Ó tTuathoil; fuair Úna dáil na dighe tar mnáibh úra a haimsire. R.U.G.U.S.
GIOLLA ÍOSA Ó DÁLAIGH CC. Fréamha an chogaidh críoch Laighion; innte bheas do beathaigheadh grís ghairthe an ghégoirir ghloin, céddoighir caithmhe an chogaidh. Críoch Laighion na lios ndaithgheal, fréamh bunaidh lé mbeathuighthear, an fhíochfhrasach armdha fhionn, fíorthosach fhaghla Éirionn.
Dí táinig teidhm dá ceanuibh cogadh Gall ré Gaoidhioluibh, conghal nár coisgeadh ó shoin fá fhonnMhagh bhfroistiugh bhFionntain. Ón ló tug Mac Maoil na mBó Goill go Teamhraigh, tuar iargnó, níor shaoghlaigh síothcháin acht seal fá fhaobhruibh líochláir Laighean. Bliadhain tríochad ceithre chéad ó thug Diarmuid, díon ainbhéad, inmhillte foghail na bhfear, finnghinte am tholaigh Thailtean. Críoch Laighion, leaba an bhuaidhridh, ó shoin 'na heing anshuaimhnigh 's 'na héntuinn chrithir chogthaigh fhrithir éachttruim fhóbartaigh. Lá leó-san, lá le Galluibh, siad ortha go hursannuibh, na Goill fán sléchtmhuighigh saoir ar chloinn gcréachtdoiligh gCathaoir. Mar sin dóibh díochra an pudhar dá n-athchur, dá n-uathaghadh, lé fíorShaghsuibh bonn frí bonn fán bhfonn síodharsuidh slatchorr. Mairid d'fhuidheall na healta dias fhóirfios a hairmearta, dá cheinnbhile fán baoth bean, do dheirbhfhine laoch Laighean.
Dá mhac Fhiachaidh mheic Aodha, Féilim fíochdha forraonda, gnúis bhreachtghlan na ttroimnél ttrom, 's an soighnén reachtmhar, Rémonn. Atáid ón ló fá leanbhdha, an dá onchoin oireaghdha, ag ionnradh gach énuilc riamh fá fhionnmhagh gléghuirt Ghailian. Mór ttroid, mór ttachar ttalchair, tugsad riamh im Raghnallchaibh a bhfaighnibh a bhfádmhagh nglan, 's níor fágbhadh Laighnigh leó-san. Fríoth daingion dá ndearnsad bun, dá ngoirthear Gleann Mo Luradh; cuire fras na síothbhrugh sean, a ndíothchur as ní héidear. Do-rónsad fiodhfhál farchaidh don ghlionn áigh lé hallmhurchaibh, treabh fhochainnte nách beag brath, nach dochoillte nead nathrach. Níorbh fholáir cruaidhe a gcroidhe, minic trá do turnfoidhe an fraisghleann fíochdha foltach fairseang gríobhdha guasachtach. Gleann Mo Luradh na learg ndlúth mór tárruidh d'olc is d'iomthnúth, 's níor baoghluigheadh é giodh eadh, saorbhruidhean do ghlé an gaisgeadh.
Lugha a chách is guais don Ghlinn, líon a n-aightheadh um Fhéilim d'fhuirinn neartmhair áith fhosaidh d'ealtain ghnáith an Ghleanna-sain. Raghnallaigh bheódha, Branaigh, fá Rémann, rosc rionnamhail, dá ghuaillidheacht taobh re taoibh, caor do chuainfhirshliocht Cathaoir. Ní hé an Gleann, dom meas, a-mháin léigthear leó a los a bhforráin, clár fóidshean na bhfiodhbhadh ngeal, acht cóigeadh lionnghlan Laighion. Féilim reachtmhar na ruag ttiugh dingébhaidh d'áis nó d'éigiun, ar congbháil coinbhliochta is chean orláimh oighreachta a aithreadh. Cosmhail go gcualadur soin a gcomhrádh re cloinn Lughoidh, dár loc roinn athardha an fhir ré a chloinn nathardha neimhnigh. Dá mhac fá bhfearthaoi frasa ag Lugh Mheann mhac Aonghasa, díon iatha a gcleatha corra, Fiacha, Eacha, a n-anmanna. Ar mbeith gan deabhaidh dálach don tsaor shuilbhir shoghrádhach, drong colgdha tiaghoid dá thoigh, iaroid orba ar a n-athair.
"Choidhche a-rís," do ráidh Lughaidh, "ná canaidh ar chanabhair, ná hiomluaidhidh a-raon rinn, a chaor fhionnshluaighidh fhoirtill." "Ní hathair do dháil domh-sa, ciodh fá n-iarthaoi oram-sa fearann deirbhshleachta Chláir Chéin? ní dáigh eighreachta eiséin." "Fríoth liom-sa a los mo láimhe a n-ilteidhmibh anbháile fuinn arsuidhe Chraoi na Con ar aoi n-amhsuine, ar m'ionnradh." "Do leigeadh fúibh, féchaidh ris, cosnuidh féin orba ar m'aithris, a uaisle feithidh an fonn, beithir uaim-se gan fhearonn." Dá mhac lonna Luighdheach Meann tógbhuid orra, is é a aithghearr, ar n-éimdheadh críche ar an gcloinn don mhéirgheal shíthe shéaghuinn. Suil táir fuaradh a bhfeirge, gabhthar leó a los díbheirge eang ríghrianach na sreabh seang a gcean d'fhírmhianach Éireann. Do chloinn Fhiachaidh fhuighlim soin; ní córa do chloinn Lughaidh, laoich bhorba dán doiligh dol, orba cloidhimh do chosnomh.
Féilim, Rémann, rún roibheart, ní fearr iad-san d'fholoidheacht, fíorchruaidhe do chách 'na gceann, an síodhchuaine ó ráth Raoileann. Budh mó sa chách a gcumas, bú lia d'orba is d'fhearannas, fir fhoinnMhidhe do ghlac goil, dá mhac oirdnidhe Fhiachaidh. Dreagain líomhtha as lia fala, coiseónaid clann Fhiachadha fonn treabharghlan tirmshlim tiugh d'imlinn leathanmhagh Laighean. Fiú a roimhéd chuirid 'na gceann d'uaislibh ríoghraidhe Raoileann; breith ar réidhe ré roile bheith lé chéile a gcomhnoidhe. Bíd lé aroile láimh do láimh Féilimidh, fairgseóir Chruacháin, dreach gnédhonn rén faltach fonn, is Rémonn marcach Málonn. Bíd réidh coimhéadach cogthach soirbh díbheargach díoghaltach, lán d'fhírimneadh ar gcúl gcean ag súr líninbhear Laighean. Críoch Laighean ar nár luigh aoir, dá thuir chogaidh chlann gCathaoir dá gciorrbhadh, dá gcomhdha a mbó; ionnradh na foghla a bhfréamha. F.R.E.
CÚCHONNACHT Ó DÁLAIGH CC. Ursa an choguidh críoch Laighean, mór gceardcha do fiadhnaigheadh, re headh n-anbhuaine innte treabh armnuaidhe innilte. Mar tá riamh ó ré na sean, móide carthar críoch Laighean, lé díon bagair, lé cosc cáigh 'na posd cagaidh do chongmháil. Críoch Laighion na learg síthe eochair glas ngiall gcoigcríche, cédtobhach cairte na sean, sédtolach mhaicne Míleadh. Buime biodhbhadh na Fódla, aondaingean fear bhforfhógra, críoch thirmlíggeal armghlan fhionn, imdhídean fhaghladh Éireann. Seanaitreabh sinnsear síl Bhroin, uaim a síodha a seól cogaidh, ré ngnáthuighthear comhdha a gcean máthairthreabh fhoghla is airgneadh. Giodh mór lá do leigeadh riamh cóir cáich ré cóigeadh Ghailian, tearc uaidh lé tóir dá treisi do-chuaidh cóir na críchei-si.
Atá éinchineadh innte nách leig do lucht aidhmillte buain ré feirg a foghla dhí, dan ceird comhdha na críche. Dá gceangladh an cath Laighneach síoth do chead a gcomhairleach, ní léigfiodh síol mbosghlan mBroin díobh gan chosnamh a gcogaidh. Ón chéidfhear do-chuaidh 'na seilbh d'fhéin Tuadhmhan na ttreas neimmeirbh, síol mBroin, na beithre cogaidh, troigh theichmhe ní thugodair. Aithris ar a n-airrdhibh soin do-ní Feilim mhac Fiachaidh; scaoiltear síodh Laighneach ré a linn, díon a n-ainbhreath ar Fhéilim. Bheith mar chách ó nach lór lais, caite dhó ag díon a dhúthchais ceilt gach éigin dá n-uighe a mbeirt éididh iarnaidhe? Leis ná cronuighthear choidhche triall re tosach geamhoidhche, bheith le sín fhuair na n-oirear a gcíbh cuain ná crannaigheadh. Ná mothaigheadh mac Fiachaidh suan sádhail ar óirsciathuibh, acht breith buidhe bheith mar sin bheith ag luighe 'na lúirigh.
Usaide d'Fheilim Ó Bhroin triall foghla, fulang dochoir, teas gliadh 'na ghruaidh ag gabháil, a bhfuair ón fhiadh d'easanáir. Críoch Laighion na linnteadh mall, fiú a bhfríoth do throid 'na tiomchall nách dóigh í d'éineing oile, sí ag Féilim dá foraire. Mar sin do fágbhadh feacht n-aon Cú Chulainn nár char míothaom, re hucht comhdha in chláir Ultaigh ar dháimh ndorrdha ndíoghaltaigh. Tarla an uair-si ar ord n-Uladh geis nárbh éidir d'fhuasguladh, ceas naoidhean ortha ré headh gan scaoileadh orchra acht d'aoinfhear. Tionóiltear leó, ceann a gceann, ceathra hollchóigidh Éireann do bhreith na tána ó a ttighibh a leith ágha is aindlighidh. Cú Chulainn an chrotha loinn, ní fríoth do choisgfeadh comhloinn colg ná sleagh acht aongha an fhir do chaomhna chean an chúigidh. Ní bhíodh dearna ar a dath féin ó threasaibh na ttriath n-aigmhéil; ní bhíodh brat acht corcra ón gcath ó mhac ochta na n-Ultach.
