Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill I

Title
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill I
Author(s)
Ó Cléirigh, Lughaidh,
Compiler/Editor
Walsh, Paul
Composition Date
1616
Publisher
(Londain: I.T.S., 1948)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Ro tuismedh émh clann adhamhra dUa Dhomhnaill
(Aodh m Maghnusa m Aodha Oicc m Aodha Ruaidh
m Neill Ghairbh m Toirrdhealbaigh an Fhíona et
cetera). An Inghean Dubh ingen Semais m Alaxandair m Eoin
Chathanaigh Mec Dhomhnaill do shiol Cholla Uais m Eachdhach
Doimhlein roba bainseitigh dUa Dhomhnoill agus rob
isidhe mathair an robtar aireghda dia chloind. Itiat anmanna
a fferscal ier nurd gheine Aódh Rúadh, Rudhraige, Maghnus
agus Cathbarr.



Dála an cheidmheic dibhsidhe Aodha Ruaid do radadhsidhe
iarna gheinemain fochettoir dia oileamhain agus dia leasughadh
do shaorchlandaibh soichenelchaibh Chenéil Chonaill Gulban
m Néill agus nirbho hiadsomh namá ro ett eisidhe for altrom agus
oilemhain acht ro ghabhsat araill do Chenel Eóghain m Neill
ar robadh derbh leo do raghadh ni de madh dia roisedh co
haois infhedhma. Ro ghabhsomh iaromh for fás agus for forbairt
araoi chrotha agus chaoimdenmha alaig agus erlabhra egna agus ergna
ionfhais agus oirbertais goro leth a ainm agus alladh fo chóicc coigedhaibh
Éreann eidir Ghallaibh agus Gaoidhealaibh cid riasiu
rainicc tar áeis mhacdhachta agus ro choimhlion a chóig bliadna
décc. Attchuas immorro do Dhanaraibh Duibhlinne adhbhchlos
agus erdhercas an meic sin agus basedh do ruimensett occa ina
menmain na baoi a aithghein dErendchaibh fri haithe a anfaladh
agus dioghalta greisi a cheineoil dia lecthi co haois fherrdhata. Ro
haisneidhedh dhoibh beos gurro thairrngirset faidhe agus lucht
remhaisneisi agus tiorchanta na todhochaidhe co ttiocfadh a
ionnsamailsiumh no bherad mesccbuaidhredh forrasom agus for
inis Ereann archena feibh ro thingheall Columb Cille mac


L. 4


Feidlimidh naoimhfhaidh amra do Chenel cConaill agus fer lán
do rath agus do deolaidheacht an Spiratta Naoim bail atrubhairt:




Tiocfaidh fer an engha aird
dobera golmairg in gach tir
bidh é sin an donn diadha
is biaidh .ix. mbliadna ina righ.




(Atberat foirend co mbadh é Cáillín Fiodhnacha ro thairrngir.
in marg.)



Araill ann dana ro omhnaighsett na Goill chetna eisiomh
agus an tIarla Ua Néill (Aodh m Firdorcha m Cuind Bacaigh
m Cuind) do ernaidhm a ccodaigh agus a ccaradraidh fri aroile
ina naghaidh uair roba deirbirisidhe dia thuistidhibhsiomh
ó chein mháir agus ba hi deirbhfiúr an Aodha Ruaidh remhebertmar
roba comhmáim agus roba cédmhuinter don Iarla Ua Neill
Siobhan inghen Uí Dhomhnaill a comhainm. An tUa Néill
ro hoirdnedh i ccennus for Chenel nEoghain feachtt riamh agus
dia ngoirthi anmuim an tan sin (Toirrdelbhach Luineach mac
Neill Chonallaigh m Airt m Cuind m Enri m Eoghain) ba riarochsidhe
do Ghallaibh don chur sin agus nírbho tualaing follamhnadh
a fhlaithiusa le heineirte agus anfobhracht agus no biodhsomh
dogres occ ionnlach agus occ etarcosaoitt an Iarla Ui Neill frisan
Justis agus frisan Seanadh ar omhan a aithrioghtha lais ar as imne
ba oisidhe hi ttuile a ratha agus a aoise an tan sin agus ba scciath
imdeghla agus irscclaighe dar cenn a cheneoil. Ba haire sin ro
ghabsat Goill Atha Cliath Duiblinne aimhires agus mithoimhdin
de (gerbho riarach dhoibhsiomh gósin) ar an ccaradradh
sin baoi dho fri Cenél cConaill agus do ruimensett occaibh comba
lor dacomhal agus diomfhostadh fri dligheadh for Chenel cConaill
agus Eoghain a erghabailsiomh an Aodha Ruaidh ceni baoi acht
ina ghiolla biucc an ionbaid sin conadh ar na fothaibh remhraite
ro sccrúdsatt na Goill chetna a chuimreach cidh riasiu ro
soisedh lais forbhadh an neith ro omhnaighsett do thocht
asa loss.



Ba hamhlaidh forcaomhnagair an ghabhail hishin. Ro
hiorlamhaighedh bairc mbelduibh mbraflangaicch (im fheil


L. 6


Micheil do hsonnradh annso 1587) ind Ath Cliath cona foirind
fhoirniata fhírmisgnigh go naidhmibh iorghaile agus go ttrealmaibh
troda leo fri hurscclaighe agus iomghuin ind aghaidh a
neassccarad gona fforthain fiona agus corma fri creic agus connrad
i ndon cendaigeachta dus an ttairsittis eill ngabala for Aodh
Ua nDomhnoill. Ba tria airle an Justis Ser John Parrot agus na
Comhairle archena ro gnithe indsin co hionfhoilghidhe. Basedh
a ord an Justis a bheith fri laimh righ Saxan i ccendus for inis
mBanbha co diuidh teora mbliadhan. Ó ro baoi gach aidhme
ba hadhailg ind eallmha lasan luing remraitiu agus iar ttoidhecht
na gaoithi andess gach ndírech fosroghluais an mbairc a cliotharchuan
Duibhlinne amach ind iomdhomain an aigein gurro sheólustair seach
rind Éttair badhthuaidh laimh chle fri hor nÉrenn co riacht co
senchuan Súilighe hi crich Chonaill m Néill. Ro airis ainnsidhe
fo erchomhair Ratha Maoláin amach forsan bfairrge. Caistiall
eisidhe baoi for ur na tragha. Ro fothaighedh ecclas fri hurd agus
oiffrenn do Mhaire mathair an Choimdedh hi ccomhfhochraibh dó agus
ba mendat airrderc fri hiomathaigid laoch agus chlerech na ccrioch
ccomfhogus. Lá Cloinn tSuibne conrótacht agus atiatt ro
aittreabhsat an mbloidh thire baoi fri himealbhord an chuain gusan
moir móir agus araill cenmothá indsin. Do Chenél Eoghain m Néill
dhóibh iar mbunudhus agus a hAlpain do dheochatar an dú sin agus
robtar iatt ba tuairgnide catha do righ ó cConuill ind agaidh a
eascaratt.



Tuirthechta na luinge imroráidhsem hi tosaigh iar
ttuidheacht di gusan ccuan for ionchaibh Ratha Maolain amail
atrubhramar do relccit a seola fri lar agus ro suidigit a hangcairedha
dia himfhostad hi comhfhochraibh an chalaidh. Docomhlat
dream dia foirind for tír iarttain ind eccoscc cennaigedh fo
dheilbh siodha agus caenchomhraic agus gabhaitt for brath agus taiscceladh
for creic agus connradh frisan ccách docuirethar fora
ccind agus addamhat co mbaoi fion agus cormaim leo isin luing. O
ro clos la muintir an dúnaidh an ní sin ni tharttsatt hi foill
acht ro ghabhsat for cendach an fhíona agus an lenda immale agus


L. 8


oc comhól fora chele combtar mescca. Iar bfios scél don
chrich ina ccomfhogus doionálat a ndochum agus batar ag sainol
combtar subaigh amail a cceli. Nirbo cian dóibh samlaidh
conustudhchaidh Aodh Ua Domhnaill fecht áiniusa for celidhe
don bhaile la baos agus reabraidh fora bhaoithreim agus for cuairt
macdachta co ndírim dóccbaidh na criche ina chaoimthecht.
O rocloathar éccin an ni si la haos an braith imsoat as for
cúlaibh dochum a luinge. Ro faoidhitt daileamain agus deoghbairedha
an dúnaidh ina ndeghaidh do chuinghidh fíona dona
haoidedhaibh dusfangatar. Asberatsomh nat baoi leo ní badh
móamh oldás ní nosfiúrfadh an fhoirenn agus nachasrelcctís
uadaibh for tír do shaigidh nach aoin acht má no thísedh
uathadh daghdhaoine ina ndochum don luing foghebhdais a
ffrestal agus a ffiadhugadh don teruairsi do ruaraidh aca dia ffion.



Iar ffios scél do Mac Suibhne (dfhior an dúnaidh Domhnall)
na daileamain do dhiúltadh imón ffion ba hadhnár lais
indsin conadh í airle do rionchoiscc a ainshén dó a thigerna
(Aedh ua Domhnaill) do thochuiredh don luing. Ba sodhaing
ón a thoghaothadhsomh an ionbaidh sin uair ni bhaoi aon dia
deghchomhairlidhibh dia oidedhaibh nach dia ollamhnaibh
ina chaoimhthecht do remhiomthús na do shédugadh comhairle
dhó agus ni rainicc tar aois coicc mbliadan décc agus ni thainic a gaos
nach a ghliocus an tan sin. Ba samhlaidh ón don aos baoth
borrfadhach batar ina fharradh gidh iatt ba sine araoi naoisi.
Iar ccrúdh a ccomhairle don fhoirind ainegnaidh ro lasatt
amach luingíne mbicc do rala for ur na tragha agus imraiset gusan
luing moir go mbatar or fri hor. O ro fhittir an fianlach
báttor isin luing go mbaoi Aedh ettorra ro fháiltnighsett friú
araoidhe ni relccitt anonn chuca acht uathadh daoine feibh ro
thingheallsat im Aodh Ruadh im Mhac Suibhne et cetera. Ro
freastlaitt agus ro fiadaighitt do shaine bídh agus lenda gurbhat
subaigh soimhenmnaigh. An tan ba háine dhoibh occ ól ro
gatta a nairm forra agus ro hiadadh comhla an taiste tara néis agus
do rata i naragal foiriata bail naro chumaingset engnamh nó


L. 10


eisiomol do ghniomh i nagaid a namhat agus erghabhthar Aedh
agus in roba lainn leó don lucht do deachattar anonn dia saigidh.
Dothaott tra sccéla na gabhala fon ccrich hi ccoitchinde agus
doeccmallatt na comhfhochraibhe dochum an chalaidh dus an
ttáirsittis baogal for aos na celge. Ni bhaoi ba desodhain
ar ro batar i niomdhomain an chuain iar sreangtharraing chuca
a nangcairedh fulaing agus fostadha agus ni rabhattar longa nát
laoidhenga aca dia ttograim nach dia ttárrochtain. Dusficc
ann a ccumma chaigh Mac Suibhne na tTuath Eoghan Óg
atacomnaic. Ba haitte don Aodh eisidheicc agus ro ghabh occ
eráil ghiall agus aittire oile dara éisi. Nirbo torbha dhósomh ón
ar ni baoi hi ccoiccedh Conchobair m Nessa géill no ghabtais
dara éisi dóigh ba fora iarair daonloss do dheochattar.



Dála na luinge imroraidhsem agus na fairne baoi innti o
ro fhorbhsat an toiscc imma ttangatar agus doberatt leo in roba
toisccidhe do braighdibh agus daittiribh an tíre imsoat as for
ccúlaibh la trethan an tsrotha go rangatar an muir móir.
Seolaitt iarsuidhe la tuinnsemhaibh na gaoithi aniartuaith fri
hor nÉrenn sairdhes friothroscc na conaire remedeochatar gurro
ghabhsatt hi ccuan Duiblinne doridhisi. Atchlos fochettóir
fon ccathraigh uile a ttuidhecht samhlaidh agus don Justis agus don
Comhairle sainredh agus Aodh Ua Domhnaill hi forchomed leó.
Ba faoilidh iadsomh dia rochtain chuca agus nirbhó fora sheirc
itir agus ro thochuirsett eisiomh gan fhuireach dia saigidh co
mbaoi eineach i nionchaibh friu agus gebhit occ iomaccallaimh
fris agus occ athchomharc sgel do agus ba do thaisceladh agus
inchreachadh fora airrdhibh ba móamh ro batarsomh. Fodeóidh
tra ro forcongradh eisiomh do chor hi ccaistiall comdhaingen
clochdha bhail i mbatar soerchlanna mac Míledh hi cuimbreach
agus hi cimbidhecht occ foimhtin ecca agus oidedha agus araill
duaislibh na bFionnghall dusfangatar an insi fecht riamh ro ghabhsat
báidh agus condalbhus fri Gaoidheala ind agaidh na nGall dusficcset


L. 12


fadheóidh a criochaibh Saxan do ghabail na hinsi forra dibh
linaibh. Basedh rob aines agus rob aireacc toile dhoibh do lo agus
dadaig isin carcair comdhúnta i mbatar a mbith occ éccaoine
in imnid éttualaing agus occ aisnéis in ainchridhe anffoil no himbertha
forra eitir Ghallaibh agus Ghaoidelaibh agus occ coistecht
frisna gúbhrethaibh no coiccerta agus frisan midhiach agus frisan
míimbirt do bretha for soerchlandaibh soichenélchaib mac
Mileadh agus na fFionnghall hi ccoitchindi.



Iomthusa Aodha Uí Dhomhnaill baoisidhe samhlaidh hi
cumma chaich ina chuimbreach fri ré teora mbliadhan agus theora
mis occ cloistecht frisan daorbhroitt i mbatar Gaoidil. Ba
tochombracht agus ba galar menman agus ba sniomh adhbhal lais
a beith ionnus ro baoi agus nirbhó ara dhaigh bhadhdein acht
fobhith an éccumhaing éccomhadhais i mbatar a cháirde agus a
chomhfhuilidhe a urradha agus a ardtóisigh a neimedh agus a naoimheccalsa
a fhiledha agus a ollamain a fhomhámaighthe agus a oireacht
for athchur agus for ionnarbadh i nailechriochaibh sechnón Éreann.
Nó bhíodh occa innethemh agus occa scrúdadh dogres caidhe an
tesrus elúdha foghébadh. Nirbhó sodhaing dhósomh ón an ní
sin ar dusfucctha hi cubhachail foiriata isin caistiall gach noidhche
dia iomchoimhétt condusficcedh teirt ara bhárach. Ba imne
baoi an caistiall hisin agus lethanchlais lándomhain lionnuiscci ina
uirthimcheall agus clardroichet comhdlúta fuirre fo erchomhair
dorais an dúine agus gasradh gruamaineach na nGall amuigh agus
istigh imon dorus dia dhúrchoimhéd cona diccsedh aon táirsibh
anunn nach amach gan athchomarc don fhianlach allmhardha.
Ara aoi ni bhi friothaire ar nach ffaghthar faill fadheóidh.
Fecht naon dia mbaoi Aodh co ndruing dia aos comtha i
ndeiredh geimridh doshunnradh i nurthosach oidhche riasiú
do rata isna cubachlaibh foiriata i mbittís gach noidhche basedh
arriacht leó téittréfedh rofhoda do breith gusan ffeineistir baoi
fora nionchaibh agus dusrelccet sios frisna suainemhnaibh goro
tharbhluingset for san urdrochat ro baoi allamuigh do dhorus
an dúnaidh. Baoi idh imremhar iarainn asan ccomhlaidh fria
tarraing chucca amach do neach tan badh adhlaicc. Do rattsatsomh
balc lán glaice do chrond comdaingen tresan idh ar na


L. 14


tíosta co tinnesnach dia ttograim asan dúnadh. Bai ócclach
do shainmhuintir an Aodha hi foichill a nelúdha agus do ralasidhe
dhoibh iar ttoidhecht amach agus di lannchloidhemh lanchotatt
lais foa choim agus do ratt i llaimh inn Aodha. Do bert Aodh
cloidheamh díbhsidhe diaroile laoch amra do Laighnibh do
shiol Chathaoir Mhóir m Feidhlimidh Firurghlais Art Caomhanach
atacomhnaic. Ba háirsidh iorgaile agus ba toisech iomghona
eisidhe. Do rat iaromh sciath for lorg dona hógaibh tre
shráittibh agus slighthibh an bhaile. Cidh iatt na forchoimhedaidhe
tra niro rathaighset i nellmha an telúdh agus ó do rattsat dia núidh
na hócca do imthecht docengatt fochétóir do shaigidh dorais
an chaisteoil amail as déne conrangatar ar andar leo na tháirsitis
i traite. Iar rochtain doibh gusan dorus forfeimidh forra
a erslagadh nach an ccomhlaidh do shrengadh anonn conustarttsat
fria ttoghairm chuca an lucht do rala isna tigibh batar
ar ionchaibh an dorais don taobh araill don tsráit. Iar ttocht
fon toghairm doibhsidhe ro ghattsat an crann baoi tresan idh
eiste agus doléccet an comhlaidh suas do lucht an chaisteóill. Do
dheachattar drong mhór do lucht na cathrach for lurg na nócc
atrulattar uadaibh. Ni baoi bá desodhain uair batarsomh
allamuigh do mhúraibh an bhaile siú do rathaighitt ar robtar
ersloicthe óbela doirsi na rioghchathrach isin ionamm docoislet
ina ndochum agus dolengat tar chladaibh tar garrdhaibh agus tar
múraibh imechtrachu an bhaile gurro scuchsat for reidh an
tsleibhe faoifora nionchaibh badhdess gach ndíreach. Sliabh
fotta foirlethan eisidhe. Asé ba cladh coiccriche eitir Gaoidhealaibh
choiccidh Gailian agus Gaill Duibhlinne. Batar iomdha
a shlighthi agus a chonaire ara aoi nísrelicc a nomhan doibhsidhe
ascnamh isna conairibh coitchenna. Niro ansat dina dia reimim
go rangatar tarsan ruaidhshliabh ramattach hisin iar sccis aistir
agus imthechta fot na hoidhche. O robtar scithig tuirrsigh tiaghaitt
gusan ccaillid cliothardhlúith tecomhnagair fora ccind agus
airisit innte gusan muichdhedhoil. Doberat laim for imthecht
iarsuidhe ar nirbho láininnill leó airisiumh isin bfiodhbaidh
la homhan agus cridhenbhás a súir agus a niarrata dia naimhtibh.


L. 16


Nírbho coim ria ccioth do Aodh Ua Domhnaill a elúdh
uair nirbo tualaing asccnam laa oes cumtha asin ionadh a
mbaoi doigh robtar athgaoite ilchrechtnaighthe a throighthe
toinngheala tanaidhe lá haiten agus la himdresaibh la haimhreidhe
agus la hiomdhoraidh an tsléibhi tarsa ttudhchaidh ar ro heitirdeilighit
a assa fria throighthibh iar ndíoscaoiledh a nuamann
agus a naidhmchengal lásan ffleachadh ná fuairset gósin. Ba saeth
mór agus ba galar laa aos cumtha ná ro éttsat leó é ní bad síriu agus
ó naro cumhaingset ní dhó tiomnaitt celebradh ndó agus fagbhaitt
bendachtain occa. As fair desidh laisiomh iarttain (iarna
fhágbáil i nuathadh buidhne) a fher muintire do fhaoidedh
go aroile duine uasal do shoerchlandaibh choiccidh Gailian
do reccaimh hi ccaistiall hi ccomhfhochraibh do dus an
ffoighbedh innilles no iomshnadadh occa Félim Ó Tuathail
a shlondadh. Ba cara don Aedh riasan tan sin (andar lais)
ar do choidh fecht for ceilidhe chuga isin ccuimbreach i mbui
i nAth Cliath agus ro naidmset a ccarattrad dibh linaibh cecib
tan docuirethar neach uaidibh for ionchaibh aroile gurbo
hiomairgidhe laisiomh dol for eineach Fhélim araba an
chottaigh sin ro ershnaidmsett. Docoisle ass an techta bail a
mbui an Félim agus atfétt dhó an toisg ima ttanuicc. Ba faoilidhsiomh
riamh agus ro thingheall a thoirithin an Aedha im gach ni
ga toiscide dia ccaomsadh. Araoi ni conrairleiccsiott a charaitt
nach a chomhfhuilidhe dhó a dichleith nach a diamhlugadh
ar uamhan smachtchana na nGall dia aithe fair. Ros fess forra
iaromh a beithsiomh isin bfiodhbaidh feibh atrubhramar agus
atraghat an cách atchualaidh fora iarair agus dorelccet cona luirg
fora fhoillecht. O rob erdhalta la Félim agus lia braithribh cách
oile dia fhoghbháilsiomh as fair desidh leo iad budhdein dia
erghabhail agus a breith gusan ccathraigh for cúlaibh dochum an
tSenaidh. Do gníth samlaidh. O rainicsiomh co hAth Cliath
robtar subaighe an Senadh imshodhain agus do ronsat neiffni agus
brigh mbicc don uile ghiall agus aittiri atrula uaidibh agus batar
buidhigh don toicthen ro thathchuir chuca doridhisi. Gerbha


L. 18


mór a nainchridhe agus a néccratus dhósom an cétna fecht ba
huille an fecht tanaisi ara elúdh uaidhibh agus do bretha geimil
glaisiarainn foa feibh as cuimhgi conrangatar agus ro cuiredh isin
ccarcair cettna agus ro both iga fhriothaire agus ica fhorchoimhétt
ionnus as ferr ro fhétsatt. Atchlos go comhchoitchenn fo
chrich nErenn a éludhsomh samhlaidh agus a erghabhail doridhisi.
Ro lá socht mór for Ghoeidhelaibh desidhe agus ro maolaitt
menmanna a miledh agus aiccenta a nanradh agus croidhedha a
ccuradh acc cloistecht an sgeoil hisin. Robtar iomdha rioghna
agus romhná agus inghena áille uichtgheala occ dubha agus dérchaoi foa
dhaighin. Robtar ile soerchlanna soichineoil ag lámhchomairt
agus acc acaoine co hinfhoilgidhe ara aba agus nirbhó lugha
deilligh forsan druing frisa mbai a cháirdine agus a choibhdelachus
inás ro lá forsan lucht frisa mbátar a mifholta agus a eccratus.
Ba soidheithbir doibhsiomh ón uair rob é saoilechtain na
sochaide conadh trítt dusfiocfadh a ffoirithin on daoire agus on
dochraitti dermháir i mbattar occ Gallaibh.



Baoisium samhlaidh isin ccarcair chéttna fot na bliadna
go deiredh geimhridh doridhisi go hoidhche Nottlacc Stell
doshonnradh anno 1592. An tan robo mithigh la Mac na
hÓighe a elúdhsomh arrainicc feisin agus araill dia aos comtha
eill forsna coimhéttaidhibh i nurthosach oidhche riasiú do ratta
isin prainntigh agus gattaid i ngeimhle díobh. Atraghatt iarttain
gusan ffiailteach agus suaineamh siothfhoda leo agus dorelccet sios
lasan suaineamh tresan fféltigh go riachtatar gusan cclasaigh
ccomhdhomain forcaomhnagair i niomthacmhang an dúnaidh.
Ro dringset iarsuidhiu frisan mbruach alltarach go mbatar
for ur na clasach don taobh araill. Itiatt géill atrulatar ass
imaraon frisan Aodh Énrí agus Art da mhac Seaain m Cuinn
Bacaigh m Cuinn m Énrí m Eóghain. Ro bhaoi aroile gille
tairisi occ athoigidh chuca don chaistiall i ndon echlaighi frisi
relccet a run condusrala tul i tul ba hadlaic co mbuí deolus
rompo. Lotor ass iarsodhain tresan sraittshlighid sreathbuidhnigh


L. 20


baoi for ionchaibh an dúnaidh gan airfhius gan fhoirchloistecht
do neoch ar ni tuctha imonair acht amail gach naon
do lucht na cathrach uair niro ansat cách do thathoigidh no
do thadhall eitir thighthibh na trénchathrach an trath sin ar
ba tosach oidhche doshunradh ann agus niro dúnaitt doirsi na
cathrach bheós. Rangatar tarsan ccathraigh sechtair fon samhail
sin. Ro leablaingset tar aimhreidh agus iomdhoraidh na ndúnchladh
ndioghainn agus na ndaingenairbhe ndermháir ro bui fri
cathraigh anechtair go rangatar for reidhibh an ruaidh-shléibhe
remedeochaidh an tAodh isin cétna heludh atrula. Ro eitirdheligh
dorchata na hoidhche agus tinnenus an techidh an tí ba
siniu dia naos comtha friú .i. Enrí Ua Néill. Eisiumh an tAodh
bo soamh dona soerchlandaibh. Nibtar fóiltigh iattsomh
imon etarscaradh. Atraghat ass ara aba agus a ffer muintire dia
remhimthús. Gebidh an adhaigh for snidhe agus ferthain a fros
fírneimhnech fleochaidh agus a slamm slemaintiugh snechtaidhe
co narbho sodhaing dona saoirfheraibh soichineoil a siobhal
lasan doinind agus lásan diéttghadh uair ba hamlaidh batar gan
fhorbruta iar nuachtar iarna nágbail isin ffialtoigh tresa
ttúdhchatar.



Ba móo deilligh an dianaister annamh ainmeinic forsan
Art inás for Aodh agus ba haidhlescce ionmoille a cheimim ar as
imne baoisidhe agus é collnach remhairshliastach agus ba cianfhoda
ó ro cuimrighthi isin carcair i mbuí. Nírbo samhlaidh don
Oedh ar ni rainicc tar aois macdhachta agus niro anustar dfhás na
dionfhorbairt an ionbaidh sin agus ba háith éttrom eisiomh desidhe
agus ba hutmall ésgaidh a imthecht. O ro rathaighsium Art occa
eneirtiugadh agus iomthruime a chéime asedh do roine fris a lámh
do chor fora ghualoinn agus an laimh naill ar gualainn an ghille.
Doieghat as fon ionnus sin tar muinchind an maighshléibhe.
Robtar scithigh tuirsigh iaromh agus niro ettsat Art leó ni ba
síriu agus ó na fuairsiot fosaighitt i ffosccadh allbhruaich iomaird
isind ermhona baoi ara mbelaibh. Iar nairisiomh dhóibh
ainnsidhe faoidhit a ngiolla uadhaibh lia scelaibh go Gleand
Maoilugra bail i raibe Fiacha m Oedha. Glenn daingen diothoghlaidhe


L. 22


eisidhe agus no gnathaightís Gaill Duiblinne cona
niodnaibh catha iomshuidhe agus ionnsoigidh fair dia chreachadh
agus indredh. Nó chosnadh an tí Fiacha co ferrdha
friu co bfarccbaithe iolar cenn lais agus ni chumgaitis ní dho
acht ara aoi gerbat iomdha iolardha a nionnsoighthi agus gerbo
calma a ccongaibh chatha nírbo riarachsomh dhóibh cen baoi
i mbiú. Gach giall agus gach cimbidh no elaighedh uaidibh ni
thairis no théigedh acht as chuicce no dáiledh agus ba hedh a chetna
huidhe dol go Glend Mhaoilugra bhail a mbaoi an Fiacha
atrubhromor ar basé a dhúnárus. A chumat cetna dona giallaibh
rémraitiu as chuige ro dhalsat fadheisin agus ro fhoidhset a
ngiolla. Ó ranaicsiomh airm i mbui an Fiacha atféd a scéla
ndó agus an ionnus fosragaibh na hocca ro élátar asin ccathraigh agus
nachasbértha i mbethaidh forra muna tista dia ttoirithin i
ttraitti.



Lasodhain do roega an tí Fiacha fianlach dia oes gradha
do neoch batar tairisi lais diobh agus ro erb forra techt lásan ngille
for ammus na nócc. Atraghat fochetoir febh ro herbadh friú
agus docomlat ass agus fer fo bhíudh leo agus aroile fo lionn agus cormaim
go riachtatar gusan sliabh bhail hi farccaibthi na fiora. Monuar
ámh nirbhó soinmheach sádhal suidiugadh agus samhugadh na
soerchloinne sin for cind na ccuradh do deachatar fora niarair.
Ni rabhatar brothracha nat brecána inat éttaighe cumhdachta
foa ccorpaibh dia ccaomhna ar fhuacht agus oighredh na gairbhshíne
geimriutu acht ased ba coilctheacha cottalta foa ccaoimhchnesaibh
agus ba cerchaille foa ccennaibh colbadha cladharda
ciomhaisgheala cloichshnechta ag reódh da gach leth iompaibh
agus ag iomuaim a nionar nuirettrom agus a sreabhoinnleintedh
snathchaol fria sethnachaibh agus a nassan imleabhor agus a niallchrann
fria noircnibh agus traighthibh comba samhalta lasna fiora
dusfangatar nárbot daoine itir iatt acht base a ccubat dfhottaib
an talmhan chena baoi ann iarna nionfholach isin sneachta uair
niro ráthaighset bedhgadh ina mballaibh acht marbtis mairbh
agus as imne on bátorsomh acht madh beg. Lasodhain tuarccabhait
an laochradh asa lighe iatt agus fororchongartsat forra ní


L. 24


don bhíudh agus don lionn do thochaithemh agus ni hétus uatha uair
gach deogh no eabdais dusrelcctís hifrithisi fora mbeolaibh
sechtair. Acht chena ro thathamair an tí Art fódheóidh agus
atradhnacht an dú sin. Dala an Aodha roscongaibh an chormaim
iarsin agus ro batar a briogha for forbairt iarna hól acht a dhi
chois namá ar as imne batarsidhe ina mballaibh marbha gan
mothugadh iar nat agus ionbholgadh frisan reódh agus frisan sneachta.
Cuiritt na fir for iomochur eisiomh gusan ngleann atrubhramar.
Do rata hi ttigh deirritt i ndiamhair an dlúithfhedha.
Ro both iccá leighes agus leasugadh ann da gach ni ba toisgidhe
co ttorracht teachta co dichealta dia áithreós agus dia fhios sccél
óa chliamhain Oedh Ua Néill. Do rattsomh lamh for imthecht
iarsuidhe iar mbreith don techta fair. Ba duiligh dhósomh
triall foran turus sin oir niro chumhaingsett na leghe freapadh
dia thraighthibh i ttraitte iarna ttreghdad don reódh remhepertmar
agus ba héiccen da nach oile a thurccbail for eoch agus a
ghabáil eitir a dhib lamhaibh doridhisi tan no tharbhlaingedh.
Baoisimh amen coro etarsccarsat leighe a di ordain fris iar
ttrioll ar rochtain dia athardha budhdein. Faoidhis an tí Fiacha
dirim marcach lais isin adhaigh dia shnadhadh tar abhainn Life
.i. obh fil i coiccrich coiccidh Gailian agus na Midhe. Ro batar
ettarnaide agus aos coimheta ó Ghallaibh Duiblinne for áthaibh
édoimhne na habhann agus fora conairibh coitchenda ótchlos
dóibh Aodh Ó Domhnaill do beith i nGlionn Mhaoilugra ar
nach elaidhedh tairsibh co cóiccedh Conchobair agus nach élataís
na cimbidhe archena atrula imaraon ris asan ccathraigh gurbhó
heiccen dona hóccaibh ara aba gabháil i ngarfhoccus don
chathraigh tar áth ndoraidh niomdhomhain ro bhaoi foran
abhainn go rangatar gan rathucchadh gan fhorchloistecht dona
Gallaibh co mbatar for iorlainn an dúine a nurthosach oidhche.
Ro bhaoi an lucht lásro treccedhsomh hi tosach iarsan ccetna
helúdh hi trechumusc an diorma .i. Felim Ó Tuathail cona
brathair iar ttocht doibh dia shnadadhsomh agus dia chomairce
amail chách dershnaidhm agus do chengal a ccottaigh agus a ccairdesa
friss. Maraidh an cottach sin beos agus méraidh co diúidh mbetha


L. 26


eittir Cenél Conuill m Néill agus sliocht Cathaoir Mhóir m Feilim
Firurglais. Tiomnait celiobradh agus fagbhaitt bendachtain oc
ároile iar naidhm a ccarattraidh amlaidh sin.



Dála Aodha hUi Dhomhnaill iar nimthecht doibhsidhe uadha agus iarna
fhágbáil na oenar acht an toenóglach .i. Toirrdelbach Buidhi
Ó Ógáin do deachaidh fora iarair isin nGlenn nairrderc: do
shainmhuintir ind Aedha Uí Néill dóisidhe agus no labhradh bérla na
ttuath nechtrond agus rob aithnidh eólach etorra dóigh no biodh i
niarsháile an Iarla Uí Néill tan dusficcedh fria thosccaibh go
cathraigh Átha Cliath. Robtar iolardha
bheós cairde an tí Aedha Uí Néill dona Gallaibh fadhéin uair
dobeiredh tiodhlaicthe agus tuarastail mhóra óir agus argaitt dhóibh
tar cenn gabhála aige agus labhartha ara shon isin tSeanadh. Ba dána
an tócclach imna tuccaidibh hisin agus nirbho himecclach im
ghabháil tre gnaithshlighthibh na nGall. Lotar ass iaromh
Aodh Ua Domhnaill agus eisiumh for dibh neachaibh ána uttmalla
i ródaibh raoindírghe agus i sligthibh salcha na sein-Mhidhe go
mbatar for ur na Bóinne ria mattain edh gairitt o Inbher
Colptha siar. Ro cumhdacht cathair airrderc lasna hallmarchaibh
fecht riamh occ Inber Colptha forsan abainn agus droichett
tairsi dana. Droichet Atha do gairthi don baile hisin agus basedh
conair choitchend Gall agus Gaoidel gabháil tresan ccathraigh.
Acht chena nisrelicc a nomhan doibsidhe gabhail treithe conadh
edh do rónsat gabáil go hur na habhann atrubromar bhail i
mbiodh iascaire dínnimh deróil agus lestar becc occa fri hiomluchtadh.
Do chotarsomh isin ccurach conusfarccaibh an
portiomarchurthaigh forsan mbruach alltarach iar ttabhairt
a loighe co saidhbhir dhó. Ba maith laisiomh a mhenma ara
mhétt fuair darccat agus ba machtnadh mór lais ar niro étt a urdail
riamh ó nach ndruing dia ttard a churach. Gaibidh an fer
céttna lasna heocha tresan ccathraigh condusrad chucca iad
don taobh araill don abhainn.



Tieghait fora neachaibh agus lottar ass iarsuidhiu ina réimim
go mbátar míle céimend fó dí ón abhainn. Atchiatt doire
dosach díoghainn ara ccionn an conair ro ghabhsat agus dúnchladh


L. 28


díomhor ina uirthimcheall amail bidh lubhghort. Ro buí
dúnárus airderc (dia ngaror an Mhainister Mhor) la hoglach
naireghdha dona Gallaibh fria taobh an doire agus ba deirbhiris
dAodh Ua Néill eisidhe. Tairbhlingittsium ocon dúnchladh
chétna agus tieghaitt istegh cipiondus uair rob eolach maith a fher
muintiresium isin maighin sin. Scorait a neich agus doghniat
airisiumh hisuidhiu. Luidhsiomh isin dúnadh agus fogheibh a
fhiadhugadh ann uair ba suaithnidh eisium an dú sin sainredh
seach gach nionadh. Fosruair aragal ndeirrit do Aodh agus do
bert lais é agus ro freastladh agus ro friothailedh é iarttain amail
robo lainn lais.



O roba laininnil leósomh an tionad i natrala ro ansat
ann go ara bharach dadaigh. Doléiccet ass iaromh fora neachaibh
feisne la capurdhorcha thosaigh na hoidche tar Sliabh
mBregh agus tre Mhachaire Conaill go rangatar go Traigh Baile
m Buain ria mattain. Conrótacht cathair hisuidhe for ur na
tragha lasan echtairchenél imroraidhsiom eitir Dun Delgan agus
muir. O robtar ersloicthe doirsi na cathrach isin matuin
mhuich as fair deisidh leósomh gabáil gan anadh gan airisium
treithe. Lotar iaromh fora neachaibh ina réimim gan rathugadh
go riachtatar triasan mbaile samhlaidh agus ni thugsat
cach imonair co mbatar don taobh araill. As aire eimh rob
éccen dóibh gabhail tresan ccathraigh tar chonair naile uair
ro bhátar forairedha agus etarnaidhe óna Gallaibh isin coigcrich
in gach enach erdhalta in gach séd agus in gach sligidh in roba
doigh leó Aodh O Domhnaill do thochar chuca amail ro baoi
for abhainn Life agus do ruimenset nisléiccfedh an omhan dó
gabhail trias an ccathraigh cipindus. O rangatar tar sraitshlighthibh
na cathrach robtar subaigh forbfaoilidh araba a tternáidh
tar gach mbaogal baoi rempo ar niro imeacclaighset
nach ní ar rochtain do hisuidhiu ar ba fo mámus Aodha Uí
Néill baoi an chrioch fri cathraigh atuaidh. Lotar as go Fiodh
Mór an adaigh sin do leiged a scísi agus ba hinnill dóibh i mbith an
dú sin gerbo garfhoccus do Ghallaibh iat. Ba cara agus ba comhalta


L. 30


dosomh an tí bui hisuidhe Toirrdhelbach mac Enri m Felim
Ruaidh do shoerchlandaibh Cenéil Eoghain agus ba hionann
mathair dósaidhe agus don Iarla Ua Néill. Ro fiadhaigedh ietsomh
co hairmhitnech an adaigh sin agus gaibit reimhibh ara barach tre
Shliabh Fuait m Breoghain go rangatar gusan Macha badhthuaidh.
Anait ann an adaigh sin fo dhichleith. Tiaghaitt ara
bhárach go Dún Genainn m Cathbaidh bail i raibhe Aodh
Ó Néill. Ba faoilidhsimh riasan aoididh do riacht cucca agus do
ratadh gan fhuireach i naragal uaigneach go hinfhoilgidhe gan
rathugadh da nach aon isin dúnadh acht madh uathadh daos
tairisi ro batar oga fhriothailedh agus og airiug toile dhó oir ba
riarach Aedh Ó Néill in ionbaidh sin do Ghallaibh Duibhlinne
agus nirbhó hail do tocht tara nerfhuagra acht co hinchleithe.



Dala Aodha Uí Domhnaill iar ccor scísi a aistir agus imnidh
de isin dunadh fri ré cetheora noidhche cona láibh do bert
laimh for imthecht agus tiomnais ceileabrad do Aodh Ua Néill agus
fagbaidh bhendachtain occa. Docuirethar dírim mharcach lais
dia shnadhadh ar chuanaibh agus ceithernaibh go ranuig co hoirer
Locha hEirne. Ba cara dhósomh triath an tíre sin agus ba brathair
hi rainn a mathar Aodh Mháguidhir atacomhnaic. Ba
faoilidhsidhe dia thuidhecht chucca agus fogheibh a fhiadhucchadh
co hadhamra lais. Do bretha ethar derscaighthe duibhshlemhain
a dhochum agus dothaot ind agus fágbhaidh bendachtain ag Maguidhir.
Iomraiset ass iersodhain gusan ccael ccuarchumhang baoi
forsan loch remhepertmar bail hi toet ass an obh adbhchlosach
iaichiomdha frisi ráiter Érne. Bá dia athardha feisin an feronn
hisin. Dusnáirthetor araill dia oes tairisi agus dia shainmhuintir
badhdhein agus doberat eocha ána utmalla ina dhail an dú sin agus
lotar aissidhe co hÁth Seanaigh. Baoi caistiall comdaingen
hisuidhiu for ur an atha tuargaibhthe i ttosach la sinnser an
Aodha (Niall Garbh m Toirrdelbaigh an Fhíona anno 1423).
Ba dúnárus adhamra agus iostadh flatha dia chenélsom an caistiall
agus dia athair sainredh ar asé baoi hi cennus na criche an ionbaidh


L. 32


sin agus ba hé fosracaibh araill dia shainmhuintir ag comhdha an
chaisteóil agus robtar failtigh na fiora fri damhna na flatha dusfainicc
agus doleccet cuca istegh.



Baoisiumh i ffos hisuidiu coileicc corustarcomlaiset an
tír (do neoch baoi ina chomfhochraibh) dia shaigidh bail i
raibhe. Nírbhó herusa éimh eisidhe ar as amhlaidh baoi an
chrioch ina céide creach agus caibden ag Gallaibh agus ag Gaoidelaibh
agus atrachtatar deabhtha agus dechétfaidhe dermára etorra féin
armedhón co narbot riaraig dia fflaith amail roba téchta doibh
ar ba forusócclach an ionbaidh sin é agus nirbhó tualaing tathugadh
a thuath ná ernaidhm a ngiall nach a naitire ó ro herghabadhsomh
agus dana deilligh an tsendata fair siú roba sen coleicc.
Ótchiatt Gaill Duiblinne an chrioch samhlaidh fororchongarsat
forsan ffianlach baoi uaidibh i ccoiccedh Olneccmacht ar
oile sochaidhe dhíobh do thuidhecht hi tír Conuill m Néill.
Batar iad robtar codhnaig forsna hibh forro herailedh tocht
hisuidhiu Caiptin Wilis agus Caiptin Conuill. Docuislet ass co
ndíbh cétaibh laech tar Duibh tar Drobhaois tar Eass Ruaidh
agus niro ansat réimim go rangator Dun na nGall for ur
Iasccaighe. Baoi Ó Domhnaill isin mbaile co nuathadh
sochaidhe agus niro fhédsat nach ní dhó. Ro bhaoi mainistir
bhláith bhennchobhrach hi comhfhochraibh an chaisteoil
allathiar for ur na tragha agus ba he Ua Domhnaill attredbairt
durd S. Franseis fecht riamh anno 1474 agus doieghatt a sruithe
agus a céledha Dé eiste an tan sin for techedh agus iomghabháil na
nGall. Airisit na Goill isin mainistir agus doghniat puiple agus
pailliúin do thegdhuisibh diadha deirrite agus do chubachlaibh
claruaighte na cceledh nDé agus na mac mbeathadh. Ro chuirset
dina an mbloidh tíre ro bhuí ó Bernus Mór co hÉrne agus go
Glenn Coluimb Chille m Feidhlimidh co fomamaighthe
fóthaibh agus ba héccen i ngéill agus a naittiri do thabhairt dóibh
uair ba hadhbhal uaman agus imegla Gaoidel an ionbaidh sin ria
slogaibh Saxan agus ria laochraidh Londan (gemadh uathadh
doibh) ar allmardhacht a ninnill agus a néccuiscc agus ar iongnaithe


L. 34


a nerradh agus a nerlabra agus la fogarthorman a ttrompadh agus a
ttapúr agus a ccaismert catha la grain agus géraitecht a ngaiscced agus a
ngallarm ar narbhó hadhma eolaigh Erendaigh riamh gósin.
Gabthar lasan uathadh sloigh sin atrubhramor caistiall baoi for
eochairimeal an chuain di mile céimend o Dhún na nGall siar.
La hUa mBaoighill an baile taoiseach togaidhe do Chenel
Conuill Gulban. O rob innill lasna Gallaibh cétna airm i
mbátar agus braighde na criche fora ccomuss nó tiegtais triasan
ccrich co coitchend na ndéisibh agus na mbuidnibh na ndeisibh agus
na ttriaraibh do ghaid a mbidh agus a mbethamhnais forro agus ni
antais ag breith a nagh niomthrom agus a ccethnat cclumhfhoto
chuca dogrés. Gabhait ag tóchuiredh fuillidh slóigh agus sochaidhe
dia soigidh do dhul tar Bernus Mór dinghreim agus dargain
na tíre agus dia huiledilghend ima crodh agus ima cethraibh agus dia
tabairt fo dhaoire agus fo dochraide fodheóidh. Acht cena uair
narbho lainn la Dia an dilghenn agus an droichdhiach do ratsat
Goill for lucht na criche ina nathardha dílis badhdhéin dusfucc
lais an macthairngertach morghlondach (Aodh Ruadh m
Aodha m Magnusa) co Cenél Conuill m Néill dia furtacht agus
dia foirithin dia snadadh agus dia soeradh aran ainffine nettrócar
nechtronn feib dusfainicc Moyse m Amra i toirithin tuaithe
Dé dia saoradh aran ndaoire nEgeptacdha.



An tan ba háinemh dona Gallaibh foran abairt atrubhramor
as ann atchóas dóibh an Ruadh atrula do thuidhecht
don tír. Rosgabh crioth omhain agus imegla iatt agus ba fair deisid
leó deirghe na criche dia ccaomhsatais agus ba fó leo na tístais
inte ittir. Dála Aodha Uí Dhomhnaill ro thochuir an tír
chucca agus niro an friú colléicc (ótchuala milledh agus mídhiach na
mainistrech) go ranuicc go Dún na nGall eineach hi nionchaibh
frisna Gallaibh. Ara aoi ni tarttsat an tír éisiomh hi foill gan
tocht foa thoghairm (do neoch ro charsat é) na néisibh agus na
mbuidhnibh amail as déine conrangatar. Lasodhain ro lásom


L. 36


a thechta ar ammus na nGall dia radha riú gan iomfhuirech no
essnadadh isin ecclais ni ba siriu agus nach gebhtha forra tocht an
conair badh lainn leo acht nama go ffarccbatais dia néis a mboi
leó do bhú agus do bhroid do chrudh agus do chethraibh dionnmus
agus déttáil na críche archena. Fágbait ieromh fochetoir feibh ro
forchongradh forra agus robtar buidhigh do rochtain a nanmonn
leo agus imsoat ass for cúlaibh i coiccedh Olnéccmacht o ttúdhchatar.
Iar nimthecht doibhsidhe i mís Febra dusrinntaiset na
braithri for cúlaibh dochom na mainestri agus gabhaitt occa
herglanadh agus occa hathnuadhachadh dar ési an fhianlaigh
allmhardha agus oc dénomh a nuird agus a noiffrend amail ba gresach
leó agus occ adhmoladh an Choimdedh oca atach agus oga etarghuide
setal naile dar cend a ccaratt agus oesa a ffoghnamha agus dar ceand
Aodha Uí Dhomhnaill sainred ar asé dusfucc ina ffritheing dia
sosadh psailmcetlaidh agus dia narus ailtoirithnech agus rostoifnestair
an ainffine allmhardha uaidhibh.



Dála Aodha Uí Dhomhnaill luidhside co hAth Senaigh
ifrithisi agus deisidh ind agus do bert leighe chuga do choimcighsin
a choss agus niro fhétsat freapad do coro heitirdhelighthe a dhi
orduin fris fodheoidh agus nirbo hoghshlán co diúidh mbliadna.
Arái sin nisrelccsium de frisan ré sin gan dénomh secip ní ba
toisccidhe do thathugadh tuath do mhalairt agus do mudhugadh
mheirleach agus daithe a anffaladh ara essccairdibh. Bóisiomh ina
othairlighe amail atrubhramar ó Iomelcc co hApril. Otchísiomh
adhuaire na haimsire errchaidhe ar nimthecht agus erthriall na síne
samhrata chucca ba foda lais ro bhói ina othairlighe cen deirghe
an phuirt a mbaoi ceni chonrairleiccsett a leghe dhó agus basedh
do róine tara nerghaire techta do chor go Cenél Conuill do
neoch roba riarach dia thuistidibh dhiobh agus a ttarcclomadh agus a
ttionól a dhochum allathair don tsliabh airderc .i. Bernus Mór
Thíre hAedha. Dusratsom asendadh láimh for imthecht ina
ndáil agus doionálat chucca i mbuí allathiar don tsliabh atrubhramor.


L. 38


Dusficc ann Ua Baoighill Tadhg Ócc m Taidhg m Toirrdelbaig
tóiseach togaidhe do Chenel Conaill. Dosfainicc ann Mac
Suibhne Thíre Bóghaine Donnchadh mac Maoilmuire Meirgigh
m Maoilmuire m Néill. Basé an tres fer no bhíodh i tóisighecht
amhsaine la righ ó cConaill Mac Suibne Fánatt agus Mac Suibne
na tTuath an dias naile. Batar iatt tangattar isin toichestal
chéttna allathair don tsliabh Ua Domhnaill a athairsiumh Aodh
mac Maghnusa m Aedha Óicc m Aedha Ruaidh cona chomáim
.i. an Inghen Dubh inghen tSémais m Alaxandair m Eoin Chathanaigh
mathair an Oedha agus inghen Mic Cailin a mathairsidhe.
Ba feirrde dana a tuidhechtsidhe isin dail ar así ba
cend airle agus athchomhairc do Chenél Conuill agus gerbhó fosaidh
ionmálla agus gerbo hadhmolta i nairrdhibh mná ro bhaoi croidhe
curaidh agus inntinn fhiannusa aice illeith fria forngaire ittir
forsan ccách conetestair agus fora cele sainredh occ aithe a huilc
agus a héccora for gach naon donairilledh agus no bhiodh buidhne
iomdha a hAlbain agus araill dÉirendchoibh fora cor agus fora commus
agus fora tuillmhe agus fora tuarustal badhdein dogres agus go
sainredhach in airett baoi a mac (an Ruadh) hi ccimbidhecht
agus hi cuimreach og Gallaibh. Tainic dana isin comhdhail chetna
Mac Suibhne na tTuath Eóghan Ócc m Eoghain Óicc m Eoghain
Mhóir m Domhnaill agus Mac Suibhne Fánatt Domhnall m
Toirrdelbaigh m Ruaidri. Básé ionadh erdhalta in ro dhalsat
na maithe dib linaibh i cCill Mac Nénáin i neitirmhedhón
triochait chéd Cheniúil Luighdech fri Lenainn antuaidh airm
in ro halt Columb Cille m Felim m Ferghusa an naomh amra do
Chenél Conuill agus robadh dó ro fothaighedh an cheall cétus agus
as inntesidhe ro hoirdnighthe Ua Domhnaill hi cennacht na
criche agus basé airchindeach na cille céttna nó oirdnedh agus
robadh ar ónóir agus ar airmhittin do naomhCholumb dognithi
dina indsin la Cenel cConaill. Batar imorro dronga diáirmhe


L. 40


do Chenél Conaill na tangator hisuidhe don chur sin. Ba dibhsidhe
Aodh m Aedha Óig m Aedha Ruaidh. Ba diobh sliocht
an Chalbaigh m Maghnasa m Aedha Óicc. Ro batar bheós
drong mhór do Chlainn tSuibhne na ttrechumuscc iarna ttofann
asa ttír ó chéin mhair agus as ann ro aittrebhsat for ur Locha
Feabhail m Lottain agus asiatt ba túisigh niomghona agus ba tuairccnidhe
catha don Chalbhach Ua Dhomhnaill agus dia shiol na
deghaid. Ni tainic ann O Dochartaigh (Seaan Óg) taoisech
triochait chéd hInsi hEoghain m Néill uair asé an triocha chét
sin rainic dEoghan ó Chonall do chuid ronna agus dusfuit co
Ceinel cConaill hifrithisi. Batar drong mhor do mhuintir
Gallchobhair gan techt and amail chách tria mhioscais agus mhírún.
Iar ttarcclomadh an uathaidh slóigh sin hi ccenn a chéle ro
eitirdhelighset a nairigh agus a nuasail i maighin for leith agus gabhait
acc crúdh a comhairle agus oga scrúdadh agus oga reimhdeiccsi
cionnus no foibertais a namhaitt agus no bertais foa reir doridhisi
an cách atrula hi rudrachus uaidibh agus a mbaoi ind esaonta friú
do Chenel Conaill fodhéin. Ba fair deisidh lasna maithibh agus la
hUa nDomhnaill feisin (o ro airighestair a eneirte agus aidhble a
aoisi) a thighernus do thelgedh dia mac .i. do Aodh Ruadh agus
Ó Domhnaill do ghairm dhe. Ro mholsat cách hi ccoitchinde
an chomhairle hisin agus ro gnithe samlaidh. Do rattadh an tairchindeach
dia saigidh Ua Firghil atacomhnaic. Ro oirdnestairsidhe
an tAodh Ruadh hi ccennacht na críche la forchongra
agus la beandachtain a athar agus do roine ord an anma feib as techta
roba gnath dia chenél gósin agus dogara O Domhnaill de. Gabhait
clérich na cille occ ettarghuide an Choimdedh dara chend agus
occ cantain psalm agus hymon ind onoir Crist agus an Choluimb
atrubhromor im sóinmhighe a fhlaithiusa amail fa bés dóibh.
Ba hisin tres laithe do mhis Mai doshondradh ro gairmedh a
ghairm fhlatha dhesiomh don chur sin.


L. 42


An Chéad Bhliadhain, 1592.



Tuirthechta Aodha Ruaidh iaromh o ro hoirdned ind
ionadh a athar amhail roba téchta nísrelicc eisreidhedh na
ettarsccaradh ó aroile don uathadh slóigh do rala na fhochair
eittir traightheach agus marcach go ranuicc isin ccoiccrich go Cenel
Eoghain m Neill ar ba holc a fhola friu an tan soin uair batarsaidhe
occ forran fora thírsiumh ó ro lá laige agus eneirte fora
athair agus o ro herghabadh é badhdéin la Gallaibh. Fáth oile ann
dana ar robtar iad Cenél nEoghain ba coill fosccaidh agus ba dos
didin dogres da gach aon do Chenel cConaill fadhein nó
friothardadh agus no imresnaigedh i nagaidh a fflatha fírdhilis
agus nirbho dóibhsidhe namá acht da gach neach i nechtairchrich
no bhiodh i frithbhert nó ind eccraittes fri Cenel Conaill ara
mioscais ind. Araill beos nirbot cairdemail agus nirbot caratradh
imoroile don chur sin Ua Néill (Toirrdelbach Luineach m Néill
Chonallaigh) agus an tIarla Ó Néill (Aodh m Firdoirche) roba
derbhiris dhósomh agus dia athair dogres conadh arna fothaibh
sin ba forra duthraccair dula i ttossach do fhromadh a chédgaisgidh
agus dimbirt a ainchridhe agus a bharainde. Iar rochtain
don uathadh slóigh sin i cCenel Eoghain ro chroithsett agus ro
indirsett an roba coimhnesamh dhóibh don chrich. Gontar
airlighther gach aon rob inéchta ara rugsatt an slógh. Fuairsett
édala iomdha bó agus damh agus gach indile archena isna comhfhochraibhe
dóigh ni deachattor raibhthe rempu. Niro shaoilsett
tra an tir Aodh Ruadh do eirghe hi ttraitte san lighe othraiss
a mbaoi agus ni thardsat dia nóidh agus ni bhaoi for menmain doibh
teicheadh ria cCenél cConaill ó chein mháir.



As ann tra baoi dúnáras Uí Néill (Thoirrdhealbaig
Luinigh) an ionbaidh sin ar an Srath mBan bail hi comhraic


L. 44


an da senabainn fosragaibh díle na dedhaidh fri aroile .i. Fionn
agus Modharn agus nirbo gnath aithtreabh na airisiumh Uí Neill
hisuidhe gusan tToirrdelbach hishin. Niruó moide sainsherc
Aodha Ruaidh im Ua Néill óttchuala gorro dhálsomh a dhochum
(dia nertadh i naghaid Ceneil Conaill agus Aodha m Firdhorcha
m Cuinn Bacaigh ropa cara agus roba cliamhain dósomh) di caiptin
airrderca Caiptin UUilis agus Caiptin Fulort a nanmanna
co ndib cédaibh laoch leó co mbátor lais an tan sin agus ni antais
dogres acht acc brath agus taiscceladh an tíre ina ttimcheall. Ba
tochradh menman agus ba coimbrisedh cridhe la hAodh Ua
nDomhnoill Gaill Duibhlinne do denomh eolais a athardha nach
an chuiccid archena ar niruo herusa naidhm a muintiris frisan
ccách atchluined hi ccáirdine fri Gallaobh ara aidhble ro bui a
netargna agus a neolus occa agus ara dhaithe ro imbirset a nainchridhe
gan fhochann fair. Iar nindredh an tíre dhósomh amail atrubhramor
soais for ccúlaibh dia chrich feisin.



