Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill I
Title
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill I
Author(s)
Ó Cléirigh, Lughaidh,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1616
Publisher
(Londain: I.T.S., 1948)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ro tuismedh émh clann adhamhra dUa Dhomhnaill (Aodh m Maghnusa m Aodha Oicc m Aodha Ruaidh m Neill Ghairbh m Toirrdhealbaigh an Fhíona et cetera). An Inghean Dubh ingen Semais m Alaxandair m Eoin Chathanaigh Mec Dhomhnaill do shiol Cholla Uais m Eachdhach Doimhlein roba bainseitigh dUa Dhomhnoill agus rob isidhe mathair an robtar aireghda dia chloind. Itiat anmanna a fferscal ier nurd gheine Aódh Rúadh, Rudhraige, Maghnus agus Cathbarr. Dála an cheidmheic dibhsidhe Aodha Ruaid do radadhsidhe iarna gheinemain fochettoir dia oileamhain agus dia leasughadh do shaorchlandaibh soichenelchaibh Chenéil Chonaill Gulban m Néill agus nirbho hiadsomh namá ro ett eisidhe for altrom agus oilemhain acht ro ghabhsat araill do Chenel Eóghain m Neill ar robadh derbh leo do raghadh ni de madh dia roisedh co haois infhedhma. Ro ghabhsomh iaromh for fás agus for forbairt araoi chrotha agus chaoimdenmha alaig agus erlabhra egna agus ergna ionfhais agus oirbertais goro leth a ainm agus alladh fo chóicc coigedhaibh Éreann eidir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh cid riasiu rainicc tar áeis mhacdhachta agus ro choimhlion a chóig bliadna décc. Attchuas immorro do Dhanaraibh Duibhlinne adhbhchlos agus erdhercas an meic sin agus basedh do ruimensett occa ina menmain na baoi a aithghein dErendchaibh fri haithe a anfaladh agus dioghalta greisi a cheineoil dia lecthi co haois fherrdhata. Ro haisneidhedh dhoibh beos gurro thairrngirset faidhe agus lucht remhaisneisi agus tiorchanta na todhochaidhe co ttiocfadh a ionnsamailsiumh no bherad mesccbuaidhredh forrasom agus for inis Ereann archena feibh ro thingheall Columb Cille mac
Feidlimidh naoimhfhaidh amra do Chenel cConaill agus fer lán do rath agus do deolaidheacht an Spiratta Naoim bail atrubhairt:
Tiocfaidh fer an engha aird dobera golmairg in gach tir bidh é sin an donn diadha is biaidh .ix. mbliadna ina righ.
(Atberat foirend co mbadh é Cáillín Fiodhnacha ro thairrngir. in marg.) Araill ann dana ro omhnaighsett na Goill chetna eisiomh agus an tIarla Ua Néill (Aodh m Firdorcha m Cuind Bacaigh m Cuind) do ernaidhm a ccodaigh agus a ccaradraidh fri aroile ina naghaidh uair roba deirbirisidhe dia thuistidhibhsiomh ó chein mháir agus ba hi deirbhfiúr an Aodha Ruaidh remhebertmar roba comhmáim agus roba cédmhuinter don Iarla Ua Neill Siobhan inghen Uí Dhomhnaill a comhainm. An tUa Néill ro hoirdnedh i ccennus for Chenel nEoghain feachtt riamh agus dia ngoirthi anmuim an tan sin (Toirrdelbhach Luineach mac Neill Chonallaigh m Airt m Cuind m Enri m Eoghain) ba riarochsidhe do Ghallaibh don chur sin agus nírbho tualaing follamhnadh a fhlaithiusa le heineirte agus anfobhracht agus no biodhsomh dogres occ ionnlach agus occ etarcosaoitt an Iarla Ui Neill frisan Justis agus frisan Seanadh ar omhan a aithrioghtha lais ar as imne ba oisidhe hi ttuile a ratha agus a aoise an tan sin agus ba scciath imdeghla agus irscclaighe dar cenn a cheneoil. Ba haire sin ro ghabsat Goill Atha Cliath Duiblinne aimhires agus mithoimhdin de (gerbho riarach dhoibhsiomh gósin) ar an ccaradradh sin baoi dho fri Cenél cConaill agus do ruimensett occaibh comba lor dacomhal agus diomfhostadh fri dligheadh for Chenel cConaill agus Eoghain a erghabailsiomh an Aodha Ruaidh ceni baoi acht ina ghiolla biucc an ionbaid sin conadh ar na fothaibh remhraite ro sccrúdsatt na Goill chetna a chuimreach cidh riasiu ro soisedh lais forbhadh an neith ro omhnaighsett do thocht asa loss. Ba hamhlaidh forcaomhnagair an ghabhail hishin. Ro hiorlamhaighedh bairc mbelduibh mbraflangaicch (im fheil
Micheil do hsonnradh annso 1587) ind Ath Cliath cona foirind fhoirniata fhírmisgnigh go naidhmibh iorghaile agus go ttrealmaibh troda leo fri hurscclaighe agus iomghuin ind aghaidh a neassccarad gona fforthain fiona agus corma fri creic agus connrad i ndon cendaigeachta dus an ttairsittis eill ngabala for Aodh Ua nDomhnoill. Ba tria airle an Justis Ser John Parrot agus na Comhairle archena ro gnithe indsin co hionfhoilghidhe. Basedh a ord an Justis a bheith fri laimh righ Saxan i ccendus for inis mBanbha co diuidh teora mbliadhan. Ó ro baoi gach aidhme ba hadhailg ind eallmha lasan luing remraitiu agus iar ttoidhecht na gaoithi andess gach ndírech fosroghluais an mbairc a cliotharchuan Duibhlinne amach ind iomdhomain an aigein gurro sheólustair seach rind Éttair badhthuaidh laimh chle fri hor nÉrenn co riacht co senchuan Súilighe hi crich Chonaill m Néill. Ro airis ainnsidhe fo erchomhair Ratha Maoláin amach forsan bfairrge. Caistiall eisidhe baoi for ur na tragha. Ro fothaighedh ecclas fri hurd agus oiffrenn do Mhaire mathair an Choimdedh hi ccomhfhochraibh dó agus ba mendat airrderc fri hiomathaigid laoch agus chlerech na ccrioch ccomfhogus. Lá Cloinn tSuibne conrótacht agus atiatt ro aittreabhsat an mbloidh thire baoi fri himealbhord an chuain gusan moir móir agus araill cenmothá indsin. Do Chenél Eoghain m Néill dhóibh iar mbunudhus agus a hAlpain do dheochatar an dú sin agus robtar iatt ba tuairgnide catha do righ ó cConuill ind agaidh a eascaratt. Tuirthechta na luinge imroráidhsem hi tosaigh iar ttuidheacht di gusan ccuan for ionchaibh Ratha Maolain amail atrubhramar do relccit a seola fri lar agus ro suidigit a hangcairedha dia himfhostad hi comhfhochraibh an chalaidh. Docomhlat dream dia foirind for tír iarttain ind eccoscc cennaigedh fo dheilbh siodha agus caenchomhraic agus gabhaitt for brath agus taiscceladh for creic agus connradh frisan ccách docuirethar fora ccind agus addamhat co mbaoi fion agus cormaim leo isin luing. O ro clos la muintir an dúnaidh an ní sin ni tharttsatt hi foill acht ro ghabhsat for cendach an fhíona agus an lenda immale agus
oc comhól fora chele combtar mescca. Iar bfios scél don chrich ina ccomfhogus doionálat a ndochum agus batar ag sainol combtar subaigh amail a cceli. Nirbo cian dóibh samlaidh conustudhchaidh Aodh Ua Domhnaill fecht áiniusa for celidhe don bhaile la baos agus reabraidh fora bhaoithreim agus for cuairt macdachta co ndírim dóccbaidh na criche ina chaoimthecht. O rocloathar éccin an ni si la haos an braith imsoat as for cúlaibh dochum a luinge. Ro faoidhitt daileamain agus deoghbairedha an dúnaidh ina ndeghaidh do chuinghidh fíona dona haoidedhaibh dusfangatar. Asberatsomh nat baoi leo ní badh móamh oldás ní nosfiúrfadh an fhoirenn agus nachasrelcctís uadaibh for tír do shaigidh nach aoin acht má no thísedh uathadh daghdhaoine ina ndochum don luing foghebhdais a ffrestal agus a ffiadhugadh don teruairsi do ruaraidh aca dia ffion. Iar ffios scél do Mac Suibhne (dfhior an dúnaidh Domhnall) na daileamain do dhiúltadh imón ffion ba hadhnár lais indsin conadh í airle do rionchoiscc a ainshén dó a thigerna (Aedh ua Domhnaill) do thochuiredh don luing. Ba sodhaing ón a thoghaothadhsomh an ionbaidh sin uair ni bhaoi aon dia deghchomhairlidhibh dia oidedhaibh nach dia ollamhnaibh ina chaoimhthecht do remhiomthús na do shédugadh comhairle dhó agus ni rainicc tar aois coicc mbliadan décc agus ni thainic a gaos nach a ghliocus an tan sin. Ba samhlaidh ón don aos baoth borrfadhach batar ina fharradh gidh iatt ba sine araoi naoisi. Iar ccrúdh a ccomhairle don fhoirind ainegnaidh ro lasatt amach luingíne mbicc do rala for ur na tragha agus imraiset gusan luing moir go mbatar or fri hor. O ro fhittir an fianlach báttor isin luing go mbaoi Aedh ettorra ro fháiltnighsett friú araoidhe ni relccitt anonn chuca acht uathadh daoine feibh ro thingheallsat im Aodh Ruadh im Mhac Suibhne et cetera. Ro freastlaitt agus ro fiadaighitt do shaine bídh agus lenda gurbhat subaigh soimhenmnaigh. An tan ba háine dhoibh occ ól ro gatta a nairm forra agus ro hiadadh comhla an taiste tara néis agus do rata i naragal foiriata bail naro chumaingset engnamh nó
eisiomol do ghniomh i nagaid a namhat agus erghabhthar Aedh agus in roba lainn leó don lucht do deachattar anonn dia saigidh. Dothaott tra sccéla na gabhala fon ccrich hi ccoitchinde agus doeccmallatt na comhfhochraibhe dochum an chalaidh dus an ttáirsittis baogal for aos na celge. Ni bhaoi ba desodhain ar ro batar i niomdhomain an chuain iar sreangtharraing chuca a nangcairedh fulaing agus fostadha agus ni rabhattar longa nát laoidhenga aca dia ttograim nach dia ttárrochtain. Dusficc ann a ccumma chaigh Mac Suibhne na tTuath Eoghan Óg atacomnaic. Ba haitte don Aodh eisidheicc agus ro ghabh occ eráil ghiall agus aittire oile dara éisi. Nirbo torbha dhósomh ón ar ni baoi hi ccoiccedh Conchobair m Nessa géill no ghabtais dara éisi dóigh ba fora iarair daonloss do dheochattar. Dála na luinge imroraidhsem agus na fairne baoi innti o ro fhorbhsat an toiscc imma ttangatar agus doberatt leo in roba toisccidhe do braighdibh agus daittiribh an tíre imsoat as for ccúlaibh la trethan an tsrotha go rangatar an muir móir. Seolaitt iarsuidhe la tuinnsemhaibh na gaoithi aniartuaith fri hor nÉrenn sairdhes friothroscc na conaire remedeochatar gurro ghabhsatt hi ccuan Duiblinne doridhisi. Atchlos fochettóir fon ccathraigh uile a ttuidhecht samhlaidh agus don Justis agus don Comhairle sainredh agus Aodh Ua Domhnaill hi forchomed leó. Ba faoilidh iadsomh dia rochtain chuca agus nirbhó fora sheirc itir agus ro thochuirsett eisiomh gan fhuireach dia saigidh co mbaoi eineach i nionchaibh friu agus gebhit occ iomaccallaimh fris agus occ athchomharc sgel do agus ba do thaisceladh agus inchreachadh fora airrdhibh ba móamh ro batarsomh. Fodeóidh tra ro forcongradh eisiomh do chor hi ccaistiall comdhaingen clochdha bhail i mbatar soerchlanna mac Míledh hi cuimbreach agus hi cimbidhecht occ foimhtin ecca agus oidedha agus araill duaislibh na bFionnghall dusfangatar an insi fecht riamh ro ghabhsat báidh agus condalbhus fri Gaoidheala ind agaidh na nGall dusficcset
fadheóidh a criochaibh Saxan do ghabail na hinsi forra dibh linaibh. Basedh rob aines agus rob aireacc toile dhoibh do lo agus dadaig isin carcair comdhúnta i mbatar a mbith occ éccaoine in imnid éttualaing agus occ aisnéis in ainchridhe anffoil no himbertha forra eitir Ghallaibh agus Ghaoidelaibh agus occ coistecht frisna gúbhrethaibh no coiccerta agus frisan midhiach agus frisan míimbirt do bretha for soerchlandaibh soichenélchaib mac Mileadh agus na fFionnghall hi ccoitchindi. Iomthusa Aodha Uí Dhomhnaill baoisidhe samhlaidh hi cumma chaich ina chuimbreach fri ré teora mbliadhan agus theora mis occ cloistecht frisan daorbhroitt i mbatar Gaoidil. Ba tochombracht agus ba galar menman agus ba sniomh adhbhal lais a beith ionnus ro baoi agus nirbhó ara dhaigh bhadhdein acht fobhith an éccumhaing éccomhadhais i mbatar a cháirde agus a chomhfhuilidhe a urradha agus a ardtóisigh a neimedh agus a naoimheccalsa a fhiledha agus a ollamain a fhomhámaighthe agus a oireacht for athchur agus for ionnarbadh i nailechriochaibh sechnón Éreann. Nó bhíodh occa innethemh agus occa scrúdadh dogres caidhe an tesrus elúdha foghébadh. Nirbhó sodhaing dhósomh ón an ní sin ar dusfucctha hi cubhachail foiriata isin caistiall gach noidhche dia iomchoimhétt condusficcedh teirt ara bhárach. Ba imne baoi an caistiall hisin agus lethanchlais lándomhain lionnuiscci ina uirthimcheall agus clardroichet comhdlúta fuirre fo erchomhair dorais an dúine agus gasradh gruamaineach na nGall amuigh agus istigh imon dorus dia dhúrchoimhéd cona diccsedh aon táirsibh anunn nach amach gan athchomarc don fhianlach allmhardha. Ara aoi ni bhi friothaire ar nach ffaghthar faill fadheóidh. Fecht naon dia mbaoi Aodh co ndruing dia aos comtha i ndeiredh geimridh doshunnradh i nurthosach oidhche riasiú do rata isna cubachlaibh foiriata i mbittís gach noidhche basedh arriacht leó téittréfedh rofhoda do breith gusan ffeineistir baoi fora nionchaibh agus dusrelccet sios frisna suainemhnaibh goro tharbhluingset for san urdrochat ro baoi allamuigh do dhorus an dúnaidh. Baoi idh imremhar iarainn asan ccomhlaidh fria tarraing chucca amach do neach tan badh adhlaicc. Do rattsatsomh balc lán glaice do chrond comdaingen tresan idh ar na
tíosta co tinnesnach dia ttograim asan dúnadh. Bai ócclach do shainmhuintir an Aodha hi foichill a nelúdha agus do ralasidhe dhoibh iar ttoidhecht amach agus di lannchloidhemh lanchotatt lais foa choim agus do ratt i llaimh inn Aodha. Do bert Aodh cloidheamh díbhsidhe diaroile laoch amra do Laighnibh do shiol Chathaoir Mhóir m Feidhlimidh Firurghlais Art Caomhanach atacomhnaic. Ba háirsidh iorgaile agus ba toisech iomghona eisidhe. Do rat iaromh sciath for lorg dona hógaibh tre shráittibh agus slighthibh an bhaile. Cidh iatt na forchoimhedaidhe tra niro rathaighset i nellmha an telúdh agus ó do rattsat dia núidh na hócca do imthecht docengatt fochétóir do shaigidh dorais an chaisteoil amail as déne conrangatar ar andar leo na tháirsitis i traite. Iar rochtain doibh gusan dorus forfeimidh forra a erslagadh nach an ccomhlaidh do shrengadh anonn conustarttsat fria ttoghairm chuca an lucht do rala isna tigibh batar ar ionchaibh an dorais don taobh araill don tsráit. Iar ttocht fon toghairm doibhsidhe ro ghattsat an crann baoi tresan idh eiste agus doléccet an comhlaidh suas do lucht an chaisteóill. Do dheachattar drong mhór do lucht na cathrach for lurg na nócc atrulattar uadaibh. Ni baoi bá desodhain uair batarsomh allamuigh do mhúraibh an bhaile siú do rathaighitt ar robtar ersloicthe óbela doirsi na rioghchathrach isin ionamm docoislet ina ndochum agus dolengat tar chladaibh tar garrdhaibh agus tar múraibh imechtrachu an bhaile gurro scuchsat for reidh an tsleibhe faoifora nionchaibh badhdess gach ndíreach. Sliabh fotta foirlethan eisidhe. Asé ba cladh coiccriche eitir Gaoidhealaibh choiccidh Gailian agus Gaill Duibhlinne. Batar iomdha a shlighthi agus a chonaire ara aoi nísrelicc a nomhan doibhsidhe ascnamh isna conairibh coitchenna. Niro ansat dina dia reimim go rangatar tarsan ruaidhshliabh ramattach hisin iar sccis aistir agus imthechta fot na hoidhche. O robtar scithig tuirrsigh tiaghaitt gusan ccaillid cliothardhlúith tecomhnagair fora ccind agus airisit innte gusan muichdhedhoil. Doberat laim for imthecht iarsuidhe ar nirbho láininnill leó airisiumh isin bfiodhbaidh la homhan agus cridhenbhás a súir agus a niarrata dia naimhtibh.
Nírbho coim ria ccioth do Aodh Ua Domhnaill a elúdh uair nirbo tualaing asccnam laa oes cumtha asin ionadh a mbaoi doigh robtar athgaoite ilchrechtnaighthe a throighthe toinngheala tanaidhe lá haiten agus la himdresaibh la haimhreidhe agus la hiomdhoraidh an tsléibhi tarsa ttudhchaidh ar ro heitirdeilighit a assa fria throighthibh iar ndíoscaoiledh a nuamann agus a naidhmchengal lásan ffleachadh ná fuairset gósin. Ba saeth mór agus ba galar laa aos cumtha ná ro éttsat leó é ní bad síriu agus ó naro cumhaingset ní dhó tiomnaitt celebradh ndó agus fagbhaitt bendachtain occa. As fair desidh laisiomh iarttain (iarna fhágbáil i nuathadh buidhne) a fher muintire do fhaoidedh go aroile duine uasal do shoerchlandaibh choiccidh Gailian do reccaimh hi ccaistiall hi ccomhfhochraibh do dus an ffoighbedh innilles no iomshnadadh occa Félim Ó Tuathail a shlondadh. Ba cara don Aedh riasan tan sin (andar lais) ar do choidh fecht for ceilidhe chuga isin ccuimbreach i mbui i nAth Cliath agus ro naidmset a ccarattrad dibh linaibh cecib tan docuirethar neach uaidibh for ionchaibh aroile gurbo hiomairgidhe laisiomh dol for eineach Fhélim araba an chottaigh sin ro ershnaidmsett. Docoisle ass an techta bail a mbui an Félim agus atfétt dhó an toisg ima ttanuicc. Ba faoilidhsiomh riamh agus ro thingheall a thoirithin an Aedha im gach ni ga toiscide dia ccaomsadh. Araoi ni conrairleiccsiott a charaitt nach a chomhfhuilidhe dhó a dichleith nach a diamhlugadh ar uamhan smachtchana na nGall dia aithe fair. Ros fess forra iaromh a beithsiomh isin bfiodhbaidh feibh atrubhramar agus atraghat an cách atchualaidh fora iarair agus dorelccet cona luirg fora fhoillecht. O rob erdhalta la Félim agus lia braithribh cách oile dia fhoghbháilsiomh as fair desidh leo iad budhdein dia erghabhail agus a breith gusan ccathraigh for cúlaibh dochum an tSenaidh. Do gníth samlaidh. O rainicsiomh co hAth Cliath robtar subaighe an Senadh imshodhain agus do ronsat neiffni agus brigh mbicc don uile ghiall agus aittiri atrula uaidibh agus batar buidhigh don toicthen ro thathchuir chuca doridhisi. Gerbha
mór a nainchridhe agus a néccratus dhósom an cétna fecht ba huille an fecht tanaisi ara elúdh uaidhibh agus do bretha geimil glaisiarainn foa feibh as cuimhgi conrangatar agus ro cuiredh isin ccarcair cettna agus ro both iga fhriothaire agus ica fhorchoimhétt ionnus as ferr ro fhétsatt. Atchlos go comhchoitchenn fo chrich nErenn a éludhsomh samhlaidh agus a erghabhail doridhisi. Ro lá socht mór for Ghoeidhelaibh desidhe agus ro maolaitt menmanna a miledh agus aiccenta a nanradh agus croidhedha a ccuradh acc cloistecht an sgeoil hisin. Robtar iomdha rioghna agus romhná agus inghena áille uichtgheala occ dubha agus dérchaoi foa dhaighin. Robtar ile soerchlanna soichineoil ag lámhchomairt agus acc acaoine co hinfhoilgidhe ara aba agus nirbhó lugha deilligh forsan druing frisa mbai a cháirdine agus a choibhdelachus inás ro lá forsan lucht frisa mbátar a mifholta agus a eccratus. Ba soidheithbir doibhsiomh ón uair rob é saoilechtain na sochaide conadh trítt dusfiocfadh a ffoirithin on daoire agus on dochraitti dermháir i mbattar occ Gallaibh. Baoisium samhlaidh isin ccarcair chéttna fot na bliadna go deiredh geimhridh doridhisi go hoidhche Nottlacc Stell doshonnradh anno 1592. An tan robo mithigh la Mac na hÓighe a elúdhsomh arrainicc feisin agus araill dia aos comtha eill forsna coimhéttaidhibh i nurthosach oidhche riasiú do ratta isin prainntigh agus gattaid i ngeimhle díobh. Atraghatt iarttain gusan ffiailteach agus suaineamh siothfhoda leo agus dorelccet sios lasan suaineamh tresan fféltigh go riachtatar gusan cclasaigh ccomhdhomain forcaomhnagair i niomthacmhang an dúnaidh. Ro dringset iarsuidhiu frisan mbruach alltarach go mbatar for ur na clasach don taobh araill. Itiatt géill atrulatar ass imaraon frisan Aodh Énrí agus Art da mhac Seaain m Cuinn Bacaigh m Cuinn m Énrí m Eóghain. Ro bhaoi aroile gille tairisi occ athoigidh chuca don chaistiall i ndon echlaighi frisi relccet a run condusrala tul i tul ba hadlaic co mbuí deolus rompo. Lotor ass iarsodhain tresan sraittshlighid sreathbuidhnigh
baoi for ionchaibh an dúnaidh gan airfhius gan fhoirchloistecht do neoch ar ni tuctha imonair acht amail gach naon do lucht na cathrach uair niro ansat cách do thathoigidh no do thadhall eitir thighthibh na trénchathrach an trath sin ar ba tosach oidhche doshunradh ann agus niro dúnaitt doirsi na cathrach bheós. Rangatar tarsan ccathraigh sechtair fon samhail sin. Ro leablaingset tar aimhreidh agus iomdhoraidh na ndúnchladh ndioghainn agus na ndaingenairbhe ndermháir ro bui fri cathraigh anechtair go rangatar for reidhibh an ruaidh-shléibhe remedeochaidh an tAodh isin cétna heludh atrula. Ro eitirdheligh dorchata na hoidhche agus tinnenus an techidh an tí ba siniu dia naos comtha friú .i. Enrí Ua Néill. Eisiumh an tAodh bo soamh dona soerchlandaibh. Nibtar fóiltigh iattsomh imon etarscaradh. Atraghat ass ara aba agus a ffer muintire dia remhimthús. Gebidh an adhaigh for snidhe agus ferthain a fros fírneimhnech fleochaidh agus a slamm slemaintiugh snechtaidhe co narbho sodhaing dona saoirfheraibh soichineoil a siobhal lasan doinind agus lásan diéttghadh uair ba hamlaidh batar gan fhorbruta iar nuachtar iarna nágbail isin ffialtoigh tresa ttúdhchatar. Ba móo deilligh an dianaister annamh ainmeinic forsan Art inás for Aodh agus ba haidhlescce ionmoille a cheimim ar as imne baoisidhe agus é collnach remhairshliastach agus ba cianfhoda ó ro cuimrighthi isin carcair i mbuí. Nírbo samhlaidh don Oedh ar ni rainicc tar aois macdhachta agus niro anustar dfhás na dionfhorbairt an ionbaidh sin agus ba háith éttrom eisiomh desidhe agus ba hutmall ésgaidh a imthecht. O ro rathaighsium Art occa eneirtiugadh agus iomthruime a chéime asedh do roine fris a lámh do chor fora ghualoinn agus an laimh naill ar gualainn an ghille. Doieghat as fon ionnus sin tar muinchind an maighshléibhe. Robtar scithigh tuirsigh iaromh agus niro ettsat Art leó ni ba síriu agus ó na fuairsiot fosaighitt i ffosccadh allbhruaich iomaird isind ermhona baoi ara mbelaibh. Iar nairisiomh dhóibh ainnsidhe faoidhit a ngiolla uadhaibh lia scelaibh go Gleand Maoilugra bail i raibe Fiacha m Oedha. Glenn daingen diothoghlaidhe
eisidhe agus no gnathaightís Gaill Duiblinne cona niodnaibh catha iomshuidhe agus ionnsoigidh fair dia chreachadh agus indredh. Nó chosnadh an tí Fiacha co ferrdha friu co bfarccbaithe iolar cenn lais agus ni chumgaitis ní dho acht ara aoi gerbat iomdha iolardha a nionnsoighthi agus gerbo calma a ccongaibh chatha nírbo riarachsomh dhóibh cen baoi i mbiú. Gach giall agus gach cimbidh no elaighedh uaidibh ni thairis no théigedh acht as chuicce no dáiledh agus ba hedh a chetna huidhe dol go Glend Mhaoilugra bhail a mbaoi an Fiacha atrubhromor ar basé a dhúnárus. A chumat cetna dona giallaibh rémraitiu as chuige ro dhalsat fadheisin agus ro fhoidhset a ngiolla. Ó ranaicsiomh airm i mbui an Fiacha atféd a scéla ndó agus an ionnus fosragaibh na hocca ro élátar asin ccathraigh agus nachasbértha i mbethaidh forra muna tista dia ttoirithin i ttraitti. Lasodhain do roega an tí Fiacha fianlach dia oes gradha do neoch batar tairisi lais diobh agus ro erb forra techt lásan ngille for ammus na nócc. Atraghat fochetoir febh ro herbadh friú agus docomlat ass agus fer fo bhíudh leo agus aroile fo lionn agus cormaim go riachtatar gusan sliabh bhail hi farccaibthi na fiora. Monuar ámh nirbhó soinmheach sádhal suidiugadh agus samhugadh na soerchloinne sin for cind na ccuradh do deachatar fora niarair. Ni rabhatar brothracha nat brecána inat éttaighe cumhdachta foa ccorpaibh dia ccaomhna ar fhuacht agus oighredh na gairbhshíne geimriutu acht ased ba coilctheacha cottalta foa ccaoimhchnesaibh agus ba cerchaille foa ccennaibh colbadha cladharda ciomhaisgheala cloichshnechta ag reódh da gach leth iompaibh agus ag iomuaim a nionar nuirettrom agus a sreabhoinnleintedh snathchaol fria sethnachaibh agus a nassan imleabhor agus a niallchrann fria noircnibh agus traighthibh comba samhalta lasna fiora dusfangatar nárbot daoine itir iatt acht base a ccubat dfhottaib an talmhan chena baoi ann iarna nionfholach isin sneachta uair niro ráthaighset bedhgadh ina mballaibh acht marbtis mairbh agus as imne on bátorsomh acht madh beg. Lasodhain tuarccabhait an laochradh asa lighe iatt agus fororchongartsat forra ní
don bhíudh agus don lionn do thochaithemh agus ni hétus uatha uair gach deogh no eabdais dusrelcctís hifrithisi fora mbeolaibh sechtair. Acht chena ro thathamair an tí Art fódheóidh agus atradhnacht an dú sin. Dala an Aodha roscongaibh an chormaim iarsin agus ro batar a briogha for forbairt iarna hól acht a dhi chois namá ar as imne batarsidhe ina mballaibh marbha gan mothugadh iar nat agus ionbholgadh frisan reódh agus frisan sneachta. Cuiritt na fir for iomochur eisiomh gusan ngleann atrubhramar. Do rata hi ttigh deirritt i ndiamhair an dlúithfhedha. Ro both iccá leighes agus leasugadh ann da gach ni ba toisgidhe co ttorracht teachta co dichealta dia áithreós agus dia fhios sccél óa chliamhain Oedh Ua Néill. Do rattsomh lamh for imthecht iarsuidhe iar mbreith don techta fair. Ba duiligh dhósomh triall foran turus sin oir niro chumhaingsett na leghe freapadh dia thraighthibh i ttraitte iarna ttreghdad don reódh remhepertmar agus ba héiccen da nach oile a thurccbail for eoch agus a ghabáil eitir a dhib lamhaibh doridhisi tan no tharbhlaingedh. Baoisimh amen coro etarsccarsat leighe a di ordain fris iar ttrioll ar rochtain dia athardha budhdein. Faoidhis an tí Fiacha dirim marcach lais isin adhaigh dia shnadhadh tar abhainn Life .i. obh fil i coiccrich coiccidh Gailian agus na Midhe. Ro batar ettarnaide agus aos coimheta ó Ghallaibh Duiblinne for áthaibh édoimhne na habhann agus fora conairibh coitchenda ótchlos dóibh Aodh Ó Domhnaill do beith i nGlionn Mhaoilugra ar nach elaidhedh tairsibh co cóiccedh Conchobair agus nach élataís na cimbidhe archena atrula imaraon ris asan ccathraigh gurbhó heiccen dona hóccaibh ara aba gabháil i ngarfhoccus don chathraigh tar áth ndoraidh niomdhomhain ro bhaoi foran abhainn go rangatar gan rathucchadh gan fhorchloistecht dona Gallaibh co mbatar for iorlainn an dúine a nurthosach oidhche. Ro bhaoi an lucht lásro treccedhsomh hi tosach iarsan ccetna helúdh hi trechumusc an diorma .i. Felim Ó Tuathail cona brathair iar ttocht doibh dia shnadadhsomh agus dia chomairce amail chách dershnaidhm agus do chengal a ccottaigh agus a ccairdesa friss. Maraidh an cottach sin beos agus méraidh co diúidh mbetha
eittir Cenél Conuill m Néill agus sliocht Cathaoir Mhóir m Feilim Firurglais. Tiomnait celiobradh agus fagbhaitt bendachtain oc ároile iar naidhm a ccarattraidh amlaidh sin. Dála Aodha hUi Dhomhnaill iar nimthecht doibhsidhe uadha agus iarna fhágbáil na oenar acht an toenóglach .i. Toirrdelbach Buidhi Ó Ógáin do deachaidh fora iarair isin nGlenn nairrderc: do shainmhuintir ind Aedha Uí Néill dóisidhe agus no labhradh bérla na ttuath nechtrond agus rob aithnidh eólach etorra dóigh no biodh i niarsháile an Iarla Uí Néill tan dusficcedh fria thosccaibh go cathraigh Átha Cliath. Robtar iolardha bheós cairde an tí Aedha Uí Néill dona Gallaibh fadhéin uair dobeiredh tiodhlaicthe agus tuarastail mhóra óir agus argaitt dhóibh tar cenn gabhála aige agus labhartha ara shon isin tSeanadh. Ba dána an tócclach imna tuccaidibh hisin agus nirbho himecclach im ghabháil tre gnaithshlighthibh na nGall. Lotar ass iaromh Aodh Ua Domhnaill agus eisiumh for dibh neachaibh ána uttmalla i ródaibh raoindírghe agus i sligthibh salcha na sein-Mhidhe go mbatar for ur na Bóinne ria mattain edh gairitt o Inbher Colptha siar. Ro cumhdacht cathair airrderc lasna hallmarchaibh fecht riamh occ Inber Colptha forsan abainn agus droichett tairsi dana. Droichet Atha do gairthi don baile hisin agus basedh conair choitchend Gall agus Gaoidel gabháil tresan ccathraigh. Acht chena nisrelicc a nomhan doibsidhe gabhail treithe conadh edh do rónsat gabáil go hur na habhann atrubromar bhail i mbiodh iascaire dínnimh deróil agus lestar becc occa fri hiomluchtadh. Do chotarsomh isin ccurach conusfarccaibh an portiomarchurthaigh forsan mbruach alltarach iar ttabhairt a loighe co saidhbhir dhó. Ba maith laisiomh a mhenma ara mhétt fuair darccat agus ba machtnadh mór lais ar niro étt a urdail riamh ó nach ndruing dia ttard a churach. Gaibidh an fer céttna lasna heocha tresan ccathraigh condusrad chucca iad don taobh araill don abhainn. Tieghait fora neachaibh agus lottar ass iarsuidhiu ina réimim go mbátar míle céimend fó dí ón abhainn. Atchiatt doire dosach díoghainn ara ccionn an conair ro ghabhsat agus dúnchladh
díomhor ina uirthimcheall amail bidh lubhghort. Ro buí dúnárus airderc (dia ngaror an Mhainister Mhor) la hoglach naireghdha dona Gallaibh fria taobh an doire agus ba deirbhiris dAodh Ua Néill eisidhe. Tairbhlingittsium ocon dúnchladh chétna agus tieghaitt istegh cipiondus uair rob eolach maith a fher muintiresium isin maighin sin. Scorait a neich agus doghniat airisiumh hisuidhiu. Luidhsiomh isin dúnadh agus fogheibh a fhiadhugadh ann uair ba suaithnidh eisium an dú sin sainredh seach gach nionadh. Fosruair aragal ndeirrit do Aodh agus do bert lais é agus ro freastladh agus ro friothailedh é iarttain amail robo lainn lais. O roba laininnil leósomh an tionad i natrala ro ansat ann go ara bharach dadaigh. Doléiccet ass iaromh fora neachaibh feisne la capurdhorcha thosaigh na hoidche tar Sliabh mBregh agus tre Mhachaire Conaill go rangatar go Traigh Baile m Buain ria mattain. Conrótacht cathair hisuidhe for ur na tragha lasan echtairchenél imroraidhsiom eitir Dun Delgan agus muir. O robtar ersloicthe doirsi na cathrach isin matuin mhuich as fair deisidh leósomh gabáil gan anadh gan airisium treithe. Lotar iaromh fora neachaibh ina réimim gan rathugadh go riachtatar triasan mbaile samhlaidh agus ni thugsat cach imonair co mbatar don taobh araill. As aire eimh rob éccen dóibh gabhail tresan ccathraigh tar chonair naile uair ro bhátar forairedha agus etarnaidhe óna Gallaibh isin coigcrich in gach enach erdhalta in gach séd agus in gach sligidh in roba doigh leó Aodh O Domhnaill do thochar chuca amail ro baoi for abhainn Life agus do ruimenset nisléiccfedh an omhan dó gabhail trias an ccathraigh cipindus. O rangatar tar sraitshlighthibh na cathrach robtar subaigh forbfaoilidh araba a tternáidh tar gach mbaogal baoi rempo ar niro imeacclaighset nach ní ar rochtain do hisuidhiu ar ba fo mámus Aodha Uí Néill baoi an chrioch fri cathraigh atuaidh. Lotar as go Fiodh Mór an adaigh sin do leiged a scísi agus ba hinnill dóibh i mbith an dú sin gerbo garfhoccus do Ghallaibh iat. Ba cara agus ba comhalta
dosomh an tí bui hisuidhe Toirrdhelbach mac Enri m Felim Ruaidh do shoerchlandaibh Cenéil Eoghain agus ba hionann mathair dósaidhe agus don Iarla Ua Néill. Ro fiadhaigedh ietsomh co hairmhitnech an adaigh sin agus gaibit reimhibh ara barach tre Shliabh Fuait m Breoghain go rangatar gusan Macha badhthuaidh. Anait ann an adaigh sin fo dhichleith. Tiaghaitt ara bhárach go Dún Genainn m Cathbaidh bail i raibhe Aodh Ó Néill. Ba faoilidhsimh riasan aoididh do riacht cucca agus do ratadh gan fhuireach i naragal uaigneach go hinfhoilgidhe gan rathugadh da nach aon isin dúnadh acht madh uathadh daos tairisi ro batar oga fhriothailedh agus og airiug toile dhó oir ba riarach Aedh Ó Néill in ionbaidh sin do Ghallaibh Duibhlinne agus nirbhó hail do tocht tara nerfhuagra acht co hinchleithe. Dala Aodha Uí Domhnaill iar ccor scísi a aistir agus imnidh de isin dunadh fri ré cetheora noidhche cona láibh do bert laimh for imthecht agus tiomnais ceileabrad do Aodh Ua Néill agus fagbaidh bhendachtain occa. Docuirethar dírim mharcach lais dia shnadhadh ar chuanaibh agus ceithernaibh go ranuig co hoirer Locha hEirne. Ba cara dhósomh triath an tíre sin agus ba brathair hi rainn a mathar Aodh Mháguidhir atacomhnaic. Ba faoilidhsidhe dia thuidhecht chucca agus fogheibh a fhiadhucchadh co hadhamra lais. Do bretha ethar derscaighthe duibhshlemhain a dhochum agus dothaot ind agus fágbhaidh bendachtain ag Maguidhir. Iomraiset ass iersodhain gusan ccael ccuarchumhang baoi forsan loch remhepertmar bail hi toet ass an obh adbhchlosach iaichiomdha frisi ráiter Érne. Bá dia athardha feisin an feronn hisin. Dusnáirthetor araill dia oes tairisi agus dia shainmhuintir badhdhein agus doberat eocha ána utmalla ina dhail an dú sin agus lotar aissidhe co hÁth Seanaigh. Baoi caistiall comdaingen hisuidhiu for ur an atha tuargaibhthe i ttosach la sinnser an Aodha (Niall Garbh m Toirrdelbaigh an Fhíona anno 1423). Ba dúnárus adhamra agus iostadh flatha dia chenélsom an caistiall agus dia athair sainredh ar asé baoi hi cennus na criche an ionbaidh
sin agus ba hé fosracaibh araill dia shainmhuintir ag comhdha an chaisteóil agus robtar failtigh na fiora fri damhna na flatha dusfainicc agus doleccet cuca istegh. Baoisiumh i ffos hisuidiu coileicc corustarcomlaiset an tír (do neoch baoi ina chomfhochraibh) dia shaigidh bail i raibhe. Nírbhó herusa éimh eisidhe ar as amhlaidh baoi an chrioch ina céide creach agus caibden ag Gallaibh agus ag Gaoidelaibh agus atrachtatar deabhtha agus dechétfaidhe dermára etorra féin armedhón co narbot riaraig dia fflaith amail roba téchta doibh ar ba forusócclach an ionbaidh sin é agus nirbhó tualaing tathugadh a thuath ná ernaidhm a ngiall nach a naitire ó ro herghabadhsomh agus dana deilligh an tsendata fair siú roba sen coleicc. Ótchiatt Gaill Duiblinne an chrioch samhlaidh fororchongarsat forsan ffianlach baoi uaidibh i ccoiccedh Olneccmacht ar oile sochaidhe dhíobh do thuidhecht hi tír Conuill m Néill. Batar iad robtar codhnaig forsna hibh forro herailedh tocht hisuidhiu Caiptin Wilis agus Caiptin Conuill. Docuislet ass co ndíbh cétaibh laech tar Duibh tar Drobhaois tar Eass Ruaidh agus niro ansat réimim go rangator Dun na nGall for ur Iasccaighe. Baoi Ó Domhnaill isin mbaile co nuathadh sochaidhe agus niro fhédsat nach ní dhó. Ro bhaoi mainistir bhláith bhennchobhrach hi comhfhochraibh an chaisteoil allathiar for ur na tragha agus ba he Ua Domhnaill attredbairt durd S. Franseis fecht riamh anno 1474 agus doieghatt a sruithe agus a céledha Dé eiste an tan sin for techedh agus iomghabháil na nGall. Airisit na Goill isin mainistir agus doghniat puiple agus pailliúin do thegdhuisibh diadha deirrite agus do chubachlaibh claruaighte na cceledh nDé agus na mac mbeathadh. Ro chuirset dina an mbloidh tíre ro bhuí ó Bernus Mór co hÉrne agus go Glenn Coluimb Chille m Feidhlimidh co fomamaighthe fóthaibh agus ba héccen i ngéill agus a naittiri do thabhairt dóibh uair ba hadhbhal uaman agus imegla Gaoidel an ionbaidh sin ria slogaibh Saxan agus ria laochraidh Londan (gemadh uathadh doibh) ar allmardhacht a ninnill agus a néccuiscc agus ar iongnaithe
a nerradh agus a nerlabra agus la fogarthorman a ttrompadh agus a ttapúr agus a ccaismert catha la grain agus géraitecht a ngaiscced agus a ngallarm ar narbhó hadhma eolaigh Erendaigh riamh gósin. Gabthar lasan uathadh sloigh sin atrubhramor caistiall baoi for eochairimeal an chuain di mile céimend o Dhún na nGall siar. La hUa mBaoighill an baile taoiseach togaidhe do Chenel Conuill Gulban. O rob innill lasna Gallaibh cétna airm i mbátar agus braighde na criche fora ccomuss nó tiegtais triasan ccrich co coitchend na ndéisibh agus na mbuidnibh na ndeisibh agus na ttriaraibh do ghaid a mbidh agus a mbethamhnais forro agus ni antais ag breith a nagh niomthrom agus a ccethnat cclumhfhoto chuca dogrés. Gabhait ag tóchuiredh fuillidh slóigh agus sochaidhe dia soigidh do dhul tar Bernus Mór dinghreim agus dargain na tíre agus dia huiledilghend ima crodh agus ima cethraibh agus dia tabairt fo dhaoire agus fo dochraide fodheóidh. Acht cena uair narbho lainn la Dia an dilghenn agus an droichdhiach do ratsat Goill for lucht na criche ina nathardha dílis badhdhéin dusfucc lais an macthairngertach morghlondach (Aodh Ruadh m Aodha m Magnusa) co Cenél Conuill m Néill dia furtacht agus dia foirithin dia snadadh agus dia soeradh aran ainffine nettrócar nechtronn feib dusfainicc Moyse m Amra i toirithin tuaithe Dé dia saoradh aran ndaoire nEgeptacdha. An tan ba háinemh dona Gallaibh foran abairt atrubhramor as ann atchóas dóibh an Ruadh atrula do thuidhecht don tír. Rosgabh crioth omhain agus imegla iatt agus ba fair deisid leó deirghe na criche dia ccaomhsatais agus ba fó leo na tístais inte ittir. Dála Aodha Uí Dhomhnaill ro thochuir an tír chucca agus niro an friú colléicc (ótchuala milledh agus mídhiach na mainistrech) go ranuicc go Dún na nGall eineach hi nionchaibh frisna Gallaibh. Ara aoi ni tarttsat an tír éisiomh hi foill gan tocht foa thoghairm (do neoch ro charsat é) na néisibh agus na mbuidhnibh amail as déine conrangatar. Lasodhain ro lásom
a thechta ar ammus na nGall dia radha riú gan iomfhuirech no essnadadh isin ecclais ni ba siriu agus nach gebhtha forra tocht an conair badh lainn leo acht nama go ffarccbatais dia néis a mboi leó do bhú agus do bhroid do chrudh agus do chethraibh dionnmus agus déttáil na críche archena. Fágbait ieromh fochetoir feibh ro forchongradh forra agus robtar buidhigh do rochtain a nanmonn leo agus imsoat ass for cúlaibh i coiccedh Olnéccmacht o ttúdhchatar. Iar nimthecht doibhsidhe i mís Febra dusrinntaiset na braithri for cúlaibh dochom na mainestri agus gabhaitt occa herglanadh agus occa hathnuadhachadh dar ési an fhianlaigh allmhardha agus oc dénomh a nuird agus a noiffrend amail ba gresach leó agus occ adhmoladh an Choimdedh oca atach agus oga etarghuide setal naile dar cend a ccaratt agus oesa a ffoghnamha agus dar ceand Aodha Uí Dhomhnaill sainred ar asé dusfucc ina ffritheing dia sosadh psailmcetlaidh agus dia narus ailtoirithnech agus rostoifnestair an ainffine allmhardha uaidhibh. Dála Aodha Uí Dhomhnaill luidhside co hAth Senaigh ifrithisi agus deisidh ind agus do bert leighe chuga do choimcighsin a choss agus niro fhétsat freapad do coro heitirdhelighthe a dhi orduin fris fodheoidh agus nirbo hoghshlán co diúidh mbliadna. Arái sin nisrelccsium de frisan ré sin gan dénomh secip ní ba toisccidhe do thathugadh tuath do mhalairt agus do mudhugadh mheirleach agus daithe a anffaladh ara essccairdibh. Bóisiomh ina othairlighe amail atrubhramar ó Iomelcc co hApril. Otchísiomh adhuaire na haimsire errchaidhe ar nimthecht agus erthriall na síne samhrata chucca ba foda lais ro bhói ina othairlighe cen deirghe an phuirt a mbaoi ceni chonrairleiccsett a leghe dhó agus basedh do róine tara nerghaire techta do chor go Cenél Conuill do neoch roba riarach dia thuistidibh dhiobh agus a ttarcclomadh agus a ttionól a dhochum allathair don tsliabh airderc .i. Bernus Mór Thíre hAedha. Dusratsom asendadh láimh for imthecht ina ndáil agus doionálat chucca i mbuí allathiar don tsliabh atrubhramor.
Dusficc ann Ua Baoighill Tadhg Ócc m Taidhg m Toirrdelbaig tóiseach togaidhe do Chenel Conaill. Dosfainicc ann Mac Suibhne Thíre Bóghaine Donnchadh mac Maoilmuire Meirgigh m Maoilmuire m Néill. Basé an tres fer no bhíodh i tóisighecht amhsaine la righ ó cConaill Mac Suibne Fánatt agus Mac Suibne na tTuath an dias naile. Batar iatt tangattar isin toichestal chéttna allathair don tsliabh Ua Domhnaill a athairsiumh Aodh mac Maghnusa m Aedha Óicc m Aedha Ruaidh cona chomáim .i. an Inghen Dubh inghen tSémais m Alaxandair m Eoin Chathanaigh mathair an Oedha agus inghen Mic Cailin a mathairsidhe. Ba feirrde dana a tuidhechtsidhe isin dail ar así ba cend airle agus athchomhairc do Chenél Conuill agus gerbhó fosaidh ionmálla agus gerbo hadhmolta i nairrdhibh mná ro bhaoi croidhe curaidh agus inntinn fhiannusa aice illeith fria forngaire ittir forsan ccách conetestair agus fora cele sainredh occ aithe a huilc agus a héccora for gach naon donairilledh agus no bhiodh buidhne iomdha a hAlbain agus araill dÉirendchoibh fora cor agus fora commus agus fora tuillmhe agus fora tuarustal badhdein dogres agus go sainredhach in airett baoi a mac (an Ruadh) hi ccimbidhecht agus hi cuimreach og Gallaibh. Tainic dana isin comhdhail chetna Mac Suibhne na tTuath Eóghan Ócc m Eoghain Óicc m Eoghain Mhóir m Domhnaill agus Mac Suibhne Fánatt Domhnall m Toirrdelbaigh m Ruaidri. Básé ionadh erdhalta in ro dhalsat na maithe dib linaibh i cCill Mac Nénáin i neitirmhedhón triochait chéd Cheniúil Luighdech fri Lenainn antuaidh airm in ro halt Columb Cille m Felim m Ferghusa an naomh amra do Chenél Conuill agus robadh dó ro fothaighedh an cheall cétus agus as inntesidhe ro hoirdnighthe Ua Domhnaill hi cennacht na criche agus basé airchindeach na cille céttna nó oirdnedh agus robadh ar ónóir agus ar airmhittin do naomhCholumb dognithi dina indsin la Cenel cConaill. Batar imorro dronga diáirmhe
do Chenél Conaill na tangator hisuidhe don chur sin. Ba dibhsidhe Aodh m Aedha Óig m Aedha Ruaidh. Ba diobh sliocht an Chalbaigh m Maghnasa m Aedha Óicc. Ro batar bheós drong mhór do Chlainn tSuibhne na ttrechumuscc iarna ttofann asa ttír ó chéin mhair agus as ann ro aittrebhsat for ur Locha Feabhail m Lottain agus asiatt ba túisigh niomghona agus ba tuairccnidhe catha don Chalbhach Ua Dhomhnaill agus dia shiol na deghaid. Ni tainic ann O Dochartaigh (Seaan Óg) taoisech triochait chéd hInsi hEoghain m Néill uair asé an triocha chét sin rainic dEoghan ó Chonall do chuid ronna agus dusfuit co Ceinel cConaill hifrithisi. Batar drong mhor do mhuintir Gallchobhair gan techt and amail chách tria mhioscais agus mhírún. Iar ttarcclomadh an uathaidh slóigh sin hi ccenn a chéle ro eitirdhelighset a nairigh agus a nuasail i maighin for leith agus gabhait acc crúdh a comhairle agus oga scrúdadh agus oga reimhdeiccsi cionnus no foibertais a namhaitt agus no bertais foa reir doridhisi an cách atrula hi rudrachus uaidibh agus a mbaoi ind esaonta friú do Chenel Conaill fodhéin. Ba fair deisidh lasna maithibh agus la hUa nDomhnaill feisin (o ro airighestair a eneirte agus aidhble a aoisi) a thighernus do thelgedh dia mac .i. do Aodh Ruadh agus Ó Domhnaill do ghairm dhe. Ro mholsat cách hi ccoitchinde an chomhairle hisin agus ro gnithe samlaidh. Do rattadh an tairchindeach dia saigidh Ua Firghil atacomhnaic. Ro oirdnestairsidhe an tAodh Ruadh hi ccennacht na críche la forchongra agus la beandachtain a athar agus do roine ord an anma feib as techta roba gnath dia chenél gósin agus dogara O Domhnaill de. Gabhait clérich na cille occ ettarghuide an Choimdedh dara chend agus occ cantain psalm agus hymon ind onoir Crist agus an Choluimb atrubhromor im sóinmhighe a fhlaithiusa amail fa bés dóibh. Ba hisin tres laithe do mhis Mai doshondradh ro gairmedh a ghairm fhlatha dhesiomh don chur sin.