Mar do chaomhuin Cú Chulainn críoch Leamhna a los deaghfhulaing, caomhnaidh síodhaidhe síl Broin tír a fhíonfhuile ar fhoghluibh. Meadh do Choin na gcolg bhfuileach ar fhoghuil críoch gcomhuidheach, deaghshamhuil ar choimhdhe a gcruidh, oighre fearamhail Fiachaidh. Ní fríoth le Coin an chleasruidh, ag díon an fhuinn imriosnuigh, leath a bhfuair Féilim Ó Broin fá éineing dár fhuaigh d'Ultaibh. Minic do bhí ar bheagán suain ar shlios Bearbha an fhóid fhionnfhuair, is lucht feadhma dá faire, a n-ucht bearna baoghlaighe. Lá ag Sionainn na sruth n-énach, áith é ré hucht mBuiltéarach, lá im Baoill don bheithir Bhranach, feithimh do thaoibh Thuathalach. Téid go Laoighis lá oile, lá go himlibh Osruighe, lá fá bhruach Boguigh Ó Máil, ní d'fhuath coguidh do chongmháil. Gach ainbhreath dá raibhe riamh ag cách ar chóigeadh Ghailian, dá bhreith 'na n-aghaidh ar-ís samhail don bhreith do-bheirdís.
Maith do-chuaidh críoch a gcogaidh síoth d'uaim d'éis a ndearnodair, luach a síodhchána ag síol mBroin, ríoghchána dhíobh nách deachaidh. Orra féin d'éis na heachtra, mór dá macuibh oighreachta im Dhuibhlinn Cliach mbraonuigh mbinn 'na maoruibh fiach ag Feilim. Ar mhac Fiachaidh feirrde a mheas fulang docra ag díon cairdeas, Laighnigh gur líon dá annsa taibhghidh díol san docar-sa. U.R.S.A. Snadhmadh síothchána síl Bhroin inghean Fhiachaidh Í Thuathoil, áladh nách deimhin do dhíol, bádhadh einigh na n-airdríogh. Minic bhíd ógbhaidh Almhan dá searc trá gan tionnabhradh, amharc Úna ar a n-aire, radharc súla sochaidhe. Ré linn Úna ní aghthair, dá bhfríoth riamh a Raghnallchaibh, síon fhuar acht turadh toirtheach, an sduagh umhal urnaightheach. U.R.S.A.
DOMHNALL MAC EOCHAIDH CC. Éisd rém fháilti-si, a Fhéilim; ón taoibh thuaidh do sheinÉirinn ar tteacht daoibh Dia do bheatha! do scaoil Dia na daoirbhreatha. Dia do bheatha ar-ís tar h'ais! lá gearr dob fhada at éagmais, a gcrích Branach na mbeann nglas dream gan fhalach ar ionnmhas. Dia do bheatha ar tteacht dod thoigh! m'fháilti-si, a oighre Fhiachoidh, an treas uair, más anáir í, uaim ní faláir go bhfoighthí. Dia do bheatha ó fhonn Uladh! a leannáin fhear n-ealadhan, do chur buaidhiortha ar ghlóir Gall is sluaighshiortha ar fhóir eachtrann. Dia do bheatha! ar sén siobhail tángabhair toisc aithriomhuil gan chréidhim ón taoibh a-ttuaidh, a Fhéilim, lé caoir cathshluaigh. Dia do bheatha ón tír-sin thall 'na ngnáthuigheadh Cú is Conall, óigfhir gan slógh a samhuil do phór chóigidh Chonchabhair!
Dá mhíorbhal cá mó cabhair? ón leith a-ttuaidh tángabhair; Rí an bheatha fá séd sochair do chéd beatha a mBranachaibh! A fhad uainn a-tá tusa lór dhuit, Dia do bheathu-sa! a amhsuine chinn na gcliar, a Fhinn gasruidhe Gailian. Ag triall a bhfad ré fáilte do lucht fuatha is fíorpháirte, mór dot aithne ar na harduibh a gclódh d'aithle h'ionnarbaidh. Mar fháilte, mar luach leasa, do-ghébhthá cúis cairdeasa laoidh fhada dámadh ál libh dom dhán ar aba h'aisdir. An drong táinig libh tar lear, rompa a gcrích láimhdheirg Laighean muna gcuirinn friú fáilte riú ní fhuilim ionpháirte. É.I.S.D.
EOCHAIDH Ó HEÓGHUSA CC. Leanfad ar n-agra ar Fheilim, eó Bearbha an bhruaich inbheirfhinn; deacair dhó réidhiughadh rom, giodh mó a éiliughadh orom.
Dá mbeith a fhios aige féin, mór mo dhíoth re a dhreich soiléir, cóir a chionta ar chúl na gcladh a ttiocfa dhún dá dhochar. Méd mo ghráidh dá ghruaidh sholas atá orm 'na fhaltonas, d'éis ar ndúthraicht-ne dhóibh sin, ag tnúthmhaicne mhóir Mhílidh. Bídh gach compán dár charus dom chur uime a n-amharas, ód-chíthir gur gheabh mo ghrádh gach bean líthir is leannán. Tré iomthnúth is é a rádha, mo charuid, mo chompána, lucht gach taoibhe acht Féilim féin, nach déinim daoine dhíbh-séin. Misi dá chur ós a gcionn commaoidhid cách go coitchionn, giodh maith é ní admhaim sin, 's dá n-abrainn é dob éidir. Annamh mac airdríogh eile, annamh Ultach d'áiridhe, mo ghrádh dá fhionnchúl fheactha, nách lán d'iomthnúdh aigeanta. An chéduair do-chuas 'na thoigh do char misi mac Fiachaidh, giodh mór ndaghragha dhíobh sin, tar shíol Labhradha Loingsigh.
Aonduas is mó mhaoidhim air dá bhfuair misi ó mhac Fhiachaidh, teas croidhe do chomhall damh, robharr a thoile am thiomchal. Ó tá agam-sa d'orláimh sealbh ar an óg iodhannáir, fiú ar nduais-ne a gcora im cheann, fola uaisle na hÉireann. Ó nách creidid cách uile nách dó as fhoisce m'ionmhoine, an dá thaobh ní thréigfe sinn, tréigthe gach aon ar Fhéilim. Cneas tláith fá ttuillim falaidh, lámh fá luighid ríoghBhranaigh, slat shoidhealbha ó shédmhúr Breagh, cédghlún oileamhna aoigheadh. Onchú orláir an bhaoghuil, cneas caoin chognus iolfhaobhair, sciath fhine bharamhlaigh Broin, garfhaghlaidh tighe Tuathail. Aondóigh éigios Innse Fáil ua Aodha mhóirmheic Seaáin; gnúis dreachbhog nách tagra tim, leanfod ar n-agra ar Fheilim. L.E.A.N.F.O.D. Dlighim-si a agra ar Úna ó iomad a n-iomthnúdha, ar thuill damh-sa do dhiomdhaidh do dhruim annsa ón ingheanraidh.
Bídh umam-sa amhlaidh soin iomthnúth ré hinghin Fhiachaidh, ag scoil chláir fhinnfheadhaigh Airt dáil nách indearaidh d'fhóbairt. Tuilliom a-raon ré roile éd ar n-aosa ionmhoine; gruaidh leacanghlan ar lí subh, bú deaghcunnradh dí a dhénamh. Sreatha glana, grés molta, budh lé luagh a hannsachta fá mbia formad ríoghbhan rinn fá shíodhmhagh bhfonnbhog bhFeilim. Lúb bhanda na mbriathar ttearc, focal mall as mó éifeacht, dreach bhúidh nách beanann ré cion, fá leaghann súil dá silleadh. Eisiompláir ógbhan mBanbha, cosc tol, turnamh ríoghdhamhna, síodh ríghfheadhan, biathadh bocht, míneaghadh briathar mbantrocht. L.E.A.N.
DOMHNALL MHAC EOCHADHA CC. Toghaim liaigh do leighios Fheilim Airdrí na slógh, Saor na gclann; go ttí tar gach liaigh dá leighios an Rí gan chiaigh bheirios barr.
Na leagha rugas do roghain an Rí mór is Mac an Ríogh, toircheas is éinfhior na hÓighe, oircheas déiniomh dóighe dhíobh. Níor chreach bheag dá mbeirthí uainne oighre Saidhbhe, searc na sgol, fear go ró céille agus cuimhne, ní dó féine is duilghe a dhol. Ré mac Fiachaidh má fríoth turbhaidh do thinnios cinn, cos nó lámh, go ttí Féilim nách fuair aonghuth uaidh gan chréidhim saoghlach slán. Go ttabhra don tí dá n-iarraim aisiog sláinte más sí a thail; do fhédfadh grása Dé a dhéanaimh 's é san gcás-so d'fhéaghain air. Ní fhuaras ó imtheacht Fiachaidh acht Féilim ó shoin dá shíol, scéla is doilghe leam 'na luighe, geall oirne gach duine dhíobh. Go bhfóire ar thriath fhréimhe Raghnoill an Rí a gcroich do cheannaigh é; nár léige soin ní as sia a n-othrus go ttoil do Dhia mholfus mé. Teacht 'na égmois ó nách éidir, a Aoinliaigh na n-othar ttinn, más misde lat lén na Banbha ná hér fá mhac Sadhbha sinn.
