Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Book of O'Hara

Title
Book of O'Hara
Compiler/Editor
McKenna, Lambert
Composition Date
1581
Publisher
(B.Á.C.: I.A.B., 1951)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



VIII



Táinig san chluiche ag Cormac,
gég nach uaisle an iubhurshlat,
má tharrla beart ag dol de
a neart ag cor san chluiche.



Ní rugadh aonchluiche air
le hiomud a bheart mbaoghoil,
críoch thiormaibhneach na ttrágh tte
fa chlár lionnmhaighreach Luighne.



Tairnig dhó - díochra in toirbheart -
le hiomad a uasoilbheart,
fear le bhfríoth fuighle filiodh,
críoch Luighne do léirthiliodh.
Beart cluiche ní dheachaidh dhe
gur tiliodh dh'éis ar-oile,
clár bindealtach na mbrat ngeal
le himeartach mhac Míleadh.



Gnáth craobh ar díon a duille;
do hsaor imirt éanduine
síol ríghEadhra tar rún cáigh,
súd na fíneamhna a fionnMháigh.



Ó aois leinibh - lór do rath! -
dobhí ag déanamh beart mbaodhluch,
ceann an tslóigh nar mhuidh mionna,
gur fhóir ar fhuil Oiliolla.


L. 114


Ó hEadhra nar ob éinfhear,
ní raibhe acht aois óigfhéinniodh
uaidh dhá dhaghathair ar ndul
ag sduaigh glanachoidh Gulban.



Suil do éirigh Ó hEadhra
fóbroid cách - cúis doimheanma! -
slat do mhín muighe Mumhan
a thír uile d'átucchadh.
Ó aois leinb gus an lá a-niodh
do éiridh d'aimhdheoin Gaoidhiol,
damh na ríghealbha ó ráth Cuirc,
fáth mímheanma do mhaluirt.



Tar mhíorún cháigh um Chormac
fríoth le folt na bhfochonnshlat
ós chionn shlóigh fhola hEadhra
a thogha mar thighearna.



Cách ar ndéanamh dóithe dhe,
tulcha réidhe learg Luighne
a-táid dá n-aimhdheoin uile
fa thaibhgheoir fhóid Iughoine.



Ar an gcorsa cian ó shin
d'aimhdheoin gach aoin do éirigh,
samhoil Chormoic d'iadh Earca
triath dob ordhroic n-aigionta.



Dobhí ag Cnucha - fa cúis leoin;
is dé a-tá tús an uirsgeoil -
a ndán do ghéirreandoibh Guill
cládh do chéimeannoibh Cumhuill.


L. 116


D'aithle an chatha do chor air
Cumhall dá éis nír fhágoibh,
bláth na saorshlat ó Bhóinn Bhreadh,
acht aonmhac dar chóir creideamh.



Ní raibhe dísle ag duine
d'éis Chumhoill d'Fhionn Almhuine,
craobh raichéillidh ón Bhóinn bhinn,
flaithfhéinnidh do fhóir Éirind.



Fios a eachtra as aithnidh damh;
rug Bodhmhonn dh'éis a athar
an leanbh lé idir bhonnoibh beann,
gur fholuidh é ós íseall.



A ndiamhroibh a n-ochtoibh all
dá chaomhna dobhí Bodhmhand
ón ghlionn fholuidh go ar-oile
do fhoghoin d'Fhionn Almhoine.



d'eagla aitheanta - as dál dearbh -
beart allmhurdha fan óigleanbh
do chuir a bhuime Bodhmhann
ler luigh uirre d'anbhforlann.
Le huamhan a daltáin dil
feadh aonuaire dá haimsir
ní thug faill a mac Mhuirne,
slat nar chaill a comairghe.



Mar sin dí ó ghlionn do ghlionn
gá dhíothludh ar fhud Éirionn,
géag cubhra do-chuaidh ós fhiodh
nó go bhfuair umhla ar éigean.


L. 118


Éirgheas in flaithfhéinnidh Fionn
dá éis so dh'aindeoin Éirionn,
dá bhfuair rímheirgi bheann mBreagh
geall díbheirge fa dheireadh.



Dob éigean dó teacht fa a thoil;
tug Goll a n-íoc a athor
a bhreath féin dó fa dheireadh;
ag só in céim do cúitigheadh.



Gá dám ris acht ráinig Fionn
cuid a shean d'inis Éiriond;
críoch a oirbhearta as sé sin
an té as oirrdhearca ag eolchaibh.



Do fágbhudh eighre ó nEadhra
'n-a ógmhacaomh oireaghdha
mar do fágbhadh a fáidh Fionn
ag clár fhádghlan na hÉirionn.



Do nós Find d'éis a athor
ní fríth - gá mó mearachadh? -
neach san tírse cloinne Céin
do-rinde dísle dhoiséin.



Do éiridh d'aindeoin gach fhir;
ar ó nEadhra do imthigh
dála flatha na Féine,
brágha chatha Choirrshléibhe.



Do éiridh an donn daithgheal
le hiomud a ionnsaightheadh
's le méd oirbhirt Í Eadhra,
an ghéag oirrdheirc fhíneamhna.


L. 120


'N-a chédarmoibh ar ndol dó
nír leig uaidh uiread aonbhó,
an chraobh tharoidh ó thoigh Tháil,
gan bhoin 'n-a haghoidh d'fhagháil.



Goin san ghoin is creach san chreich
gur chuir an iomáin d'éinleith
- nír bhean a ghníomh re gníomh tais! -
do-níodh ag díon a dhúthchais.



Feadh Luighne na learg nuadhonn
mór do fuilngeadh d'éadtualong
Cormac ar cách suil do chinn,
bláth na ndonnshlat a Duibhlinn.



Dobhíodh thrá - fa tuar docra! -
gan fhleidh gan cheol codolta
acht sriobh caol a ngabhloibh gleann,
craobh do tharrngair an Táilgeann.



Dobhíoth gur éirigh d'fhoghoil
lámh aige as an aradhuin,
's lámh 'n-a armoibh uair oile
ag faghluidh Chuain Challroidhe.



Rí Luighne na gcuach gcorcra
dobhíoth faoi feadh codulta
folt donnghlúineach dan dual toil
gormlúireach fhuar mar iomghaidh.



A cheannaghart gach n-oidhche
dob í an cheinnbheart chlochfhoirfe;
ar a cholba dho chuireadh
an t-omhna nar hionnsoighiodh.