An Chéad Bhliadhain, 1592. Tuirthechta Aodha Ruaidh iaromh o ro hoirdned ind ionadh a athar amhail roba téchta nísrelicc eisreidhedh na ettarsccaradh ó aroile don uathadh slóigh do rala na fhochair eittir traightheach agus marcach go ranuicc isin ccoiccrich go Cenel Eoghain m Neill ar ba holc a fhola friu an tan soin uair batarsaidhe occ forran fora thírsiumh ó ro lá laige agus eneirte fora athair agus o ro herghabadh é badhdéin la Gallaibh. Fáth oile ann dana ar robtar iad Cenél nEoghain ba coill fosccaidh agus ba dos didin dogres da gach aon do Chenel cConaill fadhein nó friothardadh agus no imresnaigedh i nagaidh a fflatha fírdhilis agus nirbho dóibhsidhe namá acht da gach neach i nechtairchrich no bhiodh i frithbhert nó ind eccraittes fri Cenel Conaill ara mioscais ind. Araill beos nirbot cairdemail agus nirbot caratradh imoroile don chur sin Ua Néill (Toirrdelbach Luineach m Néill Chonallaigh) agus an tIarla Ó Néill (Aodh m Firdoirche) roba derbhiris dhósomh agus dia athair dogres conadh arna fothaibh sin ba forra duthraccair dula i ttossach do fhromadh a chédgaisgidh agus dimbirt a ainchridhe agus a bharainde. Iar rochtain don uathadh slóigh sin i cCenel Eoghain ro chroithsett agus ro indirsett an roba coimhnesamh dhóibh don chrich. Gontar airlighther gach aon rob inéchta ara rugsatt an slógh. Fuairsett édala iomdha bó agus damh agus gach indile archena isna comhfhochraibhe dóigh ni deachattor raibhthe rempu. Niro shaoilsett tra an tir Aodh Ruadh do eirghe hi ttraitte san lighe othraiss a mbaoi agus ni thardsat dia nóidh agus ni bhaoi for menmain doibh teicheadh ria cCenél cConaill ó chein mháir. As ann tra baoi dúnáras Uí Néill (Thoirrdhealbaig Luinigh) an ionbaidh sin ar an Srath mBan bail hi comhraic
an da senabainn fosragaibh díle na dedhaidh fri aroile .i. Fionn agus Modharn agus nirbo gnath aithtreabh na airisiumh Uí Neill hisuidhe gusan tToirrdelbach hishin. Niruó moide sainsherc Aodha Ruaidh im Ua Néill óttchuala gorro dhálsomh a dhochum (dia nertadh i naghaid Ceneil Conaill agus Aodha m Firdhorcha m Cuinn Bacaigh ropa cara agus roba cliamhain dósomh) di caiptin airrderca Caiptin UUilis agus Caiptin Fulort a nanmanna co ndib cédaibh laoch leó co mbátor lais an tan sin agus ni antais dogres acht acc brath agus taiscceladh an tíre ina ttimcheall. Ba tochradh menman agus ba coimbrisedh cridhe la hAodh Ua nDomhnoill Gaill Duibhlinne do denomh eolais a athardha nach an chuiccid archena ar niruo herusa naidhm a muintiris frisan ccách atchluined hi ccáirdine fri Gallaobh ara aidhble ro bui a netargna agus a neolus occa agus ara dhaithe ro imbirset a nainchridhe gan fhochann fair. Iar nindredh an tíre dhósomh amail atrubhramor soais for ccúlaibh dia chrich feisin. Níruo cian an iodhnaidhe baoi for Aodh ua nDomhnoill iarsuidhe an tan do dheachaidh dia sechtmhaine doridhisi do indredh Tíri hEoghain. Doiaghaitt aithtreabaigh an tíre an dara fecht cona ccrudh agus cona ccethraibh cona nionnmhasaibh agus cona hiolmhaoinibh fora theichedh agus fora iomghabhail bhail as siriomh conrangatur. Téidsiomh cona shlogh ina leanmhain agus ina lurcc co ranuicc Cianachta Glinde Geimhin agus ó dothoett i niomdomhain an tíre as ann atchuas dó Ua Nell (Toirrdhealbach) cona shochraide Gall agus Ghaoidheal agus cona shlogh archena do bith ina ccomfhochraibh agus ina nurfhoichill. Ótchualasomh tra an ní sin ro gairmitt fochettóir a chomhairligh agus a chuingedha catha cuga agus o do riachtattur atféd na sccéla cétna dhóibh agus an toiscc ima mbuí occa ttoghairm co nepert friú: Atchualusa éiccin la haos fesa agus eólais gurab derbharoscc airrderc o chein gach sluagh nach saigh saighfidher. As de ata lemsa indsin ar esiomh dia bfarccbham an chrioch don chur sa
agus cul do thochar friar naimdibh nonlenfaitsidhe forar lurg agus forar ffoilliucht diar ffobairt co feochair inar ndiúidh agus bidh derbh leó gurab tlás agus timme fodera dhuin gan a nionsoigidh itir. Madh edh doghenaimne cétus a ffobairtsium hifechtsa co hamhnus aindiuid nisrelccfe an uamhan agus an cridhenbhas dóibhsiomh nach don ainffine echtronn filet imaille friu ar ttograim dorídhisi. Ro mholsat cach archena an comhairle hisin. Doghniatt iaromh fair amail atrubhairtsiumh ar do bertsat fobairt biodhbadh agus ammus aindiarraidh forra i midhmedhón laoi doshondradh. otchiattsomh Cenel Conuill dia saigidh niro ansat friú acht tieghait fora niomghabail gó aroile caistiall ro bhuí for bru na Roa abhann isidhe fil hi Cianachtaib Glinne Geimhin. Ba daingen dithoghlaidhe an caistiall uair ro bui clochall cairrgidhe do thaoibh dhe cona lamhtha a leim don leth dia mbui. Batar iolar múr agus mórchlasach agus cladh ccomhdaingen don taobh araill de cona lamhtha ní dhó. Ba dion slóigh agus sochaidhe an caistiall hisin agus niruo herusa a iomshuidhe itir. O rangatarsomh fo dhaingen an dúnaidh riasiú rainicc la hUa nDomhnaill cona shlogh rochtain remhibh geibidh O Domhnaill longport don taoibh araill don abhainn go ara bharach. Dála Uí Chatháin Ruaidri m Magnusa m Donnchaid m Seain tóisiuch an tíre faoidhis a thechta do shaigidh Uí Dhomhnaill agus scribhenn lais. Asedh bui hisuidhiu ocá agra gurbho dalta dhósomh Ó Domhnaill riasan tan sin agus goro nenaiscc a charatrad o chein fris agus ro fháidh chucca ba hiomairccidhe dhó (andar lais) araba an charatraidh hisin an ccreich dusfainicc fora fhaosamh agus comairce do leged dho an ionbaidh sin agus nachasreilccfed chucca doiridhisi dia mbethsiomh fora lurcc. Ro thingheall beos da threalam décc marcaigh do Ua Domhnaill ar shaoire agus shnadadh don chách do deachatar fora ionchaibh don chur sin. Soais Ó Domhnaill for culaibh acht namá ro airis isin ccrich diarbo ruidhles na bú dia ttartt comairce go cenn theora noidhche cona láibh oga lot agus occá lainmhilledh go riacht
fodheóidh goa thír feisin. O ranaicsiumh goa dhunarus go Dun na nGall desidh hi suidhiu agus do bretha a leighe chucca do choimchighsin a choss agus anaidh occa othrus fri ré dá mhios agus ro lécc cumhsanadh dia shlogh an airett sin. Ba foda laisium ro bhui Ua Neill cona Ghallaibh gan fhuabairt frisin ré sin. Ro tarccomladh a shlogh dia shaigidh iar ttairccsin an da mhíos atrubhromar agus docoislet ass tar Bernus Mor tar Finn tar Modhairn gusan Srath mBan bhaile i mbatar na Gaill agus Ua Néill dus an ttairsittis a mboeghal. O na fargbhatar na Gaill daingen an dúnaidh dia ffobairtsiomh amail ba menmarc dhóibh basedh do rónsat teinte agus tendála dadúdh agus dadhandadh hi cetheora hairde an bhaile agus niro sccarsat fris gurro loisgset agus gurro indirset a mbui do thoighibh fri múraibh sechtair agus gur roscuirset dar cend do ráith comba lór do thochar neich for iomroll agus aineól an dluimhcheó diadh do deachaidh edh imchian on mbaile agus ba isin ochtmadh decc Iulii do ronadh indsin. O na tangatar tra na Gaill danacal nach dimdheghail an bhaile forra fagbaitsium é iarna orccuin samhlaidh agus tieghaitt dia ttigibh cen nach frithbheirt friu. Iomthusa Aodha Uí Néill (an Iarla) atfiadar sunn settal naile o ro airighsiomh iomthnudh agus aininne a deirbhfhine badhdein fri hUa nDomnaill agus saorchlanna Cheineoil Conuill uile acht madh beg agus a mbeith ag fubthad Gall Duibhlinni fair asedh do roine saigidh an airriogh ro bui fri laimh righ Saxan i ninis Érenn .i. UUilliam Fiz UUilliam. asé roba Justis an tan sin agus ó do dheachaidh ina dochom atbert fris co ndusfiocfadh O Domhnaill fo chora agus chaonchomrac chucca dia ttardadh anacal agus iomshnadhadh dhó araba an élúdha atrula. Tingheallais an Justis co bfuighbithe amail ro hiornadhmtha uadhsomh. Scriobhthar protextion ieromh febh do rionchoisg Aodh Ó Néill don scribhnidh agus do rat an Justis a láimh fair agus do ratsat an Senadh archena. Ro dhál an Justis
chuga gusan ccathraigh fil for brú Tragha Baile m Buain eittir Dhún Dealgan agus muir. An Srátbhaile atacomhnaic agus atbert nachasbéradh Ó Domhnaill seacha badhdess go hÁth Cliath. Cieileabhrais Aodh Ó Néill don airrigh agus don tSenadh ierttain agus msói dia thigh agus niruó cian an iodhnaidhe do roine an tan ro asccná i ttraitte isin sétt agus isin sligidh ó Dhún Genainn m Cathbaidh siartuaidh gach ndireach go rainicc Dún na nGall airm a mbaoi Ó Domhnaill. Niro rathaighitt goro tharbluingset an diorma forsan ffaithche. Robtar foiltigh remibh an cách baoi fora ccind iarna ffios sccél. Baoi Ó Domhnaill ina lighe fora iomdaidh othruis agus niro chumhaing eirghe i neallmha do fhiadhugadh na naoidedh do riachtatar a dhochom agus ó na caomhnaccair ittir dothaett Aed Ó Néill dia aithreos góa iomdaidh agus attféd dhó an toiscc ttudhchaidh. Athbertsomh nárbó lainn lais agus narbhó slán a mhenma dia dhul i freacnarcus na nGall ó ro chedaigh an taoinDia dó etorsccaradh friú ara dhaithe agus ara aidhble ro imbirset a nanchroidhe fair gan fhochann cidh riasiú robadh díor mithoimhdin do thabhairt dó acht ara aoi nó ragadh laisiomh diamadh edh badh tol dó. Ba duiligh dósomh tuidhecht an turus sin uair robtar créchtnaighthe a chossa agus niro híocait do ráith o ro benad a di ordain de febh atrubhramor. Bátar hi ffarradh aroile an adhaigh sin acc cinnedh a ccomhairle agus ó ro chinnset ón docomhlat as ara bharach dírim marcach agus niro ansat dia réimin (acht madh inn oidhchibh namá) go rangatar Srátbhaile Dhúine Dealgan. Foghaibhit an Jústís fora ccind an dú sin febh do ringheall. Tairbhlingit an dhíorma for iorlainn an dúine agus faoidhitt ann an adhaigh sin. Ó Domhnaill tra ó náró chumhgustar céimniugadh fora chossaibh acht mano thisedh for eoch dusficc an Justis fodhein dia shaigidh airm i mbuí agus fáiltnighis riamh agus dílghais dó an télúdh do róine agus gach cion archena. Iar naidhm síodha agus caratraidh dhósomh fris an Justis asa haithle celeabhrais dó agus fágbaidh bennachtain. Do bert iaromh laimh for imthecht. Doghni Aodh Ó Néill an ccéttna
iar ndénomh a thoscca amail roba data lais. Iompait dibh lionaibh friothroscc for culaibh an chonair tudhchatar óa ttighibh co ttorrachtatar go Dún Genainn. Batar athaidh isuidhiu occ fledhugadh agus occ airiucc tuile guruó mithigh la hUa nDomhnaill imthecht agus ó ro thriallsomh indsin etorscaraidh don chur sin frisin Aedh naile gerbho haidhlescc leó ina ndís imscaradh do bith etorra. Dothaot iaromh Ó Domhnaill go riacht go Dún na nGall agus airisis coléicc ina ligiu othrais doridhisi ó focherd a uaman de tria iornaidhm siodha agus caonchomhraic frisan Justis. O ro haisneidedh don fhoirinn batar i frithbheirt frisiumh do Chenel Conaill a chodach agus a charadradh do naidhm dhósomh frisna Gallaibh dusficcett fochéttóir go fomhámaighthe fo shidh dia shaigidh agus dobertsatt a oighréir ndó fobith narbot tualaing tochar no tairisium fris (gerbhat iolardha a nóicc) ar as treisi flaith fiora. Ba hedh indso inas aireghdha don lucht dusfangatar fo chóra chuccasomh. Donainicc ann ccttus Aodh m Aedha Duibh Uí Domhnaill sinnser sleachta Dálaigh m Muirchertaigh cenmothá Aodh m Maghnusa agus ba fris do samhailte a beith hi cendacht na criche dia éisi. Fer seghainn soibhésach cennais cairdemhail eisidhe co neineach co naoidhedhchaire agus co nengnamh féindidh ar fhéindidhecht fili ar fhilidhecht agus ba fris atbeirthi seachnón Erenn hi coitchinde guruo heisiomh glún deidhenach gaisccidh Ghaoidel uair ba samalta do Lugh m Cén no do Throilus m Priaimh ar mharcaigheacht. Ba haithghin do Choin na cerda ar ni thelccedh nach norchar niomruill agus as ing má ro thérna neach riamh forar fhuiligh no forar fhoirderg feibh robo bés don ghaisccedhach Graegdha do Aichil m Peil agus dana ni dheachaidh i cath nó hi cliathach i niomaireg nó i niomarghail na gonfadh neach éiccin cipindus. Ba fer diogalta agus aithe a anffhaladh amail Conall Chernach m Aimirgin cona frith a bhaoghal cein baoi i mbiú. Acht
chena nirbo nár nó meabhal dósomh amail ro fhás agus ro ionfhorbhair airbert agus aindiúidecht détlacht agus dánatus an riaghaire ríoghda rémhthiorchantaigh thairis .i. Aodh Ruadh m Aodha m Magnusa oir ba fer dúr dochoiscc dana degherlabhrach go ngnúis sochraidh suilbir go namhainsi agus co náirde aignidh go ninntlecht agus co naireag menman go ffos agus go ffollamhnacht flatha go ttomaithemh agus go nurepraic ina fhorchongra cona lamhtha urthuasacht a fhorngaire nách a bhreithre amail biodh é an Cesair airderc fora scriobhait filidh samail na tesda hisin. Conadh aire sin nárbho hadhbhar adhnaire agus nárbo damhna dímiadha dAodh m Aodha Duibh Uí Domhnaill ina da nach aon dia bunaidhfhremh ina ré an macthairrngertach mórghlondach atrubhramor dia fhoruaisliugadh ar do roiscce do ilchenélaibh na hinsi in ro genair ó chein mháir agus dana ba dalta dhósomh fadéin an tan ro bui ina mhacbhrataibh gerbo foirmteach fris don chur sin imónfflaithius. Dusfainicc chugasomh fon ccruth ccétna Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaigh m Magnusa m Aodha óig dia ngaror Aedh Dubh. Ba fer dian deinmnedach díchonnairchel esidhe ósé aingidh eccratach go neimh nathrach go luinne leomain. Ba géraitt gaile agus gaisccidh ba cenn sloigh agus sochaide fri cath agus fri coccadh acht nama ba foirmteach frisiomh amail cach gerbo hi deirbshiur an Aodha roba bainchele dhó. Dorala caratradh oile etorra ar ro halta an tAodh ina macdhacht occá thuistidhsiomh ara aoi ni tria shainsheirc dusfainig acht ba ar oman itir. Dothaot ann bheós O Dochartaigh .i. Seaan Ócc m Seaain m Felim m Conchobair Charraigh taoisioch triochaitt chéd Insi hEoghain m Neill. Ba tuiridh catha agus ba hécclonn iorghaile agus ba costadh sloigh iar sraoined forro an fer dothaott hisuidhiu. Acht ara aoi ba tria rinn agus fhoebhar dusfucc Ó Domhnaill ina
mhuinterus geruo hanglonn. Ba imne omh: boisiumh an tí Ó Dochartaigh og tochuiredh Uí Dhomhnaill chucca i naires dála dhó do dheilbh síodha fris agus ro chuinnigh chucca gan tocht isin dáil acht madh dá mharcach décc agus bad samhlaidh tísedhsomh ina dhochum don taoibh araill. Niro naisg lugha na daingen fair agus niro shirestair rátha inaid aitire acht madh sin. Dusficc Ó Domhnaill isin dáil agus ní thard lais acht an lion atrubradh fris. Tanaicc tra O Dochartaigh don taoibh naile an lion céttna co mbatar tul hi ttul. Ba sníomh adhbal la hUa nDomhnaill agus niruó miadh nó maisi lais aontóiseach dia mhuintir dhilis badhdein do bhith occ frithbheirt agus occ forran fris conadh é ní do róine ionnsoigidh foithibh co ffeirg agus co bfuasnadh go raoimidh for Ua nDochartaigh cona mhuintir agus geibhther é badhdein agus do bert lais agus donucc egimel glaisiaroinn foa agus nisrelicc ass conustard a óighréir ndó agus geill agus aitire fri comhall dogrés. O roba fomámaighthe Ó Dochartaigh agus Cenél Conuill archena gusna hibh ro batar hi frithbeirt fris dhósomh ro gabh occ follamhnugadh a fhlatha febh roba téchta og coscc meirle agus migniomh og tofann chuan agus caibden agus occ riagadh gach aoin no bhíodh fri slaitt agus aircheall co narbo héiccen do chách deithittin im chomdha a nalmha ná a ninnile acht donesairtis for chona agus cheachair namá go mbuí an chrioch gan cosnamh gan comoirb gan nach frithorgain ó chách fria cheile agus no thuiltís an dí námhait for aoindérgadh ar nisreilgedh a nomhan dóibh foraithmhet a ffaladh diaroile. Bá daoineach dálach caithmech conghaireach aistreach easadhal aircctheach ionnsaighthech ro thochaith Aedh Ruadh Ua Domhnaill an cheittbliadhain sin do fhíorthosach a fhlatha agus as forbairt baoi fairsidhe occa gach bliadain diaidh i ndiaidh co ttangatar a thiughlaithe.
An Dara Bliadhain, 1593. O ro dheisidhsium (.i. an 24 Ianv. 1593) ina shuidhe flatha agus ina iostadh aireachais i Lethber for ionchaibh a namhat Ua Néill Toirrdelbach Luineach ro ghabh occ imbeirt a ainchridhe agus a eccraitiu fair dia thofann asa fhlaithius agus dia enertugadh hi foimhtin Aedha Uí Néill do oirdnedh ina ionad. Do deachaidh for bail dósomh an remhdheccsi do roine uair do rochair an flaithius fodheoidh do shaigidh Aedha Ui Néill agus do ratt Toirrdelbach Luineach oenta agus aittittin dó imon ainm as Ua Neill do ghairm dhe. Dogaror iaromh agus leigidh an tí Toirrdelbach uaidh na Gaill ro bator lais ó do deachaidh i ccottach agus hi ccairdes Uí Dhomhnaill. Hi mís Maii doshunnradh do roinesiumh indsin anno Domini 1593. O roba siodach Ó Domhnaill frisiomh do ratsatt an da Aodh cóicced Conchobhair m Nessa foa smachtchain siodhamail coleicc agus ro bensatt a ngéill agus a naitire diobh dia nacomal agus dia ccuimbrech fri tairisi dogres. O do bert Ó Domhnaill Aodh dia úidh gurbho tairisi agus guruo hinnill lais an coiccedh uile an tan sin ro chuimnigh a mhifholta fodhéin fri Gallaibh agus baoi occa fhoraithmhet on modh ccétna do Ghaoidhelaibh archena aidhble a nanffaladh friú agus a nderghensat dulc agus daindligedh ó chéin mair fri siol Ghaeidil Glais m Niúil ag goid a ttochais ettarscartha agus nemhetarscartha forra oga ttabairt hi ccarcraibh agus hi ccimbidhecht oga riagadh tria ainchridhe agus aininne agus bad imne do meltais a ré co diúidh mbetha in gach tan no gebtáis eill nó baogal forsna Gaoidelu agus dana atfet dóibh gurro fhaoidh feisin a thechta agus a scribhend do shaigidh na Spáinne do thochuiredh conganta sloigh i nagaidh na nGall agus gurbo lanshaoilechtain lais a ttuidhecht i ngaruair. Ba fíor dósomh indsin ar ro lá epscop Chille hAlaid
a ttechtairecht co righ na Spáinne déccaoine a imnidh fris agus dernaidhm a chairdesa agus chairdiusa chloinne Miledh archena. An tepscop imorro ni forrainicc lais soadh for ccúlaibh lia scélaibh an tan ro fhaoidh an taoinDia techta na caomhnaccair erchoitmhedh fris fora chenn agus do bert lais dfhios an alltair agus ní thainic bheós. Ro ghabh greim dhósomh an gresocht sin uair ro adhain agus ro adaidh eccratus agus éttairisecht iar ninmhedhon i saorchlandaibh slechta Miledh Espáine fri Gallaibh Duibhlinde gurbhó hé aoininnethemh agus aondúthracht baoi ina menmandaibh uile iompúdh for Ghallaibh gurro fhásatar deabhtha agus déchetfaidhe etorra ier ttrioll la haslach agus la hetarghuidhe Uí Dhomhnaill for Ghaoidelaibh lá reladh agus lá foraithmhett i nderghensat na Goill forra riamh agus fora sinnseraibh gósin. O ro fhitirsiomh cách do choimheirghe daoinmhenmain isin coccadh duthraccair ro fhaoidh techta agus scribhenna co hAlbain do thochuiredh fuillidh slóigh damsaibh dfhéindedhuibh agus daos tuarustail. An tan atchlos la hAodh Mhaguidhir tigerna na ttuath im Loch nErne an terthriall do rinnscain Ó Domhnaill ba fó lais gomadh é badhdeisin cétna-imrordaighfidhe isin combáidh choccaidh hisin. Ba fer díumsach iomtholtanach eisidhe co mét menman co náirde aignidh miledh ar mhiltnecht greitt ar ghniomaibh goile agus gaisccid tigerna ar thiodhnacal go niolar nócc agus ndaoine lais. Focharttsomh araill dia shainmhuintir isin ccoiccrich baile i raibhe ócclach amra do Ghallaibh gurro ortsat agus gurro oirccset an baile. Feacht naile dia ndeachaid Máguidhir Aodh (tria chomhairleccedh agus tionchosg Uí Domhnaill) agus basí conair do luidh go líon a shochraitte tria dheiscert Breifne Connacht láimh clé fri Loch nAillinde tria uachtar Ua nAillealla triasan cCorann tar droichet Mainistrech na Búille aisidhe co machaire Mhaighe hAoi dia ngaror Machaire Chonnacht. Ro léicc scaoiledh da sgeimheltaibh i ndobharshoillsi na maittne muiche imon tír ina thimcheall. Ba hann do rala do ghoibhernóir choiccidh Connacht (Sir Risderd
Biongom) a beith an adaigh sin aran ccnuc hi comhfhochraibh Tuillsce occ coistecht re sgélaibh an tíre ina thimcheall. Do reccaimh díreim dia mharcshluagh occ siredh na noirer ccomhfhoccus don telach fora mbaoi an goibhernoir agus ni rathaighset nach ní la dallchiach na camháire condusralatar agus Máguidhir cona mharcshluagh tul hi tul gan cedugadh da nach ndruing dhíobh. Ro thriallsat marcshluagh an goibernóra soadh ina ffritheing agus ro bás ina lenmhain aga leódh agus ledradh la Mág uidhir agus laa mhuintir go rangatar gusan maighin i mbai an goibhernoir fodhéin. Ro mudaigedh lais don chur sin neach uasal airderc do Ghallaibh UUilliam Clifort a chomhainm co seiser marcach cenmothasomh. Sóither for Mháguidhir doridhisi isin conair chéttna agus ro bás occa thograim go riacht ina chipe catha agus ina choirighthibh comhnarta. O ro fhittir an goibernóir narbó torbha dhó saigid forru ro shai for ccúla agus robadh lánbhuidhe lais térnúdh amail do érná. Do rochrator échta móra ó Mháguidhir don ruathar sin .i. Émann Mac Samradháin priomháidh Arda Macha do rala tria ainshen ina fharradh agus an tAb Máguidhir (.i. Cathal) Mac Gafraidh agus mac a derbhrathar. Acht chena gerbo liach lais na maithe sin dia thesbaidh rug lais in ro tionóladh agus in ro tiomairccedh do chrudh agus do chreachaibh na criche chucca agus do luidh on longphort gó aroile co cobhsaidh ceimrighin go rainicc go Feraibh Manach. Atchuas tra do Ghallaibh Duiblinne indsin. Ro lionait do lonnus agus dinnire. Ro herfhogradh iertain lasan Justis for morshloigedh Midhe Laighen agus Leithe Mogha dul hi coicced Conchobair isin foghmar doshonrad daithe forra i nderghensat agus do ratt a ccennus uile don Iarla Ua Néill ce nirbo lainn lais dol isin toichestal sin agus beos do Mharuscal an Iobhair. Ro fhorchongair dina an Justis for goibhernoir choiccid Connacht cona mbaoi do shlogh o Shionainn go Drobhaois dul ina nairisidhe co hÉirne. Iar tteglamad an chetnashloigh sin atrubhramar docomhlat reimibh go Loch Eirne ingine Buirg
Buireadaigh allanair. Sir Henri Bingel ridere amra do Ghallaibh ase ba tóiseach niomghona don tslogh. Dála Oedha Mhéguidhir iar ccloistecht scél an tslóigh eachtrand focherd a bhú agus a innile fora niomghabhail go Tír Conuill m Néill fothuaidh agus do rionóil slogh mór dia thír budhéin damhsaibh agus daos tuarustail ailechrioch agus do Chloinn tSuibhne Tíre Conuill agus ro bhaoi cona shloghbuidhnibh don taobh araill don loch agus consníset frisan sluagh nechtrand cona relccset seacha siar. Docomhlat as an sluagh Gall laimh clí frisan loch go rangattar gusan abhainn dothoett asan loch. Baoi áth sainredach fuirresidhe fri hiomathoigidh don chách ba toiscidhe Ath Chuile Uain chomhainm agus ba hédomain an ionbaidh sin é. Fobrait na Gaill an táth an seisedh la do October do shonnradh. Ro bui Máguidhir cona shlógh don dala leith don áth i foimhtin na nGall. Consniset friú co ferrdha athaidh fhoda. Niruo sodhaincc dógbaidh Fer Féne a nursclaighe uair robtar diairm iatt an tan sin i naithfhegadh na nGall la hiolar a néidedh nallmharda agus a ngabhladh nglaisiaroinn agus a ngunnadh ngranaoiblech occ diobhragadh agus occ imthealgadh a nubaillmheall luaidhe agus a ccaor ttaidhlech tteintidhe go ffoirrgitis na fiora don taobh araill don abhainn gan nach friothorgain friú fadeisin. Baoi do lionmhaire a laech agus dainetargnaidhe a narm goro fhiorsat an derbharusc fodheoidh .i. luigidh iolar for uathadh uair ni foraelangtar an óccbadh Eirendach friotairisiomh friu niba siriu. Sraointer forra iaromh ón áth. Gontar airlighther dronga díobh agus atrulattar ass fon ffiodhbaidh a nermór ar roba garfhoccus dóibh í. Gontar Aodh Ua Néill hisuidhiu agus ba fó lais dáigh na gabhdais Gaill aimhires de. Tiaghaitt an sluagh Gall tairis coléicc agus gabhait lámh clí frisan locha allanair dus an tairsitís édála cruidh no cethra agus o na tairthetar iompait dia ttigibh agus dorelgett eisrédedh dia slogh.
Iar ttocht do ghoibhernoir coigidh Connacht agus dIarla Tuadhmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co heochairimlibh Erne co sochraide coigidh Connacht imaille friu soait ina ffritheing go Mainistir na Búille agus doiaghat iaromh dia ttigibh amail do deachatar an slogh naile. Acht chena fosrágaibh Ua Neill (Aodh) agus an Marascál drechta dermara dóccbaidh agus do shoighdiúiribh Gall i ffarradh Conchobhair m Conchobair Ruaidh Mhéguidhir ro buí i neissídh agus i néccraites fri Máguidhir dogrés im chendus na criche. Ua Domhnaill dana ba tochradh mór menman agus aiccenta laisidhe na Gaill do thionntúdh samhlaidh. Ara aoi sin ó naro shaighsett fair níro shaigh forra ara anfhúirithi ro bhaoi agus ro fagbhaitt dream mór dia mhuintir isin ath rémhráite do ratt hi furtacht Mhéguidhir ge ro iomghabh é feisin ar fhoraileamh Uí Néill uair ro buí techtairecht etorra fo dhichleith gan ráthucchadh dona Gallaibh. Bátar dina Goill agus Gaoidil iarsin occ coistecht fri aroile gan nach friothorccain o cheachtar nae fri aroile fri teoraibh míosaibh geimhridh co hIomulcc na bliadhna araill anno 1594.
An Treas Bliadhain, 1594. I neacmhaing na rée agus na haimsire sin ro theglaim an Justis sluagh mór gan rathucchadh don chách lasar mhioscais. Dusficc tar na criocha bator comhfhoiccsi gan nach niomfhuireach go ranaig i traitte co hInis Ceithleann for Loch nEirne i neitirmhedhón Criche Monach. Ba heisidhe dunárus agus ba port oireachais Méguidhir Aodha agus gan aoin no hoirdnighthe hi ccennus na criche. Ba dúnadh daingen agus ba múr dithoghlaidhe fri slogh nechtrand acht na batar na ffoimhtin an tan sin. Deisidh an Justis i forbhaisi forsan dunadh agus gabhaitt an sluagh for togail an mhuir feibh conrangatar agus nirbo torbha dhoibh indsin co ttarttsat araill dia aos iomchoimheda an baile uadaibh fodheoidh dar cenn lóighi. O ro bhaoi an baile for commus an Justis Ser UUilliam Fitz Uuilliam fáccbaidh triocha laoch dia chomhdha forsan ccách frisro hettarscartha cona congaibh techta do bhíudh agus darm agus soaidh as feisin for cúlaibh doridhisi. Foraighit iaromh for gach leith gan chreich gan orgain for aroile fri ceitheora míosaibh o Februari co hJun. Ba hadhnár lá hUa nDomhnaill Aodh Ruadh a fhod ro bhuí gan tocht i ffortacht Mhéguidhir ar asé ro aslaigh an coccadh agus ba fora fhorchongra ro hadhnadh ar tús. Basedh fodruair dósomh gan dul i nellmha ina fhoirithin amail roba menmarc lais a beith occ iodhnaidhe agus occ iomfhuirech frisna hAlpanchaibh do ringheall chuga for amhsaine. O roba foda laisiomh ro batarsidhe gan tuidhecht tarcclomtha Cenel cConaill lais coleicc agus dothoet reimibh cona shlogh co hInis Ceithleann. Deisid isuidhe i forbhaisi forsan dúnadh o thosach Jun co medhón August goro chroithsett goro airccset agus goro indirset a mbuí fó mhamus na nGall hi crich Airghiall agus i mBreifne Uí Raighilligh co ttarttsat a mbú agus a mbeócheathra i lón slóigh dia namhsaibh agus dia naos tuarustail.
Batar na Gaill i fos an tan sin isna portaibh gabhala inro ghabhsat for fecht riamh .i. mainistir Mhuineachain Cluain Eoais hi crich Airghiall agus mainistir an Chabhain isin mBreifne uair ba i neacclusaibh na naomh agus na mac mbeathadh ba meince a nairisim og creachadh agus occ indredh na ccrioch agus og gabhail i ngiall agus a naitire. Iomthusa Ui Dhomhnaill buisidhe cona shochraide i forbhaisi agus ind iomshuidhiu for Inis Cethlenn co hurthosach Fochmhuine feibh atrubhramar coro scaich a mbiadh don fhianlach batar isin ccaistiall acht madh beg. Ó ro fhedatar Gaill Duiblinne co mbatarsomh samlaidh faoidhit techta gusna Gallaibh batar hi coigedh Olnéccmacht dia fhorchongra forro tuidhecht go lóintibh bidh agus dighe leó gusan ccaistiall. Tarcclamait na Gaill sluagh mór i naoinionadh amail ro forchongradh forro co mbatar cóig ced décc laech dóccbaidh armtha co ndruing dfherbaidh Midhe do Breifne Uí Raghallaigh agus do Bhiongamachaibh coigidh Connacht. Iar tteglomadh doibhsidhe gabhaid occ báigh agus occ bubthadh forna Gaoidhealaibh agus occa thinghealladh go ttaotsadais hi toirithin an baile dia naimhdheoin acht chena nisrelic a noman dóibh tuidhecht i ttraitti. Batar Gaoidil ina ffoimtin cecib tan dusfiocfadais. Tuirthechta an nAlpanach do ringheall fora namhsaine do shaigidh Uí Dhomhnoill dusficcettsidhe murchoblach mór go Loch Feabhail m Lottain eitir Cenél cConaill agus Eoghain coro ghabhsat fos isin ecclais nairdirc dianad ainm Doire bhail inro bendach Criomhthann mac Fedhlimid m Ferghusa dia ngaror an Columb cennais. Atfiadhor dhóibhsiomh co mbuí Ó Domhnoill for slóigedh isin ccoiccrich febh atrubhramor. Foidhitsiom techta dia thochuiredh chuca agus scribhenna. Ó rangatar na techta co hairm a mbuí Ó Domhnaill doberat a litre dó. Airleghais iat. Basedh a ttothacht .i. Domhnall Gorm Mac Domhnoill agus Mac Leóid na hAra do thocht fo thoghairm Uí Dhomhnaill foran murchoblach atrubhramor go riachtatar an Doire remráitiu agus muna thisedhsom i traitiu dia ffostadh
amhail ro gheall go soifidis ina ffritheing dia nathardha gan essnádadh gan iomfhuirech. Iar nairlégadh na scribeann dUa Dhomhnoill ro luigh socht mór fair co mbuí gan labhra athaidh fhoda occa scrúdadh agus reimdéccsi cidh do ghenadh. Fecht ann ba hadhnár lais a ghealladh do nemhchomholl frisna hAlbanachaibh iarna ttochuiredh chucca hi ciana. An dala fecht ba hiomomhan lais na Gaill remepertmar do thichtain i furtacht an dúnaidh dia ffargbadhsomh an longphort conadh fair deisidh occa fodheoidh a shlogh do fhágbáil isin longphort agus isin iomshuidhe a mbátar agus e budhdhéin co nuathadh daoine immaille fris do dhul for ammus na nAlbanach dia ffostadh arna hepertais goach fris. Luidh iaromh dírim marcach co hairm i mbatar. Feraidh fáilte friu. Ro freastlait agus ro friothailit ieromh fri teora hoidhchibh cona láibh do lendaibh inmesccaibh agus da gach erndail tuara ba deach isin crích. Ceileabhrais Domhnall Gorm dUa Dhomhnoill agus fosragaibh a brathair ba soamh occa go ccóig cédaibh laoch dóccbaidh armtha agus do laochraidh leidmhigh. Airisidh Mac Leoid an coimhlíon céttna agus fostais Ua Domhnaill iad díbh linaibh. Ba suaichnidh on ietsomh hi tréchumuscc Fer Fene la saine a narm agus a nerraidh a naladh agus a nerlabhra ar asedh ba hédgudh dhóibh dianechtair breacbruit ioldathacha i forciupal gó nesccataiv agus oircnib a ccresa tara náirdnibh allamuigh dia mbrataibh drong dhiobh co ccloidhmhibh benndornchuir itiet móra mileta ósa fformnaibh. Ba héiccen don laech a dhi laimh do thabhairt i naonfhabhall ind urdurn a chloidimh an tan no benadh a béim de. Araill dhíobh go bfiodhbhacaibh féthshnoightibh feidhmnertmhara go sreangshnáithib secrighni siothchnáipe agus go saighdibh srúibhgéra siaineteacha. Dála na nGall otchuas doibside deirghe an longphuirt dUa Dhomnaill agus go bfargaibh a shluagh dia éisi isin bforbhais i mbátar agus a nermhor deludh dia ttighibh ar therce lóin dusficcitsidhe i noibne la cloistecht an sceóil go mbátar ind imeal Criche
Monach fri Loch nÉirne aniar. Ótchualaidh Maguidhir a ttocht tar or a chriche do bert a shochraide lais for ammus na nGall .i. a mhuintir ndílis bhudhdhéin agus derbhrathair Uí Néill Corbmac m Firdorcha m Cuinn Bacaigh go ndruing dia mhuintir agus do Chenél Eóghain m Néill agus sochaidhe damhsaibh Uí Dhomhnoill ar nisrelic a nomhan dóibhsidhe techt tar breithir no tar erfhuagra a fflatha uair ro forchongair forra airisiomh isin longphort co ttisedhsomh doridhisi dia soigidh agus niro scaich a lóinte febh ro scaich don chách atrulatar asin longphort. Ó rainicc Máguidhir agus an lucht remhepertmar i ngarfhoccus don tslogh echtrand deisidhetor fora ccind for áth ndoraidh ndoibheoil in rob erdhalta leó a ttochar chuca isin conair tudhchatar agus nírbhó cian a niodhnaidhe an dú sin an tan do riachtatar an slogh Gall ina ccend. Ba hessmuinterdha an fiadhugadh fuairset ón fhianlach bátar isuidhe. Ferthar gleo amnus aindreanda etorra go raemidh fodheóidh forsna Gallaibh agus fosrágaibhset iolar cend do shoichenélachaibh agus doichenélachaibh agus édála aidhble deachaibh agus groidibh batar leó fo lóintibh bidh agus dighe gusan dúnadh góar thriallsat conadh óna bairghenaibh agus ona briosgaibh iolardha ro fáccbadh occan áth don chur sin ro ghabh an táth agus an maidhm an tainmniugadh airderc .i. maidhm Átha an mBriosgadh. Soaitt Midhigh agus Raghallaigh (ina tterná asan maidhm sin díobh) ina sgeolangaibh sgaoilte sgaindrigthe co Bréifne Uí Ragallaigh. Basí conair inro luidh Seoirsi Óg Biongom gusan lucht ro len é asan iomarghoil sin tre Lergain cloinne Cobthaigh Ruaidh Mheg Shamradhain tre Breifne Uí Ruairc agus aisidhe co Sligech. Hi mí August don rónadh indsin. Otchualatar oes coimhéta chaisteoil Insi Ceithlenn sraoineadh foran slógh ro thriall tocht dia ttoirithin ro bensat céill dia ccabhair agus do bertsatt an baile uaidhibh do Mháguidhir agus do ratsomh foesamh doibh co ndoriodhnacht tresan tír go riachtatar bhail in rob innill leó.
Dála Uí Dhomhnaill ier ffostadh na nAlbanach dósaidhe docomhla go Crich Monach do thuidhecht isin iomshuidhe chettna i raibhe for Inis Ceithliund. An tan baoisiomh iarna shétt atchí chugu araill dia amhsoibh ro bátar occ sraoinedh an mhadhma forsna Gallaibh cona nédélaibh leó. Atfiedhot a sccéla amail forcaomnagair. Ba faoilidhsium dhibhsidhe acht namá ba tochomracht lais na baoi feisin isin tachar ar nach éláidedh as dona Gallaibh i natrula dhíobh. Soais Ua Domhnaill cona Alpanachaibh for ccúlaibh agus ro airis ina thír go rugsat techta Mhéguidhir fair hifrithisi dia aisneis dhó co mbui an Justis (Ser UUilliam Russel) ag tómaithemh agus ag tinghealladh techt go hInis Ceithlenn dia gabhail an dara fecht. Ar ccloistecht na sccel sin dUa Domhnaill ro teccmalta a shlogh lais eitir urradh agus deóradh agus docomhlá go Crich Monach. Fosaighis iaromh hi Tír Cennata fri Loch nErne anair. Doghniat an slogh botha agus belsccátha ainnside agus anait samhlaidh ó dheiredh August go 5 dOctober. Otchualaidh an Justis Ó Domhnaill do bheith ina urfhoichill agus Maguidhir cona shochraide dib linaibh ó ro fhittir co ttiocfadh Ó Néill ina ttoirithin ro ághustair iad co naro fhágaibh Áth Cliath an tan sin. Ó roba deimin la hUa nDomhnaill nach ttiocfadh an Justis co hInis Ceithlenn don chur sin iompáis ina fhritheing dia thír agus ro léicc a Albanaigh uadha ier neirnedh a ttuarustail dóibh agus ro gheallsat chucca doridhisi i nurthosach samraidh ar ccind anno 1595.
AN CEATHRAMHADH BLIADHAIN, 1595. Baoisiom i fois iaromh ier nimthecht dia amhsaibh go midhmhedón erraigh. Tangatar iliomat duaislibh coiccid Meadhbha do shaigidh Uí Dhomnaill frisin re sin go mbatar for amhsaine lais ier na ttofonn asa ttir la hansmacht Gall agus ni antais dogres acht aga atachsomh agus og áilghes fair im thuidhecht daithe a nanffaladh forsna hallmarchaibh agus dorgain agus dindredh aosa ind iomfhulaing agus na ttuath robtar fomhámaighthe dhóibh. Ro baoi imorro dia ainchridhe sium agus dia indíre fri Gallaibh guruó sodhaing a aslach fair a niondradh agus a norgain dia ccaomhsadh. Basé mendat sainredh ro taiscéladh dia indredh hi tosach Rath Croichen Croiderge for Magh nAoi m Allghubha i neitirmhedhón na nGall bhail i mbatar a mbeochrodh agus a nindile. Niruó herusa dhósomh on innsin uair do ratsat na Gaill coicced Connacht uile foa mámus go mbatar i forbhuisi i ndúinibh diothoghlaidhi agus i portaibh gabhála na criche agus fora bernadaibh boegail .i. drong diobh isin caistiall fil for ur na senabonn fosragaibh an díle na dedhaidh dia ngaror Sligech agus aroile dhíbh i mBaile an Motaigh dúnadh daingen fil hi comhfhochraibh don chnuc airderc do Chéis Chorainn Cruitire. Sochaidhe dhíobh isin Port Nua múr daingean eisidhe ro chlaidhset na Gaill eitir Loch Cé agus Loch nArbhach. Araill díobh hi mainistir mhonach fil for brú na Seghsa obh isidhe dothaot a Loch Teichet dia ngarar Buill an tan sa. Dream oile hi tTuillsce i netirmhedón Mhaighi hAoi fri Raith Cruachan anairtuaidh. Ro baoi goibernóir coiccid Connacht Sir Risderd Biongom i Russ Commáin. Ridire crodha eisidhe agus asé ba hairrigh fri laimh an tSeanaidh forsan ccoigedh uile febh atrubhramor. Ba duiligh diochumhaing da nach miodhlach ammus do thabairt forsan ffianlach remhebertmar
dia ccreachadh nách dia nindredh la hadhuath agus la hurgrain a narm agus ind innill lásan dimhigin agus lásan dimbrígh do rónsat do Ghaoidelaibh o chein mháir. Ara aoi tra as fair desidh la hUa nDomhnoill dol foran slóighedh ar impide agus ar asslach na nuasal agus na naireach ro acaoinset i nimnedh fris. Ro tarcclomtha agus ro tionóiledh Cenel gConaill lais co mbátar occ Ath Seanaigh. Luidh ass iaromh cona shlógh an treas lá do Marta tar senshruth Samhaoire lámh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh tar imealbhord mBreifne go Braittshliabh agus aissidhe co Tir Thuathail. Gabaid longphort hisuidhe co maduin. Lotar as ara bhárach tre dithreabhaibh agus fasaighibh na criche gan airiugadh gan fhorchloisteacht gusan abhainn go Búill fri Loch Cé anair. Tieghaitt an slógh taran abhainn i nurthosach oidhche ocon ionad dia ngaror droichet Chnuic an Bhiocara. Aissidhe dhóibh co taoi tóithenach tre Magh Luirg an Dághdha agus tre Mhag Aoi an Fhinnbheandaigh go riachtatar la dobharshoillsi na maidne go Cruachanraith Aoi. Acht chena gerbo hiomdlúith iomfhoccus aittreabadh agus áitiugadh imon ríoghráith agus geruo hiolardha a mbúar agus a mbótháinte a neachradh iomluath allmhardha a ndaimh agus i ndaighinnile agus gen go relccset a les gan a scceimhealta do sgainredh no a nógbadh deisréidedh ó aroile do chuingidh cruidh no cethra (uair foghebhtais a ffolartnadh dhíobh agus da gach édáil ba menmarc leó genmothá ór nó argat) nírbo hedh sin do ronsat itir acht as fairsing foirlethan ro scaoilset ó aroile do mullach na rioghratha uair do deachaidh drong dhíobh fo dhuthaigh Uí Chonchobair Ruaidh agus Uí Aínlighe agus araill go droichet Beoil Atha Mogha agus dream oile taran Caislén Riabhach siar. Do riachtatar na sirthe sárluatha sin uile cona nairgnibh agus cona ngabhalaibh do neoch ro chumhaingset do chomhghluasacht no do chor rempu do almhaibh agus dinnilibh ier medón laoi isin ló chedna go hairm a mbaoi Ó Domhnaill co hOilfinn. Ba cianfhoda riasan tan sin naro tiomairgedh agus naro teglamadh cuttroma ná coibhéis diaro tionóiledh do chreachaibh i
naoinionadh dairccthibh aonlaoi la neach do shiol Ghaeidil Glais m Niúil. Dothoet Ua Domhnaill cona shlógh ina réimim ionmall imthechta tar imealbhord Mhuighe hAoi lámh dhes fri senAth Slisen agus go hUibh Briúin co rangatar co hur Sionna ar asedh do thaeit si anairtuaidh gach ndíreach eitir Uíbh Briuin agus Conmaicne Rein. Gabhaid longphort hisuidhe an adhaig sin. Tuirthechta an ghoibhernora Risderd Biongom atchuas dósaidhe O Domhnaill do thriall riasiu tainic don tír agus ro baoi ina fhoichill amail as deach ro fhéd agus ba fó lais a thocht itir uair andar leisiomh ní thernaidhfedh for ccúla gan aithmhela. Dorecclaim chucca na Gaill bator i forbhaisi isin ccrich i ccoitchinne as gach mennat i mbator agus dálais chuicce iett gusan Seghais dia ngaror an Búill ar as ann ba doigh lais Ua Domhnaill do ghabhail ag soadh dhó dia thír. Tangatar isin toichestal sin na Gaill batar i forbhaisi occan Sliccech i mBaile an Motaigh agus isin Port Nua go mbatar i mainistir na Búille. Tangatar isin toicheastal céttna na Gaill batar hi cClúain na cCaisseal. Tanaic an goibernóir feisin go nGallaibh Rossa Commain lais agus go ndruing móir do Ghaoidelaibh imaroen friú go mbatar occ Raith Cruachan agus doieghatt for sliochtlorcc na sluagh agus na ccreach agus gerbo sodhaing a lorg do breith (ar nirbo sliocht siondaigh for oighredh eng agus foillecht an chreachshloigh baoi rempu) ba sain conair ro chingset la diuidh laoi agus la hurthosach oidhche iar na mesgmherugadh la háilghius agus la tinnenus a ttarrachtain agus a ttograim uair basedh lanshaoilechtain na nGall gurbo hi an chonair i ttúdhchaidh Ua Domhnaill don tír nó asgnáifedh doridhisi occ soadh ina fhritheing. Ó Domhnoill tra (ó ro glé an lá cona lanshoilsi ara barach) ro fhorchongair for a ghiollanraidh agus for gach aon dia shlógh da narbhó heol arm dimbirt nó diomluadh i nagaidh a námhat asccnamh gan fhuireach laa ccreachghabhálaibh agus laa nédálaibh do shoigidh na Sionda gó aroile áth domhain baoi forsan abhainn frisi raiter Ath Chille Trenáin. Do rónadh fairsiomh indsin
fochettóir agus lottar tarsan abhainn gach nach mbaogal gombator forsan mbruach alltarach i cConmhaicne Maighe Rein frisi raiter Muinter Eolais an tan sa. Iomthusa an ghoibernóra Risderd Biongam ó do bert dia úidh Ó Domhnaill cona shlogh do iomghabhail agus do sheachna na sligedh tarsa ttudhchatar don tír ro fhaoidh techta gusna Gallaibh frisar dhálustair occ mainistir na Búille dia ttochuiredh chucca do dhul dóibh uile i lenmhain an tsloigh donainig dinnredh na criche agus ona ruccsat fair i traitti nocharbo háil dó saigidh foran slógh naile go nanfhuirithe co ndeachatarsomh desidhe tar Sionainn sairtuaidh resiu táirthettar na Gaill acht madh uathadh dia namhsaibh ro fhágaibhset dia néis do chathugadh tara ccend agus dia nimdheghail ina ndiuidh. Dusfáirthetor drong mhór do ghlaslaith an tsloigh Ghall agus dia noes diobhraicthe iaidsidhe agus doberatt deabaidh dóibh gurro créchtnaighit agus gurro gonait ile etorra. Cidh fil ann tra acht do dheachatar Cenél cConaill darsan abhainn fodheóidh ier mbuaidh ccosccair. Soais an goibhernoir cona Ghallaibh for ccúlaibh agus nirbhó slan lais a menma ar ba méla lais indredh an tíre tairis. Do thoet Ó Domhnaill cona shlógh ina nuidhedhaibh imthechta dia ttighibh co nédalaibh aidhble agus co bfoilte móir. Anait samhlaidh occ léigen a scísi go deiredh nearraigh. O ro chomfhoiccsigh cedtosach na síne samhrata doibh ro ghab ailghes agus iomtholtan Ua Domhnaill do thuidhecht isin ccoiccrich doridhisi do fhuabairt na ttuath ro batar i ngeillsine Gall agus roba riarach doibh dia ttabhairt for ccúlaibh ina mhuinterus agus ina charatradh do chosnamh a nathardha fri Gallaibh nó dia nindredh muna thiostais itir. Lasodhain do recclomtha a shlogh lais an 18 do April. Basedh a ccétna huidhe tar senshruth Samhaoire lamh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh co rangatar go Ros Inbhir an adaigh sin. Airisit co madain isin maighin sin. Tiaghait ara bharach co Cill Fhergo. Doghniat omfhuireach hisuidhe co ruccsat deiredh a sloigh forra. Doieghat ieromh
tresan mBreifne co Braittshliabh. Batar adhaigh longphuirt ann agus doghniat a nairle iaromh. Basedh ro chogairset cecip cruth foghabtais eill forsna Gallaibh bator i mainistir na Seghsa robadh fó leó. As imne batarside co ndíbh cédaibh laoch i forbhaisi isin recclés hisin agus ro fhásaighset na criocha bátar comhfhoiccsi dhóibh for gach leth gombtar dithreabha gan ionatocht gan aitreabadh. Asedh aireacc arricht la hUa nDomhnaill fodheóidh ro dhelaighestair dírim marcshluaigh asan tslogh dia shainmhuintir agus foididh uadha iat hi conair naile tar Búill gusan mainistir agus atbert friú dol do thaiscceladh for thain bó baoi occ na Gallaibh dia mbrégadh agus dia ttarrang tar chladhaibh agus múraibh na mainestrech gusan maigh réidh a ndedhaidh a mbu dus an ccaomhsadais an slogh tuidhecht etorra agus an daingen uair atchuas dUa Dhomhnoill go mbui cétt lulgech leó dia mbethamhnus. Imsái Ó Domhnaill ass cona shlogh i sligidh ndeirrit dia diamhlugadh la himealbhord Locha hArbhach allanair agus co Coirrshliabh na Seghsa. Rathaighit na oill G bátor i forbhaisi isin Port Nua eitir Loch Cé agus Loch Arbhach seiselbhe an tsloigh ag gabhail társa. Gabaitt occ diaindiubragadh a nubhaillmheall luaidhe agus og praplosccadh a bpúdair do thabairt scél agus rabaidh dona hógaibh bátar isin mainestir arna tardadh an slógh breicc iompo agus ná tíosta forra gan rathugadh. O rainicc Ó Domhnoill tarsan cCoirrshliabh budhdhes ro ghabh foss iffiodhbaidh ndeirrit bui ind iomfhoccus na habhann i netarnaidh forsna Gallaibh co teirt ara barach. Dála an diorma ro foidhedh do thaisceladh foran ccreich atchuadhomor dusficcetsidhe isin dedhóil muich gusan mainestir agus doberat ambu uaidibh coleicc. Atgniat na Gaill guruo celg ro hinnledh fora ccind agus niro deraighset an daingen acht airisiomh ann. An tan tra ro ben Ua Domhnaill ceill dia
ttuidhechtsom asin mainestir for reidh an mhaighe i lenmhain a mbegshelbha bó roba dainimh doibh dia ttesbaidh an tan sin atracht asan etarnaidh a mbói agus gabhais seacha fiartharsna Maighe hAoi cona miledhaibh goro lerdioghlamadh lais agus goro lainchreachad a ndoruaraid diobh an cettna fecht agus luidh reimhe gach ndireach go ranuicc co heochairimlibh na Sionna sair. Dothaot tarsan abhainn go Conmhaicne Rein agus roghabh longphort i Liathdruim Mhuintire hEólais agus airisidh ann cona shlogh co ttairnicc leó celeabhradh na Casg agus an tan ro shaoilset a esscaraid eisiomh do shoadh dia athardha ni hedh sin baoi ina menmoinsiomh acht ro hochuir chuicce co hinchleithe drong do lucht na criche agus atbert friú dol isin coicccrich do bhrath agus do thaisccéladh forsna tuathaibh batar i ngellsine Ghall. Do chótor iaromh la forchongra na flatha do thaisccéladh isin Anghaile. Tuath isidhe inro threabhsat araill duaislibh Conmaicne do shíol Fherghusa m Rosa. Siol fFerghail a slondadhsaidhe agus robtar fomhamaighthe do Gallaibh an tan sin. Batar imeacclach dia ttréccedh ar robadh garfhoccus a ccomhaighthes diaroile. Ro fhóidh beos Ua Domhnaill techta co hAodh Mhaguidhir dia thochuiredh chucca agus ro dhalustair fris isin ccoiccrich cetna. Dusficcsidhe amail ro hiarradh. Soait oes an braith for cculaibh co ffios scel agus baoghail na criche dUa Domhnaill. Docomhla as ieromh cona mhiledhaibh luan Casg do shonnradh tarsna beilghibh ro thionchoisccset a thoisigh conaire dhó go rainicc ria matuin don Anghaile. Oirccther an da Anghaile agus an chrioch uile for gach leth leo cona farccaibhset miol ninnile óthá Sliabh Uillind Fhoebardeircc m Find dia ngaror Sliabh Cairpre indiú go Glaiss Berramoin frisi raiter Eithne bail inro baidedh Eithne inghen Eachdach Feidhligh. Do ratsatt tra muinter Ui Domhnaill fo throimnéll teinedh an tír ina ttimcheall gurbhó smúitcheo dobhardha duibhchiach dorcha dethaige an coibeis baoi uasda etarbhúas gurbo lór dia lot agus dia lanbaoghlugadh
dia mbeith iomchosnamh friu nárbo suaithnidhi agus narbo soilléiri doibh a naithenta agus a naes comhghaisgidh (diamtais eitirchian uaidhibh) oldát a naimhde agus a mbiodhbhadha bunaidh. Baoi caistiall isin ccrich Longphort Uí Fherghail a ainm ar asé ba dúnarus dósaidhe agus don tí no bhiodh hi ccennus na criche dia chenél. Ba dúnadh daingen dithoghlaidhe eisidhe agus dusfuit gusna Gallaibh an ionbaidh sin. Do ratsot ieromh Gaill fer soim dia sainmuintir ind dia iomchoimhéd agus geill agus aitire an tíre lais Criostoir Broun a ainm. Ba haitheach a hucht treóin eisidhe illeith fri dimhiccin agus tarcasal do thabhairt for uaislibh agus uirriogaibh an tire for gach leith de. Gabhthar an caistiall la hUa nDomhnaill agus do rattadh Criostóir agus a chliamhain ass a mbroitt cona mnáibh dibh lionaibh. Do rochair dana Hoiberd .i. mac Ferghusa m Briain lasan slogh agus ba duaislibh a cheiniúil eisidhe. La Maguidhir dofuitsiomh. Iorghabhthar Conchobhar m an Phriora Ui Raghallaigh la druing naile don tslógh. Ro marbadh agus ro mudaighedh daoine iomdha leó an lá sin nach ttabharthar for aird a nanmanna sainredhacha la taobh na sé ngiall décc do shaorchlandaibh soichenelchaibh na criche (bátar i naitire la Criostóir Broun fri laimh Gall isin longphort) do losccadh ar níro cuimhgedh a ttesarccain la treathan na teinedh agus la loisccnighe na luathlasrach baoi in gach aird agus in gach airchend don bhaile. Ro loisccedh leó beos an lá sin ceithre caisteoill oile do chaistiallaibh an tíre cénmothá an Longphort. Dobadh lionmhaire da nédálaibh da nairccthibh agus da ccreachaibh inás amail ro fhédsat a ttiomáin ag fágbháil na hAnghaile dhóibh. Lottar ass iar nindredh in tíre gurro ghabhsat longphort i Tealluch nDúnchadha an adhaigh sin. Doléiccet a sceimhealta ara bharach gusan dú imbatar Goill i forbhaisi isin ccrích .i. go mainestir conróttacht la hord San Fransces i niomfhoccus don Chabhán (longphort U Raghallaigh) agus doberat leó gach édáil fora rugsat óná fuairseatt baogal forsna Gallaibh la daingeninnille
an ionaid a mbátar. Gabhait foss an adhaigh sin i Teallach nEachdach allathíar do Bhél Atha Conuill. Robadh súaill an erndail ionnmhusa fora ttabhratais muinter Uí Dhomhnaill mórluach cruidh agus cethra isna conairibh rempa i nor an da Breifne agus i Feraibh Monach ara lionmhaire bátar leó ara fhod agus ara imchéine uaidhíbh dia ttír ar laige agus ar enirte gacha ceneóil cethra in ionbaidh sin. Nirbhó sádhal suantoirrchimeach ro thochaith Aodh Ruadh Ua Domhnaill an tsechtmain sin agus ba heitirchian o aroile a uidhedha a imthechta ar ba dia sathairn ro bhensat a mhuinter a mbú do Ghallaibh mainestre na Búille agus ro airgset Machaire Connacht. Ba dia mairt ar cciund ro chreachloisccset a shlóigh an da Anghaile amail atrubhramor agus ba dia cédaoin ieromh ro shrethnaighset a shirthe imón cCabhán. Lotar Cenél Conaill ierttain dia ttighibh iar sóirthiughadh a neachtra. An Criostoir Broun remhráite baoisidhe i ngiallnus la hUa nDomhnoill gurro eirn uaidh a fhuasccladh .i. sé fichit ponnta. Ro fes do Ghallaibh Duibhlinne Ó Néill do dhul i ccomhbáidh chogaidh na nGaoidhel ar asslach agus fhoráileamh Uí Dhomhnaill ceni ba forréil fair coléicc agus ge ro dichlestair airett ro fhett. O robadh deimhin las an Justis Ser Uilliam Russell agus lásan Senadh archena náro chumaingsiomh fodhéoidh erchoittmedh a chiontadh ro fhóidhset deich ccéd laech cona ccongaibh thechta co hIobhar Chinn Tragha i fforbhaisi for Chénel nEóghain agus ro thingheall an Justis feisin tocht cona shlogh i ngaruair daidhmilledh na criche agus do chrothadh a dionn agus a droibhel. La sodhain ro fhaoidh Ua Néill a thechta do shaigidh Uí Dhomhnaill dia aisnéis dho an turchomhrac trénshlóigh sin do beith occ tinghealladh co Tír Eogain. Ni fordhamhair a aignedh dUa Dhomhnaill coistecht an scceóil conadh edh doróine a shlogh do thecclomad chuicce fochetóir go haonmhaigin agus tuidhecht co Tír Eóghain bhail i mbuí Ó Néill. Tiaghaitt imároen go Fochaird Muirtheimhne bhail i nderna an Cuchulainn airrderc an fhoicherd ghaisgidh. Doghniatt botha
agus belsccátha frisin Fhochaird anair hi mís Mai doshonradh. Batar setal hisuidiu hi foimhtin an Justis do anacal agus do iomchoimhéd an chóiccidh fair. Acht chena ro airis an Justis i nAth Cliath don chur sin iar ffios sccél dó go mbatarsom ina fhoichill amhlaidh. Bói laoch andgaidh ainiarraidh dona Gallaibh ind ionbaidh sin isin ccaistiall ro bhoi for ur senabhann Sligighe hi forbhaisi co ndib coegat laech immaille ris Seoirsi Ócc Biongom a ainmsidhe. Ba tóiseach niomghona agus ba caiptin coccaidh é fri laimh ind airrigh do rala for coicced Medba an tan sin .i. Risderd Biongom. Iomthusa an tSeoirsi atrubhramar ro sheolustar lucht lunga lamh dhes fri hor nErenn sairtuaidh co ranuicc senchuan Súilighe i ccrich Conaill m Neill an tan ro baoi Ua Domhnaill cona shlogh hi Tír Eogain. Ro baoi mainistir ainnsidhe for ur na tragha tuargaibhthe ar onoir agus ar airmitin do naomh-Mairi mathair an Choimdedh. Tieghait fon mainistir agus doberot esti hi mbúi inde détghadh oifreind agus daidhmibh edbarta coirp an tSlainicedha agus dedalaibh oile archena. Soait for cúlaibh co rangatar co Toraigh dú inro bendach an Columb airderc. Inis isidhe fil fo erchomhair na criche amach atuaid gach ndireach forsan ffairrge edh imchian ó thir. Ro chroithset neimhedh an naoimh agus an innsi uile cona fargaibhset míol ninnile innte. Atfiadhar dUa Dhomhnaill aidhmilledh an tíre dia eis do choblach echtrond. Ticcsidhe dia thír do tharrachtain na hoirccne. Nirbo foda an iodhnaide dósomh ierttain an tan do riacht sccéla chucca an Justis cona shlógh do thocht co Tir Eoghain. Soais Ó Domhnaill friothroscc doridisi co ranuicc airm a mbúi O Neill ind aires dala frisan Justis secip conair no chingfedh. Ba fóilidh Ua Néill remibhsiomh agus atracht a menma dia fhaicsin. Gabhait occ friothaire agus occ forchoimhett an Justis eineach ind ionchaibh fris. Niro shaighset fair agus ní mo ro shaighsiomh forro acht namá nicon relcet eisreidedh dia shlogh do chuingidh chruidh no chethra comba héiccen don Justis fodheóidh iompúdh doridhisi co hAth Cliath o na caomhnagair ní dona Gaoidhealaibh.
