Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Leabhar Muimhneach

Title
An Leabhar Muimhneach
Author(s)
Tuibear, Riosdard,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1716
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1940)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



AN LEABHAR MUIMHNEACH.



Go deimhin ní raibhe cúram ar m'aigneadh badh
mó an leabhar so do sgríobhadh (le cian d'aimsior)
ar lorg Domhnaill amhra ui Dhuinnín, agus Taidhg
mhic Dáire, do bhríogh go measuim a bheith baran-
tamhail fóirleathan tar éis na deise sin. Agus fós
measuim go bhfuil ceart canamhnacha agus pró-
nunsíasion ann, ní hionann agus mar mhesas baoidh-
guiredh nemhmbarántamhuil do dhaoithibh dúra
tercmhúinte beagléighinn a bheith, ag nach bhfuil
aithne a litreach ar a ccaoi chóir aca, do réir na Gaoid-
healga; agus má thegmuid puinn focal orra nach
ttuigid ní bhíd acht ag diomoladh an ughdair. Is
dearbh go rabhadur senchadha ann diaigh a ndiaigh ó
aimser na dílionn go tighecht ar Naomhphádruig a
nÉirinn, agus gur chuir NaomhPhádruic an tan sin na
hughdair is barantamhla do bhí a nÉirinn do choiméd
agus do ghlanadh an tseanchais; do sgríobhadh leis
na hughdaribhsin senchais Eirinn a bhfiaghnuise
uaisle agus naomh Eirionn a bpriomhleabhraibh do
hainmnighthíor óna naomhaibh féin agus óna gceallaibh.
Go fírinnech asé easbaidh na n-ughdar san (no a leith-
eide) do bheith ar an nasión fa ndeara dhamhsa lámh
do chur san obairsi iona na leithéid eile. Do chonnar-
camair ag ughdaraibh gurab é ordughadh do chuiridis
'na ngeinealaigh an té as túsga thainic amach as a
ttígh tosach do thabhairt dó san ngeinealach; gidheadh
ní hamhla sin do bhí sé ag Domhnall Ó Duinnín, do
bhí ar leirg seanchadh, acht an tí is óige is dó thugamair
tosach an gheinealaigh ar a aithris, óir isé is goire
d'oidhrecht an tigh, agus an tí is goire don oighrecht
asé as mó gairm dochum bheith a ttosach an gheineal-
laigh, agus ní curtha don léaghthóir a suim an tí so,
nó an tí oile do bheith roimhe san ngeinealach.


L. xxviii


Ma castar ort, a léighthóir ionmhuin, san leabhar so
locht céille na curtha síos gabh féin mo leithsgéal, agus
ná tabhair daorbhreith orm, óir ní bhí saoi gan locht,
agus dá bhríogh sin ní nár damhsa gach locht dá
bhfuil ann, agus gur míle lugha mé 'ná sin. Is maith
a fhios agam, a léighthóir gurab rofhada let atá-maoid
dod chongmháil ar an réim chomhrádhso. Matá go
bhfuil mórán agamsa re a rádh, acht is leor so; do
shechaeanadh ríghnios do chur ort, agus atá ag gabháil
a cheada let, an tí darab mian bheith ad sheirbhís mas
sí do thoil gan labhairt go trom ar do dhearbhcharad
ionmhuin.


L. xxxii


B 1762 18L
U 0295
...iar na tharraing as an seanleabhar Muimhneach atá anois i seilbh
Dhomhnaill Í Shúilleabháin i nGleann Ó Ruachtan....


L. xxxiii


B 1702 18T
U 0284
...Ag sin críoch ar an leabhar Muimhneach, arna sgríobhadh le
hUilliam Mac Cairteáin, dia luain an 30 lá don Mhárta san
mbliadhain d'Aois Chríost 1702..


L. xxxiv


B 1709 18T
U 0201
...An ainm na Trínnóide rónaomhtha is ár naoimhéarlaimh Muire
tionnsgnaim an seanchusso ar fhuráiliomh an Athar Risteird Uí
Airneada. An Leabhar Muimhneach annso....



...Ag sin críoch ar an Leabhar Muimhneach arna sgríobhadh le hArt
Ó Caoimh don Athair Risteard Ó Airtniada, an 28 lá do mhíosa na
Bealltaine 1709....




L. xxxv


B 1703 18T
U 0114



...Agsin críoch ar Fhorus Feasa ar Éirinn, arna sgríobhadh le
hEoghan ua Caoimh do Hannraoi Mac Códa a cCorcaigh ar furáiliomh
Eoin Baiste mic Sleighne, Easbog (do bhí) Chorcaighe Chluana
agus Rois, anno Domini 1703, September 23. Sirim guidhe an
léaghthóra, agus mo leithsgéal féin do ghabháil tré gach dearmad dá
bhfuil san leabhar so, do bhrígh gurab easbaidh eolais, agus
díthchur na prealaide shuas as cionntach riu.


L. 1


B 1716-17ls 18T
U 0201
SÉ AOISE AN DOMHAIN.



Sex sunt AEtates Mundi, eadhón, ó Ádhamh go Dílinn
an chéadaois; ó Dhílinn go hAbraham an aois tánaiste;
ó Abraham go Daibhidh in tres aois; ó Dhaibhidh go
Broid an ceathramhadh haois; ó Bhroid go gein Chríost
an cúigeadh haois; agus ó ghein Chríost go Bráth an
seiseadh aois.



Is fisidh tráth cia líon bliadhan atá ingach aois
díobh, ginmothá in aois déidhenach, air ní fhuil
críoch áirithe fuirri no nuimhir illeith re daoinibh, cé
do bheith illeith re Dia.



An chéadaois don domhan, eadhón ó Ádhamh go
dílionn, isé líon bliadhan fil innti .i. sé bliadhna
déag agus dá fhichitt agus sé chéad ar mhíle.
An dara haois, isé líon bliadhan fil innte .i. fiche
bliadhan ar naoi gcéadaibh, go himtheacht Abratham
as Caldeam.



B 1729ls 18T
... Agso nar ndiaigh do gach craobsgaoileadh agus do gach eolus ar
chloinn Adaimh go Noe ...



B 1716-17ls 18T
An treas aois don domhan .i. ó imtheacht Abraham
go himtheacht cloinne hIsrahél a hÉigipt .i. deich


L. 2


mbliadhna fichiod agus cheithre céad, agus ó
imthecht chloinne Israéil a hÉigipt go céaddéanamh
teampuill tSolaimh, ceithre chéad ar cheithre fichid
bliadhain.



An ceathramhadh Aois don domhan .i. ó chéad-
déanamh teampuill tSolaimh go broid na Babilóine
.i. cheithre chéad agus naoi mbliadhna déag go leith;
agus ó bhroid na Babilóine go déanamh arís teampuill
tSolaimh, céad agus trí bliadhna agus da fhichead;
agus ó thógbháil teampuill Sholaimh go gein Chríost,
da bhliadhain déag agus trí fichid agus cheithre chéad,
agus isé so suim bliadhan na haoise so re a gcomhairemh
.i. ó Bhroid go gein Chríost cúig bliadhna déag agus sé
chéad; agus isé suim na gceithre n-aos sin uile .i.
ocht mbliadhna agus dá fhichead, trí chéad agus trí
mhíle. Agus isé so athchumairecht áirimh na gcúig
n-aos .i. ó chruthughadh Ádhaimh go techt Chríost i
gcolainn daonna .i. trí bliadhna agus trí fichid
agus naoi gcéad agus trí mhíle. Agus isé suim
bliadhan atá ó thús domhuin go teacht do chlannuibh
Míleadh i nÉirinn .i. naoi mbliadhna agus trí fiched
agus dá chéad agus míle do réir chroiniceadh agus
leabhar eoluis na nAlbanach. Agus isé suim bliadhan
roimh Chríost do theacht i gcoluinn tángadar Clanna
Míleadh i nÉirinn .i. trí bliadhna déag agus cheithre
fichid agus sé chéad bliadhan, agus bliadhain teasda
do thrí fichid bliadhan sin i ndiaidh na Rómha do
dhéanamh re Rémus agus lé Romulus ó n-ainmnighther
an Róimh; agus trí chéad agus dá bhliadhain
agus dá fhichid i ndiaidh chéad-tógbhála teampoill
tSolaimh; cúig bliadhna déag agus cheithre chéad


L. 3


i ndiaidh ríogh Sagson ba chédrí do theacht innte .i.
Brutus; agus cheithre chéad agus aon bhliadhain agus
cheithre fichid i ndiaidh scriosta na Trae; agus
míle agus cheithre chéad agus aonbhliadhain agus trí
fichid i ndiaidh chéad-ríogh na hIodáile .i. Comírus
do thecht, agus míle agus sé chéad agus trí bliadhna déag
i ndiaidh na Díleann do thecht tar an ndomhan.
(Do réir gach aoise dhíobh so, is cheithre chéad agus
seacht mbliadhna, agus cheithre fichid bliadhan
roimhe Chríost do theacht i gcoluinn tángadar Clanna
Míleadh go hÉirinn. Agus do réir áirimh eile trí
bliadhna déag cheithre fichid agus sé chéad roimhe
ghein Chríost tángadar go hÉirinn; gidheadh isé
céadfadh na n-ughdar as sine agus as mó le heolus gur
cheithre chéad déag bliadhan roimhe Chríost
do thángadar Clanna Míleadh go hÉirinn.)



Agus isí so suim bliadhna atá idir Chlannaibh
Míleadh do thecht i nÉirinn agus páirt dá sliocht do
dhul i nAlbain, ar a bhfuilid uaisle Gaoidhiol Alban ar
a sliocht ó sin alle .i. céad agus trí bliadhna déag .
Agus aithrisid croinicedha Sagsan ní nach faghthar
againne inar sgríbhnibh: gurabé Gurgundus mac
Beilin rí Sagsan dona Briotaineachaibh, tug Éire do
chlannaibh Míledh, arna dteangmháil dó ar an bhfairge
ag techt ón Easbáin dóibh agus an rí ag techt ó
chríochaibh Lochlonn ar gcur Lochlonnach fá chíos dó;
cúig bliadhna déag agus trí fichid agus trí chéad
sin roimh Críost do thecht i gcoluinn.



Ocht mbliadhna dég agus trí chéad roimh Chríost


L. 4


do theacht i gcoluinn tángadar Clanna Míledh do réir
Seanchuis Éirionn agus Alban. Agus atá an
comhairemh aimsire féin agus gabháltus Lochlonnach
dá fhoillsiughadh nach é rí Sagsan tug Éire do
Chlannaibh Míledh; agus ní mesda do Shagsonachaibh
sin, óir atá an tslighe réidh aca, acht go gcoisgid féin
méirligh agus bithbhenaigh agus lucht déanamh uilc
agus éagcóra.



Seacht gcéad agus sé mhíle agus cúig bliadhna
agus trí fichid aois an domhain an tan do bo aois don
Tigherna dá bhliadhain agus cheithre fichid, cúig
céad agus míle, do réir Eusebius.



An cúigeadh aois don domhan isé so an uimhir
bliadhan fuil innte .i. chúig céad, ochtmhogha, agus naoi
mbliadhna isan aoissi uile, ó fhorba na daíre Babilóndai
go gein Chríost lá tinscetail na haoise seo.



An seiseadh aois .i. ó ghein Chríost gus andiu isé
líon bliadhan táinig dí .i. míle secht gcéad agus seacht
déag, agus ní fhuil nuimhir áirithe fuirri illeith
ria daoinibh.



Is labhartha dhúinn budheasta dona gníomharthaibh
isna haoisibh sin in neach ro féatar go
comair do chríochnughadh díobh do neoch is mó
agus is oireghdha dhíobh agus d'ardtaoiseachaibh
gacha haoise dona haoisibh sin, agus do shaoghlaibh
na dtaoiseach sin, agus do chraoibh choibhneasa
chloinne Noe, agus d'eidirdhealbhadh gacha cinidh


L. 5


ria chéile, agus do chéadghabháil gacha mórthuaithe do
mhórthuathaibh in bheatha; agus d'eidirdhealbhadh
gacha béarla ré chéile, uair is aonbhéarla do bhí ag
Síol Adhaimh ó chruthughadh Adhaimh go críochnughadh
an tuir Neamhruaidh .i. Gairtighern ainm an Bhéarla sin.



Is fisidh cia atáid sé haosa (ann) nach fuilid
acht dá aimser.i. Feadarlaic agus Nuafhiadhnuise.
Is ionann sin ré a rádha an seanrecht agus an reacht
nuadh; feadarlaic .i. reacht Maoise go gein Chríost,
agus nuafhiadhnaisi ó ghein Chríost go bráth.



Adeirid aroile gomadh trí haimsiora do bhiadh ann
.i. aimsior roimh ghrásaibh ó thús in domhuin go reacht
Mhaoise, agus aimsior is na grásaibh .i. ó aimsir Mhaoise
go gein Chríost; aimsior i ndiaidh ghrás an treas aimsior,
ó ghein Chríost go bráth.


L. 6



CRUTHUGHADH ADHAIMH AGUS ÉBHA.



Is cóir dhúinn labhairt ar ordughadh Dé i dtúis
domhain anois.



Adhubhairt Dia ar dtúis: Dealaigheadh lá agus
oidhche ré chéile; agus bíodh ina chomhartha ara
dtiubharthar aithne, aroile d'aimseraibh agus momen-
tibh agus uairibh agus laithibh agus bliadhnaibh; agus
soillsighiodh siad an fhirmament neamhdha agus in
talamh; agus do rinneadh mar sin é. Agus do rinneadh
dó mar chomhartha soillse ann comhartha
is mó agus comhartha is lugha, an comhartha is mó do
shoillsiughadh don oidhche .i. éasga, agus an comhartha
is lugha do shoillsiughadh don lá .i. an ghrian, go ndeagh-
ladaois lá agus oidhche rena chéile. Agus na réilteanna
fós do shuidhigh Sé san bhfirmimint do thaitneamh
agus do shoillsiughadh an talmhan isan oidhche. Do
bhí gach ní amhlaidh sin, agus do chonnairc Dia gur
chóir sin.



Isan chúigeadh laithe adubhairt Dia: iomdhaigheadh na
huile beathadhach uiscidhe agus neamh uiscidhe agus neamhuiscidhe,
agus na huile eiteachdha ar uachtar talmhan
san bhfirmament nemhdha. Agus do chonnairc Dia gur
mhaith sin, agus do bheannuigh an uile bheathadhach
uiscidhe agus neamhuiscidhe dá dtaghaill an talamh,
agus adubhairt riú fás agus líonadh na muire agus
na talmhan dó.



In seiseadh lá imorro adubhairt Dia: líonadh agus


L. 7


iomdhaighiodh in talamh coitchionn do bheathadh-
achaibh ceithearchosacha, agus grádhadh gach
bethadhach a chomhchosmhuileas féin; agus do bhí
mar sin. Do chonnairc Dia gur chóir sin.



"Déanam duine fár n-iomháighin féin agus fár
n-iomchosmhuilius féin, agus tighernaighedh ar iasgaibh
an mhara, agus ar éanaibh agus ar eitighibh aieóir
agus ar uile bhethadhachuibh ceatharchosacha na
talmhan; agus an uile chréatúir fa nimh anuas dá
nglúaisionn ar talamh bídh a egla orra uile."



Do dhealbhuigh Dia duine fána iomháigh agus fána
dheilbh féin.i. fer agus bean, agus do bheannuigh iad,
agus adubhairt: "Fásaidh agus iomdhaighidh ar
an talamh agus eirgidh faoi, agus tighernuighidh éisg
in mhara agus éin an aieóir, agus na huile anmhonna
dá bhfuil for talmhain." Agus adubhairt: "Tugas
díbh na huile luibhe agus crainn dá bhfuil toradh,
agus na huile shíola d'iomarcadh a leithéide féin, agus
na huile chrainn toraidh do fhás dá dtoradh féin,
comba biadh agus beatha dhíbh iad, agus na huile
anmonna idir eitech agus ceatharchosda da bhur
mbiathadh agus da bhur mbeathughadh." Agus do rinneadh
mar sin é. Ro fóirlíonadh mar sin cruthughadh
nimhe agus talmhan agus gach a bhfuil inntibh isin
seiseadh lá, agus ro chomhnuigh iaramh ó gach
uile oibriughadh isin sechtmhadh lá.



Labhram annso fesda do chruthughadh an duine, ó
labhramar chruthughadh an domhain guna thorthaibh
gonuige so. Is amhlaidh ro dhealbhuigh Adhamh


L. 8


do réir na gcineadhach .i. don talamh choitchionn.
Tugadh a chenn cédus a tír Malón; tugadh a bhruinne
agus a fhordronn a Baibilóin. Tugadh adhbhar a
chos agus a lámh a Labhán; a shliasta a tír Golgota.
Trí thráth ro bhí gan anmain iarna chruthughadh don
talmhain .i. ar dháigh Chríost iarna chéasadh do bheith
trí thráth gan anmuin. Don uisge tugadh lúth ann.
Do theine tugadh teas ann. Don aieór tugadh anál ann.
Ó Dhia tugadh anam ann. I meadhón oidhche
tairnig a chruthughadh. I moch-thráith i dtús laí
tugadh Éva as a thaoibh chlé .i. asna ro beanadh as
is dé do rónadh Éva. Cédimthecht do rinne Adhamh
go tobar Pharrthais ag faicsin na hénlaithe, is ann do rinne
a chéadrith. Ag faigsin Ébha is ann do rinne a
chéadgháire. Ag faicsin na gréine tar mullach sléibhe
Parrthais is ann ro altuigh ar dtúis re Dia, agus
aseadh adubhairt: "Adhraim thú a Dhia."



Cóig lá dhéag dóibh maraon intan táinig Iferniger
.i. deamhan i ndeilbh nathrach go corpaerdha séimh
go ro fhuráil an t-iomarbhus for Éva .i. tomhuilt an
ubhaill do chrann na haithne; agus gur fhuráil Éva
for Adhamh go nduadar an t-ubhall. Gonadh tré
dhíoghaltus mhionaighthe rechta an Choimdhe i
bparrthas do benadh ar an ngréin go nach fuil acht
an sechtmhadh rann dia soillse innte; agus tugadh fós
craobh dhorcha tar forghnúis éasga; agus an sechtmhadh
rann nirt agus áillechta agus gliocais agus gaile
an duine. Gach teidhm fil ina dheghaidh is tríd sin
tugadh. Agus do baineadh an sechtmhadh rann


L. 9


toraidh a talmhain agus a muiribh agus a crannaibh.
Agus isé fáth ina bhfuil lámh chlé seoch lámh dheas,
air isí an lámh chlé do síneadh dochum an ubhaill.



Isé imorro fáth imar fhuráil Lucifer an
t-imarbhus forra.i. do rad Dia airchinnecht
nimhe do Lucifer ar dtús go naoi ngrádhaibh aingeal
uime. Ro iomarbháighesdur Lucifer for nimh ar
uaill agus díomus fria Dia go ro hionnarbadh
do nimh é go dtrian sluagh aingeal lais i
n-ifrionn, go bhfuilid 'na ndeamhnaibh i n-ifrionn i
gciontaibh an díomuis sin. Gonadh í sin an chédbhreath
a rugadh riamh.



Iar gcruthughadh Adhaimh agus Ébha do-bheart Dia
airchinnecht talmhan dóibh gona gcloinn. Ro
fhormaduigh tra Lucifer fria hAdhamh, air ba
dearbh lais isé do-bheartha do líonadh nimhe dá
éis; gonadh aire sin ro chuir Lucifer Iferniger dá
fhuráil for Éva im thomhailt an ubhaill. Do luidh
Spiorad Dé chugtha go ndubhairt fria Adhamh
De terra es et in terram ibis .i. De thalamh ataoi agus do
thalamh rachthaoi. Agus isbeart doridhise: In
sudore vultus tui comedes panem tuum .i. bidh a hallus
do ghnúise toimhéala do bheatha. Adubhairt fri
hÉbha: Cum dolore et gemitu pares filios tuos et filias tuas
.i. bidh go gcneid agus galar bhérair do mheic agus
t'inghena.


L. 10



CRUTHUGHADH NEIMHE AGUS TALMHAN.



In principio creavit Deus Coelum et Terram .i.Do-righne
Dia neamh agus talamh ar dtúis .i. do-righne
cédamus in mais n-éagcrothach agus soillse aingeal isin
chéaddomhnach. Do rinne firmameint isan luan. Do rinne
talamh agus muir isan mháirt. Do rinne grian
agus éasga agus reanna nimhe isan chéadaoin. Do rinne
éanlaith an aieóir agus tonntacha na fairrge diardaoin.
Do rinne anmhonna an talmhan olcheana agus Adhamh
d'fhollamhnacht foruibh isin aoine. Ro chumhsan
iaramh isin tsatharn ó oibriughadh a dhúl nua agus
do rad beannacht foraibh, agus ní hó fhollamhnacht
idir. Is amhlaidh do rinne Dia na dúile: aroile go
dtosach agus cin chríoch amhuil aingle; aroile
umorro go dtosach agus go gcríoch amhail anmhanna
indlightheacha agus tairthe an talmhan; aroile
umorro go dtosach agus go bhfoircheann agus cin
fhoircheann amhail atáid na daoine .i. tosach for a
ngeineamhuin corpordha agus foircheann for na
corpaibh sin agus cin fhoirchenn for a n-anamaibh. Is
amhlaidh dana do rónadh an duine .i. Adhamh: a
chorp do thalamh choitchenn, a chenn do thír Garadh,
a bhruinne do thír Arabia, a bhrú a Lodáin, a chosa a tír
Agoria; a fhuil agus a allus d'uisge an aieoir, a anál


L. 11


don aieór, a theas do theinidh, a anam do thinfidh
Dé. Isan treas uair iar gcruthughadh Adhaimh ro
teibedh Éva as a thaoibh. I n-aois triochtai ro
cruthadh Adhamh. I n-aois a dhá bliadhan déag ro
cruthadh Éva.



Do rinne Dia naoi n-oird aingeal, agus do rad
fhollamhnacht do Lucifer forra ria sin. Agus do
chruthuigh Adhamh agus ainmhinnte na talmhan,
agus do rad follamhnacht d'Adhamh orra, agus is
i gcosmhuilecht a dheilbhe féin do rinne Adhamh.



Abram cidh dia ndernadh Adhamh. Adéaram
cédamus gurab d'ocht rannaibh .i. an chéadrann
díobh don talamh; an dara rann don mhuir; an treas
rann don ghréin; an ceathramhadh rann do na
néallaibh; an cúigeadh rann don ghaoith; an seiseadh
rann do chlochaibh; an seachtmhadh rann do shoillsi an
domhain; an t-ochtmhadh rann don Spiorad Naomh.
Is amhlaidh atáid sin isan chorp: a cholann don
talamh; a leannta don mhuir; a ghné agus a dhath don
ghréin; a smuainte do néallaibh; a chnámha do
chlochaibh; a shochroidhecht agus a dhaonnacht do
shoillsi an domhain; an t-ochtmhadh rann don Spiorad
Naomh .i. a anam. Madh í an talamh bhus treise
ann budh leasg; madh í an mhuir budh egnuidhe;
mad í an ghrian budh athlamh beódha; madh iad na
neóil budh éadtrom drúith; madh í an ghaoth budh
fergach láidir; madh iad na clocha budh cruaidh
dothraochta, agus budh éitigh sanntach; madh é an
Spiorad Naomh budh beódha daonnachtach lán do


L. 12


rath Dé agus an sgriptiúra diadha gach laithe; madh
í an tsoillse budh deighdhealbhach sochroidh
soghrádhach.



Tug Dia oirchinnecht nimhe do Lucifer go naoi
ngrádhaibh aingeal uime. Tug oirchinnecht na
talmhan do Adhamh agus do Ébha gona gcloinn
Adubhairt Dia fri Lucifer:



"Tabhair onóir agus oirmhidin dom chomhdheilbhse
.i. do Adhamh."



"Ní thiubhar," ar Lucifer, "oir isam sinesi, agus
am uaisle, agus ní thibhéram fán sóisior."
Adubhairt an Coimdhe frision:



"Ní bhfuighbhise airmhidin uaimse ó nach déna réir
Adhaimh."



Adubhairt Lucifer fri díomus agus tré dhoicheall:
"Budh rí mise féin," ar sé, "ar iomad aingeal,
agus foighénaid damh, agus ní bhia rí oile uaimse."
Conadh amhlaidh sin ro iomarbhusaighestair Lucifer
for uaill agus díomus do dhéanamh fria Dia, go ro hionn-
arbadh i gcionaidh an díomusa do dhénamh, agus
go ro trasgradh hé go dtrian sluagh aingeal leis i
n-ifreann. Adbheraid na sgríbhenna gurab leathuair
agus trí huaire déag ó chruthughadh an domhuin go
hiomarbhus in aingil, agus gurab leathuair tar
mheodhon laoi do Adhamh i bparrthas roimh
iomarbhus an aingil.


L. 13



IOMARMHAS ADHAIMH



Do rinne Dia sosadh suthain ar dtúis don duine .i.
Parrthas gona thorthaibh agus gona ilcheóltaibh. Isan
tres uair iar gcruthughadh Adhaimh ro teibeadh Éabha
as a thaoibh chlé. I n-aois triochad bliadhan do cruthuigheadh
Adhamh, agus i n-aois dá bhliadhain déag ro
cruthuigheadh Éabha. Iarna gcruthughadh is ann
adubhairt Dia riu:



"Caithidh tortha Pharrthais genmothá énchrann
namá, go bhfeastaí bheith fám smachtsa agus fám
dheachmhadh gan tsníomh gan tsaothar gan ghalar,
agus dul ar neamh iar n-aimsioraibh i n-aois
triochta."



Ro ghabh formad Lucifer re hAdhamh iar sin, óir
fa dearbh leis gomadh é Adhamh gona chloinn
do rachadh ina ionad féin ar neamh. Na huile anmhonn
ro theacht beatha agus cré tug an Coimdhe a n-umhla
d'Adhamh, oir isé no-fhollamhnadaois. Intan imorro
thigdis sluaigh na secht neamh fon airdrí, tigdis
anmhanna in bheatha chum Adhaimh dá onórughadh
agus dá airmhidniughadh; agus do thigeadh gach
neach díobh dia adhbha féin iar mbeannachadh
d'Adhamh.



Do bhí an Diabhal dá fhéachain cionnus do mheallfadh


L. 14


sé Adhamh, agus isí comhairle fuair Lucifer dul
i measg na n-anmhann naomh fri Parrthas amuigh.
Gonadh ann fuair an nathair neimhe go corpáluinn
séimh. Agus adubhairt Lucifer fria:



"Níor chóir do bheithse amuigh; agus is mór an
col sóisear na ndúl d'fhollamhnughadh dhuit, agus a
airmhidniughadh seachad; agus ná bíom gan mannradh
do ghluaiseacht do thabhairt uainn ar ndís air, uair
is túisge ro tuismheadh tú buidhéin ná Adhamh;
agus ní cóir tabhairt fán sóisior. Agus gabh mo
chomhairlese agus dénam codach agus cairdes; agus
tabhair ionad damhsa id chorp i bParrthas, go ndeachmaois
ar ndís dochum Éva dá fhuláiremh uirthe
toradh an chroinn fhorfhógartha do chaithemh, agus
go bhfulára Éva for Adhamh a chaithemh mar an
gcéadna, agus tiocfaidh mar sin tar tiomna a thigherna;
agus ní bhia a ngrádh ag Dia archena, agus
cuirfidher mar sin amach a Parrthas iad."



"Cáidhe an lúach fil damhsa dhesin?" ar in nathair.
"Do-gheabhair do chomhainmniughadh friomsa do
ghréas, óir is ionann an greim do dhéanam."