L. 122


Dobhíoth idir bheannoibh sliabh
ó Challroidhe go Coirrshliabh,
súil re a dheirbhfhine dho dhíon,
ceinnbhile dh'úir na n-airdríocch.



Triath Luighne na dtoirbheart dtrom,
mór fhuair Ó hEadhra dh'fhorlann
fa chlár mín na magh sreaphghlas
gur ghabh tír is tighearnas.



Bruit chorcorrdha agus cuirn óir,
fíon is ceol - ní cúis dobróin! -
ar faghoil, gérbh fhada dhó,
aga i n-aghoidh a andró.



Gnáth aigi a n-íoc a fhorloinn
'n-a chúirt fhionnbhláith iobhardhuinn,
gruadh nár do fógradh le Fionn,
gáir ógbhadh is fuaim fithchioll.



Luach a easaonta dhó ag dol
gnáth 'n-a thigh bráighde biodhbhadh,
múr fonnbhán na bhfeadh gcubhra,
is tromdhámh fhear n-ealadhna.



Eighri Céin nar char cionta
fuair sé ar son a oirbhearta
aoibhnios fa mhian a mheanma
san chaoimhlios fhial oireaghdha.



Ní tugadh bhós - ní bréag sin -
a chuid d'aoibhneas fhóid Fhionntoin,
críoch na sriobh ngoirmealtach nglan,
acht d'fhior oirbheartach uasal.


L. 124


D'iath Banbha na mbord n-oirrdhearc
mór fhuair do bhrígh bhuanoirbheart
fa chrích ngloin na mbraoinlios mbláth
a thoil d'aoibhneas is d'iomrádh.



Tar churadhoibh fhuinn Earca
tug iomad a oirbhearta,
ré iomlán ó thoigh an Trír,
iomrádh ar Choin in Chleitín.



Ó Chonn Céadchathach tar ceart
fuair leath Éiriond a hoirbheart
le neart deorudh go fiadh bhFáil
ar dtriall d'Eoghan ón Easbáinn.



Murchadh mhac Briain - ní beart nár! -
fuair as a oirbheart iomrádh,
na hórchroinn fa gloine gníomh,
tar mórchloinn oili in airdríogh.



Branán coimhghe chláir Lughaidh
Cú Rí fa rí dh'Iarmhumhain,
ceann an tsluaigh dob iomlán iocht,
fuair iomrádh as a oirbheart.



A Magh Tuireadh - taom oirrdhearc -
cian uadh do dhruim deaghoirbheart
- báidh linn a gcur fa chomhthaibh -
do chinn Lugh ar Lochlonnchaibh.



Dá nós súd - ní saobh in reacht -
fuair tusa inmhe a hoirbheart,
a bhláth craobh Thighe an Teampla,
a bhile saor soidheargtha.


L. 126


Dá bhfaghtha a bhfuarudar sin
ní thiobhartha, a thuir Uisnicch,
geall ar oirbheart d'aon oile,
a ghoirmdhearc shaor hseabhcoidhe.



Ní dóith d'aonduini hoighriocht;
ní déntar ód dheaghoirbheart
dóith chogoidh do chloinn Eadhra,
a chroinn abaidh fhíneamhna.



Tugsad cách - ní claon in reacht! -
geall ar uaisle 's ar oirbheart
doit, a chéile cláir Eamhna;
cóir na tréidhe tighearna.



Táinig dhíot díon do shleachta;
fuair tusa a hucht t'oirbhearta
mar nar fhaláir, a bharr Breadh,
anáir Ghall agos Gaoidheal.



Sí fad mhaoroibh, a mheic Céin,
críoch Luighne na magh mínréidh,
a ghéag thoroidh ón Bhaoil bhuig,
a cobhair dod thaoibh thánuig.



Bíodh Peadar eadrom is sibh
laithe in bhrátha, a rí in ríchigh;
cneadh ad chígh gidh doilidh dhoid
bhur n-oighidh as trínn tánoig.



A mheic Gráinne, a ghruaidh mar shuibh,
nach marann tú, a thuir Aolmhuigh,
uch mun-uar is fáth urchra
truagh sa chách an comhorrtha.


L. 128


Teisd inghine Maoil Mhuire
béim dhí ní fhuair aonduini;
sí do chléir ní dóidh dhearoidh
dá méin as cóir creideamhoin.



Lorg a sleachta lé leantoir;
fuair teisd as a toirbheartoibh,
bean do-chóidh tar crú Suibhne;
clú cáigh ar a comairghe.



Ní ceiltear maoine Máire,
's í fa thoil gach thromdháimhe;
a daghshamhoil as sí soin,
as baramhuil í d'Eimhir.



Blagh 'n-a áit aice ag anmoin,
téid sé uile dh'ollamhnoibh,
cuid dá crodh rú ní rannfa;
cor a clú 's dá comharrtha.
Táinig san.


L. 130


AN FEARGHAL ÓG CÉADNA .CC.



Sona sin, a chlanda Cuind;
a-tá oirbhsi a gclár Criomhthoinn,
fonn solus na ngéigfhiodh ngeal
sonus nach éidir d'áireamh.



Sona dhaoibh mar táid thalloin,
a chlanda Cuinn chréachtlannoigh,
sluagh ríoMhumhan ag roinn ribh,
croinn dob fhíorumhal d'éigsibh.



Nach cuid dá bhur sonus sin?
táinig Tadhg mac Céin chugaibh
a hIarmhumhain na séd sean,
gég ó ghrianbhrodhoibh Gaoidheal.



Ó bhur ngaol re Tadhg Teamhra,
a shíol gCuinn chláir sheinEamhna,
nír fhéd líne ridhe ruibh
fa ríghe thighe Tuathuil.



Tadhg mhac Céin an chúil sgathoigh
Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathuigh
a sheanmháthair as sí sin,
rí ó eangráthaibh Uisnigh.



Táinig Tadhg do thaoibh a ghaoil
ó thuathaibh Caisil chollchlaoin
a-niar go Cormac Cláire
dondshlat ó iadh fhionMháidhi.


L. 132


As sé Tadhg mhac Céin do chuir
fa cheann saoirmheic Airt éachdoigh
coróin ríogh fionnmhoighe Fáil;
díor an ionnmhuine dh'admháil.



Ar son Chormaic cian ó shoin
tug seacht n-éachdchatha dh'Ultoibh
Tadhg mhac Céin, tuir na Teamhra,
slat réidh ó mhuigh mhínLeamhna.



