Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Book of O'Hara
Title
Book of O'Hara
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1581
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1951)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
VIII Táinig san chluiche ag Cormac, gég nach uaisle an iubhurshlat, má tharrla beart ag dol de a neart ag cor san chluiche. Ní rugadh aonchluiche air le hiomud a bheart mbaoghoil, críoch thiormaibhneach na ttrágh tte fa chlár lionnmhaighreach Luighne. Tairnig dhó - díochra in toirbheart - le hiomad a uasoilbheart, fear le bhfríoth fuighle filiodh, críoch Luighne do léirthiliodh. Beart cluiche ní dheachaidh dhe gur tiliodh dh'éis ar-oile, clár bindealtach na mbrat ngeal le himeartach mhac Míleadh. Gnáth craobh ar díon a duille; do hsaor imirt éanduine síol ríghEadhra tar rún cáigh, súd na fíneamhna a fionnMháigh. Ó aois leinibh - lór do rath! - dobhí ag déanamh beart mbaodhluch, ceann an tslóigh nar mhuidh mionna, gur fhóir ar fhuil Oiliolla.
Ó hEadhra nar ob éinfhear, ní raibhe acht aois óigfhéinniodh uaidh dhá dhaghathair ar ndul ag sduaigh glanachoidh Gulban. Suil do éirigh Ó hEadhra fóbroid cách - cúis doimheanma! - slat do mhín muighe Mumhan a thír uile d'átucchadh. Ó aois leinb gus an lá a-niodh do éiridh d'aimhdheoin Gaoidhiol, damh na ríghealbha ó ráth Cuirc, fáth mímheanma do mhaluirt. Tar mhíorún cháigh um Chormac fríoth le folt na bhfochonnshlat ós chionn shlóigh fhola hEadhra a thogha mar thighearna. Cách ar ndéanamh dóithe dhe, tulcha réidhe learg Luighne a-táid dá n-aimhdheoin uile fa thaibhgheoir fhóid Iughoine. Ar an gcorsa cian ó shin d'aimhdheoin gach aoin do éirigh, samhoil Chormoic d'iadh Earca triath dob ordhroic n-aigionta. Dobhí ag Cnucha - fa cúis leoin; is dé a-tá tús an uirsgeoil - a ndán do ghéirreandoibh Guill cládh do chéimeannoibh Cumhuill.
D'aithle an chatha do chor air Cumhall dá éis nír fhágoibh, bláth na saorshlat ó Bhóinn Bhreadh, acht aonmhac dar chóir creideamh. Ní raibhe dísle ag duine d'éis Chumhoill d'Fhionn Almhuine, craobh raichéillidh ón Bhóinn bhinn, flaithfhéinnidh do fhóir Éirind. Fios a eachtra as aithnidh damh; rug Bodhmhonn dh'éis a athar an leanbh lé idir bhonnoibh beann, gur fholuidh é ós íseall. A ndiamhroibh a n-ochtoibh all dá chaomhna dobhí Bodhmhand ón ghlionn fholuidh go ar-oile do fhoghoin d'Fhionn Almhoine. d'eagla aitheanta - as dál dearbh - beart allmhurdha fan óigleanbh do chuir a bhuime Bodhmhann ler luigh uirre d'anbhforlann. Le huamhan a daltáin dil feadh aonuaire dá haimsir ní thug faill a mac Mhuirne, slat nar chaill a comairghe. Mar sin dí ó ghlionn do ghlionn gá dhíothludh ar fhud Éirionn, géag cubhra do-chuaidh ós fhiodh nó go bhfuair umhla ar éigean.
Éirgheas in flaithfhéinnidh Fionn dá éis so dh'aindeoin Éirionn, dá bhfuair rímheirgi bheann mBreagh geall díbheirge fa dheireadh. Dob éigean dó teacht fa a thoil; tug Goll a n-íoc a athor a bhreath féin dó fa dheireadh; ag só in céim do cúitigheadh. Gá dám ris acht ráinig Fionn cuid a shean d'inis Éiriond; críoch a oirbhearta as sé sin an té as oirrdhearca ag eolchaibh. Do fágbhudh eighre ó nEadhra 'n-a ógmhacaomh oireaghdha mar do fágbhadh a fáidh Fionn ag clár fhádghlan na hÉirionn. Do nós Find d'éis a athor ní fríth - gá mó mearachadh? - neach san tírse cloinne Céin do-rinde dísle dhoiséin. Do éiridh d'aindeoin gach fhir; ar ó nEadhra do imthigh dála flatha na Féine, brágha chatha Choirrshléibhe. Do éiridh an donn daithgheal le hiomud a ionnsaightheadh 's le méd oirbhirt Í Eadhra, an ghéag oirrdheirc fhíneamhna.
'N-a chédarmoibh ar ndol dó nír leig uaidh uiread aonbhó, an chraobh tharoidh ó thoigh Tháil, gan bhoin 'n-a haghoidh d'fhagháil. Goin san ghoin is creach san chreich gur chuir an iomáin d'éinleith - nír bhean a ghníomh re gníomh tais! - do-níodh ag díon a dhúthchais. Feadh Luighne na learg nuadhonn mór do fuilngeadh d'éadtualong Cormac ar cách suil do chinn, bláth na ndonnshlat a Duibhlinn. Dobhíodh thrá - fa tuar docra! - gan fhleidh gan cheol codolta acht sriobh caol a ngabhloibh gleann, craobh do tharrngair an Táilgeann. Dobhíoth gur éirigh d'fhoghoil lámh aige as an aradhuin, 's lámh 'n-a armoibh uair oile ag faghluidh Chuain Challroidhe. Rí Luighne na gcuach gcorcra dobhíoth faoi feadh codulta folt donnghlúineach dan dual toil gormlúireach fhuar mar iomghaidh. A cheannaghart gach n-oidhche dob í an cheinnbheart chlochfhoirfe; ar a cholba dho chuireadh an t-omhna nar hionnsoighiodh.