Níruo cian an iodhnaidhe baoi for Aodh ua nDomhnoill
iarsuidhe an tan do dheachaidh dia sechtmhaine doridhisi do
indredh Tíri hEoghain. Doiaghaitt aithtreabaigh an tíre an
dara fecht cona ccrudh agus cona ccethraibh cona nionnmhasaibh
agus cona hiolmhaoinibh fora theichedh agus fora iomghabhail bhail
as siriomh conrangatur. Téidsiomh cona shlogh ina leanmhain
agus ina lurcc co ranuicc Cianachta Glinde Geimhin agus ó dothoett i
niomdomhain an tíre as ann atchuas dó Ua Nell (Toirrdhealbach)
cona shochraide Gall agus Ghaoidheal agus cona shlogh archena
do bith ina ccomfhochraibh agus ina nurfhoichill. Ótchualasomh
tra an ní sin ro gairmitt fochettóir a chomhairligh agus a
chuingedha catha cuga agus o do riachtattur atféd na sccéla cétna
dhóibh agus an toiscc ima mbuí occa ttoghairm co nepert friú:
Atchualusa éiccin la haos fesa agus eólais gurab derbharoscc
airrderc o chein gach sluagh nach saigh saighfidher. As de ata
lemsa indsin ar esiomh dia bfarccbham an chrioch don chur sa


L. 46


agus cul do thochar friar naimdibh nonlenfaitsidhe forar lurg agus
forar ffoilliucht diar ffobairt co feochair inar ndiúidh agus bidh
derbh leó gurab tlás agus timme fodera dhuin gan a nionsoigidh
itir. Madh edh doghenaimne cétus a ffobairtsium hifechtsa co
hamhnus aindiuid nisrelccfe an uamhan agus an cridhenbhas
dóibhsiomh nach don ainffine echtronn filet imaille friu ar
ttograim dorídhisi.



Ro mholsat cach archena an comhairle hisin. Doghniatt
iaromh fair amail atrubhairtsiumh ar do bertsat fobairt
biodhbadh agus ammus aindiarraidh forra i midhmedhón laoi
doshondradh. otchiattsomh Cenel Conuill dia saigidh niro
ansat friú acht tieghait fora niomghabail gó aroile caistiall ro
bhuí for bru na Roa abhann isidhe fil hi Cianachtaib Glinne
Geimhin. Ba daingen dithoghlaidhe an caistiall uair ro bui
clochall cairrgidhe do thaoibh dhe cona lamhtha a leim don
leth dia mbui. Batar iolar múr agus mórchlasach agus cladh ccomhdaingen
don taobh araill de cona lamhtha ní dhó. Ba dion
slóigh agus sochaidhe an caistiall hisin agus niruo herusa a iomshuidhe
itir. O rangatarsomh fo dhaingen an dúnaidh riasiú rainicc la
hUa nDomhnaill cona shlogh rochtain remhibh geibidh O
Domhnaill longport don taoibh araill don abhainn go ara
bharach. Dála Uí Chatháin Ruaidri m Magnusa m Donnchaid
m Seain tóisiuch an tíre faoidhis a thechta do shaigidh Uí
Dhomhnaill agus scribhenn lais. Asedh bui hisuidhiu ocá agra
gurbho dalta dhósomh Ó Domhnaill riasan tan sin agus goro
nenaiscc a charatrad o chein fris agus ro fháidh chucca ba hiomairccidhe
dhó (andar lais) araba an charatraidh hisin an ccreich
dusfainicc fora fhaosamh agus comairce do leged dho an ionbaidh
sin agus nachasreilccfed chucca doiridhisi dia mbethsiomh fora
lurcc. Ro thingheall beos da threalam décc marcaigh do Ua
Domhnaill ar shaoire agus shnadadh don chách do deachatar fora
ionchaibh don chur sin.



Soais Ó Domhnaill for culaibh acht namá ro airis isin
ccrich diarbo ruidhles na bú dia ttartt comairce go cenn theora
noidhche cona láibh oga lot agus occá lainmhilledh go riacht


L. 48


fodheóidh goa thír feisin. O ranaicsiumh goa dhunarus go
Dun na nGall desidh hi suidhiu agus do bretha a leighe chucca do
choimchighsin a choss agus anaidh occa othrus fri ré dá mhios agus
ro lécc cumhsanadh dia shlogh an airett sin. Ba foda laisium
ro bhui Ua Neill cona Ghallaibh gan fhuabairt frisin ré sin.
Ro tarccomladh a shlogh dia shaigidh iar ttairccsin an da mhíos
atrubhromar agus docoislet ass tar Bernus Mor tar Finn tar
Modhairn gusan Srath mBan bhaile i mbatar na Gaill agus Ua
Néill dus an ttairsittis a mboeghal. O na fargbhatar na Gaill
daingen an dúnaidh dia ffobairtsiomh amail ba menmarc
dhóibh basedh do rónsat teinte agus tendála dadúdh agus dadhandadh
hi cetheora hairde an bhaile agus niro sccarsat fris gurro loisgset
agus gurro indirset a mbui do thoighibh fri múraibh sechtair agus
gur roscuirset dar cend do ráith comba lór do thochar neich
for iomroll agus aineól an dluimhcheó diadh do deachaidh edh
imchian on mbaile agus ba isin ochtmadh decc Iulii do ronadh
indsin. O na tangatar tra na Gaill danacal nach dimdheghail
an bhaile forra fagbaitsium é iarna orccuin samhlaidh agus tieghaitt
dia ttigibh cen nach frithbheirt friu.



Iomthusa Aodha Uí Néill (an Iarla) atfiadar sunn settal
naile o ro airighsiomh iomthnudh agus aininne a deirbhfhine
badhdein fri hUa nDomnaill agus saorchlanna Cheineoil Conuill
uile acht madh beg agus a mbeith ag fubthad Gall Duibhlinni
fair asedh do roine saigidh an airriogh ro bui fri laimh righ
Saxan i ninis Érenn .i. UUilliam Fiz UUilliam. asé roba
Justis an tan sin agus ó do dheachaidh ina dochom atbert fris co
ndusfiocfadh O Domhnaill fo chora agus chaonchomrac chucca
dia ttardadh anacal agus iomshnadhadh dhó araba an élúdha
atrula. Tingheallais an Justis co bfuighbithe amail ro hiornadhmtha
uadhsomh. Scriobhthar protextion ieromh febh do
rionchoisg Aodh Ó Néill don scribhnidh agus do rat an Justis a
láimh fair agus do ratsat an Senadh archena. Ro dhál an Justis


L. 50


chuga gusan ccathraigh fil for brú Tragha Baile m Buain eittir
Dhún Dealgan agus muir. An Srátbhaile atacomhnaic agus atbert
nachasbéradh Ó Domhnaill seacha badhdess go hÁth Cliath.
Cieileabhrais Aodh Ó Néill don airrigh agus don tSenadh ierttain
agus msói dia thigh agus niruó cian an iodhnaidhe do roine an tan ro
asccná i ttraitte isin sétt agus isin sligidh ó Dhún Genainn m
Cathbaidh siartuaidh gach ndireach go rainicc Dún na nGall airm
a mbaoi Ó Domhnaill. Niro rathaighitt goro tharbluingset an
diorma forsan ffaithche. Robtar foiltigh remibh an cách baoi
fora ccind iarna ffios sccél. Baoi Ó Domhnaill ina lighe fora
iomdaidh othruis agus niro chumhaing eirghe i neallmha do
fhiadhugadh na naoidedh do riachtatar a dhochom agus ó na
caomhnaccair ittir dothaett Aed Ó Néill dia aithreos góa
iomdaidh agus attféd dhó an toiscc ttudhchaidh. Athbertsomh
nárbó lainn lais agus narbhó slán a mhenma dia dhul i freacnarcus
na nGall ó ro chedaigh an taoinDia dó etorsccaradh friú ara
dhaithe agus ara aidhble ro imbirset a nanchroidhe fair gan fhochann
cidh riasiú robadh díor mithoimhdin do thabhairt dó acht ara
aoi nó ragadh laisiomh diamadh edh badh tol dó. Ba duiligh
dósomh tuidhecht an turus sin uair robtar créchtnaighthe a
chossa agus niro híocait do ráith o ro benad a di ordain de febh
atrubhramor. Bátar hi ffarradh aroile an adhaigh sin acc
cinnedh a ccomhairle agus ó ro chinnset ón docomhlat as ara
bharach dírim marcach agus niro ansat dia réimin (acht madh inn
oidhchibh namá) go rangatar Srátbhaile Dhúine Dealgan.
Foghaibhit an Jústís fora ccind an dú sin febh do ringheall.
Tairbhlingit an dhíorma for iorlainn an dúine agus faoidhitt
ann an adhaigh sin. Ó Domhnaill tra ó náró chumhgustar
céimniugadh fora chossaibh acht mano thisedh for eoch dusficc
an Justis fodhein dia shaigidh airm i mbuí agus fáiltnighis riamh
agus dílghais dó an télúdh do róine agus gach cion archena.



Iar naidhm síodha agus caratraidh dhósomh fris an Justis
asa haithle celeabhrais dó agus fágbaidh bennachtain. Do bert
iaromh laimh for imthecht. Doghni Aodh Ó Néill an ccéttna


L. 52


iar ndénomh a thoscca amail roba data lais. Iompait dibh
lionaibh friothroscc for culaibh an chonair tudhchatar óa
ttighibh co ttorrachtatar go Dún Genainn. Batar athaidh
isuidhiu occ fledhugadh agus occ airiucc tuile guruó mithigh la
hUa nDomhnaill imthecht agus ó ro thriallsomh indsin etorscaraidh
don chur sin frisin Aedh naile gerbho haidhlescc
leó ina ndís imscaradh do bith etorra. Dothaot iaromh
Ó Domhnaill go riacht go Dún na nGall agus airisis coléicc ina
ligiu othrais doridhisi ó focherd a uaman de tria iornaidhm
siodha agus caonchomhraic frisan Justis. O ro haisneidedh don
fhoirinn batar i frithbheirt frisiumh do Chenel Conaill a chodach
agus a charadradh do naidhm dhósomh frisna Gallaibh dusficcett
fochéttóir go fomhámaighthe fo shidh dia shaigidh agus dobertsatt
a oighréir ndó fobith narbot tualaing tochar no tairisium
fris (gerbhat iolardha a nóicc) ar as treisi flaith fiora.



Ba hedh indso inas aireghdha don lucht dusfangatar fo
chóra chuccasomh. Donainicc ann ccttus Aodh m Aedha
Duibh Uí Domhnaill sinnser sleachta Dálaigh m Muirchertaigh
cenmothá Aodh m Maghnusa agus ba fris do samhailte a beith
hi cendacht na criche dia éisi. Fer seghainn soibhésach cennais
cairdemhail eisidhe co neineach co naoidhedhchaire agus co
nengnamh féindidh ar fhéindidhecht fili ar fhilidhecht agus ba
fris atbeirthi seachnón Erenn hi coitchinde guruo heisiomh
glún deidhenach gaisccidh Ghaoidel uair ba samalta do Lugh
m Cén no do Throilus m Priaimh ar mharcaigheacht. Ba
haithghin do Choin na cerda ar ni thelccedh nach norchar
niomruill agus as ing má ro thérna neach riamh forar fhuiligh no
forar fhoirderg feibh robo bés don ghaisccedhach Graegdha do
Aichil m Peil agus dana ni dheachaidh i cath nó hi cliathach i
niomaireg nó i niomarghail na gonfadh neach éiccin cipindus.
Ba fer diogalta agus aithe a anffhaladh amail Conall Chernach
m Aimirgin cona frith a bhaoghal cein baoi i mbiú. Acht


L. 54


chena nirbo nár nó meabhal dósomh amail ro fhás agus ro ionfhorbhair
airbert agus aindiúidecht détlacht agus dánatus an riaghaire
ríoghda rémhthiorchantaigh thairis .i. Aodh Ruadh m Aodha
m Magnusa oir ba fer dúr dochoiscc dana degherlabhrach go
ngnúis sochraidh suilbir go namhainsi agus co náirde aignidh go
ninntlecht agus co naireag menman go ffos agus go ffollamhnacht
flatha go ttomaithemh agus go nurepraic ina fhorchongra cona
lamhtha urthuasacht a fhorngaire nách a bhreithre amail biodh
é an Cesair airderc fora scriobhait filidh samail na tesda hisin.
Conadh aire sin nárbho hadhbhar adhnaire agus nárbo damhna
dímiadha dAodh m Aodha Duibh Uí Domhnaill ina da nach
aon dia bunaidhfhremh ina ré an macthairrngertach mórghlondach
atrubhramor dia fhoruaisliugadh ar do roiscce do
ilchenélaibh na hinsi in ro genair ó chein mháir agus dana ba dalta
dhósomh fadéin an tan ro bui ina mhacbhrataibh gerbo foirmteach
fris don chur sin imónfflaithius.



Dusfainicc chugasomh fon ccruth ccétna Niall Garbh
m Cuinn m an Chalbaigh m Magnusa m Aodha óig dia ngaror
Aedh Dubh. Ba fer dian deinmnedach díchonnairchel esidhe
ósé aingidh eccratach go neimh nathrach go luinne leomain.
Ba géraitt gaile agus gaisccidh ba cenn sloigh agus sochaide fri cath agus
fri coccadh acht nama ba foirmteach frisiomh amail cach gerbo
hi deirbshiur an Aodha roba bainchele dhó. Dorala caratradh
oile etorra ar ro halta an tAodh ina macdhacht occá thuistidhsiomh
ara aoi ni tria shainsheirc dusfainig acht ba ar oman itir.
Dothaot ann bheós O Dochartaigh .i. Seaan Ócc m Seaain m
Felim m Conchobair Charraigh taoisioch triochaitt chéd Insi
hEoghain m Neill. Ba tuiridh catha agus ba hécclonn iorghaile
agus ba costadh sloigh iar sraoined forro an fer dothaott hisuidhiu.
Acht ara aoi ba tria rinn agus fhoebhar dusfucc Ó Domhnaill ina


L. 56


mhuinterus geruo hanglonn. Ba imne omh: boisiumh an
tí Ó Dochartaigh og tochuiredh Uí Dhomhnaill chucca i naires
dála dhó do dheilbh síodha fris agus ro chuinnigh chucca gan tocht
isin dáil acht madh dá mharcach décc agus bad samhlaidh tísedhsomh
ina dhochum don taoibh araill. Niro naisg lugha na
daingen fair agus niro shirestair rátha inaid aitire acht madh sin.
Dusficc Ó Domhnaill isin dáil agus ní thard lais acht an lion
atrubradh fris. Tanaicc tra O Dochartaigh don taoibh naile
an lion céttna co mbatar tul hi ttul. Ba sníomh adhbal la hUa
nDomhnaill agus niruó miadh nó maisi lais aontóiseach dia
mhuintir dhilis badhdein do bhith occ frithbheirt agus occ forran
fris conadh é ní do róine ionnsoigidh foithibh co ffeirg agus co
bfuasnadh go raoimidh for Ua nDochartaigh cona mhuintir
agus geibhther é badhdein agus do bert lais agus donucc egimel
glaisiaroinn foa agus nisrelicc ass conustard a óighréir ndó
agus geill agus aitire fri comhall dogrés. O roba fomámaighthe
Ó Dochartaigh agus Cenél Conuill archena gusna hibh ro batar
hi frithbeirt fris dhósomh ro gabh occ follamhnugadh a fhlatha
febh roba téchta og coscc meirle agus migniomh og tofann chuan
agus caibden agus occ riagadh gach aoin no bhíodh fri slaitt agus aircheall
co narbo héiccen do chách deithittin im chomdha a nalmha
ná a ninnile acht donesairtis for chona agus cheachair namá go
mbuí an chrioch gan cosnamh gan comoirb gan nach frithorgain
ó chách fria cheile agus no thuiltís an dí námhait for aoindérgadh
ar nisreilgedh a nomhan dóibh foraithmhet a ffaladh
diaroile. Bá daoineach dálach caithmech conghaireach aistreach
easadhal aircctheach ionnsaighthech ro thochaith Aedh Ruadh
Ua Domhnaill an cheittbliadhain sin do fhíorthosach a fhlatha
agus as forbairt baoi fairsidhe occa gach bliadain diaidh i ndiaidh
co ttangatar a thiughlaithe.


L. 58


An Dara Bliadhain, 1593.



O ro dheisidhsium (.i. an 24 Ianv. 1593)
ina shuidhe flatha agus ina iostadh aireachais
i Lethber for ionchaibh a namhat Ua Néill Toirrdelbach
Luineach ro ghabh occ imbeirt a ainchridhe agus a eccraitiu
fair dia thofann asa fhlaithius agus dia enertugadh hi foimhtin
Aedha Uí Néill do oirdnedh ina ionad. Do deachaidh for
bail dósomh an remhdheccsi do roine uair do rochair an flaithius
fodheoidh do shaigidh Aedha Ui Néill agus do ratt Toirrdelbach
Luineach oenta agus aittittin dó imon ainm as Ua Neill
do ghairm dhe. Dogaror iaromh agus leigidh an tí Toirrdelbach
uaidh na Gaill ro bator lais ó do deachaidh i ccottach agus hi
ccairdes Uí Dhomhnaill. Hi mís Maii doshunnradh do roinesiumh
indsin anno Domini 1593. O roba siodach Ó Domhnaill
frisiomh do ratsatt an da Aodh cóicced Conchobhair m Nessa
foa smachtchain siodhamail coleicc agus ro bensatt a ngéill agus a
naitire diobh dia nacomal agus dia ccuimbrech fri tairisi dogres.
O do bert Ó Domhnaill Aodh dia úidh gurbho tairisi agus guruo
hinnill lais an coiccedh uile an tan sin ro chuimnigh a mhifholta
fodhéin fri Gallaibh agus baoi occa fhoraithmhet on modh ccétna
do Ghaoidhelaibh archena aidhble a nanffaladh friú agus a nderghensat
dulc agus daindligedh ó chéin mair fri siol Ghaeidil Glais
m Niúil ag goid a ttochais ettarscartha agus nemhetarscartha forra
oga ttabairt hi ccarcraibh agus hi ccimbidhecht oga riagadh tria
ainchridhe agus aininne agus bad imne do meltais a ré co diúidh
mbetha in gach tan no gebtáis eill nó baogal forsna Gaoidelu agus
dana atfet dóibh gurro fhaoidh feisin a thechta agus a scribhend
do shaigidh na Spáinne do thochuiredh conganta sloigh i
nagaidh na nGall agus gurbo lanshaoilechtain lais a ttuidhecht i
ngaruair. Ba fíor dósomh indsin ar ro lá epscop Chille hAlaid


L. 60


a ttechtairecht co righ na Spáinne déccaoine a imnidh fris agus
dernaidhm a chairdesa agus chairdiusa chloinne Miledh archena.
An tepscop imorro ni forrainicc lais soadh for ccúlaibh lia
scélaibh an tan ro fhaoidh an taoinDia techta na caomhnaccair
erchoitmhedh fris fora chenn agus do bert lais dfhios an alltair
agus ní thainic bheós. Ro ghabh greim dhósomh an gresocht sin
uair ro adhain agus ro adaidh eccratus agus éttairisecht iar ninmhedhon
i saorchlandaibh slechta Miledh Espáine fri Gallaibh
Duibhlinde gurbhó hé aoininnethemh agus aondúthracht baoi
ina menmandaibh uile iompúdh for Ghallaibh gurro fhásatar
deabhtha agus déchetfaidhe etorra ier ttrioll la haslach agus la
hetarghuidhe Uí Dhomhnaill for Ghaoidelaibh lá reladh agus lá foraithmhett
i nderghensat na Goill forra riamh agus fora sinnseraibh
gósin. O ro fhitirsiomh cách do choimheirghe daoinmhenmain
isin coccadh duthraccair ro fhaoidh techta agus scribhenna co
hAlbain do thochuiredh fuillidh slóigh damsaibh dfhéindedhuibh
agus daos tuarustail.



An tan atchlos la hAodh Mhaguidhir tigerna na ttuath
im Loch nErne an terthriall do rinnscain Ó Domhnaill ba fó
lais gomadh é badhdeisin cétna-imrordaighfidhe isin combáidh
choccaidh hisin. Ba fer díumsach iomtholtanach eisidhe co
mét menman co náirde aignidh miledh ar mhiltnecht greitt ar
ghniomaibh goile agus gaisccid tigerna ar thiodhnacal go niolar
nócc agus ndaoine lais. Focharttsomh araill dia shainmhuintir isin
ccoiccrich baile i raibhe ócclach amra do Ghallaibh gurro
ortsat agus gurro oirccset an baile. Feacht naile dia ndeachaid
Máguidhir Aodh (tria chomhairleccedh agus tionchosg Uí Domhnaill)
agus basí conair do luidh go líon a shochraitte tria dheiscert
Breifne Connacht láimh clé fri Loch nAillinde tria uachtar Ua
nAillealla triasan cCorann tar droichet Mainistrech na Búille
aisidhe co machaire Mhaighe hAoi dia ngaror Machaire
Chonnacht. Ro léicc scaoiledh da sgeimheltaibh i ndobharshoillsi
na maittne muiche imon tír ina thimcheall. Ba hann
do rala do ghoibhernóir choiccidh Connacht (Sir Risderd


L. 62


Biongom) a beith an adaigh sin aran ccnuc hi comhfhochraibh
Tuillsce occ coistecht re sgélaibh an tíre ina thimcheall.
Do reccaimh díreim dia mharcshluagh occ siredh na noirer
ccomhfhoccus don telach fora mbaoi an goibhernoir agus ni
rathaighset nach ní la dallchiach na camháire condusralatar
agus Máguidhir cona mharcshluagh tul hi tul gan cedugadh da
nach ndruing dhíobh. Ro thriallsat marcshluagh an goibernóra
soadh ina ffritheing agus ro bás ina lenmhain aga leódh agus
ledradh la Mág uidhir agus laa mhuintir go rangatar gusan
maighin i mbai an goibhernoir fodhéin. Ro mudaigedh lais
don chur sin neach uasal airderc do Ghallaibh UUilliam Clifort
a chomhainm co seiser marcach cenmothasomh. Sóither for
Mháguidhir doridhisi isin conair chéttna agus ro bás occa thograim
go riacht ina chipe catha agus ina choirighthibh comhnarta. O ro
fhittir an goibernóir narbó torbha dhó saigid forru ro shai for
ccúla agus robadh lánbhuidhe lais térnúdh amail do érná. Do
rochrator échta móra ó Mháguidhir don ruathar sin .i. Émann
Mac Samradháin priomháidh Arda Macha do rala tria ainshen
ina fharradh agus an tAb Máguidhir (.i. Cathal) Mac Gafraidh agus
mac a derbhrathar. Acht chena gerbo liach lais na maithe
sin dia thesbaidh rug lais in ro tionóladh agus in ro tiomairccedh
do chrudh agus do chreachaibh na criche chucca agus do luidh on
longphort gó aroile co cobhsaidh ceimrighin go rainicc go
Feraibh Manach.



Atchuas tra do Ghallaibh Duiblinne indsin. Ro lionait
do lonnus agus dinnire. Ro herfhogradh iertain lasan Justis for
morshloigedh Midhe Laighen agus Leithe Mogha dul hi coicced
Conchobair isin foghmar doshonrad daithe forra i nderghensat
agus do ratt a ccennus uile don Iarla Ua Néill ce nirbo lainn lais
dol isin toichestal sin agus beos do Mharuscal an Iobhair. Ro
fhorchongair dina an Justis for goibhernoir choiccid Connacht
cona mbaoi do shlogh o Shionainn go Drobhaois dul ina
nairisidhe co hÉirne. Iar tteglamad an chetnashloigh sin
atrubhramar docomhlat reimibh go Loch Eirne ingine Buirg


L. 64


Buireadaigh allanair. Sir Henri Bingel ridere amra do Ghallaibh
ase ba tóiseach niomghona don tslogh. Dála Oedha Mhéguidhir
iar ccloistecht scél an tslóigh eachtrand focherd a bhú agus a
innile fora niomghabhail go Tír Conuill m Néill fothuaidh
agus do rionóil slogh mór dia thír budhéin damhsaibh agus
daos tuarustail ailechrioch agus do Chloinn tSuibhne Tíre Conuill
agus ro bhaoi cona shloghbuidhnibh don taobh araill don loch
agus consníset frisan sluagh nechtrand cona relccset seacha siar.
Docomhlat as an sluagh Gall laimh clí frisan loch go rangattar
gusan abhainn dothoett asan loch. Baoi áth sainredach
fuirresidhe fri hiomathoigidh don chách ba toiscidhe Ath
Chuile Uain chomhainm agus ba hédomain an ionbaidh sin é.
Fobrait na Gaill an táth an seisedh la do October do shonnradh.
Ro bui Máguidhir cona shlógh don dala leith don áth i foimhtin
na nGall. Consniset friú co ferrdha athaidh fhoda. Niruo sodhaincc
dógbaidh Fer Féne a nursclaighe uair robtar diairm iatt
an tan sin i naithfhegadh na nGall la hiolar a néidedh nallmharda
agus a ngabhladh nglaisiaroinn agus a ngunnadh ngranaoiblech
occ diobhragadh agus occ imthealgadh a nubaillmheall luaidhe agus
a ccaor ttaidhlech tteintidhe go ffoirrgitis na fiora don taobh
araill don abhainn gan nach friothorgain friú fadeisin. Baoi
do lionmhaire a laech agus dainetargnaidhe a narm goro fhiorsat
an derbharusc fodheoidh .i. luigidh iolar for uathadh uair ni
foraelangtar an óccbadh Eirendach friotairisiomh friu niba siriu.
Sraointer forra iaromh ón áth. Gontar airlighther dronga díobh agus
atrulattar ass fon ffiodhbaidh a nermór ar roba garfhoccus
dóibh í. Gontar Aodh Ua Néill hisuidhiu agus ba fó lais dáigh
na gabhdais Gaill aimhires de. Tiaghaitt an sluagh Gall tairis
coléicc agus gabhait lámh clí frisan locha allanair dus an tairsitís
édála cruidh no cethra agus o na tairthetar iompait dia ttigibh agus
dorelgett eisrédedh dia slogh.


L. 66


Iar ttocht do ghoibhernoir coigidh Connacht agus dIarla
Tuadhmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co
heochairimlibh Erne co sochraide coigidh Connacht imaille
friu soait ina ffritheing go Mainistir na Búille agus doiaghat
iaromh dia ttigibh amail do deachatar an slogh naile. Acht
chena fosrágaibh Ua Neill (Aodh) agus an Marascál drechta dermara
dóccbaidh agus do shoighdiúiribh Gall i ffarradh Conchobhair m
Conchobair Ruaidh Mhéguidhir ro buí i neissídh agus i néccraites
fri Máguidhir dogrés im chendus na criche. Ua Domhnaill dana
ba tochradh mór menman agus aiccenta laisidhe na Gaill do thionntúdh
samhlaidh. Ara aoi sin ó naro shaighsett fair níro
shaigh forra ara anfhúirithi ro bhaoi agus ro fagbhaitt dream mór
dia mhuintir isin ath rémhráite do ratt hi furtacht Mhéguidhir
ge ro iomghabh é feisin ar fhoraileamh Uí Néill uair ro buí
techtairecht etorra fo dhichleith gan ráthucchadh dona Gallaibh.
Bátar dina Goill agus Gaoidil iarsin occ coistecht fri aroile gan nach
friothorccain o cheachtar nae fri aroile fri teoraibh míosaibh
geimhridh co hIomulcc na bliadhna araill anno 1594.


L. 68


An Treas Bliadhain, 1594.



I neacmhaing na rée
agus na haimsire sin ro theglaim an Justis sluagh mór gan rathucchadh
don chách lasar mhioscais. Dusficc tar na criocha bator
comhfhoiccsi gan nach niomfhuireach go ranaig i traitte co
hInis Ceithleann for Loch nEirne i neitirmhedhón Criche
Monach. Ba heisidhe dunárus agus ba port oireachais Méguidhir
Aodha agus gan aoin no hoirdnighthe hi ccennus na criche. Ba
dúnadh daingen agus ba múr dithoghlaidhe fri slogh nechtrand
acht na batar na ffoimhtin an tan sin. Deisidh an Justis i forbhaisi
forsan dunadh agus gabhaitt an sluagh for togail an mhuir
feibh conrangatar agus nirbo torbha dhoibh indsin co ttarttsat araill
dia aos iomchoimheda an baile uadaibh fodheoidh dar cenn
lóighi. O ro bhaoi an baile for commus an Justis Ser UUilliam
Fitz Uuilliam fáccbaidh triocha laoch dia chomhdha forsan
ccách frisro hettarscartha cona congaibh techta do bhíudh agus
darm agus soaidh as feisin for cúlaibh doridhisi. Foraighit iaromh
for gach leith gan chreich gan orgain for aroile fri ceitheora
míosaibh o Februari co hJun. Ba hadhnár lá hUa nDomhnaill
Aodh Ruadh a fhod ro bhuí gan tocht i ffortacht Mhéguidhir ar
asé ro aslaigh an coccadh agus ba fora fhorchongra ro hadhnadh
ar tús. Basedh fodruair dósomh gan dul i nellmha ina fhoirithin
amail roba menmarc lais a beith occ iodhnaidhe agus occ iomfhuirech
frisna hAlpanchaibh do ringheall chuga for amhsaine.
O roba foda laisiomh ro batarsidhe gan tuidhecht tarcclomtha
Cenel cConaill lais coleicc agus dothoet reimibh cona shlogh co
hInis Ceithleann. Deisid isuidhe i forbhaisi forsan dúnadh o
thosach Jun co medhón August goro chroithsett goro airccset
agus goro indirset a mbuí fó mhamus na nGall hi crich Airghiall
agus i mBreifne Uí Raighilligh co ttarttsat a mbú agus a
mbeócheathra i lón slóigh dia namhsaibh agus dia naos tuarustail.


L. 70


Batar na Gaill i fos an tan sin isna portaibh gabhala inro ghabhsat
for fecht riamh .i. mainistir Mhuineachain Cluain Eoais hi crich
Airghiall agus mainistir an Chabhain isin mBreifne
uair ba i neacclusaibh na naomh agus na mac mbeathadh ba
meince a nairisim og creachadh agus occ indredh na ccrioch agus
og gabhail i ngiall agus a naitire.



Iomthusa Ui Dhomhnaill buisidhe cona shochraide i
forbhaisi agus ind iomshuidhiu for Inis Cethlenn co hurthosach
Fochmhuine feibh atrubhramar coro scaich a mbiadh don
fhianlach batar isin ccaistiall acht madh beg. Ó ro fhedatar
Gaill Duiblinne co mbatarsomh samlaidh faoidhit techta gusna
Gallaibh batar hi coigedh Olnéccmacht dia fhorchongra forro
tuidhecht go lóintibh bidh agus dighe leó gusan ccaistiall. Tarcclamait
na Gaill sluagh mór i naoinionadh amail ro forchongradh
forro co mbatar cóig ced décc laech dóccbaidh armtha co
ndruing dfherbaidh Midhe do Breifne Uí Raghallaigh agus do
Bhiongamachaibh coigidh Connacht. Iar tteglomadh doibhsidhe
gabhaid occ báigh agus occ bubthadh forna Gaoidhealaibh
agus occa thinghealladh go ttaotsadais hi toirithin an baile dia
naimhdheoin acht chena nisrelic a noman dóibh tuidhecht i
ttraitti. Batar Gaoidil ina ffoimtin cecib tan dusfiocfadais.



Tuirthechta an nAlpanach do ringheall fora namhsaine
do shaigidh Uí Dhomhnoill dusficcettsidhe murchoblach mór
go Loch Feabhail m Lottain eitir Cenél cConaill agus Eoghain
coro ghabhsat fos isin ecclais nairdirc dianad ainm Doire bhail
inro bendach Criomhthann mac Fedhlimid m Ferghusa dia
ngaror an Columb cennais. Atfiadhor dhóibhsiomh co mbuí
Ó Domhnoill for slóigedh isin ccoiccrich febh atrubhramor.
Foidhitsiom techta dia thochuiredh chuca agus scribhenna. Ó
rangatar na techta co hairm a mbuí Ó Domhnaill doberat a
litre dó. Airleghais iat. Basedh a ttothacht .i. Domhnall Gorm
Mac Domhnoill agus Mac Leóid na hAra do thocht fo thoghairm
Uí Dhomhnaill foran murchoblach atrubhramor go riachtatar
an Doire remráitiu agus muna thisedhsom i traitiu dia ffostadh


L. 72


amhail ro gheall go soifidis ina ffritheing dia nathardha gan
essnádadh gan iomfhuirech. Iar nairlégadh na scribeann
dUa Dhomhnoill ro luigh socht mór fair co mbuí gan labhra
athaidh fhoda occa scrúdadh agus reimdéccsi cidh do ghenadh.
Fecht ann ba hadhnár lais a ghealladh do nemhchomholl frisna
hAlbanachaibh iarna ttochuiredh chucca hi ciana. An dala
fecht ba hiomomhan lais na Gaill remepertmar do thichtain i
furtacht an dúnaidh dia ffargbadhsomh an longphort conadh fair
deisidh occa fodheoidh a shlogh do fhágbáil isin longphort agus
isin iomshuidhe a mbátar agus e budhdhéin co nuathadh daoine
immaille fris do dhul for ammus na nAlbanach dia ffostadh
arna hepertais goach fris. Luidh iaromh dírim marcach co
hairm i mbatar. Feraidh fáilte friu. Ro freastlait agus ro friothailit
ieromh fri teora hoidhchibh cona láibh do lendaibh inmesccaibh
agus da gach erndail tuara ba deach isin crích.



Ceileabhrais Domhnall Gorm dUa Dhomhnoill agus fosragaibh
a brathair ba soamh occa go ccóig cédaibh laoch dóccbaidh
armtha agus do laochraidh leidmhigh. Airisidh Mac Leoid
an coimhlíon céttna agus fostais Ua Domhnaill iad díbh linaibh.
Ba suaichnidh on ietsomh hi tréchumuscc Fer Fene la saine a
narm agus a nerraidh a naladh agus a nerlabhra ar asedh ba hédgudh
dhóibh dianechtair breacbruit ioldathacha i forciupal gó nesccataiv
agus oircnib a ccresa tara náirdnibh allamuigh dia mbrataibh
drong dhiobh co ccloidhmhibh benndornchuir itiet móra mileta
ósa fformnaibh. Ba héiccen don laech a dhi laimh do thabhairt
i naonfhabhall ind urdurn a chloidimh an tan no benadh a
béim de. Araill dhíobh go bfiodhbhacaibh féthshnoightibh
feidhmnertmhara go sreangshnáithib secrighni siothchnáipe agus go
saighdibh srúibhgéra siaineteacha.



Dála na nGall otchuas doibside deirghe an longphuirt dUa
Dhomnaill agus go bfargaibh a shluagh dia éisi isin bforbhais
i mbátar agus a nermhor deludh dia ttighibh ar therce lóin
dusficcitsidhe i noibne la cloistecht an sceóil go mbátar ind imeal
Criche


L. 74


Monach fri Loch nÉirne aniar. Ótchualaidh Maguidhir a
ttocht tar or a chriche do bert a shochraide lais for ammus na
nGall .i. a mhuintir ndílis bhudhdhéin agus derbhrathair Uí Néill
Corbmac m Firdorcha m Cuinn Bacaigh go ndruing dia
mhuintir agus do Chenél Eóghain m Néill agus sochaidhe damhsaibh
Uí Dhomhnoill ar nisrelic a nomhan dóibhsidhe techt tar
breithir no tar erfhuagra a fflatha uair ro forchongair forra
airisiomh isin longphort co ttisedhsomh doridhisi dia soigidh agus
niro scaich a lóinte febh ro scaich don chách atrulatar asin
longphort. Ó rainicc Máguidhir agus an lucht remhepertmar i
ngarfhoccus don tslogh echtrand deisidhetor fora ccind for
áth ndoraidh ndoibheoil in rob erdhalta leó a ttochar chuca isin
conair tudhchatar agus nírbhó cian a niodhnaidhe an dú sin an tan
do riachtatar an slogh Gall ina ccend. Ba hessmuinterdha an
fiadhugadh fuairset ón fhianlach bátar isuidhe. Ferthar gleo
amnus aindreanda etorra go raemidh fodheóidh forsna Gallaibh
agus fosrágaibhset iolar cend do shoichenélachaibh agus doichenélachaibh
agus édála aidhble deachaibh agus groidibh batar leó fo
lóintibh bidh agus dighe gusan dúnadh góar thriallsat conadh óna
bairghenaibh agus ona briosgaibh iolardha ro fáccbadh occan áth
don chur sin ro ghabh an táth agus an maidhm an tainmniugadh
airderc .i. maidhm Átha an mBriosgadh. Soaitt Midhigh agus
Raghallaigh (ina tterná asan maidhm sin díobh) ina sgeolangaibh
sgaoilte sgaindrigthe co Bréifne Uí Ragallaigh. Basí
conair inro luidh Seoirsi Óg Biongom gusan lucht ro len é
asan iomarghoil sin tre Lergain cloinne Cobthaigh Ruaidh
Mheg Shamradhain tre Breifne Uí Ruairc agus aisidhe co Sligech.
Hi mí August don rónadh indsin. Otchualatar oes coimhéta
chaisteoil Insi Ceithlenn sraoineadh foran slógh ro thriall tocht
dia ttoirithin ro bensat céill dia ccabhair agus do bertsatt an baile
uaidhibh do Mháguidhir agus do ratsomh foesamh doibh co
ndoriodhnacht tresan tír go riachtatar bhail in rob innill leó.


L. 76


Dála Uí Dhomhnaill ier ffostadh na nAlbanach dósaidhe
docomhla go Crich Monach do thuidhecht isin iomshuidhe
chettna i raibhe for Inis Ceithliund. An tan baoisiomh iarna
shétt atchí chugu araill dia amhsoibh ro bátar occ sraoinedh an
mhadhma forsna Gallaibh cona nédélaibh leó. Atfiedhot a
sccéla amail forcaomnagair. Ba faoilidhsium dhibhsidhe acht
namá ba tochomracht lais na baoi feisin isin tachar ar nach
éláidedh as dona Gallaibh i natrula dhíobh. Soais Ua Domhnaill
cona Alpanachaibh for ccúlaibh agus ro airis ina thír go
rugsat techta Mhéguidhir fair hifrithisi dia aisneis dhó co mbui
an Justis (Ser UUilliam Russel) ag tómaithemh agus ag tinghealladh
techt go hInis Ceithlenn dia gabhail an dara fecht. Ar
ccloistecht na sccel sin dUa Domhnaill ro teccmalta a shlogh lais
eitir urradh agus deóradh agus docomhlá go Crich Monach. Fosaighis
iaromh hi Tír Cennata fri Loch nErne anair. Doghniat an
slogh botha agus belsccátha ainnside agus anait samhlaidh ó dheiredh
August go 5 dOctober. Otchualaidh an Justis Ó Domhnaill do
bheith ina urfhoichill agus Maguidhir cona shochraide dib linaibh
ó ro fhittir co ttiocfadh Ó Néill ina ttoirithin ro ághustair iad
co naro fhágaibh Áth Cliath an tan sin. Ó roba deimin la hUa
nDomhnaill nach ttiocfadh an Justis co hInis Ceithlenn don
chur sin iompáis ina fhritheing dia thír agus ro léicc a Albanaigh
uadha ier neirnedh a ttuarustail dóibh agus ro gheallsat chucca
doridhisi i nurthosach samraidh ar ccind anno 1595.


L. 78


AN CEATHRAMHADH BLIADHAIN, 1595.



Baoisiom i fois iaromh ier
nimthecht dia amhsaibh go midhmhedón erraigh. Tangatar
iliomat duaislibh coiccid Meadhbha do shaigidh Uí Dhomnaill
frisin re sin go mbatar for amhsaine lais ier na ttofonn asa
ttir la hansmacht Gall agus ni antais dogres acht aga atachsomh agus og
áilghes fair im thuidhecht daithe a nanffaladh forsna hallmarchaibh
agus dorgain agus dindredh aosa ind iomfhulaing agus na ttuath
robtar fomhámaighthe dhóibh. Ro baoi imorro dia ainchridhe
sium agus dia indíre fri Gallaibh guruó sodhaing a aslach fair a
niondradh agus a norgain dia ccaomhsadh. Basé mendat sainredh
ro taiscéladh dia indredh hi tosach Rath Croichen Croiderge
for Magh nAoi m Allghubha i neitirmhedhón na nGall bhail i
mbatar a mbeochrodh agus a nindile. Niruó herusa dhósomh on
innsin uair do ratsat na Gaill coicced Connacht uile foa mámus
go mbatar i forbhuisi i ndúinibh diothoghlaidhi agus i portaibh
gabhála na criche agus fora bernadaibh boegail .i. drong diobh
isin caistiall fil for ur na senabonn fosragaibh an díle na dedhaidh
dia ngaror Sligech agus aroile dhíbh i mBaile an Motaigh
dúnadh daingen fil hi comhfhochraibh don chnuc airderc do
Chéis Chorainn Cruitire. Sochaidhe dhíobh isin Port Nua múr
daingean eisidhe ro chlaidhset na Gaill eitir Loch Cé agus Loch
nArbhach. Araill díobh hi mainistir mhonach fil for brú na
Seghsa obh isidhe dothaot a Loch Teichet dia ngarar Buill an
tan sa. Dream oile hi tTuillsce i netirmhedón Mhaighi hAoi
fri Raith Cruachan anairtuaidh. Ro baoi goibernóir coiccid
Connacht Sir Risderd Biongom i Russ Commáin. Ridire
crodha eisidhe agus asé ba hairrigh fri laimh an tSeanaidh forsan
ccoigedh uile febh atrubhramor. Ba duiligh diochumhaing da
nach miodhlach ammus do thabairt forsan ffianlach remhebertmar


L. 80


dia ccreachadh nách dia nindredh la hadhuath agus la
hurgrain a narm agus ind innill lásan dimhigin agus lásan dimbrígh do
rónsat do Ghaoidelaibh o chein mháir. Ara aoi tra as fair
desidh la hUa nDomhnoill dol foran slóighedh ar impide agus
ar asslach na nuasal agus na naireach ro acaoinset i nimnedh fris.



Ro tarcclomtha agus ro tionóiledh Cenel gConaill lais co
mbátar occ Ath Seanaigh. Luidh ass iaromh cona shlógh an
treas lá do Marta tar senshruth Samhaoire lámh dhes fri Loch
Melghe m Cobthaigh tar imealbhord mBreifne go Braittshliabh
agus aissidhe co Tir Thuathail. Gabaid longphort hisuidhe co
maduin. Lotar as ara bhárach tre dithreabhaibh agus fasaighibh na
criche gan airiugadh gan fhorchloisteacht gusan abhainn go
Búill fri Loch Cé anair. Tieghaitt an slógh taran abhainn i
nurthosach oidhche ocon ionad dia ngaror droichet Chnuic an
Bhiocara. Aissidhe dhóibh co taoi tóithenach tre Magh Luirg
an Dághdha agus tre Mhag Aoi an Fhinnbheandaigh go riachtatar
la dobharshoillsi na maidne go Cruachanraith Aoi. Acht
chena gerbo hiomdlúith iomfhoccus aittreabadh agus áitiugadh
imon ríoghráith agus geruo hiolardha a mbúar agus a mbótháinte a
neachradh iomluath allmhardha a ndaimh agus i ndaighinnile
agus gen go relccset a les gan a scceimhealta do sgainredh no a
nógbadh deisréidedh ó aroile do chuingidh cruidh no cethra
(uair foghebhtais a ffolartnadh dhíobh agus da gach édáil ba menmarc
leó genmothá ór nó argat) nírbo hedh sin do ronsat itir
acht as fairsing foirlethan ro scaoilset ó aroile do mullach na
rioghratha uair do deachaidh drong dhíobh fo dhuthaigh
Uí Chonchobair Ruaidh agus Uí Aínlighe agus araill go droichet
Beoil Atha Mogha agus dream oile taran Caislén Riabhach siar.
Do riachtatar na sirthe sárluatha sin uile cona nairgnibh agus
cona ngabhalaibh do neoch ro chumhaingset do chomhghluasacht
no do chor rempu do almhaibh agus dinnilibh ier medón
laoi isin ló chedna go hairm a mbaoi Ó Domhnaill co hOilfinn.
Ba cianfhoda riasan tan sin naro tiomairgedh agus naro teglamadh
cuttroma ná coibhéis diaro tionóiledh do chreachaibh i


L. 82


naoinionadh dairccthibh aonlaoi la neach do shiol Ghaeidil
Glais m Niúil. Dothoet Ua Domhnaill cona shlógh ina
réimim ionmall imthechta tar imealbhord Mhuighe hAoi lámh
dhes fri senAth Slisen agus go hUibh Briúin co rangatar
co hur Sionna ar asedh do thaeit si anairtuaidh gach ndíreach
eitir Uíbh Briuin agus Conmaicne Rein. Gabhaid longphort
hisuidhe an adhaig sin.



Tuirthechta an ghoibhernora Risderd Biongom atchuas dósaidhe
O Domhnaill do thriall riasiu tainic don tír agus ro baoi ina
fhoichill amail as deach ro fhéd agus ba fó lais a thocht itir uair
andar leisiomh ní thernaidhfedh for ccúla gan aithmhela.
Dorecclaim chucca na Gaill bator i forbhaisi isin ccrich i
ccoitchinne as gach mennat i mbator agus dálais chuicce iett gusan
Seghais dia ngaror an Búill ar as ann ba doigh lais Ua Domhnaill
do ghabhail ag soadh dhó dia thír. Tangatar isin toichestal sin
na Gaill batar i forbhaisi occan Sliccech i mBaile an Motaigh agus
isin Port Nua go mbatar i mainistir na Búille. Tangatar isin
toicheastal céttna na Gaill batar hi cClúain na cCaisseal.
Tanaic an goibernóir feisin go nGallaibh Rossa Commain lais
agus go ndruing móir do Ghaoidelaibh imaroen friú go mbatar
occ Raith Cruachan agus doieghatt for sliochtlorcc na sluagh agus
na ccreach agus gerbo sodhaing a lorg do breith (ar nirbo sliocht
siondaigh for oighredh eng agus foillecht an chreachshloigh baoi
rempu) ba sain conair ro chingset la diuidh laoi agus la hurthosach
oidhche iar na mesgmherugadh la háilghius agus la tinnenus
a ttarrachtain agus a ttograim uair basedh lanshaoilechtain na nGall
gurbo hi an chonair i ttúdhchaidh Ua Domhnaill don tír nó
asgnáifedh doridhisi occ soadh ina fhritheing. Ó Domhnoill
tra (ó ro glé an lá cona lanshoilsi ara barach) ro fhorchongair
for a ghiollanraidh agus for gach aon dia shlógh da narbhó heol
arm dimbirt nó diomluadh i nagaidh a námhat asccnamh gan
fhuireach laa ccreachghabhálaibh agus laa nédálaibh do shoigidh
na Sionda gó aroile áth domhain baoi forsan abhainn frisi
raiter Ath Chille Trenáin. Do rónadh fairsiomh indsin


L. 84


fochettóir agus lottar tarsan abhainn gach nach mbaogal gombator
forsan mbruach alltarach i cConmhaicne Maighe Rein frisi
raiter Muinter Eolais an tan sa.



Iomthusa an ghoibernóra Risderd Biongam ó do bert
dia úidh Ó Domhnaill cona shlogh do iomghabhail agus do
sheachna na sligedh tarsa ttudhchatar don tír ro fhaoidh techta
gusna Gallaibh frisar dhálustair occ mainistir na Búille dia
ttochuiredh chucca do dhul dóibh uile i lenmhain an tsloigh
donainig dinnredh na criche agus ona ruccsat fair i traitti nocharbo
háil dó saigidh foran slógh naile go nanfhuirithe co ndeachatarsomh
desidhe tar Sionainn sairtuaidh resiu táirthettar na Gaill
acht madh uathadh dia namhsaibh ro fhágaibhset dia néis do
chathugadh tara ccend agus dia nimdheghail ina ndiuidh.
Dusfáirthetor drong mhór do ghlaslaith an tsloigh Ghall agus dia
noes diobhraicthe iaidsidhe agus doberatt deabaidh dóibh gurro
créchtnaighit agus gurro gonait ile etorra. Cidh fil ann tra acht
do dheachatar Cenél cConaill darsan abhainn fodheóidh ier
mbuaidh ccosccair. Soais an goibhernoir cona Ghallaibh for
ccúlaibh agus nirbhó slan lais a menma ar ba méla lais indredh an
tíre tairis. Do thoet Ó Domhnaill cona shlógh ina nuidhedhaibh
imthechta dia ttighibh co nédalaibh aidhble agus co bfoilte
móir. Anait samhlaidh occ léigen a scísi go deiredh nearraigh.



O ro chomfhoiccsigh cedtosach na síne samhrata doibh
ro ghab ailghes agus iomtholtan Ua Domhnaill do thuidhecht isin
ccoiccrich doridhisi do fhuabairt na ttuath ro batar i ngeillsine
Gall agus roba riarach doibh dia ttabhairt for ccúlaibh ina mhuinterus
agus ina charatradh do chosnamh a nathardha fri Gallaibh nó dia
nindredh muna thiostais itir. Lasodhain do recclomtha a shlogh
lais an 18 do April. Basedh a ccétna huidhe tar senshruth
Samhaoire lamh dhes fri Loch Melghe m Cobthaigh co rangatar
go Ros Inbhir an adaigh sin. Airisit co madain isin maighin sin.
Tiaghait ara bharach co Cill Fhergo. Doghniat omfhuireach
hisuidhe co ruccsat deiredh a sloigh forra. Doieghat ieromh


L. 86


tresan mBreifne co Braittshliabh. Batar adhaigh longphuirt
ann agus doghniat a nairle iaromh. Basedh ro chogairset cecip
cruth foghabtais eill forsna Gallaibh bator i mainistir na Seghsa
robadh fó leó. As imne batarside co ndíbh cédaibh laoch i
forbhaisi isin recclés hisin agus ro fhásaighset na criocha bátar
comhfhoiccsi dhóibh for gach leth gombtar dithreabha gan
ionatocht gan aitreabadh. Asedh aireacc arricht la hUa
nDomhnaill fodheóidh ro dhelaighestair dírim marcshluaigh
asan tslogh dia shainmhuintir agus foididh uadha iat hi conair
naile tar Búill gusan mainistir agus atbert friú dol do thaiscceladh
for thain bó baoi occ na Gallaibh dia mbrégadh agus dia ttarrang
tar chladhaibh agus múraibh na mainestrech gusan maigh réidh
a ndedhaidh a mbu dus an ccaomhsadais an slogh tuidhecht
etorra agus an daingen uair atchuas dUa Dhomhnoill go mbui
cétt lulgech leó dia mbethamhnus.



Imsái Ó Domhnaill ass cona shlogh i sligidh ndeirrit dia
diamhlugadh la himealbhord Locha hArbhach allanair agus co
Coirrshliabh na Seghsa. Rathaighit na oill G bátor i forbhaisi
isin Port Nua eitir Loch Cé agus Loch Arbhach seiselbhe an tsloigh
ag gabhail társa. Gabaitt occ diaindiubragadh a nubhaillmheall
luaidhe agus og praplosccadh a bpúdair do thabairt scél agus rabaidh
dona hógaibh bátar isin mainestir arna tardadh an slógh breicc
iompo agus ná tíosta forra gan rathugadh. O rainicc Ó Domhnoill
tarsan cCoirrshliabh budhdhes ro ghabh foss iffiodhbaidh
ndeirrit bui ind iomfhoccus na habhann i netarnaidh forsna Gallaibh
co teirt ara barach.



Dála an diorma ro foidhedh do thaisceladh foran ccreich
atchuadhomor dusficcetsidhe isin dedhóil muich gusan mainestir
agus doberat ambu uaidibh coleicc. Atgniat na Gaill guruo
celg ro hinnledh fora ccind agus niro deraighset an daingen acht
airisiomh ann. An tan tra ro ben Ua Domhnaill ceill dia


L. 88


ttuidhechtsom asin mainestir for reidh an mhaighe i lenmhain
a mbegshelbha bó roba dainimh doibh dia ttesbaidh an tan sin
atracht asan etarnaidh a mbói agus gabhais seacha fiartharsna
Maighe hAoi cona miledhaibh goro lerdioghlamadh lais agus goro
lainchreachad a ndoruaraid diobh an cettna fecht agus luidh reimhe
gach ndireach go ranuicc co heochairimlibh na Sionna sair.



Dothaot tarsan abhainn go Conmhaicne Rein agus roghabh
longphort i Liathdruim Mhuintire hEólais agus airisidh ann cona
shlogh co ttairnicc leó celeabhradh na Casg agus an tan ro shaoilset
a esscaraid eisiomh do shoadh dia athardha ni hedh sin baoi
ina menmoinsiomh acht ro hochuir chuicce co hinchleithe
drong do lucht na criche agus atbert friú dol isin coicccrich do bhrath
agus do thaisccéladh forsna tuathaibh batar i ngellsine Ghall.
Do chótor iaromh la forchongra na flatha do thaisccéladh isin
Anghaile. Tuath isidhe inro threabhsat araill duaislibh Conmaicne
do shíol Fherghusa m Rosa. Siol fFerghail a slondadhsaidhe
agus robtar fomhamaighthe do Gallaibh an tan sin.
Batar imeacclach dia ttréccedh ar robadh garfhoccus a ccomhaighthes
diaroile. Ro fhóidh beos Ua Domhnaill techta co
hAodh Mhaguidhir dia thochuiredh chucca agus ro dhalustair
fris isin ccoiccrich cetna. Dusficcsidhe amail ro hiarradh.



Soait oes an braith for cculaibh co ffios scel agus baoghail
na criche dUa Domhnaill. Docomhla as ieromh cona mhiledhaibh
luan Casg do shonnradh tarsna beilghibh ro thionchoisccset
a thoisigh conaire dhó go rainicc ria matuin don
Anghaile. Oirccther an da Anghaile agus an chrioch uile for gach
leth leo cona farccaibhset miol ninnile óthá Sliabh Uillind
Fhoebardeircc m Find dia ngaror Sliabh Cairpre indiú go
Glaiss Berramoin frisi raiter Eithne bail inro baidedh Eithne
inghen Eachdach Feidhligh. Do ratsatt tra muinter Ui
Domhnaill fo throimnéll teinedh an tír ina ttimcheall gurbhó
smúitcheo dobhardha duibhchiach dorcha dethaige an coibeis
baoi uasda etarbhúas gurbo lór dia lot agus dia lanbaoghlugadh


L. 90


dia mbeith iomchosnamh friu nárbo suaithnidhi agus narbo
soilléiri doibh a naithenta agus a naes comhghaisgidh (diamtais
eitirchian uaidhibh) oldát a naimhde agus a mbiodhbhadha bunaidh.



