Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh Airt Uí Loaghaire

Title
Caoineadh Airt Uí Loaghaire
Author(s)
Ní Chonaill, Eibhlín Dubh,
Compiler/Editor
Ó Tuama, Seán
Composition Date
1773
Publisher
(B.Á.C.: An Clóchomhar Tta, 1961)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CAOINEADH AIRT UÍ LAOGHAIRE.



I



Eibhlín Dhubh
i
Mo ghrá go daingean tu!
Lá dá bhfaca thu
Ag ceann tí an mhargaidh,
Thug mo shúil aire dhuit,
Thug mo chroí taitneamh duit,
D'éalaíos óm charaid leat
I bhfad ó bhaile leat.



ii
Is domhsa nárbh aithreach:
Chuiris parlús á ghealadh dhom
Rúmanna á mbreacadh dhom,
Bácús á dheargadh dhom,
Brící á gceapadh dhom,
Rósta ar bhearaibh dom,
Mairt á leagadh dhom;
Codladh i gclúmh lachan dom
Go dtíodh an t-eadartha
Nó thairis dá dtaitneadh liom.



iii
Mo chara go daingean tu!
Is cuimhin lem aigne
An lá breá earraigh úd,


L. 34


Gur bhreá thíodh hata dhuit
Faoi bhanda óir tarraingthe,
Claíomh cinn airgid -
Lámh dheas chalma -
Rompsáil bhagarthach -
Fír-chritheagla
Ar námhaid chealgach -
Tú i gcóir chun falaracht,
Is each caol ceannann fút.
d'umhlaídís Sasanaigh
Síos go talamh duit,
Is ní ar mhaithe leat
Ach le haon-chorp eagla,
Cé gur leo a cailleadh tu,
A mhuirnín mh'anama.



iv(?)
A mharcaigh na mbán-ghlac!
Is maith thíodh biorán duit
Daingean faoi cháimbric,
Is hata faoi lása.
Tar éis teacht duit thar sáile
Glantaí an tsráid duit,
Is ní le grá dhuit
Ach le han-chuid gráine ort.



v
Mo chara thu go daingean!
Is nuair thiocfaidh chugham abhaile
Conchubhar beag an cheana
Is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,
Fiafróid díom go tapaidh
Cár fhágas féin a n-athair.
'Neosad dóibh faoi mhairg
Gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
Is ní bheidh sé acu le freagairt.


L. 35


vi?
Mo chara is mo ghamhain tu!
Gaol Iarla Antroim
Is Bharraigh ón Allchoill,
Is breá thíodh lann duit,
Hata faoi bhanda,
Bróg chaol ghallda,
Is culaith den abhras
A sníomhthaí thall duit.



vii
Mo chara thu go daingean!
Is níor chreideas riamh dod mharbh
Gur tháinig chugham do chapall
Is a srianta léi go talamh,
Is fuil do chroí ar a leacain
Siar go t'iallait ghreanta
Mar a mbítheá id shuí 's id sheasamh.
Thugas léim go tairsigh,
An dara léim go geata,
An tríú léim ar do chapall.



viii
Do bhuaileas go luath mo bhasa
Is do bhaineas as na reathaibh
Chomh maith is bhí sé agam,
Go bhfuaras romham tu marbh
Cois toirín ísil aitinn,
Gan Pápa gan easpag,
Gan cléireach gan sagart
Do léifeadh ort an tsailm,
Ach seanbhean chríonna chaite
Do leath ort binn dá fallaing -
Do chuid fola leat 'na sraithibh;
Is níor fhanas le hí ghlanadh
Ach í ól suas lem basaibh.


L. 36


ix
Mo ghrá thu go daingean!
Is éirigh suas id sheasamh
Is tar liom féin abhaile,
Go gcuirfeam mairt á leagadh,
Go nglaofam ar chóisir fhairsing,
Go mbeidh againn ceol á spreagadh,
Go gcóireod duitse leaba
Faoi bhairlíní geala,
Faoi chuilteanna breátha breaca,
A bhainfidh asat allas
In ionad an fhuachta a ghlacais.