A shé meic dég - dearbh in dáil -
's na trí Fearghois - feidhmh neamhnáir -
dáibh gá haird i narbh eagal
le láimh Thaidhg gur thuiteadar.



Leis do cuireadh - céim bloidhe -
cath Crionna ar chloinn Rudhroidhi
ar sgáth rígheidhre beann mBreagh,
ceann sírsheilbhe na sindsear.



Do iar diombudh fhola hÍr,
do-rinne Tadhg slios seingmhín,
críoch gnéshlim na ngormshlat ngeal,
Cormac ós Éirinn d'oirneadh.



A námha riamh roimhe sin
sona do mhac Airt Éinfhir
Tadhg dá oirneadh ós iath Fáil
triath nar toirneadh a tteagmháil.



Dá chéile ón lósoin a-lle
fine Chuinn 's an chlann Chéinse
fa chrích móir bhformadaigh bhFáil
dóigh gor chonnmhadair combáigh.


L. 134


Síol gCéin dá chomhartha sin
do an cuid díbh go deimhin
ón Mháigh goirmghil duind dathaigh
fa oighribh Cuinn Chéadchathaigh.



A rogha féin d'éis fhuirigh
do mhínLeith Chuinn chraobhdhuilligh
do thuill síol catharrdha Céin;
díon dá n-atharrdha iaidséin.



Dlighidh síol gCuinn chosnas troid
- go deimhin as dó a-támoid -
ealbha na laochlann leaphar,
saorchlann Eadhra dh'uaisleaghadh.



Mó as daor do tuilleadh le Tadhg
ó shíol Airt na n-each mbeannard,
damhna ríogh mhoighe Mumhan,
a shíol uile dh'ardughadh.



Síol gCuinn na gcraoisioch bhfoirfi
ua Taidhg Cormac créachdghoirthi,
mun sédachadh um Bóinn mBreadh
a mhédachadh dóibh dlighthear.



As beithi dhóibh - dia do bhágh! -
dá eagla nó dá fhíorghrádh
ar tí uaislighthe fhir Bhreadh
na guaisbheithre ó thigh Thailltean.



Muna chonnmhoid clann Fhéilim
báidh Taidhg dá bhais bhláithmhéirsheing
a gcrích ghéiggil chuirmthigh Chuinn
tuillfidh ar éigin urruim.


L. 136


Le sníomh colg, le corcradh ga,
maith as aithnidh d'Ó Eadhra,
tamhun cubhra ón ghormMáigh ghil
umhla dh'fhodhbháil ar éigin.



Tuilleadh umhlucht amhluidh sin;
meinig do chuir lúib luaimhnigh
buachoil leargmhoighe bruaigh Bhreagh
tre dheargdhoire chruaidh caoilshleadh.



Frais d'armoibh fa áit a shean
iomdha caithghleo nar caitheadh
ó Mhuaidh go sédphort Sionna
re héchdchorp í Oiliolla.



Sochar gan dochor ní dú;
meinig do dhoirt a dhonnchrú,
críoch bláth na dtiormdhoiri tte
ar sgáth liondmhoighe Luighne.



'N-a lúirigh do loigheadh sin,
meinig do chleacht ól eighridh
agas cruaidhshneachta dá chorp
agos fuairleabtha gan adhart.



Do-rinne Ó hEadhra air éigin
críoch Luighne in chláir chaoimhghéiggil
díon a shíothmhuighe mar sin,
fíocruinne na ngníomh ngaisgidh.



Nír fhéach d'imshníomh ná d'ól sreabh,
nír fhéch anbhuain ná dh'éigean,
cian dobhíoth a mbothaibh slat,
a chríoch gur chothaigh Cormac.


L. 138


Do shíol gCuinn dá gcreidiogh soin
nach ffuigheadh uatha a hurdoil
dobhíoth ar cuimhne ag Cormac,
críoch Luighne na leabharshlat.



Olc do-rinde cineadh Cuinn
buain re himlibh a fhearuinn;
dá dhonnghlaic nar dháigh chogoidh;
báidh Chormaic nír chonnmhaduir.



Do cheangoil Cormac ó Cuind
- dá aicme ní hiul leathtruim -
báidh do bráth re caoimhchloinn Chéin,
na saorchroinn ó ráth ríNéill.



Ón deighrigh dá dhearbhudh sin
fuair Tadhg mhac Céin cuid chrandchoir
don chrích mhínghil um Bóinn mBreadh;
dá sgríbhnibh as cóir creideamh.



Siobhul a eich re headh laoi
tug Cormac d'Éirinn fhéarnaoi
don ré thuraidh Tadhg mhac Céin,
ardshlat ón Mhumhoin mhínréigh.



A chongnumh féin feadh a ré
tug Tadhg - ní hiul gan fhínné -
tar chách do Chormac dhá chionn,
donnghlac ar nar ghnáth géibhionn.



A ndiaigh a bháis - ní bréag sin -
fa chur re síol Airt Éinfhir
tug fógra choidhche dá chloinn
fa Fhódla gcoirmthe gCriomhthoinn.


L. 140


Feirde síol gCuinn a chobhair,
gríobh an aignidh éachtghonoigh;
do rígh Luighne an tráigh thaisghil
as cóir cuimhne an chadaighsin.



Do shíol gCuinn ní ceilte a bháidh
congnamh Í Eadhra d'fhagháil;
as feirde Éire uile,
céile leirge Liathmhuine.



As fiu a eineach 's a oirbheart
as iomad a uasailbheart
nach cóir gaolbháidh dh'éra air,
an rélla ón chaolMháidh chréchdoigh.



Feirde an fine gá bhfoil báidh
re a ghruaidh ndrithleannoigh ndonnbháin,
bláth glainchleath muighe Meadhbha
ruire caithmheach claoinTeamhra.



Beithir chréchduch chleas ngoile,
éigne eiteadh n-órrdhoidhe
ó shruth úr míonchaol Máidhe,
ríochraobh dh'úr na hEasbáinne.



Géag do choillidh chnuic Áine,
damh dh'ealbhaidh fhóid fhionnGháille,
bláth na bhfeadh ó leirg Luimnigh
nar ghabh fheirg fa athchoinghidh.



Cormac sgáthán gach sgoile,
slat abhla chnuais chubhroidhe
d'fhiodhbhaidh Fhéile is eang Luighne,
don fhéile as ceann comuirghe.


