Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Leabhar Branach

Title
Leabhar Branach
Compiler/Editor
Mac Airt, Seán
Composition Date
1594
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1944)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AONGHUS DUBH Ó DÁLAIGH CC.



Scél tásgmhar do ráinig fá chríochaibh Fáil
dá ttáinig lántuile a nGaoidhiltigh Cláir
do chloinn áird áithiosaigh Mhíleadh Easpáin.
Toisg áirmhioch ar lár an laoi ghil bháin
tug gárda láidir mhic Aoidh mhic Seaáin
do chuir ár ar bhárda an aolchaisleáin.
'S báidh liom nár fágbhadh neach d'fhuidheall an áir
gan chnáimhghearradh a bhfán an mhaolchnuic áird
acht an bhráighe atá fá dhaoirsi a láimh.
Ón lá sin bú láidir Gaoidhil go bráth,
's ní náir liom mar táid na laoich sin slán
d'éis an áir gan chneádhuibh a gcaoinios sleágh.
'S ní bás do shliocht Seaáin mhic Aoidh go bráth
amárach dá bhfághaid a n-aoinfheacht bás
d'éis áthuis láinmhir an laoi so amháin.
So an ghárda do bhí an lá so ag sraoineadh an áir
d'fhuil Rághnuill nár ghrádhuigh síoth do ghnáth
's nár chuir lá ná cáirde am dhíol ar dháimh.
Táin státmhar árrachta míleadh mBreágh
nár ghabh scáth ré ndá urad buidhne ar áth
's leis nár ghnáthach sámhchodladh oidhche d'fhagháil.
Do-ní lá do lár na hoidhche dháibh
gárlasair smálghairthe críche a námhad.
Is iomdha Spáineach scáithgheal dírioch leábhar
is feilm bháinghreanta ar ádhbhar laoich ar áird,
scéith áille táite le clí dheasláin,
is lámh láidir fhágus le píosa práis.
Ceann an bhárda ar sgáth an spíce ar lár
a ndiaidh sháirmhic áirmhigh Aoidh mhic Seaáin,
lámh láidir mhic Sáidhbhe as dídion dáibh.
'S dá ttráchtuinn a ndeárna ó a aois go bás
d'áithios mhic Sáidhbhe scríobhtha a bpár,
budh mé an fáidh dob fheárr fios a gcríochuibh Fáil. S.G.É.L.


L. 151


Do-chluinim mar do-chluin cách
scél chuirfios a lán a ttrén;
ciodh gearr ó a-né gus a-niugh
's fada ráinig fios na scél.



B 1597c 17
U Domhnall mac Fir gan Ainm Mac Eochadha

DOMHNALL MAC EOCHADHA CC.



Mairg do-chonnairc ceann Fiachaidh
do dhíoth an fhéil óirsciathaigh;
bheith d'easbuidh a chuirp dá cheann
do dheasguibh uilc na hÉireann.



Mairg mairg do-chonnairc a chorp
ar díoth chinn mar do-chonnarc!
dob fhearr dall an rosc roimhe,
cosc ní ham dom eólchoire.



Mairg riamh ar a raibhe an chos
rug mé san áit ar fhéachos
mo sciath a ttráth a thurbhuidh
a nÁth Cliath 'na cheathrumhnaibh.



Mairg do osguil an abhra
tug orm an ceann cathardha,
an lúdh gan anam d'fhaiscin,
nó an chalann úr ordhairc-sin.



Mairg 'gá raibh an chluas ré a gclas
scél a bháis an t-am fhuaras;
do bheadhg am chliabh mo chroidhe,
's do shearg ciall ar gcollai-ne.


L. 152


Mairg do bhraith, gi-bé as cionntach,
mac Aodha, an triath toirbhiortach;
fearg Dé ar an tí lé a ttorchuir
an té budh rí ar Raghnallchaibh.



Mairg tuaith is creachadh cille
toisg cinn mheic meic Duirinne
go cúirt roighil suairc Sasan;
doiligh a chuairt chuca-san.



Mairg nách faghann mar a bhfuil,
cóir gaoithe agus uain arthruigh
do-bhéaradh sinn go Sagsuibh
d'fhéghadh chinn an churadh-sain.



Mairg tarla mur do tharla
ord fileadh fóid fionnBhanbha
fá theann eachtrann 'na easbhuidh,
an ceann dearcmhall déidgheal-soin.



Mairg dá fhine do fhuirigh
beó dá éis dá fhiafraighidh,
cia bhus díon dún 'na dheaghuidh
do shíol a ghlún ngeinealaigh.



Mairg oile dá n-uair misi,
ní hé as crádh don chroidhi-si,
crádh damh-sa mar gach nduine
's dá lán m'annsa is m'ionmhuine.



Mairg as mó dhúinne ná díoth
ceann Fiachaidh nár ob eissíoth,
cliath fhasgaidh na ndruadh ag dul
a n-asgoidh lé sluagh Sacsan.


L. 153


Mairg dhíbh nách n-aghann ar-ís
do neamhthoil Ghall 's an ghiúisdís,
ní sia a chalann, dámadh cead
ó Dhia a anam ar aiseag.



A ndíol a bhfríoth lé Fiachaidh
d'fhuasgladh giall ó Ghailltriathoibh
fríoth bráighe ghill lé Galluibh;
scáile a chinn do-chonncamair. M.A.I.R.G.



U Aonghus mac Doighre Ó Dálaigh



AONGHAS Ó DÁLAIGH CC.



A cholann do-chím gan cheann,
sibh d'fhaiscin do shearg mo bhríogh
rannta ar sparraibh a nÁth Cliath;
d'éigsi Banbha bhias a dhíoth.



Tú an cholann do-chonnairc sionn
ós cionn mórshluagh ad mhionn shúl;
gé taoi a n-ainriocht nuaidhe a-niogh,
dob áirmhioch do chion ar tús.



A chuirp oirdheirc dob fhearr clú,
ód-chonnarc thú ad cheithre chuid,
ní bhia an croidhe cédna am chliabh
's ní bu cuimhnioch ciall mo chuirp.



Tú do dhall radhorc mo rosc,
rug luadhaill mo chos ar gcúl;
a cholann do chlaoi mo thrén,
ní chuala riamh éacht mar thú.


L. 154


Cia fhóirfios easbhuidh na mbocht,
nó cia bhronnfas crodh ar chléir?
a cholann ó taoir gan cheann,
ní marthain dob fhearr tar h'éis.



Cia ar a n-iarrfuid draoithe duas?
cia ó a bhfuighid cuairt do shíor?
ó taoi, a cholann, gan bheith beó,
cia chinneóchus ceól ná fíon?



Ceathra boill brisde na ruag
do-chonnarc uaim a nÁth Cliath,
dá gcomhroinn ar cheithre spairr
tug mo chroidhe fá dhall chiach.



Na boill-sin do bheith gan cheann
tug críoch Laighion na learg n-úr
gan riar deóradh, gan cheól crot,
gan luadh comhlann, gan chor clú.



Mairg do-chí césadh na mball
lér ghnáth bronnadh arm is each,
dá bpianadh ag gaillsin ghéir;
mairg tárruidh a ré do theacht.



Scél fá mbíd curaidh ag caoi,
boill lúthmhara an laoich ón Ghleann
roinnte ar sparra chruaidhbheann chlach
d'éis claochluighthe a ndath 's a ndealbh.



Scaoiltioch ortha ó thír go tír,
laoich coigcríoch do-chínn ad dhún;
scaoiltioch bantrocht, scaoiltioch scol,
is diombáidh liom a gcor súd.


L. 155


Uch a chinn chnuaisge na gcreach
ó thír námhad lé neart sluaigh,
nách tarla a fhiú d'onóir ort
do cholann do chor a n-uaigh!



Sul do-chonnorc féin do mharbh,
a mhic Aodha na n-arm nocht,
truagh mar tharla croidhe am chlí,
nó nách dall do bhí mo rosc!



Far-íor ní fhaicfiom go bráth
an troigh lúthmhar ná an lámh gheal,
is ní fhaicfeam choidhche an ceann
dob fhearr cuma, dealbh is dreach. A.C.L.



U Údar roimh an seachtú haois déag
DONNCHADH MAC DOMHNUILL MIC EOCHADHA CC.



Cia anois fheithmhios d'iath Laighion
d'éis an fhir nár sáruigheadh?
lámh fhial dob éinneirt oirbheart
riamh ar eimeirt uasailbheart.



Iath Laighean, d'fhínné gach fhir,
go lá a fhaghála a n-aisgidh
do budh teann Fiacha ar gach fear
fá cheann an iatha d'fheitheamh.



Ar smacht, ar iomchar aoigheadh,
scél as cóir do chommaoidheamh,
beith mar do bhiadh dá maireadh
gan a bhreith d'fhiadh fhionnLaighion.


L. 156


Ar chuimhne ó do-chualaidh mé
cách ag coimhreic an sceóil-si,
scél doiligh oile ní fhuil
am chroidhe acht oidhidh Fhiachaidh.



Ó Raghnallchaibh na ruag mear
do bhí uaim ar iath Laighean;
do scaoil uaim an iatha ó shin
Fiacha ar an uair fár imthigh.



Uatha ó do-chuaidh a gceann sídh,
fian Laighion lán do neimbrígh;
'na dheóidh is dearbh nach deachaidh
sealbh an leóin ó Laighneachaibh.



Do budh mór a luadh ré a linn,
mac Aodha dob ard intinn;
truagh gan acht táir ó thorchair
do luadh ráidh ar Raghnallchaibh.



Fear iomchair a theaghlaigh thruim
nó gur thuit gan chur gcomhluinn;
scol níor sháruigh 's níor chailg cill,
is mairg thárraidh a thuitim.



Truagh an lá-soin luaitear linn
'nar dheónaigh Dia do thuitim;
go hécht Domhnuigh do rádh ribh
do chládh d'fhoghlaidh níorbh fhéidir.



Ní mhairionn duine ar domhan
acht Dia dhuit dá dheónoghadh
do shaoil gan eadráin oraibh
teagmháil daoibh re Danoraibh.


L. 157


d'fhearoibh Laighion na learg réidh
ó fuaras t'oidhidh d'oilbhéim,
guth an bhróin a mbeól gach fir,
gan óidh ar cheól dá gcluintir.



Sgaoiltioch orra ó ar-oile a-nois
ó taoi, a Fhiacha, 'na n-égmois,
fád bhrataigh ag gníomh a ngreagh
a mbíodh do mhacaibh Míleadh.



A gcrích Midhe na múr ngeal
lór sáirfheadhna cúig gcóigeadh,
a dhóigh shéd shíl na bhfileadh,
a mhéd tríbh do tuirsigheadh.



Bás mheic Aodha an aignidh ghloin,
guais go mbia an uair-si an fhiodhbhaidh
a bhfad a bhfás gan eatha
ón bhás do lag Laighneacha.



Tré bhás Fhiachaidh mheic Aodha
dóibh dob fhearr a iomthaobha
dlighid mílidhe Craoi Chuinn
caoi mar ríghfhine Raghnuill.



Truagh nách tarla sul torchair,
bu díon d'ógbhuidh armghlonnaigh,
fál ordhairc a n-eagar ghliadh
am dhreagan gormghuirt Ghailian.



Ón lá do thuit, truagh an cor,
do-chím lé cách go rugadh,
a mbeach eóil ós dá iomluadh,
breath leóin ar an Laighionshluagh.


L. 158


Fás na bhfíonshlat fútha sin
is tuirsi an laochshluaigh Laighnigh,
is tuirsi scol Iatha Airt
Fiacha do dhol gan díoghoilt.



Bíodh mo shlán bheith rém beathaidh,
's as sé sin do Laighneachuibh,
tú fúinn ar ttocht mar thuile
gan m'úidh ort, a eólchuire.



Tar gach aoinfhear dá aos gráidh
dá ghualainn anba an anáir
go hoidhidh cinn na gcuradh
fa doiligh inn d'athrughadh.



Baile na Corra do-chím,
ní beag é d'adhbhar imshnímh,
do león gur líon an baile
a mbíodh ceól a gcomhnaidhe.



Ceann an oighre-sin Aodha
riamh nár mheabhruigh míothaoma,
ceann gan toil d'fhionghoil ná d'fheall
tar mhoir ó fhionnmhoigh Éireann.



An ceann do cuireadh tar muir
misde sibh, a chlann Criomhthuin;
lé feall uaibh-si níorbh ionchuir,
ceann dob uaisle d'Éirionnchuibh.



Ceann budh cosmhuil ris in gceann
níor cuireadh ó iath Éireann;
ceann do scoil badh teann ttabhaigh,
ón Ghleann soir go Sagsonoibh. C.I.A.


L. 159


FEARGHAL MHAC LUGHAIDH.



Do-chím gach fear acht Fiacha
eidir uaisle is airdtriatha,
's daoine gan bhéim ar a mbloidh
's a ndraoidhe féin 'na bhfochoir.



Do-chím a theaghlach tromdha
's a ghaol 's a lucht leanamhna,
's ní fhaicim céile na gcliar
dá bhfaicinn gléire Ghailian.



Do-chím ollamhuin fhóid Breagh,
do-chím cliara na gcóigeadh,
feadh comhóil in gach caithir
fá onóir 'gá n-ardfhlaithibh.



A lucht do-chí nó do-chluin,
an truagh libh draoithe an domhain
fá threisi 'gá ttriathaibh féin
's meisi gan Fhiachaidh ainnséin?



Nó an truagh libh, a lucht comtha,
do dhíoth cinn mo chobhartha
a mbí do thár oirn d'éigin
's moirn 'ga lán dom leithéidibh?



Nó an truagh libh mo dhán gan díol
's mo chion ag dul a ndimbríogh?
d'éis an tseisi ór slonnadh sinn
meisi an t-ollamh gan uirrim.


L. 160


Ionann bhraithim go nua a-nois
an té as treise ó taoi am égmhuis,
is an tí as éidtreise iocht
ar tí m'éignei-si a n-aoinfhiocht.



Ní sheachnann sluagh dá mhéad mé,
guais leam gach lucht dá loige;
am chádhos do-chuaidh caithiomh,
tárras uair nách íocfaithear.