II



Deirfiúr Airt
x
Mo chara is mo stór tu!
Is mó bean chumtha chórach
Ó Chorcaigh na seolta
Go Droichead na Tóime,
Do thabharfadh macha mór bó dhuit
Agus dorn buí-óir duit,
Ná raghadh a chodladh 'na seomra
Oíche do thórraimh.



Eibhlín Dhubh
xi
Mo chara is m'uan tu!
Is ná creid sin uathu,
Ná an cogar a fuarais,
Ná an scéal fir fuatha,
Gur a chodladh a chuas-sa.
Níor throm suan dom:
Ach bhí do linbh ró-bhuartha,
'S do theastaigh sé uathu
Iad a chur chun suaimhnis.


L. 37


xii
Eibhlín Dhubh
A dhaoine na n-ae istigh,
'Bhfuil aon bhean in Éirinn,
Ó luí na gréine,
A shínfeadh a taobh leis,
Do bhéarfadh trí lao dho,
Ná raghadh le craobhacha
I ndiaidh Airt Uí Laoghaire
Atá anso traochta
Ó mhaidin inné agam?



xiii
Athair Airt
A Mhorrisín léan ort! -
Fuil do chroí is t'ae leat!
Do shúile caochta!
Do ghlúine réabtha! -
A mhairbh mo lao-sa,
Is gan aon fhear in Éirinn
A ghreadfadh na piléir leat.



xiv
Athair Airt
Mo chara thu 's mo shearc!
Is éirigh suas, a Airt,
Léimse in airde ar t'each,
Éirigh go Magh Chromtha isteach,
Is go hInse Geimhleach ar ais,
Buidéal fíona id ghlaic -
Mar a bhíodh i rúm do dhaid.



xv
Eibhlín Dhubh
M'fhada-chreach léan-ghoirt
Ná rabhas-sa taobh leat
Nuair lámhadh an piléar leat,
Go ngeobhainn é im thaobh dheas
Nó i mbinn mo léine,


L. 38


Is go léigfinn cead slé' leat
A mharcaigh na ré-ghlac.



xvi
Deirfiúr Airt
Mo chreach ghéarchúiseach
Ná rabhas ar do chúlaibh
Nuair lámhadh an púdar,
Go ngeobhainn é im chom dheas
Nó i mbinn mo ghúna,
Is go léigfinn cead siúil leat
A mharcaigh na súl nglas,
Ós tú b'fhearr léigean chucu.



III
Eibhlín Dhubh
xvii
Mo chara thu is mo shearc-mhaoin!
Is gránna an chóir a chur ar ghaiscíoch
Comhra agus caipín,
Ar mharcach an dea-chroí
A bhíodh ag iascaireacht ar ghlaisíbh
Agus ag ól ar hallaíbh
I bhfarradh mná na ngeal-chíoch.
Mo mhíle mearaí
Mar a chailleas do thaithí.



xviii
Greadadh chughat is díth
A Mhorris ghránna ar fhill!
A bhain díom fear mo thí
Athair mo leanbh gan aois:
Dís acu ag siúl an tí,
'S an tríú duine acu istigh im chlí,
Agus is dócha ná cuirfead díom.


L. 39


xix
Mo chara thu is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d'fhillis ar ais go tapaidh,
Do phógais do dhís leanbh,
Do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, "A Eibhlín, éirigh id sheasamh
Agus cuir do ghnó chun taisce
Go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
Is ní móide go deo go gcasfainn."
Níor dheineas dá chaint ach magadh,
Mar bhíodh á rá liom go minic cheana.



xx
Mo chara thu is mo chuid!
A mharcaigh an chlaímh ghil,
Éirigh suas anois,
Cuir ort do chulaith
Éadaigh uasail ghlain,
Cuir ort do bhéabhar dubh,
Tarraing do lámhainní umat.
Siúd í in airde t'fhuip;
Sin í do láir amuigh.
Buail-se an bóthar caol úd soir
Mar a maolóidh romhat na toir,
Mar a gcaolóidh romhat an sruth,
Mar a n-umhlóidh romhat mná is fir,
Má tá a mbéasa féin acu -
'S is baolach liomsa ná fuil anois.



