Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caoineadh Airt Uí Loaghaire
Title
Caoineadh Airt Uí Loaghaire
Author(s)
Ní Chonaill, Eibhlín Dubh,
Compiler/Editor
Ó Tuama, Seán
Composition Date
1773
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1961)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CAOINEADH AIRT UÍ LAOGHAIRE. I Eibhlín Dhubh i Mo ghrá go daingean tu! Lá dá bhfaca thu Ag ceann tí an mhargaidh, Thug mo shúil aire dhuit, Thug mo chroí taitneamh duit, D'éalaíos óm charaid leat I bhfad ó bhaile leat. ii Is domhsa nárbh aithreach: Chuiris parlús á ghealadh dhom Rúmanna á mbreacadh dhom, Bácús á dheargadh dhom, Brící á gceapadh dhom, Rósta ar bhearaibh dom, Mairt á leagadh dhom; Codladh i gclúmh lachan dom Go dtíodh an t-eadartha Nó thairis dá dtaitneadh liom. iii Mo chara go daingean tu! Is cuimhin lem aigne An lá breá earraigh úd,
Gur bhreá thíodh hata dhuit Faoi bhanda óir tarraingthe, Claíomh cinn airgid - Lámh dheas chalma - Rompsáil bhagarthach - Fír-chritheagla Ar námhaid chealgach - Tú i gcóir chun falaracht, Is each caol ceannann fút. d'umhlaídís Sasanaigh Síos go talamh duit, Is ní ar mhaithe leat Ach le haon-chorp eagla, Cé gur leo a cailleadh tu, A mhuirnín mh'anama. iv(?) A mharcaigh na mbán-ghlac! Is maith thíodh biorán duit Daingean faoi cháimbric, Is hata faoi lása. Tar éis teacht duit thar sáile Glantaí an tsráid duit, Is ní le grá dhuit Ach le han-chuid gráine ort. v Mo chara thu go daingean! Is nuair thiocfaidh chugham abhaile Conchubhar beag an cheana Is Fear Ó Laoghaire, an leanbh, Fiafróid díom go tapaidh Cár fhágas féin a n-athair. 'Neosad dóibh faoi mhairg Gur fhágas i gCill na Martar. Glaofaid siad ar a n-athair, Is ní bheidh sé acu le freagairt.
vi? Mo chara is mo ghamhain tu! Gaol Iarla Antroim Is Bharraigh ón Allchoill, Is breá thíodh lann duit, Hata faoi bhanda, Bróg chaol ghallda, Is culaith den abhras A sníomhthaí thall duit. vii Mo chara thu go daingean! Is níor chreideas riamh dod mharbh Gur tháinig chugham do chapall Is a srianta léi go talamh, Is fuil do chroí ar a leacain Siar go t'iallait ghreanta Mar a mbítheá id shuí 's id sheasamh. Thugas léim go tairsigh, An dara léim go geata, An tríú léim ar do chapall. viii Do bhuaileas go luath mo bhasa Is do bhaineas as na reathaibh Chomh maith is bhí sé agam, Go bhfuaras romham tu marbh Cois toirín ísil aitinn, Gan Pápa gan easpag, Gan cléireach gan sagart Do léifeadh ort an tsailm, Ach seanbhean chríonna chaite Do leath ort binn dá fallaing - Do chuid fola leat 'na sraithibh; Is níor fhanas le hí ghlanadh Ach í ól suas lem basaibh.