L. 142


Gnáth leis ag díol dámh ndoiligh,
le hiomad a fhíoroinigh,
éd ar Caiteilín do chor,
gég dhaighceiníl na ndeorudh.



Achd re heineach Í Eadhra
Caiteilín cruth soidhealbha,
géis ón Bhúill chuirmthe chleithghil,
tnúidh uirrthe ní hairighthir.



Deirdre na tíre thalluin,
Eimhear fhréimhe Raghallaigh,
inghion Toirrdhiolbhaigh, glac geal
slat do ghoirmfhiodhbhoidh Ghaoidheal.



Mór Mhumhan a fréimhe féin,
fagháil a deargtha ó daoirchléir
dá gruaidh ní gar a-nosa;
an bladh fhuair ní hurosa.



Mág Aonghusa nar ér mhe,
truadh don bhás a bhuain dínne,
gég do-chuaidh tar chrú Rosa;
an clú fhuair ní hurusa.



Fá bhás Cuinn dreach nar donnadh
mór ríoghan as ríoghollamh
mór n-oireacht do bhuail bhosa;
toigheacht uaidh ní hurusa.



Saoradh m'anma d'éis mo bháis
go dtí do Pheadur príomhfháidh
's do Mhuire is don chíoch corcra;
ríomh mh'uilcse ní hurusa.
Sona sin.


L. 144


AN FEARGHAL C.NA CCT.



As fiacha ar neach an ní gheallas;
gealladh daingean - dia do bhuaidh! -
lámh as treisi ar fhud gach fheadhma,
tug meisi d'Ó Eadhra uaim.



Do gheallus laoidh 'n-a laoidh cumuinn,
craobh do lubhghort leasa Floinn,
dom laodh dil, do Chormac Cabha,
glanshlat do dhligh ragha is roinn.



Cuige do chomhall mo gheallta,
géag thoroidh as truime bláth,
fear nar iarr acht a n-ágh urruim,
triall lem dhán comuinn tar chách.



A theachtoire théid go Cormac,
dá chneas lúthmhar lingeas tóir,
fear do thabhoigh go hég m'annsa,
tabhair an tréd rannsa róinn.



Iomdha romham san raon díreach
le druing dheaghrann dan dual toil
ón trian teas go Cormac Cláire,
donnshlat ó Eas Mháighe a-moigh.



Beir ón Mhumhain na múr ndaithgheal
an drong rann do-rinne mé
go bile Gréag tar gach Gaoidhiol;
séad fine na n-aoigheadh é.


L. 146


Maith a chumann, caomh a aigneadh,
aoibhinn doidse dol 'n-a cheand,
fear nar aomh béim ar a bhiodhbhaidh,
craobh réidh don fhiodhbhaidh as fhearr.



Ní tuirsioch doit dol go Cormac;
cuirfidh mo chéili, creid uaim,
- laoidh nó duan ní háil a n-aisgidh -
ad láimh luach bhur n-aisdir uaidh.



Síos go seolchrann sleachta hEadhra
ní haithreach dhoit dul ar séad;
laoidh riamh ná aonrann a n-aisgidh
nír iarr saorbharr gaisgidh Ghréag.



Dom chéile ar gcluinsin na rannsa
reac uaim ris, is ní rádh clé,
mo bheith a ngioll ag géig Thaoidhean,
's nar thréig sinn ar aoinfhear é.



Cóir do ghrádhoigheas géag Mháighe;
minic fhuaras san trian tuaidh
a ghrádh, a uille ar cúl comhóil,
a rún uile, a onóir, uaidh.



Gan fháth ní thugus toil doiséin;
a ndiaigh na tarbha téid an grádh;
fuaras uaidhe a each 's a eirreadh,
an chleath nuaidhe neimhmion nár.


L. 148


A-tá sind ar son ar gceannoigh
ag Cormac ó chroidhe thé
budh buan go héag an toil tuilltir;
ó shin as dá mhuindtir mhé.



Beith ag Cormac na gcolg ngreanta,
gruaidh loinneardha dar las gríos,
do neach dom thréad ní toil mheallta,
géag ó Thoigh an Teampla thíos.



Cormac Ó hEadhra ucht solus,
seabhac éachtach na n-each mbras,
nír thuill diomdha um dháil a mhaoineadh
iomdha idh na n-aoidheadh as.



Do lean Máire mhéin na gcraobhsoin,
na craobha ór chin ciabh na lúb;
meinig ag cách a clú ar cuimhne,
as gnáth le crú Suibhne sútt.



Na croinn fhíneamhna ór fhás Máire,
'n-a maoinibh ní mór a gcás,
do mhéadoigh sí a ccéim re chéile,
sí do réir a fréimhe ag fás.



Doirseoir Dé ná diultadh mheisi;
míorbhul bhuan ar nach bíodh glas
síodh biodhbhadh san Róimh do-ríne;
ní hiongnadh dóidh fhíre as.



Adhbhar bróin a bheith fan gcomhraidh,
Conn Aolmhuighe na n-each mbras;
ní ghabhadh sin séad ó aoinfhear,
géag do chin ó Ghaoidhiol Glas.
As fiacha ar neach.


L. 150


AN FEARGHUL CÉADNA CC.



Grádh mo chroidheisi Cormuc,
rí Luighne na leapharghlac,
slat chraobhnár d'óigfhiodh na n-Art,
mh'aonghrádh dho chóigeadh Connacht.



Tugas grádh chon dá cuaini
dá ghruaidh ghairthi ghríosnuaidhi,
ré lán fa bhfeacthar an fiodh,
nó grádh ealtan dá hinbhear.



Tugas grádh eoin dá énoibh
dá bhais tseada tseingmhéraigh -
do mhuin toile a-tám dá thaobh -
nó grádh oighi dá hóglaodh.



Nír charus é gan fhachoin
Ó hEadhra in fhuilt fhionnsgothoigh;
tearc a aithghein do chloind Chéin,
dá aithribh nír thoill toibhéim.



Ní thiocfa ní tháinig riamh,
a gcrích Chuinn na gcoll mbairrfhiar,
gég tharuidh nar mhuidh mionna,
a samhoil d'fhuil Oiliolla.



Ar uiread righe ris féin
ní chuala a aithghein ainnséin,
fonn trághfhoirfe na tTrí bhFear,
rí sároighthe na sinnsear.


