Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Suim bhunudhasach an Teaguisg Chriosdaidhe
Title
Suim bhunudhasach an Teaguisg Chriosdaidhe
Author(s)
Dowley, John,
Composition Date
1663
Publisher
(Lobháin: Coláisti na mBráthar Mionúr, 1663)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SUIM BHUNADHASACH AN TEAGAISG CHRIOSDAIGHE. An Coisreagadh. Anainm an Athar, agus an mheic, ag- us an Spioraid naoímh. Amen. Adnotatio. Tuig gurab beannuighthe iolbhuadhach an ní an coisreagadh, oír asé priomchomhartha an Chriosd- aíghe é: agus imdhídion cháich eidir iád agus an díabhal. Taisbeánaidh sé go coimsighthe na ceathra poingc is prionnsapalta san chreideamh, mar atá aondacht na naduíre diádha a substaint, mar aon re bheith a ttrí bpearsanaibh don naduír cheadhna. Ionchollnadha na da- ra Pearsan .i. an mhic ag gabháil chuirp agus anama a mbroínn Mhuire oigh. Agus bás an slanuightheora cea- dhna a ccrann na croisi ar son pheacadh na ndaoínedh. Oir tuigthear aon- dacht na naduíre diádha as an
bhfocal UATHADH san choisrea- gadh , eadhon, In nomine, nó an ainm, atá anmonna trí bpersann na Trínoide sloinnte síos ann. Taisbéanadh cur na láimhe ar án imliocán ionchollnagha én mhic Dé ambroinn naomh Mhuire oigh. Agus cuiridh fíoghuir na croisi do niothar ann, bás croiche ar TTighearna Iosa Crióst anamhuil dúinn. AN CHRE Creidim a ndiá athar uilechumhach- tach cruthaitheoir nimhe agus tal- mhan. Agus an Iósa Críost a aon- mhac sin ar ttighearna: do gabhadh ón Spiorad naómh, do geiniodh ó Mhuire oíg, dfhulaing Páis fa phoint Phíoláid do crochadh, dofúair bás, do hadhlacadh, dochuáidh siós go hifrionn; deíridh an treas lá ó mhar- bhuibh: agus dochuáidh suas ar neamh, atá na shuidhe ar deis dé athar uilechumhach- taigh: as sin tiocfas do bhreith breithe ar bheodhaibh, agus ar mharbhuibh. Creidim san spiorad naomh, an naomh eaglais chatoilice, cumonn na naomh, maitheamh na bpeacadh, eiseirghe na gcorp, agus an bheathaidh shuthain. Amen.
DIONBHROLLACH NA hOIBRESI no an epistil chum an léughthóra. Gidh doilghiosach, maisedh is fíor lé ninnisin a léughthoir cháirdeamhuil gur fhás anuir- iodsan ainbhfhis inaós óg, agus faraór i ndaoi- nibh eile san tír bhoicht dhíbertha so, nach é a- bháin nach bhfuilid foghlamtha, deghthoíghthi, amhuil budh cubhaidh, agus budh coír da samhail, ag- us dob fhéidir do lucht a ninntleachta, da bhfágh- ...aois i ttegasg, acht fós go bhfuil romhóran mo thrúaighe ainbhfesach ar na neithibh budh riachtanach dhóibh chum i nanma shabháil: agus sin do bhrígh in léirsgris dorinneadh lé ainneart eachtrann eiriceach ar na hoideadha, don eglais, ag- us don tuáith lerbhfheidír, agus lér ghnath i mú- ineadh, agus i ttegasg: agus in begán, do gach duin dhíobh do fágadh san ríoghacht, do bheith fá níosa mhó faoi smacht, agus da sclábhadhacht ag na heircídhibh reumhráidhti, lér cuiridh ar bprionnsa, agus ár Rí chum báis go maslaiththech, na bhí clann Israel faói Salmanasar, nó in cine Iúdaidhe faoí Nabucodonosar: ar mhodh nach féidir faoí phéin báis, nó príosúntacht, no díbertha, uimhir acu teacht fairé a chéile ar aon bhall, chum funndaimint i gcreidimh, agus slighe i sla- naighthe do chlos, ón mbeagán darab eól i ttegasg. Doconncas damh desbhuidh urraidh eile do bheith lé a fhaghuil do laimh eilemeinte
nó cnamhshuim an teguisg chriósdaidhe do réir mar dofuáir mé romham é tairrngthe, dath chur síos annso ar an seólamh dochí tú romhád: chum bheith níos coitchinne ag cách dhó ná mar do bhí sé aca go fóill, agus fós a ndoigh go sroigh- fiodh sé a morán dáitibh dar ttír ann nach bhfuilid, agus ann nach sroighthid sagart ná bráithre anois ar aón mhodh, tré aintreisi eircech agus gan labhairt ar ghaódhalaibh Alban, na ar oileúnaibh umadamhla ar chósdadhaibh na ha- mérioca ann a bhfuilid rómhóran eírennach ar easbuidh daoine eagluisi ó a bhfuidhdís béaloid- deas spioradálta ar aónchor. Is as doconncas damh an tsuimsi do chum- adh comh lom is comh gherrso, ar an adhbhar gur dhealbhadar chena romham na haithre maithe ríaghalta dórd naomhtha S. Froinsias edhón Giolla Bríghde Uá heoghasa, agus ughdar phar- rthuis an anama an teagasg críosduidhe go ndíolfaid, agus léire a ttenguidh ar mathar mar aón le míniugadh iomchubhaidh ar gach rádh de, a modh nach raibh riáchtanas damhsa tracht fada do dhenamh annso anois air. Fath eile trés a bhfhacas damh an tshuim do choimsiughadh a bhfhoirm comh ghann is comh mbeg, agus dochí tú annso, a muiníghin go mbeith an leabhrán edtrom, solámhuidh, beg luaigh ag techt mar sin lé riachtanas na daoraimsire
ar a ttarrlaidh inn. Agus do dhenamh eidir dea- bhtha annso eidir chnáimheilimentíbh an teg- uisg chriosdúidhe ann feín, agus mo bhreathnúghadh feín lé a ais, dogheabhadh tú an toides crios- dúidhe ar na chur siós ar tús ann feín. Agus mo chedfá fein san chas dá eís sin a ndiáidh an fhocuil Adnot. Dorinne me díthchioll san tslíghe is fá'n modh labhartha dofúair me romham ag an Athair Giollabrighde do ghrem- úghadh, go hairighthe ina dhán: acht go ndernaidh mé dánacht ar neithibh riachtanacha dfhágbhuidh seision amhuich gan labhairt orra, do chur síos, fairé beagan dfhoclaibh boga do chur astech a náit na bhfocal gcruaídh dofuair me aige sion a bprós, sa ndán. Atá agam annso fairé buntshoim an tegaisg criosduidhe, is faire mo bhrethnughadh feín air, foirm oifige spioradálta chaoíndu- thrachtaigh, agus úrnaighthe is ríachtanas, nó go háirighthe is oileamhnach da gach aón do chlechtadh gach lá, is gach oídhche, faire neith- ighthibh eile, lé a radh roimh fhaoísidin, is roimh chumaoínech, agus ina ndiaídh: mar aón lé clar coit- cheann sonnradhach na bpecadh comtha do réir imthechta na naithnedh, agus na gceinnphecadh marbhtha, fhoghnas do lucht aithríghe chum meabhra do bhreith ar a bhfhaoísidin do dhenamh go cert cuimhnech.
Giodhbé léir róighearr an lenmhuin doním annso dona rannuibh don tegosg criosdúidhe ar a ttrachtaim, ionnsuighedh sé úghdair eile da ttug día, agus degh-aimsir faill, agus culaidh lé lúighe orra aga seóladh niós foisdiníghe, agus niós sduidéaruíghe ina fhuilingios míghleus, agus buáidhredh na drochaimsire do bhall dfhaghuil damhsa. Fairé gurab é búdh lán súl damh gan an lebhran do bheith faidliosta ar aón nós. Má castar ort a leghthóir ionmhuin san tshaóthar so locht ar bith céille, nó curtha siós, gabh feín mo leithsgéal, agus na bí daóragarthach orm, oír ní minic gheibhthear na saóithe feín lán- tsaór ó fhoghat, so locht, agus is lúgha ina sin misi, a gurab iontshamhuil mo dhithcheall annso a ngasaphilacium na hegloisi lé minu- tum na baintreabhthuíghe úd ag Lucas cap.21. Acht chena guídhimse thusa a leughthóir choimhthíorrthaigh fad hathchuinge do bheith ar mo shon chum dé a gcuinne deu- ghbhalach, agus chríche maithe do theacht ar mhinitum mo bheagshaóthair annso chum gloíre dé, agus chum leasa anma gach droinge dar thioneghain agus dar dhealbh- uidh mé é, agus andoígh go bhfhuighinn mar mhír chennuigh damh feín, duitse, agus do chach eile na grasa abhus farré áirighthe na betha suthaine hall. Amen. .....