Créd an diamhair-si ar ndul air?
nó an truagh nách faicim Fiachaidh?
ós é do fhédfadh m'fhurtacht
is do fhégfadh m'anocracht.



Ní fhaicim é lé treimhsi,
a chomhrádh ní chluineim-si,
a-muigh ar tolaigh ná as-toigh;
cá conair a bhfuil Fiachaidh?



Créd nach faicim flaith Laighion
a measg druadh ná deóraidheadh,
ag deaghthuar teasd ná troimneirt
a measg creachshluagh gcreachoirdheirc?



Ná a measg bandál ná brughadh,
ná mac ríogh ná ríoghcuradh
ag buain teasd a ndoibheart díobh,
a measg oireacht ná uirríogh?



Smacht flatha ré feadh síodha,
glés airm lé hucht móirghníomha,
uch nách cluinim far-íor uaidh
gníomh dá gcluininn an chéduair!


L. 161


Créd nách cluinim mar do chleacht
Fiacha ag geimhleadh giall n-oirdhearc,
ná a ttús coinneadh crú deaghBhroin
ag toilleamh clú a gcaithbhearnain?



Ag sreathadh con ar chionn sealg,
ag deilbh chean ná ag cosg díbhearg,
ag cosg doirre sgol gan scíoth,
ná ag dol a gcoinne coigcríoch?



Do bhíodh againn, gach aoinfhear
do lucht dénta duanlaoidheadh,
luagh ar a nós a-nallain;
truagh nách 'na thós tárramair.



A chomairce 's a chosnamh,
a thionnlagadh tarbhach-san,
a rún 's a chomhrádh ré chois,
a roghrádh dún 's a dhíoghruis.



Ionann fa m'fhachain scíthe
a chomthaigh 's a choigcríche,
's a mair don laochruidh Laighnigh,
a chaomhthaigh 's a chomhairligh.



A mbí ag éagnach dá aithle
eidir chairde is chomhaighthe,
damh féin as foide leam-sa
féil broide na mbuidhean-sa.



Beag an chúis lúthghára leam
gach lá féile dá bhfaiceam;
mór bhflaith 's gan eision orra,
sgaith ar seiseadh saoghalda.


L. 162


Ní mó as cúis lúthghára leam
ól fleadh ná imirt fhithcheall,
ná rith deighfheadhach sadh seang
a ndeidheanach damh ndíleann.



Beag thógbhuid ceó dom chroidhe,
gníomh each ná lúth laochruidhe
ar maghucht ná ar maoilinn ghloin,
ná amharc aoibhinn aonaigh.



Ar cheól, ar laoidh ná ar leabhar
ní fhuil m'aire ag oibriughadh,
ar ghroigh mhuirnigh ná ar cuan con,
ar fuighlibh suadh ná seanchadh.



Gan fhaigsin Fhiacha ní fhuil
séd dá áille ar druim domhain,
ceól sídh ná seanchos feasa,
bheanfas dínn an doilgheas-sa.



Ní fhéduim, an uair do-chím,
gan chor gach ní a neimbrígh;
grádh a n-aoigheadh ós gach fhear,
gach aoinfhear slán acht seisean.



Truagh nách cluin mo chuid cridhe
mur táim lé headh n-aimsire,
d'éis loighe dom aigneadh air
gan chaidreamh oile d'iarraidh.



d'iath Laighion as dúthchus damh,
dó san chaill-sin do-chuamar,
lé neach dhíbh níor threabh mo thoil;
do-chím gach fear acht Fiachaidh. D.O.C.H.Í.M.


L. 163


U Fearghal Óg Mac Eochadha
FEARGHAL ÓG MHAC EOCHADHA CC.



Mairg atá tar éis Fhiacha
gan airighidh éintriatha,
's nach áil le triath oile inn
ón iath go ar-oile d'Éirinn.



Mairg agá bhfuil a ndán dó
triath d'iarraidh tar éis Fhiacha;
ní fhoil san tail acht taidhbhse,
mo thoil air dá n-aghainn-si.



Giodh mairg a-tá mar táim féin,
ní mé a-mháin dá mbean oilbhéim;
neach mar táim uadh is iomdha,
truagh mar táim gan tighiorna.



Mairg 'gá raibh a ró muirne
a gcogar 's a gcomhairle,
sgath a rún, a ghrádh 's a ghean,
's a lán ag tnúdh 'na thimcheal.



Mairg do chleacht a chaidreamh séimh
's a bhronnadh ríoghdha roiréidh
's a ghnúis donnbhán mhaordha mhear
's a chomhrádh aobhdha áilghean.



Mairg as beó a ndiaidh ar ndeadhla,
m'fhear tobhaigh, mo thighearna,
m'fhear toighe, mo ghaol, mo ghrádh,
mo laogh croidhe, mo chompán.


L. 164


Mairg mhairios gan mhac Aodha,
neach tar m'éis ní hiontaobha,
fear ónár bhuan séd ar sliocht,
truagh gan ar n-ég a n-aoinfhiocht.



Truagh mar táim tar éis Fhiacha,
mairg bhíos ar díoth deighthriatha,
's mé fá thrén Gaoidhiol is Gall
's gan trén ar aoinfhior agam.



Mairg do chuidigh choidhche a ghoin,
misde Gaoidhil goin Fhiachaidh;
mar tá a mhairg, a Dhé, dhamh,
a mhairg don té lér tionnsgnadh.



Más d'fhuath croidhe nó a gcruth fill,
mairg dá ttáinig a thuitim,
ceann an chaomhchuire ó Bhóinn Bhreagh,
ceann slóigh laochraidhe Laighean.



Mo romhairg fuair mar fuair mé
d'éis Fhiacha is adhbhar truaighe,
sé 'na aonar go Dia ar ndol
saoghal budh shia ná a shaoghal.



Mairg, a Dhé, nár dhídean damh
ceann na ndámh is na ndeóradh,
ceann gan locht, ceann na gcuradh,
ceann na mbocht do bheathughadh.



Dob é fear coimhéda ar gcruidh,
mairg as beó tar éis Fhiachaidh,
's mé gan aonduine dá éis
'na aoghaire agam airnéis.


L. 165


Gidh iomdha mairg roimhe riamh
fuaras do ghasraidh Ghailian,
bás an té nár airg ollamh,
mairg mar é ní fhuaramar. M.A.I.R.G.


L. 166


B 1612ob 17T
U Eochaidh Ó hEoghusa
AG SO DUANAIRE FHEIDHLIM MHIC FHIACHAIDH MHIC AODHA



EOCHAIDH Ó HEÓGHASA CC.



Ionmhuin teach ré ttugus cúl,
fionnbhrugh luchtmhar na lios mbán,
múr síodhfhoirfe sliombláith saor,
fionnráith chaomh líodhoilfe lán.



Ionmhuin míntreabh ágbhláith oll,
a fágbháil ba fírleasc leam;
do bháith a snímhimneadh sionn,
ráith fhionn na sídhinghean seang.



Ionmhoin meadhair a mac ríogh,
ionmhoin tlacht a heasdadh n-úr,
ionmhoin reabhradh a con gcaomh
's a scor saor leannghlan ar lúdh.



Ionmhuin snuadh bláithgheal a brat
's a sluagh 'na ngnáithbheartaibh gleac,
séis neamhdhuidhe caoine a crot
's faoidhe a stoc mbeannbhuidhe mbreac.


L. 167


Ionmhuin sreath dáileamh an dúin
nách ráiteach ré headh an óil,
's fuighle a hógbhan snuaidhgheal sídh
do thógbhadh dínn buaidhreadh bróin.



Ionmhoin a heasrán 's a haobh,
's is ionmhoin seasdán a sluagh,
is mearghraifne a ngreagh dá ngníomh,
sníomh a sleagh reannghairthe ruadh.



Is amharc a hasnadh ndlúth
is radharc a gasradh ngnáth,
silleadh a coilgshleagh 's a cuach,
rinneadh a bruach mboirdgheal mbláth.



Díogha turuis tarla liom,
anmhoin a nUltaibh dob fhearr;
dul go port na saorchlár sliom
olc liom is claochládh am cheann.



Iosdadh niamhghlan Cairrge an Chróigh
nách iatar le haidhbhle sluaigh,
Traoi Laighion an síodhmhúr séimh,
díobhdhúdh dom chéill m'aigheadh uaidh.



A ttarla do radharc riom
is amharc marbhthach rom-mheall;
muna síoth a saoirlios sliom,
ní fríoth liom aoibhnios dob fhearr.



Treabh asnabhláith go ngné ngloin,
an é teach Manannáin mhir,
nó an síoth fár fhear Fionnbharr fuil,
nó an teagh 'nar shuidh Sioghmhall sin?


L. 168


Nó an é teach Ábhartaigh d'fhoirm
an bláthbhrugh-soin nách beag gairm,
nó síoth líonmhar braitgheal Boidhbh,
aitreabh Doilbh nó síodhbhrugh Sainbh?



Nó an é do scar Aonghus Óg
ré hEalcmhar nárbh aobhdha rúd?
múr griandoilfe fán gnáth éd,
nó an scáth brég siabhairthe súd?



Nó an é Nás, róbhrugh na ríogh,
inar ghnáth an ógbhadh fhial,
nó lios Carman na gcladh n-úr,
an múr glan fá ngabhladh grian?



Iosdadh slaitgheal Cairrge an Chróigh,
aitreabh as daingne acht ar dháimh,
múr na ttreabh saoghalta sídh,
aonshompla sídh is cean cáigh.



Iomdha dream ag conchlann cleas,
is fothrom arm slios re slios,
is cuach lán mbeannbhuidhe mbras,
's sgeamhghuire ghlas lámh san lios.



Treabh lonnrach na laochradh n-óg,
mo-chean snaidhm na n-aolchloch úd,
garrdha caomhanta um chath nGrég,
scath na séad saoghalta súd.



Ó chlachaibh ceangail gach cuaigh
's ó lasruibh a heirreadh n-óir
is fatha siabhraidh lé súil
datha an dúin niamhghlain am nóin.


L. 169


Ionmhoin teach dá ttá mo thoil,
ionmhuin fear a-tá san toigh,
draig airmghreanta as arnaidh guin,
tuir daighshleachta barrghloin Broin.



Teach mheic Fhiacha, iosdadh saor,
fialbhrugh nach beirthior a bhuadh,
tar a ndéinim ní dó a-tám,
mó mo ghrádh d'Fhéilim mon-uar.



Fearr do dhíol annsa an t-ainm fuair
's na hairrdhe ar nach aghthar béim;
díoghruis muirne an mhéirsheing bhúidh
fuighle rúin ar bhFéileim féin.



Díorgha a gheallámh, gloine a bhés,
a fhoidhide, a neart, a nós,
buga a mheanma ag dáil a dhuas,
a chruas a láibh feadhma fós.



Grian nua ag ardachadh ós fhiodh,
triath Raghnallach na ruag mear,
glac rochalma as réidhe am chrodh,
céile scol bothadhbha Breagh.



Mac mheic Aodha, óradh ceall,
gein mhaordha mórtha na bhfonn,
cosc ainbhreath Adhbha na bhFionn,
mionn amhra na Laighneach lonn.



Rún eagnuidhe as amhra ciall,
arthrach as seasmhuighe seól,
dórtadh créachtfhala clann ríogh,
sníomh céadfadha Gall a ngleódh.


L. 170


In dá Aodh dá ttugas tol,
lé ttugtha aobh dá gach fhior,
táinig dom chrádh tuirsi as-teagh,
grádh na bhfear rom-chuir-si a gcion. I.O.N.



Inghion Fhiacha, aigneadh saor,
an chiallmhar fa cneasda rún,
dreach niombán do nuaidhe cliar,
triall uaidhe fa diombádh dún.



Méd is tighe a toirbhiort ttrom
do bhoingsiod dár slighidh sionn;
dísle a rúna is roghrádh leam,
do mheall comhrádh Úna ionn.



Gnúis nár as soidheargtha snuadh
nách doimheallta ag dáimh fá dhíol,
toradh gég na nGaoidheal n-úr,
rún nár bhrég aoinfhear fá fhíon. I.O.N.



B 1601obc 17T
U Aonghus mac Doighre Ó Dálaigh
AONGHUS Ó DÁLAIGH CC.



Rugas ainbhreith ar Fhéilim;
móide clú an bhuig bhaismhéirsheing,
saoirdhreach nach cumhang croidhe,
fulang daoirbhreath dámhscoile.



Munar fhulaing ainbhreith damh
nó dom ionnshamhuil d'ollamh,
roisc thaidhleacha, taobh mar thuinn,
ainbhreatha d'aon níor fhulaing.


L. 171


Ní fhéd énlaoch a n-am gleóidh
breith a bhuaidh d'áis ná d'aimhdheóin,
cruth séghuinn ar snuadh gcaoire,
's do-bhéruinn uadh iolmhaoine.



Ar mhac meic Aodha an airm ghloin
treisi mé do mhaor tabhoigh
ná an tí as treisi lámh is lann,
's gan meisi a n-ágh acht anbhfann.



Fá cheann fhiach nár dhlighios de,
rugus ar ríoghmhac Saidhbhe
breath daor budh doiligh d'fhulang,
an saor oinigh abhramhall.



Misi ag doirbhios ré a dhreich gloin,
foidhideach é rém iomaidh;
bas seingrinn ren suirghioch sinn,
cuimhnioch ar Fheidhlim m'intinn.



Do bhreith eólach a n-iúl ghrinn
is tuar ardfhlaithis d'Fhéilim,
cúl dromannach ós dreich gil,
bheith úr orramach d'éigsibh.



Go n-íoca Dia ré a dhreich mbuig
gach uirrim uadh dá bhfaghaid
scola duilghe Cláir Connla,
fuidhle áir na healadhna.



Ní fhuileóngadh duine a ndoirr
acht mac ríghfhréimhe Raghnoill;
filidh Chláir iobhraigh Éibhir,
ionmhuin dáibh an deighfhéinidh.


L. 172


Ionmhoin loinnear a ghruaidh ghloin,
is ruisc mhalla mheic Fhiachaidh,
's a chneas géigmhíolla saor slim
nach daor éigcríonna intinn.



Níor bhraith mé mana seirce
aniú acht an t-óg innilte
ar feadh fhuinn mheadhraigh Mhaisdin
don druing mheanmnaigh mhóraisdrigh.



