Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
The Catechismus of Theobald Stapleton
Title
The Catechismus of Theobald Stapleton
Author(s)
Galldubh, Tiobóid,
Compiler/Editor
O Doherty, J.F.
Composition Date
1639
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1945)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CATECHISMUS Adhon, an Teagasc Criostuí, iar na fhoillsuí à Ladin agus à Ngaoilaig, ar modh chomhrá idir Magistir agus Disciubúl. Maile re Teaboid Gállduf, Sagart erennach. Agus déis an chláir modh uras leighte na teanghan Ghaoilaige à leitreacha Romhanacha. BRUXELLIS, Typis HUBERTI ANTHONII Uelpij, sub Aquilâ aurea iuxtà Palatium, 1639. Permissu Superiorum
Oraid don Leaghthoir. 1. Mar nach ar an ttaoibh àmuigh dhon bplaoisic, as measta, na as dérabhtha dhuit blas na millseacht na cnaoi, ach ar bhrigh an inthe sheim mhilis bhiós innteastig. As amhluigh sin, da ccuirir an ccreideamh an Chré agus gach ní ele is inchreite dho inntleacht dhaonna sios, agus gan à fhoillsiú go solas, níl ann ach amhuil dobheartha cnúdh iomlán na crotall no na Pluisg uait. As uimi sin, do chuireas reomham gach misteri .i. deamharúnn fá seach dhiobh do mhiniú son leabhar so, ar modh urusa, ionnas ag brisi na cnaoi don leanamh, go mfeidir leis an tinthe dho bhlas. Da bhrigh sin à leithoir inmhuin, na gabh- adh deistin tú fá neamhshnastacht, agus gharibhe chur siós na hoibriso (amhail tré sherebhe na plaoisge) ach bris an cnú agus róthaitnió leat blas an inthe. Agus na meás gur as meolas féin do chuireas reomham an teagasg so (àta an féin roárd, rooriric) do fhoill- siú, ór màs ar oirdhearcas, agus ar dhiongmhaltacht labhraim, ní fhoil Dochtuir dha eaghnuí, na dha naomhthacht, nach ar dhoculach, cruoaí, dho è ré an fhoillsiú; do bhrigh, gur ab ón ard Dochtuir ud agus ón Maghistir Iosa Criost ar Ttighearna do tionnscna è, agus tug ar lamhaib na Neapostal, agus mar sin, go fhoil à chiall, agus à dheamhareacht os cionn an uile rea- súin nadurtha iar na ardú. 2. Sinne amh, ag rochtain (maille re mór mhaith, agus mór throcaire Dé) go haimsir dlighe na nghras, agus mar an cceanna ag tabhairt ceada do gach sim- pliach, agus umhalchroidheach dho lathair (gan dul amú na an earraid) an teagasc sin dfoillsiú, mar à deir an suibhscéol: Admhaim dhuit à Thighearna, à Athair, Nimhe agus Talamhan, gur cheilis so ar na Críonnaí, agus gur fhoillsigheis iad don Huirislibh, .i. ar lucht uobhair, Phoimpe an Tsaoghail, agus tu- gais rèna tthuicsint iad don druing shimplí neamh- uoabhreacha doní do réir. 3. Ar an adbhar sin, an ainim na Trionoidi roNaomhtha, le cobhair an Spioraid Naoimh, agus lé guí na Hogh Mhuire Mathair Dé, bioth go fhoil an
Teagasc so fá bhrat mherigeach, mhisceamhach, mbriathar neamhchuriallta, neamhshnasta; gidh- eagh sothuicseanta dhona dhuinibh simplí; do chui- reas reomhan fam dhicheall an Teagasc Criostuí so do fhoillsiú .i. Bainnicí seímh, millis, slainteamhaill na nanam, ina fhoil beatha anama an Criostuí agus cothudha spioradalta, fá dhion Sgeithe an Scriptuir do reir mar do teagaisc ar Ttighearna dona Hapo- stalaibh, agus dfagadar na Hapostail ar laimh na Heagluise è, agus àta an Eagluis go laoitheamhail dha theagasc dona Criostuithibh. 4. An teagasc slainteamhail so, à ta se dhuolach, agus do riochtanas à bheith ar eolas ag an uile Criostuí agus à bpein à slanuithe; amhail mar àta Deamharrúin an Chreidimh fhoillsithear à Ccrée na Neapostal, agus an Airteagaluibh an Chreidimh, or ni leór creide- amh go coitcheann .i. chreideamh, mar chreideas an Eagluis; acht amh, àta doulach oruinn fá phein pheaca mhairibh, eolas do bheith aguin ar dheamh- harrunnibh an chreidimh, go soleir, follas, idirdh- ealaithe, noch theagascas an Eagluis go solamanta gach à bliahdain; mar à ta, mysterium na Trionoi- di rónaomtha, aon Dià amhain firineach, Cru- thaithoir na nuile, Cheartstiuras, riaghlas, agus cho- meadas an uile ní: mar àdeir Oein: Ag so an bea- tha shiorruí, go naithnagidh, thusa ad taoin Diá amhain firineach, agus an tí do chuiris uait Iosa Cri- ost; Agus gur ab aon tsubstaint amhain è, tri Pear- sana, agus aoin Diá amhain firineach .i. Aithir, Mac, agus Spioradh Naomh, agus àse an dara Pearsa dhiobh soin amhain, do ghaibh uime colann daena .i. an Mac, maille re comboibriú an Spioraid Naoimh, iar na bhreith maille re Muiri oigh shiorraighe, agus dar fhuosclanne, fuair bás, do hadhlacadh, do aitheirigh an treas lá ò mharmhaibh, dochuaig suas ar neamh as sin tiicfas do dheanamh breitheamhnuis ar bhe- oibh agus ar mharmhaibh, agus go fhuil an Tighearna ceanna so go firineach, substainteach, gan chun- tubhairt ar bioth, à Naomh Shacrament na halto- rach; as erradeach amheas no aradh go mo leór dhona Criostuithibh go ccreitidis go coitcheann gach ni Chreideas an Eagluis, or mar do reamhradh à ta dhiachaibh agus duolach ar an uile Chriostuí eolas do bheith aigi ar dheamhairruin an creidimh,
go foscailte gan chunntabhairt ar bioth, à ta fós duolach ortha fios aitheanta dlige Dé, agus na Hea- gluise do bheith aca fa phein pheaca mharaibh; tuig, nach è amhain go mbristear iad le gniomh, agus le brethir, acht fós le smuaineamh, ag fail tainth- nibh ina mbrisi. 5. Fà dheire as riochtanas dhon Chriostui eolas do bheith aigi ar na Sacramentibh go hulighe noch as riochtanas do ghlaca chum à slanuithe, agus do thionnscain Criost ar Ttighearna (amhail medhoen ar slanuithe) dar ab tosach an Baiste, à ta amhail doras dhona Sacrament ele, agus forthaca lé nitear sinn ò pheaca an tsinsir agus ona peacaibh gniomhach rie mbaistidh. Gibe le na meann à slanudh ní fu- lair dho à aithbreith maille ris an Sacrament so. 6. Asi an Aithridhe, an dara Sacrament .i. an dara clár tar eis na luingbhristi doberthar dhon Chriostuí, agus as leis dogheobhamaid mai- feachas ár bpeacuí son fhóisidin má ghlacaid è, agus mathemaid dha unsuí go diongamhaltha coír. 7. Asi an Eucharistia, an treas Sacrament .i. Sa- crament na haltorach, ina fhoil dfiachaibh oriann à chreideamhain go rosheasmhach ar Ttighearna Iosa Chriost Diá agus duine firineach dho bheith ann do lathair gan chuntabhairt ar bioth: noch ghla- car mar an ceanna san Naomhchommaine: ina cheann sin ní fulair don uile Chriostuí, agus à ta dhuolach ortha, à fhios do bheith aco, cia ar à sirthid cobhair .i. ar Dhiá uileachomachtach. 8. Ní fèidir leam gan à goileamhain orom, le iomad truaidh agus aithmheil romhoir, ag faicsint an roiomad Criostuithe àta ar seacharan an feg an Domhain, an uireasbu eolais na nithe as mo à ta na riochtanas; mar àta an Phaidir, an Chré, agus aitheantha Dé. 9. Fárior as iomaduil ar seacharán dhona Criostuighthe à ta chomhainfheasach sin, an tan fhiosruighthear dhiobh na nithe as riochtanas chum à slanuithe .i. gan à fhios aca cie he Criost, no ar fhulaing bás dhar slanú, na cia na Hathean- ta
as dual do chomeàd, agus móran ele, à ta dhuolach ortha dho bheith ar eolas aca, gur freagara diomh- ain neamhcheillighe dobhearuid ionta. 10. Gan so dho bheith ar eolas ag na Criostuthe, do beidir à theacht fá ndeara ar dha chuis. 11. An chead chuis, do uireasbuidh aoighuridhe, agus Aithreach do theagoiscachad; no ma bhiod aca, bhios neamhchurumach, faillightheach à tteagasc dhon phobul, noch à ta go rothruomhe- leach à dúl da dhith. 12. An trath sin ní pheacuid na Criostuighthe go maratheach ar son an ainifhiois so do bhrigh gur neamhchiontach è, do easbúigh ide múnte; ar an adbhar sin tugadis na haodharidhe an aire gan bheith faillitheach, neamhchuromach à deanamh an offigi don phobul .i. an tred àta ar à ccurum, agus ma bhid bioth à fhios aca, gur roghear, cruodha- lach, nimneach, ceasfear iad à bpiantaibh Iofreinn, mar, chuireas sios an Taithair Emanuel Sáa, leis na briarthaibh so: As mo as barúlach me, go ndama- nothar na Haodhurí tré na fhallith à teagasc an Phobuil. Maran cceadna, fogra, an chomhairle Thriont mar so. 13. A AirdSagairthaibh, à Bhecairí mar an ccean- na, agus gibe ar bioth Sagart Poraisti, no ar à mbiaidh aon churum ele anam, gibe ar bioth modh ar am biaí curúm Eagluisi ar bioth air, ina Phearsuin féin, no maille ré neach ele iomochuibhe (ma bhion se féin go dlitteanach tuiremeascach) go harithe gach à Domhnuig, agus gach à la saoire solamunta beathaid na Poibleacha, agus an Tread bhias ar à ccù- rum do reir à ccumais agus tuigseana gach coda dhiob le briarthuibh slainteamhla, ag teagasc dhaibh na nithe as uireasbúgh ortha an eolas do bheith ag an uile Criostuí chum à slanuithe, agus da chur sios dhaibh le cómhra urusa àchumair, agus na dubhailche do sheachna, agus na subhailche as uireasbuch ortha do glaca, do shealabhudh; chum go seachnadis an Phian shiorraí, agus go mo fiú iad an ghloire Neamh- dha do shealabhú. 14. Dha dhearabha sin: do theagaisc, agus tug amach an chomhairle cheanna an Cathecismus Romhanach, le hughdarras agus le fogra an Phapa Pius U. ina foill- siathar 4. nithe .i. cread chreidfear, cread ghuifeár, cread oibreochar, agus cread ghlacfar. Ag fogra dhona Haodhuruib na nithe so as riochtanas ddo teagasc da bpoibleacha; agus coimhthionol na Heasbugoidi,
fogra an ní cceana do lucht fiofruighthe na bporai- stidh à fogra agus da chur do churum ar na Haodhui- ribh an Teagasc Criostuí dho mhuna dhona Poblea- chaibh bhios ar à ccurum, dha sheanamoir agus dha theagasc dhaibh gach à Domhnuibh agus la saoire so- lamonta: Or àse an Teagasc Criostuí so as uaith- neadh agus as gabla fulaing san mbeatha Spioradalta, agus gibe ona tteisteocha an teagasc Criostuí à ta à bperiacail à dhamanta dho sior. 15. As fior: go ccomhlionnan an Taoiridh lé an offig, à múna an teagaisc Criostuí ag an Altoir, no san phuilpid na seanamora, no pearsa ele iomo- chuibhe ar à shon mar fhogras comharle Threont. 16. Da bhrigh sin à Aithreacha, agus à dhearabhra- threacha à Ccriost .i. Aodhuireagh na nanam, ias- caruidh na nduine, à seanamóntaithe na firinne, à lochruinn shoillsi an chreidimh, à Shagartaibh ard Dé mhoir uileachomhachtaigh, rochurum agus roaire dho bheith agàibh, ar an teagasc slainteamhail so do mhuna dhon Tred à ta ar úr ccúrum, go seimh, singil solas agus idirdhealaithe gan fiachaint dhar nduo, na dhar saothar; mas meán libh irruidh dhomharatha na ngrás do chur umoibh do gheall ar Ttighearna Diá dhibh ar son gan an Tred do chea- nuig Criost go rodhaor le an fhuil rouasail féin do legean à Ccrobhuibh na fhaolchon Nimhe Iofrinndo dha mucha agus dha nicheanna sios an nuibhChraos Iofrinn; tugaidh fós dhur nairidh, gan bheith tar- caisneach, na neamhcheanamhail ar an teagasc slainteamhail so, ach leanuig an Taodhaire firene- ach ar Ttighearna Iosa Criost, do thionnsgon à Thea- gasc, an 12. bhliághan dha aois, à Tteampúl Ierusalem do laithair na Ndochturidh, agus oshoin amach go ndeacha se suos dona Flaitheasaibh ina shuidh ar Deis Dé Athar, à fogra dhona Sagartuibh an teagasc ceanna dho mhuna dha ttred, do reir mar à deir an subhsceol: Goirthise dhiomsa à Mhaghistír agus à Thighearna, agus as maith à deirthai soin or as me soin (agus aris) dothugas sompla dhibh, ionas mar dorinnemissi deangaidhse mar an cceanna: Mar sin ní coír dhuin tarcuisne, na neamhchion do bheith aguin ar an offig so dorduigh, agus do chuir siós duin ar Maghistir, agus ar Ttighearna Iosa Criost chum na Ccriostuithe do mhuna.
17. As doil le moran, gur deacair an teagasc so dho mhuna dhona seannduinibh agus dona duinibh dúrintleachtach, ór as féidir solas na nithe so fhoillsia- thar san teagasc Criostuí do bheith na nuireas- buidh. Bioth gur doculach saorthach Ortha an Ti- ghearna, an Chré, na Harteagail, agus Aitheanta Dé etc. dhaibh do chur dho mheamhair, ámh, as urusa iad do chur na cciomhne, da niomora agus dha fhoillsiú dha lathair go solas sothuicseanta, ion- nas go ttuigid cred chreidfid, guifid, oibreochaid, agus ghlacfaid, go hàireithe ag fiafruí dhiobh le briar- thaibh boga sothoisceanta, do reir an inntleachta agus à ttuicseana, ionnas marsin go fhregaradis sub- staint na nithe fhiathrochar dhiobh .i. ar dheamh- airruin Shacrament Neaomh choisirice na Heucha- ristia .i. na Haltorach, mar so, an fhaca tú na Criostuithe, à glaca chummuineach ó an Tsagart, agus è ag radh Aifrinn ag togbhail suos dho na Habh- lainne Neaomhchoisiriche, noch onoras agus aodhras an Pobul, à dera gur fiór sin, abair ris: bioth à fhios agad go fhogran Diá agus go tteagascan an Eagluis dhinn an Abhlainn úd dobhi ina haran sul do Naomhchoisreagadh í, agus fós ànois gne arain úrthe, tar eis à Naomhchoisrice; gidheadh ní aran í acht Diá firineach, agus fós duine dorug Muire ogh, fuair bás do hadhlacagh, do aitheirigh an treas lá, à ta na shuí ar Deis Dé Athair uilechomhacetuí, tiocas à deanamh breitheamhnais ar bheoibh, agus ar mba- mhaibh? an ccreidi so uile? à deara go ccreidean. As à chionn sin bioth à fhios agad, go fhogran Diá agus an Eagluis dhuinn à chreideamhain, go fhoil an Tighearna ceanna ar Neaomh, gan teastail as ar aon chor, mar an cceaanna an sna Hamhbhlainnibh Neaomhchoisirice ar fedh na Cruinne go hiomhlánn an fiór so? à deara gur fiór; fiafra fós dhe cia hi an Eagluis, agus mas eolach dho gur ab é an Papa as ceann orthe? à deara gur fiorsin, agus marsin à cur na ccoimhne, gur ab è comhtheanól na Ccriostaíthe farre à cheile dhar ab ceann an Papa, as Eagluis ann; creídthe so, mar fhoillsios comhairle Threonnt, so dfoillsiudh dhaibh: Le briarthaibh achamui- re, furasa. Mar an ceanna, ma fhiafruían tú dhe cread é cumann na Neaomh; mar so, an fhoil à
fhios agad gur ab ionann Sacrament àta ag na Crio- stuithibh? à deara gur fiór soin; abair ris: bioth à fhios agad, gur ab ionann Baistí ata ag an Rí, agus ag an oglach, ag an saoibhir agus ag an ndoibhir; agus fós an easbuloid cheannaigh ag an mbochtán agus ag an Rí, as ionann glacaidh í, à glaca fós chummuine- ach dhaibh, as aoín Diá amhain firineach ghlacaid; à deara gur fiór sin uile, agus ar an modh cceanna foill- seothar dho na Sacrament ele, agus na deaghoibrea- cha dha ngoirthar cummunn na Neaomh, agus an tí thuigeas so, tuigise an arteagail so, agus marsin, do reir somplo an Tighearna, à theagasc go ceannsa, seimh, simplidh; mar à deir an suibhsceaol: Foghlomaidh uoimsi, ór à taim ceannsa, agus umhlachroidhach, ór as seímh furasa mo choingh, agus as eadrum muo- lach, agus doghebhathi suomhneas siorraí dhar na- namaibh. A Aitreacha ionuimhne tugo dhár naire bhur noifig do chomhliona, gan tuirsi, na leisce da bhur ngabhail ann sna neithibh à ta oraibh ina rouolach; ór se an teagasc ceanna do mhuineadar na Hapos- talaibh, agus do sheanamonadar ar fegh an Domhain ar fogra Dé: Ar an adbhar sin imdhe à teagasc na nuile chiniach, dha mbaistí an ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh, à teagasc dhaibh go ccoimeadadais gach uile ní dfograsa dhibh do chomead. 18. An tara resún, no cúis as à féidir an tainifhios so na Criostuithe dfás, is as à seachmul féin agus à neamhaire do fheidir à theacht (mar à ta go mbei- dis Maghistri, agus Aithreacha aca mhuinfeag iad go laoethamhail) nach ail leo dul diarraigh an tea- gaisc sin, le taircaisne, no leisce aoeisteacht, à taid sin ar staid pheaca mharaibh do shior, seasmhach dúr, na nainifheos, gan na nithe as mo à ta ina nuireasbuí dfóuolaim, agus bioth nach beg ortha acht an peaca so amhain, as léor é dha namhnudh? 19. Bioth à fhios agad nach saoran an anifhios an drung lena feidír eolas dfail ar na nithibh so agus an chuid aca à deir gur maith leó gan eolas do bheith aca ar Airtiogaluibh an Chreidimh, na ar na Haitheantaibh, deagla nach tiocfag leó à ccomhlia- nagh, as mor à taid arna mealladh, ór as ionan dha- ibh sion dho radh, agus à eiteacht eochrach Rioghacht Nimhí do glaca, ar eagla go rachaidis asteach ann.
20. An drung so coinniathar iad ó asbuloid nogo ngabhaid re ais go dichileach agus do lathair à fhou- laim; teagaschar dhaibh Deamhairuin na Trionoidi roNeamtha, agus mar do ghaibh uime Mac Dé colán daonna, or mona ccreidid so go follas, ní bu féidir à slanudh, agus fós ma chomhnuid ionna nainifhios, na tucar asbuloid dhaibh ar aon chor no go rabhaid na nithe so ar eolas aca, no inntinn sheasbhach dho bheith aca à fhoulaim dho lathair. 21. So iad na nithe à duramair do bheith ar an Criostuidhe do riochtanas à ccreite. An chead chuis as à fhasan an riochtanas so, is as diobháil eoluis ar na nithibh, as cóir dhon Chriostuí dho chreideamh- ain .i. mainneachnuidh fhoulama na nithe bhen- neas rena slanugh. Or àse an creideamh solas le stiur- thar an Criostuí ar shlithe à shlanuithe, agus fós le seachnann slite, agus cosain na nolc .i. an dhamanta. 22. An dar cuis, no resun as à ttig an diobhail gan à Teagasc Criostuí dho bheith ar eolas ágna Criostuithe, àta se go romhor an agaidhe onora Dé an taircasne agus an neamhchion doberthar ar NaomhShacramentí na Heagluise, agus ar Phais, agus ar fhuil Iosa Criost, à ta ionnta astigh ina stór rómhor fá chuinne na Ccriostuithe; mar à ta Shacra- ment na Haithridh noch as riochtanas don uile dhuine iar mbaistidh, or tigid an iomad go minic à fhioghnuise an Tsagairt gan aitreachas tré na phea- caibh, na scruda, na mionachuardú à ccoinsiais, agus marsin an leigheas so fhonas dhaibh dha slanudh impoithear è ina Nimh mharathach; fós leis à ccoir cceana ghlacaid corp an Tighearna go neamhdhlis- teneach neamhumchuibheach agus na Sacramenti ele. 23. An treas cuis tré ttig diobhail dhaibh tré gan solas an chreidimh dho bheith aca, is as bheith ai- nifhiosach, neamheolgasach ar nanithibh as roriochtanas ortha chum à slanuithe, agus mar sion, ní faicear dhaibh an pheriacail ionna fhoilid, agus ní dhenid suim dhí; ór silid gur leór dhaibh chum à
slanuighthe, ma theid leis an ccuid elé dho no Crios- tuithe dhon Eagluis, leis sin ní baoghleach leó Iofrrionn. 24. As mar so damantar an iomad aca dureas- bú eolais ar na nithibh as riochtanas ortha chum à slanuighthe, amhail fiaguidh na Neanluith, ag tiacht do lathair na Neann dha fhaicsint dhaibh, teidhid agus as robheg ghabhas diobh, ámh, an tí choireas à lionta à fholach, ar modh nach tugaid dha nairi è, ní an na Neann agus na Neann ghabhas iad, acht, as romór aca ghabhas ag tuitim amh- ail dalacain à lionta à mbais: fá mar chureas an Spiorad Naomh sios duin, maille ris an Fhaigh: Sion an chuis fá ndearthnas braighde dom phobul, ar son à bheith ainifheasach, gan eolas ar na nithibh do bú riochtanas dhaibh chum à slanuighthe; ar an adbhar sion dfarsingidh Iofrionn à goille agus dfoscail à chraos gan tearma, na crioch ar bioth. 25. Ar an adhbhar gur roiomaduil imhir na druinghe dúre, ainifhisaidh so, aithchunim ar na Sagairtaibh Poroiste, ar na Cairdeachas Criost, ar na Haitreachaibh nadurtha, ar na Haithrieachaibh faoisidine, agus ar na seanamòntaithe, deamhairruin an creidimh do Theagasc (agus an chuid ele as rioch- tanas agus à ta duolach ar an Chriostuidhe do bheith ar eolas aigi) dhon tread à ta ar à ccurum, agus mar- soin, nihe amhain, go ccomhlionasibh leis an ofig à ta dhuolach oribh, acht fós dogheathai an iomad maifeachais an úr bpeacaibh. De reir an Phapa Pius V. tug amach dhafhitid lá do lough à pheaca do gach naon fhoulamas an teagasc Criostuidhe, theagascas è, no fhognas, no dhobheir cognamh dho lucht à theagaisc. Fós Gregoir XIII dfairsinghig agus do shínn an 40 lá so an céad lá hoc autem. 20. Do chuireas reomhom so dfoillsiú san tean- gain ghaoilghe, ar an adhbhar (bioth go fholid an iomad do shuithibh mora, agus do Dhochturí rófhou- lama, nith à Ndiocht amhain, acht fós an gach elai- ghain ele, agus go róghasta san Teangain ghaoilghe) nach foil ar Riocht no Herean (mo dhuthe nadur- tha) ní as riochtanasuidh, na an Teagasc Criostuidhe dho bheith ar eolas aca ionna Tteangain nduchais, nadurtha féin, ionnas go ttuigidis go soleir í féin agus à chioll: ór ar aon mhodh ele ni feidir dhon phobul chotien à thuicsint. Agus as uimi sin dothug Diá dona
Apostalaibh tiolaicí tengtha eagsamhla do labhairt ionnas go mo fheidir leó gach Tír agus gach nasiún fá leith do theagasg na tteangain dilis féin; ar na briarthibh so: Dobhi sán am sion à Ierusalem Du- ínne rialtha on uile nasiun dha fhoil sán Spéir. Dochuoaidh chum an Tsolamain sion, agus dobhidar na Hapostail chomh lionmhar sion don Spiorad Nea- omh, nach ar féidir leó fuireach gan dúl amach ar fegh na maraghaidh agus na sraidean, ag innsin agus ag pobeliacht mórmhaitheasa, agus mórThrocaire, agus Mordeachta Dé, ór tionnscnoid Teangtha eagsamhla idirdhealaithe, do labhairt, ar an modh go ttuige- ach an uile dhuine iad na Theangain féin nadurtha, dhuchais; as cosmhuil go rabhadar Erennuigh an tan sin à Ierusalem, fá mar aithreastear an Erin go rósheannda. 27. Ní féidir leis an Erenach (ó resún ar bioth) Tean- gha choimhtheach do labhairt, na thuicsint, mona fhoulama í ar tus? ar an modh cceana, an Tuata bocht, simplidh Erenach cionnas tuicfí se seanamoir lainni, bhearla, fhraincisi, no Teanga ele choigirithe, gan à folaim othus? dha fhiafruidhe tú dhe cred à duradh san Tseanamoir, ní fhoil do fhreagra aige, acht nach tuigeann se í. 28. Marsin as mór an truaidh à liacht Erenach, na foil aca acht gaoilaig amhain, à cur chum na Paidri, na crée, agus úrnuithe ele na Heagluise do radh à laidin róbhristi, agus fós gan à fhios aca cred à deirid, acht à gogalluig amhail Pioraide, no caoge do chuirfeadh chum cainte; oir ma fhiathriann tú cred adura, ní fhoil do fhregara aca dhuit, acht aradh nach tuigid an ní derid. 29. An chuis ele far chuireas reomham an Tea- gasc so dfhoillsiudh à Ngaoilaigh, ar an adhbhar, nach fhoill Nasiún ar feag an Domhain nach ono- reach leis bheith ceanamhail ar à Theangain féin, agus à leagh, agus à scribha. Tugadar na Romhanuig an uiread sion do chion, agus duoasle don teangain lain- ne, bioth go rabhadar go róeolgasach san Teangain ngreagaig, dobhí go ceanamhail san namm san; tar à cheann sin ní ar fhiú leó teachtarí, na leitri- cha na ngregach do fhregra acht san tteangain lainne; agus fós tar eis na Ngreagach do bheith futha,
agus fá na smacht; do legidis ortha féin nach tuigidis an Teanga ghriagach, bioth go ttuigidis í go rómhaith. Or ní san Roimh amhain dobhí so, acht ar feag na Haisie go hiomlan, agus fós an iomlan na Greige; agus sin chum mórchion do bheith ar an Tean- gain lainne; fós dha dhearabh sion (mar do scribha Dionisius Cassius) as rógheár do smachtuig an Tim- pere Claudius Senator Romhanach, tré gan laidean do labhairt, bioth go rothaithniag ris an Impiri fearsuí, seannraite, agus seannfhocail greagacha. 30. An sna Haimsiriochaibh so mar an cceana, na Hambasiodurí .i. teachtaridh na Righthe, ní labhraid à ngnoithe acht à tteangain nadurtha à Rí féin, tar eis sion as le fear teangan dobheirid re thuicsint an inntinn. As rómhelleanach dobhí Ci- cero ar an ndruing dobhiogh tainnemhach ar à tteangain ghreagaig, agus ar theangthuibh cuimh- teacha ele, agus do tharcaisnigh à tteanga nadurtha féin lainne, ag radh: Ní feidir leam gan à bheith an ionganna rómhór orom ní chomh neamhgnathach sion agus á ta an aghaigh an uile resúin .i. gan cion do bheith ag gach neach ar à Theangain nduth- chais nadurtha féin. 31. Ar an adbhar sin, as cóir agus as iommochuibhe dhuinne na Herenuig bheith ceanamhail, gradhach, onorach, air ar tteangain nduchais nadurtha féin, an ghaoilag, noch à ta chomh fueletheach, chomh muchta sion, nach mór na deacha si as coimhne na nduinne, amhileán so as feidir à chur ar an Aois Ealaghain noch as udair dhon Teangain do chuir í fá fórdhoreatheacht agus cruos focal, dha scribha à nodaibh agus fhocalaibh deamhaire, doracha, dothuicseanta, agus ní fhoilid sáor morán dár nduinibh uaisle dobheir à tteanga dhuchais nadurtha (noch à ta fortill fuirithe, onorach, fólamtha, gearchui- seach inti féin) à ttarcaisne, agus à neamhchionn, agus chaitheas an aimsir à saorthudh, agus à foghlaim teangtha coimhtheach ele. 32. Misi amh, do reir na haimsiri dho chaitheas an Erinn, am Shagart à ccurum na nanam, docúnncos dhamh, nach raibh aoin ní as riochtana- suidh ar lucht aitribh na duthe sion, na an teagasc Criostuí dfhoillsiudh dhaibh, go soleir, idirdh- ealuithe, aithghear, agus à nhaoilaig (chum tarabh-
tha na Nerenach) go suimeamhail, ionnas go ttui- gidis è. 33. Fa na thuaréim sion, do ghabhas orom be- gan saothair chruinithe an teaghaisc Chriostuí so as moran do udaraibh oririce na Heagluise, à lai- din, noch diompoías à nghaoilaigh chum tarabtha na Nerenach, agus chum go mo feairde do thuicidis è, agus fós cach ele: do shaorthúidheas à chur à lei- trecha Coitcheanna Romhanacha à chur à ccló à Laidin agus à Ngaoilaig: iar na roinn à ttrí leabh- raibh idirdhealaithe; an cead leabhar trachta se go róàchamair ar theagasc, ar ainim, agus ar chomh- artha an Chriostuidhe, agus ar roinn na hoibridh. An dara leabhar trachta se ar an Ccrée agus ar Airtia- glaibh an Chreidimh; ar an Bpaidir .i. Ortha an Tighearna, agus ar úrnaithuibh ele na Heagluisi; ar oibreachaibh na Trocaire; agus ar na Shacramen- tibh. An treas leabhar ar na subhailchi, agus ar na dubhailchi, so uile ar modh chomhradh idir Ma- ghistir agus Disciubul, maille re fiathfruighe, agus frea- gra, chum usacht agus soshuicseacht na nduine sim- plighe Ainifhiosacha; gan fireacha, agus so gan acha- mareacht arbith son sgribhinn, gidheagh, ní do reir churtha sios agus ortographi na Gaoilaga gu róchinnte ach amhain mar chantar agus labharthar na briar- tha go coitchiann, agus as do aontoisc dorinnas so, ionnas go mo follas do gan aoin modh leite na teangan Ghaoilaige fá már dogheabhair foillsethe tar eis an chláir. Beanacht leat.
AN I LEADHBHAR DHON TEAGASC CHRIOSTUIDHE. Ar Theagasc, ar Ainim, agus ar Chomhartha an Chriostui- dhe, agus ar roint na hoibre. AN I CHAIB. Ar Theagasc, agus ar Ainim, an Chriostuidhe. MAGHISTIR. 1. DO bhrigh gur ab riocho- tanas don uilea Fioreaon an Theagasc Criostuidhe do bheith ar eolas aige chum a shlanuithe: Innis dhamh ciodh è an Teagasc Chriostuidhe? DISCIUBUL. As cruiniudh aithchumair agus suím an Teagasc Criostuidhe, ar na huile nithibh do Theagaisc agus do thaisbein ar Tti- ghearna Iosa Chriost, dhar stiuradh ar Shlighe ar slanuighthe. 2. Magh. An Chriostuidhe thu? Disc. A sedhd maille re garsaib Dé. 3. Magh. Cread fa nabair tu maile re grasaibh Dé? Disc. Ar son nach lem deigniomhar- thuibh fein, na le deingmhorthibh Ma- thar, na mo Mhathar, na chreatuir ar bioth talamhuidhe ataim am Chriostuidhe, acht maille re grasauibh Dé agus le mór thro- caire Iosa Criost ar Ttigharna.
4. Magh. Cia o fhuoir tu an tainim sin Criostuidh? Dis. O Iosa Chriost ar Ttighearna. 5. Magh. Cia da ngoirean tú Criostuidhe? D. Do dhuine le Criost. 6. M. Cia dha ngoireann tú duine lé Chriost? D. Dhon ti aga fhoil credeamh Iosa Criost, ar Ttighearna aige, do adaimh se na Bhaiste ar ndeanamh offrala dhe fein chum a sheirebhise. AN II. CAIB. Ar chomhartha an Criostuidhe .i. na NaomhCroise. 1. M. Cread é chomhartha an Chrios- tuidhe? D. Chomhartha na Naomh Croise. 2. M. Cread an tadhbhar? D. Ar an adhbhar gur ab Iomhaighe Iosa Chriost ar Ttigharna crosta san Ccrois (ag fuasglad an chine dhaonna) an uile Chrios- tuidhe. 3. M. Ca mheid modh ar a ngnaithighean an Criostuidhe an comhartha so? D. Ar dha mhodh, ag deanabh tri crosa le hordoig na lamhe deise, ar tus ar an eadan, na dheaig sin ar an mbéol, agus fa dheoigh ar an ucht ag labhairt re Dia. 4. M. Cread fa Ccuirean tú an chros ar headan?