L. 152


Ó hEadhra Buidhe, bas dil,
fáth mo ghráidh dá ghruaidh chrithrigh
- bíd do hsíor ag cleith Chabha
fíon is eich is ealagha.
Ar sdéduibh uaisle, ar eallach,
gnáth leis dán do dheighceannach,
's fíon do dhaoircheannach mar dhigh,
gríobh ó chaoimhtheallach Caisil.



Cormac mhac Céin, cúl failgheach,
triath éachtach na n-oghoinbhreath
dreach craobhghoirthe ar nar chinn lámh,
sinn taobhshnoighthe dá thromghrádh.



Ar feadh Luighne na learg ndonn,
toibhéim uirre ní fhaghann,
earla fiar na gcleath gceiníl,
neach nach cian ó Chaiteilín.



Nír thuill ó ollamhnoibh fheirg;
nocha raibhe ó aois óigleinb
a n-aghoidh duine le dán,
do thabhaigh uile a n-énghrádh.



Ceand einigh innsi Logha
Mág Aonghusa mh'fhíorchara,
líonta a-nú dá thoil a-tám
a-tú ar n-am ghoin dá ghéarghrádh.
Grádh mo chroidheisi.


L. 250


FEARGHAL MHAC AN BHAIRD DO-ROIGHNE
AN DÁNSO AR CCLOS Í EADHRA .I.
CORMAC MHAC CÉIN DO BHEITH TINN.



Fáth cumhadh ag crích Luighne
an ghuais fuair, fáth rodhoilghe;
dobhí ag tuar dérchumhadh dhí,
néllphudhar mo-nuar uaisdi.



Ógbhadh Luighne lán do ghoimh
tre ghuais bháis bhiodhbhadh Forbhuir,
lán an deorchuire ó Dhún Cuirc;
as túr eolchuire d'aghaint.



Guais bháis do bheith ar Chormac
mhac Céin barr na mbogroshlat
tuar mímheanma druim ar dhruim
do cloinn ríEadhra ó Fhréamhuinn.



Bheith lán do ghuasacht ma a ghoimh
fiu an chomaoin do chur orthoibh,
clanna úirEadhra ó iath Bhreadh
fan fiar clúimhearla coillteadh.



Tre lár sluaigh ar son na nGréag
meinic do cuireadh croimshdéad
uile tar a sursainn siar
le hursoinn muidhe Maicniadh.


L. 252


Ag díon a oighreachda ar oil
meinic do dhearg a ndebhthoibh
lann chruaidh as goirméidiodh glas;
fuair doirbhéigion fan dúthchas.



Tadhg Buidhe le mbiathtaoi broin
an tan do thuit a bhráthair,
planda saor dóidleabhar dil
dob óigleanabh craobh Chaisil.



Iar tTadhg mBuidhe barr Clochair
do shuidh síol cCuinn Chéadchathaigh
a ccleathLuidhne na ccuach tte
na creachbhuidhne ó bhruach Búille.



D'éis Taidhg Bhuidhe do bhuain de
is sé trá a ttús a aoise,
an bheochnú ar n-a crádh d'íbh Cuinn
tár a fheolchrú nír fhuluing.



Tug annsin ar sén uaire
d'fhóiridhin a anbhuaine
ruaga leabhra do chrú Chuinn
Ó hEadhra an chnú ós chrobhuing.



D'eagla Í Eadhra na n-arm nocht
an uairsi a n-íochdar Connacht
ní bhíodh creach achd creach fa choill,
's ní bhíodh each acht 'n-a hughoim.



Ní bhíodh colg acht ar colbha,
ní bhíodh fós fiu an énomhna
tiar tre chliathghaoith cláir na bhFionn
gan láimh triathlaoich 'n-a thimchioll.


L. 254


Ní bhíodh mér achd mér ar sleidh,
ní bhíodh ard gan fhear bhfeithimh
thiar do sgáth a ghníomh ngoile
's ní bhíodh áth gan fhoroire.



Ní bhíodh lúireach achd lán d'fhuil,
ní bhiodh bearn acht bearn ghábhaidh,
is ní bhíodh teach acht teach nocht,
creach ní bhíodh acht dá bhárdocht.



Treall dó mar so ag biathadh badhbh,
agus ag corcradh catharm,
's ag síorchogadh fa sógh fhliuch,
's ag ól fhíorthobar n-uaignioch.



Do bhean Cormac - céim sochair -
as láimh shíl Chuinn Chédchathaigh
- cóir a chor a ccuimhne dhi -
Luighne ar an ccor ad-chluinti.



Críoch Luighne na linntiodh ngeal
nó gur chosain ar éigean
fleasg Lí nír chagoil a chorp;
dí do adoimh a annsocht.



Dámadh baoghlach dá bharr nocht
nírbh iongnadh d'éis a ndubhort
bheith do shíor tuirsioch dá thréd;
dobhíodh coisfhliuch dá ccoimhéd.



Dlighidh Luighne na learg bhfionn
tre a ndearna dhí do dhíchioll
guidhe le Cormac Cearmna,
donnshlat muighe mínLeamhna.


L. 256


Dlighimsi féin tar gach fear
guidhe le Cormac cneisgheal,
searc druadhollamh na nduan mbinn,
tre bhfuaramar uadh d'uirrim.



Dlighim guidhe le géig Rois
dá dhuais dána tre dhíoghrois
's rún is fíon damhsa do dháil
is díor an annsa d'admháil.



Síol Eadhra nar éar duine
's iad riamh ó ré an chéadduine
- ní dóigh achd as deimhin linn -
'n-a róimh einigh a nÉirinn.



Cormac mhac Céin cleath Eachtgha
ag ionghaire a oighreachta,
re a dheabhaidh do ba díor sgáth,
dobhíodh 'n-a dheaghaidh deargáth.



Cnuas a láimhe a láthair gliadh,
Mág Aonghusa na n-óirsgiath,
nír shaor ceann Bladhma ar an mbás;
do dhearg a arm ar éachtáth.



Mac Í Ruairc nar char conách,
Conn a n-uaidh 'n-a aonarán
ní beag do chrádh tinn mar tá
lámh nachar fhill ó éachtáth.



Nír char eachradha ná ór,
Peadar do fhuilngeadh annró,
ná cuach ailtgheal go bhfuair bás,
ní fhuair flaitheas le fuarfháth.
Fáth.


