Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tóraidheacht na bhFíreun air Lorg Chríosta
Title
Tóraidheacht na bhFíreun air Lorg Chríosta
Compiler/Editor
Ua Tuathail, Domhnall
Composition Date
1762
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Mac Guill agus a Mhac, 1915)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L245} {L xix} {B 1762 18L} {G L} {U 0201} {C Prós} {M 8} An Díonbhrollach. Chun an léightheora annso síos. A Luchd annsachd an chrábhaidh, aig so agaibh leabhran ceirt-bhriatharach, deagh-chomhairleach, binn- fhoclach darab ainm "Tóraidheachd na bhfíreun air chéim lorg Chríosda," noch do sgríobhadh ó thús san teangaidh Laidne le brathair ainglighe oirirc do Órd Bheannuighthe St. Auguistín; anois air na thairbhirt dhíbh ann so i ndeilbh, i n-éideadh agus a líbhrea mur dtíre féin, eadhon san teangaidh ghaoidheilic. Is fada ó do dheallruigh téasdas agus deagh-chlú an ughdair bheannuighthe air feadh na cruinne, air mhodh gur bhreathnuighdear luchd eagna agus mór- eolais air chrábadh, nach rabh amach ó'n Sgrioptuir Dhiadha én leabhar amháin is dísle, dhiadha, dheagh- chomhairlighe nó é; agus uime sin, is cian ó do ghabhadar saothar daoine foghlumtha gach én tíre an leabhar diadha-sa a chur a dteangaidh agus a gcanamhaint dhúthchasaigh a mathara agus a dtíre féin, air mhodh go bhfuil sé le faghail, ní hé amháin san teangaidh Laidne, Eabhra, Ghréigis, agus Arabaic; ach fós ann gach cainnt agus ann gach ceileabhar choitcheannta eile air feadh réagunaibh imchiana choigchricheacha choimhigheacha an domhain mhóir. Agus air an ádhbhar sin, do tógadh dhamhsa mar an gceudna, {L xx} saothar do ghabhail a chur a gcló agus a gcainnt ár dtíre féin, eadhon, san teangaidh ghaoidheilc; agus cé go bhfuil sé anois neóin agus deireadh an lae, ní bhfuil sé go fóill ro-mhall an maith do dhéanamh uair air bith, óir a deir Críosda féin san t-Soisgeul linn go bhfuair an mhuinntir, a thainic go mall san fhíneamhain, mar fuair an luchd oibre a thainic go much, eadhon, an tuarasdal agus an luach-saothair céadna. (Matha.c.20,8,9,10,14). Is uime sin do rinnis (rinneas) dícheall, maille re grása Dé, an leabhar-sa, a mhúineas dúinn cionnas is dleachd Críosda do leanmhaint agus an saoghal do tharcuisniughadh, do thairbhirt dhibh chomh- aithghearra, soilléir, so-thuigsiona, agus dob eól no dob éidir liom; ionnas go mbéadh sé na chaoimheach agus na chompanach dhíleas agad, a léightheóir, na lochrán soillse ann do laimh, agus na réalt eólais aige múnadh agus aige taisbeanadh an bhealaigh agus na sligheadh romhad. Air an ádhbhar sin, gnáthuigh agus cleachd an leabhran-sa do léigheadh go ro- mhinic, gabh chugad é mar mhaighistir air árd-dhiadhachd, agus mar riaghail air dheigh-bheathaidh, agus fós mar chomhshólas croidhe agus coinnsis a n-am agus a n-aimsir euga; ná h-éirigh cortha dhe, óir tar éis a léigheadh én uair amháin, fill air arís, óir do gheobhaidh tú eagna, oideas, agus oileamhain úr gach én uair le fromhadh ann, nach dteid a n-aois na a n-ársaigheachd a choidhche. Léigh an leabhar-sa leis an intinn, leis an úirísleachd, agus leis an chrábhadh cheudna do bhí aig an ughdar naomhtha do rigne é, eadhon, an Brathair Beannaighthe do Órd St. Auguistin, mar dubhairt mé roimhe. 'Sé dob ainm dhó, Thomas a Cempís. {L xxi} Ó'n bhaile san Almáine ann air rugadh é, do tugadh an t-ainm sin air san mbliadhain d'aois an Tighearna 1380 eadhon 382 bliadhain ó shoin. Do thosuigh sé air dhéanamh léighinn a gcionn a thrí mbliadhan deug anns a' Talamh Iochdrach faoi shagart fhóghlumtha dhiadha darab ainm Gerardus Magnus. D'fhan sé san áit sin seachd mbliadhna, aige déanamh fóghluma agus áirdléighinn, ach go sonn- radhach, d'fás agus do chuaidh sé air aghaidh go mór a n-eagal agus a ngrádh Dé, óir 'sé sin ollamhnacht eolas, agus ealadhain na naomh, eadhon, grádh agus eagla an Tighearna. Tar éis an aimsir sin do chríochnughadh, agus seachd mbliadhna eile do noviciat a dhéanamh san Órd, do thug sé na móide reir riaghalacha an Oird cheudna; agus ó sin amach, do bhí se 'na sgáthan, 'na riaghail, agus 'na easamplair deighbheathadh aca, as cionn deich mbliadhan agus trí fighid. Dob é a ghnáth-chomhradh a choidhche a bheith aige comhluadar agus aige tráchd air Dhia, agus air gach fírinne neamhdha dá bhfuil san Sgríbhinn Dhiadha; agus an tan do labharadh cách air neithibh eile leis, cha dtugadh uidh, éisteachd, nó aire doibh, ach amhail agus nach mbéadh eólas nó fios air bith aige orra. Do bhí sé air tús a gcomhnaidhe san choraidh aige rádh na h-oifice agus na dtrátha cánonta. Anns an áit sin bhíodh sé air a ghlúinibh, a lámha sínte, a cholann suas, agus a chroidhe agus a shúile a n-áirde aige feitheamh na bhflaitheas, amhail mar neoch do bhéadh ullamh réidh do dhul air imirce agus air eiteal suas chum an áruis naomhtha sin. Do bhí fuath agus gráin aige air a' díomhnas, óir do bhí sé go cinnte aige léightheoireachd, aige sgríbhneoireachd, nó air urnaighe, nó aig déanamh saothair éigin eile chum maith agus {L xxii} tairbhe do chách (I.c.19,4); agus is amhlaidh mar sin do chleachd sé an aimsir do chaitheamh ó mheadhon oidhche go much thráth maidne do gnáth. Do bhí a theagas agus a sheanmóir chomh iomlán d'ungadh agus do theasghrádh go dtigidís mórán do'n uile thaobh aig éisteacht leis; agus do bhí a chomhairle agus a choinbhearsaid chomh maith agus sin, gur mhór dob fheirrde do chách an t-oideas agus an t-eolas do gheibhidís ó n-a chomhradh. Ba sonnradhach a thiodlacadh agus a thallain aige tabhairt sólais agus comhfhurtachd do na drongaibh orra a mbiadh cathaighe, amhgair, nó buaidhreadh air bith eile. Bhí a ghrádh air an uaigneas, agus air na leabhair dhiadha chomh mór agus sin, gur minic a deireadh sé; "Do bhí mé aig iarraidh síth agus sáimh- shocruigheachd d'fhaghail ann gach én ní, ach ní bhfuaras é ann áit air bith ach anns na leabhair dhiadha, agus anns an uaigneas." An tan do bhiadh sé air uairibh ameasg nó ann a gcuideachda daoine do thigeadh bruideadh agus bíodhgadh inmheadhonach ann a chroidhe aige tabhairt cuiridh dó a dhul ann uath-chomhradh le Críosda. Anns na h-ocoideachaibh sin, ba gnáth leis a chead do ghlacadh aig an chuideachda go soirbh soineannta aige rádh: "Atá neoch aige a bhfuil gnothaigh liom a feitheamh orm ann mo bhóghtain."
Tóraidheachd na bhFíreun air Lorg Chríosda. An Chéad Leabhar. An Chéad Chaibidil. A labhras air leanmhaint Chríosda, agus air tharcuisniughadh an uile dhíomhaoineas saoghalta. 1. "Cé bé bheireas tóraidheachd damh-sa, ní chéim- nigheann sé san dorchadas," eadhon, ní shiubhlann sé air earróid, a deir an Tighearna. (Eóin.caib.8,bh.12). 'Siad so briathra Chríosda, tré a bhfúagrthar agus a bhfoillsighthear dúinn cionnas is inleanta beatha agus béasa Chríosda ma's toil linn ár soillsiughadh agus ár ndeallrughadh go fírinneach, agus ár saoradh ó'n uile dhorchadas croidhe agus anma. Deanmuid dícheallt smaoiniughadh go dúthrachdach air bheathaidh Chríosda. 2. Sáruigheann teagasc Chríosda teagasc na naomh uile, agus an té aige a bhfuil sbiorad na ngrás, gheobhaidh sé oileamhain neamhdha a bhfolach ann.
Ach, teagmhann go minic go n-éistid móran an soisgeul air bheagan tairbhe agus taitnimh, cionn nach bhfuil sbiorad Chríosda aca. Ach ce bé le ar mhian briathra Chríosda do thuigbheal go h-iomlán eagnaidhe déanadh sé a dhicheallt tóraidheachd do thabhairt dó ann a bheathaidh. 3. Creud an toradh nó an tairbhe dhuit aighneas nó díosbóireachd fhóghlumtha a dhéanamh a dtimcheall na Tríonoide, ma tá an úirísleachd leis a ndéantar toil na Tríonoide ceudna d'easbhaidh ort? Go deimhin! cha déan briathra intleachdacha neoch naomhtha nó fíréunta; ach, 'sé an bheatha bheannuighthe neimh-chionntach a thairringeas caradas agus fíor- ghrádh Dé air a' duine. Dob fhéarr liom doilgheas agus comh-brúghadh an chroidhe do mhothughadh, nó ciall agus craobh- sgaoileadh an fhocail do thuigbheal. Dá mbéadh an Bíobla uile a meabhair agad, agus fós ráidhte na bhfeallsamhnach uile, creud is féidhm do sin uile gan grádh agus grása Dé? Díomhaoineas na ndíomhaoineas: ní bhfuil san uile ní ach díomhaoineas, ach grádh agus grása Dé amháin. Ní bhfuil críonnachd nó gliocas is féarr nó do dhul go ríoghachda Dé tré tharcuisne an t-saoghail. 4. Mar sin, is díomhaoin an ní saidhbhreas díom- buan an t-saoghail iarraidh, nó ró-mhuinighin a dhéanamh as. Agus fós is díomhaoineas agus dichéille a bheith a' dréim le h-árdanachd, le gradam saoghalta, nó le h-onóir. Agus mar an gceudna is ró-dhíomhaoineas claonta na colna do leanmhaint, nó ró-antoil a thabhairt
do nídh air bith darab éigin píonus trom fhulang air a shon arís. Is díomhaoin saoghal fada d'iarraidh, agus a bheith neamh-chúramach fa dheigh-bheathaidh. Is díomhaoin a bheith ró-chúramach fá'n bheathaidh shaoghalta, gan feuchain romhainn air an bheathaidh shíorraidhe atá chugainn. Is díomhaoin ró-ghrádh do thabhairt do neithibh silteacha, díombuana, saoghalta, agus gan deifre nó luadhaile do dhéanamh chum na h-áite ann a maireann an t-aoibhneas suthain go bráthach. 5. Cuimhnigh air an ghnáth fhocal: Nach sásuighthear an t-súil le radharc, nó an chluas le h-éisteachd. (Eccles.c.1.8). Mar sin, tairg do chroidhe a tharraing ó neithibh saoghalta, agus tabhair th'aghaidh air neithibh neamhdha. Óir an mhuinntir a leanas a gcéadfa claona féin, truailleann siad a gcoinsias, agus cailleann siad grása Dé. An 2 caibidil. A thaisbeanas an meas úiríseal is dleachd do dhuine a bheith aige air féin. 1. Bíonn toil agus fonn nádurtha ag gach én nduine é féin a bheith fiosach fíreolach; ach creud is féidhm do'n eolas, nó do'n ealadhain gan eagla Dé? Go deimhin, is féarr sgológ úiríseal do nídh seirbhis Dé nó feallsamhnach uaibhreach, a chuireas cúrsa na ndúl agus na bhflaitheamhnas a mead- arachd, ach a locas eolas a chur air féin.
Ce bé chuireas mion-eolas go maith air féin, bíonn sé beag-mheasamhail ann a shúilibh féin, agus ní thaitneann meas nó moladh daoine leis. Creud is féidhm d'eolas an t-saoghail uile a bhfiadh- naise Dé, a bhéarfas breitheamhnas orm réir mo ghníomhartha, muna mbéidh grádh agus carthannachd agam? 2. Leig dhíot an saothar a chur ort féin aig iarraidh ró-mhórán eolais, óir is mór an mealladh agus an seachrán do gheibhthear ann. Is ionmhain le luchd na foghluma agus an mhór- eolais meas gliocais agus críonnachda a bheith orra ameasg daoine. Ach, atá móran do neithibh gur beag tairbhe nó tábhachd do'n anam eolas do chur orra. Agus is mór an dichéille móran saothair do chaitheamh le neithibh nach bhfóghnann do'n anam. Ní shásuigheann briathara móra an t-anam; ach, do bheir an deigh-bheatha osadh agus fuarughadh do'n intinn, agus tugann an coinsias glan dóchas agus muinighin a nDia dhúinn. 3. Ní bhfuil dá mhéad nó dá fheabhas dá bhfuil do thuigse agus th'eolas nach daoire agus nach truime a bhéas do bhreitheamhnas, muna mbéidh do bheatha naomhtha dá réir. Mar sin, ná bí árdanach nó mórdhalach fá'n ealadhain, nó fá'n eolas atá agad; ach gur ba móide dod' eagla, agus dod' chúram an t-eolas agus an tuigse a fuair tú. Agus ma thógthar duit go bhfuil tú tuigseach eolach go leor, tuig anns an am cheudna agus bíodh fios agad gur mó th'ainbhfios nó th'eolas air mhóran do neithibh.
Ná bí a' dréim le h-árdanachd, nó le stráic na h-intinne, ach, aidimh níos tuisge do luige agus th'ainbhfios féin. Creud fá 'bhfuil tú aig iarraidh meas nó mórchlú os cionn cáich? Nach iomdha duine is féarr, is foghlumtha, agus is eolaighe san dligheadh nó thusa? Má's mian leat toradh nó tairbhe fhaghail as th'fhoghluim nó as th'eolas, bíodh grádh agad air an uaigneas, agus ná sanntuigh móran eolais nó meas do bheith ort ameasg daoine. 4. 'Sí an léigheann is airde, agus is tairbhighe air bith, eolas dearbhtha agus dí-mheas do bheith againn orainn féin. Is mór an eagna agus an iomláine meas maith do bheith aige duine air chách, agus meas úiríseal air féin. Dá bhfeictheá duine aig déanamh gníomha lochdaigh nó cóire gráineamhla go soilléir, ná meas, air a shon sin, gur féarr thú féin nó é-sean, do bhrígh nach fios duit, cá fada sheasochas tú féin air a' stáid mhaith sin. Atámuid uile lag, anbhfann, soi-bhriste; ach, feuch ná meas thusa én neach do bheith níos luige, anbhfainne, soibhriste nó thu féin. An 3 caibidil. A labhras air eolas agus air oideas na fírinne. 1. Is beannuighthe an té a bhíos air n-a theagasc agus air n-a mhúnadh leis an fhírinne ionnraic innte
féin, agus ní le fioghraibh, nó le briatharaibh silteacha sleamhaine imthigheas le gaoith, ach ann a dreachd agus ann a deilbh dhílis féin. Meallann ár mbaramhlacha agus ár gcéadfadha dalla inn go minic. Creud is féidhm do mhóran aighnis nó imreasain a dhéanamh fá neithibh dorcha do-thuigse, agus nach dtugthar chum céasda nó fá chuairte inn ló an bhreitheamhnais, fá gan fios nó eolas a bheith againn orra? Is mór an díchéille aire do thabhairt do neithibh díomhaineacha díobhalacha, agus na neithe tairbheacha riachdnasacha a leigint a bhfaillighe. Atá súile againn agus ní leur dúinn leas nó radharc léo. 2. Creud fá mbuaidhirmid inn féin a dtimcheall ceineil agus gneithe-thearmaibh na loighice, nó na feallsamhnachta? An té leis a labhrann an Briathar Síorraidhe bíonn sé saor gan bhuaidhreadh ó'n iomad baramhlacha. Is ó'n Bhreithir Shíorraidhe-se amháin a thig na h-uile ní, agus labhraid na h-uile ní air an mBreithir- se amháin, agus is é an Briathar ceudna a labhras air tús linn. (Eóin.caib.8,b.25). Agus dá easbhaidh ní bhionn tuigse nó breathnughadh ceart aige duine air bith. An té aige a bhfuil Dia ann gach én ní, agus a sheolas agus a threoruigheas an uile ní chuige agus do chí an uile ní ann, is furas dó a bheith suaimhneach síor-shásda ann a chroidhe, agus go síothach sámhshochair aige Dia. Och, a Dhia na fírinne! tabhair orm-sa ceangal duit féin anns an ghrádh shíorraidhe!
Bím claoidhte cortha go minic, aige léigheadh, agus aig éisteachd le móran do neithibh; ach, is ionnad féin atá na h-uile ní ann a bhfuil mo spéis agus m' annsachd. Ná labhradh na dochtuiridhe, nó na créatuir eile én fhocal, bíodh 'na dtosd agus 'na dtáimh ad' láthair- se; agus labhair-se Thú féin amháin liom-sa a Thighearna! 3. Ní bhfuil dá mhéad a bhíos duine uaigneach socair ann féin, nach móide air bheagan saothair do bhíos tuigbheal aige air neithibh árda éifeachdacha; óir is ó neamh anuas do gheibh sé soillse na tuigse. An t-anam a bhíos fíor-ghlan, suaimhneach, simplidhe, seasmhach, ní bhuaidhearthar é le móran gnothaighe; cionn gur chum glóire agus onóra Dé do nídh iad uile, agus ní mar gheall air éadáil air bith shaoghalta, nó sochar dó féin, ach mar gheall air shíoth agus air shocruidheachd an choinsis. Cia a chuireas bacan nó buaidhreadh ort níos mó nó ainmhianta uaibhreacha do chroidhe féin? Órduigheann agus socruigheann an duine deagh-rúnach a oibre uile air tús ann féin astigh níos luaithe nó do nídh sé iad do'n taobh amuigh. Agus cha dtugann siad air claonadh chum ammhianta lochdacha; ach, stiúrann sesean iadsan réir riaghalacha na céille agus an cheart-réasuin. Cia an neoch a throideas níos cródha, nó an té do thairgeas buaidh do thabhairt air féin? Agus is é ár ngnothaighe speisialta inn féin a chlaoi, agus buaidh agus biseach fhaghail orainn féin go laetheamhail, aig éirighe níos féarr agus níos féarr gach én lá.
4. Bíonn lochd éigin ceangailte do'n mhaith is féarr, is foirbhthe agus is iomláine air a' t-saoghal-sa, agus bíonn smúid agus daille áirighthe air an rinn fheitheamh agus air an radharc is géire againn. Eolas úiríseal ort féin, an rian agus an t-slighe is dearbhtha chum Dé, agus is féarr sin nó an t-eolas is doimhne air fhóghluim nó air árd-ealadhain. Gidheadh, ní cóir foghluim nó glan-eolas air mhaith air bith dár órduigh Dia do dhío-mholadh; ach, is féarr coinsias glan agus deigh-bheatha nó sin uile. Ach, do bhrigh gur mó an staideir do nídh móran air fhoghluim agus air eolas, nó air dheigh-bheathaidh, is ró-mhinic, air an ádhbhar sin, do théid siad air seachran aige breith ró-bheagan toraidh nó tairbhe leo. 5. O! dá ndéanaidis daoine oiread dichillt aige díbirt agus aige sgrios na lochd, agus aige fréamhughadh, agus aige síolchur na subhailceadh, agus do nídh siad aige cur chruaidh-cheastan air a chéile, ní bhéadh oiread uilc nó sgannala ameasg daoine, nó oiread díomhaoinis agus sgaoilteachda ameasg na n-órd riaghalta. Go deimhin, aige teachd ló an bhreitheamhnais, chan fhiafruighthear dhínn creud do léigheamar, ach creud do rinneamar; ní fhiafrochar dhínn fá ár n-urlabhra eolach neamh-thuitmeach, ach fá ár mbeathaidh chraibh- thigh riaghalta. Innis damh c'áit a bhfuilid anois na dochtuiridhe fóghlumtha orra a rabh eolas agad a n-aimsir a mbeathadh? Atá a n-áit agus a saidhbhreas anois aige daoine eile, agus dob' éidir nach smaoinigheann agus nach gcuimhnigheann siad orra.
Ba mhór agus dob oirdheirc a gclú agus a meas a n-aimsir a mbeathadh, agus anois ní labhrthar agus ní thráchdthar orra. 6. Ó! Is deifreach luath imthigheas glóir a' t-saoghail-se uainn! Dob fhéarr liom go bhfreagradh a mbeatha dá bhfóghluim! Is amhlaidh mar sin do dhéanaidis staideir agus foghluim go maith. Cá mhéid a théid amugha air a' t-saoghal le foghluim dhíomhaoin, agus nach dtugann ach ró- bheagan aire do sheirbhis Dé? Agus cionn gur ba toghtha agus gurab annsa leo an árdanachd nó an umhlachd, uime sin cailltear iad ann a smaointighthe díomhaoineacha dichéillidhe féin. Atá sé mór go fírinneach an té atá mór anns a' charthannachd. Atá sé go dearbhtha mór, an té atá beag ann a shúilibh féin, agus nach dtugann meas air mhórdhail nó air onóir. Atá sé críonna dá ríribh, an té a mheasas neithe talmhaidhe mar aoileach, ionnas go bhfuigheadh sé Críosda. Agus atá se fíor-fhoghlumtha go deimhin, an té do nídh toil Dé, agus a dhiúltas agus a thréigeas a thoil féin. An 4 caibidil. A labhras air an chríonnachd agus air an choimhead is dleachd a chleachdadh ann ár ngnáth-ghníomhartha. 1. Ní cóir dúinn a bheith ró-réidh aige creidmheal do gach én fhocal éadtrom, nó do gach én bharamhail dá gcluinmid; ach gach én ní do chomhthromughadh go síothalta coimheadach réir tola Dé.
Ach fáraor! atámuid chomh lochdach agus sin, gur furasa linn olc do chreidmheal agus a radha air dhuine eile nó an maith. Ach, na daoine foirbhthe, fíreunta, ní chreideann siad go réidh gach én sgeul díomhaoin, do bhrígh gur fios dóibh an náduir dhaonna do bheith lag, anbhfann, agus claon chumh uilc, agus ró-thuitmeach ann a mbriatharaibh. 2. Is mór an eagna agus an gliocas gan a bheith ró-phrab, nó ró-mheardhána, ann ár ngníomhartha nó ró-cheangailte d'ár gcéill nó d'ár gcéadfadh féin. Agus, mar an gceudna, gan guth nó glór gach én nduine do chreidmheal, nó gach én ní dá gcluinmid, nó dá gcreidmid gan aithris nó innsint do chách go prab. Déana comhairle leis a' duine eagnaidhe choins- iasach; agus iarr teagasc air an duine is féarr nó thú féin, níos luaithe nó do bhreathnughadh agus do thóguidheacht féin do leanmhaint. Do nídh an deigh-bheatha duine eagnaidhe réir Dé, agus gasta glic ann an iomad do neithibh. Ní bhfuil dá mhéid a bhíos neoch úiríseal ann féin, agus umhal do Dhia, nach móide a bhéas sé eagnaidhe tuigseach ann gach én ní, agus socair suaimhneach ann féin. An 5 caibidil. A labhras air léightheoireachd an Sgríbhinn Dhiadha. 1. 'Sí an fhírinne ionnraic amháin is iniarrtha dúinn annsa' Sgrioptuir Dhiadha, agus ní h-iad na briathara blasta, béilbhinn.
Is cóir an Sgrioptuir do léigheadh leis an intinn, agus leis an sbiorad cheudna leis a ndearnadh é. Is córa dhúinn maith agus tairbhe iarraidh ann, nó tóraidheachd air chaoin-chiall briathar, nó air chraobh-sgaoileadh focal. Is dleachd dúinn leabhair úirísle shimplidhe do léigheadh le crábhadh, chomh fonnmhar leis na leabhair árda fhoghlumtha. Ná gabh oilbhéim, agus ná tabhair droich-mheas air ughdaras an sgríbhneóra, ce h-aca a bhí sé foghlumtha nó ainbhfiosach; ach, leig do ghrádh na fírinne glaine do ghríosughadh chum na léightheoireachda. Agus ná fiafruigh cia a dubhairt sud nó so, ach tabhair aire do'n ní a dubhradh. 2. "Imthigheann na daoine thart, ach maireann Fírinne an Tighearna go bráthach." (Pslm.116). Is iomdha gléas a labhrann Dia linn gan breath- bhaidhe le duine nó le pearsa air bith. Toirmeasgann an iomad cúirealtachd inn go minic an Sgrioptuir do léigheadh go tairbheach, an tan a bhímid aige rannsughadh agus aig iarraidh na neithe do thuigbheal do ba dleachd a leigean tharainn go réidh. Má's áil leat toradh d'fhaghail as do leightheoir- eachd, léigh le h-umhlachd, le simplidheacht, agus le creideamh, agus ná sanntuigh clú nó táin fóghluma nó áird-léighinn duit féin go bráthach. Fiafruigh go fonnmhar toileamhail, agus éist go sáimh le briatharaibh na naomh, agus tabhair taitneamh do dheagh-shamplaibh na seanóir agus dá mbriatharaibh, óir ní gan ádhbhar a dubhradh nó do canadh iad.
An 6 caibidil. A labhras air na h-ainmhianta míriaghalta. 1. An tan a shanntuigheas duine ní air bith go mío-órduighthe bíonn sé gan mhoill neamh-shuaimhneach ann féin. Ní bhíonn luchd a' díomais agus na sainnte sáimh nó socair a choidhche. Bíonn a' bochdan agus an duine umhal ó sbiorad síothalta agus ró-shocair ann a bheathaidh. An té nach bhfuil go fóill marbh go h-iomlán ann féin, is beag suarach na neithe do chuireas cathuighthe agus claoi air. An té atá lag ó sbiorad, agus claon chum miangasaibh saoghalta na colna, is deacair leis é féin do tharraing air fad ó shanntughadh agus ó iarraidh na neitheann talmhaidhe. Uime sin, gabhann sé gruaim, agus ró-thuirse, aige dealughadh agus aige sgarfaint leo, agus is uras a thógbhail chum feirge, an tan a chuireas duine ar bith toirmeasg nó bacan air. 2. Agus má chóimhlíon sé a chlaonta cama, air ball bíonn coir a pheacaidh 'na throm-ualach sgrupaill air a choinsias; cionn gur lean agus gur chóimhlíon a chlaonta taodacha féin, agus nach bhfuair sé an sólas nó an sásadh do bhí sé aig iarraidh ionnta. Mar sin, is le smachdughadh na gcéadfadh do gheibhmid síothchainte dhearbhtha an chroidhe, agus ní le h-umhlughadh nó le freastal dóibh. Mar sin, ní bhfuil síoth nó socruidheachd a gcroidhe an duine cholnaidhe, nó aig an duine atá tabhartha
do neithibh foir-imeallacha saoghalta, ach amháin aige an duine atá air n-a lasadh le dearg-ghrádh sbioradálta. An 7 caibidil. A labhras air sheachna an díomais agus an dóchais dhíomhaoin. 1. Is díomhaoin dichéillidhe an neoch a chuireas a mhuinighin a ndaoine, nó a gcréaturaibh ar bith eile. Ná bíodh náire ort seirbhís do dhéanamh do chách mar gheall air Íosa Críosda, nó fá n-a bheith bochd gan mheas air a t-saoghal-sa. Ná déana ró-mhuinighin asad féin, ach cuir do dhóchas a nDia. Déana an méid agus thig leat air do shon féin, agus cuideochaidh Dia le do dheagh-thoil. Ná déana ró-mhuinighin as th'eolas féin, nó as ghliocas én nduine beo; ach, as ghrásaibh Dé, a chuidigheas le luchd na h-umhlachda agus ísligheas luchd an uabhair agus na h-árdanachda. 2. Ma tá saidhbhreas nó maoin agad, ná déana glóir nó mórdháil as; nó as do cháirdibh cionn iad do bheith cumhachdach; ach bíodh mórdhalach as Dhia, do bheir na h-uile ní dhuit, agus É féin os cionn an iomláin. Ná déana stát as mhéad, as mhaise, nó as bhréaghacht do chuirp, agus gur beag an easláinte a mhilleas, a sheargas, agus a chuireas a n-eugchruth é. Ná bíodh ró-thaitneamh agad ann do ghliocas, nó ann th'inntligheachd féin, d'eagla fearg a chur air Dhia, a thug na tiodlaicthe nádúrtha-sa uile dhuit.
3. Ná meas gur féarr thú féin nó cách, d'eagla go mbéitheá air do mheas níos measa a láthair Dé, aige a bhfuil fios air an uile ní atá san duine. Ná bí mórdhalach as do dheigh-ghníomhartha, óir is neamh-chosamhail breitheamhnas Dé le breitheamhnas na ndaoine; óir is minic a mhío-thaitneas le Dia na neithe a ró-thaitneas le daoine. Má tá maitheas air bith agad, meas go bhfuil níos féarr aige cách, ionnas nach leigtheá an umhlachd uaid. Ní díoghbháil duit a mheas nach bhfuil neoch air bith is measa ná thu-féin; ach is mór an t-olc duit a mheas gur féarr thú-féin nó én neoch eile. Bíonn síothchainte bhuan aige luchd na h-umhlachda ach, bíonn iomthnúth agus láin-fhearg go ró-mhinic a gcroidhe luchd an uabhair, an díomais, agus na h-árdanachda. An 8 caibidil. A thaisbeanas gur cóir an ró-chumann agus an ró-charadas le cách do sheachna. 1. "Ná nochduigh do chroidhe, agus ná leig do rún le gach én nduine." (Eccles.c.8,v.22); ach, tráchd air do ghnothaighe leis a' duine eagnaidhe air a bhfuil eagla Dé. Ná déana móran cuideachda, nó comhluadair, le daoine óga, nó le daoine coimhightheacha orra nach bhfuil eolas agad. Ná déana lústar nó blándar leis na daoine saidhbhre, nó tathaighe air dhaoine móra dod' dheoin. Déana cuideachda agus comh-ghuailidheachd leis na
daoine simplidhe úirísle, agus le na daoine diadha deigh-bhéasacha, agus tráchd leo air neithibh oideasacha deas deagh-mhúinte. Ná déana tathaighe nó ró-chumann le mnaoi air bith, ach taobh le Dia an méid atá go maith aca. Iarr cumann a dhéanamh le Dia amháin, agus le n-a ainglibh; agus seachain eolas agus cuideachda daoine. 2. Is ceart dúinn grádh na carthannachda do bheith againn air na h-uile dhuine; ach, ní maith dhúinn ró-chumann nó ró-cháidrimhe a dhéanamh le én neoch. Teagmhann air uairibh go ndeallruigheann clú agus meas air neoch, an tan nach mbíonn eolas air, ach air dteacht a láthair dó, is mí-mheasamhail mío-thaitneamhach le feiceal é. Saoilmid air uairibh daoine eile do shásadh tré do bheith ann a gcuideachda, ach 'sé theagmhas dúinn, mío-bhlas do bheith aca orainn as siocair an droich- iomchair do chí siad ionnainn. An 9 caibidil. A labhras air an umhlachd agus air an urraim. 1. Is féarr go mór do dhuine do bheith faoi smachd, agus faoi uachdran, nó do bheith 'na mhaighistir air féin. Is dearbhtha go mór stáid na h-umhlachda, nó stáid na h-uachdranachda. Is iomdha duine a bhíos umhal, agus ní dá dheoin, nó mar gheall air Dhia, ach dá aimhdheoin; agus bíonn an mhuinntir sin pianta so-bhuaidheartha.
Agus cha bhíonn fuasgladh nó fuarughadh ann a n-intinn aca, nó go mbéidh a gcroidhe go h-iomlán umhal mar gheall air Dhia. Siubhail ann sud agus annso, agus chan fhaghann tú síoth nó socruidheachd, ach anns an úmhlachd úiríseal, faoi riaghail agus smachd an uachdaráin. Is mór an líon a mhealltar le tóguidheachd na h-intinne, agus le h-athrughadh agus le h-imirce ó áit go h-áit. 2. Is dearbh gur mian le gach én nduine gach ní do dhéanamh réir a thola féin, agus go gclaonann sé níos mó chum na muinntir do bhíos air én bhéasa agus air én intinn leis. Ach, ma bhíonn Dia air measg, is éigin dúinn air uairibh ár gciall agus ár gcéadfa féin do thréigbheal air ghrádh na síothchainte. Cia atá chomh eolach, nó chomh eagnaidhe, agus go dtiocfadh leis fios iomlán fhaghail air an uile ní? Mar sin ná déana ró-mhuinighin as do chéill féin, ach éisd go fonnmhar le céill na muinntire eile. Agus má tá do bharamhail nó do bhreathnughadh féin fós go ró-mhaith, agus go dtréigfeá é mar gheall air Dhia, agus comhairle dhuine eile do leanmhaint, is móide dod' luaigheachd é. 3. Óir is minic do chualas gur sábhailte dhearbhtha éisteachd le comhairle, agus a gabhail, nó a tabhairt do chách. Is éidir leis teagmhal fós, breathnughadh maith do bheith aig gach én nduine; ach is comhartha uabhair agus easurrama diúltughadh umhlughadh do chách, an tan iarras an chúis, agus an chiall, agus réasún ceart ort sin do dhéanamh.
An 10 caibidil. A thaisbeanas go ndlighthear iomarcaidh cainnte agus comhluadair do sheachna. 1. Seachain, ma's éidir leat, coimhthionol, oireach- das, agus torman buaidheartha na ndaoine, óir is mór an bacan air neoch do bheith aig tráchd air ghnoth- aighthe saoghalta, ma's le deagh-rún féin a labhrthar orra. Óir is gasta a thruaillighthear inn, agus a chuireas an díomhaoineas gaiste orainn. Dob fhéarr liom gur 'mo tháimh agus 'mo thost, agus amach as cuideachda daoine do bhí mé go minic. Ach, creud an fath a bhfuilmid chomh fonnmhar cíocrach aige cainnt agus aige ceileabhar le n-a chéile, agus gurab annamh a thostmuid gan díoghbháil a dhéanamh dár gcoinsias? 'Sé is réasun dó, gur mhaith linn comhfhurtachd agus sólas a thabhairt dá chéile le ár gcainnt agus le ár gcomhraidhtibh, agus gur mhaith linn osadh agus fuarughadh a thabhairt do'n chroidhe a bhíos tuirseach claoidhte le smaointighthe eugsamhla. Agus is ró-thaitneamhach linn labhairt agus smaoiniughadh air na neithibh is annsa agus is féarr linn, nó air na neithibh a shaoilmid do bheith con- trardha dhúinn. 2. Ach, fáraor! is minic a bhíos ár gcomhradh díomhaoin gan tábhachd gan toradh; óir ní beag an díoghbháil do nídh an t-aigneadh foirimeallach-sa do'n taobh amuigh do'n chomhshólas sbioradálta a dtaobh astigh.
Mar sin, déanmuid faire agus urnuighe, ionnas nach rachadh ár n-aimsir thart gan toradh. Má's ceart nó riachdnasach a bheith a' cainnt, labhair air neithibh oideasacha, deagh-chomhairleacha. An droich-chleachdadh, agus ár bhfaillighe féin, f'ár mbiseach sbioradálta, is iad is cúis mhór dúinn beagan coimheada do dhéanamh air ár dteangaidh. Ach, is mór a chuidigheas comhradh díadha air neithibh sbioradálta linn biseach sbioradálta do dhéanamh; agus go sonnradhach san áit a mbiad daoine d'aon intinn agus d'aon sbiorad cruinn air a'n iúl a nDia. An 11 caibidil. Air an t-síothchainte agus air an teasghrádh sbioradálta. 1. Dob éidir linn móran suaimhnis agus síoth- chainte do bheith againn dá m'áil linn gan bainte le comhraidhtibh, nó le gnothaighthe na muinntire eile, nó le na neithibh nach mbaineann linn. Cha bhíonn síothchainte a bhfad aig an mhuinntir a chuimleas agus choimeasgas iad féin le gnothaighthe na muinntire eile; nó bhíos aig iarraidh nó seilg air na h-ocaideacha buaidheartha amuigh, agus gur beag agus gurab annamh a chruinnigheann siad a gcéadfadha a gcionn a chéile, nó dhearcann siad ionnta féin isteach. Is beannuighthe luchd an chroidhe shimplidhe; óir is mór a gcuid do'n t-síothchainte.
2. Creud an fáth, a raibheadar cuid do na naoimh chomh foirbhthe iomlán geur-radharcach? Bhádar, cionn go ndearnadar staideir iad féin do chlaoi agus a mhoirtniughadh, agus gur dhiúltadar do'n uile mhiangasaibh saoghalta; agus is amhlaidh do cheangladar le Dia go cródha le h-iomláine a gcroidhe go h-inmheadhonach; agus mar sin, air mbeith dóibh saor ó'n uile bhuaidhreadh thug siad aire mhaith dóibh féin. Atámuid ró-thabhartha d'ár n-ainmhianta taodacha féin, agus ró-bhuaidheartha fá neithibh díombuana, silteacha, saoghalta. Agus is annamh do bheirmid buaidh air én lochd amháin go h-iomlán, nó fós do bhímid ró-gheur chum ár leas laetheamhail do dhéanamh; agus, air an ádhbhar sin, bímid fallsa, fionn-fhuar, gan chrabhadh. 3. Dá mbéadh sinn gan bhuaidhreadh go h-inmhea- dhonach ann ár n-intinn, agus marbh dúinn féin agus do neithibh saoghalta, annsin dob éidir linn blas fhaghail air na neithibh neamhdha, agus smaointighthe diadha do mhothughadh air an rinnfheitheamh neamhdha. 'Sé an bacan agus an toirmeasg is mó dá bhfuil orainn, nach bhfuilmid saor ó chlaontaibh míriaghalta; agus nach dtairgmid siubhal air lorg iomlán na naomh. Agus an tan theagmhas leathtrom nó cruadail air bith do theachd orainn, air ball, caillmid croidhe agus meisneach agus fillmid arís gan mhoill air na neithibh saoghalta, agus air chabhair agus air chomhsólas daonna. 4. Dá ndéanamuis dícheallt seasamh go calma agus troid anns a' chath, gan amhras chíofamuis cabhair ó'n Tighearna teachd chugainn ó neamh.
Óir atá Sé réidh ullamh chum cuidigh le na drongaibh do nidh muinighin as a ghrásaibh, agus throideas go cródha air a shon, agus do bheir Sé féin ocaideacha troda dhúinn, ionnas go mbéaramaois buaidh agus báire orra. Ma's anns na gnáthaibh foir-imeallacha do'n taobh amuigh a chuirmid ár mbiseach riaghaltachda, ní fada a mhairfeas ár gcrádhbhadh nó ár gcaondúthrachd dúinn. Ach, cuirmid an tuadh air bhun an chruinn, ionnas go saorfaidhe inn ó chlaontaibh mío-órduighthe, agus go mbéadh intinn shuaimhneach againn. 5. Dá ndíbearamuis aon lochd amháin gach én bhliadhain uainn; is gearr go mbéadh sinn ann ár ndaoine iomlána, foirbhthe, beannuighthe. Ach, anois teagmhann a chontrartha sin go minic, óir is féarr agus is glaine do bhámar aige dul a dtús air gcrádhbhadh, agus air riaghaltachd, nó do bhámar an iomad bliadhan déis ár móide do thabhairt. Ba chóir d'ár dteasghrádh agus d'ár mbiseach do bheith aig fás agus aig méadughadh gach én ló; ach, anois measthar gur maith an gníomh, ma thig le duine cuid do'n chéad chrábhadh do sheasamh. Dá gcuirimis cruadhóg bheag orainn féin air tús, dob urus dhúinn 'na dhiaidh sin an uile ní do dhéanamh go réidh agus go luathghaireach. 6. Is deacair an sean-chleachdadh do thréigbheál nó do chlaoi, agus is deacraidhe nó sin a dhul a n-aghaidh ár dtola féin. Gidheadh muna gclaoidhfidh tú neithe éadtroma beaga, cionnas a chlaoidhfeas tú na neithe dochracha doi-dhéanta?
Seasaimh air tús a n-aghaidh do chlaonta earroideacha féin, agus bris an droich-chleachdadh, d'eagla go bhfásfadh an dochar níos mó air bheagan agus air bheagan ort. O! dá mbeirtheá fá ndear méad na siothchainte do bhéarfá dhuit féin, agus na luathghara do'n mhuinntir eile led' dheigh-iomchar, 'sé mo bhreathnughadh go mbéitheá níos cúramaighe fá bhiseach agus fá leas th'anma. An 12 caibidil. A labhras air shochar an leathtrom agus na h-innise. 1. Is maith dhúinn air uairibh buaidhreadh agus triobloid a theachd orainn, óir tugaid air dhune feuchain air féin agus aithniughadh nach bhfuil sé féin annso ach air díbirt agus nach cóir dó muinighin do dhéanamh as ní air bith talmhaidhe. Is maith dhúinn fós air uairibh contráille agus droich-mheas fhaghail ó dhaoinibh, an tan do nidhmid agus do smaoinighmid an maith féin. Óir is neithe iad so a chuidigheas go minic leis an umhlachd, agus ainicios agus a chosnas inn air an ghlóir dhíomhaoin. Óir an tan do gheibhmid mí-mheas agus tarcuisne ó dhaoinibh do'n taobh amuigh, sin an uair is féarr iarrmuid agus ghoirmid air Dhia mar fhiadhnaise air ár gcoinsias do'n taobh astigh. 2. Mar sin ba chóir do dhuine é féin a dhaighniughadh a nDia, air mhodh nach mbéadh féidhm aige móran sólais nó furtachda iarraidh air dhaoinibh.
An tan a bhíos an duine deagh-rúnach buaidheartha le cathuighthe nó le droch-smaointighthe, ann sin tuigeann sé níos féarr an riachdnas a bhíos aige le Dia, agus tugann sé fá ndear nach dtig leis féin maith air bith a dhéanamh dá easbhaidh. Bíonn sé fos, an uair sin, a' caoi, aig osnaidh, agus a' guidhe, as siocair na n-amhgar atá sé dh'fhulang. Is fada leis an uair sin a shaoghal; dob fhéarr leis go mór an bás, ionnas air mbeith réidh leis an t-saoghal, go mbéadh sé a bhfochair Chríosda. (Phil. c.1.23). Ann sin is aithne dó go maith nach bhfuil dain- gneach dearbhtha nó síoth nó socruidheachd iomlán le faghail air a t-saoghal-sa. An 13 caibidil. A labhras air sgrios agus air chlaoi na gcathuighean. 1. An fad a bhímid beo air a' t-saoghal-sa ní h-éidir linn a bheith gan triobloid gan chathuighthe. Óir mar deir Iób, "Ní bhfuil a mbeathaidh an duine air an talamh ach cathuighthe." (c.7,v.1). Mar sin, ba chóir do gach én neoch fuireachas agus faire do dhéanamh maille re h-urnuighe a n-aghaidh a' chathuighthe féin, d'eagal an t-aidhbheirseoir faill fhaghail cluain do chur air, óir "ní chodlann sé go brathach, ach aig síor-siubhal aig iarraidh neoch éigin do shlugadh." (1 Pead.ch.5,v.8).
Ní bhfuil én neoch chomh foirbhthe follain, nó chomh iomlán naomhtha, agus sin, nach mothuigheann sé cathuighthe air uairibh, agus ní h-éidir linn a bheith saor go h-iomlán orra. 2. Is minic fós a bhíos na cathuighthe ró-thairbheach, ró-riachnasach aig an duine, cé go mbíonn siad buaidheartha doi-iomchair aige; óir is le na cathuighthe úiríslighthear, a ghlanthar, agus a mhúintear an duine. d'fuilingeadar na naoimh uile móran triobloide agus cathuighthe, agus fuaradar tairbhe agus luaigheachd air a son; agus an mhuinntir, leo nach dtainic na cathuighthe iomchar, do thuiteadar agus cailleadh ameasg na ndaoine damanta malluighthe iad. Ní bhfuil Órd dá naomhachd, nó ionad chomh uaigneach nach mbíonn cathuighthe agus amhgar ann. 3. Ní bhfuil aon nduine saor go h-iomlán ó chathuighthe an fad a mhaireas sé; óir is ionnainn féin astigh atá an chúis, agus an fáth as a dtig na cathuighthe chugainn; do bhrigh gur le claonta chum an pheacaidh do gineadh inn. An tan imthigheas cathuighthe nó triobloid uainn, thig cathuighthe nó buaidhreadh eile na n-diaidh; agus mar sin béidh ní éigin le fulang againn a gcom- nuidhe, óir is fada agus is cian ó do chailleamar neimh-chionntachd na sinnsire. Is mór agus is iomdha a bhíos aig iarraidh na cathuighthe do sheachna agus a thuiteas níos doimhne agus níos truime ionnta. Óir ní le teitheamh amháin do bheirmid buaidh; ach, le foighide, agus leis an umhlachd fhíre, is láidre agus is neartmhaire inn nó ár náimhde uile.
Ce bé nach seachnann na cathuighthe ach do'n taobh amuigh amháin, agus nach sgriosann as a' fhréimh iad amach, is beag an tairbhe do gheibh sé; óir fillfid na cathuighthe go luath arís, agus do gheobhaidh é féin níos measa nó bhí sé ó thús. Ní le h-anbhuaine, le foirneart, nó foiréigin a dhéanamh ort féin, is féarr a bhéarfas tú buaidh, ach le foighide, agus le buan-fhulang, as a chéile, air bheagan agus air bheagan, maille le grása Dé. Gabh agus déana comhairle go minic a n-aimsir buaidheartha, agus ná bí féin dairbh nó dochrach leis an té air a mbí cathuighthe; ach tabhair sólas agus comhfhurtachd dó mar ba mhaith leat cách do dhéanamh leat féin. 4. 'Sé is tosach do'n uile dhroch-chathuighthe éad- truime bearraideacht na h-intinne agus beagan muinighne a nDia. Óir, mar theilgthear an long gan stiúir ó thuinn go tuinn, is amhlaidh do'n duine éadtrom luaith- intinneach a thréigeas a dheagh-rún, is iomdha taobh a dtig cathuighthe air. Cruthuigheann na cathuighthe an fíreun mar chruthuigheas an teine an t-iarann. Is minic nach fios dúinn creud a thig linn a dhéanamh; ach taisbeanaid na cathuighthe creud is miotal dúinn. Gidheadh is cóir fuireachas agus coimhead a dhéanamh go sonnradhach a dtús na gcathuighean; óir is é sin an uair is fusa an námhaid do chlaoi, gan fulang dó a theachd asteach air fhuinneógaibh an anma, ach a chongbhail amuigh go cródha calma chomh luath agus bhuaileas sé aig an doras.
Is uime sin a dubhairt úghdar áirighthe "principus obsta, sero medicina paratur", 'Sé sin le rádh; freastail an chneadh a n-am, is mall an léigheas tar éis í morgadh; nó aríst, baineann an coimhead maith a cheann do'n tubaiste. Óir air tús, thig smaoiniughadh áirighthe anns an intinn; annsin tóguidheachd láidir; 'na n-diaidh sin, thig taitneamh agus droch-ghluasachd; agus fá dheoidh toil agus aonta. Agus is amhlaidh, beagan air bheagan, thig an námhaid mhalluighthe asteach air fad, an tan nach seasthar 'na aghaidh air tús. Agus ní bhfuil dá mhéad a leigeas duine a bhfaillighe seasamh amach mar sin, nach n-éirigheann se níos luige ann féin gach én ló, agus an námhaid níos láidre. 5. Bíonn daoine orra a dtig cathuighthe níos truime a dtosach a gcrábhaidh, agus daoine eile ann a dheireadh. Agus bíonn cuid eile ró-bhuaidheartha beagnach go feadh a saoghail. Dronga eile orra a mbíonn cathuighthe éadtroma, réir eagna agus órduighthe fírcheart Dé, a chomh- thromuigheas agus mheasas stáid agus luaigheachd na ndaoine, agus a réamh-órduigheas an uile ní chum a mhuinntir toghtha féin do shlánughadh. 6. Mar sin, ní cóir a dhul a n-eudóchas le linn cathuighthe, ach Dia do ghuidhe le lán-ghoil graidh, ionnas go ndeonochadh cuidhiughadh linn ann ár n-uile amhgar agus thriobloid; agus gan amhras, mar deir Pól Easbal (1.Cor.c.10,13), "do dhéanfaidh Sé slighe dhúinn na cathuighthe do chlaoi agus a n-iomchar mar is cuibhe."
Mar sin, umhluighmid inn féin faoi láimh Dé san uile chathuighe agus bhuaidhreadh, óir slánochaidh agus áirdeochaidh Sé luchd sbiorada na h-umhlachda. 7. Is a n-aimsir cathuighthe agus buaidheartha a dhearbhthar creud an biseach a thig air dhuine; agus is ionnta is mó a luaigheachd, agus is féarr a thaisbeantar an t-subhailce. Agus ní mór an luaigheachd duine do bheith cráibhtheach teasghrádhach, an uair nach mothuigheann sé triobloid nó amhgar; ach ma iomchrann sé é féin go foighideach a n-am a leathtroim, is éidir leis dúil a bhéith aige le móran bisigh. Thig daoine air uairibh saor ó chathuighe móra, agus go minic claoidhtear iad gach én ló le cathuighthe suaracha beaga; ionnas air mbeith mar sin, air n-a dtuiteam agus air n-a n-úirísliughadh, nach ndéanaidis andóchas asda féin arís, neithe móra do dhéanamh, an tan atáid so-chlaoidhte anbhfann anns na neithibh beaga. An 14 caibidil. A thaisbeanas mar is dleachd an breitheamhnas meardhána do sheachna. 1. Fill do shúile ort féin, agus tabhair aire gan breitheamhnas do thabhairt air ghníomhartha na muinntire eile. Is díomhaoin an obair do dhuine breitheamhnas a thabhairt air chách, óir bíonn sé air seachran go minic, agus ró-réidh chum peacaidh; ach, ma dhearcann neoch
air féin agus breith do thabhairt, ní bhíonn a shaothar gan toradh. Is do réir mar thaitneas ní linn go coitcheannta do bheirmid breitheamhnas air; óir is furas linn claonadh ó'n bhreith dhírigh, mar gheall air bhaidhe nó air mhuinnteardhas áirighthe. Dá mbéadh Dia ann ár n-intinn, agus ann ár dtoil a gcomhnuidhe, níorbh uras ár mbuaidhreadh aige tabhairt contráille d'ár mbreathnughadh. 2. Ach, go minic bíonn ní éigin a bhfolach astigh ionnainn, nó teagmhann orainn amuigh ní éigin a tharraingeas inn go h-iomlán chuige féin. Iarraid iliomad go niosd a sochar féin ann a n-oibreachaibh, cé nach saoileann siad é. Agus measaid fós lán shíothchainte do bheith aca, an tan do níthear na neithe réir a dtola agus a mbreathnuighthe féin; ach, ma theagmhann do na neithibh a dhul contrartha dá mian, air ball éirigheann siad buaidheartha ró-thuirseach. Is minic éirigheas ceannairge agus imreasan idir na cáirde, agus luchd én bhaile, agus fós idir na daoine riaghalta féin tré eugsamhlachd a mbreathnuighthe agus a mbaramhlachadh contrardha dá chéile. 3. Is deacair sean-chleachdadh a dhíbirt; agus ní tharraingthear duine air bith go réidh níos fuide nó
thoil féin. Má's mó do mhuinighin agus do dhúil as do chéill nó as do ghníomh féin, nó as na grása do bheir ort umhlachd a dhéanamh do Íosa Críosda, is annamh agus is cruaidh dhuit soillse sbioradálta fhaghail; óir is áil le Dia inn do bheith faoi ómoid agus urraim iomlán aige féin, agus a dhul os cionn an uile réasun le dearg-ghrádh air féin.
An 15 caibidil. A labhras air oibreachaibh na carthannachda. 1. Ní dlighthear olc air bith do dhéanamh air son ní air bith saoghalta nó mar gheall air én neoch dá maireann, gidheadh air uairibh, atá sé dlisteanach deigh-ghníomh a leigint thart, mar gheall air sochar a dhéanamh do'n té atá riachdnasach agus a n-airc, nó do thabhairt mar mhalairt air ghníomh is féarr nó é. Óir mar sin, ní théid an deigh-ghníomh amugha, ach tugthar mar mhalairt air ghníomh is féarr. Mur ndéantar an gníomh le carthannachd, ní bhfuil maith nó tairbhe a dhéanamh os coinne daoine do'n taobh amuigh; ach, ce bé air bith ní dá laighead nó dá shuaraighe do nidhthear le carthannachd béidh luaigheachd agus toradh ann. Óir go deimhin ní h-é méad an ghníomha, ach méad an ghráidh agus an deagh-rúin le a ndéantar an gníomh is mó thaitneas le Dia. 2. Do nídh sé móran an té do nídh rud le móran gráidh. Agus nídh sé móran an té do nidh rud go maith. Is maith do nídh an té a dhearcas air thairbhe agus air shochar cáich níos mó nó air a thoil féin. Is minic a ghabhthar air son na carthannachda an ní nach bhfuil amhlaidh, ach atá saoghalta colnaidhe; óir is annamh a bhíos ár gclaonta nádurtha, ár dtoil féin, ár ndúil le h-éadail, nó grádh na tairbhe d'easbhaidh orainn.
