Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Leabhar Muimhneach
Title
An Leabhar Muimhneach
Author(s)
Tuibear, Riosdard,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1716
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1940)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN LEABHAR MUIMHNEACH. Go deimhin ní raibhe cúram ar m'aigneadh badh mó an leabhar so do sgríobhadh (le cian d'aimsior) ar lorg Domhnaill amhra ui Dhuinnín, agus Taidhg mhic Dáire, do bhríogh go measuim a bheith baran- tamhail fóirleathan tar éis na deise sin. Agus fós measuim go bhfuil ceart canamhnacha agus pró- nunsíasion ann, ní hionann agus mar mhesas baoidh- guiredh nemhmbarántamhuil do dhaoithibh dúra tercmhúinte beagléighinn a bheith, ag nach bhfuil aithne a litreach ar a ccaoi chóir aca, do réir na Gaoid- healga; agus má thegmuid puinn focal orra nach ttuigid ní bhíd acht ag diomoladh an ughdair. Is dearbh go rabhadur senchadha ann diaigh a ndiaigh ó aimser na dílionn go tighecht ar Naomhphádruig a nÉirinn, agus gur chuir NaomhPhádruic an tan sin na hughdair is barantamhla do bhí a nÉirinn do choiméd agus do ghlanadh an tseanchais; do sgríobhadh leis na hughdaribhsin senchais Eirinn a bhfiaghnuise uaisle agus naomh Eirionn a bpriomhleabhraibh do hainmnighthíor óna naomhaibh féin agus óna gceallaibh. Go fírinnech asé easbaidh na n-ughdar san (no a leith- eide) do bheith ar an nasión fa ndeara dhamhsa lámh do chur san obairsi iona na leithéid eile. Do chonnar- camair ag ughdaraibh gurab é ordughadh do chuiridis 'na ngeinealaigh an té as túsga thainic amach as a ttígh tosach do thabhairt dó san ngeinealach; gidheadh ní hamhla sin do bhí sé ag Domhnall Ó Duinnín, do bhí ar leirg seanchadh, acht an tí is óige is dó thugamair tosach an gheinealaigh ar a aithris, óir isé is goire d'oidhrecht an tigh, agus an tí is goire don oighrecht asé as mó gairm dochum bheith a ttosach an gheineal- laigh, agus ní curtha don léaghthóir a suim an tí so, nó an tí oile do bheith roimhe san ngeinealach.
Ma castar ort, a léighthóir ionmhuin, san leabhar so locht céille na curtha síos gabh féin mo leithsgéal, agus ná tabhair daorbhreith orm, óir ní bhí saoi gan locht, agus dá bhríogh sin ní nár damhsa gach locht dá bhfuil ann, agus gur míle lugha mé 'ná sin. Is maith a fhios agam, a léighthóir gurab rofhada let atá-maoid dod chongmháil ar an réim chomhrádhso. Matá go bhfuil mórán agamsa re a rádh, acht is leor so; do shechaeanadh ríghnios do chur ort, agus atá ag gabháil a cheada let, an tí darab mian bheith ad sheirbhís mas sí do thoil gan labhairt go trom ar do dhearbhcharad ionmhuin.
...iar na tharraing as an seanleabhar Muimhneach atá anois i seilbh Dhomhnaill Í Shúilleabháin i nGleann Ó Ruachtan....
...Ag sin críoch ar an leabhar Muimhneach, arna sgríobhadh le hUilliam Mac Cairteáin, dia luain an 30 lá don Mhárta san mbliadhain d'Aois Chríost 1702..
...An ainm na Trínnóide rónaomhtha is ár naoimhéarlaimh Muire tionnsgnaim an seanchusso ar fhuráiliomh an Athar Risteird Uí Airneada. An Leabhar Muimhneach annso.... ...Ag sin críoch ar an Leabhar Muimhneach arna sgríobhadh le hArt Ó Caoimh don Athair Risteard Ó Airtniada, an 28 lá do mhíosa na Bealltaine 1709....
...Agsin críoch ar Fhorus Feasa ar Éirinn, arna sgríobhadh le hEoghan ua Caoimh do Hannraoi Mac Códa a cCorcaigh ar furáiliomh Eoin Baiste mic Sleighne, Easbog (do bhí) Chorcaighe Chluana agus Rois, anno Domini 1703, September 23. Sirim guidhe an léaghthóra, agus mo leithsgéal féin do ghabháil tré gach dearmad dá bhfuil san leabhar so, do bhrígh gurab easbaidh eolais, agus díthchur na prealaide shuas as cionntach riu.
SÉ AOISE AN DOMHAIN. Sex sunt AEtates Mundi, eadhón, ó Ádhamh go Dílinn an chéadaois; ó Dhílinn go hAbraham an aois tánaiste; ó Abraham go Daibhidh in tres aois; ó Dhaibhidh go Broid an ceathramhadh haois; ó Bhroid go gein Chríost an cúigeadh haois; agus ó ghein Chríost go Bráth an seiseadh aois. Is fisidh tráth cia líon bliadhan atá ingach aois díobh, ginmothá in aois déidhenach, air ní fhuil críoch áirithe fuirri no nuimhir illeith re daoinibh, cé do bheith illeith re Dia. An chéadaois don domhan, eadhón ó Ádhamh go dílionn, isé líon bliadhan fil innti .i. sé bliadhna déag agus dá fhichitt agus sé chéad ar mhíle. An dara haois, isé líon bliadhan fil innte .i. fiche bliadhan ar naoi gcéadaibh, go himtheacht Abratham as Caldeam.
... Agso nar ndiaigh do gach craobsgaoileadh agus do gach eolus ar chloinn Adaimh go Noe ...
An treas aois don domhan .i. ó imtheacht Abraham go himtheacht cloinne hIsrahél a hÉigipt .i. deich
mbliadhna fichiod agus cheithre céad, agus ó imthecht chloinne Israéil a hÉigipt go céaddéanamh teampuill tSolaimh, ceithre chéad ar cheithre fichid bliadhain. An ceathramhadh Aois don domhan .i. ó chéad- déanamh teampuill tSolaimh go broid na Babilóine .i. cheithre chéad agus naoi mbliadhna déag go leith; agus ó bhroid na Babilóine go déanamh arís teampuill tSolaimh, céad agus trí bliadhna agus da fhichead; agus ó thógbháil teampuill Sholaimh go gein Chríost, da bhliadhain déag agus trí fichid agus cheithre chéad, agus isé so suim bliadhan na haoise so re a gcomhairemh .i. ó Bhroid go gein Chríost cúig bliadhna déag agus sé chéad; agus isé suim na gceithre n-aos sin uile .i. ocht mbliadhna agus dá fhichead, trí chéad agus trí mhíle. Agus isé so athchumairecht áirimh na gcúig n-aos .i. ó chruthughadh Ádhaimh go techt Chríost i gcolainn daonna .i. trí bliadhna agus trí fichid agus naoi gcéad agus trí mhíle. Agus isé suim bliadhan atá ó thús domhuin go teacht do chlannuibh Míleadh i nÉirinn .i. naoi mbliadhna agus trí fiched agus dá chéad agus míle do réir chroiniceadh agus leabhar eoluis na nAlbanach. Agus isé suim bliadhan roimh Chríost do theacht i gcoluinn tángadar Clanna Míleadh i nÉirinn .i. trí bliadhna déag agus cheithre fichid agus sé chéad bliadhan, agus bliadhain teasda do thrí fichid bliadhan sin i ndiaidh na Rómha do dhéanamh re Rémus agus lé Romulus ó n-ainmnighther an Róimh; agus trí chéad agus dá bhliadhain agus dá fhichid i ndiaidh chéad-tógbhála teampoill tSolaimh; cúig bliadhna déag agus cheithre chéad
i ndiaidh ríogh Sagson ba chédrí do theacht innte .i. Brutus; agus cheithre chéad agus aon bhliadhain agus cheithre fichid i ndiaidh scriosta na Trae; agus míle agus cheithre chéad agus aonbhliadhain agus trí fichid i ndiaidh chéad-ríogh na hIodáile .i. Comírus do thecht, agus míle agus sé chéad agus trí bliadhna déag i ndiaidh na Díleann do thecht tar an ndomhan. (Do réir gach aoise dhíobh so, is cheithre chéad agus seacht mbliadhna, agus cheithre fichid bliadhan roimhe Chríost do theacht i gcoluinn tángadar Clanna Míleadh go hÉirinn. Agus do réir áirimh eile trí bliadhna déag cheithre fichid agus sé chéad roimhe ghein Chríost tángadar go hÉirinn; gidheadh isé céadfadh na n-ughdar as sine agus as mó le heolus gur cheithre chéad déag bliadhan roimhe Chríost do thángadar Clanna Míleadh go hÉirinn.) Agus isí so suim bliadhna atá idir Chlannaibh Míleadh do thecht i nÉirinn agus páirt dá sliocht do dhul i nAlbain, ar a bhfuilid uaisle Gaoidhiol Alban ar a sliocht ó sin alle .i. céad agus trí bliadhna déag . Agus aithrisid croinicedha Sagsan ní nach faghthar againne inar sgríbhnibh: gurabé Gurgundus mac Beilin rí Sagsan dona Briotaineachaibh, tug Éire do chlannaibh Míledh, arna dteangmháil dó ar an bhfairge ag techt ón Easbáin dóibh agus an rí ag techt ó chríochaibh Lochlonn ar gcur Lochlonnach fá chíos dó; cúig bliadhna déag agus trí fichid agus trí chéad sin roimh Críost do thecht i gcoluinn. Ocht mbliadhna dég agus trí chéad roimh Chríost
do theacht i gcoluinn tángadar Clanna Míledh do réir Seanchuis Éirionn agus Alban. Agus atá an comhairemh aimsire féin agus gabháltus Lochlonnach dá fhoillsiughadh nach é rí Sagsan tug Éire do Chlannaibh Míledh; agus ní mesda do Shagsonachaibh sin, óir atá an tslighe réidh aca, acht go gcoisgid féin méirligh agus bithbhenaigh agus lucht déanamh uilc agus éagcóra. Seacht gcéad agus sé mhíle agus cúig bliadhna agus trí fichid aois an domhain an tan do bo aois don Tigherna dá bhliadhain agus cheithre fichid, cúig céad agus míle, do réir Eusebius. An cúigeadh aois don domhan isé so an uimhir bliadhan fuil innte .i. chúig céad, ochtmhogha, agus naoi mbliadhna isan aoissi uile, ó fhorba na daíre Babilóndai go gein Chríost lá tinscetail na haoise seo. An seiseadh aois .i. ó ghein Chríost gus andiu isé líon bliadhan táinig dí .i. míle secht gcéad agus seacht déag, agus ní fhuil nuimhir áirithe fuirri illeith ria daoinibh. Is labhartha dhúinn budheasta dona gníomharthaibh isna haoisibh sin in neach ro féatar go comair do chríochnughadh díobh do neoch is mó agus is oireghdha dhíobh agus d'ardtaoiseachaibh gacha haoise dona haoisibh sin, agus do shaoghlaibh na dtaoiseach sin, agus do chraoibh choibhneasa chloinne Noe, agus d'eidirdhealbhadh gacha cinidh
ria chéile, agus do chéadghabháil gacha mórthuaithe do mhórthuathaibh in bheatha; agus d'eidirdhealbhadh gacha béarla ré chéile, uair is aonbhéarla do bhí ag Síol Adhaimh ó chruthughadh Adhaimh go críochnughadh an tuir Neamhruaidh .i. Gairtighern ainm an Bhéarla sin. Is fisidh cia atáid sé haosa (ann) nach fuilid acht dá aimser.i. Feadarlaic agus Nuafhiadhnuise. Is ionann sin ré a rádha an seanrecht agus an reacht nuadh; feadarlaic .i. reacht Maoise go gein Chríost, agus nuafhiadhnaisi ó ghein Chríost go bráth. Adeirid aroile gomadh trí haimsiora do bhiadh ann .i. aimsior roimh ghrásaibh ó thús in domhuin go reacht Mhaoise, agus aimsior is na grásaibh .i. ó aimsir Mhaoise go gein Chríost; aimsior i ndiaidh ghrás an treas aimsior, ó ghein Chríost go bráth.
CRUTHUGHADH ADHAIMH AGUS ÉBHA. Is cóir dhúinn labhairt ar ordughadh Dé i dtúis domhain anois. Adhubhairt Dia ar dtúis: Dealaigheadh lá agus oidhche ré chéile; agus bíodh ina chomhartha ara dtiubharthar aithne, aroile d'aimseraibh agus momen- tibh agus uairibh agus laithibh agus bliadhnaibh; agus soillsighiodh siad an fhirmament neamhdha agus in talamh; agus do rinneadh mar sin é. Agus do rinneadh dó mar chomhartha soillse ann comhartha is mó agus comhartha is lugha, an comhartha is mó do shoillsiughadh don oidhche .i. éasga, agus an comhartha is lugha do shoillsiughadh don lá .i. an ghrian, go ndeagh- ladaois lá agus oidhche rena chéile. Agus na réilteanna fós do shuidhigh Sé san bhfirmimint do thaitneamh agus do shoillsiughadh an talmhan isan oidhche. Do bhí gach ní amhlaidh sin, agus do chonnairc Dia gur chóir sin. Isan chúigeadh laithe adubhairt Dia: iomdhaigheadh na huile beathadhach uiscidhe agus neamh uiscidhe agus neamhuiscidhe, agus na huile eiteachdha ar uachtar talmhan san bhfirmament nemhdha. Agus do chonnairc Dia gur mhaith sin, agus do bheannuigh an uile bheathadhach uiscidhe agus neamhuiscidhe dá dtaghaill an talamh, agus adubhairt riú fás agus líonadh na muire agus na talmhan dó. In seiseadh lá imorro adubhairt Dia: líonadh agus
iomdhaighiodh in talamh coitchionn do bheathadh- achaibh ceithearchosacha, agus grádhadh gach bethadhach a chomhchosmhuileas féin; agus do bhí mar sin. Do chonnairc Dia gur chóir sin. "Déanam duine fár n-iomháighin féin agus fár n-iomchosmhuilius féin, agus tighernaighedh ar iasgaibh an mhara, agus ar éanaibh agus ar eitighibh aieóir agus ar uile bhethadhachuibh ceatharchosacha na talmhan; agus an uile chréatúir fa nimh anuas dá nglúaisionn ar talamh bídh a egla orra uile." Do dhealbhuigh Dia duine fána iomháigh agus fána dheilbh féin.i. fer agus bean, agus do bheannuigh iad, agus adubhairt: "Fásaidh agus iomdhaighidh ar an talamh agus eirgidh faoi, agus tighernuighidh éisg in mhara agus éin an aieóir, agus na huile anmhonna dá bhfuil for talmhain." Agus adubhairt: "Tugas díbh na huile luibhe agus crainn dá bhfuil toradh, agus na huile shíola d'iomarcadh a leithéide féin, agus na huile chrainn toraidh do fhás dá dtoradh féin, comba biadh agus beatha dhíbh iad, agus na huile anmonna idir eitech agus ceatharchosda da bhur mbiathadh agus da bhur mbeathughadh." Agus do rinneadh mar sin é. Ro fóirlíonadh mar sin cruthughadh nimhe agus talmhan agus gach a bhfuil inntibh isin seiseadh lá, agus ro chomhnuigh iaramh ó gach uile oibriughadh isin sechtmhadh lá. Labhram annso fesda do chruthughadh an duine, ó labhramar chruthughadh an domhain guna thorthaibh gonuige so. Is amhlaidh ro dhealbhuigh Adhamh
do réir na gcineadhach .i. don talamh choitchionn. Tugadh a chenn cédus a tír Malón; tugadh a bhruinne agus a fhordronn a Baibilóin. Tugadh adhbhar a chos agus a lámh a Labhán; a shliasta a tír Golgota. Trí thráth ro bhí gan anmain iarna chruthughadh don talmhain .i. ar dháigh Chríost iarna chéasadh do bheith trí thráth gan anmuin. Don uisge tugadh lúth ann. Do theine tugadh teas ann. Don aieór tugadh anál ann. Ó Dhia tugadh anam ann. I meadhón oidhche tairnig a chruthughadh. I moch-thráith i dtús laí tugadh Éva as a thaoibh chlé .i. asna ro beanadh as is dé do rónadh Éva. Cédimthecht do rinne Adhamh go tobar Pharrthais ag faicsin na hénlaithe, is ann do rinne a chéadrith. Ag faigsin Ébha is ann do rinne a chéadgháire. Ag faicsin na gréine tar mullach sléibhe Parrthais is ann ro altuigh ar dtúis re Dia, agus aseadh adubhairt: "Adhraim thú a Dhia." Cóig lá dhéag dóibh maraon intan táinig Iferniger .i. deamhan i ndeilbh nathrach go corpaerdha séimh go ro fhuráil an t-iomarbhus for Éva .i. tomhuilt an ubhaill do chrann na haithne; agus gur fhuráil Éva for Adhamh go nduadar an t-ubhall. Gonadh tré dhíoghaltus mhionaighthe rechta an Choimdhe i bparrthas do benadh ar an ngréin go nach fuil acht an sechtmhadh rann dia soillse innte; agus tugadh fós craobh dhorcha tar forghnúis éasga; agus an sechtmhadh rann nirt agus áillechta agus gliocais agus gaile an duine. Gach teidhm fil ina dheghaidh is tríd sin tugadh. Agus do baineadh an sechtmhadh rann
toraidh a talmhain agus a muiribh agus a crannaibh. Agus isé fáth ina bhfuil lámh chlé seoch lámh dheas, air isí an lámh chlé do síneadh dochum an ubhaill. Isé imorro fáth imar fhuráil Lucifer an t-imarbhus forra.i. do rad Dia airchinnecht nimhe do Lucifer ar dtús go naoi ngrádhaibh aingeal uime. Ro iomarbháighesdur Lucifer for nimh ar uaill agus díomus fria Dia go ro hionnarbadh do nimh é go dtrian sluagh aingeal lais i n-ifrionn, go bhfuilid 'na ndeamhnaibh i n-ifrionn i gciontaibh an díomuis sin. Gonadh í sin an chédbhreath a rugadh riamh. Iar gcruthughadh Adhaimh agus Ébha do-bheart Dia airchinnecht talmhan dóibh gona gcloinn. Ro fhormaduigh tra Lucifer fria hAdhamh, air ba dearbh lais isé do-bheartha do líonadh nimhe dá éis; gonadh aire sin ro chuir Lucifer Iferniger dá fhuráil for Éva im thomhailt an ubhaill. Do luidh Spiorad Dé chugtha go ndubhairt fria Adhamh De terra es et in terram ibis .i. De thalamh ataoi agus do thalamh rachthaoi. Agus isbeart doridhise: In sudore vultus tui comedes panem tuum .i. bidh a hallus do ghnúise toimhéala do bheatha. Adubhairt fri hÉbha: Cum dolore et gemitu pares filios tuos et filias tuas .i. bidh go gcneid agus galar bhérair do mheic agus t'inghena.
CRUTHUGHADH NEIMHE AGUS TALMHAN. In principio creavit Deus Coelum et Terram .i.Do-righne Dia neamh agus talamh ar dtúis .i. do-righne cédamus in mais n-éagcrothach agus soillse aingeal isin chéaddomhnach. Do rinne firmameint isan luan. Do rinne talamh agus muir isan mháirt. Do rinne grian agus éasga agus reanna nimhe isan chéadaoin. Do rinne éanlaith an aieóir agus tonntacha na fairrge diardaoin. Do rinne anmhonna an talmhan olcheana agus Adhamh d'fhollamhnacht foruibh isin aoine. Ro chumhsan iaramh isin tsatharn ó oibriughadh a dhúl nua agus do rad beannacht foraibh, agus ní hó fhollamhnacht idir. Is amhlaidh do rinne Dia na dúile: aroile go dtosach agus cin chríoch amhuil aingle; aroile umorro go dtosach agus go gcríoch amhail anmhanna indlightheacha agus tairthe an talmhan; aroile umorro go dtosach agus go bhfoircheann agus cin fhoircheann amhail atáid na daoine .i. tosach for a ngeineamhuin corpordha agus foircheann for na corpaibh sin agus cin fhoirchenn for a n-anamaibh. Is amhlaidh dana do rónadh an duine .i. Adhamh: a chorp do thalamh choitchenn, a chenn do thír Garadh, a bhruinne do thír Arabia, a bhrú a Lodáin, a chosa a tír Agoria; a fhuil agus a allus d'uisge an aieoir, a anál
don aieór, a theas do theinidh, a anam do thinfidh Dé. Isan treas uair iar gcruthughadh Adhaimh ro teibedh Éva as a thaoibh. I n-aois triochtai ro cruthadh Adhamh. I n-aois a dhá bliadhan déag ro cruthadh Éva. Do rinne Dia naoi n-oird aingeal, agus do rad fhollamhnacht do Lucifer forra ria sin. Agus do chruthuigh Adhamh agus ainmhinnte na talmhan, agus do rad follamhnacht d'Adhamh orra, agus is i gcosmhuilecht a dheilbhe féin do rinne Adhamh. Abram cidh dia ndernadh Adhamh. Adéaram cédamus gurab d'ocht rannaibh .i. an chéadrann díobh don talamh; an dara rann don mhuir; an treas rann don ghréin; an ceathramhadh rann do na néallaibh; an cúigeadh rann don ghaoith; an seiseadh rann do chlochaibh; an seachtmhadh rann do shoillsi an domhain; an t-ochtmhadh rann don Spiorad Naomh. Is amhlaidh atáid sin isan chorp: a cholann don talamh; a leannta don mhuir; a ghné agus a dhath don ghréin; a smuainte do néallaibh; a chnámha do chlochaibh; a shochroidhecht agus a dhaonnacht do shoillsi an domhain; an t-ochtmhadh rann don Spiorad Naomh .i. a anam. Madh í an talamh bhus treise ann budh leasg; madh í an mhuir budh egnuidhe; mad í an ghrian budh athlamh beódha; madh iad na neóil budh éadtrom drúith; madh í an ghaoth budh fergach láidir; madh iad na clocha budh cruaidh dothraochta, agus budh éitigh sanntach; madh é an Spiorad Naomh budh beódha daonnachtach lán do
rath Dé agus an sgriptiúra diadha gach laithe; madh í an tsoillse budh deighdhealbhach sochroidh soghrádhach. Tug Dia oirchinnecht nimhe do Lucifer go naoi ngrádhaibh aingeal uime. Tug oirchinnecht na talmhan do Adhamh agus do Ébha gona gcloinn Adubhairt Dia fri Lucifer: "Tabhair onóir agus oirmhidin dom chomhdheilbhse .i. do Adhamh." "Ní thiubhar," ar Lucifer, "oir isam sinesi, agus am uaisle, agus ní thibhéram fán sóisior." Adubhairt an Coimdhe frision: "Ní bhfuighbhise airmhidin uaimse ó nach déna réir Adhaimh." Adubhairt Lucifer fri díomus agus tré dhoicheall: "Budh rí mise féin," ar sé, "ar iomad aingeal, agus foighénaid damh, agus ní bhia rí oile uaimse." Conadh amhlaidh sin ro iomarbhusaighestair Lucifer for uaill agus díomus do dhéanamh fria Dia, go ro hionn- arbadh i gcionaidh an díomusa do dhénamh, agus go ro trasgradh hé go dtrian sluagh aingeal leis i n-ifreann. Adbheraid na sgríbhenna gurab leathuair agus trí huaire déag ó chruthughadh an domhuin go hiomarbhus in aingil, agus gurab leathuair tar mheodhon laoi do Adhamh i bparrthas roimh iomarbhus an aingil.