L. 258


MAOL MUIRE Ó HUIGINN .CC.
d'OILILL MHAC CORMUIC ÓIG.



Malairt chrotha ar chrích Luighne;
do-chuaidh uaithe ar éaccuimhne
a hanchruth ó 'né go 'niodh;
do sgé a n-amhlach a hinnriomh.



Do theilg dhí a deilbh mbrónaidh,
do dhiult dá dúil n-ochónaidh,
do reac uaidh a dreich ndubhaidh,
do theith gruaim ón ghealtulaigh.



Deallradh corcra chnoc nuaidhe,
briocht seirce síoth bhféaruaine,
meas órdhuighe re a ccrom coill,
is coll chnóbhuidhe i ccrobhuing.



Duille glasa ag gormadh fiodh,
caora donna a ndath doiriodh,
tír fholtsholuis na n-eas nocht,
boltonuis leas is lubhghort.



T'aire riot, a ráith Ghráinne,
cuir fad ochtaibh úráille
ba ccaoir ndeirg ndoinnfhéoir ndathaidh
fan leirg moingréoidh minsgathaidh.



Coimhéid coimheid, a mhadh Marr,
nimh fhormuid d'inghreim t'fhearainn;
ná faiceadh fear iomthnúidh ibh,
a bhean an fhionnchúil fhailghigh.


L. 260


Déana an ccéadna, a chríoch Ceara;
cuir fad chéibh coillgheala,
a bhean na mbláth n-iongnadh n-úr,
sgáth dod ionnramh ar iomthnúdh.



A-tá timcholl do thaobh nglan
briocht gach sgéimhe dod sgiamhadh,
do bhrotha loinneardha lil,
sgotha doinndealbhdha druimnibh.



Barr comhchorcra ciomhas learg,
gile choille craobh ndoinndearg,
srotha meadha is foighreadh fair
doinnbhleadh na meala muchaidh.



Do breithfidhe, a bhean sgiamhach,
ar nochtadh t'fholt n-óirsgiamhach,
go mbí, a dhealbhdha ghéigil ghrinn,
meanma éigin fat inntinn.



Ciodh nach náireach dod chéibh ccais
sgeith antola agus álghais
tar an ccuid oile dh'iadh mBreadh,
mian do thoile nó an dtuigthear?



Tuigim, tuigim, a ndearnais,
a chríoch an fhuinn oirearghlais,
tar magh Meadhbha an bhrogha binn,
meanma do thola tuigim.



Do-chuala thusa, a ghnúis gheal,
Oilill Ó hEadhra d'fhilleadh
is do dhreach gheal dh'innioll ort,
a bhean na n-innioll n-éattrocht.


L. 262


As dó tuguis trillsi sreath
ar t cholbhudh do chiabh ffáinneach,
a ráth na n-aoillearg n-amhra,
fan bhláth ccaoindearg ccorcardha.



Dámadh sochar a rádh ruibh
as náireach dod chéibh ccochluidh
bheith ag síorfhosgladh chíogh ccorr
do ghríobh fhíorrosglan eachtronn.



An cleas céadna cian ó shin,
do nocht tusa, a threabh Thailtigh;
do riuga slóigh Shléibhe Muire
an glóir fa n-éir h'ionmhuine.



Dobhádhais dá bhliaghain déag
an uairsi ag flaith na bhfinnghéag,
's do bheith nías sia toil ar toil
gidh toil le Dia bhur ndeadhail.



Nó an measfá, a shuirgheach shaor,
go roichfeá muirnn don mhacaomh
as na hiomráitibh fhuair sibh
fa sduaigh n-iomráitigh n-Imligh?



Fuarais uime an Fionn físeach;
náire, a mheirdreach mhailíseach,
gidh daithbhéasa as dú dod chruth,
an t-aithghléasa 'nú as nárach.



Bíodh nach náireach red dhreich nduinn
bheith baoth fad chéile cumuinn,
do sduaigh chúilte na ccladh ttais
nocha múinte an tol thugais.


L. 264


An tráth do thaisbéain tusa
don Oilill Ó Eadhrasa,
a ainnir nar aomh acht leis,
sgainnir dá thaobh do thuillis.



Gur nocht tusa roimhe a-rís
le meirdreachas le mailís
adhbhar gotha dod ghruaigh ghloin,
a stuidh an chrotha chonchoir.



Ar céill, ar cruth, ar iongnamh,
ar airghibh th'iath n-inniolghlan,
do-bhér Philis d'ainm oraibh,
a phailm mhilis mhiodhamhail.



Ag so an éainbhean dob fhearr toil
dá fear féin ar feadh domhuin,
's as tú a-bháin, a bhean Cheara,
fat fhear lenb áil t'ailgheana.



Ar Philis aithréasad sgéal:
tug Demophon, prionnsa Aitéan,
tonna tol dá taobhréidh ttais
d'aoinmhéin ria ndul 'n-a díoghrais.



Searc a croidhe mur an ccéadna
tug sí don donn dreichdhéadla;
grádh a meanma - mór an cion,
clódh a dealbha iar a dhéiniomh.



Seal mur sin dósan is di
's iad i cconchlonn a chéile
go rug umhlucht ó a iath féin
ar thriath ughnocht na n-Aithéin.


L. 266


Do ghléas rí na rosg mbarrghlan
cabhlach luchtmhar longadhbhal
ler thriall an sliomfholtach séimh
go fiadh iongontach Aitéin.



Nach beith sé acht mís a-muigh
do gheall don ainnir ionmhuin;
mo-nuar nír choimhlíon ar chan,
as truagh doighníomh re dhéanamh.



Dobhíodh a súil leis gach lá
an t-am tairsi gur théarná;
ní bhíodh ar aire a gruadh nglan
acht faire chuan is caladh.



Tuitidh sisi i seirg ndubhaidh,
i tteinniss 's a ttromchubhaidh
sduaigh na ndonnlámh ttirmgheal ttais,
lomnán d'imneadh is d'achais.



Do-chuaidh ass re crádh croidhe,
do ghabh d'uch is d'eolchuire;
dobhí an mheirbh i mian ceasa
's a pian ag deilbh dhoilgheasa.



Táinic d'fheartoibh Dé na ndúl
a corpán criadh do chlaochlúdh,
crann lomáin go ndearnadh de
don leannglan bhfolláin bhfinnse.



Tig Demophon - olc an t-am -
dá éisse le sluagh n-éttrom
tar mhuir ri géigneadhaigh ngil
go tuir ttréidshleamhain tTraisigh.