ix Mo ghrá thu go daingean! Is éirigh suas id sheasamh Is tar liom féin abhaile, Go gcuirfeam mairt á leagadh, Go nglaofam ar chóisir fhairsing, Go mbeidh againn ceol á spreagadh, Go gcóireod duitse leaba Faoi bhairlíní geala, Faoi chuilteanna breátha breaca, A bhainfidh asat allas In ionad an fhuachta a ghlacais. II Deirfiúr Airt x Mo chara is mo stór tu! Is mó bean chumtha chórach Ó Chorcaigh na seolta Go Droichead na Tóime, Do thabharfadh macha mór bó dhuit Agus dorn buí-óir duit, Ná raghadh a chodladh 'na seomra Oíche do thórraimh. Eibhlín Dhubh xi Mo chara is m'uan tu! Is ná creid sin uathu, Ná an cogar a fuarais, Ná an scéal fir fuatha, Gur a chodladh a chuas-sa. Níor throm suan dom: Ach bhí do linbh ró-bhuartha, 'S do theastaigh sé uathu Iad a chur chun suaimhnis.
xii Eibhlín Dhubh A dhaoine na n-ae istigh, 'Bhfuil aon bhean in Éirinn, Ó luí na gréine, A shínfeadh a taobh leis, Do bhéarfadh trí lao dho, Ná raghadh le craobhacha I ndiaidh Airt Uí Laoghaire Atá anso traochta Ó mhaidin inné agam? xiii Athair Airt A Mhorrisín léan ort! - Fuil do chroí is t'ae leat! Do shúile caochta! Do ghlúine réabtha! - A mhairbh mo lao-sa, Is gan aon fhear in Éirinn A ghreadfadh na piléir leat. xiv Athair Airt Mo chara thu 's mo shearc! Is éirigh suas, a Airt, Léimse in airde ar t'each, Éirigh go Magh Chromtha isteach, Is go hInse Geimhleach ar ais, Buidéal fíona id ghlaic - Mar a bhíodh i rúm do dhaid. xv Eibhlín Dhubh M'fhada-chreach léan-ghoirt Ná rabhas-sa taobh leat Nuair lámhadh an piléar leat, Go ngeobhainn é im thaobh dheas Nó i mbinn mo léine,
Is go léigfinn cead slé' leat A mharcaigh na ré-ghlac. xvi Deirfiúr Airt Mo chreach ghéarchúiseach Ná rabhas ar do chúlaibh Nuair lámhadh an púdar, Go ngeobhainn é im chom dheas Nó i mbinn mo ghúna, Is go léigfinn cead siúil leat A mharcaigh na súl nglas, Ós tú b'fhearr léigean chucu. III Eibhlín Dhubh xvii Mo chara thu is mo shearc-mhaoin! Is gránna an chóir a chur ar ghaiscíoch Comhra agus caipín, Ar mharcach an dea-chroí A bhíodh ag iascaireacht ar ghlaisíbh Agus ag ól ar hallaíbh I bhfarradh mná na ngeal-chíoch. Mo mhíle mearaí Mar a chailleas do thaithí. xviii Greadadh chughat is díth A Mhorris ghránna ar fhill! A bhain díom fear mo thí Athair mo leanbh gan aois: Dís acu ag siúl an tí, 'S an tríú duine acu istigh im chlí, Agus is dócha ná cuirfead díom.
