Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tóraidheacht na bhFíreun air Lorg Chríosta

Title
Tóraidheacht na bhFíreun air Lorg Chríosta
Compiler/Editor
Ua Tuathail, Domhnall
Composition Date
1762
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Mac Guill agus a Mhac, 1915)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




An Díonbhrollach.
Chun an léightheora annso síos.



A Luchd annsachd an chrábhaidh, aig so agaibh
leabhran ceirt-bhriatharach, deagh-chomhairleach, binn-
fhoclach darab ainm "Tóraidheachd na bhfíreun air
chéim lorg Chríosda," noch do sgríobhadh ó thús san
teangaidh Laidne le brathair ainglighe oirirc do
Órd Bheannuighthe St. Auguistín; anois air na
thairbhirt dhíbh ann so i ndeilbh, i n-éideadh agus a
líbhrea mur dtíre féin, eadhon san teangaidh
ghaoidheilic.



Is fada ó do dheallruigh téasdas agus deagh-chlú
an ughdair bheannuighthe air feadh na cruinne, air
mhodh gur bhreathnuighdear luchd eagna agus mór-
eolais air chrábadh, nach rabh amach ó'n Sgrioptuir
Dhiadha én leabhar amháin is dísle, dhiadha, dheagh-
chomhairlighe nó é; agus uime sin, is cian ó do
ghabhadar saothar daoine foghlumtha gach én tíre an
leabhar diadha-sa a chur a dteangaidh agus a
gcanamhaint dhúthchasaigh a mathara agus a dtíre féin,
air mhodh go bhfuil sé le faghail, ní hé amháin san
teangaidh Laidne, Eabhra, Ghréigis, agus Arabaic;
ach fós ann gach cainnt agus ann gach ceileabhar
choitcheannta eile air feadh réagunaibh imchiana
choigchricheacha choimhigheacha an domhain mhóir. Agus
air an ádhbhar sin, do tógadh dhamhsa mar an gceudna,


L. xx


saothar do ghabhail a chur a gcló agus a gcainnt ár
dtíre féin, eadhon, san teangaidh ghaoidheilc; agus
cé go bhfuil sé anois neóin agus deireadh an lae,
ní bhfuil sé go fóill ro-mhall an maith do dhéanamh
uair air bith, óir a deir Críosda féin san t-Soisgeul
linn go bhfuair an mhuinntir, a thainic go mall san
fhíneamhain, mar fuair an luchd oibre a thainic go
much, eadhon, an tuarasdal agus an luach-saothair
céadna. (Matha.c.20,8,9,10,14).



Is uime sin do rinnis (rinneas) dícheall, maille
re grása Dé, an leabhar-sa, a mhúineas dúinn
cionnas is dleachd Críosda do leanmhaint agus an
saoghal do tharcuisniughadh, do thairbhirt dhibh chomh-
aithghearra, soilléir, so-thuigsiona, agus dob eól no
dob éidir liom; ionnas go mbéadh sé na chaoimheach
agus na chompanach dhíleas agad, a léightheóir, na
lochrán soillse ann do laimh, agus na réalt eólais
aige múnadh agus aige taisbeanadh an bhealaigh
agus na sligheadh romhad. Air an ádhbhar sin, gnáthuigh
agus cleachd an leabhran-sa do léigheadh go ro-
mhinic, gabh chugad é mar mhaighistir air árd-dhiadhachd,
agus mar riaghail air dheigh-bheathaidh, agus fós mar
chomhshólas croidhe agus coinnsis a n-am agus a
n-aimsir euga; ná h-éirigh cortha dhe, óir tar éis a
léigheadh én uair amháin, fill air arís, óir do gheobhaidh
tú eagna, oideas, agus oileamhain úr gach én uair le
fromhadh ann, nach dteid a n-aois na a n-ársaigheachd
a choidhche. Léigh an leabhar-sa leis an intinn, leis
an úirísleachd, agus leis an chrábhadh cheudna do bhí
aig an ughdar naomhtha do rigne é, eadhon, an
Brathair Beannaighthe do Órd St. Auguistin, mar
dubhairt mé roimhe. 'Sé dob ainm dhó, Thomas a
Cempís.


L. xxi


Ó'n bhaile san Almáine ann air rugadh é,
do tugadh an t-ainm sin air san mbliadhain d'aois
an Tighearna 1380 eadhon 382 bliadhain ó shoin.
Do thosuigh sé air dhéanamh léighinn a gcionn
a thrí mbliadhan deug anns a' Talamh Iochdrach faoi
shagart fhóghlumtha dhiadha darab ainm Gerardus
Magnus. D'fhan sé san áit sin seachd mbliadhna,
aige déanamh fóghluma agus áirdléighinn, ach go sonn-
radhach, d'fás agus do chuaidh sé air aghaidh go mór
a n-eagal agus a ngrádh Dé, óir 'sé sin ollamhnacht
eolas, agus ealadhain na naomh, eadhon, grádh agus
eagla an Tighearna. Tar éis an aimsir sin do
chríochnughadh, agus seachd mbliadhna eile do noviciat
a dhéanamh san Órd, do thug sé na móide reir
riaghalacha an Oird cheudna; agus ó sin amach, do
bhí se 'na sgáthan, 'na riaghail, agus 'na easamplair
deighbheathadh aca, as cionn deich mbliadhan agus trí
fighid. Dob é a ghnáth-chomhradh a choidhche a bheith aige
comhluadar agus aige tráchd air Dhia, agus air gach
fírinne neamhdha dá bhfuil san Sgríbhinn Dhiadha;
agus an tan do labharadh cách air neithibh eile leis,
cha dtugadh uidh, éisteachd, nó aire doibh, ach amhail
agus nach mbéadh eólas nó fios air bith aige orra.
Do bhí sé air tús a gcomhnaidhe san choraidh aige rádh
na h-oifice agus na dtrátha cánonta. Anns an áit
sin bhíodh sé air a ghlúinibh, a lámha sínte, a cholann
suas, agus a chroidhe agus a shúile a n-áirde aige
feitheamh na bhflaitheas, amhail mar neoch do bhéadh
ullamh réidh do dhul air imirce agus air eiteal suas
chum an áruis naomhtha sin. Do bhí fuath agus gráin
aige air a' díomhnas, óir do bhí sé go cinnte aige
léightheoireachd, aige sgríbhneoireachd, nó air urnaighe,
nó aig déanamh saothair éigin eile chum maith agus


L. xxii


tairbhe do chách (I.c.19,4); agus is amhlaidh mar sin
do chleachd sé an aimsir do chaitheamh ó mheadhon oidhche
go much thráth maidne do gnáth. Do bhí a theagas agus
a sheanmóir chomh iomlán d'ungadh agus do theasghrádh
go dtigidís mórán do'n uile thaobh aig éisteacht leis;
agus do bhí a chomhairle agus a choinbhearsaid chomh
maith agus sin, gur mhór dob fheirrde do chách an
t-oideas agus an t-eolas do gheibhidís ó n-a chomhradh.
Ba sonnradhach a thiodlacadh agus a thallain aige
tabhairt sólais agus comhfhurtachd do na drongaibh
orra a mbiadh cathaighe, amhgair, nó buaidhreadh air
bith eile. Bhí a ghrádh air an uaigneas, agus air na
leabhair dhiadha chomh mór agus sin, gur minic a
deireadh sé; "Do bhí mé aig iarraidh síth agus sáimh-
shocruigheachd d'fhaghail ann gach én ní, ach ní bhfuaras
é ann áit air bith ach anns na leabhair dhiadha, agus
anns an uaigneas." An tan do bhiadh sé air uairibh
ameasg nó ann a gcuideachda daoine do thigeadh
bruideadh agus bíodhgadh inmheadhonach ann a chroidhe
aige tabhairt cuiridh dó a dhul ann uath-chomhradh le
Críosda. Anns na h-ocoideachaibh sin, ba gnáth
leis a chead do ghlacadh aig an chuideachda go soirbh
soineannta aige rádh: "Atá neoch aige a bhfuil
gnothaigh liom a feitheamh orm ann mo bhóghtain."


L. 1


Tóraidheachd na bhFíreun air Lorg Chríosda.



An Chéad Leabhar.



An Chéad Chaibidil.



A labhras air leanmhaint Chríosda, agus air
tharcuisniughadh an uile dhíomhaoineas saoghalta.



1. "Cé bé bheireas tóraidheachd damh-sa, ní chéim-
nigheann sé san dorchadas," eadhon, ní shiubhlann sé
air earróid, a deir an Tighearna. (Eóin.caib.8,bh.12).
'Siad so briathra Chríosda, tré a bhfúagrthar agus
a bhfoillsighthear dúinn cionnas is inleanta beatha
agus béasa Chríosda ma's toil linn ár soillsiughadh
agus ár ndeallrughadh go fírinneach, agus ár saoradh
ó'n uile dhorchadas croidhe agus anma.



Deanmuid dícheallt smaoiniughadh go dúthrachdach
air bheathaidh Chríosda.



2. Sáruigheann teagasc Chríosda teagasc na naomh
uile, agus an té aige a bhfuil sbiorad na ngrás,
gheobhaidh sé oileamhain neamhdha a bhfolach ann.


L. 2


Ach, teagmhann go minic go n-éistid móran an
soisgeul air bheagan tairbhe agus taitnimh, cionn
nach bhfuil sbiorad Chríosda aca.



Ach ce bé le ar mhian briathra Chríosda do thuigbheal
go h-iomlán eagnaidhe déanadh sé a dhicheallt
tóraidheachd do thabhairt dó ann a bheathaidh.



3. Creud an toradh nó an tairbhe dhuit aighneas nó
díosbóireachd fhóghlumtha a dhéanamh a dtimcheall na
Tríonoide, ma tá an úirísleachd leis a ndéantar
toil na Tríonoide ceudna d'easbhaidh ort?



Go deimhin! cha déan briathra intleachdacha neoch
naomhtha nó fíréunta; ach, 'sé an bheatha bheannuighthe
neimh-chionntach a thairringeas caradas agus fíor-
ghrádh Dé air a' duine.



Dob fhéarr liom doilgheas agus comh-brúghadh
an chroidhe do mhothughadh, nó ciall agus craobh-
sgaoileadh an fhocail do thuigbheal.



Dá mbéadh an Bíobla uile a meabhair agad, agus
fós ráidhte na bhfeallsamhnach uile, creud is féidhm
do sin uile gan grádh agus grása Dé?



Díomhaoineas na ndíomhaoineas: ní bhfuil san
uile ní ach díomhaoineas, ach grádh agus grása Dé
amháin.



Ní bhfuil críonnachd nó gliocas is féarr nó do dhul
go ríoghachda Dé tré tharcuisne an t-saoghail.



4. Mar sin, is díomhaoin an ní saidhbhreas díom-
buan an t-saoghail iarraidh, nó ró-mhuinighin a dhéanamh
as.



Agus fós is díomhaoineas agus dichéille a bheith a'
dréim le h-árdanachd, le gradam saoghalta, nó le
h-onóir.



Agus mar an gceudna is ró-dhíomhaoineas claonta
na colna do leanmhaint, nó ró-antoil a thabhairt


L. 3


do nídh air bith darab éigin píonus trom fhulang air
a shon arís.



Is díomhaoin saoghal fada d'iarraidh, agus a bheith
neamh-chúramach fa dheigh-bheathaidh.



Is díomhaoin a bheith ró-chúramach fá'n bheathaidh
shaoghalta, gan feuchain romhainn air an bheathaidh
shíorraidhe atá chugainn.



Is díomhaoin ró-ghrádh do thabhairt do neithibh
silteacha, díombuana, saoghalta, agus gan deifre
nó luadhaile do dhéanamh chum na h-áite ann a
maireann an t-aoibhneas suthain go bráthach.



5. Cuimhnigh air an ghnáth fhocal: Nach sásuighthear
an t-súil le radharc, nó an chluas le h-éisteachd.
(Eccles.c.1.8).



Mar sin, tairg do chroidhe a tharraing ó neithibh
saoghalta, agus tabhair th'aghaidh air neithibh neamhdha.
Óir an mhuinntir a leanas a gcéadfa claona féin,
truailleann siad a gcoinsias, agus cailleann siad
grása Dé.



An 2 caibidil.
A thaisbeanas an meas úiríseal is dleachd do dhuine
a bheith aige air féin.



1. Bíonn toil agus fonn nádurtha ag gach én
nduine é féin a bheith fiosach fíreolach; ach creud is
féidhm do'n eolas, nó do'n ealadhain gan eagla Dé?



Go deimhin, is féarr sgológ úiríseal do nídh
seirbhis Dé nó feallsamhnach uaibhreach, a chuireas
cúrsa na ndúl agus na bhflaitheamhnas a mead-
arachd, ach a locas eolas a chur air féin.


L. 4


Ce bé chuireas mion-eolas go maith air féin, bíonn
sé beag-mheasamhail ann a shúilibh féin, agus ní
thaitneann meas nó moladh daoine leis.



Creud is féidhm d'eolas an t-saoghail uile a bhfiadh-
naise Dé, a bhéarfas breitheamhnas orm réir mo
ghníomhartha, muna mbéidh grádh agus carthannachd
agam?



2. Leig dhíot an saothar a chur ort féin aig
iarraidh ró-mhórán eolais, óir is mór an mealladh
agus an seachrán do gheibhthear ann.



Is ionmhain le luchd na foghluma agus an mhór-
eolais meas gliocais agus críonnachda a bheith orra
ameasg daoine.



Ach, atá móran do neithibh gur beag tairbhe nó
tábhachd do'n anam eolas do chur orra.



Agus is mór an dichéille móran saothair do
chaitheamh le neithibh nach bhfóghnann do'n anam.



Ní shásuigheann briathara móra an t-anam; ach,
do bheir an deigh-bheatha osadh agus fuarughadh do'n
intinn, agus tugann an coinsias glan dóchas agus
muinighin a nDia dhúinn.



3. Ní bhfuil dá mhéad nó dá fheabhas dá bhfuil do
thuigse agus th'eolas nach daoire agus nach truime
a bhéas do bhreitheamhnas, muna mbéidh do bheatha
naomhtha dá réir.



Mar sin, ná bí árdanach nó mórdhalach fá'n
ealadhain, nó fá'n eolas atá agad; ach gur ba móide
dod' eagla, agus dod' chúram an t-eolas agus an
tuigse a fuair tú.



Agus ma thógthar duit go bhfuil tú tuigseach eolach
go leor, tuig anns an am cheudna agus bíodh fios
agad gur mó th'ainbhfios nó th'eolas air mhóran do
neithibh.


L. 5


Ná bí a' dréim le h-árdanachd, nó le stráic na
h-intinne, ach, aidimh níos tuisge do luige agus
th'ainbhfios féin.



Creud fá 'bhfuil tú aig iarraidh meas nó mórchlú
os cionn cáich? Nach iomdha duine is féarr, is
foghlumtha, agus is eolaighe san dligheadh nó thusa?



Má's mian leat toradh nó tairbhe fhaghail as
th'fhoghluim nó as th'eolas, bíodh grádh agad air an
uaigneas, agus ná sanntuigh móran eolais nó meas
do bheith ort ameasg daoine.



4. 'Sí an léigheann is airde, agus is tairbhighe
air bith, eolas dearbhtha agus dí-mheas do bheith againn
orainn féin.



Is mór an eagna agus an iomláine meas maith do
bheith aige duine air chách, agus meas úiríseal air
féin.



Dá bhfeictheá duine aig déanamh gníomha lochdaigh
nó cóire gráineamhla go soilléir, ná meas, air a
shon sin, gur féarr thú féin nó é-sean, do bhrígh nach
fios duit, cá fada sheasochas tú féin air a' stáid
mhaith sin.



Atámuid uile lag, anbhfann, soi-bhriste; ach,
feuch ná meas thusa én neach do bheith níos luige,
anbhfainne, soibhriste nó thu féin.



An 3 caibidil.
A labhras air eolas agus air oideas na fírinne.



1. Is beannuighthe an té a bhíos air n-a theagasc
agus air n-a mhúnadh leis an fhírinne ionnraic innte


L. 6


féin, agus ní le fioghraibh, nó le briatharaibh silteacha
sleamhaine imthigheas le gaoith, ach ann a dreachd agus
ann a deilbh dhílis féin.



Meallann ár mbaramhlacha agus ár gcéadfadha
dalla inn go minic.



Creud is féidhm do mhóran aighnis nó imreasain a
dhéanamh fá neithibh dorcha do-thuigse, agus nach
dtugthar chum céasda nó fá chuairte inn ló an
bhreitheamhnais, fá gan fios nó eolas a bheith againn
orra?



Is mór an díchéille aire do thabhairt do neithibh
díomhaineacha díobhalacha, agus na neithe tairbheacha
riachdnasacha a leigint a bhfaillighe. Atá súile
againn agus ní leur dúinn leas nó radharc léo.



2. Creud fá mbuaidhirmid inn féin a dtimcheall
ceineil agus gneithe-thearmaibh na loighice, nó na
feallsamhnachta?



An té leis a labhrann an Briathar Síorraidhe
bíonn sé saor gan bhuaidhreadh ó'n iomad baramhlacha.



Is ó'n Bhreithir Shíorraidhe-se amháin a thig na
h-uile ní, agus labhraid na h-uile ní air an mBreithir-
se amháin, agus is é an Briathar ceudna a labhras
air tús linn. (Eóin.caib.8,b.25).



Agus dá easbhaidh ní bhionn tuigse nó breathnughadh
ceart aige duine air bith.



An té aige a bhfuil Dia ann gach én ní, agus a
sheolas agus a threoruigheas an uile ní chuige agus
do chí an uile ní ann, is furas dó a bheith suaimhneach
síor-shásda ann a chroidhe, agus go síothach sámhshochair
aige Dia.



Och, a Dhia na fírinne! tabhair orm-sa ceangal
duit féin anns an ghrádh shíorraidhe!


L. 7


Bím claoidhte cortha go minic, aige léigheadh, agus
aig éisteachd le móran do neithibh; ach, is ionnad féin
atá na h-uile ní ann a bhfuil mo spéis agus m'
annsachd.



Ná labhradh na dochtuiridhe, nó na créatuir eile
én fhocal, bíodh 'na dtosd agus 'na dtáimh ad' láthair-
se; agus labhair-se Thú féin amháin liom-sa a
Thighearna!



3. Ní bhfuil dá mhéad a bhíos duine uaigneach
socair ann féin, nach móide air bheagan saothair
do bhíos tuigbheal aige air neithibh árda éifeachdacha;
óir is ó neamh anuas do gheibh sé soillse na tuigse.



An t-anam a bhíos fíor-ghlan, suaimhneach,
simplidhe, seasmhach, ní bhuaidhearthar é le móran
gnothaighe; cionn gur chum glóire agus onóra Dé
do nídh iad uile, agus ní mar gheall air éadáil air
bith shaoghalta, nó sochar dó féin, ach mar gheall air
shíoth agus air shocruidheachd an choinsis.



Cia a chuireas bacan nó buaidhreadh ort níos mó
nó ainmhianta uaibhreacha do chroidhe féin?



Órduigheann agus socruigheann an duine
deagh-rúnach a oibre uile air tús ann féin astigh
níos luaithe nó do nídh sé iad do'n taobh amuigh.



Agus cha dtugann siad air claonadh chum ammhianta
lochdacha; ach, stiúrann sesean iadsan réir
riaghalacha na céille agus an cheart-réasuin.



Cia an neoch a throideas níos cródha, nó an té do
thairgeas buaidh do thabhairt air féin?



Agus is é ár ngnothaighe speisialta inn féin a
chlaoi, agus buaidh agus biseach fhaghail orainn féin
go laetheamhail, aig éirighe níos féarr agus níos
féarr gach én lá.


L. 8


4. Bíonn lochd éigin ceangailte do'n mhaith is
féarr, is foirbhthe agus is iomláine air a' t-saoghal-sa,
agus bíonn smúid agus daille áirighthe air an rinn
fheitheamh agus air an radharc is géire againn.



Eolas úiríseal ort féin, an rian agus an t-slighe
is dearbhtha chum Dé, agus is féarr sin nó an t-eolas
is doimhne air fhóghluim nó air árd-ealadhain.



Gidheadh, ní cóir foghluim nó glan-eolas air mhaith
air bith dár órduigh Dia do dhío-mholadh; ach, is
féarr coinsias glan agus deigh-bheatha nó sin uile.



Ach, do bhrigh gur mó an staideir do nídh móran
air fhoghluim agus air eolas, nó air dheigh-bheathaidh,
is ró-mhinic, air an ádhbhar sin, do théid siad air
seachran aige breith ró-bheagan toraidh nó tairbhe
leo.



5. O! dá ndéanaidis daoine oiread dichillt aige
díbirt agus aige sgrios na lochd, agus aige
fréamhughadh, agus aige síolchur na subhailceadh,
agus do nídh siad aige cur chruaidh-cheastan air
a chéile, ní bhéadh oiread uilc nó sgannala ameasg
daoine, nó oiread díomhaoinis agus sgaoilteachda
ameasg na n-órd riaghalta.



Go deimhin, aige teachd ló an bhreitheamhnais, chan
fhiafruighthear dhínn creud do léigheamar, ach creud
do rinneamar; ní fhiafrochar dhínn fá ár n-urlabhra
eolach neamh-thuitmeach, ach fá ár mbeathaidh chraibh-
thigh riaghalta.



Innis damh c'áit a bhfuilid anois na dochtuiridhe
fóghlumtha orra a rabh eolas agad a n-aimsir a
mbeathadh?



Atá a n-áit agus a saidhbhreas anois aige daoine
eile, agus dob' éidir nach smaoinigheann agus nach
gcuimhnigheann siad orra.


L. 9


Ba mhór agus dob oirdheirc a gclú agus a meas a
n-aimsir a mbeathadh, agus anois ní labhrthar agus
ní thráchdthar orra.



6. Ó! Is deifreach luath imthigheas glóir a'
t-saoghail-se uainn! Dob fhéarr liom go bhfreagradh
a mbeatha dá bhfóghluim! Is amhlaidh mar sin
do dhéanaidis staideir agus foghluim go maith.



Cá mhéid a théid amugha air a' t-saoghal le
foghluim dhíomhaoin, agus nach dtugann ach ró-
bheagan aire do sheirbhis Dé?



Agus cionn gur ba toghtha agus gurab annsa leo
an árdanachd nó an umhlachd, uime sin cailltear iad
ann a smaointighthe díomhaoineacha dichéillidhe féin.



Atá sé mór go fírinneach an té atá mór anns
a' charthannachd.



Atá sé go dearbhtha mór, an té atá beag ann a
shúilibh féin, agus nach dtugann meas air mhórdhail
nó air onóir.



Atá sé críonna dá ríribh, an té a mheasas neithe
talmhaidhe mar aoileach, ionnas go bhfuigheadh sé
Críosda.



Agus atá se fíor-fhoghlumtha go deimhin, an té
do nídh toil Dé, agus a dhiúltas agus a thréigeas
a thoil féin.



An 4 caibidil.
A labhras air an chríonnachd agus air an choimhead
is dleachd a chleachdadh ann ár ngnáth-ghníomhartha.



1. Ní cóir dúinn a bheith ró-réidh aige creidmheal
do gach én fhocal éadtrom, nó do gach én bharamhail
dá gcluinmid; ach gach én ní do chomhthromughadh go
síothalta coimheadach réir tola Dé.


L. 10


Ach fáraor! atámuid chomh lochdach agus sin, gur
furasa linn olc do chreidmheal agus a radha air
dhuine eile nó an maith.



Ach, na daoine foirbhthe, fíreunta, ní chreideann
siad go réidh gach én sgeul díomhaoin, do bhrígh gur
fios dóibh an náduir dhaonna do bheith lag, anbhfann,
agus claon chumh uilc, agus ró-thuitmeach ann a
mbriatharaibh.



2. Is mór an eagna agus an gliocas gan a bheith
ró-phrab, nó ró-mheardhána, ann ár ngníomhartha nó
ró-cheangailte d'ár gcéill nó d'ár gcéadfadh féin.



Agus, mar an gceudna, gan guth nó glór gach én
nduine do chreidmheal, nó gach én ní dá gcluinmid,
nó dá gcreidmid gan aithris nó innsint do chách go
prab.



Déana comhairle leis a' duine eagnaidhe choins-
iasach; agus iarr teagasc air an duine is féarr
nó thú féin, níos luaithe nó do bhreathnughadh agus
do thóguidheacht féin do leanmhaint.



Do nídh an deigh-bheatha duine eagnaidhe réir Dé,
agus gasta glic ann an iomad do neithibh.



Ní bhfuil dá mhéid a bhíos neoch úiríseal ann féin,
agus umhal do Dhia, nach móide a bhéas sé eagnaidhe
tuigseach ann gach én ní, agus socair suaimhneach
ann féin.



An 5 caibidil.
A labhras air léightheoireachd an Sgríbhinn Dhiadha.



1. 'Sí an fhírinne ionnraic amháin is iniarrtha dúinn
annsa' Sgrioptuir Dhiadha, agus ní h-iad na briathara
blasta, béilbhinn.


L. 11


Is cóir an Sgrioptuir do léigheadh leis an intinn,
agus leis an sbiorad cheudna leis a ndearnadh é.



Is córa dhúinn maith agus tairbhe iarraidh ann,
nó tóraidheachd air chaoin-chiall briathar, nó air
chraobh-sgaoileadh focal.



Is dleachd dúinn leabhair úirísle shimplidhe do
léigheadh le crábhadh, chomh fonnmhar leis na leabhair
árda fhoghlumtha.



Ná gabh oilbhéim, agus ná tabhair droich-mheas air
ughdaras an sgríbhneóra, ce h-aca a bhí sé foghlumtha
nó ainbhfiosach; ach, leig do ghrádh na fírinne glaine
do ghríosughadh chum na léightheoireachda.



Agus ná fiafruigh cia a dubhairt sud nó so, ach
tabhair aire do'n ní a dubhradh.



2. "Imthigheann na daoine thart, ach maireann
Fírinne an Tighearna go bráthach." (Pslm.116).



Is iomdha gléas a labhrann Dia linn gan breath-
bhaidhe le duine nó le pearsa air bith.



Toirmeasgann an iomad cúirealtachd inn go
minic an Sgrioptuir do léigheadh go tairbheach, an
tan a bhímid aige rannsughadh agus aig iarraidh na
neithe do thuigbheal do ba dleachd a leigean tharainn
go réidh.



Má's áil leat toradh d'fhaghail as do leightheoir-
eachd, léigh le h-umhlachd, le simplidheacht, agus le
creideamh, agus ná sanntuigh clú nó táin fóghluma
nó áird-léighinn duit féin go bráthach.



Fiafruigh go fonnmhar toileamhail, agus éist go
sáimh le briatharaibh na naomh, agus tabhair taitneamh
do dheagh-shamplaibh na seanóir agus dá mbriatharaibh,
óir ní gan ádhbhar a dubhradh nó do canadh iad.


L. 12


An 6 caibidil.
A labhras air na h-ainmhianta míriaghalta.



1. An tan a shanntuigheas duine ní air bith go
mío-órduighthe bíonn sé gan mhoill neamh-shuaimhneach
ann féin.



Ní bhíonn luchd a' díomais agus na sainnte sáimh
nó socair a choidhche.



Bíonn a' bochdan agus an duine umhal ó sbiorad
síothalta agus ró-shocair ann a bheathaidh.



An té nach bhfuil go fóill marbh go h-iomlán ann
féin, is beag suarach na neithe do chuireas cathuighthe
agus claoi air.



An té atá lag ó sbiorad, agus claon chum
miangasaibh saoghalta na colna, is deacair leis é
féin do tharraing air fad ó shanntughadh agus ó
iarraidh na neitheann talmhaidhe.



Uime sin, gabhann sé gruaim, agus ró-thuirse, aige
dealughadh agus aige sgarfaint leo, agus is uras
a thógbhail chum feirge, an tan a chuireas duine ar
bith toirmeasg nó bacan air.



2. Agus má chóimhlíon sé a chlaonta cama, air ball
bíonn coir a pheacaidh 'na throm-ualach sgrupaill air
a choinsias; cionn gur lean agus gur chóimhlíon a
chlaonta taodacha féin, agus nach bhfuair sé an
sólas nó an sásadh do bhí sé aig iarraidh ionnta.



Mar sin, is le smachdughadh na gcéadfadh
do gheibhmid síothchainte dhearbhtha an chroidhe, agus ní
le h-umhlughadh nó le freastal dóibh.



Mar sin, ní bhfuil síoth nó socruidheachd a gcroidhe
an duine cholnaidhe, nó aig an duine atá tabhartha


L. 13


do neithibh foir-imeallacha saoghalta, ach amháin aige
an duine atá air n-a lasadh le dearg-ghrádh
sbioradálta.



An 7 caibidil.
A labhras air sheachna an díomais agus an dóchais
dhíomhaoin.



1. Is díomhaoin dichéillidhe an neoch a chuireas a
mhuinighin a ndaoine, nó a gcréaturaibh ar bith eile.



Ná bíodh náire ort seirbhís do dhéanamh do chách
mar gheall air Íosa Críosda, nó fá n-a bheith bochd
gan mheas air a t-saoghal-sa.



Ná déana ró-mhuinighin asad féin, ach cuir do
dhóchas a nDia.



Déana an méid agus thig leat air do shon féin,
agus cuideochaidh Dia le do dheagh-thoil.



Ná déana ró-mhuinighin as th'eolas féin, nó as
ghliocas én nduine beo; ach, as ghrásaibh Dé, a
chuidigheas le luchd na h-umhlachda agus ísligheas luchd
an uabhair agus na h-árdanachda.



2. Ma tá saidhbhreas nó maoin agad, ná déana
glóir nó mórdháil as; nó as do cháirdibh cionn iad do
bheith cumhachdach; ach bíodh mórdhalach as Dhia,
do bheir na h-uile ní dhuit, agus É féin os cionn an
iomláin.



Ná déana stát as mhéad, as mhaise, nó as
bhréaghacht do chuirp, agus gur beag an easláinte
a mhilleas, a sheargas, agus a chuireas a n-eugchruth é.



Ná bíodh ró-thaitneamh agad ann do ghliocas, nó
ann th'inntligheachd féin, d'eagla fearg a chur air
Dhia, a thug na tiodlaicthe nádúrtha-sa uile dhuit.


L. 14


3. Ná meas gur féarr thú féin nó cách, d'eagla
go mbéitheá air do mheas níos measa a láthair Dé,
aige a bhfuil fios air an uile ní atá san duine.



Ná bí mórdhalach as do dheigh-ghníomhartha, óir is
neamh-chosamhail breitheamhnas Dé le breitheamhnas
na ndaoine; óir is minic a mhío-thaitneas le Dia na
neithe a ró-thaitneas le daoine.



Má tá maitheas air bith agad, meas go bhfuil níos
féarr aige cách, ionnas nach leigtheá an umhlachd uaid.



Ní díoghbháil duit a mheas nach bhfuil neoch air
bith is measa ná thu-féin; ach is mór an t-olc duit
a mheas gur féarr thú-féin nó én neoch eile.



Bíonn síothchainte bhuan aige luchd na h-umhlachda
ach, bíonn iomthnúth agus láin-fhearg go ró-mhinic a
gcroidhe luchd an uabhair, an díomais, agus na
h-árdanachda.



An 8 caibidil.
A thaisbeanas gur cóir an ró-chumann agus an
ró-charadas le cách do sheachna.



1. "Ná nochduigh do chroidhe, agus ná leig do
rún le gach én nduine." (Eccles.c.8,v.22); ach,
tráchd air do ghnothaighe leis a' duine eagnaidhe air
a bhfuil eagla Dé.



Ná déana móran cuideachda, nó comhluadair,
le daoine óga, nó le daoine coimhightheacha orra
nach bhfuil eolas agad.



Ná déana lústar nó blándar leis na daoine
saidhbhre, nó tathaighe air dhaoine móra dod' dheoin.



Déana cuideachda agus comh-ghuailidheachd leis na


L. 15


daoine simplidhe úirísle, agus le na daoine diadha
deigh-bhéasacha, agus tráchd leo air neithibh oideasacha
deas deagh-mhúinte.



Ná déana tathaighe nó ró-chumann le mnaoi air
bith, ach taobh le Dia an méid atá go maith aca.



Iarr cumann a dhéanamh le Dia amháin, agus le
n-a ainglibh; agus seachain eolas agus cuideachda
daoine.



2. Is ceart dúinn grádh na carthannachda do bheith
againn air na h-uile dhuine; ach, ní maith dhúinn
ró-chumann nó ró-cháidrimhe a dhéanamh le én neoch.



Teagmhann air uairibh go ndeallruigheann clú agus
meas air neoch, an tan nach mbíonn eolas air, ach air
dteacht a láthair dó, is mí-mheasamhail mío-thaitneamhach
le feiceal é.



Saoilmid air uairibh daoine eile do shásadh tré
do bheith ann a gcuideachda, ach 'sé theagmhas dúinn,
mío-bhlas do bheith aca orainn as siocair an droich-
iomchair do chí siad ionnainn.



An 9 caibidil.
A labhras air an umhlachd agus air an urraim.



1. Is féarr go mór do dhuine do bheith faoi smachd,
agus faoi uachdran, nó do bheith 'na mhaighistir air
féin.



Is dearbhtha go mór stáid na h-umhlachda, nó stáid
na h-uachdranachda.



Is iomdha duine a bhíos umhal, agus ní dá dheoin,
nó mar gheall air Dhia, ach dá aimhdheoin; agus bíonn
an mhuinntir sin pianta so-bhuaidheartha.


L. 16


Agus cha bhíonn fuasgladh nó fuarughadh ann a
n-intinn aca, nó go mbéidh a gcroidhe go h-iomlán
umhal mar gheall air Dhia.



Siubhail ann sud agus annso, agus chan fhaghann
tú síoth nó socruidheachd, ach anns an úmhlachd úiríseal,
faoi riaghail agus smachd an uachdaráin.



Is mór an líon a mhealltar le tóguidheachd na
h-intinne, agus le h-athrughadh agus le h-imirce ó
áit go h-áit.



2. Is dearbh gur mian le gach én nduine gach ní do
dhéanamh réir a thola féin, agus go gclaonann sé
níos mó chum na muinntir do bhíos air én bhéasa agus
air én intinn leis.



Ach, ma bhíonn Dia air measg, is éigin dúinn air
uairibh ár gciall agus ár gcéadfa féin do thréigbheal
air ghrádh na síothchainte.



Cia atá chomh eolach, nó chomh eagnaidhe, agus go
dtiocfadh leis fios iomlán fhaghail air an uile ní?



Mar sin ná déana ró-mhuinighin as do chéill féin,
ach éisd go fonnmhar le céill na muinntire eile.



Agus má tá do bharamhail nó do bhreathnughadh féin
fós go ró-mhaith, agus go dtréigfeá é mar gheall air
Dhia, agus comhairle dhuine eile do leanmhaint, is
móide dod' luaigheachd é.



3. Óir is minic do chualas gur sábhailte dhearbhtha
éisteachd le comhairle, agus a gabhail, nó a tabhairt
do chách.



Is éidir leis teagmhal fós, breathnughadh maith
do bheith aig gach én nduine; ach is comhartha uabhair
agus easurrama diúltughadh umhlughadh do chách, an tan
iarras an chúis, agus an chiall, agus réasún ceart
ort sin do dhéanamh.


L. 17


An 10 caibidil.
A thaisbeanas go ndlighthear iomarcaidh cainnte
agus comhluadair do sheachna.



1. Seachain, ma's éidir leat, coimhthionol, oireach-
das, agus torman buaidheartha na ndaoine, óir is
mór an bacan air neoch do bheith aig tráchd air ghnoth-
aighthe saoghalta, ma's le deagh-rún féin a labhrthar
orra.



Óir is gasta a thruaillighthear inn, agus a chuireas
an díomhaoineas gaiste orainn.



Dob fhéarr liom gur 'mo tháimh agus 'mo thost,
agus amach as cuideachda daoine do bhí mé go minic.



Ach, creud an fath a bhfuilmid chomh fonnmhar cíocrach
aige cainnt agus aige ceileabhar le n-a chéile,
agus gurab annamh a thostmuid gan díoghbháil a
dhéanamh dár gcoinsias?



'Sé is réasun dó, gur mhaith linn comhfhurtachd agus
sólas a thabhairt dá chéile le ár gcainnt agus le ár
gcomhraidhtibh, agus gur mhaith linn osadh agus
fuarughadh a thabhairt do'n chroidhe a bhíos tuirseach
claoidhte le smaointighthe eugsamhla.



Agus is ró-thaitneamhach linn labhairt agus
smaoiniughadh air na neithibh is annsa agus is féarr
linn, nó air na neithibh a shaoilmid do bheith con-
trardha dhúinn.



2. Ach, fáraor! is minic a bhíos ár gcomhradh
díomhaoin gan tábhachd gan toradh; óir ní beag an
díoghbháil do nídh an t-aigneadh foirimeallach-sa
do'n taobh amuigh do'n chomhshólas sbioradálta a
dtaobh astigh.


L. 18


Mar sin, déanmuid faire agus urnuighe, ionnas
nach rachadh ár n-aimsir thart gan toradh.



Má's ceart nó riachdnasach a bheith a' cainnt,
labhair air neithibh oideasacha, deagh-chomhairleacha.



An droich-chleachdadh, agus ár bhfaillighe féin,
f'ár mbiseach sbioradálta, is iad is cúis mhór dúinn
beagan coimheada do dhéanamh air ár dteangaidh.



Ach, is mór a chuidigheas comhradh díadha air neithibh
sbioradálta linn biseach sbioradálta do dhéanamh;
agus go sonnradhach san áit a mbiad daoine d'aon
intinn agus d'aon sbiorad cruinn air a'n iúl a
nDia.



An 11 caibidil.
Air an t-síothchainte agus air an teasghrádh
sbioradálta.



1. Dob éidir linn móran suaimhnis agus síoth-
chainte do bheith againn dá m'áil linn gan bainte
le comhraidhtibh, nó le gnothaighthe na muinntire eile,
nó le na neithibh nach mbaineann linn.



Cha bhíonn síothchainte a bhfad aig an mhuinntir a
chuimleas agus choimeasgas iad féin le gnothaighthe
na muinntire eile; nó bhíos aig iarraidh nó seilg air
na h-ocaideacha buaidheartha amuigh, agus gur beag
agus gurab annamh a chruinnigheann siad a gcéadfadha
a gcionn a chéile, nó dhearcann siad ionnta féin
isteach.



Is beannuighthe luchd an chroidhe shimplidhe; óir
is mór a gcuid do'n t-síothchainte.


L. 19


2. Creud an fáth, a raibheadar cuid do na naoimh
chomh foirbhthe iomlán geur-radharcach?



Bhádar, cionn go ndearnadar staideir iad féin
do chlaoi agus a mhoirtniughadh, agus gur dhiúltadar
do'n uile mhiangasaibh saoghalta; agus is amhlaidh
do cheangladar le Dia go cródha le h-iomláine a
gcroidhe go h-inmheadhonach; agus mar sin, air
mbeith dóibh saor ó'n uile bhuaidhreadh thug siad aire
mhaith dóibh féin.



Atámuid ró-thabhartha d'ár n-ainmhianta taodacha
féin, agus ró-bhuaidheartha fá neithibh díombuana,
silteacha, saoghalta.



Agus is annamh do bheirmid buaidh air én lochd
amháin go h-iomlán, nó fós do bhímid ró-gheur chum
ár leas laetheamhail do dhéanamh; agus, air an
ádhbhar sin, bímid fallsa, fionn-fhuar, gan chrabhadh.



3. Dá mbéadh sinn gan bhuaidhreadh go h-inmhea-
dhonach ann ár n-intinn, agus marbh dúinn féin agus
do neithibh saoghalta, annsin dob éidir linn blas
fhaghail air na neithibh neamhdha, agus smaointighthe
diadha do mhothughadh air an rinnfheitheamh neamhdha.



'Sé an bacan agus an toirmeasg is mó dá bhfuil
orainn, nach bhfuilmid saor ó chlaontaibh míriaghalta;
agus nach dtairgmid siubhal air lorg iomlán na
naomh.



Agus an tan theagmhas leathtrom nó cruadail air
bith do theachd orainn, air ball, caillmid croidhe
agus meisneach agus fillmid arís gan mhoill air na
neithibh saoghalta, agus air chabhair agus air chomhsólas
daonna.



4. Dá ndéanamuis dícheallt seasamh go calma
agus troid anns a' chath, gan amhras chíofamuis
cabhair ó'n Tighearna teachd chugainn ó neamh.


L. 20


Óir atá Sé réidh ullamh chum cuidigh le na drongaibh
do nidh muinighin as a ghrásaibh, agus throideas go
cródha air a shon, agus do bheir Sé féin ocaideacha
troda dhúinn, ionnas go mbéaramaois buaidh agus
báire orra.



Ma's anns na gnáthaibh foir-imeallacha do'n taobh
amuigh a chuirmid ár mbiseach riaghaltachda, ní fada
a mhairfeas ár gcrádhbhadh nó ár gcaondúthrachd
dúinn.



Ach, cuirmid an tuadh air bhun an chruinn, ionnas
go saorfaidhe inn ó chlaontaibh mío-órduighthe, agus
go mbéadh intinn shuaimhneach againn.



5. Dá ndíbearamuis aon lochd amháin gach én
bhliadhain uainn; is gearr go mbéadh sinn ann ár
ndaoine iomlána, foirbhthe, beannuighthe.



Ach, anois teagmhann a chontrartha sin go minic,
óir is féarr agus is glaine do bhámar aige dul a
dtús air gcrádhbhadh, agus air riaghaltachd, nó do
bhámar an iomad bliadhan déis ár móide do thabhairt.



Ba chóir d'ár dteasghrádh agus d'ár mbiseach do
bheith aig fás agus aig méadughadh gach én ló; ach,
anois measthar gur maith an gníomh, ma thig le duine
cuid do'n chéad chrábhadh do sheasamh.



Dá gcuirimis cruadhóg bheag orainn féin air tús,
dob urus dhúinn 'na dhiaidh sin an uile ní do dhéanamh
go réidh agus go luathghaireach.



6. Is deacair an sean-chleachdadh do thréigbheál
nó do chlaoi, agus is deacraidhe nó sin a dhul a
n-aghaidh ár dtola féin.



Gidheadh muna gclaoidhfidh tú neithe éadtroma
beaga, cionnas a chlaoidhfeas tú na neithe dochracha
doi-dhéanta?


L. 21


Seasaimh air tús a n-aghaidh do chlaonta earroideacha
féin, agus bris an droich-chleachdadh, d'eagla go
bhfásfadh an dochar níos mó air bheagan agus air
bheagan ort.



O! dá mbeirtheá fá ndear méad na siothchainte
do bhéarfá dhuit féin, agus na luathghara do'n
mhuinntir eile led' dheigh-iomchar, 'sé mo bhreathnughadh
go mbéitheá níos cúramaighe fá bhiseach agus fá leas
th'anma.



An 12 caibidil.
A labhras air shochar an leathtrom agus na h-innise.



1. Is maith dhúinn air uairibh buaidhreadh agus
triobloid a theachd orainn, óir tugaid air dhune
feuchain air féin agus aithniughadh nach bhfuil sé féin
annso ach air díbirt agus nach cóir dó muinighin do
dhéanamh as ní air bith talmhaidhe.



Is maith dhúinn fós air uairibh contráille agus
droich-mheas fhaghail ó dhaoinibh, an tan do nidhmid
agus do smaoinighmid an maith féin.



Óir is neithe iad so a chuidigheas go minic leis an
umhlachd, agus ainicios agus a chosnas inn air an
ghlóir dhíomhaoin.



Óir an tan do gheibhmid mí-mheas agus tarcuisne
ó dhaoinibh do'n taobh amuigh, sin an uair is féarr
iarrmuid agus ghoirmid air Dhia mar fhiadhnaise air
ár gcoinsias do'n taobh astigh.



2. Mar sin ba chóir do dhuine é féin a dhaighniughadh
a nDia, air mhodh nach mbéadh féidhm aige móran
sólais nó furtachda iarraidh air dhaoinibh.


L. 22


An tan a bhíos an duine deagh-rúnach buaidheartha
le cathuighthe nó le droch-smaointighthe, ann sin
tuigeann sé níos féarr an riachdnas a bhíos aige le
Dia, agus tugann sé fá ndear nach dtig leis féin
maith air bith a dhéanamh dá easbhaidh.



Bíonn sé fos, an uair sin, a' caoi, aig osnaidh,
agus a' guidhe, as siocair na n-amhgar atá sé
dh'fhulang.



Is fada leis an uair sin a shaoghal; dob fhéarr
leis go mór an bás, ionnas air mbeith réidh leis an
t-saoghal, go mbéadh sé a bhfochair Chríosda. (Phil.
c.1.23).



Ann sin is aithne dó go maith nach bhfuil dain-
gneach dearbhtha nó síoth nó socruidheachd iomlán le
faghail air a t-saoghal-sa.



An 13 caibidil.
A labhras air sgrios agus air chlaoi na gcathuighean.



1. An fad a bhímid beo air a' t-saoghal-sa ní
h-éidir linn a bheith gan triobloid gan chathuighthe.



Óir mar deir Iób, "Ní bhfuil a mbeathaidh an
duine air an talamh ach cathuighthe." (c.7,v.1).



Mar sin, ba chóir do gach én neoch fuireachas agus
faire do dhéanamh maille re h-urnuighe a n-aghaidh
a' chathuighthe féin, d'eagal an t-aidhbheirseoir faill
fhaghail cluain do chur air, óir "ní chodlann sé go
brathach, ach aig síor-siubhal aig iarraidh neoch éigin
do shlugadh." (1 Pead.ch.5,v.8).


L. 23


Ní bhfuil én neoch chomh foirbhthe follain, nó chomh
iomlán naomhtha, agus sin, nach mothuigheann sé
cathuighthe air uairibh, agus ní h-éidir linn a bheith
saor go h-iomlán orra.



2. Is minic fós a bhíos na cathuighthe ró-thairbheach,
ró-riachnasach aig an duine, cé go mbíonn siad
buaidheartha doi-iomchair aige; óir is le na
cathuighthe úiríslighthear, a ghlanthar, agus a mhúintear
an duine.



d'fuilingeadar na naoimh uile móran triobloide
agus cathuighthe, agus fuaradar tairbhe agus
luaigheachd air a son; agus an mhuinntir, leo nach
dtainic na cathuighthe iomchar, do thuiteadar agus
cailleadh ameasg na ndaoine damanta malluighthe
iad.



Ní bhfuil Órd dá naomhachd, nó ionad chomh uaigneach
nach mbíonn cathuighthe agus amhgar ann.



3. Ní bhfuil aon nduine saor go h-iomlán ó
chathuighthe an fad a mhaireas sé; óir is ionnainn
féin astigh atá an chúis, agus an fáth as a dtig na
cathuighthe chugainn; do bhrigh gur le claonta chum
an pheacaidh do gineadh inn.



An tan imthigheas cathuighthe nó triobloid uainn,
thig cathuighthe nó buaidhreadh eile na n-diaidh; agus
mar sin béidh ní éigin le fulang againn a gcom-
nuidhe, óir is fada agus is cian ó do chailleamar
neimh-chionntachd na sinnsire.



Is mór agus is iomdha a bhíos aig iarraidh na cathuighthe
do sheachna agus a thuiteas níos doimhne agus níos
truime ionnta.



Óir ní le teitheamh amháin do bheirmid buaidh;
ach, le foighide, agus leis an umhlachd fhíre, is láidre
agus is neartmhaire inn nó ár náimhde uile.


L. 24


Ce bé nach seachnann na cathuighthe ach do'n taobh
amuigh amháin, agus nach sgriosann as a' fhréimh iad
amach, is beag an tairbhe do gheibh sé; óir fillfid
na cathuighthe go luath arís, agus do gheobhaidh é féin
níos measa nó bhí sé ó thús.



Ní le h-anbhuaine, le foirneart, nó foiréigin a
dhéanamh ort féin, is féarr a bhéarfas tú buaidh, ach
le foighide, agus le buan-fhulang, as a chéile, air
bheagan agus air bheagan, maille le grása Dé.



Gabh agus déana comhairle go minic a n-aimsir
buaidheartha, agus ná bí féin dairbh nó dochrach leis an
té air a mbí cathuighthe; ach tabhair sólas agus
comhfhurtachd dó mar ba mhaith leat cách do dhéanamh
leat féin.



4. 'Sé is tosach do'n uile dhroch-chathuighthe éad-
truime bearraideacht na h-intinne agus beagan
muinighne a nDia.



Óir, mar theilgthear an long gan stiúir ó thuinn go
tuinn, is amhlaidh do'n duine éadtrom luaith-
intinneach a thréigeas a dheagh-rún, is iomdha taobh a
dtig cathuighthe air.



Cruthuigheann na cathuighthe an fíreun mar
chruthuigheas an teine an t-iarann.



Is minic nach fios dúinn creud a thig linn a
dhéanamh; ach taisbeanaid na cathuighthe creud is
miotal dúinn.



Gidheadh is cóir fuireachas agus coimhead a dhéanamh
go sonnradhach a dtús na gcathuighean; óir is é sin
an uair is fusa an námhaid do chlaoi, gan fulang dó
a theachd asteach air fhuinneógaibh an anma, ach a
chongbhail amuigh go cródha calma chomh luath agus
bhuaileas sé aig an doras.


L. 25


Is uime sin a dubhairt úghdar áirighthe "principus
obsta, sero medicina paratur", 'Sé sin le rádh;
freastail an chneadh a n-am, is mall an léigheas
tar éis í morgadh; nó aríst, baineann an coimhead
maith a cheann do'n tubaiste.



Óir air tús, thig smaoiniughadh áirighthe anns an
intinn; annsin tóguidheachd láidir; 'na n-diaidh
sin, thig taitneamh agus droch-ghluasachd; agus fá
dheoidh toil agus aonta.



Agus is amhlaidh, beagan air bheagan, thig an
námhaid mhalluighthe asteach air fad, an tan nach
seasthar 'na aghaidh air tús.



Agus ní bhfuil dá mhéad a leigeas duine a
bhfaillighe seasamh amach mar sin, nach n-éirigheann
se níos luige ann féin gach én ló, agus an námhaid
níos láidre.



5. Bíonn daoine orra a dtig cathuighthe níos
truime a dtosach a gcrábhaidh, agus daoine eile ann
a dheireadh.



Agus bíonn cuid eile ró-bhuaidheartha beagnach
go feadh a saoghail.



Dronga eile orra a mbíonn cathuighthe éadtroma,
réir eagna agus órduighthe fírcheart Dé, a chomh-
thromuigheas agus mheasas stáid agus luaigheachd na
ndaoine, agus a réamh-órduigheas an uile ní chum
a mhuinntir toghtha féin do shlánughadh.



6. Mar sin, ní cóir a dhul a n-eudóchas le linn
cathuighthe, ach Dia do ghuidhe le lán-ghoil graidh,
ionnas go ndeonochadh cuidhiughadh linn ann ár n-uile
amhgar agus thriobloid; agus gan amhras, mar deir
Pól Easbal (1.Cor.c.10,13), "do dhéanfaidh
Sé slighe dhúinn na cathuighthe do chlaoi agus a
n-iomchar mar is cuibhe."


L. 26


Mar sin, umhluighmid inn féin faoi láimh Dé san
uile chathuighe agus bhuaidhreadh, óir slánochaidh agus
áirdeochaidh Sé luchd sbiorada na h-umhlachda.



7. Is a n-aimsir cathuighthe agus buaidheartha a
dhearbhthar creud an biseach a thig air dhuine; agus
is ionnta is mó a luaigheachd, agus is féarr a
thaisbeantar an t-subhailce.



Agus ní mór an luaigheachd duine do bheith
cráibhtheach teasghrádhach, an uair nach mothuigheann sé
triobloid nó amhgar; ach ma iomchrann sé é féin go
foighideach a n-am a leathtroim, is éidir leis dúil a
bhéith aige le móran bisigh.



Thig daoine air uairibh saor ó chathuighe móra, agus
go minic claoidhtear iad gach én ló le cathuighthe
suaracha beaga; ionnas air mbeith mar sin, air
n-a dtuiteam agus air n-a n-úirísliughadh, nach
ndéanaidis andóchas asda féin arís, neithe móra
do dhéanamh, an tan atáid so-chlaoidhte anbhfann anns
na neithibh beaga.



An 14 caibidil.
A thaisbeanas mar is dleachd an breitheamhnas
meardhána do sheachna.



1. Fill do shúile ort féin, agus tabhair aire gan
breitheamhnas do thabhairt air ghníomhartha na
muinntire eile.



Is díomhaoin an obair do dhuine breitheamhnas a
thabhairt air chách, óir bíonn sé air seachran go minic,
agus ró-réidh chum peacaidh; ach, ma dhearcann neoch


L. 27


air féin agus breith do thabhairt, ní bhíonn
a shaothar gan toradh.



Is do réir mar thaitneas ní linn go coitcheannta
do bheirmid breitheamhnas air; óir is furas linn
claonadh ó'n bhreith dhírigh, mar gheall air bhaidhe nó
air mhuinnteardhas áirighthe.



Dá mbéadh Dia ann ár n-intinn, agus ann ár
dtoil a gcomhnuidhe, níorbh uras ár mbuaidhreadh aige
tabhairt contráille d'ár mbreathnughadh.



2. Ach, go minic bíonn ní éigin a bhfolach astigh
ionnainn, nó teagmhann orainn amuigh ní éigin a
tharraingeas inn go h-iomlán chuige féin.



Iarraid iliomad go niosd a sochar féin ann a
n-oibreachaibh, cé nach saoileann siad é.



Agus measaid fós lán shíothchainte do bheith aca,
an tan do níthear na neithe réir a dtola agus a
mbreathnuighthe féin; ach, ma theagmhann do na neithibh
a dhul contrartha dá mian, air ball éirigheann siad
buaidheartha ró-thuirseach.



Is minic éirigheas ceannairge agus imreasan
idir na cáirde, agus luchd én bhaile, agus fós idir
na daoine riaghalta féin tré eugsamhlachd a
mbreathnuighthe agus a mbaramhlachadh contrardha dá
chéile.



3. Is deacair sean-chleachdadh a dhíbirt; agus ní
tharraingthear duine air bith go réidh níos fuide nó
<a> thoil féin.



Má's mó do mhuinighin agus do dhúil as do chéill
nó as do ghníomh féin, nó as na grása do bheir ort
umhlachd a dhéanamh do Íosa Críosda, is annamh agus
is cruaidh dhuit soillse sbioradálta fhaghail; óir
is áil le Dia inn do bheith faoi ómoid agus urraim
iomlán aige féin, agus a dhul os cionn an uile
réasun le dearg-ghrádh air féin.


L. 28


An 15 caibidil.
A labhras air oibreachaibh na carthannachda.



1. Ní dlighthear olc air bith do dhéanamh air son ní
air bith saoghalta nó mar gheall air én neoch dá
maireann, gidheadh air uairibh, atá sé dlisteanach
deigh-ghníomh a leigint thart, mar gheall air sochar a
dhéanamh do'n té atá riachdnasach agus a n-airc,
nó do thabhairt mar mhalairt air ghníomh is féarr nó é.



Óir mar sin, ní théid an deigh-ghníomh amugha, ach
tugthar mar mhalairt air ghníomh is féarr.



Mur ndéantar an gníomh le carthannachd, ní
bhfuil maith nó tairbhe a dhéanamh os coinne daoine
do'n taobh amuigh; ach, ce bé air bith ní dá laighead
nó dá shuaraighe do nidhthear le carthannachd béidh
luaigheachd agus toradh ann.



Óir go deimhin ní h-é méad an ghníomha, ach méad
an ghráidh agus an deagh-rúin le a ndéantar an
gníomh is mó thaitneas le Dia.



2. Do nídh sé móran an té do nídh rud le móran
gráidh.



Agus nídh sé móran an té do nidh rud go maith.



Is maith do nídh an té a dhearcas air thairbhe agus
air shochar cáich níos mó nó air a thoil féin.



Is minic a ghabhthar air son na carthannachda an
ní nach bhfuil amhlaidh, ach atá saoghalta colnaidhe;
óir is annamh a bhíos ár gclaonta nádurtha, ár dtoil
féin, ár ndúil le h-éadail, nó grádh na tairbhe
d'easbhaidh orainn.


L. 29


3. An té aige a bhfuil an charthannachd iomlán
dá ríribh, ní iarrann sé a shochar féin ann én ní, ach 'sé
iarras glóir Dé san uile ní.



Ní bhíonn tnúth aige le én neoch, cionn nach ionmhain
leis sólas air bith air leith dó féin; ní h-áil leis,
iolgháirdeas nó aigneadh, ach tar na h-uile ní, ba
mhian leis a bheith naomhtha beannuighthe aige Dia.



Ní áireann sé go bhfuil maith aige ó dhuine air
bith, ach áireann sé an t-iomlán air Dhia, uadha a dtig
an uile ní ó fhréimh, an tiobraid a shásuigheas na
naoimh uile, as a n-ibhid agus a n-ólaid srotha milse
na síothchainte a seilbh na glóire síorraidhe.



Och! dá mbéadh aon ndrithle amháin do'n char-
thannachd fhíre aige an duine, gan amhras, do thuigfeadh
sé an uile ní talmhaidhe a bheith lán do'n díomhaoineas.



An 16 caibidil.
A thaisbeanas cionnas is cóir lochda na muinntire
eile iomchar agus fhulang.



1. Na neithe nach dtig le duine a leasughadh ann
féin, nó ann nduine eile, is cóir fhulang go foighid-
each nó go n-óirdeochaidh Dia átharrach.



Smaoinigh, go mbadh éidir, gur mar sin is féarr,
chum do dhearbhughadh anns an fhoighide; óir is beag
is fiú ár luaigheachd dá fheagmhais.



Gidheadh, anns na cásaibh sin, is cóir Dia do ghuidhe
go dúthrachdach, ionnas go ndeonochadh cuidiughadh leat
a n-iomchar go maith.



2. Ma dhiúltann duine air bith do chomhairle do


L. 30


ghabhail uair nó dhá uair, ná déana aighneas níos
fuide leis; ach taobh an t-iomlán le Dia, ionnas go
ndéantaidhe a thoil, agus go bhfuigheadh Sé moladh
agus onóir ó n-a shearbhfoghantuidhe uile; óir is
aige féin atá fios maith a dhéanamh do'n olc.



Tairg a bheith foighideach aige fulang lochda agus
luige na muinntire eile; óir is iomdha lochd ort
féin is éigin dóibh-sean iomchar agus fhulang.



Mur dtioca leat thú féin a dhéanamh mar ba mhaith
leat, cionnas a shaoileas tú duine eile a fhaghail
réir do thola?



Ba mhaith linn daoine eile a bheith iomlán gan lochd,
gidheadh ní leasuighmid ár lochda féin.



3. Ba mhaith linn daoine eile do spreagadh go
geur, ach ní h-áil linn smachd nó achmhusan d'fhaghail
dúinn féin.



Ní thaitneann dánachd nó sgaoilteachd na
muinntire eile linn; ach ní h-áil linn ní dá n-iarr-
muid a dhiúltadh orainn féin.



Ba mhaith linn cách a cheangal suas le h-achdaibh
dlighidh, ach ní fhulaingmid srian a chur orainn féin.



Mar sin, is follas gurab annamh a mheasmuid ár
gcomharsnach ann aon chomhthrom linn féin.



Dá mbéadh cách uile gan lochd, gad é do bhéadh
againn le fulang air son Dé ó dhaoinibh?



4. Ach anois d'órduigh Dia na neithe mar atáid,
ionnas go ndéanamaois foghluim ualuighthe a chéile
iomchar; óir ní bhfuil duine air bith gan lochd; nó
duine air bith gan ualach; ní bhfuil duine air bith
iomlán nó eagnaidhe go leor dó féin; ach, is cóir
dúinn comhnuidhe le n-a chéile, agus furtachd,
cuideamh, teagasc, agus comhairle a thabhairt dá
chéile.


L. 31


Ach, foillsighthear méad subhailce gach én nduine
níos féarr a n-aimsir a leathtroim; óir ní h-iad
na h-ocaideacha nó na cathuighthe a leagas nó a
laguigheas an duine, ach taisbeanaid creud an ní
é, agus an mianach, agus an miotal atá ann.



An 17 caibidil.
A thráchdas air an bheathaidh riaghalta.



1. Is cóir duit foghluim a dhéanamh thú féin a
bhriseadh a móran do neithibh, ma's áil leat an
t-síothchainte agus an cháidreimh a chongbhail suas le
cách.



Ní rud beag nó suarach do dhuine comhnuidhe do
dhéanamh a mainistir, nó a gcuideachda agus a
gcóimhthionol riaghalta, agus a shaoghal do chaitheamh
aca gan lochd, agus seasamh amach go fírinneach
gan ádhbhar gearain go ló an bháis.



Is beannuighthe an té aige a rabh deigh-bheatha san
áit sin, agus a fuair bás go maith agus go h-ádhmhar
ann.



Ma's áil leat seasamh agus a dhul air th'aghaidh
mar is cóir, meas thú féin a bheith mar choigcríochach
choimhightheach dhíbeartha air a' talamh.



Caithfidh tú a bheith sásta meas óinmhide do bheith ort
mar gheall air Chríosda, ma's áil leat beatha riaghalta
do bheith agad.



2. Is beag an maith an bearradh, nó an aibid; ach
átharrach béas, agus moirtniughadh iomlán na
gcéadfadh, do nidh an duine riaghalta go fírinneach.


L. 32


Ce bé iarras ní air bith eile ach Dia, agus sláinte
anma dhó féin anns an áit-se, cha bhíonn le faghail
aige ach triobloid agus buaidhreadh ann.



Ní mó nó sin a thig le neoch síothchainte bhuan do
bheith aige, nach dtairgeann a bheith umhal agus níos
lugha meas nó cách uile.



3. Is chum seirbhise, agus ní chum maighstreachda
do thainic tú annso. Bíodh fios agad gur chum fulaing
agus chum fóghainte do goireadh ort, agus nach
chum díomhaoinis, agus comhluadair.



Cruthuighthear agus dearbhuighthear daoine anns
an áit-se mar chruthuighthear an t-ór anns a' teinidh.



Ní h-éidir le duine air bith an áit-se sheasamh, mur
mbéidh sé lán-thoiltineach ó n-a chroidhe é féin
ísliughadh mar gheall air Dhia.



An 18 caibidil.
A labhras air shamplaibh na n-aithreach naomhtha.



1. Feuch air easamplarachaibh beodha na n-aithreach
naomhtha, do bhí fíor-ghlan, foirbhthe, soillseach, diadha,
agus chífidh tú nach ndéanmuidne beagnach an dadamh.



Och, faraor! Creud is féidhm d'ár mbeathaidh-
ne a gcomparaid bheathadh na naomh?



Do rinneadar na naoimh agus cáirde Chríosda
seirbhis agus friotháileadh do'n Tighearna, le h-ocras,
agus le h-íota; le fuachd agus le díth-éadaigh; le
saothar dochrach, agus le tuirse; le faire, le
dúsgadh, agus le trosgadh fada; le h-urnuighthe, agus


L. 33


le smaointighthe diadha, aige fulang géirleanmhaint
agus móran masluighthe.



2. Och! cá iomdha buaidhreadh agus triobloid
trom tuirseach a d'fhulaingeadar na h-absdail, na
mairtíridhe, na coinfeiseiridhe, na h-ógha geanmnuidhe,
agus an chuid eile do na naoimh do shiubhail air lorg
Chríosda go fonnmhar? Óir, do bhí fuath aca air a
mbeathaidh shaoghalta ionnas go sealbhochaidis an
bheatha shíorraidhe.



O! nach cráidhte cruadalach an bheatha do bhí aig
na h-aithreachaibh naomhtha air an fhásach? Nach fada
trom na cathuighthe a d'fhulaingeadar? Nach iomdha
buaidhreadh agus triobloid a fuair siad ó n-a
námhaid? Nach iomdha urnuighe dhíocra dhicheallach
a chuir siad suas go flaitheamhnas Dé? Cá mhéid
cátaoine agus trosgadh cruaidh a ndeachadar thríd?
Nach mór an teasghrádh agus an dúthrachd do bhí aca
a dhul air a n-aghaidh ann a mbiseach sbioradálta?
Nach cródha calma an comhrac do rinneadar a n-aghaidh
na ndubhailce agus na n-olc? Nach glan díreach a
n-intinne, agus an rún do bhí aca a dtaobh Dé?



Do bhídis aig déanamh oibre agus gníomha anns a'
ló, agus chaithidis an oidhche fhada aige déanamh na
h-urnuighe; gidheadh, aige déanamh na h-oibre féin
anns a' ló, níor stad siad ó dhéanamh urnuighe an
chroidhe agus na meanmna.



3. Is le tairbhe do chaith siad a n-aimsir uile; ba
bheag agus ba ghoirid leo gach én uair do chaith siad
le Dia; agus tré mhéad milseachd na smaointighthe
diadha do bhí aca, do nídis dearmad do'n oileamhain
riachdnasaigh an chuirp.



Do dhiúlt siad do'n uile shaidhbhreas, do'n uile
ghradam, agus do'n uile onóir; thréig siad a luchd


L. 34


gaoil, agus a ndearbh-cháirde; níor shanntuighdear
ní air bith saoghalta, agus is le doilgheas do
ghlacaidis neithe riachdnasacha na beathadh dóibh féin;
agus ba deacair leo na neithe do bhí riachdnasach féin
a fhriotháileadh do'n cholainn.



Mar sin, do bhí siad bochd anns na neithibh talmhaidhe
ach ró-shaidhbhir a ngrásaibh agus anns na subhailcibh.



Bhí siad folamh do'n taobh amuigh, ach do'n taobh
astigh, bhí siad lán do shólasaibh agus do ghrásaibh
neamhdha.



4. Bhí siad 'na gcoigcríochacha coimhightheacha air
a' t-saoghal, ach 'na gcáirdibh ghaolmhara fíor-mhuinn-
teardha aige Dia.



Bhí siad mar an dadamh ann a súilibh féin, agus fós
ní raibh meas aige an t-saoghal orra; gidheadh, do
bhí siad ró-mheasamhail, agus ró-thaitneamhach a suilibh
Dé.



Do bhí umhlachd fhírinneach aca, agus beatha óm-
óideach shimplidhe úiríseal; do shiubhladar a gcar-
thannachd, a ndeigh-sheirc, agus a bhfoighide; agus
air an ádhbhar sin, do chuadar air a n-aghaidh go
laetheamhail go sbioradálta, agus fuaradar móran
grása ó Dhia.



Tugadh mar dheagh-shampla iad do dhaoinibh riaghalta
eile; agus is mó ba chóra dóibh-sean ár ngríosughadh
agus ár ngluaiseachd chum tairbhe, agus a dhul air
ár n-aghaidh go h-éasgaidh, nó do bhéarfadh droch-
shampla na ndaoine ludartha leisgeamhla orainn
tuiteam a bhfaillighe nó a bhfionn-fhuacht mar aon leó.



5. O! creud é méad an teasghráidh do bhí aig
na daoine riaghalta uile a dtosach a móide agus
a riaghaltachda naomhtha!


L. 35


Ó! dob áidhbheil a ndúthrachd san urnuighe!
Agus ba mhór a ngrádh air na subhailcíbh!



Ba mhór an riaghail a bhí 'na measg! Ba mhór
an onóir, an airmhinne, agus an umhlachd a d'fás 'na
measg faoi smachd agus faoi riaghail an uachdarain!



Agus atá na comharthadha agus na samplaidhe a
d'fágadar 'na ndiaidh aige déanamh fiadhnaise go
raibheadar 'na ndaoine iomlána, foirbhthe, fíor-
naomhtha, noch do throid chomh ró-chródha agus sin, gur
shaltair agus gur dhramhailt siad an saoghal faoi n-a
gcosaibh.



Ach, anois, is mór a mheasthar an neoch nach mbris-
eann an riaghail, agus an té leis a dtig an ní do
ghlac sé as láimh iomchar go foighideach.



5. Och, is truagh stáid ár bhfionn-fhuachta agus ár
mainneachdnaighe anois gur thréigeamar ár gcéad
chrábhadh chomh luath agus so, agus gur tuirseach linn
ár mbeatha tré ár leisge agus ár n'easbhaidh
caondúthrachda agus crábhaidh.



Dob fhéarr liom nach mbéadh táirbhe agus toradh
na subhailcidhe 'na gcodladh ionnad, noch do chonn-
airc go minic iomad deagh-shampla na ndaoine
riaghalta.



An 19 caibidil.
A labhras air ghnáth-oibreachaibh an duine riaghalta.



1. Is dleachd do bheathaidh an duine riaghalta
soillsiughadh anns na subhailcibh uile; ionnas go
mbéadh sé do'n taobh astigh réir a chosamhlachda a
láthair daoine air a taobh amuigh.


L. 36


Agus le réasun maith dlighthear dó a bheith níos
féarr do'n taobh astigh, nó mar fhaicthear do'n taobh
amuigh é; óir atá Dia ag amharc orainn, agus is
mór an t-eagal is dleachd do bheith orainn roimhe,
agus siubhal ann gach én áit 'na fhiadhnaise mar aingle
fíor-ghlana.



Ba chóir dúinn ár ndeagh-rún do ghríosughadh agus
d'athnuadhadh, agus do mhúsgladh gach én ló le dearg-
lasair crábhaidh agus caondúthrachda, amhail gurbh
é indiu an chéad lá d'ár ndeigh-bheathaidh, agus a
rádha:



"A Thighearna Dé cuidigh liom ann mo dheagh-rún,
agus ann do sheirbhis naomhtha féin, agus tabhair
grása damh tosughadh indiu go diongmhálta, óir cha
dearna mé an dadamh is fiú go nuige so."



2. Do réir mar bhíos ár ndeagh-rún, is amhlaidh a
bhéas ár dtoradh agus ár dtairbhe agus ár mbiseach;
agus atá móran díchillt riachdnasach aige an té le
arabh mhian a dhul air aghaidh go mór-thairbheach.



Agus anois ma thuiteann an té do chuireas rún
daingean roimhe go minic, creud éireochas do'n
té nach gcuireann an rún sin roimhe ach go h-annamh
agus go h-anbhfann?



Is iomdha gléas a dteagmhann dúinn ár ndeagh-
rún do thréigbheal; agus is annamh a théid faillighe
dá laighead ann ár ndeigh-ghníomhartha thart gan chaill
gan díoghbháil éigin dúinn.



Is mó an mhuinighin atá aige deagh-rún na bhfíreun
as ghrásaibh Dé, nó as a n-eolas, nó as a n-eagna
féin; agus is ann fós a chuirid a muinighin san uile
nidh dá ngabhaid as láimh.



"Óir cuireann an duine rún roimhe, ach is É Dia
órduigheas agus a chríochnuigheas é; óir ní bhfuil


L. 37


slighe an duine ann a láimh féin." (Seanráidhte c.
16,9, Ieremiah,c.10,23).



3. Ma leigmid faillighe air uairibh ann ár ngnáth-
oibre mar gheall air chrábhadh, nó le rún maith do
dhéanamh d'ár ndearbhrathair nó d'ar gcomharsain,
is furas breith air sin arís.



Ach ma's le glonn nó le fuath na h-intinne, nó
le mainneachdnaighe a leigthear thart go fuinneamhach
é, ní beag an lochd sin, agus is mór a' díoghbháil agus
a' dolaidh é.



Ma nídhmid an méad agus thig linn a dhéanamh, agus
déanmuid ár ndícheallt, tuitmid arís do ghnáth
ann an iomad lochd.



Gidheadh, is cóir dúinn rún daingean a chur romhainn
a dtimcheall ní dearbhtha éigin a gcomhnuidhe, agus go
sonnradhach a n-aghaidh na neitheann is mó a chuireas
bacan orainn.



Dlighmid inn féin a chuartughadh agus a rannsughadh,
agus ár ngníomhartha do chur a n-órdughadh go
riaghalta amuigh agus astigh; óir atá siad-san
araon ró-riachdnasach chum ár maitheasa agus ár
mbisigh sbioradálta.



4. Agus mur dtioca leat a bheith a láthair agad
féin do ghnáth, agus do smaointighthe agus do
ghníomhartha do chomh-chruinniughadh a gcionn a chéile,
déana sin go h-áirighthe air uairibh, air a chionn is
lugha uair anns a' ló, air maidin nó trathnona.



Cuir rún maith romhad air maidin, agus tráthnona
dearc cionnas do chóimhlíonais do ghealladh, cionnas
mar d'iomchair tú thú féin an ló sin, ann do smaoin-
tighthe, ann do bhriatharaibh, nó ann do ghníomhartha;
óir dob éidir gur minic a chuir tú fearg air Dhia,
agus air do chomharsain anns na neithibh-se.


L. 38


Cuir gléas troda agus catha ort féin go fearamhail
a n-aghaidh chealga agus ionnsuighthe urchoideacha an
aidhbheirseora. Cuir srian leis an chraos, agus is
ba fusa dhuit claonta eile na colna do smachdughadh
uile.



Ná bí choidhche díomhain air fad, ach bí aige léigh-
theoireachd, nó aige sgríbhneorachd, nó aige déanamh
urnuighe agus rinnfheithimh dhiadha, nó aige déanamh
saothair éigin eile as a dtiocaidh tairbhe nó maith
coitcheannta do chách.



Ach, is le deiscréide a dhlighthear na gnáth-oibre
corpardha féin do chleachdadh; agus ní h-ionann
mar is cóir do gach én nduine a nglacadh as láimh.



5. Na neithe nach bhfuil coitcheannta, ní cóir a
ndéanamh go puiplidh; is go h-úiríseal is féarr
na neithe leath-taobhacha do dhéanamh.



Ach, tabhair dod' aire gan a bheith sbadanta nó ró-
leisg aige déanamh na ngnothaighe nó na h-oibliogóide
coitcheannta, agus níos éasgaidhe nó sin aige
déanamh crábhaidh air leith dhuit féin; ach tar éis do
chúram agus na neithe atá mar ualach ort go díleas
a chóimhlíonadh go h-iomlán, ma bhíonn tráth nó
aimsir agad 'na dhiaidh sin, fill ort féin, agus déana
an ní is loinn leat, réir mar ghríosochas agus mar
bhíodhgfas do dheagh-rún agus do chrábhadh thú.