IOMARMHAS ADHAIMH Do rinne Dia sosadh suthain ar dtúis don duine .i. Parrthas gona thorthaibh agus gona ilcheóltaibh. Isan tres uair iar gcruthughadh Adhaimh ro teibeadh Éabha as a thaoibh chlé. I n-aois triochad bliadhan do cruthuigheadh Adhamh, agus i n-aois dá bhliadhain déag ro cruthuigheadh Éabha. Iarna gcruthughadh is ann adubhairt Dia riu: "Caithidh tortha Pharrthais genmothá énchrann namá, go bhfeastaí bheith fám smachtsa agus fám dheachmhadh gan tsníomh gan tsaothar gan ghalar, agus dul ar neamh iar n-aimsioraibh i n-aois triochta." Ro ghabh formad Lucifer re hAdhamh iar sin, óir fa dearbh leis gomadh é Adhamh gona chloinn do rachadh ina ionad féin ar neamh. Na huile anmhonn ro theacht beatha agus cré tug an Coimdhe a n-umhla d'Adhamh, oir isé no-fhollamhnadaois. Intan imorro thigdis sluaigh na secht neamh fon airdrí, tigdis anmhanna in bheatha chum Adhaimh dá onórughadh agus dá airmhidniughadh; agus do thigeadh gach neach díobh dia adhbha féin iar mbeannachadh d'Adhamh. Do bhí an Diabhal dá fhéachain cionnus do mheallfadh
sé Adhamh, agus isí comhairle fuair Lucifer dul i measg na n-anmhann naomh fri Parrthas amuigh. Gonadh ann fuair an nathair neimhe go corpáluinn séimh. Agus adubhairt Lucifer fria: "Níor chóir do bheithse amuigh; agus is mór an col sóisear na ndúl d'fhollamhnughadh dhuit, agus a airmhidniughadh seachad; agus ná bíom gan mannradh do ghluaiseacht do thabhairt uainn ar ndís air, uair is túisge ro tuismheadh tú buidhéin ná Adhamh; agus ní cóir tabhairt fán sóisior. Agus gabh mo chomhairlese agus dénam codach agus cairdes; agus tabhair ionad damhsa id chorp i bParrthas, go ndeachmaois ar ndís dochum Éva dá fhuláiremh uirthe toradh an chroinn fhorfhógartha do chaithemh, agus go bhfulára Éva for Adhamh a chaithemh mar an gcéadna, agus tiocfaidh mar sin tar tiomna a thigherna; agus ní bhia a ngrádh ag Dia archena, agus cuirfidher mar sin amach a Parrthas iad." "Cáidhe an lúach fil damhsa dhesin?" ar in nathair. "Do-gheabhair do chomhainmniughadh friomsa do ghréas, óir is ionann an greim do dhéanam." Is annsin do-chuaidh Lucifer i ndeilbh naithreach go dorus Parrthais agus do ghair Ébha dá agallamh "Ní huain damh agallamh ar neach anosa," ar Éva, "air atáim ag friothólamh na n-anmhonn ndlightheach. An uair nach bí Adhamh ann is meisi choimheudas Parrthas agus do-ní friothólamh na n-anmhonn."
"Cáidhe i dtéid Adhamh mar sin," ar an nathair. "Téid d'adhradh an Dúilemhan," ar Ébha. "Abair riom, a Éva," ar an diabhal, "an maith bhur mbeatha i bParrthas? " "Ní héidir a háiremh ar a haoibhneas agus ar a feabhus", ar Éva, "óir gach maith do rinne Dia i bParrthas, is ar ar gcumusne atáid uile, acht toradh aonchroinn; agus adubhairt rinn dá gcaithmís toradh an chroinn sin go bhfuighmis bás uaidh." Adubhairt an nathair fria: "Ní mó bhur bhfios ná fios na mborb. Ní thug bhur dTigherna fios uilc díbh, acht fios maithiosa namá; agus is mór bhur n-esbaidh, óir níor léig díbh ní do thoradh an chroinn do chaithemh, aga bhfuil fios uilc agus maithesa. Agus dá gcaitheadh sibhsi éanubhall don chrann sin do bhiadh fios uilc agus maithesa agaibh." Adubhairt Éva annsin fria Diabhal: "Tarra féin," ar sí, "gusan gcrann, agus tabhair ubhall damh go roinnear eadram féin agus Adhamh é, go bhfeasam an fíor a n-abrai." "Léig isteach me," ar an nathair, "agus do-bhéar ubhall don chrann duit, agus do dhénair eidirdhealbhadh idir mhaith agus olc, acht go gcaithir ní don ubhall." Ro osluic Éva an dorus agus do-chuaidh an nathair dochum an chroinn, agus do rad ubhall do Éva, agus do-uaidh sí a leath. Ro chlaochluigh a dealbh agus a dath, agus do thuit a tlacht dí; agus do ghabh crith agus fuacht í, agus dob iongnadh léi a beith
lomnocht ar dtecht d'Adhamh dá hionnsuidhe. Ó'd chonnairc ar an ordughadh sin í adubhairt fria: "Cia ros-tug tú amhlaidh sin?" "In ní ad-bhéarsa friot," ar Éva, "ní indeós duit é nó go n-ithe tú leth an ubhaill fil im láimh." Ro thomhail imorro Adhamh leath an ubhaill, agus ro-bhí tárnocht dia éis, agus do-chuaidh an tlacht neamhdha dhé mar do-chuaidh do Éva. Adubhairt annsin fria hÉabha: "Biamaoid feasta go saothar agus go síor-ghalar." "In nathair," ar sí, "do iarr oram a léigen i bParrthas; agus do ghuidh mé um ubhall don chrann fhurfhógartha do chaithemh; agus ní fheadar créad do bheith de nó go bhfaca mo bheith lomnocht. Agus ní fedur olc riamh roimhe sin, agus isí an nathair rodusmheall me." "Acht aon ní," ar Adhamh,"atámaoid ar ndul amudha agus i n-olcaibh fesda. Agus atá ní as measa ná sin dúinn .i. sgaradh ar gcorp agus ar n-anmonn ré chéile; agus na cuirp do leaghadh agus do loghadh, agus na hanmanna do dhul i n-ifrenn uar ar dtorchar dar dtlacht dínn." Ro líon tromdhacht agus truaighe iad, agus roba duairc dochraidh leó a gcuirp gan tlacht neamhdha iompa. Is annsin doba réil do chách diobh dath corp a chéile d'fhaicsin, go nach raibhe aca annsin acht duille fiodhomna do thabhairt ar sgáth a bhféile. Gonadh annsin adchualadar gotha na n-aingeal, gonadh adubhairt Dia friu: "De terra es, et in terram ibis" .i. "do thalamh ataoi, agus i dtalamh rachuir."
Et dixit: "In sudore vultus tui comedes panem tuum" .i. "bidh a hallus do chnámh do-meala do bhairghen." Adubhairt fria hÉbha: "Cum dolore et aegritudine pares filios tuos et filias tuas," .i. "bidh go gcneid agus galar i n-am tuismheadha bhéra do mhaca agus t'inghena." Do luidh iarsin an tArdrí gona mhórshluaghaibh leis chum Parrthais, agus deisidh ina ríshuidhe i meodhan Parrthais mar a bhfuil crann na beatha agus sluagh na secht nimhe uime; agus do chromadar croinn Pharrthais ag airmhidin an Dúilemhan. Is annsin adubhairt an Rí re a mhuinntir: "An bhfaicthíse an gníomh do rinne Adhamh .i. techt tar m'fhoirceadalsa?" Is annsin do shuidh Adhamh agus Éva ar sgáth chroinn, agus adubhairt Adhamh do dhrochghuth: "Má do sháruigheassa do smacht, isí an bhean tugais féin damh ro aslaigh orm é." Adubhairt Dia re hAdhamh: "Ó nach admhae do chionnta béidh do chlann tré bhithe shíor i n-imreasan friot. Agus dámadh aithrighe do dhéantá do maithfidhe a ndearnais duit, agus do bhethá isan bheatha chéadna go bráth." Adubhairt an Dúilemh ris na hainglibh: "Cuiridh Adhamh a Parrthas". Ro hionnarbadh Adhamh agus Éva iarsin a Parrthas isin dtalamh gcoitchionn, ar nach toimhleadh toradh croinn na beathadh i bParrthas; air dia dtoimhleadh ní bhfuigheadh bás go bráth, acht sláinte
choitchionn. Agus táinig doghra agus gorta agus doimhenma agus luinne agus tuirse galar chuca iarsin; gonadh annsin asbert Adhamh ris na hainglibh: "Léigidh damh" ar sé, "ní do thoradh an chroinnsi do chaithemh." "Ní thoimheólair feasda," ar na haingil, "nó go sgara do chorp agus t'anam ré chéile." Agus ro headarsgaradh Adhamh agus Ébha le Parrthas ó shoin alle. Do rinne Dia Talamh d'Adhamh agus do Ébha iarna sgrios a Parrthas, agus do bhí Adhamh secht dtrátha gan bhiadh gan digh gan éadach gan teine, acht fó aithmhéala agus tuirse. Do bhádar ag tabhairt aithfer ar a chéile, agus adubhairt Adhamh: "Is mór an mhaith tugadh dúinn," ar sé, "muna bheith Lucifer aga aslach orainn an Coimdhe do shárughadh .i. comhrádh fria haingle, agus na huile dhúile Dé agar n-onórughadh; agus ní loisgfeadh teine, agus ní bháithfeadh uisge, ní theasgfadh faobhar agus ní gheabhadh galar sinn, agus ní bhiadh fuacht nó ocrus orainn go bráth, agus ní hé Dia ba chionntach rinn acht sinn féin." Agus do cheaduigh Dia dhóibh iarsin síoladh agus iomdhughadh fán ndomhan.
Ó ADHAMH GO NAOI. Is fisidh sunn cia líon do chloinn do tuismheadh ó Adhamh .i. caogad mac agus caogad inghean, amhail innisid sgríbhneóiridhe Rómhánach, ut dixit poeta:
Caogad mac ag Adhamh án, caogad inghean ard iomshlán; do fhaomhsad bheith cneas re cneas, gé ro chlaonsad a gcairdes.
Agus is dearbh nár chlannuighsiot díobh acht triar .i. Cain, Seth, Sile, agus a dtriar ban .i. Pip bean Chain, Olla bean tSeith, Piphib bean tSile, mar adeir an file:
Triar mac triar inghean gan oil do chloinn oireaghdha Adhaimh, uatha ro síoladh an sluagh dár líonadh an domhan dreachruadh.
Adam primus pater fuit, agus Éva céadmháthair na n-uile. Cain a bprímhghein, agus is leis do cumhdaigheadh cathair ar dtúis riamh. Is leis do-rónadh an chéadar agus an chéadbhuain ar dtúis. Aibél an mac tánaiste d'Adhamh is eisidhe cédfhíréan agus cédmhairtír agus cédshagart agus ógh
do bhí ag síol Adhaimh riamh. Ro iomarbháighedar iarsin clann Adhaimh .i. sinseir mhac nAdhaimh .i. Cain miscaisech mac Adhaimh do mharbhadh a dhearbhráthar féin .i. Aibél mac Adhaimh tré fhormad agus tré dhíomus; gurab í sin cédfhinghal isin domhan riamh. Agus do mhalluigh Dia Cain iarsin agus a dtiocfadh dá shíol iona dhiaidh, ut dixit poeta:
Ro mhalluigh Dia Cain cruaidh is gach aon do geineadh uaidh, é féin ro thiomghair go tréan tréna fhinghail ar Aibél.
Gonadh de sin tug Dia an díle tar an uile dhomhan. Agus is iad so áirsidhe na céadaoise gona saoghlaibh: ADHAMH triochad ar naoi gcéad. SETH cúig bliadhna (déag) ar naoi gcéad. ENOS a cúig ar naoi gcéad, mar adeir an Leabhar Gabhála:
Saoghal Seith is eól damh soin a cúig dég ar naoi gcéaduibh cúig bliadhna naoi gcéad ro clos nó go rug an t-éag Enos.
CAlNÁN a deich ar naoi gcédaibh, agus adeir an leabhar céadna:
Deich mbliadhna naoi gcéad gan chrádh aois mheic Enois Cainán; naoi gcéd acht a cúig go mbloidh saoghal Mhala-Léith mhórghloin.
IARETH cúig bliadhna dá fhiched ar naoi gcéadaibh; is eisidhe in céadliterdha do bhí riamh. ENOC cúig bliadhna dá fhiched ar thrí chéadaibh, a aois ré ndul i bparrthas. MATUSALEM dá bhliadhain seasgad ar naoi gcéadaibh. LAMHIACH seacht mbliadhna déag is trí fichid ar shecht gcéad. NOE deich mbliadhna is da fhichiod ar naoi gcéd. Agso dearbhadh an tseanchadha ar ré gach árdathar díobh amhail léghtar san duain darab tosach: Athair cáich coimsidh nimhe:
Triochad naoi gcéd bliadhain bán saoghal Adhaimh ré a iomrádh; deich mbliadhna ris sin uile saoghal a mhná mongbhuidhe. Saoghal Seith, is eól damh soin, a cúig dég ar naoi gcéduibh; cúig bliadhna naoi gcéd ro clos (nó) go rug an t-ég Enos. Deich mbliadhna naoi gcéd gan ghráin aois mhic Enos Caináin; naoi gcéd acht chúig bliadhna ar bhloidh saoghal Malalél mhórghloin. Dhá bhliadhain sesgad ar naoi gcéd do Iareth re ndul d'éag; trí chéd sesga a cúig ro clos d'Enoc ré ndol i bparrthas.
Naoi mbliadhna sesgad go mbloidh agus naoi gcéd do bhliadhnaibh, isé sin an saoghal seang tugadh do Mhathu-salem. Saoghal Laimhiach luaidhter let secht gcéd sechtmhogha 's a secht; saoghal Noe, niamhghlan a bhloidh a caogad ar naoi gcédaibh.
Ro forcungair Dia for clannaibh Seith ná ro- chumaisgdís fria clannaibh Chain agus ná ro-chlannuighdis fria, agus ná tugdís mná dhóibh; agus níor chongbhadar clanna Seith an foirceadal sin. Tugadar iarsin inghena claona Cain, air ba mór a gcaoimhe, agus ro chlannuighsed friú, tar sárughadh Dé amhail adubhairt an file:
Ro fhuagair an Coimdhe cáidh do chlannuibh Seith go bhfíorbháidh go nach faomhadh duine díobh ingheana claona Cain.
Gonadh ó Chain sin ro gheinedair Fomhoruigh agus Luprachánuigh agus Gabhairchinn, agus gach égcosg torathardha nó doidhealbhdha ro bhaoi isin domhan for daoinibh, amhail adbhert an file:
Uaidh rogheinedar gan oil gabhairchinn is fomhoruigh, na luprachánaigh leardha, is gach duine doidhealbhdha.
Ó'd-chonnairc Dia imorro tiacht dóibh tar a thiomna isí comhairle ar ar chinn na daoine do dhílgheann. Gonadh de sin tugadh an díle foran ndomhan do bháthadh chloinne Cain, amhail adubhairt an file:
Bádar tar tiomna na fir ulca eisíodha; cuile ros-cráidh, díle dhron ros-báidh uile acht aonochtar.
Go nach térna dhiobh acht Noe gona mhnaoi .i. a shiúr féin, gona dtrí macaibh, agus gona dtrí n-inghenaibh, agus rob iadsin mná na dtrí mac. Agus ba hé fochann a saortha seach cách, air ní ro chumaiscsed cairdios fri clannaibh Chain; agus do líon an domhan doridhise, ut dixit:
Naoi 's a thrí mic gan mheabhla gona séitchibh saoirdhealbhdha, ochtar do shiol tSeith gan tsal, nár fhaomhsad Cain cneadhmhar. Cobha séitche Naoi niamhghloin, Olla ben tSeim saoirriaghlaidh, bean Chaim Oliva in adha, bean Iaphet Olivana.
Sem Cham is Iaphet na n-iath trí meic Naoi mic Laimhiach a dtrí mná gríobhdha glana Olla Oliva Olivana. Is iadsan lucht na háirce go socht is go saorshláinte, gan bhath gan omhan gan fheall domhan a haithle díleann.
Dafhichiod laithe don dílinn ag sileadh. Intan tráth tairnig do Noe cumhdach agus eagar na háirce luidh innte buidhéin. Ochtar gusna huile ainm-hintibh rug lais. Ro bháith an díle na huile anmhanna agus daoine archena acht lucht na háirce agus Helias fil i bparrthas do chathughadh fri hAinticríosd; agus Fionntain mac Bóchna, isé adféidh na sgéala do chách iar ndílinn. I gcionn caogad laithe ar chéd gabhsad na huisgeadha a seargadh, agus laithe agus secht míos don áirc ó thuinn go tuinn, go ndeisidh ar sliabh Armenia. Ro shergsad na huisgedha agus an deichmhadh míos ad-ceas dóibh mullaighi na sliabh. I gcionn secht laithe caogad ro oslaic Naoi seinister na háirce agus fhaoidh an fiach amach, agus ní tháinig for gcúla doridhesi. Ro léig an colum amach ar na mháireach, agus táinig ar gcur a chuarda ar gcúla, oir ní bhfuair airm i n-anfadh.
Faoidhis an colum amach doridhesi i gcionn secht laithe dhó, agus luidh 'na bheatha feascar agus géasca olachroinn gona dhuille 'na bhéal. Ro faoidh é amach i gcionn secht laithe doridhesi, agus ní tháinig for gcúla. Ro ráidh Dia annsin fria Noe, antan táinig an díle tar an ndomhan. Caoga ar thrí chéd bliadhan ro baoi ina bheathaidh iar ndílinn. Sé chéad bliadhan ro bhí Naoi antan táinig an dílinn. Agus isé líon bliadhan fil isin chédaois .i. ó Adhamh go dílinn sé bhliadhain caogad ar sé chéd ar mhíle. In aois tánuiste ó dhílinn go hAbraham dhá bhliadhain da fhichead ar naoi gcéad. Noe dana isé cédna aireach na haoise sin. Do bheannuigh Dia Naoi gona mhacaibh, agus adubhairt friu: "Síolaidh agus iomdhaighidh in talamh, agus líonaidh, agus biaidh mo chairdeassa maille ribh; agus ní thiubhar in díle tar in ndomhan go críoch coitcheann cháich. Agus do-bhéar comhartha mo charadraidh dhaoibhse in gcéin bheithí aga fhaigsin ní rachaidh dioláithriughadh ar chlannaibh Naoi .i. in stuagh neimhe; agus rachaidh uaibh gan fhaigsin chúig bliadhna dég ré mbráth. Do rinneadh do Dhia altóir do chumhdach le Naoi iar ndílinn, agus do roinn an domhan i dtrí rannaibh idir a mhacaibh. Cam, tráth, ro-ghabhsidhe an Aifric agus deisceart-laithe na hAsia; triocha cinéal uaidh innte. Iapheth isé ro-ghabh an Eóraip uile; cúig cinéal déag uaidh innte. Sem isé ro-ghabh an Asia;
agus ocht gcinéal fichead uadha, amhail adubhairt an file:
Sem ro-ghabh in Asia n-ait, Cam gona chloinn an Afraic; Iapheth uasal is a mhaic ité ro-threabhsat Eóruip. Triocha cinél, comhall nglé cinnsead ó Cham mac Naoidhe, a hocht fichead fil ó Shem a cúig déag ó Iapheth.
Gurab amhlaidh sin ro líonadh trí ranna an domhain ó thrí mhacaibh Naoi.