D. Da iarraigh ar Dhía mo sheachna ar dhrochsmoaintigthibh. 5. M. Cread fa ccuirean tú ar do bheól í? D. Dha iarraigh ar Dhia mo sheachna ar dhrochlabhartuibh, agus ar dhrochchom- hratibh. 6. M. Cread fa ccuirean tú ar hucht í? D. Dha irraigh ar Dhia mo sheachna ar dhrochfhónn agus ar dhrochoibribh. 7. M. Teisbean damh cionnus agus cia na briartha le ndeantar an comhartha bean- nighthe so? D. Donithar ag ragh: maille re fighir na NaomhChroise, onar neascairdibh, saor sinn a Thighearna Dia. Biodh- mairsin. 8. M. Fuillsigh anois an ttara modh ar a ndentar an comharthugh .i. an coisriogh- adh? D. Dhar ccoisroghadh fein le comhartha na NaomhChroise adermaoid: An ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomh, Biothmarsin: or beanmaoid le bárr ar ambaise deise re nar nédan ag rádh. An ainim an Athar; na dheaghaidh sin ar an ucht, ag radh, agus an Mhic, fa dheoigh aistrimaoidh an lamh dheas o an nguolainn cclí gus an nguolainnndeis ag radh agus an Spioraidh naomh, ag ragh na brethre si An ainim an Athar, cialluigh- thar eaondacht Dé; .i. nach foil acht aoin Día amhain ann, or is an ainimibh adear- thaoi da mbeith an iomad Déé ann, fós maille ris an mbreithir ud an ainim, cialliugthear na comhachta neamhdha noch ata go, haon-
racanach an sna tri pearsanuib. Ag radh an Athar, an Mhic, agus an Spiraid Noaimh foillsighthar, tri Pearsana na Trinoidi. Agus an comharthúdhadh sin donither na chrois ni he amhain go cciallin- ghean Pais Mhic Dé, acht fós mar do ghaibh sé collann daonna uime. Aistrioghadh iomorro na lamhe deise on ngualain chlí gus an ngualainn ndeis, (agus ni hon ngualainn ndeis gus an ngualainn chlí) cialluighidh go rug se o luige gu neart, o shochriochnuightihibh go siorriugheacht, o bhás go beatha, o pheaca go greasaibh lena phais sinn. 9. M. Ciodh na cuse fa ndeantar com- hartha na croise .i. an coisrigo? D. Ar tús donithar é dha admhail gur Chriostuithe sinn .i. Rudurighe Chriost ar Nimpire agus ar CCaptin, or asi an Chros libhre agus comhartha le naitheantar an Criostuidhe tar eascairdibh an chreidimh agus na Hea- gluise, mar ataid na Gintilig, na Paga- nuig, na Húil, na Turcaig agus na Hericigh. Aris donimid an coisreagadh a garim cobh- artha an Choimdhe in ar nuile ghniomhar- thibh. 10. M. Catrath as indeanta don Chrio- stuidhe an coisreaga? D. Ag eirghe dha leabaidh, ag dul amach as an Tteach, agus ag tilligh tar ais, ar ndul dhon Teampul, chum búird, agus do cholladh, ag tionnscna an uile nith as mean lés do
dheanamh, agus gach uair muthochas se é fein a nguasacht, accathughadh, a rioohta- nus, no a bperiacail ar mbioth. 11. M. Cread fa ndeantar an Crhos co minic sin? D. Chum bheith aireach, follamh, ara- maltha an aghaidh ar neascairiad ata ann gach ionad agus ann gach ám ag deanamh an ndichill cogaidh agus Catthuighthe inar na- ghaid. 12. M. Cia na heascarde sin? D. An Diabhul, an Saoghal, agus an Cho- lan. 13. M. An fhoil brigh na subhailce ar bith ag an Ccrois, na naghaid sin? D. A ta go Deimhim, or gabha eagla agus criothnughadh an Diabhul ag facsint an chomhartha so na Croise agus tethig uadha; amhail chrighid lucht na migniomh ag faicsin turnuithe an dligh no ionad na pene, no an smachtaithe. fós as rómhinic malle re fioghair na croise shaorthar duine o oiloma- da piriacal Spioradaltha agus saoghaltha, ma ghnaithiann í le creideamh diongmhaltha agus le dochas a mórthrocaire Dé, agus a luoaigh- acht Iosa Chriost ar Tthigharna. 14. M. Cia o fhuair an Chros an brigh agus na subhailce sin? D. Fuair o Iosa Chriost ar Ttighearna le ruga buodha ortha inte le na bhás. 15. M. An tan adhras tú an chros, cread a deire? D. Adeirim: Adhramaoid tú a Chriost agus beannuighimid tu ar an adhbhar gur fhuas- cail tu le adNaomh Chrois fein an Domhan; no ar an modh elle so: Adhraim thu a
Naomh Chros in ar crosadh ar Slanuigh- theoir. AN III. CAIB. Ar roint an Teagaisc Chrio- stuidhe. 1. M. Cia agus ca, mheid ní ata dfiachaibh agus as riochtanas don Criostuidhe do bheith ar eolas aige (chum a shlanuigthe) iár tteacht chuum ceille agus chum deiscrede dho? D. Cheithre nithe .i. fios cred chreidfeas, cread ghuighfeas, cread oibreochas, agus cread ghlacfus. 2. M. Cionnus bhias a fhios agad cread chreidfeas tú? D. Fios Chree na Napostol, agus Artigail an Chridimh dho bheith agam. 3. M. Cionnas bhiás afhios agad créad Ghuidhfeas tú? D. Fios na Paidre agus urnúighthe na Heagluise (in a fhoillsighthear cia as ccoir do ghuidhe) do bheith agam. 4. M. Cionnus bhias a fhios agad cread oibreochas tú? D. Fios Aitheanta Dé agus na Heagluise agus oibreacha na Trocaire dho bheith agam. 5. M. Cionnus bhias a fhios agad cread ghlacfas tú? D. Fios na Sacrament do thionsgain agus do orduigh ar Slanaithóir agus ar Ttigharna Iosa Chriost, agus do fhaguibh ar laimh na Hea- gluise do bheith agam. 6. M. Leith amuith dona cheithre ní- thibh so ata dfhiachuibh ar an uile dhuine
dho bheith aige, an eolach dhuit ni ar bioth elle ag a fhoil dfhiachaibh air a fhios do bheith aige? D. Ataid nithé elle ann as riochtanas don Chriostuidhe do bheith aige, agus as uireasbuch chum na slainte siorruidhe .i. fiós na subhail- chie agus na nduailcdhie: bioth (le toil Dé) go ttrachtfam san Ccrée agus ann sna Haith- eantaibh ortha, tar a cheann sin, docithear dhamh gur ab iomchuibheach tracht ortha fá leith. 7. M. Taisbein sompla no cosmhalacht na fearde tuigfear riochtanus na nithe reimhraite soin? D. Glacaid S. Augustin cosmhalacht an Tighe mar Shomplia, or amhail chum an Tighe do thogbhail ni folair an funda- ment do dhealabhadh, na dheaghaidh sin, naballuidhe do dheanamh, agus fa dheré dión do chur os a ccion agus ag cur moran fearas tighe: agus gléis ann: ar an modh ccenna chum aitribh na slainte do oibriughadh in ar nanamaibh, as riochtanas fundament an Chreidimh, balluidh an Dochuis, agus dion na Carthanacht agus fa dheire asiad na Sacrament na gleis agus an fearastighe.
AN II LEADHBHAR DHON TEAG CHRIOST. In na fhoillsiathar na cheithre cota reimhrate .i. tracht fa leith ar gach cuid aca. AN 1 TRACHT In na fhoillhsithar Cré na Neapostal agus artigail an creidimh. AN 1 CAIB. Ar Chre na Neapostal. MAGISTHIR. 1. O Thionsgnamair an Tea- gasc Chriostudhe, abair Cré na Neapostal? D. Adear le deathoil mhaith mar so. 1. Creidim an Dia Aithair uileachom- hachtach Cruithaighthoir Nimhe agus Ta- lamhan. 2. Agus an Iosa Chriost a aon Mhac Soin Ttighearna. 3. Do gabhadh on Spiorad Naoimh, dorug Muire ogh. 4. Do fhuláingh Páis fa Phoint Piolaít, do crosadh, fuair bás, agus do hadhlacadh. 5. DoChúaid sios dona Hiofreanúibh do
do aitherig an treas láo ó mharbhuibh. 6. DoChuaidh suas ar Neamh, ata na shuighe ar deis Dé Aithar uileachomhach- tuigh: 7. As san tiocfas do dhenamh breithémh- nuis ar bhióibh agus ar mharbuibh. 8. Creidim san Spiorad Naómh. 9. San NaóimhEagluis Chatolice á Ccu- munn na Naómh. 10. A maitheámhnus na bpeacúdhe. 11. An eiseirghe na Colna. 12. Agus san Mbeáthaidh Siorrúidhe. Go firneach. 2. M. Cia an Tughdar dorinne an Chrée? D. Na Hapostail dorinne í tar eis Chriost do dhùl ar Neáomh, ag dúl dhoibh do shen- moir an Tsuibhsgeól ar feadh an domhaim, or áse Chriost fein do theaguisg dháibh í: agus na Hapostail dhon Eagluis: agus atá an Eagluis da Téagasc dhúinne go laoétheámh- ail. 3. M. Créad fá ttéagasgánn an Eaglúis dhúinn í? D. Chum ar ndeánámh diongmháltha seasmhach inar ccréideámh. 4. M. Agus cread fá nabair tusá í? D. Do admháil an chroidimh Chrio- stuidhe. 5. M. Osé an créidéamh céad ní as córtha don Chríostuighe do bheith aige ar eólus innis dhámh ciódh an ni é an Créideamh?
D. Subhailche iar na dórtadh ó Dhía orínn lé na Ccréidimid go seasmhach deangmhál- tha gach à tteisbeanánn Diá agus chuireás à NeaómhEglúis féin sios Dúinn, bioth go mo ródhoracha iad agus fós go mbedis ós Ciónn an uile resuín nadúrtha. 6. M. O à deire gur máille ris an Ccréi- deámh as inchreite dhuin go hiomlán gach afhográn Diá, agus teagascas an Eaglúis? Innis dhamh an fhaca tú ar Tthigh- earna Dià ina thri pearsanaibh agus in aón Dià amhàin firineàch? Agus an fhacatú ar Tteighearna Iosa Chriost ag túrling ó Nimh à Mbrúinn na Hoigh Mhuire? Agus an fha- ca tú í dha bhreith? An fhaca tú fós an Ttighearna ceanna ag fulang Paisi, ag fa- ghail Báis, agus ag túrlaing siós dona Hio- frionnaihh, agus ag dul sùos ar Neàomh, ag súidhe ar deis Dé Aithar uileachómcha- tuig? An fhacais fós an Spiorad Neaómh à turlaing ar an Ttighearna ceanna iarna Bhaiste lé Eóin à Sruth Iordain, na ar an ogh Mhuire, agus ar na Hapostail, agus ar an Ccuid ele dona Disciobulaibh Domhnach Cincise? D. Ni fhacas go deimhin, cidheagh creidim sin uile amhail agus dochifinn iod go hiomlan lem shulibh corpurdha go soleir. 7. M. Cread fa ccreidean tu iad chomh deangmhaltha sin agus gan à fhaicsint duit?
D. Do bhrigh go norduighean Dia dhuinn a ccreideamhain, agus ar lorg Dé aithnidh agus fogra an Eagluis dhuin é, agus do bhrighe nach fedir Dia dho mhealladh, na fos dho breag do dheanamh: Marsin nach fedir a NeaomhEagluis fein na sinne dho mhealladh ar son na Ndeamharruin Neaomhdha so dho chreideahuin, da reirsin cuirig an Ea- gluis sios duin accreideamhain gan choun- tubhairt ar bioth. 8. M. Cread àta agad agus chreideas tu mar Chriostuidhe? D. An uile ni chreideas agus Theagascas an Eagluis Chatolice Romhanach. 9. M. Cia na nithe ata agadsa agus ag an Eagluis agus chreidithi? D. Cridimid agus ataid aguim Artigaoil an chreidibh, mar ataid sios san Ccrée. AN II. CAIB. Ina trachtar ar Artigoaluibh an Chreidimh agus go hairighthe ar na Hairtigoaluibh thrachtas ar an Ndioacht. 1. M. Ca mheid Artigoail san Neaomhchreideamh? D. Ataid dha Artigail deag ann do reir uimhir na Neapostel do chuir amhach an chré, agus do reir an deamhairruin ata into astig go foloatheach, ataid 14 san chredeamh .i. 7 Nartigail thrachtus ar Eaondacht na Nadura diadha, ar thri pearsanaibh na Trionoide, ar Thiodhlaicibh agus ar oibreachaibh Dé dhuin, agus na 7 Nartigoail ele ar Neaomh dhaonacht Iosa Chriost ar Ttighearna thrachta siad famar fhoilsiothar san chaibidil so nar ndiaigh.
2. Abair na 7 Nartigoail sin thracht- us ar aondacht na Nadure diadha, agus ar thri Pearsanuibh na Trionoidi, ar oibrea- chaibh, agus ar thiodhlaicaibh Dé dhuinn. D. A chredeamh: 1. Go fhoil aon Dia amhain uleachomhachtach Siorr- aigh ann. 2. Gur ab Aithair Siorraigh é. 3. Gur ab Mac Siorraidhe é. 4. Gur ab Spiorad NaomhSior- raighe é 5. Gur ab Chruthaithoir é. 6. Gur ab Slanuighthoir é. 7. Gur ab Gloraighthoir é. 3. M. Cread à dubhrais? D. Artigoail an Chreidhim. 4. M. Cia dha ngoirean tu Artigoail an chreidimh? D. Do Fhuonnement an Teagaisc Chrio- stuidhe. 5. M. Cread far horduigh artigoail an Chreidimh? D. Chum go tteisbeanfuidhe suim aitgh- hearr an chreidimh, agus na nithe bheaneas ris an Naduir Dhiadha, agus re daonnacht Chriost, dhon duine.
6. M. Os amhlaidh soin ata mar à deire, foillsig ànois cread an ni é Dia? D. As ródheacair (ní dhamhsa amhain acht dhon uile creatuir) an ní shireas tú dho fhoillsiúdh gidheagh an mhèid roitheas comhachta na tuicsina sobhristi na nadu- ra daonna (lé comhair, agus lè fulang Dè) adear began ar sin, marso: Ionann Dia rè radh, agus ní ata ós ciónn an uile ní dhar cruithuiagh, agus ata se gan tús, gan dereadh, acht ata ann riàmh, agus bhias choiche, agus as è dorinne an uile ní ele, chothuigheas, agus stiuras iad; asé as róaoirde as róbhrèadhtha, as róuoúsle, as róchóm- hachtuighe, agus as rómhórdha ànn, ardTigheàrna na nuille neith; agus as de so amhain goirthear Dia noch atà an aon Dia amhain fhreneach, doreir nach feidir do bheith ann acht aon diaocht amhain .i. aon nadúir agus Bheith aonracanach, doChriachnuithe uilechomhachtach, tuicsea- nach, eagnuigh, maith, neartfur etc. tús agus crith na nuille nieth. 7. M. Ciodh an ní an Trionóid? D. An Diaocht chenna ata ansna tri Pearsanuibh .i. an Aithar, an Mhìc, agus an Spioraid Naoimh, à trí à bpearsanuibh, agus aonda à Naduir, agus ambeith, noch ata ansna trí Pearsanubh Neamhdha amhain ghaonracanach.
8. M. Cía he an Taithair uileachómh- achtuch? D. An chead Phearsa dhon Diocht, do ghin an Mac amhain ionann agus cosmhuil ris fein ambeith agus asubstaint agus idirdhea- luighe à bpearsain. 9. M. Cread fa ngoirthar Aithair do Dhia? D. Ar an adhbhar gur ab Aithair à aon Mhic amhain fein é: fós gur ab é Aithair na ndheadhaoine uile è agus na fhioren, ni do reir nadure, acht do reir thoghtha agus aithlinnais: ina cheann sin asé Aithair gach ni dhar cruthiag é, ní do rèir nadúre ná toghtha, acht do rèir chruthuighthe. 10. M. Cia he an Mac? D. An tara Pearsa dhon diócht iàr na ghineamhuin ón Aithair shiorruidhe àmhain noch gur maille ris dorineadh gach ní dhar cruthúigheadh. 11. M. Cia he an Spiorad Neaómh? D. An treas Pearsa dhon Trionoid tig agus gluóseas ón Aithair agus ón Mac, agus as Dià firinèach é mar an Aithair agus mar an Mac, mar as àon diocht amhàin ata unta à ttriur. 12. M. An aón Phearsa amhain Día? D. Niheadh go deimhin, acht trí Phear- sana idirdhealuighthe, agus aón Día amhain fireneach.
13. M. An Mac an Taithair, no an Ai- thair an Mac? D. Niheadh go deimhin. 14. M. An Aithair, no an Mac an Spiorad Neàomh? D. As deimhin nach headh. 15. M. Cread an tadhbhar? D. Ar an adhbhar biòth gur ab aòn Día amhain è (mar aduramair) ní aòn Phearsa amhain acht trí Pearsana idirdhèalùigh- the è. 16. M. An fhoil bàr aòise, còmhachta, cùmais, gloíre, nà maitheasa ar bioth ag aòn Phearsoin don Triònoid tar achèile? D. As deimhin nàch foil, or an diocht cheanna, an bheith an tsubstaint, Com- hactha, fare gach maith ele dhoithcrioch- nuigthe ata san Aithair, dogeibhthear san Mac agus san Spiorad Neaomh iad; ar an adhbhar sin, as trí Persana iad, mar ata Pearsa an Aithar, Pearsa an Mhic, agus Pearsa an Spioraid Neaoimh, gidheagh as aon Día amhain è, or as aon diocht, aon bheith, aon naduir, aon chomhachta, aon eagana, aon aois, agus aon mhaith dhoith- chriochnuithe ata ag trí Pearsana na Trion- oide; or ar chail ele dha mbeith aon Phearsa dhon Trionoid ni bù chomhachtuighe na an dáPherasain ele nir fheidir fiorDhia do gha- rim dhon na Pearsanaibh buludh com- hachta. 17. M. Tuigim as do bhrearthaibh nach foil bàr ar bioth ag Phearsanaibh na Trio- noide tar à chele? D. As fior sin do bhrigh gur ab ionan uoaisle, naduir, glore, agus substaint ata
aca mar aduramar nois. 18. M. Cread fa ngoirthar do Dhia uilea- chomhachtach? D. Ar an adhbhar go fhoil an tainim sin ar na hainamannuibh neaomdha as disle do Dhia agus goirthear annso uileachomhachtach go rooireamhnach deth chum nach beith do- cul aguinne à Chreideamhuin go ndearna se Neaomh agus Talamh do neimhni, mar as ail leis, agus nach foil ni ar bith no dhocul air ar an adhbhar sin ata se uileachomhachtach. 19. M. Os fior nach feidir lé Dié Bás dfu- lang, na Peacca dho dheanamh: mar sin innis dhamh an fhoil se uileachomhachtach? D. Mo fhreagra arsin, bheith comusach ar bhas dfulang, no ar pheaca dho dheanamh ni Cumas é acht michumas: amhail adearhaidh re Cura, no re a Gaisgidheach go Cclaoifeadh gach nduine, agus go mbeith fein dochaloite ó aoin neach ni mistide à chlu bheith dochluite, or ni neart hbheit sochluite, acht luigi agus anbhaine. 20. M. Cread fa ngoirthear do Dhia Cruithaithoir? D. Ar an adhbhar go ndearna se an uile ni sofhaigse agus dofhaigse do neimhni, agus go stiurann, go riaghlan agus go ccomeadan eiad
le na mhormhaith fein, agus gur ab leis fein àmhain as feidir an iompo aneimhni; as ui- me ghoirthar cruithaithoir Nimhe agus Ta- lamhan de, do bhrigh gur ab iad so dha chuid as priunsapaltha dhon Domhan: an chead chuid aca asi as uachtruighe ina mbid na Haingil agus na Neaoimh: an ait ele as iochtruidhe as inte ataid na daone; or asiad na Haingil agus na Daoine, Creaturidhe as uosle agus as priunsapaltha dar chruthaíg Día agus ataid in na Nuochtaranaibh ar na créa- túribh ele, ar afhoil dfiachaib aserebhis do anambh, agus orthasan areaon do Dhía am- hain (do bhrigh gur chruithaidh iad àreaon do neimhni, agus ina chomh ard sin do cheim agus do ghradam agus do onoír) ata dhuolach ortha serebhis do dheanamh dho. 21. M. Cread far cruthaidh Día an duine? D. Chum an duine dhá admháil, dhá aithne, agus dhá ghrádh mar dhía fhirineach, ag serebhis dho fein amhain; or gibe nach aithneann agus nach graidhean é, ni he amhain go mbia Flaitheamhnas druite rein ucht, acht biaigh damanta do shior an Io- frioann. 22. M. Marsin gibé lé na méan ashla- nughadh ni fulair dho Día dho ghradh agus à sherebhis do dheanamh go rodhichillech druthachtach? D. As fiór sin, or ni fhoil ar bith ni as mo bheanas ris an nduine na Día dho ghra- dhad, agus à sherebhis do dheanamh, or mon ndearna, biaigh damantata, do shior me do reamhradh. 23. M. Créad fá ngoirthar Slanuithoir do Dhía?
D. Do bhrigh gur shaor se sinn ón bhruid agus ón bhith sherebhis an diabhuil, agus go ttabhuir grasa agus maitheamh ar bpeacaidhe dhuin; agus na dheaigh sin go ttiuraigh dhuin glore. 24. M. Créad ghluosias agus tharingeas Día do thabhairt à ghras dúinn? D. A mhor mhaith agus à mhor throcaire fein, agus luaigheacht Iosa Chriost ar Tti- ghearna. 25. M. Ciodh dá ngoireann tu grasa? D. Do chaliacht dhairighthe, no dho shubhailche os cionn nadurach dhorteas Día sán anam lé ndeantar neaomhtha tain- neamhach do Dhía é: leis an Ccaliacht cheana agus léis an subhailche donithear clann Dé agus aoighridhe Fhlaitheamhnuis dinn. 26. M. Ciodh na medhoin lé ttiochfam chum na ngras, agus lé racham à mbeiseach deis afhaghla? D. Lé gnaithurnuighthe à guidhe Dè maille ré na mhor mhaith fein dhochrioch- núighthe, agus lena mhor throcaire fein; agus tre an luaigheacht do thuill ar Ttigheana Iosa Chriost dhúin, aglaca na Sacrament; go maith diomgamhaltha stiuras agus dhiro- uigheas sinn chum slighe na ndeaghoib- reach. 27. M. Cread fá ngoirthar Gloraithoir do Dhía? D. Ar an adhbhar go ttabhair sé glorí dhon ti ghnachonuis na ghrasuibh.
AN III. CAIB. Ar na Hairteagaluibh trachtas ar Naoimh Dhaonnacht Iosa Chriost ar Tti- ghearna. 1. M. O Dfhoillsighis na Hairtiogail la- bhras ar an Ndioacht abair ànois na seacht Nairticil thrachtas ar Naoimh Dhaonacht Iosa Chriost ar Ttighearna? A Chreidamhain: 1. D. Gur ghaibh Iosa Chriost ar Ttighearna colann daonna uime à mbroinn na Hogh Mhuire maille re cómhoibriughadh an Spioraid Naoimh, gan chomlua- dar fhir. 2. Gur rug Muire oigh è, agus í dho shior na hoigh agus na Maighdin, ria na bhreith, aga bhreith, agus tar eis à bhertha. 3. Gur fhuling se Páis agus Bás ag fuasgla an chine dhaonna. 4. Go ndeacha se sios dona hIofrion- naibh, agus go ttug leis amach ana- manna na NaomhAithreach do bhi à fhad daimsir ag fuireach rena theacht da fhuasghadh. 5. Gur aithseirig sé an treas lá óna mharmhaibh. 6. Go ndeacha se suas ar Neamh, gur shuigh ar deis Dé Aithair ui- leachomhachtaig, an aon gloir,
an aon chumhachta, agus an aon chumas ris an Aithair siorraidhe. 7. Gu ttiocfa se do dheanamh bhrei- theamhnuis ar bheodhuibh, agus ar mharmhaibh: ag tabhairt gloire dona deaghdhaoinibh le ar comedadh à dhlighte agus à Naoimh Aitheanta agus dorinne deagoibreacha ar an ttalamh: ag tabhairt pene, agus Iofrioinn siorraidhe dona drochdhaoinnibh ar son ambriste, agus fa gan à ccoim- hlionagh. 2. M. Cread à dubhrais? D. Artiogail an Chreidimh thrachtas ar Naomh Dhaonnacht Iosa Chriost ar Tti- ghearna. 3. M. Do fiadfuidhe, go ttuigfiodais na Daoine ainibhfheasacha (as do bhriar- thuibh) go fhoil corp daonna ar Dhia mar ata oirine: foillsig ànois an fior so? D. Ni fior go deimhin an mheid gur ab Día é, do bhrigh gur Spiorrad ghlan é, gidheagh at a an mheoid gur ab duine é. 4. M. Cia dhona trí Pearsanuibh do ghaibh uime colann daonna? D. An tara Pearsa .i. an Mac. 5. M. Ar ghaibh an Taithair celonn daonna uime? D. Nior ghaibh go deimhin. 6. M. Ar ghaibh an Spiorad Naomh uime colann daonna? D. Niar ghaibh go deimhin. 7. M. Ar an adbhar sin, cia do ghaibh uime colann daonna?
D. An Mac ámhain do ghaibh uime co- lann daonna, dha ngoirthear Iosa Chriost. 8. M. Da bhrigh sin innis duinn cia he Iosa Chriost? D. Mac Dé bhi, dorinne duine dhe fein, chum sinne dfuascladh, ag tabhairt sompla, agus riaghla beatha dhúinn. 9. M. Cread thuigeas tú maille ris an ainim sin Iosa? D. Slanuithoir. 10. M. Cia ór shlanuig, agus ón ar sháor sinn? D. O chomhachtuibh an Diabhuil, ó nar Bpeacuibh, agus ón bhás shiorraidhe. 11. M. Cread é Criost re radh? D. As forainim Criost Chialluigheas Ardshagart, agus Rí na Rithe; or dfuas- cail sé sinn len fhuil rouosail fein, dar stiu- radh chum na beatha shiorraidhe; agus às uaidh goirthear dhinn Criostuithe, mar dfhoillsimair san tara Caibidil don chead leabhar dhon Teagasc so. 12. M. Cionnus do gháibh Mac Dé uime colann daonna? D. Bioth afhios agad annso, an tara Pearsa don Trionoid, da ngoirimidne Mac Dé, farré na Dhioacht ata aige sul do chruit- he se an Domhan, fós ata aige dho shior, ina cheann soin gur ghaibh uime corp agus anam daonna .i. ar naduirne go hiomlan, agus do cheangail de fein í à mbroinn na glanoigh Mhuire; agus marsin, anti dho bhi na Dhía amhain roimhe, do thionnscain as son amach bheit na Dhía agus na Dhuine ane- neacht.
13. M. Cread fa ngirthar do Iosa Criost ar Ttighearna? D. Do brigh maraon ris an Aithir, agus ris an Spiorad Naomh gur Chruthaidh sinn, agus ar an adhbhar sin, àsé ar Bpatrùn é, agus ár Ttíghearna mar an Aithair, nisa mho amh esean, or as le na shaothar, le na cheasa, lena phais, agus le na bhás do shaor sinn ó an chumhachtuibh, agus ó bhruid an Diabhuil, mar adearam na dhiaigh só. 14. M. Cionnus do gabhadh on Spiorad Naomh, agus dorug Muire ogh é? D. San Artiagaoil so foillsighthear modh iongantach núa mar do ghaibh Mac Dé co- lonn daonna uime. As feasach dhuit an uile dhuine gur ab ón Aithair agus ón Mhatair thig, agus nach bidh an Mhathair na Maighdin deis na cloinne do ghabhail, na de bhreíth: Mac Dé amh agabhail cholna daonna uime niór mahail leis Aithair do bheith aige ar an Ttalamh, acht Mathair àmhain dár ab ainim Muire, dobhi agus ata dho shior na Maighdin fhiòrghloin; ór an Spiorad Naomh an treas Pearsa don dioacht, aoin Día am- hain firineach mar an Aithair, agus mar an Mac, le na chumhachta fein dochrioch- nuighthe do dhealabh agus do chum se corp linib big dfuil fhiorghlain na Banoighe sin, agus do chruthaigh ar an uair sin fein anam róuasal, agus do cheangail dha cheile iad: agus do ghaibh Mac Dé iad so uile inna Phearsoin fein: ionnus Mac Dé dobhi roimhe
soin na Dhia amhain, gur thionnscain bheith na Dhia agus na dhuine; agus amhail an mheoid gur ab Dia é go raibh Aithair aige gan Mathair, as marsin an mheid gur ab duine é ata Mathair aige gan Aithair. 15. M. Taisbein cosamhlacht eigin le ttuicfeam cionnus bu feidir le Maighdin clann do ghabhail, na do bhreith gan á hoigheacht do chailleamhain? D. Deamharruinne foilightheacha Dé bioth nach fheidir attuigsin as inChreidthe iad. Or as mo as feidir le Día dho dhean- amh, na as feidir linne dho thuigsin: agus ag sin, an cuis fa nduradh à ttosach na Cré go fhoil Dia uileachumhachtach. Tar acheann soin ata sompla oiridhreac aguinn ar an ní so à ccruthughadh an Domhain. Ata á fhios agad nach tabhair an Talamh arbhar uaigh gan treabha, agus leasudha, Fliocha, Fearthana, agus teas Greine: tar à cheann sin tug uaigh ar tus an cead arbhar gan ceachtar dhiob soin, or (mar adeartha) dobhi si na Maighdin agus ar fhogra Dé uileachumhachtuigh, do lathair tug uaigh maille re subhailche Dé amhain, arbhar na Cruithneachta. As ar an modh cceana bruin gheanamnuighe na Banogh Mhuire gan coluadar arbioth fhir ar fhogra Dé amhain maille re oibriagha an Spioraid
Naoimh tug uaid an gran rouasal ud .i. corp anamauil Mhic Dé. 16. M. Os maille reis an Spiorad Naomh do gabhadh Iosa Chriost, as Cosmhail gur feidir aradh, gur ab é á Aithair é? D. Ni marsin ata, or chum Aithar dobheit ag ní, ní leór an ní sin do dheanamh, acht ní fu- lair dho à dheanamh dha shubstaint fein, sin an fath nach goirimid Aithir an Tighe dhon Tsaór chloithe, na chroinn, ar son adheanta dho chlochaibh, no dhaidhmúd, agus nach dha shubstaint fein doní é. Mar an Cceanna, dorinne an Spiorad Neaomh corp Mhic Dé, amh dhorinne é dfhuil na Banoighe, agus ni dha shubstaint fein, mar sin ni he Mac an Spioraid Naoimh é, acht Mac Dè Aithar é an mheid as Dié è, do bhrigh gur ab uaig ata Dioacht aige; agus áse Mac na Hoigh è an mheid gur ab duine è, do bhrigh gur ab uaithe do ghaibh uime colann daonna. 17. M. Cread fa nabarthar ris an Spio- rad Naomh gur abe dorinn an toibriugh so? nach raibh an Taithair agus an Mac ma- reaon ris da dheanamh? D. Gibe ni doni aon Phearsa Neaom- dha, doníd an dá Phearsain elle è, do bhrigh gur ab ionann cumhachta, cumus, eolas, agus maith ata aca: tar acheann sin oibrecha na cumhachta, as à leith an Aithar chur- thar iad, oibrecha na theagna aleith an Mhic, agus an ghradha aleith an Spioraid Naoimh. Ar an abhar so do bhrigh gur le iomad gradh dilis Dè dhon chine dhaonna do hoibreag só, as ar à shon sin churthar aleith an Spioraid Naoimh è. 18. M. Taisbein maille re cosmhalacht egin cionnus do fheidir na trí Pearsana Neaomdha
do bheith an aoineacht ag oibriudh daonnacht Chriost, agus gur abe an Mac amhain do ghaibh uime colann daonna? Disc. Da ccuiridh duine uime eadach agus bhias dís ele à cughnamh dho, an tansin ní ghabhan ach aon nduine amhain an teadach uime: ar an modh ceanna dobhidar na trí Pear- sana Neaomhdha, à cunamh, comhoibrithe dha cheile, acur na colna daonna uime an Mac, gidheadh ase an Mac àmhain do ghaibh uime í, agus da ndearthnas duine. 19. M. Cionnus dorugadh é ón Mhathair agus í na maighdin? D. As romhor an miorbhuilthe agus an ionngna ata à fholach san Airtiogal so; or as amhla doruga Mac Dé, é dho thiogheacht àmach à ccionn naoi Miós gan doligheas, na diobhail ar mbioth do dheanamh dha Mhathair, na comhartha ar bith dfagbhail tar eis athiacht àmach dho, na slighdhe ar bioth dfosghladh roimhe, mar tha- nigh as an Ttumba dhunta, agus trid an ccomh- laídh dionsuidhe na Neapostal, gan cheachtar aca do bhrise, no dfosgladh, amhail theid an ga grene thrid an ngloine agus gan à lot na à brise, as amhluidh soin, nar chail Mathair Iosa Criost à hoigheacht, na amoighdeanas à gabhail Mhic Dé na broinn, na fós da bhreith, na deis à bhertha, ar mhodh mar soin, Iosa Criost gur Mac firineach é dho Mhuire oigh, agus is í gur Mathair fhirin- neach í dho Dhia, ar an adhbhar sion ata si na Hoigh shiorruidhe, mar à deir an Faidh Isaias: biaidh an doras so druite agus ni gheabha fear thrid do bhrigh gur ghaibh an Ttighearna Dia tríd. 20. M. Cionnas as tuice na briartha ud: dfu- laing Páis fa Phoint Pilait do crosadh, fuair Bás, agus do hadhlacadh? D. An sa Nairtigail so ata deamhairruin ta- rabhthach ar slanuighthe, go suimeamhail, ar an mo so, iar nglacadh dhar Ttighearna Iosa Chriost colann daonna uime, agus iar mbeith do ar an saoghalse ar fead à trideag agus fithe dho bhliadhnuibh ag Teagasc shlighe ar slanuighthe
dhuine le na bheatha roneamtha, agus lena mhi- orbhuilthibh do ghraidh se cho mor sin an cine daonne, ionnus nar leor leis colonn daonna do ghla- cadh uime chum sinne dho shaora ón bhas shior- raidhe, on pheaca, acht fós dfoighnidh à sgiorsail a chrosadh, agus à bhasadh fa Phoint Phiolait do bo bhreithhamh an tan sin à Iudea, agus do hadh- lacadh le daoinibh neaomhth dhairighthe é. 21. M. Innis dhamh mas Mac do Dhia uile- chumhachtach Criost? cred an fath nar shaor à Aithair fein siorraidhe é, ô labhaibh agus ô chumas Phiolait; no fós mas Dia Criost, cred an fath nar shaór sé é fein? D. As fiór gur fheidir le Criost ar Ttighearna ar illumad modha é feín do shaora, ni ô lamibh Phiolait amhain, acht ô chumas à Domhain go hiomlan: dobi ámh toil an Tighearna budhach trocairreach sasudha do thabhairt da Aithair siorraidhe ann ar bpeacaibhne: or as feidir go follas athuicsine à so: or dobhi à fhios aige riomh ré agus do innis da Dhiosciobuluibh, go rabhdar na Huil à cur à thuoraisce chum à acheasda agus à churtha chum báis: ar à shon soin nior sheachain iad, acht dochuaid à ccuin- ne à eascarad; agus an tan budh mhian leó à ghabhail agus nar aithniedar é, à dubhairt riù: as mesi an ti ata sibh diarruig, agus ar an mo- meint soin do thuiteadar sios ar à cculaibh am- hail maraibh, agus nior theith uotha mar do fhei- dir leis, acht do fhith re hiad do thiacht chug- tha fein agus deirghe na seasamh, fa dheirigh fós dfhulaing dhoibh à ghaibhail, agus à bhreith mar ar thoil leo, amhail agus do bheith luann no uonn neaomhuruchaideach aca. 22. M. Ma thug Criost sasudh iomlánn uaidh ar son Pheacuidhe an chine dhaonna, cread fa namantar an oiread san Daoine go laóitham- hail, agus gur riochtanas duinn aithrighe do dheanamh inar bpeacaibh. D. As fior go ttug Criost sasugh iomlan ar son Pheacuidhe na Ndaoine go huilidhe, gidhead asi toil an Tighearna an sasudh soin do gach na-
on fa leith à ttarbha do fein, noch donithar le creideamh maille ris na Sacramentibh leis na deagoibreachuibh agus go hairighthe leis an Aithrighe; ar an adhbhar sin as riochtanas aithridhe agus deaghoibreacha; bioth gur fhuil- ling Criost País agus go ttug sadudh air ar sonne. As ar à shon soin damantar an iomad agus bioid ina neascairdibh ag Dia, do bhrigh go ndiultaid an creideamh do ghlaca, na na Sacrameint, na fós an Tteagasc Criostuidhe dfoghlaim na iad fein dfaoisidin, na an Aithrighe choir do dheanamh tre na bpheacaibh, agus nach cuirid riompo à mbeatha dho thabhairt suas do reir na Neaomh Aitheanta go hiomchuimheach. 23. M. Cionnus dochuaidh Criost sios dona Hiofrionaibh? D. Maille re an anam ceangailthe dhon Dioacht, ar fhagbhail à chuirp crosta san Ccrois ceangailthe dhon dioach cheana. 24. M. Cionnus tuigeas tu na Hiofrioinn nar thurlaing Iosa Criost ar Ttighearna dho bheth? D. Ase Iofrionn an tíonad as isle dhon Domhon uile, agus ar an adhbhar soin, adeir an Scriptuir Naomhtha, an iomad daitibh; amhail mar àse Flaitheamhius ionad as aoirde as feidir dhag- hil, agus gur ab é Iofrionn ionnad as isle ann. Sa niochtar so na Talamhan ataid cheithre fuac- huisidh, no uamhuinn doibhne mar à tteid sios na hanamanna deis bás, noch na teid ar an aghaidhe go direach go Flaitheamhnas, iar sga- radh dhaib ris na corpuibh. 25. M. Cia na hionuid soin? D. Ionod aco soin fa chuinne na druinge da- manta àsé as doimhne, agus as iochtruidhe aca; or as amhla sin as iriunach é, ionnas uabhar na Ndeamhan agus na ndaoine leanas iad do chur san ionad as doimhne, agus as faide ó pharraitheas, as feidir dfail. San ttara hionod as é (as aoirde do bhe- gan na soin) teid na hanamanna dha ndhlightear Pian Phurugudoir. An treas ionad as aóirde fos do ni egin na an da chead ionad san, as an ataid anamana na leanabh dogheibh Bas gan Bhaiste,
ar nach biónn pián Tinedh, na Pian eile acht gan Día dfaicsint tre bheith shiór. An cear- thudh ait as aoirde go mór na na haite ele, as ann dobhiador anamana na nardAitheach, na Fhai- dheadh, agus na Naomh eile deag roimh Criost do thiacht; bioth nach raibh coir ar na hanamaibh soin, tar achean soin niór fheidir leo dul asteach don ghloire, mar dobhí an dorus druite ré na nuchct, no gur osguil Criost é lé na bhas .i. doras na beatha siorraidhe, as don ionad channa ghoi- reas an Scriptuir Teaghais na NaomhAithreach no sinus Abrathe. 26. M. Cia aco so ionad nar thúirlaing Críost tar éis bháis? D. Ni fhoil amhras gur go Teaghais na Na- omhAithreach, agus gur bheanuig iad do lathair, dha mbreith leis na dheaigh sin na chudeachtuin go Flaitheanas. Mar an cceanna do theasbein é feín dona hionadhaibh ele; an Iofrionn ioch- trach, ag cur uainhamhain agus eagla ar na Da- mhnuibh, mar ArdhBhreitheamh, agus mar fhiar buaidh, ag bagar ar na Damhnuibh, agus ag cur solais agus luthgharach ar na hanaman- naib dobhí à bpurugodoir, mar Abhcoidi agus Fhuoscalthoir. As mar soin dochuaidh Criost dona Hiofrionnoilh, mar theid Rí dhon Phri- súnn dfiosarudha na mbraoighade, ag scaoile amach an tí as toil leis. 27. M. Cionnas do Aitheirigh Criost à ccion an treas láo ô mharmhibh? D. Do bhrigh gur abe Criost Mac Dé daiseírig se le comhachta à Diochta fein gan chughnabh ar bioth ô aon neach ele, ag ceangal à chuirp agus à anama glormhair àrist dha cheile, agus marsin do thionsgain aithbeodha chum gan bás dfa- ghail choithe àris amhuil agus nach ar fholaing Bás roimhe soin riamh. 28. M. Cread fa nabarthar gur aiseirig Criost, agus reis na marbhaibh ele mar ata la- zarus, agus Mac na baintroaithe etc. gur haith- bheodadhadh iad? D. Do bhrirg gur ab é Criost Mac firineach
Dé agus da bhrigh sin le na chomhachtaibh fein daithèirig se, gidheadh cach ele, ar haithbheog, agus an aithseireocha dhiobh, ní lena ccomhactha feín acht lé comhachta Chriost aithbheoghaid agus agus daitheirgheadar, amhail aiseireochom uile láo an bhreitheahmnuis? 29. M. Cionnus dochuaigh Criost suos dona Flaitheasaibh? D. Maille re na chomhachtaibh agus le na shu- bhailche feín, gan cughnamh ô aon neach ele, agus dorug leis na creachtha saoibhre, do bhain amach as an Lymbo ndorocho, do shuigh agus ata na shuige ar Deis Dé à Aithair. 30. M. Cionnus tuigeas tu Criost do bheith ina shuidhe ar deis Dé Aithar uileachumhach- tuigh? An né ttuicear dhuit, an Mac do bheith ar leith na laimhe deise agus an Spiorad Nomh do bheith à leith na laimhe clí, agus an Taithair do bheith à medhon? D. Ni headh go deimhin: acht as amhluidh tuicear soin, go fhoil ag an Mac, uiread reis an Aithir agus reis an Spiorad Neaomh, dúosle, don- oir, daoirde, da ghlore, do chomhachtuibh, agus do chumus, an mheid gur ab Día é, agus nísa mhó, na ata ag aon chreatuir ele, an mheoid as Duíne é, agus marsin tuig nach foíl lamh dheas, na chlí, na cos, na corp ag Día, mar ata aguinne, an mheid as Día é, acht amhain an mheid as duine é. 31. M. Catrath thiocfas sé do bhreith bhrei- the ar bheoibh agus ar mharamhaibh? D. An ndeiridh an Tsaoghail. 32. M. An mbia crioch ar an saoghal, agus ma bhionn cread deantar dona hoibreachaib Roigha dona Cuirteanaibh, dona Teampulaibh, agus do gach ní ele dha fhoil ar feag an Domhain? D. Loicfeár iad uile le Tinidh thiocas, agus shei- teas as cheirthi hardaibh an Domhain, gan chu- mas à claochló na atuirmeasg. 33. M. An Aitheirochaid na maraibh an trath soin tiocas Criost? D. Aiseireochaid go deimhin maille ris na corpuibh, agus ris hanamaibh ceana dho bhi aca.
