Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh

Title
Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh
Author(s)
Mac Carrthaigh, Eoghan an Mhéirín,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1756
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1938)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Sin óigbhean shultmhar gan fuithin gan scáth ón síon
Acht órfhult chluthardha ag tuitim go bárr a troighe
Do sheólfainn chugaibh le duine glan grádhmhar grinn
Chum Eógain, cuisle dfhuil bhuirb na gCárrthach aoird.



Fear fóghanta a fuirinn do fuineadh den Tál-fhuil ghroidhe
Fear cródha cumasach curata cráibhtheach caoin
Fear eólgach cliste chum muilinn do tháthadh ar linn
Is a shórt mar thuigim níor cumadh i dtábhairne dighe.



A Eoghain, a chumainn, a chuisle na sáir-fhear síoch -
Na leógain chuthaigh ó chiumhsaibh na mbán-tsruth mín
Do mheóir ba bhinne chum seinm go sámh ar phíb
'Ná ceól na cruinne is a dtiomargadh láithreach baill.


L. 12


An Ceangal:



A shoilbhfir mhir chumasaigh do chonnluigheas ciall
is do chuireas muilte mine ag rith ar shrúillíbh dian
Dar muige dhuit ba gile liom tu 'om ionnsaidhe aniar
'Ná a bhfuilid sin ar chine Scuit i ndúthaí Bhriain.


L. 21


NA HAMHRÁIN.
1. A chomplacht ghlan chaomh-chrothach chaoin.



Moladh abhann Laoi.



A chomplacht ghlan chaomh-chrothach chaoin
Do chaol-chois na Tuít dothug bárr
Bhur ndúthracht ag géar-mholadh Laoi
Ba saothar don íntleacht is feárr -
An lúb-shrothach ghlé-chriostail mhín
Is féile ar bith fíor-uisce cáil
Nur thúirling gach séan le n-a taoibh
Do b'éidir sa tír Neimhe dfhagháil.



Is cubhartha 's is craobh-thorthach bhíos
Gach gaorthadh 'n-a timcheall ag fás
Fá ubhla fá chaortha fá fhíon
Ag claonadh go híochtar a trágha
Is glionndar na n-éanlaith go binn
Le séis mhiochair aoibhinn 'n-a mbárr
Dobheir súgach lucht créacht agus caoidhe
Le héigean a ndíograis don gháir.



Is flúirseach fá aol-chlocha a fuinn
Is is gréagach a luibhneach fá bhláth
Mar lúbh-ghoirt Hesperia dobhíodh
Dá chaomhnadh le draoidheacht ar feadh spás
Ba súl-ghlas a béithe gan teimheal
Is a laochradh ba míleata tásc -
Ar chúirtibh na gCaesar fó thrí
Ní thréigfinn a haoibhneas go brách.


L. 22


Le hiomdhacht a héigne de shíor
Is a méith-bhric gan slighe aca chun snáimh
Ag brúchtaigh 'n-a slaodaibh i dtír
Mar fhaesiomh ón linn ar an mbán
Is dubhach liom a réim is a cíos
'N-a stéigibh dá straoilleadh idir chách
Is a prionnsa in Alténa 'n-a luighe
Nár thréig creideamh Chríost ar éstát.



2. A bhuadh na bhfile is a chriostail.



Don Athair Pádraig Ó hIarfhlaithe,
an chéad uair a bhuail Eoghan uime:



A bhuadh na bhfile is a chriostail lucht siubhail sráide
Bog uasal urramach tuigseanach ciúin páirteach,
Gídh muar do ghoirm le clisteacht ós cionn dáimhe
Fá chuan do choimirce an misde don trú atá ag dul?



Freagra freastail an Athar Pádraig air sin:



A shuairc-fhir bhuirb do chuireadh let bhúidh-ráidhtibh
Cluain ar bhroingealaibh ghuirm-ruisc chiúmhais-náirigh
Má's cuan chum coimirc leat druidim le bonn-stráille
Do bhuachaill mise - fá'n gcruinne do dhúbh-shlán cuir.


L. 23



3. A Dhragain chuthaigh chalma.



Séamus de Barra cct
chum Eoghan an Mhéirín



A dhragain chuthaigh chalma den Chárrth-fhuil úir
Is blasta binne labhras i ráidhtibh ciúin
Atá scata broingeal balsam-ghuib is áilne gnúis
Dár fada liom go dtagrair do dhán 'n-a gcúis.



Ist ló nuair chím gach brídeach cheannsa shéimh
I gcló is i ngnaoi do chríochnuigh fann gach tréan
A leóghain nách tím doní gach rann gan bhéim
Treóruigh sinn chum scríobh ar ghreann gach n-aon.



4. Ag machtnamh bhíos im leaba araoir.



Ag machtnamh bhíos im leaba araoir leath-uair roimh lá
Ar bhearta claoine an mheabhall-tsaoigail uallaigh ghnáis
Mar glanadh príomh-scoth Chlanna Míleadh uainn tar sáil
Is a sealbh críoch mar fhearann cloidhimh gur bhuaidh a námhaid.



Admuighim gur ghlacas bíodhgadh buairt is cás
Is gur lasmhar linn óm dhearca síos le guais ag tál
Tré anacraíbh gach dragain dfhíor-fhuil uasail Táil
Ba neartmhar fíoch ar lannaibh líomtha ag tuargain námhad.



Trém shearbh-chaoidh do dhearcas ríogan shnuadh-gheal bhreágh
Ag teacht lem thaoibh go maiseach míonla muardha mnámhail
Is leanbaidhe do bheannuigh sí gér buartha a stáir
'N-a taistealaidhe cé fada bhí 'n-a cuan ag dáimh.


L. 24


5. Ag taisteal a bhíos trí Mhaoil na hÓine.



Ar bhás Bhetty Tonson,
.i. bainchéile Uí Dhonnabháin Cairbrigh.



Ag taisteal a bhíos trí mhaoil na hÓine
Maidean aoibhinn mhín gan leóithne
Do dhearcas rígh-bhean tsidhe fá bhrón-bhrat
Ag cantain laoidhe 's ag caoidhe go deórach.



D'aitcheas den bhrídigh mhín-tais mheór-laig
Geanmnach ghríos-ghuib bhinn nár ghlórach
Fáth adhbhar a maoithe d'innsint damh-sa
Dfhúig atuirseach scíosmhar í ar an bhfeór-chnoc.



Dfhreagair i laoithe líomhtha bhreóidh me
"Measaim gur daoi thu ar díth gach eóluis
An tan nách aithnidh duit daoirse tíre Fódla
Ná an teascadh so ar phrímh-shliocht chríche chródha.



M'ainm-se Clíodhna ó thaoibh na bóchna
Sean-bhean chaointe ar shaoithibh móra
Cúis mo cháis mo chrádh trím dhrólainn
I gcaisleán, ar áird 's i lóngphuirt.



An múr sin tíos dochídh go leóinte
Gan chuach gan chorn gan solus gan seóide
Is minic dochonnac-sa go cupardach cóisreach
Fíontach fáilteach fálach fórsach.



Bantracht múinte búidh gan mórtas
Le scor de laochaibh léigheanta leóghanta
De chlanna triaithe fiala is treón-fhlaith
Ar hallaí an teaghlaigh mheadhraigh mhodhmhraigh.




Sluagh dámh is nuallán na gceól-chrot
Is seancha is suadha ar uaislibh Óluim
Ól is imirt ar fhithchill na fóirne
Is gleacaidheacht ag gaiscidhigh óga.


L. 25


Timcheall ag Rí geal na hÓine
Ba haidhbhéil réim is céim is cómhachta
Do ghluais ón Mháig is breághtha feóra
Dá bhfuil in Éirinn fhéarmhair fhód-ghlais.



Baintighearna gheal sciamhach Dhomhnaill
Ceap na héigse d'éis an leóghain
Monuar fí líg in árus feóidhte
I bhfochair a tighearna chiallmhair chóraigh.



Siúr na ndragan ó Bhreatain na seólta
Dar ghéill an Bhanba mhalartach mhóinteach
Inghean maior fheartaigh na ngleó-chath
Betty Tonson, $duchess dófhulaing."



Do bhíodhgas féin le héacht an sceóil sin
Is dubhart le béith na gcraobh-fholt ómrach
Nár bh'iongantas cumha 'n-a ciúmhais is breóiteacht
Is ciach do leathadh fé fhearannaibh Óluim.



Ó d'éag an stuadh ghlan uasal d'fhóireadh
Cás na mbocht na nocht 's na ndeóraidhe
Is gearán na ndonán nár threórach
Le carthannacht shéimh gan scléip gan sclóndar.



Gnúis gan mhairg ag freastal na slóighte
Ba chliste do scolaibh i solus-bhrog seómrach
Súil daonnachtach ag féachaint na ró-lag
Is lámh sínte 'n-a ndíol gan teóra.



Gídh bhí 'n-a leanbh den aicme tar bóchna
Is cheangail le hárd-fhlaith Máige móire
Níorbh'fhuiris béith dfhuil Gaedhal do chóimhreamh
Ba saoire le saoithibh 'ná an óigh sin.



'Ná béith na ngorm-rosc lonnardha lómrach
Dofríoth 'n-a méinn do réir a tóismhigh
Ler b'annsa an t-uasal truagh gan feóirling
'Ná an mangaire teann 's a mhangtha d'óraibh.


L. 26


'Sé ba taithneamh don mhascalach beóltais
Rabairne riaghalta diadha dóid-gheal
Fíonta ón Spáinn dá ndáil ar bhórdaibh
Leagadh na mart is tarraing na beórach.



Riar na ndanarach ndealbh gan bhólacht
Is cabhair na ndaoine mbrígh-lag mbreóidhte
Éisteacht duan is cuallacht ceólmhar
Soilléar fairsinge is ragairne ag treónaibh.



Tá an daonnacht gan chéile ar bith beó aici
Is tá an fhéile fá néallaibh gan seódaibh
d'eitill an charthannacht chneasta tar bóchna
Ó cumhduigheadh go dlúth í san chómhrainn.