3. An té aige a bhfuil an charthannachd iomlán dá ríribh, ní iarrann sé a shochar féin ann én ní, ach 'sé iarras glóir Dé san uile ní. Ní bhíonn tnúth aige le én neoch, cionn nach ionmhain leis sólas air bith air leith dó féin; ní h-áil leis, iolgháirdeas nó aigneadh, ach tar na h-uile ní, ba mhian leis a bheith naomhtha beannuighthe aige Dia. Ní áireann sé go bhfuil maith aige ó dhuine air bith, ach áireann sé an t-iomlán air Dhia, uadha a dtig an uile ní ó fhréimh, an tiobraid a shásuigheas na naoimh uile, as a n-ibhid agus a n-ólaid srotha milse na síothchainte a seilbh na glóire síorraidhe. Och! dá mbéadh aon ndrithle amháin do'n char- thannachd fhíre aige an duine, gan amhras, do thuigfeadh sé an uile ní talmhaidhe a bheith lán do'n díomhaoineas. An 16 caibidil. A thaisbeanas cionnas is cóir lochda na muinntire eile iomchar agus fhulang. 1. Na neithe nach dtig le duine a leasughadh ann féin, nó ann nduine eile, is cóir fhulang go foighid- each nó go n-óirdeochaidh Dia átharrach. Smaoinigh, go mbadh éidir, gur mar sin is féarr, chum do dhearbhughadh anns an fhoighide; óir is beag is fiú ár luaigheachd dá fheagmhais. Gidheadh, anns na cásaibh sin, is cóir Dia do ghuidhe go dúthrachdach, ionnas go ndeonochadh cuidiughadh leat a n-iomchar go maith. 2. Ma dhiúltann duine air bith do chomhairle do
ghabhail uair nó dhá uair, ná déana aighneas níos fuide leis; ach taobh an t-iomlán le Dia, ionnas go ndéantaidhe a thoil, agus go bhfuigheadh Sé moladh agus onóir ó n-a shearbhfoghantuidhe uile; óir is aige féin atá fios maith a dhéanamh do'n olc. Tairg a bheith foighideach aige fulang lochda agus luige na muinntire eile; óir is iomdha lochd ort féin is éigin dóibh-sean iomchar agus fhulang. Mur dtioca leat thú féin a dhéanamh mar ba mhaith leat, cionnas a shaoileas tú duine eile a fhaghail réir do thola? Ba mhaith linn daoine eile a bheith iomlán gan lochd, gidheadh ní leasuighmid ár lochda féin. 3. Ba mhaith linn daoine eile do spreagadh go geur, ach ní h-áil linn smachd nó achmhusan d'fhaghail dúinn féin. Ní thaitneann dánachd nó sgaoilteachd na muinntire eile linn; ach ní h-áil linn ní dá n-iarr- muid a dhiúltadh orainn féin. Ba mhaith linn cách a cheangal suas le h-achdaibh dlighidh, ach ní fhulaingmid srian a chur orainn féin. Mar sin, is follas gurab annamh a mheasmuid ár gcomharsnach ann aon chomhthrom linn féin. Dá mbéadh cách uile gan lochd, gad é do bhéadh againn le fulang air son Dé ó dhaoinibh? 4. Ach anois d'órduigh Dia na neithe mar atáid, ionnas go ndéanamaois foghluim ualuighthe a chéile iomchar; óir ní bhfuil duine air bith gan lochd; nó duine air bith gan ualach; ní bhfuil duine air bith iomlán nó eagnaidhe go leor dó féin; ach, is cóir dúinn comhnuidhe le n-a chéile, agus furtachd, cuideamh, teagasc, agus comhairle a thabhairt dá chéile.
Ach, foillsighthear méad subhailce gach én nduine níos féarr a n-aimsir a leathtroim; óir ní h-iad na h-ocaideacha nó na cathuighthe a leagas nó a laguigheas an duine, ach taisbeanaid creud an ní é, agus an mianach, agus an miotal atá ann. An 17 caibidil. A thráchdas air an bheathaidh riaghalta. 1. Is cóir duit foghluim a dhéanamh thú féin a bhriseadh a móran do neithibh, ma's áil leat an t-síothchainte agus an cháidreimh a chongbhail suas le cách. Ní rud beag nó suarach do dhuine comhnuidhe do dhéanamh a mainistir, nó a gcuideachda agus a gcóimhthionol riaghalta, agus a shaoghal do chaitheamh aca gan lochd, agus seasamh amach go fírinneach gan ádhbhar gearain go ló an bháis. Is beannuighthe an té aige a rabh deigh-bheatha san áit sin, agus a fuair bás go maith agus go h-ádhmhar ann. Ma's áil leat seasamh agus a dhul air th'aghaidh mar is cóir, meas thú féin a bheith mar choigcríochach choimhightheach dhíbeartha air a' talamh. Caithfidh tú a bheith sásta meas óinmhide do bheith ort mar gheall air Chríosda, ma's áil leat beatha riaghalta do bheith agad. 2. Is beag an maith an bearradh, nó an aibid; ach átharrach béas, agus moirtniughadh iomlán na gcéadfadh, do nidh an duine riaghalta go fírinneach.
Ce bé iarras ní air bith eile ach Dia, agus sláinte anma dhó féin anns an áit-se, cha bhíonn le faghail aige ach triobloid agus buaidhreadh ann. Ní mó nó sin a thig le neoch síothchainte bhuan do bheith aige, nach dtairgeann a bheith umhal agus níos lugha meas nó cách uile. 3. Is chum seirbhise, agus ní chum maighstreachda do thainic tú annso. Bíodh fios agad gur chum fulaing agus chum fóghainte do goireadh ort, agus nach chum díomhaoinis, agus comhluadair. Cruthuighthear agus dearbhuighthear daoine anns an áit-se mar chruthuighthear an t-ór anns a' teinidh. Ní h-éidir le duine air bith an áit-se sheasamh, mur mbéidh sé lán-thoiltineach ó n-a chroidhe é féin ísliughadh mar gheall air Dhia. An 18 caibidil. A labhras air shamplaibh na n-aithreach naomhtha. 1. Feuch air easamplarachaibh beodha na n-aithreach naomhtha, do bhí fíor-ghlan, foirbhthe, soillseach, diadha, agus chífidh tú nach ndéanmuidne beagnach an dadamh. Och, faraor! Creud is féidhm d'ár mbeathaidh- ne a gcomparaid bheathadh na naomh? Do rinneadar na naoimh agus cáirde Chríosda seirbhis agus friotháileadh do'n Tighearna, le h-ocras, agus le h-íota; le fuachd agus le díth-éadaigh; le saothar dochrach, agus le tuirse; le faire, le dúsgadh, agus le trosgadh fada; le h-urnuighthe, agus
le smaointighthe diadha, aige fulang géirleanmhaint agus móran masluighthe. 2. Och! cá iomdha buaidhreadh agus triobloid trom tuirseach a d'fhulaingeadar na h-absdail, na mairtíridhe, na coinfeiseiridhe, na h-ógha geanmnuidhe, agus an chuid eile do na naoimh do shiubhail air lorg Chríosda go fonnmhar? Óir, do bhí fuath aca air a mbeathaidh shaoghalta ionnas go sealbhochaidis an bheatha shíorraidhe. O! nach cráidhte cruadalach an bheatha do bhí aig na h-aithreachaibh naomhtha air an fhásach? Nach fada trom na cathuighthe a d'fhulaingeadar? Nach iomdha buaidhreadh agus triobloid a fuair siad ó n-a námhaid? Nach iomdha urnuighe dhíocra dhicheallach a chuir siad suas go flaitheamhnas Dé? Cá mhéid cátaoine agus trosgadh cruaidh a ndeachadar thríd? Nach mór an teasghrádh agus an dúthrachd do bhí aca a dhul air a n-aghaidh ann a mbiseach sbioradálta? Nach cródha calma an comhrac do rinneadar a n-aghaidh na ndubhailce agus na n-olc? Nach glan díreach a n-intinne, agus an rún do bhí aca a dtaobh Dé? Do bhídis aig déanamh oibre agus gníomha anns a' ló, agus chaithidis an oidhche fhada aige déanamh na h-urnuighe; gidheadh, aige déanamh na h-oibre féin anns a' ló, níor stad siad ó dhéanamh urnuighe an chroidhe agus na meanmna. 3. Is le tairbhe do chaith siad a n-aimsir uile; ba bheag agus ba ghoirid leo gach én uair do chaith siad le Dia; agus tré mhéad milseachd na smaointighthe diadha do bhí aca, do nídis dearmad do'n oileamhain riachdnasaigh an chuirp. Do dhiúlt siad do'n uile shaidhbhreas, do'n uile ghradam, agus do'n uile onóir; thréig siad a luchd
gaoil, agus a ndearbh-cháirde; níor shanntuighdear ní air bith saoghalta, agus is le doilgheas do ghlacaidis neithe riachdnasacha na beathadh dóibh féin; agus ba deacair leo na neithe do bhí riachdnasach féin a fhriotháileadh do'n cholainn. Mar sin, do bhí siad bochd anns na neithibh talmhaidhe ach ró-shaidhbhir a ngrásaibh agus anns na subhailcibh. Bhí siad folamh do'n taobh amuigh, ach do'n taobh astigh, bhí siad lán do shólasaibh agus do ghrásaibh neamhdha. 4. Bhí siad 'na gcoigcríochacha coimhightheacha air a' t-saoghal, ach 'na gcáirdibh ghaolmhara fíor-mhuinn- teardha aige Dia. Bhí siad mar an dadamh ann a súilibh féin, agus fós ní raibh meas aige an t-saoghal orra; gidheadh, do bhí siad ró-mheasamhail, agus ró-thaitneamhach a suilibh Dé. Do bhí umhlachd fhírinneach aca, agus beatha óm- óideach shimplidhe úiríseal; do shiubhladar a gcar- thannachd, a ndeigh-sheirc, agus a bhfoighide; agus air an ádhbhar sin, do chuadar air a n-aghaidh go laetheamhail go sbioradálta, agus fuaradar móran grása ó Dhia. Tugadh mar dheagh-shampla iad do dhaoinibh riaghalta eile; agus is mó ba chóra dóibh-sean ár ngríosughadh agus ár ngluaiseachd chum tairbhe, agus a dhul air ár n-aghaidh go h-éasgaidh, nó do bhéarfadh droch- shampla na ndaoine ludartha leisgeamhla orainn tuiteam a bhfaillighe nó a bhfionn-fhuacht mar aon leó. 5. O! creud é méad an teasghráidh do bhí aig na daoine riaghalta uile a dtosach a móide agus a riaghaltachda naomhtha!
Ó! dob áidhbheil a ndúthrachd san urnuighe! Agus ba mhór a ngrádh air na subhailcíbh! Ba mhór an riaghail a bhí 'na measg! Ba mhór an onóir, an airmhinne, agus an umhlachd a d'fás 'na measg faoi smachd agus faoi riaghail an uachdarain! Agus atá na comharthadha agus na samplaidhe a d'fágadar 'na ndiaidh aige déanamh fiadhnaise go raibheadar 'na ndaoine iomlána, foirbhthe, fíor- naomhtha, noch do throid chomh ró-chródha agus sin, gur shaltair agus gur dhramhailt siad an saoghal faoi n-a gcosaibh. Ach, anois, is mór a mheasthar an neoch nach mbris- eann an riaghail, agus an té leis a dtig an ní do ghlac sé as láimh iomchar go foighideach. 5. Och, is truagh stáid ár bhfionn-fhuachta agus ár mainneachdnaighe anois gur thréigeamar ár gcéad chrábhadh chomh luath agus so, agus gur tuirseach linn ár mbeatha tré ár leisge agus ár n'easbhaidh caondúthrachda agus crábhaidh. Dob fhéarr liom nach mbéadh táirbhe agus toradh na subhailcidhe 'na gcodladh ionnad, noch do chonn- airc go minic iomad deagh-shampla na ndaoine riaghalta. An 19 caibidil. A labhras air ghnáth-oibreachaibh an duine riaghalta. 1. Is dleachd do bheathaidh an duine riaghalta soillsiughadh anns na subhailcibh uile; ionnas go mbéadh sé do'n taobh astigh réir a chosamhlachda a láthair daoine air a taobh amuigh.
Agus le réasun maith dlighthear dó a bheith níos féarr do'n taobh astigh, nó mar fhaicthear do'n taobh amuigh é; óir atá Dia ag amharc orainn, agus is mór an t-eagal is dleachd do bheith orainn roimhe, agus siubhal ann gach én áit 'na fhiadhnaise mar aingle fíor-ghlana. Ba chóir dúinn ár ndeagh-rún do ghríosughadh agus d'athnuadhadh, agus do mhúsgladh gach én ló le dearg- lasair crábhaidh agus caondúthrachda, amhail gurbh é indiu an chéad lá d'ár ndeigh-bheathaidh, agus a rádha: "A Thighearna Dé cuidigh liom ann mo dheagh-rún, agus ann do sheirbhis naomhtha féin, agus tabhair grása damh tosughadh indiu go diongmhálta, óir cha dearna mé an dadamh is fiú go nuige so." 2. Do réir mar bhíos ár ndeagh-rún, is amhlaidh a bhéas ár dtoradh agus ár dtairbhe agus ár mbiseach; agus atá móran díchillt riachdnasach aige an té le arabh mhian a dhul air aghaidh go mór-thairbheach. Agus anois ma thuiteann an té do chuireas rún daingean roimhe go minic, creud éireochas do'n té nach gcuireann an rún sin roimhe ach go h-annamh agus go h-anbhfann? Is iomdha gléas a dteagmhann dúinn ár ndeagh- rún do thréigbheal; agus is annamh a théid faillighe dá laighead ann ár ndeigh-ghníomhartha thart gan chaill gan díoghbháil éigin dúinn. Is mó an mhuinighin atá aige deagh-rún na bhfíreun as ghrásaibh Dé, nó as a n-eolas, nó as a n-eagna féin; agus is ann fós a chuirid a muinighin san uile nidh dá ngabhaid as láimh. "Óir cuireann an duine rún roimhe, ach is É Dia órduigheas agus a chríochnuigheas é; óir ní bhfuil
slighe an duine ann a láimh féin." (Seanráidhte c. 16,9, Ieremiah,c.10,23). 3. Ma leigmid faillighe air uairibh ann ár ngnáth- oibre mar gheall air chrábhadh, nó le rún maith do dhéanamh d'ár ndearbhrathair nó d'ar gcomharsain, is furas breith air sin arís. Ach ma's le glonn nó le fuath na h-intinne, nó le mainneachdnaighe a leigthear thart go fuinneamhach é, ní beag an lochd sin, agus is mór a' díoghbháil agus a' dolaidh é. Ma nídhmid an méad agus thig linn a dhéanamh, agus déanmuid ár ndícheallt, tuitmid arís do ghnáth ann an iomad lochd. Gidheadh, is cóir dúinn rún daingean a chur romhainn a dtimcheall ní dearbhtha éigin a gcomhnuidhe, agus go sonnradhach a n-aghaidh na neitheann is mó a chuireas bacan orainn. Dlighmid inn féin a chuartughadh agus a rannsughadh, agus ár ngníomhartha do chur a n-órdughadh go riaghalta amuigh agus astigh; óir atá siad-san araon ró-riachdnasach chum ár maitheasa agus ár mbisigh sbioradálta. 4. Agus mur dtioca leat a bheith a láthair agad féin do ghnáth, agus do smaointighthe agus do ghníomhartha do chomh-chruinniughadh a gcionn a chéile, déana sin go h-áirighthe air uairibh, air a chionn is lugha uair anns a' ló, air maidin nó trathnona. Cuir rún maith romhad air maidin, agus tráthnona dearc cionnas do chóimhlíonais do ghealladh, cionnas mar d'iomchair tú thú féin an ló sin, ann do smaoin- tighthe, ann do bhriatharaibh, nó ann do ghníomhartha; óir dob éidir gur minic a chuir tú fearg air Dhia, agus air do chomharsain anns na neithibh-se.
Cuir gléas troda agus catha ort féin go fearamhail a n-aghaidh chealga agus ionnsuighthe urchoideacha an aidhbheirseora. Cuir srian leis an chraos, agus is ba fusa dhuit claonta eile na colna do smachdughadh uile. Ná bí choidhche díomhain air fad, ach bí aige léigh- theoireachd, nó aige sgríbhneorachd, nó aige déanamh urnuighe agus rinnfheithimh dhiadha, nó aige déanamh saothair éigin eile as a dtiocaidh tairbhe nó maith coitcheannta do chách. Ach, is le deiscréide a dhlighthear na gnáth-oibre corpardha féin do chleachdadh; agus ní h-ionann mar is cóir do gach én nduine a nglacadh as láimh. 5. Na neithe nach bhfuil coitcheannta, ní cóir a ndéanamh go puiplidh; is go h-úiríseal is féarr na neithe leath-taobhacha do dhéanamh. Ach, tabhair dod' aire gan a bheith sbadanta nó ró- leisg aige déanamh na ngnothaighe nó na h-oibliogóide coitcheannta, agus níos éasgaidhe nó sin aige déanamh crábhaidh air leith dhuit féin; ach tar éis do chúram agus na neithe atá mar ualach ort go díleas a chóimhlíonadh go h-iomlán, ma bhíonn tráth nó aimsir agad 'na dhiaidh sin, fill ort féin, agus déana an ní is loinn leat, réir mar ghríosochas agus mar bhíodhgfas do dheagh-rún agus do chrábhadh thú. Óir ní h-éidir le gach én nduine aon ghníomh amháin do ghnáthughadh; ach is féarr fhóireas an gníomh-sa air an fhear-sa, agus sud air an fhear ud eile. Mar an gceudna réir eugsamhlachd agus áthrughadh na n-aimsearachadh, áthruighthear oibreacha an chrábhaidh; óir atáid oibreacha is taitneamhaighe le déanamh anns na laethe saoire agus féilte, agus oibreacha eile anns na laethe oibre.
Bíonn féidhm againn air oibreacha áirighthe le linn cathuighthe, agus air oibreacha eile a n-aimsir síotha agus socruigheachda. Smaoinighmid go fonnmhar air neithibh áirighthe le linn bróin agus tuirse, agus air neithibh eile an tan a bhíos ár n-iolgháirdeas san Tighearna. 6. Is cóir dúinn ár ndeigh-ghníomhartha d'athnuadhadh anns na féilte uaisle, agus a bheith níos géire agus níos cíocraighe aig iarraidh eadarghuidhe na naomh air ár son. Is cóir dúinn rún daingean do chur romhainn ó fhéile go féil' uasail, amhail agus mar do bhéadhmuis an uair sin aig fágail a t-saoghail, agus aige dul asteach gus an bhfleadh agus an bhféasta shíorraidhe. Mar sin, is cóir dúinn inn féin ullmhughadh go dícheallach, a n-aimsir an chrábhaidh, agus a bheith níos diadha dhúthrachdaighe ann ár gcomhradh le chéile, agus na riaghalacha uile do choimhead níos féarr, mar nach fada nó go bhfuighimid luach ár saothair ó Dhia. 7. Agus ma chuirthear sin air cáirde, measmuid nach bhfuilmid ullamh go leor, agus nach fiú inn an ghlóir mhór sin fhaghail go fóill, a bhéas le feiceal ionnainn aige teachd na h-aimsire óirdeochas Dia sin dúinn; mar sin déanmuid dícheallt inn féin ullmhughadh níos féarr chum ár n-imirce do dhéanamh. Óir a deir Lucas, soisgeulach; "Is beannuighthe an searbhfoghantuighe a gheibhthear 'na dhúsgadh an tan a thiocfas a Thighearna chuige; go deimhin, a deirim libh, go gcuirfidh Sé os cionn a bhfuil aige é." (Luc.c.12,v.43; Matha, c.24, b.46).
An 20 caibidil. A labhras air ghrádh an uaignis agus an uath-chomhraidh. 1. Iarr aimsir chomhgrach do bheith ad' aonar leat féin, agus smaoinigh go minic air na tiodlaicthe agus air na talluinn a fuair tú ó Dhia. Ná tabhair ró-aire do neithibh cúirealta. Ach, léigh air neithibh nach iarrann móran staideara, ach is féarr a mhúsglas thú, agus a bhaineas bíodhgadh agus osna as do chroidhe. Dá m'áil leat iomarcaidh comhluadair, cuarta, agus céilidhe díomhaoin a leigean díot, agus gan cluas a thabhairt do nuadh-sgeultaibh, agus do mhurmar cainnte, do gheobhthá aimsir iomchubhaidh oireamhnach go leor chum smaoiniughadh air neithibh diadha. Na naoimh is mó a bhí ann ariamh, do sheachnadar cuideachda daoine chomh mór agus dob éidir leo, agus do ghabh siad do roghain do bheith aige comhradh le Dia go h-uaigneach. 2. "Chomh minic agus do bhí mé a gcuideachda daoine," ar neoch áirighthe, "aige filleadh dhamh, do bhí mé níos measa agus níos lugha 'mo dhuine nó do bhí mé roimhe." (Seneca, anns a seachdughadh epistil). Is dearbh dúinn so go minic, an tan a bhímid a bhfad a' comhradh le chéile. Is fusa do dhuine éisteachd agus tost air fad, nó gan bárraidheachd agus níos mó nó an chóir do rádha. Is fusa do dhuine fuireach go h-uaigneach anns a' bhaile, nó é féin iomchar agus a choimhead anns an oireachdas as baile.
Mar sin, ce bé neoch aige a bhfuil rún a dhul asteach ann féin go sbioradálta, is cóir dó a dhul a leath-taobh mar aon le h-Íosa, agus an sluagh do sheachna. 'Sé an té is féarr gnothaighe amach, an té d'ár bhfuras leis fanmhaint go h-úiríseal uaigneach astigh. An té ghrádhuigheas a bheith 'na thost, is é is dearbhtha agus is neamh-baoghlaighe do nidh cainnt. An té le arab ionmhain agus a thoiligheas a bheith faoi smachd agus faoi riaghail, is dó is dearbhtha agus is lugha baoghal do bheith 'na uachdaran. Is baoghlach neimh-dhearbhtha do neoch a bheith 'na mhaighistir, ach an té do fhoghluim é féin go maith do bheith umhal. 3. Cha bhíonn sólas dearbhtha aig én neoch, muna mbéidh coinsias maith aige déanamh fiadhnaise leis do'n taobh astigh. Gidheadh, do bhí daingneacht agus dearbhachd na naomh lán d'eagla Dé a gcomhnuidhe. Agus cé gur dheallruigh siad le subhailcidhibh móra agus le grásaibh, ní lugha sin do bhí siad umhal, úir- íseal, coimheadach orra féin. Ach, is as andóchas agus uabhar fhásas neimh-eagla agus dóchas na gcionntach, tré a mealltar iad féin fá dheireadh. Ná geall dearbhachd duit féin air an t-saoghal-sa go bráthach, cé go mbeitheá 'do dhuine ró-riaghalta, nó 'do dhíthreabhach ró-dhiadha. 4. An mhuinntir dob fhéarr meas réir breathnuighthe daoine, is minic a bhí siad a mbaoghal agus a mór- chontabhairt tré iomarcaidh a ndóchais ionnta féin. Agus mar sin, is féarr do mhóran gan iad féin a bheith saor air fad ó chathuighe, ach crosa agus
contrarachd teagmhal ann a mbealach go minic ionnas nach mbéadh siad ró-dhearbhtha asda féin, agus do chum nach séidfidhe suas iad le h-uabhar nó le h-árdanachd, nó do bheith níos so-ghluaiste chum aoibhneas agus sólas an t-saoghail do leanmhaint. O! nach maith an consias do bhéadh aig an té nach mbéadh aig iarraidh nó ag lorgoireachd go bráthach air shógh nó air shólas dhíombuan, agus nach gcuirfeadh cúram a t-saoghail air féin a choidhche? O! nach mór an t-síoth agus an t-socruidheachd do bhéadh aig an té do dhíbeoradh an uile chúram díomhaoin uadha, agus nach smuaineochadh ach air neithibh diadha, agus air a shlánughadh féin, agus do chuirfeadh a mhuinighin go h-iomlán a nDia. 5. Ní fiú neoch an sólas neamhdha, mur gcleachdfadh sé go dicheallach an aithrighe naomhtha. Ma's áil leat do chroidhe do chomh-brughadh, nó do mhúsgladh chum dólais, imthigh asteach ann do sheamra agus díbir triobloid agus buaidhreadh an t-saoghail as th'intinn, mar atá sgríobhtha aig an t-Sailm- chéadach: "In cubilibus vestris compungimini," eadhon, déanaigidh an aithrighe agus an croidhe- bhrúghadh ann mur seamraibh. Gheobhaidh tú ann do sheamra nó ann do bhóghtain astigh an ní a chailleas agus fhágas tú go minic amuigh. Gheobhaidh tú blas agus milseachd air do chlúid agus air do chró féin, ma fhanann tú 'na bun go buan; ach, ma thréigeann tú í, cha bhíonn blas, spéis, nó taitneamh agad innte. Má chleachdann tú tathaighe chinnte air th'uaimh, nó air do bhóghtain agus aire mhaith do thabhairt dhi a
n-úr-thosach do chrábhaidh, ó sin amach béidh sí 'na caraid dhíleas ró-ionmhain ró-thaitneamhach agad. 6. Is anns an uaigneas, agus anns a' t-socrui- dheachd théid an t-anam cráibhtheach air aghaidh, agus foghluimeann sé rúindiamhra dorcha an Scrioptuir ann. Is ann do gheibh sé na tuilte agus na srotha deor le a nigheann agus a bhfóthragann sé é féin gach én oidhche; ionnas go mbéadh sé an méid sin níos foigse dá Chruthuightheoir agus do bhí sé ann a bheathaidh uaigneach agus sgartha a bhfad ó charroid (callóid?) agus ó bhuaidhreadh an t-saoghail. Óir, tiocaidh Dia agus na h-aingil bheannuighthe agus dhéana siad comhnuidhe a bhfochair an té a bhíos air uaigneas sgartha agus a bhfad ó n-a luchd gaoil agus eolais. Is féarr do neoch do bheith faoi thalamh a n-uaimh a bhfolach, agus aire a thabhairt dó féin, nó dá ndéanadh sé míorbhailidhe, agus é féin a leigean amugha agus a bhfaillighe. Atá sé ionmholta aige duine riaghalta, gan dul as baile, ach go h-annamh, súile daoine do sheachna, agus gan a bheith aig iarraidh a dhul air an amharc. 7. Creud fáth a bhfuil tú feuchaint air an ní nach ceaduighthe dhuit do bheith agad? "Atá an saoghal agus antoil an t-saoghail a' dul thart, ach an té do nidh toil Dé mairidh sé go síorraidhe." (1 Eoin. c.2,v.17). Tarraingeann fonn agus ainmhian na gcéadfadh brúideamhla amach as baile thú; ach air ndul thart do'n uair sin, creud atá leat na bhaile ach trom- ualach air do choinsias, agus milleadh agus seachran air do chroidhe?
Is minic a bhíos an dul amach súgach, 'na theachd na bhaile bhrónach; agus an tráthnóna súgach 'na maidin dhúbhach. Agus is amhlaidh, bíonn na h-uile shásadh colna taitneamhach air dtús, agus 'na dhiaidh sin marbhthach cogantach. Creud atá le feiceal a n-áit eile, nach bhfeic tú ann so? Dearc air neamh agus air talamh, agus air na dúile uile; óir is díobh so do nidhthear na h-uile ní eile. 8. Creud is éidir leat d'feicsin a n-áit faoi an ngréin a mhairfeas a bhfad? Dob éidir go saoileann tú thu féin do shásadh: sin ní nach h-éidir a dhéanamh. Dá bhfeictheá an uile ní os comhair do shúl, creud do bhéadh ann ach amharc díomhaoin? Tabhair amharc suas air Dhia anns na flaithis, agus guidh air son do pheacaidh gníomha agus faillighe. Fág an díomhaoineas aige luchd an díomhaoinis, ach tabhair-se aire do na neithibh d'aithin agus d'órduigh Dia dhuit. Dún do dhoras ort féin agus sgáirt air Íosa, do ghrádh, chugad. Fan aige ann do chlúid uaignigh, óir ní bhfuighidh tú síoth nó suaimhneas chomh mór a n-áit air bith eile. Dá mbeitheá gan dul as baile nó aig éisteachd le murmur cainnte, tuaithleas, agus nuadh-sgeulta, ba mhóide agus dob fheirrde dod'shíothchainte é; ach, an uair a thaitneas sgeulta nuadha leat, as sin thig dhuit buaidhreadh fhulang ann do chroidhe.
An 21 caibidil. A labhras air chómhbhrúghadh an chroidhe. 1. Ma's áil leat a dhul air th'aghaidh go tairbheach, coimhead thú féin a n-eagla Dé, agus ná bí ró-sgaoil- teach nó ró-dhána, ach cuir srian agus riaghail air do chéadfadha uile, agus na tabhair thú féin do chaitheamh aimsire díomhaoin. Tabhair thú féin do dhoilgheas agus do chailgchréachd croidhe, agus do gheobhaidh tú dúthrachd crábhaidh. Osglann an croidhe-bhrughadh an rian agus an t-slighe chum móran maithis, noch is gnáth a mhilleadh go luath leis a' dosgadh. Is iongantach go dtig le duine air bith do bheith soilbhir súgach ann a chroidhe san mbeathaidh shaoghalta, ma smaoinigheann sé air a dhíbirt agus air a dhaoirse féin, agus gach mór-chontabhairt ann a bhfuil a anam do thabhairt fá ndear. 2. Tré bhaois agus éadtruime ár gcroidhe, agus tré ár neamh-shuim fá'r lochda, ní mhothuighmid dólas nó dochar ár n-anma; ach, is minic a bhímid a' gáiridhe go baoth, an tan ba dleachd dúinn le n-uile réasun a bheith a' gul agus a' caoi. Go fírinneach ní bhfuil saoirse iomlán, nó sólas maith le faghail, ach a n-eagal Dé mar aon le deagh- choinsias. Is méanar do'n té leis a dtig an uile thoirmeasg agus sheachran do dhíbirt uadha, agus é féin a chomh-chruinniughadh agus a cheangal do'n chréachd- chroidhe naomhtha.
Is beannuighthe an té a dhiúltas agus a sgaras le na h-uile ní do chuirfeadh smál, smúid nó ualach air a choinsias. Seasaimh amach go fearamhail; claoidhtear cleachtadh le cleachtadh eile. Ma leigeann tusa do'n mhuinntir eile, leig- fid-sean dhuit-se do ghnóthaighe féin a dhéanamh. 3. Ná bain le gnóthaighe na muinntire eile, agus ná buaidhir thu féin le gnóthaighe dhaoine móra. Feuch ort féin air tús, agus tabhair aire comhairle mhaith do thabhairt duit féin níos luaithe nó do'n charaid is annsa agus is toghtha leat air bith. Mur bhfuil foghar nó cádhas daoine agad, ná bí buaidheartha uime sin; ach bíodh do bhuaidhreadh agus do thuirse fá gan th'iomchar féin a bheith chomh maith nó chomh coimheadach agus ba chóir do sheirbhiseach Dé nó do dhuine riaghalta do bheith aige. Go minic is féarr agus is dearbhtha do dhuine gan móran sólais fhaghail air a t-saoghal-sa, agus go sonnradhach réir tola na colna. Gidheadh, muna bhfuil sólas diadha againn, nó muna mothuighmid iad ach go h-annamh, is orainn féin atá an lochd; do bhrígh nach n-iarrmuid an croidhe-bhrughadh, agus nach ndíbrimid uainn air fad na sólais dhíomhaoin thalmhaidhe. 4. Aidimh nach fiú thú sólas neamhdha fhaghail, ach gur mó a thuill tú móran amhgair agus triobloide. An tan a bhíos doilgheas agus créachd-chroidhe iomlán aige neoch, is searbh agus is trom leis an t-saoghal uile an uair sin. Do gheibh an deagh-dhuine ádhbhar deor agus dólais a gcomhnuidhe.
Óir ce bé h-aca a smuaineochas sé air féin nó air a chomharsain, is aithne dhó nach bhfuil én neoch beo gan triobloid; agus ní bhfuil dá mhéid agus fheuchas air féin nach móide do gheibh sé cúis buaidh- eartha aige féin. 'S iad ár lochda agus ár bpeacaidh is cúis agus ádhbhar fíre d'ár ndoilgheas agus d'ár ndólas croidhe go h-inmheadhonach; ionnta a bhfuilmid chomh mór agus sin ceangailte, gurab annamh a thig linn smaoiniughadh air an rinnfheitheamh neamhdha. 5. Dá m'áil leat smaoiniughadh níos mionaca air a' bhás nó air a bheith bhfad beo, gan amhras do bheitheá níos sanntuighe aig leasughadh do bheathadh. Mar an gceudna, dá smaoineochá dá ríribh air phiantaibh ifrinn ann do chroidhe, nó air phiantaibh purgadora, creidim go bhfulaingfeá pian agus dochar go ró-thoilteanach, agus nach mbéadh uamhan nó eagal ort roimhe le cineal air bith cráidh nó cruadala. Ach, cionn nach dtéid na neithe-se go nuige an croidhe, agus go bhfuil ár ngrádh go fóill air na neithibh saoghalta a thaitneas le ár gcéadfadha, air an ádhbhar sin, fanmuid go trom sbadanta ann ár bhfuar-chrábhadh féin. 6. Is minic gurab é easbhaidh na ngrás do bheir air a' cholainn thruaillidhe do bheith chomh so-ghluaiste chum gearain. Mar sin, guidh go h-umhal an Tighearna, ionnas go mbéaradh Sé sbiorad na h-aithrighe dhuit, agus abair mar aon leis a t-Sailmcheadach "A Thighearna tabhair aran na ndeor damh le h-ithe, agus deoch na ndeor le h-ól." (Pslm.7,9).
An 22 caibidil. A thráchdas air amhgar agus air ansógh an duine air a' t-saoghal. 1. Is truagh thú, a dhuine, ce bé air bith ionad a bhfuil tú, nó ce bé air bith bealach a mbeiridh tú th'éadan, mur mbeiridh tú th'aghaidh air Dhia. Creud an fáth uime a bhfuil tú buaidheartha, cionn nach dteagmhann agus nac n-éirigheann gach én ní leat réir do mhiana agus do thola? Cia aige a bhfuil gach én ní réir a thola? Ní thusa, nó mise é, nó duine air bith air a' talamh. Ní bhfuil neoch air a' t-saoghal uile gan amhgar gan triobloid, dá mbéadh sé 'na rígh nó 'na phápa. Cia h-é is féarr atá mar sin? Atá, gan amhras an té fhulaingeas ní éigin go fonnmhar mar gheall air Dhia. 2. Is gnáth le daoine anbhfanna ainbhfiosacha a rádh: Feuch, an bheatha aoibhinn atá aig an fhear úd! nach é atá saidhbhir, uasal, éifeachdach, mór-chumhachdach! Ach, dearc air shaidhbhreas, air iolmhaitheas, agus air aoibhneas fhlaitheamhnas Dé, agus chífidh tú, nach fiú an dadamh na neithe saoghalta uile, atá ionnta féin ró-chlaochlóideach, neimh-dhearbhtha, triobloideach, do bhrígh nach sealbhuighthear iad ar én chor ach le an iomad cúraim agus eagail. Ní anns a' t-saidhbhreas shaoghalta atá sonas nó suaimhneas an duine; is leor dó measardhachd iom- chubhaidh do bheith aige. Go dearbhtha, is mór an t-amhgar a bheith beo air a' talamh. Ní bhfuil dá mhéud a shanntuigheas neoch do bheith sbioradálta, nach móide dá ghlonn agus dá mhío-
bhlas air a' bheathaidh shaoghalta; do bhrígh gur mar sin is féarr a mhothuigheas, agus do chídh sé luige agus lochda na nádura dhaonna. Óir a bheith aig ithe, aig ól, aige dúsgadh, nó 'na chodladh; díomhaoin, nó aige déanamh oibre; nó féidhm do bheith air neithibh riachdnasacha na nádura, go dearbhtha is mór an crádh agus an t-amhgar iad so uile aig an duine riaghalta le ar mhian do bheith saor agus sgartha sgaoilte ó'n uile pheacadh. 3. Óir is mór agus is trom an t-ualach air an duine atá riaghalta go h-inmheadhonach ann féin, féidhm do bheith aige air neithibh riachdnasacha na colna air a' t-saoghal. Agus uime sin, atá an Fáidh aige guidhe go dúth- rachdach é féin a bheith saor orra, aige rádh: "Ó mó riachdnasaibh saor mé a Thighearna!" de necessitatibus meis erue me. (Pslm. 24). Ach, mairg do'n mhuinntir nach dtuigeann a n-amhgar féin, agus dhá mhairg do'n mhuinntir a ró-ghrádhuigheas an saoghal cráidhte so-chaithte! Óir atá cuid do na daoine atá chomh ceangailte agus sin do'n t-saoghal, cé gur leis a' déirc, nó le saothar dochrach do gheibh siad air éigin an bheatha riachdnasach, gidheadh, dá dtiocadh leo fuireach ann- so a gcomhnuidhe, ní bhéadh suim air én chor aca air ríoghachda Dé. 4. Och! na daoine leamha, agus neimh-chreidmheach ann a gcroidhe, atá adhlactha agus iadhta chomh dain- gean dubhain (= doimhin) agus sin anns na neithibh talmhaidhe, nach mbíonn blas aca air an dadamh, ach air na neithibh colnaidhe. Och, na bochdain thruagha! is daor a' fios a gheobhaidh siad fá dheireadh gur beag dob fhiú an neimhnidh salach sin, air a raibh an oiread sin do ghrádh aca.
Ach, na naoimh, agus cáirde dúthrachdacha Chríosda, ní raibh suim nó meas aca air neithibh pléasura taitneamhacha na colna, nó air neithibh breagha, bláthmhara, bréagacha na beathadh saoghalta; ach do bhí a n-dúil agus a n-intinn uile aig osnaidh agus aig iarraidh na glóire síorraidhe. Do bhí a bhfonn agus a dtoil go h-iomlán aig feuchain suas air na neithibh marthannacha suthaine do-fhaicseana, d'eagla iad cromadh nó grádh do thabhairt do neithibh so-fhaicseana breugacha na talmhan. A dhearbhrathair, ná gabh beag-uchdach, agus ná caill do mheisneach fá dhul air th'aghaidh anns na neithibh sbioradálta: ní bhfuil sé ró-mhall, atá an t-am agad anois, ní dheachaidh an uair thart go fóill do bheatha do leasughadh. 5. Creud fáth a bhfuil tú a' cur do leas air cáirde? Éirigh suas agus tosuigh anois, agus abair: So am na h-oibre, so fóghmhar an anma, anois am na troda; anois atá comhgar agus aimsir ár mbeathadh do leasughadh againn. An tan a bhíos tú buaidheartha leathtromach, 'sé sin am na tuillmhe agus na luaigheachda. Is éigin duit a dul tré theinidh agus uisge sul fá dtiocfaidh tú chum faoidhe, furtachd, nó fionn- fhuachd fhaghail. Mur ndéanaidh tú foirneart ort féin, cha dtugann tú buaidh air do lochda. An fad a bhíos an cholann sho-bhásuighthe-se air iomchar againn, ní h-éidir linn a bheith saor air pheachadh, nó do bheith beo gan dólas gan doilgheas. Budh mhaith linn do bheith socair suaimhneach agus saor ó'n uile bhuaidhreadh; ach do bhrigh gur chaill- eamar ár neimh-chionntachd tre pheacadh na sinnsire,
chailleamar mar a gceudna an sonas agus an suaimhneas fíre. Mar sin, is cóir dúinn fuireach go foighideach le trócaire Dé, nó go n-imtheochaidh an sean-mhallacht-sa uainn, agus nó go mbéarfaidh an bheatha mharthannach buaidh air an bhás. 6. O! Creud é méad na h-anbhfainne daonna atá innte féin go cinnte claon chum na n-olc! Aidmhigheann tú do pheacaidh indiu, agus cionn- tuigheann tú amárach arís anns a' ní a d'aidimh tú indiu. Anois atá rún agad aire thabhairt duit féin, agus fá chionn uaire ní bhíonn cuimhne agad air do ghealladh. Mar sin, atá réasun againn inn féin úirísliughadh, agus gan móran meas do bheith orainn féin, ó támuid chomh anbhfann claochlóideach agus sin. Mar an gceudna, an ní a fuaras go cruadalach le cuideamh na ngrás, le móran saothair agus aimsire, dob éidir a chailleadh le h-órlach tré neamh-shuim agus mhainneachdnaidh. 7. Créad éireochas dúinn a ndeireadh ár saoghail, inne atá chomh luath agus so cheana, fionn-fhuar failligheach? Mairg dhúinn atá gár dtabhairt féin do shuaimh- neas agus do shocruigheachd, amhail agus mar bhéadh dearbhachd na síothchainte againn cheana, an tráth nach bhfuil go fóill comhartha air bith naomhachda le feiceal ann ár mbeathaidh, nó ann ár gcoinbhersaid. Do bhéadh sé ró-riachdnasach againn, cosamhail le h-óg-laochraidh maithe, deigh-bhéasa fhoghluim agus a chleachdadh arís; dá mbadh amhlaidh sin, dob éidir dúil a bheith le ár leasughadh, agus le ár mbiseach sbioradálta.
An 23 caibidil. A thráchdas air smaointighthe agus air staideir air a' bhás. 1. Is gearr gurab éigin duit an saoghal fhágail; mur bhfíor leat sin, feuch caidé an stáid bheathadh ann a bhfuil tú: atá an duine annso indiu, agus a mbárach ní bhfuil sé le faghail. Agus an tan a thógfar as ár n-amharc é, fágann sé mar an gceudna gan mhoill ár gcuimhne. Och, fáraor! is dallbhuidh (dalbaidhe?) agus is cruaidh croidhe an duine, nach smaoinigheann ach amháin air na neithibh atá a láthair, agus nach ndearcann roimhe air na neithibh atá le teachd! Ba chóir duit san uile ghníomh agus smaoiniughadh thú féin iomchar agus óirneadh, amhail mar bheitheá 'faghail bháis gan mhóill. Dá mbéadh coinsias maith agad, ní bhéadh móran eagail ort roimhe leis a' bhás. Dob fhéarr dhuit an peacadh do sheachna, nó eagal do bheith ort roimhe leis a' bhás. Muna bhfuil tú ullamh indiu, cionnas a bhéas tú amhlaidh a mbárach? Atá an lá a mbárach neimh-dhearbhtha, cá fios duit an mbéidh tú beo a mbárach? 2. Creud an sochar a bheith a bhfad beo, an uair nach leasuighmid ach go beag ár mbeatha? Och, fáraor! Ní leasuigheann an saoghal fada inn a gcomhnuidhe, ach go minic is mó mhéaduigheann sé ár gcionnta.
A Dhia! Nach raibh én lá amháin air a t-saoghal-sa againn a ndeigh-bheathaidh! Áirid (áirmhid) móran air iomad na mbliadhan ó thosuighdear a mbeatha do leasughadh, ach go minic is beag agus is gann toradh an leasuighthe sin. Cé gurab uathbhásach an ní an bás, dob éidir gurab baoghalaighe nó sin a bheith a bhfad beo. Is beannuighthe an té aige a mbíonn uair a bháis os comhair a shúl do ghnáth; agus ullmhuigheas é féin gach én ló 'na choinne. Ma chonnairc tú aon nduine ariamh a' faghail bháis smaoinigh go ngeabhaidh tú féin an bealach ceudna. 3. Air maidin saoil agus smaoinigh nach mbíonn tú beo teachd na h-oidhche, agus aige teachd an choinfheasgair ná geall duit féin an mhaidin air na bhárach. Mar sin, bí ullamh agus réidh a gcomhnuidhe, agus tabhair do bheatha a dtír air mhodh nach bhfuighidh an bás go bráthach 'do chodladh, aimhréidh, nó as órdughadh thú. Is iomdha do gheibh bás obann, agus an uair is lugha a bhíonn siad a smaoiniughadh air; óir is anns an uair nach saoiltear a thiocfas Mac an Duine, eadhon, Mac na h-Óighe Muire. (Matha c.24,44). Agus an tan thiocfas an uair dhéidheanach sin, tionnsgnochaidh tú átharrach smaointighthe do bheith agad air do bheathaidh uile a chuaidh thart; agus is ró-mhór an dólas a bhéas ort fá gach faillighe agus fá gach mainneachdna dá ndearna tú. 4. Is ádhmhar agus eagnaidhe atá an té a thairgeas a bheith anois a n-aimsir a bheathadh, mar ba mhaith leis é féin fhaghail aig uair a bháis.
Óir dá mbéadh dí-mheas agus tarcuisne iomlán aige neoch air a' t-saoghal, grádh lasamhail agus fonn faobharach a dhul air aghaidh anns na subhailcibh, grádh na riaghaltachda, sbiorad na h-aithrighe, éasguidheachd na h-umhlachda, diúltughadh dhuine dá antoil féin, agus foighide gach uile chontrarachd agus leathtrom fhulang air son Chríosda, ba mhór an uchdach agus a' mhuinighin do bhéarfadh siad do dhuine fá é féin bás beannuighthe fhaghail. Is éidir leat móran maith a dhéanamh a n-aimsir do shláinte, ach an tan bhus easlán duit, ní fios damh creud a thig leat a dhéanamh. Is beag an líon a leasuighthear le linn tinnis; agus mar an gceudna, is annamh a naomhthar luchd síor-siubhail agus imirce ó áit go h-áit. 5. Ná déana ró-mhuinighin as do cháirde nó as do luchd gaoil, agus ná cuir leas th'anma air cáirde; óir dhéanfaidh daoine dearmad dhíot níos luaithe nó shaoileas tú. Is fhéarr lón a dhéanamh anois a n-am, agus maith éigin a chur romhad, nó taobhadh le cuideamh na muinntire eile déis do bháis. Mur bhfuil cúram agad anois iomad féin, cia dhéanfas cúram iomad ndéis do bháis? Is mór luach na h-aimsire atá a láthair; anois laethe na sláinte suthaine; so am na trócaire. Ach, mo thruaighe! nach gcaitheann tú an aimsir atá a láthair níos tairbhighe, ann d'arbh' éidir leat lón síorraidhe a dhéanamh duit féin! Tiocfaidh an aimsir ann a mbéidh tú aig iarraidh én ló én uair amháin do cháirde chum thú féin do leasughadh, agus ní fios an bhfuighidh tú é. 6. Och, a cháirde ionmhain! is éidir leat thú féin
a shábhail air mhóran contabhairt, agus thú féin a shaoradh ó mhóran eagail, ma bhíonn tú anois crith- eaglach agus a' feitheamh leis a' bhás a gcomhnuidhe! Tairg anois do shaoghal a chaitheamh air mhodh gur mhó an luathghair nó an t-eagal do bhéadh ort uair do bháis. Foghluim anois bás fhaghail do'n t-saoghal, ionnas go mbéitheá beo an uair sin a bhfochair Chríosda. Foghluim anois an uile ní do tharcuisniughadh, ionnas go mbadh éidir leat an uair sin a' dhul gan toirmeasg d'ionnsuidhe Chríosda. Smachduigh anois do cholann le píonus na h-aithrighe, ionnas go mbadh éidir leat muinighin dhearbhtha do bheith agad uair do bháis. 7. Och, óinmhid agus amadain! Creud fá smuainigheann tú a bheith a bhfad beo, agus gan én ló amháin dearbhtha agad? Nach iomdha duine do shaoil a bheith a bhfad beo, do mealladh, agus do fuadadh air siubhal an tan nach raibh dúil aca? Ca mhéid uair do chuala tú dá rádh, gur marbhadh an fear ud le claidheamh, gur báitheadh fear eile, gur bhris óglach eile a mhuineal aige tuiteam síos le fánaidh, go bhfuair duine eile bás aig ithe air a' chlár, go bhfuair duine eile bás aig uabhar? Tuiteann duine le teinidh, duine le h-arm, duine le pláigh; marbhadh daoine eile leis an cheathairne choilleadh. Is mar so a chuireas a' bás críoch air na h-uile; agus is amhlaidh, théid saoghal an duine thart go luath mar sgáile. 8. Cia chuimhneochas ort a ndiaidh do bháis, agus cia ghuidhfeas air do shon?
Déana anois, a charaid, déana anois an méid a thig leat, óir ní fios duit uair do bháis, nó creud éireochas duit déis do bháis. An tan atá faill agad, cruinnigh lón agus saidh- bhreas duit féin nach gcaithtear go bráthach. Ná smaoinigh air an dadamh ach air th'anam do shlánughadh. Ná gabh cúram ach fá na neithibh a bhaineas le Dia. Déana caraid duit féin, aige tabhairt onóra do naomhaibh Dé, agus aige tabhairt toraidheachda dóibh ann a ngníomharthaibh, ionnas go mbéaraidis fáilte duit ann a n-árusaibh síorraidhe, an tan a chuirfeas tú críoch air do bheathaidh. (Luc.c.16,9). 9. Iomchair thú féin mar dhíthreabhach agus mar choigcríochach choimhigheach air a' talamh, aige nach bhfuil gnothaighe air bith le neithibh saoghalta. Cumhduigh do chroidhe saor aige feuchain suas air Dhia, do bhrigh nach bhfuil cathair, nó baile comhnuidhthe buan annso agad. Cuir th'urnuighe suas gach én ló mar aon le h-osnaibh agus le deoraibh, ionnas déis do bháis go mbádh diongmhala th'anam a dhul go h-ádhmhar d'ionnsuidhe an Tighearna. Amen. An 24 caibidil. A labhras air Bhreitheamhnas Dé agus air phíonus agus air phéin an pheacaidh. 1. Anns na h-uile ní feuch air do chrích dhéidh- eanaigh, agus cionnas a sheasochas tú a bhfiadhnaise an Daoir-Bhreithimh is garrtha geur-chúisighe, air nach
bhfuil an dadamh a bhfolach; agus nach ngabhann duais, cumhtha, nó ceannach, nó leith-sgeul ó én neoch, ach a bhéarfas breitheamhnas díreach réir an fhír- cheart. O! a pheacaidh mhío-ádhmhar, ró-thruagh, gan chéill! Creud an freagra a bhéarfas tú air Dhia aige a bhfuil fios do lochda uile; thusa ort a mbíonn eagal air uairibh duine amharc ort go fíochmhach nó go feargach? Creud fáth nach ndéan tú lón duit féin a n-aircis lae an bhreitheamhnais, an tan nach dtéid anam air sgáth nó air leith-sgeul a chéile, ach go mbéidh go leor le déanamh aige gach én nduine freagra air a shon féin? Anois atá do shaothar tairbheach, do dheora tait- neamhach; éisdfear anois le d'osnaibh, agus anois atá do dhoilgheas nó do chroidhe-bhrúghadh leoir- ghníomhach, agus 'na ghlain-léigheas air do pheacaidh. 2. Is mór agus ró-fholláin píonus agus purg- adóir an duine fhoighidigh; an tan do níthear eug- cóir air, is mó a dhólas fá pheacadh an fhir eile, nó fá n-a dhíoghbháil féin; guidheann an duine foighideach air son a náimhde, agus do bheir sé maitheamhnas ó n-a chroidhe ann gach én lochd; cha déan sé moill fá phárdun iarraidh air chách; is fusa leis truaighe a ghabhail nó fearg; nidh sé foirneart go minic air féin, agus gabhann sé saothar a cholann do chur fá smachd do'n sbiorad. Is féarr agus is fusa na peacaidh agus na lochda do ghlanadh agus do dhíbirt anois, nó a gcongbháil go purgadóir an t-saoghail eile. Go dearbhtha! meallmuid inn féin tré an an- ghrádh atá againn air ár gcolainn.
3. Creud eile atá aige fadughadh agus aige lasadh na teineadh sin ach do pheacaidh? Ní bhfuil dá mhéad agus a chaomhnas tú thú féin anois, agus a leanas tú toil agus claonta na colna, nach móide agus nach daoire an píonus a bhéas agad le fulang arís, agus nach mó an t-ádhmad agus an connadh a bhéas cruinn a gcoinne na teineadh sin. Is anns na neithibh is mó a pheacuigheas an duine, is ionnta sin is ba truime a phíonus. Mar sin, béidh luchd na leisge gá mbruideadh, gá dtolladh, agus gá dtréadadh le dealgaibh roinn-gheura teineadh; agus béidh luchd an chraois gá bpianadh le tart áidhbheil agus ocras. Annsin, béidh luchd na drúise agus luchd ghrádha ainmhian na colna foluighthe faoi thonnaibh teintighthe píce, agus breun-ruibhe; agus béidh luchd na tnutha agus na h-aingidheachda aig uaillfeartaigh mar mhadraidh chonfa air mire le pianaidh. 4. Cha bhíonn coir nó lochd air bith, nach mbéidh a phíonus agus a phian féin air leith na choinne. Anns an áit sin, béidh luchd an uabhair agus an díomais fá thár agus fá tharcuisne, lán coiciach, náire, agus faitchis; agus béidh luchd na sainnte air na gcumhgughadh lán riachdnais agus easbhadha. Béidh én uair amháin do phianaidh ann sin, níos géire nó céad bliadhan do phíonus na h-aithrighe is cráidhte agus is géire air bith annso air a' t-saoghal. Cha bhíonn síoth nó osadh aige an drong dhamanta ann sud; ach ann so air uairibh gheibhthear osadh ó'n dochar, agus comhshólas agus furtachd ó'n fhíor- charaid.
Tabhair aire dhuit féin anois, agus bíodh aithreach- as ort fá do pheacaidh, ionnas go mbeitheá slán ameasg na bhfíreun ló an bhreitheamhnais. Óir an uair sin seasfaid na fíreun go h-urradhasach, lán-chalma a n-aghaidh na muinntire do rinne léan agus trom-ár orra. (Leabhar na hEagna, c.5,1). An té umhluigheas anois do bhreitheamhnas daoine, seasochaidh sé féin an uair sin 'na bhreitheamh air chách. Annsin béidh muinighin láidir aig an bhochdan agus aig an uiríseal; agus béidh luchd an uabhair agus na h-árdanachda lán uathbhais agus eagail do'n uile thaobh. 5. Taisbeanfar an uair sin go raibh sé eagnaidhe air a' t-saoghal, an té a d'fhoghluim mar gheall air Chríosda meas díblighe agus óinmhide do bheith air féin. An uair sin béidh an uile thríobloid taitneamhach, a d'fulaing sé go foighideach, agus dúnfar beul na h-eugcóra agus na h-urchoide. (Pslm.106,42). Béidh luathghair an uair sin air a' duine riaghalta, agus tuirse air luchd na míriaghalta. Béidh an cholann a bhí claoidhte le crádh agus le h-amhgar, an uair sin, níos súgaighe agus níos sásta, nó dá mbéadh sí lán do'n uile shógh agus aoibhneas. Béidh an aibid úiríseal shuarach an uair sin glégheal, agus an t-éadach uasal onórach, salach. Is mó molfar an uair sin an cában bochd, nó an pálas agus an caisleán árd óirnighthe órdha. Is ba féarr an fhoighide an uair sin, nó cumhachda an domhain uile. Is ba mó meas na h-umhlachda an uair sin, nó gliocas an domhain uile.
6. Is mó an t-ádhbhar luathghara a bhéas aige fear an choinsis ghlain an uair sin, nó aige an fheall- samhnach fhoghlumtha. Is ba measamhla an uair sin tarcuisne an t-saidhbhir, nó óirchiste na ndaoine santacha saoghalta. Is mó do shólas an uair sin gach urnuighe dhiadha dá ndearna tú, nó fá gach proinn shásda dá bhfuair tú. Is mó an t-iolgháirdeas a bhéas agad an tan sin, fá do bheith 'do thost, nó fá iomad comhraidh nó cainnte do dhéanamh. Is féarr gníomhartha beannuighthe an uair sin, nó móran do bhriatharaibh blasta. Is ba taitneamhaighe an uair sin beatha riaghalta, agus dochar cruaidh na h-aithrighe, nó sógh agus aoibhneas na talmhan uile. Foghluim anois neithe beaga éadtroma fhulang, ionnas go saorfaidhe thú air fhulang níos mó an uair sin. Feuch air tús annso creud a thig leat fhulang 'na dhiaidh so air a' t-saoghal eile. Mur dtig leat pianta beaga éadtroma fhulang anois, cionnas bhus éidir leat pianta síorraidhe fhulang arís? Ma thugann pian bheag éadtrom ort a bheith mío-fhoighideach anois, creud a dhéanfaidh tú aig fulang do loisgthe a dteinidh ifrinn? Is dearbh nach dtig leat dhá aoibhneas do bheith agad, sé sin le rádh, cha dtig leat aoibhneas a' t-saoghail, agus aoibhneas fhlaitheamhnas Dé fhaghail a bhfochair Chríosda.