34. M. Cia re mbaineann an breitheamh- nus deanach so? D. Don Mhac as duol é, do bhrigh gur ab é do ghaib uime colan daonna, agus bhearas luaid- heacht agus glore Neaomhdha don druing do cho- mead à Aitheanta, agus dorinne deaghoibrea- cha: Pianfas, agus cheasfuas na drochdhaoinne tre an Aitheanthuibh do bhrise agus gan na deagoi- breahcha do dheanamh, dobhi dhuolach ortha. 35. M. Ionnus go mbemaois ollamh ar a chionn, innis dhamh ca trath thiocfas Criost ar Ttigharna chum an bhreitheamhnuis deagnuig do dheanamh orin? D. Ni feidir le haoin neach à fhios soin do bheit aige, na cia an uair, an luaith, no an maol, or as ag Dia amhain ata à fhios; agus mar soin àsé ní as lúgha as conntubhartheach dhunne agus as dearabhta, bheith olamh do shior; or ata sla- nughadh, no damnúgh siorraidhe an airighthe aguinn do reir mar thoillfeam. 36. M. Cread chreideas tú an tan adeiri creidim à ccumann na Naomh? D. Creidim go fhoil ag gach naon dona Crios- tuithibh cuidiudh gach maitheasa agus gach deagh- oibreacha Spioradaltha dha ndein aoineach eile dhon Eagluis san Saoghal so, ór na Criostuíthe Catoilice as geaga aon chuirp iad .i. na Hagluise. 37. M. Cread da ngoirean tu Eagluis Catoliche? D. Do chomthionol agus do chomhchruiniudh na Ccriostuithe .i. daoinne baistighthe admhas creideamh agus Dligh Criost fa ulacht agus fa smacht Phapa na Romha. As uime ghoirthar chomthe- nol dhi: Do bhrigh sinne, nach nar Criostuithe beorthear sinn, mar berthar sinn nar Nereana- chuibh, no nar sagsanachuibh, no dho Nasion ar bioth ele; ach Diá dhár ngairim don choimh- thionól so ina tteighmid astèach leis an mbai- stidh .i. cead doras na Heagluise; ni leór fós an Baiste ámhain chum bheith san Neagluis so, acht ni fulair creideamh agus Dlighe Chriost dad- mhail mar theagasgaid duinn Aoghurigh agus Seanamontughidte na Heagluise ceana: agus
ni leór so uile, acht as riochtanus bheit umhal do Phapa na Romha mar Bhiocaire dho Criost ar an ttalamh, agus adamhail mar cheann, agus mar uochtáran. 38. M. Ma si as Eagluis ann chomhthenol na Ndaoine cread fa ngoirthear Eagluis dona Teaghlachuibh thogamaoíd, na nabarthar Ai- frinn, agus gach oiffig Neomhdha eile? D. Do bhrigh, gur ab ionta san ghnathaoid na Chriostuidhthe (as Eagluis fhirineach ann) cruinighadh, acur na noibreach Criostamhaoil ata dhualach ortha, à nguiomh, agus sin an chuis, fa ngoirthar Eagluisidhe dona Teampolluibh, agus go mórmhór ar son bheith beanuighthe, agus ta- bhartha dho Dhia, gidheadh sinne san Airtio- gail so na crée, ní ar Eagluisibh ata deonta do chloith na do chrann labhramaoid acht ar an Eaglúis bheodhha .i. na firen bhaistighthe dha ngoithear Criostuithe, agus ata umhal don Phapa Biocairi Criost mar do reamhradh. 39. M. Cread fa ngoithar dhi aon Eagluis amhain agus aliacht cóimhtheanoil Criostuidhe ar fegh an Domhain? D. Do bhrigh nach foil ann, acht aon Eagluis amhain ina fhoilid Chriostuithe an Domhain go hiómlan, nihiad à fhoil ániogh, acht araibh ann riamh ô thosach an Domhain, agus ambiagh choithe go ttaga à dheirigh, agus soin an tadhbhar fa nabarthar ré, ní he amhain bheit aonda, acht fós Catolice .i. coitcheann, do bhrigh go fhuil sí ann gach Tír, agus an gach Riogheathat ar feagh na cruinne, agus do shior. 40. M. Cread fa ngoirthear aon Eagluis amhain di agus an lear san do Chruiniudha Daone inte? D. Goirthear dhi aon Eagluis amhain, do bhrigh gur ab aon chean amhain ata urthe .i. Criost, agus an ionad ar an Talamh Papa na Romha, na chean soin do bhrigh gur ab aon Spiorad, agus aon dligh amhain ata aice le na stiurthar í: fa mar aderthar re Riocht gur ab aon Riocht am- hain í ar son gur ab aon Righ, aon Riocht agus aon
dlighe amhain ata aige, bioth go mbeith à nio- mad Coageadh, Carthach, agus Bailte innte. 41. M. Cread fa ngoirthear NeaomhEagluis dí, agus aliacht drochdhaóine, agus peacaidh innte? D. Ar thrí cusibh goirthear NaomhEagluis dhí; go mórmhór, an chead chúis do bhrigh gur abé Chriost ata rónéaomtha as ceann uirthe amhail adearthuidh Duine breagh ón aghaidh bhreagha do bheith aigé tar à cheann go mbeith meár cám aige, no báll ainimheach ar à chorp. An tara cúis do bhrigh na Criostuithe uile gur Namtha iad lena Ccreideamh agus lena nadmh- ail or ata aca aon chreidéamh, agus san naomhtha firinneach, ata aca aon ghnathudh Shacrament ronaomhtha, fós ata aca aon dlighe ceart nach fogra acht nithe maitha, agus nach crosan acht drochnithe. An treas cuis ar an adhbhar go fhuilid Naoimh san Eagluis, ni headh ar son crei- dimh agus na admhala, acht maran cceana le subhailchibh, agus le deaghbheasaibh: amhail ar modh contrardha, as dearabhtha na Huil, na Turcaigh, na Herecidhe, agus gach drong ele ata leithamuith don Eagluis, nach feidir Na- oimh do bheith aca na dho ghairim dhiobh. 42. M. Cread chialluigheas comann na Naomh? D. Ionnan soin ré radh, agus go fhoil corp na NaomhEagluise ar an modh soin ceanguilthe dha cheile, ar chor, gibe maith Spiorradaltha bhios ag aoin gheig dhon chorpso go mbia à chui- diugh agna geagaibh ele; bioth go mbedais à Ttiorthuibh imchiana afhad ócheile, agus gan eolus na aithne aguin ortha, tar à cheann soin teid à ttarabha dhiunn agus cuidigmoid da Naiffrinn, da núrnuighthe agus na deagoibreacha elle Spio- rodalta donid; nith ar an Ttalamh amhain ata an cumunn so, acht fós na Haiffrinn, na húrnuighthe, na deagoibreacha ceána foghnaid agus teid à sochar dona hanamanaibh ata à bpur- ghadoir, ar an modh cceána guidhe, agus urnuigh- the na muintere ata ar Neaomh teid à ttarbha dhuinne agus dona hanamanaibh ceana soin à Bpurgador.
43. M. Más marsin ata ní deanto dhuinn urnaighthe ar aoin neach fa leith, na Aiffrinn do chur dha radh ar son an anam so, na an ana- ma elé ud à bpurgadoir ô taid na huile dhea- oibreacha comhchoitcheann? D. Ní már soin ata, ór ma ta go fhoilid na Haiffrinn, na hurnuighthe, agus na deaghoibrea- cha elé coithcheann ar modh egin; tar à cheann son as mór gur mó theid attarbha, agus afhortacht don droing ar an offrallathear iad fá leith, agus go haonracanach, na dha chach ele. 44. M. Cread à deiri ris an ndroing choinnea- bhaidhte? an ccuidid siad dona maitheasaibh, no nach cuidhid? D. As uime ghoirthar coinnealbhaite .i. dith- chuiditheidh dhiobh, do bhrigh nach cuidighid do chumann na Naomh, acht gur ab amhlaidh à taid, mar gheogaibh scote don chránn, no már mbhalluibh scartha ris an ccorp, nach parti- gheann agus nach cuidigheann an sugha, agus an bheatha ata rointe ar na geagaibh elé fhanas ceangailte dhon chorp. As soin as inmhesta dhuit meid na suime, as deanta dhon dithchuidiugha .i. coinnealbhaidh, ór ní bhia Diá an Aithair ag an ti nach biaidh an Eagluis na Mathair. 45. M. Marsin ataid an drung choinneal- bhaithe ar an ttaibh àmuith dhon Eagluis, mar na Huil, agus an chuid elé dhona hanchriostuigh- thibh? D. Ataid gan aimhreas: gidheagh ata an diffir só eatorra, ór ataid na Húil, agus na Tur- caidh ar à ttaoibh àmuigh don Eagluis, do bhrigh nach tangadar asteach inte riamh leis an Mbaisti, na Hericidh amh, do glac Baiste, ar son an chreidimh dobhi aca do dhiultúdh, agus do sheána, ataid ar an daoibh amuigh dhon Ea- gluis, ar an adhbhar gur fhagadar í agus gur theitheadar aiste da ttoil fein. As trid sin ba- garaidh an Eagluis ortha le iomad piantaibh, ionnas go fhilidis ar an ccreideamh ccoir dhfa- gadar, amhail bhagaras an Taodhaire ar an
ccoirchaidh theitheas on ttread agus lena laoirig, no bhachaill file ar an ttread cheana onar theith í, gidheadh na coinnealbhaite do bhrigh go fhoilid baiste agus creideamh aca tangadar àsteach dhon Eagluis. Agus ni uatha fein theid aiste, acht da neamhdhioin sgarthar ré iad, amhail theilgeas an taodhaire an chaoira chlamh as an ttread, agus fagbhuigh fa an ccuainmhiol í, an Eagluis amh, ní chum na druinghe coinneal- bhaite do choneail àmuith do shiór, chuireas amach iad, acht chum go ngeabhach doilgheas iad tré na neamhulacht agus mar soin iár numh- alúgh go fhillgheadaois ar an Eagluis, dha iarruigh anglaco as à nuaidh à nucht à Neaomh Mhathar fein à ccumann na Naomh. 46. M. Cionnus tuigeas tú maíthfeachas na bpeacadh? D. Ag so an chead mhaith dona trí mai- theasuibh prinsipaltha ud dogeibhthear san Ea- gluis: as ab iontuighthe go mberthar an uile dhuine na pheacach, agus an eascairid ag Diá; agus ag dul ar aghaidh do ghnaith ó olc go róolc, agus ò omhalis go romhalis, no go maithear dhaibh an peacadh le grasaibh Dé, as attig dhaibh bheith na cárdibh, agus na ccloinn ag Diá. Anois, im- morro, ní faghthar na grasa so acht san Naomh Eagluis Chatoiliche Romhanuigh amhain ina fhuilid na fiór Shacramentidh, agus go mormhór an Baiste, agus an Aithridhe, leigheasas go spioro- daltha na daoine ó na Huile eagruasuibh an anama .i. óna Peacaidhaibh. 47. M. Foillsig nías feárr cread meoid na maitheasa ata à maithfeachas na bpeacaidhe? D. Ní faighthar san Domhan olc as mo iná an Peacadh, ní ar son amhain, gur ab uaidh shasaidh iomlán uilc na beatha so, agus fós na beatha elé; acht na cheann san go ndein an Pea- cadh dhon Duine eascara Dé? Cread an ní as measa, na aradh go mbeith Duine an eascairaid ag an tí ata cumusach ar an uile ní, as toil leis do dheanamh, agus nach feidir le heaoin neach
seasabh ris? no cia le na feidir anti aga fhoil Diá go fearagach reis, do chosnamh. Achontardha só, ní feidir san mbeatha só dfaghail maith as mó, na fós comh mór, ré bheit à ngrasaibh Dé? Or cia ata cumusach ar dhiobhail do dheanamh don tí, ga fhoil Diá dha chosnamh, ór gur ab ina laimh féin ata an uile ni go hiomlann. Ata à fhios agad nach foil ameasg na nithe corpor- dha ní as ceannamhla ina an bheatha, ór asi as fuaindement dona nithibh elé go hiomlán: agus nach foil ann ní as fuathfuire na an bás, tré bheith contrardha don bheatha. Ar an adbhar soin, ó sé an peaca bás spioradaltha an anama, agus maithfeachas na bpeaca à bheatha, as fura- sa dhuith à thuigsin, ciodh meoid na maitheasa ghlachtar san Eagluis, ór as inte fein amhain dogeibthear maithfeachas na bpeacaidhe. 48. M. Cread an luaidheacht bhearas Dià dona deaghdhaoinibh, agus cread dona drochdhaoinibh? D. Dobhearaidh glore shiorraidhe dona dheagh- dhaoine, agus Peinshiorraidh dona drochdhaoinibh. 49. M. Ca mheid ní as riochtanas chum na glo- ri dhail? D. Da ní, mar ata Creideamhain do gach ní theisbeanas Diá agus theagascas ar Naomh Mhatair an Eagluis Chatoliche Romhanach dhuin agus deaghoibreacha do dheanamh. 50. M. Mar soin damontar na Gentilidh, na Hericidh, agus gach drong nach craidheann, mar fogras ar Naomh Mhathair an Eagluis Chathoiliche Romhanach? D. As fiór (már chureas an creideamh siós dúinn) go ndamantar an mhuintear soin agus go tteid siós go Hioffrionn gan chúnntubhairt. 51. M. An Catoilice chreideas fa mar thea- gascas an Eagluis, agus dogheibh bás à bpeaca mharabh gan leórghniomh do dheanamh, ca tteighid sé? D. Teagasguidh an creideamh dhúinn go tteid gan fhortacht go Hiofrionn, ór ní leór, creideamh chum duine dho slanughadh, gan deagoibreacha maraon reis.
52. M. O aduire go ttiubhra Diá glore dona deaghdhaoinibh; innis damh ca hionad? D. A Fhlaitheanus uachtrach do chruthaidh Dià dha chudeachtuin totha feín, ina fhoil an à uile mhaith as feidir le neach dho mheannugh, na dho smoaineadh, na dhordhughadh, agus ina mbia saor on uile olc. 53. M. Cia an chuideachta bhiós ag anti reachas don ghlore? D. Biaig aige an Naomhogh Mhuire, na Haingil, agus na Huile Naoimh ata do lathair Dé ar Neaomh. 54. M. Cread an solas, agus an luthchair bhiàs ar an ti rachthas àsteach dhon glore faris an Naoimh chuideachtuin soin? D. Ba mòr an subhachus, agus an luchair bhios ar an Trionoid ròNaomhtha trid, fòs budh mòr solàs agus gradh na Neaomh chuideachtan ele, or gach maith, agus gach gloire da mbia aca, biaodh comhchoitchian, do reir mar thoill- theas gach neach aca. 55. M. Cread î glore na Naomh agus cread na fhoil? D. An Amharc Dè ar Ttighearna, agus à mhòr- dhachta, agus sealalabhughadh na huile mhai- theasa as ionorduighthe, òr sasuighthear anam an Chriostuidhe le raidharc Dè don uile mhaith as feidir diarraidh, na dho shantughadh. 56. M. Ciodh an ghlore bhias ag an ccorp ndaonna à Fhlaitheamhnas, or as dearabhtha nach feidir leis an ccorp Diá dhfaicsin, acht leis an anam amhain. D. As fior gur ab leis an anam amhain as fei- dir Diá dhfaiscin, gidheadh biaid an oiread son do sholas agus do dhealragh ag an anam on am- harc san, go nealrocha an lonradh, agus an deal- radh ceána san ccorp, agus biaidh glore agus brea- thacht an anama cho mor soin, ionnus na cuirp bhias à Fhlaitheamhnas, go modh breatha agus go modh dealraidhthe iad fa seacht, na an Ghrián; biaid fós domharathea, dophiantha,
ar mhodh nach bia tart, na ocras, dolàs, eagruos, eagla báis, na peine ele ortha, agus do shiór biaidh neart dochlaoite ionta, agus slainte dhochrioch- nuighthe gan uireasbaibh, agus mar soin beith solás agus meanama áca, an airdcheim. 57. M. Ca fad mhairfeas an ghloire soin dona Naomhaibh? D. Mairse choithe, gan chrith, agus mar soin, biaid tré shaoghal na saoghal à luthchair, agus à ngardeachas doinnisde, gan olc ar bioth, na uru- choid dho theacht da nionnsuidhe, na na ngoire. 58. M. O do thrachtamoir go nuige so ar glore na Naomh, labhram anois ar phiantuibh na ndroch- dhaoine; ionnus gomo feairde tuicfear so, lábh- ram ar tús ar iofrionn: agus innis ciodh é iofrionn? D. As priosun siorruidhe iofrionn, lán do Thine agus don uile ghne pheine chum, smachtuighthe na ndaoine dogheibh bás à bpeaca mharabh, agus sa niochtar na Talamhan ata, làn do neablaibh troma rodhoracha, gan solas Grene, na Gea- luidhe, na Realtan na solas ar bioth ele. 59. M. Ma ata Tine an iofrionn, cread an fath nach dealruidhann, agus nach lasan si? D. As fior go fhoil Tine an iofrionn ghreadas agus cheasas conimhneach san, nach fhoil à Ttine an Tsaoghail so acht Tine Phintealtha nach lasann agus na greadana, à ccomortas re Tine iofrionn; gidheadh le diomdha Dé greadhuidh agus ceasaidh, agus ní fhoillsigheann, acht fós mu- chaidh agus dallaidh an radharc. 60. M. Tar eis na haiseirghe an mbiaid na cuirp agus na hanamanna dha cceasa maraon an iofrionn? D. Biaid gan amhras, agus tuichthear na Pianta san ar dha mhodh. Ar tús uireasba amh- airc Dé gan mhoinighin à fhaicseana tré bhioth shior, ag soin an phian as mó ghoilleas ar na drongha damantachtha: An tara modh àse le cceastar na ceadfadha do bhrigh gur ab iad bhios glacathach ar na peacuidhibh, ar an adh- bhar soin, an Phian, agus an Dioghaltas dhilghthear
ar son na bpeacuidhe, asiad na ceadfa iocas iad: ionnus go mbia an corp uile, othracht abhonn, go mullach à chinn go à cheadfadhaibh da ghear- cheasa an iofrionn. Agus tuig nach ionann phian- fuighear lucht na ttrómpheacuidhe, agus an droung nach bí cho choirtheach soin. 61. M. Cia an chuideachta agus an comhluodar bhias ag an ndruing namantuigh soin an iofrionn? D. Biaid na Deamhain aca mar choideach- tuin bhias da cceasa le hiomad cruadhala, agus uafáis do reir à ccumais, agus fós do reir an dio- ghaltais as fonbhar leo do dheanamh an aghai- dhe Dé agus na fhirén agus na droinge dogheibh bás à bpeaca mharabh. 62. M. An fhaghaid an lucht malhaighthe soin solás na meanama ar bioth do chur ortha ô na Deamhnaibh? D. Ní fhuighid go deibhin, ór gach ambhia an iofrionn biaid na neascardibh ag à cheile lán duruchoid agus dfeiríg, ar modh nach fuilingaid à cheile, dfaicsin na deagfhocal do labhairt ré cheile: do bhrigh gach naon don droing mhal- luighthe só: go mbiai na nabhaid aige fein agus ag cach, ar modh go fhuaithaigheann an Mac an Tathair agus an ingheann an Mhathair, agus fós na cumpanuigh ghradhacha dobheireadh cognamh dha cheile chum uilc agus urchoide fuathaid à cheile go dian dasachtach à bpiantaibh iofrionn. 63. M. An mbiaigh pian elé ar an ndruing ndamantuigh an eagmais an ndurais? D. Biaigh go deimhin .i. cnuibh, no Péist an choínnsiáis bhiás da nithe, agus da Ccreime go ró- adhfuathmhar agus da bpiana do shiór; ôr Mac na mallacht ag smuaineadh ar à pheacuibh, agus ar an ccobhair, agus ar na slightibh iomdhá dogheab- hadh, chúm à shlanuighthe, agus do sheachna na bpeacuidhe, aris comhairle agus Teagasc na Naithreach spiorradáltha, na deaghsmuain- tidhe agus tarang foiligtheach an chruthaigh- theora à seidi ánn agus da ghairim chúm slíthe à shlanuighthe, ànois ámh, da fhaicsin féin da-
manta tré na chionnta féin, abpiàntuibh iofri- oinn do shiór tré shàoghal na saoghal, as róai- thmheàlach ghoileas soin air agus chéastar é. 64. M. An ccreidean tú àoin ní elé, an éag- muis na cré agus Airtiogail an chreidimh? D. Ccreidimh gach afhoil siós san Naómh- Scriptúir, agus à fhoillsian Criost ar Ttighearna dha Naomh Eagluis feín. 65. M. Cià hiàd soin? D. Na fiafruighthear san dom chomh ain- fhiosach sa do dhuine; or ata an iomad Dochtu- ridh ag an Eagluis le na feídir fhreagara do cheasta go iomachuimheach. 66. M. Admhamaoid gur ris na Dóchtúríbh bhenas freagra na nith soin, agus nach ribhse na tuatuidhe: ór as leór dhàoibh eólus do bheith agaibh ar Airtegaluibh an chreidimh, agus go harighthe, mar atà siós san Ccrée. AN II. TRACHT DON II. LEABHAR DHON THEAG CHRIOST Ina mínighthear an Phadear, agus urnuithe elé na Heagluise. AN I. CHIB. Ar urnuighthe an Tighearna, dha ngoir- thear an Phadear. MAGHISTIR. 1. O atà à fhiós agad cià na nithe as cóir do chreideamhain, fa mar fhoill- sighthear sa chéd, agus san ttara leabhar don Teagasc Chriostuidhe, anois ní fu- làir à fhiós do bheith aguinn cia na ccuirfeam ar ndochas, cread shirfeam, agus ciana medhoin lé ttiocfam chum à fhaghla? D. Gach asireann tú, ataid go hiomlàn an Orthain an Tighearna da ngoirimidne an Pha-
bear; ór táisbeanaidh si dhuinn cread shirfeam, agus cía ara cóir à shireadh, agus fós así an urnuig- the cheanna an medhon le fhaghmaid sion. 2. M. Cia hi urnuithe an Tighearna? D. Ag só î: Ar Nathar ata ar Naomh, 1. Naomhthar thainim. 2. Tigeadh do Rioghacht. 3. Deantar do thoil ar an Ttalamh mar donithear ar Neamh. 4. Ar Naran laóetheamhail tabhair dhuinn à- niogh. 5. Agus maith dúinn ar fhiacha mar mhaith- maoidne dar fheitheamhnuibh féin. 6. Agus na leig sinn à ccathughadh. 7. Acht saór sinn ô olc. Bio marsin, no deantar soin. 3. M. Ciá dhorinne an Phaidear ar tús? D. Ar Ttighearna Iosa Criost dorinne î, le na bheól róbheanuighthe féin, agus do Theaguisc; ionnus go ma eól duinne urnaighthe dho dheanamh. 4. M. Cread é urnuighthe do dheanamh? D. Ar nanam agus ár ninntinn do thoghbhail súos chúm Dé le deaghsmúaintidhthuibh, da mholadh agus da bheannughadh tré na thiogh- laichibh dhúin, agus ag iarra fhortachta air in ar riochtanas. 5. M. Ciá dhona húrnuighthaibh ás uoáisle agus ás feàrr? D. An Phaidear .i. ortha an Ttighearna? 6. M. Cread an tadhbhar? D. Ar an adhbhar gúr ab é ar Ttighearna Iosa Criost (ar guidhe na Neapostal) dorinne î agus adubhairt le na bhéol róbheanuithe fein î. 7. M. An fhoil agad cùis ar bioth elé? D. Ata go deimhin, ór atà inte gach ní as inn- iarrtha dhuinn ar Dhia, agus fós go fhoilid seacht nachoingniocha inte preamhuighthe san uile charthanacht .i. à ngradh Dé agus na comharsan; agus ar an adhbhar san as cóir dhuinne à radh lé
hiomad dúrthacht: ór àse Criost ar Nabhcoi- didh, agus as feár aga fhoil à fhios cia na nithe as mó atá na riochtanus orinn. 8. M. Cread fá tteagascann ar Ttighearna dhuinn, Athair do ghairinn dhe? D. Ionnus mar chloinn toghtha dho féin go sirfamaois air gach ní as riochtanas dhuinn, le iomad dochais agus muinighne à fhaghla. 9. M. Cread fa ngoirimid ar Nathair do Dhia? D. Do bhrigh gur ab é do cruthaig sinn, agus gur ab uaigh ata aguinn an bheith nadúrtha atá annúinn, agus gur ab le na choghnamh stiur- thar agus riaghalthar sinn, agus go ttiurá dhuinn grasa mar chloinn do féin. 10. M. Cread fa ngoirimid ar Nathair dhe seoch agus mo Athair go haonnracanach? D. Da chur à cceill gur ab dearabhrathreacha dha cheile sinn, ar an adhbhar soin as ionchuibh- aidh dhuinn à cheile do ghradha mar chloinn aon Athar amhain. 11. M. An fhoil aon chuis ele agad? D. Ata go deimhin, ór teagascaidh an Tigear- na dhuinn gur fear an urnuighthe choitcheann, na an urnuighthe aonaracanach, agus gur tarabh- uighe don tí doní í: ór an tan a deirimíd ar N a-thair, guideh gach neach aguin ar son na coda go hiomlán agus an tiomlán ar gach neach fa leith. 12. M. Cread fà nabairtú ata ar Neaomh, ór atà Dia san uile aít? D. As fiór go fhoil Dia san uile aít, gidheadh asi toil Iosa Criost ar Ttighearna, agus órdaigh se dhuinn san urnuighthe so, aradh go fhoil sé ar Neaomh, ór as annsin theisbeanus é féin do na Haingiloibh agus dona Naaombaibh, agus as ann dhearcaid é go soleir aghaidh ar aghaidh. 13. M. An fhoil aon chuis ele agad? D. Ata go deimhin, ór an tan aderimid, ata ar Neaomh, smaoineamoid go fhoilemid san saoghal so inar noilirtheachuibh, agus inar ndibi- orthachuibh, agus gur ab ar Neaomh ata ár ndu- thaidh fhirinneach as iniarrata dhuinn roimhe an uile ní.