xxi
Mo ghrá thu is mo chumann!
'S ní hé a bhfuair bás dem chine,
Ná bás mo thriúr clainne;
Ná Domhnall Mór Ó Conaill,


L. 40


Ná Conall a bháigh an tuile,
Ná bean na sé mblian 's fiche
Do chuaigh anonn thar uisce
'Déanamh cairdeasaí le rithe -
Ní hiad go léir atá agam dá ngairm,
Ach Art a bhaint aréir dá bhonnaibh
Ar inse Charraig na Ime! -
Marcach na lárach doinne
Atá agam féin anso go singil -
Gan éinne beo 'na ghoire
Ach mná beaga dubha an mhuilinn,
Is mar bharr ar mo mhíle tubaist
Gan a súile féin ag sileadh.



xxii
Mo chara is mo lao thu!
A Airt Uí Laoghaire
Mhic Conchubhair, Mhic Céadaigh,
Mhic Laoisigh Uí Laoghaire,
Aniar ón nGaortha
Is anoir ón gCaolchnoc,
Mar a bhfásaid caora
Is cnó buí ar ghéagaibh
Is úlla 'na slaodaibh
'Na n-am féinig.
Cárbh ionadh le héinne
Dá lasadh Uíbh Laoghaire
Agus Béal Átha na Ghaorthaigh
Is an Guagán naofa
I ndiaidh mharcaigh na ré-ghlac
A níodh an fiach a thraochadh
Ón nGreanaigh ar saothar
Nuair stadaidís caol-choin?
Is a mharcaigh na gclaon-rosc -
Nó cad d'imigh aréir ort?
Óir do shíleas féinig
Ná maródh an saol tu
Nuair cheannaíos duit éide.


L. 41


Deirfiúr Airt
xxiii (?)
Mo chara thu is mo ghrá!
Gaol mhathshlua an stáit,
Go mbíodh ocht mbanaltraí déag ar aon chlár,
Go bhfaighdís go léir a bpá -
Loilíoch is láir,
Cráin 's a hál,
Muileann ar áth,
Ór buí is airgead bán,
Síodaí is bheilbhit bhreá,
Píosa tailimh eastáit -
Go nídís cíocha tál
Ar lao na mascalach mbán.



xxiv
Mo ghrá is mo rún tu!
'S mo ghrá mo cholúr geal!
Cé ná tánag-sa chughat-sa
Is nár thugas mo thrúip liom,
Níor chúis náire siúd liom
Mar bhíodar i gcúngrach
I seomraí dúnta
Is i gcomhraí cúnga,
Is i gcodladh gan mhúscailt.



xxv
Mara mbeadh an bholgach
Is an bás dorcha
Is an fiabhras spotaitheach,
Bheadh an marc-shlua borb san
Is a srianta á gcrothadh acu
Ag déanamh fothraim
Ag teacht dod shochraid
A Airt an bhrollaigh ghil.


L. 42


xxvi
Mo ghrá thu is mo thaitneamh!
Gaol an mharc-shlua ghairbh
A bhíodh ag lorg an ghleanna,
Mar a mbainteá astu casadh,
Á mbreith isteach don halla,
Mar a mbíodh faobhar á chur ar sceanaibh,
Muiceoil ar bord á gearradh,
Caoireoil ná comhaireofaí a heasnaí,
Coirce craorach ramhar
A bhainfeadh sraoth as eachaibh -
Capaill ghruagach' sheanga
Is buachaillí 'na n-aice
Ná bainfí díol ina leaba
Ná as fásach a gcapall
Dá bhfanaidís siúd seachtain,
A dheartháir láir na gcarad.



xvxii
Mo chara is mo lao thu!
Is aisling trí néallaibh
Do deineadh aréir dom
I gCorcaigh go déanach
Ar leaba im aonar:
Gur thit ár gcúirt aolda,
Gur chríon an Gaortha,
Nár fhan friotal id chaol-choin
Ná binneas ag éanaibh,
Nuair fuaradh tu traochta
Ar lár an tslé' amuigh,
Gan sagart, gan cléireach,
Ach seanbhean aosta
Do leath binn dá bréid ort
Nuair fuadh den chré thu,
A Airt Uí Laoghaire,
Is do chuid fola 'na slaodaibh
I mbrollach do léine.