D'éis a thinnis tuilleadh saoghail sirim ort, a Rí na ríogh; dom fhear páirte, plúr a chine, sláinte go húr dlighe dhíom. Cuirim ar scáth scéithe Míchíl mac meic Aodha, aigneadh fial, ceann na reachta, maor na meidhe, naomh a shleachta reimhe riamh. Oighre Fiachaidh ar feadh m'eólais, dá fhine féin feirrde a ainm ní fhaca mé a chló 'na chomhar; sé dhó nárab moladh mairbh. Síol Ébha d'éntoil 's a Mháthair, a Mheic Dé do dhoirt do chrú, dár ngrádh do gheinis a gcoluinn; mar dhál leighis toghuim thú. T.O.G.
SEAÁN Ó RUANADHA CC. Dia do chaomhna chloinne Fiachaidh, fíorcharuid cliar Chláir na bhFionn, Rí nimhe dá ndíon ar dheacruibh; ar ghuidhe an Ríogh leantuir liom. Lór do chaomhna chloinne Fiachaidh, a bhfeirg eachtrann Innse Fáil fár fhás 'na n-aghaidh do rúinnimh, cabhair ghrás an Dúilimh dháibh.
Rí na ndúl gan dlaoi ar fheartuibh, ar fhéin cniocht na gcosgur ndoirbh nó go gcuire lé cloinn Fiachaidh, boing fá ghuidhe d'fhiachuibh oirn. A lagadh nár léige an Tríonóid; níor thairg neach a-niú dá mair neart do thuar mur do thairg Féilim, luadh in gach aird d'Éirinn air. D'Íosa Críost do chum gach aondúil, ós é is treise go ttí a thoil, ní érann go ttraoth a threisi Rémann laoch dár treisi ar ttoil. Clann oirdheirc Fhiachaidh mheic Aodha, in gach aonchás éirghios dóibh ag so an tí ar nách cás a gcoimhdhe, Rí na ngrás, oighre don Óigh. Dá mhac codhnaigh chloinne Raghnoill lé raghuid cách, croinn ós fiodh, Dia do char na deisi a ndeighneart; ó threisi is gar eighriocht d'fhior. Ón aird tuaidh fá thuitim Fhiachaidh eidir fhéin eachtrann a ngliaidh, lán do fhraoch dhomhaolta dhearbhtha comhaonta laoch ndearbhtha ad dhiaidh. Fóir Uladh as t'ucht, a Fhéilim, iath Laighion do lomairg siad; ní fóir nách feidhmghríobhdha a ttachar, tóir deighdhíoghla h'athar iad.
Adhbhar a ndíona ó Dhia Athar, aimhcheart d'fhulang ní hé a mian; dul tar ceart a n-aghaidh anbhfainn níor chleacht daghfhuil Raghnuill riamh. D.I.A.
DONNCHADH Ó FÍLÁIN CC. Fada an turus tug Eamhain; táinig ar cuairt chéimleabhair fá bhuaidh n-aoibhill a hUltaibh 'na sduaigh aoibhinn iongantaigh. Fada an turus tug a-nall Eamhuin go n-iomad saorchlann ón scaith slóigh mheardha Macha 'na mbróin fheardha ionchatha. Treabh aoibhinn Eamhna Macha, na slóigh shíthe shiobhlacha, céim san taobh theas gur thogair, ní feas raon dá rángadair. A n-ard ná a n-ísiol sligheadh scél iongna nár hairigheadh, lios mínEamhna a-ttuaidh ag teacht 's na sluaigh fhírfheardha a n-aoineacht. Nach iongna nár airigh neach tairm a srian, seinm a lúireach, ná fuaim ghríobhnaoidhe a ngreagh lér fíorshnaoidhe cruaidh craoitheadh?
Iongna fós nár fionnadh soin, ní bhiadh drong ina ndíormuibh gan gháir seanma beann mbuabhall, dream dob fheardha a n-éttualang. An tuas re nélluibh nimhe do thriall an treabh ghlainidhe, nó an fá úr thalmhan do thriall glanbhrugh mur dhún na ndaighNiall? 'Sé fáth fá bhfiafraigheim sinn, a lorg ar úir ní fhaicim; ní feas dún créd as conair do dhún na séd síodhamhail. Go Raghnallchuibh na ród nglan Eamhain d'éirghe is eadh mheasdar d'aoinléim a-ttuaidh ó Thoraigh 'na sduaigh chaoinréidh chruthamhail. Don léim-sin ar locadh dí, Eamhuin cáit 'nar chuir faoithe? do thréig mé m'aincheas uime, ní failcheas é oruinne. Baile na Corra, cuan scol, dún caithmheach na gcreach líonmhor, treabh fhírEamhna is ann do an 's a rann címh[fh]eardha curadh. Níor fháguibh earradh ná each, adhbha ciúil ná corn loinnreach; ní tuar meanma d'fhéin Oiligh céim Eamhna dá n-ionnsoighidh.
Níor fháguibh fós fuidheall sleagh, níor fháguibh arm ná éideadh, 's tug roghain na laoch a-le; ní conair fraoch a bhfeirge. Tángadur, ní turus gar, ré cois ceannphort chláir Uladh; sgath na ndáileamh bhus dearbh leam, bearn san áireamh ní fhúigfeam. Mná bélchorcra an bhrogha thall, táinig díobh díorma neamhghann ré cois ríghEamhna ón taoibh thuaidh fá chaoir mhílfheardha mharcshluaigh. Is é a-deirid drong oile, Eamhuin chaomh chlann Rudhraighe, ón leith tall nár thriall sisi a-nall don fhiadh oili-si. Treabh Eamhna, munab í soin dún Féilim, ca fearr samhail?, dá threibh dheaghshnoighthe as caoin corr, saoir a n-eallmhuighthe is iononn. Bruidhean Bhaile na Corra, dún laoch go lucht bhfoghloma, ní fhuil tnúdh ré teagh Eamhna ag dún na bhfleadh bhfíneamhna. Teach 'na bhfaghthur fios gach sceóil do-ní feasach fear aineóil; ní bhí a-moigh fios nach foighe san toigh mar lios Laoghoire.
Ag dún mhórdha meic Neasa tarla 'na thoigh coimeasa, dún síthghreaghach na slios bhfionn, lios fán mínshreabhach maoilionn. Ionann taitneamh 'na ttoighibh, ionann lúth 'na laochroidhibh, ionann dealradh na ndún ngeal is rún meanman a míleadh. Ionann dáil a ndáiliomh sin, ionann cuirn dáibh is dáilimh, ionann dúil óil na n-ardbhrugh, dúin ris mbadh cóir comhardodh. Ionann go fiú gille a ngreagh, ionann a n-arm 's a n-éideadh, dún mur soin ní silltir sonn, ní fhoil inntibh acht ionann. Ionann d'airrdheanaibh oile an dá thriath 's a tteaghluighe, dún fíneamhnach na bhfleadh tte 's an teagh ríghfheadhnach roimhe. Geall na gcuradh cosnuid soin, slán eólach go n-uair samhail, a-nall ó fhearuibh Eamhna d'fheadhuin na lann loinneardha. Laoich uallcha na n-iorghal tte do buaileadh a gcló a chéile, fir eagair Chláir na gCuradh 's dreagain cháigh do cheannsughadh.
Ní móide as beag brígh an ghlóir, mín tagruid a ttigh comhóil, feadhain choilglíomhtha crann sean, boirbfhíochdha in t-am bhus éigean. Laoich thoghtha na ttreas n-eólach beirid gach buaidh n-aimhdheónach, ré cois fhíreólaigh Chláir Chuinn ríleómhain áigh gach énfhuinn. Mór bheanus rem bile ós fiodh scél do-chuala ar cheann nGaoidhiol, a-dér d'iomrádh a anma, sgél iomlán a ionnshamhla. An saoghal a ndeilbh dhuine tarla lá ar Bhrian Bóruimhe, dár gheabh ag rolabhra ris seal a gcomhardha cairdis. Ré branán cosnaimh Cláir Chuirc an saoghal is sé adubhairt: "Ná lean dínn, diombuan m'annsa, bídh go hionnfhuar umam-sa." "Ró toile ná tabhair dhamh; tuig, a Bhriain, so" ar an saoghal, "ní dóigh comhuill go síor sinn, do líon oruinn na hinnill." An fear céadna do chan ris: "Is é sin sealbh an tsaidhbhris, caith do mhaoine ar mhéad n-anma, a ghég naoidhe nathardha."
Don teagusc fuair fada ó shein mac Cinnéidigh cuain Luimnigh, níor fhég am fhoghuil a shéd, gég do roghuin na ríghég. Teagusc mar Bhrian an bhairr ghloin dar lat uair oighri Fiachaidh; ní thig uair caigealta cruidh, faideachtra luaidh do leabhruigh. Do riar aoigheadh gan fhéil sguir tug Féilim, más fíor d'eólchuibh, toil ón beanglánach a bhladh; neamhghrádhach soin fán saoghal. Fear coimhéda clú a shleachta, tug fhuath ó aois naoidheanta do mheanma cruinighthe cruidh; tuinighthe bearna baoghuil. Ní béim ortha a n-abruim ribh, atáid uaisle an fhuinn Laighnigh ó chlú an chaithleómhain síos seal; do aithbheódhaigh gríos Ghaoidheal. Mac mheic Aodha, an t-ésga lán, ré turaidh do thogh Bearchán, dá ttig scaoileadh ceó a chinidh, aoibheal bheó nách báithfidhir. A hucht Fheilim nách óg rath, ní dóigh iomtha an fhian Bhranach, fir fá cheann áigh budh értha; fearr an táir nách toigérfa. F.A.D.A.
Ní fhuil breith ar a buain di; geall na n-ógbhan fhuair sisi; fán mbarr clú do-chuaidh d'Úna a-nú ní huair iomthnúdha. Minic bhíos re béluibh scol bean dán dúthchus dáil bronntadh; doighir a gruadh ag gabháil, ní tuar oinigh d'iongabháil. Inghean Fhiacha, abhra mall, bean dáilte na nduas neamhghann, tearc ar chlú as cóir 'na comhar, an chnú óir ar n-aboghadh. Sgél ós aird a n-abruim roibh, breith fhileadh Innsi Cobhthaigh do-chuaidh soin lé sén Úna; mo scél ní fhoil ionrúna. F.A.D.A.