7. Dá mbéadh do shaoghal uile lán aoibhnis agus onóra go nuige so, creud dob fhéirrde dhíot sin, dá bhfaghthá bás anois? Mar sin, is díomhaoineas na h-uile ní, ach amháin grádh agus seirbhís Dé. Óir an té a ghrádhuighéas Dia le n-a chroidhe go h-iomlán, ní bhíonn eagal air roimhe le bás, le píonus, le breitheamhnas, nó le h-ifrionn, do bhrígh go ndéan an grádh diongmhálta iomlán an t-slighe chum Dé dearbhtha. Ach, an té leis a dtaitneann an peacadh, ní h-íongadh eagal an bháis agus an bhreitheamhnais do bheith air. Gidheadh, mur mbeiridh grádh Dé ort filleadh ó'n olc, is maith a rádh go gcuiridh eagal ifrinn srian ort. Ach, an té a chuireas eagal Dé air cáirde, ní h-éidir leis seasamh a bhfad gan tuiteam gan mhoill a líontaibh agus a ngaistibh an aidhbheirseora. An 25 caibidil. A thráchdas air leasughadh fhonnmhar ár mbeathadh go h-iomlán. 1. Bí fuireachair dicheallach a seirbhís Dé, agus smaoinigh go minic ionnad féin, creud an t-ádhbhar a dtainic tú annso, nó creud an fáth ar thréig agus ar dhiúlt tú do'n t-saoghal? Nach chum a bheith 'do dhuine riaghalta dhiadha sbioradálta do rinne tú sin? Mar sin, teith air th'aghaidh go fonnmhar faobhrach, óir ní fada nó go bhfuighidh tú luach agus tairbhe do
shaothair, agus ó sin amach cha bhíonn eagal nó dólas ann do chríochaibh, nó ann do theoranaibh. Fulaingfidh tú saothar agus cruadail seal beag anois, agus gheobhaidh tú mór-shuaimhneas agus iolgháirdeas síorraidhe air a shon sin. Ma bhíonn tusa díleas dicheallach a seirbhís Dé, ná bíodh amhras agad nach mbéidh Sé-sean fialmhar fairsing ann a dhíolaidheachd leat-sa. Is cóir duit muinighin mhaith do bheith agad an bhuaidh do thabhairt; ach, ní cóir duit a bheith ró-dhána nó ró-dhearbhtha asad féin, d'eagal thú tuiteam a bhfail- lighe, nó a dhul a n-uaill agus a n-uabhar. 2. Ló n-aon dá raibh neoch áirighthe ann a dteam- pall air urnuighe a bhfiadhnaise na h-altóra air a ghlúinibh, agus air mbeith ró-bhuaidheartha a n-intinn, agus lán amhgair agus imshníomha idir dóchas agus eagal, do labhair sé leis féin aige rádh: "O! dá mbéadh fios agam go seasochainn amach gan tuit- eam!" Air ball do chuala sé astigh ann féin freagra a' teachd ó Dhia chuige, aige rádh: "Creud dob áil leat a dhéanamh dá mbéadh an fios sin agad? Déana anois an ní dob áil leat a dhéanamh dá mbéadh an fios sin agad, agus is ba daingean lán- dearbhtha dhuit." Agus air ball fuair an fear sin neart agus comhshólas ann féin, agus ó sin amach, do thoirbhir sé é féin suas do thoil Dé, agus do stad agus do sgar a bhuaidhreadh intinne leis. Agus cha dtug sé tóraidheachd chúirealta níos mó fios fhaghail air creud a bhí le teachd nó le teagmhal dó; ach do ghabh sé do roghain staideir a dhéanamh air thoil Dé iarraidh, chum gach deagh-obair do thionn-
sgnughadh agus do chríochnughadh réir a thola agus a thaitnimh go h-iomlán. 3. "Spera in Domino, et fac bonitatem, et inhabita terram et parceris in divitiis ejus", eadhon, déana muinighin as a' Tighearna, agus déana maith, adeir an fáidh ríoghdha, déana ionad comhnuidhthe duit féin air a' talamh, agus gheobhaidh tú beatha as saidhbhreas na talmhan. (Pslm.36,3). Atá én ní amháin a chongbhas móran air a n-ais ó thairbhe sbioradálta, agus ó leasughadh na beathadh go fonnmhar, mar atáid eagal na cruadala, agus saothar agus dochar na comhlanna nó an chatha. Agus, go deimhin, théid siad roimhe le cách anns na subhailcibh, an mhuinntir a thairgeas na neithe is mó a bhuaidhreas agus a thrasnuigheas iad féin a chlaoi agus a sgrios go fearamhail. Óir, ní bhfuil dá mhéad a chlaoidheas agus a mhoirtnigheas neoch é féin, nach móide a gheobhas sé grása, luaigheachd, agus tairbhe sbioradálta. 4. Ach, ní h-ionann na neithe atá le smachdughadh agus le moirtniughadh aige gach én nduine. Gidheadh, is féarr agus is neartmhaire a rachas an duine dícheallach deagh-rúnach air aghaidh a dtairbhe agus a mbiseach, cé go mbéadh níos mó do thaoda agus do chlaonta lochdacha aige, nó duine eile aig a mbéadh níos lugha do lochdaibh, ach do bhéadh níos fallsa agus níos fionn-fhuaire anns na subhailcibh. Atá dhá ní a chuidigheas go sonnradhach, agus go mór an bheatha do leasughadh, eadhon, duine é féin diúltadh go calma do na neithibh chuca a gclaonann go lochdach an náduir dhaonna; agus an dara ní, saothrughadh go dian air son an mhaith is mó atá d'easbhaidh orainn.
Tairg mar an gceudna, do bheith níos coimheadaighe ort féin, agus na lochda do chlaoi a mhío-thaitneas leat go minic anns a' mhuinntir eile. 5. Déana tairbhe ann gach én áit; agus má chí nó má chluin tú samplaidhe maithe, gríosuigh thú féin chum tóraidheachd a dhéanamh orra. Ach, ma thugann tú ní air bith lochdach fá ndear, bí air do choimhead gan thú féin sin do dhéanamh, nó má rinne tú a shamhail uair air bith, tairg a leasughadh gan mhoill. Óir amhail mar atá do shúil-se aige feuchain air an mhuinntir eile is amhlaidh atá síad-san aige féuchain ort-sa. O! is aoibhinn agus is milis Bráithre beannuighthe teasghrádhach deigh-bhéasach riaghalta fheiceal! Ach, air a' taobh eile, is searbh agus an-aoibhinn a bheith aig amharc air a' mhuinntir a shiubhlas go míriaghalta, agus nach gcóimhlíonann na neithe chuige dár goireadh iad, nó do ghabh siad as láimh do dhéanamh! Och! is baoghlach díoghbhalach faillighe a dhéanamh fá na neithibh atá 'na gcúram agus 'na n-ualach orainn, agus ár gcéadfadha a chlaonadh chum na neitheann nach bhfuil mar d'fiachaibh nó mar oibliogóid orainn. 6. Cuimhnigh air an móide do thug tú, agus, cuir íomhaigh Chríosda do céasadh os do choinne. Agus is furas duit náire do bheith ort aige feuchain air bheathaidh Íosa, cionn nach ar thairg tú go fóill aithris a dhéanamh air, ce gur fada ó ghabh tú as láimh slighe Dé do ghabhail. An duine riaghalta a chleachdas smaoiniughadh go dicheallach caondúthrachdach air bheathaidh ró-naomhtha agus air pháis an Tighearna, gheobhaidh sé annsin go
líonmhar an uile ní atá tairbheach agus riachdnasach aige; agus ní féidhm dó ní is féarr nó Íosa d'iarraidh. Och! dá dtigeadh Íosa do céasadh asteach ann ár gcroidhe, do bhéadh sinn fiosach, fír-eolach, foghlumta go leor gan mhoill. 7. An duine riaghalta teasghrádhach iomchrann agus glacann sé go maith an uile ní órduighthear dó. Ach, an neoch a bhíos fallsa fionn-fhuar anns na riaghalachaibh, thig buaidhreadh air muin buaidheartha air, agus bíonn amhgar agus cruadail air an uile thaobh le fulang aige; do bhrígh gur theasduigh an comhshólas inmheadhonach uadha, agus nach dleachd dó sólas saoghalta do'n taobh amuigh iarraidh. An neoch nach mbíonn go riaghalta faoi smachd, is fogas dó sgrios agus trom-leagadh. An té iarras do bheith níos sgaoilte agus níos mainneachdnaighe ann a bheathaidh, beidh sé choidhche buaidheartha, óir béidh ní éigin a gcomhnuidhe, sud nó so, searbh mío-thaitneamhach aige. 8. Cionnas do níd iliomad do dhaoine riaghalta eile, a bhíos faoi smachd agus faoi riaghalachaibh garga a mainistreachaibh druidte daingne? Is annamh a théid siad as baile; is aonracánach a mbeatha; is suarach a mbiadh; agus is garbh a n-aibid; is mór a saothar; ní labhraid ach beagan; bíonn siad a bhfad 'na ndúsgadh, agus go moch 'na suidhe; a bhfad air urnuighe, go minic a' léightheoir- eachd; agus coimheadann siad iad féin go riaghalta san uile ní. Feuch air ná Cártúisiánaidhe, air na Cistersian- aidhe, agus air na h-óird eile manach agus mná- riaghalta, cionnas mar éirighid gach én oidhche chum cantaireachda psailm do'n Tighearna.
Mar sin, is náireach dhuit-se do bheith trom sbadanta san aimsir bheannuighthe sin, ann a dtionnsgnaid an oiread sin do dhaoine riaghalta Dia do mholadh go ró-luathghaireach. 9. O! dá mbéadh gan le déanamh againn, ach ár dTighearna Dia do mholadh le ár mbéal, agus le ár gcroidhe go h-iomlán! O! dá mbéadh gan féidhm agad air bhiadh, nó air dhigh, no air chodhladh go bráthach, ach do bheith aige moladh Dé do ghnáth, agus gan aire do thabhairt ach do na gnáth-neithibh sbioradálta amháin! Dob ádhmhaire dhuit a bheith mar sin go mór, nó mar atá tú anois, aige freastal agus aige friotháileadh do riachdnasaibh na colna. Dob fhéarr liom nach mbéadh riachdnas againn air ní air bith, ach amháin air oileamhain sbioradálta an anma, nach mblaismid, fáraor, ach go ró-annamh. 10. An tan a thig duine gan sólas nó sochar iarraidh do féin ó chréaturaibh air bíth talmhaidhe, annsin, tosuigheann sé air tús blas iomlán do bheith aige air Dhia; agus annsin, mar an gceudna, béidh sé deontach air gach én ní dá dteagmhann dó. An uair sin cha bhíonn sé ró-luathghaireach fá mhóran, nó ró-thuirseach fá bheagan do bheith aige. Ach, cuireann sé a dhóchas go h-iomlán a nDia, agus gheibh sé na h-uile ní uadha, dó nach dtéid ní air bith amugha nó air neimhnidh, ach go mbíd na h-uile ní a mbeathaidh mharthannaigh aige, agus aige déanamh fóghnaimh agus seirbhise dó réir a thola gan mhoill, gan stad nó sgith do dhéanamh. 11. Cuimhnigh go buan air do chrích, agus nach dtig an aimsir a chuaidh thart agus amugha air a h-ais arís.
A bhféagmhais cúraim, saothair, agus díchill, ní h-éidir leat na subhailcidhe do bheith agad go bráthach. Má thosuigheann tú do bheith fionn-fhuar sbadanta san chrábhadh, tosochaidh tú a bhéith buaidheartha, neamh-shuaimhneach ionnad féin. Ach, má thugann tú thú féin do theas-ghoil an chrábhaidh, gheobhaidh tú síoth mhór agus socruidheachd, agus mothochaidh tú, tré ghrásaibh Dé agus ghrádh na subhailcidhe, do shaothar agus th'ualach níos éadtruime agus níos soi-iomchair. Bíonn an duine dícheallach ullamh do na h-uile ní. Is mó an saothar na lochda agus na claonta colnaidhe do chlaoi, nó do bheith aige cur alluis le saothar agus oibreacha corpordha. Ce bé nach seachnann na mion-chionnta, tuitfidh sé, air bheagan agus air bheagan, anns na mór- lochdaibh. Ma chaitheann tú an lá go tairbheach beidh luathghaire ort teachd an choinfheasgair. Déana faire agus coimhead ort féin, músgail agus gríosuigh thú féin, spreag agus comhairligh thú féin, agus ce bé air bith éireochas do chách eile, ná leig-se dearmad nó faillighe ionnad féin. Óir ní bhfuil dá mhéid foirneart a dhéanas tú ort féin, nach móide dod' luaigheachd agus dod' bhiseach é. Amen. Finid nó críoch an Chéad Leabhair.
AN DARA LEABHAR. An chéad chaibidil. A thráchdas air an chomhradh agus air an choinbhersaid sbioradálta. 1. "Atá ríoghachda Dé ionnaibh astigh," a deir an Tighearna (Luc.c.17,21). Fill, dá bhrígh sin, air Dhia le h-iomláine do chroidhe, agus diúlt do'n t-saoghal ámhgarach-sa, agus do gheobhaidh th'anam socruidheachd. Foghluim na neithe saoghalta atá do'n taobh amuigh dhíot do tharcuisniughadh, agus tabhair thú féin do na neithibh inmheadhonacha do'n taobh astigh, agus chífidh tú go dtiocaidh ríoghachda Dé ad' ionnsuidhe. Óir is é ríoghachda Dé síothchainte agus iolgháirdeas anns a' Spiorad Naomh, nach dtugthar do luchd na mí-ghníomh. Tiocaidh Críosda ad 'ionnsuidhe, agus bhéarfaidh Sé comhshólas agus soillse chugad, má ullmhuigheann tú áite ann th'anam 'na choinne. Is do'n taobh astigh atá a ghlóir agus a sgéimh uile, agus is ann atá a thoil agus a thaitneamh. Is iomdha cuairt do bheir Sé air a' duine inmhea- dhonach ionnraic; is caoin milis a chomhradh leis, is taitneamhach an sólas, is mór an t-síothchainte, agus
is ró-áidhbheil, ró-iongantach, ró-cháirdeamhail a chumann leis. 2. O! anam dhílis! Glac uchdach, agus ullmhuigh thú féin a n-aircis an Chéile-se; ionnas go mbéadh fonn air a theachd ad' ionnsuidhe, agus fuireach agad a gcomhnuidhe. Óir, deir Se féin mar so: "Gibé neoch a ghrádhuigheas Mise, coimheadfaidh sé mo bhriathar agus grádhochaidh m'Athair é, agus tiocfamaoid dá ionns- uidhe, agus dhéanfamuíd comhnuidhe aige." (Eoin. c.14,23). Mar sin, tabhair áit ann do chroidhe do Chríosda, agus dún an doras air gach én ní eile. Má bhíonn Críosda agad, is duine sona saibhir thú, agus is leor duit É féin mar chuid ranna; dhéanfaidh Sé lón agus solathar dhuit agus béidh Sé 'na fhéadhmanntach dhíleas san uile ní agad, air mhodh nach riachdanas duit thú féin a thaobhadh nó muinighin a dhéanamh as na daoine. Óir atáid na daoine ró-chlaochlóideach, ró- thuitmeach; ach maireann Críosda go síorraidhe, agus seasmhann Sé linn go daingean díleas go foircheann na beathadh. 3. Ní mór an mhuinighin is ionchurtha san duine thuitmeach sho-bhásuighthe, gé go mbéadh sé tairbheach dhuit, agus ró-ghrádh agad air; agus ní h-ionghabhtha dhuit ró-thuirse, dá mbéadh sé air uairibh ad' aghaidh, nó trasna contrárdha agad. An mhuinntir atá leat indiu, dobh éidir a bheith ad' aghaidh a mbárach; agus, air a' taobh eile, áthruighid go minic, mar nidh an ghaoth. Cuir do dhóchas uile a nDia, agus bíodh Sé 'na eagla agus 'na ghrádh agad; freagrochaidh Sé air
do shon, agus dhéanfaidh Sé gach ní is féarr agus is tairbhighe dhuit. Ní bhfuil baile comhnuidhthe annso agad; agus cibé air bith áit a mbíonn tú, ní bhfuil tú ach 'do dheoraidhe agus 'do dhíthreabhach ann; agus cha bhíonn suaimhneas agad go bráthach nó go mbéidh tú go h-inmheadhonach a bhfochair Chríosda. 4. Creud fáth a bhfuil tú fuireach annso 'do sheasamh aig feuchain uaid, air nach bhfuil ionad comhnuidhthe agad ann? Is a bhflaitheas Dé atá th'ionad comhnuidhthe, agus ní dleachd feuchain air na neithibh talmhaidhe ach amhail mar dhuine a bhéadh a' gabhail an bhealaigh thart. Théid gach uile ní thart, agus tú féin mar aon leo. Tabhair aire gan ró-cheangal a dhéanamh leo, d'eagla do ghabhail, do chreapall, nó thú féin do chailleadh leo. Bíodh do smaointighthe air an Árd-Dia, agus bíodh th'urnuighe go buan air na dhíriughadh d'ionnsuidhe Chríosda. Agus mur fiosach dhuit eolas agus sgáthánachd do dhéanamh air neithibh árda neamhdha, déana comhnuidhe agus staideir air pháis Chríosda, agus fan go fonnmhar aige feuchain air a chneadhaibh agus air a chréachdaibh naomhtha coisreactha. Óir ma theitheann tú go tapaidh deagh-rúnach fá choimirce chréachd agus chróna ró-uasal Íosa, is ró-mhór an sólas a mhothochas tú a n-am do bhuaidh- eartha agus do thriobloide; agus ní mór an t-suim a bhéas agad air tharcuisne fhaghail ó dhaoinibh, agus is furas leat droch-theangacha agus an- chainnt fhulang go foighideach. 5. Fuair Críosda féin masla agus tarcuisne ó dhaoinibh air a t-saoghal-sa; agus do thréigeadar
a luchd eolais agus a cháirde É a n-aimsir a mhór- chruadhóige agus a meadhon a mhasla agus easonóra. d'fhulaing Críosda féin masla agus mí-mheas, agus an leigfidh eagla dhuit-se a bheith 'gearán air én neoch? Bhí luchd tuaithlis agus námhaid aige Críosda, agus nar mhian leat-sa an uile dhuine do bheith 'na gcaraid agus 'na luchd sochair agad féin? Cionnas mar gheobhas tú coróin na foighide, muna dteagmhaidh cruadhóg air bith ort? Muna bhfuilingid tú cruadail air bith air son Chríosda, cionnas a bhéas tú 'do charaid aige Críosda? Fulaing air son Chriosda, agus mar aon le Críosda, ma's mian leat a bheith aige ann a ríoghachd. 6. Dá rachfá asteach a bhfochras Íosa aon uair amháin, agus cuid do mhilseachd a theasghráidh do fhromhadh, ó sin amach ní bhéadh ach beagan cúraim agad fá do shochar nó fá do dhochar féin, ach ba mhó an luathghaire do bhéadh ort air son masla agus mí- mheas fhaghail; óir do bheir grádh Íosa air dhuine é féin do tharcuisniughadh. An neoch aige a bhfuil grádh air Íosa, agus air an fhírinne, agus ann a dhuine ionnraic ann féin astigh, agus saor ó chlaonta míriaghalta, is furas leis filleadh go h-éasguidh air Dhia, agus é féin do thógbháil suas os a chionn féin go sbioradálta, agus socrughadh go suaimhneach a seilbh na glóire. 7. An té a mheasas na neithe agus do gheibh blas orra réir mar atáid ionnta féin, agus ní réir rádha nó breathnughadh daoine; atá an té sin eagnaidhe go fírinneach, agus air n-a mhúineadh agus air n-a theagasc níos mó ó Dhia nó ó dhaoinibh.
An té darab eol siubhal go sbioradálta ann féin astigh, agus beag-mheas do bheith aige air neithibh saoghalta, ní bhíonn easbhaidh áite nó comhgair air gníomhartha an chrabhaidh do chleachdadh. Tiomsuigheann agus comh-chruinnigheann an duine inmheadhonach é féin gan mhoill, do bhrigh nach leigeann sé é féin amach air fad air neithibh talmhaidhe. Ní chuireann gníomh, nó gnothaighe air bith saoghalta nach maireann agus nach bhfoghnann ach seal gearr, toirmeasg nó bacan air; ach réir mar theagmhas nó mar thig neithe asteach, is amhlaidh a fhreagrann sé- sean iad. Ce bé atá ullamh agus órduighthe ann féin astigh go maith, ní bhíonn buaidhreadh air fá dhroch-ghníomhartha iongantacha na muinntire eile. Ní bhfuil dá mhéad agus tharraingeas neoch gnothaighe air féin nach móide dá bhuaidhreadh agus dá thriobloid agus dá chúram é. 8. Dá mbéitheá mar is ceart, agus glan go maith ionnad féin, do rachadh gach én ní air mhaith agus air biseach dhuit. Agus uime sin, is iomdha ní a mhío-thaitneas leat, agus a bhuaidhreas thú, do bhrígh nach bhfuil tú go fóill marbh go h-iomlán duit féin, nó sgartha leis na neithibh talmhaidhe uile. Ní bhfuil ní air bith is mó a thruailligheas agus a chreapallas croidhe an duine, nó grádh neamh-ghlan na gcréatúir talmhaidhe. Ma dhiúltann tú do shólas a' t-saoghail, budh h-éidir leat na neithe neamhdha do sgrúdughadh agus fheiceál, agus do chroidhe ann do chliabh astigh a bheith meadhrach iolgháirdeach go minic.
An 2 caibidil. A labhras air an umhlachd agus air an urraim. 1. Ná bíodh móran suim agad cia a bhíos leat nó ad' aghaidh, ach tabhair aire, agus bíodh 'na lán- chúram ort, Dia a bheith leat a n-gach uile ní dá ndéana tú. Bíodh deagh-choinsias agad agus cosnochaidh Dia go leor-mhaith thú. An neoch darab toil le Dia cuidiughadh leis, ní h-éidir le daoine olc nó urchoid a dhéanamh dhó. Ma's eol duit a bheith 'do thost agus fulang go foighideach, gan chontabhairt do chífidh tú cuideamh an Tighearna agad féin. Óir is aithne dó féin an aimsir agus an modh tré a saorfar thú, agus uime sin, is cóir duit thú féin do thoirbhirt dó. Is le Dia a bhaineas cuidiughadh linn, agus ár saoradh o'n uile imdheargadh agus náire. Is ró-thairbheach go minic chum na h-úirísleachda do chongbháil, go mbéadh fios ár lochda aige daoine eile, agus go mbéaradaois achmhusán agus sbreagadh dúinn air a son. 2. An tan úirísligheas neoch é féin air son a lochda, annsin is furas cách do cheannsughadh agus do shocrughadh, agus sásuighthear go réidh an mhuinntir a bhíos i n-imreasan, a gcorruighe, agus a bhfeirg leis. Cosnann agus saorann Dia an t-úiríseal, agus do bheir grádh agus sólas dó; thig Sé dá ionnsuidhe,
agus tugann lán-ghrása áidhbheil dó, agus a ndiaidh na h-úirísleachda sin, tógann Sé suas chum glóire agus onóra é. Nochdann Dia a rún do'n úiríseal, agus tarrain- geann chuige féin go sámh-chaoin é, agus fearas fáilte roimhe. Bíonn an duine umhal lán síothchana agus socrui- dheachda an tan a gheibh sé masla agus easonóir, cionn gur a nDia agus nach anns a' t-saoghal a chuireas a mhuinighin. Ná meas go ndearna tú tairbhe nó éadail air bith, muna saoilidh tú thú féin a bheith níos táire agus níos measa nó aon neoch eile. An 3 caibidil. A labhras air an duine mhaith, shíothchainteamhail, cheannsa, shocair. 1. Congbhuigh an t-síothchainte agad féin air tús, agus annsin, is éidir leat cách do shíothughadh agus do shocrughadh. Is mó an maith do nídh fear na síothchána, nó fear na foghluma agus na h-árd-léighinn. An duine feargach taodach do nídh sé olc do'n mhaith, agus is furas leis an t-olc do chreidmeál air dhuine eile. Ach, an duine suaimhneach socair, tionntuigheann sé an uile nídh chum maithis. Agus an té atá a ndeigh-shíothchainte ní bhíonn amhras nó droch-bharamhail aige air dhuine air bith; ach an
té atá mío-shásta buaidheartha ann féin, bíonn sé gá strócadh agus gá stialladh le droch-bharamhlachaibh agus le h-amhrasaibh eugsamhla, ní shocruigheann sé é féin, agus ní leigeann sé do'n mhuinntir eile socrughadh. Deir sé go minic an ní nach ar chóir dó a rádha, agus leigeann sé thart an ní ba tairbhighe agus dob fhéarr dó a dhéanamh. Tugann sé fá ndear an ní is cóir do'n mhuinntir eile do dhéanamh, agus leigeann faillighe san ní atá d'fhiachaibh air féin. Mar sin bíodh ró-chúram agad ionnad féin air tús, agus annsin, is éidir leat ó cheart cúram a dhéanamh fá leas agus fá mhaith do chomharsan. 2. Is maith is eol duit leith-sgeul agus dath maith a chur air do ghnothaighe féin, ach ní h-áil leat leith- sgeul do ghabhail do'n mhuinntir eile. Dob fhéarr agus ba chóra dhuit gearan do dhéanamh ort féin, agus do bheith air leith-sgeul do dhear- bhrathar agus do chomharsan. Má's mian leat cách thusa iomchar agus fhulang, iomchair thusa agus fulaing dóibh-sean. Feuch, chomh fada atá tú go fóill ó'n charthannachd agus ó'n umhlachd cheart, dóibh nach eol corruighe nó fearg a dhéanamh le h-én neoch ach leo féin. Ní mór an éachd cáidreamh nó comhluadar do dhéanamh le daoine ciúine, ceannsa, maithe, óir taitneann so go nádurtha le an uile dhuine. Agus is ró-fhonnmhar le gach én nduine an t-síothchainte do bheith aige féin; agus is ró-ionmhain leis an mhuinntir a bhíos air aon chéill agus air aon intinn leis féin.
Ach, is mór na grása, agus is cródha fearamhail so-mholta an gníomh síothchainte agus cáidreimhe do chongbháil le daoine dorrdha, duadhamhla, do- mhúinte, agus leis an mhuinntir a bhíos trasna, crosda, contrardha dhúinn. 3. Atáid daoine ann a chongbhuigheas an t-síoth- chainte aca féin, agus aig an mhuinntir eile. Agus atáid daoine eile nach leigeann síoth nó socruidheachd aca féin, nó aige cách eile, ach a bíos buaidheartha triobloideach aige cách, agus níos buaidheartha do ghnáth aca féin. Agus daoine ann a chongbhuigheas iad féin a síothchainte, agus a ghabhas saothar síoth agus réidhteach do dhéanamh idir an mhuinntir eile. Ach, san mbeathaidh amhgaraigh an t-saoghail-se, is mó is ionchurtha dhúinn ár síothchain uile a bfhulang fhoighideach úiríseal, nó ann a bheith saor ó amhgar agus ó bhuaidhreadh do mhothughadh. An té is féarr darab eol fulang go foighideach, is aige is mó a bhéas an t-síothchainte. Claoidheann an té sin é féin, atá sé 'na mhaighistir air a' t-saoghal, 'na charaid aige Chríosda, agus 'na oighre air fhlaitheamhnas Dé. An 4 caibidil. A thráchdas air ghlaine na meanmna, agus air shimplídheachd na h-intinne. 1. Is le dhá sgiathan a thógthar suas an duine os cionn na neitheann talmhaidhe, agus is iad sin an t-simplídheachd agus an fhíor-ghlaine.
Is ceart do'n t-simplídheachd a bheith san intinn agus anns a' deagh-rún, agus do'n ghlaine anns a' chroidhe, agus anns a' toil. Tugann an t-simplídheachd aghaidh agus iarraidh air Dhia; do bheir an fhíor-ghlaine greim air, agus fromhuigheann a bhlas agus a mhilseachd. Cha bhíonn deigh-ghníomh air bith doi-dhéanta agad, má bhíonn tú saor ó chlaontaibh míriaghalta ann do chroidhe. Muna smaoineochair agus muna n-iarrfaidh tú ach toil Dé agus leas agus tairbhe do chomharsan, béidh saoirse inmheadhónach agad. Dá mbéadh do chroidhe díreach, do bhéadh an uile chréatúir 'na sgathan beathadh, agus 'na leabhar naomh- theagaisg agad. Óir ní bhfuil créatuir dá laighead nó dá olcas nach dtaisbeanann maitheas agus mór-chumhachda Dé. 2. Dá mbéitheá lán-mhaith agus fíor-ghlan do'n taobh astigh, annsin dob éidir leat an uile ní fheiceál agus a thuigbheal gan toirmeasg. Tréaghdann an croidhe glan neamh agus ifreann. Réir mar bhíos gach én neoch do'n taobh asstigh, is amhlaidh a bhreathnuigheas sé do'n taobh amuigh. Má tá sólas nó aoibhneas saoghalta ann, is aige fear an chroidhe ghlain atá sé. Agus má tá amhgar nó triobloid a n-áit air bith, 'sé an droch-choinsias is mó a mhothuigheas é. Amhail mar chailleas an t-iarann dearg san teinidh an mheirg, is amhlaidh do'n té a fhilleas air Dhia go h-iomlán, cailleann sé an leisge agus an liúdaidheachd, agus claochlóchthar 'na dhuine úr nuadh é.
3. An tan a thosuigheas duine a dhul a bhfuaire agus a bhfaillighe gabhann sé eagal roimhe le dochar nó le saothar dá laighead, agus gabhann sé an sólas saoghalta go ró-fhonnmhar chuige. Ach, an tráth a thosuigheas é féin do claoi go h-iomlán, agus a dhul air aghaidh go cródha fearamhail air shlíghe agus air bhealach Dé, annsin, measann sé na neithe éadtrom soi-iomchair, noch do mhothuigh sé trom doi-iomchair a roimhe. An 5 caibidil. Do'n mheas agus do'n bhreathnughadh a dhlíghthear do neoch a bheith aige air féin. 1. Cha dtig linn ró-mhuinighin a dhéanamh asainn féin, óir is minic a bhíos na grása agus an tuigse d'easbhaidh orainn. Is beag agus is gann an t-soillse agus an t-eolas atá againn, agus caillmíd go prab an beagan sin féin tré ár neamh-shuim agus ár main- neachdna. Is minic fós nach dtugmuid fá ndear go bhfuilmid ró-dhall ionnainn féin astigh. Is minic do nídhmid an t-olc, agus is measa nó sin, a bheith aig gabhail leith-sgeil dó. Gluaistear inn air uairibh chum feirge, agus saoilmid gurab é teasghrádh agus fonn na córacha a bhíos againn.
Sbreagmuid mion-lochda na muinntire eile, agus leigmid ár mór-lochda féin tharainn. Is gasta go leor a mhothuighmid agus a thugmuid fá ndear gach olc fhulaingmid ó chách, ach cha dtugmuid fá ndear an méid fhulaingeas cách uainn féin. Ce bé a chuirfeadh a ghnothaighe féin go maith agus go ceart a meadarachd agus a gcomhthrom, ní bhéadh ádhbhar aige breitheamhnas cruaidh a thabhairt air chách. 2. Cuireann an duine sbioradálta a chúram féin air béalaibh an uile chúram eile; agus an té a thugas aire go dicheallach do féin, is furas leis gan labhairt air an mhuinntir eile. Cha bhíonn tú cráibhtheach ionnad féin astigh go bráthach, muna mbéidh tú 'do thost air ghnothaighe na muinntire eile, agus amharc go geur agus go sbeisialta ort féin. Ma's ort féin agus air Dhia, a bhíos aire agad go h-iomlán is beag a chuireas ort na neithe a mhothuigheas tú do'n taobh amuigh dhíot. Cá bhfuil tú an tan nach bhfuil tú a láthair agad féin? Agus cé gur rith tú thairis na h-uile ní, creud an éadail atá agad, má leig tú thú féin air dearmad? Ma's maith leat síoth agus uim-cheangal fíre d'faghail, is éigin duit an uile ní do thréigbheal, agus gan a bheith os comhair do shúl ach thú féin amháin. 3. Is mór an éadail dhuit thú féin do chongbháil saor o'n uile bhuaidhreadh saoghalta. Ach, is mór an díoghbháil duit ró-mheas do bheith agad air ní air bith aimseardha. Ná bíodh ní air bith mór, árd, taitneamhach, nó móir-mheasamhail agad ach Dia, nó na neithe a bhaineas le Dia go fíor-ghlan.
Meas gur ró-dhíomhaoin an uile shásadh nó shólas a theagmhas, nó a thig ó chréatuir air bith. An t-anam aige a bhfuil grádh air Dhia, tarcuisnigh- eann na h-uile ní ach Dia amháin. 'Sé an t-aon nDia, síorraidhe gan chuimse, a líonas na h-uile ní, is sólas do'n anam agus is iolgháirdeas fíre do'n chroidhe. An 6 caibidil. A labhras air luathghaire agus air shuilbhireachd an deagh-choinsis. 1. 'Sé glóir an deagh-dhuine teisteas agus fiadhnaise an deagh-choinsis. Bíodh coinsias maith agad, agus béidh sólas agus sásadh cinnte agad. Is ró-iomdha na neithe a thig leis an choinsias mhaith iomchar, agus is loinneach, suilbhir, súgach a bhíonn sé a n-aimsir cruadala agus amhgair. Bíonn an droch-choinsias crith-eaglach buaidheartha a gcomhnuidhe. Is ba suaimhneach sámhchaoin do shocruidheachd an tan nach sbreagann do chroidhe féin thú. Ná bí súgach, ach an uair a dhéanas tú maith. Ní bhíonn luathghair fhírinneach aig na droch-dhaoine go bráthach, agus ní mhothuigheann siad síothchainte astigh ionnta féin, "óir ní bhíonn síoth nó socruidheachd aig na h-andaoine," deir an Tighearna, (Isaia, c.48).
Agus dá n-abradaois: "Atá síoth agus suaimhneas againn; ní baoghal dúinn olc a theachd orainn; agus cia do leigfeadh eagal dó ár ngortughadh?" ná creid iad, óir éireochaidh fearg Dé go tobann, agus rachaidh a n-oibreacha agus a smaointighthe uile air neimhnidh agus amugha. 2. An té aige a bhfuil grádh air Dhia, ní deacair leis a bheith subhailceach súgach a n-aimsir triobloide; óir is ionann iolgháirdeas mar sin agus glóir a dhéanamh as chroich chéasda an Tighearna. Is gearr agus is díombuan an ghlóir agus an onóir a gheibhthear agus a ghlacthar ó dhaoinibh. Bíonn dólas agus tuirse a gcomhnuidhe a gcuideachta glóire an t-saoghail. Is ann a gcoinsias, agus ní a mbeul daoine a bhíos glóir na bhfíreun. Is ó Dhia, agus a nDia, a bhíos iolgháirdeas na neimh-chionntach; agus bíonn luathghair orra air son na fírinne. An té shanntuigheas an ghlóir shíorraidhe dá ríribh, ní bhíonn ceisd nó cúram aige fá'n ghlóir shaoghalta. Agus an té iarras an ghlóir shaoghalta, nó nach dí-mheasann í ó n-a chroidhe, is comhartha sin, nach mór a ghrádhuigheann sé an ghlóir neamhdha. Is mór an suaimhneas croidhe a bhíos aig an té air nach gcuireann moladh nó dío-mholadh daoine. 3. Is furas an duine a shásughadh agus a shocrughadh aige a bhfuil sgéimh agus glaine an choinsis. Ní bhíonn tú níos naomhtha le do mholadh, nó níos measa le do dhío-mholadh. Atá tú mar tá tú; agus ní h-éidir níos mó a rádha leat nó mar is fios do Dhia thú do bheith.
Da bhfeictheá thú féin do'n taobh astigh, ní bhéadh beinn nó ceisd agad creud a déaradaois daoine leat a dtaobh amuigh. Do chí an duine an ghnúis nó an aghaidh; ach do chí Dia an croidhe. Dearcann an duine air na gníomhartha, ach comh- thromuigheann Dia rún na h-intinne. Maith do dhéanamh do ghnáth, agus beag-mheas do bheith aige neoch air féin, is comhartha umhlachda anma é. Is mór an comhartha glaine agus dóchais croidhe do dhuine, gan sólas a ghlacadh ó chréatuir air bith talmhaidhe. 4. An té nach iarrann fiadhnaise nó teiste daoine air a shon féin, atá sé soilleir go dtugann sé é féin go h-iomlán do Dhia. Óir adeir Pól Easbal: "Ní h-é an té a mholas é féin atá air na dhearbhughadh nó ionmholta, ach an té moltar le Dia." (2 Cor.c.10,18). 'Sé stáid an duine sbioradálta siubhal ann a chroidhe le Dia, agus gan a bheith ceangailte do thoil air bith shaoghalta. An 7 caibidil. A thráchdas air ghrádh Íosa os cionn na h-uile ní. 1. Is beannuighthe an té a thuigeas creud é an ní Íosa do ghrádhughadh, agus é féin do tharcuisniughadh mar gheall air Íosa.
Is éigin grádh na neitheann saoghalta do thréigbheal mar gheall air Íosa, óir is áil leis grádh do bheith air féin amháin os cionn an uile ní. Atá grádh na gcréatuir mealltach, cealgach, claochlóideach; atá grádh Íosa ionnraic, dileas, marthannach. Ce bé cheanglas do'n chréatuir, agus do nídh muinighin as, tuitfidh sé síos mar aon leis. Ach, ce bé ghreamuigheas do Íosa, is ba daingean dó go bráthach. Grádhuigh an Té úd, agus bíodh 'na charaid agad, nach dtréigeann thú an tan a thréigfeas an uile ní thú, agus nach leigeann amugha thú fá dheoidh. Óir is éigin duit dealughadh le n-a h-uile ní fá dheireadh, ma's olc maith leat é. 2. Fan a n-aice agus a bhfochair Íosa ann do bheathaidh, agus aig do bhás, agus taobh thú féin le n-a dhísleachd agus le n-a choingheall, óir is É féin amháin a thig cuidiughadh leat, an tan a thréigfidh gach ní eile thú, agus a theastóchas gach ní eile uaidh. 'Sé is náduir do do Ghrádh nach áil leis leannán coimhidheach béalog a chur air; ach 'sé is áil leis, do chroidhe do bheith go h-iomlán aige féin amháin, agus suidhe síos mar rígh ann a chathaoir-ríoghdha féin. Dá mbadh eol duit-se dealughadh go maith ó'n uile chréatuir, do dhéanfadh Íosa go fonnmhar comhnuidhe agad. Is beag nach bhfuighidh tú caillte uile gach muinighin a chuireas tú anns na daoine, amach ó Íosa. Ná taobh thú féin leis a' ghiolcach a chlaonas leis a ghaoith, "óir ní bhfuil ach luibhreadh agus féar anns an uile fheoil, agus tuitfidh a glóir uile mar thuiteas bláth an fheoir." (Isa.c.40,6).
3. Meallfar thú gan mhoill, ma dhearcann tú air dhaoinibh réir a gcosamhlachd amháin do'n taobh amuigh. Óir ma iarrann tú do shochar agus do shólas ó dhaoinibh eile is ró-mhinic gur díoghbháil agus dólas do mhothochas tú. Gidheadh, ma iarrann tú Íosa ann gach én ní, do gheobhair É gan amhras. Ach, ma iarrann tú thú féin, do gheobhaidh tú thú féin mar an gceudna, ach is é sin do sgrios féin agus do mhilleadh. Óir is mó an t-olc do nídh duine dó féin muna n-iarrfaidh sé Íosa, nó do thig leis a' t-saoghal agus le n-a náimhde uile do dhéanamh air. An 8 caibidil. A labhras air Mhuinntearas Cháirdeamhail Íosa. 1. An tan a bhíos Íosa a láthair againn, bíonn gach én ní go maith, agus ní bhíonn ní air bith dochrach nó doi-dhéanta; ach an uair a dhealuigheas Íosa linn bíonn gach uile ní cruadalach cruaidh againn. An tan nach labhrann Íosa do'n taobh astigh ionn- ainn, is beag is fiú ár sólas; ach ma labhrann Íosa én fhocal amháin, is mór an comhshólas do mhothuighmid. Nach ar éirigh Máire Mhagdailen air ball as an áit ann a raibh sí a' gul agus a' caoi, chomh luath agus a dubhairt Marta ria: "Atá an Maighistir annso agus a' gairm ort-sa?" (Eoin c.11).
Is beannuighthe agus is ádhmhar an uair, ann a ngoireann Íosa air neoch ó thuirse na ndeor go h-iolgháirdeas na sbioraide! Feuch, cá críon agus cá cruaidh atá tú d'easbhaidh Íosa! Nach díchéillidh díomhaoin duit ní air bith iarraidh amach ó Íosa! Nach mó an chaill agus an díoghbháil so, nó dá gcaillfeá an saoghal uile? 2. Gad é a thig leis a' t-saoghal a thabhairt dhuit d'easbhaidh Íosa? Is searbh agus is cruaidh an t-ifreann do bheith a bhféagmhais Íosa; agus is aoibhinn milis an flaitheas nó an párrthas do bheith mar aon le h-Íosa. Má bhíonn Íosa agad ní h-éidir le námhaid air bith díoghbháil nó dolaidh a dhéanamh dhuit. Ce bé gheibh Íosa gheibh sé óirchisde maith, do bheir bárr agus buaidh air an uile mhaith. Agus ce bé chailleas Íosa is mó an chaill é nó caill an domhain uile. Is ró-bhochd an té atá ann a bheathaidh gan Íosa; agus is ró-shaidhbhir an té atá go maith a bhfochair Íosa. 3. Is mór an gliocas do bheith eolach air chomhradh do dhéanamh le h-Íosa; agus is mór an eagna fios do bheith aige neoch Íosa do chongbháil aige. Bí umhal, ceannsa, síothach, agus béidh Íosa air a'n iúl leat. Bí cráibhtheach, suaimhneach, socair, agus fuireochaidh Íosa ad' aice. Má chlaonann tú chum na neithe foir-imeallach saoghalta, is gasta prab is éidir leat Íosa do chur air shiubhal uaid, agus a ghrása do chailleadh.
Agus ma dhíbreann tú, nó ma chailleann tú É, cia chuige a rachaidh tú, nó cia an charaid iarras tú dhuit féin an uair sin? Ní h-éidir leat a bheith go maith ann do bheathaidh gan charaid; agus muna mbéidh Íosa os cionn an uile 'na charaid agad, béidh tú lán do thuirse agus do dhólas. Mar sin, is leamh dhuit muinighin a dhéanamh as neoch air bith eile; nó ró-thaitneamh do chur ann. Is lugha an díoghbháil an saoghal uile a bheith ad' aghaidh, nó fearg a chur air Íosa. Air an ádhbhar sin grádhuigh Íosa go sbeisialta os cionn an uile charaid. 4. Grádhuigh gach én neoch air son Íosa, agus Íosa air a shon féin. 'Sé Íosa Críosda amhain is dleachd do ghrádhughadh go sonnradhach, óir ní bhfuil caraid air bith le faghail chomh maith, chomh díleas, agus ionnraic leis féin. Is air son Íosa, agus a n-Íosa is dleachd duit grádh do bheith agad air do charaid agus air th'eas- charaid; agus guidhe do dhéanamh air a son uile, ionnas go n-aithneochadaois agus go ngrádhochadaois É uile. Ná sanntuigh go bráthach moladh nó grádh sonnradhach dhuit féin; óir is le Dia 'n-a aonar is ceart so, do bhrígh nach bhfuil én neoch cosamhail leis. Agus ná h-iarr grádh do bheith aig én nduine ann a chroidhe ort, nó ró-ghrádh do bheith agad féin air én neoch; ach bíodh Íosa agad, agus aige gach uile dheagh-dhuine. 5. Bí glan agus saor do'n taobh astigh, gan bhacan gan toirmeasg ó chréatuir air bith. Is dleachd duit a bheith nochduighthe, agus do chroidhe
a chongbháil glan a n-aircis Dé, má's mian leat socruidheachd fhaghail, agus sáimh-mhilseachd an Tighearna fheiceal. Agus go fírinneach, ní féidir leat a theachd chuige so, muna mbéidh tú air do réamh-ullmhughadh, agus air do tharraing le n-a ghrásaibh féin; ionnas go mbéitheá aige féin ad' aonar, tar éis sgarmhain agus dealughadh le n-a h-uile ní eile. Óir an tan a thig grása Dé gus an duine, do nídhthear cumasach cumhachdach an uair sin air gach én ní é; agus an tráth imthigheas na grása uadha, annsin, béidh sé 'na bhochdan anbhfann easlán, amhail agus mar bhéadh sé amháin air na fhágbhail aige sgiúrsaibh garga gá mhúnadh. Gidheadh, anns na neithibh-se ní cóir dó droich- mheisneach do ghabhail, nó a dhul a n-éudóchas, ach a bheith seasmhach toilteanach air thoil Dé, agus an uile ní do theagmhas dó fhulang le h-intinn shuaimhnigh chum Íosa Críosda do mholadh; óir, déis an gheimhridh thig an samhradh; agus an lá a ndéis na h-oidhche; agus thig soineann agus socruidheachd mhór a ndiaidh na doininne agus na stoirme. An 9 caibidil. A labhras air easbhaidh an uile shólas saoghalta. 1. Is furas diúltadh do'n t-sólas dhaonna, an tan a bhíos an sólas neamhdha a láthair againn. Ach, is mór agus is ró-áidhbheil a bheith a n-úir- easbhaidh an t-sólais dhiadha agus dhaonna; agus a bheith
toilteanach an easbhaidh agus an díbirt-se fhulang ann a chroidhe go fonnmhar a n-onórachas Dé, agus gan a thoil féin iarraidh ann én ní, nó feuchain le meas air a thuillmhe, nó air a luaigheachd féin. Creud an t-iongantas thú do bheith luathghaireach diadha deagh-rúnach le linn na ngrása do theachd chugad? Is taitneamhach uair na ngrás aige an uile dhuine. Is sámh, socair a mharcuigheas an té atá air n-a iomchar le grásaibh Dé. Agus creud an t-iongantas nach mothuigheann sé ualach nó leathtrom an té atá air n-a iomchar agus air n-a threorughadh le Dia uile-chumhachdach? 2. Is ró-thoilteanach a ghabhmuid caitheamh aimsire éigin d'ár n-ionnsuidhe, agus is deacair a sgarthar neoch ó n-a thoil féin. Thug Lábhras, an mairtir naomhtha, buaidh air a' t-saoghal, mar aon le n-a shagart; óir do tharcuis- nigh sé an uile ní do bhí taitneamhach air a' t-saoghal; agus cé gur mór an grádh do bhí aige air árd- shagart Dé, eadhon Sixtus an papa, d'fhulaing sé go foighideach é do bhreith uadha mar gheall agus mar ghrádh air Chríosda. Mar sin, thug sé buaidh air an ghrádh dhaonna, tré grádh an Chruthuightheóra; agus do ghabh sé toil Dé mar roghain agus mar mhalairt air shólas dhaonna. Thusa, a dhuine, foghluim, mar an gceudna, dealughadh le do dhearbh-charaid dhíleas mar gheall agus mar ghrádh air Dhia. Agus ná gabh ró-thuirse ma thréigeann do charaid thú; agus gur fios duit gurab éigin dúinn uile dealughadh le n-a chéile fá dheireadh.
3. Is mór agus is fada an spáirn is éigin do dhuine a dhéanamh leis féin, sul darab eol dó é féin do chlaoi go h-iomlán, agus a ghrá uile a thabhairt do Dhia. An tan fhágthar duine 'na mhuinighin féin, is furas leis claonadh chum na sólasaibh daonna. Ach, an té aige a bhfuil fíor-ghrádh air Chríosda, agus atá 'na lorgaire dhícheallach air na subhailcibh, ní air shólasaibh nó air aoibhneasaibh milse na gcéadfa a bhíonn sé seilg nó tóraidheachd; ach, is féarr leis oibreacha doi-dhéanta, agus cruadh shaothar fhulang ar son Chríosda. 4. Mar sin, an tan do bheir Dia an sólas sbior- adálta dhuit, gabh chugad é le gníomh-buidheachais; agus tuig gurab é sin tiodlacadh Dé dhuit, gan tuillmhe air bith dod' thaobh féin. Ná bí árdanach, ró-shúgach, nó andóchasach gan chéill; ach, gur mó a bhíos tú úiríseal air son an tiodlaicthe a fuair tú agus níos coimheadaighe, agus níos crith-eaglaighe, ann do ghníomaraibh uile; óir imtheochaidh an uair sin thart, agus tiocfaidh na cathuighthe arís. An tan a bhainfear sólas dhíot, ná tuit a n-eudóchas gan mhoill air a shon sin; ach bí aige feitheamh agus aige fuireachas go h-umhal foighideach le cuairt neamhdha chugad; óir atá Dia cumhachdach sólas agus grása níos mó a thabhairt dhuit arís. Ní rud nuadh nó annamh so aig an drong a chleachdas eolas a chur air slighthe Dé; óir is minic do thárla a léitheid so do chlaochlódh do na h-árd-naoimh, agus do na fáidhibh foirbhthe fíreunta. 5. Uime sin a dubhairt neoch áirighthe, an tan do bhí na grása a láthair: "A dubhairt mé ann mo shonas,
agus ann mo líonmhaireachd, chan áthruighthear agus ní chorrochar mé go bráthach." (Pslm.29). Ach, air n-imtheachd do na grása uadha, do dhear- bhuigh sé creud a mhothuigh sé ann féin, aige rádh "Do thiompuigh Tú do ghnúis uaim, agus do rinneadh buaidheartha mé." Gidheadh, níor thuit sé air én chor a n-eudóchas uime sin, ach ghuidh sé Dia níos dúthrachdaighe, agus níos dicheallaighe, agus adubhairt "Goirfidh mé ort-sa, a Thighearna, agus guidhfidh mé mo Dhia féin." Agus fá dheireadh dearbhann sé gur éist Dia le n-a urnuighe, agus go bhfuair sé toradh a ghuidhe, aige rádh "d'éist an Tighearna Liom, agus do rinne trócaire orm; do rinneadh an Tighearna 'n a fhear cuidigh dhamh." Ach, cá ann? Atá, "Do thionntuigh Tú," a deir sé, "mo dhólas ann a shólas, agus do chuir Tú luathghair agus iolgháirdeas 'mo thimcheall." Agus ma's mar sin do rinneadh leis na h-árd- naomh mhóra, ní cóir dúinne, na bochdain easlana, a' dhul a n-eudóchas air son a bheith air uairibh a dteasghoil gráidh, agus air uairibh eile a bhfionn- fhuachd sbadanta; do bhrígh go dtig agus go n-imthigheann an Spiorad na ngrás mar is deagh- thoil leis féin. Uime sin, a deir Iób naomhtha: "Do nídh Tú cuairt go moch air maidin aige, agus do nídh Tú a dhearbhadh go tobann." (Ióbh.c.7,18). 6. Mar sin, cá ann air féidir liom mo dhóchas a chur, nó cia as a ndéanainn muinighin, ach as mhór- thrócaire Dé amháin, agus as dhúil agus as fheitheamh na ngrás neamhdha?
Óir ce bé h-aca a bhíos a láthair agam daoine maithe diadha, nó bráithre riaghalta caondúthrachdacha, nó cáirde dílse, nó leabhair bheannuighthe, nó tráchdas aoibhinn diadhachda, nó cainticidhe, agus niomnaidh ceolmhara binn-ghothacha; is beag a dtairbhe uile dhamh, agus is beag mo bhlas orra, air n-imtheachd na ngrás uaim, agus air m'fhágbhail ann mo luige, agus mo bhochdaine anbhfainn féin. An uair sin ní bhfuil léigheas is féarr nó foighide, agus diúltughadh dhamh féin mar is toil le Dia. 7. Ní bhfuair me ariamh én neoch chomh riaghalta caondúthrachdach nach mbéadh easbhaidh grás air uairibh air, nó nach mothochadh teas-ghrádh an chrábhaidh níos lugha air uairibh ann féin. Ní raibh aon naomh ariamh air n-a árdúghadh nó air n-a shoillsiughadh chomh mór agus sin, nach raibh cathuighthe air a dtús nó a ndeireadh a bheathadh. Óir ní h-airidhe air rinnfheitheamh Árd-Dé, an té nach bhfuil air n-a chleachdadh le buaidhreadh nó triobloid air son Dé. Óir is gnáth leis na cathuighthe a thig air tús a bheith 'na réamh-chomhartha air theachd na sólas neamhdha 'na ndiaidh. Óir is do na drongaibh a dhearbhthar agus a chruthuighthear le na cathuighthe a ghealltar an comh- shólas neamhdha. Óir, deir an Tighearna: "Do bhéarfaidh Mé crann na beathaidh le h-ithe mar oileamhain do'n té a bhéarfas buaidh air na cathuighthe." (Apoc.c.2). 8. Ach, is uime do bheirthear an comhshólas diadha do'n duine, ionnas go mbéadh sé níos neartmhaire an buaidhreadh agus na cathuighthe fhulang agus iomchar.
Agus leanaid na cathuighthe arís é, ionnas nach rachadh sé a n-uabhar fá n-a mhaitheas féin. Ní bhfuil an t-aidhbhirseoir i n-a chodhladh, agus ní bhfuil an cholann marbh go fóill; mar sin, ná déana faillighe nó amail thú féin ullmhughadh a n-aircis an chatha agus na troda, óir atáid air do dheis agus air do chlí na náimhde nach socruigheann agus nach bhfanann 'na gcomhnuidhe a choidhche. An 10 caibidil. A labhras air an bhuidheachas a dhlighthear do thabhairt air son grása Dé. 1. Creud fáth an iarrann tú suaimhneas nó socruigheachd, ó's do chum saothair agus dochair a rugadh thú? Tabhair thú féin do shubhailce na foighide, níos mó nó do shólasaibh; agus níos mó do iomchar na croise nó do luathghaire agus do aigneadh dhíomhaoin. Óir cé an duine air an domhan nach ngeobhadh sólas agus iolgháirdeas sbioradálta go fonnmhar, dá mbadh éidir leis fhaghail, agus a chongbháil aige féin a gcomhnuidhe? Óir sáruighid na sólais sbioradálta aoibhneasaibh an domhain uile, agus sólais thaitneamhacha na colna. Óir atáid na sólais shaoghalta díomhaoin, glonnmhar salach; ach, atáid na sólais sbioradálta amháin taitneamhach, ionnraic, cneasta, agus air na ngineamhain as na subhailcibh, agus air n-a ndortadh ó Dhia anns na croidhthibh fíor-ghlana gan truailleadh.