Do scaoil an saogal séimh go sómplach
Is do chaith a maoin gan suim i seódaibh
Do choinghibh a creideamh ar leirg a nóchair
Is d'imthigh fá chlú gan smúit 'n-a cóimhdeacht.



Is iomdha taistealach tartmhar is geócach
Is bean iar n-éag a céile pósta
Leanbh gan athair acht Athair na glóire
Dfhúig an bás sin cráidhte deórach.



Imeasc na Sasanach neartmhar do seóladh
Anuas ón Chongcas chughainn go fórsach
Ní tháinig dream na namhad 'n-a teóra
Ba cneasta le Gaedhil 'ná a gaolta cródha.



Taoisigh oilte gan mioscais d'órdaibh
I dtreasaibh goile is i bhfriotalaibh Scótais
Nár chreach mainistir, cealla, ná cómhursain
'S nár ghlac breab chum lag do leónadh.



Níor leig an chúil-fhionn chlúmhail chló-chirt
A dadamh amugha dá dúthchas ró-mhaith
A sochar go léir in'aon cé mór-ghuith
Do doirteadh gan fuigheall 'n-a croidhe 's 'n-a rós-chruth.


L. 27


6. Eoghan an Mhéirín agus Piaras Mac Gearailt.



Do réir scríbhinn Phiarais Mic Gearailt i Muigh Nuadhat,
do thuit meisce rómhór ar Eoghan uair i gcuideachtain
Phiarais; dothug sé iomad an-chainnte agus rádhmhaill
easaonta dhó, agus do ghaibh a leath-scéal leis ar n-a
mháireach mar leanas:



Eoghan:
A shaoi dfhuil éachtaigh cheannasaigh na nGearaltach gan stánadh,
Is de phríomh-scoth Paorach lanna-ghlic na ndragan chuthaigh árda;
Má bhíos-sa aréir leat sparainneach le mearathall mo ráidhte,
An fíon do shéid im aigne gach glafairneach dá ndeárna.



U 0283
Piaras, ag freagairt:
A shaoi de phréamh-fhuil Charrathaigh nár cheachartha sa tábhairne
An nídh sin d'éirigh eadrainn noch maithim duit gan cháirde
Síordhacht bléithe is radaireacht chuir mearathall 'n-ár ráidhtibh
Is is fíor go ndéineann carrbhas carthannas neamh-cháirdeach.


L. 28


7. A shéimh-fhir chailce den aicme.
Nuair chuir an tAthair Pádraig Ó hIarfhlaithe fáilte
roimh Eoghan ar Aonach Mochromtha:



An tAthair Pádraig:
A ghéag den Charrtha-fhuil cheannais ba chobhartha i ngníomh
Céad Dé Bheatha go Baile Mochromtha linn;
'Sé mo léan ná mairid na flatha bhíodh teann sa tír
Dodhéanfadh carrbhas againn gan doghraing, mí.



Freagra Eoghain air sin:
A shéimh-fhir chailce den aicme nár chrom a gcinn
Ba léigheanta lanna-mhear 's ba dheachtaithe i bhfoghluim ghrinn,
An t-éag ní heagal go dtagad go trom in aois
An péarla ó dhearcas i bpearsain mo chrobhaire ghroidhe.



8. A shéimh-fhir chumainn
Le táilliúir i dtigh Eoghain Uí Challanáin:



A shéimh-fhir chumainn ar chulaith le a mbuailtear scím,
Ná léig mo shuimneach liobarnach uait arís;
Acht déin a sciotadh gan teimheal is fuaigh go caoin,
'Sa tsaothar uile ní thugaim acht duain mar dhíol.



Eoghan Ó Callanáin cct
ag freagairt air sin:



Is cian ó d'imthigh lucht cruinnighthe cómhad is grinn,
Is a dtrian ná tuigid an fhuireann so is eólach díbh;
I ndiaidh do fhriotail muna dtugair-se dhóibh acht laoi,
Go mbiaidh do chulaith mar "Ghiolla na bhfeóirlingí!"


L. 29


9. A shéimh-fhir ghasta den Charrtha-fhuil cheanamhail aoird.



Diarmuid Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin
cct ag gabháil a leath-scéil le hEoghan an Mhéirín Mac
Carrthaigh toisc gan cothrom níos feárr a bheith aige ina
chómhair nuair a chaith Eoghan oidhche ina fhochair ag a thigh i
nGleann na Ruachtaighe:



A shéimh-fhir ghasta den Charrtha-fhuil cheanamhail aoird
Is léigheanta cheapas na ranna i gceart-phongc laoidhe
In éiric haistir san aiste na bhflagún dighe
Scéal Pharnassus glacaidh 's is lag liúm díbh.



Me aosta caithte gan eallach dá mbleachtughadh puinn
'Om thraochadh ag galar is fada tá ar beathughadh im chroidhe
Na céadta 'om stracadh, is agam-sa deachmha níl
Tug mé gan bheathuisce blasta, mo chathughadh, araoir!



An saoghal ó laguigh an ghasra cheanamhail ghroidhe
Nár réidh le gallaibh acht tarraing fé bhrat dlúith an ríogh
Fréke is Waller is Hasset ag taltughadh a gcríoch
Tug mé gan beathuisce agam, mo chathughadh, araoir!



A chalm-fhir ghasta den aicme chirt aoird sheanda
Ó's feasach 'n-ár bhfaraid tu ag scanadh gach grinn-labhartha,
It bhacach seascair ó's dearbh tu it luighe i dteannta
Sin tobac agat is glacaidh mar dhíol brannda.


L. 30


10. A shéimh-fhir ghasta dhen aicme.



Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh cct
ag freagairt Dhiarmuda.



A shéimh-fhir ghasta dhen aicme nár cheasnamhail gnaoi,
Dfhuil fhéil na bhfearachon bhfairsing ba flaitheamhail tigheas;
Ort féin is measa liom haindeise ag meathlughadh an tsaoighil,
Dot mhéinn do raideas-sa taitneamh seoch last long dfhíon.



Dot thréithibh gasta dot charthannacht cheanamhail chaoin,
Dot bhréithribh meala gan chealg ag treasughadh an ghrinn;
Gach n-aon det aicme dá bhfeaca nár cheasnamhail gnaoi,
Gan bhréig do bfhearra liom faram 'ná lasta long dfhíon.



Ná héagcaoin feasta na ceasta so ag leanamhaint díot,
Sin Séamus againn is an dragan dár cheart Dún Baoi;
Laochra in Albain araid ag ceartughadh a gcloidheamh,
Is in aol-bhrog sheascair biaidh agat-sa last long dfhíon.



A shoilbh-fhir charthannaigh ghreannamhair chaoin cheannsa,
Ler geineadh bheith rabairneach freastalach fír-leanntach;
Do b'aite liom manglam searbh is suidhe it theannta,
'Ná seascaireacht bathlaigh is baraille dfhíon Fhrangcach.



A chumainn 's a chara 's a thaisce na suadh-mbéithe,
Nur geineadh let charaid bheith freastalach suairc déarcach;
Nár fhillead-sa abhaile go gcastar me in uaigh aonair,
Gur gile liom t'amharc 'ná a bhfeaca de bhuaibh sléibhe.


L. 31


11. Gidh doilbh na hÉachta



ar bhás Uí Dhonnabháin Chairbre.



Gídh doilbh na héachta i ndréachtaibh scríobhtha
Loscadh na Trae in ar héirleadh daoine,
Is gach curadh den Ghréig, na laochra líonmhar
Do thuit ag cosnamh i gcogadh is in íorgail.



Tá dochar is nódh is trí mhó mo mhaoidhte,
Iar dtuitim amach, mo cheas, lem linn-se;
An léir-scrios Luain seo ar uaisle Ghaoidhil Ghluis,
Abhfus is tall le gallsmacht naimhde.



Is an méid noch dfhág an Spáinn is Laoiseach
De chlannaibh na bhflaith 'n-ár measc i gCrích Luirc
Gan ceannas gan chóir le fóirneart bíodhbhadh
Nó ag bás na n-éarla dtréan dá ndíogadh.



Ar chách is pudhair is is túirseach croidhe liom
An bhuidhean gan sógh dfhuil Eóghain is Chríomhthain
Tug dubhach gach faithche gan ghasra gníomhach
'N-a ndúthchas feasta i gCairbribh timcheall.



Saor-mhac treóin na hÓine is Míodhrois
Den mharcradh thrácht ón Máig ngluis aoibhinn
Is truagh liom i dtuama go claoidhte
Is gan dá choscairt acht bolgach mhillteach.



Plannda táisc noch dfhás de rí-fhuil
Codhnach catha na bhfearachon bhfíochmhar
Sciath na bhfann in am a ndaoirse
Is Guaire fial ag riar ar bhuidhnibh.


L. 32


B'Oscar i dtreas ar lannaibh líomhtha
Is Cúchulainn i gcleasaibh gaisce an míle
Dobhí mar dhraganaibh calma a shinnsir
Lán de mhéinn de shéimhe is d'intleacht.



Marcach stéadach éadtrom íogmhar
Ag seilg an tsionnaigh nó ag iomaidh le saoithibh
Nár ghlac tarcuisne ó phearsain dá aoirde
Is ná deárna iomarcadh ar dhuine dá ísle.



Searc na mbéithe maordha mín-chnis
Órnáid na n-ógánach ndlaoitheach
Is faraire gan cheachardhacht gan chlaoine
Dochuaidh le Riocard mac Risteird fá líogaibh.



Tá nuall-ghol in uaigneas na sídh-bhrog
Ag mnáibh fionna i ráithibh 's i mbruidhnibh
Ón Liath-doire ngrianach go taoide
Is ó Chluthar na seól go teórainn Duibhneach.