xix Mo chara thu is mo thaitneamh! Nuair ghabhais amach an geata d'fhillis ar ais go tapaidh, Do phógais do dhís leanbh, Do phógais mise ar bharra baise. Dúraís, "A Eibhlín, éirigh id sheasamh Agus cuir do ghnó chun taisce Go luaimneach is go tapaidh. Táimse ag fágáil an bhaile, Is ní móide go deo go gcasfainn." Níor dheineas dá chaint ach magadh, Mar bhíodh á rá liom go minic cheana. xx Mo chara thu is mo chuid! A mharcaigh an chlaímh ghil, Éirigh suas anois, Cuir ort do chulaith Éadaigh uasail ghlain, Cuir ort do bhéabhar dubh, Tarraing do lámhainní umat. Siúd í in airde t'fhuip; Sin í do láir amuigh. Buail-se an bóthar caol úd soir Mar a maolóidh romhat na toir, Mar a gcaolóidh romhat an sruth, Mar a n-umhlóidh romhat mná is fir, Má tá a mbéasa féin acu - 'S is baolach liomsa ná fuil anois. xxi Mo ghrá thu is mo chumann! 'S ní hé a bhfuair bás dem chine, Ná bás mo thriúr clainne; Ná Domhnall Mór Ó Conaill,
Ná Conall a bháigh an tuile, Ná bean na sé mblian 's fiche Do chuaigh anonn thar uisce 'Déanamh cairdeasaí le rithe - Ní hiad go léir atá agam dá ngairm, Ach Art a bhaint aréir dá bhonnaibh Ar inse Charraig na Ime! - Marcach na lárach doinne Atá agam féin anso go singil - Gan éinne beo 'na ghoire Ach mná beaga dubha an mhuilinn, Is mar bharr ar mo mhíle tubaist Gan a súile féin ag sileadh. xxii Mo chara is mo lao thu! A Airt Uí Laoghaire Mhic Conchubhair, Mhic Céadaigh, Mhic Laoisigh Uí Laoghaire, Aniar ón nGaortha Is anoir ón gCaolchnoc, Mar a bhfásaid caora Is cnó buí ar ghéagaibh Is úlla 'na slaodaibh 'Na n-am féinig. Cárbh ionadh le héinne Dá lasadh Uíbh Laoghaire Agus Béal Átha na Ghaorthaigh Is an Guagán naofa I ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac A níodh an fiach a thraochadh Ón nGreanaigh ar saothar Nuair stadaidís caol-choin? Is a mharcaigh na gclaon-rosc - Nó cad d'imigh aréir ort? Óir do shíleas féinig Ná maródh an saol tu Nuair cheannaíos duit éide.
Deirfiúr Airt xxiii (?) Mo chara thu is mo ghrá! Gaol mhathshlua an stáit, Go mbíodh ocht mbanaltraí déag ar aon chlár, Go bhfaighdís go léir a bpá - Loilíoch is láir, Cráin 's a hál, Muileann ar áth, Ór buí is airgead bán, Síodaí is bheilbhit bhreá, Píosa tailimh eastáit - Go nídís cíocha tál Ar lao na mascalach mbán. xxiv Mo ghrá is mo rún tu! 'S mo ghrá mo cholúr geal! Cé ná tánag-sa chughat-sa Is nár thugas mo thrúip liom, Níor chúis náire siúd liom Mar bhíodar i gcúngrach I seomraí dúnta Is i gcomhraí cúnga, Is i gcodladh gan mhúscailt. xxv Mara mbeadh an bholgach Is an bás dorcha Is an fiabhras spotaitheach, Bheadh an marc-shlua borb san Is a srianta á gcrothadh acu Ag déanamh fothraim Ag teacht dod shochraid A Airt an bhrollaigh ghil.
xxvi Mo ghrá thu is mo thaitneamh! Gaol an mharc-shlua ghairbh A bhíodh ag lorg an ghleanna, Mar a mbainteá astu casadh, Á mbreith isteach don halla, Mar a mbíodh faobhar á chur ar sceanaibh, Muiceoil ar bord á gearradh, Caoireoil ná comhaireofaí a heasnaí, Coirce craorach ramhar A bhainfeadh sraoth as eachaibh - Capaill ghruagach' sheanga Is buachaillí 'na n-aice Ná bainfí díol ina leaba Ná as fásach a gcapall Dá bhfanaidís siúd seachtain, A dheartháir láir na gcarad. xvxii Mo chara is mo lao thu! Is aisling trí néallaibh Do deineadh aréir dom I gCorcaigh go déanach Ar leaba im aonar: Gur thit ár gcúirt aolda, Gur chríon an Gaortha, Nár fhan friotal id chaol-choin Ná binneas ag éanaibh, Nuair fuaradh tu traochta Ar lár an tslé' amuigh, Gan sagart, gan cléireach, Ach seanbhean aosta Do leath binn dá bréid ort Nuair fuadh den chré thu, A Airt Uí Laoghaire, Is do chuid fola 'na slaodaibh I mbrollach do léine.