Baoi caistiall isin ccrich Longphort Uí Fherghail a ainm
ar asé ba dúnarus dósaidhe agus don tí no bhiodh hi ccennus na
criche dia chenél. Ba dúnadh daingen dithoghlaidhe eisidhe
agus dusfuit gusna Gallaibh an ionbaidh sin. Do ratsot ieromh
Gaill fer soim dia sainmuintir ind dia iomchoimhéd agus geill agus
aitire an tíre lais Criostoir Broun a ainm. Ba haitheach a hucht
treóin eisidhe illeith fri dimhiccin agus tarcasal do thabhairt
for uaislibh agus uirriogaibh an tire for gach leith de. Gabhthar
an caistiall la hUa nDomhnaill agus do rattadh Criostóir agus a
chliamhain ass a mbroitt cona mnáibh dibh lionaibh. Do
rochair dana Hoiberd .i. mac Ferghusa m Briain lasan slogh agus
ba duaislibh a cheiniúil eisidhe. La Maguidhir dofuitsiomh.
Iorghabhthar Conchobhar m an Phriora Ui Raghallaigh la
druing naile don tslógh. Ro marbadh agus ro mudaighedh daoine
iomdha leó an lá sin nach ttabharthar for aird a nanmanna
sainredhacha la taobh na sé ngiall décc do shaorchlandaibh
soichenelchaibh na criche (bátar i naitire la Criostóir Broun fri
laimh Gall isin longphort) do losccadh ar níro cuimhgedh a
ttesarccain la treathan na teinedh agus la loisccnighe na luathlasrach
baoi in gach aird agus in gach airchend don bhaile. Ro loisccedh
leó beos an lá sin ceithre caisteoill oile do chaistiallaibh an tíre
cénmothá an Longphort. Dobadh lionmhaire da nédálaibh da
nairccthibh agus da ccreachaibh inás amail ro fhédsat a ttiomáin ag
fágbháil na hAnghaile dhóibh.



Lottar ass iar nindredh in tíre gurro ghabhsat longphort
i Tealluch nDúnchadha an adhaigh sin. Doléiccet a sceimhealta
ara bharach gusan dú imbatar Goill i forbhaisi isin ccrích .i.
go mainestir conróttacht la hord San Fransces i niomfhoccus
don Chabhán (longphort U Raghallaigh) agus doberat leó gach
édáil fora rugsat óná fuairseatt baogal forsna Gallaibh la daingeninnille


L. 92


an ionaid a mbátar. Gabhait foss an adhaigh sin i
Teallach nEachdach allathíar do Bhél Atha Conuill.



Robadh súaill an erndail ionnmhusa fora ttabhratais
muinter Uí Dhomhnaill mórluach cruidh agus cethra isna conairibh
rempa i nor an da Breifne agus i Feraibh Monach ara lionmhaire
bátar leó ara fhod agus ara imchéine uaidhíbh dia ttír ar laige agus ar
enirte gacha ceneóil cethra in ionbaidh sin. Nirbhó sádhal
suantoirrchimeach ro thochaith Aodh Ruadh Ua Domhnaill
an tsechtmain sin agus ba heitirchian o aroile a uidhedha a imthechta
ar ba dia sathairn ro bhensat a mhuinter a mbú do Ghallaibh
mainestre na Búille agus ro airgset Machaire Connacht.
Ba dia mairt ar cciund ro chreachloisccset a shlóigh an da
Anghaile amail atrubhramor agus ba dia cédaoin ieromh ro
shrethnaighset a shirthe imón cCabhán. Lotar Cenél Conaill
ierttain dia ttighibh iar sóirthiughadh a neachtra. An Criostoir
Broun remhráite baoisidhe i ngiallnus la hUa nDomhnoill
gurro eirn uaidh a fhuasccladh .i. sé fichit ponnta.



Ro fes do Ghallaibh Duibhlinne Ó Néill do dhul i
ccomhbáidh chogaidh na nGaoidhel ar asslach agus fhoráileamh
Uí Dhomhnaill ceni ba forréil fair coléicc agus ge ro dichlestair
airett ro fhett. O robadh deimhin las an Justis Ser Uilliam
Russell agus lásan Senadh archena náro chumaingsiomh fodhéoidh
erchoittmedh a chiontadh ro fhóidhset deich ccéd laech cona
ccongaibh thechta co hIobhar Chinn Tragha i fforbhaisi for
Chénel nEóghain agus ro thingheall an Justis feisin tocht cona
shlogh i ngaruair daidhmilledh na criche agus do chrothadh a dionn
agus a droibhel. La sodhain ro fhaoidh Ua Néill a thechta do
shaigidh Uí Dhomhnaill dia aisnéis dho an turchomhrac trénshlóigh
sin do beith occ tinghealladh co Tír Eogain. Ni fordhamhair
a aignedh dUa Dhomhnaill coistecht an scceóil conadh
edh doróine a shlogh do thecclomad chuicce fochetóir go
haonmhaigin agus tuidhecht co Tír Eóghain bhail i mbuí Ó Néill.
Tiaghaitt imároen go Fochaird Muirtheimhne bhail i nderna
an Cuchulainn airrderc an fhoicherd ghaisgidh. Doghniatt botha


L. 94


agus belsccátha frisin Fhochaird anair hi mís Mai doshonradh. Batar
setal hisuidiu hi foimhtin an Justis do anacal agus do iomchoimhéd
an chóiccidh fair. Acht chena ro airis an Justis i nAth Cliath don
chur sin iar ffios sccél dó go mbatarsom ina fhoichill amhlaidh.



Bói laoch andgaidh ainiarraidh dona Gallaibh ind
ionbaidh sin isin ccaistiall ro bhoi for ur senabhann Sligighe
hi forbhaisi co ndib coegat laech immaille ris Seoirsi Ócc
Biongom a ainmsidhe. Ba tóiseach niomghona agus ba caiptin
coccaidh é fri laimh ind airrigh do rala for coicced Medba an
tan sin .i. Risderd Biongom. Iomthusa an tSeoirsi atrubhramar
ro sheolustar lucht lunga lamh dhes fri hor nErenn sairtuaidh
co ranuicc senchuan Súilighe i ccrich Conaill m Neill an tan
ro baoi Ua Domhnaill cona shlogh hi Tír Eogain. Ro baoi
mainistir ainnsidhe for ur na tragha tuargaibhthe ar onoir agus ar
airmitin do naomh-Mairi mathair an Choimdedh. Tieghait
fon mainistir agus doberot esti hi mbúi inde détghadh oifreind agus
daidhmibh edbarta coirp an tSlainicedha agus dedalaibh oile
archena. Soait for cúlaibh co rangatar co Toraigh dú inro
bendach an Columb airderc. Inis isidhe fil fo erchomhair na
criche amach atuaid gach ndireach forsan ffairrge edh imchian
ó thir. Ro chroithset neimhedh an naoimh agus an innsi uile
cona fargaibhset míol ninnile innte. Atfiadhar dUa Dhomhnaill
aidhmilledh an tíre dia eis do choblach echtrond. Ticcsidhe
dia thír do tharrachtain na hoirccne. Nirbo foda an iodhnaide
dósomh ierttain an tan do riacht sccéla chucca an Justis cona
shlógh do thocht co Tir Eoghain. Soais Ó Domhnaill friothroscc
doridisi co ranuicc airm a mbúi O Neill ind aires dala
frisan Justis secip conair no chingfedh. Ba fóilidh Ua Néill
remibhsiomh agus atracht a menma dia fhaicsin. Gabhait occ
friothaire agus occ forchoimhett an Justis eineach ind ionchaibh
fris. Niro shaighset fair agus ní mo ro shaighsiomh forro acht
namá nicon relcet eisreidedh dia shlogh do chuingidh chruidh no
chethra comba héiccen don Justis fodheóidh iompúdh doridhisi
co hAth Cliath o na caomhnagair ní dona Gaoidhealaibh.


L. 96


Tuirthechta an tSeoirsi remhráite ier ffilledh dhosaidhe
gusan Sligech ni foda an ré foraélaing coimsidh na nuile dho
gan a aithe fair an dímiadh do ratt deacclais na hi naomhMairi
agus deacclais an Choluimb atrubhromor. As imne on arriocht.
Baoi duine uasal do choiccedh Medhbha for amhsaine i ffochair
an tSeoirsi co ndib laochaibh deg dia shainmhuintir ina
choimhthecht Uilleacc a Burc a chomhainm. Mac sidhe
Rémainn na Scuab m Uillic na cCeann m Riocaird agus cenib
do Ghaoidelaibh dia chenelsom ba sain modh agus bes doib ara
fhott ó ro aitrebhsat in ninse agus nirbo lugha sainsherc na nGaeidel
imna Gallaibh inas a sercsomh ar robo cumma omh mioscais
agus ainchridhe Gall Duiblinne im chechtarnae dhíobh. Do ronta
dimhigin agus tarcusal mor forsan Uilleacc lasna Gallaibh sin oga
mbui forsan amhsaine. Ro lionsomh dfheirg agus do lonnus agus
baoi occa scrúdadh doghres cisi cruth no aithfedh a dimiadh
forsna Gallaibh agus tuidhecht i muinterus Ui Dhomhnaill iar sin
uair ba menmarc lais iornaidhm a chairdesa fris. Baoisiomh
samhlaidh occ brath agus occ taisceladh foran Seoirsi cipindus
conusfuair i mbaoghal ina aragol la naon agus ro thub fris a eccoir
agus a aindlighed fair agus nochon fhuair freccra badh ní dhó agus o
na fuair gebidh claidhep ndo co ttobacht a chend da chuilmheidhe.
Gabhthar in baile la hUilleacc ieromh agus ro fhaoidh a
thechta co hÁth Seanaigh. Ro lásat muinter Ui Domhnaill a
ttechta dia shaigidh co Tír Eoghain airm a mbói. Atfiadhat
a sccel dUa Dhomhnaill. Atcuas dUa Neill ierttain. Robtar
subaidhi dib linaibh. Dothaott tra Ua Domhnaill dia thigh
iar ccelebradh dUa Néill agus niro airis acht i noidhchibh go
rainicc gusan Sliccech cona shochraide lais. Foghaibh failte
hisuidhiu agus do ratt Uilleac a Burc an caistiall dó. Fosaighis
isin mbaile athaidh samhlaidh agus ba sáimh lais a menma. Hi
mis Iun doshunradh indsin.



Ba hisin ré sin do rala do laech amra do Gallaibh tocht
fo sccélaibh an bhaile co ttribh cédaibh laech ina fharradh.
Ba caiptin coccaidh agus ba toisech niomghona eisidhe Uilliam


L. 98


Mos a shlondadh. Ticcsidhe co hEss Dara cidh resiú fofitir
sccela Uí Dhomhnaill agus ni choemhnaccair iompudh i ttraitiu
an tan rangator muinter Uí Dhomhnaill don toebh oile don
abhainn co mbátar eineach i nionchaibh ar gach taobh don
droichet ro bhaoi forsan abhainn agus nach ba móomh oldás edh
diobhraicthe baoi etorra. Ni baoi conair gusna Gallaibh acht
trésan droichet agus niro fhedsat muinter Uí Dhomhnaill dul
treampa amail roba menmarc leó acht chena ro horta caiptin
amra dona Gallaibh lásna diobhraicthibh do ronta etorra desiú
agus anall. O tainicc dorchutu na hoidhche ro élaidhset ass na
Gaill febh as déine ronuccsatt dialaile agus niro rathaighitt co
matain. Ro lensat na hóicc iat isin dedhóil tar muinchind an
tslebhe agus ni ruccsat forra agus ba méla mhór leó a ttérnudh uaidibh
amlaidh sin. Soait for ccúlaibh gusan Sliccech doridhisi.



Ro fhágaibh Ó Domhnaill drong dia amhsaibh agus dia
aos tairisi hi ccaislén Sliccigh dia iomchoimhéd agus ba slan lais
a mhenma fodháigh an bhaile do bith fora chomus. Luidhsiomh
iertain cona shlógh darsan Éirne badhthuaidh co ranuig dia
thigh go Dún na nGall. Baoisimh i foss go medhón August.
Atcoadhatar dósomh tasccar murchoblaigh do theacht i Loch
Feabhail an tan sin. Ba hé ba hairech foran ccoblach hisin .i.
Mac Leoid na hAra (oilen fil i nAlbain dianad ainm Ara as
uaidhe ro ghabhsomh ainmniugadh) sé chéd laech a lion agus
basedh fosroghluais do bheith for amhsaine la hUa nDomhnaill.
Itiat airm batar leó fiodhbhaca féthshnoidhthe agus saighde
srúibhghera agus lannchloidhme lethanfhoda cona nurdhornaibh
debhendacha. Dothoet Ua Domhnaill airm i mbátar agus rosfost
fri ré theora mios agus ba hi medhón an mhís August remhraitiu
doshunradh indsin. Do ronta a ccoind medh for choartaibh
agus brugadhaibh ierttain go relccet a scís iarna mórshaothar
muiridhe agus combtar ellmha a lóinte. O robtar fuirithe iaromh
do ratt Ó Domhnaill lais iat gusan Éirne agus a shlógh archena
do dul hi coigedh nAilealla. Docoislet as iaromh tar Drobhaois


L. 100


tar Duibh tarsan Sligech tar Ess nDara tar muinchinn Slebhe
Gamh gusan Luighne agus aissidhe co Goisdealbachaibh. Baoi
dúnadh daingen hisuidhiu Caistiall Mór Meic Goisdelbaigh do
goirthi dhe. Dofuit gusna Gallaibh febh do rochratar caistialla
an chuiccid archena. Ro shuidigh Ó Domhnaill a longphort
imon dúnadh agus ro gabh ag fubthadh agus occ tomaithem for oes
coimhéda an chaisteoill. Ba ferrde dhósom omh indsin ar
rob éigen don bharda fodheoidh an baile do thabhairt uaidibh
dUa Dhomhnaill. Do ratsomh iaramh commus an baile
dona hibh diarbo toich agus ro thingheallsat techt ina muinterus
agus foa thoghairm gach tan badh tol dó agus bhéos airisiomh dogres
hi combáidh chogaidh na nGaoidel.



Luidh dana Ó Domhnaill ierttain agus niro airis co ranuic
Turlach Mochán. Caistiall eisidhe fil i ndúthaig Meic Fheoruis.
Ro ghabh occ iomshuidhe an dunaidh sin. Gebhitt a muinter
for togail an mhúir agus niro sccarsat lamha fris go ragbhatar an
caistiall ar eigin agus co ttardsat as i ngiallnus righdamhna an
tíre Risderd mac Meic Fheorais co ndruing do mhaithibh an
tíre imároen ris in ba deach do mhaoinibh agus ionnmusaibh an
dúnaidh. Ro scaoilset iaram a sceimhealta fá Chonmhaicne fá
Mhuintir Murchadha fa leithimeal an Mhachaire Riabhaigh agus
fa Thuaim Da Ghualann goro chroithset an chrioch for gach leth
dhíobh ima crodh agus ima hinnile. Soait for ccúlaibh co nédalaibh
iomdha. Do rala tra goibhernóir an choiccidh Sir Risderd
Biongom hi ccomfhochraibh do shluagh Uí Dhomhnaill an
tan sin. Beist as annsomh ro bhaoi i nÉriu in ionbaidh sin
dona Gallaibh esidhe. Cóicc céd décc laech armtha éidithe eitir
traighthech agus marcach a líon. Otchualaidhsidhe Ó Domhnaill
cona shlogaibh do dul tairis siar hi cConnachtaibh agus gach ni
da ndergheine in gach conair i ndeachaidh ro bhaoi ina
urfhoichill agus ina erchomair occ iompúdh dhó agus doléige i
nathghoirit gacha conaire in robadh dóigh lais Ó Domhnoill
do thochar ina chend. O rofhitir Ua Domhnaill an ní sin


L. 102


ro bhaoi for iomghabail na nGall febh as deach ro fhed ar
ba derbh lais gurbo mór deithitin an tsloigh imma ccrudh
agus ima ccreachaibh ima nédáil agus ima ninnile agus robadh moa
a shaoilechtain agus a thairisin asa shlóghaibh im chothugadh
caithghliadh agus im chosnamh cathlaithreach ria ndul i seilbh
édala i nesccarad inás an tan robtais deaithe gan deithitin
iompaibh itir. Araill ann dana robtar lia dona Gallaibh
oldat i mbátorsom agus bheós ceni ba liaa ba duiligh frithbert
fri Gallaibh an ionbaidh sin ar fheabhus a nairm ar allmardhacht
a néididh agus ar iongnaithe a ninnill cén go rugsat
Gaoidhil ar eólus a nairmimberta iertain i ngaruair. Dála
Uí Domhnaill ránuicsidhe cona shlogaib agus cona ccreachaibh
ier midhmhedón an tres laoi co muinchind Slebhe Gamh.
Bátar dina na Gaill occ dianasccnamh na conaire ina ndochum
amail as déine ro fhédsat ó Baile an Mhótaigh fothuaidh.
Ro eitirdheligh Ua Domhnaill dírim marcach fora cciund do
shaigidh ugra forra agus dia niomfhostadh itir ar na faghbhatais
giollanradh na aes diairm nó diomaóin dia shloghsomh i
mbaoghal. Ránuicc Ó Domhnoill gan nach ffriothorgain
tarna tri droichetaibh droichet Chúile Maoile drochat Baile
Essa Dara agus droichet Sligigh co riacht cona shlógh agus cona
chreachaibh i niomfhochraibh Glenda Dallain.



Iomthusa an ghoibhernora Sir Risderd Biongom ó
na tárraidh greim for slogh Uí Dhomhnaill dusficc fora
ffoilliucht gusan Sliccech. Gabhaidh longphort isin mainistir
amail fa bés do Ghallaibh arisemh isna naoimheccailsibh agus
ro baoi occa sccrúdadh ionnus no fhoiberadh an caistiall
for mhuintir Uí Dhomhnoill. Ro fhoidh immorro Ua
Domhnaill isin maduin ara bhárach buidhin mbig for
eochaibh ána udmalla do breith airdmesa forsna Gallaibh
agus dfhios scél an dunaidh agus na nócc bátar uadh isin caistiall.
Ó rangatar co himealbhord na habhonn atchiat na Gaill
sánchán sechnón an bhaile. Ro bai ócclach uallach iomtholtanach
i farradh Risderd Biongom an tan sin agus ba mac fethar


L. 104


dhó eisidhe Caiptin Mairtin do gairthi dhe. Asé ba tóiseach
diorma lasan goibernóir. Ba hé rind agha agus iorghaile baoi
la Gallaibh coiccidh Olnéccmacht. No bhiodh occ ráitseachaibh
agus occ baighbriathraibh for Aodh Mháguidhir dogrés agus for
gach naon ara ccluinedh ainm nó alladh no clú láimhe do
Ghaoidelaibh i lleith fri marcuighecht sainredh. Ni forroélangairsidhe
déccsi a namhat don taobh araill don abhainn gan
a ffuabairt. Geibis a each agus gabhait an díorma archena.
Otchiat muinter Uí Domhnaill iadsomh dia saigidh doiaghatt
ass amail as déine conrangatar. Tieghaitsidhe ina leanmhain agus
nístairthetor. Soait for cúlaibh. Atfiadhat muinter Uí Dhomhnaill
a scela don tslógh febh do glenta co mborrfadh agus díumus
agus gurab la luas a nérma atrulatar ass. Iar ccloistecht na sccel
d'Ua Dhomhnaill baoi occa scrúdadh agus reimdéccsi ionnas nó
fhóibéradh na Goill agus no béradh múin iompa. asedh
arriochtt lais fodheóidh do roégha chucca an céd marcach
robadh deach dia shlogh go ttribh céttaibh traightheach on
mudh ccétna cona ttrealmaibh diobraicthe .i. fiodhbhaca
feidhmnertmara cona saighetbolccaibh srethlionta ar ní
rabhatar a naitherrach daidhmibh diobraicthi aca an tan sin
acht mad beg. Lotar as go riachtatar locc i narbhó hinnill
leó an chealg do hsuidhiugadh. Ba moamh oldas míle ceimend
ón tSligech. La sodhain ro fhoidh Ó Domhnaill araill dia
mharcshlógh for ammus na nGall dia mbréccadh chucca
gusan airm i mbuí dia ccaomhsaitis agus atnóe dhiobh gan tochar
frisna Gallaibh agus na badh adhnár leó teichedh rempu acht
a mbeith occa ttaraing go fóill bicc i ndedhaidh alaile conusttarttatais
gan airiugadh dóibh gusan suidhiughadh sreithchelge
ro sámhuigedh fora cciund. Lotar ass na hoicc feibh ro forchongradh
forra agus do ghniset amail conaitecht Ó Domhnaill.
As infechtain ma conrangatar ur na habha an tan ro leablaing
Caiptin Martín fora eoch ier na ffairccsin (amail as deine no
chingfedh cu i ndail a fiadaigh erdhalta) agus ro leablaingset
buidhin móir do marcshlogh na nGall archena. Tiaghaitt


L. 106


iaromh for ammus na nócc atchonncator amail as déini ronuccsat
dialaile. Otchiat muinter Uí Dhomhnaill iattsomh dia
saigidh febh ba menmarc leó ro fhagaibhset an maighen i mbátar
agus do relccett reimhibh fora nérim agus gebitt céttus occ socairthennadh
a sriainmhírend i ngiongobaibh a ngredh ngroidermach
agus a neachradh nuttmall nanbhsaidh dia ffosadhchongmhail
i niomfhochraibh na nallmharach agus dia mbrégadhtharrang
gosan bhail i mbuí Ó Domhnaill. Nirbhó cian dona hóccaibh
samlaidh an tan rob éiccen dóibh fodheóidh beith occ sporadh
agus occ echlosccadh a neoch a naoinfhecht agus a naonfhabhall la
luaisgribe na herma ronuccsat na Gaill ina ndedhaidh dia
ttáirthechtain. Gabhaitt muinter Uí Dhomhnoill ag diainimrim
agus ag durasgnamh na conaire febh as diochra conrangatar.
Docuirethar deiredh for oén dibhsidhe dia aimhdheoin conarbo
tualaing a aos comtha do fhrestal la hionmoille a eich conustard
i ffoill agus hi mbaoghal occa bhiodhbadaibh guruo heiccen dó
tar terthugadh a thigerna tochar frisna Gallaibh o rob erdalta
lais a mharbadh do mhaighin. Felim Riabach Mac Daued
ainm an tí hisin. Iompaissidhe a aighid for Chaiptin Mairtin
ar asé ba nesomh dhó dona híbh ro bátar ina ttiarmhórthadh
agus asé ba tóiseach niomghona do mharcshlogh na nGall agus é
hi rémhthús na conaire. Ro bhaoi fogha áith amhnus lasan
fFélim rémhraite dia diobhraccadh tan ba hadhlaic. Do ratt
a mhér isin suainemh agus ro chroithestair go calma an ccraoisigh
agus tarlaic erchor don fhogha go feidhmnertmhar for ammus
Chaiptin Mairtin conustarla tar imelbhord an éittidh allmhardha
i nderc a ocsaille gach ndíreach gurro threaghdustar a chroidhe
ina chliabh feibh atruilletor a mighniomha ar ba handgaidh
éttrocar an tí ro gonadh ann agus ba hadhbol a mhioscais imna
Gaoidhealaibh agus bátar iolardha a ainbretha in gach maighin
i mbiodh isin ccoigedh hi ccoitchinde ótha Luimneach go
Drobhaois a llos a bhrathar. Lasodhain iompáit na Gaill for
ccúlaibh iar nguin a ttréinfhir agus a ttóisigh iombualta agus doberat
leó for iomochur foén i fanntaisibh écca go rangatar an baile.
Ro écc iaromh an adhaigh sin. Robtar ile osnadha agus
mallachta bocht agus aidhilgnech ro sharaighsiomh imo seilbh


L. 108


ndílis bátar ina chaoimhthecht og asgnamh dfhios an alltair
agus ag celeabhradh dhó don cheanntar don chur sin. Otchonnairc
Ó Domhnaill na Gaill do shoadh tara nais ruslion
do lonnus lanadhbhal frisan laochraidh ona tárraidh mian
a mhenman agus alghus a inntinne forsna hallmharchaibh amail
do ruimen cétus. Dusficcet fianlach na fásfhuabarta hi
freacnarcus na flatha (gerbo doiligh dhoibh itir ar aidhble
a fhuasnaidh) agus attfiadhat amail do rala dhóibh agus ro thoingset
uile dar cend an churaidh ro ghon Caiptin Mairtín na buí
ní nonbéradh ass muna tardadh an taonfhorgomh sin genmothá
cumhachta an Choimdedh. Ro fhéthnaighestar ferg
Uí Dhomhnaill agus ro thláthaighestair a aiccnedh desidhe agus
atchuas do ara bharach go nérbhail an caiptin amail
atrubhramar. Robadh lughaide dia shniomsomh innsin ceni
ba slán lais a mhenma do raith ier tternádh na nGall amail
atroneset agus iar ndul dia chelg agus dia etarnaidhe for nefni acht
marbadh an aoinfhir rémhepertmar.



Iomthúsa an ghoibernóra iar nécc a bhrathar agus a
gormeic ro línsidhe dfheirg agus daininne agus ro forchongair fora
shluagh dol fón mainestir agus crannchaingel agus cubhachla na
cceledh nDé do blodhadh agus do brisedh agus a fholartnadh do
thabairt chugasomh dia cclaraibh comhdhlúta caomhfhuaighti
agus dia sailgibh sonairte sémhshnoidhti ar go ndernadhsomh
trealmha toghalta mór dhíobh. Do rattadh iaromh chuga inro
chuinnigh. Donucctha iolar saor agus oibrighthe iomdha dia
ionnsoighidh. Dorónsat teghdhuise taithchengailte tréndaingne
troda donaibh sailgibh agus donaibh sleamhanchláraibh hisin agus
cumhdaighthi clarthairrngeacha ciomaisdirghe cobhsaidhe fri
cathugadh do churadhaibh estibh. Do fucctha seichedha bó
agus damh forro dianechtair. Do ratta rothadha remdhirghe
ralachdaingne fóithibh dia ffogluasacht gusan dúnadh. O
robtar eallmha na gnioma gliúchláraidh gailléccosccda hisin ro
líonta do laechraidh agus do láithibh goile agus do ghasraidh gaisccedhach
na nGall. Do rattadh iaromh foghluasacht nallmardha
fair la dorchata urthosaigh na hoidhche coró suidighthe tul i tul
fri huillinn an chaisteóil. Gabhait for toghail an mhuir ierttain.


L. 110


Gidh iat lucht an chaisteóill dana nírbhó meirbh agus nirbho tim
ro ghabhsat for freastal aésa na toghla uair ro bhátar saoir
isin dúnadh ina nurfhoichill agus gabhaitt occ blodadh an bhalla
fóa nerchomhair dia ndiobhraccadh i ttosaigh. Tiaghait a
laith ghaile for taiblibh an dúnaidh agus doleccet forra anuas
ile do chairrgibh cenngharbha cobsaidhe agus do thromchlochaibh
tuinidhe tulammais gurbhot mionbhaighthi mórblodhta
gach ní frisi ttegmhatáis go talmain. Tiaghaitt aroile dhiobh
for fenestribh agus forlesaib an chaisteóill agus gabhait occ diubhraccadh
a nubhaillmheall luaidhe agus a ttorannchaor tteintidhe
forra gurro foirrghit an fianlach bátar isna cumhdaigibh
claraidh don chloichthres sin agus dá gach cenél diubhraicthi
archena docorathor dhoibh cona bai bá dia nuirthrialladh itir.
Ni forroelangtar na Gaill a ccréchtnugadh ni ba moamh ó
naro fhétsat ní don dúnadh acht cuirit a ccaithchliatha diobh
agus fágbhaitt a ttighe troda agus a tteghdhuise toghalta múr agus soait
ina ffritheing ité beóghonta agus robtar buidigh do breith a
nanmonn leó. Ba tochomracht mór agus ba sníomh adhbal lasan
airrigh Risderd Biongom na caomhnaccair a anchroidhe agus a
innire dimbirt forsan ccaistiall agus forsna híbh batar ind agus ó
naro chumhaing soais fora ais isin conair i tudhchaidh tar
Choirrshliabh na Seghsa agus tar Mag nAoi m Allghubha go
ranaic Ross Commáin. Ro airis ainnsidhe ar basé a dhunárus
agus nírbo slán lais a mhenma iar marbadh a brathar uadha agus iar
nindredh an tíre thairis.



Soaidh dana Ó Domnaill iar mbuaidh agus teitt tarsan
Samhaoir sairtuaidh agus leiccid uadha na hAlbanaigh bátor
for amhsaine occa agus ro eirnestair a ttuarustla friú. Nírbhó
foda an iornaidhe dUa Dhomhnoill go ttainicc doridhisi
gusan Sligech agus ro bris caistiall Sligighe cona farccaibh cloch
for cloich de ar uamhan na nGall dia ghabhail gan rathogadh
dósomh. Ro brisedh beós lais trí caisteóil décc do chaistiallaibh
Connacht agus do bert geill agus aitire ó nach aon rob omhan lais do


L. 112


fhrithbeirt fris nó dia aimhríar itir. Dothaot ina fhritheing
tarsan Érne badhthuaidh agus ro fosaighestair occ léiged a scísi
go mí Dhecember.



Batar tra uasail agus airigh coigidh Olnéccmacht occa
nionnarbad agus ogá ttofonn asa ttír lasna Gallaibh cénmothá
i mbaoi i muinteres agus hi ccaratradh Uí Dhomhnaill diobh.
Dusfangatar sochaidhe dia saorchlandaibh agus dia ndaorchlandaibh
do shaighidh Uí Domhnaill do éccaoine a nimnidh
agus a néttualaing fris. Deithbhir ón ar ba hé a post cothaighthe
agus a ndos didin agus a sciath imdheghla ar gach nanbhuain. No
chongbadh dana a nuaisle agus a nairigh ina chaoimhthecht agus
ina ccomthanus badhdein. Do beiredh beos coindmedh
sechnón a thíre fora brughadhaibh agus fora choarttaibh dia naos
dínnimh deróil dia naitreabthachaibh agus dia naos anffann enirt.
An tan tra do beiredh ina ttir badhdhéin iatt no forchongradh
fora mhuintir hi ccoitchinde congnamh cruidh agus cethra etha agus
arbha do dháil dóibh ar dhaigh ionatochta agus aithrebe a ttíre
doridhisi. Dusfainicc dina Teabóid a Búrc m Uáter Chiotaigh
m Seaain m Oiliuerais i ccumma chaigh do acaoine a anforlainn
fri hUa nDomhnoill agus aroile saorchlanna genmothásomh. Ba
trogh laisiomh a neccaoine agus a niomchosaoid agus ro tingheall
go ttuasailcfedh on daoire agus ón dochraitte i mbatar diamadh
é bad fortail agus go ttiubhradh ina nathardha iad doridhisi.
Lásodhain ro forchongair fora amhsaibh agus fora oés tuarastoil
agus for oes diolmhain a chriche co ndiccsittís lasna huaislibh
rémhepertmar isin ccoiccrich dia nertadh i naghaidh a namhatt.
Doghniatt samhlaidh febh ro eráilsiomh forro. Tiaghaitt
lásna huaislibh co coigedh Meadhbha agus gabhaitt for iondradh
agus orgain na nGall agus gach aoin do rala hi ccottach agus hi ccaratradh
friu. O mhedhon fochmhuine dhoibh foran apairtsin go
medhón gaimhridh.



Iomthusa Uí Domhnaill iar léiccen a scísi dhósaidhe
setol foda febh atrubhromar do iomaircc a shlogha i mí
December doshunradh agus do dheachaidh i ccoigedh Meadhbha
agus basí conair do luidh tarsan Sligigh tar Traigh nEothuile agus


L. 114


tre Thír Fhiachrach Mhuaidhe tar Muaidh fadhein agus go
Tír nAmhalgadha m Fiachrach m Eachdhach Muighmedhóin.
Ba sain ceinél ro aitrebh í an ionbaidh sin agus na tuatha diarbho
toich ó chein mháir. Búrcaigh slondadh an cheneoil rotusnaitreb
an tan sin. Ba do Fhrancaibh a mbunadhchenél agus a
criochaibh Saxan do deochator an dú sin agus ba tria nert na
Saxan ro chedghabsat an chrioch. Ara aoi sin niruo lugha
mioscais na nGaoidel lasna Gallaibh ollttáitte. MacUilliam
Burc ba hanmaim oirechais do thigerna na tíre agus niro gairthi
fri ré iar ffortamhlugadh forra dona Gallaibh. Ro batar dana
iomat ruirech agus rioghdamhnadh dhíobhsom agus nirptar cora
friaroile imón anmuim ar andar lag ach aon díobh ba dó
buddéin ba dú cendus agus tigernus an tire. Donangatarsidhe ó
bhiug co mór fo ghairm Uí Domhnaill iar ttocht do don tir
agus ba dúthaigh doibh cia no thiestais uair ro laiset Cenel cConaill
fo chios doibh ó chein mháir agus niro toibhgithi fri re la grain agus
geraitecht Gall agus la haidble a neirt agus a ccumacht. Atiet na
maithe bator i frithbeirt fri aroile imon tigernus Uilliam Búrcc
o Shruthair a sinnsersidhe uile, Daued an Fhraoich, Risderd
mac Demain an Chorrain, Oilueras m Seaain m Oiluerais, Emann
mac Tomais an Mhachaire ó Chongae, Teaboitt na Long mac
Risderd an Iaraind, Seaan mac Riocaird m Seaain an Termainn,
agus Teapoitt m Uateir Chiotaigh m Seaain m Oiluerais.



Dosfangatar isin chomhdail cetna hi cuma chaigh do
shaigidh Uí Domhnaill toisigh agus baruin an tíre Mac Goisdelbaig
Seaan Dubh Mac Siurtain .i. Emann an Machaire agus Mac
Domhnaill Galloglach .i. Marcus mac an Abbadh agus Mac Muiris
.i. Emann agus Ó Maille .i. Eoghan. Ba hiarna ccomairlisidhe
agus iarna ttoghae no hoirdnighthi tigerna foran tír agus i
Raith Eassa Caoide do gairthi an tanmaim as Mac Uilliam de
agus ba he Mac Teapoitt no goiredh. Oro theglaimsiut na maithe


L. 116


sin uile attrubhramar co hUa nDomhnaill cusan maighin
cetnae do rónadh la hUa nDochartaigh Seaan Og (febh ro
forchongairsiomh fair) cetheora lorgbuidhne dia sloghaibh
druim ar druim i niomthacmang an lesa agus na laochratha imaccuairt.
Ocht ccéd .x. dia amsaibh agus dia aes tuillme agus tuarustail
frio cnes na rioghratha isin cetna buidin. O Dochartaigh
fodhéin agus Ó Baoighill Tadhg Ócc co nglaslaith Thíre Conaill
allamuigh diphsidhe isin cuairt tanaisi. Na tri Meic Suibne cona
ngallocclachaibh dianeachtairside. Fir Connacht cona ttoichestal
don leth amuigh dibsidhe uile. O Domnaill feisin cona
aireachaib agus uaislibh ina srethchiorcaill bodba for dua na ratha
agus ni lamadh neach dia uaisle no dia airmhidnige tocht ina
fhreacnairc isin raith acht an tí no forchongradhsomh do
ghairm chucca ar nuair. Gebidh ieromh occá sccrúdadh agus
remhdhéccsi frisna maithib batar ina fhochair cred doghenadh
frisna huaislibh imon anmuim oga mbatar frithbeirt agus cosnamh.
Rostochuir chuige barúin agus toisigh an tire ier nurd dia athchomarc
chuca imaseach cia dona huaislibh no oirdnigfedh hi
cendus na criche. Mac Domhnaill agus Mac Muiris agus Ó Máille
basedh atbertator ó oenghuth guruo don tsindser Uilliam Burc
roba techta tigerna do ghairm uair assedh roba gnaithbés doibh
oirdnedh an tsindsir ar belaibh an tsoisir. Ro raidh Mac
Goisdelbaigh agus Mac Siurtain guruo do Theaboit mac Uateir
Chiotaigh m Seaain m Oiluerais robadh dior gairm flatha ar
ba seirigh seitriuch eisidhe i lló agus inn adhaigh i tír agus i coiccrich
ciambadh uathadh ciambadh sochaide dó.



Iar ccrúdh a chomairle dUa Domhnaill ba fair desid
lais fodeoidh cennus na criche do thabairt do Theapoit mac
Uateir Chiotaigh agus ro fhorchongair for Mac Teapoit Mac
Uilliam do ghairm de. Do ronadh fairsiumh indsin uair
ro goiredh anmuim de fiadh na slóghaibh í coitchindi ge ro
batar araill dia chenel ba siniu ar aoi naoisi agus ba moamh gairm
olta. Ara aoi sin ase do deachaidh cettus cugasom for athchur
agus ionnarbadh asa thir agus do rairrngert dho co ttiobradh ina
duthaig doridhisi dia ccaemsadh. Araill beus baoisidhe i tuili


L. 118


a aoisi agus a engnamai fri foimtin imnidh agus éttualaing an chogaidh
i mbaoisiom agus dana fris sin basé an tí Tepoit ba móamh mioscais
lasna Gallaibh don tslondadh isin agus ba lugaide no gebtais
Gaoidhil aimiris de a bith an tuchtsin. Ro herghabadh Oliueras
mac Seaain agus Émann mac Tomais an Machaire agus Seaan m
Riocaird m Seaain an Termainn agus do bretha i ngeimliph la
hUa nDomhnoill condusfuccait co Tír Conaill. Do bert geill
agus aitire ele ó araill dona huaislibh batar occ cuingidh an tigernais
fo laimh an Tepóitt ierna oirdnedh isin fflaithius. Dothaet
Ó Domhnaill iartain (ier ttochaithiumh na notlacc dhó i
mbaruntacht Chille Mhedoin agus isna Brighibh i Cloind Muiris)
tar Muaidh Ua nAmhalgaidh co Tír Fiachrach agus ro oirdnestar
tigherna foran tír sin. Ba de do ghoir anmuim do Thadhg m
Taidhg Riabhaigh m Eóghain Uí Dubhda. Asé tra Ó Domhnaill
ro ghoir Ó Cellaigh don Fhiordorcha mac Ceallaigh m
Domhnaill m Aedha na cCailleach agus Mac Diarmada Muighi
Luircc do Chonchobhar m Taidhg m Eoghain agus Mac Donnchaidh
Thíre hOilealla do Muirghius Chaech m Taidhg agus
Mac Donnchaidh an Chorainn do Rudhraige mhac Aodhae
agus O hEghrai Riabhach do Fhelim m Conchaisil. Níruó
deacmhaic són ar ro bator a sinnsirsidhe fo chíos agus cháin
Chenél cConaill dogres agus ba cubaidh samlaidh cia badh e
O Domhnaill no oirdnedh ina natharda iadsomh agus dogaradh
na hanmanna atrubhramar. Ba sain re do roinesiumh indsin.
Do ratsomh dana Ó Ruairc agus Mac Diarmata ina natharda
iarna niondarbadh la Gallaibh agus nirbo hiadsomh namá acht
gach aon do Ghaoidhelaibh coigidh Meadhba ro eitirdelighestair
frisna Gallaibh do roine an ccétna friú.


L. 120


An Cúigeadh Bliadhain 1596.



Iar bforbadh na ngniomh remhraite doleicce Ó Domhnoill
cona shluacch tarsan Sligigh sairtuaidh an 15. Ianuari
i nurthosach na bliadhna so. 1596. (in marg. 1596. an 5 bliadhain)
agus do deachaidh tar Duibh tar Drobhaois agus tarsan Samaoir
budhthuaidh. Ro airis ina chrich feisin gan foghluasacht co
hurthosach samhraidh iartain. Bá hisin cétshamhain sin sainredh
dusfanicc aroile duine uasal ó Righ na Spáine an 3. Pilib.
Alonsa Copis ba hainm don duine uasal ishin. Ba hi tuccait
fodosroghluais co hinis mBanba daithreos agus dfhios sccél na
nGaoidel uair robtar aos codaigh agus coimhchengail Gaoidhil
Fodla do Righ na Spaine ara ttuidheacht ón Spain feacht riamh
agus do ratsat drong do shruithibh agus do shenchaidhibh Fer fFeine
hi foraithmhet agus i cuimhne don Righ tuirtheachta agus scela
mac Mileadh agus dana beos an lucht ro laithi forlonguss lasna Gallaip a
hinis Erind iar ngaitt a nathardha foraib no tiaghtaois deccaoine i
nimnidh frisiumh agus fria shindseraib o chein máir. Dusfainig
an teachta cipindus febh atrupramar. Así conair ro sheolastair
a lunga lamh dheas fri hor nÉrenn aniar gurro ghaph port i
crích Boghaine hi ccuan na cCeall mBeg sainredh. Foghaib
failti hisuidhiu la huaislibh na criche ier na fhios scél agus
do deachator araill dhíobh do eólus lais tré Bearnus Mór co rainicc
Leithbhior airm i mboi Ó Domhnuill an tan sin. Ro fiadhaigedh
co forffaoilidh amhail ba dú fri ré theóra noidhche cona
láibh agus ro ghabh ag athchomharc sgél an chogaidh atchuala
focerdsat na Gaoidhil forsna Gallaibh. Attcoadhathar dhósomh
coleicc. Atbertsomh gurbho dia naithreós agus dia ffios
scél do deachaidh for forchongra an Righ agus nach ccaomhnagair
dol airm a mbaoi Ó Néill no anadh ni budh siriu la tindenuss


L. 122


uair ba homhan lais dia ccloistis Goill a thocht co hÉrind co
laifetis longus remibh foran séd. O ro fhitir Ó Domhnaill
gurbo fíor a nebhairt agus an baoghal i mpóisiomh ro sgriobh lais
gusan Righ asa ucht budhdein agus a hucht Uí Neill agus a hucht
na nGaoideal archeana. Basedh tothacht an sgribind do chuingidh
conganta sloigh agus sochaidhe airm agus iolfhaobhar i nagaid a
namhat agus dia saoradhsomh iat on daoire a mbatar occa mbiodhbadaibh
dogres (ag gaitt a nathardha forra agus aga saobadh on
ccreidiom catholacda Romhanda ro priotchaidh naomhPatraicc
dia senaib agus dia sinnseraip agus ro chongaibhset o chein
mhair) combtis fomhámaighthe dó do shior agus dia shíol ina
dedhaidh. Do rat ieromh an techta laimh for imtheacht agus
fágbaidh bendachtain. Téit Ua Domhnoill lais isin sligidh agus
niro scar fris go ara bharach agus ro lá araill dia amhsaibh lais isin
séd dia shnadhadh ar chuanaibh agus cethernaib go ranaic darsan
mBernas rémhráitiu. Sliabh doraidh doibeoil eisidhe agus ba
hadbha chuan agus caibden fri slait agus aircell cen co rostoifnestair
an tAodh Ruadh hishin ar nisrelgsidhe slatt na orccain isin
crich ó ro hoirdned i flaithius co farccaibh an innsi colleicc conadh
aire atberthi an Riaghaire rechtach desiomh ara mhed no riaghadh do
choillidhib agus chuanaib agus daes gach uilc archena. Dála Alonsa
Copis rainiccsidhe gusan bpurt a ffargaibh a lunga agus teitt innte
agus dobearat muintir Uí Dhomhnaill a fholartnadh feóla lais
isin luing daigibh imreamra agus do chethnattaibh cluimgheala.
Ro baoisim i foichill na gaeithe anair cecib tan dusfiocfadh.
Ro sheolustair fodeoidh la cédthinfedh na gaithe anairtuaidh
laimh cli fri hor nErenn siairdhes gach ndireach co rainicc
don Spain.



Iomthusa Uí Domnaill ro buisidhe i ffos go tosach
Jun. Niruo cian dó iertain an tan rugsat techta ó Mac Uilliam
fair dia aisneis dho co ttanaic generail cogaid na Bainríoghan
Ser Seon Norais co himelbhord a chriche turchomrac slóigh


L. 124


mhóir ar dháigh co ccuirfedh coigedh Connacht uile i naenfhabhall
daenrann agus daoinleith la Prionnsa Saxan. Atiet na hairig agus
na huaisli batar i sochraide an ghenerala Iarla Tuadmhuman
Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co
lion a shloigh agus Iarla Cloinne Riocaird Uillec m Riocaird
Saxanaigh m Uillic na cCenn cona thoichestal. Acht chena
atbertis cach i coitchindi an tan sin naro tiomairgedh agus náro
tionoladh fri haimsir imchéin inn Érinn a hucht Prionnsa
Saxan coimlíon i mbatar for an slogh sin. Ni thard Ó Domhnaill
na sgela sin atchoas dó i foill nach for dáil uair robtar fuirithe
eallmha a shlúaghsomh do thecht i ccoigedh nAilella cidh
resiú ro siachtatar na teachta. Scriobhthar litri agus scribhenna
la hUa nDomhnaill go Gaoidelaibh an choiccidh agus ro dhálustar
chuga iat gusan iarthar airm atchóas dósomh an sluagh echtaircheneóil
do ghabail longphuirt.



Lasodhain doleige Ua Domhnaill i ccenn tséda cona
shlogh lais tarsan Érne siar tar Sliccech lámh dhes fri srúibh
Slébhe Gamh tré Luighne agus tré chrích Gaileng co ranuicc
fodheóidh i nairis dala fri Seón Noruis airm i mbui occ fubthad
agus occ báigh techt dindredh na criche mana thárttadáis géill agus
aittiri uaidhibh. Ó rangatar dina techta Uí Dhomhnaill go
Gaoidelaibh an choigid amail atrubhromor dusficcetsidhe gan
essnadadh gan iomfhuirech fon toghairm hisin. Tainic ann
céttus allanair Ua Ruairc Brian Óg m Briain na Múrtha m
Briain Ballaigh m Eóghain go sochraide chatha Ó mBriúin.
Tanaic ann Ua Conchobhair Ruadh Aodh m Toirrdhelbaigh
Ruaidh a himelbhortt Mhaighe hAoi fri hÁth Slisen anair.
Tanaic ann Ó Ceallaigh (Ferdorcha) a hUibh Maine anairdhes
fri Sionainn aniar. Tanaic ann Mac Diarmatta (Conchobar
Ócc) a Muigh Luirg an Dághda fri Coirrshliabh na Seghsa
anairdhes. Tangatar ann bheós na hí ro aitreabhsat an ccrích
ó Choirrshliab go muir hi tuaiscert an choiccidh edhón an da Mac
Donnchaidh agus an dá Ó Eghra agus Ó Dubhda. Iar ttorrachtain
na nGaeidel go hait noénbhaile fosaighitt for ionchaibh
Seon Norais ar gach taoibh don abhainn dianad ainm an Rodba.


L. 126


Ro baoi iomaithigidh desiú agus anall fri sídh agus chaonchomhrac
etorra agus niba hedh ón iar ffior acht ba do brath agus taisccéladh agus
do thabairt bréicce im aroile dia ccoémhsatais. Baoi dana
Mac Uilliam Teabóitt m Uateir Chiotaigh co líon a thionóil
isin toichestal sin Uí Dhomhnaill. Anait athaidh an tucht
sin einech ind ionchaibh aroile go ttairnectar a lóinti lásna
Gallaibh. O ro scaich ieromh a mbiadh doibhsidhe as fair
deisidh leó deirghe an phuirt a mbáttar ó na caomhnagatar
ní dona Gaoidelaibh. Doghniett samhlaidh. Soaitt friothroscc
agus niruó slán la Seon Norais a mhenma ar niruó gnath
lais a iompúdh a hiethaibh éccratt imne. Dothoett Ua
Domhnoill agus na Gaoidil archena dia ttighibh go subach
soimhenmnach.



Otchíett Senadh Duiblinde gaisccedh agus geraittecht
Gaoidel dfhás agus dinfhorbhairt agus gombtar eolaigh i nairmimbirt
agus i nerndailibh an choccaidh ro imecclaighset remhibh.
Adhbhar oile beos ima ro omhnaighsett an ernaidhm caratraidh
agus combagha fri Righ na Spaine agus an long remhraiti do riacht
ón Spáin amail atchóadhatar doibhsiomh. Así airle arriocht
lásan Senadh agus lasan cComhairle dhesidhe techta do chor do
shaigidh Uí Néill agus Uí Dhomhnaill dfhuláiremh agus daslach
síodha agus coenchomraic forra. Basiat techta do tagoadh lasan
Senadh fri hiomluadh naithiscc na siodha etorra agus na Goidil
Iarla Urmhumhan Tómás Buitiler a anmaim (a Saxaibh dusfangatar
an cenél dia mbaoi: ro baoiside i naois enirt sendata
an ionbaidh sin) agus airdepscop Caisil Maolmuire Mac Raith.
Dusficcetsidhe lásan techtairecht go rangatar gusan ccathraigh
fil for brú tragha Baile m Buain dia ngaror an Srátbhaile. Ro
fhóidhset techta dú i mbói Ó Néill do reladh na toscca ima
ttudhchatar. Foidhis Ua Néill na sccela cétna i ndochum Uí
Dhomhnaill. Ticcsidhe ieromh dirim mharcach co hairm i
mboi Ó Néill. Doieghatt dib linaibh co Fochaird Muirtheimhne
for ionchaibh tragha Baile bhudhthuaidh. Tanaic
an tIarla atrubhromar agus an tepscop for ionn na tolcha cettna.


L. 128


Atféttad dona flaithibh an toiscc ima ttangatar agus atbertsat
gorbho ferr córa oldas ceallach agus no biadh iomaithbir chaich
diobh for aroili mana dernta an sídh. Atchuadhatar doibh na
comtha do raingirtsat an Senadh uaidhibh tar cend an tsíodha
.i. dílsiucchadh choiccidh Conchobhair dhóibhsiomh génmothá
an mbloidh tíre fil o Dhún Delgan co Bóinn ro tallta dhe ó
chein mháir lásna Gallaibh agus na tístais na Goill forro tar toroinn
acht namá Gaill Cairrge Ferghusa do léccedh fri creic agus connradh
do shíor agus na Gaill batar i cCairlinn agus ind Iobhar Cind
Tragha ón mudh ccédna agus dana na tochradaois maoir ináit
airríogha forra no a ccumat naile do thobhach chíosa nó chána
acht namá cecip cíos do bretha fora sinnseraibh do iodhnacal
dóibhsiomh go hÁth Cliath agus na cuingifithe geill na aitiri
forra acht madh sin agus foghebhdais an ccétna na Goidhil atrachtator
ina ccomhbáigh cogaid i ccóigedh Olnéccmacht.



Iar ttairccsin a aithiscc agus a orfhuighill don Iarla atracht
Ó Néill agus Ó Domhnaill agus a mbátar ina ffochair do chuingedhabh
an choigidh asa náitibh suidhe agus doieghat don taobh araill
don tealaigh. Gabhaitt ag crúdh a ccomhairle agus occ airlegadh
gniomradh na nGall ó ro chédghabhsat an innsi cétus gusan
tan sin. Ba sodhaing dóibhsiomh ón uair bátar meabhra leó
agus la hUa nDomhnaill sainredh dóigh baoisidhe ag coistecht
friú na ceitheora bliadna agus na teóra míosa ro bhuí isin ccarcair
in Ath Clíath agus ba hi sin aicept as moamh ro meabhraigh ona
cimbidhibh focerdta isin ccarcair imaroén fris agus bator hi
ccuimhne agus i foraithmhet lais agus atbert gurbhót cédluithigh
toghaóthaigh tingheallta Gall dogrés agus gurbho tria gúthairrngire
ro ghatsat a nathardha for Ghaoidelaibh choiccidh Ghailían agus
choiccidh Conraoi m Dáire agus ni hedh namá acht cecib neach
dia ttallsat a ttír inn Ériu bá tria thangnacht agus bhreiccshith do
bertsat dhe. Bidh imne doghenatt fribhsi an ionbaidh bus


L. 130


teirci bhar ccongaibh chatha agus coccaidh agus bhus tana bar ccliath
ghabhala agus an tan gétar foroibh na Góidhil atracht in bar
mbáigh ria sunn diaidh i ndiaidh agus faghabhat cecip ní chuinghifett
ar bar ttrégadh. Doberat na Gaill bréig iomaibhsi ainnsidhe
agus saigfit foroibh an tan foghabhat co hainerlamh anfhuirithe
ibh i nuathadh arm agus eidedh ócc agus erredh madh síth
dognethi friu agus gan rátha náid aitiri forro fri comhalladh fribh
in do rairrngirset dhaoibh. Adhbhar oile bheós. Ro athchuirsidh
a charatradh for Righ na Spáine madh sith dognethi
agus bidh nár agus bidh meabhal daoibh gó do dhenomh frisan tí
na hepir goi agus chomhalnafus inro tharrngair agus robadh ainffíor
már daoib aimhiris do ghabhail de agus dina fris sin nít cobhrathar
uadh doridhisi tan beithe i rriochtain a leas iar soadh foraibh
dona Gallaibh. Ro mholsat araill dona maithibh a nerpert agus
ro aentaighsiot frisna haithiusccaibh sin ro fhuighill. Batar
foirenn oile dibhsidhe lasar lainn an sidh do dénomh agus
atbertsaitsidhe ba hiomairgidhe denamh an tsiodha agus bad
aithriuch muna dhernta. Monuar ámh ba fíor dóibhsiomh
inro raidhsiot cidh ierttain uair batar iomdha mna agus miondaoine
agus forusócclaoich do chotar écc duacht agus ghorta fodaighin an
choccaidh hisin. Robtar iomdha beós laech lonnainnsclecha agus
tóisigh troda agus soerchlanna soicheneoil do chóttar aidhedha
anaipche etorra disiu agus anall fobithin an chocaidh chétna.
Cidh fil ann trá cecip les nó aimhles donainicc ass ba héiccen
an sídh do thairmescc tria aslach agus forchongra Uí Dhomhnaill.
Iompais an tIarla agus an tepscop co hAth Clíath agus atfétsat don
Justis agus don Chomhairle a ndiultadh imón sith agus a ffreagra
óna Gaoidelaibh.



Lasodhain ro láiset an Senadh a scela co críochaibh
Saxan gusan mBainrioghain Elizabeth. Ro ghabh ferg agus
lonnus isidhe. Ro tionóiledh agus ro teglamadh iolar ndaoine
lé dia ccor co hÉrinn cona congaibh théchta da gach nadhailge
archena conarbho lugha olttát fiche míle does tuarustail agus do
amhsaibh ro bhátar i nurfhoichill choccaidh na nGaoidhel. Ro


L. 132


cumhscaigedh an goibernóir agus an tairrigh baoi for choiccedh
Medbha an ionbaidh sin a cendacht an chóigidh .i. Ser Risderd
Biongom cona bhraithribh agus ro gairmit co hÁth Cliath agus ro
cuiritt aissidhe co Saxaibh. Dusfainicc aroile i nionadh an
ghoibernora ba ferr oldas agus ba firiu gealladh dona Gaoidelaibh
i mís December doshunnradh. Coneus Clifort a chomainm.
Ridire airderc eisidhe araoi ngarma ba huasal iar ffuil ba fer
tiodhnaicthi sed agus maoine. Ro tharmnaigh dhósomh indsin
uair ro soait chucca drong mhor duaislibh coiccid Medhbha
ara dheghairilledh. Ro soait chucca céttus Ó Conchobhair
Ruadh Aodh m Toirrdelbaig Ruaidh m Taidhg Buidhe agus Mac
Diarmata Mhuighe Luirg Conchobar mac Taidhg co mbatar
ina mhuinterus agus ro naidhmset a ccura friss. Tainic bheós
Ó Conchobair Sliccigh a criochaibh Saxan isin bhfoghmhar
doshunradh .i. Donnchadh mac Cathail Óig m Taidhg m
Cathail Óig ierna oirdnedh hi ccendus ón mBainríoghain for
ilchédaibh slóigh agus saighdiuradh i nurfhoichill in roba
comfhoccus dó dUltaibh agus do Chonnachtaibh do chennsughadh
fria laimh. Ticcsidhe co Connachtaibh fochétuair do thochar
fri Cenél Conuill agus do chath friú i ccombáigh na nGall uair
roba mór a mifholta frisan ccenél hisin ó ro dhelighestair a
chelsine friú la forran agus forlonn Gall agus narba riarach dhóibh
amhail ba dúthaigh dó agus cia no beithsiomh co fomhámaighthe
dUa Dhomhnoill nírbhó cóir iongnadh de ar ro bhaoi Brian m
Eachdach a shinnser samhlaidh do Niall fa soamh inás ro
batar clann Mhoingfhinne archena agus as la Fiachra mac Eachdach
ro halta antí Conall Gulban agus hi cóigedh Olnéccmacht boi a
domnus cen co rusléiccestair hi foill ó rosghabh an mbloidh
tíre fil frisan Samhair atuaidh co Loch Feabhail iar nairther agus
iarna gabhail a los a lámha dhósomh ro rann í fora braithribh
agus do ratt an triochait chéd fil ó Abhainn Mhóir sairtuaidh co
Call Caoin ag Loch nÉirne do Chairpre mac Néill dia dherbhrathair
agus ó ro threabhsatt sliocht Briain m Eachdach an feronn
iar ndíobadh Ceineoil Coirpre acht madh becc ro lásat Cenel


L. 134


Conuill fo chíos agus sluaigedh doibh budhdeisin araba fheroinn a
mbrathar. Níruó machtnadh eimh dheisidhe cia no thairisedh
Ó Conchobair Sliccighe a muinterus agus hi celsine Uí Dhomhnuill
agus cia budh riarach dhó cen frithbheirt fris acht chena ro dlecht
an ccéttna do Chonnachtaibh coléicc cénmothá sin uair ro
foruaislighset siol Néill m Eachdhach for Ghoidhealaibh ó
chein agus as doibh ba duthaigh righe na hinsi.