Óir ní h-éidir le gach én nduine aon ghníomh amháin
do ghnáthughadh; ach is féarr fhóireas an gníomh-sa
air an fhear-sa, agus sud air an fhear ud eile.



Mar an gceudna réir eugsamhlachd agus áthrughadh
na n-aimsearachadh, áthruighthear oibreacha an chrábhaidh;
óir atáid oibreacha is taitneamhaighe le déanamh
anns na laethe saoire agus féilte, agus oibreacha
eile anns na laethe oibre.


L. 39


Bíonn féidhm againn air oibreacha áirighthe le linn
cathuighthe, agus air oibreacha eile a n-aimsir síotha
agus socruigheachda.



Smaoinighmid go fonnmhar air neithibh áirighthe le
linn bróin agus tuirse, agus air neithibh eile an tan
a bhíos ár n-iolgháirdeas san Tighearna.



6. Is cóir dúinn ár ndeigh-ghníomhartha d'athnuadhadh
anns na féilte uaisle, agus a bheith níos géire agus
níos cíocraighe aig iarraidh eadarghuidhe na naomh
air ár son.



Is cóir dúinn rún daingean do chur romhainn ó
fhéile go féil' uasail, amhail agus mar do bhéadhmuis
an uair sin aig fágail a t-saoghail, agus aige dul
asteach gus an bhfleadh agus an bhféasta shíorraidhe.



Mar sin, is cóir dúinn inn féin ullmhughadh go
dícheallach, a n-aimsir an chrábhaidh, agus a bheith níos
diadha dhúthrachdaighe ann ár gcomhradh le chéile, agus
na riaghalacha uile do choimhead níos féarr, mar
nach fada nó go bhfuighimid luach ár saothair ó Dhia.



7. Agus ma chuirthear sin air cáirde, measmuid
nach bhfuilmid ullamh go leor, agus nach fiú inn an
ghlóir mhór sin fhaghail go fóill, a bhéas le feiceal
ionnainn aige teachd na h-aimsire óirdeochas Dia
sin dúinn; mar sin déanmuid dícheallt inn féin
ullmhughadh níos féarr chum ár n-imirce do dhéanamh.



Óir a deir Lucas, soisgeulach; "Is beannuighthe
an searbhfoghantuighe a gheibhthear 'na dhúsgadh an
tan a thiocfas a Thighearna chuige; go deimhin, a
deirim libh, go gcuirfidh Sé os cionn a bhfuil aige é."
(Luc.c.12,v.43; Matha, c.24, b.46).


L. 40


An 20 caibidil.
A labhras air ghrádh an uaignis agus an uath-chomhraidh.



1. Iarr aimsir chomhgrach do bheith ad' aonar leat
féin, agus smaoinigh go minic air na tiodlaicthe agus
air na talluinn a fuair tú ó Dhia.



Ná tabhair ró-aire do neithibh cúirealta.



Ach, léigh air neithibh nach iarrann móran staideara,
ach is féarr a mhúsglas thú, agus a bhaineas bíodhgadh
agus osna as do chroidhe.



Dá m'áil leat iomarcaidh comhluadair, cuarta,
agus céilidhe díomhaoin a leigean díot, agus gan
cluas a thabhairt do nuadh-sgeultaibh, agus do
mhurmar cainnte, do gheobhthá aimsir iomchubhaidh
oireamhnach go leor chum smaoiniughadh air neithibh
diadha.



Na naoimh is mó a bhí ann ariamh, do sheachnadar
cuideachda daoine chomh mór agus dob éidir leo, agus
do ghabh siad do roghain do bheith aige comhradh le Dia
go h-uaigneach.



2. "Chomh minic agus do bhí mé a gcuideachda
daoine," ar neoch áirighthe, "aige filleadh dhamh, do
bhí mé níos measa agus níos lugha 'mo dhuine nó do
bhí mé roimhe." (Seneca, anns a seachdughadh epistil).
Is dearbh dúinn so go minic, an tan a bhímid a
bhfad a' comhradh le chéile.



Is fusa do dhuine éisteachd agus tost air fad, nó
gan bárraidheachd agus níos mó nó an chóir do rádha.



Is fusa do dhuine fuireach go h-uaigneach anns a'
bhaile, nó é féin iomchar agus a choimhead anns an
oireachdas as baile.


L. 41


Mar sin, ce bé neoch aige a bhfuil rún a dhul
asteach ann féin go sbioradálta, is cóir dó a dhul
a leath-taobh mar aon le h-Íosa, agus an sluagh do
sheachna.



'Sé an té is féarr gnothaighe amach, an té d'ár
bhfuras leis fanmhaint go h-úiríseal uaigneach astigh.



An té ghrádhuigheas a bheith 'na thost, is é is dearbhtha
agus is neamh-baoghlaighe do nidh cainnt.



An té le arab ionmhain agus a thoiligheas a bheith
faoi smachd agus faoi riaghail, is dó is dearbhtha agus
is lugha baoghal do bheith 'na uachdaran.



Is baoghlach neimh-dhearbhtha do neoch a bheith 'na
mhaighistir, ach an té do fhoghluim é féin go maith do
bheith umhal.



3. Cha bhíonn sólas dearbhtha aig én neoch, muna
mbéidh coinsias maith aige déanamh fiadhnaise leis
do'n taobh astigh.



Gidheadh, do bhí daingneacht agus dearbhachd na
naomh lán d'eagla Dé a gcomhnuidhe.



Agus cé gur dheallruigh siad le subhailcidhibh móra
agus le grásaibh, ní lugha sin do bhí siad umhal, úir-
íseal, coimheadach orra féin.



Ach, is as andóchas agus uabhar fhásas neimh-eagla
agus dóchas na gcionntach, tré a mealltar iad féin
fá dheireadh.



Ná geall dearbhachd duit féin air an t-saoghal-sa
go bráthach, cé go mbeitheá 'do dhuine ró-riaghalta,
nó 'do dhíthreabhach ró-dhiadha.



4. An mhuinntir dob fhéarr meas réir breathnuighthe
daoine, is minic a bhí siad a mbaoghal agus a mór-
chontabhairt tré iomarcaidh a ndóchais ionnta féin.



Agus mar sin, is féarr do mhóran gan iad féin
a bheith saor air fad ó chathuighe, ach crosa agus


L. 42


contrarachd teagmhal ann a mbealach go minic
ionnas nach mbéadh siad ró-dhearbhtha asda féin, agus
do chum nach séidfidhe suas iad le h-uabhar nó le
h-árdanachd, nó do bheith níos so-ghluaiste chum
aoibhneas agus sólas an t-saoghail do leanmhaint.



O! nach maith an consias do bhéadh aig an té nach
mbéadh aig iarraidh nó ag lorgoireachd go bráthach
air shógh nó air shólas dhíombuan, agus nach gcuirfeadh
cúram a t-saoghail air féin a choidhche?



O! nach mór an t-síoth agus an t-socruidheachd do
bhéadh aig an té do dhíbeoradh an uile chúram díomhaoin
uadha, agus nach smuaineochadh ach air neithibh diadha,
agus air a shlánughadh féin, agus do chuirfeadh a
mhuinighin go h-iomlán a nDia.



5. Ní fiú neoch an sólas neamhdha, mur gcleachdfadh
sé go dicheallach an aithrighe naomhtha.



Ma's áil leat do chroidhe do chomh-brughadh, nó do
mhúsgladh chum dólais, imthigh asteach ann do sheamra
agus díbir triobloid agus buaidhreadh an t-saoghail
as th'intinn, mar atá sgríobhtha aig an t-Sailm-
chéadach: "In cubilibus vestris compungimini,"
eadhon, déanaigidh an aithrighe agus an croidhe-
bhrúghadh ann mur seamraibh.



Gheobhaidh tú ann do sheamra nó ann do bhóghtain
astigh an ní a chailleas agus fhágas tú go minic
amuigh.



Gheobhaidh tú blas agus milseachd air do chlúid
agus air do chró féin, ma fhanann tú 'na bun go
buan; ach, ma thréigeann tú í, cha bhíonn blas, spéis,
nó taitneamh agad innte.



Má chleachdann tú tathaighe chinnte air th'uaimh, nó
air do bhóghtain agus aire mhaith do thabhairt dhi a


L. 43


n-úr-thosach do chrábhaidh, ó sin amach béidh sí 'na caraid
dhíleas ró-ionmhain ró-thaitneamhach agad.



6. Is anns an uaigneas, agus anns a' t-socrui-
dheachd théid an t-anam cráibhtheach air aghaidh, agus
foghluimeann sé rúindiamhra dorcha an Scrioptuir
ann.



Is ann do gheibh sé na tuilte agus na srotha deor
le a nigheann agus a bhfóthragann sé é féin gach én
oidhche; ionnas go mbéadh sé an méid sin níos
foigse dá Chruthuightheoir agus do bhí sé ann a
bheathaidh uaigneach agus sgartha a bhfad ó charroid
(callóid?) agus ó bhuaidhreadh an t-saoghail.



Óir, tiocaidh Dia agus na h-aingil bheannuighthe
agus dhéana siad comhnuidhe a bhfochair an té a bhíos
air uaigneas sgartha agus a bhfad ó n-a luchd gaoil
agus eolais.



Is féarr do neoch do bheith faoi thalamh a n-uaimh a
bhfolach, agus aire a thabhairt dó féin, nó dá ndéanadh
sé míorbhailidhe, agus é féin a leigean amugha agus
a bhfaillighe.



Atá sé ionmholta aige duine riaghalta, gan dul
as baile, ach go h-annamh, súile daoine do sheachna,
agus gan a bheith aig iarraidh a dhul air an amharc.



7. Creud fáth a bhfuil tú feuchaint air an ní nach
ceaduighthe dhuit do bheith agad? "Atá an saoghal
agus antoil an t-saoghail a' dul thart, ach an té
do nidh toil Dé mairidh sé go síorraidhe." (1 Eoin.
c.2,v.17).



Tarraingeann fonn agus ainmhian na gcéadfadh
brúideamhla amach as baile thú; ach air ndul thart
do'n uair sin, creud atá leat na bhaile ach trom-
ualach air do choinsias, agus milleadh agus seachran
air do chroidhe?


L. 44


Is minic a bhíos an dul amach súgach, 'na theachd
na bhaile bhrónach; agus an tráthnóna súgach 'na
maidin dhúbhach.



Agus is amhlaidh, bíonn na h-uile shásadh colna
taitneamhach air dtús, agus 'na dhiaidh sin marbhthach
cogantach.



Creud atá le feiceal a n-áit eile, nach bhfeic
tú ann so? Dearc air neamh agus air talamh, agus
air na dúile uile; óir is díobh so do nidhthear na
h-uile ní eile.



8. Creud is éidir leat d'feicsin a n-áit faoi an
ngréin a mhairfeas a bhfad?



Dob éidir go saoileann tú thu féin do shásadh:
sin ní nach h-éidir a dhéanamh.



Dá bhfeictheá an uile ní os comhair do shúl, creud
do bhéadh ann ach amharc díomhaoin?



Tabhair amharc suas air Dhia anns na flaithis, agus
guidh air son do pheacaidh gníomha agus faillighe.



Fág an díomhaoineas aige luchd an díomhaoinis,
ach tabhair-se aire do na neithibh d'aithin agus
d'órduigh Dia dhuit.



Dún do dhoras ort féin agus sgáirt air Íosa, do
ghrádh, chugad.



Fan aige ann do chlúid uaignigh, óir ní bhfuighidh
tú síoth nó suaimhneas chomh mór a n-áit air bith eile.



Dá mbeitheá gan dul as baile nó aig éisteachd le
murmur cainnte, tuaithleas, agus nuadh-sgeulta, ba
mhóide agus dob fheirrde dod'shíothchainte é; ach,
an uair a thaitneas sgeulta nuadha leat, as sin thig
dhuit buaidhreadh fhulang ann do chroidhe.


L. 45


An 21 caibidil.
A labhras air chómhbhrúghadh an chroidhe.



1. Ma's áil leat a dhul air th'aghaidh go tairbheach,
coimhead thú féin a n-eagla Dé, agus ná bí ró-sgaoil-
teach nó ró-dhána, ach cuir srian agus riaghail air do
chéadfadha uile, agus na tabhair thú féin do chaitheamh
aimsire díomhaoin.



Tabhair thú féin do dhoilgheas agus do chailgchréachd
croidhe, agus do gheobhaidh tú dúthrachd crábhaidh.



Osglann an croidhe-bhrughadh an rian agus an
t-slighe chum móran maithis, noch is gnáth a mhilleadh go
luath leis a' dosgadh.



Is iongantach go dtig le duine air bith do bheith
soilbhir súgach ann a chroidhe san mbeathaidh shaoghalta,
ma smaoinigheann sé air a dhíbirt agus air a dhaoirse
féin, agus gach mór-chontabhairt ann a bhfuil a anam
do thabhairt fá ndear.



2. Tré bhaois agus éadtruime ár gcroidhe, agus
tré ár neamh-shuim fá'r lochda, ní mhothuighmid dólas nó
dochar ár n-anma; ach, is minic a bhímid a' gáiridhe
go baoth, an tan ba dleachd dúinn le n-uile réasun a
bheith a' gul agus a' caoi.



Go fírinneach ní bhfuil saoirse iomlán, nó sólas
maith le faghail, ach a n-eagal Dé mar aon le deagh-
choinsias.



Is méanar do'n té leis a dtig an uile thoirmeasg
agus sheachran do dhíbirt uadha, agus é féin a
chomh-chruinniughadh agus a cheangal do'n chréachd-
chroidhe naomhtha.


L. 46


Is beannuighthe an té a dhiúltas agus a sgaras le
na h-uile ní do chuirfeadh smál, smúid nó ualach
air a choinsias.



Seasaimh amach go fearamhail; claoidhtear
cleachtadh le cleachtadh eile.



Ma leigeann tusa do'n mhuinntir eile, leig-
fid-sean dhuit-se do ghnóthaighe féin a dhéanamh.



3. Ná bain le gnóthaighe na muinntire eile, agus
ná buaidhir thu féin le gnóthaighe dhaoine móra.



Feuch ort féin air tús, agus tabhair aire comhairle
mhaith do thabhairt duit féin níos luaithe nó do'n
charaid is annsa agus is toghtha leat air bith.



Mur bhfuil foghar nó cádhas daoine agad, ná bí
buaidheartha uime sin; ach bíodh do bhuaidhreadh agus
do thuirse fá gan th'iomchar féin a bheith chomh maith nó
chomh coimheadach agus ba chóir do sheirbhiseach Dé nó
do dhuine riaghalta do bheith aige.



Go minic is féarr agus is dearbhtha do dhuine gan
móran sólais fhaghail air a t-saoghal-sa, agus go
sonnradhach réir tola na colna.



Gidheadh, muna bhfuil sólas diadha againn, nó muna
mothuighmid iad ach go h-annamh, is orainn féin atá
an lochd; do bhrígh nach n-iarrmuid an croidhe-bhrughadh,
agus nach ndíbrimid uainn air fad na sólais
dhíomhaoin thalmhaidhe.



4. Aidimh nach fiú thú sólas neamhdha fhaghail, ach
gur mó a thuill tú móran amhgair agus triobloide.



An tan a bhíos doilgheas agus créachd-chroidhe iomlán
aige neoch, is searbh agus is trom leis an t-saoghal
uile an uair sin.



Do gheibh an deagh-dhuine ádhbhar deor agus dólais
a gcomhnuidhe.


L. 47


Óir ce bé h-aca a smuaineochas sé air féin nó
air a chomharsain, is aithne dhó nach bhfuil én neoch beo
gan triobloid; agus ní bhfuil dá mhéid agus
fheuchas air féin nach móide do gheibh sé cúis buaidh-
eartha aige féin.



'S iad ár lochda agus ár bpeacaidh is cúis agus
ádhbhar fíre d'ár ndoilgheas agus d'ár ndólas
croidhe go h-inmheadhonach; ionnta a bhfuilmid chomh
mór agus sin ceangailte, gurab annamh a thig linn
smaoiniughadh air an rinnfheitheamh neamhdha.



5. Dá m'áil leat smaoiniughadh níos mionaca air
a' bhás nó air a bheith bhfad beo, gan amhras do bheitheá
níos sanntuighe aig leasughadh do bheathadh.



Mar an gceudna, dá smaoineochá dá ríribh air
phiantaibh ifrinn ann do chroidhe, nó air phiantaibh
purgadora, creidim go bhfulaingfeá pian agus
dochar go ró-thoilteanach, agus nach mbéadh uamhan
nó eagal ort roimhe le cineal air bith cráidh nó
cruadala.



Ach, cionn nach dtéid na neithe-se go nuige an
croidhe, agus go bhfuil ár ngrádh go fóill air na
neithibh saoghalta a thaitneas le ár gcéadfadha, air an
ádhbhar sin, fanmuid go trom sbadanta ann ár
bhfuar-chrábhadh féin.



6. Is minic gurab é easbhaidh na ngrás do bheir
air a' cholainn thruaillidhe do bheith chomh so-ghluaiste
chum gearain.



Mar sin, guidh go h-umhal an Tighearna, ionnas
go mbéaradh Sé sbiorad na h-aithrighe dhuit, agus
abair mar aon leis a t-Sailmcheadach "A Thighearna
tabhair aran na ndeor damh le h-ithe, agus deoch
na ndeor le h-ól." (Pslm.7,9).


L. 48


An 22 caibidil.
A thráchdas air amhgar agus air ansógh an duine
air a' t-saoghal.



1. Is truagh thú, a dhuine, ce bé air bith ionad a
bhfuil tú, nó ce bé air bith bealach a mbeiridh tú
th'éadan, mur mbeiridh tú th'aghaidh air Dhia.



Creud an fáth uime a bhfuil tú buaidheartha, cionn
nach dteagmhann agus nac n-éirigheann gach én ní
leat réir do mhiana agus do thola?



Cia aige a bhfuil gach én ní réir a thola?



Ní thusa, nó mise é, nó duine air bith air a' talamh.



Ní bhfuil neoch air a' t-saoghal uile gan amhgar gan
triobloid, dá mbéadh sé 'na rígh nó 'na phápa.



Cia h-é is féarr atá mar sin? Atá, gan amhras an
té fhulaingeas ní éigin go fonnmhar mar gheall air
Dhia.



2. Is gnáth le daoine anbhfanna ainbhfiosacha a
rádh: Feuch, an bheatha aoibhinn atá aig an fhear úd!
nach é atá saidhbhir, uasal, éifeachdach, mór-chumhachdach!



Ach, dearc air shaidhbhreas, air iolmhaitheas, agus
air aoibhneas fhlaitheamhnas Dé, agus chífidh tú, nach
fiú an dadamh na neithe saoghalta uile, atá ionnta
féin ró-chlaochlóideach, neimh-dhearbhtha, triobloideach,
do bhrígh nach sealbhuighthear iad ar én chor ach le an
iomad cúraim agus eagail.



Ní anns a' t-saidhbhreas shaoghalta atá sonas nó
suaimhneas an duine; is leor dó measardhachd iom-
chubhaidh do bheith aige.



Go dearbhtha, is mór an t-amhgar a bheith beo air
a' talamh.



Ní bhfuil dá mhéud a shanntuigheas neoch do bheith
sbioradálta, nach móide dá ghlonn agus dá mhío-


L. 49


bhlas air a' bheathaidh shaoghalta; do bhrígh gur mar
sin is féarr a mhothuigheas, agus do chídh sé luige agus
lochda na nádura dhaonna.



Óir a bheith aig ithe, aig ól, aige dúsgadh, nó 'na
chodladh; díomhaoin, nó aige déanamh oibre; nó
féidhm do bheith air neithibh riachdnasacha na nádura,
go dearbhtha is mór an crádh agus an t-amhgar iad
so uile aig an duine riaghalta le ar mhian do bheith
saor agus sgartha sgaoilte ó'n uile pheacadh.



3. Óir is mór agus is trom an t-ualach air an
duine atá riaghalta go h-inmheadhonach ann féin,
féidhm do bheith aige air neithibh riachdnasacha na colna
air a' t-saoghal.



Agus uime sin, atá an Fáidh aige guidhe go dúth-
rachdach é féin a bheith saor orra, aige rádh: "Ó
mó riachdnasaibh saor mé a Thighearna!" de
necessitatibus meis erue me. (Pslm. 24).



Ach, mairg do'n mhuinntir nach dtuigeann a
n-amhgar féin, agus dhá mhairg do'n mhuinntir a
ró-ghrádhuigheas an saoghal cráidhte so-chaithte!



Óir atá cuid do na daoine atá chomh ceangailte
agus sin do'n t-saoghal, cé gur leis a' déirc, nó le
saothar dochrach do gheibh siad air éigin an bheatha
riachdnasach, gidheadh, dá dtiocadh leo fuireach ann-
so a gcomhnuidhe, ní bhéadh suim air én chor aca air
ríoghachda Dé.



4. Och! na daoine leamha, agus neimh-chreidmheach
ann a gcroidhe, atá adhlactha agus iadhta chomh dain-
gean dubhain (= doimhin) agus sin anns na neithibh
talmhaidhe, nach mbíonn blas aca air an dadamh, ach
air na neithibh colnaidhe.



Och, na bochdain thruagha! is daor a' fios a gheobhaidh
siad fá dheireadh gur beag dob fhiú an neimhnidh
salach sin, air a raibh an oiread sin do ghrádh aca.


L. 50


Ach, na naoimh, agus cáirde dúthrachdacha Chríosda,
ní raibh suim nó meas aca air neithibh pléasura
taitneamhacha na colna, nó air neithibh breagha,
bláthmhara, bréagacha na beathadh saoghalta; ach
do bhí a n-dúil agus a n-intinn uile aig osnaidh
agus aig iarraidh na glóire síorraidhe.



Do bhí a bhfonn agus a dtoil go h-iomlán aig
feuchain suas air na neithibh marthannacha suthaine
do-fhaicseana, d'eagla iad cromadh nó grádh do
thabhairt do neithibh so-fhaicseana breugacha na
talmhan.



A dhearbhrathair, ná gabh beag-uchdach, agus ná
caill do mheisneach fá dhul air th'aghaidh anns na
neithibh sbioradálta: ní bhfuil sé ró-mhall, atá an
t-am agad anois, ní dheachaidh an uair thart go fóill
do bheatha do leasughadh.



5. Creud fáth a bhfuil tú a' cur do leas air
cáirde? Éirigh suas agus tosuigh anois, agus abair:
So am na h-oibre, so fóghmhar an anma, anois am na
troda; anois atá comhgar agus aimsir ár
mbeathadh do leasughadh againn.



An tan a bhíos tú buaidheartha leathtromach, 'sé sin
am na tuillmhe agus na luaigheachda.



Is éigin duit a dul tré theinidh agus uisge sul
fá dtiocfaidh tú chum faoidhe, furtachd, nó fionn-
fhuachd fhaghail.



Mur ndéanaidh tú foirneart ort féin, cha
dtugann tú buaidh air do lochda.



An fad a bhíos an cholann sho-bhásuighthe-se air
iomchar againn, ní h-éidir linn a bheith saor air
pheachadh, nó do bheith beo gan dólas gan doilgheas.



Budh mhaith linn do bheith socair suaimhneach agus
saor ó'n uile bhuaidhreadh; ach do bhrigh gur chaill-
eamar ár neimh-chionntachd tre pheacadh na sinnsire,


L. 51


chailleamar mar a gceudna an sonas agus an
suaimhneas fíre.



Mar sin, is cóir dúinn fuireach go foighideach le
trócaire Dé, nó go n-imtheochaidh an sean-mhallacht-sa
uainn, agus nó go mbéarfaidh an bheatha mharthannach
buaidh air an bhás.



6. O! Creud é méad na h-anbhfainne daonna
atá innte féin go cinnte claon chum na n-olc!



Aidmhigheann tú do pheacaidh indiu, agus cionn-
tuigheann tú amárach arís anns a' ní a d'aidimh tú
indiu.



Anois atá rún agad aire thabhairt duit féin, agus
fá chionn uaire ní bhíonn cuimhne agad air do ghealladh.



Mar sin, atá réasun againn inn féin úirísliughadh,
agus gan móran meas do bheith orainn féin,
ó támuid chomh anbhfann claochlóideach agus sin.



Mar an gceudna, an ní a fuaras go cruadalach
le cuideamh na ngrás, le móran saothair agus
aimsire, dob éidir a chailleadh le h-órlach tré
neamh-shuim agus mhainneachdnaidh.



7. Créad éireochas dúinn a ndeireadh ár saoghail,
inne atá chomh luath agus so cheana, fionn-fhuar
failligheach?



Mairg dhúinn atá gár dtabhairt féin do shuaimh-
neas agus do shocruigheachd, amhail agus mar bhéadh
dearbhachd na síothchainte againn cheana, an tráth
nach bhfuil go fóill comhartha air bith naomhachda le
feiceal ann ár mbeathaidh, nó ann ár gcoinbhersaid.



Do bhéadh sé ró-riachdnasach againn, cosamhail le
h-óg-laochraidh maithe, deigh-bhéasa fhoghluim agus a
chleachdadh arís; dá mbadh amhlaidh sin, dob éidir
dúil a bheith le ár leasughadh, agus le ár mbiseach
sbioradálta.


L. 52


An 23 caibidil.
A thráchdas air smaointighthe agus air staideir air
a' bhás.



1. Is gearr gurab éigin duit an saoghal fhágail;
mur bhfíor leat sin, feuch caidé an stáid bheathadh ann
a bhfuil tú: atá an duine annso indiu, agus a mbárach
ní bhfuil sé le faghail.



Agus an tan a thógfar as ár n-amharc é, fágann
sé mar an gceudna gan mhoill ár gcuimhne.



Och, fáraor! is dallbhuidh (dalbaidhe?) agus is
cruaidh croidhe an duine, nach smaoinigheann ach
amháin air na neithibh atá a láthair, agus nach
ndearcann roimhe air na neithibh atá le teachd!



Ba chóir duit san uile ghníomh agus smaoiniughadh
thú féin iomchar agus óirneadh, amhail mar bheitheá
'faghail bháis gan mhóill.



Dá mbéadh coinsias maith agad, ní bhéadh móran
eagail ort roimhe leis a' bhás.



Dob fhéarr dhuit an peacadh do sheachna, nó eagal
do bheith ort roimhe leis a' bhás.



Muna bhfuil tú ullamh indiu, cionnas a bhéas tú
amhlaidh a mbárach?



Atá an lá a mbárach neimh-dhearbhtha, cá fios duit
an mbéidh tú beo a mbárach?



2. Creud an sochar a bheith a bhfad beo, an uair
nach leasuighmid ach go beag ár mbeatha?



Och, fáraor! Ní leasuigheann an saoghal fada
inn a gcomhnuidhe, ach go minic is mó mhéaduigheann
sé ár gcionnta.


L. 53


A Dhia! Nach raibh én lá amháin air a t-saoghal-sa
againn a ndeigh-bheathaidh!



Áirid (áirmhid) móran air iomad na mbliadhan
ó thosuighdear a mbeatha do leasughadh, ach go minic
is beag agus is gann toradh an leasuighthe sin.



Cé gurab uathbhásach an ní an bás, dob éidir
gurab baoghalaighe nó sin a bheith a bhfad beo.



Is beannuighthe an té aige a mbíonn uair a bháis
os comhair a shúl do ghnáth; agus ullmhuigheas é féin
gach én ló 'na choinne.



Ma chonnairc tú aon nduine ariamh a' faghail
bháis smaoinigh go ngeabhaidh tú féin an bealach
ceudna.



3. Air maidin saoil agus smaoinigh nach mbíonn
tú beo teachd na h-oidhche, agus aige teachd an
choinfheasgair ná geall duit féin an mhaidin air na
bhárach.



Mar sin, bí ullamh agus réidh a gcomhnuidhe, agus
tabhair do bheatha a dtír air mhodh nach bhfuighidh an
bás go bráthach 'do chodladh, aimhréidh, nó as órdughadh
thú.



Is iomdha do gheibh bás obann, agus an uair is lugha
a bhíonn siad a smaoiniughadh air; óir is anns an
uair nach saoiltear a thiocfas Mac an Duine, eadhon,
Mac na h-Óighe Muire. (Matha c.24,44).



Agus an tan thiocfas an uair dhéidheanach sin,
tionnsgnochaidh tú átharrach smaointighthe do bheith
agad air do bheathaidh uile a chuaidh thart; agus
is ró-mhór an dólas a bhéas ort fá gach faillighe agus
fá gach mainneachdna dá ndearna tú.



4. Is ádhmhar agus eagnaidhe atá an té a thairgeas
a bheith anois a n-aimsir a bheathadh, mar ba mhaith
leis é féin fhaghail aig uair a bháis.


L. 54


Óir dá mbéadh dí-mheas agus tarcuisne iomlán
aige neoch air a' t-saoghal, grádh lasamhail agus
fonn faobharach a dhul air aghaidh anns na subhailcibh,
grádh na riaghaltachda, sbiorad na h-aithrighe,
éasguidheachd na h-umhlachda, diúltughadh dhuine dá
antoil féin, agus foighide gach uile chontrarachd
agus leathtrom fhulang air son Chríosda, ba mhór an
uchdach agus a' mhuinighin do bhéarfadh siad do dhuine
fá é féin bás beannuighthe fhaghail.



Is éidir leat móran maith a dhéanamh a n-aimsir
do shláinte, ach an tan bhus easlán duit, ní fios damh
creud a thig leat a dhéanamh.



Is beag an líon a leasuighthear le linn tinnis;
agus mar an gceudna, is annamh a naomhthar luchd
síor-siubhail agus imirce ó áit go h-áit.



5. Ná déana ró-mhuinighin as do cháirde nó as do
luchd gaoil, agus ná cuir leas th'anma air cáirde;
óir dhéanfaidh daoine dearmad dhíot níos luaithe
nó shaoileas tú.



Is fhéarr lón a dhéanamh anois a n-am, agus maith
éigin a chur romhad, nó taobhadh le cuideamh na
muinntire eile déis do bháis.



Mur bhfuil cúram agad anois iomad féin, cia
dhéanfas cúram iomad ndéis do bháis?



Is mór luach na h-aimsire atá a láthair; anois
laethe na sláinte suthaine; so am na trócaire.



Ach, mo thruaighe! nach gcaitheann tú an aimsir
atá a láthair níos tairbhighe, ann d'arbh' éidir leat
lón síorraidhe a dhéanamh duit féin!



Tiocfaidh an aimsir ann a mbéidh tú aig iarraidh
én ló én uair amháin do cháirde chum thú féin do
leasughadh, agus ní fios an bhfuighidh tú é.



6. Och, a cháirde ionmhain! is éidir leat thú féin


L. 55


a shábhail air mhóran contabhairt, agus thú féin a
shaoradh ó mhóran eagail, ma bhíonn tú anois crith-
eaglach agus a' feitheamh leis a' bhás a gcomhnuidhe!



Tairg anois do shaoghal a chaitheamh air mhodh gur
mhó an luathghair nó an t-eagal do bhéadh ort uair
do bháis.



Foghluim anois bás fhaghail do'n t-saoghal, ionnas
go mbéitheá beo an uair sin a bhfochair Chríosda.



Foghluim anois an uile ní do tharcuisniughadh,
ionnas go mbadh éidir leat an uair sin a' dhul gan
toirmeasg d'ionnsuidhe Chríosda.



Smachduigh anois do cholann le píonus na h-aithrighe,
ionnas go mbadh éidir leat muinighin dhearbhtha do
bheith agad uair do bháis.



7. Och, óinmhid agus amadain! Creud fá
smuainigheann tú a bheith a bhfad beo, agus gan én
ló amháin dearbhtha agad?



Nach iomdha duine do shaoil a bheith a bhfad beo, do
mealladh, agus do fuadadh air siubhal an tan nach
raibh dúil aca?



Ca mhéid uair do chuala tú dá rádh, gur marbhadh
an fear ud le claidheamh, gur báitheadh fear eile,
gur bhris óglach eile a mhuineal aige tuiteam síos
le fánaidh, go bhfuair duine eile bás aig ithe air
a' chlár, go bhfuair duine eile bás aig uabhar?



Tuiteann duine le teinidh, duine le h-arm, duine
le pláigh; marbhadh daoine eile leis an cheathairne
choilleadh.



Is mar so a chuireas a' bás críoch air na h-uile;
agus is amhlaidh, théid saoghal an duine thart go
luath mar sgáile.



8. Cia chuimhneochas ort a ndiaidh do bháis, agus
cia ghuidhfeas air do shon?


L. 56


Déana anois, a charaid, déana anois an méid a
thig leat, óir ní fios duit uair do bháis, nó creud
éireochas duit déis do bháis.



An tan atá faill agad, cruinnigh lón agus saidh-
bhreas duit féin nach gcaithtear go bráthach. Ná
smaoinigh air an dadamh ach air th'anam do shlánughadh.
Ná gabh cúram ach fá na neithibh a bhaineas le Dia.



Déana caraid duit féin, aige tabhairt onóra do
naomhaibh Dé, agus aige tabhairt toraidheachda dóibh
ann a ngníomharthaibh, ionnas go mbéaraidis fáilte
duit ann a n-árusaibh síorraidhe, an tan a chuirfeas
tú críoch air do bheathaidh. (Luc.c.16,9).



9. Iomchair thú féin mar dhíthreabhach agus mar
choigcríochach choimhigheach air a' talamh, aige nach
bhfuil gnothaighe air bith le neithibh saoghalta.



Cumhduigh do chroidhe saor aige feuchain suas air
Dhia, do bhrigh nach bhfuil cathair, nó baile comhnuidhthe
buan annso agad.



Cuir th'urnuighe suas gach én ló mar aon le h-osnaibh
agus le deoraibh, ionnas déis do bháis go mbádh
diongmhala th'anam a dhul go h-ádhmhar d'ionnsuidhe
an Tighearna. Amen.



An 24 caibidil.
A labhras air Bhreitheamhnas Dé agus air phíonus
agus air phéin an pheacaidh.



1. Anns na h-uile ní feuch air do chrích dhéidh-
eanaigh, agus cionnas a sheasochas tú a bhfiadhnaise
an Daoir-Bhreithimh is garrtha geur-chúisighe, air nach


L. 57


bhfuil an dadamh a bhfolach; agus nach ngabhann
duais, cumhtha, nó ceannach, nó leith-sgeul ó én neoch,
ach a bhéarfas breitheamhnas díreach réir an fhír-
cheart.



O! a pheacaidh mhío-ádhmhar, ró-thruagh, gan chéill!
Creud an freagra a bhéarfas tú air Dhia aige a
bhfuil fios do lochda uile; thusa ort a mbíonn
eagal air uairibh duine amharc ort go fíochmhach nó
go feargach?



Creud fáth nach ndéan tú lón duit féin a n-aircis
lae an bhreitheamhnais, an tan nach dtéid anam air
sgáth nó air leith-sgeul a chéile, ach go mbéidh go
leor le déanamh aige gach én nduine freagra air a
shon féin?



Anois atá do shaothar tairbheach, do dheora tait-
neamhach; éisdfear anois le d'osnaibh, agus anois
atá do dhoilgheas nó do chroidhe-bhrúghadh leoir-
ghníomhach, agus 'na ghlain-léigheas air do pheacaidh.



2. Is mór agus ró-fholláin píonus agus purg-
adóir an duine fhoighidigh; an tan do níthear eug-
cóir air, is mó a dhólas fá pheacadh an fhir eile, nó
fá n-a dhíoghbháil féin; guidheann an duine foighideach
air son a náimhde, agus do bheir sé maitheamhnas ó
n-a chroidhe ann gach én lochd; cha déan sé moill
fá phárdun iarraidh air chách; is fusa leis truaighe
a ghabhail nó fearg; nidh sé foirneart go minic air
féin, agus gabhann sé saothar a cholann do chur fá
smachd do'n sbiorad.



Is féarr agus is fusa na peacaidh agus na lochda
do ghlanadh agus do dhíbirt anois, nó a gcongbháil
go purgadóir an t-saoghail eile.



Go dearbhtha! meallmuid inn féin tré an an-
ghrádh atá againn air ár gcolainn.


L. 58


3. Creud eile atá aige fadughadh agus aige lasadh
na teineadh sin ach do pheacaidh?



Ní bhfuil dá mhéad agus a chaomhnas tú thú féin
anois, agus a leanas tú toil agus claonta na
colna, nach móide agus nach daoire an píonus a
bhéas agad le fulang arís, agus nach mó an t-ádhmad
agus an connadh a bhéas cruinn a gcoinne na teineadh
sin.



Is anns na neithibh is mó a pheacuigheas an duine,
is ionnta sin is ba truime a phíonus.



Mar sin, béidh luchd na leisge gá mbruideadh,
gá dtolladh, agus gá dtréadadh le dealgaibh
roinn-gheura teineadh; agus béidh luchd an chraois
gá bpianadh le tart áidhbheil agus ocras.



Annsin, béidh luchd na drúise agus luchd ghrádha
ainmhian na colna foluighthe faoi thonnaibh teintighthe
píce, agus breun-ruibhe; agus béidh luchd na tnutha
agus na h-aingidheachda aig uaillfeartaigh mar
mhadraidh chonfa air mire le pianaidh.



4. Cha bhíonn coir nó lochd air bith, nach mbéidh
a phíonus agus a phian féin air leith na choinne.



Anns an áit sin, béidh luchd an uabhair agus an
díomais fá thár agus fá tharcuisne, lán coiciach,
náire, agus faitchis; agus béidh luchd na sainnte
air na gcumhgughadh lán riachdnais agus easbhadha.



Béidh én uair amháin do phianaidh ann sin, níos
géire nó céad bliadhan do phíonus na h-aithrighe
is cráidhte agus is géire air bith annso air a'
t-saoghal.



Cha bhíonn síoth nó osadh aige an drong dhamanta
ann sud; ach ann so air uairibh gheibhthear osadh ó'n
dochar, agus comhshólas agus furtachd ó'n fhíor-
charaid.


L. 59


Tabhair aire dhuit féin anois, agus bíodh aithreach-
as ort fá do pheacaidh, ionnas go mbeitheá slán
ameasg na bhfíreun ló an bhreitheamhnais.



Óir an uair sin seasfaid na fíreun go
h-urradhasach, lán-chalma a n-aghaidh na muinntire
do rinne léan agus trom-ár orra. (Leabhar na
hEagna, c.5,1).



An té umhluigheas anois do bhreitheamhnas daoine,
seasochaidh sé féin an uair sin 'na bhreitheamh air chách.



Annsin béidh muinighin láidir aig an bhochdan agus
aig an uiríseal; agus béidh luchd an uabhair agus
na h-árdanachda lán uathbhais agus eagail do'n uile
thaobh.



5. Taisbeanfar an uair sin go raibh sé eagnaidhe
air a' t-saoghal, an té a d'fhoghluim mar gheall air
Chríosda meas díblighe agus óinmhide do bheith air
féin.



An uair sin béidh an uile thríobloid taitneamhach,
a d'fulaing sé go foighideach, agus dúnfar beul na
h-eugcóra agus na h-urchoide. (Pslm.106,42).



Béidh luathghair an uair sin air a' duine riaghalta,
agus tuirse air luchd na míriaghalta.



Béidh an cholann a bhí claoidhte le crádh agus le
h-amhgar, an uair sin, níos súgaighe agus níos sásta,
nó dá mbéadh sí lán do'n uile shógh agus aoibhneas.



Béidh an aibid úiríseal shuarach an uair sin glégheal,
agus an t-éadach uasal onórach, salach.



Is mó molfar an uair sin an cában bochd, nó an
pálas agus an caisleán árd óirnighthe órdha.



Is ba féarr an fhoighide an uair sin, nó cumhachda
an domhain uile.



Is ba mó meas na h-umhlachda an uair sin, nó
gliocas an domhain uile.


L. 60


6. Is mó an t-ádhbhar luathghara a bhéas aige fear
an choinsis ghlain an uair sin, nó aige an fheall-
samhnach fhoghlumtha.



Is ba measamhla an uair sin tarcuisne an
t-saidhbhir, nó óirchiste na ndaoine santacha
saoghalta.



Is mó do shólas an uair sin gach urnuighe dhiadha
dá ndearna tú, nó fá gach proinn shásda dá bhfuair
tú.



Is mó an t-iolgháirdeas a bhéas agad an tan sin,
fá do bheith 'do thost, nó fá iomad comhraidh nó cainnte
do dhéanamh.



Is féarr gníomhartha beannuighthe an uair sin, nó
móran do bhriatharaibh blasta.



Is ba taitneamhaighe an uair sin beatha riaghalta,
agus dochar cruaidh na h-aithrighe, nó sógh agus
aoibhneas na talmhan uile.



Foghluim anois neithe beaga éadtroma fhulang,
ionnas go saorfaidhe thú air fhulang níos mó an
uair sin.



Feuch air tús annso creud a thig leat fhulang
'na dhiaidh so air a' t-saoghal eile.



Mur dtig leat pianta beaga éadtroma fhulang
anois, cionnas bhus éidir leat pianta síorraidhe
fhulang arís?



Ma thugann pian bheag éadtrom ort a bheith
mío-fhoighideach anois, creud a dhéanfaidh tú aig
fulang do loisgthe a dteinidh ifrinn?



Is dearbh nach dtig leat dhá aoibhneas do bheith
agad, sé sin le rádh, cha dtig leat aoibhneas a'
t-saoghail, agus aoibhneas fhlaitheamhnas Dé fhaghail
a bhfochair Chríosda.


L. 61


7. Dá mbéadh do shaoghal uile lán aoibhnis agus
onóra go nuige so, creud dob fhéirrde dhíot sin,
dá bhfaghthá bás anois?



Mar sin, is díomhaoineas na h-uile ní, ach amháin
grádh agus seirbhís Dé.



Óir an té a ghrádhuighéas Dia le n-a chroidhe go
h-iomlán, ní bhíonn eagal air roimhe le bás, le píonus,
le breitheamhnas, nó le h-ifrionn, do bhrígh go ndéan
an grádh diongmhálta iomlán an t-slighe chum
Dé dearbhtha.



Ach, an té leis a dtaitneann an peacadh, ní h-íongadh
eagal an bháis agus an bhreitheamhnais do bheith air.



Gidheadh, mur mbeiridh grádh Dé ort filleadh ó'n
olc, is maith a rádh go gcuiridh eagal ifrinn srian
ort.



Ach, an té a chuireas eagal Dé air cáirde, ní
h-éidir leis seasamh a bhfad gan tuiteam gan mhoill
a líontaibh agus a ngaistibh an aidhbheirseora.



An 25 caibidil.
A thráchdas air leasughadh fhonnmhar ár mbeathadh
go h-iomlán.



1. Bí fuireachair dicheallach a seirbhís Dé, agus
smaoinigh go minic ionnad féin, creud an t-ádhbhar
a dtainic tú annso, nó creud an fáth ar thréig agus
ar dhiúlt tú do'n t-saoghal? Nach chum a bheith 'do
dhuine riaghalta dhiadha sbioradálta do rinne tú sin?
Mar sin, teith air th'aghaidh go fonnmhar faobhrach,
óir ní fada nó go bhfuighidh tú luach agus tairbhe do


L. 62


shaothair, agus ó sin amach cha bhíonn eagal nó dólas
ann do chríochaibh, nó ann do theoranaibh.



Fulaingfidh tú saothar agus cruadail seal beag
anois, agus gheobhaidh tú mór-shuaimhneas agus
iolgháirdeas síorraidhe air a shon sin.



Ma bhíonn tusa díleas dicheallach a seirbhís Dé,
ná bíodh amhras agad nach mbéidh Sé-sean fialmhar
fairsing ann a dhíolaidheachd leat-sa.



Is cóir duit muinighin mhaith do bheith agad an bhuaidh
do thabhairt; ach, ní cóir duit a bheith ró-dhána nó
ró-dhearbhtha asad féin, d'eagal thú tuiteam a bhfail-
lighe, nó a dhul a n-uaill agus a n-uabhar.



2. Ló n-aon dá raibh neoch áirighthe ann a dteam-
pall air urnuighe a bhfiadhnaise na h-altóra air a
ghlúinibh, agus air mbeith ró-bhuaidheartha a n-intinn,
agus lán amhgair agus imshníomha idir dóchas agus
eagal, do labhair sé leis féin aige rádh: "O! dá
mbéadh fios agam go seasochainn amach gan tuit-
eam!" Air ball do chuala sé astigh ann féin
freagra a' teachd ó Dhia chuige, aige rádh: "Creud
dob áil leat a dhéanamh dá mbéadh an fios sin agad?
Déana anois an ní dob áil leat a dhéanamh dá
mbéadh an fios sin agad, agus is ba daingean lán-
dearbhtha dhuit."



Agus air ball fuair an fear sin neart agus
comhshólas ann féin, agus ó sin amach, do thoirbhir
sé é féin suas do thoil Dé, agus do stad agus do
sgar a bhuaidhreadh intinne leis.



Agus cha dtug sé tóraidheachd chúirealta níos mó
fios fhaghail air creud a bhí le teachd nó le teagmhal
dó; ach do ghabh sé do roghain staideir a dhéanamh air
thoil Dé iarraidh, chum gach deagh-obair do thionn-


L. 63


sgnughadh agus do chríochnughadh réir a thola agus a
thaitnimh go h-iomlán.



3. "Spera in Domino, et fac bonitatem, et
inhabita terram et parceris in divitiis ejus",
eadhon, déana muinighin as a' Tighearna, agus déana
maith, adeir an fáidh ríoghdha, déana ionad comhnuidhthe
duit féin air a' talamh, agus gheobhaidh tú beatha as
saidhbhreas na talmhan. (Pslm.36,3).



Atá én ní amháin a chongbhas móran air a n-ais ó
thairbhe sbioradálta, agus ó leasughadh na beathadh
go fonnmhar, mar atáid eagal na cruadala, agus
saothar agus dochar na comhlanna nó an chatha.



Agus, go deimhin, théid siad roimhe le cách anns na
subhailcibh, an mhuinntir a thairgeas na neithe is mó
a bhuaidhreas agus a thrasnuigheas iad féin a chlaoi
agus a sgrios go fearamhail.



Óir, ní bhfuil dá mhéad a chlaoidheas agus a
mhoirtnigheas neoch é féin, nach móide a gheobhas sé
grása, luaigheachd, agus tairbhe sbioradálta.



4. Ach, ní h-ionann na neithe atá le smachdughadh
agus le moirtniughadh aige gach én nduine.



Gidheadh, is féarr agus is neartmhaire a rachas an
duine dícheallach deagh-rúnach air aghaidh a dtairbhe
agus a mbiseach, cé go mbéadh níos mó do thaoda agus
do chlaonta lochdacha aige, nó duine eile aig a
mbéadh níos lugha do lochdaibh, ach do bhéadh níos
fallsa agus níos fionn-fhuaire anns na subhailcibh.



Atá dhá ní a chuidigheas go sonnradhach, agus go
mór an bheatha do leasughadh, eadhon, duine é féin
diúltadh go calma do na neithibh chuca a gclaonann
go lochdach an náduir dhaonna; agus an dara ní,
saothrughadh go dian air son an mhaith is mó atá
d'easbhaidh orainn.


L. 64


Tairg mar an gceudna, do bheith níos coimheadaighe
ort féin, agus na lochda do chlaoi a mhío-thaitneas
leat go minic anns a' mhuinntir eile.



5. Déana tairbhe ann gach én áit; agus má chí
nó má chluin tú samplaidhe maithe, gríosuigh thú féin
chum tóraidheachd a dhéanamh orra.



Ach, ma thugann tú ní air bith lochdach fá ndear,
bí air do choimhead gan thú féin sin do dhéanamh, nó
má rinne tú a shamhail uair air bith, tairg a leasughadh
gan mhoill.



Óir amhail mar atá do shúil-se aige feuchain air
an mhuinntir eile is amhlaidh atá síad-san aige
féuchain ort-sa.



O! is aoibhinn agus is milis Bráithre beannuighthe
teasghrádhach deigh-bhéasach riaghalta fheiceal!



Ach, air a' taobh eile, is searbh agus an-aoibhinn a
bheith aig amharc air a' mhuinntir a shiubhlas go
míriaghalta, agus nach gcóimhlíonann na neithe
chuige dár goireadh iad, nó do ghabh siad as láimh
do dhéanamh!



Och! is baoghlach díoghbhalach faillighe a dhéanamh fá
na neithibh atá 'na gcúram agus 'na n-ualach orainn,
agus ár gcéadfadha a chlaonadh chum na neitheann
nach bhfuil mar d'fiachaibh nó mar oibliogóid orainn.



6. Cuimhnigh air an móide do thug tú, agus, cuir
íomhaigh Chríosda do céasadh os do choinne.



Agus is furas duit náire do bheith ort aige
feuchain air bheathaidh Íosa, cionn nach ar thairg tú
go fóill aithris a dhéanamh air, ce gur fada ó ghabh
tú as láimh slighe Dé do ghabhail.



An duine riaghalta a chleachdas smaoiniughadh go
dicheallach caondúthrachdach air bheathaidh ró-naomhtha
agus air pháis an Tighearna, gheobhaidh sé annsin go


L. 65


líonmhar an uile ní atá tairbheach agus riachdnasach
aige; agus ní féidhm dó ní is féarr nó Íosa d'iarraidh.



Och! dá dtigeadh Íosa do céasadh asteach ann
ár gcroidhe, do bhéadh sinn fiosach, fír-eolach,
foghlumta go leor gan mhoill.



7. An duine riaghalta teasghrádhach iomchrann agus
glacann sé go maith an uile ní órduighthear dó.



Ach, an neoch a bhíos fallsa fionn-fhuar anns na
riaghalachaibh, thig buaidhreadh air muin buaidheartha
air, agus bíonn amhgar agus cruadail air an uile
thaobh le fulang aige; do bhrígh gur theasduigh an
comhshólas inmheadhonach uadha, agus nach dleachd dó
sólas saoghalta do'n taobh amuigh iarraidh.



An neoch nach mbíonn go riaghalta faoi smachd, is
fogas dó sgrios agus trom-leagadh.



An té iarras do bheith níos sgaoilte agus níos
mainneachdnaighe ann a bheathaidh, beidh sé choidhche
buaidheartha, óir béidh ní éigin a gcomhnuidhe, sud
nó so, searbh mío-thaitneamhach aige.



8. Cionnas do níd iliomad do dhaoine riaghalta
eile, a bhíos faoi smachd agus faoi riaghalachaibh garga
a mainistreachaibh druidte daingne?



Is annamh a théid siad as baile; is aonracánach
a mbeatha; is suarach a mbiadh; agus is garbh a
n-aibid; is mór a saothar; ní labhraid ach beagan;
bíonn siad a bhfad 'na ndúsgadh, agus go moch 'na
suidhe; a bhfad air urnuighe, go minic a' léightheoir-
eachd; agus coimheadann siad iad féin go riaghalta
san uile ní.



Feuch air ná Cártúisiánaidhe, air na Cistersian-
aidhe, agus air na h-óird eile manach agus mná-
riaghalta, cionnas mar éirighid gach én oidhche chum
cantaireachda psailm do'n Tighearna.


L. 66


Mar sin, is náireach dhuit-se do bheith trom
sbadanta san aimsir bheannuighthe sin, ann a
dtionnsgnaid an oiread sin do dhaoine riaghalta
Dia do mholadh go ró-luathghaireach.



9. O! dá mbéadh gan le déanamh againn, ach ár
dTighearna Dia do mholadh le ár mbéal, agus le ár
gcroidhe go h-iomlán!



O! dá mbéadh gan féidhm agad air bhiadh, nó air
dhigh, no air chodhladh go bráthach, ach do bheith aige moladh
Dé do ghnáth, agus gan aire do thabhairt ach do na
gnáth-neithibh sbioradálta amháin!



Dob ádhmhaire dhuit a bheith mar sin go mór, nó
mar atá tú anois, aige freastal agus aige
friotháileadh do riachdnasaibh na colna.



Dob fhéarr liom nach mbéadh riachdnas againn air
ní air bith, ach amháin air oileamhain sbioradálta an
anma, nach mblaismid, fáraor, ach go ró-annamh.



10. An tan a thig duine gan sólas nó sochar iarraidh
do féin ó chréaturaibh air bíth talmhaidhe, annsin,
tosuigheann sé air tús blas iomlán do bheith aige
air Dhia; agus annsin, mar an gceudna, béidh sé
deontach air gach én ní dá dteagmhann dó.



An uair sin cha bhíonn sé ró-luathghaireach fá mhóran,
nó ró-thuirseach fá bheagan do bheith aige. Ach,
cuireann sé a dhóchas go h-iomlán a nDia, agus gheibh
sé na h-uile ní uadha, dó nach dtéid ní air bith amugha
nó air neimhnidh, ach go mbíd na h-uile ní a mbeathaidh
mharthannaigh aige, agus aige déanamh fóghnaimh
agus seirbhise dó réir a thola gan mhoill, gan stad
nó sgith do dhéanamh.



11. Cuimhnigh go buan air do chrích, agus nach dtig
an aimsir a chuaidh thart agus amugha air a h-ais
arís.


L. 67


A bhféagmhais cúraim, saothair, agus díchill, ní
h-éidir leat na subhailcidhe do bheith agad go bráthach.



Má thosuigheann tú do bheith fionn-fhuar sbadanta
san chrábhadh, tosochaidh tú a bhéith buaidheartha,
neamh-shuaimhneach ionnad féin.



Ach, má thugann tú thú féin do theas-ghoil an
chrábhaidh, gheobhaidh tú síoth mhór agus socruidheachd,
agus mothochaidh tú, tré ghrásaibh Dé agus ghrádh na
subhailcidhe, do shaothar agus th'ualach níos éadtruime
agus níos soi-iomchair.



Bíonn an duine dícheallach ullamh do na h-uile ní.



Is mó an saothar na lochda agus na claonta
colnaidhe do chlaoi, nó do bheith aige cur alluis le
saothar agus oibreacha corpordha.



Ce bé nach seachnann na mion-chionnta, tuitfidh
sé, air bheagan agus air bheagan, anns na mór-
lochdaibh.



Ma chaitheann tú an lá go tairbheach beidh luathghaire
ort teachd an choinfheasgair.



Déana faire agus coimhead ort féin, músgail
agus gríosuigh thú féin, spreag agus comhairligh
thú féin, agus ce bé air bith éireochas do chách eile,
ná leig-se dearmad nó faillighe ionnad féin.



Óir ní bhfuil dá mhéid foirneart a dhéanas tú ort
féin, nach móide dod' luaigheachd agus dod' bhiseach
é. Amen.



Finid nó críoch an Chéad Leabhair.


L. 68


AN DARA LEABHAR.
An chéad chaibidil.
A thráchdas air an chomhradh agus air an choinbhersaid
sbioradálta.



1. "Atá ríoghachda Dé ionnaibh astigh," a deir
an Tighearna (Luc.c.17,21).



Fill, dá bhrígh sin, air Dhia le h-iomláine do chroidhe,
agus diúlt do'n t-saoghal ámhgarach-sa, agus
do gheobhaidh th'anam socruidheachd.



Foghluim na neithe saoghalta atá do'n taobh amuigh
dhíot do tharcuisniughadh, agus tabhair thú féin do
na neithibh inmheadhonacha do'n taobh astigh, agus chífidh
tú go dtiocaidh ríoghachda Dé ad' ionnsuidhe.



Óir is é ríoghachda Dé síothchainte agus iolgháirdeas
anns a' Spiorad Naomh, nach dtugthar do luchd na
mí-ghníomh.



Tiocaidh Críosda ad 'ionnsuidhe, agus bhéarfaidh
Sé comhshólas agus soillse chugad, má ullmhuigheann
tú áite ann th'anam 'na choinne.



Is do'n taobh astigh atá a ghlóir agus a sgéimh uile,
agus is ann atá a thoil agus a thaitneamh.



Is iomdha cuairt do bheir Sé air a' duine inmhea-
dhonach ionnraic; is caoin milis a chomhradh leis, is
taitneamhach an sólas, is mór an t-síothchainte, agus


L. 69


is ró-áidhbheil, ró-iongantach, ró-cháirdeamhail a
chumann leis.



2. O! anam dhílis! Glac uchdach, agus ullmhuigh
thú féin a n-aircis an Chéile-se; ionnas go mbéadh
fonn air a theachd ad' ionnsuidhe, agus fuireach
agad a gcomhnuidhe.



Óir, deir Se féin mar so: "Gibé neoch a
ghrádhuigheas Mise, coimheadfaidh sé mo bhriathar agus
grádhochaidh m'Athair é, agus tiocfamaoid dá ionns-
uidhe, agus dhéanfamuíd comhnuidhe aige." (Eoin.
c.14,23).



Mar sin, tabhair áit ann do chroidhe do Chríosda,
agus dún an doras air gach én ní eile.



Má bhíonn Críosda agad, is duine sona saibhir
thú, agus is leor duit É féin mar chuid ranna;
dhéanfaidh Sé lón agus solathar dhuit agus béidh Sé
'na fhéadhmanntach dhíleas san uile ní agad, air
mhodh nach riachdanas duit thú féin a thaobhadh nó
muinighin a dhéanamh as na daoine.



Óir atáid na daoine ró-chlaochlóideach, ró-
thuitmeach; ach maireann Críosda go síorraidhe,
agus seasmhann Sé linn go daingean díleas go
foircheann na beathadh.



3. Ní mór an mhuinighin is ionchurtha san duine
thuitmeach sho-bhásuighthe, gé go mbéadh sé tairbheach
dhuit, agus ró-ghrádh agad air; agus ní h-ionghabhtha
dhuit ró-thuirse, dá mbéadh sé air uairibh ad' aghaidh,
nó trasna contrárdha agad.



An mhuinntir atá leat indiu, dobh éidir a
bheith ad' aghaidh a mbárach; agus, air a' taobh eile,
áthruighid go minic, mar nidh an ghaoth.



Cuir do dhóchas uile a nDia, agus bíodh Sé 'na
eagla agus 'na ghrádh agad; freagrochaidh Sé air


L. 70


do shon, agus dhéanfaidh Sé gach ní is féarr agus is
tairbhighe dhuit.



Ní bhfuil baile comhnuidhthe annso agad; agus
cibé air bith áit a mbíonn tú, ní bhfuil tú ach 'do
dheoraidhe agus 'do dhíthreabhach ann; agus cha bhíonn
suaimhneas agad go bráthach nó go mbéidh tú go
h-inmheadhonach a bhfochair Chríosda.



4. Creud fáth a bhfuil tú fuireach annso 'do sheasamh
aig feuchain uaid, air nach bhfuil ionad comhnuidhthe
agad ann?



Is a bhflaitheas Dé atá th'ionad comhnuidhthe, agus
ní dleachd feuchain air na neithibh talmhaidhe ach amhail
mar dhuine a bhéadh a' gabhail an bhealaigh thart.



Théid gach uile ní thart, agus tú féin mar aon leo.



Tabhair aire gan ró-cheangal a dhéanamh leo, d'eagla
do ghabhail, do chreapall, nó thú féin do chailleadh leo.



Bíodh do smaointighthe air an Árd-Dia, agus
bíodh th'urnuighe go buan air na dhíriughadh d'ionnsuidhe
Chríosda.



Agus mur fiosach dhuit eolas agus sgáthánachd do
dhéanamh air neithibh árda neamhdha, déana comhnuidhe
agus staideir air pháis Chríosda, agus fan go
fonnmhar aige feuchain air a chneadhaibh agus air a
chréachdaibh naomhtha coisreactha.



Óir ma theitheann tú go tapaidh deagh-rúnach fá
choimirce chréachd agus chróna ró-uasal Íosa, is
ró-mhór an sólas a mhothochas tú a n-am do bhuaidh-
eartha agus do thriobloide; agus ní mór an
t-suim a bhéas agad air tharcuisne fhaghail ó dhaoinibh,
agus is furas leat droch-theangacha agus an-
chainnt fhulang go foighideach.



5. Fuair Críosda féin masla agus tarcuisne ó
dhaoinibh air a t-saoghal-sa; agus do thréigeadar


L. 71


a luchd eolais agus a cháirde É a n-aimsir a mhór-
chruadhóige agus a meadhon a mhasla agus easonóra.



d'fhulaing Críosda féin masla agus mí-mheas, agus
an leigfidh eagla dhuit-se a bheith 'gearán air én
neoch?



Bhí luchd tuaithlis agus námhaid aige Críosda,
agus nar mhian leat-sa an uile dhuine do bheith 'na
gcaraid agus 'na luchd sochair agad féin?



Cionnas mar gheobhas tú coróin na foighide,
muna dteagmhaidh cruadhóg air bith ort?



Muna bhfuilingid tú cruadail air bith air son
Chríosda, cionnas a bhéas tú 'do charaid aige Críosda?



Fulaing air son Chriosda, agus mar aon le
Críosda, ma's mian leat a bheith aige ann a ríoghachd.



6. Dá rachfá asteach a bhfochras Íosa aon uair
amháin, agus cuid do mhilseachd a theasghráidh do
fhromhadh, ó sin amach ní bhéadh ach beagan cúraim agad
fá do shochar nó fá do dhochar féin, ach ba mhó an
luathghaire do bhéadh ort air son masla agus mí-
mheas fhaghail; óir do bheir grádh Íosa air dhuine é
féin do tharcuisniughadh.



An neoch aige a bhfuil grádh air Íosa, agus air
an fhírinne, agus ann a dhuine ionnraic ann féin
astigh, agus saor ó chlaonta míriaghalta, is furas
leis filleadh go h-éasguidh air Dhia, agus é féin do
thógbháil suas os a chionn féin go sbioradálta, agus
socrughadh go suaimhneach a seilbh na glóire.



7. An té a mheasas na neithe agus do gheibh blas
orra réir mar atáid ionnta féin, agus ní réir
rádha nó breathnughadh daoine; atá an té sin
eagnaidhe go fírinneach, agus air n-a mhúineadh agus
air n-a theagasc níos mó ó Dhia nó ó dhaoinibh.


L. 72


An té darab eol siubhal go sbioradálta ann féin
astigh, agus beag-mheas do bheith aige air neithibh
saoghalta, ní bhíonn easbhaidh áite nó comhgair air
gníomhartha an chrabhaidh do chleachdadh.



Tiomsuigheann agus comh-chruinnigheann an duine
inmheadhonach é féin gan mhoill, do bhrigh nach leigeann
sé é féin amach air fad air neithibh talmhaidhe.



Ní chuireann gníomh, nó gnothaighe air bith saoghalta
nach maireann agus nach bhfoghnann ach seal gearr,
toirmeasg nó bacan air; ach réir mar theagmhas nó
mar thig neithe asteach, is amhlaidh a fhreagrann sé-
sean iad.



Ce bé atá ullamh agus órduighthe ann féin astigh
go maith, ní bhíonn buaidhreadh air fá dhroch-ghníomhartha
iongantacha na muinntire eile.



Ní bhfuil dá mhéad agus tharraingeas neoch gnothaighe
air féin nach móide dá bhuaidhreadh agus dá thriobloid
agus dá chúram é.



8. Dá mbéitheá mar is ceart, agus glan go maith
ionnad féin, do rachadh gach én ní air mhaith agus air
biseach dhuit.



Agus uime sin, is iomdha ní a mhío-thaitneas leat,
agus a bhuaidhreas thú, do bhrígh nach bhfuil tú go fóill
marbh go h-iomlán duit féin, nó sgartha leis na
neithibh talmhaidhe uile.



Ní bhfuil ní air bith is mó a thruailligheas agus a
chreapallas croidhe an duine, nó grádh neamh-ghlan
na gcréatúir talmhaidhe.



Ma dhiúltann tú do shólas a' t-saoghail, budh
h-éidir leat na neithe neamhdha do sgrúdughadh agus
fheiceál, agus do chroidhe ann do chliabh astigh a bheith
meadhrach iolgháirdeach go minic.


L. 73


An 2 caibidil.
A labhras air an umhlachd agus air an urraim.



1. Ná bíodh móran suim agad cia a bhíos leat
nó ad' aghaidh, ach tabhair aire, agus bíodh 'na lán-
chúram ort, Dia a bheith leat a n-gach uile ní dá
ndéana tú.



Bíodh deagh-choinsias agad agus cosnochaidh Dia
go leor-mhaith thú.



An neoch darab toil le Dia cuidiughadh leis, ní
h-éidir le daoine olc nó urchoid a dhéanamh dhó.



Ma's eol duit a bheith 'do thost agus fulang go
foighideach, gan chontabhairt do chífidh tú cuideamh
an Tighearna agad féin.



Óir is aithne dó féin an aimsir agus an modh tré
a saorfar thú, agus uime sin, is cóir duit thú féin
do thoirbhirt dó.



Is le Dia a bhaineas cuidiughadh linn, agus ár
saoradh o'n uile imdheargadh agus náire.



Is ró-thairbheach go minic chum na h-úirísleachda
do chongbháil, go mbéadh fios ár lochda aige daoine
eile, agus go mbéaradaois achmhusán agus sbreagadh
dúinn air a son.



2. An tan úirísligheas neoch é féin air son a lochda,
annsin is furas cách do cheannsughadh agus do
shocrughadh, agus sásuighthear go réidh an mhuinntir a
bhíos i n-imreasan, a gcorruighe, agus a bhfeirg leis.



Cosnann agus saorann Dia an t-úiríseal, agus
do bheir grádh agus sólas dó; thig Sé dá ionnsuidhe,


L. 74


agus tugann lán-ghrása áidhbheil dó, agus a ndiaidh
na h-úirísleachda sin, tógann Sé suas chum glóire
agus onóra é.



Nochdann Dia a rún do'n úiríseal, agus tarrain-
geann chuige féin go sámh-chaoin é, agus fearas
fáilte roimhe.



Bíonn an duine umhal lán síothchana agus socrui-
dheachda an tan a gheibh sé masla agus easonóir,
cionn gur a nDia agus nach anns a' t-saoghal a
chuireas a mhuinighin.



Ná meas go ndearna tú tairbhe nó éadail air
bith, muna saoilidh tú thú féin a bheith níos táire agus
níos measa nó aon neoch eile.



An 3 caibidil.
A labhras air an duine mhaith, shíothchainteamhail,
cheannsa, shocair.



1. Congbhuigh an t-síothchainte agad féin air tús,
agus annsin, is éidir leat cách do shíothughadh agus do
shocrughadh.



Is mó an maith do nídh fear na síothchána, nó fear
na foghluma agus na h-árd-léighinn.



An duine feargach taodach do nídh sé olc do'n
mhaith, agus is furas leis an t-olc do chreidmeál
air dhuine eile.



Ach, an duine suaimhneach socair, tionntuigheann
sé an uile nídh chum maithis.



Agus an té atá a ndeigh-shíothchainte ní bhíonn amhras
nó droch-bharamhail aige air dhuine air bith; ach an


L. 75


té atá mío-shásta buaidheartha ann féin, bíonn sé gá
strócadh agus gá stialladh le droch-bharamhlachaibh
agus le h-amhrasaibh eugsamhla, ní shocruigheann sé é
féin, agus ní leigeann sé do'n mhuinntir eile
socrughadh.



Deir sé go minic an ní nach ar chóir dó a rádha,
agus leigeann sé thart an ní ba tairbhighe agus dob
fhéarr dó a dhéanamh.



Tugann sé fá ndear an ní is cóir do'n mhuinntir
eile do dhéanamh, agus leigeann faillighe san ní atá
d'fhiachaibh air féin.



Mar sin bíodh ró-chúram agad ionnad féin air tús,
agus annsin, is éidir leat ó cheart cúram a dhéanamh
fá leas agus fá mhaith do chomharsan.



2. Is maith is eol duit leith-sgeul agus dath maith
a chur air do ghnothaighe féin, ach ní h-áil leat leith-
sgeul do ghabhail do'n mhuinntir eile.



Dob fhéarr agus ba chóra dhuit gearan do dhéanamh
ort féin, agus do bheith air leith-sgeul do dhear-
bhrathar agus do chomharsan.



Má's mian leat cách thusa iomchar agus fhulang,
iomchair thusa agus fulaing dóibh-sean.



Feuch, chomh fada atá tú go fóill ó'n charthannachd
agus ó'n umhlachd cheart, dóibh nach eol corruighe nó
fearg a dhéanamh le h-én neoch ach leo féin.



Ní mór an éachd cáidreamh nó comhluadar do
dhéanamh le daoine ciúine, ceannsa, maithe, óir
taitneann so go nádurtha le an uile dhuine.



Agus is ró-fhonnmhar le gach én nduine an
t-síothchainte do bheith aige féin; agus is ró-ionmhain
leis an mhuinntir a bhíos air aon chéill agus air aon
intinn leis féin.


L. 76


Ach, is mór na grása, agus is cródha fearamhail
so-mholta an gníomh síothchainte agus cáidreimhe do
chongbháil le daoine dorrdha, duadhamhla, do-
mhúinte, agus leis an mhuinntir a bhíos trasna,
crosda, contrardha dhúinn.



3. Atáid daoine ann a chongbhuigheas an t-síoth-
chainte aca féin, agus aig an mhuinntir eile.



Agus atáid daoine eile nach leigeann síoth nó
socruidheachd aca féin, nó aige cách eile, ach a bíos
buaidheartha triobloideach aige cách, agus níos
buaidheartha do ghnáth aca féin.



Agus daoine ann a chongbhuigheas iad féin a
síothchainte, agus a ghabhas saothar síoth agus réidhteach
do dhéanamh idir an mhuinntir eile.



Ach, san mbeathaidh amhgaraigh an t-saoghail-se, is
mó is ionchurtha dhúinn ár síothchain uile a bfhulang
fhoighideach úiríseal, nó ann a bheith saor ó amhgar
agus ó bhuaidhreadh do mhothughadh.



An té is féarr darab eol fulang go foighideach,
is aige is mó a bhéas an t-síothchainte.



Claoidheann an té sin é féin, atá sé 'na mhaighistir
air a' t-saoghal, 'na charaid aige Chríosda, agus 'na
oighre air fhlaitheamhnas Dé.



An 4 caibidil.
A thráchdas air ghlaine na meanmna, agus air
shimplídheachd na h-intinne.



1. Is le dhá sgiathan a thógthar suas an duine os
cionn na neitheann talmhaidhe, agus is iad sin an
t-simplídheachd agus an fhíor-ghlaine.


L. 77


Is ceart do'n t-simplídheachd a bheith san intinn
agus anns a' deagh-rún, agus do'n ghlaine anns a'
chroidhe, agus anns a' toil.



Tugann an t-simplídheachd aghaidh agus iarraidh
air Dhia; do bheir an fhíor-ghlaine greim air, agus
fromhuigheann a bhlas agus a mhilseachd.



Cha bhíonn deigh-ghníomh air bith doi-dhéanta agad,
má bhíonn tú saor ó chlaontaibh míriaghalta ann do
chroidhe.



Muna smaoineochair agus muna n-iarrfaidh tú
ach toil Dé agus leas agus tairbhe do chomharsan,
béidh saoirse inmheadhónach agad.



Dá mbéadh do chroidhe díreach, do bhéadh an uile
chréatúir 'na sgathan beathadh, agus 'na leabhar naomh-
theagaisg agad.



Óir ní bhfuil créatuir dá laighead nó dá olcas
nach dtaisbeanann maitheas agus mór-chumhachda
Dé.



2. Dá mbéitheá lán-mhaith agus fíor-ghlan do'n
taobh astigh, annsin dob éidir leat an uile ní
fheiceál agus a thuigbheal gan toirmeasg.



Tréaghdann an croidhe glan neamh agus ifreann.



Réir mar bhíos gach én neoch do'n taobh asstigh, is
amhlaidh a bhreathnuigheas sé do'n taobh amuigh.



Má tá sólas nó aoibhneas saoghalta ann, is aige
fear an chroidhe ghlain atá sé.



Agus má tá amhgar nó triobloid a n-áit air
bith, 'sé an droch-choinsias is mó a mhothuigheas é.



Amhail mar chailleas an t-iarann dearg san
teinidh an mheirg, is amhlaidh do'n té a fhilleas air
Dhia go h-iomlán, cailleann sé an leisge agus an
liúdaidheachd, agus claochlóchthar 'na dhuine úr
nuadh é.


L. 78


3. An tan a thosuigheas duine a dhul a bhfuaire
agus a bhfaillighe gabhann sé eagal roimhe le dochar
nó le saothar dá laighead, agus gabhann sé an sólas
saoghalta go ró-fhonnmhar chuige.



Ach, an tráth a thosuigheas é féin do claoi go
h-iomlán, agus a dhul air aghaidh go cródha fearamhail
air shlíghe agus air bhealach Dé, annsin, measann sé
na neithe éadtrom soi-iomchair, noch do mhothuigh sé
trom doi-iomchair a roimhe.



An 5 caibidil.
Do'n mheas agus do'n bhreathnughadh a dhlíghthear do
neoch a bheith aige air féin.



1. Cha dtig linn ró-mhuinighin a dhéanamh asainn
féin, óir is minic a bhíos na grása agus an tuigse
d'easbhaidh orainn.



Is beag agus is gann an t-soillse agus an
t-eolas atá againn, agus caillmíd go prab an
beagan sin féin tré ár neamh-shuim agus ár main-
neachdna.



Is minic fós nach dtugmuid fá ndear go bhfuilmid
ró-dhall ionnainn féin astigh.



Is minic do nídhmid an t-olc, agus is measa nó
sin, a bheith aig gabhail leith-sgeil dó.



Gluaistear inn air uairibh chum feirge, agus
saoilmid gurab é teasghrádh agus fonn na córacha a
bhíos againn.


L. 79


Sbreagmuid mion-lochda na muinntire eile, agus
leigmid ár mór-lochda féin tharainn.



Is gasta go leor a mhothuighmid agus a thugmuid
fá ndear gach olc fhulaingmid ó chách, ach cha dtugmuid
fá ndear an méid fhulaingeas cách uainn féin.



Ce bé a chuirfeadh a ghnothaighe féin go maith agus
go ceart a meadarachd agus a gcomhthrom, ní bhéadh
ádhbhar aige breitheamhnas cruaidh a thabhairt air chách.