Tuirthechta an tSeoirsi remhráite ier ffilledh dhosaidhe gusan Sligech ni foda an ré foraélaing coimsidh na nuile dho gan a aithe fair an dímiadh do ratt deacclais na hi naomhMairi agus deacclais an Choluimb atrubhromor. As imne on arriocht. Baoi duine uasal do choiccedh Medhbha for amhsaine i ffochair an tSeoirsi co ndib laochaibh deg dia shainmhuintir ina choimhthecht Uilleacc a Burc a chomhainm. Mac sidhe Rémainn na Scuab m Uillic na cCeann m Riocaird agus cenib do Ghaoidelaibh dia chenelsom ba sain modh agus bes doib ara fhott ó ro aitrebhsat in ninse agus nirbo lugha sainsherc na nGaeidel imna Gallaibh inas a sercsomh ar robo cumma omh mioscais agus ainchridhe Gall Duiblinne im chechtarnae dhíobh. Do ronta dimhigin agus tarcusal mor forsan Uilleacc lasna Gallaibh sin oga mbui forsan amhsaine. Ro lionsomh dfheirg agus do lonnus agus baoi occa scrúdadh doghres cisi cruth no aithfedh a dimiadh forsna Gallaibh agus tuidhecht i muinterus Ui Dhomhnaill iar sin uair ba menmarc lais iornaidhm a chairdesa fris. Baoisiomh samhlaidh occ brath agus occ taisceladh foran Seoirsi cipindus conusfuair i mbaoghal ina aragol la naon agus ro thub fris a eccoir agus a aindlighed fair agus nochon fhuair freccra badh ní dhó agus o na fuair gebidh claidhep ndo co ttobacht a chend da chuilmheidhe. Gabhthar in baile la hUilleacc ieromh agus ro fhaoidh a thechta co hÁth Seanaigh. Ro lásat muinter Ui Domhnaill a ttechta dia shaigidh co Tír Eoghain airm a mbói. Atfiadhat a sccel dUa Dhomhnaill. Atcuas dUa Neill ierttain. Robtar subaidhi dib linaibh. Dothaott tra Ua Domhnaill dia thigh iar ccelebradh dUa Néill agus niro airis acht i noidhchibh go rainicc gusan Sliccech cona shochraide lais. Foghaibh failte hisuidhiu agus do ratt Uilleac a Burc an caistiall dó. Fosaighis isin mbaile athaidh samhlaidh agus ba sáimh lais a menma. Hi mis Iun doshunradh indsin. Ba hisin ré sin do rala do laech amra do Gallaibh tocht fo sccélaibh an bhaile co ttribh cédaibh laech ina fharradh. Ba caiptin coccaidh agus ba toisech niomghona eisidhe Uilliam
Mos a shlondadh. Ticcsidhe co hEss Dara cidh resiú fofitir sccela Uí Dhomhnaill agus ni choemhnaccair iompudh i ttraitiu an tan rangator muinter Uí Dhomhnaill don toebh oile don abhainn co mbátar eineach i nionchaibh ar gach taobh don droichet ro bhaoi forsan abhainn agus nach ba móomh oldás edh diobhraicthe baoi etorra. Ni baoi conair gusna Gallaibh acht trésan droichet agus niro fhedsat muinter Uí Dhomhnaill dul treampa amail roba menmarc leó acht chena ro horta caiptin amra dona Gallaibh lásna diobhraicthibh do ronta etorra desiú agus anall. O tainicc dorchutu na hoidhche ro élaidhset ass na Gaill febh as déine ronuccsatt dialaile agus niro rathaighitt co matain. Ro lensat na hóicc iat isin dedhóil tar muinchind an tslebhe agus ni ruccsat forra agus ba méla mhór leó a ttérnudh uaidibh amlaidh sin. Soait for ccúlaibh gusan Sliccech doridhisi. Ro fhágaibh Ó Domhnaill drong dia amhsaibh agus dia aos tairisi hi ccaislén Sliccigh dia iomchoimhéd agus ba slan lais a mhenma fodháigh an bhaile do bith fora chomus. Luidhsiomh iertain cona shlógh darsan Éirne badhthuaidh co ranuig dia thigh go Dún na nGall. Baoisimh i foss go medhón August. Atcoadhatar dósomh tasccar murchoblaigh do theacht i Loch Feabhail an tan sin. Ba hé ba hairech foran ccoblach hisin .i. Mac Leoid na hAra (oilen fil i nAlbain dianad ainm Ara as uaidhe ro ghabhsomh ainmniugadh) sé chéd laech a lion agus basedh fosroghluais do bheith for amhsaine la hUa nDomhnaill. Itiat airm batar leó fiodhbhaca féthshnoidhthe agus saighde srúibhghera agus lannchloidhme lethanfhoda cona nurdhornaibh debhendacha. Dothoet Ua Domhnaill airm i mbátar agus rosfost fri ré theora mios agus ba hi medhón an mhís August remhraitiu doshunradh indsin. Do ronta a ccoind medh for choartaibh agus brugadhaibh ierttain go relccet a scís iarna mórshaothar muiridhe agus combtar ellmha a lóinte. O robtar fuirithe iaromh do ratt Ó Domhnaill lais iat gusan Éirne agus a shlógh archena do dul hi coigedh nAilealla. Docoislet as iaromh tar Drobhaois
tar Duibh tarsan Sligech tar Ess nDara tar muinchinn Slebhe Gamh gusan Luighne agus aissidhe co Goisdealbachaibh. Baoi dúnadh daingen hisuidhiu Caistiall Mór Meic Goisdelbaigh do goirthi dhe. Dofuit gusna Gallaibh febh do rochratar caistialla an chuiccid archena. Ro shuidigh Ó Domhnaill a longphort imon dúnadh agus ro gabh ag fubthadh agus occ tomaithem for oes coimhéda an chaisteoill. Ba ferrde dhósom omh indsin ar rob éigen don bharda fodheoidh an baile do thabhairt uaidibh dUa Dhomhnaill. Do ratsomh iaramh commus an baile dona hibh diarbo toich agus ro thingheallsat techt ina muinterus agus foa thoghairm gach tan badh tol dó agus bhéos airisiomh dogres hi combáidh chogaidh na nGaoidel. Luidh dana Ó Domhnaill ierttain agus niro airis co ranuic Turlach Mochán. Caistiall eisidhe fil i ndúthaig Meic Fheoruis. Ro ghabh occ iomshuidhe an dunaidh sin. Gebhitt a muinter for togail an mhúir agus niro sccarsat lamha fris go ragbhatar an caistiall ar eigin agus co ttardsat as i ngiallnus righdamhna an tíre Risderd mac Meic Fheorais co ndruing do mhaithibh an tíre imároen ris in ba deach do mhaoinibh agus ionnmusaibh an dúnaidh. Ro scaoilset iaram a sceimhealta fá Chonmhaicne fá Mhuintir Murchadha fa leithimeal an Mhachaire Riabhaigh agus fa Thuaim Da Ghualann goro chroithset an chrioch for gach leth dhíobh ima crodh agus ima hinnile. Soait for ccúlaibh co nédalaibh iomdha. Do rala tra goibhernóir an choiccidh Sir Risderd Biongom hi ccomfhochraibh do shluagh Uí Dhomhnaill an tan sin. Beist as annsomh ro bhaoi i nÉriu in ionbaidh sin dona Gallaibh esidhe. Cóicc céd décc laech armtha éidithe eitir traighthech agus marcach a líon. Otchualaidhsidhe Ó Domhnaill cona shlogaibh do dul tairis siar hi cConnachtaibh agus gach ni da ndergheine in gach conair i ndeachaidh ro bhaoi ina urfhoichill agus ina erchomair occ iompúdh dhó agus doléige i nathghoirit gacha conaire in robadh dóigh lais Ó Domhnoill do thochar ina chend. O rofhitir Ua Domhnaill an ní sin
ro bhaoi for iomghabail na nGall febh as deach ro fhed ar ba derbh lais gurbo mór deithitin an tsloigh imma ccrudh agus ima ccreachaibh ima nédáil agus ima ninnile agus robadh moa a shaoilechtain agus a thairisin asa shlóghaibh im chothugadh caithghliadh agus im chosnamh cathlaithreach ria ndul i seilbh édala i nesccarad inás an tan robtais deaithe gan deithitin iompaibh itir. Araill ann dana robtar lia dona Gallaibh oldat i mbátorsom agus bheós ceni ba liaa ba duiligh frithbert fri Gallaibh an ionbaidh sin ar fheabhus a nairm ar allmardhacht a néididh agus ar iongnaithe a ninnill cén go rugsat Gaoidhil ar eólus a nairmimberta iertain i ngaruair. Dála Uí Domhnaill ránuicsidhe cona shlogaib agus cona ccreachaibh ier midhmhedón an tres laoi co muinchind Slebhe Gamh. Bátar dina na Gaill occ dianasccnamh na conaire ina ndochum amail as déine ro fhédsat ó Baile an Mhótaigh fothuaidh. Ro eitirdheligh Ua Domhnaill dírim marcach fora cciund do shaigidh ugra forra agus dia niomfhostadh itir ar na faghbhatais giollanradh na aes diairm nó diomaóin dia shloghsomh i mbaoghal. Ránuicc Ó Domhnoill gan nach ffriothorgain tarna tri droichetaibh droichet Chúile Maoile drochat Baile Essa Dara agus droichet Sligigh co riacht cona shlógh agus cona chreachaibh i niomfhochraibh Glenda Dallain. Iomthusa an ghoibhernora Sir Risderd Biongom ó na tárraidh greim for slogh Uí Dhomhnaill dusficc fora ffoilliucht gusan Sliccech. Gabhaidh longphort isin mainistir amail fa bés do Ghallaibh arisemh isna naoimheccailsibh agus ro baoi occa sccrúdadh ionnus no fhoiberadh an caistiall for mhuintir Uí Dhomhnoill. Ro fhoidh immorro Ua Domhnaill isin maduin ara bhárach buidhin mbig for eochaibh ána udmalla do breith airdmesa forsna Gallaibh agus dfhios scél an dunaidh agus na nócc bátar uadh isin caistiall. Ó rangatar co himealbhord na habhonn atchiat na Gaill sánchán sechnón an bhaile. Ro bai ócclach uallach iomtholtanach i farradh Risderd Biongom an tan sin agus ba mac fethar
dhó eisidhe Caiptin Mairtin do gairthi dhe. Asé ba tóiseach diorma lasan goibernóir. Ba hé rind agha agus iorghaile baoi la Gallaibh coiccidh Olnéccmacht. No bhiodh occ ráitseachaibh agus occ baighbriathraibh for Aodh Mháguidhir dogrés agus for gach naon ara ccluinedh ainm nó alladh no clú láimhe do Ghaoidelaibh i lleith fri marcuighecht sainredh. Ni forroélangairsidhe déccsi a namhat don taobh araill don abhainn gan a ffuabairt. Geibis a each agus gabhait an díorma archena. Otchiat muinter Uí Domhnaill iadsomh dia saigidh doiaghatt ass amail as déine conrangatar. Tieghaitsidhe ina leanmhain agus nístairthetor. Soait for cúlaibh. Atfiadhat muinter Uí Dhomhnaill a scela don tslógh febh do glenta co mborrfadh agus díumus agus gurab la luas a nérma atrulatar ass. Iar ccloistecht na sccel d'Ua Dhomhnaill baoi occa scrúdadh agus reimdéccsi ionnas nó fhóibéradh na Goill agus no béradh múin iompa. asedh arriochtt lais fodheóidh do roégha chucca an céd marcach robadh deach dia shlogh go ttribh céttaibh traightheach on mudh ccétna cona ttrealmaibh diobraicthe .i. fiodhbhaca feidhmnertmara cona saighetbolccaibh srethlionta ar ní rabhatar a naitherrach daidhmibh diobraicthi aca an tan sin acht mad beg. Lotar as go riachtatar locc i narbhó hinnill leó an chealg do hsuidhiugadh. Ba moamh oldas míle ceimend ón tSligech. La sodhain ro fhoidh Ó Domhnaill araill dia mharcshlógh for ammus na nGall dia mbréccadh chucca gusan airm i mbuí dia ccaomhsaitis agus atnóe dhiobh gan tochar frisna Gallaibh agus na badh adhnár leó teichedh rempu acht a mbeith occa ttaraing go fóill bicc i ndedhaidh alaile conusttarttatais gan airiugadh dóibh gusan suidhiughadh sreithchelge ro sámhuigedh fora cciund. Lotar ass na hoicc feibh ro forchongradh forra agus do ghniset amail conaitecht Ó Domhnaill. As infechtain ma conrangatar ur na habha an tan ro leablaing Caiptin Martín fora eoch ier na ffairccsin (amail as deine no chingfedh cu i ndail a fiadaigh erdhalta) agus ro leablaingset buidhin móir do marcshlogh na nGall archena. Tiaghaitt
iaromh for ammus na nócc atchonncator amail as déini ronuccsat dialaile. Otchiat muinter Uí Dhomhnaill iattsomh dia saigidh febh ba menmarc leó ro fhagaibhset an maighen i mbátar agus do relccett reimhibh fora nérim agus gebitt céttus occ socairthennadh a sriainmhírend i ngiongobaibh a ngredh ngroidermach agus a neachradh nuttmall nanbhsaidh dia ffosadhchongmhail i niomfhochraibh na nallmharach agus dia mbrégadhtharrang gosan bhail i mbuí Ó Domhnaill. Nirbhó cian dona hóccaibh samlaidh an tan rob éiccen dóibh fodheóidh beith occ sporadh agus occ echlosccadh a neoch a naoinfhecht agus a naonfhabhall la luaisgribe na herma ronuccsat na Gaill ina ndedhaidh dia ttáirthechtain. Gabhaitt muinter Uí Dhomhnoill ag diainimrim agus ag durasgnamh na conaire febh as diochra conrangatar. Docuirethar deiredh for oén dibhsidhe dia aimhdheoin conarbo tualaing a aos comtha do fhrestal la hionmoille a eich conustard i ffoill agus hi mbaoghal occa bhiodhbadaibh guruo heiccen dó tar terthugadh a thigerna tochar frisna Gallaibh o rob erdalta lais a mharbadh do mhaighin. Felim Riabach Mac Daued ainm an tí hisin. Iompaissidhe a aighid for Chaiptin Mairtin ar asé ba nesomh dhó dona híbh ro bátar ina ttiarmhórthadh agus asé ba tóiseach niomghona do mharcshlogh na nGall agus é hi rémhthús na conaire. Ro bhaoi fogha áith amhnus lasan fFélim rémhraite dia diobhraccadh tan ba hadhlaic. Do ratt a mhér isin suainemh agus ro chroithestair go calma an ccraoisigh agus tarlaic erchor don fhogha go feidhmnertmhar for ammus Chaiptin Mairtin conustarla tar imelbhord an éittidh allmhardha i nderc a ocsaille gach ndíreach gurro threaghdustar a chroidhe ina chliabh feibh atruilletor a mighniomha ar ba handgaidh éttrocar an tí ro gonadh ann agus ba hadhbol a mhioscais imna Gaoidhealaibh agus bátar iolardha a ainbretha in gach maighin i mbiodh isin ccoigedh hi ccoitchinde ótha Luimneach go Drobhaois a llos a bhrathar. Lasodhain iompáit na Gaill for ccúlaibh iar nguin a ttréinfhir agus a ttóisigh iombualta agus doberat leó for iomochur foén i fanntaisibh écca go rangatar an baile. Ro écc iaromh an adhaigh sin. Robtar ile osnadha agus mallachta bocht agus aidhilgnech ro sharaighsiomh imo seilbh
ndílis bátar ina chaoimhthecht og asgnamh dfhios an alltair agus ag celeabhradh dhó don cheanntar don chur sin. Otchonnairc Ó Domhnaill na Gaill do shoadh tara nais ruslion do lonnus lanadhbhal frisan laochraidh ona tárraidh mian a mhenman agus alghus a inntinne forsna hallmharchaibh amail do ruimen cétus. Dusficcet fianlach na fásfhuabarta hi freacnarcus na flatha (gerbo doiligh dhoibh itir ar aidhble a fhuasnaidh) agus attfiadhat amail do rala dhóibh agus ro thoingset uile dar cend an churaidh ro ghon Caiptin Mairtín na buí ní nonbéradh ass muna tardadh an taonfhorgomh sin genmothá cumhachta an Choimdedh. Ro fhéthnaighestar ferg Uí Dhomhnaill agus ro thláthaighestair a aiccnedh desidhe agus atchuas do ara bharach go nérbhail an caiptin amail atrubhramar. Robadh lughaide dia shniomsomh innsin ceni ba slán lais a mhenma do raith ier tternádh na nGall amail atroneset agus iar ndul dia chelg agus dia etarnaidhe for nefni acht marbadh an aoinfhir rémhepertmar. Iomthúsa an ghoibernóra iar nécc a bhrathar agus a gormeic ro línsidhe dfheirg agus daininne agus ro forchongair fora shluagh dol fón mainestir agus crannchaingel agus cubhachla na cceledh nDé do blodhadh agus do brisedh agus a fholartnadh do thabairt chugasomh dia cclaraibh comhdhlúta caomhfhuaighti agus dia sailgibh sonairte sémhshnoidhti ar go ndernadhsomh trealmha toghalta mór dhíobh. Do rattadh iaromh chuga inro chuinnigh. Donucctha iolar saor agus oibrighthe iomdha dia ionnsoighidh. Dorónsat teghdhuise taithchengailte tréndaingne troda donaibh sailgibh agus donaibh sleamhanchláraibh hisin agus cumhdaighthi clarthairrngeacha ciomaisdirghe cobhsaidhe fri cathugadh do churadhaibh estibh. Do fucctha seichedha bó agus damh forro dianechtair. Do ratta rothadha remdhirghe ralachdaingne fóithibh dia ffogluasacht gusan dúnadh. O robtar eallmha na gnioma gliúchláraidh gailléccosccda hisin ro líonta do laechraidh agus do láithibh goile agus do ghasraidh gaisccedhach na nGall. Do rattadh iaromh foghluasacht nallmardha fair la dorchata urthosaigh na hoidhche coró suidighthe tul i tul fri huillinn an chaisteóil. Gabhait for toghail an mhuir ierttain.
Gidh iat lucht an chaisteóill dana nírbhó meirbh agus nirbho tim ro ghabhsat for freastal aésa na toghla uair ro bhátar saoir isin dúnadh ina nurfhoichill agus gabhaitt occ blodadh an bhalla fóa nerchomhair dia ndiobhraccadh i ttosaigh. Tiaghait a laith ghaile for taiblibh an dúnaidh agus doleccet forra anuas ile do chairrgibh cenngharbha cobsaidhe agus do thromchlochaibh tuinidhe tulammais gurbhot mionbhaighthi mórblodhta gach ní frisi ttegmhatáis go talmain. Tiaghaitt aroile dhiobh for fenestribh agus forlesaib an chaisteóill agus gabhait occ diubhraccadh a nubhaillmheall luaidhe agus a ttorannchaor tteintidhe forra gurro foirrghit an fianlach bátar isna cumhdaigibh claraidh don chloichthres sin agus dá gach cenél diubhraicthi archena docorathor dhoibh cona bai bá dia nuirthrialladh itir. Ni forroelangtar na Gaill a ccréchtnugadh ni ba moamh ó naro fhétsat ní don dúnadh acht cuirit a ccaithchliatha diobh agus fágbhaitt a ttighe troda agus a tteghdhuise toghalta múr agus soait ina ffritheing ité beóghonta agus robtar buidigh do breith a nanmonn leó. Ba tochomracht mór agus ba sníomh adhbal lasan airrigh Risderd Biongom na caomhnaccair a anchroidhe agus a innire dimbirt forsan ccaistiall agus forsna híbh batar ind agus ó naro chumhaing soais fora ais isin conair i tudhchaidh tar Choirrshliabh na Seghsa agus tar Mag nAoi m Allghubha go ranaic Ross Commáin. Ro airis ainnsidhe ar basé a dhunárus agus nírbo slán lais a mhenma iar marbadh a brathar uadha agus iar nindredh an tíre thairis. Soaidh dana Ó Domnaill iar mbuaidh agus teitt tarsan Samhaoir sairtuaidh agus leiccid uadha na hAlbanaigh bátor for amhsaine occa agus ro eirnestair a ttuarustla friú. Nírbhó foda an iornaidhe dUa Dhomhnoill go ttainicc doridhisi gusan Sligech agus ro bris caistiall Sligighe cona farccaibh cloch for cloich de ar uamhan na nGall dia ghabhail gan rathogadh dósomh. Ro brisedh beós lais trí caisteóil décc do chaistiallaibh Connacht agus do bert geill agus aitire ó nach aon rob omhan lais do
fhrithbeirt fris nó dia aimhríar itir. Dothaot ina fhritheing tarsan Érne badhthuaidh agus ro fosaighestair occ léiged a scísi go mí Dhecember. Batar tra uasail agus airigh coigidh Olnéccmacht occa nionnarbad agus ogá ttofonn asa ttír lasna Gallaibh cénmothá i mbaoi i muinteres agus hi ccaratradh Uí Dhomhnaill diobh. Dusfangatar sochaidhe dia saorchlandaibh agus dia ndaorchlandaibh do shaighidh Uí Domhnaill do éccaoine a nimnidh agus a néttualaing fris. Deithbhir ón ar ba hé a post cothaighthe agus a ndos didin agus a sciath imdheghla ar gach nanbhuain. No chongbadh dana a nuaisle agus a nairigh ina chaoimhthecht agus ina ccomthanus badhdein. Do beiredh beos coindmedh sechnón a thíre fora brughadhaibh agus fora choarttaibh dia naos dínnimh deróil dia naitreabthachaibh agus dia naos anffann enirt. An tan tra do beiredh ina ttir badhdhéin iatt no forchongradh fora mhuintir hi ccoitchinde congnamh cruidh agus cethra etha agus arbha do dháil dóibh ar dhaigh ionatochta agus aithrebe a ttíre doridhisi. Dusfainicc dina Teabóid a Búrc m Uáter Chiotaigh m Seaain m Oiliuerais i ccumma chaigh do acaoine a anforlainn fri hUa nDomhnoill agus aroile saorchlanna genmothásomh. Ba trogh laisiomh a neccaoine agus a niomchosaoid agus ro tingheall go ttuasailcfedh on daoire agus ón dochraitte i mbatar diamadh é bad fortail agus go ttiubhradh ina nathardha iad doridhisi. Lásodhain ro forchongair fora amhsaibh agus fora oés tuarastoil agus for oes diolmhain a chriche co ndiccsittís lasna huaislibh rémhepertmar isin ccoiccrich dia nertadh i naghaidh a namhatt. Doghniatt samhlaidh febh ro eráilsiomh forro. Tiaghaitt lásna huaislibh co coigedh Meadhbha agus gabhaitt for iondradh agus orgain na nGall agus gach aoin do rala hi ccottach agus hi ccaratradh friu. O mhedhon fochmhuine dhoibh foran apairtsin go medhón gaimhridh. Iomthusa Uí Domhnaill iar léiccen a scísi dhósaidhe setol foda febh atrubhromar do iomaircc a shlogha i mí December doshunradh agus do dheachaidh i ccoigedh Meadhbha agus basí conair do luidh tarsan Sligigh tar Traigh nEothuile agus
tre Thír Fhiachrach Mhuaidhe tar Muaidh fadhein agus go Tír nAmhalgadha m Fiachrach m Eachdhach Muighmedhóin. Ba sain ceinél ro aitrebh í an ionbaidh sin agus na tuatha diarbho toich ó chein mháir. Búrcaigh slondadh an cheneoil rotusnaitreb an tan sin. Ba do Fhrancaibh a mbunadhchenél agus a criochaibh Saxan do deochator an dú sin agus ba tria nert na Saxan ro chedghabsat an chrioch. Ara aoi sin niruo lugha mioscais na nGaoidel lasna Gallaibh ollttáitte. MacUilliam Burc ba hanmaim oirechais do thigerna na tíre agus niro gairthi fri ré iar ffortamhlugadh forra dona Gallaibh. Ro batar dana iomat ruirech agus rioghdamhnadh dhíobhsom agus nirptar cora friaroile imón anmuim ar andar lag ach aon díobh ba dó buddéin ba dú cendus agus tigernus an tire. Donangatarsidhe ó bhiug co mór fo ghairm Uí Domhnaill iar ttocht do don tir agus ba dúthaigh doibh cia no thiestais uair ro laiset Cenel cConaill fo chios doibh ó chein mháir agus niro toibhgithi fri re la grain agus geraitecht Gall agus la haidble a neirt agus a ccumacht. Atiet na maithe bator i frithbeirt fri aroile imon tigernus Uilliam Búrcc o Shruthair a sinnsersidhe uile, Daued an Fhraoich, Risderd mac Demain an Chorrain, Oilueras m Seaain m Oiluerais, Emann mac Tomais an Mhachaire ó Chongae, Teaboitt na Long mac Risderd an Iaraind, Seaan mac Riocaird m Seaain an Termainn, agus Teapoitt m Uateir Chiotaigh m Seaain m Oiluerais. Dosfangatar isin chomhdail cetna hi cuma chaigh do shaigidh Uí Domhnaill toisigh agus baruin an tíre Mac Goisdelbaig Seaan Dubh Mac Siurtain .i. Emann an Machaire agus Mac Domhnaill Galloglach .i. Marcus mac an Abbadh agus Mac Muiris .i. Emann agus Ó Maille .i. Eoghan. Ba hiarna ccomairlisidhe agus iarna ttoghae no hoirdnighthi tigerna foran tír agus i Raith Eassa Caoide do gairthi an tanmaim as Mac Uilliam de agus ba he Mac Teapoitt no goiredh. Oro theglaimsiut na maithe
sin uile attrubhramar co hUa nDomhnaill cusan maighin cetnae do rónadh la hUa nDochartaigh Seaan Og (febh ro forchongairsiomh fair) cetheora lorgbuidhne dia sloghaibh druim ar druim i niomthacmang an lesa agus na laochratha imaccuairt. Ocht ccéd .x. dia amsaibh agus dia aes tuillme agus tuarustail frio cnes na rioghratha isin cetna buidin. O Dochartaigh fodhéin agus Ó Baoighill Tadhg Ócc co nglaslaith Thíre Conaill allamuigh diphsidhe isin cuairt tanaisi. Na tri Meic Suibne cona ngallocclachaibh dianeachtairside. Fir Connacht cona ttoichestal don leth amuigh dibsidhe uile. O Domnaill feisin cona aireachaib agus uaislibh ina srethchiorcaill bodba for dua na ratha agus ni lamadh neach dia uaisle no dia airmhidnige tocht ina fhreacnairc isin raith acht an tí no forchongradhsomh do ghairm chucca ar nuair. Gebidh ieromh occá sccrúdadh agus remhdhéccsi frisna maithib batar ina fhochair cred doghenadh frisna huaislibh imon anmuim oga mbatar frithbeirt agus cosnamh. Rostochuir chuige barúin agus toisigh an tire ier nurd dia athchomarc chuca imaseach cia dona huaislibh no oirdnigfedh hi cendus na criche. Mac Domhnaill agus Mac Muiris agus Ó Máille basedh atbertator ó oenghuth guruo don tsindser Uilliam Burc roba techta tigerna do ghairm uair assedh roba gnaithbés doibh oirdnedh an tsindsir ar belaibh an tsoisir. Ro raidh Mac Goisdelbaigh agus Mac Siurtain guruo do Theaboit mac Uateir Chiotaigh m Seaain m Oiluerais robadh dior gairm flatha ar ba seirigh seitriuch eisidhe i lló agus inn adhaigh i tír agus i coiccrich ciambadh uathadh ciambadh sochaide dó. Iar ccrúdh a chomairle dUa Domhnaill ba fair desid lais fodeoidh cennus na criche do thabairt do Theapoit mac Uateir Chiotaigh agus ro fhorchongair for Mac Teapoit Mac Uilliam do ghairm de. Do ronadh fairsiumh indsin uair ro goiredh anmuim de fiadh na slóghaibh í coitchindi ge ro batar araill dia chenel ba siniu ar aoi naoisi agus ba moamh gairm olta. Ara aoi sin ase do deachaidh cettus cugasom for athchur agus ionnarbadh asa thir agus do rairrngert dho co ttiobradh ina duthaig doridhisi dia ccaemsadh. Araill beus baoisidhe i tuili
a aoisi agus a engnamai fri foimtin imnidh agus éttualaing an chogaidh i mbaoisiom agus dana fris sin basé an tí Tepoit ba móamh mioscais lasna Gallaibh don tslondadh isin agus ba lugaide no gebtais Gaoidhil aimiris de a bith an tuchtsin. Ro herghabadh Oliueras mac Seaain agus Émann mac Tomais an Machaire agus Seaan m Riocaird m Seaain an Termainn agus do bretha i ngeimliph la hUa nDomhnoill condusfuccait co Tír Conaill. Do bert geill agus aitire ele ó araill dona huaislibh batar occ cuingidh an tigernais fo laimh an Tepóitt ierna oirdnedh isin fflaithius. Dothaet Ó Domhnaill iartain (ier ttochaithiumh na notlacc dhó i mbaruntacht Chille Mhedoin agus isna Brighibh i Cloind Muiris) tar Muaidh Ua nAmhalgaidh co Tír Fiachrach agus ro oirdnestar tigherna foran tír sin. Ba de do ghoir anmuim do Thadhg m Taidhg Riabhaigh m Eóghain Uí Dubhda. Asé tra Ó Domhnaill ro ghoir Ó Cellaigh don Fhiordorcha mac Ceallaigh m Domhnaill m Aedha na cCailleach agus Mac Diarmada Muighi Luircc do Chonchobhar m Taidhg m Eoghain agus Mac Donnchaidh Thíre hOilealla do Muirghius Chaech m Taidhg agus Mac Donnchaidh an Chorainn do Rudhraige mhac Aodhae agus O hEghrai Riabhach do Fhelim m Conchaisil. Níruó deacmhaic són ar ro bator a sinnsirsidhe fo chíos agus cháin Chenél cConaill dogres agus ba cubaidh samlaidh cia badh e O Domhnaill no oirdnedh ina natharda iadsomh agus dogaradh na hanmanna atrubhramar. Ba sain re do roinesiumh indsin. Do ratsomh dana Ó Ruairc agus Mac Diarmata ina natharda iarna niondarbadh la Gallaibh agus nirbo hiadsomh namá acht gach aon do Ghaoidhelaibh coigidh Meadhba ro eitirdelighestair frisna Gallaibh do roine an ccétna friú.
An Cúigeadh Bliadhain 1596. Iar bforbadh na ngniomh remhraite doleicce Ó Domhnoill cona shluacch tarsan Sligigh sairtuaidh an 15. Ianuari i nurthosach na bliadhna so. 1596. (in marg. 1596. an 5 bliadhain) agus do deachaidh tar Duibh tar Drobhaois agus tarsan Samaoir budhthuaidh. Ro airis ina chrich feisin gan foghluasacht co hurthosach samhraidh iartain. Bá hisin cétshamhain sin sainredh dusfanicc aroile duine uasal ó Righ na Spáine an 3. Pilib. Alonsa Copis ba hainm don duine uasal ishin. Ba hi tuccait fodosroghluais co hinis mBanba daithreos agus dfhios sccél na nGaoidel uair robtar aos codaigh agus coimhchengail Gaoidhil Fodla do Righ na Spaine ara ttuidheacht ón Spain feacht riamh agus do ratsat drong do shruithibh agus do shenchaidhibh Fer fFeine hi foraithmhet agus i cuimhne don Righ tuirtheachta agus scela mac Mileadh agus dana beos an lucht ro laithi forlonguss lasna Gallaip a hinis Erind iar ngaitt a nathardha foraib no tiaghtaois deccaoine i nimnidh frisiumh agus fria shindseraib o chein máir. Dusfainig an teachta cipindus febh atrupramar. Así conair ro sheolastair a lunga lamh dheas fri hor nÉrenn aniar gurro ghaph port i crích Boghaine hi ccuan na cCeall mBeg sainredh. Foghaib failti hisuidhiu la huaislibh na criche ier na fhios scél agus do deachator araill dhíobh do eólus lais tré Bearnus Mór co rainicc Leithbhior airm i mboi Ó Domhnuill an tan sin. Ro fiadhaigedh co forffaoilidh amhail ba dú fri ré theóra noidhche cona láibh agus ro ghabh ag athchomharc sgél an chogaidh atchuala focerdsat na Gaoidhil forsna Gallaibh. Attcoadhathar dhósomh coleicc. Atbertsomh gurbho dia naithreós agus dia ffios scél do deachaidh for forchongra an Righ agus nach ccaomhnagair dol airm a mbaoi Ó Néill no anadh ni budh siriu la tindenuss
uair ba homhan lais dia ccloistis Goill a thocht co hÉrind co laifetis longus remibh foran séd. O ro fhitir Ó Domhnaill gurbo fíor a nebhairt agus an baoghal i mpóisiomh ro sgriobh lais gusan Righ asa ucht budhdein agus a hucht Uí Neill agus a hucht na nGaoideal archeana. Basedh tothacht an sgribind do chuingidh conganta sloigh agus sochaidhe airm agus iolfhaobhar i nagaid a namhat agus dia saoradhsomh iat on daoire a mbatar occa mbiodhbadaibh dogres (ag gaitt a nathardha forra agus aga saobadh on ccreidiom catholacda Romhanda ro priotchaidh naomhPatraicc dia senaib agus dia sinnseraip agus ro chongaibhset o chein mhair) combtis fomhámaighthe dó do shior agus dia shíol ina dedhaidh. Do rat ieromh an techta laimh for imtheacht agus fágbaidh bendachtain. Téit Ua Domhnoill lais isin sligidh agus niro scar fris go ara bharach agus ro lá araill dia amhsaibh lais isin séd dia shnadhadh ar chuanaibh agus cethernaib go ranaic darsan mBernas rémhráitiu. Sliabh doraidh doibeoil eisidhe agus ba hadbha chuan agus caibden fri slait agus aircell cen co rostoifnestair an tAodh Ruadh hishin ar nisrelgsidhe slatt na orccain isin crich ó ro hoirdned i flaithius co farccaibh an innsi colleicc conadh aire atberthi an Riaghaire rechtach desiomh ara mhed no riaghadh do choillidhib agus chuanaib agus daes gach uilc archena. Dála Alonsa Copis rainiccsidhe gusan bpurt a ffargaibh a lunga agus teitt innte agus dobearat muintir Uí Dhomhnaill a fholartnadh feóla lais isin luing daigibh imreamra agus do chethnattaibh cluimgheala. Ro baoisim i foichill na gaeithe anair cecib tan dusfiocfadh. Ro sheolustair fodeoidh la cédthinfedh na gaithe anairtuaidh laimh cli fri hor nErenn siairdhes gach ndireach co rainicc don Spain. Iomthusa Uí Domnaill ro buisidhe i ffos go tosach Jun. Niruo cian dó iertain an tan rugsat techta ó Mac Uilliam fair dia aisneis dho co ttanaic generail cogaid na Bainríoghan Ser Seon Norais co himelbhord a chriche turchomrac slóigh
mhóir ar dháigh co ccuirfedh coigedh Connacht uile i naenfhabhall daenrann agus daoinleith la Prionnsa Saxan. Atiet na hairig agus na huaisli batar i sochraide an ghenerala Iarla Tuadmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co lion a shloigh agus Iarla Cloinne Riocaird Uillec m Riocaird Saxanaigh m Uillic na cCenn cona thoichestal. Acht chena atbertis cach i coitchindi an tan sin naro tiomairgedh agus náro tionoladh fri haimsir imchéin inn Érinn a hucht Prionnsa Saxan coimlíon i mbatar for an slogh sin. Ni thard Ó Domhnaill na sgela sin atchoas dó i foill nach for dáil uair robtar fuirithe eallmha a shlúaghsomh do thecht i ccoigedh nAilella cidh resiú ro siachtatar na teachta. Scriobhthar litri agus scribhenna la hUa nDomhnaill go Gaoidelaibh an choiccidh agus ro dhálustar chuga iat gusan iarthar airm atchóas dósomh an sluagh echtaircheneóil do ghabail longphuirt. Lasodhain doleige Ua Domhnaill i ccenn tséda cona shlogh lais tarsan Érne siar tar Sliccech lámh dhes fri srúibh Slébhe Gamh tré Luighne agus tré chrích Gaileng co ranuicc fodheóidh i nairis dala fri Seón Noruis airm i mbui occ fubthad agus occ báigh techt dindredh na criche mana thárttadáis géill agus aittiri uaidhibh. Ó rangatar dina techta Uí Dhomhnaill go Gaoidelaibh an choigid amail atrubhromor dusficcetsidhe gan essnadadh gan iomfhuirech fon toghairm hisin. Tainic ann céttus allanair Ua Ruairc Brian Óg m Briain na Múrtha m Briain Ballaigh m Eóghain go sochraide chatha Ó mBriúin. Tanaic ann Ua Conchobhair Ruadh Aodh m Toirrdhelbaigh Ruaidh a himelbhortt Mhaighe hAoi fri hÁth Slisen anair. Tanaic ann Ó Ceallaigh (Ferdorcha) a hUibh Maine anairdhes fri Sionainn aniar. Tanaic ann Mac Diarmatta (Conchobar Ócc) a Muigh Luirg an Dághda fri Coirrshliabh na Seghsa anairdhes. Tangatar ann bheós na hí ro aitreabhsat an ccrích ó Choirrshliab go muir hi tuaiscert an choiccidh edhón an da Mac Donnchaidh agus an dá Ó Eghra agus Ó Dubhda. Iar ttorrachtain na nGaeidel go hait noénbhaile fosaighitt for ionchaibh Seon Norais ar gach taoibh don abhainn dianad ainm an Rodba.
Ro baoi iomaithigidh desiú agus anall fri sídh agus chaonchomhrac etorra agus niba hedh ón iar ffior acht ba do brath agus taisccéladh agus do thabairt bréicce im aroile dia ccoémhsatais. Baoi dana Mac Uilliam Teabóitt m Uateir Chiotaigh co líon a thionóil isin toichestal sin Uí Dhomhnaill. Anait athaidh an tucht sin einech ind ionchaibh aroile go ttairnectar a lóinti lásna Gallaibh. O ro scaich ieromh a mbiadh doibhsidhe as fair deisidh leó deirghe an phuirt a mbáttar ó na caomhnagatar ní dona Gaoidelaibh. Doghniett samhlaidh. Soaitt friothroscc agus niruó slán la Seon Norais a mhenma ar niruó gnath lais a iompúdh a hiethaibh éccratt imne. Dothoett Ua Domhnoill agus na Gaoidil archena dia ttighibh go subach soimhenmnach. Otchíett Senadh Duiblinde gaisccedh agus geraittecht Gaoidel dfhás agus dinfhorbhairt agus gombtar eolaigh i nairmimbirt agus i nerndailibh an choccaidh ro imecclaighset remhibh. Adhbhar oile beos ima ro omhnaighsett an ernaidhm caratraidh agus combagha fri Righ na Spaine agus an long remhraiti do riacht ón Spáin amail atchóadhatar doibhsiomh. Así airle arriocht lásan Senadh agus lasan cComhairle dhesidhe techta do chor do shaigidh Uí Néill agus Uí Dhomhnaill dfhuláiremh agus daslach síodha agus coenchomraic forra. Basiat techta do tagoadh lasan Senadh fri hiomluadh naithiscc na siodha etorra agus na Goidil Iarla Urmhumhan Tómás Buitiler a anmaim (a Saxaibh dusfangatar an cenél dia mbaoi: ro baoiside i naois enirt sendata an ionbaidh sin) agus airdepscop Caisil Maolmuire Mac Raith. Dusficcetsidhe lásan techtairecht go rangatar gusan ccathraigh fil for brú tragha Baile m Buain dia ngaror an Srátbhaile. Ro fhóidhset techta dú i mbói Ó Néill do reladh na toscca ima ttudhchatar. Foidhis Ua Néill na sccela cétna i ndochum Uí Dhomhnaill. Ticcsidhe ieromh dirim mharcach co hairm i mboi Ó Néill. Doieghatt dib linaibh co Fochaird Muirtheimhne for ionchaibh tragha Baile bhudhthuaidh. Tanaic an tIarla atrubhromar agus an tepscop for ionn na tolcha cettna.
Atféttad dona flaithibh an toiscc ima ttangatar agus atbertsat gorbho ferr córa oldas ceallach agus no biadh iomaithbir chaich diobh for aroili mana dernta an sídh. Atchuadhatar doibh na comtha do raingirtsat an Senadh uaidhibh tar cend an tsíodha .i. dílsiucchadh choiccidh Conchobhair dhóibhsiomh génmothá an mbloidh tíre fil o Dhún Delgan co Bóinn ro tallta dhe ó chein mháir lásna Gallaibh agus na tístais na Goill forro tar toroinn acht namá Gaill Cairrge Ferghusa do léccedh fri creic agus connradh do shíor agus na Gaill batar i cCairlinn agus ind Iobhar Cind Tragha ón mudh ccédna agus dana na tochradaois maoir ináit airríogha forra no a ccumat naile do thobhach chíosa nó chána acht namá cecip cíos do bretha fora sinnseraibh do iodhnacal dóibhsiomh go hÁth Cliath agus na cuingifithe geill na aitiri forra acht madh sin agus foghebhdais an ccétna na Goidhil atrachtator ina ccomhbáigh cogaid i ccóigedh Olnéccmacht. Iar ttairccsin a aithiscc agus a orfhuighill don Iarla atracht Ó Néill agus Ó Domhnaill agus a mbátar ina ffochair do chuingedhabh an choigidh asa náitibh suidhe agus doieghat don taobh araill don tealaigh. Gabhaitt ag crúdh a ccomhairle agus occ airlegadh gniomradh na nGall ó ro chédghabhsat an innsi cétus gusan tan sin. Ba sodhaing dóibhsiomh ón uair bátar meabhra leó agus la hUa nDomhnaill sainredh dóigh baoisidhe ag coistecht friú na ceitheora bliadna agus na teóra míosa ro bhuí isin ccarcair in Ath Clíath agus ba hi sin aicept as moamh ro meabhraigh ona cimbidhibh focerdta isin ccarcair imaroén fris agus bator hi ccuimhne agus i foraithmhet lais agus atbert gurbhót cédluithigh toghaóthaigh tingheallta Gall dogrés agus gurbho tria gúthairrngire ro ghatsat a nathardha for Ghaoidelaibh choiccidh Ghailían agus choiccidh Conraoi m Dáire agus ni hedh namá acht cecib neach dia ttallsat a ttír inn Ériu bá tria thangnacht agus bhreiccshith do bertsat dhe. Bidh imne doghenatt fribhsi an ionbaidh bus
teirci bhar ccongaibh chatha agus coccaidh agus bhus tana bar ccliath ghabhala agus an tan gétar foroibh na Góidhil atracht in bar mbáigh ria sunn diaidh i ndiaidh agus faghabhat cecip ní chuinghifett ar bar ttrégadh. Doberat na Gaill bréig iomaibhsi ainnsidhe agus saigfit foroibh an tan foghabhat co hainerlamh anfhuirithe ibh i nuathadh arm agus eidedh ócc agus erredh madh síth dognethi friu agus gan rátha náid aitiri forro fri comhalladh fribh in do rairrngirset dhaoibh. Adhbhar oile bheós. Ro athchuirsidh a charatradh for Righ na Spáine madh sith dognethi agus bidh nár agus bidh meabhal daoibh gó do dhenomh frisan tí na hepir goi agus chomhalnafus inro tharrngair agus robadh ainffíor már daoib aimhiris do ghabhail de agus dina fris sin nít cobhrathar uadh doridhisi tan beithe i rriochtain a leas iar soadh foraibh dona Gallaibh. Ro mholsat araill dona maithibh a nerpert agus ro aentaighsiot frisna haithiusccaibh sin ro fhuighill. Batar foirenn oile dibhsidhe lasar lainn an sidh do dénomh agus atbertsaitsidhe ba hiomairgidhe denamh an tsiodha agus bad aithriuch muna dhernta. Monuar ámh ba fíor dóibhsiomh inro raidhsiot cidh ierttain uair batar iomdha mna agus miondaoine agus forusócclaoich do chotar écc duacht agus ghorta fodaighin an choccaidh hisin. Robtar iomdha beós laech lonnainnsclecha agus tóisigh troda agus soerchlanna soicheneoil do chóttar aidhedha anaipche etorra disiu agus anall fobithin an chocaidh chétna. Cidh fil ann trá cecip les nó aimhles donainicc ass ba héiccen an sídh do thairmescc tria aslach agus forchongra Uí Dhomhnaill. Iompais an tIarla agus an tepscop co hAth Clíath agus atfétsat don Justis agus don Chomhairle a ndiultadh imón sith agus a ffreagra óna Gaoidelaibh. Lasodhain ro láiset an Senadh a scela co críochaibh Saxan gusan mBainrioghain Elizabeth. Ro ghabh ferg agus lonnus isidhe. Ro tionóiledh agus ro teglamadh iolar ndaoine lé dia ccor co hÉrinn cona congaibh théchta da gach nadhailge archena conarbho lugha olttát fiche míle does tuarustail agus do amhsaibh ro bhátar i nurfhoichill choccaidh na nGaoidhel. Ro
cumhscaigedh an goibernóir agus an tairrigh baoi for choiccedh Medbha an ionbaidh sin a cendacht an chóigidh .i. Ser Risderd Biongom cona bhraithribh agus ro gairmit co hÁth Cliath agus ro cuiritt aissidhe co Saxaibh. Dusfainicc aroile i nionadh an ghoibernora ba ferr oldas agus ba firiu gealladh dona Gaoidelaibh i mís December doshunnradh. Coneus Clifort a chomainm. Ridire airderc eisidhe araoi ngarma ba huasal iar ffuil ba fer tiodhnaicthi sed agus maoine. Ro tharmnaigh dhósomh indsin uair ro soait chucca drong mhor duaislibh coiccid Medhbha ara dheghairilledh. Ro soait chucca céttus Ó Conchobhair Ruadh Aodh m Toirrdelbaig Ruaidh m Taidhg Buidhe agus Mac Diarmata Mhuighe Luirg Conchobar mac Taidhg co mbatar ina mhuinterus agus ro naidhmset a ccura friss. Tainic bheós Ó Conchobair Sliccigh a criochaibh Saxan isin bhfoghmhar doshunradh .i. Donnchadh mac Cathail Óig m Taidhg m Cathail Óig ierna oirdnedh hi ccendus ón mBainríoghain for ilchédaibh slóigh agus saighdiuradh i nurfhoichill in roba comfhoccus dó dUltaibh agus do Chonnachtaibh do chennsughadh fria laimh. Ticcsidhe co Connachtaibh fochétuair do thochar fri Cenél Conuill agus do chath friú i ccombáigh na nGall uair roba mór a mifholta frisan ccenél hisin ó ro dhelighestair a chelsine friú la forran agus forlonn Gall agus narba riarach dhóibh amhail ba dúthaigh dó agus cia no beithsiomh co fomhámaighthe dUa Dhomhnoill nírbhó cóir iongnadh de ar ro bhaoi Brian m Eachdach a shinnser samhlaidh do Niall fa soamh inás ro batar clann Mhoingfhinne archena agus as la Fiachra mac Eachdach ro halta antí Conall Gulban agus hi cóigedh Olnéccmacht boi a domnus cen co rusléiccestair hi foill ó rosghabh an mbloidh tíre fil frisan Samhair atuaidh co Loch Feabhail iar nairther agus iarna gabhail a los a lámha dhósomh ro rann í fora braithribh agus do ratt an triochait chéd fil ó Abhainn Mhóir sairtuaidh co Call Caoin ag Loch nÉirne do Chairpre mac Néill dia dherbhrathair agus ó ro threabhsatt sliocht Briain m Eachdach an feronn iar ndíobadh Ceineoil Coirpre acht madh becc ro lásat Cenel
Conuill fo chíos agus sluaigedh doibh budhdeisin araba fheroinn a mbrathar. Níruó machtnadh eimh dheisidhe cia no thairisedh Ó Conchobair Sliccighe a muinterus agus hi celsine Uí Dhomhnuill agus cia budh riarach dhó cen frithbheirt fris acht chena ro dlecht an ccéttna do Chonnachtaibh coléicc cénmothá sin uair ro foruaislighset siol Néill m Eachdhach for Ghoidhealaibh ó chein agus as doibh ba duthaigh righe na hinsi. Dála an Uí Chonchobair imrordaighsem ó rainiccsidhe co cóigedh Medhbha ro failtnighset a oés cottaigh agus cairdesa riamh agus ro lionsat a aés gradha agus tairisi duaill agus do diumus dinnire agus dimtholta dia thuidhecht agus ro ghabhsat og báigh agus occ bagar occ táinsiumh agus og tomhaithemh for Cenél cConaill. Muinter Airt a slondadhsaidhe agus asiad ba tairisigh dfhior a ionaidsiomh dogres. Otchualaidh Ó Domhnaill a ttuidhechtsomh fris agus a mbaighbriathra agus a ndul hi ccomhbáigh Gall na agaidh níro airis fri teglamad a shloigh do léir go ttoét tarsan Sligech siar cona amhsaibh agus cona oes tuarustail lais go rusoirg an toes tairisi agus ionmhaine imroraidhsem ro bui la hUa cConchobhair in gach dú i mbátor i mendattaibh mothardaingne agus i ndroibhélaibh diamra cona fargaibh míol ninnile leó agus ni roscroith don chrích acht ietsomh namá cia roscoigill dóibh gósin ara ndínnimhe agus ara nderóile lais cen go rosbrost a mbriathra borrfadhacha a nainchridhe agus a ninnire feisin na coemhnacctar do dichleith a norccain forra. Gabaid Ua Domhnoill longphort ierttain hi mBréifne Connacht fri Sliabh Dá Én anoir. Ro oiris ainnsidhe conustorracht a shlogh dia shaighidh as gach dú i mbátar.