Ó IAPHETH GO MÍLE EASPÁINE. Ochtar mac la Iapheth, agus léigfeam seachainn iad acht Magog mac Iapheth. Dhá mhac le Magog: Baath agus Ibaath. Ó Ibaath iaramh ríghe Rómhán. Mac do Bhaath Fenius Farsaidh, ó bhfuilid in Scithiaghdha agus Gaoidhil. Ó Ibaath Frangcaigh agus Rómhánaigh, Saxanaigh Breatnaigh agus Albanaigh. Ó Mhagog mac Iapheth atáid na tuatha ró-ghabhsad Eire ria nGaoidhealaibh .i.Parthalón mac Seara, mic Srú, mic Easrú; agus Neimhedh mac Adhnóin, mic Paim, mic Tait, mic Seara, mic Srú etc.; agus clanna Neimhidh .i. Gailióin, Fir Bholg agus Fir Dhomhnann. Mac do Bhaath mac Magog Fenius Farsaidh. Dá mhac Feniusa, Nenual, do fhágaibh i bhforflaithes na Scithia dia éis; agus Nél an mac eile, agus ag an tor rugadh é. Agus dobudh saoi isna hilbhérlaibh é; gurab é rugadh don Éigipt d'fhoghluim na n-ilbhérladh uaidh. Do ghráidh Forann Cingcris é, agus do rad ferann dó, agus tug a inghen dó mar mhnaoi .i. Scota inghen Forainn. Agus tar éis bháis Feniusa Farsaidh do éirigh iomthnúith idir a mhacaibh gur mharbh Nél Nenual mac Feniusa Farsaidh, gur hionnarbadh Nél 'na
chionaidh sin go hEigipt, agus go rug Scota inghen Forainn mac dó .i. Gaoidhiol Glas mac Niuil ó n-ainmnighthear Gaoidhil go huilidhe. Agus is dó sin fa mac Easrú, mac Gaoidhil, in fer calma comhramhach. Agus mac do sin Srú mac Easrú mic Gaoidhil Ghlais. Agus isé céadtaoisech do Ghaoidhealaibh luidh don Éigipt é. Seachtmhogha agus cheithre chéad bliadhan ó dhílinn gonuige sin. Lucht cheithre long luidh Srú a hEigipt, agus cheithre lánamhna fichead agus triar amhus ingach luing. Srú agus a mhac .i. Eibher Scot, rob iad taoisigh na luingse sin. Ishí sin aimser ro bhaoi Naoine mac Nenuail mic Feniusa Farsaidh i bhflaithios na Scithia, agus marbhuis Srú dano fo-chédóir iar riachtain Scithia. Gabhais Eibher Scot ríghe na Scithia ar éigin ar chloinn Nenuail mhic Feniusa Farsaidh, agus do torchradh dá éis sin eisen la Naoine mac Nenuail mic Feniusa Farsaidh. Do bhaoi cosnamh idir Naoine mac Nenuail agus Beoamhain mac Eibhir Scuit. Gabhais Beoamhain ríghe dá aimhdheóin ar Naoine go dtorchair iarsin la Naoine. Ro-ghabh Naoine iarsin ríghe go dtorchair la hOgamhain mac Beoamhain i ndíoghail a athar. Ro-ghabh Ogamhain ríghe go n-érbhailt. Gabhais Refill mac Naoine ríghe go dtorchair la Tat mac Ogamhain. Adtorchair Tat iaramh do láimh Reflóir mic Refill. Baoi cosnamh idir Reflóir mac Refill agus Agnomhain mac Tait, go dtorchair Reflóir la
hAgnomhain mac Tait. Gonadh aire sin ro hionnarbtha sliocht Ghaoidhil Ghlais for muir .i. Agnomhain mac Tait mic Ogamhain, agus Láimhfhionn a mhac, go mbádar secht mbliadhna for muir timchioll an domhain thuaidh. Is iomdha tuairim agus aisnéis ar a bhfuaradar d'ulc re headh na haimsire sin. Is aire tugadh Láimhfhionn air, air níor bha soillsi coinneall iná a lámha ag an iomramh. Teóra longa dhóibh, agus trí taoisigh bhádar aca, iar n-éug Agnomhain for muinchinn mara Caisp .i. Láimfhionn, Alloid agus Caichér draoi. Agus isé Caichér do-rad leigheas dóibh for meadhradh na murdhuchann .i. céir do leaghadh 'na gcluasaibh, go bhfuaradar mór ngorta agus íotan; go rángadar in rinn mhór idta Sliabh Riffe budh thuaidh, go bhfuaradar tobar go mblas fíona fair isan ionad sin go ro loingsed ní dhe, go mbádar trí lá agus teóra oidhche ina gcodladh ann, go bhfuairsead suaimhneas; go ndubhairt Caichér friu: "Eirgidh," ar sé, "agus ionnsaighem romhuinn go roisiom an insi uasal .i. Éire." "Cia hairm idtá Éire?" ar Láimhfhionn. "Is sia 'ná an Scithia uait í," ar sé "agus ní sinn féin ricfes ann, acht ar gclanna i gcionn trí chéd mbliadhan." Gabhsad rompa iarsin go rángadar na Gaoth- laighe Meadhónach. Is annsin rugadh mac do Láimhfhionn .i. Eibher Glúinfhionn. Comharthaidhe geala
bhádur for a ghlúinibh, is de sin do gairmeadh an t-ainm sin de. Isé ba taoisech dóibh tar éis athar. Mac doséin Adhnón Fionn. Mac dossan Febhrech Glas. Mac doséin Nénual, mac Febhrigh Ghlais. Mac dosan Nuadha, mac Nénuail. Mac dosan Alloidh, mac Nuadhad. Ferchaidh, a mhac sin. Deaghaidh, mac Ferchadha a mhac sin. Brath mac Deaghaidh, ro-ches mór n-olc agus n-imneadh, agus dob eimhilt fria aisnéis gach ar imthigh do chríochaibh ciana coimhighthecha gur ghabh Easbáin ar éigin; gur chuirsed cheithre catha ar chaogaid o thúis go deireadh. Agus ro cumhdaigheadh cathair ann la Breoghan mac Bratha .i. Brigancia ainm na cathrach; agus tor for a hionchaibh .i. Tor Breoghain. Agus is ón tor sin ad-ces Éire i bhfeascar geimhridh antan ad-chonnairc Íth mac Breoghain í. Do bhí mac oirdherc la Breoghan mac Bratha .i. Bile mac Breoghain; agus is do san fa mac Míle Easpáine, mac Bile mic Breoghain. Agus níor mhiadh agus níor mhaisi lais gan a chlú agus a alladh agus a oirdhercas do chlos fán domhan uile, gur ghoin Míle mac Bile Reflóir mac Nemha. Luidh Míle iarsin for loingios, cheithre longa dhóibh, agus chúig lánamhna fichead agus amhas ingach luing díobh. Lodar timchioll na hAsia soir-dhes go hInis Teprofaine. Ansad trí mhí innti, agus trí mhí eile dhóibh for muir go rángadar Éigipt. I gcionn tri mbliadhan ar chaogaid
(ar thrí chéad) ar mhíle iar gcéadghabháil Éirionn do Phartholón sin; i gcionn secht mbliadhan ar cheithre chéad iar mbáthadh Fhorainn i Muir Ruaidh rángadar Éigipt antan sin. Forann Nectonibus fa rí Éigipte antan sin, agus isé an sechtmhadh rí dég ar fhichid iarsan bhForann ro báthadh i Muir Ruaidh. Anais imorro Míle mac Bile isin Éigipt ocht mbliadhna gur fhoghluimsed a mhuinntior príomhdhána innte; agus tug Forann an dara Scota 'na mnaoi do Mhílidh ara áilleacht agus ara fheabhus agus ar mhéid an chomhghráidh tug sí féin do Mhílidh. Ceileabhrais Míle don rígh agus triallais for muir an líon céadna, agus Scota inghen Forainn Nectonibus do mhnaoi leis. Luidh iarsin for Muir Ruaidh go hInis Teprofaine, agus ro-ansad ar feadh mís innti. Lodar timchioll sroth India agus Asia, agus timchioll na Scithia Clochaidhe amuigh, agus rángadar fá dheóidh críocha na hEaspáine.
TEACHT CLOINNE MíLEADH GO hÉIRINN. Iomthusa Íthe mhic Breoghain, isé sin fuair Éire .i. luidh a aonar glainfheascar geimhridh i mullach tuir Bhreoghain, agus gabhas ag séaghain in mhara soirdtuaidh, go bhfacaidh Éire uadha; agus téid iarsin for gcúla dochum a bhráthar oile, agus innsis dóibh a bhfacaidh. Adubhradar-sen nárbho tír adchonnairc, acht néll; agus do ghabhadar ag toirmesg Íthe um dhul dá fhéachain, agus níor ghabh Íth sin uatha, acht tug a long for muiri, agus seolais dochum nÉirionn, gur ghabh cuan i mbréantrácht Mhuighe hÍthe isin leith thuaidh d'Eirinn. Tángadar daoine dia agallaimh isin trácht sin, agus innsis cách díobh sgéal diaroile trésan mbéarla Scithiach, óir dobudh do chlannaibh Rife dhóibh dibhlínibh. Agus fiafraighes Íth díobh ainm na tíre i rabhsad. "Inis Ealga," ar siad, "agus atáid trí rígh fuirre .i. Mac Cuill Mac Céacht agus Mac Gréine a n-anmanna. Agus bádar an lá sin i nOileach Néid, airm i rabhadur a bhráithre i n-imreasan re Mac Gréine, air ro-bhaoi iomarcaidh do sheodaibh Fhiachna mhic Dealbhaoith ina láimh re cian d'aimsir ó bhás Fhiachna gonuige sin. Ráinig iarsin Íth go hOileach Néid, agus dhá dtrian a mhuintire uime, agus ro fearsad na rígh fáilte fris, agus innisid a n-imriosan do. Tug Íth comhairle dhóibh agus adubhairt friu:
"Is cóir díbh deaghbhráithrechas do dhénamh, agus is cuibhe ribh deaghmheanma do bheith agaibh; óir is maith bhur n-insi; is iomdha a mil agus a meas agus a cruithneacht agus a hiasg agus a hinbhir, agus a hith agus a toradh agus a cnuasaigh; agus is mesraighthe a teas agus a fuacht; agus atá a bhforthain uile innti." Agus ceileabhraidh Íth dóibh iarsin, agus téid dochum a loinge. (Agus isé dubhairt Tuatha Dé Danann gur shanntuigh Íth an t-oiléan do féin, agus gur chóir gan é do leigion slán tar ais.) Iarsin leanaid drong do Thuathaibh Dé Danann Íth mac Breoghain, gur ghoinsed é i Muigh Íthe; gur de sin do lean an t-ainm don áit ó shoin ale. Ro siacht Íth cneadhach fuilteach iobharsnach uatha dochum a loinge, agus atbath iarumh for muir. Agus rángadur a mhuinntear gusan Easbáin, agus taisbénaid corp Íthe dá bhráithribh agus dá mhuinntir archena. Eibher donn agus Eiremhón dá mhac Mhíleadh a gcoimheirghe for (an) Easpáin an tan sin, tionsgnaid ; techt go hÉirinn, agus isiad so anmanna na ríogh agus n dtaoiseach táinig ann: Bregha, mac Breoghain, a sinser, dia-dtá Magh Bregh; Cualann mac Breoghain ó-dtá Sliabh Cuailgne; Bladhma mac Breoghain ó-dtá Sliabh Bladhma; Fuaid mac Breoghain ó-dtá Sliabh Fuaid; Muirtheimhne mac Breoghain ó-dtá Sliabh Muirtheimhne; Lughaidh mac Íthe, táinig do dhíoghail a athar, a quo Corca Luighdhe; Eibhlinne mac Breoghain, ó-dtá Sliabh nEibhlinne; Buas, Bres agus Buaithne, trí mic Tighernbhaird mic Bregha mic Breoghain; Nár, a quo Ros Náir i Sliabh Bladhma
Fulmán; agus Manntán, agus Suirghe a mhac; agus Caichér mac Manntáin; Er, Orba, Fearón, Feargna, cheithre mic Éibhir mhic Mhiledh; Én agus Ún agus Eatan; Lughaidh mac Bregha mic Breoghain; Sobhairce, ní fheadamair a athair; Bile mac Bregha mic Breoghain; Míle Easpáine gona ocht macaibh: Éibher agus Eiriomhón agus Ír, agus Donn in rí, Aimhirgin an file, Colptha agus Airech Feabhra Ruaidh, agus Erannán in sóiser. Cóig mic Eiriomhóin .i. Muimhne, Luighne, Laighne, Bregha agus Irial Fáidh, acht is i nÉirinn rugadh Irial Fáidh; énmhac Ír mhic Mhíleadh .i. Eibher; agus isiad sin an da fhiched tángadar i nEirinn, agus Míle Espáine, agus Uige agus Oige dhá mhac Nenuaill. Tángadar mórloinges mac Míledh do ghabháil Éireann i nInbher Sláinghe, agus níor léigsead Tuatha Dé Danann i dtír iad; oir dealbhaid tré dhraoidhecht gurbha dhruim muice Éire ar a gcionn. Is de sin atá Muicinis d'ainm for Éire. Timchiollsad Éire fó thrí; gonadh aire sin tángadar i dtír i nInbher Scéine. Tiaghaid iarsin go Sliabh Mis, agus tarla Banbha dhóibh ann gona sluaghaibh draoidhechta agus amhain- seachta maille ria. Ro fhiafraigh Aimhirgin an file dhi: "Cáidhe t'ainmse?" olsé. "Banbha," olsí, "agus is uaim ainmnighther an inis seo .i. Inis Banbha." Tiaghaid iarsin go Sliabh nEibhlinne, agus tarla Fódla dhóibh ann agus do fhiafraigh an file dhi: "Cáidhe hainmsi?" olsé.
"Fódla m'ainm," ar sí," agus is uaim ainmnighther an inis so .i. Inis Fódla." Rángadar assin go hUisnech Midhe, go bhfuaradar Éire ann. "Cáidhe th'ainmse?" ar an file. "Éire mh'ainmse," ar sí, "agus is uaim ammnighther an inis so .i. Éire." Do-chuadar iarsin go Liathdruim .i. go Teamhair, agus fuaradar annsin Ethóir, Tethóir agus Cethóir gona sluaghaibh draoidheachta iompa; agus iarraid clanna Míledh cath nó ríghe forra. Agus adubhradar Tuatha Dé Danann: "Do-bhéramne amhuil ad-bhéara bhur bhfile féin díbh, agus dia ruga doibhreith orainn budh marbh linne é." Agus isí breith rug an file eatorra .i. dul do mhacaibh Míledh tar naoi dtonnaibh don mhuir amach tar a n-ais, agus muna dheachdaois dia n-aimhdheóin i dtír ar Thuathaibh Dé Danann gan Éire d'iarraidh go bráth. "Diamadh í mo chomhairlesi do dhéantaoi libh" ar Donn mac Míledh, "is cath do-bhérthaoi dhóibh." "Dá ndeachtaoi tar an mbreitheamhnas do rinnedh eadraibh," ar Aimhirgin "do rachadh Éire uaibh go bráth." Do-chuadar clanna Míledh a Teamhair go hInbher Scéine tar naoi dtonna mara amach, agus fo-cearsad draoithe Thuath Dé Danann draoidhecht 'na n-aghaidh, gur tógbhadh an mhuirghrian íochtrach
for uachtar na mara aca. Ba sí méd na hainbhthine do cuiredh fuirri go rug an ghaoth siar gach ndíreach iad, gurbha sgítheach tuirseach iad. "Gaoth druadh so," ar Donn mhac Miledh. "Iseadh ón," ar Aimhirgin. Luidh Erannán, sóisior mac Míledh isin tseól-chrann go dtorchair as an seólchrann fó chláraibh na loinge, gurbha marbh fochédóir. "Is meabhal d'ar n-aos dána," ar Donn mhac Míledh, "nach toirnid an draoidhecht uainn." "Toirnfidher linne," ar Aimhirgin, la héirghe 'na sheasamh; agus do rad finnfhéith dóibh forsan bhfairrge, gurbha chaomhchlár ciumhaisréidh in cuan uile. Agus adubhairt Donn mac Míledh: "Do-bhéarsa," ar sé, "in tír fo ghin gai agus cloidhimh, acht go rosar í." Ro dhealuigh in ghaoth airsin an long i raibhe Donn riu, agus ro báthadh Donn in rí ag na dumhchaibh dia n-abarthar Teach Duinn. Ceathrar ar fhichid d'fhearaibh, agus dá mhnaoi dhéag, agus cheithre hamhais agus cheithre ghiolla isé líon ro báthadh isin luing sin. Lodar meic Mhíledh i dtír i nInbher Scéine agus i nInbher Fhéile. Luidh Eiremhón lámh chlé fria hÉirinn gur ghabh cuan i nInbher Cholptha. In treas laithe dhóibh iar dtiachtain i nÉirinn do fhearsad cath Sléibhe Mis for Tuatha Dé Danann. Is annsin do-rochair Fás ben Uin mhic Uige dia-dtá Gleann Fáis; agus a torchair Scota bean Míledh Easpáine dia-dtá feart Scota idir Shliabh Mis
agus muir san ghleann chédna. Tiaghaid iarsin go Tailltin, agus ro fhersad cath Taillten fri Tuatha Dé Danann, go dtorchair trí rígh agus trí ríoghna do Thuatha Dé Danann ann. Agus bhádar go fada ag in iomthuargain sin, ó mhaidin go nónaidh; agus ro mheabhaidh for Tuatha Dé Danann, iar dtuitim a dtrí ríogh agus a dtrí ríoghan, agus a dtuargain uile acht madh begán i medhón in chatha. Agus ro leansad go muir iad. Agus do thuiteadar dhá thaoiseach do chlannaibh Míledh Easbáine isin gcathsin .i. Cuailgne i Sliabh Cuailnge agus Fuad i Sliabh Fuaid. Deich taoiseach a n-easbaidh for muir agus for tír gonuige sin .i. Donn agus Bile agus Aireach Feabhra, Breas agus Buas agus Buaidne, Cuailgne, Ír agus Earanán agus Fuad. Isiadsin a n-easbaidh dia ndeaghdhaoinibh ginmothá a mná agus a miondaoine. Agus innisid eólaigh gurab seisior ar thriochaid taoiseach tángadar meic Mhíledh i nÉirinn. Sé longa triochad leó agus ceathrar ar fhichid do mhoghaibh; agus long ag gach moghaidh; agus ceathrar moghadh la gach mogh díobh ina luing; agus deichneabhar caithmhíledh, agus trí chéd amhus, agus trí chéd bean (líon na long sin). Donn mac Míledh ríthaoiseach na long sin; agus ro báthadh Donn ag na dumhchaibh ag Tigh Dhuinn. Ro ghabh a shóisior a chuid ríghe dia éis .i. Éibher Fionn mac Míledh Easbáine; agus do roinneadh Éire i ndó idir Éibher agus Éiremhón, agus gabhais
Éiriomhón an leth tuaidh ó Bhóinn go Srúibh Broin budh thuaidh, agus ón dteórainn chéadna budh dheas go Toinn Clíodhan ag Éibher. Agso mar adeir an seanchaidh ar an roinn sin:
Ar an leith thuaidh, bert gan bhrón, gabhais an fhlaith Eireamhón ó Shrúibh Broin, buadhach an roinn, tar gach mbuidhinn go Bóainn. Éibher mac Míledh go raith do ghabh an leth thes deghmhaith; ó Bhóinn fuair, fa cert an roinn, go tuinn inghine Ghenuinn.
Agus is dá chloinn (.i. Eireamhóin) na teóra Connachta agus Uí Néill in tuaiscirt, agus Uí Néill Breagh .i. in deiscirt, agus Airghialla, agus na Déisi agus Laighin, Osraighe, Érna, Orbhraighe, agus Fotharta, agus Dál Riada, agus Dál bhFiachaidh, agus Ulaidh agus ríoghradh Alban, Síol Chonaire uile archena; clann Aonghusa mic Eirc, agus Ferghusa mic Eirc agus Loairn mhic Eirc, síol Chonaire sin i nAlbain; agus a shíol i nÉirinn, Muscraighe agus Corca Dhuibhne agus Corca Bhaiscne. Síol Eiriomhóin iad sin ginmothá a miontuatha. Ro ghabh Éibher an leath thes; agus is dá chloinn na hEoghanachta, eadhón Eoghanacht Chaisil, Eoghanacht Locha Léin, Eoghanacht Raithleann, Eoghanacht Ghleannamhnach, Eoghanacht Arann, Eoghanacht Ruis Airgid, agus Leamhnaigh Alban. Agus is dá chloinn mar an gcéadna, Dál gCais agus Dál gCéin agus Dál nDealbhna; síol Éibhir insin. Lughaidh mac Íthe mic Breoghain is uadha Corca Luighdhe, agus Dartraighe; agus Calraighe ó Lughaidh Cal.
Síol Luighdheach insin. Ír mac Míledh is dá chloinn Rudhraighe mac Sithrighe; agus Fearghus mac Rudhraighe gona ioltuathaibh; agus Conall Cearnach gona ioltuathaibh. Agus dá dhearbhadh sin adeir an file:
Eireamhón, Eibher, Ír uasal Aimhirgin Colptha Donn dian Lughaidh mac Íthe mic Breoghain dia dtá gan mheabhail a mian. Is uatha, ní crannda in cuire, clanna na gcuradh giodh cian as gach tír in líon ro laoidheadh is díobh síol Gaoidheal na ngiall.
Iarsin ro roinn Éibher agus Eiremhón Éire i ndó etorra, agus bhádar i gcóimhríghe agus i gcomh- fhlaithios .i. an ríghe theas ag Éibher, agus an ríghe thuaidh ag Eiremhón. Agus bhádar dias d'aos dána leó .i. file agus cruitire. Cir mac Ois ainm an fhiledh, agus Eicinn Fionn ainm an chruitire. Agus cuirid crannchur etorra iompa, agus ráinig an cruitire go hÉibher, ionnus go bhfuil buadh le téidbhinnios ceoil ag an taoibh theas; agus ráinig an file Eireamhón ionnus go bhfuil buadh le dán ag an taoibh thuaidh. Robiad so na taoisigh ráinig an leath theas maille re hÉibher .i. Lughaidh mac Íthe agus Edán mac Uige, agus Ún mac Uige, Caichér agus Fulmán. Agso na taoisigh ráinig an leath thuaidh maille re hEiriomhón .i. Éibher mac Ír agus Aimhirgin, Goisten, Séadgha, Sobhairce agus Suirghe, óir is mar sin do roinnsed a dtaoisigh. Boí iomchosnamh idir Éibher agus Eiremhón um
an ríghe go dtarla (imreas) dóibh im na trí druimnibh ba fhearr i nÉirinn intansin .i. Druim Chlassach i gcrích Maine, agus Druim Beathaigh i Maonmhuigh, agus Druim Finghin i Mumhain. Do cuiredh cath etorra. Mebhais an cath for Éibher, agus do-chear ann; agus at-torchair ann Suirghe agus Sobhairce agus Goisten. Léigfeam síol Eiremhóin sechainn go fóill, agus leanfam do shíol Éibhir Fhinn.
...Isí an Tea sin do tógbhadh mar rioghain i nDruim Chaoin i Liathdruim san Mhidhe, gurab uaithe ráitior Teamhair léi .i. múr Tea...