2. Cuireann an duine sbioradálta a chúram féin
air béalaibh an uile chúram eile; agus an té a thugas
aire go dicheallach do féin, is furas leis gan labhairt
air an mhuinntir eile.



Cha bhíonn tú cráibhtheach ionnad féin astigh go
bráthach, muna mbéidh tú 'do thost air ghnothaighe na
muinntire eile, agus amharc go geur agus go
sbeisialta ort féin.



Ma's ort féin agus air Dhia, a bhíos aire agad
go h-iomlán is beag a chuireas ort na neithe a
mhothuigheas tú do'n taobh amuigh dhíot.



Cá bhfuil tú an tan nach bhfuil tú a láthair agad
féin?



Agus cé gur rith tú thairis na h-uile ní, creud
an éadail atá agad, má leig tú thú féin air dearmad?



Ma's maith leat síoth agus uim-cheangal fíre
d'faghail, is éigin duit an uile ní do thréigbheal,
agus gan a bheith os comhair do shúl ach thú féin amháin.



3. Is mór an éadail dhuit thú féin do chongbháil
saor o'n uile bhuaidhreadh saoghalta.



Ach, is mór an díoghbháil duit ró-mheas do bheith
agad air ní air bith aimseardha.



Ná bíodh ní air bith mór, árd, taitneamhach, nó
móir-mheasamhail agad ach Dia, nó na neithe a bhaineas
le Dia go fíor-ghlan.


L. 80


Meas gur ró-dhíomhaoin an uile shásadh nó shólas
a theagmhas, nó a thig ó chréatuir air bith.



An t-anam aige a bhfuil grádh air Dhia, tarcuisnigh-
eann na h-uile ní ach Dia amháin.



'Sé an t-aon nDia, síorraidhe gan chuimse, a
líonas na h-uile ní, is sólas do'n anam agus is
iolgháirdeas fíre do'n chroidhe.



An 6 caibidil.
A labhras air luathghaire agus air shuilbhireachd an
deagh-choinsis.



1. 'Sé glóir an deagh-dhuine teisteas agus
fiadhnaise an deagh-choinsis.



Bíodh coinsias maith agad, agus béidh sólas agus
sásadh cinnte agad.



Is ró-iomdha na neithe a thig leis an choinsias mhaith
iomchar, agus is loinneach, suilbhir, súgach a bhíonn
sé a n-aimsir cruadala agus amhgair.



Bíonn an droch-choinsias crith-eaglach buaidheartha
a gcomhnuidhe.



Is ba suaimhneach sámhchaoin do shocruidheachd an
tan nach sbreagann do chroidhe féin thú.



Ná bí súgach, ach an uair a dhéanas tú maith.



Ní bhíonn luathghair fhírinneach aig na droch-dhaoine
go bráthach, agus ní mhothuigheann siad síothchainte
astigh ionnta féin, "óir ní bhíonn síoth nó socruidheachd
aig na h-andaoine," deir an Tighearna, (Isaia,
c.48).


L. 81


Agus dá n-abradaois: "Atá síoth agus suaimhneas
againn; ní baoghal dúinn olc a theachd orainn; agus
cia do leigfeadh eagal dó ár ngortughadh?" ná
creid iad, óir éireochaidh fearg Dé go tobann,
agus rachaidh a n-oibreacha agus a smaointighthe
uile air neimhnidh agus amugha.



2. An té aige a bhfuil grádh air Dhia, ní deacair
leis a bheith subhailceach súgach a n-aimsir triobloide;
óir is ionann iolgháirdeas mar sin agus glóir a
dhéanamh as chroich chéasda an Tighearna.



Is gearr agus is díombuan an ghlóir agus an
onóir a gheibhthear agus a ghlacthar ó dhaoinibh.



Bíonn dólas agus tuirse a gcomhnuidhe a
gcuideachta glóire an t-saoghail.



Is ann a gcoinsias, agus ní a mbeul daoine a
bhíos glóir na bhfíreun.



Is ó Dhia, agus a nDia, a bhíos iolgháirdeas na
neimh-chionntach; agus bíonn luathghair orra air
son na fírinne.



An té shanntuigheas an ghlóir shíorraidhe
dá ríribh, ní bhíonn ceisd nó cúram aige fá'n ghlóir
shaoghalta.



Agus an té iarras an ghlóir shaoghalta, nó nach
dí-mheasann í ó n-a chroidhe, is comhartha sin, nach
mór a ghrádhuigheann sé an ghlóir neamhdha.



Is mór an suaimhneas croidhe a bhíos aig an té air
nach gcuireann moladh nó dío-mholadh daoine.



3. Is furas an duine a shásughadh agus a shocrughadh
aige a bhfuil sgéimh agus glaine an choinsis.



Ní bhíonn tú níos naomhtha le do mholadh, nó níos
measa le do dhío-mholadh.



Atá tú mar tá tú; agus ní h-éidir níos mó a
rádha leat nó mar is fios do Dhia thú do bheith.


L. 82


Da bhfeictheá thú féin do'n taobh astigh, ní bhéadh
beinn nó ceisd agad creud a déaradaois daoine
leat a dtaobh amuigh.



Do chí an duine an ghnúis nó an aghaidh; ach do chí
Dia an croidhe.



Dearcann an duine air na gníomhartha, ach comh-
thromuigheann Dia rún na h-intinne.



Maith do dhéanamh do ghnáth, agus beag-mheas do
bheith aige neoch air féin, is comhartha umhlachda
anma é.



Is mór an comhartha glaine agus dóchais croidhe
do dhuine, gan sólas a ghlacadh ó chréatuir air bith
talmhaidhe.



4. An té nach iarrann fiadhnaise nó teiste daoine
air a shon féin, atá sé soilleir go dtugann sé é
féin go h-iomlán do Dhia.



Óir adeir Pól Easbal: "Ní h-é an té a mholas é
féin atá air na dhearbhughadh nó ionmholta, ach an té
moltar le Dia." (2 Cor.c.10,18).



'Sé stáid an duine sbioradálta siubhal ann a
chroidhe le Dia, agus gan a bheith ceangailte do thoil
air bith shaoghalta.



An 7 caibidil.
A thráchdas air ghrádh Íosa os cionn na h-uile ní.



1. Is beannuighthe an té a thuigeas creud é an ní
Íosa do ghrádhughadh, agus é féin do tharcuisniughadh
mar gheall air Íosa.


L. 83


Is éigin grádh na neitheann saoghalta do thréigbheal
mar gheall air Íosa, óir is áil leis grádh do bheith
air féin amháin os cionn an uile ní.



Atá grádh na gcréatuir mealltach, cealgach,
claochlóideach; atá grádh Íosa ionnraic, dileas,
marthannach.



Ce bé cheanglas do'n chréatuir, agus do nídh
muinighin as, tuitfidh sé síos mar aon leis.



Ach, ce bé ghreamuigheas do Íosa, is ba daingean
dó go bráthach.



Grádhuigh an Té úd, agus bíodh 'na charaid agad,
nach dtréigeann thú an tan a thréigfeas an uile ní
thú, agus nach leigeann amugha thú fá dheoidh.



Óir is éigin duit dealughadh le n-a h-uile ní fá
dheireadh, ma's olc maith leat é.



2. Fan a n-aice agus a bhfochair Íosa ann do
bheathaidh, agus aig do bhás, agus taobh thú féin le n-a
dhísleachd agus le n-a choingheall, óir is É féin
amháin a thig cuidiughadh leat, an tan a thréigfidh gach
ní eile thú, agus a theastóchas gach ní eile uaidh.



'Sé is náduir do do Ghrádh nach áil leis leannán
coimhidheach béalog a chur air; ach 'sé is áil leis,
do chroidhe do bheith go h-iomlán aige féin amháin,
agus suidhe síos mar rígh ann a chathaoir-ríoghdha féin.



Dá mbadh eol duit-se dealughadh go maith ó'n uile
chréatuir, do dhéanfadh Íosa go fonnmhar comhnuidhe
agad.



Is beag nach bhfuighidh tú caillte uile gach muinighin
a chuireas tú anns na daoine, amach ó Íosa.



Ná taobh thú féin leis a' ghiolcach a chlaonas leis a
ghaoith, "óir ní bhfuil ach luibhreadh agus féar
anns an uile fheoil, agus tuitfidh a glóir uile mar
thuiteas bláth an fheoir." (Isa.c.40,6).


L. 84


3. Meallfar thú gan mhoill, ma dhearcann tú air
dhaoinibh réir a gcosamhlachd amháin do'n taobh amuigh.



Óir ma iarrann tú do shochar agus do shólas ó
dhaoinibh eile is ró-mhinic gur díoghbháil agus dólas
do mhothochas tú.



Gidheadh, ma iarrann tú Íosa ann gach én ní,
do gheobhair É gan amhras.



Ach, ma iarrann tú thú féin, do gheobhaidh tú thú
féin mar an gceudna, ach is é sin do sgrios féin
agus do mhilleadh.



Óir is mó an t-olc do nídh duine dó féin muna
n-iarrfaidh sé Íosa, nó do thig leis a' t-saoghal agus
le n-a náimhde uile do dhéanamh air.



An 8 caibidil.
A labhras air Mhuinntearas Cháirdeamhail Íosa.



1. An tan a bhíos Íosa a láthair againn, bíonn gach
én ní go maith, agus ní bhíonn ní air bith dochrach
nó doi-dhéanta; ach an uair a dhealuigheas Íosa linn
bíonn gach uile ní cruadalach cruaidh againn.



An tan nach labhrann Íosa do'n taobh astigh ionn-
ainn, is beag is fiú ár sólas; ach ma labhrann Íosa
én fhocal amháin, is mór an comhshólas do mhothuighmid.



Nach ar éirigh Máire Mhagdailen air ball as an áit
ann a raibh sí a' gul agus a' caoi, chomh luath agus
a dubhairt Marta ria: "Atá an Maighistir annso
agus a' gairm ort-sa?" (Eoin c.11).


L. 85


Is beannuighthe agus is ádhmhar an uair, ann a
ngoireann Íosa air neoch ó thuirse na ndeor go
h-iolgháirdeas na sbioraide!



Feuch, cá críon agus cá cruaidh atá tú d'easbhaidh
Íosa! Nach díchéillidh díomhaoin duit ní air bith
iarraidh amach ó Íosa!



Nach mó an chaill agus an díoghbháil so, nó dá
gcaillfeá an saoghal uile?



2. Gad é a thig leis a' t-saoghal a thabhairt dhuit
d'easbhaidh Íosa?



Is searbh agus is cruaidh an t-ifreann do bheith
a bhféagmhais Íosa; agus is aoibhinn milis an flaitheas
nó an párrthas do bheith mar aon le h-Íosa.



Má bhíonn Íosa agad ní h-éidir le námhaid air
bith díoghbháil nó dolaidh a dhéanamh dhuit.



Ce bé gheibh Íosa gheibh sé óirchisde maith, do bheir
bárr agus buaidh air an uile mhaith.



Agus ce bé chailleas Íosa is mó an chaill é nó
caill an domhain uile.



Is ró-bhochd an té atá ann a bheathaidh gan Íosa;
agus is ró-shaidhbhir an té atá go maith a bhfochair
Íosa.



3. Is mór an gliocas do bheith eolach air chomhradh
do dhéanamh le h-Íosa; agus is mór an eagna fios
do bheith aige neoch Íosa do chongbháil aige.



Bí umhal, ceannsa, síothach, agus béidh Íosa air
a'n iúl leat.



Bí cráibhtheach, suaimhneach, socair, agus fuireochaidh
Íosa ad' aice.



Má chlaonann tú chum na neithe foir-imeallach
saoghalta, is gasta prab is éidir leat Íosa do chur
air shiubhal uaid, agus a ghrása do chailleadh.


L. 86


Agus ma dhíbreann tú, nó ma chailleann tú É,
cia chuige a rachaidh tú, nó cia an charaid iarras tú
dhuit féin an uair sin?



Ní h-éidir leat a bheith go maith ann do bheathaidh
gan charaid; agus muna mbéidh Íosa os cionn an
uile 'na charaid agad, béidh tú lán do thuirse agus
do dhólas.



Mar sin, is leamh dhuit muinighin a dhéanamh as neoch
air bith eile; nó ró-thaitneamh do chur ann.



Is lugha an díoghbháil an saoghal uile a bheith ad'
aghaidh, nó fearg a chur air Íosa.



Air an ádhbhar sin grádhuigh Íosa go sbeisialta os
cionn an uile charaid.



4. Grádhuigh gach én neoch air son Íosa, agus Íosa
air a shon féin.



'Sé Íosa Críosda amhain is dleachd do ghrádhughadh
go sonnradhach, óir ní bhfuil caraid air bith le faghail
chomh maith, chomh díleas, agus ionnraic leis féin.



Is air son Íosa, agus a n-Íosa is dleachd duit
grádh do bheith agad air do charaid agus air th'eas-
charaid; agus guidhe do dhéanamh air a son uile,
ionnas go n-aithneochadaois agus go ngrádhochadaois
É uile.



Ná sanntuigh go bráthach moladh nó grádh sonnradhach
dhuit féin; óir is le Dia 'n-a aonar is ceart so,
do bhrígh nach bhfuil én neoch cosamhail leis.



Agus ná h-iarr grádh do bheith aig én nduine ann
a chroidhe ort, nó ró-ghrádh do bheith agad féin air én
neoch; ach bíodh Íosa agad, agus aige gach uile
dheagh-dhuine.



5. Bí glan agus saor do'n taobh astigh, gan bhacan
gan toirmeasg ó chréatuir air bith.



Is dleachd duit a bheith nochduighthe, agus do chroidhe


L. 87


a chongbháil glan a n-aircis Dé, má's mian
leat socruidheachd fhaghail, agus sáimh-mhilseachd an
Tighearna fheiceal.



Agus go fírinneach, ní féidir leat a theachd chuige
so, muna mbéidh tú air do réamh-ullmhughadh, agus
air do tharraing le n-a ghrásaibh féin; ionnas go
mbéitheá aige féin ad' aonar, tar éis sgarmhain
agus dealughadh le n-a h-uile ní eile.



Óir an tan a thig grása Dé gus an duine,
do nídhthear cumasach cumhachdach an uair sin air gach
én ní é; agus an tráth imthigheas na grása uadha,
annsin, béidh sé 'na bhochdan anbhfann easlán, amhail
agus mar bhéadh sé amháin air na fhágbhail aige
sgiúrsaibh garga gá mhúnadh.



Gidheadh, anns na neithibh-se ní cóir dó droich-
mheisneach do ghabhail, nó a dhul a n-éudóchas, ach a
bheith seasmhach toilteanach air thoil Dé, agus an uile
ní do theagmhas dó fhulang le h-intinn shuaimhnigh
chum Íosa Críosda do mholadh; óir, déis an gheimhridh
thig an samhradh; agus an lá a ndéis na h-oidhche;
agus thig soineann agus socruidheachd mhór a ndiaidh
na doininne agus na stoirme.



An 9 caibidil.
A labhras air easbhaidh an uile shólas saoghalta.



1. Is furas diúltadh do'n t-sólas dhaonna, an
tan a bhíos an sólas neamhdha a láthair againn.



Ach, is mór agus is ró-áidhbheil a bheith a n-úir-
easbhaidh an t-sólais dhiadha agus dhaonna; agus a bheith


L. 88


toilteanach an easbhaidh agus an díbirt-se fhulang
ann a chroidhe go fonnmhar a n-onórachas Dé, agus
gan a thoil féin iarraidh ann én ní, nó feuchain le
meas air a thuillmhe, nó air a luaigheachd féin.



Creud an t-iongantas thú do bheith luathghaireach
diadha deagh-rúnach le linn na ngrása do theachd
chugad? Is taitneamhach uair na ngrás aige an uile
dhuine.



Is sámh, socair a mharcuigheas an té atá air n-a
iomchar le grásaibh Dé.



Agus creud an t-iongantas nach mothuigheann sé
ualach nó leathtrom an té atá air n-a iomchar agus
air n-a threorughadh le Dia uile-chumhachdach?



2. Is ró-thoilteanach a ghabhmuid caitheamh aimsire
éigin d'ár n-ionnsuidhe, agus is deacair a sgarthar
neoch ó n-a thoil féin.



Thug Lábhras, an mairtir naomhtha, buaidh air a'
t-saoghal, mar aon le n-a shagart; óir do tharcuis-
nigh sé an uile ní do bhí taitneamhach air a' t-saoghal;
agus cé gur mór an grádh do bhí aige air árd-
shagart Dé, eadhon Sixtus an papa, d'fhulaing sé
go foighideach é do bhreith uadha mar gheall agus mar
ghrádh air Chríosda.



Mar sin, thug sé buaidh air an ghrádh dhaonna, tré
grádh an Chruthuightheóra; agus do ghabh sé toil Dé
mar roghain agus mar mhalairt air shólas dhaonna.



Thusa, a dhuine, foghluim, mar an gceudna,
dealughadh le do dhearbh-charaid dhíleas mar gheall
agus mar ghrádh air Dhia.



Agus ná gabh ró-thuirse ma thréigeann do charaid
thú; agus gur fios duit gurab éigin dúinn uile
dealughadh le n-a chéile fá dheireadh.


L. 89


3. Is mór agus is fada an spáirn is éigin do
dhuine a dhéanamh leis féin, sul darab eol dó é féin
do chlaoi go h-iomlán, agus a ghrá uile a thabhairt
do Dhia.



An tan fhágthar duine 'na mhuinighin féin, is furas
leis claonadh chum na sólasaibh daonna.



Ach, an té aige a bhfuil fíor-ghrádh air Chríosda,
agus atá 'na lorgaire dhícheallach air na subhailcibh,
ní air shólasaibh nó air aoibhneasaibh milse na gcéadfa
a bhíonn sé seilg nó tóraidheachd; ach, is féarr leis
oibreacha doi-dhéanta, agus cruadh shaothar fhulang
ar son Chríosda.



4. Mar sin, an tan do bheir Dia an sólas sbior-
adálta dhuit, gabh chugad é le gníomh-buidheachais;
agus tuig gurab é sin tiodlacadh Dé dhuit, gan
tuillmhe air bith dod' thaobh féin.



Ná bí árdanach, ró-shúgach, nó andóchasach gan
chéill; ach, gur mó a bhíos tú úiríseal air son an
tiodlaicthe a fuair tú agus níos coimheadaighe, agus
níos crith-eaglaighe, ann do ghníomaraibh uile; óir
imtheochaidh an uair sin thart, agus tiocfaidh na
cathuighthe arís.



An tan a bhainfear sólas dhíot, ná tuit a n-eudóchas
gan mhoill air a shon sin; ach bí aige feitheamh agus
aige fuireachas go h-umhal foighideach le cuairt
neamhdha chugad; óir atá Dia cumhachdach sólas agus
grása níos mó a thabhairt dhuit arís.



Ní rud nuadh nó annamh so aig an drong a chleachdas
eolas a chur air slighthe Dé; óir is minic do thárla
a léitheid so do chlaochlódh do na h-árd-naoimh, agus
do na fáidhibh foirbhthe fíreunta.



5. Uime sin a dubhairt neoch áirighthe, an tan do bhí
na grása a láthair: "A dubhairt mé ann mo shonas,


L. 90


agus ann mo líonmhaireachd, chan áthruighthear agus ní
chorrochar mé go bráthach." (Pslm.29).



Ach, air n-imtheachd do na grása uadha, do dhear-
bhuigh sé creud a mhothuigh sé ann féin, aige rádh
"Do thiompuigh Tú do ghnúis uaim, agus do rinneadh
buaidheartha mé."



Gidheadh, níor thuit sé air én chor a n-eudóchas uime
sin, ach ghuidh sé Dia níos dúthrachdaighe, agus níos
dicheallaighe, agus adubhairt "Goirfidh mé ort-sa,
a Thighearna, agus guidhfidh mé mo Dhia féin."



Agus fá dheireadh dearbhann sé gur éist Dia le
n-a urnuighe, agus go bhfuair sé toradh a ghuidhe,
aige rádh "d'éist an Tighearna Liom, agus
do rinne trócaire orm; do rinneadh an Tighearna 'n a
fhear cuidigh dhamh."



Ach, cá ann? Atá, "Do thionntuigh Tú," a deir
sé, "mo dhólas ann a shólas, agus do chuir Tú
luathghair agus iolgháirdeas 'mo thimcheall."



Agus ma's mar sin do rinneadh leis na h-árd-
naomh mhóra, ní cóir dúinne, na bochdain easlana,
a' dhul a n-eudóchas air son a bheith air uairibh a
dteasghoil gráidh, agus air uairibh eile a bhfionn-
fhuachd sbadanta; do bhrígh go dtig agus go
n-imthigheann an Spiorad na ngrás mar is deagh-
thoil leis féin.



Uime sin, a deir Iób naomhtha: "Do nídh Tú
cuairt go moch air maidin aige, agus do nídh Tú a
dhearbhadh go tobann." (Ióbh.c.7,18).



6. Mar sin, cá ann air féidir liom mo dhóchas a
chur, nó cia as a ndéanainn muinighin, ach as mhór-
thrócaire Dé amháin, agus as dhúil agus as fheitheamh
na ngrás neamhdha?


L. 91


Óir ce bé h-aca a bhíos a láthair agam daoine maithe
diadha, nó bráithre riaghalta caondúthrachdacha,
nó cáirde dílse, nó leabhair bheannuighthe, nó
tráchdas aoibhinn diadhachda, nó cainticidhe, agus
niomnaidh ceolmhara binn-ghothacha; is beag a
dtairbhe uile dhamh, agus is beag mo bhlas orra, air
n-imtheachd na ngrás uaim, agus air m'fhágbhail ann
mo luige, agus mo bhochdaine anbhfainn féin.



An uair sin ní bhfuil léigheas is féarr nó foighide,
agus diúltughadh dhamh féin mar is toil le Dia.



7. Ní bhfuair me ariamh én neoch chomh riaghalta
caondúthrachdach nach mbéadh easbhaidh grás air
uairibh air, nó nach mothochadh teas-ghrádh an chrábhaidh
níos lugha air uairibh ann féin.



Ní raibh aon naomh ariamh air n-a árdúghadh nó
air n-a shoillsiughadh chomh mór agus sin, nach raibh
cathuighthe air a dtús nó a ndeireadh a bheathadh.



Óir ní h-airidhe air rinnfheitheamh Árd-Dé, an té
nach bhfuil air n-a chleachdadh le buaidhreadh nó
triobloid air son Dé.



Óir is gnáth leis na cathuighthe a thig air tús a
bheith 'na réamh-chomhartha air theachd na sólas neamhdha
'na ndiaidh.



Óir is do na drongaibh a dhearbhthar agus a
chruthuighthear le na cathuighthe a ghealltar an comh-
shólas neamhdha.



Óir, deir an Tighearna: "Do bhéarfaidh Mé
crann na beathaidh le h-ithe mar oileamhain do'n té
a bhéarfas buaidh air na cathuighthe." (Apoc.c.2).



8. Ach, is uime do bheirthear an comhshólas diadha
do'n duine, ionnas go mbéadh sé níos neartmhaire
an buaidhreadh agus na cathuighthe fhulang agus
iomchar.


L. 92


Agus leanaid na cathuighthe arís é, ionnas nach rachadh
sé a n-uabhar fá n-a mhaitheas féin.



Ní bhfuil an t-aidhbhirseoir i n-a chodhladh, agus ní
bhfuil an cholann marbh go fóill; mar sin, ná déana
faillighe nó amail thú féin ullmhughadh a n-aircis an
chatha agus na troda, óir atáid air do dheis agus air
do chlí na náimhde nach socruigheann agus nach
bhfanann 'na gcomhnuidhe a choidhche.



An 10 caibidil.
A labhras air an bhuidheachas a dhlighthear do
thabhairt air son grása Dé.



1. Creud fáth an iarrann tú suaimhneas nó
socruigheachd, ó's do chum saothair agus dochair a
rugadh thú?



Tabhair thú féin do shubhailce na foighide, níos mó
nó do shólasaibh; agus níos mó do iomchar na croise
nó do luathghaire agus do aigneadh dhíomhaoin.



Óir cé an duine air an domhan nach ngeobhadh sólas
agus iolgháirdeas sbioradálta go fonnmhar, dá
mbadh éidir leis fhaghail, agus a chongbháil aige féin
a gcomhnuidhe?



Óir sáruighid na sólais sbioradálta aoibhneasaibh
an domhain uile, agus sólais thaitneamhacha na colna.



Óir atáid na sólais shaoghalta díomhaoin, glonnmhar
salach; ach, atáid na sólais sbioradálta amháin
taitneamhach, ionnraic, cneasta, agus air na
ngineamhain as na subhailcibh, agus air n-a ndortadh
ó Dhia anns na croidhthibh fíor-ghlana gan truailleadh.


L. 93


Ach, ní h-éidir le h-én neoch na sólais dhiadha-sa
do shealbhughadh réir a thola féin; óir ní stadann
agus ní fhanann am nó aimsir na gcathuighean agus
an bhuaidheartha a bhfad 'na chomhnuidhe uainn.



2. Ach, is mór an toirmeasg agus an bacan air
an chuairt neamhdha-sa réim sgaoilteach bhréige na
meanmna, agus mór-dhóchas agus mór-mhuinighin
dhuine as féin.



Do nídh Dia go maith aige tabhairt grás an t-sólais
uadha; ach is olc do nídh an duine gan a' t-iomlán
a thoirbhirt do Dhia arís maille re móran buidheachais.



Agus is uime sin nach dtig tuile na ngrás go
líonmhar chugainn, cionn go bhfuilmid gan séanadh
gan bhuidheachas do Úghdar na ngrás, agus nach
dtoirbhirmid an t-iomlán do'n fhíor-thobar as a
bhfréamhaid, agus a bhfásaid.



Óir dlighthear grása do ghnáth do'n neoch a bhíos
buidheach; agus baintear ó'n duine uaibhreach
árdanach an ní is gnáth do thabhairt do'n té a bhíos
úiríseal.



3. Ní h-áil liom an sólas do bhainfeadh comh-
bhrúghadh an chroidhe uaim; agus ní h-ionmhain liom
na h-árd-smaointighthe air an rinnfheitheamh dhiadha do
thógfadh nó shéidfead suas a n-uabhar mé.



Óir, ní naomhtha gach uile árd-ní; agus ní maith
gach uile mhilseachd; agus ní glan gach én mhiangas;
agus ní gach én ní is annsa linne a thaitneas le
Dia.



Gabhaim chugam go fonnmhar na grása do nídh
níos úirísle agus níos faitchiosaighe, agus níos
crith-eaglaighe mé, agus ullmhuigheas mé níos féarr
do chum diúltughadh dhamh féin.


L. 94


An neoch atá air n-a theagasc agus air n-a mhúnadh
le tiodlacadh na ngrás, nó sgiúrtha go cruaidh dá
n-easbhaidh, cha leigeann eagla dó maith air bith
áireamh air féin; ach is luaithe d'aideamhfadh é féin
do bheith bochd fadhbhtha folamh.



Tabhair do Dhia an ní is le Dia, agus duit féin an
ní is leat féin; 'sé sin le rádh, tabhair buidheachas
do Dhia air son a ghrás duit, ach breathnuigh nach
dlighthear duit féin ach an choir agus an cháin, agus
píonus diongmhala air son na coire ceudna.



4. Cuir thú féin anns an áit is ísle do ghnáth,
agus do bhéarthar an áit is airde dhuit; óir ní
seasann an airde gan an ísleachd agus an umhlachd
aige.



Na naoimh is airde aige Dia, is iad is úirísle
ionnta féin; agus ní bhfuil dá ghlórmhaire dá bhfuilid,
nach móide dá úirísleachd é.



Óir, air mbeith dóibh lán do'n fhírinne agus do'n
ghlóir neamhdha, ní shanntuigheann siad an ghlóir
dhíomhaoin.



An drong atá air n-a bhfréamhughadh, agus air na
ndaingniughadh a nDia, ní h-éidir leo a bheith
uaibhreach nó árdanach air én mhodh.



Agus an drong altuigheas le Dia an uile mhaith
dá bhfuairid uadha, ní iarraid glóir nó moladh ó n-a
chéile, ach is é iarraid an ghlóir a thig ó Dhia amháin;
agus sanntuighid os cionn an uile ní iad féin agus
na naoimh uile do bheith aige moladh Dé do ghnáth,
agus is air so amháin a bhíonn siad a' tóraidheacht
agus a' tarraing.



5. Mar sin, bí buidheach air son a' bheagain agus
is ba airidhe diongmhala thú níos mó fhaghail.


L. 95


Bíodh meas mór agad air a' bheagan, agus meas
gur mór a' tiodlacadh na grása is lugha agus is
táire a fuair tú ó Dhia.



Ma dhearcann tú air mhaitheas nó air dhiongmhaltachd
an Bhronntora, ní mheasfar aon tiodlacadh aca do
bheith beag nó suarach, óir ní beag nídh air bith
do bheir an t-árd-Dia uadha.



Agus ce bé go mbeireadh Sé pianta agus sgiúrsadh
dhúinn, ba chóir dó taitneamh linn; óir na h-uile ní
fhulaingeas teagmhal dúinn is chum ár leas agus ár
slánughadh do nídh Sé sin.



Ce bé le ar mian grása Dé do chongbháil, bíodh
sé buidheach air son na ngrása do fuair sé, agus
foighideach an tráth a sgarfaid leis.



Guidheadh sé iad filleadh air arís, agus bíodh sé
coimheadach, críonna, agus úiríseal, d'eagla a
gcailleadh go bráthach.



An 11 caibidil.
Do laighead na muinntire a ghrádhuigheas cros nó
céasadh Íosa.



1. Is líonmhar an méid a ghrádhuigheas Íosa agus
a ríoghachda neamhdha anois; ach is beag an líon a
thógas agus iomchras a chros.



Atáid móran aige a shanntuigheas a shólas; ach
beagan a shanntuigheas a dhólas agus a thuirse.



Is iomdha compánach do gheibh Sé aig ithe air a bhord
leis; ach beagan cuideachta aig a throsgadh.


L. 96


Is mian le gach én nduine do bheith gá iolgháir-
diughadh i n-a fhochair; ach is beag an líon le ar ab
áil én ní fhulang air a shon.



Is mór an líon a leanas Íosa aige briseadh, agus
aige roinn an arain; ach is beag a leanas É aig
ól cailis na páise.



Is mór an uimhir onóruigheas a mhíorbhailtidhe;
is beag a leanas masla agus mío-mhodh na croise.



Is mór a ghrádhuigheas Íosa an fad nach mbaineann
buaidhreadh dóibh; is iomdha a mholas agus a bheann-
uigheas É, an fad a bhíonn siad aig faghail comh-
shólais éigin uadha.



Ach, dá rachadh Íosa a bhfolach orra, agus a dtréig-
bheal seal dá laighead, do bheithidis aige gearan, nó
do thuitidis go mór a n-eudóchas.



2. Ach, an dream a ghrádhuigheas Íosa air son Íosa,
agus ní air son a shólais agus a shochair féin,
beannuighid É, ann gach uile thriobloid agus achrann
croidhe, amhail agus mar dhéanaidis a n-aimsir a
sólais agus a sonais.



Agus bíodh nach ar bh'áil leis sólas nó sásadh a
thabhairt dóibh a choidhche, dá aimhdheoin sin, dob áil
leo moladh agus buidheachas do thabhairt Dó go
bráthach.



3. O! creud an méid is éidir le glan-ghrádh
Íosa do dhéanamh, an tan nach mbíonn sochar nó grádh
díleas dhuine air féin coimeasgtha nó ceangailte
leis!



Nach luchd fastóighthe nó tuarasdail is cóir a ghairm
do'n drong a bhíos aig iarraidh a sochair féin do
ghnáth?



Nach gcrúthuighthear gur mó a ngrádh orra féin,
nó air Chríosda an mhuinntir nach mbíonn a gcomhnuidhe


L. 97


ach a smaoiniughadh air a sochar agus air a dtairbhe
féin?



Cá h-áit a bhfuighthear an neoch le ar ab áil
seirbhis Dé a dhéanamh a n-asgaidh?



4. Is annamh a gheibhthear én neoch chomh sioradálta ??
agus sin, go mbéadh sé fadhbhtha folamh ó gach én ní.



Cia a gheobhas, nó cá áit a bhfuighthear an bochdan
fíre ó sbiorad atá sgartha ó'n uile chréatuir
saoghalta? Is a gcríochaibh imchiana a bhfad uainn
atá sé, agus is mór a mheas agus a luach. (Prov.
c.3.31,10).



Dá dtugadh duine a mhaoin uile uadha, ní an dadamh
sin go fóill.



Agus dá ndéanadh sé móran aithrighe, is beag sin
fós.



Agus dá mbéadh fios aige air gach én ní, atá sé
a bhfad ó'n fhoirfeachd agus ó'n iomláine go fóill.



Agus dá mbéadh subhailce mhór aige, agus
caondúthrachd ró-lasamhail crábhaidh, atá móran 'na
dhiaidh sin d'easbhaidh air; eadhon, én ní amháin atá
ró-riachdnasach aige.



Creud an ní sin? Atá, air dtréigbheal an uile
ní eile, é féin a thréigbheal agus fhágbhail 'na dhiaidh
air fad agus gan dadamh dá ghrádh dhíleas féin a
chongbháil aige.



Agus an tráth do dhéanfas sé gach én ní is fios dó
do bheith indéanta, bíodh meas aige nach ndearna sé
an dadamh.



5. Ná bíodh ró-mheas aige air an ní dob éidir a
bheith inmheasda a súilibh cáich; ach, abradh sé go
fírinneach gur seirbhiseach neamh-thairbheach é féin;
mar dhearbhas an Fhírinne féin, "An tráth do dhéan-
taoi na h-uile ní dár h-aithniughadh nó dár h-iarradh


L. 98


orraibh, abraidh an tan sin gur searbhfhóghantuidhe
mío-thairbheacha sibh." (Luc.c.17,10).



Agus is amhlaidh bhus éidir libh do bheith 'bhur
mbochdain thárnochda dá ríribh ó sbiorad, agus a rádh
leis an bhfáidh: atá mé 'mo aonar agus 'mo bhochdan
liom féin. (Psalm.24,16).



Gidheadh, ní bhfuil én neoch níos saidhbhre, níos
cumhachdaighe, agus níos saoire nó an té darab eol
é féin, agus na h-uile ní eile, do thréigbheal, agus
é féin a chur anns an áit is suaraighe, agus is ísle.



An 12 caibidil.
Do rian nó do shlighe ríoghdha na croise naomhtha.



1. Do chíthear do mhóran gur cruaidh an briathar-sa
Chríosda san t-soisgeul a deir "Diúlt duit féin,
tóg suas do chros, agus lean Íosa." (Matha,c.
16,24).



Ach, is cruaidhe nó sin go mór an briathar déidh-
eanach úd do chloisint as beul Íosa lá an bhreith-
eamhnais, eadhon: "Imthigidh uaim, a luchd na
mallachda, go teinidh shíorraidhe ifrinn, atá air n-a
h-ullmhughadh do'n diabhal agus dá ainglibh."
(Matha.c.25,41).



Ach, anois an mhuinntir éisteas agus a leanas go
fonnmhar briathar na croise ní bha h-eagal dóibh an
uair sin briathar an damnuighthe síorraidhe do
chloisint.


L. 99


Béidh comhartha na croise le feiceal anns na
flaitheamhnais, aige teachd Chríosda chum breith-
eamhnais.



An uair sin, seirbhisighe na croise uile, do bí ann
a mbeathaidh cosamhail le h-Íosa do céasadh air a
chrois, tiocfaid lán muinighne agus dóchais d'ionn-
suidhe Íosa Chríosda aige tabhairt ná breithe.



2. Mar sin, creud an fáth a bhfuil eagla ort an
chros a thógbháil agus iomchar, a bheireas eolas duith
go ríoghachda Dé?



Is anns a' chrois atá sláinte agus beatha; is
anns a' chrois atá coimirce agus cosnamh ó náimhdibh.



Is anns a' chrois atá dortadh agus driúcht na
milseachda neamhdha; is innte atá neart agus
cródhachd na meanmna agus na h-intinne, iolgháir-
deas na sbioraide, líonmhaireachd na subhailcidhe,
agus foirbhtheachd agus iomláine na naomhachda.



Ní bhfuil sláinte an anma, nó dóchas na beathadh
síorraidhe le faghail ach anns a' chrois.



Mar sin, tóg do chros agus lean Íosa, agus
rachaidh tú san mbeathaidh shuthain.



Do ghabh Íosa romhad aig iomchar a chroise féin;
agus air do shon-sa fuair Sé bás air a' chrois, ionnas
go mbéadh fonn ort-sa do chros iomchar agus bás
fhaghail uirthe.



Óir, ma gheibh tú bás a gcuideachda Íosa, béidh tú
ann do bheathaidh mar an gceudna ann a chuideachda;
agus ma bhíonn tú 'do chompanach aige ann a phéin,
béidh tú amhlaidh aige ann a ghlóir. (Rom.c.6,8).



3. Feuch, mar sin, gur anns a' chrois, agus a mbás
na croise, atá an t-iomlán; agus nach bhfuil slighe
nó bealach eile chum na beathadh, agus chum na
síothchainte inmheadhonaighe go fírinneach, ach ród agus


L. 100


rian na croise naomhtha amháin, agus smachdughadh
agus moirtniughadh laetheamhail na colna.



Siubhail ann gach áit is mian leat, agus iarr gach
ní is áil leat, agus ní bhfuighidh tú slighe níos airde
shuas, nó níos daingne shíos, nó slighe na croise
naomhtha.



Ullmhuigh agus órduigh na h-uile ní mar is toil
leat réir do thuigse, agus ní bhfuighidh tú ach ní éigin
a gcomhnuidhe le fulang, dod' dheoin nó ad' aindeoin,
agus is amhlaidh do gheobhaidh tú cros agus buaidhreadh
do ghnáth.



Óir mothochaidh tú pian éigin ann do cholainn, nó
triobloid éigin anma agus intinne.



4. Fuigfidh Dia thú ad' mhuinighin féin air uairibh,
agus air uairibh eile do dhéanfaidh do chomharsain
inghreim agus eugcóir ort; agus os a chionn sin,
béidh tú go minic aimhréidh, buaidheartha agad féin.



Agus fós, cha dtig leat fuarughadh nó furtachd
fhaghail le lus nó le léigheas; ach is éigin duit
fulang agus foighide do dhéanamh nó gur toil le Dia
fóirithin ort.



Óir, is é is áil le Dia foghluim dhuit air amhgar
fhulang agus gan sólas do bheith agad, ionnas go
mbéitheá faoi smachd go h-iomlán aige, agus go
ndéantaoi níos uimhle agus níos úirísle thú le gach
trioblóid.



Ní mhothuigheann én neoch páis Chríosda chomh beodha
ann a chroidhe leis an té dó a dteagmhann a shamhail
so do thriobloid nó do bhuaidhreadh d'fulang.



Mar sin, atá an chros agus an chruadail réidh
agus ullamh agad a gcomhnuidhe, agus aige fuireach
agus aige feitheamh ort ann gach én áit.



Agus ní h-éidir leat a sheachna, ce bé air bith áit


L. 101


a ngeobhaidh tú; óir, ce bé áit a rachaidh tú béidh
tú féin air iomchar leat, agus gheobhaidh tú thú féin
agad féin a gcomhnuidhe.



Tionntuigh suas nó síos, gabh soir nó siar, teith
asteach agus amach arís, agus do gheobhaidh tú cros
agus buaidhreadh ionnta uile.



Agus is riachdnasach dhuit foighide do dhéanamh
ann gach én áit, ma's mian leat síoth agus suaimhneas
croidhe do bheith agad, agus coróin shíorraidhe na
glóire do thuilleamh.



5. Ma iomchrann tú do chros go toilteanach,
iomcharfaidh sise thusa, agus treorochaidh sí thú chum
do chríche ionmhain dhéidheanaighe, eadhon, an áit a
gcuirfear críoch air pháis agus air phianaidh, cé nach
bhfuil an áit sin air a t-saoghal-sa.



Ma's dod' neamh-thoil iomchras tú do chros,
do nídh tú th'ualach féin níos mó agus níos truime, agus
ní lughaidhe sin, is éigin duit iomchar agus fhulang.



Ma theilgeann tú én chros amháin uaid, gan amhras
gheobhaidh tú cros eile, agus dob éidir níos measa
agus níos truime.



6. An gcreideann tú an ní do sheachna nach ar
sheachain aon nduine ariamh? Cia do na naoimh air
a' domhan a bhí gan chrois gan triobloid?



Ní raibh ár dTighearna Íosa Críosda féin én
uair amháin an fad do bhí Sé beo, gan dochar agus
páis fhulang. Óir deir Sé féin; "is éigin do
Chríosda fulang, agus éirighe arís ó mharbhaibh, agus
do dhul amhlaidh mar sin asteach ann a ghlóir féin."
(Luc.c.24,26).



Agus creud fáth an iarrann tusa slighe nó ród
eile, ach an bealach ríoghdha-sa, eadhon, bealach na
croise naomhtha céasda?


L. 102


7. Is fulang agus daor-pháis do bhí a mbeathaidh
Chríosda uile, agus an bhfuil tusa aig iarraidh
socruidheachda, nó aignidh agus iolgháirdis duit féin?



Atá tú air seachran, adeirim arís air seachran,
má iarrann tú ní air bith eile ach buaidhreadh agus
triobloid; óir atá an bheatha sho-bhásuighthe shaoghalta
uile lán amhgair, agus air na dealbhughadh agus
air na comharthadh air gach én taobh le crosaibh.



Agus ní bhfuil dá mhéid, nó dá airde, a rachas neoch
air aghaidh go sbioradálta, nach minic is truime
do gheobhaidh crosa a teagmhal dó; óir fásann agus
méaduigheann pian a dhíbeartha agus a ionnarbtha
níos mó ó n-a ghrádh air Dhia.



8. Gidheadh fós, an té atá mar sin air n-a chrádh
agus air n-a bhuaidhreadh go ró-mhor air mhodhaibh
iomdha, ní bhfuil sé gan osadh agus éadtromadh an
chomhshólais, óir mothuigheann sé toradh mór a' fás
dó as iomchar na croise.



Óir ní bhfuil dá mhéid dá n-umhluigheann sé do'n
chrois dá dheoin, nach móide do gheobhaidh sé ualach
a thriobloide uile air na thionntughadh a muinighin an
t-sólais dhiadha.



Agus ní bhfuil dá mhéid a bhrúightear agus a
bhristear an cholann leis an chrádh agus leis an
amhgar, nach móide a neartuighthear an sbiorad go
h-inmheadhonach le subhailce na ngrás.



Agus air uairibh bíonn sé air n-a chomhfhurtachd
chomh mór agus sin, tré áilgeas agus annsachd air
thriobloid agus air bhuaidhreadh, mar gheall air a
bheith comh chosamhail le Críosda do céasadh air a
chrois, nach ar bh'áil leis a bheith saor nó a bhféag-
mhais dólais agus triobloide; óir creideann sé
nach bhfuil dá mhéid agus dá thruime neithe a thig leis


L. 103


fhulang agus iomchar air son Chríosda, nach móide
sin a bhíos fáilte aige Dia 'n-a choinne.



Ach, ní cumhachda nó subhailce dhaonna í so, ach
grása Chríosda, le ar h-éidir an oiread sin do
neithibh móra a dhéanamh san cholainn anbhfainn,
bhrisgeogaidh dhaonna; air mhodh tré theasghrádh na
sbioraide go dtugann sí grádh, agus ionnsuidhe
air na neithibh do dhéanamh, ria a mbíonn sí a' teitheadh
le glonn agus le gráin nádurtha do ghnáth.



9. Réir na daonachda, ní nídh nádurtha duine a chroich
féin iomchar, nó grádh a bheith aige uirthi, a chorp a
sgiúrughadh, agus a dhaorsmachdughadh, teitheamh roimhe
le h-onóir, masla agus tarcuisne fhulang go
fonnmhar foighideach, dí-mheas do bheith aige neoch air
féin, agus a bheith toilteanach tarcuisne fhaghail
ó'n mhuinntir eile, gach donas, gach caill, agus gach
díoghbháil iomchar agus fhulang go foighideach, agus
gan séan nó sonas air bith saoghalta a shanntughadh
nó iarraidh.



Má dhearcann tú ort féin cha dtig leat én ní
aca so do dhéanamh.



Ach, ma chuireann tú do dhóchas a nDia, gheobhaidh
tú neart ó neamh, agus cuirfear a' saoghal agus an
cholann faoi smachd agus faoi umhlachd duit.



Agus fós ní ba h-eagal duit an t-aidhbhirseoir
atá 'n-a námhaid agad, ma bhíonn tú daingean ann
do chreideamh, agus coisreactha le comhartha na
croiche céasda Chríosda.



10. Air an ádhbhar sin, ullmhuigh thú féin, mar
óglach ionnraic, agus mar shearbhfóghantuidhe díleas
do Chríosda, do chum cros do Thighearna, do céasadh
air do shon, iomchar go calma, cródha, curachda.



Ullmhuigh thú féin do chum an iomad dólais agus


L. 104


díoghbhála eugsamhla na beathadh amhgraidh saoghalta-sa
fhulang; óir mar so a bhéas tú, ann gach ionad a
rachaidh tú, nó a bhfolochaidh tú thu-féin; go
deimhin, gheobhaidh tú thu féin mar so.



Is mar sin is éigin a bheith, agus ní bhfuil lus nó
léigheas a n-aghaidh triobloide agus dochair na
n-olc-sa, ach a n-iomchar agus a bhfulang go
foighideach.



Ibh cailis do Thighearna go fonnmhar, ma's maith
leat a bheith 'do charaid aige, nó ma shanntuigheann
tú rann-pháirt do bheith agad leis.



Tabhair roinn na sólas le Dia; déanadh Sé leo
mar is toil leis.



Air do shon-sa bí réidh ullamh air gach buaidhreadh
iomchar, agus meas gur comhshólais mhóra iad.
Óir ní bhfuil páis nó pian na h-aimsire-se atá
againn anois diongmhala nó ionchurtha a gcomhthrom
na glóire atá chugainn do thuilleamhain, sin agus go
mbadh éidir leat féin ad' aonar a bhfulang uile.
(Rom.ch.8,18).



11. An tráth thiocfas tú gus an uair, ann a
mbéidh do dhochar air son Chríosda 'na bhlas agus
'na mhilseachd agad; meas an uair sin, gur maith
a tharla dhuit, óir do fuair tú an uair sin párrthas
aoibhinn air talamh.



An tan a mheasas tú an fulang do bheith trom, do-
iomchair agad, agus iarras tú teitheamh roimpe
is olc dhuit an uair sin, agus leanfaidh an
buaidhreadh thú ann gach áit a rachaidh tú.



12. Ma chuireann tú thú féin a gcionn do ghnothaighe
mar is cóir duit, eadhon, aige fulang páise agus
moirtnighthe ort féin, béidh tú níos féarr gan mhoill
agus gheobhaidh tú an t-síochainte.


L. 105


Dá mbéitheá air do thógbhail, agus air fhuadach
gus an treas flaitheamhnas mar aon le Pól Easbal,
ní bhéitheá saor, air a shon sin, air gan buaidhreadh
air bith fhulang. Taisbeanfaidh Mise dó, adeir
Íosa leis, a léitheid ní is éigin do fhulang air son
m'anma-sa. (Gníomh.c.9.v.16).



Mar sin, atá an buaidhreadh agus a' triobloid
aige fuireach agus aige feitheamh ort, ma's mian leat
Íosa do ghrádhughadh, agus fóghnamh agus freastal do
dhéanamh dó do ghnáth.



13. Dob fhéarr liom go mbéitheá diongmhala
ní éigin fhulang air son Íosa! Creud í méad na
glóire do bhéadh aige feitheamh ort, creud í méad na
luathghara do chuirfeá air naoimhibh Dé, agus mar
an gceudna creud é méad an oidis do bhéadh aig an
chomharsain!



Óir, molann an uile an fhoighide, cé gur beag is
mian leo fhulang.



Ba chóir duit, le ceart, beagan fhulang go fonn-
mhar air son Chríosda, an tan atáid móran aige
iomchar agus aige fulang neithe níos mó agus níos
truime air son a' t-saoghail.



14. Bíodh fios go dearbhtha agad, gurab éigin
duit thú féin a mhoirtniughadh go feadh do shaoghail;
agus ní bhfuil dá mhéad dá bhfaghann duine bás dó
féin, nach móide a thosuigheann sé a bheith beo aige
Dia.



Ní bhfuil neoch air bith oireamhnach air neithe neamhdha
do ghabhail ach an té atá umhal cruadail fhulang
air son Chríosda.



Ní bhfuil ní is taitneamhaighe le Dia, nó is tairbhighe
agus is folláine dhuit-se air a' t-saoghal-sa, nó
fulang go fonnmhar air son Chríosda.


L. 106


Agus dá dtugthaoi do roghain dhuit, is mó do ba
chóra dhuit do shanntughadh dólas agus cruadail
fhulang air son Chríosda, nó thú-féin a shásadh le
h-iomad sólas; óir is amhlaidh is mó do bheitheá
cosamhail le Críosda, agus ionsamhalta le na naoimh.



Óir, ní a milseachd nó a gcomhshólasaibh saoghalta
atá ár luaigheachd, agus foirbhtheachd ár stáide,
ach níos mó aige iomchar agus aige fulang il-
iomad triobloide agus trom-phianta.



15. Óir go deimhin, dá mbéadh én ní níos féarr
agus níos tairbhighe chum daoine do shlánughadh, nó
fulang agus foighide, gan amhras, do thaisbeanfadh
Críosda sin dúinn le teagasc, briathar, agus le
sampladh.



Agus is follas gurab é iomchar na croise, agus
na cruadala do theagaisc agus do mhúin dá dheisg-
iobail, agus dá lucht leanmhanta, aige rádh "Má's
áil le neoch teacht am' dhíaidh-se, diúltuigheadh sé
dhó féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé
Mise." (Math.c.16,24).



Mar sin, tar éis gach én ní a léigheadh agus a
rannsughadh, ní bhfuil le rádh fá dheoidh, acht gur tre
iomad dochair agus triobloide is éigin a dhul asteach
go ríoghachta Dé.



Críoch an Dara Leabhair.


L. 107


An Treas Leabhar.
An chéad chaibidil.
A labhras air chomhradh inmheadhonach Chríosda leis
an anam ionnraic.



1. Éistfead le ce bé labharfas an Tighearna Dé
ionnam, deir an t-anam ionnraic leis féin.



Is beannuighthe an t-anam éisteas leis an Tighearna
a labhairt ann féin, agus ghlacas briathar an
t-sólais ó n-a bheul.



Beannuighthe na cluasa éisteas le caon-chogar na
diadhachta, agus nach dtugann aire do mhurmur nó
do shiosarnaigh an t-saoghail.



Go dearbhtha, is beannuighthe na cluasa nach éisteann
le fuaim an fhocail do'n taobh amuigh, acht éisteas
leis an fhírinne a labhras agus a theagasgas do'n
taobh astigh.



Is beannuighthe na súile a bhíos dúnta a n-aghaidh
na neithe foir-imeallacha, agus foscailte do na
neithibh inmheadhonacha.



Is beannuighthe an dream a thréaghdhas, agus a
shaotharuigheas gach én ló le deagh-oibre iad féin
d'ullmhughadh chum rúindiamhra do ghabhail chuca níos
mó agus níos féarr.



Is beannuighthe an mhuinntir do bheir an aire do
Dhia amháin, agus nac gcuireann beinn air bhacan nó
air thoirmeasg an t-saoghail.


L. 108


2. O! anam ionmhain, tabhair na neithe-se fá
ndear, agus dún doirse do chéadfadh, ionnas go
mbadh éidir leat éisteacht le urlabhra do Thighearna
Dé leat.



'Siad so na neithe adeir do Ghrádh agus th'Annsacht
leat: Is Mise do shláinte, do shíoth, agus do bheatha;
congaibh thú féin ann m'aice-se, agus gheobhaidh tú
síothchain.



Tréig na neithe silteacha díombuana, agus iarr
na neithe suthaine síorraidhe.



Creud iad na neithe aimseardha saoghalta? Nach
bhfuil siad mealltach uile? Creud is féidhm do na
créatuir uile, ma thréigeann do Chruthuightheoir thú?
Mar sin teilg uaid na neithe saoghalta uile, chum
go mbéitheá taitneamhach, ionnraic dod' Chruthuightheoir,
ionnas go mbadh éidir leat an t-ádh agus an
t-aoibhneas fíre do ghabhail.



An 2 caibidil.
Amhail mar labhras an fhírinne leis an anam go
ciúin, gan ró-ghíorac, nó ró-thorman cainnte.



1. Labhair, a Thighearna, óir atá do sheirbhiseach aig
éisteacht leat! (1 Sam.c.3).



Is searbhfhóghantuidhe dhuit mise, tabhair tuigse
dhamh, ionnas go gcuirfinn eolas air th'aitheanta,
agus air do dhligheadh. (Plm.118,125).



Claon mo chroidhe go briatharaibh do bhéil; leig
dod' bhriathara tuiteam anuas mar driúcht ann
m'anam.


L. 109


Deiridis clann Ísrael a n-allód le Maoise:
"Labhair thusa thú féin linn, agus éistfeamuid leat;
acht ná labhradh an Tighearna linn, d'eagla an bás
teagmhal orainn." (Exod.c.20,19).



Ní mar sin, a Thighearna, a nídhim-se m'urnuiighe,
acht mar do rinne an fáidh Samuel, guidhim go
h-umhal fonnmhar, aige rádh: Labhair Thú féin, a
Thighearna, óir atá do shearbhfhóghantuidhe aig éisteacht
leat.



Ná labhradh Maoise, nó én neoch eile do na fáidhibh
liom; acht labhair Thú féin, a Thighearna Dé, liom,
a theagascóir agus a shoillseóir na bhfáidh, óir is
éidir leat féin amháin mo mhúnadh gan a gcuideamh-
san, acht cha déan siad-san maith nó tairbhe a
d'easbhaidh-se.



2. Is éidir leo gan amhras briathara do chanamhuin,
acht ní h-éidir leo sbiorad na ngrás a thabhairt
uadhfa.



Is ró-bhréagh a labhraid, acht ní lasann siad an
croidhe, air mbeith 'do thost duit féin.



Múineann siad an litir dúinn, acht osglann Tú
féin a' chiall.



Labhraid-sean air na rúindiamhraibh linn, acht is
Tú féin a nochtas agus a shoillsigheas an tuigse.



Foillsigheann siad-san na h-aitheanta, acht is
Tusa a chuidigheas a gcoimlíonadh.



Taisbeanaid-sean an bealach dúinn, acht is Tusa
a choimhneartuigheas inn a leanmhain.



Oibrigheann siad-san do'n taobh amuigh, acht is
Tusa a mhúineas agus a dheallruigheas an croidhe.



Maothaid agus fliuchaid-sean do'n taobh amuigh,
acht is Tú-féin do bheir an toradh go líonmhar uaid.


L. 110


Goirid air chách le briatharaibh, acht do bheir Tú
féin tuigse do'n éisteacht.



3. Mar sin, ná labhradh Maoise liom, acht Thú
féin, a Thighearna Dé na Fírinne Síorraidhe, ionnas
nach bhfaghainn bás 'mo aimrid gan toradh, mur
mbéadh mo theagasc acht amháin do'n taobh amuigh
dhíom, agus gan é a bheith dearg-lasta do'n taobh
astigh ionnam.



d'eagla go mbéadh 'n-a chúis breitheamhnais am'
aghaidh an briathar éisteachd gan a dhéanamh, eolas a
chur air gan a ghrádhughadh, agus a chreidmheal gan
a chóimhlíonadh.



Mar sin, labhair, a Thighearna, óir atá do shearbhfhogh-
antuidhe aig éisteachd leat, agus atá briathara na
beathadh síorraidhe agad. (Eoin.c.6,69).



Labhair liom, a Thighearna, air chomhshólas éigin
do m'anam, agus air leasughadh iomlán mo bheathadh,
agus do chum molta, glóire, agus onóra duit
féin go síorraidhe. Amen.



An 3 caibidil.
Amhail mar is dleacht briathara Dé d'éisteacht
go h-úiríseal, agus mar nach measaid móran iad
mar is cóir.



1. Éist, a mhic, mo bhriathara, briathara sáimh-
mhilse a sháruigheas an uile fhoghluim, agus eolas na
bhfeallsamhnach, agus dhaoine eagnaidhe an domhain.



"'Siad mo bhriathara-sa an sbiorad agus an bheatha"
(Eoin VI.63); agus ní h-éidir leis an tuigse
dhaonna a gcur a meadaracht.


L. 111


Ní dleachd a dtreorughadh nó a dtarraing chum
taitnimh nó sólais dhíomhaoin na colna, acht is
amhail is cóir a n-éisteacht le ciúineas, agus le
tosdaidhe, agus a ngabhail maille re h-úirísleacht,
agus mór-ghrádh.



2. Agus do ráidh mé: A Thighearna, is beannuighthe
an neoch atá air n-a mhúnadh leat féin, agus dó ar
theagaisc Tú do dhligheadh; ionnas go mbearthá osadh
agus fuarughadh dó a n-aimsir agus a laethibh a
chruadala, agus nach mbéadh sé air n-a thréigbheal
air a' talamh.



Is Mise, adeir an Tighearna, a theagaisc na
fáidhe ó thús, agus ní sguirim go fóill gan a bheith
aig síor-labhairt leo uile; acht is iomdha atáid
cruaidh-righin gan mhothughadh, agus bodhar do mo
ghuth agus do mo ghlór.



Agus is mór an líon éisdeas leis an t-saoghal
níos toilteanaighe nó le Dia; agus is fusa agus
is féarr leo cíocras a dtola féin do leanmhaint, nó
deagh-thoil Dé.



Geallann an saoghal neithe beaga, suaracha,
aimseardha dóibh, agus do nídh seirbhis le n-iomad
sainnte dó; geallaim-se neithe neamhdha síorraidhe
dóibh, agus ní chuireann an croidhe sbadanta daonna
mothughadh ann.



Cia do nídh seirbhis damh-sa le oiread cúraim agus
umhlachta ann gach én ní, agus do nídh sé do'n
t-saoghal, agus do thighearnaibh an t-saoghail? Bíodh
náire ort a Shídon, adeir an fhairrge. (Isaiah.
XXIII.4).



Éist creud an fáth, ma's maith leat fios fhaghail.



Atá go dtéid daoine a bhfad go críochaibh imchiana
air son beagain éadala, nó socair suaraigh


L. 112


saoghalta; agus is le leisge a thógaid móran a
gcosa do'n talamh, nó shiubhlaid coiscéim air son
na beathadh síorraidhe.



Is mór a' saothar a chuireas daoine orra féin air
bheagan fóghainte; agus air uairibh troidid daoine
go mío-náireach air son én fheoirling amháin; agus
ní ghoileann orra iad féin do mhaslughadh do ló
agus d'oidhche, air son geallaidh gan fhéidhm agus
míothuireachta díomhaine.



3. Acht, faraor! is leisgeamhail leo saothar dá
laighead a ghabhail, air son an mhaithis neamh-
chlaochlóidigh, air son na tuillmhe nach éidir a mheas,
air son na h-onóra is airde, agus air son na glóire
gan chrích gan fhoircheann a ghnothughadh dóibh féin.



Mar sin, bíodh náire ort-sa, a shearbhfhoghantuidhe
leisgeamhail, rói-ghearanaigh, aige féiceal go bhfuil
drong le faghail níos réidhe agus níos ullmuighthe
chum an bháis dhamanta, nó atá tusa chum na beathadh
suthaine.



Is mó an luathghaire a bhíos orra aige tóraidheacht
an díomhaonis, nó bhíos ort-sa aige leanmhaint na
fírinne.



Agus go deimhin, meallann a n-dúil agus a n-dóchas
air uairibh iad; acht ní mheallann mo ghealladh-sa
én neoch, agus ní chuireann folamh air siubhal an té
do nídh muinighin asam.



Do bhéarfaidh uaim an ní do gheallas, agus coimh-
líonfad gacha a ndubhras; acht air acht neoch fuireach
agam go díleas grádhach go críoch agus foircheann
na beathadh.



Is Mise díoltoir na bhfíréan, agus sgrúdthoir
cruaidh lucht an chrábhaidh.


L. 113


4. Sgríobh mo bhriathara-sa ann do chroidhe, agus
smaoinigh agus trácht orra go dícheallach; óir béidh
ró-fhéidhm agad orra a n-aimsir an chatha.



An ní nach dtuigir an tan do léigheas tú, bhéidh a
fhios agad ló na cuarta.



Is gnáth liom-sa cuairt a thabhairt air mo
mhuinntir féin, ar dhá mhodh, eadhon, air tús le
cathuighthe agus le buaidhreadh, le comhshólas agus
le furtacht 'na' dhiaidh sin.



Léighim gach én ló dhá léigheann dóibh: léigheann
aca gá múnadh agus a' spreagadh a lochta, an
léigheann eile gá gcomhairliughadh, agus gá mbros-
dughadh a dhul air a n-aghaidh anns na subhailcibh.



An té aige a bhfuil mo bhriathara-sa, agus a
tharcuisnigheas iad, béidh an ní aige tré a mbéarfar
breitheamhnas air an ló déidheanach.



Urnaighe
aig iarraidh grása an chrábhaidh.



5. O! a Thighearna Dé, is Tú m'uile mhaitheas,
agus cia mise, as a bhfuighinn do dhánacht ionnam
féin labhairt leat?



Is cnumhóg a' snámh na talmhan, agus searbhfhogan-
tuidhe fíor-bhocht duit féin mé, níos boichte agus
níos táire nó is eol, nó is éidir liom a rádha.



Ach, cuimhnigh, a Thighearna, gur an dadamh mé,
nach bhfuil an dadamh agam, agus nach fiú an dadamh
mé.



Is Tú féin amháin atá ró-mhaith, ró-cheart, ró-
naomhtha; is leat is éidir an uile ní do dhéanamh,
an uile ní do thabhairt uaid, is Tú líonas na h-uile
ní, agus ní fhágann Tú acht an peacach leis féin
fadhbhtha folamh.


L. 114


Cuimhnigh, a Thighearna, air do thrócaire, agus líon
mo chroidhe dod' ghrásaibh, ó nach áil th'oibreacha féin
a bheith air easbhaidh folamh.



6. Cionnas is éidir liom seasamh anns a' bheathaidh
amhgaraigh shaoghalta-sa, acht mur neartochaidh do
thrócaire, agus do ghrása mé?



Ná h-iompuigh th'aghaidh uaim, agus ná tabhair cúla
liom, a Thighearna, ná cuir do chaomh-chuairt air
cáirde, ná tóg do chómhshólas uaim, ionnas nach
mbéadh m'anam acht mar thalamh thirim gan uisge agad.



O! a Thighearna, múin damh do thoil féin a dhéanamh;
múin damh comhradh agus coinbhearfaid a dhéanamh
go h-úiríseal díongmhalta dod' láthair do bhrigh
gur Tú féin is eagna dhamh, agus go bhfuil eolas
fírinneach agad orm, agus dob' aithne dhuit mé sul
do chruthuigh Tú an chruinne, agus sul do rugadh air
a' t-saoghal mé.



An 4 caibidil.
A deir gur dleacht dúinn cáidreamh agus comh-
luadar do dhéanamh, maille re fírinne agus le
h-umhlacht, a bhfiadhnaise Dé.



1. A mhic, siubhail ann m'fhiadhnaise-se a' bhfírinne,
agus iarr Mé do ghnáth le croidhe díreach úiríseal.



An té shiubhlas a bhfírinne a m'fhíadhnaise, béidh sé
air n-a chosnamh air dhroich-theagmhalaibh, agus air
dhroich-chinneamhain, agus saorfaidh an fhírinne é
air mhealltoiribh meabhlacha, agus air mhurmar agus
air anchainnt na ndroch-dhaoine.


L. 115


Ma shaorann an fhírinne thú béir saor go dearbhtha,
agus cha bhíonn suim nó cúram agad a mbriatharaibh
díomhaoine na ndaoine.



2. A Thighearna, is fírinneach a bhfuil Tú a rádh,
agus iarraim d'athchuinge ort a dhéanamh amhlaidh
mar sin liom-sa. Leig dot' fhírinne fhéin mo theagasc,
mo chumhdach, agus mo chongbháil, nó go gcuirfead
deigh-chríoch air mo bheathaidh.



Go saoraidh an fhírinne mé ó'n uile dhroch-chlaon
agus ainmhian mhíriaghalta, agus mar sin, siubhlfad
leat féin le mór-shaoirse croidhe.



3. Múinfead-sa dhuit-se, adeir Dia na fírinne,
na neithe atá díreach, agus taitneamhach a m'fhiadh-
naise.



Smaoinigh air do pheacaidh le móran croidhe-
bhrughaidh agus dólais; agus ná bíodh móir-mheas agad
ort féin go bráthach air son do dheagh-oibreacha.



Óir is dearbh gur peacach thú, ceangailte agus
claon chum an iomad ainmhianta.



Atá tú, uaid féin, a' triall chum an neimhnidh,
is obann, agus is furas do leagadh, do chlaoi, do
bhuaidhreadh, agus do léar-sgrios, agus do mhilleadh.



Ní bhfuil én ní agad as a bhféadfá thú féin do
mholadh, acht móran as a bhféadfá thú féin a dhío-
mholadh, agus a dhí-mheas; óir atá tú níos luige,
anbhfainne go mór nó is éidir leat a thuigbheal.



4. Mar sin, ná breathnuigh én ní dá ndéana tú a
bheith mór; nó éifeachtach, uasal, luachmhar, nó
iongantach; ná saoil gurab fiú é meas do bheith air:
ní bhfuil an dadamh árd, uasal, nó oirdheirc ion-
mholta, nó ionsanntuighthe, acht amháin an ní atá
síorraidhe marthannach.


L. 116


Gabh taitneamh anns an fhírinne os cionn an uile
ní, agus bíodh fuath agus gráin agad a choidhche air
do mheathtacht agus air do mhiothuireacht, agus air
do mhór anbhfainne féin.



Ná h-imeagluigh, ná dío-mhol, agus ná teith roimhe
le an dadamh acht ria do lochta, agus do pheacaidh,
dá ba chóir mío-thaitneamh leat níos mó nó díoghbháil
air bith eile.



Atáid drong áirighthe nach siubhlann go díreach
nó go díleas os mo choinne, acht a bhíos aig imtheacht
le gné áirighthe cúirealtachta, agus beaduidheachta,
aig iarraidh fios mo rúindiamhra-sa fhághail, agus
neithe ró-árda Dé do thuigsin, gan chúram air bith
iompa féin, nó fá shlánughadh a n-anma.



Tuitid a macasamhala so go minic a gcathuighthibh
móra, agus a bpeacadhaibh tré n-a n-uabhar agus
tré n-a gcúirealtacht a n-aghaidh mo thola-sa.



5. Bíodh eagla ort roimhe le breitheamhnas Dé,
agus uathbhas ort ria feirg an Uile-Chumhachtaigh,
acht ná gabh ort féin oibreacha an Árd-Dia do
sbíonadh, acht sgrúd do lochta féin, a léitheid
modh do pheacuigh tú, agus a léitheid maith do leigis
dhíot gan déanamh.



Iomchrann cuid do na daoine a gcrábhadh ann a
leabhraibh amháin, cuid eile ann a n-iomhaighibh, agus
cuid ann a gcomharthaibh, agus ann a bhfioghrachaibh
foir-imeallacha.



Bím aige cuid eile ann a mbeul, acht go beag
ann a gcroidhthibh.



Atáid dream eile, air n-a soillsiughadh ann a
dtuigse, agus ró-ghlan ann a gcroidhthibh, a bhíos aige
síor-thóraidheacht air an bheathaidh mharthannaigh; is le
doilgheas éisdid le neithibh talmhaidhe, agus is


L. 117


deacair leo friotháileadh do riachtnasaibh na nádura;
agus mothughid an mhuinntir-se an ní a labhras
Sbiorad na Fírinne ionnta féin.



Óir, múineann Sé dóibh na neithe talmhaidhe do
tharcuisniughadh, agus na neithe neamhdha do
ghrádhughadh, an saoghal do sheachnadh, agus neamh
do shanntughadh gach uile ló agus oidhche.



An 5 caibidil.
A labhras air éifeacht iongantaigh an ghráidh neamhdha.



1. Beannuighim Thú, a Athair Neamhdha, Athair mo
Thighearna Íosa Críosda; cionn gur dheonuigh Tú
cuimhniughadh orm-sa, an bochtan.



O! Athair na trócaire, agus a Dhia na n-uile
sólas, do bheirim buidheachas dhuit, air son go dtug
Tú air uairibh cómhshólas damh-sa, nach ar bhfiú mé
sólas nó furtacht air bith fhaghail.



Beannuighim Thú do ghnáth, agus do bheirim glóir
agus onóir dhuit mar aon let' aon Mhac, agus an
Spiorad Naomh an Comhfhurtoir go saoghal na saoghal.
Amen.



O! A Thighearna Dé, mo Ghráidhtheoir Naomhtha!
an tan a thiocfas Tú a m'chroidhe, béidh mo chliabh
astigh uile aig meadhradh le luathghaire.



Is Tú mo ghlóir agus iolgháirdeas mo chroidhe.



Is Tú mo dhóchas, agus mo dhaingneacht, agus mo
dhídean ló mo dhólais agus mo thriobloide.



2. Acht, do bhrigh nach bhfuil mo ghrádh air Dhia acht
lag anbhfann go fóill, agus nach bhfuil an t-subhailce


L. 118


fá na foirbhtheacht nó fá na h-iomláine agam, uime
sin is riachtanas damh comhfhurtacht agus sólas
fhaghail uaid féin, a Dhia; dá bhrígh sin, déana cuairt
ró-mhinic agam, agus múin mé le do riaghlachaibh
naomhtha.



Saor mé ó mo dhroch-thaodaibh claona, agus slánuigh
mo chroidhe ó m'uile dhroch-chlaontaibh seachranacha;
ionnas, air mo shlánughadh agus air mo ró-ghlanadh
astigh, go mbéinn ullamh chumh do ghrádhughadh, neart-
mhar aige fulang, agus seasmhach daingean anns na
subhailcibh.



3. Is ró-áidhbheil an rud a' grádh, is mór agus
is iomlán an maith é; 'sé an grádh amháin do bheir air
gach ní trom a bheith éadtrom, iomchrann sé gach
leathtrom go comhthrom, agus a ualach gan truime
gan saothar; agus do nídh sé gach searbh-chúis deagh-
bhlasta milis.



Gríosuigheann grádh uasal Íosa inn chum mór-
ghníomha maithe do dhéanamh; agus gluaiseann inn
do ghnáth chum na neithe is féarr do shanntughadh.



Is áil leis an ghrádh a bheith 'dréim suas, agus gan
cromadh síos air neithibh suaracha.



Is mian leis a' ghrádh dhiadha a bheith saor, agus
sgartha ó'n uile ghrádh saoghalta, d'eagla a radharc
inmheadhonach féin do thoirmeasg, nó a bheith air n-a
chreapall mar gheall air shochair nó air éadail air
bith shaoghalta; nó droich-mheisneach do ghabhail as
siocar caill maoine nó díoghbhála eile.



Ní bhfuil ní is milse nó an rádh, ní is láidre,
ní is airde, ní is fairsinge, ní is taitneamhaighe,
ní is iomláine, nó ní is féarr air neamh nó air
talamh; óir, is ó Dhia féin do geineadh an grádh,
agus ní h-éidir le ní air bith acht le Dia féin a


L. 119


shásadh nó shocrughadh os cionn chréatuiridhe uile na
cruinne.



4. An té aige a bhfuil grádh air Dhia, bíonn
sé luathghaireach, 'na rith, air eiteoig; bíonn sé
saor gan chreapall.



Do bheir sé an t-iomlán air son an iomláin, agus
atá an t-iomlán anns an iomlán aige; óir,
socruigheann sé anns an Aon Mhaith atá os cionn na
h-uile mhaitheas, uadha a dtig agus a ngeintear na
h-uile mhaitheas.



Ní dhearcann sé air na tiodlaicthibh, acht feuchann
sé air an Té do bheir uadha iad, os cionn an uile
mhaith.



Ní bhíonn eolas aig an ghrádh go minic air mhódh
nó air mhiosúr, acht bíonn aige goil agus fiúchadh os
cionn na h-uile mhiosúir.



Ní mhothuigheann an grádh ualach nó eire, ní bhíonn
suim aige a saothar; is mian leis níos mó nó is
éidir leis a dhéanamh; cha déan gearan fá ní do
bheith doi-dhéanta, óir measann go dtig leis an
uile ní do dhéanamh.



Mar sin, is éidir leis a' ghrádh an uile ní, agus
cuireann iomad de neithibh a ngníomh, do bhéarfadh
air neoch gan ghrádh luighe síos gan bhrigh gan mheisnigh.



5. Bíonn a' grádh á' faire agus a' coimhead, agus
ní bhfaghann suaimhneas 'na chodladh.



Ní bhíonn sé claoidhte air mbeith cortha; anns a'
chumhanglach, ní bhíonn sé cumhang; air gcreathnughadh,
ní bhíonn sé buaidheartha; ach mar lasair bheodha agus
mar dhrithleog air dearg-lasadh, éirigheann sé suas
agus gluaiseann roimhe go neamh-baoghlach.



An té a ghrádhuigheas, is aithne dhó creud adeir an
guth-sa.


L. 120


Is mór na gártha a gcluasaibh Dé fonn agus grádh
lasamhail an anma adeir: O mo Dhía! O mo Ghráidh!
is Tú m'uile agus is leat-sa mise go h-uile.



6. Méaduigh mo ghrádh, ionnas go ndeanainn
foghluim milseacht an ghráidh do fromhadh, nó do
bhlaiseadh ann mo chroidhe, agus go mbéinn aige
snámh, agus air mo leaghadh anns a' ghrádh.



Go raibh mé air mo chuibhriughadh a nglasaibh an
ghráidh, agus aig imtheacht asam féin amach air buile
tré ain-mhéad teasghoile agus aongantais an ghráidh!