AN SEISEADH BLIADHAIN, 1597. Iar na tteglamadh samhlaidh a ndeiredh Ianuari .1597. (in marg. 1597.) (an 6. bliadhain) docoislet tresan cóiccedh sairdhes hi triucha chéd Ua nOilealla aisidhe don Chorann tre chlár Mhachaire Chonnacht hi Cloinn Chonnmhaigh hi crich Maine m Eachdach. O do riacht i neidirmhedhón Ó Maine ro léig sernadh agus sreathnugadh dia sgeimhealtoibh sgríobluatha fo thuaith an Chalaidh agus fo uachtar an tíre agus donangatar cona nairccthibh creach agus cethra cona mbroitt agus cona mbóghabáil i ndiúidh laoi co baile Atha an Ríogh airm i mbóí Ó Domhnoill. Ro dhalustair Ua Domhnoill Mac Uilliam Búrc (Teabóitt) chuga gusan dú sin. Tainiccsidhe fo ghairm Uí Dhomhnaill. As ann tra baoi an baile hisin edh mbeg o Ath Cliath Medraighe sair. Ba daingen díothoghlaidhe eisidhe agus niruo soirbh ammus fair. Ara aoi ro ionnsoighset an slogh an dúnadh agus focherdat teinnte agus tennála fria dhoirsibh for gach leth cora hadhannait comladha claruaigti an chaomhdúnaidh dianechtair. Doberat chuca iaromh dréimiredha dimora agus áradha imleabhru agus ro lásat fri múraibh agus balladhaibh an bhaile coro freasghabhsat for taiblidh tiugharda an tréndunaidh for gach taobh. Ro leabluingset araill diobh dona taiblibh go mbátar forsna sraittibh ina sesomh iar nguin agus airleach druinge dia ndeghlaechaibh. Dléccet na doirsi óbhéla don tslogh asa haithle co ndiccset for lár an baile. Gabhaitt for toghail na ttighedh taisccedha agus na tteghdhus ccumhdachta agus na ccubhachal ffoirieta ro bhuí isin dúnadh co ttarttsat eistibh a mboi inntibh dionnmhasaibh agus déttálaibh coro chroithset an chathair coléicc. Robadh cosccar adhbhal lá muintir na Bainríoghan an rioghchaistiall sin do bhuing don fhianlach ro lingset an baile hisin diamadh iad budhdheisin nó beith occa chosnamh friú. Acht chena robad doiligh díochumhaing dréim frisan tí buí hisuidhe nách fria mhuintir cén baoi an Coimdhe agus an conách ag congnamh lais.
Bá dírímh doimhesta ina ttugadh da gach erndail edála asin mbaile sin dionnmhus agus diolmhaoinibh dumha agus diaronn derradh agus dédach agus da gach ní rangatar a leas an lucht batar occá ionatocht agus oga aittrebadh do thegar agus do theglomadh chuca as gach aird ó chein mair gósin. Airisidh Ua Domhnaill cona shlogh isin mbaile an adhaigh sin. Fágbaitt an baile ara barach iarna orccain. Doléccet a scceimhealta do chreachorgain Chloinne Riocairt da gach leith don abhainn. Ro creachadh agus ro cuartaigedh la druing dona sgeimeltaibh sin ó Lethraith go Muigh Senchomladh. Ro loissccedh agus ro léirsgriosadh lasan lucht naile dhiobh ó bhaile Atha an Riogh agus ó Raith Goirrgín siar go Rinn Mhíl go Medhraighe agus go dorus na Gaillmhe. Ro loisgedh leó dana Tegh Brighde fil for ionchaibh na cathrach cétna .i. Gaillimh ainmnighther ón abhainn forsro báidedh Gaillimh inghen Bresail. Dogniat foslongphort agus fianbotha fulacht agus feolchombach suan agus samhchodal an adaigh sin eitir Uarán Mór agus Gaillimh occ Cloich an Linsigh. Dotháet Ó Domhnaill cona shlogh ara bharach go Mainestir an Chnuic i ndorus na Gaillmhe ar dháigh iomagallmha fri lucht na cathrach dus an ffuighbedh caomchludh dia nerradhaibh iongnaithe agus dia sédaibh soinemhla uaidibh for araill dona creachaibh batar occa ar nirbhó sodhaing dia mhuintir ina mbaoi do chrodh agus do chethra oca do thiomargadh nach do thiomain leó dia nathardha agus dana robad menmarc laisiomh gan tiontúdh dia thir (munbadh aidhble édála a shlóigh) go rochtain dó go Gort Insi Guaire i Cenél Aedha na hEchtgha. O na fuairsiom an roba lainn lais o lucht na cathrach ba fair desidh occa filledh ina fhritheing go rainicc tria cheirtmedhón coigidh Connacht gan anbhuain gan uiregla gan fhaitches gan fhuireachrus go rochtain dó tarsan Sligech tar Duibh tar Drobaois agus tar an Samhaoir badhthuaidh. Tuirthechta Uí Chonchobhair Sliccigh atfiadhar sunn setal naile: tarcclomtha sluagh mór lais do Ghallaibh agus do
Ghaoidhealaibh do theacht gusan Sliccech i mí Februari gar biocc iar nIomulcc. Do rala O Domhnaill an tan sin i cCalraighe i foslongphort fri Sliccech anair hi foichill forra agus a naires dála dhóibh. Do bert fuabairt amhnus forro resiú rangatar gusan Sligech. Ro theichset riamh agus do retláiset aire acht madh uathadh tarrastoir dhíobh occ Tráigh nEothaile. Gontar baiter drong mhór dhiobh. Ro marbadh ann dana mac do Uilliam Búrc .i. Riocard mac Uilliam m Risdeird m Oileuerais agus araill nach airmhither sunn. Soais Ó Conchobair for cúlaibh agus niba slán lais a menma im thuidhecht an turais sin. Tanuicc Ó Domhnaill dia thigh agus doléicce eisreidedh agus sccaoiledh dia shlogh con telcctis a scís acht namá fosrágaibh aés amsaine agus tuarustail hi coiccedh Meadhbha i foichill coccaidh Uí Chonchobhair agus na nGall agus Niall Garbh Ó Domhnoill dia deirbhfhine badhdeisin i ttaoisigheacht leó. Gabhuitsidhe for innradh agus aidhmilledh na nGaoidelthuath remideochatar hi combaigh na nGall agus Uí Chonchobair con tarttsat for ccúlaibh doridhisi drong mhor dhíobh. Tanuicc ann cétus Mac Diarmada (.i. Conchobar) túisiuch Mhaighi Luirg fil fri Coirrshliabh na Seghsa anairdes co rusnenaiscc a mhuinterus agus a churu fri hUa nDomhnoill an dara feacht agus co ttaratt a oighriar ndó febh roba bés dfhior a ionaid dogres. Do rónsat toisigh na ttuath fil fri sliabh atuaidh go muir an ccétna agus do rattsat a ngéill agus a naitire dUa Dhomhnaill fri comhall gach neith ro thingheallsat. Ba i neacmuing na ree sin .i. i mís April donainicc long ón Spáin go nuathadh foirne daithreós na nGaoidel. Ro ghabh port hi ccrich Conuill m Néill hi cuan na cCeall mBeg sainredh hi Tír Boghuine iar niarthar allanair don ghlionn inro bennach an Columb airderc. Tangatar aissidhe airm a mbuí Ó Domnaill go Dún na nGall. Roptor foiltigh cach diob fri aroile agus ro fiadaighitsiomh co hairmhittneach la hUa nDomhnaill agus do rat asccadha con agus each doibh agus iomsoiset ass for cúlaibh agus doberat sccela na criche leó.
Tuirthechta Meic Uilliam Burc atfiadhar sunn. Ro toifnethar asa thir la hiomfhorran a cheniuil badhdeisin agus la geraitecht Gall uair ro naidhm Ua Conchobair Sliccigh codach agus caratradh eitir a chliamhain (mac Meic Uilliam Burc) .i. Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn m Dauid m Emainn m Uillicc agus an goibernóir Sir Coneus Clifort coro hathchuiredh agus gurro hionnarbadh lasna maithibh sin cona ttionol Mac Uilliam Teabóitt m Uatéir Chiotaigh asa athardha gurbo héiccen dó ascnámh go Cenél Conuill m Néill. Iar tteacht dósomh airm a mbaoi Ó Domhnaill dacaoine a imnid fris ro airis ina fhochair go midhmhedhón samhraidh. Doghní Ó Domhnoill sloighedh a ndeiredh Jun go cóicced nAilealla con tulaidh tar Muaidh Ua nAmhalgaidh. Ni chaomhnaccator an chríoch frithbert fris go ttarttsat a ngéill dhó. Do bertsomh do Mac Uilliam. Ro sai Ua Domhnaill ina fhritheing iar ffágbhail na criche fo aittitin agus umhla do Mac Uilliam agus fosrágaibh Rudraighe Ó Domhnuill (a derbhrathair badhdhéin agus rioghdamhna Ceneoil cConuill) na fhochair dia nertadh i nagaidh a namhatt go slogh mór dia miledhaibh traighthech agus dia amhsoibh tuarustail imaroen ris. Ba foirmteach tra Teaboid na Long fri Mac Uilliam imon fflaithes agus dana beós nirbhó sainshercach im Ó nDomhnoill dia oirdnedh fora belaibh. Nirbho lugha immorro mioscais Uí Chonchobair Sliccigh im Chenel cConoill agus im Mac Uilliam conad aire sin ro ghabh ailghes agus occobar iat dibh linaibh im aithe a nanfaladh agus a neccrattais for Mac Uilliam agus for Cenel Conuill sainredh. Basedh do ronsat i ngaruair iar nimthecht Uí Dhomhnaill slogh mor do Ghallaibh agus do Ghoeidhelaibh do theglomadh agus saigidh for Mhac Uilliam co rostoifnisiott asan tír cona mhileadhaibh uair ni forroelangair an foirlion baoi ina aghaidh agus ó ro thriallsomh cona ógaibh fágbhail an tíre do iomaighett rempa cethra agus innile na criche cona naitreabhthachaibh tar Muaidh Ua nAmhalgaidh agus tre Thír Fhiachrach Mhuaidhe co rangatar Sliabh Gamh ria nadaigh. Gabhaitt occ asccnamh an tsléibhi fott na hoidhche.
Iomthusa an airrigh Coneus Cliofort o focherdsomh Ó Conchobair agus an slogh atrubhrumar do thofann Meic Uilliam asa thir ro thochuir chuige an lion as lia forcoemhnaccair do shochraide. Donangattar ann an da Iarla batar isin ccoigedh Iarla Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain agus Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxaigh m Uillicc na cCeann agus a macsaidhe Riocard Barún Dúin Coillin, agus Murchad m Murchada m Diarmada Uí Briain Barún Innsi Uí Chuinn iaitsidhe uile cona sochraitte. O do riachtatar co hairm a mboi an goibernoir doieghat uile for cind Meic Uilliam cona óccaibh an conair na coemnacctar do sheachmall agus in robad deimin lais i foghbhail chuga edhón gusan ccaistiall fil for abhoinn mhoir fri Sliabh Gamh anoir agus Sliabh da Én aniar Cuil Maoile a ainmsidhe. Ba conair choitcheann agus ba sétt suaithnidh an mennot hisin. Baoi an goibhernóir isin isin caistiall an adhaigh sin agus slogh mór do ghleire laoch armtha eidighthi narbo lugha olttatt coig céd décc a lion i foichill forsna Gaoidhealaibh. Atcoas do Mac Uilliam agus do Rudhraige Ó Dhomhnoill an goibernoir do thocht rempo forsan slighidh naro fhedsat diomghabhail. As fair deisidh leo ó rangattar ria mattuin tar muinchinn an mhaighshlebhe atrubhromor saigidh gusan abhainn foa nerchomhair a ngarfhoccus don chaistiall agus a ccethra agus a ninnile a ngiollanradh agus a nglaslaith agus an drong bá diairm aca do léccad uatha i sligidh ba hinnille inás edh imchian ón ccaistiall. O ro batarsomh uathadh daoine a naithfhegadh na nallmharach niró shaighset forra acht dol tarsan abhainn gan rathugadh dóibh amail naro shaoilset agus basedh doruimnet co ndernsat innillios agus iomshnadadh dia ccrodh agus cethroibh agus giollanraidh o ro ghabsat feisin a ccomfhochraibh an chaisteoil for belaibh an tsloigh echtronn ionnus gomadh iatt on foibérta tar cenn a muinntire. Ni hedh do rala dhóibhsiomh éimh an ní ba menmarc leó acht do chótorsomh tarsan abhainn go mbatar don tóibh araill
gan ráthugadh gan fhorchloistecht. Ba isin tan sin atracht an goibernoir cona allmharachaibh asa suan la sestan agus seiseilbhe an tsloigh acc dol tarsan abhainn. Ba méla mór lasan goibhernóir a ndul seice resiú tarraidh greim forro. La sodhain atchualator buiredhbeicedh na mbó agus na ndamh agus allghlor na nanmann néicciallach ag coimhfhreccra a chéle agus fogharnuall oesa a niomána agus a naegairedh allanair diobh isin dedhóil muich. Doleiccet a marcshlógh na ndrongaibh agus ina ndiormaibh fo chomghair na cceathra dus an ttairsitís. Dusnairthet on dírímh dona hinnilibh agus atrulat as aroile dibh. Gonait drong mór dona gillibh agus does na hiomanu. Niro fhedsatt a slogh feisin a nedrain nach a nanacal la hanforlonn agus iomat an tsloigh do rala fora nionchaibh. Tieghait na Gaeidhil ass samhlaidh co rangatar tar san Éirne badthuaidh agus niro lensat na Goill ar ndol táirsibh doibh an céttna fecht amail ro aisneissiom. Soais an goibernoir ina fhritheing agus nirbho slán lais a menma ótrulatar a namhait aire ierna bfaghbáil in uathadh agus ier ngabháil forro i náit niomchumhaing amail rongab. An 29. Juni do rala ind sin. Donanuic tra Justis nua i nÉrind i tosach mís medhóin an tsamhraidh doshunnradh .i. Lord Borough Tomás a ainm. Batar iomdha iolardha an ógbadh iorghaile agus an fianlach tachair agus troda do bert lais ina chaoimthecht. O do riacht ro gabh orlaimh cloidhim an Rígh chuga agus ro cumhscaighedh lais Sir Uilliam Russel baoi ina Justis fri ré theora mbliadan gósin. Do benadh lais bheós generalacht an chogaidh do Sir Seon Noruis agus ro oirdn é baddein isna céimibh sin. Ro forchongradh lásan Justis sin for ghoibernoir choiccidh Olnécmacht tocht co lionmar léirthionoilte for Cenel cConaill isin cend thiar do choiccedh Conchobair daithe anfaladh agus eccraitis
Gall forra. Niruo héislisech ro freastladh an forchongra sin lásan ngoibhernóir agus robad slaindiodhnadh mór lia mhenmuin día ttisedh de a ainchride agus a innire do dhiogail for Chenél Conuill Gulban m Neill seach cách. Ro tarcclomadh agus ro tionoiledh lais in roba riarach dhó do Gallaibh agus do Ghoidelaibh an choiccidh agus ro dháil ina ndochom go mainistir na Búille an 3. la do August. Do riacht cédamus isin toichestal sin Iarla Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain. Asé ba tigerna for gairbhfheronn Luighdech Mend m Oenghusa Tírigh fil frisan Luimneach atuaidh ar sé an Lugaidh hishin ro ben an mbloidh thire atrúbhromor do choigedh Olnéccmhacht goro threabhsat a shiol ina dheadhaidh. Donanuicsidhe go ttionol na Tuadhmuman ima roén ris. Tainicc Iarla Cloinne Riocaird isin toichestal chédna co leirthionol a thire ina fhochair agus cona mhac Riocard mhac Uillicc m Riocaird Saxanaigh do shliocht Uilliam Conquerer. Do Fhrancaibh iar mbunadhus agus a criochaibh Saxan do dheochator a cenel an dú sin conad uaidibh ainmnighther an feronn. Tanaicc dana Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn cona shochraide. O Conchobair Sligigh Donnchad mac Cathail Óig m Taidhg m Cathail Óig agus Ó Conchobair Ruadh Aodh m Toirrdealbaigh Ruaid co llion a muintire immaille friú. Ro fhaoidh immorro an Justis drong dia shochraide go Gaillimh go ttardataois gonnadha móra dia saighidh gusan Samhaoir. Iar tteglamadh an tsloigh co háit naonbaile go mbatar hi mainistir na Seghsa da bhanna ar fhichit do mhiledhaibh traighthech agus deich mbanna marcshloigh do ghlere glanshloigh cona ccotúnaibh comdaingne cruaidhiaroinn agus cona semonnlaighnibh siothfhoda slinnlethna agus go ngunnadaibh gutharda gérradharcacha agus co cclaidhmibh caoilghera cottaidrighne cona niomdornaibh aille iomdhlúithe agus co ccathbharraibh cíorchroma coccuasta gurbó lanshaoilechtain leó na baoi acmuing a bfreastail hi cóiccedh Conchobair m Nesa la hallmhardhacht agus ainetarghnaidhe a nairm a néittidh agus a ninnill uair ni rabhatar trealmha diobhraicthi lásna Gaoidelaibh an tan sin acht madh beg agus
nibtar éitighthe foa niontsamailsiomh. Do asgnáttar iaromh na sloigh sin go Sligech agus asaidhe co hÉirne. Gabhait longphort an adaigh sin ós ur Samhaire. Ba fair deisedh leó isin muichdhedhoil ara bharach ionnsoigidh na habhann foa nerchomhair gerbho deimin leó na baoi aon áth ó Chaoluiscce go hEss Ruaidh gan iomchoimhet ó Ua nDomhnoill fair. Ó ro chinnset foran ccomhairle hisin ro chéimnighsiot co hÁth Cúil Uain an tsainredh ina ttuintibh troma toirtemhla gurro doirtset i naoinfhecht agus i noenfhabhall dia shaigidh. Ro ghabhsat na coimhedaidhe batar an dú sin ag cosnamh an átha friú amail as deach ro fhettsat ceni bátar lion a chosnamha frisan anforlonn do riachtatar chuca. Ba fuilech fobartach ro gabhsat for freastal a namhat gurro lingset an ler sloigh an táth dia naimdheoin forra fo dheóidh. Acht chena do marbhadh agus do baithedh echt mór annsin on tslógh echtaircheneóil .i. Barún Inse Uí Chuinn Murchadh mhac Murchadha m Diarmada m Murchadha Uí Briain uair baoisidhe eitir a muintir agus iomdomain an atha dia nimdheagail for ghuasacht gurro haimsedh go hindilldírech eisidhe do phluicmheall peleir ina oxaill i nurosccladh a eididh pláta gurro threghdustar é on derc ocsaille go aroile agus gero batar a ceathair no a cúig do miltibh fer ina uirthimcheall niro chumaingset a anacal nách a fhoiridhin gurro eidirdeligh fria each hi fudomhain an átha conadh amlaidh sin do rochair an daighfhear. Niro ansat an slógh fri tógbáil a chuirp ina fria adhnacal amail robad dior acht ro asgnator reampa ina réimim go rangatar co Sith nOédha ós ur an essa. Dia Sathairn araoi laithe sechtmhaine ind sin. Ro ghabhsatt longphort an dú sin agus araill díobh isin mainistir mhonach baoi for ur Uinnsinde. Batar amlaidh sin ó ghar biucc ria medhón laoi dia Sathairn go madain an Luain ar ccind. Tuirthechta an loingis imrordaighsiom i ttosaigh ro toghairmedh lásan ngoibhernóir ón nGaillimh día shaigidh ro lásat an drong forsro herbait tocht an turus sin a loingeas forsan lionnmuir i nGaillimh fri hiomchor agus iomfhulang a ngunnadh nguthard nadhbhalmhór nainettargnaidh do dhianblodadh
agus do dhíoscaoiledh dúintedh agus daingenchaistial a namhat. Ro cuirit intibhsidhe gach ní ba hadhlaic don tslógh archena. Seolait asendadh lamh des fri tuaiscert an choiccidh go rangator gusan Éirne dia Domhnaig sainredh. Ro ghabhsat caladhphort for ionchaibh Insi Saimher agus do chuirset ina mbaoi leó dia niomfhulang eitir bíudh agus cormainn agus da gach erndail rangatar a les an ccein no beitís occ iomshuidhe an chaisteóil isin insi dia Luain. Ro tairrngit leó an tordanás mór i tír agus ro shuidighset eneach i nionchaibh don dúnadh baoi for ur Atha Senaigh. Do riachtatar an lucht batar isin mainistir gurro fhosaighset uile for iond Sithe Aodha i nuirthimcheall an ordanais. Gapait iaromh og fraisdiubhrugadh a ccaoirmheall ccomhthrom agus a ttorainnphelér tteintidhe co cclos a bfuamanna agus a bfogharthormán i fod nimchein uaidibh. Ro lásot nuimhir díairmhe do roignibh a loechraidhe fo bhun an baile co ttrealmaibh toghalta muir leó agus go néittedh niomdhaingen niarnaidhe im chorpaibh na ccuradh agus go ccathbarraibh comsholusta ima ccendoibh. Baoi lebhenn lainderdha do chruindsciathaibh coimhlethna cruaidhiaroinn ina niomthacmhang anechtair dia nimdheghail for diobhraicthibh na druinge dichoinnercle deghlaoch do rala isin dúnadh. Batar gan anadh gan ionnuaradh ogan imdhebaid sin co cenn tri la agus theora noidhche Luan Mairt agus Céttaoin. Acht chena nirbo torbha dona hallmharchaibh an fhuabairt do ratsat agus ba ferr dhoibh na digsitis an turus tudhchatar uair ro dailte asan dúnadh forra froischetha caor ttaidleach tteintidhe a gunnadhaibh fosaighthe fírdhírghe agus a musccaetaibh morchostais. Araile do chloichthres carrag cenngarbh agus tromchloch tuinidhe do shailghibh do shonnaibh do rala for taibhlibh an dúnaidh conarbho díon no daingen dóibhsiomh a ccuairsceith coimhrionnta no a ccathbairr coinnleacha corbat mionbrúite mudaighthe i medón a neittedh niarnaidhe dona tréndiubraicthibh tarlaicthi forro. O ro mudaighit na milidh go mór ón mudh sin ni foraolangdar fuireach fria nairleach ni ba siriu.
Do ratsat a ndromanna fria naimhdibh. Meabaidh maidhm diobh gusna scoraibh. Gabhaitt oes an dunaidh occa ndiubhragadh ina ndedhaidh goro marbhait dirimhe agus cinnteach ar eccinteach diobh. Atrulat as aroile diobh ite beoghonta biothainmeach. Basedh do rala dUa Domhnaill beith i teirce slóigh agus i nuathadh sochraide an Satharn donangatar an tromdhamh doiligh diogaltach sin dia thír. Ro chruinnighset agus ro tharccloimset a thoicheastal ria medhon laoi dia Luain ina dochom ar nírbat eisledhaigh dogres im thuidecht fo thoghairmsiumh gach tan no chuingedh cuca toidhecht ina dhail. Dothaot ann cétus Maguidhir .i. Aodh co lion a mhuintire. Do riacht ann dana Ó Ruairc Brian Óg mac Briain m Briain Ballaigh m Eogain cona thionol. O do ruachtatorsomh go hUa nDomhnaill niro leigedh ciúnus nó cumhsanad i llo no i noidhche don ghoibhearnoir nach dia mhuintir. No chuirdís sluagh Uí Dhomhnaill ciomhsa an champa Chonnachtaigh ina cheirtmhedhón agus a lár ina leithimeal agus niro leigedh a nomhan nó a nuiregla dhóibh a neachra no a nairnéis do chor for inghelt tar imealbhord an longphuirt inechtair na haidhble an iomchuimhge a mbátar occa mbiodhbhadaibh. No bíodh iomruagadh agus imdhiubhraccad gach laoi eitir an marcshlogh adiú agus anall fri ré na ttri lá ro bhatar an sluagh Gall occ ionnsoigidh an dúnaidh. Ro gonait agus ro treghdait sochaide etorra sánchán an airet sin acht namá ba móo ro crechtnaighit an sluagh Gall oldát na Goedhil. Ba dona huaislibh ba herdeirc ro gonadh uaidibh an tan sin Ua Conchobair Sligigh Donnchadh mac Cathail Óig. Ro soadh for mharcshlogh na nGall fodheóidh isin treas laithe gusna scoraibh co mbatar mescc ar mhescc frisna traightheachaibh. Scarait iaromh friaroile agus ni tria shainsherc ro scarsat acht uaman aroile dia netarghaire. O ro rathaighset na Gaill gaisccedh agus geraitecht na nGoidheal dfhás agus dinfhorbhairt tairsibh amail náro shaoilset ba méla mór leo tuidhecht an turus tudhchator trea bfarccaibhsiot
dia ccuradhaibh imon ccaistiall agus la sluagh Uí Dhomnaill don leith naile agus gabhail forro isin ccúil chumhaing i teacomhnagair i teannta occa nesccairdibh cona baoi ina ccumang soadh for cúlaibh do shaigidh an átha tarsa ttangatar i ttosach ina ionnsoigidh nach átha naile ótha Loch Éirne ingine Buirg gusan muir móir. Ó do riachtatar an sluagh Gall dia scoraibh nírbho sáimh contuilset agus nírbhó menmnach rugsat as an adaigh sin la huamhan agus cridhenbhás Cheneóil cConuill ar ba derb lásna Gallaibh guruó hasa leósomh a noidedh ar énlathair inás a neineach do breith. Gabaid an goibhernoir na hIarladha agus na maithe atrubhramor ag crudh a ccomhairle ó urthosach oidhche dia Cedaoin go muichdhedhoil maidne dia Dardaoin dus cidh doghendais imon nguasacht nanffoil baoi for cind doibh conadh fair deisidh leo fo dheoidh ó ro gle banshoilsi an laoi forro asgnamh fori nionchaib asan maigin i mbatar do mhullach Sithe Aodha dionnsaigid na habhann uas ur Essa Ruaidh i fail narbho conair choitchend do daoinibh riamh gósin acht namá muna digsitis curaidh no trenfhir tairsi hi ttart samhraidh do fhromhadh a neirt agus a niadhachais. Deithbir on ar basedh anmuim an ionaidh sin ro ionnsaighset forsan abhainn Cassán na cCuradh. Ro bhaoi dana nert mór oga ngresachtsomh chuga don chur soin .i. eigen agus uaman gurro doirtset i naoinfhecht ina naonbroin dluith deinmnedaigh gusan abhainn foa nerchomair. Duthraiccset an drong ba tóisencha agus ba déidhencha dhiobh go mbadh i neitirmhedhón an tsloigh no suidighthe iad araba uathbhais agus ainetarghnaidhe na habhann fora cciund agus ar imegla agus cridhenbhás a namhat dia ttograim ina ndiúidh. Ro fhagaibhset a ngunnadha móra agus a nordanás agus gach ní baoi leo naro chumhaingset diomochor eitir biudh agus digh agus gach naidhilge archena. Do bertsat iaromh a nuchtbhruinne foran sligidh nagairbh nannaimh nainmeinic sin agus ro baoi do threisi agus do thrennert hi sruth na senabhann (amail roba bés di) agus dainetargnaidhe na druimleice duibhshleimhne
mar chonair coitchinn do thromshlógh agus dana deneirte agus do adhlaige na nGall desbaidh airberta bith gurro baidhit ile dia fferaibh dia mnáibh dia neachaib agus dia ccaiplibh go rucc trethan an tsrotha i fudhomhain Eassa Ruaidh iatt agus aisidhe siar gusan muir móir. O ro rathaighset lucht an dúnaidh an sluagh ag elúdh samhlaidh gabhaitt occá ndiobhraccadh amail as deine conrangatar. Ro freccradh iaidsidein ón foirinn do rala i rémthus agus ranuic gusan mbruach alltarach. Ro ghabsat occ deabaidh tar cenn na druinge roba dedhencha co cclos a fuamanna agus a ffogharthorman agus a mac alla fóna criochaibh comfhoiccsiu co mba samalta leo corbo he toirneach agus trethan na ndúl nemhaicsidhe atchualator a huachtar aeieóir agus a fírchleithe firmaimenti. An tan tra atchualaidh Ó Domhnaill diubhraicthe na debhtha agus mac alla na hiorghaile atracht asa phupull fochétóir agus atrachtsat an sluagh archena. Tieghait ina ttrelmhaibh troda co tinnesnach agus docoislet ass dochum na habhann do tharrachtain na nGall amail as déiniu ronuccsat dia alaile. Ní tháirsiot greim forro go mbátar forsan mbruach araill don abhainn. Ro gonaitt ro baidhit iliomat do dheiredh an tslóigh agus ni derghensat acht brigh mbicc de ó do érnátar a nuasail agus a nairighe a ttoisigh iomghona agus a lucht céimenn agus cadhusa. Robtar buidigh iai tsidhe do breith a nanmonn ó dhiubhraicthibh dirghe domhainchréchtnaighthe lochtta an dúnaidh agus tarsan sruth ndermháir ndífhreccra tarna tudhchatar trenfhir gan tuisledh gan tiughdhail riamh remposomh. Do thaót dina Ó Domhnaill ina lenmain darsan abhainn acht namá niba sain conair docengat. O do dheachaidh an goibhernoir cona shlógh tar Eirne samlaidh focherd a mhuintir ind inneall agus i norducchadh. Do ratt a dhaimh agus a groidhe infhedhna fén agus cartadh (batar lasan slogh diomfhulang a lóin agus a naidhilge archena) a ngiollanradh agus a noés diairm agus gach aen no gonta dhíobh etorra agus moir. Baoi feisin cona díormaibh
daghshlóigh cona amhsaibh agus cona ógbaidh don taoibh araill agus ro la a oes diubraicthe fora mbélaibh dursclaighe agus diomchosnamh dar cenn a nuasal agus a naireach cona héta a ttacmhang na a ttimchealladh ara fheabhus ro suidighit. Ara aoi sin ro fhersat muinter Uí Domhnoill deabaidh diochra friu goro gonta ile etorra desiú agus anall agus go ffarccaibhthe eich agus daoine an lá hisin. Gabhaitt na Gaill an tucht sin lámh des frisan muir. Ferthar glés fleochaid forra iertain agus ba hainaicenta a med. Ro foirghitt na fiora desidhe gorbo hinbfechtain don loechraidh a nairm diomluadh la haidble an fhleachaidh. Ba moamh ro laisidhe for mhuintir Uí Domhnaill oldás forsna Gallaibh iarna ndiétgadh uair ro fhagaibhsiot a fforbhrata a nasana ionnfotta agus a niallchranna agus aroile dia nétgadh la tinnenus agus la trice na tograma do tharrachtain na nGall. Batar an di shochraide foran apairt sin occan imdheabaidh ro raidhsemor agus occ téttarrochtain boeghail aroile go riachtatar tar Drobhaois tar Duibh agus go Magh cCéitne. O robtar sccithigh muinter Uí Dhomhnaill don tograim iompáit ina bfritheing agus atrulat na Goill dia ttighibh fo mhéla agus aithis. Acht chena robtar subhaigh forbfaoilidh araba a neludha asna gaibthibh i mbatar agus ní dernsat acht brigh mbicc dia ffargaibhsiot o do érnatar feisin. Nirbhó samhlaidh dUa Dhomhnaill niro fholartnaigh dhósomh a mmelachtnugadh gan slan a mhenman dfhaghbhail forra agus ro ghabh occ mairgnech agus occ mifir co mor ima tternúdh uadh an tucht sin. Bátar hi Sliccech an adaigh sin. Basedh a ccetna huidhe ara bharach dadaigh i Mainistir na Búille agus an tres oidhche hi tuaith Atha Liacc. Hi fel eitsechta na hí naomh Maire agus hi coicc decc August araoi laithe mhís gréine atrulatar an sluagh sin dar Samhaoir. O do rionntáiset na maithe sin dibh lionaibh dia ttighiph nírbho suanach sádhal ro thochaith Aodh Ruadh Ua Domhnaill cona shochraide i mbuí rempa don fhoghmhar sin uair gach
tan no thómhaithedh eigendáil nó anfforlonn o Ghallaibh for Ua Néill (Aodh m Firdorcha) nó fhaoidedh litri agus techta co hUa nDomhnaill déccaoine a éttualaing fris dia áil agus dia athchuingidh im thocht dia chobair agus dia chomfhurtachtt an tan ná faghbhadais Gaill a bhaoghal badhdein agus na leigedh a noman dóibh bith occ forran fair. Ba doiligh dichumhaing do nach naon naile na hastara eitirchiana na sluaighthi siublacha agus na deabhtha duilghe no fhreastladh hi coiccedh nAilella ina thír badhdein agus gach tan nó theigedh i Tír nEoghain hi tóirithin Uí Néill. Nirbho cian baoi Ua Domhnoill i ffos iar nimthecht an ghoibernóra agus na nIarladh amail ro rémhaisneidhsiom an tan tangator techta Uí Néill do shaigidh Uí Dhomhnaill dia aisnéis dhó co mbuí an Justis (Tomas Lord Borough) Iarla Chille Dara (Henri m Geróitt) co sochraide Gall fer Midhe agus Laighen occ tocht co Tír Eóghain ar tharraing agus ar thionchosg Toirrdhelbaigh m Énri na nGárthadh m Felim Ruaidh Uí Néill agus ro fhaoidh chucca tocht co líon a thionóil dia chobhair agus dia nertadh i nagaidh a namhatt agus ro thingheall bheos cecip tan naile do riccfedh Ua Domhnaill a les tocht dia chomhfhurtacht co ttisedhsomh ina thoirithin cen esnadadh gan iomfhuireach. O ro erlegh Ua Domhnaill na litre ro fhorchongair fora thoichestal tionol as gach aird ina dochom fochettoir uair nírbhó lainn lais Ua Néll do bith isin éigen i mbuí gan a lá bágha do thabairt leis. Deithbir ón ar niruó coimdigh coro chin dia ccenél araon dias lasar dhile agus lásar thocha aroile oldatt an da Aodh sin batar codhnaigh agus bátar flatha fora cenelaibh an tan sin. Dothoet iaromh Ó Domhnaill i traitte co hairm a mbaoi Ó Néill co ndíorma moir dia mharcshlogh agus dia mhiledhaibh imaroen fris agus aroile diobh ina lenmhain ar niro airis siomh ina nóighe friu la tinnenus ar uaman na nGall do thuidhecht i Tír nEogain cidh riasiú tisedhsom gusan maighin i raibhe Ua Néill. Dála an Justis agus na nGall atrubhramor tangatarsidhe co slogh lánmhór líonmar leirthionoilte go Droichet Átha aisidhe
co Traigh Baile go hArd Mhacha conar ansat co rangatar co hur Abhann Móire. Foghabhat Ua Néill agus Ua Domhnaill cona sloghaibh fora ccind an dú sin. Nirbho sodhaing saigidh foran bfochla leomain agus for an ned ngribhe do rala tul i tul friú. Airisis an Justis cona shlogh agus ro ghabh longphort i ngarfhoccus don abhainn ar ba derbh lais narbo réidh dhó nách dia shlogh asgnámh fora nagaidh ni badh síre. Ba fuileach faebrach crechtach crolinnteach debthach diubraicthiuch an fiadhugadh fosruair an Justis cona mhuintir o shlogaibh Uí Néill agus Uí Dhomhnaill ag cosnamh a ccriche agus a ccaomfhorba friú. Nirbho ní an do righensat do chalma riamh na iaromh occ imdiden a nathardha ara neccraittibh i naithfhégadh an roba díor dhoibh do dénomh dia ffestais an tan sin na huilc iomdha do rala dhóibh cidh iarttain robasdh eimilt daisneis an or sa. Acht chena niro léigedh suan na sádhaile codladh na comhnaide ionnsoigidh na anadh dhoibh i lló na i noidhche gan deabaidh agus diaindiubhragadh forro dogrés ona Góidelaibh gurbo dírimh inro marbhait agus inro mudaighit dia marcshlógh merdha moirmenmnaigh agus dia noccabaidh amnais aindiuid agus dia neachaibh aille allmhardha. Aroile laithe i necmaing na ree batar an tucht sin ro ghabh ailghes an Justis do dul for ind na telcha do rala ina chomhfhoccus do midheamhain agus do mhóirdhegadh an tíre ina thimchell agus ba ferr dó na tísedh an toisg tudhchaidh uair do regaimh araill don gasraidh Ghoidelaigh tul hi tul dó isin maighin sin agus fighit iomaireg amhnus aindrenda agus deabaidh dána doiedrána frisan Justis agus fri hIarla Cille Dara agus frisna maithibh do rala ina caoimhthecht gurro marbadh leo aran lathair sin ardmhaor an tslóigh co ndruing mhóir do chaiptínibh agus do dhagdhaoinibh nach ttabhartor a nanmanna i foraithmhet nach hi cuimhne cénmothá inro marbadh dia ndaosccorshlogh. Do marbhadh ann dana derbhrathair mná an Jústis. Ro mudaighedh beos araill do muintir Iarla Chille Dara agus ro gonadh an tIarla feisin. Gidh e an Justis tra ni thérnaisidhe gan crechtnugadh asan iomaireg sin. Meabhaidh maidhm forra
gusan tenn agus gusan tairisiomh baoi leo gusan ccampa agus munbadh a fhoiccsi doibh baoisidhe ni ragadh sceolanga uaidibh ina mbethaidh chucca. Iarla Chille Dara dana rob éigen dó ceileabradh don Justis fobithin a chrechtnaighthi agus triall dia thigh agus ó do riacht co Droichet Atha atbath isin mbaile sin do neimh agus do thiachair a ghon. Rugadh a chorp dia thaisbenadh da chairdibh co Cill Dara agus ro hadnacht leo e i nothairlighe a shen agus a shinnsear go nonoir agus go nairmhittin amail robadh díor. Dála an Iustis ro shai ina fhritheing ara bhárach go ranaig go hArd Macha agus ba for imochor i nárach nó hi carpat baoi a chorp oga thairisibh agus oga shainmuintir an lá sin. Rugadh iarttain co hIubar Cind Tragha agus atbail annsin dia ghonaibh. Iompait an sluagh Gall dia ttigibh fo mhela agus aithis amhlaidh sin. Ro thriallsat Cenel Conaill agus Eóghain soadh dia ndúinibh agus dia mbailtibh bunaidh go subha agus co soimhenmain iarsan ccosgar sin. Tiomnais Ua Domhnaill celeabradh dUa Neill agus rob aidhlescc la cechtar nae dhiobh scaradh friaroile. Ba foda lá hUa nDomhnaill batar Goill coigidh nAilella i saimhe gan ammus forro agus forsan lucht ro nenaiscc a ccura friu fodheóidh agus do róine a muinterus frisiomh iarna tregadh a ttosach. Ba dibhsidhe O Conchobira Ruadh (Aedh m Toirrdelbaigh Ruaidh). Ba mioscais la hUa nDomhnaill eisidhe óro ernaidhm a muinterus frisna Gallaibh gerbho cara do feacht riamh. Baoísiomh oga sccrudadh ionnus no oirgfedh a chríoch. Ba duiligh émh eisidhe uair ba hinnill iomdhoraid an mendat i mbui an tÚa Conchobhair hisin agus ba gharfhoccus dó airm i láifedh a innile agus a mhaoine archena ar iomgabail a eccrat mana tiosta gan rathugad fair. Ro thingheall Ó Ruairc dhósomh nachasrelgfedh Ó Domhnaill dia orgain gan rabhadh agus airchisecht úadhasomh dó. As fair desidh la hÚa nDomhnaill a shlogh do theglomad agus dol isin coicced. Do choidh din goro airis fri Glenn nDallain aniairdes. Gabaid longphort isuidhiu. Basedh muinbeach do ratt im
Ó Rúairc dus an oirgfed Ó Conchobhair tairis foidhis techta chuga dia thochuiredh ina dhail gusan longphort agus dia radh ris tocht ina dhochum arabarach gan nach niomfhuirech itir. Ua Ruairc imorro niro shaoilsidhe amhlaidh sin derach an longphuirt dUa Domnaill go ttisadhsomh chuga. Basedh aireag menman arriocht la hUa nDomhnoill iar ccor a thechtadh do thochuiredh Uí Ruairc fosrágaibh a longphort iar midhmhedon laoi agus dusrelcce darsan Sligech badhdes agus niro airis co rainicc go Coirrshliabh na Seghsa. Ro gabh foss biucc hisuidhe gurro thochaithset a miledha araill dia lóintibh agus coro léiccsiot a scís agus arna tieghtais darsan sliabh badhdhes la banshoilsi an laoi. Oro fhortamhlaigh dorchata tosaigh na hoidche frisi mbatar occ furnaide for soilsi an laoí docoislet as tarsan sliabh tar Seghais tar Muigh Luirg an Dagdha agus dar muinchind Muighe hAoí ria matain. Do relccet sccaoiledh día sceimhiultoibh sin dedhóil fo dithreabhaibh agus deirritibh na criche cona fargaibhset míl ninnile ó Ath Slisen co Badgna. Iompait iaromh ina ffritheing co ccosgar agus go ngabhalaibh iomdhaibh amail fa bés doibh. Ba hadhnar la hUa Ruairc denomh na hoirgne gan rathugad ndó. Ní bo lugha ba méla agus ba haithis lasan Goibhernóir Ser Coneus Cliofort orgain na criche ro baoi foa mamus gan cathugadh dara cend gemadh i a oided robad erdhalta lais agus duthragair dul i ndedhaidh Ui Domnaill dia relgedh a nomhan do. O rainicc O Domhnaill cona shlogh dia ttigib batar a ffos i subaighe agus i saimhe fri ré an ghaimridh og coistecht fri coigedh Meadhbha. Niro cloathar nach gniomh nairderc etorra an airet sin acht namá ro nenaisc Ó Ruairc a charatrad frisan airrigh remraite Sir Coneus tria bithin na hoirgne atrubhramar agus la hett agus iomfhormat fria brathair feisin Tadhg Úa Ruairc ar nirvo reidh eatorra dib linaib im roinn a fforba agus a ccriche gerbtar clann enathar.
An Seachtmhadh Bliadhain. Basi aimser inro ernaidhm Ó Ruairc a chor frisan Goibernoir i forbha Ianuari .1598. Nirvo fóilidh Ó Domhnaill do chloistecht an sceóil uair ba lucht cotaigh an cenél dia mbui Úa Ruairc da shinnseraibh o chein mhair agus ba brathair dho eisiomh feisin conadh arna fathaibh sin narbhó menmarc lais ammus fair no inreadh a chriche amail chach agus ro fhittir comba héiccen eisidhe mana soadh for culaibh hi combáigh na nGoidel uair ro heitirdeal ighthe a chotachsom fri gach naon ro naidhmedh a charatradh frisna Gallaibh. Ro ghabhustoir oga ail agus oga etarghuidhe co hinchleithe an cettna fecht im shoadh ina fhritheing og tomaithemh agus og bubthadh fair an fecht naile dia nanadh airm i mbui. Gabais O Ruairc occ coisteacht fris co hurthosach samraidh. Ro imeglaigh ainnsidhe inredh a thire otchonnairc narbot treisi na Goill olttat na Goidil agus asedh do róine techt fo ghairm Uí Domhnaill agus inro ataigh fris do denamh agus do bert a oighriar ndo amail ro chuinnigh fair. Tuirthechta Uí Néill setal naile: batar dírimhe a dheabhtha agus a dunoirgne frisna Danaraibh gurro ortustoir iliomat dia namhsaibh agus dia ttoiseachaibh iomghona. Ro innir na túatha batar oga tturgnam agus foa mamus coro chriathrastair na criocha frisan mBofhinn atúaidh go Traigh mBaile genmothat na duine agus na daingenchaisteoil hi ttartsat a laechradh agus a laith gaile i fforbhaise for Chenel nEoghain agus forsna hAirgialla do rala fria ttoebh. Ni dia ndichleith eimh na dia nerdhibhadh na tartsom na comramha hisin for aird comramha agus gniomradha na nGaoidel archena agus ni fordal na iomroll ro baoi forn ima fforaithmet acht ardhaigh na bad édaigh frinn a ffithire forcthe fealmacacha a nollamhain agus a nanshruith beos agus na hepertais corbo huaill agus imtholta agus maoidhmhighe
fotruair duin dul fora mbelaibhsiomh do ríomhthuirem tres agus tochar a ttriath a ttaoisech agus a ttrenmhuireach. Araill ann dna atbertais ba do tharcusal agus do thathaoir a neccsi ro gnithe. Araoi tra aisneidhfeam an mbeg sa dairsccelaibh na hEoganchloinne dar terthugadh a ffiledh .i. cath an Atha Buidhe óro chuidighset Cenel Conuill. As imne forcoemnagair eisidhe: do rala port gabhala occ na Gallaibh for Abhainn Moir frisan Macha atuaidh agus ba i nionbaidh síodha agus coenchomraic conrotsad cetus agus ro cumdaighedh an dara fecht lasan Iustis Tomas Lord Buruogh fri foimdin an choccaidh gurbo mur dithoglaidhe daingen criadh agus tuir troda fora thaiblibh imaccuairt forsa mbatar senestri agus forlesa fri diubragadh eistibh. Focerttsat na Gaill tri céd laech do roighnibh a lath ngoile isin port i forbaisi for Cenel nEogain. Ro chuir dina Ó Néill an coimlion cedna fria nucht ar na tistais diondrad na ttuath for nach leith ina ttimcheall. Fecht naile do dheachaid Ó Domhnaill i toirithin Uí Néill oro fhitir an eccendál i mboi. Ro acaoin Úa Néill a imneadh fris fodaigh an phuirt remhraite agus atbert gurbo scith lais buith occa fhorcoimhed do shior amail no biodh dogres. Atbert Ó Domhnaill ba cora co mór ammus do thabairt fair dia thrasccradh agus dia chor dar cend ma conniostais oldas na tuatha do lot agus dinredh asa los agus narbo sodhaing dona curadhaibh bith hi caithfheis chianfhoda. Ro aontaigh Ó Néill frisan aithesg sin. Forcongartsat dib linaib fora muintir fuabairt an phuirt. Do beratt íaromh ammus calma fair amail ro herbadh friú. Ro gonadh ro marbadh drong mhór uaidibh agus ni tarraidhset ní dhe. Ro delighset fris íaromh agus tiaghait dia ttigibh. Baoi Ó Néill ag coistecht friú ierttain coro scaichset a lóinte acht madh beg. Oro airigh iatsomh samhlaidh ro gabh longphort fora mbelaibh etorra agus an Mhacha na tisedh slogh naile dia ffurtacht asin eiccendáil ghabaidh i mbátar. Oro fes don tSenadh agus don Chomhairle a mbeithsiomh gan
bíadh agus gabhail forra dÚa Néill amail rongabh tarcclaimset slúagh mór do glere gasraidhe Gall co mbatar cóig mile eiter troighthech agus marcach do ógbaidh armtha eidighthe cona ccongaibh techta da gach ni ba toisccidhe. Do rata Henri Beging hi ttóisighecht forra. Rittire airdheirc imtholtanach eisidhe agus ba don tSenadh fadein dó. Iobhar Cinn Choiche mic Nechtain a dunárus. Oro fhitir Ó Néill íattsomh do thionol faoidhis a thechta do thochuired Uí Dhomhnaill resiu batar fúirithi na Gaill. Ticcsidhe co lerthionól a loechraidhe eiter traighthech agus marcach agus araill do choigedh Olneccmocht ina fharradh. Tangatar tra Gaoidil coigid Conchobhair isin toichestal sin co tinnesnach. O robtar fuirithe eallmha na Gaill dusnangatar fochetuair a ccédna huidhe co Droichet Atha. Aissidhe co Traigh Baile Duine Dealgan. Ieromh don Iobhar agus go hArdmhacha. Fosaighit i suidiu co relccset a scís. Fosaighitt na Gaeidil don leith araill i comfhochraibh dhóibh eatorra agus an port remhraite. Gabhait occ friothaire agus occ foichill for aroile agus ag tómaithem agus ag baigh briathar. O roba mithigh lasna Gallaibh fortacht a muintire atraghat i mucha do ló agus gabait oga néittedh dionaraib examhlaibh íarnaidhe agus do chathbarraibh ciomhusarda comhsholusta agus do scíathaibh allmardha díarann imrighinn aithleghtha. Ro ghabhsat a slegha slinnlethna semannchruaidhe asendadh agus a mbíála belfhoda blaitheglannacha agus a ccloidhme dirghe défhoebracha agus a lanna lanfhoda lethfhaobhair agus a ngunnadha gutharda granaoibhleacha corbho hinfeachtain dia naithentaibh a netargna mana aithenta íat fora nerlabra lasan leibhenn sciath agus cathbarr agus éittedh ro baoi foraibh dianechtair ag díchleith agus diamlugadh a naighthech agus a neinech agus la hiliomat a narm archena dia ccomfholach. Gabhaitt a nairigh chatha agus a ttoeisigh iomghona asa haithle occ suidhiugadh na laechraide agus na lath ngaile ina nionattaibh erdhalta co mbatar a ttroighthigh na ttri lorccaibh druim ar druim i ndedhaidh aroile. Fochertsat a lóinte agus a naidhilge archeno i medhón etorra. Do ronsat eitedha catha dia
marcshluagh ina sreithbuidhnibh suidighthe dia ndíbh leithibh. Ro lasat ealtadha ána uttmalla día namhsaibh ettroma agus dia naos diobhraicthi allamuigh dia marcachaibh dia nursclaighe agus imdeghail. Nirbo herusa éimh tuidhecht reóthasomh imaroen gosan tuinithe ttairismech i mbatar a ttreóin agus a ttóisigh a ccuingedha catha agus a nairigh iorgaile agus dia ttísta itir nírbhó sodhaing saigidh forsan nett ngribhe agus forsan ffochla leomhuin i mbatar laechradh Lundun la hallmhardhacht agus iongnaithchiu a narm agus a néittidh agus a ninnill agus lá a niolardhacht agus la a naidhbhle fadhesin úair ní thalla for menmain agus nistá i ccuimhne la sruithibh senorda ná la reraigh refhoda cor theglaimset fir Saxan samhail an tsloigh hisin do chaith fri Gaoidhelaidh oro innsaighset céttus an insi forro. Ro ghabhsat og mallascnamh na conaire fon ionnus sin a ccomhdháil na nGoeidheal. Tiaghaittsidhe ina trealmaibh troda go tinnesnach foa nerchomhair. Ba sain inneall agus éccosg doibsidhe ar nibtar éidighthe na Gaedhil foa nionntsamailsiomh acht madh beg agus robtar diairm i naithfhegadh na nGall acht namá ro bator a ffolartnadh do shlegaibh slinnlethnaibh agus do laighnibh lethanghlasa leo cona ndícheltraibh daingne daghuinsionn inntibh. Ro batar leó cloidhme dirghe defhoebhracha agus tuagha tana taidhleacha fri trasccairt treinfhir. Ni rabhator fhleascca náid ecclonna forro febh baoi for biailibh na nGall. Itíet na haidhme diobhraicthiu do rala leó foghadha fethshnoighthi agus fiodhbaca feidhmnertmara cona saighdibh sruibhgéra agus gunnadha glésoibne do gnas forsna Gallaibh. Ro ghabh Ó Néill agus O Domhnaill ag gresachtlaoidedh na ngalgat agus ag maoidhem na miledh agus ag tionchosg na ttreinfher agus asedh atbertsat friú: a deghmhuinter ar síad na huaimnighther sibh agus na gebidh grain ríasna Gallaibh ar allmhardhacht a ninnill agus ar iongnáithchiu a neittidh agus a narm agus la torainnbeicedh a ttrompadh agus a ttapúr agus a ccaismert catha agus ara niomatlionmairecht feisin ar as derbh deimin comad forra bus roén isin lo bagha sa aniú. As de ata linn ón ar atáithisi
for fíor agus atát an lucht oile for goí oga bhar ccuimriuch i ccarcraibh agus oga bar ndichendadh do ghaitt bar nathardha ndílis foroibh. Ata dna lansaoilechtain linn co neitirglefi an la sa aniu eiter fhíor agus gaoi febh atbert Morann mac Maéin an senárusc airderc "ni frith ni fuighbhither breithemh bus firiu cathraé" amail atchlos lind o ar ffiledhaibh agus do rionchoisccsiut dhúin ó chein mháir. Araill ann dna as asa dhaoibh bar nathardha feisin do chosnamh fri hainffine echtaircheineóil oldas athardha neich oile do thiomghaire iarna bar ttofann as bar ttír ndílis fil in bar selbh ó ré .3500. bliadan daoís domhain gusan laithi si aniu. Atbertsat na húasail agus na hairigh corbo fíor dona flaithibh ar fhuigheallsat. Ro ghabh greim doibsiomh an dúirghresacht do rónsat forna deighfheraibh uair atrachtatar menmanna na míledh agus aiccenta na nanradh goro lion bruth agus brigh agus ailges imberta arm Conaill Eoghain Airghialla agus Uibh Eachdach Uladh la haithesgaibh a fflath agus a ffiorchodhnach agus ro thingheallsat doibh na tiubhratais troigh for ccúlaibh agus no foidhemtais a naidedh for aonlathair riasiú robadh raon forra. Fath oile dna ima ro eirigh aiccenta na nóg. Atchoadhatar doibh coro thiorchan naoimhBerchán faidh Dé co ttiobartha cath an dú sin for Ghallaibh Duiblinne la hOedh Ó Néill agus lasan ccoiced archena uair ro thingheall co ttiocfatais ina thoirithin agus Cenél Conaill sainredh. Ro chroitset na curaidh na heperadh an fáidh naomh goa. asé ro fhoillsigh doibh cétus remhtherchanta an naoimh aroile fili airderc do shainmhuíntir Uí Domhnoill do rala ina fharrad foran sluaiged fri haireg tuile dhó Ferfesa O Cleirigh a chomhainm. Ro iomchomhaircsidhe cia hainm baoi foran maighin sin. Ro háisnéidedh dhó. Atbertsom gurro thairrngir naoimhBerchan sraoined for Ghallaibh an dú sin ria nAedh Úa Néll amail atrubromar agus gurbo meamhair lais fri re fhoda an tairchetal do roine an firnaomh agus ro ghabh acc gresacht agus occ laoided na
laechraidhe amail ba du dia ionntsamail co ndebhairt innso:
A ccath an Atha Buidhe as lais thuitfit na Danair íar ndíthugadh allmhuireach bid faoílidh fir o Thoraigh.