14. M. O adeire go fhoilid seacht nachunicha san Bpaidir, abair an chead achuingidh dhiobh? D. Naomhthar hainim. 15. M. Cread shireas tú san achuingidh sin? D. Iarramaoid ainim Dé dho leathnughadh, agus daithne ar feadh an Domhain, agus à bheith achomhed, agus leathnuigh, naomtha, beanuigh- the, ambeol, agus à ccroidheathaibh na ndaoine, mar ata sé ann féin. Do bhrigh go fhoil an io- mad ainchriostuighthe ar feagh an Tsaoghail nach aithniean Dia, agus fós iomad droch Chrio- stuighthe mhasluigheas agus easonoras ainim Dé, le hiomad tarcuisne, neaomhchiona, agus neaomh- shuime ann: Ar an adhbhar soin an drung ata na ccloinn ag Dià, beanaidh riú bheith ceanamh- uil edmhar fá onoir an Athar à guidhe le mor- fhonn à ainim dho naómhadh .i. go naitheon- taoidh é ar feagh na cruinne, dha adhra, dha mhola, agus da ghradha tar gach aoin ní ele, ón nuile dhuine mar as dual, agus as coir; agus do bhrígh go fhoil duolach orainn Dià do ghradha ós cionn an uile nith, fós nísa mho na sinn fein; ar an adhbhar soin as coir dhuin lé róthoil agus ró- fhoin glore Dé dhiarruidh dho mheadughadh, agus do leathnughadh ar feadh an Tsaoghail, ag soin an chúis fàr chruthuigheadh lé ceill agus lé re- sún sinn chum Dià dhaithne, agus do mhola ina fhoil ar nardmhaith, fa mar fhoillseocham tar eis só? 16. M. Cia an tara hachuinghidh? D. Tigeadh do roigheacht. 17. M. Cread iarras tú san achuingídh soin? D. San achuinghidh só siremaoid ar slainte fein .i. anama agus chuirp (fa mar do shireamair san chead achuinghidh glore agus onóir Dé) àse sin, go mbiadh se ag ríoghacht inar ccroidhea- thaibh agus in ar nanamannuibh ar an talamh maille ré na ghrasuibh, agus na dheaghaidh sin go ttiobhra dhuinn à ghloire. 18. M. Ca mbeadh modh ar an abarthar riocht Dé? D. As feidir riocht Dé do thuigsin ar trí
mhodh .i. riocht nadure, riocht grás, agus riocht glore. Le riocht nadurtha riaghlas agus stiuras Dià na huile chreatuireacha, mar ardThighe- arna os cionn an uile ní. Bith go ccuirid na droch- dhaoine riompo olc do dheanamh, nach fós co- lionuid dligh Dé, tar à cheann soin ata Diá à riocht os à ccionn; agus mar soin toirmisgidh à gniomhartha an tan as toil leis, agus fuilingann dhoibh ar uairibh, à ttoil do chomhlionadh, smachtuigh iad fa dhere go cruodhalach, do bhrigh nach foil aon neach comusach ar chur an aghaighe à thoile, na aoin ní dho dheanamh acht len fhulang, no len ordugh. As lé riocht na ngrás stiuras agus riaghlas Dià croidhthe na ndeaghchriostuighthe ag roinn ghrás agus spioraide ortha chum à sherebhise dho dheanamh go hai- bidh lé deaghinntinn, agus tar gach aoin níaonoir agus à ghloire dhiarraigh roimh gach uile ní. Rioct na glore bhias san mbeathaidh thall tar eis laoi an bhreitheamhnuis, or an trath soin biaigh Diá à riogheacht os cionn na nuile chreatureacha, gan chomus na chomhachtha na neart ar bioth cur an agaighe ar aon chor: agus an traith soin beanfaidh dhona Deamhnuibh, agus dona droch- dhaoinibh (bhias à bpriosan shiorruighe) à ccom- hachtha agus à ccumus go hiomlan. Ní bhia fós an tan soin Bás, na truoilleadh, na cathugha, na buaidhreadh an Tsaoghail, na na colla lé ccurthar à anois buorudh ar sherebhiseachaibh Dé ann: ionnus go mbia an riocht soin suoaimh- neach, siochantha agus asi soin sealabh an Tsonais shiornuighe. 19. M. Cia dhona trí riochta soin ar à labh- arthar san achoingnigh só? D. Ní labharthar ar an ccedriocht, ór tha- nig si thana: na fós ar à ttara riocht, ór do labh- ragh urthe san chead achuinghnidh, agus go tta- nigh an chuid as mo dhi. Gidheagh labharthar ar an treas riocht ata chum teacht, agus lena fheithid go fonumhar mianmhar an drong dar ab eolach tuirse agus bochtaineacht na beatha so;
agus trid soin san achuinghnigh so iarramaid ar maith siorraidh agus glore bhithbhuon dhar ccorpuibh agus dar nannamaibh. 20. M. O sí an Riocht ud Dé (thiocfas deis laoe an bhreitheamhnuis) shireamaoid do thoi- gheacht go grod; mar soin as cosmhail go niar- ramaoid an Domhan do chriochnudh, agus lá an bhreitheamhnuis do theacht go luaith? D. As mar soin ata, or bith nach feidir le lucht ghraidhthe an Tsaoghail nuaidheacht sgeol as mo ghoilleas ortha dheisdeacht, na lá an bhreith- eamhnuis deanuigh. Gigheadh an drong dhar a duol aitreabh Flaitheanuis, .i. Burige- sig Nimhe, noch ataid anois beó, mar oillroi- chaibh agus dheoradhibh ar an Ttalamh, ní fhoil ar bioth ní as fonnmhaire leo na à thoigheacht. Ionnus, amhail adeir S. Angustin: san Ps.118. con.20. sul thanig Crost ar an saoghal gur bhe mean agus fonn Naomhaibh an tseannrachta an ched teacht dorinne se: mar an cceana, gur ab é fonn agus mean iomlàn Naomhaibh an nuaachta à dara teacht do dheana dho Criost, le ttiobharthar an conách suthain, agus sonas sior- ruidhe dhoibh. 21. M. Cia an treas achuinghnidh? D. Deantar do thoil ar an ttalamh amhail donithtar ar Neamh. 22. M. Cread chiallaidhidh na briartha so agus cread iarthar unta? D. Sirthar ann sna briarthaibh soin grasa le comeadfam go maith aitheantha Dé, or mar dho siorragh san nachainghnigh ele an beatha bheanuighthe .i. deaghchrich an duine ní folair anois an medhon prionsapaltha le fheaghthar soin diarruidh, agus se sin comhall aitheantha agus dlige Dé: mar adubhairt Criost ar Thighearna leis na briarthaibh so: Ma dhail teacht asteach dhon bheatha shiorruidhe, comead na haitheantha: ór ní fhoilmidne, uoin
féin cumusach chum na naitheanta dho chomh- all, mar as leòr, ar an adbhar soin iarramaoid ar Dhiá sinn do dheanamh à neamhthoile .i. grasa dho thabhairt dhuinn chum à thoile dho choimhlionadh, noch thig chum criche le bheith umhal dó an gach ní, maille re an Aitheantuibh dho choimed. Mar an cceana ata duolach orainn gan murmur na gerán an aghaidh Dé; or gibe ní fhogras no chuireas oruinn, as chum deaghchrithe chuireas é, .i. gomo adhbhar meaduithe luoidheachta (ma bhimidh go maith) é: no leasuighthe ma bhi mid go holc. 23. M. Cred fa ccurthar leis an achuingh- nigh so na briartha ud ar Talamh amhil ar neamh? D. Da chur à cceill go fholl duolach orainn ar an Ttalamh bheith umhal do Dhiá, agus ollamh chum aitheanta dho chomhall cho diongmhall- tha, agus cho deffreach, agus cho luthghaireach, agus ataid na Haingil ar Neamh, nach dein locht da luidhead a ccoimliona aitheanta agus tolla Dé go hiomlàn. As feidir fós aradh gúr fonnmh- ar linne, agus go niarramaoid na peacuidh (tuig- thear leis an fhocal so Talamh) dumhlúdh do Dhiá, amhail na Naoimh (thuicear leis an fhocal ele so Neamh) umhlaid dho. No fós an Eagluis go hiomlàn (thuigthear mar Thalamh) direach dumhlúdh do Dhiá famar dumhlaidh Criost (noch chiollaidheas Neamh) é féin dho gus an mbás. 24. M. Cia an ceathramhadh achuinghnidh? D. Ar Narán laoethamhuil tabhair dhuinn àniúgh. 25. Cred shirreas tu san achuinghnidh soin? D. San achuinghnidh so iarthar ar tus an ta- ran spioradaltha as biadh an anama: ina dhe- aight soin, beatha an chuirp .i. an taran corpur- dha. Ase neaomhShacrament na Haltorach tuicear annso mar aran spioradaltha, ór ase sin an ta-
ran beannuighthe neaomhdha chothaidheas go miorbhuiltheach ar nanam. Mar an cceana tuicear maile ris brethir Dé, fhoillsighthear le seanamontuithibh, no le leitheoreacht leabhar spioradaltha, or ni beg an coghnamh do bheatha an anama iad, fa dheired cialluigthear leis, seide na ndeagsmoaintighthe thig ó Dhiá, ur- nuighthe, agus gach ní ele as còsmhail riú dobheir coghnamh cothiughthe agus meaduithe grás uaigh, noch as beatha dhon anam, mar do reamhradh. As leis an aran chorpurdha tuigthear gach ní as uireasbuch chum cothuigthe na beatha corpur- dha, ata ag an anam (mar shás agus mar ghles) chum maitheasa dho dheanamh. 26. M. Cread fa sirean tú beatha an chuirp, ór ase tharingeas an tanam chum peaca, agus chum amhleasa? D. Bioth gur fior soin, ní feidir amh leis an anam (gan chognamh an chuirp) deagoibrea- cha do dheanamh, le ttiocfadh chúm na beatha siorruighe, ór ase an corp gleas agus instrument an anama, chum na ndeagoibreacha dho dhea- namh, mar adubhramair thuas. Aran adhbhar soin as iomchubhaidh dhuin riochtanas an chuirp dhiarruigh maile re riochtanas an anama; ion- nus na cuirfeadh an easbuidh dho bheith ar an ccorp tuirmeasc ar dheagoibreach an anama gan an taran, ór cialluigh an taran an uile short beatha aga mbia gné bidh air. 27. M. Cread fa ngoirthear ar narán féin don arán só? D. Ní gan fachioll agus mórchuis goirthear ar narán féin de. Or màs ar NeaomhShacrament na Haltorach labhramid as dearabhtha gur ab é ar narán féin é, ór as chúm ar slanuighthe (maille reis an Spiorod Naomh) do fuineagh é à mbruinn na Naomh Mhaighdine Mhuire, agus do bruitheadh é ar ghreidil na Naomh Chroisi, agus as duinn ollmhuigthear é ar bhordh na Hal- torach go laoethumhail le lamhaibh le lamhaibh na sagart, agus fós ás línn féin é, agus ní telici dhuinn chum na
Maduighe .i. chum na nainchriostuighthe é, na chum na druinghe bhios à bpeaca mharabh. Fós mas ar à Tteagasc labhramidh, guirimid ar narán féin de .i. an tàrán róintear idir chloinn na Heagluise, maille re seanamotuighthibh na firinne, agus ni he an tarán coimhtheach heligid na Hericidhe, chúm à lucht leanamhana, agus chum à muintire .i. aran driote, lotho, lán do Nimh agus mhalacht Dè. Fós más ar an arán chorpurdha lamhramid, iarramid ar Dhià ar narán fèin dho ttabhairt dhuinn, agus ni cuid dhuine ele .i. cobhair agus coghnamh do thabhairt duinn, chúm nithe dlisteneacha cearta dho sholathar, ar múinn, agus ar saothar do bhéanudh, agus do raith- ugadh, ionnus, gan ghoid, cheilig, na malis, go fhaghmaois gach ní as riochtanas dhar mbeatha. 28. M. Cread fa ngoirimid de aràn laoetheamhail. D. Do bhrigh go fhoil riochtanas reis an aràn go laoethamhail, agus nach iarrata dhuinn ní iomurcach na curialtha, acht an mheoid as le- ór dho beatha shingil an chuirp agus an anama go laoethamhail; agus ionnus go ttuigimis gur ab oi- lirthigh agus deoruighthe sinn san mbeathaidh só. 29. Cred fa nabra, tabhair dhuinn àniogh? D. Ionnus go ttuigemaois, tar à cheann go ndeanamaois ar ndicheall saothair, gur diomh- ain duinn è, muna ttuga Dià cobhair dhuinn le na ghrasaibh, mar dochiomaoid go laoethamh- uil: Or bioth go ccuridna daoine iomad saothair ortha chum treabha agus saothrudha na talmhan, tar à cheann soin tig go minic daoirse agus gorta mhór tré Pheacuidhibh an Tsaoghail. Os a chionn soin iarramaoid ar Dhià ar naràn do thabhairt dhuinn, nihe amhain cognamh linn da shla- thar agus da shaothrudhadh, acht fós an tan bhiam dha ghlaca, à cogisriaga agus à bhea- nugh, ionnus go rachadh à ttarbha dar ccor- puibh agus dar nanamannuibh. Agus à derthear (àniugh) do bhrigh gur ab leor triboloid an laoe niogh na dheaig féin, acht ase ni as coir dhuinn cuid an laoe niogh diarruidh aniogh, agus
an Phadir cheanna dho radh àmareach, ag iarraigh choda an laoe marigh. Na meas as so go ccuirfeag Diá toirmeasc ar chraum dhleistenach cheart, mar ata an Talamh do shaothrudh, agus cotduga muinntire etc. Agus soin fós gan saint, gan chelig. 30. M. Abair an cuighea achuinghnigh? D. Agus maith dhuinn ar fhiacha mar mhai- theamaidne dhar fheitheamhnuibh fein. 31. M. Cread shireas tu san achuingnidh soin? D. Diá dho mhaitheamh ar ccoirtha dhuinn, amhail mhaitheamne dhon druing dhoní eagoir oroinn: ór muna maitheamne dhaoib soin, ni mh- aithe Diá dhuinne ar bpeacaidhe, na fós an Phion dhlighther ar à son. 31. M. Cia an seiseadh achúinghnidh? D. Agus na leig sinn à ccathughadh. 33. M. Cread shireas tu san achuinghnidh soin? D. Gan Diá dho leigean duinn tuitim à ccathuighthibh na à ndrochsmoantithibh, lè ngnaithighean an Diabhul ar neascara ar ttah- rang agus ar ngriosudh chum peacaidh. 34. M. Abair an seachtmha achuinghnidhe. D. Acht saor sinn ò olc? 35. M. Cread iarruigh san achuinghnidh soin? D. Iarramaoid ar Día ar saora on uile olc agus pheriacuil anama agus chuirp òn uile pheaca, ô na Deamhnuibh, ô iofrionn agus ô gach uile dhroch- fhortiún. 36. M. Cread é, Amen, re radh? D. Bioth mar soin, no deantar soin. AN II. CAIB. Ar failthe an Aingil .i. an Tave Ma- ria, agus ar an Salve Regina. 1. M. O dhfoillsigis ortha an Tighearna; abair ànois failthe an Aingil?
D. Dodhean soin le deaghthoil, or sirim agus achuinghnim go durthachtach go rabham uile in ar serebiseacha dísli ag ar Mbaintighearnain an ogh Mhuire. Ag so na briartha beanuithe ud à dubhairt an Taingiol ré Mhuire as ucht Dé. Failthe dhuit à Mhuire, làn do ghrá- suibh, ata an Tighearna maille riot, as beanuighthe thú tar na mnaibh, agus as beanuighthe tora do bhruinne Iosa. A Naomh Mhuire, à Mhathair Dé, guidh oirine na Peacuigh, ànois, agus à nuair àr mbàis. Bioth mar soin. 2. M. Cia dhorinne an Tave Maria dha ngoirean tú Failthe an Aingil? D. An TardChaingeal Gabriél iar tteacht do bheanugh dhar Mbantighearnain an og Mhui- re à dubhairt an chead chuid de. Elizabeth (Mathair Eoin Baiste) à dubhairt an dara cuid dhe, ag dul dar Mbaintighearnuin an og Mhui- re dha fiosarudh. An treas cuid de, asi ar Nea- omh Mhathair an Eagluis dorionne à thea- gasc dhuinn. Or na briartha ud, Failthe dhuit á Mhuire lán do ghrasuibh, ata an Tighearna maille riot as beannuighthe tú tar na mnaibh: àse an Tardchaingheal Gabriel à dubhairt iad: (Mar Thurnae, ámh, no Leghadi ô Diha) à dubhairt se iad, agus asé Dia fèin à dubhairt é, maille ré beól an teachtuire soin. Agus na briar- tha ele: Agus as benuighthe tora do bhruinne: asi Elizabeth a dubhairt iad, mar chuireas sios an suibhsceal, ionnus gur deimhin, gur ab é an Spiorad Neaomh à dubhairt iad à beól Elizabeth. An chuid ele ata leis, agus an Salve Regina mar an cceanna; asi ar Neaomh Mha- thair an Eagluis à dubhairt iad, noch ata iar- na riaghludh, agus iarna stiurudh maille ris an Spioraid Naoimh cheanna. Ar an adhbhar soin as oireamhnach à derthar nach foil ann, deis na Paidri (dho bhúin ar Ttighearna Iosa Criost le na bheól beanuighte féin) urnuighthe as uosle agus as feár na an Tave Maria, or as dearabhtha
gur ab é Diá fein dorinne é, agus do theaguisc dhuinne é le beolaibh à sherebhiseacha féin. 3. M. Cread fa nabarthar an Tave Maria deis na Paidri, seoch aon urnuighthe ele? D. Do bhrih nach foil aguinn Cara, na Abh- coidigh (idir sinn, agus Criost) ás dána air, na as annsa leis ina à Neamh Mhathair féin; da bhrigh soin deis guidh chum Criost leis an ur- nuighthe dho theagaisc féin duinn, fillimid ar naghaid ar à Mhathair, ionnus maille re na coghnamh, agus le na headarghuidh, go bhagh- maois an ní shiremaoid: amhail donithear ar an Saoghal so, an tan doberthar bille achuingh- nigh dho Rí cuireamid curum ar ngnothuidh ar an tí as dána air agus as fuisce dho. 4. M. Abair an Salve Regina? D. Go mbeanuighthar dhuit à Ri- ghain, à Mhathair na trocaire, à Bheatha, à mhillseach, agus ar ndochusne go mbeanuighthear dhuit. As ort ghoi- remidne na diberthuig, clann Eva. As ort osnuighmid à gartha agus à caoi san ngleann so na ndeór. Ar adhbhar soin à Bhanchara agus à Abhcoidi, fill orainne lé Tsulibh róthrocaireacha. Agus Iosa beanuighthe tora do bhruinne, teisben duinn tar eis na dibeartha so. O aró- cheannsa, ô aróBhuigh, ô à mhilis mhaighdeah Muire na trocaire. Vers. Guidh orainn à Naoimh Mha- thair Dé. Resp. Ionnus go mo fiú sinn geallamh- ain Chriost ar Ttighearna dfaighail. Urnuighthe. A Dhiá uileachomhachtuig shior- ruighe, dollamhuigh (mail- le ré comhoibriudh an Spioraid Na- oimh) corp agus anam na gloir oig Mhui- re Mhathair, ionnus go mo fhiú é ion- ad diongmhaltha do Mhic féin do gheonamh dhe: deanuigh dhuin, mar
lucharthar sinn lé na comhchoimh- niugh, maille re na hadarghuidh diadha (ona holouibh so dho lathair, agus ô bhas siorruighe) go saorthar sinn. Tré Criost ar Ttighearna. 5. M. Ag radh an Ave Maria agus an Salve Regina: cia ré labhran tú? D. Ag radh an Ave Maria agus an Salve Re- gina, agus na hurnuighthe ele deagnuidh, do chuir an Eagluis amach, as renar Mbantighear- nuin an ogh Mhuire labhramidh. 6. M. Cread fa neaglan agus fa ngoin tu í marso? D. Ionnos go fhaghmis uoithe guidh air ar son do lathair Dé, ag faghail uaidh gach ní as uireasbach dhuinn. 7. M. Cia hi ar Mbantighearna an ogh Mhuire? D. Bantighearna làn do ghrasuibh, agus do shubhailchibh, agus Naomh Mhathair Dé ata ar Neaomh, an creatuir as Neaomtha agus as Beanuighthe, agus as roannsa le Diá, na an uile chreatuir ele. 8. M. An fhoil an Naomh oigh Mhuire à Fhlaitheamhnus à ccorp agus an anam? D. Ata gan amhras ar bioth. 9. M. Maseadh cia hi sud sa Teampol ar an Altóir. D. Iomhaighe agus cosmhalacht dhar Mbain- tighearnain an ogh Mhuire ata ar Neaomh. 10. M. Cred fa fhoil à hiomhaighe san Eagluis? D. Do thabhairt ar Mantighearnan ata à Fhlaitheamhnus chum ar ccoimhne, agus do bhrigh gur ab isudh à hiomhaighe, cuimhnimid ar an ogh Mhuire ata ar Neamh, agus curumid ar ccurum urthe ag radh an Ave Maria, agus an Salve Regina, agus ní dha hiomhaighe ata deanta do chloith, no dho mhaide, no dho mhiotal ar bith ele bodhar, balabh, gan mothughadh, acht ar Mantighearna amhain an ogh Mhuire, ata ar Neamh agallamid, à guidhe à cobhar- tha agus à grás ionnus go nguidhfeadh sí air ar soinne chum Dé.
11. M. Minig dhuinn briartha an Aingil, agus ar tús cred fa nabramid, failthe dhuit à Mhuire. D. Do bhrigh gur beanacha so donimid di, le ccuiremid à cceill gur ab cairdi agus daoine mointeardha aga fhoil eolas urthe sinn, ag dul go nuig í mar Mhathair ag iarruidh à cobhar- tha. As uime adeirimid briartha an Aingil à cur na failthe sin, ar an adhbhar go fhoil à fhios aguinn mead na luchara ghabas si ag aoisdeacht ris an mola so, mar do ghaibh an chead uair dochuolaidh na briartha soin on Ain- geal: bith fós luchair urthe do bhrigh go fhai- ceann sinne coimhnitheach, ar mhor thioghlai- cibh Dé, agus ar son bheith búioch dhon Tiogh- laicthoir. 12. M. Cread chiallaigheas lán do ghrasaibh? D. Oibrigh grasa Dé trí nithe an anam an duine. Ar tus sgriosaidh agus dibridh na peacaidhe shaligheas an tanam. An dara ni cuirig slacht álainn le tabhartasaibh agus le subhailchibh ar an anam cheana. Fa dheire, dobheir Neart agus bhrigh dhon anam chum deaghoibreacha dho dheanamh, thainthnias re Mordhacht Dé, agus ar à mbionn buiochas rómhór aige. Ar Mantighearna Muire ata si lán do ghrasaibh, or ar tus, ni ar bhoain smal na cadh, pheaca shinnsiardha na na ghniomhaidh, mharabh- uigh, na sholuighthe ré riamh. An tara ni, fuair si iomlaine shubhailche agus thiodlaiche, agus na thabhartais uile on Spiorad Naomh san ard- cheim. An treas ní, do thóill si an uiread soin do bhuichas ô Dhia lena deaghoibreachaibh, ionnus gur cuireag os cionn na Naingul agus na Neaomh go huilioch; à nglore shiorruighe í. 13. M. Fiathruighim dhiot an raibh ag Muire nias mó do ghrasaibh, na dho bhi ag aon Naomh ele; or à derthar go raib S. Stiamh- na agus Naoimh ele lán do grasuibh? D. Bioth go nabarthar go rabhadar Naoimh ele lán do ghrasuibh, tar à cheann soin dobhi ag ar Mantighearnain nisa mho dho ghrasuibh
na aca uile, ór dollmhaigh Diá í chum gras do ghlaca nías fairsinge agus nias acfuinnighe na aoin nduine ele riamh; mar as léir san tsompla so; cuir à ccas: go lionfuidhe suithighe do sla- nic, agus go mbiadh Soitheach aca bu mó lán na an chuid ele, ataid uile lan, gidheadh as mo do thúill don tslanic san tsoightheach bu mo: à chiall so go ndein Dia na daoine nios acfuinnighe, no neamhacfuinnighe na cheile à meid no à luighead gras, agus do reir na caliach- ta, no offige roinneas ortha, agus na staidi na mbiaíd. Mar soin do bhrigh nar fheidir offig do thabhairt do chreatuir ar bioth bú mo na bheith na Mhathair ag Diá, tríd soin dorinne Diá ar Mbantighearna nias iomláine, agus nias abidhe chum na ngras do ghlaca, agus do lion í dhiobh tar agus os cionn gach creatuir ele. 14. M. Cread re radh ata an Tighearna maille rioth? D. Ag so an dara mola berthar ar Mhuire annso lé ttaisbeantar dhunne go raibh Dia ô thus à gineamhna de shior maille re da stuiradh, da teagasc, agus da dion. As gur dearabhtha nar pheacaidh si riamh à smoaineamh, à mbrethair na à ghniombh. Mar soin ni he amhain gur dhemhaisig Dia an Mbanogh bheanuighthe leis na huile ghrasuibh; gidheagh amh dobí à thoil bheith farré dho shiór dha cosnudh agus da co- med, mar thaisgéthóir Stóir chomh uosaíl, chomh ceanneamhail, chomh oriric soin. 15. M. Cread re radh as beanuighthe thú tar na mnaibh uile? D. Ag só an treás mola doberthar ar Mhuire annsó, le fhoillsighthear, nach é amhain go raibh aice na huile ghrasa bheanas re hogh nó re maighdin, acht farrú soin na grasa agus na subhailche bheanas re mnaoi phosta, ionnus gan isgeacht na amhras ar bioth, gur shàruigh à mbeanuightheacht an uile bhean dha ttanig
riamh, agus da ttiocfa. As mór an bheanuigh- theacht le mnaoi phosta bheith clannamhar, as follas nar theasta an bheannuightheacht so on NaomhOgh, ór dorug si Mac Dé as fear na ced míle Mac, cred fa nabraim ced míle, acht fós as fear na à ttiocfa agus à ttanig. As feidir Mathair chloinne dhoairimhthe do ghairim dhi do bhrigh na deaghChriostuithe uile, gur deara- bhrathreacha dho Criost iad; agus mar sin na ccloinn don Mhathair só, ní amh, do reir ghi- neamhna na fós nadure, mar as Mac dhi amh- ain Criost, acht maille ré gradh agus le toil mha- threamhail ata aice dhaibh uile. As gúr coir aradh go fhoil bheannuighthe tar na mnaibh uile, or as beanuighthe lé hoigh, à hoigheacht do choimead gan chloinn, agus as beannuithe lé mnaoi phosta bheith clannamhar, fuair an Ogh Mhuire go haonracanach gach prileid dhiobh soin .i. créaobh na hoigheachtha, farre bean- nacht róshona na clannmhuireachtha. 16. M. Cred chialluigheas beannuighthe torra do bhrinne Iosa Criost? D. Ag so an ceathramhadh mola bheirthear ar Mhuire annso, ina fhoillsighthear nach é amhain gur fiú í à mola agus à honorugh ar à son féin, acht fós, gur thúill à moladh ar son an to- raidh thanig ona bruinn .i. Iosa Criost; or mar as mola dhon chrann tora maith do thabhairt uaigh, as mar soin theid glore an Mhic à mola agus à ngloir da mhathair. Agus ô nach é amhain go fhoil ar Ttighearna Iosa Criost na dhuíne dhariribh beannuighthe tar an uile dhuine: Acht fós go fhoil sé na Dhiá agus na dhui- ne róbhenuighthe ós gach ní. Már adir Pol, sad Rom. 9. as mar soin nach é amhain go fhol à Mhathair beanuighthe tar na mnaibh uile, acht fós, tar na huile chreaturibh ar Nea- omh agus ar Talamh. 17. M. Foillsig anois an chuid ele dhun Ave Maria, agus an Salve Regina? D. Ann sna briarthuibh só dobheir an Ea-
gluis an tiodal agus an mola (as mó as feidir do thabhairt do chreathuir ar bioth) dhar Mban- tighearnuin an ogh Mhuire .i. Mhathair Dé Bantighearna Fhlaitheamhnuis, do gharim dhí: dha fhoillsiudh san tiodal só, go fhoigh ô Dhiá (mar àsi à Mhathair í) gach ní dha niarfa air: sirig an Eagluis cheana uirthe, agus sinne boill na Heagluise, guidhe ar ar son do ghnaith, ar an adbhar go fhulimid nar ndibear- thachuibh san ngleann só na ndeor, agus go hari- the, siremaoid urthe guidh orainn an uaair ar mbais chum à Mic féin, or àse soin an punc guasachtach, diogbhálach, ar à fhoil ar mbea- tha shiorraidhe go brach: agus as ar à shon soin à deir an Eagluis, deis na hoiffigi go laothamh- aill an Salve Regina, gun à Versiculo, Responsuir, agus Oraid. 18. M. As rósholamanta, róghnathach ann iomollann na Heagluise an Salve Regína dha sinnim. Innis anois, ciodh na teisbeantathuibh lé fhoillsighan ar Mbantighearna Banimpiri Fhlathais gur luthchareach lé gnathudh agus radh na hurnuighthe, agus an bheanacha ródhurthach- tach bheanuighthe só? D. Airtheastear à stair S. Dominic, iar mbeith dhona Brathribh ag radh, Diea do bheatha à Ri- ghain, go tanig do lathair Bantighearna na Nain- gul, ar feg dobhí an urnuighthe sion da sinnim ag na daoinnibh riaghaltha: or ag rochtuin dhaibh à radh na mbriathar: Diea do bhea- tha à dhochuis, do bheanuig dhaibh an Ogh ró Neamhtha lé róiomad millseacht agus seheamacht. Agus ag sinnim dhaibh: Ar an adbhar sion à Abhcoidi; do fheacad Mhathair Dé à ghlú- ne à fhiaghnuise à Mic múrnig féin, à deanamh offigi Abhacoidi ar à son. Agus à sinnim na mbria- thar ud: Fill orinne iad sud do shuele ró throcaireacha do dhearcadh an Bhantighear- na cheanna iad lé haghaidh sholibhir shugaidh, agus feachaint sheimh cheannsa. Agus adul ar an agaigh ag radh na haintuinn só: Teisbeain
duin Iosa beanuighthe: Banimpire Fhlaith- eamnuis do theisbeanagh dhaibh à Mac múr- neach féin, dobhi aici idir à lamhaibh dha theisbeanagh do gach naon aca fa leith dha raibh dho lathair. 19. M. Cread fa mbaintear na cluig trí huairi san laó .i. ar madin, à meoadhanlaoe, agus am thraithnóna ag fogra an Ave Maria? D. Dha theagasc gur ab riochtanus dhuin ar tús go ndruidimis re cobhair Dé agus à Neaomh Mhathar agus na Naomh elé, or atamaoid idir àr neascairdibh sófhaicseana agus dofhaicseana san Tsaoghlso; agus ní leor amhain go ndiongna- mais urnuighthe à ttosach ar ngnoithe, acht as riochtanas dhuinn í à lár, agus à criochnugh ar noibre. An tadhbhar ele, fa mbaintear an Ta- ve Maria trí huaire, do bhrigh gur toil le nar Naomh Mhathair an Eagluis, sinn do choimhne ar na trí nithe as prinsipaltha bheanas re nar slanugh; mair ata deamhairruin, na daonachta, agus eiseirighe ar Slanuightheora. Ar an adbhar soin, orduigh an Eagluis dhuinn beanugha dho Mhathair Dé ar moidin, à ccoimhne eseirghe an Tighearna. A medhon an laoe, à ccoimhne na Paise, agus Báis ar Slanuightheora. Am thrathnóna, nó sa noighche à chuimhne mar dho ghabh colann daonna uime. Or amhuil atamaoid dearabhtha gur à medhon an laoe do cuireag ar Ttighearna san ccrois, gur aisei- rig ar maidin: as inchreite mar an cceana gur ab san noighthe do ghaibh uime colann daona. AN III. CAIB. Ar na Hainglibh agus ar na Naomhaibh. 1. M. An coir dhuinn guidhe chum na Naingeal, na chun na Naomh? D. As cóir go deimhin, ionnus go mo thoil leo bheith na nabhacoidibh aguin do lathair De. 2. M. Cia dha ngoirean tu Aingil?
D. Do Spioradibh beanuighthe ata ag fa- ghail sholáis do lathair agus à fhochair Dé ar Neaomh. 3. M. Cred fár chruthaig Diá na Haingil? D. Chum é féin do mholadh agus do bheanugh do shior. 4. M. An raibh cúis elle aige chuige? D. Dobhi .i. mar thurnathib à stiúradh agus à riaghludh na Heagluise, agus do chomead na Ndaone. 5. M. An fhoil Aingeal comeata agus cosanta agadsa? D. Ata go deimhin agus ag gach Nduine elé à Aingeal fein da chomead, agus da choimhdeacht. 6. M. Ar an adhbhar soin bi rodhurthach- tach dhaibh à gui chugatha, agus as tarabhthach dhuit an Phadir agus an Tave Maria ma- raon ris an urnuighthe so sios do ragh go lao- theamail na nonoir. D. Dodhean mail re toil Dé; agus mar soin à chonighim ortsa cuir sios dhamh na hurnuigh- the soin. 7. M. So dhuit iad. Antuin. Aingil Dé ata ad chomeaduigh agam, agus ar à fhoil mo churum le trocaire Dé, sirim ort àniugh mo chomead, mo riaghla, agus mo stiura. Oraid. Fiosoruig à Thigearna, mar à choin- gidh ort an Taitreabh so, agus dibir uaidh an uile cheligh na heascarad: agus comhnúidis innte do NaomAingil dar ccoemadne go sigheach, agus go raibh do bheanacht oraine dho shiór. Maille re Criost ar Ttighearna. Bith mar soin.