Siad féin as dídion don druing,
gasruidh fhial d'fhine Raghnuill,
laoich reannchorcra nách dáigh a ttroid,
ceannphorta cáigh a gcomhruig.



Tarla d'éis a sgagtha a scoil
deoch molta ag mnáibh Ó tTuathoil;
fuair Úna dáil na dighe
tar mnáibh úra a haimsire. R.U.G.U.S.



B 1600 17T
U Giolla Íosa Ó Dálaigh
GIOLLA ÍOSA Ó DÁLAIGH CC.



Fréamha an chogaidh críoch Laighion;
innte bheas do beathaigheadh
grís ghairthe an ghégoirir ghloin,
céddoighir caithmhe an chogaidh.



Críoch Laighion na lios ndaithgheal,
fréamh bunaidh lé mbeathuighthear,
an fhíochfhrasach armdha fhionn,
fíorthosach fhaghla Éirionn.


L. 173


Dí táinig teidhm dá ceanuibh
cogadh Gall ré Gaoidhioluibh,
conghal nár coisgeadh ó shoin
fá fhonnMhagh bhfroistiugh bhFionntain.



Ón ló tug Mac Maoil na mBó
Goill go Teamhraigh, tuar iargnó,
níor shaoghlaigh síothcháin acht seal
fá fhaobhruibh líochláir Laighean.



Bliadhain tríochad ceithre chéad
ó thug Diarmuid, díon ainbhéad,
inmhillte foghail na bhfear,
finnghinte am tholaigh Thailtean.



Críoch Laighion, leaba an bhuaidhridh,
ó shoin 'na heing anshuaimhnigh
's 'na héntuinn chrithir chogthaigh
fhrithir éachttruim fhóbartaigh.



Lá leó-san, lá le Galluibh,
siad ortha go hursannuibh,
na Goill fán sléchtmhuighigh saoir
ar chloinn gcréachtdoiligh gCathaoir.



Mar sin dóibh díochra an pudhar
dá n-athchur, dá n-uathaghadh,
lé fíorShaghsuibh bonn frí bonn
fán bhfonn síodharsuidh slatchorr.



Mairid d'fhuidheall na healta
dias fhóirfios a hairmearta,
dá cheinnbhile fán baoth bean,
do dheirbhfhine laoch Laighean.


L. 174


Dá mhac Fhiachaidh mheic Aodha,
Féilim fíochdha forraonda,
gnúis bhreachtghlan na ttroimnél ttrom,
's an soighnén reachtmhar, Rémonn.



Atáid ón ló fá leanbhdha,
an dá onchoin oireaghdha,
ag ionnradh gach énuilc riamh
fá fhionnmhagh gléghuirt Ghailian.



Mór ttroid, mór ttachar ttalchair,
tugsad riamh im Raghnallchaibh
a bhfaighnibh a bhfádmhagh nglan,
's níor fágbhadh Laighnigh leó-san.



Fríoth daingion dá ndearnsad bun,
dá ngoirthear Gleann Mo Luradh;
cuire fras na síothbhrugh sean,
a ndíothchur as ní héidear.



Do-rónsad fiodhfhál farchaidh
don ghlionn áigh lé hallmhurchaibh,
treabh fhochainnte nách beag brath,
nach dochoillte nead nathrach.



Níorbh fholáir cruaidhe a gcroidhe,
minic trá do turnfoidhe
an fraisghleann fíochdha foltach
fairseang gríobhdha guasachtach.



Gleann Mo Luradh na learg ndlúth
mór tárruidh d'olc is d'iomthnúth,
's níor baoghluigheadh é giodh eadh,
saorbhruidhean do ghlé an gaisgeadh.


L. 175


Lugha a chách is guais don Ghlinn,
líon a n-aightheadh um Fhéilim
d'fhuirinn neartmhair áith fhosaidh
d'ealtain ghnáith an Ghleanna-sain.



Raghnallaigh bheódha, Branaigh,
fá Rémann, rosc rionnamhail,
dá ghuaillidheacht taobh re taoibh,
caor do chuainfhirshliocht Cathaoir.



Ní hé an Gleann, dom meas, a-mháin
léigthear leó a los a bhforráin,
clár fóidshean na bhfiodhbhadh ngeal,
acht cóigeadh lionnghlan Laighion.



Féilim reachtmhar na ruag ttiugh
dingébhaidh d'áis nó d'éigiun,
ar congbháil coinbhliochta is chean
orláimh oighreachta a aithreadh.



Cosmhail go gcualadur soin
a gcomhrádh re cloinn Lughoidh,
dár loc roinn athardha an fhir
ré a chloinn nathardha neimhnigh.



Dá mhac fá bhfearthaoi frasa
ag Lugh Mheann mhac Aonghasa,
díon iatha a gcleatha corra,
Fiacha, Eacha, a n-anmanna.



Ar mbeith gan deabhaidh dálach
don tsaor shuilbhir shoghrádhach,
drong colgdha tiaghoid dá thoigh,
iaroid orba ar a n-athair.


L. 176


"Choidhche a-rís," do ráidh Lughaidh,
"ná canaidh ar chanabhair,
ná hiomluaidhidh a-raon rinn,
a chaor fhionnshluaighidh fhoirtill."



"Ní hathair do dháil domh-sa,
ciodh fá n-iarthaoi oram-sa
fearann deirbhshleachta Chláir Chéin?
ní dáigh eighreachta eiséin."



"Fríoth liom-sa a los mo láimhe
a n-ilteidhmibh anbháile
fuinn arsuidhe Chraoi na Con
ar aoi n-amhsuine, ar m'ionnradh."



"Do leigeadh fúibh, féchaidh ris,
cosnuidh féin orba ar m'aithris,
a uaisle feithidh an fonn,
beithir uaim-se gan fhearonn."



Dá mhac lonna Luighdheach Meann
tógbhuid orra, is é a aithghearr,
ar n-éimdheadh críche ar an gcloinn
don mhéirgheal shíthe shéaghuinn.



Suil táir fuaradh a bhfeirge,
gabhthar leó a los díbheirge
eang ríghrianach na sreabh seang
a gcean d'fhírmhianach Éireann.



Do chloinn Fhiachaidh fhuighlim soin;
ní córa do chloinn Lughaidh,
laoich bhorba dán doiligh dol,
orba cloidhimh do chosnomh.


L. 177


Féilim, Rémann, rún roibheart,
ní fearr iad-san d'fholoidheacht,
fíorchruaidhe do chách 'na gceann,
an síodhchuaine ó ráth Raoileann.



Budh mó sa chách a gcumas,
bú lia d'orba is d'fhearannas,
fir fhoinnMhidhe do ghlac goil,
dá mhac oirdnidhe Fhiachaidh.



Dreagain líomhtha as lia fala,
coiseónaid clann Fhiachadha
fonn treabharghlan tirmshlim tiugh
d'imlinn leathanmhagh Laighean.



Fiú a roimhéd chuirid 'na gceann
d'uaislibh ríoghraidhe Raoileann;
breith ar réidhe ré roile
bheith lé chéile a gcomhnoidhe.



Bíd lé aroile láimh do láimh
Féilimidh, fairgseóir Chruacháin,
dreach gnédhonn rén faltach fonn,
is Rémonn marcach Málonn.



Bíd réidh coimhéadach cogthach
soirbh díbheargach díoghaltach,
lán d'fhírimneadh ar gcúl gcean
ag súr líninbhear Laighean.



Críoch Laighean ar nár luigh aoir,
dá thuir chogaidh chlann gCathaoir
dá gciorrbhadh, dá gcomhdha a mbó;
ionnradh na foghla a bhfréamha. F.R.E.


L. 184


B 1600c 17T
U Cúchonnacht Ó Dálaigh
CÚCHONNACHT Ó DÁLAIGH CC.



Ursa an choguidh críoch Laighean,
mór gceardcha do fiadhnaigheadh,
re headh n-anbhuaine innte
treabh armnuaidhe innilte.



Mar tá riamh ó ré na sean,
móide carthar críoch Laighean,
lé díon bagair, lé cosc cáigh
'na posd cagaidh do chongmháil.



Críoch Laighion na learg síthe
eochair glas ngiall gcoigcríche,
cédtobhach cairte na sean,
sédtolach mhaicne Míleadh.



Buime biodhbhadh na Fódla,
aondaingean fear bhforfhógra,
críoch thirmlíggeal armghlan fhionn,
imdhídean fhaghladh Éireann.



Seanaitreabh sinnsear síl Bhroin,
uaim a síodha a seól cogaidh,
ré ngnáthuighthear comhdha a gcean
máthairthreabh fhoghla is airgneadh.



Giodh mór lá do leigeadh riamh
cóir cáich ré cóigeadh Ghailian,
tearc uaidh lé tóir dá treisi
do-chuaidh cóir na críchei-si.


L. 185


Atá éinchineadh innte
nách leig do lucht aidhmillte
buain ré feirg a foghla dhí,
dan ceird comhdha na críche.



Dá gceangladh an cath Laighneach
síoth do chead a gcomhairleach,
ní léigfiodh síol mbosghlan mBroin
díobh gan chosnamh a gcogaidh.



Ón chéidfhear do-chuaidh 'na seilbh
d'fhéin Tuadhmhan na ttreas neimmeirbh,
síol mBroin, na beithre cogaidh,
troigh theichmhe ní thugodair.



Aithris ar a n-airrdhibh soin
do-ní Feilim mhac Fiachaidh;
scaoiltear síodh Laighneach ré a linn,
díon a n-ainbhreath ar Fhéilim.



Bheith mar chách ó nach lór lais,
caite dhó ag díon a dhúthchais
ceilt gach éigin dá n-uighe
a mbeirt éididh iarnaidhe?



Leis ná cronuighthear choidhche
triall re tosach geamhoidhche,
bheith le sín fhuair na n-oirear
a gcíbh cuain ná crannaigheadh.



Ná mothaigheadh mac Fiachaidh
suan sádhail ar óirsciathuibh,
acht breith buidhe bheith mar sin
bheith ag luighe 'na lúirigh.


L. 186


Usaide d'Fheilim Ó Bhroin
triall foghla, fulang dochoir,
teas gliadh 'na ghruaidh ag gabháil,
a bhfuair ón fhiadh d'easanáir.



Críoch Laighion na linnteadh mall,
fiú a bhfríoth do throid 'na tiomchall
nách dóigh í d'éineing oile,
sí ag Féilim dá foraire.



Mar sin do fágbhadh feacht n-aon
Cú Chulainn nár char míothaom,
re hucht comhdha in chláir Ultaigh
ar dháimh ndorrdha ndíoghaltaigh.



Tarla an uair-si ar ord n-Uladh
geis nárbh éidir d'fhuasguladh,
ceas naoidhean ortha ré headh
gan scaoileadh orchra acht d'aoinfhear.



Tionóiltear leó, ceann a gceann,
ceathra hollchóigidh Éireann
do bhreith na tána ó a ttighibh
a leith ágha is aindlighidh.



Cú Chulainn an chrotha loinn,
ní fríoth do choisgfeadh comhloinn
colg ná sleagh acht aongha an fhir
do chaomhna chean an chúigidh.



Ní bhíodh dearna ar a dath féin
ó threasaibh na ttriath n-aigmhéil;
ní bhíodh brat acht corcra ón gcath
ó mhac ochta na n-Ultach.


L. 187


Mar do chaomhuin Cú Chulainn
críoch Leamhna a los deaghfhulaing,
caomhnaidh síodhaidhe síl Broin
tír a fhíonfhuile ar fhoghluibh.



Meadh do Choin na gcolg bhfuileach
ar fhoghuil críoch gcomhuidheach,
deaghshamhuil ar choimhdhe a gcruidh,
oighre fearamhail Fiachaidh.



Ní fríoth le Coin an chleasruidh,
ag díon an fhuinn imriosnuigh,
leath a bhfuair Féilim Ó Broin
fá éineing dár fhuaigh d'Ultaibh.



Minic do bhí ar bheagán suain
ar shlios Bearbha an fhóid fhionnfhuair,
is lucht feadhma dá faire,
a n-ucht bearna baoghlaighe.



Lá ag Sionainn na sruth n-énach,
áith é ré hucht mBuiltéarach,
lá im Baoill don bheithir Bhranach,
feithimh do thaoibh Thuathalach.



Téid go Laoighis lá oile,
lá go himlibh Osruighe,
lá fá bhruach Boguigh Ó Máil,
ní d'fhuath coguidh do chongmháil.



Gach ainbhreath dá raibhe riamh
ag cách ar chóigeadh Ghailian,
dá bhreith 'na n-aghaidh ar-ís
samhail don bhreith do-bheirdís.


L. 188


Maith do-chuaidh críoch a gcogaidh
síoth d'uaim d'éis a ndearnodair,
luach a síodhchána ag síol mBroin,
ríoghchána dhíobh nách deachaidh.



Orra féin d'éis na heachtra,
mór dá macuibh oighreachta
im Dhuibhlinn Cliach mbraonuigh mbinn
'na maoruibh fiach ag Feilim.



Ar mhac Fiachaidh feirrde a mheas
fulang docra ag díon cairdeas,
Laighnigh gur líon dá annsa
taibhghidh díol san docar-sa. U.R.S.A.



Snadhmadh síothchána síl Bhroin
inghean Fhiachaidh Í Thuathoil,
áladh nách deimhin do dhíol,
bádhadh einigh na n-airdríogh.



Minic bhíd ógbhaidh Almhan
dá searc trá gan tionnabhradh,
amharc Úna ar a n-aire,
radharc súla sochaidhe.



Ré linn Úna ní aghthair,
dá bhfríoth riamh a Raghnallchaibh,
síon fhuar acht turadh toirtheach,
an sduagh umhal urnaightheach. U.R.S.A.


L. 189


B 1597c 17
U Domhnall mac Fir gan Ainm Mac Eochadha



DOMHNALL MAC EOCHAIDH CC.



Éisd rém fháilti-si, a Fhéilim;
ón taoibh thuaidh do sheinÉirinn
ar tteacht daoibh Dia do bheatha!
do scaoil Dia na daoirbhreatha.



