Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh
Title
Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh
Author(s)
Mac Carrthaigh, Eoghan an Mhéirín,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1756
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Sin óigbhean shultmhar gan fuithin gan scáth ón síon Acht órfhult chluthardha ag tuitim go bárr a troighe Do sheólfainn chugaibh le duine glan grádhmhar grinn Chum Eógain, cuisle dfhuil bhuirb na gCárrthach aoird. Fear fóghanta a fuirinn do fuineadh den Tál-fhuil ghroidhe Fear cródha cumasach curata cráibhtheach caoin Fear eólgach cliste chum muilinn do tháthadh ar linn Is a shórt mar thuigim níor cumadh i dtábhairne dighe. A Eoghain, a chumainn, a chuisle na sáir-fhear síoch - Na leógain chuthaigh ó chiumhsaibh na mbán-tsruth mín Do mheóir ba bhinne chum seinm go sámh ar phíb 'Ná ceól na cruinne is a dtiomargadh láithreach baill.
An Ceangal: A shoilbhfir mhir chumasaigh do chonnluigheas ciall is do chuireas muilte mine ag rith ar shrúillíbh dian Dar muige dhuit ba gile liom tu 'om ionnsaidhe aniar 'Ná a bhfuilid sin ar chine Scuit i ndúthaí Bhriain.
NA HAMHRÁIN. 1. A chomplacht ghlan chaomh-chrothach chaoin. Moladh abhann Laoi. A chomplacht ghlan chaomh-chrothach chaoin Do chaol-chois na Tuít dothug bárr Bhur ndúthracht ag géar-mholadh Laoi Ba saothar don íntleacht is feárr - An lúb-shrothach ghlé-chriostail mhín Is féile ar bith fíor-uisce cáil Nur thúirling gach séan le n-a taoibh Do b'éidir sa tír Neimhe dfhagháil. Is cubhartha 's is craobh-thorthach bhíos Gach gaorthadh 'n-a timcheall ag fás Fá ubhla fá chaortha fá fhíon Ag claonadh go híochtar a trágha Is glionndar na n-éanlaith go binn Le séis mhiochair aoibhinn 'n-a mbárr Dobheir súgach lucht créacht agus caoidhe Le héigean a ndíograis don gháir. Is flúirseach fá aol-chlocha a fuinn Is is gréagach a luibhneach fá bhláth Mar lúbh-ghoirt Hesperia dobhíodh Dá chaomhnadh le draoidheacht ar feadh spás Ba súl-ghlas a béithe gan teimheal Is a laochradh ba míleata tásc - Ar chúirtibh na gCaesar fó thrí Ní thréigfinn a haoibhneas go brách.
Le hiomdhacht a héigne de shíor Is a méith-bhric gan slighe aca chun snáimh Ag brúchtaigh 'n-a slaodaibh i dtír Mar fhaesiomh ón linn ar an mbán Is dubhach liom a réim is a cíos 'N-a stéigibh dá straoilleadh idir chách Is a prionnsa in Alténa 'n-a luighe Nár thréig creideamh Chríost ar éstát. 2. A bhuadh na bhfile is a chriostail. Don Athair Pádraig Ó hIarfhlaithe, an chéad uair a bhuail Eoghan uime: A bhuadh na bhfile is a chriostail lucht siubhail sráide Bog uasal urramach tuigseanach ciúin páirteach, Gídh muar do ghoirm le clisteacht ós cionn dáimhe Fá chuan do choimirce an misde don trú atá ag dul? Freagra freastail an Athar Pádraig air sin: A shuairc-fhir bhuirb do chuireadh let bhúidh-ráidhtibh Cluain ar bhroingealaibh ghuirm-ruisc chiúmhais-náirigh Má's cuan chum coimirc leat druidim le bonn-stráille Do bhuachaill mise - fá'n gcruinne do dhúbh-shlán cuir.
3. A Dhragain chuthaigh chalma. Séamus de Barra cct chum Eoghan an Mhéirín A dhragain chuthaigh chalma den Chárrth-fhuil úir Is blasta binne labhras i ráidhtibh ciúin Atá scata broingeal balsam-ghuib is áilne gnúis Dár fada liom go dtagrair do dhán 'n-a gcúis. Ist ló nuair chím gach brídeach cheannsa shéimh I gcló is i ngnaoi do chríochnuigh fann gach tréan A leóghain nách tím doní gach rann gan bhéim Treóruigh sinn chum scríobh ar ghreann gach n-aon. 4. Ag machtnamh bhíos im leaba araoir. Ag machtnamh bhíos im leaba araoir leath-uair roimh lá Ar bhearta claoine an mheabhall-tsaoigail uallaigh ghnáis Mar glanadh príomh-scoth Chlanna Míleadh uainn tar sáil Is a sealbh críoch mar fhearann cloidhimh gur bhuaidh a námhaid. Admuighim gur ghlacas bíodhgadh buairt is cás Is gur lasmhar linn óm dhearca síos le guais ag tál Tré anacraíbh gach dragain dfhíor-fhuil uasail Táil Ba neartmhar fíoch ar lannaibh líomtha ag tuargain námhad. Trém shearbh-chaoidh do dhearcas ríogan shnuadh-gheal bhreágh Ag teacht lem thaoibh go maiseach míonla muardha mnámhail Is leanbaidhe do bheannuigh sí gér buartha a stáir 'N-a taistealaidhe cé fada bhí 'n-a cuan ag dáimh.
5. Ag taisteal a bhíos trí Mhaoil na hÓine. Ar bhás Bhetty Tonson, .i. bainchéile Uí Dhonnabháin Cairbrigh. Ag taisteal a bhíos trí mhaoil na hÓine Maidean aoibhinn mhín gan leóithne Do dhearcas rígh-bhean tsidhe fá bhrón-bhrat Ag cantain laoidhe 's ag caoidhe go deórach. D'aitcheas den bhrídigh mhín-tais mheór-laig Geanmnach ghríos-ghuib bhinn nár ghlórach Fáth adhbhar a maoithe d'innsint damh-sa Dfhúig atuirseach scíosmhar í ar an bhfeór-chnoc. Dfhreagair i laoithe líomhtha bhreóidh me "Measaim gur daoi thu ar díth gach eóluis An tan nách aithnidh duit daoirse tíre Fódla Ná an teascadh so ar phrímh-shliocht chríche chródha. M'ainm-se Clíodhna ó thaoibh na bóchna Sean-bhean chaointe ar shaoithibh móra Cúis mo cháis mo chrádh trím dhrólainn I gcaisleán, ar áird 's i lóngphuirt. An múr sin tíos dochídh go leóinte Gan chuach gan chorn gan solus gan seóide Is minic dochonnac-sa go cupardach cóisreach Fíontach fáilteach fálach fórsach. Bantracht múinte búidh gan mórtas Le scor de laochaibh léigheanta leóghanta De chlanna triaithe fiala is treón-fhlaith Ar hallaí an teaghlaigh mheadhraigh mhodhmhraigh. Sluagh dámh is nuallán na gceól-chrot Is seancha is suadha ar uaislibh Óluim Ól is imirt ar fhithchill na fóirne Is gleacaidheacht ag gaiscidhigh óga.
Timcheall ag Rí geal na hÓine Ba haidhbhéil réim is céim is cómhachta Do ghluais ón Mháig is breághtha feóra Dá bhfuil in Éirinn fhéarmhair fhód-ghlais. Baintighearna gheal sciamhach Dhomhnaill Ceap na héigse d'éis an leóghain Monuar fí líg in árus feóidhte I bhfochair a tighearna chiallmhair chóraigh. Siúr na ndragan ó Bhreatain na seólta Dar ghéill an Bhanba mhalartach mhóinteach Inghean maior fheartaigh na ngleó-chath Betty Tonson, $duchess dófhulaing." Do bhíodhgas féin le héacht an sceóil sin Is dubhart le béith na gcraobh-fholt ómrach Nár bh'iongantas cumha 'n-a ciúmhais is breóiteacht Is ciach do leathadh fé fhearannaibh Óluim. Ó d'éag an stuadh ghlan uasal d'fhóireadh Cás na mbocht na nocht 's na ndeóraidhe Is gearán na ndonán nár threórach Le carthannacht shéimh gan scléip gan sclóndar. Gnúis gan mhairg ag freastal na slóighte Ba chliste do scolaibh i solus-bhrog seómrach Súil daonnachtach ag féachaint na ró-lag Is lámh sínte 'n-a ndíol gan teóra. Gídh bhí 'n-a leanbh den aicme tar bóchna Is cheangail le hárd-fhlaith Máige móire Níorbh'fhuiris béith dfhuil Gaedhal do chóimhreamh Ba saoire le saoithibh 'ná an óigh sin. 'Ná béith na ngorm-rosc lonnardha lómrach Dofríoth 'n-a méinn do réir a tóismhigh Ler b'annsa an t-uasal truagh gan feóirling 'Ná an mangaire teann 's a mhangtha d'óraibh.