CRAOBHSCAOILEADH SLEACHTA ÉIBHIR. CRAOBHA COIBHNEASA AGUS CRAOBHSGAOILEADH AGUS GEINEALACH Sleachta Éibhir Fhinn Mhic Míleadh Easbáine Annso Síos; an méad fuaramar re a gcur síos díobh annso go soiléir fírinneach. Éibhear Fionn, mac Míleadh Easbáine, chúig mic lais .i. Er, Orba, Fearón agus Feargna. Dil ingean Mhileadh máthair an cheathrair sin, agus níor síoladh ó neach díobh. Conmhaol mac Éibhir, an cúigeadh mac d'Éibher, mhac Míledh Easbáine; agus is uadha atáid clanna Éibhir ingach dú i-dtáid. Inghean Reflóir mic Neamhnain mic Bregha mic Breoghain máthair Chonmhaoil mhic Éibhir. Conmhaol mac Éibhir céad-ri Éirionn a Mumhain. Triocha bliadhan dó i ríghe nÉirionn, agus is leis at-torchair Eithrial mac Iriail Fáith mhic Eiremhóin i ndíoghail a athar, agus isé do bhris chúig catha fichead for clannaibh Eiremhóin, agus isé do mharbh Palp mac Eiremhóin. Agus is aire ad-bherar Conmhaol fris .i. rí na gcon, air ní raibhe rí ba chonchaire 'ná é i nÉirinn fá'n am sin. Aonmhac le Conmhaol .i. Eochaidh Faobhairdhearg. Dhá mhac le hEochaidh Faobhairdhearg .i. Nuadha Deghlámh agus Nia Feibhis. Agus is ón Nuadha sin
atáid Síol Éibhir uile agus na hEoghanachta; agus gach rí dar ghabh Éire do shíol Éibhir, ginmothá Eochaidh Mumha, Nia Feibhis mac Eochaidh Faobhairdheirg, agus Éanna Airgtheach mac Eochaidh Mumha. Nia Feibhis mac Eochaidh Faobhairdheirg, dhá mhac lais .i. Eochaidh Mumho agus Moghaoth Móireolach. Eochaidh Mumho a quo Mumho, uair is uadha adeirthear Mumho. Nó, Eochaidh "mumhó" .i. mó a mhaoin oldás gach maoin oile, .i. mó a ghreim agus a chomhachta oldás comhachta gach ríogh eile i nÉirinn i gcomhaimsir fris. Nó, Mumhó .i. "mó a hana" inás ana gach cóigidh oile i nÉirinn; dóigh is innti do hadhradh baindia an tsonasa .i. Ana a hainm- sidhe .i. in Mhór-ríoghain inghean an Daghdha. Agus i Síodh nAnand do bhíodh, a quo Sídh nAnand ós Luachair Deadhaidh. Agus ba haonrí Éirenn fiche bliadhan an tEochaidh Mumho sin mac Niadh Feibhis. Nó, Muimhnech .i. "mó nech" díobh oldás gach neach oile. Mac don Eochaidh Mumho sin Eanna Airgtheach, mac Eochaidh Mumho. Ní hoirdherc a chlann acht hI Dhuach i ndíthribh Chonnacht; agus is díobh sin Uí Chormacáin i gCorca Dhuibhne, agus Uí Rónáin i bhFearaibh Bregh, agus hÍ Laoghaire i Muscraighe Treithirne, agus hÍ Chairbre i nEoghanacht Raithlend. Moghaoth Mór-eolach, indara mac do Nia Feibhis, isé ro-ba mó daoithin óil dá mbí i nÉirinn ina aimsir, air ba hionmhuin lais iomarcaidh dighe do ghrés. Nuadha Deghlámh, mac Eochaidh Faobhairdheirg, mic Conmhaoil, mac do sin Glas. Mac do Ghlas so Rosa. Mac do Rosa Roithechtach. Mac do Roithechtach Eirireo Arda.
Mac do sin Cas Clothach. Agus isé an Cas Clothach sin neach doba mhó eneach, agus ba fhearr um gach ní dá n-iarradh neach air, dá raibh i nÉirinn an tan sin. Mac do Chas Muinemhón. Isé an Muinemhón sin an chédduine lé a ndearnadh muince óir fá bhráighdibh daoine ar dtúis i nÉirinn .i. slabhra óir, .i. "muin maoine," .i. "maoine for muinéalaibh." Maoine Mór, thrá, céadainm Muinemhóin mhic Cais Chlothaigh. Agus isé an Cas Clothach sin ro fholamhnastur Bridh Breaghdha, agus is lais ro cumhdaighedh Brigantia .i. Tor mic Breoghuin i mBreaghaibh. Aildeargód mac Muinemhóin, Aodh Dearg a ainm ar dtúis; agus is 'na aimsir do rónta failghe óir um dhóidibh ar dtúis i nÉirinn, air ba deaghmhaiseach gach dóid uma mbídis na failghe sin; is aire sin ad-bhertha Faildergód fris; agus dá bhliadhain dég dó i ríghe nÉirenn. Roitheachtach, mac Roáin Ríoghalaigh, secht mbliadhna dhó i ríghe nÉirionn. Isé cédduine lé ndearnadh rotha i gcairbdibh ar dtúis i nÉirinn. Fáilbhe Faolchrothach, mac Cais Chédchuingnigh, is leis do tógbhadh coirthi cloch i nÉirinn ar dtúis. Cas Cédchaingne mac Faildergóid mic Muinemhóin, is lais do tionnsgnadh cuimhghne agus filidheacht i dTeamhair ar dtúis. Éilim Oilfhínshnechta mac Roitheachtaigh, .i. sneachta fíona do fearadh ina fhlaithios, gurab de ro hainmighedh. Naoi mí i bhflaithes Éireann. Art Imlioch, mac Éilim, etc. dhá bhliadhain dég dó
i ríghe nÉireann, agus i nImlech Fir Aonairthe i gCliaigh Mháil do bhí a dhúnárus ar dtúis, gurab de as-bhearthar Art Imleach fris. Agus isé cédduine lais a ndearnadh rátha agus dúnta ar dtúis i nÉirinn é, agus do-bheiredh uisge ina dtimchioll. Breisrí, mac Airt Imligh, mic Éilim Oilfhínshnechta bliadhain ar fhichid dó i ríghe nÉireann. Agus ba rí ar ríoghacht é, agus roba ríoghdha a dhelbh agus a einech agus a fhlaithios. Agus do bhris sé iolchatha for Fomhorchuibh ag cosnamh Éireann friu agus dá ndíochur aisti. Séadna Ionarrach, mac Breisríogh mic Airt Imligh .i. Séadna an Tuarasdail, oir, isé an chédrí tug tuarasdal d'amhsaibh i nÉirinn ar dtúis é; agus dá bhliadhain ar fhichid dó i ríghe nÉirionn. Duach Fionn, mac Séadna Ionarraigh, mic Breisríogh, cúig bliadhna dhó i ríghe nÉirenn. Eanna Dearg, mac Duach Finn, mic Séadna Ionarraigh, mic Breisríogh, naoi mbliadhna i ríghe Éirenn dó, go dtorchair do thámh i Sliabh Mis go sluaghaibh agus go sochraide uime. Lughaidh Iardhonn, mac Enna Dheirg, mic Duach Finn, deich mbliadhna dhó i ríghe nÉireann. Eochaidh Uaircheas, mac Luighdheach Iardhuinn, dá bhliadhain dég dó i ríghe nÉireann. Is aire ad-bhearar Eochaidh Uaircheas fris .i. "ceasa uara" bhádur aige ina chobhlachaibh .i. "uar" gaothach, nam "ceasa" dicitur, ó do ionnsaigh forsan nGréig. Is a corraibh a long ro ghabh gach ní ro ghabh ingach leith fán ndomhan. Lughaidh Láimhdhearg, mac Eochaidh Uairches mic
Luighdheach Iardhuinn secht mbliadhna i ríghe nÉireann. Art, mac Luighdheach Láimhdheirg, mic Eochaidh Uairches, ceithre bliadhna go leith dó i ríghe nÉireann, gur ghabh féin go huilidhe Éire ar marbhadh mBearnghail mhic Geidhe, ríogh Éireann. Oilill Fionn, mac Airt mic Luighdheach Láimh-dheirg, aon bhliadhain dég dó i ríghe nÉirenn. Eochaidh mac Oiliolla Finn, naoi mbliadhna dhó i ríghe nÉireann, agus is lais do thorchair Siorlamh mac Finn mic Brátha. Lughaidh Laoighdhe, mac Eochaidh mic Oiliolla Finn secht mbliadhna dhó i ríghe nÉirenn. Rechtaidh Righdhearg, mac Luighdheach Laoighde, bliadhain is fiche dhó i ríghe nÉirenn. Agus do bhí ríghe Alban aige, uair ro ghabh Reachtaidh Ríghdherg agus Labhraidh Loingsech agus Criomthan Mór mac Fiodhaigh ríghe Albon. Isí inghean Sceiréid, ríogh Chorca Dhuibhne, ó bhfuil an fine, ba bhen do Labhra Loingseach, rígh Éirionn, agus is do shliocht Éibhir an cineadh céadna. Cobhthach Caomh, mac Rechtadha Righdheirg Mogh Corb Cláire, mac Cobhthaigh Chaoimh, mic Rechtadha Righdheirg, .i. ag Cláire do bhí a árus agus is uadha ainmnighther, triocha bliadhan i ríghe Éirenn, agus is leis torchair Meilge Molbhthach, rí Éireann. Fear Corb, mac Mogha Corb, dafhiched bliadhain dó i ríghe nÉireann, agus is lais do-chear Iairnghleó Fáthach mac Meilge Mholbhthaigh. Adhamhar Foltchaoin, mac Fir Chorb, triochad bliadhan dó i ríghe nÉireann. Agus Flidhis Fholt-
chaoin, in ríoghain do Thuathaibh Dé Danann, isí fá bean d'Adhamhar mhac Fir Chorb. Is uaithi adeir- thear "buar Fhlidhis," uair is comhmór do blighte ba agus eilti gach laithe re a linn. Nia Seaghamhain, mac Adhamhair Fholtchaoin, secht mbliadhna dhó i ríghe nÉireann. Agus isí an Fhlidhis sin a mháthair. Agus do blighthe in diabhul buair sin i bhflaithius Niadh Seaghamhain. Agus is uatha sin adeirthear Seaghamhain .i. "seghdha a mhaoin," oir ba mór a mhaoin do na neithibh sin seach na ríogha eile. Gonadh de sin ro chan an file an rann so:
...Agus is do dhiabluigheacht an diabhuil buair...
Maith taoiseach, meadhomhoin meadh, do-rinn Nian Seghamhoin sen; is dó robdar eilte ba do Nia Seaghamhain siabhra.
Nó, isiad an t-aos sidhe no-thinóildís chuige ba agus eilte dá mbleghain ina fhlaitheas, ut dixit poeta:
Nia Seghamhain séaghda an rí ro ghabh Éire go bha thrí; is hé adibh digh lois do chloinn Eochaidh Airgedrois.
Ionadhmhar, mac Niadh Seghamhain, naoi mbliadhna dhó i ríghe nÉireann; agus is fris ad-bherthaoi Iocht Mór. Agus is dó do chan an file an rann so:
Iocht Mór ba fiú a chomhthrom d'ór do ghin ó Nia Seaghamhoin
isé ina thaoiseach, miadh ngal dus-farraidh giolla Alban.
Lughaidh Luaighne, mac Ionadhmhair, mic Niadh Seghamhain .i. i Luaighnibh Temhrach ro hoiledh é, agus isé do mharbh Breasal Bóidhíobhadh, rí Éireann. Cúig bliadhna fichead dó féin i ríghe nÉireann dia éis. Dhá mhac mhaithe la Lughaidh Luaighne .i. Criomhthan Caomh, mac Luighdheach Luaighne; ba ríoghdhamhna é go bhfuair bás la Conghal Cláiringneach, mac Rudhraighe. Agus Cairbre Losg, mac Luighdheach Luaighne an mac oile dho. Agus is uime adeirthear Cairbre "Losg" fris .i. bacach ro-bhaoí. Fecht do-chuaidh rí Éireann .i. Conghal Cláiringneach, mac Rudhraighe, do ghabháil giall Mumhan; agus isé Cairbre mac Luighdheach Luaighne fá rí Mumhan an tan sin. Do fearadh cath eatorra, agus ro mhuidh for Muimh- nechaibh; gurab d'fhoillsiughadh an chatha sin ro budh bacach Cairbre in gcéin bhaoi beó; gonadh de sin goirther Cairbre Losg dé. Agus is uadha aderair Leathad Luisg, air is ann bhaoí a árus. Bhaoí bainchéile ghnóthach la Cairbre Losg .i. Eithne in Ghubha a hainmsidhe máthair an dá mhac mhaithe do bhí aige. Dhá mhac mhaithe la Cairbre Losg .i. Duach agus Deaghadh a n-anmanna. Bhí iomchosnamh mór eatorra .i. iomchosnamh na hÉireann, agus ba hadhbhar ríogh Éireann ar dheilbh agus ar ghníomh gach mac díobh; air ní raibhe i nÉirinn dias ba chuchtghloine agus ba chaoimhe iná iad; agus Deaghadh an sóisear ag dul tar an sinsear .i. ag dul tar Duach, chum ríghe
nÉireann; agus ba holc la Duach anísin. Do chuir Duach techta ar chenn a bhráthar, agus táinig Deghadh go hairm i mbaoí Duach. Do gabhadh la Duach é, agus do bainedh a ruisg as a chionn gur bha dall Deghadh iarsin. Gonadh dhe sin do len Duach Dallta Deaghaidh dhé .i. ó dhalladh a bhráthar. Isé sin an chéaddalladh do rinneadh i nÉirinn. Ó'd chuala Eithne an sgél sin .i. a mac do dhalladh a meic oile, ba brónach de sin, gur mheabhaidh a croidhe go bhfuair bás do chumhaidh a mic. Gonadh dhé sin do chan an file na rainn seo:
Duach is Deaghadh go ndeilbh nglain da mhac Cairbre Loisg leathain; bhádar an dias taoibhgheal seang ar tí oirechais Éireann. Do gabhadh Deghadh 'na thoigh ag Duach aga dhearbhráthair agus do dalladh go dian in Deaghadh sin gér dhroichciall. Ó'd chuala Eithne an gubha de sin ní dhearna subha: dalladh a mic re n-a mac mebhaidh a croidhe comhnart. De do lean ingach iath ard ro adhar in cor crógharg. Duach Dallta Deaghaidh mar daigh, ó do dalladh a bhráthair.
Gibé do-neith aga thigh céaddalladh Éireann d'fhiafraighidh isé Deaghadh go ndeilbh nglain do dalladh leis an Duachsain.
Is-bhearaid aroile foirend Deaghadh mac Sin d'Érnaibh Mumhan isé ro oil Duach, agus do lil Duach dalta Deghaidh de iarsin slicht sin. Ro ghabh Duach Dallta Deghaidh ríghe nÉirenn iarsin, agus is lais do thorchair Conghal mac Rudhraighe, rí Éireann, agus ro ghabh féin ríghe nEireann dá éis deich mbliadhna go dtorchair le Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhraighe agus la hUltaibh. Isiad do mharbh Duach Dallta Deghaidh. Ó do thuit Duach Dallta Deaghaidh, ro fhuirmidsed Éarna agus síol Eiremhóin mhic Mhíledh for Eochaidh Fer Fuirmhidh mac Duach .i. "fear for-rofhuirmed" .i. a lagadh agus a laghdughadh agus a aimhnertughadh go mór; agus isiad do rinne sin fris .i. Clanna Deaghaidh mic Sin, ó dtorchair Duach Dallta Deaghaidh la hUltaibh. Ro fhuirmhidhsed Éarna agus Clanna Deaghaidh for síol Éibhir mic Míledh iarsin agus attracht nert Cloinne Deghaidh tairsibh. Ro ghabh Iar mac Deghaidh agus a bhráithre ríghe .i. Dáire mac Deaghaidh agus Binde mac Deaghaidh a quo Dún mBinde, Ros agus Foraon, agus Glas agus Caoimhghen Congainchneas, agus Lí mac Deaghaidh a quo Tráigh Lí. In sechtmhadh fer don gheinelach ó Eochaidh Fer Fuirmhidh mac Duach Eoghan Taidhlech darbha chomhainm Mogh Nuadhat, a quo Leath Mogha. Ro
hionnarbadh tráth clanna Éibhir mic Míledh agus clanna Duach Dallta Deaghaidh i n-iarthar Mumhan la clannaibh Deghaidh mic Sin, air isiad imle Iar-mhumhan agus ranna Ó Ráthach agus oiléin in mhara fearainn cloinne hÉibhir ó do marbhadh Duach Dallta Deaghaidh la hUltaibh gur ghabh Mogh Nuadhad foirneart for Éirinn. Ro ghabh Dáire mac Deaghaidh mic Sin ríghe Mumhan iar n-ionnarba síl Eiremhóin don Mhumhain, agus adubhradar a dhraoithe an tansin ré Dáire: an uair do bheradh an inghen do rugadh dó mac gomadh é sin tráth no-eibéaladh, agus gomadh é fod a shaoghail é. Do bhaoi coimhéd mór ag Dáire forsan inghin iarsin, agus gé do bhí do toirrchedh í lais an mac óg do chloinn Dáire. Do ghabhadar draoithe forchoimhéd na hinghine, agus níor léigsed dí tuismheadh a cloinne go cenn il-bhliadhan. Gidheadh do rug an inghen mac iarsin, agus is amhlaidh do bhí an mac sin iar n-a bhreith go dtrillis fad láimhe laoich, agus go dtinnfhás ulchan fair. Naoine Naoimbreathach ainm an mhic sin; .i. naoi mbreatha rug iar ngeinemhain fo-chéaduair. Ro-bé trá an Naoine sin an treas mhac iar n-a bhreith i nÉirinn do labhair; .i. Morann mac mic Cairbri Chinn Chait, agus Aon mac Ollamhan mic Dealbhaoith do Thuathaibh Dé Danann, agus Naoine Naoimbrethach in treas mhac. Agus ad-bhath Dáire mac Deaghaidh intan rugadh Naoine Naoimbreathach. Gabhais Eoghan mac Iair mic Deaghaidh mic Sin ríghe iarsin, go dtorchair la hÉanda Munchaoin mac Lóich mhóir do thorchair la Coin gCulainn ar shluaghadh Tána Bó Cuailnge mic Niadh Feibhis .i. Feibhis ainm a mháthar.
Do ghabh Énda ríghe Mumhan iarsin, go ros-mharbh Cúraoi mac Dáire mic Deaghaidh mic Sin. Éire gan rígh iarsin acht na cóigeadhaigh go haontadhach ré chéile ag coimhéd tsíodha Éireann. Agus isiad so na cóigeadhaigh ro-bhaoí ann an tan sin .i. Deaghadh mac Sin agus Tighernach Tédbhendach for Mumha; Oilill mac Mada Muirsci for Connachtaibh; Conchubhar mac Fachtna for Ultaibh; Mes Gedhra mac Airt Mes Delmhan for Laighnibh. Eidersceól Mór i dTeamhraigh. Iarsin rí for Éirinn eision go ros-mharbh Nuadha Necht mac Séadna Síothbhaic. Ro ghabh Conaire mac Eidersgeóil ríghe Éireann iarsin, agus do-cher Nuadha lais. Ba rí Mumhan Dáire Dornmhór mac Cairbri Fhinn mic Conairi Mhóir, agus Cairbre Cromchenn mac Dáire Dornmhóir. Na cóigeadhaigh iarsin for Éirinn .i. Foirbre mac Finne agus Lughaidh Ollathach for Mumhain; agus Sanbh mac Ceit mic Mághach for Connachtaibh, agus Oilill mac Conrach for Ultaibh; Eochaidh Aincheann for Laighnibh. Agus ba rí Mumhan Eochaidh Iolchrothach .i. Mogh Lámha; agus is aire ad-bhertha Mogh Lámha fris .i. ag tabhairt uisge for lámhaibh a oide .i. ríogh Laighen do bhí Eochaidh an tan ba hóg é, agus is de sin do goirthí Mogh Lámha dhé. Agus ba rí Mumhan Sreabhghen mac Niúil mic Fiodhbhaidh .i. fuithe go dtorracht la Deirgtheine mac Éanda Mhunchaoin, do thorchair i gcomhrag aonair la Coinraoi fa cheann ríghe Mumhan. Dáirfhine agus Deirgthine i gcomhfhlaithios Síol Luighdheach mic Íthe mic Breoghain, agus Síol Éibhir
mic Miledh Espáine; uair isiad sin an dá chinéal bhaoí um chóir chodaigh agus chomhrainne i Mumhain intansin um ríghe agus breitheamhnas agus altrom. Deirgthine .i. fine Deirg mic Deirgthine, agus Dáirfhine .i. fine Dáire Dhoimthigh mic Sithbhuilg, isiad sin do shaor Mumhain intansin; agus is eatorra do bhíodh an roinn .i. an tan do bhíodh an ríghe ag Dáirfhine, mac altroma agus breitheamhnas ag Deirgthine. Intan do gabhthaoi ríghe ó Dheirgthine an céadna ag Dáirfhine. Agus do bhádar forsan gcodach gcomhrainne (sin) ó ré Íthe mic Breoghain, agus Bile mic Bratha mic Breoghain go ré Mheic Con mic Maicniadh agus Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim. Agus dobudh cóir gomadh annsin budh fearr a gcodach agus a gcumann re aroile óir rob ionann máthair le Mac Con agus la hEoghan mac Oiliolla Oluim .i. Sadhbh inghen Chuinn Chédchathaigh a máthair a ndías. Agus is i gcóir codaigh agus breithemh- nais ro bhaoí Mac Con acasamh; air an chéadaltrom ar tús do Saraid inghen Chuinn Chédchathaigh, agus do Neimhidh mhac Sraibhghin d'Érnaibh Mumhan, dia mbaoí Lughaidh mac Dáire Dhoimthigh i ríghe, agus Oilill Olom, mac Mogha Nuadhad, isé ba mhacaomh acasamh. Garbhán mac Mogha Nuadhad ba taoiseach Mumhan, agus ba breithemh intansin; agus ba draoi do Shaidhbh inghen Chuinn antí Garbhán, ó do-chear Lughaidh Dáire .i. athair Meic Con.
Ó OILILL ÓLOM GO CORMAC CAS. Do ghabh Oilill Ólum ríghe Mumhan tar éissin. Do-luidh Sadhbh inghen Chuinn 'na mnaoi agus 'na bainchéile go hOilill annsin, agus Mac Con 'na mhacaomh lé, agus breithemhnas ag Dáirfhine intansin. Ro ghabh Mac Con gníomha iomdha fair i dtigh Oiliolla .i. inilnecht agus macaomhacht, agus breithemhnas, agus flaithemhnas agus filidhecht, agus gach breithemhnas archena. Ro fhormadaigh go mór Oilill ar gclos na n-airdghníomh sin fria Mac Con, ó chroidhe ó ghníomh agus ó mheanmain. Sealaighecht Dáirfhine agus Deirgthine fá ríghe Mumhan gonuige sin, óir isiad Dáirfhine do bhíodh i n-aghaidh Dheirgthine an tan sin .i. Érna Mumhan, agus Dáirfhine do rádh riu sin ó Dháire mac Deaghaidh mic Sin; óir do bhí sealuidhecht agus iomchosnamh ag Dáirfhine um an ríghe fria cloinn Deirgthine mic Éanna Munchaoin. Ó Dháire mac Deaghaidh Conaire mac Mogha Lámha, agus ó Dheirgthine gach rí oile. Ba rí Éireann Conaire iarsin agus ba rí Mumhan Mogh Néid mac Deirgthine, agus Eoghan Mór mac Mogha Néid. Eoghan, trá, cheithre hanmanna bhádar fair .i. Eoghan Mór, Eoghan Fidhfecach, Eoghan Taidhlech agus Mogh Nuadhad, amhail adeir an file san rann so.