Ach, ní h-éidir le h-én neoch na sólais dhiadha-sa do shealbhughadh réir a thola féin; óir ní stadann agus ní fhanann am nó aimsir na gcathuighean agus an bhuaidheartha a bhfad 'na chomhnuidhe uainn. 2. Ach, is mór an toirmeasg agus an bacan air an chuairt neamhdha-sa réim sgaoilteach bhréige na meanmna, agus mór-dhóchas agus mór-mhuinighin dhuine as féin. Do nídh Dia go maith aige tabhairt grás an t-sólais uadha; ach is olc do nídh an duine gan a' t-iomlán a thoirbhirt do Dhia arís maille re móran buidheachais. Agus is uime sin nach dtig tuile na ngrás go líonmhar chugainn, cionn go bhfuilmid gan séanadh gan bhuidheachas do Úghdar na ngrás, agus nach dtoirbhirmid an t-iomlán do'n fhíor-thobar as a bhfréamhaid, agus a bhfásaid. Óir dlighthear grása do ghnáth do'n neoch a bhíos buidheach; agus baintear ó'n duine uaibhreach árdanach an ní is gnáth do thabhairt do'n té a bhíos úiríseal. 3. Ní h-áil liom an sólas do bhainfeadh comh- bhrúghadh an chroidhe uaim; agus ní h-ionmhain liom na h-árd-smaointighthe air an rinnfheitheamh dhiadha do thógfadh nó shéidfead suas a n-uabhar mé. Óir, ní naomhtha gach uile árd-ní; agus ní maith gach uile mhilseachd; agus ní glan gach én mhiangas; agus ní gach én ní is annsa linne a thaitneas le Dia. Gabhaim chugam go fonnmhar na grása do nídh níos úirísle agus níos faitchiosaighe, agus níos crith-eaglaighe mé, agus ullmhuigheas mé níos féarr do chum diúltughadh dhamh féin.
An neoch atá air n-a theagasc agus air n-a mhúnadh le tiodlacadh na ngrás, nó sgiúrtha go cruaidh dá n-easbhaidh, cha leigeann eagla dó maith air bith áireamh air féin; ach is luaithe d'aideamhfadh é féin do bheith bochd fadhbhtha folamh. Tabhair do Dhia an ní is le Dia, agus duit féin an ní is leat féin; 'sé sin le rádh, tabhair buidheachas do Dhia air son a ghrás duit, ach breathnuigh nach dlighthear duit féin ach an choir agus an cháin, agus píonus diongmhala air son na coire ceudna. 4. Cuir thú féin anns an áit is ísle do ghnáth, agus do bhéarthar an áit is airde dhuit; óir ní seasann an airde gan an ísleachd agus an umhlachd aige. Na naoimh is airde aige Dia, is iad is úirísle ionnta féin; agus ní bhfuil dá ghlórmhaire dá bhfuilid, nach móide dá úirísleachd é. Óir, air mbeith dóibh lán do'n fhírinne agus do'n ghlóir neamhdha, ní shanntuigheann siad an ghlóir dhíomhaoin. An drong atá air n-a bhfréamhughadh, agus air na ndaingniughadh a nDia, ní h-éidir leo a bheith uaibhreach nó árdanach air én mhodh. Agus an drong altuigheas le Dia an uile mhaith dá bhfuairid uadha, ní iarraid glóir nó moladh ó n-a chéile, ach is é iarraid an ghlóir a thig ó Dhia amháin; agus sanntuighid os cionn an uile ní iad féin agus na naoimh uile do bheith aige moladh Dé do ghnáth, agus is air so amháin a bhíonn siad a' tóraidheacht agus a' tarraing. 5. Mar sin, bí buidheach air son a' bheagain agus is ba airidhe diongmhala thú níos mó fhaghail.
Bíodh meas mór agad air a' bheagan, agus meas gur mór a' tiodlacadh na grása is lugha agus is táire a fuair tú ó Dhia. Ma dhearcann tú air mhaitheas nó air dhiongmhaltachd an Bhronntora, ní mheasfar aon tiodlacadh aca do bheith beag nó suarach, óir ní beag nídh air bith do bheir an t-árd-Dia uadha. Agus ce bé go mbeireadh Sé pianta agus sgiúrsadh dhúinn, ba chóir dó taitneamh linn; óir na h-uile ní fhulaingeas teagmhal dúinn is chum ár leas agus ár slánughadh do nídh Sé sin. Ce bé le ar mian grása Dé do chongbháil, bíodh sé buidheach air son na ngrása do fuair sé, agus foighideach an tráth a sgarfaid leis. Guidheadh sé iad filleadh air arís, agus bíodh sé coimheadach, críonna, agus úiríseal, d'eagla a gcailleadh go bráthach. An 11 caibidil. Do laighead na muinntire a ghrádhuigheas cros nó céasadh Íosa. 1. Is líonmhar an méid a ghrádhuigheas Íosa agus a ríoghachda neamhdha anois; ach is beag an líon a thógas agus iomchras a chros. Atáid móran aige a shanntuigheas a shólas; ach beagan a shanntuigheas a dhólas agus a thuirse. Is iomdha compánach do gheibh Sé aig ithe air a bhord leis; ach beagan cuideachta aig a throsgadh.
Is mian le gach én nduine do bheith gá iolgháir- diughadh i n-a fhochair; ach is beag an líon le ar ab áil én ní fhulang air a shon. Is mór an líon a leanas Íosa aige briseadh, agus aige roinn an arain; ach is beag a leanas É aig ól cailis na páise. Is mór an uimhir onóruigheas a mhíorbhailtidhe; is beag a leanas masla agus mío-mhodh na croise. Is mór a ghrádhuigheas Íosa an fad nach mbaineann buaidhreadh dóibh; is iomdha a mholas agus a bheann- uigheas É, an fad a bhíonn siad aig faghail comh- shólais éigin uadha. Ach, dá rachadh Íosa a bhfolach orra, agus a dtréig- bheal seal dá laighead, do bheithidis aige gearan, nó do thuitidis go mór a n-eudóchas. 2. Ach, an dream a ghrádhuigheas Íosa air son Íosa, agus ní air son a shólais agus a shochair féin, beannuighid É, ann gach uile thriobloid agus achrann croidhe, amhail agus mar dhéanaidis a n-aimsir a sólais agus a sonais. Agus bíodh nach ar bh'áil leis sólas nó sásadh a thabhairt dóibh a choidhche, dá aimhdheoin sin, dob áil leo moladh agus buidheachas do thabhairt Dó go bráthach. 3. O! creud an méid is éidir le glan-ghrádh Íosa do dhéanamh, an tan nach mbíonn sochar nó grádh díleas dhuine air féin coimeasgtha nó ceangailte leis! Nach luchd fastóighthe nó tuarasdail is cóir a ghairm do'n drong a bhíos aig iarraidh a sochair féin do ghnáth? Nach gcrúthuighthear gur mó a ngrádh orra féin, nó air Chríosda an mhuinntir nach mbíonn a gcomhnuidhe
ach a smaoiniughadh air a sochar agus air a dtairbhe féin? Cá h-áit a bhfuighthear an neoch le ar ab áil seirbhis Dé a dhéanamh a n-asgaidh? 4. Is annamh a gheibhthear én neoch chomh sioradálta ?? agus sin, go mbéadh sé fadhbhtha folamh ó gach én ní. Cia a gheobhas, nó cá áit a bhfuighthear an bochdan fíre ó sbiorad atá sgartha ó'n uile chréatuir saoghalta? Is a gcríochaibh imchiana a bhfad uainn atá sé, agus is mór a mheas agus a luach. (Prov. c.3.31,10). Dá dtugadh duine a mhaoin uile uadha, ní an dadamh sin go fóill. Agus dá ndéanadh sé móran aithrighe, is beag sin fós. Agus dá mbéadh fios aige air gach én ní, atá sé a bhfad ó'n fhoirfeachd agus ó'n iomláine go fóill. Agus dá mbéadh subhailce mhór aige, agus caondúthrachd ró-lasamhail crábhaidh, atá móran 'na dhiaidh sin d'easbhaidh air; eadhon, én ní amháin atá ró-riachdnasach aige. Creud an ní sin? Atá, air dtréigbheal an uile ní eile, é féin a thréigbheal agus fhágbhail 'na dhiaidh air fad agus gan dadamh dá ghrádh dhíleas féin a chongbháil aige. Agus an tráth do dhéanfas sé gach én ní is fios dó do bheith indéanta, bíodh meas aige nach ndearna sé an dadamh. 5. Ná bíodh ró-mheas aige air an ní dob éidir a bheith inmheasda a súilibh cáich; ach, abradh sé go fírinneach gur seirbhiseach neamh-thairbheach é féin; mar dhearbhas an Fhírinne féin, "An tráth do dhéan- taoi na h-uile ní dár h-aithniughadh nó dár h-iarradh
orraibh, abraidh an tan sin gur searbhfhóghantuidhe mío-thairbheacha sibh." (Luc.c.17,10). Agus is amhlaidh bhus éidir libh do bheith 'bhur mbochdain thárnochda dá ríribh ó sbiorad, agus a rádh leis an bhfáidh: atá mé 'mo aonar agus 'mo bhochdan liom féin. (Psalm.24,16). Gidheadh, ní bhfuil én neoch níos saidhbhre, níos cumhachdaighe, agus níos saoire nó an té darab eol é féin, agus na h-uile ní eile, do thréigbheal, agus é féin a chur anns an áit is suaraighe, agus is ísle. An 12 caibidil. Do rian nó do shlighe ríoghdha na croise naomhtha. 1. Do chíthear do mhóran gur cruaidh an briathar-sa Chríosda san t-soisgeul a deir "Diúlt duit féin, tóg suas do chros, agus lean Íosa." (Matha,c. 16,24). Ach, is cruaidhe nó sin go mór an briathar déidh- eanach úd do chloisint as beul Íosa lá an bhreith- eamhnais, eadhon: "Imthigidh uaim, a luchd na mallachda, go teinidh shíorraidhe ifrinn, atá air n-a h-ullmhughadh do'n diabhal agus dá ainglibh." (Matha.c.25,41). Ach, anois an mhuinntir éisteas agus a leanas go fonnmhar briathar na croise ní bha h-eagal dóibh an uair sin briathar an damnuighthe síorraidhe do chloisint.
Béidh comhartha na croise le feiceal anns na flaitheamhnais, aige teachd Chríosda chum breith- eamhnais. An uair sin, seirbhisighe na croise uile, do bí ann a mbeathaidh cosamhail le h-Íosa do céasadh air a chrois, tiocfaid lán muinighne agus dóchais d'ionn- suidhe Íosa Chríosda aige tabhairt ná breithe. 2. Mar sin, creud an fáth a bhfuil eagla ort an chros a thógbháil agus iomchar, a bheireas eolas duith go ríoghachda Dé? Is anns a' chrois atá sláinte agus beatha; is anns a' chrois atá coimirce agus cosnamh ó náimhdibh. Is anns a' chrois atá dortadh agus driúcht na milseachda neamhdha; is innte atá neart agus cródhachd na meanmna agus na h-intinne, iolgháir- deas na sbioraide, líonmhaireachd na subhailcidhe, agus foirbhtheachd agus iomláine na naomhachda. Ní bhfuil sláinte an anma, nó dóchas na beathadh síorraidhe le faghail ach anns a' chrois. Mar sin, tóg do chros agus lean Íosa, agus rachaidh tú san mbeathaidh shuthain. Do ghabh Íosa romhad aig iomchar a chroise féin; agus air do shon-sa fuair Sé bás air a' chrois, ionnas go mbéadh fonn ort-sa do chros iomchar agus bás fhaghail uirthe. Óir, ma gheibh tú bás a gcuideachda Íosa, béidh tú ann do bheathaidh mar an gceudna ann a chuideachda; agus ma bhíonn tú 'do chompanach aige ann a phéin, béidh tú amhlaidh aige ann a ghlóir. (Rom.c.6,8). 3. Feuch, mar sin, gur anns a' chrois, agus a mbás na croise, atá an t-iomlán; agus nach bhfuil slighe nó bealach eile chum na beathadh, agus chum na síothchainte inmheadhonaighe go fírinneach, ach ród agus
rian na croise naomhtha amháin, agus smachdughadh agus moirtniughadh laetheamhail na colna. Siubhail ann gach áit is mian leat, agus iarr gach ní is áil leat, agus ní bhfuighidh tú slighe níos airde shuas, nó níos daingne shíos, nó slighe na croise naomhtha. Ullmhuigh agus órduigh na h-uile ní mar is toil leat réir do thuigse, agus ní bhfuighidh tú ach ní éigin a gcomhnuidhe le fulang, dod' dheoin nó ad' aindeoin, agus is amhlaidh do gheobhaidh tú cros agus buaidhreadh do ghnáth. Óir mothochaidh tú pian éigin ann do cholainn, nó triobloid éigin anma agus intinne. 4. Fuigfidh Dia thú ad' mhuinighin féin air uairibh, agus air uairibh eile do dhéanfaidh do chomharsain inghreim agus eugcóir ort; agus os a chionn sin, béidh tú go minic aimhréidh, buaidheartha agad féin. Agus fós, cha dtig leat fuarughadh nó furtachd fhaghail le lus nó le léigheas; ach is éigin duit fulang agus foighide do dhéanamh nó gur toil le Dia fóirithin ort. Óir, is é is áil le Dia foghluim dhuit air amhgar fhulang agus gan sólas do bheith agad, ionnas go mbéitheá faoi smachd go h-iomlán aige, agus go ndéantaoi níos uimhle agus níos úirísle thú le gach trioblóid. Ní mhothuigheann én neoch páis Chríosda chomh beodha ann a chroidhe leis an té dó a dteagmhann a shamhail so do thriobloid nó do bhuaidhreadh d'fulang. Mar sin, atá an chros agus an chruadail réidh agus ullamh agad a gcomhnuidhe, agus aige fuireach agus aige feitheamh ort ann gach én áit. Agus ní h-éidir leat a sheachna, ce bé air bith áit
a ngeobhaidh tú; óir, ce bé áit a rachaidh tú béidh tú féin air iomchar leat, agus gheobhaidh tú thú féin agad féin a gcomhnuidhe. Tionntuigh suas nó síos, gabh soir nó siar, teith asteach agus amach arís, agus do gheobhaidh tú cros agus buaidhreadh ionnta uile. Agus is riachdnasach dhuit foighide do dhéanamh ann gach én áit, ma's mian leat síoth agus suaimhneas croidhe do bheith agad, agus coróin shíorraidhe na glóire do thuilleamh. 5. Ma iomchrann tú do chros go toilteanach, iomcharfaidh sise thusa, agus treorochaidh sí thú chum do chríche ionmhain dhéidheanaighe, eadhon, an áit a gcuirfear críoch air pháis agus air phianaidh, cé nach bhfuil an áit sin air a t-saoghal-sa. Ma's dod' neamh-thoil iomchras tú do chros, do nídh tú th'ualach féin níos mó agus níos truime, agus ní lughaidhe sin, is éigin duit iomchar agus fhulang. Ma theilgeann tú én chros amháin uaid, gan amhras gheobhaidh tú cros eile, agus dob éidir níos measa agus níos truime. 6. An gcreideann tú an ní do sheachna nach ar sheachain aon nduine ariamh? Cia do na naoimh air a' domhan a bhí gan chrois gan triobloid? Ní raibh ár dTighearna Íosa Críosda féin én uair amháin an fad do bhí Sé beo, gan dochar agus páis fhulang. Óir deir Sé féin; "is éigin do Chríosda fulang, agus éirighe arís ó mharbhaibh, agus do dhul amhlaidh mar sin asteach ann a ghlóir féin." (Luc.c.24,26). Agus creud fáth an iarrann tusa slighe nó ród eile, ach an bealach ríoghdha-sa, eadhon, bealach na croise naomhtha céasda?
7. Is fulang agus daor-pháis do bhí a mbeathaidh Chríosda uile, agus an bhfuil tusa aig iarraidh socruidheachda, nó aignidh agus iolgháirdis duit féin? Atá tú air seachran, adeirim arís air seachran, má iarrann tú ní air bith eile ach buaidhreadh agus triobloid; óir atá an bheatha sho-bhásuighthe shaoghalta uile lán amhgair, agus air na dealbhughadh agus air na comharthadh air gach én taobh le crosaibh. Agus ní bhfuil dá mhéid, nó dá airde, a rachas neoch air aghaidh go sbioradálta, nach minic is truime do gheobhaidh crosa a teagmhal dó; óir fásann agus méaduigheann pian a dhíbeartha agus a ionnarbtha níos mó ó n-a ghrádh air Dhia. 8. Gidheadh fós, an té atá mar sin air n-a chrádh agus air n-a bhuaidhreadh go ró-mhor air mhodhaibh iomdha, ní bhfuil sé gan osadh agus éadtromadh an chomhshólais, óir mothuigheann sé toradh mór a' fás dó as iomchar na croise. Óir ní bhfuil dá mhéid dá n-umhluigheann sé do'n chrois dá dheoin, nach móide do gheobhaidh sé ualach a thriobloide uile air na thionntughadh a muinighin an t-sólais dhiadha. Agus ní bhfuil dá mhéid a bhrúightear agus a bhristear an cholann leis an chrádh agus leis an amhgar, nach móide a neartuighthear an sbiorad go h-inmheadhonach le subhailce na ngrás. Agus air uairibh bíonn sé air n-a chomhfhurtachd chomh mór agus sin, tré áilgeas agus annsachd air thriobloid agus air bhuaidhreadh, mar gheall air a bheith comh chosamhail le Críosda do céasadh air a chrois, nach ar bh'áil leis a bheith saor nó a bhféag- mhais dólais agus triobloide; óir creideann sé nach bhfuil dá mhéid agus dá thruime neithe a thig leis
fhulang agus iomchar air son Chríosda, nach móide sin a bhíos fáilte aige Dia 'n-a choinne. Ach, ní cumhachda nó subhailce dhaonna í so, ach grása Chríosda, le ar h-éidir an oiread sin do neithibh móra a dhéanamh san cholainn anbhfainn, bhrisgeogaidh dhaonna; air mhodh tré theasghrádh na sbioraide go dtugann sí grádh, agus ionnsuidhe air na neithibh do dhéanamh, ria a mbíonn sí a' teitheadh le glonn agus le gráin nádurtha do ghnáth. 9. Réir na daonachda, ní nídh nádurtha duine a chroich féin iomchar, nó grádh a bheith aige uirthi, a chorp a sgiúrughadh, agus a dhaorsmachdughadh, teitheamh roimhe le h-onóir, masla agus tarcuisne fhulang go fonnmhar foighideach, dí-mheas do bheith aige neoch air féin, agus a bheith toilteanach tarcuisne fhaghail ó'n mhuinntir eile, gach donas, gach caill, agus gach díoghbháil iomchar agus fhulang go foighideach, agus gan séan nó sonas air bith saoghalta a shanntughadh nó iarraidh. Má dhearcann tú ort féin cha dtig leat én ní aca so do dhéanamh. Ach, ma chuireann tú do dhóchas a nDia, gheobhaidh tú neart ó neamh, agus cuirfear a' saoghal agus an cholann faoi smachd agus faoi umhlachd duit. Agus fós ní ba h-eagal duit an t-aidhbhirseoir atá 'n-a námhaid agad, ma bhíonn tú daingean ann do chreideamh, agus coisreactha le comhartha na croiche céasda Chríosda. 10. Air an ádhbhar sin, ullmhuigh thú féin, mar óglach ionnraic, agus mar shearbhfóghantuidhe díleas do Chríosda, do chum cros do Thighearna, do céasadh air do shon, iomchar go calma, cródha, curachda. Ullmhuigh thú féin do chum an iomad dólais agus
díoghbhála eugsamhla na beathadh amhgraidh saoghalta-sa fhulang; óir mar so a bhéas tú, ann gach ionad a rachaidh tú, nó a bhfolochaidh tú thu-féin; go deimhin, gheobhaidh tú thu féin mar so. Is mar sin is éigin a bheith, agus ní bhfuil lus nó léigheas a n-aghaidh triobloide agus dochair na n-olc-sa, ach a n-iomchar agus a bhfulang go foighideach. Ibh cailis do Thighearna go fonnmhar, ma's maith leat a bheith 'do charaid aige, nó ma shanntuigheann tú rann-pháirt do bheith agad leis. Tabhair roinn na sólas le Dia; déanadh Sé leo mar is toil leis. Air do shon-sa bí réidh ullamh air gach buaidhreadh iomchar, agus meas gur comhshólais mhóra iad. Óir ní bhfuil páis nó pian na h-aimsire-se atá againn anois diongmhala nó ionchurtha a gcomhthrom na glóire atá chugainn do thuilleamhain, sin agus go mbadh éidir leat féin ad' aonar a bhfulang uile. (Rom.ch.8,18). 11. An tráth thiocfas tú gus an uair, ann a mbéidh do dhochar air son Chríosda 'na bhlas agus 'na mhilseachd agad; meas an uair sin, gur maith a tharla dhuit, óir do fuair tú an uair sin párrthas aoibhinn air talamh. An tan a mheasas tú an fulang do bheith trom, do- iomchair agad, agus iarras tú teitheamh roimpe is olc dhuit an uair sin, agus leanfaidh an buaidhreadh thú ann gach áit a rachaidh tú. 12. Ma chuireann tú thú féin a gcionn do ghnothaighe mar is cóir duit, eadhon, aige fulang páise agus moirtnighthe ort féin, béidh tú níos féarr gan mhoill agus gheobhaidh tú an t-síochainte.
Dá mbéitheá air do thógbhail, agus air fhuadach gus an treas flaitheamhnas mar aon le Pól Easbal, ní bhéitheá saor, air a shon sin, air gan buaidhreadh air bith fhulang. Taisbeanfaidh Mise dó, adeir Íosa leis, a léitheid ní is éigin do fhulang air son m'anma-sa. (Gníomh.c.9.v.16). Mar sin, atá an buaidhreadh agus a' triobloid aige fuireach agus aige feitheamh ort, ma's mian leat Íosa do ghrádhughadh, agus fóghnamh agus freastal do dhéanamh dó do ghnáth. 13. Dob fhéarr liom go mbéitheá diongmhala ní éigin fhulang air son Íosa! Creud í méad na glóire do bhéadh aige feitheamh ort, creud í méad na luathghara do chuirfeá air naoimhibh Dé, agus mar an gceudna creud é méad an oidis do bhéadh aig an chomharsain! Óir, molann an uile an fhoighide, cé gur beag is mian leo fhulang. Ba chóir duit, le ceart, beagan fhulang go fonn- mhar air son Chríosda, an tan atáid móran aige iomchar agus aige fulang neithe níos mó agus níos truime air son a' t-saoghail. 14. Bíodh fios go dearbhtha agad, gurab éigin duit thú féin a mhoirtniughadh go feadh do shaoghail; agus ní bhfuil dá mhéad dá bhfaghann duine bás dó féin, nach móide a thosuigheann sé a bheith beo aige Dia. Ní bhfuil neoch air bith oireamhnach air neithe neamhdha do ghabhail ach an té atá umhal cruadail fhulang air son Chríosda. Ní bhfuil ní is taitneamhaighe le Dia, nó is tairbhighe agus is folláine dhuit-se air a' t-saoghal-sa, nó fulang go fonnmhar air son Chríosda.
Agus dá dtugthaoi do roghain dhuit, is mó do ba chóra dhuit do shanntughadh dólas agus cruadail fhulang air son Chríosda, nó thú-féin a shásadh le h-iomad sólas; óir is amhlaidh is mó do bheitheá cosamhail le Críosda, agus ionsamhalta le na naoimh. Óir, ní a milseachd nó a gcomhshólasaibh saoghalta atá ár luaigheachd, agus foirbhtheachd ár stáide, ach níos mó aige iomchar agus aige fulang il- iomad triobloide agus trom-phianta. 15. Óir go deimhin, dá mbéadh én ní níos féarr agus níos tairbhighe chum daoine do shlánughadh, nó fulang agus foighide, gan amhras, do thaisbeanfadh Críosda sin dúinn le teagasc, briathar, agus le sampladh. Agus is follas gurab é iomchar na croise, agus na cruadala do theagaisc agus do mhúin dá dheisg- iobail, agus dá lucht leanmhanta, aige rádh "Má's áil le neoch teacht am' dhíaidh-se, diúltuigheadh sé dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé Mise." (Math.c.16,24). Mar sin, tar éis gach én ní a léigheadh agus a rannsughadh, ní bhfuil le rádh fá dheoidh, acht gur tre iomad dochair agus triobloide is éigin a dhul asteach go ríoghachta Dé. Críoch an Dara Leabhair.
An Treas Leabhar. An chéad chaibidil. A labhras air chomhradh inmheadhonach Chríosda leis an anam ionnraic. 1. Éistfead le ce bé labharfas an Tighearna Dé ionnam, deir an t-anam ionnraic leis féin. Is beannuighthe an t-anam éisteas leis an Tighearna a labhairt ann féin, agus ghlacas briathar an t-sólais ó n-a bheul. Beannuighthe na cluasa éisteas le caon-chogar na diadhachta, agus nach dtugann aire do mhurmur nó do shiosarnaigh an t-saoghail. Go dearbhtha, is beannuighthe na cluasa nach éisteann le fuaim an fhocail do'n taobh amuigh, acht éisteas leis an fhírinne a labhras agus a theagasgas do'n taobh astigh. Is beannuighthe na súile a bhíos dúnta a n-aghaidh na neithe foir-imeallacha, agus foscailte do na neithibh inmheadhonacha. Is beannuighthe an dream a thréaghdhas, agus a shaotharuigheas gach én ló le deagh-oibre iad féin d'ullmhughadh chum rúindiamhra do ghabhail chuca níos mó agus níos féarr. Is beannuighthe an mhuinntir do bheir an aire do Dhia amháin, agus nac gcuireann beinn air bhacan nó air thoirmeasg an t-saoghail.
2. O! anam ionmhain, tabhair na neithe-se fá ndear, agus dún doirse do chéadfadh, ionnas go mbadh éidir leat éisteacht le urlabhra do Thighearna Dé leat. 'Siad so na neithe adeir do Ghrádh agus th'Annsacht leat: Is Mise do shláinte, do shíoth, agus do bheatha; congaibh thú féin ann m'aice-se, agus gheobhaidh tú síothchain. Tréig na neithe silteacha díombuana, agus iarr na neithe suthaine síorraidhe. Creud iad na neithe aimseardha saoghalta? Nach bhfuil siad mealltach uile? Creud is féidhm do na créatuir uile, ma thréigeann do Chruthuightheoir thú? Mar sin teilg uaid na neithe saoghalta uile, chum go mbéitheá taitneamhach, ionnraic dod' Chruthuightheoir, ionnas go mbadh éidir leat an t-ádh agus an t-aoibhneas fíre do ghabhail. An 2 caibidil. Amhail mar labhras an fhírinne leis an anam go ciúin, gan ró-ghíorac, nó ró-thorman cainnte. 1. Labhair, a Thighearna, óir atá do sheirbhiseach aig éisteacht leat! (1 Sam.c.3). Is searbhfhóghantuidhe dhuit mise, tabhair tuigse dhamh, ionnas go gcuirfinn eolas air th'aitheanta, agus air do dhligheadh. (Plm.118,125). Claon mo chroidhe go briatharaibh do bhéil; leig dod' bhriathara tuiteam anuas mar driúcht ann m'anam.
Deiridis clann Ísrael a n-allód le Maoise: "Labhair thusa thú féin linn, agus éistfeamuid leat; acht ná labhradh an Tighearna linn, d'eagla an bás teagmhal orainn." (Exod.c.20,19). Ní mar sin, a Thighearna, a nídhim-se m'urnuiighe, acht mar do rinne an fáidh Samuel, guidhim go h-umhal fonnmhar, aige rádh: Labhair Thú féin, a Thighearna, óir atá do shearbhfhóghantuidhe aig éisteacht leat. Ná labhradh Maoise, nó én neoch eile do na fáidhibh liom; acht labhair Thú féin, a Thighearna Dé, liom, a theagascóir agus a shoillseóir na bhfáidh, óir is éidir leat féin amháin mo mhúnadh gan a gcuideamh- san, acht cha déan siad-san maith nó tairbhe a d'easbhaidh-se. 2. Is éidir leo gan amhras briathara do chanamhuin, acht ní h-éidir leo sbiorad na ngrás a thabhairt uadhfa. Is ró-bhréagh a labhraid, acht ní lasann siad an croidhe, air mbeith 'do thost duit féin. Múineann siad an litir dúinn, acht osglann Tú féin a' chiall. Labhraid-sean air na rúindiamhraibh linn, acht is Tú féin a nochtas agus a shoillsigheas an tuigse. Foillsigheann siad-san na h-aitheanta, acht is Tusa a chuidigheas a gcoimlíonadh. Taisbeanaid-sean an bealach dúinn, acht is Tusa a choimhneartuigheas inn a leanmhain. Oibrigheann siad-san do'n taobh amuigh, acht is Tusa a mhúineas agus a dheallruigheas an croidhe. Maothaid agus fliuchaid-sean do'n taobh amuigh, acht is Tú-féin do bheir an toradh go líonmhar uaid.
Goirid air chách le briatharaibh, acht do bheir Tú féin tuigse do'n éisteacht. 3. Mar sin, ná labhradh Maoise liom, acht Thú féin, a Thighearna Dé na Fírinne Síorraidhe, ionnas nach bhfaghainn bás 'mo aimrid gan toradh, mur mbéadh mo theagasc acht amháin do'n taobh amuigh dhíom, agus gan é a bheith dearg-lasta do'n taobh astigh ionnam. d'eagla go mbéadh 'n-a chúis breitheamhnais am' aghaidh an briathar éisteachd gan a dhéanamh, eolas a chur air gan a ghrádhughadh, agus a chreidmheal gan a chóimhlíonadh. Mar sin, labhair, a Thighearna, óir atá do shearbhfhogh- antuidhe aig éisteachd leat, agus atá briathara na beathadh síorraidhe agad. (Eoin.c.6,69). Labhair liom, a Thighearna, air chomhshólas éigin do m'anam, agus air leasughadh iomlán mo bheathadh, agus do chum molta, glóire, agus onóra duit féin go síorraidhe. Amen. An 3 caibidil. Amhail mar is dleacht briathara Dé d'éisteacht go h-úiríseal, agus mar nach measaid móran iad mar is cóir. 1. Éist, a mhic, mo bhriathara, briathara sáimh- mhilse a sháruigheas an uile fhoghluim, agus eolas na bhfeallsamhnach, agus dhaoine eagnaidhe an domhain. "'Siad mo bhriathara-sa an sbiorad agus an bheatha" (Eoin VI.63); agus ní h-éidir leis an tuigse dhaonna a gcur a meadaracht.
Ní dleachd a dtreorughadh nó a dtarraing chum taitnimh nó sólais dhíomhaoin na colna, acht is amhail is cóir a n-éisteacht le ciúineas, agus le tosdaidhe, agus a ngabhail maille re h-úirísleacht, agus mór-ghrádh. 2. Agus do ráidh mé: A Thighearna, is beannuighthe an neoch atá air n-a mhúnadh leat féin, agus dó ar theagaisc Tú do dhligheadh; ionnas go mbearthá osadh agus fuarughadh dó a n-aimsir agus a laethibh a chruadala, agus nach mbéadh sé air n-a thréigbheal air a' talamh. Is Mise, adeir an Tighearna, a theagaisc na fáidhe ó thús, agus ní sguirim go fóill gan a bheith aig síor-labhairt leo uile; acht is iomdha atáid cruaidh-righin gan mhothughadh, agus bodhar do mo ghuth agus do mo ghlór. Agus is mór an líon éisdeas leis an t-saoghal níos toilteanaighe nó le Dia; agus is fusa agus is féarr leo cíocras a dtola féin do leanmhaint, nó deagh-thoil Dé. Geallann an saoghal neithe beaga, suaracha, aimseardha dóibh, agus do nídh seirbhis le n-iomad sainnte dó; geallaim-se neithe neamhdha síorraidhe dóibh, agus ní chuireann an croidhe sbadanta daonna mothughadh ann. Cia do nídh seirbhis damh-sa le oiread cúraim agus umhlachta ann gach én ní, agus do nídh sé do'n t-saoghal, agus do thighearnaibh an t-saoghail? Bíodh náire ort a Shídon, adeir an fhairrge. (Isaiah. XXIII.4). Éist creud an fáth, ma's maith leat fios fhaghail. Atá go dtéid daoine a bhfad go críochaibh imchiana air son beagain éadala, nó socair suaraigh
saoghalta; agus is le leisge a thógaid móran a gcosa do'n talamh, nó shiubhlaid coiscéim air son na beathadh síorraidhe. Is mór a' saothar a chuireas daoine orra féin air bheagan fóghainte; agus air uairibh troidid daoine go mío-náireach air son én fheoirling amháin; agus ní ghoileann orra iad féin do mhaslughadh do ló agus d'oidhche, air son geallaidh gan fhéidhm agus míothuireachta díomhaine. 3. Acht, faraor! is leisgeamhail leo saothar dá laighead a ghabhail, air son an mhaithis neamh- chlaochlóidigh, air son na tuillmhe nach éidir a mheas, air son na h-onóra is airde, agus air son na glóire gan chrích gan fhoircheann a ghnothughadh dóibh féin. Mar sin, bíodh náire ort-sa, a shearbhfhoghantuidhe leisgeamhail, rói-ghearanaigh, aige féiceal go bhfuil drong le faghail níos réidhe agus níos ullmuighthe chum an bháis dhamanta, nó atá tusa chum na beathadh suthaine. Is mó an luathghaire a bhíos orra aige tóraidheacht an díomhaonis, nó bhíos ort-sa aige leanmhaint na fírinne. Agus go deimhin, meallann a n-dúil agus a n-dóchas air uairibh iad; acht ní mheallann mo ghealladh-sa én neoch, agus ní chuireann folamh air siubhal an té do nídh muinighin asam. Do bhéarfaidh uaim an ní do gheallas, agus coimh- líonfad gacha a ndubhras; acht air acht neoch fuireach agam go díleas grádhach go críoch agus foircheann na beathadh. Is Mise díoltoir na bhfíréan, agus sgrúdthoir cruaidh lucht an chrábhaidh.
4. Sgríobh mo bhriathara-sa ann do chroidhe, agus smaoinigh agus trácht orra go dícheallach; óir béidh ró-fhéidhm agad orra a n-aimsir an chatha. An ní nach dtuigir an tan do léigheas tú, bhéidh a fhios agad ló na cuarta. Is gnáth liom-sa cuairt a thabhairt air mo mhuinntir féin, ar dhá mhodh, eadhon, air tús le cathuighthe agus le buaidhreadh, le comhshólas agus le furtacht 'na' dhiaidh sin. Léighim gach én ló dhá léigheann dóibh: léigheann aca gá múnadh agus a' spreagadh a lochta, an léigheann eile gá gcomhairliughadh, agus gá mbros- dughadh a dhul air a n-aghaidh anns na subhailcibh. An té aige a bhfuil mo bhriathara-sa, agus a tharcuisnigheas iad, béidh an ní aige tré a mbéarfar breitheamhnas air an ló déidheanach. Urnaighe aig iarraidh grása an chrábhaidh. 5. O! a Thighearna Dé, is Tú m'uile mhaitheas, agus cia mise, as a bhfuighinn do dhánacht ionnam féin labhairt leat? Is cnumhóg a' snámh na talmhan, agus searbhfhogan- tuidhe fíor-bhocht duit féin mé, níos boichte agus níos táire nó is eol, nó is éidir liom a rádha. Ach, cuimhnigh, a Thighearna, gur an dadamh mé, nach bhfuil an dadamh agam, agus nach fiú an dadamh mé. Is Tú féin amháin atá ró-mhaith, ró-cheart, ró- naomhtha; is leat is éidir an uile ní do dhéanamh, an uile ní do thabhairt uaid, is Tú líonas na h-uile ní, agus ní fhágann Tú acht an peacach leis féin fadhbhtha folamh.
Cuimhnigh, a Thighearna, air do thrócaire, agus líon mo chroidhe dod' ghrásaibh, ó nach áil th'oibreacha féin a bheith air easbhaidh folamh. 6. Cionnas is éidir liom seasamh anns a' bheathaidh amhgaraigh shaoghalta-sa, acht mur neartochaidh do thrócaire, agus do ghrása mé? Ná h-iompuigh th'aghaidh uaim, agus ná tabhair cúla liom, a Thighearna, ná cuir do chaomh-chuairt air cáirde, ná tóg do chómhshólas uaim, ionnas nach mbéadh m'anam acht mar thalamh thirim gan uisge agad. O! a Thighearna, múin damh do thoil féin a dhéanamh; múin damh comhradh agus coinbhearfaid a dhéanamh go h-úiríseal díongmhalta dod' láthair do bhrigh gur Tú féin is eagna dhamh, agus go bhfuil eolas fírinneach agad orm, agus dob' aithne dhuit mé sul do chruthuigh Tú an chruinne, agus sul do rugadh air a' t-saoghal mé. An 4 caibidil. A deir gur dleacht dúinn cáidreamh agus comh- luadar do dhéanamh, maille re fírinne agus le h-umhlacht, a bhfiadhnaise Dé. 1. A mhic, siubhail ann m'fhiadhnaise-se a' bhfírinne, agus iarr Mé do ghnáth le croidhe díreach úiríseal. An té shiubhlas a bhfírinne a m'fhíadhnaise, béidh sé air n-a chosnamh air dhroich-theagmhalaibh, agus air dhroich-chinneamhain, agus saorfaidh an fhírinne é air mhealltoiribh meabhlacha, agus air mhurmar agus air anchainnt na ndroch-dhaoine.
Ma shaorann an fhírinne thú béir saor go dearbhtha, agus cha bhíonn suim nó cúram agad a mbriatharaibh díomhaoine na ndaoine. 2. A Thighearna, is fírinneach a bhfuil Tú a rádh, agus iarraim d'athchuinge ort a dhéanamh amhlaidh mar sin liom-sa. Leig dot' fhírinne fhéin mo theagasc, mo chumhdach, agus mo chongbháil, nó go gcuirfead deigh-chríoch air mo bheathaidh. Go saoraidh an fhírinne mé ó'n uile dhroch-chlaon agus ainmhian mhíriaghalta, agus mar sin, siubhlfad leat féin le mór-shaoirse croidhe. 3. Múinfead-sa dhuit-se, adeir Dia na fírinne, na neithe atá díreach, agus taitneamhach a m'fhiadh- naise. Smaoinigh air do pheacaidh le móran croidhe- bhrughaidh agus dólais; agus ná bíodh móir-mheas agad ort féin go bráthach air son do dheagh-oibreacha. Óir is dearbh gur peacach thú, ceangailte agus claon chum an iomad ainmhianta. Atá tú, uaid féin, a' triall chum an neimhnidh, is obann, agus is furas do leagadh, do chlaoi, do bhuaidhreadh, agus do léar-sgrios, agus do mhilleadh. Ní bhfuil én ní agad as a bhféadfá thú féin do mholadh, acht móran as a bhféadfá thú féin a dhío- mholadh, agus a dhí-mheas; óir atá tú níos luige, anbhfainne go mór nó is éidir leat a thuigbheal. 4. Mar sin, ná breathnuigh én ní dá ndéana tú a bheith mór; nó éifeachtach, uasal, luachmhar, nó iongantach; ná saoil gurab fiú é meas do bheith air: ní bhfuil an dadamh árd, uasal, nó oirdheirc ion- mholta, nó ionsanntuighthe, acht amháin an ní atá síorraidhe marthannach.
Gabh taitneamh anns an fhírinne os cionn an uile ní, agus bíodh fuath agus gráin agad a choidhche air do mheathtacht agus air do mhiothuireacht, agus air do mhór anbhfainne féin. Ná h-imeagluigh, ná dío-mhol, agus ná teith roimhe le an dadamh acht ria do lochta, agus do pheacaidh, dá ba chóir mío-thaitneamh leat níos mó nó díoghbháil air bith eile. Atáid drong áirighthe nach siubhlann go díreach nó go díleas os mo choinne, acht a bhíos aig imtheacht le gné áirighthe cúirealtachta, agus beaduidheachta, aig iarraidh fios mo rúindiamhra-sa fhághail, agus neithe ró-árda Dé do thuigsin, gan chúram air bith iompa féin, nó fá shlánughadh a n-anma. Tuitid a macasamhala so go minic a gcathuighthibh móra, agus a bpeacadhaibh tré n-a n-uabhar agus tré n-a gcúirealtacht a n-aghaidh mo thola-sa. 5. Bíodh eagla ort roimhe le breitheamhnas Dé, agus uathbhas ort ria feirg an Uile-Chumhachtaigh, acht ná gabh ort féin oibreacha an Árd-Dia do sbíonadh, acht sgrúd do lochta féin, a léitheid modh do pheacuigh tú, agus a léitheid maith do leigis dhíot gan déanamh. Iomchrann cuid do na daoine a gcrábhadh ann a leabhraibh amháin, cuid eile ann a n-iomhaighibh, agus cuid ann a gcomharthaibh, agus ann a bhfioghrachaibh foir-imeallacha. Bím aige cuid eile ann a mbeul, acht go beag ann a gcroidhthibh. Atáid dream eile, air n-a soillsiughadh ann a dtuigse, agus ró-ghlan ann a gcroidhthibh, a bhíos aige síor-thóraidheacht air an bheathaidh mharthannaigh; is le doilgheas éisdid le neithibh talmhaidhe, agus is
deacair leo friotháileadh do riachtnasaibh na nádura; agus mothughid an mhuinntir-se an ní a labhras Sbiorad na Fírinne ionnta féin. Óir, múineann Sé dóibh na neithe talmhaidhe do tharcuisniughadh, agus na neithe neamhdha do ghrádhughadh, an saoghal do sheachnadh, agus neamh do shanntughadh gach uile ló agus oidhche. An 5 caibidil. A labhras air éifeacht iongantaigh an ghráidh neamhdha. 1. Beannuighim Thú, a Athair Neamhdha, Athair mo Thighearna Íosa Críosda; cionn gur dheonuigh Tú cuimhniughadh orm-sa, an bochtan. O! Athair na trócaire, agus a Dhia na n-uile sólas, do bheirim buidheachas dhuit, air son go dtug Tú air uairibh cómhshólas damh-sa, nach ar bhfiú mé sólas nó furtacht air bith fhaghail. Beannuighim Thú do ghnáth, agus do bheirim glóir agus onóir dhuit mar aon let' aon Mhac, agus an Spiorad Naomh an Comhfhurtoir go saoghal na saoghal. Amen. O! A Thighearna Dé, mo Ghráidhtheoir Naomhtha! an tan a thiocfas Tú a m'chroidhe, béidh mo chliabh astigh uile aig meadhradh le luathghaire. Is Tú mo ghlóir agus iolgháirdeas mo chroidhe. Is Tú mo dhóchas, agus mo dhaingneacht, agus mo dhídean ló mo dhólais agus mo thriobloide. 2. Acht, do bhrigh nach bhfuil mo ghrádh air Dhia acht lag anbhfann go fóill, agus nach bhfuil an t-subhailce
fá na foirbhtheacht nó fá na h-iomláine agam, uime sin is riachtanas damh comhfhurtacht agus sólas fhaghail uaid féin, a Dhia; dá bhrígh sin, déana cuairt ró-mhinic agam, agus múin mé le do riaghlachaibh naomhtha. Saor mé ó mo dhroch-thaodaibh claona, agus slánuigh mo chroidhe ó m'uile dhroch-chlaontaibh seachranacha; ionnas, air mo shlánughadh agus air mo ró-ghlanadh astigh, go mbéinn ullamh chumh do ghrádhughadh, neart- mhar aige fulang, agus seasmhach daingean anns na subhailcibh. 3. Is ró-áidhbheil an rud a' grádh, is mór agus is iomlán an maith é; 'sé an grádh amháin do bheir air gach ní trom a bheith éadtrom, iomchrann sé gach leathtrom go comhthrom, agus a ualach gan truime gan saothar; agus do nídh sé gach searbh-chúis deagh- bhlasta milis. Gríosuigheann grádh uasal Íosa inn chum mór- ghníomha maithe do dhéanamh; agus gluaiseann inn do ghnáth chum na neithe is féarr do shanntughadh. Is áil leis an ghrádh a bheith 'dréim suas, agus gan cromadh síos air neithibh suaracha. Is mian leis a' ghrádh dhiadha a bheith saor, agus sgartha ó'n uile ghrádh saoghalta, d'eagla a radharc inmheadhonach féin do thoirmeasg, nó a bheith air n-a chreapall mar gheall air shochair nó air éadail air bith shaoghalta; nó droich-mheisneach do ghabhail as siocar caill maoine nó díoghbhála eile. Ní bhfuil ní is milse nó an rádh, ní is láidre, ní is airde, ní is fairsinge, ní is taitneamhaighe, ní is iomláine, nó ní is féarr air neamh nó air talamh; óir, is ó Dhia féin do geineadh an grádh, agus ní h-éidir le ní air bith acht le Dia féin a
shásadh nó shocrughadh os cionn chréatuiridhe uile na cruinne. 4. An té aige a bhfuil grádh air Dhia, bíonn sé luathghaireach, 'na rith, air eiteoig; bíonn sé saor gan chreapall. Do bheir sé an t-iomlán air son an iomláin, agus atá an t-iomlán anns an iomlán aige; óir, socruigheann sé anns an Aon Mhaith atá os cionn na h-uile mhaitheas, uadha a dtig agus a ngeintear na h-uile mhaitheas. Ní dhearcann sé air na tiodlaicthibh, acht feuchann sé air an Té do bheir uadha iad, os cionn an uile mhaith. Ní bhíonn eolas aig an ghrádh go minic air mhódh nó air mhiosúr, acht bíonn aige goil agus fiúchadh os cionn na h-uile mhiosúir. Ní mhothuigheann an grádh ualach nó eire, ní bhíonn suim aige a saothar; is mian leis níos mó nó is éidir leis a dhéanamh; cha déan gearan fá ní do bheith doi-dhéanta, óir measann go dtig leis an uile ní do dhéanamh. Mar sin, is éidir leis a' ghrádh an uile ní, agus cuireann iomad de neithibh a ngníomh, do bhéarfadh air neoch gan ghrádh luighe síos gan bhrigh gan mheisnigh. 5. Bíonn a' grádh á' faire agus a' coimhead, agus ní bhfaghann suaimhneas 'na chodladh. Ní bhíonn sé claoidhte air mbeith cortha; anns a' chumhanglach, ní bhíonn sé cumhang; air gcreathnughadh, ní bhíonn sé buaidheartha; ach mar lasair bheodha agus mar dhrithleog air dearg-lasadh, éirigheann sé suas agus gluaiseann roimhe go neamh-baoghlach. An té a ghrádhuigheas, is aithne dhó creud adeir an guth-sa.
Is mór na gártha a gcluasaibh Dé fonn agus grádh lasamhail an anma adeir: O mo Dhía! O mo Ghráidh! is Tú m'uile agus is leat-sa mise go h-uile. 6. Méaduigh mo ghrádh, ionnas go ndeanainn foghluim milseacht an ghráidh do fromhadh, nó do bhlaiseadh ann mo chroidhe, agus go mbéinn aige snámh, agus air mo leaghadh anns a' ghrádh. Go raibh mé air mo chuibhriughadh a nglasaibh an ghráidh, agus aig imtheacht asam féin amach air buile tré ain-mhéad teasghoile agus aongantais an ghráidh! Canfad caintic an ghráidh; agus leanfad mo ghrádh anns na h-árdaibh; go raibh m'anam air n-a bhásughadh ann do mholadh, agus air n-iolgáirdiughadh ann do ghrádh! Go raibh mo ghrádh ort níos mó nó orm féin, agus orm féin amháin air do shon-sa, agus air chách eile, a ghrádhuigheas Thusa dá ríribh, réir mar órduigheas dligheadh an ghráidh atá 'na loinnir dheallradhaigh aige fás uaid féin amach! 7. Atá an grádh lúthmhar, cliste, ionnraic, cráibhtheach, taitneamhach, aoibhinn, neartmhar, foighi- deach, díleas, eagnaidhe, feardha, seasmhach, agus ní iarrann a shochar féin air én chor; óir, an tan iarras neoch é féin tuiteann sé gan mhoill ó'n ghrádh. Atá an grádh fuireachair, úiríseal, díreach; agus ní bhíonn sé so-fhaghala, baoth, nó éadtrom, agus cha dtugann uidh nó aire do neithibh díomhaoineacha; bíonn sé measardha, geanmnuidhe, daingean, suaimh- neach, agus ró-choimheadach air a chéadfaidh uile. Bíonn a' grádh umhal, úiríseal d'uachtranaibh, acht beag-mheasamhail tarcuisneach air féin; díogh- raiseach, dúthrachtach, ró-bhuidheach do Dhia, aige
déanamh muinighne agus lán-dóchais chinnte as, agus sin fós a n-aimsir a thiormluighthe an tan is lugha a mbíonn blas air Dhia aige; óir gan doilgheas agus buaidhreadh ní bhíonn grádh aig én neoch beo. 8. An té nach bhfuil ullamh do chum gach uile ní fhulang, agus seasamh go díleas air aon toil le n-a ghrádh, ní fiú é gráidhtheoir do ghairm dhe. Is cóir do'n té aige a bhfuil grádh air Dhia, a bheith umhal an uile chruadail dá sheirbhe do ghabhail agus d'fhulang air a shon, agus gan dealughadh leis tré chúis chontrardha air bith dá dteagmhadh dhó. An 6 caibidil. Do chruthughadh agus do dhearbhughadh an ghráidhtheora fhírinnigh. 1. A mhic, adeir Críosda, ní bhfuil tú 'do ghráidhtheoir eagnaidhe chalma go fóill. Creud an fáth, a Thighearna? Atá, cionn go dtuiteann tú air th'ais ó'n chéad rún do thionnsgain tú, tré chontraracht dá laighead a theagmhas, agus go mbíonn tú ró-shanntach aig iarraidh cabhracha agus osaidh. Bíonn an gráidhtheoir láidir seasmhach a n-aimsir cathuighthe, agus ní chreideann sé cealga cluainteacha na námhad. Óir mar thaitnim-sa leis a n-aimsir a shólais agus a shonais, ní mhío-thaitnim leis a n-aimsir a dhólais nó a chruadh-fhortúin.
2. Ní air a' bpronntanas nó air a' tiodlacadh a bhíos meas aig an ghráidhtheoir, acht air an Té do bheir an tiodlacadh uadha. Is mó a dhearcann sé air a' deagh-thoil nó air an éadail, agus measann sé a Ghrádh os cionn a n-uile thiodlacadh. Ní air a' tiodlacadh a leagas an gráidhtheoir uasal a dheagh-thoil, acht orm-sa os cionn na h-uile thiodlacadh. Agus cia go mothuigheann tú air uairibh níos lugha nó 'mhian leat do theasghrádh orm-sa nó air mo naomhaibh, ná saoil, air a shon sin, go bhfuil do luaigheacht uile caillte nó air ndul amugha. An deagh-ghrádh sáimh-mhilis do mhothuigheas tú air uairibh, is d'oibribh na ngrás atá agad sin, agus réamh-bhlas áirighthe ghlóire na ríoghachta neamhdha. Gidheadh, ní cóir ró-mhuinighin a dhéanamh as, mar nach mbíonn acht aige dul agus aige teacht. Agus is maith comhartha na subhailce agus luaigh- eachta móire cruadh-chomhlan do dhéanamh a n-aghaidh ghluaiseachtaidhe malluighthe na h-intinne, agus cathuighthe an aidhbheirseora do tharcuisniughadh. 3. Mar sin, ná leig do smaointighthe seachranacha coimhigheacha buaidhreadh a chur ort, ce bé air bith taobh nó gléas a dtig siad ad' ionnsuidhe. Coimhead do dheagh-rún go daingean, agus th'intinn go díreach do Dhia. Ma mhothuigheann tú thú-féin air uairibh air do thógbhail a n-airde go h-obann anns na flaithis le barr neart na caondúthrachta, agus go bhfillfeá arís gan mhoill air dhíchéille ghnáthaigh do chroidhe, ná meas gur meabhal nó mealladh sin. Óir is mó fulaingeas tú iad a n-aghaidh do thola,
nó do nídh tú iad dod' dheoin; agus an fad a mío- thaitnid leat, agus a sbáirneas tú 'na n-aghaidh, is luaigheacht duit sin, agus ní caill. 4. Bíodh fios agad go dtairgeann an t-aidh- bheirseoir, an t-sean-námhaid, do dheagh-rún a bhacail agus a chur air gcúl air fad, agus do thiompodh air th'ais ó'n uile dheagh-chleachtadh crábhaidh, eadhon, ó onóir na naomh, ó chuimhne naomhtha na páise, ó chuimhne thairbheach do pheacaidh féin, ó fhaire agus ó choimhead do chroidhe, agus ó do rún daingean a dhul air th'aghaidh anns na subhailcibh. Doirteann sé an iomad droch-smaointighe ann th'intinn, chum claoi agus uathbhas a chur ort, do chum do tharraing air th'ais ó'n urnuighe agus ó léightheoireacht naomhtha. Ní thaitineann an fhaoisidin úiríseal leis, agus, dá mbadh éidir, ní leigfeadh sé dhuit cumaoineach do ghabhail. Acht ná creid é, agus ná géill dó, cia go gcuir- feadh an iomad gaistidhe cealgacha go minic 'na suidhe romhad. An tan a shéideas an droch-sbiorad smaointighthe neamh-ghlana ann th'intinn, fag air féin iad arís. Agus obair leis: Imthigh, a sbioraid neamh-ghlain; gabh náire agus aithmheal, a dhroich-sbioraid shalaigh, atá 'cur a léitheide sin ann mo chluasaibh. Imthigh uaim, a dhroich-mhealltoir, cha bhíonn cuid air bith agad dhíom-sa; acht béidh Íosa 'na chosantoir agus 'n-a churadh chródha agam, agus béidh tusa 'do sheasamh air d'imdheargadh lán náire agus faitchis. Is féarr liom bás agus an uile phian d'fulang, nó umhlughadh air én mhodh dhuit-se.