Is annsin do-chuaidh Lucifer i ndeilbh naithreach
go dorus Parrthais agus do ghair Ébha dá agallamh
"Ní huain damh agallamh ar neach anosa," ar Éva,
"air atáim ag friothólamh na n-anmhonn ndlightheach.
An uair nach bí Adhamh ann is meisi choimheudas
Parrthas agus do-ní friothólamh na n-anmhonn."


L. 15


"Cáidhe i dtéid Adhamh mar sin," ar an nathair.
"Téid d'adhradh an Dúilemhan," ar Ébha.
"Abair riom, a Éva," ar an diabhal, "an maith bhur
mbeatha i bParrthas? "



"Ní héidir a háiremh ar a haoibhneas agus ar a
feabhus", ar Éva, "óir gach maith do rinne
Dia i bParrthas, is ar ar gcumusne atáid uile, acht toradh
aonchroinn; agus adubhairt rinn dá gcaithmís toradh
an chroinn sin go bhfuighmis bás uaidh."



Adubhairt an nathair fria:



"Ní mó bhur bhfios ná fios na mborb. Ní thug bhur
dTigherna fios uilc díbh, acht fios maithiosa namá;
agus is mór bhur n-esbaidh, óir níor léig díbh ní do
thoradh an chroinn do chaithemh, aga bhfuil
fios uilc agus maithesa. Agus dá gcaitheadh sibhsi
éanubhall don chrann sin do bhiadh fios uilc agus
maithesa agaibh."



Adubhairt Éva annsin fria Diabhal:



"Tarra féin," ar sí, "gusan gcrann, agus tabhair
ubhall damh go roinnear eadram féin agus Adhamh
é, go bhfeasam an fíor a n-abrai."



"Léig isteach me," ar an nathair, "agus do-bhéar
ubhall don chrann duit, agus do dhénair eidirdhealbhadh
idir mhaith agus olc, acht go gcaithir ní don ubhall."



Ro osluic Éva an dorus agus do-chuaidh an nathair
dochum an chroinn, agus do rad ubhall do Éva, agus
do-uaidh sí a leath. Ro chlaochluigh a dealbh agus
a dath, agus do thuit a tlacht dí; agus do ghabh
crith agus fuacht í, agus dob iongnadh léi a beith


L. 16


lomnocht ar dtecht d'Adhamh dá hionnsuidhe.
Ó'd chonnairc ar an ordughadh sin í adubhairt fria:



"Cia ros-tug tú amhlaidh sin?"



"In ní ad-bhéarsa friot," ar Éva, "ní indeós
duit é nó go n-ithe tú leth an ubhaill fil im láimh."



Ro thomhail imorro Adhamh leath an ubhaill, agus
ro-bhí tárnocht dia éis, agus do-chuaidh an tlacht
neamhdha dhé mar do-chuaidh do Éva. Adubhairt
annsin fria hÉabha:



"Biamaoid feasta go saothar agus go síor-ghalar."



"In nathair," ar sí, "do iarr oram a léigen i
bParrthas; agus do ghuidh mé um ubhall don chrann
fhurfhógartha do chaithemh; agus ní fheadar créad
do bheith de nó go bhfaca mo bheith lomnocht. Agus
ní fedur olc riamh roimhe sin, agus isí an nathair rodusmheall me."



"Acht aon ní," ar Adhamh,"atámaoid ar ndul
amudha agus i n-olcaibh fesda. Agus atá ní as measa ná
sin dúinn .i. sgaradh ar gcorp agus ar n-anmonn ré
chéile; agus na cuirp do leaghadh agus do loghadh,
agus na hanmanna do dhul i n-ifrenn uar ar dtorchar dar
dtlacht dínn."



Ro líon tromdhacht agus truaighe iad, agus roba
duairc dochraidh leó a gcuirp gan tlacht neamhdha
iompa. Is annsin doba réil do chách diobh dath corp
a chéile d'fhaicsin, go nach raibhe aca annsin acht duille
fiodhomna do thabhairt ar sgáth a bhféile. Gonadh
annsin adchualadar gotha na n-aingeal, gonadh
adubhairt Dia friu: "De terra es, et in terram
ibis" .i. "do thalamh ataoi, agus i dtalamh rachuir."


L. 17


Et dixit: "In sudore vultus tui comedes panem tuum"
.i. "bidh a hallus do chnámh do-meala do
bhairghen." Adubhairt fria hÉbha: "Cum dolore et
aegritudine pares filios tuos et filias tuas," .i. "bidh go
gcneid agus galar i n-am tuismheadha bhéra do mhaca
agus t'inghena." Do luidh iarsin an tArdrí gona
mhórshluaghaibh leis chum Parrthais, agus deisidh ina
ríshuidhe i meodhan Parrthais mar a bhfuil crann na
beatha agus sluagh na secht nimhe uime; agus do
chromadar croinn Pharrthais ag airmhidin an
Dúilemhan. Is annsin adubhairt an Rí re a mhuinntir:
"An bhfaicthíse an gníomh do rinne Adhamh .i.
techt tar m'fhoirceadalsa?"



Is annsin do shuidh Adhamh agus Éva ar sgáth
chroinn, agus adubhairt Adhamh do dhrochghuth:



"Má do sháruigheassa do smacht, isí an bhean
tugais féin damh ro aslaigh orm é."



Adubhairt Dia re hAdhamh:



"Ó nach admhae do chionnta béidh do chlann tré
bhithe shíor i n-imreasan friot. Agus dámadh
aithrighe do dhéantá do maithfidhe a ndearnais
duit, agus do bhethá isan bheatha chéadna go bráth."



Adubhairt an Dúilemh ris na hainglibh:



"Cuiridh Adhamh a Parrthas".



Ro hionnarbadh Adhamh agus Éva iarsin a Parrthas
isin dtalamh gcoitchionn, ar nach toimhleadh
toradh croinn na beathadh i bParrthas; air dia
dtoimhleadh ní bhfuigheadh bás go bráth, acht sláinte


L. 18


choitchionn. Agus táinig doghra agus gorta agus
doimhenma agus luinne agus tuirse galar chuca
iarsin; gonadh annsin asbert Adhamh ris na hainglibh:



"Léigidh damh" ar sé, "ní do thoradh an chroinnsi
do chaithemh."



"Ní thoimheólair feasda," ar na haingil, "nó
go sgara do chorp agus t'anam ré chéile."



Agus ro headarsgaradh Adhamh agus Ébha le
Parrthas ó shoin alle.
Do rinne Dia Talamh d'Adhamh agus do Ébha iarna
sgrios a Parrthas, agus do bhí Adhamh secht dtrátha
gan bhiadh gan digh gan éadach gan teine, acht fó
aithmhéala agus tuirse. Do bhádar ag tabhairt aithfer
ar a chéile, agus adubhairt Adhamh:



"Is mór an mhaith tugadh dúinn," ar sé, "muna bheith
Lucifer aga aslach orainn an Coimdhe do shárughadh
.i. comhrádh fria haingle, agus na huile dhúile Dé
agar n-onórughadh; agus ní loisgfeadh teine, agus ní
bháithfeadh uisge, ní theasgfadh faobhar agus ní
gheabhadh galar sinn, agus ní bhiadh fuacht nó
ocrus orainn go bráth, agus ní hé Dia ba chionntach
rinn acht sinn féin." Agus do cheaduigh Dia dhóibh
iarsin síoladh agus iomdhughadh fán ndomhan.


L. 19



Ó ADHAMH GO NAOI.



Is fisidh sunn cia líon do chloinn do tuismheadh ó
Adhamh .i. caogad mac agus caogad inghean, amhail
innisid sgríbhneóiridhe Rómhánach, ut dixit poeta:




Caogad mac ag Adhamh án,
caogad inghean ard iomshlán;
do fhaomhsad bheith cneas re cneas,
gé ro chlaonsad a gcairdes.




Agus is dearbh nár chlannuighsiot díobh acht triar .i.
Cain, Seth, Sile, agus a dtriar ban .i. Pip bean
Chain, Olla bean tSeith, Piphib bean tSile, mar adeir
an file:




Triar mac triar inghean gan oil
do chloinn oireaghdha Adhaimh,
uatha ro síoladh an sluagh
dár líonadh an domhan dreachruadh.




Adam primus pater fuit, agus Éva céadmháthair na
n-uile. Cain a bprímhghein, agus is leis do cumhdaigheadh
cathair ar dtúis riamh. Is leis do-rónadh
an chéadar agus an chéadbhuain ar dtúis.



Aibél an mac tánaiste d'Adhamh is eisidhe
cédfhíréan agus cédmhairtír agus cédshagart agus ógh


L. 19


do bhí ag síol Adhaimh riamh. Ro iomarbháighedar
iarsin clann Adhaimh .i. sinseir mhac nAdhaimh .i.
Cain miscaisech mac Adhaimh do mharbhadh a
dhearbhráthar féin .i. Aibél mac Adhaimh tré
fhormad agus tré dhíomus; gurab í sin cédfhinghal
isin domhan riamh. Agus do mhalluigh Dia Cain
iarsin agus a dtiocfadh dá shíol iona dhiaidh, ut dixit
poeta:




Ro mhalluigh Dia Cain cruaidh
is gach aon do geineadh uaidh,
é féin ro thiomghair go tréan
tréna fhinghail ar Aibél.




Gonadh de sin tug Dia an díle tar an uile dhomhan.
Agus is iad so áirsidhe na céadaoise gona saoghlaibh:



ADHAMH triochad ar naoi gcéad. SETH cúig
bliadhna (déag) ar naoi gcéad. ENOS a cúig ar naoi
gcéad, mar adeir an Leabhar Gabhála:




Saoghal Seith is eól damh soin
a cúig dég ar naoi gcéaduibh
cúig bliadhna naoi gcéad ro clos
nó go rug an t-éag Enos.




CAlNÁN a deich ar naoi gcédaibh, agus adeir an
leabhar céadna:




Deich mbliadhna naoi gcéad gan chrádh
aois mheic Enois Cainán;
naoi gcéd acht a cúig go mbloidh
saoghal Mhala-Léith mhórghloin.


L. 21



IARETH cúig bliadhna dá fhiched ar naoi
gcéadaibh; is eisidhe in céadliterdha do bhí riamh.
ENOC cúig bliadhna dá fhiched ar thrí chéadaibh,
a aois ré ndul i bparrthas. MATUSALEM dá
bhliadhain seasgad ar naoi gcéadaibh. LAMHIACH
seacht mbliadhna déag is trí fichid ar shecht gcéad.
NOE deich mbliadhna is da fhichiod ar naoi gcéd.



Agso dearbhadh an tseanchadha ar ré gach
árdathar díobh amhail léghtar san duain darab tosach:
Athair cáich coimsidh nimhe:




Triochad naoi gcéd bliadhain bán
saoghal Adhaimh ré a iomrádh;
deich mbliadhna ris sin uile
saoghal a mhná mongbhuidhe.



Saoghal Seith, is eól damh soin,
a cúig dég ar naoi gcéduibh;
cúig bliadhna naoi gcéd ro clos
(nó) go rug an t-ég Enos.



Deich mbliadhna naoi gcéd gan ghráin
aois mhic Enos Caináin;
naoi gcéd acht chúig bliadhna ar bhloidh
saoghal Malalél mhórghloin.



Dhá bhliadhain sesgad ar naoi gcéd
do Iareth re ndul d'éag;
trí chéd sesga a cúig ro clos
d'Enoc ré ndol i bparrthas.


L. 22


Naoi mbliadhna sesgad go mbloidh
agus naoi gcéd do bhliadhnaibh,
isé sin an saoghal seang
tugadh do Mhathu-salem.



Saoghal Laimhiach luaidhter let
secht gcéd sechtmhogha 's a secht;
saoghal Noe, niamhghlan a bhloidh
a caogad ar naoi gcédaibh.




Ro forcungair Dia for clannaibh Seith ná ro-
chumaisgdís fria clannaibh Chain agus ná ro-chlannuighdis
fria, agus ná tugdís mná dhóibh; agus
níor chongbhadar clanna Seith an foirceadal sin.
Tugadar iarsin inghena claona Cain, air ba mór a
gcaoimhe, agus ro chlannuighsed friú, tar sárughadh
Dé amhail adubhairt an file:




Ro fhuagair an Coimdhe cáidh
do chlannuibh Seith go bhfíorbháidh
go nach faomhadh duine díobh
ingheana claona Cain.




Gonadh ó Chain sin ro gheinedair Fomhoruigh
agus Luprachánuigh agus Gabhairchinn, agus gach
égcosg torathardha nó doidhealbhdha ro bhaoi isin
domhan for daoinibh, amhail adbhert an file:




Uaidh rogheinedar gan oil
gabhairchinn is fomhoruigh,
na luprachánaigh leardha,
is gach duine doidhealbhdha.


L. 23



Ó'd-chonnairc Dia imorro tiacht dóibh tar a thiomna
isí comhairle ar ar chinn na daoine do dhílgheann.
Gonadh de sin tugadh an díle foran ndomhan do
bháthadh chloinne Cain, amhail adubhairt an file:




Bádar tar tiomna
na fir ulca eisíodha;
cuile ros-cráidh, díle dhron
ros-báidh uile acht aonochtar.




Go nach térna dhiobh acht Noe gona mhnaoi .i.
a shiúr féin, gona dtrí macaibh, agus gona dtrí
n-inghenaibh, agus rob iadsin mná na dtrí mac. Agus
ba hé fochann a saortha seach cách, air ní ro
chumaiscsed cairdios fri clannaibh Chain; agus
do líon an domhan doridhise, ut dixit:




Naoi 's a thrí mic gan mheabhla
gona séitchibh saoirdhealbhdha,
ochtar do shiol tSeith gan tsal,
nár fhaomhsad Cain cneadhmhar.



Cobha séitche Naoi niamhghloin,
Olla ben tSeim saoirriaghlaidh,
bean Chaim Oliva in adha,
bean Iaphet Olivana.


L. 24


Sem Cham is Iaphet na n-iath
trí meic Naoi mic Laimhiach
a dtrí mná gríobhdha glana
Olla Oliva Olivana.



Is iadsan lucht na háirce
go socht is go saorshláinte,
gan bhath gan omhan gan fheall
domhan a haithle díleann.




Dafhichiod laithe don dílinn ag sileadh. Intan tráth
tairnig do Noe cumhdach agus eagar na háirce
luidh innte buidhéin. Ochtar gusna huile ainm-hintibh
rug lais. Ro bháith an díle na huile
anmhanna agus daoine archena acht lucht na háirce
agus Helias fil i bparrthas do chathughadh fri
hAinticríosd; agus Fionntain mac Bóchna, isé adféidh
na sgéala do chách iar ndílinn. I gcionn caogad laithe ar
chéd gabhsad na huisgeadha a seargadh, agus
laithe agus secht míos don áirc ó thuinn go tuinn, go
ndeisidh ar sliabh Armenia. Ro shergsad na huisgedha
agus an deichmhadh míos ad-ceas dóibh mullaighi
na sliabh. I gcionn secht laithe caogad ro oslaic
Naoi seinister na háirce agus fhaoidh an fiach
amach, agus ní tháinig for gcúla doridhesi. Ro léig
an colum amach ar na mháireach, agus táinig ar gcur
a chuarda ar gcúla, oir ní bhfuair airm i n-anfadh.


L. 25


Faoidhis an colum amach doridhesi i gcionn secht
laithe dhó, agus luidh 'na bheatha feascar agus
géasca olachroinn gona dhuille 'na bhéal. Ro faoidh
é amach i gcionn secht laithe doridhesi, agus ní
tháinig for gcúla. Ro ráidh Dia annsin fria Noe, antan
táinig an díle tar an ndomhan. Caoga ar thrí chéd
bliadhan ro baoi ina bheathaidh iar ndílinn. Sé
chéad bliadhan ro bhí Naoi antan táinig an dílinn.
Agus isé líon bliadhan fil isin chédaois .i. ó Adhamh go
dílinn sé bhliadhain caogad ar sé chéd ar mhíle.
In aois tánuiste ó dhílinn go hAbraham dhá bhliadhain
da fhichead ar naoi gcéad. Noe dana isé cédna aireach
na haoise sin.



Do bheannuigh Dia Naoi gona mhacaibh, agus
adubhairt friu:



"Síolaidh agus iomdhaighidh in talamh, agus
líonaidh, agus biaidh mo chairdeassa maille ribh;
agus ní thiubhar in díle tar in ndomhan go críoch
coitcheann cháich. Agus do-bhéar comhartha mo
charadraidh dhaoibhse in gcéin bheithí aga
fhaigsin ní rachaidh dioláithriughadh ar chlannaibh
Naoi .i. in stuagh neimhe; agus rachaidh uaibh
gan fhaigsin chúig bliadhna dég ré mbráth. Do rinneadh
do Dhia altóir do chumhdach le Naoi iar
ndílinn, agus do roinn an domhan i dtrí rannaibh
idir a mhacaibh. Cam, tráth, ro-ghabhsidhe an Aifric agus
deisceart-laithe na hAsia; triocha cinéal uaidh innte.
Iapheth isé ro-ghabh an Eóraip uile; cúig cinéal
déag uaidh innte. Sem isé ro-ghabh an Asia;


L. 26


agus ocht gcinéal fichead uadha, amhail adubhairt an
file:




Sem ro-ghabh in Asia n-ait,
Cam gona chloinn an Afraic;
Iapheth uasal is a mhaic
ité ro-threabhsat Eóruip.



Triocha cinél, comhall nglé
cinnsead ó Cham mac Naoidhe,
a hocht fichead fil ó Shem
a cúig déag ó Iapheth.




Gurab amhlaidh sin ro líonadh trí ranna an domhain ó
thrí mhacaibh Naoi.


L. 27



Ó IAPHETH GO MÍLE EASPÁINE.



Ochtar mac la Iapheth, agus léigfeam seachainn iad
acht Magog mac Iapheth. Dhá mhac le Magog: Baath
agus Ibaath. Ó Ibaath iaramh ríghe Rómhán. Mac do
Bhaath Fenius Farsaidh, ó bhfuilid in Scithiaghdha
agus Gaoidhil. Ó Ibaath Frangcaigh agus Rómhánaigh,
Saxanaigh Breatnaigh agus Albanaigh. Ó Mhagog mac
Iapheth atáid na tuatha ró-ghabhsad Eire ria nGaoidhealaibh
.i.Parthalón mac Seara, mic Srú, mic Easrú;
agus Neimhedh mac Adhnóin, mic Paim, mic Tait,
mic Seara, mic Srú etc.; agus clanna Neimhidh .i.
Gailióin, Fir Bholg agus Fir Dhomhnann. Mac
do Bhaath mac Magog Fenius Farsaidh. Dá mhac
Feniusa, Nenual, do fhágaibh i bhforflaithes na Scithia
dia éis; agus Nél an mac eile, agus ag an tor rugadh é.
Agus dobudh saoi isna hilbhérlaibh é; gurab é rugadh
don Éigipt d'fhoghluim na n-ilbhérladh uaidh.
Do ghráidh Forann Cingcris é, agus do rad ferann dó,
agus tug a inghen dó mar mhnaoi .i. Scota inghen
Forainn.



Agus tar éis bháis Feniusa Farsaidh do éirigh
iomthnúith idir a mhacaibh gur mharbh Nél Nenual
mac Feniusa Farsaidh, gur hionnarbadh Nél 'na


L. 28


chionaidh sin go hEigipt, agus go rug Scota inghen
Forainn mac dó .i. Gaoidhiol Glas mac Niuil ó
n-ainmnighthear Gaoidhil go huilidhe. Agus is dó sin
fa mac Easrú, mac Gaoidhil, in fer calma comhramhach.
Agus mac do sin Srú mac Easrú mic Gaoidhil
Ghlais. Agus isé céadtaoisech do Ghaoidhealaibh luidh
don Éigipt é. Seachtmhogha agus cheithre chéad
bliadhan ó dhílinn gonuige sin.



Lucht cheithre long luidh Srú a hEigipt, agus cheithre
lánamhna fichead agus triar amhus ingach luing.
Srú agus a mhac .i. Eibher Scot, rob iad taoisigh na
luingse sin.



Ishí sin aimser ro bhaoi Naoine mac Nenuail mic
Feniusa Farsaidh i bhflaithios na Scithia, agus
marbhuis Srú dano fo-chédóir iar riachtain Scithia.
Gabhais Eibher Scot ríghe na Scithia ar éigin ar
chloinn Nenuail mhic Feniusa Farsaidh, agus do
torchradh dá éis sin eisen la Naoine mac Nenuail mic
Feniusa Farsaidh.



Do bhaoi cosnamh idir Naoine mac Nenuail agus
Beoamhain mac Eibhir Scuit. Gabhais Beoamhain
ríghe dá aimhdheóin ar Naoine go dtorchair iarsin la
Naoine.



Ro-ghabh Naoine iarsin ríghe go dtorchair la
hOgamhain mac Beoamhain i ndíoghail a athar.



Ro-ghabh Ogamhain ríghe go n-érbhailt.
Gabhais Refill mac Naoine ríghe go dtorchair la
Tat mac Ogamhain. Adtorchair Tat iaramh do láimh
Reflóir mic Refill.



Baoi cosnamh idir Reflóir mac Refill agus
Agnomhain mac Tait, go dtorchair Reflóir la


L. 29


hAgnomhain mac Tait. Gonadh aire sin ro hionnarbtha
sliocht Ghaoidhil Ghlais for muir .i. Agnomhain mac
Tait mic Ogamhain, agus Láimhfhionn a mhac, go
mbádar secht mbliadhna for muir timchioll an domhain
thuaidh.



Is iomdha tuairim agus aisnéis ar a bhfuaradar
d'ulc re headh na haimsire sin. Is aire tugadh
Láimhfhionn air, air níor bha soillsi coinneall iná
a lámha ag an iomramh. Teóra longa dhóibh, agus trí
taoisigh bhádar aca, iar n-éug Agnomhain for
muinchinn mara Caisp .i. Láimfhionn, Alloid agus
Caichér draoi. Agus isé Caichér do-rad leigheas dóibh
for meadhradh na murdhuchann .i. céir do leaghadh
'na gcluasaibh, go bhfuaradar mór ngorta agus íotan;
go rángadar in rinn mhór idta Sliabh Riffe budh
thuaidh, go bhfuaradar tobar go mblas fíona fair isan
ionad sin go ro loingsed ní dhe, go mbádar trí lá agus
teóra oidhche ina gcodladh ann, go bhfuairsead
suaimhneas; go ndubhairt Caichér friu:



"Eirgidh," ar sé, "agus ionnsaighem romhuinn go
roisiom an insi uasal .i. Éire."



"Cia hairm idtá Éire?" ar Láimhfhionn.



"Is sia 'ná an Scithia uait í," ar sé "agus ní sinn
féin ricfes ann, acht ar gclanna i gcionn trí chéd
mbliadhan."



Gabhsad rompa iarsin go rángadar na Gaoth-
laighe Meadhónach. Is annsin rugadh mac do Láimhfhionn
.i. Eibher Glúinfhionn. Comharthaidhe geala


L. 30


bhádur for a ghlúinibh, is de sin do gairmeadh an t-ainm
sin de. Isé ba taoisech dóibh tar éis athar.
Mac doséin Adhnón Fionn.
Mac dossan Febhrech Glas.
Mac doséin Nénual, mac Febhrigh Ghlais.
Mac dosan Nuadha, mac Nénuail.
Mac dosan Alloidh, mac Nuadhad.
Ferchaidh, a mhac sin.
Deaghaidh, mac Ferchadha a mhac sin.
Brath mac Deaghaidh, ro-ches mór n-olc agus
n-imneadh, agus dob eimhilt fria aisnéis gach ar
imthigh do chríochaibh ciana coimhighthecha gur
ghabh Easbáin ar éigin; gur chuirsed cheithre catha
ar chaogaid o thúis go deireadh. Agus ro cumhdaigheadh
cathair ann la Breoghan mac Bratha .i. Brigancia ainm
na cathrach; agus tor for a hionchaibh .i. Tor
Breoghain. Agus is ón tor sin ad-ces Éire i bhfeascar
geimhridh antan ad-chonnairc Íth mac Breoghain í.



Do bhí mac oirdherc la Breoghan mac Bratha .i.
Bile mac Breoghain; agus is do san fa mac Míle
Easpáine, mac Bile mic Breoghain. Agus níor mhiadh
agus níor mhaisi lais gan a chlú agus a alladh agus a
oirdhercas do chlos fán domhan uile, gur ghoin Míle
mac Bile Reflóir mac Nemha. Luidh Míle iarsin for
loingios, cheithre longa dhóibh, agus chúig lánamhna
fichead agus amhas ingach luing díobh. Lodar
timchioll na hAsia soir-dhes go hInis Teprofaine.
Ansad trí mhí innti, agus trí mhí eile dhóibh for muir
go rángadar Éigipt. I gcionn tri mbliadhan ar chaogaid


L. 31


(ar thrí chéad) ar mhíle iar gcéadghabháil Éirionn do
Phartholón sin; i gcionn secht mbliadhan ar cheithre
chéad iar mbáthadh Fhorainn i Muir Ruaidh rángadar
Éigipt antan sin. Forann Nectonibus fa rí Éigipte
antan sin, agus isé an sechtmhadh rí dég ar fhichid
iarsan bhForann ro báthadh i Muir Ruaidh.



Anais imorro Míle mac Bile isin Éigipt ocht mbliadhna
gur fhoghluimsed a mhuinntior príomhdhána innte;
agus tug Forann an dara Scota 'na mnaoi do
Mhílidh ara áilleacht agus ara fheabhus agus ar mhéid
an chomhghráidh tug sí féin do Mhílidh. Ceileabhrais
Míle don rígh agus triallais for muir an líon céadna,
agus Scota inghen Forainn Nectonibus do mhnaoi leis.
Luidh iarsin for Muir Ruaidh go hInis Teprofaine, agus
ro-ansad ar feadh mís innti. Lodar timchioll
sroth India agus Asia, agus timchioll na Scithia
Clochaidhe amuigh, agus rángadar fá dheóidh críocha
na hEaspáine.


L. 32



TEACHT CLOINNE MíLEADH GO hÉIRINN.



Iomthusa Íthe mhic Breoghain, isé sin fuair Éire .i.
luidh a aonar glainfheascar geimhridh i mullach tuir
Bhreoghain, agus gabhas ag séaghain in mhara
soirdtuaidh, go bhfacaidh Éire uadha; agus téid iarsin
for gcúla dochum a bhráthar oile, agus innsis dóibh a
bhfacaidh. Adubhradar-sen nárbho tír adchonnairc,
acht néll; agus do ghabhadar ag toirmesg Íthe um
dhul dá fhéachain, agus níor ghabh Íth sin uatha,
acht tug a long for muiri, agus seolais dochum nÉirionn,
gur ghabh cuan i mbréantrácht Mhuighe hÍthe isin
leith thuaidh d'Eirinn. Tángadar daoine dia agallaimh
isin trácht sin, agus innsis cách díobh sgéal diaroile
trésan mbéarla Scithiach, óir dobudh do chlannaibh
Rife dhóibh dibhlínibh. Agus fiafraighes Íth díobh
ainm na tíre i rabhsad.