L. 268


Iar ttocht dó ós chionn an chrainn,
do ling crobhuing chaoin bhalsaim,
as cíoghuibh a cceas a-mach,
tre ríoghain na ccleas ccruthach.



Tig as na craobhoibh céadna
duille gorm - gníomh uaithbhéalda!
lingidh doinnghreas caol ccorcra
tre ghoirmeas craobh ccorcordha.



Do dhoirt sé déara millse
do bhláth craobh a croicinnse,
's do chéibh na ccladh mbraointe mbán
d'fhaoilte da cur ria a compán.



'S é ua n-Oilill an fearsa;
's í críoch Ceara an ainnearsa,
ler sgeth doirneimh ccaoimh ccorcra
do chraoibh móirShléibh Mhucholta.



Do phós tusa ar ttosach ruibh
na trí Luighne, a fhlaith Conghair,
mun ttolaigh saoir ttaoibhfhinn ttais;
dob aoibhinn daoibh 'n-a díoghrais.



Táinic treimhse 'n-a dheaghaidh
umhlocht ort ón ccinneamhain,
ón ríoghdhacht saoir ngéigil nglain
gurbh éigin daoibh bhur ndeaghail.



Dod easbhaidh gur éag sisi
- créd sin fearacht Filisse -
le maothbhrón a magh ndoireach
do ghabh claochlódh comhoidheach.


L. 270


Iar bhfilleadh duit 'n-a dhiaigh so,
a Dhemophon cláir Cheara,
do cheil sí a héccruth ort,
ní bhí ag éagnach ar th'amharc.



A ndíl na tola tug dhaoibh
fuirighsi feasda, a mhacaoibh,
mar luach 'n-a daighmhéin disi
an tuath lainréidh Luighnisi.



Fuiridh aici, oir dhisi,
má tá an t-anam intisi;
beir meas ar a méin mbádhaigh,
téigh sé cneas do chompánaigh.



Leag do chíos, cuir do chánaigh,
bóruimhe n-uill n-éadálaigh
mun ttír mbratghlain ngléishlim ngloin;
glantar géibhinn red ghiallaibh.



Don chuid eile d'iath Banbha
dealuigh uile th'athardha,
a fhlaith fial ó iathmhoigh Bhreagh,
ná fiafruigh triall 'n-a thimcheall.



I ccrích Éirionn an fheoir bhuig
ná lean acht lorg an charbaid
do thír athardha budh-éin,
a chathardha shídh shoiléir.



Ná hiarr roinn ar fhréimh Éimhir,
Dál cCais, síol cCuirc ccaithréimigh
sluagh na síodh ccorrbhroghach ccuir,
ná ar síol ccomhraghach Carrthaigh.


L. 272


Ná leig dhíot ar Chaisiol Chuirc
trácht Muaighe an inbhir orrdhuirc,
ná Eas Dara an ghoirmfhéoir ghlais
ar ana dhoinnréoidh Durlais.



Ná leig dhíot ar Dhún na Sgiath,
ar chuid ranna ó fhréimh bhfinnChliach,
fad do bhuinn d'fhearann Acla,
ná seanfhonn fuinn Fiogharta.



Ná tréig coidhche, crosaim ort,
do chuid féin i ccrích Connacht,
a bhreac Eithne go moing mheir,
ná roinn do leithe i Laighneibh.



Bíodh go ndleaghair dod dreich ndil
roinn d'fhagháil ó fhuil n-Éimhir,
ag so an roinn as dísle dhuit
don tírse Chuinn is Cormuic.



Le deich ccéad bliadhain go beacht
a-tá sí agaibh d'oighreacht,
luach t'fhola ó chath Crionna,
a fhlath fhola an Oiliolla.



A chosc 's a choimhdheargadh gleoidh,
a chúis iomluit an ai-eoir,
a tháth síodh, a chonmháil cheall,
dá spíon orghráin na n-airdreann.



A dhíon cléire, a chuing crábhaidh,
a cheann an uird iollánaigh,
a mheabhoir gá mbí a bun,
a leabhoir na ttrí tteangan.


L. 274


A fhuaradh ar theas ttreasa,
a theas ar fhuacht bhfuairthreasa,
a dhál dá ndéntar turadh,
a lámh éachtmhar easumhal.
Malairt.



Fad ghrádhsa don dúin deighshíl
ná bíodh éad ar Eibhilín,
a ua na ríogh ngéagghlan gan gheis
ná bíodh éadmhar let Fhileis.



Ó thug mé malairt uirthe,
sdíomh na ccamóg ccochluichthe,
ó as í mo sheisi a n-iath Airt
ní bhiath meisi dá malairt.
Malairt.


L. 276


PÁTTRUIG ÓG MAC AN BHAIRD .CC. DO
RUAIDHRÍ Ó EADHRA MHAC CORMUIC ÓIG
MHEIC CORMUIC MHEIC CÉIN.
Clú gach fheadhma ar fhuil Chéin,
a-tá ortha i n-iath n-imchéin,
cinn tsluaigh ó eachtra nar fhan,
's cruaigh gach gleacra dá ngoradh.



Ag imbeirt beartán mbaoghuil
gnáth iad idir iolfhaobhraibh
tar roineart lámh is laoch lonn
gan a ccládh re fraoch forlann.



Ríoghradh nar aomh a n-obadh,
fuair foighreadh a ccruadhchogadh,
na sailghe ar nar sraoineadh
le a ndaingne re a ndíosgaoileadh.



Aontroigh nír cuireadh ar gcúl
don ógbhaidh dob fhearr furtún
's nír thearc a mbuaigh gan bhuige
le neart sluaigh ná sochruide.



A mbuaigh ní rugadh a-riamh
ógbhadh réidh na ruag n-imchian
le sluagh mórdhálach ar muigh
fa chuan comhdhálach Cobhthuigh.


L. 278


Ac gleic ar ghalaibh aoinfhir
a ccosg ar n-a ccomhmaoidhimh,
a maoidhiomh as meabhair liom,
le haoinfhear d'fhearaibh Éirionn.



A-tá orthaibh ceann 'n-a cceann
séala ar a cclú go coitcheann,
na sluaigh ler snadhmadh an t-ágh,
a mbuaidh adhbhal ar iomrádh.



Clú einigh agus eangnaimh
ortha agus clú i ccaithbhearnaibh
na slata fa cruaidh i ccath
an bhuaidh aca gan fholach.