FEARGHAL MHAC LUGHAIDH CC. Égcóir do fógradh Féilim, toisc dá ttáinig daoirchréidhim; tug a-ttuaidh aighidh Uladh, Laighin uaidh fá urdhubhadh. Sul do fógairthí ar foghuil, fear oirbheart a ionnshamhuil; a ttír aird chumhaing corruigh mairg nár fhulaing d'easurraidh.
Do bhí d'ainmhire an laoich loinn, do bhí d'ainmhíne an anfhoinn, roighleic nár chasmhuil fá a cheann ré gasraidh oirdhreic Éireann. Gár mheisde ceisd do chor air, an mbiadh síodhach ré Sagsuibh? nó an do locht do ghébhadh greim? olc nár féghadh lé Féilim. Dob é rádh gach éinfhir uaidh dá bhfaca a raibh air d'anbhuain, nár smuain acht a fhíoch d'fhalach is buain a síoth Sagsanach. Ní iarrfadh cíos ná comhdha, ná roinn lochta leanomhna dá rabh ag Raghnollach riamh ar mhagh glanmhongach Gailian. Ní thairgfeadh do thacha neirt, dá léigthe dhó gan díbeirt, tagra fá aontroigh don fhonn ná agra acht d'aontoidh eachtronn. Beag teidhm dá ttibhreadh aire, ó shein leis ní leanfaidhe creach ná leathtrom ná leónadh, breath eachtronn do fhuileóngadh. Ionadh a chinn do chaomhna níor bheag lé a ghnúis ngealmhaordha, d'áit oile nárbh omhan leis nó a ngoire a dhomhan ndílis.
Mairg fá deara a dhul ar cheilt, mairg bél do bhrosd a dhíbeirt, dó féin a gcréidhim do-chuaidh 's d'Fhéilim gan dréim gan diombuaidh. Níorbh fhada dhó fá dhiamhair gurbh fhollus a n-imchianaibh brath an deirg ógarmtha fhinn d'fheirg a fhógartha ar Fhéilim. Níor mothuigheadh ní fá nimh gur tairngeadh leis a Laighnibh, meic ríogh go raibhthibh rompa, líon aithbhir a ionnarbtha. Ní raibhe am Cholt ná a gcrích Náis neach leis nár adhbhar uathbháis 'gá chlaistin a-ttuaidh ag teacht fá bhuaidh gaisgidh is guaisbheart. Do Laighnibh níor lia reampa 'gá raibh rún a ndícheannta ná rún coimhéirghe 'na gceann; soidhéinmhe tnúdh 'na ttimcheall. Níor tairngeadh don taobh as-toigh do thóruinn Críche Cobhthaigh samhuil don rabhuidhin riamh d'fhaghuil glanoirir Ghailian. Do maitheadh lé móirLeith Cuinn dóibh go teacht ar a ttarruing do Leath ríoMhogha riamh riamh, fíorfhola creach is caithghliadh.
Oiread riú do bhreith broide ní rug sluagh ná sochroide, acht sluagh tána nó toghla nó sluagh dána danardha. Ní a hucht cobhra fhear nÉireann fríoth neart nó clú caithréimeann nó sén cathruathar do chur, lé daghThuathal trén Teachtmhur. Sliocht uaibhreach Eachaidh Fheidhligh 'na neimhcheart do neimhfheidhligh go teacht neartDanar a-noir dá gceartaghadh 'na gciontoibh. Fógruid dóibh seilbh a sinnsear ód-chíd é ar an innill-sion, 's na slóigh eachtrainn-sin ós aird 'na mbróin neartaidhbhsigh nósaird. Níorbh é a nós re hua nAodha, tearc dhó a nÉirinn iontaobha, faghlaidh fá neamhchuimseach neart, Labhruidh eachLuingseach oirdhearc. Go ttug mac Oilill Áine sreath long tar linn gormsháile, ní fhuair san fhértholaigh fhinn énchobhair lér fhuaigh Éirinn. Fágbhuid faoi Colt is Cnoghbha lucht an chobhluigh chathardha, lucht combáidhe dearbhtha an drong, 's tealcha fonnáille Frémhonn.
Na trí Colla a gcrích Alban, móide a n-irt a n-ionnarbadh, do-chódar-sain ar ceann neirt, gearr gurbh óggasraidh oirdheirc. Fágbhuid sliocht orra a nAlboin nár fhéd cách do chreachargoin ná d'ionnarbadh uatha ó shoin, 's tuatha fionnAlban fúthoibh. Giodh eadh, tugadar leó a-le líon catha d'fhearoibh Íle d'agra a gceirt ar bhraonchlár Breagh 's do chlaochládh neirt a náimhd[h]eadh. Dó níor cheaduigh clann Mogha, Maolmhórdha mac Murchadha, suidhe a n-éineing dámadh áil gan Éireinn uile d'fhágbháil. Gearr gur díoghladh 'na dhiaidh sin ar Dhál gCais chalaidh Luimnigh lé sluagh lainnghreanta Lochlann a n-ainbhearta, a n-égcomhthrom. Fágbhuid faoi fionnLoch Carman, Nás Life, lios sheanAlmhan, puirt fhonnaoibhne dá n-uair toil, iar mbuaidh gcommaoidhmhe is gcosguir. Ní fhuair díbheargach dhíobh soin gan neart Danar a ndúthaigh, 's fuair Féilim ó fhéin Uladh a nÉirinn féin fuasguladh.
Gach broid dá bhfuair an fear-soin, ní cosmhail 's na céadphearsoin, gan shlógh muiriorach tar muir lé pór fuineadhach fuasglaidh. Ní dheachaidh Diarmuid na nGall a seilbh coda ná comhrann d'iath Banbha acht lé neart a-noir; níor tharbha a theacht 's an trén-soin. Fán am sin ar chách do chinn, nár adaimh aoinneach d'Éirinn spéis a n-anfhorlann aga, d'éis danorGhall Diarmada. Ní fhuair féin tarbha dá ttaoibh acht tiomna cúigidh Chathaoir don druing deórata Danar, beóshlata an fuinn d'átaghadh. Ní hionann dála dhuit-si fád dhúthaigh 's don Diarmuid-si; 's Goill trá a rachumhnga roibh, atá th'athardha ar th'ionchoibh. Ó nách fuil fód fá Ghalluibh d'fhearann aoinmheic Raghnallaigh, a bhfuil dod dhúthaigh fán druing ná luigh fúthaibh is fuluing. A mheic Fiachaidh, féch umat, na hairdhe dá n-iomollat; féch ar fhás d'omhain orra 's gan chás oraibh eattorra.
Tángamair cú as gach cuaine fút-sa feadh ar n-anbhuaine; má fríoth linn urruim as t'ucht, ná mill umuinn an umhlucht. Tuig féin a bhfuil dod chiontuibh re broid Ghall Ghuirt seinFhiontuin; mairg d'fhior do ghníomh nách gébhadh, síodh fá chion do chuidéghadh. Is díot táinig ar tosaigh cur cáich a n-uaill anbhfosaidh; malairt fhoghailchreach an fhuinn tabhairt comhuightheach chuguinn. Na hairgthei-si ar fhud Laighean cia an bunadh ór beathaigheadh acht uaibh-si is ót fheólfhuil féin, na leómhuin uaisle d'aoinmhéin? Anois tar gach uair oile, gabh ort fát fhonn corraighe; ná cuir bac cathfhoghla a gcead más lat h'athardha ar aiseag. Córuide cúl ré cogadh, uaidh is annamh tángadar dream dá ttréine gan turnamh; fearr réidhe ná reasabhradh. Dréim cogaidh ré cath Londan, créd as cúis do chomhardadh ó nách éidir fíonGhort Fáil ar ríoghdhacht éigin d'eadráin?
Sagsuin is sibh-si, a Laighnigh, ní hionann a n-énairrdhibh, domhaolta a gcaingne 's a gcuir, daingne a gcomhaonta chuguibh. Bhar gceannus d'aoinfhear, olc dhaoibh, ní thugthaoi féin, fuil Cathaoir; bhar ngeall soibheirthe mar soin, teann coimheighthe in bhar gcríochaibh. An-sa fós, feith re cobhair, is lór dhuit a ndearnobhair do chreachthurnamh Chláir Dá Thí, neamhchumhnadh cáigh ód-chíthí. Dámadh é budh loinn lat-sa, buain 'na gcléith san gcogadh-sa, fir na slimchiabh, sluaigh Uladh, imchian uaibh a n-anaghal. Deacair dul a n-iath Oiligh, a ttéid uaibh dá n-ionnsoighidh, fál innilchealg re n-ucht sin ag lucht ghrinnilcheard ngaisgidh. Dá mbeith fút is claochlódh ceirt tuilleadh díoghla fád dhíbeirt, fíoruilc Fhódla re hathaidh, díoghuilt h'fhógra a n-énfhachoin. d'éis díoghla a ndearnadh oruibh, leasc dhuit-si, a dhreach sheabhcamhail, barr caithréime do char róibh; gabh aithmhéile san égcóir. É.G.C.Ó.I.R.
DOMHNALL CARRACH MAC EOCHAIDH CC. Iomdha uirrim ag cloinn Chathaoir, coiléin amhra, dreagain as lucht feithmhe feadhma, beithre Banbha. Coinnle foghla, faolchoin nimhe, naithre fraochdha fhuilngios a mbeóghuin ar bóchna, leómhain laochdha. Uirrim catha, cródhacht ainmhear, ionnradh droibhél, tarla don druing nach uair anágh ar uaim oilén. Cosnuid Laighnigh na lios mbláithgheal, beart nách iongnadh, minic a ttrom ar fhiadh fhoghladh, drong fhial fhionnghlan. Minic do tuilleadh teisd áirmheach a n-iath Laighean lé neart aimhdheóin na ríogh roimhear, díol na ndaighfhear. Dóigh nár léigsead a los oinigh uirrim uatha, na laoich fuair lé ceart a gcríocha nách tearc tuatha.