xxviii Mo ghrá is mo rún tu! 'S is breá thíodh súd duit, Stoca chúig dhual duit, Buatais go glúin ort, Caroilín cúinneach, Is fuip go lúfar Ar ghillín shúgach - Is mó ainnir mhodhúil mhúinte Bhíodh ag féachaint sa chúl ort. xxix Eibhlín Dhubh Mo ghrá go daingean tu! 'S nuair théitheá sna cathracha Daora, daingeana, Bhíodh mná na gceannaithe Ag umhlú go talamh duit, Óir do thuigidís 'na n-aigne Gur bhreá an leath leaba tu, Nó an bhéalóg chapaill tu, Nó an t-athair leanbh tu. xxx Eibhlín Dhubh Tá fhios ag Íosa Críost Ná beidh caidhp ar bhathas mo chinn, Ná léine chnis lem thaoibh, Ná bróg ar thrácht mo bhoinn, Ná trioscán ar fuaid mo thí, Ná srian leis an láir ndoinn, Ná caithfidh mé le dlí, 'S go raghad anonn thar toinn Ag comhrá leis an rí, 'S mara gcuirfidh ionam aon tsuim Go dtiocfad ar ais arís Go bodach na fola duibhe A bhain díom féin mo mhaoin.
Eibhlín Dhubh xxxi Mo ghrá thu is mo mhuirnín! Dá dtéadh mo ghlao chun cinn Go Doire Fhíonáin mór laistiar Is go Ceaplaing na n-úll buí, Is mó marcach éadrom groí Is bean chiarsúra bháin gan teimheal A bheadh anso gan mhoill Ag gol os cionn do chinn A Airt Uí Laoghaire an ghrinn. xxxii Cion an chroí seo agamsa Ar mhnáibh geala an mhuilinn I dtaobh a fheabhas a níd siad sileadh I ndiaidh mharcaigh na lárach doinne. xxxiii Greadadh croí cruaidh ort A Sheáin Mhic Uaithne! Más breab a bhí uaitse Nár tháinig faoim thuairim, 'S go dtabharfainn duit mórchuid: Capall gruagach 'Dhéanfadh tu fhuadach Trí sna sluaitibh Lá do chruatain; Nó macha breá 'bhuaibh duit, Nó caoire ag breith uan duit, Nó culaith an duine uasail Idir spor agus buatais - Cé gur mhór an trua liom Í fheicsint thuas ort, Mar cloisim á luachaint Gur boidichín fuail tu.
xxxiv A mharcaigh na mbán-ghlac, Ó leagadh do lámh leat, Éirigh go dtí Baldwin, An spreallairín gránna, An fear caol-spágach, Is bain de sásamh In ionad do lárach Is úsáid do ghrá ghil. Gan an seisear mar bhláth air! Gan dochar do Mháire, Agus ní le grá dhi, Ach is í mo mháthair Thug leaba 'na lár di Ar feadh trí ráithe. xxxv Mo ghrá thu agus mo rún! Tá do stácaí ar a mbonn, Tá do bha buí á gcrú; Is ar mo chroí atá do chumha Ná leigheasfadh Cúige Mumhan Ná Gaibhne Oileáin na bhFionn. Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chugham Ní scaipfidh ar mo chumha Atá i lár mo chroí á bhrú, Dúnta suas go dlúth Mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc 'S go raghadh an eochair amú. xxxvi A mhná so amach ag gol Stadaidh ar bhur gcois Go nglaofaidh Art Mhac Conchubhair deoch, Agus tuilleadh thar cheann na mbocht, Sula dtéann isteach don scoil - Ní hag foghlaim léinn ná port. Ach ag iompar cré agus cloch.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services