O thairnic dona maithibh a muinter do theccoscc agus do thréinghresacht ro suidighit ierttain ina nionataibh iomairgidhe fo erchomhair na nallmharach agus ro bhui urspraic forra ona flaithibh na rémhthíastais hi comdháil na nGall co ndusficcdis i ffail i mbatar cluidh agus clasacha agus úamhfhochladha talmhan ro chlaidhset an Gaoidelshluagh for ciund na nGall an conair in rob erdhalta leó a ngabhail. O ro chomhfhoiccsighset na Goill doib ro seindit a stuic agus a nadharca agus a ccaismerta catah gurbho hadhbar adhuatha agus urgraine daradaibh anffanna anárrochta agus do aos oirmeta anaichnidh coisteacht fri caismertaibh na ccath nechtrann. O do rúachtatar an sluagh Gall darsan ccedna lethanchlais lándomain ro claided fora ccind atraghat Gaoidil ina nagaid agus ro chomhghairset dhoibh go dighair dásachtoch. Rob eiccen dia ttosach anmhain re hiomghuin agus oirisiomh re himdhiobhragadh. Ro ferait froischetha fogadh nionnchaol nuirettrom doibh agus saighet sruibgher agus ubhaillmheall luaidhe. Gabhaitt na Goill occa ndiubhraccadsomh fon ccumma ccétna a coelghunnadhaibh certa cobsaidhe agus a muscaéitibh moralaidh go ccloss a ffúamanna agus a bfogharthormán i fedhaib agus i fáscoilltibh i coccuasaibh carrac agus hi cumhdaighthibh cloch na ccrioch ccomfhogus. Ro gonait ro crechtnaighit dirímhe don tsluagh cechtarda lasna coimdiubraicthibh acht nama ba sia amh ro soichtis diubraicthiu na nGall. Ba hedh airmimbert do ronsat na Goidil desidhe ro heisreidhit imna Gallaibh imaccuairt agus ro iadhsat ina niomthacmhang agus ro dhluthaighset a ndeabaidh frisna Danaroibh coro lásat na heitedha catha ro bui forra dianechtair agus an toes diobraicthi agus an óccbadh imechtrach inntibh ar medón coro
foirrghit na Goill deisidhe agus do diobhraicthibh na nGaoidel lá dlus agus doscoilte an daingin tsámhuighthi i tardsat a ttóisigh troda agus a nairigh iomairg íad. Rongab ferg agus lonnus an laechraidh for gach leith íar ccomoirt iar cciorrbadh agus iar ccrechtnugadh a ccarat agus a ccoigledh agus naosa ionmhaine fora nionchaibh. Batar athaidh fhoda agus re imchien foran abairt sin oc iomrubadh agus occ airlech aroile gurro tanaigedh tiugh agus tuinighthi an tsloigh Ghall agus gurro hoirbernadh a nairigh agus a nuasail. Oro dheonaigh an Fiadha forordha agus an Coimdhe cumhachtach cosgar agus cathbhúaidh an laoi sin dona Gaoidelaibh ro chedaigh do laech sainredach dona Gallaibh íer ccaithemh a mbui do phúdar lais dul gusan mbairille ba coimhnesa dhó dona bairillibh pudair batar for imochor aca i neitermhedhón an tsloigh do fhorlionadh a bulgphócóide doridhisi agus an tan ro righ a láimh gusan púdar ro ling mindrithle narba mór asan maisde baoi for adhannadh lais isin mbairille agus aissidhe in gach bairille co aroile gurro togbait i nionaibh agus i nellaibh aeieoir etarbhuas in roba comfhoccus don ionadh i ttarrusair eiter ógbaidh agus eachaib airm agus eidedh agus gach ní archena rob adhlaic leo do beith ar an lathair sin aca. Ro cumscaigedh dna an gonna mor bhaí leo for iomochor asan maigin i mboí gó aroile ionadh la treathan agus la tendaltacht an tiormphúdair ag trenlasadh co niulla nimhe. Baoi beós an tealach ina ttimcheall ina haoinmeall dorcha duibchíach go cenn athaidh íerttain co narbo herusa do neach uaidib aithne do thabairt for fhior dia mhuintir budhdein tar aon dia eccraittibh. Acht chena ro horta generáil an tsloigh Gall agus a ccuingidh catha .i. Henri Beging agus iliomat día núaislibh agus dia naireachaibh imaroén ris. Ro mheabaidh tra forsna Gallaibh lasodhain amail as gnaithbhes don tslogh fria netarscarthar a naireach catha agus a ccenn costadha agus comairle. Gabhait na Gaoidil aga leódh agus occa leadradh oga marbadh agus occa mudughadh na ndeisibh na ttriaraibh na fichtibh na ttriochtaibh na ccuiribh na ccédaibh go rangatar isteach tar na muraibh medhonchaibh i nArdmhacha. Imsáiset a nglaslaith agus a ngiollanradh
agus ro ghabhsat ag fódhbadh an fhianlaigh atrochairset isin ccath agus oc dichendad na druinge a robtar beoghaoite ann. Batar dírimhe a nédála derradhaibh anaichenta examhla. Airisit Gaoidil og iomshuidhe Ardamacha ind gach áird do chetheoraibh airdibh an bhaile conar leiccset neach inunn no alleth fri re teora noidhche cona laibh. I neacmaing na rée sin ro lasat na Gaill a ttechta do shaigidh na nGaoidel dia chuingidh chuca a chomairléccadh dhoibh derach an phuirt remhepertmar a mbatar a muinter i forbhaisi fri re fhoda agus co nairléiccthi dia lucht iomchoimhéda tocht slán dia saigidhsiomh co hArdmhacha iar bfágbáil an bhaile la hÚa Néill agus a chedugadh dhóibh díb linaibh soadh ina ffritheing a hArdmhacha. Do chotar na maithe do chrúdh a ccomhairle imon ccaingen sin. Atbertsat foirend díbh corbo hiomairgidhe a légadh dona Gallaibh imthecht ardaigh fágbhala an phuirt ar ba treimhidsidhe do rala etorra agus ro chuirset an cath. Ro gonta agus ro marbtha iliomat dia muintir agus ba cosccar mór leo a thrasccairt agus a chor dar cend. Do batar aroile dibh oga thairmesccsidhe agus occa rádh narbo coir na Gaill do thelgadh asna hiomchumhgaibh a mbátar agus na fuighbithe i néislis doridhisi dia nernaitis uaidibh an tan sin. Ara aoi sin as fair deisidh lasna maithibh fo dheoidh a légadh úaidibh. Ro naidhmedh ratha etorra disiu agus anall im chomall diaroile acht namá niro cheadaigset Gaoidil nach nerndail bidh archena arm ná órdanás púdar na lúaidhe do légadh la haon asan bport sin cénmóthá a thronc agus a arm do legad lasan ccaiptín bui ann. Fosragaibhset na Gaill lasodhain an port agus do ronadh a ffaosamh agus a ccomairghe go riachtattur co hArdmacha. Lotar Gaill dib linaibh ara bharach a hArdmacha gusan Iobhar agus dia ttigibh asendadh agus ro lásat airdmhes fora slogh dus cia lion do esta forra ó thudhchatar fora ttirus. Basedh a lionsaidhe febh atrimhet a neolaigh dí mhíle ar chóicc cédaibh imá ngeneráil co nocht ccaiptinibh décc imaille fris dúaislibh agus do dhaghdaoinibh. Acht atá ní chena atrulatar drong mhór dibhsidhe gan oidedh do ráith itíett crechtnaighthi agus atrímhet
día tteasbaidh amail na hí ro horta. An deachmad lá do August i nurthosach foghamair do rattadh an cath isin. Do dheachaidh tra Úa Néill Ua Domhnaill agus na Gaoidil archena dia ttigibh a haithle an chosgair sin agus bá slán lásna maithibh a menma gebtar ile i nesbadha agus níro la i sniomh nach i ndeithitin inro horta úaidibh úair nocha comhain cath fiora amail fil isin derbháruscc. Dála Uí Domhnaill baisidhe cona shlogh i ffos coléicc occ leiccen a scísi íarsan ccath sin an Átha Buidhe. Baoí dna dúnadh daingen dithoglaidhe hi ccoiccedh nAilealla isin cCorann doshunnradh Baile an Mótaigh a chomhainmsidhe. Batar Goill dogres fri ré theóra mblíadhan décc i forbhaisi isin dúnadh ishin dus an ttairsitis eill na criche ina comhfhochraibh ass agus niro cuimhgedh a ghabhail forra an airett sin. Rosfuairsett araill dona húaislibh diarbo toich an baile agus na feroinn robtar comhfhoiccsi dhó baoghal an bhaile gurro ghabhsat ar éiccin é forsna Gallaibh. Do Chloinn nDonnchaid an Chorainn na hí lásro gabadh. Cathal Dubh agus Tomaltach Óg da mhac Cathail Mic Donnchaid iaidsidhe agus ba dóib roba ruidhlius araoi ndúthchusa an dúnadh. Roba sníomh adhbal la Goibernóir an choigidh Ser Coneus Cliofort an baile do ghabáil fora mhuintir agus ro ghabh occ aslach Chloinne Donnchaid imon dúnadh do thabairt dhó doridhisi agus do rairrngir comhadha móra dia chind la taobh firdhilsi a forba doibh baddein agus dia siol ina ndeadhaidh. Oro haisnéidedh dÚa Domhnaill indsin ro tarcclomad a shlogh lais i mís September agus niro airis go rainic go Baile an Mótaigh agus ro ghab occ imshuidhe in baile og báigh og bubthadh for Cloinn nDonnchaidh feacht ann mana thabhradais an baile dhó budhdhein seach cách. An feacht noile nó bhíodh oga náil agus oga neadarghuidhe imó thabairt ndó dar cenn lóighe febh no brethaighfidis fein fair conadh fair desidh lasan cCathal agus lasan tTomoltach atrubhramar an baile do thabairt dUa Domhnaill agus dia chenél do shior ar ceithri ched ponnta agus ar tri chéd bó. Óro naidhmsiot
a ccura cechtar nae amlaidh sin do dheachaid O Domhnaill fochetoir cona shloghaib lais i nIochtar Maineach. Ro creachad agus ro coimhindredh i mboi fo mhámus Ser Teaboitt Diolmhain lais co ttartsat a shlogh leó a ffolartnadh do gach erndail edála archena go Baile an Mhótaigh agus do rat na ceithre chéd ponnta remhepertmor agus na tri chéd bó do Chloinn nDonnchaidh febh ro naisccset fair. Do bert O Dochartaigh Seaan Óg naoi ffichit ponnta don argat sin dUa Domhnaill hi ccongnamh. Do rattadh an baile iaromh dUa Dhomhnoill agus airisis ann iarttain. I neacmhaing na ree sin dothoet Mac Uilliam Teaboit mac Uater Chiotaigh do shaigidh Ui Dhomhnaill do chuingidh conganta sochraide fair dia nertadh i nagaidh a eccrat. Ro fhaoidhsiomh dréchta dermára dia mhuintir lais día amhsaibh agus dia oes tuarustail im Ua nDochartaigh Seaan Óg agus im Mac Suibhne mBoghuinech Donnchad mac Maelmuire Mergigh. Do dheachaidh iaramh Mac Uilliam riasan slogh sin go toí tóithenach gan airiugadh gan fhorcloistecht (acht madh beg) tre gach tír tríasa ttudhchatar co riachtatar na hUmhaill ar as ainnsidhe bui crodh agus cethra innile agus áirnéis Rainn Mic Uilliam uile durmhor. Ro leiccedh eisreided agus sgaoiledh da ffednachaibh díghaire diochoiscce ar fhud an tíre ina ttimchell goro theglaimset almha agus airnéis buar agus beochrodh na criche chuca do neoch nát buí for insedhaibh uisccidhe no for oilénaibh mara co mbatar a lordhaothain leó da gach cenel cruidh archena. Gerbhó sodhaing a ttograim ar thruime a ccreachghabhál rangatar gan guin gan gabadh cona nairccthibh agus cona nedálaibh co Tír nAmhalgadha agus Mac Suibhne co Tír Bóghuine agus Úa Dochartaigh co hInis Eogain. Ro leth tra an chomhghoil choccaidh fo chrich nErenn ierttain agus ro goiredh Íarla Desmumhan an ionbaidh sin la nert Gaoidel do Shemus mac Tómáis Ruaidh dar terthugadh Gall agus atracht isin ccogadh amail chach. Do Geraltachaibh a shlondadhsaidhe iar mbunadhus íer ngabáil ainmnighthe do
Geralt sainredh oro cettuismithi a chenél. A criochaibh Saxan do deochatar gusan insi día gabáil amail a cceliu agus ro aittreabhsat hi ccriochaibh Fer Morc fri Sionaind indes. Ro naidhmset a ccaratradh fri macoib Míledh ier ttrioll agus fogníatt dia nairbert bioth agus béstatadh agus bátor lán deinech agus daoideachaire fón iontsamailsiomh. Dusficctís loechradh Londan ar úair gusan insi la forcongra a riogh do fhollamhnacht na ttuath día ccongbhail fri dligedh co ttarttsat na Geraltuigh atrubhrumor fo dhaoire agus tarcusal amail Ghaoidela. Atraighset na Geraltaigh i ccogadh ina nagaidh fodheoidh. Ro toifnedh la Gallaibh iatsomh asan ccrich agus ro diobhdhait uile doraith acht madh beg. Aen dibsidhe an Semus mac Tomais Ruaidh ro raidhsem agus do ruimensett na tisadhsomh friu aran dinsem agus aran tarcusal i mboi aca agus do ronsatt brigh mbicc de uair ro bui mac na fiorfhlatha i ngiallnus hi cathraigh London .i. Semus mac an Geroitt do rinscain an coccad céttus m Semais m Seaain. Araoi sin do ghni an taoinDia rail don dercain agus breo tealcha don aoibhil agus araile dia samhlaighthibh. Ro thodhiusaigh bheós cenela íarna ndibdad fecht riamh. Imtha samhlaidh nírbo cóir do Gallaibh Duiblinne iongnadh de cia dognethe iarla do Shémus mac Tomais Ruaidh agus cia no thisadh friusomh daithe a eccraitis forra. Tiaghaitt dronga mora chuga for amhsaine agus do chongnamh lais a coigedh Medhba agus a coiccedh Conchobair mic Nessa. Atrachtatar éimh Gaoidil coiccid Gailian isin ccoccadh ón mud ccetna edhón siol Cathaoir Móir mic Felim Firurglais. Batar dirime a ccomramha agus a ccosgair dib linaibh do deabthaibh agus diomarghalaibh for Ghallaibh doirgnibh agus dadhantaibh agus do gabalaibh cruidh agus innile forsna tuathaibh bator foa mamus agus foa smacht robadh eimilt daisneis no do thuirium. Iomthusa Uí Dhomhnaill óro scaich lais gleodh gacha caingne ro remaisnedhsium ba hann baoi a airisiom agus a chomnaidhe i mBaile an Mhotaigh. Ba foda lais ro batar Spainnigh gan techt hi toirithin Fer Feine febh ro thingheallsat conadh
aire sin ro fháidh a thechta don Spáin deccaoine imnidh agus anfforlainn na nGaoidel fris an righ Pilib. Hi mi September i medhon Fochmaini do shunrad ro foidhit na techta. Ro thathamair an ti Pilib resiú do rionntaiset. Ni raibe isin chruinne scél ba móam uair ro leth a adbhchlos fon uile dhoman. Ma ro bui a aithghein dia eis isin mbioth as úadha feisin ro genair. Baoi tra O Domhnaill i foss i mBaile an Motaigh co feil gheine an Choimded agus ó thairnic lais an tsollamain do airmhitniugad amail robad dior ro teglomait a shloigh dia shaigid do dhul isin ccoiccrich agus ó do riachtatar co haonmhaigin foa thoghairm ro asccná co hinchleithi gan airiugad gan urfhogra do rochtain ríam go Cloinn Riocaird (geptar omhnaigh imeglaigh aitreabaigh na criche reimhibh) go rainic gan rabadh gan rathugadh hi crepuscul na maidne muiche co Cill Colgan. Ar rochtain do an dú sin ro sccaoilit a sceimhealta uaidibh da gach leith imon tír ina timcheall tria chertmedhon Cloinne Riocairtt siar go riacht drong dhiobh ind iomfhochraib dOirecht Rémainn agus aroile go Dun Guaire hi Coill O bFiachrach. Do marbadh agus do mudaighedh ile do doichenelchaibh agus do shoichenelchaibh leosoidhe. Itiet robtar airegdha dona soicheneloibh do rochratar ann Toirrdhealbach Buidhe agus Brian da mhac Rosa m Uaithne m Maoileachloinn Uí Lochloinn. Ro marbadh dna lasan tToirdelbach sin occa imchosnamh badhdein aroile do chloind nDomhnaill Galloglach baoi i ffarradh Mic Uilliam foran sloigedh sin Aedh Buidhe Óg mac Aedha Buidhe m Maoilmuire a chomhainmsidhe. Do marbadh bheos la druing oile do mhuintir Uí Dhomhnaill dá mhac Uilliam mic Seaain Ó Rinnmíl agus mac Teaboitt mic Dabóg o Dhoire Uí Dhomhnuill agus mac a mhic. Robadh ile fotha broin agus basgaire hi Cloinn Riocaird fobith a ttorchratar uaidhibh cenmothat na maithe sin. Erghabthar Mac Hoiberd ó Disert Ceallaigh .i. Uillíam mac Uillicc Ruaidh m Uillicc Oig la Maghnus Óg mac Aedha m Maghnusa derbrathair Uí Domhnaill. Ro leirthionoiledh crodh agus creachairgthe na criche ina ttaintibh troma toirtemla agus edala aidhbhle oile cénmothát la muintir
Uí Domhnoill gusan maighin a ttarrustair e badhdhein agus gebtar iomdha amhais agus ogbadh Iarla Cloinne Riocaird isin crich agus gerbo duiligh don tir a nainbreatha dfhulang ar dhaigin a nimdidin fora neccraidibh rug Ó Domhnaill cona shlogh na creacha leó gan troid gan tachar go tancatar ina nuidhedhaibh ionmalla imthechta go Baile an Mótaigh. Niro tiomairgedh coibheis na cutromugadh dona creachaibh sin do búar biodhbadh inn aoinfhecht riamh go sin gusan mbaile sin ó conrotacht cédus eisidhe. Tieghait slógh Uí Domhnaill dia ttigibh iarttain. An tan tra do rat Bainriogain Saxan dia huidh an choimheirge cogaidh do ronsat Gaoidil agus araill do Fhionnghallaibh Érenn ina hagaidh agus inro hortadh dia huaislibh agus dia hardmaithibh dia hogbaidh agus dia hamhsoibh i ccath an Atha Buidhe agus in gach maigin archena inro mudaigit a muinter sechnón Érenn ro la hi sniomh agus hi toirsi ndermair isidhe conadh fair deisidh le agus la Comairle Saxan Iarle of Essex do chur co hErinn isin mBeltaine ar cind gusan lion ced agus cathbhuidhen ba móamh innisit liubair do thocht i nErinn a Saxaibh riamh go sin. Hi fiorthús Februari ro trialladh indsin .1599. As aire émh ro cindedh leó an tIarla of Essex atrubhramar do fhaoidedh go hErinn tar aon eile dus an bad ferr a chonach catha oldas conach na foirne dusfangatar inte ón mBainriogain fecht ríamh úair ba hesidhe ceim iomarbagha na Saxan agus a rinn agha agus iomaircc agus ba tuairgnidh catha dia phrionnsa in gach maighin i fforcongradh fair dul isin Eoraip.
An tOchtmhadh Bliadhain, 1599. Dála Aodha Ruaidh Uí Domhnaill ba foda laisiomh ro batar a shlóigh occ leccad a scisi fri ré aoínmhíosa namá ara aoi ni fhittir sainredh caidhe an tionad i ragadh uair ni fhargaibhsiomh aird no airchend nait ionata innille hi ccoiccedh nAilella naro innrustair nó na tard geil agus aitiri uaidhibh cenmotha an mbloidh thire frisan Luimnech atuaidh ro tallta don choiccedh ó chein edhón gairbfherann Luighdheach Meinn m Aenghusa Tírigh dia ngaror Túadhmuma an tan sa. Gidh isidhe dna ba saigidh ughra agus deabhtha saigidh forna saorchlannaibh rusaitreabh .i. Dál Cais m Conaill Eachluaith m Luighdech Meinn sloinnter o Brian Bhóramha m Coinneittigh aniú. Robtar crodha cosnamhacha an ceinel ór chinset. Ba fer cumhaing mair an flaith rosfollamhnaigh úaisdibh i fechtsa .i. Donnchad mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain Íarla Tuadhmhumhan. Ba teann a ghuth agus a gniomh eitir Gallaibh Duiblinne agus gerbhat mora mifholta an cheiniuil dia mbui fri slogaibh Saxan agus é baddeisin do Ghaoidelaibh asé aoinfhear ba ferrdha fraoch misgnighe forcaomhnagair i ccrich nErenn og freastal agus fosadhchothugadh an chogaidh fri Gaoidelaiv ar forailemh agus ar forchongra Gall. Ba moide ómh saint agus ailghes Uí Dhomhnaill dinredh a thire na tesmolta hisin. Nírvó sodhaing dósomh an ní sin ar daingininnille a dluithfhiodhbaidhe agus a dithrebh doieolais agus a beilgedh biothfhoda bordchumag a haindreann agus a himdhoraidh imechtracha archena. Fáth eile bhéos imar dhuiligh a hinredh sidhe gémtais esinille a heochairimle agus a hinmedhoncha la hiomat a loechraidhe agus a lath ngoile agus ar dhiumsaighe agus innógbhail an ti ba forchongarthaidh forra edhon Iarla Tuadhmumhan. Ara aoi sin niro damair dÚa Dhomhnaill gan dul
dinredh na criche cipsi cruth. Do reglomtha a shlóigh lais co haonmhaighin go Baile an Mhotaigh ar ba heisidhe a dunarus o do ruaichledh leis a féil naomhMari mathar an Choimdedh isin mbliadhain remedeochaidh febh ro aisneidhsem. Donangatar tra cettus Cenél Conaill ina toichestal gusan du sin .i. a derbhraithri badhdéin Rudhraighe Maghnus agus Cathbarr cona sochraitte agus Aódh Óg m Aedha Duibh m Aedha Rúaidh m Neill Ghairbh m Toirrdelbaigh an Fhiona: Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaig m Magnusa m Aedha Duibh: Ua Baoighill Tadhg Óg m Taidhg m Toirrdelbaig: O Dochartaigh Insi hEoghain Seaan Óg m Seaain m Felim m Conchobair Charraigh: Mac Suibhne Fanatt Domhnall mhac Toirrdelbaigh (m Ruaidhrí) m Maoilmhuire agus Mac Suibhne Boghuineach Donnchad mac Maoilmhuire Mheirgigh m Maoilmuire m Néll. Tangatar beos ina thoichestal Maguidhir Aódh mac Conchonnacht m Conchonnacht m Conchonnacht m Briain m Pilib m Tómais agus mac Uí Ruairc Tadhg mac Bríain na Múrthadh m Briain Bhallaigh m Eogain íaidsidhe uile co lion a ttionóil. Tangatar ann din na hi ro hoirdnedh laisiomh i ttigernus a nathardha hi coigedh Meadhba Mac Villíam Burc Teaboitt mac Vater Chiotaigh m Seaain m Oiliverais: Ua Dubhda Thíre Fiachrach Tadhg m Taidhg Riabaig: Mac Donnchaid an Chorainn Rudhraige m Aedha: Mac Donnchaid Tíre hOilealla Muirghes Caoch m Taidhg agus Ua hEghra Riabhach Felim m Conchaisil: ietsomh uile co líon a muintire. Tanaig isin toichestal cetna O Conchobair Rúadh Aodh m Toirrdelbaigh Ruaidh m Taidhg Bhuidhe agus O Ceallaigh Ferdorcha m Ceallaig m Domhnoill agus Mac Diarmada Mhuighe Luirg Conchobar m Taidhg m Eogain agus sochaidhe oile cenmothat somh robad eimhelt daisneis. O do riachtatar na maithe sin cona sochraide i naendáil chugasomh go Baile an Mhotaigh ba fair desidh lais slúagh do legadh uadh i Rann Mic Villiam an airet no biadh badhdein
cona shlógh isin Tuadhmumhain agus ro ordaigh Mac Villíam agus Niall Garbh Ó Domhnaill i cennas úaistibh. A ndálasomh cédummus lotar ina ttuinntibh tromshlóigh on ccenn thoir do Goisdealbhachaibh co hUmhall Cloinne Giobún. Ro ghabhsat for innredh agus arccain a neccrat agus a neimhdheala in gach tír tríasa ttodhchator cona fuairset troid na tachar deabaidh no diobhragadh robadh ní doibh: ar diamtais folaidh lucht an tíre do chor friu día bfestais gurbho híad namá batar ann do deachatar i nutmaille moir menman agus ro bensat ceill día ccosnamh go comnert friú fobhith robadh dóigh leó O Domhnoill do bith ettorra ar medhón: uair ba derbh deimin la a biodhbadhaibh ciambadh sochaidhe doibh i naoinionadh ná bertais a chosgarsomh cembeith acht uathadh ina fhochair la haidhble an adhúatha agus na hurgraine an uiregla agus an iomomhain ro la fora easccairdibh in gach airm i mbatar. Do riacht imorro Mac Villiam agus Niall Garbh cona slógh co hoilén Leathardain agus rosfuabairset an baile go dighair dásachtach agus cia ro trialladh a iomchosnamh co ferdha friú nirbó torbha don lucht ro thriall uair ro lingedh da gach aird agus da gach airchend isin mbaile forra. Ro marbadh agus ro mudaigheadh ocht ffir dhecc do maithibh Cloinne Giobun co ndruing mhoir oile génmothatsomh. Ro creachairgedh an baile leo íerttain. Iomthusa Uí Domhnaill ro asgná ina réimim ionmoill imthechta gan seinm stuic gan comhghairm caismert agus ba súaill má ro rathaighedh itir (gerbhó díochumhaing do nach flaith oile tionchosg na ndrongbuidhen ndúr ndorrdha ndiúmsach ndoiedrána batar lais niro clos guth ná glór seiselbhe na sestan úaidib i conair triasa ttudchatar) go rangattor co Cloinn Riocaird. Ni haithrestar a nuidhedha gó sin. Do ghniet airisiomh im thrath nóna ar an Ruaidhbeithigh eitir Cill Colgan agus Ardrathuin. Adannat teinte agus tendála agus ro ghabhsat occ urgnamh a nairberta bith agus oc etromugad a menbholg iarna nastar imchian agus ria ttecht i cend mhórshaothair. Ba
dethbir gemtar scithigh occa nimfhedain ni badh sia an lucht donangator a hoirer Toraighe íer ttúaiscert agus ó Shrúibh Brain i nInis Eóghain. Ro bhaoi bheos araill do fhion agus cormaim na Spaine occa dhail forsna flathaibh batar isuidhe co ngabsat occ sainól for aroile gan nach nimegla ind imchian óa natharda hi crich a mbiodhbadh. Contuilset iaromh biucc go midhmedhón oidhche. Atrachtatar iaromh amail bidh eirghe naoinfhir la forchongra na flatha agus do dheachatar hi cend tseda agus imthechta tre ródaibh raoindirghe na criche go rangatar i muichdedoil na maidne isin cend toir do Choill Ó fFlannchadha do thriochait chéd Ceneoil fFermhaic i Tuadhmumain. Ro rann Úa Domhnaill a sceimhealta dia legadh uadha asan maighin sin. Do leig drong día mhiledhaibh traighthech im Thadhg Ua Ruairc agus im Mac Suibhne mBóghuinech isteach badhthúaidh i mBoirind Connacht cona elaitis creacha na Tuadhmuman tairis fo dhithrebhaibh na daingenBoirne agus ro dhálustair co heitirmhedón na criche chucca íat. Ro leicc an droing naile don taobh thes isteach co Baile Uí Ógáin na Coille Móire do Thulaigh Uí Dhedhaidh go dorus Baile Uí Griobtha. Imsáiset as sin badthuaidh go Druim Fionnghlaisi go Coradh Fhinde agus go Cill Ingheine Baoith hi ccomdhail Uí Dhomnaill. Ro smachtsomh forna drongaibh sin ro fhaoidh uadh gan inredh na orgain neimidh eccailsi na eladhan cipsi ait a ttochrathar chuca. Dothaot tra Ó Domhnaill badhdein co ttiugh agus co ttóthacht an tsloigh ina fharraidh tria lár Choille Ó bFlannchadha tre Bealach an Fhiodhfhail go Cill Ingheine Baoith i núachtar Dál cCais ria midhmedhón laoi an seachtmad la décc do mí Fhebhra do shonnradh. Do rattadh chuicce creacha Cheineoil Fermeic uile durmhor on Disert co Gleann Colaimb Cille agus go Tulaigh Cumann agus ó Chluain Soilchernaigh co Léim an Eich. Ni rainicc la Tadhg Ó Ruairc na la Mac Suibhne creacha agus comhaircthe Boirne do thabairt leó i ccend Uí Dhomhnaill an adhaigh sin arna ttiomarccadh agus arna ttiomsugadh doibh la a naidble agus la a niomaittlionmaire.
Do rala dna do Mhaguidhir co ndruing dia mhuintir ina fharraidh dol do chor chuarta isin ccoiccrich. Do reccaim dho fora chinn aroile duine uasal do shaorchlandaibh Dál cCais go rosgon agus ro ghabh ierttain Conchobar Ó Briain a ainmsidhe. Beiris Maguidhir lais é go dúnadh Conchobair buddhéin go hInis Uí Chuinn agus baoí an caistiall for commus Meguidhir agus ro an ind gó arabharach. Ro ghabh Úa Domhnaill longphort in adaigh sin hi cCill Ingheine Baeith agus ba heitirchían essraoite ó aroile ro bhatar teinte agus tendala a shloigh drong diobh i mBoirind Connacht agus drong oile i triochait chéd Ó fFermaic agus araill im Chill Ingine Baoith cenmotha an lucht naile ro batar im Mac Uilliam agus im Niall Gharbh Úa nDomhnaill i nUmhall. O rosfortamhlaigh soilsi an laoí forsna rendaibh aidchidhe atracht Úa Domnaill agus do bert a aghaidh for triochait ched Corcmodruadh go rainicc go Cill Fhionnabhrach. Ro leicc sgaoiledh da sceimhealtaibh badhdhes co hEidhnigh fon mBrentír fFermacaig agus cCorcamaigh go dorus Insi Diomain go Cill Epscoip Lonain go Baile Paidín agus tar a nais soir go Cill Fhionnabhrach doridhisi airm i mboi O Domhnaill. Tainig Tadhg Ua Ruairc agus Mac Suibhne Boghuineach go ccreachaibh Boirne leó dia shaigid gusan ionadh ccedna. An tan tra atchonnairc Ó Domnaill gach tealach agus gach dinn dia mbuí ina uirthimchell occa niomfholach do chrodh agus do chreachaibh (conarbo leir an talomh treotha ara dhlus ro daingendingit hi cend aroile lasan laechraidh ngruamdha ngnúsdordha batar ina iomthacmhang imaccuairt) asedh ro chinn aige soadh arabharach tria beilghibh biothfhoda baoghlacha na Boirne bennghairbhe. Airisis Úa Domhnaill cona shlogaibh in adaigh sin i cCill Fhionnabrach i mBaile Eoin Gabhann agus hi cCathaoir Beneoin ar ni chaomhnaccatar longphort do ghabhail i naoinionadh ar robtar lionmara a ccreachghabhala cruidh agus cethra broide agus búalmha agus dan bheos rob iomdha tigerna tire agus taoisiuch tuaithe cend céd agus cuire (roba dífhregra brigh agus borrfadh úaill agus ionnógbhail iomtholta agus aindiúmus agus lasar dhuiligh umhla no aidide do thabhairt do nach naón naile) batar foran sloighedh sin.
Dogniatt urgnamh a ffeisi agus a bproinde iarttain agus geibhitt og cnamhchombach for bhuar a mbiodbadh isin ccrich aineoil gan úamhan gan imegla acht amhail bidh ina ttir ndílis badhdein no beitis acht chena ro bhatar dronga sainredhacha i suidhe lásar dhoiligh an mídhiach agus an mhíimbert do bertsat for almhaibh a nesccarat do thabairt forsan ccrudh baoi leo ina naitreibh bhunaidh bhudhdhein. Ro thuilset an slogh ier proindiugadh dhoibh gurbo reil lanshoilsi an laoi arabharach. Diuchtrais Úa Domhnaill asa shúan agus ro ordaigh gan fhuirech na slóigh do asgnamh asin ccrich. Ro ordaigh a ngiollanradh a nglasláith agus a naes diairm i rémhthus na conaire cona ccreachaib agus cona nairccthibh agus cona nédalaibh archena. Ro ching fein co maithibh agus go roighnibh an tromshlóigh ina fharraidh i neitirmedon na conaire céttna i lurg na ndrongbuidhean ro ordaigh lasna creachaibh. Ro forchongair fora amhsaibh fora ógbaidh agus fora aos diubhraicthe airisiomh fo dhiuidh do dheabaid tara cceann dia ttista ina lenmuin. Lotar iaromh i mucha do ló i sedshlighthibh na senBoirne sair go seiselbhe moir agus go monghar nadhbhal. Ba fosaidh ionmall a nimthecht gan cudhnódh gan tinnenus ag iomain a ngroidhe agus a ngabhál uair niro chumhaingset imrim a neach tria chairrgibh cuarchumhga cogúasta corrainghéra na cruadhBhoirne co mbatar a ttraighthech mescc ar mescc frisan marcshlach co rangatar i ccend tséda agus imthechta a Cill Fhionnabhrach do Nuachongbhail don Turlach tria mhainistir Corcomodruadh tria Charcair na cCleirech co riachtatar i ndeoidh laoí gusan tuaith dianad ainm Medhraige anairtuaidh "frisan mBoirinn" gusan Rubha do shunradh i niarthar O fFiachrach Aidhne. Gabhait longphort hi suidhiu an adaigh sin. Adhannait teinti agus tendála agus aurgnait a mbíudh agus contuilset a suantairthim cottalta asa haithle co maduin. O rosionshorchaigh an la foran loechraidh atraghatt asa sccoraibh agus gabhaitt occ ascnamh na conaire sairthúaidh ina ndrongaibh agus ina mbuidhnibh for leith gan fhaitches gan uromhan. As aire ro batar na drongbuidhne for leith amhlaidh ar ná ruscumaisgtis a ccreacha fora cheile uair ro shelbaighset an slogh a saindilsi dhoibh ó rangatar tarsan mBoirind sairthuaidh. Niruo heiccen tóisigh conaire
ináit eolaigh sligedh riasan slógh ó sunn amach ar robadh coir iongnadh de dia mbeith fordol conaire for mhuintir Uí Dhomnaill ótha sin go Baile an Mhótaigh dóigh robtar ile a ccúarta isin ccoiccrich. Lotar arabhárach tri uachtar Cloinne Riocaird agus go dorus Baile Átha an Riogh. Ni haithrestar a nimthechta ó sin amach acht nama do rala Mac Uilliam agus Niall Garbh cona ccreachaibh ina ccomhdhail i leithimel Ó Maine agus dothaot cách uaidibh uile dia ttigibh go sédach somhaoinech menmnach moraigentach. Baoí aroile file foircthi fíreolach isin Tuadmhumain an tan sin. Ba saoí shenchaidh agus fir dhana eisidhe dollamhnaib an tíre dho Maoílín Óg mac Maoílín m Conchobair Mic Bruaidedha a chomhainm. Dusnáirthetar drong do shlogh Uí Domnaill araill do chrodh an fhiledh a ccuma na ccreach archena. Dothaot an file i ndedhaidh na gabhála co hairm i mbaoi Ó Domhnaill ar ba derbh lais oghaiseag a chruidh do fhaghbail úadha. Gebidh an file og fursannadh a fhesa agus a inntlechta fiadh an fflaith donfairnic fora chinn agus ag aireag tuile ndó agus atbert narbó nár no meabail do Dhál cCais ná do mhuintir na Bainriogan Ua Domhnaill cona shlógh do bhreith na ccreach sin leo gan troid gan tachar gan guin duine oga niomchosnamh úair ro thairngir an naoimhérlamh Colam Cille m Felim co tticcfadh Aódh do Chenel cConaill no dhighéladh for Dháil cCais díosccaoiledh gríanáin Oiligh agus araill dia chlochaibh do breith co Luimneach la Muirchertach Ua mBriain m Toirrdelbaig m Taidhg m Briain Bóraime agus atbert an file gurbo doigh lais gurbo hesiomh an tAodh hisin. Ro ghabh íerttain bloidh don tairrngire co nebert indsa:
Mo dhoire mo doiregan mhárus agus mhaireglan as mairg a Dhe tólaibh fer da bfuil a ndan a mhilleadh.
Ar nargain mo dhoire dil agus ar sccaoiledh mhOiligh o sin amach go brath binn ni ghebhdait Dal cCais Érinn. É digheolus mhOileach óg an tAedh groidheach don gharbhrod an corp sleamain clu gan goid an foiltleabhar a Fanoid. Budh é sin an tAedh Enghach da ngiallfait tuir na Temrach as a fhuigfes monar ngrinn oil gach cuicidh in Erinn agus reliqua.
Ba don airchetal adhmolta do righne an Maoilin cédna dÚa Domhnoill an rann sa:
Do baoi a ndán a ndioghail Oiligh a Aodh Ruaidh do reac an fáidh tocht do shluaigh co hiathMhagh nAdhair atuaidh iarthar cabhair cháigh.
Do rattadh iaromh óghaiseg a chruidh agus a chethra cona forthormach don fhilidh agus tiomnais ceileabradh dUa Domhnaill agus fagbaidh bendachtoin occa. Baoi tra Úa Domhnaill i mBaile an Motaigh i fos gan fecht gan sloigedh o dheiredh Februari go midhmhedhón samhraidh. Rugsat a thechta fair on Spáin i nurthosach Iuni agus long leo a mbaoi arm dí mhile laech do mhanaoísibh moirleabra agus do ghunnadhaibh glesoibne cona naidhilge agus cona naidhmibh téchta. Ro rannta i ndé agus do rattadh an rann tanuise dÚa Néill amail ba hiomairgidhe ar as déroinn no bhiodh for gach naisccidh dusficcedh día saigidh on Spáin agus basedh roba téchta dhoibh ó ré na sen ar níro dhlighset Cenél cConaill imfhorcraidh ó Chenél nEóghain acht techt ina ttionól an tan budh la Cenél cConaill righe nErenn agus Cenél cConuill do dhul ina ttionól somh an tan budh la Cenél nEoghain an righe.
Dala an airrigh ro bhaoi frí láimh an tSenaidh for choiccedh Olnécmacht Ser Coneus Cliofort ro gaibsidhe occ baigh agus bupthadh briathar for Úa nDomhnaill iar nindredh na Tuadhmhuman tairis agus ro thingheall tuidheacht gusan Sliccech co ndrongaibh dírimhe do laechraidh Londan lais condusfarccbad O Conchobair Sligigh ind daimhdheóin Uí Dhomhnaill agus nachasrelctis a réim dhosomh ni badh siriu. Deithbir ón úair tainic Ó Conchobair Sligigh a Saxaibh i nerrach na bliadna remhainn agus baoisidhe i ffarraidh Iarla of Essex tainic i nÉirinn im Beltaine na bliadna frecnairce febh ro comhairleigedh lasan mBainriogain agus lásan cComhairle a chor co hEirinn im fheil Brighde amail atgrubhramar reamhainn. Otchúalaidh Ó Domhnaill an tomhaithemh agus an tarcusal dothaot fochetoir diorma marcshloigh ó Bhaile an Mótaigh go ranaic gan anadh gan oirisemh co hÁth Senaidh ind aires a shloigh ar daigh a ttionoil chucca gan dichell gan erchoittmedh go mbeith i ffoichill an Ghoibernora Ser Coneus Cliofort agus an tslóigh remraitiu. O thangatár Cenel Conaill gusan Samhaoir airm a mbuí Ó Domhnaill tieghait táirsi i neitirmedhón samhraidh. Gabhaitt ag mallasgnam na conaire tar Drobhaois tar Duibh tar Maigh cCeittne na bFomharach. Ni buí cúdhnódh no tinnenus forra acht beith og tofann for aighibh allta oc áinius agus cluithe condustáirsedh sccéla an tslóigh echtrond. Nirbo cían doibhsiomh samhlaidh an tan atchúas dÚa Dhomhnaill go ttainic Ua Conchobhair go hinchleithe úathadh daoíne go caistíall Cuilmaoile ro bui for eochairimlibh abhann móire edh goirit ó Es Dara sairdhes agus go rug gabhail bhó ó druing do mhuintir Uí Dhomhnaill bator for ferghurt agus for ingheilt seachnón na criche chuga inunn don baile sin. Ni bhaoi eimh dunadh no daingenchaistiall innill dósamh nach fora ccommus badhdein isin crich uile cénmotha an taonchaistiall hisin. Fororchongairt O Domhnaill fora mharcshsluagh gan anadh fria miledhaib traighthech co ristis an caistiall cona tairgedh la hUa cConchobair deroch an dúnaidh résiu ríostais an slogh. La sodhain ro leabhluingseat an marcshluagh fora neachaibh go hutmall anbhsaidh uair ni lamtha urthúasacht a
bhreithresiomh. Lotar íerom feb ronuccsat día alaile agus gebit occ sporadh agus eachlosgadh a neach go mbatar og an mbaile. Doléiccet an slógh ina ndedhaidh gusan dúnadh. Ba daingen dithoglaidhe an baile buí suidhiu agus ba hinnill an tionadh a mbuí uair do rala abhann for gach leith dhe agus fiodh coilledh comhdlúta don taob araill don abhainn do regaimh fris atuaidh conadh aire sin narbo sodhaing gabhail forsan tí las budh menmarc fagbhail an dúine. Ara aoi gabaidh O Domhnaill longphort ar belaibh an fhedha agus ro thingheall na fuiccfed an iomshuidhe go mbeith O Conchobair agus Cuilmaoilí ara chommus. Dogniett an slogh botha agus belsccatha. Ro hordaighthi lucht feithmhe agus friothaire i noidhchibh agus i láibh imón dunadh for gach leith. do ronsatsaidhe dumacha críadh agus cloch agus dunchlaidh dímhora etorra agus aos an imthelcthi agus an diubhraicthe asan dunadh. Ro íadhsat samhlaidh for gach taobh dhe. Nó bítis droingdirmanna móra dia marcshlogh fora neachaibh isin fforaire o fhuined na nona co maduin naro elaidhedh Ó Conchobair uaidhibh i taidhe fholaigh na oidhche uair robtar buidig don aoinDia do bert chuca isin iomchumang a mbaoi. Ro leth co coitchend fo Éirinn Úa Domhnaill do beith occ iomshuidhe an bhaile for Úa cConchobair. Ótchualaidh Íarla of Essex Ó Conchabair do beith isin airc agus isin éiccen a mbaoi ba tochradh lais a chara agus a chomhrann cogaidh do beith isin ngábadh i raibhe gan a fhurtacht dia ttísadh dhe. Conad aire sin ro fhaoidh a thechta do thoghairm an Goibernora ina dochum go Feraibh Ceall do chrudh a ccomhairle an dú sin cidh doghendais im dhálaibh Ui Chonchobair. Do dheachaidh an Goibernoir fochetoir la forchongra an Íarla dia shaigid agus ro fhodhaimh gaibthi agus guasachta móra ag dul tria Fheraibh Ceall go ranuic bhail a mbaoi an tÍarla agus baoi dí oidhche cona láibh ina fhochair occ sgrudadh a ccomhairle. Do rat an tÍarla fuilledh sochraide don Ghoibernóir agus ro aithin de an tan tísadh co hAth Luain a mbuí do mhiledhaibh agus damhsaibh agus doés tuarustail fo mhámus bainríogan Saxan hi ccoiged Olnéccmacht agus a mbaoi beos do Gaoidelaibh i numhla agus i naidide dhi ón mudh ccéttna do thionol chuga co haoinionadh agus tocht
rempa dfhurtacht Uí Chonchobair for Úa nDomhnaill. Ro erb dan fair a fhorchongra for Theabóitt na Long m Risderd an Íarainn m Emainn m Uillicc agus ar Murchad na Maór m Domhnaill an Chogaidh m an Giolla Dhuibh Uí Fhlaithbertaigh agus ar eirghe amach na Gaillmhe an storús do biudh agus da gach naidhilge archena agus an aidhme denmha caisteoil tainic o Shaxaibh go Gaillimh do breith i lloinges lamh des fri hor nErenn sairthuaidh co Sligech. An Goibernoir gusan sluagh atrubhramar do thocht for tír agus Teabóid na Long gusan loinges sin na Gaillmhe do thocht for muir co comhraictis fri aroile i Sligech iar ccabair Uí Chonchobair a Cuilmaoili agus ro smacht din an tIarla for an nGoibernoir gan soadh for ccúlaibh co ndernta lais caistiall comhdhaingen agus cuirt clochaolta og an Sligech robadh cladh coigcriche agus robadh cliath ghabhála fri hUltaibh dogrés. O do bert an Goibernóir laimh imna caingnibh sin do fhorbhadh ro cheileabhair don Íarla agus ímsai ina fhritheing co baile Atha Luain agus ro fhoráil for Theaboitt na Long tocht an turus remraite feibh ro forchongradh fair badhdein. Dusficc íerttain co Rus Commain agus ba sniomh adbal agus ba hadhnár lais Ua Conchobair do bheith isin tennta anbfoill i raibhe agus a fhod ro baoi gan toirithin úadha ar ba heisiomh feisin ro aslaigh fair tocht do brath agus do thaiscéladh an tíre agus dfhios scél Uí Dhomhnaill acht chena nírbhó ní lais tocht co heisinnill anfhuirithe día fhurtacht dóigh ro iomomhnaigh cosgar agus cathbhuaidh aindiuidi agus amhainsi an fhir ro baoi fora chind. Ro cuiredh ieromh lasan nGoibernoir tionol agus teglamadh for a mbuí do Ghallaibh agus do Ghaoidelaibh umal don Bhainriogain hi cóiccedh Connacht do neoch ro batar ó Eachtghe co Drobhaois ind amhsaine lé. Itíet na fionnGhaill agus na Gaoidil donangatar i sochraide an Ghoibernóra clann Íarla Chloinne Riocaird .i. Riocard Barún Dúine Coillin agus Tomas cona sochraide Teaboitt Diolmain co lion a thionoil O Conchobair Donn Aodh m Diermada m Cairpre cona thoichestal agus Mac Suibhne na tTúath Maolmuire m Murchaidh Moill m
Eógain Óig baoi for fogail agus diberg ó Úa nDomhnaill i farraidh an Ghoibernóra. O rangatar an lucht sin uile co Ros Commáin co mbatar slógh dímhór danardha dúrchroidheach comba samalta lasan airrigh Ser Coneus nach baoi acmhang i ffrestail nach a ffregartha do dhaoinibh ag Ua nDomhnaill lotar iaromh a Ros Commain ocht mbratacha fichet co rangatar co Tuillsci. Aissidhe dhoibh go mainistír na Buille agus ro gabsat longphort hi suidhiu. Dala Teaboitt na Long agus Murchaid na Maor agus an loingis remepertmar ro sheolsatsaidhe lamh deas fri hor nErenn febh ro herbadh friú go rangatar i niomdomain an chuain frisan Sligech aníar. Airisit ainnsidhe amail dorionchoisgedh dhoibh co ffestais scela an tsloigh oile ro dhail chuca an dú sin. Tuirthechta Uí Domhnoill setal naile ó rainicc laisiomh an suidhiugadh do dhrud agus do dhluthugadh frisan dunadh amail ba menmarc lais gona leicthi neach inonn no ille aca agus na bui conair no esrus elúdha ag Ó cConchobhair asin ccaistíall do fhagaibh Niall Garbh O Domhnaill i tuisighecht an choimheda agus ro thionchoisg é im gach ni ba díor do agus ba sainsherc laisiomh do dhenomh dhó. Luidh feisin cona shlogh co Coirrshliabh na Seghsa agus gabais longphort i suidhe ar dháigh na tisadh an sluagh Gall thairis gan rathugadh. Buísiomh isin dunad hisin ón cédna fecht atchualaidh an Goibernóir do beith ag tionól chuga fri ré dá mhios co coig .x. August. Ro intshamlaighestair siomh é budhdhein on mudh sin fri Július Caesar an tan fosragaibh Decius Brutus ind iomshuidhe for chathair na Maisili agus do choidh feisin cona shlogh do thochar frisan dí airrígh ra batar fri láimh Poimp forsan Espain Petrin agus Aiffrin a nanmanna. Robtar subach soforfaoilidh muintir Uí Domhnaill fri reimhes an da mios atrubhramor ro batar isin dúnadh remhráite fri Coirrshliabh na Seghsa atuaidh agus geruho heitirchian úaidibh imfhedain agus tarrudh a lóintedh ni buí nach tesbaidh bidh forra frisin ré sin úair nirbo lugha oldat céd mile céimind imechuirtis araill dia lointibh for groidhibh agus eochaibh a hInis Eogain m Néill a Fanoit Tíre Conuill a
Goll a hIorgholl a purt Toraighe íer ttúaiscert. Nirbo heiccen laochraidh ná laith ghaile fri gaisccedh inait óicc armtha fri hursclaighe dar cend a mogadh nó a meanbholg acht asedh ba snádadh agus comairce dhóibh gille agus aradha agus daoine diairm agus lucht mighaisgidh agus miodhlachais agus ni lamhtha bein friú la huamhan Uí Dhomnaill arna forbriste a smachtchain. O do ríachtatar scéla go hÚa nDomhnaill Teaboit na Long cona loingess do thecht isin ccúan frisín Sligech atúaidh ro fhaoidh araill dia amhsaibh na ffrithagaidh na tistais for tír go mbatar isin port foa nerchomhair eneach i nionchaibh friú. Nísfargaibhsiomh dan fithisi inait conairedha náid easrusa elúdha o Loch Cé frisin Seghais anair go Loch Techet allathiar gan lucht feithmhe agus foraire forra na tísadh an sluagh seacha gan rathugadh cipindus. Atbertsat a thóisigh agus a threabhainn a chonsail agus a chomhairligh archeana ba tesbaidh mór día míledhaibh agus ba tanaitte a ccliathghabhala fri Gallaibh an scaoiledh agus an tesreidedh do ratt fora mhuintir .i. drong mhor dhiobh inn iomshuidhe an chaisteóil a mbui O Conchobair agus araill fri huchtbruinne an loingis imroráidhsiom aroile dhiobh acc coimhett forsna conairibh atchúadhamar. Do ratsomh for dáil mbicc agus for neifni fuighle na núasal agus na naireach agus atbert friú gurbo héiccen indsin agus ro raidh bheos gurbo seinbhriathar o chein mháir nach ar líon óg brister cath acht tri nert an Choimdedh agus secip neach thairisnighes isin Trionoitt asé as cosgrach agus chreides gurab é an taoinDia shoas foran sochaidhe bhíos for gaí ríasan uathadh bios for fíor. As imne atamaoidne inar núathadh for fior andar linn badhdein agus atát Gaill ina sochaide moir for goí ag goid bhar nathardha agus bhar nairbherta bith foraibh agus as usa dhaoibh co mór cathugadh calma seirigh séitrech do denomh tar cenn bar nathardha agus bar nanma an tan ataith ar bar ccomus fadhein agus bar nairm in bar lamhaibh
na an tan nobharbertha hi carcraibh agus hi cuimrighthibh iar ngoid bar narm foraibh íer ccoimchengal bar mball la cadhladhaibh cruaidhrighnibh cnáibe agus iar mbrisedh agus íer mblaidhrebadh araill dibhsidhe itibh beómharbh íerna bhar ccoimchengal agus arna bhar nacomal for fenaibh agus cartachaibh tria sraidshligthibh chathrach na nGall día bhar ttathaoir agus dia bar ccuidbedh. Bendacht uaimsi foraibh a fhiormhuintir. Tabraid in bhar menmain an duthracht chalma no biadh libh an tan no bértha an midhiach agus an drocháradhain sin foraibh (amail do radadh for ile da bar ccenél) gorab aniu isin lo bágha sa ricthi a leas cathugadh seitriuch do ghniomh do chosnamh bhar saoire daoibh a nirt bar lámh agus a cruas bar ccroidhe an tan ataid bar ccorp ar bar ccomus agus bhar nairm in bhar lamaibh amail na biadh eigin madh íat an sluagh Gall bus cosgrach. Na geibidh grain na imegla ria lionmhaire laochraide Lundon ná ria nallmardhacht a ninnill na a narm acht cuiridh bar ffreiscisi agus bar saoilechtain isin Coimdid forordha. As derbh lemsa dia ttabraidh da bar naoidh a nabruimsi fribh go sraonfithi for Ghallaibh agus combo libh cosgar. Batar na sloigh occ coistecht fri fuighlibh na flatha. Niruó duiligh dna dhoibhsidhe a chluinsin ceni beitis ind iomfhoiccsi ar airde a ghotha agus a erlabra. Ro gheallsat cach i ccoitchinne co ndiongnaitis febh ro fhorchongair agus ro aslaigh forra. Iomthusa an airrigh Coneus Cliofort boísidhe fri re sechtmhaine oc fúr agus occ foichill an erthrialla do roine fodheoidh. No bhidsidhe og baig briathar agus og tathaoir agus og tarcusal forsan tuaiscert gach laoi agus oga radh go rachadh día naimhdheoin tarsan slíabh badhthuaidh. Roi bhaoi samhlaidh go fel naomh Muire mathar an Choimdhedh isin cuiged la .x. do August. Ro gheallsomh an la sin sainredh go mbeith i longphort Ui Dhomhnaill ria nadaigh ier maidhm fora muintir. Basedh roba monar do mhuintir Uí Dhomhnaill frisin ré ro baoisiomh isin mainistir beith occa ttestugadh badhdhéin agus occa nellmhugadh for cend an chathaigthe agus i nerchomhair na herghaile ro dhálustar dia saigidh. Batar ag glaínniamadh agus ag gles a ngonnadh ag griosghoradh agus ag gríanad a ngranphudair
agus ag builglíonadh a pocóidedh ag coimhleghadh a ccaor luaidhe agus a nubhaillmheall niomthrom ag cróinnsmadh a ccraoisech ccruinnremhar agus a ccealtrach catha ag liomhadh a lanchloidhemh lethanfhoda agus a ttuagh ttáidhleach ttaitnemhach agus ag ullmhugadh a nairm agus a neittidh agus a naidhilge catha archena. No bhíodh cleirech condail craibhdheach agus sagart seghainn psailmchedhlach i farraidh Uí Dhomhnaill dogres fri hoiffrenn agus fri hiodbairt ghlanruine cuirp Crist agus a fhola agus ba gnaithbhes dhó tan dusficced for fecht agus for slúaigedh no cecip tan nó tomaithed égendail ghabaidh fair ro aoínedh tredhan agus ro attmadh a thargbhala dia anmcharaitt íar ttain do chíedh a pheactha fiadh Dia agus ro thochaithedh corp Crist asendadh. Ro aslaigh fora shluagh isin aimsir hisin aoíne fhele na hi naomhMairi do throsgadh. Ro celebradh oiffrenn do ara bharach agus don tsluagh archena do neoch baí isin longphort sin agus arroédsomh go maithibh an tsloigh imaille fris corp Crist co nairmhitin mhoir don Choimdhidh Iosa Crist agus dia naomhmathair isa fél do rala ann. O do bertsomh día uídh baigh briathar baronnborb an Goibernora ag tinghealladh tocht dia longphortsomh an adaigh sin ró ataigh Mac na hOighe ro bhuí foa bhruinne agus an Ogh feisin día ro aoín an lá ríamh ima himpidhe foran Athair nemdha agus fora Mac im chendsa chetus dia anmain agus ieromh diamadh edh nó dheonaighfe Dia dhó gombadh fair badh raón go bfarccboithi eisiom i neallach an chatha agus na tísadh for cculaibh coidche acht a díchendadh día námhait siú ro melachtnaighthi amail roba menmarc lásan nGoibernóir. Tieghait an slógh íar neistecht an oifrend dia mbothaibh agus puiplibh do thomailt a ttuara agus a praindi ria ttecht hi ccend morshaethair agus dan batar ocaraigh guirt ier naoine an laoi riamh doibh ar miadamlataidh do naómhMaire. Atraghat asa bpuiplibh co prapurlamh iar bpraindiugadh dhóibh co ffailte moir agus co subha la met na saoilechtan buí leó búaidh agus cosgar do breith fora naimhdibh.