A ngníomhradh ní héidir d'áiriomh, ógbhadh fhromhtha, buidhion coisg gach éinfhir iomtha, tréinfhir thoghtha. Atá dhíobh a ndiaidh na sinnsear seabhac urlamh, mac meic Aodha na ttreas ttinnmhear, teas gan turnamh. Is é áirmhim oighri Fiachaidh feithmheóir ágha, beithir éachtach ceannchus cliara 's cheanglas cána. Feilim Ó Broin, branán Laighean, lingeas bearna, mór do chaith tar ceann a gcomhdha, flaith beann mBearbha. Dírioch leanus lorg a chinidh ar chruas gcéimeann; ní guais leis a muigh 'na maoidheann guin na ngéirreann. Comhla dhaingion, díbeirt caibhdhean, cearchuill aoigheadh, draig coinbhleachtach, tuir gan trághadh, muir gan mhaoidheamh. Cumhdach anbhfann, ionnradh oireacht, onchú uaibhrioch, soighnén adhanta beann mbaoghlach, an seang suaimhneach.
Triath Raghnallach na ruag mbaoghlach, beithhir dhreachnár téid tré armuibh na gcaor gciothruadh, saobh an seachrán.
Agus is saobh an seachrán agus an turus tarla do mhacámh óg fhoghlamtha do Mhumhuin mhíonáluinn Maicniadh, ar ndul go tigh scoile dhó. Is é cédchonnradh agus céadturus do-rinne, .i. leabhar foghlamtha agus foirciodail do bhí aige do dhíol agus clogad caomh ceannchumhduighthe do bhí ag óglach san tír láimh ris do cheannach go daor ar luach a leabhair, an uair nách raibhe feidhm ar chlogad ná ar chathbharr, ar arm ná ar éideadh ag énduine; agus dá mbeith ag gach aon oile, nách aige soin do bheith feidhm riú, agus tar gach arm solámhdha dhíobh sin, nácharbh fhear feadhma do dhénamh re clogad é. Agus ní hionnshamhuil agus ní hionann sin agus an ceannach agus an cruinniughadh lann agus lúirioch, airm agus éideadh, eirreadh agus eachruidhe do-ní Féilim mhac Fiachaidh mhic Aodha mic Seaáin mic Rémuinn mic Seaáin mic Aodha mic Domhnuill Ghlais mic Conchubhair mic Raghnuill mic Lorcáin mic Philip mic Raghnuill ó n-abarthar Raghnallaigh mic Donnchaidh Mhóir Í Bhroin, mic Murchaidh mic Oiliolla an Fhiodhaigh, mic Dubhluing Duibhchluana mic Domhnuill na Sciath, mic Donnchaidh Mhóir mic Donnchaidh mic Brain ó n-abarthur Branuigh. Agus is a n-aimsir a thoraidh agus a tharbha do theacht asteach cheannchus sé gach uile arm infheadhma do choimhéd a chlú agus d'imdhídion a athardha.
Ar thrén biodhbhadh is eascarad a n-am eachtra, beanuidh sé do chléir a gcionta, céim as deacra.
Lór le mnaoi do dhíol 'na dalta, díon a hochta, dul leis as diamhair níor dhulta d'iarraidh obtha. Ní fhéd Féilim fulang ainbhreath d'aoinfhear fhaghla; baoghal de ní dóigh go ndearna tóir ré ttarla. Dídion a chirt, claochlódh éigceirt, ionnramh aoltuir, mílidh dá ndénuid sluaigh sléchtoin fhuair ar aontoil. Cuartach cuirios a chlú áirmhioch gach aird d'Éirinn; ní faighthear cailleóir ós caoillinn d'aindeóin Fhéilim. Ó Thuinn Cliodhna go Tuinn Tuaighe tearc ar fhéile fear coimeasa ré gnaoi Ghuaire, 's go Baoi Béirre. Ní fhuil éntroigh d'Inis Cobhthaigh is cuairt fhíre nár ghabh a chlú ón chléir go a chéile gan léim líne. Leannán scoile an dreagan duaisréidh, doirseóir catha fár chlaon fiodhbhadh, fialfhuil Eacha, riaghuil ratha.
Ua Seaáin na gcoilgshleagh gcréchtach, cosnamh tíre, crodh is clú do chaith re chéile, an flaith fíre. Leómhan caithmheach, croidhe ainmhear, aigneadh iodhan, gríobh ghuaisbheartach nách claon comhar 's nach saobh siobhal.
Agus is saobh an siobhal do-rinne ceannuighe críonna do cheannuighthibh Bhaile Átha Cliath ar ndul go Sligeach dhó d'iarraidh fiach do bhí aige ar Ó gConchubhair Sligigh. Agus an oidhche do-chuaidh don bhaile, tángadar buidhion do dheaghaos dána a gceann Í Chonchubhair lé dán ar n-a ghréschuma go fáthamhuil focailghlic. Do héisdeadh an dán agus do díoladh an bhuidhion go daor d'airgead agus d'earraidhibh uaisle onóracha. Agus is eadh adubhairt an ceannuighe an uair do-chonnairc sé a dhaoire do díoladh an dán, "A Í Chonchubhair, is daor cheannchus tusa dán" ar sé. "Ní daor" ar Ó Conchubhair, "óir ní thugus a leathluach air fós." Mar do-chualaidh an ceannuighe sin, táinig go hÁth Cliath tar ais. Agus is gearr 'na dhiaidh sin go ndeachadar buidhion ré dán d'ionnsuighe an cheannuighe do cheannach airm agus éadaigh uaidh. Do fhiafruigh in ceannuighe dhíobh an raibhe dán aca do dhíolfaidís ris féin. Adubhradur-san go raibhe. "Más eadh, ceinneóchad-sa go maith é." Tug sé deich bpúint dóibh ar an dán do bhí dénta lé forgla chéd bliadhan roimhe sin; agus 'na dhiaidh sin do ghluais sé leis an dán a gceann Í Chonchubhair Sligigh a ndóigh go ttiubhradh dá uiread a ttug féin air dhó, agus nách dá athair ná dá sheanathair ná do neach do chineadh ná do chlannmhaicne Í Chonchubhair do-rinneadh an dán do rug an ceannuighe leis. Agus giodh eadh mar do-chualaidh Ó Conchubhair connradh an cheannuighe, agus a raibhe ris in dán fá
n-a chomhair féin dá cheannach uaidhe, tug Ó Conchubhair dá uiread a ttug an ceannuighe ar an dán dó dá chionn, bíodh nách raibhe feidhm aige ris. Agus dar leam-sa is mór do mealladh an ceannuighe do chionn an bhairr aisdir-sin do chur air tar an tí nár éimidh dán ná drécht ná deaghlaoidh dá ttugadh chuige riamh, .i. deaghmhac Fiachaidh mhic Aodha, fear ceannsuighthe caibhdhean agus cosanta a cheirt, agus fear congbhála gach deighriaghla.
Is méduighthe brughadh 's biatach, beart as buaine, iomdha bean ó Bhrugh na Bóinne go bun Féile. 'S a sin go Sruth gharbh na Maoile, marbh a gáire, bhíos ag cor a gcúil re chéile nár mhúin Máire. Iomdha gallghlór im Ghleann Cornáin, is cúis truaighe, níor beanadh fós clinn a gcléire ná a gCill Cluaine. Ní tuar seachráin saobhnós corrach! a gceann Fhéilim, confadh an dreaguin ón dílinn, eagail d'Éirinn. Níor iarr Féilim na n-écht n-áirmhioch ainm a n-aisgidh, tuilleadh ar ttriall a gceann coscuir, geall an ghaisgidh.
Mír chosanta críche Laighean laoch a bhfeithmhe; ní rug aoinfhear uaidh dom aithne buaidh dár bheirthe. Meadh bruidhne Baile na Corra Caisiol Mumhan, nó an múr te groighioch nár goradh, Oilioch Uladh. Nó Ráith Chruachan, caoimhlios Meadhbha, nó múr Uisnigh, samhail don longphort fhial arsuidh, cian dá cluinsin. Nó Nás áirmhioch, longphort Laighion, nó lios Almhan 'na mbíodh Fionn ag triall gan turnamh 's an fhian armghlan. Bruidhion chúplach na gcuach n-órdha, iosdadh daithgheal, dul 'na gar ar ló ní lamhthar, cró na gcaithshleagh. Teaghdhais loinnreach na laoch meardha, mainér bláithréidh, foirgneamh slaitgheal an mhúir mhaoithchiúin, dúin do dháimhchléir. Tearc ceard dá gcumthar a nÉirinn uaidh ar mearfall; Teagh Miodhchuarta as cló 'na chonchlonn, an cró cleathchorr.
Ní guais d'Fhéilim, éigne lúthmhar, labhairt dána; ní mór théid dá aimhdheóin uadha, taibhgheóir tána. Fiodhbhaidh chlaon ó chnuas ag bloghadh biaidh am Shamhuin, 's geamhar ard ar thuar ós tulaigh uadh 'na aghaidh. Fearthuin meala ar mhoglaibh corra créd nach tiobhra? ró éisc a srothuibh bruaigh Bearbha uaidh is iomdha. I.O.M.D.H.A. Inghion Fhiachaidh, aigneadh fosaidh, freagra tromdha, méin mhaordha, tromghrádh is tarbha, comhrádh Connla. Beangán roscglan, réitioch anbhfann, iomchar oinigh, gég dhaithgheal dob iongnodh d'fhoghoil, ionnramh oirir. Foighég ceannsa do chloinn Tuathoil nár thuill goradh, dóigh nách iongnadh lé dá lamhar, mé dá moladh. Iomdha ollamh d'éigsibh Banbha a mbrugh Úna, nár ghabh uaithe do réir rádha céim ar gcúla.