Dála an Uí Chonchobair imrordaighsem ó rainiccsidhe
co cóigedh Medhbha ro failtnighset a oés cottaigh agus cairdesa
riamh agus ro lionsat a aés gradha agus tairisi duaill agus do diumus
dinnire agus dimtholta dia thuidhecht agus ro ghabhsat og báigh
agus occ bagar occ táinsiumh agus og tomhaithemh for Cenél
cConaill. Muinter Airt a slondadhsaidhe agus asiad ba tairisigh
dfhior a ionaidsiomh dogres. Otchualaidh Ó Domhnaill a
ttuidhechtsomh fris agus a mbaighbriathra agus a ndul hi ccomhbáigh
Gall na agaidh níro airis fri teglamad a shloigh do léir
go ttoét tarsan Sligech siar cona amhsaibh agus cona oes tuarustail
lais go rusoirg an toes tairisi agus ionmhaine imroraidhsem
ro bui la hUa cConchobhair in gach dú i mbátor i mendattaibh
mothardaingne agus i ndroibhélaibh diamra cona fargaibh
míol ninnile leó agus ni roscroith don chrích acht ietsomh namá
cia roscoigill dóibh gósin ara ndínnimhe agus ara nderóile lais
cen go rosbrost a mbriathra borrfadhacha a nainchridhe agus
a ninnire feisin na coemhnacctar do dichleith a norccain forra.
Gabaid Ua Domhnoill longphort ierttain hi mBréifne Connacht
fri Sliabh Dá Én anoir. Ro oiris ainnsidhe conustorracht a
shlogh dia shaighidh as gach dú i mbátar.


L. 136


AN SEISEADH BLIADHAIN, 1597.



Iar na tteglamadh samhlaidh a ndeiredh Ianuari .1597.
(in marg. 1597.) (an 6. bliadhain) docoislet tresan cóiccedh sairdhes
hi triucha chéd Ua nOilealla aisidhe don Chorann tre chlár
Mhachaire Chonnacht hi Cloinn Chonnmhaigh hi crich Maine
m Eachdach. O do riacht i neidirmhedhón Ó Maine ro léig
sernadh agus sreathnugadh dia sgeimhealtoibh sgríobluatha fo
thuaith an Chalaidh agus fo uachtar an tíre agus donangatar cona
nairccthibh creach agus cethra cona mbroitt agus cona mbóghabáil
i ndiúidh laoi co baile Atha an Ríogh airm i mbóí Ó Domhnoill.
Ro dhalustair Ua Domhnoill Mac Uilliam Búrc (Teabóitt)
chuga gusan dú sin. Tainiccsidhe fo ghairm Uí Dhomhnaill.
As ann tra baoi an baile hisin edh mbeg o Ath Cliath Medraighe
sair. Ba daingen díothoghlaidhe eisidhe agus niruo soirbh ammus
fair. Ara aoi ro ionnsoighset an slogh an dúnadh agus focherdat
teinnte agus tennála fria dhoirsibh for gach leth cora hadhannait
comladha claruaigti an chaomhdúnaidh dianechtair. Doberat
chuca iaromh dréimiredha dimora agus áradha imleabhru agus ro
lásat fri múraibh agus balladhaibh an bhaile coro freasghabhsat
for taiblidh tiugharda an tréndunaidh for gach taobh. Ro
leabluingset araill diobh dona taiblibh go mbátar forsna sraittibh
ina sesomh iar nguin agus airleach druinge dia ndeghlaechaibh.
Dléccet na doirsi óbhéla don tslogh asa haithle co ndiccset for
lár an baile. Gabhaitt for toghail na ttighedh taisccedha agus na
tteghdhus ccumhdachta agus na ccubhachal ffoirieta ro bhuí isin
dúnadh co ttarttsat eistibh a mboi inntibh dionnmhasaibh agus
déttálaibh coro chroithset an chathair coléicc. Robadh cosccar
adhbhal lá muintir na Bainríoghan an rioghchaistiall sin do
bhuing don fhianlach ro lingset an baile hisin diamadh iad
budhdheisin nó beith occa chosnamh friú. Acht chena robad
doiligh díochumhaing dréim frisan tí buí hisuidhe nách fria
mhuintir cén baoi an Coimdhe agus an conách ag congnamh lais.


L. 138


Bá dírímh doimhesta ina ttugadh da gach erndail edála asin
mbaile sin dionnmhus agus diolmhaoinibh dumha agus diaronn
derradh agus dédach agus da gach ní rangatar a leas an lucht batar
occá ionatocht agus oga aittrebadh do thegar agus do theglomadh
chuca as gach aird ó chein mair gósin.



Airisidh Ua Domhnaill cona shlogh isin mbaile an
adhaigh sin. Fágbaitt an baile ara barach iarna orccain.
Doléccet a scceimhealta do chreachorgain Chloinne Riocairt
da gach leith don abhainn. Ro creachadh agus ro cuartaigedh la
druing dona sgeimeltaibh sin ó Lethraith go Muigh Senchomladh.
Ro loissccedh agus ro léirsgriosadh lasan lucht naile
dhiobh ó bhaile Atha an Riogh agus ó Raith Goirrgín siar go Rinn
Mhíl go Medhraighe agus go dorus na Gaillmhe. Ro loisgedh
leó dana Tegh Brighde fil for ionchaibh na cathrach cétna .i.
Gaillimh ainmnighther ón abhainn forsro báidedh Gaillimh
inghen Bresail. Dogniat foslongphort agus fianbotha fulacht agus
feolchombach suan agus samhchodal an adaigh sin eitir Uarán
Mór agus Gaillimh occ Cloich an Linsigh. Dotháet Ó Domhnaill
cona shlogh ara bharach go Mainestir an Chnuic i ndorus na
Gaillmhe ar dháigh iomagallmha fri lucht na cathrach dus an
ffuighbedh caomchludh dia nerradhaibh iongnaithe agus dia
sédaibh soinemhla uaidibh for araill dona creachaibh batar occa
ar nirbhó sodhaing dia mhuintir ina mbaoi do chrodh agus do
chethra oca do thiomargadh nach do thiomain leó dia nathardha
agus dana robad menmarc laisiomh gan tiontúdh dia thir (munbadh
aidhble édála a shlóigh) go rochtain dó go Gort Insi Guaire i
Cenél Aedha na hEchtgha. O na fuairsiom an roba lainn lais
o lucht na cathrach ba fair desidh occa filledh ina fhritheing
go rainicc tria cheirtmedhón coigidh Connacht gan anbhuain
gan uiregla gan fhaitches gan fhuireachrus go rochtain dó
tarsan Sligech tar Duibh tar Drobaois agus tar an Samhaoir
badhthuaidh.



Tuirthechta Uí Chonchobhair Sliccigh atfiadhar sunn
setal naile: tarcclomtha sluagh mór lais do Ghallaibh agus do


L. 140


Ghaoidhealaibh do theacht gusan Sliccech i mí Februari gar
biocc iar nIomulcc. Do rala O Domhnaill an tan sin i
cCalraighe i foslongphort fri Sliccech anair hi foichill forra
agus a naires dála dhóibh. Do bert fuabairt amhnus forro resiú
rangatar gusan Sligech. Ro theichset riamh agus do retláiset aire
acht madh uathadh tarrastoir dhíobh occ Tráigh nEothaile.
Gontar baiter drong mhór dhiobh. Ro marbadh ann dana mac
do Uilliam Búrc .i. Riocard mac Uilliam m Risdeird m
Oileuerais agus araill nach airmhither sunn. Soais Ó Conchobair
for cúlaibh agus niba slán lais a menma im thuidhecht an turais sin.
Tanuicc Ó Domhnaill dia thigh agus doléicce eisreidedh agus sccaoiledh
dia shlogh con telcctis a scís acht namá fosrágaibh aés amsaine
agus tuarustail hi coiccedh Meadhbha i foichill coccaidh Uí
Chonchobhair agus na nGall agus Niall Garbh Ó Domhnoill dia
deirbhfhine badhdeisin i ttaoisigheacht leó. Gabhuitsidhe for
innradh agus aidhmilledh na nGaoidelthuath remideochatar hi
combaigh na nGall agus Uí Chonchobair con tarttsat for ccúlaibh
doridhisi drong mhor dhíobh. Tanuicc ann cétus Mac Diarmada
(.i. Conchobar) túisiuch Mhaighi Luirg fil fri Coirrshliabh
na Seghsa anairdes co rusnenaiscc a mhuinterus agus a churu fri
hUa nDomhnoill an dara feacht agus co ttaratt a oighriar ndó
febh roba bés dfhior a ionaid dogres. Do rónsat toisigh na
ttuath fil fri sliabh atuaidh go muir an ccétna agus do rattsat a
ngéill agus a naitire dUa Dhomhnaill fri comhall gach neith ro
thingheallsat.



Ba i neacmuing na ree sin .i. i mís April donainicc long
ón Spáin go nuathadh foirne daithreós na nGaoidel. Ro
ghabh port hi ccrich Conuill m Néill hi cuan na cCeall mBeg
sainredh hi Tír Boghuine iar niarthar allanair don ghlionn inro
bennach an Columb airderc. Tangatar aissidhe airm a mbuí
Ó Domnaill go Dún na nGall. Roptor foiltigh cach diob fri
aroile agus ro fiadaighitsiomh co hairmhittneach la hUa nDomhnaill
agus do rat asccadha con agus each doibh agus iomsoiset ass for cúlaibh
agus doberat sccela na criche leó.


L. 142


Tuirthechta Meic Uilliam Burc atfiadhar sunn. Ro
toifnethar asa thir la hiomfhorran a cheniuil badhdeisin agus la
geraitecht Gall uair ro naidhm Ua Conchobair Sliccigh codach
agus caratradh eitir a chliamhain (mac Meic Uilliam Burc) .i.
Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn m Dauid m Emainn m
Uillicc agus an goibernóir Sir Coneus Clifort coro hathchuiredh
agus gurro hionnarbadh lasna maithibh sin cona ttionol Mac
Uilliam Teabóitt m Uatéir Chiotaigh asa athardha gurbo
héiccen dó ascnámh go Cenél Conuill m Néill. Iar tteacht
dósomh airm a mbaoi Ó Domhnaill dacaoine a imnid fris ro
airis ina fhochair go midhmhedhón samhraidh. Doghní
Ó Domhnoill sloighedh a ndeiredh Jun go cóicced nAilealla
con tulaidh tar Muaidh Ua nAmhalgaidh. Ni chaomhnaccator
an chríoch frithbert fris go ttarttsat a ngéill dhó. Do bertsomh
do Mac Uilliam. Ro sai Ua Domhnaill ina fhritheing iar ffágbhail
na criche fo aittitin agus umhla do Mac Uilliam agus fosrágaibh
Rudraighe Ó Domhnuill (a derbhrathair badhdhéin agus
rioghdamhna Ceneoil cConuill) na fhochair dia nertadh i
nagaidh a namhatt go slogh mór dia miledhaibh traighthech
agus dia amhsoibh tuarustail imaroen ris. Ba foirmteach tra
Teaboid na Long fri Mac Uilliam imon fflaithes agus dana beós
nirbhó sainshercach im Ó nDomhnoill dia oirdnedh fora
belaibh. Nirbho lugha immorro mioscais Uí Chonchobair
Sliccigh im Chenel cConoill agus im Mac Uilliam conad aire sin
ro ghabh ailghes agus occobar iat dibh linaibh im aithe a nanfaladh
agus a neccrattais for Mac Uilliam agus for Cenel Conuill sainredh.
Basedh do ronsat i ngaruair iar nimthecht Uí Dhomhnaill
slogh mor do Ghallaibh agus do Ghoeidhelaibh do theglomadh
agus saigidh for Mhac Uilliam co rostoifnisiott asan tír cona
mhileadhaibh uair ni forroelangair an foirlion baoi ina
aghaidh agus ó ro thriallsomh cona ógaibh fágbhail an tíre do
iomaighett rempa cethra agus innile na criche cona naitreabhthachaibh
tar Muaidh Ua nAmhalgaidh agus tre Thír Fhiachrach
Mhuaidhe co rangatar Sliabh Gamh ria nadaigh. Gabhaitt
occ asccnamh an tsléibhi fott na hoidhche.


L. 144


Iomthusa an airrigh Coneus Cliofort o focherdsomh
Ó Conchobair agus an slogh atrubhrumar do thofann Meic Uilliam
asa thir ro thochuir chuige an lion as lia forcoemhnaccair do
shochraide. Donangattar ann an da Iarla batar isin ccoigedh
Iarla Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh
Uí Briain agus Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxaigh
m Uillicc na cCeann agus a macsaidhe Riocard Barún Dúin
Coillin, agus Murchad m Murchada m Diarmada Uí Briain Barún
Innsi Uí Chuinn iaitsidhe uile cona sochraitte. O do
riachtatar co hairm a mboi an goibernoir doieghat uile for cind
Meic Uilliam cona óccaibh an conair na coemnacctar do
sheachmall agus in robad deimin lais i foghbhail chuga edhón
gusan ccaistiall fil for abhoinn mhoir fri Sliabh Gamh anoir agus
Sliabh da Én aniar Cuil Maoile a ainmsidhe. Ba conair choitcheann
agus ba sétt suaithnidh an mennot hisin. Baoi an goibhernóir
isin isin caistiall an adhaigh sin agus slogh mór do ghleire laoch
armtha eidighthi narbo lugha olttatt coig céd décc a lion i
foichill forsna Gaoidhealaibh. Atcoas do Mac Uilliam agus
do Rudhraige Ó Dhomhnoill an goibernoir do thocht rempo
forsan slighidh naro fhedsat diomghabhail. As fair deisidh
leo ó rangattar ria mattuin tar muinchinn an mhaighshlebhe
atrubhromor saigidh gusan abhainn foa nerchomhair a
ngarfhoccus don chaistiall agus a ccethra agus a ninnile a ngiollanradh
agus a nglaslaith agus an drong bá diairm aca do léccad uatha i sligidh
ba hinnille inás edh imchian ón ccaistiall. O ro batarsomh
uathadh daoine a naithfhegadh na nallmharach niró shaighset
forra acht dol tarsan abhainn gan rathugadh dóibh amail naro
shaoilset agus basedh doruimnet co ndernsat innillios agus iomshnadadh
dia ccrodh agus cethroibh agus giollanraidh o ro ghabsat
feisin a ccomfhochraibh an chaisteoil for belaibh an tsloigh
echtronn ionnus gomadh iatt on foibérta tar cenn a muinntire.
Ni hedh do rala dhóibhsiomh éimh an ní ba menmarc leó
acht do chótorsomh tarsan abhainn go mbatar don tóibh araill


L. 146


gan ráthugadh gan fhorchloistecht. Ba isin tan sin atracht an
goibernoir cona allmharachaibh asa suan la sestan agus seiseilbhe an
tsloigh acc dol tarsan abhainn. Ba méla mór lasan goibhernóir
a ndul seice resiú tarraidh greim forro. La sodhain
atchualator buiredhbeicedh na mbó agus na ndamh agus allghlor na
nanmann néicciallach ag coimhfhreccra a chéle agus fogharnuall
oesa a niomána agus a naegairedh allanair diobh isin dedhóil
muich. Doleiccet a marcshlógh na ndrongaibh agus ina ndiormaibh
fo chomghair na cceathra dus an ttairsitís. Dusnairthet on
dírímh dona hinnilibh agus atrulat as aroile dibh. Gonait drong
mór dona gillibh agus does na hiomanu. Niro fhedsatt a slogh
feisin a nedrain nach a nanacal la hanforlonn agus iomat an tsloigh
do rala fora nionchaibh. Tieghait na Gaeidhil ass samhlaidh
co rangatar tar san Éirne badthuaidh agus niro lensat na Goill ar
ndol táirsibh doibh an céttna fecht amail ro aisneissiom. Soais
an goibernoir ina fhritheing agus nirbho slán lais a menma ótrulatar
a namhait aire ierna bfaghbáil in uathadh agus ier ngabháil forro i
náit niomchumhaing amail rongab. An 29. Juni do rala ind sin.



Donanuic tra Justis nua i nÉrind i tosach mís medhóin
an tsamhraidh doshunnradh .i. Lord Borough Tomás a ainm.
Batar iomdha iolardha an ógbadh iorghaile agus an fianlach
tachair agus troda do bert lais ina chaoimthecht. O do riacht ro
gabh orlaimh cloidhim an Rígh chuga agus ro cumhscaighedh
lais Sir Uilliam Russel baoi ina Justis fri ré theora mbliadan
gósin. Do benadh lais bheós generalacht an chogaidh do Sir
Seon Noruis agus ro oirdn é baddein isna céimibh sin. Ro
forchongradh lásan Justis sin for ghoibernoir choiccidh Olnécmacht
tocht co lionmar léirthionoilte for Cenel cConaill isin
cend thiar do choiccedh Conchobair daithe anfaladh agus eccraitis


L. 148


Gall forra. Niruo héislisech ro freastladh an forchongra sin
lásan ngoibhernóir agus robad slaindiodhnadh mór lia mhenmuin
día ttisedh de a ainchride agus a innire do dhiogail for Chenél
Conuill Gulban m Neill seach cách. Ro tarcclomadh agus ro
tionoiledh lais in roba riarach dhó do Gallaibh agus do Ghoidelaibh
an choiccidh agus ro dháil ina ndochom go mainistir na Búille an
3. la do August. Do riacht cédamus isin toichestal sin Iarla
Tuadhmuman Donnchadh mac Conchobair m Donnchaidh Uí Briain.
Asé ba tigerna for gairbhfheronn Luighdech Mend m Oenghusa
Tírigh fil frisan Luimneach atuaidh ar sé an Lugaidh hishin
ro ben an mbloidh thire atrúbhromor do choigedh Olnéccmhacht
goro threabhsat a shiol ina dheadhaidh. Donanuicsidhe
go ttionol na Tuadhmuman ima roén ris.



Tainicc Iarla Cloinne Riocaird isin toichestal chédna co leirthionol
a thire ina fhochair agus cona mhac Riocard mhac Uillicc m Riocaird
Saxanaigh do shliocht Uilliam Conquerer. Do Fhrancaibh iar
mbunadhus agus a criochaibh Saxan do dheochator a cenel an dú
sin conad uaidibh ainmnighther an feronn. Tanaicc dana
Teaboitt na Long m Risdeird an Iaroinn cona shochraide.
O Conchobair Sligigh Donnchad mac Cathail Óig m Taidhg
m Cathail Óig agus Ó Conchobair Ruadh Aodh m Toirrdealbaigh
Ruaid co llion a muintire immaille friú. Ro fhaoidh immorro
an Justis drong dia shochraide go Gaillimh go ttardataois
gonnadha móra dia saighidh gusan Samhaoir.



Iar tteglamadh an tsloigh co háit naonbaile go mbatar
hi mainistir na Seghsa da bhanna ar fhichit do mhiledhaibh
traighthech agus deich mbanna marcshloigh do ghlere glanshloigh
cona ccotúnaibh comdaingne cruaidhiaroinn agus cona semonnlaighnibh
siothfhoda slinnlethna agus go ngunnadaibh gutharda
gérradharcacha agus co cclaidhmibh caoilghera cottaidrighne cona
niomdornaibh aille iomdhlúithe agus co ccathbharraibh cíorchroma
coccuasta gurbó lanshaoilechtain leó na baoi acmuing a bfreastail
hi cóiccedh Conchobair m Nesa la hallmhardhacht agus ainetarghnaidhe
a nairm a néittidh agus a ninnill uair ni rabhatar trealmha
diobhraicthi lásna Gaoidelaibh an tan sin acht madh beg agus


L. 150


nibtar éitighthe foa niontsamailsiomh. Do asgnáttar iaromh na
sloigh sin go Sligech agus asaidhe co hÉirne. Gabhait longphort
an adaigh sin ós ur Samhaire. Ba fair deisedh leó isin muichdhedhoil
ara bharach ionnsoigidh na habhann foa nerchomhair
gerbho deimin leó na baoi aon áth ó Chaoluiscce go hEss
Ruaidh gan iomchoimhet ó Ua nDomhnoill fair. Ó ro
chinnset foran ccomhairle hisin ro chéimnighsiot co hÁth
Cúil Uain an tsainredh ina ttuintibh troma toirtemhla gurro
doirtset i naoinfhecht agus i noenfhabhall dia shaigidh. Ro
ghabhsat na coimhedaidhe batar an dú sin ag cosnamh an átha
friú amail as deach ro fhettsat ceni bátar lion a chosnamha
frisan anforlonn do riachtatar chuca. Ba fuilech fobartach ro
gabhsat for freastal a namhat gurro lingset an ler sloigh an táth
dia naimdheoin forra fo dheóidh. Acht chena do marbhadh agus
do baithedh echt mór annsin on tslógh echtaircheneóil .i.
Barún Inse Uí Chuinn Murchadh mhac Murchadha m Diarmada
m Murchadha Uí Briain uair baoisidhe eitir a muintir
agus iomdomain an atha dia nimdheagail for ghuasacht gurro
haimsedh go hindilldírech eisidhe do phluicmheall peleir ina
oxaill i nurosccladh a eididh pláta gurro threghdustar é on
derc ocsaille go aroile agus gero batar a ceathair no a cúig do
miltibh fer ina uirthimcheall niro chumaingset a anacal nách a
fhoiridhin gurro eidirdeligh fria each hi fudomhain an átha
conadh amlaidh sin do rochair an daighfhear. Niro ansat an
slógh fri tógbáil a chuirp ina fria adhnacal amail robad dior
acht ro asgnator reampa ina réimim go rangatar co Sith nOédha
ós ur an essa. Dia Sathairn araoi laithe sechtmhaine ind sin.
Ro ghabhsatt longphort an dú sin agus araill díobh isin mainistir
mhonach baoi for ur Uinnsinde. Batar amlaidh sin ó ghar
biucc ria medhón laoi dia Sathairn go madain an Luain ar ccind.



Tuirthechta an loingis imrordaighsiom i ttosaigh ro
toghairmedh lásan ngoibhernóir ón nGaillimh día shaigidh
ro lásat an drong forsro herbait tocht an turus sin a loingeas
forsan lionnmuir i nGaillimh fri hiomchor agus iomfhulang a
ngunnadh nguthard nadhbhalmhór nainettargnaidh do dhianblodadh


L. 152


agus do dhíoscaoiledh dúintedh agus daingenchaistial a
namhat. Ro cuirit intibhsidhe gach ní ba hadhlaic don tslógh
archena. Seolait asendadh lamh des fri tuaiscert an choiccidh
go rangator gusan Éirne dia Domhnaig sainredh. Ro ghabhsat
caladhphort for ionchaibh Insi Saimher agus do chuirset ina mbaoi
leó dia niomfhulang eitir bíudh agus cormainn agus da gach erndail
rangatar a les an ccein no beitís occ iomshuidhe an chaisteóil
isin insi dia Luain. Ro tairrngit leó an tordanás mór i tír agus
ro shuidighset eneach i nionchaibh don dúnadh baoi for ur
Atha Senaigh. Do riachtatar an lucht batar isin mainistir gurro
fhosaighset uile for iond Sithe Aodha i nuirthimcheall an
ordanais. Gapait iaromh og fraisdiubhrugadh a ccaoirmheall
ccomhthrom agus a ttorainnphelér tteintidhe co cclos a bfuamanna
agus a bfogharthormán i fod nimchein uaidibh. Ro lásot
nuimhir díairmhe do roignibh a loechraidhe fo bhun an baile
co ttrealmaibh toghalta muir leó agus go néittedh niomdhaingen
niarnaidhe im chorpaibh na ccuradh agus go ccathbarraibh
comsholusta ima ccendoibh. Baoi lebhenn lainderdha do
chruindsciathaibh coimhlethna cruaidhiaroinn ina niomthacmhang
anechtair dia nimdheghail for diobhraicthibh na
druinge dichoinnercle deghlaoch do rala isin dúnadh. Batar
gan anadh gan ionnuaradh ogan imdhebaid sin co cenn tri
la agus theora noidhche Luan Mairt agus Céttaoin. Acht chena
nirbo torbha dona hallmharchaibh an fhuabairt do ratsat
agus ba ferr dhoibh na digsitis an turus tudhchatar uair ro
dailte asan dúnadh forra froischetha caor ttaidleach tteintidhe a
gunnadhaibh fosaighthe fírdhírghe agus a musccaetaibh morchostais.
Araile do chloichthres carrag cenngarbh agus tromchloch
tuinidhe do shailghibh do shonnaibh do rala for taibhlibh an
dúnaidh conarbho díon no daingen dóibhsiomh a ccuairsceith
coimhrionnta no a ccathbairr coinnleacha corbat mionbrúite
mudaighthe i medón a neittedh niarnaidhe dona tréndiubraicthibh
tarlaicthi forro. O ro mudaighit na milidh go mór
ón mudh sin ni foraolangdar fuireach fria nairleach ni ba siriu.


L. 154


Do ratsat a ndromanna fria naimhdibh. Meabaidh maidhm
diobh gusna scoraibh. Gabhaitt oes an dunaidh occa ndiubhragadh
ina ndedhaidh goro marbhait dirimhe agus cinnteach ar
eccinteach diobh. Atrulat as aroile diobh ite beoghonta
biothainmeach.



Basedh do rala dUa Domhnaill beith i teirce slóigh agus i
nuathadh sochraide an Satharn donangatar an tromdhamh
doiligh diogaltach sin dia thír. Ro chruinnighset agus ro tharccloimset
a thoicheastal ria medhon laoi dia Luain ina dochom
ar nírbat eisledhaigh dogres im thuidecht fo thoghairmsiumh
gach tan no chuingedh cuca toidhecht ina dhail. Dothaot ann
cétus Maguidhir .i. Aodh co lion a mhuintire. Do riacht ann
dana Ó Ruairc Brian Óg mac Briain m Briain Ballaigh m
Eogain cona thionol. O do ruachtatorsomh go hUa nDomhnaill
niro leigedh ciúnus nó cumhsanad i llo no i noidhche don
ghoibhearnoir nach dia mhuintir. No chuirdís sluagh Uí
Dhomhnaill ciomhsa an champa Chonnachtaigh ina cheirtmhedhón
agus a lár ina leithimeal agus niro leigedh a nomhan nó a
nuiregla dhóibh a neachra no a nairnéis do chor for inghelt
tar imealbhord an longphuirt inechtair na haidhble an iomchuimhge
a mbátar occa mbiodhbhadaibh. No bíodh iomruagadh
agus imdhiubhraccad gach laoi eitir an marcshlogh adiú agus anall
fri ré na ttri lá ro bhatar an sluagh Gall occ ionnsoigidh an
dúnaidh. Ro gonait agus ro treghdait sochaide etorra sánchán
an airet sin acht namá ba móo ro crechtnaighit an sluagh Gall
oldát na Goedhil. Ba dona huaislibh ba herdeirc ro gonadh
uaidibh an tan sin Ua Conchobair Sligigh Donnchadh mac
Cathail Óig. Ro soadh for mharcshlogh na nGall fodheóidh
isin treas laithe gusna scoraibh co mbatar mescc ar mhescc frisna
traightheachaibh. Scarait iaromh friaroile agus ni tria shainsherc
ro scarsat acht uaman aroile dia netarghaire.



O ro rathaighset na Gaill gaisccedh agus geraitecht na
nGoidheal dfhás agus dinfhorbhairt tairsibh amail náro shaoilset
ba méla mór leo tuidhecht an turus tudhchator trea bfarccaibhsiot


L. 156


dia ccuradhaibh imon ccaistiall agus la sluagh Uí Dhomnaill
don leith naile agus gabhail forro isin ccúil chumhaing i teacomhnagair
i teannta occa nesccairdibh cona baoi ina ccumang
soadh for cúlaibh do shaigidh an átha tarsa ttangatar i ttosach
ina ionnsoigidh nach átha naile ótha Loch Éirne ingine Buirg
gusan muir móir. Ó do riachtatar an sluagh Gall dia scoraibh
nírbho sáimh contuilset agus nírbhó menmnach rugsat as an
adaigh sin la huamhan agus cridhenbhás Cheneóil cConuill ar ba
derb lásna Gallaibh guruó hasa leósomh a noidedh ar énlathair
inás a neineach do breith. Gabaid an goibhernoir na hIarladha
agus na maithe atrubhramor ag crudh a ccomhairle ó urthosach
oidhche dia Cedaoin go muichdhedhoil maidne dia Dardaoin
dus cidh doghendais imon nguasacht nanffoil baoi for cind
doibh conadh fair deisidh leo fo dheoidh ó ro gle banshoilsi an
laoi forro asgnamh fori nionchaib asan maigin i mbatar do
mhullach Sithe Aodha dionnsaigid na habhann uas ur Essa
Ruaidh i fail narbho conair choitchend do daoinibh riamh
gósin acht namá muna digsitis curaidh no trenfhir tairsi hi ttart
samhraidh do fhromhadh a neirt agus a niadhachais. Deithbir
on ar basedh anmuim an ionaidh sin ro ionnsaighset forsan
abhainn Cassán na cCuradh. Ro bhaoi dana nert mór oga
ngresachtsomh chuga don chur soin .i. eigen agus uaman gurro
doirtset i naoinfhecht ina naonbroin dluith deinmnedaigh gusan
abhainn foa nerchomair. Duthraiccset an drong ba tóisencha agus
ba déidhencha dhiobh go mbadh i neitirmhedhón an tsloigh
no suidighthe iad araba uathbhais agus ainetarghnaidhe na habhann
fora cciund agus ar imegla agus cridhenbhás a namhat dia ttograim
ina ndiúidh. Ro fhagaibhset a ngunnadha móra agus a nordanás
agus gach ní baoi leo naro chumhaingset diomochor eitir biudh agus
digh agus gach naidhilge archena. Do bertsat iaromh a nuchtbhruinne
foran sligidh nagairbh nannaimh nainmeinic sin agus ro
baoi do threisi agus do thrennert hi sruth na senabhann (amail
roba bés di) agus dainetargnaidhe na druimleice duibhshleimhne


L. 158


mar chonair coitchinn do thromshlógh agus dana deneirte agus do
adhlaige na nGall desbaidh airberta bith gurro baidhit ile dia
fferaibh dia mnáibh dia neachaib agus dia ccaiplibh go rucc trethan
an tsrotha i fudhomhain Eassa Ruaidh iatt agus aisidhe siar gusan
muir móir.



O ro rathaighset lucht an dúnaidh an sluagh ag elúdh
samhlaidh gabhaitt occá ndiobhraccadh amail as deine conrangatar.
Ro freccradh iaidsidein ón foirinn do rala i rémthus
agus ranuic gusan mbruach alltarach. Ro ghabsat occ deabaidh
tar cenn na druinge roba dedhencha co cclos a fuamanna agus
a ffogharthorman agus a mac alla fóna criochaibh comfhoiccsiu co
mba samalta leo corbo he toirneach agus trethan na ndúl nemhaicsidhe
atchualator a huachtar aeieóir agus a fírchleithe firmaimenti.
An tan tra atchualaidh Ó Domhnaill diubhraicthe na debhtha
agus mac alla na hiorghaile atracht asa phupull fochétóir agus atrachtsat
an sluagh archena. Tieghait ina ttrelmhaibh troda co tinnesnach
agus docoislet ass dochum na habhann do tharrachtain na nGall
amail as déiniu ronuccsat dia alaile. Ní tháirsiot greim forro
go mbátar forsan mbruach araill don abhainn. Ro gonaitt ro
baidhit iliomat do dheiredh an tslóigh agus ni derghensat acht
brigh mbicc de ó do érnátar a nuasail agus a nairighe a ttoisigh
iomghona agus a lucht céimenn agus cadhusa. Robtar buidigh
iai tsidhe do breith a nanmonn ó dhiubhraicthibh dirghe
domhainchréchtnaighthe lochtta an dúnaidh agus tarsan sruth
ndermháir ndífhreccra tarna tudhchatar trenfhir gan tuisledh
gan tiughdhail riamh remposomh.



Do thaót dina Ó Domhnaill ina lenmain darsan abhainn
acht namá niba sain conair docengat. O do dheachaidh an
goibhernoir cona shlógh tar Eirne samlaidh focherd a mhuintir
ind inneall agus i norducchadh. Do ratt a dhaimh agus a groidhe
infhedhna fén agus cartadh (batar lasan slogh diomfhulang a lóin
agus a naidhilge archena) a ngiollanradh agus a noés diairm agus gach
aen no gonta dhíobh etorra agus moir. Baoi feisin cona díormaibh


L. 160


daghshlóigh cona amhsaibh agus cona ógbaidh don taoibh araill
agus ro la a oes diubraicthe fora mbélaibh dursclaighe agus diomchosnamh
dar cenn a nuasal agus a naireach cona héta a ttacmhang
na a ttimchealladh ara fheabhus ro suidighit. Ara aoi sin ro
fhersat muinter Uí Domhnoill deabaidh diochra friu goro
gonta ile etorra desiú agus anall agus go ffarccaibhthe eich agus daoine
an lá hisin. Gabhaitt na Gaill an tucht sin lámh des frisan
muir. Ferthar glés fleochaid forra iertain agus ba hainaicenta
a med. Ro foirghitt na fiora desidhe gorbo hinbfechtain
don loechraidh a nairm diomluadh la haidble an fhleachaidh.
Ba moamh ro laisidhe for mhuintir Uí Domhnaill oldás
forsna Gallaibh iarna ndiétgadh uair ro fhagaibhsiot a fforbhrata
a nasana ionnfotta agus a niallchranna agus aroile dia nétgadh la
tinnenus agus la trice na tograma do tharrachtain na nGall. Batar
an di shochraide foran apairt sin occan imdheabaidh ro raidhsemor
agus occ téttarrochtain boeghail aroile go riachtatar tar
Drobhaois tar Duibh agus go Magh cCéitne. O robtar sccithigh
muinter Uí Dhomhnaill don tograim iompáit ina bfritheing
agus atrulat na Goill dia ttighibh fo mhéla agus aithis. Acht chena
robtar subhaigh forbfaoilidh araba a neludha asna gaibthibh
i mbatar agus ní dernsat acht brigh mbicc dia ffargaibhsiot o do
érnatar feisin. Nirbhó samhlaidh dUa Dhomhnaill niro
fholartnaigh dhósomh a mmelachtnugadh gan slan a mhenman
dfhaghbhail forra agus ro ghabh occ mairgnech agus occ mifir co mor
ima tternúdh uadh an tucht sin. Bátar hi Sliccech an adaigh
sin. Basedh a ccetna huidhe ara bharach dadaigh i Mainistir
na Búille agus an tres oidhche hi tuaith Atha Liacc. Hi fel
eitsechta na hí naomh Maire agus hi coicc decc August araoi
laithe mhís gréine atrulatar an sluagh sin dar Samhaoir.



O do rionntáiset na maithe sin dibh lionaibh dia ttighiph
nírbho suanach sádhal ro thochaith Aodh Ruadh Ua Domhnaill
cona shochraide i mbuí rempa don fhoghmhar sin uair gach


L. 162


tan no thómhaithedh eigendáil nó anfforlonn o Ghallaibh for
Ua Néill (Aodh m Firdorcha) nó fhaoidedh litri agus techta co
hUa nDomhnaill déccaoine a éttualaing fris dia áil agus dia athchuingidh
im thocht dia chobair agus dia chomfhurtachtt an tan ná
faghbhadais Gaill a bhaoghal badhdein agus na leigedh a noman
dóibh bith occ forran fair. Ba doiligh dichumhaing do nach
naon naile na hastara eitirchiana na sluaighthi siublacha agus na
deabhtha duilghe no fhreastladh hi coiccedh nAilella ina thír
badhdein agus gach tan nó theigedh i Tír nEoghain hi tóirithin
Uí Néill. Nirbho cian baoi Ua Domhnoill i ffos iar nimthecht
an ghoibernóra agus na nIarladh amail ro rémhaisneidhsiom an
tan tangator techta Uí Néill do shaigidh Uí Dhomhnaill dia
aisnéis dhó co mbuí an Justis (Tomas Lord Borough) Iarla
Chille Dara (Henri m Geróitt) co sochraide Gall fer Midhe agus
Laighen occ tocht co Tír Eóghain ar tharraing agus ar thionchosg
Toirrdhelbaigh m Énri na nGárthadh m Felim Ruaidh Uí
Néill agus ro fhaoidh chucca tocht co líon a thionóil dia chobhair
agus dia nertadh i nagaidh a namhatt agus ro thingheall bheos cecip
tan naile do riccfedh Ua Domhnaill a les tocht dia chomhfhurtacht
co ttisedhsomh ina thoirithin cen esnadadh gan
iomfhuireach. O ro erlegh Ua Domhnaill na litre ro fhorchongair
fora thoichestal tionol as gach aird ina dochom fochettoir
uair nírbhó lainn lais Ua Néll do bith isin éigen i mbuí gan a
lá bágha do thabairt leis. Deithbir ón ar niruó coimdigh coro
chin dia ccenél araon dias lasar dhile agus lásar thocha aroile oldatt
an da Aodh sin batar codhnaigh agus bátar flatha fora cenelaibh an
tan sin. Dothoet iaromh Ó Domhnaill i traitte co hairm a
mbaoi Ó Néill co ndíorma moir dia mharcshlogh agus dia mhiledhaibh
imaroen fris agus aroile diobh ina lenmhain ar niro airis
siomh ina nóighe friu la tinnenus ar uaman na nGall do
thuidhecht i Tír nEogain cidh riasiú tisedhsom gusan maighin
i raibhe Ua Néill.



Dála an Justis agus na nGall atrubhramor tangatarsidhe co
slogh lánmhór líonmar leirthionoilte go Droichet Átha aisidhe


L. 164


co Traigh Baile go hArd Mhacha conar ansat co rangatar co
hur Abhann Móire. Foghabhat Ua Néill agus Ua Domhnaill cona
sloghaibh fora ccind an dú sin. Nirbho sodhaing saigidh foran
bfochla leomain agus for an ned ngribhe do rala tul i tul friú.
Airisis an Justis cona shlogh agus ro ghabh longphort i ngarfhoccus
don abhainn ar ba derbh lais narbo réidh dhó nách dia shlogh
asgnámh fora nagaidh ni badh síre. Ba fuileach faebrach
crechtach crolinnteach debthach diubraicthiuch an fiadhugadh
fosruair an Justis cona mhuintir o shlogaibh Uí Néill agus Uí
Dhomhnaill ag cosnamh a ccriche agus a ccaomfhorba friú. Nirbho
ní an do righensat do chalma riamh na iaromh occ imdiden a
nathardha ara neccraittibh i naithfhégadh an roba díor dhoibh
do dénomh dia ffestais an tan sin na huilc iomdha do rala
dhóibh cidh iarttain robasdh eimilt daisneis an or sa. Acht
chena niro léigedh suan na sádhaile codladh na comhnaide
ionnsoigidh na anadh dhoibh i lló na i noidhche gan deabaidh
agus diaindiubhragadh forro dogrés ona Góidelaibh gurbo dírimh
inro marbhait agus inro mudaighit dia marcshlógh merdha moirmenmnaigh
agus dia noccabaidh amnais aindiuid agus dia neachaibh
aille allmhardha.



Aroile laithe i necmaing na ree batar an tucht sin ro
ghabh ailghes an Justis do dul for ind na telcha do rala ina
chomhfhoccus do midheamhain agus do mhóirdhegadh an tíre
ina thimchell agus ba ferr dó na tísedh an toisg tudhchaidh uair
do regaimh araill don gasraidh Ghoidelaigh tul hi tul dó isin
maighin sin agus fighit iomaireg amhnus aindrenda agus deabaidh
dána doiedrána frisan Justis agus fri hIarla Cille Dara agus frisna
maithibh do rala ina caoimhthecht gurro marbadh leo aran lathair
sin ardmhaor an tslóigh co ndruing mhóir do chaiptínibh agus do
dhagdhaoinibh nach ttabhartor a nanmanna i foraithmhet
nach hi cuimhne cénmothá inro marbadh dia ndaosccorshlogh.
Do marbhadh ann dana derbhrathair mná an Jústis. Ro
mudaighedh beos araill do muintir Iarla Chille Dara agus ro
gonadh an tIarla feisin. Gidh e an Justis tra ni thérnaisidhe gan
crechtnugadh asan iomaireg sin. Meabhaidh maidhm forra


L. 166


gusan tenn agus gusan tairisiomh baoi leo gusan ccampa agus munbadh
a fhoiccsi doibh baoisidhe ni ragadh sceolanga uaidibh ina
mbethaidh chucca. Iarla Chille Dara dana rob éigen dó ceileabradh
don Justis fobithin a chrechtnaighthi agus triall dia thigh
agus ó do riacht co Droichet Atha atbath isin mbaile sin do neimh
agus do thiachair a ghon. Rugadh a chorp dia thaisbenadh da
chairdibh co Cill Dara agus ro hadnacht leo e i nothairlighe a
shen agus a shinnsear go nonoir agus go nairmhittin amail robadh
díor. Dála an Iustis ro shai ina fhritheing ara bhárach go
ranaig go hArd Macha agus ba for imochor i nárach nó hi carpat
baoi a chorp oga thairisibh agus oga shainmuintir an lá sin. Rugadh
iarttain co hIubar Cind Tragha agus atbail annsin dia ghonaibh.
Iompait an sluagh Gall dia ttigibh fo mhela agus aithis amhlaidh
sin. Ro thriallsat Cenel Conaill agus Eóghain soadh dia ndúinibh
agus dia mbailtibh bunaidh go subha agus co soimhenmain
iarsan ccosgar sin. Tiomnais Ua Domhnaill celeabradh dUa
Neill agus rob aidhlescc la cechtar nae dhiobh scaradh friaroile.



Ba foda lá hUa nDomhnaill batar Goill coigidh
nAilella i saimhe gan ammus forro agus forsan lucht ro nenaiscc
a ccura friu fodheóidh agus do róine a muinterus frisiomh
iarna tregadh a ttosach. Ba dibhsidhe O Conchobira
Ruadh (Aedh m Toirrdelbaigh Ruaidh). Ba mioscais la hUa
nDomhnaill eisidhe óro ernaidhm a muinterus frisna Gallaibh
gerbho cara do feacht riamh. Baoísiomh oga sccrudadh ionnus
no oirgfedh a chríoch. Ba duiligh émh eisidhe uair ba hinnill
iomdhoraid an mendat i mbui an tÚa Conchobhair hisin agus
ba gharfhoccus dó airm i láifedh a innile agus a mhaoine archena
ar iomgabail a eccrat mana tiosta gan rathugad fair. Ro
thingheall Ó Ruairc dhósomh nachasrelgfedh Ó Domhnaill
dia orgain gan rabhadh agus airchisecht úadhasomh dó. As fair
desidh la hÚa nDomhnaill a shlogh do theglomad agus dol isin
coicced. Do choidh din goro airis fri Glenn nDallain aniairdes.
Gabaid longphort isuidhiu. Basedh muinbeach do ratt im


L. 168


Ó Rúairc dus an oirgfed Ó Conchobhair tairis foidhis techta
chuga dia thochuiredh ina dhail gusan longphort agus dia radh
ris tocht ina dhochum arabarach gan nach niomfhuirech itir.
Ua Ruairc imorro niro shaoilsidhe amhlaidh sin derach an
longphuirt dUa Domnaill go ttisadhsomh chuga. Basedh
aireag menman arriocht la hUa nDomhnoill iar ccor a thechtadh
do thochuiredh Uí Ruairc fosrágaibh a longphort iar
midhmhedon laoi agus dusrelcce darsan Sligech badhdes agus niro
airis co rainicc go Coirrshliabh na Seghsa. Ro gabh foss
biucc hisuidhe gurro thochaithset a miledha araill dia lóintibh
agus coro léiccsiot a scís agus arna tieghtais darsan sliabh badhdhes la
banshoilsi an laoi. Oro fhortamhlaigh dorchata tosaigh na
hoidche frisi mbatar occ furnaide for soilsi an laoí docoislet
as tarsan sliabh tar Seghais tar Muigh Luirg an Dagdha agus dar
muinchind Muighe hAoí ria matain. Do relccet sccaoiledh
día sceimhiultoibh sin dedhóil fo dithreabhaibh agus deirritibh
na criche cona fargaibhset míl ninnile ó Ath Slisen co Badgna.
Iompait iaromh ina ffritheing co ccosgar agus go ngabhalaibh
iomdhaibh amail fa bés doibh. Ba hadhnar la hUa Ruairc
denomh na hoirgne gan rathugad ndó. Ní bo lugha ba méla
agus ba haithis lasan Goibhernóir Ser Coneus Cliofort orgain na
criche ro baoi foa mamus gan cathugadh dara cend gemadh
i a oided robad erdhalta lais agus duthragair dul i ndedhaidh Ui
Domnaill dia relgedh a nomhan do. O rainicc O Domhnaill
cona shlogh dia ttigib batar a ffos i subaighe agus i saimhe fri ré
an ghaimridh og coistecht fri coigedh Meadhbha. Niro
cloathar nach gniomh nairderc etorra an airet sin acht namá
ro nenaisc Ó Ruairc a charatrad frisan airrigh remraite Sir
Coneus tria bithin na hoirgne atrubhramar agus la hett agus iomfhormat
fria brathair feisin Tadhg Úa Ruairc ar nirvo reidh
eatorra dib linaib im roinn a fforba agus a ccriche gerbtar clann
enathar.


L. 170


An Seachtmhadh Bliadhain.



Basi aimser inro ernaidhm
Ó Ruairc a chor frisan Goibernoir i forbha Ianuari .1598.
Nirvo fóilidh Ó Domhnaill do chloistecht an sceóil uair ba
lucht cotaigh an cenél dia mbui Úa Ruairc da shinnseraibh o
chein mhair agus ba brathair dho eisiomh feisin conadh arna
fathaibh sin narbhó menmarc lais ammus fair no inreadh a
chriche amail chach agus ro fhittir comba héiccen eisidhe mana
soadh for culaibh hi combáigh na nGoidel uair ro heitirdeal ighthe
a chotachsom fri gach naon ro naidhmedh a charatradh
frisna Gallaibh. Ro ghabhustoir oga ail agus oga etarghuidhe
co hinchleithe an cettna fecht im shoadh ina fhritheing og
tomaithemh agus og bubthadh fair an fecht naile dia nanadh airm
i mbui. Gabais O Ruairc occ coisteacht fris co hurthosach
samraidh. Ro imeglaigh ainnsidhe inredh a thire otchonnairc
narbot treisi na Goill olttat na Goidil agus asedh do róine techt fo
ghairm Uí Domhnaill agus inro ataigh fris do denamh agus do bert
a oighriar ndo amail ro chuinnigh fair.



Tuirthechta Uí Néill setal naile: batar dírimhe a
dheabhtha agus a dunoirgne frisna Danaraibh gurro ortustoir
iliomat dia namhsaibh agus dia ttoiseachaibh iomghona. Ro
innir na túatha batar oga tturgnam agus foa mamus coro chriathrastair
na criocha frisan mBofhinn atúaidh go Traigh mBaile
genmothat na duine agus na daingenchaisteoil hi ttartsat a laechradh
agus a laith gaile i fforbhaise for Chenel nEoghain agus forsna
hAirgialla do rala fria ttoebh. Ni dia ndichleith eimh na dia
nerdhibhadh na tartsom na comramha hisin for aird comramha
agus gniomradha na nGaoidel archena agus ni fordal na iomroll
ro baoi forn ima fforaithmet acht ardhaigh na bad édaigh
frinn a ffithire forcthe fealmacacha a nollamhain agus a nanshruith
beos agus na hepertais corbo huaill agus imtholta agus maoidhmhighe


L. 172


fotruair duin dul fora mbelaibhsiomh do ríomhthuirem
tres agus tochar a ttriath a ttaoisech agus a ttrenmhuireach.
Araill ann dna atbertais ba do tharcusal agus do thathaoir a neccsi
ro gnithe. Araoi tra aisneidhfeam an mbeg sa dairsccelaibh na
hEoganchloinne dar terthugadh a ffiledh .i. cath an Atha Buidhe
óro chuidighset Cenel Conuill.



As imne forcoemnagair eisidhe: do rala port gabhala
occ na Gallaibh for Abhainn Moir frisan Macha atuaidh agus ba
i nionbaidh síodha agus coenchomraic conrotsad cetus agus ro cumdaighedh
an dara fecht lasan Iustis Tomas Lord Buruogh fri
foimdin an choccaidh gurbo mur dithoglaidhe daingen criadh
agus tuir troda fora thaiblibh imaccuairt forsa mbatar senestri agus
forlesa fri diubragadh eistibh. Focerttsat na Gaill tri céd laech
do roighnibh a lath ngoile isin port i forbaisi for Cenel nEogain.
Ro chuir dina Ó Néill an coimlion cedna fria nucht ar na
tistais diondrad na ttuath for nach leith ina ttimcheall. Fecht
naile do dheachaid Ó Domhnaill i toirithin Uí Néill oro
fhitir an eccendál i mboi. Ro acaoin Úa Néill a imneadh fris
fodaigh an phuirt remhraite agus atbert gurbo scith lais buith
occa fhorcoimhed do shior amail no biodh dogres. Atbert
Ó Domhnaill ba cora co mór ammus do thabairt fair dia
thrasccradh agus dia chor dar cend ma conniostais oldas na tuatha
do lot agus dinredh asa los agus narbo sodhaing dona curadhaibh
bith hi caithfheis chianfhoda. Ro aontaigh Ó Néill frisan
aithesg sin. Forcongartsat dib linaib fora muintir fuabairt an
phuirt. Do beratt íaromh ammus calma fair amail ro herbadh
friú. Ro gonadh ro marbadh drong mhór uaidibh agus ni tarraidhset
ní dhe. Ro delighset fris íaromh agus tiaghait dia ttigibh.



Baoi Ó Néill ag coistecht friú ierttain coro scaichset
a lóinte acht madh beg. Oro airigh iatsomh samhlaidh ro
gabh longphort fora mbelaibh etorra agus an Mhacha na tisedh
slogh naile dia ffurtacht asin eiccendáil ghabaidh i mbátar.
Oro fes don tSenadh agus don Chomhairle a mbeithsiomh gan


L. 174


bíadh agus gabhail forra dÚa Néill amail rongabh tarcclaimset
slúagh mór do glere gasraidhe Gall co mbatar cóig mile
eiter troighthech agus marcach do ógbaidh armtha eidighthe cona
ccongaibh techta da gach ni ba toisccidhe. Do rata Henri
Beging hi ttóisighecht forra. Rittire airdheirc imtholtanach
eisidhe agus ba don tSenadh fadein dó. Iobhar Cinn Choiche
mic Nechtain a dunárus. Oro fhitir Ó Néill íattsomh do
thionol faoidhis a thechta do thochuired Uí Dhomhnaill resiu
batar fúirithi na Gaill.



Ticcsidhe co lerthionól a loechraidhe eiter traighthech
agus marcach agus araill do choigedh Olneccmocht ina fharradh.
Tangatar tra Gaoidil coigid Conchobhair isin toichestal sin co
tinnesnach. O robtar fuirithe eallmha na Gaill dusnangatar
fochetuair a ccédna huidhe co Droichet Atha. Aissidhe co
Traigh Baile Duine Dealgan. Ieromh don Iobhar agus go hArdmhacha.
Fosaighit i suidiu co relccset a scís. Fosaighitt na
Gaeidil don leith araill i comfhochraibh dhóibh eatorra agus an
port remhraite. Gabhait occ friothaire agus occ foichill for aroile
agus ag tómaithem agus ag baigh briathar. O roba mithigh lasna
Gallaibh fortacht a muintire atraghat i mucha do ló agus gabait
oga néittedh dionaraib examhlaibh íarnaidhe agus do chathbarraibh
ciomhusarda comhsholusta agus do scíathaibh allmardha
díarann imrighinn aithleghtha. Ro ghabhsat a slegha slinnlethna
semannchruaidhe asendadh agus a mbíála belfhoda blaitheglannacha
agus a ccloidhme dirghe défhoebracha agus a lanna lanfhoda
lethfhaobhair agus a ngunnadha gutharda granaoibhleacha corbho
hinfeachtain dia naithentaibh a netargna mana aithenta íat
fora nerlabra lasan leibhenn sciath agus cathbarr agus éittedh ro baoi
foraibh dianechtair ag díchleith agus diamlugadh a naighthech agus
a neinech agus la hiliomat a narm archena dia ccomfholach.



Gabhaitt a nairigh chatha agus a ttoeisigh iomghona asa
haithle occ suidhiugadh na laechraide agus na lath ngaile ina
nionattaibh erdhalta co mbatar a ttroighthigh na ttri lorccaibh
druim ar druim i ndedhaidh aroile. Fochertsat a lóinte agus a
naidhilge archeno i medhón etorra. Do ronsat eitedha catha dia


L. 176


marcshluagh ina sreithbuidhnibh suidighthe dia ndíbh leithibh.
Ro lasat ealtadha ána uttmalla día namhsaibh ettroma agus dia
naos diobhraicthi allamuigh dia marcachaibh dia nursclaighe
agus imdeghail. Nirbo herusa éimh tuidhecht reóthasomh imaroen
gosan tuinithe ttairismech i mbatar a ttreóin agus a ttóisigh
a ccuingedha catha agus a nairigh iorgaile agus dia ttísta itir nírbhó
sodhaing saigidh forsan nett ngribhe agus forsan ffochla leomhuin
i mbatar laechradh Lundun la hallmhardhacht agus iongnaithchiu
a narm agus a néittidh agus a ninnill agus lá a niolardhacht agus la
a naidhbhle fadhesin úair ní thalla for menmain agus nistá i ccuimhne la
sruithibh senorda ná la reraigh refhoda cor theglaimset fir
Saxan samhail an tsloigh hisin do chaith fri Gaoidhelaidh oro
innsaighset céttus an insi forro. Ro ghabhsat og mallascnamh
na conaire fon ionnus sin a ccomhdháil na nGoeidheal.



Tiaghaittsidhe ina trealmaibh troda go tinnesnach foa
nerchomhair. Ba sain inneall agus éccosg doibsidhe ar nibtar
éidighthe na Gaedhil foa nionntsamailsiomh acht madh beg agus
robtar diairm i naithfhegadh na nGall acht namá ro bator a
ffolartnadh do shlegaibh slinnlethnaibh agus do laighnibh lethanghlasa
leo cona ndícheltraibh daingne daghuinsionn inntibh.
Ro batar leó cloidhme dirghe defhoebhracha agus tuagha tana
taidhleacha fri trasccairt treinfhir. Ni rabhator fhleascca náid
ecclonna forro febh baoi for biailibh na nGall. Itíet na haidhme
diobhraicthiu do rala leó foghadha fethshnoighthi agus fiodhbaca
feidhmnertmara cona saighdibh sruibhgéra agus gunnadha glésoibne
do gnas forsna Gallaibh.