Canfad caintic an ghráidh; agus leanfad mo
ghrádh anns na h-árdaibh; go raibh m'anam air n-a
bhásughadh ann do mholadh, agus air n-iolgáirdiughadh
ann do ghrádh!



Go raibh mo ghrádh ort níos mó nó orm féin, agus
orm féin amháin air do shon-sa, agus air chách eile,
a ghrádhuigheas Thusa dá ríribh, réir mar órduigheas
dligheadh an ghráidh atá 'na loinnir dheallradhaigh
aige fás uaid féin amach!



7. Atá an grádh lúthmhar, cliste, ionnraic,
cráibhtheach, taitneamhach, aoibhinn, neartmhar, foighi-
deach, díleas, eagnaidhe, feardha, seasmhach, agus
ní iarrann a shochar féin air én chor; óir, an tan
iarras neoch é féin tuiteann sé gan mhoill ó'n
ghrádh.



Atá an grádh fuireachair, úiríseal, díreach; agus
ní bhíonn sé so-fhaghala, baoth, nó éadtrom, agus cha
dtugann uidh nó aire do neithibh díomhaoineacha;
bíonn sé measardha, geanmnuidhe, daingean, suaimh-
neach, agus ró-choimheadach air a chéadfaidh uile.



Bíonn a' grádh umhal, úiríseal d'uachtranaibh, acht
beag-mheasamhail tarcuisneach air féin; díogh-
raiseach, dúthrachtach, ró-bhuidheach do Dhia, aige


L. 121


déanamh muinighne agus lán-dóchais chinnte as, agus
sin fós a n-aimsir a thiormluighthe an tan is lugha
a mbíonn blas air Dhia aige; óir gan doilgheas agus
buaidhreadh ní bhíonn grádh aig én neoch beo.



8. An té nach bhfuil ullamh do chum gach uile ní
fhulang, agus seasamh go díleas air aon toil le n-a
ghrádh, ní fiú é gráidhtheoir do ghairm dhe.



Is cóir do'n té aige a bhfuil grádh air Dhia, a bheith
umhal an uile chruadail dá sheirbhe do ghabhail agus
d'fhulang air a shon, agus gan dealughadh leis tré
chúis chontrardha air bith dá dteagmhadh dhó.



An 6 caibidil.
Do chruthughadh agus do dhearbhughadh an ghráidhtheora
fhírinnigh.



1. A mhic, adeir Críosda, ní bhfuil tú 'do
ghráidhtheoir eagnaidhe chalma go fóill.



Creud an fáth, a Thighearna?



Atá, cionn go dtuiteann tú air th'ais ó'n chéad
rún do thionnsgain tú, tré chontraracht dá laighead
a theagmhas, agus go mbíonn tú ró-shanntach aig
iarraidh cabhracha agus osaidh.



Bíonn an gráidhtheoir láidir seasmhach a n-aimsir
cathuighthe, agus ní chreideann sé cealga cluainteacha
na námhad.



Óir mar thaitnim-sa leis a n-aimsir a shólais agus
a shonais, ní mhío-thaitnim leis a n-aimsir a dhólais
nó a chruadh-fhortúin.


L. 122


2. Ní air a' bpronntanas nó air a' tiodlacadh a
bhíos meas aig an ghráidhtheoir, acht air an Té do bheir
an tiodlacadh uadha.



Is mó a dhearcann sé air a' deagh-thoil nó air an
éadail, agus measann sé a Ghrádh os cionn a
n-uile thiodlacadh.



Ní air a' tiodlacadh a leagas an gráidhtheoir uasal
a dheagh-thoil, acht orm-sa os cionn na h-uile
thiodlacadh.



Agus cia go mothuigheann tú air uairibh níos lugha
nó 'mhian leat do theasghrádh orm-sa nó air mo
naomhaibh, ná saoil, air a shon sin, go bhfuil do
luaigheacht uile caillte nó air ndul amugha.



An deagh-ghrádh sáimh-mhilis do mhothuigheas tú air
uairibh, is d'oibribh na ngrás atá agad sin, agus
réamh-bhlas áirighthe ghlóire na ríoghachta neamhdha.



Gidheadh, ní cóir ró-mhuinighin a dhéanamh as, mar
nach mbíonn acht aige dul agus aige teacht.



Agus is maith comhartha na subhailce agus luaigh-
eachta móire cruadh-chomhlan do dhéanamh a n-aghaidh
ghluaiseachtaidhe malluighthe na h-intinne, agus
cathuighthe an aidhbheirseora do tharcuisniughadh.



3. Mar sin, ná leig do smaointighthe seachranacha
coimhigheacha buaidhreadh a chur ort, ce bé air bith
taobh nó gléas a dtig siad ad' ionnsuidhe.



Coimhead do dheagh-rún go daingean, agus th'intinn
go díreach do Dhia.



Ma mhothuigheann tú thú-féin air uairibh air do
thógbhail a n-airde go h-obann anns na flaithis le
barr neart na caondúthrachta, agus go bhfillfeá
arís gan mhoill air dhíchéille ghnáthaigh do chroidhe, ná
meas gur meabhal nó mealladh sin.



Óir is mó fulaingeas tú iad a n-aghaidh do thola,


L. 123


nó do nídh tú iad dod' dheoin; agus an fad a mío-
thaitnid leat, agus a sbáirneas tú 'na n-aghaidh,
is luaigheacht duit sin, agus ní caill.



4. Bíodh fios agad go dtairgeann an t-aidh-
bheirseoir, an t-sean-námhaid, do dheagh-rún a bhacail
agus a chur air gcúl air fad, agus do thiompodh air
th'ais ó'n uile dheagh-chleachtadh crábhaidh, eadhon, ó
onóir na naomh, ó chuimhne naomhtha na páise, ó chuimhne
thairbheach do pheacaidh féin, ó fhaire agus ó choimhead
do chroidhe, agus ó do rún daingean a dhul air
th'aghaidh anns na subhailcibh.



Doirteann sé an iomad droch-smaointighe ann
th'intinn, chum claoi agus uathbhas a chur ort, do chum
do tharraing air th'ais ó'n urnuighe agus ó
léightheoireacht naomhtha.



Ní thaitineann an fhaoisidin úiríseal leis, agus,
dá mbadh éidir, ní leigfeadh sé dhuit cumaoineach do
ghabhail.



Acht ná creid é, agus ná géill dó, cia go gcuir-
feadh an iomad gaistidhe cealgacha go minic 'na
suidhe romhad.



An tan a shéideas an droch-sbiorad smaointighthe
neamh-ghlana ann th'intinn, fag air féin iad arís.
Agus obair leis:



Imthigh, a sbioraid neamh-ghlain; gabh náire agus
aithmheal, a dhroich-sbioraid shalaigh, atá 'cur a léitheide
sin ann mo chluasaibh.



Imthigh uaim, a dhroich-mhealltoir, cha bhíonn cuid air
bith agad dhíom-sa; acht béidh Íosa 'na chosantoir
agus 'n-a churadh chródha agam, agus béidh tusa 'do
sheasamh air d'imdheargadh lán náire agus faitchis.



Is féarr liom bás agus an uile phian d'fulang,
nó umhlughadh air én mhodh dhuit-se.


L. 124


Bí balbh 'do thosd, óir ní éisdfead-sa níos fuide
leat dá mhéad cathuighthe nó buaidhreadh do chuirfeá
orm.



'Sé an Tighearna mo shoillse agus mo shláinte, cia
roimhe a mbéadh eagla orm?



Dá gcuirfidhe sluagh na ndeamhan uile os mo
choinne, ní bhéadh eagla air mo chroidhe, óir is É an
Tighearna mo fhear-chuidigh agus mo shlanuightheoir.
(Psailm,26,1,7,18,15).



5. Déana saighdeoracht mar ghaisgidheach cródha,
agus ma thuiteann tú air uairibh le tré luige agus
anbhfainne, éirigh arís, agus glac meisneach níos mó
nó do bhí agad a roimhe, aige cur do dhóchais ann
mo mhór-ghrásaibh-se; agus coimhead thú féin go mór
air antoil dhíomhaoin agus air dhíomas.



Óir cuireann so móran air seachran, agus tuitid
air uairibh a ndaille agus a ndorchadas nach éidir
a léigheas.



Gabh thusa so mar rabhadh chum thú féin do choimhead
agus úirísliughadh go bráthach, eadhon, an tuiteam-sa
lucht an uabhair atá dóchasach go díchéillidhe asta
féin.



An 7 caibidil.
Mar is dleacht na grása d'folach faoi chuim agus
sgáth na h-úmhlachta.



1. A mhic, is tairbhighe neamh-baoghalaighe dhuit
grása na caondúthrachta agus an chrábhaidh a fholach,
nó a dhul a n-árd-uaill air a shon, gan móran cainnte


L. 125


a dhéanamh air, nó ró-mheas a bheith agad ort féin
uime; acht thú féin do tharcuisniughadh agus d'úirís-
liughadh mar neoch nach ar bhfiú na grása sin d'fhaghail.



Ní cóir do neoch grádh ró-áidhbheil a cheangal leis
an ní dob éidir a chlaochlódh agus a theacht contrardha
a ngearr aimsir.



An tan a bhíos tú anns na grásaibh, smaoinigh air
chomh truagh agus chomh bocht a bhí tú an tan nach
raibh na grása agad.



Ní a ngrása an t-sólais amháin do bheith aige neoch
atá foirbhtheacht iomlán na beathadh sbioradálta, acht
anns an fhulang umhal, fhoighideach do nídh duine an
tráth nach mbíonn na grása aige; air mhodh nach
n-éireochadh sé sbadanta 'san urnuighe an tan sin,
nó nach leigfeadh dhe a ghnáth-gníomhartha maithe eile a
dhéanamh; acht, an uile ní dob éidir a dhéanamh go
fonnmhar réir a chumhachta agus a thuigse; agus gan
é féin a leigint a bhfaillighe go h-iomlán air son
triomlacht nó triobloid intinne do mhothughadh.



2. Óir, atáid iliomad a théid a mío-fhoighide agus
a leisge an tan nach n-éirigheann na neithe réir a
dtola go maith leo.



Óir, is deimhin nach bhfuil slighe an duine air a
láimh féin a gcomhnuidhe; acht is air láimh Dé atá an
tiodlacadh agus sólas do thabhairt uadha, an uair
is toil leat féin, an méad is áil leis, agus do'n
té is áil leis réir a thola, agus ní théid níos fuide.



Milleann daoine gan deiscreide iad féin, a
dtaobh ghrása an chrábhaidh; óir is áil leo níos mó
a dhéanamh nó thigh leo, gan feuchain air mhéad nó
air mhiosúr a luige agus a n-anbhfainne féin, acht
aig leanmhaint miangas a gcroidhe níos mó nó
ciall cheart na tuigse agus an réasuin.


L. 126


Óir, do chuir siad rompa go h-an-dána níos mó
a dhéanamh nó ba toil le Dia; agus uime sin do
chailleadar air ball na grása.



Agus an mhuinntir sin do bhí aige déanamh nid
dóibh féin anns na flaitheamhnais, do fágadh iad
tarcuisneach tarnochttha folamh; ionnas, air n-a
bhfádhbhadh agus air n-a n-ísliughadh mar sin, go
ndéanaidis foghluim gan taobhadh le n-a sgiathanaibh
féin, acht iad féin a fholach faoi mo sgiathanaibh-se.



An drong atá nuaidh aineolach a slíghe an Tighearna,
mur mbéidh ar n-a riaghaladh le comhairle na ndaoine
deiscreideacha, is ró-uras a mealladh, a leonadh, agus
a leagadh.



3. Agus ma's mian leo a mbreathnughadh féin do
leanmhain níos mó nó creidmheal do na h-eolachaibh,
is contabhairt dóibh droich-chríoch, ma dhiúltann siad
tarraing air a n-ais ó n-a n-dealbhchumadracht féin.



Is annamh fhulaingid riaghail do ghabhail ó chách eile
go h-umhal an dream aca a mbíonn meas mór
críonnachta orra féin.



Is féarr beagan feasa agus foghluma mar aon le
h-úirísleacht, nó oirchisde na h-árd-fhoghluma maille
re miangasaibh díomhaoineacha.



Is féarr duiit beagan do bheith agad, nó móran as
a rachfá a n-uabhar.



Ní ró-dheiscreideach do nídh an té do bheir é féin
suas do luathghaire, aige déanamh dearmaid dá
bhochtaine a n-allód agus d'eagla gheanmnuidhe an
Tighearna, im-eagluigheas na grása do fuair sé do
chailleadh.



Mar an gceudna, ní duine ró-eagnaidhe an té
a théid a n-eudóchas a n-aimsir buaidheartha agus


L. 127


cruadhóige, agus do smaoinigheas agus do mhothuigheas
níos lugha dóchais ionnam-sa nó mar do ba chóir dó.



4. An té aige a mbíonn ró-dhóchas as féin a
n-aimsir na síothchana, is minic a bhíonn sé lán uamh-
ain agus eagail a n-aimsir na comhlana agus an
chatha.



Dá mbadh eol duit an mheasardhacht agus an umhlacht
a chongbhail agad féin do ghnáth agus do sbiorad a
stiúradh agus do ríoghaladh go maith, ní thuitfeá
chomh h-obann agus sin a gcoir nó a gcontabhairt.



An tráth a mhothuigheas tú sbiorad an chrábhaidh agad,
is maith an chomhairle smaoiniughadh gad é mar bhéas
tú, an tráth a sgarfar an t-soillse sin leat.



Agus ma theagmhann do'n t-soillse sin dealughadh
leat, smaoinigh go mb'éidir leis filleadh ort arís
an deallradh sin do bhain mise dhíot go feadh tamaill
chum rabhaidh agus comhairle dhuit-se, agus chum glóire
dhamh féin.



5. Is tairbhighe go minic a léitheid so do dhearbhughadh,
nó dá bhfaghthá gach én ní do ghnáth aig éirighe leat
réir do thola.



Óir, ní air son taisbeanta móra agus comhshólais
iomdha do bheith aige duine, nó air son é a bheith eolach
anns a' Scrioptuir dhiadha, nó air son é a bheith 'n-a
uachtaran, nó a n-árd-chéim; ní air son én ní aca so
a mheasthar tuillmhe nó luaigheacht do bheith aige.



Acht air son é a bheith air n-a chomh-dhaingniughadh
anns an umhlacht, agus lán do'n charthannacht dhiadha;
agus tré a bheith go h-uile aige glain-iarraidh onóra
Dé do ghnáth; tré é féin a tharcuisniughadh, agus
a dhí-mheas mar an dadamh, air mhodh gur mhó an
luathghaire a bhéadh air sbíd agus droich-mheas fhaghail
ó chách nó móir-mheas agus onóir.


L. 128


An 8 caibidil.
A labhras air an droich-mheas a dhlighthear do dhuine
a bheith aige air féin a bhfiadhnaise Dé.



1. Labhrfad le mo Thighearna, cia nach bhfuil mé
ach 'mo chré agus 'mo luaithrean. (Gen.c.18,27).



Agus dá mbéadh meas níos mó nó sin agam orm
féin, feuch go seasann Tú féin, a Thighearna, a m'
aghaidh, agus go ndéanaid mo lochta féin fiadhnaise
fhírinneach a m'aghaidh nach éidir liom a shéanadh.



Gidheadh, ma tharcuisnighim mé féin, agus mo luige
féin a thaisbeanadh, agus an uile mhóir-mheas orm
féin a dhíbirt, agus áireamh nach bhfuil ionnam féin
ach luaithrean, mar nach bhfuil dá ríribh, béidh do
ghrása ró-aodhbha liom, agus béidh do shoillse a
gcomh-fhoigse mo chroidhe, agus rachaidh an uile
mheas dá laighead orm féin air gcúl, air na bhathadh
a n-íochdar agus a n-aigean mo neimhnidhe agus
m'anbhfhainne féin go bráthach.



Is annsin a bheireas Tú fios damh, agus a thaisbeanas
Tú, creud an ní mise, creud as a ndearnadh mé,
agus cá chuige a dtainic mé; óir, ní bhfuil ionnam
ach an dadamh, agus ní raibh fios nó eolas agam
féin air sin.



Ma fhágthar 'mo mhuinighin féin mé, feuch nach bhfuil
mé ach 'mo neimhnidh, anbhfann easlán uile; ach ma
dhearcann Tusa, a Thighearna, go tapaidhe orm, béidh
mé, air ball, air mo neartughadh, agus air mo líonadh
go lom-lán do nuadh luathghaire.


L. 129


Agus is ró-iongantach an ní, mise atá ó náduir
trom tuitmeach do ghnáth air aigean, go dtógfaidhe
a n-airde chomh tapaidh agus sin mé, aige faghail
fáilte muinntearaighe agad.



2. Is é do ghrádh-sa, a Thighearna, do nidh so uile,
aige dul romham, agus aige réimh-fheuchain, agus
aige réamh-fhurtacht orm a n-asgaidh gan tuillmhe
nó luaigheacht do m'thaobh-se, agus aige cuideamh
liom ann an iomad riachtnas, agus a chosnas mé air
pheirioclaibh ró-mhóra, agus gá mo tharraing ó olcaibh
doi-innse do-áirmhe, mar is éidir liom a rádh.



Go dearbhtha, do chaill mé mé féin, le n-iomad
gráidh míríaghalta orm féin; acht, an tan d'iarr mé
Thusa a t-aonar, agus a ghrádhuigh mé Thú go fíor-
ghlan, fuair mé Thusa agus mé féin fós, agus as a'
ghrádh sin, thainic chugam, gan dadamh do mheas a
bheith agam orm féin.



Óir, a Thighearna ró-mhilis, do nídh Tú féin liom
níos mó nó is fiú mé, agus níos mó nó leigeas an
eagla dhamh iarraidh nó dúil a bheith leis.



3. Go mbadh beannuighthe Thú, ó mo Dhia! Óir,
cé go bhfuilim-se 'mo neamh-airidhe air an uile mhaith,
cha déan do mhaitheas ró-uasal neimh-chríochnuighthe-se
sgíth nó comhnuidhe ó mhaitheas do dhéanamh go bráthach,
agus fós do na daoinibh neamh-buidheacha féin gan
séanadh, agus do na drongaibh is fuide a ghabhas ó
do shlighthibh.



Till chugad féin inn, a Thighearna, ionnas go
mbéidhmis buidheach, diadha, úiríseal, deagh-rúnach;
óir, is Tú féin ár sláinte, ár neart, agus ár
ndaighneacht.


L. 130


An 9 caibidil.
Do'n mhodh ar a ndlighthear an uile ní áireamh air
Dhia, is É is finid, agus is críoch dhéidheanach dúinn.



1. A mhic, ma's áil leat a bheith naomhtha beann-
uighthe go fírinneach, tuig gur Mise is árd-chríoch
dhéidheanach dhuit.



Glanfar leis an deagh-rún-sa do mhiangas agus
th'antoil a bíos go minic ró-cheangailte do féin,
agus do na créatuiribh eile.



Óir, ma iarrann tú thú-féin a n-én ní, air ball,
seargann tú aige dul a luige, agus a n-anbhfainne
ionnad féin.



Tabhair, mar sin, gach én ní damh-sa go sonnradhach,
óir is Mise a thug gach uile ní uaim.



Is amhlaidh, mar sin, meas gach uile ní mar
do thiocfadh ó'n ÁrdMhaitheas Dhiadha; agus mar sin,
dlighthear na h-uile ní a thoirbheirt damh-sa is fréamh
agus tús dóibh.



2. Is uaim-se, an tobar beo, a thairringid an
beag agus an mór, an bocht agus an saidhbhir
fíor-uisge na beathadh; agus an méid do nídh seirbhis
damh go fonnmhar toilteanach, do gheobhaidh siad
grása air son grása uaim.



Acht an té iarras é féin do bheith fá mheas agus
fá ghlóir amach uaim-se, nó shanntuigheas sólas
fhaghail ó ní air bith go sonnradhach dam' fhéagmhais,
cha bhíonn sé air n-a chomh-dhaingniughadh 'san iolgháir-
deas fhíre, nó saor suaimhneasach ann a chroidhe, acht
béidh sé air n-a chumhgughadh agus air n-a thoirmeasg
go ró-mhinic.


L. 131


Mar sin, ná maoidhimh go bhfuil maith air bith agad
dod' chuid féin, agus na h-iarr neart nó subhailce
a bheith aig én neoch; acht tabhair an t-iomlán do Dhia,
óir ní bhfuil ní air bith aig an duine 'na fhéagmhais.



Is Mise a thug uaim gach ní dá bhfuil aige, agus is
áil liom iad filleadh orm féin arís, maille re
dúthracht agus ró-bhuidheachas air a son.



3. 'Sé so an fhírinne le a sgriostar an ghlóir
dhíomhaoin.



Agus ma thigid na grása asteach ad' mheanmain,
agus an charthannacht dá ríribh ann do chroidhe, cha
bhíonn iomthnuth nó briseadh croidhe ort, agus cha
bhíonn ró-ghrádh ort féin ceangailte dhuit.



Óir, claoidheann an grádh neamhdha gach én ní, agus
méaduigheann sé neart agus cumhachta an anma.



Ma atá do chiall air do chumas, is ionnam-sa
amháin a bhíos do luathghaire, agus do dhóchas; óir,
ní bhfuil én neoch go maith acht Dia 'na aonar, glóir
agus moladh dó ó na h-uile dhuine, agus thar gach
uile ní, agus beannughadh ann gach én ní!



An 10 caibidil.
Amhail aige tarcuisniughadh agus aige diúltadh
do'n t-saoghal, is ní ró-thaitneamhach seirbhis Dé
do dhéanamh.



1. Labhrochad anois arís, a Thighearna, agus cha
bhím 'mo thosd; do bhéarfaidh mé cogar do mo Dhia,
mo Thighearna, agus mo Righ atá air neamh.


L. 132


O, creud é méad iomadamhlacht do mhilseachta, a
Thighearna, atá a dtaisgidh agad do'n mhuinntir orra
a mbí eagla romhad!



Acht creud Thú do'n mhuinntir a ghrádhuigheas Thú?
Creud a bheireas Tú do na drongaibh do nídh do
sheirbhis ó n-a gcroidhe go h-iomlán?



Go fírinneach, is dó-fhaisnise doi-innse milseacht
an chomhshólais ró-sháimh do bheir Tú do'n mhuinntir a
ghrádhuigheas Thú.



Is ró-mhór do thaisbean Tú milseacht do char-
thannachta damh-sa go speisialta; óir an tan nach
rabhas air a' t-saoghal, do dhealbh agus do chumais
mé; agus a tan do bhí mé air seachran, do thug
Tú air m'ais arís mé do chum seirbhis a dhéanamh
dhuit; agus do thugais órdughadh agus aithne dhamh
Thú féin do ghrádhughadh.



2. O! Thiobroid an ghráidh shíorraidhe! creud a
déarfas mé leat?



Cionnas is éidir liom dearmad a dhéanamh dhíot,
noch do dheonuigh cuimhniughadh orm-sa, agus sin fós,
tar éis mé seargadh agus a dhul amugha?



Do rinne Tú trócaire air do sheirbhiseach níos
mó nó a raibh sé a' feitheamh leis, agus do thug grása
níos mó nó thuill sé.



Creud a bhéarfas mé dhuit air son na ngrása sin?
Óir, ní do gach én neoch do bheirthear grása an uile
ní do thréigbheal, an saoghal fhágbhail, agus a dhul
asteach a n-órd, agus a mbeathaidh riaghalta uaignigh.



An mór dhamh-sa do sheirbhis a dhéanamh, agus go
bhfuil d'fhiachaibh air an uile chréatuir seirbhis a
dhéanamh dhuit?



Ní cóir damh-sa a mhaoidheamh nó a bhreathnughadh
gur mór an ní seirbhis a dhéanamh duit-se; acht is


L. 133


mó mheasaim gur mór agus iongantach an ní Thusa
dheonughaddh gabhail chugad ann do sheirbhis bochtan
chomh mí-dhiongmhala liom-sa, agus mo choimh-cheangal
ameasg do shearbhoghantuidhe grádhacha féin.



3. Feuch, is leat féin, a Thighearna, gach ní dá
bhfuil agam-sa chum do sheirbhis a dhéanamh.



Gidh gur mó an fóghnamh do nídh Tusa dhamh-sa nó
do nídhim-se dhuit-se.



Feuch neamh agus talamh, noch do chruthuigh Tú do chum
seirbhis an duine, atá siad ullamh, agus do nídh
siad gach én ló réir th'aithne, agus th'órduighthe féin
dóibh.



Agus mar ba bheag leat sin, do chruthuigh Tú fós
na h-aingil agus d'órduighis do sheirbhis an duine
iad.



Acht, atá én ní amháin do sháruigh agus do chuaidh
os cionn an iomláin, agus sé sin, gur dheonuigh Tú
féin, a Dhia, seirbhis an duine do dhéanamh, agus
Thú féin a thoirbhirt dó fá dheoidh.



4. Creud a bhéarfas mise dhuit air son an oirid
sin do mhíltibh maitheasa? Och, dá bhféadainn do
sheirbhis a dhéanamh air feadh laethe mo bheathadh!



A Dhia, nach dtiocfadh liom aon lá amháin a chaitheamh
go diongmhala ann do sheirbhis!



Is Tú féin amháin is airidhe air an uile sheirbhis,
air an uile onóir, agus air an uile mholadh go
síorraidhe.



Is Tusa mo Thighearna go fírinneach, agus is
searbhfoghantuidhe bocht duit mise, orm a bhfuil
d'fhiachaibh do sheirbhis a dhéanamh le m'uile bhrígh agus
neart, agus gan a bheith cortha a choidhche dod' mholadh.



'Sé so mo thoil agus mo mhian; agus ce bé atá
dholaidh orm, a Thighearna, deonuigh féin a chóimhlíonadh.


L. 134


5. Is mór an onóir, agus an ghlóir do sheirbhis a
dhéanamh, agus an uile ní eile do tharcuisniughadh
mar ghrádh ort.



Is mór na grása a gheobhas an drong umhluigheas go
fonnmhar do sheirbhis ró-bheannuighthe a dhéanamh.



Do gheobhaidh sólas sáimh-mhilis ó-n Spiorad Naomh
an mhuinntir a dhiúltas d'ainmhiantaibh uile na colna
mar ghrádh ort-sa.



Agus gheobhaidh lán-shaoirse anma, an mhuinntir
a chuireas an uile chúram saoghalta dhíobhtha, agus a
théid asteach san mbealach chumhang air son agus mar
gheall air th'ainm-se, a Thighearna.



6. Ó! A sheirbhis shámh-thaitneamhach Dé, a shaoras
agus a naomhas neoch go fírinneach!



O! A stáid naomhtha na beathadh riaghalta do nídh
an duine comh-chosamhail le na h-ainglibh, tait-
neamhach aige Dia, uathbhasach aig na deamhain, agus
ionmholta aig na fíréin!



O! 'so an t-seirbhis is ceart a ghabhail agus a
shíor-iarraidh, tré a dtuillthear an t-Árd-Mhaith,
agus tré a ngnothuighthear an t-aoibhneas a mhairfeas
gan chrích gan fhoircheann.



An 11 caibidil.
Amhail mar is dual ainmhianta an chroidhe do
sgrúdughadh agus do shuaimhniughadh go ró-riaghalta.



1. A mhic, is éigin duit neithe iomdha fhoghluim go
fóill, nach ar fhoghluim tú go nuige so.



2. Creud na neithe iad sin, a Thighearna?


L. 135


3. Atá, do thoil do chur uile do réir mo thola-sa
agus gan ró-ghrádh a bheith agad air do thoil féin, acht
a bheith 'do ghrádhuigheoir fhonnmhar air mo thoil-se.



Is minic agus is neartmhar a ghríosuigheas agus
a ghluaisead do mhiangasa thú; acht tabhair dot'
aire an air son m'onóra-sa nó air son do shochair
féin a ghluaisthear thú.



Ma's Mise fáth agus cúis do ghluaiseachta béidh
tú ró-bhuidheach air gach ní óirdeochas Mise; acht
ma tá én ní dod' thoil féin agus dod'iarraidh a
bhfolach agad, 'sé sin atá'n a bhacan agus 'na throm-
bhuaidhreadh ort.



4. Mar sin, bí air do choimhead, gan ró-mhuinighin
a chur a dtoil nó a miangas air bith dá raibh agad,
gan mo chomhairle-se air tús, d'eagla go mbéadh
aithreach ort arís, nó go mío-thaitneadh fá dheoidh
an ní do ró-thaitin leat air tús.



Óir, ní cóir gach én mhian a shaoiltear a bheith ró-
mhaith do leanmhain go ró-luath; nó fós an mian nó
an fonn contrardha do dhiúltughadh agus do sheachnadh
go ró-obann.



Is ró-mhaith, air uairibh, srian a chur air na claon-
taibh agus air na miantaibh dleistionacha féin
d'eagla seachran nó mearughadh a theacht air do
chéill le h-iomadaighe práidhinne agus deifre; nó
ádhbhar gearain a thabhairt do chách le h-easbhaidh
deiscreide; nó fós tú féin tuiteam nó turnamh
nó buaidhreadh fhaghail tré chonsboid nó chontrailleacht
na muinntir' eile.



5. Acht, air uairibh is éigin troid go cródha a
n-aghaidh na gclaonta brúideamhla, gan géilleadh
do mhian nó d'ainmhian na colna, acht dícheallt a


L. 136


dhéanamh an cholann do chur faoi smacht do'n sbiorad,
a dheoin nó air éigin.



Agus is amhlaidh is mar sin is cóir an cholann a
smachtughadh, nó go mbéidh sí ullamh umhal air an
uile ní fhulang, agus go ndéanaidh sí foghluim a
bheith soi-riartha sásta le beagan, agus luathghaireach
faillteach roimhe le neithibh suaracha simplidhe, gan
mhurmar gan ghearan.



An 12 caibidil.
A labhras air eolas na foighide, agus air chlaoi
na h-antola.



1. A Thighearna Dé, tuigim go bhfuil an fhoighide
ró-riachtnasach agam; óir, is iomdha ní contrardha
a theagmhas air a' t-saoghal-sa.



Óir, ce bé air bith modh a gcuirfead romham
síothchain dh'fhaghail, ní h-éidir le mo shaoghal a bheith
gan chogadh, gan bhuaidhreadh, gan dólas.



2. Is mar sin atá, a mhic; acht is é mo thoil-se
gan tusa a léitheid sin do shíothchain d'iarraidh a
bhéadh saor air an uile chathuighe agus chontraracht do
mhothughadh.



Agus an uair a bhéas tú air do ghreadadh agus air
do dhearbhughadh le n-iomad buaidheartha agus
triobloide, meas an uair sin go bhfuair tú an
t-síothchainte.



Ma deir tú nach éidir leat móran cruadala
fhulang, cionnas is éidir teine purgadora fhulang?


L. 137


As dhá olc glac do roghain an t-olc is lugha a
gcomhnuidhe.



Dá bhrígh sin, ionnas go mbadh éidir leat na pianta
síorraidhe do sheachnadh, cuir romhad na pianta atá
a láthair iomchar go foighideach mar gheall agus mar
ghrádh air Dhia.



An measann tú nach bhfuil ach beagan nó an
dadamh le fulang aige lucht a' t-saoghal-se? Is
ní so nach bhfuil le faghail ameasg na muinntir'
is aoibhnne agus is ádhmhaire beatha faoi sholas na
cruinne.



3. Acht, déarfaidh tú, "Atá móran aoibnis agus
aignidh aca, leanaid a dtoil agus a n-aigneadh féin,
agus mar sin, ní mór, acht is ró-bheag a mhothuigheann
siad a dtriobloid agus a mbuaidhreadh féin."



4. Acht, bíodh gur mar sin féin atá, agus go
mbéadh gach én ní aca réir a dtola agus a miangais
féin, cá fada a shaoileas tú a mhairfeas sin dóibh?



Feuch, go n-imtheochaidh thart mar cheo agus mar
dheatach lucht shaidhbhris an t-saoghail-se, agus go
rachaidh cuimhne na sólas a bhí aca air dearmad.



Agus fós, an tan a bhíonn siad air a' t-saoghal
féin, ní bhíonn siad sásta nó socair ionnta, nó saor
gan searbhadas, tuirse, agus eagla orra umpa.



Óir, is minic a bhíos an ní ceudna do thug an sólas
dóibh, 'na ádhbhar dólais phiantamhail arís aca.



Agus is ró-cheart sin teagmhal dóibh, gan an
mhuinntir a bhí aig iarraidh agus aig leanmhain a
n-ainmhianta míriaghalta féin, a bhfaghail nó a
bhfromhadh ach maille le coiciach, searbh-náire, agus
domlas.



5. Och! is gearr-bhuan, cealgach, cluainteach mí-
riaghalta, miothur, na h-ainmhianta salacha-sa uile!


L. 138


Ach, fáraor! Do bheir an daille, agus an
mearamh céille air dhaoine gan sin a thuigbheal;
ach, amhail beithidhigh brúideamhla gan tuigse, théid
siad a gcontabhairt bás damanta dá n-anam féin,
mar gheall air ró-bheagan sólais so-bhasuighthe an
t-saoghail thruailltighthe.



Acht, thusa, a mhic, ná lean do chlaonta meardhána
mío-órduighthe féin, ach seachain agus tréig do thoil
féin. (Eccles.c.18,30).



"Cuir do thoil anns a' Tighearna, agus bhéarfaidh
Sé iarraidh agus miangas do chroidhe dhuit."
(Pslm.36,v.4).



6. Óir ma's áil leat sólas a bheith agad go
fírinneach, agus aoibhneas fhaghail uaim-se níos
líonmhaire, feuch, gur a dtarcuisne agus a
dtréigbheal an t-saoghail uile, agus a ngearradh
agus a ndíbirt na n-aoibhneas agus na n-ainmhianta
suaracha, salach, saoghalta uaid a bhéas do shonas, agus
do bhéarfar comhshólas go líonmhar duit.



Agus ní bhfuil dá mhéad agus dhiúltas tú do
shólasaibh sháimh-chealgacha na gcréatuir uile, nach
milse agus nach neartmhaire a bhéas na sólais a
gheobhas tú ionnam-sa.



Acht, air dtús, ní gan dólas, gan dochar, nó gan
chomhrac air a son a gheobhas tú na neithe-se.



Béidh an droich-chleachtadh a bhí agad a' cur bacain
ort; acht claoidhfidh tú an droich-chleachtadh sin le
cleachtughadh is féarr nó é.



Béidh a' cholann a' murmar ad' aghaidh; acht cuirfidh
teasghrádh na sbioraide srian leithe.



Béidh an sean-nathair nimhe a' cur cathuighthe agus
buaidheartha ort; ach cuirfear ruaig agus teitheamh


L. 139


leis an urnuighe air; agus fá dheoidh ná bí díomhaoin
gan deigh-ghníomh éigin tairbheach a bheith do-ghnáth air
th'aire, óir druideann agus dúnann siad doirse
agus an t-slíghe a bhéas aige an aidhbhirseoir chugad.



An 13 caibidil.
A thráchtas air an umhlacht is dleacht do gach neoch
úiríseal do bheith aige réir na h-easamplara thug
Íosa Críosda uadha.



1. A mhic, an té a thairgeas é féin a tharraing
ó'n umhlacht, tarraingeann é féin ó n-a grásaibh;
agus ce bé a bhíos aig iarraidh a choda air leith,
cailleann sé a chuid do'n chomh-roinn choitcheannda.



Ce bé nach umhluigheann é féin dá thoil agus dá
dheoin do'n uachtran, is comhartha sin nach bhfuil
an cholann go h-iomlán umhal dó féin go fóill,
acht go mbí go minic a' murmar agus a' sbáirn i
n-a aghaidh.



Mar sin, foghluim go luath thú féin úirísliughadh
dod' uachtran ma's maith leat an cholann do
smachtughadh dhuit féin.



Óir, is luaithe a chlaoidhtear an námhaid do'n taobh
amuigh, an duine a bheith iomlán lán-dhaingean ann
féin do'n taobh astigh.



Ní bhfuil bíodhbha nó námhaid aige th'anam is measa
agus is urchoidighe ná thu féin, mur bhfuil tú air
aon rún go maith le do sbiorad.


L. 140


Is éigin duit thú féin a tharcuisniughadh dá ríribh,
ma's áil leat th'fhuil agus th'fheoil féin do
chlaoi.



Is eagal agus is deacair leat umhlughadh a bheith
air thoil na muinntir' eile, cionn go bhfuil grádh
ró-neamh-órduighthe agad ort féin go fóill.



2. An mór nó an iongantach an ní thusa umhlacht
a thabhairt do dhuine eile air son Dé, nach bhfuil tú
féin acht 'do luaithrean agus 'do neimhnidh, an tan
do rinne Mise, an t-Árd-Dia uile-chumhachtach do
chruthuigh neamh agus talamh as an dadamh, Mé féin
íseal-chlaodhadh do dhuine air do shon-sa?



Atá Mé air mo dhéanamh níos umhaile agus níos
ísle nó én neoch eile, ionnas go mb'éidir leat-sa
th'uabhar féin do chlaoi tré m'úirísleacht-sa.



Thusa, a luaithreain, nach bhfuil ach 'do chré agus
'do chlábar, foghluim an umhlacht agus an urraim,
agus cromadh faoi chosaibh cáich.



Foghluim do chlaonta féin a bhriseadh, agus an uile
chineal umhlachta do dhéanamh.



3. Bí ann dearg-lasair feirge leat féin; agus
ná fulaing do'n uabhar agus do'n árdanacht do
shéideadh suas nó fás ionnad; acht déana thú féin
chomh beag agus chomh úiríseal agus sin, go mbadh
éidir le gach én neoch saltairt ort, agus do
phreabadh faoi n-a gcosaibh, mar aoileach agus cladach
na sráideann.



A dhuine bhaoith gan céill! creud é ádhbhar do
ghearain?



A pheacaigh shalaigh! creud a thig leat a rádha a
n-aghaidh na muinntir' a mhasluigheas thú; agus a
léitheid uair agus do mhasluigh tú féin Dia, agus a
mhionca uair do thuill tú ifreann duit féin?


L. 141


Acht, do choigil, agus do chaomhain Mise thú, rinne
Mé foighide agus fulang leat, air son go raibh
t'anam ró-uasal ann mo shúilibh agam; ionnas go
n-aithneochthá mo ró-ghrádh ort, agus go mbeitheá go
bráthach ró-bhuidheach do mo thiodlaicthe dhuit, agus go
dtugthá thú féin do'n umhlacht agus do'n urraim do
ghnáth go fírinneach, agus do mhasla féin iomchar agus
fhulang go foighideach.



An 14 caibidil.
Mar is dleacht smaoiniughadh air bhreitheamhnas
dhiamhair Dé, ionnas nach séidfidhe suas inn, le
h-uaill as ár ndeigh-ghníomharthaibh féin.



1. A Thighearna, an tan do chluinim do bhreitheamh-
nas mar tháirnigh os mo chionn a' bagra orm, bíonn
mo chnámha air basmairt le h-eagla agus le
criothnughadh, agus m'anam air crith go ró-áidhbheil
le h-uathbhas.



Seasaim go gealtach, agus smaoinighim gur neamh-
ghlan na flaitheamhnais féin a d'fhiadhnaise. (Iób.
c.15,v.15).



Ma fuair tú locht air na h-ainglibh agus nach ar
chaomhnais iad, creud éireochas damh-sa?



Thuit na réalta as na flaithis, (Iób.c.4,18,
Apoc.16,13), agus mise nach bhfuil ach 'mo luaithrean,
creud a thig liom a ghabhail orm féin do dhéanamh
uaill as?



An drong air saoileadh a n-oibreacha a bheith ion-
mholta agus ró-mhaith, do thuiteadar go h-íochtar an


L. 142


aigein; agus an drong a bhí aig ithe arain na
n-aingeal, do chonnaic mé iad aig ithe na ndearcan
leis na muca go ró-fhonnmhar arís 'na dhiaidh sin.



2. Mar sin, ní bhfuil naomhthacht aig én neoch, ma
tharraingeann Tusa do lámh, a Thighearna, uadha.



Ní fiú an dadamh an eagna, ma sgarann Tú féin
o'n stiúir.



Ní bhfuil tairbhe do neoch a bheith neartmhar, ma
thógann Tusa Thú féin suas ó n-a chothughadh.



Is ró-neimh-dhearbhtha do'n gheanmnaidheacht, ma
dhealuigheann Tú féin ó n-a chosnamh.



Ní bhfuil tairbhe dhúinn aire a thabhairt dúinn féin,
mur mbéidh do choimhead naomhtha gár bhfaire.



Óir, an tan fhágthar linn féin inn, théidhmid a
mbathadh agus amugha; acht an tan do bheir Tusa
cuairt orainn, éirighmid suas go beodha arís.



Atámuid claochlóideach tuitmeach, acht comhdhain-
gnthear leat féin inn; bímid fionn-fhuar san
chrábhadh, acht dearg-lastar suas le do theasghrádh
bhruithneach féin inn.



3. Ó! nach úiríseal suarach an meas is dleacht
damh-sa do bheith agam orm féin! Nach beag is fiú
maith air bith dá saoilim do bheith agam?



O! a Thighearna, is ró-íseal budh chóir damh cromadh
síos go h-aigean faoi dhoimhneacht do chirt-bhreitheamh-
nais; an áit nach bhfaghaim mé féin acht mar neimhnidh
agus an dadamh!



Ó! ualaigh gan chuimse! Ó fhairrge nach snamhthar
trasna, an áit nach bhfaghaim én ní agam féin, acht
an dadamh!



Cá bhfuil áit agam ann a gcuirfead mo ghlóir
agus mo dhíomhaoineas a bhfolach? Cá bhfuil mo
dhóchas as mo mheisnigh agus mo neart féin anois?


L. 143


Atá m'uaill dhíomhaoin anois uile air n-a slugadh
agus air n-a bathadh a ndoimheagan do bhreitheamhnais
féin orm.



4. Creud iad clann Ádhbha uile ad' fhiadhnaise?



An rachaidh an chré a n-úabhar air a Chruthuightheoir
do dhealbh í?



Cionnas is éidir an croidhe atá umhal go fírinneach
do Dhia, a shéideadh suas le glór dhíomhaoin daoine?



Cha dtógann an saoghal uile suas an té atá faoi
smacht aig an fhírinne.



Agus is mó do ghluaisfear, le moladh daoine, an
té a chuireas a dhúil a nDia.



Óir, an mhuinntir a bhíos mar sin a' moladh, ní bhfuil
ionnta féin uile, acht neimhnidh, agus rachaidh siad
thart, mar imthigheas fuaim agus torann a gcainnte
thart; acht, fuireochaidh fírinne an Tighearna go
bráthach agus go bruinne na beathadh. (Psailm.
116,2).



An 15 caibidil.
A labhras air cionnas mar is dleacht dúinn a bheith,
agus creud is cóir a rádha, an tan iarrmuid ní air
bith.



1. A mhic, abair mar so ann gach uile ní: "A
Thighearna, ma 'sé so do thoil féin, go ndéantar
so mar so.



A Thighearna, ma's onóir dhuit-se é, go ndéantar
ann t'ainm féin é.



A Thighearna, ma chí Tú, agus ma mholann Tú
gurab é so mo leas, nó go bhfuil tairbhe dhamh ann,


L. 144


annsin tabhair damh so do ghnáthughadh chum glóire
agus onóra dhuit féin.



Acht, a Thighearna, ma's aithne dhuit go mbéadh sé
urchoideach agam, nó a n-aghaidh sláinte m'anma,
béir uaim a léitheid sin do thoil."



Óir, ní ó'n Spiorad Naomh a thig gach én toil a
bhíos aige duine, cia go dtógthar dó féin go bhfuilid
uile ró-dhíreach agus ró-mhaith.



Is deacair a bhreathnughadh go fírinneach cia h-aca
sbiorad maith nó droich-sbiorad a ghluaiseas thú
chum sud nó so do shanntughadh; nó an é do mheanmain
dhíleas féin a ghluaiseas thú.



Is mór a bhíos air n-a mealladh a ndeireadh na
cúise, a shaoil gurab é an spiorad naomhtha do bhí
gá seoladh air tús.



2. Mar sin is le eagla Dé, agus le umhlacht
croidhe do ghnáth, is cóir gach ní, a thógthar dod' intinn
do bheith taitneamhach nó go maith, iarraidh nó shann-
tughadh.



Agus go sonnradhach taobh an t-iomlán liom-sa
aige diúltughadh dod' thoil dhílis féin, agus abair:



"A Thighearna, is agad féin atá fios creud an
ní is féarr; mar sin, go ndéantar sud nó so réir
do thola féin.



Tabhair uaid an ní is áil leat, an méid is toil
leat, agus an uair is toil leat.



Déana liom mar is fios agus mar féarr is toil
leat féin, agus mar is mó a bhéas 'na onóir agad.



Cuir anns am áit is áil leat mé, agus déana liom
réir do thola ann gach én ní.



Atáim ann do láimh féin; teilg agus tionntuigh
air gach én taobh timcheall mé.



Agus feuch atáim-se, do shearbhfhoghantuidhe, umhal,


L. 145


ullamh chum gach én ní is toil leat; óir, ní damh
féin, acht dhuit-se, atá mé aig íarraidh a bheith ann
mo bheathaidh; a Dhia! nach bhfuilim mar sin go
h-iomlán foirbhthe diongmhala!"



Urnuighe
aig iarraidh toil Dé do choimhlionadh.



3. A Íosa, ró-aobhdha, ró-thrócairigh, tabhair do
ghrása dhamh, ionnas go mbéadh agam aige cuidiughadh
agus aige comh-oibriughadh liom, agus aige fuireach
agam go críoch agus finid mo bheathadh.



Tabhair grása dhamh do chum go sainnteochainn go
deoidh agus go n-iarrfainn an ní is taitneamhaighe
agus is annsa leat féin.



Go mbadh h-é do thoil-se mo thoil-se, agus go
dtugaidh mo thoil-se tóraidheacht dod' thoil-se go
brathach, agus go raibh dá réir air an uile mhodh!



Tabhair taithneamh no mío-thaitneamh dhamh mar aon
leat féin; agus ná tabhair cumhachta dhamh toil nó
mío-thoil do bheith agam acht a réir do thola agus
do mhío-thola féin.



4. Deonuigh dhamh bás fhághail do'n uile ní air
a' t-saoghal, agus grádh a thabhairt do'n úirísleacht
agus do'n uaigneas mar gheall agus mar ghrádh ort
féin, a Thighearna.



Go dtugaidh Tú dhamh, os cionn an uile athchuinghe,
mo chroidhe síoth agus suaimhneas fhaghail ionnad féin!



Is Tú féin síothchain agus sáimh-chiúineas fíre an
chroidhe; atáid na h-uile ní cruaidh, doilgheasach, neamh-
shuaimhneach ach Thú féin amháin.



Coideola mise, agus socrochad go sáimh anns a'
t-siothcháin cheudna-sa, eadhon, ann do mhór-mhaitheas
shíorraidhe féin amháin. (Pslm.4,9).


L. 146


An 16 caibidil.
Adeir nach dlighthear an sólas fíre iarraidh ach a
nDia amháin.



1. Ce bé air bith ní a thug liom iarraidh nó a
smaoiniughadh chum sólais damh féin, ní bhfuil dúil
agam leis air a' t-saoghal-sa, acht air a' t-saoghal
atá le teacht.



Óir, gé go mbéidis an domhain uile agam
amháin, agus gur bh'éidir liom an uile aoibhneas a
shealbhughadh, is nídh dearbhtha nach ar bh'éidir leo
fuireach agam a bhfad.



Air an ádhbhar sin, ní h-éidir leat-sa, a anam
dhílis, do shásadh nó do sháimh-chealgadh go h-iomlán,
acht amháin a nDia, atá 'na chomhfhurtoir do na
bochtaibh, agus 'na sgiath dhídean aig an úiríseal.



O! anam dhílis, fan go fóill tamall beag
gearr; fan leis an ghealladh dhiadha, agus
do gheobhaidh tú coimhlíonadh an uile aoibhneas agus
mhaitheasa air neamh.



Ma shanntuigheann tú go ró-mhío-órduighthe neithe
saoghalta, caillfidh tú na neithe síorraidhe neamhdha.
Bíodh na néithe aimseardha le h-aghaidh do
riachtnais agad, acht na neithe síorraidhe ann do
chroidhe.



Ní h-éidir do shásadh le ní saoghalta air bith, óir
ní chum iad so a shealbhughadh do cruthuigheadh thú.



2. Cé go mbéadh an uile iolmhaitheas saoghalta
agad, ní ann sin atá do shonas agus do naomhthacht;
acht is a nDia, do chruthuigh an uile ní, atá do shonas
agus do naomhthacht uile.


L. 147


Ní h-é sin a' sonas a bhreathnuighthear a bheith
ionmholta le lucht grádha óinmhideacha an t-saoghail,
acht an sonas leis a mbíonn fíréin Chríosda a'
feitheamh, agus a réamh-bhlaisid air úairibh na dronga
sbioradálta an chroidhe ghlain, a bhíos do ghnáth aige
comhradh air neithibh neamhdha.



Is gearr agus is díomhaoin an uile sólas daonna.



Is beannuighthe agus is deimhin an sólas a mhothuigh-
thear a' teacht ó'n fhírinne do'n taobh astigh.



Bíonn a shólas féin, eadhon, Íosa Críosda, air
iomchar ann gach én áit aig an duine chráibhtheach, agus
adeir leis "Íosa, a Thighearna, bí agam san uile
áit, agus san uile aimsir.



Agus go mbadh h-é bhus sólas damh a' mhian do
bheith orm a bheith sgartha ó'n uile shólas daonna.



Agus fós ma theasduigheann do shólas féin uaim,
go raibh do thoil-se agus do cheart-bhreith atá gá
mo láin-dhearbhughadh, a n-áit agus a n-ionad an árd-
shólais agam.



Óir, cha mhaireann th'fhearg a gcomhnuidhe, agus cha
bhíonn do bhagra síorraidhe." (Pslm.102,9).



An 17 caibidil.
Amhail mar is dleacht dúinn ár gcúram uile a
chur a nDia.



1. A mhic, leig damh-sa a dhéanamh leat mar is
mian liom féin; óir, is fios damh an ní is féarr agus
is tairbhighe dhuit.


L. 148


Smaoinigheann tusa amhail duine; do bheir tú
breith air mhóran do neithibh, réir mar mhúineas an
toil dhaonna dhuit.



2. A Thighearna, is fírinneach an ní adeir Tú;
is mó an cúram atá agad umam-sa, nó thig liom-sa
a bheith agam umam féin.



Is ró-bhaoghlach do'n té nach dtaobhann a chúram
uile leat féin.



A Thighearna, ma bhíonn mo thoil-se díreach, seasmhach
ionnad féin, déana liom mar is loinn agus mar
is toil leat.



Óir, ce bé air bith a dhéanfas Tú liom, ní h-éidir
leis gan a bheith go maith.



Ma's áil leat mo bheith a n-dorchadas, go mbadh
beannuighthe Thú! agus ma's loinn leat mo bheith a
soillse, go mbadh beannuighthe Thú mar an gceudna!
Ma's toil leat sólas a thabhairt damh, go mbadh
beannuighthe th'ainm! agus ma's triobloid nó
buaidhreadh is mian leat a leigin chugam, go
mbeannuighthear Thú do ghnáth mar an gceudna!



3. A mhic, is amhlaidh mar sin is éigin duit seasamh,
má tá tú aig iarraidh siubhal liom-sa.



Ba chóir dhuit a bheith chomh réidh air dhólas fhulang,
agus do bheitheá air shólas do ghlacadh.



Agus dlighthear thú a bheith chomh buidheach a bheith
folamh, bocht, agus air bheith saidhbhir, lán.



4. A Thighearna, fulaingfidh me gó fonnmhar air
do shon-sa, an uile ní is mian leat teagmhal damh.



Is coimh-ionann liom a ghlacadh ó do láimh-se maith
agus olc, milseacht agus seirbhe, sólas agus dólas;
agus buidheachas do thabhairt air son gach uile ní a
theagmhas damh.


L. 149


Congaibh mé ó'n uile pheacadh, agus cha bhíonn
eagla orm roimhe leis an mbás, nó le pianta ifrinn.



Acht amháin gan Tusa mo dhíbirt nó mo theilgint
uaid, nó m'ainm a sgrios amach as leabhar na
beathadh, ní dhéanfaidh triobloid air bith eile do
theagamhfadh díoghbháil nó dolaidh 'na dhiaidh sin damh.



An 18 caibidil.
Amhail mar is cóir na h-amhgair shaoghalta fhulang
go foighideach comhthrom réir easamplair Chríosda.



1. A mhic, do thainic Mise anuas ó neamh ar
son do shláinte-se; agus ghabh Mé th'amhgair-se
orm; ní riachtnas nó oibliogóid a tharraing chuige
sin Mé, ach a' charthannacht; ionnas go ndéantá-sa
an fhoighide fhoghluim, agus go bhfulaingtheá na h-uilc
agus na h-amhgair aimseardha gan gruaim, gan
mhíoghnaoi, gan chorruighe.



Óir, adeir Críosda, ó uair mo gheineamhna go
h-uair mo bháis air an chrois, níor theastuigh dólas
uaim le fulang.



Do bhí ró-easbhaidh na neitheann saoghalta orm;
is iomdha gearan do chuala Mé orm féin go minic;
is ciúin, ceannsa a d'fhulaing Mé náire agus imdhear-
gadh; air son fóirithint' agus cuidimh le daoine,
fuair Mé díom-buidheachas agus droich-shéanadh,
fuair Mé naomh-aithis agus achmhusan air son mo
mhíorbhailidhe, agus mío-mhodh agus masla air son
mo theagaisc agus mo sheanmora.


L. 150


2. A Thighearna, ó bhí Tusa chomh foighideach agus
sin aige fulang, agus go sonnradhach aige coimh-
líonadh aitheanta th'Athara féin, is ceart damh-sa,
an peacach bocht, fulang go foighideach réir do thola
féin; agus ualach na beathadh truaillidhe soi-mhillte-
se iomchar, comh fad agus is toil leat-sa, air son
shláinte m'anma féin.



Óir, cé go bhfuil an bheatha atá láthair leathtromach
dócamhail, acht anois, tré do ghrásaibh-se, atá ró-
thuillmhe agus ró-luaigheacht innte; agus tré
th'easamplair-se, agus tré deagh-shampla do naomh,
atá sí níos éadtruime agus níos deallraighe, soi-
iomchair aig na daoine anbhfanna.



Agus, mar an gceudna, atá sí níos líonmhaire
go mór a sólasaibh nó do bhí sí anns-a' t-Sean-Reacht,
an tan do bhí doirse fhlaitheamhnais dúnta, agus an
t-slíghe níos dorcha aige dul ann, agus an tan nach
raibh ach ró-bheagan do ghabh cúram nó buaidhreadh
orra féin an ríoghachta neamhdha iarraidh.



Agus nach dtáinic leis na fíréin féin, do bhí an
uair sin le sábhail, a dhul asteach san ríoghachta
neamhdha, acht tré luaigheacht do pháise agus do
bháis ró-naomhtha.



3. O! creud é méad an bhuidheachais a dhlighim-se
do thabhairt dhuit air son gur dheonuigh Tú an bealach
maith, a ghabhas go díreach chum do ríoghachta síorraidhe,
do mhúnadh agus do thaisbeanadh damh-sa agus do na
fíréin uile?



Óir, 'sé do bheatha-sa ár slighe; agus is tré foighide
naomhtha do shiubhlamuid ad' ionnsuidhe féin, atá mar
choróin dúinn.



Mur b'é gur thaisbean Tú an bealach dúinn, aige


L. 151


dul romhainn san t-slighe, cia gheobhadh saothar do
leanmhain?



Och! is mór an líon do fhuireochadh air a n-ais,
agus a bhfad air deireadh, mur b'é go bhfeicid do
shampla oirdhearc féin aige gabhail rompa!



Agus ma támuid go fóill fionn-fhuar, tar éis
do mhíorbhailidhe agus do theagasc a chluinsint,
creud do theagamhfadh dhúinn, dá mbéadh an mhór-
shoillse sin chum do leanmhain d'easbhaidh orainn?



An 19 caibidil.
A thráchtas air fhulang na h-eugcóra, agus air
chruthughadh fírinneach na foighide.



1. A mhic, gad é sin atá tú a' rádha? Sguir dod'
ghearan, aige smaoiniughadh air mo pháis, agus air
pháis na naomh eile.



Níor sheasaimh tú go fóill amach go dortadh do chuid
fola. (Hebr.c.12,4).



Is beag atá tusa fhulang a gcomparaid na naomh
a d'fhulaing an oiread sin do phiantaibh ró-throma;
do fiachadh agus do dearbhadh iad go ró-mhinic le
cathuighthibh ró-neartmhara, le h-amhgaraibh agus le
triobloidibh ró-mhóra, ró-áidhbheala.



Air an ádhbhar sin, is oircheas duit-se trom-
dhóghrainne na muinntir' eile a chuimhniughadh, ionnas
go n-iomcharfá do bheag nó do mhion-ualach féin
níos éadtruime.


L. 152


Agus ma saoileann tú nach bhfuil siad beag agad
nó éadtrom, tabhair dod' aire nach é do mhío-
fhoighide féin is cinn-siocair le sin.



Ach, ce bé h-aca atáid beag nó mór, trom nó
éadtrom, tairg a n-iomchar uile go foighideach.



2. Ní bhfuil dá mhéad agus dá fheabhas ullmhochas
tú thú féin chum fulang foighideach do dhéanamh, nach
amhlaidh is eagnaidhighe agus is féarr a dhéanas
tú do ghnothaighe, agus nach móide dod' thuillmhe agus
dod' luaigheacht é; agus is éadtruime dod' ualach
th'intinn a chleachtadh leis, agus a bheith ró-éasgaidh
'na choinne.



Agus na h-abair: "Cha dtig liom an oiread-
se do neithibh fhulang ó n-a léitheid so do dhuine, agus
chan iomchraim air én chor iad; óir is mór an
éagcóir agus an t-olc do rinne sé orm, imdheargann
sé mé fá neithibh orra nach ar smaoinigh mé ariamh;
acht atá mé buidheach fulang ó neoch air bith eile
ní air bith do thóigfeas damh a bheith ceart le fulang."



Is éigcéillidhe a léitheid sin do smaoiniughadh, nach
dtugann fá ndear brígh agus neart shubhailce na
foighide, agus nach dtugann aire, cia an té a
bhéarfas coróin na tuillmhe agus na luaigheachta
dó; ach a thugas fá ndear níos mó na daoine agus
an díoghbháil do rinne siad dó.



3. Ní duine foighideach dá ríribh an té nach
bhfulaingfidh ach an ní a thógthar dó féin, agus ó'n
té is áil leis.



Acht, ní fheuchann an foighideach fírinneach, cia an
neoch do nídh an eughcóir air, cia h-aca a bhíonn sé
'na uachtran, nó 'na choimh-ionann féin, nó 'na
íochtran aige; cia h-aca a bhíonn 'na dhuine mhaith,
bheannuighthe, nó 'na dhuine mhalluighthe, mhíriaghalta.


L. 153


Acht, ní bhfuil dá mhéad nó dá mhionca a theagmhas
olc nó urchóid ó chréatuir air bith dó, nach ngabhann
sé an t-iomlán díobhtha ó láimh Dé go buidheach, agus
measann sé gur éadail agus tairbhe mhór dó féin
iad.



Óir, nídh dá laighead fhulaingthear air son Dé,
cha dtéid sé amugha gan luaigheacht fhaghail uadha
féin air a shon.



4. Air an ádhbhar sin, ullmhuigh thú féin a n-aircis
an chatha, ma's maith leat buaidh do thabhairt.



Ní h-éidir coróin na foighide a bhaint amach acht
le troid go cródha air a son.



Ma dhiúltann tú do'n fhoighide, agus do'n fhulang,
diúltann tú thú féin óirniughadh leis an choróin.
Acht ma shanntaigheann tú an choróin duit féin,
cathuigh go calma, curata, agus troid go feardha,
agus fulaing go foighideach.



Ní h-éidir a theacht chum sochair acht le saothar, agus
ní h-éidir an bhuaidh do thabhairt gan comhrac cródha
air a son.



5. A Thighearna, an ní do thógthar damh-sa ó
náduir do bheith doi-dhéanta agam, déana féin
soi-dhéanta damh é le do ghrásaibh.



Is fios duit féin gur beag a thig liom iomchar nó
fulang, agus gur beag éadtrom an stoirm do
bhainfeadh leagadh asam.



Go mbadh taitneamhach aoibhinn liom an uile
chineal buaidheartha agus triobloide air do shon-sa,
a Thighearna; óir, is ró-fholláin dom' anam crádh
agus amhgar fhulang air do shon.


L. 154


An 20 caibidil.
De admhail ár n-anbhfhainne féin, agus d'amhgaraibh
na beathadh saoghalta.



1. A Thighearna, aidmheochad mo lochta agus
m'éigceart a m'aghaidh féin. (Pslm.c.10,5).



Agus aidmheochad mar an gceudna, mo luige agus
m'anbhfhainne féin duit.



Is minic gur beag an ní a leagas mé, agus a
chuireas tuirse throm orm.



Cuirim romham a dhul air m'aghaidh go cródha air
tús, acht an uair a thig cathughadh dá laighead,
cuirthear chum cruadhóige go mór mé.



Is ró-shuarach an ní as a dtig cathuighthe troma
air uairibh.



Agus an uair a shaoilim mé féin a bheith air daing-
neacht, gheibhim mé féin beag nach claoidhte, agus air
mo leagadh air uairibh le séideadh dá laighead an
tan nach mbím a smaoiniughadh air.



2. Air an ádhbhar sin, a Thighearna, feuch air mo
luige, agus air m'anbhfhainne, noch do chí Tú féin air
gach én taobh ionnam.



Déana trócaire orm, agus tarraing as a'
lathaigh agus as a' chorrach mé, d'eagla, tar éis mo
chlaoi, mé a bheith a dtarraing ann gan cumas a
theacht as a choidhche.



'So an ní a bhuaileas síos go minic mé, agus a
náirigheas mé ad' fhiadhnaise, cionn mé féin a bheith
chomh tuitmeach anbhfann, agus atáim, aige seasamh
a n-aghaidh mo dhroch-chlaonta.


L. 155


Agus cé nach dtugaim mo thoil agus m'aonta go
h-iomlán dóibh, gidheadh, air a shon sin, bíonn siad
gá mo bhuaidhreadh agus gá mo ghéir-leanmhain chomh
mór agus sin, gur tuirseach, ró-bhuaidheartha liom
mo shaoghal a chaitheamh aige gleic gach én ló mar sin
leo.



Is as so aithnim mo luige agus m'anbhfainne féin,
cionn gur réidhe agus gurab éasgaidhe a leigim
do na smaointighibh gráineamhla, agus do na dealbh-
chumadrachta glonnmhaire briseadh asteach orm, nó
a chuirim amach uaim arís iad.



3. Och! a Dhia ró-neartmhair Israel, a Ghráidhtheoir
éadmhair na n-anman fíreunta, dearc anuas air
shaothar agus air dhólas do shearbhfhoghantuidhe, agus
cuidigh liom ann gach én ní do ghabhaim as láimh.



Neartuigh mé le calmacht neamhdha, air mhodh nach ar
bh'éidir leis an duine sheanda, nó leis an cholainn
amhgaraigh, nach bhfuil go fóill umhal do'n sbiorad,
buaidh a thabhairt orm, acht go mbadh éidir liom
comhrac 'na n-aghaidh an fad a mhairfead san t-saoghal
thruaigh-se, nídh is éigin do gach duine againn.



Ach mo thruaighe! Gad é an siord saoghal-se ann,
an áit nach dteasduigheann uaim amhgar agus
triobloid, an áit a bhfuilid na h-uile ní lán do
eascáirdibh agus do chealgaibh?



Óir an tan imthigheas cathughadh nó buaidhreadh uainn,
thig triobloididhe eile chugainn; agus, sul fá
gcuirmid an chéad chath dhínne, thigid an iomad eile,
nach ar saoilmid, orainn.



4. Agus cionnas is éidir an bheatha-sa do shannt-
ughadh, ann a bhfuil an oiread sin do shearbhadas agus
do dhomlas, agus lán léin agus amhgair?


L. 156


Cionnas fós is éidir beatha a ghairm do'n ní a
gheineas an bás, pláigh, agus tinneas?



Agus grádhuighthear í, air a shon sin, agus iarraid
móran iad féin do shásadh agus do chealgadh innte.



Bíonn daoine a' gearan, go minic air a' t-saoghal,
go bhfuil sé fealltach, bréagach, díomhaoin; gidheadh,
ní furas leo sgarmhain leis go réidh, cionn go
bhfuil ainmhianta na colna a' maighistireacht orra.



Ach bíd neithe áirighthe dár dtarraing agus dár
gclaonadh chum gráidh an t-saoghail, agus neithe
eile chum mí-mheas agus fuath do bheith air.



Tarraingeann agus gríosuigheann ainmhian na
colna, sainnt na súl, uaill agus uabhar na beathadh
chum gráidh an t-saoghail inn; ach na pianta agus na
h-amhgair is ceart iad so do leanmhain, geineann
siad fuath agus mí-chion an t-saoghail ionnainn.



5. Ach, fáraor! Claoidheann an antoil an duine
saoghalta, agus measann sé go bhfuil móran aoibhneas
le faghail faoi thórthaibh dealgacha an t-saoghail,
cionn nach bhfeic sé, agus nach mblaiseann milseacht
Dé, nó aoibhneas inmheadhonach na subhailce.



Ach, an mhuinntir a tharcuisneas an saoghal go
h-iomlán, agus do nídh a ndícheallt a mbeathadh a
chaitheamh a seirbhis Dé faoi riaghail naomhtha, blaisid
agus mothuighid an mhilseacht dhiadha, atá geallta do
lucht tréigmheala fíre an t-saoghail; agus do chí
siad go ró-ghlan gur minic agus gur mór a mhealltar
agus a théid an saoghal air seachran.


L. 157


An 21 caibidil.
Amhail mar is dleacht dúinn ár suaimhneas a chur
a nDia os cionn an uile mhaitheas agus an uile
thiodlacadh.



1. Anns na h-uile ní, agus os cionn na n-uile
ní, O! anam dhílis, bíodh do shuaimhneas anns a'
Tighearna go bráthach, óir is É féin suaimhneas
síorraidhe na naomh.



O! Íosa ró-ionmhain, agus ró-mhilis! tabhair damh
mo shuaimhneas a bheith ionnad féin os cionn an uile
chréatuir, os cionn an uile shláinte agus sgéimhe, os
cionn an uile ghlóir agus onóir; os cionn an uile
chumhachta, chéim, agus ghradam; os cionn an uile
eolas, agus eagna; os cionn an uile shaidhbhreas,
agus ealadhain; os cionn an uile shuilbhireacht, agus
shubhachais; os cionn an uile mheas, agus mholadh;
os cionn an uile mhilseacht, agus aoibhneas; os cionn
an uile dhóchas, agus ghealladh; os cionn an uile
thuillmhe, agus an uile thoil; os cionn an uile thiod-
lacadh, agus bhronntanas, darab éidir leat féin a
thabhairt uaid nó a dhortadh chugainn; os cionn an
uile luahthghaire, agus aigneadh, darab éidir leis
an anam a ghabhail nó a mhothughadh; agus fá dheoidh,
os cionn aingeal, agus arc-aingeal, agus os cionn
sluagh do-áirmhe nimhe; os cionn an uile ní
do chíthear, agus ná bhfeicthear; agus os cionn na h-uile
ní ach Thú féin mo Dhia.



2. Óir, is Tú féin, a Thighearna mo Dhia, is ró-
fhéarr os cionn an uile ní; is Tú féin amháin is
airde; is Tú amháin is cumhachtaighe; is Tú féin


L. 158


amháin is neartmhaire, agus is líonmhaire; is Tú
amháin is milse, agus is taitneamhaighe.



Is Tú amháin is sgiamhaighe, agus is geanamhla;
is Tú amháin is uaisle agus is glórmhaire os cionn
an uile ní; is ionnad féin amháin atá, do bhí agus
a bhéas iomláine na n-uile mhaith air én iúl.



Agus uime sin is beag agus ní iomchubhaidh liom
tiodlacadh nó tabhartas air bith acht Thú féin amháin;
cha sásuigheann agus cha socruigheann pronntanas,
nó faisneis, nó gealladh dá fheabhas mé, muna
bhfeicfead, agus muna sealbhochad Thú féin.



Óir, go deimhin, ní h-éidir le mo chroidhe suaimh-
neas fíre fhaghail, nó sásadh iomlán, nó go socraidh
ionnad féin, os cionn an uile thabhartas agus an uile
chréatuir.



3. O! a Chéile ró-ionmhain Íosa Críosda! a
Ghrádhuightheoir fhíor-ghlain, a Thighearna na n-uile
chréatuir, cia bhéarfas sgiathain na saoirse fírinnighe
damh nó go rachad air eiteoig ad' ionnsuidhe, agus go
ndéanfad comhnuidhe agad? (Ps.54,6). O! cá
h-uair a gheobhas mé socruidheacht a bheith aige feitheamh
agus aige feuchain air do ró-mhilseacht sámh-chumhra,
a Thighearna mo Dhia?



Cá h-uair a dhéanfas mé féin mo dhíoghluim agus
mo chruinniughadh ionnad go h-uile, ionnas, air son
m'annsacht' ort, nach mothochainn mé féin, acht Tú
féin amháin, os cionn an uile mheabhair, an uile
chéadfadh agus mhiosúir, air mhodh nach mbéadh soilleir
aig na h-uile?



Acht, anois bím go minic aig osnaidh, agus aig
fulang mo mhío-áidh agus mo dhonais féin le dólas.



Óir, is iomdha olc a theagmhas damh anns a' ghleann-
sa na mór-chrádh agus na n-amhgar, noch do bhuaidh-


L. 159


reas, do thuirseas, agus do chuireas gruaim orm
go minic; bíonn siad go minic gá mo thoirmeasg
agus gá mo chur air seachran, gá mo mhealladh agus
gá mo chreapall, ionnas nach ar bh'éidir liom an
t-slíghe réidhe chugad féin fhaghail, agus nach bhfuighinn
seilbh na fáilte ró-mhílse, a bhíos a gcomhair na
n-anman beannuighthe go bráthach.



A Thighearna! gabh truaighe le m'osnadha, agus
le m'amhgaraibh iomdha air a' talamh.



4. O! Íosa, a dheallraidh na glóire suthaine, a
shólais an anma dheorata, ní bhfuil urlabhra ann mo
bheul ad' fhiadhnaise; agus is é mo thosdaighe agus
mo dhíth-bhriathar a labhras leat.



Creud é an fad do dhéanas mo Thighearna moill
gan teacht dom' ionnsuidhe? Tigeadh Sé chugam-sa,
a shearbhfoghantuidhe bocht féin, agus cuireadh
luathghaire orm. Síneadh Sé a lámh uadha, agus
saoradh Sé an bochtan ó'n uile chreapall agus
chumhanglach.



Tar, tar, óir cha bhíonn én lá, nó aon uair
luathghaireach agam ad' fhéagmhais; óir is Tú féin is
iolgháirdeas damh, agus atá mo chlár agus mo mhias
folamh ad' easbhaidh.



Atá mé 'mo thruaighe, amhail mar phríosunach
cheangailte, chruaidh, chuibhrighthe, nó go bhfóiridh Tú
féin orm le soillse agus deallradh do chuarta
chugam, agus go bhfuasglochaidh Tú dhamh, agus go
bhfeicfead do ghnúis ró-gheanamhail.



5. Iarradh cách gach ní is áil leo féin ann th'
áit-se; air mo shon-sa, ní shásuigheann agus ní
shásochaidh ní air bith mé, acht Thú féin mo Dhia,
mo dhóchas, agus mo shláinte shíorraidhe!


L. 160


Ní rachaidh tost air mo bheul, agus cha stadaim ó
urnuighe, nó go dtillfidh do grása orm, agus go
labhrochaidh Tú ann mo chroidhe liom.



6. "Feuch," adeir Críosda, "atá Mé a láthair
agad; amharc mar thainic Mé, cionn gur ghoir tú
orm.



Thug do dheora, grádh th'anma, th'umhlacht agus
do chroidhe-bhrúghadh orm cromadh anuas agus a
theacht air cuairt chugad."



7. Agus adubhairt mé: A Thighearna, do ghoir mé
ort, agus ró-shanntuigh mé a bheith ad' fhochair, agus
atá mé buidheach dealughadh le na h-uile ní mar
gheall ort féin.



Óir, is Tú féin a mhúsgail agus a bhrosduigh mé
air tús Thú féin iarraidh, agus tóraidheacht do
dhéanamh ort.



Beannughadh, glóir agus moladh dhuit, a Thighearna,
a rinne an mór-mhaith-se air do shearbhfoghantuidhe
réir líonmhaireacht do mhór-thrócaire!



Gad é atá aig do shearbhfoghantuidhe níos mó le
rádh, acht amháin é féin úirísliughadh dod' láthair,
aige cuimhniughadh a gcomhnuidhe air a pheacaidhibh agus
air a neamh-ghloine ghránna féin?



Óir, ní bhfuil én ní do na neithibh ró-iongantacha
air neamh nó air talamh cosamhail leat féin.



Atáid th'oibreacha uile ró-mhaith, do bhreitheamhnas
ró-dhíreach, agus na h-uile ní air riaghaladh le do
réimh-fheuchain agus do choimhead.



Mar sin, glóir agus moladh dhuit féin, O! a
Eagna an Athara! Go dtugaidh mo bheul, agus m'
anam, agus an uile chréatuir a n-aoinfheacht glóir
agus moladh duit go saoghal na saoghal!


L. 161


An 22 caibidil.
A thaisbeanas cionnas is cóir dúinn cuimhniughadh
air mhóir-thiodlaicthibh iomdha Dé dhúinn.