I ndeóidh an uasail fhuadraigh aoibhinn
Do goineadh i dtúis a lúithe is a aoise
Mar rós lonnrach i lúib ghuirt chríonas
In áilneacht a bhláith 's a phoímpe!
Is daithnid go héag do chléir i ndíodhachta
Don éigse le ndéantar na laoithe
Is d'uaislibh bochta gan chothrom do dísceadh
Nár ársuigh go mba slán an céad do.



Do ghlac tnúth an bhúidh le sníomhtar
Snáth na beathadh le maise na bpríomh-fhlaith
Do léig anuas go luath a toinnte
's is úr do gheárr 'n-a lár an líne.


L. 33


Ní hiongna doiligh an pobal so Draighnaigh
Is Drom Dá Liag fá chiach dá chaoineadh
Is an Garraidhe fairsing cois calaidh na bhfíonta
'N-ar ghnáthuigh greann gan mheang, is aoibhneas.



Do mhac a dtighearna, a dtriath, 's a dtaoisigh
De phór cheart nDomhnaill dfhuil Chríomhthain
I bhfeart chumhang go lag cúthail sínte
I dteampoll fhollamh cois Locha na bhFaoileann.



Gaol Rághnaill den Chárrth-fhuil is aoirde
Is leógan Phárrthais do fágadh i nDuíbh-linn
Is Donnchadh† chosanta †mac Fhínghin
Is gach Mac Carrtha riamh do thriall tar linn-mhuir.



Bráthair Domhnaill chródha ó Fhaoide
Is Iarla na mBrianach ba ghníomhach
Marcus Antruim, seabhac na saoithe,
Is Marcus bhuirb Urmhumhan Íochtraigh.



An Iarla 'san iarlacht is sinsear
Ó Chill Dara fuair gairm le díogras
Iarla ionnraic na mBúrcach 'sna Coillte
Is an iarla tá gan stát fá gheimhlibh.



Bráthair Domhnaill dian-mhaith Iarla ón Inse
Is an iarla i gcéin fuair réim is saoirse
Iarla araid ionnraic na mBrúnach mear laoichda
Is an iarla geineadh ó Mhurchadh an Sceimhle!



Bráthair Barrach na dtreallamh ón mBríghid ngil
Iarla oirdhreac chosain trí tíortha
Iarla áluinn Árann na n-aoibh-lios
's an iarla tá ar iathaibh Thráighlí anois.


L. 34


Gaol Tighearna Chaisil do sheasaimh do ríghthibh
Is Tighearna an Chláir nár stán 'san íorgail
Is an Tighearna Róistigh leóghanta dílis
Nár seóladh le cómhairle na claoine.



Tighearna Mhóta fós ba gaoil duit
Is Tighearna deagh-chroidheach Bhaile Uí Loingse
Tighearna armach na Cathrach caoimhe
Is an barún noch ón gCas-chúil sloinntear.



Gaol Uí Sheachnusa rabairnigh 's a shinsir
Triath is ridire cumasach, díon maith
An ridire ó shleasaibh an Daingin nár chlaoidhte
Is Ridire an Ghleanna, fear beartuighthe an chloidhimh ghluis.



Ba gaol tú 'o ridire an oinigh dfhuil Íthe
Is do Ridire Fionn na dtrúp ná stríocfadh
Is Mhic Éamuinn na n-aol-bhrog scaoilte -
Ridire Chluana an tsluaigh 's an fhíona.



Créad an fáth dam fá seach a ríomhadh -
Níl sár-chraobh iarla triath ná bíocan
De mhaithibh seanda Gall ná Gaoidhlaibh
Gan a gcuid fola 'n-a srothanna 'ot ghríosadh.



Níor shéid uabhar uaill ná díomas
I gcliabh a' cuisleannaibh Riocaird chum baoise
Acht láighche is páirt is caoineas
Daonnacht chneasta is carthannacht dhíreach.



Dobhí sé féin den fhéile líonta
Is níor fháisc a dhóid ar sheóid ná ar mhaoinibh
Acht ag scaipeadh go fairsing gan chinnteacht;
An ghlóire shuthain nár choiglidh Críost air.


L. 35


Cuisle na lag i gcath de scothaibh Clár Mumhan
Is fuinneamh na bhfear i dtreasaibh cogaidh lá an triúin
Do chuireadh, a leac, ret chreat go hobann fá chlúid
Le Riocard an fhlaith mac maith Uí Dhonnabháin chlúmhail.



12. Cé fada me i ndaor-bhroid.



Cé fada me i ndaor-bhroid gan fuinneamh im ghéagaibh
Ag sileadh na ndéara 'n-a sruithibh go feóir
Le taitneamh don bhéith sin is deise ar bith scéimhe
Mar mise chuir céadta 'n-a n-othair gan treóir
'Sí an bháb chailce bhéasach í thaobhuigh me im luighe
d'árd-fhuil na laoch mear nár shéan riamh i mbruighin
Fás ceart is géag gheal is péarla gan teimheall
'S ní náir liom it thaobh-sa dá ndéanainn le baois.



A ghrádh geal tair taobh liom ná fág mise i bpéin fhada
Ar sclábha ná tréig me, ar shaoghaltacht ná maoin
Na lán-darta géara so a sáthadh leat trím thaobh dheas
Muna b'áil leat-sa a réidhteach san éagfad gan mhoill
Do chráidh an fear caoch me le gaethaibh im chlí
Le breághthacht do scéimhe tar béithibh na gcríoch
Let gháire let mhéinne let bhréithre gan fuigheall
Is áilne gach tréithe dá ndéarfainn i mnaoi.


L. 36


A leabhar-chrobh aolda is cailce lag-mhéarach
Is gasta glic dhéanfadh ar dhaor-bhrat gan scím
Casmairt na laoch mear in airm go gléasta
Seannaigh is méith-phuic is éin ar gach craoibh
Cearca agus faolchoin 'n-a dtréin-rith fén gcoill
Ón ... ó Phoebus dofríoth
Chum an reath' chur ar Béaton 's ar Phlégon gan moill
Trér lasadar spéartha agus réalta na gcríoch.



Is dá n-amharcadh Paris an ainnir seo rádhaim-se
'N-a thaisteal tar sáile ní chasfadh arís,
Is ní leanfadh an mhánla le faladh 'n-a dheáidh sin
Do tharraing chum áir, ler cailleadh an Traoi;
Nó an fhinnebhean áluinn sin d'árduigh le Naois
Nó an bhroingeal, le grádh dhí, a thug Jason an $fleece
Isis ba tháimhe nó Áine an Chnuic sidh
Is ó thuilleadh ná rádhaim-se rug bárr maise is gnaoi.


L. 37


13. Do thaistealas gléir-aolbhailte.



Do Éamonn de Barra, an gabha, do chuir crúdh fé n-a
chapall in aisce.



Do thaistealas gléir-aolbhailte an tsleachta san Mhogha
Ó charraigibh glé Bhéarra go Caiseal na bhfonn
Níor dhearcas in éinchéim díobh do bfhearra le toghadh
Aithghein i bhféile Éamuinn de Barra, mo ghabha.



Fear carthannach caomh aobhdha gan cealg 'na chom
Freastal na gcéad tré chumann ghlacas mo rogha
Ná feacaidh san raon traochta mo chapall gan bonn
Gan allus a ghéag nglégeal is ara mo chabhair.



Do ghreamuigh sin céird déarscnaithe ghasta do thoghadh
An barra tar laoch Bhénus go heagna modhmhail
Ler ghreannuigh ar scéith bhéim-bhriste Aicill na nglonn
Talamh is spéir, réilte agus reanna mar ghabhaid.


L. 38


14. Fáilte cléibh gan chlaon óm chroidhe.
Do Dhonnchadh Mac Chormaic Bhaile Aodha, A.D. 1720.



Fáilte chléibh gan chlaon óm chroidhe
Gan bhladar gan bréig gan bréithre baois
Do ráib an tséin gan bhéim 'n-a ghnaoi
Den bhorb-ghuil chumasaigh Chárrthaigh,
Faraire ceannasach meanmnach súgach
Carthannach rabairneach freastalach fiúntach
Tréitheach tabharthach freagarthach congantach -
Criostal na dtriúch, an t-úrghas áluinn
Siollaire an oinigh is éachtach gníomh
Den fhuirinn nár dhreóil i ngleó na gcloidheamh
'Sé Donnchadh† foirtil †Mac Cárrthaigh.



Ó Pharis éachtach tréan-mhac Prím
Do cailleadh san Trae lag faon gan bhrígh
Le dian-shearc cléibh do Hélen chaoin
Dotugadh tar tonnaibh gan bheárna
Ó Heircileas ainmhear lannamhar lúthmhar
Sampson i gcathaibh do threascradh trúpa
Caesar neartmhar ba chalma congcas
Hector le fonn do bhrúghadh a námhaid
Is ó thuilleadh den fhuirinn ná déarfad díbh
I dtreasaibh na ruag nur buadhadh leó i ngníomh
Gan dochma rug Donnchadh an bárr leis.



Atá scáil na gcaor trí aol na síog
'N-a leacain go tréan ag pléireacht ghrinn
Ní tábhacht aon dó féin dar linn
Seoch seasamh is pearsa an fhir áluinn;
Dragan dfhuil cheannais na gCarrathach gclúmhail
Faraire d'eascair de mhaithibh na Mumhan
Craobh na malla-rosc, dalta na $muses


L. 39


Lannaire lonnmhar lúthmhar láidir
Seabhac tug taitneamh do chléir cheart Chríost
Crann bagair na sluagh ár suairc-fhear groidhe
De leabhair-shliocht Chaisil na ráib-chon.



Is deághthach déarcach Gaedhlach groidhe
Gan mhairg 'n-a mhéinn gan chlaon 'n-a chroidhe
Acht fáilte is féile shaor de shíor
Cidh buinne é do fuinneadh den árd-fhuil
Draganta meacanta measardha múinte
Maiseamhail, fearamhail, calma cúmhtha
Géag do scathadh a maithibh na Mumhan
Taitneamh na gcúil-fhionn, plúr na sáir-fhear
Bile den fhuirinn do thaoscadh fíon
Faraire cródha ceólmhar caoin
Flaith oirdheirc forusta grádhmhar.