Ro ghabh Ó Néill agus O Domhnaill ag gresachtlaoidedh
na ngalgat agus ag maoidhem na miledh agus ag tionchosg na ttreinfher
agus asedh atbertsat friú: a deghmhuinter ar síad na huaimnighther
sibh agus na gebidh grain ríasna Gallaibh ar allmhardhacht
a ninnill agus ar iongnáithchiu a neittidh agus a narm agus la
torainnbeicedh a ttrompadh agus a ttapúr agus a ccaismert catha agus
ara niomatlionmairecht feisin ar as derbh deimin comad forra
bus roén isin lo bagha sa aniú. As de ata linn ón ar atáithisi


L. 178


for fíor agus atát an lucht oile for goí oga bhar ccuimriuch i
ccarcraibh agus oga bar ndichendadh do ghaitt bar nathardha
ndílis foroibh. Ata dna lansaoilechtain linn co neitirglefi an
la sa aniu eiter fhíor agus gaoi febh atbert Morann mac Maéin
an senárusc airderc "ni frith ni fuighbhither breithemh bus
firiu cathraé" amail atchlos lind o ar ffiledhaibh agus do
rionchoisccsiut dhúin ó chein mháir. Araill ann dna as asa dhaoibh
bar nathardha feisin do chosnamh fri hainffine echtaircheineóil
oldas athardha neich oile do thiomghaire iarna bar ttofann as
bar ttír ndílis fil in bar selbh ó ré .3500. bliadan daoís domhain
gusan laithi si aniu.



Atbertsat na húasail agus na hairigh corbo fíor dona flaithibh
ar fhuigheallsat. Ro ghabh greim doibsiomh an dúirghresacht
do rónsat forna deighfheraibh uair atrachtatar menmanna
na míledh agus aiccenta na nanradh goro lion bruth agus brigh
agus ailges imberta arm Conaill Eoghain Airghialla agus Uibh
Eachdach Uladh la haithesgaibh a fflath agus a ffiorchodhnach agus
ro thingheallsat doibh na tiubhratais troigh for ccúlaibh agus no
foidhemtais a naidedh for aonlathair riasiú robadh raon forra.
Fath oile dna ima ro eirigh aiccenta na nóg. Atchoadhatar
doibh coro thiorchan naoimhBerchán faidh Dé co ttiobartha
cath an dú sin for Ghallaibh Duiblinne la hOedh Ó Néill agus
lasan ccoiced archena uair ro thingheall co ttiocfatais ina thoirithin
agus Cenél Conaill sainredh. Ro chroitset na curaidh na
heperadh an fáidh naomh goa. asé ro fhoillsigh doibh cétus
remhtherchanta an naoimh aroile fili airderc do shainmhuíntir
Uí Domhnoill do rala ina fharrad foran sluaiged fri
haireg tuile dhó Ferfesa O Cleirigh a chomhainm. Ro
iomchomhaircsidhe cia hainm baoi foran maighin sin. Ro háisnéidedh
dhó. Atbertsom gurro thairrngir naoimhBerchan
sraoined for Ghallaibh an dú sin ria nAedh Úa Néll amail
atrubromar agus gurbo meamhair lais fri re fhoda an tairchetal
do roine an firnaomh agus ro ghabh acc gresacht agus occ laoided na


L. 180


laechraidhe amail ba du dia ionntsamail co ndebhairt innso:




A ccath an Atha Buidhe
as lais thuitfit na Danair
íar ndíthugadh allmhuireach
bid faoílidh fir o Thoraigh.




O thairnic dona maithibh a muinter do theccoscc agus do
thréinghresacht ro suidighit ierttain ina nionataibh iomairgidhe
fo erchomhair na nallmharach agus ro bhui urspraic forra
ona flaithibh na rémhthíastais hi comdháil na nGall co ndusficcdis
i ffail i mbatar cluidh agus clasacha agus úamhfhochladha
talmhan ro chlaidhset an Gaoidelshluagh for ciund na nGall
an conair in rob erdhalta leó a ngabhail. O ro chomhfhoiccsighset
na Goill doib ro seindit a stuic agus a nadharca agus a ccaismerta
catah gurbho hadhbar adhuatha agus urgraine daradaibh anffanna
anárrochta agus do aos oirmeta anaichnidh coisteacht fri caismertaibh
na ccath nechtrann. O do rúachtatar an sluagh Gall
darsan ccedna lethanchlais lándomain ro claided fora ccind
atraghat Gaoidil ina nagaid agus ro chomhghairset dhoibh go
dighair dásachtoch. Rob eiccen dia ttosach anmhain re hiomghuin
agus oirisiomh re himdhiobhragadh. Ro ferait froischetha
fogadh nionnchaol nuirettrom doibh agus saighet sruibgher
agus ubhaillmheall luaidhe. Gabhaitt na Goill occa ndiubhraccadsomh
fon ccumma ccétna a coelghunnadhaibh certa cobsaidhe
agus a muscaéitibh moralaidh go ccloss a ffúamanna agus a
bfogharthormán i fedhaib agus i fáscoilltibh i coccuasaibh carrac
agus hi cumhdaighthibh cloch na ccrioch ccomfhogus. Ro
gonait ro crechtnaighit dirímhe don tsluagh cechtarda lasna
coimdiubraicthibh acht nama ba sia amh ro soichtis diubraicthiu
na nGall. Ba hedh airmimbert do ronsat na Goidil desidhe
ro heisreidhit imna Gallaibh imaccuairt agus ro iadhsat ina niomthacmhang
agus ro dhluthaighset a ndeabaidh frisna Danaroibh
coro lásat na heitedha catha ro bui forra dianechtair agus an toes
diobraicthi agus an óccbadh imechtrach inntibh ar medón coro


L. 182


foirrghit na Goill deisidhe agus do diobhraicthibh na nGaoidel
lá dlus agus doscoilte an daingin tsámhuighthi i tardsat a ttóisigh
troda agus a nairigh iomairg íad. Rongab ferg agus lonnus an
laechraidh for gach leith íar ccomoirt iar cciorrbadh agus iar
ccrechtnugadh a ccarat agus a ccoigledh agus naosa ionmhaine fora
nionchaibh. Batar athaidh fhoda agus re imchien foran abairt
sin oc iomrubadh agus occ airlech aroile gurro tanaigedh tiugh agus
tuinighthi an tsloigh Ghall agus gurro hoirbernadh a nairigh agus
a nuasail.



Oro dheonaigh an Fiadha forordha agus an Coimdhe
cumhachtach cosgar agus cathbhúaidh an laoi sin dona Gaoidelaibh
ro chedaigh do laech sainredach dona Gallaibh íer ccaithemh
a mbui do phúdar lais dul gusan mbairille ba coimhnesa
dhó dona bairillibh pudair batar for imochor aca i neitermhedhón
an tsloigh do fhorlionadh a bulgphócóide doridhisi agus
an tan ro righ a láimh gusan púdar ro ling mindrithle narba
mór asan maisde baoi for adhannadh lais isin mbairille agus
aissidhe in gach bairille co aroile gurro togbait i nionaibh agus i
nellaibh aeieoir etarbhuas in roba comfhoccus don ionadh i
ttarrusair eiter ógbaidh agus eachaib airm agus eidedh agus gach ní
archena rob adhlaic leo do beith ar an lathair sin aca. Ro
cumscaigedh dna an gonna mor bhaí leo for iomochor asan
maigin i mboí gó aroile ionadh la treathan agus la tendaltacht an
tiormphúdair ag trenlasadh co niulla nimhe. Baoi beós an
tealach ina ttimcheall ina haoinmeall dorcha duibchíach go
cenn athaidh íerttain co narbo herusa do neach uaidib aithne
do thabairt for fhior dia mhuintir budhdein tar aon dia
eccraittibh. Acht chena ro horta generáil an tsloigh Gall agus a
ccuingidh catha .i. Henri Beging agus iliomat día núaislibh agus dia
naireachaibh imaroén ris. Ro mheabaidh tra forsna Gallaibh
lasodhain amail as gnaithbhes don tslogh fria netarscarthar a
naireach catha agus a ccenn costadha agus comairle. Gabhait na
Gaoidil aga leódh agus occa leadradh oga marbadh agus occa mudughadh
na ndeisibh na ttriaraibh na fichtibh na ttriochtaibh na
ccuiribh na ccédaibh go rangatar isteach tar na muraibh medhonchaibh
i nArdmhacha. Imsáiset a nglaslaith agus a ngiollanradh


L. 184


agus ro ghabhsat ag fódhbadh an fhianlaigh atrochairset isin
ccath agus oc dichendad na druinge a robtar beoghaoite ann.
Batar dírimhe a nédála derradhaibh anaichenta examhla.
Airisit Gaoidil og iomshuidhe Ardamacha ind gach áird do
chetheoraibh airdibh an bhaile conar leiccset neach inunn no
alleth fri re teora noidhche cona laibh. I neacmaing na rée
sin ro lasat na Gaill a ttechta do shaigidh na nGaoidel dia
chuingidh chuca a chomairléccadh dhoibh derach an phuirt
remhepertmar a mbatar a muinter i forbhaisi fri re fhoda agus
co nairléiccthi dia lucht iomchoimhéda tocht slán dia saigidhsiomh
co hArdmhacha iar bfágbáil an bhaile la hÚa Néill agus
a chedugadh dhóibh díb linaibh soadh ina ffritheing a
hArdmhacha.



Do chotar na maithe do chrúdh a ccomhairle imon
ccaingen sin. Atbertsat foirend díbh corbo hiomairgidhe a
légadh dona Gallaibh imthecht ardaigh fágbhala an phuirt ar
ba treimhidsidhe do rala etorra agus ro chuirset an cath. Ro
gonta agus ro marbtha iliomat dia muintir agus ba cosccar mór leo
a thrasccairt agus a chor dar cend. Do batar aroile dibh oga
thairmesccsidhe agus occa rádh narbo coir na Gaill do thelgadh
asna hiomchumhgaibh a mbátar agus na fuighbithe i néislis
doridhisi dia nernaitis uaidibh an tan sin. Ara aoi sin as fair
deisidh lasna maithibh fo dheoidh a légadh úaidibh. Ro
naidhmedh ratha etorra disiu agus anall im chomall diaroile acht
namá niro cheadaigset Gaoidil nach nerndail bidh archena
arm ná órdanás púdar na lúaidhe do légadh la haon asan bport
sin cénmóthá a thronc agus a arm do legad lasan ccaiptín bui
ann. Fosragaibhset na Gaill lasodhain an port agus do ronadh a
ffaosamh agus a ccomairghe go riachtattur co hArdmacha. Lotar
Gaill dib linaibh ara bharach a hArdmacha gusan Iobhar agus
dia ttigibh asendadh agus ro lásat airdmhes fora slogh dus cia lion
do esta forra ó thudhchatar fora ttirus. Basedh a lionsaidhe
febh atrimhet a neolaigh dí mhíle ar chóicc cédaibh imá
ngeneráil co nocht ccaiptinibh décc imaille fris dúaislibh agus do
dhaghdaoinibh. Acht atá ní chena atrulatar drong mhór
dibhsidhe gan oidedh do ráith itíett crechtnaighthi agus atrímhet


L. 186


día tteasbaidh amail na hí ro horta. An deachmad lá do August
i nurthosach foghamair do rattadh an cath isin. Do dheachaidh
tra Úa Néill Ua Domhnaill agus na Gaoidil archena dia ttigibh
a haithle an chosgair sin agus bá slán lásna maithibh a menma
gebtar ile i nesbadha agus níro la i sniomh nach i ndeithitin inro
horta úaidibh úair nocha comhain cath fiora amail fil isin
derbháruscc.



Dála Uí Domhnaill baisidhe cona shlogh i ffos
coléicc occ leiccen a scísi íarsan ccath sin an Átha Buidhe.
Baoí dna dúnadh daingen dithoglaidhe hi ccoiccedh nAilealla
isin cCorann doshunnradh Baile an Mótaigh a chomhainmsidhe.
Batar Goill dogres fri ré theóra mblíadhan décc i forbhaisi
isin dúnadh ishin dus an ttairsitis eill na criche ina comhfhochraibh
ass agus niro cuimhgedh a ghabhail forra an airett sin.
Rosfuairsett araill dona húaislibh diarbo toich an baile agus na
feroinn robtar comhfhoiccsi dhó baoghal an bhaile gurro
ghabhsat ar éiccin é forsna Gallaibh. Do Chloinn nDonnchaid
an Chorainn na hí lásro gabadh. Cathal Dubh agus Tomaltach
Óg da mhac Cathail Mic Donnchaid iaidsidhe agus ba dóib roba
ruidhlius araoi ndúthchusa an dúnadh. Roba sníomh adhbal
la Goibernóir an choigidh Ser Coneus Cliofort an baile do
ghabáil fora mhuintir agus ro ghabh occ aslach Chloinne Donnchaid
imon dúnadh do thabairt dhó doridhisi agus do rairrngir comhadha
móra dia chind la taobh firdhilsi a forba doibh baddein agus dia
siol ina ndeadhaidh. Oro haisnéidedh dÚa Domhnaill indsin
ro tarcclomad a shlogh lais i mís September agus niro airis go
rainic go Baile an Mótaigh agus ro ghab occ imshuidhe in baile
og báigh og bubthadh for Cloinn nDonnchaidh feacht ann
mana thabhradais an baile dhó budhdhein seach cách. An
feacht noile nó bhíodh oga náil agus oga neadarghuidhe imó
thabairt ndó dar cenn lóighe febh no brethaighfidis fein fair
conadh fair desidh lasan cCathal agus lasan tTomoltach atrubhramar
an baile do thabairt dUa Domhnaill agus dia chenél do
shior ar ceithri ched ponnta agus ar tri chéd bó. Óro naidhmsiot


L. 188


a ccura cechtar nae amlaidh sin do dheachaid O Domhnaill
fochetoir cona shloghaib lais i nIochtar Maineach. Ro creachad
agus ro coimhindredh i mboi fo mhámus Ser Teaboitt Diolmhain
lais co ttartsat a shlogh leó a ffolartnadh do gach erndail edála
archena go Baile an Mhótaigh agus do rat na ceithre chéd ponnta
remhepertmor agus na tri chéd bó do Chloinn nDonnchaidh febh
ro naisccset fair. Do bert O Dochartaigh Seaan Óg naoi
ffichit ponnta don argat sin dUa Domhnaill hi ccongnamh.
Do rattadh an baile iaromh dUa Dhomhnoill agus airisis ann
iarttain.



I neacmhaing na ree sin dothoet Mac Uilliam Teaboit
mac Uater Chiotaigh do shaigidh Ui Dhomhnaill do chuingidh
conganta sochraide fair dia nertadh i nagaidh a eccrat. Ro
fhaoidhsiomh dréchta dermára dia mhuintir lais día amhsaibh
agus dia oes tuarustail im Ua nDochartaigh Seaan Óg agus im
Mac Suibhne mBoghuinech Donnchad mac Maelmuire
Mergigh. Do dheachaidh iaramh Mac Uilliam riasan slogh
sin go toí tóithenach gan airiugadh gan fhorcloistecht (acht
madh beg) tre gach tír tríasa ttudhchatar co riachtatar na
hUmhaill ar as ainnsidhe bui crodh agus cethra innile agus áirnéis
Rainn Mic Uilliam uile durmhor. Ro leiccedh eisreided agus
sgaoiledh da ffednachaibh díghaire diochoiscce ar fhud an tíre
ina ttimchell goro theglaimset almha agus airnéis buar agus beochrodh
na criche chuca do neoch nát buí for insedhaibh uisccidhe no
for oilénaibh mara co mbatar a lordhaothain leó da gach cenel
cruidh archena. Gerbhó sodhaing a ttograim ar thruime a
ccreachghabhál rangatar gan guin gan gabadh cona nairccthibh
agus cona nedálaibh co Tír nAmhalgadha agus Mac Suibhne co
Tír Bóghuine agus Úa Dochartaigh co hInis Eogain.



Ro leth tra an chomhghoil choccaidh fo chrich nErenn
ierttain agus ro goiredh Íarla Desmumhan an ionbaidh sin la nert
Gaoidel do Shemus mac Tómáis Ruaidh dar terthugadh Gall
agus atracht isin ccogadh amail chach. Do Geraltachaibh a
shlondadhsaidhe iar mbunadhus íer ngabáil ainmnighthe do


L. 190


Geralt sainredh oro cettuismithi a chenél. A criochaibh
Saxan do deochatar gusan insi día gabáil amail a cceliu agus ro
aittreabhsat hi ccriochaibh Fer Morc fri Sionaind indes. Ro
naidhmset a ccaratradh fri macoib Míledh ier ttrioll agus fogníatt
dia nairbert bioth agus béstatadh agus bátor lán deinech agus daoideachaire
fón iontsamailsiomh. Dusficctís loechradh Londan ar úair
gusan insi la forcongra a riogh do fhollamhnacht na ttuath
día ccongbhail fri dligedh co ttarttsat na Geraltuigh atrubhrumor
fo dhaoire agus tarcusal amail Ghaoidela. Atraighset na
Geraltaigh i ccogadh ina nagaidh fodheoidh. Ro toifnedh la
Gallaibh iatsomh asan ccrich agus ro diobhdhait uile doraith acht
madh beg. Aen dibsidhe an Semus mac Tomais Ruaidh ro
raidhsem agus do ruimensett na tisadhsomh friu aran dinsem agus
aran tarcusal i mboi aca agus do ronsatt brigh mbicc de uair ro
bui mac na fiorfhlatha i ngiallnus hi cathraigh London .i.
Semus mac an Geroitt do rinscain an coccad céttus m Semais
m Seaain. Araoi sin do ghni an taoinDia rail don dercain agus
breo tealcha don aoibhil agus araile dia samhlaighthibh. Ro
thodhiusaigh bheós cenela íarna ndibdad fecht riamh. Imtha
samhlaidh nírbo cóir do Gallaibh Duiblinne iongnadh de cia
dognethe iarla do Shémus mac Tomais Ruaidh agus cia no thisadh
friusomh daithe a eccraitis forra. Tiaghaitt dronga mora chuga
for amhsaine agus do chongnamh lais a coigedh Medhba agus a
coiccedh Conchobair mic Nessa. Atrachtatar éimh Gaoidil
coiccid Gailian isin ccoccadh ón mud ccetna edhón siol Cathaoir
Móir mic Felim Firurglais. Batar dirime a ccomramha agus a
ccosgair dib linaibh do deabthaibh agus diomarghalaibh for
Ghallaibh doirgnibh agus dadhantaibh agus do gabalaibh cruidh agus
innile forsna tuathaibh bator foa mamus agus foa smacht robadh
eimilt daisneis no do thuirium.



Iomthusa Uí Dhomhnaill óro scaich lais gleodh gacha
caingne ro remaisnedhsium ba hann baoi a airisiom agus a chomnaidhe
i mBaile an Mhotaigh. Ba foda lais ro batar Spainnigh
gan techt hi toirithin Fer Feine febh ro thingheallsat conadh


L. 192


aire sin ro fháidh a thechta don Spáin deccaoine imnidh agus
anfforlainn na nGaoidel fris an righ Pilib. Hi mi September i
medhon Fochmaini do shunrad ro foidhit na techta. Ro
thathamair an ti Pilib resiú do rionntaiset. Ni raibe isin
chruinne scél ba móam uair ro leth a adbhchlos fon uile dhoman.
Ma ro bui a aithghein dia eis isin mbioth as úadha feisin ro
genair. Baoi tra O Domhnaill i foss i mBaile an Motaigh
co feil gheine an Choimded agus ó thairnic lais an tsollamain do
airmhitniugad amail robad dior ro teglomait a shloigh dia
shaigid do dhul isin ccoiccrich agus ó do riachtatar co haonmhaigin
foa thoghairm ro asccná co hinchleithi gan airiugad gan
urfhogra do rochtain ríam go Cloinn Riocaird (geptar omhnaigh
imeglaigh aitreabaigh na criche reimhibh) go rainic gan rabadh
gan rathugadh hi crepuscul na maidne muiche co Cill Colgan.
Ar rochtain do an dú sin ro sccaoilit a sceimhealta uaidibh da
gach leith imon tír ina timcheall tria chertmedhon Cloinne
Riocairtt siar go riacht drong dhiobh ind iomfhochraib dOirecht
Rémainn agus aroile go Dun Guaire hi Coill O bFiachrach. Do
marbadh agus do mudaighedh ile do doichenelchaibh agus do shoichenelchaibh
leosoidhe. Itiet robtar airegdha dona soicheneloibh
do rochratar ann Toirrdhealbach Buidhe agus Brian da mhac
Rosa m Uaithne m Maoileachloinn Uí Lochloinn. Ro marbadh
dna lasan tToirdelbach sin occa imchosnamh badhdein
aroile do chloind nDomhnaill Galloglach baoi i ffarradh Mic
Uilliam foran sloigedh sin Aedh Buidhe Óg mac Aedha Buidhe
m Maoilmuire a chomhainmsidhe. Do marbadh bheos la
druing oile do mhuintir Uí Dhomhnaill dá mhac Uilliam
mic Seaain Ó Rinnmíl agus mac Teaboitt mic Dabóg o Dhoire
Uí Dhomhnuill agus mac a mhic. Robadh ile fotha broin agus
basgaire hi Cloinn Riocaird fobith a ttorchratar uaidhibh
cenmothat na maithe sin. Erghabthar Mac Hoiberd ó Disert
Ceallaigh .i. Uillíam mac Uillicc Ruaidh m Uillicc Oig la
Maghnus Óg mac Aedha m Maghnusa derbrathair Uí Domhnaill.
Ro leirthionoiledh crodh agus creachairgthe na criche ina ttaintibh
troma toirtemla agus edala aidhbhle oile cénmothát la muintir


L. 194


Uí Domhnoill gusan maighin a ttarrustair e badhdhein agus
gebtar iomdha amhais agus ogbadh Iarla Cloinne Riocaird isin
crich agus gerbo duiligh don tir a nainbreatha dfhulang ar dhaigin
a nimdidin fora neccraidibh rug Ó Domhnaill cona shlogh na
creacha leó gan troid gan tachar go tancatar ina nuidhedhaibh
ionmalla imthechta go Baile an Mótaigh. Niro tiomairgedh
coibheis na cutromugadh dona creachaibh sin do búar biodhbadh
inn aoinfhecht riamh go sin gusan mbaile sin ó conrotacht
cédus eisidhe. Tieghait slógh Uí Domhnaill dia ttigibh
iarttain.



An tan tra do rat Bainriogain Saxan dia huidh an
choimheirge cogaidh do ronsat Gaoidil agus araill do Fhionnghallaibh
Érenn ina hagaidh agus inro hortadh dia huaislibh agus dia
hardmaithibh dia hogbaidh agus dia hamhsoibh i ccath an Atha
Buidhe agus in gach maigin archena inro mudaigit a muinter
sechnón Érenn ro la hi sniomh agus hi toirsi ndermair isidhe
conadh fair deisidh le agus la Comairle Saxan Iarle of Essex do
chur co hErinn isin mBeltaine ar cind gusan lion ced agus cathbhuidhen
ba móamh innisit liubair do thocht i nErinn a Saxaibh
riamh go sin. Hi fiorthús Februari ro trialladh indsin .1599.
As aire émh ro cindedh leó an tIarla of Essex atrubhramar do
fhaoidedh go hErinn tar aon eile dus an bad ferr a chonach
catha oldas conach na foirne dusfangatar inte ón mBainriogain
fecht ríamh úair ba hesidhe ceim iomarbagha na Saxan agus a
rinn agha agus iomaircc agus ba tuairgnidh catha dia phrionnsa in
gach maighin i fforcongradh fair dul isin Eoraip.


L. 196


An tOchtmhadh Bliadhain, 1599.



Dála Aodha Ruaidh Uí Domhnaill ba foda laisiomh ro batar a shlóigh
occ leccad a scisi fri ré aoínmhíosa namá ara aoi ni fhittir sainredh
caidhe an tionad i ragadh uair ni fhargaibhsiomh aird no airchend
nait ionata innille hi ccoiccedh nAilella naro innrustair nó
na tard geil agus aitiri uaidhibh cenmotha an mbloidh thire frisan
Luimnech atuaidh ro tallta don choiccedh ó chein edhón
gairbfherann Luighdheach Meinn m Aenghusa Tírigh dia ngaror
Túadhmuma an tan sa. Gidh isidhe dna ba saigidh ughra agus
deabhtha saigidh forna saorchlannaibh rusaitreabh .i. Dál Cais
m Conaill Eachluaith m Luighdech Meinn sloinnter o Brian
Bhóramha m Coinneittigh aniú. Robtar crodha cosnamhacha
an ceinel ór chinset. Ba fer cumhaing mair an flaith rosfollamhnaigh
úaisdibh i fechtsa .i. Donnchad mac Conchobair
m Donnchaidh Uí Briain Íarla Tuadhmhumhan. Ba teann a
ghuth agus a gniomh eitir Gallaibh Duiblinne agus gerbhat mora
mifholta an cheiniuil dia mbui fri slogaibh Saxan agus é baddeisin
do Ghaoidelaibh asé aoinfhear ba ferrdha fraoch misgnighe
forcaomhnagair i ccrich nErenn og freastal agus fosadhchothugadh
an chogaidh fri Gaoidelaiv ar forailemh agus ar forchongra Gall.
Ba moide ómh saint agus ailghes Uí Dhomhnaill dinredh a thire
na tesmolta hisin. Nírvó sodhaing dósomh an ní sin ar daingininnille
a dluithfhiodhbaidhe agus a dithrebh doieolais agus a
beilgedh biothfhoda bordchumag a haindreann agus a himdhoraidh
imechtracha archena. Fáth eile bhéos imar dhuiligh a
hinredh sidhe gémtais esinille a heochairimle agus a hinmedhoncha
la hiomat a loechraidhe agus a lath ngoile agus ar dhiumsaighe agus
innógbhail an ti ba forchongarthaidh forra edhon Iarla Tuadhmumhan.
Ara aoi sin niro damair dÚa Dhomhnaill gan dul


L. 198


dinredh na criche cipsi cruth. Do reglomtha a shlóigh lais co
haonmhaighin go Baile an Mhotaigh ar ba heisidhe a dunarus
o do ruaichledh leis a féil naomhMari mathar an Choimdedh
isin mbliadhain remedeochaidh febh ro aisneidhsem.



Donangatar tra cettus Cenél Conaill ina toichestal
gusan du sin .i. a derbhraithri badhdéin Rudhraighe Maghnus
agus Cathbarr cona sochraitte agus Aódh Óg m Aedha Duibh m
Aedha Rúaidh m Neill Ghairbh m Toirrdelbaigh an Fhiona:
Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaig m Magnusa m Aedha
Duibh: Ua Baoighill Tadhg Óg m Taidhg m Toirrdelbaig:
O Dochartaigh Insi hEoghain Seaan Óg m Seaain m Felim m
Conchobair Charraigh: Mac Suibhne Fanatt Domhnall mhac
Toirrdelbaigh (m Ruaidhrí) m Maoilmhuire agus Mac Suibhne
Boghuineach Donnchad mac Maoilmhuire Mheirgigh m
Maoilmuire m Néll. Tangatar beos ina thoichestal Maguidhir
Aódh mac Conchonnacht m Conchonnacht m Conchonnacht
m Briain m Pilib m Tómais agus mac Uí Ruairc Tadhg mac Bríain
na Múrthadh m Briain Bhallaigh m Eogain íaidsidhe uile co
lion a ttionóil. Tangatar ann din na hi ro hoirdnedh laisiomh
i ttigernus a nathardha hi coigedh Meadhba Mac Villíam Burc
Teaboitt mac Vater Chiotaigh m Seaain m Oiliverais: Ua
Dubhda Thíre Fiachrach Tadhg m Taidhg Riabaig: Mac
Donnchaid an Chorainn Rudhraige m Aedha: Mac Donnchaid
Tíre hOilealla Muirghes Caoch m Taidhg agus Ua hEghra Riabhach
Felim m Conchaisil: ietsomh uile co líon a muintire. Tanaig
isin toichestal cetna O Conchobair Rúadh Aodh m Toirrdelbaigh
Ruaidh m Taidhg Bhuidhe agus O Ceallaigh Ferdorcha m
Ceallaig m Domhnoill agus Mac Diarmada Mhuighe Luirg
Conchobar m Taidhg m Eogain agus sochaidhe oile cenmothat
somh robad eimhelt daisneis.



O do riachtatar na maithe sin cona sochraide i naendáil
chugasomh go Baile an Mhotaigh ba fair desidh lais slúagh
do legadh uadh i Rann Mic Villiam an airet no biadh badhdein


L. 200


cona shlógh isin Tuadhmumhain agus ro ordaigh Mac Villíam agus
Niall Garbh Ó Domhnaill i cennas úaistibh. A ndálasomh
cédummus lotar ina ttuinntibh tromshlóigh on ccenn thoir
do Goisdealbhachaibh co hUmhall Cloinne Giobún. Ro
ghabhsat for innredh agus arccain a neccrat agus a neimhdheala in
gach tír tríasa ttodhchator cona fuairset troid na tachar deabaidh
no diobhragadh robadh ní doibh: ar diamtais folaidh lucht an
tíre do chor friu día bfestais gurbho híad namá batar ann
do deachatar i nutmaille moir menman agus ro bensat ceill día
ccosnamh go comnert friú fobhith robadh dóigh leó O
Domhnoill do bith ettorra ar medhón: uair ba derbh deimin
la a biodhbadhaibh ciambadh sochaidhe doibh i naoinionadh
ná bertais a chosgarsomh cembeith acht uathadh ina fhochair
la haidhble an adhúatha agus na hurgraine an uiregla agus an
iomomhain ro la fora easccairdibh in gach airm i mbatar. Do
riacht imorro Mac Villiam agus Niall Garbh cona slógh co hoilén
Leathardain agus rosfuabairset an baile go dighair dásachtach agus
cia ro trialladh a iomchosnamh co ferdha friú nirbó torbha
don lucht ro thriall uair ro lingedh da gach aird agus da gach
airchend isin mbaile forra. Ro marbadh agus ro mudaigheadh
ocht ffir dhecc do maithibh Cloinne Giobun co ndruing
mhoir oile génmothatsomh. Ro creachairgedh an baile leo
íerttain.



Iomthusa Uí Domhnaill ro asgná ina réimim ionmoill
imthechta gan seinm stuic gan comhghairm caismert agus ba
súaill má ro rathaighedh itir (gerbhó díochumhaing do nach
flaith oile tionchosg na ndrongbuidhen ndúr ndorrdha ndiúmsach
ndoiedrána batar lais niro clos guth ná glór seiselbhe na
sestan úaidib i conair triasa ttudchatar) go rangattor co Cloinn
Riocaird. Ni haithrestar a nuidhedha gó sin. Do ghniet
airisiomh im thrath nóna ar an Ruaidhbeithigh eitir Cill
Colgan agus Ardrathuin. Adannat teinte agus tendála agus ro ghabhsat
occ urgnamh a nairberta bith agus oc etromugad a menbholg
iarna nastar imchian agus ria ttecht i cend mhórshaothair. Ba


L. 202


dethbir gemtar scithigh occa nimfhedain ni badh sia an lucht
donangator a hoirer Toraighe íer ttúaiscert agus ó Shrúibh
Brain i nInis Eóghain. Ro bhaoi bheos araill do fhion agus
cormaim na Spaine occa dhail forsna flathaibh batar isuidhe co
ngabsat occ sainól for aroile gan nach nimegla ind imchian
óa natharda hi crich a mbiodhbadh. Contuilset iaromh biucc
go midhmedhón oidhche.



Atrachtatar iaromh amail bidh eirghe naoinfhir la
forchongra na flatha agus do dheachatar hi cend tseda agus imthechta
tre ródaibh raoindirghe na criche go rangatar i muichdedoil
na maidne isin cend toir do Choill Ó fFlannchadha do thriochait
chéd Ceneoil fFermhaic i Tuadhmumain. Ro rann Úa
Domhnaill a sceimhealta dia legadh uadha asan maighin sin.
Do leig drong día mhiledhaibh traighthech im Thadhg Ua
Ruairc agus im Mac Suibhne mBóghuinech isteach badhthúaidh
i mBoirind Connacht cona elaitis creacha na Tuadhmuman
tairis fo dhithrebhaibh na daingenBoirne agus ro dhálustair co
heitirmhedón na criche chucca íat. Ro leicc an droing naile
don taobh thes isteach co Baile Uí Ógáin na Coille Móire do
Thulaigh Uí Dhedhaidh go dorus Baile Uí Griobtha. Imsáiset
as sin badthuaidh go Druim Fionnghlaisi go Coradh Fhinde
agus go Cill Ingheine Baoith hi ccomdhail Uí Dhomnaill. Ro
smachtsomh forna drongaibh sin ro fhaoidh uadh gan inredh
na orgain neimidh eccailsi na eladhan cipsi ait a ttochrathar
chuca. Dothaot tra Ó Domhnaill badhdein co ttiugh agus co
ttóthacht an tsloigh ina fharraidh tria lár Choille Ó bFlannchadha
tre Bealach an Fhiodhfhail go Cill Ingheine Baoith i
núachtar Dál cCais ria midhmedhón laoi an seachtmad la décc
do mí Fhebhra do shonnradh. Do rattadh chuicce creacha
Cheineoil Fermeic uile durmhor on Disert co Gleann Colaimb
Cille agus go Tulaigh Cumann agus ó Chluain Soilchernaigh co
Léim an Eich. Ni rainicc la Tadhg Ó Ruairc na la Mac Suibhne
creacha agus comhaircthe Boirne do thabairt leó i ccend Uí
Dhomhnaill an adhaigh sin arna ttiomarccadh agus arna ttiomsugadh
doibh la a naidble agus la a niomaittlionmaire.


L. 204


Do rala dna do Mhaguidhir co ndruing dia mhuintir
ina fharraidh dol do chor chuarta isin ccoiccrich. Do reccaim
dho fora chinn aroile duine uasal do shaorchlandaibh Dál cCais
go rosgon agus ro ghabh ierttain Conchobar Ó Briain a ainmsidhe.
Beiris Maguidhir lais é go dúnadh Conchobair buddhéin
go hInis Uí Chuinn agus baoí an caistiall for commus Meguidhir
agus ro an ind gó arabharach. Ro ghabh Úa Domhnaill longphort
in adaigh sin hi cCill Ingheine Baeith agus ba heitirchían essraoite
ó aroile ro bhatar teinte agus tendala a shloigh drong diobh i
mBoirind Connacht agus drong oile i triochait chéd Ó fFermaic
agus araill im Chill Ingine Baoith cenmotha an lucht naile ro batar
im Mac Uilliam agus im Niall Gharbh Úa nDomhnaill i nUmhall.
O rosfortamhlaigh soilsi an laoí forsna rendaibh aidchidhe
atracht Úa Domnaill agus do bert a aghaidh for triochait ched
Corcmodruadh go rainicc go Cill Fhionnabhrach. Ro leicc
sgaoiledh da sceimhealtaibh badhdhes co hEidhnigh fon mBrentír
fFermacaig agus cCorcamaigh go dorus Insi Diomain go Cill
Epscoip Lonain go Baile Paidín agus tar a nais soir go Cill
Fhionnabhrach doridhisi airm i mboi O Domhnaill. Tainig
Tadhg Ua Ruairc agus Mac Suibhne Boghuineach go ccreachaibh
Boirne leó dia shaigid gusan ionadh ccedna. An tan tra atchonnairc
Ó Domnaill gach tealach agus gach dinn dia mbuí ina
uirthimchell occa niomfholach do chrodh agus do chreachaibh
(conarbo leir an talomh treotha ara dhlus ro daingendingit
hi cend aroile lasan laechraidh ngruamdha ngnúsdordha batar
ina iomthacmhang imaccuairt) asedh ro chinn aige soadh
arabharach tria beilghibh biothfhoda baoghlacha na Boirne
bennghairbhe. Airisis Úa Domhnaill cona shlogaibh in
adaigh sin i cCill Fhionnabrach i mBaile Eoin Gabhann agus hi
cCathaoir Beneoin ar ni chaomhnaccatar longphort do ghabhail
i naoinionadh ar robtar lionmara a ccreachghabhala cruidh agus
cethra broide agus búalmha agus dan bheos rob iomdha tigerna
tire agus taoisiuch tuaithe cend céd agus cuire (roba dífhregra brigh
agus borrfadh úaill agus ionnógbhail iomtholta agus aindiúmus agus lasar
dhuiligh umhla no aidide do thabhairt do nach naón naile)
batar foran sloighedh sin.


L. 206


Dogniatt urgnamh a ffeisi agus a bproinde iarttain agus geibhitt
og cnamhchombach for bhuar a mbiodbadh isin ccrich aineoil
gan úamhan gan imegla acht amhail bidh ina ttir ndílis badhdein
no beitis acht chena ro bhatar dronga sainredhacha i suidhe
lásar dhoiligh an mídhiach agus an mhíimbert do bertsat for
almhaibh a nesccarat do thabairt forsan ccrudh baoi leo ina
naitreibh bhunaidh bhudhdhein. Ro thuilset an slogh ier
proindiugadh dhoibh gurbo reil lanshoilsi an laoi arabharach.
Diuchtrais Úa Domhnaill asa shúan agus ro ordaigh gan fhuirech
na slóigh do asgnamh asin ccrich. Ro ordaigh a ngiollanradh
a nglasláith agus a naes diairm i rémhthus na conaire cona ccreachaib
agus cona nairccthibh agus cona nédalaibh archena. Ro ching fein
co maithibh agus go roighnibh an tromshlóigh ina fharraidh
i neitirmedon na conaire céttna i lurg na ndrongbuidhean ro
ordaigh lasna creachaibh. Ro forchongair fora amhsaibh
fora ógbaidh agus fora aos diubhraicthe airisiomh fo dhiuidh do
dheabaid tara cceann dia ttista ina lenmuin. Lotar iaromh i
mucha do ló i sedshlighthibh na senBoirne sair go seiselbhe
moir agus go monghar nadhbhal. Ba fosaidh ionmall a nimthecht
gan cudhnódh gan tinnenus ag iomain a ngroidhe agus a ngabhál
uair niro chumhaingset imrim a neach tria chairrgibh cuarchumhga
cogúasta corrainghéra na cruadhBhoirne co mbatar
a ttraighthech mescc ar mescc frisan marcshlach co rangatar
i ccend tséda agus imthechta a Cill Fhionnabhrach do Nuachongbhail
don Turlach tria mhainistir Corcomodruadh tria Charcair
na cCleirech co riachtatar i ndeoidh laoí gusan tuaith dianad
ainm Medhraige anairtuaidh "frisan mBoirinn" gusan Rubha
do shunradh i niarthar O fFiachrach Aidhne. Gabhait longphort
hi suidhiu an adaigh sin. Adhannait teinti agus tendála agus
aurgnait a mbíudh agus contuilset a suantairthim cottalta asa
haithle co maduin. O rosionshorchaigh an la foran loechraidh
atraghatt asa sccoraibh agus gabhaitt occ ascnamh na conaire
sairthúaidh ina ndrongaibh agus ina mbuidhnibh for leith gan
fhaitches gan uromhan. As aire ro batar na drongbuidhne
for leith amhlaidh ar ná ruscumaisgtis a ccreacha fora cheile
uair ro shelbaighset an slogh a saindilsi dhoibh ó rangatar
tarsan mBoirind sairthuaidh. Niruo heiccen tóisigh conaire


L. 208


ináit eolaigh sligedh riasan slógh ó sunn amach ar robadh coir
iongnadh de dia mbeith fordol conaire for mhuintir Uí
Dhomnaill ótha sin go Baile an Mhótaigh dóigh robtar ile a
ccúarta isin ccoiccrich. Lotar arabhárach tri uachtar Cloinne
Riocaird agus go dorus Baile Átha an Riogh. Ni haithrestar a
nimthechta ó sin amach acht nama do rala Mac Uilliam agus
Niall Garbh cona ccreachaibh ina ccomhdhail i leithimel
Ó Maine agus dothaot cách uaidibh uile dia ttigibh go sédach
somhaoinech menmnach moraigentach.



Baoí aroile file foircthi fíreolach isin Tuadmhumain
an tan sin. Ba saoí shenchaidh agus fir dhana eisidhe dollamhnaib
an tíre dho Maoílín Óg mac Maoílín m Conchobair Mic
Bruaidedha a chomhainm. Dusnáirthetar drong do shlogh
Uí Domnaill araill do chrodh an fhiledh a ccuma na ccreach
archena. Dothaot an file i ndedhaidh na gabhála co hairm i
mbaoi Ó Domhnaill ar ba derbh lais oghaiseag a chruidh do
fhaghbail úadha. Gebidh an file og fursannadh a fhesa agus a
inntlechta fiadh an fflaith donfairnic fora chinn agus ag aireag
tuile ndó agus atbert narbó nár no meabail do Dhál cCais ná do
mhuintir na Bainriogan Ua Domhnaill cona shlógh do bhreith
na ccreach sin leo gan troid gan tachar gan guin duine oga
niomchosnamh úair ro thairngir an naoimhérlamh Colam
Cille m Felim co tticcfadh Aódh do Chenel cConaill no dhighéladh
for Dháil cCais díosccaoiledh gríanáin Oiligh agus araill
dia chlochaibh do breith co Luimneach la Muirchertach Ua
mBriain m Toirrdelbaig m Taidhg m Briain Bóraime agus atbert
an file gurbo doigh lais gurbo hesiomh an tAodh hisin. Ro
ghabh íerttain bloidh don tairrngire co nebert indsa:




Mo dhoire mo doiregan
mhárus agus mhaireglan
as mairg a Dhe tólaibh fer
da bfuil a ndan a mhilleadh.


L. 210


Ar nargain mo dhoire dil
agus ar sccaoiledh mhOiligh
o sin amach go brath binn
ni ghebhdait Dal cCais Érinn.



É digheolus mhOileach óg
an tAedh groidheach don gharbhrod
an corp sleamain clu gan goid
an foiltleabhar a Fanoid.



Budh é sin an tAedh Enghach
da ngiallfait tuir na Temrach
as a fhuigfes monar ngrinn
oil gach cuicidh in Erinn agus reliqua.




Ba don airchetal adhmolta do righne an Maoilin cédna dÚa
Domhnoill an rann sa:




Do baoi a ndán a ndioghail Oiligh
a Aodh Ruaidh do reac an fáidh
tocht do shluaigh co hiathMhagh nAdhair
atuaidh iarthar cabhair cháigh.




Do rattadh iaromh óghaiseg a chruidh agus a chethra cona forthormach
don fhilidh agus tiomnais ceileabradh dUa Domhnaill
agus fagbaidh bendachtoin occa.



Baoi tra Úa Domhnaill i mBaile an Motaigh i fos
gan fecht gan sloigedh o dheiredh Februari go midhmhedhón
samhraidh. Rugsat a thechta fair on Spáin i nurthosach Iuni
agus long leo a mbaoi arm dí mhile laech do mhanaoísibh moirleabra
agus do ghunnadhaibh glesoibne cona naidhilge agus cona
naidhmibh téchta. Ro rannta i ndé agus do rattadh an rann
tanuise dÚa Néill amail ba hiomairgidhe ar as déroinn no
bhiodh for gach naisccidh dusficcedh día saigidh on Spáin agus
basedh roba téchta dhoibh ó ré na sen ar níro dhlighset Cenél
cConaill imfhorcraidh ó Chenél nEóghain acht techt ina
ttionól an tan budh la Cenél cConaill righe nErenn agus Cenél
cConuill do dhul ina ttionól somh an tan budh la Cenél nEoghain
an righe.


L. 212


Dala an airrigh ro bhaoi frí láimh an tSenaidh for
choiccedh Olnécmacht Ser Coneus Cliofort ro gaibsidhe occ
baigh agus bupthadh briathar for Úa nDomhnaill iar nindredh na
Tuadhmhuman tairis agus ro thingheall tuidheacht gusan
Sliccech co ndrongaibh dírimhe do laechraidh Londan lais
condusfarccbad O Conchobair Sligigh ind daimhdheóin Uí
Dhomhnaill agus nachasrelctis a réim dhosomh ni badh siriu.
Deithbir ón úair tainic Ó Conchobair Sligigh a Saxaibh i
nerrach na bliadna remhainn agus baoisidhe i ffarraidh Iarla of
Essex tainic i nÉirinn im Beltaine na bliadna frecnairce febh
ro comhairleigedh lasan mBainriogain agus lásan cComhairle a
chor co hEirinn im fheil Brighde amail atgrubhramar reamhainn.
Otchúalaidh Ó Domhnaill an tomhaithemh agus an tarcusal
dothaot fochetoir diorma marcshloigh ó Bhaile an Mótaigh
go ranaic gan anadh gan oirisemh co hÁth Senaidh ind aires
a shloigh ar daigh a ttionoil chucca gan dichell gan erchoittmedh
go mbeith i ffoichill an Ghoibernora Ser Coneus Cliofort
agus an tslóigh remraitiu. O thangatár Cenel Conaill gusan
Samhaoir airm a mbuí Ó Domhnaill tieghait táirsi i neitirmedhón
samhraidh. Gabhaitt ag mallasgnam na conaire tar
Drobhaois tar Duibh tar Maigh cCeittne na bFomharach. Ni
buí cúdhnódh no tinnenus forra acht beith og tofann for
aighibh allta oc áinius agus cluithe condustáirsedh sccéla an tslóigh
echtrond. Nirbo cían doibhsiomh samhlaidh an tan atchúas
dÚa Dhomhnaill go ttainic Ua Conchobhair go hinchleithe
úathadh daoíne go caistíall Cuilmaoile ro bui for eochairimlibh
abhann móire edh goirit ó Es Dara sairdhes agus go rug gabhail
bhó ó druing do mhuintir Uí Dhomhnaill bator for ferghurt
agus for ingheilt seachnón na criche chuga inunn don baile sin.
Ni bhaoi eimh dunadh no daingenchaistiall innill dósamh nach
fora ccommus badhdein isin crich uile cénmotha an taonchaistiall
hisin. Fororchongairt O Domhnaill fora mharcshsluagh
gan anadh fria miledhaib traighthech co ristis an caistiall cona
tairgedh la hUa cConchobair deroch an dúnaidh résiu ríostais
an slogh. La sodhain ro leabhluingseat an marcshluagh fora
neachaibh go hutmall anbhsaidh uair ni lamtha urthúasacht a


L. 214


bhreithresiomh. Lotar íerom feb ronuccsat día alaile agus gebit
occ sporadh agus eachlosgadh a neach go mbatar og an mbaile.
Doléiccet an slógh ina ndedhaidh gusan dúnadh. Ba daingen
dithoglaidhe an baile buí suidhiu agus ba hinnill an tionadh a
mbuí uair do rala abhann for gach leith dhe agus fiodh coilledh
comhdlúta don taob araill don abhainn do regaimh fris atuaidh
conadh aire sin narbo sodhaing gabhail forsan tí las budh
menmarc fagbhail an dúine. Ara aoi gabaidh O Domhnaill
longphort ar belaibh an fhedha agus ro thingheall na fuiccfed an
iomshuidhe go mbeith O Conchobair agus Cuilmaoilí ara chommus.
Dogniett an slogh botha agus belsccatha. Ro hordaighthi lucht
feithmhe agus friothaire i noidhchibh agus i láibh imón dunadh for
gach leith. do ronsatsaidhe dumacha críadh agus cloch agus dunchlaidh
dímhora etorra agus aos an imthelcthi agus an diubhraicthe asan
dunadh. Ro íadhsat samhlaidh for gach taobh dhe. Nó bítis
droingdirmanna móra dia marcshlogh fora neachaibh isin
fforaire o fhuined na nona co maduin naro elaidhedh Ó
Conchobair uaidhibh i taidhe fholaigh na oidhche uair robtar
buidig don aoinDia do bert chuca isin iomchumang a mbaoi.



Ro leth co coitchend fo Éirinn Úa Domhnaill do beith
occ iomshuidhe an bhaile for Úa cConchobair. Ótchualaidh
Íarla of Essex Ó Conchabair do beith isin airc agus isin éiccen a
mbaoi ba tochradh lais a chara agus a chomhrann cogaidh do
beith isin ngábadh i raibhe gan a fhurtacht dia ttísadh dhe.
Conad aire sin ro fhaoidh a thechta do thoghairm an Goibernora
ina dochum go Feraibh Ceall do chrudh a ccomhairle an dú
sin cidh doghendais im dhálaibh Ui Chonchobair. Do dheachaidh
an Goibernoir fochetoir la forchongra an Íarla dia shaigid
agus ro fhodhaimh gaibthi agus guasachta móra ag dul tria Fheraibh
Ceall go ranuic bhail a mbaoi an tÍarla agus baoi dí oidhche cona
láibh ina fhochair occ sgrudadh a ccomhairle. Do rat an
tÍarla fuilledh sochraide don Ghoibernóir agus ro aithin de an tan
tísadh co hAth Luain a mbuí do mhiledhaibh agus damhsaibh agus
doés tuarustail fo mhámus bainríogan Saxan hi ccoiged Olnéccmacht
agus a mbaoi beos do Gaoidelaibh i numhla agus i naidide
dhi ón mudh ccéttna do thionol chuga co haoinionadh agus tocht


L. 216


rempa dfhurtacht Uí Chonchobair for Úa nDomhnaill. Ro
erb dan fair a fhorchongra for Theabóitt na Long m Risderd
an Íarainn m Emainn m Uillicc agus ar Murchad na Maór m
Domhnaill an Chogaidh m an Giolla Dhuibh Uí Fhlaithbertaigh
agus ar eirghe amach na Gaillmhe an storús do biudh agus da gach
naidhilge archena agus an aidhme denmha caisteoil tainic o Shaxaibh
go Gaillimh do breith i lloinges lamh des fri hor nErenn
sairthuaidh co Sligech. An Goibernoir gusan sluagh atrubhramar
do thocht for tír agus Teabóid na Long gusan loinges sin
na Gaillmhe do thocht for muir co comhraictis fri aroile i
Sligech iar ccabair Uí Chonchobair a Cuilmaoili agus ro smacht
din an tIarla for an nGoibernoir gan soadh for ccúlaibh co
ndernta lais caistiall comhdhaingen agus cuirt clochaolta og an
Sligech robadh cladh coigcriche agus robadh cliath ghabhála fri
hUltaibh dogrés. O do bert an Goibernóir laimh imna caingnibh
sin do fhorbhadh ro cheileabhair don Íarla agus ímsai ina
fhritheing co baile Atha Luain agus ro fhoráil for Theaboitt na
Long tocht an turus remraite feibh ro forchongradh fair
badhdein.



Dusficc íerttain co Rus Commain agus ba sniomh adbal
agus ba hadhnár lais Ua Conchobair do bheith isin tennta anbfoill
i raibhe agus a fhod ro baoi gan toirithin úadha ar ba heisiomh
feisin ro aslaigh fair tocht do brath agus do thaiscéladh an tíre agus
dfhios scél Uí Dhomhnaill acht chena nírbhó ní lais tocht co
heisinnill anfhuirithe día fhurtacht dóigh ro iomomhnaigh
cosgar agus cathbhuaidh aindiuidi agus amhainsi an fhir ro baoi fora
chind. Ro cuiredh ieromh lasan nGoibernoir tionol agus teglamadh
for a mbuí do Ghallaibh agus do Ghaoidelaibh umal don Bhainriogain
hi cóiccedh Connacht do neoch ro batar ó Eachtghe
co Drobhaois ind amhsaine lé. Itíet na fionnGhaill agus na
Gaoidil donangatar i sochraide an Ghoibernóra clann Íarla
Chloinne Riocaird .i. Riocard Barún Dúine Coillin agus Tomas
cona sochraide Teaboitt Diolmain co lion a thionoil O
Conchobair Donn Aodh m Diermada m Cairpre cona thoichestal
agus Mac Suibhne na tTúath Maolmuire m Murchaidh Moill m


L. 218


Eógain Óig baoi for fogail agus diberg ó Úa nDomhnaill i farraidh
an Ghoibernóra. O rangatar an lucht sin uile co Ros Commáin
co mbatar slógh dímhór danardha dúrchroidheach
comba samalta lasan airrigh Ser Coneus nach baoi acmhang i
ffrestail nach a ffregartha do dhaoinibh ag Ua nDomhnaill
lotar iaromh a Ros Commain ocht mbratacha fichet co
rangatar co Tuillsci. Aissidhe dhoibh go mainistír na Buille
agus ro gabsat longphort hi suidhiu. Dala Teaboitt na Long agus
Murchaid na Maor agus an loingis remepertmar ro sheolsatsaidhe
lamh deas fri hor nErenn febh ro herbadh friú go rangatar i
niomdomain an chuain frisan Sligech aníar. Airisit ainnsidhe
amail dorionchoisgedh dhoibh co ffestais scela an tsloigh oile
ro dhail chuca an dú sin.



Tuirthechta Uí Domhnoill setal naile ó rainicc laisiomh
an suidhiugadh do dhrud agus do dhluthugadh frisan dunadh
amail ba menmarc lais gona leicthi neach inonn no ille aca agus
na bui conair no esrus elúdha ag Ó cConchobhair asin ccaistíall
do fhagaibh Niall Garbh O Domhnaill i tuisighecht an choimheda
agus ro thionchoisg é im gach ni ba díor do agus ba sainsherc
laisiomh do dhenomh dhó. Luidh feisin cona shlogh co
Coirrshliabh na Seghsa agus gabais longphort i suidhe ar dháigh
na tisadh an sluagh Gall thairis gan rathugadh. Buísiomh isin
dunad hisin ón cédna fecht atchualaidh an Goibernóir do
beith ag tionól chuga fri ré dá mhios co coig .x. August. Ro
intshamlaighestair siomh é budhdhein on mudh sin fri Július
Caesar an tan fosragaibh Decius Brutus ind iomshuidhe for
chathair na Maisili agus do choidh feisin cona shlogh do thochar
frisan dí airrígh ra batar fri láimh Poimp forsan Espain Petrin
agus Aiffrin a nanmanna. Robtar subach soforfaoilidh muintir
Uí Domhnaill fri reimhes an da mios atrubhramor ro batar
isin dúnadh remhráite fri Coirrshliabh na Seghsa atuaidh agus
geruho heitirchian úaidibh imfhedain agus tarrudh a lóintedh ni
buí nach tesbaidh bidh forra frisin ré sin úair nirbo lugha oldat
céd mile céimind imechuirtis araill dia lointibh for groidhibh
agus eochaibh a hInis Eogain m Néill a Fanoit Tíre Conuill a


L. 220


Goll a hIorgholl a purt Toraighe íer ttúaiscert. Nirbo heiccen
laochraidh ná laith ghaile fri gaisccedh inait óicc armtha fri
hursclaighe dar cend a mogadh nó a meanbholg acht asedh
ba snádadh agus comairce dhóibh gille agus aradha agus daoine diairm agus
lucht mighaisgidh agus miodhlachais agus ni lamhtha bein friú la
huamhan Uí Dhomnaill arna forbriste a smachtchain.