Adnotatio. Tuigh gurab iád dá es- pal deg ar ttígherna Crióst do chom an Chreisi agus do chuir anegar a cheíle í, óir as de sin goirthear, Symbolum Aspostolorum di, amhuil a dearthá scot an da easbal déag maille le airtiogal do bheith innte ó gach aón díobh. Agus bioth nach ar sgríobhadar na hesbail, na aon ar bith dona deis- gioblaibh, na dona suibhisgeálaibh an chrési san Sgrioptúr, tairis sin atá si ar buánchoimhead diáigh andíaigh ó aimser na neasbal ag an eaglais do ghnath. Tuig bíodh nach bhfhuil san Chrési acht dhá airtiogaldéug do réir uimhre na nesbal dordaigh í, tairisin go bhfuilid cheathra hairtiogaildeúg innte, ma meastar na poingc spei- siálta eúgsamhla chialluighidh sí fá seach. Ar an adhbhar go bhfuilid seacht bpoingc, nó seacht nairtiogail innte bheanas lé diaghacht na naduire diádha, agus seacht nairtiogail eile dothig ar dhaonnacht ar slánuighthéora Crióst: ór creidmid as an gcrési go bhfuil aoínndía amháin ann, agus nach bhfuil ann acht sin. Creidmíd go bhfuilid tri
Pearsana sa nadúir dhiádha .i. an tathair, an mac, agus an Spiorad naómh, agus gab día uilechumhachtach siordhaidhe gach pearsa dhíobh. Agus so iád na ceathra hairtiogail bheanas re diá dhá thaobh feín. Ataid tri hairtiogail eile ann bheanas le día dhár ttaóibhne is eigen do chreidiomh: oír don mheid pháirtiodhas ar dtighearna a mhaith linn creidmíd gurab é ar gcruthaightheoír é, creidmid gurab é do shaor agus do shlánuigh inn ó chaín an pheacadh, agus fós creidmíd gurab é dobheir an ghlóír shuthain dúinn ar neamh. Gonab iad so cheana a gcionn na seacht nairtiogal chreidmíd as cré na nesbal attaobh dé ann feín, agus don mheíd atá relási- on nó coimhfreagadh eidir é agus sinn. Do thaobh iomorro naduire daonna Chríost ár ttighearna, creidmid ar tús gur gabhadh agus gur coimpreadhadh é ón spiorad naomh. Creidmíd arís malle le hoibriughadh dothuigse an spiorad naomh sin gur hionchollnaghadh agus gur geiniodh é ó Mhuire óigh. Creidmid san treas áit gur fhuiling sé páis agus bás croiche ar son pheacadh an chinidh daonna, agus iar néug mar sin gur hadhlachadh
é. Creidmíd san cheath- ramhadh áit go ndeachuidh sé síos go Hifrionn iachtarach na naithreach naomh- tha, darab ainim Limbus Patrum. Creidmíd san chuigeda áit gur eiseirghidh sé ó bhás agceann an treas lá. Creidmíd san seisiodh áit abhfor- cheann cheathrachad lá iár neiseirghe go ndeachuigh sé go flaithemhnas nimhe ag gabháil deise a Athar uilechumhach- taigh, áit ina bhfuil agus ina mbía sé do shíor ag comhghloir ris in athair. Creidmid san seachtmhadh áit, go ttiucfaidh sé ar ccriochnúghadh an tsaoghail as flaitheas neimhe anuas ar an talamh so lé cumhachtaibh móra ag- cuinne bhreithe geiniorailte do thabh- airt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh, mar a tteilfigh sé go díbhfeirgeach lucht na bpeacadh agus an mallacht dfulang pían siorruídhe go hifrionn iachtarach, agus mar ambhéuraidh sé don leath eile drong ghrásamhuil na mbeannacht tre a thoil do dheanamh, is tré a dhlighe do chongbhail, lais feín dáitioghadh is do shealbhughadh na glóire suthaine ar neamh. Tuig freis an gcresi na nesbal go bhfuilid dha chré eile ar bun ag an
eaglais, mar atá cré an naomhdhoch- túra Athanasius leightear ag Prím a noifige chanonta an domhnaígh; agus an chré do thosaigh comhairle geinio- rálta Nicaenum, agus ghnáithioghas an egluis do rádh sa naithfrionn. Tuig fadheoidh annso, uair gurab ríaghla dearbhtha suimeamhla na trí chrési go hairighthe na nesbal nach iád na poingc speisialta foillsioghthar dhúinn ionta, na tá fós ar na gcur síos go foillsithe san Sgrioptúr, atá amháin dfiachaibh orainn do chreidiomh; acht fairró so gurab riachtanas dúinn a bpéin pheachaidh agus damannta anma gach ní dá gcuirfeadh an eglais chatoi- lice síos dúinn mar phongc chreidimh, do ghlacadh agus do chreidiomh mas sgrio- bhta san sgrioptúr atá, gion gur ab eadh. AN PHAIDIOR. Ar nathair atá ar neamh: naomh- thar hainm, tigiodh do rioghacht; deantar do thoil ar an talamh, mar do niothar ar neamh: ar narán laetheamhuil tabhair dhúinn aniogh: maith dhúinn ar
bhfiacha mar mhathmaoídne dár bhfei- theamhuibh féin: na leíg inn agcathu- ghadh acht saor sinn ar olc. Amen. Tuig go ngoirtior órtha, no úr- naithe an tíghearna don phaidir seach úrnaighte, ar an adhbhar gurab é ar ttighearna Críost féin do chum agus do dheachtaigh dá dheisciobaluibh í ag rádh riú agnáthughadh mar urnáighthe ar mbeith dháibh ag guidhe dé. As so trá ní bhfuil úrnaighthe ar bith is fearr ina an Phaidior. Ataid seacht nathchuinge san bpaidir ina bhfuil iárradh gach neith ar bith dhúinn lé abhfuil riachtanas nó feídhm againn do thaobh anma nó chuirp mas coír abhfághail. Tuig fós annso, tar gurab faide an bhríathar atá ag Matha ag aithris na Paidre ó Chríost, ioná mar chui- rios Lucas siós í, gurab ionann eif- eacht agus substaint daibh araon agá gcoimsioghthar iád go hiomlán san bhfuirm gnathshamhuil mhúines an eglais do chách gan fhuigheall gan easbuidh. AN TAVE MARIA, NO AN Beannchadh Muire.
Día do bheatha a Mhuire atá lán dona grásaibh, atá an tígherna maille riot: bennaighthe thú tar na mnáibh, agus as beannaighthe tora do bhronn Iósa. A naómh Mhuire a mháthair dé guidh orainne na peacuidh anois agus ar uair ar mbáis. Amen. Adnot. Tuig go bhfuilid trí chuid san mhbeannchadh Mhuire; an chéud chuid, do chom an tArchaingiol Gaibriél ag teacht do fhios naomh Mhuire oígh, agus lé sgeala chuigthe ó nimh gur toghadh í chum bheith na máthair ag Iósa Críost aon mhac de Athar uilechumhachtaigh. Agus mar bharr foillsighthe ar chumhacht- taibh miorbhuiliocha dé san chas sin dfaisneís sé dhi a siúr Eilisabét do bhí roimhe sin aimreit do bheith tor- rach ag Eóin Baiste, sgurab é sin an seisiodh mí dhi torrach. b. Do dhealbhaigh Eilisabet an dara mír don bheannchadh Muire fánam an- deachuibh Muire ar cuáirt chuigthe tré luthgháir a beith torrach mar dinnis an tAingiol di, ag rádh lé, beannaighthe thú tar na mnáibh etc. a. Dorinne an eglais an treas rann don bheannchadh Mhuire aga fhagbháil
againn a modh urnaighthe coimsighthe, mar ata, a naomh Mhuire, a mháthair dé, etc. b. DEICH NAITHEANTA DÉ. 1. Misi do thigherna diá: na hadhair, agus na bíodh agad deé eile acht mé. Ag- as na deúna iodhal, agus ná bíodh sí fein ná samhlachas neith ar bith eile agad chun an adhartha mar dhia. 2. Na tabhair ainm do thighearna dia go dimhaóin. 3. Cuimhnigh an domhnach do chongbháil na shaoíre. 4. Onóraigh thathair agus do mhathair. 5. Ná deána dúnmharbha. 6. Ná déana drúis. 7. Ná déana goid. 8. Ná déana fiaghnuise bhréige. 9. Na bhíodh miangas agad chum mná do chomharsan. 10. Na sanntaigh maoín do chomhar- san na aon ní is leis. Adnot. Tuig go ttug ar ttighear- na dia na deich naitheanta so ar tús do Mhaoisi, agus don phobal Abhra íar dteacht dáibh as talamh sas broid na Héigipte.
Agus fós biodh a fhios agad gur fhua- gair agus gur aithnigh ar slanaightheóir Críost san reacht núadh do chách a- gcoimheadh abpeín gan dul don bheatha shuthain acht maille le a gcongbháil. d. Tuig nach don mhéid go ttug día san tseanreacht ar tús na haithean- taso do chloinn Israel ata dfhiachuibh ar an crióstaighthibh san reacht nuadh agcongbháil, acht do thaobh aithne chrióst oruinne fa a gcongbhail mar do comharthaigh mé dar leat ainois beag, farré go bhfuilid achtaighthe oruinne ó dhlighe na nadúire, dlíghe nach cea- dach a chlaochlódh. Oir dá madh as do bheith dualach ar na Críostaighthibh na haitheantasa do choimheadh as bheith dháibh síos a ndligh Maoíse, ciunnas do mheasfadh go madh coírdhúinn bheith saor ón gcuid eile don tseanreacht bheanas lé seirimoínibh, is lé gnás an tseanraeachta? acht gurab é opini- on, agus ceúdfadh coitchionn doctúiridhe na heglaisi sinne bheith saór uatha so. Tuig gurab é a an satharn dordaigh dia ar tús don phobal Abhra le con- gmhail na saoire, mar is follas as an sgriogtúir sgrioptúir. Gidheadh bhíodh a fhios
agad gur athraigheadar na hes- bail tré ordúghadh priobhaideach an spioraid naoímh saoire an tsha- thairn ar an domhnach ag gairm dies Dominica, .i. Domhnach dé, mar chuimh- ne ar an gcomaoín do chuir ar ttíghiearna Críost ar an gcine daonna ag eséirghidh an la sin ó mharbhaibh, iar neúg aoíne an cheústa roimhe tar agcionn. Farré gurab día domh- naigh dothainig an Spiorad naómh ar dheisciobalaibh Críost an cao- gadh la deís lae na heiseírghe um cháisg. a. Is tré eiseírghe fós Chríost ó bhas día domhnaigh dórdaigh an pa- pa agus an phrímheaglais ag greamu- ghadh dordúghadh pheadoir esboil, agus do ghnas na nesbol eile san taobh- san la casg go cinnte do chongbhail idir na criosdaighthibh dia domhnaigh biódh nach raibhe ó dhlíghe Maoisi roimhe sin cinnteacht ag an gcinidh Iúdaighe cíd an la don tseachtmhuin ar a mbeith an la sin aca na shaoí- re, acht go mbeith sé ar an gcea- thramhadh la déug don cheúd eúsg dothiocfadh ar an gceúd mhí san-
earrach eidir Mharta agus Abraon, oír is don eúsg dothigiodh a gcomhrac mharta agus abraon do ghai- rdís an cinidh Iúdáighe eúsg na ceúd mhiósa, agus an cheúd mhí don bhliaghuin don mhísin. b. Tuig fós, biodh gur órdaigh día ar tús do Mhaoisi na deich naitheantasa do sgríobhadh a ndha chlár chloiche, agus nach feas as an sgrioptúr ca mheúd no ca líon dióbh dobhí sgrio- bhtha ann gach clár fa leith, go naith- risionn an eglois nach raibh sgrío- bhtha dhíobh san cheúd chlár acht na trí cheúd aithne bheanas le gradh agus le honóir de go headhmeadhónach darab fuindement gradh dé: agas go rabhadar na seacht naithne eile labhras ar ghrádh na comharsan san dara clár. Tuigh nach dha aithne, acht aon aithne amháin labhras, agus thormis- gios iodhaladhradh, agus día bréige do- nórughadh, agus nach toirmiosgann an aithne sin reverens nó onóir iom- chubhaidh da ngoirthior dulia do thabhairt do na hainglibh, do naomhaibh agus diómhaghaibh beannaighthe Críost,
Mhuire oígh, nó na naómh, Oír ni hé amháin go nórdaighionn an eg- lais onóir, agus caoíndúrthacht do dhea- namh dhoíbh so, acht fós aithrisidh an sgrioptúr féin aithne dé fa iomh- aghaibh do dheanamh do bheith ar bun lé a bhfhaicsin san tabernaicel agas a dteampoll mhór Shola mheic Dabhí rígh. Tuig mar nach ionann an toir- measg ata orainn ansa seisiodh aithne labhras anaghuidh na drúisi agus annsa seachtmhadh aithne dothig anaghuidh ghaduigheachta, amhuil gurab aithne ar leit fguagras duin gan miangas aindlightheach do bheith ag- ainn do mhnaoí neamhphosta, agas nach ionann í, agus an aithne bhacas dín maoín duine eile do shanntughadh tar cheart. Tuig fa dheiridh gurab í suim choimsighthe iomlan na ndeich naith- nesi dé; grádh deínfhirinneach do bheith ag duine ar dhía ós cionn agus tar gach aóin ní. Agus fós gradh do bheith aige ar son ndé da chomharsain mar é feín, no mar diarfadh sé ar dhuine eile gradh do bheith dhó.