Ceithre hanmanna gan bhrón bhádar for Eoghan Mhór Eoghan Fidhfecach fial ngart, Eoghan Taidhlech, Mogh Nuadhad.
Eoghan a ainm ó thuistidhibh .i. ó. ghin .i. "gin mhaith." Agus is de atá "Eoghanacht"; do thoradh na mbeannacht tugsad fir Éireann air, ar a ghairt agus ar a fhéile friú, agus ar a dteasargain don ghorta i rabhadar. Eoghanacht de-sin .i. "boin-iocht" .i. "iocht mhaith" dó fir Éireann do shaoradh ar an ngorta i rabhadar. Nó,"Eoghaneacht" .i. "neacht Eoghain" .i. neacht clann nó cinéal, .i. na seacht nEoghanacht. Is de rob ainm dó Eoghan Mór .i. mór é os cách, agus a chlann is a chinéal in dhiaidh feisin. Eoghan Taidhlech do rádh fris .i. feacht do-chuaidh Eoghan Mór don Easbáin ar céilidhe. Isé fa rí san Easbáin intansin .i. Éimhir Mór, mac Míodhna. Fuair Eoghan gradam agus aoibh agus onóir san Easbáin, agus do bhí naoi mbliadhna innti don toisc sin. Bhaoi inghen amhra ag an rígh an tan sin i n-aontumha; Bérra inghen Éimhir a hainm; agus tug sí grádh égmhaise d'Eoghan ria ndul isan Easbáin dó ar a thuarasgbháil do chlos. Tug, trá, Eoghan an inghen iarsin, agus do rug sí clann amhra dhó .i. dias mhac agus dias inghen. Oilill Ólom agus Lughaidh Lágha na mic; Caoimhneall agus Sgoithniamh anmonna na n-inghen. Do thigedh isan aimsir sin Éimhir mhic Mhíodhna, isin sechtmhadh bliadhain, bradán builgbhreac dathach do shruith na ndúl a Parrthas go sruith Híbear san Easbáin. Agus is amhlaidh do bhí an bradán sin agus tlacht olla fíoráille go gcinéal gacha datha taitneamhaigh tríd. Agus do fríth an bradán sin la hÉimhir i n-aimsir Eoghain do bheith insan Easbáin, agus do benadh an
tlacht olla sin de, agus tug Éimhir an olann ioldhathach dia inghin .i. do Bhérra inghen Éimhir, agus do rinne Béarra brat taidhleach taitnemhach loinneardha lánáluinn de; agus ba lán do dheallradh agus do thaitneamh re a fhaicsin é; agus tug sí d'Eoghan an brat sin, agus isé do bhí uime ag tuidheacht i nÉirinn dó. Conn Cédchathach mac Feidhlimidh Rechtmhair i ríghe nÉirenn an tan sin. Agus rob iongnadh mhór la feraibh Éirenn in brat loinneardha lánáluinn bhaoí fá Eoghan. Gunadh ó "thaidhle" in bhruit sin ro lean Eoghan Taidhleach de. Eoghan Fidhfheacach do rádh ris an bhfer gcédna: óir do bhádar trí dúnaidh aige, agus Fidhfheac ainm gach dúnaidh díobh. Bhaoí trá, Eoghan, ag cur agus ag fighe agus ag feacadh in fhedha sin la cách. Gunadh de sin ad-bherthar Eoghan "Fidhfheacach" fris .i. ó "fheacadh in fhedha" aga cur. No "fidhfeach" ó "fhidhe" na feadha céadna aderair. Mogh Nuadhat umorro do rádh ris. Ní hansa. Is aire ad-bhertha an t-ainm sin air ba dalta é do Nuadha Dhearg mac Dáirfhine mic Bairidh. Agus do- rónadh ráth ríoghdha aigesiomh, agus do bhádhas ag tochladh múir uimpi. Bhaoí Eoghan 'na mhacaomh ag dénamh na ráithe sin go bhfeirsech bhferamhail. Agus do bhí ráthmhogh amhra i nEirinn an tan sin .i. Nuadha Sálfhada mac Aonghusa mic Fir dá Chríoch a Cuailnge. Nert céd ann. Sáith caogad no-meledh. Tugadh do dhénamh na ráithe sin é. Agus an tan bhádur issin gcladh tarla cloch mhór i mbéul na hoibre isin díg dóibh, agus do éimdhigh ar an mogh a tógbháil. Agus do bhádar macradh in dúna ar chlaidhe
na ráithe, agus Eoghan eatorra, ag féaghain an mhogha iar n-éimdheadh na cloiche do thógbháil. Do iarr an mogh ar an mhacraidh techt do thógbhail na cloiche. Do éimdhedar an mhacradh in ní sin acht Eoghan 'na aonar. Do-chuaidh Eoghan isan chladh iarsin. Do iaidh a dhá láimh fán gcloich, agus do chuir ar uillinn deisceartaigh in dúnaidh í, agus atá ann ó shoin alle. Adubhradar cách uile: "Is mogh é súd ag Nuadhait," ar siad. "Biaidh an t-ainm sin air go bráth," ar an draoi, ".i.Mogh Nuadhad." Gonadh uime sin do lean Mogh Nuadhad de. Luidh Mogh Nuadhad iarsin do ghabháil ríghe Mhumhan, agus a oide lais. Bhádar dá rígh for Mumhain intansin .i. Lughaidh Allathach mac Dáire Dornmhoir, agus Aonghus do shíol Chonaire Mhóir. Tugadar trí catha do Mhogh Nuadhad, agus do bhrisiodar orra na catha sin; agus fá díobh cath Samhdhoire. Is ann do marbhadh Dáire Dornmhar la Mogh Nuadhad. Do-chuaidh Aonghus iarsin d'iarraidh chabhra ar Chonn Cédchathach, óir isé fá rí Éireann an tan sin; agus tug Conn cúig catha do chongnamh d'Aonghus í n-aghaidh Mhogha Nuadhad; agus tugadar cath do Mhogh Nuadhad i nUíbh Liatháin; agus do mhaidh forra, agus do-chear Aonghus féin insan chath sin. Ro fhás cogadh mór idir Chonn Céadchathach agus Mogh Nuadhad iarsin, agus do bhris Mogh Nuadhad deich gcatha for Conn, agus do marbhadh mórán do mhaithibh a mhuinntire. Acht chena níor fhéadsad fir Éireann síoth ná riarughadh na deisi sin ré chéile, acht Éire do roinn i ndó etorra .i. ó Áth
Cliath anoir gusan ndruim fora bhfuil Cluain Ioraird agus tar medhón Éireann go Cluain mac Nóis, agus siar go hÁth Cliath Meadhraighe i gcrích Óg mBeathrach; isí sin coigcríoch bhaoí etorra ar an roinn do rinnedar; agus ar an ní ar a bhfuil toradh bennacht bhfear nÉireann for sliocht Eoghain ised ad-féd inso, agus do adhmholadh Mogha Nuadhad seach cách. Ba rí for Mumhain airsin Eoghan Taidhlech. Bhádar trí dúna aige, .i. Fidhfeac ainm gach dúna dhíobh, agus is de ba fidhfeacachsamh; aon díobh i dtaoibh Glais Smóil, aroile i nUcht mac Caochaigh i gcrích Chiarraighe Luachra; in tres dúnadh i dtíribh Dealbhna i nUíbh Néill. Baoí gníomh ingach aí, agus bhaoí fáidh ingach dúnadh dhíobh. Feacht ann iarsin iomchomhaircidh Mogh Nuadhad dia dhraoithibh .i. da gach aí dhíobh i n-égmhuis aroile tionnramha na haimsire, agus na hÉireann, agus a dhála féin. Is-bert gach fer díobh fris: "Tiocfa gorta mhór dia éisi i nÉirinn." "Cia tan thiocfas sin?" ar Eoghan. "I gcionn ocht mbliadhan," ar an draoi Cesc: "Caidhe bhur gcomhairlesi uime sin," ar Eoghan. Isedh adubhairt an chédfháidh aca fris: "Ren," ar sé. "ór agus airged ar bhiadh, agus bíodh ceathrar ar bhiadh an trír, agus triar for biadh deisi agat." Agus fiafraighes don dara draoi agus don treas draoi an cédna, agus adubhairt siad fris gur mhaith dó a ór agus a airged agus a dheghmhaoine do chionn bídh.
Gidheadh, adubhairt fris dúna móra agus áruis daingne do dhénamh um an mbiadh sin, ionnus nach féadfaidhe a dtoghail; agus amhsa agus aos díolmhaine do thochuiredh chuige, agus biadh agus éadach do thabhairt dóibh, agus Éire do chosnamh leo. Do rinne Eoghan amhlaidh sin ar thegasg na bhfáidheadh, agus táinig gorta mhór dia n-éisi go fóirlethan for fhearaibh Éireann go nach baoí ní aca do chaithfidís; go dtabhrahh in duine é féin agus a chlann ina dhiaidh ar a mbeathughadh. Do-rónadh aon-chomhairle uime sin ag fearaibh Éireann go comh- choitchionn .i. teacht do thoghail a dhúin agus a dhegháruis ar Eoghan muna gcrenadh a bhiadh friu, nó a bhfreastal fá chath. Ro chuingidh Eoghan orrasamh osadh trí lá agus trí n-oidhce fria comhairle do dhénamh. Tugadh dósamh sin. Agus do bhí Eoghan agus a mhuinnter ag dénamh na comhairle, trí lá, agus iad ag ól agus ag aoibhneas; agus do tochuireadh chuige annsin aos díolmhaine agus ceitherna gurbad measca meadharchaoin soimheanmnach iad. Bhádur fir Éireann ina dtrosgadh fris an ré sin, agus ba meirtnech anbhfann iad iarsin. Táinig Eóghan i gcionn trí lá agus teóra n-oidhche dia n-agallaimh, agus ro fhiafraigh díobh cidh badh áil dóibh do dhénamh. "Badh áil linn," ar siad sin, "ór agus airgead agus deghmhaoine do thabhairt duitse ar an iomarcaidh bídh agat; agus gur chóir duit a thabhairt do dhaoinibh
dia bhfurtacht ar an ngábhadh i rabhadar, agus dia mbeathughadh." Adubhairt Eoghan nach dtiobhradh a bhiadh ar ór ná ar sheódaibh, dáigh ní riu is mó rig a leas. Agus adubhairt gach aon dá mbadh áil bheith aige ar a shon go dtiobhradh biadh agus éadach dó dá chionn; agus gibé lé mbadh áil go dtiobhradh freasdal catha dhó. Agus fá maith acmhuing a fhrestail aigesiomh intansin, air ba sanntach saothrach ro-bhaoí a shochruide, agus ba sáthach bídh agus codalta iad, agus ba hanbhfann meirtneach a raibhe ina aghaidh. Is annsin adubhradar Éirionnaigh uile fria hEoghan: ba mó a dhochar díobh bheith ag Cairbre Cinn Cait dá n-aimhdheóin, iar marbhadh saorchlannn Éireann lais, agus do shecht tuatha Teamhrach gan dúthchas ríogh ná oiremhon ná flaithemhnas acht flaitheamhnas Éireann do ghabháil a heiteachus agus a brughachas, inás bheith dá ndeóin ag mac ríogh Mumhan, agus ag ua ríogh Éireann, agus ag an dara préimh is ag fírphréimh bhunaidh follamhnais agus flaithemhnais na hÉireann tar cheann sochair agus leasaighthe. Cidh trácht, do tugadh flaithes Éireann i n-ucht Eoghain annsin; agus tugadh rátha agus treabhaireadha Éireann isin ionbhaidh sin dó .i. grian agus éasga, drúcht agus muir agus tír re láimh Eoghain um fhlaithios Éireann dó féin agus dá mhac dá éis.
Bádar fir Éireann fria ré teóra mbliadhan amhlaidh sin ag Eoghan, agus ní riabh duine, do mhnaoi ná d'fhior, gan a bhforthain bídh d'fhagháil ar an bhfeadh sin. Ro shir Eoghan aisgidh orra annsin .i. trí gáire díochra deghbhennachtan a haithle coda gach n-oidhche dó féin agus dá shíol 'na dhiaidh, ionnus go mbeith sonas agus saidhbhreas aca tré bhioth shíor, go nach díobhadh flaithes Eoghain go bráth. Is annsin ro fhás in ceathramhadh ainm fair .i. Eoghan Mór .i. Eoghan ós cách .i. Eoghan do-roisc do gach aon, fris nach fuil neach i gcomhardadh ná i gcomann codruma. Gonadh d'fhoirghioll an sgéil sin ro chan an file agus an seanchaidh na roinnse ag adhmholadh Eoghain .i. Aodh Albanach, ollamh Éireann:
Inamhail Eogain Táidhligh ga mbiathaighthe deaghaídhidh is triana eineach gan fheall ro-siacht ardfhlaithes Éireann. Fir Éirenn uile uile idir thráigh agus tuile fria ré thrí mbliadhan go mbloidh ro-biathadh isna fidhfecaibh. Do-radsad rátha gan oil fir Éirenn re láimh Eoghain gomadh an céillidh cas do bhiadh orra i n-aireachas.
Boí Eoghan Mór amhlaidh sin i ríghe nÉireann agus ro treabhadh Éire uile lais, agus ro iomdhuigh an biadh rena reimhes go nárbha lia in féar nó in t-uisge inás. I gcionn chúig mbliadhan iarsin ro iompoigh tuaiscert-leth Éireann iom Chonn Chédchathach .i. um an dara huaithne congbhála flaithesa Éirenn Bádar ag cosnamh na ríghe leis. Ro óbair Eoghan gabháil ar eidiribh agus Éire uile do chosnamh dó féin. Agus ishé coigeartas do-rónsad fir Éireann eatorra do scur catha agus cogaidh agus coimheirghe dhíobh Éire do roinn i ndó etorra .i. ó Áth Cliath anoir iar nEisgir Riada, siar go fertais Meadhraighe; agus ó thá sin ba thuaidh do Chonn, gonadh uaidh sin adeirther Leath Cuinn; agus an leth theas d'Eoghan Mhór.i. Mogh Nuadhad, gonadh uaidh ráidhter Leath Mogha. Bádar imorro forsan chóir ronna sin re reimhes cian .i. cúig bliadhna déag. Iarsin, tráth, do-rala idir Chonn Chéadchathach agus Mogh Nuadhad, agus ro chuirsed cath Muighe Léana; agus torchair Eoghan Mór san chath sin le Conn. Ba mór an sgéal sin Eoghan Mór do thuitim i Muigh Léna, óir isé an treas ghein tsochair Éireann riamh é .i. Lugh Lámhfhada ar mharbhadh fine Fomhorach tríd an ndaoirse i rabhadar fir Éireann aca; agus Eoghan Mór ar an ngorta agus ar an riachtanas i rabhadar fir Éireann d'fhóirithin dó, mar adubhart romhainn; agus Brian Bóroimhe ar
Lochlannaigh do dhíbirt agus ar an mbroid i rabhadar Éirionnaigh aca do chosg. Agus bíodh airfhios agat a léightheóir nach i gcath do marbhadh Eoghan Mór, acht a ionnsaighe moch maidne agus é 'na luighe 'na leabaidh agus a mharbhadh i bhfeall. Agus arna mharbhadh ar an ordughadh sin níor mhuidh for fearaibh Mumhan, acht ro cuas uatha ar chenn Mhaicniadh, mic Luighdheach do chloinn Dáirfhine; agus ba gach re bhfecht do bhíodh an ríghe idir Dháirfhine agus Deirgthine intansin, amhail is-beart an file:
Cuma cuibhrinn bhádar de cotroma a dhá maighine; ionmhuigh bhádar imale Deirgthine agus Dáirfhine.
Bádar iaramh fir Mhumhan ina longphortaibh féin i Muigh Léna nó go riacht Maicniadh dá n-ionnsaighe, agus ó do riacht chugtha do ríoghadh leó é, agus do rádhsad fris cath d'fhógra for Conn Cédchathach. Agus ro fógradh an cath iarsin for Conn; agus ba leasg le Leath Cuinn in cath do thabhairt. Agus isí comhairle do rinne comhadha móra do thabhairt do Mhaicniadh agus d'fhearaibh Mumhan, agus an cath do thoirmeasg. Agus ba hiad so na comhadha sin .i. da chéd each n-imrim agus dá chéd carbad; agus.
fail óir Chuinn badhéin, a charbad agus a dhealg eagair, a gha agus a chloidhemh agus a sgiath; dá chéd long agus dá chéd ga agus da chéd cloidhemh; dá chéd cú agus dá chéd mogh; agus Sadhbh inghen Chuinn Chédchathaigh 'na mnaoi do Mhaicniadh; agus coirpdhíre Eoghain ina dtuilledh; agus céd do gach crodh ó sin amach. Isiad do-chuaidh ris an dteachtairecht sin .i. Ciothruadh mac Fir Caogad Cecht, agus Croitín in file, agus in draoi; agus do-rinne Ciothruadh an laoidh so:
A mheic déna síth re Conn, fotha anghlonn iomaidh niadh, go nach tugtha fraigh re fraigh ná colg fri colg don mhál liath. Ad-fia dá chéad gabhar ndonn go gcúl trom ós mairg gach aoin; ad-fia dhuit id dheaghdhóid deis a eó fri feis, ferr gach maoin. Ad-fia dá chéd fearb, ro-feas, ar in aird red leas, a fhir; ad-fia dá chéd barc fri rian re neart niadh is cosc do ghoil. Ad-fia éiric Eoghain Mhóir, ad-fia ór fri dilse ndruin, ad-fia os clith Eiscir uill re Meadhraighe ngluinn sceo go muir.
Ad-fia dá chéd moghadh ndaor ag déanamh aoth i fri gníomh ngliadh; ad-fia dá chéd colg is sleagh i ndóidibh fer fri díth fiadh. Ad-fia Sadhbh inghen Chuinn dáigh fabhuill diongbhála dheit ad-fia mál Temhrach dod réir ná medhraigh do chéill a mheic. A. mh.
Ro ghabhsad fir Mhumhan agus Maicniadh na comhadha sin, agus do-rónsad síoth, agus leath Éireann dóibh .i. ó Eiscir Riada ba-dheas, amhail bhoí ag Eoghan. Dá bhliadhain do Chonn iar n-ég Eoghain, go ros-marbh Tiobraide Tíreach mac Máil (mic) Rochroidhe. Ro fhágaibh Eoghan dá mhac dia éis .i. Oilil Ólom agus Lughaidh Lágha. Lughaidh Lágha, imorro ro-bé an tres tréinfher d'fhearaibh an domhain é, agus ro-bé an tres laoch is fherr tug a lámh i láimh thigherna i nÉirinn riamh é, .i. Conall Cearnach agus Lughaidh Lágha agus Caoilte mac Rónáin. Isé an Lughaidh Lágha sin ro mharbh Art mac Cuinn, Airdrí Éireann, i ndíoghail a athar. Agus isé ro mharbh Ferghus Duibhdhéadach, rí oile Éireann. Agus isé ro mharbh Ferghus Foiltleabhair agus Ferghus Caisfhiaclach, dá rígh Uladh. Isé ro-mharbh Beinne Briot, rí Breatan, .i. tréinfher Eórpa, agus isé do rinn mórán d'éachtaibh oile idir sonn agus tall. Agus
níor fhágaibh clann do neoch ór síoladh acht Eoghan Ruadh ro bhaoí maraon re Fatha Canann; agus fá dá shíol Mo Lua mac Oiche. Oilill Ólom, umorro, an mac oile d'Eoghan isé ro ghabh ríghe Leithe Mogha iar Maicniadh mic Luighdheach. Isé céadduine do thógaibh éiric Eidirsgeóil macu Iair .i. athair Chonairi Mhóir mic Eidirsgeóil, ó Laighnibh. Agus ba hí an éiric sin trí chéd bó fhionn, agus trí chéd lenn data, agus chéd cloidhemh n-órdhuirn, agus trí chéd torc mór dtrom. Agus isí sin an éiric tugadh ó Osraighe go bráth do rí Mhumhan. Fri ré secht ríogh ro toibhghedh an éiric la Muimhneachaibh, agus isiad so a n-anmanna, .i. Oilill Ólom, agus a mhac .i. Cormac Cas; agus Fiachaidh Muillethan mac Eoghain; agus Mogh Corb mac Cormaic Cais; agus Oilill Flann Beag; agus Lughaidh mac Oiliolla Flainn Bhig; agus a mhac sin Corc mac Luighdheach mic Oiliolla. Agus ro-bé an tOilill Ólom an tres tenn Éireann re a ré, .i. Oilill Ólom, agus Fionn mac Cumhaill agus Lughaidh Lágha, air ní bhaoí a leath aird ag duine san domhan. Naoi meic dég ro bhádar ag Oilill Ólom, amhail is-beart an file:
Oilill Ólom amhra an ghin mac Mogha Nuadhad neimhnigh naoi mic dég ro chinsed uadh ro-fhoghailsead mór mórshluagh.
Níor síoladh acht ó thriúr díobh sin, .i. Eoghan, Cian agus Cormac Cas. Agus fá dá shíol Mac Lughach .i. féinnidh amhail is-bert an file:
Isé ró-athair áirmhidh ag Mac Lughach lánfháilidh Dáire Dearg mac Conaill chain mic Oiliolla mic Eoghain.
Isé Cormac Cas ro ghabh ríghe Leithe Mogha iar nOilill, amhail is-beart an file .i. Cormac mac Cuileannáin i Saltair Chaisil:
Cormac Cas ro ghabh an ríghe iar nOilill (Ólom) na n-iath ó Rinn Tairbrech traoth tréan airlech soir go hÁth caoin claidhmhech Cliath.