Bí balbh 'do thosd, óir ní éisdfead-sa níos fuide leat dá mhéad cathuighthe nó buaidhreadh do chuirfeá orm. 'Sé an Tighearna mo shoillse agus mo shláinte, cia roimhe a mbéadh eagla orm? Dá gcuirfidhe sluagh na ndeamhan uile os mo choinne, ní bhéadh eagla air mo chroidhe, óir is É an Tighearna mo fhear-chuidigh agus mo shlanuightheoir. (Psailm,26,1,7,18,15). 5. Déana saighdeoracht mar ghaisgidheach cródha, agus ma thuiteann tú air uairibh le tré luige agus anbhfainne, éirigh arís, agus glac meisneach níos mó nó do bhí agad a roimhe, aige cur do dhóchais ann mo mhór-ghrásaibh-se; agus coimhead thú féin go mór air antoil dhíomhaoin agus air dhíomas. Óir cuireann so móran air seachran, agus tuitid air uairibh a ndaille agus a ndorchadas nach éidir a léigheas. Gabh thusa so mar rabhadh chum thú féin do choimhead agus úirísliughadh go bráthach, eadhon, an tuiteam-sa lucht an uabhair atá dóchasach go díchéillidhe asta féin. An 7 caibidil. Mar is dleacht na grása d'folach faoi chuim agus sgáth na h-úmhlachta. 1. A mhic, is tairbhighe neamh-baoghalaighe dhuit grása na caondúthrachta agus an chrábhaidh a fholach, nó a dhul a n-árd-uaill air a shon, gan móran cainnte
a dhéanamh air, nó ró-mheas a bheith agad ort féin uime; acht thú féin do tharcuisniughadh agus d'úirís- liughadh mar neoch nach ar bhfiú na grása sin d'fhaghail. Ní cóir do neoch grádh ró-áidhbheil a cheangal leis an ní dob éidir a chlaochlódh agus a theacht contrardha a ngearr aimsir. An tan a bhíos tú anns na grásaibh, smaoinigh air chomh truagh agus chomh bocht a bhí tú an tan nach raibh na grása agad. Ní a ngrása an t-sólais amháin do bheith aige neoch atá foirbhtheacht iomlán na beathadh sbioradálta, acht anns an fhulang umhal, fhoighideach do nídh duine an tráth nach mbíonn na grása aige; air mhodh nach n-éireochadh sé sbadanta 'san urnuighe an tan sin, nó nach leigfeadh dhe a ghnáth-gníomhartha maithe eile a dhéanamh; acht, an uile ní dob éidir a dhéanamh go fonnmhar réir a chumhachta agus a thuigse; agus gan é féin a leigint a bhfaillighe go h-iomlán air son triomlacht nó triobloid intinne do mhothughadh. 2. Óir, atáid iliomad a théid a mío-fhoighide agus a leisge an tan nach n-éirigheann na neithe réir a dtola go maith leo. Óir, is deimhin nach bhfuil slighe an duine air a láimh féin a gcomhnuidhe; acht is air láimh Dé atá an tiodlacadh agus sólas do thabhairt uadha, an uair is toil leat féin, an méad is áil leis, agus do'n té is áil leis réir a thola, agus ní théid níos fuide. Milleann daoine gan deiscreide iad féin, a dtaobh ghrása an chrábhaidh; óir is áil leo níos mó a dhéanamh nó thigh leo, gan feuchain air mhéad nó air mhiosúr a luige agus a n-anbhfainne féin, acht aig leanmhaint miangas a gcroidhe níos mó nó ciall cheart na tuigse agus an réasuin.
Óir, do chuir siad rompa go h-an-dána níos mó a dhéanamh nó ba toil le Dia; agus uime sin do chailleadar air ball na grása. Agus an mhuinntir sin do bhí aige déanamh nid dóibh féin anns na flaitheamhnais, do fágadh iad tarcuisneach tarnochttha folamh; ionnas, air n-a bhfádhbhadh agus air n-a n-ísliughadh mar sin, go ndéanaidis foghluim gan taobhadh le n-a sgiathanaibh féin, acht iad féin a fholach faoi mo sgiathanaibh-se. An drong atá nuaidh aineolach a slíghe an Tighearna, mur mbéidh ar n-a riaghaladh le comhairle na ndaoine deiscreideacha, is ró-uras a mealladh, a leonadh, agus a leagadh. 3. Agus ma's mian leo a mbreathnughadh féin do leanmhain níos mó nó creidmheal do na h-eolachaibh, is contabhairt dóibh droich-chríoch, ma dhiúltann siad tarraing air a n-ais ó n-a n-dealbhchumadracht féin. Is annamh fhulaingid riaghail do ghabhail ó chách eile go h-umhal an dream aca a mbíonn meas mór críonnachta orra féin. Is féarr beagan feasa agus foghluma mar aon le h-úirísleacht, nó oirchisde na h-árd-fhoghluma maille re miangasaibh díomhaoineacha. Is féarr duiit beagan do bheith agad, nó móran as a rachfá a n-uabhar. Ní ró-dheiscreideach do nídh an té do bheir é féin suas do luathghaire, aige déanamh dearmaid dá bhochtaine a n-allód agus d'eagla gheanmnuidhe an Tighearna, im-eagluigheas na grása do fuair sé do chailleadh. Mar an gceudna, ní duine ró-eagnaidhe an té a théid a n-eudóchas a n-aimsir buaidheartha agus
cruadhóige, agus do smaoinigheas agus do mhothuigheas níos lugha dóchais ionnam-sa nó mar do ba chóir dó. 4. An té aige a mbíonn ró-dhóchas as féin a n-aimsir na síothchana, is minic a bhíonn sé lán uamh- ain agus eagail a n-aimsir na comhlana agus an chatha. Dá mbadh eol duit an mheasardhacht agus an umhlacht a chongbhail agad féin do ghnáth agus do sbiorad a stiúradh agus do ríoghaladh go maith, ní thuitfeá chomh h-obann agus sin a gcoir nó a gcontabhairt. An tráth a mhothuigheas tú sbiorad an chrábhaidh agad, is maith an chomhairle smaoiniughadh gad é mar bhéas tú, an tráth a sgarfar an t-soillse sin leat. Agus ma theagmhann do'n t-soillse sin dealughadh leat, smaoinigh go mb'éidir leis filleadh ort arís an deallradh sin do bhain mise dhíot go feadh tamaill chum rabhaidh agus comhairle dhuit-se, agus chum glóire dhamh féin. 5. Is tairbhighe go minic a léitheid so do dhearbhughadh, nó dá bhfaghthá gach én ní do ghnáth aig éirighe leat réir do thola. Óir, ní air son taisbeanta móra agus comhshólais iomdha do bheith aige duine, nó air son é a bheith eolach anns a' Scrioptuir dhiadha, nó air son é a bheith 'n-a uachtaran, nó a n-árd-chéim; ní air son én ní aca so a mheasthar tuillmhe nó luaigheacht do bheith aige. Acht air son é a bheith air n-a chomh-dhaingniughadh anns an umhlacht, agus lán do'n charthannacht dhiadha; agus tré a bheith go h-uile aige glain-iarraidh onóra Dé do ghnáth; tré é féin a tharcuisniughadh, agus a dhí-mheas mar an dadamh, air mhodh gur mhó an luathghaire a bhéadh air sbíd agus droich-mheas fhaghail ó chách nó móir-mheas agus onóir.
An 8 caibidil. A labhras air an droich-mheas a dhlighthear do dhuine a bheith aige air féin a bhfiadhnaise Dé. 1. Labhrfad le mo Thighearna, cia nach bhfuil mé ach 'mo chré agus 'mo luaithrean. (Gen.c.18,27). Agus dá mbéadh meas níos mó nó sin agam orm féin, feuch go seasann Tú féin, a Thighearna, a m' aghaidh, agus go ndéanaid mo lochta féin fiadhnaise fhírinneach a m'aghaidh nach éidir liom a shéanadh. Gidheadh, ma tharcuisnighim mé féin, agus mo luige féin a thaisbeanadh, agus an uile mhóir-mheas orm féin a dhíbirt, agus áireamh nach bhfuil ionnam féin ach luaithrean, mar nach bhfuil dá ríribh, béidh do ghrása ró-aodhbha liom, agus béidh do shoillse a gcomh-fhoigse mo chroidhe, agus rachaidh an uile mheas dá laighead orm féin air gcúl, air na bhathadh a n-íochdar agus a n-aigean mo neimhnidhe agus m'anbhfhainne féin go bráthach. Is annsin a bheireas Tú fios damh, agus a thaisbeanas Tú, creud an ní mise, creud as a ndearnadh mé, agus cá chuige a dtainic mé; óir, ní bhfuil ionnam ach an dadamh, agus ní raibh fios nó eolas agam féin air sin. Ma fhágthar 'mo mhuinighin féin mé, feuch nach bhfuil mé ach 'mo neimhnidh, anbhfann easlán uile; ach ma dhearcann Tusa, a Thighearna, go tapaidhe orm, béidh mé, air ball, air mo neartughadh, agus air mo líonadh go lom-lán do nuadh luathghaire.
Agus is ró-iongantach an ní, mise atá ó náduir trom tuitmeach do ghnáth air aigean, go dtógfaidhe a n-airde chomh tapaidh agus sin mé, aige faghail fáilte muinntearaighe agad. 2. Is é do ghrádh-sa, a Thighearna, do nidh so uile, aige dul romham, agus aige réimh-fheuchain, agus aige réamh-fhurtacht orm a n-asgaidh gan tuillmhe nó luaigheacht do m'thaobh-se, agus aige cuideamh liom ann an iomad riachtnas, agus a chosnas mé air pheirioclaibh ró-mhóra, agus gá mo tharraing ó olcaibh doi-innse do-áirmhe, mar is éidir liom a rádh. Go dearbhtha, do chaill mé mé féin, le n-iomad gráidh míríaghalta orm féin; acht, an tan d'iarr mé Thusa a t-aonar, agus a ghrádhuigh mé Thú go fíor- ghlan, fuair mé Thusa agus mé féin fós, agus as a' ghrádh sin, thainic chugam, gan dadamh do mheas a bheith agam orm féin. Óir, a Thighearna ró-mhilis, do nídh Tú féin liom níos mó nó is fiú mé, agus níos mó nó leigeas an eagla dhamh iarraidh nó dúil a bheith leis. 3. Go mbadh beannuighthe Thú, ó mo Dhia! Óir, cé go bhfuilim-se 'mo neamh-airidhe air an uile mhaith, cha déan do mhaitheas ró-uasal neimh-chríochnuighthe-se sgíth nó comhnuidhe ó mhaitheas do dhéanamh go bráthach, agus fós do na daoinibh neamh-buidheacha féin gan séanadh, agus do na drongaibh is fuide a ghabhas ó do shlighthibh. Till chugad féin inn, a Thighearna, ionnas go mbéidhmis buidheach, diadha, úiríseal, deagh-rúnach; óir, is Tú féin ár sláinte, ár neart, agus ár ndaighneacht.
An 9 caibidil. Do'n mhodh ar a ndlighthear an uile ní áireamh air Dhia, is É is finid, agus is críoch dhéidheanach dúinn. 1. A mhic, ma's áil leat a bheith naomhtha beann- uighthe go fírinneach, tuig gur Mise is árd-chríoch dhéidheanach dhuit. Glanfar leis an deagh-rún-sa do mhiangas agus th'antoil a bíos go minic ró-cheangailte do féin, agus do na créatuiribh eile. Óir, ma iarrann tú thú-féin a n-én ní, air ball, seargann tú aige dul a luige, agus a n-anbhfainne ionnad féin. Tabhair, mar sin, gach én ní damh-sa go sonnradhach, óir is Mise a thug gach uile ní uaim. Is amhlaidh, mar sin, meas gach uile ní mar do thiocfadh ó'n ÁrdMhaitheas Dhiadha; agus mar sin, dlighthear na h-uile ní a thoirbheirt damh-sa is fréamh agus tús dóibh. 2. Is uaim-se, an tobar beo, a thairringid an beag agus an mór, an bocht agus an saidhbhir fíor-uisge na beathadh; agus an méid do nídh seirbhis damh go fonnmhar toilteanach, do gheobhaidh siad grása air son grása uaim. Acht an té iarras é féin do bheith fá mheas agus fá ghlóir amach uaim-se, nó shanntuigheas sólas fhaghail ó ní air bith go sonnradhach dam' fhéagmhais, cha bhíonn sé air n-a chomh-dhaingniughadh 'san iolgháir- deas fhíre, nó saor suaimhneasach ann a chroidhe, acht béidh sé air n-a chumhgughadh agus air n-a thoirmeasg go ró-mhinic.
Mar sin, ná maoidhimh go bhfuil maith air bith agad dod' chuid féin, agus na h-iarr neart nó subhailce a bheith aig én neoch; acht tabhair an t-iomlán do Dhia, óir ní bhfuil ní air bith aig an duine 'na fhéagmhais. Is Mise a thug uaim gach ní dá bhfuil aige, agus is áil liom iad filleadh orm féin arís, maille re dúthracht agus ró-bhuidheachas air a son. 3. 'Sé so an fhírinne le a sgriostar an ghlóir dhíomhaoin. Agus ma thigid na grása asteach ad' mheanmain, agus an charthannacht dá ríribh ann do chroidhe, cha bhíonn iomthnuth nó briseadh croidhe ort, agus cha bhíonn ró-ghrádh ort féin ceangailte dhuit. Óir, claoidheann an grádh neamhdha gach én ní, agus méaduigheann sé neart agus cumhachta an anma. Ma atá do chiall air do chumas, is ionnam-sa amháin a bhíos do luathghaire, agus do dhóchas; óir, ní bhfuil én neoch go maith acht Dia 'na aonar, glóir agus moladh dó ó na h-uile dhuine, agus thar gach uile ní, agus beannughadh ann gach én ní! An 10 caibidil. Amhail aige tarcuisniughadh agus aige diúltadh do'n t-saoghal, is ní ró-thaitneamhach seirbhis Dé do dhéanamh. 1. Labhrochad anois arís, a Thighearna, agus cha bhím 'mo thosd; do bhéarfaidh mé cogar do mo Dhia, mo Thighearna, agus mo Righ atá air neamh.
O, creud é méad iomadamhlacht do mhilseachta, a Thighearna, atá a dtaisgidh agad do'n mhuinntir orra a mbí eagla romhad! Acht creud Thú do'n mhuinntir a ghrádhuigheas Thú? Creud a bheireas Tú do na drongaibh do nídh do sheirbhis ó n-a gcroidhe go h-iomlán? Go fírinneach, is dó-fhaisnise doi-innse milseacht an chomhshólais ró-sháimh do bheir Tú do'n mhuinntir a ghrádhuigheas Thú. Is ró-mhór do thaisbean Tú milseacht do char- thannachta damh-sa go speisialta; óir an tan nach rabhas air a' t-saoghal, do dhealbh agus do chumais mé; agus a tan do bhí mé air seachran, do thug Tú air m'ais arís mé do chum seirbhis a dhéanamh dhuit; agus do thugais órdughadh agus aithne dhamh Thú féin do ghrádhughadh. 2. O! Thiobroid an ghráidh shíorraidhe! creud a déarfas mé leat? Cionnas is éidir liom dearmad a dhéanamh dhíot, noch do dheonuigh cuimhniughadh orm-sa, agus sin fós, tar éis mé seargadh agus a dhul amugha? Do rinne Tú trócaire air do sheirbhiseach níos mó nó a raibh sé a' feitheamh leis, agus do thug grása níos mó nó thuill sé. Creud a bhéarfas mé dhuit air son na ngrása sin? Óir, ní do gach én neoch do bheirthear grása an uile ní do thréigbheal, an saoghal fhágbhail, agus a dhul asteach a n-órd, agus a mbeathaidh riaghalta uaignigh. An mór dhamh-sa do sheirbhis a dhéanamh, agus go bhfuil d'fhiachaibh air an uile chréatuir seirbhis a dhéanamh dhuit? Ní cóir damh-sa a mhaoidheamh nó a bhreathnughadh gur mór an ní seirbhis a dhéanamh duit-se; acht is
mó mheasaim gur mór agus iongantach an ní Thusa dheonughaddh gabhail chugad ann do sheirbhis bochtan chomh mí-dhiongmhala liom-sa, agus mo choimh-cheangal ameasg do shearbhoghantuidhe grádhacha féin. 3. Feuch, is leat féin, a Thighearna, gach ní dá bhfuil agam-sa chum do sheirbhis a dhéanamh. Gidh gur mó an fóghnamh do nídh Tusa dhamh-sa nó do nídhim-se dhuit-se. Feuch neamh agus talamh, noch do chruthuigh Tú do chum seirbhis an duine, atá siad ullamh, agus do nídh siad gach én ló réir th'aithne, agus th'órduighthe féin dóibh. Agus mar ba bheag leat sin, do chruthuigh Tú fós na h-aingil agus d'órduighis do sheirbhis an duine iad. Acht, atá én ní amháin do sháruigh agus do chuaidh os cionn an iomláin, agus sé sin, gur dheonuigh Tú féin, a Dhia, seirbhis an duine do dhéanamh, agus Thú féin a thoirbhirt dó fá dheoidh. 4. Creud a bhéarfas mise dhuit air son an oirid sin do mhíltibh maitheasa? Och, dá bhféadainn do sheirbhis a dhéanamh air feadh laethe mo bheathadh! A Dhia, nach dtiocfadh liom aon lá amháin a chaitheamh go diongmhala ann do sheirbhis! Is Tú féin amháin is airidhe air an uile sheirbhis, air an uile onóir, agus air an uile mholadh go síorraidhe. Is Tusa mo Thighearna go fírinneach, agus is searbhfoghantuidhe bocht duit mise, orm a bhfuil d'fhiachaibh do sheirbhis a dhéanamh le m'uile bhrígh agus neart, agus gan a bheith cortha a choidhche dod' mholadh. 'Sé so mo thoil agus mo mhian; agus ce bé atá dholaidh orm, a Thighearna, deonuigh féin a chóimhlíonadh.
5. Is mór an onóir, agus an ghlóir do sheirbhis a dhéanamh, agus an uile ní eile do tharcuisniughadh mar ghrádh ort. Is mór na grása a gheobhas an drong umhluigheas go fonnmhar do sheirbhis ró-bheannuighthe a dhéanamh. Do gheobhaidh sólas sáimh-mhilis ó-n Spiorad Naomh an mhuinntir a dhiúltas d'ainmhiantaibh uile na colna mar ghrádh ort-sa. Agus gheobhaidh lán-shaoirse anma, an mhuinntir a chuireas an uile chúram saoghalta dhíobhtha, agus a théid asteach san mbealach chumhang air son agus mar gheall air th'ainm-se, a Thighearna. 6. Ó! A sheirbhis shámh-thaitneamhach Dé, a shaoras agus a naomhas neoch go fírinneach! O! A stáid naomhtha na beathadh riaghalta do nídh an duine comh-chosamhail le na h-ainglibh, tait- neamhach aige Dia, uathbhasach aig na deamhain, agus ionmholta aig na fíréin! O! 'so an t-seirbhis is ceart a ghabhail agus a shíor-iarraidh, tré a dtuillthear an t-Árd-Mhaith, agus tré a ngnothuighthear an t-aoibhneas a mhairfeas gan chrích gan fhoircheann. An 11 caibidil. Amhail mar is dual ainmhianta an chroidhe do sgrúdughadh agus do shuaimhniughadh go ró-riaghalta. 1. A mhic, is éigin duit neithe iomdha fhoghluim go fóill, nach ar fhoghluim tú go nuige so. 2. Creud na neithe iad sin, a Thighearna?
3. Atá, do thoil do chur uile do réir mo thola-sa agus gan ró-ghrádh a bheith agad air do thoil féin, acht a bheith 'do ghrádhuigheoir fhonnmhar air mo thoil-se. Is minic agus is neartmhar a ghríosuigheas agus a ghluaisead do mhiangasa thú; acht tabhair dot' aire an air son m'onóra-sa nó air son do shochair féin a ghluaisthear thú. Ma's Mise fáth agus cúis do ghluaiseachta béidh tú ró-bhuidheach air gach ní óirdeochas Mise; acht ma tá én ní dod' thoil féin agus dod'iarraidh a bhfolach agad, 'sé sin atá'n a bhacan agus 'na throm- bhuaidhreadh ort. 4. Mar sin, bí air do choimhead, gan ró-mhuinighin a chur a dtoil nó a miangas air bith dá raibh agad, gan mo chomhairle-se air tús, d'eagla go mbéadh aithreach ort arís, nó go mío-thaitneadh fá dheoidh an ní do ró-thaitin leat air tús. Óir, ní cóir gach én mhian a shaoiltear a bheith ró- mhaith do leanmhain go ró-luath; nó fós an mian nó an fonn contrardha do dhiúltughadh agus do sheachnadh go ró-obann. Is ró-mhaith, air uairibh, srian a chur air na claon- taibh agus air na miantaibh dleistionacha féin d'eagla seachran nó mearughadh a theacht air do chéill le h-iomadaighe práidhinne agus deifre; nó ádhbhar gearain a thabhairt do chách le h-easbhaidh deiscreide; nó fós tú féin tuiteam nó turnamh nó buaidhreadh fhaghail tré chonsboid nó chontrailleacht na muinntir' eile. 5. Acht, air uairibh is éigin troid go cródha a n-aghaidh na gclaonta brúideamhla, gan géilleadh do mhian nó d'ainmhian na colna, acht dícheallt a
dhéanamh an cholann do chur faoi smacht do'n sbiorad, a dheoin nó air éigin. Agus is amhlaidh is mar sin is cóir an cholann a smachtughadh, nó go mbéidh sí ullamh umhal air an uile ní fhulang, agus go ndéanaidh sí foghluim a bheith soi-riartha sásta le beagan, agus luathghaireach faillteach roimhe le neithibh suaracha simplidhe, gan mhurmar gan ghearan. An 12 caibidil. A labhras air eolas na foighide, agus air chlaoi na h-antola. 1. A Thighearna Dé, tuigim go bhfuil an fhoighide ró-riachtnasach agam; óir, is iomdha ní contrardha a theagmhas air a' t-saoghal-sa. Óir, ce bé air bith modh a gcuirfead romham síothchain dh'fhaghail, ní h-éidir le mo shaoghal a bheith gan chogadh, gan bhuaidhreadh, gan dólas. 2. Is mar sin atá, a mhic; acht is é mo thoil-se gan tusa a léitheid sin do shíothchain d'iarraidh a bhéadh saor air an uile chathuighe agus chontraracht do mhothughadh. Agus an uair a bhéas tú air do ghreadadh agus air do dhearbhughadh le n-iomad buaidheartha agus triobloide, meas an uair sin go bhfuair tú an t-síothchainte. Ma deir tú nach éidir leat móran cruadala fhulang, cionnas is éidir teine purgadora fhulang?
As dhá olc glac do roghain an t-olc is lugha a gcomhnuidhe. Dá bhrígh sin, ionnas go mbadh éidir leat na pianta síorraidhe do sheachnadh, cuir romhad na pianta atá a láthair iomchar go foighideach mar gheall agus mar ghrádh air Dhia. An measann tú nach bhfuil ach beagan nó an dadamh le fulang aige lucht a' t-saoghal-se? Is ní so nach bhfuil le faghail ameasg na muinntir' is aoibhnne agus is ádhmhaire beatha faoi sholas na cruinne. 3. Acht, déarfaidh tú, "Atá móran aoibnis agus aignidh aca, leanaid a dtoil agus a n-aigneadh féin, agus mar sin, ní mór, acht is ró-bheag a mhothuigheann siad a dtriobloid agus a mbuaidhreadh féin." 4. Acht, bíodh gur mar sin féin atá, agus go mbéadh gach én ní aca réir a dtola agus a miangais féin, cá fada a shaoileas tú a mhairfeas sin dóibh? Feuch, go n-imtheochaidh thart mar cheo agus mar dheatach lucht shaidhbhris an t-saoghail-se, agus go rachaidh cuimhne na sólas a bhí aca air dearmad. Agus fós, an tan a bhíonn siad air a' t-saoghal féin, ní bhíonn siad sásta nó socair ionnta, nó saor gan searbhadas, tuirse, agus eagla orra umpa. Óir, is minic a bhíos an ní ceudna do thug an sólas dóibh, 'na ádhbhar dólais phiantamhail arís aca. Agus is ró-cheart sin teagmhal dóibh, gan an mhuinntir a bhí aig iarraidh agus aig leanmhain a n-ainmhianta míriaghalta féin, a bhfaghail nó a bhfromhadh ach maille le coiciach, searbh-náire, agus domlas. 5. Och! is gearr-bhuan, cealgach, cluainteach mí- riaghalta, miothur, na h-ainmhianta salacha-sa uile!
Ach, fáraor! Do bheir an daille, agus an mearamh céille air dhaoine gan sin a thuigbheal; ach, amhail beithidhigh brúideamhla gan tuigse, théid siad a gcontabhairt bás damanta dá n-anam féin, mar gheall air ró-bheagan sólais so-bhasuighthe an t-saoghail thruailltighthe. Acht, thusa, a mhic, ná lean do chlaonta meardhána mío-órduighthe féin, ach seachain agus tréig do thoil féin. (Eccles.c.18,30). "Cuir do thoil anns a' Tighearna, agus bhéarfaidh Sé iarraidh agus miangas do chroidhe dhuit." (Pslm.36,v.4). 6. Óir ma's áil leat sólas a bheith agad go fírinneach, agus aoibhneas fhaghail uaim-se níos líonmhaire, feuch, gur a dtarcuisne agus a dtréigbheal an t-saoghail uile, agus a ngearradh agus a ndíbirt na n-aoibhneas agus na n-ainmhianta suaracha, salach, saoghalta uaid a bhéas do shonas, agus do bhéarfar comhshólas go líonmhar duit. Agus ní bhfuil dá mhéad agus dhiúltas tú do shólasaibh sháimh-chealgacha na gcréatuir uile, nach milse agus nach neartmhaire a bhéas na sólais a gheobhas tú ionnam-sa. Acht, air dtús, ní gan dólas, gan dochar, nó gan chomhrac air a son a gheobhas tú na neithe-se. Béidh an droich-chleachtadh a bhí agad a' cur bacain ort; acht claoidhfidh tú an droich-chleachtadh sin le cleachtughadh is féarr nó é. Béidh a' cholann a' murmar ad' aghaidh; acht cuirfidh teasghrádh na sbioraide srian leithe. Béidh an sean-nathair nimhe a' cur cathuighthe agus buaidheartha ort; ach cuirfear ruaig agus teitheamh
leis an urnuighe air; agus fá dheoidh ná bí díomhaoin gan deigh-ghníomh éigin tairbheach a bheith do-ghnáth air th'aire, óir druideann agus dúnann siad doirse agus an t-slíghe a bhéas aige an aidhbhirseoir chugad. An 13 caibidil. A thráchtas air an umhlacht is dleacht do gach neoch úiríseal do bheith aige réir na h-easamplara thug Íosa Críosda uadha. 1. A mhic, an té a thairgeas é féin a tharraing ó'n umhlacht, tarraingeann é féin ó n-a grásaibh; agus ce bé a bhíos aig iarraidh a choda air leith, cailleann sé a chuid do'n chomh-roinn choitcheannda. Ce bé nach umhluigheann é féin dá thoil agus dá dheoin do'n uachtran, is comhartha sin nach bhfuil an cholann go h-iomlán umhal dó féin go fóill, acht go mbí go minic a' murmar agus a' sbáirn i n-a aghaidh. Mar sin, foghluim go luath thú féin úirísliughadh dod' uachtran ma's maith leat an cholann do smachtughadh dhuit féin. Óir, is luaithe a chlaoidhtear an námhaid do'n taobh amuigh, an duine a bheith iomlán lán-dhaingean ann féin do'n taobh astigh. Ní bhfuil bíodhbha nó námhaid aige th'anam is measa agus is urchoidighe ná thu féin, mur bhfuil tú air aon rún go maith le do sbiorad.
Is éigin duit thú féin a tharcuisniughadh dá ríribh, ma's áil leat th'fhuil agus th'fheoil féin do chlaoi. Is eagal agus is deacair leat umhlughadh a bheith air thoil na muinntir' eile, cionn go bhfuil grádh ró-neamh-órduighthe agad ort féin go fóill. 2. An mór nó an iongantach an ní thusa umhlacht a thabhairt do dhuine eile air son Dé, nach bhfuil tú féin acht 'do luaithrean agus 'do neimhnidh, an tan do rinne Mise, an t-Árd-Dia uile-chumhachtach do chruthuigh neamh agus talamh as an dadamh, Mé féin íseal-chlaodhadh do dhuine air do shon-sa? Atá Mé air mo dhéanamh níos umhaile agus níos ísle nó én neoch eile, ionnas go mb'éidir leat-sa th'uabhar féin do chlaoi tré m'úirísleacht-sa. Thusa, a luaithreain, nach bhfuil ach 'do chré agus 'do chlábar, foghluim an umhlacht agus an urraim, agus cromadh faoi chosaibh cáich. Foghluim do chlaonta féin a bhriseadh, agus an uile chineal umhlachta do dhéanamh. 3. Bí ann dearg-lasair feirge leat féin; agus ná fulaing do'n uabhar agus do'n árdanacht do shéideadh suas nó fás ionnad; acht déana thú féin chomh beag agus chomh úiríseal agus sin, go mbadh éidir le gach én neoch saltairt ort, agus do phreabadh faoi n-a gcosaibh, mar aoileach agus cladach na sráideann. A dhuine bhaoith gan céill! creud é ádhbhar do ghearain? A pheacaigh shalaigh! creud a thig leat a rádha a n-aghaidh na muinntir' a mhasluigheas thú; agus a léitheid uair agus do mhasluigh tú féin Dia, agus a mhionca uair do thuill tú ifreann duit féin?
Acht, do choigil, agus do chaomhain Mise thú, rinne Mé foighide agus fulang leat, air son go raibh t'anam ró-uasal ann mo shúilibh agam; ionnas go n-aithneochthá mo ró-ghrádh ort, agus go mbeitheá go bráthach ró-bhuidheach do mo thiodlaicthe dhuit, agus go dtugthá thú féin do'n umhlacht agus do'n urraim do ghnáth go fírinneach, agus do mhasla féin iomchar agus fhulang go foighideach. An 14 caibidil. Mar is dleacht smaoiniughadh air bhreitheamhnas dhiamhair Dé, ionnas nach séidfidhe suas inn, le h-uaill as ár ndeigh-ghníomharthaibh féin. 1. A Thighearna, an tan do chluinim do bhreitheamh- nas mar tháirnigh os mo chionn a' bagra orm, bíonn mo chnámha air basmairt le h-eagla agus le criothnughadh, agus m'anam air crith go ró-áidhbheil le h-uathbhas. Seasaim go gealtach, agus smaoinighim gur neamh- ghlan na flaitheamhnais féin a d'fhiadhnaise. (Iób. c.15,v.15). Ma fuair tú locht air na h-ainglibh agus nach ar chaomhnais iad, creud éireochas damh-sa? Thuit na réalta as na flaithis, (Iób.c.4,18, Apoc.16,13), agus mise nach bhfuil ach 'mo luaithrean, creud a thig liom a ghabhail orm féin do dhéanamh uaill as? An drong air saoileadh a n-oibreacha a bheith ion- mholta agus ró-mhaith, do thuiteadar go h-íochtar an
aigein; agus an drong a bhí aig ithe arain na n-aingeal, do chonnaic mé iad aig ithe na ndearcan leis na muca go ró-fhonnmhar arís 'na dhiaidh sin. 2. Mar sin, ní bhfuil naomhthacht aig én neoch, ma tharraingeann Tusa do lámh, a Thighearna, uadha. Ní fiú an dadamh an eagna, ma sgarann Tú féin o'n stiúir. Ní bhfuil tairbhe do neoch a bheith neartmhar, ma thógann Tusa Thú féin suas ó n-a chothughadh. Is ró-neimh-dhearbhtha do'n gheanmnaidheacht, ma dhealuigheann Tú féin ó n-a chosnamh. Ní bhfuil tairbhe dhúinn aire a thabhairt dúinn féin, mur mbéidh do choimhead naomhtha gár bhfaire. Óir, an tan fhágthar linn féin inn, théidhmid a mbathadh agus amugha; acht an tan do bheir Tusa cuairt orainn, éirighmid suas go beodha arís. Atámuid claochlóideach tuitmeach, acht comhdhain- gnthear leat féin inn; bímid fionn-fhuar san chrábhadh, acht dearg-lastar suas le do theasghrádh bhruithneach féin inn. 3. Ó! nach úiríseal suarach an meas is dleacht damh-sa do bheith agam orm féin! Nach beag is fiú maith air bith dá saoilim do bheith agam? O! a Thighearna, is ró-íseal budh chóir damh cromadh síos go h-aigean faoi dhoimhneacht do chirt-bhreitheamh- nais; an áit nach bhfaghaim mé féin acht mar neimhnidh agus an dadamh! Ó! ualaigh gan chuimse! Ó fhairrge nach snamhthar trasna, an áit nach bhfaghaim én ní agam féin, acht an dadamh! Cá bhfuil áit agam ann a gcuirfead mo ghlóir agus mo dhíomhaoineas a bhfolach? Cá bhfuil mo dhóchas as mo mheisnigh agus mo neart féin anois?
Atá m'uaill dhíomhaoin anois uile air n-a slugadh agus air n-a bathadh a ndoimheagan do bhreitheamhnais féin orm. 4. Creud iad clann Ádhbha uile ad' fhiadhnaise? An rachaidh an chré a n-úabhar air a Chruthuightheoir do dhealbh í? Cionnas is éidir an croidhe atá umhal go fírinneach do Dhia, a shéideadh suas le glór dhíomhaoin daoine? Cha dtógann an saoghal uile suas an té atá faoi smacht aig an fhírinne. Agus is mó do ghluaisfear, le moladh daoine, an té a chuireas a dhúil a nDia. Óir, an mhuinntir a bhíos mar sin a' moladh, ní bhfuil ionnta féin uile, acht neimhnidh, agus rachaidh siad thart, mar imthigheas fuaim agus torann a gcainnte thart; acht, fuireochaidh fírinne an Tighearna go bráthach agus go bruinne na beathadh. (Psailm. 116,2). An 15 caibidil. A labhras air cionnas mar is dleacht dúinn a bheith, agus creud is cóir a rádha, an tan iarrmuid ní air bith. 1. A mhic, abair mar so ann gach uile ní: "A Thighearna, ma 'sé so do thoil féin, go ndéantar so mar so. A Thighearna, ma's onóir dhuit-se é, go ndéantar ann t'ainm féin é. A Thighearna, ma chí Tú, agus ma mholann Tú gurab é so mo leas, nó go bhfuil tairbhe dhamh ann,
annsin tabhair damh so do ghnáthughadh chum glóire agus onóra dhuit féin. Acht, a Thighearna, ma's aithne dhuit go mbéadh sé urchoideach agam, nó a n-aghaidh sláinte m'anma, béir uaim a léitheid sin do thoil." Óir, ní ó'n Spiorad Naomh a thig gach én toil a bhíos aige duine, cia go dtógthar dó féin go bhfuilid uile ró-dhíreach agus ró-mhaith. Is deacair a bhreathnughadh go fírinneach cia h-aca sbiorad maith nó droich-sbiorad a ghluaiseas thú chum sud nó so do shanntughadh; nó an é do mheanmain dhíleas féin a ghluaiseas thú. Is mór a bhíos air n-a mealladh a ndeireadh na cúise, a shaoil gurab é an spiorad naomhtha do bhí gá seoladh air tús. 2. Mar sin is le eagla Dé, agus le umhlacht croidhe do ghnáth, is cóir gach ní, a thógthar dod' intinn do bheith taitneamhach nó go maith, iarraidh nó shann- tughadh. Agus go sonnradhach taobh an t-iomlán liom-sa aige diúltughadh dod' thoil dhílis féin, agus abair: "A Thighearna, is agad féin atá fios creud an ní is féarr; mar sin, go ndéantar sud nó so réir do thola féin. Tabhair uaid an ní is áil leat, an méid is toil leat, agus an uair is toil leat. Déana liom mar is fios agus mar féarr is toil leat féin, agus mar is mó a bhéas 'na onóir agad. Cuir anns am áit is áil leat mé, agus déana liom réir do thola ann gach én ní. Atáim ann do láimh féin; teilg agus tionntuigh air gach én taobh timcheall mé. Agus feuch atáim-se, do shearbhfhoghantuidhe, umhal,
ullamh chum gach én ní is toil leat; óir, ní damh féin, acht dhuit-se, atá mé aig íarraidh a bheith ann mo bheathaidh; a Dhia! nach bhfuilim mar sin go h-iomlán foirbhthe diongmhala!" Urnuighe aig iarraidh toil Dé do choimhlionadh. 3. A Íosa, ró-aobhdha, ró-thrócairigh, tabhair do ghrása dhamh, ionnas go mbéadh agam aige cuidiughadh agus aige comh-oibriughadh liom, agus aige fuireach agam go críoch agus finid mo bheathadh. Tabhair grása dhamh do chum go sainnteochainn go deoidh agus go n-iarrfainn an ní is taitneamhaighe agus is annsa leat féin. Go mbadh h-é do thoil-se mo thoil-se, agus go dtugaidh mo thoil-se tóraidheacht dod' thoil-se go brathach, agus go raibh dá réir air an uile mhodh! Tabhair taithneamh no mío-thaitneamh dhamh mar aon leat féin; agus ná tabhair cumhachta dhamh toil nó mío-thoil do bheith agam acht a réir do thola agus do mhío-thola féin. 4. Deonuigh dhamh bás fhághail do'n uile ní air a' t-saoghal, agus grádh a thabhairt do'n úirísleacht agus do'n uaigneas mar gheall agus mar ghrádh ort féin, a Thighearna. Go dtugaidh Tú dhamh, os cionn an uile athchuinghe, mo chroidhe síoth agus suaimhneas fhaghail ionnad féin! Is Tú féin síothchain agus sáimh-chiúineas fíre an chroidhe; atáid na h-uile ní cruaidh, doilgheasach, neamh- shuaimhneach ach Thú féin amháin. Coideola mise, agus socrochad go sáimh anns a' t-siothcháin cheudna-sa, eadhon, ann do mhór-mhaitheas shíorraidhe féin amháin. (Pslm.4,9).
An 16 caibidil. Adeir nach dlighthear an sólas fíre iarraidh ach a nDia amháin. 1. Ce bé air bith ní a thug liom iarraidh nó a smaoiniughadh chum sólais damh féin, ní bhfuil dúil agam leis air a' t-saoghal-sa, acht air a' t-saoghal atá le teacht. Óir, gé go mbéidis an domhain uile agam amháin, agus gur bh'éidir liom an uile aoibhneas a shealbhughadh, is nídh dearbhtha nach ar bh'éidir leo fuireach agam a bhfad. Air an ádhbhar sin, ní h-éidir leat-sa, a anam dhílis, do shásadh nó do sháimh-chealgadh go h-iomlán, acht amháin a nDia, atá 'na chomhfhurtoir do na bochtaibh, agus 'na sgiath dhídean aig an úiríseal. O! anam dhílis, fan go fóill tamall beag gearr; fan leis an ghealladh dhiadha, agus do gheobhaidh tú coimhlíonadh an uile aoibhneas agus mhaitheasa air neamh. Ma shanntuigheann tú go ró-mhío-órduighthe neithe saoghalta, caillfidh tú na neithe síorraidhe neamhdha. Bíodh na néithe aimseardha le h-aghaidh do riachtnais agad, acht na neithe síorraidhe ann do chroidhe. Ní h-éidir do shásadh le ní saoghalta air bith, óir ní chum iad so a shealbhughadh do cruthuigheadh thú. 2. Cé go mbéadh an uile iolmhaitheas saoghalta agad, ní ann sin atá do shonas agus do naomhthacht; acht is a nDia, do chruthuigh an uile ní, atá do shonas agus do naomhthacht uile.
Ní h-é sin a' sonas a bhreathnuighthear a bheith ionmholta le lucht grádha óinmhideacha an t-saoghail, acht an sonas leis a mbíonn fíréin Chríosda a' feitheamh, agus a réamh-bhlaisid air úairibh na dronga sbioradálta an chroidhe ghlain, a bhíos do ghnáth aige comhradh air neithibh neamhdha. Is gearr agus is díomhaoin an uile sólas daonna. Is beannuighthe agus is deimhin an sólas a mhothuigh- thear a' teacht ó'n fhírinne do'n taobh astigh. Bíonn a shólas féin, eadhon, Íosa Críosda, air iomchar ann gach én áit aig an duine chráibhtheach, agus adeir leis "Íosa, a Thighearna, bí agam san uile áit, agus san uile aimsir. Agus go mbadh h-é bhus sólas damh a' mhian do bheith orm a bheith sgartha ó'n uile shólas daonna. Agus fós ma theasduigheann do shólas féin uaim, go raibh do thoil-se agus do cheart-bhreith atá gá mo láin-dhearbhughadh, a n-áit agus a n-ionad an árd- shólais agam. Óir, cha mhaireann th'fhearg a gcomhnuidhe, agus cha bhíonn do bhagra síorraidhe." (Pslm.102,9). An 17 caibidil. Amhail mar is dleacht dúinn ár gcúram uile a chur a nDia. 1. A mhic, leig damh-sa a dhéanamh leat mar is mian liom féin; óir, is fios damh an ní is féarr agus is tairbhighe dhuit.
Smaoinigheann tusa amhail duine; do bheir tú breith air mhóran do neithibh, réir mar mhúineas an toil dhaonna dhuit. 2. A Thighearna, is fírinneach an ní adeir Tú; is mó an cúram atá agad umam-sa, nó thig liom-sa a bheith agam umam féin. Is ró-bhaoghlach do'n té nach dtaobhann a chúram uile leat féin. A Thighearna, ma bhíonn mo thoil-se díreach, seasmhach ionnad féin, déana liom mar is loinn agus mar is toil leat. Óir, ce bé air bith a dhéanfas Tú liom, ní h-éidir leis gan a bheith go maith. Ma's áil leat mo bheith a n-dorchadas, go mbadh beannuighthe Thú! agus ma's loinn leat mo bheith a soillse, go mbadh beannuighthe Thú mar an gceudna! Ma's toil leat sólas a thabhairt damh, go mbadh beannuighthe th'ainm! agus ma's triobloid nó buaidhreadh is mian leat a leigin chugam, go mbeannuighthear Thú do ghnáth mar an gceudna! 3. A mhic, is amhlaidh mar sin is éigin duit seasamh, má tá tú aig iarraidh siubhal liom-sa. Ba chóir dhuit a bheith chomh réidh air dhólas fhulang, agus do bheitheá air shólas do ghlacadh. Agus dlighthear thú a bheith chomh buidheach a bheith folamh, bocht, agus air bheith saidhbhir, lán. 4. A Thighearna, fulaingfidh me gó fonnmhar air do shon-sa, an uile ní is mian leat teagmhal damh. Is coimh-ionann liom a ghlacadh ó do láimh-se maith agus olc, milseacht agus seirbhe, sólas agus dólas; agus buidheachas do thabhairt air son gach uile ní a theagmhas damh.
Congaibh mé ó'n uile pheacadh, agus cha bhíonn eagla orm roimhe leis an mbás, nó le pianta ifrinn. Acht amháin gan Tusa mo dhíbirt nó mo theilgint uaid, nó m'ainm a sgrios amach as leabhar na beathadh, ní dhéanfaidh triobloid air bith eile do theagamhfadh díoghbháil nó dolaidh 'na dhiaidh sin damh. An 18 caibidil. Amhail mar is cóir na h-amhgair shaoghalta fhulang go foighideach comhthrom réir easamplair Chríosda. 1. A mhic, do thainic Mise anuas ó neamh ar son do shláinte-se; agus ghabh Mé th'amhgair-se orm; ní riachtnas nó oibliogóid a tharraing chuige sin Mé, ach a' charthannacht; ionnas go ndéantá-sa an fhoighide fhoghluim, agus go bhfulaingtheá na h-uilc agus na h-amhgair aimseardha gan gruaim, gan mhíoghnaoi, gan chorruighe. Óir, adeir Críosda, ó uair mo gheineamhna go h-uair mo bháis air an chrois, níor theastuigh dólas uaim le fulang. Do bhí ró-easbhaidh na neitheann saoghalta orm; is iomdha gearan do chuala Mé orm féin go minic; is ciúin, ceannsa a d'fhulaing Mé náire agus imdhear- gadh; air son fóirithint' agus cuidimh le daoine, fuair Mé díom-buidheachas agus droich-shéanadh, fuair Mé naomh-aithis agus achmhusan air son mo mhíorbhailidhe, agus mío-mhodh agus masla air son mo theagaisc agus mo sheanmora.
2. A Thighearna, ó bhí Tusa chomh foighideach agus sin aige fulang, agus go sonnradhach aige coimh- líonadh aitheanta th'Athara féin, is ceart damh-sa, an peacach bocht, fulang go foighideach réir do thola féin; agus ualach na beathadh truaillidhe soi-mhillte- se iomchar, comh fad agus is toil leat-sa, air son shláinte m'anma féin. Óir, cé go bhfuil an bheatha atá láthair leathtromach dócamhail, acht anois, tré do ghrásaibh-se, atá ró- thuillmhe agus ró-luaigheacht innte; agus tré th'easamplair-se, agus tré deagh-shampla do naomh, atá sí níos éadtruime agus níos deallraighe, soi- iomchair aig na daoine anbhfanna. Agus, mar an gceudna, atá sí níos líonmhaire go mór a sólasaibh nó do bhí sí anns-a' t-Sean-Reacht, an tan do bhí doirse fhlaitheamhnais dúnta, agus an t-slíghe níos dorcha aige dul ann, agus an tan nach raibh ach ró-bheagan do ghabh cúram nó buaidhreadh orra féin an ríoghachta neamhdha iarraidh. Agus nach dtáinic leis na fíréin féin, do bhí an uair sin le sábhail, a dhul asteach san ríoghachta neamhdha, acht tré luaigheacht do pháise agus do bháis ró-naomhtha. 3. O! creud é méad an bhuidheachais a dhlighim-se do thabhairt dhuit air son gur dheonuigh Tú an bealach maith, a ghabhas go díreach chum do ríoghachta síorraidhe, do mhúnadh agus do thaisbeanadh damh-sa agus do na fíréin uile? Óir, 'sé do bheatha-sa ár slighe; agus is tré foighide naomhtha do shiubhlamuid ad' ionnsuidhe féin, atá mar choróin dúinn. Mur b'é gur thaisbean Tú an bealach dúinn, aige
dul romhainn san t-slighe, cia gheobhadh saothar do leanmhain? Och! is mór an líon do fhuireochadh air a n-ais, agus a bhfad air deireadh, mur b'é go bhfeicid do shampla oirdhearc féin aige gabhail rompa! Agus ma támuid go fóill fionn-fhuar, tar éis do mhíorbhailidhe agus do theagasc a chluinsint, creud do theagamhfadh dhúinn, dá mbéadh an mhór- shoillse sin chum do leanmhain d'easbhaidh orainn? An 19 caibidil. A thráchtas air fhulang na h-eugcóra, agus air chruthughadh fírinneach na foighide. 1. A mhic, gad é sin atá tú a' rádha? Sguir dod' ghearan, aige smaoiniughadh air mo pháis, agus air pháis na naomh eile. Níor sheasaimh tú go fóill amach go dortadh do chuid fola. (Hebr.c.12,4). Is beag atá tusa fhulang a gcomparaid na naomh a d'fhulaing an oiread sin do phiantaibh ró-throma; do fiachadh agus do dearbhadh iad go ró-mhinic le cathuighthibh ró-neartmhara, le h-amhgaraibh agus le triobloidibh ró-mhóra, ró-áidhbheala. Air an ádhbhar sin, is oircheas duit-se trom- dhóghrainne na muinntir' eile a chuimhniughadh, ionnas go n-iomcharfá do bheag nó do mhion-ualach féin níos éadtruime.
Agus ma saoileann tú nach bhfuil siad beag agad nó éadtrom, tabhair dod' aire nach é do mhío- fhoighide féin is cinn-siocair le sin. Ach, ce bé h-aca atáid beag nó mór, trom nó éadtrom, tairg a n-iomchar uile go foighideach. 2. Ní bhfuil dá mhéad agus dá fheabhas ullmhochas tú thú féin chum fulang foighideach do dhéanamh, nach amhlaidh is eagnaidhighe agus is féarr a dhéanas tú do ghnothaighe, agus nach móide dod' thuillmhe agus dod' luaigheacht é; agus is éadtruime dod' ualach th'intinn a chleachtadh leis, agus a bheith ró-éasgaidh 'na choinne. Agus na h-abair: "Cha dtig liom an oiread- se do neithibh fhulang ó n-a léitheid so do dhuine, agus chan iomchraim air én chor iad; óir is mór an éagcóir agus an t-olc do rinne sé orm, imdheargann sé mé fá neithibh orra nach ar smaoinigh mé ariamh; acht atá mé buidheach fulang ó neoch air bith eile ní air bith do thóigfeas damh a bheith ceart le fulang." Is éigcéillidhe a léitheid sin do smaoiniughadh, nach dtugann fá ndear brígh agus neart shubhailce na foighide, agus nach dtugann aire, cia an té a bhéarfas coróin na tuillmhe agus na luaigheachta dó; ach a thugas fá ndear níos mó na daoine agus an díoghbháil do rinne siad dó. 3. Ní duine foighideach dá ríribh an té nach bhfulaingfidh ach an ní a thógthar dó féin, agus ó'n té is áil leis. Acht, ní fheuchann an foighideach fírinneach, cia an neoch do nídh an eughcóir air, cia h-aca a bhíonn sé 'na uachtran, nó 'na choimh-ionann féin, nó 'na íochtran aige; cia h-aca a bhíonn 'na dhuine mhaith, bheannuighthe, nó 'na dhuine mhalluighthe, mhíriaghalta.
Acht, ní bhfuil dá mhéad nó dá mhionca a theagmhas olc nó urchóid ó chréatuir air bith dó, nach ngabhann sé an t-iomlán díobhtha ó láimh Dé go buidheach, agus measann sé gur éadail agus tairbhe mhór dó féin iad. Óir, nídh dá laighead fhulaingthear air son Dé, cha dtéid sé amugha gan luaigheacht fhaghail uadha féin air a shon. 4. Air an ádhbhar sin, ullmhuigh thú féin a n-aircis an chatha, ma's maith leat buaidh do thabhairt. Ní h-éidir coróin na foighide a bhaint amach acht le troid go cródha air a son. Ma dhiúltann tú do'n fhoighide, agus do'n fhulang, diúltann tú thú féin óirniughadh leis an choróin. Acht ma shanntaigheann tú an choróin duit féin, cathuigh go calma, curata, agus troid go feardha, agus fulaing go foighideach. Ní h-éidir a theacht chum sochair acht le saothar, agus ní h-éidir an bhuaidh do thabhairt gan comhrac cródha air a son. 5. A Thighearna, an ní do thógthar damh-sa ó náduir do bheith doi-dhéanta agam, déana féin soi-dhéanta damh é le do ghrásaibh. Is fios duit féin gur beag a thig liom iomchar nó fulang, agus gur beag éadtrom an stoirm do bhainfeadh leagadh asam. Go mbadh taitneamhach aoibhinn liom an uile chineal buaidheartha agus triobloide air do shon-sa, a Thighearna; óir, is ró-fholláin dom' anam crádh agus amhgar fhulang air do shon.
An 20 caibidil. De admhail ár n-anbhfhainne féin, agus d'amhgaraibh na beathadh saoghalta. 1. A Thighearna, aidmheochad mo lochta agus m'éigceart a m'aghaidh féin. (Pslm.c.10,5). Agus aidmheochad mar an gceudna, mo luige agus m'anbhfhainne féin duit. Is minic gur beag an ní a leagas mé, agus a chuireas tuirse throm orm. Cuirim romham a dhul air m'aghaidh go cródha air tús, acht an uair a thig cathughadh dá laighead, cuirthear chum cruadhóige go mór mé. Is ró-shuarach an ní as a dtig cathuighthe troma air uairibh. Agus an uair a shaoilim mé féin a bheith air daing- neacht, gheibhim mé féin beag nach claoidhte, agus air mo leagadh air uairibh le séideadh dá laighead an tan nach mbím a smaoiniughadh air. 2. Air an ádhbhar sin, a Thighearna, feuch air mo luige, agus air m'anbhfhainne, noch do chí Tú féin air gach én taobh ionnam. Déana trócaire orm, agus tarraing as a' lathaigh agus as a' chorrach mé, d'eagla, tar éis mo chlaoi, mé a bheith a dtarraing ann gan cumas a theacht as a choidhche. 'So an ní a bhuaileas síos go minic mé, agus a náirigheas mé ad' fhiadhnaise, cionn mé féin a bheith chomh tuitmeach anbhfann, agus atáim, aige seasamh a n-aghaidh mo dhroch-chlaonta.
Agus cé nach dtugaim mo thoil agus m'aonta go h-iomlán dóibh, gidheadh, air a shon sin, bíonn siad gá mo bhuaidhreadh agus gá mo ghéir-leanmhain chomh mór agus sin, gur tuirseach, ró-bhuaidheartha liom mo shaoghal a chaitheamh aige gleic gach én ló mar sin leo. Is as so aithnim mo luige agus m'anbhfainne féin, cionn gur réidhe agus gurab éasgaidhe a leigim do na smaointighibh gráineamhla, agus do na dealbh- chumadrachta glonnmhaire briseadh asteach orm, nó a chuirim amach uaim arís iad. 3. Och! a Dhia ró-neartmhair Israel, a Ghráidhtheoir éadmhair na n-anman fíreunta, dearc anuas air shaothar agus air dhólas do shearbhfhoghantuidhe, agus cuidigh liom ann gach én ní do ghabhaim as láimh. Neartuigh mé le calmacht neamhdha, air mhodh nach ar bh'éidir leis an duine sheanda, nó leis an cholainn amhgaraigh, nach bhfuil go fóill umhal do'n sbiorad, buaidh a thabhairt orm, acht go mbadh éidir liom comhrac 'na n-aghaidh an fad a mhairfead san t-saoghal thruaigh-se, nídh is éigin do gach duine againn. Ach mo thruaighe! Gad é an siord saoghal-se ann, an áit nach dteasduigheann uaim amhgar agus triobloid, an áit a bhfuilid na h-uile ní lán do eascáirdibh agus do chealgaibh? Óir an tan imthigheas cathughadh nó buaidhreadh uainn, thig triobloididhe eile chugainn; agus, sul fá gcuirmid an chéad chath dhínne, thigid an iomad eile, nach ar saoilmid, orainn. 4. Agus cionnas is éidir an bheatha-sa do shannt- ughadh, ann a bhfuil an oiread sin do shearbhadas agus do dhomlas, agus lán léin agus amhgair?
Cionnas fós is éidir beatha a ghairm do'n ní a gheineas an bás, pláigh, agus tinneas? Agus grádhuighthear í, air a shon sin, agus iarraid móran iad féin do shásadh agus do chealgadh innte. Bíonn daoine a' gearan, go minic air a' t-saoghal, go bhfuil sé fealltach, bréagach, díomhaoin; gidheadh, ní furas leo sgarmhain leis go réidh, cionn go bhfuil ainmhianta na colna a' maighistireacht orra. Ach bíd neithe áirighthe dár dtarraing agus dár gclaonadh chum gráidh an t-saoghail, agus neithe eile chum mí-mheas agus fuath do bheith air. Tarraingeann agus gríosuigheann ainmhian na colna, sainnt na súl, uaill agus uabhar na beathadh chum gráidh an t-saoghail inn; ach na pianta agus na h-amhgair is ceart iad so do leanmhain, geineann siad fuath agus mí-chion an t-saoghail ionnainn. 5. Ach, fáraor! Claoidheann an antoil an duine saoghalta, agus measann sé go bhfuil móran aoibhneas le faghail faoi thórthaibh dealgacha an t-saoghail, cionn nach bhfeic sé, agus nach mblaiseann milseacht Dé, nó aoibhneas inmheadhonach na subhailce. Ach, an mhuinntir a tharcuisneas an saoghal go h-iomlán, agus do nídh a ndícheallt a mbeathadh a chaitheamh a seirbhis Dé faoi riaghail naomhtha, blaisid agus mothuighid an mhilseacht dhiadha, atá geallta do lucht tréigmheala fíre an t-saoghail; agus do chí siad go ró-ghlan gur minic agus gur mór a mhealltar agus a théid an saoghal air seachran.