'Sé ba taithneamh don mhascalach beóltais Rabairne riaghalta diadha dóid-gheal Fíonta ón Spáinn dá ndáil ar bhórdaibh Leagadh na mart is tarraing na beórach. Riar na ndanarach ndealbh gan bhólacht Is cabhair na ndaoine mbrígh-lag mbreóidhte Éisteacht duan is cuallacht ceólmhar Soilléar fairsinge is ragairne ag treónaibh. Tá an daonnacht gan chéile ar bith beó aici Is tá an fhéile fá néallaibh gan seódaibh d'eitill an charthannacht chneasta tar bóchna Ó cumhduigheadh go dlúth í san chómhrainn. Do scaoil an saogal séimh go sómplach Is do chaith a maoin gan suim i seódaibh Do choinghibh a creideamh ar leirg a nóchair Is d'imthigh fá chlú gan smúit 'n-a cóimhdeacht. Is iomdha taistealach tartmhar is geócach Is bean iar n-éag a céile pósta Leanbh gan athair acht Athair na glóire Dfhúig an bás sin cráidhte deórach. Imeasc na Sasanach neartmhar do seóladh Anuas ón Chongcas chughainn go fórsach Ní tháinig dream na namhad 'n-a teóra Ba cneasta le Gaedhil 'ná a gaolta cródha. Taoisigh oilte gan mioscais d'órdaibh I dtreasaibh goile is i bhfriotalaibh Scótais Nár chreach mainistir, cealla, ná cómhursain 'S nár ghlac breab chum lag do leónadh. Níor leig an chúil-fhionn chlúmhail chló-chirt A dadamh amugha dá dúthchas ró-mhaith A sochar go léir in'aon cé mór-ghuith Do doirteadh gan fuigheall 'n-a croidhe 's 'n-a rós-chruth.
6. Eoghan an Mhéirín agus Piaras Mac Gearailt. Do réir scríbhinn Phiarais Mic Gearailt i Muigh Nuadhat, do thuit meisce rómhór ar Eoghan uair i gcuideachtain Phiarais; dothug sé iomad an-chainnte agus rádhmhaill easaonta dhó, agus do ghaibh a leath-scéal leis ar n-a mháireach mar leanas: Eoghan: A shaoi dfhuil éachtaigh cheannasaigh na nGearaltach gan stánadh, Is de phríomh-scoth Paorach lanna-ghlic na ndragan chuthaigh árda; Má bhíos-sa aréir leat sparainneach le mearathall mo ráidhte, An fíon do shéid im aigne gach glafairneach dá ndeárna.
Piaras, ag freagairt: A shaoi de phréamh-fhuil Charrathaigh nár cheachartha sa tábhairne An nídh sin d'éirigh eadrainn noch maithim duit gan cháirde Síordhacht bléithe is radaireacht chuir mearathall 'n-ár ráidhtibh Is is fíor go ndéineann carrbhas carthannas neamh-cháirdeach.
7. A shéimh-fhir chailce den aicme. Nuair chuir an tAthair Pádraig Ó hIarfhlaithe fáilte roimh Eoghan ar Aonach Mochromtha: An tAthair Pádraig: A ghéag den Charrtha-fhuil cheannais ba chobhartha i ngníomh Céad Dé Bheatha go Baile Mochromtha linn; 'Sé mo léan ná mairid na flatha bhíodh teann sa tír Dodhéanfadh carrbhas againn gan doghraing, mí. Freagra Eoghain air sin: A shéimh-fhir chailce den aicme nár chrom a gcinn Ba léigheanta lanna-mhear 's ba dheachtaithe i bhfoghluim ghrinn, An t-éag ní heagal go dtagad go trom in aois An péarla ó dhearcas i bpearsain mo chrobhaire ghroidhe. 8. A shéimh-fhir chumainn Le táilliúir i dtigh Eoghain Uí Challanáin: A shéimh-fhir chumainn ar chulaith le a mbuailtear scím, Ná léig mo shuimneach liobarnach uait arís; Acht déin a sciotadh gan teimheal is fuaigh go caoin, 'Sa tsaothar uile ní thugaim acht duain mar dhíol. Eoghan Ó Callanáin cct ag freagairt air sin: Is cian ó d'imthigh lucht cruinnighthe cómhad is grinn, Is a dtrian ná tuigid an fhuireann so is eólach díbh; I ndiaidh do fhriotail muna dtugair-se dhóibh acht laoi, Go mbiaidh do chulaith mar "Ghiolla na bhfeóirlingí!"
9. A shéimh-fhir ghasta den Charrtha-fhuil cheanamhail aoird. Diarmuid Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin cct ag gabháil a leath-scéil le hEoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh toisc gan cothrom níos feárr a bheith aige ina chómhair nuair a chaith Eoghan oidhche ina fhochair ag a thigh i nGleann na Ruachtaighe: A shéimh-fhir ghasta den Charrtha-fhuil cheanamhail aoird Is léigheanta cheapas na ranna i gceart-phongc laoidhe In éiric haistir san aiste na bhflagún dighe Scéal Pharnassus glacaidh 's is lag liúm díbh. Me aosta caithte gan eallach dá mbleachtughadh puinn 'Om thraochadh ag galar is fada tá ar beathughadh im chroidhe Na céadta 'om stracadh, is agam-sa deachmha níl Tug mé gan bheathuisce blasta, mo chathughadh, araoir! An saoghal ó laguigh an ghasra cheanamhail ghroidhe Nár réidh le gallaibh acht tarraing fé bhrat dlúith an ríogh Fréke is Waller is Hasset ag taltughadh a gcríoch Tug mé gan beathuisce agam, mo chathughadh, araoir! A chalm-fhir ghasta den aicme chirt aoird sheanda Ó's feasach 'n-ár bhfaraid tu ag scanadh gach grinn-labhartha, It bhacach seascair ó's dearbh tu it luighe i dteannta Sin tobac agat is glacaidh mar dhíol brannda.
10. A shéimh-fhir ghasta dhen aicme. Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh cct ag freagairt Dhiarmuda. A shéimh-fhir ghasta dhen aicme nár cheasnamhail gnaoi, Dfhuil fhéil na bhfearachon bhfairsing ba flaitheamhail tigheas; Ort féin is measa liom haindeise ag meathlughadh an tsaoighil, Dot mhéinn do raideas-sa taitneamh seoch last long dfhíon. Dot thréithibh gasta dot charthannacht cheanamhail chaoin, Dot bhréithribh meala gan chealg ag treasughadh an ghrinn; Gach n-aon det aicme dá bhfeaca nár cheasnamhail gnaoi, Gan bhréig do bfhearra liom faram 'ná lasta long dfhíon. Ná héagcaoin feasta na ceasta so ag leanamhaint díot, Sin Séamus againn is an dragan dár cheart Dún Baoi; Laochra in Albain araid ag ceartughadh a gcloidheamh, Is in aol-bhrog sheascair biaidh agat-sa last long dfhíon. A shoilbh-fhir charthannaigh ghreannamhair chaoin cheannsa, Ler geineadh bheith rabairneach freastalach fír-leanntach; Do b'aite liom manglam searbh is suidhe it theannta, 'Ná seascaireacht bathlaigh is baraille dfhíon Fhrangcach. A chumainn 's a chara 's a thaisce na suadh-mbéithe, Nur geineadh let charaid bheith freastalach suairc déarcach; Nár fhillead-sa abhaile go gcastar me in uaigh aonair, Gur gile liom t'amharc 'ná a bhfeaca de bhuaibh sléibhe.
11. Gidh doilbh na hÉachta ar bhás Uí Dhonnabháin Chairbre. Gídh doilbh na héachta i ndréachtaibh scríobhtha Loscadh na Trae in ar héirleadh daoine, Is gach curadh den Ghréig, na laochra líonmhar Do thuit ag cosnamh i gcogadh is in íorgail. Tá dochar is nódh is trí mhó mo mhaoidhte, Iar dtuitim amach, mo cheas, lem linn-se; An léir-scrios Luain seo ar uaisle Ghaoidhil Ghluis, Abhfus is tall le gallsmacht naimhde. Is an méid noch dfhág an Spáinn is Laoiseach De chlannaibh na bhflaith 'n-ár measc i gCrích Luirc Gan ceannas gan chóir le fóirneart bíodhbhadh Nó ag bás na n-éarla dtréan dá ndíogadh. Ar chách is pudhair is is túirseach croidhe liom An bhuidhean gan sógh dfhuil Eóghain is Chríomhthain Tug dubhach gach faithche gan ghasra gníomhach 'N-a ndúthchas feasta i gCairbribh timcheall. Saor-mhac treóin na hÓine is Míodhrois Den mharcradh thrácht ón Máig ngluis aoibhinn Is truagh liom i dtuama go claoidhte Is gan dá choscairt acht bolgach mhillteach. Plannda táisc noch dfhás de rí-fhuil Codhnach catha na bhfearachon bhfíochmhar Sciath na bhfann in am a ndaoirse Is Guaire fial ag riar ar bhuidhnibh.
B'Oscar i dtreas ar lannaibh líomhtha Is Cúchulainn i gcleasaibh gaisce an míle Dobhí mar dhraganaibh calma a shinnsir Lán de mhéinn de shéimhe is d'intleacht. Marcach stéadach éadtrom íogmhar Ag seilg an tsionnaigh nó ag iomaidh le saoithibh Nár ghlac tarcuisne ó phearsain dá aoirde Is ná deárna iomarcadh ar dhuine dá ísle. Searc na mbéithe maordha mín-chnis Órnáid na n-ógánach ndlaoitheach Is faraire gan cheachardhacht gan chlaoine Dochuaidh le Riocard mac Risteird fá líogaibh. Tá nuall-ghol in uaigneas na sídh-bhrog Ag mnáibh fionna i ráithibh 's i mbruidhnibh Ón Liath-doire ngrianach go taoide Is ó Chluthar na seól go teórainn Duibhneach. I ndeóidh an uasail fhuadraigh aoibhinn Do goineadh i dtúis a lúithe is a aoise Mar rós lonnrach i lúib ghuirt chríonas In áilneacht a bhláith 's a phoímpe! Is daithnid go héag do chléir i ndíodhachta Don éigse le ndéantar na laoithe Is d'uaislibh bochta gan chothrom do dísceadh Nár ársuigh go mba slán an céad do. Do ghlac tnúth an bhúidh le sníomhtar Snáth na beathadh le maise na bpríomh-fhlaith Do léig anuas go luath a toinnte 's is úr do gheárr 'n-a lár an líne.