Dobhíoth idir bheannoibh sliabh ó Challroidhe go Coirrshliabh, súil re a dheirbhfhine dho dhíon, ceinnbhile dh'úir na n-airdríocch. Triath Luighne na dtoirbheart dtrom, mór fhuair Ó hEadhra dh'fhorlann fa chlár mín na magh sreaphghlas gur ghabh tír is tighearnas. Bruit chorcorrdha agus cuirn óir, fíon is ceol - ní cúis dobróin! - ar faghoil, gérbh fhada dhó, aga i n-aghoidh a andró. Gnáth aigi a n-íoc a fhorloinn 'n-a chúirt fhionnbhláith iobhardhuinn, gruadh nár do fógradh le Fionn, gáir ógbhadh is fuaim fithchioll. Luach a easaonta dhó ag dol gnáth 'n-a thigh bráighde biodhbhadh, múr fonnbhán na bhfeadh gcubhra, is tromdhámh fhear n-ealadhna. Eighri Céin nar char cionta fuair sé ar son a oirbhearta aoibhnios fa mhian a mheanma san chaoimhlios fhial oireaghdha. Ní tugadh bhós - ní bréag sin - a chuid d'aoibhneas fhóid Fhionntoin, críoch na sriobh ngoirmealtach nglan, acht d'fhior oirbheartach uasal.
D'iath Banbha na mbord n-oirrdhearc mór fhuair do bhrígh bhuanoirbheart fa chrích ngloin na mbraoinlios mbláth a thoil d'aoibhneas is d'iomrádh. Tar churadhoibh fhuinn Earca tug iomad a oirbhearta, ré iomlán ó thoigh an Trír, iomrádh ar Choin in Chleitín. Ó Chonn Céadchathach tar ceart fuair leath Éiriond a hoirbheart le neart deorudh go fiadh bhFáil ar dtriall d'Eoghan ón Easbáinn. Murchadh mhac Briain - ní beart nár! - fuair as a oirbheart iomrádh, na hórchroinn fa gloine gníomh, tar mórchloinn oili in airdríogh. Branán coimhghe chláir Lughaidh Cú Rí fa rí dh'Iarmhumhain, ceann an tsluaigh dob iomlán iocht, fuair iomrádh as a oirbheart. A Magh Tuireadh - taom oirrdhearc - cian uadh do dhruim deaghoirbheart - báidh linn a gcur fa chomhthaibh - do chinn Lugh ar Lochlonnchaibh. Dá nós súd - ní saobh in reacht - fuair tusa inmhe a hoirbheart, a bhláth craobh Thighe an Teampla, a bhile saor soidheargtha.
Dá bhfaghtha a bhfuarudar sin ní thiobhartha, a thuir Uisnicch, geall ar oirbheart d'aon oile, a ghoirmdhearc shaor hseabhcoidhe. Ní dóith d'aonduini hoighriocht; ní déntar ód dheaghoirbheart dóith chogoidh do chloinn Eadhra, a chroinn abaidh fhíneamhna. Tugsad cách - ní claon in reacht! - geall ar uaisle 's ar oirbheart doit, a chéile cláir Eamhna; cóir na tréidhe tighearna. Táinig dhíot díon do shleachta; fuair tusa a hucht t'oirbhearta mar nar fhaláir, a bharr Breadh, anáir Ghall agos Gaoidheal. Sí fad mhaoroibh, a mheic Céin, críoch Luighne na magh mínréidh, a ghéag thoroidh ón Bhaoil bhuig, a cobhair dod thaoibh thánuig. Bíodh Peadar eadrom is sibh laithe in bhrátha, a rí in ríchigh; cneadh ad chígh gidh doilidh dhoid bhur n-oighidh as trínn tánoig. A mheic Gráinne, a ghruaidh mar shuibh, nach marann tú, a thuir Aolmhuigh, uch mun-uar is fáth urchra truagh sa chách an comhorrtha.
Teisd inghine Maoil Mhuire béim dhí ní fhuair aonduini; sí do chléir ní dóidh dhearoidh dá méin as cóir creideamhoin. Lorg a sleachta lé leantoir; fuair teisd as a toirbheartoibh, bean do-chóidh tar crú Suibhne; clú cáigh ar a comairghe. Ní ceiltear maoine Máire, 's í fa thoil gach thromdháimhe; a daghshamhoil as sí soin, as baramhuil í d'Eimhir. Blagh 'n-a áit aice ag anmoin, téid sé uile dh'ollamhnoibh, cuid dá crodh rú ní rannfa; cor a clú 's dá comharrtha. Táinig san.
AN FEARGHAL ÓG CÉADNA .CC. Sona sin, a chlanda Cuind; a-tá oirbhsi a gclár Criomhthoinn, fonn solus na ngéigfhiodh ngeal sonus nach éidir d'áireamh. Sona dhaoibh mar táid thalloin, a chlanda Cuinn chréachtlannoigh, sluagh ríoMhumhan ag roinn ribh, croinn dob fhíorumhal d'éigsibh. Nach cuid dá bhur sonus sin? táinig Tadhg mac Céin chugaibh a hIarmhumhain na séd sean, gég ó ghrianbhrodhoibh Gaoidheal. Ó bhur ngaol re Tadhg Teamhra, a shíol gCuinn chláir sheinEamhna, nír fhéd líne ridhe ruibh fa ríghe thighe Tuathuil. Tadhg mhac Céin an chúil sgathoigh Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathuigh a sheanmháthair as sí sin, rí ó eangráthaibh Uisnigh. Táinig Tadhg do thaoibh a ghaoil ó thuathaibh Caisil chollchlaoin a-niar go Cormac Cláire dondshlat ó iadh fhionMháidhi.