O do ríachtatar scéla go hÚa nDomhnaill Teaboit na
Long cona loingess do thecht isin ccúan frisín Sligech atúaidh
ro fhaoidh araill dia amhsaibh na ffrithagaidh na tistais for tír
go mbatar isin port foa nerchomhair eneach i nionchaibh friú.
Nísfargaibhsiomh dan fithisi inait conairedha náid easrusa
elúdha o Loch Cé frisin Seghais anair go Loch Techet allathiar
gan lucht feithmhe agus foraire forra na tísadh an sluagh seacha
gan rathugadh cipindus. Atbertsat a thóisigh agus a threabhainn
a chonsail agus a chomhairligh archeana ba tesbaidh mór día
míledhaibh agus ba tanaitte a ccliathghabhala fri Gallaibh an
scaoiledh agus an tesreidedh do ratt fora mhuintir .i. drong mhor
dhiobh inn iomshuidhe an chaisteóil a mbui O Conchobair
agus araill fri huchtbruinne an loingis imroráidhsiom aroile dhiobh
acc coimhett forsna conairibh atchúadhamar. Do ratsomh for
dáil mbicc agus for neifni fuighle na núasal agus na naireach agus atbert
friú gurbo héiccen indsin agus ro raidh bheos gurbo seinbhriathar
o chein mháir nach ar líon óg brister cath acht tri nert an
Choimdedh agus secip neach thairisnighes isin Trionoitt asé as
cosgrach agus chreides gurab é an taoinDia shoas foran sochaidhe
bhíos for gaí ríasan uathadh bios for fíor. As imne atamaoidne
inar núathadh for fior andar linn badhdein agus atát Gaill ina
sochaide moir for goí ag goid bhar nathardha agus bhar nairbherta
bith foraibh agus as usa dhaoibh co mór cathugadh calma seirigh
séitrech do denomh tar cenn bar nathardha agus bar nanma an
tan ataith ar bar ccomus fadhein agus bar nairm in bar lamhaibh


L. 222


na an tan nobharbertha hi carcraibh agus hi cuimrighthibh iar
ngoid bar narm foraibh íer ccoimchengal bar mball la cadhladhaibh
cruaidhrighnibh cnáibe agus iar mbrisedh agus íer mblaidhrebadh
araill dibhsidhe itibh beómharbh íerna bhar ccoimchengal
agus arna bhar nacomal for fenaibh agus cartachaibh tria
sraidshligthibh chathrach na nGall día bhar ttathaoir agus dia
bar ccuidbedh. Bendacht uaimsi foraibh a fhiormhuintir.
Tabraid in bhar menmain an duthracht chalma no biadh libh
an tan no bértha an midhiach agus an drocháradhain sin foraibh
(amail do radadh for ile da bar ccenél) gorab aniu isin lo bágha
sa ricthi a leas cathugadh seitriuch do ghniomh do chosnamh
bhar saoire daoibh a nirt bar lámh agus a cruas bar ccroidhe an tan
ataid bar ccorp ar bar ccomus agus bhar nairm in bhar lamaibh
amail na biadh eigin madh íat an sluagh Gall bus cosgrach.
Na geibidh grain na imegla ria lionmhaire laochraide Lundon
ná ria nallmardhacht a ninnill na a narm acht cuiridh bar ffreiscisi
agus bar saoilechtain isin Coimdid forordha. As derbh lemsa dia
ttabraidh da bar naoidh a nabruimsi fribh go sraonfithi for
Ghallaibh agus combo libh cosgar. Batar na sloigh occ coistecht fri
fuighlibh na flatha. Niruó duiligh dna dhoibhsidhe a chluinsin
ceni beitis ind iomfhoiccsi ar airde a ghotha agus a erlabra. Ro
gheallsat cach i ccoitchinne co ndiongnaitis febh ro fhorchongair
agus ro aslaigh forra.



Iomthusa an airrigh Coneus Cliofort boísidhe fri re
sechtmhaine oc fúr agus occ foichill an erthrialla do roine fodheoidh.
No bhidsidhe og baig briathar agus og tathaoir agus og
tarcusal forsan tuaiscert gach laoi agus oga radh go rachadh día
naimhdheoin tarsan slíabh badhthuaidh. Roi bhaoi samhlaidh
go fel naomh Muire mathar an Choimdhedh isin cuiged la .x.
do August. Ro gheallsomh an la sin sainredh go mbeith i
longphort Ui Dhomhnaill ria nadaigh ier maidhm fora muintir.
Basedh roba monar do mhuintir Uí Dhomhnaill frisin ré ro
baoisiomh isin mainistir beith occa ttestugadh badhdhéin agus
occa nellmhugadh for cend an chathaigthe agus i nerchomhair na
herghaile ro dhálustar dia saigidh. Batar ag glaínniamadh agus
ag gles a ngonnadh ag griosghoradh agus ag gríanad a ngranphudair


L. 224


agus ag builglíonadh a pocóidedh ag coimhleghadh a
ccaor luaidhe agus a nubhaillmheall niomthrom ag cróinnsmadh a
ccraoisech ccruinnremhar agus a ccealtrach catha ag liomhadh a
lanchloidhemh lethanfhoda agus a ttuagh ttáidhleach ttaitnemhach
agus ag ullmhugadh a nairm agus a neittidh agus a naidhilge catha
archena. No bhíodh cleirech condail craibhdheach agus sagart
seghainn psailmchedhlach i farraidh Uí Dhomhnaill dogres
fri hoiffrenn agus fri hiodbairt ghlanruine cuirp Crist agus a fhola
agus ba gnaithbhes dhó tan dusficced for fecht agus for slúaigedh no
cecip tan nó tomaithed égendail ghabaidh fair ro aoínedh
tredhan agus ro attmadh a thargbhala dia anmcharaitt íar ttain do
chíedh a pheactha fiadh Dia agus ro thochaithedh corp Crist
asendadh. Ro aslaigh fora shluagh isin aimsir hisin aoíne
fhele na hi naomhMairi do throsgadh. Ro celebradh oiffrenn
do ara bharach agus don tsluagh archena do neoch baí isin longphort
sin agus arroédsomh go maithibh an tsloigh imaille fris
corp Crist co nairmhitin mhoir don Choimdhidh Iosa Crist agus
dia naomhmathair isa fél do rala ann. O do bertsomh día
uídh baigh briathar baronnborb an Goibernora ag tinghealladh
tocht dia longphortsomh an adaigh sin ró ataigh Mac na
hOighe ro bhuí foa bhruinne agus an Ogh feisin día ro aoín an
lá ríamh ima himpidhe foran Athair nemdha agus fora Mac im
chendsa chetus dia anmain agus ieromh diamadh edh nó dheonaighfe
Dia dhó gombadh fair badh raón go bfarccboithi
eisiom i neallach an chatha agus na tísadh for cculaibh coidche acht
a díchendadh día námhait siú ro melachtnaighthi amail roba
menmarc lásan nGoibernóir. Tieghait an slógh íar neistecht an
oifrend dia mbothaibh agus puiplibh do thomailt a ttuara agus a
praindi ria ttecht hi ccend morshaethair agus dan batar ocaraigh
guirt ier naoine an laoi riamh doibh ar miadamlataidh do
naómhMaire. Atraghat asa bpuiplibh co prapurlamh iar
bpraindiugadh dhóibh co ffailte moir agus co subha la met na
saoilechtan buí leó búaidh agus cosgar do breith fora naimhdibh.


L. 226


Tieghait for reidh an mhuighe do thaisealbadh a sochraide
i noenmhaighin. Ro rann Úa Domhnaill a muintir i
ndé asa haithle. Ro lá a ghille diana deinmnedacha agus a ogbadh
utmall anbfosaid agus a oés diubhraicthi for léith gona ngonnadhaibh
gutharda gerradharcacha agus cona ffiodhbhacaibh tailce
toinnmhíne agus cona fogadhaibh fuileacha foibrigthe agus gona
nuilibh aidmibh imthelccthi archena. Ro ordaigh tuisich
troda agus eccluinn imghona agus tuir congbhala catha imaroén friú
go fforsmacht úatha forsna hoccaibh dia ndrud agus dinghe agus dia
ndluthugadh i ccenn an chatha cona sraointe forro agus dursclaighe
agus diomghuin tara neisi tan ba hanfhuirithi a naidhme
diobhraicthi. Do ratta a úasail agus a airigh agus a fhorusocclaigh
isin dara leith a chodhnaigh agus a chuingedha agus a threnfhir tairismeacha
agus a ttuairgnidhe catha co cclaidhmibh daingne defhaobracha
agus go mbíáilibh blathshnoighthi béltana go manaoisibh
moirleabhra muirneacha go sleghaibh seimneacha siothfhoda
fri fosugadh fedhma agus fri tairisiomh troda agus tachair. Nirbo
hionad daighérma nó díainimrime an dú sin conadh aire sin
do roine traighthech dia mharcshluagh a mesc a mhiledh. Íar
nderoinn a muintire dÓ Dhomhnaill ro fhorchongair forsan
dala rann diobh i mbatar an toés diubhraicthe go rémthiegtais
gusan slógh nechtrond do thochar friú agus combtis íatt badh
airidhi aigh agus iorgaile día nguin agus chrechtnuccadh resiú tíostais
tar iomdhoraidh agus aimreidh an tsleibhe ar ba hasaite soadh
forro fodheoigh díamtais créchtnaighthe uadhaibhsiomh i
ttosaigh agus go mbeithsiom go ttiugh an tsloigh i naires dala foa
nerchomhair do chath friú bhail in rob erdhalta lais a ngabháil.
No bitis dronga dermhara do mhuintir Uí Dhomhnaill do ló
agus dadaigh imaseach oc foraire for ionn an tsleibhe na tiosadh
an slogh echtronn tairis gan ráthugadh. Do rala drechta
dhiobh an la sin sainredh ann agus batar occ foircsi agus midhemhain
na mainistrech úaidhibh agus na foirne batar inne. An tan ba
glanruithneach an grian friú occ an bfairccsi atchíat an slogh
ag airitin a narm agus occ turgbhail a meirgedh agus a mbratach agus a
seinm a ttrompadh agus a ttápúr agus a ccaismert chatha. Ró
láiset a scéla do shaigidh Uí Dhomhnoill go debadhach. Íar
ccloistecht na sccél sin dÚa Dhomhnaill atbert frisan ffoirinn


L. 228


ro ordaigh i rémhthus na conaire co ndianascnaitis remhibh do
dheabaid frisan slogh resiu tístais tar moithribh an maighshlebhe.
Lotar íaromh amail ro herbadh friú go nairde aignidh agus go
menmanraidh miledh la gach aoinfher aca go rangatar for
ind an tsléibhe co tinnesnach ríasna Gallaibh. Leiccis O
Domnaill ina ndeadhaid co cobhsaidh céimrighin gusan
ffianlach ffosaighthe agus gusna treinfheraibh tairisme ro thoghustair
ina thimchell go mbatar isin ionadh erdhalta agus isin dú
in robadh deimhin leo na Gaill do thochar ina ccenn. Airisit
ainnsidhe foa nerchomhair.



Iomthusa an tslóigh rémhthechtaigh ro ordaigh Úa
Domhnaill isin tosaig gabaitt occ asgnámh na conaire hi
ccomhdhail na ccath nechtronn co mbatar ucht fri hucht.
Oro chomhfhoiccsighset diaroile do relccet na Gaoidil frosa
fuileacha foithibh dfhoghadhaibh altchoemha uinnsionn agus
saithe saighet sruibghér síaineiteach a fidhbhacaibh foda feidhmneartmara
agus casaircheatha ccrunnchaor ccróidherg agus ubhaillmheall
luaidhe a gunnadhaibh ceirtdírghe caolradhairc. Frisninnlethar
ó ogbaidh na Saxan dia samhlaigthibh fon ccumma
cétna do gran aoibleach griosghortha glanlúaidhe a gunnadaibh
glésoibne agus a craosmhuscaetaibh cogúasta cíanfhoghracha
combtar emhnaighthi na himthtelcthi etorra desiú agus anall go
cclos a ffúamanna agus a ffregartha agus a ffogharthoirneach i ffoithribh
agus a ffiodhbadhaibh a ccaistíallaibh a ccumdaigib clochdha na
ccríoch ccomfhoccus. Ba machtnadh mor na digsiot aes
oirmeta agus aradha for dremni agus dásacht la coistecht frisna
caismertaibh catha agus fri mac alla agus torman an treindiubraicthe.
Ro créchtnaighit curaid agus ro loititt loechrad for dib leithib
leo combot lir bomanna egha matan gaimhridh ind ath forsa
ttaot diorma ag diainimrim lamha agus leithchind agus laarga na
loechraidhe for gach leith na mbruirigh blodhtha agus na conaimhredib
combrisde ó chasarnaigh caorshoighnén cceirtleghtha
crunnlúaidhe agus la froischethaibh fogadh flannrúadh foibrighthi
agus saighett sruibhfhoda slinnchorránach agus gach airm imtheila
ccthe archena. Atbertsat a ttoisigh troda agus a nairigh iomghonfri


L. 230


muintir Uí Dhomhnoill gan airisiomh for ionchaibh na
nallmharach acht go ttairmchealldais íad for gach toeibh do
thochar friú. Lasodain ro iadhsat iompaibh for gach leith
amail ro forcongradh forra agus gabhaitt oga ndiubhraccadh agus
occ deabaidh friú go deinmnedach dichoinnircil coro láiset a
neitedha catha intibh ar medhón la dlús agus deine na deabhtha.
Cidh fil ann tra acht ro dhilsighset na Gaill fadheoidh a
ndromanna do threinfheraib an tuaiscirt.



Do rala O Ruairc tigerna Breifne Connacht an tan sin
alla anair don Choirrshliabh i longphort for leith. Ro thingeallsaidhe
dUa Dhomhnaill beith ind urfhoichill na nallmarach
dia bfúabairt a ccuma cháigh secib tan no fhoiberadh
somh cona mhuintir íad. Otchualaidhsidhe buiredhbhéiceadh
na ttrompadh agus na ttapúr toirneach agus talamhchumhscugadh
an tréindiubhraicthe atracht asa longphort cona loechraidh lais
agus tuargaibhsiot a niodna catha forra agus niro ansat dia reimim go
rangatar gusan maigin i mbatar muinter Uí Domhnaill ag
gniomh an iomairg. Gabhaitsiomh occ claidhmead na ccuradh
a ccumma chaigh agus occa ndiobhragadh go ndiccset rempa ina
roén madhma gusan mainistir remraitiu do neoch ro chumaing
rochtain a nanmann leo. Niruo háilsedhach ro theichset for
cculaibh ar niro dhéch aon úaidibh for charaid ina for choigeile
ina dhiuidh agus andar lásan tí ba toisencha díobh as é bhudhdein
robadh deidhencha don tslógh uile. Ni rainig la muintir Uí
Domhnaill airleach an neich ro fhedfadaois ar lionmaire an
lochta ro theichset ann agus ar úaite an tslóigh batar ina leanmhain
ar ni rangatorsomh gusan ttuinnte sloigh a mbuí O Domhnaill
an tan ro sraoineadh forra lasan ccédna buidin ro hordaigheadh
laissimh i nurthosaigh na conaire. Rosfargaibhset na Gaill
araoidhe iolar cenn agus fodhbh lasna feindeadhaibh. Do marbadh
dan an Goibernoir Sir Coneus Cliofort i nurthosaigh na hiorgaile
go ffargaibhthi faon ina lighe foran sléibh agus é beoghaoíte
agus ba hainffios dona hóccaibh cia rucc a chédghuine acht namá
ba hubhaillmheall luaidhe do chóidh treimhit agus ni tharttsat


L. 232


a noig aithgne fair co ttoracht Ó Ruairc fodheóidh gusan airm
a mboí agus atgnia guruo he an Goibernoir agus fororchongart a
dichendadh. Do ronadh íaromh gurbo tamhan tesggerrtha
tornocht iar mbeim a chind de agus iar na fhodhbadh.



Robadh móirécht an tí torchair annsin. Ba duiligh
droichdhiach dimirt fair agus niruó maith la Gaoidealaip an
choigidh a oideadhsiomh uair ni epreadh goi friú agus ba fer
tiodlaicthe séd agus maoine doibh é. Iar tternamh do oés an
mhadhma gusan mainistir iompait muinter Ui Domnoill ina
ffritheing agus gabhait occ fodhbadh an fhianlaigh ro mharbhsat
agus og athghuin in oesa beóghoeite foghabhdais isin armaigh agus
oga ndichendadh. Tíaghaitt dia scoraibh iarttain co ffoilte
moir agus co subaighe agus tugsat altugadh buidhe a ccosgair don
Choimdidh agus ro machtnaighset go mor a lúaithe ro mheabaidh
forsna Gallaibh agus aidhble a nuaille agus a mborrfaidh occ saigid na
hiorghaile agus a nderghensat do bhaigh briathor agus do thomhaithem
forrosomh. Ba se aonglor na sochaidhe coleicc amail bidh a
heinghion nó epértais nach a niort iomghona do sraoineadh
forro acht corbo hi eatarghuidhe a duilemhan dÚa Dhomhnaill
fótruair iar ttochaithemh glanruine cuirp Crist agus a fhola dho hi
tosaigh an laoi hisin agus iar naoine ind onoir nahi naomhMaire
an lá ríamh. Robadh dleacht dínsemh an tsaóghail a dalaibh an
Ghoibernóra ar do bertha a chutromma dór agus dargat ass mattain
an laoi hishin diambadh hi cimbidhecht nó beith agus an corp
críadh asa ttiubhartha an erndail ionnmusa sin ni daoinleith ro
gabadh laisidhe in nóin an laoí remraite dóigh rugadh a chorp
día adhnacal co hOilen na Trionoide for Loch Cé i mbaruntacht
Muighe Luircc hi contae Rosa Commain agus a chend go Cuilmaoile
i mbarúntacht Thire hOilealla i ccontae Sliccig hi ttaiselbadh
dÚa Chonchobair. Iomthusa na nGall iar ffilleadh úaidibh
do muintir Uí Dhomhnaill do leiccet hi cenn tséda go tinnesnach
for teicheadh in dorúaraidh diobh go rangatar da ttighibh fo
mela agus mheabhail. Fosaighit muinter Uí Dhomhnaill ina


L. 234


puiplibh agus ba saimh contuilset an adaigh sin iar mbreith cosgair
dia mbiodhbadhaibh agus iar marbadh a ccuingeadh catha agus druing
mhoir do aireachaibh agus do uaislibh imaroen ris cenmothá i
ttorchratar do mhileadhaibh agus dóccbaidh ina fharraidh. Adhnaicit
muinter hUí Domhnaill inro hortadh úaidibh agus doberat
leighe góa noes gonta agus ótchualatar soadh dona Gallaibh
friothroscc tíaghaitt go caistiall Cúilemaoile bail i ffarcaibhset
ind imshuidhe for Ua cConchobair.



Ro haisneideadh dhósaidhe cathraoineadh Coirrshleibhe
for Ser Coneus Cliofort agus a thuitim la hUa nDomhnaill. Ba
dichreidmeach lais indsin goro taisealbadh cend an Goibernóra
dhó. Ba doghailseachsomh de sin agus ro ben ceill dia chomfhortacht
asan ccarcair i mbui conad eadh do róine techt for eineach
Uí Domhnaill agus a oighríar o gach mudh do thabairt dhó. Ba
daghairle dósomh ón a chodach agus a charadradh dershnaidhm
fri hUa nDomhnaill ar robtar meince a chuarta i ccoigcriochaibh
agus go sainreadhach i ccricchaibh Saxan dus an bfuighbeadh
cabhair no comfhortacht dia nertadh i nagaid a esccaratt an tan
sin nó an ccaomhsad ionatocht nó aitrebh a chriche no a
chaomhfhorba acht chena ni chaomhnaccairsiomh indsin coro
nenaisg a mhuinterus fri hÚa nDomhnaill don chur sa. Ba
feirrde dhosomh on agus ro tharmnaigh ní dho agus día thir hi
ccoitchinne an caradradh hisin ar do bheart Úa Domhnaill
dírimhe do bhuaibh deochaibh agus dinnilibh agus da gach cenel
cruidh agus arbha archena i congnamh dUa Chonchobair conadh
friusidhe rus cédaitreabh a thir cidh íerttain. Tuirthechta
Teabóit na Long atchúas dósaidhe fon ccuma chettna sraoineadh
forsna Gallaibh agus toitim a nairigh agus O Conchobair do thabairt
asin caistiall atchoadhamar. Ro chinnsiomh occa ina menmain
gan frithbert fri hUa nDomnaill ní ba siriu agus ro nenaiscc a
charatradh fris iertain agus do roine a shith agus conrairleicc don
loinges remhraite iompudh for cculaibh gusan nGaillimh
doridhisi. Ro sai Ó Domhnaill cona muintir dia ttigibh íar
mbúaidh ccosgair agus ccomhmaoidhmhe. Robtar menmnaigh
cédfadhaigh Gaoidil don chur sin agus robtar mifiri meirtnidhe
muinter na Bainrioghan.


L. 236


Dala Ui Domhnaill baoisidhe i ffos iarsan ccaithgleo
sin athaidh a mBaile an Motaigh agus athaidh oile i Leithber i
nDún na nGall agus i mBaile Atha Seanaigh og aireag toile agus occ
ainius gan sniomh gan deithide gan uamhan gan uiregla do
mhuir nach do thir fair andar lais. Amein dósomh o thosaig
foghamair go mis December. In eacmhaing na ree sin do
riachtatar techta dia shoigid co bfios scel leo co mbuí damhna
deabhtha eitir Mac Uilliam Teaboit mhac Uateir Chiotaigh agus
Teaboitt na Long m Risderd an Iarainn. Niro fhodhaimh Úa
Domhnaill gan dul do shiodhugad etarra co lion slóigh agus
sochaidhe agus ó do dheachaid do dhuthaigh Cloinne hUilliam ro
gairmitt na maithe remhráite ina dhochum agus iar neistecht
fochainn a nimresna dhó ro riaraigh etorra combtar siodaigh
fri aroile ara fhorchongrasomh. O thairnic lais ernaidhm an
tsiodha ro ghabh ailghes do chor chuarta i Cloinn Riocaird agus
ó ro asgna for a ionchaibh ní dheachaid tar Úarán Mor isteach
don dul sin. Baoi fri re theora noidhche cona láibh i ccampa
isin Machaire Riabach agus hi comhfhochraibh na Gaillmhe. Do
radadh i mbaoi do chreachaibh o chomhladaibh an baile mhóir
amach dia shaigid daimhdheóin luchta na cathrach fadhein.
Ro dolbhaitt sceóil iomdha asa los don chur sin gurro líonsat
a mbaoi ó Ghaillimh co Leim Concculainn duamhan agus duiregla
do choimchriothnugadh agus do chridheanbhás Uí Domhnaill ar
andar la gach ndruing dhíobh agus la gach taoiseach triochait
chéd ba si a thuath budhdeisin cedna no oirgfeadh agus ba sé a
dhunarus robadh longphort dÚa Dhomhnaill cona shlogaibh
iarna orgain leo. Acht chena nirbo hamhlaidh sin do rala
doibh doigh ro fhill Ó Domhnaill dia thir afechtsa. Batar trá
a mbuí hi ccoigead Uladh uile an tan sa ina linn láin ina ttapar
techt agus ina ttuineadh téigle gan gúais gona ná gabhala eighmhe
na foireigne creiche na catha forra a haonaird dÉirinn agus eagla
an choigidh for gach entir ittir. Ro thochaithestoir O
Domhnaill ind aimsir asa haithle i sadhaile agus hi soinmhighe co
tosaigh samraidh ar ccind gan saigid vor neach gan neach do
shaigidh fair Anno 1600.


L. 238


An Naomhadh Bliadhain, 1600.



(1600 an 9 bliadain in marg.) Inn eacmhaing na rée
baoi siomh i fos ro teglomadh slógh lanmor la hUa Neill do
dul do chor chuarta isin Mumain. Do rala Máguidir Aódh
for an sloicched hishin. Ni hinister a nimthechta co riachtatar
tar Corcaigh agus tar Laoi badhdes gurro gabsat lonccphort eitir
Laoi agus Bandain i ccoiccrich Musccraighe agus Cairbreach.
Aon dona laibh (gar beag ria ffeil Patraicc) dia ro ghabh
comtholta agus accobhar Máguidhir dol do indredh na ccríoch
ccomhfhoccus febh roba bes dho dogres tan no theighed i
neachtairchriochaibh goro thairmcheimnigh direim marcach
agus traighthech asin longphort agus niro hanadh leó co rangatar
dorus Corcaighe agus aissidhe co Rinn Chorrain dúnarus an
Barraigh Oig hi Cenel Aodha. Soaitt ina ffritheing isin lo
chetna co ccreachaibh agus gabhalaibh iomdhaib co naro chumhaingseat
muinter Mheguidhir rochtain gusan longphort an
adaigh sin ar aidhble a nédála o do bo heigen doibh airisiomh
in gach airm a ttarusair dorchata na hoidhche. Maguidir dan
basedh ro chindsidhe saigidh an longphuirt an adhaigh sin
cipindus.



I madain an laoi sin inro fhágaibh Maguidhir longphort
Ui Neill ranuicc fios scel co Corcaigh go Sir Váram Salender
(baoi ind ionadh Presidens da choigedh Mumhan) Maguidhir
do deirghe an longphuirt amail fosragaibh agus an leath i ndeachaidh.
Nirvo heislisech ro freccradh na sccela sin la Sir Váram
uair ro esccomhla fochettoir go ngasraidh ngruamoinigh
ngrodurlaimh do mharcshlaigh merrdha mhisgnigh míorunaigh
goro suidighit agus goro samhaighitt ina srethettarnaidh seoilchelge
isin enach indill erdhalta in roba derb leo Maguidhir do thochur
ina ccenn. A mbatar ann conacatar Aodh ina ndochum con
uathadh marcsluaigh febh robu lainn leó. Nirvo fora niomgabail
do choidhsiomh gervo forreil do fora chind iatt siu do


L. 240


deachaid ina ttrechunuscc acht ionsoigidh foithibh co dían
dasachtach amail faolchoin fó chaorchaibh no leomhan fo
mhathghamnaibh coma rala dosomh agus do Varam agus ro
ghabhsat occ iomrubadh aroile dia foghadaibh seimreamra
seicrighne aithe uillennfhaobracha gurro threghdsat co tiachair
troimchrechtach a cele co ttorchair fodeoidh Sir Varam Salender
la Maguidir amail ba bés bunaidh dhó buaidh a bhiodhbad do
bith occa in gach airm hi ttochraitis fris go sin. Do rochrator
tra coiccer do aireachaibh agus do dhaghdhaoinibh oile la a
aonlaimh cenmothatt daorchlanna agus daosccarshluagh. Acht chena
ro fortamhlaigh an tsochaidhe for an uathadh fodheoidh gurbo
heiccen do Mhaguidhir maighean an iomairicc do iomghabhail
as e tretholl treghdaighthe ar snidhe agus ar siledh a fhola ina
cróilinntibh cro dara chrechtaib sechtar ar ndith a nirt agus a
niadhachais ar scithlim a luith agus a luathlamhaigh. Nirvo cian
do choidh ierttain an tan naro fhodhaim dho gan tairbling
dia eoch la taimnellaibh agus enirte agus do bert a uillinn faoi fri
fod faoinlighe. Do riachtatar iaromh fiogracha an ecca agus
dorchata an bhais i ndochum an daighfhir co nerbhail gan
fhuirech an 13 Mart.



Ba damhna éccaoine hi ccoicced Conchobair mic
Neasa uile an daghdhuine do esda annsin agus ba diol a adhmolta
i lleith frisna dalaibh domhanda. Ba suairc seghainn soerlabrach
ba duasmor deigheinigh derlaictheach cennais carthanach fri
cairdibh níata nitheach fri a naimhdibh fer na tard troightheiched
ria nuathadh no ria sochaidhe dia bhiodhbadhaibh oro ghabh
a laocharma gusan laithe hisin fer na deachaid a cliathach no
a cathlathair gan guin no marbadh duine fear ro mharbh ro
mhudaigh dréchta dírime agus cinnteach ar eccindteach don
ainffine eachtaircheineoil frisa mbaoi ag cosnamh agus ag cathugadh
ag imdhiden a irse agus a atharda co ttorchair leo don chur so.
Ba hara bharach ier rochtain sccél dia saigidh fuairset a muinter
budhdhein agus muinter Ui Neill corp an chaoimhfhir gurro
hadhnaicedh leó é íarttain i cCorcaigh co miadach moronorach
amail robadh dior.


L. 242


Soais Úa Néill dia thigh agus ba ferr dhó féin agus do choiccedh
Uladh archena na deachadh isin turus sin cidh fodháigh oidhedha
an aoinfhir sin do sgar friú don chor sin. Ro fhás imresain agus
esaónta anffóill isin samhradh ar cind hi Feraibh Monach eitir
Conchobar Ruadh m Conchobair Meguidhir agus derbrathair
an Maguidhir isa hécc ro iomraidhsem Cuconnacht Ócc m
Conconnacht m Conchonnacht im chennus na criche. Conchobhar
tra ba toich dó aireachus agus airdchennus Fer Monach
araoi naoisi agus sinnsirechta ciodh riasan Aedh Mháguidhir
fadhein do rochair amhail atrubhramar agus an tan ba doigh le
Conchobar (andar lais) ná baoi frithbert imon ccennus íar
nécc Conconnacht athair ind Aódha as ann ro gairmedh a
ghairm fhlatha do Aódh la Domhnoll m Aodha m Magnusa
Uí Dhomhnaill (ríoghdamhna Cheneil cConaill) athaidh fhoda
riasan tan sin. Robadh lanshaoileachtain lasan Conchobar
Ruad remhraiti gomad lais cendas don chursa a llos a shinnsireachta
a aoisi agus a oirbertais a charadraidh agus a choimfhialusa
fri hUa Neill ar ba brathair dhó eisidhe i rainn a mathar doigh
robtar di shiair diaroile a maithre dibh lionaibh agus rob edh an
ccedna aoininnethemh menman agus aigenta baoi ag Ua Neill
feisin cona chomairligibh archena. Do choidhsiomh do shaigid
Ui Néill do chuingidh forlamhais a athardha. Dothoett din
Cucondacht Ócc on mudh cettna airm i mboi Ó Domnaill
dacaoine a eccumaing fris.



Ó ranaic Conchobar gusan dú i mboi Ó Néill ro faoidhit
litre agus techta do thoghairm Ui Dhomhnaill dia chedugadh dhó
Maguidhir do oirdnedh isin fflaithes úair rob omhan lais
barainn agus fergluinni na harchon anglondaig do brosdad fris
mana comairlecced an chaingen hisin do agus Cuconnacht Ócc no
neach oile dia chenel do oirdned i ccendus criche Monach
dara erghairesiomh. O rangatar na teachta bhail i raibhe Ua
Domhnaill ni tard i ffoill a ttoscca acht do deachaid dirim
mharcach agus troicchthech do roighnibh a muintire imo derbrathair
Rudhraighe agus im Choincondacht Ócc agus niro hanadh
leo go rochtain doibh gusan dú i mbaoi Ó Néill cona mhaithibh


L. 244


imbe ag crudh a ccomairle imon ccaingen chedna. Oro
thairblingsim for iorlainn an dúine (.i. Dún genainn) ro erb
fora chaoimthechtaibh oirisimh ina naonbroin aighthidhe for
leith uadha. Ro fhaoidh Ó Neill a shainmhuintir agus a thairisigh
do fhiadhugadh na flatha dusfainicc agus dia thochuiredh chucca
do reladh a chomhairle dhó dus an ccaomsadh a chealgadhsomh
tria chaonGhaoidheilg for aon airle fris feisin. Dosficcsimh
fochedoir agus robtar subaigh sofhorbfaoilidh cechtarnae dibh fri
aroile. O ro dheisidh Ua Domnaill i farradh Uí Neill geibidsidhe
for fursandad agus foillsiugad dUa Dhomhnoill na cesta
agus na caingne forcaomhnagair agus ag tabhairt for aird gach tuccaide
ro baoi for menmain dó im roba comadais lais tigerna do
ghairm do Chonchobar Mhaguidhir. Iar mbeith dhósomh
seatal ina thaoi ag coistecht fri fuighlibh na flatha Ui Neill
atbert fodheoidh narbho tol do cipindus oirdneadh Conchobair
isin cennus dóigh ba daoinleith agus daonrann la Gallaibh Duiblinne
agus lasan ainffine echtaircheneóil no biodh do bhunad i nagaidh
Ghaoidel an choiccidh agus ná biadh a thairisim asa dhílsi tria
bhithiu. Niruo slan la hUa Neill a menma don fhregra hisin
do bert Ó Domhnaill fair ar ro fhittir narbo sodhaing frithbert
na frithtagra fris im nach caingen fo ttardadh laimh.



Do deachatar na flaithe do fhledhugadh do shainól agus do
aireg toile asa haithle. Ro suidhigedh an tegh nóla iar nurd
Ua Domhnaill eineach i nionchaibh fri hUa Neill agus Conchobar
Mhaguidhir for a laimhsidhe agus na maithe ier na ttechta archena.
Geibitt na dáilemhain occa ffriothaileamh agus frestal iarttain. An
tan tra ro ghabh Ua Neill an airdigh go ffion ina laimh ibhidh
dhigh for O nDomhnaill. Geibidh Ua Domhnaill an ccuaigh
a laimh an dáileaman agus ro shill seacha. Do bert luathchuairt
dia rioghrosg seachnon na taghdhaisi imaccuairt agus nicon faca
Cuconnacht Ócc isin tigh agus ona faca ro forchongair a ghairm
chucca fochedóir. Do ronadh fairsiomh indsin agus iar ttorrachtain
do ro erb fair suidhe for laimh a dherbbrathar Rudhraighe for
miodhshlios na bruighne i neitirmedhon a mhuintire. Oro
dheisidh Cuconnacht ro ibhsimh an ccuaigh cotongaibh ina


L. 246


durn ind airett sin fair agus dogara an anmain as Máguidhir dhe
fiadh maithibh an choiccidh hi coitchinde gan ceaducchad gan
comhairleccadh do nach aon lasar mhioscais a oirdnedh i
nionadh a dherbbrathar agus a athar riamh. Rugsatt as an adaigh
sin sochaidhe diobh go subhach soimhenmnuch agus araill fo
mhuich meanman agus doghailsi fodheigh an oirdnidh atrubramor.
Oro ghle an la cona lanshoilsi arabarach tiomnais
Úa Domhnaill ceileabradh dUa Néill agus dona maithib archena
agus dothoet feisin agus Maguidhir cona muintir dia ttighib co
menmnach moraigentach asa haithle.



Otchiad Senadh Duiblinne naro chumaingset cosnam
coiccid Medbha fri hÚa nDomnaill ier sraoinedh catha an
Belaigh Buide agus íar marbadh an Goibernora amail atcúadhomar
agus iar nindredh dosom na ttúath filett frisin Luimnech agus frisin
Echtghe atúaidh gach tan ba tol dó agus oro acaoínset na hiarladha
batar forsna tuathaibh ishin i nimnedh frisin Seanadh, asedh
arriocht leosaidhe dfhostad Uí Dhomhnaill ina thir a comairle
na níarladh remraite tasccar murchoblaigh moir do thochar
for muir i mbatar sé mile fer doccbaidh armtha eidighthe
gusna haidhmibh batar toisccidhe dóibh eitir biudh agus arm.
Ba la bainriogain Saxan agus lasan cComairli archena do rionsganta
an coblach sin do chor co hEirinn im fhel Patraicc
doshonnradh an tan ro hordaigheadh Lord Montyoy ina
Iustis os Erind. O do ríachtatar an coblach remhráite a Saxaibh
co hAth Cliath i mi April doshonnradh ro faoidhitt aissidhe
iarttain gurro sheolsat lamh chli fri hor nErenn anoirtuaidh
fri heochairimlibh criche Bregh agus Midhe allathoir do Thrian
Conghail Chlairingnigh m Rudhraige co riachtatar eing i
neing i lurg áonluincce co Loch Feabail m Lodain coro ghabhsat
port i nInis Eoghain m Nell do rochair co Cenel cConaill ó
chein mháir agus as doib robtar fomhamaighthe an tan sin. An
10. Maii do ríachtatar an dú sin. Ó Dochartaigh an taoisiuch
no bhiodh forsan Insi fri laimh Uí Dhomnaill dogres agus ba sé


L. 248


ainm a taoísigh an ionbaidh sin Seaan Óg m Seaain m Felim Uí
Dhochartaigh. Ba tuir catha ar chalmatus eisidhe agus niruo
saindilsi forba do neoch a thochradh ima thir dia ndamtha fir
fer no coimhlion dó. Ro baoi caistiall beg náruó mo la hUa
nDochartaigh for ur an locha inn iomchuimge an chuain .i.
an Chúil Mhor. Ba fás esidhe an tan sin uair ba hesinnill fri
fosugadh a nagaidh namat. Airisit na Gaill ainnsidhe agus
tuárgaibset mur daingen dithoghlaidhe imón caistiall agus
foragaibhset araill ann dia slógh.



Do-dheachator drong oile diobh goro ghabhsat i nDún
na Long hi nduthaigh Uí Chathain. Doíeghat a nermhor
cenmothát indsin gusan Doire nairrderc in ro bendach an
Colaim cendais agus an céle De Criomhthann m Felim m Ferghusa
m Conaill. Ro thoccaibhset na Gaill dunchluidh dímhora agus
daingenmuir criadh imon mainistir agus imon daimliag an cédna
fecht. Doghniatt fithisi agus fothuill talman isna muraibh agus tuir
troda uaistibh co ffeinestribh agus forlésaibh forra fri diubragadh
estibh. Ro claidhset clasacha comhdoimne imaccuairt ina
nuirthimcheall dianechtair. Ba daingni co mór agus ba hinnille
oltátt na cúirte clochaolta agus na cathracha frisi ccaiti re fhoda
agus saothar dermair occa ndenomh. Asa haithle sin ro blodhsat
an mhainistir agus an doimhliag agus ni thartsat onoir no airmhitin
don fhiornaomh gan aidhmilleadh a mbaoi dobair ecclustacdha
isin mbaile co nderghensat cubachla agus codailticche diobh agus
araill fri proindiugadh inntibh. Henri Docur ba hainm don
toisiuch baoi leó. Ridire airdheirc eisidhe go ttuaichle agus
treabhaire co namhainsi aiccnidh. Ba rinn agha agus iorghaile.



Batar na Gaill re fhoda nachasrelicc omhan Ui
Domhnaill doibh techt tar na muraibh sechtair acht edh mbeg agus
no bittis dronga dermhara dhiobh hi ccaithfheis gach noidhche
ar na tarta ammus forra coro lionaitt do shoeth agus galraibh
la hiomchuimhge an ionaid i mbatar agus la helscoth agus la tes na
sine samhrata. Ro thathamair iolbhuidhne dhiobh fodheóidh
cidh riasiu ro heittirdhelighitt a soethu friu. Oro airigh dan


L. 250


O Domhnaill ietsomh foran abairt sin agus a nemhthathoigidh
asna scoraibh sechtair la homhan agus iomfhaitches do ruimin
occa cionnus no beradh tathaoir agus tarcusal forro agus do ghenadh
fodhail agus bricch mbicc diobh dus an soifitis for ccúla agus an
bfarccbhatais an port a mbátar conadh e airecc arrainiccsiomh
dia ndimhigniugadh dol ar sloiccheadh i ndesccert choigidh
Meadhbha dinnredh na ttuath batar for gach taobh don Echtghi
agus na Túadhmhuman sainridh. Deithbhir on. Robtar iad na
hiarladha atrubhramar diarbo hathardha an du sin (amail
remhebertmar) rosforcongair for an Senadh agus foran mBainriogain
an toichestal tromshloigh sin do thriall agus do thochar
chugasomh dia fhostadh agus dia iomfhuireach ina thír agus ba híad
ro thaisccel agus ro braith don Bainrioghain agus do Chomhairle
Saxan gurbo henach agus essrus gabhála eitir Cenel Conuill agus
Eoghain an coblach rémhraite do thochar go Loch Feabhail.



Ro chinnestair O Domhnaill a chomhairle samhlaidh
dul do aithe a eccraittis forsna híarladaibh remepertmar agus
fosraccaibh toeisiuch na hInnsi fadhein fri huchtbruinne na
nallmharach (.i. O Dochartaigh) agus i foichill forra na tiostais
dinredh na criche. Ro fhagaibh dan beos Niall Garbh Ua
Domhnaill agus araill dia shlogh ind iomshuidhiu forra frisan Insi
allaniar etarra agus Triucha chéd Enna m Neill. Ro fhaoidhestair
a thechta ríamh go Gaoidelaibh coiccidh Meadhbha dia fhorail
forra i mbeith fora chind i mBaile an Mhotaigh. Donangatar
Connachtaigh uile o Shuca co Drobhaois agus ó iarthar Thire
hAmhalgadha co Bréifne Uí Raghallaigh go mbatar occá
fhurnaidhe isin mbaile sin inro dhálustair friu. Itiet robtar
aireghda dusficcet isin toicheastal hisin: tainig ann Ó Ruairc
go mBreifne Connacht .i. Brian Óg diarbo hathair an Brian
ro hortadh i Londain. Tanaig ann O Conchobhair Sligigh
Donnchad m Cathail Óig gusna tuathaib filet frisan cCoirrshliabh
atúaidh go muir na fhochair agus Mac Diermada Mhuighe
Luirg .i. Conchobar m Taidhg m Eogain m Taidhg go Maicne
Maoilruanaid na fharraidh. Tainig ann Ó Conchobair Rúadh


L. 252


.i. Aodh m Toirrdelbaigh Ruaidh m Taidhg Bhuidhe m Cathail
Rúaidh. Nisrelicc a noman dona huaislibh batar hi comhfhochraibh
na nGall tuidecht isin toichestal sin ar ba héiccen
doibsidhe airisiomh occ imdhiden a nathardha arna hoirgtis
Gaill a ttír dia néis. Dothaot ann tra Mac Uilliam Burc
Teaboitt m Uateir Chiotaigh agus cenib do Ghoidelaibh dhó
ba duthaig dfhior a ionaid cia no thíosadh úair batar a shinnsir
riamh agus an cenel dia mbaoi fo chíos do Chenel cConaill m
Néill ónd úair ro gabsatt na Burcaigh for fhoirb Amalgadha
m Fiachrach. Ba hiomairgidhe dhoibhsiomh cie no eirnitis
a ccios dO Dhomhnaill agus ni ba coir ingnad de doigh ba
brathair do Chonall m Neill an ti Amhalgaidh mac Fiachrach
agus roba comhalta beos ar ba he Fiachra m Eachdach Muighmhedhoin
ronoil an ti Conall.



Tarcclamtha din a shlogh la hUa nDomhnaill i mi Jun
doshonradh co ndiccset dar Samhaoir sruthmaighrigh tar
Drobhaois tar Duibh agus tarsan Sligech go rainicc go Baile an
Motaigh airm i mbatar Connachtaigh oca fhurnaidhe. Ro
ching ierttain cona shlogaibh don Chorann tre Magh Aoi an
Fhindbheanndaigh do Chloinn Chondmaigh tria Chrich Maine
m Eachdhach agus tria orlar Cloinne Riocaird gan cath gan
cuinnscle gan guin duine chuige na uaidh an airet sin. Ro ghabh
oirisiomh i niarthar Cloinne Riocaird i noirecht Remainn im
thrath nóna día sathairn agus ba heisidhe an satharn ría fféil Eóin
baoi foran mairt ar ccind. Rainig rabadh agus rémhfhios rempa i
tTúadhmhumhain acht ara aoi ba doigh leo na tairmthiasadh Ua
Domnaill asin maighin hi ttarrusair go madain dia lúain. Nirbo
headh sin do roinesim acht eirghe ria muichdhedoil maidne
dia domnaigh iar neistecht oifrinn dósomh agus dona maithibh
batar ina fharraidh. Ro asgna íaromh cona shlógh dOireacht
Remainn tar Sliabh nEchtghi inghine Ursccothaigh m Tinne


L. 254


do Chenél Aódha do Chenel Dúnghaile agus do Chloinn Chuilen
Úachtair go rainicc tar Forghus síar ria midmhedhon laoi día
domnaig conadh ann ro ghabsat airisiomh don taobh tiartúaidh
do Chluain Ramhatta agus dInis. Ro loiscced agus ro hoirccedh
Inis co léir agus co lomardha lásan slogh cenmotha an mainistir
namá dia ro erfhuagair Ua Domhnaill comairce agus cádhus do
thabhairt ind onóir an Choimded. Ba hann do rala dÍarla
Túadhmhuman (Donnchadh m Conchobair Ui Briain tigerna
Tuadhmhuman) beith isin ionamm sin do dhechaid Úa Domhnaill
cona shlogaibh isin ccrich i cClúain Ramhatta edh mbeg
allathiar dInis co nuathadh sloigh ina fharraidh narbat lía
olttad da chéd laoch a líon. Otchúalasomh monghar an mhórshloigh
agus sesdan na sochaidhe agus trethan na ttrombuidhen agus
fogharthorman an lúathlamaig a gunnadaibh glanaillne gerradharcacha
seachnon a thire ina thimcheall agus na forloiscthe
forreile foirlethna ro leth in gach aird agus in gach aircheann ina
imthacmhang náro chumhaing danacal no dimdeghail basedh
do roine asccnam co nuathadh buidhne co hionfhoilgidhe la
hor an Fhorghais siar cech ndireach febh as innille forcaomhnaccair
co rainicc gusan cClar. Ba dia bailtibh longphuirt siomh
an baile ishin agus ba daingen dithoglaidhe eisidhe ceni beithsiom
cusan líon ro baoi imdhiden.



Iomthusa Ui Dhomhnoill o rainicc co hInis ro leicc
scaoiledh da sgeimhealtaibh imón tír ina thimcheall. As
fairsing forleathan airccthech ionnsoigthech ro scaoilset na
merdronga mera menmnucha sin o aroile ar ro cuartaigedh
agus ro creachloisccedh leo ría noidhche othá Craig Ui Chíordhubhain
i niochtar na coigcriche i ttriocha ched na nOilén
co Cathair Murchadha hi Corca Baiscinn Iartharach go dorus
Chille Muire agus Cathrach Ruis agus an Magha ind Uibh Bracain
co dorus Baile Eoin Gobhann hi Corca Modruadh agus Boithi
Neill hi Cenel Fermaic. Rob iomdha tra daothain daghduine
úasail no tigerna tíre do creachaibh agus do chethraibh agus da gach
erndail édála ag buidhin chethrair no chuiccir do muintir Ui
Dhomhnoill hi tuinidhe tuir no thuim cairrgi no coilledh i


L. 256


Tuadhmumain an oidhche sin ar rob eigen doibh airiseamh in
gach maighin a ttarusair capardhorcha urthosaig na hoidhche
íatt.



Gabhais Ó Domhnaill longphort an adaigh sin for bru
an Fhorghais allathiar do Chluain Ramhoda. Ba dunarus
airdheirc eisidhe agus ba hiostadh flatha don tí no biodh hi cennus
na criche. Atraghat an slogh (dia luain an tsainredh) co fosaidh
ionmall asa bpupallbothaib agus asa mbelscáthaibh agus gabhaitt
occ asgnámh na conaire tar fiartharsna na Tuadhmumhan
sairthuaidh gach ndíreach doirther Ó cCormaic durlar Ceneil
Fermaic agus don Boirind breacalbaigh go rangadar hi fuinedh
néll nóna co mainistir Corca Modhrúadh agus co Carcair na
cCleireach. Do batar an robtar deaithe día slogaibh car an
chaomlaoi hishin ag túr agus ag taisteal gach tíre ina ttimcheall
co naro fhagaibhset ionatocht na aithtrebh rob ionmhaoidhimh
gan losccad gan leirscrios isin ló cetna. Atraghatt na sloigh i
nurthosach laoi día mairt. Docoisliut ieromh cona ngabalaib agus
cona ccreachaibh leó do shaigid na Carcrach agus ger vo trom a
ttoichim agus ger bho hionmall ind imthecht la haidhble a ninnile
agus a ccreachghabhal ro fhagaibhset beilge bernchairrgidhe na
banBhoirne dar a neisi. O ranccatar mendatta maighreidhe
Medhraighe ro ghabhsat foss ar Cnoc an Gherrain Bain eitir Chill
Colgan agus Gaillimh. Ro eitirdhelighset a ngabala re aroile
iarttain coro shealbaig gach drong fo leith diobh a saindisle
do bhuar a mbiodhbad dinnile agus dédail a neccrad agus ro ghabhsat
ara bharach ag díorgadh agus ag dluithiomain a coda creiche i
sedshlighthib senchoiccidh Sreing mic Senghainn. Nír vo foda
an reim ruccsat isin la sin ar roptar scithigh iarna morshaothar
occ tocht tria belghibh bélchumgaibh na Boirne agus ni mó ro
phroindset no ro thuilset i sáimhe in adhaigh riamh ar ba dóigh
leo co ttiocfadh Iarla Tuadhmhuman co lion a muintiri ina
lenmhain agus na lurg dia bfobairt isna conairibh cuarchumhgaibh
triasro chingset cen co ttorracht ittir. Gabhaitt longphort i
comhfhochraibh doibh an adaigh sin oro laiset a nomhan diobh.
Ni deirghenset fianbhotha nait foirgnemha la tes na sine samhrata


L. 258


acht ro hadhannaitt breóitheinti buanlasamna leo agus ro ghabhsat
a lucht frestail agus friothalmha a ferchoicci agus a fferthighisi a ngille
agus a nanradha ag combach agus ag combualadh og cosccairt agus ag
cnaimgherrad búair a mbiodhbad durghnamh a bprainde dia
naireachaib agus dia narduaislibh coro thochaithset a ffesdithett
agus contuilset i saimhe asendadh oro laíset a nimeccla dhiobh.



Atrachtator an slogh asa súantairthim cotalta isin camhaoir
agus tiaghaitt hi ceann tseda agus imthechta. Ro chomhairleicc
O Domnaill do Mac Uilliam cona muintir agus don lucht dosfainicc
a hiarthar an choiccid fo a thoghairm soadh dia ttighibh.
Do leig e feisin sair cech ndireach isna conairibh coitchenna go
ranuicc ria ndeoidh laoi co Conmaicne Chuile Tolaidh i neitirmhedhon
an choigidh. Gabhais longphort hisuidiu an adaigh
sin agus airisit ann go ara bharach. Ro fhorchongair iarom O
Domhnaill fora muintir a ninnile creiche a mbu agus a ccethra agus
a nedala archena do leigen uaidhibh dia ttighibh a ngiollanradh
agus a naos diairm agus gonta agus araill dia slogh do leccedh leo.
Doieghatt gan fhuireach febh ro herbadh friú. Conrairleicc dÚa
Ruairc cona muintir tuidhecht dia ttigibh amail chách.



Do raegha Ua Domhnaill coicc ced laoch go seasccait
marcach do roighnibh a shloigh agus ro erb forra airisiomh ina
fhochair badhdein go mbatar ag cumhsanad agus og legen a scisi
isin longphort co híarmedhón laoi. Lotor ass asa haithle agus
gabaitt tresan ccoigedh sairdhes co dian deinmnedach agus co taoi
tóithenach do ló agus dadaigh go ranccatar co Loch Riach i ndorblus
na maidne muiche ara bharach. Ba heisidhe port aireachais
agus iostadh flatha Iarla Cloinne Riocaird. Do leiccet a scceimhealta
co sgaoilteach da cech leith diobh dindred na criche. Doionalat
a baoi do chrudh agus do chethraibh ina ccomfhochraibh agus do
bertsat leó co haonmhaigin co mbatar a ffolartnadh fria niomlúadh
agus fria niomáin leó. Tiaghait reimibh iartain tresan ccoiccedh
sairthuaidh gur gabsat longphart inn imeal an tire frisan
Suca andeas adaigh an domhnaigh doshunradh. Airisit ainnsidhe
co matain an luain. Docomhlat as iarttain tar Ath Liag fFind


L. 260


forsan Suca agus tre Magh nAoi mic Allghuba go rangatar gusan
Seghais in thrath nóna. Gabhaitt foss frisan abhainn atuaidh
an adhaig sin. Docomhlatt ara barach tar Coirrshliabh na
Seghsa agus triasan cCorann co Baile an Motaigh conadh aissidhe
ro scaoilset na maithi dia nduinibh agus dia ttighip cona nédalaibh
iomdhaibh.



Dusrelicc Ó Domhnoill scís dia amhsaibh agus dia áos
túarustail o Iul co September gorus tochuir chucca doridhisi
dus an ttédairsedh boeghal forna Gallaibh ar atchuas dósomh
gurbo gnaithbes do gredhaibh na nGall tocht gach laoi darsan
urdrochat baoi for ionchaib Doire badhthuaidh do inghealtraidh
for ferghurt fásaigh baoi fora nerchomhair co nuathadh
marcshloigh dia forchoimhed. Baoisiomh iarom oga scrúdadh agus
remdhecsi ionnus no beradh muin imna Gallaibh do gaid a
neoch forra conadh si airle arriocht lais do raegha drong mhór
dia mhiledhaibh agus dírim marcach nat bat lugha oldat se chéd a
líon eiter traighthech agus marcach. Do bert lais iádsaidhe asa
haithle co dichealta i ndorchata na hoidhche goras fágaibh i
neadarnaidhe i nucht allbhruaigh iomdhomain ro baoi isin
maighshliabh do rala for ionchaib an Doire atúaidh bail inro
badh foderc doibh muinter an baile agus nach ba forreil do chach
íetsomh. Ro lá úathadh mbeg dia mharcshluagh i nionattaibh
ionfhoilgidhe i nathfhoccus don bhaile i nedarnaidhe forsna
heochaibh agus fora nóes forchoimheda cona soittis a neachradh
for ccula doridhisi secip tan tístais gusan bférgurt atchúadhamor.
Batar samhlaidh co hurthosach an laoi. Atchiatt an echradh
chuca darsan urdrochatt cona náes forchoiméta febh ro ghnathaighset.
Atraghatt marcshluagh Uí Dhomhnaill dóibh dara neisi
agus do ratsat ammus calma for lucht an choimhetta. Ro ghonsat
araill diobh agus atrulatar aroile úaidhibh la deine agus utmoille a nérma.
Gabait muinter Uí Dhomhnaill occ iomáin eachraidhe na nGall
foa ccumhang.



Ticc Ó Domhnaill gusan slógh tárrustair ina fharraidh
dia ccomhfhurtacht agus atnaghatt an echradh reimibh. Ro
forchongair Ua Domhnaill for druing dia mharcshluagh dul


L. 262


lásna heocha amail as déine coniocfatais agus gan airisimh frisiomh
itir. Do ronta íaromh ind sin. Anais Ó Domhnaill fodheoigh
agus an do raegha dia mharcshluagh ina fharraidh agus a mhiledha
traighthech archena. Ótchiatt na Gaill a neocha do deliugadh
friú atraghat i noibne dia ttarrachtain agus gebhitt a narma agus
doleiccett ind deadhaid Ui Domhnaill. Ro leabluing an generáil
Henri Docur for a eoch agus ro leabhluingsett an marcshluagh
archena do neoch oga rabattar eich agus rosfost i nionattaibh
innille agus naro hettarsccartha friú. Doíeghatt isin tograim amail
as deine conrangatar. Otchonnairc O Domhnaill marcshluagh
na nGall for díainimrim na dhedhaid airisis dar éis a miledh
traighthech cona diorma marcshloigh ina fhochair co ruccsat
marcshluagh na nGall fair. Doberatsaidhe ammus diochra
danardha for hÚa Domhnaill dar cenn a ccreidhe agus do chosnamh
a neinigh diblinaibh. Fosaigis O Domnaill co dédla durchroidheach
frisin deabaidh agus ferthair iomaireg amhnaus etorra cechtur
an da leithe co mbatar an marcshluagh cechtardha mesc ar mescc
agus gora gabhsatt for iomrubadh agus for imdhiubragadh aroile co
coimhdhiochra. Do rala Aódh mac Aódha Duibh Ui Dhomhnaill
agus an toiseach Henri Docur tul i tul fri aroile isin iomghuin.
Tarlaic an tÓedh Úa Domhnaill an fogha foghablaigthi báoi ina
láimh ar ammus an tóisigh co ttarla hi ttul a édain gan iomroll
dó corus gon co haicher. Soais an tuiseach frithroscc ierna threghdadh
samlaidh agus soaitt na Gaill archena fo mhela ier nguin a
ttreinfhir tairisme agus a ccuingidh catha agus niro ghlensat a néccrait
niba siriu. Tieghaitt muinter Ui Dhomhnaill dia scoraibh
íarttain agus atrimhett a ngaillgredha gan guairemh. Fuilledh ar
dib cédaibh each basedh a líon. Rannais Ó Domhnaill iett asa
haithle forna húaislibh iarna míadh agus comramh.