AN III. TRACHT DON II. LEABHAR DHON THEAG CHRIOST Na ttrachtar ar Aitheanthaibh dlige Dé agus na Heagluise, agus ar oibreachuibh na trocaire. AN I. CAIB. Ar Atheantuibh Dé. MAGHISTIR. 1. O ata fiós chrée na Neapostal, artea- guil an chreidimh, urnuighthe an Ttighearna, failthe an Aingil, agus urnuighthe ele go lionmhor agad, as fonnamhar linn ànois go minightha deith Naitheanta dlige Dé: or áse so an treas tracht prinsipaltha don Teagasc Chriostuighe, mar do reamhradhais san chead leabhar? D. As fiór nach folair (dona cead nithibh) eolas do bheith ar Aitheantuibh dligh Dé, ar chuig Aitheantaibh na Heagluise, agus ar oibrea- chaibh na Trocaire: or ni leor creideamh, agus do- chus chum ar slanuighthe, gan carthenacht, agus comhaill dlige De. 2. M. Cred an fath, fa ccurthar ar ndlighne . i. na deith Naitheanta roimh an uile dlighe, agus à liacht dlighe agus racht san Saoghal agus san Eagluis na niagmuis? D. As iomdha résún as fedir do thabhairt ar uosleacht, agus ar mhaith an dlighe so, agus ar tosach do bhrigh gur ab é Dia do scribh é à ccroidhthibh na ndaoine, ina dheaigh soin fós an da clár chloithe marmail. An dara cúis, ar son gur ab é as sine dhon uile dhli- ghe, agus gur ab é as preamh, agus as tobar dhaibh. An treas adhbhar do bhrigh nach foil dligh ar bith as coitchinne, agus as genaraltha na
é: or ni hiad na Criostuighe àmhain cheangolas chum à chomhlionta, acht fós na Húil agus na Gintilig, na Mna; amhail agus na fir; na bochtain, à- mhail na Saoibhir; na labanuig, amhail an prion- suidh; na hainbfiosuigh: amhail na ttuigsinaigh agus na fhomhlamaigh. An ceathramhadh cúis, do bhrigh gur ab dligh doaistrithe é, agus nach fu- linghean daon nduine à astriudh na despionsaid do thabhairt ann. An cuigheadh cúis do bhrigh go fhoil an dligh so na riochtanas ar an uile dhuine chum á slanuighthe, mar chuireas siós agus dhearabhas an Ttighearna dhuinn, go mi- nic san Tsuibhesgeal. An seseadh cúis, do bhrigh go tugadh amach gur fogradh agus gur pobliag é, le sollamain mhor ar Chnoc Synay .i. le fuainn Stoc agus Tuimpeidi na Naingeal, le torthnígh, le splan- cach agus caoraibh tinntighe do lathair phobuil Dé. 3. M. So thionscnam foillsughadh na Nai- theanta fá leith, foillsig ar tús suim na Nai- theanta so an ordughadh? D. Asi an Charthanacht (.i. gradh Dé agus na comharsan) an chrith, fár horduig na Hai- theanta uile, or teagascaid, go hiomlán gan diomdha Dé ná na comharsan do thuilleamh; agus soin fós an fath, fa fhuilid ronta an da chuid, iar na scribha ann da clár mharmail, mar do reamhradh. San ched chlár, ataid na trí Hai- theanta thaisbeanas duin, na fiacha agus an obli- ghaid à ta ag Dia, orainn: san dara clár a taid na seacht Naitheanta ele, theagascas dhuinn na fiacha, agus an dualgas ata orainn dar ccom- harsain. Da bhrigh soin as tuice dhuit, bioth nach raibh à cclár aca acht tri Haitheanta agus san chlàr ele seacht Naitheanta; tar á cheann soin dobhadar àraon ma nionann, agus lán do scribhein: or na trí ched Aithne dobhadar nisa lionmhuire do bhriarthaibh, agus na seacht Nai- theanta deanacha nisa lugh dobhadar scriobh- tha. Or na seacht Naitheanta ud as giorra dho bhriarthuibh, à taid comh ionann ris na tri Haitheanthuibh ele, ata fadscriobhtha.
4. M. Cred fa nach foil san ched chlár acht trí Haitheanta amhain? D. Do brigh go tteagasguid dhuinn Dia dho ghradha, ô chroidhe, ó bheol, agus ô ghniomh. 5. M. Cred fa fholid seacht Naitheanta san dara clár? D. Do bhrigh go muneann Aithne aca dhuinn maith do dheanamh dhon chomhàrsain, na sé Haithuidh ele teagasgaid dhuin gan diobhail do dheanamh dho na phearsain, na onoir, ná na mhain, le gniomh, le brethir, na ô chroidhe. 6. M. Druidimid anois ris na Hatheantuibh fein agus ar tús teisbein na briartha ud, do scribha Dia an sna claraibh? D. So iad na briartha: Mise do Thigearna Dia, noch thug thu ó thalamh na Hae- gipt à teach na bruide agus na daoirse. 1. Ni bhiaidh Dée oile agad am lathairse. 2. Ni thiobra tú ainimh do Thighearna Dia go diomhain. Or ni bhiagh se agan Tighearna go neaomhchionntach an ti glacas ar à bheol ainimh à Thigearna Dia fein go diomhain. 3. Coimhnig an Tsaoire do naomhdha. 4. Onoraidh Thathair agus do Mhathair, chum do bheith fadshaolach ar an Ttalamh, dobeara do Thighearna Dia dhuit. 5. Na deana marabha. 6. Na deana druis. 7. Na deana goid. 8. Na deana breagfhiaghnuise an aghaigh do chomharsan. 9. Na santuig bean do chomharsan. 10. Na santuigh maoin do chomharsan. 7. M. Cred chialluidhid na briartha ud, ata roimh na deith Naitheanta? D. Tuicear ann sna bríarthaibh soin agus foill- sid cheithre resuinn le tteaisbeantur gur feidir le Dia dlige do thabhairt duinn, agus go fhoil duolach orainn à ccomhall. An chead resún tui- cear é as na briarthaibh so (As meise do Thi- ghearna) do brigh gur ab é Dia ar nardThi- ghearna prinsipaltha do chruthaigh do neamhni sinn, as feidir leis gan amhras dlighe dho thabh-
airt duin, amhail da sherebhiseachaibh fein. An dara resún baintear é as an fhocal so, Dia: le na fhoillsian nach é amhain gur ab é ar Ndia é, acht fós ar nardBhrethamh, agus ar sturuthair le na fedir dlige do thabhairt duinn, agus lucht ambriste agus gan ccomhlina do smachtudha. An treas resún san fhocal so, do, or an eagmuis na hobleghaide ata orainn bheith umhal do Dhia, amhail serebhisig da Ttighearna, agus iochtarain do Bhreitheamh, ata obliogaidh ele orainn, ón chunnradh dorinne rínn, agus dorinnemair rís san Mbaiste. Or as ann ghlacas Dia sinn mar chloinn dhilis toghtha dho fein, agus sinne eseann mar Athair dileas duinn fein, amhail ceana mar ghlacas Dia na firein, agus ghlacaid na firein Dia, mar Dhia dhaibh fein agus mar Thighearna. Dogeibhthear an ceathramhadh resún ann sna briarthuibh so: Dothugas tu à Talamh na Hegypt agus à toig na daoirse: Or an egmuis an iomadaibh dfiachaibh ele, ata obli- gaid aige oraínn an bhuigheachaisi. Agus do brigh gur maile re Diá do saorag sinn, ô shearbh- ontacht an pheaca, agus an Diabhuil, ciallúigh- thar son agus curthar à ccompraid le bruid Egypt agus Pharon, ó na ttug Dia go neartmhar, co- musach pobal Israel. Foillsugh na ced Aithnidh. 1. M. Minig anois an ched Aithne? D. Ataid tri codcha san ched Aithne. Ar tús ata dhuolach orainn Diá dhaithne mar Dhia. An dara cuid, gan ni ar bioth ele dadh- ra mar Dhia. An treas cuid, gan iodhail .i. iomhaighthe na picturidh do dheanamh dadh- arfamaois mar Dhia. 2. M. Foillsig an ched chuid?
D. Asi toil Dé cach dha thuicsint agus dha aithne, mar a tase ann fein .i. na Dhia firinneach; donithar so an tan ghnathigheas duine na cheithre subhalchi bhaineas re Mordhacht neaomdha Dé .i. Creideamh, Dochas, Cathran, agus Riagh- althacht. An ti chreideas an Ndia, aithnig agus glacaidh Dia mar Dhia .i. an ardfharinne, as san bpunc so pheacaid na Hericidhe nach crei- dean go direach an Ndia. Anti chureas à dho- chas an Ndia, athnig agus admhaidh se Dia na dhia, or tuigese à bheith aigi fein na Dhia ro- dhileas, rothrocaireach, agus rochumhachtach, agus bith munighin aige, gur ab ail leis, agus gur ab í à thoil, agus gur feidir leis coghnamh agus fortacht do thabhairt dho ann à uile riochtanasaibh. As anso pheacaid an droung bhios midhochasach à trocaire De, no chureas à munighin à ndaoi- nibh nisamho na an Ndia, no ma nionnan re Dia. An ti ghraidheas Dia os ceann an uile ní, ata aige mar an cceana Dia na Dhia .i. aith- nigh se é mar an ardmhaithe. As anso pheacaid go tróm an lucht ghraidheas aoin chreatuir mar Dhia, no ma nionann reis, no as à chéann, as truime na son go mór pheacaid an lucht fhuo- thaigheas Dia. Fa dheire, an ti adhras Dia le ioamad urruma agus onora (mar theagascas dhuin so subhailche na Riaghalthacht) or ata ag an ti soin Dia na Dhia, do bhrigh gur ab eolach dho Dia marthosach agus ughdar na nuile nith. As annso pheacaidh an droung bhios neaomh- cheanmhail, neaomhshuimeamhail, tarcais- neach ar Dia agus ar na nithibh coisrichear dho, mar ataid, sagairt, suthighe, Eagluisi, agus à samhailth ele: agus fós na daoine onoras nisa mho, no ma nionann re Dia, na Daoine. 3. M. Foillsig an dara cuid don Aithne so? D. San dara cuid, asi toil Dé agus fógraidh: gan ní ar bioth dar cruthaidh dadhra, na do ghlaca mar Dhia, na an ionnad. As annso dho pheacaidhdis na Gintilig anallaud, no nach aithnighdis an fiórDhia, mar Dhia fhirenneach
acht dobhioth aca agus dadhradaois mar fhior- Dhia an iomad creaturidh eagsamhla, mar ata an Ghrian, an Ghealach, agus fós daoine fuair Bás do adhdhradais iad agus do onoradais mar Dhée. Ann sa ní cheana, pheacaid, lucht na bpiseog agus na geasadoireachta; lucht na gíntliachta, agus na hastroluichta, agus na faistene, dobheir an onoir dhlighthear do Dhia, do Dhiabhol iofrionn: Ni he amhain fós, acht à romhór súd, ata se aca agus adharaid é mar Dhia díleas, agus le na chogh- namh, bigh dochus agus munighein aca faistinibh do dhenamh ar na nithibh bhios chum teacht, no Ionmhasuibh folethecha dfail, no ainemhiana neamhdhlisteneacha solacha do chur à nguiomh. Or do bhrigh gur ab é an Diabhól ceanneascara dhioghaltach an chine dhaonna, mar soin meal- luighse na daoine bochta so, agus le dochas diomh- ain do thabhairt dhaibh, cuirig fa deara ortha an iomadh peacuidhe dho dheanamh, agus fa dheire tig dhe go caillid an anam, agus go romh- inic à ccuirp. 4. M. Foillsig an treas cuid? D. San treas cuid fhogras Dia, ionnus, nach é amhain, go fhgra dhuinn gan aoin ni dhar chruthaig se do bheith aguin mar Dhia, mar do reamhradh; acht fós gan sinn do chuma, na dho hheanamh aoin níth dadharfamais mar Dhia as annso pheacuidar na Gintilig dobhi cho dàll soin, go ndeanadais dhaibh fein iodhail .i. iomhaighthe, dór, dairigead, do mhaide, agus do chloich, agus do chureadaois anúil gurbhiad súd à Ndée; agus go mórmhor, do bhrighe go fhacea- dais na Deamhain da naitribh, à cur fa deara: ortha ladbhairt agus corruighe: agus ar à shon soin donidis dhaibh iobairt, agus serbhis. Agus na Naomhmhartirig nach ar bhail leó na nithe ceanna do dheanamh, do chureadaois chum bàis iad, le piantaibh nimhneach, cruadhal- lachtha. 5. M. An fhoil aoin ní ele agad san Aithne so?
D. Ata hana, ór bagra Dia pian rothrom ar an ti do dheanagh aoin ni an adhaidh na haithne so, gealluidh luoaigheacht mór dhon ti chomhlionos í. Tar eis na haithne so do thabh- airt amach; do chuir Dia na briartha so lé: As Dia neartmhar eadmhar mesi, doni diogh- ealtas (tri pheacuidhibh na Naithreach nach graidhean mhe) ar à ccloinn go nuige an treas agus an cearmhadh glún, agus trocaire go mile glùn ar an ndroing ghraidheas mhe agus chomea- das maitheanta. Anso as tuici dhuinn, mar à deir Dia gur Dia eadmhar é fein lena feidir peanos rochrúadhalach do chur agus smacht róghear do dheanamh, ar anadhbhur go fhoil se eadmhar à ttaoibh achirt agus onora, agus as trid soin ni fedir leis uruchoid na aindhlighe dfu- lang. Ata so go romhór an adhaidh na droinghe pheacuidheas do shiór à cathaimh an aimsire ina nainimhianuibh go horochoideach, amhail agus nach beg súim ag Dia ionta. Tar à cheann son dochifir go ndeana Dia mhórshúim dhe soin, mar chuirfeas an nduil, agus theisbeanfas ann aimsir fein. 6. M. Cred fa smachtuidhean Dia an pea- cach go nuige an treas agus an ceathramhadh glún agus go ngraidhean agus go ccomeadan an duine ceart chomeadas à Aitheanta go mile glún? D. Smachtúig Dia an duine go ttig an ceath- ramhadh glún, ór tár à cheann go mairfeadh duine afhad, ni fhaiceann tár an cheathramh- adh glún, agus soin an chúis nach aíl leis dioltas do dheanamh acht ar an sliocht as feidir leis an bpeacach do rochtain beó. Gigheadh amh ar lucht na ndeaghoibreacha sinidh Dia à ngrasa agus à maith, nith gús an treas, na ceathramh- adh glún amhain, acht go mile glún, da mare- dis beó go nuige soin: Or as romhó ata an Ti- ghearna claón chúm tabhartais do thabhairt, na chúm dioghaltois, agus do brígh an luaidheach- ta agus an tabhairtais, gur ab as á mhaith fein lionuid, agus fhasaid, ar an adhbhar soin dogheibh tamthneamh do fein ionta: an smacht amh ase
luaidheacht dlighthear har bpeacuibh é, ar an adhbhar soin meas dar leat nach dha dhioin doni é, acht iar na ghriosadh lenár nurchoidne. 7. M. Cred fá ccurthar an bagar so, agus an gelladh leis an cced Aithne amhain? D. Do bhrigh gur ab í Aithne as prinsipaltha agus as mo idir na haitheantuibh í, agus à labhar- thar urthe, gur feidir à thuigsin ar chach ele go hiomlán. 8. M. Fiafruighim diot an fhoil an adhaidh na haithne so an onoir doberthar dona Nao- mhaibh, dha ttaisibh, agus dha Niomhaighthibh, ór as cosmhal rinn go nadhramaidh iad so uile, do bhrigh go sliachtamaoid agus go ndenimid ur- nuighthe dhaibh amhail donimid do lathair Dé? D. Asi an NaomhEagluis céle Criost, agus àse à Maghisitir soin an Spiorad Naomh. Ionnus gur dearabhtha nach feidir à meallagh, na dhi aoin ní dho dheanamh, na fós do theagasc do bheith an adhaidh Aitheanta Dé. Sinne, iom- morro (chum labhartha fa leith) onoromaid, agus guighmaoid na Naoimh, mar chairdibh, le na feidir fortacht orainn le na luaidheacht, agus le na nurnuighthe do lathair Dé: Gidheagh amh, ni mar Deeibh à taid aguinn, na fós shleachta- maid na dhonimaoid urnuighthe dhaibh, ar chor go nadharamais iad mar Dhia. Or an onoir no an umhla soin ni do Dhia amhain donithear í, acht fós do chreaturibh arda, onorea- cha ele bhios fui, mar ata an Papa, na Rigthe, agus à moran do ionadhaíbh donid na daòine riaghaltha sleachtain ag dúl do lathair an uochtarain. Ar an adhbhar soin ni hiongna, go ttioramáis an onóir cheana dhona Naomhaibh ata à riodhacht fare Criost ar Neaomh, an trath as ceadathach à thabhairt do dhaoinibh eigin ar an ttalamh. 9. M. Cred á deiribh re Taisibh na Naomh
(nach foil mothugh na ereachtuin ionta) agus tar à cheann soin, sleachtamaoid agus donioma- oid urnuighthe dha lathair? D. Ni dona Taisibh, donimaoid, urnuighthe, or as dearabhtha nach fhoil mothug ionto; acht àse an fath na nonoramaoid iad, ar an adh- bhar go rabhadar na ninustrument ag na hana- maibh naomhtha ud, chum morain degoibrea- cha do dheanamh agus subhailchi oirdhiric, lear thuilleadar an Bheatha shiorraidhe, agus ar theacht na haimsire biaid na ccorpuibh beógha glormhara, agus ànois ataid aguinne mar gheall- thuibh uosle an gradha dobhi agus ata ag na Naomhaibh ata à Fhlaitheanus dhuin. Agus soin an chúis fá ndenamaoidne urnuighthe do lathair Taise na Naomh, ar an adhbhar go rabhadar uair égoin na Tteampulaibh beodha ag Dia ui- leachomhachtach, agus soin an chúis fa nguimaoid iad mailè ris na gealthaibh roneaomhtha ud ata aguin uoatha, ionnus go taisbeanadois iad féin coimhneathach orainn, le na ccoghnabh dhuinn, mar as coimhneatheach linne iad san dho nonorughadh. 10. M. An é an ni ceana soin as ionraidhte ris na Hiomhaighthibh? D. As é, or Iomhaighthe Chriost, Mhuire, agus na Naomh ni mar Dheeibh a taid againn: ar an adbhar soin ni feidir Iodhbhail do gharim dhiobh, mar dobhi ag na Gintileachaibh: acht na Niomaighethibh amhain à taid àguinn do thabhairth Chriost, ar Mbantighearna an oigh Mhuire, agus na Naomh chum ar ccoimhne. Mar an cceana as leabhair do na tuotaibh, neamh- eolgusacha ar leghthoreacht, iad, or tuigid asta moran deamhairruinn an chreidimh cha- toliche, mar an cceana beatha agus Bás mhorain dona Naomhuibh. Agus go dearabhtha an onoir dobheiremíd dhaibh, nith ar son à mbéith dean- ta do Phapér, do mhoede, no dho mhiothal ele, na ar son à mbeith go breagh pintealtha lé dai- theanuibh, no coiridhthe le headuibh agus le gre-
thibh; ach ar son go ttugaid ar Ttighearna, ar Mbantighearn, agus Naoimh ele chum ar coimh- ne. Or ata à fhios aguinn nach foil beatha na mothudh ionta, agus nach cluinid en ní, mar as le laimh dhaonna à taid deanta, agus ann sa cháil soin ni shireamaoid aoin ni ortha, acht amhain àse fath fa nguidhmaoid dha lathair do bhrigh go tugaid ar Ttighearna, agus ar Mbain- tighearna, agus Naoímh ele chosmhaluid siad, inar ccoimhne. Or ata à fhios àguinn nach foil beatha na mothudha ionta, agus nach cluinid aoin ni, mar as deanta le laimh dhaonna à taid agus an sa chail soin ni shireamaoid aoin ni ortha, acht amhain àse fath fa nguidheamaoid da la- thair, do bhrigh go ttugaid ar Ttighearna, ar Mbaintighearna, na Naoimh ele chosmhaluid siad mar cuimhne. 11. M. Muna mothuighid na taise na Na- omh aoin ni, cred fa ndenaid an iomad Miorbh- uiltidhe ar an ndrouing chuireas à ccuram ortha no dhoni urnuighthe dha lathair. D. Ase Dia doni na huile Mhiorbhuilti soin, gidheagh as roghnaith leis à ndeanamh ar ghuidhe na Naomh agus go mormhor à Naomh Mhathar fein, agus mar an cceana as gnaith leis à ndeanamh ar son na ndroingan ghuigheas na Naoimh do lathair na ttaisi, no na Niomhaighse si, agus fós gnathuigh Dia ar uoaribh na taise soin mar ghleas agus mar instrument chum na miorbh- uilidh soin do dheanamh, da chur à núil gur mor thaithneann ris an dúrthacht bhios àguinn dona Naomhaibh, dha Ttasibh, agus da Niomh- aighthibh. 12. M. Ar an adhbhar soin an trath à deir- thear go ndearna duine guidhe chum na ttaise no chum na Hiomhaighe soin dairedhthe, agus go fhuair na grasa dhiarr, as amhla thuicear soin, gur ab chum an Naoimh le na leis an taise, no an iomhaigh do ghuidh, agus go ndeárna Dia gra- sa air tré ghuidh an Naomh cheanna.
As amhlaidh soin ata mar à deire, ór as mar soin as coir iad so uile do thuigsin. 13. M. Abair ànois, cred fa bpintealthar Dia Aithair à fhighir sheanduine, agus an Spiorad Na- omh à fighir choilim, agus na Haingil agus à fiighir ogáin le sciathanuibh, ós Spioradi Diá, agus na Haingil, agus nach foil figir chorpordha ortha, lé bpintealfa- dois na pinteoiridh iad, ámhail donid na daoine. D. An tan phintealthar Dia Aithair à fhi- gir sheanduine, agus an Spiorad Naomh à fhoirim choilim, agus na Haingil à fhuirim oganuigh, ní ar son go fhoilidh san chruith soin go fireneach dealabhuighthear iad, ór as Spioraididhe glana gan chuirp iad (mar do reamhradhmair tha- na) acht àsé fáth fa ndealabhthar, ar an modh soin iad, do bhrigh gur ab san cruith soin do theisbeanadar iad féin go minic dona daoinuibh. Agus an tadbhar na bpintealthar Dia Aithair à fhoirim sheanduine, do brigh gúr, theisbein é fein san ruchta soin don fhaigh Daniel. Agus an Spioradh Naomh à ccruth cholim, ór as ann sa fhuirim soin docannarcas agus à comhnúigh ar Chriost, iarna Bhaistidh dho Eoin à Sruth Ior- dain é; agus fa dheire, na Haingil à ccruith ogain do bhrigh gur theisbeanadar iad feín go romhi- nic mar soin. Faris sein tuig go ndealabhthar morán do nithibh elé, nihe go fhoilid mar soin ionta feín, acht dha chur à cceill dhuinne, an téfeacht agus an toibriudha bhiós ionta; amhail dealabhthar subhailche an Chreidemh à ccruth mhna agus calís na laimh. An Charthanacht iar na timchillagh le satha no le búidhin leanabh. Tar à cheann soin as dearabhtha nach mna iad acht subhailche. Mar soin as oireamhnach à derthear go ndealabhthar Dia Aithair à fhui- rim sheanduine, dha chur à cceill duin go fhoil se seanda róársuigh .i. sihrruighè agus roimh an uile ní dhar cruthnigheadh. Agus an Spioradh Naomh à ccruith choluim, dha chur à cceill duin tabhartais na Neaomhuruchoide, na gloi- ne agus na Naomhthachta oibridheas an Spiorad
Naomh ànoinn. Fá dheoid na Haingil à ccruth oganaigh, do bhrih go fholid do shiór breagha lán do chumas, agus le sciathanuibh, ar an adh- bhar go fhoilid, ollamh dho ghnaith chúm dul gan mhaoill mar à fhogran Diá dhaibh. Agus lehior- radhuibh geala, agus lé stolaibh beanuighthe do bhrigh go fhoilid glan neanmruchoideach na ttúrnuidhthibh ag Mordhacht Dè. 14. M. Cred fa nabarthar go ndein iomhai- ge Chriost, Mhuire, agus na Naomh ele miorbh- uiltighe. D. Ni hiad na Hiomhaighthe doní miorbh- uiltighe, acht Diá amhain ata ar Neaomh, gi- dheagh as gnaith leis à ndeanamh ar ghuidh na Naomh, agus go mórmhór á Naomh Mhathar fein, agus an tan adearthar mioruiltighe do dhea- namh maile ris an iomhaighe so Mhuire, no leis an iomhaigele ud, àse ní as mean linn do radh gur ab è Diá amhain dorinne na mioruile soin. Foillsudh ar an dara Haithne. 1. M. Abair an dara Aithne? D. Na tabhair ainim do Thighearna Diá go Diomhain. 2. M. Cred Aitheantar agus fhogarthar dhu- inn san Aithne so? D. Ann sa Naithne so labharthar air an onoir agus ar an easaonoir dobheirimid do Dhia le briarthuibh; fogarthar à onorudghadh, agus toir- miscthear à easanorughadh. Ionnus gur feidir Diá do onorudh ar cheithre modh lé briarthuibh agus à easanorughadh ar cheithre modha ele. Ar tús onorthar Diá lé briarthuibh an tan iomra- maoid é go minic lé teasgradh; easanorthar é dha iomaradh go diomhain. An dara modh, onorthar Dia lé na dhearabadh, no lè na mhio- nughadh go firineach, ceart, agus easanorthar è lè heitheach. An treas modh, onorthar è lè moid, agus lè gelladh dlistenach dho dheanamh agus easa- northar è trè gan à comhaill. An ceath- ramha modh, onorthar Diá dha gharim agus da mhola, agus easanorthar è an tan dhiomolthar è
no beirthear aithis, no imdhearghadh dho, no dhoní thar Blasphemia .i. diamhaslugh na aghaighe, no an tan donithear ar Dhia, na ar à chreaturibh mallachtugh, na guidoreacht. 3. M. Foillsig an ched chuid? D. As feidir ainim Dé, Mhuire agus na Naomh ainimnighthe go simplighe, singil, do ghnathudh go maith no go holc: ar an adbhar an drong ghradheas go mór Dia, cuimhníd agus labhraid air go minic le durthacht agus le fonn, mar as leir an Epistil Phoil mar à fhaicear agus à leiteár ann gach aon chomhradh ainim Iosa Criost ar Tti- ghearna; ór mar dobhi ainim Criost aige na chroidhe, as amhluigh dobhi aige na bheol agus na scribhinn. Ataid droungha ele ann leis an ndrochghnathaibh bhiosaco, le ferig, le sugra, no le maga, agus gan smoaineamh ar an ni à dei- rid ainimnighid go mearaganta Dia, no Muire, no Naomh ele, do bhrigh nach tig na ninntin aon ní ele. Or as olc donid soin, do bhrigh go ttarcaisnídh ainim Dé agus na Naomh dha thei- legean fa na ccosuibh. As feidir so do fhoillsiu- ghadh le sompla, bioth gur neamhchosmhuil, cuir à ccás go fhoil ag duine eadach rouosal, rochostasamhail, agus go mbiaigh uime an gach uile ait, agus ann gach aimsir, gan feachaint dó, na cion do bheith aige air ar aon chor, da tha- rangh na dheaigh trid an lathaig: as amhluig soin doni an droung ainimnigheas ainim Dé, Mhuire, agus na Naomh go diomhain. 4. M. Foillsig ànois an dara cuid thrachtas ar na mionnuibh? D. Ionann mionnughadh agus Dia do ghairim dho lathair mar fhiaghain ar an fhirinne: gigh- eadh chum so do bheith dlistenach as riochtanas trí coingíl .i. firinne, ceart, agus breitheamhnus, fa mar do theagaisc Dia feín maille re beol an Fhaid. Ieremias; agus mar as onoir do Dhia à mhionnughadh go ceart, dha admhail go fhai- ceann à Mhordhacht Neaomhtha an uile ní, agus gur ab é fein arddhionuighthoir na firinne, as
mar soin easanorthar gu romhor é, an tan mhionnuighthear é, gan cheart, gan fhirinne, gan bhreitheamnas, ór an ti mhionnuigheas mar soin taisbeanuig nach bionn à fhios ag Dia cred doní, no gur ughdar Dia don breig agus don uruchoid. 5. M. Foillsig so nisa soleire, agus fa leith cred chialluigheas mionnughadh go fireneach? D. Gibe le na mian mionnugaadh go firin- neach ni folair dho gan ni ar bioth do dhearabh- adh, acht ni aga mbia à fhios aige à bheith fiór na aon ni dho ghealladh le mionnuibh, acht mar as meán leis à chomhall, da bhrigh so as lucht eithig (agus peacuid go rothrom) an droung dhe- arbhas gúr fiór na nithe aga mbiòn à fhios aca ambeith na mbreig, no nach bión à fhios aca an fiór iad. Mar an cceanna an lucht gheallas le mionnuib ni dho thabhairt uótha nach meán leó dho chómhal. 6. M. Cred chiallaigheas miunnughadh le ceart? D. Ionnan é agus gan duine dho gheallagh lé mionnuibh acht ni dlisteanach, ceart, agus ar an adhbhar soin peacuid go rothrom an droung hgeallas le mionnuibh dioghealtas do dheanamh san olc, no son andligh dhoroineag ortha, no gheallas ni dho dheanamh, nach tainthnighean re Dia, agus ni hionchamhlianta na mionna soin, agus ni cheangluid fós ar aon neach à ccomhall, à ni ar bioth dha luidhead; or ni fedir bheith cean- gailthe ar aon neach olc dho dheanamh, do bhrigh go cceanglann dligh Dé orainn gan olc dho dheanawh. 7. M. Cred é mionnudh lé ceill, no lé breith- eamhnas? D. Ionnann é agus mionnudha lé gliocas cheille, no à bidheachtha, da mheas nach iomchubhaidh Dia dho ghairim mar fhiaghain, acht amhain chum nithe riochtanasacha, roshuimeamhla, agus soin le heagla agus le hurruim. As an aghaidh
so pheacuidhid an drong mhionnuigheas tré gach ní dha luidheadh, no lé maga, no lé greann. An droung iommorro, mhionnuigheas go minic, tré dhrochghnathudhadh, tuitid go rofhuras son eitheach, noch ata ar na peacaibh as mó as fei- dir do dheanamh. As trid soin fhogras an Ti- ghearna san Tsuibhsceol, agus Eoin an à epistil, gan mionug, acht lé riochtanus. Agus so an re- sún dobheirid na Naomh ris, ar an adhbhar gur chuige dofríth àmach na mionna, chum chreidimh na ndaóine dho bheith firineach, dea- rabhtho dhá cheile, agus do bhrigh gur deacair le duine aca creideamhain don dara fear. Ar an dadhbhar soin as amhlaigh as cóir na mionna dho gnathudha, mar as gnaith leigheas (nach ionghlacaithe go minic) acht mar as annamh- aidh as féidir lé neach. 8. M. Foillsig an treas cuid don Aithni so thrachtas ar na modhibh? D. Aseadh as moidé ann gealladh donithar do Dhiá ar ní eigin mhaith, agus thaithnias ré na Mhórdhacht Neamhdha. As inmheasta dhuit trí nithe chuige so. An cheid ní, as gelladh an mhoid; agus ní leór mar sin chúm moide do dhea- namh, intinn, na fonn nithe eigin do dheanamh, acht ní folair an ghellamhuin dfoillsiudh leis an mbeal, no an ní sa lugha dhe leis an ccroidhe. An dara ní, an mhoidi so dho bheith dho Dhia, dar ab dúol an uile mhodi. An trath à deirthear go ndeantar moide do Mhuire, don Naomh so, no don Naomh ele, bith à fhios agad gur do Dhia go principaltha donithear an mhoidi soin, gidh- adh an onoir Mhuire no Naoimh ele, na fhoil Dia à modh as uaisle agus as aonracanuighe, na ann sna creaturibh ele: ar an adhbhar san an mhoid dobheirthear do Naomh eigin ni fhoil ann acht geallamhuin dobeirthear do Dhia, ag onorugadh chuimhne an Naoimh soin lé hof- frail eigin do dheanamh dho; agus as ionann so agus Dia do onorughdad ann na Naomh féin. An treas coingheall iarthar chum na moide àsé
soin, nach féidir moide do dheanamh ar ní, acht ar ní bhias maith, agus taintheamhach dho Dhia, mar ata Oighiacht ghlan, bochtacht toilthea- nach, agus à leithedi ele soin. Ar an adhbhar soin gibe duine dobheir moide ré peacadh do dhea- namh, no obair ar bioth nach beanann ré ho- noir Dé, no fós do gheallfadh maith do dhea- namh do chuirfeag tuirmeasc ar mhaith bú mó ina í, ní bhedh son taithneamhach do lathair Mhordhochtha Dé, ar an adhbhar soin ní ho- nórfuidhi Diá leis, acht do mionórfúidhe, agus an ti dhoní so peacuidhidh an aghaidh an dara Haithne: amhúil pheacuid an aghaid na Haith- ne ceanna an droung dobheir moidi agus nach comhlionnuidh í san lúas as féidir leó, ór órduig Dia san Scriptuir, don tí dobheir moide, ní he amháin intinn do bheith aige à comhall acht gan moill do dheanamh fa na cur à ccrith. 9. M. Foillsig an chuid deaghnach thrach- tas ar mhola Dé agus ar à mhasladhadh .i. blas- phemia? D. Fograidh Diá san chuid so don dara Haith- ne gan é fein do mhaslughadh, acht à ainim ró- Naomhtha do mholadh agus do bheannúghadh. Ar tús an mheoid bheaneas ré na mhola ní fhoil docúl ar bioth ann, ór as dearabhtha gur ab ó Dhia dhoirtear an uile mhaith orainn, agus go fhoilid oibrecha Dé lann do eagna, do cheart agus do throcaire, da bhrigh soin as iomchubhaidh agus as ceart à mhola san uile ní agus à bhean- nughadh. An mheoid bheaneas rè Diámhaslad .i. blasphemia, ní fulair dhuit à fhios do bheit agad gur ab ionann Diámhasladh, agus eagoir do chur à leith Dè mar ata se ann féin, no à leith à Naomhúibh noch bheaneas reis. Ataid 6 gne- ithe idirdhealaighthe aca so as fèidir dháil. An ched ghne an tan à deir ní dho bheith ag Diá nár chuibheach dho bheith aige, mar ata aradh go mbiadh cos, nó lámh, nó corp, do reir à Dhia- dhachta, nó nithe ele nar choimhe ris do bheith
aige, famar ata aradh go mfeidir leis peacadh dho dheanamh agus à samhailt ele do bheg an aghaidh onora Dè. An dara gnè, an tan shean- tar ar Dhia an nì as dual agus as cóir dho, mar ata, cumhachta, eagana, ceart, nó na nithe ele as dileas dó: amhuil àderagh neach, nach feidir lé Diá so, nó súd do dheanamh, nó nach faicean, nó nach foil sé ceart. An treas gnè, an tan chur- thar à leith na ccreaturidhe an ní as dileas amh- ain do Dhià, amhail doníd an droung à deir go fhoil fiós ag an Diobhal na nithe ata chúm tiacht, no go ndein miorbhuilthighe fire. An ceathramhadh gné, an trath beirthear aithis no mhalluightear Dia, no à Mhathair, no na Na- oimh ele. An cuigead gnè, an trath ainimnigh- thear go tarcaisneach aon bhall do bhallaibh Chriost na à fhuil, na baoill na Naomh: amh- ail bú mhhicluach, no bù tharcaisneach dhoibh è mar bu míchluch dhúinne. An seiseadh gnè an tan ainimnithear ainim Chriost no na Naomh- aibh no aon bhall dha mballaibh chum fonamh- aid, fa mar donid an lucht à deir dar laimh Chriost, no Pheadair agus à samhuil ele gnás dofrith amach lé malís an Diabhail, agus lé uro- choid na ndaoine. 10. M. Abair ciodh meid agus troime dho Pheaca an masluidh so? D. Ata sé cho mór soin, gur ab é Peaca (as begnach) as mó don uile Pheaca é. As feidir so dho thuicsint as an bpein doberthear do lucht à dheanta. Or san Tseanracht dfogair Dia dha phobul go hiomlán gobhail do chlochuibh do lathair ar à drouinga dodheangh é, agus fós na dlighthe sibhialtha damnuighid chum báis an droung cheanna. Aithrisidh S. Grióir gúr dam- nuigheadh leanabh chuig mbliadhan tríd an bpeaca so, agus do bhrigh nár smachtuig à Athair é, fuair bás an ucht, agus dorugadar na Deamh- ain à anam leó go iofrionn, go follas dha Athair agus da mhathair agus do chach ele dobhi dho là- thair. Ní leighthear à shamhuil soin ar aon
pheaca ele. Ar an adhbhar soin ní fulair dhon uile dhuinne go rodhithellach aire dho thabh- airt dho fein gan à chomór soin do uruchoid do dheanamh an aghaidh Mhordhachtha Dé. Agus as fusaide an peaca so dho sheachana, nach faghthar tarabha, na sulth ar bioth ann, mar dogeibhthear à bpeacuibh eigin ele, acht olc mór noch dhobheir leis an peaca ceanna. Bioth nach cóir don duine pheaca dho dheanamh, tar à cheann go ttaireabheochadh dhe maitheas an Domhain uile ar à shon. 11. M. Ca trath nach peaca na moide, no na mionna do chur ar cáirdi? D. An trath chuireas resún siós é, do reir chomhairle aithreach Spioradaltha; ór ní leòr dhuinn ar cciall, no ar mbreitheamhnas fein do leamhain, do reir mar à deir an Tighearna: A thrúaidh an taonracanach, ór an trath thuiteas, níl feár à thóice aige. 12. M. An peaca na creaturidhe dho mhion- nughadh, no dho thabhairt go diomhain no à mbreig? D. Aseadh go deimhin, ór as mór an athais agus an mhiónoir do Dhia, aoin chreatuir dhar chruthaig do mhionnughadh go diomhaoin. No fós an tan mhiónnuighthear Diá breigi à fhiòr no à mbreigh, òr as mòr an asanòir do Dhia, Dia breige do thogbhail mar fhiaghain ar bhealaibh. 13. M. Cionnus as feidir dhuinn na mionna do sheachana? D. Agnathudha na mbriathar so .i. àseadh, àseadh, niheadh niheadh: mar do theagaisc ar Ttighearna Iosa Criost dhuin. Foillsiudh ar an treas Aithne. 1. M. Cia hi an treas Aithne, agus Foillsig í? D. Aseadh as treas Aithne ann an Tsaoire dho chomheadh, do onorùghadh, agus do Naomhdha, àta difir egin idir an Aithne so agus na Haithean- ta ele, ór na Haitheanta ele go hiomlán .i. an da ched Aithne agus na seacht Naitheanta fà
dheire, ataid uile nadúrtha. agus ní air na Crio- stuighthuibh amhain ata dhulach à ccomead, acht fos ar na Hulaibh agus ar na Gintilibh. Gi- dheagh an treas Aithne so, ata cuid dí do reir nadúir cheanglas an uile dhuine, agus cúid ele nach foil ò naduir, nach ceanglan go hiomlán, òr saoire dho neaomhdha .i. lá eigin do choimead na shaoire, agus à chaitheamh amach an ndeag- oibrechaibh, agus go mormhor à serebhis Dé, as Aithne nadúrtha é; do bhrigh go ccuirean an resún nadurtha sios é dhon uile dhuine, agus mar soin, ar feg an Domhain comeadthar lá egin saoire: giodheg ainimniúdha an láe so no an láe ele, ní ò naduir ata. Soin an tabhàr fà raibh an Sathrunn ag na Hubhaluibh mar fheasta prinsapaltha, mar ata ag na criostuighthibh an Domhnach. 2. M. Cred fàr fhògair Dià dona Hùbha- luibh an Sathrunn do onoirghadh, seoch agus aon la elé? D. Ataid dha chùis phrionsapaltha ris. An ched chùis do bhrigh gur Diasathruin do chriochnuig Dia cruthúdh an Domhain. Agus da bhrig soin dobí toil Dé an là son do naomh- dhadh à ccuimhne à chomòr soin do mhaith .i. chruthaighthe an Domhain. Faris so chum an tseacharain ud na fheallsamh agus na fhilidhe do chur ar ccùluibh, àdeireg go fhoil an Dom- han ann riamh. Or as dearabtha an tan naomh- amaoid là chriochnuighthe chruthaithe an Domhain, go nadhmhamaoid go raibh tosach air. An dara cúis iar ttuirsiúghadh don duine, à lucht seiribhise .i. à óglach agus à bhanoglach agus à ainimhioltha ar fedh sié là na seachtmhui- ne, bá toil lé Diá san seachtmha láo .i. san Sathrunn comhnuighe do dheanamh dhaibh, agus fós chum go mbeadaois na Tighearnuidhe atruaigheach, trocuireach da lucht saothair, agus gan bheith cruodhalach, ní ar na daoinibh amhain, acht fós ar an hainimhiolthuibh féin.