Dia do bheatha ar-ís tar h'ais!
lá gearr dob fhada at éagmais,
a gcrích Branach na mbeann nglas
dream gan fhalach ar ionnmhas.



Dia do bheatha ar tteacht dod thoigh!
m'fháilti-si, a oighre Fhiachoidh,
an treas uair, más anáir í,
uaim ní faláir go bhfoighthí.



Dia do bheatha ó fhonn Uladh!
a leannáin fhear n-ealadhan,
do chur buaidhiortha ar ghlóir Gall
is sluaighshiortha ar fhóir eachtrann.



Dia do bheatha! ar sén siobhail
tángabhair toisc aithriomhuil
gan chréidhim ón taoibh a-ttuaidh,
a Fhéilim, lé caoir cathshluaigh.



Dia do bheatha ón tír-sin thall
'na ngnáthuigheadh Cú is Conall,
óigfhir gan slógh a samhuil
do phór chóigidh Chonchabhair!


L. 190


Dá mhíorbhal cá mó cabhair?
ón leith a-ttuaidh tángabhair;
Rí an bheatha fá séd sochair
do chéd beatha a mBranachaibh!



A fhad uainn a-tá tusa
lór dhuit, Dia do bheathu-sa!
a amhsuine chinn na gcliar,
a Fhinn gasruidhe Gailian.



Ag triall a bhfad ré fáilte
do lucht fuatha is fíorpháirte,
mór dot aithne ar na harduibh
a gclódh d'aithle h'ionnarbaidh.



Mar fháilte, mar luach leasa,
do-ghébhthá cúis cairdeasa
laoidh fhada dámadh ál libh
dom dhán ar aba h'aisdir.



An drong táinig libh tar lear,
rompa a gcrích láimhdheirg Laighean
muna gcuirinn friú fáilte
riú ní fhuilim ionpháirte. É.I.S.D.


L. 190


B 1612ob 17T
U Eochaidh Ó hEoghusa
EOCHAIDH Ó HEÓGHUSA CC.



Leanfad ar n-agra ar Fheilim,
eó Bearbha an bhruaich inbheirfhinn;
deacair dhó réidhiughadh rom,
giodh mó a éiliughadh orom.


L. 191


Dá mbeith a fhios aige féin,
mór mo dhíoth re a dhreich soiléir,
cóir a chionta ar chúl na gcladh
a ttiocfa dhún dá dhochar.



Méd mo ghráidh dá ghruaidh sholas
atá orm 'na fhaltonas,
d'éis ar ndúthraicht-ne dhóibh sin,
ag tnúthmhaicne mhóir Mhílidh.



Bídh gach compán dár charus
dom chur uime a n-amharas,
ód-chíthir gur gheabh mo ghrádh
gach bean líthir is leannán.



Tré iomthnúth is é a rádha,
mo charuid, mo chompána,
lucht gach taoibhe acht Féilim féin,
nach déinim daoine dhíbh-séin.



Misi dá chur ós a gcionn
commaoidhid cách go coitchionn,
giodh maith é ní admhaim sin,
's dá n-abrainn é dob éidir.



Annamh mac airdríogh eile,
annamh Ultach d'áiridhe,
mo ghrádh dá fhionnchúl fheactha,
nách lán d'iomthnúdh aigeanta.



An chéduair do-chuas 'na thoigh
do char misi mac Fiachaidh,
giodh mór ndaghragha dhíobh sin,
tar shíol Labhradha Loingsigh.


L. 192


Aonduas is mó mhaoidhim air
dá bhfuair misi ó mhac Fhiachaidh,
teas croidhe do chomhall damh,
robharr a thoile am thiomchal.



Ó tá agam-sa d'orláimh
sealbh ar an óg iodhannáir,
fiú ar nduais-ne a gcora im cheann,
fola uaisle na hÉireann.



Ó nách creidid cách uile
nách dó as fhoisce m'ionmhoine,
an dá thaobh ní thréigfe sinn,
tréigthe gach aon ar Fhéilim.



Cneas tláith fá ttuillim falaidh,
lámh fá luighid ríoghBhranaigh,
slat shoidhealbha ó shédmhúr Breagh,
cédghlún oileamhna aoigheadh.



Onchú orláir an bhaoghuil,
cneas caoin chognus iolfhaobhair,
sciath fhine bharamhlaigh Broin,
garfhaghlaidh tighe Tuathail.



Aondóigh éigios Innse Fáil
ua Aodha mhóirmheic Seaáin;
gnúis dreachbhog nách tagra tim,
leanfod ar n-agra ar Fheilim. L.E.A.N.F.O.D.



Dlighim-si a agra ar Úna
ó iomad a n-iomthnúdha,
ar thuill damh-sa do dhiomdhaidh
do dhruim annsa ón ingheanraidh.


L. 193


Bídh umam-sa amhlaidh soin
iomthnúth ré hinghin Fhiachaidh,
ag scoil chláir fhinnfheadhaigh Airt
dáil nách indearaidh d'fhóbairt.



Tuilliom a-raon ré roile
éd ar n-aosa ionmhoine;
gruaidh leacanghlan ar lí subh,
bú deaghcunnradh dí a dhénamh.



Sreatha glana, grés molta,
budh lé luagh a hannsachta
fá mbia formad ríoghbhan rinn
fá shíodhmhagh bhfonnbhog bhFeilim.



Lúb bhanda na mbriathar ttearc,
focal mall as mó éifeacht,
dreach bhúidh nách beanann ré cion,
fá leaghann súil dá silleadh.



Eisiompláir ógbhan mBanbha,
cosc tol, turnamh ríoghdhamhna,
síodh ríghfheadhan, biathadh bocht,
míneaghadh briathar mbantrocht. L.E.A.N.



B 1601c 17T
U Domhnall mac Fir gan Ainm Mac Eochadha
DOMHNALL MHAC EOCHADHA CC.



Toghaim liaigh do leighios Fheilim
Airdrí na slógh, Saor na gclann;
go ttí tar gach liaigh dá leighios
an Rí gan chiaigh bheirios barr.


L. 194


Na leagha rugas do roghain
an Rí mór is Mac an Ríogh,
toircheas is éinfhior na hÓighe,
oircheas déiniomh dóighe dhíobh.



Níor chreach bheag dá mbeirthí uainne
oighre Saidhbhe, searc na sgol,
fear go ró céille agus cuimhne,
ní dó féine is duilghe a dhol.



Ré mac Fiachaidh má fríoth turbhaidh
do thinnios cinn, cos nó lámh,
go ttí Féilim nách fuair aonghuth
uaidh gan chréidhim saoghlach slán.



Go ttabhra don tí dá n-iarraim
aisiog sláinte más sí a thail;
do fhédfadh grása Dé a dhéanaimh
's é san gcás-so d'fhéaghain air.



Ní fhuaras ó imtheacht Fiachaidh
acht Féilim ó shoin dá shíol,
scéla is doilghe leam 'na luighe,
geall oirne gach duine dhíobh.



Go bhfóire ar thriath fhréimhe Raghnoill
an Rí a gcroich do cheannaigh é;
nár léige soin ní as sia a n-othrus
go ttoil do Dhia mholfus mé.



Teacht 'na égmois ó nách éidir,
a Aoinliaigh na n-othar ttinn,
más misde lat lén na Banbha
ná hér fá mhac Sadhbha sinn.


L. 195


D'éis a thinnis tuilleadh saoghail
sirim ort, a Rí na ríogh;
dom fhear páirte, plúr a chine,
sláinte go húr dlighe dhíom.



Cuirim ar scáth scéithe Míchíl
mac meic Aodha, aigneadh fial,
ceann na reachta, maor na meidhe,
naomh a shleachta reimhe riamh.



Oighre Fiachaidh ar feadh m'eólais,
dá fhine féin feirrde a ainm
ní fhaca mé a chló 'na chomhar;
sé dhó nárab moladh mairbh.



Síol Ébha d'éntoil 's a Mháthair,
a Mheic Dé do dhoirt do chrú,
dár ngrádh do gheinis a gcoluinn;
mar dhál leighis toghuim thú. T.O.G.



B 1597c 17
U Údar roimh an seachtú haois déag
SEAÁN Ó RUANADHA CC.



Dia do chaomhna chloinne Fiachaidh,
fíorcharuid cliar Chláir na bhFionn,
Rí nimhe dá ndíon ar dheacruibh;
ar ghuidhe an Ríogh leantuir liom.



Lór do chaomhna chloinne Fiachaidh,
a bhfeirg eachtrann Innse Fáil
fár fhás 'na n-aghaidh do rúinnimh,
cabhair ghrás an Dúilimh dháibh.


L. 196


Rí na ndúl gan dlaoi ar fheartuibh,
ar fhéin cniocht na gcosgur ndoirbh
nó go gcuire lé cloinn Fiachaidh,
boing fá ghuidhe d'fhiachuibh oirn.



A lagadh nár léige an Tríonóid;
níor thairg neach a-niú dá mair
neart do thuar mur do thairg Féilim,
luadh in gach aird d'Éirinn air.



D'Íosa Críost do chum gach aondúil,
ós é is treise go ttí a thoil,
ní érann go ttraoth a threisi
Rémann laoch dár treisi ar ttoil.



Clann oirdheirc Fhiachaidh mheic Aodha,
in gach aonchás éirghios dóibh
ag so an tí ar nách cás a gcoimhdhe,
Rí na ngrás, oighre don Óigh.



Dá mhac codhnaigh chloinne Raghnoill
lé raghuid cách, croinn ós fiodh,
Dia do char na deisi a ndeighneart;
ó threisi is gar eighriocht d'fhior.



Ón aird tuaidh fá thuitim Fhiachaidh
eidir fhéin eachtrann a ngliaidh,
lán do fhraoch dhomhaolta dhearbhtha
comhaonta laoch ndearbhtha ad dhiaidh.



Fóir Uladh as t'ucht, a Fhéilim,
iath Laighion do lomairg siad;
ní fóir nách feidhmghríobhdha a ttachar,
tóir deighdhíoghla h'athar iad.


L. 197


Adhbhar a ndíona ó Dhia Athar,
aimhcheart d'fhulang ní hé a mian;
dul tar ceart a n-aghaidh anbhfainn
níor chleacht daghfhuil Raghnuill riamh. D.I.A.



B 1597c 17
U Údar roimh an seachtú haois déag
DONNCHADH Ó FÍLÁIN CC.



Fada an turus tug Eamhain;
táinig ar cuairt chéimleabhair
fá bhuaidh n-aoibhill a hUltaibh
'na sduaigh aoibhinn iongantaigh.



Fada an turus tug a-nall
Eamhuin go n-iomad saorchlann
ón scaith slóigh mheardha Macha
'na mbróin fheardha ionchatha.



Treabh aoibhinn Eamhna Macha,
na slóigh shíthe shiobhlacha,
céim san taobh theas gur thogair,
ní feas raon dá rángadair.



A n-ard ná a n-ísiol sligheadh
scél iongna nár hairigheadh,
lios mínEamhna a-ttuaidh ag teacht
's na sluaigh fhírfheardha a n-aoineacht.



Nach iongna nár airigh neach
tairm a srian, seinm a lúireach,
ná fuaim ghríobhnaoidhe a ngreagh
lér fíorshnaoidhe cruaidh craoitheadh?


L. 198


Iongna fós nár fionnadh soin,
ní bhiadh drong ina ndíormuibh
gan gháir seanma beann mbuabhall,
dream dob fheardha a n-éttualang.



An tuas re nélluibh nimhe
do thriall an treabh ghlainidhe,
nó an fá úr thalmhan do thriall
glanbhrugh mur dhún na ndaighNiall?



'Sé fáth fá bhfiafraigheim sinn,
a lorg ar úir ní fhaicim;
ní feas dún créd as conair
do dhún na séd síodhamhail.



Go Raghnallchuibh na ród nglan
Eamhain d'éirghe is eadh mheasdar
d'aoinléim a-ttuaidh ó Thoraigh
'na sduaigh chaoinréidh chruthamhail.



Don léim-sin ar locadh dí,
Eamhuin cáit 'nar chuir faoithe?
do thréig mé m'aincheas uime,
ní failcheas é oruinne.



Baile na Corra, cuan scol,
dún caithmheach na gcreach líonmhor,
treabh fhírEamhna is ann do an
's a rann címh[fh]eardha curadh.



Níor fháguibh earradh ná each,
adhbha ciúil ná corn loinnreach;
ní tuar meanma d'fhéin Oiligh
céim Eamhna dá n-ionnsoighidh.


L. 199


Níor fháguibh fós fuidheall sleagh,
níor fháguibh arm ná éideadh,
's tug roghain na laoch a-le;
ní conair fraoch a bhfeirge.



Tángadur, ní turus gar,
ré cois ceannphort chláir Uladh;
sgath na ndáileamh bhus dearbh leam,
bearn san áireamh ní fhúigfeam.



Mná bélchorcra an bhrogha thall,
táinig díobh díorma neamhghann
ré cois ríghEamhna ón taoibh thuaidh
fá chaoir mhílfheardha mharcshluaigh.



Is é a-deirid drong oile,
Eamhuin chaomh chlann Rudhraighe,
ón leith tall nár thriall sisi
a-nall don fhiadh oili-si.



Treabh Eamhna, munab í soin
dún Féilim, ca fearr samhail?,
dá threibh dheaghshnoighthe as caoin corr,
saoir a n-eallmhuighthe is iononn.



Bruidhean Bhaile na Corra,
dún laoch go lucht bhfoghloma,
ní fhuil tnúdh ré teagh Eamhna
ag dún na bhfleadh bhfíneamhna.



Teach 'na bhfaghthur fios gach sceóil
do-ní feasach fear aineóil;
ní bhí a-moigh fios nach foighe
san toigh mar lios Laoghoire.


L. 200


Ag dún mhórdha meic Neasa
tarla 'na thoigh coimeasa,
dún síthghreaghach na slios bhfionn,
lios fán mínshreabhach maoilionn.



Ionann taitneamh 'na ttoighibh,
ionann lúth 'na laochroidhibh,
ionann dealradh na ndún ngeal
is rún meanman a míleadh.



Ionann dáil a ndáiliomh sin,
ionann cuirn dáibh is dáilimh,
ionann dúil óil na n-ardbhrugh,
dúin ris mbadh cóir comhardodh.