Ní hiongna doiligh an pobal so Draighnaigh Is Drom Dá Liag fá chiach dá chaoineadh Is an Garraidhe fairsing cois calaidh na bhfíonta 'N-ar ghnáthuigh greann gan mheang, is aoibhneas. Do mhac a dtighearna, a dtriath, 's a dtaoisigh De phór cheart nDomhnaill dfhuil Chríomhthain I bhfeart chumhang go lag cúthail sínte I dteampoll fhollamh cois Locha na bhFaoileann. Gaol Rághnaill den Chárrth-fhuil is aoirde Is leógan Phárrthais do fágadh i nDuíbh-linn Is Donnchadh† chosanta †mac Fhínghin Is gach Mac Carrtha riamh do thriall tar linn-mhuir. Bráthair Domhnaill chródha ó Fhaoide Is Iarla na mBrianach ba ghníomhach Marcus Antruim, seabhac na saoithe, Is Marcus bhuirb Urmhumhan Íochtraigh. An Iarla 'san iarlacht is sinsear Ó Chill Dara fuair gairm le díogras Iarla ionnraic na mBúrcach 'sna Coillte Is an iarla tá gan stát fá gheimhlibh. Bráthair Domhnaill dian-mhaith Iarla ón Inse Is an iarla i gcéin fuair réim is saoirse Iarla araid ionnraic na mBrúnach mear laoichda Is an iarla geineadh ó Mhurchadh an Sceimhle! Bráthair Barrach na dtreallamh ón mBríghid ngil Iarla oirdhreac chosain trí tíortha Iarla áluinn Árann na n-aoibh-lios 's an iarla tá ar iathaibh Thráighlí anois.
Gaol Tighearna Chaisil do sheasaimh do ríghthibh Is Tighearna an Chláir nár stán 'san íorgail Is an Tighearna Róistigh leóghanta dílis Nár seóladh le cómhairle na claoine. Tighearna Mhóta fós ba gaoil duit Is Tighearna deagh-chroidheach Bhaile Uí Loingse Tighearna armach na Cathrach caoimhe Is an barún noch ón gCas-chúil sloinntear. Gaol Uí Sheachnusa rabairnigh 's a shinsir Triath is ridire cumasach, díon maith An ridire ó shleasaibh an Daingin nár chlaoidhte Is Ridire an Ghleanna, fear beartuighthe an chloidhimh ghluis. Ba gaol tú 'o ridire an oinigh dfhuil Íthe Is do Ridire Fionn na dtrúp ná stríocfadh Is Mhic Éamuinn na n-aol-bhrog scaoilte - Ridire Chluana an tsluaigh 's an fhíona. Créad an fáth dam fá seach a ríomhadh - Níl sár-chraobh iarla triath ná bíocan De mhaithibh seanda Gall ná Gaoidhlaibh Gan a gcuid fola 'n-a srothanna 'ot ghríosadh. Níor shéid uabhar uaill ná díomas I gcliabh a' cuisleannaibh Riocaird chum baoise Acht láighche is páirt is caoineas Daonnacht chneasta is carthannacht dhíreach. Dobhí sé féin den fhéile líonta Is níor fháisc a dhóid ar sheóid ná ar mhaoinibh Acht ag scaipeadh go fairsing gan chinnteacht; An ghlóire shuthain nár choiglidh Críost air.
Cuisle na lag i gcath de scothaibh Clár Mumhan Is fuinneamh na bhfear i dtreasaibh cogaidh lá an triúin Do chuireadh, a leac, ret chreat go hobann fá chlúid Le Riocard an fhlaith mac maith Uí Dhonnabháin chlúmhail. 12. Cé fada me i ndaor-bhroid. Cé fada me i ndaor-bhroid gan fuinneamh im ghéagaibh Ag sileadh na ndéara 'n-a sruithibh go feóir Le taitneamh don bhéith sin is deise ar bith scéimhe Mar mise chuir céadta 'n-a n-othair gan treóir 'Sí an bháb chailce bhéasach í thaobhuigh me im luighe d'árd-fhuil na laoch mear nár shéan riamh i mbruighin Fás ceart is géag gheal is péarla gan teimheall 'S ní náir liom it thaobh-sa dá ndéanainn le baois. A ghrádh geal tair taobh liom ná fág mise i bpéin fhada Ar sclábha ná tréig me, ar shaoghaltacht ná maoin Na lán-darta géara so a sáthadh leat trím thaobh dheas Muna b'áil leat-sa a réidhteach san éagfad gan mhoill Do chráidh an fear caoch me le gaethaibh im chlí Le breághthacht do scéimhe tar béithibh na gcríoch Let gháire let mhéinne let bhréithre gan fuigheall Is áilne gach tréithe dá ndéarfainn i mnaoi.
A leabhar-chrobh aolda is cailce lag-mhéarach Is gasta glic dhéanfadh ar dhaor-bhrat gan scím Casmairt na laoch mear in airm go gléasta Seannaigh is méith-phuic is éin ar gach craoibh Cearca agus faolchoin 'n-a dtréin-rith fén gcoill Ón ... ó Phoebus dofríoth Chum an reath' chur ar Béaton 's ar Phlégon gan moill Trér lasadar spéartha agus réalta na gcríoch. Is dá n-amharcadh Paris an ainnir seo rádhaim-se 'N-a thaisteal tar sáile ní chasfadh arís, Is ní leanfadh an mhánla le faladh 'n-a dheáidh sin Do tharraing chum áir, ler cailleadh an Traoi; Nó an fhinnebhean áluinn sin d'árduigh le Naois Nó an bhroingeal, le grádh dhí, a thug Jason an $fleece Isis ba tháimhe nó Áine an Chnuic sidh Is ó thuilleadh ná rádhaim-se rug bárr maise is gnaoi.
13. Do thaistealas gléir-aolbhailte. Do Éamonn de Barra, an gabha, do chuir crúdh fé n-a chapall in aisce. Do thaistealas gléir-aolbhailte an tsleachta san Mhogha Ó charraigibh glé Bhéarra go Caiseal na bhfonn Níor dhearcas in éinchéim díobh do bfhearra le toghadh Aithghein i bhféile Éamuinn de Barra, mo ghabha. Fear carthannach caomh aobhdha gan cealg 'na chom Freastal na gcéad tré chumann ghlacas mo rogha Ná feacaidh san raon traochta mo chapall gan bonn Gan allus a ghéag nglégeal is ara mo chabhair. Do ghreamuigh sin céird déarscnaithe ghasta do thoghadh An barra tar laoch Bhénus go heagna modhmhail Ler ghreannuigh ar scéith bhéim-bhriste Aicill na nglonn Talamh is spéir, réilte agus reanna mar ghabhaid.
14. Fáilte cléibh gan chlaon óm chroidhe. Do Dhonnchadh Mac Chormaic Bhaile Aodha, A.D. 1720. Fáilte chléibh gan chlaon óm chroidhe Gan bhladar gan bréig gan bréithre baois Do ráib an tséin gan bhéim 'n-a ghnaoi Den bhorb-ghuil chumasaigh Chárrthaigh, Faraire ceannasach meanmnach súgach Carthannach rabairneach freastalach fiúntach Tréitheach tabharthach freagarthach congantach - Criostal na dtriúch, an t-úrghas áluinn Siollaire an oinigh is éachtach gníomh Den fhuirinn nár dhreóil i ngleó na gcloidheamh 'Sé Donnchadh† foirtil †Mac Cárrthaigh. Ó Pharis éachtach tréan-mhac Prím Do cailleadh san Trae lag faon gan bhrígh Le dian-shearc cléibh do Hélen chaoin Dotugadh tar tonnaibh gan bheárna Ó Heircileas ainmhear lannamhar lúthmhar Sampson i gcathaibh do threascradh trúpa Caesar neartmhar ba chalma congcas Hector le fonn do bhrúghadh a námhaid Is ó thuilleadh den fhuirinn ná déarfad díbh I dtreasaibh na ruag nur buadhadh leó i ngníomh Gan dochma rug Donnchadh an bárr leis. Atá scáil na gcaor trí aol na síog 'N-a leacain go tréan ag pléireacht ghrinn Ní tábhacht aon dó féin dar linn Seoch seasamh is pearsa an fhir áluinn; Dragan dfhuil cheannais na gCarrathach gclúmhail Faraire d'eascair de mhaithibh na Mumhan Craobh na malla-rosc, dalta na $muses
Lannaire lonnmhar lúthmhar láidir Seabhac tug taitneamh do chléir cheart Chríost Crann bagair na sluagh ár suairc-fhear groidhe De leabhair-shliocht Chaisil na ráib-chon. Is deághthach déarcach Gaedhlach groidhe Gan mhairg 'n-a mhéinn gan chlaon 'n-a chroidhe Acht fáilte is féile shaor de shíor Cidh buinne é do fuinneadh den árd-fhuil Draganta meacanta measardha múinte Maiseamhail, fearamhail, calma cúmhtha Géag do scathadh a maithibh na Mumhan Taitneamh na gcúil-fhionn, plúr na sáir-fhear Bile den fhuirinn do thaoscadh fíon Faraire cródha ceólmhar caoin Flaith oirdheirc forusta grádhmhar. Atáid dáimh agus éigse ag pléireacht ghrinn Ar shleasaibh gach réidh-chnuic aeraigh aoird Ar barra na ngéag guth éan go binn; Tig loingeas gan stoirm tar sáile Bíonn Aifrinn bheannuighthe ag eagluis mhúinte, Beath-uisce fairsing dá scaipeadh agus lionnta, Béithe measardha ag taisteal tar triúchaibh Le hainghean rúin dá ghnúis ghil áluinn Seana-phuirt ghreanta dá séide ar phíb Dá spreagadh mar aon le téad-chruit chaoin I bhfuirm buaidh sonais is ádha leat.