AITHEANTA NA hEAGLAISI. 1. Féilte saoire na heglaisi do choimhed. Agus Aifrionn deísteacht ionta féin, agus annsna domhnadhaibh go caoinduthrachtach. 2. Troisgídhe fuagartha na eg- laisi do choimhéud, eadhón an carghas Trosga na hanma, agus na Vigillídhe: farré gan feoíl dithidh dia haoíne na dia sathairn: na fós día ceud- aoín sanáit a mbí gnas ar sin. Mar sin don ghnas thoirmeasgas ithe na nugh dia haoíne. 3. Faóisidin do dhenamh ar do pheacadhaibh marbhtha lé sagairt dear- bhtha úair sa mbliaghuin an chuid is lugha dhe. Agus Sacrameint cuirp Chríost do ghlacadh gacha bliaghain fa cháisg ó dhomhnach na pailme go domhnach mionchasg, agus sin as láimh shagairt. 4. Gan banais nó sollamain, nó onóir phósta do dhenamh anaimsir thoirmeisg, .i. ón gcéud domhnach
don Aidbhent go Heipiophan, agus ó chéudaoín an luaithre go domhnach geal casg. 5. Deachmhuidh do thabhairt uainn mar as dual agus mar is gnas. Adnotatio. Tuig farré a bheith dualach orainn aitheanta spesial- ta dé do choimhlíona is do chomeúd, mar do chuir mé agcomharthacht roimhe, ga bhfuil dfhíachaibh orainn bheith umhal dar mathair an eglais agus a haitheanta dlisdionacha do chongmhail, oír is í sin toil dé feín. Do thaóbh na ceúd aithne daith- eantaibh na heglaisi annso tabhair dot thaire, nach í an tsaoire amháin dordaigh día féin go headhmhedhonach do Mhaóisi agus don phobal eabhra do bhí ar congbhail aca, acht go gclea- chdaois saoire eile do ghlacadh go heidirmeadhónach ón Sínangóga, agus go mbíodh sísin mar gach saoíre eile ar congbhail aca, cas nach diómo- lann Críost féin. Da bhriógh so na denamh neach ion- gnadh na díchreideamh fana cumhach- taibh cedhna do bheith ag naoimh eglais Chríost san reacht núadh san
chas anois do bhall do thaobh saoire dordúghadh, ag ceangal cháich fa a chongbháil, cás ata ar bun sa ngnas ó aimsir na nesbal anúas go suigthi an aimsir do láthair. Ata an gnas ceadhna, agus dlíghe na heglaisi ann fa achtughadh agus fa chongbhail gach aithne eile dona haitheantaibh réumhraitsi na heglaisi fa seach. Mar ata fa eisteacht aifrinn día domh- naigh agus ar laethaibh eile saoire. 1. Fa throsgadh an charghais. 2. throsgadh no hanma. 3. throsgadh na vigilleadh, deir- ther à Vigilia .i. faire acht gur cuiriodh na faire feín, nó an taírneadhan ar gcúl tré cionfatha. 4. Fa throsgadh an tsathairn. 5. Fa throsgadh na haoíne agus na ceudaoíne. 6. Fa throsgadh na Rogatio- nes agus na liodan ría ndesgabhail. 7. Fa throsgadh ar ughaibh día haoíne. 8. Fa fhaoísidin do dhenamh mar cleachtar san eglais. 9. Fa chomaoíneach casg do reír ghnáis an heglaisi.
10. Fa gan sollamain na onóir phósta do dhenamh anaimsir thoirmisg. Fa oíbliogáid, is fa ualach cháich do thaobh na deachmhuidh dióc leis an eglais. SEACHT Sacramainte nuaidhreachta Chriost. Baiste, dul fa láimh esbuig, corp críost, faoísidin, ola dheighea- nach, gradha coisreagtha, agus pósadh. Adnot. Tuig gurab é is sacra- maint annso comhartha foirmeal- lach somhothaighthe chiallaighios agus oibrighios grsa dofhaicsi. Tuig arís gurb é líon cinnte sacramainteadh an reachta núadh dárab ughdar críost amháin aseacht, mar fhoillsíghios an eglais Con.Trid. sess.6. Con Florent. in decret.unionis Jacobit. & Armenorum Dothig an sgrioptúr go sonn- radhach ar an seacht sacramaintibhsi Proverb.9 Agas fós beantar as go speisialta iad fa seach. Mar ata sacramaint an bhaiste Math.28. Mar.16. Io.3
Sacramaint dul fa láimh esbuig. Actor.8.Hebr.9. Sacramaint na haithríghe, nó na faoisidne. Math.16.& 18 Ioan.,20 & 21.. Sacramaint cuirp Chríost Mat. 26. Mar.14 Luc.22.1.Cor.11. Sacramaint na hola deighio- naidhe. Mar.6.Iac.5. Sacramaint na ngradha coisre- aghtha.Ioan.20.I.Tim.4. & 5.2.Tim. I Tit.I. Sacramaint an phósta. Math. 18. Mar. 10. Luc. 16 Heb. 15.. NA TRI SUBHAILCE DIADHA. Creidiomh, Dóthchas, agus Grádh. Adnot. Tuig gurab as goirthear subháilcidhe díadha don trúir so tar na subhailcibh eile, mar as í an dia- dhacht feín go prinsiopalta eadh- mheadhónach is cosbóir dhaibh. As é is creidiomh ann, amas sith- ghreamaighthioch na tuigsiona ar neithibh fírinneacha fhoillsioghas an Spiorad naómh don eglais chun go gcreidmís uáithe iad. Ata an cre-
diomhsa comh mór agus sin na ríachta- nas orainn ar mhodh nach bhfuil sabhail orainn gan é. Acht cheana bioth a fhios agad nach bhfuil feidhm air gan carrthannacht mar aón lais, farré nach búdh foláir dho bheit iomlán gan bhéarna. Atáid trí dubhail- cidh contrardha don chreidiomh .i. Eiriceacht, Apostasia, agus díchrei- deamh. Is í is Eiriceacht ann: dianainbh- fhios duine do ghlach baiste ag diul- tadh do chuid don chreidiomh firinneach. Is í is Apotasia ann ainbhfhios toilemhúil duine iar mbaiste contrardha don chreidiomh frinneach go huilidhe. Is é is dithchreidiomh ann: ainbhfios duine nár ghabh baiste contrardha don chreidiomh firinneach go huil- ídhe, nó do chuid de. is é is dothchas ann claondórtadh deghmhianga- sach na toile chum aoíbhnis na glóire suthaine dfhaghuil tré chongnamh dé. A táid trí dubhailce contrar- dha don dóchas .i. edóchas ag cur suás do ghrásaibh agus do thrócaire dé. Agus andhóthchas ag glacadh baoith- mheisne fá ghrasaibh nó fa throcaire
dfhaghail ó dhia gan comhoibrughadh ar bith maithghniomh uain fein. Ag- as baoithmheisneach ré grásaibh agus re trócaire dfhághuil as ucht ar ngníomh fhein amháin. Amhuil tar nach bhfhuil sabhail ar aoin nech gan creidiomh, mar sin arís ní bhfuil teacht aige ó easbuidh doth- chais a ndía. Is í is carrthannacht ann: searc-co- mann duine ré dia: no leis an gco- mharsain ar son ndé. Atá fiórríac- tanas againn leis an subhailce si, óir ní bhfuil sláinte anma le a fhaghail againn ar aon chor gan í. Is iád pecuídhe atá anaghuidh na carrthannachta: fuath Dé, no na comharsan, no fannghrádh dháibh, Schiosma, nó diúltadh easumhal daon- dacht na heglaisi. Scandail, maille le siocar pecuidh thabhart nó do thais- benadh do chach eile. Cogadh nemhcheart. CEATHRA SUBAILCIDH Cairdionalta. Gliocas, Measardhacht, Ceart, agus Neart. Adnot. Tuig gurab as goirthear
subhailcídhe cairdionalta nó prionn- sapalta don cheathrarsa, do bhrígh gurab iad is bun agus is bacaín fhulaing dona subhailcíbh móralta nó beus- amhla eile go huilidhe. Tuigh arís go mhbí dhá locht nó dhó dhubhailc contrardha do gach subhailc dhíobh so acht an ceart amháin nach bhfhuil na aghuidh acht égcoír, oír is eugcoír gach aincheart amhuil atá leimhe, agus meabhuil ana- ghuidh an ghliocais; agus iomarca, agus aineasbha anaghuidh na measardhacht u.g. diomuil, agus anchruás anagh- uidh na feíle, meatacht, agus ainbheo- dhacht anaghuidh an neirt. Tuig do bharr ar a labhruim ann- so ar na subhailcib do bhall go bhfuil- id trí tréighthe eile feidhmeamhla ann fhoghnas don chreidmheach chum seir- bhíse diongmhála do dhenamh do dhiá san mbetha shaóghaltasa, is chum trí heascarad an anma do chlaoí, edhon trosgadh do smachtughadh antola na colna, urnaighthe do thoirmeasg cath- aighthe an díabhuil, agus deírc do dhiothsgaoileadh shainnte an tshaóghail.