As sé Tadhg mhac Céin do chuir fa cheann saoirmheic Airt éachdoigh coróin ríogh fionnmhoighe Fáil; díor an ionnmhuine dh'admháil. Ar son Chormaic cian ó shoin tug seacht n-éachdchatha dh'Ultoibh Tadhg mhac Céin, tuir na Teamhra, slat réidh ó mhuigh mhínLeamhna. A shé meic dég - dearbh in dáil - 's na trí Fearghois - feidhm[h] neamhnáir - dáibh gá haird i narbh eagal le láimh Thaidhg gur thuiteadar. Leis do cuireadh - céim bloidhe - cath Crionna ar chloinn Rudhroidhi ar sgáth rígheidhre beann mBreagh, ceann sírsheilbhe na sindsear. Do iar diombudh fhola hÍr, do-rinne Tadhg slios seingmhín, críoch gnéshlim na ngormshlat ngeal, Cormac ós Éirinn d'oirneadh. A námha riamh roimhe sin sona do mhac Airt Éinfhir Tadhg dá oirneadh ós iath Fáil triath nar toirneadh a tteagmháil. Dá chéile ón lósoin a-lle fine Chuinn 's an chlann Chéinse fa chrích móir bhformadaigh bhFáil dóigh gor chonnmhadair combáigh.
Síol gCéin dá chomhartha sin do an cuid díbh go deimhin ón Mháigh goirmghil duind dathaigh fa oighribh Cuinn Chéadchathaigh. A rogha féin d'éis fhuirigh do mhínLeith Chuinn chraobhdhuilligh do thuill síol catharrdha Céin; díon dá n-atharrdha iaidséin. Dlighidh síol gCuinn chosnas troid - go deimhin as dó a-támoid - ealbha na laochlann leaphar, saorchlann Eadhra dh'uaisleaghadh. Mó as daor do tuilleadh le Tadhg ó shíol Airt na n-each mbeannard, damhna ríogh mhoighe Mumhan, a shíol uile dh'ardughadh. Síol gCuinn na gcraoisioch bhfoirfi ua Taidhg Cormac créachdghoirthi, mun sédachadh um Bóinn mBreadh a mhédachadh dóibh dlighthear. As beithi dhóibh - dia do bhágh! - dá eagla nó dá fhíorghrádh ar tí uaislighthe fhir Bhreadh na guaisbheithre ó thigh Thailltean. Muna chonnmhoid clann Fhéilim báidh Taidhg dá bhais bhláithmhéirsheing a gcrích ghéiggil chuirmthigh Chuinn tuillfidh ar éigin urruim.
Le sníomh colg, le corcradh ga, maith as aithnidh d'Ó Eadhra, tamhun cubhra ón ghormMáigh ghil umhla dh'fhodhbháil ar éigin. Tuilleadh umhlucht amhluidh sin; meinig do chuir lúib luaimhnigh buachoil leargmhoighe bruaigh Bhreagh tre dheargdhoire chruaidh caoilshleadh. Frais d'armoibh fa áit a shean iomdha caithghleo nar caitheadh ó Mhuaidh go sédphort Sionna re héchdchorp í Oiliolla. Sochar gan dochor ní dú; meinig do dhoirt a dhonnchrú, críoch bláth na dtiormdhoiri tte ar sgáth liondmhoighe Luighne. 'N-a lúirigh do loigheadh sin, meinig do chleacht ól eighridh agas cruaidhshneachta dá chorp agos fuairleabtha gan adhart. Do-rinne Ó hEadhra air éigin críoch Luighne in chláir chaoimhghéiggil díon a shíothmhuighe mar sin, fíocruinne na ngníomh ngaisgidh. Nír fhéach d'imshníomh ná d'ól sreabh, nír fhéch anbhuain ná dh'éigean, cian dobhíoth a mbothaibh slat, a chríoch gur chothaigh Cormac.
Do shíol gCuinn dá gcreidiogh soin nach ffuigheadh uatha a hurdoil dobhíoth ar cuimhne ag Cormac, críoch Luighne na leabharshlat. Olc do-rinde cineadh Cuinn buain re himlibh a fhearuinn; dá dhonnghlaic nar dháigh chogoidh; báidh Chormaic nír chonnmhaduir. Do cheangoil Cormac ó Cuind - dá aicme ní hiul leathtruim - báidh do bráth re caoimhchloinn Chéin, na saorchroinn ó ráth ríNéill. Ón deighrigh dá dhearbhudh sin fuair Tadhg mhac Céin cuid chrandchoir don chrích mhínghil um Bóinn mBreadh; dá sgríbhnibh as cóir creideamh. Siobhul a eich re headh laoi tug Cormac d'Éirinn fhéarnaoi don ré thuraidh Tadhg mhac Céin, ardshlat ón Mhumhoin mhínréigh. A chongnumh féin feadh a ré tug Tadhg - ní hiul gan fhínné - tar chách do Chormac dhá chionn, donnghlac ar nar ghnáth géibhionn. A ndiaigh a bháis - ní bréag sin - fa chur re síol Airt Éinfhir tug fógra choidhche dá chloinn fa Fhódla gcoirmthe gCriomhthoinn.
Feirde síol gCuinn a chobhair, gríobh an aignidh éachtghonoigh; do rígh Luighne an tráigh thaisghil as cóir cuimhne an chadaighsin. Do shíol gCuinn ní ceilte a bháidh congnamh Í Eadhra d'fhagháil; as feirde Éire uile, céile leirge Liathmhuine. As fiu a eineach 's a oirbheart as iomad a uasailbheart nach cóir gaolbháidh dh'éra air, an rélla ón chaolMháidh chréchdoigh. Feirde an fine gá bhfoil báidh re a ghruaidh ndrithleannoigh ndonnbháin, bláth glainchleath muighe Meadhbha ruire caithmheach claoinTeamhra. Beithir chréchduch chleas ngoile, éigne eiteadh n-órrdhoidhe ó shruth úr míonchaol Máidhe, ríochraobh dh'úr na hEasbáinne. Géag do choillidh chnuic Áine, damh dh'ealbhaidh fhóid fhionnGháille, bláth na bhfeadh ó leirg Luimnigh nar ghabh fheirg fa athchoinghidh. Cormac sgáthán gach sgoile, slat abhla chnuais chubhroidhe d'fhiodhbhaidh Fhéile is eang Luighne, don fhéile as ceann comuirghe.