Ionann go fiú gille a ngreagh,
ionann a n-arm 's a n-éideadh,
dún mur soin ní silltir sonn,
ní fhoil inntibh acht ionann.



Ionann d'airrdheanaibh oile
an dá thriath 's a tteaghluighe,
dún fíneamhnach na bhfleadh tte
's an teagh ríghfheadhnach roimhe.



Geall na gcuradh cosnuid soin,
slán eólach go n-uair samhail,
a-nall ó fhearuibh Eamhna
d'fheadhuin na lann loinneardha.



Laoich uallcha na n-iorghal tte
do buaileadh a gcló a chéile,
fir eagair Chláir na gCuradh
's dreagain cháigh do cheannsughadh.


L. 201


Ní móide as beag brígh an ghlóir,
mín tagruid a ttigh comhóil,
feadhain choilglíomhtha crann sean,
boirbfhíochdha in t-am bhus éigean.



Laoich thoghtha na ttreas n-eólach
beirid gach buaidh n-aimhdheónach,
ré cois fhíreólaigh Chláir Chuinn
ríleómhain áigh gach énfhuinn.



Mór bheanus rem bile ós fiodh
scél do-chuala ar cheann nGaoidhiol,
a-dér d'iomrádh a anma,
sgél iomlán a ionnshamhla.



An saoghal a ndeilbh dhuine
tarla lá ar Bhrian Bóruimhe,
dár gheabh ag rolabhra ris
seal a gcomhardha cairdis.



Ré branán cosnaimh Cláir Chuirc
an saoghal is sé adubhairt:
"Ná lean dínn, diombuan m'annsa,
bídh go hionnfhuar umam-sa."



"Ró toile ná tabhair dhamh;
tuig, a Bhriain, so" ar an saoghal,
"ní dóigh comhuill go síor sinn,
do líon oruinn na hinnill."



An fear céadna do chan ris:
"Is é sin sealbh an tsaidhbhris,
caith do mhaoine ar mhéad n-anma,
a ghég naoidhe nathardha."


L. 202


Don teagusc fuair fada ó shein
mac Cinnéidigh cuain Luimnigh,
níor fhég am fhoghuil a shéd,
gég do roghuin na ríghég.



Teagusc mar Bhrian an bhairr ghloin
dar lat uair oighri Fiachaidh;
ní thig uair caigealta cruidh,
faideachtra luaidh do leabhruigh.



Do riar aoigheadh gan fhéil sguir
tug Féilim, más fíor d'eólchuibh,
toil ón beanglánach a bhladh;
neamhghrádhach soin fán saoghal.



Fear coimhéda clú a shleachta,
tug fhuath ó aois naoidheanta
do mheanma cruinighthe cruidh;
tuinighthe bearna baoghuil.



Ní béim ortha a n-abruim ribh,
atáid uaisle an fhuinn Laighnigh
ó chlú an chaithleómhain síos seal;
do aithbheódhaigh gríos Ghaoidheal.



Mac mheic Aodha, an t-ésga lán,
ré turaidh do thogh Bearchán,
dá ttig scaoileadh ceó a chinidh,
aoibheal bheó nách báithfidhir.



A hucht Fheilim nách óg rath,
ní dóigh iomtha an fhian Bhranach,
fir fá cheann áigh budh értha;
fearr an táir nách toigérfa. F.A.D.A.


L. 203


Ní fhuil breith ar a buain di;
geall na n-ógbhan fhuair sisi;
fán mbarr clú do-chuaidh d'Úna
a-nú ní huair iomthnúdha.



Minic bhíos re béluibh scol
bean dán dúthchus dáil bronntadh;
doighir a gruadh ag gabháil,
ní tuar oinigh d'iongabháil.



Inghean Fhiacha, abhra mall,
bean dáilte na nduas neamhghann,
tearc ar chlú as cóir 'na comhar,
an chnú óir ar n-aboghadh.



Sgél ós aird a n-abruim roibh,
breith fhileadh Innsi Cobhthaigh
do-chuaidh soin lé sén Úna;
mo scél ní fhoil ionrúna. F.A.D.A.



B 1598 17
U Údar roimh an seachtú haois déag
FEARGHAL MHAC LUGHAIDH CC.



Égcóir do fógradh Féilim,
toisc dá ttáinig daoirchréidhim;
tug a-ttuaidh aighidh Uladh,
Laighin uaidh fá urdhubhadh.



Sul do fógairthí ar foghuil,
fear oirbheart a ionnshamhuil;
a ttír aird chumhaing corruigh
mairg nár fhulaing d'easurraidh.


L. 204


Do bhí d'ainmhire an laoich loinn,
do bhí d'ainmhíne an anfhoinn,
roighleic nár chasmhuil fá a cheann
ré gasraidh oirdhreic Éireann.



Gár mheisde ceisd do chor air,
an mbiadh síodhach ré Sagsuibh?
nó an do locht do ghébhadh greim?
olc nár féghadh lé Féilim.



Dob é rádh gach éinfhir uaidh
dá bhfaca a raibh air d'anbhuain,
nár smuain acht a fhíoch d'fhalach
is buain a síoth Sagsanach.



Ní iarrfadh cíos ná comhdha,
ná roinn lochta leanomhna
dá rabh ag Raghnollach riamh
ar mhagh glanmhongach Gailian.



Ní thairgfeadh do thacha neirt,
dá léigthe dhó gan díbeirt,
tagra fá aontroigh don fhonn
ná agra acht d'aontoidh eachtronn.



Beag teidhm dá ttibhreadh aire,
ó shein leis ní leanfaidhe
creach ná leathtrom ná leónadh,
breath eachtronn do fhuileóngadh.



Ionadh a chinn do chaomhna
níor bheag lé a ghnúis ngealmhaordha,
d'áit oile nárbh omhan leis
nó a ngoire a dhomhan ndílis.


L. 205


Mairg fá deara a dhul ar cheilt,
mairg bél do bhrosd a dhíbeirt,
dó féin a gcréidhim do-chuaidh
's d'Fhéilim gan dréim gan diombuaidh.



Níorbh fhada dhó fá dhiamhair
gurbh fhollus a n-imchianaibh
brath an deirg ógarmtha fhinn
d'fheirg a fhógartha ar Fhéilim.



Níor mothuigheadh ní fá nimh
gur tairngeadh leis a Laighnibh,
meic ríogh go raibhthibh rompa,
líon aithbhir a ionnarbtha.



Ní raibhe am Cholt ná a gcrích Náis
neach leis nár adhbhar uathbháis
'gá chlaistin a-ttuaidh ag teacht
fá bhuaidh gaisgidh is guaisbheart.



Do Laighnibh níor lia reampa
'gá raibh rún a ndícheannta
ná rún coimhéirghe 'na gceann;
soidhéinmhe tnúdh 'na ttimcheall.



Níor tairngeadh don taobh as-toigh
do thóruinn Críche Cobhthaigh
samhuil don rabhuidhin riamh
d'fhaghuil glanoirir Ghailian.



Do maitheadh lé móirLeith Cuinn
dóibh go teacht ar a ttarruing
do Leath ríoMhogha riamh riamh,
fíorfhola creach is caithghliadh.


L. 206


Oiread riú do bhreith broide
ní rug sluagh ná sochroide,
acht sluagh tána nó toghla
nó sluagh dána danardha.



Ní a hucht cobhra fhear nÉireann
fríoth neart nó clú caithréimeann
nó sén cathruathar do chur,
lé daghThuathal trén Teachtmhur.



Sliocht uaibhreach Eachaidh Fheidhligh
'na neimhcheart do neimhfheidhligh
go teacht neartDanar a-noir
dá gceartaghadh 'na gciontoibh.



Fógruid dóibh seilbh a sinnsear
ód-chíd é ar an innill-sion,
's na slóigh eachtrainn-sin ós aird
'na mbróin neartaidhbhsigh nósaird.



Níorbh é a nós re hua nAodha,
tearc dhó a nÉirinn iontaobha,
faghlaidh fá neamhchuimseach neart,
Labhruidh eachLuingseach oirdhearc.



Go ttug mac Oilill Áine
sreath long tar linn gormsháile,
ní fhuair san fhértholaigh fhinn
énchobhair lér fhuaigh Éirinn.



Fágbhuid faoi Colt is Cnoghbha
lucht an chobhluigh chathardha,
lucht combáidhe dearbhtha an drong,
's tealcha fonnáille Frémhonn.


L. 207


Na trí Colla a gcrích Alban,
móide a n-irt a n-ionnarbadh,
do-chódar-sain ar ceann neirt,
gearr gurbh óggasraidh oirdheirc.



Fágbhuid sliocht orra a nAlboin
nár fhéd cách do chreachargoin
ná d'ionnarbadh uatha ó shoin,
's tuatha fionnAlban fúthoibh.



Giodh eadh, tugadar leó a-le
líon catha d'fhearoibh Íle
d'agra a gceirt ar bhraonchlár Breagh
's do chlaochládh neirt a náimhdheadh.



Dó níor cheaduigh clann Mogha,
Maolmhórdha mac Murchadha,
suidhe a n-éineing dámadh áil
gan Éireinn uile d'fhágbháil.



Gearr gur díoghladh 'na dhiaidh sin
ar Dhál gCais chalaidh Luimnigh
lé sluagh lainnghreanta Lochlann
a n-ainbhearta, a n-égcomhthrom.



Fágbhuid faoi fionnLoch Carman,
Nás Life, lios sheanAlmhan,
puirt fhonnaoibhne dá n-uair toil,
iar mbuaidh gcommaoidhmhe is gcosguir.



Ní fhuair díbheargach dhíobh soin
gan neart Danar a ndúthaigh,
's fuair Féilim ó fhéin Uladh
a nÉirinn féin fuasguladh.


L. 208


Gach broid dá bhfuair an fear-soin,
ní cosmhail 's na céadphearsoin,
gan shlógh muiriorach tar muir
lé pór fuineadhach fuasglaidh.



Ní dheachaidh Diarmuid na nGall
a seilbh coda ná comhrann
d'iath Banbha acht lé neart a-noir;
níor tharbha a theacht 's an trén-soin.



Fán am sin ar chách do chinn,
nár adaimh aoinneach d'Éirinn
spéis a n-anfhorlann aga,
d'éis danorGhall Diarmada.



Ní fhuair féin tarbha dá ttaoibh
acht tiomna cúigidh Chathaoir
don druing deórata Danar,
beóshlata an fuinn d'átaghadh.



Ní hionann dála dhuit-si
fád dhúthaigh 's don Diarmuid-si;
's Goill trá a rachumhnga roibh,
atá th'athardha ar th'ionchoibh.



Ó nách fuil fód fá Ghalluibh
d'fhearann aoinmheic Raghnallaigh,
a bhfuil dod dhúthaigh fán druing
ná luigh fúthaibh is fuluing.



A mheic Fiachaidh, féch umat,
na hairdhe dá n-iomollat;
féch ar fhás d'omhain orra
's gan chás oraibh eattorra.


L. 209


Tángamair cú as gach cuaine
fút-sa feadh ar n-anbhuaine;
má fríoth linn urruim as t'ucht,
ná mill umuinn an umhlucht.



Tuig féin a bhfuil dod chiontuibh
re broid Ghall Ghuirt seinFhiontuin;
mairg d'fhior do ghníomh nách gébhadh,
síodh fá chion do chuidéghadh.



Is díot táinig ar tosaigh
cur cáich a n-uaill anbhfosaidh;
malairt fhoghailchreach an fhuinn
tabhairt comhuightheach chuguinn.



Na hairgthei-si ar fhud Laighean
cia an bunadh ór beathaigheadh
acht uaibh-si is ót fheólfhuil féin,
na leómhuin uaisle d'aoinmhéin?



Anois tar gach uair oile,
gabh ort fát fhonn corraighe;
ná cuir bac cathfhoghla a gcead
más lat h'athardha ar aiseag.



Córuide cúl ré cogadh,
uaidh is annamh tángadar
dream dá ttréine gan turnamh;
fearr réidhe ná reasabhradh.



Dréim cogaidh ré cath Londan,
créd as cúis do chomhardadh
ó nách éidir fíonGhort Fáil
ar ríoghdhacht éigin d'eadráin?


L. 210


Sagsuin is sibh-si, a Laighnigh,
ní hionann a n-énairrdhibh,
domhaolta a gcaingne 's a gcuir,
daingne a gcomhaonta chuguibh.



Bhar gceannus d'aoinfhear, olc dhaoibh,
ní thugthaoi féin, fuil Cathaoir;
bhar ngeall soibheirthe mar soin,
teann coimheighthe in bhar gcríochaibh.



An-sa fós, feith re cobhair,
is lór dhuit a ndearnobhair
do chreachthurnamh Chláir Dá Thí,
neamhchumhnadh cáigh ód-chíthí.



Dámadh é budh loinn lat-sa,
buain 'na gcléith san gcogadh-sa,
fir na slimchiabh, sluaigh Uladh,
imchian uaibh a n-anaghal.



Deacair dul a n-iath Oiligh,
a ttéid uaibh dá n-ionnsoighidh,
fál innilchealg re n-ucht sin
ag lucht ghrinnilcheard ngaisgidh.



Dá mbeith fút is claochlódh ceirt
tuilleadh díoghla fád dhíbeirt,
fíoruilc Fhódla re hathaidh,
díoghuilt h'fhógra a n-énfhachoin.



d'éis díoghla a ndearnadh oruibh,
leasc dhuit-si, a dhreach sheabhcamhail,
barr caithréime do char róibh;
gabh aithmhéile san égcóir. É.G.C.Ó.I.R.


L. 211


B 1600c 17T
U Domhnall Carrach Mac Eochaidh
DOMHNALL CARRACH MAC EOCHAIDH CC.



Iomdha uirrim ag cloinn Chathaoir,
coiléin amhra,
dreagain as lucht feithmhe feadhma,
beithre Banbha.



Coinnle foghla, faolchoin nimhe,
naithre fraochdha
fhuilngios a mbeóghuin ar bóchna,
leómhain laochdha.



Uirrim catha, cródhacht ainmhear,
ionnradh droibhél,
tarla don druing nach uair anágh
ar uaim oilén.