Seacht dtiodh- laighthe an Spiorad naoimh. Eagna, Tuigsi, Comhuirle, Neart, Fios, Buidhecht, agus Eagla dé. Adnot. Tuig go labhrann Isaias faigh ar na seacht ttíolaicthibh an Spioraid naoímh ag déanamh tarrn- gaire do Chríost an Messias go mbheith sé lán dona tíodhlaicthibhse. Más daoíne sinne thairgfios díthchioll do dhenamh fá ghabháil leis an spio- rad naomh mar aón le a ghrásaibh amhuil is dúal, ní hé amháin na seacht ttíodhlaicthesi do ghnodhudhadh dhuín a gcomaoín, agus abpáirt Chriost, acht fásfuidh fos orainn an dá thoradh- dheug úd an Spioraid naoímh ar a ttig an teasbol gal.5. edhon, Cartha- nnacht, gairdeachas, siothcháin, foídhne búidheacht, maith, faidbhetha, ceann- saightheacht, creidiomh, macántacht, egcolnadhacht, agus geanmnuidhecht. SEACHT NOIBRE COIRPO- RDHA NA TRÓCUIRE. Biádh do thabhairt don ocrach, deoch do thabhairt don iótach, an
nocht dedughadh, aoidheacht do thabh- airt do dheórúighibh, cuairt do dhenamh ag aós galair, agus ag braighdibh, bráighde dfhuasgaladh, agus mairbh dadhlacadh. Adnot. Tuig gurab do thaobh a mhaithghniomh go prionnsopálta ag- as fá bheith trócuireach lé lucht riach- tanuis gheabhuid na dronga fíreanda beannuighthe úd lé a naibeórthar lá, an bhráith, venite benedicte, etc. A leigion asteach don ghloír shuthain, agus gurab tré bheith faillíghioch fá dheagh-oibribh do dhenamh, agus mar mach rabhadar trocuireach ré haós leath- troim san saóghal cuirfiódhar an comhlucht mallaighthe an lá úd lé a naibeorthar, Ite maledicte, etc., dfhulang phián siordhuighe go hifronn. Seacht noibre spio- radálta na Trócuire. Lucht an ainbhfhis do theagasg, an peacach do chionúghadh, deaghchomhuirle do thabhairt don té atá a gcall chomhuirle, solás do chur ar lucht tuirsi, egcoír dfhulang go foighideach, aindlighe chaích do mhaitheamh dháibh,
deagghuidhe do dheánamh ar bheodhaibh sar mharbhaibh, sar lucht egcora do dhenamh ort. Adnot. Tuig nach mó doní dui- ne a shlíghe lé día fá thrócuire chor- pordha do dhenamh ar a chomharsain, mar maille le maith anma do thaisbéanadh dhó, acht gurab fearr go mór maith anma do dhenamh iná maith chuirp, do réir mar sháruighes an tanam an corp, agus mar sin leas anma leas cor- pordha. Na hocht ndionga beannaighthe. 1. Beannaighthi na boicht a spio- raid, oír is leó feín rioghacht neimhe. 2. Beannaighthie an drong cheann- saighthe, oír búdh leó feín sealbh na talmhan. 3. Beannaighthe an lucht brónach, oír cuirfíodhar solás orra. 4. Beannaighthe an mhuínntear ar a mbí ocras agus tart ar scáth an cheirt oír dogheabhaidh síad sasamh. 5. Beannaighthe an drong thróca- ireach, oír dodheaentar trócaire orra. 6. Beannaighthe lucht an deghchroídhe
oír dochithfid siad diá. 7. Bennuighthe an drong shíothach, óir goirfiodhar clann dé dhiobh. 8. Bennaighthe an drong fhuiling- ios eingreim agus persecúsion ar son an cheirt, oír búdh leó rioghacht nimhe. Adnot. Tuig gurab é ar Slánúigh- theóir feín ainmnióghas na hocht ndrongasa san seanmoír oírdheirc dorinne sé ar an gnoc do láthair a dheisciobal, ag rádh gurab bennaighthe iad. Agus bíodh nach labhrann Lucás acht ar chethra drongaibh, tairis sin coimsioghthar ionnta na hocht ndron- ga a ttig Matha. Acht chena cuiridh an eglais na hocht ndronga siós chum na huimhre diomlánadh. Na seacht gceinnphea cadh marbhtha. Diómas, Saint, Druís, Tnuth, Craós, Fearg, agus Leisge. Adnot. Tuig gurab as goirthear peacadha marbhtha dióbh so, as mar mharbhuidh siád go spioradálta an- am an té chastar ionnta, no anaoin phecadh dhiobh, ag sgaradh grása dé leis is beatha dho.
Deirthear fós gurab cinn pecadha iád tre uiliodhacht na bpecadh eile fhásas asta, oír dothig ón diómas glóir dhiomhaoín, andánacht, aindreím ag iárradh onóra, etc. Dothig ón tshaint, cruás, gor- táidhe, mioshuáimneas, brathadóracht. Dothig ón druís, daillintleacht, saóbhthoiliodhact, droichbhreath- nughadh, luaithinntinn, ainmhíangas, fuáth ndé, crícheagla mheata. Dothig ón tnúth, míorún, biódán, ithiomrádh gairdeahchas tré dhochar ccomharsan, brón tré dheagfhor- tún dúine eile. Dothig ón gcraós, maoltuigsi, saóbhlúthghaír, anchaint aithis, truailleighneas, Dothig ón bhfheirg, míghnaoidhe, racht inntinne, garrbhúaic, masla, imdh- earga, mallughadh, aimreidhteach. Dothig ón leisge, edóthchas, beag- mhisneach, spadántacht, cantlamh claónaigne. Tuig fós leath amuich dona pec- adhaibh marbhtha go bhfhuilid gné eile phechadh ann, dá ngoirthear pecaidhe solaghtha, nó somhaite, nach sgarann
grasa, na grádh de linn go hiomlán substaintech, bíodh go maoluighid sgo nislidhid siád bríogh, agus teas grádh dé ionnainn. Na seacht subhailcidhe lé a gclaoidhtear no seacht gceinn- phecadh marbhtha. Umhlacht, lé a gclaoídhtear dió- mas. Feíle lé a gclaoídhtear saint. Geanmnaighecht, lé a gclaoídhtear drúis. Searc-chomann, lé a gclaoídhtear tnúth. Measardhacht, lé a gclaoídh- tear craós. Caondúthracht lé a gclaoídhtear leisge. Foighide, lé a gclaoídhtear fearg. Ceathra Peacadh bhios ag sgreadagh ar dhía ag iarradh díoghaltais. Dúnmharbha fealltach. Peacadh Sodomdha, nó coimhreáchtanas míona- dúrtha. egcoír do dhenamh ar bhain- treabhthachuibh, ar dhílechtaibh, nó ar fhannbhochtaibh, agus a dtuarasdal do chonghbhail ó lucht saóthair. Adnot. Tuig go bhfuilid pecadha ann is neimhnighe agus is baóghlaídhe inaidh
pecaidhe eile, agus is diobh so na ceathra phecadh so do bhall, óir farré damaint anma do bheith a gcinniodh do lucht a ndenta iárruigh meíd a mailísi díoghal- tas do theacht ina ndiaigh san saoghal abhus feín. Se pheacadh ata ana- ghuidh an Spioraid naoimh. Andóthchas, edóthchas, cur anaghuidh na fírinne as a riocht, doilghios fá ghrasaibh dhuine eile, calcughad a staid pheacuidh, agus neamhaithríghe a naimsir an bháis. Adont. Tuig bíodh nách bhfhuil peca ar bith ann dá thruime nó dhá mheasa é nách bhfhuil sé somhaite ag diá, dá ndiongnadh an pecach aithríghe fhírinnech ann, tairis sin nach furas nó nach gnathach pardún dfhaghail annsna coirthibh doniothar anaguidh an Spior- aid naoímh, ar anadhbhar go ttairgid lucht a ndéanta, seach phecach eile, cur suás don spiorad naómh ag diúltadh dhó feín agus da ghrasaibh, farré doras trócuire ndé do dhúnadh na naghuidh feín.
Na cuig ceadfadh corpardha. Radharc, Eísdeacht, Boltanas, Blas agus Glacadh. Adnotatio. Tuig go bhfuil aithne sbeisialta ón esbol againn coimheúd gér do dhenamh ar ar gceadfadhaibh foiriomlacha corpardha dhfaithíoghíos go tteagóchadh dhaibh bheith na nion- stramaintibh pecadh againn, nó na ndoirsibh báis ar a ttiocfadh an pecadh asteach orainn ann ar nanm. Na ceathra criocha deighionacha. Bas, Breitheamhnas déighionnach, Píanta ifrinn, agus glóir fhlaithemhnuis. Adnot. Tuig nach furas leighios ar bith is fearr dfhaghail anaghuidh an phecadh na barradh is eífiochtuidhe lé a chongbhaíl amuich uainn na smuai niodh siothbhuan ar gcríoch ndeighionach do bheith againn ann ar meabhuir do shíor. An confiteor nó an fhaoisidin gheinearailte. Admhuighim do dhia uilechumhachtach,
do naómh Mhuire an tsíoroígh, do naómh Mhichél archaingiol, do naómh Eoín baiste, dona naomhabstalaibh Pedar agus Pól, dar naómh Phatarrún Pattraic, agus dona huile naomh agus daoibhsi a athair gur phecuigheas go trom tré smuainiodh, tré bhreithir, agus tré ghníomh, och mo choir, och mo choir, och mo rochoir. Ar na hadhbharaibhsi gúidhim naómh Mhuire an tshióróigh, naómh Mhichel archaingeal, naomh Eoín Baiste, na naómhabstail Ped ar agus Pól, a naómh Phatarrún Padraig, na huile naómh agus sibhsi a athair fa ghuidhe ar mo shon chum ar ttigh- earna Día Amen. Adnot. Tuig gurab fada atá an fhuirm si a ngnas ag an eglais ..
SUIM BHUNADHASACH an teagaisg chriosdaíghe a ndán, do réir an athar Bonaventúra Ó Heoghusa dórd san Phroinsias.
OIFIGE SPIORADALTA AN CHRIOSDAIGHE GACH LAOI. ar néirghe don criosdáighe as a leab- uidh ar maidin coisreagadh é féin ag rádh Anainm an athar, agus an mhic, etc. iar sin cuireadh a dhá láimh le á ceile, agas abradh. Beannacht ar an tríonoíd ró naomhtha, aónda anois, go bráth, agus tré saóghal na saóghal. Amen. Abradh annsin, a phaidior. Ar nathair ata ar neamh. An beannachadh Muire, Dia do bhetha a Mhuire. An chré.