15. Go moch is mé im aonar gan aon im chómhair. Go moch is mé im aonar gan aoin im chómhair I ndubhthair chraobh-dhéarmhair i smaointibh bróin Is gach luisne ó bhéal Phoebus le soillsibh spóirt Ag imirt tré ghéagaibh gach crainn ghlais óig. Dochonnac bé mhaordha ba naoidheandha snódh Gur thuit de léim éadtrom 'na suidhe ós mo chómhair Ar thulaigh réidh aerdha do b'aoibhinn ceó Gan duine léi acht caoch-ghiolla is saighead 'n-a dhóid. A fuilt ag téacht d'aondul ar bís go bróig Go dlaoitheach faon péarlach tiugh buidhe cas bórr Do dhuibh mar sméir lér aibidh caora an óir Tug curadh ón nGréig saor leis tar tuinn ar bórd. A ruisc do ghéar-chréachtuigh mo chroidhe tar fóir Mar chriostal tré ghréin ghlain 's a braoithe i gcló An lile chaomh ghléigeal 'n-a gnaoi 's an rós Ag iomaidh ré a chéile is gan stríocadh ag sórt. Ba bhinne a séis caor-ghuib ba mhilse glór 'Ná cruit an té thraoch Mis le draoidheacht a cheóil Ler chruinnigh tréad dfhaolchonaibh, gríobha is leoghain Gan tuirse léi ag éisteacht 'n-a luighe ar an bhfeóir. A hucht mar ghéis tré thonnaibh taoide ar ló Is do b'ionad é tréimhse ar a suidhfeadh Jove Ba chruinne géar aoldaithte a cíocha cóir Is ba churtha a déad chaoi-chailce i suim dom dhóigh.
Do chuireas féin tréin-shearc im chroidhe don óigh Is do goideadh léi in éinfheacht mo bhrígh is mo ghlór Le cioth de ghéar-ghaethaibh an daill bhig óig Go cliste léig trém chreat le díoghaltas seóil. Ar dtuitim faon féigeamhail síos ar fód Ag troighthibh céir-dhéanta dobhí ag an óigh, I bhfriotal thréith aobhdha do scaoil mo bheól Is dorinn an méid bréithre seo síos im dheóidh: A mhiochair shéimh mhéar-lag ler claoidheadh mo threóir Innis-se tré dhaonnacht dam críoch do sceóil An dfhuil na spéir-bhéithe dofríoth do phór Nó an gein den tréad daonna so thíos tu a stór? An tu gan bhréig Hélen tug díth na dtreón 's do chuir an Trae aosta is a buidhean 'na smól Nó an tu dár ghéill Séadna ba laoichda i ngleó Ar mhullach aerdha Éadair cidh díoch a ghnó. Nó an sibh do thréig Aonghus mac fíochmhar Treóin Is do rith go tréan fé choimirc Fhinn 's a shlógh Is nár scuir an phéist chraosach dá dhíoghailt mhóir Gur chuir den Fhéinn éachtaigh na mílte ar feódh. Ar ise "Is baoghal éag duit nó baois dom dhóigh Ó chuir i gcéill Bhénus duit aoirde a cómhacht Is dá dtugadh fé faesiomh dot dhlaoi dobróin Do nochtfainn féin cé me nó nídh ba mhó." Leis sin do thréig taomach me ag caoidhe mo dheór Is d'imthigh tré néalltaibh gan suim im shórt Sirim Réx Naomhtha dá druing bheir glóir Go bhfeicead féin spéir-choinneal Chrích Luirc fós.
16. Go stiúraidh Mac Dé thu, a Shéarluis. Go stiúraidh Mac Dé thu, a Shéarluis, go cómhachtach Go haerach le fórsa is go dtagair fá mheadhair Ag baint cúitimh go faobhrach de mhéith-bhrocaibh Sheóirse Is ag réabadh na seólta so ghraithin an fheill; Cnú na finne an chumais ghroidhe De phlúr na righthe an chriostail chaoin De chrú gach curadh fuineadh thríd Is préamh-cholum óir; Spéir-choinneal mhaordha 'e shliocht Éibhir na lannafaidhe ? Is gaeth ceatha séin leat, a réaltan na slógh. Seo an leógan gan fiaradh is an ghrian-lasair lóchrach Do riarfas ar Fhódla na bhfearachon áigh Do thógfas an t-iarsma so i mbliadhna 'e shliocht Eógain Ba sciathach i ngleó-chathaibh calma námhad; Le tóir tar tuille tuile ag tigheacht Do dhóighfeas roimhe luisne is caoir Do thóigfeas linn-na i mothair chraoibh Sa saoghal maiseach bláth Le n-a dtraochfar tar triúchaibh 'n-a dtrúpaibh go tréithlag Búir bhuirb Bhéarla chuir ár n-eaglais tláith. Deallruigheann an scéal gur amhrán fá leith a thosnuigheann sa phoinnte seo Is túirseach bhím gan chroidhe gan chéill Do chríon mo ghné ó léigean deór Im thrú gan suim fó dhaoirse dhaor Im luighe gan chéile 's é bheith beó; Mo chumha go héag thu, mo chúis guil lem ré thu Mo phrionnsa mear éachtmhar éadtrom óg Ar thonntachaibh baoghail gan cumhadh acht an spéir, Agus complacht an Bhéarla ag déanamh spóirt.
Do mhúch le scíos mo bhrígh go léir Gach príomh-fhlaith aosta shaor dem pór Fá smúit mar chím gan chinn a slaod Ná staoill ag aon dá bpréimh 'n-a ndeóidh Tá mo shúil-se gach lae go dtiubhra Mac Dé Go Londain 'n-a réx fá réim mo leóghan Ó thionnscain an fraoch i bhfionn-scoth na laoch Ler túrnaidh na tréin 'san éirleach Cope. Tá trúpa arís go líomhtha léir Ag tigheacht i ngléas le séirse seóil Ag plúr na ríogh do b'aoirde céim Ó Laoiseach tréan na léartan óir Is subhach dobhiaid Gaedhil 'n-a ndúntaibh gan phléidhe Agus ughaim ar gach péist nár ghéill don chóir Úird bhinne Dé 'n-a múrthaibh gan bhaoghal Ag an úr-ghas dfhuil Éibhir do b'éachtach scóip. Ní diúic ná a bhuidhean do chlaoidh go léir - Mo dhíogras cléibh, ná staon é i ngleó, Acht trú bhocht feill dá mhuinntir féin Do dhíol go claon mo Chaesar leó; Sin an chúis tug i gcéin ó n-a dhúthchas mo laogh, Is nách spiúnfadh ó chéile ar shléibhtibh na slógha; A lonnradh na naomh, noch d'iomchair an phéin, Bain cúiteamh sa tsaoghal so den tséithleach fós.
17. I bhFís tarfás an tráth noch léigeas A.D. 1734. I bhfís tarfás an tráth noch léigeas Somnus smúit ar shúilibh daonna Re gcuirtar an cholann do chodladh re néallaibh Is an t-anam gan tathamh ag amharc gach taobh dhe. Ag taisteal na slighe cois Laoi na méith-bhreac Is me ag machtnamh ar chlaoine chaoiche an tsaogail Noch ghabhas le síol na ndaoithe ndaorscar Ler baineadh gach staoill de chloinn Mhilésius; Fá thearmoin aoibhinn crainn ghlais chraobhaigh Do dhearcas 'n-a suidhe go caointeach céasta Ainnir ba mhín-chnis míonla maordha Is a leaca le síordhacht caoidhe 'n-a créachta. A basa dá sníomh is a dlaoi dá léigean 'N-a mbeartaibh le gaoith go fíochmhar fraochta Is caise gan dísceadh síos de dhéaraibh Ó shleasaibh a glinn-ruisc ríoghdha réilteach. Fochtaim de bhrídigh caoin an chaomh-chuirp A cineál bunaidh, a cine, 's a gaolta Nó créad an chúis tug túirseach taom-lag Ar bruach an inbhir chriostail an chéibhfhionn. "An sibh," ar mise 'san bhfriotal ba séimhe 'S ba cneasta b'eól dom bheól a dhéanamh "Dejanira mhín bheacht mhéar-lag Ag caoineadh a dragain mhir mheanmnaigh mhaordha.