Cosnuid Laighnigh na lios mbláithgheal,
beart nách iongnadh,
minic a ttrom ar fhiadh fhoghladh,
drong fhial fhionnghlan.



Minic do tuilleadh teisd áirmheach
a n-iath Laighean
lé neart aimhdheóin na ríogh roimhear,
díol na ndaighfhear.



Dóigh nár léigsead a los oinigh
uirrim uatha,
na laoich fuair lé ceart a gcríocha
nách tearc tuatha.


L. 212


A ngníomhradh ní héidir d'áiriomh,
ógbhadh fhromhtha,
buidhion coisg gach éinfhir iomtha,
tréinfhir thoghtha.



Atá dhíobh a ndiaidh na sinnsear
seabhac urlamh,
mac meic Aodha na ttreas ttinnmhear,
teas gan turnamh.



Is é áirmhim oighri Fiachaidh
feithmheóir ágha,
beithir éachtach ceannchus cliara
's cheanglas cána.



Feilim Ó Broin, branán Laighean,
lingeas bearna,
mór do chaith tar ceann a gcomhdha,
flaith beann mBearbha.



Dírioch leanus lorg a chinidh
ar chruas gcéimeann;
ní guais leis a muigh 'na maoidheann
guin na ngéirreann.



Comhla dhaingion, díbeirt caibhdhean,
cearchuill aoigheadh,
draig coinbhleachtach, tuir gan trághadh,
muir gan mhaoidheamh.



Cumhdach anbhfann, ionnradh oireacht,
onchú uaibhrioch,
soighnén adhanta beann mbaoghlach,
an seang suaimhneach.


L. 213


Triath Raghnallach na ruag mbaoghlach,
beithhir dhreachnár
téid tré armuibh na gcaor gciothruadh,
saobh an seachrán.




Agus is saobh an seachrán agus an turus tarla do
mhacámh óg fhoghlamtha do Mhumhuin mhíonáluinn
Maicniadh, ar ndul go tigh scoile dhó. Is é cédchonnradh
agus céadturus do-rinne, .i. leabhar foghlamtha agus
foirciodail do bhí aige do dhíol agus clogad caomh
ceannchumhduighthe do bhí ag óglach san tír láimh ris
do cheannach go daor ar luach a leabhair, an uair nách
raibhe feidhm ar chlogad ná ar chathbharr, ar arm ná
ar éideadh ag énduine; agus dá mbeith ag gach aon oile,
nách aige soin do bheith feidhm riú, agus tar gach arm
solámhdha dhíobh sin, nácharbh fhear feadhma do
dhénamh re clogad é. Agus ní hionnshamhuil agus
ní hionann sin agus an ceannach agus an cruinniughadh
lann agus lúirioch, airm agus éideadh, eirreadh agus
eachruidhe do-ní Féilim mhac Fiachaidh mhic Aodha mic
Seaáin mic Rémuinn mic Seaáin mic Aodha mic Domhnuill
Ghlais mic Conchubhair mic Raghnuill mic Lorcáin mic
Philip mic Raghnuill ó n-abarthar Raghnallaigh mic
Donnchaidh Mhóir Í Bhroin, mic Murchaidh mic Oiliolla
an Fhiodhaigh, mic Dubhluing Duibhchluana mic
Domhnuill na Sciath, mic Donnchaidh Mhóir mic
Donnchaidh mic Brain ó n-abarthur Branuigh. Agus is
a n-aimsir a thoraidh agus a tharbha do theacht asteach
cheannchus sé gach uile arm infheadhma do choimhéd a
chlú agus d'imdhídion a athardha.




Ar thrén biodhbhadh is eascarad
a n-am eachtra,
beanuidh sé do chléir a gcionta,
céim as deacra.


L. 214


Lór le mnaoi do dhíol 'na dalta,
díon a hochta,
dul leis as diamhair níor dhulta
d'iarraidh obtha.



Ní fhéd Féilim fulang ainbhreath
d'aoinfhear fhaghla;
baoghal de ní dóigh go ndearna
tóir ré ttarla.



Dídion a chirt, claochlódh éigceirt,
ionnramh aoltuir,
mílidh dá ndénuid sluaigh sléchtoin
fhuair ar aontoil.



Cuartach cuirios a chlú áirmhioch
gach aird d'Éirinn;
ní faighthear cailleóir ós caoillinn
d'aindeóin Fhéilim.



Ó Thuinn Cliodhna go Tuinn Tuaighe
tearc ar fhéile
fear coimeasa ré gnaoi Ghuaire,
's go Baoi Béirre.



Ní fhuil éntroigh d'Inis Cobhthaigh
is cuairt fhíre
nár ghabh a chlú ón chléir go a chéile
gan léim líne.



Leannán scoile an dreagan duaisréidh,
doirseóir catha
fár chlaon fiodhbhadh, fialfhuil Eacha,
riaghuil ratha.


L. 215


Ua Seaáin na gcoilgshleagh gcréchtach,
cosnamh tíre,
crodh is clú do chaith re chéile,
an flaith fíre.



Leómhan caithmheach, croidhe ainmhear,
aigneadh iodhan,
gríobh ghuaisbheartach nách claon comhar
's nach saobh siobhal.




Agus is saobh an siobhal do-rinne ceannuighe críonna do
cheannuighthibh Bhaile Átha Cliath ar ndul go Sligeach
dhó d'iarraidh fiach do bhí aige ar Ó gConchubhair
Sligigh. Agus an oidhche do-chuaidh don bhaile, tángadar
buidhion do dheaghaos dána a gceann Í Chonchubhair lé
dán ar n-a ghréschuma go fáthamhuil focailghlic. Do
héisdeadh an dán agus do díoladh an bhuidhion go daor
d'airgead agus d'earraidhibh uaisle onóracha. Agus is
eadh adubhairt an ceannuighe an uair do-chonnairc sé
a dhaoire do díoladh an dán, "A Í Chonchubhair, is
daor cheannchus tusa dán" ar sé. "Ní daor" ar Ó Conchubhair,
"óir ní thugus a leathluach air fós." Mar
do-chualaidh an ceannuighe sin, táinig go hÁth Cliath
tar ais. Agus is gearr 'na dhiaidh sin go ndeachadar
buidhion ré dán d'ionnsuighe an cheannuighe do cheannach
airm agus éadaigh uaidh. Do fhiafruigh in ceannuighe
dhíobh an raibhe dán aca do dhíolfaidís ris féin. Adubhradur-san
go raibhe. "Más eadh, ceinneóchad-sa go
maith é." Tug sé deich bpúint dóibh ar an dán do bhí
dénta lé forgla chéd bliadhan roimhe sin; agus 'na
dhiaidh sin do ghluais sé leis an dán a gceann
Í Chonchubhair Sligigh a ndóigh go ttiubhradh dá uiread
a ttug féin air dhó, agus nách dá athair ná dá sheanathair
ná do neach do chineadh ná do chlannmhaicne
Í Chonchubhair do-rinneadh an dán do rug an ceannuighe
leis. Agus giodh eadh mar do-chualaidh Ó Conchubhair
connradh an cheannuighe, agus a raibhe ris in dán fá


L. 216


n-a chomhair féin dá cheannach uaidhe, tug Ó Conchubhair
dá uiread a ttug an ceannuighe ar an dán dó dá chionn,
bíodh nách raibhe feidhm aige ris. Agus dar leam-sa is
mór do mealladh an ceannuighe do chionn an bhairr
aisdir-sin do chur air tar an tí nár éimidh dán ná drécht
ná deaghlaoidh dá ttugadh chuige riamh, .i. deaghmhac
Fiachaidh mhic Aodha, fear ceannsuighthe caibhdhean
agus cosanta a cheirt, agus fear congbhála gach deighriaghla.




Is méduighthe brughadh 's biatach,
beart as buaine,
iomdha bean ó Bhrugh na Bóinne
go bun Féile.



'S a sin go Sruth gharbh na Maoile,
marbh a gáire,
bhíos ag cor a gcúil re chéile
nár mhúin Máire.



Iomdha gallghlór im Ghleann Cornáin,
is cúis truaighe,
níor beanadh fós clinn a gcléire
ná a gCill Cluaine.



Ní tuar seachráin saobhnós corrach!
a gceann Fhéilim,
confadh an dreaguin ón dílinn,
eagail d'Éirinn.



Níor iarr Féilim na n-écht n-áirmhioch
ainm a n-aisgidh,
tuilleadh ar ttriall a gceann coscuir,
geall an ghaisgidh.


L. 217


Mír chosanta críche Laighean
laoch a bhfeithmhe;
ní rug aoinfhear uaidh dom aithne
buaidh dár bheirthe.



Meadh bruidhne Baile na Corra
Caisiol Mumhan,
nó an múr te groighioch nár goradh,
Oilioch Uladh.



Nó Ráith Chruachan, caoimhlios Meadhbha,
nó múr Uisnigh,
samhail don longphort fhial arsuidh,
cian dá cluinsin.



Nó Nás áirmhioch, longphort Laighion,
nó lios Almhan
'na mbíodh Fionn ag triall gan turnamh
's an fhian armghlan.



Bruidhion chúplach na gcuach n-órdha,
iosdadh daithgheal,
dul 'na gar ar ló ní lamhthar,
cró na gcaithshleagh.



Teaghdhais loinnreach na laoch meardha,
mainér bláithréidh,
foirgneamh slaitgheal an mhúir mhaoithchiúin,
dúin do dháimhchléir.



Tearc ceard dá gcumthar a nÉirinn
uaidh ar mearfall;
Teagh Miodhchuarta as cló 'na chonchlonn,
an cró cleathchorr.


L. 218


Ní guais d'Fhéilim, éigne lúthmhar,
labhairt dána;
ní mór théid dá aimhdheóin uadha,
taibhgheóir tána.



Fiodhbhaidh chlaon ó chnuas ag bloghadh
biaidh am Shamhuin,
's geamhar ard ar thuar ós tulaigh
uadh 'na aghaidh.



Fearthuin meala ar mhoglaibh corra
créd nach tiobhra?
ró éisc a srothuibh bruaigh Bearbha
uaidh is iomdha. I.O.M.D.H.A.



Inghion Fhiachaidh, aigneadh fosaidh,
freagra tromdha,
méin mhaordha, tromghrádh is tarbha,
comhrádh Connla.



Beangán roscglan, réitioch anbhfann,
iomchar oinigh,
gég dhaithgheal dob iongnodh d'fhoghoil,
ionnramh oirir.



Foighég ceannsa do chloinn Tuathoil
nár thuill goradh,
dóigh nách iongnadh lé dá lamhar,
mé dá moladh.



Iomdha ollamh d'éigsibh Banbha
a mbrugh Úna,
nár ghabh uaithe do réir rádha
céim ar gcúla.


L. 219


Bantracht suaimhneach go séis ttaidhiúir
fán ttruim mbéasnáir,
mná do chur 'na gceann is cáischéim
ar gheall grésbháin. I.O.M.D.H.A.


L. 226


B 1598 17
U Eochaidh Ó hEoghusa
EOCHAIDH Ó HEÓGHUSA CC.



Créd so ag buaidhreadh ban nGaoidheal?
in díoth óir nó iolmhaoineadh
cúis aithmhéile in díorma dhil?
ríoghna flaithfhréimhe fuinidh.



An easbhaidh caomh nó carad,
nó in cogadh críoch n-eascarad
is marbhadh dá méd meanman?
créd adhbhar na n-inghionradh?



An goimh éada is fháth dá múich?
in fáth nó in fiuchadh iomthnúith?
na banshluaigh ciodh créd a gcor,
méd a n-amhluaidh ní hiongnadh.


L. 227


Ní éirghid gan aigneadh saobh,
ní luighid acht lán d'anaobh;
mná Muighe báineasgraigh Breagh
ráimheasgthair uile a n-aigneadh.



Ní thiobhradh adhbhar eile
acht fuath énmhná d'áireidhe,
ríoghna Craoi fhérdhlúith Earca
gach laoi a n-énmhúich aigeanta.



Róis inghean Fhiachaidh meic Airt,
aoibhiol bheó an einigh ordhairc,
buaidhreadh slóigh féradhbhudh Fáil,
énadhbhar bróin in bhannáil.



Méd a hiomráidh fá iath Breagh
'na miosguis ag mnáibh Gaoidheal;
dá dreich bhúidh deargluisnigh dhil
tnúidh 'sna cearduibh-sin cuiridh.



Is é mheasuid mná Banbha,
nách fuil ann acht éttarbha
cor clú 'na comhaimsir sin,
cnú don ghobhail-sinn Ghaoidhil.



Is é a buidhe as beirthe dhi,
fuath a hucht fhéile uirthe
don bhanLaighnigh do-bheir cion
fá threibh nglanmhaighrigh nGaoidhiol.



Mná aontumha Innsi Breagh
is mná saorchlann mac Míleadh,
tig cúis a gcombuaidhridh sin
dá gnúis tonnfhuairghil tibhrigh.


L. 228


Do ghabh na riana reampa,
do ísligh a n-aigeanta,
do chlaochlá a gcédfuidhe soin,
baothmhná téchtMhoighe Tuathoil.



Ní cumaoin, ní chuirid soin
iomthnúth ar inghin Fhiachaidh,
ní bhí 'na mbaramhail féin
'ga mbí daghshamhail díbh-séin.



Mná Laighneach ós iad is fhearr
dá measdar do mhnáibh Éireann,
lucht béime iad 'na haice
ós iad d'fhéile is ordhraice.



Ní tnúthaigh riú ar rádh gcéillidh,
ar fhoghluim ná ar airdchéimibh,
ar mhaoin ná ar chúl ré cionuidh
ná a ttaoibh a glún ngeinealaigh.



Ar thionól ná ar chaithiomh cruidh,
ar ghlór leasc ná ar luas mbronnaidh,
ar dheilbh roimhíolla ón réidh goimh,
ná ar mhéin shoishníomha sheasmhuigh.



A faichill ní foláir dhí,
cúis eagla d'inghin Róisi
tnúth banchuire Banbha Breagh,
faghla an anchroidhe ós íseal.



Do-ghébhainn dá gruaidh luisnigh
eisiompláir in adhbhair-sin;
luach d'énduine ní mhaith mé
ós sgéluighe maith misi.