3. M. Creadh an tabhar nach coimeada- maeidne na Criostuithe an Sathrunn, amhail chomeaduid na Hubhail, ò ata cho maith soin do resún ris? D. As iomdha resún maith fár athraigh Diá saoire an Tsathruinn ar an Ndomhnach, amhail mar dhaistirig an circumsision .i. tim- piollghearradh san mbaiste, agus an Lúbhan cas- ga à Naomh Shacrament na Háltorach, agus gach ní ele maith dhon Tseanracht à nithibh as fearr san Nuaidhreacht. Or ma chomeadaid na Hubhaíl an Sathruinn na shaoire à cciomhne chruthaighthe an Domhain, do bhrigh gur ab é an láo soin do criochnuigheadh é; as córta na soin dhoniomaoidne an Domhnach do choi- mead do bhrigh gur ab é an lá soin do thions- gain sé. Agus ma thugadis na Hubhail an là deanach dhon tseachtain do Dhia, as feàrr na soin doniomaoidne na Criostuighthe an ced là do thabhair dó. As à chionn so coimhnighthear san Domhnach ar trí tioghlaichthibh prionsa- paltha àr slanuighthe: ór as Diadomhnuig dorugadh Criost, Diadomhnuigh daiseírigh, agus as Diadomhnuig do chuir se an Spiorad Naomh ar na Hapostoluibh. Fa dheire cialluidhidh an Sa- thrunn an suaimhneas dobhí ag anamuibh na Nairtheach Naomhtha san Limbo: an Domhnach cialluig sé an ghloire ata ag na hana- muibh ar Neaomh, agus bhias ag na corpuibh. Agus soin an chúis fà nonoradaois na Hubhail an Sathrunn, do bhrigh iar mbàs go tteighdís chum suaimhnis dhon Limbo: na Criostuighthe amh onoruid an Domhnach, do bhrigh iar mbàs go tteighíd suas go Naomh ghloire Phara- thais, as amhluigh thuicthear soin, ma dorin- neadàr deaghoibreacha, ag tabhairt à mbea- tha suas do reir an dligh thug Dia dhaibh. 4. M. An fhoil dfiachuibh aoin Tsaoire elle
dho chomhall leith amuidh dhon Dómhnach? D. As riochtanus go deimhin, morán saoire elle, ni he amhain dar Ttighearna Iosa Criost, acht fós dár Mbantighearnain an ogh Mhuire, agus do Naomhaibh ellé .i. gach à fhogran ar Naomh Mhathair an Eagluis do chobhal, gidh- eagh as ar an Ndòmhnach do labhramar go prinsipaltha, òr àse as sine, agus as gnathuidhe na cach dho onorughadh; amhuil dobhi ag na Hubhail moran saoire elle, gidheagh do bé an Sathrunn budh shine, budh sholamanta agus budh mhionaca aca. Soin an chúis nach labharthar san chlár acht ar an Sathrunn amhain, noch ag à ttanig an Domhnach astiach an ionad mar do reamhradh. 5. M. Ciodh as riochtanus chum na saoire dho chomhead? D. As riochtanas dha ní. Ar tús comhnúigh agus suimhneas do dheanamh ó oibreachuibh agus ó shethar mhursanta .i. an saothar agus an obair ghnathuid seiribhisidh agus lucht ceirde le duadh corpurdha do dheanamh. Or ghniomhartha na hintinne, ni dhiobh ghoirthear mursantacht agus ní hiad thuiremescar san Aithne so, tar à cheann go mbiadh coghnamh ón tteangain, ón laimh, no ò bhall chorpordha elle ag an intinn chum à ndeanta. An dara ní ata ceanguilthe orain òn Aithne so, ann sna feastuidhibh saoire bheith do lathair Aiffrinn da eisdeacht agus beith nach ceangalan an Eagluis orainn ní elle, tar à cheann soin as iomachuibhe dhuin an chuid as mó dhon lá do chaithimh an urnuighthe, agus à leaghthoreach leabhar Spioradaltha, à fhiosa- rúgh Eagluisidhe, an aoisdeacht sheanamora, agus ann deagoibreacha elle Spioradaltha agus trocaireacha, òr as chum na crithe soin do hor- duighadh agus do tionsgnadh na Feastuidhe agus an Tsaoire. 6. M. Muna còir obair mhursanta dho dhea- namh san Tsaoire, ní bú ceadathach na clúigh
dho bhuáint, no na bùird do fholach, na an bia dho bhruith, no dho dheasudh, òr as oibreacha mursanta iad duaghalaidh. D. An Aithne so fhogras gan oibreacha mur- santa dho dheanamh san tsaoire tuicear í ar dha choingheall. An céd choingheall gan do oi- brúghadh an lá soin, acht an ní as riochtanas chum beatha an láe soin féin do chothúghadh na colla daonna, da bhrigh soin biágh do bhruith na búird do fholach, agus nithe elle dhon tsórt soin nach ar fheidir do dheanamh an lá roimhe ceaduighthear iad, or ní fhoilid an aghaidh na Haithne so. An dara cuid gan oibreacha mur- santa dho dheanamh, muna mbiaidh à rioch- tanas chum serebhise Dé, agus na Heagluise, mar ata buoint na cclog, agus asamhail elle, nach ar fheidir do dheanamh an la roimhe, as ceadat- hach iad. Na neagmuis so as feidir oibreacha mursanta dho dheanamh làethe saoire, le cead an uachtarain, an tan bhiàs cúis cheart, dlis- teanach ris. 7. M. An bpeacuidheann an tí doní begàn oibre là saoire? D. Peacuighidh se an chuid as lúgha dhe go solaightheach, muna ab obair throcaire í, agus as còir dho à chasúdh ré daoinibh foghlamtha, ag iarruidh chomharle ortha, chum nach biag an amhras cred do dheanadh. Foillsiudh ar an 4. Aithne. 1. M. Foillsig an ceathrúgh Aithne, agus innis cred an tadhbhar fà tionsgnaidh Aitheantha an dara clàr lé honorghadh an Athar agus na Mathar? D. Aitheanta an dara clàir as ris an ccomh- arsain bheanaid siad, mar bheanuid Aitheanta an ched chlàir ré Dià, agus do bhrigh nach foil ameasc na ccomharsan aoin neach as goire duin na ar Naithre agus ar Mathre, na as mo dha fhoi- limidh ceanguilte à fhiachuibh no à nobligaid, or as uotha ata ar mbeith aguin, fa Dhià, agus fòs ar mbeatha .i. fundament na huile mhathaisa saoglatha, ar an abhar soin, as ròcheart an
chuis fár tionsgnadh Aitheanta an dara cláir lé honoir an Athar agus na Mathar. 2. M. Cred thuigeas tú maille ris an onóir so ata do fhiachuibh do thabhairt don Athair agus don Mhathair? D. Tuigim trí nithe .i. fortacht, umlacht, agus urraim. Agus do ched nithibh ata do uolach orainn cobhair agus fortacht do thabhairt dár Nathair, agus dár Mhathair, ann na riochtanas, agus an na nureasbudh, agus as deso ghoirthear onóir san Naomh Scriptúir, ór beanaidh sé ré resún, an chlann fuair beatha ò na Nathair agus ò na Mathair coghnamh do thabhairt don Athair agus dhon Mhathair cheanná chum à ccothuigh- the na mbeathuigh fá na ndicheall. As à chionn so ata do uolach orainn umhla dhar Nathair agus dhar Mathair, mar adeir an Teapostal Pol: à chlann umhluighidh da bhúr Naithribh agus da bhúr Maithreachuibh san uile ní, or as taith- neamhnach le Diá so .i. san uile ní bhias chum toile Dé, agus da reir: gidheagh da fhògradh an Tathair aoin ní nach biadh do reir toile Dé, an traith soin do reir Aithne ar Tighearna Criost as fuathuighthe dhuinn iad .i. gan umhla dhaibh, na aoeisdeacht, amhuil agus do bú eascairdi dhu- inn iad. Fa dheire, ata dhuolach orainn bheith urrumach dar Nathair agus dar Mathair, onoir agus cion do bheith aguin ortha nar mbriarthaibh, foirimiolachuibh, mar as dúol. Agus dobhi à chomór san do chion ar an Aithne so san Tsean- racht gor fogeair Dia Penos bàis do ttabhairt don tí do mhailleochadh, no do asnorag à A- thair no à Mhair. 3. M. Cred an fáth fár fhogair Dia san TseannRacht don chloinn cobhair agus fortacht do thabhairt da Nathair, agus da Mathair: agus nach fogran don Athair agus don Mhathair for- tacht agus cobhair do thabhairt ar an ccloinn, go harighthe iar mbeith beag dhaibh, agus an ui- reasbuidh fhortacht ortha? D. As fiòr go ttuigthear so ar gach taoibh
idir na Haithreachcuibh agus an chlann, agus amhuil mar ata dhuolach ar an ccloinn fortacht, umh- lacht agus urruim do thabhairt da Nairthibh; ata an tualach ceanna ortha san, ní he amháim biá agus eadach do shalathar don chloinn, acht fós, à ccur ar an adhaidh son uile dheghobair, à tteagasc, agus à munudh. Gidheadh ata gradh na Naithreach dhon chloinn chó nadurtha soin, agus chó Preamhuighthe ionta, nár bhuiresbach dlige ele dho chur ámach, chum cuimhnighthe ag na Haithribh ar an ccloinn. As minic amh ar attaoibh chontrardha chíthear, nach frea- garaid an chlann san nghradh cheanna da Naith- ribh, ar an adhbhár soin níar fholair, dlige eigin do dheanamh do chuirfeagh fa ndeara ar an ccloinn bheith cuimhnitheach ar an ndualgas dha Naithrib, agus dha Mathribh. Agus niar leòr lé Dià an Aithne so do fhaghbhail go singil; acht na cheann san ba toil leis ár ngriosughadh chum à ccomhliontha lé bágar, agus lé luaighe- acht do ghealladh. 4. M. Innis ciodh an gheallamhain, agus ciodh an bagar soin? D. Cuirig Dia na briartha so siós leis an cceathramhadh Aithne: Ionnus go mbia tú fadshaoghalach ar an ttalamh, dobheara do Thighearna Diá dhuit: Amhail agus à dearag sé, an chlann dobheir an onóir dhualga- sach dha Nathair agus dha Mathair, à measc gach luaidheacht ele dha fhoeighid, biaid fad- shaoghlach: an chlann amh nach deana so, biaid gearshaoghlach farris gach péin ele dha fhui- ghidh òr as ceart an phian so, agus ní fiú an tí soin fadbheata dho shealabhudh, nach onoran à Athair agus à Mhathair, ór ghlac beatha. 5. M. Fiafrúim dhiot an ní ud àderthar ar an Athair agus ar an Mathair, an ttuicear è mar an cceanna ar na Huochtaranuibh ata ós ar cciónn, à ngradam, an offig no à ndígnitibh, agus an droung bhias an àit Aithreach aguin? D. As fiér go ttuigthear, ór an Aithne so
ceangluigh sí orainn umhla agus urruim dhar Nuachtaranuibh Eagluisi agus Tuaithe agus an onnorughadh. Foillsiudh ar an 5. Aithne. 1. M. Foillsig an cúigeadh Aithne? D. Crosaidh an Aithne só ar tús an feáll .i. gan duine dho Mharabhadh, agus ní crostar sa Aithne so beathuighidh elle dho mharbhadh, ar an adhbhar gur ab ar son an duine do cruth- uigheadh iad, agus trid soin, as feidir leis à ma- rabha an tan bhias uireasbuidh aigi riú; Gigeadh amh an duine ni ar son duine elle do cruthui- gheadh é, acht ar son Dè amhain, ar an adh- bhar soin ní Tigherna aon duine ar beatha dhui- ne elle, agus trid soin ni ceaduigtheach dho à mharbhadh. 2. M. Tar à cheann san dochimid go ccuí- rid na Prionsuidhe agus na Breitheamhain la- drainn, agus drochdhaoine elle chum báis go mi- nic, agus ni meastar gur ab olc donid, acht gur maith? D. Na Prionsuidhe agus na Hoffige ag à mbionn udurdhas poiblighe cuirid na drochdhaoine chum báis ni mar Thighearnaibh ar bheatha na ndaoine soin, acht mar thurnuighthibh ô Dhia mar àdeir Pól, or as tòil le Diá lucht an uilc do dheanamh dho smachtugadh, agus à ccur chum báis an trath thúillid, ionnus go mbeidis na dheaghdhaoine go suaimneach, siochanta. As chuige soin tug Dia fein cloidheamh à laimh- aibh na Bprionnsuidhe agus na Noiffigeach chum an chirt do sheasamh, ag cosnamh na ndead- haoine, agus ag smachtughadh na ndrochdhaoi- ne. Da bhrigh soin an tan churthar fear uilc do dheanamh chum báis, lé hughdarras poibli- ghe, tre na choir féin: ni goirthear féall, na marabha dhe, acht gniomh ceirt; agus ar an adhbhar soin, an tan àdeir an Aithne so Dé, gan marabhadh do dheanamh, as amhla thuigh- thear soin, gan à dheanamh lé ad tudarradhas féin.
3. M. Ataim an amhras, an fhogran an Aithne so dho dhuine gan é féin do mharbhadh amhuil fhogras do gan duine elle dho mharbh- adh? D. Crosaigh gan amhras an Aithne so gan duine dha mharbhadh féin, amhail chrosas air gan duine elle dho mharbhadh, do bhrigh nach Tighearna aon nduine ar à bheatha féin, agus nach ar à shon féin do cruthaigh é, acht ár son Dé amhain, agus trid soin ní ceaduitheach do aon duine len udarrdhas féin, e féin do mharbhadh. Agus ma mharbhadar cuid dhona Naomhaibh, agus dona Banaomhaibh iad féin lé heagla go ccaillfeadaois à ccreideamh, no an oigheacht as mesta guraibh seide no oi- briúdhadh speicialtha ô Dhia aca chum à dheanta, ór ar modh elle nír fheidir soin do dheanamh gan peaca róthrom. Ar an adh- bhar soin gibe mharbhas é féin, marabhaidh duine, agus da reir soin doní feáll ata na pheaca róthrom, thoiremisgthear go prinsipaltha san Aithne so. 4. M. Cred fa nabarthar go prinsipaltha? D. Do brigh nach é amhain go fhoil tuire- measgatha san Aithne so gan marbhadh do dheanabh, acht fós gan lot, fuiliughadh, na buala, na eagoir ar bioth elle dho dheanamh dho bheatha, no dho phearsain na comharsan. Fós Criost ar Ttighearna ag miniughadh na Haithne so san Tsuibhscéal, crosaidh, mar án cceanna an fhearag, an fuaith, an ainigiacht, an ghearuidheacht, an drochintinn, agus gach ní elle as cosmhail ríu, no briartha gonta lé na gnaith an tslighe do ollamhughadh chum an duine dho mharbhuidh. An adhaidh soin asi toil chriost ar mbheith reig, ceannsa, siochanta, suaimhneasach, agus reiteach dho bheith eadruin agus an uile dhuine. Foillsiudh ar an 6. Aithne. 1. M. Cred thuicear san seiseadh Aithne?
D. Ar ttús, gan drúis do dheanamh, ásé soin peaca donithar lé mnaoi fhir ele. Or tar éis na beatha, nil ní as ceanamhla, na an onóir agus an chlú, ar an adhbhar soin, tar éis na Haithne thurimeascas an duine dho mharbhadh lé ccaill- thear an bheatha, as róoiriúnach thoirmeisg- thear an drúis, le ccáillthear an onóir. 2. M. Cred fá nabarthar ar ttús? D. Do bhrigh na Haitheanta, gúr ab iad dligh an chirt iad, agus ar an adhbhar soin cro- suig ar ttús na peacaidhe, na ttig àsteach an taimcheart, ór as dona céad pheacaíbh aca peaca na drúisi. Arist crostar san Aithne só gne- the ele dho pheacuibh na colla, mar ata pea- cudh ré pearsain do bheg coisreagtha dho Dhiá .i. Pearsa eagluise: peacughadh ré pearsain ghaoill, eigean do dheanamh ar mhaighdin no oigheacht do lot: peacudh ré mnoi shingil .i. ré mnoi gan bheíth Posta, mar ataíd baintrabha- cha, agus mna cóchoitcheanna: agus peacuidhe truaillighthe ele, nach glan ré na niomradh à measg Chriostuighthe. 3. M. Os fiór à ndubhrais go nuigheso, àbair ànois cred an fundament no an resún lé nabran tú gur peaca an cheligheacht shingil .i. luighe le mnaoi gan Pósa, gan ghaól, gan chol etc. ór ní faicthear, go ndéin dioghbhail, na eagoir ar aon neach, an tí dhoní an gníomh soin. D. Ata fuainnement agus resún san uile dhligh gúr peaca só .i. à ndligh na nadurach, san dligh scriobhtha .i. dligh mhaoisé, agus à ndli- gh ua ngrás .i. dligh an nuaiReahta. A ndli- gh na nadúre dogeibhthear gur shantuig an tardAthair Iudas Thamar, bean à mhic féin do bhásughadh tré bheithtorrach dhí na baintreabhthuig. As tuigthe as son, à ndligh na nadure, sol dotugadh an dligh do Mha- oisse, lé resún nadúrtha, go fhacathas dona
duoinibh gúr pheaca an sort druisi soin. Na dhiaig soin à ndligh Mhoyse as iomdha áit na ccrostar é: Agus àdeir Pól an Epistolaibh go minic, nach rachaid lucht à dheanta go Flai- theamhnas. Farris soin as breag ré ragh, nach deantar eagóir na dioghbhail ar aoin neach son ngnè druisi so: ór doní dochar don mnaoi, do bhrigh go fhaghann si míchlú thrid, doní dioghbhail don ghin, ar an adhbhar gúr neamh- dhlisteanach bherthar í: donithear eagoir ar Chriost, ór as baoill dho Chriast na Chriostuig- the go hiomlan, agus goibé Criostuidhe doní adhal- tarnas dóní se dhon gheig, no dhon bhall soin Chriost, geag, no báll meirdrighe: Donithar fós leis an bpeaca cceanna, eagoir ar an Spioradh Naomh, ór asiad ar ccuirp à theampuill, mar soin an ti thruailleas à chorp lé hadhaltarnas sailighid Teampul an Spioraidh Naoimh. 4. M. An ccrosann an Aithne so peaca ar bith ele acht à ndùramair? D. Crosaidh fós an Aithne só an uile ghniomh mímhocanta ele, ollamhas an tslighe roimhe chum na drúise, no adhaltarnuis, mar ata fea- chaint mhalíseach, poga druiseamhla agus à le- theidi ele. Ase soin àdeir an Thighearna san suibhsceal, à miniúg na Haithne so dhuinn an sna briarthaibh só: An tí fheachas ar mnoi lé drochdhúil, do chionntuig ré na chroi- dhe, agus an intinn. Ar an abhar soin goibè lè na mean an peaca só dho sheachna, ní folair dho à cheadfa dho chomead go haireach, agus go mórmhor à shuile, ór àsiad soin na foinneoga agus na dóirse trè ngabhan an bás àsteach do ionsuighe an anama. 5. An bpeacuighean an tè ag à mbionn an iomad do dhrochsmaointighthibh dha bhuai- readh, agus doní à dhicheall ar à ccur uaidh son lùas na fèidir leis?
D. Ni pheacuigheann go deimhin, ni hé amh- ain as mór à luoaigheacht, ma dhoni seasamh maith na naghaidh. 6. M. Ciod an coghnamh, no an medhen le fheadfam bheith go glan geanamnuighe? D. Lé húrnuighthe mhinic, faoisidin ghlan, agus Naomh Shacrament na Haltorach do ghla- ca, deagoibreacha dho ghnathúghadh, agus comhluadar na ndrochdhaoine do sheachana, do chuirfeag toiremeasg orain à ndheanamh. Foillsudh ar an 7. Aithne. 1. M. Cred ata san seachtmhadh Aithne? D. Ata inte fogra gan goid do dheanamh .i. gan cuid dhuine elle dho bhrith uaig dha neamhthoil. Agus as cneasta, irrúnach chro- star an ghoid, tar éis an duine mharbhadh, agus an aghalturnais do chrosagh, ór idir mhaitheas an Tsaoghail so tar éis na beatha, asi an onoir as ceanamhla, agus tar éis na honora an mhaoin tsaoghaltha. 2. M. Camheid modh pheacuidhthear an aghaidh an 7. Aithne so? D. Ataid dha mhodh phrinsipaltha anna ttugthar àsteach an chuid elle go hiomlán. An ched mhodh prionsapaltha, an trath bheirios neach cuid duine elle leis gan fhiós do, agus as de so ghoirthear goid go dileas. An dara mhodh, à chuid do bhuain do dhuine da neamhthoil go follas do féin, mar doníd ladruin, no lucht eirighe shlighe, agus as de so ghoírthar fuodach, agus bioth gur ab ar an ccead mhodh (dar leat) labhras an Aithne so, an uair à deir: Na dein goid, tar à cheann soin, tuicear í ar an dara modh. Or gibe chrosas an tolc as luga, gan amhras crosaigh an tolc as mò. 3. M. Cia na peacuidhe bhaineas ris an ngoid, ris an fhuadach, agus chrostar san Aith- ne so?