"Inis Ealga," ar siad, "agus atáid trí rígh fuirre
.i. Mac Cuill Mac Céacht agus Mac Gréine a n-anmanna.
Agus bádar an lá sin i nOileach Néid, airm i rabhadur
a bhráithre i n-imreasan re Mac Gréine, air ro-bhaoi
iomarcaidh do sheodaibh Fhiachna mhic Dealbhaoith
ina láimh re cian d'aimsir ó bhás Fhiachna gonuige
sin. Ráinig iarsin Íth go hOileach Néid, agus dhá dtrian
a mhuintire uime, agus ro fearsad na rígh fáilte fris,
agus innisid a n-imriosan do. Tug Íth comhairle dhóibh
agus adubhairt friu:


L. 33


"Is cóir díbh deaghbhráithrechas do dhénamh, agus
is cuibhe ribh deaghmheanma do bheith agaibh; óir
is maith bhur n-insi; is iomdha a mil agus a meas agus
a cruithneacht agus a hiasg agus a hinbhir, agus a hith
agus a toradh agus a cnuasaigh; agus is mesraighthe
a teas agus a fuacht; agus atá a bhforthain uile innti."



Agus ceileabhraidh Íth dóibh iarsin, agus téid
dochum a loinge. (Agus isé dubhairt Tuatha Dé Danann
gur shanntuigh Íth an t-oiléan do féin, agus gur chóir
gan é do leigion slán tar ais.) Iarsin leanaid drong do
Thuathaibh Dé Danann Íth mac Breoghain, gur ghoinsed
é i Muigh Íthe; gur de sin do lean an t-ainm don áit ó
shoin ale. Ro siacht Íth cneadhach fuilteach
iobharsnach uatha dochum a loinge, agus atbath
iarumh for muir. Agus rángadur a mhuinntear gusan
Easbáin, agus taisbénaid corp Íthe dá bhráithribh agus
dá mhuinntir archena.



Eibher donn agus Eiremhón dá mhac Mhíleadh a
gcoimheirghe for (an) Easpáin an tan sin, tionsgnaid ;
techt go hÉirinn, agus isiad so anmanna na ríogh agus n
dtaoiseach táinig ann: Bregha, mac Breoghain, a
sinser, dia-dtá Magh Bregh; Cualann mac Breoghain
ó-dtá Sliabh Cuailgne; Bladhma mac Breoghain
ó-dtá Sliabh Bladhma; Fuaid mac Breoghain ó-dtá
Sliabh Fuaid; Muirtheimhne mac Breoghain ó-dtá
Sliabh Muirtheimhne; Lughaidh mac Íthe, táinig do
dhíoghail a athar, a quo Corca Luighdhe; Eibhlinne
mac Breoghain, ó-dtá Sliabh nEibhlinne; Buas, Bres
agus Buaithne, trí mic Tighernbhaird mic Bregha
mic Breoghain; Nár, a quo Ros Náir i Sliabh Bladhma


L. 34


Fulmán; agus Manntán, agus Suirghe a mhac;
agus Caichér mac Manntáin; Er, Orba, Fearón,
Feargna, cheithre mic Éibhir mhic Mhiledh; Én agus
Ún agus Eatan; Lughaidh mac Bregha mic Breoghain;
Sobhairce, ní fheadamair a athair; Bile mac Bregha
mic Breoghain; Míle Easpáine gona ocht macaibh:
Éibher agus Eiriomhón agus Ír, agus Donn in rí,
Aimhirgin an file, Colptha agus Airech Feabhra
Ruaidh, agus Erannán in sóiser. Cóig mic
Eiriomhóin .i. Muimhne, Luighne, Laighne, Bregha
agus Irial Fáidh, acht is i nÉirinn rugadh Irial Fáidh;
énmhac Ír mhic Mhíleadh .i. Eibher; agus isiad sin
an da fhiched tángadar i nEirinn, agus Míle Espáine,
agus Uige agus Oige dhá mhac Nenuaill.



Tángadar mórloinges mac Míledh do ghabháil
Éireann i nInbher Sláinghe, agus níor léigsead Tuatha
Dé Danann i dtír iad; oir dealbhaid tré dhraoidhecht
gurbha dhruim muice Éire ar a gcionn. Is de
sin atá Muicinis d'ainm for Éire. Timchiollsad Éire fó
thrí; gonadh aire sin tángadar i dtír i nInbher Scéine.
Tiaghaid iarsin go Sliabh Mis, agus tarla Banbha
dhóibh ann gona sluaghaibh draoidhechta agus amhain-
seachta maille ria. Ro fhiafraigh Aimhirgin an file dhi:



"Cáidhe t'ainmse?" olsé.



"Banbha," olsí, "agus is uaim ainmnighther an inis
seo .i. Inis Banbha."



Tiaghaid iarsin go Sliabh nEibhlinne, agus tarla
Fódla dhóibh ann agus do fhiafraigh an file dhi:



"Cáidhe hainmsi?" olsé.


L. 35


"Fódla m'ainm," ar sí," agus is uaim ainmnighther
an inis so .i. Inis Fódla."



Rángadar assin go hUisnech Midhe, go bhfuaradar Éire ann.



"Cáidhe th'ainmse?" ar an file.



"Éire mh'ainmse," ar sí, "agus is uaim ammnighther
an inis so .i. Éire."



Do-chuadar iarsin go Liathdruim .i. go Teamhair,
agus fuaradar annsin Ethóir, Tethóir agus Cethóir
gona sluaghaibh draoidheachta iompa; agus iarraid
clanna Míledh cath nó ríghe forra. Agus adubhradar
Tuatha Dé Danann:



"Do-bhéramne amhuil ad-bhéara bhur bhfile féin
díbh, agus dia ruga doibhreith orainn budh marbh
linne é."



Agus isí breith rug an file eatorra .i. dul do mhacaibh
Míledh tar naoi dtonnaibh don mhuir amach tar a n-ais,
agus muna dheachdaois dia n-aimhdheóin i dtír ar
Thuathaibh Dé Danann gan Éire d'iarraidh go bráth.



"Diamadh í mo chomhairlesi do dhéantaoi libh"
ar Donn mac Míledh, "is cath do-bhérthaoi dhóibh."



"Dá ndeachtaoi tar an mbreitheamhnas do rinnedh
eadraibh," ar Aimhirgin "do rachadh Éire uaibh go bráth."



Do-chuadar clanna Míledh a Teamhair go hInbher
Scéine tar naoi dtonna mara amach, agus fo-cearsad
draoithe Thuath Dé Danann draoidhecht
'na n-aghaidh, gur tógbhadh an mhuirghrian íochtrach


L. 36


for uachtar na mara aca. Ba sí méd na hainbhthine
do cuiredh fuirri go rug an ghaoth siar gach ndíreach
iad, gurbha sgítheach tuirseach iad.



"Gaoth druadh so," ar Donn mhac Miledh.



"Iseadh ón," ar Aimhirgin.



Luidh Erannán, sóisior mac Míledh isin tseól-chrann
go dtorchair as an seólchrann fó chláraibh na loinge,
gurbha marbh fochédóir.



"Is meabhal d'ar n-aos dána," ar Donn mhac
Míledh, "nach toirnid an draoidhecht uainn."



"Toirnfidher linne," ar Aimhirgin, la héirghe 'na
sheasamh; agus do rad finnfhéith dóibh forsan
bhfairrge, gurbha chaomhchlár ciumhaisréidh in cuan
uile. Agus adubhairt Donn mac Míledh:



"Do-bhéarsa," ar sé, "in tír fo ghin gai agus
cloidhimh, acht go rosar í."



Ro dhealuigh in ghaoth airsin an long i raibhe
Donn riu, agus ro báthadh Donn in rí ag na dumhchaibh
dia n-abarthar Teach Duinn. Ceathrar ar fhichid
d'fhearaibh, agus dá mhnaoi dhéag, agus cheithre hamhais
agus cheithre ghiolla isé líon ro báthadh isin luing sin.



Lodar meic Mhíledh i dtír i nInbher Scéine agus i
nInbher Fhéile. Luidh Eiremhón lámh chlé fria
hÉirinn gur ghabh cuan i nInbher Cholptha. In treas
laithe dhóibh iar dtiachtain i nÉirinn do
fhearsad cath Sléibhe Mis for Tuatha Dé Danann.



Is annsin do-rochair Fás ben Uin mhic Uige
dia-dtá Gleann Fáis; agus a torchair Scota bean
Míledh Easpáine dia-dtá feart Scota idir Shliabh Mis


L. 37


agus muir san ghleann chédna. Tiaghaid iarsin go
Tailltin, agus ro fhersad cath Taillten fri
Tuatha Dé Danann, go dtorchair trí rígh agus trí
ríoghna do Thuatha Dé Danann ann. Agus
bhádar go fada ag in iomthuargain sin, ó mhaidin
go nónaidh; agus ro mheabhaidh for Tuatha Dé
Danann, iar dtuitim a dtrí ríogh agus a dtrí ríoghan,
agus a dtuargain uile acht madh begán i medhón in
chatha. Agus ro leansad go muir iad. Agus do thuiteadar
dhá thaoiseach do chlannaibh Míledh Easbáine isin
gcathsin .i. Cuailgne i Sliabh Cuailnge agus Fuad i
Sliabh Fuaid. Deich taoiseach a n-easbaidh for
muir agus for tír gonuige sin .i. Donn agus Bile agus
Aireach Feabhra, Breas agus Buas agus Buaidne,
Cuailgne, Ír agus Earanán agus Fuad. Isiadsin a
n-easbaidh dia ndeaghdhaoinibh ginmothá a mná agus
a miondaoine. Agus innisid eólaigh gurab seisior ar
thriochaid taoiseach tángadar meic Mhíledh i
nÉirinn. Sé longa triochad leó agus ceathrar ar
fhichid do mhoghaibh; agus long ag gach
moghaidh; agus ceathrar moghadh la gach mogh
díobh ina luing; agus deichneabhar caithmhíledh,
agus trí chéd amhus, agus trí chéd bean (líon na
long sin). Donn mac Míledh ríthaoiseach na long sin;
agus ro báthadh Donn ag na dumhchaibh ag Tigh
Dhuinn. Ro ghabh a shóisior a chuid ríghe dia éis .i.
Éibher Fionn mac Míledh Easbáine; agus do roinneadh
Éire i ndó idir Éibher agus Éiremhón, agus gabhais


L. 38


Éiriomhón an leth tuaidh ó Bhóinn go Srúibh Broin
budh thuaidh, agus ón dteórainn chéadna budh dheas go
Toinn Clíodhan ag Éibher. Agso mar adeir an seanchaidh
ar an roinn sin:




Ar an leith thuaidh, bert gan bhrón,
gabhais an fhlaith Eireamhón
ó Shrúibh Broin, buadhach an roinn,
tar gach mbuidhinn go Bóainn.



Éibher mac Míledh go raith
do ghabh an leth thes deghmhaith;
ó Bhóinn fuair, fa cert an roinn,
go tuinn inghine Ghenuinn.




Agus is dá chloinn (.i. Eireamhóin) na teóra
Connachta agus Uí Néill in tuaiscirt, agus Uí Néill
Breagh .i. in deiscirt, agus Airghialla, agus na Déisi
agus Laighin, Osraighe, Érna, Orbhraighe, agus
Fotharta, agus Dál Riada, agus Dál bhFiachaidh,
agus Ulaidh agus ríoghradh Alban, Síol Chonaire uile
archena; clann Aonghusa mic Eirc, agus Ferghusa mic
Eirc agus Loairn mhic Eirc, síol Chonaire sin i
nAlbain; agus a shíol i nÉirinn, Muscraighe agus Corca
Dhuibhne agus Corca Bhaiscne. Síol Eiriomhóin iad
sin ginmothá a miontuatha.



Ro ghabh Éibher an leath thes; agus is dá chloinn
na hEoghanachta, eadhón Eoghanacht Chaisil,
Eoghanacht Locha Léin, Eoghanacht Raithleann,
Eoghanacht Ghleannamhnach, Eoghanacht Arann,
Eoghanacht Ruis Airgid, agus Leamhnaigh Alban.
Agus is dá chloinn mar an gcéadna, Dál gCais agus Dál
gCéin agus Dál nDealbhna; síol Éibhir insin. Lughaidh
mac Íthe mic Breoghain is uadha Corca Luighdhe,
agus Dartraighe; agus Calraighe ó Lughaidh Cal.


L. 39


Síol Luighdheach insin. Ír mac Míledh is dá chloinn
Rudhraighe mac Sithrighe; agus Fearghus mac Rudhraighe
gona ioltuathaibh; agus Conall Cearnach gona
ioltuathaibh. Agus dá dhearbhadh sin adeir an
file:





Eireamhón, Eibher, Ír uasal
Aimhirgin Colptha Donn dian
Lughaidh mac Íthe mic Breoghain
dia dtá gan mheabhail a mian.



Is uatha, ní crannda in cuire,
clanna na gcuradh giodh cian
as gach tír in líon ro laoidheadh
is díobh síol Gaoidheal na ngiall.




Iarsin ro roinn Éibher agus Eiremhón Éire i ndó
etorra, agus bhádar i gcóimhríghe agus i gcomh-
fhlaithios .i. an ríghe theas ag Éibher, agus an ríghe
thuaidh ag Eiremhón. Agus bhádar dias d'aos
dána leó .i. file agus cruitire. Cir mac Ois ainm an
fhiledh, agus Eicinn Fionn ainm an chruitire. Agus
cuirid crannchur etorra iompa, agus ráinig an cruitire go
hÉibher, ionnus go bhfuil buadh le téidbhinnios ceoil
ag an taoibh theas; agus ráinig an file Eireamhón ionnus
go bhfuil buadh le dán ag an taoibh thuaidh.



Robiad so na taoisigh ráinig an leath theas maille
re hÉibher .i. Lughaidh mac Íthe agus Edán mac
Uige, agus Ún mac Uige, Caichér agus Fulmán. Agso na
taoisigh ráinig an leath thuaidh maille re hEiriomhón .i.
Éibher mac Ír agus Aimhirgin, Goisten,
Séadgha, Sobhairce agus Suirghe, óir is mar sin do
roinnsed a dtaoisigh.



Boí iomchosnamh idir Éibher agus Eiremhón um


L. 40


an ríghe go dtarla (imreas) dóibh im na trí druimnibh
ba fhearr i nÉirinn intansin .i. Druim Chlassach i
gcrích Maine, agus Druim Beathaigh i Maonmhuigh, agus
Druim Finghin i Mumhain. Do cuiredh cath etorra.
Mebhais an cath for Éibher, agus do-chear ann; agus
at-torchair ann Suirghe agus Sobhairce agus Goisten.



Léigfeam síol Eiremhóin sechainn go fóill, agus
leanfam do shíol Éibhir Fhinn.



B 1709ls 18T
...Isí an Tea sin do tógbhadh mar rioghain i nDruim Chaoin i
Liathdruim san Mhidhe, gurab uaithe ráitior Teamhair léi .i. múr
Tea...


L. 41


B 1716-17ls 18T
CRAOBHSCAOILEADH SLEACHTA ÉIBHIR.



CRAOBHA COIBHNEASA AGUS CRAOBHSGAOILEADH AGUS
GEINEALACH Sleachta Éibhir Fhinn Mhic Míleadh
Easbáine Annso Síos; an méad fuaramar re a
gcur síos díobh annso go soiléir fírinneach.



Éibhear Fionn, mac Míleadh Easbáine, chúig mic
lais .i. Er, Orba, Fearón agus Feargna. Dil ingean
Mhileadh máthair an cheathrair sin, agus níor síoladh
ó neach díobh. Conmhaol mac Éibhir, an cúigeadh
mac d'Éibher, mhac Míledh Easbáine; agus is uadha
atáid clanna Éibhir ingach dú i-dtáid. Inghean
Reflóir mic Neamhnain mic Bregha mic Breoghain
máthair Chonmhaoil mhic Éibhir.



Conmhaol mac Éibhir céad-ri Éirionn a Mumhain.
Triocha bliadhan dó i ríghe nÉirionn, agus is leis
at-torchair Eithrial mac Iriail Fáith mhic Eiremhóin i
ndíoghail a athar, agus isé do bhris chúig catha fichead
for clannaibh Eiremhóin, agus isé do mharbh Palp mac
Eiremhóin. Agus is aire ad-bherar Conmhaol fris .i. rí
na gcon, air ní raibhe rí ba chonchaire 'ná é i nÉirinn
fá'n am sin.



Aonmhac le Conmhaol .i. Eochaidh Faobhairdhearg.
Dhá mhac le hEochaidh Faobhairdhearg .i. Nuadha
Deghlámh agus Nia Feibhis. Agus is ón Nuadha sin


L. 42


atáid Síol Éibhir uile agus na hEoghanachta; agus gach
rí dar ghabh Éire do shíol Éibhir, ginmothá Eochaidh
Mumha, Nia Feibhis mac Eochaidh Faobhairdheirg,
agus Éanna Airgtheach mac Eochaidh Mumha.



Nia Feibhis mac Eochaidh Faobhairdheirg, dhá
mhac lais .i. Eochaidh Mumho agus Moghaoth
Móireolach. Eochaidh Mumho a quo Mumho, uair is
uadha adeirthear Mumho. Nó, Eochaidh "mumhó" .i.
mó a mhaoin oldás gach maoin oile, .i. mó a ghreim agus
a chomhachta oldás comhachta gach ríogh eile i nÉirinn
i gcomhaimsir fris. Nó, Mumhó .i. "mó a hana"
inás ana gach cóigidh oile i nÉirinn; dóigh is
innti do hadhradh baindia an tsonasa .i. Ana a hainm-
sidhe .i. in Mhór-ríoghain inghean an Daghdha. Agus
i Síodh nAnand do bhíodh, a quo Sídh nAnand ós
Luachair Deadhaidh. Agus ba haonrí Éirenn fiche
bliadhan an tEochaidh Mumho sin mac Niadh
Feibhis. Nó, Muimhnech .i. "mó nech" díobh oldás gach
neach oile.



Mac don Eochaidh Mumho sin Eanna Airgtheach,
mac Eochaidh Mumho. Ní hoirdherc a chlann acht hI
Dhuach i ndíthribh Chonnacht; agus is díobh sin Uí
Chormacáin i gCorca Dhuibhne, agus Uí Rónáin i
bhFearaibh Bregh, agus hÍ Laoghaire i Muscraighe
Treithirne, agus hÍ Chairbre i nEoghanacht Raithlend.



Moghaoth Mór-eolach, indara mac do Nia Feibhis,
isé ro-ba mó daoithin óil dá mbí i nÉirinn ina
aimsir, air ba hionmhuin lais iomarcaidh dighe do ghrés.



Nuadha Deghlámh, mac Eochaidh Faobhairdheirg,
mic Conmhaoil, mac do sin Glas.
Mac do Ghlas so Rosa.
Mac do Rosa Roithechtach.
Mac do Roithechtach Eirireo Arda.


L. 43


Mac do sin Cas Clothach. Agus isé an Cas Clothach
sin neach doba mhó eneach, agus ba fhearr um gach
ní dá n-iarradh neach air, dá raibh i nÉirinn an tan sin.



Mac do Chas Muinemhón. Isé an Muinemhón sin
an chédduine lé a ndearnadh muince óir fá bhráighdibh
daoine ar dtúis i nÉirinn .i. slabhra óir, .i. "muin
maoine," .i. "maoine for muinéalaibh." Maoine Mór,
thrá, céadainm Muinemhóin mhic Cais Chlothaigh. Agus
isé an Cas Clothach sin ro fholamhnastur Bridh
Breaghdha, agus is lais ro cumhdaighedh Brigantia .i.
Tor mic Breoghuin i mBreaghaibh.



Aildeargód mac Muinemhóin, Aodh Dearg a ainm
ar dtúis; agus is 'na aimsir do rónta failghe óir um
dhóidibh ar dtúis i nÉirinn, air ba deaghmhaiseach gach
dóid uma mbídis na failghe sin; is aire sin ad-bhertha
Faildergód fris; agus dá bhliadhain dég dó i ríghe
nÉirenn.



Roitheachtach, mac Roáin Ríoghalaigh, secht
mbliadhna dhó i ríghe nÉirionn. Isé cédduine lé
ndearnadh rotha i gcairbdibh ar dtúis i nÉirinn.
Fáilbhe Faolchrothach, mac Cais Chédchuingnigh,
is leis do tógbhadh coirthi cloch i nÉirinn ar
dtúis.



Cas Cédchaingne mac Faildergóid mic Muinemhóin,
is lais do tionnsgnadh cuimhghne agus filidheacht
i dTeamhair ar dtúis.



Éilim Oilfhínshnechta mac Roitheachtaigh, .i.
sneachta fíona do fearadh ina fhlaithios, gurab de ro
hainmighedh. Naoi mí i bhflaithes Éireann.



Art Imlioch, mac Éilim, etc. dhá bhliadhain dég dó


L. 44


i ríghe nÉireann, agus i nImlech Fir Aonairthe i
gCliaigh Mháil do bhí a dhúnárus ar dtúis, gurab de
as-bhearthar Art Imleach fris. Agus isé cédduine lais a
ndearnadh rátha agus dúnta ar dtúis i nÉirinn é, agus
do-bheiredh uisge ina dtimchioll.



Breisrí, mac Airt Imligh, mic Éilim Oilfhínshnechta
bliadhain ar fhichid dó i ríghe nÉireann. Agus ba rí ar
ríoghacht é, agus roba ríoghdha a dhelbh agus a einech
agus a fhlaithios. Agus do bhris sé iolchatha for
Fomhorchuibh ag cosnamh Éireann friu agus dá ndíochur
aisti.



Séadna Ionarrach, mac Breisríogh mic Airt Imligh
.i. Séadna an Tuarasdail, oir, isé an chédrí tug tuarasdal
d'amhsaibh i nÉirinn ar dtúis é; agus dá bhliadhain ar
fhichid dó i ríghe nÉirionn.



Duach Fionn, mac Séadna Ionarraigh, mic Breisríogh,
cúig bliadhna dhó i ríghe nÉirenn.



Eanna Dearg, mac Duach Finn, mic Séadna Ionarraigh,
mic Breisríogh, naoi mbliadhna i ríghe Éirenn dó, go
dtorchair do thámh i Sliabh Mis go sluaghaibh agus go
sochraide uime.



Lughaidh Iardhonn, mac Enna Dheirg, mic
Duach Finn, deich mbliadhna dhó i ríghe nÉireann.



Eochaidh Uaircheas, mac Luighdheach Iardhuinn,
dá bhliadhain dég dó i ríghe nÉireann. Is aire ad-bhearar
Eochaidh Uaircheas fris .i. "ceasa uara" bhádur
aige ina chobhlachaibh .i. "uar" gaothach, nam
"ceasa" dicitur, ó do ionnsaigh forsan nGréig.
Is a corraibh a long ro ghabh gach ní ro ghabh ingach
leith fán ndomhan.



Lughaidh Láimhdhearg, mac Eochaidh Uairches mic


L. 45


Luighdheach Iardhuinn secht mbliadhna i ríghe
nÉireann.



Art, mac Luighdheach Láimhdheirg, mic Eochaidh
Uairches, ceithre bliadhna go leith dó i ríghe nÉireann,
gur ghabh féin go huilidhe Éire ar marbhadh mBearnghail
mhic Geidhe, ríogh Éireann.



Oilill Fionn, mac Airt mic Luighdheach Láimh-dheirg,
aon bhliadhain dég dó i ríghe nÉirenn.



Eochaidh mac Oiliolla Finn, naoi mbliadhna dhó
i ríghe nÉireann, agus is lais do thorchair Siorlamh mac
Finn mic Brátha.



Lughaidh Laoighdhe, mac Eochaidh mic Oiliolla
Finn secht mbliadhna dhó i ríghe nÉirenn.
Rechtaidh Righdhearg, mac Luighdheach Laoighde,
bliadhain is fiche dhó i ríghe nÉirenn. Agus do bhí
ríghe Alban aige, uair ro ghabh Reachtaidh Ríghdherg
agus Labhraidh Loingsech agus Criomthan Mór mac
Fiodhaigh ríghe Albon. Isí inghean Sceiréid, ríogh
Chorca Dhuibhne, ó bhfuil an fine, ba bhen do Labhra
Loingseach, rígh Éirionn, agus is do shliocht Éibhir an
cineadh céadna.



Cobhthach Caomh, mac Rechtadha Righdheirg
Mogh Corb Cláire, mac Cobhthaigh Chaoimh, mic
Rechtadha Righdheirg, .i. ag Cláire do bhí a árus agus
is uadha ainmnighther, triocha bliadhan i ríghe Éirenn,
agus is leis torchair Meilge Molbhthach, rí Éireann.



Fear Corb, mac Mogha Corb, dafhiched bliadhain
dó i ríghe nÉireann, agus is lais do-chear Iairnghleó
Fáthach mac Meilge Mholbhthaigh.



Adhamhar Foltchaoin, mac Fir Chorb, triochad
bliadhan dó i ríghe nÉireann. Agus Flidhis Fholt-


L. 46


chaoin, in ríoghain do Thuathaibh Dé Danann, isí
fá bean d'Adhamhar mhac Fir Chorb. Is uaithi adeir-
thear "buar Fhlidhis," uair is comhmór do blighte
ba agus eilti gach laithe re a linn.



Nia Seaghamhain, mac Adhamhair Fholtchaoin,
secht mbliadhna dhó i ríghe nÉireann. Agus isí
an Fhlidhis sin a mháthair. Agus do blighthe in
diabhul buair sin i bhflaithius Niadh Seaghamhain.
Agus is uatha sin adeirthear Seaghamhain .i. "seghdha
a mhaoin," oir ba mór a mhaoin do na neithibh sin
seach na ríogha eile. Gonadh de sin ro chan an file an
rann so:



B 1729ls 18T
...Agus is do dhiabluigheacht an diabhuil buair...



B 1716-17ls 18T

Maith taoiseach, meadhomhoin meadh,
do-rinn Nian Seghamhoin sen;
is dó robdar eilte ba
do Nia Seaghamhain siabhra.




Nó, isiad an t-aos sidhe no-thinóildís chuige ba agus
eilte dá mbleghain ina fhlaitheas, ut dixit poeta:




Nia Seghamhain séaghda an rí
ro ghabh Éire go bha thrí;
is hé adibh digh lois
do chloinn Eochaidh Airgedrois.




Ionadhmhar, mac Niadh Seghamhain, naoi
mbliadhna dhó i ríghe nÉireann; agus is fris ad-bherthaoi
Iocht Mór. Agus is dó do chan an file an rann so:




Iocht Mór
ba fiú a chomhthrom d'ór
do ghin ó Nia Seaghamhoin


L. 47


isé ina thaoiseach, miadh ngal
dus-farraidh giolla Alban.




Lughaidh Luaighne, mac Ionadhmhair, mic Niadh
Seghamhain .i. i Luaighnibh Temhrach ro hoiledh é,
agus isé do mharbh Breasal Bóidhíobhadh, rí
Éireann. Cúig bliadhna fichead dó féin i ríghe
nÉireann dia éis.



Dhá mhac mhaithe la Lughaidh Luaighne .i. Criomhthan
Caomh, mac Luighdheach Luaighne; ba ríoghdhamhna
é go bhfuair bás la Conghal Cláiringneach, mac
Rudhraighe. Agus Cairbre Losg, mac Luighdheach
Luaighne an mac oile dho. Agus is uime adeirthear
Cairbre "Losg" fris .i. bacach ro-bhaoí. Fecht do-chuaidh
rí Éireann .i. Conghal Cláiringneach, mac
Rudhraighe, do ghabháil giall Mumhan; agus isé Cairbre
mac Luighdheach Luaighne fá rí Mumhan an tan sin.
Do fearadh cath eatorra, agus ro mhuidh for Muimh-
nechaibh; gurab d'fhoillsiughadh an chatha sin ro
budh bacach Cairbre in gcéin bhaoi beó; gonadh de
sin goirther Cairbre Losg dé. Agus is uadha aderair
Leathad Luisg, air is ann bhaoí a árus. Bhaoí
bainchéile ghnóthach la Cairbre Losg .i. Eithne in
Ghubha a hainmsidhe máthair an dá mhac mhaithe
do bhí aige.