Creidim a ndiá athair uilechumhachtach, An fhaoisidin gheiniorálta, admhuighim do dhiá uilechumhachtach, etc. Da eis sin abradh. Go ndeana diá uilechumhachtach trocuire orainn, agas iár maithiomh ar bpecadh dhuin go ttreóraíghe sé sinn chum na beatha suthaine. Amen. Go ttugadh fós, tíghearna trócuireach na nuilechumhacht absoloíd, réighteach, agus maithemhnas ar bpecadh dhuin. Amen. Fearsa. A thigherna deónuigh ar gcaó- mhnadh san lá aniogh. Freagra. A thigherna dena trócuire oruinn, a thíghearna denuig sin. Fearsa. A thíghearna bíodh do thrócuire ós ar gcionn. Freagra. Do réir mar do chuireamar ar ndóthchas ionnat. Fearsa. A thigherna eist rém úrnaighthe. Freagra. Agas go sroighthigh mhárdghlór dod láthair. ORTHA A thígherna a dhé uilechumhachtaigh dothug go tús maidhne an laosi sinn, saór inn aniogh le do thréanchumh-
achtaibh, ionas nach chlaonmaois san lá sa chum pecaidh ar bith do dhenamh: acht déonaigh tra ar smuáintighthe, ar mbriathra, agus ar ngniómhartha do bheith arna ndiórughadh chum do cheirt, agas chum do thola do choimhlionadh. Amen. A thigherna, a dhé, a rígh neimhe, agas talmhan aóntaigh ar gcroídhe, ar gcorp, agus ar ngniómhartha do riághlughadh, agus do bhennughadh do réir do dhlíghe, agus oibredh do rechta, ionnas maille lé do choghnadh go sabhalfúighe agas go saórfuighe sinn anois do bhall, agus tré shaóghal na saoghal. Amen. Guidheadh annsin an Taingeal coimhdeachta ag rádh. A aingeil dé ar a bhfhuil mo chumhdach tré orbhaire ar ttighearna, dídin, agus riághlaigh mé san ló aniogh, agas do shiór. Amen. ORTHA A thigherna, a dhé do dhéonuigh tréd thorbhaire doidhinstena oruinn, haingil naómhtha feín do chur chugainn dár gcumhdach: tabhair dhúin, atá go húmhal ad ghúidhe, bheith ar nar gcaomh- nach annso abhus tré a niomchosaint
súd dár ttaóbh, agas a gcomhluádar dfhághal arís san ngloír shiórdhuidhe ad fhochuir féin a saóghal na saoghal. Amen. Ar bhfhaghbháil an tighe amach, no lé linn dul ar turas, abradh. A tigherna taisbeáin do shlighthe féin damh, agas múin damh do chosáin, dirghidh mo choisceimidhe do reír hagallamha chum nách beith aindlíghe ar bith a ttreisi oram: iomlánaigh a thighearna mo shiobhal ar do shlighthibh chum nách beith mhaistior corrach. A nam chraite an uisge choisreagtha, abradh. Iomchraithfigh tu iósoíp oram a thigherna, agas beidh mé ar mo ghlanadh, ionnólfuigh tú mé, agas búdh gile me ina sneachta. Ar mbeith do neach ag aifrionn abradh se. A athair róbhuidh na trócuire, agas a thigherna a dhé anuile sholáis, nach é amhain , do thoirbhir do mhac féin san gcroich chum sinne do shaoradh ó phecadh, agus dathnughadh chum gras, acht fós do dheónaigh iodhbuirt ar a bhfuil róghean agad do bheith arna denamh air saneagluis
gach lae ag cuinne toraidh cheidiódhbartha a paisi daithgheineamhuin ionnuin, tabhair dhúin dathchuinge ort, bheith annso do láthair a ndiamhair, ruin, sláinte, agas caóimhseirce, atá ann, go haireach modhamhuil deagradhach, ionnas go ngnódhadhmaóis a chomaóin, agas a bhriógh go láneifechtach tré ar ttigherna remhráighte haónmhac Iósa crióst ata bithbheódh a gcomhfhlaithios farrat anaondacht an spioraid naoímh a saóghal na saoghal. Amen. Lé linn togbhála an chuirp naomhtha, abradh. Fáilte dhuit a fíorchuirp chriost ar ttigherna, do geiniodh ó Mhuire oigh, dfulaing daórpháis dearbhtha, agas ar a ndearnadh iódhbuirt san gcroich tar chenn an duine, is as do thaóbh, agas é arna tholladh do shil fuil, agas uisge, tabhair dhúin thfaghuil lé blaisiodh a bpongc bháis. A iósa mhilis bhúidh, a mhic Muire deana trócuire orain Amen. Ar mbeith don chailis choisrioctha arna togbhail, abradh. Fáilte dhuit a fhiórfhuil uasal ar
ttighearna Iósa críost do shil as a thaóbh naómhha a gcrann na páisi maraón lé huisge ar son choirrthibh an chine dhaónna: ionnuil, agas glan sinn or nuile phecadh, agas aindlighe. Amen. Ag beannughadh na proinne do neach abradh sé. Fearsa. Bennuighidh. Freagra. Bennuighidh. ORTHA. Beannaigh inn a thígherna maraon leis an tiodhlaicthibhsi do láthair do ghnodhamair ar thfialmhaitheas, agas aga bhfuilmíd ar tí a gcaithemh anois annsó. Amen. Ar ndul don chriostuídhe do loighe, leigeadh é fein ar a ghluinibh ag colbha a leaptha, no anáit iomchubhuigh eile agas agá choisreagadh fein, abradh. A nainm anathar, agas an mhic etc. Iár sin ag cur a lámh teannta lé a cheile, sag feachain suás ar dhiá, abradh. Bennacht ar an dtrionoíd ronaómhtha, aonda anois, agus go brath, agas tré shaóghal na saóghal. Amen Abradh sé iár sin go caoinduthrachtach, an Phaidior, ar nathair ata ar neamh. An beannachadh Muire, Dia do bheatha a Mhuire. An chré. Creidim andia,
athar. An fhaoisidin gheinearalta. Admhuighim do dhia uilechumhachtach. Deanadh annsin examen coinsiais ag smuaineadh ar pheacadhaibh an lae sin maille le contrision. Abradh ina dhiaidh sin an chuid eile durnaighthibh na maidhne thuas go sroigh an orrtho ta annsin darab tosach. A thighearna a dhé, uilechumhachtaigh, Agas nach abartbar annso. HIOMAIN NA LOIGHE A dhé do dhealbhuidh gach ní sdarb curam fós dídean cháich: ar ndhul dúin chum suáin anocht, gabh ar gcumhdach ort do láimh. Taidhbhsi aoidhce nách bi saith, scealg satain, nach maith lé a luagh: Sgach siabhra fhasas da ttaóbh súd cuir iad ar gcúl a bhfhad uain. Ardathair na nuile bhuagh, Iósa mhilis uaidh do ghin: san spiorad sherc shnadhmas iad, a niarrmuid sonn deanuid sin. Saór inn a thighearna mar ndhúsacht, cumhdaigh inn inar gcodhladh, chum go diongnadhmaoís comhfhaire farré criost, agas go bhfhaghmaoís biothshuaimhneas a siothchainn.
Caomhnuigh inn a thighearna mar mhac imreasa do súl, agas gabh chugad ar gcoimeirce fad sgiathanuibh, deonuigh a thighearna ar ttarrthail anocht ar pheacadh. A thigherna dena trocuire orainn, agas dena sin, gabhadh do throcuire a thigherna os ar gcenn, doréir mar do chuireamuir ar ndothchas ionnat. Fears. Eist a thigherna lé mo ghuidhe. Freag. Agas go sroighthidh mhárdghlor chughad. ORTHA Tarraidh a thigherna ar cuairt chum an araissi, agas díbir acceín uaidh uilchealga na namhad, deanaidh do naomhaingil biothchomhnúidhe ann, da ttiocfadh sinne do shaorchomhed a sioth- cháin, agas tuirlingiodh do dheghbhennacht orainn trí chriost ar ttíghearna, Amen. Coisreagadh annsin e féin ag radh. Bennuighedh, agus caomhnadh ar ttigherna dia uilechumhachtach inn, an tAthair, an mac agas an spiorad naomh. Amen. Ansin tra budh eidir leis loighe a bhfheiste codalta anainm de.
URNAIGHTHE CHAOINDUTHRACHTACHA ROIMH FHAOISIDIN. AN TSAILM MISERERE MEI DEUS Deín trócaire orm a dhé: do réir do mhórthrocuire féin. Agus do réir iomadamhlachta do thrócaire: cairt uáim mhanlochta. Ionnail mé fós óm aindlimhe: agas glan mé óm pheacadh. Ar anadhbhar go bhfuilim admhálach ann meagcoír: agas go bhfuil mo phecadh le a chur um aghuidh do shiór. Ad haghaidh amháin do chionntuigh mé agas ad láthair dorinne mé olc, ionnas go bhfoillsighthidhe thfhírcheart anndo ráidhtibh: agas gurab agat do bheith búadh ar ndul duit fa breithemhnas. Or feúch gurab a ccoirrthibh do coimpeired mé: agus i bpecadhaibh do ghein mo mhathair mé. Or fech gur ghradhuidh tú an fhirinne do thaisben tú dhamh égcinnteacht, agas rún heagna. Iomchraithfigh tú iosoíp orm a
thigherna, agus bia mé ar mo ghlanadh: ionnolfadh tú mé, agas búdh gile mé ina sneachta. Dobheúra tú gairdechas agus solás lé a neistiocht dhamh: agas gheabhuid mo chnámha ar na nulmhugha luthghair lé a nais. Feill do ghnúis óm phecadhaibh: agas glan uáim muile mhailís. Cruthaigh croidh glan ionnam a dhé, agas athnughaidh sbioraid dírech in méinidhibh. Na teilg mé ód haghaidh: agas na beir do naoimhspioraid uaím. Tabhair meadhar do shláinte dhamh: agas foirtilligh mé lé spioraid phrionnsapalta. Múinfeidh me do shlighthe do dhrongaibh eccóracha: agas aithfillfidh daoine lochtacha chugat. A dhé, a dhé mo sláinte, saór ó dhórta fola mé: agas ardmholfaigh mo theanga tfhircheart. Foisceólfuidh tú mo phuisinidhe a thighearna: agas aithreochasaidh mo bheúl do dheghmhola. Ar an adhbhar go ndiongnainn iodhbairt da ttugarrthasa: ní bhfhuighe tú