Gnáth leis ag díol dámh ndoiligh, le hiomad a fhíoroinigh, éd ar Caiteilín do chor, gég dhaighceiníl na ndeorudh. Achd re heineach Í Eadhra Caiteilín cruth soidhealbha, géis ón Bhúill chuirmthe chleithghil, tnúidh uirrthe ní hairighthir. Deirdre na tíre thalluin, Eimhear fhréimhe Raghallaigh, inghion Toirrdhiolbhaigh, glac geal slat do ghoirmfhiodhbhoidh Ghaoidheal. Mór Mhumhan a fréimhe féin, fagháil a deargtha ó daoirchléir dá gruaidh ní gar a-nosa; an bladh fhuair ní hurosa. Mág Aonghusa nar ér mhe, truadh don bhás a bhuain dínne, gég do-chuaidh tar chrú Rosa; an clú fhuair ní hurusa. Fá bhás Cuinn dreach nar donnadh mór ríoghan as ríoghollamh mór n-oireacht do bhuail bhosa; toigheacht uaidh ní hurusa. Saoradh m'anma d'éis mo bháis go dtí do Pheadur príomhfháidh 's do Mhuire is don chíoch corcra; ríomh mh'uilcse ní hurusa. Sona sin.
AN FEARGHAL C.NA CCT. As fiacha ar neach an ní gheallas; gealladh daingean - dia do bhuaidh! - lámh as treisi ar fhud gach fheadhma, tug meisi d'Ó Eadhra uaim. Do gheallus laoidh 'n-a laoidh cumuinn, craobh do lubhghort leasa Floinn, dom laodh dil, do Chormac Cabha, glanshlat do dhligh ragha is roinn. Cuige do chomhall mo gheallta, géag thoroidh as truime bláth, fear nar iarr acht a n-ágh urruim, triall lem dhán comuinn tar chách. A theachtoire théid go Cormac, dá chneas lúthmhar lingeas tóir, fear do thabhoigh go hég m'annsa, tabhair an tréd rannsa róinn. Iomdha romham san raon díreach le druing dheaghrann dan dual toil ón trian teas go Cormac Cláire, donnshlat ó Eas Mháighe a-moigh. Beir ón Mhumhain na múr ndaithgheal an drong rann do-rinne mé go bile Gréag tar gach Gaoidhiol; séad fine na n-aoigheadh é.
Maith a chumann, caomh a aigneadh, aoibhinn doidse dol 'n-a cheand, fear nar aomh béim ar a bhiodhbhaidh, craobh réidh don fhiodhbhaidh as fhearr. Ní tuirsioch doit dol go Cormac; cuirfidh mo chéili, creid uaim, - laoidh nó duan ní háil a n-aisgidh - ad láimh luach bhur n-aisdir uaidh. Síos go seolchrann sleachta hEadhra ní haithreach dhoit dul ar séad; laoidh riamh ná aonrann a n-aisgidh nír iarr saorbharr gaisgidh Ghréag. Dom chéile ar gcluinsin na rannsa reac uaim ris, is ní rádh clé, mo bheith a ngioll ag géig Thaoidhean, 's nar thréig sinn ar aoinfhear é. Cóir do ghrádhoigheas géag Mháighe; minic fhuaras san trian tuaidh a ghrádh, a uille ar cúl comhóil, a rún uile, a onóir, uaidh. Gan fháth ní thugus toil doiséin; a ndiaigh na tarbha téid an grádh; fuaras uaidhe a each 's a eirreadh, an chleath nuaidhe neimhmion nár.
A-tá sind ar son ar gceannoigh ag Cormac ó chroidhe thé budh buan go héag an toil tuilltir; ó shin as dá mhuindtir mhé. Beith ag Cormac na gcolg ngreanta, gruaidh loinneardha dar las gríos, do neach dom thréad ní toil mheallta, géag ó Thoigh an Teampla thíos. Cormac Ó hEadhra ucht solus, seabhac éachtach na n-each mbras, nír thuill diomdha um dháil a mhaoineadh iomdha idh na n-aoidheadh as. Do lean Máire mhéin na gcraobhsoin, na craobha ór chin ciabh na lúb; meinig ag cách a clú ar cuimhne, as gnáth le crú Suibhne sútt. Na croinn fhíneamhna ór fhás Máire, 'n-a maoinibh ní mór a gcás, do mhéadoigh sí a ccéim re chéile, sí do réir a fréimhe ag fás. Doirseoir Dé ná diultadh mheisi; míorbhul bhuan ar nach bíodh glas síodh biodhbhadh san Róimh do-ríne; ní hiongnadh dóidh fhíre as. Adhbhar bróin a bheith fan gcomhraidh, Conn Aolmhuighe na n-each mbras; ní ghabhadh sin séad ó aoinfhear, géag do chin ó Ghaoidhiol Glas. As fiacha ar neach.
AN FEARGHUL CÉADNA CC. Grádh mo chroidheisi Cormuc, rí Luighne na leapharghlac, slat chraobhnár d'óigfhiodh na n-Art, mh'aonghrádh dho chóigeadh Connacht. Tugas grádh chon dá cuaini dá ghruaidh ghairthi ghríosnuaidhi, ré lán fa bhfeacthar an fiodh, nó grádh ealtan dá hinbhear. Tugas grádh eoin dá énoibh dá bhais tseada tseingmhéraigh - do mhuin toile a-tám dá thaobh - nó grádh oighi dá hóglaodh. Nír charus é gan fhachoin Ó hEadhra in fhuilt fhionnsgothoigh; tearc a aithghein do chloind Chéin, dá aithribh nír thoill toibhéim. Ní thiocfa ní tháinig riamh, a gcrích Chuinn na gcoll mbairrfhiar, gég tharuidh nar mhuidh mionna, a samhoil d'fhuil Oiliolla. Ar uiread righe ris féin ní chuala a aithghein ainnséin, fonn trághfhoirfe na tTrí bhFear, rí sároighthe na sinnsear.