O Domnaill tra baoisidhe i forbhaoisi forsna Gallaibh
gan fogluasacht asa thír co deiredh October. Do ruimenair
ainnsidhe dul gusan Tuadhmhumhain doridhisi dia hinredh.
Tarcclomtha a shlogh lais iar ccinedh a chomhairle agus niro airis co
rainicc darsan Sliccech siar agus fosráccaibh Níall O Domhnaill


L. 264


mac Cuinn m an Chalbhaigh m Maghnusa dia gheilfhine
badhdein dara éisi isin ccrich dia comhdha forsna Gallaibh na
tiostais dia hinredh ina dhiuidh. Ni andais Gaill dogres acht
occ áil agus occ atoch ag gresacht agus occ guidhe Néill Uí Dhomhnaill
co hinchleithe im thocht ina mbáidh agus ina muinterus badhdein
agus do rairngirset righe agus cennus na criche dhó diamtais cosgrach
agus ro thingeallsat ndó frissin seóitt iomdha agus maoine mára agus
cuir agus tennta fri comhall gach neith archena. Baoi siomh
dan athaidh foda occ coistecht frisna comthaibh sin ro
both agá neráil fair condo ratt a ainshen fair fodheoidh a
áentugadh dul daoinleith agus daonrann la Gallaibh agus a breccadh agus
a thoghaethadh la a ttingealltaibh goacha agus la miairle ind oesa
feigh foruallaigh ro greis agus ro aslaigh fair an chomhairle hisin.
Mairg menma ro iomráidh. Mairg croidhe ro sgrud. Mairg tenga
do rionchoisg an airle aindiuid ainíarmartach misgnech mhíorúnach
ro cogradh don chur sin. Mairg brathair ro threicc a
chorpfhine agus a choimdid talmhanda a chairde agus a chomhfhuilidhe
ar dhul hi cleith agus hi ccomhaontaidh a éccrad agus a
esccaratt. Monúar ámh nach daoinleith ro iomáinset agus do
bertsat a mbáire ar nírbho soirbh agus niruó sodhaing a ttolladh
ná a ttreghdadh a ttacmhang na a ttimchealladh an ccein batar
i ccora agus hi caónchomrac fri aroile. Do deachatar tra a thriar
derbraithreach lá Níall isin coimheirghe sin .i. Aódh Buidhe
Domnall agus Conn Ócc. Batar din na Gaill hi riachtain a leas
Niall cona braithribh do dhul dia nionnsoigidh úair roptar
scíthigh meirtnigh hi caithfheis agus hi ccathchongraim gach
noidhche la homhan Uí Domhnaill agus robtar sáothaigh galraigh
la hiomchuimge an ionaid a mbatar agus lasna biadhaib senda
senbholaidh agus lasna feolaibh saillte serbhghoirte agus la teasbaidh
gacha túara ba hadhluic dhoibh agus na húirfheóla sochaithmhe
sainredh. Ros airchis Níall Úa Domhnaill im gach ni bá tesbaidh
forra agus ros fúasccail doibh asin ccumangcharcair i mbatar.
Do bert .x.c. laoch lais úadhaibh co Leithbher naoi míle ceimenn
ón Doire siar gach ndírech for ur an locha céttna. Ba dúnarus


L. 266


airderc dÚa Dhomnaill an du sin agus ba heisinnill an ionbaidh
sin uair ni baoi dunadh daingen ná caistiall clachaólta ann fri
ré fada oro blodadh fecht riamh acht madh dúnchladh dinnim
iarna imdhenamh do chríaidh agus dfhóttaibh an talman agus coelchlais
édomain uiscidhe ina imthacmhang oc iomfhuirech agus
og esnadhadh fri haithghein an dunaid ro baoi ann fecht riamh
do thurgbail ann ifrithisi. Fosraccaibh an toés coimhéda an
port fás la homhan oro rathaighset na Gaill chuca agus na baoi
Ó Domhnaill ind occus doibh dia ffortacht. La sódain tangatar
na Goill don phort agus túargaibhset muir moraidhbhle agus dumacha
criadh agus cloch for a sccáth gorvo hinnill fri hursclaighi agus
iomaireg ind aghaidh a námhatt.



Luidh araile fer do shainmhuintir Uí Domhnaill ina
dhedhaid co ffios scél an tíre lais agus atféd ndó uile an do ronadh
ann. Ba hiongnadh már agus ba machtnadh menman la hO
nDomnaill a brathair agus a chliamhain do shoadh fair dóigh basí
fiúr ind Oedha roba bainernustaidh don ti Níall. Iompais Ó
Domhnoill a coiccedh nAilealla úair ni ranuic tar Baile an
Mhotaigh siar isin coicced antan ruccsat sccela fair agus iompáit a
shlogh friothroscc febh ronuccsat dialaile acht nama ni ruacht
la a miledha Ua Domhnaill do fhreastal acht madh uathadh dia
marcshlúagh co mbui a nathfhoccus don Lethbior atrubrumar.
Nicon tairnic lasna Gallaibh creacha naid oirccne do dhenomh
resiú ranuic Ó Domnaill for ccúlaibh acht beith acc daingniugad
a scor agus occ claidhe a múr agus Otchúalator Ó Domhnaill do
thuidheacht nisrelic a nomhan doibh dérach an phuirt a mbatar
for cenn nach neith ro baoi do thesbaidh forra. Tárrusair
Ó Domhnaill ind ionad nárvo heitirchían ona Gallaibh co
ruccsat uathadh dia mhíledhaibh thraightheach fair.



Ba foda la hÚa nDomnaill ro batar na Gaill gan fuabairt
agus niro airis frisan slógh niba siriu gorus tairfén an tuathadh
ro baoi dona Gallaibh for toeb Cruacháin Lighen alla andes
frisan abhainn atúaidh. Otchiett na Gaill eisidhe do riachtatar


L. 268


a dochum agus Níall Ó Domhnaill cona braithribh hi toisicchecht
na troda. Doberatt soighin nugra for aroile cen nach ndanatus
deabhtha an lá sin cettus acht beith a nurfhoichill for a chéile
úair niro shailset na Gaill O Domhnaill do beith i nuathadh
amhail ro baoi agus batar iomomnaigh im breig do thabhairt
iompu agus nirvo hail dóibh dol ind imcheine on mbaile araoidhe.
A chumbat cetna do mhuintir Uí Dhomnaill ba dichuinn
doibhsiomh dol i mescc a namhat ind iomfhoiccsi an phuirt an
túathadh sloigh batar. Ro eitirdhelaighset fri aroile ara aba
cenib fo chóra agus chaonchomrac ro scarsat. Ro gonta araill
uaidhibh desiu agus anall la diubraicthibh slegh agus saighett agus
foghadh fogher fogabhlaighthe agus ubaillmheall lúaidhe acht nama
ba moamh ro creachtnaighit muintir Uí Dhomhnaill ara núaite
inait na Goill. Tíeghaitt na Gaill dia ttighibh iarttain agus dotoet
O Domhnaill cona mhuintir dia scoraibh agus ba co ffuasnadh agus
fergluinne luidh Ó Domhnaill ainnsidhe ara mhed ro la fair gan
a shlogh dia tharrachtain an la sin doigh ba derbh laisiomh dia
mbeittis occa an ionbaidh sin na hernaifitis na Goill uaidhe febh
atrónesiot. Rangattar a shlógh dia shaigidhsiumh asa haithle agus
ro dluthaighestair ind iomshuidhe forsna Gallaibh iar mbreith
dia mhiledhaibh fair coleicc agus gabhais longphort fo dhi mhíle
ceimenn don Leithbear iomroraidhsiom for scath ind oésa treabhtha
coro erlamhaightis na harbhanna batar ind iomfhoiccsi dona
Gallaibh. No laadhsomh oés braith agus taisccelta forsan mbaile
cech noidhche náchasrelccedh oén anonn nach alle mana roistis
darsan abhainn badhdhes agus nísfarccaibh conaire náitt fithisi
náid esrusa elúdha fo mhile ceimenn don baile nara lá forairedha
agus ettarnaidhe forro do choimhet agus do fhriothaire forsna Gallaibh
na tistais tairsibh gan rathugadh agus for cloinn Cuinn Uí Dhomhnaill
sainreth agus fora muintir ar as forra ba duilghe laisiomh a
choiméd agus as iatt fotruair iliomat na netarnaidhe agus ind oesa
friothaire. Baoisiomh fri re triochatt laithe an dú sin cen foghluasacht
ass co ttairnic la brughadaibh agus coardaibh na criche a
narbonna derthioradh agus do thiorghoradh agus co ttardsat i minchliabaibh
agus i menbolccaibh dia ttarrúdh agus dia nimfhedhain for


L. 270


echaib agus groidibh coro láiset i ndúinibh daingnibh agus inn ionataibh
innillibh na ristais a namaitt.



Fecht noen dÓ Domhnaill resiú dusfarccaibh an longphort
hisin tárrusair occa dul for ammus na nGall dus an ttistais
darsna muraibh amach forsan maighréidh. O do deachatar
muinter Uí Dhomhnaill for ionchaibh an bhaile ro batar na
Gaill aga fhorcsi agus aga midhemhain agus niro shaighset forro o
rotgenatar gurvo do chuingidh ugra do dheachatar. Imsáiset
muinter Uí Dhomhnoill i frithshed na conaire doridhisi ona
fuairset an ni fora ttardat íarraidh. Dogniett airisiomh for ur
na habhann allathuaidh dianad ainm an Dáol edh nathghairit
on mbaile. Tieghaitt dronga móra dhiobh dia scoraibh agus fri
oile do thosccaibh ar nír shaoilsiut na Gaill dia leanmhoin an la
sin sainredh. Otchonnairc Níall Ó Domnaill muinter Uí
Domhnaill co hesreite anfhuirithe atbert frisna Gallaibh corvo
hiomairgidhe doibh ammus do thabairt forro. Gabhaitt na
Gaill occ airittin a narm agus occa neittedh co fóill fathachda (fora
eráilsiumh) i netirmhedhón na múr arna badh foderc dia
naimhtibh comtis armtha éidithe. O robtar erlomha iaromh
dusficcet darsna múraibh sechtair ind urd chatha. Lasodhain
doleiccet for ammus mhuintire Uí Dhomhnaill fon reim sin agus
an tí Niall cona braithribh agus mhuinntir hi rémthus rempa dia
sédugadh.



Atchí Ó Domhnaill chuga íatt fon toichim sin agus ba fó
lais a ffaicsin dia shaigidh agus ro shuidhighestair a miledha ina
nionadaibh erdhalta foa nerchomhair cona niodnaibh aigh úaistibh
agus nisrelic a niobhraccadh co mbatar forsan mbrúach alltarach
don abhainn. Imacomrainic dhóibh íertain co mbatar mescc
ar mhesg agus ferthar gleó ainmín éccratuch etorra gervo garfhoccus
a ccoimhfhíalus. Scuchaitt an marcshluagh dochum a chéile co
mbatar ag tuinnsemadh araile do mhanaoisibh móirleabra agus do
chraoíseachaibh cennghlasa. Do ratt tra Níall Ó Domhnaill
tuinnsemh don tsleigh simnigh sithfhoda bai ina dhurn for
derbhrathair Uí Dhomhnaill .i. Magnus coro chlannustair an
ccraoísigh fó iochtar a iomdha ind agus gur threghdustoir a inmhedhóncha


L. 272


triasan éidedh seicrighin do rala uimbe. Otchonnairc
Rudraighe Ó Domhnaill rioghdhamhna Cheineoil
cConaill a derbhrathair do ghuin samhlaidh do bert ammus
calma dána dúrchroidheach forsan tí Níall co ttard forgomh
amhnus aicher do gha mhor fo erchomhair a ochta fair. Niall
tra Otchonnaircsidhe an dásacht fors mbaoi Rudhraighe occ
saigidh fair agus Otchí tuinsemh an omna chucca ro shocairthenn a
shríainmhírenn i ngionghob an eich airdérmaigh allmhardha
do rala foa co ttuarccaibh a chenn etarbhuas etorra co ttecomhnacair
an ccraoisicch ccruaidhrighin hi tul a édain don eoch go
ranuic an inchind. Ro blodhustair croinnsma na craoísicche
occa trentarraing fora hais don ti Rudhraighe co bfargaibh a
hiairnchend isind eoch cona baoi laisiomh acht an díchealtair
diainbrisde ina dhurn. Ro thathamair an teach desidhe fodheoidh
iar rochtain an bhaile iar ngaitt an iairn ass.



Ba dirsan nach immalle ro láisiot an loechrad ind
iomaireg fria naimhtiu agus a mbarainn fria mbiodhbadhaibh agus
nach hi córa batar oair niro cumscaighedh a cconach an ccein ro
ansat samhlaidh agus robtar cosccraig isna coiccriochaibh no
chingtis agus niro hadarbanta asa foirb ndilis la hechtairchenel
amail do ronta cidh iarttain. Maircc crioch agus caomfhorba mairg
tír agus tuath inro chedaigh a nainhsén dona combraithribh agus dona
comhfhuilidhiph iomrubadh agus iomchlaidhbedh a chéle gan
choiccill amail forcaomhnaccair don chur sin.



Iomthusa na nGall ind airett batar na hairigh atrubhramar
ag comfhuabairt aroile do rattsatsaidhe inn aighthe ind
aoinfhecht agus i naenfhabhall for traightheachaibh Ui Dhomnaill
coro soaid reimib biug acht namá niro gonta uaidhibh acht madh
uathadh ar niro lensat na Gaill íatt tarsan ccathlathair sechtair
agus ba haire naro lensat fodhaigh ghona a ttuisigh ro treghdadh
isin tochar sin corbo heiccen doibh iompudh lais co Leithber
co bfuair bas iarttain. Ro lensat drong mhor do mhuintir Ui
Dhomnaill iatt agus gabaitt occa ndiubragadh agus chlaidbedh co
ttorchrator araill diobh agus coro gonta agus robadh lanshaoilechtain


L. 274


la hoes na tograma co srainfithe forro dia lenadh an slogh íett
coleicc. Acht chena nisrelic a nadhnaire agus a naithmhele dona
hibh forsro soadh cédammus a leanmhain ifrithisi.



Iompais Ó Domhnoill cusna sccoraibh iar nimthecht
dona Gallaibh. Ba triamhain toirseach ro both isin longphort
an adaigh sin fodháighin mheic a fflatha agus a ríoghdhamhna
beos día maradh a haithle a bhraithriuch. Batar meinci la
Cenél cConaill a niolach búadha agus cosccair do thabairt os aird
ag comhmaoidemh a necht agus a náithes íar shraoinedh rempa
oldás lamhchomairt a loechraidhe agus basgaire a mbanchuire ag
caoinedh a ccaratt agus ag gerchaoi a ngerrat gusan tan sin dóigh
niro tromghonaitt agus niro tochraidhit ón tan ro ghabh Aodh
Ruadh righe agus flaithius forro gusan laithi hisin. Ba heisidhe
laithe thoisiuch in ro tubadh a ttreisi agus in ro cumsgaigedh a
ccosccor agus amhail nach lainn lásan aoinDía treisi domhanda
gan terbhrúdh na áines gan erchra do bert frithbert foill for
chonách Cheneoil Luighdech m Sednae seatal naile. Cía atbertais
aes iomfhormaitt agus iomthnuidh fhoduird agus égnaigh ainchride
agus eccraittis corab do aithe a indlicchid agus a eccóra for Ó
nDomhnaill ro shóidh an firDhia forordha fair don chur sa ni
fior dhóibh eccin. Acht as aire do roine Día indsin nachasraghbadh
uaill na ionnoccbáil accobhar na iomtholta Aódh Ua Domhnaill a dirghe
a breth agus a choiccert ag follamhnucchadh a fhlaithiusa agus araba
a chen agus a chosccair for choiccriochaibh agus náro
ládh a uídh agus a innethemh ina niort agus ina chumhachtaibh fodhéin
acht i ndánaibh agus i nderlaicthibh Coimded nimhe agus talman
chonnic turnamh na ttren agus turccbáil na ttruagh. Doigh asedh
doghni an taoínDia co meinic tiomarccadh agus tochradh a chloinne
dilsi tholtnaighes ndó agus doghni a reir agus a réim do thelgadh lia
chloinn nind(i)lis na comhaill a thiomna nach a recht itir. As


L. 276


imne forcoemhnaccair dAodh O Domhnaill agus dia braithribh
do riontá an Coimdhi dia rioth mbuadha agus do rad an fhlaith
nemdha doibh dara eisi. Ba suaithnid on fora noidhedhaibh agus
for cetfaid na mac mbethadh agus na nanmcharat neolach do rala
i freacnarcus a mbais.



O rainicc O Domhnaill don longphort amail atrubhramor
ro erail fúadarach fithe fionnchaolaigh "do dhenomh"
do Mhagnus O Domnaill dia iomchur tar an mBernus síar.
Ro gnithe an tárach febh ro herbad agus do bretha an tí Maghnus
ind íeromh. Tieghait drongbuidhne aidhble lais dia oés ionmhaine
agus dia chairdibh archena co riachtator Dún na nGall.
Ro dergaithe a iomdaidh othrais dhosom ainnsidhe. Do rata
leighe Ui Dhomhnaill chuga día choimchisi agus niro fhedsat
freapaidh dhó. Atbertsat gurvo marbh. Ro batar mic bethad
iomdha durd S. Franses isin mainistir bai allaníar ind imfhoccus
don dúnadh. Dosficcet araill don lucht robtar eccnaide diobh
dia shaigidsiomh do ernaidhm a chairdesa frisan cCoimdhidh.
Gabhaitt occa thionchoscc agus occ proicept ndó. Dogni faoisidin
a dhoalach cen nach ndícheall agus addaimh a thurccbhala coleicc.
Ro chiestair a pheactha fíadh Día agus bat anaithrech ima indoccbail
agus ima miadh menman in airett ro mair. Ropo maithmheach
beos don tí rus gon agus atbert gurvo he badhdein fotruair a oidedh
doigh asé ro shaigh for Niall cettus. Baoísiomh samhlaidh fri re
sechtmhaine ag foichill écca cech oenlaithe agus cele De don urd
remraitiu fru airenach na hiomdaidhe na fhochair dogres dia
iomchoimét for intledhaibh díabhail. Do bertsomh a choibsena
dia anmcharaitt co meinic frisan ré sin agus ro thochaith corp an
Choimded ierttain agus ro ecc asendadh (an 22. October.1600.) iar
mbuadhucchadh for dheaman agus doman. Basi cetfaidh na mac
mbethadh batar i freacnarcus occa co bfuairsiomh cennsa an
Choimdedh ara deghairilledh. Atradhnacht iarom ind othairlighi
a shinnseir isin mhainistir atrubhramor.



Ro baoi a athairsiomh Aódh m Maghnusa m Aodha
Duibh ina shendataidh an tan sin oga gaire ind occus don
mhainistir. Atchóas dóisidhe a mhac do epilt. Feacais for
maircctenaigh agus mifri go mór imo mhac coro dhianaighestair


L. 278


fora écc. O thainic dhósomh gusna deighencha do riomghart a
anmchara a dhochum agus do ratt a choibsena agus doghní aithricche
ndiochra fri Dia. Ro thathamhair ier mithisi mbicc ina dedhaid
an 7. do December (in marg. .1600.) iarna beith iomnocht
imdilmain ó dhemhan agus o dhoman. Ro hadhnacht isin othairlighe
cettna hi comfhochraibh dia mac co ffilett a relcci agus a
ttaisi dib linaib isin mainistir cétna indiu. Baoí an tí testa annsin
.i. Aódh m Magnusa m Aedhu Duibh m Oedha Rúaidh m Néill Ghairbh
ina thigherna Cheineoil cConaill Insi hEoghain Cheneoil Moain
agus Iochtair Connocht agus for fhoirb a shen agus a shinnser
archena fri ré sé mbliadan ffichett coro heinirtnicchedh la
Gallaibh co ttard a thigernus cona bennachtain dia mac Aodh
Rúadh ierna élúdh ó Ghallaibh (amail atchuadhamar). Fer
fúair tighernus gan feill gan fionghail gan coccadh gan comhfhúachad
an tAodh m Maghnusu hisin ier nécc a derbhrathar
an Calbhach: fer ághmar ionnsoighthech co mbuaidh troda
agus tachair i ttigernus agus ria ttighernus indraidhtheoir agus
aircctheoir na ccoiccrioch agus na ccomharsan diarvo dú a ríarucchadh occ
saigid cheirt a cheineoil co ndobert co fomamaighthe dia reir:
fer ro lá sniomh agus deithitte an tsaogail de ier ttairbhirt a thighernais
dia mac agus robadh deghairiltnech i leith fri Día occ tuilledh
fochraicce dia anmain fri ré ochtt mbliadan gorro écc don
chur sa.



Iomthúsa Uí Dhomhnoill iar bforbhadh dhósomh an
triochat laithe ro raidhsiom i forbhaisi forsna Gallaibh do
chorustair fair deirghe an phuirt i mbui frisan ré sin agus dol co
mennat naile narbhó hesinnille agus ba sía amh biocc ona Gallaib
for ur na Finne allathiar etorra agus an Bernus uair ro ághustair
úacht na gairbhshine geimhriuta dia fheinnidibh cech noidhche
occ forcma agus occ friothaire forsna Gallaibh fodháigh émh basí
an tsamhain tarrusair ind an tan sin agus ba mithigh laisiomh a
shlogh do bhreth lais i nionadh cumhsanta ierna morshaothar
oir níro thuilset hi saimhe fri denus fhoda. Tocomhlat ass
iaromh gusan maighin imroraidhsiom. Gabhaitt longphort


L. 280


hisuidhe i fosccad fiodbaidhe ind imfhoiccsi na habhann. Dogniet
fianbotha agus foirgnemha asa haithle agus gabhaitt occ tesccad
an fhedhna ina niomthacmhang co ndernsat daingenairbhe doraidh
doimthechta don dlúithfhiodhbaid etorra agus a namhaitt co narbo
sodhaing a saigidh treimhitt. Ónd úair fosráccaibh Ó Domhnaill
an iomshuidhe i raibhe batar muinter Néill hUí Dhomhnoill na
néisibh agus na mbuidhnibh occ iomathoigidh for ammus a ccarat
agus a ccoiccledh do brath agus taisccéladh an tíre dus an tétairsitis
boeghal creiche no oirccne dona Gallaibh. No dhaltais a ccaraitt
chucusomh i ninchleithe fecht nann co bfios baogail agus sccél na
criche archena leó. Ro ríaghta aroile dhíobh la hO nDomhnaill
forsar fforeil a mírun agus a meabail. Nirpó torbha does an taisccélta
a tturus uair nisrelicc Ó Domhnoill a muintir i néislis ar no
biodhsomh badhdhein cona shlógh etorra agus na Gaill dia nimdeghail
agus ba diomaoin do neoch a ffuabairt tairis dia norccuin.
Baoi O Domhnaill cen foghluasacht asin du sin co cenn cethrachat
laithe gan creich gan orccain gan ammus o cechtarnae
dhiobh for aroile esiomh agus na Gaill.



Inn eacmhaing na ree agus na haimsire sin dosficcet scéla
chuiccisiomh go ttudhch<a>idh long ón Spain co cúan in Inbhir
Mhóir ind iarthar choiccid Meadhba. Atracht a mhenmasomh
agus a aiccnedh desidhe ar ba celmaine conaigh lais dóigh do ruímin
co mbaoi sochraide sloigh agus toirithin on Righ ina leanmhuin agus
ro la a thechta gusan du i mboí Ó Néill co bfios scél leo agus dia
thochuireadh chucca. Dusréilcce feisin i ccenn tséda darsan
mBernus direim marcach agus fosragaibh a shlogh ina longphort agus
Rudhraige Ó Domhnaill a derbhrathair hi ccennus forro. O
ranuicsiomh tarsan mBernus niro airis acht madh beacc go
riacht tarsan Éirne tar Drobhaois tar Duibh tar Muigh cCeittne
na fFomhórach tarsan Sliccech co Tír Fiachrach Muaidhe. Ó
do rala feil gheine an Choimdhedh i ngarfhoccus dósomh an
ionbaidh sin asedh do roine a litri do scriobadh gusan luing agus ba
sedh a tothacht seoladh lásan ccetna gaoith dusfiocfadh aniairdes


L. 282


co cúan na cCeall mBeg hi Tír Bhoghuine agus co bfuighbhettis
eisiomh agus O Néill reimibh inn. Anais Ó Domhnaill asendath i
tTír Fiachrach Muaidhe coro ghle lais saoire an Choimdedh
dairmhittniugadh. Luidh ass aitherrach gusan Sliccech soir
doridhisi. Atchuas dósomh co mbuí O Neill isin cconair chucca
tas Magh cCeittne siar ceach ndíreach coro dhianascná O
Domhnaill isin sligidh ina dochum condustarla tul i tul. Ro
fhailtnicchestair ríamh. Soait immaraon friothroscc gusan
Samhaoir soir aissidhe co Dún na nGall. Fosaighitt hisuidhe fri
ré coicc la ndécc ag furnaidhe na luinge remhraite. Ro thionoilsett
airigh agus úaisle coiccidh Conchobair do neoch baoi fo mamus
Ui Neill o Loch Feabhail co Boinn dia shaigidh an dú sin.
Tangattar ón mudh ccetna maithe choiccid Meadhbha do neoch
batar dogres fóa mhámus agus fora rainn i ndochum Uí Domhnaill
do chuingidh asgadh gó agus gunnadh airm agus éittid agus a rainne
archena da cech erndail chonganta tisedh chucu amail ba gnaithbhes
dóibh. Batar tra na saórchlanna occ sainol agus occ fledhucchadh
frisin ré sin do gaoine bidh agus leanda.



Tainic an loncc iarttain co cúan na cCeall mBeg i Tír
Boghuine. Tieghaitt na flaithe día haithreós. Ro baoi epscob
amra forsan luincc. Dusficcsidhe amach agus na techta archena
imaroen ris. Ro fhailtnighettor na maithe remhibh agus ríasan
epscop sainredh. Do rata i naraccal for leith ierttain agus do gnithe
a ffiadhucchad agus a ffriothailedh co nonoir agus airmhitin amail
roba dú coro láiset scís agus meirten na mara dhiobh. Atgladatar
iaromh agus iarmhafoacht diobh cisi tucaitt fotroghluais. Donarfénset
dhoibh an toisc ima ttudhchatar comba dia nertadhsomh
i nagaid a namhat do dheachatar riasiu tallsadais céill dia ccabhair
o Righ na Spáinne agus co ttarttsat sé mhíle pont leo céttus dia
thabairt doibhsiom a ttuarustal día namhsaibh agus erradhaibh agus
dusfioccfadh arccatt ba móamh an fecht tanuise agus congnamh
sloigh febh ro geallta. Teitt Ó Domhnaill agus O Néill ind iomaccallamh
agus ro cheis menma cechtarnae dhiobh co mor forsan


L. 284


arccatt oir ba derbh leo co laifitis a namhaitt súil forra ar dhínnimhe
agus deroile an chonganta dusfainicc agus comad étoirisi
doibh a sainmuinter feisin agus a noes cottaigh agus coimhcheiniúil ond
úair atgéntais neimhdeithitin Righ na Spáine imna Gaoidelaibh
agus nach derna acht fodhail agus bricch mbicc dhíobh goro mhiodhairset
na maithe dlomad an arguitt céttus. Ar aoi sin nirbo háil
doibh todhiusccadh feirge na Spainnech uair ní bhaoi nach
nderbhiris leó frisi ccaointís a nimnedh no a neccendál no forcuimhgeth
a ttoirithin asin aire i mbatar acht Ri na Spáinne
namá. Ro ghabsat an arccat ara aba agus ni tria shaint no ailghes
maoine. Do bertsat a bhuidhe frisan Righ fiadh na techtaibh
a ndoriodhnacht dhóibh agus do rattsat cóicc cétt ponta dona techtaibh
feisin. Ro láiset muinter Uí Dhomhnaill a ffolartnadh
chuca isin luincc dfheólaibh agh niomthrom nalaichtmhéith agus
ccethnatmolt ccluimhétttrocht cclaonadharcach. Ro sheólsat na
techta asa haithle friothrosg isin cconair céttna la ceittinfedh na
gaeithe anairtuaidh. Tieghaitt na flaithe for ccúlaibh co Dún na
nGall agus ro rannta a narccatt i ndíbh lethibh eiter Ó nDomhnoill
agus Ó Néill agus do bertsat i ttúarustlaibh dia nurradhaibh agus dia
ccomhrann coccaidh día namhsaibh agus día nerradaibh. Anais
an tepscob ro iomráidhsiom i fochair Uí Domhnaill agus na mac
mbethadh baoi isin mainistir co rustóchaith re fhoda imaroen
friu. No bhíodh seatal naile i farradh Uí Néill. Baoi samhlaidh
etorra dib linaibh imaseach fora chuairt co bfarccaib an Eire
íar ttrioll.


L. 286


An Deachmhadh Bliadhain, 1601.



Ó ranccatar na flaithe co Dún na nGall an fecht
tanuisi ro eitirdhelaighsett na húasail agus na hairicch fri aroile.
Teitt Ó Neill cona mhuintir dia ttighibh. Soaitt fir Chonnacht
agus an cach donangatar a coicced Meadhbha dia ttíribh agus dia
ndúinibh. Docomhla O Domhnaill tarsan mBernus asendath agus
darsan fFinn co riacht cusan lonccphort i farccaibh a shlogh i
nurfhoichill for Ghallaibh agus og gabáil forra tocht dinred na criche
día eis nachasfaghbaithi i netarbhaogal nach ind eislis. Ro
ghabh greim dhóibhsiomh an dúrchoimhett hisin doigh ni
derghensat Gaill fogail no ingreim rob ionáirimh tarsa an ccein
baoi Ó Domhnaill ag gleódh na ccaingen remraitiu. Acht
namá tan ann do bertsat Gaill Doiri ammus amhnus etrocar
for Úa nDochartaigh Seaan Ócc dus an ttáirsitis boeghal gona
nó gabhala fair. Ara aoí robadh cenn i ccuithe leomhan nó
lamh i nead ghribhe a ionnsoigidh itir cein baoi an toice agus an
conách ag congnam lais agus la a choimdidh talmanda. Íar rochtain
dona Gallaibh atrubhramar eineach ind ionchaibh fri hUa
nDochartaigh ro fhúabair cách a cheli dhíobh co haingidh
éttrocar co raoimhidh dona Gallaibh. Ro mudaighit sochaidhe
uaidhibh imón Corinél ba tóisiuch iomghona dhoibh. Ridire
airrderc eisidhe Ser Iohn Chamberlin atacomhnaic. Soais Ua
Dochartaigh co ccosccar. Monúar ámh ba heisidhe a chosgar
agus a áithius deighenach for Ghallaibh acc cosnamh a athardha agus a
dhomhnais friú ar ba garúair gurro ghabh teidhm difhulaing agus
saéth dermháir coro ascná a noibne dfhios an alltair an 27
Ianuair (in marg. 1601) sainredh. Ropad líach agus robadh doiligh
oidedh an tí testa annsin dóigh as ing má ro bhaoi toíseach
aointriocha ched ind inis Eremhóin isna déidhenchaibh roba
crodha comhramach i ngníomaibh goile agus gaisccidh indas roba


L. 288


deach gart agus gniomh eineach agus airbert alladh agus airrdercas. Ba
crúaidh comhnart fri cothucchadh ba haghmar aigméil fri
hionnsoigidh an tí tathamhair an tan sin. Tangatar techta líe
scelaibh a oideda gusan mennat a mbaoi Ó Domhnoill.



Ro lá i sniomh agus i torus desidhe agus delligh fora mhenmain
co mor agus teitt fó athusccsomh i ttraitte úair nirbho fotha cumsanta
lais a écc. Fósráccaibh a shlógh ina longphort acht madh
beg do bert ina chaoimhthecht fadhein agus iar ttarcclomad an
neich robtar uaisle aireghdha do shiol Fíamhain m Cindfhaoladh
(diarvo toich oireachus Innsi hEoghain) co haonbhaile chuga
dus cia dona maithibh no oirdnidhfedh hi cceannus an triochaitt
céd atrubhramar ba fair dellaigh occa íer ccrúdh a chomhairle
tigerna do ghairm do Fhelim Ócc O Dhochartaig derbrathairsidhe
Seaain Óicc atbail febh imrordaidhsiom uair ba heisidhe ba sine
ar aoi naoisi agus ba huaisle íer bfuil dóigh basí inghen Uí
Dhomnaill (Magnus) a mathair Rois atcomnuicsi. Do garar
íeromh a ghairm flatha don Fhelim fiadh na maithibh i nóighe
imna tuccaittibh cédna i nArd na tTaoisech i mBaile Aighedh
Chaoín agus do bretha Úa Dochartaigh danmuin fair.



O thairnicc laisiomh indsin ro shai ina fhritheing dia
sccoraibh agus ro forcongair for a shlogaibh an daingenairbhe ro
thesccsat ina niomthacmhang do dhaingniugadh agus gan faill
do legadh ina ccaithfheis nach ina ccaithettarnaidh do lo no
doidhche fodhaigh nachasrelcctis Gaill náid clann Chuinn Uí
Dhomnaill tarsa gan ráthucchadh dindredh no do chreachorgain
na criche. Do rónadh eiccin fairsiomh indsin. An tán na fuairsiott
Gaill ná Niall cona bhraithribh agus cona muintir elang na
eislis forsan bforaire agus forsan fforcoimhed baoi forra dogres ó
Úa nDomhnaill niro fhodhaimhset gan asccnámh i leth naile
lasan aidhilge i mbatar do chuingidh acnamad agus airberta bith
uirfheola conadh fair desidh leó brodlom slóigh lánmoir do
thraighthechaibh agus do mharcshluagh do breith darsan senabhainn
dar Finn hi Cenel Eoghain m Néill. Ro asgnátar rempa ina
réimim go riachtatar co Gleann Aichle hi Cenél Eoghain agus


L. 290


ro creachoircced an dú sin co léir leó. Sraoínit bheós for cloinn
an Fhir doirche m Eóin Meic Domhnaill oc Cnuc Bhuidhbh
Deirg agus erghabthar Toirrdelbach Occ O Coinne la Níall O
nDomhnaill agus niro léiccedh a geimhiul coro héirnedh sesccat
marg do argat ass. Do gabadh leó ierttain an Baile Núa agus
caislén na Deirge (di dunarus airrderce íaidsidhe) gorro chroithset
món uile maithes do neoch tarthatar inntibh. Dothoet Níall
cona braithribh agus cona Gallaibh ina ffrithshed co Leithber
íarsan turus sin.



Dala Uí Domhnaill baoisidhei fos an airett sin occ coistecht
fri Niall cona Ghallaibh agus niro shaigh cechtarnae dhiobh
for aroile. A mbaoísiomh an tí O Domhnaill samhlaidh do
riachtatar techta a dochum co litribh leó o araill dia irisibh agus
chairdib batar i ngarfhoccus do Ath Cliath acc coistecht fri
scelaibh na cathrach agus an tSenaidh archena. Basedh tothacht an
scribhenn co mbaoi aón dúaislibh na bFionnghall laithe nann imo
thosccaibh agus imo chaingnibh fodhéin isin teghdhais toghaidhe
i mbatar scribhnidh agus secretairidhe na Comhairle agus coro leghsaidhe
litir i trechumuscc a raibhi do scribnibh ann i mbaoi
ernaidhm caradraid Ui Chonchobair Sligig Donnchadh mac Cathail Óicc
frisan Iustis ar thaiscceladh agus ar thairbirt Uí Domhnaill
Aodha Ruaidh (cipsi cruth guin no erghabail) don Iustis
agus don Chomhairle. Ba truagh trá lásan daghduine agus lásan úasal
an mhiimbirt agus an drochdhiach hisin baoi for cind don airigh
agus don ardfhlaith gan a airchisecht agus gan a fhurtacht dia ttisadh
dhe cia ro baoisidhe cona uile fhoirb mhaoin agus maithius fo
smachtchain agus chumachta na nGall conadh edh do róine an
sccél daisneis fo dichleith diaroile epscop irisech catholcdha
roba derbhiris dO Dhomhnaill conadh edh indsin tothacht na
scribhend do ríacht chucca don chur sin. Ro la socht anbhail for Ua
nDomnaill ier legadh na scribhenn co raibhe fri re fhoda gan labhra
fri neach agus niro thuil agus niro loing i saimhe co hathaigh imchein
dóigh ba duiligh lais an gabad agus an ghuasacht anffóill i raibhe
feisin agus ba tanaisi lais dia oidhidh an tí do rad ina cheillsine


L. 292


agus ina muinterus tria rinn agus fhaobhar (agus dia ttarad asgadha
mára da gach erndail agus da gach cenel cruidh agus cethra agus araill do
ionnmus do ionatocht agus do aitrebh a chriche agus a chaomhfhorba)
do chor i frithbert agus i fuasnad fris ifrithisi. Araill bheós ro la i
sniomh agus i torus O Domhnoill: ba homhan lais aos foduird agus
egnaigh dia iomchainedh ina éccmhais dia nerghabadh O Conchobhair
agus do thubha fris gurro fheall fair gan chionaidh. Ba
fair deilligh a mhenma fodheóidh íarsan ccontabairt fhoda i
mboi: aroile dia thairisibh agus dia oes gradha do fhaoidedh co
hÚa Néill (Aódh) do chrudh agus do chestnucchadh na caingne
sin chucca agus dia chomhairlecchadh fris ciodh do ghenadh. Iar
ndul doibsidhei freacnarcus na flatha Uí Néill atfhedsatt co
hionfhoilgidhe dó an toiscc ima ttudhchattar. Geibidh Ua
Neill fri ré fhoda oga gerscrúdadh cisí hairle do beradh dÚa
Dhomhnaill iom<on> comthabhairt i mbaoi conadh edh ro
fhaoidh chucca fodheoidh ó roba deimhin lais ona maithibh
iriseachaibh do bert robadh agus airchisecht ndó an tangnacht agus an
meabhal ro herthrialladh chuga gurbo techta agus gurbo hadha
ndo neach oile do chuimriuch oldas a oidedh fodein do thocht
treimit no a chor hi ccarcair agus a ccuimreach amail do rala dó
asa aoididh agus asa mhacbrataibh febh atchuadamor coleig. Soait
muinter Ui Dhomnaill dia shaigid gusna haithiusccaibh sin Ui
Neill leo agus atfhéttsat uile amail atrubramar.



O Domhnaill dna do raegha direim marcach do gleire a
ghasraidhe asar moo a shaoilechtain agus a thairisi agus nisrelic fri
haon uaidibh inro baoi ina menmain acht namá ro forchongair
forra comtais eallmha fri gniomh an neith no chuingidhfedh
chuca icedoir. Ro thingheallsat do daithescc aoinfhir indsin. Ro
dianasgna iaram cona dirim marcshluaigh gan anadh gan oirisim
go ranuic gusan nGrainsigh i Coirpre Droma Clíabh agus ro lá a
thechta riamh do thochuired Ui Chonchobair chucca gusan
maigin sin. Do thoett din febh ro forcongradh fair. O do
riachtatar eineach i nionchaibh fri aroile ro erb fora mhuintir
erghabhail Uí Chonchobair. Do ronadh fairsiom fochettóir
indsin agus ro erfhúaccairsiot na hocca do gan engnamh no


L. 294


eisiomol do thabairt día uidh ar foghebadh a oirleach dia ttardadh
frithbert ndoibh agus nó bhiadh i ngiallnus ag O nDomhnaill an
oiret roba tol do. Geibhitt na hanraidh occa iomchiomhet gan
nach dicheall ierttain. Doriacht imorro O Domnaill ina
fhritheing gusna sccoraibh agus ro lá Ua Conchobair dia chomdha
co Loch Iesccaigh.



Iomthusa Ui Domhnaill baoisidhe aitheallamh cona
shlóghaibh isin chaithfheis céttna imroráidhsiom cona frith
baoghal gona na gabhála comhruathair na creachoirgne for
aon día mhuintir tairsibh an oiret sin agus ni moo ro lamhsat Goill
ina bheus Níall Ó Domnaill cona bráithrib derach an phuirt i
ra ghaibhsett cettus don leith dia mbaoísiomh. Do rala comhfhuachadh
coccaidh athaigh riasan tan sa im chomroinn a ccriche
eitir Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxanaigh agus a
chombraithre clann Seaain na Seamar m Riocaird Saxanaigh
Remonn Uilliam Seaán Ócc agus Tomás a nanmanna. Roslion
éd agus ealcmaire formad agus firmisccnighe iaittsidhe frisan Uilleac
ima oirdnedh isin flaithius agus tria gach senghoimh do rala etorra
ó chéin robadh eimilt do thabairt for aird indorsa: gurro
hathchuiredh agus gurro hionnarbadh lasan Iarla an chlann sin
Seaain ó gach aird diaroile ier ndénomh foghla agus diberge
dofhulachta ina natharda fria neccraittibh agus fri tairisibh an Íarla
sainredh cona fuairsett aird no airchend in rob innille leo rochtain
dia snadhadh agus do imbirt a mbarainne agus a nainchridhe fora
mbrathair an tÍarla ina dul do shaigidh Ui Dhomhnaill doigh
emh ba derbh leo día ttísadh da nach aon oile do Ghaoidelaibh
a bfoirithin nach a ccomhfhurtacht combadh de a aenar dusfiucfadh.
Donangator íeromh.



Ba garre iar ttorrachtain doibhidhe co hairm a mboí Ó
Domhnaill an tan tathamhair an tIarla Uilleacc i mís Mai na
bliadna so 1601 (in marg. 1601) agus ro hoirdnedh a mhac Riocard
ina ionad. Ro ghabh ierttain ailghes agus iomtholta eisidhe la
borrfadh brighe la huaill agus ionnoccbhail iarna oirdnedh dul


L. 296


daithe a anfaladh agus a eccraitis for nach ndruing fors mbaoi
smacht agus cumhachta Uí Dhomhnaill agus gan oirisiomh co rochtain
do co hur Sligicche dia ccaemsadh. Deithbhir ón ar ro dlighsidhe
cona chrich uile i ccoitchinne feich dÚa Dhomhnaill cona
mhuintir diemtais tualaing a ttobach foraibh ar robtar iolardha
a ccreacha agus a ccuarta chuca ina ttíribh. Ro tarcclomadh a
dhochum for forcongra an Iustis Lord Montioy araill dona
drongbuidhnibh dearmhairibh batar ó Ghallaibh i nduinibh
daingnibh agus ind arasaibh aireaghdhaibh na Mumhan do neoch
tecomhnacair ina chomhfhochraibh .i. i Luimneach hi Cill
Mocheallócc inn Eas Gebhteine agus i nndiongnadhaibh oile
cenmothátt. Batar beós i nerloimhe fora chionn na slóigh
tecomnacatar on mBainriogain inn árusdúinibh airrderca choiccid
Olnéccmhacht .i. i nGaillim i nAth Lúain et cetera. O do
rionáilsiut na maithe sin co hoénbaile con doraisealbhait don
Íarla sin Cloinne Riocaird día ttardad a ccennus ba hedh ro
chinnsiut daoinmenmain asccnamh céttus foa ccumang co
Mainistir na Búille dus an ccaomhsatais déislis nó detim rochtain
aissidhe co Slicceach. Iomthusa Uí Dhomhnoill dna ón cettna
fecht rangatar sccela dia shaigid co mbatar na toichestail tromshloigh
sin occ tríall ina dochum ro fhaoidh forairedha forlethna
forsna conairibh coitchenna in robadh dóigh lais an tÍarla cona
shocraitiu do thochur ina chenn. Ba tanaitiu a chongaibh
chathasomh agus a chliath gabhala fri hechtairchenélu an sernadh
agus an sccaoiledh do bert fora shlóighmhiledhaibh in gach maighin
i mbátor .i. drechta dermhára isin chaithedarnaidh agus isna scoraibh
atrubramor ind urfhoichill na nGall tárrusair i nDoire agus i
Leithber agus Néill Uí Dhomhnaill cona braithribh sainredh:
dronga móra ina rioghdhúinibh dia ccomhdha fora biodhbadaibh
arna faghbhatais i nettarbhaogal gan cosnamh ittir:
atíatt na dúine oilén Locha hIasccaigh Dún na nGall Ath Senaigh
Cul Maoile agus Baile an Motaigh: agus araill dia shlogaibh ina
chaoimhthecht fadhein tan teigedh fri hadhlaicc éigin cecip
nach leth.


L. 298


O ranuicc an tÍarla cona shlogh darsan abhainn dianad
ainm Suca ótchúala an suidhiugadh agus an sámhucchadh forsa
rabatar muinter Uí Domhnaill seachnon na sédshligedh súaithnidh
agus na cconairedh ccoittchiund agus co ttaotsadh badhdhein i
neallmha dia ttóiridhin diambadh airc no eiccen doibh basedh
do róine ro thairmchéimnigh cona shlóghaibh soir gach ndíreach
do mínródaibh maighréidhe Machaire Maighe hAoí co ranccatar co
hOilfinn hi ccoiccrich Maighi Luirg agus Ua mBriúin na Sionna
Cloinne Cathail agus Maighe hAoi an Fhinnbhendaigh. O Domhnaill
tra oro haisneidedh dhó an tÍarla cona shlocchaibh do
thocht an du sin ni tharatt i foill nach a neslis acht ro escomhlá agus
ro dhianaigh do ló agus dadhaig gusan líon as lía forcaomhnaccair
do shocraide ina fharradh gorro shuidigh a longphort aird i
naird risan longphort naile. Ro batar athaigh samlaidh eineach
inn ionchaibh fri araill. Ba fuileach fraisdiubhraicthiuch crechtach
cróileatarthach na hammais aindrenda agus na deabhtha
duilghe doiongabhála ro ficched etorra do dhíbh leithibh robadh
eimhilt daisnéis imaseach acht chena ro mudaighit ile día
nóccbaidh do ráith agus do rata annaill i fuilibh agus a ccrechtaibh
combtar sgithigh toirsigh fodheóidh díaroile gurvo mithigh
lásan Íarla cona shlogaibh iompúdh dia ttíribh agus dia ttighibh agus
do ronadh aidhmilledh agus adhbailsccrios áiticchthi agus arba lasan
Íarla cona thoicheastal ag soadh dhoibh fora nesccairdibh .i. Siol
cConchobair Rúaidh agus Siol cCeallaigh batar hi rann agus hi
muinterus Uí Domhnaill.



Tuirthechta Néill Uí Dhomhnoill cona derbraithribh agus
cona Ghallaibh óro cloathar leó Ó Domhnaill do dhul hi ccoiccedh
nAilealla co ttóthacht a shlóigh agus an imnisi chatha i mbaoi
fri hÍarla Cloinne Riocaird cona Ghallaibh amail atrubhramar
agus an lucht feithmhe agus forchoimheda faitchis agus fureachrais
fósrágaibh Ó Domhnaill fairsiomh día fhostadh allathoir don
Bhernus do sccaoiledh ó aroile do chuingidh acnamaidh agus
airberta bith ba derbh lais mana chingedh cona fhianlach don chur sin
tarsan Bernus narbo soirbh agus narbo réidh dhó a ionnsoigidh
fecht naile dia mbeith Ó Domhnaill inn nach mennat
isin crich uile conadh aire sin ro forcongair fora mbaoi foa


L. 300


mhámus do Gallaibh agus do Ghaoídhealaibh asgnamh co neimhlesg
neamhshadhal lais gusan mBernus ndoraidh ndoimthechta
baoi rempa. Do ronadh an airle sin fairsiomh fochettóir agus ro
chingset ieromh ina mbuidhnibh troma toirtemla agus ina ttuinnsemoibh
tiugha tothachtacha i réimdirghe na conaire gusan
mBernus mbreacroilbheach. Ro la Níall direim marcach
reimheibh do thaisceladh agus do remhimchisin na conaire cuarchuimhge
baoi fora cciund dus an mbiadh eatarnaidhe no iomchoimhet
ona scoraibh i mbatar muinter Uí Dhomhnaill fuirre
febh roba gnaithbhés doibh itir. Ni paoi éccin acht madh uathadh
doigh ro eisredhsiott imón ccrich ina ccomfhochraibh lasan adhailge
loin i rabhsat iar ndul Ui Domnaill úaidhibh i cConnachtaibh
amail remhrepertmar. Do rala eiter an uathadh sin
agus an toes fairccsena ro ordaigh Niall Ó Domhnaill reime. Ro
sraoinedh forra i nucht Neill cona muintir agus ro mudaighitt
araill diobh. Oro rathaighsiut na forcoimedaidhe úaite ro
iomráidhsiom do mhuintir Uí Dhomnhaill na baoi bá doibh
cosnamh na conaire frisna tsochaidhe agus oro láisett airdmhes
foran anfforlann batar occ mallasgnamh ina ndochum basedh
ro chindsiutt gan a ccosgar agus gan a náithes do thabairt dia
mbiodhbadhaibh agus dilsiucchadh na conaire dhóibh gan coimthriall
a cosnamha friú ni badh síriu agus a niomghabáil don
chur sin: go rainicc Níall cona thromthoichestal amlaidh sin
gan anadh gan oirisiumh co ragbhaiset longphort i mainestir Dhúin na
nGall maighen i mbítís na mic beathadh agus na sruith
psailmchettlacha do urd S. Fran. fri hurd agus oiffreann cen
foghluasacht dogres lá Gall no lá Gaoidel oro chédghabh an tAodh
Ruadh sa Ó Domhnaill flaithius gusan tan sa agus din naro hathchuiredh
agus naro hionnarbadh riamh asin mennot sin on chettna
fecht ro hedbradh an bendchobhar bendaigthi sin lasan retlain
rioghdha remtherchantaid Aodh Rúadh m Neill Ghairbh m
Toirrdhealbaigh an Fhiona acht madh an mithisin mbicc
ro rémhaisneidhsiom ria noirdnedh an Aedha Rúaidh déidhenaigh
i nairdchennus a athardha. Ba garúair co ndobertsomh


L. 302


ina bfritheing dia ndeirthighibh derrittibh agus dia ccubhachlaibh
claruaighte co mbatar occ foghnamh co diochra don Choimdid
gan tesbaidh neith forra ina reimhes eiter brat agus biúdh gusan
laithe hisin. Ni má ionnúa ro genair on cclainnfhreimh comnairt
agus on dos didin agus on ail nemhchumsccaighthi agus ón urd
esoirccne brúiti biodhbadh .i. ó Aódh Rúadh mac Neill Ghairbh
do rad an edbairt soinemail sin do Dhía agus do naomhurd S. Fran.
do raith a anma badhdein agus a bunadhfhreimhe isin seachmathacht
agus a chlannmhaicne isin todhochaide agus dia mpoi hi
ttoicthen a tabhairt an tan sa don ainfine echtaircheineóil agus
don biodhbaidh bunaidh bator ag seinshliocht Gaoidil Glais m
Niuil ó chein mair anall.



Óro siecht la Niall cona braithribh agus cona Gallaibh
tocht gusan mainestir atrubramor ba slan lais a mhenma ar
rochtain hisuidhe fobith ba daingen innill an tionad a ttarrusair
agus nirbo héiccen día mhiledhaibh muir naitt sccura do chlaidhe
ina niomthacmang ar batar a ffolartnadh ann chena. Ba garfhoccus
dho dna crothadh agus indredh na criche i ccoitchinne
chuccu gach tan ba tol don chummusccshlógh tecomhnacair
ina fharradh ona baoi nert slóigh ag gabhail fris no inn iomshuidhe
fair. Ro lá araill dia muintir agus dona Gallaibh gusan
Machaire mBeg allathiar do Dhún na nGall. Ecclus oile isidhe
do ratsott a shinnsirsiomh fecht ríamh diaroile saindrong don
urd chetna agus ba hinnillsidhe fri fosucchadh innti ón mudh
ccétna.



Dála Uí Domhnaill iar ndedhail dhósomh agus do
Íarla Cloinne Riocaird friaroile febh atchúadhamor coleicc
rainicc fios chucca Níall Ó Domhnaill cona Ghallaibh do thocht
darsan mBernus nairrderc co Dún na nGall agus ionnus donangatar
agus a ndorighensat int. Ba sniomh adhbhal lais naro chumaing
bith ina bfoimhdin agus ina nurfhoichill ag rochtain dóibh triasan
mBernus mbelchumang agus triasan cconair ndoraidh ndoimthechta
tríasa ttudchatar doigh roba lanshaoilechtain lais slan a mhenman
dechtaib agus daidhbenaibh dfhaghbháil forra dia mbeith i nerlaimhe
fora ccciund. Araoi do róine fodhail agus bricch mbicc dona


L. 304


sccélaibh ro haisneidedh dhó agus ro ghabh for diamlugadh ina
mbaoí do ghalar ina medhonchaibh ar ba bes bunaidh dhó
nach tan no chluinedh ní no laadh i sníomh no hi torus nicon
taisealbadh nach comhardha ndoimhenma itir acht ba gnuis
shubach shofhorffaoilidh donairfenadh i ffoillsi fiadh cech naon
no bhíodh ina chetfaidh. Araill dna do bert coimhdhiodhnadh
mór dia thoruss fobith ba súaill beg a mbaoí día shainmuintirsiumh
dia ccrodh nach día ccethraibh allathúaidh don tSamhaéir
inn ionbaidh sin uair ba cían riasan tan sin oro herbadh uadha fora
mhuintir tochomhládh cona nuile folaidh agus innile hi coiccedh
Meadhbha .i. hi ccrich Cairpre m Neill agus hi Tír Fiachrach
Mhuaidhe gurro ghabhsat ionatacht agus aithtreabadh isna
tíribh sin cidh ríasan tan dusfangatar an tasccar murchoblaigh
remetudhchatar co Loch Feabhail m Lottain. Acht chena ba
nemadha mhor lais Níall cona Ghallaibh do bith gan fúabairt
úadaibh agus naro legadh doibh tochtt sechtair asna portaibh i
raghbhaisett do chuingidh creiche na oirccne conadh edh
arriocht lais fochettóir a shloigh do tharcclomadh darsan Éirne
fothuaidh coro ellghiostair a longphort i ngarfhoccus dona
mennattaibh i mbatar na Goill agus ro ordaigh forairedha feithmheacha
fobartacha agus aés iomchoimétta aithe éttroma for enaigibh
erdhalta agus for bernadaibh baogail cona helaidedh cuána naitt
caibhdhena uaidib i ndorcha oidhche no i ttáidhe fholaigh do
chuingidh a nadhailge no do thabairt fuillidh lóin ina lenmhain
asna portaibh inro ghabhsat hi ttosach gurro fhas dochma agus
teirce mhór i longphortaibh Neill Uí Domhnoill agus na nGall
desidhe. Ro faoidhitt litre la haoinghille ro láisett uaidibh co
hionfhoilghidhe gusan Doire nairrderc airm hi raghbhaisett
port cettus día asslach for airechaibh an choblaigh batar béus
an dú sin long da mbaoi leo do thóchor dia saigidh asin Doire
atrubhramor la hor an tuaiscirt gach ndíreach gusna haidhme
ropa tesbaidh foraibh eiter arm agus bíudh ó dorairmiscc Ó Domhnaill
iompaibh taisteall na tadhall an tire cipindus do thabhairt
creiche no gabhal chuca dia mbethamnus agus mana dernta forra
indsin combo heigen doibh deirghe na port i mbatar no dílsiugadh


L. 306


a nanmann dia naimhdibh. Niro leigedh for dáil inro
chuinnighset doigh ro herlamhaigedh i neallmha an mbairc
mbronnfhairsing corro sheolustair la tinfedh na gaoithi anairtúaidh
cech ndírech gurro ghabh foss ind imdhomain puirt an
iomchuir for ionchaibh na mainistre a mbatarsomh. Nirbo soinmeach
sadhal ro thochaithsett na sloigh cechtardha an airett ro
bás occ na huirthriallaibh imrordaidhsiom acht roba guineach
geslach frithir firneimhneach crechtach croileadarthach na
fuabarta fergmhisgneacha feighe forránacha agus na troda tenna
talchara niata nithghonacha naimhdidhe ro hiomclaidedh
eatorra do dhibh leithibh combad emhilt láa naisnéis deabhtha agus
dunoirccne gach laoi ar núair acht namá ro machtaitt agus ro marbhaitt
droncca dirímhe daghlaóch galgaitt agus gerratae do ráith
etorra sán cán agus do rata araill i fuilibh agus i fulraidh i naladaibh
agus i niolghonaibh naro hoighíocadh riamh combtar biothainmhigh
goa nécc.