Atáid dáimh agus éigse ag pléireacht ghrinn
Ar shleasaibh gach réidh-chnuic aeraigh aoird
Ar barra na ngéag guth éan go binn;
Tig loingeas gan stoirm tar sáile
Bíonn Aifrinn bheannuighthe ag eagluis mhúinte,
Beath-uisce fairsing dá scaipeadh agus lionnta,
Béithe measardha ag taisteal tar triúchaibh
Le hainghean rúin dá ghnúis ghil áluinn
Seana-phuirt ghreanta dá séide ar phíb
Dá spreagadh mar aon le téad-chruit chaoin
I bhfuirm buaidh sonais is ádha leat.


L. 40


15. Go moch is mé im aonar gan aon im chómhair.



Go moch is mé im aonar gan aoin im chómhair
I ndubhthair chraobh-dhéarmhair i smaointibh bróin
Is gach luisne ó bhéal Phoebus le soillsibh spóirt
Ag imirt tré ghéagaibh gach crainn ghlais óig.



Dochonnac bé mhaordha ba naoidheandha snódh
Gur thuit de léim éadtrom 'na suidhe ós mo chómhair
Ar thulaigh réidh aerdha do b'aoibhinn ceó
Gan duine léi acht caoch-ghiolla is saighead 'n-a dhóid.



A fuilt ag téacht d'aondul ar bís go bróig
Go dlaoitheach faon péarlach tiugh buidhe cas bórr
Do dhuibh mar sméir lér aibidh caora an óir
Tug curadh ón nGréig saor leis tar tuinn ar bórd.



A ruisc do ghéar-chréachtuigh mo chroidhe tar fóir
Mar chriostal tré ghréin ghlain 's a braoithe i gcló
An lile chaomh ghléigeal 'n-a gnaoi 's an rós
Ag iomaidh ré a chéile is gan stríocadh ag sórt.



Ba bhinne a séis caor-ghuib ba mhilse glór
'Ná cruit an té thraoch Mis le draoidheacht a cheóil
Ler chruinnigh tréad dfhaolchonaibh, gríobha is leoghain
Gan tuirse léi ag éisteacht 'n-a luighe ar an bhfeóir.



A hucht mar ghéis tré thonnaibh taoide ar ló
Is do b'ionad é tréimhse ar a suidhfeadh Jove
Ba chruinne géar aoldaithte a cíocha cóir
Is ba churtha a déad chaoi-chailce i suim dom dhóigh.


L. 41


Do chuireas féin tréin-shearc im chroidhe don óigh
Is do goideadh léi in éinfheacht mo bhrígh is mo ghlór
Le cioth de ghéar-ghaethaibh an daill bhig óig
Go cliste léig trém chreat le díoghaltas seóil.



Ar dtuitim faon féigeamhail síos ar fód
Ag troighthibh céir-dhéanta dobhí ag an óigh,
I bhfriotal thréith aobhdha do scaoil mo bheól
Is dorinn an méid bréithre seo síos im dheóidh:



A mhiochair shéimh mhéar-lag ler claoidheadh mo threóir
Innis-se tré dhaonnacht dam críoch do sceóil
An dfhuil na spéir-bhéithe dofríoth do phór
Nó an gein den tréad daonna so thíos tu a stór?



An tu gan bhréig Hélen tug díth na dtreón
's do chuir an Trae aosta is a buidhean 'na smól
Nó an tu dár ghéill Séadna ba laoichda i ngleó
Ar mhullach aerdha Éadair cidh díoch a ghnó.



Nó an sibh do thréig Aonghus mac fíochmhar Treóin
Is do rith go tréan fé choimirc Fhinn 's a shlógh
Is nár scuir an phéist chraosach dá dhíoghailt mhóir
Gur chuir den Fhéinn éachtaigh na mílte ar feódh.



Ar ise "Is baoghal éag duit nó baois dom dhóigh
Ó chuir i gcéill Bhénus duit aoirde a cómhacht
Is dá dtugadh fé faesiomh dot dhlaoi dobróin
Do nochtfainn féin cé me nó nídh ba mhó."



Leis sin do thréig taomach me ag caoidhe mo dheór
Is d'imthigh tré néalltaibh gan suim im shórt
Sirim Réx Naomhtha dá druing bheir glóir
Go bhfeicead féin spéir-choinneal Chrích Luirc fós.


L. 42


16. Go stiúraidh Mac Dé thu, a Shéarluis.



Go stiúraidh Mac Dé thu, a Shéarluis, go cómhachtach
Go haerach le fórsa is go dtagair fá mheadhair
Ag baint cúitimh go faobhrach de mhéith-bhrocaibh Sheóirse
Is ag réabadh na seólta so ghraithin an fheill;
Cnú na finne an chumais ghroidhe
De phlúr na righthe an chriostail chaoin
De chrú gach curadh fuineadh thríd
Is préamh-cholum óir;
Spéir-choinneal mhaordha 'e shliocht Éibhir na lannafaidhe ?
Is gaeth ceatha séin leat, a réaltan na slógh.



Seo an leógan gan fiaradh is an ghrian-lasair lóchrach
Do riarfas ar Fhódla na bhfearachon áigh
Do thógfas an t-iarsma so i mbliadhna 'e shliocht Eógain
Ba sciathach i ngleó-chathaibh calma námhad;
Le tóir tar tuille tuile ag tigheacht
Do dhóighfeas roimhe luisne is caoir
Do thóigfeas linn-na i mothair chraoibh
Sa saoghal maiseach bláth
Le n-a dtraochfar tar triúchaibh 'n-a dtrúpaibh go tréithlag
Búir bhuirb Bhéarla chuir ár n-eaglais tláith.



Deallruigheann an scéal gur amhrán fá leith a
thosnuigheann sa phoinnte seo



Is túirseach bhím gan chroidhe gan chéill
Do chríon mo ghné ó léigean deór
Im thrú gan suim fó dhaoirse dhaor
Im luighe gan chéile 's é bheith beó;
Mo chumha go héag thu, mo chúis guil lem ré thu
Mo phrionnsa mear éachtmhar éadtrom óg
Ar thonntachaibh baoghail gan cumhadh acht an spéir,
Agus complacht an Bhéarla ag déanamh spóirt.


L. 43


Do mhúch le scíos mo bhrígh go léir
Gach príomh-fhlaith aosta shaor dem pór
Fá smúit mar chím gan chinn a slaod
Ná staoill ag aon dá bpréimh 'n-a ndeóidh
Tá mo shúil-se gach lae go dtiubhra Mac Dé
Go Londain 'n-a réx fá réim mo leóghan
Ó thionnscain an fraoch i bhfionn-scoth na laoch
Ler túrnaidh na tréin 'san éirleach Cope.



Tá trúpa arís go líomhtha léir
Ag tigheacht i ngléas le séirse seóil
Ag plúr na ríogh do b'aoirde céim
Ó Laoiseach tréan na léartan óir
Is subhach dobhiaid Gaedhil 'n-a ndúntaibh gan phléidhe
Agus ughaim ar gach péist nár ghéill don chóir
Úird bhinne Dé 'n-a múrthaibh gan bhaoghal
Ag an úr-ghas dfhuil Éibhir do b'éachtach scóip.



Ní diúic ná a bhuidhean do chlaoidh go léir -
Mo dhíogras cléibh, ná staon é i ngleó,
Acht trú bhocht feill dá mhuinntir féin
Do dhíol go claon mo Chaesar leó;
Sin an chúis tug i gcéin ó n-a dhúthchas mo laogh,
Is nách spiúnfadh ó chéile ar shléibhtibh na slógha;
A lonnradh na naomh, noch d'iomchair an phéin,
Bain cúiteamh sa tsaoghal so den tséithleach fós.


L. 44


17. I bhFís tarfás an tráth noch léigeas
A.D. 1734.



I bhfís tarfás an tráth noch léigeas
Somnus smúit ar shúilibh daonna
Re gcuirtar an cholann do chodladh re néallaibh
Is an t-anam gan tathamh ag amharc gach taobh dhe.



Ag taisteal na slighe cois Laoi na méith-bhreac
Is me ag machtnamh ar chlaoine chaoiche an tsaogail
Noch ghabhas le síol na ndaoithe ndaorscar
Ler baineadh gach staoill de chloinn Mhilésius;



Fá thearmoin aoibhinn crainn ghlais chraobhaigh
Do dhearcas 'n-a suidhe go caointeach céasta
Ainnir ba mhín-chnis míonla maordha
Is a leaca le síordhacht caoidhe 'n-a créachta.



A basa dá sníomh is a dlaoi dá léigean
'N-a mbeartaibh le gaoith go fíochmhar fraochta
Is caise gan dísceadh síos de dhéaraibh
Ó shleasaibh a glinn-ruisc ríoghdha réilteach.



Fochtaim de bhrídigh caoin an chaomh-chuirp
A cineál bunaidh, a cine, 's a gaolta
Nó créad an chúis tug túirseach taom-lag
Ar bruach an inbhir chriostail an chéibhfhionn.



"An sibh," ar mise 'san bhfriotal ba séimhe
'S ba cneasta b'eól dom bheól a dhéanamh
"Dejanira mhín bheacht mhéar-lag
Ag caoineadh a dragain mhir mheanmnaigh mhaordha.


L. 45


Nó Andromaca gheal, ba chéile
Do Heactor uasal fhuadrach éachtach
Ag maoidh i ndeóidh a leógain laochta
Do tolladh tré mheabhall le hAicill na mbéimeann.



Nó an ghartha-ghuib ghnaoi-dheas dhlaoitheach ghréagach
Do thaistil le Páris tráth tar tréanmhuir
Nó an bhan-fháidh mhiochair noch d'innis le réimh-fhios
Leagadh na Traoi is a laoich dá héileamh.



Nó an mhascalach mhúinte bhúidh gan bhaosradh
Do chinn ar Bhanba a lasardhacht séimhe
d'éis Naoise Mac Uisnigh a cumann 's a caomh-shearc
Le ceilg do thuitim in Ulaidh 'san éirleach?"