Bantracht suaimhneach go séis ttaidhiúir fán ttruim mbéasnáir, mná do chur 'na gceann is cáischéim ar gheall grésbháin. I.O.M.D.H.A.
EOCHAIDH Ó HEÓGHUSA CC. Créd so ag buaidhreadh ban nGaoidheal? in díoth óir nó iolmhaoineadh cúis aithmhéile in díorma dhil? ríoghna flaithfhréimhe fuinidh. An easbhaidh caomh nó carad, nó in cogadh críoch n-eascarad is marbhadh dá méd meanman? créd adhbhar na n-inghionradh? An goimh éada is fháth dá múich? in fáth nó in fiuchadh iomthnúith? na banshluaigh ciodh créd a gcor, méd a n-amhluaidh ní hiongnadh.
Ní éirghid gan aigneadh saobh, ní luighid acht lán d'anaobh; mná Muighe báineasgraigh Breagh ráimheasgthair uile a n-aigneadh. Ní thiobhradh adhbhar eile acht fuath énmhná d'áireidhe, ríoghna Craoi fhérdhlúith Earca gach laoi a n-énmhúich aigeanta. Róis inghean Fhiachaidh meic Airt, aoibhiol bheó an einigh ordhairc, buaidhreadh slóigh féradhbhudh Fáil, énadhbhar bróin in bhannáil. Méd a hiomráidh fá iath Breagh 'na miosguis ag mnáibh Gaoidheal; dá dreich bhúidh deargluisnigh dhil tnúidh 'sna cearduibh-sin cuiridh. Is é mheasuid mná Banbha, nách fuil ann acht éttarbha cor clú 'na comhaimsir sin, cnú don ghobhail-sinn Ghaoidhil. Is é a buidhe as beirthe dhi, fuath a hucht fhéile uirthe don bhanLaighnigh do-bheir cion fá threibh nglanmhaighrigh nGaoidhiol. Mná aontumha Innsi Breagh is mná saorchlann mac Míleadh, tig cúis a gcombuaidhridh sin dá gnúis tonnfhuairghil tibhrigh.
Do ghabh na riana reampa, do ísligh a n-aigeanta, do chlaochlá a gcédfuidhe soin, baothmhná téchtMhoighe Tuathoil. Ní cumaoin, ní chuirid soin iomthnúth ar inghin Fhiachaidh, ní bhí 'na mbaramhail féin 'ga mbí daghshamhail díbh-séin. Mná Laighneach ós iad is fhearr dá measdar do mhnáibh Éireann, lucht béime iad 'na haice ós iad d'fhéile is ordhraice. Ní tnúthaigh riú ar rádh gcéillidh, ar fhoghluim ná ar airdchéimibh, ar mhaoin ná ar chúl ré cionuidh ná a ttaoibh a glún ngeinealaigh. Ar thionól ná ar chaithiomh cruidh, ar ghlór leasc ná ar luas mbronnaidh, ar dheilbh roimhíolla ón réidh goimh, ná ar mhéin shoishníomha sheasmhuigh. A faichill ní foláir dhí, cúis eagla d'inghin Róisi tnúth banchuire Banbha Breagh, faghla an anchroidhe ós íseal. Do-ghébhainn dá gruaidh luisnigh eisiompláir in adhbhair-sin; luach d'énduine ní mhaith mé ós sgéluighe maith misi.
Do-chualamair eacht eile gur ríoghadh rí d'áireidhe do dhruim córa ar cheineól nGrég; seineól is córa ar coimhéd. Ní dubhradh ar druim talaimh rí dá raibhe a mbaramhail ar chédfuidh, ar chomas neirt, tréntuir dob fhollus n-oirbheirt. Gein bhuaidh dárbh ainm Oil-íua geintior ón fhial inríogha don naoidhin fá casmhuil cruth rérbh fhaoilidh gasraidh Ghrégach. Do bhídís tre bhiotha síor trí chaoga inghion n-airdríogh ar énfhoghluim ré a gruaidh ghil fán sduaigh séghannmhoill suaimhnigh. Lasuid laochruidh na cruine a n-éineacht dá hionmhuine; gruaidh luisnioch gan úidh ar fhear, níor thuirsioch súil dá silleadh. Neimhní dealbh acht a deilbh-si; níor theisd acht a tuaireim-si; mná na ríGhrég, láimh do láimh, do bháidh d'fhírmhéd a hiomráidh. Ríoghna Grég na ngruaidh lagbhúidh, measdur leó a los fhormadrúin nách biadh gnaoi 'na goire sin ar mhnaoi oile 'na haimsir.
Líonaid d'atuirse is d'amhghar, dob é uile a n-énlabhradh, na mná-sa, gur maite dháibh, grása 'na haice d'fhagháil. Do fhéchsad eatorra féin gá taobh a ttiocfadh dóibh-séin, timdhibhe ar ar dhoiligh díon, oidhidh inghine an airdríogh. Inghion airdríogh, Oil-íobha, guidhiom ar mhná a míghníomha ar tí a hionnlaidh mar budh eadh í fán mbionnmhuir go mbáitear. "Ná dénaidh" ar dream eile, "marbhadh bhar mnaoi n-oirbhire; tochlaidh uaimh ndaghfholaigh dhí, baromhuil uaidh ní hoighthi." "Ní hamhlaidh bhias," ar bean díbh, "dáilfimíd do dhruim ceiníl digh lochtaigh do fhleidh neimhe don ghein fhortail ingheine." Ullmhaighid iomad fleidhe ré haghaidh na hingheine, fleadh neimhe rér ghabhtha gráin, dabhcha eile dob fhalláin. Ibhidh gach aoinbhean, más fíor, digh ar inghin an airdríogh; neimh othruischneadh a bhfill féin do fhill orthaibh-sean ainn-séin.
Ag dáil na dighe meabhla, táinig do thaoibh cinneamhna don bhandáil gur bhean a neimh, 's an fhleadh fhalláin 'gon inghein. A mbás a n-aoinfheacht uile tig do thaobh a bhfionghuile; olc na gcéadbhan cian ó shoin do-chiam fá thréadMhagh Thuathail. Urchóid ógbhan Insi Breagh, d'inghin Fhiacha is é is deireadh, gur bháith a n-iomrádh uile fá Ráith lionnbhán Laoghuire. Is coca láimh re luing mhóir, nó is umha ré hais deargóir mná Gaoidhiol 'na goire soin, maoidhiomh toile nách tabhuir. Coinnioll a ngoire gréine, ísiol fá ard mhóirshléibhe, nó meadh do mhinshreibh fá mhuir gach bean fá inghein Fhiachaidh. Inghean Fhiachaidh Í Thuathuil, bean diúltaidh gach deaghnuachair, earla gégthrom nár char crodh, éntonn na mban do bháthadh. Galar éga na n-óigfhear, luibh íce na n-urchóideadh, gnúis dealbhdha na ngaisdeadh ngráidh lé laisgthear meanma macáimh.
Bean mórtha na haicme ór fhás, buaidhreadh céadfadh, cosc dólás, bás agus beatha curadh, fás eatha ré n-abughadh. Uarán sreibhe a sín teasbhaigh, caor buaidh ban na Laighneach-soin, barr clannórchas na gcladh ttiugh, car ré handóthchus aoigheadh. Inghion Fhiachaidh, aigneadh fial, cisde clú cóigidh Ghailian, gnúis teannálla nár fhég fhear, beannámha séd a sinnsear. Cuisle don fhuil is airde, snadhmadh críoch, cosg mórairgne, gég d'fhíneamhuin ghlanphóir Gall d'fhírfheadhuibh cathshlóigh Cualann. An dá Aodh dob annsa liom dá bhfaca d'uaislibh Éirionn, lé a mbreith uaim-si in mairfe mé? aicme dob uaisle éinchré. C.R. A hiargcomharc agam féin biaidh ó uaislibh Fhuinn ríghNéill, dreach mhíonnaoidhe go ngné ngil, ós mé is díomhaoine a-deirthir. Ní bhia Róis ag duine dhíobh ó fhuil ísil go hairdríogh; gnúis data fa díol annsa, bíodh aca nó agam-sa. C.R.
AN FEAR CÉADNO CC. An coiscéim-si a gceann Laighneach do shúr aoibhe is umhailbhreath, do mhian céimneaghaidh 'na gceann tré fhiadh réidhleabhair Raoileann. Go Laighnibh d'iarruidh innmhe in toisg lér thriall Aithirne, nárab í ar n-eachtra ón taobh thall, ar n-eachtra ar-aon ní hionann. Ó dhúthaigh Con na ceardcha teacht go Laighnibh láimhdhearga do ghruadh Aithirne dob oil, gér thuar raithinmhe a rochtain. An tráth-sain, gá ttámuid ris? tug imdheargadh is aithis do mhnáibh na Laighneach go léir; dom dháigh dob ainbhreath eiséin. Mar nach fuair trá toil na mban fá theacht leis a n-iath Uladh, tré mhéin díomsaigh mur nár dhligh do théigh gríosghoil 'na ngruaidhibh. A n-aontumha ré hathaidh Sadhbh inghean Chuinn Chédchathaigh; do bhí sí sealadh mur soin, do bhí a dearadh 'na duasuibh.
Tug móid ré heitioch éinfhir, in mhóid díomsach dhíchéillidh; dí do tréigeadh a togha, do léigeadh í a n-aontumha. Téid Maicniadh mórmhac Luighdheach dá súr tar toil triathMhuimhneach, a hiarMhumhuin seal iar sin go grianbhrughaibh fhear nUisnigh. Mac Luighdheach na laoidheang ndubh, ar Chonn Chédchathach Cruachan Sadhbh iar soin do sireadh lais, toil nár dligheadh gan díoghruis. "As a teisd do tréigeadh í gus an uair-si" ar in t-airdrí; "fachain ualladh í d'fhagháil, sí dob uamhan d'iongabháil." Do gheall trá ná tiogfadh neach aniar uaithe fá eiteach; rug ó Thulaigh Dá Thí thoir don Mhumhain í ar an eacht-soin. Níor eitigh Sadhbh neach fá nimh ré linn Maicniadh múir Chaisil; níor chosain neamhghnaoi im Chró gCuirc, níor ghnó don deaghmhnaoi a ndubhairt. A gcló na céadmhná do-chuaidh inghion Fhiachaidh an athuair; san Bhanbha bhraontana bhinn damhna a haontumha aithnim.