Tieghait for reidh an mhuighe do thaisealbadh a sochraide i noenmhaighin. Ro rann Úa Domhnaill a muintir i ndé asa haithle. Ro lá a ghille diana deinmnedacha agus a ogbadh utmall anbfosaid agus a oés diubhraicthi for léith gona ngonnadhaibh gutharda gerradharcacha agus cona ffiodhbhacaibh tailce toinnmhíne agus cona fogadhaibh fuileacha foibrigthe agus gona nuilibh aidmibh imthelccthi archena. Ro ordaigh tuisich troda agus eccluinn imghona agus tuir congbhala catha imaroén friú go fforsmacht úatha forsna hoccaibh dia ndrud agus dinghe agus dia ndluthugadh i ccenn an chatha cona sraointe forro agus dursclaighe agus diomghuin tara neisi tan ba hanfhuirithi a naidhme diobhraicthi. Do ratta a úasail agus a airigh agus a fhorusocclaigh isin dara leith a chodhnaigh agus a chuingedha agus a threnfhir tairismeacha agus a ttuairgnidhe catha co cclaidhmibh daingne defhaobracha agus go mbíáilibh blathshnoighthi béltana go manaoisibh moirleabhra muirneacha go sleghaibh seimneacha siothfhoda fri fosugadh fedhma agus fri tairisiomh troda agus tachair. Nirbo hionad daighérma nó díainimrime an dú sin conadh aire sin do roine traighthech dia mharcshluagh a mesc a mhiledh. Íar nderoinn a muintire dÓ Dhomhnaill ro fhorchongair forsan dala rann diobh i mbatar an toés diubhraicthe go rémthiegtais gusan slógh nechtrond do thochar friú agus combtis íatt badh airidhi aigh agus iorgaile día nguin agus chrechtnuccadh resiú tíostais tar iomdhoraidh agus aimreidh an tsleibhe ar ba hasaite soadh forro fodheoigh díamtais créchtnaighthe uadhaibhsiomh i ttosaigh agus go mbeithsiom go ttiugh an tsloigh i naires dala foa nerchomhair do chath friú bhail in rob erdhalta lais a ngabháil. No bitis dronga dermhara do mhuintir Uí Dhomhnaill do ló agus dadaigh imaseach oc foraire for ionn an tsleibhe na tiosadh an slogh echtronn tairis gan ráthugadh. Do rala drechta dhiobh an la sin sainredh ann agus batar occ foircsi agus midhemhain na mainistrech úaidhibh agus na foirne batar inne. An tan ba glanruithneach an grian friú occ an bfairccsi atchíat an slogh ag airitin a narm agus occ turgbhail a meirgedh agus a mbratach agus a seinm a ttrompadh agus a ttápúr agus a ccaismert chatha. Ró láiset a scéla do shaigidh Uí Dhomhnoill go debadhach. Íar ccloistecht na sccél sin dÚa Dhomhnaill atbert frisan ffoirinn
ro ordaigh i rémhthus na conaire co ndianascnaitis remhibh do dheabaid frisan slogh resiu tístais tar moithribh an maighshlebhe. Lotar íaromh amail ro herbadh friú go nairde aignidh agus go menmanraidh miledh la gach aoinfher aca go rangatar for ind an tsléibhe co tinnesnach ríasna Gallaibh. Leiccis O Domnaill ina ndeadhaid co cobhsaidh céimrighin gusan ffianlach ffosaighthe agus gusna treinfheraibh tairisme ro thoghustair ina thimchell go mbatar isin ionadh erdhalta agus isin dú in robadh deimhin leo na Gaill do thochar ina ccenn. Airisit ainnsidhe foa nerchomhair. Iomthusa an tslóigh rémhthechtaigh ro ordaigh Úa Domhnaill isin tosaig gabaitt occ asgnámh na conaire hi ccomhdhail na ccath nechtronn co mbatar ucht fri hucht. Oro chomhfhoiccsighset diaroile do relccet na Gaoidil frosa fuileacha foithibh dfhoghadhaibh altchoemha uinnsionn agus saithe saighet sruibghér síaineiteach a fidhbhacaibh foda feidhmneartmara agus casaircheatha ccrunnchaor ccróidherg agus ubhaillmheall luaidhe a gunnadhaibh ceirtdírghe caolradhairc. Frisninnlethar ó ogbaidh na Saxan dia samhlaigthibh fon ccumma cétna do gran aoibleach griosghortha glanlúaidhe a gunnadaibh glésoibne agus a craosmhuscaetaibh cogúasta cíanfhoghracha combtar emhnaighthi na himthtelcthi etorra desiú agus anall go cclos a ffúamanna agus a ffregartha agus a ffogharthoirneach i ffoithribh agus a ffiodhbadhaibh a ccaistíallaibh a ccumdaigib clochdha na ccríoch ccomfhoccus. Ba machtnadh mor na digsiot aes oirmeta agus aradha for dremni agus dásacht la coistecht frisna caismertaibh catha agus fri mac alla agus torman an treindiubraicthe. Ro créchtnaighit curaid agus ro loititt loechrad for dib leithib leo combot lir bomanna egha matan gaimhridh ind ath forsa ttaot diorma ag diainimrim lamha agus leithchind agus laarga na loechraidhe for gach leith na mbruirigh blodhtha agus na conaimhredib combrisde ó chasarnaigh caorshoighnén cceirtleghtha crunnlúaidhe agus la froischethaibh fogadh flannrúadh foibrighthi agus saighett sruibhfhoda slinnchorránach agus gach airm imtheila ccthe archena. Atbertsat a ttoisigh troda agus a nairigh iomghonfri
muintir Uí Dhomhnoill gan airisiomh for ionchaibh na nallmharach acht go ttairmchealldais íad for gach toeibh do thochar friú. Lasodain ro iadhsat iompaibh for gach leith amail ro forcongradh forra agus gabhaitt oga ndiubhraccadh agus occ deabaidh friú go deinmnedach dichoinnircil coro láiset a neitedha catha intibh ar medhón la dlús agus deine na deabhtha. Cidh fil ann tra acht ro dhilsighset na Gaill fadheoidh a ndromanna do threinfheraib an tuaiscirt. Do rala O Ruairc tigerna Breifne Connacht an tan sin alla anair don Choirrshliabh i longphort for leith. Ro thingeallsaidhe dUa Dhomhnaill beith ind urfhoichill na nallmarach dia bfúabairt a ccuma cháigh secib tan no fhoiberadh somh cona mhuintir íad. Otchualaidhsidhe buiredhbhéiceadh na ttrompadh agus na ttapúr toirneach agus talamhchumhscugadh an tréindiubhraicthe atracht asa longphort cona loechraidh lais agus tuargaibhsiot a niodna catha forra agus niro ansat dia reimim go rangatar gusan maigin i mbatar muinter Uí Domhnaill ag gniomh an iomairg. Gabhaitsiomh occ claidhmead na ccuradh a ccumma chaigh agus occa ndiobhragadh go ndiccset rempa ina roén madhma gusan mainistir remraitiu do neoch ro chumaing rochtain a nanmann leo. Niruo háilsedhach ro theichset for cculaibh ar niro dhéch aon úaidibh for charaid ina for choigeile ina dhiuidh agus andar lásan tí ba toisencha díobh as é bhudhdein robadh deidhencha don tslógh uile. Ni rainig la muintir Uí Domhnaill airleach an neich ro fhedfadaois ar lionmaire an lochta ro theichset ann agus ar úaite an tslóigh batar ina leanmhain ar ni rangatorsomh gusan ttuinnte sloigh a mbuí O Domhnaill an tan ro sraoineadh forra lasan ccédna buidin ro hordaigheadh laissimh i nurthosaigh na conaire. Rosfargaibhset na Gaill araoidhe iolar cenn agus fodhbh lasna feindeadhaibh. Do marbadh dan an Goibernoir Sir Coneus Cliofort i nurthosaigh na hiorgaile go ffargaibhthi faon ina lighe foran sléibh agus é beoghaoíte agus ba hainffios dona hóccaibh cia rucc a chédghuine acht namá ba hubhaillmheall luaidhe do chóidh treimhit agus ni tharttsat
a noig aithgne fair co ttoracht Ó Ruairc fodheóidh gusan airm a mboí agus atgnia guruo he an Goibernoir agus fororchongart a dichendadh. Do ronadh íaromh gurbo tamhan tesggerrtha tornocht iar mbeim a chind de agus iar na fhodhbadh. Robadh móirécht an tí torchair annsin. Ba duiligh droichdhiach dimirt fair agus niruó maith la Gaoidealaip an choigidh a oideadhsiomh uair ni epreadh goi friú agus ba fer tiodlaicthe séd agus maoine doibh é. Iar tternamh do oés an mhadhma gusan mainistir iompait muinter Ui Domnoill ina ffritheing agus gabhait occ fodhbadh an fhianlaigh ro mharbhsat agus og athghuin in oesa beóghoeite foghabhdais isin armaigh agus oga ndichendadh. Tíaghaitt dia scoraibh iarttain co ffoilte moir agus co subaighe agus tugsat altugadh buidhe a ccosgair don Choimdidh agus ro machtnaighset go mor a lúaithe ro mheabaidh forsna Gallaibh agus aidhble a nuaille agus a mborrfaidh occ saigid na hiorghaile agus a nderghensat do bhaigh briathor agus do thomhaithem forrosomh. Ba se aonglor na sochaidhe coleicc amail bidh a heinghion nó epértais nach a niort iomghona do sraoineadh forro acht corbo hi eatarghuidhe a duilemhan dÚa Dhomhnaill fótruair iar ttochaithemh glanruine cuirp Crist agus a fhola dho hi tosaigh an laoi hisin agus iar naoine ind onoir nahi naomhMaire an lá ríamh. Robadh dleacht dínsemh an tsaóghail a dalaibh an Ghoibernóra ar do bertha a chutromma dór agus dargat ass mattain an laoi hishin diambadh hi cimbidhecht nó beith agus an corp críadh asa ttiubhartha an erndail ionnmusa sin ni daoinleith ro gabadh laisidhe in nóin an laoí remraite dóigh rugadh a chorp día adhnacal co hOilen na Trionoide for Loch Cé i mbaruntacht Muighe Luircc hi contae Rosa Commain agus a chend go Cuilmaoile i mbarúntacht Thire hOilealla i ccontae Sliccig hi ttaiselbadh dÚa Chonchobair. Iomthusa na nGall iar ffilleadh úaidibh do muintir Uí Dhomhnaill do leiccet hi cenn tséda go tinnesnach for teicheadh in dorúaraidh diobh go rangatar da ttighibh fo mela agus mheabhail. Fosaighit muinter Uí Dhomhnaill ina
puiplibh agus ba saimh contuilset an adaigh sin iar mbreith cosgair dia mbiodhbadhaibh agus iar marbadh a ccuingeadh catha agus druing mhoir do aireachaibh agus do uaislibh imaroen ris cenmothá i ttorchratar do mhileadhaibh agus dóccbaidh ina fharraidh. Adhnaicit muinter hUí Domhnaill inro hortadh úaidibh agus doberat leighe góa noes gonta agus ótchualatar soadh dona Gallaibh friothroscc tíaghaitt go caistiall Cúilemaoile bail i ffarcaibhset ind imshuidhe for Ua cConchobair. Ro haisneideadh dhósaidhe cathraoineadh Coirrshleibhe for Ser Coneus Cliofort agus a thuitim la hUa nDomhnaill. Ba dichreidmeach lais indsin goro taisealbadh cend an Goibernóra dhó. Ba doghailseachsomh de sin agus ro ben ceill dia chomfhortacht asan ccarcair i mbui conad eadh do róine techt for eineach Uí Domhnaill agus a oighríar o gach mudh do thabairt dhó. Ba daghairle dósomh ón a chodach agus a charadradh dershnaidhm fri hUa nDomhnaill ar robtar meince a chuarta i ccoigcriochaibh agus go sainreadhach i ccricchaibh Saxan dus an bfuighbeadh cabhair no comfhortacht dia nertadh i nagaid a esccaratt an tan sin nó an ccaomhsad ionatocht nó aitrebh a chriche no a chaomhfhorba acht chena ni chaomhnaccairsiomh indsin coro nenaisg a mhuinterus fri hÚa nDomhnaill don chur sa. Ba feirrde dhosomh on agus ro tharmnaigh ní dho agus día thir hi ccoitchinne an caradradh hisin ar do bheart Úa Domhnaill dírimhe do bhuaibh deochaibh agus dinnilibh agus da gach cenel cruidh agus arbha archena i congnamh dUa Chonchobair conadh friusidhe rus cédaitreabh a thir cidh íerttain. Tuirthechta Teabóit na Long atchúas dósaidhe fon ccuma chettna sraoineadh forsna Gallaibh agus toitim a nairigh agus O Conchobair do thabairt asin caistiall atchoadhamar. Ro chinnsiomh occa ina menmain gan frithbert fri hUa nDomnaill ní ba siriu agus ro nenaiscc a charatradh fris iertain agus do roine a shith agus conrairleicc don loinges remhraite iompudh for cculaibh gusan nGaillimh doridhisi. Ro sai Ó Domhnaill cona muintir dia ttigibh íar mbúaidh ccosgair agus ccomhmaoidhmhe. Robtar menmnaigh cédfadhaigh Gaoidil don chur sin agus robtar mifiri meirtnidhe muinter na Bainrioghan.
Dala Ui Domhnaill baoisidhe i ffos iarsan ccaithgleo sin athaidh a mBaile an Motaigh agus athaidh oile i Leithber i nDún na nGall agus i mBaile Atha Seanaigh og aireag toile agus occ ainius gan sniomh gan deithide gan uamhan gan uiregla do mhuir nach do thir fair andar lais. Amein dósomh o thosaig foghamair go mis December. In eacmhaing na ree sin do riachtatar techta dia shoigid co bfios scel leo co mbuí damhna deabhtha eitir Mac Uilliam Teaboit mhac Uateir Chiotaigh agus Teaboitt na Long m Risderd an Iarainn. Niro fhodhaimh Úa Domhnaill gan dul do shiodhugad etarra co lion slóigh agus sochaidhe agus ó do dheachaid do dhuthaigh Cloinne hUilliam ro gairmitt na maithe remhráite ina dhochum agus iar neistecht fochainn a nimresna dhó ro riaraigh etorra combtar siodaigh fri aroile ara fhorchongrasomh. O thairnic lais ernaidhm an tsiodha ro ghabh ailghes do chor chuarta i Cloinn Riocaird agus ó ro asgna for a ionchaibh ní dheachaid tar Úarán Mor isteach don dul sin. Baoi fri re theora noidhche cona láibh i ccampa isin Machaire Riabach agus hi comhfhochraibh na Gaillmhe. Do radadh i mbaoi do chreachaibh o chomhladaibh an baile mhóir amach dia shaigid daimhdheóin luchta na cathrach fadhein. Ro dolbhaitt sceóil iomdha asa los don chur sin gurro líonsat a mbaoi ó Ghaillimh co Leim Concculainn duamhan agus duiregla do choimchriothnugadh agus do chridheanbhás Uí Domhnaill ar andar la gach ndruing dhíobh agus la gach taoiseach triochait chéd ba si a thuath budhdeisin cedna no oirgfeadh agus ba sé a dhunarus robadh longphort dÚa Dhomhnaill cona shlogaibh iarna orgain leo. Acht chena nirbo hamhlaidh sin do rala doibh doigh ro fhill Ó Domhnaill dia thir afechtsa. Batar trá a mbuí hi ccoigead Uladh uile an tan sa ina linn láin ina ttapar techt agus ina ttuineadh téigle gan gúais gona ná gabhala eighmhe na foireigne creiche na catha forra a haonaird dÉirinn agus eagla an choigidh for gach entir ittir. Ro thochaithestoir O Domhnaill ind aimsir asa haithle i sadhaile agus hi soinmhighe co tosaigh samraidh ar ccind gan saigid vor neach gan neach do shaigidh fair Anno 1600.
An Naomhadh Bliadhain, 1600. (1600 an 9 bliadain in marg.) Inn eacmhaing na rée baoi siomh i fos ro teglomadh slógh lanmor la hUa Neill do dul do chor chuarta isin Mumain. Do rala Máguidir Aódh for an sloicched hishin. Ni hinister a nimthechta co riachtatar tar Corcaigh agus tar Laoi badhdes gurro gabsat lonccphort eitir Laoi agus Bandain i ccoiccrich Musccraighe agus Cairbreach. Aon dona laibh (gar beag ria ffeil Patraicc) dia ro ghabh comtholta agus accobhar Máguidhir dol do indredh na ccríoch ccomhfhoccus febh roba bes dho dogres tan no theighed i neachtairchriochaibh goro thairmcheimnigh direim marcach agus traighthech asin longphort agus niro hanadh leó co rangatar dorus Corcaighe agus aissidhe co Rinn Chorrain dúnarus an Barraigh Oig hi Cenel Aodha. Soaitt ina ffritheing isin lo chetna co ccreachaibh agus gabhalaibh iomdhaib co naro chumhaingseat muinter Mheguidhir rochtain gusan longphort an adaigh sin ar aidhble a nédála o do bo heigen doibh airisiomh in gach airm a ttarusair dorchata na hoidhche. Maguidir dan basedh ro chindsidhe saigidh an longphuirt an adhaigh sin cipindus. I madain an laoi sin inro fhágaibh Maguidhir longphort Ui Neill ranuicc fios scel co Corcaigh go Sir Váram Salender (baoi ind ionadh Presidens da choigedh Mumhan) Maguidhir do deirghe an longphuirt amail fosragaibh agus an leath i ndeachaidh. Nirvo heislisech ro freccradh na sccela sin la Sir Váram uair ro esccomhla fochettoir go ngasraidh ngruamoinigh ngrodurlaimh do mharcshlaigh merrdha mhisgnigh míorunaigh goro suidighit agus goro samhaighitt ina srethettarnaidh seoilchelge isin enach indill erdhalta in roba derb leo Maguidhir do thochur ina ccenn. A mbatar ann conacatar Aodh ina ndochum con uathadh marcsluaigh febh robu lainn leó. Nirvo fora niomgabail do choidhsiomh gervo forreil do fora chind iatt siu do
deachaid ina ttrechunuscc acht ionsoigidh foithibh co dían dasachtach amail faolchoin fó chaorchaibh no leomhan fo mhathghamnaibh coma rala dosomh agus do Varam agus ro ghabhsat occ iomrubadh aroile dia foghadaibh seimreamra seicrighne aithe uillennfhaobracha gurro threghdsat co tiachair troimchrechtach a cele co ttorchair fodeoidh Sir Varam Salender la Maguidir amail ba bés bunaidh dhó buaidh a bhiodhbad do bith occa in gach airm hi ttochraitis fris go sin. Do rochrator tra coiccer do aireachaibh agus do dhaghdhaoinibh oile la a aonlaimh cenmothatt daorchlanna agus daosccarshluagh. Acht chena ro fortamhlaigh an tsochaidhe for an uathadh fodheoidh gurbo heiccen do Mhaguidhir maighean an iomairicc do iomghabhail as e tretholl treghdaighthe ar snidhe agus ar siledh a fhola ina cróilinntibh cro dara chrechtaib sechtar ar ndith a nirt agus a niadhachais ar scithlim a luith agus a luathlamhaigh. Nirvo cian do choidh ierttain an tan naro fhodhaim dho gan tairbling dia eoch la taimnellaibh agus enirte agus do bert a uillinn faoi fri fod faoinlighe. Do riachtatar iaromh fiogracha an ecca agus dorchata an bhais i ndochum an daighfhir co nerbhail gan fhuirech an 13 Mart. Ba damhna éccaoine hi ccoicced Conchobair mic Neasa uile an daghdhuine do esda annsin agus ba diol a adhmolta i lleith frisna dalaibh domhanda. Ba suairc seghainn soerlabrach ba duasmor deigheinigh derlaictheach cennais carthanach fri cairdibh níata nitheach fri a naimhdibh fer na tard troightheiched ria nuathadh no ria sochaidhe dia bhiodhbadhaibh oro ghabh a laocharma gusan laithe hisin fer na deachaid a cliathach no a cathlathair gan guin no marbadh duine fear ro mharbh ro mhudaigh dréchta dírime agus cinnteach ar eccindteach don ainffine eachtaircheineoil frisa mbaoi ag cosnamh agus ag cathugadh ag imdhiden a irse agus a atharda co ttorchair leo don chur so. Ba hara bharach ier rochtain sccél dia saigidh fuairset a muinter budhdhein agus muinter Ui Neill corp an chaoimhfhir gurro hadhnaicedh leó é íarttain i cCorcaigh co miadach moronorach amail robadh dior.
Soais Úa Néill dia thigh agus ba ferr dhó féin agus do choiccedh Uladh archena na deachadh isin turus sin cidh fodháigh oidhedha an aoinfhir sin do sgar friú don chor sin. Ro fhás imresain agus esaónta anffóill isin samhradh ar cind hi Feraibh Monach eitir Conchobar Ruadh m Conchobair Meguidhir agus derbrathair an Maguidhir isa hécc ro iomraidhsem Cuconnacht Ócc m Conconnacht m Conchonnacht im chennus na criche. Conchobhar tra ba toich dó aireachus agus airdchennus Fer Monach araoi naoisi agus sinnsirechta ciodh riasan Aedh Mháguidhir fadhein do rochair amhail atrubhramar agus an tan ba doigh le Conchobar (andar lais) ná baoi frithbert imon ccennus íar nécc Conconnacht athair ind Aódha as ann ro gairmedh a ghairm fhlatha do Aódh la Domhnoll m Aodha m Magnusa Uí Dhomhnaill (ríoghdamhna Cheneil cConaill) athaidh fhoda riasan tan sin. Robadh lanshaoileachtain lasan Conchobar Ruad remhraiti gomad lais cendas don chursa a llos a shinnsireachta a aoisi agus a oirbertais a charadraidh agus a choimfhialusa fri hUa Neill ar ba brathair dhó eisidhe i rainn a mathar doigh robtar di shiair diaroile a maithre dibh lionaibh agus rob edh an ccedna aoininnethemh menman agus aigenta baoi ag Ua Neill feisin cona chomairligibh archena. Do choidhsiomh do shaigid Ui Néill do chuingidh forlamhais a athardha. Dothoett din Cucondacht Ócc on mudh cettna airm i mboi Ó Domnaill dacaoine a eccumaing fris. Ó ranaic Conchobar gusan dú i mboi Ó Néill ro faoidhit litre agus techta do thoghairm Ui Dhomhnaill dia chedugadh dhó Maguidhir do oirdnedh isin fflaithes úair rob omhan lais barainn agus fergluinni na harchon anglondaig do brosdad fris mana comairlecced an chaingen hisin do agus Cuconnacht Ócc no neach oile dia chenel do oirdned i ccendus criche Monach dara erghairesiomh. O rangatar na teachta bhail i raibhe Ua Domhnaill ni tard i ffoill a ttoscca acht do deachaid dirim mharcach agus troicchthech do roighnibh a muintire imo derbrathair Rudhraighe agus im Choincondacht Ócc agus niro hanadh leo go rochtain doibh gusan dú i mbaoi Ó Néill cona mhaithibh
imbe ag crudh a ccomairle imon ccaingen chedna. Oro thairblingsim for iorlainn an dúine (.i. Dún genainn) ro erb fora chaoimthechtaibh oirisimh ina naonbroin aighthidhe for leith uadha. Ro fhaoidh Ó Neill a shainmhuintir agus a thairisigh do fhiadhugadh na flatha dusfainicc agus dia thochuiredh chucca do reladh a chomhairle dhó dus an ccaomsadh a chealgadhsomh tria chaonGhaoidheilg for aon airle fris feisin. Dosficcsimh fochedoir agus robtar subaigh sofhorbfaoilidh cechtarnae dibh fri aroile. O ro dheisidh Ua Domnaill i farradh Uí Neill geibidsidhe for fursandad agus foillsiugad dUa Dhomhnoill na cesta agus na caingne forcaomhnagair agus ag tabhairt for aird gach tuccaide ro baoi for menmain dó im roba comadais lais tigerna do ghairm do Chonchobar Mhaguidhir. Iar mbeith dhósomh seatal ina thaoi ag coistecht fri fuighlibh na flatha Ui Neill atbert fodheoidh narbho tol do cipindus oirdneadh Conchobair isin cennus dóigh ba daoinleith agus daonrann la Gallaibh Duiblinne agus lasan ainffine echtaircheneóil no biodh do bhunad i nagaidh Ghaoidel an choiccidh agus ná biadh a thairisim asa dhílsi tria bhithiu. Niruo slan la hUa Neill a menma don fhregra hisin do bert Ó Domhnaill fair ar ro fhittir narbo sodhaing frithbert na frithtagra fris im nach caingen fo ttardadh laimh. Do deachatar na flaithe do fhledhugadh do shainól agus do aireg toile asa haithle. Ro suidhigedh an tegh nóla iar nurd Ua Domhnaill eineach i nionchaibh fri hUa Neill agus Conchobar Mhaguidhir for a laimhsidhe agus na maithe ier na ttechta archena. Geibitt na dáilemhain occa ffriothaileamh agus frestal iarttain. An tan tra ro ghabh Ua Neill an airdigh go ffion ina laimh ibhidh dhigh for O nDomhnaill. Geibidh Ua Domhnaill an ccuaigh a laimh an dáileaman agus ro shill seacha. Do bert luathchuairt dia rioghrosg seachnon na taghdhaisi imaccuairt agus nicon faca Cuconnacht Ócc isin tigh agus ona faca ro forchongair a ghairm chucca fochedóir. Do ronadh fairsiomh indsin agus iar ttorrachtain do ro erb fair suidhe for laimh a dherbbrathar Rudhraighe for miodhshlios na bruighne i neitirmedhon a mhuintire. Oro dheisidh Cuconnacht ro ibhsimh an ccuaigh cotongaibh ina
durn ind airett sin fair agus dogara an anmain as Máguidhir dhe fiadh maithibh an choiccidh hi coitchinde gan ceaducchad gan comhairleccadh do nach aon lasar mhioscais a oirdnedh i nionadh a dherbbrathar agus a athar riamh. Rugsatt as an adaigh sin sochaidhe diobh go subhach soimhenmnuch agus araill fo mhuich meanman agus doghailsi fodheigh an oirdnidh atrubramor. Oro ghle an la cona lanshoilsi arabarach tiomnais Úa Domhnaill ceileabradh dUa Néill agus dona maithib archena agus dothoet feisin agus Maguidhir cona muintir dia ttighib co menmnach moraigentach asa haithle. Otchiad Senadh Duiblinne naro chumaingset cosnam coiccid Medbha fri hÚa nDomnaill ier sraoinedh catha an Belaigh Buide agus íar marbadh an Goibernora amail atcúadhomar agus iar nindredh dosom na ttúath filett frisin Luimnech agus frisin Echtghe atúaidh gach tan ba tol dó agus oro acaoínset na hiarladha batar forsna tuathaibh ishin i nimnedh frisin Seanadh, asedh arriocht leosaidhe dfhostad Uí Dhomhnaill ina thir a comairle na níarladh remraite tasccar murchoblaigh moir do thochar for muir i mbatar sé mile fer doccbaidh armtha eidighthe gusna haidhmibh batar toisccidhe dóibh eitir biudh agus arm. Ba la bainriogain Saxan agus lasan cComairli archena do rionsganta an coblach sin do chor co hEirinn im fhel Patraicc doshonnradh an tan ro hordaigheadh Lord Montyoy ina Iustis os Erind. O do ríachtatar an coblach remhráite a Saxaibh co hAth Cliath i mi April doshonnradh ro faoidhitt aissidhe iarttain gurro sheolsat lamh chli fri hor nErenn anoirtuaidh fri heochairimlibh criche Bregh agus Midhe allathoir do Thrian Conghail Chlairingnigh m Rudhraige co riachtatar eing i neing i lurg áonluincce co Loch Feabail m Lodain coro ghabhsat port i nInis Eoghain m Nell do rochair co Cenel cConaill ó chein mháir agus as doib robtar fomhamaighthe an tan sin. An 10. Maii do ríachtatar an dú sin. Ó Dochartaigh an taoisiuch no bhiodh forsan Insi fri laimh Uí Dhomnaill dogres agus ba sé
ainm a taoísigh an ionbaidh sin Seaan Óg m Seaain m Felim Uí Dhochartaigh. Ba tuir catha ar chalmatus eisidhe agus niruo saindilsi forba do neoch a thochradh ima thir dia ndamtha fir fer no coimhlion dó. Ro baoi caistiall beg náruó mo la hUa nDochartaigh for ur an locha inn iomchuimge an chuain .i. an Chúil Mhor. Ba fás esidhe an tan sin uair ba hesinnill fri fosugadh a nagaidh namat. Airisit na Gaill ainnsidhe agus tuárgaibset mur daingen dithoghlaidhe imón caistiall agus foragaibhset araill ann dia slógh. Do-dheachator drong oile diobh goro ghabhsat i nDún na Long hi nduthaigh Uí Chathain. Doíeghat a nermhor cenmothát indsin gusan Doire nairrderc in ro bendach an Colaim cendais agus an céle De Criomhthann m Felim m Ferghusa m Conaill. Ro thoccaibhset na Gaill dunchluidh dímhora agus daingenmuir criadh imon mainistir agus imon daimliag an cédna fecht. Doghniatt fithisi agus fothuill talman isna muraibh agus tuir troda uaistibh co ffeinestribh agus forlésaibh forra fri diubragadh estibh. Ro claidhset clasacha comhdoimne imaccuairt ina nuirthimcheall dianechtair. Ba daingni co mór agus ba hinnille oltátt na cúirte clochaolta agus na cathracha frisi ccaiti re fhoda agus saothar dermair occa ndenomh. Asa haithle sin ro blodhsat an mhainistir agus an doimhliag agus ni thartsat onoir no airmhitin don fhiornaomh gan aidhmilleadh a mbaoi dobair ecclustacdha isin mbaile co nderghensat cubachla agus codailticche diobh agus araill fri proindiugadh inntibh. Henri Docur ba hainm don toisiuch baoi leó. Ridire airdheirc eisidhe go ttuaichle agus treabhaire co namhainsi aiccnidh. Ba rinn agha agus iorghaile. Batar na Gaill re fhoda nachasrelicc omhan Ui Domhnaill doibh techt tar na muraibh sechtair acht edh mbeg agus no bittis dronga dermhara dhiobh hi ccaithfheis gach noidhche ar na tarta ammus forra coro lionaitt do shoeth agus galraibh la hiomchuimhge an ionaid i mbatar agus la helscoth agus la tes na sine samhrata. Ro thathamair iolbhuidhne dhiobh fodheóidh cidh riasiu ro heittirdhelighitt a soethu friu. Oro airigh dan
O Domhnaill ietsomh foran abairt sin agus a nemhthathoigidh asna scoraibh sechtair la homhan agus iomfhaitches do ruimin occa cionnus no beradh tathaoir agus tarcusal forro agus do ghenadh fodhail agus bricch mbicc diobh dus an soifitis for ccúla agus an bfarccbhatais an port a mbátar conadh e airecc arrainiccsiomh dia ndimhigniugadh dol ar sloiccheadh i ndesccert choigidh Meadhbha dinnredh na ttuath batar for gach taobh don Echtghi agus na Túadhmhuman sainridh. Deithbhir on. Robtar iad na hiarladha atrubhramar diarbo hathardha an du sin (amail remhebertmar) rosforcongair for an Senadh agus foran mBainriogain an toichestal tromshloigh sin do thriall agus do thochar chugasomh dia fhostadh agus dia iomfhuireach ina thír agus ba híad ro thaisccel agus ro braith don Bainrioghain agus do Chomhairle Saxan gurbo henach agus essrus gabhála eitir Cenel Conuill agus Eoghain an coblach rémhraite do thochar go Loch Feabhail. Ro chinnestair O Domhnaill a chomhairle samhlaidh dul do aithe a eccraittis forsna híarladaibh remepertmar agus fosraccaibh toeisiuch na hInnsi fadhein fri huchtbruinne na nallmharach (.i. O Dochartaigh) agus i foichill forra na tiostais dinredh na criche. Ro fhagaibh dan beos Niall Garbh Ua Domhnaill agus araill dia shlogh ind iomshuidhiu forra frisan Insi allaniar etarra agus Triucha chéd Enna m Neill. Ro fhaoidhestair a thechta ríamh go Gaoidelaibh coiccidh Meadhbha dia fhorail forra i mbeith fora chind i mBaile an Mhotaigh. Donangatar Connachtaigh uile o Shuca co Drobhaois agus ó iarthar Thire hAmhalgadha co Bréifne Uí Raghallaigh go mbatar occá fhurnaidhe isin mbaile sin inro dhálustair friu. Itiet robtar aireghda dusficcet isin toicheastal hisin: tainig ann Ó Ruairc go mBreifne Connacht .i. Brian Óg diarbo hathair an Brian ro hortadh i Londain. Tanaig ann O Conchobhair Sligigh Donnchad m Cathail Óig gusna tuathaib filet frisan cCoirrshliabh atúaidh go muir na fhochair agus Mac Diermada Mhuighe Luirg .i. Conchobar m Taidhg m Eogain m Taidhg go Maicne Maoilruanaid na fharraidh. Tainig ann Ó Conchobair Rúadh
.i. Aodh m Toirrdelbaigh Ruaidh m Taidhg Bhuidhe m Cathail Rúaidh. Nisrelicc a noman dona huaislibh batar hi comhfhochraibh na nGall tuidecht isin toichestal sin ar ba héiccen doibsidhe airisiomh occ imdhiden a nathardha arna hoirgtis Gaill a ttír dia néis. Dothaot ann tra Mac Uilliam Burc Teaboitt m Uateir Chiotaigh agus cenib do Ghoidelaibh dhó ba duthaig dfhior a ionaid cia no thíosadh úair batar a shinnsir riamh agus an cenel dia mbaoi fo chíos do Chenel cConaill m Néill ónd úair ro gabsatt na Burcaigh for fhoirb Amalgadha m Fiachrach. Ba hiomairgidhe dhoibhsiomh cie no eirnitis a ccios dO Dhomhnaill agus ni ba coir ingnad de doigh ba brathair do Chonall m Neill an ti Amhalgaidh mac Fiachrach agus roba comhalta beos ar ba he Fiachra m Eachdach Muighmhedhoin ronoil an ti Conall. Tarcclamtha din a shlogh la hUa nDomhnaill i mi Jun doshonradh co ndiccset dar Samhaoir sruthmaighrigh tar Drobhaois tar Duibh agus tarsan Sligech go rainicc go Baile an Motaigh airm i mbatar Connachtaigh oca fhurnaidhe. Ro ching ierttain cona shlogaibh don Chorann tre Magh Aoi an Fhindbheanndaigh do Chloinn Chondmaigh tria Chrich Maine m Eachdhach agus tria orlar Cloinne Riocaird gan cath gan cuinnscle gan guin duine chuige na uaidh an airet sin. Ro ghabh oirisiomh i niarthar Cloinne Riocaird i noirecht Remainn im thrath nóna día sathairn agus ba heisidhe an satharn ría fféil Eóin baoi foran mairt ar ccind. Rainig rabadh agus rémhfhios rempa i tTúadhmhumhain acht ara aoi ba doigh leo na tairmthiasadh Ua Domnaill asin maighin hi ttarrusair go madain dia lúain. Nirbo headh sin do roinesim acht eirghe ria muichdhedoil maidne dia domnaigh iar neistecht oifrinn dósomh agus dona maithibh batar ina fharraidh. Ro asgna íaromh cona shlógh dOireacht Remainn tar Sliabh nEchtghi inghine Ursccothaigh m Tinne
do Chenél Aódha do Chenel Dúnghaile agus do Chloinn Chuilen Úachtair go rainicc tar Forghus síar ria midmhedhon laoi día domnaig conadh ann ro ghabsat airisiomh don taobh tiartúaidh do Chluain Ramhatta agus dInis. Ro loiscced agus ro hoirccedh Inis co léir agus co lomardha lásan slogh cenmotha an mainistir namá dia ro erfhuagair Ua Domhnaill comairce agus cádhus do thabhairt ind onóir an Choimded. Ba hann do rala dÍarla Túadhmhuman (Donnchadh m Conchobair Ui Briain tigerna Tuadhmhuman) beith isin ionamm sin do dhechaid Úa Domhnaill cona shlogaibh isin ccrich i cClúain Ramhatta edh mbeg allathiar dInis co nuathadh sloigh ina fharraidh narbat lía olttad da chéd laoch a líon. Otchúalasomh monghar an mhórshloigh agus sesdan na sochaidhe agus trethan na ttrombuidhen agus fogharthorman an lúathlamaig a gunnadaibh glanaillne gerradharcacha seachnon a thire ina thimcheall agus na forloiscthe forreile foirlethna ro leth in gach aird agus in gach aircheann ina imthacmhang náro chumhaing danacal no dimdeghail basedh do roine asccnam co nuathadh buidhne co hionfhoilgidhe la hor an Fhorghais siar cech ndireach febh as innille forcaomhnaccair co rainicc gusan cClar. Ba dia bailtibh longphuirt siomh an baile ishin agus ba daingen dithoglaidhe eisidhe ceni beithsiom cusan líon ro baoi imdhiden. Iomthusa Ui Dhomhnoill o rainicc co hInis ro leicc scaoiledh da sgeimhealtaibh imón tír ina thimcheall. As fairsing forleathan airccthech ionnsoigthech ro scaoilset na merdronga mera menmnucha sin o aroile ar ro cuartaigedh agus ro creachloisccedh leo ría noidhche othá Craig Ui Chíordhubhain i niochtar na coigcriche i ttriocha ched na nOilén co Cathair Murchadha hi Corca Baiscinn Iartharach go dorus Chille Muire agus Cathrach Ruis agus an Magha ind Uibh Bracain co dorus Baile Eoin Gobhann hi Corca Modruadh agus Boithi Neill hi Cenel Fermaic. Rob iomdha tra daothain daghduine úasail no tigerna tíre do creachaibh agus do chethraibh agus da gach erndail édála ag buidhin chethrair no chuiccir do muintir Ui Dhomhnoill hi tuinidhe tuir no thuim cairrgi no coilledh i
Tuadhmumain an oidhche sin ar rob eigen doibh airiseamh in gach maighin a ttarusair capardhorcha urthosaig na hoidhche íatt. Gabhais Ó Domhnaill longphort an adaigh sin for bru an Fhorghais allathiar do Chluain Ramhoda. Ba dunarus airdheirc eisidhe agus ba hiostadh flatha don tí no biodh hi cennus na criche. Atraghat an slogh (dia luain an tsainredh) co fosaidh ionmall asa bpupallbothaib agus asa mbelscáthaibh agus gabhaitt occ asgnámh na conaire tar fiartharsna na Tuadhmumhan sairthuaidh gach ndíreach doirther Ó cCormaic durlar Ceneil Fermaic agus don Boirind breacalbaigh go rangadar hi fuinedh néll nóna co mainistir Corca Modhrúadh agus co Carcair na cCleireach. Do batar an robtar deaithe día slogaibh car an chaomlaoi hishin ag túr agus ag taisteal gach tíre ina ttimcheall co naro fhagaibhset ionatocht na aithtrebh rob ionmhaoidhimh gan losccad gan leirscrios isin ló cetna. Atraghatt na sloigh i nurthosach laoi día mairt. Docoisliut ieromh cona ngabalaib agus cona ccreachaibh leó do shaigid na Carcrach agus ger vo trom a ttoichim agus ger bho hionmall ind imthecht la haidhble a ninnile agus a ccreachghabhal ro fhagaibhset beilge bernchairrgidhe na banBhoirne dar a neisi. O ranccatar mendatta maighreidhe Medhraighe ro ghabhsat foss ar Cnoc an Gherrain Bain eitir Chill Colgan agus Gaillimh. Ro eitirdhelighset a ngabala re aroile iarttain coro shealbaig gach drong fo leith diobh a saindisle do bhuar a mbiodhbad dinnile agus dédail a neccrad agus ro ghabhsat ara bharach ag díorgadh agus ag dluithiomain a coda creiche i sedshlighthib senchoiccidh Sreing mic Senghainn. Nír vo foda an reim ruccsat isin la sin ar roptar scithigh iarna morshaothar occ tocht tria belghibh bélchumgaibh na Boirne agus ni mó ro phroindset no ro thuilset i sáimhe in adhaigh riamh ar ba dóigh leo co ttiocfadh Iarla Tuadhmhuman co lion a muintiri ina lenmhain agus na lurg dia bfobairt isna conairibh cuarchumhgaibh triasro chingset cen co ttorracht ittir. Gabhaitt longphort i comhfhochraibh doibh an adaigh sin oro laiset a nomhan diobh. Ni deirghenset fianbhotha nait foirgnemha la tes na sine samhrata
acht ro hadhannaitt breóitheinti buanlasamna leo agus ro ghabhsat a lucht frestail agus friothalmha a ferchoicci agus a fferthighisi a ngille agus a nanradha ag combach agus ag combualadh og cosccairt agus ag cnaimgherrad búair a mbiodhbad durghnamh a bprainde dia naireachaib agus dia narduaislibh coro thochaithset a ffesdithett agus contuilset i saimhe asendadh oro laíset a nimeccla dhiobh. Atrachtator an slogh asa súantairthim cotalta isin camhaoir agus tiaghaitt hi ceann tseda agus imthechta. Ro chomhairleicc O Domnaill do Mac Uilliam cona muintir agus don lucht dosfainicc a hiarthar an choiccid fo a thoghairm soadh dia ttighibh. Do leig e feisin sair cech ndireach isna conairibh coitchenna go ranuicc ria ndeoidh laoi co Conmaicne Chuile Tolaidh i neitirmhedhon an choigidh. Gabhais longphort hisuidiu an adaigh sin agus airisit ann go ara bharach. Ro fhorchongair iarom O Domhnaill fora muintir a ninnile creiche a mbu agus a ccethra agus a nedala archena do leigen uaidhibh dia ttighibh a ngiollanradh agus a naos diairm agus gonta agus araill dia slogh do leccedh leo. Doieghatt gan fhuireach febh ro herbadh friú. Conrairleicc dÚa Ruairc cona muintir tuidhecht dia ttigibh amail chách. Do raegha Ua Domhnaill coicc ced laoch go seasccait marcach do roighnibh a shloigh agus ro erb forra airisiomh ina fhochair badhdein go mbatar ag cumhsanad agus og legen a scisi isin longphort co híarmedhón laoi. Lotor ass asa haithle agus gabaitt tresan ccoigedh sairdhes co dian deinmnedach agus co taoi tóithenach do ló agus dadaigh go ranccatar co Loch Riach i ndorblus na maidne muiche ara bharach. Ba heisidhe port aireachais agus iostadh flatha Iarla Cloinne Riocaird. Do leiccet a scceimhealta co sgaoilteach da cech leith diobh dindred na criche. Doionalat a baoi do chrudh agus do chethraibh ina ccomfhochraibh agus do bertsat leó co haonmhaigin co mbatar a ffolartnadh fria niomlúadh agus fria niomáin leó. Tiaghait reimibh iartain tresan ccoiccedh sairthuaidh gur gabsat longphart inn imeal an tire frisan Suca andeas adaigh an domhnaigh doshunradh. Airisit ainnsidhe co matain an luain. Docomhlat as iarttain tar Ath Liag fFind
forsan Suca agus tre Magh nAoi mic Allghuba go rangatar gusan Seghais in thrath nóna. Gabhaitt foss frisan abhainn atuaidh an adhaig sin. Docomhlatt ara barach tar Coirrshliabh na Seghsa agus triasan cCorann co Baile an Motaigh conadh aissidhe ro scaoilset na maithi dia nduinibh agus dia ttighip cona nédalaibh iomdhaibh. Dusrelicc Ó Domhnoill scís dia amhsaibh agus dia áos túarustail o Iul co September gorus tochuir chucca doridhisi dus an ttédairsedh boeghal forna Gallaibh ar atchuas dósomh gurbo gnaithbes do gredhaibh na nGall tocht gach laoi darsan urdrochat baoi for ionchaib Doire badhthuaidh do inghealtraidh for ferghurt fásaigh baoi fora nerchomhair co nuathadh marcshloigh dia forchoimhed. Baoisiomh iarom oga scrúdadh agus remdhecsi ionnus no beradh muin imna Gallaibh do gaid a neoch forra conadh si airle arriocht lais do raegha drong mhór dia mhiledhaibh agus dírim marcach nat bat lugha oldat se chéd a líon eiter traighthech agus marcach. Do bert lais iádsaidhe asa haithle co dichealta i ndorchata na hoidhche goras fágaibh i neadarnaidhe i nucht allbhruaigh iomdhomain ro baoi isin maighshliabh do rala for ionchaib an Doire atúaidh bail inro badh foderc doibh muinter an baile agus nach ba forreil do chach íetsomh. Ro lá úathadh mbeg dia mharcshluagh i nionattaibh ionfhoilgidhe i nathfhoccus don bhaile i nedarnaidhe forsna heochaibh agus fora nóes forchoimheda cona soittis a neachradh for ccula doridhisi secip tan tístais gusan bférgurt atchúadhamor. Batar samhlaidh co hurthosach an laoi. Atchiatt an echradh chuca darsan urdrochatt cona náes forchoiméta febh ro ghnathaighset. Atraghatt marcshluagh Uí Dhomhnaill dóibh dara neisi agus do ratsat ammus calma for lucht an choimhetta. Ro ghonsat araill diobh agus atrulatar aroile úaidhibh la deine agus utmoille a nérma. Gabait muinter Uí Dhomhnaill occ iomáin eachraidhe na nGall foa ccumhang. Ticc Ó Domhnaill gusan slógh tárrustair ina fharraidh dia ccomhfhurtacht agus atnaghatt an echradh reimibh. Ro forchongair Ua Domhnaill for druing dia mharcshluagh dul