Nó Andromaca gheal, ba chéile Do Heactor uasal fhuadrach éachtach Ag maoidh i ndeóidh a leógain laochta Do tolladh tré mheabhall le hAicill na mbéimeann. Nó an ghartha-ghuib ghnaoi-dheas dhlaoitheach ghréagach Do thaistil le Páris tráth tar tréanmhuir Nó an bhan-fháidh mhiochair noch d'innis le réimh-fhios Leagadh na Traoi is a laoich dá héileamh. Nó an mhascalach mhúinte bhúidh gan bhaosradh Do chinn ar Bhanba a lasardhacht séimhe d'éis Naoise Mac Uisnigh a cumann 's a caomh-shearc Le ceilg do thuitim in Ulaidh 'san éirleach?" Do fhreagair go forusta focail-ghlic faobhrach Cér mhór a horchra a hosna 's a héigneach "Is uaibhreach atuirseach anbhfann éadtocht Atáim fá cheastaibh do fhreagairt don éigeas. Ní ceachtar den druing do ríomh do dhréacht me Is de nós mar dubhairt mac ionnraic Bhénus Le Dido d'athchuir air sparainn is céadal Na gcuraidhe d'aithris ar fhaithche na Trae dhi. Is athnuadh ar eólchar mhór mo scéala Adhnadh donais is dochair is déarghuil Oscailt ar othrasaibh doilghe daora Is briseadh ar chneadhaibh gan táthadh taobh-luit. Mise agat Fódla bhrónach bhéadach Uaigneach anacrach easbaidhtheach éadmhar Leóinte lomartha loiscithe léanmhar Bhascaithe bhrúighte chumhach gan chéile;
Nuachar righte na ngeinealach aosta Do shnaidhm le borb-fhuil Ghollaimh, mo chéad-shearc, Ba seascair sáthach sámhail séadach Gur chinneadar Danair ar chlanna Mhilésius. Torchradh Eoghain chródha in' aonar Le hionnsaighe oidhche Chuinn na gcéad-chath Is cuaine coscartha Oilill na ngéarlann Le fearaibh críoch tar tuinn do thraochadh. Cailleamhain Cheallacháin arm-áidh éachtaigh Tug ár is díth ar bhuidhin Norbhéigia Is marbhadh Bhriain na ngiall 's a thréin-mhic I gCluain an Tairbh do sheasaimh dá phréimh-shliocht. Is bás na dTadhg i dtadhm gheal chréachtach Ba tacaí dlútha cúil dom chaomhnadh Is triath Chnuic Chaisil na dtreallamh do réabadh Do goineadh in íorghail Laoisigh laochta. Dfhúig me im airgtheach mheascaithe mhéirtneach Fá ghriolladh na ngall le treall ar Ghaedhlaibh, Im luing ar shrúill gan stiúir gan téada Dom chaitheamh gan suim ón dtuinn go chéile. Teascadh na dtreón gér leór mar mhéala Dobhí rem fhóirthint dóthchas éigin Gur chailleas, mo phúdhair, an congantach déadhnach An tIarla ó Láine chráidh go haeibh me. Ua na gCormac gcosantach gcéim-nirt gClogadach gclócach slógach saothrach Lonnardha lónmhar leóghanta léidmheach Is Donnchadh an chúil chais bhúclaigh phéarlaigh.
Is na triatha táisc nár stán ón spéirling Ba tairbh dána i mbeárna an bhaogail Ba cúl dídhin dá bprionnsaíbh i ndaor-bhroid I dtreasaibh na gcloidheamh ar tír is ar tréan-mhuir. Is an té do mheasas go ngarbh-thruip ghléasta Do thriall dom chabhair tar calaidh go séirseach Mar Thuathal Teachtmhar na scaball ler saoradh Ó mhoghsaine mhillteach fíor-fhuil Éireann. Ní hamhla atá acht go tláth-lag traochta Gan lúth gan labhairt le sleasaibh Ailténa Is Múscraighe na múr aoibhinn aolta Fá smúit-chaoidh go dúbh-chroidheach in' éagmuis. Ag seo buille an scuir ler séideadh Fuil mo chuirp - an uile-bhraon di - Is tug dreach na húire is cumha gan faesiomh Ar mo shnuadh ba suairc le réxaibh. Do bhíodhgas suas le guais an scéil sin Is do thóg Morpheus a throm-shlat néallach Do chuir fé ghlas i gceas mo chéadfadh Le bhfuaireas aisling cé danaid nár bhréagach. Iar múscladh dam go hathlamh éadtrom Óm iomadh shuain dochuala géarghol Greadadh lámh is gártha ag béithibh Stathadh ciabh is iachtach éigneach. Iar gclos gur theastuigh ceap na héigse Plúr na bhfiann is grian tsleachta Éibhir An Cúraoi ná humhluigheadh chum géille d'aon-fhlaith i gcampa ná i ngéibheann.
Donnchadh an ráib ón mBlárnain ngléigil Lóchrann lasamhail Bhanba is féinneach Na gCarrathach ndraganta n-aistreach n-éachtach Nár dhíol a bprionnsa ar chúinse shaoghalta. Oscar 'n-a aithghein fá bhratachaibh Shéamuis Do chothuigh suas le cruadhas gach baogail Ó Inis Ceithlinn chois tuinne na séad-bharc Go geataíbh Doire do bhriseadh dá mb' éidir. Níor chalma i ndeabhaidh an mhachaire Caesar I gcathaibh Pharsáile ar lár an éirligh Nó Africánus gárdach gaosmhar Nó Hannibal na gcathrach do réabadh Nó Maccabeus na nglom ná staonadh In aghaidh Antiócus chómhachtaigh chraosaigh Nó Tamarlann na bhfann do réidhteach Nó Scandarbeic 'san ngleic ba tréine. 'N-a árd-fhlaith Laoi, dá luigheadh an séan ris, Gur cuireadh 'san Túr go dlúth an féinneach Iar scaipeadh na nGaoidheal acht fuigheall beag tréigthe Atá ag an stát dá gcrádh is dá gcéasadh Do sheasaimh i nglasaibh 'san aigne chéadna Cé gur tairgeadh rachmus is réim dho Acht a chreideamh go meirbh do thréigean Is druim a bhaise do thabhairt le Séamus. Níor thogair an Cárrthach cáidh gan chlaon-toil An charraig sin Pheadair ar ghainimh do shéanadh Acht d'iomchair crosa go soilbhir saogain Ar aithris a Mháighistir ghrádhaigh do shaor sinn.
Níor chuibhe don tseabhac do shreabhuigh ó fhéithibh Ríoghra Bhanba is Bhreatan in éinfheacht Gan riaghail is reacht is gean Mhic Dé ghil 'N-a chroidhe bheith ó naoindeacht go héag do. Is lá leóin do Chlár† fód-ghluis †Féidhlim I gcian tar sáile ar lár an t-éarlamh Is dubhach atá a dhútha is a ghaolta Gan crann bagair gan talamh gan téarma. Ní hiongna dhóibh dom dhóigh gan chéill bheith Nó taisteal i ndiaidh a dtighearna saoghalta Seoch marthain mar táid fé bhráca an Bhéarla Gan cabhair gan chothrom gan chostas gan spré cnuic. Níl teas 'n-a gcroidhthibh ná fuinneamh 'n-a ngéagaibh Do cuireadh bunscionn a lúth 's a léimreach Is colann gan ceann an dream 'san réim sin Ó Chorcaigh na long go cúl Uíbh Laoghaire. Bile buadhach buacach béasach Ceannasach clúmhail cúmtha caomh-chuirp Draganta dána dáilteach déarcach Feardha fálach fáilteach féastach. Gaisceamhail gníomhach gríobhdha i gcéadal Lanna-ghlic líonmhar líomhtha léigheanta Maithmheach meanmnach meardha maordha Is aithir nímhneach naímhde i ndaor-ghail. Posta prionnsamhail ponncamhail pléideach Rabairneach rathmhar reachtmhar réim-cheart Soilbhir súgach súil-ghlas saogain Tairptheach trúmpach trúpach téadach.
d'innseadar draoithe is lucht féachta Ar reannaibh neimhe is ar imeall na réilte Gur geárr go dtuitfeadh fé chumas an éaga Príomh-fhlaith ba díth dInis Éilge. Foríor do fíoradh an méid sin Tá sínte fá líogaibh ag daolaibh Guaire an oinigh ler geineadh an fhéile Mars na ngliadh is sciath na cléire. I ndeóidh do mhairbh, a mharcaigh na stéid-each Nár thuill tallainn ná masladh dot phréimh-shliocht Is iomdha stuaire gruadh-fhliuch géis-chnis I ráthaibh sidhe ar binn gach sléibhe. Is ceólmhar friotal na mbroingeal ngeal aerdha Ag cantain duan i gcluais gach gaorthaidh Ón mBrúgh ós Bóinn 'n-a gcómhnuigheadh Aonghus Go Caiseal na gcliar is siar go Béarra. Do ghoil Áine cháidh ón mhaol-chnoc Is do ghoileadar cách 'n-a dáil go déarach Clíodhna ón dTráigh is Gráinne is Déirdre Is leannán Dunlaing úir ón Léith-chraig. Táid ceathra gan lacht, is tlacht na spéire Fá scamallaibh dubha gan lonnradh gréine Aibhne is easa le hatuirse ag géimrigh Ar linn níl toradh is is dorcha an t-éasca. Níl nóta i bhfuirm ná siosma ag éanaibh Níl meas ar choill, ar linn níl éigne Níl seilg dá srathadh go sanamhach saothrach Ó cuireadh chum codlata Donnchadh i gcéin uainn.
Ó tá gach pearsa dár ghreamuigh an méirleach Dá ngoirthear an bás, gan fagháil ar théarma, Is gur tolladh ár dtreón i meadhón a chléibh ghil A Chríost, beir a anam go Flaitheas gan péin leat. Míle ceart 's a seacht de chéadtaibh A ceathair is trí deich suim gan séanadh Na bliadhna ó rugadh Mac Muire dár saoradh Gur cuireadh san bhfeart tar lear ár néamhann. An Ceangal: - Do thaiscis, a liag, i gcian ó Inis Eálga An dragan nár fiaradh riamh le dlighthibh társna Flaith feardha fial is Tighearna fine Blárnan Creach Bhanba Bhrian is Iarla Chloinne Cárrthaigh.