1. A Thighearna, fosgail mo chroidhe ann do
dlíghidh, agus teagaisc damh siubhal do réir
th'aitheanta.



Tabhair deallradh air mo thuigse feuchain air do
thoil, agus cuimhniughadh go ró-airmhinneach, agus
go ró-dhícheallach air do thiodlaicthibh geinearalta
agus sbeisialta, ionnas go bhféadainn ó so amach
buidheachas diongmhala a thabhairt duit go bráthach.
Acht, tuigim agus aidmhim nach dtig liom an moladh
a dhlightear duit a dhíol air son an roinn is lugha
dod' thiodlaicthibh.



Óir, is measa agus is lugha me féin nó én
tiodlacadh dá bhfuaras uaid, agus an uair a
thugaim do mhór-uaisle fá ndear, théid mo sbiorad
a n-anbhfainne tré dheallradh ró-áidhbheil do
mhórdhachta.



2. An uile thiodlacadh dá bhfuil agam, a dtaobh
anma agus cuirp, amuigh nó astigh, ó náduir nó ó
ghrásaibh is uaid féin a fuaras iad, agus foill-
sigheann siad Thú féin do-thabharthach, fialmhar,
trócaireach, uaid a bhfaghthar na h-uile ní.



Agus cia go bhfaghann duine níos mó nó an duine
eile, gidheadh, is leat-sa iad uile, agus ad' fheagmhais
ní bhfuil én ní le faghail dá laighead.



An té a fuair móran ní cóir dó uaill a dhéanamh
as a thuillmhe nó as a luaigheacht féin, nó é féin a
mheas os cionn cáich, nó dí-mheas do bheith aige air


L. 162


fhear a' bheagain; óir, 'sé an duine is mó agus is
féarr an té is lugha meas air féin, agus is umhaile
agus is buidhe altuigheas le Dia an méid a fuair sé.



Agus an té is lugha a mheasas é féin air bith, agus
a bhreathnuigheas é féin a bheith níos measa nó cách
uile, is é is oireamhnaighe agus is féarr atá ullamh
na grása is mó do ghabhail.



3. Acht, ní cóir d'fhear a' bheagain a bheith buaidh-
eartha, nó a ghabhail go h-olc, nó iomthnúth a bheith
aige le fear a' mhórain; acht is córa feuchain ort-
sa, a Thighearna, agus do mhór-mhaitheas a mholadh,
cionn gur phronn Tú do thiodlaicthe a n-asgaidh, go
fairsing, fialmhar, toilteanach, gan breith bháidhe nó
muinnteardhas le én neach seacha a chéile.



Och, a Dhia! is uaid féin an uile ní, agus is Tú
féin is ceart a mholadh air a son uile.



Is fios duit creud is maith a thabhairt do gach én
neach; agus creud fáth a bhfuil níos lugha aige an
fhear-sa agus níos mó aig an fhear ud eile, ní linne
ach leat féin a bhaineas amharc air so, agad a bhfuil
cunntas agus áireamh air thuillmhe agus air luaigheacht
gach én nduine.



4. Uime sin, a Thighearna Dé, is maith an tiodlacadh
liom-sa a bheith folamh nó gan móran a bheith agam
as a ndéantaidhe uaill nó uabhair nó moladh a dtaobh
amuigh a bhfiadhnaise daoine; uime sin, ce bé air
bith do bhéarfadh aire dá bhochtacht féin, agus do
mhiothuireacht ghránna a phearsain, ní gheobhadh sé
dólas nó tuirse air a shon sin, ach do bhéadh sólas agus
luathghaire mhór air.



Cionn gur thogh Tú féin, a Dhia, na bochtain úirísle,
orra nach raibh meas aige an t-saoghal, mar chuideachta
duit-féin.


L. 163


Is fiadhnaise air sin na h-Easbail, díobhtha dá
ndearna Tú príonnsaidhe os cionn na talmhan uile.



Acht, do bhí a gcoinbhersaid gan ghearan, chomh umhal,
simplidhe, soineannta, saor o'n uile olc agus urchoid,
air mhodh gur bha luathghaireach leo tarcuisne fhulang
mar gheall air th'ainm-se, agus do ghrádhuighdis go
ró-fhonnmhar na neithe orra a mbéadh fuath agus
gráin aige an t-saoghal.



5. Dá bhrígh sin, ní bhfuil ní air bith ba chóra
luathghaire a chur air an té a ghrádhuigheas Thú, agus
aige a bhfuil eolas air do mhaitheas, nó do thoil agus
th'órdughadh síorraidhe do choimhlíonadh leis an oiread
sin do thoil agus do thaitneamh; air mhodh go mbéadh
sé chomh umhal a bheith 'na dhuine ba lugha meas, agus
do bhéadh duine eile air árd-mheas agus onóir; agus
a bheith chomh soirbh, suaimhneach agus sin, go mbéadh
sé chomh sásta leis an áit is lugha agus is íochtraighe
agus do bhéadh leis an áit is féarr agus is airde,
onóraighe; chomh deontach air tharcuisne agus air
dhroich-mheas, gan ainm, gan chlú saoghalta, agus do
bhéadh sé air a bheith os cionn cáich a n-áird-chéim agus
a n-onóir saoghalta.



Óir, ba chóir do thoil-se, agus grádh th'onóra a
chur os cionn an uile ní, agus a bheith níos sólasaighe
agus níos taitneamhaighe aige duine, nó bhéadh tiod-
lacadh air bith eile dá bhfuair, nó dá bhfuighfidh sé.



An 23 caibidil.
A labhras air cheithre neithe do bheir síothchainte
mhór dúinn.



1. A mhic, múinfead duit anois slighe agus conair
na síothchainte, agus na saoirse fíre.


L. 164


2. Déana, a Thighearna, mar deir Tú, óir is ró-
thaitneamhach liom-sa do chluinsin.



3. A mhic, tairg toil dhuine eile a dhéanamh níos
luaithe nó do thoil féin.



Togh go bráthach an chuid is lugha a bheith agad níos
luaithe nó an chuid is mó.



Agus iarr an áit is íochtraighe do ghnáth agus a
bheith faoi chách eile.



Iarr agus guidh go buan thú féin toil Dé a choimh-
líonadh go h-uile.



Feuch, théid a léitheid sin do dhuine asteach go
críochaibh na síothchana agus na socruidheachta.



4. A Thighearna, is mór an iomláine agus an bhrígh
atá ann do sheanmoir agus ann do ghearr-chomhradh:
beagan briathar, acht lán céille, agus líonmhair a
dtórthaibh.



Óir, dá dtiocadh liom-sa dá n-abair Tú a choimh-
líonadh, ní bhéadh croidhe so-bhuaidheartha agam.



Óir, chomh minic agus mhothuighim mé féin neamh-
shuaimhneach tuirseach, gheibhim me féin a bhfad o'n
t-seanmoir-se air seachran.



Acht, Thusa, a Thighearna Dé, atá uile-chumhachtach,
agus darab ionmhain biseach agus sláinte an anma,
méaduigh do ghrása ionnam, ionnas go m'éidir liom
do bhriathara a choimhlíonadh, agus mo shláinte anma
do chríochnughadh. Amen.



Urnaighe
a n-aghaidh na ndroch-smaointighthe.



5. A Thighearna Dé, ná tabhair cúla liom, agus
ná h-imthigh a bhfad uaim! O! a Dhia! dearc orm,


L. 165


agus cuidigh liom, óir atáid an iomad droch-smaoin-
tighthe eugsamhla air n-éirighe a m'aghaidh, agus an
iomad uathbhais aig buaidhreadh m'anma.



Cionnas a rachas me tharsda gan ghoin, gan
ghortughadh? Cionnas a sgriosfas agus a dhíbrochas
mé uaim iad?



6. Rachaidh Mise romhad, adeir an Tighearna, agus
leagfaidh Mé lucht uabhair agus uaille na talmhan.



Fosglochad doirse na carcaire, agus taisbeanfad
dhuit rúindiamhra na neitheann foluighteacha.



7. A Thighearna, déana amhail mar deir Tú, agus
go sgriosthar, agus go ngabhaid teitheamh amach as
th'fhíadhnaise na droch-smaointighthe-se uile.



'Sé so mo mhuinighin, agus mo shólas sbeisealta:
a dhul fá do dhídean féin a n-aimsir m'uile
thriobloide, mo dhóchas a chur ionnad, a bheith a'
glaoi agus a' gairm ort ó mheadhon agus ó cheart lár
mo chroidhe, agus a bheith a' feitheamh agus a' fuireach
go foighideach, nó gur toil leat féin furtacht orm.



Urnaighe
aig iarraidh soillse agus deallradh na
meanmna.



8. Íosa ró-mhaith, soillsigh mé le deallradh na
soillse inmheadhonaighe, agus díbir amach as mo
chroidhe an uile dhorchadas.



Múch mo smaointighthe iomdha earraideacha, agus
sgrios na cathuighthe atá aig iarraidh foirneart a
dhéanamh orm.


L. 166


Comhairc go calma air mo shon, agus claoidh na
h-ilphiasda urchoideacha, 'sé sin le rádh, na h-ain-
mhianta claona, fealltacha; ionnas go dtiocfadh
an t-síothchainte tré do chumhachta agus th'fheartaibh
(Pslm.121,7), ionnas go gcluinfidhe fuaim do
mhór-mholta anns a' chúirt bheannuighthe, eadhon, anns
a' choinsias ghlan.



Bagair agus cuir smacht air a' ghaoith, agus air
a' t-síon agus air a' doininn; abair leis an fhairrge:
"Socruigh," agus leis an ghaoith ó thuaidh gan séideadh,
agus béidh ciúineas mór gan mhoill ann. (Math.
c.12,39).



9. Seol agus cuir uaid do shoillse agus th'
fhírinne nó go ndeallrochadaois air an talamh.
(Pslm.42,3); óir ní bhfuilim-se acht 'mo chriaidh
thalmhaidhe fáis folamh, nó go soillseochaidh Tusa mé.
(Gen.c.1,3).



Doirt anuas do ghrása orm; maothuigh agus
fliuch mo chroidhe le driúchd neamhdha; cuir anuas
chugam uisge an chrábhaidh chum aghaidh na talmhan do
fhliuchadh, ionnas go mbeireadh toradh maith agus
fíor-mhaith uadha.



Tóg suas m'anam atá tuiteam faoi throm-ualach
a pheacaidh, agus tóg mo mhian agus mo thoil uile
suas air neithibh neamhdha; ionnas, air bhfromhadh
milseacht an aoibhnis neamhdha, go mbéadh doilgheas
orm smaoiniughadh air neithibh talmhaidhe.



10. Fuaduigh, agus tarraing mé, ó'n uile shólas
díombuan saoghalta; óir, cha dtig le ní air bith
saoghalta mo thoil a shocrughadh agus a shásadh go
h-iomlán.


L. 167


Ceangail duit-féin mé le nasg agus le snaidhm
do-sgaoilte an ghráidh; óir, is leor Thú féin do'n
té a ghrádhuigheas Thú, agus ad' fhéagmhais is beag-
mheasamhail an uile ní eile.



An 24 caibidil.
Adeir nach cóir a bheith ró-chúirealta, ró-fhíaf-
ruightheach fá bheathaidh na muinntire eile.



1. A mhic, na bí ró-chúirealta, agus na bíodh
cúram nó buaidhreadh ort fá neithibh díomhaoineacha.



Gad é dhuit-se so nó súd? Lean thusa Mise
(Eoin.c.21,22).



Óir, gad é dhuit-se, cia h-aca atá an fear ud
mar so nó mar sud, nó creud an fáth a ndéan an
fear-sa mar so, nó a n-abair sé sud nó so?



Cha bhíonn riachtanas ort-sa freagra air son na
muinntire eile; freagair agus déana cunntas air
do shon féin. Mar sin, creud fá mbuaidhreann tú
thú féin, nó a gcuireann tú do chorran a ngort gan
iarraidh?



Nach bhfeic tú, go bhfuil eolas agus aithne agam-
sa orra uile? agus go bhfeicim agus gur fios damh
na h-uile ní a theagmhas faoi an ghréin? agus is
aithne dhamh stáid gach én nduine, gach smaoiniughadh,
gach toil, gach intinn, agus gach rún dá mbíonn aige.



Mar sin, is liom-sa is cóir an uile ní do thaobhadh;
acht air do shon-sa, coimhead thú féin a ndéigh-shíoth-
chainte, agus leig do'n duine bhuaidheartha é féin a
bhuaidhreadh mar is toil leis.


L. 168


Óir, ce bé dhéanfaidh sé, no déarfaidh sé go
h-eugcórach, tuitfidh sé air féin, óir ní h-éidir
leis cluain nó ceilg a chur orm-sa.



2. Ná bíodh buaidhreadh nó ró-chúram ort fá sgáile
bréige, nó fá mhór-chlú dhíomhaoin fhaghail duit féin,
agus na h-iarr ró-eolas nó ró-chumann a chur air
mhóran, nó a gcáidreimhe a tharraing ort féin go
sonnradhach.



Óir, geinid so móran seachrain agus daille anns
a' chroidhe.



Do labhrochainn leat go ró-thoilteanach, agus do
nochtfainn mo rún duit, dá mbéarthá fá ndear
go fuireachair mo theacht air cuairt chugad, agus
doras do chroidhe osgladh damh.



Mar sin, déana fuireachas agus faire anns an
urnuighe agus úirísligh thú féin san uile ní.



An 25 caibidil.
A mhúineas dúinn na neithe ionnta a bhfuil
síothchainte dhearbhtha an chroidhe, agus an biseach
fírinneach sbioradálta.



1. A mhic, adubhairt Mise: fágaim a' t-síothchain
agaibh, do bheirim mo shíothchain díbh; ní mar
do bheir an saoghal, do bheirim-se dhíbh í. (Eoin,c.
14,25).



Bíonn gach én neoch aig iarraidh na síothchainte,
ach ní bhíonn cúram acá, fá na neithibh a bhaineas
leis an t-síothchainte fhíre.


L. 169


Atá mo shíothchain-se aige lucht umhlacht agus
cheannsacht an chroidhe. Béidh do shíothchain-se ann do
mhór-fhoighide.



Dá n-éistfeá liom-sa agus mo chomhairle do
ghabhail, dob éidir leat síothchainte mhór a bheith agad.



2. Creud a dhéanfas mé mar sin, a Thighearna?



3. Tabhair aire dhuit féin ann gach én ní, creud
a dhéanas tú, agus creud a deireas tú; agus
dírigh agus deasuigh do rún uile chum Mise amháin
do shásadh, agus amach uaim ná sanntuigh agus ná
h-iarr ní air bith.



Ach, ná tabhair breitheamhnas meardhána, obann
air bhriatharaibh, nó air ghníomharaibh na muinntire
eile; agus ná buaidhir thú féin le neithibh nach ar
taobhadh leat; agus do b'éidir gur ró-bheag, nó
gur ró-annamh do bhéadh buaidhreadh air bith ort.



Ach, gan buaidhreadh air bith a mhothughadh a choidhche,
nó dólas éigin croidhe nó cuirp, ní h-é sin stáid
beathadh an t-saoghail-se, acht stáid an aoibhnis agus
an t-suaimhnis shíorraidhe san t-saoghal eile.



Mar sin, ná meas go bhfuair tú an t-síothchain
fhíre, cionn nach mothuigheann tú leathtrom air bith;
agus ná saoil go bhfuil gach én ní go maith, cionn
nach bhfuil én neoch 'ná námhaid agad; agus ná
meas go bhfuil tú 'do dhuine fhoirbhthe iomlán cionn
gach én ní a bheith soirbhiughadh agus aig éirighe leat
réir do thola.



Agus ná bíodh móir-mheas agad ort féin, agus
ná saoil go bhfuil grádh sbeisialta aige Dia ort
os cionn cáich eile, cionn go mothuigheann tú milseacht
agus blas mór air a' chrábhadh agad; óir, ní anns na
neithibh-se aithnighthear gráidhtheoir fíre na subhailce


L. 170


diadha; óir, ní ionnta sin uile atá biseach, nó
foirbhtheacht agus iomláine an duine.



4. Maiseadh, a Thighearna, creud eile an ní ann
a bhfuil sé?



5. Atá, anns an iodhbairt do nídh tú dhíot féin
ó do chroidhe go h-iomlán do thoil Dé; gan a bheith
aig iarraidh do thola nó do shochair féin, go beag nó
go mór, air a' t-saoghal nó anns a' t-síorruidheacht.



Air mhodh gurab ionann do bheirir buidheachas do
Dhia, le gnúis shoineannta, shoirbh, gan chlaochlódh, air
son an uilc agus an mhaith, an t-sonais agus an chrua-
dail, aige tomhas an uile ní a n-aon chomhthrom amháin.



Dá mbeitheá chomh calma, fulangach, buain-sheasmhach
agus sin a ndóchas, air mhódh an tan do chaillfeá an
comhsholas inmheadhonach sin do bhí agad, go dtiocfaidh
leat do chroidhe ullmhughadh chum neithe níos mó nó
sin fhulang, agus gan a bheith a' gearan nó teagra air
do shon féin, aige rádh nach ar thuill tú an oiread
sin d'fhulang, ach admhail go bhfuilim-se ró-cheart,
ró-dhíreach anns an uile ní dá n-órduighim, agus
m'ainm naomhtha do mholadh: creid an uair sin, go
bhfuil tú go díreach a' siubhal air bhealach agus air
shlighidh dhearbhtha na síothchana, agus béidh dóchas lán-
dhearbhtha agad go bhfeicfidh tú mo ghnúis agus m'
aghaidh arís le an iomad luathghara.



Agus dá dtigtheá chum dí-mheas iomlán a bheith
agad ort féin, bíodh fios agad, go mbéidh tú lán
síothchainte an uair sin, oiread agus is éidir le
neoch air bith saoghalta do shealbhughadh.


L. 171


An 26 caibidil.
A labhras air shaoirse éifeachtaigh an anma, agus
gur féarr a thuilleas an urnuighe úiríseal an
t-saoirse sin fhaghail nó an léightheoireacht.



1. A Thighearna, 'sé so gnothaighe an duine fhoirbhfe
fhíreunta, gan sgíthste a thabhairt dá mheanmain a
choidhche ó aire agus ó fheuchain air neithibh neamhdha,
agus a dhul air aghaidh tré an iomad buaidheartha,
amhail agus nach mbéadh buaidhreadh nó cúram air;
ní air nós dhuine sbadanta gan mhothughadh, ach le
láin-cheart sonnradhach na saor-thoile, aige nach
mbíonn grádh mío-órduighthe air chréatuir air bith.



2. Guidhim Thu, a Dhia na trócaire, cumhduigh mé
ó ró-chúram na beathadh-sa, ionnas nach mbéinn a
n-achrann nó ró-chreapaillte ó riachtnasaibh iomdha
an chuirp, nó ceangailte cruaidh chuibhrighthe aige
antoil na colna; saor mé ó'n uile thoirmeasg agus
bhuaidhreadh anma, ionnas nach gclaoidhfidhe mé
agus nach dtuitfinn leo.



Ní abraim, ó na neithibh-se amháin iarras an
díomhaoineas saoghalta le n-iomad sainnte, ach
saor mé ó na h-amhgaraibh atá, tré shean-mhallacht
chomh-choitcheannda an bháis, 'na bpéin agus 'n-a
dtrom-ualach air anam do shearbhfoghanthuidhe gá
chongbhail air ais, air mhodh nach dtig leis a dhul
asteach a saoirse na sbioraide chomh minic agus ba
mhian leis.



3. O! a Dhia, a mhilseacht dhoi-innse! tabhair
searbh-bhlas agus fuath damh air an uile shólas


L. 172


colnaidhe a dhealuigheas ó ghrádh na síorruidheachta
mé, agus a tharraingeas go cealgach chuige féin mé,
le taisbeanadh bréaghacht bhréige air ní éigin atá
a láthair damh.



O! a Dhia! nar bheiridh fuil nó feóil buaidh orm!
agus nar mheallaidh an saoghal, nó an ghlóir dhíomhaoin
mé! agus nar sháruighid cealga an áidhbheirseora
mé!



Tabhair neart agus brígh damh seasamh; foighide
chum fulang; agus buan-chródhacht a dhul air m'aghaidh.



Tabhair damh, air son an uile aoibhneas saoghalta,
ungadh cumhra sáimh-mhilis do sbioraide; agus air son
ainmhian na colna, doirt ann m'anam searc agus
fíor-annsachd dod' ainm naomhtha féin.



4. Feuch, an biadh, an deoch, an t-éadach, agus
na neithe eile riachtnasacha, agus a bhaineas le
h-oileamhain agus le cothughadh an chuirp, is trom-
ualach air sbiorad an teasghráidh iad.



A Thighearna, tabhair damh na neithe-se a chaitheamh
go measardha, agus gan a bheith buaidheartha nó ró-
chíocrach gá n-iarraidh.



Gidheadh, ní dleacht diúltughadh dóibh uile, óir
is éigin agus is iomchubhaidh an náduir dhaonna do
chothughadh; ach, bacann dligheadh Dé an bharraidheacht
agus na neithe ro-thaitneamhacha iarraidh; d'eagla
an cholann éirighe a gcogadh a n-aghaidh na sbioraide.



A Thighearna, guidhim Thú mo riaghladh agus mo
mhúnadh le do láimh féin anns na neithibh-se, d'eagla
mé a dhul as míosúireacht.


L. 173


An 27 caibidil.
A deir go gcoingbheann an grádh príbhideach duine
air ais ó Dhia, an Mór-Mhaith síorraidhe.



1. A mhic, is éigin duit an t-iomlán do thabhairt
air an iomlán, agus gan dadamh dhíot féin do bheith
agad.



Feuch, gur mó ghortuigheas do ghrádh féin thú, nó
ní air bith eile air a' domhan.



Réir na tola agus an ghráidh atá agad, gream-
uigheann gach én ní níos mó nó níos lugha.



Ma bhíonn do ghrádh glan, simplidhe, deagh-órduighthe,
cha bhíonn tú a ndaoirse aig én ní.



Ná sanntuigh ní nach ceart duit a bheith agad.



Agus ná bíodh ní agad dob éidir moill a chur ort,
nó do bhainfeadh saoirse inmheadhonach an chroidhe
dhíot.



Is iongantach nach dtaobhann tú féin liom-sa ó
aigean do chroidhe, mar aon le gach én ní dob éidir
leat do shanntughadh nó do shealbhughadh.



2. Creud an fáth a bhfuil tú gad' sheargadh féin le
dólas díomhaoin nó le cumhaidh? Creud an fáth a
bhfuil tú gá do chlaoi féin le n-iomad cúraim?



Seasaimh air mo thoil-se, agus cha dtig caill nó
díoghbháil ort.



Ma bhionn tú aig iarraidh so nó sud, anns an
áit-se, nó anns an áit ud eile, mar gheall air do
shochair féin, nó air do thoil féin fhaghail níos féarr,
cha bhíonn tú go bráthach socair, nó saor ó bhuaidhreadh;
óir, cha bhíonn ní air bith gan locht, nó én áit gan
námhaid eigin ann.


L. 174


3. Mar sin, ní h-é tiomsughadh nó méadughadh na
neitheann saoghalta is maith agus is tairbhighe dhuit;
is féarr a dtarcuisniughadh agus a ngearradh ó
fhréimh amach as do chroidhe.



Ná tuig gur a dtaobh airgid nó saidhbhris amháin
a labhraim; ní h-eadh, ach do thaobh andúil agus
dréim le h-onóir agus le glóir dhíomhaoin, a théid
thart uile mar aon leis a' t-saoghal mar sgáile.



Is beag an daingneacht an áit, ma theastuigheann
sbiorad an chrábhaidh agus an teas-ghráidh; agus ní
fada a mhairfeas an t-síothchain do'n taobh amuigh,
ma theastuigheann stáid an chroidhe ó'n bhun-fhréimh
fhíre, 'sé sin le rádh, mur mbéidh tú daingean ionn-
am-sa. Is éidir leat athrughadh go réidh, gan biseach
air bith a theacht ort.



Óir, an chéad ocoid a theagmhas, gheobhaidh tú romhad
an ní do bhí tú a sheachna, agus tuilleadh eile nios mó.



Urnuighe
aig iarraidh glaine an chroidhe agus an
eagna dhiadha.



4. Comhdhaingnigh mé, a Dhia, le grásaibh an Spiorad
Naoimh.



Tabhair láidreacht damh ionnas go mbéinn air mo
neartughadh a dtaobh astigh, agus díbir as mo chroidhe
an uile bhuaidhreadh gan tairbhe, agus amhgar; agus
ná leig mo tharraing air siubhal le miangasaibh
eugsamhla a n-diaidh neithe air bith dá olcas nó dá
fheabhas; ach go bhfeicinn air gach uile ní, mar neithe
silteacha, siobhlacha, díombuana, agus orm féin aig
dul thart mar aon leo.


L. 175


Óir, ní bhfuil nídh faoi an ngréin marthannach
nó seasmhach, ach an uile ní 'na dhíomhaineas agus
'na ádhbhar dólais anma.



O! is eagnaidhe an duine a smaoinigheas air na
neithibh-se mar so.



5. A Thighearna, tabhair damh-sa an eagna neamhdha,
ionnas go m'eol damh Thú féin iarraidh agus fhaghail,
agus blas agus grádh do bheith agam ort féin os cionn
na h-uile ní; agus a thuigbheal go bhfuil gach ní eile
'na suidhe réir órduighthe do mhaithis agus do mhóir-
eagna féin.



A Thighearna, tabhair damh lucht na mbréag agus
na mealltorachta do sheachnadh, agus lucht mo
chodarsnachta agus mo ghéir-leanmhainte iomchar
agus fulang go foighideach.



Óir, is maith a' chiall, agus is mór an eagna do
dhuine gan é féin a ghluaiseacht, nó a thógbhail chum
feirge le gaoith gach én fhocail, nó cluas a thabhairt
do mhealltoiribh meabhlacha, bréagacha; agus is
amhlaidh mar sin, a rachas duine air aghaidh gan
tuisleadh, gan baoghal tuiteam, anns a' t-slighidh
agus anns a' turas a chuir sé roimhe air tús.



An 28 caibidil.
A n-aghaidh lucht an tuaithlis agus na h-an-chainnte.



1. A mhic, ná glac go h-olc ma thugann daoine
droch-bharamhail ort, nó ma deirid neithe leat
nach ar mhaith leat a chluinsin.


L. 176


Ba chóir duit a mheas agus a chreidmheal nach bhfuil
duine air bith níos measa agus níos anbhfainne nó
thú féin.



Ma bhíonn tú go maith ionnad féin astigh, cha
bhíonn suim agad a mbriatharaibh le gaoith amuigh.



Is maith an chiall duine a bheith 'na thost a n-aimsir
na feirge agus an uilc, agus a chroidhe a thilleadh
agus a thiompodh orm-sa, agus gan é féin do
bhuaidhreadh air son baramhlacha nó breathamhnais
daoine.



2. Ná bíodh do shíothchain a mbeul daoine. Óir,
ce bé h-aca olc nó maith a deirid leat, ní bhfuil
tusa 'do dhuine eile níos féarr nó níos measa air
a shon sin.



Cá h-áit a bhfuil an t-síothchain agus an ghlóir
fhíre, ach agam-sa amháin?



An té nach iarrann aoibh nó taitneamh ó dhaoinibh,
agus nach imeagluigheann fá n-a dtoil nó fá n-a
mío-thoil béidh síothchain iomlán aige.



Ó'n ghrádh mhío-órduighthe, agus ó'n eagla dhíomhaoin
a gheintear agus éirigheas an uile mhío-shuaimhnis
croidhe agus bhuaidhreadh na gcéadfadh.



An 29 caibidil.
A mhúineas cionnas is cóir Dia do ghuidhe agus do
bheannughadh a n-am na triobloide.



1. A Thighearna, go mbeannuighthear th'ainm go
bráthach, noch do thoiligh an buaidhreadh agus an
triobloid-se do theacht orm.


L. 177


Ní h-eidir liom teitheamh roimhe, ach is ró-riachtnas
damh rochtain go deifreach fád' chomairce, ionnas go
ndéantá imdhidean agus cuideamh liom, aige tiompodh
an bhuaidheartha-sa chum mo mhaith agus mo leas do
theacht as.



A Thighearna, atá m'anam ró-bhuaidheartha anois,
agus atá mo chroidhe mío-shuaimhneach; atáim air mo
losgadh le n-iomad buaidheartha atá orm.



Agus anois, a Athair ionmhain, gad é a déarfas
mé? Atá mé ceangailte a gcumhglach agus a
gcreapall; a Thighearna, slánuigh mé go tapaidh!
(Pslm.21,25).



Gidheadh is uime a thainic uair-se an bhuaidheartha
orm, ionnas go bhfaghthá-sa glóir air a shon, an
tráth a bhéas mise air m'úirísliughadh, agus air mo
sgaoileadh leat féin ó'n chreapall-sa.



Go mbadh toil leat, a Thighearna, mo shaoradh; óir,
creud a thig liom-sa, an bochtan, a dhéanamh, nó cá
rachaidh mé ad' fhéagmhais?



A Thighearna, tabhair foighide damh air an uair-se.



Cuidigh liom, a Dhia, agus cha bhíonn eagla orm
roimhe le triobloid dá mhéad.



2. Agus anois ameasg na neitheann-sa, creud a
déarfas me? Déarfad: Go ndéantar do thoil;
óir is maith a thuill mise an buaidhreadh agus an trom-
ualach-sa.



Mar sin, is cóir damh iomchar, agus dob fhéarr liom
go ndéanainn sin go foighideach, nó go rachaidh an
stoirm-se thart, agus go dtiocaidh an ciúineas arís!



Ach, is éidir le do láimh chumhachtaigh-se na cathuighthe-
se a thógbhail uaim, agus a mór-neart agus a mbuile
do cheannsughadh, ionnas nach dtuitfinn go h-uile,


L. 178


mar is minic a rinne Tú liom a roimhe, ó mo Dhia,
agus mo thrócaire!



Agus chomh mór agus atá a' claochlódh-sa dheas-
láimhe an Áird-Righ doi-dhéanta agam-sa, atá sé
an méid so soi-dhéanta agad-sa, a Thigearna.
(Ps.76,11).



An 30 caibidil.



Air iarraidh an chuidigh dhiadha, agus air dhóchas na
grása filleadh arís.



1. A mhic, is Mise do Thighearna Dé do bheir neart
agus furtacht uaim ló an amhgair.



Tar dom' ionnsuidhe, an tráth nach mbéidh tú mar
is maith leat.



'Sé an chúis is mó thoirmeasgas an comhshólas
neamhdha, cionn go bhfuil tú mall, leisgeamhail anns
an urnuighe.



Óir, nó go guidhfidh tú Mise go dúthrachtach, ní
iarrann tu sólas ach anns na neithibh talmhaidhe.



Agus teagmhann mar sin, gur beag an tairbhe duit
iad, nó go mbeiridh tú fá ndear gur Mise a shaoras
an mhuinntir do nídh muinighin asam, (Pslm.16);
agus nach bhfuil cuideamh, nó comhairle, nó leigheas
buan le faghail amach uaim féin amháin.



Acht, anois, gabh croidhe agus uchtach, agus neartuigh
thú féin a ndeallradh mo thrócaire-se, a ndéis
anfadh na doininne agus na stoirme a dhul thart;
óir, atá Mé aig do láimh, adeir an Tighearna, chum


L. 179


an uile ní do leasughadh, ní h-é amháin go h-iomlán,
acht go h-iomadamhail, agus os cionn miosúir.



2. An bhfuil ní air bith doi-dhéanta agam-sa?
(Ieremiah c.32,27), nó an mbéidh Mé cosamhail
leis an té adeir agus a gheallas an ní nach déan
sé?



Cá bhfuil do chreideamh? Seasaimh go daingean
agus go buan.



Bí foighideach, cródha, agus tiocaidh an fhurtacht
ann aimsir féin ad' ionnsuidhe.



Fan liom-sa, fan agus tiocfaidh Mé gad' leigheas.



Is cathuighe atá a' cur buaidheartha ort, agus
eagal díomhaoin gad' chriothnughadh.



Creud an tairbhe do nídh ró-chúram a bheith fá
neithibh atá le teagmhal, acht dólas air muin dólais
do thabhairt chugad? Is leor do gach én ló a olc
féin. (Math.c.6,24).



Is díomhaoineas agus ní gan tairbhe ró-luathghair
nó ró-thuirse a bheith air neoch fá neithibh nach dteag-
mhann b'éidir a choidhche.



3. Acht, atá an duine ó náduir so-mheallta le
smaointighthibh leamha, agus le dealbh-chumadracht
do'n t-samhail-se; agus is comhartha luige, agus
anbhfainne anma, duine a bheith chomh so-tharrangta
agus éisteacht le comhairle ó n-a námhaid.



Óir, is cuma led' eascharaid cé h-aca le bréig
nó le fírinne a chealgas agus a mheallas sé thú; cé
h-aca le grádh na neitheann atá a láthair, nó le
eagla na neitheann atá le teacht, a dhéanas sé do
trasgairt agus do leagadh go talamh.



Mar sin, ná buaidhir do chroidhe, agus na bíodh eagal
nó uathbhás ort.


L. 180


Creid ionnam-sa agus bíodh muinighin agad ann
mo thrócaire. (Eoin.c.14,1).



Óir, an tan a shaoileas tú a bheith a bhfad uaim-se,
is minic is foigse dhuit an uair sin Mé.



An tan a shaoileas tú thú féin a bheith beagnach
caillte, sé sin an uair go minic a bhíos biseach agus
tairbhe na tuillmhe agus na luaigheachta ad' fhochair.



An uair a theagmhas neithe a n-aghaidh do thola, ná
meas go bhfuil an t-iomlán air ndul amugha.



Ní cóir duit breitheamhnas do dhéanamh réir mar
shaoileas tú anois; nó thú féin do chéasadh le tuirse
dá thaobh air bith; nó a ghlacadh amhail agus nach
mbéadh dúil agad le fóirithin nó le furtacht.



4. Ná meas go bhfuil tú air do thréigbheal go
h-iomlán, air son Mise triobloid a chur tamall
chugad, nó an comhshólas a shanntuigheas tú a
tharraing uaid; óir, is air an mhodh-sa a threor-
uighthear go ríoghachta nimhe.



Agus gan amhras is féarr duit-se, agus do mo
shearbhfoghantuidhibh eile, mur gcur chum bhur
gcruadhóige, nó dá mbéadh gach én ní réir mur
dtola agaibh.



Is aithne dhamh-sa na smaointighe folaighteacha;
agus is fios damh, gur folláin an ní dod' anam
t-'fhágail fá thuirse agus fá dhomlas air uairibh,
d'eagla thú a dhul a n-uabhar nó a n-árdanacht fá
neithe éirighe leat go sona, nó go mbéadh meas agad
ort féin, fá'n ní nach leat féin.



Óir, is éidir liom-sa an ní thug Mé uaim a thabhairt
duit nó a bhain dhíot an uair is toil liom.



5. Is liom-sa an nídh do bheirim dhuit; acht ní
leat-sa an nídh a bhainim dhíot; óir, is liom-sa an
uile thiodlacadh maith. (Séam,c.1,17).


L. 181


Ma chuirim amhgar nó cruadail chugad ná bí
imshníomh ort, agus ná caill do chroidhe.



Óir, is éidir liom-sa do thógbhail suas go tapaidh,
agus do throm-dhoilgheas a thiompodh a luathghaire.



Agus go fírinneach atáim ró-cheart agus ion-
mholta fá n-a dhéanamh leat mar sin.



6. Ma tá tú eagnaidhe, agus dearcann air gach
én ní go ceart, níor chóir duit leathtrom nó
cruadail a ghlacadh 'n a ró-thuirse.



Acht a bheith níos iolgháirdighe, agus buidheachas a
thabhairt air a shon; agus áireamh ameasg do
shólas sbeisialta nach bhfuilim gá do chaomhnadh ach
gá do chrádh le dólasaibh.



Do réir mar do ghrádhuigh m'Athair Mise, is
amhlaidh a ghrádhuighim-se ibh-se, adubhairt Mé le mo
dheisgiobail ionmhaine, (Eoin c.15,17); gidheadh,
go deimhin, níor chuireas go h-iolgháirdeach go chum
sólais nó aoibhnis saoghaltha iad, ach chum catha agus
comharca cruaidhe; ní do chum onóra, ach chum
tarcuisne; ní chum díomhaoinis ach chum saothair;
ní chum sgíthe nó comhnuidhe, ach chum tortha do
chruinniughadh go foighideach. A mhic, cuimhnigh air
na briatharaibh so.



An 31 caibidil.
Do tharcuisniughadh na gcréatuir mar gheall agus
mar ghrádh air a' Chruthuightheoir.



1. A Thighearna, atá féidhm mór go fóill agam
air mhéadughadh grása, ma's mian liom rochtain chum


L. 182


an bhuill nach éidir le neoch nó le créatuir air bith
toirmeasg a chur orm.



Óir an fad a bhaineas ní air bith moill asam cha
dtig liom a dhul go réidh suas ad' ionnsuidhe.



Is mór an fonn a bhí air an té an eiteog a
thabhairt chugad adeireadh: Cia bhéarfas sgeithein
damh mar choilim, agus rachad air eiteoig, agus
fuireochaidh mé go suaimhneach agad? (Pslm. c.
54,6).



Creud an ní is suaimhnighe na an t-súil shimplidhe?
(Matha.c.3,22).



Agus creud is saoire agus is lugha buaidhreadh,
nó an té nach sanntuigheann ní air bith saoghalta?



Mar sin, is oircheas éirighe a n-airde os cionn
an uile chréatuir, agus neoch é féin do thréigbheal
go h-uile, agus anns an árd aigneadh intinne sin
seasamh, agus feuchain ort-sa, a Chruthuigheoir na
n-uile ní, agad nach bhfuil ní air bith cosamhail leis
na créatuir.



Agus acht mur mbéadh neoch sgartha ó na
créatuir, ní h-éidir leis aire a thabhairt do neithibh
diadha go réidh.



Agus, uime sin, is beag an líon do gheibhthear aige
rinnfheitheamh na diadhachta, cionn gur beag an
líon darab eol diúltughadh do na créaturaibh
díombuana gearr-shaoghalacha.



2. Is mór na grása atá riachtnasach chuige so,
noch do thógfadh an t-anam suas, agus a d'fhuadochadh
os a chionn féin é.



Agus muna mbéidh an duine air n-a thógbhail
suas ann a sbiorad, sgartha ó'n uile chréatuir, agus
ceangailte a nDia go h-iomlán, is beag is fiú a
chuid eolais, nó ce bé air bith atá aige.


L. 183


Is fada a bhéas sé tarcuisneach 'na luighe go
h-íseal, an té a mheasas ní air bith a bheith maith nó
mór, ach an t-Aon-Mhaith amháin atá síorraidhe gan
chuimse.



Agus is air an dadamh agus air an neimhnidh is
ceart áireamh an uile ní ach Dia amháin.



Is mór an deifre atá idir eagna an duine
dheallradhaigh, chraibhthigh, dheagh-rúnaigh agus gliocas
na mac-léighinn agus na gcléireach fóghlumtha.



Is uaisle go mór an léigheann a shileas anuas ó
thuiltibh na linnte diadha, nó an fhoghluim a gheibhthear
go saoithreach le h-intlidheacht dhaonna.



3. Do gheibhthear an iomad a shanntuigheas an
rinnfheitheamh agus mion-sgrúdadh na diadhachda;
ach cha déanaid staideir na neithe riachtnasacha chuige
sin do ghnáthugadh.



Is mór an toirmeasg fós seasamh air chomharthaibh,
agus a neithibh foir-imeallacha do'n taobh amuigh,
agus beagan do'n chrábhadh iomlán cheart a bheith aca.



Ní thuigim creud is ciall dó, nó creud an sbiorad
a threoruigheas agus ghluaiseas inne, a measthar a
bheith a n-ár ndaoine sbioradálta, nó cá bhfuil ár
dtríall, an tan a chuirmid an oiread sin do shaothar
agus do ró-chúram orainn féin air son neitheann
suaracha, silteacha, saoghalta; agus gurab annamh
a chruinnighmid ár gcéadfadha a gcionn a chéile, agus
a smaoinighmid air na neithibh a bhaineas linn féin
go h-inmheadhonach.



4. Och, fáraor! tar éis tiomsughadh beag, éadtrom
a dhéanamh orainn féin, brismid amach asainn féin
arís, agus ní chuirmid ár ngníomhartha a gceart-
chomhthrom aige déanamh mion-sgrúdtha orra.



Agus cha dtugmuid dár n-aire c'áit agus creud


L. 184


iad na neithe dóibh a dtugmuid ár dtoil; agus ní
ghoileann orainn chomh neamh-ghlan atáid ár n-oibreacha
uile.



Óir, do thruailligh an uile fheoil a slíghe féin, agus
is uime sin a thainic an díle do bháth an saoghal.
(Gen.c.6,12).



Mar sin, réir mar thruaillighthear miangasa ár
gcroidhe, is éigin an gníomh a leanas é a thruailleadh
mar an gceudna, comhartha nach bhfuil neart na
subhailce do'n taobh astigh.



Is as a' chroidhe ghlan fhásas toradh na deigh-bheathadh.



5. Fiafruighthear gad é an méid do nidh gach én
neoch, ach ní smaoinighthear go geur-chúiseach air mhéid
na subhailce do chuireas chum oibre é.



Fiafruighthear fós an bhfuil an fear-sa nó a'
fear ud eile láidir, saidhbhir, sgiamhach, foghlumtha,
'na sgríbhneoir mhaith, nó 'na shár-chantaire, nó 'na
fhear ealadhna, nó 'na oibridhe eile air fóghnamh;
acht is beag a chuireas ceist an raibh sé bocht ó
sbiorad, foighideach, ceannsa, cráibhtheach nó diadha
ann a chroidhe.



Feuchann an náduir air an duine do'n taobh
amuigh, ach théid na grása asteach anns a' chroidhe.



Mealltar an náduir go minic, ach bíonn dúil aig
na grása as Dhia, ionnas nach mealltaoi é.



An 32 caibidil.
A labhras air dhiúltadh duine dhó féin, agus air
sheachnadh an uile chineal sainnte.



1. A mhic, ní h-éidir leat saoirse iomlán do
shealbhughadh, muna ndiúltaidh tú duit féin go h-uile.


L. 185


Is cruaidh an géibheann ann a bhfuilid ceangailte
an drong uile a ghrádhuigheas iad féin, a bhíos
saoghalta, sanntach, cúramach, siubhlach, sirtheach,
a gcomhnuidhe aig iarraidh a sáimhe agus a socrui-
gheachta féin, agus ní h-íad na neithe a bhaineas le
Críosda; ach go ró-mhinic a' meabhrughadh agus a'
dealbhughadh neithe díombuana nach maireann a
bhfad.



Óir, an uile ní nach bhfréamhuigheann agus ná
bhfásann ó Dhia rachaidh siad air gcúl agus air
neimhnidh.



Gabh chugad agus tuig an briathar-sa atá gearr
agus ró-iomlán, 'sé sin le rádh: Tréig na h-uile ní
agus gheobhair na h-uile ní; diúlt do'n t-sainnt agus
gheobhaidh tú suaimhneas.



Smaoinigh air so ann do mheanmain, agus an tan
a choimhlíonfas tú iad tuigfidh tú an t-iomlán.



2. A Thighearna, ní obair aon lae amháin, nó
súgradh leanban so; óir, atá iomláine an chrábhaidh
uile anns a' ghearr-chomhradh-sa.



A mhic, ní dual duit filleadh air th'ais, nó a dhul
a luige nó a n-anbhfainne air ball, an tan a
chluinfeas tú an t-slighe aimhreidh do ghabh na fíréin;
ach is ró-chóra dhuit, a bheith níos cíocraighe neithe níos
mó agus níos éifeachtaighe do dhéanamh, nó, air a
chionn is lugha, tóraidheacht shanntach a thabhairt dóibh,
go ró-fhonnmhar.



Do bhféarr liom go mbéitheá mar sin, an fad sin
air th'aghaidh anns a' t-slíghe nach mbéadh grádh níos
fuide agad ort féin, ach go mbéitheá seasmhach air
mo thoil-se, agus air thoil an athara do cuireadh os
do chionn mar uachtrain; is annsin do bhéitheá ró-
gheanamhail, ró-thaitneamhach agam-sa, agus do


L. 186


rachadh do bheatha uile thart a luathghair, a n-aigneadh,
agus a síothchain.



Atáid móran do neithibh eile le seachnadh agad go
fóill; agus ach mur ndiúltaidh tú dóibh go
h-iomlán, ní bhfuighir an ní atá tú aig iarraidh.



Do bheirim comhairle dhuit ór loisce do cheannach
uaim-sa ionnas go mbéidh tú saidhbhir. (Apoc.
c.3,18).



'Sé an t-ór sin an eagna neamhdha a shaltras faoi
chois an uile ní talmhaidhe.



Fág an gliocas saoghalta 'do dhiaidh, agus an uile
thoil dhaonna, agus do thoil dhíleas féin mar an
gceudna.



3. Adubhras leat gurabh éigin na neithe atá onórach
uasal a mbreathnughadh daoine a thabhairt air son
na neitheann orra a bhfuil droich-mheas agus
tarcuisne.



Óir, measthar go bhfuil an eagna neamhdha fhíre
suarach, beag-mheasamhail, air ndul nach mór air
dearmad ó dhaoinibh; an eagna sin a theagascas
dúinn gan ró-mheas a bheith againn orainn féin, nó
uachtranacht nó árd-uaisle iarraidh air a' t-saoghal;
cé go molaid móran an eagna sin le n-a mbeul,
gabhaid a bhfad uaidhthe ann a mbeathaidh; gidheadh,
'sí sin an péarla uasal atá a bhfolach ó mhóran.
(Matha.c.13,44).



An 33 caibidil.
A thráchdas air iomluadhail an chroidhe, agus mar
is cóir dúinn a sheoladh agus a shocrughadh air Dhia.



1. Ná creid agus ná taobh do mhiangas nó do


L. 187


toil féin anois; óir gan mhoill béidh claochlódh agus
áthrach intinne agad.



An fad a mhaireas tú, béidh tú luaith-intinneach
claochlóideach ad' aindeoin.



Gheobhaidh thú féin suilbhir súgach air uairibh, agus
duilbhir dubhach air uairibh eile; anois suaimhneach
socair, arís buaidheartha triobloideach; anois
cráibhtheach, arís mío-chráibhtheach; anois éasgaidh
dícheallach, air ball aimhleasg mainneachtach; air
uairibh trom-chortha tuirseach, uair eile éadtrom
aigeantach.



Ach, an té atá eagnaidhe eolach a sbiorad seasmhann
sé os cionn na gclaochlódh-sa uile; ní fheuchann agus
ní ghéilleann do'n ní a mhothuigheas ann féin, nó cia
an áird a séideann an ghaoth luaimneach; ach, bíonn
rún agus intinn uile aige dul air aghaidh chum na
críche dleistionaighe a bhí aig iarraidh.



Agus is mar sin is éidir leis fuireach air én nós
amháin gan ghoin, gan ghortughadh, aige seolughadh
súil shimplidh na deigh-intinne chugam-sa ameasg an
oiread-sin do theagmhalaibh triobloideacha eugsamhla.



2. Óir, ní bhfuil dá ghlaine dá bhfuil súil na
h-intinne, nach amhlaidh is neartmhaire a rachas sé
air aghaidh tré anfadh eugsamhail na stoirme doin-
eannta.



Acht, bionn súil na deigh-intinne dorcha dall aige
móran; óir, feuchmuid go ró-luath air gach ní
thaitneamhach a chasas nó theagmhas orainn.



Agus is annamh a gheibhthear én neoch saor air fad
ó ró-iarraidh air a thoil lochtaigh dhílis féin.



Is amhlaidh thangadar an cine Iúdaidh a n-allod go
Beatania air cuairt d'ionnsuidhe Mharta agus
Mhaire Mhagdalen, ní mar gheall air Íosa amháin, ach


L. 188


mar gheall air Lazaras fhaicsin air n-a aithbheodhughadh
ó mharbhaibh. (Eoin.c.12,9).



Mar sin, is cóir súil na h-intinne a ghlanadh,
ionnas go mbéadh sí simplidhe, díreach, agus air n-a
seoladh chugam-sa tar na n-uile mheodhain
eugsamhla eile.



An 34 caibidil.
A thaisbeanas go mbíonn Dia milis deagh-
bhlasta aig an neoch a ghrádhuigheas É ann gach én ní
os cionn an uile ní.



1. O! Feuch, mo Dhia agus m'uile nídh!



Creud dob áil liom níos mó, creud an sonas
níos ádhmhaire a thig liom iarraidh?



Ó! a bhriathar ró-mhilis, ró-bhlasta, do'n té aige a
bhfuil grádh Dé, gan grádh an t-saoghail nó na
neitheann saoghalta.



O! mo Dhia agus m'uile nídh! Is leor an focal
sin amháin do'n duine thuigseanach; agus is ró-
thaitneamhach agus ró-mhilis le fear an ghráidh a'
focal sin a rádha go minic.



Bíonn gach uile ní taitneamhach an tan a bhíos Tú
féin a láthair, a Thighearna; ach an tan nach mbíonn
Tú a láthair, is tuirseach, glonnmhar gach a n-uile ní.



Do nídh Tú an chroidhe suaimhneach, agus do bheir
Tú síothchain iomlán, agus iolgháirdeas taitneamhach
uaid.



Do bheir Tú fá dear deigh-bhreathnughadh do bheith
air gach én ní, agus an chiall is féarr a bhain as, agus


L. 189


Tú féin a mholadh ann gach én ní; agus ad' easbhaidh
ní h-éidir le ní air bith a bheith a bhfad taitneamhach;
agus ma do bheir én ní taitneamh nó sólas uadha,
is tré do ghrása féin a bheith a láthair a theagmhas, agus
tré n-a bheith saillte le salann na h-eagna.



2. Ce bé gheibh deagh-bhlas ort-sa, creud é an ní
nach mbéidh deagh-bhlasta aige?



Agus an té aige nach mbíonn blas ort, creud an
ní is éidir taitneamh leis?



Acht, ní thaitneann an eagna dhiadha le lucht
gliocais an t-shaoghail agus grádh na colna, cé nach
bhfuil ach mór-uaill agus díomhnas aige lucht
gliocais an t-saoghail, agus an bás a' feitheamh air
lucht ghrádh na colna.



Acht, an drong a leanas Thusa tré tharcuisne na
neitheann saoghalta agus mhoirtniughadh na colna,
aithnighthear go bhfuil siad eagnaidhe dá ríribh; óir,
fágann agus diúltann siad do'n díomhaoineas mar
gheall air an fhírinne, agus do'n cholainn mar ghrádh
air an anam.



'So an dream do gheibh deagh-bhlas air Dhia; agus
do bheir siad moladh do'n Chruthuightheoir air son gach
maith dá bhfaghann siad anns na créatúir.



Acht, is mór agus is ró-mhór an eidir-dealughadh
atá idir bhlas an Chruthuightheora agus bhlas na
gcréatuir; idir an bheatha shíorraidhe agus an
bheatha shaoghalta; agus idir an t-soillse shíorraidhe
agus an t-soillse chruthuighte.



3. O! a shoillse shíorraidhe a sháruigheas an uile
shoillse chruthuighte! caith anuas én splannc amháin
dod' dheallradh a thréaghdfas go h-inmheadhonach mo
chroidhe.


L. 190


Tabhair glaine, sólas, soillse, agus beodhacht do
mo sbiorad, agus do chumhachtaibh m'anma, ionnas go
ngreamochdaois dhuit féin le n-iomad luathghara.



O! cathain a thiocfas an uair bheannuighthe, thait-
neamhach ann a shásochar mé le radharc do ghnúise, agus
go mbéidh Tú agam uile ann gach uile ní? (1
Cor.c.15,28).



An feadh a bhéas mé gan so fhaghail, cha bhíonn sólas
iomlán agam.



Acht, fáraor! Atá an sean-duine ionnam beo
go fóill; ní bhfuil sé claoidhte nó céasta go h-uile;
ní bhfuil sé marbh go h-iomlán.



Atá sé go fóill a' troid a n-aghaidh na sbioraide,
agus a' tógbhail cogaidh ann m'anam, gan fulang
dó síoth nó socraidheacht fhaghail.



4. Ach Thusa, a Thighearna, a stiúras agus a
riaghlas cumhachta na mara, agus a chiúinigheas anfadh
agus gluaiseacht a tréan-thonna, éirigh suas agus
furtuigh orm. (Pslm.88,10).



Sgrios an drong le n-ar mian cogadh. Bris iad
le do láimh láidir. (Pslm.67,31).



Guidhim Thú do mhór-chumas iongantach do
thaisbeanadh, nó go bhfuighidh do dheas-lámh onóir;
óir ní bhfuil dóchas nó dídean eile agam acht ionnad
féin, a Thighearna mo Dhia!



An 35 caibidil.
A deir nach bhfuil neoch air bith saor air chathughadh.



1. A mhic, ní bhfuil tú dearbhtha a choidhche anns a'
bheathaidh shaoghalta-sa; an fad a mhaireas tú atá
riachtnas agad le h-arm sbioradálta.


L. 191


Atá tú ameasg do námhad, atá air do dheis agus
air do chlí a' comhrac leat.



Mar sin, mur mbéidh an fhoighide 'na sgiath-dhídin
iomad, ní fada a bhéas tú gan ghoin, gan ghortughadh.



Agus os a chionn sin, muna gcuirfidh tú do
chroidhe go daingean ionnam-sa, mar aon le lán-
toil fhíre an uile ní fhulang go foighideach mar gheall
orm, ní h-éidir leat teas an chatha do sheasamh, nó
pailm bhuadhach na naomh do bhreith leat.



Mar sin, is éigin duit a dhul air th'aghaidh go
láidir tré an uile ní, le láimh chumhachtaigh a n-aghaidh
an uile ghábhadh agus ghuasacht atá ad' aghaidh.



Óir, do bheirthear manna, eadhon, oileamhain
neamhdha, do'n té a bheir an bhuaidh (Apoc.c.2,7);
agus móran amhgair do'n aimhleasg mhainneachtach.



2. Ma tá tú aig iarraidh suaimhnis air a' t-saoghal-
sa, cionnas a gheobhas tú an suaimhneas síorraidhe?



Ná h-iarr móran suaimhnis, ach móran foighide.



Iarr an t-síothchain fhíre, ní air talamh ach air neamh,
ní ó dhaoine nó ó chréaturaibh eile, ach ó Dhia 'na
aonar.



Is cóir duit an uile ní fhulang go fonnmhar air
son Dé, eadhon, dólais, cathuighthe, buaidhreadh,
amhgair, riachtanais, aicideacha, eugcóir, tuaithleas
aithis, úirísleacht, náire, achmhusan, smacht agus
tarcuisne.



Cuidigheann siad so an t-subhailce fhaghail; 'siad a
dhearbhuigheas óg-sheirbhiseach Chríosda; agus a dhealbh-
as agus a dheasuigheas an choróin neamhdha.



Do bhéarfaidh Mise tuarasdal suthain air son
saothair ghoirid, agus glóir gan chrích air son náire
nó faitchis gearr-bhuain.


L. 192


3. An saoilir go mbéidh sólas sbioradálta agad,
mar is mian leat, do ghnáth?



Ní bhfuaradar mo naoimh féin sin a gcomhnuidhe,
ach móran leathtrom, agus cathuighthe eugsamhla, agus
mío-shólasa iomdha.



Ach, d'fulaingeadar sin uile go foighideach,
aige déanamh muinighin agus uchd as Dhia níos mó
nó asda féin; mar dob eol dóibh, nach ar bhfiú na
neithe fhulaingthear air a' t-saoghal-sa an ghlóir atá
le teacht san t-saoghal eile do thuilleamh. (Rom.
c.8,18).



An mian leat-sa fhaghail air ball an ghlóir nach
bhfuair móran do na naoimh ach air éigin le an
iomad deor agus móran saothair?



Bíodh dúil agad le Dia, glac croidhe, agus seasaimh
go fearamhail; ná gabh beag-uchtach, ná till air
th'ais, ach toirbhir th'anam agus do chorp go buan
air son glóire Dé.



Bhéarfaidh Mise air son do shaothair go fialmhar
dhuit, agus béad ad' fhochair a n-aimsir do thriobloide.



An 36 caibidil.
A labhras a n-aghaidh bhreitheamhnais dhíomhaoin
daoine.



1. A mhic, cuir do chroidhe go daingean anns a'
Tighearna, agus ná bíodh eagla ort roimhe leis an
bhreitheamhnas daonna, an tan nach spreagann do
choinsias féin thú.


L. 193


Is maith agus is beannuighthe fulang mar sin, agus
ní trom an t-ualach sin aige an chroidhe umhal a
chuireas a dhóchas a nDia níos mó nó ann féin.



Labhrann móran daoine an iomarcaidh, agus mar
sin, is cóir beagan creidmheala a thabhairt dóibh.



Agus fós, ní h-éidir gach én nduine do shásadh,
nó a dtoil a dhéanamh.



Agus cé go ndearna Pól a dhícheall toil gach
én nduine a dhéanamh anns a' Tighearna, agus go
ndearna sé gach én ní dhe féin do'n uile dhuine,
gidheadh ní raibh meas aige air bhreitheamhnas daoine
air féin. (1 Cor.c.9,22).



2. Rinne sé go leor air son oidis agus slánuighthe
cáich eile, oiread agus dob éidir leis, agus a bhí air
a chumas; gidheadh cha dtainic leis tarcuisne agus
breitheamhnas daoine do sheachnadh.



Agus uime sin, do thaobh sé an t-iomlán le Dia,
aige a bhfuil a bhfios go h-uile, agus do chosain é
féin le foighide agus le h-úirísleacht a n-aghaidh
theangachadh lucht na h-an-chainnte agus na ndroch-
bharamhlacha díomhaoin, aige smaoiniughadh agus aige
rádh gach olc agus gach urchoid do ba thoil leo 'n
a aghaidh.



Gidheadh, do fhreagradh iad air uairibh; d'eagla
go mbéarfadh é a bheith 'na thost ocoid sgannla do
dhaoine anbhfanna.



3. Cia thusa, nó creud fáth a bhfuil eagla ort
roimhe le duine so-bhásuighthe? (Isaih,51,12).
Atá ann indiu agus nach bhfeicthear a mbárach cá
bhfuil sé.



Bíodh eagla ort roimhe le Dia, agus ní riachtanas
duit uathbhas nó eagla daoine a bheith ort.



Creud an t-olc a thig le neoch a dhéanamh ort le


L. 194


briatharaibh nó le cúl-chainnt eugcóraigh? Is
dóchaighe é olc a dhéanamh dó féin, nó dhuit-se;
agus ce bé air bith é, ní h-éidir leis breitheamhnas
Dé do sheachnadh.



Bíodh Dia agad os comhair do shúl, agus ná bí aig
aighneas nó aig imreasan le borb-bhriatharaibh
gearanacha.



Agus anois ma shaoileann tú gurab éigin duit
luighe faoi an eugcóir, agus náire, agus imdheargadh
fhulang nach ar thuill tú, ná gabh cuthach, cumha, nó
tuirse air a shon sin, agus ná caill agus ná laghduigh
do choróin le mío-fhoighide.



Ach, feuch suas orm-sa air neamh, ó's liom is éidir
do shaoradh ó'n aithis, náire, agus masla, agus a
thabhairt do gach én neoch réir a thuillmhe agus a
ghníomhartha.



An 37 caibidil.
Amhail mar is dleacht do neoch diúltadh do'n uile
ní, mar gheall air shaoirse an chroidhe do ghnothughadh.



1. A mhic, diúlt duit féin agus gheobhaidh tú Mise.
Ná h-iarr én ní do thoghadh nó do shealbhughadh
mar chuid dhíleas air leith dhuit féin, agus is ba
féirrde dod' bhiseach sin do ghnáth.



Óir, do gheobhaidh tú méadughadh grás chomh luath
agus thoirbhéarfas tú thú féin suas damh-sa le rún
gan filleadh ort féin arís.



2. A Thighearna cá mhéid uair a dhiúltfas mé damh
féin, nó creud na neithe ionnta a séanfad mé féin?


L. 195


3. Diúlt duit féin anns an uile uair, agus
aimsir; anns a' bheag agus anns a' mhór; gan
breith bháidhe le sud nó so; óir, is fadhbhtha, folamh
ó'n uile ní is mian liom-sa thú a fhághail.



Óir, air mhodh eile, cionnas is éidir leat-sa a
bheith agam-sa, nó Mise agad-sa, muna mbéidh tú
sgartha sgaithte ó do thoil féin amuigh agus astigh?



Agus ní bhfuil dá luaithe dá ndéana tú so, nach
amhlaidh is féarr duit é; agus ní bhfuil dá ghlé-
ghlaine, agus dá iomláine dá ndéana tú sin, nach
móide mo spéis agus mo thaitneamh ionnad, agus
nach ró-mhóide dod' thairbhe féin é.



4. Atáid daoine áirighthe a dhiúltas dóibh féin, ach
is air choingheall agus air éacht do nídh siad é; óir,
ní chuireann siad a ndóchas a nDia go h-uile, agus
uime sin cuirid saothar orra féin lón agus solathar
a dhéanamh dóibh féin.



Atáid daoine eile, mar an gceudna, a dhiúltas
dóibh féin go h-uile air tús, agus a thoirbheireas
iad féin damh-sa; ach, dá éis sin, air dteacht do na
cathuighthibh filleann siad air ce bé thréig siad; agus
uime sin, cha déanaid biseach anns na subhailcibh.



Ní thiocfaidh an drong-sa chum glaine agus saoirse
fíre an chroidhe, nó do chum grása agus caon-
cháidreimhe liom-sa, nó go ndiúltaidh siad air dtús
dóibh féin go h-iomlán, agus íodhbairt a dhéanamh
dhíobhtha féin damh-sa gach én ló; óir, gan so ní
bhfuil, agus cha bhíonn, coimh-cheangal neamhdha na
diadhachta aca.



5. Is minic a dubhras leat, agus deirim anois
arís: Diúlt duit féin, toirbhir thú féin, agus
béidh síothchainte iomlán inmheadhonach agad.



Tabhair na h-uile air na h-uile; ná h-iarr an


L. 196


dadamh, ná goir air én ní air ais; acht seasaimh go
glan, agus le dóchas iomlán ionnam-sa, agus
do gheobhaidh tú Mé dhuit féin.



Béidh saoirse astigh ann do chroidhe agad, agus
béidh tú saor ó dhorchadas.



Tairg so do dhéanamh, guidh air a shon, iarr mar
athchuinge thú a bheith sgaithte ó'n uile shearc ort
féin; agus, air mbeith nochtuighthe mar sin, Íosa
nochtuighthe do leanmhaint; ionnas go mbeitheá
marbh dhuit féin, agus beo go síorraidhe agam-sa.



Is annsin a rachas smaointighthe díomhaoine air
neimhnidh uile, mar aon le gach buaidhreadh urchoideach
agus cúram gan ádhbhar.



Mar an gceudna an uair sin dealochaidh an uile
uathbhas agus eagla leat, agus rachaidh an grádh
agus an antoil mhíriaghalta air gcúl agus air
neimhnídh.



An 38 caibidil.
A labhras air an deigh-riaghail, agus air an deigh-
iomchar is cóir dúinn a choimhead ann ár ngnáth-
oibribh saoghalta, foir-imeallacha, agus air an dul
fá dhídean Dé ann gach gábhadh contabhartach.



1. A mhic, is cóir duit ró-dhícheallt a dhéanamh,
agus ró-aire a thabhairt duit féin, ionnas go
mbeitheá le lán-shaoirse croidhe 'do mhaighistir ort
féin anns na h-uile áit, agus anns na h-uile ghníomh
agus ghnáth-obair shaoghalta; agus an uile ní a bheith
faoi smacht agus riaghail agad, agus gan thusa a bheith
aca-san faoi smacht nó umhlacht.


L. 197


Ionnas go mbadh éidir leat a bheith 'do thighearna
agus 'do stiúrthoir air do ghnothaighibh féin, gan a
bheith 'do dhaor-oglach nó 'do sglábhuidhe;



Ach, 'do dhuine shaor, agus, mar aon fírinneach
do'n phobal Eabhrach, aig dul asteach a gcrann-chur
agus a n-oighreacht shaoirse chloinne Dé;



A saltaras faoi chois na neithe saoghalta atá a
láthair, agus a bhíos aig feuchain agus aige rinn-
fheitheamh na neitheann síorraidhe.



Dearcann siad air neithibh silteacha, soi-bhriste,
saoghalta leis a' t-súil chlí, agus air na neithibh
neamhdha leis a' t-súil dheis.



Ní tharraingthear iad chum ceangal nó greamughadh
do neithibh aimseardha, talmhaidhe; ach is mó a tharraing-
eann siad-san na neithe talmhaidhe, aimseardha chum
féidhm agus seirbhis mhaith a dhéanamh leo, réir mar
thionnsgain agus mar d'órduigh Dia, an t-Ard-
Chruthuigheoir iad, nach ar fhág ní air bith as órdughadh,
nó air mí-ghléas ameasg na gcréatuir uile.



2. Agus fós, ma bhíonn tú daingean, seasmhach ann
gach ocoid, agus ann gach cúis a theagmhas, agus gan
feuchaint air gach ní dá gcluin nó dá bhfeic tú le
súil dhaonna cholnaidhe, nó breitheamhnas a thabhairt
réir faiceala nó cosamhlachta do'n taobh amuigh,
ach a dhul asteach gan mhoill, mar aon le Maoise, go
tabarnacail, eadhon, ionad comhnuidhthe an Tighearna,
agus comhairle a dhéanamh le Dia, annsin cluinfidh
tú freagra agus comhairle a' teacht chugad ó neamh,
agus fillfidh tú amach eolach tuigseach air mhórán
do neithibh, atá a láthair anois agus le teacht asteach.
(Exod.c.33,8).



Óir, is amhlaidh ba ghnáth le Maoise a dhul asteach
san tabarnacail chum feasa agus fuasgladh gach


L. 198


amhrais agus cruaidh-cheiste fhaghail; agus do
theitheadh sé fá dhídean na h-urnaighe aig iarraidh
furtachta agus anacla ó olc agus ó urchóid
pheirioclaigh na ndroch-dhaoine.



Is amhlaidh mar sin is cóir dhuit-se a dhul asteach
a n-uaigneas do chroidhe, aig iarraidh cuidighthe agus
cabhra ó neamh go ró-dhúthrachtach.



Óir, léightear, anns a' naomhadh caibidil do Leabhar
Iosua, gur mhealladar na Gabaoinitidhe Iosua é
féin agus Clanna Israel, cionn nach ndearnadar
comhairle leis an Tighearna air dtús, ach, air dtabhairt
an iomad creidmheala do bhriatharaibh milse, do
mealladh iad le crábhadh bréige.



An 39 caibidil.
Amhail mar nach cóir do dhuine a bheith ró-chíocrach,
nó ró-anbhuaineach ann a ghnáth-oibribh.



1. A mhic, taobh do ghnothaighe liom-sa go cinnte;
cuirfidh Mise a ndeagh-órdughadh é a n-aimsir féin.



Fan le m'órdughadh-sa, agus mothochaidh tú gur
maith a thairbhe dhuit.



2. A Thighearna, taobhaim an uile ní go ró-thoil-
teanach leat; óir is ró-bheag an maith a thig le mo
dhícheall-sa nó le mo chúram do dhéanamh.



Do b'fhéarr liom nach mbéadh ró-chúram, nó ró-
bhuaidhreadh orm fá na teagmhalaibh atá le teacht,
ach mé féin a thaobhadh agus a thoirbhirt gan mhoill
dod' dheagh-thoil mhaith féin.



3. A mhic, is minic a chuireas duine móran


L. 199


saothair air féin fá'n nídh a bhíonn sé d'iarraidh;
ach an tan do gheibh é, tosuigheann sé air intinn do
chlaochlódh.



Óir, ní mhaireann grádh daoine a bhfad air én ní
amháin; ach bíonn aig imtheacht, agus aig gluaiseacht
ó ní go ní.



Mar sin, ní gníomh beag nó suarach duine diúl-
tughadh dó féin anns na neithibh is lugha agus is táire
air bith.



4. 'Sé is éadail agus tairbhe dá ríribh ann, duine
diúltughadh dó féin; agus is amhlaidh mar sin, a
bhíos neoch ró-shaor lán-dhearbhtha ann féin.



Ach, an t-aidhbheirseoir, atá 'na shean-námhaid aig
an uile mhaith, ní stadann sé ó shíor-chur cathuighthe;
ach bíonn sé aige dealbhughadh agus aige cumadh trom-
chealga do ló agus d'oidhche, ionnas go mbadh
éidir leis neoch éigin neamh-choimheadach air féin a
mhealladh agus a theilgint air mullach a chinn, agus a
ghabhail ann a líontaibh meabhlacha, mealltacha.



Air an adhbhar sin, deir an Tighearna, déanaidh
faire agus coimhead agus urnuighe, do chum nach
dtuitfeadh sibh a gcathughadh. (Matha.c.26,41).



An 40 caibidil.



Adeir nach bhfuil maith air bith aige duine ann féin,
agus nach bhfuil én ní aige dá chuid féin darab
éidir leis mórdhail nó glóir nó onóir a dhéanamh as.



1. A Thighearna, creud é an ní an duine, fá go
bhfuil Tú cuimhneach air; nó mac an duine aige air
mian leat cuairt do dhéanamh? (Pslm.8,5).


L. 200


Creud do thuill an duine, air son go mbeirtheá do
ghrása dó?



A Thighearna, creud é an gearan is éidir liom a
dhéanamh, ma thréigeann Tú mé? Nó creud a thig
liom a rádha ad' aghaidh le ceart, mur ndéanaidh
Tú an ní atáim aig iarraidh?



Atá aon ní amháin go dearbhtha is éidir liom a
rádh agus a smaoiniughadh go fírinneach, 'sé sin:
A Thighearna, gur mé féin an dadamh, cha dtig liom
an dadamh do dhéanamh, agus ní bhfuil maith dá laighead
agam uaim féin; ach atáim ró-fholamh ó'n uile ní,
agus aige triall go buan chum an neimhnidh.



Agus muna mbéidh mé air m'fhurtacht, agus air
mo iom-chuidiughadh uaid-se, agus air mo theagasg
go h-inmheadhonach, éirighim ró-fhionn-fhuar agus ró-
sgaoilteach ionnam féin.



2. Ach, Thusa a Thighearna, is Tú an t-aon neoch
ceudna a gcomhnuidhe gan chlaochlódh gan athrughadh,
agus mairfir amhlaidh mar sin go bráthach: fíor-
mhaith, ró-cheart, lán-naomhtha; aige déanamh an uile
ní go maith, go ceart, go naomhtha, agus gá gcur a
n-órdughadh le móir-ghliocas agus le h-eagna.



Ach, mise atá níos claoine chum tuitim agus a dhul
air gcúl, nó chum bisigh agus a theacht air m'aghaidh,
ní fada a bhím air én stáid amháin; óir, áthruighim
agus tuitim seacht n-uaire san ló. (Prov.c.
24,16).



Gidheadh, gheibhim biseach gan mhoill, an tan a
thoiligheas Tusa, a Thighearna, do lámh-chuidighthe a
shínéadh chugam; óir is éidir leat féin amháin cuid-
iughadh liom gan iom-chuidiughadh air bith daonna
iarraidh, agus mo chomh-dhaingniúghadh chomh mór agus
sin, air mhodh nach áthruighthear mo ghnúis níos mó


L. 201


aig leanmhaint neithe eugsamhla claochlóideacha,
ach mo chroidhe do thionntadh agus do shocrughadh ort
féin amháin.



3. Air an ádhbhar sin, dá mbadh eol damh go maith
diúltughadh do'n uile shólas daonna mar gheall air
chrábhadh, nó air son an riachtnais ann a bhfuilim aig
iarraidh furtachta ort-sa, air nach bhfuil én neoch
chum furtacht orm, annsin dob éidir liom le réasun
dúil a bheith agam le do ghrásaibh, agus luathghaire do
ghabhail cionn gur athnuadhuigh Tú tiodlacadh an
t-sólais neamhdha dhamh.



4. Bheirim buidheachas duit, a Dhia, uaid a dtig an
uile ní, air son gach én mhaith a theaghmhas damh.



Air mo shon-sa, atá 'mo dhuine luaimneach, chlaoch-
lóideach, anbhfann, ní bhfuilim ach mar neimhnídh
dhíomhaoin ad' fhiadhnaise.



Gad é atá agam mar sin as a dtig glóir nó
onóir a dhéanamh? Nó creud fáth an iarraim clú nó
meas a bheith orm?



An ar son an dadaimh? Agus 'sé so an díomh-
aoineas is mó air bith.



Go deimhin is pláigh ró-urchóideach an ghlóir
dhíomhaoin, agus ní bhfuil díomhaoineas is mó nó í;
óir dealuigheann sí an ghlóir fhíre linn, agus tógann
na grása neamhdha uainn.



Óir, an tan a shásuigheas agus a thaitneas neoch
go ró-mhór leis féin, aig sin an tan a mhío-thaitneas
leat-sa; agus an tan a shanntuigheas moladh daonna,
cailleann sé na subhailce fíre.



5. Ach, is é is glóir fhíre agus iolgháirdeas naomhtha
ann, duine glóir a dhéanamh asad-sa, agus ní as féin;
gáirdeachas a dhéanamh ann th'ainm-se, agus gan
ró-spéis nó ró-thaitneamh a bheith aige ann a shubhailcibh


L. 202


dhílse féin, nó a gcréatuir air bith eile, ach mar gheall
ort féin amháin.



Go moltar th'Ainm naomhtha, agus ní m'ainm-se;
go méaduighthear agus go n-árduighthear do ghníomh
atá gan locht, ní h-é mo ghníomh-sa atá lochtach; go
mbeannuighthear th'Ainm naomhtha; air mo shon-sa, ní
dlíghthear mo mholadh le moladh daonna.



A Thighearna, is Tú féin mo ghlóir agus m'onóir;
is Tú iolgháirdeas mo chroidhe.