Dhá mhac mhaithe la Cairbre Losg .i. Duach agus
Deaghadh a n-anmanna. Bhí iomchosnamh mór eatorra
.i. iomchosnamh na hÉireann, agus ba hadhbhar
ríogh Éireann ar dheilbh agus ar ghníomh gach mac
díobh; air ní raibhe i nÉirinn dias ba chuchtghloine
agus ba chaoimhe iná iad; agus Deaghadh an sóisear ag
dul tar an sinsear .i. ag dul tar Duach, chum ríghe


L. 48


nÉireann; agus ba holc la Duach anísin. Do chuir
Duach techta ar chenn a bhráthar, agus táinig Deghadh
go hairm i mbaoí Duach. Do gabhadh la Duach é,
agus do bainedh a ruisg as a chionn gur bha dall
Deghadh iarsin. Gonadh dhe sin do len Duach Dallta
Deaghaidh dhé .i. ó dhalladh a bhráthar. Isé sin an
chéaddalladh do rinneadh i nÉirinn. Ó'd chuala
Eithne an sgél sin .i. a mac do dhalladh a meic oile, ba
brónach de sin, gur mheabhaidh a croidhe go bhfuair
bás do chumhaidh a mic. Gonadh dhé sin do chan an file
na rainn seo:




Duach is Deaghadh go ndeilbh nglain
da mhac Cairbre Loisg leathain;
bhádar an dias taoibhgheal seang
ar tí oirechais Éireann.



Do gabhadh Deghadh 'na thoigh
ag Duach aga dhearbhráthair
agus do dalladh go dian
in Deaghadh sin gér dhroichciall.



Ó'd chuala Eithne an gubha
de sin ní dhearna subha:
dalladh a mic re n-a mac
mebhaidh a croidhe comhnart.



De do lean ingach iath ard
ro adhar in cor crógharg.
Duach Dallta Deaghaidh mar daigh,
ó do dalladh a bhráthair.


L. 49


Gibé do-neith aga thigh
céaddalladh Éireann d'fhiafraighidh
isé Deaghadh go ndeilbh nglain
do dalladh leis an Duachsain.




Is-bhearaid aroile foirend Deaghadh mac Sin
d'Érnaibh Mumhan isé ro oil Duach, agus do lil
Duach dalta Deghaidh de iarsin slicht sin.



Ro ghabh Duach Dallta Deghaidh ríghe nÉirenn
iarsin, agus is lais do thorchair Conghal mac Rudhraighe,
rí Éireann, agus ro ghabh féin ríghe nEireann dá éis
deich mbliadhna go dtorchair le Fachtna Fáthach mac
Cais mic Rudhraighe agus la hUltaibh. Isiad do
mharbh Duach Dallta Deghaidh. Ó do thuit Duach
Dallta Deaghaidh, ro fhuirmidsed Éarna agus síol
Eiremhóin mhic Mhíledh for Eochaidh Fer Fuirmhidh
mac Duach .i. "fear for-rofhuirmed" .i. a lagadh
agus a laghdughadh agus a aimhnertughadh go mór;
agus isiad do rinne sin fris .i. Clanna Deaghaidh
mic Sin, ó dtorchair Duach Dallta Deaghaidh la
hUltaibh. Ro fhuirmhidhsed Éarna agus Clanna
Deaghaidh for síol Éibhir mic Míledh iarsin agus attracht
nert Cloinne Deghaidh tairsibh.



Ro ghabh Iar mac Deghaidh agus a bhráithre
ríghe .i. Dáire mac Deaghaidh agus Binde mac
Deaghaidh a quo Dún mBinde, Ros agus Foraon,
agus Glas agus Caoimhghen Congainchneas, agus Lí
mac Deaghaidh a quo Tráigh Lí.



In sechtmhadh fer don gheinelach ó Eochaidh
Fer Fuirmhidh mac Duach Eoghan Taidhlech darbha
chomhainm Mogh Nuadhat, a quo Leath Mogha. Ro


L. 50


hionnarbadh tráth clanna Éibhir mic Míledh agus
clanna Duach Dallta Deaghaidh i n-iarthar Mumhan
la clannaibh Deghaidh mic Sin, air isiad imle Iar-mhumhan
agus ranna Ó Ráthach agus oiléin in mhara
fearainn cloinne hÉibhir ó do marbhadh Duach Dallta
Deaghaidh la hUltaibh gur ghabh Mogh Nuadhad
foirneart for Éirinn.



Ro ghabh Dáire mac Deaghaidh mic Sin ríghe Mumhan
iar n-ionnarba síl Eiremhóin don Mhumhain, agus
adubhradar a dhraoithe an tansin ré Dáire: an
uair do bheradh an inghen do rugadh dó mac gomadh é
sin tráth no-eibéaladh, agus gomadh é fod a shaoghail
é. Do bhaoi coimhéd mór ag Dáire forsan inghin
iarsin, agus gé do bhí do toirrchedh í lais an mac óg do
chloinn Dáire. Do ghabhadar draoithe forchoimhéd
na hinghine, agus níor léigsed dí tuismheadh a
cloinne go cenn il-bhliadhan. Gidheadh do rug an
inghen mac iarsin, agus is amhlaidh do bhí an mac sin
iar n-a bhreith go dtrillis fad láimhe laoich, agus go
dtinnfhás ulchan fair. Naoine Naoimbreathach
ainm an mhic sin; .i. naoi mbreatha rug iar ngeinemhain
fo-chéaduair. Ro-bé trá an Naoine sin an treas
mhac iar n-a bhreith i nÉirinn do labhair; .i.
Morann mac mic Cairbri Chinn Chait, agus Aon mac
Ollamhan mic Dealbhaoith do Thuathaibh Dé Danann,
agus Naoine Naoimbrethach in treas mhac. Agus
ad-bhath Dáire mac Deaghaidh intan rugadh Naoine
Naoimbreathach.



Gabhais Eoghan mac Iair mic Deaghaidh mic Sin
ríghe iarsin, go dtorchair la hÉanda Munchaoin
mac Lóich mhóir do thorchair la Coin gCulainn ar
shluaghadh Tána Bó Cuailnge mic Niadh Feibhis .i.
Feibhis ainm a mháthar.


L. 51


Do ghabh Énda ríghe Mumhan iarsin, go ros-mharbh
Cúraoi mac Dáire mic Deaghaidh mic Sin.



Éire gan rígh iarsin acht na cóigeadhaigh go haontadhach ré chéile
ag coimhéd tsíodha Éireann. Agus
isiad so na cóigeadhaigh ro-bhaoí ann an tan sin .i.
Deaghadh mac Sin agus Tighernach Tédbhendach for
Mumha; Oilill mac Mada Muirsci for Connachtaibh;
Conchubhar mac Fachtna for Ultaibh; Mes Gedhra
mac Airt Mes Delmhan for Laighnibh. Eidersceól
Mór i dTeamhraigh. Iarsin rí for Éirinn eision go
ros-mharbh Nuadha Necht mac Séadna Síothbhaic.



Ro ghabh Conaire mac Eidersgeóil ríghe Éireann
iarsin, agus do-cher Nuadha lais. Ba rí Mumhan
Dáire Dornmhór mac Cairbri Fhinn mic Conairi
Mhóir, agus Cairbre Cromchenn mac Dáire Dornmhóir.
Na cóigeadhaigh iarsin for Éirinn .i. Foirbre mac
Finne agus Lughaidh Ollathach for Mumhain; agus
Sanbh mac Ceit mic Mághach for Connachtaibh, agus
Oilill mac Conrach for Ultaibh; Eochaidh Aincheann
for Laighnibh.



Agus ba rí Mumhan Eochaidh Iolchrothach .i. Mogh
Lámha; agus is aire ad-bhertha Mogh Lámha fris
.i. ag tabhairt uisge for lámhaibh a oide .i. ríogh
Laighen do bhí Eochaidh an tan ba hóg é, agus is de
sin do goirthí Mogh Lámha dhé. Agus ba rí Mumhan
Sreabhghen mac Niúil mic Fiodhbhaidh .i. fuithe go
dtorracht la Deirgtheine mac Éanda Mhunchaoin, do
thorchair i gcomhrag aonair la Coinraoi fa cheann
ríghe Mumhan.



Dáirfhine agus Deirgthine i gcomhfhlaithios Síol
Luighdheach mic Íthe mic Breoghain, agus Síol Éibhir


L. 52


mic Miledh Espáine; uair isiad sin an dá chinéal bhaoí
um chóir chodaigh agus chomhrainne i Mumhain
intansin um ríghe agus breitheamhnas agus altrom.
Deirgthine .i. fine Deirg mic Deirgthine, agus
Dáirfhine .i. fine Dáire Dhoimthigh mic Sithbhuilg,
isiad sin do shaor Mumhain intansin; agus is eatorra do
bhíodh an roinn .i. an tan do bhíodh an ríghe ag Dáirfhine,
mac altroma agus breitheamhnas ag Deirgthine.
Intan do gabhthaoi ríghe ó Dheirgthine an céadna ag Dáirfhine.



Agus do bhádar forsan gcodach gcomhrainne (sin)
ó ré Íthe mic Breoghain, agus Bile mic Bratha mic
Breoghain go ré Mheic Con mic Maicniadh agus Eoghain
Mhóir mic Oiliolla Óluim. Agus dobudh cóir gomadh
annsin budh fearr a gcodach agus a gcumann re aroile
óir rob ionann máthair le Mac Con agus la hEoghan mac
Oiliolla Oluim .i. Sadhbh inghen Chuinn Chédchathaigh
a máthair a ndías. Agus is i gcóir codaigh agus breithemh-
nais ro bhaoí Mac Con acasamh; air an chéadaltrom
ar tús do Saraid inghen Chuinn Chédchathaigh, agus
do Neimhidh mhac Sraibhghin d'Érnaibh Mumhan, dia
mbaoí Lughaidh mac Dáire Dhoimthigh i ríghe, agus
Oilill Olom, mac Mogha Nuadhad, isé ba mhacaomh
acasamh.



Garbhán mac Mogha Nuadhad ba taoiseach
Mumhan, agus ba breithemh intansin; agus ba draoi
do Shaidhbh inghen Chuinn antí Garbhán, ó do-chear
Lughaidh Dáire .i. athair Meic Con.


L. 53



Ó OILILL ÓLOM GO CORMAC CAS.



Do ghabh Oilill Ólum ríghe Mumhan tar éissin.
Do-luidh Sadhbh inghen Chuinn 'na mnaoi agus 'na
bainchéile go hOilill annsin, agus Mac Con 'na mhacaomh
lé, agus breithemhnas ag Dáirfhine intansin. Ro ghabh
Mac Con gníomha iomdha fair i dtigh Oiliolla .i.
inilnecht agus macaomhacht, agus breithemhnas, agus
flaithemhnas agus filidhecht, agus gach breithemhnas
archena. Ro fhormadaigh go mór Oilill ar gclos na
n-airdghníomh sin fria Mac Con, ó chroidhe ó ghníomh
agus ó mheanmain. Sealaighecht Dáirfhine agus
Deirgthine fá ríghe Mumhan gonuige sin, óir isiad
Dáirfhine do bhíodh i n-aghaidh Dheirgthine an tan sin
.i. Érna Mumhan, agus Dáirfhine do rádh riu sin ó
Dháire mac Deaghaidh mic Sin; óir do bhí sealuidhecht
agus iomchosnamh ag Dáirfhine um an ríghe fria cloinn
Deirgthine mic Éanna Munchaoin. Ó Dháire mac
Deaghaidh Conaire mac Mogha Lámha, agus ó
Dheirgthine gach rí oile. Ba rí Éireann Conaire iarsin
agus ba rí Mumhan Mogh Néid mac Deirgthine,
agus Eoghan Mór mac Mogha Néid.



Eoghan, trá, cheithre hanmanna bhádar fair .i.
Eoghan Mór, Eoghan Fidhfecach, Eoghan Taidhlech
agus Mogh Nuadhad, amhail adeir an file san rann so.




Ceithre hanmanna gan bhrón
bhádar for Eoghan Mhór
Eoghan Fidhfecach fial ngart,
Eoghan Taidhlech, Mogh Nuadhad.


L. 54



Eoghan a ainm ó thuistidhibh .i. ó. ghin .i.
"gin mhaith." Agus is de atá "Eoghanacht"; do thoradh
na mbeannacht tugsad fir Éireann air, ar a ghairt agus
ar a fhéile friú, agus ar a dteasargain don ghorta i
rabhadar. Eoghanacht de-sin .i. "boin-iocht" .i.
"iocht mhaith" dó fir Éireann do shaoradh ar an ngorta
i rabhadar. Nó,"Eoghaneacht" .i. "neacht Eoghain"
.i. neacht clann nó cinéal, .i. na seacht nEoghanacht.



Is de rob ainm dó Eoghan Mór .i. mór é os cách, agus a
chlann is a chinéal in dhiaidh feisin.



Eoghan Taidhlech do rádh fris .i. feacht do-chuaidh
Eoghan Mór don Easbáin ar céilidhe. Isé fa rí san
Easbáin intansin .i. Éimhir Mór, mac Míodhna.
Fuair Eoghan gradam agus aoibh agus onóir san
Easbáin, agus do bhí naoi mbliadhna innti don toisc sin.
Bhaoi inghen amhra ag an rígh an tan sin i n-aontumha;
Bérra inghen Éimhir a hainm; agus tug sí grádh
égmhaise d'Eoghan ria ndul isan Easbáin dó ar a
thuarasgbháil do chlos. Tug, trá, Eoghan an inghen
iarsin, agus do rug sí clann amhra dhó .i. dias mhac agus
dias inghen. Oilill Ólom agus Lughaidh Lágha na
mic; Caoimhneall agus Sgoithniamh anmonna na
n-inghen.



Do thigedh isan aimsir sin Éimhir mhic Mhíodhna,
isin sechtmhadh bliadhain, bradán builgbhreac dathach
do shruith na ndúl a Parrthas go sruith Híbear san
Easbáin. Agus is amhlaidh do bhí an bradán sin agus
tlacht olla fíoráille go gcinéal gacha datha taitneamhaigh
tríd. Agus do fríth an bradán sin la hÉimhir i n-aimsir
Eoghain do bheith insan Easbáin, agus do benadh an


L. 55


tlacht olla sin de, agus tug Éimhir an olann ioldhathach
dia inghin .i. do Bhérra inghen Éimhir, agus do rinne
Béarra brat taidhleach taitnemhach loinneardha
lánáluinn de; agus ba lán do dheallradh agus do thaitneamh
re a fhaicsin é; agus tug sí d'Eoghan an brat sin,
agus isé do bhí uime ag tuidheacht i nÉirinn dó. Conn
Cédchathach mac Feidhlimidh Rechtmhair i ríghe
nÉirenn an tan sin. Agus rob iongnadh mhór la feraibh
Éirenn in brat loinneardha lánáluinn bhaoí fá Eoghan.
Gunadh ó "thaidhle" in bhruit sin ro lean Eoghan Taidhleach de.



Eoghan Fidhfheacach do rádh ris an bhfer gcédna:
óir do bhádar trí dúnaidh aige, agus Fidhfheac ainm
gach dúnaidh díobh. Bhaoí trá, Eoghan, ag cur agus
ag fighe agus ag feacadh in fhedha sin la cách. Gunadh
de sin ad-bherthar Eoghan "Fidhfheacach" fris .i. ó
"fheacadh in fhedha" aga cur. No "fidhfeach" ó "fhidhe"
na feadha céadna aderair.



Mogh Nuadhat umorro do rádh ris. Ní hansa.
Is aire ad-bhertha an t-ainm sin air ba dalta é do
Nuadha Dhearg mac Dáirfhine mic Bairidh. Agus do-
rónadh ráth ríoghdha aigesiomh, agus do bhádhas
ag tochladh múir uimpi. Bhaoí Eoghan 'na mhacaomh
ag dénamh na ráithe sin go bhfeirsech bhferamhail.
Agus do bhí ráthmhogh amhra i nEirinn an tan sin .i.
Nuadha Sálfhada mac Aonghusa mic Fir dá Chríoch a
Cuailnge. Nert céd ann. Sáith caogad no-meledh.
Tugadh do dhénamh na ráithe sin é. Agus an tan
bhádur issin gcladh tarla cloch mhór i mbéul na
hoibre isin díg dóibh, agus do éimdhigh ar an mogh a
tógbháil. Agus do bhádar macradh in dúna ar chlaidhe


L. 56


na ráithe, agus Eoghan eatorra, ag féaghain an
mhogha iar n-éimdheadh na cloiche do thógbháil.
Do iarr an mogh ar an mhacraidh techt do thógbhail na
cloiche. Do éimdhedar an mhacradh in ní sin acht
Eoghan 'na aonar. Do-chuaidh Eoghan isan chladh
iarsin. Do iaidh a dhá láimh fán gcloich, agus do
chuir ar uillinn deisceartaigh in dúnaidh í, agus
atá ann ó shoin alle. Adubhradar cách uile:
"Is mogh é súd ag Nuadhait," ar siad.
"Biaidh an t-ainm sin air go bráth," ar an draoi,
".i.Mogh Nuadhad."



Gonadh uime sin do lean Mogh Nuadhad de.
Luidh Mogh Nuadhad iarsin do ghabháil ríghe
Mhumhan, agus a oide lais. Bhádar dá rígh for Mumhain
intansin .i. Lughaidh Allathach mac Dáire Dornmhoir,
agus Aonghus do shíol Chonaire Mhóir. Tugadar trí
catha do Mhogh Nuadhad, agus do bhrisiodar orra
na catha sin; agus fá díobh cath Samhdhoire.
Is ann do marbhadh Dáire Dornmhar la Mogh
Nuadhad. Do-chuaidh Aonghus iarsin d'iarraidh
chabhra ar Chonn Cédchathach, óir isé fá rí Éireann
an tan sin; agus tug Conn cúig catha do chongnamh
d'Aonghus í n-aghaidh Mhogha Nuadhad; agus
tugadar cath do Mhogh Nuadhad i nUíbh Liatháin; agus
do mhaidh forra, agus do-chear Aonghus féin insan
chath sin.



Ro fhás cogadh mór idir Chonn Céadchathach agus
Mogh Nuadhad iarsin, agus do bhris Mogh Nuadhad
deich gcatha for Conn, agus do marbhadh
mórán do mhaithibh a mhuinntire. Acht chena níor
fhéadsad fir Éireann síoth ná riarughadh na deisi
sin ré chéile, acht Éire do roinn i ndó etorra .i. ó Áth


L. 57


Cliath anoir gusan ndruim fora bhfuil Cluain Ioraird agus
tar medhón Éireann go Cluain mac Nóis, agus siar go
hÁth Cliath Meadhraighe i gcrích Óg mBeathrach;
isí sin coigcríoch bhaoí etorra ar an roinn do rinnedar;
agus ar an ní ar a bhfuil toradh bennacht
bhfear nÉireann for sliocht Eoghain ised ad-féd inso,
agus do adhmholadh Mogha Nuadhad seach cách.



Ba rí for Mumhain airsin Eoghan Taidhlech.
Bhádar trí dúna aige, .i. Fidhfeac ainm gach dúna
dhíobh, agus is de ba fidhfeacachsamh; aon
díobh i dtaoibh Glais Smóil, aroile i nUcht mac
Caochaigh i gcrích Chiarraighe Luachra; in tres dúnadh
i dtíribh Dealbhna i nUíbh Néill. Baoí gníomh ingach aí,
agus bhaoí fáidh ingach dúnadh dhíobh.



Feacht ann iarsin iomchomhaircidh Mogh
Nuadhad dia dhraoithibh .i. da gach aí dhíobh i
n-égmhuis aroile tionnramha na haimsire, agus na
hÉireann, agus a dhála féin. Is-bert gach fer díobh
fris:



"Tiocfa gorta mhór dia éisi i nÉirinn."



"Cia tan thiocfas sin?" ar Eoghan.



"I gcionn ocht mbliadhan," ar an draoi
Cesc: "Caidhe bhur gcomhairlesi uime sin," ar
Eoghan. Isedh adubhairt an chédfháidh aca fris:
"Ren," ar sé. "ór agus airged ar bhiadh, agus
bíodh ceathrar ar bhiadh an trír, agus triar for biadh
deisi agat."



Agus fiafraighes don dara draoi agus don treas draoi
an cédna, agus adubhairt siad fris gur mhaith dó a
ór agus a airged agus a dheghmhaoine do chionn bídh.


L. 58


Gidheadh, adubhairt fris dúna móra agus áruis
daingne do dhénamh um an mbiadh sin, ionnus nach
féadfaidhe a dtoghail; agus amhsa agus aos díolmhaine
do thochuiredh chuige, agus biadh agus
éadach do thabhairt dóibh, agus Éire do chosnamh leo.



Do rinne Eoghan amhlaidh sin ar thegasg na
bhfáidheadh, agus táinig gorta mhór dia n-éisi
go fóirlethan for fhearaibh Éireann go nach baoí ní
aca do chaithfidís; go dtabhrahh in duine é féin agus
a chlann ina dhiaidh ar a mbeathughadh. Do-rónadh
aon-chomhairle uime sin ag fearaibh Éireann go comh-
choitchionn .i. teacht do thoghail a dhúin agus a
dhegháruis ar Eoghan muna gcrenadh a bhiadh
friu, nó a bhfreastal fá chath. Ro chuingidh
Eoghan orrasamh osadh trí lá agus trí n-oidhce fria
comhairle do dhénamh. Tugadh dósamh sin. Agus do
bhí Eoghan agus a mhuinnter ag dénamh na comhairle,
trí lá, agus iad ag ól agus ag aoibhneas; agus do
tochuireadh chuige annsin aos díolmhaine agus
ceitherna gurbad measca meadharchaoin soimheanmnach iad.



Bhádur fir Éireann ina dtrosgadh fris an ré sin, agus
ba meirtnech anbhfann iad iarsin. Táinig Eóghan i
gcionn trí lá agus teóra n-oidhche dia n-agallaimh,
agus ro fhiafraigh díobh cidh badh áil dóibh do dhénamh.



"Badh áil linn," ar siad sin, "ór agus airgead agus
deghmhaoine do thabhairt duitse ar an iomarcaidh
bídh agat; agus gur chóir duit a thabhairt do dhaoinibh


L. 59


dia bhfurtacht ar an ngábhadh i rabhadar, agus dia
mbeathughadh."



Adubhairt Eoghan nach dtiobhradh a bhiadh ar ór
ná ar sheódaibh, dáigh ní riu is mó rig a leas.
Agus adubhairt gach aon dá mbadh áil bheith aige ar
a shon go dtiobhradh biadh agus éadach dó dá chionn;
agus gibé lé mbadh áil go dtiobhradh freasdal catha
dhó. Agus fá maith acmhuing a fhrestail aigesiomh
intansin, air ba sanntach saothrach ro-bhaoí a shochruide,
agus ba sáthach bídh agus codalta iad, agus ba
hanbhfann meirtneach a raibhe ina aghaidh.



Is annsin adubhradar Éirionnaigh uile fria hEoghan:
ba mó a dhochar díobh bheith ag Cairbre Cinn Cait
dá n-aimhdheóin, iar marbhadh saorchlannn Éireann
lais, agus do shecht tuatha Teamhrach gan dúthchas
ríogh ná oiremhon ná flaithemhnas acht flaitheamhnas
Éireann do ghabháil a heiteachus agus a brughachas,
inás bheith dá ndeóin ag mac ríogh Mumhan, agus
ag ua ríogh Éireann, agus ag an dara préimh is ag
fírphréimh bhunaidh follamhnais agus flaithemhnais
na hÉireann tar cheann sochair agus leasaighthe.
Cidh trácht, do tugadh flaithes Éireann i n-ucht
Eoghain annsin; agus tugadh rátha agus treabhaireadha
Éireann isin ionbhaidh sin dó .i. grian agus
éasga, drúcht agus muir agus tír re láimh Eoghain um
fhlaithios Éireann dó féin agus dá mhac dá éis.


L. 60


Bádar fir Éireann fria ré teóra mbliadhan amhlaidh
sin ag Eoghan, agus ní riabh duine, do mhnaoi ná
d'fhior, gan a bhforthain bídh d'fhagháil ar an
bhfeadh sin. Ro shir Eoghan aisgidh orra annsin .i.
trí gáire díochra deghbhennachtan a haithle coda
gach n-oidhche dó féin agus dá shíol 'na dhiaidh, ionnus
go mbeith sonas agus saidhbhreas aca tré bhioth shíor,
go nach díobhadh flaithes Eoghain go bráth.



Is annsin ro fhás in ceathramhadh ainm fair .i. Eoghan
Mór .i. Eoghan ós cách .i. Eoghan do-roisc do gach
aon, fris nach fuil neach i gcomhardadh ná i gcomann
codruma. Gonadh d'fhoirghioll an sgéil sin ro chan
an file agus an seanchaidh na roinnse ag adhmholadh
Eoghain .i. Aodh Albanach, ollamh Éireann:




Inamhail Eogain Táidhligh
ga mbiathaighthe deaghaídhidh
is triana eineach gan fheall
ro-siacht ardfhlaithes Éireann.



Fir Éirenn uile uile
idir thráigh agus tuile
fria ré thrí mbliadhan go mbloidh
ro-biathadh isna fidhfecaibh.



Do-radsad rátha gan oil
fir Éirenn re láimh Eoghain
gomadh an céillidh cas
do bhiadh orra i n-aireachas.


L. 61



Boí Eoghan Mór amhlaidh sin i ríghe nÉireann
agus ro treabhadh Éire uile lais, agus ro iomdhuigh an
biadh rena reimhes go nárbha lia in féar nó in t-uisge
inás. I gcionn chúig mbliadhan iarsin ro iompoigh
tuaiscert-leth Éireann iom Chonn Chédchathach .i.
um an dara huaithne congbhála flaithesa Éirenn
Bádar ag cosnamh na ríghe leis. Ro óbair Eoghan
gabháil ar eidiribh agus Éire uile do chosnamh dó féin.
Agus ishé coigeartas do-rónsad fir Éireann eatorra do
scur catha agus cogaidh agus coimheirghe dhíobh Éire
do roinn i ndó etorra .i. ó Áth Cliath anoir iar
nEisgir Riada, siar go fertais Meadhraighe; agus ó
thá sin ba thuaidh do Chonn, gonadh uaidh sin
adeirther Leath Cuinn; agus an leth theas d'Eoghan
Mhór.i. Mogh Nuadhad, gonadh uaidh ráidhter
Leath Mogha. Bádar imorro forsan chóir ronna sin
re reimhes cian .i. cúig bliadhna déag. Iarsin,
tráth, do-rala idir Chonn Chéadchathach agus Mogh
Nuadhad, agus ro chuirsed cath Muighe Léana; agus
torchair Eoghan Mór san chath sin le Conn.



Ba mór an sgéal sin Eoghan Mór do thuitim i Muigh
Léna, óir isé an treas ghein tsochair Éireann
riamh é .i. Lugh Lámhfhada ar mharbhadh
fine Fomhorach tríd an ndaoirse i rabhadar fir
Éireann aca; agus Eoghan Mór ar an ngorta agus ar
an riachtanas i rabhadar fir Éireann d'fhóirithin dó,
mar adubhart romhainn; agus Brian Bóroimhe ar


L. 62


Lochlannaigh do dhíbirt agus ar an mbroid i
rabhadar Éirionnaigh aca do chosg. Agus bíodh
airfhios agat a léightheóir nach i gcath do marbhadh
Eoghan Mór, acht a ionnsaighe moch maidne
agus é 'na luighe 'na leabaidh agus a mharbhadh i
bhfeall. Agus arna mharbhadh ar an ordughadh sin
níor mhuidh for fearaibh Mumhan, acht ro cuas uatha
ar chenn Mhaicniadh, mic Luighdheach do chloinn
Dáirfhine; agus ba gach re bhfecht do bhíodh an
ríghe idir Dháirfhine agus Deirgthine intansin,
amhail is-beart an file:




Cuma cuibhrinn bhádar de
cotroma a dhá maighine;
ionmhuigh bhádar imale
Deirgthine agus Dáirfhine.