18. Is saoth liom 's is déarach le trácht im stair. Ar bhás an Athar Tadhg Mac Chormaic Mhic Chárrthaigh 1747 .i. Tadhg Rábach, an tEaspog. Is saoth liom 's is déarach le trácht im stair Gach éirleach ler traochadh na táinte flaith Do chréachtnuigh im aeibh me is i lár mo scart An léir-scrios so ar shaor-chlanna Chárrtha' ar fad. Tar céadtaibh is daor-ghoin go tláth i bhfeart An saor-shagart saoghain do b'áluinn dreach In Éirinn 's i gcéin i ngach áit ar ghaibh Do shaothruigh gan aon spota cáil is meas. An fhéile is an daonnacht go bás do lean Is don chlaon-cholainn chraosaigh níor dháil a ghean; Ba réaltan ar an saoghal so is do chách 'san reacht An chaomh-fhlaith i mbréithribh 's i gcrábhadh glan. Seo an t-aodhaire nár thaobhuigh bheith támhach leasc 's i léighinn chliste dhéarscnach nár ghnáthach seasc Do chaomhnuigh a thréada uile slán gan mheath Ó chraosaibh na bhfaolchon ar lár an mhaigh. Don bhéith bhocht gan chéile gan cháirde i gceas Don laochra lag aosta 's don scoláire seasc, Is scéal guirt ag Gaedhlaibh in áitreabh leac An réidh-bhile réim-chneasta grádhmhar glan. In éagmuis bheith naomhtha gan cháim 'n-a staid Do réir dlighthe is dréachta na bhfáidhe gceart, Do shaothar Chlainne Éibhir do b'árd a neart Táid aol-bhailte a phréimhe dá áiteamh leam.
Péarla na cléire agus scáth na lag Ó d'éag is nách féidir liom a fhagháil tar n-ais Tré phéin Chroise an Aenmhic 'n-ar sáthadh an tsleagh Go dtéighidh a anam gléigeal gan spás ar Neamh. An Ceangal: - Is tinn doiligh dubh dá phoiblibh, a bhán-leac úr, I dteigheas dhorcha gér sholusmhar don dáimh mar stiúir, Leigheas orchra na ndochrach is bláth na nÚrd, Tadhg† forusta †Mac Cormaic Mic Cárrthaigh fút. 19. Lá dár éirigheas ag déanamh aeir dam. Lá dár éirigheas ag déanamh aeir dam Fé imeall ghaorthaidh na réidh-shlat mín, Bhí gáir ag éanaibh go hárd ar chraobhchaibh I mbárr na ngéag nglas go haerach binn; Na táinte faolchon gan stánadh ag léimrigh Ag práisc 's ag pléireacht 's ag déanamh grinn, Áilneacht scéimhe ag trácht ón spéir ann Is gan tlás ó Phoébus ag téacht dá ndruim. Is cian i gcéin dam cois sliasa maol-chnuic Cois leasa im aonar le gréin gur shuidheas, Tré shuairceas aebhnis mar a ghluais na spéartha Chum suain gur léimeas, me féin, gan mhoill; Ag amharc néall dam trém aisling éachtaigh Gur sheasaigh taobh liom an spéirbhean mhín, A rug bárr scéimhe ó a dtáine 'e bhéithibh Ar shleachta Éibhir insa réim ba chruinn. Ba chuachach craobhach dualach dréimreach Luascadh a céibhfholt léi go troighe, Anuas 'na slaodaibh gan buaireamh léi-se Go drúcht an fhéir ghlais insa raon ba chruinn;
Dobhí lonnradh gréigeach 'n-a gnúis le chéile A braoi ba chaol is a scéimh gan teimheall A hucht 's a héadan mar eala ar aontsruth A mama, a taobh geal, a déid 's a píb. Dfhiosruigh mé di ar bh'ise Déirdre D'imthigh tréimhse i gcéin le Naois, Nó an bhean do traochadh le Tailc na mBéimeann Chum Finn dá saoradh gur ghléas tar tuinn; Juno, Venus, an t-ubhall gur phléidheadar Pallas, Thetis, nó Hélen chaoin, 'N-a dtug na Gréagaigh na leabhair thréana Go dtabharfaidís léirscrios na Trae dá druim. An tusa Ceres tug rath na léise Nó Polixéna na mbréithre gcaoin, Nó Minérbha d'iompa an bhéith dheas Ag sníomh a haol-chuirp gach laé le draoidheacht; Scóta dhéid-gheal fuair Niúl mar chéile Tug seal san Éigipt ag géilleadh 'o Mhaois, Nó an mhaiseach mhaordha ler cailleadh Éire Tug clanna Éibhir fé dhaorsmacht naímhid? Do fhreagair an bhéith me gan mhoill i nGaedhilg Is adubhairt nár bh'éinne aca in éanchor í, Ná tiubhradh scéala ná fios cunntais d'éinne Go dtiocfadh fó néallaibh seal tréimhse arís. Dothugas baoth-phreab trém aisling bhréagach Mar shúil go ngéillfeadh dam laogh mo chroidhe 's ní bhfuaireas taobh liom in áit a créachta Acht ubhla ar ghéaga i measc craobhcha is droighean. Do ghoileas tréimhse go dubhach im aonar Mar a bhéadh éagan gan chéill ar baois, Ag sileadh déara as mo rosc in éinfheacht I ndiaidh na béithe ler traochadh sinn.
Sirim ar an Aonmhac 's ar an Athair naomhtha Go dtigh sula n-éagad an péarla an tslighe, Dfhonn go saoradh sí sinn ón ngéibheann 'N-a bhfuilim daor-bhocht le tréimhse 'á druim. 20. Le mian mo chléibh tréigim. Do Phiaras Mac Bhaitéar Paor agus dá chéile phósta .i. Anna inghean Ghearóid de Barra Dhún Dolaraic, A.D. 1736. Le mian mo chléibh tréigim, cídh masla don Dún Cliar de shéimh-bhéithibh gan faice ar a gcom, Ag Piaras Paor, saor-fhlaith gan mairg 'n-a ghnúis De ghrian-fhuil fhéil éachtaigh na bhfearachon bhfionn. An niamh-rosc chaomh ghléigeal ní dearmad liom Do thriall de phréimh thréin bhuirb Bharra na dtrúp, Is don chliath ghlain laoch ngéar-shnoidhte measaim gur chlú Sciamh is méinn daonda Anna gan smúit. 21. Mo chiach, mo bhrón guirt. An Feartlaoi do bhí leis an Marbhnadh dorinn Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh do Dhiarmuid Mac Domhnaill mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin. Mo chiach mo bhrón guirt mo scóladh 's mo scian trím chroidhe An triath ba mhó eólas ar uaislidheacht Gaoidheal I gcriadh-chuilt ar feódh mo leóghan ba chliste rinn pinn Diarmuid Mac Domhnaill mic Eóghain mic Fhinghín Chaoil.
22. Ó dheónuigh Mars is Pallas. Ó dheónuigh Mars is Pallas gnímh-éachtach Me sheóladh amach fá shleasaibh fír-shléibhe Dórd na n-eas is casmairt buidhean bhfaolchon Ó neóin lem ais go maidin laoi gréine. Dórd do chaith liom dart Mac Daill ghéire Is don phólas teas do bhain an tsaoi bhéil-bhinn, Do nós na gcleas do chrean le rí Phoébus Is le hóigh ghlain chailce Daphne, inghean Phénix. Is mó do leag me faid na righin-laethann Is mar fheóidh an rachmas rath dobhí ag Phlégon Nó is dóigh gur chas an mac san Clyménus Do dhóigh na flaithis tana is mín-Thétis. Fóirigh feasta, a eachraidh chruinn ghéibhinn Nó is ró-fhada an seasamh dam go hoidhche éirghe Óir ní fhaicim bean na buidhe-chéibhe Do dheól mo shearc ag teacht na duibh-réibhe. Is ró-fhada an t-aistear, gabhaidh slighe éigin Nách ród chum baile acht bealach aimhréidhtigh Nó is dóigh gur bacach stadach bhíos Aeton Fá'n gcóiste chleacht a tharraing trí néaltaibh. Is mór go mb'aite tamall d'oidhche éigin 'Ná ar ló dá gcaithinn feadh na dtrí saogal Is móide an pheannaid bean dá sír-fhéachain Is ná leómhfainn teacht 'n-a gar is í 'om chéasadh. Cómhursa ghar don chairt sin fír-Shéarlais, Cómhgas geal na $stars dobhí air - $séven, Cómhalta Ariadne is dalta an choim chéasta Rós na bhflaitheas is rath na rí spéireat.