An 21 caibidil. Amhail mar is dleacht dúinn ár suaimhneas a chur a nDia os cionn an uile mhaitheas agus an uile thiodlacadh. 1. Anns na h-uile ní, agus os cionn na n-uile ní, O! anam dhílis, bíodh do shuaimhneas anns a' Tighearna go bráthach, óir is É féin suaimhneas síorraidhe na naomh. O! Íosa ró-ionmhain, agus ró-mhilis! tabhair damh mo shuaimhneas a bheith ionnad féin os cionn an uile chréatuir, os cionn an uile shláinte agus sgéimhe, os cionn an uile ghlóir agus onóir; os cionn an uile chumhachta, chéim, agus ghradam; os cionn an uile eolas, agus eagna; os cionn an uile shaidhbhreas, agus ealadhain; os cionn an uile shuilbhireacht, agus shubhachais; os cionn an uile mheas, agus mholadh; os cionn an uile mhilseacht, agus aoibhneas; os cionn an uile dhóchas, agus ghealladh; os cionn an uile thuillmhe, agus an uile thoil; os cionn an uile thiod- lacadh, agus bhronntanas, darab éidir leat féin a thabhairt uaid nó a dhortadh chugainn; os cionn an uile luahthghaire, agus aigneadh, darab éidir leis an anam a ghabhail nó a mhothughadh; agus fá dheoidh, os cionn aingeal, agus arc-aingeal, agus os cionn sluagh do-áirmhe nimhe; os cionn an uile ní do chíthear, agus ná bhfeicthear; agus os cionn na h-uile ní ach Thú féin mo Dhia. 2. Óir, is Tú féin, a Thighearna mo Dhia, is ró- fhéarr os cionn an uile ní; is Tú féin amháin is airde; is Tú amháin is cumhachtaighe; is Tú féin
amháin is neartmhaire, agus is líonmhaire; is Tú amháin is milse, agus is taitneamhaighe. Is Tú amháin is sgiamhaighe, agus is geanamhla; is Tú amháin is uaisle agus is glórmhaire os cionn an uile ní; is ionnad féin amháin atá, do bhí agus a bhéas iomláine na n-uile mhaith air én iúl. Agus uime sin is beag agus ní iomchubhaidh liom tiodlacadh nó tabhartas air bith acht Thú féin amháin; cha sásuigheann agus cha socruigheann pronntanas, nó faisneis, nó gealladh dá fheabhas mé, muna bhfeicfead, agus muna sealbhochad Thú féin. Óir, go deimhin, ní h-éidir le mo chroidhe suaimh- neas fíre fhaghail, nó sásadh iomlán, nó go socraidh ionnad féin, os cionn an uile thabhartas agus an uile chréatuir. 3. O! a Chéile ró-ionmhain Íosa Críosda! a Ghrádhuightheoir fhíor-ghlain, a Thighearna na n-uile chréatuir, cia bhéarfas sgiathain na saoirse fírinnighe damh nó go rachad air eiteoig ad' ionnsuidhe, agus go ndéanfad comhnuidhe agad? (Ps.54,6). O! cá h-uair a gheobhas mé socruidheacht a bheith aige feitheamh agus aige feuchain air do ró-mhilseacht sámh-chumhra, a Thighearna mo Dhia? Cá h-uair a dhéanfas mé féin mo dhíoghluim agus mo chruinniughadh ionnad go h-uile, ionnas, air son m'annsacht' ort, nach mothochainn mé féin, acht Tú féin amháin, os cionn an uile mheabhair, an uile chéadfadh agus mhiosúir, air mhodh nach mbéadh soilleir aig na h-uile? Acht, anois bím go minic aig osnaidh, agus aig fulang mo mhío-áidh agus mo dhonais féin le dólas. Óir, is iomdha olc a theagmhas damh anns a' ghleann- sa na mór-chrádh agus na n-amhgar, noch do bhuaidh-
reas, do thuirseas, agus do chuireas gruaim orm go minic; bíonn siad go minic gá mo thoirmeasg agus gá mo chur air seachran, gá mo mhealladh agus gá mo chreapall, ionnas nach ar bh'éidir liom an t-slíghe réidhe chugad féin fhaghail, agus nach bhfuighinn seilbh na fáilte ró-mhílse, a bhíos a gcomhair na n-anman beannuighthe go bráthach. A Thighearna! gabh truaighe le m'osnadha, agus le m'amhgaraibh iomdha air a' talamh. 4. O! Íosa, a dheallraidh na glóire suthaine, a shólais an anma dheorata, ní bhfuil urlabhra ann mo bheul ad' fhiadhnaise; agus is é mo thosdaighe agus mo dhíth-bhriathar a labhras leat. Creud é an fad do dhéanas mo Thighearna moill gan teacht dom' ionnsuidhe? Tigeadh Sé chugam-sa, a shearbhfoghantuidhe bocht féin, agus cuireadh luathghaire orm. Síneadh Sé a lámh uadha, agus saoradh Sé an bochtan ó'n uile chreapall agus chumhanglach. Tar, tar, óir cha bhíonn én lá, nó aon uair luathghaireach agam ad' fhéagmhais; óir is Tú féin is iolgháirdeas damh, agus atá mo chlár agus mo mhias folamh ad' easbhaidh. Atá mé 'mo thruaighe, amhail mar phríosunach cheangailte, chruaidh, chuibhrighthe, nó go bhfóiridh Tú féin orm le soillse agus deallradh do chuarta chugam, agus go bhfuasglochaidh Tú dhamh, agus go bhfeicfead do ghnúis ró-gheanamhail. 5. Iarradh cách gach ní is áil leo féin ann th' áit-se; air mo shon-sa, ní shásuigheann agus ní shásochaidh ní air bith mé, acht Thú féin mo Dhia, mo dhóchas, agus mo shláinte shíorraidhe!
Ní rachaidh tost air mo bheul, agus cha stadaim ó urnuighe, nó go dtillfidh do grása orm, agus go labhrochaidh Tú ann mo chroidhe liom. 6. "Feuch," adeir Críosda, "atá Mé a láthair agad; amharc mar thainic Mé, cionn gur ghoir tú orm. Thug do dheora, grádh th'anma, th'umhlacht agus do chroidhe-bhrúghadh orm cromadh anuas agus a theacht air cuairt chugad." 7. Agus adubhairt mé: A Thighearna, do ghoir mé ort, agus ró-shanntuigh mé a bheith ad' fhochair, agus atá mé buidheach dealughadh le na h-uile ní mar gheall ort féin. Óir, is Tú féin a mhúsgail agus a bhrosduigh mé air tús Thú féin iarraidh, agus tóraidheacht do dhéanamh ort. Beannughadh, glóir agus moladh dhuit, a Thighearna, a rinne an mór-mhaith-se air do shearbhfoghantuidhe réir líonmhaireacht do mhór-thrócaire! Gad é atá aig do shearbhfoghantuidhe níos mó le rádh, acht amháin é féin úirísliughadh dod' láthair, aige cuimhniughadh a gcomhnuidhe air a pheacaidhibh agus air a neamh-ghloine ghránna féin? Óir, ní bhfuil én ní do na neithibh ró-iongantacha air neamh nó air talamh cosamhail leat féin. Atáid th'oibreacha uile ró-mhaith, do bhreitheamhnas ró-dhíreach, agus na h-uile ní air riaghaladh le do réimh-fheuchain agus do choimhead. Mar sin, glóir agus moladh dhuit féin, O! a Eagna an Athara! Go dtugaidh mo bheul, agus m' anam, agus an uile chréatuir a n-aoinfheacht glóir agus moladh duit go saoghal na saoghal!
An 22 caibidil. A thaisbeanas cionnas is cóir dúinn cuimhniughadh air mhóir-thiodlaicthibh iomdha Dé dhúinn. 1. A Thighearna, fosgail mo chroidhe ann do dlíghidh, agus teagaisc damh siubhal do réir th'aitheanta. Tabhair deallradh air mo thuigse feuchain air do thoil, agus cuimhniughadh go ró-airmhinneach, agus go ró-dhícheallach air do thiodlaicthibh geinearalta agus sbeisialta, ionnas go bhféadainn ó so amach buidheachas diongmhala a thabhairt duit go bráthach. Acht, tuigim agus aidmhim nach dtig liom an moladh a dhlightear duit a dhíol air son an roinn is lugha dod' thiodlaicthibh. Óir, is measa agus is lugha me féin nó én tiodlacadh dá bhfuaras uaid, agus an uair a thugaim do mhór-uaisle fá ndear, théid mo sbiorad a n-anbhfainne tré dheallradh ró-áidhbheil do mhórdhachta. 2. An uile thiodlacadh dá bhfuil agam, a dtaobh anma agus cuirp, amuigh nó astigh, ó náduir nó ó ghrásaibh is uaid féin a fuaras iad, agus foill- sigheann siad Thú féin do-thabharthach, fialmhar, trócaireach, uaid a bhfaghthar na h-uile ní. Agus cia go bhfaghann duine níos mó nó an duine eile, gidheadh, is leat-sa iad uile, agus ad' fheagmhais ní bhfuil én ní le faghail dá laighead. An té a fuair móran ní cóir dó uaill a dhéanamh as a thuillmhe nó as a luaigheacht féin, nó é féin a mheas os cionn cáich, nó dí-mheas do bheith aige air
fhear a' bheagain; óir, 'sé an duine is mó agus is féarr an té is lugha meas air féin, agus is umhaile agus is buidhe altuigheas le Dia an méid a fuair sé. Agus an té is lugha a mheasas é féin air bith, agus a bhreathnuigheas é féin a bheith níos measa nó cách uile, is é is oireamhnaighe agus is féarr atá ullamh na grása is mó do ghabhail. 3. Acht, ní cóir d'fhear a' bheagain a bheith buaidh- eartha, nó a ghabhail go h-olc, nó iomthnúth a bheith aige le fear a' mhórain; acht is córa feuchain ort- sa, a Thighearna, agus do mhór-mhaitheas a mholadh, cionn gur phronn Tú do thiodlaicthe a n-asgaidh, go fairsing, fialmhar, toilteanach, gan breith bháidhe nó muinnteardhas le én neach seacha a chéile. Och, a Dhia! is uaid féin an uile ní, agus is Tú féin is ceart a mholadh air a son uile. Is fios duit creud is maith a thabhairt do gach én neach; agus creud fáth a bhfuil níos lugha aige an fhear-sa agus níos mó aig an fhear ud eile, ní linne ach leat féin a bhaineas amharc air so, agad a bhfuil cunntas agus áireamh air thuillmhe agus air luaigheacht gach én nduine. 4. Uime sin, a Thighearna Dé, is maith an tiodlacadh liom-sa a bheith folamh nó gan móran a bheith agam as a ndéantaidhe uaill nó uabhair nó moladh a dtaobh amuigh a bhfiadhnaise daoine; uime sin, ce bé air bith do bhéarfadh aire dá bhochtacht féin, agus do mhiothuireacht ghránna a phearsain, ní gheobhadh sé dólas nó tuirse air a shon sin, ach do bhéadh sólas agus luathghaire mhór air. Cionn gur thogh Tú féin, a Dhia, na bochtain úirísle, orra nach raibh meas aige an t-saoghal, mar chuideachta duit-féin.
Is fiadhnaise air sin na h-Easbail, díobhtha dá ndearna Tú príonnsaidhe os cionn na talmhan uile. Acht, do bhí a gcoinbhersaid gan ghearan, chomh umhal, simplidhe, soineannta, saor o'n uile olc agus urchoid, air mhodh gur bha luathghaireach leo tarcuisne fhulang mar gheall air th'ainm-se, agus do ghrádhuighdis go ró-fhonnmhar na neithe orra a mbéadh fuath agus gráin aige an t-saoghal. 5. Dá bhrígh sin, ní bhfuil ní air bith ba chóra luathghaire a chur air an té a ghrádhuigheas Thú, agus aige a bhfuil eolas air do mhaitheas, nó do thoil agus th'órdughadh síorraidhe do choimhlíonadh leis an oiread sin do thoil agus do thaitneamh; air mhodh go mbéadh sé chomh umhal a bheith 'na dhuine ba lugha meas, agus do bhéadh duine eile air árd-mheas agus onóir; agus a bheith chomh soirbh, suaimhneach agus sin, go mbéadh sé chomh sásta leis an áit is lugha agus is íochtraighe agus do bhéadh leis an áit is féarr agus is airde, onóraighe; chomh deontach air tharcuisne agus air dhroich-mheas, gan ainm, gan chlú saoghalta, agus do bhéadh sé air a bheith os cionn cáich a n-áird-chéim agus a n-onóir saoghalta. Óir, ba chóir do thoil-se, agus grádh th'onóra a chur os cionn an uile ní, agus a bheith níos sólasaighe agus níos taitneamhaighe aige duine, nó bhéadh tiod- lacadh air bith eile dá bhfuair, nó dá bhfuighfidh sé. An 23 caibidil. A labhras air cheithre neithe do bheir síothchainte mhór dúinn. 1. A mhic, múinfead duit anois slighe agus conair na síothchainte, agus na saoirse fíre.
2. Déana, a Thighearna, mar deir Tú, óir is ró- thaitneamhach liom-sa do chluinsin. 3. A mhic, tairg toil dhuine eile a dhéanamh níos luaithe nó do thoil féin. Togh go bráthach an chuid is lugha a bheith agad níos luaithe nó an chuid is mó. Agus iarr an áit is íochtraighe do ghnáth agus a bheith faoi chách eile. Iarr agus guidh go buan thú féin toil Dé a choimh- líonadh go h-uile. Feuch, théid a léitheid sin do dhuine asteach go críochaibh na síothchana agus na socruidheachta. 4. A Thighearna, is mór an iomláine agus an bhrígh atá ann do sheanmoir agus ann do ghearr-chomhradh: beagan briathar, acht lán céille, agus líonmhair a dtórthaibh. Óir, dá dtiocadh liom-sa dá n-abair Tú a choimh- líonadh, ní bhéadh croidhe so-bhuaidheartha agam. Óir, chomh minic agus mhothuighim mé féin neamh- shuaimhneach tuirseach, gheibhim me féin a bhfad o'n t-seanmoir-se air seachran. Acht, Thusa, a Thighearna Dé, atá uile-chumhachtach, agus darab ionmhain biseach agus sláinte an anma, méaduigh do ghrása ionnam, ionnas go m'éidir liom do bhriathara a choimhlíonadh, agus mo shláinte anma do chríochnughadh. Amen. Urnaighe a n-aghaidh na ndroch-smaointighthe. 5. A Thighearna Dé, ná tabhair cúla liom, agus ná h-imthigh a bhfad uaim! O! a Dhia! dearc orm,
agus cuidigh liom, óir atáid an iomad droch-smaoin- tighthe eugsamhla air n-éirighe a m'aghaidh, agus an iomad uathbhais aig buaidhreadh m'anma. Cionnas a rachas me tharsda gan ghoin, gan ghortughadh? Cionnas a sgriosfas agus a dhíbrochas mé uaim iad? 6. Rachaidh Mise romhad, adeir an Tighearna, agus leagfaidh Mé lucht uabhair agus uaille na talmhan. Fosglochad doirse na carcaire, agus taisbeanfad dhuit rúindiamhra na neitheann foluighteacha. 7. A Thighearna, déana amhail mar deir Tú, agus go sgriosthar, agus go ngabhaid teitheamh amach as th'fhíadhnaise na droch-smaointighthe-se uile. 'Sé so mo mhuinighin, agus mo shólas sbeisealta: a dhul fá do dhídean féin a n-aimsir m'uile thriobloide, mo dhóchas a chur ionnad, a bheith a' glaoi agus a' gairm ort ó mheadhon agus ó cheart lár mo chroidhe, agus a bheith a' feitheamh agus a' fuireach go foighideach, nó gur toil leat féin furtacht orm. Urnaighe aig iarraidh soillse agus deallradh na meanmna. 8. Íosa ró-mhaith, soillsigh mé le deallradh na soillse inmheadhonaighe, agus díbir amach as mo chroidhe an uile dhorchadas. Múch mo smaointighthe iomdha earraideacha, agus sgrios na cathuighthe atá aig iarraidh foirneart a dhéanamh orm.
Comhairc go calma air mo shon, agus claoidh na h-ilphiasda urchoideacha, 'sé sin le rádh, na h-ain- mhianta claona, fealltacha; ionnas go dtiocfadh an t-síothchainte tré do chumhachta agus th'fheartaibh (Pslm.121,7), ionnas go gcluinfidhe fuaim do mhór-mholta anns a' chúirt bheannuighthe, eadhon, anns a' choinsias ghlan. Bagair agus cuir smacht air a' ghaoith, agus air a' t-síon agus air a' doininn; abair leis an fhairrge: "Socruigh," agus leis an ghaoith ó thuaidh gan séideadh, agus béidh ciúineas mór gan mhoill ann. (Math. c.12,39). 9. Seol agus cuir uaid do shoillse agus th' fhírinne nó go ndeallrochadaois air an talamh. (Pslm.42,3); óir ní bhfuilim-se acht 'mo chriaidh thalmhaidhe fáis folamh, nó go soillseochaidh Tusa mé. (Gen.c.1,3). Doirt anuas do ghrása orm; maothuigh agus fliuch mo chroidhe le driúchd neamhdha; cuir anuas chugam uisge an chrábhaidh chum aghaidh na talmhan do fhliuchadh, ionnas go mbeireadh toradh maith agus fíor-mhaith uadha. Tóg suas m'anam atá tuiteam faoi throm-ualach a pheacaidh, agus tóg mo mhian agus mo thoil uile suas air neithibh neamhdha; ionnas, air bhfromhadh milseacht an aoibhnis neamhdha, go mbéadh doilgheas orm smaoiniughadh air neithibh talmhaidhe. 10. Fuaduigh, agus tarraing mé, ó'n uile shólas díombuan saoghalta; óir, cha dtig le ní air bith saoghalta mo thoil a shocrughadh agus a shásadh go h-iomlán.
Ceangail duit-féin mé le nasg agus le snaidhm do-sgaoilte an ghráidh; óir, is leor Thú féin do'n té a ghrádhuigheas Thú, agus ad' fhéagmhais is beag- mheasamhail an uile ní eile. An 24 caibidil. Adeir nach cóir a bheith ró-chúirealta, ró-fhíaf- ruightheach fá bheathaidh na muinntire eile. 1. A mhic, na bí ró-chúirealta, agus na bíodh cúram nó buaidhreadh ort fá neithibh díomhaoineacha. Gad é dhuit-se so nó súd? Lean thusa Mise (Eoin.c.21,22). Óir, gad é dhuit-se, cia h-aca atá an fear ud mar so nó mar sud, nó creud an fáth a ndéan an fear-sa mar so, nó a n-abair sé sud nó so? Cha bhíonn riachtanas ort-sa freagra air son na muinntire eile; freagair agus déana cunntas air do shon féin. Mar sin, creud fá mbuaidhreann tú thú féin, nó a gcuireann tú do chorran a ngort gan iarraidh? Nach bhfeic tú, go bhfuil eolas agus aithne agam- sa orra uile? agus go bhfeicim agus gur fios damh na h-uile ní a theagmhas faoi an ghréin? agus is aithne dhamh stáid gach én nduine, gach smaoiniughadh, gach toil, gach intinn, agus gach rún dá mbíonn aige. Mar sin, is liom-sa is cóir an uile ní do thaobhadh; acht air do shon-sa, coimhead thú féin a ndéigh-shíoth- chainte, agus leig do'n duine bhuaidheartha é féin a bhuaidhreadh mar is toil leis.
Óir, ce bé dhéanfaidh sé, no déarfaidh sé go h-eugcórach, tuitfidh sé air féin, óir ní h-éidir leis cluain nó ceilg a chur orm-sa. 2. Ná bíodh buaidhreadh nó ró-chúram ort fá sgáile bréige, nó fá mhór-chlú dhíomhaoin fhaghail duit féin, agus na h-iarr ró-eolas nó ró-chumann a chur air mhóran, nó a gcáidreimhe a tharraing ort féin go sonnradhach. Óir, geinid so móran seachrain agus daille anns a' chroidhe. Do labhrochainn leat go ró-thoilteanach, agus do nochtfainn mo rún duit, dá mbéarthá fá ndear go fuireachair mo theacht air cuairt chugad, agus doras do chroidhe osgladh damh. Mar sin, déana fuireachas agus faire anns an urnuighe agus úirísligh thú féin san uile ní. An 25 caibidil. A mhúineas dúinn na neithe ionnta a bhfuil síothchainte dhearbhtha an chroidhe, agus an biseach fírinneach sbioradálta. 1. A mhic, adubhairt Mise: fágaim a' t-síothchain agaibh, do bheirim mo shíothchain díbh; ní mar do bheir an saoghal, do bheirim-se dhíbh í. (Eoin,c. 14,25). Bíonn gach én neoch aig iarraidh na síothchainte, ach ní bhíonn cúram acá, fá na neithibh a bhaineas leis an t-síothchainte fhíre.
Atá mo shíothchain-se aige lucht umhlacht agus cheannsacht an chroidhe. Béidh do shíothchain-se ann do mhór-fhoighide. Dá n-éistfeá liom-sa agus mo chomhairle do ghabhail, dob éidir leat síothchainte mhór a bheith agad. 2. Creud a dhéanfas mé mar sin, a Thighearna? 3. Tabhair aire dhuit féin ann gach én ní, creud a dhéanas tú, agus creud a deireas tú; agus dírigh agus deasuigh do rún uile chum Mise amháin do shásadh, agus amach uaim ná sanntuigh agus ná h-iarr ní air bith. Ach, ná tabhair breitheamhnas meardhána, obann air bhriatharaibh, nó air ghníomharaibh na muinntire eile; agus ná buaidhir thú féin le neithibh nach ar taobhadh leat; agus do b'éidir gur ró-bheag, nó gur ró-annamh do bhéadh buaidhreadh air bith ort. Ach, gan buaidhreadh air bith a mhothughadh a choidhche, nó dólas éigin croidhe nó cuirp, ní h-é sin stáid beathadh an t-saoghail-se, acht stáid an aoibhnis agus an t-suaimhnis shíorraidhe san t-saoghal eile. Mar sin, ná meas go bhfuair tú an t-síothchain fhíre, cionn nach mothuigheann tú leathtrom air bith; agus ná saoil go bhfuil gach én ní go maith, cionn nach bhfuil én neoch 'ná námhaid agad; agus ná meas go bhfuil tú 'do dhuine fhoirbhthe iomlán cionn gach én ní a bheith soirbhiughadh agus aig éirighe leat réir do thola. Agus ná bíodh móir-mheas agad ort féin, agus ná saoil go bhfuil grádh sbeisialta aige Dia ort os cionn cáich eile, cionn go mothuigheann tú milseacht agus blas mór air a' chrábhadh agad; óir, ní anns na neithibh-se aithnighthear gráidhtheoir fíre na subhailce
diadha; óir, ní ionnta sin uile atá biseach, nó foirbhtheacht agus iomláine an duine. 4. Maiseadh, a Thighearna, creud eile an ní ann a bhfuil sé? 5. Atá, anns an iodhbairt do nídh tú dhíot féin ó do chroidhe go h-iomlán do thoil Dé; gan a bheith aig iarraidh do thola nó do shochair féin, go beag nó go mór, air a' t-saoghal nó anns a' t-síorruidheacht. Air mhodh gurab ionann do bheirir buidheachas do Dhia, le gnúis shoineannta, shoirbh, gan chlaochlódh, air son an uilc agus an mhaith, an t-sonais agus an chrua- dail, aige tomhas an uile ní a n-aon chomhthrom amháin. Dá mbeitheá chomh calma, fulangach, buain-sheasmhach agus sin a ndóchas, air mhódh an tan do chaillfeá an comhsholas inmheadhonach sin do bhí agad, go dtiocfaidh leat do chroidhe ullmhughadh chum neithe níos mó nó sin fhulang, agus gan a bheith a' gearan nó teagra air do shon féin, aige rádh nach ar thuill tú an oiread sin d'fhulang, ach admhail go bhfuilim-se ró-cheart, ró-dhíreach anns an uile ní dá n-órduighim, agus m'ainm naomhtha do mholadh: creid an uair sin, go bhfuil tú go díreach a' siubhal air bhealach agus air shlighidh dhearbhtha na síothchana, agus béidh dóchas lán- dhearbhtha agad go bhfeicfidh tú mo ghnúis agus m' aghaidh arís le an iomad luathghara. Agus dá dtigtheá chum dí-mheas iomlán a bheith agad ort féin, bíodh fios agad, go mbéidh tú lán síothchainte an uair sin, oiread agus is éidir le neoch air bith saoghalta do shealbhughadh.
An 26 caibidil. A labhras air shaoirse éifeachtaigh an anma, agus gur féarr a thuilleas an urnuighe úiríseal an t-saoirse sin fhaghail nó an léightheoireacht. 1. A Thighearna, 'sé so gnothaighe an duine fhoirbhfe fhíreunta, gan sgíthste a thabhairt dá mheanmain a choidhche ó aire agus ó fheuchain air neithibh neamhdha, agus a dhul air aghaidh tré an iomad buaidheartha, amhail agus nach mbéadh buaidhreadh nó cúram air; ní air nós dhuine sbadanta gan mhothughadh, ach le láin-cheart sonnradhach na saor-thoile, aige nach mbíonn grádh mío-órduighthe air chréatuir air bith. 2. Guidhim Thu, a Dhia na trócaire, cumhduigh mé ó ró-chúram na beathadh-sa, ionnas nach mbéinn a n-achrann nó ró-chreapaillte ó riachtnasaibh iomdha an chuirp, nó ceangailte cruaidh chuibhrighthe aige antoil na colna; saor mé ó'n uile thoirmeasg agus bhuaidhreadh anma, ionnas nach gclaoidhfidhe mé agus nach dtuitfinn leo. Ní abraim, ó na neithibh-se amháin iarras an díomhaoineas saoghalta le n-iomad sainnte, ach saor mé ó na h-amhgaraibh atá, tré shean-mhallacht chomh-choitcheannda an bháis, 'na bpéin agus 'n-a dtrom-ualach air anam do shearbhfoghanthuidhe gá chongbhail air ais, air mhodh nach dtig leis a dhul asteach a saoirse na sbioraide chomh minic agus ba mhian leis. 3. O! a Dhia, a mhilseacht dhoi-innse! tabhair searbh-bhlas agus fuath damh air an uile shólas
colnaidhe a dhealuigheas ó ghrádh na síorruidheachta mé, agus a tharraingeas go cealgach chuige féin mé, le taisbeanadh bréaghacht bhréige air ní éigin atá a láthair damh. O! a Dhia! nar bheiridh fuil nó feóil buaidh orm! agus nar mheallaidh an saoghal, nó an ghlóir dhíomhaoin mé! agus nar sháruighid cealga an áidhbheirseora mé! Tabhair neart agus brígh damh seasamh; foighide chum fulang; agus buan-chródhacht a dhul air m'aghaidh. Tabhair damh, air son an uile aoibhneas saoghalta, ungadh cumhra sáimh-mhilis do sbioraide; agus air son ainmhian na colna, doirt ann m'anam searc agus fíor-annsachd dod' ainm naomhtha féin. 4. Feuch, an biadh, an deoch, an t-éadach, agus na neithe eile riachtnasacha, agus a bhaineas le h-oileamhain agus le cothughadh an chuirp, is trom- ualach air sbiorad an teasghráidh iad. A Thighearna, tabhair damh na neithe-se a chaitheamh go measardha, agus gan a bheith buaidheartha nó ró- chíocrach gá n-iarraidh. Gidheadh, ní dleacht diúltughadh dóibh uile, óir is éigin agus is iomchubhaidh an náduir dhaonna do chothughadh; ach, bacann dligheadh Dé an bharraidheacht agus na neithe ro-thaitneamhacha iarraidh; d'eagla an cholann éirighe a gcogadh a n-aghaidh na sbioraide. A Thighearna, guidhim Thú mo riaghladh agus mo mhúnadh le do láimh féin anns na neithibh-se, d'eagla mé a dhul as míosúireacht.
An 27 caibidil. A deir go gcoingbheann an grádh príbhideach duine air ais ó Dhia, an Mór-Mhaith síorraidhe. 1. A mhic, is éigin duit an t-iomlán do thabhairt air an iomlán, agus gan dadamh dhíot féin do bheith agad. Feuch, gur mó ghortuigheas do ghrádh féin thú, nó ní air bith eile air a' domhan. Réir na tola agus an ghráidh atá agad, gream- uigheann gach én ní níos mó nó níos lugha. Ma bhíonn do ghrádh glan, simplidhe, deagh-órduighthe, cha bhíonn tú a ndaoirse aig én ní. Ná sanntuigh ní nach ceart duit a bheith agad. Agus ná bíodh ní agad dob éidir moill a chur ort, nó do bhainfeadh saoirse inmheadhonach an chroidhe dhíot. Is iongantach nach dtaobhann tú féin liom-sa ó aigean do chroidhe, mar aon le gach én ní dob éidir leat do shanntughadh nó do shealbhughadh. 2. Creud an fáth a bhfuil tú gad' sheargadh féin le dólas díomhaoin nó le cumhaidh? Creud an fáth a bhfuil tú gá do chlaoi féin le n-iomad cúraim? Seasaimh air mo thoil-se, agus cha dtig caill nó díoghbháil ort. Ma bhionn tú aig iarraidh so nó sud, anns an áit-se, nó anns an áit ud eile, mar gheall air do shochair féin, nó air do thoil féin fhaghail níos féarr, cha bhíonn tú go bráthach socair, nó saor ó bhuaidhreadh; óir, cha bhíonn ní air bith gan locht, nó én áit gan námhaid eigin ann.
3. Mar sin, ní h-é tiomsughadh nó méadughadh na neitheann saoghalta is maith agus is tairbhighe dhuit; is féarr a dtarcuisniughadh agus a ngearradh ó fhréimh amach as do chroidhe. Ná tuig gur a dtaobh airgid nó saidhbhris amháin a labhraim; ní h-eadh, ach do thaobh andúil agus dréim le h-onóir agus le glóir dhíomhaoin, a théid thart uile mar aon leis a' t-saoghal mar sgáile. Is beag an daingneacht an áit, ma theastuigheann sbiorad an chrábhaidh agus an teas-ghráidh; agus ní fada a mhairfeas an t-síothchain do'n taobh amuigh, ma theastuigheann stáid an chroidhe ó'n bhun-fhréimh fhíre, 'sé sin le rádh, mur mbéidh tú daingean ionn- am-sa. Is éidir leat athrughadh go réidh, gan biseach air bith a theacht ort. Óir, an chéad ocoid a theagmhas, gheobhaidh tú romhad an ní do bhí tú a sheachna, agus tuilleadh eile nios mó. Urnuighe aig iarraidh glaine an chroidhe agus an eagna dhiadha. 4. Comhdhaingnigh mé, a Dhia, le grásaibh an Spiorad Naoimh. Tabhair láidreacht damh ionnas go mbéinn air mo neartughadh a dtaobh astigh, agus díbir as mo chroidhe an uile bhuaidhreadh gan tairbhe, agus amhgar; agus ná leig mo tharraing air siubhal le miangasaibh eugsamhla a n-diaidh neithe air bith dá olcas nó dá fheabhas; ach go bhfeicinn air gach uile ní, mar neithe silteacha, siobhlacha, díombuana, agus orm féin aig dul thart mar aon leo.
Óir, ní bhfuil nídh faoi an ngréin marthannach nó seasmhach, ach an uile ní 'na dhíomhaineas agus 'na ádhbhar dólais anma. O! is eagnaidhe an duine a smaoinigheas air na neithibh-se mar so. 5. A Thighearna, tabhair damh-sa an eagna neamhdha, ionnas go m'eol damh Thú féin iarraidh agus fhaghail, agus blas agus grádh do bheith agam ort féin os cionn na h-uile ní; agus a thuigbheal go bhfuil gach ní eile 'na suidhe réir órduighthe do mhaithis agus do mhóir- eagna féin. A Thighearna, tabhair damh lucht na mbréag agus na mealltorachta do sheachnadh, agus lucht mo chodarsnachta agus mo ghéir-leanmhainte iomchar agus fulang go foighideach. Óir, is maith a' chiall, agus is mór an eagna do dhuine gan é féin a ghluaiseacht, nó a thógbhail chum feirge le gaoith gach én fhocail, nó cluas a thabhairt do mhealltoiribh meabhlacha, bréagacha; agus is amhlaidh mar sin, a rachas duine air aghaidh gan tuisleadh, gan baoghal tuiteam, anns a' t-slighidh agus anns a' turas a chuir sé roimhe air tús. An 28 caibidil. A n-aghaidh lucht an tuaithlis agus na h-an-chainnte. 1. A mhic, ná glac go h-olc ma thugann daoine droch-bharamhail ort, nó ma deirid neithe leat nach ar mhaith leat a chluinsin.
Ba chóir duit a mheas agus a chreidmheal nach bhfuil duine air bith níos measa agus níos anbhfainne nó thú féin. Ma bhíonn tú go maith ionnad féin astigh, cha bhíonn suim agad a mbriatharaibh le gaoith amuigh. Is maith an chiall duine a bheith 'na thost a n-aimsir na feirge agus an uilc, agus a chroidhe a thilleadh agus a thiompodh orm-sa, agus gan é féin do bhuaidhreadh air son baramhlacha nó breathamhnais daoine. 2. Ná bíodh do shíothchain a mbeul daoine. Óir, ce bé h-aca olc nó maith a deirid leat, ní bhfuil tusa 'do dhuine eile níos féarr nó níos measa air a shon sin. Cá h-áit a bhfuil an t-síothchain agus an ghlóir fhíre, ach agam-sa amháin? An té nach iarrann aoibh nó taitneamh ó dhaoinibh, agus nach imeagluigheann fá n-a dtoil nó fá n-a mío-thoil béidh síothchain iomlán aige. Ó'n ghrádh mhío-órduighthe, agus ó'n eagla dhíomhaoin a gheintear agus éirigheas an uile mhío-shuaimhnis croidhe agus bhuaidhreadh na gcéadfadh. An 29 caibidil. A mhúineas cionnas is cóir Dia do ghuidhe agus do bheannughadh a n-am na triobloide. 1. A Thighearna, go mbeannuighthear th'ainm go bráthach, noch do thoiligh an buaidhreadh agus an triobloid-se do theacht orm.
Ní h-eidir liom teitheamh roimhe, ach is ró-riachtnas damh rochtain go deifreach fád' chomairce, ionnas go ndéantá imdhidean agus cuideamh liom, aige tiompodh an bhuaidheartha-sa chum mo mhaith agus mo leas do theacht as. A Thighearna, atá m'anam ró-bhuaidheartha anois, agus atá mo chroidhe mío-shuaimhneach; atáim air mo losgadh le n-iomad buaidheartha atá orm. Agus anois, a Athair ionmhain, gad é a déarfas mé? Atá mé ceangailte a gcumhglach agus a gcreapall; a Thighearna, slánuigh mé go tapaidh! (Pslm.21,25). Gidheadh is uime a thainic uair-se an bhuaidheartha orm, ionnas go bhfaghthá-sa glóir air a shon, an tráth a bhéas mise air m'úirísliughadh, agus air mo sgaoileadh leat féin ó'n chreapall-sa. Go mbadh toil leat, a Thighearna, mo shaoradh; óir, creud a thig liom-sa, an bochtan, a dhéanamh, nó cá rachaidh mé ad' fhéagmhais? A Thighearna, tabhair foighide damh air an uair-se. Cuidigh liom, a Dhia, agus cha bhíonn eagla orm roimhe le triobloid dá mhéad. 2. Agus anois ameasg na neitheann-sa, creud a déarfas me? Déarfad: Go ndéantar do thoil; óir is maith a thuill mise an buaidhreadh agus an trom- ualach-sa. Mar sin, is cóir damh iomchar, agus dob fhéarr liom go ndéanainn sin go foighideach, nó go rachaidh an stoirm-se thart, agus go dtiocaidh an ciúineas arís! Ach, is éidir le do láimh chumhachtaigh-se na cathuighthe- se a thógbhail uaim, agus a mór-neart agus a mbuile do cheannsughadh, ionnas nach dtuitfinn go h-uile,
mar is minic a rinne Tú liom a roimhe, ó mo Dhia, agus mo thrócaire! Agus chomh mór agus atá a' claochlódh-sa dheas- láimhe an Áird-Righ doi-dhéanta agam-sa, atá sé an méid so soi-dhéanta agad-sa, a Thigearna. (Ps.76,11). An 30 caibidil. Air iarraidh an chuidigh dhiadha, agus air dhóchas na grása filleadh arís. 1. A mhic, is Mise do Thighearna Dé do bheir neart agus furtacht uaim ló an amhgair. Tar dom' ionnsuidhe, an tráth nach mbéidh tú mar is maith leat. 'Sé an chúis is mó thoirmeasgas an comhshólas neamhdha, cionn go bhfuil tú mall, leisgeamhail anns an urnuighe. Óir, nó go guidhfidh tú Mise go dúthrachtach, ní iarrann tu sólas ach anns na neithibh talmhaidhe. Agus teagmhann mar sin, gur beag an tairbhe duit iad, nó go mbeiridh tú fá ndear gur Mise a shaoras an mhuinntir do nídh muinighin asam, (Pslm.16); agus nach bhfuil cuideamh, nó comhairle, nó leigheas buan le faghail amach uaim féin amháin. Acht, anois, gabh croidhe agus uchtach, agus neartuigh thú féin a ndeallradh mo thrócaire-se, a ndéis anfadh na doininne agus na stoirme a dhul thart; óir, atá Mé aig do láimh, adeir an Tighearna, chum
an uile ní do leasughadh, ní h-é amháin go h-iomlán, acht go h-iomadamhail, agus os cionn miosúir. 2. An bhfuil ní air bith doi-dhéanta agam-sa? (Ieremiah c.32,27), nó an mbéidh Mé cosamhail leis an té adeir agus a gheallas an ní nach déan sé? Cá bhfuil do chreideamh? Seasaimh go daingean agus go buan. Bí foighideach, cródha, agus tiocaidh an fhurtacht ann aimsir féin ad' ionnsuidhe. Fan liom-sa, fan agus tiocfaidh Mé gad' leigheas. Is cathuighe atá a' cur buaidheartha ort, agus eagal díomhaoin gad' chriothnughadh. Creud an tairbhe do nídh ró-chúram a bheith fá neithibh atá le teagmhal, acht dólas air muin dólais do thabhairt chugad? Is leor do gach én ló a olc féin. (Math.c.6,24). Is díomhaoineas agus ní gan tairbhe ró-luathghair nó ró-thuirse a bheith air neoch fá neithibh nach dteag- mhann b'éidir a choidhche. 3. Acht, atá an duine ó náduir so-mheallta le smaointighthibh leamha, agus le dealbh-chumadracht do'n t-samhail-se; agus is comhartha luige, agus anbhfainne anma, duine a bheith chomh so-tharrangta agus éisteacht le comhairle ó n-a námhaid. Óir, is cuma led' eascharaid cé h-aca le bréig nó le fírinne a chealgas agus a mheallas sé thú; cé h-aca le grádh na neitheann atá a láthair, nó le eagla na neitheann atá le teacht, a dhéanas sé do trasgairt agus do leagadh go talamh. Mar sin, ná buaidhir do chroidhe, agus na bíodh eagal nó uathbhás ort.
Creid ionnam-sa agus bíodh muinighin agad ann mo thrócaire. (Eoin.c.14,1). Óir, an tan a shaoileas tú a bheith a bhfad uaim-se, is minic is foigse dhuit an uair sin Mé. An tan a shaoileas tú thú féin a bheith beagnach caillte, sé sin an uair go minic a bhíos biseach agus tairbhe na tuillmhe agus na luaigheachta ad' fhochair. An uair a theagmhas neithe a n-aghaidh do thola, ná meas go bhfuil an t-iomlán air ndul amugha. Ní cóir duit breitheamhnas do dhéanamh réir mar shaoileas tú anois; nó thú féin do chéasadh le tuirse dá thaobh air bith; nó a ghlacadh amhail agus nach mbéadh dúil agad le fóirithin nó le furtacht. 4. Ná meas go bhfuil tú air do thréigbheal go h-iomlán, air son Mise triobloid a chur tamall chugad, nó an comhshólas a shanntuigheas tú a tharraing uaid; óir, is air an mhodh-sa a threor- uighthear go ríoghachta nimhe. Agus gan amhras is féarr duit-se, agus do mo shearbhfoghantuidhibh eile, mur gcur chum bhur gcruadhóige, nó dá mbéadh gach én ní réir mur dtola agaibh. Is aithne dhamh-sa na smaointighe folaighteacha; agus is fios damh, gur folláin an ní dod' anam t-'fhágail fá thuirse agus fá dhomlas air uairibh, d'eagla thú a dhul a n-uabhar nó a n-árdanacht fá neithe éirighe leat go sona, nó go mbéadh meas agad ort féin, fá'n ní nach leat féin. Óir, is éidir liom-sa an ní thug Mé uaim a thabhairt duit nó a bhain dhíot an uair is toil liom. 5. Is liom-sa an nídh do bheirim dhuit; acht ní leat-sa an nídh a bhainim dhíot; óir, is liom-sa an uile thiodlacadh maith. (Séam,c.1,17).
Ma chuirim amhgar nó cruadail chugad ná bí imshníomh ort, agus ná caill do chroidhe. Óir, is éidir liom-sa do thógbhail suas go tapaidh, agus do throm-dhoilgheas a thiompodh a luathghaire. Agus go fírinneach atáim ró-cheart agus ion- mholta fá n-a dhéanamh leat mar sin. 6. Ma tá tú eagnaidhe, agus dearcann air gach én ní go ceart, níor chóir duit leathtrom nó cruadail a ghlacadh 'n a ró-thuirse. Acht a bheith níos iolgháirdighe, agus buidheachas a thabhairt air a shon; agus áireamh ameasg do shólas sbeisialta nach bhfuilim gá do chaomhnadh ach gá do chrádh le dólasaibh. Do réir mar do ghrádhuigh m'Athair Mise, is amhlaidh a ghrádhuighim-se ibh-se, adubhairt Mé le mo dheisgiobail ionmhaine, (Eoin c.15,17); gidheadh, go deimhin, níor chuireas go h-iolgháirdeach go chum sólais nó aoibhnis saoghaltha iad, ach chum catha agus comharca cruaidhe; ní do chum onóra, ach chum tarcuisne; ní chum díomhaoinis ach chum saothair; ní chum sgíthe nó comhnuidhe, ach chum tortha do chruinniughadh go foighideach. A mhic, cuimhnigh air na briatharaibh so. An 31 caibidil. Do tharcuisniughadh na gcréatuir mar gheall agus mar ghrádh air a' Chruthuightheoir. 1. A Thighearna, atá féidhm mór go fóill agam air mhéadughadh grása, ma's mian liom rochtain chum
an bhuill nach éidir le neoch nó le créatuir air bith toirmeasg a chur orm. Óir an fad a bhaineas ní air bith moill asam cha dtig liom a dhul go réidh suas ad' ionnsuidhe. Is mór an fonn a bhí air an té an eiteog a thabhairt chugad adeireadh: Cia bhéarfas sgeithein damh mar choilim, agus rachad air eiteoig, agus fuireochaidh mé go suaimhneach agad? (Pslm. c. 54,6). Creud an ní is suaimhnighe na an t-súil shimplidhe? (Matha.c.3,22). Agus creud is saoire agus is lugha buaidhreadh, nó an té nach sanntuigheann ní air bith saoghalta? Mar sin, is oircheas éirighe a n-airde os cionn an uile chréatuir, agus neoch é féin do thréigbheal go h-uile, agus anns an árd aigneadh intinne sin seasamh, agus feuchain ort-sa, a Chruthuigheoir na n-uile ní, agad nach bhfuil ní air bith cosamhail leis na créatuir. Agus acht mur mbéadh neoch sgartha ó na créatuir, ní h-éidir leis aire a thabhairt do neithibh diadha go réidh. Agus, uime sin, is beag an líon do gheibhthear aige rinnfheitheamh na diadhachta, cionn gur beag an líon darab eol diúltughadh do na créaturaibh díombuana gearr-shaoghalacha. 2. Is mór na grása atá riachtnasach chuige so, noch do thógfadh an t-anam suas, agus a d'fhuadochadh os a chionn féin é. Agus muna mbéidh an duine air n-a thógbhail suas ann a sbiorad, sgartha ó'n uile chréatuir, agus ceangailte a nDia go h-iomlán, is beag is fiú a chuid eolais, nó ce bé air bith atá aige.
Is fada a bhéas sé tarcuisneach 'na luighe go h-íseal, an té a mheasas ní air bith a bheith maith nó mór, ach an t-Aon-Mhaith amháin atá síorraidhe gan chuimse. Agus is air an dadamh agus air an neimhnidh is ceart áireamh an uile ní ach Dia amháin. Is mór an deifre atá idir eagna an duine dheallradhaigh, chraibhthigh, dheagh-rúnaigh agus gliocas na mac-léighinn agus na gcléireach fóghlumtha. Is uaisle go mór an léigheann a shileas anuas ó thuiltibh na linnte diadha, nó an fhoghluim a gheibhthear go saoithreach le h-intlidheacht dhaonna. 3. Do gheibhthear an iomad a shanntuigheas an rinnfheitheamh agus mion-sgrúdadh na diadhachda; ach cha déanaid staideir na neithe riachtnasacha chuige sin do ghnáthugadh. Is mór an toirmeasg fós seasamh air chomharthaibh, agus a neithibh foir-imeallacha do'n taobh amuigh, agus beagan do'n chrábhadh iomlán cheart a bheith aca. Ní thuigim creud is ciall dó, nó creud an sbiorad a threoruigheas agus ghluaiseas inne, a measthar a bheith a n-ár ndaoine sbioradálta, nó cá bhfuil ár dtríall, an tan a chuirmid an oiread sin do shaothar agus do ró-chúram orainn féin air son neitheann suaracha, silteacha, saoghalta; agus gurab annamh a chruinnighmid ár gcéadfadha a gcionn a chéile, agus a smaoinighmid air na neithibh a bhaineas linn féin go h-inmheadhonach. 4. Och, fáraor! tar éis tiomsughadh beag, éadtrom a dhéanamh orainn féin, brismid amach asainn féin arís, agus ní chuirmid ár ngníomhartha a gceart- chomhthrom aige déanamh mion-sgrúdtha orra. Agus cha dtugmuid dár n-aire c'áit agus creud
iad na neithe dóibh a dtugmuid ár dtoil; agus ní ghoileann orainn chomh neamh-ghlan atáid ár n-oibreacha uile. Óir, do thruailligh an uile fheoil a slíghe féin, agus is uime sin a thainic an díle do bháth an saoghal. (Gen.c.6,12). Mar sin, réir mar thruaillighthear miangasa ár gcroidhe, is éigin an gníomh a leanas é a thruailleadh mar an gceudna, comhartha nach bhfuil neart na subhailce do'n taobh astigh. Is as a' chroidhe ghlan fhásas toradh na deigh-bheathadh. 5. Fiafruighthear gad é an méid do nidh gach én neoch, ach ní smaoinighthear go geur-chúiseach air mhéid na subhailce do chuireas chum oibre é. Fiafruighthear fós an bhfuil an fear-sa nó a' fear ud eile láidir, saidhbhir, sgiamhach, foghlumtha, 'na sgríbhneoir mhaith, nó 'na shár-chantaire, nó 'na fhear ealadhna, nó 'na oibridhe eile air fóghnamh; acht is beag a chuireas ceist an raibh sé bocht ó sbiorad, foighideach, ceannsa, cráibhtheach nó diadha ann a chroidhe. Feuchann an náduir air an duine do'n taobh amuigh, ach théid na grása asteach anns a' chroidhe. Mealltar an náduir go minic, ach bíonn dúil aig na grása as Dhia, ionnas nach mealltaoi é. An 32 caibidil. A labhras air dhiúltadh duine dhó féin, agus air sheachnadh an uile chineal sainnte. 1. A mhic, ní h-éidir leat saoirse iomlán do shealbhughadh, muna ndiúltaidh tú duit féin go h-uile.
Is cruaidh an géibheann ann a bhfuilid ceangailte an drong uile a ghrádhuigheas iad féin, a bhíos saoghalta, sanntach, cúramach, siubhlach, sirtheach, a gcomhnuidhe aig iarraidh a sáimhe agus a socrui- gheachta féin, agus ní h-íad na neithe a bhaineas le Críosda; ach go ró-mhinic a' meabhrughadh agus a' dealbhughadh neithe díombuana nach maireann a bhfad. Óir, an uile ní nach bhfréamhuigheann agus ná bhfásann ó Dhia rachaidh siad air gcúl agus air neimhnidh. Gabh chugad agus tuig an briathar-sa atá gearr agus ró-iomlán, 'sé sin le rádh: Tréig na h-uile ní agus gheobhair na h-uile ní; diúlt do'n t-sainnt agus gheobhaidh tú suaimhneas. Smaoinigh air so ann do mheanmain, agus an tan a choimhlíonfas tú iad tuigfidh tú an t-iomlán. 2. A Thighearna, ní obair aon lae amháin, nó súgradh leanban so; óir, atá iomláine an chrábhaidh uile anns a' ghearr-chomhradh-sa. A mhic, ní dual duit filleadh air th'ais, nó a dhul a luige nó a n-anbhfainne air ball, an tan a chluinfeas tú an t-slighe aimhreidh do ghabh na fíréin; ach is ró-chóra dhuit, a bheith níos cíocraighe neithe níos mó agus níos éifeachtaighe do dhéanamh, nó, air a chionn is lugha, tóraidheacht shanntach a thabhairt dóibh, go ró-fhonnmhar. Do bhféarr liom go mbéitheá mar sin, an fad sin air th'aghaidh anns a' t-slíghe nach mbéadh grádh níos fuide agad ort féin, ach go mbéitheá seasmhach air mo thoil-se, agus air thoil an athara do cuireadh os do chionn mar uachtrain; is annsin do bhéitheá ró- gheanamhail, ró-thaitneamhach agam-sa, agus do
rachadh do bheatha uile thart a luathghair, a n-aigneadh, agus a síothchain. Atáid móran do neithibh eile le seachnadh agad go fóill; agus ach mur ndiúltaidh tú dóibh go h-iomlán, ní bhfuighir an ní atá tú aig iarraidh. Do bheirim comhairle dhuit ór loisce do cheannach uaim-sa ionnas go mbéidh tú saidhbhir. (Apoc. c.3,18). 'Sé an t-ór sin an eagna neamhdha a shaltras faoi chois an uile ní talmhaidhe. Fág an gliocas saoghalta 'do dhiaidh, agus an uile thoil dhaonna, agus do thoil dhíleas féin mar an gceudna. 3. Adubhras leat gurabh éigin na neithe atá onórach uasal a mbreathnughadh daoine a thabhairt air son na neitheann orra a bhfuil droich-mheas agus tarcuisne. Óir, measthar go bhfuil an eagna neamhdha fhíre suarach, beag-mheasamhail, air ndul nach mór air dearmad ó dhaoinibh; an eagna sin a theagascas dúinn gan ró-mheas a bheith againn orainn féin, nó uachtranacht nó árd-uaisle iarraidh air a' t-saoghal; cé go molaid móran an eagna sin le n-a mbeul, gabhaid a bhfad uaidhthe ann a mbeathaidh; gidheadh, 'sí sin an péarla uasal atá a bhfolach ó mhóran. (Matha.c.13,44). An 33 caibidil. A thráchdas air iomluadhail an chroidhe, agus mar is cóir dúinn a sheoladh agus a shocrughadh air Dhia. 1. Ná creid agus ná taobh do mhiangas nó do
toil féin anois; óir gan mhoill béidh claochlódh agus áthrach intinne agad. An fad a mhaireas tú, béidh tú luaith-intinneach claochlóideach ad' aindeoin. Gheobhaidh thú féin suilbhir súgach air uairibh, agus duilbhir dubhach air uairibh eile; anois suaimhneach socair, arís buaidheartha triobloideach; anois cráibhtheach, arís mío-chráibhtheach; anois éasgaidh dícheallach, air ball aimhleasg mainneachtach; air uairibh trom-chortha tuirseach, uair eile éadtrom aigeantach. Ach, an té atá eagnaidhe eolach a sbiorad seasmhann sé os cionn na gclaochlódh-sa uile; ní fheuchann agus ní ghéilleann do'n ní a mhothuigheas ann féin, nó cia an áird a séideann an ghaoth luaimneach; ach, bíonn rún agus intinn uile aige dul air aghaidh chum na críche dleistionaighe a bhí aig iarraidh. Agus is mar sin is éidir leis fuireach air én nós amháin gan ghoin, gan ghortughadh, aige seolughadh súil shimplidh na deigh-intinne chugam-sa ameasg an oiread-sin do theagmhalaibh triobloideacha eugsamhla. 2. Óir, ní bhfuil dá ghlaine dá bhfuil súil na h-intinne, nach amhlaidh is neartmhaire a rachas sé air aghaidh tré anfadh eugsamhail na stoirme doin- eannta. Acht, bionn súil na deigh-intinne dorcha dall aige móran; óir, feuchmuid go ró-luath air gach ní thaitneamhach a chasas nó theagmhas orainn. Agus is annamh a gheibhthear én neoch saor air fad ó ró-iarraidh air a thoil lochtaigh dhílis féin. Is amhlaidh thangadar an cine Iúdaidh a n-allod go Beatania air cuairt d'ionnsuidhe Mharta agus Mhaire Mhagdalen, ní mar gheall air Íosa amháin, ach
mar gheall air Lazaras fhaicsin air n-a aithbheodhughadh ó mharbhaibh. (Eoin.c.12,9). Mar sin, is cóir súil na h-intinne a ghlanadh, ionnas go mbéadh sí simplidhe, díreach, agus air n-a seoladh chugam-sa tar na n-uile mheodhain eugsamhla eile. An 34 caibidil. A thaisbeanas go mbíonn Dia milis deagh- bhlasta aig an neoch a ghrádhuigheas É ann gach én ní os cionn an uile ní. 1. O! Feuch, mo Dhia agus m'uile nídh! Creud dob áil liom níos mó, creud an sonas níos ádhmhaire a thig liom iarraidh? Ó! a bhriathar ró-mhilis, ró-bhlasta, do'n té aige a bhfuil grádh Dé, gan grádh an t-saoghail nó na neitheann saoghalta. O! mo Dhia agus m'uile nídh! Is leor an focal sin amháin do'n duine thuigseanach; agus is ró- thaitneamhach agus ró-mhilis le fear an ghráidh a' focal sin a rádha go minic. Bíonn gach uile ní taitneamhach an tan a bhíos Tú féin a láthair, a Thighearna; ach an tan nach mbíonn Tú a láthair, is tuirseach, glonnmhar gach a n-uile ní. Do nídh Tú an chroidhe suaimhneach, agus do bheir Tú síothchain iomlán, agus iolgháirdeas taitneamhach uaid. Do bheir Tú fá dear deigh-bhreathnughadh do bheith air gach én ní, agus an chiall is féarr a bhain as, agus
Tú féin a mholadh ann gach én ní; agus ad' easbhaidh ní h-éidir le ní air bith a bheith a bhfad taitneamhach; agus ma do bheir én ní taitneamh nó sólas uadha, is tré do ghrása féin a bheith a láthair a theagmhas, agus tré n-a bheith saillte le salann na h-eagna. 2. Ce bé gheibh deagh-bhlas ort-sa, creud é an ní nach mbéidh deagh-bhlasta aige? Agus an té aige nach mbíonn blas ort, creud an ní is éidir taitneamh leis? Acht, ní thaitneann an eagna dhiadha le lucht gliocais an t-shaoghail agus grádh na colna, cé nach bhfuil ach mór-uaill agus díomhnas aige lucht gliocais an t-saoghail, agus an bás a' feitheamh air lucht ghrádh na colna. Acht, an drong a leanas Thusa tré tharcuisne na neitheann saoghalta agus mhoirtniughadh na colna, aithnighthear go bhfuil siad eagnaidhe dá ríribh; óir, fágann agus diúltann siad do'n díomhaoineas mar gheall air an fhírinne, agus do'n cholainn mar ghrádh air an anam. 'So an dream do gheibh deagh-bhlas air Dhia; agus do bheir siad moladh do'n Chruthuightheoir air son gach maith dá bhfaghann siad anns na créatúir. Acht, is mór agus is ró-mhór an eidir-dealughadh atá idir bhlas an Chruthuightheora agus bhlas na gcréatuir; idir an bheatha shíorraidhe agus an bheatha shaoghalta; agus idir an t-soillse shíorraidhe agus an t-soillse chruthuighte. 3. O! a shoillse shíorraidhe a sháruigheas an uile shoillse chruthuighte! caith anuas én splannc amháin dod' dheallradh a thréaghdfas go h-inmheadhonach mo chroidhe.