Do fhreagair go forusta focail-ghlic faobhrach
Cér mhór a horchra a hosna 's a héigneach
"Is uaibhreach atuirseach anbhfann éadtocht
Atáim fá cheastaibh do fhreagairt don éigeas.



Ní ceachtar den druing do ríomh do dhréacht me
Is de nós mar dubhairt mac ionnraic Bhénus
Le Dido d'athchuir air sparainn is céadal
Na gcuraidhe d'aithris ar fhaithche na Trae dhi.



Is athnuadh ar eólchar mhór mo scéala
Adhnadh donais is dochair is déarghuil
Oscailt ar othrasaibh doilghe daora
Is briseadh ar chneadhaibh gan táthadh taobh-luit.



Mise agat Fódla bhrónach bhéadach
Uaigneach anacrach easbaidhtheach éadmhar
Leóinte lomartha loiscithe léanmhar
Bhascaithe bhrúighte chumhach gan chéile;


L. 46


Nuachar righte na ngeinealach aosta
Do shnaidhm le borb-fhuil Ghollaimh, mo chéad-shearc,
Ba seascair sáthach sámhail séadach
Gur chinneadar Danair ar chlanna Mhilésius.



Torchradh Eoghain chródha in' aonar
Le hionnsaighe oidhche Chuinn na gcéad-chath
Is cuaine coscartha Oilill na ngéarlann
Le fearaibh críoch tar tuinn do thraochadh.



Cailleamhain Cheallacháin arm-áidh éachtaigh
Tug ár is díth ar bhuidhin Norbhéigia
Is marbhadh Bhriain na ngiall 's a thréin-mhic
I gCluain an Tairbh do sheasaimh dá phréimh-shliocht.



Is bás na dTadhg i dtadhm gheal chréachtach
Ba tacaí dlútha cúil dom chaomhnadh
Is triath Chnuic Chaisil na dtreallamh do réabadh
Do goineadh in íorghail Laoisigh laochta.



Dfhúig me im airgtheach mheascaithe mhéirtneach
Fá ghriolladh na ngall le treall ar Ghaedhlaibh,
Im luing ar shrúill gan stiúir gan téada
Dom chaitheamh gan suim ón dtuinn go chéile.



Teascadh na dtreón gér leór mar mhéala
Dobhí rem fhóirthint dóthchas éigin
Gur chailleas, mo phúdhair, an congantach déadhnach
An tIarla ó Láine chráidh go haeibh me.



Ua na gCormac gcosantach gcéim-nirt
gClogadach gclócach slógach saothrach
Lonnardha lónmhar leóghanta léidmheach
Is Donnchadh an chúil chais bhúclaigh phéarlaigh.


L. 47


Is na triatha táisc nár stán ón spéirling
Ba tairbh dána i mbeárna an bhaogail
Ba cúl dídhin dá bprionnsaíbh i ndaor-bhroid
I dtreasaibh na gcloidheamh ar tír is ar tréan-mhuir.



Is an té do mheasas go ngarbh-thruip ghléasta
Do thriall dom chabhair tar calaidh go séirseach
Mar Thuathal Teachtmhar na scaball ler saoradh
Ó mhoghsaine mhillteach fíor-fhuil Éireann.



Ní hamhla atá acht go tláth-lag traochta
Gan lúth gan labhairt le sleasaibh Ailténa
Is Múscraighe na múr aoibhinn aolta
Fá smúit-chaoidh go dúbh-chroidheach in' éagmuis.



Ag seo buille an scuir ler séideadh
Fuil mo chuirp - an uile-bhraon di -
Is tug dreach na húire is cumha gan faesiomh
Ar mo shnuadh ba suairc le réxaibh.



Do bhíodhgas suas le guais an scéil sin
Is do thóg Morpheus a throm-shlat néallach
Do chuir fé ghlas i gceas mo chéadfadh
Le bhfuaireas aisling cé danaid nár bhréagach.



Iar múscladh dam go hathlamh éadtrom
Óm iomadh shuain dochuala géarghol
Greadadh lámh is gártha ag béithibh
Stathadh ciabh is iachtach éigneach.



Iar gclos gur theastuigh ceap na héigse
Plúr na bhfiann is grian tsleachta Éibhir
An Cúraoi ná humhluigheadh chum géille
d'aon-fhlaith i gcampa ná i ngéibheann.


L. 48


Donnchadh an ráib ón mBlárnain ngléigil
Lóchrann lasamhail Bhanba is féinneach
Na gCarrathach ndraganta n-aistreach n-éachtach
Nár dhíol a bprionnsa ar chúinse shaoghalta.



Oscar 'n-a aithghein fá bhratachaibh Shéamuis
Do chothuigh suas le cruadhas gach baogail
Ó Inis Ceithlinn chois tuinne na séad-bharc
Go geataíbh Doire do bhriseadh dá mb' éidir.



Níor chalma i ndeabhaidh an mhachaire Caesar
I gcathaibh Pharsáile ar lár an éirligh
Nó Africánus gárdach gaosmhar
Nó Hannibal na gcathrach do réabadh



Nó Maccabeus na nglom ná staonadh
In aghaidh Antiócus chómhachtaigh chraosaigh
Nó Tamarlann na bhfann do réidhteach
Nó Scandarbeic 'san ngleic ba tréine.



'N-a árd-fhlaith Laoi, dá luigheadh an séan ris,
Gur cuireadh 'san Túr go dlúth an féinneach
Iar scaipeadh na nGaoidheal acht fuigheall beag tréigthe
Atá ag an stát dá gcrádh is dá gcéasadh



Do sheasaimh i nglasaibh 'san aigne chéadna
Cé gur tairgeadh rachmus is réim dho
Acht a chreideamh go meirbh do thréigean
Is druim a bhaise do thabhairt le Séamus.



Níor thogair an Cárrthach cáidh gan chlaon-toil
An charraig sin Pheadair ar ghainimh do shéanadh
Acht d'iomchair crosa go soilbhir saogain
Ar aithris a Mháighistir ghrádhaigh do shaor sinn.


L. 49


Níor chuibhe don tseabhac do shreabhuigh ó fhéithibh
Ríoghra Bhanba is Bhreatan in éinfheacht
Gan riaghail is reacht is gean Mhic Dé ghil
'N-a chroidhe bheith ó naoindeacht go héag do.



Is lá leóin do Chlár† fód-ghluis †Féidhlim
I gcian tar sáile ar lár an t-éarlamh
Is dubhach atá a dhútha is a ghaolta
Gan crann bagair gan talamh gan téarma.



Ní hiongna dhóibh dom dhóigh gan chéill bheith
Nó taisteal i ndiaidh a dtighearna saoghalta
Seoch marthain mar táid fé bhráca an Bhéarla
Gan cabhair gan chothrom gan chostas gan spré cnuic.



Níl teas 'n-a gcroidhthibh ná fuinneamh 'n-a ngéagaibh
Do cuireadh bunscionn a lúth 's a léimreach
Is colann gan ceann an dream 'san réim sin
Ó Chorcaigh na long go cúl Uíbh Laoghaire.



Bile buadhach buacach béasach
Ceannasach clúmhail cúmtha caomh-chuirp
Draganta dána dáilteach déarcach
Feardha fálach fáilteach féastach.



Gaisceamhail gníomhach gríobhdha i gcéadal
Lanna-ghlic líonmhar líomhtha léigheanta
Maithmheach meanmnach meardha maordha
Is aithir nímhneach naímhde i ndaor-ghail.



Posta prionnsamhail ponncamhail pléideach
Rabairneach rathmhar reachtmhar réim-cheart
Soilbhir súgach súil-ghlas saogain
Tairptheach trúmpach trúpach téadach.


L. 50


d'innseadar draoithe is lucht féachta
Ar reannaibh neimhe is ar imeall na réilte
Gur geárr go dtuitfeadh fé chumas an éaga
Príomh-fhlaith ba díth dInis Éilge.



Foríor do fíoradh an méid sin
Tá sínte fá líogaibh ag daolaibh
Guaire an oinigh ler geineadh an fhéile
Mars na ngliadh is sciath na cléire.



I ndeóidh do mhairbh, a mharcaigh na stéid-each
Nár thuill tallainn ná masladh dot phréimh-shliocht
Is iomdha stuaire gruadh-fhliuch géis-chnis
I ráthaibh sidhe ar binn gach sléibhe.



Is ceólmhar friotal na mbroingeal ngeal aerdha
Ag cantain duan i gcluais gach gaorthaidh
Ón mBrúgh ós Bóinn 'n-a gcómhnuigheadh Aonghus
Go Caiseal na gcliar is siar go Béarra.



Do ghoil Áine cháidh ón mhaol-chnoc
Is do ghoileadar cách 'n-a dáil go déarach
Clíodhna ón dTráigh is Gráinne is Déirdre
Is leannán Dunlaing úir ón Léith-chraig.



Táid ceathra gan lacht, is tlacht na spéire
Fá scamallaibh dubha gan lonnradh gréine
Aibhne is easa le hatuirse ag géimrigh
Ar linn níl toradh is is dorcha an t-éasca.



Níl nóta i bhfuirm ná siosma ag éanaibh
Níl meas ar choill, ar linn níl éigne
Níl seilg dá srathadh go sanamhach saothrach
Ó cuireadh chum codlata Donnchadh i gcéin uainn.


L. 51


Ó tá gach pearsa dár ghreamuigh an méirleach
Dá ngoirthear an bás, gan fagháil ar théarma,
Is gur tolladh ár dtreón i meadhón a chléibh ghil
A Chríost, beir a anam go Flaitheas gan péin leat.



Míle ceart 's a seacht de chéadtaibh
A ceathair is trí deich suim gan séanadh
Na bliadhna ó rugadh Mac Muire dár saoradh
Gur cuireadh san bhfeart tar lear ár néamhann.