lásna heocha amail as déine coniocfatais agus gan airisimh frisiomh itir. Do ronta íaromh ind sin. Anais Ó Domhnaill fodheoigh agus an do raegha dia mharcshluagh ina fharraidh agus a mhiledha traighthech archena. Ótchiatt na Gaill a neocha do deliugadh friú atraghat i noibne dia ttarrachtain agus gebhitt a narma agus doleiccett ind deadhaid Ui Domhnaill. Ro leabluing an generáil Henri Docur for a eoch agus ro leabhluingsett an marcshluagh archena do neoch oga rabattar eich agus rosfost i nionattaibh innille agus naro hettarsccartha friú. Doíeghatt isin tograim amail as deine conrangatar. Otchonnairc O Domhnaill marcshluagh na nGall for díainimrim na dhedhaid airisis dar éis a miledh traighthech cona diorma marcshloigh ina fhochair co ruccsat marcshluagh na nGall fair. Doberatsaidhe ammus diochra danardha for hÚa Domhnaill dar cenn a ccreidhe agus do chosnamh a neinigh diblinaibh. Fosaigis O Domnaill co dédla durchroidheach frisin deabaidh agus ferthair iomaireg amhnaus etorra cechtur an da leithe co mbatar an marcshluagh cechtardha mesc ar mescc agus gora gabhsatt for iomrubadh agus for imdhiubragadh aroile co coimhdhiochra. Do rala Aódh mac Aódha Duibh Ui Dhomhnaill agus an toiseach Henri Docur tul i tul fri aroile isin iomghuin. Tarlaic an tÓedh Úa Domhnaill an fogha foghablaigthi báoi ina láimh ar ammus an tóisigh co ttarla hi ttul a édain gan iomroll dó corus gon co haicher. Soais an tuiseach frithroscc ierna threghdadh samlaidh agus soaitt na Gaill archena fo mhela ier nguin a ttreinfhir tairisme agus a ccuingidh catha agus niro ghlensat a néccrait niba siriu. Tieghaitt muinter Ui Dhomhnaill dia scoraibh íarttain agus atrimhett a ngaillgredha gan guairemh. Fuilledh ar dib cédaibh each basedh a líon. Rannais Ó Domhnaill iett asa haithle forna húaislibh iarna míadh agus comramh. O Domnaill tra baoisidhe i forbhaoisi forsna Gallaibh gan fogluasacht asa thír co deiredh October. Do ruimenair ainnsidhe dul gusan Tuadhmhumhain doridhisi dia hinredh. Tarcclomtha a shlogh lais iar ccinedh a chomhairle agus niro airis co rainicc darsan Sliccech siar agus fosráccaibh Níall O Domhnaill
mac Cuinn m an Chalbhaigh m Maghnusa dia gheilfhine badhdein dara éisi isin ccrich dia comhdha forsna Gallaibh na tiostais dia hinredh ina dhiuidh. Ni andais Gaill dogres acht occ áil agus occ atoch ag gresacht agus occ guidhe Néill Uí Dhomhnaill co hinchleithe im thocht ina mbáidh agus ina muinterus badhdein agus do rairngirset righe agus cennus na criche dhó diamtais cosgrach agus ro thingeallsat ndó frissin seóitt iomdha agus maoine mára agus cuir agus tennta fri comhall gach neith archena. Baoi siomh dan athaidh foda occ coistecht frisna comthaibh sin ro both agá neráil fair condo ratt a ainshen fair fodheoidh a áentugadh dul daoinleith agus daonrann la Gallaibh agus a breccadh agus a thoghaethadh la a ttingealltaibh goacha agus la miairle ind oesa feigh foruallaigh ro greis agus ro aslaigh fair an chomhairle hisin. Mairg menma ro iomráidh. Mairg croidhe ro sgrud. Mairg tenga do rionchoisg an airle aindiuid ainíarmartach misgnech mhíorúnach ro cogradh don chur sin. Mairg brathair ro threicc a chorpfhine agus a choimdid talmhanda a chairde agus a chomhfhuilidhe ar dhul hi cleith agus hi ccomhaontaidh a éccrad agus a esccaratt. Monúar ámh nach daoinleith ro iomáinset agus do bertsat a mbáire ar nírbho soirbh agus niruó sodhaing a ttolladh ná a ttreghdadh a ttacmhang na a ttimchealladh an ccein batar i ccora agus hi caónchomrac fri aroile. Do deachatar tra a thriar derbraithreach lá Níall isin coimheirghe sin .i. Aódh Buidhe Domnall agus Conn Ócc. Batar din na Gaill hi riachtain a leas Niall cona braithribh do dhul dia nionnsoigidh úair roptar scíthigh meirtnigh hi caithfheis agus hi ccathchongraim gach noidhche la homhan Uí Domhnaill agus robtar sáothaigh galraigh la hiomchuimge an ionaid a mbatar agus lasna biadhaib senda senbholaidh agus lasna feolaibh saillte serbhghoirte agus la teasbaidh gacha túara ba hadhluic dhoibh agus na húirfheóla sochaithmhe sainredh. Ros airchis Níall Úa Domhnaill im gach ni bá tesbaidh forra agus ros fúasccail doibh asin ccumangcharcair i mbatar. Do bert .x.c. laoch lais úadhaibh co Leithbher naoi míle ceimenn ón Doire siar gach ndírech for ur an locha céttna. Ba dúnarus
airderc dÚa Dhomnaill an du sin agus ba heisinnill an ionbaidh sin uair ni baoi dunadh daingen ná caistiall clachaólta ann fri ré fada oro blodadh fecht riamh acht madh dúnchladh dinnim iarna imdhenamh do chríaidh agus dfhóttaibh an talman agus coelchlais édomain uiscidhe ina imthacmhang oc iomfhuirech agus og esnadhadh fri haithghein an dunaid ro baoi ann fecht riamh do thurgbail ann ifrithisi. Fosraccaibh an toés coimhéda an port fás la homhan oro rathaighset na Gaill chuca agus na baoi Ó Domhnaill ind occus doibh dia ffortacht. La sódain tangatar na Goill don phort agus túargaibhset muir moraidhbhle agus dumacha criadh agus cloch for a sccáth gorvo hinnill fri hursclaighi agus iomaireg ind aghaidh a námhatt. Luidh araile fer do shainmhuintir Uí Domhnaill ina dhedhaid co ffios scél an tíre lais agus atféd ndó uile an do ronadh ann. Ba hiongnadh már agus ba machtnadh menman la hO nDomnaill a brathair agus a chliamhain do shoadh fair dóigh basí fiúr ind Oedha roba bainernustaidh don ti Níall. Iompais Ó Domhnoill a coiccedh nAilealla úair ni ranuic tar Baile an Mhotaigh siar isin coicced antan ruccsat sccela fair agus iompáit a shlogh friothroscc febh ronuccsat dialaile acht nama ni ruacht la a miledha Ua Domhnaill do fhreastal acht madh uathadh dia marcshlúagh co mbui a nathfhoccus don Lethbior atrubrumar. Nicon tairnic lasna Gallaibh creacha naid oirccne do dhenomh resiú ranuic Ó Domnaill for ccúlaibh acht beith acc daingniugad a scor agus occ claidhe a múr agus Otchúalator Ó Domhnaill do thuidheacht nisrelic a nomhan doibh dérach an phuirt a mbatar for cenn nach neith ro baoi do thesbaidh forra. Tárrusair Ó Domhnaill ind ionad nárvo heitirchían ona Gallaibh co ruccsat uathadh dia mhíledhaibh thraightheach fair. Ba foda la hÚa nDomnaill ro batar na Gaill gan fuabairt agus niro airis frisan slógh niba siriu gorus tairfén an tuathadh ro baoi dona Gallaibh for toeb Cruacháin Lighen alla andes frisan abhainn atúaidh. Otchiett na Gaill eisidhe do riachtatar
a dochum agus Níall Ó Domhnaill cona braithribh hi toisicchecht na troda. Doberatt soighin nugra for aroile cen nach ndanatus deabhtha an lá sin cettus acht beith a nurfhoichill for a chéile úair niro shailset na Gaill O Domhnaill do beith i nuathadh amhail ro baoi agus batar iomomnaigh im breig do thabhairt iompu agus nirvo hail dóibh dol ind imcheine on mbaile araoidhe. A chumbat cetna do mhuintir Uí Dhomnaill ba dichuinn doibhsiomh dol i mescc a namhat ind iomfhoiccsi an phuirt an túathadh sloigh batar. Ro eitirdhelaighset fri aroile ara aba cenib fo chóra agus chaonchomrac ro scarsat. Ro gonta araill uaidhibh desiu agus anall la diubraicthibh slegh agus saighett agus foghadh fogher fogabhlaighthe agus ubaillmheall lúaidhe acht nama ba moamh ro creachtnaighit muintir Uí Dhomhnaill ara núaite inait na Goill. Tíeghaitt na Gaill dia ttighibh iarttain agus dotoet O Domhnaill cona mhuintir dia scoraibh agus ba co ffuasnadh agus fergluinne luidh Ó Domhnaill ainnsidhe ara mhed ro la fair gan a shlogh dia tharrachtain an la sin doigh ba derbh laisiomh dia mbeittis occa an ionbaidh sin na hernaifitis na Goill uaidhe febh atrónesiot. Rangattar a shlógh dia shaigidhsiumh asa haithle agus ro dluthaighestair ind iomshuidhe forsna Gallaibh iar mbreith dia mhiledhaibh fair coleicc agus gabhais longphort fo dhi mhíle ceimenn don Leithbear iomroraidhsiom for scath ind oésa treabhtha coro erlamhaightis na harbhanna batar ind iomfhoiccsi dona Gallaibh. No laadhsomh oés braith agus taisccelta forsan mbaile cech noidhche náchasrelccedh oén anonn nach alle mana roistis darsan abhainn badhdhes agus nísfarccaibh conaire náitt fithisi náid esrusa elúdha fo mhile ceimenn don baile nara lá forairedha agus ettarnaidhe forro do choimhet agus do fhriothaire forsna Gallaibh na tistais tairsibh gan rathugadh agus for cloinn Cuinn Uí Dhomhnaill sainreth agus fora muintir ar as forra ba duilghe laisiomh a choiméd agus as iatt fotruair iliomat na netarnaidhe agus ind oesa friothaire. Baoisiomh fri re triochatt laithe an dú sin cen foghluasacht ass co ttairnic la brughadaibh agus coardaibh na criche a narbonna derthioradh agus do thiorghoradh agus co ttardsat i minchliabaibh agus i menbolccaibh dia ttarrúdh agus dia nimfhedhain for
echaib agus groidibh coro láiset i ndúinibh daingnibh agus inn ionataibh innillibh na ristais a namaitt. Fecht noen dÓ Domhnaill resiú dusfarccaibh an longphort hisin tárrusair occa dul for ammus na nGall dus an ttistais darsna muraibh amach forsan maighréidh. O do deachatar muinter Uí Dhomhnaill for ionchaibh an bhaile ro batar na Gaill aga fhorcsi agus aga midhemhain agus niro shaighset forro o rotgenatar gurvo do chuingidh ugra do dheachatar. Imsáiset muinter Uí Dhomhnoill i frithshed na conaire doridhisi ona fuairset an ni fora ttardat íarraidh. Dogniett airisiomh for ur na habhann allathuaidh dianad ainm an Dáol edh nathghairit on mbaile. Tieghaitt dronga móra dhiobh dia scoraibh agus fri oile do thosccaibh ar nír shaoilsiut na Gaill dia leanmhoin an la sin sainredh. Otchonnairc Níall Ó Domnaill muinter Uí Domhnaill co hesreite anfhuirithe atbert frisna Gallaibh corvo hiomairgidhe doibh ammus do thabairt forro. Gabhaitt na Gaill occ airittin a narm agus occa neittedh co fóill fathachda (fora eráilsiumh) i netirmhedhón na múr arna badh foderc dia naimhtibh comtis armtha éidithe. O robtar erlomha iaromh dusficcet darsna múraibh sechtair ind urd chatha. Lasodhain doleiccet for ammus mhuintire Uí Dhomhnaill fon reim sin agus an tí Niall cona braithribh agus mhuinntir hi rémthus rempa dia sédugadh. Atchí Ó Domhnaill chuga íatt fon toichim sin agus ba fó lais a ffaicsin dia shaigidh agus ro shuidhighestair a miledha ina nionadaibh erdhalta foa nerchomhair cona niodnaibh aigh úaistibh agus nisrelic a niobhraccadh co mbatar forsan mbrúach alltarach don abhainn. Imacomrainic dhóibh íertain co mbatar mescc ar mhesg agus ferthar gleó ainmín éccratuch etorra gervo garfhoccus a ccoimhfhíalus. Scuchaitt an marcshluagh dochum a chéile co mbatar ag tuinnsemadh araile do mhanaoisibh móirleabra agus do chraoíseachaibh cennghlasa. Do ratt tra Níall Ó Domhnaill tuinnsemh don tsleigh simnigh sithfhoda bai ina dhurn for derbhrathair Uí Dhomhnaill .i. Magnus coro chlannustair an ccraoísigh fó iochtar a iomdha ind agus gur threghdustoir a inmhedhóncha
triasan éidedh seicrighin do rala uimbe. Otchonnairc Rudraighe Ó Domhnaill rioghdhamhna Cheineoil cConaill a derbhrathair do ghuin samhlaidh do bert ammus calma dána dúrchroidheach forsan tí Níall co ttard forgomh amhnus aicher do gha mhor fo erchomhair a ochta fair. Niall tra Otchonnaircsidhe an dásacht fors mbaoi Rudhraighe occ saigidh fair agus Otchí tuinsemh an omna chucca ro shocairthenn a shríainmhírenn i ngionghob an eich airdérmaigh allmhardha do rala foa co ttuarccaibh a chenn etarbhuas etorra co ttecomhnacair an ccraoisicch ccruaidhrighin hi tul a édain don eoch go ranuic an inchind. Ro blodhustair croinnsma na craoísicche occa trentarraing fora hais don ti Rudhraighe co bfargaibh a hiairnchend isind eoch cona baoi laisiomh acht an díchealtair diainbrisde ina dhurn. Ro thathamair an teach desidhe fodheoidh iar rochtain an bhaile iar ngaitt an iairn ass. Ba dirsan nach immalle ro láisiot an loechrad ind iomaireg fria naimhtiu agus a mbarainn fria mbiodhbadhaibh agus nach hi córa batar oair niro cumscaighedh a cconach an ccein ro ansat samhlaidh agus robtar cosccraig isna coiccriochaibh no chingtis agus niro hadarbanta asa foirb ndilis la hechtairchenel amail do ronta cidh iarttain. Maircc crioch agus caomfhorba mairg tír agus tuath inro chedaigh a nainhsén dona combraithribh agus dona comhfhuilidhiph iomrubadh agus iomchlaidhbedh a chéle gan choiccill amail forcaomhnaccair don chur sin. Iomthusa na nGall ind airett batar na hairigh atrubhramar ag comfhuabairt aroile do rattsatsaidhe inn aighthe ind aoinfhecht agus i naenfhabhall for traightheachaibh Ui Dhomnaill coro soaid reimib biug acht namá niro gonta uaidhibh acht madh uathadh ar niro lensat na Gaill íatt tarsan ccathlathair sechtair agus ba haire naro lensat fodhaigh ghona a ttuisigh ro treghdadh isin tochar sin corbo heiccen doibh iompudh lais co Leithber co bfuair bas iarttain. Ro lensat drong mhor do mhuintir Ui Dhomnaill iatt agus gabaitt occa ndiubragadh agus chlaidbedh co ttorchrator araill diobh agus coro gonta agus robadh lanshaoilechtain
la hoes na tograma co srainfithe forro dia lenadh an slogh íett coleicc. Acht chena nisrelic a nadhnaire agus a naithmhele dona hibh forsro soadh cédammus a leanmhain ifrithisi. Iompais Ó Domhnoill cusna sccoraibh iar nimthecht dona Gallaibh. Ba triamhain toirseach ro both isin longphort an adaigh sin fodháighin mheic a fflatha agus a ríoghdhamhna beos día maradh a haithle a bhraithriuch. Batar meinci la Cenél cConaill a niolach búadha agus cosccair do thabairt os aird ag comhmaoidemh a necht agus a náithes íar shraoinedh rempa oldás lamhchomairt a loechraidhe agus basgaire a mbanchuire ag caoinedh a ccaratt agus ag gerchaoi a ngerrat gusan tan sin dóigh niro tromghonaitt agus niro tochraidhit ón tan ro ghabh Aodh Ruadh righe agus flaithius forro gusan laithi hisin. Ba heisidhe laithe thoisiuch in ro tubadh a ttreisi agus in ro cumsgaigedh a ccosccor agus amhail nach lainn lásan aoinDía treisi domhanda gan terbhrúdh na áines gan erchra do bert frithbert foill for chonách Cheneoil Luighdech m Sednae seatal naile. Cía atbertais aes iomfhormaitt agus iomthnuidh fhoduird agus égnaigh ainchride agus eccraittis corab do aithe a indlicchid agus a eccóra for Ó nDomhnaill ro shóidh an firDhia forordha fair don chur sa ni fior dhóibh eccin. Acht as aire do roine Día indsin nachasraghbadh uaill na ionnoccbáil accobhar na iomtholta Aódh Ua Domhnaill a dirghe a breth agus a choiccert ag follamhnucchadh a fhlaithiusa agus araba a chen agus a chosccair for choiccriochaibh agus náro ládh a uídh agus a innethemh ina niort agus ina chumhachtaibh fodhéin acht i ndánaibh agus i nderlaicthibh Coimded nimhe agus talman chonnic turnamh na ttren agus turccbáil na ttruagh. Doigh asedh doghni an taoínDia co meinic tiomarccadh agus tochradh a chloinne dilsi tholtnaighes ndó agus doghni a reir agus a réim do thelgadh lia chloinn nind(i)lis na comhaill a thiomna nach a recht itir. As
imne forcoemhnaccair dAodh O Domhnaill agus dia braithribh do riontá an Coimdhi dia rioth mbuadha agus do rad an fhlaith nemdha doibh dara eisi. Ba suaithnid on fora noidhedhaibh agus for cetfaid na mac mbethadh agus na nanmcharat neolach do rala i freacnarcus a mbais. O rainicc O Domhnaill don longphort amail atrubhramor ro erail fúadarach fithe fionnchaolaigh "do dhenomh" do Mhagnus O Domnaill dia iomchur tar an mBernus síar. Ro gnithe an tárach febh ro herbad agus do bretha an tí Maghnus ind íeromh. Tieghait drongbuidhne aidhble lais dia oés ionmhaine agus dia chairdibh archena co riachtator Dún na nGall. Ro dergaithe a iomdaidh othrais dhosom ainnsidhe. Do rata leighe Ui Dhomhnaill chuga día choimchisi agus niro fhedsat freapaidh dhó. Atbertsat gurvo marbh. Ro batar mic bethad iomdha durd S. Franses isin mainistir bai allaníar ind imfhoccus don dúnadh. Dosficcet araill don lucht robtar eccnaide diobh dia shaigidsiomh do ernaidhm a chairdesa frisan cCoimdhidh. Gabhaitt occa thionchoscc agus occ proicept ndó. Dogni faoisidin a dhoalach cen nach ndícheall agus addaimh a thurccbhala coleicc. Ro chiestair a pheactha fíadh Día agus bat anaithrech ima indoccbail agus ima miadh menman in airett ro mair. Ropo maithmheach beos don tí rus gon agus atbert gurvo he badhdein fotruair a oidedh doigh asé ro shaigh for Niall cettus. Baoísiomh samhlaidh fri re sechtmhaine ag foichill écca cech oenlaithe agus cele De don urd remraitiu fru airenach na hiomdaidhe na fhochair dogres dia iomchoimét for intledhaibh díabhail. Do bertsomh a choibsena dia anmcharaitt co meinic frisan ré sin agus ro thochaith corp an Choimded ierttain agus ro ecc asendadh (an 22. October.1600.) iar mbuadhucchadh for dheaman agus doman. Basi cetfaidh na mac mbethadh batar i freacnarcus occa co bfuairsiomh cennsa an Choimdedh ara deghairilledh. Atradhnacht iarom ind othairlighi a shinnseir isin mhainistir atrubhramor. Ro baoi a athairsiomh Aódh m Maghnusa m Aodha Duibh ina shendataidh an tan sin oga gaire ind occus don mhainistir. Atchóas dóisidhe a mhac do epilt. Feacais for maircctenaigh agus mifri go mór imo mhac coro dhianaighestair
fora écc. O thainic dhósomh gusna deighencha do riomghart a anmchara a dhochum agus do ratt a choibsena agus doghní aithricche ndiochra fri Dia. Ro thathamhair ier mithisi mbicc ina dedhaid an 7. do December (in marg. .1600.) iarna beith iomnocht imdilmain ó dhemhan agus o dhoman. Ro hadhnacht isin othairlighe cettna hi comfhochraibh dia mac co ffilett a relcci agus a ttaisi dib linaib isin mainistir cétna indiu. Baoí an tí testa annsin .i. Aódh m Magnusa m Aedhu Duibh m Oedha Rúaidh m Néill Ghairbh ina thigherna Cheineoil cConaill Insi hEoghain Cheneoil Moain agus Iochtair Connocht agus for fhoirb a shen agus a shinnser archena fri ré sé mbliadan ffichett coro heinirtnicchedh la Gallaibh co ttard a thigernus cona bennachtain dia mac Aodh Rúadh ierna élúdh ó Ghallaibh (amail atchuadhamar). Fer fúair tighernus gan feill gan fionghail gan coccadh gan comhfhúachad an tAodh m Maghnusu hisin ier nécc a derbhrathar an Calbhach: fer ághmar ionnsoighthech co mbuaidh troda agus tachair i ttigernus agus ria ttighernus indraidhtheoir agus aircctheoir na ccoiccrioch agus na ccomharsan diarvo dú a ríarucchadh occ saigid cheirt a cheineoil co ndobert co fomamaighthe dia reir: fer ro lá sniomh agus deithitte an tsaogail de ier ttairbhirt a thighernais dia mac agus robadh deghairiltnech i leith fri Día occ tuilledh fochraicce dia anmain fri ré ochtt mbliadan gorro écc don chur sa. Iomthúsa Uí Dhomhnoill iar bforbhadh dhósomh an triochat laithe ro raidhsiom i forbhaisi forsna Gallaibh do chorustair fair deirghe an phuirt i mbui frisan ré sin agus dol co mennat naile narbhó hesinnille agus ba sía amh biocc ona Gallaib for ur na Finne allathiar etorra agus an Bernus uair ro ághustair úacht na gairbhshine geimhriuta dia fheinnidibh cech noidhche occ forcma agus occ friothaire forsna Gallaibh fodháigh émh basí an tsamhain tarrusair ind an tan sin agus ba mithigh laisiomh a shlogh do bhreth lais i nionadh cumhsanta ierna morshaothar oir níro thuilset hi saimhe fri denus fhoda. Tocomhlat ass iaromh gusan maighin imroraidhsiom. Gabhaitt longphort
hisuidhe i fosccad fiodbaidhe ind imfhoiccsi na habhann. Dogniet fianbotha agus foirgnemha asa haithle agus gabhaitt occ tesccad an fhedhna ina niomthacmhang co ndernsat daingenairbhe doraidh doimthechta don dlúithfhiodhbaid etorra agus a namhaitt co narbo sodhaing a saigidh treimhitt. Ónd úair fosráccaibh Ó Domhnaill an iomshuidhe i raibhe batar muinter Néill hUí Dhomhnoill na néisibh agus na mbuidhnibh occ iomathoigidh for ammus a ccarat agus a ccoiccledh do brath agus taisccéladh an tíre dus an tétairsitis boeghal creiche no oirccne dona Gallaibh. No dhaltais a ccaraitt chucusomh i ninchleithe fecht nann co bfios baogail agus sccél na criche archena leó. Ro ríaghta aroile dhíobh la hO nDomhnaill forsar fforeil a mírun agus a meabail. Nirpó torbha does an taisccélta a tturus uair nisrelicc Ó Domhnoill a muintir i néislis ar no biodhsomh badhdhein cona shlógh etorra agus na Gaill dia nimdeghail agus ba diomaoin do neoch a ffuabairt tairis dia norccuin. Baoi O Domhnaill cen foghluasacht asin du sin co cenn cethrachat laithe gan creich gan orccain gan ammus o cechtarnae dhiobh for aroile esiomh agus na Gaill. Inn eacmhaing na ree agus na haimsire sin dosficcet scéla chuiccisiomh go ttudhch
idh long ón Spain co cúan in Inbhir Mhóir ind iarthar choiccid Meadhba. Atracht a mhenmasomh agus a aiccnedh desidhe ar ba celmaine conaigh lais dóigh do ruímin co mbaoi sochraide sloigh agus toirithin on Righ ina leanmhuin agus ro la a thechta gusan du i mboí Ó Néill co bfios scél leo agus dia thochuireadh chucca. Dusréilcce feisin i ccenn tséda darsan mBernus direim marcach agus fosragaibh a shlogh ina longphort agus Rudhraige Ó Domhnaill a derbhrathair hi ccennus forro. O ranuicsiomh tarsan mBernus niro airis acht madh beacc go riacht tarsan Éirne tar Drobhaois tar Duibh tar Muigh cCeittne na fFomhórach tarsan Sliccech co Tír Fiachrach Muaidhe. Ó do rala feil gheine an Choimdhedh i ngarfhoccus dósomh an ionbaidh sin asedh do roine a litri do scriobadh gusan luing agus ba sedh a tothacht seoladh lásan ccetna gaoith dusfiocfadh aniairdes
co cúan na cCeall mBeg hi Tír Bhoghuine agus co bfuighbhettis eisiomh agus O Néill reimibh inn. Anais Ó Domhnaill asendath i tTír Fiachrach Muaidhe coro ghle lais saoire an Choimdedh dairmhittniugadh. Luidh ass aitherrach gusan Sliccech soir doridhisi. Atchuas dósomh co mbuí O Neill isin cconair chucca tas Magh cCeittne siar ceach ndíreach coro dhianascná O Domhnaill isin sligidh ina dochum condustarla tul i tul. Ro fhailtnicchestair ríamh. Soait immaraon friothroscc gusan Samhaoir soir aissidhe co Dún na nGall. Fosaighitt hisuidhe fri ré coicc la ndécc ag furnaidhe na luinge remhraite. Ro thionoilsett airigh agus úaisle coiccidh Conchobair do neoch baoi fo mamus Ui Neill o Loch Feabhail co Boinn dia shaigidh an dú sin. Tangattar ón mudh ccetna maithe choiccid Meadhbha do neoch batar dogres fóa mhámus agus fora rainn i ndochum Uí Domhnaill do chuingidh asgadh gó agus gunnadh airm agus éittid agus a rainne archena da cech erndail chonganta tisedh chucu amail ba gnaithbhes dóibh. Batar tra na saórchlanna occ sainol agus occ fledhucchadh frisin ré sin do gaoine bidh agus leanda. Tainic an loncc iarttain co cúan na cCeall mBeg i Tír Boghuine. Tieghaitt na flaithe día haithreós. Ro baoi epscob amra forsan luincc. Dusficcsidhe amach agus na techta archena imaroen ris. Ro fhailtnighettor na maithe remhibh agus ríasan epscop sainredh. Do rata i naraccal for leith ierttain agus do gnithe a ffiadhucchad agus a ffriothailedh co nonoir agus airmhitin amail roba dú coro láiset scís agus meirten na mara dhiobh. Atgladatar iaromh agus iarmhafoacht diobh cisi tucaitt fotroghluais. Donarfénset dhoibh an toisc ima ttudhchatar comba dia nertadhsomh i nagaid a namhat do dheachatar riasiu tallsadais céill dia ccabhair o Righ na Spáinne agus co ttarttsat sé mhíle pont leo céttus dia thabairt doibhsiom a ttuarustal día namhsaibh agus erradhaibh agus dusfioccfadh arccatt ba móamh an fecht tanuise agus congnamh sloigh febh ro geallta. Teitt Ó Domhnaill agus O Néill ind iomaccallamh agus ro cheis menma cechtarnae dhiobh co mor forsan
arccatt oir ba derbh leo co laifitis a namhaitt súil forra ar dhínnimhe agus deroile an chonganta dusfainicc agus comad étoirisi doibh a sainmuinter feisin agus a noes cottaigh agus coimhcheiniúil ond úair atgéntais neimhdeithitin Righ na Spáine imna Gaoidelaibh agus nach derna acht fodhail agus bricch mbicc dhíobh goro mhiodhairset na maithe dlomad an arguitt céttus. Ar aoi sin nirbo háil doibh todhiusccadh feirge na Spainnech uair ní bhaoi nach nderbhiris leó frisi ccaointís a nimnedh no a neccendál no forcuimhgeth a ttoirithin asin aire i mbatar acht Ri na Spáinne namá. Ro ghabsat an arccat ara aba agus ni tria shaint no ailghes maoine. Do bertsat a bhuidhe frisan Righ fiadh na techtaibh a ndoriodhnacht dhóibh agus do rattsat cóicc cétt ponta dona techtaibh feisin. Ro láiset muinter Uí Dhomhnaill a ffolartnadh chuca isin luincc dfheólaibh agh niomthrom nalaichtmhéith agus ccethnatmolt ccluimhétttrocht cclaonadharcach. Ro sheólsat na techta asa haithle friothrosg isin cconair céttna la ceittinfedh na gaeithe anairtuaidh. Tieghaitt na flaithe for ccúlaibh co Dún na nGall agus ro rannta a narccatt i ndíbh lethibh eiter Ó nDomhnoill agus Ó Néill agus do bertsat i ttúarustlaibh dia nurradhaibh agus dia ccomhrann coccaidh día namhsaibh agus día nerradaibh. Anais an tepscob ro iomráidhsiom i fochair Uí Domhnaill agus na mac mbethadh baoi isin mainistir co rustóchaith re fhoda imaroen friu. No bhíodh seatal naile i farradh Uí Néill. Baoi samhlaidh etorra dib linaibh imaseach fora chuairt co bfarccaib an Eire íar ttrioll.
An Deachmhadh Bliadhain, 1601. Ó ranccatar na flaithe co Dún na nGall an fecht tanuisi ro eitirdhelaighsett na húasail agus na hairicch fri aroile. Teitt Ó Neill cona mhuintir dia ttighibh. Soaitt fir Chonnacht agus an cach donangatar a coicced Meadhbha dia ttíribh agus dia ndúinibh. Docomhla O Domhnaill tarsan mBernus asendath agus darsan fFinn co riacht cusan lonccphort i farccaibh a shlogh i nurfhoichill for Ghallaibh agus og gabáil forra tocht dinred na criche día eis nachasfaghbaithi i netarbhaogal nach ind eislis. Ro ghabh greim dhóibhsiomh an dúrchoimhett hisin doigh ni derghensat Gaill fogail no ingreim rob ionáirimh tarsa an ccein baoi Ó Domhnaill ag gleódh na ccaingen remraitiu. Acht namá tan ann do bertsat Gaill Doiri ammus amhnus etrocar for Úa nDochartaigh Seaan Ócc dus an ttáirsitis boeghal gona nó gabhala fair. Ara aoí robadh cenn i ccuithe leomhan nó lamh i nead ghribhe a ionnsoigidh itir cein baoi an toice agus an conách ag congnam lais agus la a choimdidh talmanda. Íar rochtain dona Gallaibh atrubhramar eineach ind ionchaibh fri hUa nDochartaigh ro fhúabair cách a cheli dhíobh co haingidh éttrocar co raoimhidh dona Gallaibh. Ro mudaighit sochaidhe uaidhibh imón Corinél ba tóisiuch iomghona dhoibh. Ridire airrderc eisidhe Ser Iohn Chamberlin atacomhnaic. Soais Ua Dochartaigh co ccosccar. Monúar ámh ba heisidhe a chosgar agus a áithius deighenach for Ghallaibh acc cosnamh a athardha agus a dhomhnais friú ar ba garúair gurro ghabh teidhm difhulaing agus saéth dermháir coro ascná a noibne dfhios an alltair an 27 Ianuair (in marg. 1601) sainredh. Ropad líach agus robadh doiligh oidedh an tí testa annsin dóigh as ing má ro bhaoi toíseach aointriocha ched ind inis Eremhóin isna déidhenchaibh roba crodha comhramach i ngníomaibh goile agus gaisccidh indas roba
deach gart agus gniomh eineach agus airbert alladh agus airrdercas. Ba crúaidh comhnart fri cothucchadh ba haghmar aigméil fri hionnsoigidh an tí tathamhair an tan sin. Tangatar techta líe scelaibh a oideda gusan mennat a mbaoi Ó Domhnoill. Ro lá i sniomh agus i torus desidhe agus delligh fora mhenmain co mor agus teitt fó athusccsomh i ttraitte úair nirbho fotha cumsanta lais a écc. Fósráccaibh a shlógh ina longphort acht madh beg do bert ina chaoimhthecht fadhein agus iar ttarcclomad an neich robtar uaisle aireghdha do shiol Fíamhain m Cindfhaoladh (diarvo toich oireachus Innsi hEoghain) co haonbhaile chuga dus cia dona maithibh no oirdnidhfedh hi cceannus an triochaitt céd atrubhramar ba fair dellaigh occa íer ccrúdh a chomhairle tigerna do ghairm do Fhelim Ócc O Dhochartaig derbrathairsidhe Seaain Óicc atbail febh imrordaidhsiom uair ba heisidhe ba sine ar aoi naoisi agus ba huaisle íer bfuil dóigh basí inghen Uí Dhomnaill (Magnus) a mathair Rois atcomnuicsi. Do garar íeromh a ghairm flatha don Fhelim fiadh na maithibh i nóighe imna tuccaittibh cédna i nArd na tTaoisech i mBaile Aighedh Chaoín agus do bretha Úa Dochartaigh danmuin fair. O thairnicc laisiomh indsin ro shai ina fhritheing dia sccoraibh agus ro forcongair for a shlogaibh an daingenairbhe ro thesccsat ina niomthacmhang do dhaingniugadh agus gan faill do legadh ina ccaithfheis nach ina ccaithettarnaidh do lo no doidhche fodhaigh nachasrelcctis Gaill náid clann Chuinn Uí Dhomnaill tarsa gan ráthucchadh dindredh no do chreachorgain na criche. Do rónadh eiccin fairsiomh indsin. An tán na fuairsiott Gaill ná Niall cona bhraithribh agus cona muintir elang na eislis forsan bforaire agus forsan fforcoimhed baoi forra dogres ó Úa nDomhnaill niro fhodhaimhset gan asccnámh i leth naile lasan aidhilge i mbatar do chuingidh acnamad agus airberta bith uirfheola conadh fair desidh leó brodlom slóigh lánmoir do thraighthechaibh agus do mharcshluagh do breith darsan senabhainn dar Finn hi Cenel Eoghain m Néill. Ro asgnátar rempa ina réimim go riachtatar co Gleann Aichle hi Cenél Eoghain agus
ro creachoircced an dú sin co léir leó. Sraoínit bheós for cloinn an Fhir doirche m Eóin Meic Domhnaill oc Cnuc Bhuidhbh Deirg agus erghabthar Toirrdelbach Occ O Coinne la Níall O nDomhnaill agus niro léiccedh a geimhiul coro héirnedh sesccat marg do argat ass. Do gabadh leó ierttain an Baile Núa agus caislén na Deirge (di dunarus airrderce íaidsidhe) gorro chroithset món uile maithes do neoch tarthatar inntibh. Dothoet Níall cona braithribh agus cona Gallaibh ina ffrithshed co Leithber íarsan turus sin. Dala Uí Domhnaill baoisidhei fos an airett sin occ coistecht fri Niall cona Ghallaibh agus niro shaigh cechtarnae dhiobh for aroile. A mbaoísiomh an tí O Domhnaill samhlaidh do riachtatar techta a dochum co litribh leó o araill dia irisibh agus chairdib batar i ngarfhoccus do Ath Cliath acc coistecht fri scelaibh na cathrach agus an tSenaidh archena. Basedh tothacht an scribhenn co mbaoi aón dúaislibh na bFionnghall laithe nann imo thosccaibh agus imo chaingnibh fodhéin isin teghdhais toghaidhe i mbatar scribhnidh agus secretairidhe na Comhairle agus coro leghsaidhe litir i trechumuscc a raibhi do scribnibh ann i mbaoi ernaidhm caradraid Ui Chonchobair Sligig Donnchadh mac Cathail Óicc frisan Iustis ar thaiscceladh agus ar thairbirt Uí Domhnaill Aodha Ruaidh (cipsi cruth guin no erghabail) don Iustis agus don Chomhairle. Ba truagh trá lásan daghduine agus lásan úasal an mhiimbirt agus an drochdhiach hisin baoi for cind don airigh agus don ardfhlaith gan a airchisecht agus gan a fhurtacht dia ttisadh dhe cia ro baoisidhe cona uile fhoirb mhaoin agus maithius fo smachtchain agus chumachta na nGall conadh edh do róine an sccél daisneis fo dichleith diaroile epscop irisech catholcdha roba derbhiris dO Dhomhnaill conadh edh indsin tothacht na scribhend do ríacht chucca don chur sin. Ro la socht anbhail for Ua nDomnaill ier legadh na scribhenn co raibhe fri re fhoda gan labhra fri neach agus niro thuil agus niro loing i saimhe co hathaigh imchein dóigh ba duiligh lais an gabad agus an ghuasacht anffóill i raibhe feisin agus ba tanaisi lais dia oidhidh an tí do rad ina cheillsine
agus ina muinterus tria rinn agus fhaobhar (agus dia ttarad asgadha mára da gach erndail agus da gach cenel cruidh agus cethra agus araill do ionnmus do ionatocht agus do aitrebh a chriche agus a chaomhfhorba) do chor i frithbert agus i fuasnad fris ifrithisi. Araill bheós ro la i sniomh agus i torus O Domhnoill: ba homhan lais aos foduird agus egnaigh dia iomchainedh ina éccmhais dia nerghabadh O Conchobhair agus do thubha fris gurro fheall fair gan chionaidh. Ba fair deilligh a mhenma fodheóidh íarsan ccontabairt fhoda i mboi: aroile dia thairisibh agus dia oes gradha do fhaoidedh co hÚa Néill (Aódh) do chrudh agus do chestnucchadh na caingne sin chucca agus dia chomhairlecchadh fris ciodh do ghenadh. Iar ndul doibsidhei freacnarcus na flatha Uí Néill atfhedsatt co hionfhoilgidhe dó an toiscc ima ttudhchattar. Geibidh Ua Neill fri ré fhoda oga gerscrúdadh cisí hairle do beradh dÚa Dhomhnaill iom
comthabhairt i mbaoi conadh edh ro fhaoidh chucca fodheoidh ó roba deimhin lais ona maithibh iriseachaibh do bert robadh agus airchisecht ndó an tangnacht agus an meabhal ro herthrialladh chuga gurbo techta agus gurbo hadha ndo neach oile do chuimriuch oldas a oidedh fodein do thocht treimit no a chor hi ccarcair agus a ccuimreach amail do rala dó asa aoididh agus asa mhacbrataibh febh atchuadamor coleig. Soait muinter Ui Dhomnaill dia shaigid gusna haithiusccaibh sin Ui Neill leo agus atfhéttsat uile amail atrubramar. O Domhnaill dna do raegha direim marcach do gleire a ghasraidhe asar moo a shaoilechtain agus a thairisi agus nisrelic fri haon uaidibh inro baoi ina menmain acht namá ro forchongair forra comtais eallmha fri gniomh an neith no chuingidhfedh chuca icedoir. Ro thingheallsat do daithescc aoinfhir indsin. Ro dianasgna iaram cona dirim marcshluaigh gan anadh gan oirisim go ranuic gusan nGrainsigh i Coirpre Droma Clíabh agus ro lá a thechta riamh do thochuired Ui Chonchobair chucca gusan maigin sin. Do thoett din febh ro forcongradh fair. O do riachtatar eineach i nionchaibh fri aroile ro erb fora mhuintir erghabhail Uí Chonchobair. Do ronadh fairsiom fochettóir indsin agus ro erfhúaccairsiot na hocca do gan engnamh no
eisiomol do thabairt día uidh ar foghebadh a oirleach dia ttardadh frithbert ndoibh agus nó bhiadh i ngiallnus ag O nDomhnaill an oiret roba tol do. Geibhitt na hanraidh occa iomchiomhet gan nach dicheall ierttain. Doriacht imorro O Domnaill ina fhritheing gusna sccoraibh agus ro lá Ua Conchobair dia chomdha co Loch Iesccaigh. Iomthusa Ui Domhnaill baoisidhe aitheallamh cona shlóghaibh isin chaithfheis céttna imroráidhsiom cona frith baoghal gona na gabhála comhruathair na creachoirgne for aon día mhuintir tairsibh an oiret sin agus ni moo ro lamhsat Goill ina bheus Níall Ó Domnaill cona bráithrib derach an phuirt i ra ghaibhsett cettus don leith dia mbaoísiomh. Do rala comhfhuachadh coccaidh athaigh riasan tan sa im chomroinn a ccriche eitir Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxanaigh agus a chombraithre clann Seaain na Seamar m Riocaird Saxanaigh Remonn Uilliam Seaán Ócc agus Tomás a nanmanna. Roslion éd agus ealcmaire formad agus firmisccnighe iaittsidhe frisan Uilleac ima oirdnedh isin flaithius agus tria gach senghoimh do rala etorra ó chéin robadh eimilt do thabairt for aird indorsa: gurro hathchuiredh agus gurro hionnarbadh lasan Iarla an chlann sin Seaain ó gach aird diaroile ier ndénomh foghla agus diberge dofhulachta ina natharda fria neccraittibh agus fri tairisibh an Íarla sainredh cona fuairsett aird no airchend in rob innille leo rochtain dia snadhadh agus do imbirt a mbarainne agus a nainchridhe fora mbrathair an tÍarla ina dul do shaigidh Ui Dhomhnaill doigh emh ba derbh leo día ttísadh da nach aon oile do Ghaoidelaibh a bfoirithin nach a ccomhfhurtacht combadh de a aenar dusfiucfadh. Donangator íeromh. Ba garre iar ttorrachtain doibhidhe co hairm a mboí Ó Domhnaill an tan tathamhair an tIarla Uilleacc i mís Mai na bliadna so 1601 (in marg. 1601) agus ro hoirdnedh a mhac Riocard ina ionad. Ro ghabh ierttain ailghes agus iomtholta eisidhe la borrfadh brighe la huaill agus ionnoccbhail iarna oirdnedh dul
daithe a anfaladh agus a eccraitis for nach ndruing fors mbaoi smacht agus cumhachta Uí Dhomhnaill agus gan oirisiomh co rochtain do co hur Sligicche dia ccaemsadh. Deithbhir ón ar ro dlighsidhe cona chrich uile i ccoitchinne feich dÚa Dhomhnaill cona mhuintir diemtais tualaing a ttobach foraibh ar robtar iolardha a ccreacha agus a ccuarta chuca ina ttíribh. Ro tarcclomadh a dhochum for forcongra an Iustis Lord Montioy araill dona drongbuidhnibh dearmhairibh batar ó Ghallaibh i nduinibh daingnibh agus ind arasaibh aireaghdhaibh na Mumhan do neoch tecomhnacair ina chomhfhochraibh .i. i Luimneach hi Cill Mocheallócc inn Eas Gebhteine agus i nndiongnadhaibh oile cenmothátt. Batar beós i nerloimhe fora chionn na slóigh tecomnacatar on mBainriogain inn árusdúinibh airrderca choiccid Olnéccmhacht .i. i nGaillim i nAth Lúain et cetera. O do rionáilsiut na maithe sin co hoénbaile con doraisealbhait don Íarla sin Cloinne Riocaird día ttardad a ccennus ba hedh ro chinnsiut daoinmenmain asccnamh céttus foa ccumang co Mainistir na Búille dus an ccaomhsatais déislis nó detim rochtain aissidhe co Slicceach. Iomthusa Uí Dhomhnoill dna ón cettna fecht rangatar sccela dia shaigid co mbatar na toichestail tromshloigh sin occ tríall ina dochum ro fhaoidh forairedha forlethna forsna conairibh coitchenna in robadh dóigh lais an tÍarla cona shocraitiu do thochur ina chenn. Ba tanaitiu a chongaibh chathasomh agus a chliath gabhala fri hechtairchenélu an sernadh agus an sccaoiledh do bert fora shlóighmhiledhaibh in gach maighin i mbátor .i. drechta dermhára isin chaithedarnaidh agus isna scoraibh atrubramor ind urfhoichill na nGall tárrusair i nDoire agus i Leithber agus Néill Uí Dhomhnaill cona braithribh sainredh: dronga móra ina rioghdhúinibh dia ccomhdha fora biodhbadaibh arna faghbhatais i nettarbhaogal gan cosnamh ittir: atíatt na dúine oilén Locha hIasccaigh Dún na nGall Ath Senaigh Cul Maoile agus Baile an Motaigh: agus araill dia shlogaibh ina chaoimhthecht fadhein tan teigedh fri hadhlaicc éigin cecip nach leth.