gean ar láiniódhbairt bhethadhach. Iodhbairt do dhiá spioraid bhrónach: a dhia na bíodh tharcuisne agat ar chroidhe chombruíte arna humhlughadh Bí a thiarna go búidh ann do dheghthoil lé Sión, chum go mbeidís ballagha Iarusalém ar na ttógbhail. Glacfaigh tú go fonnmhar iodhbairt an cheirt, ofrail, agus lainiodhbairt: annsin legfaidh siád laoidhiodhbairt ar haltoír. Gloir don athair, agas don mhac, agas don spioraid naomh: mar dobhí ar tús, mar atá anois, agas mar dobhiás do shiór. Amen. ORRTHA ROIMHE FAOISEDIN. A thigherna róbhuídh, roichennsaigh, a Iosa Chríost, a aoindóchais slainte manma, glac mfhaoisedin; agas tabhair dhamh doilghes croidhe, agas déora súl chum go ccaoininn doidhche, agas do ló malle lé humhlacht agas le gloine choinsiáis mo mhainneachtna, agus mfhaillidhe. Go sroighthigh a thighearna múrnaighthe ad choír ma bhión tú feargach liom cé an cabharrthach iarfasmé? nó cé dhiongas trócaire oram ann mo mhailís
coimhnigh ormsa a thigherna do ghoir ar an mnaói ó chanaan, agas ar an bpuibliocanach chum aithridhe, agas fós do ghabh lé Pedar deís do shenta tre bheith dhó ag caoídh go haithriodhach. A thighearna maisedh, agas a dhé sa shlánaighthéoir an domhain gabh liomsa, agas athghabh. A Iosa shármhaith do thoirbheir thú feín a mbás croiche chum na bpecach do shlánughadh, amharc ormsa an pecach bocht, agas mé ag gairm ar hainm, agas na tabhuir aire comh mór agas sin dom olcsa ionnas go ndhearmódtha do mhaith feín. Agas bioth go ndernadh meisi cionnta tré a mo fheidir leat ó cheart mo dhamnughadh, tairis sin niór chaill tusa do thrócaire as a cclechtann tú cach do shaóradh ó dhamaint. Da bhrigh sin gabh agam go trócuireach, or is is tú feín mo slanaighteóir, agas tabhair pardún damh gidh pecach mé. A Iosa sgaóil manm ó choibhreach a locht, agas leighis é ó chréachtaibh a ainmhian, iarraim, agus aithiarruim ort do ghnuis do thaisbenadh dhamh, agas bia mé slán. Cuir a thigherna, agas seíd, tré mhaithghniomharthuibh deghluáidhe na hoighe
rodhiaga Muire do mhathair, sna naomh uile, do sólas, agas thfirinne astech ann manam foillseóchas, agus mhúinfios damh muile aindlidhe, agas peca budh coír damh dadmháil agus do chur a bhfhaoisedin, agus fós neartochas mé chum aithrisiodh schum nochtaighthe dhaoibh maille lé contrisíon, smaille lé lórdhoilghios, tusa atá bithbheodh a bhflaithios neimhe a saoghal na saoghal. Amen. ORRTHA DEIS FAOISEDNE. Sirim, agas athchuingim ort a thigherna, a dhé na trócuire tré mhaithghniomharrthaibh deghluaidh do mhathar roibhennaighthe Muire oígh, sna naomh uile mfaoisedin anois do bhall do bheith soghlacthaighthe genamhuil agat, agus iarraim fós ar do mhórdhacht gach easbadh doilghis, gach díth iomláine, sgach dearmod dá ttarlaigh san bhfaoisedinsi nó a bhfaoisedin air bith eile dá ndernaidh me roimhe so, do leasughadh lé foirlióna do thrócaire, agas do bhuidheachta; agas da reir sin a thigherna déonaigh meisi do bheith fa dheóigh
agas mé reígh lántsaor ón uile chaigh, agus shal phecaidh, agus aindlighe ar mó leígean astech go roigheacht neimhe, mar a bhfhuil tú feín anairdtresi a saoghal na saoghal. Amen. ORRTHA RIA CCOMAOINEACH. A thigherna bhúidh, a Iósa Crióst ata omhan, agas crithegla ormsa an pecach bocht aindlighthech gan mhuinghin agam as maithghniomharthaibh ar bith dom thaobh feín, acht go bhfuil mo dhóchas ann do throcuirese, agas ann do dheghmhaitheas techt dionsaighe do chuirmhe, agas, fhesta roímhilis doinsteana do chuirp naomhtha agus thfhola daórluaigh: óir atá colann, agas anm agam ar na ttruailliodh lé hiomad coirrthech, fairé mintinn sfairré mo thenguidhe do bheith drochumhdaighche ar lochtuibh, ar an adhbharsa, ó adhiadhacht bhuídh agas a mhorrdhacht aguathmhar ataimsi an truághan aindeas ag teangbháil san ccruadhoraing chumhaingsi ag triall ortsa a thobair na trócaire ag deanadh luáis chugat diairiuigh leighis ort. Atáim ag teighthiodh fá dhídean do
choimirce agas ós derbh leam go bhfuil tú doiomchair agam mar bhrethiomh tairgfidh me mo dhoigh do chur ionnat mar shlánaightheóir. A thighearna nochtaim dhuit cneadh manma, agus leígim let fáth naire mo choinsiáis is fesach mé ar mo pheca do bheith mór liónmhar tré a bhfhuil faitchíos adhbhal domh ghlacadh, acht chena anaghuidh sin loighim fad mhorthrocuire égcinnte, agus muinighim aiste. Dercaidh dá bhríogh so orm a thighearna Iósa Crióst lé rosguibh failidhe do thrócaire. A righ shiordhuidhe bhiothbhuain, a dhé, agas a dhuine dhfhuiling crochadh agus páis tar chionn an chine dhaónadh, eist liom agá bhfuil mo dhóchas ionnat, foír go trócairech orm atá lán damhghar, agas do pheca, óir is tú tobar an mhaothghraidh le nach eidir dul a niosg. Fáilte dhuit a iodhbairt na sláinte dó hofráladh ar mo shonsa, sar son an chine dhaóndha a ccrann na páisi. Fáilte dhuit a fhuil daór- uásal do shil ascreachtaibh mo thigherna Iósa Criost, agas é ar na chesadh, lé ar glanadh peca an tsaoghuil coimhnigh a thigherna ormsa do chreatúir
dfuasgail tú ar thfhuil feín. Goilligh ormsa a thigherna peaca do dhenadh ad thaghuidh, atá rún intinne agam mé fein le lesughadh ann a ndhernaigh mé go haindlighthech. Toig uáim a thigherna roicheannsaighthe muile mhaillís, agas pheca, ionnas ar mbheith lánghlan damh a ccorp, agas a nanm go mo fiú mé naomhproinn na huile naomhthachta do chaithiomh. Agas déonaigh fos on mblaisféachuin mbennaighthesi ata romham do dhenamh ar do chorp, sar thfuil gcion go bhfuilim glaindiongbhala, sin doibriughadh maithfiochus mo phecadh ionnam iomcharthaighthe iomlan mo locht, cianrúagtha uaim ar mo dhrochsmuainteithibh salcha, aithghinemhna ar mo dhéighchedfadhaibh brighefeachta do mo mhaithghníomharrthaibh, agas uimdhiden iomláin le siothchaomhnadh mo chuirp, agas manama anaghuidh uilchealg mo namhad. Amen. ORRTHA IAR CCAITHIOMH COMAOINEACH. Buidhechas duit a thigherna naomhtha a athuir uilechumhachtaigh, agus a
dhé bhiothmharthanaigh do dhéonaigh meisi thfhoghantaighe mífhiudhantach agus an pecach gan feídhm deghlúaghaidh ar bith orm dom thaobh feín acht tré dhiongbhala do throcairesi do shasughadh le corp daoirmhesta, agus le fuil rouasail do mheic ghradhuigh Iosa Criost. Athchuingim ort gan an chomaoínech bhennaighthesi do bheith na siocair chionnta lé peín shiordhuidhe do thuilledh dhamh, acht na hedarghuidhech chobharrthach ar mo shon a gcuinne maithfechuis dfaghail damh in maindlighe. Bíodh si agam na díneíde chreidimh, agus na caoimhsgéith deghthola, biódh si agam na diansgaoíle ar mo lochtáibh aga na lerairghthióch ar mo mhímhéin, agus ar mantoil. Biodh si agam mar bhairrbhiseach carthannachta, foidne, umhlachta, agus na ndheghshubhailce eile. Bíodh si na siothchosnamh dom dhíden ar chealgaibh meascarad sofhaicsionna, agus dofhaicseana go huilidhe, agus fós na suaibhneas agam anahguidh muile anshogh cuirp, agas anma, dom shabháil ionnat feín a aoíndé an firinne darab coír bheith ad choimhlíona shenamhuil ar chrích dheghanuigh mo bheatha
agas as so guidhim thú a bheith deóntach fa meisi an cionntach bocht do thréorughadh chum fleidhe do fhaisneisi úd na gloíre suthaine ar a bhfhuil tú feín mar aon lé do mhac, agas lais an spiorad naómh, ad sholás firinneach, ad shásamh iomlán, ad luthghaire mharrthannuigh, ad sholas doigh- chriochnaighthe, agus ad shen lánfhorfe. Amen. CLAR SONNRADHACH NA bpeacadh do reír imtheachta na naithneadh, agus na cceinnphecadh marbhtha fhoghnas do neartughadh meabhra na naithrioghach roimh fhaoísedin. Don chead Aithne. Iodhaladhradh .i. dia bréige donóradh. Gan gradh do bheith ar dhia ós ceann gach aóin ní. An ghradh iomarcach do chreatúiribh. Contabhairt no aimhrios a bpongcaibh creideimh. Ainbhfhios fá airtioglaibh an chreideimh, fá aithentaibh dé nó na heglaisi, easbha dóthchuis a ndía, no edóthchas in a thrócuire. Andóthchas maille le súil do bheith agat grasa na trocuire
dé do theacht ort gan comhoibriugha maithghniomh dod thaóbh fein. Demhnoracht, asarlaghacht, piséoga, géillemh daislingthíbh, do dhearnadóracht, do chinnemhain, do shaobhfhaistine domheanmnadhuibh, etc. Cumann do dheanadh le deamhnóiribh, lé fearaibh, nó lé mnáibh garma, nó le lucht saoibhfeasa, leighios, nó fios do ghlacaddh uátha. Eirceacht, sciosma, asumhlacht don Phapa, no don eglais, cuidiogha le heircibh, nó fabhair do dheanadh dháibh cumann no coinbhersaid do dhenadh léo gan riachtanas. Leiththeoracht a leabhraibh eircech gan ched, diosporacht léo, acht lé cead. Toirmesg do chur ar nech fa fhilledh ó eirceacht nó ó sciosma. Gan duine dá chur fein go laethamhuil ar chomairce de, naomhuire oígh, na naingiol, nó na naómh: gan duine do cheapadh a thola lé toil ndhé. DON DARA hAITHNE. Ainm dé fein, nó aoinní bhenas do dhía do thabhairt go diomhaoinech, nó go míomhodhuil.