Tabhair glaine, sólas, soillse, agus beodhacht do mo sbiorad, agus do chumhachtaibh m'anma, ionnas go ngreamochdaois dhuit féin le n-iomad luathghara. O! cathain a thiocfas an uair bheannuighthe, thait- neamhach ann a shásochar mé le radharc do ghnúise, agus go mbéidh Tú agam uile ann gach uile ní? (1 Cor.c.15,28). An feadh a bhéas mé gan so fhaghail, cha bhíonn sólas iomlán agam. Acht, fáraor! Atá an sean-duine ionnam beo go fóill; ní bhfuil sé claoidhte nó céasta go h-uile; ní bhfuil sé marbh go h-iomlán. Atá sé go fóill a' troid a n-aghaidh na sbioraide, agus a' tógbhail cogaidh ann m'anam, gan fulang dó síoth nó socraidheacht fhaghail. 4. Ach Thusa, a Thighearna, a stiúras agus a riaghlas cumhachta na mara, agus a chiúinigheas anfadh agus gluaiseacht a tréan-thonna, éirigh suas agus furtuigh orm. (Pslm.88,10). Sgrios an drong le n-ar mian cogadh. Bris iad le do láimh láidir. (Pslm.67,31). Guidhim Thú do mhór-chumas iongantach do thaisbeanadh, nó go bhfuighidh do dheas-lámh onóir; óir ní bhfuil dóchas nó dídean eile agam acht ionnad féin, a Thighearna mo Dhia! An 35 caibidil. A deir nach bhfuil neoch air bith saor air chathughadh. 1. A mhic, ní bhfuil tú dearbhtha a choidhche anns a' bheathaidh shaoghalta-sa; an fad a mhaireas tú atá riachtnas agad le h-arm sbioradálta.
Atá tú ameasg do námhad, atá air do dheis agus air do chlí a' comhrac leat. Mar sin, mur mbéidh an fhoighide 'na sgiath-dhídin iomad, ní fada a bhéas tú gan ghoin, gan ghortughadh. Agus os a chionn sin, muna gcuirfidh tú do chroidhe go daingean ionnam-sa, mar aon le lán- toil fhíre an uile ní fhulang go foighideach mar gheall orm, ní h-éidir leat teas an chatha do sheasamh, nó pailm bhuadhach na naomh do bhreith leat. Mar sin, is éigin duit a dhul air th'aghaidh go láidir tré an uile ní, le láimh chumhachtaigh a n-aghaidh an uile ghábhadh agus ghuasacht atá ad' aghaidh. Óir, do bheirthear manna, eadhon, oileamhain neamhdha, do'n té a bheir an bhuaidh (Apoc.c.2,7); agus móran amhgair do'n aimhleasg mhainneachtach. 2. Ma tá tú aig iarraidh suaimhnis air a' t-saoghal- sa, cionnas a gheobhas tú an suaimhneas síorraidhe? Ná h-iarr móran suaimhnis, ach móran foighide. Iarr an t-síothchain fhíre, ní air talamh ach air neamh, ní ó dhaoine nó ó chréaturaibh eile, ach ó Dhia 'na aonar. Is cóir duit an uile ní fhulang go fonnmhar air son Dé, eadhon, dólais, cathuighthe, buaidhreadh, amhgair, riachtanais, aicideacha, eugcóir, tuaithleas aithis, úirísleacht, náire, achmhusan, smacht agus tarcuisne. Cuidigheann siad so an t-subhailce fhaghail; 'siad a dhearbhuigheas óg-sheirbhiseach Chríosda; agus a dhealbh- as agus a dheasuigheas an choróin neamhdha. Do bhéarfaidh Mise tuarasdal suthain air son saothair ghoirid, agus glóir gan chrích air son náire nó faitchis gearr-bhuain.
3. An saoilir go mbéidh sólas sbioradálta agad, mar is mian leat, do ghnáth? Ní bhfuaradar mo naoimh féin sin a gcomhnuidhe, ach móran leathtrom, agus cathuighthe eugsamhla, agus mío-shólasa iomdha. Ach, d'fulaingeadar sin uile go foighideach, aige déanamh muinighin agus uchd as Dhia níos mó nó asda féin; mar dob eol dóibh, nach ar bhfiú na neithe fhulaingthear air a' t-saoghal-sa an ghlóir atá le teacht san t-saoghal eile do thuilleamh. (Rom. c.8,18). An mian leat-sa fhaghail air ball an ghlóir nach bhfuair móran do na naoimh ach air éigin le an iomad deor agus móran saothair? Bíodh dúil agad le Dia, glac croidhe, agus seasaimh go fearamhail; ná gabh beag-uchtach, ná till air th'ais, ach toirbhir th'anam agus do chorp go buan air son glóire Dé. Bhéarfaidh Mise air son do shaothair go fialmhar dhuit, agus béad ad' fhochair a n-aimsir do thriobloide. An 36 caibidil. A labhras a n-aghaidh bhreitheamhnais dhíomhaoin daoine. 1. A mhic, cuir do chroidhe go daingean anns a' Tighearna, agus ná bíodh eagla ort roimhe leis an bhreitheamhnas daonna, an tan nach spreagann do choinsias féin thú.
Is maith agus is beannuighthe fulang mar sin, agus ní trom an t-ualach sin aige an chroidhe umhal a chuireas a dhóchas a nDia níos mó nó ann féin. Labhrann móran daoine an iomarcaidh, agus mar sin, is cóir beagan creidmheala a thabhairt dóibh. Agus fós, ní h-éidir gach én nduine do shásadh, nó a dtoil a dhéanamh. Agus cé go ndearna Pól a dhícheall toil gach én nduine a dhéanamh anns a' Tighearna, agus go ndearna sé gach én ní dhe féin do'n uile dhuine, gidheadh ní raibh meas aige air bhreitheamhnas daoine air féin. (1 Cor.c.9,22). 2. Rinne sé go leor air son oidis agus slánuighthe cáich eile, oiread agus dob éidir leis, agus a bhí air a chumas; gidheadh cha dtainic leis tarcuisne agus breitheamhnas daoine do sheachnadh. Agus uime sin, do thaobh sé an t-iomlán le Dia, aige a bhfuil a bhfios go h-uile, agus do chosain é féin le foighide agus le h-úirísleacht a n-aghaidh theangachadh lucht na h-an-chainnte agus na ndroch- bharamhlacha díomhaoin, aige smaoiniughadh agus aige rádh gach olc agus gach urchoid do ba thoil leo 'n a aghaidh. Gidheadh, do fhreagradh iad air uairibh; d'eagla go mbéarfadh é a bheith 'na thost ocoid sgannla do dhaoine anbhfanna. 3. Cia thusa, nó creud fáth a bhfuil eagla ort roimhe le duine so-bhásuighthe? (Isaih,51,12). Atá ann indiu agus nach bhfeicthear a mbárach cá bhfuil sé. Bíodh eagla ort roimhe le Dia, agus ní riachtanas duit uathbhas nó eagla daoine a bheith ort. Creud an t-olc a thig le neoch a dhéanamh ort le
briatharaibh nó le cúl-chainnt eugcóraigh? Is dóchaighe é olc a dhéanamh dó féin, nó dhuit-se; agus ce bé air bith é, ní h-éidir leis breitheamhnas Dé do sheachnadh. Bíodh Dia agad os comhair do shúl, agus ná bí aig aighneas nó aig imreasan le borb-bhriatharaibh gearanacha. Agus anois ma shaoileann tú gurab éigin duit luighe faoi an eugcóir, agus náire, agus imdheargadh fhulang nach ar thuill tú, ná gabh cuthach, cumha, nó tuirse air a shon sin, agus ná caill agus ná laghduigh do choróin le mío-fhoighide. Ach, feuch suas orm-sa air neamh, ó's liom is éidir do shaoradh ó'n aithis, náire, agus masla, agus a thabhairt do gach én neoch réir a thuillmhe agus a ghníomhartha. An 37 caibidil. Amhail mar is dleacht do neoch diúltadh do'n uile ní, mar gheall air shaoirse an chroidhe do ghnothughadh. 1. A mhic, diúlt duit féin agus gheobhaidh tú Mise. Ná h-iarr én ní do thoghadh nó do shealbhughadh mar chuid dhíleas air leith dhuit féin, agus is ba féirrde dod' bhiseach sin do ghnáth. Óir, do gheobhaidh tú méadughadh grás chomh luath agus thoirbhéarfas tú thú féin suas damh-sa le rún gan filleadh ort féin arís. 2. A Thighearna cá mhéid uair a dhiúltfas mé damh féin, nó creud na neithe ionnta a séanfad mé féin?
3. Diúlt duit féin anns an uile uair, agus aimsir; anns a' bheag agus anns a' mhór; gan breith bháidhe le sud nó so; óir, is fadhbhtha, folamh ó'n uile ní is mian liom-sa thú a fhághail. Óir, air mhodh eile, cionnas is éidir leat-sa a bheith agam-sa, nó Mise agad-sa, muna mbéidh tú sgartha sgaithte ó do thoil féin amuigh agus astigh? Agus ní bhfuil dá luaithe dá ndéana tú so, nach amhlaidh is féarr duit é; agus ní bhfuil dá ghlé- ghlaine, agus dá iomláine dá ndéana tú sin, nach móide mo spéis agus mo thaitneamh ionnad, agus nach ró-mhóide dod' thairbhe féin é. 4. Atáid daoine áirighthe a dhiúltas dóibh féin, ach is air choingheall agus air éacht do nídh siad é; óir, ní chuireann siad a ndóchas a nDia go h-uile, agus uime sin cuirid saothar orra féin lón agus solathar a dhéanamh dóibh féin. Atáid daoine eile, mar an gceudna, a dhiúltas dóibh féin go h-uile air tús, agus a thoirbheireas iad féin damh-sa; ach, dá éis sin, air dteacht do na cathuighthibh filleann siad air ce bé thréig siad; agus uime sin, cha déanaid biseach anns na subhailcibh. Ní thiocfaidh an drong-sa chum glaine agus saoirse fíre an chroidhe, nó do chum grása agus caon- cháidreimhe liom-sa, nó go ndiúltaidh siad air dtús dóibh féin go h-iomlán, agus íodhbairt a dhéanamh dhíobhtha féin damh-sa gach én ló; óir, gan so ní bhfuil, agus cha bhíonn, coimh-cheangal neamhdha na diadhachta aca. 5. Is minic a dubhras leat, agus deirim anois arís: Diúlt duit féin, toirbhir thú féin, agus béidh síothchainte iomlán inmheadhonach agad. Tabhair na h-uile air na h-uile; ná h-iarr an
dadamh, ná goir air én ní air ais; acht seasaimh go glan, agus le dóchas iomlán ionnam-sa, agus do gheobhaidh tú Mé dhuit féin. Béidh saoirse astigh ann do chroidhe agad, agus béidh tú saor ó dhorchadas. Tairg so do dhéanamh, guidh air a shon, iarr mar athchuinge thú a bheith sgaithte ó'n uile shearc ort féin; agus, air mbeith nochtuighthe mar sin, Íosa nochtuighthe do leanmhaint; ionnas go mbeitheá marbh dhuit féin, agus beo go síorraidhe agam-sa. Is annsin a rachas smaointighthe díomhaoine air neimhnidh uile, mar aon le gach buaidhreadh urchoideach agus cúram gan ádhbhar. Mar an gceudna an uair sin dealochaidh an uile uathbhas agus eagla leat, agus rachaidh an grádh agus an antoil mhíriaghalta air gcúl agus air neimhnídh. An 38 caibidil. A labhras air an deigh-riaghail, agus air an deigh- iomchar is cóir dúinn a choimhead ann ár ngnáth- oibribh saoghalta, foir-imeallacha, agus air an dul fá dhídean Dé ann gach gábhadh contabhartach. 1. A mhic, is cóir duit ró-dhícheallt a dhéanamh, agus ró-aire a thabhairt duit féin, ionnas go mbeitheá le lán-shaoirse croidhe 'do mhaighistir ort féin anns na h-uile áit, agus anns na h-uile ghníomh agus ghnáth-obair shaoghalta; agus an uile ní a bheith faoi smacht agus riaghail agad, agus gan thusa a bheith aca-san faoi smacht nó umhlacht.
Ionnas go mbadh éidir leat a bheith 'do thighearna agus 'do stiúrthoir air do ghnothaighibh féin, gan a bheith 'do dhaor-oglach nó 'do sglábhuidhe; Ach, 'do dhuine shaor, agus, mar aon fírinneach do'n phobal Eabhrach, aig dul asteach a gcrann-chur agus a n-oighreacht shaoirse chloinne Dé; A saltaras faoi chois na neithe saoghalta atá a láthair, agus a bhíos aig feuchain agus aige rinn- fheitheamh na neitheann síorraidhe. Dearcann siad air neithibh silteacha, soi-bhriste, saoghalta leis a' t-súil chlí, agus air na neithibh neamhdha leis a' t-súil dheis. Ní tharraingthear iad chum ceangal nó greamughadh do neithibh aimseardha, talmhaidhe; ach is mó a tharraing- eann siad-san na neithe talmhaidhe, aimseardha chum féidhm agus seirbhis mhaith a dhéanamh leo, réir mar thionnsgain agus mar d'órduigh Dia, an t-Ard- Chruthuigheoir iad, nach ar fhág ní air bith as órdughadh, nó air mí-ghléas ameasg na gcréatuir uile. 2. Agus fós, ma bhíonn tú daingean, seasmhach ann gach ocoid, agus ann gach cúis a theagmhas, agus gan feuchaint air gach ní dá gcluin nó dá bhfeic tú le súil dhaonna cholnaidhe, nó breitheamhnas a thabhairt réir faiceala nó cosamhlachta do'n taobh amuigh, ach a dhul asteach gan mhoill, mar aon le Maoise, go tabarnacail, eadhon, ionad comhnuidhthe an Tighearna, agus comhairle a dhéanamh le Dia, annsin cluinfidh tú freagra agus comhairle a' teacht chugad ó neamh, agus fillfidh tú amach eolach tuigseach air mhórán do neithibh, atá a láthair anois agus le teacht asteach. (Exod.c.33,8). Óir, is amhlaidh ba ghnáth le Maoise a dhul asteach san tabarnacail chum feasa agus fuasgladh gach
amhrais agus cruaidh-cheiste fhaghail; agus do theitheadh sé fá dhídean na h-urnaighe aig iarraidh furtachta agus anacla ó olc agus ó urchóid pheirioclaigh na ndroch-dhaoine. Is amhlaidh mar sin is cóir dhuit-se a dhul asteach a n-uaigneas do chroidhe, aig iarraidh cuidighthe agus cabhra ó neamh go ró-dhúthrachtach. Óir, léightear, anns a' naomhadh caibidil do Leabhar Iosua, gur mhealladar na Gabaoinitidhe Iosua é féin agus Clanna Israel, cionn nach ndearnadar comhairle leis an Tighearna air dtús, ach, air dtabhairt an iomad creidmheala do bhriatharaibh milse, do mealladh iad le crábhadh bréige. An 39 caibidil. Amhail mar nach cóir do dhuine a bheith ró-chíocrach, nó ró-anbhuaineach ann a ghnáth-oibribh. 1. A mhic, taobh do ghnothaighe liom-sa go cinnte; cuirfidh Mise a ndeagh-órdughadh é a n-aimsir féin. Fan le m'órdughadh-sa, agus mothochaidh tú gur maith a thairbhe dhuit. 2. A Thighearna, taobhaim an uile ní go ró-thoil- teanach leat; óir is ró-bheag an maith a thig le mo dhícheall-sa nó le mo chúram do dhéanamh. Do b'fhéarr liom nach mbéadh ró-chúram, nó ró- bhuaidhreadh orm fá na teagmhalaibh atá le teacht, ach mé féin a thaobhadh agus a thoirbhirt gan mhoill dod' dheagh-thoil mhaith féin. 3. A mhic, is minic a chuireas duine móran
saothair air féin fá'n nídh a bhíonn sé d'iarraidh; ach an tan do gheibh é, tosuigheann sé air intinn do chlaochlódh. Óir, ní mhaireann grádh daoine a bhfad air én ní amháin; ach bíonn aig imtheacht, agus aig gluaiseacht ó ní go ní. Mar sin, ní gníomh beag nó suarach duine diúl- tughadh dó féin anns na neithibh is lugha agus is táire air bith. 4. 'Sé is éadail agus tairbhe dá ríribh ann, duine diúltughadh dó féin; agus is amhlaidh mar sin, a bhíos neoch ró-shaor lán-dhearbhtha ann féin. Ach, an t-aidhbheirseoir, atá 'na shean-námhaid aig an uile mhaith, ní stadann sé ó shíor-chur cathuighthe; ach bíonn sé aige dealbhughadh agus aige cumadh trom- chealga do ló agus d'oidhche, ionnas go mbadh éidir leis neoch éigin neamh-choimheadach air féin a mhealladh agus a theilgint air mullach a chinn, agus a ghabhail ann a líontaibh meabhlacha, mealltacha. Air an adhbhar sin, deir an Tighearna, déanaidh faire agus coimhead agus urnuighe, do chum nach dtuitfeadh sibh a gcathughadh. (Matha.c.26,41). An 40 caibidil. Adeir nach bhfuil maith air bith aige duine ann féin, agus nach bhfuil én ní aige dá chuid féin darab éidir leis mórdhail nó glóir nó onóir a dhéanamh as. 1. A Thighearna, creud é an ní an duine, fá go bhfuil Tú cuimhneach air; nó mac an duine aige air mian leat cuairt do dhéanamh? (Pslm.8,5).
Creud do thuill an duine, air son go mbeirtheá do ghrása dó? A Thighearna, creud é an gearan is éidir liom a dhéanamh, ma thréigeann Tú mé? Nó creud a thig liom a rádha ad' aghaidh le ceart, mur ndéanaidh Tú an ní atáim aig iarraidh? Atá aon ní amháin go dearbhtha is éidir liom a rádh agus a smaoiniughadh go fírinneach, 'sé sin: A Thighearna, gur mé féin an dadamh, cha dtig liom an dadamh do dhéanamh, agus ní bhfuil maith dá laighead agam uaim féin; ach atáim ró-fholamh ó'n uile ní, agus aige triall go buan chum an neimhnidh. Agus muna mbéidh mé air m'fhurtacht, agus air mo iom-chuidiughadh uaid-se, agus air mo theagasg go h-inmheadhonach, éirighim ró-fhionn-fhuar agus ró- sgaoilteach ionnam féin. 2. Ach, Thusa a Thighearna, is Tú an t-aon neoch ceudna a gcomhnuidhe gan chlaochlódh gan athrughadh, agus mairfir amhlaidh mar sin go bráthach: fíor- mhaith, ró-cheart, lán-naomhtha; aige déanamh an uile ní go maith, go ceart, go naomhtha, agus gá gcur a n-órdughadh le móir-ghliocas agus le h-eagna. Ach, mise atá níos claoine chum tuitim agus a dhul air gcúl, nó chum bisigh agus a theacht air m'aghaidh, ní fada a bhím air én stáid amháin; óir, áthruighim agus tuitim seacht n-uaire san ló. (Prov.c. 24,16). Gidheadh, gheibhim biseach gan mhoill, an tan a thoiligheas Tusa, a Thighearna, do lámh-chuidighthe a shínéadh chugam; óir is éidir leat féin amháin cuid- iughadh liom gan iom-chuidiughadh air bith daonna iarraidh, agus mo chomh-dhaingniúghadh chomh mór agus sin, air mhodh nach áthruighthear mo ghnúis níos mó
aig leanmhaint neithe eugsamhla claochlóideacha, ach mo chroidhe do thionntadh agus do shocrughadh ort féin amháin. 3. Air an ádhbhar sin, dá mbadh eol damh go maith diúltughadh do'n uile shólas daonna mar gheall air chrábhadh, nó air son an riachtnais ann a bhfuilim aig iarraidh furtachta ort-sa, air nach bhfuil én neoch chum furtacht orm, annsin dob éidir liom le réasun dúil a bheith agam le do ghrásaibh, agus luathghaire do ghabhail cionn gur athnuadhuigh Tú tiodlacadh an t-sólais neamhdha dhamh. 4. Bheirim buidheachas duit, a Dhia, uaid a dtig an uile ní, air son gach én mhaith a theaghmhas damh. Air mo shon-sa, atá 'mo dhuine luaimneach, chlaoch- lóideach, anbhfann, ní bhfuilim ach mar neimhnídh dhíomhaoin ad' fhiadhnaise. Gad é atá agam mar sin as a dtig glóir nó onóir a dhéanamh? Nó creud fáth an iarraim clú nó meas a bheith orm? An ar son an dadaimh? Agus 'sé so an díomh- aoineas is mó air bith. Go deimhin is pláigh ró-urchóideach an ghlóir dhíomhaoin, agus ní bhfuil díomhaoineas is mó nó í; óir dealuigheann sí an ghlóir fhíre linn, agus tógann na grása neamhdha uainn. Óir, an tan a shásuigheas agus a thaitneas neoch go ró-mhór leis féin, aig sin an tan a mhío-thaitneas leat-sa; agus an tan a shanntuigheas moladh daonna, cailleann sé na subhailce fíre. 5. Ach, is é is glóir fhíre agus iolgháirdeas naomhtha ann, duine glóir a dhéanamh asad-sa, agus ní as féin; gáirdeachas a dhéanamh ann th'ainm-se, agus gan ró-spéis nó ró-thaitneamh a bheith aige ann a shubhailcibh
dhílse féin, nó a gcréatuir air bith eile, ach mar gheall ort féin amháin. Go moltar th'Ainm naomhtha, agus ní m'ainm-se; go méaduighthear agus go n-árduighthear do ghníomh atá gan locht, ní h-é mo ghníomh-sa atá lochtach; go mbeannuighthear th'Ainm naomhtha; air mo shon-sa, ní dlíghthear mo mholadh le moladh daonna. A Thighearna, is Tú féin mo ghlóir agus m'onóir; is Tú iolgháirdeas mo chroidhe. Is ionnad féin a bhéas mo ghlóir, agus mo luath- ghaire go feadh mo lae; air mo shon féin, ní bhfuil ní air bith agam as a ndéanainn mórdháil nó glóir, acht amháin m'eugcruadhas féin, agus m'anbhfainne, adeir Pól. (2 Cor.c.12,5). 6. Leigthear do'n chine Iúdaigh glóir shaoghalta iarraidh ó n-a chéile; ach chan iarraim-se ach amháin an ghlóir a thig ó Dhia. Óir, an uile ghlóir dhaonna, an uile onóir aims- eardha, agus mórdháil, shaoghalta, ní bhfuil ionnta uile ach díchéille agus díomhaoineas a gcomparaid le do ghlóir shíorraidhe féin. O! a Dhia na fírinne agus na trócaire! O! a Thrionoid naomhtha, a Dhia! glóir, agus moladh, agus subhailce, agus onóir duit féin amháin go saoghal na saoghal! Amen. (1 Tim.c.1,17). An 41 caibidil. Amhail mar is cóir an onóir shaoghalta do tharcuis- niughadh. 1. A mhic, ná gabh éad nó iomthnúth, aige feicsin cáich a' dul a gcéim agus a n-onóir, agus thú féin air do tharcuisniughadh, agus air th'úirísliughadh.
Tóg do chroidhe suas chugam-sa air neamh, agus cha chuireann dí-mheas daonna doilgheas ort air talamh. 2. A Thighearna, atámuid a ndorchadas agus a n-ainbhfhios, agus is uras ár mealladh le díomhaoineas agus díchéille. Ach, ma amhaircim orm féin go maith, is ba follas damh nach ndearna créatuir air bith eugcóir ariamh orm; agus mar sin cha dtig liom, le ceart air bith, gearan a dhéanamh ort-sa. Óir, cionn gur pheacuigh mise go trom agus go ró-mhinic ad' aghaidh-se, atáid na h-uile chréatuir, agus ní gan adhbhar, a' dul a dtréas agus a n-arm a m'aghaidh-se. Mar sin, ní dlighthear damh-sa ó cheart ach dí-mheas, náire, imdheargadh, agus tarcuisne; ach, dlighthear glóir, moladh, agus onóir dhuit-se, a Thighearna. Agus mur mbéidh mé ollamh, umhal, tarcuisne agus dí-mheas a ghabhail agus fulang go fonnmhar ó'n uile chréatuir, ní h-éidir liom síothchainte, neart, nó deallradh sbioradálta a bheith go h-inmheadhonach agam, nó fós ró-chumann nó ró-cheangal a bheith agam leat féin. An 42 caibidil. Amhail mar nach dlighthear síothchainte iomlán fhaghail ó dhaoinibh. 1. A mhic, ma chuireann tú do shíoth nó do shuaimh- neas a n-én neoch air bith, cionn toil nó taitneamh a bheith agad ann a chuideachta nó ann a cáidreimhe,
béidh tú gan síoth, gan suaimhneas, gan socraidheacht go bráthach. Ach, ma cheanglann tú leis an fhírinne shíorraidhe mharthannaigh, cha bhíonn dólas nó doilgheas ort aig dealughadh nó aig sgarmhaint le caraid nó companach air bith beo nó marbh. Is ionnam-sa amháin is ionchurtha dhuit do ghrádh; agus is air mo shon is cóir na h-uile ní agus na h-uile dhuine atá maith nó measamhail air a' t-saoghal- sa do ghrádhughadh. A m'fhéagmhais-se, ní bhfuil muinnteardhas nó caradas air bith buan nó díleas; agus ní bhfuil grádh air bith glan nó fírinneach nach bhfréamhuigheann uaim-se. Ba chóir duit a bheith comh-shuarach mar mharbhan fá ró-ghrádh a bheith agad air neoch air bith, air mhodh gur mhaith leat, - an méad agus a bhaineas leat féin, - a bheith ad' uathadh, agus ad' aonar leat féin, sgartha ó chuideachta dhaonna uile. Ní bhfuil dá mhéad a dhiúltas neoch do shólas saoghalta, nach foigse a dhruideann agus a theannann sé le Dia. Agus ní bhfuil dá mhéad dá n-umhluigheann agus dá n-úirísligheann neoch é féin, nach airde agus nach móide éirigheann sé suas a n-aice Dé. 2. An té áirmheas maith air bith air féin toirmeas- gann sé grása Dé do theacht dá ionnsuidhe; óir, bíonn grása an Sbiorad Naoimh aig síor-iarraidh an chroidhe a bhíos úiríseal. Dá mbadh eol duit thú féin a dhí-mheas mar an dadamh, agus grádh chréatuir na ceathardhúile uile a dhíbirt uait, annsin do shilfinn agus do dhoirtfinn grása líonmhara ionnad.
An tan a dhearcas tú go ró-thaitneamhach air na créatuir, fágann a' Cruthuightheoir do radharc. Foghluim thú féin do chlaoi go h-iomlán air son do Chruthuightheora, agus is ba h-éidir leat annsin eolas a chur air Dhia. Óir, ma ghrádhuigheann tú ní dá laighead go neamh- órduighthe, truailligheann sé an t-anam, agus toirmeasgann é ó'n Árd-Mhaitheas mharthannach do shealbhughadh. An 43 caibidil. A n-aghaidh eolais agus gliocais dhíomhaoin an t-saoghail. 1. A mhic, ná bí air do ghluaiseacht le briatharaibh binn-ghlóracha daoine; óir, ní anns na briatharaibh, ach anns na subhailcibh atá ríoghachta Dé. Tabhair aire do mo bhriatharaibh-se, óir 'siad a lasas an croidhe, agus a dheallruigheas an tuigse, 'siad a ghríosuigheas an comh-brughadh croidhe, agus do bheir an iomad comhshólais dúinn. Ná léigh ní air bith go bráthach le h-intinn meas foghluma eagnaidhe a bheith aige daoine ort. Ach, déana staideir na lochta, agus an antoil do chosg agus do chlaoi; óir, is tairbhighe dhuit so nó fuasgladh agus eolas na gcruaidh-cheisteann. 2. An tan a chuirfeas tú críoch air mhóran do léigheadh, agus fios fhaghail air mhóran do neithibh, is éigin duit filleadh, agus tosughadh aríst orm-sa. Óir, is Mise an té do bheir oideas agus eolas do'n duine, agus bheirim tuigse níos glaine agus
níos deallraighe do na daoinibh simplidhe, nó thig le h-én neoch air bhith daonna a mhúnadh nó theagasc. An té leis a labhraim-se, béidh sé eagnaidhe, eolach gan mhoill, agus rachaidh sé air aghaidh go mór anns an eagna sbioradálta. A mhairg do na drongaibh a bhíos aig iarraidh neithe cúirealta fhoghluim ó dhaoinibh, agus nach déan ach ró-bheagan cúraim fá slíghthibh sheirbhise Dé! Tiocfaidh an aimsir ann a bhfeicfear Críosda, an t-Árd-Mhaighistir agus Tighearna na n-aingeal, aige teacht a d'éisteacht léigheann na n-uile dhuine, 'sé sin le rádh, a' rannsughadh choinsias na n-uile dhuine. Agus an uair sin dhéanfaidh Sé Ierúsalem a mhion- chuartughadh le coinnlibh lán-lasta, agus bhéarfaidh sé na neithe a bhí a bhfolach san dorchadas chum solais (1 Cor.c.4,5); agus béidh na teangacha balbh gan aighneas gan urlabhairt. 3. Is Mise an Té a thógas a n-én mhoimeint amháin an tuigse agus an intinn úiríseal chum riasunacht na fírinne marthannaighe do thuigbheal, níos féarr nó an mac-léigheann do bhéadh deich mbliadhna aige déanamh foghluma agus staideir. Teagasgaim-se go ciúin gan tormán briathar, nó torann cainnte, gan seachran nó earroid na gcéadfadh claona cam-bharamhlacha, gan dréim le h-onóir nó árd-chéim, gan chomhlann gan chomhrac céastann. Múinim na neithe talmhaidhe do dhí-mheas agus do shaltairt, na neithe saoghalta d'fhuathughadh, agus na neithe síorraidhe d'fhios agus d'iarraidh; teagasgaim teitheamh roimhe le h-onóir, masla fhulang go foighideach; múinim an uile dhóchas a chur ionnam
féin, gan ní air bith iarraidh nó shanntughadh ach Mé féin, agus fá dheoidh, searc agus síor-ghrádh a thabhairt damh os cionn na n-uile nídh. 4. Óir, naomh áirighthe, do thug teasghoil gráidh agus annsacht damh, d'fhoghluim sé neithe neamhdha, agus do labhair sé neithe iongantacha. Agus is mó an tairbhe a rinne sé aig tréigbheal na h-uile ní, nó aige staideir gliocais agus geurchúise. Labhraim air neithibh coitcheannda le drongaibh áirighthe, agus air neithibh sbeisialta le drongaibh eile. Taisbeanaim Mé féin do chuid do na daoine go mín milis faoi chomharthaibh agus faoi fhioghraibh; agus nochtaim agus foillsighim neithe dorcha diamhaire do dhrongaibh eile. Is én nídh amháin adeirid na leabhair, ach ní h-ionann a bhaineas gach én neoch ciall asda; óir, is Mise oide múinte na fírinne do'n taobh astigh ionnad, is Mé sgrúduightheoir an chroidhe, agus tuigsionach na smaointighthe, is Me ghríosuigheas na deigh-ghníomhartha, agus rannaim le gach neoch réir mar bhreathnuighim a bheith oireamhnach dó. An 44 caibidil. Adeir nach dleacht claonadh gus na neithibh foir- imeallacha saoghalta. 1. A mhic, is oirceas duit a bheith ainbhfiosach a móran do neithibh, agus a mheas go bhfuil tú marbh do'n t-saoghal, agus an saoghal marbh dhuit-se.
Is cóir duit, mar an gceudna, móran do neithibh a leigint tharad gan uidh gan éisteacht leo, agus smaoiniughadh níos luaithe air na neithibh a bhaineas le do shíothchainte. Is tairbhighe dhuit do shúile a thiompodh ó ná neithibh nach dtaitneann leat, agus a bhreathnughadh féin d'fhágbhail aig gach én neoch, nó a bheith ag imreasan nó aig aighneas le briatharaibh contrardha leo. Ma sheasmhann tú go ceart a dtaobh Dé, agus feuchaint air a bhreitheamhnas mar is cóir, is uras leat fulang do chach buaidh do bhreith ort. 2. Och, a Thighearna! Gad é so a thainic orainn? Feuch is mór a chaointear agus eugnuighthear an chaill shaoghalta; agus is mór an saothar agus an dochar a chuireas daoine orra féin air son beagain éadala saoghalta; ach is ró-bheag a smaoinighthear nó chuimhnighthear air chaill an anma. Bíonn aire agus cúram againn fá néithibh gan fhéidhm, agus leigmid tharainn go réidh an ní is riachtnasaighe air bith; óir, claonann an duine go fonnmhar gus na neithibh foir-imeallacha saoghalta, agus muna mbeiridh sé é féin fá ndear go tapaidh, fanann sé go ró-thoilteanach air n-a adhlacadh 'na chomhnuidhe ionnta. An 45 caibidil. Adeir nach dleacht creidmheal do gach én neoch, óir go bhfuilid daoine claon chum cúl-chainnte. 1. A Thighearna, cuidigh liom ann mo thriobloid, óir ní bhfuil ann ach díomhaoineas furtacht iarraidh
air dhaoinibh. (Pslm.59,13). Da nobis auxilium de tribulatione: quia vana salus hominis. Cá mhionca a mealladh mé, anns an áit nach ar shaoileas mo mhealladh? Agus cá mhionca a fuair mé dísleacht, anns an áit nach raibh dúil agam leis? Mar sin, is ní díomhaoin muinighin a dhéanamh as dhaoinibh; a Thighearna, is ionnad féin amháin atá sláinte na bhfíreun. Glóir agus moladh dhuit, a Thighearna Dé, air son gach ní dá dteagmhann dúinn! Atámuid lag, anbhfann, claochlóideach, agus is uras ár mealladh, agus ár n-intinne áthrughadh. 2. Cia an neoch atá chomh fuireachair, coimheadach, air féin ann gach én ní, nach dtuiteann uair éigin a mealltoireacht agus a mbuaidhreadh? Ach, an té a chuireas a dhúil agus a dhóchas ionnad féin, a Thighearna, agus iarras Thú le glaine agus simplidheacht croidhe, ní thuiteann sé go réidh. Agus ma thuiteann sé a mbuaidhreadh air bith, nó ce bé air bith modh a mbeidh sé creapaillte ann, bhéarfaidh Tú féin fuasgladh agus furtacht gan mhoill dó; óir, cha dtréigeann Tú go bráthach én neoch a chuireas a dhóchas ionnad. Is annamh a gheibhthear duine chomh díleas muinn- teardha agus sin, nach dtréigeann a charaid uair air bith, ach a seasmhas leis go cródha san uile chontabhairt agus chruadh-chás. Is Tú féin amháin, a Thighearna, atá díleas ionnraic ann gach én chúis, agus ní bhfuil do léitheid eile ann ach Thú féin. 3. O! nach eagnaidhe a deireadh an bhan-naomh Agatha le linn gach triobloide: "Atá m'anam
air n-a dhaingniughadh, agus air n-a uaithniughadh go sáimh suaimhneach a gCríosda." O! dá mbéinn-se mar sin, ní bhéadh uathbhas nó eagla go réidh orm roimhe le daoine, nó roimhe le n-a mbriatharaibh maslamhla. Cia le arab éidir reimh-fheuchaint a dhéanamh air gach én chás, nó cia leis a dtig an uile olc agus urchóid atá le teacht a sheachnadh? Ma chuirid na neithe a reimh-fheicmid doilgheas agus trom-thuirse go minic orainn, nach mó agus nach truime nó sin a loiteas agus a ghoineas na neithe nach reimh-fheicmid inn? Ach, creud fáth nach ndearna mise, atá 'mo bhochtan bhocht, reimh-fheuchaint agus coimhead níos féarr orm féin? Nó creud an fáth fá'r chreid mé daoine urchoideacha go simplidhe, nó fá'r chuir mé ró- mhuinighin ionnta? Ach, is daoine inne na Bráithre féin, agus fós is daoine tuitmeacha, brioscacha inn, cé go measaid móran gur aingil bheannuighthe inn. A Thighearna, cia dhó dá mbéarfaidh mé creidmheal, ach duit féin amháin? Is Tú féin an Fhírinne nach meallann agus nach mealltar. (Pslm.115,2). Agus, air a taobh eile, atáid an uile neoch cealgach, breugach, - omnis homo mendax - anbhfann, claoch- loideach, tuitmeach, tuisleagach, agus go sonnradhach a mbriatharaibh; air mhodh gur doiligh creidmheal go ró-réidh na neithe a mheastar réir cosamhlachta féin a bheith dearbhtha fírinneach. 4. A Thighearna, is fíor eagnaidhe an chomhairle a thug Tú dhúinn, inn féin a choimhead air dhaoinibh; agus gurab iad námhaid dhuine a lucht iontuighis féin, (Mat.c.10,17,36); agus nach inchreidte dhúinn
ma deir neoch: Feuch, atá sé ann sud nó ann so, nó mar sud nó mar so. (Math.c.24,23). Do chuir mo dhosgadh agus m'earroid féin air mo choimhead mé; go dtugaidh sin rabhadh damh a bheith níos féarr agus níos coimheaduighe orm féin arís, ionnas nach rachainn níos fuide air m'aghaidh ann mo dhíchéille. "Bí air do choimhead," adeir duine áirighthe, "agus déana rún maith air an ní adeirim leat." Agus an tan a chreidim-se gur cóir sin, agus a bhím 'mo thost, cha dtig leis féin rún a dhéanamh air an ní a d'iarr sé orm-sa, agus nochtann sé air ball mo rún-sa agus a rún féin, agus is amhlaidh imthigheas roimhe. A Thighearna, coimhead mé air a léitheid sin do dhaoinibh sgeulacha, droch-rúnacha, mí-dheiscréideacha, ionnas nach dtuitim ann a lámhaibh, nó a léitheid a dhéanamh mé féin. Cuir briathara dílse fírinneacha ann mo bheul; agus díbir teanga chealgach a bhfad uaim. An ní nach ar mhaith liom fhulang is cóir damh a sheachnadh air gach én mhodh. 5. Och! is mór agus is maith an t-síothchainte gan labhairt go trom air an mhuinntir eile, nó gach én ní a deirthear a chreidmheal go réidh, nó trácht go beul-sgaoilteach air gach én ní dá gcluinmid; agus gan neoch a rún a nochtadh ach do bheagan, agus Thú féin d'iarraidh go cinnte darab léir go glan an croidhe; agus gan comhsgruth nó corrughadh le gach glór le gaoith; ach a bheith ró-gheall air an uile ní, amuigh agus astigh ionnainn, a dhul réir do dheagh- thola féin.
Is daingean dearbhtha an modh na grása do choimhead amharc daoine do sheachnadh, agus gan neithe bréaghtha, deallracha, díomhaoine, saoghalta d'iarraidh; ach na neithe do bheir teas-ghrádh agus leasughadh na beathadh chugainn do leanmhaint go dícheallach. Is iomdha duine a ndearna sé díoghbháil dó a dheigh-ghníomhartha a mholadh nó a bhfoillsiughadh go ró-phrap. Agus nach folláin, fíor-thairbheach an ní do neoch, na grása-sa a fholach go h-úiríseal anns a' bheathaidh bhrioscaigh-se, atá lom-lán aidhbhirseireachta agus cathuighthe! An 46 caibidil. Do'n dóchas agus do'n mhuinighin is dleacht a chur a nDia le linn imdheargaidh agus masla cainnte. 1. A mhic, bí daingean seasmhach, agus cuir do dhóchas ionnam-sa; óir, creud atá anns na focail ach glór imthigheas le gaoith, agus nach ngortuigheann én chloch? Ma tá tú cionntach, smaoinigh thú féin a leasughadh go toilteanach. Ma tá do choinsias glan fuiling go fonnmhar air son Dé. Is éadtrom an ní briathra maslamhla fhulang air uairibh, air nach éidir leat sgiúrsadh geura d'fulang go fóill. Agus creud fáth a dtéid neithe beaga, suaracha mar sin ann do chroidhe, ach cionn go bhfuil tú go
fóill colnaidhe, agus meas agad air dhaoine níos mó nó an chóir? Óir, do bhrígh gurab uamhan, imeaglach leat thú féin do tharcuisniughadh, ní maith leat, uime sin, do spreagadh, nó do lochta a chur síos duit, ach tairgeann tú sgáth agus folach a chur orra le saoibh- leith-sgeulaibh. 2. Ach, feuch agus dearc níos féarr ort féin, agus is ba fios duit go bhfuil grádh an t-saoghail go fóill ró-bheodha ionnad, agus annsacht ró- dhíomhaoin daoine do shásadh. Óir, an tan atá tú easumhail achmhusan nó imdhear- gadh fhaghail air son do lochta, is follas as sin nach bhfuil tú úiríseal go leor, nó marbh do'n 't-saoghal go fírinneach, nó an saoghal marbh dhuit-se. Ach, éist le mo bhriatharaibh-se, agus cha bhíonn meas agad air chomhairle nó air bhriatharaibh air bith daonna. Feuch, dá labhrochaidhe ad' aghaidh go mío-rúnach mailiseach, an méid is éidir do chumadh agus do dhealbhughadh le briatharaibh daonna, creud an dochar nó an díoghbháil do dhéanfadh dhuit, dá leigtheá tharad iad go réidh, agus gan suim a chur ionnta? An dtiocadh le sin, aon róine amháin dod' ghruaig a tharraing dhíot? 3. Ach, an té nach ndearcann asteach ann a chroidhe, agus ann a choinsias féin, agus nach mbíonn Dia os comhair a shúl do ghnáth, is uras leis comh- sgrughadh agus corrughadh le focal dío-mholaidh dá laighead. Ach, an té a chuireas a dhóchas ionnam-sa, agus nach iarrann seasamh go ró-dhána ann a chéill nó ann a thuigse féin, cha bhíonn faitcheas nó eagla daoine air.
Is Mise atá 'mo bhreitheamh, adeir Dia; is Mé a sgrúdas an uile rún agus sheicreid; is aithne dhamh gach ní dá dteagmhann, agus is fios damh an té a nídh an eugcóir, agus an té air a ndéantar í. Is uaim-se a thainic an focal-sa; is le mo chead a theagaimh so; ionnas go nochtfaidhe smuaintighthe as mhóran do chroidhthibh. (Luc.c.2,35). Is Mise a bhéarfas breitheamhnas air a' chionntach agus air a' neimh-chionntach; ach is áil liom, air tús nó roimhe chéile, an cionntach agus an neimh-chionntach a chruthughadh agus a dhearbhughadh araon le breith dhiamhair dhorcha. 4. Is minic a bhíos teist daonna meallta; ach atá mo bhreith-se fírinneach, seasmhach, gan chlaochlódh. Agus ce go mbíonn sé a bhfolach go coitcheannda agus a n-ainbhfios air mhóran ann gach én ní; gidheadh ní théid, agus ní h-éidir leis a dhul air seachran, ce go dtógthar do shúilibh dhaoine óinmhideacha, ain- bhfiosacha, gan sin a bheith ceart nó ró-dhíreach. Mar sin, is dleacht agus is cóir an uile ní fhágbhail aig mo bhreith-se, agus gan do bhreathnughadh nó th'eolas féin a thaobhadh. Óir, cha bhíonn a' fíreun buaidheartha fá ní air bith a thig ó Dhia dá ionnsuidhe. (Sean-ráidhte,c. 12,21). Agus cé go mbéarthaoi breith chlaon, éigceart 'n a aghaidh air uairibh, cha chuireann sin móran triobloide air. Agus ní mó a théid sé a n-uabhar nó a n-árd- uaill, an tan a bhíos cách, le réasun maith, air a leith- sgeul.
Óir, tuigeann sé gur Mise sgrúduightheóir an chroidhe agus na ndubhan, agus nach dtugaim breith réir cosamhlachta nó baramhla daoine. Óir, go minic, an ní a bhíos ionmholta réir baramhla agus breathnuighthe daonna, bíonn sé lochtach, dío-mholta ann mo shúilibh-se. 5. A Thighearna Dé, a Cheirt-Bhreithimh sheasmhaigh, fhoighidigh, darab aithne anbhfainne agus lochta na h-Adhamh-chloinne, bí féin 'do sgiath-dhídin agus chumhdaigh láidir agam; óir, ní bhfuil muinighin go leor agam taobhadh le mo chogubhas nó le mo choin- sias féin. Is fiosach Thusa an ní air a bhfuilim-se ainbhfiosach; uime sin, is cóir damh-sa mé féin ísliughadh, agus gach uile achmhusan agus imdheargadh iomchar go ciúin, ceannsa, foighideach. A Thighearna ró-thrócairigh, tabhair maitheamhnas damh gacha mhionca nach ndearnas mar sin, agus tabhair grása damh níos mó fhulang arís. Óir, is féarr damh-sa a bheith a muinighin do ró- thrócaire féin chum párduin fhaghail, nó taobhadh leis a' cheart a mheasaim a bheith agam chum lochta folaigh- teacha mo choinsis do chosnamh. Agus, cé nach bhfuil mo choinsias féin a' gearan orm, air a shon sin, ní h-éidir liom a mheas go bhfuilim saor; óir, mur ndéanaidh Tú féin trócaire orainn, ní shaorfar neoch dá maireann ad' fhiadhnaise. (Pslm.142,2).
An 47 caibidil. Amhail mar is dleacht na h-uile leathtrom iomchar air son na beathadh síorraidhe. 1. A mhic, adeir Críosda, ná gabh luige chroidhe an t-ualach nó an cúram, a ghlac tú as láimh air mo shon-sa, iomchar go foighideach; agus ná leig do thrioblóid air bith do chlaoi nó do leagadh síos air fad; ach gabh neart agus comhsholas as mo gheallamhain-se dhuit, ann gach ní dá dteagmhann. Is leor a bharánta agus an urradh Mise luach do shaothair a chúitiughadh leat os cionn an uile mheadha agus mhiosúir. Ní fada nó go gcuirfidh tú deireadh le do dhochar, agus cha bhíonn tú gá do chrádh le dólasaibh a gcomhnuidhe. Fan tamall beag eile, agus chífidh tú críoch ná n-olc go tapaidh. Tiocfaidh an uair a stadfaidh an uile dhochar agus thriobloid. Is beag agus is gearr an uile ní a théid thart agus a chaithtear le h-aimsir. 2. Tabhair aire mar sin dod' ghnothaighe; oibrigh go díleas ionnraic ann m'fhinneamhain-se; agus is Me féin bhus luaigheacht dhuit. Sgríobh, léigh, can na psailm, bí aig caoi agus aig osnuigh, ná labhair ach beagan, déana urnuighe, iomchair go cródha feardha do chrosa; is fiú an bheatha mharthannach iad so uile, agus tuilleadh. Tiocfaidh an t-síothchain an lá is fiosach do'n Tighearna; agus ní ba cosamhail an lá sin le ló
nó oidhche na h-aimsire atá anois againn; ach soillse shíorraidhe, deallradh gan chrích, síothchainte dhaingean, agus suaimhneas gan eagal. Chan abrann tú, an tan sin: Cia shaorfas mé ó'n cholainn sho-bhasuighthe-se? (Rom.c.7,24). Agus ní abrochaidh tú: A mhairg damh-sa, óir is fada liom ataim ann so! (Pslm.119). Óir, rachaidh an bás air neimhnídh, cha bhíonn sé ann níos fuide, agus tiocfaidh an t-sláinte gan easbhaidh, cha bhíonn intinn bhuaidheartha aig én neoch, ach béidh grádh agus milseacht, agus aoibhneas a gcuideachta bheannuighthe na glóire síorraidhe aca. 3. O! dá bhfeictheá én amharc amháin air chor- óinibh síorraidhe na naomh a bhflaitheamhnas Dé, agus méad na glóire atá anois aig na daoine do bhí air n-a dtarcuisniughadh agus air na maslughadh aige an t-saoghal ó chianaibh, agus orra nach raibh meas aige daoine gur bhfiú iad a bheith beo ann a mbeathaidh, go fírinneach do dhéanfá thú féin d'úirísliughadh agus do chlaonadh go talamh, agus dob fhéarr leat a bheith faoi smacht aig an uile dhuine, nó a bheith 'do cheann- phort nó ad' uachtrán air én neoch. Agus fós, ní shanntochá laethe do bheathadh fhaghail go h-aoibhinn iolgháirdeach, ach is mó an luathghair a bhéadh ort amhgar agus triobloid fhulang air son Dé, agus ba mhór an éadail leat tarcuisne agus dí-mheas a bheith aige daoine ort. 4. O! dá mbéadh deagh-bhlas agad air na neithibh- se, agus leigint dóibh fréamhughadh go doimhin ann do chroidhe, cionnas do gheobhthá do dhánacht nó do dhalbacht agad féin gearan a dhéanamh én uair amháin? An é nach cóir an uile dhochar fhulang air son na beathadh síorraidhe?
Ní rud beag nó suarach caill nó tabhairt ríoghachta Dé. Tóg, air an ádhbhar sin, do ghnúis suas go flaitheas Dé; agus feuch, Mise, agus mo naoimh uile mar aon liom, a d'fhuiling masla agus catha troma air a t-saoghal, atá sinn anois a n-iolgháirdeas, agus a n-aoibhneas an chomhsholais; atá anois go socair a seilbh dhearbhtha na glóire; agus mairfid mar sin mar aon liom-sa a ríoghachta m'Athara go tráth bheith síor gan chrích gan fhoircheann. An 48 caibidil. A thráchtas air ló na síorraidheachta, agus air chumhanglachaibh agus cruadhógaibh na beathadh saoghalta. 1. Ó! a theaghais agus ionaid comhnuidhthe bheann- uighthe na cathrach neamhdha! Ó! a lá na soillse síorraidhe, gan ghruaim gan dorchadas oidhche, ach atá a gcomhnuidhe air n-a shoillsiughadh le deallradh na Fírinneachta; lá suilbhir súgach go bráthach, go bráthach dearbhtha, gan athrughadh nó claochlódh con- trartha go deoidh! Och, a Dhia! Nach raibh an lá soillseach-sa ann anois, agus na neithe saoghalta uile air n-imtheacht uaim! Deallruigheann loinnir agus lán-shoillse an lae-se do na naoimh go bráthach; ach, inne atá air oilithre agus air sheachran a' t-saoghail ní fheicmid é ach a bhfad uainn, agus tré a' sgathan.
2. Atá fios aige lucht na caithreach neamhdha air aoibhneas agus air iolgháirdeas an lae sin; ach, atáid clanna díbeartha Éabha aig osnaighe tré sheirbhe agus thuirse an t-saoghail-se. Atáid laethe an t-saoghail gearr, olc, urchoideach, lán dólais agus amhgair; an áit a dtruaillighthear an duine le n-iomad peacaidh, air n-a chreapall ag a chlaontaibh iomdha taodacha féin, a gcruadhóig ó iomad uamhain agus eagail, air mhío-shuaimhneas ó iomad cúraim, air seachran agus air mearughadh chéille le móran do chúisibh díomhaoineacha ró- chúirealta, air n-a thimchealladh le móran earroide, air n-a chur agus air n-a lán-tuirsiughadh le n-iomad saothair, air n-a leathtromughadh le h-iomad cathuighthe, air n-a lagughadh agus air n-a mhoirtniúghadh le miangasaibh na colna, agus air n-a chéasadh le h-amhgaraibh na bochtaineachta. 3. O! Cathain nó cá h-uair a chuirfear críoch air na h-olcaibh-se? Cá h-uair a shaorfar mé ó dhaoirse agus ó sglábhaidheacht an pheacaidh? Cá h-uair, a Thighearna, a chuimhneochas mé ort féin amháin? Cá h-uair a bhéas mé aoibhinn iolgháirdeach ad' aice? Cathain nó cá h-uair a bhéas mé saor dá ríribh gan toirmeasg gan bhacan, gan truime gan tuirse anma nó cuirp? Cá h-uair a bhéas síothchainte dhiongmhalta dhearbhtha agam, síothchainte dhaingean sháimh gan eagal, síothchainte amuigh agus astigh, agus seasmhach láidir air an uile thaobh? Ó! Íosa ró-mhaith, cá h-uair a chífeas mé do ghnúis?