Is ionnad féin a bhéas mo ghlóir, agus mo luath-
ghaire go feadh mo lae; air mo shon féin, ní bhfuil
ní air bith agam as a ndéanainn mórdháil nó glóir,
acht amháin m'eugcruadhas féin, agus m'anbhfainne,
adeir Pól. (2 Cor.c.12,5).



6. Leigthear do'n chine Iúdaigh glóir shaoghalta
iarraidh ó n-a chéile; ach chan iarraim-se ach amháin an
ghlóir a thig ó Dhia.



Óir, an uile ghlóir dhaonna, an uile onóir aims-
eardha, agus mórdháil, shaoghalta, ní bhfuil ionnta uile
ach díchéille agus díomhaoineas a gcomparaid le do
ghlóir shíorraidhe féin.



O! a Dhia na fírinne agus na trócaire! O!
a Thrionoid naomhtha, a Dhia! glóir, agus moladh, agus
subhailce, agus onóir duit féin amháin go saoghal
na saoghal! Amen. (1 Tim.c.1,17).



An 41 caibidil.



Amhail mar is cóir an onóir shaoghalta do tharcuis-
niughadh.



1. A mhic, ná gabh éad nó iomthnúth, aige feicsin
cáich a' dul a gcéim agus a n-onóir, agus thú féin air
do tharcuisniughadh, agus air th'úirísliughadh.


L. 203


Tóg do chroidhe suas chugam-sa air neamh, agus
cha chuireann dí-mheas daonna doilgheas ort air
talamh.



2. A Thighearna, atámuid a ndorchadas agus a
n-ainbhfhios, agus is uras ár mealladh le díomhaoineas
agus díchéille.



Ach, ma amhaircim orm féin go maith, is ba follas
damh nach ndearna créatuir air bith eugcóir ariamh
orm; agus mar sin cha dtig liom, le ceart air
bith, gearan a dhéanamh ort-sa.



Óir, cionn gur pheacuigh mise go trom agus go
ró-mhinic ad' aghaidh-se, atáid na h-uile chréatuir,
agus ní gan adhbhar, a' dul a dtréas agus a n-arm
a m'aghaidh-se.



Mar sin, ní dlighthear damh-sa ó cheart ach dí-mheas,
náire, imdheargadh, agus tarcuisne; ach, dlighthear
glóir, moladh, agus onóir dhuit-se, a Thighearna.



Agus mur mbéidh mé ollamh, umhal, tarcuisne
agus dí-mheas a ghabhail agus fulang go fonnmhar
ó'n uile chréatuir, ní h-éidir liom síothchainte, neart,
nó deallradh sbioradálta a bheith go h-inmheadhonach
agam, nó fós ró-chumann nó ró-cheangal a bheith agam
leat féin.



An 42 caibidil.
Amhail mar nach dlighthear síothchainte iomlán
fhaghail ó dhaoinibh.



1. A mhic, ma chuireann tú do shíoth nó do shuaimh-
neas a n-én neoch air bith, cionn toil nó taitneamh
a bheith agad ann a chuideachta nó ann a cáidreimhe,


L. 204


béidh tú gan síoth, gan suaimhneas, gan socraidheacht
go bráthach.



Ach, ma cheanglann tú leis an fhírinne shíorraidhe
mharthannaigh, cha bhíonn dólas nó doilgheas ort aig
dealughadh nó aig sgarmhaint le caraid nó companach
air bith beo nó marbh.



Is ionnam-sa amháin is ionchurtha dhuit do ghrádh;
agus is air mo shon is cóir na h-uile ní agus na
h-uile dhuine atá maith nó measamhail air a' t-saoghal-
sa do ghrádhughadh.



A m'fhéagmhais-se, ní bhfuil muinnteardhas nó
caradas air bith buan nó díleas; agus ní bhfuil
grádh air bith glan nó fírinneach nach bhfréamhuigheann
uaim-se.



Ba chóir duit a bheith comh-shuarach mar mharbhan
fá ró-ghrádh a bheith agad air neoch air bith, air mhodh
gur mhaith leat, - an méad agus a bhaineas leat féin,
- a bheith ad' uathadh, agus ad' aonar leat féin,
sgartha ó chuideachta dhaonna uile.



Ní bhfuil dá mhéad a dhiúltas neoch do shólas
saoghalta, nach foigse a dhruideann agus a theannann
sé le Dia.



Agus ní bhfuil dá mhéad dá n-umhluigheann agus
dá n-úirísligheann neoch é féin, nach airde agus nach
móide éirigheann sé suas a n-aice Dé.



2. An té áirmheas maith air bith air féin toirmeas-
gann sé grása Dé do theacht dá ionnsuidhe; óir,
bíonn grása an Sbiorad Naoimh aig síor-iarraidh an
chroidhe a bhíos úiríseal.



Dá mbadh eol duit thú féin a dhí-mheas mar an
dadamh, agus grádh chréatuir na ceathardhúile uile
a dhíbirt uait, annsin do shilfinn agus do dhoirtfinn
grása líonmhara ionnad.


L. 205


An tan a dhearcas tú go ró-thaitneamhach air na
créatuir, fágann a' Cruthuightheoir do radharc.



Foghluim thú féin do chlaoi go h-iomlán air
son do Chruthuightheora, agus is ba h-éidir leat
annsin eolas a chur air Dhia.



Óir, ma ghrádhuigheann tú ní dá laighead go neamh-
órduighthe, truailligheann sé an t-anam, agus
toirmeasgann é ó'n Árd-Mhaitheas mharthannach do
shealbhughadh.



An 43 caibidil.
A n-aghaidh eolais agus gliocais dhíomhaoin an
t-saoghail.



1. A mhic, ná bí air do ghluaiseacht le briatharaibh
binn-ghlóracha daoine; óir, ní anns na briatharaibh,
ach anns na subhailcibh atá ríoghachta Dé.



Tabhair aire do mo bhriatharaibh-se, óir 'siad a
lasas an croidhe, agus a dheallruigheas an tuigse,
'siad a ghríosuigheas an comh-brughadh croidhe, agus
do bheir an iomad comhshólais dúinn.



Ná léigh ní air bith go bráthach le h-intinn meas
foghluma eagnaidhe a bheith aige daoine ort.



Ach, déana staideir na lochta, agus an antoil
do chosg agus do chlaoi; óir, is tairbhighe dhuit so nó
fuasgladh agus eolas na gcruaidh-cheisteann.



2. An tan a chuirfeas tú críoch air mhóran do
léigheadh, agus fios fhaghail air mhóran do neithibh, is
éigin duit filleadh, agus tosughadh aríst orm-sa.



Óir, is Mise an té do bheir oideas agus eolas
do'n duine, agus bheirim tuigse níos glaine agus


L. 206


níos deallraighe do na daoinibh simplidhe, nó thig le
h-én neoch air bhith daonna a mhúnadh nó theagasc.



An té leis a labhraim-se, béidh sé eagnaidhe, eolach
gan mhoill, agus rachaidh sé air aghaidh go mór anns
an eagna sbioradálta.



A mhairg do na drongaibh a bhíos aig iarraidh neithe
cúirealta fhoghluim ó dhaoinibh, agus nach déan ach
ró-bheagan cúraim fá slíghthibh sheirbhise Dé!



Tiocfaidh an aimsir ann a bhfeicfear Críosda,
an t-Árd-Mhaighistir agus Tighearna na n-aingeal,
aige teacht a d'éisteacht léigheann na n-uile dhuine,
'sé sin le rádh, a' rannsughadh choinsias na n-uile
dhuine.



Agus an uair sin dhéanfaidh Sé Ierúsalem a mhion-
chuartughadh le coinnlibh lán-lasta, agus bhéarfaidh sé
na neithe a bhí a bhfolach san dorchadas chum solais
(1 Cor.c.4,5); agus béidh na teangacha balbh gan
aighneas gan urlabhairt.



3. Is Mise an Té a thógas a n-én mhoimeint amháin
an tuigse agus an intinn úiríseal chum riasunacht
na fírinne marthannaighe do thuigbheal, níos féarr
nó an mac-léigheann do bhéadh deich mbliadhna aige
déanamh foghluma agus staideir.



Teagasgaim-se go ciúin gan tormán briathar,
nó torann cainnte, gan seachran nó earroid na
gcéadfadh claona cam-bharamhlacha, gan dréim le
h-onóir nó árd-chéim, gan chomhlann gan chomhrac
céastann.



Múinim na neithe talmhaidhe do dhí-mheas agus do
shaltairt, na neithe saoghalta d'fhuathughadh, agus na
neithe síorraidhe d'fhios agus d'iarraidh; teagasgaim
teitheamh roimhe le h-onóir, masla fhulang go
foighideach; múinim an uile dhóchas a chur ionnam


L. 207


féin, gan ní air bith iarraidh nó shanntughadh ach Mé
féin, agus fá dheoidh, searc agus síor-ghrádh a
thabhairt damh os cionn na n-uile nídh.



4. Óir, naomh áirighthe, do thug teasghoil gráidh agus
annsacht damh, d'fhoghluim sé neithe neamhdha, agus do
labhair sé neithe iongantacha.



Agus is mó an tairbhe a rinne sé aig tréigbheal
na h-uile ní, nó aige staideir gliocais agus
geurchúise.



Labhraim air neithibh coitcheannda le drongaibh
áirighthe, agus air neithibh sbeisialta le drongaibh eile.



Taisbeanaim Mé féin do chuid do na daoine go
mín milis faoi chomharthaibh agus faoi fhioghraibh; agus
nochtaim agus foillsighim neithe dorcha diamhaire do
dhrongaibh eile.



Is én nídh amháin adeirid na leabhair, ach ní
h-ionann a bhaineas gach én neoch ciall asda; óir,
is Mise oide múinte na fírinne do'n taobh astigh
ionnad, is Mé sgrúduightheoir an chroidhe, agus
tuigsionach na smaointighthe, is Me ghríosuigheas na
deigh-ghníomhartha, agus rannaim le gach neoch réir
mar bhreathnuighim a bheith oireamhnach dó.



An 44 caibidil.
Adeir nach dleacht claonadh gus na neithibh foir-
imeallacha saoghalta.



1. A mhic, is oirceas duit a bheith ainbhfiosach a
móran do neithibh, agus a mheas go bhfuil tú marbh
do'n t-saoghal, agus an saoghal marbh dhuit-se.


L. 208


Is cóir duit, mar an gceudna, móran do neithibh
a leigint tharad gan uidh gan éisteacht leo, agus
smaoiniughadh níos luaithe air na neithibh a bhaineas
le do shíothchainte.



Is tairbhighe dhuit do shúile a thiompodh ó ná neithibh
nach dtaitneann leat, agus a bhreathnughadh féin
d'fhágbhail aig gach én neoch, nó a bheith ag imreasan
nó aig aighneas le briatharaibh contrardha leo.



Ma sheasmhann tú go ceart a dtaobh Dé, agus
feuchaint air a bhreitheamhnas mar is cóir, is uras leat
fulang do chach buaidh do bhreith ort.



2. Och, a Thighearna! Gad é so a thainic orainn?
Feuch is mór a chaointear agus eugnuighthear an
chaill shaoghalta; agus is mór an saothar agus an
dochar a chuireas daoine orra féin air son beagain
éadala saoghalta; ach is ró-bheag a smaoinighthear
nó chuimhnighthear air chaill an anma.



Bíonn aire agus cúram againn fá néithibh gan
fhéidhm, agus leigmid tharainn go réidh an ní is
riachtnasaighe air bith; óir, claonann an duine go
fonnmhar gus na neithibh foir-imeallacha saoghalta,
agus muna mbeiridh sé é féin fá ndear go tapaidh,
fanann sé go ró-thoilteanach air n-a adhlacadh 'na
chomhnuidhe ionnta.



An 45 caibidil.
Adeir nach dleacht creidmheal do gach én neoch,
óir go bhfuilid daoine claon chum cúl-chainnte.



1. A Thighearna, cuidigh liom ann mo thriobloid,
óir ní bhfuil ann ach díomhaoineas furtacht iarraidh


L. 209


air dhaoinibh. (Pslm.59,13). Da nobis auxilium de
tribulatione: quia vana salus hominis.



Cá mhionca a mealladh mé, anns an áit nach ar
shaoileas mo mhealladh?



Agus cá mhionca a fuair mé dísleacht, anns an
áit nach raibh dúil agam leis?



Mar sin, is ní díomhaoin muinighin a dhéanamh as
dhaoinibh; a Thighearna, is ionnad féin amháin atá
sláinte na bhfíreun.



Glóir agus moladh dhuit, a Thighearna Dé, air son
gach ní dá dteagmhann dúinn!



Atámuid lag, anbhfann, claochlóideach, agus is
uras ár mealladh, agus ár n-intinne áthrughadh.



2. Cia an neoch atá chomh fuireachair, coimheadach,
air féin ann gach én ní, nach dtuiteann uair éigin
a mealltoireacht agus a mbuaidhreadh?



Ach, an té a chuireas a dhúil agus a dhóchas ionnad
féin, a Thighearna, agus iarras Thú le glaine agus
simplidheacht croidhe, ní thuiteann sé go réidh.



Agus ma thuiteann sé a mbuaidhreadh air bith, nó
ce bé air bith modh a mbeidh sé creapaillte ann,
bhéarfaidh Tú féin fuasgladh agus furtacht gan
mhoill dó; óir, cha dtréigeann Tú go bráthach én
neoch a chuireas a dhóchas ionnad.



Is annamh a gheibhthear duine chomh díleas muinn-
teardha agus sin, nach dtréigeann a charaid uair air
bith, ach a seasmhas leis go cródha san uile chontabhairt
agus chruadh-chás.



Is Tú féin amháin, a Thighearna, atá díleas ionnraic
ann gach én chúis, agus ní bhfuil do léitheid eile ann
ach Thú féin.



3. O! nach eagnaidhe a deireadh an bhan-naomh
Agatha le linn gach triobloide: "Atá m'anam


L. 210


air n-a dhaingniughadh, agus air n-a uaithniughadh go
sáimh suaimhneach a gCríosda."



O! dá mbéinn-se mar sin, ní bhéadh uathbhas nó
eagla go réidh orm roimhe le daoine, nó roimhe le
n-a mbriatharaibh maslamhla.



Cia le arab éidir reimh-fheuchaint a dhéanamh air
gach én chás, nó cia leis a dtig an uile olc agus
urchóid atá le teacht a sheachnadh?



Ma chuirid na neithe a reimh-fheicmid doilgheas agus
trom-thuirse go minic orainn, nach mó agus nach
truime nó sin a loiteas agus a ghoineas na neithe
nach reimh-fheicmid inn?



Ach, creud fáth nach ndearna mise, atá 'mo bhochtan
bhocht, reimh-fheuchaint agus coimhead níos féarr orm
féin? Nó creud an fáth fá'r chreid mé daoine
urchoideacha go simplidhe, nó fá'r chuir mé ró-
mhuinighin ionnta?



Ach, is daoine inne na Bráithre féin, agus fós
is daoine tuitmeacha, brioscacha inn, cé go measaid
móran gur aingil bheannuighthe inn.



A Thighearna, cia dhó dá mbéarfaidh mé creidmheal,
ach duit féin amháin? Is Tú féin an Fhírinne nach
meallann agus nach mealltar. (Pslm.115,2).



Agus, air a taobh eile, atáid an uile neoch cealgach,
breugach, - omnis homo mendax - anbhfann, claoch-
loideach, tuitmeach, tuisleagach, agus go sonnradhach
a mbriatharaibh; air mhodh gur doiligh creidmheal go
ró-réidh na neithe a mheastar réir cosamhlachta féin
a bheith dearbhtha fírinneach.



4. A Thighearna, is fíor eagnaidhe an chomhairle a
thug Tú dhúinn, inn féin a choimhead air dhaoinibh;
agus gurab iad námhaid dhuine a lucht iontuighis
féin, (Mat.c.10,17,36); agus nach inchreidte dhúinn


L. 211


ma deir neoch: Feuch, atá sé ann sud nó ann so,
nó mar sud nó mar so. (Math.c.24,23).



Do chuir mo dhosgadh agus m'earroid féin air mo
choimhead mé; go dtugaidh sin rabhadh damh a bheith
níos féarr agus níos coimheaduighe orm féin arís,
ionnas nach rachainn níos fuide air m'aghaidh ann
mo dhíchéille.



"Bí air do choimhead," adeir duine áirighthe, "agus
déana rún maith air an ní adeirim leat." Agus
an tan a chreidim-se gur cóir sin, agus a bhím 'mo
thost, cha dtig leis féin rún a dhéanamh air an ní a
d'iarr sé orm-sa, agus nochtann sé air ball mo
rún-sa agus a rún féin, agus is amhlaidh imthigheas
roimhe.



A Thighearna, coimhead mé air a léitheid sin do
dhaoinibh sgeulacha, droch-rúnacha, mí-dheiscréideacha,
ionnas nach dtuitim ann a lámhaibh, nó a léitheid
a dhéanamh mé féin.



Cuir briathara dílse fírinneacha ann mo bheul;
agus díbir teanga chealgach a bhfad uaim.



An ní nach ar mhaith liom fhulang is cóir damh a
sheachnadh air gach én mhodh.



5. Och! is mór agus is maith an t-síothchainte
gan labhairt go trom air an mhuinntir eile, nó gach
én ní a deirthear a chreidmheal go réidh, nó trácht
go beul-sgaoilteach air gach én ní dá gcluinmid;
agus gan neoch a rún a nochtadh ach do bheagan, agus
Thú féin d'iarraidh go cinnte darab léir go glan
an croidhe; agus gan comhsgruth nó corrughadh le
gach glór le gaoith; ach a bheith ró-gheall air an uile ní,
amuigh agus astigh ionnainn, a dhul réir do dheagh-
thola féin.


L. 212


Is daingean dearbhtha an modh na grása do choimhead
amharc daoine do sheachnadh, agus gan neithe bréaghtha,
deallracha, díomhaoine, saoghalta d'iarraidh; ach
na neithe do bheir teas-ghrádh agus leasughadh na
beathadh chugainn do leanmhaint go dícheallach.



Is iomdha duine a ndearna sé díoghbháil dó a
dheigh-ghníomhartha a mholadh nó a bhfoillsiughadh go
ró-phrap.



Agus nach folláin, fíor-thairbheach an ní do neoch,
na grása-sa a fholach go h-úiríseal anns a' bheathaidh
bhrioscaigh-se, atá lom-lán aidhbhirseireachta agus
cathuighthe!



An 46 caibidil.
Do'n dóchas agus do'n mhuinighin is dleacht a chur
a nDia le linn imdheargaidh agus masla cainnte.



1. A mhic, bí daingean seasmhach, agus cuir do
dhóchas ionnam-sa; óir, creud atá anns na focail
ach glór imthigheas le gaoith, agus nach ngortuigheann
én chloch?



Ma tá tú cionntach, smaoinigh thú féin a leasughadh
go toilteanach.



Ma tá do choinsias glan fuiling go fonnmhar air
son Dé.



Is éadtrom an ní briathra maslamhla fhulang
air uairibh, air nach éidir leat sgiúrsadh geura
d'fulang go fóill.



Agus creud fáth a dtéid neithe beaga, suaracha
mar sin ann do chroidhe, ach cionn go bhfuil tú go


L. 213


fóill colnaidhe, agus meas agad air dhaoine níos
mó nó an chóir?



Óir, do bhrígh gurab uamhan, imeaglach leat thú
féin do tharcuisniughadh, ní maith leat, uime sin, do
spreagadh, nó do lochta a chur síos duit, ach tairgeann
tú sgáth agus folach a chur orra le saoibh-
leith-sgeulaibh.



2. Ach, feuch agus dearc níos féarr ort féin,
agus is ba fios duit go bhfuil grádh an t-saoghail
go fóill ró-bheodha ionnad, agus annsacht ró-
dhíomhaoin daoine do shásadh.



Óir, an tan atá tú easumhail achmhusan nó imdhear-
gadh fhaghail air son do lochta, is follas as sin nach
bhfuil tú úiríseal go leor, nó marbh do'n 't-saoghal
go fírinneach, nó an saoghal marbh dhuit-se.



Ach, éist le mo bhriatharaibh-se, agus cha bhíonn
meas agad air chomhairle nó air bhriatharaibh air
bith daonna.



Feuch, dá labhrochaidhe ad' aghaidh go mío-rúnach
mailiseach, an méid is éidir do chumadh agus do
dhealbhughadh le briatharaibh daonna, creud an dochar
nó an díoghbháil do dhéanfadh dhuit, dá leigtheá tharad
iad go réidh, agus gan suim a chur ionnta? An
dtiocadh le sin, aon róine amháin dod' ghruaig a
tharraing dhíot?



3. Ach, an té nach ndearcann asteach ann a
chroidhe, agus ann a choinsias féin, agus nach mbíonn
Dia os comhair a shúl do ghnáth, is uras leis comh-
sgrughadh agus corrughadh le focal dío-mholaidh dá
laighead.



Ach, an té a chuireas a dhóchas ionnam-sa, agus nach
iarrann seasamh go ró-dhána ann a chéill nó ann a
thuigse féin, cha bhíonn faitcheas nó eagla daoine air.


L. 214


Is Mise atá 'mo bhreitheamh, adeir Dia; is Mé a
sgrúdas an uile rún agus sheicreid; is aithne dhamh
gach ní dá dteagmhann, agus is fios damh an té a
nídh an eugcóir, agus an té air a ndéantar í.



Is uaim-se a thainic an focal-sa; is le mo chead
a theagaimh so; ionnas go nochtfaidhe smuaintighthe
as mhóran do chroidhthibh. (Luc.c.2,35).



Is Mise a bhéarfas breitheamhnas air a' chionntach
agus air a' neimh-chionntach; ach is áil liom, air tús
nó roimhe chéile, an cionntach agus an neimh-chionntach
a chruthughadh agus a dhearbhughadh araon le breith
dhiamhair dhorcha.



4. Is minic a bhíos teist daonna meallta;
ach atá mo bhreith-se fírinneach, seasmhach, gan
chlaochlódh.



Agus ce go mbíonn sé a bhfolach go coitcheannda
agus a n-ainbhfios air mhóran ann gach én ní; gidheadh
ní théid, agus ní h-éidir leis a dhul air seachran,
ce go dtógthar do shúilibh dhaoine óinmhideacha, ain-
bhfiosacha, gan sin a bheith ceart nó ró-dhíreach.



Mar sin, is dleacht agus is cóir an uile ní
fhágbhail aig mo bhreith-se, agus gan do bhreathnughadh
nó th'eolas féin a thaobhadh.



Óir, cha bhíonn a' fíreun buaidheartha fá ní air
bith a thig ó Dhia dá ionnsuidhe. (Sean-ráidhte,c.
12,21).



Agus cé go mbéarthaoi breith chlaon, éigceart
'n a aghaidh air uairibh, cha chuireann sin móran
triobloide air.



Agus ní mó a théid sé a n-uabhar nó a n-árd-
uaill, an tan a bhíos cách, le réasun maith, air a leith-
sgeul.


L. 215


Óir, tuigeann sé gur Mise sgrúduightheóir an
chroidhe agus na ndubhan, agus nach dtugaim breith
réir cosamhlachta nó baramhla daoine.



Óir, go minic, an ní a bhíos ionmholta réir
baramhla agus breathnuighthe daonna, bíonn sé
lochtach, dío-mholta ann mo shúilibh-se.



5. A Thighearna Dé, a Cheirt-Bhreithimh sheasmhaigh,
fhoighidigh, darab aithne anbhfainne agus lochta na
h-Adhamh-chloinne, bí féin 'do sgiath-dhídin agus
chumhdaigh láidir agam; óir, ní bhfuil muinighin go
leor agam taobhadh le mo chogubhas nó le mo choin-
sias féin.



Is fiosach Thusa an ní air a bhfuilim-se ainbhfiosach;
uime sin, is cóir damh-sa mé féin ísliughadh, agus gach
uile achmhusan agus imdheargadh iomchar go ciúin,
ceannsa, foighideach.



A Thighearna ró-thrócairigh, tabhair maitheamhnas
damh gacha mhionca nach ndearnas mar sin, agus
tabhair grása damh níos mó fhulang arís.



Óir, is féarr damh-sa a bheith a muinighin do ró-
thrócaire féin chum párduin fhaghail, nó taobhadh leis
a' cheart a mheasaim a bheith agam chum lochta folaigh-
teacha mo choinsis do chosnamh.



Agus, cé nach bhfuil mo choinsias féin a' gearan
orm, air a shon sin, ní h-éidir liom a mheas go
bhfuilim saor; óir, mur ndéanaidh Tú féin trócaire
orainn, ní shaorfar neoch dá maireann ad' fhiadhnaise.
(Pslm.142,2).


L. 216


An 47 caibidil.



Amhail mar is dleacht na h-uile leathtrom iomchar
air son na beathadh síorraidhe.



1. A mhic, adeir Críosda, ná gabh luige chroidhe
an t-ualach nó an cúram, a ghlac tú as láimh air
mo shon-sa, iomchar go foighideach; agus ná leig
do thrioblóid air bith do chlaoi nó do leagadh síos
air fad; ach gabh neart agus comhsholas as mo
gheallamhain-se dhuit, ann gach ní dá dteagmhann.



Is leor a bharánta agus an urradh Mise luach do
shaothair a chúitiughadh leat os cionn an uile mheadha
agus mhiosúir.



Ní fada nó go gcuirfidh tú deireadh le do dhochar,
agus cha bhíonn tú gá do chrádh le dólasaibh a
gcomhnuidhe.



Fan tamall beag eile, agus chífidh tú críoch ná
n-olc go tapaidh.



Tiocfaidh an uair a stadfaidh an uile dhochar agus
thriobloid.



Is beag agus is gearr an uile ní a théid thart agus
a chaithtear le h-aimsir.



2. Tabhair aire mar sin dod' ghnothaighe; oibrigh
go díleas ionnraic ann m'fhinneamhain-se; agus
is Me féin bhus luaigheacht dhuit.



Sgríobh, léigh, can na psailm, bí aig caoi agus aig
osnuigh, ná labhair ach beagan, déana urnuighe,
iomchair go cródha feardha do chrosa; is fiú an
bheatha mharthannach iad so uile, agus tuilleadh.



Tiocfaidh an t-síothchain an lá is fiosach do'n
Tighearna; agus ní ba cosamhail an lá sin le ló


L. 217


nó oidhche na h-aimsire atá anois againn; ach soillse
shíorraidhe, deallradh gan chrích, síothchainte dhaingean,
agus suaimhneas gan eagal.



Chan abrann tú, an tan sin: Cia shaorfas mé ó'n
cholainn sho-bhasuighthe-se? (Rom.c.7,24). Agus
ní abrochaidh tú: A mhairg damh-sa, óir is fada liom
ataim ann so! (Pslm.119). Óir, rachaidh an bás
air neimhnídh, cha bhíonn sé ann níos fuide, agus
tiocfaidh an t-sláinte gan easbhaidh, cha bhíonn intinn
bhuaidheartha aig én neoch, ach béidh grádh agus milseacht,
agus aoibhneas a gcuideachta bheannuighthe na glóire
síorraidhe aca.



3. O! dá bhfeictheá én amharc amháin air chor-
óinibh síorraidhe na naomh a bhflaitheamhnas Dé, agus
méad na glóire atá anois aig na daoine do bhí
air n-a dtarcuisniughadh agus air na maslughadh aige an
t-saoghal ó chianaibh, agus orra nach raibh meas aige
daoine gur bhfiú iad a bheith beo ann a mbeathaidh,
go fírinneach do dhéanfá thú féin d'úirísliughadh agus
do chlaonadh go talamh, agus dob fhéarr leat a bheith
faoi smacht aig an uile dhuine, nó a bheith 'do cheann-
phort nó ad' uachtrán air én neoch.



Agus fós, ní shanntochá laethe do bheathadh fhaghail
go h-aoibhinn iolgháirdeach, ach is mó an luathghair
a bhéadh ort amhgar agus triobloid fhulang air son
Dé, agus ba mhór an éadail leat tarcuisne agus
dí-mheas a bheith aige daoine ort.



4. O! dá mbéadh deagh-bhlas agad air na neithibh-
se, agus leigint dóibh fréamhughadh go doimhin ann do
chroidhe, cionnas do gheobhthá do dhánacht nó do dhalbacht
agad féin gearan a dhéanamh én uair amháin?



An é nach cóir an uile dhochar fhulang air son na
beathadh síorraidhe?


L. 218


Ní rud beag nó suarach caill nó tabhairt ríoghachta
Dé.



Tóg, air an ádhbhar sin, do ghnúis suas go flaitheas
Dé; agus feuch, Mise, agus mo naoimh uile mar aon
liom, a d'fhuiling masla agus catha troma air a
t-saoghal, atá sinn anois a n-iolgháirdeas, agus
a n-aoibhneas an chomhsholais; atá anois go socair
a seilbh dhearbhtha na glóire; agus mairfid mar sin
mar aon liom-sa a ríoghachta m'Athara go tráth
bheith síor gan chrích gan fhoircheann.



An 48 caibidil.
A thráchtas air ló na síorraidheachta, agus air
chumhanglachaibh agus cruadhógaibh na beathadh saoghalta.



1. Ó! a theaghais agus ionaid comhnuidhthe bheann-
uighthe na cathrach neamhdha! Ó! a lá na soillse
síorraidhe, gan ghruaim gan dorchadas oidhche, ach
atá a gcomhnuidhe air n-a shoillsiughadh le deallradh
na Fírinneachta; lá suilbhir súgach go bráthach, go
bráthach dearbhtha, gan athrughadh nó claochlódh con-
trartha go deoidh!



Och, a Dhia! Nach raibh an lá soillseach-sa ann anois,
agus na neithe saoghalta uile air n-imtheacht uaim!



Deallruigheann loinnir agus lán-shoillse an
lae-se do na naoimh go bráthach; ach, inne atá air
oilithre agus air sheachran a' t-saoghail ní fheicmid
é ach a bhfad uainn, agus tré a' sgathan.


L. 219


2. Atá fios aige lucht na caithreach neamhdha air
aoibhneas agus air iolgháirdeas an lae sin; ach,
atáid clanna díbeartha Éabha aig osnaighe tré
sheirbhe agus thuirse an t-saoghail-se.



Atáid laethe an t-saoghail gearr, olc, urchoideach,
lán dólais agus amhgair; an áit a dtruaillighthear
an duine le n-iomad peacaidh, air n-a chreapall ag
a chlaontaibh iomdha taodacha féin, a gcruadhóig
ó iomad uamhain agus eagail, air mhío-shuaimhneas ó
iomad cúraim, air seachran agus air mearughadh
chéille le móran do chúisibh díomhaoineacha ró-
chúirealta, air n-a thimchealladh le móran earroide,
air n-a chur agus air n-a lán-tuirsiughadh le n-iomad
saothair, air n-a leathtromughadh le h-iomad cathuighthe,
air n-a lagughadh agus air n-a mhoirtniúghadh le
miangasaibh na colna, agus air n-a chéasadh le
h-amhgaraibh na bochtaineachta.



3. O! Cathain nó cá h-uair a chuirfear críoch air
na h-olcaibh-se? Cá h-uair a shaorfar mé ó dhaoirse
agus ó sglábhaidheacht an pheacaidh?



Cá h-uair, a Thighearna, a chuimhneochas mé ort féin
amháin? Cá h-uair a bhéas mé aoibhinn iolgháirdeach
ad' aice?



Cathain nó cá h-uair a bhéas mé saor dá ríribh gan
toirmeasg gan bhacan, gan truime gan tuirse anma
nó cuirp?



Cá h-uair a bhéas síothchainte dhiongmhalta dhearbhtha
agam, síothchainte dhaingean sháimh gan eagal,
síothchainte amuigh agus astigh, agus seasmhach láidir
air an uile thaobh?



Ó! Íosa ró-mhaith, cá h-uair a chífeas mé do
ghnúis?


L. 220


Cá h-uair a bhéas mé aige rinnfheitheam glóire do
ríoghachta? Cá h-uair a bhéas Tú agam go h-uile
anns na h-uile ní?



Cá h-uair a bhéas mé ann do ríoghacht agad, a
d'ullmhuigh Tú do lucht th'annsachta ó'n t-síorraidheacht
anuas?



Atáim-se air m'fhágail 'mo bhochtan agus 'mo
dhíbearthach a dtír mo námhad, an áit a bhfuil cogadh
agus ró-amhgair gach én ló.



4. A Thighearna, furtuigh mo dhíbirt, éadtromuigh
mo dhochar; óir, is ort féin atá m'uile ailgeas
agus mo mhiangas aig éaghbhaidh agus aig osnaighe;
óir ní bhfuil sólas a' t-saoghail-se uile ach 'na
thruime agus 'na ró-ualach agam.



Is mian liom do shealbhughadh go h-inmheadhonach,
ach cha dtig liom sin fhaghail.



Ba mhian liom ceangal do na neithibh neamhdha,
ach atáid na neithe saoghalta agus mo chlaonta
míriaghalta féin gá mo chlaoi agus gá mo chongbháil
síos.



Ba mhian liom ann m'intinn a bheith os cionn an
uile ní, ach atá an cholann a' tabhairt orm umhlughadh
dá aimhdheoin.



Agus, mar sin, bím 'mo dhuine mhío-ádhmhar a'
troid agus a' comharc liom féin, agus bím cortha
tuirseach dhíom féin, an tan a bhíos mo sbiorad a'
dréim suas, bíonn a' cholann aig iarraidh cromadh go
talamh.



5. O! creud é méad m'fulaing ionnam féin
astigh! Óir, an tráth a smaoinighim air na neithibh
neamhdha, thig sluagh agus sgaoth do smaointighthibh
eugsamhla colnaidhe ann mo mheanmain gá mo chur
air seachran ann m'urnuighe.


L. 221


O! a Dhia, ná h-imthigh a bhfad uaim, agus ná
seachain agus ná tréig do shearbhfoghantuidhe ann
th'fheirg.



Caith uait do theintreach agus spréidh iad, eadhon,
na droch-smaointighthe; caith uaid do shaighide agus
claoidh iad, agus díbir meanga uile an aidhbheirseora.
(Pslm.c.143,7).



Díoghluim agus comh-chruinnigh mo chéadfaidh chugad
féin; agus tabhair orm dearmad a dhéanamh do
neithibh saoghalta; agus tabhair damh iomhaighe an
uilc a tharcuisniughadh, agus a dhíbirt as m'intinn
go tapaidh.



Cuidigh liom, a Dhia shíorraidhe na Fírinne, ionnas
nach gluaiseadh díomhaoineas air bith mé.



Tar, a mhilseacht neamhdha, agus teitheadh an uile
ghráineamhlacht thruaillidhe as th'amharc.



A Thighearna ró-thrócairigh, tabhair maitheamhnas
agus lóghadh damh air son dá mhionca do smaoinigh
mé air ní air bith ach ort féin san urnuighe.



Óir, aidmhim go fírinneach gur mhinic ba ghnáth liom
seachran a dhéanamh innte.



Óir, is minic nach mbím fá'n áit a mbím go
corpardha 'mo shuidhe nó 'mo sheasamh, ach anns a'
bhall a mbeirid mo smaointighe leo mé.



Bím san ionad a mbíonn mo smaointighthe; agus
go coitcheannda, bíonn mo smaointighthe anns an
áit a bhfuil mo thaitneamh.



Is tapaidh a theagmhas dom' mheanmain an ní air
a bhfuil grádh nádurtha agam, nó a thaitneas liom
tré chleachtadh.



6. Is uime sin adubhairt Tú féin, a Dhia na
Fírinne: "An ball a bhfuil do chisde, is ann atá
do chroidhe." (Matha.c.6,21).


L. 222


Ma tá cion agam air neamh, is ró-thoilteanach a
smaoinim air neithibh neamhdha.



Agus ma 'sé an saoghal is ionmhain liom, bím
luathghaireach le n-a shonas, agus dubhach, dubhronach
le n-a dhonas.



Ma ghrádhuighim a' cholann, is air neithibh colnaidhe
a bhím go minic a smaoiniughadh.



Ma's air mo sbiorad atá mo ghrádh is ionmhain liom
smaoiniughadh air neithibh sbioradálta.



Agus labhraim go toilteanach air gach én ní dá
ngrádhuighim, agus éisdim go fonnmhar le cách aig
labhairt orra, agus beirim a ndeilbh agus a n-iomhaighe
ann m'intinn liom na bhaile.



Ach, a Thighearna, is beannuighthe an neoch a sgaras
leis an uile chréatuir mar gheall ort-sa;; agus
do nídh fóirneart air an náduir, agus a chéasas ain-
mhianta na colna le teasghrádh faobhrach na sbioraide;
ionnas go dtoirbheireadh sé dhuit urnuighe ghlan le
coinsias gan truailleadh, agus go mbadh bhfiú é do
bheith ameasg na gcoraidhe, agus na n-órd ainglidhe,
tar éis neithe talmhaidhe uile amuigh agus astigh
a dhíbiriughadh.



An 49 caibidil.
A labhras air ailgeas agus iarraidh na beathadh
suthaine; agus air áidhbhéil na maitheasa a gealltar
do'n mhuinntir do nídh seasamh amach go cródha.



1. A mhic, an tan a mhothuigheas tú fonn beodha
díochra na síorraidheachta beannuighthe ionnad féin,
agus gur ró-mhian leat priosúnacht na colna fhág-


L. 223


bhail, ionnas go mbadh éidir leat ró-ruithneadh
loinneardha mo dheallraidh-se do rinnfheitheamh nó
fhéiceal gan sgáth, gan smúid, nó claochlódh gad' thoir-
measg, fosgail do chroidhe go fairsing an uair sin,
agus gabh chugad anal nó bíodhgadh an Spiorad
Naoimh le h-iomad gráidh.



Tabhair móran buidheachais agus altuighthe do'n
Árd-Mhaitheas Neamhdha air son a mhór-mhaitheasa,
a chuarta, agus a thrócaire ort, gá do ghríosughadh
agus gá do ghluaiseacht le teasghoil grádha, agus
gá do thógbhail suas le n-a láimh chumhachtaigh, d'eagla
go dtuitfeá le do thruime féin go talamh.



Óir, ní h-é do dheigh-intinn, nó do neart díchill
féin a gheibh so dhuit, ach na grása neamhdha, agus
foghar na cuarta diadha chugad; ionnas go rachfá
air th'aghaidh anns na subhailcibh, agus a n-úirísleacht
níos mó, agus go n-ullmhochthá thú féin a n-aghaidh
na gcathuighthe atá chugad, agus dícheall saothair
do dhéanamh, le mian agus ailgeas iomlán do chroidhe,
greamughadh go daingean damh-sa, agus mo sheirbhis
a dhéanamh le lán toil chíocrach lasamhail.



2. A mhic, is minic a bhíos an teine air dearg-
lasadh, ach cha dtéid an lasair suas uaithe gan deatach.



Is mar an gceudna a bhíos fonn agus faobhar air
dhaoine áirighthe air dearg-lasadh chum na neithe
neamhdha, gidheadh, ní bhfuilid saor ó chathuighthe agus
ó ghrádh na colna.



Agus, mar sin, ní air son glóire nó onóra Dé
go fírinneach oibrigheann siad aig iarraidh neitheann
go ró-anbhuaineach air.



A mhic ionmhain, is mar so a bhíos do mhian-sa agus
do thoil go minic, a thaisbean tú go neartmhar
ró-anbhuaineach.


L. 224


Óir, ní bhfuil ní air bith glan nó iomlán a bhíos
air n-a thruailleadh, nó sanntuighthear mar gheall air
éadail nó air phléasuir dúinn féin amháin.



3. Mar sin, ná h-iarr na neithe a thaitneas amháin
leat féin, ach na neithe atá onórach, taitneamhach agam-
sa; óir, ma bhreathnuigheann tú mar is dleacht, is
ceart duit m'aithne-se agus m'órdughadh do lean-
mhaint níos luaithe nó do thoil agus do mhian féin,
agus a chur air béalaibh do thola féin.



Is fios damh-sa th'iarraidh; is minic a chuala mé
do ghuth truaigh agus th'osnadha.



Ba mhaith leat anois a bheith a saor-sheilbh ghlóire
chloinne Dé, agus ann th'ionad comhnuidhthe síorraidhe,
anns a' ríoghachta neamhdha atá lán iolgháirdis agus
subhailce; ach cha dtainic an uair sin go fóill;
atá am agus uair eile le teacht air tús .i. am
cathuighthe, saothair agus cruaidh-chéasda.



Badh mhaith leat a bheith lán seilbh agus a radharc
na glóire neamhdha, ach cha dtig leat sin fhaghail anois.



Is Mise Mé féin an t-Árd-Mhaitheas rígh-neamhdha:
fan liom, deir an Tighearna, nó go dtiocaidh
ríoghachda Dé.



4. Caithfidh tú do dhearbhughadh air tús air talamh,
agus do fhreachnughadh nó do líomhadh, agus do
chleachtughadh anns an iomad do neithibh cruaidhe,
cruadalacha.



Gheobhaidh tú cuideamh agus comhsholas na ngrás
air uairibh, ach cha dtiubhrthar sásadh iomlán air fad
duit.



Mar sin, gabh croidhe agus uchtach, agus bí cródha
calma aige déanamh, agus aige fulang neithe
contrárdha do chlaontaibh na nádura.


L. 225


Is éigin duit a bheith 'do dhuine úr, agus thú féin
athnuadhughadh a nduine eile.



Is éigin duit go minic na neithe atá a n-aghaidh do
thola a dhéanamh, agus na neithe a ghrádhuigheas tú a
thréigbheal agus a sheachnadh.



Rachaidh na neithe a shásuigheas cách air aghaidh; agus
na neithe dob áil leat-sa air gcúl.



Éisdfear le cainnt agus comhluadar cáich; agus
cha bhíonn meas nó suim air ce bé déaras tusa.



Iarrfaidh cách eile, agus do gheobhaidh a n-iarraidh;
iarrfaidh tusa, agus ní bhfuighir an dadamh.



5. Béidh cách eile fá mhóir-mheas agus fá mhór-
chlú ameasg daoine; ach cha bhíonn meas nó clú ort-sa.



Taobhfar sud nó so le cách; ach ní thaobhfhar an
dadamh leat-sa.



Béidh an náduir dhaonna tuirseach, triamhuineach
uime so air uaribh, ach ní beag an luaigheacht iomchar
go ciúin tostach gan ghearan.



Is air an modh-sa, agus air a chomh-chosamhail eile,
a chruthuighthear agus a dhearbhuighthear seirbhiseach
díleas an Tighearna do ghnáth, dá fheuchain cionnas is
éidir leis é féin do dhiúltughadh, agus é féin do
bhriseadh agus do chosg ó gach uile nídh.



Ní bhfuil ocoid air bith is mó ann a bhfuil féidhm
agad thú féin a mhoirtniughadh, nó aig amharc agus
aige fulang na neithe atá contrárdha agus a n-aghaidh
do thola; agus go sonnradhach an tan nó an uair
órduighthear neithe a dhéanamh a thógthar duit a bheith
mío-chómhgarach, mío-thairbheach.



Agus cionn go bhfuil tú faoi umhlacht agus faoi
chumhachta ní leigfidh an eagla dhuit a dhul a n-aghaidh
an uachdrain; uime sin tógthar dhuit gur cruaidh an


L. 226


chúis siubhal réir sméide agus tola dhuine eile, agus
do thoil agus do chéadfadh féin a dhiúltadh air fad.



6. Ach a mhic, tabhair fá ndear toradh an t-saothair
agus an trom-ualaigh-se, agus nach fada nó go
gcríochnochar iad, agus an luaigheacht áidhbheil
doi-mheasta is dleacht fhaghail air a son; agus ní ba
trom nó triobloideach leat iad, ach béidh tú air do
chómhfhurtacht go láidir ann th'fhulang agus ann
th'fhoighide.



Óir, air son an bheagain-se dod' thoil féin, atá
tú a thréigbheal anois go toilteanach, gheobhaidh tú
arís do thoil féin go bráthach a bhflaitheas Dé.



Óir, annsin gheobhaidh tú an uile ní is áil leat, nó
is éidir leat iarraidh.



Béidh tú a seilbh na h-uile mhaith ann, gan eagal
a chailleadh go bráthach.



Agus béidh annsin air aon toil liom-sa go bráthach,
agus ní shanntochaidh tú agus chan iarrann tú ní
air bith coimhthigheach nó leath-taobhach go tráth bheith
síor.



Anns an áit sin, cha bíonn én neoch contrardha
dhuit; cha bíonn gearan aig én neoch ort; cha
chuireann én neoch toirmeasg ort; cha seasann an
dadamh ad' aghaidh san t-slighe; ach béidh an méid atá
tú iarraidh uile annsin a láthair air én iúl agad,
agus líonfaid, agus sásochaid do thoil agus do
mhian go h-iomlán.



Annsin, bhéarfaidh Mhé glóir duit air son gach
masla dár fhuiling tú; culaidh mholta air son do
dhólais; agus cathair ríoghdha go bráthach air son an
ionad úiríseal a bhí agad annso.



Is annsin a chífear toradh na h-umhlachta, béidh
loinnear agus luathghair air shaothar na h-aithrighe;


L. 227


agus béidh an t-úiríseal umhal air n-a oirneadh le
coróin ghlóire.



7. Air an ádhbhar sin, claon agus crom thú féin
síos anois go h-umhail faoi láimh gach aon nduine,
agus ná buaidhir thú féin fá fhios d'faghail cia h-é
a dubhairt leat nó d'órduigh dhuit so nó sud a
dhéanamh.



Ach, tabhair ró-aire, ce bé h-aca uachdrán nó
íochdrán nó do choimh-ionann féin iarras ní air bith
ort, a ghabhail uile go maith le deagh-thoil, agus a
thairgsin a choimhlíonadh le toil ionnraic, dhílis, dheagh-
rúnaigh.



Leig do'n fhear-sa so iarraidh, agus do'n fhear
ud eile sud; leig do'n neoch-sa onóir agus
mórdháil a dhéanamh as so, agus do'n duine ud eile
as sud, agus leig do na mílte a bheith gá moladh;
air son dod' thaobh féin, na déana glóir nó mórdháil
as sud nó as so, nó as ní air bith ach amháin as do
luige, as do tháire, agus as do tharcuisne féin, agus
a dtoil agus a n-onóir Dé amháin.



Atá aon ní amháin is cóir duit a shanntughadh agus
a bheith air th'aire do ghnáth, eadhon, glóir agus onóir
a thabhairt do Dhia a n-aimsir do bheathadh agus do
bháis.



An 50 caibidil.
Cionnas is dleacht do dhuine, le linn a dhólais agus
a thuirse, é féin do thoirbheirt air láimh Dé.



1. O! a Thighearna Dé, O! Athair ró-bheannuighthe!
Go naomhthar Thú anois agus go bráthach! Óir,


L. 228


is mar ba thoil leat, do theagaimh gach én ní, agus is
maith gach ní dá ndearna tú do ghnáth.



Bíodh luathghaire air do shearbhfhoghantuidhe féin
ionnad, agus ní ann féin, nó ann én neoch air bith
eile; óir, is Tú féin amháin an sólas fíre, a
Thighearna, is Tú mo mhuinighin, mo choróin, mo iol-
gháirdeas, agus m'onóir.



Creud atá aig do sheirbhiseach, ach ce bé fuair sé
uaid féin, agus so gan luaigheacht nó tuillmhe air
bith dá thaoibh féin? (1 Cor.c.4.7).



Is leat féin an uile ní do rinne Tú, agus thug
Tú uaid.



Is bochtan saothaireach, tuirseach mise ó m'óige,
(Pslm.87,16); agus, air uairibh bíonn m'anam
a' caoi le dólas, agus air uairibh ró-bhuaidheartha
ann féin as siocair na dtaomanna ainmhianacha atá
n-a thimcheall.



2. Is fada liom uaim sólas na síothchana; agus
iarraim agus aitchim ort síoth do chloinne, atá gá
n-oileamhain agad a lán-shoillse do chomhshólais.



Ma thugann Tú an t-síothchain-se damh, ma dhoir-
teann Tú an naomh-luathghaire ionnam, béidh anam
do shearbhfhoghantuidhe gad' mholadh le cainticibh
ceolmhara, dúthrachtacha.



Ach, ma thréigeann Tú é, mar is gnáth leat go
minic, cha dtig leis siubhal réir a' dlighidh a slíghe
na n-aitheanta, (Pslm.118,32); ach, is éigin dó a
ghlúine a lubadh agus uchd a bhualadh, cionn nach
bhfuil sé anns a' stáid mhaith ann a raibh sé indé
agus an lá roimhe le indé, an uair a bhí do shoillse
agus do dheallradh lasda os a chionn, agus an
tan do bhí se air n-a chosnamh, agus air n-a imdhídean


L. 229


ó chathuighthibh do theacht air faoi sgáile do sgiathanna.
(Iob.c.29,3, Pslm,16,8).



3. O! Athair ró-cheart, ró-naomhtha, agus ró-
ionmholta go síorraidhe, thainic anois an uair ann a
ndearbhochthar do shearbhfhoghantuidhe.



O! Athair na cruinne darab fiú an uile ghrádh,
is cóir agus is ceart dod' shearbhfoghantuidhe ní
éigin fhulang anois air do shon.



O! Athair onóruigh, thainic an uair do chonnaic
Tú féin ó'n t-síorraidheacht, go mbéadh do shearbh-
fhoghantuidhe seal gearr gá mhaslughadh do'n taobh
amuigh, ach slán folláin agad féin do'n taobh astigh;
thainic an tan ann a mbéidh sé air n-a tharcuisniughadh
fá smacht agus fá dhí-mheas aige daoine; agus air n-a
shárughadh agus air n-a chlaoi le h-aicideachaibh
iomdha do fhulang, ionnas go ndéanadh sé eiséirighe
mar aon leat féin a moch-mhaidin na nuadh-shoillse
anns a' ghlóir neamhdha.



O! Athair ró-bheannuighthe, is mar so d'órduigh
Tú a bheith, 'sé so do thoil; agus is amhlaidh do
theagaimh gach ní do réir th'órduighthe agus do thola.



4. Agus go deimhin, is mór na grása agus an
foghar dod' charaid .i. go ndeonochá dó masla agus
píonas fhulang air a' t-saoghal-sa mar ghrádh ort
féin a Dhia, dá mhionca a leigeas Tú do neoch air bith
sin do dhéanamh air.



Óir, ní theagmhann ní air bith air a' t-saoghal gan do
chomhairle agus do reamh-radharc, nó gan chúis éigin.



Is maith dhamh-sa, a Thighearna, gur smachtuigh Tú
mé, ionnas go gcuirfinn eolas air th'fhírinnteacht,
adeir an psalm 118,71; agus go sgriosfainn
agus go ndíbeorainn an uile uabhar agus andóchas
as mo chroidhe.


L. 230


Is maith dhamh náire a bheith aig folach mo ghnúise,
ionnas go n-iarrainn furtacht agus cobhair ort
féin níos luaithe nó air dhaoinibh.



d'fhoghluim mé as so, mar an gceudna, eagal do
bhéith orm red' bhreitheamhnas uathbhasach, do-fhaisneise,
a mhoirtnigheas an fíreun mar aon leis an pheacach,
cé nach gan chóir, gan fírcheart do nídh Tú sin.



5. Do bheirim buidheachas duit, a Thighearna, air
son mé féin do smachtughadh ann mo lochta gan
chaomhnadh gan choigilt, ach gur bhuail Tú mé le
sgiúrsadha geura, aige cur pianta agus leathtrom
orm amuigh agus astigh.



Agus ní bhfuil faoi neamh anuas nídh a fhurtochas orm
ach Thú féin a Thighearna Dé, a Liaigh neamhdha na
n-anman, a loitigheas agus a leigheasas, a chuireas
síos go h-aigean inn, agus a tharraingeas as arís inn.
(1 Reg.c.2,6).



Atá an t-slat agus an sgiúrse ann do láimh gá
mo mhúnadh agus gá mo theagasc.



6. Feuch, Athair ghrádhuigh, atáim ann do lámhaibh,
agus claonaim mé féin faoi shlait do bhuailte agus
mo mhúinte féin.



Buail mo shlinneain agus mo mhuineal, ionnas go
n-umhlochadh mo thoil cham-shníomhtha-sa dod' thoil-se.



Déana deisgiobal umhal úiríseal dhíom duit féin,
mar is gnáth leat go maith a dhéanamh, ionnas go
siubhlainn réir do thola do ghnáth.



Taobhaim agus tiomnaim dhuit mé féin, agus an
uile ní dá bhfuil agam; is féarr píonas fhaghail air
a' t-saoghal-sa nó air a' t-saoghal eile.



Is fios duit na h-uile nídh, agus ní bhfuil nídh
air bith a bhfolach ort anns a' choinsias daonna.



Is aithne dhuit na neithe níos luaithe nó thig siad


L. 231


asteach nó do theagmhaid; agus ní bhfuil féidhm agad
eolas nó faisnéis iarraidh nó fhaghail air ní air bith
air a' talamh.



Is fios duit creud is maith do mo bhiseach-sa, agus
méad na tairbhe do nídh an buaidhreadh agus a'
triobloid, do chum sal agus meirg an pheacaidh do
ghlanadh.



Déana liom-sa mar is toil leat; 'sé sin atáim
aig iarraidh; agus ná diúlt damh as siocair mo
dhroich-bheatha, is aithne dhuit féin níos féarr agus
níos soilléire nó d'aon neoch beo air a' talamh.



7. A Thighearna, deonuigh damh fios fhaghail air na
neithibh is oireamhnach damh, agus annsacht na neithe
is dleacht do ghrádhughadh; ionnas go molfainn na
neithe is féarr a thaitneas leat, agus go measfainn
na neithe atá measamhail, mór-luaigheach ann do shúilibh-
se; agus go mbéadh fuath agus gráin agam air gach
ní atá gráineamhail ad' fhiadhnaise.



Ná fuiling damh neithe do mheas nó do bhreathnughadh
réir amharc súl, nó do réir baramhla nó cloisdeachta
na n-ainbhfiosach; ach tabhair grása damh eidir-dhealughadh
a dhéanamh agus breitheamhnas ceart a thabhairt air
neithibh saoghalta agus sbioradálta; agus go
sonnradhach, a bheith go bráthach aig iarraidh do dheagh-
thoil féin do shásadh.



8. Bíonn baramhlacha daoine meallta go ró-
mhinic; agus atáid daoine sanntach an t-saoghail
meallta aige grádhughadh neithe talmhaidhe amháin.



Creud is féirrde do dhuine meas mór a bheith
aige daoine air?



Meallann an duine cealgach cealgaire eile, agus
an duine díomhaoin an duine díomhaoin eile, an
dall an dall eile, an t-anbhfann an t-anbhfann eile,


L. 232


an tan a bhíonn sé go h-uallach gá árdughadh agus gá
mholadh; agus go fírinneach, is mó an tarcuisne agus
an náire do bheir an baoth-mholadh bréige dó.



Óir, ní bhfuil neoch inmheasta nó ionmholta ach
réir an mholta nó an mheasa atá air a bhfiadhnaise
Dé, adeir an Naomh oirdhearc úiríseal St. Proinsios.



An 51 caibidil.
A deir gur cóir oibreacha úirísle do ghnáthughadh,
an tan nach dtig linn sroicheadh air árd-ghníomhaibh.



1. A mhic, cha dtig leat a bheith a' smaoiniughadh go
teasghrádhach air na subhailcibh a gcomhnuidhe; nó
seasamh anns a' chéim is airde do'n rinnfheitheamh
dhiadha; ach, is éigin duit, air uairibh, tuirneamh,
tuirling, agus cromadh air neithibh úirísle, as
siocair agus tré thruailleadh pheacaidh na sinnsire,
agus trom-ualach na beathadh brisgeogaighe-se
iomchar a n-aghaidh do thola go tuirseach.



An fad a bhéas an cholann sho-bhásuighthe-se air
iomchar agad, mothochaidh tú amhgar, anacair, agus
crádh croidhe.



Mar sin, an fad a mhaireas tú san cholainn, is
cóir duit go minic leathtrom na colna do chaoi;
óir, ní h-éidir leat, gan sgíth, gan stad, a bheith
gnothuigheach anns na h-oibreachaibh sbioradálta, agus
anns a' rinnfheitheamh dhiadha.



2. An tráth do gheobhair thú féin trom tuirseach
mar sin, is iomchubhaidh dhuit cromadh air oibreachaibh
úirísle foir-imeallacha, agus caitheamh aimsire a


L. 233


dhéanamh duit féin do na deigh-ghníomharthaibh; agus
a bheith a' feitheamh air mo theacht agus air mo chuairt
neamhdha-sa le muinighin láidir; agus do dhaoirse
agus do dhíbirt fhulang go foighideach, agus fós
triomlach agus seargthacht na sbioraide, nó go
dtiocaidh Mise arís air chuairt chugad, agus go
saorfad thú ó'n uile amhgar.



Óir, bhéarfaidh Mé ort dearmad a dhéanamh dod'
phiantaibh, agus bhéarfad suaimhneas síorraidhe dhuit.



Fosglochad romhad magha mín áille an Scrioptúir,
ionnas go m'éidir leat siubhal air rian agus air
slíghe m'aitheanta-sa le croidhe réidhe.



Agus annsin déarfaidh tú gurab éadtrom dochar
agus anacair a t-saoghail-se, a gcóimheas agus a
gcomparaid na glóire atá le teacht agus fhoillseochar
ionnainn. (Rom.c.8,18).



An 52 caibidil.



Amhail mar is dleacht do dhuine a mheas nach fiú
agus nach diongmhalta é féin air chomhshólas; ach
gur féarr an airidhe é air sgiúirsibh agus air
phíonas.



1. A Thighearna, níor thuill mé comhshólas nó
cuairt sbioradálta air bith uaid; mar sin, is ceart
an ní do nídh Tú liom, an tan fhágthar mé aig mo
dhólas agus aig mo bhochtaineacht féin.



Óir, dá silfinn oiread na mara nó na fairrge
do dheoraibh, ní bhéinn, air a shon sin, 'mo airidhe air
do chomhshólas neamhdha.


L. 234


Air nach ar thuill mé an dadamh ach sgiúirseadh agus
píonus, óir do pheacuigheas go ró-throm ró-mhinic
ad' aghaidh.



Mar sin, réir an uile réasun cheart, níor thuill
mé cabhair nó furtacht dá laighead uaid.



Ach, Thusa atá 'do Dhia lán maithis agus trócaire,
agus nach áil leat th'oibreacha féin a dhul amugha,
chum go bhfoillseocha saidhbhreas do mhor-mhaithis do
shoithighibh na trócaire, (Rom.c.9,23), deonaigheann
Tú cabhair a thabhairt dod' sheirbhiseach os cionn a
thuillmhe, agus os cionn an uile mhiosúr daonna.



Óir ní cosamhail do chabhair le cabhair dhaonna.



2. O! a Thighearna gad é do rinne mise, fá go
mbéarfá sólas air bith neamhdha damh?



Ní cuimhneach liom maith air bith do dhéanamh ariamh;
ach go raibh mé a gcomhnuidhe claon chum an uilc, agus
ró-leisge orm mo leasughadh.



'Sé so an fhírinne, agus cha dtig liom a shéanadh.
Agus dá n-abrainn atharrach so, do dhéantá
féin fiadhnaise a m'aghaidh, agus ní bhéadh neoch air
bith air mo leith-sgeul.



Gad é do thuill mé air son mo pheacaidh, ach pianta
síorraidhe a dteinidh ifrinn?



Aidmhighim go deimhin, gur airidhe mé air an uile
dhí-mheas, sbíd, agus tarcuisne; agus nach fiú mé
mo áireamh nó m'anmnughadh ameasg do sheirbhiseacha
dúthrachtacha.



Agus cé nach maith liom so do chloisint, air a shon
sin agus eile, aidmheochad mo pheacaidh a m'aghaidh
fein air ghrádh na fírinne, ionnas gur mhóide
do gheobhainn trócaire.



3. Creud a déarfas mé, agus mé cionntach lán
náire agus faitchis?


L. 235


Ní bhfuil agam le rádha ach amháin gur pheacuigheas;
do pheacuigh mé, a Thighearna, do pheacuigh mé; a
Thighearna tabhair maitheamhnas damh, agus déana
trócaire orm!



Leig damh mo dhólas a chaoineadh seal beag ann so,
sul fá rachad go tír nó talamh an dorchadais atá
foluighthe fá cheo agus sgáile uathbhasaigh, dhuilbhir,
dhiamhair an bháis. (Iob.c.10,20).



Ní iarrann Tú air a pheacach lochtach, mhío-ádhmhar, ach
filleadh air ais le h-umhlacht agus croidhe-bhrúghadh
go sbeisialta air son a pheacaidh.



Is as an chomh-brughadh agus as an aithrighe fhíre,
agus as umhlacht an chroidhe a gheintear dúil le
párdún; is leis a shocruighthear an coinsias
buaidheartha, agus is é do bheir na grása do cailleadh
air a n-ais arís; is é shaoras an duine o'n fheirg
a bhí a' teacht chuige; agus, fá dheoidh, tugann Dia
aircis air an anam fhíreunta le fáilte, agus le póig
naomhtha na síothchainte.



4. Is íodhbairt thaitneamhach an aithrighe úiríseal
air son a' pheacaidh, níos cumhra agus níos deagh-
bholaighe ad' láthair, a Thighearna, nó boladh cumhra
na túise a loisgthear air an altóir.



'Sé so an t-ungadh agus an ola chumhra uasal do
dheonuigh Tú a dhortadh air do chosaibh coisreactha
(Luc.c.7,38); óir, níor dhiúlt Tú ariamh do'n
chroidhe cheannsa chomh-brúighte. (Pslm.5,19).



Is annso atá imdhídean dearbhtha ó aghaidh agus ó
ghnúis fheargaigh na námhad.



Is leis an aithrighe a leasuighthear agus a ghlanthar
an uile shal agus smál peacaidh do rinneamar a
n-áit air bith ariamh.


L. 236


An 53 caibidil.
A thaisbeanas nach dtugthar tiodlacadh na ngrás
do'n mhuinntir ró-cheangailte do na neithibh saoghalta.



1. A mhic is ró-uasal an ní mo ghrása-sa; ní fhuil-
ingeann sé a choimeasgadh le neithibh foir-imeallacha,
nó le h-aoibhneasaibh talmhaidhe.



Mar sin is éigin duit an uile ní a bhacas nó
thoirmeasgas na grása do theilgint uaid, ma 's
maith leat driúchd agus dortadh na ngrás do
ghabhail chugad.



Iarr áit uaigneach duit féin, agus bíodh fonn
ort comhnuidhe ann ad' aonar; agus ná h-iarr
cuideachta nó comhluadar air én neoch; ach guidh
Dia go dúthrachdach chum mothughadh agus bíodhgadh
croidhe agus glaine na h-intinne agus coinsis do
dheonughadh dhuit.



Meas an domhan uile mar an dadamh; cuir
freasdal agus friotháileadh Dé air beulaibh an
uile ní saoghalta.



Óir, ní h-éidir leat Mise do riar, agus thú féin
do shásughadh le neithibh díombuana, silteacha,
saoghalta.



Is éigin duit do luchd eolais agus do cháirde
grádhacha do thréigbheal, agus th'anam a chongbhail
fadhbhtha sgartha o'n uile shólas díombuan aimseardha.



Is amhlaidh guidheann an Naomh Easbal Peadar,
go gcongbhochaidis na creidmheacha a gCríosda
iad féin uile mar luchd an uaire, agus mar
oilithreacha coimhightheacha air a' t-saoghal-sa.


L. 237


2. O! creud é méad an dóchais agus na
muinighne a bhéas aig uair a bháis aig an té nach
mbíonn creapailte le grádh air neithibh a' t-saoghail?



Ach, an t-anam atá go fóill tinn, lag, ní h-eol
dó a chroidhe do chongbhail mar sin sgartha o'n uile
ní saoghalta; agus ní aithnigheann an duine
brúideamhal saoirse nó sócal an duine inmheadhonaigh
dhiadha.



Ach, ma's mian leis a bheith sbioradálta dá ríribh
is éigin dó diúltughadh do'n mhuinntir atá a bhfad
uadha agus a bhfogas dó, eadhon, do'n choimhightheach
agus do'n mhuinnteardha, agus a bheith air a choimhead
air féin níos mó nó air én neoch eile.



Má bheireann tú buaidh iomlán ort féin, is ba
h-urasa dhuit an uile ní eile do chlaoi.



'Sí is buaidh iomlán ann, neoch buaidh a thabhairt
air féin.



Óir an té a chongbhas é féin faoi smachd, air mhodh
go mbéadh ainmhian na gcéadfadh umhal do'n tuigse
réasunta, agus an tuigse réasunta umhal do Dhia,
sin an té do bheir buaidh go fírinneach air féin, agus
atá 'na thighearna agus 'na mhaighistir air a' t-saoghal
go h-uile.



3. Ma's mian leat dréimniughadh suas gus an árd
chois-chéim-se, is oircheas duit tosughadh go feardha,
agus an tuagh a leagadh air a' fhréimh, ionnas go
ngearrthá agus go sgriostá an chlaon-toil mhíriaghalta
atá a bhfolach agad ort féin, agus an ró-ghrádh atá
agad air do mhaith agus air do mhaoin shaoghalta.



An lochd-sa do bheir air neoch iomad gráidh ain-
mheasardha do bheith aige air féin, 'sé is fréamh do'n
uile olc is cóir a sgrios agus a dhíbirt uainn.



Agus an tráth a smachduighthear agus a sgriosthar


L. 238


an t-olc-sa, béidh síoth agus socraidheachd mhór air
ball 'na dhiaidh.



Ach, do bhrígh gur tearc agus gur beag an líon
a shaothruigheas nó thairgeas iad féin a mhoirtniughadh
nó a bhásughadh, nó iad féin fhágbhail 'na ndiaidh go
h-iomlán, uime sin fanaid creapailte ionnta
féin, agus cha dtig leo éirighe níos airde nó iad
féin ann a sbiorad.



Ach, an té le ar mian siubhal go saor am'
fharradh-sa, is oircheas agus is éigin dó a chlaonta
cama, míriaghalta féin uile do chlaoi agus do
mhoirtniughadh, agus gan ceangal nó greamughadh
do chréatuir air bith le searc nó saobhghrádh brúid-
eamhail.



An 54 caibidil.
A labhras air ghluaiseachdaibh na nádura agus na
ngrás.



1. A mhic, tabhair dod' aire go dícheallach gluaise-
achda na nádura agus na ngrás; óir gluaisid,
agus do nídh siad iomlacht chontrárdha dá chéile agus
chomh caolchuiseach cealgach agus sin, air mhodh gur
deacair a n-eidir-dhealughadh ó n-a chéile ach le
neoch sbioradálta, nó le duine air n-a shoillsiughadh
agus air n-a dheallrughadh go h-inmheadhonach ann
féin.



Go deimhin tugaid na h-uile dhuine iarraidh air
an mhaith, agus bíonn rún aca maith éigin do
dhéanamh ann gach ní dá ndéan agus dá n-abair
siad; mar sin mealltar móran faoi aimhriocht
an mhaithis.


L. 239


2. Atá an náduir cealgach, agus tarraingeann
creapallann, agus meallann sí móran ann a
líontaibh agus ann a dulaibh; agus is é a rún
chuige so a gcomhnuidhe, mar gheall air í féin a
shásadh.



Ach, siubhlann na grása go soirbh, soineannta,
simplidhe; seachnann sí an uile ghné agus chineal
uilc; ní chuireann sí cealg no mealltoireachd
roimpe, agus do nídh sí gach én ní air son Dé go
foirbhthe fíor-ghlan, ann a gcomhnuigheann sí go
socair mar ann a finid agus ann a chrích dhéidheanaigh.



3. Ní h-áil leis an náduir bás fhaghail dá deoin,
agus ní h-ait leithe a bheith air n-a cuibhriughadh,
nó air n-a cumhgughadh, air n-a claoi, air n-a
h-ísliughadh, nó air n-a smachdughadh, nó air n-a
sárughadh air én chor.



Ach do nídh na grása staideir agus saothar air í
féin do chlaoi agus do mhoirtniughadh; cathuigheann
agus comharcann sí a n-aghaidh chlaonta agus antoil
na colna; iarrann sí an úirísleachd; is ait leithe
í féin do chlaoi; ní h-áil leithe a toil shaor féin
do leanmhaint, ach is ionmhain leithe a bheith faoi
smachd agus riaghail; ní shanntuigheann sí uachdranachd
air én neoch; ach iarrann sí a bheith faoi chumhachda
Dé go bráthach, seasamhach a ndeigh-bheathaidh, agus
a bheith ullamh, éasgaidh, a gcomhnuidhe umhlachd a
dhéanamh do uile dhuine air son Dé.



4. Saothruigheann an náduir air son a sochair
féin amháin, agus smaoinigheann sí air an éadail
is éidir leithe fhaghail dhí féin ó chách.



Ach na grása, ní air a h-éadail nó air a tairbhe
féin, ach air an ní fhóghnas do chách is mó a smaoinigheann
sí.


L. 240


5. Is maith leis an náduir onóir agus meas
fhaghail dhí féin.



Ach do bheir na grása an uile onóir agus ghlóir
do Dhia go díleas.



6. Bíonn eagal air an náduir roimhe le náire
agus tarcuisne.



Ach bíonn luathghaire air na grásaibh masla fhulang
air son ainm an Tighearna Íosa Críosda.



7. Is ionmhain leis an náduir an díomhaoineas
agus an t-socraidheachd chorpordha.



Ach ní h-éidir leis na grásaibh a bheith díomhaoin,
ach gabhann chuice go fonnmhar an saothar.



8. Iarrann an náduir neithe cúirealta bréaghtha,
agus bíonn glonn agus gráin aice air neithibh
suaracha, garbha, gránna.



Ach is ionmhain leis na grásaibh neithe simplidhe,
úirísle; cha dísbeagann nó ní dí-mheasann neithe
garbha, suaracha, agus cha diúltann sean-éadach
briste, bréideach, do chur uime.



9. Dearcann an náduir air na neithibh aimseardha,
gabhann luathghaire í air son tairbhe agus éadala
saoghalta, agus tuirse agus mío-luathghaire air
son caille nó díoghbhála, gabhann fearg le focal
tarcuisneach dá laighead.



Ach do bheir na grása a h-aire do neithibh síorraidhe,
agus ní cheanglann agus ní ghreamuigheann sí do
neithibh díombuana aimseardha; agus ní bhuaidhrthear
í fá na gcailleamhain; agus ní fheirgighthear í le
briatharaibh searbha, garga; óir taisgeann sí a
h-óirchisde agus a h-aigneadh air neamh, an áit
nach gcailltear agus nach gcaithtear én ní.



10. Atá an náduir sanntach, agus is féarr leithe


L. 241


ní do ghlacadh nó do thabhairt uaithe; is ionmhain
leithe a cuid féin fhaghail air leith agus a leathtaobh.



Ach, atá na grása lán do'n bhuidheachd agus do'n
fhéile go coitcheannda; seachnann sí an leith-cheal
agus an chuid air leith dhí féin; bíonn sí sásta le
beagan; agus measann sí gur féarr ní do
thabhairt uaithe nó do ghlacadh. (Gníom.c.20,35).



11. Atá an náduir claon agus tabhartha do ghrádh
na gcréatuir, do ghrádh na colna, do'n díomhaoineas,
agus do'n díosgaoilteachd agus do'n dosgadh.



Ach bíonn na grása a' tarraing air Dhia, agus air
na subhailcibh; diúltann sí do na créatuir;
tréigeann sí an saoghal; bíonn fuath aice air
chlaonta na colna, stadann sí ó shráduigheachd agus
ó shíor-siubhal, agus bíonn faitchios uirthi í féin
a thaisbeanadh go puiblidhe.



12. Glacann an náduir go ró-fhonnmhar dá
h-ionnsuidhe an sólas agus an t-aoibhneas saoghalta
a thaitneas le na céadfadhaibh corpordha.



Ach na grása, is ó Dhia amháin is mian leo a
gcomhshólas iarraidh, agus iad féin do shásughadh
anns an Árd-Mhaith os cionn an uile mhaith so-
fhaicseana, saoghalta.



13. Is air son a sochair agus a tairbhe féin
do nídh an náduir gach én ní; cha dtig leithe an dadamh
a dhéanamh a n-asgaidh, ach bíonn dúil aice éadail
éigin fhaghail chomh maith nó níos féarr, nó moladh nó
fabhar éigin eile air son a saothair; agus sann-
tuigheann sí go mór meas áidhbheil do bheith air a
h-oibreachaibh, agus air a tiodlaicthibh.



Ach ní iarrann na grása ní air bith saoghalta,
agus ní iarrann duais nó ceannach eile ach Dia amháin
mar luach saothair; agus ní iarrann níos mó do


L. 242


na neithibh saoghalta, ach an méid fhóghnas na neithe
síorraidhe do ghnothughadh.



14. Bíonn loinn agus luathghaire air an náduir
a móran comhghaol, carad, agus comhfhoigse com-
panach; do nídh sí glóir agus uaill as uaisle a
h-ionad comhnuidhthe, a sinnsire, a cip sloinnte, agus
a cinidh; do nídh sí lústar le luchd cumhachda, agus
blanndar le luchd saidhbhris; do nídh sí luathghaire
agus iolgháirdeas le n-a macasamhail féin.



Ach na grása, grádhuigheann sí a h-eascharaid,
agus ní thógthar suas í a n-uaill nó a n-uabhar tré
uimhir nó iomad a carad; agus ní bhíonn suim aice
air an áit nó air a' treibh as ar fhás sí, muna raibh
subhailce mhór ann; is mó fabhar a bhíos aice do'n
bhochdan nó do'n t-saidhbhir, is mó an truaighe a bhíos
aice leis an neimh-chionntach nó leis an chumhachdach;
do nídh sí comh-luathghaire leis an fhíreun ionnraic,
agus ní leis an chealgaire bhreugach; bíonn na
grása a gcomhnuidhe aige teagasc na bhfíreun a
ndicheall a dhéanamh do bheith níos féarr, agus
comh-chosamhail le Mac Dé aige cleachdughadh na
subhailcidhe.



15. Bíonn an náduir a' gearán air ball air
a h-easbhaidh, agus air a buaidhreadh féin.



Ach iomchrann na grása a bochdaine agus a
doghrainn féin go foighideach.