An Ceangal: -
Do thaiscis, a liag, i gcian ó Inis Eálga
An dragan nár fiaradh riamh le dlighthibh társna
Flaith feardha fial is Tighearna fine Blárnan
Creach Bhanba Bhrian is Iarla Chloinne Cárrthaigh.


L. 52


18. Is saoth liom 's is déarach le trácht im stair.



Ar bhás an Athar Tadhg Mac Chormaic Mhic Chárrthaigh 1747
.i. Tadhg Rábach, an tEaspog.



Is saoth liom 's is déarach le trácht im stair
Gach éirleach ler traochadh na táinte flaith
Do chréachtnuigh im aeibh me is i lár mo scart
An léir-scrios so ar shaor-chlanna Chárrtha' ar fad.



Tar céadtaibh is daor-ghoin go tláth i bhfeart
An saor-shagart saoghain do b'áluinn dreach
In Éirinn 's i gcéin i ngach áit ar ghaibh
Do shaothruigh gan aon spota cáil is meas.



An fhéile is an daonnacht go bás do lean
Is don chlaon-cholainn chraosaigh níor dháil a ghean;
Ba réaltan ar an saoghal so is do chách 'san reacht
An chaomh-fhlaith i mbréithribh 's i gcrábhadh glan.



Seo an t-aodhaire nár thaobhuigh bheith támhach leasc
's i léighinn chliste dhéarscnach nár ghnáthach seasc
Do chaomhnuigh a thréada uile slán gan mheath
Ó chraosaibh na bhfaolchon ar lár an mhaigh.



Don bhéith bhocht gan chéile gan cháirde i gceas
Don laochra lag aosta 's don scoláire seasc,
Is scéal guirt ag Gaedhlaibh in áitreabh leac
An réidh-bhile réim-chneasta grádhmhar glan.



In éagmuis bheith naomhtha gan cháim 'n-a staid
Do réir dlighthe is dréachta na bhfáidhe gceart,
Do shaothar Chlainne Éibhir do b'árd a neart
Táid aol-bhailte a phréimhe dá áiteamh leam.


L. 53


Péarla na cléire agus scáth na lag
Ó d'éag is nách féidir liom a fhagháil tar n-ais
Tré phéin Chroise an Aenmhic 'n-ar sáthadh an tsleagh
Go dtéighidh a anam gléigeal gan spás ar Neamh.



An Ceangal: -
Is tinn doiligh dubh dá phoiblibh, a bhán-leac úr,
I dteigheas dhorcha gér sholusmhar don dáimh mar stiúir,
Leigheas orchra na ndochrach is bláth na nÚrd,
Tadhg† forusta †Mac Cormaic Mic Cárrthaigh fút.



19. Lá dár éirigheas ag déanamh aeir dam.



Lá dár éirigheas ag déanamh aeir dam
Fé imeall ghaorthaidh na réidh-shlat mín,
Bhí gáir ag éanaibh go hárd ar chraobhchaibh
I mbárr na ngéag nglas go haerach binn;
Na táinte faolchon gan stánadh ag léimrigh
Ag práisc 's ag pléireacht 's ag déanamh grinn,
Áilneacht scéimhe ag trácht ón spéir ann
Is gan tlás ó Phoébus ag téacht dá ndruim.



Is cian i gcéin dam cois sliasa maol-chnuic
Cois leasa im aonar le gréin gur shuidheas,
Tré shuairceas aebhnis mar a ghluais na spéartha
Chum suain gur léimeas, me féin, gan mhoill;
Ag amharc néall dam trém aisling éachtaigh
Gur sheasaigh taobh liom an spéirbhean mhín,
A rug bárr scéimhe ó a dtáine 'e bhéithibh
Ar shleachta Éibhir insa réim ba chruinn.



Ba chuachach craobhach dualach dréimreach
Luascadh a céibhfholt léi go troighe,
Anuas 'na slaodaibh gan buaireamh léi-se
Go drúcht an fhéir ghlais insa raon ba chruinn;


L. 54


Dobhí lonnradh gréigeach 'n-a gnúis le chéile
A braoi ba chaol is a scéimh gan teimheall
A hucht 's a héadan mar eala ar aontsruth
A mama, a taobh geal, a déid 's a píb.



Dfhiosruigh mé di ar bh'ise Déirdre
D'imthigh tréimhse i gcéin le Naois,
Nó an bhean do traochadh le Tailc na mBéimeann
Chum Finn dá saoradh gur ghléas tar tuinn;
Juno, Venus, an t-ubhall gur phléidheadar
Pallas, Thetis, nó Hélen chaoin,
'N-a dtug na Gréagaigh na leabhair thréana
Go dtabharfaidís léirscrios na Trae dá druim.
An tusa Ceres tug rath na léise
Nó Polixéna na mbréithre gcaoin,
Nó Minérbha d'iompa an bhéith dheas
Ag sníomh a haol-chuirp gach laé le draoidheacht;
Scóta dhéid-gheal fuair Niúl mar chéile
Tug seal san Éigipt ag géilleadh 'o Mhaois,
Nó an mhaiseach mhaordha ler cailleadh Éire
Tug clanna Éibhir fé dhaorsmacht naímhid?



Do fhreagair an bhéith me gan mhoill i nGaedhilg
Is adubhairt nár bh'éinne aca in éanchor í,
Ná tiubhradh scéala ná fios cunntais d'éinne
Go dtiocfadh fó néallaibh seal tréimhse arís.
Dothugas baoth-phreab trém aisling bhréagach
Mar shúil go ngéillfeadh dam laogh mo chroidhe
's ní bhfuaireas taobh liom in áit a créachta
Acht ubhla ar ghéaga i measc craobhcha is droighean.



Do ghoileas tréimhse go dubhach im aonar
Mar a bhéadh éagan gan chéill ar baois,
Ag sileadh déara as mo rosc in éinfheacht
I ndiaidh na béithe ler traochadh sinn.


L. 55


Sirim ar an Aonmhac 's ar an Athair naomhtha
Go dtigh sula n-éagad an péarla an tslighe,
Dfhonn go saoradh sí sinn ón ngéibheann
'N-a bhfuilim daor-bhocht le tréimhse 'á druim.



20. Le mian mo chléibh tréigim.



Do Phiaras Mac Bhaitéar Paor agus dá chéile phósta .i. Anna
inghean Ghearóid de Barra Dhún Dolaraic, A.D. 1736.



Le mian mo chléibh tréigim, cídh masla don Dún
Cliar de shéimh-bhéithibh gan faice ar a gcom,
Ag Piaras Paor, saor-fhlaith gan mairg 'n-a ghnúis
De ghrian-fhuil fhéil éachtaigh na bhfearachon bhfionn.



An niamh-rosc chaomh ghléigeal ní dearmad liom
Do thriall de phréimh thréin bhuirb Bharra na dtrúp,
Is don chliath ghlain laoch ngéar-shnoidhte measaim gur chlú
Sciamh is méinn daonda Anna gan smúit.




21. Mo chiach, mo bhrón guirt.



An Feartlaoi do bhí leis an Marbhnadh dorinn
Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh do Dhiarmuid
Mac Domhnaill mic Fhinghín Chaoil Uí Shúilleabháin.



Mo chiach mo bhrón guirt mo scóladh 's mo scian trím chroidhe
An triath ba mhó eólas ar uaislidheacht Gaoidheal
I gcriadh-chuilt ar feódh mo leóghan ba chliste rinn pinn
Diarmuid Mac Domhnaill mic Eóghain mic Fhinghín Chaoil.


L. 56



22. Ó dheónuigh Mars is Pallas.



Ó dheónuigh Mars is Pallas gnímh-éachtach
Me sheóladh amach fá shleasaibh fír-shléibhe
Dórd na n-eas is casmairt buidhean bhfaolchon
Ó neóin lem ais go maidin laoi gréine.



Dórd do chaith liom dart Mac Daill ghéire
Is don phólas teas do bhain an tsaoi bhéil-bhinn,
Do nós na gcleas do chrean le rí Phoébus
Is le hóigh ghlain chailce Daphne, inghean Phénix.



Is mó do leag me faid na righin-laethann
Is mar fheóidh an rachmas rath dobhí ag Phlégon
Nó is dóigh gur chas an mac san Clyménus
Do dhóigh na flaithis tana is mín-Thétis.



Fóirigh feasta, a eachraidh chruinn ghéibhinn
Nó is ró-fhada an seasamh dam go hoidhche éirghe
Óir ní fhaicim bean na buidhe-chéibhe
Do dheól mo shearc ag teacht na duibh-réibhe.



Is ró-fhada an t-aistear, gabhaidh slighe éigin
Nách ród chum baile acht bealach aimhréidhtigh
Nó is dóigh gur bacach stadach bhíos Aeton
Fá'n gcóiste chleacht a tharraing trí néaltaibh.



Is mór go mb'aite tamall d'oidhche éigin
'Ná ar ló dá gcaithinn feadh na dtrí saogal
Is móide an pheannaid bean dá sír-fhéachain
Is ná leómhfainn teacht 'n-a gar is í 'om chéasadh.



Cómhursa ghar don chairt sin fír-Shéarlais,
Cómhgas geal na $stars dobhí air - $séven,
Cómhalta Ariadne is dalta an choim chéasta
Rós na bhflaitheas is rath na rí spéireat.


L. 57


23. Ó tolladh libh, a choscarthaigh na dtriúch go léir.



Ar bhás Dhoireann Paor i gCluain Molt, 1736.



Ó tolladh libh, a choscarthaigh na dtriúch go léir
Let cholg nimhe goirtightheach i dtúis a saoghail
An ghorm-ruisc gan locarthacht ba lonnrach scéimh
Is grogaire dubh doirbh thu agus búr it mhéinn.



Ba forasta ba focal-snoidhte fionn an bhéith,
Ba solus-chuirp ba soilbhir ba súgach séimh,
Ba lonnardha ba loititheach ar lúth na laoch
A soirbh-dhearca soineanta mar dhrúcht ar fhéar.