L. 229


Do-chualamair eacht eile
gur ríoghadh rí d'áireidhe
do dhruim córa ar cheineól nGrég;
seineól is córa ar coimhéd.



Ní dubhradh ar druim talaimh
rí dá raibhe a mbaramhail
ar chédfuidh, ar chomas neirt,
tréntuir dob fhollus n-oirbheirt.



Gein bhuaidh dárbh ainm Oil-íua
geintior ón fhial inríogha
don naoidhin fá casmhuil cruth
rérbh fhaoilidh gasraidh Ghrégach.



Do bhídís tre bhiotha síor
trí chaoga inghion n-airdríogh
ar énfhoghluim ré a gruaidh ghil
fán sduaigh séghannmhoill suaimhnigh.



Lasuid laochruidh na cruine
a n-éineacht dá hionmhuine;
gruaidh luisnioch gan úidh ar fhear,
níor thuirsioch súil dá silleadh.



Neimhní dealbh acht a deilbh-si;
níor theisd acht a tuaireim-si;
mná na ríGhrég, láimh do láimh,
do bháidh d'fhírmhéd a hiomráidh.



Ríoghna Grég na ngruaidh lagbhúidh,
measdur leó a los fhormadrúin
nách biadh gnaoi 'na goire sin
ar mhnaoi oile 'na haimsir.


L. 230


Líonaid d'atuirse is d'amhghar,
dob é uile a n-énlabhradh,
na mná-sa, gur maite dháibh,
grása 'na haice d'fhagháil.



Do fhéchsad eatorra féin
gá taobh a ttiocfadh dóibh-séin,
timdhibhe ar ar dhoiligh díon,
oidhidh inghine an airdríogh.



Inghion airdríogh, Oil-íobha,
guidhiom ar mhná a míghníomha
ar tí a hionnlaidh mar budh eadh
í fán mbionnmhuir go mbáitear.



"Ná dénaidh" ar dream eile,
"marbhadh bhar mnaoi n-oirbhire;
tochlaidh uaimh ndaghfholaigh dhí,
baromhuil uaidh ní hoighthi."



"Ní hamhlaidh bhias," ar bean díbh,
"dáilfimíd do dhruim ceiníl
digh lochtaigh do fhleidh neimhe
don ghein fhortail ingheine."



Ullmhaighid iomad fleidhe
ré haghaidh na hingheine,
fleadh neimhe rér ghabhtha gráin,
dabhcha eile dob fhalláin.



Ibhidh gach aoinbhean, más fíor,
digh ar inghin an airdríogh;
neimh othruischneadh a bhfill féin
do fhill orthaibh-sean ainn-séin.


L. 231


Ag dáil na dighe meabhla,
táinig do thaoibh cinneamhna
don bhandáil gur bhean a neimh,
's an fhleadh fhalláin 'gon inghein.



A mbás a n-aoinfheacht uile
tig do thaobh a bhfionghuile;
olc na gcéadbhan cian ó shoin
do-chiam fá thréadMhagh Thuathail.



Urchóid ógbhan Insi Breagh,
d'inghin Fhiacha is é is deireadh,
gur bháith a n-iomrádh uile
fá Ráith lionnbhán Laoghuire.



Is coca láimh re luing mhóir,
nó is umha ré hais deargóir
mná Gaoidhiol 'na goire soin,
maoidhiomh toile nách tabhuir.



Coinnioll a ngoire gréine,
ísiol fá ard mhóirshléibhe,
nó meadh do mhinshreibh fá mhuir
gach bean fá inghein Fhiachaidh.



Inghean Fhiachaidh Í Thuathuil,
bean diúltaidh gach deaghnuachair,
earla gégthrom nár char crodh,
éntonn na mban do bháthadh.



Galar éga na n-óigfhear,
luibh íce na n-urchóideadh,
gnúis dealbhdha na ngaisdeadh ngráidh
lé laisgthear meanma macáimh.


L. 232


Bean mórtha na haicme ór fhás,
buaidhreadh céadfadh, cosc dólás,
bás agus beatha curadh,
fás eatha ré n-abughadh.



Uarán sreibhe a sín teasbhaigh,
caor buaidh ban na Laighneach-soin,
barr clannórchas na gcladh ttiugh,
car ré handóthchus aoigheadh.



Inghion Fhiachaidh, aigneadh fial,
cisde clú cóigidh Ghailian,
gnúis teannálla nár fhég fhear,
beannámha séd a sinnsear.



Cuisle don fhuil is airde,
snadhmadh críoch, cosg mórairgne,
gég d'fhíneamhuin ghlanphóir Gall
d'fhírfheadhuibh cathshlóigh Cualann.



An dá Aodh dob annsa liom
dá bhfaca d'uaislibh Éirionn,
lé a mbreith uaim-si in mairfe mé?
aicme dob uaisle éinchré. C.R.



A hiargcomharc agam féin
biaidh ó uaislibh Fhuinn ríghNéill,
dreach mhíonnaoidhe go ngné ngil,
ós mé is díomhaoine a-deirthir.



Ní bhia Róis ag duine dhíobh
ó fhuil ísil go hairdríogh;
gnúis data fa díol annsa,
bíodh aca nó agam-sa. C.R.


L. 233


AN FEAR CÉADNO CC.



An coiscéim-si a gceann Laighneach
do shúr aoibhe is umhailbhreath,
do mhian céimneaghaidh 'na gceann
tré fhiadh réidhleabhair Raoileann.



Go Laighnibh d'iarruidh innmhe
in toisg lér thriall Aithirne,
nárab í ar n-eachtra ón taobh thall,
ar n-eachtra ar-aon ní hionann.



Ó dhúthaigh Con na ceardcha
teacht go Laighnibh láimhdhearga
do ghruadh Aithirne dob oil,
gér thuar raithinmhe a rochtain.



An tráth-sain, gá ttámuid ris?
tug imdheargadh is aithis
do mhnáibh na Laighneach go léir;
dom dháigh dob ainbhreath eiséin.



Mar nach fuair trá toil na mban
fá theacht leis a n-iath Uladh,
tré mhéin díomsaigh mur nár dhligh
do théigh gríosghoil 'na ngruaidhibh.



A n-aontumha ré hathaidh
Sadhbh inghean Chuinn Chédchathaigh;
do bhí sí sealadh mur soin,
do bhí a dearadh 'na duasuibh.


L. 234


Tug móid ré heitioch éinfhir,
in mhóid díomsach dhíchéillidh;
dí do tréigeadh a togha,
do léigeadh í a n-aontumha.



Téid Maicniadh mórmhac Luighdheach
dá súr tar toil triathMhuimhneach,
a hiarMhumhuin seal iar sin
go grianbhrughaibh fhear nUisnigh.



Mac Luighdheach na laoidheang ndubh,
ar Chonn Chédchathach Cruachan
Sadhbh iar soin do sireadh lais,
toil nár dligheadh gan díoghruis.



"As a teisd do tréigeadh í
gus an uair-si" ar in t-airdrí;
"fachain ualladh í d'fhagháil,
sí dob uamhan d'iongabháil."



Do gheall trá ná tiogfadh neach
aniar uaithe fá eiteach;
rug ó Thulaigh Dá Thí thoir
don Mhumhain í ar an eacht-soin.



Níor eitigh Sadhbh neach fá nimh
ré linn Maicniadh múir Chaisil;
níor chosain neamhghnaoi im Chró gCuirc,
níor ghnó don deaghmhnaoi a ndubhairt.



A gcló na céadmhná do-chuaidh
inghion Fhiachaidh an athuair;
san Bhanbha bhraontana bhinn
damhna a haontumha aithnim.


L. 235


Mar inghein airdríogh Eithne,
ag súr fhir a huaisleighthe
sí a n-aontumha thoir ré treall
a Moigh raontana Raoileann.



Do thabhairt neith dá gach neach,
fear mur Mhaicniadh mac Luighdheach
d'uaislibh Cláir linnghil Logha
budh cáir d'inghin Fhiachadha.



Méin dearlaicthioch duas n-iomdha
rugadh lé a ló a geineamhna;
ní flaith cumhang as cóir dhí,
ní dóigh fulang a féile.



Giodh eadh, ní hadhbhar uamhuin
buain uimpe ar aoi a mórualaigh,
gnáth an ana 'na haimsir,
bláth na fala Fiachaidh-sin.



Cathbhaidh agá chluinsin súd,
d'éigsibh Uladh fán am-úd
tug comhairle dár chóir toil;
ag fóir Modhairne méaroidh.



"Molta do na mnáibh a-muigh,
a éigsi Cuailnge," ar Cathbhaidh,
"a ndéanaimh ós daoibh dlighthir,
déanaidh gan aoir aindlighthigh."



Ó chrích Uladh an fheóir ghloin
tánag ar theagusc Cathbhaidh,
lé rithlearg do thaoibh toile
go craoibh ithlearg Almhoine.


L. 236


Tánag ar theasgusc in druadh
go Róis na bhfuighleadh bhfionnfhuar
tar Bóinn mbraoindeirg fán ngéis ngloin,
le gaoidheilg d'éis a hóroidh.



Mall in tráth tánag a-nall
dá bhfuil liom go Róis romham;
ní fhuil aonrann gan fhighe,
claonbharr lé bhfuil fáisdine.



Nár in tráth tánag lém laoidh,
éigsi cáich dá dreich ndonnchaoin
do ghnáithbhés mar is díor dhí,
ag sníomh a bhfáithghrés bhfoirfe.



Rann uaigneach ní fhuil am laoidh,
atáid uile ó aois macaoimh,
sgoth na n-ollamhan as fhearr,
ag commoladh a céimeann.



Coill adhmolta Innsi Floinn
do caitheadh lé Róis romhoinn;
ní bhí nuadhán feasda ag fior
go fuarán teasda Tailtion.



Tréigthear bean as a beith fial,
laoithe cumhra cóig ndoirbhchliar
ag dol ina ndíormuibh dhí;
col ag ríoghruidh don Róis-si.



Searc dhí féin, fuath dá féile,
ag uaislibh síl saoirChréidhe;
gidh mór bhfear an tí a togha,
sí ré headh a n-aontomha.


L. 237


A grádh 's a heagla re headh
atá ag buidhreadh mhac Míleadh;
glór gach deighfhir thiar is toir,
riar a heinigh ní fhéadtoir.



'Na cuid-si do chrích Conla,
d'éigsibh sénta síothghorma
lán do shíor gach buinne bliocht
's díol a truime do thoirbhiort.



Blas meala ar mhogluibh foghmhuir,
díol 'nar dháil do dhonnchormuibh
gan aon fá dhiomdhaidh ag dol,
craobh ré a n-iongnaibh do íocfadh.



Fuair sisi do dhruim ar dháil,
a clú ar éigsibh dob eadráin;
a gcédghoimh dhí gér dhocar,
do bhrégnuigh sí an seanfhocal.



Tug in toice a treimhsi dhi,
deoch a huarán na héigsi
bean a hionnshamhla níor ibh
ar feadh fhionnadhbha Uisnigh.



Dáiltior ar a dreich n-iodhain
deoch mholta ón taoibh thuaidheamhain,
deoch a-niar dá nuadháil dí
a grian fhuaráin na héigsi.



Lucht adhmolta Innsi Fáil
dá luadh ó Bhuais go bionnMháigh,
's ó Mháigh go Bóinn sribhghil soir
mar is cóir d'inghin Fhiachaidh.


L. 238


Inghean Fhiachaidh Í Thuathail
nár chuir dlaoi ar dhonnchuachuibh,
an bhé ghruadhchorcra ó ghurt Breagh,
lucht luachmholta dá laoidheadh.



Róis toirbheartach nár thréig saoidh,
tánag 'na dáil lém dhuanlaoidh
ó Mhoigh Cabha ón chrú Néill-si;
budh mana clú in coiscéim-si. A.N. C.O.I.S.


L. 239


B 1630 17T
U Ruaidhrí Mac Tomáis Mac Eochadha
AG SO DUANAIRE BHRIAIN MHIC FHEIDHLIM MHIC FHIACHAIDH.



RUAIDHRÍ MHAC TOMÁIS MIC EOCHAIDH CC.



Siobhlach ar chéilibh críoch Branach
brath tochmhairc go ttarla dhí;
gur chuir fheirm ar fhear dá céilibh
níor bhean a seilbh éinfhir í.



Dá foluibh féin fuair an chríoch-so
céile toghtha thiocfus lé;
móide do-gheabh é gan fholaidh
ar bhean sé do Tholaigh Thé.



A ttig 'na choinne a gcóir feadhma,
fágbhuid aige an t-áth 'na mbí;
gi-bé réir do chleacht a gcliathaibh,
is ceart ar fhréimh Fhiachaidh í.



Tabhairt diadh tré dhúintibh faghla,
folta a námhad níor nocht sé;
deireadh a gcean ar fhóir Almhan,
níor lean tóir ar adhbhar é.


L. 240


Fá cheann creiche críche faghladh
fagháil antruim dob í a thail;
créd fár ghabh an táir ré ttarla
'na dháil do char anma air?



Ar doirteadh uaidh d'fhionnfhuil curadh
cuimhnighthear leis lór do bharr;
d'éis gliadh do fhógair a n-araidh
ar thógaibh Brian d'fhalaidh ann.



Ní hiongna a fholta ar ua Chathaoir
do chrodh cáigh a gcuirthear lé;
minic dá riar 's í 'na hadhbhaidh,
cliar do-ní 'na fhaghluidh é.



Cuimhne óg ar fholtuibh seanda
mar so do-ní ag nochtadh lann;
ní fada ar ttocht go fiadh faghladh
gur nocht Brian a adhbhar ann.



Tar éis lingthe tré lár ceilge,
cuairt 'na ttimcheall tug 'na suan;
leis ní bheir aoinfhear acht araidh
go treibh caoilshleagh adhaigh fhuar.



Ar fud laoch ag locadh comhlann
cairt ar chánaidh gur chuir sé,
fagháil clú fá thaobh 'na ttiachair,
ní saor do chrú Fhiachaidh é.



Gluaisid leat do laochruidh armtha
ealta churadh chleachtus buaidh,
do dhéanamh cean go fiadh faghlaidh
do-gheabh cliar go hAlmhain uaidh.