D. Ag so iad: Ar 1. an mealldh agus an ghangaid donithear à reic agus à ceannach, agus na samhuil elle do chonnarthúibh, agus as reis an ngoid bhea- nas so, ór gibe doní an ghanguid so, beirigh on chomharsain gan fhios nísa mhó na as choir dho. An 2. cuid an uile usureucht donithar le hairigead do thabhairt amach ar choingheall à aiseag lé tuille farra na ttug uaigh, agus as réis an fhuadach bheaneas, or an tí doní usu- reacht, as follas go niarran nísa mhó ná à ttug uaidh. An 3. cuid, an uile dhioghbhail do- nithear den chomharsain, bioth nach tairibh- eochadh an tí dhoní abheag trí na dheanamh, amhuil tóiteán, nó losca dho dheanamh, agus à samhuil elle; curthar so léis an ngoid ar uaribh, agus léis an fhuadach ar uaribh elle, do reir mar bhios foilitheach, no follas. An .4. ní, an tí nach aisigeann an ní ata dhualach air, peacuidh an aghaidh na Haithne so, agus as ionann dó é agus goid do dheanamh cuid dhuine elle dho chon- namhail aige da neamhthoil. An .5. ceim, peacuid an agaidh na Haitne so, agus doní goid, an tí dogheibh cúid duinne elle do leig àmugha, agus chonnmaheas aige na shelibh fèin í, án tan as fèidir an sealbhadóir ceart do fhaghail; ni peaca ni do fhagail à dúl àmugha, nach aon duine elle do leg uaidh è, agus ni dlighthear á aiseag. An .6. ni, churthar leis an ngoid, agus leis an fhua- dach, an tan chuireas duine ar à shelibh fein ni comhchotiitcheann, òr beanuig dha chompana- chuibh tarabha an ni do bu leo uíle. 4. Foillsig ànois ciodh é troime an pheaca so .i. na gada? D. As feidir peacaidhe móra tróma do ghai- rim dona uile pheacaidhe mharabhthacha, do bhrig go mbainid don duine an bheatha shior- ruidhe: gigeadh ata ag an ngoid do dhileas fá leithe go ttairaingan an duine chum uilc mhóir. As amhluigh soin tarla dho Iudas fear braith ar
Ttighearna (dar ab lucht leanamhna na bi- theamhnuig ele) tré san chleachta dobhi aige à goid na nithe, dobhi chum usaid agus gnathibh choitchian an Tighearna agus na Napostal, fa dheire gur eirig an uiread soin dolc dho, gur dhiol à Thighearna agus à Mhagistir róNaom- tha fèin ris na Huluibh ar airigead. Ar an acht cceanna dochimuoid go laoithamhuil na bi- theamhnuig agus an lucht eirighthe slighe à ma- rabhadh duoine; bioth nach faicidis riamh roimhe soin iad, agus nach biag fuaith na eas- cairdeas aca dhaibh: acht amhain lè fonn an bhegain bhios aca, do bhuaint diobh. Gigheadh amh ní fhoillingan Diá, an ní soin, bhainid do chach, do dhul à ttarabha, na fós an aisce leò, mar as lèir san mbèitheamnach Iudas, dho croch è fèin agus ar lán do ladrunuibh agus do bhitheamh- nachuibh ele, doberthar ar laimh an chirt, agus an lucht cheasta, da ccrocha agus da ndicheán- nadh. Ar an adhbhar soin, as coir do gach neách aiseag agus leoirghniomh dho dheanamh ar gach ní dha fhoil aige go heagoireach, don tí dár ab dúol è, an sa luas na fèidir leis, ór ni maitear na peacuidhe acht mona ndeantar aiseagh agus leór- ghniomh ar an ní dogethear go heagortach. 5. M. Muna fèidir leis an tiomlán do aiseag, an fhoil do uolach air, sasughad agus leórghniomh do thabhairt uaidh da mhaoin fèin, amhuil as fèidir leis, agus son gan mhoill ar bioth? D. Ata go deimhin, agus gan achur ar cairde, acht lè cúis dhlistennuig, cheirt. 6. M. Agus an ti nach foil cumusach, ar leórg- niomh dho dheanamh don tè dha ndearna dioghbhail, cread as deanta dho? D. As còir dho an chuid as lugha dhe intinn do bheith aige leòrghniomh dho dheanamh, san lúas na fèidir leis. Foillsiudh ar an 8. Aithne. 1. M. Cred chuireas an 8. Aithne do uolach orainn? D. O dho thrachtamair go nuige so ar an
ndioghbhail donithear don chomharsain lé gnimharthaibh, labhram ànois ar an ndiogh- bhail donithear dhi lé briarthaibh: ar an adh- bhar soin toiremeascthear san ochtmhadh Aithne an fhiaghnuise bhreigi ata ar an ndioghbhail as mó as féidir do dheanamh dhon chomharsain lé briathruibh. 2. M. An fhoill an agaidh na Haithne só, atan doní duine breag gan dioghbhail do dhui- ne elle? D. Donithear breag ar trí modh an chéd mhodh, lé dioghbhail do dheanamh dhon chomh- arsain, amhail do chuirfeag neach ar dhuine do lathair bhreithimh go ndearna sé goid, no gur mharabh duine etc. Agus à fhios do bheith aigi féin gur breag soin; agus as breag dhiobhalach ghoirthear dhi. An dara modh an tan doní duine breagfhiagnuise chum maitheasa na comharsan, fá mar atá, dha shaora ó bhás, no ó pheiriacail ele, dár ab gnaitheach breag fhaghbharach do ghairim, agus ní folair à beith gan dioghbhail do dhuine ele. An treas modh an trath donithar breag nach dein dioghbhail, na tarabha dhon chomharsain, agus as breag dhiomhain ghoirthear dhi. An ched mhodh dhiobh soin toireameascar go prinsipaltha san Aithne so é, ór an fhinné soin ní hé amhain go fhoil na breig, acht fós ata aindlightheach, agus na peaca róthróm. An da mhodh ele tar à chean nach foil aimhcheart ionta, agus na foilid na bpeacuidhibh cho troín ris an cced mhodh, gigheadh, ar à shon soin àtaid na bpeacuibh gan amhras, an chuid as lú dhe solaitheach: ór ní ceaduightheach dho dhuine breag dho dheanamh, bioth go tiocfagh dhith an mhaith as mó ar an Ndomhan do dheanamh. 3. M. An ttoirimeasgthear, ein ní ele san Aithne só, acht breag dho dheanamh? D. Tóirimeascaid an Aithne só trí gnethe peacuidhe donithear leis an tteangain, agus ar modh dhairighthe taraingthear iad chum fiagh-
nuise bhreigi .i. masla, Ithiomoradh, agus mal- lachtùgh, no easguine. 4. M. Cred da ngoirean tú maslagh no Imdhearga? D. Ionann é maslagh, agus focal toibemeach no eagorthach, labharthar à ttarcuisne na comharsan, amhail àdearag neach ré duine ele, go mbiag neamhfhoghlomtha, dithchillidh, uiriseal, micluach etc. As peaca rothròm só, an tan donithear è le intinn dochair do dhea- namh dho dhuine ele, mar thaisbeanas ar Tti- ghearna san Tsuibhsceal mar an abair: An tí ghoireas da dhearabhathair .i. da chom- harsain, amadan, as fiú é tine iofrionn do fhaghial. An tan àdeirthear na brartha soin lè hintinn Shúgartha, no screachta, no an tan deir an Tathair ris an ccloinn da smachtughad no da ccòirliùghadh, no an Ma- ghistir ris na discioboluibh da tteagasg, ní chum tarcuisne, na eagora do dheanamh ortha, as derabhtha nach goirthear dhe maslagh an tan soin, na fós peaca, acht go madh fheidir à bheith na pheaca soluightheach àbhain? 5. M. Cred é Ithiomoradh? D. As ar bhrat, nó ar dhorochughadh, agus urisliúgh lé tarcuisne donithear ar chlú na comharsan, ghoirthear Ithiomoradh, ag lab- hairt go holc air: as amhla donithear so no ag innisin na firinne ar an ccomharsain lé droch- intinn fhallsa uruchoidig; no ag innisin an uilc, ata fiór, gigheadh go foileatheach. As mar soin chailleas an chlú mhaith dobhi air, ag an ndró- uing soin nach raibh feasach ar à lochtauibh. An tithiomradh so, amhail ata an olc gna- thuightheach à measg na nduoine, ata ar an acht cceanna perieaclach agus tróm: ór as ceanamh- la an chlú na an mhaoin tsaoghalta agus an foir- tiún; agus fós as ceanamhla í ag moran na an bheatha fein. Da bhrigh soin as mór an diogh- bhàil an chlú dho chailleamhain, ór as furasa na huilc ele dho leigheas: amh an chlú chail-
thear an uáir amhain, as deacair choithe à tabhairt tar ais. Mar soin an tí do bhean à chlú dho aon neach, ata dhiachaibh air à haiseagh. Da bhrigh soin as romhaith an chomhairle, labhairt go maith ar gach neach, an tan as féi- dir é lé firinne; agus muna féidir leis soin, biog sé na thost. 6. M. Cred è mallís no easgaine dho dhea- namh? D. Asedh as mallís, no easgaine ann, an tan mhallúigheas à chomharsa, à guigh mallacht, no amhngur, no einneachan, no à samhail, ele air, no dha thiomona dhon Diabhul, no guidhe uilc ele dho theacht chúige: agus an mallís soin as róthrom an peaca è, agus go harighthe an trath donithear é lé fuaith no lé fonn uilc do theacht ar an chomharsain. Acht amh lé súgra, no lé ferig obainn, gan coimhniùgh cred dobhí aige da radh, agus gan à bheith na shiórghnatabh aige, ní bhiaigh na pheaca cho tróm soin: tar à cheann soin as olc è dho shiór, ór á beál an Chrio- stuidhe, ata na dhalta agus na mhac ag Dia, ní cóir do theacht acht beannuightheacht, agus deaghbhriathra. Foillsiudh ar an 9. Aithne. 1. M. Cred ata san 9. Aithne? D. Toiremeascthar inte, ní nach iongana, santù mhná na comharsan. Bioth gur crosag san 6. Aithne an drúis, tar à cheann soin ba toil lé Diá fonn, no mían na druise dho thoiremeasc ann Aithne leis féin fa leith, da chur à cceill, gur da pheaca idirdhealuighthe iad só. 2. M. Ní faicear, bú chosbhail san Aithne só go ttuiremeascthear ar mhnoai phosta fear mna posta ele dho shantughadh, acht fear do Shanntugh mna fhir ele, ór àdeir: Na sann- tuig bean do chomharsan? D. Ní mar soin ata; ór as ionann tuiremeasc- thar an tanamhián só ar an fhear agus ar an mnaoi, ór bioth go nabarthar san Aithne só, na
santuig bean do chomharsan: tar à cheann soin tuicear, an ní àdeirthear ris an fhear, tuicear é mar an cceana ar an mnaoi: ór ás as ainim- nighthear an fear tar an mnaoi do brigh gur ab uoisle è dho chreatuir na an bhean. Farris so ata á fhios ag gach naon gur maslluighidhe san Tsaoghal so aghaltarnas na mná, na an fhír: amhail gur ab mò mholthar an mhocantacht agus an náire san mnaoi, na san fhar: mar soin ma crostar ar an fhear gan bean fhir ele dho shantù; gan amhras crostar ar an mnaoi gan fear mna ele dho shantù. 3. M. Adurag thuas, mar à ccrostar an drúis, go ttuiremeasghthear mar an cceanna an uile pheaca ele collaighe, ar an adbhar soin foillsig à- nois an ttuicear an ní cceanna ar dhúil no ar fhonn na bpeacuidhe so? D. Nil amhras, san náit na ttuiremeasgthar meán na drúise, go ttuicear mar an cceanna meán an aghaltarnas agus gach gné ele bheaneas ris an uile short peacaidhe neamhghlana na colla: ór as ionann resún ris na peacuidhe so uile. 4. M. Foillsig mar chuinghidh ort, an peaca an uile fhonn no dúil dothucach chum duine à mnaoi dhuine ele, bioth nach beith aonta na toile chuige? D. Do theagaisc S. Gregoir Papa go fhoilid 3. céimeanna na shamhuil soin do dhrochfhonn. An 1. cheim, an tan dobheir an Diabhal sanus don duine ag cur smaointighe salacha an inti- ne. An 2. cheim, taithneamh do fhaghail ion- ta. An 3. cheim, aonta dho thabhairt dhoibh. An 1. cheim, ní peaca é, ma sheasúighthear ris go hollamh, agus gan an tainthneamh no an sulth do leigean na ghoire, ní he amhain doghebha luaidheacht trid do lathair Dé. Amh má dho- gheibh taithneamh san smúaineadh so, agus na geabha an toil, na an tuigse ris, ní racha duine
as gan peaca soluightheach. Gigheadh amh, mà thig aoénta na toile agus na tuigse leis an smuaineadh agus leis an ttaithneamh so, ar modh go ttiúbhradh à aire don ní so ar à smu- aineann, agus go ttiúbhradh à áoenta agus à thoil chuige, doní peaca marabhthach. Agus àsé so à ní as prinsipaltha thorimeascthar san Aith- ne so. Foillsiudh ar an 10. Aithne. 1. M. Cred fhogras Dia san deachmhudh Aithne? D. Fograidh gan, màoin doghluaiste dhuine ele, dho shantughú, mar ata, teach, fearann, agus à samhuil ele: na fós à mhaoin shoghluaiste, mar ataid, airigead, airnéis, eadach, tortha agus asamhail ele: ór an tan nach dentar eagóir ar an ccomharsain lé gniomh, lé brethir, lé smúoi- neadh, na lé fonn, comhliontar an ceart go hiomlán. 2. M. Cred an fath, tar eis gur thoirimisg Dia an duinemharbhadh, an drúis, agus an ghoid nár thoirimisg mar an cceanna fonn an duinemh- arbhuidh, amhuil do thoirimisg fonn na drúise, agus na gada? D. A resún son, do bhrigh nach santui- gheann an duine go prinsipaltha, acht ní egin, as doith leis do thabhairt tarabhtha chuige, no na measann tarabha do bheith. Or asi cúis lé santaigheann an drùis, mar doghibh taith- neamh eigin inte: agus an ghoid, do bhrigh go fhaghann tarabha aiste: san duinemharabha, amh, nil tarabha ar bioth do aon neach, agus marsin ní santuighthear an duine dho mhar- abha ar ashon féin amhain, acht maille ris go ttiocfag neach chum tarabha eigin ele, mar ata goid no, aghaltarnas, no peacuidh ele as cos- mhail ró. Da bhrigh soin bioth gur peca ró- thróm fonn an duinemharbha, tar à chean soin niór thoririmisg Dia é fa leith: ór do bhrigh go fhoil an duinemharbha tuiremeascach ann féin, as tuicthe as soin, go fhoil à fhonn
mar an cceanna toiremeascach: agus do bhrigh nach deonuigheann Dia fonn neamhdhliste- neach an tainthimh cholluighe, agus na nainamh- iann ele, as tuicthe mar an ceanna nach deonui- gheann fonn na míann an duinemharabha, noch na santuighean neach, muna mbeith do- chas aige taithneamh no tarabha eigin do theacht chuige as. 3. M. Foillsig ànois, cred ná crostar an sna dlighthibh saoghalta míann no fonn an uilc, mar chrostar à ndhlighe Dé? D. As follus à resún soin, do bhrigh na duoine bioth go mbeadaois na Bpapaoibh, no na Nim- piribh, nach faicthear dhoibh seicredidhe na ccroighthe, acht na nithe foirimealecha amhain agus da reir soin, ní féidir leó breitheamhnas do thabhairt ar na smoaintighthibh, no ar na miánuibh, na fós à smachtú; da bhrigh soin ní bheanann riú à ttoiremeasc. Gidheadh amh, Dia dochí croighthe na ndaoine as féidir leis na drochsmoaintethe, agus an drochfhonn tig uoatha dho smachtudha, amhuil thorimeascaidh iad ina naomhdhligh féin. AN II. CAIB. Ar Aitheantibh na Heagluise. 1. M. An fhoil an eagmuis Aitheanta dligh Dé Aitheanta ele do fhia- chaibh orain do chomhall? D. Ata go deimhin Aitheanta na Naomh Eagluise mar thisbeantar anso siós. 1. Gach à Domhnuigh, agus gacha lá sola- monta saoire fogartha Aiffrionn iomlàn do aoisteacht go durthachtach. 2. Na troisgidhe fhogras an Eagluis an aims- reachuibh agus à laethanuibh dhairighthe do chognnamhail, mar ata an carghas, na caturachatimper, na bhigil d cho- mead na ttrosca, Diahaoine agus Diasa- thruinn é fheoil. Agus àse seangnathugh naomhtha na Nerenach gan báinbniá
Diahaoine, na feóil Diaceaduin do chaithamh. 3. A fhaoisidin do dheanamh, an chuid as lú, uair san mbliaghain ré na Shagart Por- roiste, no lè na chead, ré sagart ele aga mbiaigh ughdaras, agus gach uair ele bhiás à bperiacail bháis agus riá chomaoine dho chaitheamh, agus rìa Sharamentibh ele dho ghlaca. 4. Comaoine dho chaitheamh an chúid as lú am Chaisc ona Shagart Porroiste, acht muna mbiaigh tuiremeascach go dlisteanach, no bánn on Egluis air, no é na dheoruighe. 5. An deachmhaidh agus rannda ele na Heaglui- se do ioc do réir ghnathuibh na Heasbu- goide na mbiaidh. 6. Gan posa ó thús Aidbheint go criochnùgh dha lá dheagh na Nollagh, na ó thús chargais go mionchaisg. 2. M. Cred da fhognaid Aitheanta na Hea- gluise? D. Chum go mo feárde do coimhlionfuigh Aitheanta Dé àsedh órduighthear iad, ór ní riochtanas tracht ortha nísa mho: ar ttús, do bhrigh go fhoillid uras: àrist do bhrig go fhoill- seocham iad an sna Naomh Shacrament, mar ata san fhaoisidin, san ccomaoin, agus san ttrosga. AN III. CAIB. Ar Oibreachuibh na Trocaire. 1. M. Foillsig ànois oibreacha na Trocaire, agus ar ttús innis cred é toragh na ndeagh- oibreach? D. Ata ag na deaghoibreachuibh mar thorth- uibh gella, agus duais na beatha Shiorruighe, ceann- suighid Dia, coimeaduid agus meaduighid na gra- sa, fa dheire donid dearabtha ghairim chrithe an Duine. 2. M. Ca mheid bair Throcaire ann? D. Ataid 14. do oibreacha Trocaire ann .i. 7. noibreacha corpurdha, agus 7. noibreacha spioradaltha.
3. M. Abair na 7. noibreacha Trocaire cor- pordha? D. Do reir an Tsuibhsceoil, ataid 7. noi- breacha Trocaire corpurdha ann. 1. Biá dho thabhairt dhon ocarach. 2. Dioch dhon iotmhar. 3. Eadach dhon nocht. 4. Aoideacht agus leaba dhon deórúidh. 5. Fiosorú na neaslán. 6. Fùasgladh na mbraighde. 7. Na maraibh do aghlacadh. 4. M. Catrath as tuca biá dhon ocrach? D. An trath bhearas Dia dhuit é, anson roinn go maith é ar chreaturibh Dé, mar thùrnae agus mar stiobhard dhod Tighearne, ar na nithib tug ar do láimh agus ar do chumas. 5. M. Cred fá ttugar deoch dhon iotmhor? D. Chum gan tuitim san inneachan nar thuit an saoibhir santach an iofreann, nach do hemigheadh an trath do shir aoan bhraon amh- ain uisge an ifreann, do bhrigh nach raibh se Trocaireach, iar mbeith dho ar an saoghal so. 6. M. Cred fá ttucar eadach dhon nocht? D. Ionnus go ccoirfeag Criost umadsa íorra, no stoil na ngrás. 7. M. Cred fá ttugthar aoidheacht agus leaba dhon deoruidhe? D. Do bhrigh Mac Dé gur thoil leis deoruigh agus oilirtheach do dheanamh dhe féin san sao- ghal so air ar soinne ar an adhbhar soin as gla- caighthe dhuinne na deoruighthe à bpearsain Chriost. 8. M. Cionnus as cóir na heagrùaidhe do fhiosarughadh? D. Ag tabhairt fhortachta dhaibh lé brei- thir agus lè gniomh, do reir do chumas. 9. M. Cred fa fhuascalthar na braighde? D. As ionfhuasgalthe dhuit iad, ma ataigh cumusach air, do eagla go ccaillfidis à ccrei- deamh, no go ttuitfidis an eadochas.
10. M. Cred fá norduithear na maraibh do aghlacadh. D. Ar lorug agus ar shompla an Naoimh Tho- bias, do thuill beanacht Dé agus do glac í maile ris an Archaingeal Raphael, tré bheith Trocaireach. Foillsiugh ar na Hoibrecha spiora- daltha na Trocaire. 1. M. Abair anois na 7. noibreacha Spiora- daltha na Trocaire? D. Ataid an uireadh cheanna ann do oibrea- chaibh spioradaltha, na Trocaire mar as léir anso siós. 1. An tanibheasach do theagasc agus do thriorú. 2. Comhairle aleasa do thabhairt don ti ata na uireasba, no ata adir dha chomhairle. 3. Solás do chur ar na dobronachuibh. 4. Lucht na herraide agus à dul àmú do smach- tù, agus do dhiriú. 5. Maithfeachas do thabhairt don chomhar- sain son eagoir dorinne ort. 6. Fulang go foighdeach na hainbhreatha agus na haindhlithe dhonithar adthaghaidh. 7. Guidhe chum Dé ar bheoaibh, agus ar mha- raibh. 2. M. Cionnus teagasgathar an à taineolach no an tainefhiosach? D. A theagasg agus à mhuneadh agus à threo- rugha ar slighe Dé, chum à slanuighthe. 3. M. Cionnus deagchomhuirlighthear an ti ata na huireasba? D. Comharle à leasa dho thabhairt do chum gan tuitim an erraid na à bperiacail à chuirph agus anama do dhamanugh. 4. M. Cred fá nabair tú solás do chur ar na dobronochuibh? D. Chum nach caithfeadh liónndubh na do- brón iad, agus mar soin nach tuitfidís à mídhochas. 5. M. Cred fa nabair tú bheith fulungthach faoideach san eagodir domithar ort. D. Chum go maithfeadh Dia dhúin na cion- ta agus na peacuidhe donímid an aghaidh. 6. M. Cred fa na ab infholingthe go foigh- neach, eagoir, luige, no aindhlighe na comh- arfah?
D. Ionnus go ccuirfeagh Dià à neamhchoimhne na peacuighe donimíd an aghaidh féin go minic. 7. M. Cred fá nguidhtear ar na béodhuibh? D. Chum Dé dho tharang an intinne ó dhiomh- aineas an tsaoghail so, agus go ngnathuighdis iad féin an ndeagoibreachuibh. 8. M. Cred fá nguidheann tú ar na ma- rabhuibh? D. Ionnus go mbearagh Diá ar Ttighearna leis iad da ghloire agus da Tsonas siorraige féin. 9. M. An feidir cúis ar bioth dho fhaghail, lé ngeobhathaoi leisgeal duine fá gan na hoi- breacha so na Trocaire do dheanamh? D. Ataid 3. cúise ghabhás leisgeal fa gana ndeanamh. An 1. chúis, an tan nach bíd na medhoin uireasbucha ag duine chum à ndeanta. Or ní leaghmaoid san suibhsceál ar an ndear- cachan, no an bochtan Lazarus go ndearna aon obair chorpordha Throcaireach, do bhrigh go raibh féin a fhiórriachtanas gach oibre aca, agus da reir soin, as maille re foighne fuair sé coroin na gloire, ór asi toil Dé na dúoine saoibhre do shlanú le hoibreachuibh na Trocaire, agus na boch- táin lé foeighne; ór ar an modh ceanna an ti nach foil foghlaim, crionacht, na eolas aige, nil do fhiachuibh air atteagasg do chach, na ac- comhairliú. An 2. cúis, an trath bhios neach à seiribhis do Dhia à staid as aoirde na an bhea- tha ghniomhach in nach foil cúis aige oibreacha corpordha na Trocaire do ghnatughadh, mar ataid na Dithreabhaig bhios do shiór san uaig- neas à smuaineabh ar na nithibh neaomhdha, nil do uolach na do fhiachaibh ortha à ngna- tughadh beanuighthe do leigean diobh, ag so- lathar cia dha ndeanadaois obair Throcaire. An 3. cúis, an tan nach faghan an phearsa an ti ara mbiag riochtanus na carthanachta. Or ní fhoil do fhiachuibh fortacht, acht ar an ndroing nach foilid cumusach ar fhortacht or- tha fèin, agus nach foil dúoine ele dobhearag for- tacht dhaibh. Tar à cheann soin as fiór, nach
fanann an Trocaire dhionghamhaltha rè haim- sir an riochtanuis, acht go mbionn do ghnath ollamh chum fortachta ar gach neach san modh as fear na fèidir lè, do reir à cumais. 10. M. As cosmhuil go fhoil gach nduine cumusach ar an obair ndeigheanuig do chur à ccrith .i. guidhe chum Dè ar son na comharsan? D. As fiór son, agus as amhluig soin doníd na Dithreabhuig oibreacha Trocaire, do bhrígh go nguidhid chum Dè ar son na comharsan, ion- nus go fhortuigheadh lè na grasuibh ar gach neach ata na riochtanas. AN IIII. TRACHT DON III. LEABHAR DHON THEAG CHRIOST Ina foillsighthear na nithe ata dhia- chuibh orainn do ghlaca .i. na Sacramenteagh. AN I. CAIB. Ar na Sacramentibh go coimhchoitcheann. MAGHISTIR. 1. O ata fios agad ar na 3. cotcha as prionsapaltha dhon Teagasc Chrio- stuidhe, foillsig ànois an 4. cuid trachtas ar na Sacramentibh; agus innis ar tús cred fa fhoilid Sacramenti ag an Eagluis? D. As amhluigh ata an Eagluis, amhail siopa leágha rófhoghlamtha, eólguisuidhe, ina fhoilid na huile chóguisidhe as riochtanas an aghaidh an uile eagruas; ór àsé an pecach an teagruaidh, an liaig Criost, an sagart an bua- chail othair agus an turné, na cogasighe subh- ailche na Sacramenti, na suithighe adhbhar somhothuightheach na seacht Sacramenteadh. 2. M. Cred é Sacrament? D. Comhartha beanuighthe é lé ttabhair Dia grasa dhuinn, agus maraon reis go foirime- lach taiisbeanuidh dhuinn effecacht dofhaic-
seana, noch oibrigeas grasa in ár nanam. Or dha mo spiorradí gan cuirp sinn, mar na Hain- ghilibh, dobhearadh Dia à ghrasa dhuinn ar mhodh spioradaltha: amh mar as do anam agus do chorp atamaoid deanta; tríd sin Dia ag oi- reamhuin dar nadúir, dobheir ghrasa dhuinn lé medhon gnimhortha corpurdha, fhoillsigheas lé cosmhalacht eigin fhoiriomiluig effeacht fhoiletheach na ngrás: mar as leir à sompla an Bhaistighe noch as do Shacramentibh na Hea- gluise, ann na nighthear an corp lé huisge, agus na ngoirthear maraon an Naomh Thrionoid, agus maile ris an niochán só dobheir Dia uaigh grasa, agus dóirtig í an anam an tí bhaistighthear agus dobheir dhuinn ré thuigsin do reir mar ni- gheas an tuisge an corp, gur mar sin níghid na grasa an tanam, agus glanuid è ona pheacuibh go hiomlán. 3. M. Do reir mar fhoillsigheas tú, ní folair trí coinghill chum nithe do bheith na Sacra- ment. An 1. choinghioll, ní fulair gniomh egin foiriomalach. An 2. conghiall, go ttiobhradh Dia grasa uaig maille ris. An 3. coinghioll, go mbiág cosmhalacht ag an ngniomh son ré heiffeacht na ngrás, go cial- luiag agus go tteisbeanadh é go foiremelach? D. As fiór son. Anois ní folair à theagasc gur ab é 7. lión na Sacramenteadh go hiomlan már ata annsó sios arna nainimniughadh. 1. Baiste. 2. Dulfa laimh Easbuig. 3. Aithrighe. 4. Corp an Tighearna. 5. Ola dheanach. 6. Ord sagairt. 7. Pósa. 4. M. Cred nach foil acht 7. Sacramen- teadh amhain san Eagluis? D. Ag só an resún; fà fhoilid à 7. ann, do bhrigh gur gnaith lé Dia an bheatha spiora- daltha dho thabhairt dúinn, ar an modh do- bheir dhúinn an bheatha chorpordha. Chum na bheatha chorpordha, ní folair. An 1. ní, do neach à bhreith. Na dheaigh sin, fás. An 3. ní, ní fulair dho à bheathughadh. An 4. ní,
ma bhiónn eagruaidh, à leigheas. An 5. ní, an trath reachas chum cuimhosgair bheith aramaltha. An 6. ní, as riochtanas ceànn eigin stiurfas agus riaghulfas na duoine iar mbeith bertha agus iar fhás dhaibh. An 7. ní fulair droung eigin do bheith ann chum an chine dhaonna dho mheadú: ór iar mbás don drouing bherthar, muna ttagadh tuille na nait, do criochnothuidh an cine daonna go grod. As mar soin, ar an modh cceanna na nithe chum na bheatha spioradaltha. Ar 1. ór ní folair grasa Dè dho bhreith anúinn, noch donithear leis an Mbaiste. An 2. ní, ní folair na grasa soin do fhás agus do neartú, agus donithear só lé dúl fá laimh Easbuig. An 3. ní, ní folair na grasa soin dho bheatù agus do chothú agus as lé Naomh Shacrament na Haltorach donithear è. An 4. ní, ní folair an tan chailthear na grasa, à ttabhairt tar ais, agus as lè leigheas na Haithrigh dhonithear só. An 5. ní, ní folair don duine an aimsir an bháis bheith aramáltha an aghaidh à eascarad Io- frionda, doní coga rinn, noch as mó bhuaireas sinn an trath soin, na aon uair ele, agus as leis an Ola dheigheanuig donithear só. An 6. cuid, ní fo- lair neach dho bheith san Eagluis, riaghalfas agus stiurfas sinn san mbeatha spioradaltha só, agus as leis an sagartoireacht donithear soin. An 7. ní, ní folair mar an cceanna go mbiag san Eagluis neach dobhearach aire dho mheadughadh sporadaltha an chine dhaonna ionnus marsin go meadochag nuimhir na Criostuighthe, agus as lé Sacrament an Phosta donithear só. 5. M. Cia fuiar amach agus do thionsgain na Sacramentig róiongantacha só? D. Na Sacrameint róiongantacha só, níor fheidir lé aon neach à fhail àmach, acht leis an Eagana Neaomdha, agus fós na à ttionsgna, acht amhain lé Diá, noch gur ab ar à chumas amhain, ata tabhairt àmach na ngrás. Ar an adhbhar soin Criost ar Ttighearna, noch ata na Dhia agus na dhuine fhirineach, àsé fuair àmach
agus do thionsgain iad. Farris só as amhluigh ataid na Sacrameinti so uile, amhuil canalacha agus srothaín, tré ngabhann agus tré ritheann chu- gain, subhailche agus brigh phaise Chriost. As gur ab dearabhtha nach féidir lè haon neach ion- mhos stior phaise Criost do roinn, na do thabh- airt àmach ar aon mho ele, acht ar an modh, do órduig agus do thionsgain Criost fèin. 6. M. Fiafruim dhiot an rabhadar Sacra- mente san TseanRacht, agus an rabhabar cho maith agus chomh uosal rè nar Sacramentne an nuaRachta? D. Dobhadar morán Sacramenti son Tsan- Racht, gigheadh dho bha difir idir ar Sacra- mentne agus iad à 4. nithibh. An 1. ní, gur bhio- madúla iad na ar Sacramentne , ar an adhbhar soin do bo dhocúluighe go mór an seanRacht na an nuaRacht. An 2. ní, do bo dhocara iad do chomhall, na ar Sacramentne . An 3. ní, do bo dhoracha iad na ar Sacramentne , agus trid soin, as róbhig do thuigeag iad: à chunntrail soin, go fhoilid ar Sacramentne chomh soleir soin, gur fèidir lè gach naon à ttuigsint. An 4. ní, ní thugadáis grasa uotha, mar bheirid Sacra- menti an nuaRachta, acht àmhain à ciallú agus à gelladh. Ar na hadhbharaibh soin as ró- uaisle agus as rótharabhuighe ar Sacramentne na iad, do bhrigh gur lù dho nuimhir, gur ab usa, gur foillsighthe, agus gur brióghmhuire ta- rabhuigh iad na Sacramenti an TseanRachta. 7. M. Foillsig dhamh ànois cia na Sacra- mente as mó agus as uóisle dhár 7. Sacramentibh? D. As mór uásal iad uile, agus ata à uaisle fèin ag gach Sacrament aco fá leith. Gigheadh àsé Naomh Shacrament na Haltorach as mó agus as neaomhta aco uile, ór as an féin ata ughdar na ngrás, agus na huile mhaitheasa .i. Criost ar Ttighearna. Acht amh más don riochtanas fheachfair, àsiad Sacramentí an Bhaiste agus na Haithrighe ata na róriochtanas ar na duoi- nibh. Ma feachthar fós ar onoir no ar ghradam
na droinghe, dobheir àmach iad, àse an dul fá laimh Easbuig, agus an Tsagartoreacht as ono- ruigh dhiobh, do bhrigh gur ab Easbug amhain dobheir àmach iad. Mas ar fhusacht fhea- chas tú, asi an ola dheighenach as fusa dhiobh, ór maithear na peacuidh lé gan duo na Haith- righe. Fa dheire mas do reir na ceille fheachas tú, àse an Posa as mó dhiobh, ór go cciolluigean se comhcheanall Chriost ris an Eagluis, agus Dé ris an anamh. 8. M. O dubhrais túas, gur maille ris na Sa- cramentibh dhoirtear na grása nar nanamaibh innis dhamh ciodh í grása? D. Ata beatha Spioradaltha an anama lé ndentear dhon duine mac totha Dé, fear ai- tribh, no buirigeseach agus oighre fhlaitheamhnuis. 9. M. Cia na subhailcí tig chugainn ó na Sacramentibh, maraon reis na grasuibh? D. Go hairighthe tig chugain na trí subhaice diadha .i. creideamh, dochus, agus carthine, mar fhoillseochar na nionad féin. AN II. CAIB. Ar Shacrament an Bhaiste. 1. M. Tionsgnam ànois ar an cced Shacra- ment .i. an Bhaiste. Cred é Baiste, agus cred ó nabarthar é? D. Ase an Baiste doras na Sacramentí ele, agus an ced doras tré tteid an Criostuighe àsteach dhon Eagluis, agus as ainim greagach è, as ionann è san laidin agus nighe no fothragadh. Asi toil na Heagluise an taimin Griagach so do ghnathú, do brigh gur focúl cochoteann nighe, agus ata à gnathabh go fhoil uriseal an iomad do nithibh. Ar an adhbhar soin ionnas go mbiag à ainim dileas fèin ag an Sacrament só, agus chum gur móide dho haitheontuigh agus do honorfaoi è, goirthear dhe Baiste. 2. M. Cred fár tionsgna an Baiste?
D. Chum peaca an tsinsir agus na bpeacuidhe ele dorinneag ria mbaiste do sgrios. 3. M. Cred ghlacamid à Sacrament an Bhaiste? D. Glacamaoid grasa, tabhartais, agus subh- ailchi, dhortear orainn, lé ndentear dhinn clánn toghtha Dé agus oigridhe Flaitheamhnuis. 4. M. Ca mheid gne Baiste ann? D. Trí gne .i. Baiste Abhann .i. uisge: Baiste Fola .i. martirig: Baiste Tine .i. seide tig on Spiorad Naomh. 5. M. Cia an trath do tionsgnadh an Bai- ste? D. Ase Criost ar Ttighearna do thionsgáin é iarna Baiste do Eoin à sruth Iordain. 6. M. Cia na nithe as riochtanas do shiredh chum an Bhaste? D. Ataid 3. nithe (nach foil tiacht na neagh- mais) do riochtanas chum an Bhaistí, noch as an chomharthuighthe. Do bhrigh à ccasaibh dhaereighthe, gur à féidir leis gach nduine Bai- ste dho dheanamh agus as trid soin ata se à rioch- tanus ar gach naon à fhios do bheith aige cion- nus as indeanta é. Ar 1. as riochtanus fióruisge nadurtha dhoirtear ar anti bhaistear, no na ttomhar é. An 2. ní, an ti bhiás ag deanamh an Bhaistighe do radh na mbriathar so ag tuma an ti bhiás à glacad an Bhaiste, no ag dorta an uisge air .i. Baistim thú, an ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spio- raid Naoimh. An 3. ni, ni folair dhon phearsain bhiás ag deanamh à Bhaistidhe in- tinn dho bheith aige Baiste dho dheanamh dhariribh .i. an Tsacrament so dho thabhairt uaigh, mar do orduigh Criost, agus ghnathui- gheas an Eagluis. Or da nabradh duine na briartha son, le maga no le intinn amhain an chuirp do nighe ó shalachar, gan intinn Baste dho dheanamh, do dheanadh peaca róthróm, agus ni bhiag foghnamh ar an mbaiste.
7. M. Ciodh na heiffeacht oibrigheas an Baiste? D. Oibrigh 3. heiffeacht. An 1. eiffacht, go naithnuaidhean an duine go diongmhalltha ag tabhairt gràsa Dé dho, lé fhilleann ò bheith na mhac ag an Ndiabhul, ina mhac ag Diá, agus ò bheith na pheacach na dhuine cheart; agus ní hé amhain gó nigheann an tanam ón uile chá- dha agus tsalachair na coire agus an pheaca, acht fós saoruig è ón uile Phein Iofrionn agus Phura- gadoir, do thuill tré na pheacuibh sul do Bai- steag é. Or da fhágh bás go hobann tar eis Bai- ste, dorachag gan mhoill ar Neamh, amhail nach deanag aon pheaca riamh. An 2. heif- feacht, buailthear leis an Mbaiste ar an a- nam seála spioradaltha dosgartha ris choithe, lé naitheantar è do shiór, agus fós mas go Hio- frionn teid, aitheantar gur ghlac Baiste, agus go raibh do thréd Christ, amhuil mar aithean- tar san saoghal só na duoine, no an árnéis, ar ambionn marc à Ttighearna. Sin fós an chúis, nach féidir an Baiste do ghlaca fúi dhó, ór ní féidir an comhartha, no an seála só as effeacht don Bhaiste do sgara ris an anam choithe. An 3. eiffeacht, do bhrig gur trid an Mbaiste ghabhas an duine asteach dhon Eagluis, agus chuidigheas da maitheas go hiomlán, mar mhac dileas dí, admhuigh, agus dobheir à mhoi- di, gur toil leis bheith na Chriostuighe, agus umh- lú dhon drouing, stiuras an Eagluis cheanna an ionad Chriost. 8. M. Cia ré mbaineann do cheart Baiste dho dheanamh? D. Don Tsagart as duol è, dò offig dhilis agus go harigthe dhon Tsagart poroiste, ar à mbionn curam na nanam. Gigheadh, mona féidir sa- gart do fhoghail do labhair, as ré cleireach ar à mbiaid cuid dona graghuibh bheaneas sé. Ní he amhain (à ccas riochtannis an tan bhiás an creatúir à bpiriacail bháis do fhaghail gan Bhaiste) as féidir leis an uile dhuine dho cle-
reach no do thuota, do fhiór no dho mhnaoi, Baiste: gigheadh ní cóir dhon mhnaoi Baiste dho lathair an fhir, na dho tuato dho lathair an chleirig, na dhon chlereach as isle gradha, do lathair an clerig as aoirde gradha. 9. M. Cred fá Mbaistear na Naoighennain grodh bhertha, ór níl fiós aca cred ghlacaid? D. Ata an Baiste cho riochtanasach soin, iomnus goibe dogheabhag bàs gan è (no go hai- righthe fonn à ghlache) nach bia ar a chu- mas dul àstach à Fhlaitheas Dé. Agus do bhrigh na Naoigheannain bhega, go fhoilid róshomha- rathacha, agus nach foil do thuigsint aco, an Baiste do iarruigh, ar an adhbhar soin as uireas- bach à Mbaiste dho lathair. Agus tar à cheaan nach bionn à fhios aco, cred ghlacaid, ar à shon son doní an Eagluis an uireasba son do leasú maile ris na cardeachas Criost, fhreagras à bpearsain na Naoighe: agus à gabhail ré nais go ccomhlionfadh an ní ghealluid ann ainim, agus as leór son. Or mar do thuiteamair san bpeaca, agus an eascardeas Dé tré choir Adam, gan fhios dhuinn féin: ar an modh cceanna as leór lé Diá, go saorfaoi sinn (maile ris an mbaiste agus leis an Eagluis) on bpeaca, agus go fhilleamaois na ghra- saibh, bioth nach areochamaois no nach tui- gimaois é. 10. M. Cred chiallaigheas dhuinn na cairdea- chas Criost, ar labhramair ànois, agus cred an oiffig? D. Ag tabhairt an Bhaiste àmach maille ré seanghnathú somholtha na Heagluise, bí dho lathair fear agus bean da ngoirthear cairdeachas Criost .i. Aithair agus Mathair ele: coinnmhaoid iad so àraon, no persa aco an Naoighe ar feg an Bhaistighe, agus freagaraid ar son na Naoidhe ar fiathfruighe an Tsagairt, an ail leis Baiste, an ccreideann Artigail an chreidimh, agus à samh- uil ele so? Agus ata do fhiachaibh ar na cair- deachasuibh Criost, iar ttiagheacht don lea- nabh chum aoise (ma bhionn à Athair féin agus à
Mhathair falightheach, no neamhdhithelleach no neamhchamasach) à theagasg, agus à thabh- airt suós san chreideamh agus an ndeighbheasuibh. Fa dheirigh, bioth à fhios agad, go fhoil ag an sagart noch Bhaisteas, agus ag na cardeachas Criost gaol spioradaltha agus col ris an leanabh, agus ren Athair agus ré na Mhathair. AN III. CAIB. Ar Shacrament an confirmation .i. dul falaimh Easbuig. 1. M. Do labhramair go leòr ar an Mbai- ste, labhair ànois ar an 2. Sacra- ment an confírmatíon .i. dul fa laimh Easbuig? D. Goirthar don 2. Sacrament à laidin, confirmatio .i. dul fé laimh Easbuig: àse sinn daingniughadh, do bhrigh gur ab è à eiffeacht an duine dho dhaingniughad san ccreideamh, fá mar àdearamaoid go grod na dhiaigh só. Goirthear dhe chrisma (focal greagach) chial- luighes ola no unga, ór san Tsacrament só ung- thar eadon an tí ghlacas è. Amhail mar nigh- thear san Mbaiste lé huisge an tí Bhaisteathar, à ciallughadh go nighthear lé grasuibh Dé à anam ò shalachar thruaillighthe na bpeacuidhe as amhlaidh soin ungthar an teadan san Tsa- crament so, da chiallú go nainginithear lé gra- suibh Dé an tanam, lé ttugan Dia neart agus cala- macht do, chum seasuibh an aghaidh an Diabh- uil, agus chum creidimh Chriost dadamhail go dana, gan eagla pene na báis dha chruagha- luibhe. 2. Ca trath as cóir an Sacrament so dho ghlacadh? D. Ase trath as ionghlacaigthe è, an tan thiocfas duine chum resúin agus theonsgnas an creideamh do adamhail, agus bhios à riochtanas à neartuighethe, à ngrasaibh Dé. 3. M. An oibrighean an Tsacrament só an
confirmacion aon effecht ele san anam? D. Oibrig, ór buailthear léis an Sacrament só seala no comhartha spioradaltha ar an anam dosgartha réis choithe, amhail san Mbaiste, ór soin an chúis nach féidir an Tsa- crament só dho glaca fá dhó. 4. M. Cred è riochtanas an anama ré seála ele do bhuala air, nach ar leór do seála an Bhaistidh. D. Ní gan chúis buailthear an 2. seála só ar an anam: ór léis an 1. sheala aitheantar gúr Criostuidhe amhain an duine, agus gúr do mhoin- tir Criost è: gigheadh léis an 2. seála só, ai- theantar è mar shoighdúir do Chriost, aga fhoil comhartha à chaptaoin an anam: mar bhios ag Soighduribh Saoghaltha comhartha a ccaptaoin ar an eadach. Agus an droung tar eis an Tsacrament só dho ghlaca ma theid go Hiffrionn, bíd cúthuil, maghanta, lán do mhi- cheata ortha féin do bhrigh go mo follas do gach aon go ttugadar an droung son à moide, agus à ngelladh bheith na soighdiuribh disle ag Criost agus na dheaidh soin go ndeachadar à ttrao- tureacht an aghaidh go ré thruaillighthe claighreachúis. 5. M. Cia Turné, no mistir dileas an Tsacra- ment só? D. An Teasbúg àmhaín. 6. M. An riochanas cairdeachas Criost chum an Tsacrament só? D. As riochtanas go deimhin: gigheadh ní folair dhona cairdeachas Criost bheith na Crio- stuidhe ò thús agus dúl fá laimh Eeasbuig, òr gan soin ní bhiaid na ccairdeachas Criost tuig mar an cceanna go geangaltar agus go nglacthar san Tsacrament só gaoel agus col spioradaltha, amhuil son Mbaiste. AN IU. CAIB. Ar Shacrament na Haithrighe. 1. M. Ata chugain ànois an treas Sacra- ment da ngoirthear an Aithrighe; foillsig ànois cred è, agus cred da fhoghnann?