O ranuicc an tÍarla cona shlogh darsan abhainn dianad ainm Suca ótchúala an suidhiugadh agus an sámhucchadh forsa rabatar muinter Uí Domhnaill seachnon na sédshligedh súaithnidh agus na cconairedh ccoittchiund agus co ttaotsadh badhdhein i neallmha dia ttóiridhin diambadh airc no eiccen doibh basedh do róine ro thairmchéimnigh cona shlóghaibh soir gach ndíreach do mínródaibh maighréidhe Machaire Maighe hAoí co ranccatar co hOilfinn hi ccoiccrich Maighi Luirg agus Ua mBriúin na Sionna Cloinne Cathail agus Maighe hAoi an Fhinnbhendaigh. O Domhnaill tra oro haisneidedh dhó an tÍarla cona shlocchaibh do thocht an du sin ni tharatt i foill nach a neslis acht ro escomhlá agus ro dhianaigh do ló agus dadhaig gusan líon as lía forcaomhnaccair do shocraide ina fharradh gorro shuidigh a longphort aird i naird risan longphort naile. Ro batar athaigh samlaidh eineach inn ionchaibh fri araill. Ba fuileach fraisdiubhraicthiuch crechtach cróileatarthach na hammais aindrenda agus na deabhtha duilghe doiongabhála ro ficched etorra do dhíbh leithibh robadh eimhilt daisnéis imaseach acht chena ro mudaighit ile día nóccbaidh do ráith agus do rata annaill i fuilibh agus a ccrechtaibh combtar sgithigh toirsigh fodheóidh díaroile gurvo mithigh lásan Íarla cona shlogaibh iompúdh dia ttíribh agus dia ttighibh agus do ronadh aidhmilledh agus adhbailsccrios áiticchthi agus arba lasan Íarla cona thoicheastal ag soadh dhoibh fora nesccairdibh .i. Siol cConchobair Rúaidh agus Siol cCeallaigh batar hi rann agus hi muinterus Uí Domhnaill. Tuirthechta Néill Uí Dhomhnoill cona derbraithribh agus cona Ghallaibh óro cloathar leó Ó Domhnaill do dhul hi ccoiccedh nAilealla co ttóthacht a shlóigh agus an imnisi chatha i mbaoi fri hÍarla Cloinne Riocaird cona Ghallaibh amail atrubhramar agus an lucht feithmhe agus forchoimheda faitchis agus fureachrais fósrágaibh Ó Domhnaill fairsiomh día fhostadh allathoir don Bhernus do sccaoiledh ó aroile do chuingidh acnamaidh agus airberta bith ba derbh lais mana chingedh cona fhianlach don chur sin tarsan Bernus narbo soirbh agus narbo réidh dhó a ionnsoigidh fecht naile dia mbeith Ó Domhnaill inn nach mennat isin crich uile conadh aire sin ro forcongair fora mbaoi foa
mhámus do Gallaibh agus do Ghaoídhealaibh asgnamh co neimhlesg neamhshadhal lais gusan mBernus ndoraidh ndoimthechta baoi rempa. Do ronadh an airle sin fairsiomh fochettóir agus ro chingset ieromh ina mbuidhnibh troma toirtemla agus ina ttuinnsemoibh tiugha tothachtacha i réimdirghe na conaire gusan mBernus mbreacroilbheach. Ro la Níall direim marcach reimheibh do thaisceladh agus do remhimchisin na conaire cuarchuimhge baoi fora cciund dus an mbiadh eatarnaidhe no iomchoimhet ona scoraibh i mbatar muinter Uí Dhomhnaill fuirre febh roba gnaithbhés doibh itir. Ni paoi éccin acht madh uathadh doigh ro eisredhsiott imón ccrich ina ccomfhochraibh lasan adhailge loin i rabhsat iar ndul Ui Domnaill úaidhibh i cConnachtaibh amail remhrepertmar. Do rala eiter an uathadh sin agus an toes fairccsena ro ordaigh Niall Ó Domhnaill reime. Ro sraoinedh forra i nucht Neill cona muintir agus ro mudaighitt araill diobh. Oro rathaighsiut na forcoimedaidhe úaite ro iomráidhsiom do mhuintir Uí Dhomnhaill na baoi bá doibh cosnamh na conaire frisna tsochaidhe agus oro láisett airdmhes foran anfforlann batar occ mallasgnamh ina ndochum basedh ro chindsiutt gan a ccosgar agus gan a náithes do thabairt dia mbiodhbadhaibh agus dilsiucchadh na conaire dhóibh gan coimthriall a cosnamha friú ni badh síriu agus a niomghabáil don chur sin: go rainicc Níall cona thromthoichestal amlaidh sin gan anadh gan oirisiumh co ragbhaiset longphort i mainestir Dhúin na nGall maighen i mbítís na mic beathadh agus na sruith psailmchettlacha do urd S. Fran. fri hurd agus oiffreann cen foghluasacht dogres lá Gall no lá Gaoidel oro chédghabh an tAodh Ruadh sa Ó Domhnaill flaithius gusan tan sa agus din naro hathchuiredh agus naro hionnarbadh riamh asin mennot sin on chettna fecht ro hedbradh an bendchobhar bendaigthi sin lasan retlain rioghdha remtherchantaid Aodh Rúadh m Neill Ghairbh m Toirrdhealbaigh an Fhiona acht madh an mithisin mbicc ro rémhaisneidhsiom ria noirdnedh an Aedha Rúaidh déidhenaigh i nairdchennus a athardha. Ba garúair co ndobertsomh
ina bfritheing dia ndeirthighibh derrittibh agus dia ccubhachlaibh claruaighte co mbatar occ foghnamh co diochra don Choimdid gan tesbaidh neith forra ina reimhes eiter brat agus biúdh gusan laithe hisin. Ni má ionnúa ro genair on cclainnfhreimh comnairt agus on dos didin agus on ail nemhchumsccaighthi agus ón urd esoirccne brúiti biodhbadh .i. ó Aódh Rúadh mac Neill Ghairbh do rad an edbairt soinemail sin do Dhía agus do naomhurd S. Fran. do raith a anma badhdein agus a bunadhfhreimhe isin seachmathacht agus a chlannmhaicne isin todhochaide agus dia mpoi hi ttoicthen a tabhairt an tan sa don ainfine echtaircheineóil agus don biodhbaidh bunaidh bator ag seinshliocht Gaoidil Glais m Niuil ó chein mair anall. Óro siecht la Niall cona braithribh agus cona Gallaibh tocht gusan mainestir atrubramor ba slan lais a mhenma ar rochtain hisuidhe fobith ba daingen innill an tionad a ttarrusair agus nirbo héiccen día mhiledhaibh muir naitt sccura do chlaidhe ina niomthacmang ar batar a ffolartnadh ann chena. Ba garfhoccus dho dna crothadh agus indredh na criche i ccoitchinne chuccu gach tan ba tol don chummusccshlógh tecomhnacair ina fharradh ona baoi nert slóigh ag gabhail fris no inn iomshuidhe fair. Ro lá araill dia muintir agus dona Gallaibh gusan Machaire mBeg allathiar do Dhún na nGall. Ecclus oile isidhe do ratsott a shinnsirsiomh fecht ríamh diaroile saindrong don urd chetna agus ba hinnillsidhe fri fosucchadh innti ón mudh ccétna. Dála Uí Domhnaill iar ndedhail dhósomh agus do Íarla Cloinne Riocaird friaroile febh atchúadhamor coleicc rainicc fios chucca Níall Ó Domhnaill cona Ghallaibh do thocht darsan mBernus nairrderc co Dún na nGall agus ionnus donangatar agus a ndorighensat int. Ba sniomh adhbhal lais naro chumaing bith ina bfoimhdin agus ina nurfhoichill ag rochtain dóibh triasan mBernus mbelchumang agus triasan cconair ndoraidh ndoimthechta tríasa ttudchatar doigh roba lanshaoilechtain lais slan a mhenman dechtaib agus daidhbenaibh dfhaghbháil forra dia mbeith i nerlaimhe fora ccciund. Araoi do róine fodhail agus bricch mbicc dona
sccélaibh ro haisneidedh dhó agus ro ghabh for diamlugadh ina mbaoí do ghalar ina medhonchaibh ar ba bes bunaidh dhó nach tan no chluinedh ní no laadh i sníomh no hi torus nicon taisealbadh nach comhardha ndoimhenma itir acht ba gnuis shubach shofhorffaoilidh donairfenadh i ffoillsi fiadh cech naon no bhíodh ina chetfaidh. Araill dna do bert coimhdhiodhnadh mór dia thoruss fobith ba súaill beg a mbaoí día shainmuintirsiumh dia ccrodh nach día ccethraibh allathúaidh don tSamhaéir inn ionbaidh sin uair ba cían riasan tan sin oro herbadh uadha fora mhuintir tochomhládh cona nuile folaidh agus innile hi coiccedh Meadhbha .i. hi ccrich Cairpre m Neill agus hi Tír Fiachrach Mhuaidhe gurro ghabhsat ionatacht agus aithtreabadh isna tíribh sin cidh ríasan tan dusfangatar an tasccar murchoblaigh remetudhchatar co Loch Feabhail m Lottain. Acht chena ba nemadha mhor lais Níall cona Ghallaibh do bith gan fúabairt úadaibh agus naro legadh doibh tochtt sechtair asna portaibh i raghbhaisett do chuingidh creiche na oirccne conadh edh arriocht lais fochettóir a shloigh do tharcclomadh darsan Éirne fothuaidh coro ellghiostair a longphort i ngarfhoccus dona mennattaibh i mbatar na Goill agus ro ordaigh forairedha feithmheacha fobartacha agus aés iomchoimétta aithe éttroma for enaigibh erdhalta agus for bernadaibh baogail cona helaidedh cuána naitt caibhdhena uaidib i ndorcha oidhche no i ttáidhe fholaigh do chuingidh a nadhailge no do thabairt fuillidh lóin ina lenmhain asna portaibh inro ghabhsat hi ttosach gurro fhas dochma agus teirce mhór i longphortaibh Neill Uí Domhnoill agus na nGall desidhe. Ro faoidhitt litre la haoinghille ro láisett uaidibh co hionfhoilghidhe gusan Doire nairrderc airm hi raghbhaisett port cettus día asslach for airechaibh an choblaigh batar béus an dú sin long da mbaoi leo do thóchor dia saigidh asin Doire atrubhramor la hor an tuaiscirt gach ndíreach gusna haidhme ropa tesbaidh foraibh eiter arm agus bíudh ó dorairmiscc Ó Domhnaill iompaibh taisteall na tadhall an tire cipindus do thabhairt creiche no gabhal chuca dia mbethamnus agus mana dernta forra indsin combo heigen doibh deirghe na port i mbatar no dílsiugadh
a nanmann dia naimhdibh. Niro leigedh for dáil inro chuinnighset doigh ro herlamhaigedh i neallmha an mbairc mbronnfhairsing corro sheolustair la tinfedh na gaoithi anairtúaidh cech ndírech gurro ghabh foss ind imdhomain puirt an iomchuir for ionchaibh na mainistre a mbatarsomh. Nirbo soinmeach sadhal ro thochaithsett na sloigh cechtardha an airett ro bás occ na huirthriallaibh imrordaidhsiom acht roba guineach geslach frithir firneimhneach crechtach croileadarthach na fuabarta fergmhisgneacha feighe forránacha agus na troda tenna talchara niata nithghonacha naimhdidhe ro hiomclaidedh eatorra do dhibh leithibh combad emhilt láa naisnéis deabhtha agus dunoirccne gach laoi ar núair acht namá ro machtaitt agus ro marbhaitt droncca dirímhe daghlaóch galgaitt agus gerratae do ráith etorra sán cán agus do rata araill i fuilibh agus i fulraidh i naladaibh agus i niolghonaibh naro hoighíocadh riamh combtar biothainmhigh goa nécc. Ruccsatt ass amlaidh sin cách uaidhibh i foimhdin aroile cusna laithibh deidhenchaibh do mis September .1601. Inn ecmhaing na ree sin donarfaidh an Coimdhi a chumachta forsna hibh ronaitreabhsat i tolccaibh agus a ttegdhaisibh na mac mbethadh agus na nurd nennac agus lasro diochuired íad fodéin co hesraoite énamail i foithribh agus i fáinghlenntaibh febh baitís faolchona agus anmanna altaidhe combo sí ceddioghal do bert Día foraibh cecip cruth atrala an do nimh fá an do thalmhain teine do bhreóghabhail isna bairillibh púdair batar leó i mainestir Dúin na nGall fri foimhdin agus foichill an choccaidh baoi aca dogres fri Gaeidelu agus fri hÚa nDomhnaill sainredh gurro dhíenbhlosgustair an púdar isin aiér inn airdi conarbho hairde a dethach oldas a derglasair co ttarlaic an faircle firleac fionnaolta na feinestre agus na foirlésa faircsenae cusna huilibh chumhdaigibh cloch agus crann do rala fo erchomhair an phúdair don naoimhecclais ier núachtar corus comhloiscc an crannchaingeal cumhdachta agus na cubachla claruaighti agus na sailghe sémhshnoiti ro samhaighedh co saoramail ier niníchtar. No bíodh dna an chloch agus an crand agus an duine ina oighe agus ina iomlaine gan comhroind
a chuirp itir i trechumuscc for eitegail agus iomluamhain etarbhuas úaistibh fri re fhoda condus fuititis for talmain ina ttamhnaibh dubdhoite agus araill dibsidhe hi cennaibh an lochta batar fothaibh ag soadh friothroscc co talmhain gorro breobhasaigedh sochaidhe diobh an tucht sin. Oro rathaigset an lucht feithme agus forchoimhetta batar o Ua nDomhnoill forna Gallaibh an smuitcheó diadh agus dethaighe dermaire ingnaithche anaicenta do rala uasan mainistir ro ghabhsat ag diaindiuvragadh i nubhaillmeall luaidhe agus a ccaor ttaidhleach teintidhe do thoghairm Ui Domhnaill cona shlogh ina ndail i traittiu do fhuabairt na nGall daigh emh robtar iatt na torainndiubraicthiu tarlaicset teachta robtar eallmha esccaidhe día erfhuagra dhosomh tuidhecht ina ttoirithin. Nirvo hiomchomhairceach ro freaccradh an urfhogra sin la hÚa nDomhnaill cona shlogh ar ro chingset co dian deinmnedach febh ronugsatt dia aloile ina ndronccaibh agus ina ndiormaibh co dú i mbatar a muinter occan mainestir. Ro daingendluthaigitt an deabaidh do dibh leithibh etorra iarttain. Robtar aighthi namhat im rae agus niptar aighthi carad im chormaim donairfénsat na coibdealaigh agus na comhfhuilidhe diaroile don chur sin. Ba duiligh dichumhaing do mhuintir Uí Dhomhnoill freastal diubhraicthiu na nócc batar isin mainistir la daingeninnille na mur ina niomthacmang oga nimdhiden forra agus la fraisdiubraicthibh na ngalgat do reccaim allanair diobh hi caistiall Dhúin na nGall agus bheos la coimthealgadh na ccaor niomthrom niarnluaidhe no laithe forra la foirinn na luingi luchtmaire baoi inn iomdhomhain an chuain fora nionchaibh allaniar. Acht ara aoi robtar iatt muinter Uí Domhnaill battar foirtille isin iomghuin coléicc. Oro airigh Niall Ó Domhnaill a mhuinter agus na Gaill oga fforrach isin ffoireigen do ruimin ina menmoin ionnus na fhoirfedh íett conadh edh doróine elúdh co hinchleithe co crodha ceimnertmar la hor an chuain síar cech ndirech gusan Machaire mBeg airm a mbatar fianlach mor dona Gallaibh (febh atrubhramar) agus do bert lais iatt isin conair chettna dfhortacht a mhuintire agus na nGall agus ro ghabsat foirind
na luinge remepertmar acc urscclaighe agus acc deabaidh tara ccenn ro rochtain doibh tarna muraibh medhonchaibh inunn isin mainistir. Bastoir aneimh dhosomh agus dia mhuintir an lucht sin do bert dia shaigidh ar baitís muinter Ui Domhnaill robtar cosgrach munbadh indsin. An tan do ratt Ó Domhnoill día úidh daingininnille an ionaitt a mbaoi Níall cona Ghallaibh agus an foirlion sloicch rangator dia shoighidh ba nemadhae mhór lais a mhuinter do mhudhucchadh ind éccomlann ni badh moamh gurro forchongair fora miledhaibh derghe na deabhtha agus soadh dia scoraibh. Do ronadh fochettoir fairsiumh indsin. Ro horta sochaidhe uaidhib adiu agus anall. Ba dona huaislibh do rochair o Ua nDomnaill isin deabaid Tadhg mac Cathail Oicc Mic Diermada do shoerchlanduibh slechta Maoilruanaidh a Muigh Luircc co ndruing oile cenmothasomh. Torchair don leith oile Conn Occ m Cuinn derbrathair Neill Ui Dhomhnoill co ttribh cedaibh imaille fris eiter guin agus losccadh. Ba rinn ágha agus erghaile agus ba gnath buaidh cecha cedghuine ag an cConn sa do cher don chur sin. Ro dhlúthaigh ieromh O Domhnaill a longphort ni badh goire biucc don mhainestir agus rosfaoidh araill dia mhuintir i forbaisi isin Machaire mBeg dú inro fhosaighsett cetus na Gaill do bert Niall lais do fhortacht a mhuintire febh imrordaidhsium. Hi feil Michil archaingil araoi laithe sechtmaine do ronadh indsin. Baoi Ó Domhnoill samhlaidh isin iomshuidhe chetna for Niall cona Ghallaibh agus ogá ttabairt i ttenta agus a ccuimge dofhulachta o deiredh September co diúidh October gan nach ngníomh nairrderc robadh dior dfhoraithmhett do denomh etorra an airett sin cen co ttorracht fios sccel chucca an tasccur murchoblaigh donangattar o Righ na Spaine dia nertadh i naghaidh a néccratt feibh do ringheall doibh o chein. Basedh ionad inro ghabhsat an coblach Spainneach caladhphort hi cuan Chinn Saile occ bun glaislinne Bandan i coigcrich criche Cuirseach do thaobh agus Cenel Aodha .i. duthaigh an Barraigh
Oicc don taobh araill. Donn Iohn de Agolo basedh anmaim an ghenerala roba forcongartaidh uaistibh. Oro ghabhsat tass an du sin do bertsat dunadh Chinn Saile foa noighreir agus foa mámus badhdhein. Ro rannsat a nairigh agus a nuaisle a ccodnaigh agus a ccaiptine for diongnadhaibh dersccaighthe an bhaile agus a bfianlach áigh agus iomghona fora bernaibh baogail agus for a chernaibh cosnamha fri faitchius agus fri forcoimhed imaseach iar nurd feibh do rionchoisccsiut a ccennphorta doibh. Do ratsat chuca ierom hi tir asa longaibh gach naidhilgi baoi leó eitir arm agus ordanas pudar agus luaidhe biadh agus digh. Imsaiset a longa ina bfritheing dia ttíribh agus dia ccennadhachaibh fodhein dáigh ni thardsat ina menmain a tairmiomarchur intibh i noibne. Ro baoi aroile baile allathoir do chúan Chinn Sáile darvo comhainm Rinn Chorráin hi fferonn an Bharraigh Óicc i cCenél Aédha sainredh. Ro chuirset na Spáinnigh araill dia naireachaibh i forcoimhét agus i forbaisi isin mbaile sin. Gabhaitt ierttain for daingniugadh a sccor agus ac cclaidhe ag samhughad agus ag seolshuidhiugadh a nordanais fora nerchomhair ina niomthacmhang ina ccartachaibh cobhsaidhe comhnarta uair rob erdhalta leo co ttiucfad an Justis co narmáil na Bainríoghan ina ndochum dia ffúabairt an tan ro soisiudh sccela chuccu. Oro haisneidedh íeromh don Justis gabhail doibh an dú sin agus na huile do righensat do rionáil an lion as lía conanagair gan esnadhadh gan iomfhuireach co riacht hi cennchomair friú co mbatar eineach i nionchaibh fri araill. Do roich ann beos Praesidens dá choiccedh Mumhan ón mudh ccétna cona thoichestal. Donanaic ann Íarla Cloinne Riocairtt cona shochraitti agus nírvo híaidsidhe namá acht gach cenn slóigh agus gach tigerna tíre do neoch baoi inn umhla agus inn aittitti don Bainrioghain i Mumhain i Laignibh i Midhe agus hi Connachtaibh do riachtattar gurro chomshuidighsett a ccampa tul i tul fri Cind Sáile agus fri Rinn Corráin sainredh. Niro leiccedh tathamh ná tionnabradh adhall ná ionnsoigidh dona Spáinneachaibh do eccaimh i Rinn Chorráin acht deabhtha diana diubhraictheacha agus ammais fherrdha fhuileacha forra do ló agus dadaigh goro heráileadh forra fodheóidh tocht disccir diairm for eineach agus fhoesamh an Justis
agus o do ringheall a snadhadh ro rann íaittsidhe for ardbailtibh mora na Muman co bfesadh cionnus no bhíadh a eitirghleodh frisan lucht naile do árrusair hi Ciund Sáile. Baoi imorro an Justis cona shlócchaibh agus gusan lucht naile batar i forbhaisi for Rinn Chorrain gó sin foran abairt chétna acc caithemh agus acc coimhdhiubhragadh na Spáinneach báttar hi cCiund Sáile an céttna feacht: an feacht tánaisi occa náil agus oga nettarghuidhe tria chaoínbhríathraibh agus milisárusccaibhim thocht for iocht agus eineach an Justis feb tudhchatar an lucht naile donangator a Rinn Chorráin. Atbertatarsomh narvo gnáithbhés do miledhaibh an tíre asa ttudhchatar feall fora neineach nach fora ccoimdidh talmanda agus narbo sodhaing a ttoghaothadh tria thinghelltaibh gan tóthacht no tria chealgchomhadhaibh cédluitheacha agus na tíestais tara mbréithir frisan bfiorfhlaith ffoirglidhe dia ffoghnataois la rosfaoidhit i ttóirithin na nuasal bátor inn imnisi choccaidh agus chatha friúsomh ag cosnamh a nirsi agus a nathardha roba menmarc leósomh do ghoid forra ar gach ló. Batar tra an tucht sin combtar sgíthigh toirsigh cechtarnae diobh dia aloile la a imcheine leo bith isin caithfhes comhfhúabartaigh gan codladh gan cothtomhaltus gan airer gan aoibnes acht cach diobh i foimhdin agus i foichill aroile do lo agus dadaigh acht chena ba moo deilligh foran Justis cona shlógh bith an ionnus hisin oldas for na Spainneachaibh doigh ba hiaidsidhe ba moamh ro gnathaighset iomshuidhe forra agus úaidibh agus ba menci ro fromhadh in gach erndail do erndailibh an choccaidh uair ba frisidhe ro hoiledh agus ro lesaigedh ermhor an cheineóil chosnamaigh dia mbatarsomh co ttardsat tire agus treabha criocha agus cendadhacha ile foa mamus agus foa ccumhachtaib allos irsi amhainsi agus inntlechta araoi crodhachta calmatais agus cathbhúadha conarbo soirbh frithbert friu manbadh ainshén forsan cach lás congnitis. Conadh aire sin ro baoi for menmain don Justis soadh doridisi go hAth Cliath agus a miledha do sccaoiledh for priomhdhúinibh fíordhaingnibh Leithe Mogha Núadat cen co ttorrsed Iarla Tuadhmuman la forcongra na Bainriogan a Saxaibh dochum nÉrenn do chongnamh lasan Justis co ccetheóraibh milibh do ghleire glanshlóigh lais gurro ghabhtais don leith a mbaoi an Justis do Chind Saile.
Ba isin re sin do bertsatt na Spáinnigh ionnsoigidh aindiuid airbertach aén na noidhche ann agus rangatar sechtair asa múraibh co campa an Justis agus gusan maighin a mbaoi an tordanás mór no biodh ag blaidhrebadh agus ag boirbbrisedh gach laoi na múrchaisteol na ngniomh cloch agus clarach ro cumdacht leo ina niomthacmhang conadh é aireg arrangatar araill dona gonnadaibh guthardaibh do groidlíonadh do chlochaibh cenngharbhaibh do shonnaibh do shabhaibh agus do ghinntibh íer mudhucchadh an fhíanlaigh batar occa niomchoimhét. Ro rathaighit íerom ocon urobair sin agus imsáiset muinter an Justis fóthaibh agus ro ghabhsat ag guin agus ag geroirleach aroile athaig foda don oidhche gurro chingset na Spáindigh co cobhsaidh céimrighin friothroscc dia scoraibh fodheoidh agus ro hortait sochaidhe leo agus úaidhibh. Do ronsat brigh mbicc dia tteasbaidh ó do righensat an coibhéis sin do chuittbedh a mbiodhbhadh. Ni baoi osadh laoi na oidche eiter an dá champa sin o conrangatar fri aroile gan todhail cro agus snidhe fola adiu agus anall etarra gus an laithe deidhenaigh da ttanuic a niomsccaradh agus a neittirgleódh. Iomthusa Uí Dhomnaill oro haisnéidedh dhó an coblach Spáinneach sin do ghabáil chaladphuirt i cCiund Sáile febh imrordaidhsem fósragaibh an iomshuide i mbaí for Níall Ó Dhomhnaill cona Ghallaibh batar i mainistir Duin na nGall (amail atrubhramor) agus do roine fodhail agus dimbrigh do nach caingin itir sechus rochtain i ndáil na Spáinneach uair ba híaittsidhe cona Righ aoininnethemh agus aoinshaoilechtain baoí occa dia thoirithin agus ba asa loss conúarccadh a choccadh cétus. Roslion lainne agus langhairdeachus é dia ttorachtain agus ba dimbrigh lais Gaill do airisiomh nó do aitreabadh isna portaibh i raghbhaisett ina thir ar ba derbh lais no elaidhfitis i naonar eistibh diamad la Gaoidhelaibh agus la Spainneachaibh cosccor íar nimnisi catha frisan Justis hi Cind Saile don chur sin conadh edh do róine triasna fothaibh sin a escongra agus a erfhogra dia mbaoi fóa mhamus agus foa chumachtaibh ó Thoraigh an Tuaisccirt co huruachtar O Maine agus o Shruibh Brain ind Inis Eogain m Néill co hIorrus ier níarthar tegar agus tionol ina dochum co
haonmhaigin co Baile an Mhotaigh. Ro airisiomh an dú sin co ttarnacair lais erdach na Samhna agus condorecclaimset a shloigh ina dháil ina ndronccaibh agus ina ndíormaibh co menmnuch niadhach moraigentach gach tigherna tíre agus gach taoisiuch tuaithe ina aonbroin for leith ag mallasgnamh imaseach gurro soisedh leó taisealbadh a ttionol ar nuair don ardfhlaith. Dosfangator céttus foa thoghairmsiomh Cenél Conaill Gulban m Neill uile nogh acht Niall Ó Domnaill namá cona braithribh. Donangatar ann na teora tuairccnidh catha no bhiodh laisiomh agus laa chenel dogres .i. na tri Mic Suibhne do shiol Eoghain m Néill a Fanaitt a Túathaibh Toraighe agus a Tír Boghuini. Doriachtattar ann beos in rob airegdha do shiol Briain m Eachdach Muighmedhoin cona móirthionol cenmotha Ó Conchobair Sliccig Donnchadh mac Cathail Óicc baoi i ngeimheal occasomh febh remepertmar. Donaót ann Ó Ceallaigh .i. Ferdorchae gusan lion as lía conanagair do Uibh Maine immaille fris. Do rocht ann din na hi ro aitrebhsat i Connachtaibh do shiol Corbmaic Gaileng m Taidhg m Cein m Ailella Auloim cona muinteraibh. Dosficc ann Ua Dubhda do shiol Fiachra m Eachdach Muighmedhóin co ttoichestal Ua Fiachrach Muaidhe ina fharradh. Tainicc ann ón mudh ccetna Mac Uillíam Burc Teabóitt mac Uater m Seaain m Oiliverais co lion a shocraitte. Batar dan i ffochair Uí Dhomhnaill an tan sin na húaisle donangatar a hiltiribh for for athchur agus ionnarbadh dia ionnsoigidhsiomh dacaoine i ndimnedh agus i neccumaing fris dus an ttisadh dhe a bfortacht nach a ffoirithin on annorlann i rabhsat ag Gallaibh agus ag araill dia ccenelaibh. Roba dibhsidhe clann Seaain a Burc (.i.) (Seaan na Semar) m Riocaird Saxanaigh Remann Uilliam agus Tomas. Ba diob don Mac Muiris Cíerraighe Tomas m Patriccin m Tomais m Emainn m Tómais agus Ridere an Gleanna Émann mac Tómais agus Tadhg Caoch m Toirrdelbaig Mec Mathghamhna agus Díarmaitt Maól m Donnchaid Mécc Cárthaigh. Ba hinrigh
toichim agus tuarusccbail an toichestail tromshlóigh la hÚa nDomhnaill an dú sin diamadh lainn lasa fFíadha fforordha nert agus cennus do ghabhail dóibh. As derbh deimhin co raghaibhset araill do rioghaibh Érenn riamh Inis Ughoini la sochraitti sloigh robtar úaite olttáit an fianlach fraochaigmhéil do recclamatar isuidhe co haonmhaigin ceni conghnitis na laochbuidhne lerdha luthmhara ro tionoiledh lá hÚa Neill foran sloigedh lionmar lainmhenmnach ro baoi lais ina leanmain. Do asgnatar ieromh na tromshloigh sin an dara la do mhís November ina nuidedhaibh ionmalla imthechta ó Bhaile an Mhótaigh co Bel an atha fada la hor Locha Cé co hOil Finn tria chontae Rossa Comain doirther Contae na Gaillmhe go Siol nAnmchadha co Bel an tSnamha agus co hAth Cróchda for Sionainn. Aissidhe íeromh do Delbhna Meg Cochláin. Ro hindredh agus ro hoircced an chrioch sin co leir leo agus do bertsat truimnell teinedh tairsi agus ro loisccset dúnárus Meg Cochláin fadhein. Roba riaraigh na tíre triasa ttudhchatar doibh gó sin. Lotor íarom tria Fheraibh Ceall dar muinchinn Sleibhe Bladhma co hUíbh Cairin. Ro gabadh longphort la hÚa nDomhnaill cona shlogh for cnoc Droma Saileach i nUibh Cairin agus ro airis fri re mís isin maighin sin occ iomfhuireach fri hUa Néill baoi ag asccnamh co hionmall imrighin ina leanmhoin. Ni antais na slóigh sin acht acc siredh agus acc sirimthecht ag creachadh agus acc cúartugadh na ccrioch ina niomthacmang an airett sin in gach airm no friothardadh friu agus in gach maighin roba tairisi do Gallaibh sainred agus ba móumh nosinntsamhlaigedh friú. Do ríacht chuca i lithlaithe fheile Andreas sainredh an Chroch Naomh Úachtarlámann dia sénadh agus snadhadh co ndruincc do manchaibh Mainistre na Croiche Náoimh occa hiomchur agus ro hioradh iaittsidhe dedbartaibh dofralaibh agus dalmsanaibh iolardhaibh gomdar buidig. Niro chumaingsiot dérach an luicc sin i neallmha lasan aigh anaicenta agus lasan sneachta sleamaintiugh ro feradh ann don chur sin.
Oro clos la hairdIustis na hÉrinn O Domhnaill cona shlogh occ triall fon toichim sin dia ionnsoigidh ba hiomomhan agus ba hurgrain lais a chor a ttennta agus hi cuimhge anbfoill eiter Spainneachaibh agus Gaoidelaibh agus no géta fora mhuintir adhall no áitigud an tire úaidibh nach anunn itir do thabairt an neith roba toisccidhe dhoibh dia saigidh combo heiccen dóibh ecc la huacht agus gorta ó fóttrairmisccthi iompaibh biadh agus tene do thabairt chuca: no araill dan a ndilsiugadh agus a ttairbert badhdein dia mbiodhbadaibh agus tocht fora snadadh agus comairce febh dusfangatar na Spáinnigh batar i Rind Chorráin fora nionchaibsiom fecht riamh: conadh aire sin ro erb for Presidens da choiccedh Mumhan Sir Seoirsi Cari dul co ccetheóraibh mílibh do gléire ghalgatt agus doccbaidh armtha inn eanach iomchumhang agus ind indtiuch indill for ciund Uí Dhomnaill dus an ccaomhsadh a chlodh dia chonair no a erghaire dona huirthriallaibh ro baoi ina mhenmoin. Otchuala O Domnaill an Presidens gusan mborbshluagh sin do thocht hi comhfhochraibh Caisil ni sgeinm na sgáth criothnugadh na cridhenbhas rodusgabh acht tairmcheimniugadh reimhe síar gach ndírech duachtar Urmhumhan do Chloinn Uilliam bruaigh na Sionna la dorus Luimnicch siairdhes i lló agus i nadhaigh gan anadh gan oirisiomh co rainig tar Máigh isteach i nUíbh Conaill Ghabhra. Ó do bert an Praesidens dia úidh an reimdecsi agus na huirthrialla ro hairccthe laisiom agus lasan Iustis do dul for nefni agus O Domhnaill cona shlócch do dhul tairis isna conairibh narbo dóigh lais a ttorrachtain imsai ina fhritheing co hairm a mbaoi an Iustis comadh daoinleith no ferdais a mbáigh asendadh. Ba don chur sin ro faoidh Ó Domhnaill brodlom sloigh agus drechta dermara dia mhuintir hi tóirithin Mic Muiris Ciarraighe baoi ina fharradh fri re na bliadna so anall (amail ro iomraidhsiom) agus araill do mhuintir Mic Muiris fodhein do eolus reampa tria duthaigh Cloinne Muiris dus an bfuighbhetis elang no etarbhaogal for araill do bhailtibh Mic Muiris agus ro eráil Ó Domhnaill for Mac Muiris baddeisin airisiomh ina fhochair co bfessadh cionnus no bhíadh iomsccaradh an fhianlaigh sin
fósreilccsiott úaidhibh frisna hibh dosfairnectatar fora ccind. Ro tharmnaigh do mhuintir Uí Dhomhnaill an turus do deachattor ar ro creachadh agus ro leirscriosadh sochaide leó do esccairdibh Mic Muiris do neoch robtar fotha dia thocharsomh for longus agus ionnarbadh co hÚa nDomhnaill agus ro gabadh leo tri caisteoil do daghduinibh an tíre .i. Leac Shnamha Caislén gerr Arda Ferta agus Baile Uí Chadla agus fosragaibhset drong dia muintir occa niomchoimhéd. Imsaiset co ccosgur agus co bfios sccél leo go hUa nDomhnaill agus co Mac Muiris. As fon ionamm ccétna do rala dÚa Conchobhair.. gurro gabadh lais a baile agus a phríomhdhún fesin .i. Carrac an Phuill baoi fuilledh for bliadhain ag Gallaibh agus do deachaidh fein cona baile i combaigh Ui Dhomhnaill agus ro ernaidhm a chura agus a charadradh fris. Baoi imorro Ó Domhnaill fri ré sechtmaine i nUibh Conaill Ghabhra ag cennsugadh agus ag cúrsachadh gach aoín do regaimh i ccombaigh Ghall gurro forchongair forra dais agus déigen dedhail friu agus tocht daoinleith frisiomh agus fri Gaoidela archena. Ro escomhla iaromh Ó Domhnaill cona shlógh do mhuinchind Slebhe Luachra do Chloinn Amhlaoibh do Mhuscraighe agus co Bandain i cCairpreachaibh. Dusfangatar ermhor Gaoidel Mumhan uile for aoinmhenmain dia shaigid agus ro naidhmsiut a ccura agus a ccottach fris tria bhithe agus ba háinius agus ba hurgairdiugad aigenta leó a rochtain chuca dacomhal a ccaradraidh fris agus ro tingheallsat dhó gan adhradh do Ghallaibh nach do Dhanaraibh agus gan congnamh friú nibad síriu. Acht chena ní thanaig Mag Cárthoigh Riabhach .i. Domhnoill m Corbmaic na hOine iná dan tigherna Muscraighe .i. Corbmac mac Díermatta m Taidhg fo chóra chugasomh febh dusfangatar an lucht naile. Dala Uí Neill .i. Aódh mac Firdorcha m Cuinn bacaigh m Cuinn m Enri m Eogain: ro airisidhe athaigh corbo herlamh lais gach nadhailge roba toisccidhe dhó do breith foran sloigedh nuccat agus o do recclaimset a shloigh ina dochum co líonmhar lerthionoilte ni hinnister a nimthechta co rangatar tar Bóinn.
Ro airis seatal isin maighin sin ag creachlosgadh criche Bregh agus Midhe. Luidh ieromh cona shlogh tria ierthar Midhe agus tria oirther Mumhan tar Siuir siar gan nach ngniomh noirrderc robadh dior dfhoraithmett do denomh dia shloghaibh co rochtain doibh co Bandain bail a mbaoi O Domhnoill cona thóichestal. O conrangator Gaoidil an Tuaisccirt i naonmhaighin basí airle arríocht leó agus la Gaoidhelaibh an Deisccirt (do neoch dusfangatar ina ccombaigh) a longphort do shuidhiugadh allathúaidh i mBéulghúala i cCenél Aedha seal beg o champa an Iustis. Ro batar athaig amlaidh eineach i nionchaibh friaroile co naro léiccset Gaoidil athaighidh na adall amach nách inunn gusna Gallaibh co ndobertsat hi cuimge dofhulachta i tennta agus hi terce anbfóill. Nísrelgedh úamhan na nGaoidel doibh a ngreadha ináitt a neachradha do leigen for fergort nach for inghealtradh sechtair na múraibh amach gurro éccsat ile dibsidhe agus sochaidhe dia miledhaibh imaille friú la húacht agus gorta íerna ttabhairt i nadhailge fheoir agus uiscce etha agus arbha tuigedh agus tenedh agus gach neith roba teasbaidh forra cona baoi inna ccumhang curpa an fhianlaigh nó epledh úaidhibh dadhnacal sechtair na múraibh go mbíodh abach an eich agus corp an duine mairb hi cumusc frisna beoaibh seachnon na scor etarra ar medhón gurro fhás bréntadh difhulaing desidhe lá hiomgaeith an áieoir etarbhuas iar nuachtur no eirghedh a náirde dona habaighibh don otrach agus don chechair ier niochtur. Basí toimde agus céttfaidh sochaidhe dhíobh badhdhein co nepeladh a nermhor dia lecthi dhóibh i naonar gan saigidh forra la plaigh agus tedhmaim agus no elaidhfedh an lucht baitis beoa dia ccoemsatais esrus no conair élúdha dfhaghbail cipindus. Na Spáinnigh tra batarsaidhe i néccumang agus i néccomhnart mhor tríasan iomshuidhe baoi ag an Justis cona thoichestal Gall agus Gaoidel forra agus ni antais acht ag aslach na nGaoidheal imá ttoirithin dóigh ba ferr leo a mudhugadh doraith cidh riasiú no fodemdais tár no tarcusal óa
mbiodbadhaibh nó o nach naón naile isin chruinne agus no forailti forra ecc i naónar la húacht agus gorta. Nírbo samhlaidh dona Gaoidelaibh: ba imne batar co mbrígh agus borrfadh co núaill agus ionnóccbhail gan tesbaidh neith forra ar ni bhaoi erghaire etorra agus a ffolartnadh do aighibh iomthromaibh agus do chethnattaibh clumhaillnibh agus da gach erndail úirfheóla agus da gach cenel túara ata deach baoi inn Éiri do thabairt chuca as gach aird agus as gach airchenn i ccéin agus i noccus. Batar an tucht sin co feil gheine an tSlainicedha Iosu agus ro ghabhsat for erdach na sollaman agus an lithlaithe amail roba díor na maithe imaseach ag fleadhucchadh agus og aireg tuile og ároile ag aines agus ag urghairdiugadh menman agus aigenta febh no beittis ina rioghdhúinibh romhóraibh agus ina nardphortaibh oireachais fodein gervo herchian uaidibh iaittsidhe. Monuar amh ba garuair na gaire subha agus soimhenman do bretha ós aird aca isin líthlaithe sin co mbatar ina ngairibh dubha agus doghailsi og ettarsccaradh friaroile dhoibh ciodh ier ttrioll ierna melachtnugadh laa mbiodhbadhaibh agus an lucht ro batar fo mhuich menman i tacha agus i teirce nach sasaidh nosfiurfadh gurbo leó baoi a ffolartnadh agus a ndaóthain ier ttocht doibh asan ccumhang cuimbreach i rabatar acasomh an tan sin. Ba isna laithibh sin do riachtatar litre lerdiamhra agus agalloimh inchleithe ó Donn Iohn ó gheneráil na Spáinneach sin Chind Saile co hÚa Neill co hÚa nDomhnoill agus gusna maithibh archena dia aslach forro ionnsoigidh do thabairt aon na naidhche sainredh for champa an Justis an Praesidens agus na nÍarladh battar ina ffarradh agus no fhoiberadhsomh cona Spainneachaibh íatt don leith oile dus an ccaomhsadh cechtarnae úadibh eisimh cona Spainnechaibh dfhoirithin asin ccúil chumaing inro congbhaitt. Do deachaidh din Ó Néill agus O Domhnaill agus na maithe do chrudh a ccomhairle imon ailges sin an ghenerala. O Neill tra atbertsidhe gurvó haidhlescc lais na Goill do fhuabairt ar daingininnille na múr ndaingen ndithoghlaidhe do reccaimh iompa imaccúairt íerna sreithlíonadh do ghonnadaibh gutharda groittdiubraicthiucha agus atbert din ba ferr gan faill do légadh isind iomshuidhe congabhsat forna Gallaibh co
neplitis do ghorta amail do erbhlatar araill diobh chena agus co ttoirsedh in rob airegdha dhíobh fora bfaósamhsomh agus comairce fodeoidh agus narbo ní lais a nailghes do thabairt dia biodhbadaibh doigh robad lainne leó cathucchadh dar cenn a nanma agus a marbadh doraith oldás a nécc do thedhmaim agus gortu. O Domhnoill imorro basí a chomairle na Gaill do fhobairt cipindus úair ba hadhnár agus ba meabhal lais a thubha fris an teigen anbfoill i mbaoi Donn Iohn cona Spáinneachaib gan ammus do thabairt fora bfurtacht dia ttisadh a oidedh dhe agus don bheós na bértha Gaoidil i ffoill agus a ndimbrigh la Righ na Spáinne dia ffodhemhtais a miledha do beith i teannta i néccumhang occa mbiodhbadaibh gan a bfoirithin febh ro aslaighset forra. Acht chena asedh a chummair: ro chinnset fodheoidh an Iustis cona Gallaibh do ionnsoigidh febh ro cuinghedh chuca. Ruccsat ass samlaidh gusan adaigh sainredh inro herbadh friú ionnsoigidh an champa. Ro gabhsat i nurthosach oidhche a niodnadha áigh agus a ttrealmha troda co taoi toithenach agus do chotar inn inneall agus i norducchadh amhail do rionchoisccset a nairigh agus a nuaisle a ccodhnaigh agus a ccomhairligh doibh. Roba damhna deabhtha agus adhbhar iorghaile eiter na di ardfhlaith do rala for Chenél Conaill agus Eogain náro fhodhaimh cechtarnae aca diaroile remhasgnamh ria araill damus agus dfhuabairt na nGall la miadh menman agus la borrfadh bricche gach neich dhiobh ar andar la gach aon úaidhibh robad tár agus tarcusal fair fein agus foran ccenel dia mbaoi tria bithe dia ndamadh rémthús na conaire agus sedugad na sligedh do shlógh noile ríana shlógh badhdhéin. Robadh lór dia lot agus día láinmhilledh dia mbrath agus día mbaoghlugadh an mídhuthracht agus an míinnethemh ro fhas ina ccridhi friaroile triasan ttuccait hisin cona baoi duthracht deabtha na ailghes ionnsoigidh na talchaire thairismhe i slógh dhiobh la héd agus iomfhormad frisan slógh naill gurbat timme tlaithe meirbhe miolaochdha cidh riasiú do deachatar i ccenn móirimnedh agus moirgniomh i ngabadh nó i ngúasacht do iomchlaidhbedh fria nesccairdibh gombo hing ma rob éigen dia mbiodbadhaibh
a nairm dimbirt forra bhail inro chomhraicsiut isin cathlathair. Ba celmhaine mhor uilc don da Aodh sin an do rala doibh don chur sin. Deithbir ón ni tecomhnagair coibheis no cuttroma a ttarla an tan sin eatarra cein batar i mbiú uair ba for aoininnethemh agus for aoinmenmain no bitis do bunadh ceni beittis i freacnarcus aroile dóigh nirbo coimdid gurro chin oa mbunadhfhremhaibh araón días roptar cridhshercaighe im ároile olttattsomh. Ro thochaithset mithisi fhoda do urthosach na hoidhche imon friothardadh agus imon frithimresain do reccaimh etarra. Ro asgnáttar na dá shaorshlogh agus an dá shochraide fodheoidh aird i naird agus gualainn fri gúaloinn frialoile co ndo rala dhoibh seachrán sligedh agus imroll inntigh co náro ermaisetar a neolaigh conaire nach a ttoisig slighedh foran cconair ccóir ciarbo cianfhoda an ghamhadhaig agus gerbo garfhoccus dóibh an longphort fora ttardsatt ammus co solustrath eirghe arnabharach gurvo glanruithneach an grían os dreich an talmhan tuinidhe conadh ann fosfúairset sochraide Ui Neill a leathtaobh fodhein fri campa an Justis agus ro triallsat soadh biug cén co rosoisedh leó a ninneall agus a nordugadh doridhisi ar ro threiccset an cetna hinneall inro hinnlit lasan iomroll agus la dorchata na hoidhche. Dala an Iustis cona shochraide ranaig rabadh agus reimhfhios da shaigid ó druing sainredaigh a longphort na nGaoídel co bfoibertha íatt an adhaig sin co mbaoisidhe cona shlóghaibh hi caithfheis fod na hoidhche co madain fora neanaigibh erdalta agus fora mbernadaibh baoghail agus fora ttaibhlibh troda ina niodnaibh aigh cona nuilibh aidhmibh cathaighthe agus cosnamha inn erlaimhe occaibh condusfacator Ó Néill cona shloghaibh fora nionchaibh foran abairt atrubhramor. Nirvo cían doibh occa midhemain an tan tarlaicset cetha coimhreamra cruinnphiler (dia bfiaducchad) a morgonnadhaibh glanaillne glesfoibdithe agus a musgaettaibh mindruimneacha morchostais agus a glacghonnadaibh geraimseacha glésoibne agus ro tleiccset fóthaibh cech cenel diubraicthiu agus imtelgthe naile cenmotha indsin. Ro bruchtdoirtset
asendad dar múraibh amach ina ccenn diormadha disgire doiongabhala do marcshluagh mherrdha morchobsaidh lásarb imchian gurro comhairleccadh doibh luth a neach airdermach do thestugad for maighreidh gó sin. Ro leiccit a ttraightheacha ina leanmain íaromh ar ba derbh leó gor rosblodh casarnach na ccruinnphilér agus dianfhuabairt an díorma bernaidh buainrebtha reampa fora mbiodbadaibh. Batar na sloigh chechtardha mesg ar mesg desidhe ag coimhchiorrbadh agus ag crechtnugadh aroile gurro mudaighit sochaidhe etarra do dib leithibh. Acht chena ro meabaid fodheóidh for muintir Uí Neill feb rob ainmenic leó gurro luathathchuirit don láthair conadh sí conair ro greis an tinnenus íatt comdortadh i ccenn shochraitiu Ui Domhnaill do regaimh allanair dhoibh gan rochtain co lathair an iomairicc bheos. O do rúachtator an sraonsluagh sin Uí Néill agus sochraide an Iustis ina leanmain occa lúaththuargain iar na cculaibh i mescc muintire Uí Domhnaill nusgeb udmaille agus anbhsaidhe an óccbadh fúasgar agus fírsgen a ngredha agus gémadh cothugadh na cathlaithrech budh duthracht leo agus ro dleacht diobh ni chaomhnagattor uair narbo tol lasan cCoimdid cosccar do breith doib don chur sin agus naro toltanaighsett a séda dho ro thall Día foran da chaoimchenel cedfadhacha crodha sin na fágbhala fíora fíadhnacha agus na búadha brioghmara buanmarthanacha fosrágaibh naomhPatraicc (dia mboi ag bennachad Érenn fiora mna macu agus inghena) forna dibh braithribh aireghdha aghmara agus fora cclannmhaicne dia néis .i. for Conall gloinnmher Gulban agus for Eoghan aghmhar ionnsaighthech. Itíett na fagbala .i. búaidh naigh agus nionnsoigidh for Eoghan búaidh ccosccair agus cothaighthe cathlaithreach for Conall. Ara aoi tra ro dermaittset na firchenéla a ffágbhala affeachtsa gurro chomhsccuchsatt an di shochraitte ind aenfhabhall ria sloghaib an Justis agus ro marbhaitt agus ro mudaighitt sochaidhe úaidibh. Soait muinter an Justis iar mbuaidh ccosccair agus iar melachtnugadh a mbiodhbadh amhlaidh sin an tan as lugha ro shaoilset. Ba follus a nainshen for Cenel Conuil agus for Chenél Eoghain m Neill isin laithe sin in roba techta doibh agus in badh móo
baoi uaidib forchalma do dhénom (oro sccarsat an da chaoimchenel chomhramhacha sin friaroile ag an righ Niall nitheach Naoíghiallach) an tan na tardsat día núidh cathucchadh seitriuch sonairt diochra dúrchroidheach do dhénomh do chosnamh a nirsi a nathardha agus a nanma do chosnamh a neinigh agus a núaisle agus a noirrdercais: co bfarccbhaithi a flaithe for fódaibh faoínlighe gomba tesccghonta a ttreóin gombá taoibhthreghdaighthi a ttóisigh gomba cnámhathchumtha a ccuraidh gomba mudaighthe a milidh: cidh riasiú ro melachtnaighitt ón mudh sin ní namá i fiadhnaisi a mbiodhbadh batar ina ccoimhchettfaidh acht a bfreacnarcus na loingsech agus na ndíbertach echtaircheneoil donangatar fora ffaosamh agus comairce fecht riamh íerna nathchur agus íarna nionnarbadh asa ttíribh agus asa ttreabhaibh co ndeirghénsat íerttain brígh mbig dona hardfhlaithibh agus dona haireachaibh robtar dois didin agus ro robtar coill fosccaidh doibh go sin goro beansat ceill dia ccobhair agus dia ttoirithin uaidibh asendadh co dilghenn an domain. Acht chena gén co ttorchrator acht uathadh biug o Ghaoidhelaibh isin maidhm sin Chind Sáile ná rathaighfitis dia tteasbaidh i ceand athaigh agus dan naro rathaighset ciodh an tan sin fodein niro fágbadh i naónmhaidhm dia ro fighedh isna deidhenchaibh inn Inis Eremhóin cuttroma frisar farccbadh and. Ro fágbadh ann céttus an aoíninis agus an taoínoilén ba suthaighe agus ba torthaighe agus roba mesardha tes agus úacht baoi i nermhór Eorpa in rob iomda mil agus cruithneacht in rob íesciomdha aibhne essa agus inbhera in rob ciúine caóntorthaighe cuanta feibh do ratt an céidfher do shiol Gaoidil Glais m Niúil donanuicc i nÉrinn riamh na testmolta sin fuirre (.i. Íth m Breoghain) fíadh na rioghaibh deidhenchaib batar do Thúathaibh Dé Dhanann for Éirinn. Do fágbhadh ann beos a ndoernáttar ass do shaorchlannaibh soera soichenelchaibh mac Miledh agus do aireachaibh aghmhara ionnsoightheacha do thigernaidhibh tire agus treabh do thóiseachaibh túath agus triochait ched ar as derbh deimhin na bía ind Érind i comhaimsir friaroile co bráth lucht robtar ferr agus robtar aireghdha olttat na maithe batar hisuidhe agus atbathsatt iaromh i nailechriochaibh díaidh i ndíaidh ier
ngaid a nathardha agus a nuasalfhorba forra ro fhagaibhsiot occa mbiodhbadaibh isin maidhm sin. Ro fagbadh din ann uaisle agus onoir gart agus gniomhradh oineach agus oirbert seghainne agus saorchlandacht míne agus merrdhacht treisi agus trénchalmacht crodhacht agus cathucchad recht agus ríghe Ghaoidel Ereann co foircenn an betha. Óro iompáidhsiot sochraiti an Justis fo iolaigh cosgair agus comhmaoidhme amail atrubhramor ro asgnator na Gaoidil tara nais siar co hInis Eóghanáin an adaigh sin agus ro ghabhsat ag crúdh a ccomhairle co hudmall anbhsaidh co naithbir agus iomaithbir for aroile. Atbertsat foirend aca basedh robadh díor dóibh inn iomshuidhe do drud doridhisi fri campa an Iustis agus gan a deirghe itir araba a ttorchrator úaidibh día muintir agus narbo tanaitte a ccongaibh chatha a ttesbaidh forra dóigh ro batar daighlíon tabhartha catha ina neccmais dia mbeith an toice agus an conách ag congnamh friu. Ro ráidhsiot dronga oile ba headh robadh córa dhoibh gach ardfhlaith agus gach tigerna tíre aca do shoadh do imdhiden a athardha agus dia cosnamh fri Gallaibh an ccéin conniocfadh. Ó Domhnaill imorra ro raidhsidhe ná sóidhfedh dia thir agus na hoirisfedh éccin isin iomshuidhe ni badh síre agus ro thingheall fíadh ardmhaithibh fher nErenn batar isuidhe na tiobhradh troigh tairismhe i ccath nó i ccliathach do chothucchad caithglíadh maroén re Gaoidelaibh na naonar agus go sainredach i ffarradh na druinge forsro sraoínedh céttus an tan sin doigh ro ghabh dásacht agus mire menman eisidhe agus ba fó lais combadh é feisin cétna no mudaighfaidhe isin maidhm sin riasiú robadh fiadha foran méla sin fósfúairsiut Gaoídil. Robadh imegal dan laa shainmhuintir co nimberadh bás fair fodhein lasan ffúalang rotusgabh co naro thuil agus naro luing i sáimhe fri re tri lá agus theora noidhche iaromh. Ba isin 3. lá Ianuari .1602. ro sraoined an maidhm sin Chind Sáile.
(An tAonmhadh Bliadhain Deug, 1602.) Basí airle arriocht la hUa nDomhnaill íarsan dubha dermhair i mboí Ere do fhagbhail agus dul dul Spáinn do acaoine a imnidh frisin Righ an 3 Philip do chuingidh fuillidh slóicch agus sochraide úaidibh. Oro chinnsiomh foran ccomhairle hisin batar ied do raeghosumh ina chaoimhthecht do dhul foran eachtra sin (cenmóthátt drong dia thairisibh feisin) Remann a Burc m Seaain na Seamar agus Caiptin Aodh Moss mac Roibeird. Íar ccloistecht na comhairle sin la cách hi ccoitchinne robadh lor do thruaighe agus do neimheile an lamhchomairt anffóill agus an golmhairgneach ghrodurlamh agus an nuallghubha ard accaointech ro turgbait os aird seachnon longphuirt Uí Dhomhnoill an adaigh ria nimthecht dho. Ro baoi a mordhamna aca dia ffestais é an tan sin uair niro shillset an lucht sin fosragoibh ina dheadhaidh dia súilibh é ó sin alle agus diamad deimin leó indsin nirbo machtnadh dhoibh troimdhera cró do shnidhe sechtair dara ngruadhaibh. Do deachaidh íeromh Ó Domhnaill i lluing hi Cúan an Chaislein cona chaoimtheachtoibh imaille fris an 6. la Ianuari agus fodosrogluais tinfedh na cédghaoithe dusfanuicc triasan bfairrge ffraochaigmheil goro gabhsat caladhphort an .14. la don mhis cettna hi comfhochraibh don Chruinne dúnarus erderc eisidhe i rioghacht na Gailisi isin Spáinn. Ba hainnsidhe baoi Tor Breoghain dia ngarar Brigantia ro cumdacht fecht riamh la Breoghan mhac Bratha agus ba haissidhe tangatar mic Miledh Espaine m Bile m Breoghain do chédghabhail Erenn for Thuathaibh De Dhanann. O do ruacht Ó Domhnaill i tír isin Cruinne gebidh for taisteal agus tadhall an baile agus dothaót do deghain Tuir Breoghain. Do bert coimhdhiodhnadh mór dósomh rochtain hi tír an dú sin ar ba doigh lais gurvo celmaine mormaithiusa dhó a thochar gusan maighin asro gabhsat a shinnsir neart agus cumachta for Érinn fecht riamh agus no gebadhsomh doridhisi fora lurg. Iar mbeith athaig mbicc occ leccadh a scísi isin Cruinne do chóidh co
hairm a mbaoi an Rí isin Caisstilla ar ba hann do rala dho a beith an tan sin (iar ttimchealladh a fhlaithiusa) isin cathraigh dianad ainm Samóra agus ó do dheachaidh O Domhnoill i fiadnaisi an Righ dusrelic fora ghlúinibh ina fhreacnairc agus ronguidh a theora hitche fair. Basedh an cedna hathchuingidh armail do chor lais co hEirinn ona congaibh comadhais agus cona naidhmibh techta. An athchuingidh thanaisi gan aóinneach do shaorchlandaib Érind ceni beith dia úaisle do chor i nert nach hi ccumhachtaibh úasa na dan uas fior a ionaid tria bithu día ngabadh mordhacht an Righ nert agus cennus for Érinn. An tres itche gan cert a shinnsior do laghdugadh no duirbernadh fair fein no forsan tí no biadh ina ionadh diaidh i ndíaidh in gach maighen i tarrusair nert agus cumhachta ó chein aca inn Erinn ríasan tan sin. Do ringheall an Rí dhó indsin uile agus ro forchongair fair eirge día ghlúinibh agus fósfúair fíadhughadh agus airmhittin moir uadha conadh as infechtain nach ffuair aoinneach do Gaoidelaibh riamh ó nach righ naile coibhéis no cutroma a bfuairsiomh dairmhidin agus donóir uadhaibh. Deithbir ón úair do raithne a gnuis a aladh agus erlabhra tóthacht a aithiscc agus a arusccbriathar co mór fris. Ro erb an Rí for Úa nDomhnoill soadh tara ais don Chruinne agus airisiomh aindsidhe comba fúirithe gach ní roba toisccidhe do breith lais ag tuidheacht ina fhritheing. Do róinesiomh indsin agus baoi i ffos coléicc febh rob ainmeinic lais ríamh fri ré an earraigh agus an tsamhraidh co taitte fhoghmair ar ccind: fecht ann occ aireg tuile agus occ áines an tan do beiredh dia uidh an chabhair agus an fhoirithin do ringheall an Rí dho: fecht naile fo mhuich agus dobron ara fhod lais bith ind iongnais a athardha agus ara imcheine rosbai an armail ro gealladh dho occa herthriall úair ba cradh cridhe agus ba galar menman lais an tan do bheiredh ina mhenmain an iondus i rabhatar Gaoidil gan furtacht gan foirithin oca fhurnaidhesiomh. Baoisiomh samhlaidh corro thriall doridhisi do dhul do lathair an Righ dia fhios cred an tessnadadh no an tiomfhuireach baoi foran sochraide agus foran armail do rairngiredh dho agus o do ruacht don baile dianad ainm Simancas (da lege o Uualladolid
do chuirt an Righ) basedh ro dheonaigh Día ro cheadaigh a hainshen agus a hecconách a miscaith agus a mallacht dInis Éreamhoin agus do Gaoidelaibh glanFhodla archena gurro gab galar a écca agus esslainte a oidedha Ó Domhnaill agus baoi fri ré secht lá ndécc ina licche co nerbail fadheoidh i neacmhaing na ree hisin an .10. lá do September (in marg. 1602) do shonradh iar ccaoi a chionadh agus a thurgabhal íar naithrighe dhiochra ina pheacthoibh agus doailchibh íer ttabhairt a choibhsen gan dilocht dia anmchairdibh spiratalta íar ccaithem cuirp Criost agus a fhola agus íarná ongadh amail roba techta a llamhaibh a anmcharad agus a shruithed ecclustacda budhdein no bhíodh ina chaoimhtheacht dogrés co halt na húaire sin. Ba hisin ticch baoi ag Righ na Spainne fodein isin mbaile sin Simancas atbathsomh. Ruccadh dan a chorp go Uualladolid (go cúirt an Righ) hi ceithirriadh cumhdachta co ndrongaibh dírimhe do Stata do Chomhairle agus do Gharda an Rígh ina uirthimcheall go lochrandaibh lasamhnaibh agus co sutrallaibh solustaibh do chéir chaomhalainn ar comhlasadh ina iomthacmhang da gach leith de. Ro hadhnacht iarom i mainistir S. Fran. isin chaipitil do shonnradh go míadhach móronórach ionnus as airmidnighe ro hadhnacht Gaoidheal riamh. Ro ceileabradh oiffrend agus hymna iomdha claiscetail agus cantaice ceoilbinne doraith a anma agus ro gabadh a éccnairc amhail robadh díor. Monuar tra robadh liach do shochaidhibh muicherchra an tí testta annsin ar nirbo hoghshlan a thriochatt bliadhan an tan atbath. Ba heisidhe ceann coinne agus comhairle athchomhairc agus iomagallmha ermhoir Gaoidel Érenn cidh fri sidh ciodh fri coccadh. Tigherna tóthachtach tairbertach co fforsmaltaibh flatha agus co ndluthuggadh reachta. Léo ar nert agus chumachta go ttomaithemh agus co fforspraic móir cona lamtha urthuasacht a breithre ar ba heigen cecip ni no forchongradh dod henomh fair fochéttoir. Colum ar chennsa agus ailghine fri neimedh eccailsi agus ealadhan agus fri gach naon ná friothardadh fris. Fer ro dhing
a omhan agus a uiregla for chách i ccein agus i noccus agus for nar lá nach naón imegla ittir. Fer díochuirthe dibherccach mudaighthe meirleach mortha mac mbeathad agus riaghtha mac mbais. Fear náro leicc a fhairbriocch na a iomfhorchraidh a dhiubairt na a dhímíadh gan a aithe agus gan a dhioghail fochetoir. Imeachtraidh aindiuid amhnus andana na noirer. Aircctheoir coccthach creachadh coingleacach na ccoigcrioch. Díosccaoilteach Gall agus Gaoidheal do neoch batar ina agaidh. Fear naro leicc dhe gan denomh gach neith roba toisccide do fhlaith do gniomh an ccéin ro mhair. Buaball bionnghlorach co mbuaidh ninnscci agus nerlabhra céille agus comhairle co ttaidbredh seirce ina dreich atar la gach aon atuscídh. Tairngertach toghaidhe ro rémhtherchansat fáidhe re chían ríana gheineamhain. Bá trógh tra ro bás occ Gaoidelaib Erenn íar nécc na fiorfhlatha dóigh ro claochlaidhset a nairrdhe agus a naigenta doratsat miltne ar miodhlachus moirmhenma ar mheirtnighe uallcha ar inísle. Ro scaich a ngrain a ngaiscced a ngal a ngérraittecht a ccosccar a ccathbúaidh iar na oidhidh. Tallsat ceill dia ccabhair o neoch co nérlator a nermhor ar núair for iocht a neccratt agus a nesccaratt in robtar aireghdha dhibhsidhe fo dheilbh siodha agus chaonchomraic agus araill for sccaoiledh agus eisreidedh nocha nama ar fhud Éirenn acht seachnón na hEorpa hi ccoitchinne ina neisibh agus ina mbuidhnibh dínnimhe dearoile agus aroile ac creic a namhsaine i nailechriochaibh dar cenn ratha agus túarustail gurro marbhait sochaide diobh agus gurro éccsat aroile gurbo hadhba aineóil a rúamha adhnaicthe. Acht chena robad eimilt ríomh no aisnéis dona mórulcaibh ro síoladh agus ro clannaigedh i nInis Ughoine allos écca an Aódha Rúaidh Uí Dhomhnaill ro iomraidhsem gó sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services