L. 241


Gér ghnáth é 'na urraidh cosnaimh,
cairt a thíre tug fád láimh;
gi-bé eacht ar a mbíodh brágha,
is díol 'na ceart cána cáigh.



Ní beag do chaomhna ar chreich tíre
trillsi ad dheaghaidh deargus port,
deatach fionnbhrugh ar feadh n-adhnadh
ag ionnramh cean t'fhaghladh ort.



A ndearna riamh do ró dhíoghla,
duit-si, a Bhriain, do-bhéaraidh íoc;
is mór do bhean t'fhoghluim d'fhéinidh,
fear comhluinn do dhéinimh dhíot.



Luaithe thusa ag triall 'na coinne,
a gceann troda mar thug léim;
fágbhuidh sibh ar fhiar don fhogha
as-tigh a ngiall ghona géill.



Dortadh fola féinneadh ttoghtha
gidh taisi dhíbh do dhruim clú,
téighe ar áth n-éigin gach énlá,
tráth éigein ní thérná tú.



A gcumhga do cuireadh libh-si
laoich fheardha ar nárbh iartha buaidh;
mór an fuaradh lé fear h'adhbhair
bualadh ar feadh n-adhnaidh uaibh.



Do chuirn shídhe, do sheóid bhuadha
bronntar uaibh gérbh ainbhreath docht;
ní beirthior geall oinigh uaibh-se,
doiligh teann na huaisle ort.


L. 242


Órthar am nóin ré neart téigle
tolcha uaine as áille lí;
saobh 's a mbídh ón ghréin do ghabhluibh
nách léir a ttír t'fhaghluidh í.



Seargthar lé grán ngeal coll sídhe
sreabha tana timchioll chuain;
gé tharla soin ar thal treabhthuigh,
do loigh gal ar thealchuibh tuair.



Do ling teas ar thaobhuibh móirshliabh,
do mhéduigh fuacht fírshreabh ngeal,
do dhruid sál ó fhiadh ar eachtra,
grian 'na dhál ag teachta as-teagh.



Brian mhac Fhéilim meic Fhiachaidh,
ár a chruidh níor choigill sé;
bíodh nách fuil béim ar a bhronnadh,
níor chuir a gcéill d'ollamh é.



Tairgid triatha ar tteacht dá rochtain
roighne a gcorn 's a gcaomhchloch mbuadh;
créd fár lean ar ghiall a ghealladh?
níor gheabh riar ná earradh uadh.



Níor ghabh umhla, níor fhaomh diúltadh;
díol do láthair locaidh sé;
nár ghabh riar a ndíol a dhiomdhadh
ré giall ríogh dob iongnadh é.



Tig a ttuinn do thormán aidhbhsioch
gurbh eaguil dul do dhruim eóil;
béim ag gaoith ag béin ré bratuibh,
laoich ag léim a slatuibh seóil.


L. 243


Ar bhfilleadh dó a ndeaghaidh coscair,
don chuairt tug timcheall níor an;
taobh re giall do bhí do bhuidhin,
do-ní Brian ar bhruidhin ban.



Éirghid roimhe ríoghmhná uaisle,
onóir a bhféinneadh fuair sé;
teann file san teagh 'na ttiachair,
más treabh d'fhine Fhiachaidh é.



d'eagla a bhfoghla go fuil Raghnuill
roithfe comhtha Cláir Dá Thí;
cáin nár éiligh Brian ar bhiodhbhaidh,
tré fhiadh nÉibhir siobhlaidh sí.



Máire Óg 's a inghion Mháire
ní mheasuim trá gur thuill béim,
gég nár chlaon ó iomrádh íre,
an fhionnbhán chaol shídhe shéimh.



Inghion Toirdhealbhaigh taobh slisgheal,
a seóid bhuadha bronnaidh sí;
urraidh dála do dháimh dhoiligh,
námha do mhnáibh oinigh í.



Plannda oirdheirc d'fhionnfhuil Chathaoir,
craobh fhíneamhna as uaisle pór,
sgél náir ar a fuil ní fuighthear,
ar dháil cruidh ní chuirfeadh clódh. S.I.O.B.H.L.A.C.H.


L. 244


B 1635c 17L
U Domhnall mac Fir gan Ainm Mac Eochadha
DOMHNALL MHAC FIR GAN AINM MHIC EOCHAIDH CC.



Fáilte ród, a Bhriain Í Bhroin,
cuirfiod, a mheic meic Fiachaidh,
d'éis t'asdair ar ttocht as-teagh
ó Shagsoibh go gort Gaoidheal.



Teacht duit is lúthgháirioch linn
ó ghuais mara, a mheic Féilim,
go crích Raghnuill fhréimhe Broin,
a chéile in gharbhfhuinn ghleanntaigh.



A eóin sheabhaic shídh Labhraidh,
d'fhagháil fháilte ót ollamhnuibh
táinig tú a ttrén fá dheireadh
clú do scél go scaoilfeidhear.



Gi-bé lér fhuath tú do theacht,
féadaidh Dia d'fhulang aimhneart;
tú as liaigh do chách dá gcabhair,
a Bhriain, 's 'na tráth tángabhair.



Fáilte dhuit dlighthear dhínn-ne,
gnáth grian a ndiaidh gairbhshíne,
Dia do bheatha, a Bhriain tar h'ais
a ndiaidh an cheatha ad-chonncais.



Ní fhuil d'uaislibh Fhóid Dá Thí
bean ná fear ó nách foighthí
beatha 's sláinte dá rádh ribh,
's fáilte dá ndán ó a ndraoithibh.


L. 245


Buidhioch don mhairnélach mé,
don ghaoith ar-aon 's don fhairrge,
's don luing inar thriall tusa
tar tuinn don fhiadh Fhódla-sa.



Ní tú a-bháin, a Bhriain, réd linn
atá fá ainbhreith d'Éirinn;
gearr beithior fá dáil deimhin,
cáir feitheamh ré fóireidhin.



Féduidh cách a rádha ribh,
a mheic Féilim, d'éis t'aisdir,
teacht ar druim cuain nó calaidh
ar uair gcuirr níor chleachtabhair.



Do luigh m'intinn orra so,
sliocht Seaáin mhóirmheic Aodha,
lucht páirte ar síol dá seanuibh,
díol fáilte dá bhfileadhuibh.



Tusa mar é, a Bhriain Í Bhroin;
fáilte lér éirigh h'athair
do chuir meisi ród roimhe,
mo sheisi d'Fhód Iúghoine.



Do nós na rann roimhe so
go n-éirghe m'fháilte dáno,
a fhéinnidh a ttroid nách tim,
doid mar do éirigh d'Fheilim.



Is é ar meas ar mhac Úna
do neamhthoil fhear n-iomthnúdha,
go ndiongna a ghníomh duine dhe
fá bhfuighe fíon is fáilte.


L. 246


Do thoil, a Dhé, ní dhearnas,
cúis fá bhfuighinn flaitheamhnas;
fóir ar mh'anam, giodh olc mé,
ad phort go bhfagham fáilte. F.Á.I.L.T.E.


L. 263


B 1600c 17T
U Aonghus mac Doighre Ó Dálaigh
AONGHUS MHAC DOIGHRI Í DHÁLAIGH CC.



Do-ghén céile do Chathaoir,
lámh thrén nár thuill éntathaoir,
cneas séimh lér éirigh oirbheart,
féinidh lé a n-éir uasailbheart.



An Cathaoir-si is céile dhamh,
gomadh é bhus sia saoghal,
cara ceall ca céile is fhearr?,
ceann ar réi-ne go roicheann.



Sul do thogh ollamh eile,
dó tugus tús m'aimsire,
gnúis rachaoin is réidhe roinn,
Cathaoir mac chéile cumuinn.



An í a dhreach shéghuinn shubhach,
nó a labhra caoin carthanach
tug tromghrádh do gach duine
nó no a chomhrádh cialluidhe?



Níor bhraith mé cumhgach croidhe,
ná a thaisi a ttráth iorghoile
ar mo shaoirchéile bhfial féin,
ná mian aoinchléire d'aimhréir.


L. 264


Ní cuirthe dhó ar gcúl choidhche,
mac Aodha an airm fhaobhairthe,
cion na gcéidleannán do char,
géigbheangán do fhiodh uasal.



Tig tuile shiobhlach seirce
dom chéile óg inneilte
fá imlibh cuain mo chridhe,
nách imdhigh uair d'áiridhe.



Fíoch leómhain a lá catha,
fírinne fós ardfhlatha,
's ró féile ar nách foghthoir faill,
a n-onchoin fhréimhe Raghnuill.



Ísleóchuidh ógmhac Sadhbha
trén Danar fhóid fhionnBhanbha;
cuilg géirreann leabhra in leómhuin
feadhna Éireann airdeóghuidh.



Rug meirén Muighe Luraidh,
lámh ghasda, gníomh seabhcamhuil,
geall ó fhírsheabhcuibh gach fhuinn,
re sídhealtain eang n-áluinn.



Méin Aodha, a cheinél 's a chruth,
atá ag Cathaoir, clú saoghlach;
lámh ainmneamhuil nár fhaomh béim,
Aodh ar airrdheanaibh eiséin.



Minic do bhí ar bheagán sluaigh
d'fhuil Raghnuill laochruidh lannchruaidh,
ó Bhearbha soirin go sál
doighir na feadhna ar fadádh.


L. 265


Ní léig eagla ar an fhuilioch
an cara ná in comhuighioch,
ná radharc a n-am fheadhma
d'amharc na lann loinneardha.



Madh lia a laoich a lá catha,
madh lia a bhfogha faobhracha,
tuillfidh cách tathaoir a ttroid
do Chathaoir in tráth teagmhuid.



Slighthe a ngleó do dhírigh dháibh,
mearghasraidh meic mheic Seaáin;
mór ród do réidhigh rompa
in féinidh óg árrochta. D.O. D.É.N


L. 272


U Niall Ó Ruanadha
Buaidh ríodhamhna ar Raghnallchuibh
do bhreith fileadh Fhóid Énna;
ríoghraidh fhuiltioch armarsuidh,
cairt an bhladha leó légthair.



Fiú an chéidteisd do chuirioduir
fuil Raghnuill na sluagh siobhlach,
mar tá a gclú gan uiriosbhaidh,
caithiomh do chur a n-ionnmhus.



Ceann sluaigh na bhfear bhfírfheardha,
ua Rémuinn na ruag neamhthais,
beiridh in fiodh fíneamhna
barr uaisle tar na feadhuibh.


L. 273


Mar táid riamh lé réidheineach,
laoich oirdhearca fhuinn Branach,
aniú ar lár ní léigfidhear
teisd na ríghmhíleadh rathmhar.



Mac Seaáin Óig oirbheartuigh,
taibhgheóir cána críoch mbiodhbhadh,
cuirid dá chlú a gcoinghleaca
barr anma air nárbh iongnadh.



Mar táid ríoghraidh Raghnallach
a gclú a gconchlann ar-oile,
leanfuidh in t-óg armchorcra
lorg na sinnsear riamh roimhe.



Is lór do thúr tighearnuis
oighri Seaáin, rún ríobhan;
ag cléir ní fhuil indearmuid
fá dhigh molta as daor ndíoladh.



Ní leanfaidh ceart oighriochta,
a n-am troda ar chách cinnfidh;
ró oinigh is oirbhearta,
ní beag é d'iarraidh innmhe.



Ciall fá riaraid ríodhámha,
fine Broin na bhfleadh neartmhur,
macruidh gan mhian síothchána,
sealbh an ghaisgidh dóibh dleaghthar.



Sgél nuaidhe a-tá a ttairngire,
a mhic Úna, is ribh shamhluim,
go ttiocfa scrios ainbhfine
fá dheóidh do ríghshliocht Raghnuill.


L. 274


Uirscél arsaidh fuaramar
ar mhac ríogh d'óguibh Uladh;
tráth a-nois dá nuadhughadh,
dó is cosmhuil a chumadh.



Fear dár chomhainn Conchubhar,
mac oirdhirc Fachtna Fáthuigh,
triath na gcuradh gcomhramhach,
annamh sóisear nár sháruigh.



Téid in cuire coimhneartmhar,
más fíor a bhfuighlid scola,
do dhruim fhéile is oirbheartuis
a seilbh ceannuis Chlann Rosa.



Gérbh é Naoisi neartchalma
dob óige do chloinn Uisnioch,
do-chóidh do dhruim deaghanma
ós cionn na bhféinneadh bhfuiltioch.



Gér tháscmhur na trénchuraidh
dá mbíodh gach aoinneach umhal,
clú na sósur séanamhail
fá dheóidh do sháruigh tusa.



Tú in t-uaithne dá n-umhluighid
fuil Énna a n-aimsir troda;
géga na gcrann gcumhruidhe,
do-níd umhla dá ttoradh.



A lámh is trom ttíodhlaigthe,
do-bhér dhíbh do shéd suirghe;
glac rann do dhruim díoghruisi
ó a mbia ar gcumann ar cuimhne.


L. 275


Fiú a luaidhtear dod láinteasdaibh,
a mhic Úna is ard n-anma;
méd na nduas do dháiliobhair,
is díbh féin a-tá a tharbha. B.U.A.I.D.H.



U Domhnall Ó Lorcáin



Geall gach láimhe ag láimh Ghearailt,
lér ghnáth seóid dá sírdheadhailt;
lámh agá n-anann cóir cáigh,
nách lamhann tóir a teagmháil.



In geall gnáth do-gheibhthior lais,
is é rádh gach fhir eóluis
go rug lámh Ghearuilt ar ghal
fá Chlár seanAirt an síoladh.



Dámadh lámh í a n-aimsir Fhinn,
do bharamhuil do-bheirim
gur tearc lámh 'gá mbiadh a barr,
lámh fhial náchar chleacht comhthrom.



Nó lámh Fhinn nó Ghuill ghreadhnaigh,
nó lámh Osguir airdmheanmnaigh,
nó lámh Chonuill Chearnuigh glic,
crobhuing an eangnaimh oirdhric.



Lughaidh Lágha acht gér laoch mear,
a n-iongna cia do chuirfeadh
dul do ríréltain Chláir Cuirc
tar láimh ghnímhéchtaigh Gearuilt? G.E.A.L.L.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services