Ba bhrostuightheach chum cogaidh ar a gnúis an chaor
Do b'oscardha gan obadh ar bith ag tnúth le haol,
Corra-chnuic a brollaigh ghil ba lugha 's a déad
Tug coirtighthe gan lorg finne an drúcht 's an ghéis.



Ba follus oilte in oibreachaibh múinte gréas
Is do fromhadh insna scolaibh cirt an chúil-fhionn ghlé,
Ba sochar do lucht orchra agus túirse a séis
Ar phortaireacht, ar chrotaibh cliste ciúil na dtéad.



Is doilbheas dár choidridh go dlúth an ghéag,
I ngothaibh binne is foistineach do scrúdadh dréacht;
Toirchim a codlata go ciúin i gcré
Tug osna i gcroidhthibh poibleach is dúbhchas déar.



Dá mb' ollamh me ba foscainteach ar iúl gach léighinn
Do mholfainn-se 's níor dheocair dham a gclú 's a gcéim
Toirrcheas mná croibhfhinne shliocht Lugha na n-éacht
Ler cosnamhadh ar Chormac Gort Iúghaine fhéil.


L. 58


A' srothaibh criostail dfholaibh cuthaigh cumhra tréan
Do foilceadh broingheal shoithimh shultmhar bhúidh na gcraobh
Treabh thorann-trupach chosantach, gan smúit, na bPaor
Is fuil oirdheirc na mborb-chon ó Dhún na Séad.



A Mhic ochta Mhuire dfhortuigh sinn le crú do chréacht
Leat socruighthe sonasta fád chúmhdach féin
An chochall chluthair chorcar-chruthach chúmtha caomh
It fhochair-se gan toirmeasc go cúirt na naomh.



An Ceangal:
Do cuireadh i dtuama Chluana Molt it chaomhnadh
Finne-bhean uasal uainn cidh dochar déarach
An bhroingheal gan ghruaim ba suaimhneach soirbh-bhréithreach
Doireann gheal stuama shuairc de scoith na bPaorach.


L. 59


24. Rachad-sa go Flaitheas geal an tSuaimhnis Mhóir.



Nuair a chuir Diarmuid Mac Domhnaill Mic Fhinghín Chaoil
Uí Shúilleabháin an rann so ag triall ar Eóghan:



A Eoghain, a thaisce 's a thaca na n-ollamh rianta
Do thóg mo mhisneach le taithneamh is tuile briathra,
Ba mhóide m'easbhaidh 's gan agam acht bloscadh bliadhna
Do chómhairle a ghlacadh 's is fada chuir orm iarsma.



Freagra Eoghain air sin:
Rachad-sa go Flaitheas gheal an tsuaimhnis mhóir
Is aithrisfead go bhfuil t'amhail-se de shuairc-fhear beó;
Aitchfead ar an Athair-Mhac is ar Uan na hÓighe
Airgead do thabhairt duit nó tú fhuadach leó!


L. 60


25. Tar déithe na cruinne.



Moladh d'inghin Uí Dhonnabháin Chairbre.



Tar déithe na cruinne léan ort-sa, a Chuipid
Is claon-bheartach cliste ag claoidheadh flatha is treóin,
Trím thaobh-sa gur chuiris gaetha agus tuilte
Géara ler goineadh mo chroidhe-se tar fóir;
Le béith bhlasta mhiochair shéimh-ghartha shultmhair
Mhaordha ler shnaidhmeas díogras go deó,
Tug céadta mar mise faon lag ar tuitim
Traochta nó ar buile i ngeimhleachaibh bróin.



Idir ghéagaibh na coille is $phéinix na nduille
Ag éagnach mo thuirse bím-se gach ló
Lem dhéara go dtigid faolchoin gan tuigsin
In éinfheacht ag rith ag caoidh liom, is leóghain.
Níl tréan-dair ná mothar i ngaorthadh ná i ndoire
Gan an daor-bhroid 'n-a bhfuilim scríobhtha ortha i gclódh,
Is na héin bheaga bhinne ar chraobhaibh gach bile
In éinfheacht dom chur-sa i suim le n-a gceól.



Do chlaonuigh mo mhire, mo néallta bíd briste
In éagmuis an leinbh naoidheanta gan cheó,
Péarla na mbroingheal mbéasach gan mhiollam
Spéir-choinneal chirt agus príomh na mban óg;
Dá n-aomhadh Mac Muire saoghaltacht is ciste
Chaesair dam uile agus impreacht na Rómha,
Ar shaothruigh 's ar chruinnigh an saor-mhac san Philib
Ní thréigfinn-se air ise choidhche dem dheóin.



Is craobhach cas cluthair néamhrach go troighthibh
Gléigeala a fuilt 'n-a ndlaoi-bhothaibh óir,
Is a caol-mhala shingil éadtrom ar mhullaigh
Éadain gan chuise is aoibhinne snódh;


L. 61


A claon-ruisc mar luisne gréine trí chriostal
Chréachtnuigh le hiomad saighead me tar fóir,
A déid chailce chunnail, a béal tana milis
Is séimh-chneasta friotal fír-cheart gan mhóid.



In-a caemh-leacain shnoidhte nách daonda dorinneadh
Is éigneach an lile i gcoimheasar an róis,
's is daol le n-a duibhe an ghéis ar an uisce
Seoch taobh-ghlac is cruinne cíche na hóighe;
A haol-chrobh noch bhaineas séad-bhairc na tuinne
Is céadal gach curadh ar mhín-bhrata sróill,
Réilteanna neimhe, an t-aer is mar ritheas
Phoebus ó thigeann soillse go neóin.



26. Trím thaobh-sa tig tuirse.



Do Mháire Nic Cárrthaigh i gCarraig na bhFear.



Trím thaobh-sa tig tuirse aréir dam d'éis luighte
I ndéisibh dochonnarc an rí-bhroingheal óg
Do thréan-chaith im choinnibh gaeth neartmhar nimhe
Do chréacht me le hiomad díograis dá clódh;
A féachain 's a feicsin d'éaluigh i ngroide
Ar thaobh cnuic mar thuitfeadh draoidheacht scamaill ceóidh,
d'éighmheas ar buile i ndéidh an té d'imthigh
Go céasta 's me ag sileadh sír-cheatha deór.



Is néamhrach 's is fighte péarlach a dlaoithe
'N-a tréin-bheartaibh truipill scaoilte go feór,
Go claon casta cluthair dréimreach ag tuitim
Dá ngéilleadh gan iomaidh ar bhuidhe-dhath an óir;
Do chlaochluigh an fhinne an daol-dath is duibhe
Go séadmhar le cumas faobhair agus seóil,
Ó Chréit tug an curadh i gcoimheascar na gclaimhte
De dhruim caise tuinne an ghéag leis ar bórd.


L. 62


A déid chailce shingil ghéir-ghearra mhiona
Shaor-thaisce mhiochair mhín mhilis bheóil,
A bréithre gan tuitim baothacht 'n-a friotal
Éifeacht is tuigsin líomhtha cé hóg;
A brághaid shlad an ghile ó ghéisibh na tuinne
Is a dhá mama chruinne mar mhín-tsneachta i gclódh,
Is dá thréine bhíos tuile go staonann an t-uisce
Ag éisteacht le binneas faoidh-ghuith a beóil.



Bíonn caor agus lile ag éad is ag iomaidh
Le chéile gan tuirse ag coimheascar 'n-a clódh,
Agus éigse na cruinne ná léighid is ná tuigid
Cé is géire nó is moille stríocas don chóir;
Caol-mhala shingil a réidh-rosc is gluise
'Ná braonacha miona ar fíor-bharra an fheóir,
Is é do chuir mise im éagan ar buile
Is na céadta chómh dona linn le n-a ló.



Fé ghéagaibh na nduille is faon-lag do thuiteas
Taomach le tuirse i smaointe is i mbrón,
Gan aon neach im ghoire acht faolchoin is sionnaigh
Is éanlaith na coille im thimcheall ag geóin;
Ba bhaoghal dam a ndruide taobh liom ag siosmadh
Séimh-ghuth an leinbh aoibhinn gan cheó
Is má's det dhruim-se do thuiteas sa chrích seo 'n-a bhfuilim
Mo léan mar dorugadh sinn chum bheith beó.



An uair ghéir-dhearcadh liom-sa a scéimh is a cruith sin
d'éaluigh mo mhisneach is dfhíor-ghoid mo shnódh,
A saer-phearsa shuidhte ó éadan go bonnaibh
Is a haol-chruibh is gile-mhíne dar ndóigh.
Is éascaidh do rithinn tré chaoltaibh tré mhongaibh
Tré shléibhtibh tré chnocaibh gach oidhche duibh-cheóidh,
Is thíos cois na tuinne do shíneas le tuirse
Claoidhte gan fuinneamh intinn ná treóir.


L. 63


"A bhéith chneasta mhiochair shéimh shlachtmhar chliste
Léirigh is innis dúinn-na cá ngeóbhad
An de Ghaedhlaibh do chine de shaor-fhuil na droinge
Do traochadh gan feitheamh choidhche go deó?"
"Éist feasta, a dhuine, is baoth leamh do thuras
Is gur taobh leat do hoileadh sínn ós do chómhair
I nGaorthadh cois uisce i nglé deas na Coinge
Gurab ann dogheóbhair mise d'oidhche is de ló."



"A bhláth-scoth na mbroingeal is nár duit mo mhilleadh
Is m'aon-toil go dtugas díbh-se tar fóir,
's dá lámhuighinn ar chruinnigh Déamar is tuilleadh
Ná tréigfinn-se thusa choidhche dem dheóin;
Muna méin leat me fhilleadh ón bpéin seo 'n-a bhfuilim
I ngéibhinn nur chuiris críoch liom lem ló,
Atáim chum bheith curtha ag Máire gheal mhilis
'N-a ráidhtar a sloinne den Chárrth-fhuil fá dhó."


L. 64


27. Truagh do thuras a ghearráin dhuinn.



Nuair bháthadh capall le comhursain dó.