L. 43


xxviii
Mo ghrá is mo rún tu!
'S is breá thíodh súd duit,
Stoca chúig dhual duit,
Buatais go glúin ort,
Caroilín cúinneach,
Is fuip go lúfar
Ar ghillín shúgach -
Is mó ainnir mhodhúil mhúinte
Bhíodh ag féachaint sa chúl ort.



xxix
Eibhlín Dhubh
Mo ghrá go daingean tu!
'S nuair théitheá sna cathracha
Daora, daingeana,
Bhíodh mná na gceannaithe
Ag umhlú go talamh duit,
Óir do thuigidís 'na n-aigne
Gur bhreá an leath leaba tu,
Nó an bhéalóg chapaill tu,
Nó an t-athair leanbh tu.



xxx
Eibhlín Dhubh
Tá fhios ag Íosa Críost
Ná beidh caidhp ar bhathas mo chinn,
Ná léine chnis lem thaoibh,
Ná bróg ar thrácht mo bhoinn,
Ná trioscán ar fuaid mo thí,
Ná srian leis an láir ndoinn,
Ná caithfidh mé le dlí,
'S go raghad anonn thar toinn
Ag comhrá leis an rí,
'S mara gcuirfidh ionam aon tsuim
Go dtiocfad ar ais arís
Go bodach na fola duibhe
A bhain díom féin mo mhaoin.


L. 44


Eibhlín Dhubh
xxxi
Mo ghrá thu is mo mhuirnín!
Dá dtéadh mo ghlao chun cinn
Go Doire Fhíonáin mór laistiar
Is go Ceaplaing na n-úll buí,
Is mó marcach éadrom groí
Is bean chiarsúra bháin gan teimheal
A bheadh anso gan mhoill
Ag gol os cionn do chinn
A Airt Uí Laoghaire an ghrinn.



xxxii
Cion an chroí seo agamsa
Ar mhnáibh geala an mhuilinn
I dtaobh a fheabhas a níd siad sileadh
I ndiaidh mharcaigh na lárach doinne.



xxxiii
Greadadh croí cruaidh ort
A Sheáin Mhic Uaithne!
Más breab a bhí uaitse
Nár tháinig faoim thuairim,
'S go dtabharfainn duit mórchuid:
Capall gruagach
'Dhéanfadh tu fhuadach
Trí sna sluaitibh
Lá do chruatain;
Nó macha breá 'bhuaibh duit,
Nó caoire ag breith uan duit,
Nó culaith an duine uasail
Idir spor agus buatais -
Cé gur mhór an trua liom
Í fheicsint thuas ort,
Mar cloisim á luachaint
Gur boidichín fuail tu.


L. 45


xxxiv
A mharcaigh na mbán-ghlac,
Ó leagadh do lámh leat,
Éirigh go dtí Baldwin,
An spreallairín gránna,
An fear caol-spágach,
Is bain de sásamh
In ionad do lárach
Is úsáid do ghrá ghil.
Gan an seisear mar bhláth air!
Gan dochar do Mháire,
Agus ní le grá dhi,
Ach is í mo mháthair
Thug leaba 'na lár di
Ar feadh trí ráithe.



xxxv
Mo ghrá thu agus mo rún!
Tá do stácaí ar a mbonn,
Tá do bha buí á gcrú;
Is ar mo chroí atá do chumha
Ná leigheasfadh Cúige Mumhan
Ná Gaibhne Oileáin na bhFionn.
Go dtiocfaidh Art Ó Laoghaire chugham
Ní scaipfidh ar mo chumha
Atá i lár mo chroí á bhrú,
Dúnta suas go dlúth
Mar a bheadh glas a bheadh ar thrúnc
'S go raghadh an eochair amú.



xxxvi
A mhná so amach ag gol
Stadaidh ar bhur gcois
Go nglaofaidh Art Mhac Conchubhair deoch,
Agus tuilleadh thar cheann na mbocht,
Sula dtéann isteach don scoil -
Ní hag foghlaim léinn ná port.
Ach ag iompar cré agus cloch.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services