Mar inghein airdríogh Eithne, ag súr fhir a huaisleighthe sí a n-aontumha thoir ré treall a Moigh raontana Raoileann. Do thabhairt neith dá gach neach, fear mur Mhaicniadh mac Luighdheach d'uaislibh Cláir linnghil Logha budh cáir d'inghin Fhiachadha. Méin dearlaicthioch duas n-iomdha rugadh lé a ló a geineamhna; ní flaith cumhang as cóir dhí, ní dóigh fulang a féile. Giodh eadh, ní hadhbhar uamhuin buain uimpe ar aoi a mórualaigh, gnáth an ana 'na haimsir, bláth na fala Fiachaidh-sin. Cathbhaidh agá chluinsin súd, d'éigsibh Uladh fán am-úd tug comhairle dár chóir toil; ag fóir Modhairne méaroidh. "Molta do na mnáibh a-muigh, a éigsi Cuailnge," ar Cathbhaidh, "a ndéanaimh ós daoibh dlighthir, déanaidh gan aoir aindlighthigh." Ó chrích Uladh an fheóir ghloin tánag ar theagusc Cathbhaidh, lé rithlearg do thaoibh toile go craoibh ithlearg Almhoine.
Tánag ar theasgusc in druadh go Róis na bhfuighleadh bhfionnfhuar tar Bóinn mbraoindeirg fán ngéis ngloin, le gaoidheilg d'éis a hóroidh. Mall in tráth tánag a-nall dá bhfuil liom go Róis romham; ní fhuil aonrann gan fhighe, claonbharr lé bhfuil fáisdine. Nár in tráth tánag lém laoidh, éigsi cáich dá dreich ndonnchaoin do ghnáithbhés mar is díor dhí, ag sníomh a bhfáithghrés bhfoirfe. Rann uaigneach ní fhuil am laoidh, atáid uile ó aois macaoimh, sgoth na n-ollamhan as fhearr, ag commoladh a céimeann. Coill adhmolta Innsi Floinn do caitheadh lé Róis romhoinn; ní bhí nuadhán feasda ag fior go fuarán teasda Tailtion. Tréigthear bean as a beith fial, laoithe cumhra cóig ndoirbhchliar ag dol ina ndíormuibh dhí; col ag ríoghruidh don Róis-si. Searc dhí féin, fuath dá féile, ag uaislibh síl saoirChréidhe; gidh mór bhfear an tí a togha, sí ré headh a n-aontomha.
A grádh 's a heagla re headh atá ag buidhreadh mhac Míleadh; glór gach deighfhir thiar is toir, riar a heinigh ní fhéadtoir. 'Na cuid-si do chrích Conla, d'éigsibh sénta síothghorma lán do shíor gach buinne bliocht 's díol a truime do thoirbhiort. Blas meala ar mhogluibh foghmhuir, díol 'nar dháil do dhonnchormuibh gan aon fá dhiomdhaidh ag dol, craobh ré a n-iongnaibh do íocfadh. Fuair sisi do dhruim ar dháil, a clú ar éigsibh dob eadráin; a gcédghoimh dhí gér dhocar, do bhrégnuigh sí an seanfhocal. Tug in toice a treimhsi dhi, deoch a huarán na héigsi bean a hionnshamhla níor ibh ar feadh fhionnadhbha Uisnigh. Dáiltior ar a dreich n-iodhain deoch mholta ón taoibh thuaidheamhain, deoch a-niar dá nuadháil dí a grian fhuaráin na héigsi. Lucht adhmolta Innsi Fáil dá luadh ó Bhuais go bionnMháigh, 's ó Mháigh go Bóinn sribhghil soir mar is cóir d'inghin Fhiachaidh.
Inghean Fhiachaidh Í Thuathail nár chuir dlaoi ar dhonnchuachuibh, an bhé ghruadhchorcra ó ghurt Breagh, lucht luachmholta dá laoidheadh. Róis toirbheartach nár thréig saoidh, tánag 'na dáil lém dhuanlaoidh ó Mhoigh Cabha ón chrú Néill-si; budh mana clú in coiscéim-si. A.N. C.O.I.S.
AG SO DUANAIRE BHRIAIN MHIC FHEIDHLIM MHIC FHIACHAIDH. RUAIDHRÍ MHAC TOMÁIS MIC EOCHAIDH CC. Siobhlach ar chéilibh críoch Branach brath tochmhairc go ttarla dhí; gur chuir fheirm ar fhear dá céilibh níor bhean a seilbh éinfhir í. Dá foluibh féin fuair an chríoch-so céile toghtha thiocfus lé; móide do-gheabh é gan fholaidh ar bhean sé do Tholaigh Thé. A ttig 'na choinne a gcóir feadhma, fágbhuid aige an t-áth 'na mbí; gi-bé réir do chleacht a gcliathaibh, is ceart ar fhréimh Fhiachaidh í. Tabhairt diadh tré dhúintibh faghla, folta a námhad níor nocht sé; deireadh a gcean ar fhóir Almhan, níor lean tóir ar adhbhar é.
Fá cheann creiche críche faghladh fagháil antruim dob í a thail; créd fár ghabh an táir ré ttarla 'na dháil do char anma air? Ar doirteadh uaidh d'fhionnfhuil curadh cuimhnighthear leis lór do bharr; d'éis gliadh do fhógair a n-araidh ar thógaibh Brian d'fhalaidh ann. Ní hiongna a fholta ar ua Chathaoir do chrodh cáigh a gcuirthear lé; minic dá riar 's í 'na hadhbhaidh, cliar do-ní 'na fhaghluidh é. Cuimhne óg ar fholtuibh seanda mar so do-ní ag nochtadh lann; ní fada ar ttocht go fiadh faghladh gur nocht Brian a adhbhar ann. Tar éis lingthe tré lár ceilge, cuairt 'na ttimcheall tug 'na suan; leis ní bheir aoinfhear acht araidh go treibh caoilshleagh adhaigh fhuar. Ar fud laoch ag locadh comhlann cairt ar chánaidh gur chuir sé, fagháil clú fá thaobh 'na ttiachair, ní saor do chrú Fhiachaidh é. Gluaisid leat do laochruidh armtha ealta churadh chleachtus buaidh, do dhéanamh cean go fiadh faghlaidh do-gheabh cliar go hAlmhain uaidh.
Gér ghnáth é 'na urraidh cosnaimh, cairt a thíre tug fád láimh; gi-bé eacht ar a mbíodh brágha, is díol 'na ceart cána cáigh. Ní beag do chaomhna ar chreich tíre trillsi ad dheaghaidh deargus port, deatach fionnbhrugh ar feadh n-adhnadh ag ionnramh cean t'fhaghladh ort. A ndearna riamh do ró dhíoghla, duit-si, a Bhriain, do-bhéaraidh íoc; is mór do bhean t'fhoghluim d'fhéinidh, fear comhluinn do dhéinimh dhíot. Luaithe thusa ag triall 'na coinne, a gceann troda mar thug léim; fágbhuidh sibh ar fhiar don fhogha as-tigh a ngiall ghona géill. Dortadh fola féinneadh ttoghtha gidh taisi dhíbh do dhruim clú, téighe ar áth n-éigin gach énlá, tráth éigein ní thérná tú. A gcumhga do cuireadh libh-si laoich fheardha ar nárbh iartha buaidh; mór an fuaradh lé fear h'adhbhair bualadh ar feadh n-adhnaidh uaibh. Do chuirn shídhe, do sheóid bhuadha bronntar uaibh gérbh ainbhreath docht; ní beirthior geall oinigh uaibh-se, doiligh teann na huaisle ort.
Órthar am nóin ré neart téigle tolcha uaine as áille lí; saobh 's a mbídh ón ghréin do ghabhluibh nách léir a ttír t'fhaghluidh í. Seargthar lé grán ngeal coll sídhe sreabha tana timchioll chuain; gé tharla soin ar thal treabhthuigh, do loigh gal ar thealchuibh tuair. Do ling teas ar thaobhuibh móirshliabh, do mhéduigh fuacht fírshreabh ngeal, do dhruid sál ó fhiadh ar eachtra, grian 'na dhál ag teachta as-teagh. Brian mhac Fhéilim meic Fhiachaidh, ár a chruidh níor choigill sé; bíodh nách fuil béim ar a bhronnadh, níor chuir a gcéill d'ollamh é. Tairgid triatha ar tteacht dá rochtain roighne a gcorn 's a gcaomhchloch mbuadh; créd fár lean ar ghiall a ghealladh? níor gheabh riar ná earradh uadh. Níor ghabh umhla, níor fhaomh diúltadh; díol do láthair locaidh sé; nár ghabh riar a ndíol a dhiomdhadh ré giall ríogh dob iongnadh é. Tig a ttuinn do thormán aidhbhsioch gurbh eaguil dul do dhruim eóil; béim ag gaoith ag béin ré bratuibh, laoich ag léim a slatuibh seóil.
Ar bhfilleadh dó a ndeaghaidh coscair, don chuairt tug timcheall níor an; taobh re giall do bhí do bhuidhin, do-ní Brian ar bhruidhin ban. Éirghid roimhe ríoghmhná uaisle, onóir a bhféinneadh fuair sé; teann file san teagh 'na ttiachair, más treabh d'fhine Fhiachaidh é. d'eagla a bhfoghla go fuil Raghnuill roithfe comhtha Cláir Dá Thí; cáin nár éiligh Brian ar bhiodhbhaidh, tré fhiadh nÉibhir siobhlaidh sí. Máire Óg 's a inghion Mháire ní mheasuim trá gur thuill béim, gég nár chlaon ó iomrádh íre, an fhionnbhán chaol shídhe shéimh. Inghion Toirdhealbhaigh taobh slisgheal, a seóid bhuadha bronnaidh sí; urraidh dála do dháimh dhoiligh, námha do mhnáibh oinigh í. Plannda oirdheirc d'fhionnfhuil Chathaoir, craobh fhíneamhna as uaisle pór, sgél náir ar a fuil ní fuighthear, ar dháil cruidh ní chuirfeadh clódh. S.I.O.B.H.L.A.C.H.