Ro-bé in Cormac sin in cúigmheadh gaisgedhach is ferr bhaoí i nÉirinn. Cúiger iaramh bhádar i nÉirinn an tan sin, agus ní bhaoí i nÉirinn neach ba ionchomhlainn do neoch díobh acht duine dhíobh féin, .i. Lughaidh Lágha, Fionn mac Cumhaill, Lughaidh mac Con, Cormac Cas agus Cormac Gaileang. Isé an Cormac Cas sin cédduine do chodaigh cogadh in choigcríochais fri Leath Chuinn agus isé cédduine do chumasdar ceart cánachais agus follamhnais agus flaithesa for Tuadhmhumhain. Agus isé tug naoi n-uinge óir agus trí chéd uinge d'airged i n-énló ar a
adhmholadh d'éigsibh agus d'ollamhnaibh Éireann; agus isé tug triocha creach ó Bhreatnaibh dia raibhe for loingeis ar iomluadh cogaidh for Laighnechaibh, gur ghéillsead dó airsin, agus ro thoibhigh éiric Eidirsceóil macu Iair díobh. Is chuige táinig Oirind Iolchrothach, inghen Lodhairn Mhóir, ríogh Lochlann iar dtabhairt grádh égmhaiseach dó; agus ar fheabhus a theasmholta agus a thuarasgbhála táinig chuige. Do b'í an inghen sin, Oirend, máthair chloinne Cormaic Cais .i. Mogh Corb agus Aoife agus Eadaoine. Fa hé an Cormac Cas so ro bhris ocht gcatha coimhneartmhara curata ag cosnamh tsochair agus tsaoirse Mumhan fri cóigeadhaibh Éireann, .i. cath Iorrais, agus cath Damhsa fri Danaraibh, cath Carman, cath Liamhna re Laighnibh, cath Cruachna re Connachtaibh, cath Teamhrach re Fionnchaidh nó Lughaidh agus Feis Tighe Berraigh, agus cath aonaigh Taillten re Fiannaibh Éireann, agus cath Samhna i Mairtine Mumhan, áit i dtorchair rí Uladh, agus is ann do goinedh Cormac Cas, gonadh dá fhullaghain ro ba marbh.
RÍOGHRADH DHÁL GCAIS Agus, ba mac don Chormac Cas sin Mogh Corb mac Cormaic Cais, agus isé ro ghabh ríghe Mumhan iar bhFiachaidh Muilleathan, agus is de is-beart Cormac mac Cuilennáin an rann so:
In gcualaidh Mogh Corb mac Cormaic, iar bhFiachaidh ba flaith re fóir fir a fuinidh robdar formuid re Mogh Corb mac Cormaic cóir.
Isé an Mogh Corb so ro thoibhigh cáin do chlannaibh Chathaoir Mhóir. Is chuige tángadar dá bhráthair a mháthar, .i. Araid agus Osna, dá mhac Ríogh Lochlann arna n-ionnarba d'Iarrus Iarnnmhór, do rígh Lochlann, go dtángadar tré thrénshochroidhe báidhe agus cairdesa go mac a sethar. Do-chuaidh, umorro, foirenn trí chéd long leó go Lochlonnaibh. Gonadh annsin tug Mogh Corb cath uathmhar aidhbhéil ainiarmhartha isin gcaladhphort gciumhaisréidh dia dtorchair Iarrus Iarnnmhór, rí Lochlonn, agus a cheithre mic agus ocht mbráith- reacha ann, agus forgla ríogh agus rófhlaith ngaile agus ngaisge Lochlonnach, agus trí mhíle fear maraon friú. Ro fhágaibh dhá bhráthair a mháthar i ríghe Lochlonn; agus ní innisid seanchaidhe, agus ní áirmhid ughdair i
leabhraibh go ndeachas a hÉirinn riamh taoiseach ba cródha ná an Mogh Corb sin ná toisg ba curata agus ba mó miadh agus maise iná an siobhal sin, .i. cath fraochda fearamhail feidhmláidir do thabhairt do rígh Lochlann ar urlár a thíre féin; agus forbhais fortamhail do dhéanamh ar lár críche Lochlonn idir an gcineadh is gairge agus is beódha, agus do b'fherr goil agus gaisgedh, isin domhan; agus dá rígh d'ordugh- adh uirre; agus teacht slán go maiseach soimhenmnach somhaoinech don chur sin. Ba maith, dano, ríghe agus flaitheas an fhir sin. Ba suairc séaghuin sochumainn fria banntracht agus bandála, agus re haos gacha dána archeana, ba hangbhaidh adhgharbh re heascairdibh, agus ba sona saidhbhir síodhamhail a ríghe agus a fhlaithes. Gonadh aire sin do chan an file .i. Aodh Albanach na roinnsi:
Ríoghdha atá an Mhumha ingach modh go sonas go sobharthan, gona grádha gona goil go saidhbhir go síodhamhail. Gona flaithibh for gach leath, gona heineach ollbhlaidheach, nís tig pudhair tar a bord ag a héinrígh ag Mogh Chorb.
Mogh Corb ua Eoghain mhóir mhais mo-chean miadh a mhuinnterdhais gin bhes i bhflaithius an flaith biaidh an Mhumha go mórmhaith. Nís lamhaid Ulaidh adtuaidh náid Connachta a Cruachain chruaidh Laighin gin go dtaod dá thigh tig a gcáin go rígh Chaisil. Énduine sin is fearr clú idir Ghall is Gaoidhealu im engnamh ghríobhdha 'sim ghart im shaoire 'sim shaorchlannacht. Im bronnadh airgid is óir im fheabhus cumtha is comhóil im ghairge mar nach dál damh im ágh im airde im engnamh. Inamhuil Eoghain Taídhligh aga mbídís deaghaoidhidh is tria n-a eineach gan fheall ro-shiacht ardfhlaithes Éireann. Fir Éireann uile uile idir thráigh agus tuile fri ré trí mbliadhan, buan blaidh, ro-biatta isna fidhfeacaibh.
Do radsad rátha gan oil fir Éireann re láimh Eoghain gomadh ua don chéillidh chas do bhiadh forra i n-uireachas. Iarmhua an fhir sin, rádh nach borb, mac mic Oiliolla Mogh Corb, tug a eineach as gach alt tug a rath, tug a ríoghdhacht. R.
Is lasin Mogh Corb sin ad-torchair Cairbre Lifeachair mac Cormaic i gcath Muighe Tlachtgha, amhail is-beart an file:
Ag triall ríghe muimhneach mas ba foirtréan a fhlaithemhnas la Mogh Corb mac Cais chreachaigh do-cher Cairbre Lifeachair.
Bhaoí, iomorro, eineach agus tiodhlaice a athar féin isin bhfer sin. Bhaoi, dano, gaisgeadh agus allmhardhacht agus engnamh Lochlonnach ann; agus ad-bheraid na seanchaidhe gurab é engnamh na Lochlonnach sin do mhair riamh iarsin ag síol an Mhogha Corb sin, agus go mairidh bheós ag a shíol .i. ag Dáil gCais. Is don Mhogh Chorb sin roba mac in fear cródha curata confadhach .i. Fer Corb, caithmhíle ro ghabh flaithes Leithe Mogha tar éis Mogha Corb. Agus isé
ro shraoin catha Cera agus Cruachna agus Corainn for Connachtaibh; agus isé tug cath Tlachtgha agus Taillten do thuathaibh Teamhrach dá dtorchair Tinne mac Triuin mic Muireadhaigh Muichnidh. Isé tug mórán d'iorghalaibh oile ag cosnamh a fhorba agus a athardha agus a shaordhachta agus a chineóil for cóigeadhchaibh Éireann. Ní thug an Fear Corb sin aon chath do Laighneachaibh, óir do riaruighsead chena é. Isé an Fear Corb sin cédrí do shíol Eoghain ro chumhdaighesdar córachas breithemhnais ar dtúis do thuathaibh Olnéagmhacht imm an dtír idtáid Dáil gCais indiu. Ba hé so a dhlighedh san ann: Dia rabhadar clanna Deaghaidh ag innilliughadh a gcríche agus a bhforba agus a bhferainn claochlaighsed altroma etorra agus Connachta; agus ba hiad so na haltroma tugadh adtuaidh ó Mheidhbh: Cet mac Oiliolla, agus Fionnabhar, inghean Oiliolla agus Medhbha, Cian agus Corc Ruadh, dá mhac Fherghusa mic Róigh; agus ba hiad so na haltroma rugtha bathuaidh: Gáine mac Deaghaidh agus Corán inghen Chomáin mic Deaghaidh, agus Géis Chneisgheal inghen Chongainchnis mic Deaghaidh. Gonadh ar an gcomhaltrannas sin tugadar an tír for a rabhadar seantuatha bhFer mBolg roimhe sin do chlannaibh Deaghaidh leis an altromadh sin .i. ó Ath na Bóroimhe go Léim in Chon, agus ó Fhidh Chédinis agus ó Eiscir Riada go Luimneach. Agus táinig anbhfainne
do chlannaibh Deaghaidh, agus ro léigsiod Connachta do-ridhise forsan bhfearann. Ó'd-chualaidh Fear Corb sin, ro chuindigh cert breithemhnais forra um an bhfearann sin, agus ó nach fuair sin ro thaibhigh an tír uile for Connachtaibh, amhail adeir an file san laoidhsi:
Ranna forsa mbádar Fir Bholg ro gaoth Oilill gérbh anord ar Dheaghadh, dearg ar reanna, ro alt Cet mac Oilealla. Ó Fhiodh Cédinis ro snas gusan Luimnech lethanghlas fuair Deaghadh, fa ríoghdha an roinn, Fir Bholg agus a bhferainn. Do ráidh Fear Corb go gcruth nglan tír tugadh forsan altrom nach léigfedh ní ba shia amuigh óir is dó ro-ba dúthaigh. Fear Corb ro chuir uí Chuinn de re bliadhain láin gin laige theas agus tuaidh, thiar is toir gin go bhfuair rodus-fásaigh. Maicne Fir Chorb clanna Chais i n-iath Luimnigh leathanghlais airecht gríobhdha nach ganna robsad ríoghdha roranna.
Ba hé in Fear Corb sin duine ro ba mó eineach agus engnamh ro bhaoí d'fheraibh Éirionn rena linn, agus ba hé laoch robudh ferr comairce agus córachas isin domhan agus robudh ríoghdha méinn agus laghadh agus tiodhlaiceadh, agus ná tard tuarasdal ná ba tréda do neach riamh, .i. gan ór gan airged agus gan édach. Agus isé nár chaith biadha riamh gan céd duine ina fhochair in uair is lugha do bhíodh aige. Agus níor lamhadh doirseóirecht ar bhiadh ná ar lionn riamh aige; oir adeiredh fá comhdhúthchus dona daoinibh in biadh agus in lionn idir mhaith agus tsaith. Agus fá hardfhlaith Éireann an fear sin, agus fá ceann sochair Gaoidheal é; agus is de is-bert an file:
Flaith Fer Corb . comhlainn céd olc ní dá ord . tar a dhéad. Diuchraidh dias . dia bhlaidh fhrais triocha giall . Gailián lais. Gailián giall . gairidh géig neach tar roinn . ní ros-léig. Leth ria tuinn . tír ó gCuinn becht gan buing . echt gan uill. Uillibh sealbh . don tír thuaidh ro-nasc Medhbh .re cecht cruaidh
Cosnaidh fear . Fear Corb cain dáigh do dhligh . báidh go mblaidh Báidh go mbloidh . ro thriall teann cura a chlann . Mumha mheann. Fear Corb cóir . clothaibh laídh tricha mac . do chloinn chaímh. Caomh an chlann . clann fir chain caímhe féin . saoire sair. Ro-siacht cáin . críoch gach uind eadar áin . tráigh ós tuinn. Tug céd ráith . ag Ráith Mhóir tug céd bó . fá dhó dhóibh. Dia do laoch . ris nach lamh nach buan buan . truagh a than. D'aithle an fhir . uathadh maith a toigh thoich . foil an flaith.
Ba mac, umorro, don Fher Chorb sin, ro chosnaimh ríghe nÉireann as gach aird .i. Aonghus tailc tírech trénchosgarach. Ro toichleasdar agus ro treaghdasdar tíre ile iongantacha iarthair Eórpa
ó roinn iartharaigh dheisgiortaigh Easbáine ioldathaighe go roinn iartharach tuaisgertach Lochlann leithne lánfhuaire. Gonadh aire sin ro lean an fortórmach anma an fer sin .i. Aonghus Tíreach. Is leis do marbhadh Fiachaidh Fidhgheinte, mac Dáire Cearba i gcath Cliodhna, iar dtíchtain dó a hEsbáin, ag cosnamh ríghe Mumhan amhail is-beart an file:
Cosnamh Fidhgheinte go mbloidh re hAonghus imun Mhumhain. rug bágh a iodhna go beacht i dtrágh Cliodhna atá a thighleacht.
Isé an tAonghus Tíreach sin ro ghabh flaitheas agus follamhnas Mumhan tar éis Oiliolla Floinn Bhig, mic Fiachaidh Muillethain, mic Eoghain mhóir, amhail is-bert an file;
Iarsin ro ghabh Aonghus Tíreach gialla gach tíre go tuinn; ro líonadh Mumha dia mhaitheas iar bhflaitheas Oiliolla uill.
Isé an tAonghus sin cóigedhach ba hamhra flaitheas agus ríghe ro bhí ré gcreideamh, agus isé nach béaradh góibhreith idir a mhac agus a dheargnámha; agus isé nach rug góibhreith riamh agus nár again an fhírinne, agus nár fhorgaill gó. Isé
nachar chaith nech riamh go mbeith a thuarasdal aige. Isé thug a bhréithir nach eidir riamh créd é fuacht ná ocras ná uamhan ná éad. Triocha bliadhan dó i ríghe Mumhan, agus ní raibhe bliadhain díobh gan mheas gan mhórthoradh; gonadh aire sin ro ráidh Oilill Fannchosach .i. ollamh Laighean na briathra so ag adhmoladh Aonghusa:
Aonghus amhra an rí calma ní ro chlaoi ó tugadh i gclí ní ro chumhdaigh gaoi. Do ghabhadh le truagh ní ghabhadh le tréan dobudh túsga a éag 'ná brég tar a bhéul. Níorbha bréagach buair fa céadach ad-chídh ro-budh túisci a riar 'nás a dtriall i dtír. Nocha torchradh thall níorbha cam a chorp nocha mbíodh 'na dháil neach dá madh áil olc. Ua Moghadh fá hóg gan omhan gan éad ó ghein mhic Fir Chorb níorbha dá ord bréag.
In flaithemhdha fial fa caitheargna ad-chíodh, nocha gcanadh claon, do anadh 'gun fhíor Aonghus Tíreach taoi, a ríbhreath gan ghaoi, nocha gcaitheadh neach go mbíodh a each faoi. Níor airg biatach borb níorbha lonn a bhreath ní thard coindemh riamh tar triar isin dteach. Deich mbliadhna fa thrí a ríghe ós gach raon; bliadhain díobh gan mheas ní feas acht a haon. Mo chuaird d'fhailghibh óir ón fhior shaidhbhir shaor mo chúisse ní bréag fa chéad is ní haon. A.o.n.gh.u.s.
Ba mac d'Aonghus Tíreach sin Lughaidh Láimhdhearg. Isé ro bhris secht gcatha cródha commóra coimhnertmhara for cóigeadh caomháluinn Chonnacht, agus ro marbhadh secht ríogha ann; agus ní raibhe da shochraid 'na fharradh ann acht amhsa agus
giollanradh, go ndearna feronn cloidhimh agus forgabhála don fhearann sin, .i. ó Bheirn trí gCarbad ag Carn Fearadhaigh go Luchad agus ó Áth na Bóroimhe go Léim in Chon. Gonadh de sin adubhairt Cormac mac Cuileannáin:
Isé sin an Lughaidh Láimhdhearg thall ar chóigeadh Chonnacht cain ó Charn Fhearadhaigh fa uchtaibh go hÁth Luchaid lán do ghoil. Garbhchúigeadh Eochaidh mic Luchta ó Árainn go Bladhma mbuirr gabhais Lughaidh Láimhdhearg laimhtheach archú ailleach ordhruic uill.
Isé an Lughaidh sin ro ghabh airdríghe Éireann le neart a láimhe féin. Dóigh ní innisid seanchadha do bheith i gcoimhré iná i gcomhaimsir fris aon laoch badh ionchomhlainn fris ar mhéid a nirt, agus ar fheabhus a láimhe, agus re róchalmacht a aigne, agus re méd a ghoile agus a ghaisgidh agus a engnamha. Agus isé an Lughaidh sin ro ionnarb goill a hÉirinn; agus iar n-a n-ionnarba a hÉirinn ros-lean go roich i Saxaibh; agus ro ghabh gialla Alban agus Breatan agus tSaxan. Dóigh amhaigh, innisid seanchadha gurbha leathan a lánghabháltais is na hiltíribh ciana coimhtheacha sin nó go bhfuair bás. Agus fá gníomh
mór d'Éirinn an scéal sin; agus is dó sin is-bert an seanchaidh agus an fíornaomh .i. Comhdhán mac da Chearda:
Feimhen indiu gidh fásach do bhí neach diarbha násadh uime do feradh frasa d'éis Luighdhech mic Aonghasa. Cia budh dú dosamh in tír ar aoi an ríogh sin seoch gach rígh fá heisiomh an rí fá deach i n-aghaidh 's i ndeaghoineach. Gach eineach mór do-righne amhail an rí ó thibhre do bhean do ghallaibh tar muir is do shíol Iriail Ghlúnmhair. Ní fhuil buadh acht buadh do-ghneth riasiu teimedh buadh míledh, brugh Banbha buadh do mhac ríogh do buairedh um an bhfiaidhmhíol. In cath ag Luchad ré lá for Leath Cuinn for Connachta; tuaiscert Mumhan, mór an roinn, fá hé deiscert a fhearoinn.
Carn in ríogh, a Dhé cairi darab dír a dheghaire eol damh an rí darab fonn Lughaidh láimhdhearg lebhormhong. In carn fil i Lodain láin in bhfeidir tusa a Chomhdháin cloch gach fir táinig san gcath maraon re Lughaidh Luaighneach. Do radadh críoch fria Mumhain gon dá athoir la Lughaidh imraid a longa for muir fa grafnach for muigh Feimhin. Gabhsad secht rí for Mumhain idir Oilill agus Lughaidh togha ríogh gach rí dhíobh sin ferr linde Lughaidh Feimhin. Fá fearr bantracht críche Fáil Mór inghen Aodha Beannáin fearr Fínghin oldás gach fear imráiteach é tar Feimhen. Gacha lodmairne guse tar fiadh Banbha barrghlaise ní fhuaramair magh is ferr idir Fínghin is Feimheann.
Daimh dhíleann tuargaibhsead ceann ar an muigh ag Loch Sighleann isé a n-anmonna Fé is Mean is díobh ráidhter Magh Feimhen.
Is don Lughaidh sin do rinnedar na trí mná sidhe in fháisdine seo:
A mhic Aonghusa Tírigh a churaidh a chaithmhílidh budh slán gan ainimh gan ail ro-sia t'ainm go Muir Romhair. A mhic Aonghusa Tírigh a churaidh a chaithmhílidh inníse uma dtá do chacht budh leat budhéin is led mhac. A.mh.i.c.
Ro ghabh, umorro, Criomhthan Mór, mac Fiodhaigh ríghe nÉireann agus nAlban iar Lughaidh. Tug ríghe Mumhan dá dhalta, .i. do Chonall Eachluath, mac Luighdheach Láimhdheirg. Rob olc, umorro, le cloinn Fhiachaidh Muilleithin an ní sin, agus adubhradar gurbh olc an bhráithirse do Chonall sin do ghlacadh, óir do bhí adhbhar deighríogh do chloinn Fhiachaidh Mhuilleithin an tan sin .i. Corc mac Luighdhech. Isé coigertas do-rónsad fir Mhumhan ettorra, .i. an ríghe ar dtúis do léigean do Chorc mhac Luighdheach, óir isé fa sine ann, agus ba ag cloinn
Cormaic Cais bhaoí in ríghe fa dheóidh; agus cuir agus eidireadha Mumhan tar ceann chloinne Fhiachaidh agus Chuirc budhéin um ríghe Mumhan do thabhairt do Chonall Eachluath tar éis Chuirc nó dá mhac 'na dhiaidh muna maireadh féin; agus na cuir chédna etorra im gach re sliocht díobh do bheith for Mumhain go bráth amhail do orduigh a seanathair dóibh .i. Oilill Ólom; dáigh isé do orduigh da mhac .i. Cormac Cas, agus d Fhiachaidh Mhuillethan mhac Eoghain cert comhranna flaithemhnais agus fearainn etorra; agus gomadh coimhlíon do ríoghaibh do chloinn cheachtair díobh, agus gomadh comhmór do-gheabhadh flaithes for Mumhain agus for Éirinn go bráth; agus tug a mhallacht don tí dhíobh do bhriseadh connradh ar a chéile go bruinn an bhrátha.
...dóith isé do rinn an cúnradh idir Chormac Cas agus Fiachra Muilleathan um ríghe Múmhan do bheith gach le glúin ag a sliocht...
Is ar an bhfochann sin do léig Conall Eachluath ríghe Mumhan do Chorc mhac Luighdheach, agus tug Corc a bhennachtain do Chonall, agus tug Cairbre Cruithneachain agus sruithe Mumhan fria comhalladh cirt Chaisil gach re bhfecht go bráth do shliocht Chonaill Eachluaith. Iar n-éag Cuirc ro ghabh Conall Eachluath ríghe Caisil. Iar n-éag Criomhthain Mhóir mic Fíodhaigh, a oide, tug Criomhthan bráighde bhfer nÉireann i láimh Chonaill Eachluaith, agus tug bráighde Eórpa uile ón Róimh ale. Gonadh aire sin adubhairt Cormac mac Cuilennáin na ranna so:
Caoin ro ghabh Conall Eachluath Éire iar gCriomhthan fa caín anall acht nach deachaidh tar muir Manainn riamh ní ros-gabh rí ba ferr. A dtug Criomhthan Mór, mac Fiodhaigh do ghiallaibh ó Leatha láin do-rad i láimh churadh chleathruaidh Conaill oirdheirc eachluaith áin. Luidh Conall Eachluath ar eachtraidh ingach crích iar gCriomhthan gcas go Dún Liamhna, laoch ba amhra, iar marbhadh Madhna mas. Leis fearta Chonaill a Feimhen Dún Cormaic, Áine, Dún nGair, Caiseal, Coinchend, Raithlenn, Lemhna, Focharmháigh, Dún Cearmna chain. C.