Bádar iaramh fir Mhumhan ina longphortaibh
féin i Muigh Léna nó go riacht Maicniadh dá n-ionnsaighe,
agus ó do riacht chugtha do ríoghadh leó é, agus do
rádhsad fris cath d'fhógra for Conn Cédchathach.
Agus ro fógradh an cath iarsin for Conn; agus ba
leasg le Leath Cuinn in cath do thabhairt. Agus isí
comhairle do rinne comhadha móra do thabhairt do
Mhaicniadh agus d'fhearaibh Mumhan, agus an cath
do thoirmeasg. Agus ba hiad so na comhadha sin
.i. da chéd each n-imrim agus dá chéd carbad; agus.


L. 63


fail óir Chuinn badhéin, a charbad agus a dhealg
eagair, a gha agus a chloidhemh agus a sgiath;
dá chéd long agus dá chéd ga agus da chéd cloidhemh;
dá chéd cú agus dá chéd mogh; agus Sadhbh inghen
Chuinn Chédchathaigh 'na mnaoi do Mhaicniadh; agus
coirpdhíre Eoghain ina dtuilledh; agus céd do gach
crodh ó sin amach.



Isiad do-chuaidh ris an dteachtairecht sin .i.
Ciothruadh mac Fir Caogad Cecht, agus Croitín in
file, agus in draoi; agus do-rinne Ciothruadh an
laoidh so:




A mheic déna síth re Conn,
fotha anghlonn iomaidh niadh,
go nach tugtha fraigh re fraigh
ná colg fri colg don mhál liath.



Ad-fia dá chéad gabhar ndonn
go gcúl trom ós mairg gach aoin;
ad-fia dhuit id dheaghdhóid deis
a eó fri feis, ferr gach maoin.



Ad-fia dá chéd fearb, ro-feas,
ar in aird red leas, a fhir;
ad-fia dá chéd barc fri rian
re neart niadh is cosc do ghoil.



Ad-fia éiric Eoghain Mhóir,
ad-fia ór fri dilse ndruin,
ad-fia os clith Eiscir uill
re Meadhraighe ngluinn sceo go muir.


L. 64


Ad-fia dá chéd moghadh ndaor
ag déanamh aoth i fri gníomh ngliadh;
ad-fia dá chéd colg is sleagh
i ndóidibh fer fri díth fiadh.



Ad-fia Sadhbh inghen Chuinn
dáigh fabhuill diongbhála dheit
ad-fia mál Temhrach dod réir
ná medhraigh do chéill a mheic.
A. mh.




Ro ghabhsad fir Mhumhan agus Maicniadh na
comhadha sin, agus do-rónsad síoth, agus leath
Éireann dóibh .i. ó Eiscir Riada ba-dheas, amhail bhoí
ag Eoghan. Dá bhliadhain do Chonn iar n-ég
Eoghain, go ros-marbh Tiobraide Tíreach mac Máil
(mic) Rochroidhe.



Ro fhágaibh Eoghan dá mhac dia éis .i. Oilil
Ólom agus Lughaidh Lágha. Lughaidh Lágha, imorro
ro-bé an tres tréinfher d'fhearaibh an domhain é,
agus ro-bé an tres laoch is fherr tug a lámh i láimh
thigherna i nÉirinn riamh é, .i. Conall Cearnach agus
Lughaidh Lágha agus Caoilte mac Rónáin. Isé an
Lughaidh Lágha sin ro mharbh Art mac Cuinn, Airdrí
Éireann, i ndíoghail a athar. Agus isé ro mharbh
Ferghus Duibhdhéadach, rí oile Éireann. Agus isé
ro mharbh Ferghus Foiltleabhair agus Ferghus Caisfhiaclach,
dá rígh Uladh. Isé ro-mharbh Beinne Briot,
rí Breatan, .i. tréinfher Eórpa, agus isé do rinn
mórán d'éachtaibh oile idir sonn agus tall. Agus


L. 65


níor fhágaibh clann do neoch ór síoladh acht Eoghan
Ruadh ro bhaoí maraon re Fatha Canann; agus
fá dá shíol Mo Lua mac Oiche.



Oilill Ólom, umorro, an mac oile d'Eoghan isé ro
ghabh ríghe Leithe Mogha iar Maicniadh mic
Luighdheach. Isé céadduine do thógaibh éiric
Eidirsgeóil macu Iair .i. athair Chonairi Mhóir mic
Eidirsgeóil, ó Laighnibh. Agus ba hí an éiric sin trí
chéd bó fhionn, agus trí chéd lenn data, agus chéd
cloidhemh n-órdhuirn, agus trí chéd torc mór dtrom.
Agus isí sin an éiric tugadh ó Osraighe go bráth do rí
Mhumhan. Fri ré secht ríogh ro toibhghedh an éiric
la Muimhneachaibh, agus isiad so a n-anmanna, .i.
Oilill Ólom, agus a mhac .i. Cormac Cas; agus
Fiachaidh Muillethan mac Eoghain; agus Mogh Corb
mac Cormaic Cais; agus Oilill Flann Beag; agus
Lughaidh mac Oiliolla Flainn Bhig; agus a mhac sin
Corc mac Luighdheach mic Oiliolla. Agus ro-bé an
tOilill Ólom an tres tenn Éireann re a ré, .i. Oilill Ólom,
agus Fionn mac Cumhaill agus Lughaidh Lágha,
air ní bhaoí a leath aird ag duine san domhan.
Naoi meic dég ro bhádar ag Oilill Ólom, amhail
is-beart an file:




Oilill Ólom amhra an ghin
mac Mogha Nuadhad neimhnigh
naoi mic dég ro chinsed uadh
ro-fhoghailsead mór mórshluagh.


L. 66



Níor síoladh acht ó thriúr díobh sin, .i. Eoghan,
Cian agus Cormac Cas. Agus fá dá shíol Mac Lughach
.i. féinnidh amhail is-bert an file:




Isé ró-athair áirmhidh
ag Mac Lughach lánfháilidh
Dáire Dearg mac Conaill chain
mic Oiliolla mic Eoghain.




Isé Cormac Cas ro ghabh ríghe Leithe Mogha iar
nOilill, amhail is-beart an file .i. Cormac mac Cuileannáin
i Saltair Chaisil:




Cormac Cas ro ghabh an ríghe
iar nOilill (Ólom) na n-iath
ó Rinn Tairbrech traoth tréan airlech
soir go hÁth caoin claidhmhech Cliath.




Ro-bé in Cormac sin in cúigmheadh gaisgedhach is ferr
bhaoí i nÉirinn. Cúiger iaramh bhádar i
nÉirinn an tan sin, agus ní bhaoí i nÉirinn neach ba
ionchomhlainn do neoch díobh acht duine dhíobh féin,
.i. Lughaidh Lágha, Fionn mac Cumhaill, Lughaidh
mac Con, Cormac Cas agus Cormac Gaileang.



Isé an Cormac Cas sin cédduine do chodaigh cogadh
in choigcríochais fri Leath Chuinn agus isé cédduine do
chumasdar ceart cánachais agus follamhnais agus
flaithesa for Tuadhmhumhain. Agus isé tug naoi
n-uinge óir agus trí chéd uinge d'airged i n-énló ar a


L. 67


adhmholadh d'éigsibh agus d'ollamhnaibh Éireann;
agus isé tug triocha creach ó Bhreatnaibh dia
raibhe for loingeis ar iomluadh cogaidh for Laighnechaibh,
gur ghéillsead dó airsin, agus ro thoibhigh éiric
Eidirsceóil macu Iair díobh.



Is chuige táinig Oirind Iolchrothach, inghen
Lodhairn Mhóir, ríogh Lochlann iar dtabhairt grádh
égmhaiseach dó; agus ar fheabhus a theasmholta agus a
thuarasgbhála táinig chuige. Do b'í an inghen sin,
Oirend, máthair chloinne Cormaic Cais .i. Mogh Corb
agus Aoife agus Eadaoine.



Fa hé an Cormac Cas so ro bhris ocht gcatha
coimhneartmhara curata ag cosnamh tsochair agus
tsaoirse Mumhan fri cóigeadhaibh Éireann, .i.
cath Iorrais, agus cath Damhsa fri Danaraibh, cath
Carman, cath Liamhna re Laighnibh, cath Cruachna
re Connachtaibh, cath Teamhrach re Fionnchaidh nó
Lughaidh agus Feis Tighe Berraigh, agus cath
aonaigh Taillten re Fiannaibh Éireann, agus cath
Samhna i Mairtine Mumhan, áit i dtorchair rí
Uladh, agus is ann do goinedh Cormac Cas, gonadh
dá fhullaghain ro ba marbh.


L. 68



RÍOGHRADH DHÁL GCAIS



Agus, ba mac don Chormac Cas sin Mogh Corb mac
Cormaic Cais, agus isé ro ghabh ríghe Mumhan iar
bhFiachaidh Muilleathan, agus is de is-beart Cormac
mac Cuilennáin an rann so:




In gcualaidh Mogh Corb mac Cormaic,
iar bhFiachaidh ba flaith re fóir
fir a fuinidh robdar formuid
re Mogh Corb mac Cormaic cóir.




Isé an Mogh Corb so ro thoibhigh cáin do chlannaibh
Chathaoir Mhóir. Is chuige tángadar dá bhráthair a
mháthar, .i. Araid agus Osna, dá mhac Ríogh Lochlann
arna n-ionnarba d'Iarrus Iarnnmhór, do rígh Lochlann,
go dtángadar tré thrénshochroidhe báidhe agus cairdesa
go mac a sethar.



Do-chuaidh, umorro, foirenn trí chéd long leó go
Lochlonnaibh. Gonadh annsin tug Mogh Corb cath
uathmhar aidhbhéil ainiarmhartha isin gcaladhphort
gciumhaisréidh dia dtorchair Iarrus Iarnnmhór, rí
Lochlonn, agus a cheithre mic agus ocht mbráith-
reacha ann, agus forgla ríogh agus rófhlaith ngaile agus
ngaisge Lochlonnach, agus trí mhíle fear maraon friú.
Ro fhágaibh dhá bhráthair a mháthar i ríghe Lochlonn;
agus ní innisid seanchaidhe, agus ní áirmhid ughdair i


L. 69


leabhraibh go ndeachas a hÉirinn riamh taoiseach
ba cródha ná an Mogh Corb sin ná toisg ba curata agus
ba mó miadh agus maise iná an siobhal sin, .i. cath
fraochda fearamhail feidhmláidir do thabhairt do
rígh Lochlann ar urlár a thíre féin; agus forbhais
fortamhail do dhéanamh ar lár críche Lochlonn idir an
gcineadh is gairge agus is beódha, agus do b'fherr
goil agus gaisgedh, isin domhan; agus dá rígh d'ordugh-
adh uirre; agus teacht slán go maiseach soimhenmnach
somhaoinech don chur sin.



Ba maith, dano, ríghe agus flaitheas an fhir sin.
Ba suairc séaghuin sochumainn fria banntracht agus
bandála, agus re haos gacha dána archeana, ba hangbhaidh
adhgharbh re heascairdibh, agus ba sona saidhbhir
síodhamhail a ríghe agus a fhlaithes. Gonadh aire sin
do chan an file .i. Aodh Albanach na roinnsi:




Ríoghdha atá an Mhumha ingach modh
go sonas go sobharthan,
gona grádha gona goil
go saidhbhir go síodhamhail.



Gona flaithibh for gach leath,
gona heineach ollbhlaidheach,
nís tig pudhair tar a bord
ag a héinrígh ag Mogh Chorb.


L. 70


Mogh Corb ua Eoghain mhóir mhais
mo-chean miadh a mhuinnterdhais
gin bhes i bhflaithius an flaith
biaidh an Mhumha go mórmhaith.



Nís lamhaid Ulaidh adtuaidh
náid Connachta a Cruachain chruaidh
Laighin gin go dtaod dá thigh
tig a gcáin go rígh Chaisil.



Énduine sin is fearr clú
idir Ghall is Gaoidhealu
im engnamh ghríobhdha 'sim ghart
im shaoire 'sim shaorchlannacht.



Im bronnadh airgid is óir
im fheabhus cumtha is comhóil
im ghairge mar nach dál damh
im ágh im airde im engnamh.



Inamhuil Eoghain Taídhligh
aga mbídís deaghaoidhidh
is tria n-a eineach gan fheall
ro-shiacht ardfhlaithes Éireann.



Fir Éireann uile uile
idir thráigh agus tuile
fri ré trí mbliadhan, buan blaidh,
ro-biatta isna fidhfeacaibh.


L. 71


Do radsad rátha gan oil
fir Éireann re láimh Eoghain
gomadh ua don chéillidh chas
do bhiadh forra i n-uireachas.



Iarmhua an fhir sin, rádh nach borb,
mac mic Oiliolla Mogh Corb,
tug a eineach as gach alt
tug a rath, tug a ríoghdhacht.
R.




Is lasin Mogh Corb sin ad-torchair Cairbre
Lifeachair mac Cormaic i gcath Muighe Tlachtgha,
amhail is-beart an file:




Ag triall ríghe muimhneach mas
ba foirtréan a fhlaithemhnas
la Mogh Corb mac Cais chreachaigh
do-cher Cairbre Lifeachair.




Bhaoí, iomorro, eineach agus tiodhlaice a athar
féin isin bhfer sin. Bhaoi, dano, gaisgeadh agus
allmhardhacht agus engnamh Lochlonnach ann; agus
ad-bheraid na seanchaidhe gurab é engnamh na
Lochlonnach sin do mhair riamh iarsin ag síol an
Mhogha Corb sin, agus go mairidh bheós ag a shíol
.i. ag Dáil gCais.



Is don Mhogh Chorb sin roba mac in fear cródha
curata confadhach .i. Fer Corb, caithmhíle ro ghabh
flaithes Leithe Mogha tar éis Mogha Corb. Agus isé


L. 72


ro shraoin catha Cera agus Cruachna agus Corainn
for Connachtaibh; agus isé tug cath Tlachtgha agus
Taillten do thuathaibh Teamhrach dá dtorchair
Tinne mac Triuin mic Muireadhaigh Muichnidh. Isé
tug mórán d'iorghalaibh oile ag cosnamh a fhorba agus a
athardha agus a shaordhachta agus a chineóil for
cóigeadhchaibh Éireann. Ní thug an Fear Corb sin
aon chath do Laighneachaibh, óir do riaruighsead
chena é.



Isé an Fear Corb sin cédrí do shíol Eoghain ro
chumhdaighesdar córachas breithemhnais ar dtúis do
thuathaibh Olnéagmhacht imm an dtír idtáid Dáil
gCais indiu. Ba hé so a dhlighedh san ann: Dia
rabhadar clanna Deaghaidh ag innilliughadh a
gcríche agus a bhforba agus a bhferainn claochlaighsed
altroma etorra agus Connachta; agus ba hiad so na
haltroma tugadh adtuaidh ó Mheidhbh: Cet mac
Oiliolla, agus Fionnabhar, inghean Oiliolla agus
Medhbha, Cian agus Corc Ruadh, dá mhac
Fherghusa mic Róigh; agus ba hiad so na haltroma
rugtha bathuaidh: Gáine mac Deaghaidh agus Corán
inghen Chomáin mic Deaghaidh, agus Géis Chneisgheal
inghen Chongainchnis mic Deaghaidh. Gonadh ar an
gcomhaltrannas sin tugadar an tír for a rabhadar
seantuatha bhFer mBolg roimhe sin do chlannaibh
Deaghaidh leis an altromadh sin .i. ó Ath na Bóroimhe
go Léim in Chon, agus ó Fhidh Chédinis agus ó
Eiscir Riada go Luimneach. Agus táinig anbhfainne


L. 73


do chlannaibh Deaghaidh, agus ro léigsiod Connachta
do-ridhise forsan bhfearann. Ó'd-chualaidh Fear Corb
sin, ro chuindigh cert breithemhnais forra um an
bhfearann sin, agus ó nach fuair sin ro thaibhigh an
tír uile for Connachtaibh, amhail adeir an file san
laoidhsi:




Ranna forsa mbádar Fir Bholg
ro gaoth Oilill gérbh anord
ar Dheaghadh, dearg ar reanna,
ro alt Cet mac Oilealla.



Ó Fhiodh Cédinis ro snas
gusan Luimnech lethanghlas
fuair Deaghadh, fa ríoghdha an roinn,
Fir Bholg agus a bhferainn.



Do ráidh Fear Corb go gcruth nglan
tír tugadh forsan altrom
nach léigfedh ní ba shia amuigh
óir is dó ro-ba dúthaigh.



Fear Corb ro chuir uí Chuinn de
re bliadhain láin gin laige
theas agus tuaidh, thiar is toir
gin go bhfuair rodus-fásaigh.



Maicne Fir Chorb clanna Chais
i n-iath Luimnigh leathanghlais
airecht gríobhdha nach ganna
robsad ríoghdha roranna.


L. 74


Ba hé in Fear Corb sin duine ro ba mó eineach agus
engnamh ro bhaoí d'fheraibh Éirionn rena linn, agus
ba hé laoch robudh ferr comairce agus córachas isin
domhan agus robudh ríoghdha méinn agus laghadh
agus tiodhlaiceadh, agus ná tard tuarasdal ná ba
tréda do neach riamh, .i. gan ór gan airged agus
gan édach. Agus isé nár chaith biadha riamh gan céd
duine ina fhochair in uair is lugha do bhíodh aige.
Agus níor lamhadh doirseóirecht ar bhiadh ná ar
lionn riamh aige; oir adeiredh fá comhdhúthchus
dona daoinibh in biadh agus in lionn idir mhaith agus
tsaith. Agus fá hardfhlaith Éireann an fear sin, agus
fá ceann sochair Gaoidheal é; agus is de is-bert an file:




Flaith Fer Corb . comhlainn céd
olc ní dá ord . tar a dhéad.



Diuchraidh dias . dia bhlaidh fhrais
triocha giall . Gailián lais.



Gailián giall . gairidh géig
neach tar roinn . ní ros-léig.



Leth ria tuinn . tír ó gCuinn
becht gan buing . echt gan uill.



Uillibh sealbh . don tír thuaidh
ro-nasc Medhbh .re cecht cruaidh


L. 75


Cosnaidh fear . Fear Corb cain
dáigh do dhligh . báidh go mblaidh



Báidh go mbloidh . ro thriall teann
cura a chlann . Mumha mheann.



Fear Corb cóir . clothaibh laídh
tricha mac . do chloinn chaímh.



Caomh an chlann . clann fir chain
caímhe féin . saoire sair.



Ro-siacht cáin . críoch gach uind
eadar áin . tráigh ós tuinn.



Tug céd ráith . ag Ráith Mhóir
tug céd bó . fá dhó dhóibh.



Dia do laoch . ris nach lamh
nach buan buan . truagh a than.



D'aithle an fhir . uathadh maith
a toigh thoich . foil an flaith.




Ba mac, umorro, don Fher Chorb sin, ro chosnaimh
ríghe nÉireann as gach aird .i. Aonghus tailc
tírech trénchosgarach. Ro toichleasdar agus ro
treaghdasdar tíre ile iongantacha iarthair Eórpa


L. 76


ó roinn iartharaigh dheisgiortaigh Easbáine ioldathaighe
go roinn iartharach tuaisgertach Lochlann
leithne lánfhuaire. Gonadh aire sin ro lean an
fortórmach anma an fer sin .i. Aonghus Tíreach. Is
leis do marbhadh Fiachaidh Fidhgheinte, mac Dáire
Cearba i gcath Cliodhna, iar dtíchtain dó a hEsbáin,
ag cosnamh ríghe Mumhan amhail is-beart an file:




Cosnamh Fidhgheinte go mbloidh
re hAonghus imun Mhumhain.
rug bágh a iodhna go beacht
i dtrágh Cliodhna atá a thighleacht.




Isé an tAonghus Tíreach sin ro ghabh flaitheas agus
follamhnas Mumhan tar éis Oiliolla Floinn Bhig, mic
Fiachaidh Muillethain, mic Eoghain mhóir,
amhail is-bert an file;




Iarsin ro ghabh Aonghus Tíreach
gialla gach tíre go tuinn;
ro líonadh Mumha dia mhaitheas
iar bhflaitheas Oiliolla uill.




Isé an tAonghus sin cóigedhach ba hamhra
flaitheas agus ríghe ro bhí ré gcreideamh, agus isé
nach béaradh góibhreith idir a mhac agus a dheargnámha;
agus isé nach rug góibhreith riamh agus
nár again an fhírinne, agus nár fhorgaill gó. Isé


L. 77


nachar chaith nech riamh go mbeith a thuarasdal
aige. Isé thug a bhréithir nach eidir riamh créd é
fuacht ná ocras ná uamhan ná éad. Triocha bliadhan
dó i ríghe Mumhan, agus ní raibhe bliadhain díobh
gan mheas gan mhórthoradh; gonadh aire sin ro
ráidh Oilill Fannchosach .i. ollamh Laighean na
briathra so ag adhmoladh Aonghusa:




Aonghus amhra an rí
calma ní ro chlaoi
ó tugadh i gclí
ní ro chumhdaigh gaoi.



Do ghabhadh le truagh
ní ghabhadh le tréan
dobudh túsga a éag
'ná brég tar a bhéul.



Níorbha bréagach buair
fa céadach ad-chídh
ro-budh túisci a riar
'nás a dtriall i dtír.



Nocha torchradh thall
níorbha cam a chorp
nocha mbíodh 'na dháil
neach dá madh áil olc.



Ua Moghadh fá hóg
gan omhan gan éad
ó ghein mhic Fir Chorb
níorbha dá ord bréag.


L. 78


In flaithemhdha fial
fa caitheargna ad-chíodh,
nocha gcanadh claon,
do anadh 'gun fhíor



Aonghus Tíreach taoi,
a ríbhreath gan ghaoi,
nocha gcaitheadh neach
go mbíodh a each faoi.



Níor airg biatach borb
níorbha lonn a bhreath
ní thard coindemh riamh
tar triar isin dteach.



Deich mbliadhna fa thrí
a ríghe ós gach raon;
bliadhain díobh gan mheas
ní feas acht a haon.



Mo chuaird d'fhailghibh óir
ón fhior shaidhbhir shaor
mo chúisse ní bréag
fa chéad is ní haon.
A.o.n.gh.u.s.




Ba mac d'Aonghus Tíreach sin Lughaidh Láimhdhearg.
Isé ro bhris secht gcatha cródha commóra
coimhnertmhara for cóigeadh caomháluinn Chonnacht,
agus ro marbhadh secht ríogha ann; agus ní raibhe
da shochraid 'na fharradh ann acht amhsa agus


L. 79


giollanradh, go ndearna feronn cloidhimh agus
forgabhála don fhearann sin, .i. ó Bheirn trí gCarbad
ag Carn Fearadhaigh go Luchad agus ó Áth na
Bóroimhe go Léim in Chon. Gonadh de sin adubhairt
Cormac mac Cuileannáin:




Isé sin an Lughaidh Láimhdhearg
thall ar chóigeadh Chonnacht cain
ó Charn Fhearadhaigh fa uchtaibh
go hÁth Luchaid lán do ghoil.



Garbhchúigeadh Eochaidh mic Luchta
ó Árainn go Bladhma mbuirr
gabhais Lughaidh Láimhdhearg laimhtheach
archú ailleach ordhruic uill.




Isé an Lughaidh sin ro ghabh airdríghe Éireann le
neart a láimhe féin. Dóigh ní innisid seanchadha
do bheith i gcoimhré iná i gcomhaimsir fris aon laoch
badh ionchomhlainn fris ar mhéid a nirt, agus ar
fheabhus a láimhe, agus re róchalmacht a aigne, agus re
méd a ghoile agus a ghaisgidh agus a engnamha. Agus
isé an Lughaidh sin ro ionnarb goill a hÉirinn;
agus iar n-a n-ionnarba a hÉirinn ros-lean go roich i
Saxaibh; agus ro ghabh gialla Alban agus Breatan
agus tSaxan. Dóigh amhaigh, innisid seanchadha
gurbha leathan a lánghabháltais is na hiltíribh ciana
coimhtheacha sin nó go bhfuair bás. Agus fá gníomh


L. 80


mór d'Éirinn an scéal sin; agus is dó sin is-bert
an seanchaidh agus an fíornaomh .i. Comhdhán
mac da Chearda:




Feimhen indiu gidh fásach
do bhí neach diarbha násadh
uime do feradh frasa
d'éis Luighdhech mic Aonghasa.



Cia budh dú dosamh in tír
ar aoi an ríogh sin seoch gach rígh
fá heisiomh an rí fá deach
i n-aghaidh 's i ndeaghoineach.



Gach eineach mór do-righne
amhail an rí ó thibhre
do bhean do ghallaibh tar muir
is do shíol Iriail Ghlúnmhair.



Ní fhuil buadh acht buadh do-ghneth
riasiu teimedh buadh míledh,
brugh Banbha buadh do mhac ríogh
do buairedh um an bhfiaidhmhíol.



In cath ag Luchad ré lá
for Leath Cuinn for Connachta;
tuaiscert Mumhan, mór an roinn,
fá hé deiscert a fhearoinn.


L. 81


Carn in ríogh, a Dhé cairi
darab dír a dheghaire
eol damh an rí darab fonn
Lughaidh láimhdhearg lebhormhong.



In carn fil i Lodain láin
in bhfeidir tusa a Chomhdháin
cloch gach fir táinig san gcath
maraon re Lughaidh Luaighneach.



Do radadh críoch fria Mumhain
gon dá athoir la Lughaidh
imraid a longa for muir
fa grafnach for muigh Feimhin.



Gabhsad secht rí for Mumhain
idir Oilill agus Lughaidh
togha ríogh gach rí dhíobh sin
ferr linde Lughaidh Feimhin.



Fá fearr bantracht críche Fáil
Mór inghen Aodha Beannáin
fearr Fínghin oldás gach fear
imráiteach é tar Feimhen.



Gacha lodmairne guse
tar fiadh Banbha barrghlaise
ní fhuaramair magh is ferr
idir Fínghin is Feimheann.


L. 82


Daimh dhíleann tuargaibhsead ceann
ar an muigh ag Loch Sighleann
isé a n-anmonna Fé is Mean
is díobh ráidhter Magh Feimhen.




Is don Lughaidh sin do rinnedar na trí mná sidhe
in fháisdine seo:




A mhic Aonghusa Tírigh
a churaidh a chaithmhílidh
budh slán gan ainimh gan ail
ro-sia t'ainm go Muir Romhair.



A mhic Aonghusa Tírigh
a churaidh a chaithmhílidh
inníse uma dtá do chacht
budh leat budhéin is led mhac.
A.mh.i.c.