Ó hEadhra Buidhe, bas dil, fáth mo ghráidh dá ghruaidh chrithrigh - bíd do hsíor ag cleith Chabha fíon is eich is ealagha. Ar sdéduibh uaisle, ar eallach, gnáth leis dán do dheighceannach, 's fíon do dhaoircheannach mar dhigh, gríobh ó chaoimhtheallach Caisil. Cormac mhac Céin, cúl failgheach, triath éachtach na n-oghoinbhreath dreach craobhghoirthe ar nar chinn lámh, sinn taobhshnoighthe dá thromghrádh. Ar feadh Luighne na learg ndonn, toibhéim uirre ní fhaghann, earla fiar na gcleath gceiníl, neach nach cian ó Chaiteilín. Nír thuill ó ollamhnoibh fheirg; nocha raibhe ó aois óigleinb a n-aghoidh duine le dán, do thabhaigh uile a n-énghrádh. Ceand einigh innsi Logha Mág Aonghusa mh'fhíorchara, líonta a-nú dá thoil a-tám a-tú ar n-am ghoin dá ghéarghrádh. Grádh mo chroidheisi.
FEARGHAL MHAC AN BHAIRD DO-ROIGHNE AN DÁNSO AR CCLOS Í EADHRA .I. CORMAC MHAC CÉIN DO BHEITH TINN. Fáth cumhadh ag crích Luighne an ghuais fuair, fáth rodhoilghe; dobhí ag tuar dérchumhadh dhí, néllphudhar mo-nuar uaisdi. Ógbhadh Luighne lán do ghoimh tre ghuais bháis bhiodhbhadh Forbhuir, lán an deorchuire ó Dhún Cuirc; as túr eolchuire d'aghaint. Guais bháis do bheith ar Chormac mhac Céin barr na mbogroshlat tuar mímheanma druim ar dhruim do cloinn ríEadhra ó Fhréamhuinn. Bheith lán do ghuasacht ma a ghoimh fiu an chomaoin do chur orthoibh, clanna úirEadhra ó iath Bhreadh fan fiar clúimhearla coillteadh. Tre lár sluaigh ar son na nGréag meinic do cuireadh croimshdéad uile tar a sursainn siar le hursoinn muidhe Maicniadh.
Ag díon a oighreachda ar oil meinic do dhearg a ndebhthoibh lann chruaidh as goirméidiodh glas; fuair doirbhéigion fan dúthchas. Tadhg Buidhe le mbiathtaoi broin an tan do thuit a bhráthair, planda saor dóidleabhar dil dob óigleanabh craobh Chaisil. Iar tTadhg mBuidhe barr Clochair do shuidh síol cCuinn Chéadchathaigh a ccleathLuidhne na ccuach tte na creachbhuidhne ó bhruach Búille. D'éis Taidhg Bhuidhe do bhuain de is sé trá a ttús a aoise, an bheochnú ar n-a crádh d'íbh Cuinn tár a fheolchrú nír fhuluing. Tug annsin ar sén uaire d'fhóiridhin a anbhuaine ruaga leabhra do chrú Chuinn Ó hEadhra an chnú ós chrobhuing. D'eagla Í Eadhra na n-arm nocht an uairsi a n-íochdar Connacht ní bhíodh creach achd creach fa choill, 's ní bhíodh each acht 'n-a hughoim. Ní bhíodh colg acht ar colbha, ní bhíodh fós fiu an énomhna tiar tre chliathghaoith cláir na bhFionn gan láimh triathlaoich 'n-a thimchioll.
Ní bhíodh mér achd mér ar sleidh, ní bhíodh ard gan fhear bhfeithimh thiar do sgáth a ghníomh ngoile 's ní bhíodh áth gan fhoroire. Ní bhíodh lúireach achd lán d'fhuil, ní bhiodh bearn acht bearn ghábhaidh, is ní bhíodh teach acht teach nocht, creach ní bhíodh acht dá bhárdocht. Treall dó mar so ag biathadh badhbh, agus ag corcradh catharm, 's ag síorchogadh fa sógh fhliuch, 's ag ól fhíorthobar n-uaignioch. Do bhean Cormac - céim sochair - as láimh shíl Chuinn Chédchathaigh - cóir a chor a ccuimhne dhi - Luighne ar an ccor ad-chluinti. Críoch Luighne na linntiodh ngeal nó gur chosain ar éigean fleasg Lí nír chagoil a chorp; dí do adoimh a annsocht. Dámadh baoghlach dá bharr nocht nírbh iongnadh d'éis a ndubhort bheith do shíor tuirsioch dá thréd; dobhíodh coisfhliuch dá ccoimhéd. Dlighidh Luighne na learg bhfionn tre a ndearna dhí do dhíchioll guidhe le Cormac Cearmna, donnshlat muighe mínLeamhna.
Dlighimsi féin tar gach fear guidhe le Cormac cneisgheal, searc druadhollamh na nduan mbinn, tre bhfuaramar uadh d'uirrim. Dlighim guidhe le géig Rois dá dhuais dána tre dhíoghrois 's rún is fíon damhsa do dháil is díor an annsa d'admháil. Síol Eadhra nar éar duine 's iad riamh ó ré an chéadduine - ní dóigh achd as deimhin linn - 'n-a róimh einigh a nÉirinn. Cormac mhac Céin cleath Eachtgha ag ionghaire a oighreachta, re a dheabhaidh do ba díor sgáth, dobhíodh 'n-a dheaghaidh deargáth. Cnuas a láimhe a láthair gliadh, Mág Aonghusa na n-óirsgiath, nír shaor ceann Bladhma ar an mbás; do dhearg a arm ar éachtáth. Mac Í Ruairc nar char conách, Conn a n-uaidh 'n-a aonarán ní beag do chrádh tinn mar tá lámh nachar fhill ó éachtáth. Nír char eachradha ná ór, Peadar do fhuilngeadh annró, ná cuach ailtgheal go bhfuair bás, ní fhuair flaitheas le fuarfháth. Fáth.