Isiad sin forgabhála Chonaill Eachluaith for an Mhumhain, agus gé do bheith ríghe Mumhan nó gin go mbeith ag Dál gCais, is leó dísle na forgabhála sin, óir fá hiad sin ríghphuirt na Mumhan ag Conall Eachluath, agus isiad ro thiodhnaic a oide dhó .i. Criomhthan mac Fiodhaigh, rí Éireann agus Alban agus ón Róimh ale. Ro ghabh iarsin Enna Airgtheach, mac Conaill Eachluaith, ríghe Mumhan go ferdha feramhail iar n-éag Chuirc; óir ro hionnarbadh mic Conaill Eachluaith i Leath Chuinn iar marbhadh Madhna Chorraigh dóibh .i. ríogh Mumhan, i ndíoghail a n-athar
agus a ndís dearbhráthar; gonadh iar n-eug Chuirc ro ghabhsad ríghe Mumhan ar éigin. Dáigh níor gabhadh uatha gan a n-ionnarba, agus níor damhadh sealaidheacht ná coigertas dóibh uimpe. Ad-bhearaid tráth seanchadha Mumhan gurab é sin rí déidhenach do Dháil gCais do nech ro ghabh Caisiol ré gcreidemh. Secht ríghe, umorro, ro ghabh an Mhumhain díobh gonuige sin mar adeir an file:
Cormac, Mogh Corb, Fear Corb, Aonghus, Lughaidh, Eanna, Conall cas, 'siad sin secht rí, níorbha phudhair, ghabhsad Mumhain do Dháil gCais.
RÍOGHRADH TUADHMHUMHAN. Ro scuirsead flaitheas Dál gCais do Chaisiol annsin. Dáigh, níor damhadh córachas dóibh uime, uair níor fhuilingsead cogadh Chonnacht ina bhfearann forgabhála, agus cogadh Muimhneach im Chaisiol agus um an Mhumhain ó sin amach. Gonadh í comhairle do cinneadh aca leanmhain do Thuadhmhumhain, agus Caisiol do léigean dia mbráithribh; óir ba ferr leo tochail fri a n-eascairdibh inás fri a mbráithribh. Do- rónadh finghal laisin Enna sin for altromaibh, agus níor ghabh neach dia shíol ríghe ná flaithes iarsin. Ro ghabh Cas, mac Conaill Eachluaith ríghe Tuadhmhumhan, agus isé ro roinn Tuadhmhumhain idir a chloinn. Trí meic déag ro-bhádar aige, .i. Blod, Caisín Daoladhach nó Nae mac Cais; agus ba dá shíol Beag mac Dé an fáidh agus an file, agus ní áirmhim uile iad. Ro ghabh Blod mac Cais ríghe Tuadhmhumhan iarsin. Roghabh Carrthan Fionn ríghe Tuadhmhumhan agus is ris do ráidhtí Carrthan Mór. Ro ghabh, dano, Aodh mac Conaill mic Eochaidh Bhailldeirg, mic Carrthain Fhinn ríghe Tuadhmhumhan, .i. Aodh mac Conaill do rinne an choimhéirghe fo shecht i n-aonló roimh Ruadhán Lothra i dtigh Chairbre Chruim mic Criomhthain Sreimh mic Eochaidh
mic Aonghusa mic Nad Fraoich, rí Chaisil. Gonadh ann is-bert Ruadhán: "Áilim Dia gein móirsheisir uait résa n-éireóchaidh fir Éireann idir laoch agus cléireach." Ut dixit Ruadhán:
A Chonaill, luach do choimhéirghe romhainn, éirghid fir Éireann réd shíol, budh é in rádh fíor a Chonaill. A Chonaill, do rinne an éirghe romhainn, secht bhflatha uait for Éirinn, budh suairc éirim, a Chonaill. A Chonaill do rinne an éirghe romhainn, buadh gcrotha is gcabhlaigh red linn agus buadh gcatha, a Chonaill. Itche sirim, a Chonaill, dhuit a ua Táil mar thoghaim, nach beir fó thráigh ná tairinn gin bheir fóm cháin, a Chonaill. Isí mo cháin, a Chonaill, uait a ua Táil nos-toghaim, gan aitreabh m'ionaid innill duit got aicmibh, a Chonaill.
Gin nach timdhibhe in fhearainn gin nach ainríghe orainn, agus in tráth do-ghéana bésa fó mhéla, a Chonaill.
Isé an tAodh sin mac Conaill mic Eochaidh Bhailldeirg cédduine do Dháil gCais do ghabh ríghe Caisil iar gcreidemh, gin go n-áirmhid senchadha Eoghanacht é. Agus is follus as an ndeismirecht so gomadh fíor sin, .i. isin chomhdháil do-rónadh idir Aodh mac Conaill agus Aodh mac Criomhthain .i. athair Fhínghin agus Fáilbhe Floinn ag Carn an Ríogh i Muigh Feimhin; gonadh ann táinig Aodh mac Criomhthain i dteach Aodha mic Conaill mic Eochaidh Bhailldeirg; agus ro ríoghadh annsin Aodh mac Conaill, agus ro ghabh gialla Mumhan iardain. Is amhlaidh do bhí an choinne sin agus Bréanainn innte, agus Mac Léinín an file, agus tugadh iad i n-árachus fria láimh Aodha mic Criomhthainn um ríghe Caisil do thabhairt dó tar éis Aodha mic Conaill, nó dá mhac muna maireadh féin. Gonadh annsin do rádh Brénainn na roinn so:
In dá Aodh mo dhá charaid sonn araon Aodh Craige Léithe, líon clann, Aodh Caisil Chuirc ros-cobhrann.
Aodh mac Conaill an tAodh thuaidh sealbhuighes Éirinn iar mbuaidh Aodh mac Criomhthainn an tAodh theas ro fhorbaidh ith agus meas. Aodh Craige Léithe finde a Dhé ná treaghdaidh rinde Aodh Lothra lamhardha glas go maire ina óglachas. An ní ara moltar gach aon do nech ro thaom Banbha buain isiad Dáil gCais is ferr ad-chím ar chúl bídh is brat is buair.
Is annsin do chonnairc Brénuinn timthirecht na n-aingeal os cionn Lothra agus ro innis sin don rígh. Agus do chuir Brénuinn deisgiobal dá fhios cia bhí ann, agus Mac Léinín maraon ris mar fhiadhnaise ón rígh. In ní iomorro ráidhid foirenn ann gomadh é Cuimín Fada ro churtha ann ó Bhrénuinn, ní fheadar ón gomadh fíor sin, dáigh ba fiche bliadhain iar n-ég Bhrénuinn rugadh Cuimín; agus níor shlán acht deich mbliadhna do Chuimín an tan fá marbh mac Léinín. Bhí imorro Mac Léinín triocha bliadhan in' esbogóide ré n-ég, agus níor iompo ón saoghal an tan do rinneadh an choinne sin. Cíodh dano, ro shiachtadar na deisciobail agus Mac Léinín gusan loch, agus fuair scrín Ailbhe ann, agus tug Mac Léinín leis í; agus ad-chonnairc an giolla marbha isin loch, agus isiadsidhe tug leó in scrín i
riocht cisde, gonadh uimpe ro bháith Dia iad. Ro siacht in scrín iarsin go Bréanainn, agus tug aithne for an bhfer ndána go raibhe rath Dé fair. Agus adubhairt, dano, nárbha chóir na lámha 'na rabhadar na taisi naomhtha do thruailleadh go bráth. Gonadh aire sin do iodhbair Mac Léinín é féin do Dhia agus do Bhrénuinn, agus ro bhennuigh é, agus ro chlaochluigh a ainm dó .i. Colmán Mac Léinín; amhail ad-bhert Brénuinn:
Colmán Cluana Uamha, cleite óir, ollbhladh buadh, ball do ghréin Ríogh neimhe náir, file rán rainnríoghdha réil.
Is annsin adubhairt Mac Léinín ris an rígh .i. re hAodh mac Conaill: "Ní lughaide rigmíd a leas ní d'fhagháil, acht is mó sa chách, dáigh ro léigsem uainn in ealadhain ara bhfuighmís ní." Adubhairt an rí: "An ní do-bhéaruinnsi dhuit ar do dhán rachaidh dhuit bheós ar Dhia." Is annsin ro mhaith an rí cumhala dhó uaidh féin agus ó gach rígh do-gheabhadh Caisiol go bráth.
Agus an choibhéis chéadna do Bhrénuinn. Agus Mac Léinín agus Brénuinn air gomadh fíor an sgéal sin, agus gurab uadha ráidhter comharbus, agus gurab é ba hairdrí Caisil don turus sin Aodh mac Conaill Eachluaith mic Eochaidh Bhailldeirg. Agus do rug Aodh mac Conaill annsin Brénuinn leis dia thigh i ndóigh a bhennachtan d'fhagháil ann. Gonadh annsin do rinne Brénuinn in bhennachtain ag breith buidhechasa:
Bennacht Choimdhed chumhachtaigh do-bheirim don Ráith, for an dtreibh i dtángamair fearaibh macaibh mnáibh. Coigibh daltaibh timthirthibh ríoghaibh ríoghnaibh ráth ro tógbhadh for bithfhorbair ó andiu go dtí an bráth. Mac for ua for iardaighe madh cead le Mac Dé, ith is bliocht is bennachta ro-bé sunn a Dhé. Beannacht for cách tángamair is luath is maith linn, isin mbaile i dtángamair ro-bé biadh is linn.
Rob lomnán do shobharthan a Rí neimhe néll a Choimdhe rod-chomhailter an ad-bheir mo bhél. Buadh n-ágha buadh n-iomghona, áilim Rígh na rinn, buadh gcorma buadh gcomhairle buadh snámha ar gach linn. Buadh laochraidhe landighe buadh gcléireach buadh gceall buadh bantrachta bailighe ó andiu go bráth menn. B.
Ro ghabh Díoma mac Rónáin mic Aonghusa mic Carthoinn Fhinn ríghe Caisil iarsin, agus ro chosain í re Fáilbhe Flann; gunadh é córtas síotha do rónsad sruithe Mumhan etorra .i. ríghe Caisil do thabhairt d'Fháilbhe Flann ré reimhius budhéin, dáigh isé ba sinsior ann, agus a tabhairt do Dhíoma tar éis Fháilbhe; cuir agus teannta agus eidiri do Dhíoma fris sin do chomhall; agus gach dlighe do bhiadh ag rígh Caisil i dTuadhmhumhain ó thá Í Chuilinn Caoille i nOchlain Osraighe go Léim Con gCulainn a dílse sin uile idir bhiadh agus coimhidecht, cíos, géill agus eidirecht, cáin agus cura do thabhairt do rígh Dál gCais go bráth intan nach budh leó ríghe
Caisil budhéin; agus dílse forgabhála Conaill Each- luaith ingach dúthaigh fón Mumhain; agus dílse na Seantuath ro thiodnaicsead Dál gCais forsan Mumhain .i. an tír forsa dtáid síol Meic Con andiu, dáigh isé Cormac Cas mac Oiliolla Óluim tug an ferann sin do mhac a mháthar, .i. do Lughaidh Mhac Con, agus is dá chuid dílis féin do thiodnuic an fearann sin dó. Ro roinn, imorro, Oilill Ólom in Mhumhain i gcert idir Fhiachaidh Muillethan agus Cormac Cas, iar dtiachtain re hOilill tré chumhaidh, agus ní fríth ó Fhiachaidh coimhchedughadh neich ná comhroinn feronn do Mhac Con. Gonadh aire sin dleaghaid Dál gCais ferainn agus foghnamha cloinne Meic Con. Agus is leó iaramh ruidhles agus leth in tíre forsa dtáid Hí Eachach Mumhan indiu; dáigh isé Conall ro-alt Eocha mac Cais mic Cuirc, agus isé ro rad dó an tír fora bhfuil a chlann indiu, iar neamhfhagh- áil fhearainn dó ó bhráithribh a athar. Is leó mar an gcéadna an tír fora dtáid hí Thorna Éiges; air ba hí Caoimhfhionn inghen Chonaill Eachluaith máthair chloinne Torna Éiges, agus isé Conall do thiodhnaic ferann dóibh; agus tugadh dílse na bhferonn sin uile do Dhíoma ar ríghe Caisil do léigen d'Fáilbhe Flann, agus do-rónsad síth agus córachas amhlaidh sin. Intan, imorro, baoi Díoma mac Rónáin mic Aonghusa mic Carthainn Fhinn ag gabháil ríghe Chaisil amhlaidh sin, is ann do ionnsaigh Guaire mac Colmáin agus Connachtaigh forra adtuaidh, agus ro thriallsad Tuadhmhumhain do chosnamh; agus rángadar go Carn Fearadhaigh trí catha comhmóra coimhnertmhara.
Gonadh annsin táinig Fáilbhe Flann agus Díoma mac Rónáin chugtha, agus ro fearadh cath tréan láidir etorra agus ro mhuidh for Connachtaibh gur marbhadh iad go doáirmhithe, gur thuiteadar ann na sé ríogha as deach bhaoi do Chonnachtaibh, amhail is-bert an rann:
Nócha thuit do Chonnachtaibh i gcath an tseisir chomhmaith Maoldúin Maolghallaidh Domhnall Maolduibh agus Maol Breasail
Ro ghabhsad secht ríogha do shíol Aonghusa mic Carthainn Fhinn ríghe Caisil .i. Díoma mac Rónáin agus a thrí meic, agus Cearnach mac Ainliodha, agus Robachán mac Mothla. Ro scuirsed iarsin flaitheas Dál gCais do Chaisiol, amhail adubhramair romhainn iar na naoi ríogha sin. Cheithre rí ceathrachad do shíol Eoghain ris an ré sin .i. ó Aonghus mac Nadfraoich go Mathghamhain mac Cinnéidigh. Ní bhíodh do ríghe ag Dál gCais fris an ré sin acht Tuadhmhumhain ó Shlighe Dála i nOsraighibh go Léim in Chon, agus fresdal cogaidh Lethe Cuinn forra, agus a ndiongabháil do rígh Chaisil.
FEIDHLIMIDH MAC CRIOMHTHAINN. Ro ghabh rí cródha cráibhtheach ceirtbhriathrach ríghe Mumhan iarsin .i. Feidhlimidh mac Criomh- thainn. Agus do bhí an rí sin ag gabháil giall agus eidireadh for tuathaibh Mumhan. Ro ráidhsed saor- thuatha Mumhan .i. na secht nEoghanacht, agus Hí Liatháin, agus Hí Chonaill Gabhra, agus Hí Chairbre nach tiobhradaois géill ná eidireadha dhó nó go ngabhadh géill ar dtúis do chloinn Luighdheach Mind mic Aonghusa Tírigh .i. Dál gCais. Adubhairt Feidhlimidh nach comhmór do dhligh géill chloinne Luighdheach agus a ngéillsiomh, air ní raibhe fearann cathaoire Caisil fa chlannaibh Luighdheach amhail do bhí futhaibhsean, acht feronn forgabhála cloidhimh fri ré cian. Adubhradar na hEoghanachta nárbhadh dúthcha do neach oile sochar Chaisil d'fhagháil 'ná do Dháil gCais; agus adubhradar fós go dtiobhraidís géill agus eidireadha dhó, agus a sluagh agus a sochraide maraon fris ar fedh a riachtanuis riú, acht géille do bhaint do Dháil gCais. Isedh imorro do-rónadh annsin sluagh Mumhan do
thiomsughadh la Feidhlimidh do ghabháil giall Dál gCais, agus rángadar na sluaighte sin go Líg na nEasann, agus ro gabhadh sosadh agus longphort aca ann; agus is ann do faídhedh pubaill Fheidhlimthe um an Líg budhéin. Is amhlaidh imorro do bhíodh Feidhlimidh do ghnáth agus easpog ar gach gualainn ris, agus deich sagairt umpa agus dias ar shechtmhoghaid do shaoithibh suarca soinemhla fria himfhregra aifrinn do ghnáth; gonadh iad sin fa lucht aontighe agus aonphroinne agus aonchomhairle dhósamh, fá chosmhailius an Athar neamhdha agá raibhe muinntir ina chosmhailius sin. Agus tángadar techta uatha go Dál gCais, agus do shiorsad géill agus eidiredha forra nó cath do fhresdal don rígh .i. d'Fheidhlimidh. Ó'd-chualadar Dál gCais in sgéal sin ro thionóladar agus tángadar go háit aonbhaile; agus fá hí a gcomhairle techt i n-aghaidh Fheidhlimthe go hAth na Bóraimhe, agus cath fechair fermahail do thabhairt d'Fheidhlimidh agus d'fheraibh Mumhan archena. Bádar sruithe suairce saoirbhéasacha do Dháil gCais agus ba leasg leó cath do thabhairt d'Fheidhlimidh agus ní ar uamhan chatha ná iorghoile, acht ar a cháidhe agus ar a chráibhthighe, agus bhádar ag agallamh na dtechta go féata foistineach; agus adubhradar friú nár dhligh Feidhlimidh inní do shior, agus gurbh anfhlaithes dó a iarraidh, dáigh ní thug athair ná senathair dá dtáinig rompa géill do rígh do ríoghaibh Éireann riamh, óir ba ferann forgabhála agus
cloidhimh bhaoi futhaibh; agus níorbha do chóigedh Mumhan é; agus níor dhligh neach ní dhíobh. Agus ní cúis uma ndlighfidhe ní dhíobh .i. cert comhdhúthchasa Caisil fria ré tríochad ríogh gan chóir ná chert ná sealuighechta do chomhall dóibh uime. Agus bhádar a ruidhleasa dílse, agus forgabhála Conaill Eachluaith friú amuigh, agus na ríoghphuirt do thiodhnaic Criomhthann mac Fiodhaigh do shíol Fhiachaidh Muillethain; agus in géin do bheidís sin 'na n-éagmais, agus nach aontóchaoi sealuighecht Chaisil do thabhairt dóibh nach tiubhraidís géill ná eidiredha ná sochruide dóibhsiomh. Adubhradar na teachta: "Freasdalaidh cath," ar siad, "muna dtugthaoi géill uaibh." Adubhradar sin: "Ní thiobhram," ar siad; "agus ní fhuil neach thiocfas inar dtír chugainn nach fuighe cath uainn." Do-rónadh, tráth, aifrionn d'Fheidhlimidh, ar dáigh imthechta i gcoinne Dál gCais do thabhairt chatha dhóibh. Baoí fear calma céadfadhach do Dháil gCais intansin .i. Lachtna mac Cuirc mic Anluain mic Mathghamhna, mic Cathail, mic Aodha Caoimh, mic Conaill Eachluaith mic Eochaidh Bhailldeirg mic Carthain Fhinn etc. Ba ferr tráth leis an bhfear sin síth agus caoinchomhrádh do dhéanamh re Feidhlimidh iná cath do thabhairt dó, agus ní bhfuair comhaontadh ná coimhchedughadh uime
sin, acht cách uile ina aghaidh. Agus do éirigh ina shesamh agus do ghabh deimheas do bhí isin phubaill ina láimh. Agus táinig amach agus éinghiolla lais amhail badh do ghléas eich do rachadh. Agus is ann bhaoí longphort Dhál gCais an tan sin do leathtaoibh na Craige Léithe idir an Chraig Léith agus an Bhórumha. Do- luidh Lachtna iarsin agus a ghiolla go Líg na nEasann go pubaill Fheidhlimthe. Is annsin do bás ag dénamh aifrinn d'Fheidhlimidh, agus do thaitnidh go mór ris an rímhílidh in ceol builidh bláithbhinn agus coigedal comhchubhaidh na gcléireach gcráibhtheach ag cantain na Canóine coim- dheadha ós an altóir uasail iodhain ag déanamh an aifrinn. Agus do fhiafraigh Feidhlimidh sgéala do Lachtna. Adubhairt Lachtna gurab do dhéanamh a riarthasamh táinig. Adubhairt Feidhlimidh go ngeabhadh sin uadha; dáigh ba hiad gialla fhir an ionbhaidh sin a eachlaisc tar ais; agus ba mó do réir dósamh a thecht féin oldás sin. Ishedh do-rónadh annsin, naiscis Feidhlimidh fair techt ina dhiaidh go a theach, gion go ndeachadh neach oile dia réir. Imthighis Lachtna iarsin. Agus adubhairt aon do na saoithibh bhaoí i gcomhair an liagáin: "In gcualabhair riamh an sgéal innises an liagán damh?" ar sé. "Cidh innises?" ar cách. Adubhairt siomh friu: "Fís ad-chonnairc Fionn mac Cumhaill ag an líg so," ar sé, ".i. fir fhionna uirthenna uichtliatha allata ro-gheinfidís is an dtulaigh sin .i. i gCraig
Léith, agus ro-thoirbridís Éire fri ré ilbhliadhan fo a mámas budhéin." Adubhairt Feidhlimidh: "Is deimhin gomadh fíor sin," ar sé, "dáigh atá i bhfíoghair agus i bhfáisdine dhóibh sin; agus is olc do léigsiom uainn an laoch úd do luidh uainn. Dóigh ní fheadamair nach uaidh gheinfios sin." Foídhid techta 'na dhiaidh, agus iompuighis an laochmhíle leó. Do bhí an giolla aga thoirmesg, agus níor ghabh Lachtna sin uadha. Tug Feidhilmidh iarsin a each agus a earradh féin dó, agus tug bennacht dó agus slánadh dá eidireacht, agus iompódh don tsluagh sin. Do-luidh Lachtna iarsin go Dál gCais agus innisis dóibh gach ní ad-chonnairc agus ad-chuala, agus adubhairt gur chóir dóibhsiomh réir Fheidhlimthe do dhénamh, agus a bhennacht do chosnamh go maith. Ro ráidhsead Dál gCais annsin: "Is maith linn," ar siad, "más ar chrábhadh nó ar fhírinne mhuinighes, agus nach a sochraide ná as neart oile iarras a réir." "Éirghiom uile agus dénam a réir," ar Lachtna. Críochnuighther an chomhairle sin leó, agus do-chuadar uile go pubaill Fheidhlimthe. Ó'd-chonnairc lucht an longphuirt sin ro ghabh egla iad agus do thriallsad a n-arma do ghabháil. Dóigh leó ba do thabhairt chatha dhóibh tángadar. Adubhairt Feidhlimidh nár bh'eadh acht rath Dé bhaoí 'na gcoimhidecht, agus gur bha do dhénamh a riarthasamh tángadar. Do-rónadh síoth chairdemhail chomhaontadhach leó annsin, agus bennachais Feidhlimidh iad.