Ro ghabh, umorro, Criomhthan Mór, mac
Fiodhaigh ríghe nÉireann agus nAlban iar Lughaidh.
Tug ríghe Mumhan dá dhalta, .i. do Chonall Eachluath,
mac Luighdheach Láimhdheirg. Rob olc, umorro,
le cloinn Fhiachaidh Muilleithin an ní sin, agus
adubhradar gurbh olc an bhráithirse do Chonall sin do
ghlacadh, óir do bhí adhbhar deighríogh do chloinn
Fhiachaidh Mhuilleithin an tan sin .i. Corc mac
Luighdhech. Isé coigertas do-rónsad fir Mhumhan
ettorra, .i. an ríghe ar dtúis do léigean do Chorc mhac
Luighdheach, óir isé fa sine ann, agus ba ag cloinn


L. 83


Cormaic Cais bhaoí in ríghe fa dheóidh; agus cuir
agus eidireadha Mumhan tar ceann chloinne
Fhiachaidh agus Chuirc budhéin um ríghe Mumhan
do thabhairt do Chonall Eachluath tar éis Chuirc nó dá
mhac 'na dhiaidh muna maireadh féin; agus na cuir
chédna etorra im gach re sliocht díobh do bheith for
Mumhain go bráth amhail do orduigh a seanathair dóibh
.i. Oilill Ólom; dáigh isé do orduigh da mhac
.i. Cormac Cas, agus d Fhiachaidh Mhuillethan mhac
Eoghain cert comhranna flaithemhnais agus fearainn
etorra; agus gomadh coimhlíon do ríoghaibh do chloinn
cheachtair díobh, agus gomadh comhmór do-gheabhadh
flaithes for Mumhain agus for Éirinn go bráth; agus
tug a mhallacht don tí dhíobh do bhriseadh connradh
ar a chéile go bruinn an bhrátha.



B 1760-62ls 18L
...dóith isé do rinn an cúnradh idir Chormac Cas agus Fiachra
Muilleathan um ríghe Múmhan do bheith gach le glúin ag a sliocht...



B 1716-17ls 18T
Is ar an bhfochann sin do léig Conall Eachluath
ríghe Mumhan do Chorc mhac Luighdheach, agus
tug Corc a bhennachtain do Chonall, agus tug
Cairbre Cruithneachain agus sruithe Mumhan fria
comhalladh cirt Chaisil gach re bhfecht go bráth
do shliocht Chonaill Eachluaith.



Iar n-éag Cuirc ro ghabh Conall Eachluath ríghe
Caisil. Iar n-éag Criomhthain Mhóir mic Fíodhaigh,
a oide, tug Criomhthan bráighde bhfer nÉireann
i láimh Chonaill Eachluaith, agus tug bráighde
Eórpa uile ón Róimh ale. Gonadh aire sin adubhairt
Cormac mac Cuilennáin na ranna so:


L. 84



Caoin ro ghabh Conall Eachluath Éire
iar gCriomhthan fa caín anall
acht nach deachaidh tar muir Manainn
riamh ní ros-gabh rí ba ferr.



A dtug Criomhthan Mór, mac Fiodhaigh
do ghiallaibh ó Leatha láin
do-rad i láimh churadh chleathruaidh
Conaill oirdheirc eachluaith áin.



Luidh Conall Eachluath ar eachtraidh
ingach crích iar gCriomhthan gcas
go Dún Liamhna, laoch ba amhra,
iar marbhadh Madhna mas.



Leis fearta Chonaill a Feimhen
Dún Cormaic, Áine, Dún nGair,
Caiseal, Coinchend, Raithlenn, Lemhna,
Focharmháigh, Dún Cearmna chain.
C.




Isiad sin forgabhála Chonaill Eachluaith for an
Mhumhain, agus gé do bheith ríghe Mumhan nó
gin go mbeith ag Dál gCais, is leó dísle na forgabhála
sin, óir fá hiad sin ríghphuirt na Mumhan ag Conall
Eachluath, agus isiad ro thiodhnaic a oide dhó .i.
Criomhthan mac Fiodhaigh, rí Éireann agus Alban agus
ón Róimh ale.



Ro ghabh iarsin Enna Airgtheach, mac Conaill
Eachluaith, ríghe Mumhan go ferdha feramhail iar
n-éag Chuirc; óir ro hionnarbadh mic Conaill Eachluaith
i Leath Chuinn iar marbhadh Madhna Chorraigh
dóibh .i. ríogh Mumhan, i ndíoghail a n-athar


L. 85


agus a ndís dearbhráthar; gonadh iar n-eug Chuirc
ro ghabhsad ríghe Mumhan ar éigin. Dáigh níor
gabhadh uatha gan a n-ionnarba, agus níor damhadh
sealaidheacht ná coigertas dóibh uimpe. Ad-bhearaid
tráth seanchadha Mumhan gurab é sin rí déidhenach
do Dháil gCais do nech ro ghabh Caisiol ré gcreidemh.
Secht ríghe, umorro, ro ghabh an Mhumhain díobh
gonuige sin mar adeir an file:




Cormac, Mogh Corb, Fear Corb, Aonghus,
Lughaidh, Eanna, Conall cas,
'siad sin secht rí, níorbha phudhair,
ghabhsad Mumhain do Dháil gCais.


L. 86



RÍOGHRADH TUADHMHUMHAN.



Ro scuirsead flaitheas Dál gCais do Chaisiol annsin.
Dáigh, níor damhadh córachas dóibh uime, uair níor
fhuilingsead cogadh Chonnacht ina bhfearann forgabhála,
agus cogadh Muimhneach im Chaisiol agus um
an Mhumhain ó sin amach. Gonadh í comhairle do
cinneadh aca leanmhain do Thuadhmhumhain, agus
Caisiol do léigean dia mbráithribh; óir ba ferr leo
tochail fri a n-eascairdibh inás fri a mbráithribh. Do-
rónadh finghal laisin Enna sin for altromaibh, agus
níor ghabh neach dia shíol ríghe ná flaithes iarsin.



Ro ghabh Cas, mac Conaill Eachluaith ríghe Tuadhmhumhan,
agus isé ro roinn Tuadhmhumhain idir a
chloinn. Trí meic déag ro-bhádar aige, .i. Blod,
Caisín Daoladhach nó Nae mac Cais; agus ba dá
shíol Beag mac Dé an fáidh agus an file, agus ní
áirmhim uile iad.



Ro ghabh Blod mac Cais ríghe Tuadhmhumhan iarsin.



Roghabh Carrthan Fionn ríghe Tuadhmhumhan
agus is ris do ráidhtí Carrthan Mór.



Ro ghabh, dano, Aodh mac Conaill mic Eochaidh
Bhailldeirg, mic Carrthain Fhinn ríghe Tuadhmhumhan,
.i. Aodh mac Conaill do rinne an choimhéirghe fo
shecht i n-aonló roimh Ruadhán Lothra i dtigh Chairbre
Chruim mic Criomhthain Sreimh mic Eochaidh


L. 87


mic Aonghusa mic Nad Fraoich, rí Chaisil. Gonadh
ann is-bert Ruadhán:



"Áilim Dia gein móirsheisir uait résa n-éireóchaidh
fir Éireann idir laoch agus cléireach."



Ut dixit Ruadhán:



A Chonaill,
luach do choimhéirghe romhainn,
éirghid fir Éireann réd shíol,
budh é in rádh fíor a Chonaill.



A Chonaill,
do rinne an éirghe romhainn,
secht bhflatha uait for Éirinn,
budh suairc éirim, a Chonaill.



A Chonaill
do rinne an éirghe romhainn,
buadh gcrotha is gcabhlaigh red linn
agus buadh gcatha, a Chonaill.



Itche sirim, a Chonaill,
dhuit a ua Táil mar thoghaim,
nach beir fó thráigh ná tairinn
gin bheir fóm cháin, a Chonaill.



Isí mo cháin, a Chonaill,
uait a ua Táil nos-toghaim,
gan aitreabh m'ionaid innill
duit got aicmibh, a Chonaill.


L. 88


Gin nach timdhibhe in fhearainn
gin nach ainríghe orainn,
agus in tráth do-ghéana
bésa fó mhéla, a Chonaill.




Isé an tAodh sin mac Conaill mic Eochaidh
Bhailldeirg cédduine do Dháil gCais do ghabh ríghe
Caisil iar gcreidemh, gin go n-áirmhid senchadha
Eoghanacht é. Agus is follus as an ndeismirecht so
gomadh fíor sin, .i. isin chomhdháil do-rónadh idir
Aodh mac Conaill agus Aodh mac Criomhthain .i.
athair Fhínghin agus Fáilbhe Floinn ag Carn an
Ríogh i Muigh Feimhin; gonadh ann táinig Aodh mac
Criomhthain i dteach Aodha mic Conaill mic Eochaidh
Bhailldeirg; agus ro ríoghadh annsin Aodh mac
Conaill, agus ro ghabh gialla Mumhan iardain.



Is amhlaidh do bhí an choinne sin agus Bréanainn
innte, agus Mac Léinín an file, agus tugadh iad i
n-árachus fria láimh Aodha mic Criomhthainn um
ríghe Caisil do thabhairt dó tar éis Aodha mic Conaill,
nó dá mhac muna maireadh féin. Gonadh annsin do
rádh Brénainn na roinn so:




In dá Aodh
mo dhá charaid sonn araon
Aodh Craige Léithe, líon clann,
Aodh Caisil Chuirc ros-cobhrann.


L. 89


Aodh mac Conaill an tAodh thuaidh
sealbhuighes Éirinn iar mbuaidh
Aodh mac Criomhthainn an tAodh theas
ro fhorbaidh ith agus meas.



Aodh Craige Léithe finde
a Dhé ná treaghdaidh rinde
Aodh Lothra lamhardha glas
go maire ina óglachas.



An ní ara moltar gach aon
do nech ro thaom Banbha buain
isiad Dáil gCais is ferr ad-chím
ar chúl bídh is brat is buair.




Is annsin do chonnairc Brénuinn timthirecht na
n-aingeal os cionn Lothra agus ro innis sin don
rígh. Agus do chuir Brénuinn deisgiobal dá fhios cia
bhí ann, agus Mac Léinín maraon ris mar fhiadhnaise
ón rígh. In ní iomorro ráidhid foirenn ann
gomadh é Cuimín Fada ro churtha ann ó Bhrénuinn,
ní fheadar ón gomadh fíor sin, dáigh ba fiche bliadhain
iar n-ég Bhrénuinn rugadh Cuimín; agus níor shlán
acht deich mbliadhna do Chuimín an tan fá marbh mac
Léinín. Bhí imorro Mac Léinín triocha bliadhan in'
esbogóide ré n-ég, agus níor iompo ón saoghal an
tan do rinneadh an choinne sin.



Cíodh dano, ro shiachtadar na deisciobail agus Mac
Léinín gusan loch, agus fuair scrín Ailbhe ann, agus tug
Mac Léinín leis í; agus ad-chonnairc an giolla
marbha isin loch, agus isiadsidhe tug leó in scrín i


L. 90


riocht cisde, gonadh uimpe ro bháith Dia iad. Ro
siacht in scrín iarsin go Bréanainn, agus tug aithne for
an bhfer ndána go raibhe rath Dé fair. Agus
adubhairt, dano, nárbha chóir na lámha 'na
rabhadar na taisi naomhtha do thruailleadh go
bráth. Gonadh aire sin do iodhbair Mac Léinín é
féin do Dhia agus do Bhrénuinn, agus ro bhennuigh
é, agus ro chlaochluigh a ainm dó .i. Colmán Mac
Léinín; amhail ad-bhert Brénuinn:




Colmán Cluana Uamha,
cleite óir,
ollbhladh buadh,
ball do ghréin
Ríogh neimhe náir,
file rán
rainnríoghdha réil.




Is annsin adubhairt Mac Léinín ris an rígh .i. re hAodh
mac Conaill:



"Ní lughaide rigmíd a leas ní d'fhagháil, acht is
mó sa chách, dáigh ro léigsem uainn in ealadhain
ara bhfuighmís ní."



Adubhairt an rí:
"An ní do-bhéaruinnsi dhuit ar do dhán rachaidh
dhuit bheós ar Dhia."



Is annsin ro mhaith an rí cumhala dhó uaidh féin
agus ó gach rígh do-gheabhadh Caisiol go bráth.


L. 91


Agus an choibhéis chéadna do Bhrénuinn. Agus
Mac Léinín agus Brénuinn air gomadh fíor an sgéal
sin, agus gurab uadha ráidhter comharbus, agus
gurab é ba hairdrí Caisil don turus sin Aodh mac
Conaill Eachluaith mic Eochaidh Bhailldeirg. Agus
do rug Aodh mac Conaill annsin Brénuinn leis dia thigh
i ndóigh a bhennachtan d'fhagháil ann. Gonadh
annsin do rinne Brénuinn in bhennachtain ag
breith buidhechasa:




Bennacht Choimdhed chumhachtaigh
do-bheirim don Ráith,
for an dtreibh i dtángamair
fearaibh macaibh mnáibh.



Coigibh daltaibh timthirthibh
ríoghaibh ríoghnaibh ráth
ro tógbhadh for bithfhorbair
ó andiu go dtí an bráth.



Mac for ua for iardaighe
madh cead le Mac Dé,
ith is bliocht is bennachta
ro-bé sunn a Dhé.



Beannacht for cách tángamair
is luath is maith linn,
isin mbaile i dtángamair
ro-bé biadh is linn.


L. 92


Rob lomnán do shobharthan
a Rí neimhe néll
a Choimdhe rod-chomhailter
an ad-bheir mo bhél.



Buadh n-ágha buadh n-iomghona,
áilim Rígh na rinn,
buadh gcorma buadh gcomhairle
buadh snámha ar gach linn.



Buadh laochraidhe landighe
buadh gcléireach buadh gceall
buadh bantrachta bailighe
ó andiu go bráth menn.
B.




Ro ghabh Díoma mac Rónáin mic Aonghusa
mic Carthoinn Fhinn ríghe Caisil iarsin, agus
ro chosain í re Fáilbhe Flann; gunadh é córtas
síotha do rónsad sruithe Mumhan etorra .i. ríghe
Caisil do thabhairt d'Fháilbhe Flann ré reimhius
budhéin, dáigh isé ba sinsior ann, agus a tabhairt do
Dhíoma tar éis Fháilbhe; cuir agus teannta agus
eidiri do Dhíoma fris sin do chomhall; agus gach dlighe
do bhiadh ag rígh Caisil i dTuadhmhumhain ó thá Í
Chuilinn Caoille i nOchlain Osraighe go Léim Con
gCulainn a dílse sin uile idir bhiadh agus coimhidecht,
cíos, géill agus eidirecht, cáin agus cura do thabhairt
do rígh Dál gCais go bráth intan nach budh leó ríghe


L. 93


Caisil budhéin; agus dílse forgabhála Conaill Each-
luaith ingach dúthaigh fón Mumhain; agus dílse
na Seantuath ro thiodnaicsead Dál gCais forsan
Mumhain .i. an tír forsa dtáid síol Meic Con andiu,
dáigh isé Cormac Cas mac Oiliolla Óluim tug an ferann
sin do mhac a mháthar, .i. do Lughaidh Mhac Con, agus
is dá chuid dílis féin do thiodnuic an fearann sin dó.



Ro roinn, imorro, Oilill Ólom in Mhumhain i
gcert idir Fhiachaidh Muillethan agus Cormac Cas,
iar dtiachtain re hOilill tré chumhaidh, agus ní
fríth ó Fhiachaidh coimhchedughadh neich ná
comhroinn feronn do Mhac Con. Gonadh aire sin
dleaghaid Dál gCais ferainn agus foghnamha cloinne
Meic Con. Agus is leó iaramh ruidhles agus leth in tíre
forsa dtáid Hí Eachach Mumhan indiu; dáigh isé
Conall ro-alt Eocha mac Cais mic Cuirc, agus isé ro
rad dó an tír fora bhfuil a chlann indiu, iar neamhfhagh-
áil fhearainn dó ó bhráithribh a athar. Is leó mar an
gcéadna an tír fora dtáid hí Thorna Éiges; air ba hí
Caoimhfhionn inghen Chonaill Eachluaith máthair
chloinne Torna Éiges, agus isé Conall do thiodhnaic
ferann dóibh; agus tugadh dílse na bhferonn sin uile
do Dhíoma ar ríghe Caisil do léigen d'Fáilbhe Flann,
agus do-rónsad síth agus córachas amhlaidh sin.



Intan, imorro, baoi Díoma mac Rónáin mic Aonghusa
mic Carthainn Fhinn ag gabháil ríghe Chaisil amhlaidh
sin, is ann do ionnsaigh Guaire mac Colmáin agus
Connachtaigh forra adtuaidh, agus ro thriallsad
Tuadhmhumhain do chosnamh; agus rángadar go
Carn Fearadhaigh trí catha comhmóra coimhnertmhara.


L. 94


Gonadh annsin táinig Fáilbhe Flann agus Díoma mac
Rónáin chugtha, agus ro fearadh cath tréan láidir
etorra agus ro mhuidh for Connachtaibh gur marbhadh
iad go doáirmhithe, gur thuiteadar ann na sé
ríogha as deach bhaoi do Chonnachtaibh, amhail
is-bert an rann:




Nócha thuit do Chonnachtaibh
i gcath an tseisir chomhmaith
Maoldúin Maolghallaidh Domhnall
Maolduibh agus Maol Breasail




Ro ghabhsad secht ríogha do shíol Aonghusa
mic Carthainn Fhinn ríghe Caisil .i. Díoma mac Rónáin
agus a thrí meic, agus Cearnach mac Ainliodha, agus
Robachán mac Mothla.



Ro scuirsed iarsin flaitheas Dál gCais do Chaisiol,
amhail adubhramair romhainn iar na naoi ríogha
sin. Cheithre rí ceathrachad do shíol Eoghain ris
an ré sin .i. ó Aonghus mac Nadfraoich go Mathghamhain
mac Cinnéidigh. Ní bhíodh do ríghe ag Dál gCais fris
an ré sin acht Tuadhmhumhain ó Shlighe Dála i
nOsraighibh go Léim in Chon, agus fresdal cogaidh
Lethe Cuinn forra, agus a ndiongabháil do rígh Chaisil.


L. 95



FEIDHLIMIDH MAC CRIOMHTHAINN.



Ro ghabh rí cródha cráibhtheach ceirtbhriathrach
ríghe Mumhan iarsin .i. Feidhlimidh mac Criomh-
thainn. Agus do bhí an rí sin ag gabháil giall agus
eidireadh for tuathaibh Mumhan. Ro ráidhsed saor-
thuatha Mumhan .i. na secht nEoghanacht, agus Hí
Liatháin, agus Hí Chonaill Gabhra, agus Hí Chairbre
nach tiobhradaois géill ná eidireadha dhó nó go ngabhadh
géill ar dtúis do chloinn Luighdheach Mind mic Aonghusa
Tírigh .i. Dál gCais. Adubhairt Feidhlimidh nach
comhmór do dhligh géill chloinne Luighdheach agus a
ngéillsiomh, air ní raibhe fearann cathaoire Caisil fa
chlannaibh Luighdheach amhail do bhí futhaibhsean,
acht feronn forgabhála cloidhimh fri ré cian.
Adubhradar na hEoghanachta nárbhadh dúthcha do
neach oile sochar Chaisil d'fhagháil 'ná do Dháil
gCais; agus adubhradar fós go dtiobhraidís géill
agus eidireadha dhó, agus a sluagh agus a sochraide
maraon fris ar fedh a riachtanuis riú, acht géille do
bhaint do Dháil gCais.



Isedh imorro do-rónadh annsin sluagh Mumhan do


L. 96


thiomsughadh la Feidhlimidh do ghabháil giall Dál
gCais, agus rángadar na sluaighte sin go Líg na
nEasann, agus ro gabhadh sosadh agus longphort aca
ann; agus is ann do faídhedh pubaill Fheidhlimthe
um an Líg budhéin.



Is amhlaidh imorro do bhíodh Feidhlimidh do ghnáth
agus easpog ar gach gualainn ris, agus deich
sagairt umpa agus dias ar shechtmhoghaid do shaoithibh
suarca soinemhla fria himfhregra aifrinn do ghnáth;
gonadh iad sin fa lucht aontighe agus aonphroinne agus
aonchomhairle dhósamh, fá chosmhailius an Athar
neamhdha agá raibhe muinntir ina chosmhailius sin.
Agus tángadar techta uatha go Dál gCais, agus do
shiorsad géill agus eidiredha forra nó cath do fhresdal
don rígh .i. d'Fheidhlimidh. Ó'd-chualadar Dál gCais in
sgéal sin ro thionóladar agus tángadar go háit aonbhaile;
agus fá hí a gcomhairle techt i n-aghaidh Fheidhlimthe
go hAth na Bóraimhe, agus cath fechair fermahail
do thabhairt d'Fheidhlimidh agus d'fheraibh Mumhan
archena.



Bádar sruithe suairce saoirbhéasacha do Dháil
gCais agus ba leasg leó cath do thabhairt d'Fheidhlimidh
agus ní ar uamhan chatha ná iorghoile, acht ar
a cháidhe agus ar a chráibhthighe, agus bhádar ag
agallamh na dtechta go féata foistineach; agus
adubhradar friú nár dhligh Feidhlimidh inní do shior,
agus gurbh anfhlaithes dó a iarraidh, dáigh ní thug
athair ná senathair dá dtáinig rompa géill do rígh do
ríoghaibh Éireann riamh, óir ba ferann forgabhála agus


L. 97


cloidhimh bhaoi futhaibh; agus níorbha do chóigedh
Mumhan é; agus níor dhligh neach ní dhíobh. Agus
ní cúis uma ndlighfidhe ní dhíobh .i. cert comhdhúthchasa
Caisil fria ré tríochad ríogh gan chóir ná chert
ná sealuighechta do chomhall dóibh uime.



Agus bhádar a ruidhleasa dílse, agus forgabhála Conaill
Eachluaith friú amuigh, agus na ríoghphuirt do thiodhnaic
Criomhthann mac Fiodhaigh do shíol Fhiachaidh
Muillethain; agus in géin do bheidís sin 'na n-éagmais,
agus nach aontóchaoi sealuighecht Chaisil do
thabhairt dóibh nach tiubhraidís géill ná eidiredha
ná sochruide dóibhsiomh.



Adubhradar na teachta:
"Freasdalaidh cath," ar siad, "muna dtugthaoi
géill uaibh." Adubhradar sin:
"Ní thiobhram," ar siad; "agus ní fhuil neach
thiocfas inar dtír chugainn nach fuighe cath uainn."



Do-rónadh, tráth, aifrionn d'Fheidhlimidh, ar dáigh
imthechta i gcoinne Dál gCais do thabhairt chatha
dhóibh.



Baoí fear calma céadfadhach do Dháil gCais intansin
.i. Lachtna mac Cuirc mic Anluain mic Mathghamhna,
mic Cathail, mic Aodha Caoimh, mic Conaill Eachluaith
mic Eochaidh Bhailldeirg mic Carthain Fhinn etc. Ba
ferr tráth leis an bhfear sin síth agus caoinchomhrádh do
dhéanamh re Feidhlimidh iná cath do thabhairt dó, agus
ní bhfuair comhaontadh ná coimhchedughadh uime


L. 98


sin, acht cách uile ina aghaidh. Agus do éirigh ina
shesamh agus do ghabh deimheas do bhí isin phubaill
ina láimh. Agus táinig amach agus éinghiolla lais amhail
badh do ghléas eich do rachadh. Agus is ann bhaoí
longphort Dhál gCais an tan sin do leathtaoibh na Craige
Léithe idir an Chraig Léith agus an Bhórumha. Do-
luidh Lachtna iarsin agus a ghiolla go Líg na nEasann
go pubaill Fheidhlimthe.



Is annsin do bás ag dénamh aifrinn d'Fheidhlimidh,
agus do thaitnidh go mór ris an rímhílidh in ceol
builidh bláithbhinn agus coigedal comhchubhaidh na
gcléireach gcráibhtheach ag cantain na Canóine coim-
dheadha ós an altóir uasail iodhain ag déanamh an
aifrinn. Agus do fhiafraigh Feidhlimidh sgéala do Lachtna.
Adubhairt Lachtna gurab do dhéanamh a riarthasamh
táinig. Adubhairt Feidhlimidh go ngeabhadh sin
uadha; dáigh ba hiad gialla fhir an ionbhaidh
sin a eachlaisc tar ais; agus ba mó do réir dósamh a
thecht féin oldás sin.



Ishedh do-rónadh annsin, naiscis Feidhlimidh fair
techt ina dhiaidh go a theach, gion go ndeachadh neach
oile dia réir. Imthighis Lachtna iarsin. Agus
adubhairt aon do na saoithibh bhaoí i gcomhair an
liagáin:



"In gcualabhair riamh an sgéal innises an liagán damh?" ar sé.
"Cidh innises?" ar cách. Adubhairt siomh friu:
"Fís ad-chonnairc Fionn mac Cumhaill ag an líg
so," ar sé, ".i. fir fhionna uirthenna uichtliatha
allata ro-gheinfidís is an dtulaigh sin .i. i gCraig


L. 99


Léith, agus ro-thoirbridís Éire fri ré ilbhliadhan fo a
mámas budhéin."



Adubhairt Feidhlimidh:
"Is deimhin gomadh fíor sin," ar sé, "dáigh
atá i bhfíoghair agus i bhfáisdine dhóibh sin; agus
is olc do léigsiom uainn an laoch úd do luidh uainn.
Dóigh ní fheadamair nach uaidh gheinfios sin."



Foídhid techta 'na dhiaidh, agus iompuighis an
laochmhíle leó. Do bhí an giolla aga thoirmesg, agus
níor ghabh Lachtna sin uadha. Tug Feidhilmidh
iarsin a each agus a earradh féin dó, agus tug bennacht
dó agus slánadh dá eidireacht, agus iompódh don
tsluagh sin. Do-luidh Lachtna iarsin go Dál gCais agus
innisis dóibh gach ní ad-chonnairc agus ad-chuala,
agus adubhairt gur chóir dóibhsiomh réir
Fheidhlimthe do dhénamh, agus a bhennacht do
chosnamh go maith. Ro ráidhsead Dál gCais annsin:



"Is maith linn," ar siad, "más ar chrábhadh nó ar
fhírinne mhuinighes, agus nach a sochraide ná as
neart oile iarras a réir."



"Éirghiom uile agus dénam a réir," ar Lachtna.
Críochnuighther an chomhairle sin leó, agus do-chuadar
uile go pubaill Fheidhlimthe.



Ó'd-chonnairc lucht an longphuirt sin ro ghabh egla
iad agus do thriallsad a n-arma do ghabháil. Dóigh leó
ba do thabhairt chatha dhóibh tángadar. Adubhairt
Feidhlimidh nár bh'eadh acht rath Dé bhaoí 'na
gcoimhidecht, agus gur bha do dhénamh a riarthasamh
tángadar. Do-rónadh síoth chairdemhail chomhaontadhach
leó annsin, agus bennachais Feidhlimidh iad.


L. 100


Beiridsiomh Feidhlimidh leó dia dtighibh féin, agus
beiris Lachtna leis é dia dhúnadh féin do dhénamh
na hinide, agus do-ghníthior fledh dó fo inid i dtigh
Lachtna. Imthighes Feidhlimidh iarsin, agus
siridh Lachtna athchuinge air .i. a bheith fris an
gcarghus for Dáil gCais, agus techt fón gcáisg dia
thigh féin doridhisi. Aontuighes Feidhlimidh sin
dó. Ro fresdaladh agus ro friotháiledh ann é go
fleadhach fuiregach agus go huasal aoibhinn; agus
ro dáiledh miodh mhenmnach mhesgtha agus bláithbheóir
bhuainbhríoghmhar bhithmhilis forra ann, gur
éirigh meidhir menman agus aigenta na gcléireach
go nár bhreth gach briathar leó. Is annsin ro éirigh
soltanus soimhenman ar in rífhlaith, ar Fheidhlimidh,
agus bhaoí ag altughadh buidhe na pruinne agus ag
bennachadh bunaidh Dhál gCais, agus ro ráidh na
briathra so ann:




Lachtna mac Cuirc
forbas go bráth,
rob crann go bhfíon,
rob díon do chách.



Rob cleathchuir fhinn
fhasas a coill
céin go dtí riom
ro-bé ós gach droing.