MAOL MUIRE Ó HUIGINN .CC. d'OILILL MHAC CORMUIC ÓIG. Malairt chrotha ar chrích Luighne; do-chuaidh uaithe ar éaccuimhne a hanchruth ó 'né go 'niodh; do sgé a n-amhlach a hinnriomh. Do theilg dhí a deilbh mbrónaidh, do dhiult dá dúil n-ochónaidh, do reac uaidh a dreich ndubhaidh, do theith gruaim ón ghealtulaigh. Deallradh corcra chnoc nuaidhe, briocht seirce síoth bhféaruaine, meas órdhuighe re a ccrom coill, is coll chnóbhuidhe i ccrobhuing. Duille glasa ag gormadh fiodh, caora donna a ndath doiriodh, tír fholtsholuis na n-eas nocht, boltonuis leas is lubhghort. T'aire riot, a ráith Ghráinne, cuir fad ochtaibh úráille ba ccaoir ndeirg ndoinnfhéoir ndathaidh fan leirg moingréoidh minsgathaidh. Coimhéid coimheid, a mhadh Marr, nimh fhormuid d'inghreim t'fhearainn; ná faiceadh fear iomthnúidh ibh, a bhean an fhionnchúil fhailghigh.
Déana an ccéadna, a chríoch Ceara; cuir fad chéibh coillgheala, a bhean na mbláth n-iongnadh n-úr, sgáth dod ionnramh ar iomthnúdh. A-tá timcholl do thaobh nglan briocht gach sgéimhe dod sgiamhadh, do bhrotha loinneardha lil, sgotha doinndealbhdha druimnibh. Barr comhchorcra ciomhas learg, gile choille craobh ndoinndearg, srotha meadha is foighreadh fair doinnbhleadh na meala muchaidh. Do breithfidhe, a bhean sgiamhach, ar nochtadh t'fholt n-óirsgiamhach, go mbí, a dhealbhdha ghéigil ghrinn, meanma éigin fat inntinn. Ciodh nach náireach dod chéibh ccais sgeith antola agus álghais tar an ccuid oile dh'iadh mBreadh, mian do thoile nó an dtuigthear? Tuigim, tuigim, a ndearnais, a chríoch an fhuinn oirearghlais, tar magh Meadhbha an bhrogha binn, meanma do thola tuigim. Do-chuala thusa, a ghnúis gheal, Oilill Ó hEadhra d'fhilleadh is do dhreach gheal dh'innioll ort, a bhean na n-innioll n-éattrocht.
As dó tuguis trillsi sreath ar t cholbhudh do chiabh ffáinneach, a ráth na n-aoillearg n-amhra, fan bhláth ccaoindearg ccorcardha. Dámadh sochar a rádh ruibh as náireach dod chéibh ccochluidh bheith ag síorfhosgladh chíogh ccorr do ghríobh fhíorrosglan eachtronn. An cleas céadna cian ó shin, do nocht tusa, a threabh Thailtigh; do riuga slóigh Shléibhe Muire an glóir fa n-éir h'ionmhuine. Dobhádhais dá bhliaghain déag an uairsi ag flaith na bhfinnghéag, 's do bheith nías sia toil ar toil gidh toil le Dia bhur ndeadhail. Nó an measfá, a shuirgheach shaor, go roichfeá muirnn don mhacaomh as na hiomráitibh fhuair sibh fa sduaigh n-iomráitigh n-Imligh? Fuarais uime an Fionn físeach; náire, a mheirdreach mhailíseach, gidh daithbhéasa as dú dod chruth, an t-aithghléasa 'nú as nárach. Bíodh nach náireach red dhreich nduinn bheith baoth fad chéile cumuinn, do sduaigh chúilte na ccladh ttais nocha múinte an tol thugais.
An tráth do thaisbéain tusa don Oilill Ó Eadhrasa, a ainnir nar aomh acht leis, sgainnir dá thaobh do thuillis. Gur nocht tusa roimhe a-rís le meirdreachas le mailís adhbhar gotha dod ghruaigh ghloin, a stuidh an chrotha chonchoir. Ar céill, ar cruth, ar iongnamh, ar airghibh th'iath n-inniolghlan, do-bhér Philis d'ainm oraibh, a phailm mhilis mhiodhamhail. Ag so an éainbhean dob fhearr toil dá fear féin ar feadh domhuin, 's as tú a-bháin, a bhean Cheara, fat fhear lenb áil t'ailgheana. Ar Philis aithréasad sgéal: tug Demophon, prionnsa Aitéan, tonna tol dá taobhréidh ttais d'aoinmhéin ria ndul 'n-a díoghrais. Searc a croidhe mur an ccéadna tug sí don donn dreichdhéadla; grádh a meanma - mór an cion, clódh a dealbha iar a dhéiniomh. Seal mur sin dósan is di 's iad i cconchlonn a chéile go rug umhlucht ó a iath féin ar thriath ughnocht na n-Aithéin.
Do ghléas rí na rosg mbarrghlan cabhlach luchtmhar longadhbhal ler thriall an sliomfholtach séimh go fiadh iongontach Aitéin. Nach beith sé acht mís a-muigh do gheall don ainnir ionmhuin; mo-nuar nír choimhlíon ar chan, as truagh doighníomh re dhéanamh. Dobhíodh a súil leis gach lá an t-am tairsi gur théarná; ní bhíodh ar aire a gruadh nglan acht faire chuan is caladh. Tuitidh sisi i seirg ndubhaidh, i tteinniss 's a ttromchubhaidh sduaigh na ndonnlámh ttirmgheal ttais, lomnán d'imneadh is d'achais. Do-chuaidh ass re crádh croidhe, do ghabh d'uch is d'eolchuire; dobhí an mheirbh i mian ceasa 's a pian ag deilbh dhoilgheasa. Táinic d'fheartoibh Dé na ndúl a corpán criadh do chlaochlúdh, crann lomáin go ndearnadh de don leannglan bhfolláin bhfinnse. Tig Demophon - olc an t-am - dá éisse le sluagh n-éttrom tar mhuir ri géigneadhaigh ngil go tuir ttréidshleamhain tTraisigh.