Beiridsiomh Feidhlimidh leó dia dtighibh féin, agus beiris Lachtna leis é dia dhúnadh féin do dhénamh na hinide, agus do-ghníthior fledh dó fo inid i dtigh Lachtna. Imthighes Feidhlimidh iarsin, agus siridh Lachtna athchuinge air .i. a bheith fris an gcarghus for Dáil gCais, agus techt fón gcáisg dia thigh féin doridhisi. Aontuighes Feidhlimidh sin dó. Ro fresdaladh agus ro friotháiledh ann é go fleadhach fuiregach agus go huasal aoibhinn; agus ro dáiledh miodh mhenmnach mhesgtha agus bláithbheóir bhuainbhríoghmhar bhithmhilis forra ann, gur éirigh meidhir menman agus aigenta na gcléireach go nár bhreth gach briathar leó. Is annsin ro éirigh soltanus soimhenman ar in rífhlaith, ar Fheidhlimidh, agus bhaoí ag altughadh buidhe na pruinne agus ag bennachadh bunaidh Dhál gCais, agus ro ráidh na briathra so ann:
Lachtna mac Cuirc forbas go bráth, rob crann go bhfíon, rob díon do chách. Rob cleathchuir fhinn fhasas a coill céin go dtí riom ro-bé ós gach droing.
Isé tug dúin miodh blasda bláith go raibhe a chlann ós clannaibh cáich. Do ragar dó an Rí gan locht ith agus bliocht mil is mór dtorc. Rob di gach druing ní tibhle in tlacht rob all im ghail ro mhair 'na lacht. L.
Is annsin do fhregairsed na sruithe saora suairce sainemhla soimhenmna, agus bhádar fós ag bennachadh Lachtna .i. an flaith agus Flann mac Maoil Chonda, agus Maol Díthribh go Cuilinn na bhFlann. Faoidhis Feidhlimidh iarsin techta ar chenn Floinn mic Aircheallaigh. Dóigh isé sin fá huaisle don cheathrar ar fhichid ro mhair isin aimsir sin, agus isé fá comharba Ailbhe agus Mochuda agus Barra. Agus tig sidhe agus maithe cléirech Mumhan leis i gcoinne Fheidhlimthe agus Floinn mic Maoil Chonda agus Maoil Díthribh go Cuilinn na bhFlann, agus beiris Feidhlimidh buidhechas adhbhal for Dáil gCais, agus adhmolais go mór iad, agus bennachais go
díochra na Floinn agus sruithe Mumhan, agus isedh ro ráidh:
Bendacht Dé uaim for Dáil gCais for Dáil gCais tuaidh agus tes ár mbennacht ó Chuilinn chóir bennacht Dé mhóir for Dáil gCais. For a laochraidh laochda a ngus for a gcléirchibh gaotha ad-cheas for a mnáibh fionna ro-feas for a ngiollaibh re cur greas. Gein go rabhaid gan chná ar chrois gabhlán díobh do los gach lis nó gur lia ar a gcáin tar ais ná rabhaid Dál gCais i gcis. For a laochraidh luadh a long for a gcléirchibh go líon gceall for a gceathraibh finibh fiach dan dúthaidh Craig Liath na lenn. For gach córmhac ginach ngus nach iomráidhfe abhfus an feall for gach ngraig inghen go mbiadh gin bhias ó mhuinntir Táil thall.
For a scura, sgiamh gan locht, líonfas gach gort is gach gleann for a leargaibh go líon leas for a n-ardaibh ró mes mbend. B.e.n.d. Iarsin toibhghid na Floinn cáin do Dháil gCais .i. caora gacha trillsighe, agus sgreaball gacha cáithlighe, each dícheilt an ríogh agus aiscidh gacha flatha.
LORCÁN Ba mac don Lachtna sin an laoch lánbhuadhach Lorcán Locha Deirgdheirc agus fá hé sin an fear ba mó eineach agus engnamh agus oirbhert, comairce agus comhairle, gail agus gaisgedh agus gníomhradh do bhí don Adhamhchloinn. Ba mó gráin agus egla an fhir sin for feraibh Éireann uile go foirlethan 'nás a n-egla soin um Flann mac Maoil Seachluinn, rí Éireann. Is d'ionnsaighe in Lorcáin sin táinig Flann mac Maoil Seachlainn, rí Temhrach, cheithre catha comhmóra coimhnertmhara tré iomarbháidh Floinn mhic Lonáin, ardollamh Éireann. Ro ráidh Flann mac Maoil Sechlainn, agus é ag imirt fithchille i dTemhair nach raibhe i nÉirinn cóigeadhach nach imireadh a fhithchill idir an gcóigeadhach agus a mhuinntir. Adubhairt mac Lonáin gur thenn na briathra sin, agus gurbh aithne dhó féin cheithre tríocha céad i nÉirinn, agus gidh iad fir Éireann do bheith ina thimcheall nach imeórdaois cluiche fithchille dá n-aimhdheoin etorra. "Máiseadh cia hiad?" do ráidh Flann. "Tríocha céd Ó gCais," do ráidh mac Lonáin. "Biaidh a fhios sin agamsa," do ráidh an rí. Agus leis sin triallas féin agus cheithre catha comhmóra go lár Muighe hAdhair, agus ro gabhadh sosadh agus longphort aca ann. Tugadh a fhithcheall go Flann dá
himirt. Do shiacht an sgéal sin go Dál gCais agus do-chuadar for sluaghadh do gach aird, agus do shraoinsad in slógh i gcenn an chosta mar a raibhe Flann, agus tugadh urchar don fhior do bhí ag iomchur na fithchille gur marbhadh don urchar sin é. Adubhairt Flann nach coisgfedh ar a shon sin, agus tugadh ruaig doridhise dhóib go riacht an costadh, agus tugadh buille don fhithchill go ndernadh cheithre blogha dhí, agus ro sgaoiledh an fhuirenn go nách fríth a dtrian ó shoin anuas. Agus muna dtugdaois termonn do mhac Lonáin is i gcenn an ríogh do rachadh an buille tugadh don fhithchill. Teora lá agus teora oidhche dona cheithre cathaibh comhmóra mar sin, agus ní raibhe comhsanadh bídh ná leanna ná codalta for aonduine dhíobh fris an ré sin, agus ní feas cia do torchradh díobh nó cá líon do bí i gcosair cróilighe dhíobh. Agus níor leigeadh an connadh bhaí i ndorus an longphuirt do losgadh dóibh fris an ré sin. Agus níor leigeadh dóibh aonbhert tuighe do bhuain tar boith a longphuirt. Agus ní raibhe d'fhoghail ná d'easbaidh for an dtír acht aon mhacaomh buile gan arm gan iolfhaobhar acht goithne agus eachlasg frioth i n-edarbhaoghal idir dhiuraithibh tré ainbhfios. I gcionn teóra lá agus teóra oidhche iarsin
do-chuaidh Flann mac Maoil Sechloinn for comairce Floinn mhic Lonain ima léigion féin ina aonar as. Gonadh aire as-beart mac Lonáin an laoidh seo:
Lorcán so Locha Deirgdheirc ag nach faghbhaim iomaircheilg, gibé théid ní théid an fear ar iomghabháil a aoigheadh. Mac Maoil Seachloinn ceithre chath ráinig Magh nAdhair n-ármhach, go teach ríogh Muighe na mart go hainmhín ar aoighidhacht. Gonadh ann adubhairt Flann: "dom-roicheadh uaibh an fhithcheall; a mhic Lonáin atú abhfus, is do ro-bháigh do rochtus." Cuirimse mo dhalta iar soin go mac Lachtna is go' laochraidh i gcéadáir gur innis dáibh ár n-éagáir 's ár n-iomarbháigh. Tugsad marcshluagh inár ndáil ro chroith talamh a dtromgháir; ro chrithnuighsead neóill neimhe ré treise 's ré tairpthighe.
Ní raibhe fer 'na shuidhe ar Mhuigh Adhair fholtbhuidhe ní raibhe deachmhadh nár scur ní nach deachaidh ar fuansgar. Síoda for an each mbuidhe rug dá chéd each gach duine; dar linn do ba cruaidh an cor a rugsan uainn a aonar. Táinig inár dtimcheall theas, do rinne mór dár n-aimhleas; táinig inár dtimcheall thuaidh ron-fug ar crith re haonuair. Adubhairt Flann flaith na bhfledh a Temhraigh tech na ríghfher: "each buidhe Síoda tré bháidh cuindigh a Fhloinn mhic Lonáin." Adn-aghaimse amach iar soin d'agallaimh Shíoda shaorghlain adubhairt Síoda sluagh Fáil: "cidh do-luidh a mhic Lonáin?" Adubhartsa ris an bhfear re gríobh gasta na nGaoidheal: "do chuingidh in eich bhuidhe do-dheachas a dheghdhuine."
"Beir osadh fear laoidhe, a Fhloinn, in t-ech buidhe barráluinn tairios deghbhliadhain dom chois; do-ghén engnamh 'na hégmais." "Gabhthar do Shíoda an t-each dubh," do ráidh an sluagh ar fuansgur, "do bhéaradh Flann claochlódh de: do chionn eich dhuibh each buidhe." Buidhe uile a n-eich iar soin, gráin éaga for a n-armaibh; Síoda for an domhan de do chongaibh a chondailbhe. Trí lá 's trí hoidhche don tsluagh thiar ar Mhuigh Adhair fhionnfhuair, gan bhiadh gan chodladh gan chacht gan airisemh gan imthecht. "Coimirce dhúinn," ar Flann Fáil cuindigh, a Fhloinn mhic Lonáin ar Dháil gCais ar lucht Luimnigh, dáigh ní holc fá athchuingidh." Adn-aghaimsi trésan gcath go rochtas Dál gCais creachach, agus gabhaim duain iar soin don tsluagh is fearr for talmhain. Iar sin cuinghim mo chuinghidh ar Dháil gCais ar lucht Luimnigh, mac Maoil Shechloinn líon a dhámh do léigean uatha iomshlán.
Tugadh dúinn coimirce cheart agus eólas re himthecht, go rochtas tar Sionainn soir 's ó-thá Sionainn go Teamhraigh. Fédthar in ní do rádh dáibh: gairbhe ló in chatha go ngráin féta re faighdhe na fir agus garbh frisna gáibhthibh. Dál gCais aonoirecht is fearr i dtír Alban is Éireann, is aca tugadh gan fhail coimirce dá mbiodhbhadhaibh. Tugadh do Dháil gCais na gclann eineach is engnamh Éireann; gach maith idir mhaith is lár tugadh don fhlaith do Lorcán.
Iseadh, umorro, adeirid na senchaidhe go ndernadh leath éigse agus adhmholta Éireann don Lorcán sin rena linn féin ar mhéad a einigh agus a engnamha agus ar a fheabhus re filedhaibh agus re haos gacha dána archena. Isé an Lorcán lánchalma sin ba rí ar Dháil gCais intan táinig Cormac mac Cuilennáin, rí Caisil d'iarraidh giall ar Dháil gCais; agus ba hiad gialla Dál gCais a n-eachlasca tar a n-ais; agus isedh ro fhás dóibh de sin géill agus eidireadha cáich ina láimh leósamh dia gcoimhéd.
...a neidireadha agus angeille do bheith leó féin dá ccoiméad ...
Ro riaradh tráth Cormac ag Dáil gCais, agus do-chuadar Dál gCais
leis lucht secht bhfichead long go Loch Rí gur ghabhsad bráighde agus géill Mhidhe agus Chonnacht don turus sin; agus ro bhaoí fá Nodlaig i gCluain mac Nóis allanoir, agus fá Challainn Enáir i dtigh Dhomhnaill mic Cathail mic Aonghusa, agus is ann do rinne Cormac an rann so:
Rob snámh locha luchair rom-biath iar gcallainn chathaigh da linne cubhaidh comhlainn i dtigh Dhomhnaill mic Cathail.
Do riachtadar iomshlán iarsin go Lorcán mac Lachtna. Do-rónadh, umorro, fledh adhbhalmhór for tuirind techtaigh ag Lorcán a roinn Chormaic, agus baoí naoi n-oidhche aga tochaithemh gan uireasbaidh bídh na dighe na urghárduighthe aigne ná oirfide ná anntláis forra in fedh sin. Agus ro fhost Cormac maithe Dál gCais ag ól na fleidhe, agus ro shir cumhaidh forra; agus fa hí an chumha sin .i. duine gach tuaithe dhíobh do chur fri léighenn .i. dá mhacaomh dhég, óir is dá thuaith dhég atá i nDáil gCais. Ad-coda sin ó Dháil gCais. Boí, umorro, aonóglaoch do Dháil gCais agus ní ro aomh an ní sin .i. Connla mac Fiannachta d'uachtar Dhál gCais. Adubhairt sin in'aonar nach dtiobhradh a mhac uadha, agus nach tiobhradh neach eile dá dheóin. Dóigh leis ba cealg bhí ag Cormac,
agus ba i n-eidirecht nó i ngéillsine do-bhéaradh na meic lais; agus adubhairt nár chóir dhóibh-sin a meic do thabhairt 'na láimh ar a bhréagairecht. Ód-chuala Cormac an ní sin tug a bhriathar nár smuain ina mhenmuin in ní sin do cuiredh air, acht áilghes a sochair sin do bheith air. Do ghuidh an Coimdhe comhachtach go nach beith congbháil tuaithe nó eaglaise uadha sin go bráth. Adubhairt Cormac:
Áilim Coimdhe comhachtach itche ndíochra ndíoghalta ná raibh congbháil cluig nó sailm ag Connla mac Fíonachta.
Ro fíoradh an ní sin, dáigh ní fhuil aithbhed nó foraithbhed i dtalmhain uadha, acht Sceach Nechtain d'ainmniughadh uaidh. Ro riaradh Cormac iarsin ag Dáil gCais um gach ní dár iarr a bhéal, agus tug Lorcán mac a mheic féin lais, agus tugadh Flann mac Maoil Maedhóg d'Uíbh Conaill dó, agus macaomh gacha tuaithe iarsin. Ciodh trácht, ro fresdaladh agus ro fritheóladh Cormac go huasal aoibhinn onórach ag Lorcán, agus is i dtigh Lorcáin adubhairt Cormac an rann so:
I dtigh Lorcáin rom-leasa síol Lorcáin gura losa maith mo bheatha iar mbuadh go mbloidh ag ól a cornaibh osa.
Is annsin ro ráidh Lorcán fria mhacaibh gomadh iad féin do ghníoth feartuighecht do Chormac ar dhóigh bennachtan d'fhagháil. Is annsin ro ghabh Cosgarach mac Lorcáin do láimh fresdal na coinnle do dhénamh, dáigh isé fá só dhíobh; agus is de sin do rinne Cormac an rann:
Cosgrach mo choinnleóir glan glé i dtigh Lorcáin mhic Lachtna; síol Cosgraigh chaoimhghil ghéagaigh gur ba tuirc ós truimthrédaibh.
Do bhí Cormac naoi n-oidhche ag Lorcán, agus imthighid iarsin fá bhuadh agus fá bhennachtain. Gonadh ann is-beart na briathra so:
Mac Cuilennáin cosdadhach, rí Caisil na gcros, ag Lorcán go foisdenach naoi n-oidhche dó abhfos. Lorcán ua Luirc caraimse, ro-chara Dia dil; isé so a líon anaimse ochtmhogha ina thigh.
Beóir dhúinn re naoi saoroidhche ag Lorcán na long, miodh is fíon gach aonoidhche atá sin anond. Gach maith bhíos do dheghdhaoinibh ó ruire go hab, go dtugthar, a Dheghdhúilimh, do Lorcán 's dá mhac. M.
Do luidh Cormac iarsin go Caisiol, agus fógraidh for Eoghanacht in Cháisg do dhénamh dhó, agus do éaradar Eoghanacht uime sin é, agus léigid 'na throsgadh fá Cháisg é. Ó'dchualadar Dál gCais an sgéal sin do chuiredar a maithe agus trí chéd purtraidhchi méithe leó go riachtadar oidhche Chásga go Cormac i gCaisiol na ríogh. Fógrus Cormac do na hEoghanachtaibh crodh agus séda do thabhairt leo dia dtaibairt d'éigsibh agus d'echtrannchaibh ó ná tugsad biadh dhóibh, ná lón do chur chuige. Isedh imorro tugsad Eoghanachta leó i dtech Cormaic arna mháirech, an ní is mesa bhí aca d'armaibh agus d'édach, ar dáigh gomadh eadh no-thiodhnaicfeadh Cormac dona deóradhaibh. Ó'd-chonnarcadar Dál gCais sin, anas-deach do chloidhmhibh agus d'armaibh, d'eachaibh agus d'édaighibh bhí aca tugadar do Chormac, dá dtiodhnacadh, iad. Bennachas
Cormac go dil agus go díochra deghthairise Dál gCais, agus as-bert na rainn seo:
Go dtugthar dóibh ár ndúthracht do chlannaibh Táil na dtréincheart ríghe caín go bráth buainchert ordain laochdhacht cruth cléircheacht. Ad-riaruigh dhamhsa na fir ad-fiamhaidh re conn gan chol ní ros-gabh flaith Gaoidheal ngarg ní theichid ré dtadhg na dtor.
Do luidh in Lorcán sin fecht n-aon d'agallaimh Chormaic i gCaisiol, go ndeisedar ar dtúis i Ráth na n-urlann for faithche Chaisil. Dóigh fá hí faithche Chaisil in tan sin ó Shamhaoir go Gabhrán, agus ó Oilén Éile go hOiléan Uí Bhric. Ro hinnisedh do Chormac Lorcán do thoighecht for an bhfaithche. Faoidhes Cormac techta for a chenn, dáigh bhaoí fledh ollamh ionchaithmhe iona choinne aige. "Cia líon thiocfas leis?" ar na techta. "Deichneabhar" ar Cormac. Innisid na techta sin do Lorcán. "Ní-thó," ar Lorcán. Do luidhsed na techta go Cormac agus nochtaid an ní sin dó. "Cad as" ar Cormac "Ní fhedar," ar in giolla, "acht muna beg lais;"
"Taoda triochdho," ar Cormac. Tairgther tráth do Lorcán in ní sin, agus teibidh Lorcán an ní sin. Innisidh an giolla sin do Chormac. "Ro fedarsa," ar Cormac, "an ní 'ma dtá. Ag iarraidh a dhúthchasa féin i dtigh Chaisil atá." "Cia dúthchas dhlighes?" ol cách. "Atá" ol Cormac, "leth an tighe ón dorus go roile. Is dleacht a thabhairt dó." "Is dleacht chena," ol cách. "Imthighidh," ol Cormac, "agus fearaidh fáilte fris, agus rachaidh cuid a athar agus a sheanathar don tigh so dhó, .i. in leth bathuaidh don tigh; dóigh isiad Dáil gCais diongbhas cogadh Leithe Cuinn do rígh Chaisil. Innisid na techta sin do Lorcán. "Rachmaoid leis sin," ar Lorcán, "agus ro-budh mhaith linn chena bheith sunn ag foraire go maidin dósamh. Dóigh ro mharbhsad Eoghanacht a ríogha féin go minic agus ní éimeochum ár ndúthchas bunaidh an tan do-gheabham é; agus ní rachamaois ann muna bhfaghmaois é." Do-chuaidh Lorcán iarsin idir ghiolla agus óglaoch isan tech, agus fearaidh Cormac fáilte roimhe. Bhádar ann imaille an oidhce sin; agus is annsin do chan Cormac do dhlighedh Dáil gCais .i. a ruidhles díles an tan nach biadh ríghe Caisil aca:
Ruidhleas Dál gCais cédaibh armach dá thuaith dég Tuadhmhumhan tuaidh, intan nach leó Caisiol cubhaidh ní mhaithid do Mhumhain mhuaidh.
Corca Baiscinn Corca Modhruadh comhall Ard nGabhla go ngráin Uí Chormaic Tradraighe tréinghlic Uí Aimrid tuath Luimnigh láin. Uaithne, Ara tíre cogaidh Muscraighe is Éile don tsléibh, dá thuaith an Fhochla go n-ollbhladh ag foghnamh ríogh Deirgdheirc dhéin. Ruidhleas do Dháil gCais na gcuradh i dtigh ríogh Caisil na gcliar in leath thuaidh don tigh gan díchleith dlighid do gach ríghthigh riamh. Tosach ag dul i dtír námhad is deiredh leó ag techt tar ais le méd a n-áigh fria gach ndoilgheas is ní do ruidhleas Dáil gCais.
Isé an Lorcán so fá rí ar Dhál gCais intan táinig Tadhg mac Cathail Uí Chonchubhair for creich cobhlaigh go Muigh dToirdhealbhaigh gur loisgeadh leis lios Lorcáin fil ós Bóroimhe. Gidheadh ní raibhe Lorcán ann an tan sin, air is i nUíbh Cearnaigh ro bhí, agus ní tarraidh forra go rabhadar ina longaibh, go rug annsin ar each, agus bhaoí ag iomagallamh riu. Bhí Tadhg ag iarraidh bráighde ar Lorcán, nó 'gá rádha ris Tuadhmhumhain d'fhágbháil dó. Adubhairt Lorcán nach diongnadh cechtar díobh.
"Muna ndearna," ar Tadhg, "loisgfead féin do mhuighese go meinic." Adubhairt Lorcán nac mionca do loisgfeadh a mhuighesiomh inás do loisgfedh féin ní budh fearr ná iad ar a son. Agus adubhairt Lorcán dar a bhréithir nach coideóladh na secht lesa is ferr bhaoí i gConnachtaibh. Adubhairt Tadhg: "Loisgfeadsa do thír indiu gibé díol do-bhéar innte. Ro scarsad iarsin fó dheabhaidh. Do riachtadar Dál gCais go Lorcán. Dóigh an tan tigedh an cobhlach Connachtach seach Fairchill anuas, is annsin dohadhantaoi in teine chomhartha i gCnocán na Foraire ag Rinn Arda; agus do hadhantaoi iarsin i Sliabh Muinchinn, agus as sin i gCnoc an Phrécháin, agus as sin i gCnoc an Dubháin, agus do thigedh an fer ó Árd nGabhla go hard Chinn Choradh fón dteine sin. Agus gidh thuas thigdís Connachtaigh do hadhantaoi na teinte iar n-urd anuas. No-bhídís na forairedha ingach dú ón bhforchoimhéd go aroile go gcomhroichedh in fer ó Dheirgdherc go hArd nGabhla fri haonuair go háit na hiorghoile. Ciodh trácht, ar dtorachtain Dáil gCais go haon ionad, ro innis Lorcán dóibh fuighle Thaidhg mhic Cathail, agus a bheith fris ag iarraidh giall air. Ro fearguigheadh Dál gCais um an sgéal sin. Ad-recht méd menman agus aigenta ingach duine dhíobh go nach raibhe giollanradh ris nach raibhe menma urraidh nó trénmhíledh da gach cinéal eile san domhan