Ruccsatt ass amlaidh sin cách uaidhibh i foimhdin
aroile cusna laithibh deidhenchaibh do mis September .1601.
Inn ecmhaing na ree sin donarfaidh an Coimdhi a chumachta
forsna hibh ronaitreabhsat i tolccaibh agus a ttegdhaisibh na mac
mbethadh agus na nurd nennac agus lasro diochuired íad fodéin co
hesraoite énamail i foithribh agus i fáinghlenntaibh febh baitís
faolchona agus anmanna altaidhe combo sí ceddioghal do bert Día
foraibh cecip cruth atrala an do nimh fá an do thalmhain teine
do bhreóghabhail isna bairillibh púdair batar leó i mainestir
Dúin na nGall fri foimhdin agus foichill an choccaidh baoi aca
dogres fri Gaeidelu agus fri hÚa nDomhnaill sainredh gurro
dhíenbhlosgustair an púdar isin aiér inn airdi conarbho hairde a
dethach oldas a derglasair co ttarlaic an faircle firleac fionnaolta
na feinestre agus na foirlésa faircsenae cusna huilibh chumhdaigibh
cloch agus crann do rala fo erchomhair an phúdair don naoimhecclais
ier núachtar corus comhloiscc an crannchaingeal cumhdachta
agus na cubachla claruaighti agus na sailghe sémhshnoiti ro
samhaighedh co saoramail ier niníchtar. No bíodh dna an chloch
agus an crand agus an duine ina oighe agus ina iomlaine gan comhroind


L. 308


a chuirp itir i trechumuscc for eitegail agus iomluamhain etarbhuas
úaistibh fri re fhoda condus fuititis for talmain ina ttamhnaibh
dubdhoite agus araill dibsidhe hi cennaibh an lochta batar fothaibh
ag soadh friothroscc co talmhain gorro breobhasaigedh sochaidhe
diobh an tucht sin.



Oro rathaigset an lucht feithme agus forchoimhetta batar o
Ua nDomhnoill forna Gallaibh an smuitcheó diadh agus dethaighe
dermaire ingnaithche anaicenta do rala uasan mainistir ro
ghabhsat ag diaindiuvragadh i nubhaillmeall luaidhe agus a ccaor
ttaidhleach teintidhe do thoghairm Ui Domhnaill cona shlogh
ina ndail i traittiu do fhuabairt na nGall daigh emh robtar iatt
na torainndiubraicthiu tarlaicset teachta robtar eallmha esccaidhe
día erfhuagra dhosomh tuidhecht ina ttoirithin. Nirvo
hiomchomhairceach ro freaccradh an urfhogra sin la hÚa
nDomhnaill cona shlogh ar ro chingset co dian deinmnedach
febh ronugsatt dia aloile ina ndronccaibh agus ina ndiormaibh co
dú i mbatar a muinter occan mainestir.



Ro daingendluthaigitt an deabaidh do dibh leithibh
etorra iarttain. Robtar aighthi namhat im rae agus niptar aighthi
carad im chormaim donairfénsat na coibdealaigh agus na comhfhuilidhe
diaroile don chur sin. Ba duiligh dichumhaing do mhuintir
Uí Dhomhnoill freastal diubhraicthiu na nócc batar isin mainistir
la daingeninnille na mur ina niomthacmang oga nimdhiden
forra agus la fraisdiubraicthibh na ngalgat do reccaim allanair
diobh hi caistiall Dhúin na nGall agus bheos la coimthealgadh na
ccaor niomthrom niarnluaidhe no laithe forra la foirinn na luingi
luchtmaire baoi inn iomdhomhain an chuain fora nionchaibh
allaniar. Acht ara aoi robtar iatt muinter Uí Domhnaill battar
foirtille isin iomghuin coléicc. Oro airigh Niall Ó Domhnaill a
mhuinter agus na Gaill oga fforrach isin ffoireigen do ruimin ina
menmoin ionnus na fhoirfedh íett conadh edh doróine elúdh
co hinchleithe co crodha ceimnertmar la hor an chuain síar
cech ndirech gusan Machaire mBeg airm a mbatar fianlach mor
dona Gallaibh (febh atrubhramar) agus do bert lais iatt isin conair
chettna dfhortacht a mhuintire agus na nGall agus ro ghabsat foirind


L. 310


na luinge remepertmar acc urscclaighe agus acc deabaidh tara
ccenn ro rochtain doibh tarna muraibh medhonchaibh inunn
isin mainistir. Bastoir aneimh dhosomh agus dia mhuintir an lucht
sin do bert dia shaigidh ar baitís muinter Ui Domhnaill robtar
cosgrach munbadh indsin. An tan do ratt Ó Domhnoill día
úidh daingininnille an ionaitt a mbaoi Níall cona Ghallaibh agus
an foirlion sloicch rangator dia shoighidh ba nemadhae mhór
lais a mhuinter do mhudhucchadh ind éccomlann ni badh
moamh gurro forchongair fora miledhaibh derghe na deabhtha agus
soadh dia scoraibh. Do ronadh fochettoir fairsiumh indsin.



Ro horta sochaidhe uaidhib adiu agus anall. Ba dona
huaislibh do rochair o Ua nDomnaill isin deabaid Tadhg mac
Cathail Oicc Mic Diermada do shoerchlanduibh slechta Maoilruanaidh
a Muigh Luircc co ndruing oile cenmothasomh.
Torchair don leith oile Conn Occ m Cuinn derbrathair Neill
Ui Dhomhnoill co ttribh cedaibh imaille fris eiter guin agus losccadh.
Ba rinn ágha agus erghaile agus ba gnath buaidh cecha cedghuine
ag an cConn sa do cher don chur sin. Ro dhlúthaigh
ieromh O Domhnaill a longphort ni badh goire biucc don mhainestir
agus rosfaoidh araill dia mhuintir i forbaisi isin Machaire
mBeg dú inro fhosaighsett cetus na Gaill do bert Niall lais do
fhortacht a mhuintire febh imrordaidhsium. Hi feil Michil
archaingil araoi laithe sechtmaine do ronadh indsin.



Baoi Ó Domhnoill samhlaidh isin iomshuidhe chetna for Niall
cona Ghallaibh agus ogá ttabairt i ttenta agus a ccuimge
dofhulachta o deiredh September co diúidh October gan nach
ngníomh nairrderc robadh dior dfhoraithmhett do denomh
etorra an airett sin cen co ttorracht fios sccel chucca an tasccur
murchoblaigh donangattar o Righ na Spaine dia nertadh i
naghaidh a néccratt feibh do ringheall doibh o chein. Basedh
ionad inro ghabhsat an coblach Spainneach caladhphort hi
cuan Chinn Saile occ bun glaislinne Bandan i coigcrich criche
Cuirseach do thaobh agus Cenel Aodha .i. duthaigh an Barraigh


L. 312


Oicc don taobh araill. Donn Iohn de Agolo basedh anmaim an
ghenerala roba forcongartaidh uaistibh. Oro ghabhsat tass an
du sin do bertsat dunadh Chinn Saile foa noighreir agus foa mámus
badhdhein. Ro rannsat a nairigh agus a nuaisle a ccodnaigh agus a
ccaiptine for diongnadhaibh dersccaighthe an bhaile agus a bfianlach
áigh agus iomghona fora bernaibh baogail agus for a chernaibh
cosnamha fri faitchius agus fri forcoimhed imaseach iar nurd feibh
do rionchoisccsiut a ccennphorta doibh. Do ratsat chuca ierom
hi tir asa longaibh gach naidhilgi baoi leó eitir arm agus ordanas
pudar agus luaidhe biadh agus digh. Imsaiset a longa ina bfritheing
dia ttíribh agus dia ccennadhachaibh fodhein dáigh ni thardsat ina
menmain a tairmiomarchur intibh i noibne.



Ro baoi aroile baile allathoir do chúan Chinn Sáile
darvo comhainm Rinn Chorráin hi fferonn an Bharraigh Óicc
i cCenél Aédha sainredh. Ro chuirset na Spáinnigh araill dia
naireachaibh i forcoimhét agus i forbaisi isin mbaile sin. Gabhaitt
ierttain for daingniugadh a sccor agus ac cclaidhe ag samhughad agus
ag seolshuidhiugadh a nordanais fora nerchomhair ina niomthacmhang
ina ccartachaibh cobhsaidhe comhnarta uair rob
erdhalta leo co ttiucfad an Justis co narmáil na Bainríoghan
ina ndochum dia ffúabairt an tan ro soisiudh sccela chuccu.
Oro haisneidedh íeromh don Justis gabhail doibh an dú sin
agus na huile do righensat do rionáil an lion as lía conanagair
gan esnadhadh gan iomfhuireach co riacht hi cennchomair
friú co mbatar eineach i nionchaibh fri araill. Do roich ann beos
Praesidens dá choiccedh Mumhan ón mudh ccétna cona thoichestal.
Donanaic ann Íarla Cloinne Riocairtt cona shochraitti agus
nírvo híaidsidhe namá acht gach cenn slóigh agus gach tigerna tíre do
neoch baoi inn umhla agus inn aittitti don Bainrioghain i Mumhain
i Laignibh i Midhe agus hi Connachtaibh do riachtattar gurro
chomshuidighsett a ccampa tul i tul fri Cind Sáile agus fri Rinn
Corráin sainredh. Niro leiccedh tathamh ná tionnabradh
adhall ná ionnsoigidh dona Spáinneachaibh do eccaimh i Rinn
Chorráin acht deabhtha diana diubhraictheacha agus ammais
fherrdha fhuileacha forra do ló agus dadaigh goro heráileadh forra
fodheóidh tocht disccir diairm for eineach agus fhoesamh an Justis


L. 314


agus o do ringheall a snadhadh ro rann íaittsidhe for ardbailtibh
mora na Muman co bfesadh cionnus no bhíadh a eitirghleodh
frisan lucht naile do árrusair hi Ciund Sáile.



Baoi imorro an Justis cona shlócchaibh agus gusan lucht
naile batar i forbhaisi for Rinn Chorrain gó sin foran abairt
chétna acc caithemh agus acc coimhdhiubhragadh na Spáinneach báttar
hi cCiund Sáile an céttna feacht: an feacht tánaisi occa náil
agus oga nettarghuidhe tria chaoínbhríathraibh agus milisárusccaibhim
thocht for iocht agus eineach an Justis feb tudhchatar an
lucht naile donangator a Rinn Chorráin. Atbertatarsomh narvo
gnáithbhés do miledhaibh an tíre asa ttudhchatar feall fora
neineach nach fora ccoimdidh talmanda agus narbo sodhaing a
ttoghaothadh tria thinghelltaibh gan tóthacht no tria chealgchomhadhaibh
cédluitheacha agus na tíestais tara mbréithir frisan
bfiorfhlaith ffoirglidhe dia ffoghnataois la rosfaoidhit i ttóirithin
na nuasal bátor inn imnisi choccaidh agus chatha friúsomh ag
cosnamh a nirsi agus a nathardha roba menmarc leósomh do ghoid
forra ar gach ló. Batar tra an tucht sin combtar sgíthigh toirsigh
cechtarnae diobh dia aloile la a imcheine leo bith isin caithfhes
comhfhúabartaigh gan codladh gan cothtomhaltus gan airer gan
aoibnes acht cach diobh i foimhdin agus i foichill aroile do lo agus
dadaigh acht chena ba moo deilligh foran Justis cona shlógh
bith an ionnus hisin oldas for na Spainneachaibh doigh ba
hiaidsidhe ba moamh ro gnathaighset iomshuidhe forra agus
úaidibh agus ba menci ro fromhadh in gach erndail do erndailibh
an choccaidh uair ba frisidhe ro hoiledh agus ro lesaigedh ermhor
an cheineóil chosnamaigh dia mbatarsomh co ttardsat tire agus
treabha criocha agus cendadhacha ile foa mamus agus foa ccumhachtaib
allos irsi amhainsi agus inntlechta araoi crodhachta calmatais agus
cathbhúadha conarbo soirbh frithbert friu manbadh ainshén
forsan cach lás congnitis. Conadh aire sin ro baoi for menmain
don Justis soadh doridisi go hAth Cliath agus a miledha do sccaoiledh
for priomhdhúinibh fíordhaingnibh Leithe Mogha Núadat cen
co ttorrsed Iarla Tuadhmuman la forcongra na Bainriogan a
Saxaibh dochum nÉrenn do chongnamh lasan Justis co ccetheóraibh
milibh do ghleire glanshlóigh lais gurro ghabhtais don
leith a mbaoi an Justis do Chind Saile.


L. 316


Ba isin re sin do bertsatt na Spáinnigh ionnsoigidh
aindiuid airbertach aén na noidhche ann agus rangatar sechtair
asa múraibh co campa an Justis agus gusan maighin a mbaoi an
tordanás mór no biodh ag blaidhrebadh agus ag boirbbrisedh gach
laoi na múrchaisteol na ngniomh cloch agus clarach ro cumdacht
leo ina niomthacmhang conadh é aireg arrangatar araill dona
gonnadaibh guthardaibh do groidlíonadh do chlochaibh cenngharbhaibh
do shonnaibh do shabhaibh agus do ghinntibh íer
mudhucchadh an fhíanlaigh batar occa niomchoimhét. Ro
rathaighit íerom ocon urobair sin agus imsáiset muinter an Justis
fóthaibh agus ro ghabhsat ag guin agus ag geroirleach aroile athaig
foda don oidhche gurro chingset na Spáindigh co cobhsaidh
céimrighin friothroscc dia scoraibh fodheoidh agus ro hortait
sochaidhe leo agus úaidhibh. Do ronsat brigh mbicc dia tteasbaidh
ó do righensat an coibhéis sin do chuittbedh a mbiodhbhadh.
Ni baoi osadh laoi na oidche eiter an dá champa sin o conrangatar
fri aroile gan todhail cro agus snidhe fola adiu agus anall etarra
gus an laithe deidhenaigh da ttanuic a niomsccaradh agus a
neittirgleódh.



Iomthusa Uí Dhomnaill oro haisnéidedh dhó an coblach
Spáinneach sin do ghabáil chaladphuirt i cCiund Sáile febh
imrordaidhsem fósragaibh an iomshuide i mbaí for Níall Ó
Dhomhnaill cona Ghallaibh batar i mainistir Duin na nGall
(amail atrubhramor) agus do roine fodhail agus dimbrigh do nach
caingin itir sechus rochtain i ndáil na Spáinneach uair ba híaittsidhe
cona Righ aoininnethemh agus aoinshaoilechtain baoí occa
dia thoirithin agus ba asa loss conúarccadh a choccadh cétus.
Roslion lainne agus langhairdeachus é dia ttorachtain agus ba dimbrigh
lais Gaill do airisiomh nó do aitreabadh isna portaibh i raghbhaisett
ina thir ar ba derbh lais no elaidhfitis i naonar eistibh
diamad la Gaoidhelaibh agus la Spainneachaibh cosccor íar nimnisi
catha frisan Justis hi Cind Saile don chur sin conadh edh
do róine triasna fothaibh sin a escongra agus a erfhogra dia mbaoi
fóa mhamus agus foa chumachtaibh ó Thoraigh an Tuaisccirt co
huruachtar O Maine agus o Shruibh Brain ind Inis Eogain m
Néill co hIorrus ier níarthar tegar agus tionol ina dochum co


L. 318


haonmhaigin co Baile an Mhotaigh. Ro airisiomh an dú sin co
ttarnacair lais erdach na Samhna agus condorecclaimset a shloigh ina
dháil ina ndronccaibh agus ina ndíormaibh co menmnuch niadhach
moraigentach gach tigherna tíre agus gach taoisiuch tuaithe ina
aonbroin for leith ag mallasgnamh imaseach gurro soisedh leó
taisealbadh a ttionol ar nuair don ardfhlaith.



Dosfangator céttus foa thoghairmsiomh Cenél Conaill
Gulban m Neill uile nogh acht Niall Ó Domnaill namá cona
braithribh. Donangatar ann na teora tuairccnidh catha no
bhiodh laisiomh agus laa chenel dogres .i. na tri Mic Suibhne do
shiol Eoghain m Néill a Fanaitt a Túathaibh Toraighe agus a Tír
Boghuini. Doriachtattar ann beos in rob airegdha do shiol
Briain m Eachdach Muighmedhoin cona móirthionol cenmotha
Ó Conchobair Sliccig Donnchadh mac Cathail Óicc baoi i
ngeimheal occasomh febh remepertmar. Donaót ann Ó Ceallaigh
.i. Ferdorchae gusan lion as lía conanagair do Uibh Maine immaille
fris. Do rocht ann din na hi ro aitrebhsat i Connachtaibh
do shiol Corbmaic Gaileng m Taidhg m Cein m Ailella Auloim
cona muinteraibh. Dosficc ann Ua Dubhda do shiol Fiachra m
Eachdach Muighmedhóin co ttoichestal Ua Fiachrach Muaidhe
ina fharradh. Tainicc ann ón mudh ccetna Mac Uillíam Burc
Teabóitt mac Uater m Seaain m Oiliverais co lion a shocraitte.
Batar dan i ffochair Uí Dhomhnaill an tan sin na húaisle donangatar
a hiltiribh for for athchur agus ionnarbadh dia ionnsoigidhsiomh
dacaoine i ndimnedh agus i neccumaing fris dus an ttisadh dhe a
bfortacht nach a ffoirithin on annorlann i rabhsat ag Gallaibh agus
ag araill dia ccenelaibh. Roba dibhsidhe clann Seaain a Burc (.i.)
(Seaan na Semar) m Riocaird Saxanaigh Remann Uilliam agus
Tomas. Ba diob don Mac Muiris Cíerraighe Tomas m Patriccin
m Tomais m Emainn m Tómais agus Ridere an Gleanna Émann
mac Tómais agus Tadhg Caoch m Toirrdelbaig Mec Mathghamhna
agus Díarmaitt Maól m Donnchaid Mécc Cárthaigh. Ba hinrigh


L. 320


toichim agus tuarusccbail an toichestail tromshlóigh la hÚa
nDomhnaill an dú sin diamadh lainn lasa fFíadha fforordha nert agus
cennus do ghabhail dóibh. As derbh deimhin co raghaibhset
araill do rioghaibh Érenn riamh Inis Ughoini la sochraitti sloigh
robtar úaite olttáit an fianlach fraochaigmhéil do recclamatar
isuidhe co haonmhaigin ceni conghnitis na laochbuidhne lerdha
luthmhara ro tionoiledh lá hÚa Neill foran sloigedh lionmar
lainmhenmnach ro baoi lais ina leanmain.



Do asgnatar ieromh na tromshloigh sin an dara la do
mhís November ina nuidedhaibh ionmalla imthechta ó Bhaile
an Mhótaigh co Bel an atha fada la hor Locha Cé co hOil
Finn tria chontae Rossa Comain doirther Contae na Gaillmhe
go Siol nAnmchadha co Bel an tSnamha agus co hAth Cróchda
for Sionainn. Aissidhe íeromh do Delbhna Meg Cochláin.
Ro hindredh agus ro hoircced an chrioch sin co leir leo agus
do bertsat truimnell teinedh tairsi agus ro loisccset dúnárus Meg
Cochláin fadhein. Roba riaraigh na tíre triasa ttudhchatar
doibh gó sin. Lotor íarom tria Fheraibh Ceall dar muinchinn
Sleibhe Bladhma co hUíbh Cairin. Ro gabadh longphort
la hÚa nDomhnaill cona shlogh for cnoc Droma Saileach i
nUibh Cairin agus ro airis fri re mís isin maighin sin occ iomfhuireach
fri hUa Néill baoi ag asccnamh co hionmall imrighin ina
leanmhoin. Ni antais na slóigh sin acht acc siredh agus acc sirimthecht
ag creachadh agus acc cúartugadh na ccrioch ina niomthacmang
an airett sin in gach airm no friothardadh friu agus in
gach maighin roba tairisi do Gallaibh sainred agus ba móumh
nosinntsamhlaigedh friú. Do ríacht chuca i lithlaithe fheile
Andreas sainredh an Chroch Naomh Úachtarlámann dia
sénadh agus snadhadh co ndruincc do manchaibh Mainistre na
Croiche Náoimh occa hiomchur agus ro hioradh iaittsidhe dedbartaibh
dofralaibh agus dalmsanaibh iolardhaibh gomdar buidig.
Niro chumaingsiot dérach an luicc sin i neallmha lasan aigh
anaicenta agus lasan sneachta sleamaintiugh ro feradh ann don
chur sin.


L. 322


Oro clos la hairdIustis na hÉrinn O Domhnaill cona
shlogh occ triall fon toichim sin dia ionnsoigidh ba hiomomhan
agus ba hurgrain lais a chor a ttennta agus hi cuimhge anbfoill eiter
Spainneachaibh agus Gaoidelaibh agus no géta fora mhuintir adhall
no áitigud an tire úaidibh nach anunn itir do thabairt an neith
roba toisccidhe dhoibh dia saigidh combo heiccen dóibh ecc
la huacht agus gorta ó fóttrairmisccthi iompaibh biadh agus tene do
thabairt chuca: no araill dan a ndilsiugadh agus a ttairbert badhdein
dia mbiodhbadaibh agus tocht fora snadadh agus comairce febh dusfangatar
na Spáinnigh batar i Rind Chorráin fora nionchaibsiom
fecht riamh: conadh aire sin ro erb for Presidens da
choiccedh Mumhan Sir Seoirsi Cari dul co ccetheóraibh mílibh
do gléire ghalgatt agus doccbaidh armtha inn eanach iomchumhang
agus ind indtiuch indill for ciund Uí Dhomnaill dus an ccaomhsadh
a chlodh dia chonair no a erghaire dona huirthriallaibh ro baoi
ina mhenmoin. Otchuala O Domnaill an Presidens gusan
mborbshluagh sin do thocht hi comhfhochraibh Caisil ni sgeinm
na sgáth criothnugadh na cridhenbhas rodusgabh acht tairmcheimniugadh
reimhe síar gach ndírech duachtar Urmhumhan
do Chloinn Uilliam bruaigh na Sionna la dorus Luimnicch
siairdhes i lló agus i nadhaigh gan anadh gan oirisiomh co rainig
tar Máigh isteach i nUíbh Conaill Ghabhra. Ó do bert an
Praesidens dia úidh an reimdecsi agus na huirthrialla ro hairccthe
laisiom agus lasan Iustis do dul for nefni agus O Domhnaill cona
shlócch do dhul tairis isna conairibh narbo dóigh lais a ttorrachtain
imsai ina fhritheing co hairm a mbaoi an Iustis comadh
daoinleith no ferdais a mbáigh asendadh.



Ba don chur sin ro faoidh Ó Domhnaill brodlom sloigh
agus drechta dermara dia mhuintir hi tóirithin Mic Muiris Ciarraighe
baoi ina fharradh fri re na bliadna so anall (amail ro
iomraidhsiom) agus araill do mhuintir Mic Muiris fodhein do eolus
reampa tria duthaigh Cloinne Muiris dus an bfuighbhetis elang
no etarbhaogal for araill do bhailtibh Mic Muiris agus ro eráil Ó
Domhnaill for Mac Muiris baddeisin airisiomh ina fhochair co
bfessadh cionnus no bhíadh iomsccaradh an fhianlaigh sin


L. 324


fósreilccsiott úaidhibh frisna hibh dosfairnectatar fora ccind.
Ro tharmnaigh do mhuintir Uí Dhomhnaill an turus do
deachattor ar ro creachadh agus ro leirscriosadh sochaide leó do
esccairdibh Mic Muiris do neoch robtar fotha dia thocharsomh
for longus agus ionnarbadh co hÚa nDomhnaill agus ro gabadh leo
tri caisteoil do daghduinibh an tíre .i. Leac Shnamha Caislén gerr
Arda Ferta agus Baile Uí Chadla agus fosragaibhset drong dia muintir
occa niomchoimhéd. Imsaiset co ccosgur agus co bfios sccél leo
go hUa nDomhnaill agus co Mac Muiris. As fon ionamm ccétna
do rala dÚa Conchobhair..
gurro gabadh lais a baile agus a phríomhdhún fesin .i. Carrac an
Phuill baoi fuilledh for bliadhain ag Gallaibh agus do deachaidh
fein cona baile i combaigh Ui Dhomhnaill agus ro ernaidhm a
chura agus a charadradh fris.



Baoi imorro Ó Domhnaill fri ré sechtmaine i nUibh
Conaill Ghabhra ag cennsugadh agus ag cúrsachadh gach aoín do
regaimh i ccombaigh Ghall gurro forchongair forra dais agus
déigen dedhail friu agus tocht daoinleith frisiomh agus fri Gaoidela
archena. Ro escomhla iaromh Ó Domhnaill cona shlógh do
mhuinchind Slebhe Luachra do Chloinn Amhlaoibh do Mhuscraighe
agus co Bandain i cCairpreachaibh. Dusfangatar ermhor
Gaoidel Mumhan uile for aoinmhenmain dia shaigid agus ro naidhmsiut
a ccura agus a ccottach fris tria bhithe agus ba háinius agus ba
hurgairdiugad aigenta leó a rochtain chuca dacomhal a ccaradraidh
fris agus ro tingheallsat dhó gan adhradh do Ghallaibh nach do
Dhanaraibh agus gan congnamh friú nibad síriu. Acht chena ní
thanaig Mag Cárthoigh Riabhach .i. Domhnoill m Corbmaic
na hOine iná dan tigherna Muscraighe .i. Corbmac mac Díermatta
m Taidhg fo chóra chugasomh febh dusfangatar an lucht
naile.



Dala Uí Neill .i. Aódh mac Firdorcha m Cuinn bacaigh
m Cuinn m Enri m Eogain: ro airisidhe athaigh corbo herlamh
lais gach nadhailge roba toisccidhe dhó do breith foran sloigedh
nuccat agus o do recclaimset a shloigh ina dochum co líonmhar
lerthionoilte ni hinnister a nimthechta co rangatar tar Bóinn.


L. 326


Ro airis seatal isin maighin sin ag creachlosgadh criche Bregh agus
Midhe. Luidh ieromh cona shlogh tria ierthar Midhe agus tria
oirther Mumhan tar Siuir siar gan nach ngniomh noirrderc
robadh dior dfhoraithmett do denomh dia shloghaibh co
rochtain doibh co Bandain bail a mbaoi O Domhnoill cona
thóichestal.



O conrangator Gaoidil an Tuaisccirt i naonmhaighin
basí airle arríocht leó agus la Gaoidhelaibh an Deisccirt (do neoch
dusfangatar ina ccombaigh) a longphort do shuidhiugadh
allathúaidh i mBéulghúala i cCenél Aedha seal beg o champa
an Iustis. Ro batar athaig amlaidh eineach i nionchaibh friaroile
co naro léiccset Gaoidil athaighidh na adall amach nách inunn
gusna Gallaibh co ndobertsat hi cuimge dofhulachta i tennta agus
hi terce anbfóill. Nísrelgedh úamhan na nGaoidel doibh a
ngreadha ináitt a neachradha do leigen for fergort nach for
inghealtradh sechtair na múraibh amach gurro éccsat ile dibsidhe
agus sochaidhe dia miledhaibh imaille friú la húacht agus gorta íerna
ttabhairt i nadhailge fheoir agus uiscce etha agus arbha tuigedh agus
tenedh agus gach neith roba teasbaidh forra cona baoi inna ccumhang
curpa an fhianlaigh nó epledh úaidhibh dadhnacal sechtair na
múraibh go mbíodh abach an eich agus corp an duine mairb hi
cumusc frisna beoaibh seachnon na scor etarra ar medhón
gurro fhás bréntadh difhulaing desidhe lá hiomgaeith an áieoir
etarbhuas iar nuachtur no eirghedh a náirde dona habaighibh
don otrach agus don chechair ier niochtur. Basí toimde agus céttfaidh
sochaidhe dhíobh badhdhein co nepeladh a nermhor dia lecthi
dhóibh i naonar gan saigidh forra la plaigh agus tedhmaim agus no
elaidhfedh an lucht baitis beoa dia ccoemsatais esrus no conair
élúdha dfhaghbail cipindus. Na Spáinnigh tra batarsaidhe i
néccumang agus i néccomhnart mhor tríasan iomshuidhe baoi ag
an Justis cona thoichestal Gall agus Gaoidel forra agus ni antais acht
ag aslach na nGaoidheal imá ttoirithin dóigh ba ferr leo a
mudhugadh doraith cidh riasiú no fodemdais tár no tarcusal óa


L. 328


mbiodbadhaibh nó o nach naón naile isin chruinne agus no forailti
forra ecc i naónar la húacht agus gorta. Nírbo samhlaidh dona
Gaoidelaibh: ba imne batar co mbrígh agus borrfadh co núaill agus
ionnóccbhail gan tesbaidh neith forra ar ni bhaoi erghaire etorra
agus a ffolartnadh do aighibh iomthromaibh agus do chethnattaibh
clumhaillnibh agus da gach erndail úirfheóla agus da gach cenel túara
ata deach baoi inn Éiri do thabairt chuca as gach aird agus as gach
airchenn i ccéin agus i noccus. Batar an tucht sin co feil gheine an
tSlainicedha Iosu agus ro ghabhsat for erdach na sollaman agus an
lithlaithe amail roba díor na maithe imaseach ag fleadhucchadh
agus og aireg tuile og ároile ag aines agus ag urghairdiugadh menman
agus aigenta febh no beittis ina rioghdhúinibh romhóraibh agus ina
nardphortaibh oireachais fodein gervo herchian uaidibh iaittsidhe.



Monuar amh ba garuair na gaire subha agus soimhenman
do bretha ós aird aca isin líthlaithe sin co mbatar ina ngairibh
dubha agus doghailsi og ettarsccaradh friaroile dhoibh ciodh ier
ttrioll ierna melachtnugadh laa mbiodhbadhaibh agus an lucht ro
batar fo mhuich menman i tacha agus i teirce nach sasaidh nosfiurfadh
gurbo leó baoi a ffolartnadh agus a ndaóthain ier ttocht doibh
asan ccumhang cuimbreach i rabatar acasomh an tan sin. Ba
isna laithibh sin do riachtatar litre lerdiamhra agus agalloimh
inchleithe ó Donn Iohn ó gheneráil na Spáinneach sin Chind
Saile co hÚa Neill co hÚa nDomhnoill agus gusna maithibh archena
dia aslach forro ionnsoigidh do thabairt aon na naidhche
sainredh for champa an Justis an Praesidens agus na nÍarladh battar
ina ffarradh agus no fhoiberadhsomh cona Spainneachaibh íatt
don leith oile dus an ccaomhsadh cechtarnae úadibh eisimh cona
Spainnechaibh dfhoirithin asin ccúil chumaing inro congbhaitt.
Do deachaidh din Ó Néill agus O Domhnaill agus na maithe do
chrudh a ccomhairle imon ailges sin an ghenerala.



O Neill tra atbertsidhe gurvó haidhlescc lais na Goill
do fhuabairt ar daingininnille na múr ndaingen ndithoghlaidhe
do reccaimh iompa imaccúairt íerna sreithlíonadh do ghonnadaibh
gutharda groittdiubraicthiucha agus atbert din ba ferr gan
faill do légadh isind iomshuidhe congabhsat forna Gallaibh co


L. 330


neplitis do ghorta amail do erbhlatar araill diobh chena agus co
ttoirsedh in rob airegdha dhíobh fora bfaósamhsomh agus comairce
fodeoidh agus narbo ní lais a nailghes do thabairt dia biodhbadaibh
doigh robad lainne leó cathucchadh dar cenn a nanma agus a marbadh
doraith oldás a nécc do thedhmaim agus gortu. O Domhnoill
imorro basí a chomairle na Gaill do fhobairt cipindus úair ba
hadhnár agus ba meabhal lais a thubha fris an teigen anbfoill i
mbaoi Donn Iohn cona Spáinneachaib gan ammus do thabairt
fora bfurtacht dia ttisadh a oidedh dhe agus don bheós na bértha
Gaoidil i ffoill agus a ndimbrigh la Righ na Spáinne dia ffodhemhtais
a miledha do beith i teannta i néccumhang occa mbiodhbadaibh
gan a bfoirithin febh ro aslaighset forra.



Acht chena asedh a chummair: ro chinnset fodheoidh
an Iustis cona Gallaibh do ionnsoigidh febh ro cuinghedh chuca.
Ruccsat ass samlaidh gusan adaigh sainredh inro herbadh friú
ionnsoigidh an champa. Ro gabhsat i nurthosach oidhche a
niodnadha áigh agus a ttrealmha troda co taoi toithenach agus do
chotar inn inneall agus i norducchadh amhail do rionchoisccset a
nairigh agus a nuaisle a ccodhnaigh agus a ccomhairligh doibh. Roba
damhna deabhtha agus adhbhar iorghaile eiter na di ardfhlaith
do rala for Chenél Conaill agus Eogain náro fhodhaimh cechtarnae
aca diaroile remhasgnamh ria araill damus agus dfhuabairt na nGall
la miadh menman agus la borrfadh bricche gach neich dhiobh ar
andar la gach aon úaidhibh robad tár agus tarcusal fair fein agus foran
ccenel dia mbaoi tria bithe dia ndamadh rémthús na conaire agus
sedugad na sligedh do shlógh noile ríana shlógh badhdhéin.
Robadh lór dia lot agus día láinmhilledh dia mbrath agus día mbaoghlugadh
an mídhuthracht agus an míinnethemh ro fhas ina ccridhi
friaroile triasan ttuccait hisin cona baoi duthracht deabtha na
ailghes ionnsoigidh na talchaire thairismhe i slógh dhiobh la
héd agus iomfhormad frisan slógh naill gurbat timme tlaithe
meirbhe miolaochdha cidh riasiú do deachatar i ccenn móirimnedh
agus moirgniomh i ngabadh nó i ngúasacht do iomchlaidhbedh
fria nesccairdibh gombo hing ma rob éigen dia mbiodbadhaibh


L. 332


a nairm dimbirt forra bhail inro chomhraicsiut isin cathlathair.
Ba celmhaine mhor uilc don da Aodh sin an do rala doibh
don chur sin. Deithbir ón ni tecomhnagair coibheis no cuttroma
a ttarla an tan sin eatarra cein batar i mbiú uair ba for aoininnethemh
agus for aoinmenmain no bitis do bunadh ceni beittis i
freacnarcus aroile dóigh nirbo coimdid gurro chin oa mbunadhfhremhaibh
araón días roptar cridhshercaighe im ároile olttattsomh.
Ro thochaithset mithisi fhoda do urthosach na hoidhche
imon friothardadh agus imon frithimresain do reccaimh etarra. Ro
asgnáttar na dá shaorshlogh agus an dá shochraide fodheoidh aird
i naird agus gualainn fri gúaloinn frialoile co ndo rala dhoibh
seachrán sligedh agus imroll inntigh co náro ermaisetar a neolaigh
conaire nach a ttoisig slighedh foran cconair ccóir ciarbo
cianfhoda an ghamhadhaig agus gerbo garfhoccus dóibh an longphort
fora ttardsatt ammus co solustrath eirghe arnabharach
gurvo glanruithneach an grían os dreich an talmhan tuinidhe
conadh ann fosfúairset sochraide Ui Neill a leathtaobh fodhein
fri campa an Justis agus ro triallsat soadh biug cén co rosoisedh
leó a ninneall agus a nordugadh doridhisi ar ro threiccset an cetna
hinneall inro hinnlit lasan iomroll agus la dorchata na hoidhche.



Dala an Iustis cona shochraide ranaig rabadh agus reimhfhios
da shaigid ó druing sainredaigh a longphort na nGaoídel co
bfoibertha íatt an adhaig sin co mbaoisidhe cona shlóghaibh
hi caithfheis fod na hoidhche co madain fora neanaigibh erdalta
agus fora mbernadaibh baoghail agus fora ttaibhlibh troda ina niodnaibh
aigh cona nuilibh aidhmibh cathaighthe agus cosnamha inn
erlaimhe occaibh condusfacator Ó Néill cona shloghaibh fora
nionchaibh foran abairt atrubhramor. Nirvo cían doibh occa
midhemain an tan tarlaicset cetha coimhreamra cruinnphiler (dia
bfiaducchad) a morgonnadhaibh glanaillne glesfoibdithe agus a
musgaettaibh mindruimneacha morchostais agus a glacghonnadaibh
geraimseacha glésoibne agus ro tleiccset fóthaibh cech cenel
diubraicthiu agus imtelgthe naile cenmotha indsin. Ro bruchtdoirtset


L. 334


asendad dar múraibh amach ina ccenn diormadha
disgire doiongabhala do marcshluagh mherrdha morchobsaidh
lásarb imchian gurro comhairleccadh doibh luth a neach airdermach
do thestugad for maighreidh gó sin. Ro leiccit a ttraightheacha
ina leanmain íaromh ar ba derbh leó gor rosblodh
casarnach na ccruinnphilér agus dianfhuabairt an díorma bernaidh
buainrebtha reampa fora mbiodbadaibh. Batar na sloigh
chechtardha mesg ar mesg desidhe ag coimhchiorrbadh agus ag
crechtnugadh aroile gurro mudaighit sochaidhe etarra do dib
leithibh. Acht chena ro meabaid fodheóidh for muintir Uí
Neill feb rob ainmenic leó gurro luathathchuirit don láthair
conadh sí conair ro greis an tinnenus íatt comdortadh i ccenn
shochraitiu Ui Domhnaill do regaimh allanair dhoibh gan
rochtain co lathair an iomairicc bheos. O do rúachtator an
sraonsluagh sin Uí Néill agus sochraide an Iustis ina leanmain
occa lúaththuargain iar na cculaibh i mescc muintire Uí Domhnaill
nusgeb udmaille agus anbhsaidhe an óccbadh fúasgar agus fírsgen
a ngredha agus gémadh cothugadh na cathlaithrech budh duthracht
leo agus ro dleacht diobh ni chaomhnagattor uair narbo tol
lasan cCoimdid cosccar do breith doib don chur sin agus naro
toltanaighsett a séda dho ro thall Día foran da chaoimchenel
cedfadhacha crodha sin na fágbhala fíora fíadhnacha agus na
búadha brioghmara buanmarthanacha fosrágaibh naomhPatraicc
(dia mboi ag bennachad Érenn fiora mna macu agus inghena)
forna dibh braithribh aireghdha aghmara agus fora cclannmhaicne
dia néis .i. for Conall gloinnmher Gulban agus for Eoghan aghmhar
ionnsaighthech. Itíett na fagbala .i. búaidh naigh agus nionnsoigidh
for Eoghan búaidh ccosccair agus cothaighthe cathlaithreach for
Conall. Ara aoi tra ro dermaittset na firchenéla a ffágbhala
affeachtsa gurro chomhsccuchsatt an di shochraitte ind aenfhabhall
ria sloghaib an Justis agus ro marbhaitt agus ro mudaighitt
sochaidhe úaidibh.



Soait muinter an Justis iar mbuaidh ccosccair agus iar
melachtnugadh a mbiodhbadh amhlaidh sin an tan as lugha ro
shaoilset. Ba follus a nainshen for Cenel Conuil agus for Chenél
Eoghain m Neill isin laithe sin in roba techta doibh agus in badh móo


L. 336


baoi uaidib forchalma do dhénom (oro sccarsat an da chaoimchenel
chomhramhacha sin friaroile ag an righ Niall nitheach
Naoíghiallach) an tan na tardsat día núidh cathucchadh seitriuch
sonairt diochra dúrchroidheach do dhénomh do chosnamh a
nirsi a nathardha agus a nanma do chosnamh a neinigh agus a núaisle
agus a noirrdercais: co bfarccbhaithi a flaithe for fódaibh faoínlighe
gomba tesccghonta a ttreóin gombá taoibhthreghdaighthi
a ttóisigh gomba cnámhathchumtha a ccuraidh gomba mudaighthe
a milidh: cidh riasiú ro melachtnaighitt ón mudh sin ní
namá i fiadhnaisi a mbiodhbadh batar ina ccoimhchettfaidh
acht a bfreacnarcus na loingsech agus na ndíbertach echtaircheneoil
donangatar fora ffaosamh agus comairce fecht riamh íerna nathchur
agus íarna nionnarbadh asa ttíribh agus asa ttreabhaibh co ndeirghénsat
íerttain brígh mbig dona hardfhlaithibh agus dona haireachaibh
robtar dois didin agus ro robtar coill fosccaidh doibh go sin goro
beansat ceill dia ccobhair agus dia ttoirithin uaidibh asendadh co
dilghenn an domain.



Acht chena gén co ttorchrator acht uathadh biug o
Ghaoidhelaibh isin maidhm sin Chind Sáile ná rathaighfitis
dia tteasbaidh i ceand athaigh agus dan naro rathaighset ciodh
an tan sin fodein niro fágbadh i naónmhaidhm dia ro fighedh
isna deidhenchaibh inn Inis Eremhóin cuttroma frisar farccbadh
and. Ro fágbadh ann céttus an aoíninis agus an taoínoilén ba
suthaighe agus ba torthaighe agus roba mesardha tes agus úacht baoi i
nermhór Eorpa in rob iomda mil agus cruithneacht in rob íesciomdha
aibhne essa agus inbhera in rob ciúine caóntorthaighe
cuanta feibh do ratt an céidfher do shiol Gaoidil Glais m Niúil
donanuicc i nÉrinn riamh na testmolta sin fuirre (.i. Íth
m Breoghain) fíadh na rioghaibh deidhenchaib batar do Thúathaibh
Dé Dhanann for Éirinn. Do fágbhadh ann beos a ndoernáttar
ass do shaorchlannaibh soera soichenelchaibh mac Miledh
agus do aireachaibh aghmhara ionnsoightheacha do thigernaidhibh
tire agus treabh do thóiseachaibh túath agus triochait ched ar as derbh
deimhin na bía ind Érind i comhaimsir friaroile co bráth lucht
robtar ferr agus robtar aireghdha olttat na maithe batar hisuidhe
agus atbathsatt iaromh i nailechriochaibh díaidh i ndíaidh ier


L. 338


ngaid a nathardha agus a nuasalfhorba forra ro fhagaibhsiot occa
mbiodhbadaibh isin maidhm sin. Ro fagbadh din ann uaisle
agus onoir gart agus gniomhradh oineach agus oirbert seghainne agus
saorchlandacht míne agus merrdhacht treisi agus trénchalmacht crodhacht
agus cathucchad recht agus ríghe Ghaoidel Ereann co foircenn an betha.



Óro iompáidhsiot sochraiti an Justis fo iolaigh cosgair
agus comhmaoidhme amail atrubhramor ro asgnator na Gaoidil
tara nais siar co hInis Eóghanáin an adaigh sin agus ro ghabhsat
ag crúdh a ccomhairle co hudmall anbhsaidh co naithbir agus
iomaithbir for aroile. Atbertsat foirend aca basedh robadh
díor dóibh inn iomshuidhe do drud doridhisi fri campa
an Iustis agus gan a deirghe itir araba a ttorchrator úaidibh día
muintir agus narbo tanaitte a ccongaibh chatha a ttesbaidh forra
dóigh ro batar daighlíon tabhartha catha ina neccmais dia
mbeith an toice agus an conách ag congnamh friu. Ro ráidhsiot
dronga oile ba headh robadh córa dhoibh gach ardfhlaith agus
gach tigerna tíre aca do shoadh do imdhiden a athardha agus dia
cosnamh fri Gallaibh an ccéin conniocfadh. Ó Domhnaill
imorra ro raidhsidhe ná sóidhfedh dia thir agus na hoirisfedh
éccin isin iomshuidhe ni badh síre agus ro thingheall fíadh ardmhaithibh
fher nErenn batar isuidhe na tiobhradh troigh
tairismhe i ccath nó i ccliathach do chothucchad caithglíadh
maroén re Gaoidelaibh na naonar agus go sainredach i ffarradh na
druinge forsro sraoínedh céttus an tan sin doigh ro ghabh dásacht
agus mire menman eisidhe agus ba fó lais combadh é feisin cétna no
mudaighfaidhe isin maidhm sin riasiú robadh fiadha foran méla
sin fósfúairsiut Gaoídil. Robadh imegal dan laa shainmhuintir
co nimberadh bás fair fodhein lasan ffúalang rotusgabh co naro
thuil agus naro luing i sáimhe fri re tri lá agus theora noidhche
iaromh. Ba isin 3. lá Ianuari .1602. ro sraoined an maidhm sin
Chind Sáile.


L. 340


(An tAonmhadh Bliadhain Deug, 1602.)



Basí airle arriocht la hUa nDomhnaill íarsan dubha
dermhair i mboí Ere do fhagbhail agus dul dul Spáinn do acaoine
a imnidh frisin Righ an 3 Philip do chuingidh fuillidh slóicch
agus sochraide úaidibh. Oro chinnsiomh foran ccomhairle hisin
batar ied do raeghosumh ina chaoimhthecht do dhul foran
eachtra sin (cenmóthátt drong dia thairisibh feisin) Remann a
Burc m Seaain na Seamar agus Caiptin Aodh Moss mac Roibeird.
Íar ccloistecht na comhairle sin la cách hi ccoitchinne robadh
lor do thruaighe agus do neimheile an lamhchomairt anffóill agus an
golmhairgneach ghrodurlamh agus an nuallghubha ard accaointech
ro turgbait os aird seachnon longphuirt Uí Dhomhnoill an
adaigh ria nimthecht dho. Ro baoi a mordhamna aca dia
ffestais é an tan sin uair niro shillset an lucht sin fosragoibh ina
dheadhaidh dia súilibh é ó sin alle agus diamad deimin leó indsin
nirbo machtnadh dhoibh troimdhera cró do shnidhe sechtair
dara ngruadhaibh.



Do deachaidh íeromh Ó Domhnaill i lluing hi Cúan an Chaislein
cona chaoimtheachtoibh imaille fris an 6. la Ianuari agus
fodosrogluais tinfedh na cédghaoithe dusfanuicc triasan bfairrge
ffraochaigmheil goro gabhsat caladhphort an .14. la don mhis
cettna hi comfhochraibh don Chruinne dúnarus erderc eisidhe i
rioghacht na Gailisi isin Spáinn. Ba hainnsidhe baoi Tor
Breoghain dia ngarar Brigantia ro cumdacht fecht riamh la Breoghan
mhac Bratha agus ba haissidhe tangatar mic Miledh Espaine m
Bile m Breoghain do chédghabhail Erenn for Thuathaibh De
Dhanann. O do ruacht Ó Domhnaill i tír isin Cruinne gebidh for
taisteal agus tadhall an baile agus dothaót do deghain Tuir Breoghain.
Do bert coimhdhiodhnadh mór dósomh rochtain hi tír an dú
sin ar ba doigh lais gurvo celmaine mormaithiusa dhó a thochar
gusan maighin asro gabhsat a shinnsir neart agus cumachta for
Érinn fecht riamh agus no gebadhsomh doridhisi fora lurg. Iar
mbeith athaig mbicc occ leccadh a scísi isin Cruinne do chóidh co


L. 342


hairm a mbaoi an Rí isin Caisstilla ar ba hann do rala dho a
beith an tan sin (iar ttimchealladh a fhlaithiusa) isin cathraigh
dianad ainm Samóra agus ó do dheachaidh O Domhnoill i
fiadnaisi an Righ dusrelic fora ghlúinibh ina fhreacnairc agus
ronguidh a theora hitche fair. Basedh an cedna hathchuingidh
armail do chor lais co hEirinn ona congaibh comadhais agus
cona naidhmibh techta. An athchuingidh thanaisi gan aóinneach
do shaorchlandaib Érind ceni beith dia úaisle do chor i nert
nach hi ccumhachtaibh úasa na dan uas fior a ionaid tria bithu
día ngabadh mordhacht an Righ nert agus cennus for Érinn. An
tres itche gan cert a shinnsior do laghdugadh no duirbernadh
fair fein no forsan tí no biadh ina ionadh diaidh i ndíaidh in
gach maighen i tarrusair nert agus cumhachta ó chein aca inn
Erinn ríasan tan sin. Do ringheall an Rí dhó indsin uile agus ro
forchongair fair eirge día ghlúinibh agus fósfúair fíadhughadh agus
airmhittin moir uadha conadh as infechtain nach ffuair aoinneach
do Gaoidelaibh riamh ó nach righ naile coibhéis no cutroma a
bfuairsiomh dairmhidin agus donóir uadhaibh. Deithbir ón úair
do raithne a gnuis a aladh agus erlabhra tóthacht a aithiscc agus a
arusccbriathar co mór fris. Ro erb an Rí for Úa nDomhnoill
soadh tara ais don Chruinne agus airisiomh aindsidhe comba
fúirithe gach ní roba toisccidhe do breith lais ag tuidheacht ina
fhritheing. Do róinesiomh indsin agus baoi i ffos coléicc febh rob
ainmeinic lais ríamh fri ré an earraigh agus an tsamhraidh co
taitte fhoghmair ar ccind: fecht ann occ aireg tuile agus occ áines
an tan do beiredh dia uidh an chabhair agus an fhoirithin do
ringheall an Rí dho: fecht naile fo mhuich agus dobron ara fhod
lais bith ind iongnais a athardha agus ara imcheine rosbai an armail
ro gealladh dho occa herthriall úair ba cradh cridhe agus ba galar
menman lais an tan do bheiredh ina mhenmain an iondus i
rabhatar Gaoidil gan furtacht gan foirithin oca fhurnaidhesiomh.



Baoisiomh samhlaidh corro thriall doridhisi do dhul do
lathair an Righ dia fhios cred an tessnadadh no an tiomfhuireach
baoi foran sochraide agus foran armail do rairngiredh dho agus o do
ruacht don baile dianad ainm Simancas (da lege o Uualladolid


L. 344


do chuirt an Righ) basedh ro dheonaigh Día ro cheadaigh a hainshen
agus a hecconách a miscaith agus a mallacht dInis Éreamhoin
agus do Gaoidelaibh glanFhodla archena gurro gab galar a écca
agus esslainte a oidedha Ó Domhnaill agus baoi fri ré secht lá ndécc
ina licche co nerbail fadheoidh i neacmhaing na ree hisin an
.10. lá do September (in marg. 1602) do shonradh iar ccaoi a
chionadh agus a thurgabhal íar naithrighe dhiochra ina pheacthoibh
agus doailchibh íer ttabhairt a choibhsen gan dilocht dia
anmchairdibh spiratalta íar ccaithem cuirp Criost agus a fhola agus
íarná ongadh amail roba techta a llamhaibh a anmcharad agus a
shruithed ecclustacda budhdein no bhíodh ina chaoimhtheacht
dogrés co halt na húaire sin. Ba hisin ticch baoi ag Righ na
Spainne fodein isin mbaile sin Simancas atbathsomh. Ruccadh
dan a chorp go Uualladolid (go cúirt an Righ) hi ceithirriadh
cumhdachta co ndrongaibh dírimhe do Stata do Chomhairle
agus do Gharda an Rígh ina uirthimcheall go lochrandaibh lasamhnaibh
agus co sutrallaibh solustaibh do chéir chaomhalainn ar
comhlasadh ina iomthacmhang da gach leith de. Ro hadhnacht
iarom i mainistir S. Fran. isin chaipitil do shonnradh go míadhach
móronórach ionnus as airmidnighe ro hadhnacht Gaoidheal
riamh. Ro ceileabradh oiffrend agus hymna iomdha claiscetail agus
cantaice ceoilbinne doraith a anma agus ro gabadh a éccnairc
amhail robadh díor.



Monuar tra robadh liach do shochaidhibh muicherchra
an tí testta annsin ar nirbo hoghshlan a thriochatt bliadhan an
tan atbath. Ba heisidhe ceann coinne agus comhairle athchomhairc
agus iomagallmha ermhoir Gaoidel Érenn cidh fri sidh ciodh fri
coccadh. Tigherna tóthachtach tairbertach co fforsmaltaibh
flatha agus co ndluthuggadh reachta. Léo ar nert agus chumachta go
ttomaithemh agus co fforspraic móir cona lamtha urthuasacht a
breithre ar ba heigen cecip ni no forchongradh dod henomh
fair fochéttoir. Colum ar chennsa agus ailghine fri neimedh eccailsi
agus ealadhan agus fri gach naon ná friothardadh fris. Fer ro dhing


L. 346


a omhan agus a uiregla for chách i ccein agus i noccus agus for nar lá
nach naón imegla ittir. Fer díochuirthe dibherccach mudaighthe
meirleach mortha mac mbeathad agus riaghtha mac mbais. Fear
náro leicc a fhairbriocch na a iomfhorchraidh a dhiubairt na
a dhímíadh gan a aithe agus gan a dhioghail fochetoir. Imeachtraidh
aindiuid amhnus andana na noirer. Aircctheoir coccthach
creachadh coingleacach na ccoigcrioch. Díosccaoilteach Gall
agus Gaoidheal do neoch batar ina agaidh. Fear naro leicc dhe
gan denomh gach neith roba toisccide do fhlaith do gniomh
an ccéin ro mhair. Buaball bionnghlorach co mbuaidh ninnscci
agus nerlabhra céille agus comhairle co ttaidbredh seirce ina dreich
atar la gach aon atuscídh. Tairngertach toghaidhe ro
rémhtherchansat fáidhe re chían ríana gheineamhain.



Bá trógh tra ro bás occ Gaoidelaib Erenn íar nécc na
fiorfhlatha dóigh ro claochlaidhset a nairrdhe agus a naigenta
doratsat miltne ar miodhlachus moirmhenma ar mheirtnighe
uallcha ar inísle. Ro scaich a ngrain a ngaiscced a ngal a ngérraittecht
a ccosccar a ccathbúaidh iar na oidhidh. Tallsat ceill
dia ccabhair o neoch co nérlator a nermhor ar núair for iocht a
neccratt agus a nesccaratt in robtar aireghdha dhibhsidhe fo dheilbh
siodha agus chaonchomraic agus araill for sccaoiledh agus eisreidedh nocha
nama ar fhud Éirenn acht seachnón na hEorpa hi ccoitchinne
ina neisibh agus ina mbuidhnibh dínnimhe dearoile agus aroile ac
creic a namhsaine i nailechriochaibh dar cenn ratha agus túarustail
gurro marbhait sochaide diobh agus gurro éccsat aroile gurbo
hadhba aineóil a rúamha adhnaicthe. Acht chena robad eimilt
ríomh no aisnéis dona mórulcaibh ro síoladh agus ro clannaigedh
i nInis Ughoine allos écca an Aódha Rúaidh Uí Dhomhnaill ro
iomraidhsem gó sin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services