Iar ttocht dó ós chionn an chrainn, do ling crobhuing chaoin bhalsaim, as cíoghuibh a cceas a-mach, tre ríoghain na ccleas ccruthach. Tig as na craobhoibh céadna duille gorm - gníomh uaithbhéalda! lingidh doinnghreas caol ccorcra tre ghoirmeas craobh ccorcordha. Do dhoirt sé déara millse do bhláth craobh a croicinnse, 's do chéibh na ccladh mbraointe mbán d'fhaoilte da cur ria a compán. 'S é ua n-Oilill an fearsa; 's í críoch Ceara an ainnearsa, ler sgeth doirneimh ccaoimh ccorcra do chraoibh móirShléibh Mhucholta. Do phós tusa ar ttosach ruibh na trí Luighne, a fhlaith Conghair, mun ttolaigh saoir ttaoibhfhinn ttais; dob aoibhinn daoibh 'n-a díoghrais. Táinic treimhse 'n-a dheaghaidh umhlocht ort ón ccinneamhain, ón ríoghdhacht saoir ngéigil nglain gurbh éigin daoibh bhur ndeaghail. Dod easbhaidh gur éag sisi - créd sin fearacht Filisse - le maothbhrón a magh ndoireach do ghabh claochlódh comhoidheach.
Iar bhfilleadh duit 'n-a dhiaigh so, a Dhemophon cláir Cheara, do cheil sí a héccruth ort, ní bhí ag éagnach ar th'amharc. A ndíl na tola tug dhaoibh fuirighsi feasda, a mhacaoibh, mar luach 'n-a daighmhéin disi an tuath lainréidh Luighnisi. Fuiridh aici, oir dhisi, má tá an t-anam intisi; beir meas ar a méin mbádhaigh, téigh sé cneas do chompánaigh. Leag do chíos, cuir do chánaigh, bóruimhe n-uill n-éadálaigh mun ttír mbratghlain ngléishlim ngloin; glantar géibhinn red ghiallaibh. Don chuid eile d'iath Banbha dealuigh uile th'athardha, a fhlaith fial ó iathmhoigh Bhreagh, ná fiafruigh triall 'n-a thimcheall. I ccrích Éirionn an fheoir bhuig ná lean acht lorg an charbaid do thír athardha budh-éin, a chathardha shídh shoiléir. Ná hiarr roinn ar fhréimh Éimhir, Dál cCais, síol cCuirc ccaithréimigh sluagh na síodh ccorrbhroghach ccuir, ná ar síol ccomhraghach Carrthaigh.
Ná leig dhíot ar Chaisiol Chuirc trácht Muaighe an inbhir orrdhuirc, ná Eas Dara an ghoirmfhéoir ghlais ar ana dhoinnréoidh Durlais. Ná leig dhíot ar Dhún na Sgiath, ar chuid ranna ó fhréimh bhfinnChliach, fad do bhuinn d'fhearann Acla, ná seanfhonn fuinn Fiogharta. Ná tréig coidhche, crosaim ort, do chuid féin i ccrích Connacht, a bhreac Eithne go moing mheir, ná roinn do leithe i Laighneibh. Bíodh go ndleaghair dod dreich ndil roinn d'fhagháil ó fhuil n-Éimhir, ag so an roinn as dísle dhuit don tírse Chuinn is Cormuic. Le deich ccéad bliadhain go beacht a-tá sí agaibh d'oighreacht, luach t'fhola ó chath Crionna, a fhlath fhola an Oiliolla. A chosc 's a choimhdheargadh gleoidh, a chúis iomluit an ai-eoir, a tháth síodh, a chonmháil cheall, dá spíon orghráin na n-airdreann. A dhíon cléire, a chuing crábhaidh, a cheann an uird iollánaigh, a mheabhoir gá mbí a bun, a leabhoir na ttrí tteangan.
A fhuaradh ar theas ttreasa, a theas ar fhuacht bhfuairthreasa, a dhál dá ndéntar turadh, a lámh éachtmhar easumhal. Malairt. Fad ghrádhsa don dúin deighshíl ná bíodh éad ar Eibhilín, a ua na ríogh ngéagghlan gan gheis ná bíodh éadmhar let Fhileis. Ó thug mé malairt uirthe, sdíomh na ccamóg ccochluichthe, ó as í mo sheisi a n-iath Airt ní bhiath meisi dá malairt. Malairt.
PÁTTRUIG ÓG MAC AN BHAIRD .CC. DO RUAIDHRÍ Ó EADHRA MHAC CORMUIC ÓIG MHEIC CORMUIC MHEIC CÉIN. Clú gach fheadhma ar fhuil Chéin, a-tá ortha i n-iath n-imchéin, cinn tsluaigh ó eachtra nar fhan, 's cruaigh gach gleacra dá ngoradh. Ag imbeirt beartán mbaoghuil gnáth iad idir iolfhaobhraibh tar roineart lámh is laoch lonn gan a ccládh re fraoch forlann. Ríoghradh nar aomh a n-obadh, fuair foighreadh a ccruadhchogadh, na sailghe ar nar sraoineadh le a ndaingne re a ndíosgaoileadh. Aontroigh nír cuireadh ar gcúl don ógbhaidh dob fhearr furtún 's nír thearc a mbuaigh gan bhuige le neart sluaigh ná sochruide. A mbuaigh ní rugadh a-riamh ógbhadh réidh na ruag n-imchian le sluagh mórdhálach ar muigh fa chuan comhdhálach Cobhthuigh.