Mionna eíghthe do thabhairt. Críost nó a fhuil nó a chorp, nó a pháis a chreachta, ball dá bhallaibh, nó aon ní bhenas dó, do thabhairt mar mhionna go hasonórach, nó go hegceart. Muire oígh, na haingil, na naóimh, taise na naómh, nó neithe beannaighthe ar bith, nó fós creatuiridhe dé do ghlacadh go heaccórach mar mhionna. Eascaine, mallugha, nó fuagra duine ar feín, nó ar neach oile don diabhal, nó fós ar chretuíribh eile ar bith. Mionna, nó móid dhistionach do bhrisiodh. Eígen do dhenadh ar dhuine eile, no siocair do thabhairt dó chum mionn eccóirach do thabhairt, no chum imdhearghtha do dhenadh ar dhia, nó ar neithibh naomhtha bhenas dó. DON TREAS AITHNE. Gan an domhnach, na féilte oile saoíre na heglaisi do chongbhail. Daórobair d dhenadh, nó do chur da deanadh san saoíre. Neithe do cheannach, no do dhíol san saoíre, gan riachtanas sgan ched na heglaisi, gan día donórugha, na do ghuidhe san saoire, sgan seirbhís
sbioradalta do dhéanadh innte. Gan seanmoír chatoilce na teagasg diadha eile deísteacht san saoíre. An domhnach, nó an lá saoire do chaithemh le fothghnodhaibhibh, lé súgra, le cluthadhaibh, lé raingce, lé deochadoracht, lé himirt, nó le diomhaoines. Gan oifeige dhíadha, tratha Muire trátha an Spioraid naoímh, trátha na Croiche, na a neasborta san, na Sailm aithridhe, na salmadoracht eile, na Paidrín, na caóndúthracht ar bith do rádh na do dhenadh, san saoire. DON CHEATHRAMHADH AITHNE Gan onóir do thabhairt dod hathair, no dod mhathair gan gradh do bheith agad doibh, gan foirthín orra ann a riachtanas, tarcaisne nó asumhlacht do thabhairt daibh, ferg, anshogh no brón do chur orra, gan a nadmhail tré uábhar, nó tré lemhnáire, a mbualadh, nó a mallughadh, iothomrádh, nó murmur do dhenadh orra, fochmhaide, no maga do dhenamh fútha. Tarcaisne, easumhlacht, no míomhodh do thabhairt duachtaranaibh cille, nó tuaithe, do mhaighestiribh, no doidídhibh
foghlamtha, no fós do dhaoínibh aosta. Bang éaglaisi do tharrang ort feín tré choir, nó tré easumhlacht. DON CHUIGEADH AITHNE Bas duine do thabhairt, diarradh, no shantughadh go heaccórach, nó go mailíseach, fúath, nó nemhghradh do bheith agat do dhuine ar bith. Tiorantacht, ainéiliugha, nó cruádhail do dhenadh ar fheighthemhnaibh, ar iócadhthaibh, no fós ar dhaoinibh ar bith eile. Eaccoír dimeirt ar bhaintreabhthachaibh, ar dhithlechtaibh no ar fhannbhochtuibh. Diodhaltas prióbhaidech do dhenadh nó diárradh do thabhairt fa der a dhenamh. Gan maithemhnas do thabhairt do chach eile sanegcoír dorinnedar ort. Gan caint, nó coinbhearsaid do dhenadh le comharsain, tré fhuath, nó tre fhaltanas. Daoine do bhualadh, do mhaslughadh, no daithisíughádh, agas gan iad fád smacht.
DON TSHEISIODH AITHNE. Adhaltrannas, stríapachas, sodomdhacht idir fhearaibh ar oile, no idir fer agas mhnaói. Brúidemhlacht idir dhuine, agus bhethadhach, no peca ar bith eile san taóbhsa anaghuidh naduire. Comasg colna idir fhear, agas mhnaoí phosta fhir oile, mnaoí riaghalta, mnaoí ghaoil, mhaighdin, no mnaoi ar bith oile sech posta. Mar so don mhnaoí ar leth eile, ma chumhasgann lé fer mná eile, lé pearsain egluisi fa ghrádaibh, no fa mhoíd ghenamnadhachta, lé fer gaoíl, no lé fear ar bith eile sgan é posta aice. Poluision do dorta síl, glacaireacht truailighthe, smuintithe neamh- ghlana colnaidhthe. Comhráidh, sgríbhne, no ádhmhaille dhrúisemhuil, fechuin no anchorugha mailisech, nochta chricinn tré antoil. Leabhair, rainn, duanta, no adhbhráin shuirioghacha do leighedh, no daithris. Biadh ainmhear, no deoch do chaithemh chum mímhéine do ghríosadh. ..re chuíríalta do thabhairt do dhaoinibh
no deallach ag coimhriocht ar oile. DON TSHEACDMHODH AITHNE. Gadaghacht, creacha, farrachas éigean, mealltoracht cleasaghacht, no cluaineiriocht a raic, no gceannadhacht a cconnra, no a neimeirt. Cartadha, no dislidhe mealta sui: dheachan dislidhe, cur cataghadh, mioch- omhtrom imeartha, no bréug. Fallsacht no meabhuil a miosúracht no medheachan. Mealtoracht fa airnéis anar- adhaibh, no ina luach. Neithe do chennach no do ghlacadh a-naisge ó dhaoínibh dofúair go bradach, no go lochtach iad, dochar do dheanamh deallach no do mhaoín duine eile Airnéis, nó maoín duine eile dfagh- ail amuigh, no ar nemhaird, agas gan agcur ar chaoi abhfhaghala, no ar aird da nduine féin. Faillidhe do dhenadh a seirbhís, no fa neithibh do bheith ar haontaobh. Airgiot fallsa do bhúaladh, no airgiot do chiorrabhadh. Gan na fiacha dlisteanacha atá
ort díoc. Gan firinne do dhenadh dod tfhocal, no dod ghealla dlis- tionach. Síomontacht fa neithibh coisrectha no sbioradalta do raic no do chennach. Usúireacht ag baint chennaigh as iasacht, no as airlectha neith ar bith neamhmheasaighthe. DON OCHTMHADH AITHNE. Fiaghnaise bhréige do dhenadh. Gan an fhirinne dadbháil go ndochar do dhuine eile. Anmanna spídemhla do ghairm do neach eile, labhairt go holc air, droichtheist do ghlacadh go hesga ina aghuidh, aimhreas lochtach do dhenadh air gan fath, gan a chlú do chosnadh. Peca no locht secrédeach duine eile dfhoillsioghadh. Leitreacha dhuine eile dfhosgladh gan a chead. Bheith ag eisteacht go miorunach le caint phríobhaide no lé gnodhaithibh secrediocha dhuine eile. DON NAOMHADH AITHNE Miangas do bheith ag fear dho mhnaoí fhir eile, no do mhnaoí ar bith
nach lais féin: mar sin don mhnaoi da raibh andúil aice dfior mná eile, nó daoinfhear acht da fear pósta. DON DEACHMHADH AITHNE. Teach no ferann, óglach no banóglach, bó, nó capoll, eallach, airgiot, do maoín chomharsan do shantugha tar cheart. AITHEANTA NA hEAGLOISI. DON CHEAD AITHNE. Gan féilte saoíre na heglaisi do chonghbháil mar is dúal. Gan aifreann déistecht gacha domhnaidh sgacha lá saoíre go caonduthrachtach. Bheith lé sgéulaidheacht, lé biodan, lé súgra, lé gáire, nó le hanmhailís ag an aifrionn, toirmeasg no buaidhreagh do chur ar neach eile fa aiffrionn dheisteacht mar búdh dúal. DON DARADH hAITHNE. Gan troisgidhe na heagluisi do dhenadh mar is cóir, feóil deithiodh
chorghas, annsna cataoiribh timpeir, annsna Vigillidhibh, dia hAoíne nó dia satharin: uighe dithidh san chorghas, eim, caise nobainne do chaithemh san chorghas acht do réir ordaighthe na heaglaisi. DON TREAS AITHNE: Gan faoisidhne do dheánadh úair sa mbliaghuin ar do phechadhaibh marbhtha, an chuid is lugha dhe. An fhaoisedin sin do dheanadh le sagarta edearbhtha ag nach bhfuil cead ón phápa nó ó ordionair na háite: no a denadh lé sagart toirmeisg ar a bhfuil bang eagloisi. Gan sacrimint chuirp chriost do ghlacadh an chuid is lugha dhe ó dhomhnach na pailme go domhnach mioncháisg. Comaoineach do ghlachadh fá cháisg as laimh dhuine eglaise sgan ced aige ón bpápa na do thaobh eile mar budh dúal comaoinech cásg do thabhairt amach.
DON CHEATHRAMHADH AITHNE. Sollumain nó onóir phósta do dhenamh ó thús Aidbheint go hepipháin, nó ó chedaoín an luaithre go mion- cháisg. DON CHUIGEADH AITHNE. Deachmhadh prímh, nó ofráil do chongbháil ón gcléir ndeíghchreid- mhig anaghuidh dlighe, nó deghnáis na heglaise. A nduithe, a bhfearann, ciós a nduithidhe, no a gcert do chongháil ó dhaoinibh eglaisi go haindlioghthach. Usurpasion, nó sealbh earraidech do dhenadh ar iurisdicsíon, ar cheallaibh, ar dheachmhaidh, ar fhearann, chíos, nó ar cheart na cleire. Egcoír, nó leatrom do dhenadh ar dhaoínibh eaglaisi, ar pears- naibh, nó ar neithibh bhenas dáibh. Gan foirthin, na congbháil súas do thabhairt do phersanaibh eglaisi ar a bhfhuil cúram hanma, agas iád a riachtnas, sar easbhuidh gléis eile lé teacht a ttír.