23. Ó tolladh libh, a choscarthaigh na dtriúch go léir. Ar bhás Dhoireann Paor i gCluain Molt, 1736. Ó tolladh libh, a choscarthaigh na dtriúch go léir Let cholg nimhe goirtightheach i dtúis a saoghail An ghorm-ruisc gan locarthacht ba lonnrach scéimh Is grogaire dubh doirbh thu agus búr it mhéinn. Ba forasta ba focal-snoidhte fionn an bhéith, Ba solus-chuirp ba soilbhir ba súgach séimh, Ba lonnardha ba loititheach ar lúth na laoch A soirbh-dhearca soineanta mar dhrúcht ar fhéar. Ba bhrostuightheach chum cogaidh ar a gnúis an chaor Do b'oscardha gan obadh ar bith ag tnúth le haol, Corra-chnuic a brollaigh ghil ba lugha 's a déad Tug coirtighthe gan lorg finne an drúcht 's an ghéis. Ba follus oilte in oibreachaibh múinte gréas Is do fromhadh insna scolaibh cirt an chúil-fhionn ghlé, Ba sochar do lucht orchra agus túirse a séis Ar phortaireacht, ar chrotaibh cliste ciúil na dtéad. Is doilbheas dár choidridh go dlúth an ghéag, I ngothaibh binne is foistineach do scrúdadh dréacht; Toirchim a codlata go ciúin i gcré Tug osna i gcroidhthibh poibleach is dúbhchas déar. Dá mb' ollamh me ba foscainteach ar iúl gach léighinn Do mholfainn-se 's níor dheocair dham a gclú 's a gcéim Toirrcheas mná croibhfhinne shliocht Lugha na n-éacht Ler cosnamhadh ar Chormac Gort Iúghaine fhéil.
A' srothaibh criostail dfholaibh cuthaigh cumhra tréan Do foilceadh broingheal shoithimh shultmhar bhúidh na gcraobh Treabh thorann-trupach chosantach, gan smúit, na bPaor Is fuil oirdheirc na mborb-chon ó Dhún na Séad. A Mhic ochta Mhuire dfhortuigh sinn le crú do chréacht Leat socruighthe sonasta fád chúmhdach féin An chochall chluthair chorcar-chruthach chúmtha caomh It fhochair-se gan toirmeasc go cúirt na naomh. An Ceangal: Do cuireadh i dtuama Chluana Molt it chaomhnadh Finne-bhean uasal uainn cidh dochar déarach An bhroingheal gan ghruaim ba suaimhneach soirbh-bhréithreach Doireann gheal stuama shuairc de scoith na bPaorach.
24. Rachad-sa go Flaitheas geal an tSuaimhnis Mhóir. Nuair a chuir Diarmuid Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin an rann so ag triall ar Eóghan: A Eoghain, a thaisce 's a thaca na n-ollamh rianta Do thóg mo mhisneach le taithneamh is tuile briathra, Ba mhóide m'easbhaidh 's gan agam acht bloscadh bliadhna Do chómhairle a ghlacadh 's is fada chuir orm iarsma. Freagra Eoghain air sin: Rachad-sa go Flaitheas gheal an tsuaimhnis mhóir Is aithrisfead go bhfuil t'amhail-se de shuairc-fhear beó; Aitchfead ar an Athair-Mhac is ar Uan na hÓighe Airgead do thabhairt duit nó tú fhuadach leó!
25. Tar déithe na cruinne. Moladh d'inghin Uí Dhonnabháin Chairbre. Tar déithe na cruinne léan ort-sa, a Chuipid Is claon-bheartach cliste ag claoidheadh flatha is treóin, Trím thaobh-sa gur chuiris gaetha agus tuilte Géara ler goineadh mo chroidhe-se tar fóir; Le béith bhlasta mhiochair shéimh-ghartha shultmhair Mhaordha ler shnaidhmeas díogras go deó, Tug céadta mar mise faon lag ar tuitim Traochta nó ar buile i ngeimhleachaibh bróin. Idir ghéagaibh na coille is $phéinix na nduille Ag éagnach mo thuirse bím-se gach ló Lem dhéara go dtigid faolchoin gan tuigsin In éinfheacht ag rith ag caoidh liom, is leóghain. Níl tréan-dair ná mothar i ngaorthadh ná i ndoire Gan an daor-bhroid 'n-a bhfuilim scríobhtha ortha i gclódh, Is na héin bheaga bhinne ar chraobhaibh gach bile In éinfheacht dom chur-sa i suim le n-a gceól. Do chlaonuigh mo mhire, mo néallta bíd briste In éagmuis an leinbh naoidheanta gan cheó, Péarla na mbroingheal mbéasach gan mhiollam Spéir-choinneal chirt agus príomh na mban óg; Dá n-aomhadh Mac Muire saoghaltacht is ciste Chaesair dam uile agus impreacht na Rómha, Ar shaothruigh 's ar chruinnigh an saor-mhac san Philib Ní thréigfinn-se air ise choidhche dem dheóin. Is craobhach cas cluthair néamhrach go troighthibh Gléigeala a fuilt 'n-a ndlaoi-bhothaibh óir, Is a caol-mhala shingil éadtrom ar mhullaigh Éadain gan chuise is aoibhinne snódh;
A claon-ruisc mar luisne gréine trí chriostal Chréachtnuigh le hiomad saighead me tar fóir, A déid chailce chunnail, a béal tana milis Is séimh-chneasta friotal fír-cheart gan mhóid. In-a caemh-leacain shnoidhte nách daonda dorinneadh Is éigneach an lile i gcoimheasar an róis, 's is daol le n-a duibhe an ghéis ar an uisce Seoch taobh-ghlac is cruinne cíche na hóighe; A haol-chrobh noch bhaineas séad-bhairc na tuinne Is céadal gach curadh ar mhín-bhrata sróill, Réilteanna neimhe, an t-aer is mar ritheas Phoebus ó thigeann soillse go neóin. 26. Trím thaobh-sa tig tuirse. Do Mháire Nic Cárrthaigh i gCarraig na bhFear. Trím thaobh-sa tig tuirse aréir dam d'éis luighte I ndéisibh dochonnarc an rí-bhroingheal óg Do thréan-chaith im choinnibh gaeth neartmhar nimhe Do chréacht me le hiomad díograis dá clódh; A féachain 's a feicsin d'éaluigh i ngroide Ar thaobh cnuic mar thuitfeadh draoidheacht scamaill ceóidh, d'éighmheas ar buile i ndéidh an té d'imthigh Go céasta 's me ag sileadh sír-cheatha deór. Is néamhrach 's is fighte péarlach a dlaoithe 'N-a tréin-bheartaibh truipill scaoilte go feór, Go claon casta cluthair dréimreach ag tuitim Dá ngéilleadh gan iomaidh ar bhuidhe-dhath an óir; Do chlaochluigh an fhinne an daol-dath is duibhe Go séadmhar le cumas faobhair agus seóil, Ó Chréit tug an curadh i gcoimheascar na gclaimhte De dhruim caise tuinne an ghéag leis ar bórd.
A déid chailce shingil ghéir-ghearra mhiona Shaor-thaisce mhiochair mhín mhilis bheóil, A bréithre gan tuitim baothacht 'n-a friotal Éifeacht is tuigsin líomhtha cé hóg; A brághaid shlad an ghile ó ghéisibh na tuinne Is a dhá mama chruinne mar mhín-tsneachta i gclódh, Is dá thréine bhíos tuile go staonann an t-uisce Ag éisteacht le binneas faoidh-ghuith a beóil. Bíonn caor agus lile ag éad is ag iomaidh Le chéile gan tuirse ag coimheascar 'n-a clódh, Agus éigse na cruinne ná léighid is ná tuigid Cé is géire nó is moille stríocas don chóir; Caol-mhala shingil a réidh-rosc is gluise 'Ná braonacha miona ar fíor-bharra an fheóir, Is é do chuir mise im éagan ar buile Is na céadta chómh dona linn le n-a ló. Fé ghéagaibh na nduille is faon-lag do thuiteas Taomach le tuirse i smaointe is i mbrón, Gan aon neach im ghoire acht faolchoin is sionnaigh Is éanlaith na coille im thimcheall ag geóin; Ba bhaoghal dam a ndruide taobh liom ag siosmadh Séimh-ghuth an leinbh aoibhinn gan cheó Is má's det dhruim-se do thuiteas sa chrích seo 'n-a bhfuilim Mo léan mar dorugadh sinn chum bheith beó. An uair ghéir-dhearcadh liom-sa a scéimh is a cruith sin d'éaluigh mo mhisneach is dfhíor-ghoid mo shnódh, A saer-phearsa shuidhte ó éadan go bonnaibh Is a haol-chruibh is gile-mhíne dar ndóigh. Is éascaidh do rithinn tré chaoltaibh tré mhongaibh Tré shléibhtibh tré chnocaibh gach oidhche duibh-cheóidh, Is thíos cois na tuinne do shíneas le tuirse Claoidhte gan fuinneamh intinn ná treóir.
"A bhéith chneasta mhiochair shéimh shlachtmhar chliste Léirigh is innis dúinn-na cá ngeóbhad An de Ghaedhlaibh do chine de shaor-fhuil na droinge Do traochadh gan feitheamh choidhche go deó?" "Éist feasta, a dhuine, is baoth leamh do thuras Is gur taobh leat do hoileadh sínn ós do chómhair I nGaorthadh cois uisce i nglé deas na Coinge Gurab ann dogheóbhair mise d'oidhche is de ló." "A bhláth-scoth na mbroingeal is nár duit mo mhilleadh Is m'aon-toil go dtugas díbh-se tar fóir, 's dá lámhuighinn ar chruinnigh Déamar is tuilleadh Ná tréigfinn-se thusa choidhche dem dheóin; Muna méin leat me fhilleadh ón bpéin seo 'n-a bhfuilim I ngéibhinn nur chuiris críoch liom lem ló, Atáim chum bheith curtha ag Máire gheal mhilis 'N-a ráidhtar a sloinne den Chárrth-fhuil fá dhó."