L. 101


Isé tug dúin
miodh blasda bláith
go raibhe a chlann
ós clannaibh cáich.



Do ragar dó
an Rí gan locht
ith agus bliocht
mil is mór dtorc.



Rob di gach druing
ní tibhle in tlacht
rob all im ghail
ro mhair 'na lacht.
L.




Is annsin do fhregairsed na sruithe saora suairce
sainemhla soimhenmna, agus bhádar fós ag bennachadh
Lachtna .i. an flaith agus Flann mac Maoil
Chonda, agus Maol Díthribh go Cuilinn na bhFlann.
Faoidhis Feidhlimidh iarsin techta ar chenn
Floinn mic Aircheallaigh. Dóigh isé sin fá huaisle
don cheathrar ar fhichid ro mhair isin aimsir sin,
agus isé fá comharba Ailbhe agus Mochuda agus Barra.
Agus tig sidhe agus maithe cléirech Mumhan leis i gcoinne
Fheidhlimthe agus Floinn mic Maoil Chonda agus Maoil
Díthribh go Cuilinn na bhFlann, agus beiris
Feidhlimidh buidhechas adhbhal for Dáil gCais,
agus adhmolais go mór iad, agus bennachais go


L. 102


díochra na Floinn agus sruithe Mumhan, agus
isedh ro ráidh:




Bendacht Dé uaim for Dáil gCais
for Dáil gCais tuaidh agus tes
ár mbennacht ó Chuilinn chóir
bennacht Dé mhóir for Dáil gCais.



For a laochraidh laochda a ngus
for a gcléirchibh gaotha ad-cheas
for a mnáibh fionna ro-feas
for a ngiollaibh re cur greas.



Gein go rabhaid gan chná ar chrois
gabhlán díobh do los gach lis
nó gur lia ar a gcáin tar ais
ná rabhaid Dál gCais i gcis.



For a laochraidh luadh a long
for a gcléirchibh go líon gceall
for a gceathraibh finibh fiach
dan dúthaidh Craig Liath na lenn.



For gach córmhac ginach ngus
nach iomráidhfe abhfus an feall
for gach ngraig inghen go mbiadh
gin bhias ó mhuinntir Táil thall.


L. 103


For a scura, sgiamh gan locht,
líonfas gach gort is gach gleann
for a leargaibh go líon leas
for a n-ardaibh ró mes mbend.
B.e.n.d.



Iarsin toibhghid na Floinn cáin do Dháil gCais .i.
caora gacha trillsighe, agus sgreaball gacha cáithlighe,
each dícheilt an ríogh agus aiscidh gacha flatha.


L. 104



LORCÁN



Ba mac don Lachtna sin an laoch lánbhuadhach
Lorcán Locha Deirgdheirc agus fá hé sin an fear ba mó
eineach agus engnamh agus oirbhert, comairce agus
comhairle, gail agus gaisgedh agus gníomhradh do bhí
don Adhamhchloinn. Ba mó gráin agus egla an fhir
sin for feraibh Éireann uile go foirlethan 'nás a n-egla
soin um Flann mac Maoil Seachluinn, rí Éireann.



Is d'ionnsaighe in Lorcáin sin táinig Flann mac Maoil
Seachlainn, rí Temhrach, cheithre catha comhmóra
coimhnertmhara tré iomarbháidh Floinn mhic Lonáin,
ardollamh Éireann. Ro ráidh Flann mac Maoil Sechlainn,
agus é ag imirt fithchille i dTemhair nach raibhe i
nÉirinn cóigeadhach nach imireadh a fhithchill idir an
gcóigeadhach agus a mhuinntir. Adubhairt mac Lonáin
gur thenn na briathra sin, agus gurbh aithne dhó
féin cheithre tríocha céad i nÉirinn, agus gidh iad fir
Éireann do bheith ina thimcheall nach imeórdaois
cluiche fithchille dá n-aimhdheoin etorra.
"Máiseadh cia hiad?" do ráidh Flann.
"Tríocha céd Ó gCais," do ráidh mac Lonáin.
"Biaidh a fhios sin agamsa," do ráidh an rí.
Agus leis sin triallas féin agus cheithre catha comhmóra
go lár Muighe hAdhair, agus ro gabhadh sosadh agus
longphort aca ann. Tugadh a fhithcheall go Flann dá


L. 105


himirt. Do shiacht an sgéal sin go Dál gCais agus do-chuadar
for sluaghadh do gach aird, agus do
shraoinsad in slógh i gcenn an chosta mar a raibhe
Flann, agus tugadh urchar don fhior do bhí ag
iomchur na fithchille gur marbhadh don urchar sin é.



Adubhairt Flann nach coisgfedh ar a shon sin, agus
tugadh ruaig doridhise dhóib go riacht an costadh,
agus tugadh buille don fhithchill go ndernadh cheithre
blogha dhí, agus ro sgaoiledh an fhuirenn go nách
fríth a dtrian ó shoin anuas. Agus muna dtugdaois
termonn do mhac Lonáin is i gcenn an ríogh do rachadh
an buille tugadh don fhithchill.



Teora lá agus teora oidhche dona cheithre cathaibh
comhmóra mar sin, agus ní raibhe comhsanadh
bídh ná leanna ná codalta for aonduine dhíobh fris
an ré sin, agus ní feas cia do torchradh díobh nó cá
líon do bí i gcosair cróilighe dhíobh. Agus níor leigeadh
an connadh bhaí i ndorus an longphuirt do losgadh
dóibh fris an ré sin. Agus níor leigeadh dóibh aonbhert
tuighe do bhuain tar boith a longphuirt. Agus ní
raibhe d'fhoghail ná d'easbaidh for an dtír acht aon
mhacaomh buile gan arm gan iolfhaobhar acht goithne
agus eachlasg frioth i n-edarbhaoghal idir dhiuraithibh
tré ainbhfios. I gcionn teóra lá agus teóra oidhche iarsin


L. 106


do-chuaidh Flann mac Maoil Sechloinn for comairce Floinn
mhic Lonain ima léigion féin ina aonar as. Gonadh
aire as-beart mac Lonáin an laoidh seo:




Lorcán so Locha Deirgdheirc
ag nach faghbhaim iomaircheilg,
gibé théid ní théid an fear
ar iomghabháil a aoigheadh.



Mac Maoil Seachloinn ceithre chath
ráinig Magh nAdhair n-ármhach,
go teach ríogh Muighe na mart
go hainmhín ar aoighidhacht.



Gonadh ann adubhairt Flann:
"dom-roicheadh uaibh an fhithcheall;
a mhic Lonáin atú abhfus,
is do ro-bháigh do rochtus."



Cuirimse mo dhalta iar soin
go mac Lachtna is go' laochraidh
i gcéadáir gur innis dáibh
ár n-éagáir 's ár n-iomarbháigh.



Tugsad marcshluagh inár ndáil
ro chroith talamh a dtromgháir;
ro chrithnuighsead neóill neimhe
ré treise 's ré tairpthighe.


L. 107


Ní raibhe fer 'na shuidhe
ar Mhuigh Adhair fholtbhuidhe
ní raibhe deachmhadh nár scur
ní nach deachaidh ar fuansgar.



Síoda for an each mbuidhe
rug dá chéd each gach duine;
dar linn do ba cruaidh an cor
a rugsan uainn a aonar.



Táinig inár dtimcheall theas,
do rinne mór dár n-aimhleas;
táinig inár dtimcheall thuaidh
ron-fug ar crith re haonuair.



Adubhairt Flann flaith na bhfledh
a Temhraigh tech na ríghfher:
"each buidhe Síoda tré bháidh
cuindigh a Fhloinn mhic Lonáin."



Adn-aghaimse amach iar soin
d'agallaimh Shíoda shaorghlain
adubhairt Síoda sluagh Fáil:
"cidh do-luidh a mhic Lonáin?"



Adubhartsa ris an bhfear
re gríobh gasta na nGaoidheal:
"do chuingidh in eich bhuidhe
do-dheachas a dheghdhuine."


L. 108


"Beir osadh fear laoidhe, a Fhloinn,
in t-ech buidhe barráluinn
tairios deghbhliadhain dom chois;
do-ghén engnamh 'na hégmais."



"Gabhthar do Shíoda an t-each dubh,"
do ráidh an sluagh ar fuansgur,
"do bhéaradh Flann claochlódh de:
do chionn eich dhuibh each buidhe."



Buidhe uile a n-eich iar soin,
gráin éaga for a n-armaibh;
Síoda for an domhan de
do chongaibh a chondailbhe.



Trí lá 's trí hoidhche don tsluagh
thiar ar Mhuigh Adhair fhionnfhuair,
gan bhiadh gan chodladh gan chacht
gan airisemh gan imthecht.



"Coimirce dhúinn," ar Flann Fáil
cuindigh, a Fhloinn mhic Lonáin
ar Dháil gCais ar lucht Luimnigh,
dáigh ní holc fá athchuingidh."



Adn-aghaimsi trésan gcath
go rochtas Dál gCais creachach,
agus gabhaim duain iar soin
don tsluagh is fearr for talmhain.



Iar sin cuinghim mo chuinghidh
ar Dháil gCais ar lucht Luimnigh,
mac Maoil Shechloinn líon a dhámh
do léigean uatha iomshlán.


L. 109


Tugadh dúinn coimirce cheart
agus eólas re himthecht,
go rochtas tar Sionainn soir
's ó-thá Sionainn go Teamhraigh.



Fédthar in ní do rádh dáibh:
gairbhe ló in chatha go ngráin
féta re faighdhe na fir
agus garbh frisna gáibhthibh.



Dál gCais aonoirecht is fearr
i dtír Alban is Éireann,
is aca tugadh gan fhail
coimirce dá mbiodhbhadhaibh.



Tugadh do Dháil gCais na gclann
eineach is engnamh Éireann;
gach maith idir mhaith is lár
tugadh don fhlaith do Lorcán.




Iseadh, umorro, adeirid na senchaidhe go ndernadh
leath éigse agus adhmholta Éireann don Lorcán sin
rena linn féin ar mhéad a einigh agus a engnamha
agus ar a fheabhus re filedhaibh agus re haos gacha
dána archena. Isé an Lorcán lánchalma sin ba rí
ar Dháil gCais intan táinig Cormac mac Cuilennáin,
rí Caisil d'iarraidh giall ar Dháil gCais; agus ba hiad
gialla Dál gCais a n-eachlasca tar a n-ais; agus
isedh ro fhás dóibh de sin géill agus eidireadha
cáich ina láimh leósamh dia gcoimhéd.




B 1760-62ls 18L
...a neidireadha agus angeille do bheith leó féin dá ccoiméad ...



B 1716-17ls 18T
Ro riaradh tráth Cormac ag Dáil gCais, agus do-chuadar Dál gCais


L. 110


leis lucht secht bhfichead long go Loch Rí gur
ghabhsad bráighde agus géill Mhidhe agus Chonnacht
don turus sin; agus ro bhaoí fá Nodlaig i gCluain mac
Nóis allanoir, agus fá Challainn Enáir i dtigh
Dhomhnaill mic Cathail mic Aonghusa, agus is ann
do rinne Cormac an rann so:




Rob snámh locha luchair
rom-biath iar gcallainn chathaigh
da linne cubhaidh comhlainn
i dtigh Dhomhnaill mic Cathail.




Do riachtadar iomshlán iarsin go Lorcán mac
Lachtna. Do-rónadh, umorro, fledh adhbhalmhór for
tuirind techtaigh ag Lorcán a roinn Chormaic, agus
baoí naoi n-oidhche aga tochaithemh gan uireasbaidh
bídh na dighe na urghárduighthe aigne ná oirfide
ná anntláis forra in fedh sin. Agus ro fhost Cormac
maithe Dál gCais ag ól na fleidhe, agus ro shir cumhaidh
forra; agus fa hí an chumha sin .i. duine gach tuaithe
dhíobh do chur fri léighenn .i. dá mhacaomh dhég,
óir is dá thuaith dhég atá i nDáil gCais. Ad-coda
sin ó Dháil gCais. Boí, umorro, aonóglaoch do Dháil
gCais agus ní ro aomh an ní sin .i. Connla mac Fiannachta
d'uachtar Dhál gCais. Adubhairt sin in'aonar nach
dtiobhradh a mhac uadha, agus nach tiobhradh neach
eile dá dheóin. Dóigh leis ba cealg bhí ag Cormac,


L. 111


agus ba i n-eidirecht nó i ngéillsine do-bhéaradh na
meic lais; agus adubhairt nár chóir dhóibh-sin a meic
do thabhairt 'na láimh ar a bhréagairecht.



Ód-chuala Cormac an ní sin tug a bhriathar nár
smuain ina mhenmuin in ní sin do cuiredh air,
acht áilghes a sochair sin do bheith air. Do ghuidh
an Coimdhe comhachtach go nach beith congbháil
tuaithe nó eaglaise uadha sin go bráth. Adubhairt
Cormac:




Áilim Coimdhe comhachtach
itche ndíochra ndíoghalta
ná raibh congbháil cluig nó sailm
ag Connla mac Fíonachta.




Ro fíoradh an ní sin, dáigh ní fhuil aithbhed
nó foraithbhed i dtalmhain uadha, acht Sceach
Nechtain d'ainmniughadh uaidh.



Ro riaradh Cormac iarsin ag Dáil gCais um gach
ní dár iarr a bhéal, agus tug Lorcán mac a mheic
féin lais, agus tugadh Flann mac Maoil Maedhóg
d'Uíbh Conaill dó, agus macaomh gacha tuaithe
iarsin. Ciodh trácht, ro fresdaladh agus ro fritheóladh
Cormac go huasal aoibhinn onórach ag Lorcán, agus
is i dtigh Lorcáin adubhairt Cormac an rann so:


L. 112



I dtigh Lorcáin rom-leasa
síol Lorcáin gura losa
maith mo bheatha iar mbuadh go mbloidh
ag ól a cornaibh osa.




Is annsin ro ráidh Lorcán fria mhacaibh gomadh iad
féin do ghníoth feartuighecht do Chormac ar
dhóigh bennachtan d'fhagháil. Is annsin ro ghabh
Cosgarach mac Lorcáin do láimh fresdal na coinnle do
dhénamh, dáigh isé fá só dhíobh; agus is de sin do rinne
Cormac an rann:




Cosgrach mo choinnleóir glan glé
i dtigh Lorcáin mhic Lachtna;
síol Cosgraigh chaoimhghil ghéagaigh
gur ba tuirc ós truimthrédaibh.




Do bhí Cormac naoi n-oidhche ag Lorcán, agus
imthighid iarsin fá bhuadh agus fá bhennachtain.
Gonadh ann is-beart na briathra so:




Mac Cuilennáin cosdadhach,
rí Caisil na gcros,
ag Lorcán go foisdenach
naoi n-oidhche dó abhfos.



Lorcán ua Luirc caraimse,
ro-chara Dia dil;
isé so a líon anaimse
ochtmhogha ina thigh.


L. 113


Beóir dhúinn re naoi saoroidhche
ag Lorcán na long,
miodh is fíon gach aonoidhche
atá sin anond.



Gach maith bhíos do dheghdhaoinibh
ó ruire go hab,
go dtugthar, a Dheghdhúilimh,
do Lorcán 's dá mhac.
M.




Do luidh Cormac iarsin go Caisiol, agus fógraidh
for Eoghanacht in Cháisg do dhénamh dhó, agus do
éaradar Eoghanacht uime sin é, agus léigid 'na
throsgadh fá Cháisg é. Ó'dchualadar Dál gCais an
sgéal sin do chuiredar a maithe agus trí chéd
purtraidhchi méithe leó go riachtadar oidhche Chásga
go Cormac i gCaisiol na ríogh. Fógrus Cormac do
na hEoghanachtaibh crodh agus séda do thabhairt
leo dia dtaibairt d'éigsibh agus d'echtrannchaibh ó ná
tugsad biadh dhóibh, ná lón do chur chuige.
Isedh imorro tugsad Eoghanachta leó i dtech Cormaic
arna mháirech, an ní is mesa bhí aca d'armaibh
agus d'édach, ar dáigh gomadh eadh no-thiodhnaicfeadh
Cormac dona deóradhaibh. Ó'd-chonnarcadar
Dál gCais sin, anas-deach do chloidhmhibh
agus d'armaibh, d'eachaibh agus d'édaighibh bhí aca
tugadar do Chormac, dá dtiodhnacadh, iad. Bennachas


L. 114


Cormac go dil agus go díochra deghthairise Dál gCais,
agus as-bert na rainn seo:




Go dtugthar dóibh ár ndúthracht
do chlannaibh Táil na dtréincheart
ríghe caín go bráth buainchert
ordain laochdhacht cruth cléircheacht.



Ad-riaruigh dhamhsa na fir
ad-fiamhaidh re conn gan chol
ní ros-gabh flaith Gaoidheal ngarg
ní theichid ré dtadhg na dtor.




Do luidh in Lorcán sin fecht n-aon d'agallaimh
Chormaic i gCaisiol, go ndeisedar ar dtúis i Ráth na
n-urlann for faithche Chaisil. Dóigh fá hí faithche
Chaisil in tan sin ó Shamhaoir go Gabhrán, agus ó
Oilén Éile go hOiléan Uí Bhric. Ro hinnisedh do Chormac
Lorcán do thoighecht for an bhfaithche. Faoidhes
Cormac techta for a chenn, dáigh bhaoí fledh ollamh
ionchaithmhe iona choinne aige.



"Cia líon thiocfas leis?" ar na techta.
"Deichneabhar" ar Cormac.
Innisid na techta sin do Lorcán.
"Ní-thó," ar Lorcán.
Do luidhsed na techta go Cormac agus nochtaid an
ní sin dó.
"Cad as" ar Cormac
"Ní fhedar," ar in giolla, "acht muna beg lais;"


L. 115


"Taoda triochdho," ar Cormac.
Tairgther tráth do Lorcán in ní sin, agus teibidh
Lorcán an ní sin. Innisidh an giolla sin do Chormac.
"Ro fedarsa," ar Cormac, "an ní 'ma dtá. Ag iarraidh
a dhúthchasa féin i dtigh Chaisil atá."
"Cia dúthchas dhlighes?" ol cách.
"Atá" ol Cormac, "leth an tighe ón dorus go roile.
Is dleacht a thabhairt dó."



"Is dleacht chena," ol cách.
"Imthighidh," ol Cormac, "agus fearaidh fáilte
fris, agus rachaidh cuid a athar agus a sheanathar don
tigh so dhó, .i. in leth bathuaidh don tigh; dóigh isiad
Dáil gCais diongbhas cogadh Leithe Cuinn do rígh
Chaisil.
Innisid na techta sin do Lorcán.
"Rachmaoid leis sin," ar Lorcán, "agus ro-budh
mhaith linn chena bheith sunn ag foraire go maidin
dósamh. Dóigh ro mharbhsad Eoghanacht a ríogha
féin go minic agus ní éimeochum ár ndúthchas bunaidh
an tan do-gheabham é; agus ní rachamaois ann muna
bhfaghmaois é."



Do-chuaidh Lorcán iarsin idir ghiolla agus
óglaoch isan tech, agus fearaidh Cormac fáilte roimhe.
Bhádar ann imaille an oidhce sin; agus is annsin do
chan Cormac do dhlighedh Dáil gCais .i. a ruidhles
díles an tan nach biadh ríghe Caisil aca:




Ruidhleas Dál gCais cédaibh armach
dá thuaith dég Tuadhmhumhan tuaidh,
intan nach leó Caisiol cubhaidh
ní mhaithid do Mhumhain mhuaidh.


L. 116


Corca Baiscinn Corca Modhruadh
comhall Ard nGabhla go ngráin
Uí Chormaic Tradraighe tréinghlic
Uí Aimrid tuath Luimnigh láin.



Uaithne, Ara tíre cogaidh
Muscraighe is Éile don tsléibh,
dá thuaith an Fhochla go n-ollbhladh
ag foghnamh ríogh Deirgdheirc dhéin.



Ruidhleas do Dháil gCais na gcuradh
i dtigh ríogh Caisil na gcliar
in leath thuaidh don tigh gan díchleith
dlighid do gach ríghthigh riamh.



Tosach ag dul i dtír námhad
is deiredh leó ag techt tar ais
le méd a n-áigh fria gach ndoilgheas
is ní do ruidhleas Dáil gCais.




Isé an Lorcán so fá rí ar Dhál gCais intan táinig
Tadhg mac Cathail Uí Chonchubhair for creich
cobhlaigh go Muigh dToirdhealbhaigh gur
loisgeadh leis lios Lorcáin fil ós Bóroimhe. Gidheadh
ní raibhe Lorcán ann an tan sin, air is i nUíbh
Cearnaigh ro bhí, agus ní tarraidh forra go rabhadar
ina longaibh, go rug annsin ar each, agus
bhaoí ag iomagallamh riu. Bhí Tadhg ag iarraidh
bráighde ar Lorcán, nó 'gá rádha ris Tuadhmhumhain
d'fhágbháil dó. Adubhairt Lorcán nach diongnadh
cechtar díobh.


L. 117


"Muna ndearna," ar Tadhg, "loisgfead féin do
mhuighese go meinic."
Adubhairt Lorcán nac mionca do loisgfeadh a
mhuighesiomh inás do loisgfedh féin ní budh fearr ná iad
ar a son. Agus adubhairt Lorcán dar a bhréithir nach
coideóladh na secht lesa is ferr bhaoí i gConnachtaibh.
Adubhairt Tadhg:



"Loisgfeadsa do thír indiu gibé díol do-bhéar innte.
Ro scarsad iarsin fó dheabhaidh. Do riachtadar Dál
gCais go Lorcán. Dóigh an tan tigedh an cobhlach
Connachtach seach Fairchill anuas, is annsin dohadhantaoi
in teine chomhartha i gCnocán na Foraire ag Rinn
Arda; agus do hadhantaoi iarsin i Sliabh Muinchinn,
agus as sin i gCnoc an Phrécháin, agus as sin i gCnoc an
Dubháin, agus do thigedh an fer ó Árd nGabhla go
hard Chinn Choradh fón dteine sin. Agus gidh thuas
thigdís Connachtaigh do hadhantaoi na teinte iar
n-urd anuas. No-bhídís na forairedha ingach dú
ón bhforchoimhéd go aroile go gcomhroichedh in fer
ó Dheirgdherc go hArd nGabhla fri haonuair go háit na
hiorghoile.



Ciodh trácht, ar dtorachtain Dáil gCais go haon
ionad, ro innis Lorcán dóibh fuighle Thaidhg mhic
Cathail, agus a bheith fris ag iarraidh giall air.
Ro fearguigheadh Dál gCais um an sgéal sin. Ad-recht
méd menman agus aigenta ingach duine
dhíobh go nach raibhe giollanradh ris nach raibhe menma
urraidh nó trénmhíledh da gach cinéal eile san domhan


L. 118


do dhiongabháil; agus ro roinnsed iad féin i dtrí fó
Chonnachtaibh.



Do lodar trá uachtar Dáil gCais fo Uíbh Fiachrach,
agus fá chine Aodha, agus níor fhágaibhsed dún ná
daingen ná dionnghna go rángadar Líonán Chinn
Mhara gan loscadh agus gan ionnradh. Do bhádar,
umorro, Uí Chaisín fá Uí bhFiachrach Finn agus fá
Mhaonmhagh go nár fhágsad ní go Creachmhaoil
agus go Sodhuin gan ionnradh, gur loisgedar daingen
Ranna na hEidhuighe an Doire Cruthach agus
daingne doibhriste in tíre archena.



Iomthúsa Lorcáin budhéin do luidh féin agus
Uí Chonghaile agus Uí Thoirdhealbhaigh agus
gach aon agá raibhe acfuinn long nó eathar díobh
for Loch Deirgdheirc i n-iarmhoracht Connacht, agus ro
len iad go Port nGreancha for Sionuinn. Intan, imorro,
robsad nemheaglach, nemhimshníomhach fir
Chonnacht, ro thuilsed ina gcodladh agus iad
scítheach meirtneach a haithle aistir agus iomramha,
is ann do-rala dhóibhsiomh dul fán longphort go badhbhdha
barbardha, gur chuiredar a ndeargár go
ndeachaidh mac Cathail Uí Chonchubhair féin fón
gcaladh iar rian madhma; gur fhágaibhsead a
mbárca agus a n-éadaighe agus a n-uile threalmha
archena.



Do-chuadar annsin muinnter Lorcáin isna longaibh
agus ro loisgsed an chuid nár fhéadsad do bhreith


L. 119


leó; agus do-chuadar gusan inis fora raibhe ben
Taidhg mhic Cathail i mbéal an chuain sin, agus dá
mhnaoi dhéag do mhaithibh ban Chonnacht maraon
ria, agus a macaomha agus a mbanntracht archena.
Agus ro airgsed an inis agus rugsad na mná leó as sin
go Bléin Gaibhle. Is annsin do chuir Tadhg Mac
Lonáin d'iarraidh na mban, agus a mhná féin seoch
cách re a bhfuasgladh.



Do-riacht Mac Lonáin go Bléin Gaibhle ag Loch
Ríbh, agus do-chuaidh go glúinibh isin loch, gur
thógaibh a éadach uime. Is amhlaidh, umorro,
bhaoí an t-ollamh agus é coillte; agus ba nár le Lorcán
agus le Dál gCais féile an ollamhan d'fhaigsin uair
ba baoghail leó gurab do dheithnios do rinne an
fear dána sin; agus cuiridh Lorcán na mná agus
na macaoimh agus an bhroid uile isan loch,
d'uamhan a n-imdheargtha. Gonadh annsin do rinne
Mac Lonáin in duainsi, agus do ghabh dóibh
annsin ar an loch gan dochar idir go dtairnig leis a
gabháil dóibh:




Lorcán léir tar fir Fódla
fri Coin Cuailnge don chath chruaidh,
laoch badh hamhra don Mhumhain Ghabhra
nis-geibh Banbha tar a bruach.


L. 120


Bidh mac Lachtna go lán mbuidhe
for Leath Mogha Nuadhad náir,
feibh gusn-agaibh Fearghus fedhmach
um an dteaghlach tug in Táin.



Taitnidh ordanacht ó nAnluain
re cloinn Toirdhealbhaigh don tres;
Fionnabhra 'na n-aighdís Ulaidh
fo-ceird don Mhumhain mór ngres.



Cuingid cogtha go mac Lachtna
iar Sionainn ad-seirge a ngluinn
téid re cách i dtús an átha
i láimh Lachtna for Leth Chuinn.



In gcuala fri Connacht creachach
in cath fri Conmhaicne Réin
in smalghraidh dar thaobha deatach
fri cloinn Eachach móir mhic Néill.



In dingabháil fri Cloinn Colmáin
iar gcreach Connacht cruaidh in beidhg;
crú for a rinn rinn ar gcréachta
ceacht ag caithrígh Locha Deirg.



An Dearg Maighneach re cuan Cormaic
fo-ceird greis don Mhumhain mhais;
an Slamach Sligigh don deabhaidh
ro-reraigh re clannaibh Cais.


L. 121


In cionntach re crodh Olnégmhacht
innte do luidh go Loch nUair
in taga ríghe do righi
taodh for slighi Snámha an Bhuair.



In tres bhuidhenda don bhruighin
bhíos re Dál gCais gan chelg
gníomhradh in churadh ní deireoil
gnáth tré dheróil in daigh dherg.



Dercaidh Gaileóin da gach líne,
gairidh conghairidh ré ngráin;
conghairidh forra i muigh Raithleann
a thaithmhed for faithleann Fáil.



Faithche for-ágaibh Mogh Nuadhad
iomdha díth uí Chormaic Cais,
críoch Luighdhech Mind mogh gan chertroinn
níor lamhadar echtrainn lais.