16. Tiompuigheann agus tiomsuigheann an náduir
an uile ní dá h-ionnsuidhe féin, agus bíonn aige
cathughadh agus aige conspóid air a son féin.



Ach na grása, toirbhreann an uile ní do Dhia,
uadha a dtigid agus a bhfásaid ó bhun-fhréimhe; ní
áireann sí ní air bith uirthi féin, agus cha déan
uaill nó andóchas aiste féin; cha déan aighneas nó


L. 243


ciapáil; ní mheasann a baramhail nó a breathnughadh
féin os cionn agus níos fearr nó breathnughadh
cáich; ach umhluigheann í féin do'n eagna shíorraidhe
agus do'n choisde dhíadha san uile chéill, chéadfadh,
agus tuigse.



17. Is mian leis an náduir fios fhaghail air
sgeultaibh rúin, agus a bheith aig éisteachd le
nuaidh-sgeultaibh; is loinn leithe í féin a thais-
beanadh go puiblidhe ameasg daoine, agus eolas
a chur air mhóran do neithibh tré na céadfadha féin;
sanntuigheann sí eolas do bheith uirthi féin, agus
neithe do dhéanamh as a bhfuigheadh sí clú agus moladh.



Ach ní bhionn cúram aig na grásaibh fá sgeult-
aibh nuadha, nó air neithibh dorcha, cúirealta do
chloisdin; cionn gur ó shean-truailleadh na
sinnsireachda fhásas so uile, air nach bhfuil ní air
bith nuadh nó buan air talamh.



Mar sin, teagasgann na grása dúinn na
céadfadha do smachdughadh, do chuibhriughadh, agus
do chruinniughadh air a' n-iúl; an antoil dhíomhaoin
agus an uaill do sheachnadh, agus na neithe atá
ionnta féin iongantach, aoibhinn, ionmholta, a
bhfolach go h-úiríseal; agus ó'n uile ní ó'n uile
eolas agus árd-fhoghluim, gan an dadamh iarraidh
ach toradh na tairbhe sbioradálta, agus moladh,
glóir, agus onóir Dé.



Ní h-áil leithe í féin, nó én ní dá mbaineann leithe
do thógbhail suas nó os áird; ach is féarr leithe
a bheith aige beannughadh agus aige moladh Dé ann
a thiodlaicthibh, do bheir uile uadha iad le ró-ghrádh
agus ó lán-charthannachd.



18. 'Sé so is grása ann, eadhon, deallradh agus
árd-shoillse os cionn na nádura daonna, agus


L. 244


tiodlacadh áirighthe ó Dhia, agus comhartha dearbhtha
díleas na bhfíreun, agus geall na sláinte síorraidhe,
a thógbhas an duine suas ó neithibh talmhaidhe go
grádh agus annsachd na neitheann neamhdha, agus
do nídh dronga sbioradálta do na drongaibh
colnaidhe.



Mar sin, ní bhfuil dá mhéid á chuibhrighthear agus
a chlaoidhtear an náduir, nach móide a dhoirtear
na grása; agus, tré nuadh-chuartaibh na ngrás
mar sin, leasuighthear an duine inmheadhonach
sbioradálta go laetheamhail réir íomhaighe Dé.



An 55 caibidil.
A labhras air thruailleadh na nádura, agus air
éifeachd agus air fheartaibh na ngrás ndiadha.



1. O! a Thighearna, mo Dhia, do chruthuigh mé
réir th-íomhaighe agus do chosamhlachda féin, tabhair
na grása dhamh, noch do dhearbhuigh Tú féin go
soilléir do bheith chomh mór agus chomh riachdnasach
chum an t-anam do shlánughadh, ionnas go gclaoidh-
finn mo dhroch-náduir urchoideach féin atá gá mo
tharraing chum peacaidh agus damnaidhe síorraidhe.



Óir, mothuighim ann mo cholainn dligheadh an
pheacaidh contrárdha do dhligheadh mo mheanmna, atá
gá mo threorughadh agus gá mo tharraing mar
bhraighe chum umhlachd agus aonta do thabhairt do
ainmhian na gcéadfadh a móran do neithibh, (Rom.
c.7.23); agus ní bhfuil cumas agam seasamh
a n-aghaidh na n-ainmhian-sa, muna gcuideochaidh do


L. 245


ghrása ró-naomhtha féin liom, air n-a ndortadh
go lasamhail ann mo chroidhe.



2. Atá féidhm agam air do ghrásaibh, agus fós
air ghrásaibh ró-mhóra, ionnas go gclaoifidhe an
náduir, atá claon chum an uilc ariamh ó thús a h-óige.
(Gen.c.8,21).



Óir, air dtuiteam agus air n-a truailleadh do'n
náduir dhaonna tré pheacadh ár sinnsir Ádhamh,
do thainig cáin agus pian an pheacaidh sin anuas air
shíol Ádhamha uile. Air mhodh an náduir féin, noch
do chruthuigh Tú féin, a Dhia, ó thús air stáid na
neimh-chionntachda, atá sí anois air n-a h-áireamh
'na lochd agus 'na h-easláinte; óir, atá gluais-
eachd agus iomlacht na nádura, air mbeith dhí 'na
muinighin féin, a' claonadh agus a' tarraing air
an olc agus air na neithibh talmhaidhe.



Óir, an beagan neirt a d'fhan aice, ní bhfuil
ach mar spré teineadh a bhfolach ameasg na luatha.



'Sé so an réasun nádurtha atá foluighthe air
gach én taobh le móran dorchadais, cé go bhfuil
fios agus breathnughadh aige go fóill idir maith agus
olc, idir an fhírinne agus an bhréag, cé nach dtig
leis an méid is eol dó a bheith go maith a dhéanamh
nó a chomhlíonadh; agus anois ní bhfuil soillse
iomlán na fírinne aige, nó a mhianta chomh folláin,
foirbhthe, agus bhádar air tús.



3. Is as so a gheintear, a Thighearna Dé, go
bhfuil do dhlighe taitneamhach aig mo chéill, agus aig
mo réasun, do'n taobh astigh, mar is fios dí go
bhfuil do reachd agus th'aithne go ró-mhaith, ró-
cheart, agus ró-naomhtha, aige spreagadh an uile
olc, agus an uile pheacadh is cóir a sheachnadh.


L. 246


Ach ann mo cholainn nídhim seirbhís do dhlighe an
pheacaidh an tan umhluighim níos mó do antoil na
gcéadfadh corpordha nó do'n réasun agus do'n
chéill cheirt.



Is as so a thig go mothuighim ionnam féin toil
chum an maith do dhéanamh, ach ní fhaghaim slighe air
bith chum an maith sin do chríochnughadh nó do
choimhlíonadh. (Rom.c.7,18).



As so, fós, a thig gur minic a chuirim romham
móran maith do dhéanamh, ach, do bhrígh nach bhfuil na
grása agam chum cuidiughadh le mo luige agus le
m'anbhfainne, do bheir contrarachd dá laighead orm
sleamhnughadh agus tuiteam arís.



Teagmhann as so, mar a' gceudna, go n-aithnighim
casan agus bealach na fírinne agus na foirbhtheachda,
agus go bhfeicim soilléir go leor creud is cóir
damh a dhéanamh.



Ach atá truime mo thruaillidheachda féin gá mo
bhrúghadh síos, air mhodh nach dtógaim mé féin suas
gus na neithe is féarr agus is foirbhthe.



4. O! a Thighearna! is mór atáid do ghrása 'na
bhféidhm, agus 'na riachdanas orm, chum tosughadh
agus tionnsgnughadh an maith do dhéanamh, a dhul air
m'aghaidh leis, agus a chríochnughadh.



Óir a bhféagmhais na ngrás ní h-éidir liom an
dadamh do dhéanamh; ach is éidir liom an uile ní
do dhéanamh ionnad-sa tré chomhfhurtachd na ngrás.
(Phil.c.4.13).



O! a ghrása neamhdha dá ríribh, ad' fhéagmhais ní
bhfuil luaigheachd againn, agus ad' fhéagmhais fós
ní fiú an dadamh tiodlacaidh na nádura.



d'easbaidh na ngrás, a Thighearna, ní fiú an
dadamh a bhfiadhnaise Dé na h-ealadhna uaisle, an


L. 247


saidhbhreas, an sgéimh, an láidreachd, an intlidheachd,
nó binn-chomhradh béil agus briathar.



Óir, atáid tiodlaicthe na nádura coitcheann aig
na deagh-dhaoine agus aig na droch-dhaoine; ach
is iad na grása agus grádh Dé tiodlacadh díleas na
bhfíreun, agus comhartha tré a n-aithnighthear iad do
bheith diongmhala an bheatha shíorraidhe do shealbhughadh.



Atá na grása chomh uasal, árd, oirdheirc agus sin,
nach inmheasda agus nach fiú an dadamh tiodlacadh
na fáidheadorachda nó na fáistine, nó míorbhailidhe
do dhéanamh, nó rinnfheitheamh agus staideir dá
mhéad agus dá airde, dá fhéagmhais.



Agus fós ní bhfuil creideamh, nó dóchas, nó subhailce
air bith eile taitneamhach agad féin, a Thighearna,
gan carthannachd agus grása. (1 Cor.c.13).



5. O, a Ghrása ró-bheannuighthe, do nidh an bochd
ó spiorad saidhbhir anns na subhailcibh; agus
do bheir umhlachd agus úirísleachd do chroidhe an duine
shaidhbhir.



Tar agus tuirling anuas orm-sa, líon mé go
moch le do chomhsholas, d'eagla go rachadh m'anam
a luige nó a n-anbhfainne le tuirse nó le triomlach
intinne.



Sírim agus aitchim ort, a Thighearna, mé féin
grása fhaghail ad' láthair; óir is leor damh do ghrása,
bíodh go mbeadh an uile ní eile a shanntuigheas agus
iarras an náduir d'easbaidh orm.



Cha bhíonn eagal orm roimhe le cathuighe, le
buaidhreadh nó le triobloid dá mhéad, an fad a
bhéas do ghrása agam.



Is í do ghrása do bheir láidreachd damh; is í
do bheir comhairle agus cuideamh uaithe.



Is cumhachdaighe agus is neartmhaire na grása nó


L. 248


ár náimhde agus ár n-eascharaid uile, agus atá sí
níos críonna nó luchd eagna agus eolais an domhain.



6. 'Sí maighistreas na fírinne, dochtuir agus
teagaschoir na riaghaltachda; 'sí an t-soillse a
dheallruigheas an croidhe; 'sí do bheir furtachd do
luchd an amhgair agus na doghrainne, a dhíbreas
agus a ionnarbas an tuirse, an t-uathbhas agus an
t-eagal; is í banaltran agus oide an chrábhaidh,
agus tabharthóir agus tiobroid na ndeor aithrighe.



Creud atáim sé, a bhfeagmhais na ngrás, ach
'mo chrann chríon, agus mo cheapán musgain gan
fhéidhm a' dul amugha?



Mar sin, a Thighearna, go dtigidh do ghrása romham
agus 'mo dhiaidh, agus go dtugaidh sí orm do bheith
éasgaidh díceallach go bráthach anns na deigh-
gníomhartaibh, tré Íosa Críosda th'én Mhac féin.
Amen.



An 56 caibidil.
Amhail mar is dleachd dúinn inn féin do shéanadh,
agus tóraidheachd do thabhairt do Chríosda tré iomchar
na croise.



1. A mhic, chomh mór agus is éidir leat teitheamh
uaid féin, chomh mór agus sin is éidir leat teannadh
liom-sa agus teacht asteach orm.



Óir amhail mar bhíos an t-síothchainte do'n taobh
astigh aig an té nach sanntuigheann an dadamh
do'n taobh amuigh, is amhlaidh an té a dhiúltas agus
a thréigeas é féin go h-inmheadhonach, teannann,
druideann, agus ceanglann sé le Dia.


L. 249


Dob áil liom-sa go ndéantá foghluim thú féin a
thréigbheal go h-iomlán réir mo thola-sa, gan
chontrarachd, gan imreasan, gan ghearán.



Lean Mise, is Mé an t-Slighe, an Fhírinne, agus
an Bheatha. (Eoin.c.14.6). Ní h-éidir siubhal
gan slighe nó bealach réidh; ní h-éidir do neoch a
bheith eolach gan fírinnteachd; nó do bheith beo gan
bheathaidh.



Is Mise an t-Shlighe is inleanta dhuit; is Mé an
Fhírinne is cóir do chreidmheal; agus an Bheatha
ann ar chóir duit muinighin agus dóchas do dhéanamh.



Is Mise an t-Slighe gan mhilleadh, gan bhriseadh,
gan bhearnadh, gan smál, gan smúid, gan dorch-
adas; is Mé an Fhírinne gan bhréig; agus an
Bheatha gan chrích, gan fhoircheann.



Is Mé an ród agus an rian díreach; is Mé an
fhírinne is uaisle agus is airde; an bheatha fhíre,
an bheatha bheannuighthe, an bheatha shíorraidhe neamh-
chruthuighthe.



Má chomhnuigheann tú ann mo shlighe-se, is ba
fiosach thú air an fhírinne, agus saorfaidh an fhírinne
thú, agus gheobhair an bheatha shíorraidhe shuthain.
(Eoin.c.8.32).



2. Ma's áil leat rochdain asteach san mbeathaidh,
coimhead na h-aitheanta. (Luc c.9.23. Mata.c.
19.17).



Ma's maith leat fios na fírinne fhaghail, creid
ionnam-sa; ma's áil leat do bheith iomlán, díol
do chuid do'n t-saoghal uile. (Mata.c.19.v.21).



Ma's mian leat a bheith 'do dheisgiobal agam-sa
séan thú féin.



Ma's toil leat an bheatha mharthannach bheannuighthe
do shealbhughadh, tarcuisnigh an bheatha atá a láthair.


L. 250


Ma's maith leat th'árdughadh air neamh, ísligh thú
féin air talamh.



Agus ma's áil leat a bheith agam-sa ann mo ríogh-
achd, iomchair mo chros mar aon liom.



Óir, 'siad searbhfhoghantuidhe na cróise amháin
do gheibh conair na beannuigheachda, agus slighe
fíre na soillse.



3. A Thighearna Íosa, ó tá do shlighe caol,
cumhang, agus air n-a tarcuisniughadh san t-saoghal
deonuigh dhamh-sa Thú féin do leanmhaint, agus an
saoghal do tharcuisniughadh.



Óir, ní féarr an searbhfoghantuidhe nó an
Tighearna, agus ní h-uaisle an deisgiobal nó an
maighistir. (Mat.c.10.24).



Go raibh cleachdadh aig do shearbhfoghantuidhe
tóraidheachd a thabhairt duit féin ann do bheathaidh;
óir is innti atá mo shláinte agus mo naomhthachd
fíre.



Ce bé air bith do léighim nó do chluinim leath amuigh
dhí, ní shásuigheann agus ní thaitneann liom go
h-iomlán ach í féin amháin.



4. A mhic, ó tá fios agad air na neithibh-se, agus
gur léigh tú iad uile, is ba beannuighthe thú ma
nídh tú a gcoimhlíonadh.



An té aige a bhfuilid m'aitheanta-sa, agus a
choimheadas iad, 'sé sin an té a ghrádhuigheas Mise;
agus grádhochaidh Mise ésean, agus foillseochad
Mé féin dó, agus do bhéarfaidh Mé air suidhe am'
fhochair féin a ríoghachda m'Athara. (Eoin.c.4.
21, Apoc.3.21).



5. A Thighearna Íosa, go dteagmhaidh mar sin go
fírinneach, réir mar dubhrais agus mar do gheallais,
agus go dteagmhaidh dhamh-sa sin do thuilleamhain.


L. 251


Is ó do láimh féin a fuair mé an chros; agus
iomcharfad í go nuige an bás, mar is Tú féin a
chuir orm í.



Go dearbhtha 'sí an chros beatha an duine riaghalta
go fírinneach; ach is cros í a threoruigheas agus
a mhúineas an bealach dó go párrthas neamhdha.



Agus tar éis tosughadh air a h-iomchar, ní
dleachd dúinn a dhul air ár n-ais, nó a fágbhail a
n-ár ndiaidh.



6. Gabhaigidh uchdach, a dhearbhraithre; agus
gluaismid air ár n-aghaidh a n-éineachd; béidh
Íosa ar én iúl linn.



Is air son Íosa do ghabhamar an chros-sa; agus
téidhmid air ár n-aghaidh aig iomchar na croise air
son Íosa.



Béidh Sé féin 'na chuideamh, 'na chaiptin, agus 'na
cheannstiúrtha againn.



Feuch, atá ár Rígh a' gabhail romhainn agus a'
troid air ár son.



Leanmuid É go cródha; ná bíodh uathbhas nó eagal
air én neoch; bímid ullamh bás fhulang go curata
'san chath; agus ná cuirmid smúid air ár nglóir
aige tabhairt cúla le crann na croise céasda.



An 57 caibidil.
Amhail mar nach cóir do dhuine a mheisneach uile
do chailleadh an tan a thuiteann sé anns na lochdaibh.



1. A mhic, is annsa liom-sa subhailce na foighide
agus na h-umhlachda a n-aimsir cruadala nó móran


L. 252


sólais agus caondúthrachda a n-aimsir saidhbhris
agus sonais.



Creud an fáth a bhfuil tú air do bhuaidhreadh fá
bheagan cúl-chainnte ad' aghaidh? Dá mbéadh sé
ní mhó nó sin, níor chóir duit gluaiseachd nó
éirighe chum feirge.



Ach anois leig dó dhul tharad; óir ní nídh nuadh
so, ní h-é an chéad uair nó an uair dheireannach é,
ma bhíonn tú a bhfad ann do bheathaidh.



Atá tú cródha, calma go leor an tan nach
gcasann cruadhóg air bith ort.



Agus is maith is eol duit comhairle agus cuideamh
a thabhairt do dhaoinibh eile le briatharaibh béil; ach
an tan a thig buaidhreadh air bith tobann aig bualadh
do dhorais féin, annsin imthigheann do chomhairle
agus do chroidhe uaid.



Smaoinigh air do mhór-anbhfainne féin noch do
mhothuigh tú go minic a gcruadhógaibh suaracha dá
laighead; ach is chum do leasa a thig na neithe-se,
an tan a theagmhann siad, agus a samhail eile.



2. Cuir as do chroidhe iad, mar is féarr darab
eol duit; agus ma bhain buaidhreadh dhuit, ná leig
dhó do leagadh síos go h-áirithe, nó do chreapall a
bhfad faoi.



Fulaing é go foighideach air an cheann is lugha,
muna h-éidir leat iomchar go luathghaireach.



Agus cé nach toil leat éisteachd leis, agus
go mothuigheann tú fearg aig éirighe ionnad féin
astigh, múch an fhearg sin, agus na fulaing én
ndroch-fhocal a theachd as do bheul amach, do bhéarfadh
droich-easamplair do dhaoinibh anbhfanna nó
ainbhfhiosacha.



Socrochaidh an t-anfadh agus an chorruighe sin gan


L. 253


mhoill, agus milseochthar do dhóchar astigh ionnad
ag filleadh na ngrás ad'ionnsuidhe.



Atáim-se fós ann mo bheathaidh, adeir an
Tighearna, agus ullamh chum cuidigh leat, agus
furtachd ort níos mó nó riamh, ma chuireann tú
do dhóchas ionnam, agus gairm go dúthrachdach orm.



3. Bí níos socruighthe ann th'intinn, agus ullmhuigh
thú féin tuilleadh eile fhulang go fóill.



Ma mhothuigheann tú buaidhreadh nó trom-chathughadh
go minic ort, ní bhfuil a' t-iomlán caillte go fóill.



Óir, ní Dia thú, ach duine; ní aingeal thú, ach
colann dhaonna.



Cionnas is éidir leat seasamh air én stáid
amháin subhailce a gcomhnuidhe, an uair a bhí sé so
d'easbhaidh na n-aingeal air neamh, agus air Ádhamh
ár sinnsear a bpárrthas?



Is Mise a thógas agus a shaoras luchd na doghrainne;
agus an mhuinntir a chuireas eolas air a luige agus
air a n-anbhfainne féin, tógaim suas chum mo
dhiadhachdha féin iad.



4. Go moltar agus go mbeannuighthear do
bhriathra, a Thighearna! Is milse iad ann mo bheul
nó mil agus criathar meala.



Creud do dhéanfainn ann mo mhór-thriobloidibh,
agus ann m'amhgaraibh, murb é go dtugann Tusa
furtachd damh le do naoimh-bhriatharaibh?



Nach cuma gad é an méid, nó gad é an nídh
fhuilingim, má thigim fá dheoidh go port na sláinte
síorraidhe?



A Thighearna, deonuigh dhamh deigh-chríoch do chur
air mo bheathaidh, agus imirce ádhmhar as a' t-saoghal-sa.



Cuimhnigh orm, a Dhia, agus múin an t-slighe
dhíreach chum do síoghachda dhamh. Amen.


L. 254


An 58 caibidil.
Amhail mar nach dleachd árd-neithe na diadhachda,
nó breitheamhnais diamhair dorcha Dé, do ró-rann-
sughadh nó mhion-sgrúdughadh.



1. A mhic, bí air do choimhead air dhíospoireachd
na n-árd-chúiseann, agus air bhreitheamhnais foluigh-
teacha do-innse Dé: creud fá ar fagadh an fear
so mar so folamh, agus an fear úd eile air n-a
líonadh le móran grása; nó creud fá a bhfuil an
fear so air n-a chrádh, agus air n-a ghreadadh, agus
an fear úd eile air n-a thógbhail a n-árd-chéim,
agus a n-onóir.



Atáid na neithe-se os cionn na tuigse daonna;
agus cha dtig le réasunachd nó le comhradh air bith
breitheamhnas Dé do lorgoireachd.



Mar sin, an tan a bheireas an námhaid iad so
ann do mheanmain, nó a bhíos daoine cúirealta
aige fiafruighe 'na ndiaidh, freagair iad leis an
bhfáidh adeir: Atá Tu fír-cheart, a Thighearna,
agus atá do bhreitheamhnas díreach. (Pslm.118).



Agus arís: Atáid breitheamhnais an Tighearna
fírinneach agus fíreunta ionnta féin. (Pslm.18).



Ní rannsughadh nó mion-chuartughadh is dleachd a
dhéanamh air mo bhreithibh-se, ach eagal agus uathbhas
do ghabhail rompa, óir, atáid os cionn an uile
thuigse dhaonna.



2. Mar an gceudna, ná fiafruigh agus ná déana
aighneas fá luaigheachd na Naomh, cia h-aca is
naomhtha agus is mó glóir a riaghachda Dé.



Is minic a gheintear ciapáil agus ceannairge gan
fhéidhm as na neithibh-se, agus fós uabhar, díomas,


L. 255


agus glóir dhíomhaoin; ó n-a bhfásann tnúth,
imreasan, agus aimhréidhteas, an tan a bhíos an
fear-sa le n-a mhórdháil aig iarraidh an Naomh-sa
a chur air tús agus anns a' chéim is airde, agus
duine eile gá iarraidh a thabhairt do Naomh eile.



Ach, ní bhfuil tairbhe nó toradh, eolas nó tóraidheachd
do'n t-seord-sa iarraidh, ach is mó do mhío-thaitneas
leis na Naoimh; óir, ní Mise Dia an imreasain nó
na ceannairge, ach Dia na síothchana. (1 Cor.c.
14,33).



Agus is mó a bhíos an t-síothchain-se anns an
úirísleachd fhíre, nó a móir-mheas do bheith aige neoch
air féin.



3. Bíonn báidhe agus teas-ghrádh aige cuid do'n
daoinibh do Naomhaibh áirighthe seacha na Naoimh eile;
ach is mó is báidhe dhaonna so, nó rún bháidhe
dhúthrachdach dhiadha.



Is Mise do rinne na Naoimh uile; is Mise
do thug grása agus glóir dóibh.



Agus is fios damh luaigheachd agus tuillmhe gach
aon aca; do ghabh Mé rompa le beannachdaibh mo
mhilseachda. (Pslm.20.4).



D'aithin Mé mo luchd annsachda sul do rinneadh an
saoghal; do thogh Mé féin iad as a' t-saoghal amach,
agus ní h-iad-san do thogh Mise. (Eoin.c.15.16).



Ach Mise do ghoir orru tré mo ghrásaibh; do
tharraing Mé iad tré mo thrócaire; do threoruigh
Mé iad tré an iomad buaidheartha.



Is Mé thug móran sólais, buain-sheasamh, agus
coróin na foighide dóibh.



4. Is aithne dhamh an chéad duine agus an duine
deireannach díobh; fáiltighim rompa uile le grádh
doi-mheasda do-innse.


L. 256


Is ion-mholta Mé ann mo Naomhaibh uile;
dlighthear mo bheannughadh os cionn na h-uile ní,
agus m'onórughadh ann gach aon aca, noch do
mhéaduigh Mé mar so go glórmhar, agus dár reamh-
órduigheas chum na glóire, gan tuillmhe, gan
luaigheachd air bith dá dtaobh féin a dhul roimhe.



Mar sin, an té a tharcuisnigheas an Naomh is
lugha agus is úirísle do mo Naomhaibh, ní onóruigheann
sé an Naomh is mó aca; óir is Mise a rinne an
beag agus an mór.



Agus an té a laghduigheas nó a dhí-mheasas én
neoch aca dí-mheasann sé Mise agus Naoimh fhlaith-
eamhnais Dé uile.



Óir, atáid uile ceangailte a n-aondachd tré
shnaidhm na carthannachda; atá aon rún, aon toil,
agus aon ghrádh aca air a chéile.



5. Agus fós, ní is mó nó sin go mór, is mó a
ngrádh orm-sa nó orthu féin, nó air a dtuillmhe.



Óir, air n-a dtógbhail suas dóibh asda féin, agus
air n-a dtarraing ó n-a dtoil agus ó n-a n-annsachd
féin, plúchthar iad ann mo ghrádh-sa, agus socruigh-
eann siad ann a sheilbh go suaimhneach.



Agus ní bhfuil darab éidir a gclóidh, nó a
dtilleadh uaim; óir, tré bheith dóibh lán de'n fhírinne
shíorraidhe, bíonn siad air dearg-lasadh le teinidh
na carthannachda agus na deigh-sheirce nach éidir
a mhúchadh go bráthach.



Mar sin, bíd na daoine colnaidhe brúideamhla
'na dtosd ó chomhluadar air stáid na Naomh, ó nach
eol dóibh én ní do ghrádhughadh ach a dtoil féin; óir,
laghduigheann agus méaduigheann siad réir a
gclaonta féin, agus ní do réir tola nó taitnimh
na fírinne síorraidhe.


L. 257


6. Atáid móran ró-ainbhfiosach ain-eolach; agus
go speisealta an drong nach bhfuil ach beagan air n-a
soillsiughadh, ní h-eol dóibh én neoch do
ghrádhughadh le grádh nó le h-annsachd iomlán
sbioradálta ach go h-annamh.



Agus go fóill is mór a chlaonaid chun an Naoimh-
se nó 'na' Naoimh úd eile le báidhe nádurtha nó le
cáirdeas daonna; agus réir mar do mheasaid neithe
suaracha, saoghalta, is amhlaidh mar an gceudna a
bhreathnuighid na neithe neamhdha do bheith.



Ach is mór agus is áidhbheal an eidir-dhealughadh
atá idir baramhail agus breathnughadh na ndaoine
ainbhfiosacha ain-eolacha, agus na neithe do chídh na
daoine atá air n-a soillsiughadh ó Neamh go
sbioradálta.



7. Mar sin, a mhic, bí ar do choimhead fá thráchd
go ró-chúirealta air na neithibh-se atá os cionn
th-eolais agus do chéille; ach, tairg agus tabhair
aire an áit is ísle agus is táire (féin) fhághail duit
féin air Neamh.



Agus bíodh go mbéadh fios aige neoch cia an Naomh
is mó a ríoghachda Dé, creud an sochar do bhéadh dhó
annsin, muna ngeobhadh se ócaid as an eolas sin
é féin ísliughadh ann mo láthair-se, agus m'ainm
do mholadh níos mó agus níos dúthrachdaighe?



Is mó is taitneamhach le Dia neoch do smaoin-
iughadh air mhéid a pheacadh féin, agus air laighead
a shubhailce, agus air chomh fada atá sé go fóill ó
iomláine agus ó fhírinnteachd foirbhthe na Naomh,
nó do bheith aige díospoireachd cia an Naomh is mó
nó is lugha aca.



Is féarr na Naoimh do ghuidhe le h-urnuighe
dhúthrachdaigh, agus le deora aithrighe, agus a n-eadar-


L. 258


ghuidhe ghlórmhar iarraidh le h-intinn umhal úirseal,
nó do dhul a sgrúdughadh a seicreididhe le lorgoireachd
dhíomhaoin.



8. Atá siad-san go ró-mhaith ionnta féin, lán
sólais agus aoibhnis, dá mbadh eol do na daoine
iad féin do shásadh, agus stad ó n-a nglórthaibh
díomhaoine.



Cha déanaid na Naoimh glóir nó uaill as a
dtuillmhe nó as a ndeigh-ghníomharthaibh féin; óir
ní áirid maith air bith ortha féin, ach orm-sa uile;
óir, is Mise, as mo ghrádh agus as mo sheirc neimh-
chríochnuighthe féin, thug dóibh gach maith dá bhfuil
aca.



Agus atáid chomh lán agus sin do'n ghrádh dhiadha,
agus do na tuiltibh iolgháirdis agus aoibhnis, air
mhodh nach bhfuil én ghlóir d'easbhaidh ortha, agus
nach h-éidir én ní do'n bheannuigheachd, do'n t-séan,
nó do'n t-sonas a bheith duireasbhaidh ortha.



Ní bhfuil dá airde dá bhfuil na Naoimh a nglóir,
nach móide atáid úiríseal ionnta féin, agus nach
foigse dhamh-sa iad, agus nach mó mo ghrádh ortha.



Agus is dá thaobh sin adeir an Scrioptuir, gur
leagadar a gcoróna síos a bhfiadhnaise Dé, agus
gur thuiteadar, agur gur chlaonadar iad féin síos
air a n-aghaidh a láthair an Uain, agus gur adhradar
agus gur onóruigheadar Dia bith-bheo, a mhaireas
go saoghal na saoghal. (Apoc.4.9.10).



9. Is mór an líon fhiafruigheas cia an Naomh is
mó a ríoghachda Dé, gan fios aca an ba fiú iad féin
a bheith air n-a n-áireamh ameasg na Naomh is lugha
ann.



Is mór an ní do bheith anns an uimhir is lugha agus
is ísle a bfhlaitheamhnas Dé, an ball a bhfuilid na


L. 259


h-uile ró-mhór; óir, goirfear clanna Dé díobh
uile, agus béid amhlaidh dá ríribh.



Béidh an té is lugha air n-a thógbhail suas mar
mhíle, agus an peacach a bhíos céad bliadhan air aois
gheobhaidh sé bás gan chrích. (Isai.c.60.22., c.
55.20).



Óir, an tan a d'fiafruighdear na deisgiobail,
cia an té is mó a ríoghachda Neimhe, 'sé an freagra
do fuaradar:



"Muna bhfilltí, agus muna mbeithí sibh mar
leanbana beaga, ní rachaidh sibh asteach a ríoghachda
Neimhe. Air an ádhbhar sin, ce bé ísleochas é féin
mar leanban aca so, is é sin an té is mó a ríoghachda
Neimhe." (Mata.Caib.18.6.3.4).



10. Mairg do'n mhuinntir a tharcuisneas, agus
nach fiú leo iad féin ísliughadh ó thoil, mar aon leis
na leanbain bheaga-sa; óir, ní leigfidh doras
íseal na bhflaitheas dóibh a dhul asteach ann.



Agus mairg fós do na daoinibh saibhre aca a
bhfuil sólais annso air a' t-saoghal; óir, an tráth
a rachas na bochdain asteach go síoghachda Dé, béidh
siad-san 'na seasamh amuigh a' gul agus aig
uallfartaigh.



Air an ádhbhar sin, déanaigidh-se, a luchd na
h-úirísleachda agus na h-umhlachda, meadhair agus
luathghaire, agus ibh-se, a dhaoine bochda, déanaigidh
luathghaire agus caithréim; óir, is libh-se ríoghachda
Dé, ma shiubhlann sibh san bhfírinne.


L. 260


An 59 caibidil.
A deir linn gurab a nDia amháin is cóir do neoch
an uile dhóchas agus muinighin do chur.



1. Och! a Thighearna, creud an mhuinighin nó an
baranta atá agam air a' t-saoghal-sa? Nó creud
an t-aoibhneas is mó atá agam do'n méid atá faoi
neamh le feiceal?



A Thighearna Dé, nach Thú féin mo bharanta, agad
a bhfuil trócaire nach éidir áireamh?



Cia an áit a raibh mé go maith ariamh ad' fhéagmhais
féin? Nó cá h-uair dob éidir le h-olc baint
dhamh agus Thú féin a láthair agam?



Is féarr liom a bheith bochd mar gheall agus air
do shon-sa, nó do bheith saidhbhir ad' easbhaidh.



Dob fhéarr liom a bheith aig oilithre mar aon leat
féin air talamh, nó flaitheas Dé do shealbhughadh ad'
fheagmhais.



Atá neamh anns an áit a bhfuil Tusa; agus atá
an bás agus ifreann anns an áit nach bhfuil Tú.



Is Tú féin atáim-se aig iarraidh, mar sin is
éigin damh a bheith aig osnaighe, aige glaoidh, agus
aige guidhe.



Fá dheoidh cha dtig liom muinighin a dhéanamh as
én neoch ach asad féin, a Dhia, fá chuideamh liom a
n-aimsir mo riachdanais.



Is Tú mo dhóchas, is Tú mo mhuinighin, is Tú mo
chomhfhurtoir, agus mo dhísleachd san uile ní.



2. Iarraid an uile dhuine a sochar féin; ach
Thusa a Thighearna, ní iarrann Tú ach mo shochar-sa


L. 261


agus mo shláinte amháin, agus do bheir tú air an
uile ní a dhul a dtairbhe agus air biseach dhamh.



Agus cé go leigeann Tú cathuighthe eugsamhla
agus amhgair iomdha do theachd orm air uairibh, is do chum
mo mhaith agus mo leasughadh órduigheas Tú
iad uile, mar a chleachdas Tú do ghnáth do
shearbhfoghantuidhe ionmhaine féin do chruthughadh
agus do dhearbhughadh air mhíle gléas agus dóigh.



Agus anns a' dearbhadh agus anns a' chruadail
sin, ní lugha is cóir do ghrádhughadh agus do mholadh,
nó do dhéanfainn dá líonfá mé lán do shólasaibh
neamhdha.



3. Air an ádhbhar sin, a Thighearna Dé, is ionnad
féin a chuirim m'uile dhóchas agus imdhídean; agus
is ionnad a chuirim m'uile chruadail agus thriobloid;
óir, aig feuchain air an uile ní, amach uaid féin,
do gheibhim iad uile lag, anbhfann, díombuan, neimh-
sheasmhach ach Thú féin amháin.



Óir, cha déan iomad na gcarad nó na ndaoine
muinnteardha sochar nó tairbhe dhamh; agus cha
dtig leis na cosantaigh calma, cródha, cuideamh
liom; agus ní h-éidir leis na cómhairleachaibh
eagnaidhe freagra thairbheach do thabhairt dhamh, nó
le na leabhair fhoghluma mo shásadh; cha dtig le
maoin nó le saidhbhreas uasal mo shaoradh; nó áit
air bith uaigneach nó aoibhinn mo choimhead, ach mur
gcuideochaidh Tú féin liom, a Dhia, aige tabhairt
congnaimh, neirt, sólais, teagaisc agus cumhdaigh
nó daingeachta dhamh.



4. Óir, an uile ní do mheasadar a bheith tairbheach
nó fóghainteach chum síoth agus sonas fhaghail, ní
fiú an dadamh iad muna mbéidh Tú féin a láthair


L. 262


againn, agus cha dtugann siad sochar air bith dearbhtha
uatha.



Mar sin, is tú féin finid agus críoch an uile
mhaith, is Tú airde na beathadh, agus doimhneachd na
h-eagna; agus muinighin a dhéanamh asad féin os
cionn an uile ní, 'sé sin an sólas is láidre agus
is féarr atá aig do sheirbhíseachaibh.



Tógaim-se mo shúile suas chugad féin; a Dhia
agus Athair na trócaire, is ionnad féin atá mo
dhúil.



Beannuigh agus naomhuigh m'anam le do bheann-
achdaibh neamhdha, ionnas go mbéadh sé 'na árus
comhnuidhthe agad féin, agus 'na ionad suidhe aig
do ghlóir shíorraidhe; agus nar raibh én ní le
faghail anns a' teampoll-sa do dhiadhachda do bhéadh
mío-thaitneamhach a súilibh do mhórdhachda.



Feuch orm-sa, a Thighearna, réir mhórdhachda do
mhaithis, agus líonmhaireachda do thrócaire, agus
éist le h-urnuighe do shearbhfhoghantuidhe bhoicht
atá air n-a dhíbirt a réigiun imchian sgáile an bháis.



Cosain agus caomhain anam do shearbhfoghantuidhe
úirísil a meadhon agus a mboillsceann an oirid-
se do ghuasachdaibh agus do pheirioclaibh iomdha na
beathadh so-bhásuighthe-se an t-saoghail; agus treoruigh
é le congnamh do ghrása, tré shlighe na síothchana
go tír agus ríoghachda na soillse síorraidhe.
Amen.



Críoch an Treas Leabhair.


L. 263


AN CEATHRAMHADH LEABHAR.
A Labhras air naomh Shacramaint na h-altóra.



Teagasc agus oideas diadha deagh-rúnach air
chaitheamh na gComaoineacha Naomhtha coisreactha.



Guth Chríosda aige labhairt annso síos:



"Tigidh Chugam-sa uile a luchd an mhór-shaothair
agus an trom-ualaigh, agus bhéarfhaidh Mé furtachd
dhíbh," deir an Tighearna. (Matha.c.11.28).



"An t-aran do bhéarfas Mise dhíbh, is é M'
Fheoil féin é, air son beatha an Domhain." (Eoin
c.6.52).



"Glacaidh agus ithidh, is é so Mo Chorp-sa
do dhéanfar a thoirbhirt ar bhur son-sa: déanaidh so
um chuimhne-se. (1 Cor.c.11.24).



"An té itheas M'Fheoil-se, agus ibheas M'Fhuil,
do nídh sé comhnuidhe ionnam-sa, agus Mise ann-
san. (Eoin.c.6.57).



Na briathara a labhraim-se libh, is sbiorad agus is
beatha iad." (Eoin.c.6.64).


L. 264


An chéad chaibidil.
A thráchdas air an onóir, agus air an airmhinneachd
le arab cóir Corp Naomhtha an Tighearna do ghabhail.



Glór an deisgiobail:



1. 'Siad so do bhriathara féin, a Chríosda, a
Fhírinne shíorraidhe, cé nach a n-én aimsir amháin,
nó a n-én áit do labhrais nó do sgríobhadh iad.



Mar sin, do bhrígh gurab do bhriathara dearbhtha
féin iad, is ceart damh-sa a ngabhail chugam uile
le mór-bhuidheachas agus le lán-chreideamh.



Is leat féin iad, agus is Tú do labhair iad; is
liom-sa iad fós, óir, is air son mo shláinte do
ráidhis iad.



Dá bhrígh sin gabhaim chugam go ró-fhonnmhar ó
do bheul-sa iad, ionnas go ngeobhaidis fréamhughadh
níos daingne ann mo chroidhe.



Na briathara-sa atá lán do'n chrábhadh, do'n
mhilseachd, agus do'n ghrádh, músglann siad mé
chum deagh-rúin; ach air a' taobh eile, cuirid mo
lochda féin uathbhas agus eagal orm, agus tairng-
eann mo dhroch-choinsias féin mé ó ghabhail na
rúindiamhra árda-sa chugam.



Do bheir milseachd do bhriathar-sa cuireadh agus
uchdach dhamh; ach comhthromuigheann agus leagann
iomad mo chionnta féin síos go talamh mé.



2. Órduigheann Tú dhamh-sa teannadh leat le
deagh-mhuinighin agus le dóchas, má's áil liom
rann-pháirt do bheith agam leat; agus órduighir,
mar an gceudna, dhamh oileamhain na beathadh
uthaine do chaitheamh, ma shánntuighim an bheatha
agus an ghlóir shíorraidhe do ghnáthughadh.



"Tigidh chugam-sa," adeir Tú, "ibh-se uile oraibh


L. 265


a bhfuil saothar agus ualaigh throma, agus
do bhéarfaidh Mise osadh agus fuarughadh dhíbh."
(Matha.c.11.28).



Ó! a bhriathar mhuinnteardha, mhilis a gcluasaibh
an pheacaigh, le a dtugair-se, a Thighearna Dé,
cuireadh do'n bhochdan agus do'n riachdnach go
féasta do Chuirp ró-naomhtha féin!



Ach! cia h-é mise, a Thighearna, go bhfuighinn ionnam
féin do dhánachd a theachd ad' láthair?



Feuch! cha dtig le na flaitheamhnais uile do
chongbhail; agus adeir Tú, "Tigidh chugam-sa uile!"
(3 Rí.c.8.27).



3. Creud chialluigheas an t-aonta agus an
fháilte chaomh charthannach-sa?



Cionnas do gheobhainn a chroidhe agam féin a
theachd dod' chomhair, agus nach fios damh maith air
bith agam féin as a ndéanainn muinighin?



Cionnas a bhéarfas mé Thusa asteach dom' thigh
nó dom' árus, mise a mhasluigh go minic do ghnúis
ró-ghrásamhail, gheanamhail?



Atáid na h-aingil agus na h-arch-aingil air
coimh-chreathnughadh ad' láthair; atá uathbhas agus
eagla air na naoimh agus air na fíréin; agus deir
Tú linne: "Tigidh uile chugam-sa!"



Munab é go ndubhairt Tú Féin so, a Thighearna,
cia do chreidfeadh é do bheith 'na fhírinne?



Agus murb é gur órduigh Tú Féin é, cia a
leigfeadh eagla dhó a theacht ad' ionnsuidhe?



4. Feuch, mar do bhí Noe, an neoch fíreunta,
céad bliadhan aig oibriughadh agus aige déanamh
na h-áirce, chum é féin agus beagan eile do
dhaoinibh a shábhail; agus mise, cionnas is éidir liom,
a n-én uair amháin d'aimsir, mé féin ullmhughadh


L. 266


chum Cruthuightheoir an domhain do ghabhail fá mo
bhroinn le h-umhlachd agus le h-onóir?



Maoise, do sheirbhiseach oirdheirc, agus do chara
ró-sbeisialta féin, a Dhia, do rinne sé áirc
d'ádhmad do-chaithte gan truailleadh, agus do chuir
sé folach uirthi le h-ór fíor-ghlan aithleaghtha le
h-aghaidh dhá chlár an reachda, nó an dlighidh, do
choimhead ann; agus mise, an créatuir morguighthe
salach, an bhfuighidh mé chroidhe agam féin Thusa a
ghabhail fá mo bhroinn gan scrúpall, a Chruthuightheoir
an dlighidh, agus a Bhronntoir na beathadh?



Soloman, an rí ba chríonna a bhí do ríghthibh
Israel, do chaith sé seacht mbliadhna aige tógbhail
teampoill óirnighthe, onóraigh, chum ainm an
Tighearna do mholadh.



Agus do bhí sé aige ceileabhar agus aige cantail
féasta sollamainte an teampoill sin go feadh
ocht ló, agus d'ofráil sé míle íodhbairt cheannsa
na síothchana ann; agus do thug sé áirc an reachda
ann asteach, agus do chuir 'na suidhe í anns an
áit a bhí ullmhuighthe 'na coinne, le fuaim agus
le guth na ngalltrompadh, agus le caithréim, le
meadhair, agus le gáir shollamanta an phobail uile.



Agus mise, an té is táire agus is dona ameasg
na ndaoine, cionnas a bheárfas mé Thusa asteach
dom' thoigh, agus gur le doilgheas a chaithim aon leath-
uair amháin go dúthrachdach le crábhadh? Agus
dob fhéarr liom go gcaithfinn aon leath-uair amháin
féin go maith diongmhala! Nídh nach dearn mé
ariamh, faraor!



5. Och, a Dhia, nach mór an saothar a ghabh an
mhuinntir úd chum do thola do choimhlíonadh?



Agus, faraor! nach beag a rinne mise! Agus


L. 267


nach beag an aimsir a ghabhaim gá m'ullmhughadh
féin a n-aircis Comaoineacha do chaitheamh!



Is annamh a bhím air mo thiomsughadh agus air
m'eagra a gceann a chéile chomh maith agus do
dhlighfinn, agus is ró-annamh a bhím saor ó earroid
agus ó sheachran intinne.



Agus go fírinneach, níor chóir d'aon smaoin-
iughadh salach teagmhal, an tan a bhíos do Dhiadhachd
sláinteamhail a láthair, agus níor chóir do chréatuir
talmhaidhe air bith m'intinn a chlaonadh nó tharraing;
óir, ní h-aingeal ach Maighistir na n-aingeal atáim
a ghabhail a n-én toigh liom.



6. Ach atá difir mhór idir áirc an t-sean-reachda
go na naomh-thaisibh, agus do Chorp ró-uasal fíor-
ghlan-sa go na subhailcibh do-innse, do-fhaisnise;
idir sacraificidhe an t-sean-reachda, do réamh-
chomharthuigh na sacraificidhe a bhí le teachd, agus
íodhbairt fíre Do Chuirp Féin, is coimhlíonadh do
shacraificibh agus do íodhbarthaibh an t-sean-reachda
uile.



7. Uime sin, creud an fáth nach bhfuilim air dearg-
lasadh níos mó, air atá th'onóir ion-adhartha féin
ann m'fhiadhnaise agam?



Creud fáth nach ullmhuighim mé féin níos féarr
chum Do thiodlaicthe naomhtha do ghabhail fá mo
bhroinn, an tan do rinneadar na sean-pháitriair-
chidhe naomhtha agus na fáidhe, na ríghthe mar an
gceudna agus na prionnsaidhe, agus an pobal uile,
an oiread sin do chrábhadh lasamhail a thaisbeanadh
agus d'foillsiughadh do adhradh dhiadha?



8. Do rinne Dáibhidh, an rí ró-chráibhtheach deagh-
rúnach, caithréim agus damhsa le n-uile neart a
bhfiadhnaise áirce Dé, a gcuimhne na dtiodlaicthidhe


L. 268


do fuair a shinnsir anns an aimsir do chuaidh thart.
Do rinne sé órgáin eugsamhla; do chum se psailim
agus dántaidhe diadha, agus d'órduigh sé a gcantail
le luathghaire agus le caithréim; agus do sheinn sé
féin iad go minic air a chláirsigh, air mbeith dhó
air n-a shéideadh nó air n-a líonadh le grásaibh an
Sbiorad Naomh; mhúin sé do phobal Israel Dia do
mholadh le n-a gcroidhthibh go h-uile, agus a bheannughadh
agus fhoillsiughadh gach én ló le gáir agus le h-én
ghuth amháin béil agus briathair.



Ma do bhí an oiread sin do chrábhadh agus do mholadh
Dé air cois agus air cuimhne an uair sin a
bhfiadhnaise áirc an t-sean-tiomna, creud é méad
an chrábhaidh agus na deagh-dhúthrachda is cóir damh-
sa agus do'n uile Chríostaidhe do bheith aige a
bhfiadhnaise na Sacramainte, aige caitheamh Cuirp
fíor-uasail fíor-oirdheirc Chríosda?



9. Is mór an líon a bhíos 'na rith go h-áiteachaibh
imchiana eugsamhla, chum turais agus cuarta do
dhéanamh aige taisibh na naomh; agus is mór an
t-iongantas leo na míorbhailidhe móra do rinneadar
do chloisdin; feuchann siad air oibreachaibh árda,
oirdheirce na dteampall; pógaid na cnámha naomhtha
a bhíos air na gcumhdach le h-ór agus le sról uasal,
ioldhathach.



Agus feuch! atá Tú féin, O mo Dhia! a láthair
agam annso air an altóir, a Naoimh na naomh, a
Chruthuightheoir na n-uile, agus a Thighearna na
n-aingeal!



Is minic gurab é cúirealtachd na ndaoine mar
gheall air áiteachaibh agus air neithibh nuadha fheiceal
a ghluaiseas iad chum siubhail, agus gur beag an
tairbhe nó an leasughadh beathadh a bhíos leo air a


L. 269


n-ais 'na bhaile; agus go sonnradhach an tan is le
h-éadtruime agus le baos aigeanta a théid daoine
ann sud nó annso, gan comh-brúghadh, gan tuirse
croidhe fá n-a bpeacaidh aca.



Ach, annso, a Sacramaint na h-altóra, atá Tú
a láthair go h-iomlán againn, a Dhia, eadhon, Íosa
Críosda atá 'na Dhia agus 'na Dhuine; an áit a
bhfuil toradh na beathadh síorraidhe go líonmhar le
faghail, gach én uair a ghlacthar Í go diongmhalta
dúthrachdach.



Agus ní éadtruime, baos, cúirealtachd nó antoil
na gcéadfadh a tharraingeas chuige so inn, ach
creideamh láidir, dóchas dúthrachdach, agus grádh
foirbhthe, fíor-ghlan.



10. O! a Dhia, a Chruthuightheoir neamh-fhaicseana
na cruinne, creud é méad na míorbhailidhe iong-
tacha do nídh dhúinne! Nach milis agus nach grásamhail
do nídh agus órduigheas Tú gach én ní a dtaobh do
mhuinntire togha ionmhaine féin, dóibh a dtugann
Tú Thú féin le caitheamh a Naomh-Shacramaint na
h-altora!



Óir is nídh so a sháruigheas an uile intlidheachd
dhaonna; is é so a tharraingeas go speisealta
croidhe luchd an chrábhaidh, agus a ghríosuigheas agus
a lasas a ngrádh.



Óir, go coitcheannda na fíréin ionnraice, a
chuireas rompa a mbeatha do leasughadh, do gheibh
siad móran grás, crábhaidh, agus grádh na subhailcidhe
anns a' t-Sacramaint-se ró-uasal ró-dhiongmhalta
na h-altóra.



11. O! a Ghrása iongantach atá foluighthe faoi
dheilbh agus faoi fhioghair na Sacramainte-se! nach
aithne d'én neoch ach do chreidmheachaibh ionnraice


L. 270


fíre Chríosda amháin; ach ní h-éidir le na h-ain-
chríosdaidhnidhe, nó le sglábhuidhnidhe an pheacaidh,
so do fromhadh, do bhlais, nó do mhothughadh.



Do bheir an t-Sacramaint-se grása sbioradálta
do'n anam; agus do bheir sí an neart agus an
bhrígh do chaill an t-anam, agus an sgéimh áluinn, do
salcadh, agus do milleadh leis a' pheacadh, air a n-ais
chuige arís.



Agus bíd na grása-sa chomh mór agus sin air
uairibh, go mothuigheann, ní h-é amháin an t-anam, ach
fós an cholann anbhfann, méadughadh neirt agus láid-
reachda, ó líonmhaireachd an chrábhaidh do bheir sí uaithe.



12. Ach is ádhbhar gola agus caointe, agus truaighe
dúinne, do bheith chomh fionn-fhuar, mainneachdnach
agus sin, go nach dtarraingthear inn le grádh agus
le h-annsachd níos mó agus níos beodha Corp
Chríosda do ghlacadh, ann a bhfuil an uile dhóchas
agus luaigheachd na droinge atá le slánughadh.



Óir, is É féin ár naomhthachd agus ár slánughadh;
Is É is comhshólas dúinn ann ár n-oilithre air a'
t-saoghal-sa, agus is É is iolgháirdeas agus sásadh
suthain do na naoimh.



Mar sin, is mór an chúis dólais agus caointe go
bhfuilid móran nach dtugann ach ró-bheagan aire
do'n Naomh-Shacramaint ró-fholláin, ró-shláinteamhail-
se na h-altóra, a chuireas luathghair agus iolgháir-
deas air neamh, agus chothuigheas agus a chumhduigheas
an chruinne go h-uile.



O! a dhaille agus a thioram-chruais an chroidhe
dhaonna, nach fheuchann níos féarr air an tiodlacadh-
sa atá do-innse, do-fhaisnise; agus a chuireas a
neamh-shuim é, tré ghnáthughadh agus tathaighe laeth-
eamhail air!


L. 271


13. Óir, dá ndéantaoi an t-Sacramaint ro-
naomhtha-sa gan a mhinistrealachd ach a n-én áit
amháin, nó do naomh-choisreacadh ach le h-én sagart
amháin 'san domhan uile, nach saoileann tú go
rachaidis daoine go ró-shanntach, cíocrach, as gach
aon áird do'n domhan chum na h-áite sin, agus chum
an t-sagairt sin an Áird-Dé, ionnas go bhfeicidis
an sagart sin aige ceileabharadh agus aige
cantaireachd rúindiamhra neamhdha sin an Aifrinn?



Ach anois, atáid móran sagart ann, agus Críosda
gá ófráil a n-iomad d'áiteachaibh; ionnas go
dtaisbeantaoi grása agus grádh Dé níos mó agus
níos líonmhaire do'n duine, a méid agus chomh mór
agus atáid na Comaoineacha Naomhtha gá síolughadh
agus gá leathnughadh air feadh na cruinne dóibh.



Buidheachas duit féin, Íosa ró-mhaith, agus
aodhaire síorraidhe, do dheonuigh inne, na bochdain
dhíbeartha, do shásughadh led' Chorp agus led' Fhuil
ró-uasail féin, agus fós, chum na ruindiamhara-sa
do ghabhail, go dtug Tú cuireadh dhúinn le briatharaibh
do bhéil féin, aige rádh: "Tigidh chugam-sa uile,
an méid atá faoi shaothar agus faoi ualaigh troma,
agus do bhéarfaidh Mé osadh agus furtachd dhíbh."



An 2 caibidil.
A labhras air amhail mar thaisbeantar maitheas
agus annsachd Dé do'n duine anns a' t-Sacramaint
Naomtha-sa.



1. Aige cur mo mhuinighne ann do mhaitheas agus
ann do mhór-thrócaire féin a Thighearna, atáim-se


L. 272


an t-easlán aig teachd gus an tSlánuightheoir;
an t-ocrach agus an tartach go Tobar na Beathadh;
an bochdan go Righ Neimhe, an seirbhiseach gus an
Tighearna, an créatuir gus an Chruthuightheoir, agus
mar dhólasach d'ionnsuidhe a Chomhfhurtoir ionmhain.



Ach, cionnas a theagmhas damh-sa, Thusa a theachd
dom' ionnsuidhe? Nó cia h-é Mise, go mbéarfá-sa
Thú féin damh?



Cionnas a leigfidh an t-eagal do pheacach é
féin a thaisbeanadh ad' fhiadhnaise? Agus cionnas
a dheonuigheas Tusa do theacht gus an bpeacach?



Is aithne dhuit-se do shearbhfoghantuidhe, agus
is fiosach dhuit nach bhfuil maith air bith ann tré ar
bhfiú é so fhaghail.



Admhuighim-se, air an ádhbhar sin, mo tháire féin,
agus is aithne dhamh do mhaith-se, molaim do bhuidheachd
agus do thrócaire, agus do bheirim buidheachas duit
air son do mhór-charthannachda.



Óir, is uaid féin do nidh Tú so, agus ní air son
luaigheachda nó tuillmhe air bith dom' thaobh-sa;
ach chum go mbéadh do mhaitheas-sa níos soilléire
agam; agus go rannfá liom níos mó do'n
charthannachd, agus go molfá an umhlachd do bheith
níos iomláine agam.



Mar sin, ó 'sé so a thaitneas leat, agus gur mar
sin d'órduigh Tú a bheith, taitneann do thoil-se agus
th'aonta liom-sa mar an gceudna; agus nar raibh
mo choir-se nó mo lochd 'na thoirmeasg nó 'na
bhacan air!



2. O! Íosa ró-mhilis agus ró-mhaith! Is mór an
onóir agus an buidheachas agus an moladh síorraidhe
a dhlighthear duit air son chómhroinn do Chuirp
Naomhtha féin, agus nach bhfuil én neoch le faghail


L. 273


le arab éidir a luach agus a dhiongmhaltachd a
mhíniughadh nó do chur a gcéill?



Ach creud air a smaoineochaidh mise anns a'
Chomaoin-se aige dul damh a láthair mo Thighearna,
noch nach éidir liom onórughadh mar is cuibhe, cia
go bhfuil a' ró-mhian orm a chaitheamh le caonduthrachd
agus le crábhadh?



Creud an ní is féarr agus is folláine air a
smaoineochad, nó air mé féin d'úirísliughadh go
h-iomlán ad' fhiadhnaise féin a Thighearna, agus
do mhaitheas, atá os mo chionn gan chuimse, d'árdughadh
agus d'onórughadh?



Ó mo Dhia! molaim agus onóruighim Thú go
síorraidhe; agus tarcuisnighim mé féin, agus
luighim faoi umhlachd duit a n-íochdar agus a n-aigean
mo tháire agus mo thruailligheachda féin.



3. Feuch, is Tú féin Naomh na Naomh, agus is mise
an té is measa agus is sailche do na peacachaibh.



Feuch, go gcromann Tusa anuas orm-sa, agus
nach fiú mise mo shúile do thógbhail suas chugad-sa.



Feuch, atá Tusa a' teachd dom' ionnsuidhe-se,
agus is áil leat fuireach agam.



Do bheir Tú cuireadh damh chumh do chuirme, aige
tabhairt oileamhain neamhdha agus aran na n-Aingeal
damh le h-ithe, eadhon, Thú Féin an t-Aran beo do
thuirling ó Neamh anuas do thabhairt na beathadh do'n
domhan uile.



4. Feuch, is uaid féin, a Thighearna, fhásas an
grádh-sa, tré a bhfoillsighthear do mhaitheas agus
do thrócaire! Nach mór an buidheachas agus an
moladh a dhlighthear duit air a shon!



O! nach sláinteamhail, folláin, tairbheach an
rún do bhí agad an tan d'órduigh Tú an t-Sacra-


L. 274


maint-se dhúinn! O! creud é méad milseachda
agus suilbhire na cuirme ann a dtugair Thú Féin
mar oileamhain dúinn!



O! a Thighearna! is ró-áidhbheil, ró-iongantach,
do ghníomh! Is ró-chumasach th'fhearta! agus is
ró-dhearbhtha th'fhírinne!



Do ráidh Tú an briathar agus do rinneadh an uile
nídh, (Gen.c.1); agus do rinneadh so mar an
gceudna, cionn gur órduighis mar sin a dhéanamh.



5. Is nídh ró-iongantach, is nídh é a sháruigheas an
tuigse agus an chiall dhaonna, cia gur nídh é is cóir
a chreidhmheal, air a shon sin agus eile, le súilibh an
chreidimh: Thusa, a Thighearna Dé, atá, 'do Dhia fhíre
agus do Dhuine, do bheith faoi ghné agus faoi dheilbh
bheagain aráin agus fíona anns' an Abhlainn, go
h-uile agus go h-iomlán, gan bhriseadh gan bhearnadh
leis an té a chaitheas Thú fá n-a bhroinn!



Thusa, a Thighearna na cruinne agus na n-uile
ní agad nach bhfuil féidhm air én ní, do dheonuigh
Tú fuireach agus comhnuidhe do dhéanamh ionnam tré
an t-Sacramaint-se na h-altóra.



Coimhead mo chroidhe-se agus mo chorp gan smúid
gan smál, ionnas go bhféadainn do rúindiamhra
féin do cheileabhradh go minic le coinsias fíor-
ghlan súgach, agus a nglacadh chum sláinte síorraidhe
suthain damh féin: na rúindiamhra sin a d'órduigh
agus a thionnsgain Tusa do chum th'onóra, agus a
ngnáth-chuimhne duit féin go bráthach.



6. Iolgháirdigh thú féin, m'anam, agus tabhair
buidheachas do Dhia air son chomh uasal agus sin do
thiodlacadh, agus do chomhfhurtachd speisealta fhágail
agad anns a' ghleann-sa na ndeor agus an dólais.



Óir, gacha mhionca do nídh tú an rúindiamhair-se


L. 275


adhradh, agus athnuadhughadh, agus a ghabhas tú Corp
Chríosda fá do bhroinn, athnuaigheann tú obair do
shlánuighthe féin, agus do nídhthear rann-pháirteach
comhrannach thú a luaigheachdaibh Chríosda go h-iomlán.



Óir, ní laghduighthear grádh nó carthannachd Chríosda
go bráthach; agus ní chaithtear a choidhche mórdhachd
agus méid a thrócaire, agus a shásamh i n-ár
bpeacaidh.



Mar sin, is cóir duit thú féin ullmhughadh chuige
so do ghnáth le nuadh-dhúthrachd anma agus athnuadh-
ughadh intinne; agus an rúindiamhair mhór-sa do
shláinte do chur a meadh agus a meadarachd, le
rinnfheitheamh agus le h-intinn ró-staideartha.



Agus aige rádh, nó aige éisteachd an Aifrinn,
is cóir a mheas agus a bhreathnughadh agad go bhfuil
an iodhbairt naomhtha sin chomh mór, chomh nuadh, agus
chomh taitneamhach agus dá mbadh h-é sin an lá a
thuirling Críosda air tús a mbroinn na h-Óighe aige
gabhail colann daonna uime; nó, sínte air a'
chrois aige fulang agus aige fághail bháis air son
shláinte chine daonna.



An 3 caibidil.
Adeir gur ní ró-thairbheach Comaoineacha do
ghlacadh go minic.



1. A Thighearna, feuch, atáim-se aig teachd ad'
ionnsuidhe ionnas go mbéadh do thiodlacadh tairbheach
agam, agus go mbéinn suilbhir súgach aig do naomh-
chuirm, noch a d'ullmhuigh Tú Féin, a Dhia, do'n
bhochdan as do chaoin-mhilseachd. (Pslm.62.11).


L. 276


Feuch, is ionnad féin atá gach én ní is éidir agus
is ceart damh a shanntughadh; agus is Tú mo
shláinte agus mo shlánughadh, is Tú mo mhuinighin agus
mo bhrígh, is Tú m'onóir agus mo ghlóir.



Air an ádhbhar sin, a Thighearna, cuir luathghaire
indiu air anam do shearbhfhoghanthuidhe, óir is chugad
féin, a Thighearna Íosa, do thógas m'anam suas.



Is áil liom anois do ghlacadh le crábhadh, caon-
dúthrachd, agus onóir.



Ba mhaith liom do thabhairt asteach dom' thoigh,
ionnas go bhfuighinn do bheannachd mar fuair
Zachéus, agus go mbéinn air m'áireamh ameasg
uimhir chloinne Abraham. (Luc.c.19).



Is mian le m'anam do Chorp naomhtha do ghlacadh,
agus sanntuigheann mo chroidhe a bheith ceangailte
leat.



2. Tabhair Thú féin damh, a Thighearna, agus is
leor damh sin; óir, ní fiú an dadamh sólas nó
sáimh-chealgadh air bith eile ad' fhéagmhais féin.



Gan Tusa ní h-éidir do bheith ann air én chor;
agus gan do chuairt ní h-éidis liom a bheith beo.



Mar sin is oircheas damh a theachd ad' chómhdháil
agus ad' ionnsuidhe go minic, agus do ghabhail mar
leigheas dom' shlánughadh; d'eagla a dhul a luige
nó a n-anbhfainne air a bhealach, mur mbéadh an
oileamhain agus an bheatha neamhdha-sa agam.



Óir, is mar so a dubhairt Tú Féin, a Íosa ró-
thrócairigh, aige teagasc an phobail agus aige
leigheas na n-easlán eugsamhail, eadhon, "Ní h-éidir
liom a leigean air siubhal 'na dtrosgadh, ionnas
nach dtéidis a luige air an t-slighe." (Matha.c.
15.32. Marc.c.8).


L. 277


Déana amhlaidh mar sin liom-sa anois, ó d'fhág
Tú Thú Féin anns a' tSacramaint-se do Naomh Chuirp
againn, mar chomhshólas do na fíréin dhílse
chreidmheacha.



Óir, is Tú féin sásadh sáimh-mhilis an anma; agus
ce bé chaitheas go diongmhalta Thú béidh sé rann-
pháirteach agus 'na oighre air an ghlóir shíorraidhe.



Go fírinneach atá sé rói-riachdnasach agam-sa,
a thuiteas agus a pheacuigheas chomh minic agus sin,
agus chomh luath agus éirighim fallsa, sbadanta,
anbhfann, atá sé riachdnasach agam mé féin
athnuadhughadh, mo ghlanadh, mo ghríosughadh agus mo
lasadh, le h-urnuighe mhinic agus le faoisidin,
agus le Comaoin do Chuirp Naomhtha, a Thighearna;
le h-eagla teagmhal aige fuireach níos fuide air
m'ais, go dtuitfinn air fad ó mo dheag rún naomhtha.



3. Óir, atáid céadfadha an duine claon chum
na n-olc ó thús óige; agus muna gcuideochaidh an
leigheas diadha leis, tuitfidh sé gan mhoill le
fánaidh anns na h-olcaibh is measa.



Mar sin, tarraingid na Comaoineach Naomhtha
duine ó'n olc, agus neartuighid san mhaith é.



Óir, ma táim-se go minic anois chomh fionn-
fhuar, fallsa, agus sin, aige caitheamh Comaoineacha,
nó aige rádh an Aifrinn, creud do dhéanfainn
muna nglacainn an leigheasa, agus muna
n-iarrainn an mór-chuideamh-sa?



Agus cé nach bhfuilim ullamh gach én ló Aifreann
do rádha, gidheadh, dhéanfad mo dhíthcheall na
rúindiamhra diadha-sa do ghlacadh anns na h-aim-
searachaibh oireamhnacha, iomchubhaidhe, do chum mé
féin do dhéanamh rann-pháirteach do'n oiread sin
do ghrásaibh neamhdha.


L. 278


Óir is é so sólas oirdheirc an anma ionnraic
dhílis, an fad a bhíonn sé air oilithre agus air
sheachrán a' t-saoghail anns a' cholainn sho-bhásuighthe-se
a bhfad uaid féin, 'sé a shólas, adeirim, a bheith
cuimhneach air Dhia go minic, agus a Chéile grádhach
do ghlacadh le h-intinn chráibhthigh.



4. O! is ró-iongantach diongmhaltachd do
bhuidheachda agus do chúram umainne, air mhodh, a
Thighearna Dé, a Chruthuightheoir agus a Bheodhuightheoir
na n-uile sbiorad, gur dheonuigh Tú Féin a theachd
air cuairt d'ionnsuidhe air anam bocht chum a
chíocras do shásadh le do Dhiadhachd agus le do
Dhaonnachd uile!



O! a sbioraid ádhmhair agus anam bheannuighthe,
a thuilleas do Thighearna Dé Féin do ghlacadh le
deagh-rún, agus do líonadh le h-iolgháirdeas
sbioradálta le linn an ghabhala sin!



O! creud é éifeachd an Tighearna sin! nach
ró-ionmhain an chuinnimh atá astigh aice; nach
sámh-chaoin an caoimhtheach atá sí ghabhail; agus nach
díleas an charaid atá sí 'ghlacadh, nach áluinn uasal
an céile air a bhfuil a h-annsachd tar na n-uile
ní is éidir a ghrádhughadh nó iarraidh!



O! a Mhilseachd agus Annsachd ró-ionnmhain,
bíodh neamh agus talamh, agus sgéimh agus óirniughadh
na bhflaitheas uile 'na dtosd ad' fhiadhnaise; óir
ce bé atá ionmholta nó de sgéimh ionnta, is
tiodlacadh ó do mhaitheas féin é; agus nach dtig
a bhfogus nó a gcompáráid áille nó bhréaghachd
th'anma féin, atá eagnaidhe do-innse, gan uimhir
gan cuimse.


L. 279


An 4 caibidil.
Adeir gurab iomdha maith do bheirthear do luchd
chaitheamh na gComaoineacha go deagh-rúnach dúth-
rachdach.



1. Och! A Thighearna Dé, beannuigh do shear-
bhfoghantuidhe ó thús le beannachdaibh do mhilseachda
féin, ionnas go mbadh éidir liom a dhul go diong-
mhalta dúthrachdach chum do Shacramainte ró-uaisle
féin.



Músgail mo chroidhe chugad féin, agus tóg as
mo throm-chodladh sbadanta mé.



Tar air cuairt chugam le do ghrásaibh, ionnas go
mblasainn ann m'anam do sháimh-milseachd, atá
go líonmhar a bhfolach anns a' tSacramaint-se,
amhail 'na thobar iocshláinte.



Deallruigh, mar an gceudna, mo shúile ionnas
go bhféadainn an rúindiamhair mhór-sa fheiceal;
agus neartuigh mé do chum sin do chreidmheál le
creideamh diongmhalta daingean.



Óir is é th'obair féin é, agus ní cumhachda daonna;
'sé so th'aithne agus th'órdughadh naomh-choisreactha
féin, agus ní cumadrachd nó dealbhughadh daoine.



Óir, ní bhfuil én neoch le fághail oireamhnach ann
féin, le arab éidir na neithe-se a ghabhail nó
thuigbheal, a sháruigheas agus théid os cionn intli-
dheachd na n-aingeal féin.



Mar sin, mise atá 'mo pheacach mhí-dhiongmhalta
'mo chriaidh agus 'mo luaithreadh, creud is éidir
liom do thuigsin nó do sgrúdughadh do thaobh
rúindiamhra chomh árd ró-naomhtha agus so?


L. 280


2. A Thighearna, atáim-se a' teachd ad' ionnsuidhe
le h-onóir, le dúil agus le dóchas, a simplidheachd
mo chroidhe, maille le creideamh maith lán-dhearbhtha,
agus le h-umhlachd dod' aithne agus dod' órdughadh
féin damh; agus creidim go fírinneach lán-
dhearbhtha go bhfuil Tú annso a láthair 'do Dhia
agus 'do dhuine anns a' Naomh Shacramaint-se na
h'altóra.



Mar sin, is é do thoil-se go ngeobhainn-se chugam
féin Thú, agus go gceanglainn mé féin leat
a gcarthannachd.



Air an ádhbhar sin, sírim do thrócaire cheannsa,
agus iarraim agus aitchim ort grása speisialta
do thabhairt damh chuige so; ionnas go mbéinn air
mo dhortadh agus air mo leaghadh air fad ionnad
féin agus air lán-líonadh dod' ghrádh, air mhodh
nach n-iarrainn sólas nó sásadh fhághail ó ní air bith
eile.



Óir go deimhin, is sláinte anma agus cuirp an
t-Sacramaint-se atá ró-árd, ró-oirdheirc, agus
ró-dhiongmhalta innte féin, agus is leigheas í
air an uile easláinte sbioradálta; is leithe a
leigheasthar mo lochda, agus a chuirthear srian air
mo chlaontaibh taodacha; is leithe a chlaoidhtear
agus a laguighthear na cathuighthe, agus a mhéaduigh-
thear na grása; 'sí an t-Sacramaint-se a mhéad-
uigheas na subhailcidhe, a chomh-dhaingeas an creideamh,
a neartuigheas an dóchas, agus a lasas agus
a leathnuigheas an charthannachd.



3. Óir is áidhbheil an méid dá dtugais agus dá
dtugair de mhaitheasaibh agus do thiodlacaibh uaid
anns a' t-Sacramaint-se, dod' dhrongaibh ionmhaine
féin a ghlacas í le deagh-rún agus le crábhadh, Ó, a


L. 281


Dhia! a Chongbhaluidhe suas m'anma, a Leasuightheoir
agus Liaigh na h-easláinte daonna, agus a
Phronntoir na n-uile shólas croidhe!



Óir, do bheir Tú móran sólais agus fúrtachda
dóibh a n-aghaidh gach buaidheartha agus gach triobloide
eugsamhla; agus tógann Tú suas iad ó aigean a
dtáire agus a dtarcuisne féin go dóchas do
chosnaimh-se agus do dhídin; agus sásuigheann
agus soillsigheann Tú iad go h-inmheadhonach le
grása nuadh; air mhodh an dream do mhothuigh iad
féin buaidheartha, gan ghrádh, gan chrábhadh roimhe
Comaoineach do chaitheamh, tar éis iad féin do shásadh
leis an Bhiadh agus leis an Digh neamhdha-sa,
do gheibh siad iad féin air bhiseach agus air n-a gclaochlódh
níos féarr nó do bhí síad a roimhe.



Agus is mar so do nídh Tú le do thoghaibh ionmhaine
féin, ionnas go n-admhochaidis Thú go fírinneach
agus go mothochaidis go follus méid a luige agus
a n-anbhfainne féin an tan fhágthar 'na muinighin
féin iad, agus méid an mhaithis agus na ngrás
do gheibhid uaid-se a Thighearna Dé.



Óir, ionnta féin atá siad fuar, cruaidh, gan
chrábhadh; ach do gheibhid uaid-se do bheith bruithneach,
lasamhail, teasghrádhach, súgach, cráibhtheach, caon-
dúthrachdach.



Óir, cia a thiocfadh le h-úirísleachd go Tobar
na Milseachda, gan beagan éigin do'n mhilseachd
sin do bheith leis?



Ná cia sheasas a bhfochair móir-theineadh gan ní
éigin dá teas do mhothughadh?



Agus is tobar líonmhar lán-iomlán Thusa go
bráthach; agus is teine bhruithneach Thú do ghnáth nach
múchthar agus nach dtéid as a choidhche.


L. 282


4. Air an ádhbhar sin, muna dleachd damh-sa
deoch do tharraing as líonmhaireachd an tobair,
nó mo dhóchain agus mo sháith ól as, cuirfead mo
bheul go h-áirithe air fheadan nó air mhion-sruth éigin
a thig ó'n t-sruth neamhdha sin, ionnas go bhfuighinn
deor beag éigin as, do chum mo thart do chosg,
ionnas nach dtriomochainn suas air fad.