Truagh do thuras, a ghearráin dhuinn
Is luighead an tsuim dobhíonn it speóis
Ba churanta lá thu ag gabháil na slighe
Osna mo chroidhe thu i dtuinn gan treóir!



Ba treorach curanta cumasach é gan dobhat
Sa ród le fuinneamh 's an siollaire séimh 'n-a dhrom
I gcómhgar coille nó curraigh nó taobh 'n-a ngabhadh
Gur sheól an tiubaist dá iomlasc é fé'n bpoll.



I bpoll síos, uch! m'annscíos do thuitim gan bhrígh
Is nár mheabhruighis an cham-shlighe sin Churraigh na Buidhe
Do cheann mín i gcanntaoir gan fuithin ón ngaoith
Is na hamhais nimhe ag glamghaoil is 'ot ghiobadh 'sa díg.



I ndíg doimhinn, uch! mo threighid tu bheith treascartha ar lár
Is gur mheadhrach tu in aghaidh chnuic nó ag tarraing sa bhán;
Do bhaill bheathadh ag gadhraibh dá stracadh 's gach áird
Is tinn liom an roinn sin ar chapall mhaith Sheáin.



A Sheáin, is ciach liom t'iallait gan chapall i gcúil
Is gur cuireadh srian leat fé ghiall puirt do ghearraigh a shiubhal,
Atá an fiach dubh go diachrach ag creimirt a shúl
A chiar-chnis dá dhian-scrios idir mhadra is chú.



Cú ar fad dot chúrsadh 's 'ot tharraing fí'n ngleann,
Do lúthach ag complacht dá stathadh it luighe fann;
Do shúil ghlas ag an rúcach is go dtachtaidh sí an t-amhas,
Is t'úrla mar chlúmh nide ag meaig 'n-a shuidhe i gcrann.


L. 65


Crann teinnis don tseisrigh ar annródh thu
Ár ngleidire nár dheireannach in am cómhraic;
Fé mheigeal puirt má beireadh ort tar ceann t'eólais
Tug feilli-scrios go heirball ar hamhailt chóraigh.



Ba chórach lá an mhórtais dá tharraing 'san bhfiadhach
Mo scóllaire mear módhmhrach is anam 'n-a chliabh
Is brón liom ar bórdaibh thu ag madra fiadhaigh
Is mar seóladh tar t'eólus tu i gCurrach Buidhe an diabhail.



An Ceangal: -
Is dubhach liom mar stiúradh ár gcapall sásta
Dá únfairt go súilibh i gcurrach báidhte
Ní hé ionnramh dothiubhrainn-se d'each det cháil-se
Acht úr-choirce súighte agus barra fásaigh.


L. 66


28. A chnú chailce chléibh 's a rúin ghil na nAe.



Agallamh idir an Anam agus an Corp agus iad ag scaramhain.
Eoghan an Mhéirín Mac Carrthaigh agus Liam Ruadh Mac Coitir
do cheap eatortha. Ní heól cia aca do chúm éan-chuid fé leith.



An Corp, leis an Anam:
A chnú chailce chléibh 's a rúin ghil na n-ae
An bhfúigfir-se mé do chompánach?
Ba chúmhra do bhéal, ba mhúinte do scéimh
's is dubhach bhéad it dhéidh go dólásach;
Gan lúth in mo ghéig ná lonnramh im ghné
Fé smúit ag an éag gan sábháil dam,
Is smúdar i gcré cé túirseach an scéal
Gan súil le thú 'om fhéachaint go lá an bhrátha.



An tAnam, leis an gCorp:
A thrú liosta bhaoth gan únsa den chéill
Fúigim don daol go lá an bhrátha thu,
Do dhrúis is do chraos is ciontach lem péin
Is dfhúigis me tréith im thámh-bhás bhocht;
Dom rúscadh gach lae ó mhúraibh na naomh
Fé dhúbh-bhrata tréith an dóláis ghuirt,
Mo chúis ghuil lem ré nár dhiúltas dot mhéinn
Is mar smúineas bheith claon chum diablása.



An Corp, leis an Anam:
A stóir ghil ná féach ar mhór-chortha an chléibh
Do pósadh leat mé im broinn mháthar,
Má dfhóbras claon chum póit agus craos
Níor chóir duit-se géill dom diablása;
Do sheólais gach lae mo ghlórtha 's mo mhéinn
Is brón duit má's baoghal chum díoghbhála,
Is a leógain ghil tséimh de phór gheal na naomh
Is leór duit in' éiric do dhíoghbháil-se.


L. 67


A neóid bhoicht bí saor, gan póg duit óm béal
Go bhfóiridh Mac Dé mo dhíoghbháil-se,
Bheith dreóighte fé chré gan spórt is gan pléidhe
Gan glórtha binn baoth le hógánaibh;
Fóir mise a Mhic Dé agus tóg me ó phéin
Chum sóghchas na naomh go lá an bhrátha,
Go bpósad lá an tSléibhe do nóchar fí scéimh
Fé nódh-chruth ná tréigfeam sa ríoghacht neámhdha.



An Ceangal: ón Anam:
Don ríoghacht neámhda let ghrásaibh go stiúruighir mé,
A Áirdmhic rug Máire dá n-umhluighid céid;
Na táinte dár ngárdadh fá mhúr tighe Dé;
Ag an mbás mbocht ó dfhágais mo chnú-chroidhe i gcré.


L. 68


29. Aréir ar mo leaba.



Eoghan an Mhéirín, nó Domhnall Ó Colmáin, cct.
A.D. 1742.



Aréir ar mo leaba im thaomaibh gan tapa
Is me ag déanamh na n-aisling bhíodhg me go beó
Gur théarnuigh lem ais-se an bhéith mhiochair bhlasta
Glé ghonta ghartha aoil-chnis gan smól;
An tan fhéachas an ainnir mhaordha do phreabas
Le héigean le searc is díogras dá cló
Gur shléachtas go talamh méisi lem hata
Dfhéachain créad as an rí-bhroingeal óg.



"A réiltean gan cheas réidh-se mo stair
Nó an éinne den tsleacht tu dhísceadh na slóigh
An tu Bhénus bhí seal dá caomhnadh le Mars
Do shaothruigh an barra i ngnaoi agus i gcló,
Nó Hélen ler cailleadh traosaigh na dtreas
Na nGréagach nár mheath i gcoimheascar na dtreon
Nó Déirdre tug searc don chaomh-churadh mhear
Do traochadh le cealg draoidheachta gan chóir?



Nó Céarnait fá deara na céad-mhuilte ar shreabh,
Bhí tréimhse ag Mac Airt i sír-chion go mór
Nó Medea bhí seal ag Mac Éason na gcath
Flaith éachtach na n-arm nimhe ghearradh feóil;
Nó an céile bhí ag Samson aerach, an fear
Do claochnadh le bearradh a dhlaoi-fhuilt gan chóir
Nó an péarla do lean Mac Néill soir tar caise
An laoch mear do threascair mílte sa ghleo?"



Le n-a taobh sin gur fhreagair mé mar ba cheart
An spéir-choinneal chailce aoil-chnis gan smól:
"Ní haen-neach dar cheapais méisi, cidh fada
Ag éileamh ar m'ainm bhíonn sibh-se fós,


L. 69


Acht Thémis tá creachta ag daor-lucht ar fad
Le réimheas ag teacht ag innsin mo sceóil
Mo chéile gan cheart atá 'om shéanadh le seal
d'fhúig Gaedhil bhoicht fá smacht i gcuibhreach gach ló.



Do réidheas-sa do stair i mbréithre go ceart
A shaeth-fhir ná leag do chroidhe-se fám ghlór
'S go bhfuil saer-chead ón Athair Naomhtha againn feasta
Ó's léir dó gur fada sinn uile i ngeóc,
Go bhfuil Séarlas ag teacht is a laochra le n' ais
I scéimh loinge ar barra taoide le cóir
Do shéidfidh na bathlaigh tar tréanmhuir amach
Is do ghlaodhfaidh i mbeatha a shinsir mo leoghan."



An Ceangal:
Sin cunntas ceart chughainn-na tar fairge mhóir
Do bhrúghfaidh an cúl ag lucht acra a thomhas,
Ár bprionnsa le conncas nár measadh bheith beo
Cuirfidh sciúrse le búraibh as Banba an tslóigh.


L. 70


30. Fáilte is fiche i gCríoch Fáil.



do Major Cormac Mac Carrthaigh.



Fáilte is fiche i gCríoch Fáil
Do leanbh gheal an ghrianáin
An seabhac sultmhar subhach sámh
An binn-bhile bláith,



Cormac an rangcáis
Dfhuil Chaisil chirt na Mumhan árd
Ó Ghort na ngarbh-líog lán
I bpríomh-phost de ghnáith;



Taitneamh ceart na seandán
Cara geal na n-ógán
Is binneas guith an teampáin
Dá líonmhaireacht cáil,



Cé thuiteadar i ndólás
Gan scaramhain le tromchás
Le ceangal searc is síor-ghrádh
Bhí snaidhmthe 'n-a lár.



Is tabharthas le mórdháil
Don chine ar fad 's is lúthgháir
Nur geineadh ortha an géagán
Is fírinneach dfhás,



Bhí fuinneamh nirt 'n-a leabhar-chnámh
I bpearsain chailce cló-cháidh
Ar arm chliste ag feannsáil
Go cruinn tapa a lámh;


L. 71


Curadh is flaith gan aon scáith
Tug lannaireacht ar lom-shráid
Ná critheadh roimhe lannsáil
A naimhde go tláith,



Ar chosnamhach na n-éadán
Ba cosantach i gcruadháil
Claidheamh cosantach ? na ngabhlán
Cé síoghmhar a cháil.



Gliocas lucht na seóltán
Ar thonnaibh troma ag túrnáil
Ceapadh leis 'n-a chliabhán
Is inntleacht fáidh.



Ar Mhac an Uile-naoimhghrádh
Sirim-se le caoin-pháirt
A dhul 's a theacht gan díoghbháil
Is choidhche a theacht slán.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services