27. Truagh do thuras a ghearráin dhuinn. Nuair bháthadh capall le comhursain dó. Truagh do thuras, a ghearráin dhuinn Is luighead an tsuim dobhíonn it speóis Ba churanta lá thu ag gabháil na slighe Osna mo chroidhe thu i dtuinn gan treóir! Ba treorach curanta cumasach é gan dobhat Sa ród le fuinneamh 's an siollaire séimh 'n-a dhrom I gcómhgar coille nó curraigh nó taobh 'n-a ngabhadh Gur sheól an tiubaist dá iomlasc é fé'n bpoll. I bpoll síos, uch! m'annscíos do thuitim gan bhrígh Is nár mheabhruighis an cham-shlighe sin Churraigh na Buidhe Do cheann mín i gcanntaoir gan fuithin ón ngaoith Is na hamhais nimhe ag glamghaoil is 'ot ghiobadh 'sa díg. I ndíg doimhinn, uch! mo threighid tu bheith treascartha ar lár Is gur mheadhrach tu in aghaidh chnuic nó ag tarraing sa bhán; Do bhaill bheathadh ag gadhraibh dá stracadh 's gach áird Is tinn liom an roinn sin ar chapall mhaith Sheáin. A Sheáin, is ciach liom t'iallait gan chapall i gcúil Is gur cuireadh srian leat fé ghiall puirt do ghearraigh a shiubhal, Atá an fiach dubh go diachrach ag creimirt a shúl A chiar-chnis dá dhian-scrios idir mhadra is chú. Cú ar fad dot chúrsadh 's 'ot tharraing fí'n ngleann, Do lúthach ag complacht dá stathadh it luighe fann; Do shúil ghlas ag an rúcach is go dtachtaidh sí an t-amhas, Is t'úrla mar chlúmh nide ag meaig 'n-a shuidhe i gcrann.
Crann teinnis don tseisrigh ar annródh thu Ár ngleidire nár dheireannach in am cómhraic; Fé mheigeal puirt má beireadh ort tar ceann t'eólais Tug feilli-scrios go heirball ar hamhailt chóraigh. Ba chórach lá an mhórtais dá tharraing 'san bhfiadhach Mo scóllaire mear módhmhrach is anam 'n-a chliabh Is brón liom ar bórdaibh thu ag madra fiadhaigh Is mar seóladh tar t'eólus tu i gCurrach Buidhe an diabhail. An Ceangal: - Is dubhach liom mar stiúradh ár gcapall sásta Dá únfairt go súilibh i gcurrach báidhte Ní hé ionnramh dothiubhrainn-se d'each det cháil-se Acht úr-choirce súighte agus barra fásaigh.
28. A chnú chailce chléibh 's a rúin ghil na nAe. Agallamh idir an Anam agus an Corp agus iad ag scaramhain. Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh agus Liam Ruadh Mac Coitir do cheap eatortha. Ní heól cia aca do chúm éan-chuid fé leith. An Corp, leis an Anam: A chnú chailce chléibh 's a rúin ghil na n-ae An bhfúigfir-se mé do chompánach? Ba chúmhra do bhéal, ba mhúinte do scéimh 's is dubhach bhéad it dhéidh go dólásach; Gan lúth in mo ghéig ná lonnramh im ghné Fé smúit ag an éag gan sábháil dam, Is smúdar i gcré cé túirseach an scéal Gan súil le thú 'om fhéachaint go lá an bhrátha. An tAnam, leis an gCorp: A thrú liosta bhaoth gan únsa den chéill Fúigim don daol go lá an bhrátha thu, Do dhrúis is do chraos is ciontach lem péin Is dfhúigis me tréith im thámh-bhás bhocht; Dom rúscadh gach lae ó mhúraibh na naomh Fé dhúbh-bhrata tréith an dóláis ghuirt, Mo chúis ghuil lem ré nár dhiúltas dot mhéinn Is mar smúineas bheith claon chum diablása. An Corp, leis an Anam: A stóir ghil ná féach ar mhór-chortha an chléibh Do pósadh leat mé im broinn mháthar, Má dfhóbras claon chum póit agus craos Níor chóir duit-se géill dom diablása; Do sheólais gach lae mo ghlórtha 's mo mhéinn Is brón duit má's baoghal chum díoghbhála, Is a leógain ghil tséimh de phór gheal na naomh Is leór duit in' éiric do dhíoghbháil-se.
A neóid bhoicht bí saor, gan póg duit óm béal Go bhfóiridh Mac Dé mo dhíoghbháil-se, Bheith dreóighte fé chré gan spórt is gan pléidhe Gan glórtha binn baoth le hógánaibh; Fóir mise a Mhic Dé agus tóg me ó phéin Chum sóghchas na naomh go lá an bhrátha, Go bpósad lá an tSléibhe do nóchar fí scéimh Fé nódh-chruth ná tréigfeam sa ríoghacht neámhdha. An Ceangal: ón Anam: Don ríoghacht neámhda let ghrásaibh go stiúruighir mé, A Áirdmhic rug Máire dá n-umhluighid céid; Na táinte dár ngárdadh fá mhúr tighe Dé; Ag an mbás mbocht ó dfhágais mo chnú-chroidhe i gcré.
29. Aréir ar mo leaba. Eoghan an Mhéirín, nó Domhnall Ó Colmáin, cct. A.D. 1742. Aréir ar mo leaba im thaomaibh gan tapa Is me ag déanamh na n-aisling bhíodhg me go beó Gur théarnuigh lem ais-se an bhéith mhiochair bhlasta Glé ghonta ghartha aoil-chnis gan smól; An tan fhéachas an ainnir mhaordha do phreabas Le héigean le searc is díogras dá cló Gur shléachtas go talamh méisi lem hata Dfhéachain créad as an rí-bhroingeal óg. "A réiltean gan cheas réidh-se mo stair Nó an éinne den tsleacht tu dhísceadh na slóigh An tu Bhénus bhí seal dá caomhnadh le Mars Do shaothruigh an barra i ngnaoi agus i gcló, Nó Hélen ler cailleadh traosaigh na dtreas Na nGréagach nár mheath i gcoimheascar na dtreon Nó Déirdre tug searc don chaomh-churadh mhear Do traochadh le cealg draoidheachta gan chóir? Nó Céarnait fá deara na céad-mhuilte ar shreabh, Bhí tréimhse ag Mac Airt i sír-chion go mór Nó Medea bhí seal ag Mac Éason na gcath Flaith éachtach na n-arm nimhe ghearradh feóil; Nó an céile bhí ag Samson aerach, an fear Do claochnadh le bearradh a dhlaoi-fhuilt gan chóir Nó an péarla do lean Mac Néill soir tar caise An laoch mear do threascair mílte sa ghleo?" Le n-a taobh sin gur fhreagair mé mar ba cheart An spéir-choinneal chailce aoil-chnis gan smól: "Ní haen-neach dar cheapais méisi, cidh fada Ag éileamh ar m'ainm bhíonn sibh-se fós,
Acht Thémis tá creachta ag daor-lucht ar fad Le réimheas ag teacht ag innsin mo sceóil Mo chéile gan cheart atá 'om shéanadh le seal d'fhúig Gaedhil bhoicht fá smacht i gcuibhreach gach ló. Do réidheas-sa do stair i mbréithre go ceart A shaeth-fhir ná leag do chroidhe-se fám ghlór 'S go bhfuil saer-chead ón Athair Naomhtha againn feasta Ó's léir dó gur fada sinn uile i ngeóc, Go bhfuil Séarlas ag teacht is a laochra le n' ais I scéimh loinge ar barra taoide le cóir Do shéidfidh na bathlaigh tar tréanmhuir amach Is do ghlaodhfaidh i mbeatha a shinsir mo leoghan." An Ceangal: Sin cunntas ceart chughainn-na tar fairge mhóir Do bhrúghfaidh an cúl ag lucht acra a thomhas, Ár bprionnsa le conncas nár measadh bheith beo Cuirfidh sciúrse le búraibh as Banba an tslóigh.
30. Fáilte is fiche i gCríoch Fáil. do Major Cormac Mac Carrthaigh. Fáilte is fiche i gCríoch Fáil Do leanbh gheal an ghrianáin An seabhac sultmhar subhach sámh An binn-bhile bláith, Cormac an rangcáis Dfhuil Chaisil chirt na Mumhan árd Ó Ghort na ngarbh-líog lán I bpríomh-phost de ghnáith; Taitneamh ceart na seandán Cara geal na n-ógán Is binneas guith an teampáin Dá líonmhaireacht cáil, Cé thuiteadar i ndólás Gan scaramhain le tromchás Le ceangal searc is síor-ghrádh Bhí snaidhmthe 'n-a lár. Is tabharthas le mórdháil Don chine ar fad 's is lúthgháir Nur geineadh ortha an géagán Is fírinneach dfhás, Bhí fuinneamh nirt 'n-a leabhar-chnámh I bpearsain chailce cló-cháidh Ar arm chliste ag feannsáil Go cruinn tapa a lámh;
Curadh is flaith gan aon scáith Tug lannaireacht ar lom-shráid Ná critheadh roimhe lannsáil A naimhde go tláith, Ar chosnamhach na n-éadán Ba cosantach i gcruadháil Claidheamh cosantach ? na ngabhlán Cé síoghmhar a cháil. Gliocas lucht na seóltán Ar thonnaibh troma ag túrnáil Ceapadh leis 'n-a chliabhán Is inntleacht fáidh. Ar Mhac an Uile-naoimhghrádh Sirim-se le caoin-pháirt A dhul 's a theacht gan díoghbháil Is choidhche a theacht slán.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services