NA SEACHT CCEINNPHEACA MARBHTHA. Don díomas. Glóir dhiomhaoin, aindréim lé honóir, presumpsion, anndanacht, umarca, anmhaoidheamh, lanmhairecht, scléip, blaghmonn, raoi- bhed, straisiún, tarcuisne ar chach eile, magadh orra, hipocrisis, nó saobhchrabha fallsa. DON TSHAINT. Saint. Saláthar Egcórach, faghal- tas miochoinsíasach, gradh anumarcach ar neithibh saoghalta, anphraghain ionnta, crúas, gortuidhe, ettrócuire, nemhcharrthannacht, gan iásacht, nó airlioca do thabhairt daos riáchtanais, bheith édeontach nemhfhuilingthech fad staid fein. DON DRUIS. Do labhramar ar an drúis ag tracht dúinn ar an sisedh aithne. DON TNUTH. Tnúth. Doilghios fa shaibhrios, fa fhaghaltas, fa shéan, nó fa dhegh- fhortún dhuine eile, dolás tré dheigh- theist dhuine eile, brón tré a ghrasaibh
lúthghair tré dhochar do chomharsan, mitheist do bheith ar féin, nó ar a chennadhacht, ar a mhargálaibh, nó ar a ghnodhathaibh, doighchiall ar a holc do bhaint as a ghniomharrthaibh, as a raidhtibh, nó as a lúaghaill. DON CHRAOS. Craos, anchócaireacht, biadh dithidh gan ocras, anchaitheamh tar acfainn. diomail, betha na mbocht do thabhairt do mhadradhaibh, meisge, carrús, slaintidhe iomarcacha, deoch dól gan tart no riachtanas. DON FHEIRG Fearg, miofhoidne, diorraisgtheacht, eccennsacht, miomhodh do dhuine eile, doiriartacht, mioumchar, escairdeas, bruighneachas, trodán, iomadh, ansmachtugha, lethedrasgan. DON LEISGE. Leisge, míghen ar neithibh diadha neamhdhúthracht, spadantacht i ccásaibh sbioradalta, andúil a sastacht, nó a socúl corpardha, neamhfhonn a neirmheirghe, nó anurnaighthibh an mheodhan aoidhche, nó anurnaighthibh eile. Aintshearc do chodla, sdo dhiomhaoineas, roghain do bhreith bheith a riachtanas
chorpardha, seach do bhetha do shaothrughadh lé hobair, neamhbúanughas a ndeighintinn, faillidhe a ccásaibh fa nar chóir bheith faillioghach, mainneachtna fa bhuidhechas do bhreith lé día tré a mhórthiolaicthibh dhuit, nó fa bhuidhecas do bhreith led aoís comaoine, faillidhe do thaobh guidhe do dhenadh ar bheodhaibh, agus ar mharbhaidh. Do bharr ar ar chomharthaigh mé ann- so go foill dó ghnédhibh eugsamhla pecadh fa sech tabhair dod aire go bhfuil da shórt pecuidh ann coirioghthar go géar ar neach, biodh dar leat nach beith sé cionntach ionnta. Is iad soin peaca ainbhfis, agas peca comhaghuidhthech dhuine eile, coirioghtar mar sin ar dhuine esbha eólais do bheith ar a ccéird no a nealaghain ghabhas sé lé a ais madh dothig dochar dhaoinibh eile, no do féin as bheith ainbhfhiosach dó san taobhsan. Mar sin is peca dainséurach do sagart bheith ar esbha foghlamtha nó eóluis annsna casaibh bhenas da shagartacht, agas da oifegi, agus ní shaorann a ainbhfios é. Mar sin don liaigh aineólach, don adhbhacóid neimhfhesach, don notáir
mhíchleiste, agus do dhrongaibh eile aineolacha da samhail, thairgeas lamh do chur go handána a ccéird nó anealadhain sgan iad seólta, na feasach innte, óir ní shaorann a nainbhfios iad, do bhriogh go ma ríochtanas daibh bheith foghlamtha, cleisde san chéird, no san ealadhain ghabhaid siad ré ais níos túisgeina do thairgfedís úsáid, nó gnas do dhenadh oirre. Tuig arís go ttairriong ann peca, agus cáinpheacaidh duine air féin ma deir sé, ma chomhairliodhan sé, nó ma aontaghann sé adhenadh, ma ghabhann sé pairt no cumann fir a dhenta. Ma cheilionn sé é, no ma doní rún air, amhuil sin ma mholann sé é, agus é denta, agus mona ttug sé tóirmeasg fa a dhenadh roimh a dhenadh, etc. Farré a nabraim annso go foill comhnioghadh an taithrioghach roimh a fhaoisedin gné, cailiodhacht, agus uimhir a pheacadh do bheith aige mheabhuir lé a naithris sle a ccur síos don tsagart faoisedne ann a fhaoisedin da lathair: no an chuid is lugha dhé, ní budh fulair
dhó sárthuairim do bheith aige orra lé a ninnisin go huirmisneach agas dá bhriogh so is dúal sas cóir do gach aithrioghach ar bith roimh dhol dá fhaoisedin aimsear iomchubhaidh do chaithemh lé a phecdhaibh gon a ngné, a ccáiliodhacht, sa nuimheir do thabhairt chum coimhne, do réir na haga ó dorinne sé faoisedin roimhe, agas annsin trá ata dfheidhm air contrision, nó doilghios dearbhtha croidhe da ghabháil fa a pheca, an mhéid gorb aindlighe é anaghuidh dé. Agus na budh lor leis ma fhedann bheith ttaoibh lé Attrision, nó lé lagthuirsi do thaobh a phecadh, san mhéid gorb dochrach é don anm amháin. Fá dheirigh umarró tairgedh sé sásamh do thabhairt do dhia sdon tshaoghal annsna pecadhaibh do reinn sé, do réir bhreithe, agus aithne a noide faoisesdin. .....
MIONGHRAIMER LE na ccuidighthear lais an aós óg teacht chum Gaoidheilge le leughadh, agas do sgriobhadh. Gach duine lear mian Gaoidhealg do leághadh tugadh a aire go dithchiollach dona riaghlachaibh beagasa, óir ní héidir dhó gaoidhealg do leaghadh gan a bhfios do bheith aige. Tar gach ní as cóir dhó an foghar dílios bhíos ag na guthaighibh ghreamaighes dá chéile do bheth aige do mheabhair ionnas go ttugadh a mbrígh, agus a bhfoghar féin dóibh in gach áit a tteigedhmhadh air iad. Gach modh ar a ngreamaighid na guthaighe da cheile do sgríobhamar annso iad, agus a sompla féin os a ccomhair. A.a. B.b.
Ciallaighidh an sdríoc sin ós cionn a. gurab cóir gach guthaighe ar a mbía a leithéide do rádh go fada: sál, trén, brígh, glór, múr srl. An tan bhíos guthaighe sgríobhtha os cionn connsoine, brígh .r. agus a brígh féin bhios acu, mar ata. t. trí. .t. trú. brígh. ra, bhíos ag .n. ós cionn chonnsoine .gdh. grádh. brat, srl. b. c. chiallaighid na puingcsin .h. os cionn gach litir ar a mbíd. Trachda aithghearr ar ghuthaighibh, agus ar chonnsainibh na teangadh Gaoidhilge. AN CHEAD CHAIBIDIL. Do nuimhir na litrech. Asé as líon do litreibh na gaoidhilge a seachtdeg, a.b.c.d.e.f.g.i.l.m. n.o.p.r.s.t.u. Ní litir .h. achd comhartha na hanála, x.y.z. ní bhfhuil achd oilithrigh ó ghréchaibh ionnta, q.k. ní bhfhoil feidhm orra, ar an a ádhbhar gurab
ionann foghar dóibh agus do .c. arna chengal dailm nó dúr, eadhón .a. nó .u. Roinnter na litre an dá ccotchaibh eadhón a nguthaighibh, agus a cconnsoinibh. AN DARA CAIBIDIL do na guthuighibh Asedh as guthaighe ann, litir do ní guth gan congnamh connsoine, agus a cúig a líon: a trí lethan .a.o.u agus aa dó caól .e.i. agus tiaghaid aniomad náirimh lé na ccoimhchengal. An tan greamaighes dá ghuthaighe dá chéile, deafhoghrach goirther dhíobh, agus dódheg a líon .ae.ao.ai.oi.ua.ui.ea.eo.eu.ia.io iu. Tréafhoghrach goirthear do thrí guthaighe chenglas dá chéile, agus a cúig a líon: aoi.uai.eoi.iai.iui. Ainmnighid, agus roinnid na filidhe na déafhoghraigh, agus na tréafhoghraigh a ccúig aicmedhuibh mar as léir annso. Ceithri hamharchuill riomhtar ann, Ceithri héubha fós go coitcheann Cúig ifíne muin ar mhuin, trí huillenda, oír, na haonar. Ceithri hamharchuill: ao. amharchollaó: saór, daor, srl. aoi. amharchollaoi: saóir, maoin. ái. amharchollai: saimh, sail ae. amharchollae: laethemhuil, go nae.. ....
...Th. foghar .h. amháin bhíos aca ar uairibh, foghar díleas .t. ar uairibh oile, marbhthar, buailtear. Leigthear na focailsi ar an modhsa mar nach bíadh .f. na .s. na .t. na ttús .faíon. fha húil -marbh-har. srl. Gh no dh. as annamh bhíos bríg ag ceachtar dhíobh a lár, nó a ndeiredh focail. acht muna ttegmhaid a ccorp comhfocail, nó greama comhfhocail, fághail cneadh, breadha, mar so cantar iád, fáail, cnea, breaa, Brígh .f. bhíos ag ph. do ghnath, an phían, an fian. An brígh bhíos ag a.u. a Laidin ré nguthaighe, nó na ndhiaigh: an brígh chedna bhíos ag .bh. san ngaoidhilg roimhe guthaighe, nó na dhiaigh, vale: san bhaile. An bhrígh atá ag .u. san siolla Laidnesi, arva, an bhrigh chedna bhíos ag .bh. a ndiaigh chonnsoine san ngaoidhilg, balbh, arbhar, srl. An bhrígh chedna, bhíos ag .mh. acht gurab troime dhorcha a fogharsa, amháin, lamh, ní bhí bhrígh san chanamhuin ar úairibh ag .m. cuimhne doimhne, domhnach cantar iad mar de bheidís sgríobhtha ar an modhsa: cúine, doíne, dónach.
Ionann brígh bhíos ag .ch. san Laidin, agas san nGaoidhilg, mar as léir annso: Chorus Enoch, an chora enach. An tan teagmhaid, mb. ar gualainn a chéile neíntsiolla tosaigh focail, ní bhí brígh ag .b. san chanamhain anuair sin, ar mbrathair, ar mbél, ar mbúachaill. Bp. mar an ccedna, an tan teagmhaid a ttús siolla, nó focail, ní tugthar brígh acht don .b. amháin ar bpian ar bprionnsa. An tan tegmhaid .cc. no gc. aneintsiolla thosaigh focail, brígh, g. amháin bhíos aca: ar cceann, ar gcoige an gcuala, srl. An tan teagmhaid .nd. a ttús focail, ag .n. amháin bhíos brígh, ar ndithcheall, ar ndearbhadh. Anúair theagmhas .bf. a ttús focoil, ag .b. amhaín bhíos brígh, ar bhfeart, ar bhfalaing. Dt. nó .tt. brígh eán .d. amháin bhíos aca a ttus focail, ar ttáobh, ar dtechd. Ng. aon fhoghar amháin gan roinn bhíos aca, ar ngeall, seng. rr.ll.nn. foghar Laidin bhíos aca do ghnath, barr, fearr, mall, crann, tenn. An tan tegmhaid .nd. nó .dn. a bhfochair a chéile a medhon, nó a ndeiredh focail
brígh .nn. bhios acu, cend, pend, cedna, etc. Ln. nó .dl. an tan thegmhaid a bhfochair a chéile, brígh .ll. bhíos aca, codladh, nó colna, colladh, colla. Ng. an tan thegmhaid aneanfhocal cengailte dha chéile anéin tsiolla, ní bhí brígh ar leith ag gach liter dhíobh, acht bí én foghar amhain gnáthach aca, ar ngealla, ar ttenga. An connsoine bhíos ar lár focail, ris an tsiolla bhíos roimhe as cóir a chengal: ghidhedh más comhfocal é, as don tshiolla a thig na dhiaigh as coir a chengal. An tan bhíos níos a lía ina aonchonnsoine ann, leanaid don tsiolla théid rompa an tan as féidir é go hoiremhnach, agus an tan nach féidir, roinntear idir dhá shiolla iad, marcach: sanntach siubhlach, súaimhnech. Greamaighid na connsoine tennda.i. rr.ll.nn.ng. don tsiolla bhíos rompa; barrshlim, mallghlór ceainnliaith. Roinntear na connsoine a sé haicmedhaibh ar nach laibheoram annso, óir as anealadhain an dána atá riachtanas riú. Dá bhfiarfighthear cred bhenas dona litribh gan a bhfhoghar díles do bheith aca do ghnath: adeirim gurab iad. bádhodh guthaighe, agus consoine cumhachta
h. agus. connsoine, cadad, agus uirrdhiughadh as coinntach riú. Gibé lérab mían a bhfios so dfhaghail, gofoírlethan leaghadh an gramadach Gaoidhilge in a ttrachtar orra fá seach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services