Deisidh brughaidh for brú Bearbha
ro-chlos go hiath Gulban guirt
turas mór searrach fán slighe
ón bhreas don Mhuing Line Luirc


L. 122



CINNÉIDIGH



Fá mac don Lorcán sin Cinnéidigh ro ghabh ríghe
Dáil gCais d'éis a athar, agus isé an Cinnéidigh sin ro
bhris cath Locha Saighlenn for Ceallachán Caisil ag
ionnsaighe air go dtorachtadar trí chéd cenn i n-aon
ionad díobh. Agus ba mac diongbhála dá athair é ar
chródhacht agus ar chosgaraighe, ar einech agus ar
engnamh; agus fá leannán éigse agus aosa dána Éireann
é, amhail adeir an rann:




Fairedh nech an oidhche uaidh
léigedh lethlámh leisge an luain
gidh uair snechta gidh uar sín
iomrádhadh rígh Snámha Bhuair.



Gidh fuar adhaigh dhorcha dhonn
gé brisidh gaoth ghluair gach gall
do ragha mac Lorcáin ann
gidh ard nochtgháir Mara Meand.



Eislis air Cinnéidigh caín
con-gheibhidh Mumhain mílibh tor,
gé do-berar ar mhac Cuirc,
budh támh tuirc fa chosaibh con.


L. 123


Cuileand cleathruadh gaoladh gluair
rí Locha Duinn chanas laoidh
ad-gair Mumhain meadhrach mbuadh
a dhún i ndún Chaisil chaín.



Coinneall Arda ard in dáil
rí Locha Dáimh dia do dhair
faithi fiaich duibh Droma fris
con-gair cuil is logha fair.



Mac Luirc Luimnigh greasa glain
ua ríogh Dreasa dia n-an dair
deathach do stiúir stuaghaigh fhir
menma Briuin mic Eachach air.



Mac Luirc, ua Cuirc, caomh a chlú,
ro luidh go gulbain guirt Glae
i gCionn Choradh ro ghabh rí
Magh nAoi Magh nAdhair Magh Nae.



Gidh uar snechta téid an fer
tar ucht Eachtghe eachraigh fail
fáilte braineoin ris in ngein
éighid corra aineoil air.



Flann mac Lonáin cct.



Ceann Coradh,
dún 'na dtarla gach toradh,
gérbhad tíre fa chuanaibh
indiu atá fa thromshluaghaibh.


L. 124


Atá do Chinn Choradh chain
ón ló ro-ghabh Cinnéidigh,
conair a clú do-chuaidh go hEamhain
ó tá Caisiol go Teamhair.



Ro-farraidh rí Cinn Choradh
Éirinn ó ar go horaibh
gu n-a bhfuil inneall uirre,
ó tá ruire go ruidhe.



Gérbhadh trén riamh Cobhthach Caol
ro bhí isin charn chomhchlaon
indiu badh narracht bres balg
buidhneach bearnach thrí gcarbad.



Dia n-impó dá thaobh for taobh
rí Adhair for dibh deghraon,
ní shaoilenn nech beith i bhfod
im dhún Uirrionn ima dtog.



An tan trae rí letha Luisc
fo-gheibh Éire crann a cuisc,
fo-creana crith croidhe fir
bhíos i ndún Deadhaidh mic Sin;



Mar do hadhnadh daigh do threibh
inghine Eachach Feidhleigh,
aderid isé uil ann
Cinnéidigh cruaidh i gcomhlann.


L. 125


Báighiusa báidh mo bhaile
re rígh mbuidhnech mBóraimhe,
damhdais lia liach leanda
ní cingi bú am chenda.



Nás Caisiol Cruachain
Teamhair tír do threibh Thuathail
beid iar dtromar ingach tan
ag foghnamh do Chinn Choradh.



Laighin Ulaidh clanna Néill
Connachtaigh fá caomh do chéin
tar anocht berthar a mbladh
do Dhál gCais go Cenn Coradh.




Agus isé an Cinnéidigh sin cédduine do Dhál
gCais ro fhulaing an cogadh coigcríochais crosach
do gach aird .i. Corcamruadh anuas, Dealbhna intan
oile, Muscraighe agus Éile anoir, agus Eoghanacht
agus rí Caisil andeas .i. Ceallachán mac Buadhcháin, agus
cogadh Thaidhg mic Cathail Connacht adtuaidh,
amhail is-bert an file:




Gé do thíosdaís in dá shluagh
Eoghanacht is Corcamruadh
is amhlaidh do rachdaois as
gan ghialla gan airechas.



Is eól damhsa, ní rádh fuis
in dias 'gan mó mo mhioscais
athair mo mhná, comhall nglé
agus céile m'inghine.


L. 126




i. Annrathán isin mBoirinn agus Ceallachán
mac Buadhcháin.



Agus isé an Cinnéidigh sin cédduine do Dhál gCais
ro thriall ionnsaighe ar chóigeadhaibh Éireann i
gcrích coimhighthigh, agus isé do-chuaidh agus Dál
gCais go raibhe ar fedh míosa in Áth Luain ag forbhais
for Chonnachtaibh; gonadh aire sin adubhairt an file an
rann so:




A bhean cuir an sordán dúinn
ar mhac Lorcáin Linne in Bhuair
ar Chinnéidigh, sochla in séad
fil trí chéad i nÁth Luain.




Agus isé an Cinnéidigh sin ro bhris ceithre catha
dég ar ghallaibh ag cosnamh Tuadhmhumhan
friu, agus dá n-ionnarba amhail is-bert an file:




Na secht gcatha goma dó
ar ghallaibh gníomh nárbho ró
ro bhris orra thuaidh is tes
Cinnéidigh re caecigheas.




Isé an Cinnéidigh sin ro bhaoí da fhiched bliadhain
i ríghe Tuadhmhumhan, agus goill ag ionnradh
Mumhan. Ní thuilledh buidhe fri neach fris in
ré sin. Ochtmhogha bliadhain ba slán dó an tan do


L. 127


ghabh ríghe. Fiche ar chéad bliadhain roba slán dó intan
roba marbh é. Sé bliadhna dég ré gcath Sulchóide
roba marbh é. Agus an cúigedh bliadhain, tráth,
ria n-ég Chinnéidigh ro marbhadh a dhá mhac le
Conghalach mac Maoil Mhithidh .i. Donn Cuain
agus Eachthigheirn.



Ro ghabh Lachtna mac Cinnéidigh ríghe iarsin i
dTuadhmhumhain, agus ní raibhe acht trí bliadhna i
ríghe, dáigh ro mharbhsad Uíbh Floinn agus Uí Chearnaigh é.



Ro ghabh, tráth, Mathghamhain mac Cinnéidigh ríghe
Tuadhmhumhan. Naoi mbliadhna dhó i ríghe an
tan ba marbh Donnchadh mac Ceallacháin, rí Caisil.
Iar n-ég Dhonnchadha agus ar ngabháil ríghe Mumhan
do ghallaibh do luidh Mathghamhain go Caisiol 'na
rígh, agus gabhaidh ríghe Mumhan, agus ionnarbaidh
goill a Mumhain; agus brisidh secht gcatha for
gallaibh, .i. Cath Sulchóide, áit i dtorchair Corran
laighneach agus Maghnus Luimnigh, agus Toralb
in fáidh, agus Stabhall mac Sithmhuill; agus cath
eile for Mairtine Mumhan, agus for Iomhar Luimnigh
agus for na Ladhmannaibh:



Feacht n-aon do-chuaidh Mathghamhain mac
Cinnéidigh i gcobhlach forsan Sionuinn go riacht Loch
Rí agus go hÁth Liag go ndearnsad creacha ag
Sliabh an Iarainn, go rug Fearghal mac Ruairc mic
Tighernáin orra ag Tairrghlinn .i. ag an abhainn
atá ag Sliabh an Iarainn isan ionad i dtéid an abhainn


L. 128


isan loch, go dtug Ferghal cath dóibh. Agus ro-
mebhaidh for Ferghal, agus ro marbhadh a mhuinnter
go díáirmhe; agus is ar éigin do imthigh Ferghal
féin do shnámh tar bun na habhann; gur fhágaibh
a sgiath aca fris an abhainn, agus isí an sgiath sin roba
losad do mhuinntir Mhathghamhna, ar dáigh gomadh
oiltubha do Chonnachtaibh inní sin. Agus an tan do
bhaoí Mathghamhain for sluaghadh is ann do rinnedh
an duainse ó Chomharba Phádraig:




Caogad airdrí ar di cédaibh
do mhúr Mumhan carta in mháil,
fri flaith fedhma formna díne
gabhsad temhra tíre Táil.



Teamhair thaobhghlas a togha
is fonn faonbhras fri ghubha
ro ghabhsadar, gníomh ngoile,
trí chéud do mhaithibh Mumhan.



Mo dhoirseóir ní diult re neach
méaraidh im chinn go cuimhneach,
in slógh do thionól im thech
mar miodhól mór na Muimhnech.



Beag gach tír is gach talamh,
beg gach brígh is gach bunadh,
beag gach glór is gach greadhan
acht meadhar mhór na Mumhan.


L. 130



...ráinig don inghin go ham lanabhdha...


L. 133


B 1702ls 18T
...Iar sin teilgios M.R gai geinntligheachta bhí aige san aidhér suas
agus san áit inar thúirling an gai do bhris tobar fíoruisge amach ann
ler fóireadh fir Mhumhan ón éigion tarta ina rabhadar agus iarsin
sgaoilios an glas do bhí ar uisgeadhaibh, agus lingios F.M. gona
shluagh ar


L. 134


Chormac gona shluagh, gur bhris díobh agus go raibh ag tóruígheacht
orrtha go Teamhair agus go dtug ár ortha, ...;



B 1760ls 18L
Is amhlaidh tráth do rinnedur draoithe Coramaic gan braon uisge
dfágbháil san Mhumhain ionnus go rabhadar na daoine agus na
ceathraibh ambaoghal gur chuir Fiachra fios ar Moghdhruith, agus
air tteacht do amhail adubhramar do chaith gadh geintlidhe suas insan
aedhior agus annsan áit ar thuit an gadh do bhrúcht tiobruid
fhíoruisge as ler fóradh sluagh Fhiachra, agus do bhain F. géille
do Ch.


L. 134


<B 1702-06lsí 18T>
...ar mbeith do Oilill Flann mhór gan chlann aige, do ghabh lé
na dhearbhráthair .i. O.F.B. mur mhac agus mur oighre agus do
fhágaibh a oighreacht agus a mhaoin tsaoghalta aige, air choinghíoll
go mbiadh ar na ainmnioghadh san gheinealach...


L. 138


B 1716-17ls 18T
...Do-rala, din, bancháinte fecht n-aon do thigh an ríogh...



...Bádar banaimide san Mhumhain an tan sin, fria haidhmilledh mac
agus gacha geine ba háil dóibh dia milledh...


L. 140


B 1739ls 18L
...Agus do chóimhlingsiad as an nid acht aon én díobh dfhan san nid...


L. 142


B 1716-17ls 18T



Isiad so anmonna an dá mhac dhég domhanda...


L. 152


...ní nár chosain sé faríor...


L. 156


...Agus d'éag an Domhnall céadna so an t-aonmhadh lá déag do
June i gCarraig na bhFear Anno Domini 1692...


L. 168


...Lughaidh Cíochach, umorro, isé ro alt na meic sin
Chriomhthainn mic Eachach ar a chíochaibh féin...


L. 169


Do chuiremar síos go soiche so craobha caoibhneasa agas craoibhsgaoile
agus geineiligh Sleachta Cais mic Cuirc mic Luigheach do réir ar
ndíchill. Anois cuirfem Duain Catháin annso ina bhfuil a


L. 170


gcraobhsgaoileadh go soiléir...
B 1822ls 19T
U 0401
...et bíodh a
bhfios ag an léightheóir gach miongéaga genalaigh dar chuireas síos
go so ó gheinalach mheic Carthaigh Mhóir agus gach mionghéaga da
ccuirfed am dhiaigh nach d'oibreachaibh Seathruin Céitinn iad
acht neithe do fuairas féin andiaig na nollamhain do bhíodh ag na
huaislibh ar a ndeinim an seanchas so...


L. 207


B 1703ls 18T
U 0201
...Gein. sleachta Dúna G. annso agus as ionchuir é roimh Iarla
Chloinne Cárthaigh má atá cion ar shinnsiordhacht...


L. 208


B 1716-17ls 18T
... antan do beanadh Corcaigh amach le harmáil Ríogh Uilliam...


L. 215


B 1822ls 19T
U 0401
...Agus bíodh a fhios aig gach léighthóir go bhuil do chomaoine
an sgríbhneóra annsa geinallaidh na druinge d'uaislibh Mumhan do bhí
ina lucht comhaimsire aige féin a ccur síos riomh an druing fuarus
air ttúis sa Leabhar Muimhneach inna náitibh féin: Tagra ag K ar
cheann an gheinealaigh sin....


L. 216



...bás san madhaim talmhuin...


L. 221



...Art Caoch, do-chuaidh gan sliocht acht an inghean ata pósta ag
Art mac Eoghain i Musgraoi...


L. 224


B 1716-17ls 18T
U 0201
...Do-chuaidh Domhnall go Deasmhumhain gonuige Mág Cárthaigh
Mór, agus fuair fáilte agus fastódh uaidh, agus a thoil féin
coingheall agus cur na tíre, agus do fhan a shliocht ann ó shoin...


L. 225


...mic Taidhg, mic Diarmuda, mic Donnchadha ná himircí timchioll...


L. 229


B 1822ls 19T
U 0401
...Agus bíodh a fhios ag an léighthóir gach miongéaga
geinalaigh dar chuireas síos go so ó gheinalach Mheic Cárthaigh
Mhóir agus gach mionghéaga da gcuirfed am dhiaig nach
d'oibreachaibh Séathrún Chéitinn iad, acht neithe do fuairas féin a
ndiaig na n-ollamh-ainn do bhíodh ag na huaislibh ar a ndeinim
an seanchus so.


L. 234


B 1716-17ls 18T
U 0201
...agus isé tug Mainisder Dhonnchadha Chairbrigh i Luimneach amach
do Dhia ar son a anma...


L. 246


...Isiad Siol bhFlannchadha so fá breitheamhain ag Ó
Bhriain, agus isé Grianán na mBreitheamhan fá fearann
ollamhantachta aca ó Dhál gCais go teacht Gall...



B 1703ls 18T
U 0114
Agsin a bhfuaras do Chraobhsgaoileadh sleachta Chormaic Chais,
mic Oilill Óloim, gonuige sin. Gabhadh gach léaghthóir mo
leathsgéal, óir ní bhfuaras ní san mbith do tharbhadh Shíl
mBriain riamh. Eoghan ua Caoimh.


L. 255


...Triallfad feasda ar Shíol Éireamhóin, agus as seacharánach
an t-ionad dhamh e, agus uaisle sleachta Éireamhóin an ainbhfios mo
bheith a ccúram a ngéaga geinealaigh. Ní chreidim go mbia tarbha
do neach go bráth an seanchus do choimeád, acht amháin go bhfuil
maith mhór do neach bheith eólach a seanchas a thíre féin...


L. 263


B 1716-17ls 18T
U 0201
...Agus tar cheann gurabé Niall an mac fá hóige don chúigear
tugamar tosach dó san chraobhsgaoileadh, do bhrígh gurabé fá mó
oirbheart, agus gurab dá shliocht is mó táinig do ríoghaibh Éireann.
...


L. 283


B 1703ls 18T
U 0114
...Ní bhfuaras geinealach hÍ Charnáin, hÍ Chriagáin, ná hÍ
Threabhaire, agus ní misde leam é, óir as lór a bhfuaras do
gheinealaigh na nGaoidhiol, agus ní bhfuil mórán sochair dóibhsion
ná damhsa fios a ngéaga geinealaigh do chur i gcairt ná i gcuimhne,
óir ní shaoilim go dtiocfa (fáríor) aon aimsior ina mbiadh lorg
ortha...




L. 284


Do-bhérsa feacht anois ar Ghallaibh, ós iad
atá i n-uachtar; agus ní mór a mbrígh do bhreis ar
Ghaoidhealaibh. Do-bhéar tosach dom thigherna dúithche
annso, óir nach féadaim ní dom sheirbhís do dháil dó
acht an céadionad do thabhairt dó im leabhar; óir
is follus gur taosga tháinig i nÉirinn 'ná aon do Shean-
ghallaibh.


L. 288


...Isé an Seán Challuinne so fuair bheith 'na Ridire...



...óna bháthadh i gCalluinn Ghlinn Ó Ruachta
maraon agus a mhac oighreachta .i. Muiris...


L. 292


Ag sin críoch ara bhfuaras do sheanchas Éireann. Arna
sgríobhadh do Hannraoi mhaith Mhac Ótta, duine uasal a Ccorca,
ar furáiliomh Eoin Baiste mic Sleighne, Easbog Chorcaighe,
Chluana agus Rois, Anno Domini 1703. Misi Eoghan ó Caoimh.


L. 305


B 1762ls 18L
U 0402
...Dá mhac, don, ag Rodaidhe .i. Maol Gorm agus
Murchadh...


L. 309


...Conall, trá, in cédna fearmhac d'Eochaidh is uaidh atá Aos
Chluana...




L. 325


...agus isé sin aenduine iar gCreideamh ro-ghabh ríghe
Tuadhmhumhan aneachtair for Dál gCais...




...Consaintín, easpoc Cille dá Lua, ó dtáid Clann Consantín...


L. 332


Bloidh do Sheanachas agas do chraobhsgaoille Gabhladh Geinneallach
Sleachta Bhriain Bórúmha Rígh Eirionn, do réir Chloinde
Broideadha le ráitir Í Bhroidinn, prímhsheanchaidh Síol mBriain,
agus fós ughdaráis leabhair irse Chloinne Maolchonaire; iar na
tharang as aithsgríbhinn Dáibhídh Í Bhruadair do críochnaidheadh
lais san mbliaghain 1690.


L. 336


...agus Taidhg fuair bás le hadhairt...


L. 337


...trí fichid marc gacha Samhna...


L. 341


...gan ceannach Eaglaise Dé do athlaochaibh ná do aithchléircibh go
bráth...



...agus gan dá oircheannach do bheith i n-aenchill, acht ar an
gcill do bheith i gcomhrac dá chóigeadh...



...a mallacht for gach n-aon no-thiocfadh i n-aghaidh na státúite
nó an reachta soin go bruinne an bhrátha agus go foirceann an bheatha...


L. 342


...isé do rinn Caisleán Dubh Átha Dara agus an halla mór don taobh
theas don Chaisleán; ... agus sé mainistreacha déag oile san
Mhumhain; agus do iodhbair iad gona mbeathadhaibh do Dhia agus dá
mhanachaibh do rath a anma féin.



Don treibhseo le ráitir Clann mhic an Escoip Síol mBriain Rátha
Du(a)bháin a mbaruntacht Innse Í Chuinn, agus is dá sliocht
Frainséas Ó Briain atá anois a seilbh ranna do eastát a shínsir .i.
fearann Bhéil na Fírbhéarnan dá ngoirthear Castle Bieca.


L. 343


...Tuig gurab é an Tadhg Caoluisge seo d'fhágaibh an tuarastal i
gCaoluisge ag Ó Néill .i. dá chéad each...


L. 346


...agus Tadhg do marbhadh i nÁth an Chambuis for Siuir la Piaras
Buitléir, agus ní do gníomh iomairic ro marbhadh acht urchar piléir
dfhagháil fón sluagh, agus ro marbhadh Tadhg amhlaidh sin i meadhón
a mhuintire...


L. 348


...Cuid Bhriain mic Donnchadha d'fhearann
Phobail Bhriain annso .i. seisreach Chaisleán Bhaile
Í Chatháin, agus an caisleán féin ón sruth ba thuaidh...


L. 350


Diarmaid, treisnéir Luimnigh d'imthigh gan sliocht.



An t-aon mhac déag sin Donnchadha mic Briain
Duibh Í Briain ro chríonsad uile inge beag, acht
banshliocht namá...



...leithsheis. dfearonn eatharla do gach nduine díobh le cois a
choda fein do Ph. Bh. G.




L. 354


...agus a óighréir do dhéanamh óna bhráithreachaibh go
hiomlán, acht amháin nach déanadh sé éagcóir ortha...



Donnchadh, mac Briain Bhóroimhe in' Ardrígh Éireann, do réir
dhruinge re seanchus caogad bliadhan, do réir dhruinge oile
ceathrachad, do réir dhruinge oile a sé fichead. Is lughaide chuirim
i n-iongantas an neamhoireamhain seo mar tá liom féin a sé déag
d'ughdaraibh barántamhla, agus gan dís ag teacht le chéile dhíobh
um chomhaireamh na haimsire ó chruthú


L. 355


an domhain go hioncholnú ár Slánuightheóra....




L. 361


...Brian Mór (mac bastard an) Brian Mór (so)...



...Clann Bhriain Mhóir bastaird annso .i. Mathghamhain Liath;
Conchubhar Riabhach; agus Diarmaid.....


L. 362



...agus do imthigh féin agus Domhnall agus Uilliam Maol gan sliocht,
agus do thuit a gcuid fearainn dochum mac a ndearbhráthar...



Isé an Conchubhar Mór so, mac Muircheartaigh mic Toirdhealbhaigh
Óig, mic Toirdhealbhaigh Ruaidh do roinn fearann Chuanach ar
dtús; agus do rinn roinn combráithreachais uirthi .i. trí chuid do
dhéanamh don chrích, agus trí treana do dhéanamh di...


L. 364


...Toirdhealbhach, an treas mhac, ro bhí in' Fhaircionnach Imligh...


L. 367


...noch do marbhadh la hÉamonn mhac Piarais d'urchur pléir san
bPailís...



... noch do marbhadh la hÉamonn mhac Piarais d'urchar as guna san
bPailís...


L. 368


Iar mbás Bhriain Ruaidh, do ghlac an Toirdhealbhach Bacach so
ceannas agus cumas coda Briain Ruaidh uile dfhearann agus
dfhineachas dó féin, agus do chuaidh i seilbh an fhearainn...


L. 370


...Cinnéide is na portánaibh id est nomen loci...


L. 375


...Is Comhairleach insan dligheadh an Fighnín sin.


L. 377


...Lord Chancellor na hÉireann, agus duine dona trí Airdiúistísidhe;
...




L. 380


...Is aithnidh don sgríbhneoir Muircheartach Ó Briain atá anois beo i
gConntae an Chláir go fírdhealbh...


L. 383


...agus Muircheartach aga raibh dhá sheisrigh i nInis Meadháin,
agus Cluaine 'na bhfearann saor...


L. 384


...aga mbíodh dhá thunna dhéag fíona d'áirdchíos ó
mhuinntir na Gaillimhe, gach bliadhain, do chionn
Cuain na Gaillimhe do chongbháil glan ó lucht dibheirge
agus piarataoi...


L. 385



Geinealach Sleachta Domhnaill Chonnachtaigh, mic
Domhnaill Mhóir I Bhriain, Rí déidheanach Chaisil
Mumhan agus Luimnigh, iarna tharraing as, leabhar
Aodha Buidhe mic Cruitín dá scríbhinn féin san
mbliadhain 1714:



Seaán anois i gCluain I Bhriain nDúthaigh Aradh,
anno 1714, mac Taidhg, mic Murchadha, mic Math-
ghamhna, mic Taidhg, mic Donnchadha, mic Domhnaill


L. 386


Duibh mic Donnchadha an Ghleanna, mic Murchadha
Riabhaigh, mic Domhnaill Ghluis, mic Toirdhealbhaigh,
mic Briain, mic Mathghamhna, mic Domhnaill Chonnachtaigh
óna oileamhain i gConnachtaibh do tugadh an
ainm sin air, mic Domhnaill Mhóir, mic Toirdhealbhaigh
mic Diarmada, mic Toirdhealbhaigh, mic Taidhg, mic
Briain Bhóroimhe.



Bíodh a fhios ag an léightheóir go maireann anois, san
mbliadhain 1762 Kendal Ó Briain, mac Kendil Í Bhriain,
oighre díreach Chluana I Bhriain agus Domhnaill
Chonnachtaigh; agus gurab mac do Sheaán mhac Taidhg
thuas an Kendal so, óir do bhí sé i seilbh i gCluain I
Bhriain.



Nóta: Do bhí dís dearbhráthar do threibh an Churraigh
i nDúthaigh Aradh, agus do shliocht Domhnaill
Chonnachtaigh, go déidheanach i Regiment Tighearna
an Chláir .i. Muircheartach agus Brian.



Tuig, a léightheóir, gurbhiad sliocht Chonchubhair na
Cathrach .i. sinnsear cloinne Diarmada, mic Toirdhealbhaigh,
mic Taidhg, mic Briain Bhóroimhe, ba
tighearnaí ar Dhúthaigh Aradh go hiomlán sula
ndeachadar Clann Bhriain Ruaidh, mic Conchubhair na
Siúduine, maraon le sliocht Domhnaill Chonnachtaigh,
don dúthaigh chéadna, iarna ndíbirt as Tuadhmhumhain
le cloinn Toirdhealbhaigh na Cathréime, mic
Taidhg Caoluisge. Vid Caithréim Toirdhealbhaigh, sub
fine.



N.B.: I n-imeall Dúithche Aradh ar Loch
Deirgdheirc do bhí caisleán daingean ro-oirdhearc, ag
Conchubhar na Cathrach do cumhduigheadh lena
órdughadh féin an tan do bhí sé 'na Rígh Mumhan d'éis
a athar; agus atá an caisleán céadna lé ráidhtear
Cathair Chonchubhair le faicsint ann fós, óir do chonnaic
mise, an sgríbhneóir, é san mbliadhain seo 1762.



Agus do-bheirim mo theist fhírinneach chríostamhail
gur innseadar mórán do sheandaoine foghlumtha na tíre


L. 387


céadna dham gurabé Conchubhar Ó Briain, Rí Mumhan,
ré ráidhtí Slapar Salach agus Conchubhar na Cathrach,
do rinne an caisleán céadna sin, do réir bheóloidis na
tíre riamh andiaidh ar ndiaidh, agus gur mar ghrianán
agus mar dhún ríoghdha do bhíodh aige féin agus aga
shliocht, gur sgaipeadh le feall agus le fóirneart iad go
Cloinn Ghiobúin i gConntae Thiobrad Árann, agus go
Cois Máighe i gConntae Luimnigh-tíortha inar ath-phlannduigheadar
do réir na seanchadh uile, agus do
sonnradhach do réir an tseanchais d'aithsgríobhamair
thuas; óir is i gCloinn Ghiobúin d'áitigh an sinnear do
réir na seanchadh gcéadna; agus is i mBaile Uí
Shidheacháin do bhí teach an tsinnsir.



Gabhla don teach agus don tsinnsear chéadna treibh
Choille an Charúnaigh; agus fós treibh Mhic an
Phearsúin i mBrí Gobhan.



Dála an tsinnsir, do gheabhaidh an léightheóir
annso 'nár ndiaidh geinealach an líne dhírigh shinnseardha
dfhan i mBaile Í Shidheacháin iarna tharraing
anuas ó Chonchubhar na Cathrach Rí Mumhan, go
Conchubhar, mac Tomáis Í Bhriain fuair bás san
mbliadhain 1708 .i. athair Thomáis agus Uilliam Í
Bhriain Bhéil Átha an Mhaide, nár fhág oighre feardha,
agus seanathair an Dochtúra Seaán, mac Tomáis Í
Bhriain, Easbog Cluana agus Rois.


L. 400


...cúig bliadhna déag ar fhichid, gur chomhthuit agus Fatha
Fath E Canann i gCath Cláraigh...





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services