DOMHNALL MHAC FIR GAN AINM MHIC EOCHAIDH CC. Fáilte ród, a Bhriain Í Bhroin, cuirfiod, a mheic meic Fiachaidh, d'éis t'asdair ar ttocht as-teagh ó Shagsoibh go gort Gaoidheal. Teacht duit is lúthgháirioch linn ó ghuais mara, a mheic Féilim, go crích Raghnuill fhréimhe Broin, a chéile in gharbhfhuinn ghleanntaigh. A eóin sheabhaic shídh Labhraidh, d'fhagháil fháilte ót ollamhnuibh táinig tú a ttrén fá dheireadh clú do scél go scaoilfeidhear. Gi-bé lér fhuath tú do theacht, féadaidh Dia d'fhulang aimhneart; tú as liaigh do chách dá gcabhair, a Bhriain, 's 'na tráth tángabhair. Fáilte dhuit dlighthear dhínn-ne, gnáth grian a ndiaidh gairbhshíne, Dia do bheatha, a Bhriain tar h'ais a ndiaidh an cheatha ad-chonncais. Ní fhuil d'uaislibh Fhóid Dá Thí bean ná fear ó nách foighthí beatha 's sláinte dá rádh ribh, 's fáilte dá ndán ó a ndraoithibh.
Buidhioch don mhairnélach mé, don ghaoith ar-aon 's don fhairrge, 's don luing inar thriall tusa tar tuinn don fhiadh Fhódla-sa. Ní tú a-bháin, a Bhriain, réd linn atá fá ainbhreith d'Éirinn; gearr beithior fá dáil deimhin, cáir feitheamh ré fóireidhin. Féduidh cách a rádha ribh, a mheic Féilim, d'éis t'aisdir, teacht ar druim cuain nó calaidh ar uair gcuirr níor chleachtabhair. Do luigh m'intinn orra so, sliocht Seaáin mhóirmheic Aodha, lucht páirte ar síol dá seanuibh, díol fáilte dá bhfileadhuibh. Tusa mar é, a Bhriain Í Bhroin; fáilte lér éirigh h'athair do chuir meisi ród roimhe, mo sheisi d'Fhód Iúghoine. Do nós na rann roimhe so go n-éirghe m'fháilte dáno, a fhéinnidh a ttroid nách tim, doid mar do éirigh d'Fheilim. Is é ar meas ar mhac Úna do neamhthoil fhear n-iomthnúdha, go ndiongna a ghníomh duine dhe fá bhfuighe fíon is fáilte.
Do thoil, a Dhé, ní dhearnas, cúis fá bhfuighinn flaitheamhnas; fóir ar mh'anam, giodh olc mé, ad phort go bhfagham fáilte. F.Á.I.L.T.E.
AONGHUS MHAC DOIGHRI Í DHÁLAIGH CC. Do-ghén céile do Chathaoir, lámh thrén nár thuill éntathaoir, cneas séimh lér éirigh oirbheart, féinidh lé a n-éir uasailbheart. An Cathaoir-si is céile dhamh, gomadh é bhus sia saoghal, cara ceall ca céile is fhearr?, ceann ar réi-ne go roicheann. Sul do thogh ollamh eile, dó tugus tús m'aimsire, gnúis rachaoin is réidhe roinn, Cathaoir mac chéile cumuinn. An í a dhreach shéghuinn shubhach, nó a labhra caoin carthanach tug tromghrádh do gach duine nó no a chomhrádh cialluidhe? Níor bhraith mé cumhgach croidhe, ná a thaisi a ttráth iorghoile ar mo shaoirchéile bhfial féin, ná mian aoinchléire d'aimhréir.
Ní cuirthe dhó ar gcúl choidhche, mac Aodha an airm fhaobhairthe, cion na gcéidleannán do char, géigbheangán do fhiodh uasal. Tig tuile shiobhlach seirce dom chéile óg inneilte fá imlibh cuain mo chridhe, nách imdhigh uair d'áiridhe. Fíoch leómhain a lá catha, fírinne fós ardfhlatha, 's ró féile ar nách foghthoir faill, a n-onchoin fhréimhe Raghnuill. Ísleóchuidh ógmhac Sadhbha trén Danar fhóid fhionnBhanbha; cuilg géirreann leabhra in leómhuin feadhna Éireann airdeóghuidh. Rug meirén Muighe Luraidh, lámh ghasda, gníomh seabhcamhuil, geall ó fhírsheabhcuibh gach fhuinn, re sídhealtain eang n-áluinn. Méin Aodha, a cheinél 's a chruth, atá ag Cathaoir, clú saoghlach; lámh ainmneamhuil nár fhaomh béim, Aodh ar airrdheanaibh eiséin. Minic do bhí ar bheagán sluaigh d'fhuil Raghnuill laochruidh lannchruaidh, ó Bhearbha soirin go sál doighir na feadhna ar fadádh.
Ní léig eagla ar an fhuilioch an cara ná in comhuighioch, ná radharc a n-am fheadhma d'amharc na lann loinneardha. Madh lia a laoich a lá catha, madh lia a bhfogha faobhracha, tuillfidh cách tathaoir a ttroid do Chathaoir in tráth teagmhuid. Slighthe a ngleó do dhírigh dháibh, mearghasraidh meic mheic Seaáin; mór ród do réidhigh rompa in féinidh óg árrochta. D.O. D.É.N
Buaidh ríodhamhna ar Raghnallchuibh do bhreith fileadh Fhóid Énna; ríoghraidh fhuiltioch armarsuidh, cairt an bhladha leó légthair. Fiú an chéidteisd do chuirioduir fuil Raghnuill na sluagh siobhlach, mar tá a gclú gan uiriosbhaidh, caithiomh do chur a n-ionnmhus. Ceann sluaigh na bhfear bhfírfheardha, ua Rémuinn na ruag neamhthais, beiridh in fiodh fíneamhna barr uaisle tar na feadhuibh.
Mar táid riamh lé réidheineach, laoich oirdhearca fhuinn Branach, aniú ar lár ní léigfidhear teisd na ríghmhíleadh rathmhar. Mac Seaáin Óig oirbheartuigh, taibhgheóir cána críoch mbiodhbhadh, cuirid dá chlú a gcoinghleaca barr anma air nárbh iongnadh. Mar táid ríoghraidh Raghnallach a gclú a gconchlann ar-oile, leanfuidh in t-óg armchorcra lorg na sinnsear riamh roimhe. Is lór do thúr tighearnuis oighri Seaáin, rún ríobhan; ag cléir ní fhuil indearmuid fá dhigh molta as daor ndíoladh. Ní leanfaidh ceart oighriochta, a n-am troda ar chách cinnfidh; ró oinigh is oirbhearta, ní beag é d'iarraidh innmhe. Ciall fá riaraid ríodhámha, fine Broin na bhfleadh neartmhur, macruidh gan mhian síothchána, sealbh an ghaisgidh dóibh dleaghthar. Sgél nuaidhe a-tá a ttairngire, a mhic Úna, is ribh shamhluim, go ttiocfa scrios ainbhfine fá dheóidh do ríghshliocht Raghnuill.
Uirscél arsaidh fuaramar ar mhac ríogh d'óguibh Uladh; tráth a-nois dá nuadhughadh, dó is cosmhuil a chumadh. Fear dár chomhainn Conchubhar, mac oirdhirc Fachtna Fáthuigh, triath na gcuradh gcomhramhach, annamh sóisear nár sháruigh. Téid in cuire coimhneartmhar, más fíor a bhfuighlid scola, do dhruim fhéile is oirbheartuis a seilbh ceannuis Chlann Rosa. Gérbh é Naoisi neartchalma dob óige do chloinn Uisnioch, do-chóidh do dhruim deaghanma ós cionn na bhféinneadh bhfuiltioch. Gér tháscmhur na trénchuraidh dá mbíodh gach aoinneach umhal, clú na sósur séanamhail fá dheóidh do sháruigh tusa. Tú in t-uaithne dá n-umhluighid fuil Énna a n-aimsir troda; géga na gcrann gcumhruidhe, do-níd umhla dá ttoradh. A lámh is trom ttíodhlaigthe, do-bhér dhíbh do shéd suirghe; glac rann do dhruim díoghruisi ó a mbia ar gcumann ar cuimhne.
Fiú a luaidhtear dod láinteasdaibh, a mhic Úna is ard n-anma; méd na nduas do dháiliobhair, is díbh féin a-tá a tharbha. B.U.A.I.D.H.
Geall gach láimhe ag láimh Ghearailt, lér ghnáth seóid dá sírdheadhailt; lámh agá n-anann cóir cáigh, nách lamhann tóir a teagmháil. In geall gnáth do-gheibhthior lais, is é rádh gach fhir eóluis go rug lámh Ghearuilt ar ghal fá Chlár seanAirt an síoladh. Dámadh lámh í a n-aimsir Fhinn, do bharamhuil do-bheirim gur tearc lámh 'gá mbiadh a barr, lámh fhial náchar chleacht comhthrom. Nó lámh Fhinn nó Ghuill ghreadhnaigh, nó lámh Osguir airdmheanmnaigh, nó lámh Chonuill Chearnuigh glic, crobhuing an eangnaimh oirdhric. Lughaidh Lágha acht gér laoch mear, a n-iongna cia do chuirfeadh dul do ríréltain Chláir Cuirc tar láimh ghnímhéchtaigh Gearuilt? G.E.A.L.L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services