Cá h-uair a bhéas mé aige rinnfheitheam glóire do ríoghachta? Cá h-uair a bhéas Tú agam go h-uile anns na h-uile ní? Cá h-uair a bhéas mé ann do ríoghacht agad, a d'ullmhuigh Tú do lucht th'annsachta ó'n t-síorraidheacht anuas? Atáim-se air m'fhágail 'mo bhochtan agus 'mo dhíbearthach a dtír mo námhad, an áit a bhfuil cogadh agus ró-amhgair gach én ló. 4. A Thighearna, furtuigh mo dhíbirt, éadtromuigh mo dhochar; óir, is ort féin atá m'uile ailgeas agus mo mhiangas aig éaghbhaidh agus aig osnaighe; óir ní bhfuil sólas a' t-saoghail-se uile ach 'na thruime agus 'na ró-ualach agam. Is mian liom do shealbhughadh go h-inmheadhonach, ach cha dtig liom sin fhaghail. Ba mhian liom ceangal do na neithibh neamhdha, ach atáid na neithe saoghalta agus mo chlaonta míriaghalta féin gá mo chlaoi agus gá mo chongbháil síos. Ba mhian liom ann m'intinn a bheith os cionn an uile ní, ach atá an cholann a' tabhairt orm umhlughadh dá aimhdheoin. Agus, mar sin, bím 'mo dhuine mhío-ádhmhar a' troid agus a' comharc liom féin, agus bím cortha tuirseach dhíom féin, an tan a bhíos mo sbiorad a' dréim suas, bíonn a' cholann aig iarraidh cromadh go talamh. 5. O! creud é méad m'fulaing ionnam féin astigh! Óir, an tráth a smaoinighim air na neithibh neamhdha, thig sluagh agus sgaoth do smaointighthibh eugsamhla colnaidhe ann mo mheanmain gá mo chur air seachran ann m'urnuighe.
O! a Dhia, ná h-imthigh a bhfad uaim, agus ná seachain agus ná tréig do shearbhfoghantuidhe ann th'fheirg. Caith uait do theintreach agus spréidh iad, eadhon, na droch-smaointighthe; caith uaid do shaighide agus claoidh iad, agus díbir meanga uile an aidhbheirseora. (Pslm.c.143,7). Díoghluim agus comh-chruinnigh mo chéadfaidh chugad féin; agus tabhair orm dearmad a dhéanamh do neithibh saoghalta; agus tabhair damh iomhaighe an uilc a tharcuisniughadh, agus a dhíbirt as m'intinn go tapaidh. Cuidigh liom, a Dhia shíorraidhe na Fírinne, ionnas nach gluaiseadh díomhaoineas air bith mé. Tar, a mhilseacht neamhdha, agus teitheadh an uile ghráineamhlacht thruaillidhe as th'amharc. A Thighearna ró-thrócairigh, tabhair maitheamhnas agus lóghadh damh air son dá mhionca do smaoinigh mé air ní air bith ach ort féin san urnuighe. Óir, aidmhim go fírinneach gur mhinic ba ghnáth liom seachran a dhéanamh innte. Óir, is minic nach mbím fá'n áit a mbím go corpardha 'mo shuidhe nó 'mo sheasamh, ach anns a' bhall a mbeirid mo smaointighe leo mé. Bím san ionad a mbíonn mo smaointighthe; agus go coitcheannda, bíonn mo smaointighthe anns an áit a bhfuil mo thaitneamh. Is tapaidh a theagmhas dom' mheanmain an ní air a bhfuil grádh nádurtha agam, nó a thaitneas liom tré chleachtadh. 6. Is uime sin adubhairt Tú féin, a Dhia na Fírinne: "An ball a bhfuil do chisde, is ann atá do chroidhe." (Matha.c.6,21).
Ma tá cion agam air neamh, is ró-thoilteanach a smaoinim air neithibh neamhdha. Agus ma 'sé an saoghal is ionmhain liom, bím luathghaireach le n-a shonas, agus dubhach, dubhronach le n-a dhonas. Ma ghrádhuighim a' cholann, is air neithibh colnaidhe a bhím go minic a smaoiniughadh. Ma's air mo sbiorad atá mo ghrádh is ionmhain liom smaoiniughadh air neithibh sbioradálta. Agus labhraim go toilteanach air gach én ní dá ngrádhuighim, agus éisdim go fonnmhar le cách aig labhairt orra, agus beirim a ndeilbh agus a n-iomhaighe ann m'intinn liom na bhaile. Ach, a Thighearna, is beannuighthe an neoch a sgaras leis an uile chréatuir mar gheall ort-sa;; agus do nídh fóirneart air an náduir, agus a chéasas ain- mhianta na colna le teasghrádh faobhrach na sbioraide; ionnas go dtoirbheireadh sé dhuit urnuighe ghlan le coinsias gan truailleadh, agus go mbadh bhfiú é do bheith ameasg na gcoraidhe, agus na n-órd ainglidhe, tar éis neithe talmhaidhe uile amuigh agus astigh a dhíbiriughadh. An 49 caibidil. A labhras air ailgeas agus iarraidh na beathadh suthaine; agus air áidhbhéil na maitheasa a gealltar do'n mhuinntir do nídh seasamh amach go cródha. 1. A mhic, an tan a mhothuigheas tú fonn beodha díochra na síorraidheachta beannuighthe ionnad féin, agus gur ró-mhian leat priosúnacht na colna fhág-
bhail, ionnas go mbadh éidir leat ró-ruithneadh loinneardha mo dheallraidh-se do rinnfheitheamh nó fhéiceal gan sgáth, gan smúid, nó claochlódh gad' thoir- measg, fosgail do chroidhe go fairsing an uair sin, agus gabh chugad anal nó bíodhgadh an Spiorad Naoimh le h-iomad gráidh. Tabhair móran buidheachais agus altuighthe do'n Árd-Mhaitheas Neamhdha air son a mhór-mhaitheasa, a chuarta, agus a thrócaire ort, gá do ghríosughadh agus gá do ghluaiseacht le teasghoil grádha, agus gá do thógbhail suas le n-a láimh chumhachtaigh, d'eagla go dtuitfeá le do thruime féin go talamh. Óir, ní h-é do dheigh-intinn, nó do neart díchill féin a gheibh so dhuit, ach na grása neamhdha, agus foghar na cuarta diadha chugad; ionnas go rachfá air th'aghaidh anns na subhailcibh, agus a n-úirísleacht níos mó, agus go n-ullmhochthá thú féin a n-aghaidh na gcathuighthe atá chugad, agus dícheall saothair do dhéanamh, le mian agus ailgeas iomlán do chroidhe, greamughadh go daingean damh-sa, agus mo sheirbhis a dhéanamh le lán toil chíocrach lasamhail. 2. A mhic, is minic a bhíos an teine air dearg- lasadh, ach cha dtéid an lasair suas uaithe gan deatach. Is mar an gceudna a bhíos fonn agus faobhar air dhaoine áirighthe air dearg-lasadh chum na neithe neamhdha, gidheadh, ní bhfuilid saor ó chathuighthe agus ó ghrádh na colna. Agus, mar sin, ní air son glóire nó onóra Dé go fírinneach oibrigheann siad aig iarraidh neitheann go ró-anbhuaineach air. A mhic ionmhain, is mar so a bhíos do mhian-sa agus do thoil go minic, a thaisbean tú go neartmhar ró-anbhuaineach.
Óir, ní bhfuil ní air bith glan nó iomlán a bhíos air n-a thruailleadh, nó sanntuighthear mar gheall air éadail nó air phléasuir dúinn féin amháin. 3. Mar sin, ná h-iarr na neithe a thaitneas amháin leat féin, ach na neithe atá onórach, taitneamhach agam- sa; óir, ma bhreathnuigheann tú mar is dleacht, is ceart duit m'aithne-se agus m'órdughadh do lean- mhaint níos luaithe nó do thoil agus do mhian féin, agus a chur air béalaibh do thola féin. Is fios damh-sa th'iarraidh; is minic a chuala mé do ghuth truaigh agus th'osnadha. Ba mhaith leat anois a bheith a saor-sheilbh ghlóire chloinne Dé, agus ann th'ionad comhnuidhthe síorraidhe, anns a' ríoghachta neamhdha atá lán iolgháirdis agus subhailce; ach cha dtainic an uair sin go fóill; atá am agus uair eile le teacht air tús .i. am cathuighthe, saothair agus cruaidh-chéasda. Badh mhaith leat a bheith lán seilbh agus a radharc na glóire neamhdha, ach cha dtig leat sin fhaghail anois. Is Mise Mé féin an t-Árd-Mhaitheas rígh-neamhdha: fan liom, deir an Tighearna, nó go dtiocaidh ríoghachda Dé. 4. Caithfidh tú do dhearbhughadh air tús air talamh, agus do fhreachnughadh nó do líomhadh, agus do chleachtughadh anns an iomad do neithibh cruaidhe, cruadalacha. Gheobhaidh tú cuideamh agus comhsholas na ngrás air uairibh, ach cha dtiubhrthar sásadh iomlán air fad duit. Mar sin, gabh croidhe agus uchtach, agus bí cródha calma aige déanamh, agus aige fulang neithe contrárdha do chlaontaibh na nádura.
Is éigin duit a bheith 'do dhuine úr, agus thú féin athnuadhughadh a nduine eile. Is éigin duit go minic na neithe atá a n-aghaidh do thola a dhéanamh, agus na neithe a ghrádhuigheas tú a thréigbheal agus a sheachnadh. Rachaidh na neithe a shásuigheas cách air aghaidh; agus na neithe dob áil leat-sa air gcúl. Éisdfear le cainnt agus comhluadar cáich; agus cha bhíonn meas nó suim air ce bé déaras tusa. Iarrfaidh cách eile, agus do gheobhaidh a n-iarraidh; iarrfaidh tusa, agus ní bhfuighir an dadamh. 5. Béidh cách eile fá mhóir-mheas agus fá mhór- chlú ameasg daoine; ach cha bhíonn meas nó clú ort-sa. Taobhfar sud nó so le cách; ach ní thaobhfhar an dadamh leat-sa. Béidh an náduir dhaonna tuirseach, triamhuineach uime so air uaribh, ach ní beag an luaigheacht iomchar go ciúin tostach gan ghearan. Is air an modh-sa, agus air a chomh-chosamhail eile, a chruthuighthear agus a dhearbhuighthear seirbhiseach díleas an Tighearna do ghnáth, dá fheuchain cionnas is éidir leis é féin do dhiúltughadh, agus é féin do bhriseadh agus do chosg ó gach uile nídh. Ní bhfuil ocoid air bith is mó ann a bhfuil féidhm agad thú féin a mhoirtniughadh, nó aig amharc agus aige fulang na neithe atá contrárdha agus a n-aghaidh do thola; agus go sonnradhach an tan nó an uair órduighthear neithe a dhéanamh a thógthar duit a bheith mío-chómhgarach, mío-thairbheach. Agus cionn go bhfuil tú faoi umhlacht agus faoi chumhachta ní leigfidh an eagla dhuit a dhul a n-aghaidh an uachdrain; uime sin tógthar dhuit gur cruaidh an
chúis siubhal réir sméide agus tola dhuine eile, agus do thoil agus do chéadfadh féin a dhiúltadh air fad. 6. Ach a mhic, tabhair fá ndear toradh an t-saothair agus an trom-ualaigh-se, agus nach fada nó go gcríochnochar iad, agus an luaigheacht áidhbheil doi-mheasta is dleacht fhaghail air a son; agus ní ba trom nó triobloideach leat iad, ach béidh tú air do chómhfhurtacht go láidir ann th'fhulang agus ann th'fhoighide. Óir, air son an bheagain-se dod' thoil féin, atá tú a thréigbheal anois go toilteanach, gheobhaidh tú arís do thoil féin go bráthach a bhflaitheas Dé. Óir, annsin gheobhaidh tú an uile ní is áil leat, nó is éidir leat iarraidh. Béidh tú a seilbh na h-uile mhaith ann, gan eagal a chailleadh go bráthach. Agus béidh annsin air aon toil liom-sa go bráthach, agus ní shanntochaidh tú agus chan iarrann tú ní air bith coimhthigheach nó leath-taobhach go tráth bheith síor. Anns an áit sin, cha bíonn én neoch contrardha dhuit; cha bíonn gearan aig én neoch ort; cha chuireann én neoch toirmeasg ort; cha seasann an dadamh ad' aghaidh san t-slighe; ach béidh an méid atá tú iarraidh uile annsin a láthair air én iúl agad, agus líonfaid, agus sásochaid do thoil agus do mhian go h-iomlán. Annsin, bhéarfaidh Mhé glóir duit air son gach masla dár fhuiling tú; culaidh mholta air son do dhólais; agus cathair ríoghdha go bráthach air son an ionad úiríseal a bhí agad annso. Is annsin a chífear toradh na h-umhlachta, béidh loinnear agus luathghair air shaothar na h-aithrighe;
agus béidh an t-úiríseal umhal air n-a oirneadh le coróin ghlóire. 7. Air an ádhbhar sin, claon agus crom thú féin síos anois go h-umhail faoi láimh gach aon nduine, agus ná buaidhir thú féin fá fhios d'faghail cia h-é a dubhairt leat nó d'órduigh dhuit so nó sud a dhéanamh. Ach, tabhair ró-aire, ce bé h-aca uachdrán nó íochdrán nó do choimh-ionann féin iarras ní air bith ort, a ghabhail uile go maith le deagh-thoil, agus a thairgsin a choimhlíonadh le toil ionnraic, dhílis, dheagh- rúnaigh. Leig do'n fhear-sa so iarraidh, agus do'n fhear ud eile sud; leig do'n neoch-sa onóir agus mórdháil a dhéanamh as so, agus do'n duine ud eile as sud, agus leig do na mílte a bheith gá moladh; air son dod' thaobh féin, na déana glóir nó mórdháil as sud nó as so, nó as ní air bith ach amháin as do luige, as do tháire, agus as do tharcuisne féin, agus a dtoil agus a n-onóir Dé amháin. Atá aon ní amháin is cóir duit a shanntughadh agus a bheith air th'aire do ghnáth, eadhon, glóir agus onóir a thabhairt do Dhia a n-aimsir do bheathadh agus do bháis. An 50 caibidil. Cionnas is dleacht do dhuine, le linn a dhólais agus a thuirse, é féin do thoirbheirt air láimh Dé. 1. O! a Thighearna Dé, O! Athair ró-bheannuighthe! Go naomhthar Thú anois agus go bráthach! Óir,
is mar ba thoil leat, do theagaimh gach én ní, agus is maith gach ní dá ndearna tú do ghnáth. Bíodh luathghaire air do shearbhfhoghantuidhe féin ionnad, agus ní ann féin, nó ann én neoch air bith eile; óir, is Tú féin amháin an sólas fíre, a Thighearna, is Tú mo mhuinighin, mo choróin, mo iol- gháirdeas, agus m'onóir. Creud atá aig do sheirbhiseach, ach ce bé fuair sé uaid féin, agus so gan luaigheacht nó tuillmhe air bith dá thaoibh féin? (1 Cor.c.4.7). Is leat féin an uile ní do rinne Tú, agus thug Tú uaid. Is bochtan saothaireach, tuirseach mise ó m'óige, (Pslm.87,16); agus, air uairibh bíonn m'anam a' caoi le dólas, agus air uairibh ró-bhuaidheartha ann féin as siocair na dtaomanna ainmhianacha atá n-a thimcheall. 2. Is fada liom uaim sólas na síothchana; agus iarraim agus aitchim ort síoth do chloinne, atá gá n-oileamhain agad a lán-shoillse do chomhshólais. Ma thugann Tú an t-síothchain-se damh, ma dhoir- teann Tú an naomh-luathghaire ionnam, béidh anam do shearbhfhoghantuidhe gad' mholadh le cainticibh ceolmhara, dúthrachtacha. Ach, ma thréigeann Tú é, mar is gnáth leat go minic, cha dtig leis siubhal réir a' dlighidh a slíghe na n-aitheanta, (Pslm.118,32); ach, is éigin dó a ghlúine a lubadh agus uchd a bhualadh, cionn nach bhfuil sé anns a' stáid mhaith ann a raibh sé indé agus an lá roimhe le indé, an uair a bhí do shoillse agus do dheallradh lasda os a chionn, agus an tan do bhí se air n-a chosnamh, agus air n-a imdhídean
ó chathuighthibh do theacht air faoi sgáile do sgiathanna. (Iob.c.29,3, Pslm,16,8). 3. O! Athair ró-cheart, ró-naomhtha, agus ró- ionmholta go síorraidhe, thainic anois an uair ann a ndearbhochthar do shearbhfhoghantuidhe. O! Athair na cruinne darab fiú an uile ghrádh, is cóir agus is ceart dod' shearbhfoghantuidhe ní éigin fhulang anois air do shon. O! Athair onóruigh, thainic an uair do chonnaic Tú féin ó'n t-síorraidheacht, go mbéadh do shearbh- fhoghantuidhe seal gearr gá mhaslughadh do'n taobh amuigh, ach slán folláin agad féin do'n taobh astigh; thainic an tan ann a mbéidh sé air n-a tharcuisniughadh fá smacht agus fá dhí-mheas aige daoine; agus air n-a shárughadh agus air n-a chlaoi le h-aicideachaibh iomdha do fhulang, ionnas go ndéanadh sé eiséirighe mar aon leat féin a moch-mhaidin na nuadh-shoillse anns a' ghlóir neamhdha. O! Athair ró-bheannuighthe, is mar so d'órduigh Tú a bheith, 'sé so do thoil; agus is amhlaidh do theagaimh gach ní do réir th'órduighthe agus do thola. 4. Agus go deimhin, is mór na grása agus an foghar dod' charaid .i. go ndeonochá dó masla agus píonas fhulang air a' t-saoghal-sa mar ghrádh ort féin a Dhia, dá mhionca a leigeas Tú do neoch air bith sin do dhéanamh air. Óir, ní theagmhann ní air bith air a' t-saoghal gan do chomhairle agus do reamh-radharc, nó gan chúis éigin. Is maith dhamh-sa, a Thighearna, gur smachtuigh Tú mé, ionnas go gcuirfinn eolas air th'fhírinnteacht, adeir an psalm 118,71; agus go sgriosfainn agus go ndíbeorainn an uile uabhar agus andóchas as mo chroidhe.
Is maith dhamh náire a bheith aig folach mo ghnúise, ionnas go n-iarrainn furtacht agus cobhair ort féin níos luaithe nó air dhaoinibh. d'fhoghluim mé as so, mar an gceudna, eagal do bhéith orm red' bhreitheamhnas uathbhasach, do-fhaisneise, a mhoirtnigheas an fíreun mar aon leis an pheacach, cé nach gan chóir, gan fírcheart do nídh Tú sin. 5. Do bheirim buidheachas duit, a Thighearna, air son mé féin do smachtughadh ann mo lochta gan chaomhnadh gan choigilt, ach gur bhuail Tú mé le sgiúrsadha geura, aige cur pianta agus leathtrom orm amuigh agus astigh. Agus ní bhfuil faoi neamh anuas nídh a fhurtochas orm ach Thú féin a Thighearna Dé, a Liaigh neamhdha na n-anman, a loitigheas agus a leigheasas, a chuireas síos go h-aigean inn, agus a tharraingeas as arís inn. (1 Reg.c.2,6). Atá an t-slat agus an sgiúrse ann do láimh gá mo mhúnadh agus gá mo theagasc. 6. Feuch, Athair ghrádhuigh, atáim ann do lámhaibh, agus claonaim mé féin faoi shlait do bhuailte agus mo mhúinte féin. Buail mo shlinneain agus mo mhuineal, ionnas go n-umhlochadh mo thoil cham-shníomhtha-sa dod' thoil-se. Déana deisgiobal umhal úiríseal dhíom duit féin, mar is gnáth leat go maith a dhéanamh, ionnas go siubhlainn réir do thola do ghnáth. Taobhaim agus tiomnaim dhuit mé féin, agus an uile ní dá bhfuil agam; is féarr píonas fhaghail air a' t-saoghal-sa nó air a' t-saoghal eile. Is fios duit na h-uile nídh, agus ní bhfuil nídh air bith a bhfolach ort anns a' choinsias daonna. Is aithne dhuit na neithe níos luaithe nó thig siad
asteach nó do theagmhaid; agus ní bhfuil féidhm agad eolas nó faisnéis iarraidh nó fhaghail air ní air bith air a' talamh. Is fios duit creud is maith do mo bhiseach-sa, agus méad na tairbhe do nídh an buaidhreadh agus a' triobloid, do chum sal agus meirg an pheacaidh do ghlanadh. Déana liom-sa mar is toil leat; 'sé sin atáim aig iarraidh; agus ná diúlt damh as siocair mo dhroich-bheatha, is aithne dhuit féin níos féarr agus níos soilléire nó d'aon neoch beo air a' talamh. 7. A Thighearna, deonuigh damh fios fhaghail air na neithibh is oireamhnach damh, agus annsacht na neithe is dleacht do ghrádhughadh; ionnas go molfainn na neithe is féarr a thaitneas leat, agus go measfainn na neithe atá measamhail, mór-luaigheach ann do shúilibh- se; agus go mbéadh fuath agus gráin agam air gach ní atá gráineamhail ad' fhiadhnaise. Ná fuiling damh neithe do mheas nó do bhreathnughadh réir amharc súl, nó do réir baramhla nó cloisdeachta na n-ainbhfiosach; ach tabhair grása damh eidir-dhealughadh a dhéanamh agus breitheamhnas ceart a thabhairt air neithibh saoghalta agus sbioradálta; agus go sonnradhach, a bheith go bráthach aig iarraidh do dheagh- thoil féin do shásadh. 8. Bíonn baramhlacha daoine meallta go ró- mhinic; agus atáid daoine sanntach an t-saoghail meallta aige grádhughadh neithe talmhaidhe amháin. Creud is féirrde do dhuine meas mór a bheith aige daoine air? Meallann an duine cealgach cealgaire eile, agus an duine díomhaoin an duine díomhaoin eile, an dall an dall eile, an t-anbhfann an t-anbhfann eile,
an tan a bhíonn sé go h-uallach gá árdughadh agus gá mholadh; agus go fírinneach, is mó an tarcuisne agus an náire do bheir an baoth-mholadh bréige dó. Óir, ní bhfuil neoch inmheasta nó ionmholta ach réir an mholta nó an mheasa atá air a bhfiadhnaise Dé, adeir an Naomh oirdhearc úiríseal St. Proinsios. An 51 caibidil. A deir gur cóir oibreacha úirísle do ghnáthughadh, an tan nach dtig linn sroicheadh air árd-ghníomhaibh. 1. A mhic, cha dtig leat a bheith a' smaoiniughadh go teasghrádhach air na subhailcibh a gcomhnuidhe; nó seasamh anns a' chéim is airde do'n rinnfheitheamh dhiadha; ach, is éigin duit, air uairibh, tuirneamh, tuirling, agus cromadh air neithibh úirísle, as siocair agus tré thruailleadh pheacaidh na sinnsire, agus trom-ualach na beathadh brisgeogaighe-se iomchar a n-aghaidh do thola go tuirseach. An fad a bhéas an cholann sho-bhásuighthe-se air iomchar agad, mothochaidh tú amhgar, anacair, agus crádh croidhe. Mar sin, an fad a mhaireas tú san cholainn, is cóir duit go minic leathtrom na colna do chaoi; óir, ní h-éidir leat, gan sgíth, gan stad, a bheith gnothuigheach anns na h-oibreachaibh sbioradálta, agus anns a' rinnfheitheamh dhiadha. 2. An tráth do gheobhair thú féin trom tuirseach mar sin, is iomchubhaidh dhuit cromadh air oibreachaibh úirísle foir-imeallacha, agus caitheamh aimsire a
dhéanamh duit féin do na deigh-ghníomharthaibh; agus a bheith a' feitheamh air mo theacht agus air mo chuairt neamhdha-sa le muinighin láidir; agus do dhaoirse agus do dhíbirt fhulang go foighideach, agus fós triomlach agus seargthacht na sbioraide, nó go dtiocaidh Mise arís air chuairt chugad, agus go saorfad thú ó'n uile amhgar. Óir, bhéarfaidh Mé ort dearmad a dhéanamh dod' phiantaibh, agus bhéarfad suaimhneas síorraidhe dhuit. Fosglochad romhad magha mín áille an Scrioptúir, ionnas go m'éidir leat siubhal air rian agus air slíghe m'aitheanta-sa le croidhe réidhe. Agus annsin déarfaidh tú gurab éadtrom dochar agus anacair a t-saoghail-se, a gcóimheas agus a gcomparaid na glóire atá le teacht agus fhoillseochar ionnainn. (Rom.c.8,18). An 52 caibidil. Amhail mar is dleacht do dhuine a mheas nach fiú agus nach diongmhalta é féin air chomhshólas; ach gur féarr an airidhe é air sgiúirsibh agus air phíonas. 1. A Thighearna, níor thuill mé comhshólas nó cuairt sbioradálta air bith uaid; mar sin, is ceart an ní do nídh Tú liom, an tan fhágthar mé aig mo dhólas agus aig mo bhochtaineacht féin. Óir, dá silfinn oiread na mara nó na fairrge do dheoraibh, ní bhéinn, air a shon sin, 'mo airidhe air do chomhshólas neamhdha.
Air nach ar thuill mé an dadamh ach sgiúirseadh agus píonus, óir do pheacuigheas go ró-throm ró-mhinic ad' aghaidh. Mar sin, réir an uile réasun cheart, níor thuill mé cabhair nó furtacht dá laighead uaid. Ach, Thusa atá 'do Dhia lán maithis agus trócaire, agus nach áil leat th'oibreacha féin a dhul amugha, chum go bhfoillseocha saidhbhreas do mhor-mhaithis do shoithighibh na trócaire, (Rom.c.9,23), deonaigheann Tú cabhair a thabhairt dod' sheirbhiseach os cionn a thuillmhe, agus os cionn an uile mhiosúr daonna. Óir ní cosamhail do chabhair le cabhair dhaonna. 2. O! a Thighearna gad é do rinne mise, fá go mbéarfá sólas air bith neamhdha damh? Ní cuimhneach liom maith air bith do dhéanamh ariamh; ach go raibh mé a gcomhnuidhe claon chum an uilc, agus ró-leisge orm mo leasughadh. 'Sé so an fhírinne, agus cha dtig liom a shéanadh. Agus dá n-abrainn atharrach so, do dhéantá féin fiadhnaise a m'aghaidh, agus ní bhéadh neoch air bith air mo leith-sgeul. Gad é do thuill mé air son mo pheacaidh, ach pianta síorraidhe a dteinidh ifrinn? Aidmhighim go deimhin, gur airidhe mé air an uile dhí-mheas, sbíd, agus tarcuisne; agus nach fiú mé mo áireamh nó m'anmnughadh ameasg do sheirbhiseacha dúthrachtacha. Agus cé nach maith liom so do chloisint, air a shon sin agus eile, aidmheochad mo pheacaidh a m'aghaidh fein air ghrádh na fírinne, ionnas gur mhóide do gheobhainn trócaire. 3. Creud a déarfas mé, agus mé cionntach lán náire agus faitchis?
Ní bhfuil agam le rádha ach amháin gur pheacuigheas; do pheacuigh mé, a Thighearna, do pheacuigh mé; a Thighearna tabhair maitheamhnas damh, agus déana trócaire orm! Leig damh mo dhólas a chaoineadh seal beag ann so, sul fá rachad go tír nó talamh an dorchadais atá foluighthe fá cheo agus sgáile uathbhasaigh, dhuilbhir, dhiamhair an bháis. (Iob.c.10,20). Ní iarrann Tú air a pheacach lochtach, mhío-ádhmhar, ach filleadh air ais le h-umhlacht agus croidhe-bhrúghadh go sbeisialta air son a pheacaidh. Is as an chomh-brughadh agus as an aithrighe fhíre, agus as umhlacht an chroidhe a gheintear dúil le párdún; is leis a shocruighthear an coinsias buaidheartha, agus is é do bheir na grása do cailleadh air a n-ais arís; is é shaoras an duine o'n fheirg a bhí a' teacht chuige; agus, fá dheoidh, tugann Dia aircis air an anam fhíreunta le fáilte, agus le póig naomhtha na síothchainte. 4. Is íodhbairt thaitneamhach an aithrighe úiríseal air son a' pheacaidh, níos cumhra agus níos deagh- bholaighe ad' láthair, a Thighearna, nó boladh cumhra na túise a loisgthear air an altóir. 'Sé so an t-ungadh agus an ola chumhra uasal do dheonuigh Tú a dhortadh air do chosaibh coisreactha (Luc.c.7,38); óir, níor dhiúlt Tú ariamh do'n chroidhe cheannsa chomh-brúighte. (Pslm.5,19). Is annso atá imdhídean dearbhtha ó aghaidh agus ó ghnúis fheargaigh na námhad. Is leis an aithrighe a leasuighthear agus a ghlanthar an uile shal agus smál peacaidh do rinneamar a n-áit air bith ariamh.
An 53 caibidil. A thaisbeanas nach dtugthar tiodlacadh na ngrás do'n mhuinntir ró-cheangailte do na neithibh saoghalta. 1. A mhic is ró-uasal an ní mo ghrása-sa; ní fhuil- ingeann sé a choimeasgadh le neithibh foir-imeallacha, nó le h-aoibhneasaibh talmhaidhe. Mar sin is éigin duit an uile ní a bhacas nó thoirmeasgas na grása do theilgint uaid, ma 's maith leat driúchd agus dortadh na ngrás do ghabhail chugad. Iarr áit uaigneach duit féin, agus bíodh fonn ort comhnuidhe ann ad' aonar; agus ná h-iarr cuideachta nó comhluadar air én neoch; ach guidh Dia go dúthrachdach chum mothughadh agus bíodhgadh croidhe agus glaine na h-intinne agus coinsis do dheonughadh dhuit. Meas an domhan uile mar an dadamh; cuir freasdal agus friotháileadh Dé air beulaibh an uile ní saoghalta. Óir, ní h-éidir leat Mise do riar, agus thú féin do shásughadh le neithibh díombuana, silteacha, saoghalta. Is éigin duit do luchd eolais agus do cháirde grádhacha do thréigbheal, agus th'anam a chongbhail fadhbhtha sgartha o'n uile shólas díombuan aimseardha. Is amhlaidh guidheann an Naomh Easbal Peadar, go gcongbhochaidis na creidmheacha a gCríosda iad féin uile mar luchd an uaire, agus mar oilithreacha coimhightheacha air a' t-saoghal-sa.
2. O! creud é méad an dóchais agus na muinighne a bhéas aig uair a bháis aig an té nach mbíonn creapailte le grádh air neithibh a' t-saoghail? Ach, an t-anam atá go fóill tinn, lag, ní h-eol dó a chroidhe do chongbhail mar sin sgartha o'n uile ní saoghalta; agus ní aithnigheann an duine brúideamhal saoirse nó sócal an duine inmheadhonaigh dhiadha. Ach, ma's mian leis a bheith sbioradálta dá ríribh is éigin dó diúltughadh do'n mhuinntir atá a bhfad uadha agus a bhfogas dó, eadhon, do'n choimhightheach agus do'n mhuinnteardha, agus a bheith air a choimhead air féin níos mó nó air én neoch eile. Má bheireann tú buaidh iomlán ort féin, is ba h-urasa dhuit an uile ní eile do chlaoi. 'Sí is buaidh iomlán ann, neoch buaidh a thabhairt air féin. Óir an té a chongbhas é féin faoi smachd, air mhodh go mbéadh ainmhian na gcéadfadh umhal do'n tuigse réasunta, agus an tuigse réasunta umhal do Dhia, sin an té do bheir buaidh go fírinneach air féin, agus atá 'na thighearna agus 'na mhaighistir air a' t-saoghal go h-uile. 3. Ma's mian leat dréimniughadh suas gus an árd chois-chéim-se, is oircheas duit tosughadh go feardha, agus an tuagh a leagadh air a' fhréimh, ionnas go ngearrthá agus go sgriostá an chlaon-toil mhíriaghalta atá a bhfolach agad ort féin, agus an ró-ghrádh atá agad air do mhaith agus air do mhaoin shaoghalta. An lochd-sa do bheir air neoch iomad gráidh ain- mheasardha do bheith aige air féin, 'sé is fréamh do'n uile olc is cóir a sgrios agus a dhíbirt uainn. Agus an tráth a smachduighthear agus a sgriosthar
an t-olc-sa, béidh síoth agus socraidheachd mhór air ball 'na dhiaidh. Ach, do bhrígh gur tearc agus gur beag an líon a shaothruigheas nó thairgeas iad féin a mhoirtniughadh nó a bhásughadh, nó iad féin fhágbhail 'na ndiaidh go h-iomlán, uime sin fanaid creapailte ionnta féin, agus cha dtig leo éirighe níos airde nó iad féin ann a sbiorad. Ach, an té le ar mian siubhal go saor am' fharradh-sa, is oircheas agus is éigin dó a chlaonta cama, míriaghalta féin uile do chlaoi agus do mhoirtniughadh, agus gan ceangal nó greamughadh do chréatuir air bith le searc nó saobhghrádh brúid- eamhail. An 54 caibidil. A labhras air ghluaiseachdaibh na nádura agus na ngrás. 1. A mhic, tabhair dod' aire go dícheallach gluaise- achda na nádura agus na ngrás; óir gluaisid, agus do nídh siad iomlacht chontrárdha dá chéile agus chomh caolchuiseach cealgach agus sin, air mhodh gur deacair a n-eidir-dhealughadh ó n-a chéile ach le neoch sbioradálta, nó le duine air n-a shoillsiughadh agus air n-a dheallrughadh go h-inmheadhonach ann féin. Go deimhin tugaid na h-uile dhuine iarraidh air an mhaith, agus bíonn rún aca maith éigin do dhéanamh ann gach ní dá ndéan agus dá n-abair siad; mar sin mealltar móran faoi aimhriocht an mhaithis.
2. Atá an náduir cealgach, agus tarraingeann creapallann, agus meallann sí móran ann a líontaibh agus ann a dulaibh; agus is é a rún chuige so a gcomhnuidhe, mar gheall air í féin a shásadh. Ach, siubhlann na grása go soirbh, soineannta, simplidhe; seachnann sí an uile ghné agus chineal uilc; ní chuireann sí cealg no mealltoireachd roimpe, agus do nídh sí gach én ní air son Dé go foirbhthe fíor-ghlan, ann a gcomhnuigheann sí go socair mar ann a finid agus ann a chrích dhéidheanaigh. 3. Ní h-áil leis an náduir bás fhaghail dá deoin, agus ní h-ait leithe a bheith air n-a cuibhriughadh, nó air n-a cumhgughadh, air n-a claoi, air n-a h-ísliughadh, nó air n-a smachdughadh, nó air n-a sárughadh air én chor. Ach do nídh na grása staideir agus saothar air í féin do chlaoi agus do mhoirtniughadh; cathuigheann agus comharcann sí a n-aghaidh chlaonta agus antoil na colna; iarrann sí an úirísleachd; is ait leithe í féin do chlaoi; ní h-áil leithe a toil shaor féin do leanmhaint, ach is ionmhain leithe a bheith faoi smachd agus riaghail; ní shanntuigheann sí uachdranachd air én neoch; ach iarrann sí a bheith faoi chumhachda Dé go bráthach, seasamhach a ndeigh-bheathaidh, agus a bheith ullamh, éasgaidh, a gcomhnuidhe umhlachd a dhéanamh do uile dhuine air son Dé. 4. Saothruigheann an náduir air son a sochair féin amháin, agus smaoinigheann sí air an éadail is éidir leithe fhaghail dhí féin ó chách. Ach na grása, ní air a h-éadail nó air a tairbhe féin, ach air an ní fhóghnas do chách is mó a smaoinigheann sí.
5. Is maith leis an náduir onóir agus meas fhaghail dhí féin. Ach do bheir na grása an uile onóir agus ghlóir do Dhia go díleas. 6. Bíonn eagal air an náduir roimhe le náire agus tarcuisne. Ach bíonn luathghaire air na grásaibh masla fhulang air son ainm an Tighearna Íosa Críosda. 7. Is ionmhain leis an náduir an díomhaoineas agus an t-socraidheachd chorpordha. Ach ní h-éidir leis na grásaibh a bheith díomhaoin, ach gabhann chuice go fonnmhar an saothar. 8. Iarrann an náduir neithe cúirealta bréaghtha, agus bíonn glonn agus gráin aice air neithibh suaracha, garbha, gránna. Ach is ionmhain leis na grásaibh neithe simplidhe, úirísle; cha dísbeagann nó ní dí-mheasann neithe garbha, suaracha, agus cha diúltann sean-éadach briste, bréideach, do chur uime. 9. Dearcann an náduir air na neithibh aimseardha, gabhann luathghaire í air son tairbhe agus éadala saoghalta, agus tuirse agus mío-luathghaire air son caille nó díoghbhála, gabhann fearg le focal tarcuisneach dá laighead. Ach do bheir na grása a h-aire do neithibh síorraidhe, agus ní cheanglann agus ní ghreamuigheann sí do neithibh díombuana aimseardha; agus ní bhuaidhrthear í fá na gcailleamhain; agus ní fheirgighthear í le briatharaibh searbha, garga; óir taisgeann sí a h-óirchisde agus a h-aigneadh air neamh, an áit nach gcailltear agus nach gcaithtear én ní. 10. Atá an náduir sanntach, agus is féarr leithe
ní do ghlacadh nó do thabhairt uaithe; is ionmhain leithe a cuid féin fhaghail air leith agus a leathtaobh. Ach, atá na grása lán do'n bhuidheachd agus do'n fhéile go coitcheannda; seachnann sí an leith-cheal agus an chuid air leith dhí féin; bíonn sí sásta le beagan; agus measann sí gur féarr ní do thabhairt uaithe nó do ghlacadh. (Gníom.c.20,35). 11. Atá an náduir claon agus tabhartha do ghrádh na gcréatuir, do ghrádh na colna, do'n díomhaoineas, agus do'n díosgaoilteachd agus do'n dosgadh. Ach bíonn na grása a' tarraing air Dhia, agus air na subhailcibh; diúltann sí do na créatuir; tréigeann sí an saoghal; bíonn fuath aice air chlaonta na colna, stadann sí ó shráduigheachd agus ó shíor-siubhal, agus bíonn faitchios uirthi í féin a thaisbeanadh go puiblidhe. 12. Glacann an náduir go ró-fhonnmhar dá h-ionnsuidhe an sólas agus an t-aoibhneas saoghalta a thaitneas le na céadfadhaibh corpordha. Ach na grása, is ó Dhia amháin is mian leo a gcomhshólas iarraidh, agus iad féin do shásughadh anns an Árd-Mhaith os cionn an uile mhaith so- fhaicseana, saoghalta. 13. Is air son a sochair agus a tairbhe féin do nídh an náduir gach én ní; cha dtig leithe an dadamh a dhéanamh a n-asgaidh, ach bíonn dúil aice éadail éigin fhaghail chomh maith nó níos féarr, nó moladh nó fabhar éigin eile air son a saothair; agus sann- tuigheann sí go mór meas áidhbheil do bheith air a h-oibreachaibh, agus air a tiodlaicthibh. Ach ní iarrann na grása ní air bith saoghalta, agus ní iarrann duais nó ceannach eile ach Dia amháin mar luach saothair; agus ní iarrann níos mó do
na neithibh saoghalta, ach an méid fhóghnas na neithe síorraidhe do ghnothughadh. 14. Bíonn loinn agus luathghaire air an náduir a móran comhghaol, carad, agus comhfhoigse com- panach; do nídh sí glóir agus uaill as uaisle a h-ionad comhnuidhthe, a sinnsire, a cip sloinnte, agus a cinidh; do nídh sí lústar le luchd cumhachda, agus blanndar le luchd saidhbhris; do nídh sí luathghaire agus iolgháirdeas le n-a macasamhail féin. Ach na grása, grádhuigheann sí a h-eascharaid, agus ní thógthar suas í a n-uaill nó a n-uabhar tré uimhir nó iomad a carad; agus ní bhíonn suim aice air an áit nó air a' treibh as ar fhás sí, muna raibh subhailce mhór ann; is mó fabhar a bhíos aice do'n bhochdan nó do'n t-saidhbhir, is mó an truaighe a bhíos aice leis an neimh-chionntach nó leis an chumhachdach; do nídh sí comh-luathghaire leis an fhíreun ionnraic, agus ní leis an chealgaire bhreugach; bíonn na grása a gcomhnuidhe aige teagasc na bhfíreun a ndicheall a dhéanamh do bheith níos féarr, agus comh-chosamhail le Mac Dé aige cleachdughadh na subhailcidhe. 15. Bíonn an náduir a' gearán air ball air a h-easbhaidh, agus air a buaidhreadh féin. Ach iomchrann na grása a bochdaine agus a doghrainn féin go foighideach. 16. Tiompuigheann agus tiomsuigheann an náduir an uile ní dá h-ionnsuidhe féin, agus bíonn aige cathughadh agus aige conspóid air a son féin. Ach na grása, toirbhreann an uile ní do Dhia, uadha a dtigid agus a bhfásaid ó bhun-fhréimhe; ní áireann sí ní air bith uirthi féin, agus cha déan uaill nó andóchas aiste féin; cha déan aighneas nó
ciapáil; ní mheasann a baramhail nó a breathnughadh féin os cionn agus níos fearr nó breathnughadh cáich; ach umhluigheann í féin do'n eagna shíorraidhe agus do'n choisde dhíadha san uile chéill, chéadfadh, agus tuigse. 17. Is mian leis an náduir fios fhaghail air sgeultaibh rúin, agus a bheith aig éisteachd le nuaidh-sgeultaibh; is loinn leithe í féin a thais- beanadh go puiblidhe ameasg daoine, agus eolas a chur air mhóran do neithibh tré na céadfadha féin; sanntuigheann sí eolas do bheith uirthi féin, agus neithe do dhéanamh as a bhfuigheadh sí clú agus moladh. Ach ní bhionn cúram aig na grásaibh fá sgeult- aibh nuadha, nó air neithibh dorcha, cúirealta do chloisdin; cionn gur ó shean-truailleadh na sinnsireachda fhásas so uile, air nach bhfuil ní air bith nuadh nó buan air talamh. Mar sin, teagasgann na grása dúinn na céadfadha do smachdughadh, do chuibhriughadh, agus do chruinniughadh air a' n-iúl; an antoil dhíomhaoin agus an uaill do sheachnadh, agus na neithe atá ionnta féin iongantach, aoibhinn, ionmholta, a bhfolach go h-úiríseal; agus ó'n uile ní ó'n uile eolas agus árd-fhoghluim, gan an dadamh iarraidh ach toradh na tairbhe sbioradálta, agus moladh, glóir, agus onóir Dé. Ní h-áil leithe í féin, nó én ní dá mbaineann leithe do thógbhail suas nó os áird; ach is féarr leithe a bheith aige beannughadh agus aige moladh Dé ann a thiodlaicthibh, do bheir uile uadha iad le ró-ghrádh agus ó lán-charthannachd. 18. 'Sé so is grása ann, eadhon, deallradh agus árd-shoillse os cionn na nádura daonna, agus
tiodlacadh áirighthe ó Dhia, agus comhartha dearbhtha díleas na bhfíreun, agus geall na sláinte síorraidhe, a thógbhas an duine suas ó neithibh talmhaidhe go grádh agus annsachd na neitheann neamhdha, agus do nídh dronga sbioradálta do na drongaibh colnaidhe. Mar sin, ní bhfuil dá mhéid á chuibhrighthear agus a chlaoidhtear an náduir, nach móide a dhoirtear na grása; agus, tré nuadh-chuartaibh na ngrás mar sin, leasuighthear an duine inmheadhonach sbioradálta go laetheamhail réir íomhaighe Dé. An 55 caibidil. A labhras air thruailleadh na nádura, agus air éifeachd agus air fheartaibh na ngrás ndiadha. 1. O! a Thighearna, mo Dhia, do chruthuigh mé réir th-íomhaighe agus do chosamhlachda féin, tabhair na grása dhamh, noch do dhearbhuigh Tú féin go soilléir do bheith chomh mór agus chomh riachdnasach chum an t-anam do shlánughadh, ionnas go gclaoidh- finn mo dhroch-náduir urchoideach féin atá gá mo tharraing chum peacaidh agus damnaidhe síorraidhe. Óir, mothuighim ann mo cholainn dligheadh an pheacaidh contrárdha do dhligheadh mo mheanmna, atá gá mo threorughadh agus gá mo tharraing mar bhraighe chum umhlachd agus aonta do thabhairt do ainmhian na gcéadfadh a móran do neithibh, (Rom. c.7.23); agus ní bhfuil cumas agam seasamh a n-aghaidh na n-ainmhian-sa, muna gcuideochaidh do
ghrása ró-naomhtha féin liom, air n-a ndortadh go lasamhail ann mo chroidhe. 2. Atá féidhm agam air do ghrásaibh, agus fós air ghrásaibh ró-mhóra, ionnas go gclaoifidhe an náduir, atá claon chum an uilc ariamh ó thús a h-óige. (Gen.c.8,21). Óir, air dtuiteam agus air n-a truailleadh do'n náduir dhaonna tré pheacadh ár sinnsir Ádhamh, do thainig cáin agus pian an pheacaidh sin anuas air shíol Ádhamha uile. Air mhodh an náduir féin, noch do chruthuigh Tú féin, a Dhia, ó thús air stáid na neimh-chionntachda, atá sí anois air n-a h-áireamh 'na lochd agus 'na h-easláinte; óir, atá gluais- eachd agus iomlacht na nádura, air mbeith dhí 'na muinighin féin, a' claonadh agus a' tarraing air an olc agus air na neithibh talmhaidhe. Óir, an beagan neirt a d'fhan aice, ní bhfuil ach mar spré teineadh a bhfolach ameasg na luatha. 'Sé so an réasun nádurtha atá foluighthe air gach én taobh le móran dorchadais, cé go bhfuil fios agus breathnughadh aige go fóill idir maith agus olc, idir an fhírinne agus an bhréag, cé nach dtig leis an méid is eol dó a bheith go maith a dhéanamh nó a chomhlíonadh; agus anois ní bhfuil soillse iomlán na fírinne aige, nó a mhianta chomh folláin, foirbhthe, agus bhádar air tús. 3. Is as so a gheintear, a Thighearna Dé, go bhfuil do dhlighe taitneamhach aig mo chéill, agus aig mo réasun, do'n taobh astigh, mar is fios dí go bhfuil do reachd agus th'aithne go ró-mhaith, ró- cheart, agus ró-naomhtha, aige spreagadh an uile olc, agus an uile pheacadh is cóir a sheachnadh.
Ach ann mo cholainn nídhim seirbhís do dhlighe an pheacaidh an tan umhluighim níos mó do antoil na gcéadfadh corpordha nó do'n réasun agus do'n chéill cheirt. Is as so a thig go mothuighim ionnam féin toil chum an maith do dhéanamh, ach ní fhaghaim slighe air bith chum an maith sin do chríochnughadh nó do choimhlíonadh. (Rom.c.7,18). As so, fós, a thig gur minic a chuirim romham móran maith do dhéanamh, ach, do bhrígh nach bhfuil na grása agam chum cuidiughadh le mo luige agus le m'anbhfainne, do bheir contrarachd dá laighead orm sleamhnughadh agus tuiteam arís. Teagmhann as so, mar a' gceudna, go n-aithnighim casan agus bealach na fírinne agus na foirbhtheachda, agus go bhfeicim soilléir go leor creud is cóir damh a dhéanamh. Ach atá truime mo thruaillidheachda féin gá mo bhrúghadh síos, air mhodh nach dtógaim mé féin suas gus na neithe is féarr agus is foirbhthe. 4. O! a Thighearna! is mór atáid do ghrása 'na bhféidhm, agus 'na riachdanas orm, chum tosughadh agus tionnsgnughadh an maith do dhéanamh, a dhul air m'aghaidh leis, agus a chríochnughadh. Óir a bhféagmhais na ngrás ní h-éidir liom an dadamh do dhéanamh; ach is éidir liom an uile ní do dhéanamh ionnad-sa tré chomhfhurtachd na ngrás. (Phil.c.4.13). O! a ghrása neamhdha dá ríribh, ad' fhéagmhais ní bhfuil luaigheachd againn, agus ad' fhéagmhais fós ní fiú an dadamh tiodlacaidh na nádura. d'easbaidh na ngrás, a Thighearna, ní fiú an dadamh a bhfiadhnaise Dé na h-ealadhna uaisle, an
saidhbhreas, an sgéimh, an láidreachd, an intlidheachd, nó binn-chomhradh béil agus briathar. Óir, atáid tiodlaicthe na nádura coitcheann aig na deagh-dhaoine agus aig na droch-dhaoine; ach is iad na grása agus grádh Dé tiodlacadh díleas na bhfíreun, agus comhartha tré a n-aithnighthear iad do bheith diongmhala an bheatha shíorraidhe do shealbhughadh. Atá na grása chomh uasal, árd, oirdheirc agus sin, nach inmheasda agus nach fiú an dadamh tiodlacadh na fáidheadorachda nó na fáistine, nó míorbhailidhe do dhéanamh, nó rinnfheitheamh agus staideir dá mhéad agus dá airde, dá fhéagmhais. Agus fós ní bhfuil creideamh, nó dóchas, nó subhailce air bith eile taitneamhach agad féin, a Thighearna, gan carthannachd agus grása. (1 Cor.c.13). 5. O, a Ghrása ró-bheannuighthe, do nidh an bochd ó spiorad saidhbhir anns na subhailcibh; agus do bheir umhlachd agus úirísleachd do chroidhe an duine shaidhbhir. Tar agus tuirling anuas orm-sa, líon mé go moch le do chomhsholas, d'eagla go rachadh m'anam a luige nó a n-anbhfainne le tuirse nó le triomlach intinne. Sírim agus aitchim ort, a Thighearna, mé féin grása fhaghail ad' láthair; óir is leor damh do ghrása, bíodh go mbeadh an uile ní eile a shanntuigheas agus iarras an náduir d'easbaidh orm. Cha bhíonn eagal orm roimhe le cathuighe, le buaidhreadh nó le triobloid dá mhéad, an fad a bhéas do ghrása agam. Is í do ghrása do bheir láidreachd damh; is í do bheir comhairle agus cuideamh uaithe. Is cumhachdaighe agus is neartmhaire na grása nó
ár náimhde agus ár n-eascharaid uile, agus atá sí níos críonna nó luchd eagna agus eolais an domhain. 6. 'Sí maighistreas na fírinne, dochtuir agus teagaschoir na riaghaltachda; 'sí an t-soillse a dheallruigheas an croidhe; 'sí do bheir furtachd do luchd an amhgair agus na doghrainne, a dhíbreas agus a ionnarbas an tuirse, an t-uathbhas agus an t-eagal; is í banaltran agus oide an chrábhaidh, agus tabharthóir agus tiobroid na ndeor aithrighe. Creud atáim sé, a bhfeagmhais na ngrás, ach 'mo chrann chríon, agus mo cheapán musgain gan fhéidhm a' dul amugha? Mar sin, a Thighearna, go dtigidh do ghrása romham agus 'mo dhiaidh, agus go dtugaidh sí orm do bheith éasgaidh díceallach go bráthach anns na deigh- gníomhartaibh, tré Íosa Críosda th'én Mhac féin. Amen. An 56 caibidil. Amhail mar is dleachd dúinn inn féin do shéanadh, agus tóraidheachd do thabhairt do Chríosda tré iomchar na croise. 1. A mhic, chomh mór agus is éidir leat teitheamh uaid féin, chomh mór agus sin is éidir leat teannadh liom-sa agus teacht asteach orm. Óir amhail mar bhíos an t-síothchainte do'n taobh astigh aig an té nach sanntuigheann an dadamh do'n taobh amuigh, is amhlaidh an té a dhiúltas agus a thréigeas é féin go h-inmheadhonach, teannann, druideann, agus ceanglann sé le Dia.
Dob áil liom-sa go ndéantá foghluim thú féin a thréigbheal go h-iomlán réir mo thola-sa, gan chontrarachd, gan imreasan, gan ghearán. Lean Mise, is Mé an t-Slighe, an Fhírinne, agus an Bheatha. (Eoin.c.14.6). Ní h-éidir siubhal gan slighe nó bealach réidh; ní h-éidir do neoch a bheith eolach gan fírinnteachd; nó do bheith beo gan bheathaidh. Is Mise an t-Shlighe is inleanta dhuit; is Mé an Fhírinne is cóir do chreidmheal; agus an Bheatha ann ar chóir duit muinighin agus dóchas do dhéanamh. Is Mise an t-Slighe gan mhilleadh, gan bhriseadh, gan bhearnadh, gan smál, gan smúid, gan dorch- adas; is Mé an Fhírinne gan bhréig; agus an Bheatha gan chrích, gan fhoircheann. Is Mé an ród agus an rian díreach; is Mé an fhírinne is uaisle agus is airde; an bheatha fhíre, an bheatha bheannuighthe, an bheatha shíorraidhe neamh- chruthuighthe. Má chomhnuigheann tú ann mo shlighe-se, is ba fiosach thú air an fhírinne, agus saorfaidh an fhírinne thú, agus gheobhair an bheatha shíorraidhe shuthain. (Eoin.c.8.32). 2. Ma's áil leat rochdain asteach san mbeathaidh, coimhead na h-aitheanta. (Luc c.9.23. Mata.c. 19.17). Ma's maith leat fios na fírinne fhaghail, creid ionnam-sa; ma's áil leat do bheith iomlán, díol do chuid do'n t-saoghal uile. (Mata.c.19.v.21). Ma's mian leat a bheith 'do dheisgiobal agam-sa séan thú féin. Ma's toil leat an bheatha mharthannach bheannuighthe do shealbhughadh, tarcuisnigh an bheatha atá a láthair.
Ma's maith leat th'árdughadh air neamh, ísligh thú féin air talamh. Agus ma's áil leat a bheith agam-sa ann mo ríogh- achd, iomchair mo chros mar aon liom. Óir, 'siad searbhfhoghantuidhe na cróise amháin do gheibh conair na beannuigheachda, agus slighe fíre na soillse. 3. A Thighearna Íosa, ó tá do shlighe caol, cumhang, agus air n-a tarcuisniughadh san t-saoghal deonuigh dhamh-sa Thú féin do leanmhaint, agus an saoghal do tharcuisniughadh. Óir, ní féarr an searbhfoghantuidhe nó an Tighearna, agus ní h-uaisle an deisgiobal nó an maighistir. (Mat.c.10.24). Go raibh cleachdadh aig do shearbhfoghantuidhe tóraidheachd a thabhairt duit féin ann do bheathaidh; óir is innti atá mo shláinte agus mo naomhthachd fíre. Ce bé air bith do léighim nó do chluinim leath amuigh dhí, ní shásuigheann agus ní thaitneann liom go h-iomlán ach í féin amháin. 4. A mhic, ó tá fios agad air na neithibh-se, agus gur léigh tú iad uile, is ba beannuighthe thú ma nídh tú a gcoimhlíonadh. An té aige a bhfuilid m'aitheanta-sa, agus a choimheadas iad, 'sé sin an té a ghrádhuigheas Mise; agus grádhochaidh Mise ésean, agus foillseochad Mé féin dó, agus do bhéarfaidh Mé air suidhe am' fhochair féin a ríoghachda m'Athara. (Eoin.c.4. 21, Apoc.3.21). 5. A Thighearna Íosa, go dteagmhaidh mar sin go fírinneach, réir mar dubhrais agus mar do gheallais, agus go dteagmhaidh dhamh-sa sin do thuilleamhain.