Na laithe fa lugha a neart
's a saoilfidhe iadsan d'imtheacht
don droing ógnáir gidh sia sin
Dia dá ttógbháil do thairngir.



Do fhaguibh éigsi innsi Fáil
a tteisd a maitheas re a mórdháil,
an fhian armghlan ó Bhóinn Bhreadh,
glóir as adhbhal re n-áireamh.



Aicme Eadhra na n-arm nglas,
ó sloinntear an séimh solus,
leomhain taisdil Bhanbha Breagh
gabhla gaisgidh na nGaoidheal.



Do mhac Cormuic nach claon cuing
's dó do labhras a labhruim,
tug briocht seirce 'n-a ghnúis ghloin
cúis nach ceilte do chliaroibh.


L. 280


Giodh fáth tnúith togha dealbha,
tug Dia dá dhreich loineardha
deilbh aobhdha gheanamhail ghrinn
mhaordha ffearamhail inghill.



Ruaidhrí laoch an aignidh fhéil
i n-aonchúis nar thuill toibhéim,
féinnidh armghlan gaoth glantais,
laoch nach adhbhar iongantais.



Óg ghuthaibh sgagtha na sgol
fuair sé eolas na n-ughdor;
do mheabhruigh go snasta sin
as leabhruibh gasda an ghaisgidh.



Dobhí seal ag Ionghus Óg
i síth mhaisigh na míonróod;
cuingidh bean nach cleasach cuing
seal go feasach ag foghluim.



Fuair eolas séimhidhe seal
ó Bhoghmhuin buime am ghaisgeadh,
mhílidh díon ar dhiombuaidh 's ar dhacraibh
's a síoth fhionfhuar Abhartoigh.



A Sídh Aodha ós Éirne brais
i cceardcha cliste an chumais
fuair liamhadh is gaibhneacht glan
glainshliocht gan fhiaradh orthaibh.



A tréighe lúith is lámhaigh
's a ilcheasa Iollánuigh
lann chruaidh fíorchabhair ar bhfuinn
a síothbhroghaibh fuair foghluim.


L. 282


Nós a chinidh leis leantair
le deighgníomh 's le deighbheartoibh;
mór ffear 'n-a cceann le comhaidh,
nírbh fhearr seal a síothbhroghaibh.



Dá ttuguinn geall na nGaoidheal
dá uaisle ó iul seanlaoidheadh,
gnúis nár nar donnadh le droing,
re rádh ollamh do fhéadfuinn.



Iomdha rí roimhe san raon
uadh go hÉimhear neamhchlaon,
croinn chumhra na cceann tais,
dob fhearr umhla don eaglais.



Leantar leis lorg a athar
ar ghaisdeadhaibh gleothachar,
an séimh gan doghra a ndocraibh,
's a mhéin thromgha thábhochtuigh.



Téid le n-a béasaibh bunaidh,
aicme Chéin chomhramhaigh,
croinn réidhe na cnuas nar chas
ar fhéile ar chruas ar cheannas.



Ua hÍ Fhlaithbheartaigh gan cheist,
deaghua í Chéin re caoimhtheist,
tarbh tána ar nar ceileadh cion,
do-gheibheadh cána coguidh.
Bradán Sligigh na sruth ffann,
maighre Easa dá Éagann,
eo Muaidhe an tiomratha te,
Guaire fionnLocha Finne.


L. 284


Fear cosnumha clú gach uair,
an t-Iollánach re hiolbhuaigh
fios flatha, féile gan on,
tréighe an ratha dá rochtain.



Mac Máire nach cleasach cuing
dá dháimh as díon ar dhoghruing
le neart gan tár gan time
le ceart 's le fál fírinne.



Óg a aois, arsaidh a fhos,
cliste i cclaidheadh a chomas,
díochur forlann an soirbh sáimh,
doirbh a chomhlann i ccomhdháil.



Sás na cléire do chealgadh
le áinios gan imdheargadh,
féinnidh séimh as bheobhras bladh
le céill is le heolas ughdar.



A-tá orrtha ó am go ham
clú cinidh is clú comhlann,
gan shéana ar a neart a-nú
séala ceart ar a chéadchlú.
Clú.


L. 322


Tomás Ó hUiginn .cc. d'Oilill
mhac Cormuic Óig mheic Cormuic
mheic Céin.



Damh féin do choigleas Oilill,
gá bhfios nach oirchill mhaoine?
ní theagbhann cnuic ná sléibhte
dá chéile is teagmhuid daoine.



Giodh táid an t-ord dá bhfuilim,
mar do-chluinim, dá chaitheamh,
cia a-deir nach meisi as bhuaine?
geal gach nuaidhe nach bhfaicthear.



Ní léire luas ná moille,
fáth mo thoile gan choimhling;
níor chuireas cúl re a chleachtadh
ar son gur sheachnas Oilill.



Dá mbeind re críonnacht éda
damh féin ag déanamh ciste
uaisle éirghe ná leagadh
fo dheireadh sheasfas mise.



An seanfhocal ní fédthar
do bheith brégach an tansa;
do-chí súil ní nach sillionn
más fíor grinnioll nía hannsa.


L. 324


Mac Cormuic aigneadh aireach
- fear le taithmheach an fíorrath -
a beith agam ná ceileadh;
as gnáth deireadh ag díoghruis.



Ag saoithibh dealbhtha ar n-oige
gé tá 'n-a choigle an tráthsa
a leigean dóibh as ionmhall
acht go ndiongnann sealbh sásadh.



Más oircheas an cion táirthear
ar dhán nó ar áineas bhfáthrúin
dúinn ní féidir gan dortadh
éigin nochtadh don nádúir.



Oirill Ó hEaghra ar shaoidheacht
breo re sgaoileadh na bhfoichleas
ar gus ar aipcheacht seanta;
dual gach ealta mar oiltear.



A cceann gach oirbheirt iomláin
tús m'iomráidh do-bhér dósan
mar aon is sgaith ar cceirde;
feirrde gach maith a móradh.



Ar fhéile, ar iocht, ar eangnamh,
ar rath dearbhtha gan bhaoghal,
tuigidh Oirill an uairse
gur buaine bladh ná saoghal.



Ní beag nod do na heolchaibh;
más deoraidh mé coimhling;
giodh eadh mh'annsa ní haisling
as damh féin chaiglim Oilill.
Damh féin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services