Ac gleic ar ghalaibh aoinfhir a ccosg ar n-a ccomhmaoidhimh, a maoidhiomh as meabhair liom, le haoinfhear d'fhearaibh Éirionn. A-tá orthaibh ceann 'n-a cceann séala ar a cclú go coitcheann, na sluaigh ler snadhmadh an t-ágh, a mbuaidh adhbhal ar iomrádh. Clú einigh agus eangnaimh ortha agus clú i ccaithbhearnaibh na slata fa cruaidh i ccath an bhuaidh aca gan fholach. Na laithe fa lugha a neart 's a saoilfidhe iadsan d'imtheacht don droing ógnáir gidh sia sin Dia dá ttógbháil do thairngir. Do fhaguibh éigsi innsi Fáil a tteisd a maitheas re a mórdháil, an fhian armghlan ó Bhóinn Bhreadh, glóir as adhbhal re n-áireamh. Aicme Eadhra na n-arm nglas, ó sloinntear an séimh solus, leomhain taisdil Bhanbha Breagh gabhla gaisgidh na nGaoidheal. Do mhac Cormuic nach claon cuing 's dó do labhras a labhruim, tug briocht seirce 'n-a ghnúis ghloin cúis nach ceilte do chliaroibh.
Giodh fáth tnúith togha dealbha, tug Dia dá dhreich loineardha deilbh aobhdha gheanamhail ghrinn mhaordha ffearamhail inghill. Ruaidhrí laoch an aignidh fhéil i n-aonchúis nar thuill toibhéim, féinnidh armghlan gaoth glantais, laoch nach adhbhar iongantais. Óg ghuthaibh sgagtha na sgol fuair sé eolas na n-ughdor; do mheabhruigh go snasta sin as leabhruibh gasda an ghaisgidh. Dobhí seal ag Ionghus Óg i síth mhaisigh na míonró[o]d; cuingidh bean nach cleasach cuing seal go feasach ag foghluim. Fuair eolas séimhidhe seal ó Bhoghmhuin buime am ghaisgeadh, mhílidh díon ar dhiombuaidh 's ar dhacraibh 's a síoth fhionfhuar Abhartoigh. A Sídh Aodha ós Éirne brais i cceardcha cliste an chumais fuair liamhadh is gaibhneacht glan glainshliocht gan fhiaradh orthaibh. A tréighe lúith is lámhaigh 's a ilcheasa Iollánuigh lann chruaidh fíorchabhair ar bhfuinn a síothbhroghaibh fuair foghluim.
Nós a chinidh leis leantair le deighgníomh 's le deighbheartoibh; mór ffear 'n-a cceann le comhaidh, nírbh fhearr seal a síothbhroghaibh. Dá ttuguinn geall na nGaoidheal dá uaisle ó iul seanlaoidheadh, gnúis nár nar donnadh le droing, re rádh ollamh do fhéadfuinn. Iomdha rí roimhe san raon uadh go hÉimhear neamhchlaon, croinn chumhra na cceann tais, dob fhearr umhla don eaglais. Leantar leis lorg a athar ar ghaisdeadhaibh gleothachar, an séimh gan doghra a ndocraibh, 's a mhéin thromgha thábhochtuigh. Téid le n-a béasaibh bunaidh, aicme Chéin chomhramhaigh, croinn réidhe na cnuas nar chas ar fhéile ar chruas ar cheannas. Ua hÍ Fhlaithbheartaigh gan cheist, deaghua í Chéin re caoimhtheist, tarbh tána ar nar ceileadh cion, do-gheibheadh cána coguidh. Bradán Sligigh na sruth ffann, maighre Easa dá Éagann, eo Muaidhe an tiomratha te, Guaire fionnLocha Finne.
Fear cosnumha clú gach uair, an t-Iollánach re hiolbhuaigh fios flatha, féile gan on, tréighe an ratha dá rochtain. Mac Máire nach cleasach cuing dá dháimh as díon ar dhoghruing le neart gan tár gan time le ceart 's le fál fírinne. Óg a aois, arsaidh a fhos, cliste i cclaidheadh a chomas, díochur forlann an soirbh sáimh, doirbh a chomhlann i ccomhdháil. Sás na cléire do chealgadh le áinios gan imdheargadh, féinnidh séimh as bheobhras bladh le céill is le heolas ughdar. A-tá orrtha ó am go ham clú cinidh is clú comhlann, gan shéana ar a neart a-nú séala ceart ar a chéadchlú. Clú.
Tomás Ó hUiginn .cc. d'Oilill mhac Cormuic Óig mheic Cormuic mheic Céin. Damh féin do choigleas Oilill, gá bhfios nach oirchill mhaoine? ní theagbhann cnuic ná sléibhte dá chéile is teagmhuid daoine. Giodh táid an t-ord dá bhfuilim, mar do-chluinim, dá chaitheamh, cia a-deir nach meisi as bhuaine? geal gach nuaidhe nach bhfaicthear. Ní léire luas ná moille, fáth mo thoile gan choimhling; níor chuireas cúl re a chleachtadh ar son gur sheachnas Oilill. Dá mbeind re críonnacht éda damh féin ag déanamh ciste uaisle éirghe ná leagadh fo dheireadh sheasfas mise. An seanfhocal ní fédthar do bheith brégach an tansa; do-chí súil ní nach sillionn más fíor grinnioll ní[a] hannsa.
Mac Cormuic aigneadh aireach - fear le taithmheach an fíorrath - a beith agam ná ceileadh; as gnáth deireadh ag díoghruis. Ag saoithibh dealbhtha ar n-oige gé tá 'n-a choigle an tráthsa a leigean dóibh as ionmhall acht go ndiongnann sealbh sásadh. Más oircheas an cion táirthear ar dhán nó ar áineas bhfáthrúin dúinn ní féidir gan dortadh éigin nochtadh don nádúir. Oirill Ó hEaghra ar shaoidheacht breo re sgaoileadh na bhfoichleas ar gus ar aipcheacht seanta; dual gach ealta mar oiltear. A cceann gach oirbheirt iomláin tús m'iomráidh do-bhér dósan mar aon is sgaith ar cceirde; feirrde gach maith a móradh. Ar fhéile, ar iocht, ar eangnamh, ar rath dearbhtha gan bhaoghal, tuigidh Oirill an uairse gur buaine bladh ná saoghal. Ní beag nod do na heolchaibh; más deoraidh mé coimhling; giodh eadh mh'annsa ní haisling as damh féin chaiglim Oilill. Damh féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services