Agus muna h-éidir liom do bheith chomh neamhach
nó chomh dearg-lasta leis na h-aingil, eadhon, na
Cherubim agus na Seraphim, do dhéanfad dícheall,
air a shon sin, mé féin a thabhairt do chrábhadh, agus
mo chroidhe ullmhughadh ionnas go bhfuighinn drithleog
nó spréidh bheag dá laighead do'n teinidh dhíadha-sa,
tré chaitheamh úiríseal na Sacramaint-se do
thoirbhreas an bheatha dhúinn.



Agus Íosa ró-mhaith, agus a Shlánuightheoir ró-
naomhtha, coimhlíon air mo shon-sa gach easbhaidh dá
bhfuil orm tré do mhaitheas agus do mhór-ghrása féin,
ó do dheonuigh Tú féin gairm air an uile dhuine,
aige rádh: "Gluaisidh chugam-sa uile oraibh a bhfuil
saothar agus ualaigh throma, agus sáiseochad féin
ibh." (Maith.c.11.28).



5. Atáim-se fá mhór-shaothar le h-allus mo
ghruaidh; agus atáim pianta dólasach ann mo
chroidhe; atáim faoi throm-ualach an pheacaidh, air
mo bhuaidhreadh le cathuighthe, air mo chreapall agus
air mo mhoirtniughadh le droch-thaodaibh iomdha
urchoideacha; agus ní bhfuil fear mo chuidigh, mo
shaoruighthe, nó mo shábhala agam ach Thú Féin a
Thighearna Dé, mo Shlánuightheoir; agus mar sin
tiomnaim agus taobhaim mé féin agus gach a bhfuil
agam go h-iomlán duit, ionnas go ndéantá mo


L. 283


chosnamh agus mo threorughadh chum na beathadh
síorraidhe.



Gabh liom chum glóire agus molta dod' Ainm
féin, Thusa a d'ullmhuigh do Chorp agus t'Fuil
féin mar bhiadh agus mar dhigh dhamh-sa.



Deonuigh dhamh, a Thighearna Dé, mo Shlánuightheoir,
méadughadh gráidh air a' chrábhadh aige gnáthughadh na
Sacramainte-se go minic.



An 5 caibidil.
A thráchdas air an onóir a dhlighthear do'n t-Sacra-
maint, agus air stáid na Sagartachda.



1. Ge go mbéitheá chomh fíor-ghlan le h-aingeal,
agus chomh naomhtha le h-Eoin Baiste, ní bhéitheá, air
a shon sin, oireamhnach nó diongmhalta an t-Sacra-
maint-se do ghlacadh, nó do mhinistrealachd, nó do
fhriotháileadh.



Óir, ní dlighthear do thuillmhe nó do luaigheachd
daonna, gur bhfiú én neoch Sacramaint Chríosda
do naomh-choisreacadh nó do mhinistrealachd, nó
Aran na n-Aingeal do chaitheamh mar oileamhain.



Is árd, do-fhaisneise, an ruindiamhair so; agus
is mór onóir, meas, agus diongmhaltachd is fiú na
Sagairt dóibh ar tugadh cumhachda nach bhfuair agus
nach ar deonadh do na h-aingil.



Óir, ní bhfuil cumhachda aig én neoch Aifreann do
cheileabhradh nó do rádh, nó Corp Chríosda do
naomh-choisreacadh, ach amháin aig na Sagairt a fuair
na grádha coisreactha go h-órduighthe riaghalta san
Eaglais.


L. 284


'Sé an sagart óglach Dé go dearbhtha, agus deir
sé briathara Dé, réir órduighthe agus aithne Dé féin,
ach, is É Dia féin is úghdar agus is oibridhe prion-
sapáilte neamh-fhaicseana ann, aig a bhfuil gach
uile nídh dár toil leis faoi n-a smachd agus n-a
chumhachda, agus géilleann agus umhluigheann an
uile ní dá órdughadh agus dá aithne.



2. Mar sin is mó is córa dhuit creidmheal do
Dhia Uile-chumhachdach anns a' tSacramaint ró-
oirdheirc-se nó dod' chéadfádh féin, nó do
chomhartha air bith eile so-fhaicseana; agus mar sin,
is le h-eagal agus le faitchios is dleachd a theachd
fá dhéin na h-oibre-se.



Tabhair aire dhuit féin, agus dearc gad é an
cúram agus an t-ualach do ghabh tú ort féin ó
lámhaibh an Easbuigh. (Tim.c.4.14).



Anois ó tá tú 'do shagart choisreactha chum an
Aifrinn do rádh, tabhair dod' aire an íodhbairt-sin
do thoirbhirt agus d'ofráil do Dhia a n-aimsir
iomchubhaidh go h-ionnraic, díleas, caondúthrachdach,
agus thú féin iomchar saor air chúis achmhusain, agus
ocáid sgannala agus náire.



Níor éadtromuigh tú th'ualach, ach atá tú
ceangailte níos cruaidhe agus níos cuimhge faoi
oibliogóid agus ualach an chrábhaidh agus na
riaghaltachda, na naomhachda, agus na foirbhtheachda,
nó do bhí tú roimhe na gráidh coisreactha do ghabhail.



Is cóir do'n t-sagart do bheith óirnighthe le an
uile shubhailce, agus easamplair déigh-bheathadh do
thabhairt do chách eile.



Ní dleachd do'n t-sagart do bheith aige comhradh
leis an ghasradh ghráisgeamhail air ghnothaighibh choit-
cheannda na ndaoine; ach leis na h-aingil air


L. 285


neamh, nó le daoine fíreunta foirbhthe air talamh, is
cóir dó a bheith aige coinbhersáid agus aige comhradh.



3. 'Sé fear ionad Chríosda an sagart, an tan a
bhíos an t-éideadh coisreactha uime, do chum Dia
do ghuidhe go h-umhail dúthrachdach air a shon féin
agus air son an phobail uile.



Atá comhartha croiche céasda an Tighearna air
a chúla agus air aghaidh aige, ionnas go gcuimhneochadh
sé do ghnáth air pháis Chríosda.



Atá cros air aghaidh anns a' chochall air iomchar aige,
ionnas go bhfeiceadh sé go dícheallach air
chois-chéimibh Chríosda, ionnas go ndéanadh sé
staideir tóraidheachd gheur éasgaidh a thabhairt dóibh.



Atá comhartha na croise air a chúla, ionnas go
bhfuilingeadh sé go foighideach air son Dé an uile
éagcóir agus urchóid do nídh cách air.



Iomchrann sé, fós, cros air aghaidh, ionnas go
gcaoinfeadh sé a pheacaidh féin; agus air a chúla,
ionnas go nguilfeadh sé le truaigh air son pheacaidh
na muinntire eile, agus go mbadh fios dó é féin do
bheith 'na abhchóideach idir Dia agus an peacach.



Agus do chum nach ndéanadh sé faillighe,
fallsachd, stad nó sgíth ó'n urnuighe agus ó'n
íodhbairt naomhtha, nó go dtuillmhidh sé grása agus
trócaire fhaghail.



An tráth adeir an sagart Aifreann, do bheir
sé onóir do Dhia, iolgháirdeas do na h-Aingil,
oideas do'n Eaglais; do bheir sé iom-chuideamh
do bheodhaibh, fuarughadh agus furtachd do mharbhaibh,
agus do nídh sé é féin rann-pháirteach do na h-uile
mhaith.


L. 286


An 6 caibidil.
Do'n ullmhughadh is cóir a dhéanamh roimhe
Comaoineach do ghabhail.



1. A Thighearna, an tráth, a smaoinim air mhéad do
mhórdhachda-sa agus air mo tháire féin, do thig
baill-chreatha go mór orm, agus ní fheadar creud
do nídhim le náire, le coiciach agus faitchios.



Óir muna dtigidh mé ad' ionnsuidhe teithim roimhe
leis an bheathaidh, agus ma thigim go mí-dhiongmhalta,
tuitim faoi do dhíomdha agus do chorruighe.



O! a Dhia! creud a dhéanfas mé mar sin, is Tú
féin fear mo chuidigh agus mo chomhairle a n-aimsir
mo chruadhóige?



2. A Thighearna, múin féin an t-slighe cheart damh;
agus teagaisc freachnughadh nó cleachdadh éigin
damh oireamhnach chum Comaoineacha do chaitheamh go
diongmhalta.



Óir, is ní tairbheach fios agus eolas fhaghail,
creud an modh air ar cóir damh mo chroidhe ullmhughadh
chugad féin go cráibhtheach caondúthrachdach, le
airmhinneachd agus le onóir, chum do Shacramaint
do ghlacadh go tairbheach folláin, nó fós do chum
Saicrifice nó Íodhbairt, chomh mór agus chomh diadha
agus so, do cheileabhradh nó do shollamnughadh.


L. 287


An 7 caibidil.
A labhras air sgrúdughadh an choinsis, agus air rún
leasuighthe na beathadh.



1. Os cionn na h-uile ní is cóir do shagart Dé
a theachd do cheileabhradh, do lámhadhradh, agus do
chaitheamh na Sacramainte-se, le ró-umhlachd agus
úirísleachd croidhe, le airmhinneachd agus le h-onóir
gan stráic, le creideamh iomlán agus le h-intinn
dhúthrachdaigh chum onóra Dé.



Rannsuigh agus mion-sbíonuigh do choinsias go
dícheallach; agus, réir do chumhachda, glan,
innill, agus deallruigh é, le croidhe-bhrúghadh fíre
agus le faoisidin umhal úirísil; ionnas nach mbéadh
scrupall nó trom-pheacadh air bith led' fhios agad
aige creimniughadh nó aige cognadh do choinsis, do
chuirfeadh bacan nó toirmeasg ort fá theachd go
réidh saor chum na Sacramainte-se.



Déan aithreachas geinearalta fá do pheacaidh
uile, agus go sonnradhach caoin agus guil air son
do lochda agus do pheacadh laetheamhail.



Agus ma bhíonn faill nó aimsir agad aidimh a
bhfiadhnaise Dé, a ndiamhair agus a sécreide do
chroidhe, do pheacaidh agus do thaoda amhgaracha mí-
riaghalta uile.



2. Bí aig osnaighe agus aige caoi fá thú féin
do bheith go fóill chomh colnaidhe, agus chomh saoghalta
agus atá tú; chomh neamh-moirtnighte ann do
chéadfadhaibh; chomh lán do thaodaibh agus do
ghluaiseachdaibh ainmhianacha; comh neamh-choimheadach
ann do chéadfadhaibh corpordha; chomh creapailte
go minic le tadhbhaistidhibh agus le tóguidheachd


L. 288


dhíomhaoin; chomh claon gus na neithibh saoghalta, agus
chomh mainneachdnach fá neithibh sbioradálta; chomh
réidh éasgaidh chum gáire agus gairseamhlachda;
chomh doilgheasach chum gola agus aithrighe; chomh
réidh agus chomh éasgaidh chum diomhaoinis agus sásadh
na colna; chomh sbadanta leisgeamhail chum
crábhaidh agus teasghráidh; chomh cúirealta aig
éisteachd nuaidh-sgeul, agus aig feuchain air
neithibh sgéimheacha bréaghtha; chomh mall-thriallach
fallsa chum neithe úirísle suaracha do ghabhail; chomh
sanntach móran do shealbhughadh; chomh cruaidh
ceachardha fa thabhartas; chomh congbhalach ann do
láimh; chomh neimh-dheischréideach aig labhairt; chomh
doilgheasach a bheith 'do thost; chomh éadtrom
bearraideach a mbéasaibh; chomh anbhuaineach ann do
ghníomharthaibh; chomh ain-mheasardha aig ithe agus
aig ól; chomh bodhar aige briathraibh Dé; chomh
luath chum fallsachda agus socruidheachda; agus
chomh mall chum saothair; fuireachair aig éisteachd
le sgeultaibh fabhail; chomh trom-chodaltach anns na
vighilibh naomhtha agus aig an iarmheirge; agus
aige tráthaibh na maidhne, deifreach aige críochnughadh;
chomh seachranach ann th'aire, mainneachdnach aig
rádh na dtráth canonta; fionn-fhuar aige rádh an
Aifrinn; chomh tirm-dheorach a n-aimsir Comaoineacha;
chomh minic air mearughadh céille; agus chomh annamh
a gcéill chruinn nó cheart; chomh so-ghluaiste chum
feirge agus corruighe do ghabhail le cách; chomh
tobann aige tabhairt breithe; agus chomh dian aige
spreagadh; chomh ró-luathghaireach le linn sonais
agus saidhbhris; agus chomh ró-lag a n-aimsir
cruadhóige; aige síor-chur romhad móran maith
do dhéanamh, agus aige coimhlíonadh beagain.


L. 289


3. Aige déanamh faoisidine agus deora aithrighe
air son so, agus air son do lochda eile le doilgheas
croidhe agus le fuath mór air do luige agus air
th'anbhfainne féin, cuir rún daingean romhad do
bheatha a leasughadh agus a dhul air th'aghaidh anns
na subhailcibh do ghnáth.



'Na dhiaidh sin, toirbhir agus ofráil thú féin air
altóir do chroidhe le lán-toil agus le h-umhlachd,
mar íodhbairt shíorraidhe a n-onórachas m'anma-sa,
aige taobhadh th'anma agus do chuirp liom-sa go
díleas; ionnas go mbéitheá diongmhalta theachd do
dhéanamh ofrála do Dhia, agus Sacramaint mo
Chuirp-se do ghabhail go sláinteamhail.



4. Óir ní bfhuil ofráil níos diongmhalta nó
leoir-ghníomh níos féarr chum na peacaidh do sgrios
agus do dhíbirt, nó neoch é féin d'ofráil go fíor-
ghlan iomlán do Dhia, mar aon le h-íodhbairt Chuirp
Chríosda anns an Aifreann, agus anns na
Comaoineachaibh.



Ma nídh neoch a dhícheall annso, agus aithreachas
fírinneach do dhéanamh, gach uair dá dtiocfaidh
chugam-sa aig iarraidh párdúin agus grása orm,
mar is beo Mé ann mo bheathaidh, adeir an Tighearna,
ní h-áil liom bás an pheacaigh, ach dob fhéarr liom
é filleadh agus a bheith beo, óir ní chuimhneochad air
a lochdaibh níos mó, ach do gheobhaidh sé maitheamhnas
iomlán ionnta uile. (Ezeciel.c.33. Math.c.11).


L. 290


An 8 caibidil.
A labhras air íodhbairt Chríosda air a' Chrois, agus
air dhiúltughadh dhuine dhó féin.



1. Amhail mar d'ofráil Mise Mé féin go toil-
teanach do Dhia, an t-Athair, air son do pheacadh-sa,
a dhuine, air mbeith do mo Chorp lomnochtuighthe
agus mo lámha sínte righte air a' chrois, air mhodh
nach raibh aon bhall dhíom nach dearnadh a chéasadh
san íodhbairt sin na páise chum fearg an Athara
neamhdha do chosg agus do cheannsughadh, is amhlaidh
sin is cóir dhuit-se thú féin ofráil go toilteanach
damh-sa go laetheamhail anns an Aifreann mar
íodhbairt fhíor-ghlan naomhtha le méid do neirt agus
do ghráidh agus a thig le do chroidhe.



Creud an ní eile níos mó atáim aig iarraidh ort,
nó do dhícheallt a dhéanamh thú féin do thoirbhirt
dhamh-sa go h-iomlán?



Ní bhfuil suim agam-sa ann ce bé air bith a
bheireas tú uaid ach thú féin; óir, ní do thabhartas
ach thú féin atá mé aig iarraidh.



2. Agus amhail mar nach ar leor dhuit-se, dá
mbéadh an uile ní agad am' fhéagmhais-se; mar an
gceudna, ní air bith dá mbéarfaidh tusa uaid dhamh-
sa, ní thig leis taitneamh liom ad' fhéagmhais féin.



Ofráil thú féin damh, agus tabhair thú féin uile
do Dhia, agus béidh th'ofráil taitneamhach.



Feuch! do thoirbhir Mise Mé féin air do shon-sa
do'n Athair, agus do thug Mé m'Fuil agus m'Feoil
uile mar oileamhain duit, ionnas go mbéinn-se
uile agad-sa, agus thusa go h-iomlán agam-sa.


L. 291


Ach, ma sheasmhann tú ionnad féin, agus gan thú
féin do thoirbhirt go fonnmhar dom' thoil-se, ní
ofráil iomlán í, agus cha bhíonn ceangal nó caid-
reamh iomlán eadrainn.



Mar sin, ba chóir duit thú féin do chur air láimh
Dé mar ofráil thoilteanach roimhe agus air béalaibh
th'oibreacha eile uile, ma's maith leat saoirse
agus grása fhághail.



Óir is uime sin nach bhfuilid ach beagan daoine
air n-a soillsiughadh nó saor ionnta féin astigh,
cionn nach eol dóibh iad féin a shéanadh nó thréigbheal.



'Sé so mo bhriathar dearbhtha-sa, eadhon, mur
dtréigfidh neoch na h-uile ní, ní h-éidir leis a bheith
n-a dheisgiobal agam-sa. (Luc.c.14.33).



Air an ádhbhar sin, ma's áil leat a bheith 'do
dheisgiobal agam-sa ofráil thú féin mar aon le do
mhiangasaibh uile dhamh.



An 9 caibidil.
A labhras air an mhodh air ar dleachd dúinn inn
féin, agus gach ní dá bhfuil againn ofráil do Dhia,
agus guidhe air son na n-uile dhuine.



1. A Thighearna, is leat féin gach ní dá bhfuil air
neamh agus air talamh.



Agus is mian liom-sa mé féin ofráil duit
mar íodhbairt thoilteanach, agus fuireach agad go
bráthach.



A Thighearna, ofrálaim mé féin dhuit indiu a
ndíoghrais agus a simplidheachd mo chroidhe mar


L. 292


óglach agus mar shearbhfoghantuidhe go bráthach,
chum do sheirbhis a dhéanamh, agus a bheith 'mo íodhbairt
mholta agad féin go deoidh.



Gabh liom-sa mar aon leis an Naomh Shacraifís
do Chuirp ró-uasail, do nídhim ofráil dhuit indiu
a bhfiadhnaise na n-aingeal atá 'do láthair annso
'na seasamh go foluighteach neamh-fhaicseana, ionnas
go mbéadh sé 'na íocshláinte agam féin agus aig
do phobal uile.



2. A Thighearna, toirbhrim dhuit m'uile pheacaidh
agus mo lochda dá ndearna mé 'do láthair féin
agus a bhfiadhnaise th'aingeal naomhtha, ó'n ló dob'
éidir liom peacadh a dhéanamh air tús go nuige so;
teilgim iad air altóir do thrócaire agus do
cheannsachda, ionnas go loisgtheá iad le teinidh do
charthannachda, agus go sgriostá sal agus an uile
smál peacaidh uaim, agus go nglantá mo choinsias
ó'n uile lochd, agus go mbeirtheá na grása, do
chaill mé tré mo choir féin, air a n-ais damh arís,
aige tabhairt lóghaidh iomláin damh air son mo
pheacaidh uile, agus aige gabhail liom go trócaireach
le fáilte agus póg na síothchainte.



3. Creud is éidir liom a dhéanamh air son mo
pheacadh, ach a n-admháil go h-umhal úiríseal san
fhaoisidin agus a bheith gá gcaoineadh, agus aige
síor-iarraidh trócaire air a son?



Mar sin, guidhim Thú, a Thighearna, éisteachd liom
go trócaireach, anns an áit-se a bhfuilim mo sheasamh
ad' fhiadhnaise féin, a Dhia.



Is mór an ghráin agus an mío-thaitneamh atá agam
air mo pheacaidh uile; cha chionntuighim ionnta go
bráthach arís, óir atá ró-aithreach orm air a son,
agus béidh an fad a mhaireas mé; atáim umhal


L. 293


ullamh píonus fhulang air a son, agus leoir-
ghníomh agus sásadh do dhéanamh réir mo chumhachda
agus m'acmhuinne.



Tabhair maitheamhnas damh, a Dhia! tabhair
maitheamhnas damh air son mo chionnta, mar gheall
air t'Ainm ró-naomhtha féin; agus sábhail m'
anam noch do cheannuigh Tú le d'Fhuil ró-uasal
féin.



Feuch, taobhaim mé féin le do thrócaire; umhluighim
faoi do láimh.



Déana liom réir do mhaitheasa féin, agus ní do
réir m'aingidheachda-sa nó mo lochda.



4. Ofrálaim dhuit fós m'uile mhaitheasa, cé gur
beag, ró-shuarach, neimh-iomlán iad, ionnas go
ndéantá féin a leasughadh agus a naomhughadh;
ionnas go ndéantá taitneamhach cumhra duit féin
iad; agus ionnas go dtugthá chum iomláine agus
bisigh níos féarr iad; agus mar an gceudna, go
mbeirtheá mé féin, ata 'mo dhuine bheag, shuarach,
fhallsa, bheag-fhóghainteach, chum deigh-chrích ion-
mholta bheannuighthe do chur air mo bheathaidh.



5. Ofrálaim, mar an gceudna, agus cuirim suas
chugad, miangais agus rúntaidh diadha na bhfíreun
cráibhtheach, agus uile riachdnais m'athara agus
mo mhathara, agus riachdnais mo luchd gaoil, mo
dhearbhraithre agus mo dheirbhshiúracha, agus mo cháirde
grádhacha uile; agus na h-uile dhuine do rinne
maith air bith orm féin, nó air dhuine eile mar gheall
agus mar ghrádh ort-sa, a Thighearna, agus na h-uile
neoch a d'iarr orm urnuighe nó Aifreann do rádh
air son féin, nó air son a muinntire uile; ce bé
h-aca beo nó marbh iad; ionnas go mothuighdís
uile congnamh do ghrás, furtachd do chomhshólais


L. 294


agus t-imdhídean ó'n uile ghábhadh, agus sgaoileadh
ó'n uile phíonus; agus ionnas go dtugaidís lán-
bhuidheachas dhuit-se, a Thighearna, le luathghair agus
le h-iolgháirdeas tar éis iad do bheith saor ó'n uile
olc.



6. Ofrálaim dhuit, mar an gceudna, m'eadar-
ghuidhe agus m'urnuighe, agus íodhbairt thrócaireach
an Aifrinn, agus go sonnradhach air son na muinntir
do ghortuigh, do thuirsigh, nó do dhío-mhol mé, air
én mhodh, nó do rinne díoghbháil, olc, nó urchóid air
bith eile dhamh.



Agus, mar an gceudna, air son na n-uile dhuine
air ar chuireas féin, uair air bith, tuirse, buaidhreadh,
nó triobloidh, nó air a ndearnas éagcóir nó leath-
trom, nó dá dtugas sgannail, imdheargadh, nó
droich-easamplair le briatharaibh nó le gníomharaibh,
le m'fhios nó gan fhios dhamh, ionnas go dtugthá féin
párdún dúinn uile ann gach coir agus ann gach
lochd dá ndearnamar a n-aghaidh a chéile.



A Thighearna, beir uainn, agus díbir as ár
gcroidhthibh an uile éad agus droch-bharamhail, an
uile fhearg agus chorruighe, agus gach uile ní tré
ar bh'éidir an charthannachd nó an grádh dear-
bhrathaireamhail a mhilleadh, a bhriseadh, nó a laghdughadh.



Déana trócaire, a Thighearna, déana trócaire
air luchd iarraidh do thrócaire; tabhair grása do'n
mhuinntir atá folamh ó ghrásaibh; agus deonuigh
dhúinne gur bh'fhiú inn do ghrása fhaghail, agus an
bheatha shíorraidhe do shealbhughadh. Amen.


L. 295


An 10 caibidil.
Amhail mar nachar chóir na Comaoineacha Naomhtha
do sheachnadh air bheagan ádhbhair nó le leith-sgeul
éadtrom.



1. Is minic is cóir a dhul go Tobar na nGrás
agus na Trócaire Diadha; go Tiobroid agus go
Sruth an Mhaithis agus an uile Fhíor-ghlaine; ionnas
go mbadh éidir leat leigheas fhaghail air do thaodaibh
agus air do lochdaibh, agus go dtuilltheá éirighe
níos láidre agus níos coimheadaighe a n-aghaidh
chealga agus chathuighthe an aidhbheirseora.



Óir, is fios do'n aidhbheirseoir, atá 'na námhaid
againn, go bhfuil toradh agus leigheas mór anns
na Comaoineachaibh Naomhtha, agus, air an ádhbhar
sin, do nídh se a dhícheallt na daoine creidmheacha,
cráibhtheacha, do thoirmeasg agus do tharraing uatha,
air an uile mhodh agus ócáid dá dtig leis.



2. Óir, an tan ullmhuigheann cuid do na daoine
iad féin chum Comaoineacha do ghabhail, sin an uair
a mhothuighid cathuighthe an aidhbheirseora.



Óir, mar deir Iób naomhtha (C.1.6), thig an droich-
sbiorad ameasg chloinne Dé gá mbuaidhreadh le
n-a ghnáth mhailís urchoidigh; nó do chur uathbhais
agus eagail orra aige laghdughadh a gcrábhaidh agus
a gcreidimh, ionnas go leigidís díobhtha Corp
Naomhtha an Tighearna do chaitheamh, nó go h-áirithe
a dhul dá ionnsuidhe go fionn-fhuar sbadanta.



Ach ní cóir aire a thabhairt d'a chealgaibh nó d'a
thóguidheachdaibh agus d'a dhealbh-chumadrachd shalaigh
agus uathbhasaigh dá mhéad, ach a dteilgint uile air
a cheann féin arís.


L. 296


Ach is cóir an t-aidhbheirseoir malluighthe sin do
tharcuisniughadh agus do mhaslughadh aige fochmaideadh
faoi, agus gan na Comaoineacha Coisreactha do
sheachnadh air son cathuighthe nó gluaiseachd air bith
do thig ó'n droich-sbiorad.



3. Is minic fós a thoirmeasgthar neoch le n-iomad
saothair agus achrainn do chur air féin aige déanamh
crábhaidh, agus le n-iomad scrupaill agus buaidh-
eartha aige déanamh na faoisidine.



Anns a' chása-sa gabh comhairle na ndaoine
eagnaidhe críonna, agus cuir uaid do bhuaidhreadh
agus do scrupall, óir toirmeasgann agus bacann
siad grása Dé, agus sgriosann agus milleann
siad an chrábhadh.



Ná tréig agus ná leig na Cumaoineacha Naomhtha
dhíot air son beagán buaidheartha agus achrainn;
ach déana faoisidin go luath tapaidh, agus maith
do chách go toilteanach an uile éagcóir nó olc dá
ndearna siad ort.



Agus ma rinne tú féin olc nó éagcóir air én
neoch, iarr párdún go h-umhal air, agus gheobhaidh
tú féin párdún go réidh ó Dhia.



4. Creud an éadail dhuit an fhaoisidin do chur
air cáirde, nó na Comaoineacha Naomhtha do chur air
ath-ló?



Glan thú féin a n-am, agus sgéith go luath an
nimh do ghlac tú; ná déana moill fá leigheas do
ghabhail, agus mothochair do bhiseach níos féarr agus
níos mó, nó dá gcuirtheá do leas níos fuide air
cáirde.



Ma leigir dhíot a ghlacadh indiu tré ádhbhar nó
chinn-siocair air bith, dob éidir le h-ócáid nó le
siocair is mó nó sin theagmhal dhuit a mbárach; agus


L. 297


mar sin, ní bhfuil dá fhad agus fhuireochas tú air th'
ais uadha, nach móide a bhéas tú neamh-ullamh 'na
choinne.



Air an ádhbhar sin, croith agus teilg dhíot do
leisge agus do thruime go luath; óir, ní sochar
duit do bheith buaidheartha a bhfad, nó móran
aimsire do chaitheamh go mío-shuaimhneach, nó fuireach
air th'ais thú féin ó na neithibh diadha, as siocair gach
bacan nó gach toirmeasg a theagmhas dhuit go
laetheamhail.



Agus fós is mór a' díoghbháil na Comaoineacha
do chur a bhfad air cáirde; óir, is gnáth le sin
duine a tharraing a bhfaillighe agus a bhfionn-fhuachd
crábhaidh.



Faraor! atáid daoine fionn-fhuara, sgaoilteacha
ann, a chuireas an fhaoisidin air cáirde dá ndeoin,
agus iarraid na Comaoineacha do chur air ath-ló,
ionnas nach mbéadh sé d'fhiachaibh orra aire níos mó
agus níos coimheadaighe do bheith aca orra féin.



5. O! creud é laighead na carthannachda agus
grádh Dé, agus anbhfainne agus meathtachd an
chrábhaidh, atá aig an mhuinntir a leigeas na
Comaoineacha Naomhtha tarsda chomh uras agus sin?



Nach ar bheannuighthe agus nach ar thaitneamhach
le Dia, an té a bhíos chomh maith agus sin ann a
bheathaidh, agus a choimheadas a choinsias chomh glan,
air mhodh go mbéadh sé ullamh agus ró-fhonnmhar
gach én ló Comaoineacha do chaitheamh.



Má choingbheann én neoch é féin air uairibh ó
Chomaoineacha do ghabhail tré chuis éigin dhlisdeanaigh,
atá sé sin ionmholta.



Ach má's leisge atá gá chreapall, is cóir dó é
féin do mhúsgladh, agus a dhícheallt do dhéanamh, agus


L. 298


cuideochaidh Dia le n-a rún air son a dheagh-thola
air a ndearcann Sé go sonnradhach.



6. Ach, an tan a bhíos sé air n-a thoirmeasg go
dlisdeanach, is riachdnas dó deagh-thoil, agus intinn
dhúthrachdach a bheith aige do ghnáth Comaoineacha do
chaitheamh; agus mar sin ní theasduigheann toradh
na Sacramainte uadha.



Óir, is éidir le gach neoch deagh-rúnach Comaoineacha
do chaitheamh go sbioradálta an uile lá agus an
uile uair gan toirmeasg gan tiobadh, agus le
toradh mór do'n anamh.



Gidheadh atáid laethe agus aimseara áirighthe ann,
air a bhfuil d'fiachaibh air gach aon Corp a Shlanuigh-
theora do ghlacadh san t-Sacramaint, le grádh
agus le h-úirísleachd; agus sin, níos mó aige
moladh agus aig onórughadh Dé, nó aig iarraidh
sólais dó féin.



Óir do gheibh neoch Comaoineacha go sbioradálata,
agus oileamhain go seicréideach do-fhaicseana, gacha
mhionca a smaoinigheann sé air rúindiamhair
Ioncholnuighthe agus Pháise Chríosda, air mbeith dó
air dearg-lasair do ghrádh Íosa.



7. Ach an té nach n-ullmhuigheann é féin ach a
n-aimsir na féile uaisle, nó an tan is éigin dó
sin a dhéanamh do choimhlíonadh riaghail nó gnás na
h-Eaglaise, béidh sé go minic gan ullmhughadh.



Is beannuighthe an neoch a thoirbhreas é féin do Dhia
mar íodhbairt gach én uair a deir sé Aifreann nó a
chaitheas Comaoineacha.



Ná bí ró-fhadálach nó roi-dheifreach aige ceileabhradh
nó aige rádh an Aifrinn; ach congbhuigh modh agus
meodhan iomchubhaidh measardha réir ghnás choitcheannda
na muinntir aca a mbíonn do choinbhearsáid.


L. 299


Ná bí buaidheartha nó triobloideach aige cách
eile, ach lean an t-slighe choitcheannda réir órdughadh
na n-uachdrán, agus dearc níos mó air shochar na
muinntire eile, nó air do thoil agus air do dhúthrachd
crábhaidh féin.



An 11 caibidil.
A thaisbeanas amhail mar atá Sacramaint Chuirp
Chríosda, agus an Sgrioptuir Naomhtha rói-riachd-
nasach aig an anam chreidmheach.



1. Ó! A Thighearna Íosa rói-mhilis, creud é
milseachd an anma dhiadha atá ann do chuirm féin
air cóisir agad, an áit nach gcuirthear beatha air
bith eile le caitheamh chuige, ach Thú féin amháin is
én Chéile ionmhain dó, agus is in-iarrtha agus is
annsa leis nó miangasa eile a chroidhe go h-uile!



Agus go deimhin, ba sáimh-mhilis, taitneamhach
liom-sa deora do dhortadh ad' fhiadhnaise le lán
mhian mo chroidhe, agus do chosa a nighe leo, mar
aon le Maire Bheannuighe Mhagdalen. Ach cá háit
a bhfuil an crábhadh-sa?



C'áit a bhfuil dortadh líonmhar na naomh-dheor-sa?



Gan amhras, ba chóir do mo chroidhe do bheith air n-a
dhearg-lasadh, agus a' gul agus a' caoi le barr
luathghara ad' fhiadhnaise féin, agus a bhfiadhnaise
na n-aingeal beannuighthe.



Óir, atá Tú go dearbhtha 'do láthair agam anns
a' t-Sacramaint, cé gur a ngné eile atá Tú a
bhfolach, eadon, faoi ghné agus fhoirm arain agus
fíona.


L. 300


2. Óir, feuchain ort ann do shoillse agus ann do
dheallradh neamhdha féin, is nídh sin nach éidir le
mo shúilibh-se fhulang; agus níor bh'féidir leis a'
t-saoghal uile seasamh a láthair ruithneadh mhórdhachd
do ghlóire.



Mar sin, is a' géilleadh agus a' feuchain air mo
luige-se agus air m'anbhfainne annso, fholuigheas
Tú Thú féin faoi ghné na Sacramainte, eadhon, fá
ghné an aráin agus an fhíona.



Atá Sé agam go fírinneach, agus adhraim É, an
Té adhras na h-aingil air neamh; ach amháin adhraim-se
anois É le creideamh, ach adhraid na h-aingil É,
agus chí siad É ann a chruth agus ann a ghné féin,
gan sgáth, gan bhrat, gan fholach.



Ach is éigin damh-sa a bheith buidheach toilteanach le
soillse an chreidimh fhíre, agus siubhal ann, nó go
dtiocaidh lá na soillse síorraidhe, agus go rachaidh
sgáile na bhfíoghrach dorcha air gcúl.



Ach an tan a thiocfas an ní atá iomlán fíor-
ullamh, stadfaidh úsáid na Sácramaintidhe; óir,
ní bhíonn féidhm aig na Naoimh ghlórmhara atá air
neamh air leigheas air bith fhaghail ó na Sacramaintibh.



Óir, atá siad lán iolgháirdis, sólais, agus aoibhnis
gan chrích a bhfiadhnaise Dé, aige rinnfheitheamh agus
aige feuchain air a ghlóir agus air a dheallradh aghaidh
air aghaidh; agus air n-a mbeith dóibh air n-a
ndealbhughadh agus air n-a n-ath-chumadh ó shoillse
agus ó dheallradh go deallradh agus go soillse
do-fhaisnise gan chuimse na diadhachda, fromhaid
agus blaisid an Briathar Diadha air n-a ioncholnadh,
mar do bhí Sé ó thús agus mar bhéas go bráthach
na bruinne, gan chrích, gan fhoircheann.



3. Aige cuimhniughadh dhamh air na míorbhailíbh


L. 301


móra-sa, bíonn an uile shólas sbioradálta féin
trom tuirseach, gan blas gan taitneamh agam;
óir, an fad a bhíos mé gan mo Thighearna Dé fheiceal
go soilléir le mo shúilibh ann a ghlóir, ní bhíonn suim
nó meas air bith agam air én ní dá bhfeicim nó dá
gcluinim anns a' t-saoghal uile.



Is fiadhnaise Thú féin, a Dhia, nach éidir le ní air
bith sólas do chur orm, nó le créatuir air bith sásadh
nó suaimhneas do thabhairt damh, ach Thú Féin amháin
mo Dhia, agus go bhfuilim aige sanntughadh agus aig
iarraidh do bheith feitheamh agus aig amharc ort go
saoghal na saoghal.



Ach, ní h-éidir so do bheith amhlaidh mar sin, an
fad a bhíos mé ann mo cholainn sho-bhásuighthe air a'
t-saoghal-sa.



Air an ádhbhar sin, is cóir agus is oircheas damh
foighide mhór do bheith agam, agus umhlughadh dhuit
féin, a Dhia, ann m'uile thoil agus thaitneamh.



Óir, do naoimh féin, a Thighearna, atá anois aige
fleadhadh agus aig iolgháirdiughadh lán luathghara agus
aignidh mar aon leat féin ann do ríoghachda neamhdha,
an tan do bhí siad ann a mbeathaidh air a' t-saoghal
do bhí siad a' feitheamh agus a' fuireachas le
creideamh agus le foighide mhóir air theacht do
ghlóire féin dá n-ionnsuidhe.



Creidim-se gach ar chreid siad-san; agus atá
dúil agus dóchas agam-sa anns an ní ann a raibh
dúil agus dóchas aca-san; agus atá muinighin agam
a dhul 'san áit a ndeachadar-san, tré chongnamh
do ghrása féin.



Ach anois céimneochad agus siubhlochad air m'aghaidh
a gcreideamh dhaingean, air mo chomhfhurtachd
le easamplarachdaibh maithe na naomh.


L. 302


Beidh fós agam leabhair naomhtha mar chomhshólas
agus mar sgáthán agus riaghal dom' bheathaidh; agus
os cionn an iomláin, béidh do Chorp ró-naomhtha féin,
a Thighearna, mar leigheas aonar agus mar sgiath
dhídin agam.



4. Óir, anns a' mbeathaidh shaoghalta-sa tuigim
go bhfuil dhá ní rói-riachdnasach agam, agus dá
bhféagmhais go mbéadh mo bheatha amhgrach, do-iomchair,
do-fhulaing agam.



An fad a bhíos mé creapailte a bpríosun mo
chuirp féin, aidmhim go bhfuil dhá ní d'easbhaidh
orm, eadhon, oileamhain agus soillse.



Air an ádhbhar sin, do thug Tú dhamh-sa, atá lag,
anbhfann, easlán, do Chorp Naomhtha féin mar
oileamhain anma agus cuirp, agus do chuir Tú
do bhriathar féin mar choinneal agus mar lochrán
solais dom' chosaibh. (Pslm.118).



Gan iad so araon níor mhaith dob' éidir liom a
bheith beo; óir is é briathar Dé soillse m'anma,
agus is é do Shacramaint arán na beathadh.



Is éidir, mar an gceudna, dhá chlár do ghairm
dhíobh, air n-a suidhiughadh air gach taobh os comhair a
chéile a dtig stórais na h-Eaglaise.



Is clár aca an altóir naomhtha air a mbíonn
an t-Arán coisreactha, eadhon, Corp ró-uasal
Chríosda; an dara clár, eadhon, an dligheadh diadha
a chumhduigheas agus a chongbhas an teagasg naomhtha,
agus a mhúineas an creideamh naomhtha fíre dhúinn,
agus a sheolas agus a threoruigheas inn go dearbh-
tha asteach faoi an bhratach anns an áit a bhfuil
Naomh na Naomh a bhfolach.



Míle buidheachas duit féin, a Thighearna Íosa,
a Dheallraidh na Soillse síorraidhe, air son chláir


L. 303


an teagaisc naomhtha do thug Tú dhúinn tré mhinis-
trealachd do sheirbhiseacha, eadhon, na fáidhe, na
h-easbail, agus na dochtuiridhe beannuighthe
foghlamtha eile.



5. Buidheachas duit, a Chruthuightheoir agus a
Fhuasgaltóir chine daonna, do ullmhuigh agus do
dheasuigh an féasta mór-sa chum do ghrádh agus do
rói-shearc do thaisbeanadh do'n domhan uile; ann
a dtugais dúinn le n-a ithe, ní h-é an t-uan cásg,
fioghair an t-sean-reachda, ach do Chorp ró-naomhtha
féin idir Fhuil agus Fheoil; aige sásadh agus aig
iolgháirdiughadh na gCríosduighean uile; agus aige
tabhairt cailis na h-íocshláinte go fairsing dóibh
le h-ól, ann a bhfuil milseachd Phárrthais Neamha
uile; agus bíonn na h-aingil naomhtha bheannuighthe
aige fleadhadh agus aige fromhadh air aon chóisir
againn, ach níos sáimh-mhilse agus níos séanmhara nó
inne.



6. Ó, creud é méad agus onóir oifice na sagart,
dóibh ar dtugadh cumhachda Tighearna na Glóire do
naomh-choisreacadh le briatharaibh naomhtha; a mholadh
le n-a liobraibh, a chongbháil idir a lámhaibh, a ghabhail
ann a mbeul, agus a mhinistrealachd do'n phobal
uile!



Och! is fíor-ghlan is cóir do na lámhaibh agus do'n
bheul sin a bheith, corp agus croidhe an t-sagairt do
bheith naomhtha gan smúid gan smál, ann a dtéid
Úghdar na Glaine agus na Geanmnaidheachda asteach!



Ní dleachd én fhocal ach focal naomhtha, cneasda,
tairbheach, a theachd amach as beul an t-sagairt a
ghlacas Sacramaint Naomh-Chuirp Chríosda chomh
minic agus sin.



7. Is ceart do na súilibh a bheith simplidhe geanm-


L. 304


nuidhe a bhíos a' feitheamh do ghnáth air Chorp Chríosda;
agus do na lámhaibh a bheith glan agus sínte suas go
flaitheas Dé, a ghnáthuigheas Cruthuightheoir neimhe
agus talmhan do ghlacadh.



Is leis na sagairt go sonnradhach a deirthear
san dlighidh: "Bídhidh-se naomhtha, óir atáim-se, mur
dTighearna Dé, naomhtha." (Lebhit.c.19.20).



8. Ó, a Dhia Uile-chumhachdaigh! cuidigh linn le do
mhór-ghrása féin, ionnas go ndéanamaois-ne, do
ghabh oific na sagartachda orainn, do sheirbhis go
diongmhalta dúthrachdach le n-uile ghlaine agus
deagh-choinsias.



Agus muna h-éidir linn do bheith chomh neimh-
chionntach ann ár mbeathaidh agus is cóir dúinn,
deonuigh dhúinn go h-áirithe gul agus caoi do
dhéanamh air son na lochda do rinneamhar; agus do
sheirbhis do dhéanamh ó so amach níos dícheallaighe a
spiorad na h-umhlachda agus le rún fonnmhar na
deagh-thola.



An 12 caibidil.
A thaisbeanas amhail mar is dleachd do'n té, atá
triall Corp Chríosda do ghlacadh, é féin ullmhughadh
chuige le dícheall agus le aire ró-mhóir agus
fríochnamhaigh.



1. Is Mise Fear annsachda na fíor-ghlaine, agus
Bronntóir na h-uile naomhachda.



Iarraim an croidhe glan, agus is ann atá m'
adhbha, m'árus, agus m'ionad comhnuidhthe.



"Ullmhuigh 'mo choinne seomra óirnighthe lán-


L. 305


fháirsing, agus do dhéanfaidh Mé an Cháisg maille
riot, mar aon le mo dheisgiobail." (Marc.c.14).



Ma's mian leat Mise do theacht ad' ionnsuidhe,
agus comhnuidhe do dhéanamh agad, glan amach an
sean laibhin, agus nigh go glégheal adhbha do chroidhe.



Teilg agus croith dhíot an saoghal uile, agus an
uile thorman agus bhuaidhreadh na n-olc; agus suidh
mar ghealbhan uadha, uaigneach, a mullach an tighe,
agus smaoinigh air do chionnta a searbhadas th'
anma. (Pslm.110.8).



Óir, deasuigheann an uile ghrádhuightheoir an áit is
féarr, is glaine, agus is aoibhne a n-aircis a ghráidh
ionmhain; óir, is annso aithnighthear cean agus
fáilte an té a ghabhas a chéile ionmhain asteach chuige.



2. Ach, bíodh fios agad nach éidir leat thú féin
ullmhughadh diongmhalta go leor le luaigheachd do
dheigh-ghníomhartha féin; cé go mbéitheá bliadhain
iomlán gá dhéanamh, gan ní air bith ach sin amháin
ann th'intinn.



Ach gur tré mo mhaitheas agus tré mo mhór-ghrása
a dheonuighthear dhuit do theachd chum mo bhúird;
amhail mar bhochdan do gheobhadh cuireadh go féasta
dhuine shaidhbhir, agus gan én ní aige le díol air
son na fáilte sin, ach umhlachd mhór agus buidheachas.



Déana thusa oiread agus is éidir leat, agus
déana sin go dioghraiseach, dúthrachdach; ní tré
chleachdadh nó tré riachdnas, ach glac Corp do
Thighearna ionmhain, agus do Dhia a dheonuigh a
theachd air cuairt chugad, maille le eagla, onóir,
agus grádh.



Is Mise an Té do thug cuireadh dhuit; is Mé
d'aithin agus d'órduigh sin a dhéanamh; coimhlíonfad


L. 306


féin gach easbhaidh dá bhfuil ort; bí teachd mar sin,
agus glac chugad féin Mé.



3. An tráth do bheirim grása na caondúthrachda
agus an chrábhaidh dhuit, tabhair buidheachas do Dhia,
ní air son thú féin do bheith ad' airidhe dhiongmhalta,
ach air son go ndearna Mise trócaire ort.



Agus muna bhfuil crábhadh go leor agad, agus
go mothuigheann tú thú féin ró-thirim, gnáthuigh
agus cleachd an urnuighe, guil agus buail th'uchd,
agus na sguir agus na stad nó go mbadh fiú thú én
sprúille nó én bhraon amháin do ghrása na trócaire
agus na sláinte fhaghail.



Atá féidhm agad-sa orm-sa, agus ní bhfuil
féidhm agam-sa ort-sa.



Ní do mo naomhughadh-sa a thig tusa, ach tigim-se
gad' naomhughadh-sa, agus gad' leasughadh.



Thig tusa gad' naomhughadh féin, agus gad' cheangal
liom-sa, ionnas go bhfaghthá grása nuadh, agus nuadh-
lasadh, a sláinte agus a bhfeabhas.



Ná déana amail fá na grása-sa; ach ullmhuigh
go ró-dhícheallach do chroidhe, agus tabhair do ghrádh
agus th'annsachd asteach chugad.



4. Agus ní h-é amháin gur cóir duit thú féin
ullmhughadh chumh crábhaidh roimhe Comaoineacha, ach
fós is ceart duit ró-aire do bheith agad ort féin
tar éis Comaoineach do chaitheamh.



Agus ní lugha an coimhead a dhlighthear ann a
dhiaidh nó an t-ullmhughadh do bhí roimhe; óir, 'sé
an coimhead maith 'na dhiaidh an t-ullmhughadh is
féarr chum grása níos mó fhághail arís.



Óir, ma thugann neoch é féin gan mhoill go ró-
mhór do shólasaibh nó d'ainmhiantaibh saoghalta arís,


L. 307


as sin teagmhann dó é féin do mhilleadh agus do
bheith neamh-ullmhuighthe mar do bhí roimhe.



Seachain thú féin air mhóran cainnte, agus fan
aig do Dhia aige binn-chomhradh leis go h-uaigneach;
óir, atá agad an Té nach dtig leis an domhan uile
a thabhairt uaid.



Is Mise an Té darab cóir duit thú féin do
thabhairt go h-uile; air mhodh ó so amach go mbadh
éidir leat a bheith beo ann do bheathaidh, ní ionnad
féin ach ionnam-sa, gan chúram, gan bhuaidhreadh,
gan triobloid.



An 13 caibidil.
Amhail mar is dual do'n anam dhiadha é féin a
cheangal, ó n-a chroidhe go h-iomlan, le Críosda
san t-Sacramaint.



1. A Thighearna, cia do bhéarfaidh dhamh go bhfaghainn
Thú leat féin, agus go n-osglainn mo chroidhe
go h-uile dhuit, agus go sealbhochainn Thú mar is
loinn agus mar is mian le m'anam; agus nach
dtarcuisnigheadh én neoch anois mé, agus nach
mbéinn air mo ghluaiseachd le én neoch, nó suim nó
meas aige créatúir air bith orm; ach go labharthá
Thú féin ad' aonar liom, agus mise leat-sa,
amhail mar is gnáth leis an ghrádhuightheoir labhairt
le n-a ghrádh, nó leis an charaid do bheith aige fleadhadh
agus aige comhluadar le n-a charaid eile?



'Sé so mo ghuidhe, 'sé so m'iarraidh, eadhon, mé
do bheith coimh-cheangailte leat féin go h-iomlán,


L. 308


agus mo chroidhe do bheith sgartha ó'n uile ní
cruthuighte faoi neamh anuas; ionnas go bhfoghlu-
mainn trés an Naomh Chomaoin, agus tré ghnáth-
cheileabhradh an Aifrinn, blas níos féarr agus
níos milse do bheith agam air na neithibh neamhdha
agus síorraidhe.



Och! a Thighearna Dé, cathain a bhéas mé air mo
cheangal leat féin, agus air mo shúghadh agus air
mo dhortadh go h-iomlán ionnad, agus dearmad do
dhéanamh dhíom féin air fad?



Deonuigh, a Thighearna, inn araon do bheith air
a'n iúl, Thusa agam-sa, agus mise agad-sa.



2. Go fírinneach, is Tú m'én Ghrádh, toghtha as
mhíltibh, agus is agad is mian le m'anam comhnuidhe
do dhéanamh, go feadh ré, réimheas, agus laethe a
bheathadh uile. (Cant.c.5.10).



Is Tú mo cheannsachd, go fírinneach, agus is agad
féin atá iomlán na síothchainte agus an suaimhneas
fíre; agus ní bhfuil ach dochar, dólas, agus amhgar
gan chuimse ann gach én ní ad' fhéagmhais.



Is Dia foluighteach do-fhaicseana Thú, go dearbhtha,
ní bhfuil do chomhairle aig na droch-dhaoine; ach is aig
na h-úiríslibh, agus aig na drongaibh simplidhe a bhíos
do chomhradh. (Isais.c.45.15. Prov.c.3.32).



Och! a Thighearna, creud é milseachd do sbioraide
agus chum do mhilseachd do thaisbeanadh dod' chloinn,
deonuigheann Tú a sásadh leis an arán rói-mhilis
a thuirlingeas anuas ó Neamh!



Go deimhin, ní bhfuil náisiún air bith eile chomh
mór, agus go mbí a nDia chomh fogus dóibh agus atá
ár nDia féin aig na creidmheacha uile. (Deut.
c.4.7); dóibh a dtugann Tú Thú féin le h-ithe


L. 309


agus le sealbhughadh mar shólas laetheamhail, chum a
gcroidhe do thógbhail suas go flaitheamhnas Dé.



3. Óir, cia an aicme nó an náisiún eile, air
dhruim na talmhan, atá chomh uasal oirdheirc leis
an phobal Chríosdaidhe?



Nó cia an créatúir faoi neamh anuas is annsa
le Dia, nó an t-anam diadha deagh-rúnach, chuige a
dtig an fír-Dhia asteach, agus dó a dtugann Sé
a Chorp glórmhar féin mar oileamhain?



Ó, a ghrása do-innse! Ó aonta áidhbheil!



Ó an grádh gan chrích gan chuimse do tugadh go
sonnradhach do'n duine!



Ach creud a bhéarfas mé do'n Tighearna air son
na ngrása agus na móir sheirce-se?



Ní bhfuil an dadamh le tabhairt agam níos tait-
neamhaighe, nó mo chroidhe a thabhairt do Dhia go
h-iomlán, agus a cheangal go daingean leis.



Annsin béidh loinn agus luathghair air m'ionchuibh
agus air mo bhaill uile astigh ionnam an tan a
bhéas m'anam coimh-cheangailte le Dia.



Déarfaidh Sé liom an uair sin: "Má's mian
leat-sa do bheith agam-sa, is áil liom-sa do bheith
agad-sa." Agus freigeorad-sa dhó, aige rádh;
"A Thighearna, deonuigh Thusa fuireach agam-sa;
óir, is ró-fhonnmhar liom-sa do bheith agad-sa."



'Sé so mo lán toil, eadhon, mo chroidhe do bheith
greamuighthe dhíot go síorraidhe suthain.


L. 310


An 14 caibidil.
A labhras air an fhonn lasamhail agus air a'
chíocras a bhíos air phearsaibh áirighthe diadha chum
Corp Chríosda do ghlacadh.



1. Ó! a Thighearna, creud é iomadamhlachd na
milseachda atá a bhfolach agad do'n mhuinntir orra
a bhfuil eagal romhad! (Pslm.30.20).



An tráth chuimhnighim air phearsaibh áirighthe diadha,
a thig chum do Shacramainte le móran crábhaidh agus
bruithne gráidh, gabhaim náire agus faitchios go
minic, as siocair mé féin a theachd go comhfhuar air
bheagan crábhaidh, do chaitheamh Sacramaint Naomhtha
na h-altóra; air son mé féin do bheith tirim, agus
a n-easbhaidh seirce, agus síor-ghráidh croidhe; agus
nach mbím air dearg-lasadh ad' fhiadhnaise féin,
mo Dhia; nó air mo tharraing chomh dian, díbhirceach,
grádhach, mar do bhí móran do dhaoinibh cráibhtheacha,
leo nach dtainic iad féin a chongbhal ó ghul agus ó
chaoi ó mhéid na sainnte agus an ghráidh croidhe do
bhí aca air na Comaoineacha, ach le beul a gcroidhe
agus a gcuirp mar an gceudna, go rabhadar ó
íochdar a gcléibh agus a gcroidhe a' tóraidheachd ort
féin, a Dhia, a Thiobroid fíor-uisge na beathadh, gan
cumas nó cumhachda aca a n-ocras a chosg nó shásadh
ach le gabhail do Naomh-Chuirp féin le n-uile
mhilseachd agus mhian sbioradálta.



2. Ó! is fíor-lasta an creideamh do bhí aca, agus
comhartha dearbhtha do Phearsa naomhtha féin do bheith
a láthair aca!


L. 311


Óir, dob aithne dhóibh a dTighearna go fírinneach
aige briseadh an arain. (Luc.c.24.32). Do bhí
a gcroidhe air lasadh go beodha ionnta, air mbeith
do Íosa a' siubhal leo.



Och, fáraor! is fada uaim-se go minic a bhíos a
léithid sin do ghrádh agus do chrábhadh, nó grádh chomh
geur, chomh loisteach, agus chomh bruithneach leis.



O! Íosa ró-mhaith, rói-mhilis, agus rói-mhín, déana
trócaire orm; agus deonuigh dod' bhochdan féin ní
éigin dod' ghrádh a mhothughadh air uairibh ann a chroidhe
aig caitheamh Comaoineacha Naomhtha, ionnas go
mbéadh mo chreideamh níos folláine agus níos
daingne, mo dhúil as do mhaitheas níos mó, agus
air mbeith do'n charthannachd én uair amháin air
lán-lasadh, tar éis an Manna neamhdha da ghabhail,
nar théid sé a luige nó ar gcúl go bráthach!



3. Agus fós, is cumhachdach do thrócaire na
grása atáim aig iarraidh do thabhairt damh, agus, a
sbiorad a' ghráidh, a theachd air cuairt chugam go ró-
thrócaireach an tan is toil leat féin, a Thighearna.



Agus cé nach bhfuilim anois air dearg-lasadh le
oiread gráidh agus atá aig an mhuinntir do bheir
iad féin suas air fad do'n chrábhadh, gidheadh, tré do
ghrása féin iarraim agus sanntuighim an lasair
cheudna gráidh do bheith agam; aig eadarghuidhe agus
aig iarraidh mé féin do bheith rann-pháirteach le do
luchd gráidh agus annsachda uile, agus do bheith air
m'áireamh ann a n-uimhir agus ann a naomh-
chuideachda.


L. 312


An 15 caibidil.
A fhoillsigheas gur leis an umhlachd agus le
diúltadh duine dhó féin do gheibhthear grás na
caondúthrachda agus an chrábhaidh.



1. Is cóir duit grása na caonduthrachda agus
an chrábhaidh iarraidh go dícheallach agus a lorgair-
eachd go sanntach, agus a bheith feitheamh agus a'
fuireachas le na grása sin maille le foighide agus
le muinighin, agus a ghabhail chugad le buidheachas,
agus a choimhead le h-umhlachd, agus comh-oibriughadh
leis go díbhirceach, fuireachair, fríochnamhach, agus
aimsir agus modh na cuarta neamhdha sin a thaobhadh
agus fhágail aige Dia féin nó gur toil leis féin a
theachd ad' ionnsuidhe.



Is cóir dhuit thú féin úirísliughadh, agus go
speisialta an tan nach mothuigheann tú an dadamh,
nó ach fír-bheagan crábhaidh go h-inmheadhonach ionnad
féin; gidheadh, ná gabh an iomad tuirse, agus ná
claoidhtear thú go ró-mhór uime sin.



Óir, do bheir Dia uadha go minic, a n-én mhoimeinte
amháin, an ní do dhiúlt Sé le h-aimsir imchian, fhada.



Agus air uairibh, do bheir Sé uadha a ndeireadh
na h-urnuighe an ní do chuir Sé air cáirde a tosach.



2. Dá mbéadh na grása air fághail gan mhoill a
gcómhnuidhe, agus a láthair aig ár láimh réir ár dtola
againn, níor mhaith dob éidir le h-anbhfainne an
duine sin iomchar.



Mar sin, is cóir fuireach le grasa na caondúth-
rachda agus an chrábaidh le dúil agus le dóchas
maith, agus le foighide umhal, úiríseal.


L. 313


Agus fós, bíodh aithbhear agus áirimeal agad air
do pheacaidh féin, an tan nach dtugthar na grása
dhuit, nó do thógthar uaid í go níosd nó os íseal.



Óir, air uairibh is beag an chúis a thoirmeasgas
agus fholuigheas na grása uainn; ach ní cúis bheag
ach cúis mhór is cóir a ghairm do'n ní a chuireas an
oiread sin do mhaith ar gcúl uainn.



Gidheadh, má dhíbreann tú an chúis sin féin uaid,
beag nó mór í, agus a claoi go h-iomlán, béidh
an ní, do bhí tú dh'iarraidh, agad.



3. Óir, chomh luath agus bhéarfas tú thú-féin suas
do Dhia le h-iomláine do chroidhe, gan sud nó so iarr-
aidh chum do thola féin do shásadh, ach do chúram uile a
chur air a láimh féin, do gheobhair thú féin socair,
suaimhneach, agus coimh-cheangailte leis; óir cha
bhíonn én ní chomh blasta taitneamhach agad le deigh-
riar agus coimhlíonadh tola Dé.



Uime sin, gach én neoch a thógfas a rún agus intinn
suas air Dhia le croidhe simplidhe díreach, agus do
dhíbeoras an uile ghrádh nó fuath ain-mheasartha air
neithibh saoghalta uadha, béidh sé abaidh, oireamhnach,
rói-dhiongmhalta air ghrásaibh agus air tiodlaicthibh
an chrábhaidh do ghlacadh.



Óir, do bheir an Tighearna a bheannachd uadha anns
an áit ann a bhfaghann Se na soighthe ghlana fholmha.



Agus ní bhfuil dá mhéid nó dá fheabhas a dhiúltas
neoch do na neithibh saoghalta, agus do dhéanas é
féin a mhoirtniughadh agus a smachdughadh le
dispreagadh agus le tarcuisne air féin, nach luaithe
agus nach móide a thiocfas na grása chuige, air n-a
ndortadh níos líonmhaire ann, agus aige tabhairt
sócail agus saoirse níos féarr agus níos airde
do'n chroidhe.


L. 314


4. Annsin, do chífidh sé iomad saidhbhris aige féin,
agus beidh iongantas air uime, agus béidh a chroidhe
ann féin astigh air n-a fhairsniughadh agus air n-osgladh
le luathghair agus le sólas; óir, atá lámh an
Tighearna leis, agus do chuir seisean é féin air fad
air a láimh-sean go bráthach.



Feuch! is mar so a bheannuighthear an neoch a
iarras Dia ó n-a chroidhe uile, agus ní go díomhaoin
do ghabh sé anam chuige.



An té-se aige gabhail an Chuirp Naomhtha fá n-a
bhroinn, tuillfidh sé grása an uim-cheangail dhiadha
fhághail dó féin go mór, do bhrígh nach air a chrábhadh
nó air a shólas féin a dhearcann sé, ach air ghlóir
agus air onóir Dé os cionn an uile chrábhadh agus
chomhshólas.



An 16 caibidil.
Amhail mar is dleachd ár riachdnas a nochdadh do
Chríosda, agus a ghrása d'iarraidh dhúinn féin.



1. O! a Thighearna ró-mhilis agus ró-ghrádhaigh,
anois is é mo mhian do ghabhail chugam le crábhadh
agus caondúthrachd, is fios duit féin mo luige,
mo easláinte, agus an riachdnas atá orm; is
fios duit méad na n-olc, agus na lochd ionnta a
bhfuilim 'mo luighe, is fios duit cá mhionca a bhím
air mo thruailleadh le trom-ualach cathuighthe,
triobloide, agus peacaidh.



Air an ádhbhar sin, tigim fad' dhéin féin aig
iarraidh leighis, agus sírim agus iarraim furtachd
agus fuarughadh ort mar athchuinge.


L. 315


Is leis an Té darab fios na h-uile ní a labhraim,
aige a bhfuil faisneis air uile rún mo chroidhe ann
mo chliabh astigh, agus leis amháin a dtig comhshólas
agus cuideamh iomlán do thabhairt damh.



Is fios duit féin creud na neithe maithe is mó
atá d'easbhaidh orm, agus chomh bochd, gann, atáim
anns na subhailcibh.



2. Dearc orm, 'mo sheasamh ann do láthair, 'mo
bhochdan lomnochduighthe aig iarraidh grás agus
trócaire ort.



Sásuigh do bhochdan ocrach féin; dearg-las m'
fuachd nó m'fhuardhacht le teine do ghráidh; soillsigh
mo dhaille le dealradh do ghnúise.



Iompuigh an uile ní talmhaidhe a searbhadas damh;
an uile ní doghrainneach agus trasna contrárdha
a bhfoighide, agus an uile ní saoghalta agus cruthuighthe
a ndí-mheas agus a ndearmad.



Tóg suas mo chroidhe chugad féin air neamh, agus
ná leig air sheachran a' t-saoghail níos fuide mé.



Is Tú féin amháin is milseachd damh ó so amach go
bráthach; óir is Tú amháin is biadh agus deoch dhamh;
is Tú m'annsachd, m'shólas, mo mhilseachd agus m'
uile mhaith.



3. Dob fhéarr liom go mbéinn ann do láthair
féin, air mo lasadh, air mo théigheadh, agus air mo
thiompodh ionnad féin air fad, a Thighearna, ionnas
go mbéinn 'm' aon sbiorad leat féin tré choimh-
cheangal inmheadhonach na ngrás, agus tré leaghadh
agus losgadh ad' dhearg-ghrádh!



A Thighearna ná fuiling damh imtheacht uaid go
h-ocrach, tirim, tartach; ach oibrigh liom go
trócaireach mar do rinnis go míorbhaileach minic ré
do naomhaibh.


L. 316


Creud an t-iongnadh dá mbéinn air lán lasadh
uile leat-sa, agus air mo bhásughadh agus air mo
dhul air neimhnidh ionnam féin; óir is Teine Thú
féin do bhíos lasda a gcomhnuidhe agus nach dtéid
ar gcúl nó as a choidhche; agus is Tú an Grádh a
ghlanas an croidhe agus a dheallruigheas an tuigse.



An 17 caibidil.
Do'n teasghrádh agus do'n fhonn lasamhail do
bhíos aige neoch a' gabhail Chríosda.



1. A Thighearna, 'sé mo mhian do ghlacadh le n-iomad
dúthrachda, agus dearg-ghráidh, le an uile rúnbháidh
agus teasghoil croidhe, amhail mar shanntuighdear
móran do naomhaibh agus phearsaibh diadha do
ghlacadh aige caitheamh Comaoineach, noch do ró-
thaitin leat féin tré naomhthachd a mbeathadh agus
rói-theasghoil crábhaidh.



Ó! a Dhia, a Ghráid shíorraidhe, m'uile Mhaith, agus
Shonas bhuan-bheo gan chrích, atá ró-fhonn orm do
ghlacadh leis an toil is lasamhla, agus leis an
oirmhinne agus leis an mheas is diongmháltha dá raibh
aige, nó dár mhothuigh én neoch do na naoimh ariamh.



2. Agus cé nach fiú mise na bruithtigh nó na
bíodhgaidh sin uile an chrábhaidh do mhothughadh nó do
bheith agam; gidheadh, ofráilim dhuit uile rúnbháidh
mo chroidhe, air an modh cheudna agus do dhéanfainn
dá mbéadh na mianta agus na foinn thaitneamhacha
lasamhla sin uile agam féin amháin.


L. 317


Agus fós, an uile ní dárbh fhéidir le h-intinn
dhiadha do thuigbheal nó do shanntughadh, do bheirim,
agus toirbhrim iad so uile duit féin le rói-mheas,
agus le ró-ghrádh mo chroidhe.



Ní bhfuilim aig iarraidh én ní do chongbhal agam
féin; ach, mé féin agus gach én ní dá bhfuil agam
do thabhairt dhuit-se mar ofráil agus mar íodhbairt
go ró-umhal, ró-thoilteanach.



Ó! a Thighearna mo Dhia! mo Chruthuightheoir, agus
mo Shlánuightheoir! Is toil liom-sa do ghlacadh
indiu le samhail an ghráidh, na h-umhlachda, an mholta
agus na h-onóra; le macasamhail an bhuidheachais,
an altuighthe, na diongmhaltachda, agus na báidhe;
le léitheid an chreidimh, an dóchais, agus na glaine
do bhí aig do Mhathair rói-bheannuighthe, an Óigh
ghlórmhar Muire, gad' iarraidh-se agus gad' ghabhail
an tan do fhreagair sí go h-umhal cráibhtheach do'n
aingeal Gabrial do bhí aige soisgeuladh rúindiamhair
an Ioncholnuighthe dhí, eadhon, "Feuch innilt nó
ban-óglach an Tighearna, go dteagmhaidh réir do
bhreithir damh-sa." (Luc.c.1.bh.38).



3. Agus Eoin Baiste, an neoch dob' fhéarr do
na naoimh, agus do réamh-theachtaire naomhtha féin,
mar do léim sé ann do láthair féin, lán do luathghair
agus do gháirdeachas an Spiorad Naomh, agus é go
fóill a mbroinn a mhathara; agus arís aige
feicsin Íosa a' siubhal ameasg na ndaoine, do ráidh
sé le móran umhlachda agus crábhaidh: "Caraid
an fhirchéile nó an fhir nuadh-phosda a sheasas agus
éisteas leis, gabhann luathghair agus aigneadh é
aig éisteachd le n-a ghuth." (Eoin.c.3.29); is
amhlaidh, mar an gceudna, is mian liom-sa do bheith


L. 318


air dearg-lasadh le miangasaibh móra naomhtha,
agus mé féin do thoirbhirt duit ó mo chroidhe uile.



Air an ádhbhar sin, ofráilim agus do bheirim dhuit
luathghair agus lán-aigneadh na n-uile chroidhe dhúth-
rachdach dheagh-rúnach, a rúnbhadha lasamhla láin-
bheodha, a sár-subhachais na meanmna, a n-áird-
dheallradha diadha, agus a n-aislingeacha faistineacha
fír-neamhdha, mar aon le an uile shubhailce agus
mholadh dár ceileabhradh nó dá gceileabhrfar le'n
uile chréatuir air neamh nó air talamh; ofráilim
iad so uile air mo shon féin, agus air son an uile
do taobhadh liom ann m'urnuighe, ionnas go
mbéitheá gá do mholadh agus gá do ghlórughadh go
síorraidhe leo uile.



4. A Thighearna Dé, glac mo rún-mhóide uaim,
agus an deagh-thoil fhonnmhar atá agam chum do mholta
gan chrích, agus do bheannughadh gan chuimse, noch
do dhlighthear duit ó cheart do réir líonmhaireachd
do-fhaisnise do mhórdhachda.



'So na neithe do bheirim dhuit, agus is áil liom do
thabhairt dhuit gach én ló, agus gach én mhomainte
do mo ré; agus do bheirim cuireadh, agus guidhim go
dúthrachdach an uile sbiorad neamhdha, agus an uile
chreidmheach díleas a theachd a chuideamh liom glóir
agus moladh agus buidheachas a thabhairt dhuit.



5. Go dtugaid an uile phobal, an uile threibh,
agus an uile theanga glóir agus moladh dhuit, agus
go dtugaid méadughadh glóire dod' Ainm naomhtha
rói-mhilis, le h-árd-aigneadh, agus teasghoil
crábhaidh!



Agus gach neoch do dhéanas do Shacramaint ró-
oirdheirc do cheileabhradh, nó ghlacas í go h-umhal
cráibhtheach le lán-chreideamh, go dtuillid grása


L. 319


agus trócaire fhághail uaid, agus go nguidhid go
h-úiríseal air mo shon-sa, an peacach bocht!



Agus air bhfághail dóibh do'n chrábhadh, agus aig
sealbhughadh an choimh-cheangail dhiadha dóibh, agus
aige filleadh dóibh ó d'féasda neamhdha coisreactha
féin, ró-shásda, agus ró-shubhach leis an oileamhain
iongantaigh sin, go mbadh fiú leo cuimhniughadh
orm-sa atá 'mo bhochdan.



An 18 caibidil.
Amhail mar nach dleachd do neoch a bheith 'na
sgrúduightheoir ró-chúirealta air an t-Sacramaint-
se, ach a bheith 'na lorgaire úiríseal air Chríosda,
aig umhlughadh a thuigse do'n chreideamh naomhtha
choisreactha.



1. Tabhair dod' aire fá rói-mhion-sgrúdughadh
cúirealta, neamh-thairbheach do dhéanamh air an
t-Sacramaint ró-dhuibheaganach-sa, muna mian leat
do bháthadh a nduibhneachd agus a n-aigean an amhrais
agus an mhí-chreidimh.



An té a bhíos 'na sgrúduightheoir ró-chúirealta
air an mhórdhachd dhiadha, béidh sé air n-a dhalladh le
n-a ghlóir. (Prov.c.25).



Óir, is mó is éidir le Dia a dhéanamh nó thig leis
a' duine do thuigsin.



Gidheadh, atá lorgoireachd chráibhtheach úiríseal
air an fhírinne ceaduighthe dlisteanach, a bhíos a
gcomhnuidhe ullamh teagasc agus eolas do ghabhail,
agus siubhal go staidearach air chasanaibh folláine
na n-Aithreach naomhtha.


L. 320


2. Is beannuighthe an t-simplidheachd a sheachnas
slígheacha garbha na díosporachda agus na gceisteann
cruaidhe, agus a shiubhlas air bhealach réidh dhearbhtha
na n-aitheanta diadha.



Is mór an líon a chailleas an crábhadh aige geur-
sgrúdughadh, agus aige lorgoireachd na n-árd-
cheisteann.



Creideamh, agus beatha chneasta, ionnraic, iarrthar
ort; agus ní duibhneachd na tuigse, nó duibheagan
ruindiamhra Dé.



Muna dtuigir agus muna h-eolach dhuit na
neithe atá air a' talamh fúd, cionnas a thuigfeas
tú na neithe atá ró-árd ós cionn do thuigse?



Claon síos do Dhia, agus cuir do chéadfadh faoi
umhlachd do'n chreideamh, agus do gheobhair soillse
agus eolas na h-eagna, an méid is tairbheach agus
is riachdnach dhuit.



3. Atáid daoine ann orra a gcuirthear trom-
chathuighthe do thaobh an chreidimh agus na Sacramainte;
ach ní orra féin is cóir áirimeal do bheith, ach air an
námhaid aingidhe, eadhon, an t-aidhbheirseoir.



Ná bí-se buaidheartha, agus ná bí a' díosporachd
le do smaointighthe féin, agus ná tabhair freagra
air na h-amhrasaibh nó air na baramhlacha a thig ó'n
aidhbheirseoir; ach creid do bhriatharaibh Dé, creid
d'a naomhaibh agus d'a fháidhibh, agus teithfidh an námhaid
aingidhe uaid.



Is minic is tairbheach do sheirbhiseach Dé na neithe-
se fhulang.



Óir, ni chuireann an deamhan cathuighthe air na
dí-chreidmheacha, nó air na peacachaibh atá cheana
ceangailte air slabhradh ann a sheilbh; ach cuireann
sé cathuighthe agus buaidhreadh air na fíréin, agus
air luchd crábhaidh air mhodhaibh iomdha eugsamhla.


L. 321


4. Mar sin, siubhail air th'aghaidh le creideamh
dearbhtha, simplidhe, neamh-urchoideach, agus tar fá
dhéin na Sácramainte le h-oirmhinneachd, meas,
agus umhlachd, agus an ní nach éidir leat do
thuigbheal, taobh go díleas dearbhtha le Dia uile-
chumhachdach é.



Ní mheallann Dia thú; ach mealltar an té do
chreideas go ró-mhór ann féin.



Siubhlann Dia leis na daoine simplidhe, agus
foillsigheann É féin do na h-úiríslibh; do bheir
Sé tuigse do na leanbaibh, fosglann doras na
h-eagna agus na tuigse do na meanmna fíor-
ghlana, agus ceileann Sé na grása air na drongaibh
cúirealta uaibhreacha.



Atá an chiall dhaonna anbhfann agus is éidir a
mealladh; ach atá an creideamh dearbhtha, agus ní
h-éidir a mhealladh.



5. An uile réasun agus lorgoireacht nádurtha,
is dleachd dóibh an creideamh do leanmhain, agus
gan a dhul roimhe, nó a bhriseadh nó a lagughadh.



Óir, is é an creideamh agus an grádh is uaisle
agus is oirdhirce go mór annsin, agus oibrigheann
siad air mhodhaibh diamhara, dorcha, anns a' t-Sacra-
maint-se atá ró-naomhtha, ró-oirdheirc.



Dia, atá síorraidhe agus do-chuimse, agus uile-
chumhachdach gan chrích, do nidh Sé neithe móra do-
fhaisnise air neamh agus air talamh, agus ní h-éidir
a ghníomhartha iongantacha do mhion-sgrúdughadh nó
do rannsughadh.



Óir, dá mbéadh oibreacha Dé amhlaidh go m'éidir
a ngabhail go réidh leis an réasun dhaonna, ní ghoir-
fidhe oibreacha iongantacha, doi-innse, do-fhaisnise
dhíobh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services