D. As maith an Aithrigh chum maithfea- chuis do fhaghail an sna peacuibh dorinne dui- ne iàr Mbaiste, agus chum fillthe ar ghrasaibh agus ar chairdeas Dé. Cialluig an Aithrígh trí nithe. An 1. ní, cialluigh si subhailche dhairighthe, lè mbiònn dolàs ar dhuine trina pheacuibh, agus as Neamhairtheachas goirthear don dualche ata na haghaidh, ionann soin agus gan doligheas do bheith ar dhuine, acht comhnuigh agus dúl ar aghaidh na pheacaidh. An 2. ní, goireamaoid Aithrighe dhon phèin agus don ghortú ghabàs duine air féin ag tabhairt sasuighthe dho Dia san olc dorinne an aghaidh: agus soin an chúis na nabramaoid go ndein duine Aithrighe mhòr, an tan doní iomad troisge, agus ceasta ele. An 3. ní, cialluigh an Aithrigh Sacrament do thions- gain Chriost chum na bpeacuidhe do mhaithe- amh don drouing do chaill grasa Dé tar eis à mbaistethe, agus ar ambionn dolas trè na bpea- cuidhibh, agus bhios fonnamhar ar fille aris ar na grasaibh. Ar an adhbhar soin (mar do reamh- radh) do thionsgain ar Ttighearna Dia an Sa- crament so amhuil Athair agus Liaig rò thuigseanach, rócrionna, do sholather sé an leigheas roimh an easlainte, an chobhair agus an fortacht roimh an ndioghbhail. 2. M. Cred an leigeas no an mhaith doní an Aithrighe dhon duine? D. Nil ar bioth leigheas as foisge na as tarabh- uidh don chorp dhaonna, na mar ata an Aith- righ dhon anam, agus as leigheas comhchoiteann í an aghaidh an uile eagruas an anama. 3. M. Ar chosain tionsgna an Tsacrament só duó na saothar ar bioth do Criost ar Tti- ghearna? D. As ródháor do chosain dar Ttighearna an fortacht comhchotian so do thionsgna, chum leighis an uile Easlainte an anama; lé hiomad Saothair à phearsan féin ar feg 33. dho bhliogh-
nuibh, agus tug fogra dona huile eagruaibhìbh ar feg an Tseghail, tiacht da Naomh Eagluis féin do ghlaca an leighis soin. 4. An ngoilleann air ar Ttighearna gan na duoine dho theacht don Eagluis à ghlaca an leighis só? D. As rómhór ghoilleas son air, do bhrigh gur fholaing an iomad uilc, duaidhe, agus saothair ag soláthar an leighis só agus gabhaig chuige na tharcuisne na duoine dho fhaicsin lán do eas- láintibh, agus do chreachtuibh rónimhneacha, graneamhla na bpeacuidhe, agus iad ag eiteach agus à cur ar cairde, an leigheas so do ghlaca do- ghebhadaois an aisge, agus taireacear dhaibh chum à slanuighthe. As uime sin àdir an Fáigh à bpearsain Chriost: Adubhartsa gur dhiomhaoin do shahorthuigheas, gan chúis agus as diomhaoinneach do chaitheas mo neart. Or as diomhain soláthar an leghis só don drouing nach glacan è, no ghlacas è go neamhcheart. Agus dioghaltha misi soin ortha, agus foineochad à ccaithamh àmach lé èaslain- tibh, agus lé eagruasaibh, ar son gan an leigheas ata ollamh agus furas do ghlacadh. 5. M. Cred an dua no an saothar do fhoi- ling Iosa Chriost ar Ttighearna à salathar an leighis só? D. Ar tús do thurling sé ò Neamh à mbroinn na Hoighe à glaca cholla daona uime ann à raibh ar an ttalamh, lè iomad duadha agus ann- ródh, neamhcheana, agus tarcaisne, agus fa dhei- ridh ag fulang Páise agus báis chruadhaluigh, sheiribh, dholasuigh trè pheacuibh an chine dhaonna. 6. M. Da bhrighe soin as mór luoaigheacht na Haithrighe? D. As mór go deimhin, ór as tobar an Aith- righ no loch, do ollaimh Criost lè an fhuil, ionnus go nighthuigh agus go nglanfuigh an salachair agus
caodh an anama go hiomhlánn mar àdeir Eoin: Do ghraidh Criost, agus do nig sinn ò nar pbeacuibh lé an fhuil féin. Agus fós mar à deir an Faigh: Biaigh à tteach Dhaui .i. san Eagluis tobar oscuilthe, don uile dhui- ne: lé na mean è féin do nigh agus do ghla- na on uile shalachar agus smal na bpeacui- dhe da ghraneamhlacht bhiaid. Fòs asi an Aithrigh. An tarag no an cothra, in ar chuir Criost à ttaisge iomalánn astoir, ionomhais, agus à shaoibrais, agus fa dheire an diolaigheacht lè nar fhoascail sinne. Farris soin àsi an Aithrighe cheanna Soimra seád Chriost, na sgeamh- aighean agus na ndeimhaisighean an tanam lè hiorra na ngrás. An tí ghlacas an Sacrament só na Haithrigh mar as cóir, cuirig se Criost mar eadach uime, fa mar àdeir an Faigh à bpear- sain Chriost: Gabhuig umoibh ma luadh- eacht sa mar eadach, corig agus deasúig sibh féin léo gó Sciamhach, deaghmha- seach amhuil maighdean og à dúl dha posa. Fà dheirigh as Baiste róthaorthach an Aithrighe donithear lè fothracan deór. 7. M. Cred an tarabha doni an breaitheamh- nasarthrighe do chomhlionagh? D. As mo dho shasugh an breitheamhnasai- thrighe toiltenach do chomhlionadh, na an io- mad do phiantuibh róthroma, rógheara, do fholang à Bpuragadúir. 8. M. Cred na seasughean Sacrament na Haitrighe go prinsipaltha? D. An da ní .i. an adamhail an pheacuigh, agus an absoloid an Tsagairt. Or dorinne Criost breitheamhain dona sagartuibh ar na peacuibh donithear tar eis an Bhaiste, agus àsi à thoil an ionad fein udaràs do bheith aco chum à maithte ar choingheall go ndeana an peacach à fhoisidin go hiomhlan, agus go mbia ollamh mar as iom- chuibhuigh. Mar soin as air sheasuigheas an Socrament so an peacach do adamhail, agus do ghearcan à pheacuidhe go hiomlàn léis, an
ndoligheas ndireach, do lathair an Tsagairt go foirimelach, agus an sagart do thabhairt abso- laide dho go foirimealach: as amhluig soin Dia go foileatheach, dofhaicseanach, maile ré briarthuib an Tsagairt sgaoilig do anam an pheacuig, snaighim na pheacuidhe lé raibh cean- guilthe, agus fillig aír à ghrasa féin, agus saoruigh è on uolach tróm dhobhí air .i. dul go Hiffrionn. 9. M. Ca mheoid cuid na roenthear an Sa- crameint so na Haighthrighe? D. Rointear an Sacrament só à 3. cotchuibh mar ata combhrugh croidhe, faoisidin bheoil, agus leórghniomh. AN V. CAIB. Ar an 1. chuid don Aithrighe .i. an combhrughadh croidhe. 1. M. Tionsgain ànois tracht ar an ccomb- rúdhcroidhe, agus foillsig ar tús cred é? D. As ní róuósul an combrudhcroighe, agus goibé ag ambia go firineach (bioth go ndear- naidh na peacuidh as mò as féidir do fhaghail) dogheabha maithfeachas ionta: agus fillfigh à anam à ccairdeas, agus à ngrasuibh Dé: fillfear fós air na subhailchi, na Tabhartais, agus grasa an Spioraid Naoimh do chaill se, agus bioth go fhuigheadh bás obun gan faoisidin, gan amh- ras dogheabha slanite anama, agus beatha shior- ruighe. 2. M. Abair nios foillsighthe, agus nísa sóléire cred è an combrughcroighe, agus cred na nithe iarratar chum à bheith dearabha fireneach? D. Siorthar róthuirse agus ròdholighas anama agus intinne lè hiomad graine trí na peacuibh do- roinne an aghaidh dlighe Dè, lè hintínne shea- sabhach gan à ndeanamh choighthe ris, agus leòirghniomh dho dheanamh do reir à chumais, agus lè creideamh agus lè dochas maifeachas do fhaghail ionta, agus an creideamh agus an dochos só dho bheith an Iosa Criost ar Ttighearna, ag
admhail na bpeacuidh; ór ní féidir Dia dho bhiagheachasú ar aon mhodh ele. 3. M. Cred an ní na fhoil preamh agus fuain- nemeint an chombrudhchroighe? D. An gradh Dé ós cionn an uile nihe, lé trí gniomharthuibh ele róureasbacha? 4. M. Teisbeán an cead ghniomh dhiobh? D. Asedh as 1. ghniomh ann doilgheas òs cionn an uile dholigheas, trè fherig do chur ar Mhordhacht Dé, ar son gur ab è, è féin, ór as fiú è à onoraghadh, à ghradh agus adhra tar an uile ní. 5. M. Cionnus mheduighthear agus near- tuighthear an dólás so an anam an duine. D. Ag tuigsin agus ag meas méid na maithesa chailthear lè gach aon pheca mharabhtheach dha luighead .i. grasa agus cairdeas Dé: an mhaith as mó ná na uile mhaitheasa ele? 6. M. As cóir dhuinn da bhrigh soin, à ghuil- leamhain orainn gó rómhór lè dólás agus lè tuirse cailleamhain à cho mòr son do mhaith? D. As fiòr gúr cora dhuinn son do ghoilleamh- ain orainn nías diachruighe, agus nías doili- gheasuidh, na cailleamhain na huile mhaith- easa saoghaltha go hiomalán mar ata saoibh- reas, onoir, slainte, beatha etc. 7. M. An eolach dhuit ní ar bioth ele lè na mò do fhèidir do ghriosú agus do chorúgh chum an doighlis so níso neartmhuire. D. As eolach go deimhin, mar ata smuaineadh meid an uilc agus na dioghbhala thuiteas orainn, tré aon Pheaca amhain mharabhthach dho dheanamh, cheanglas sinn cho docht son, go ndein dínn eascairde Dé, bithsherebhisig don Diabhal granna, adhfhuamhthar, mar na Deamhnuibh, damanta an Ifrionn do shiór. Ag soin na huilc as mò na an uile dhamain, dioghbhail, gortú, agus ceasa ele an Domhain só go hiomlán? Agus má thuiteann o- rainn an uiread son do inneachan trè aon pheaca amhain marabhthach, cred do dha-
nam leis an iomad do pheacuibh marabhthacha donimaoid go laetheamhuil. 8. M. Ciod è an 2. gniomh, no effecht an chombrughchroidhe? D. Ase as 2. gniomh ann, intinn dhaingean, dhiongamhaltha do bheithh aige gan Peacu- ghád choiche àris, do ghradh maitheasa dha mhead do shaoilfeadh do fhághail da chionn; no do Eagla uilc ar bith budh bhaoghalach lèis do theacht air trè gan à dheanamh; òr an mhaith chaillthear an ndioghaltas an phea- cuidh dho dheanamh, as romhò í, na an uile mhaith as feidir lè duine dho fhághail trè phea- cúgh, mar an cceanna, na huilc dobheir an peaca leis, as truime, dhioghmhaluigh iad na no huile uilc, dioghultais, agus urachòid as feidir dho mheas, na dho smuaineadh. 9. M. An sa rún chomhchoiteann só gan peaca dho dheanamh ciodh an rún specicialtha foileathach as còir do thuigsin ann? D. ASedh as rún foeletheach speciealtha ann, inntinn leoirghnimh, ma ata do fhiachuidh, ionnus mar soin go ccomhlionfamaois na nithe, ata do uolach orainn maraonn do thaoibh dhli- ghe Dè, agus ar noiffige, no an churaim ata orainn fein do reir ar ccumais agus ar ndithchill. Aris rún ar fhaoisidine dho dheanamh mar òrdui- gheas ar Naomh Mhathair an Eagluis, son aimsir fhogras è, agus fòs an aimsir an Bháis, agus ria chumaoine dho ghlaca. Fòs rún, agus intinn do bheith aige an uile chùis agus shiocair pheaca dho sheachna, chum gan fearag do chur ar à cho maith soin do Dhia, na à oirbhire dho thuilleabh. Fa riú son, rún do bheith aguinn an breitheamh- ausaithrighe churthar orainn do chomhlionadh. Fa dheirigh, mar shasughadh ann sna peacuidh- ibh dorinnemair, ar meatha, ar nduadha, agus ar saothar, à cceann gach triobloide, gach buaidheartha agus cathuighthe ele da tticfa orainn do offrail do Dhia. 10. M. Ciod è an 3. gniomh dhon chombru- ghcroidhe?
D. Asedh as 3. gniomh ann, impidhe do chur ar Dhia à ghrása dho dhorta orainn, lè dòchas maithfeachúis do fhághail inar bpheacuibh, chum sinn féin do leasú, agus chum bheith seasmhach go bás, san maith; an achuinghidh, agus an dóchas só, as à mhaith, agus à mhórThrocai- re Dé, agus à luaidheacht fola róuásle, páise, agus Báis ar Ttigherna Iosa Criost preamhúighthear iad. 11. M. O thuigeas tú an combrughcroidhe cho maith soin, bú mhaith lióm go fhoillsighthea è, ar modh urnuighthe, ionnus go mo feárdi bhias, sé ar eolas ag na tuotuigh agus ag na duoine simp- lidhe? D. Dodhean son lé deahhthoil mar só: Ortha an chombrudhchroidh. a Gniomh an chreidimh. b Gniomh an ghradh. c Gniomh an doláis tré ná curtha dochuaig shórt. d 4. Gniomh fá chuinne ná haimsire thiocfas. e Gniomh doláis agus pene tré an smacht dlighthear ar son ná bpeacuidh donithar san mbeathasó. f Acuinghe agus dochas, leasuighthe agus seasuibh. A Thighearna a Iosa Chriost à Dhiá, agus à dhuine fhirinnig, b à Chruthtuighthóir agus à Fhuosgulthoir, ar son gur tú thú féin, agus go ngraidhim thú ós cionn na nuile nì, c As ródhiachrrach liomh ò iochtar mó chroidhé, ní àr bioth dho dheanamh ad tagh- aidh na fearág do chur ort (agus as doligh liom gan an diachuir só dho bheith oram amhuil mar dhli- ghim) agus d cuirim reomham gó rósheasamhach gan peacugh choi- the àris, agus mo sheachana ar an uile chúis pheacaidh, mo fhaoisidin do dheanamh, agus an breitheamh- nus aithrighe chuirfighear orom dho chomhall aiseag, agus leórgh- niomh dho dheanamh ma tà aon ní oram. e Ar son do ghradh maithim do gach naon dha ndear- na eagoir orom, agus offraluim dhuit mo bheatha, mo oibreacha agus mó shaothar mar lèorghniomh, an mo pheacuibh, agus f mar a- chuinghim ort, as amhlaidh ata mò dhochas an do mhormhaitheas, agus an do mhorThrocaire gan Chrith, go maithfir dhamh iad, maile re luaidheacht tfola róuoisle agus do phaise, agus do Bháis róneamhtha, go ttiubhra tú dhamh grása chum mo leasuighthe, agus chum bheithseasmh- ach go ttige an Bás. Biodh marsoin.
12. M. A Thighearna Dia uileachomhach- tuig ciodh é Diadhacht na Hurnuighthe agus an teaguisg róuosail só. Innis damh ca trath as indeanta agus as ionraidhete dhuin an urnuigh- the só? D. Do shiór, agus go hairighthe gach uáir areo- chas neach é féin ag tuitim à bpeaca Mharabh, do eagala go mbeárag an bás air na chollagh san bpeaca son, agus go ndamanontui do shiòr an Iofrionn è, agus as iomchuibhe an gniom só dho dheanamh fá dho san laò, ar, maidin ag eirghe, agus sa nuiche ria ndul do cholladh. Chum gan bheith à cconntubhairt à shlanuighthe. AN VI. CAIB. Ar an 2. cuid don Aitrighe dha ngoir- thar an Fhaoisidin. 1. M. As rómhaith do fhoillsighis an combrughcróidhe, innis damh à- nois cred an ní í an Fhaoisidin? D. Asedh as faoisidin ann gniomh foiriome- lach lè an admhuiann an duine à pheacuidhe go foilightheach do lathair bhreithimh spio- radaltha .i. sagart aga mbía cead faoise- denach do aoeisdeacht ag deanamh gerain air féin na ttaoibh. 2. M. Cionnus as còir an fhaoisidin do dhea- namh? D. Duine do innisin na bpeacuidhe dorinne sé go hiomolán tar éis à Bhaistithe don Tsagart go foilightheach, maile ré doilgheas ròmhòr do bheith air tré na ndeanamh, agus diomhdha Dé ar Ttighearna do thuilleamh, ag fághail absoloide on Tsagart, ag coimhliona à bhreitheamhnuis ai- thrighe lé intinn gan na peacuidhe ceanna dho dheanamh choidhche àris, agus lé rún leorghni- omh dho dheanamh san luas na féidir leis. 3. M. Ciodh as indeanta dhòn pheacach chum maithfeachuis do fhaghail ann à pheacuidh- ibh, maile rè subhailche agus brigh an Tsacra- ment só? D. Ataid 4. nithe do fhiachuibh air do dhea-
namh chum na faisidine dho bheith diongamh- altha. An 1. ní, à choinsias do sgruda go dith- chilleach, ag cuárttugh agus ag feachain cia na Haitheantha do bhris, cia na deaghoibreacha do leig dhe gan deanamh, cia dona peacuibh marabhthacha dar aontuig, à smuaineamh, à mbrethir, no à gniomh. An 2. ní, ní folair dho doligheas mòr do bheith air trè diomgha Dè do thuilleamh, mar adubhramair san caibidil romhainn. An 3. ní, à pheacuidhe go hiom- lánn dadamhail da Athair faoisidineach, gan aon pheaca dhiobh dho cheilt, acht an innisin go sothuigse, osguilte idirdhealuighthe, agus gan leithsgeal do ghabhail na dul as à slighe an aoin cheim. An 4. ní, an breitheamhnus Aithrighe chuireas en Sagart air do choimhlionadh san lúas na féidir leis ar staid na ngràs, òr as amhla soin as mo aluaidheacht. 4. M. Ma dhoní duine tar eis mionachuart- tuighthe à pheacuidhe, à fhaoisidin ris an Sagart gan intinn è féin do leàsú, an fhoighe maith- feachas ô Dhia? D. Ní fhoigh go deimhin gan dolàs do bheith air ar son à pheacuidhe, agus intinn è fein do leasú. 5. M. Cred an tarabha dhon tí doní à fhoi- sidin go maith? D. As mòr soin: òr dogheabha maithfeachas an na pheacuibh go hiomlànn agus gràsa Dè chum seasaimh na naghaidh. 6. M. An fhoil do fhiachuibh ar dhuine à fhaoisidin do dheanamh gach uàir thuiteas se à bpeaca mharabh, chum maithfeachuis do fhagail? D. As ròtharabhach rè dheanamh son, bioth nach foil do uolach air à dheanamh do lathaim, or as leor anson an combrughcroidhe, agus à fhoisidin do dheaneamh an tan dogheabha uain air, acht mona fhoil do uolach air on Athair faoi- sidene, à dheanamh ò bhreitheamhnusaitrighe. 7. M. An fhoil riaghail ar bioth soleir agad chum faoisideneach dho dheanamh? D. Ata go deimhin, ar tús, gan an peacach
dho bheith sasuighthe amhain leis an ccombh- rugh croidhe, acht imthiacht roimhe, agus à legean ar à ghlunibh à fhiaghnuise an Tsagairt - (mar do leig Magdalena í féin à fhiaghnuise Chriost), è féin do choisreaga, tugadh dha aire gan feachaint ar an Sagart, agus lé hiomod doi- lighis, dobroin, agus eagla Dé, abradh an fhaoi- sidin gheneraltha, mar só: Mese an pea- cach bocht, admhain do Diá uilechomh- achtach, don Naomhogh shiorruigh Mhui- re, do Naomh Micheal Archaingeol, do Naomh Eoin Baiste, dona Naoimh Apo- staluibh Peadar agus Pól, do Naoimh Pha- druig, dona huile Naomhaibh, agus duitse à Athair Spioradaltha, gur pheacuidh- eas go rómhinic lè smuaineabh, lè brei- thir, agus lé gniomh. Cuireag sios à phea- cuidhe mar só: Geranaim mhe fhèín do lathair Dé, agus do bhùr lathairse à Athair Spioradal- tha, nach foilem ag tiacht chum an Tsacra- ment só na Haitrighe, leis an ollamhugh, sgruda, agus mionochuarttúdh mo choinnsiais, na leis an ndoligheas, na leis an atuírse tre am pheacuibh mar bú choir dhamh: mar an ccean- na geranàim mhe fhein tré am dhobhuidh- eachuis do Dhia, ar son attug do ghrasuibh agus do thioghlaicibh dhamh. Mar an cceanna ge- ranaim mhe fhein gur fhilleas ar an iomad pea- caidhe dorinneas roimhe só go minic do fhaoi- sidin, fá mar ata an peaca só, agus an peaca ele só da nainimniugh. Annsó cuireag siós go hiomalán gach peaca ar à ccoimhneocha, ag siobhal ar na deith Naitheantaibh, cia aca do sharuigh, agus ca mhinaoca, cia dhona peacuibh marabhthacha dar aontuig, no fós na peacuidhe an aghaid an Spioraidh Naoimh, na na peacuidhe sgreadas ar Dhiá ag iaruig dióghaltaiis, agus cia na hoibreacha Trocairea- cha do leig dhe da chiónta féin gan deanamh, etc. mar do fhoillsiomair roimhe sé: àrís ge- ranaim mhé féin nár chomhlionas an breith-
eamhnus aithrighe do cuireag oram fá dheire, nò nàr choimhlionus è lèis an ndoilgheis, lèis an lèoirghníomh, agus lèis an ndicheall iomchuibh- aidh; nàr ghlacas corp mò Thighearna lèis an nduthracht, uruim, ngradh, na lèis an ndi- cheall iomchuibhe. Fa dheirigh nár choimea- das agus nàr chonngluigheas mò choinsiás à ndé- aghsmuáintighthibh ag coimhniú ar mhordh- acht Dé ar Ttighearna, do ghlacas, agus ar à uileachùmhàchtuíbh, dà bhuidheachasú tré an iomad tioghlaice tug dham, nàr fhiù mé. Mar an cceanna nar ghuiheas è go durthachtach à fhearag do fhilleamhain uoaim: agus à gràsa do thabhairt dhamh chum gan à dhiomdha do thuil- leabh, agus iad só, agus moràn ele nach cuimhnim, do dhearamad dhamh gò ròmhinic am fhaoisidin: Leám chióntuibh féin, leám chióntuibh féin, leám róchionta féin. Ar an adhbhar soin guighim an Naomhogh shiorruigh Mhuire, Naomh Micheal Archaingeol, Naomh Eoin Baiste, na Naoimh Apostail Pedar agus Pol, Naomh Phadruig, na huile Naoimh, agus tusa à Athair Spioradaltha guidh ar mô shon an (peacach bocht) chum mo Thighearna Dia: Maitheamh- nachas do thabhairt dhamh am peacuidhibh ròmhóra noch as eòl dhamh do dheanamh agus nach eol dhamh à ccur dhiom, as ròolc liom son: cuirim reomhan go seasmhach ò só suos mhe fhèin do leasú, agus do sheachna ar an uile chùis pheaca, agus an breitheamhnasaithrighe chuirfear orom dho choimhlionadh, maile ris soin iarraim ar ghradh do Dhia absolòid ortsa à Athair Spioradaltha. 8. M. Innis damh an còir foirim na faoi- sidineach generaltha (mar theagascas an Ea- gluis) do radh aoin uair ele acht an trath bhias neach dha fhaoisidin do lathair an Tsagairt go Sacramentaltha? D. As coir go deimhin, ag eirghe ar maidin, ag dùl do cholladh son oighche, ag aoisdeacht
Aiffrinn, ag glaca chuirp an Ttighearna, agus roimh na Sacramentibh ele. 9. M. Ciodh an toradh, agus an tarabha dho- bheir Sacrament na Haithrige leis. D. Glacamaoid 4. toraidh rótharabhacha On Tsacrament só na Haithrige. Ar 1. (mar do reamhradhamair) maithean Dia dhuinn na peacuidhe dhonimaoid iar Mbaiste, agus ma- lartuighean Pian tsiorruighe Iffrinn, à bpéin aimseardha ar an saoghal só, nó à Bpurogadoir. An 2. toradh, na deagoibreacha dorinnea- mair à ngrásaibh Dé, agus do chailleamair leis an bpeacadh, fillthear orainn iad go tuilliach maille ris an Sacrament só. An 3. toradh, go sga- oillthear sinn leis an Sacrament só ò choibhreach an choinneallbhaite, ma dho bhamair cean- gailthe aige: agus biodh à fhios agad gur rò- mhòr pián an choinneallbhaighe, òr bainig dhinn cuidiugh urnuíghthe agus guidh na Naomh- Eagluise, agus cumas na Sacramenti do ghlaca, comhluadar na Ccriostuighthe: ànois amh saor- thar sinn on phein deacaruig adhfuathmhair soin lé Sacrament na Haitrighe, do bhrigh an ugdarais ghlacas an Tathair faoisidineach on Eeasbug no on Phapa; bioth gúr féidir le Pre- láid an giól só na coinneallbhaidhe, an eag- mais Sacrament na faoisidene do sgaoile. An 4. agus an toradh deanach, go ndein an Sacra- ment só sinn ollamh dionghmhaltha chum stóir mhaithfeachuis na loghtha; dobheirid na Papuidhe amach go minic do ghlaca. 10. M. Cred è logha no maithfeachas? D. Ionann logh, agus féile, fairsinge, no libral- thecht ghnaithigheas Dia maile ré laimh à Bhicaire féin ar an Talamh dho roinn ar na Criostaithuibh ag maitheamh dhaibh na peine aimseardha, no choda dhi, dhlighidh siad do ióc ar an saoghal só no à Bpuragodoir. 11. M. Cred as riochtanas do dhuine chum an loghtha do fhagháil? D. Ní fulair an duine dho bheith à ngrasaibh
Dé, agus à fhaoisidin do dheanamh, ma aridhean è féin à bpeacadh; mar an cceanna ní folair dho gach ní chuireas an Papa sios ag tabhairt an lotha amach do chomhlionagh. 12. M. Ciod amhenecacht ata do fhiachuibh orainn Sacrament na Haithrighe do ghlaca? D. Fograidh ar NaomhMhathair an Ea- gluis do gach Criostuighe an Sacrament so do ghlaca (an chuid as lú dhe) uáir san mblia- ghain. Os à chionn son as riochtanas do à fha- oisidin do dheanamh gach uáir as meán leis comaoine do ghlaca agus bhios coinnsias pheaca mhairibh aige. Mar an cceanna, an tan bhiás neach an artigáil bhàis: no an tan chureas roimhe gniomh ar bioth do dheanamh ann amb- iag contubhairt báis. Na niagmais soin, as measta dhuinn gur tarabhthach dho dhuine à fhaoisidin dho dheanamh go minic, agus à choin- sias do ghlana; or an droung nach dein à fhaoi- sidin, acht go hannamh, as leasc léo agus as dea- càir dhaibh à dheanamh go mhaith. AN VII. CAIB. Ar an 3. cúid don Aithrighe .i. an leoirghníomh. 1. M. Cred as riochtanas chum an leoirgh- nimh dho dheanamh? D. Intinn do bheith ag an bpeacach aithrighe do dheanamh, agus an bhreitaithridhe chuirtheas an Tatair faoisideneach air do choimhlionadh san lúas as féidir leis go toileamhuil. Ag smua- oineabh gur mór an fabhar, agus an mhaith doní Dia dho à maitheamh pheine siorraidhe Iffrionn, agus bheith toilthanach ar phein aimsiordha aslú go mór na mar do thoilleador à peeacuidhe. 2. M. Innus go mo feairde thoigfeam so, achuinghim ort innis ciodh an ní è an leoirghni- omh? D. Dioluigheacht aithriach donithar an ioc na ccionta dorinne. Goirthar fós leórghniomh
dhon bhreitheamhnusaithrighe chuereas an Sagart faoisideneach ar neach. 3. M. Ca mhead modh ar à còir an leòrghniemh so dho dheanamh? D. Ar 3. modh .i. le Trosga, le Hurnuigh- the, agus le Deirc. 4. M. Cred shiorthar chum an Troisge dho bheith cóir diongamhaltha? D. Siorthar 3. coinghiall chum an Troisge dho dheanamh mar as cóir. An 1. ní, biadh dho chaitheamh aon uáir amhain son lá. An 2. coingioll, son à ttaca an mheadhoinlae, agus ní fhóil da dheaghnuighe nach feardi. An 3. coinghioll, gan feòil, oibhe, na bánbhiadh dho chaitheamh. Agus leis an ttrosga, (nihe abháin go ttuigthear treighnus ó bhia agus ó dhigh) acht fós oilirthechus, sgiursadha, leine reóin, luigh ar an ttalamh, agus à samhuil ele. 5. M. Cred thuigheas tú maille re Hur- nuighthe? D. Tuigim an uile ghne oibre spioradaltha, mar ata Aiffrionn do eisdeacht, an offic chán- onta do rad, an Phaidir, an Tave Maria, an Tsalthair Mhuire, na Sailim aithrighe, offig na marabh, seanamaoir, an Tea- gasc Criostuighe, do theagasg, no do fho- ghlaim etc. 6. M. Fa dheire cred shiorthar chum na Deirca do dheanamh? D. Ní tabhartas airigid, na óir amhain tuigthear maille ris an Ndeirc acht fós, gach obair ele Throcaire chorpordha agus spioradaltha, mar ata biadh do thabhairt do ocrach, an tainebhfhiosach dho theagasc, etc. 7. M. An fearr dho neach leoirghniomh dho dheanamh ré Diá ar à shon féin, leis na degoi- breachaibh so, na maille re cuidiú na loghtha. D. As rofhearr lèorghniomh dho dheanamh leis na deghoibreachaibh soin: or leis an logha do- bheir sasú dho Dhia, ar son na peine amhain
dho bhi do uolach air dióc à Bpurogadoir. Gigh- eadh leis na degoibreachaibh, nihe amhain go bhair leoirghniomh uaidh, acht fós maráon ris soin tuilligh an bheatha shiorruighe. Tar à cheann soin, àse as fearr ré dheanamh, cúrúm gach coda aco dho bheith ar dhuine .i. an leórgh- niomh dho dheanamh dha thaoibh féin, do reir à dhithchil: mar an cceanna cuidiúgh an loghtha dho ghlaca. 8. M. Cred fá ccuirean tú Sacrament na Haith- righe roimh Naomh Shacrament na Heucha- rista .i. chuirp an Tighearna? D. Do bhrigh go fhòil do fhiachuibh ar an Ccriostúighe bheith glancoinsiasach Aithri- gheach riá nglacadh à cho mórdha soin de thabharthas. AN VIII. CAIB. Ar Naomh Shacrament na Heucharistia. 1. M. Cred da ngoireann tú Sacrament na Heucharistia? D. As focul greagach è chialluigheas cúimhne bhuigheachais no altuighthe ngrás, òr is an sa misteri so donithear cuimhne, agus berthar buichas re Diá ar son tioghlaice oirdheric NaomhPhaise an Tslanathora, agus friothalthar agus ber- thar amach corp firineach agus fúil ar Ttighear- na, noch aga fhoil do fhiachuibh orainn Diá dho bhuichasú ar à shon do shiòr, agus as biádh spioradaltha è lè mbeathuighthear an tanam, lè fhaeghthar an bheatha shiorruidhe agus lè mea- duighthear na grása, ma ghlacan an Criostuigh go còir dionghamhaltha é. 2. M. Cred ghlacamúid san Eucharistia an tan caithemaoid comaoine? D. Glacamaoid ar Ttighearna Iosa Chriost ata ar Neaomh. 3. M. Mar soin ata ar Ttighearna Iosa Criost son Abhlainn Naomhchoisiricgthe gon à cheann roNaomhta, agus an chuid ele dho ghea-
guibh à chuirp ròbheannuighthe go hiomlàn. D. As fiòr soin: òr ata ar Ttighearna Iosa Criost san chruith cheanna son naoimhabhlain, san Ngloir agus fan Mordhacht, agus san Staid cheanna ina fhoil se ar Neaomh, son Naomh Shacrament so na Haltorach deis à naomhchoi- sirighthe, fá ghné arain agus fhona. 4. M. Cia na comhachta agus an tudardhas le ndentear so? D. Le comhachtuibh agus le hudarras ar Tti- ghearna Iosa Criost, ag oibriugh an iomad miorbhuiltighe. 5. M. Ciá agus ca mhead miorbhuilthe doní Dia san Tsacrament so? D. Ataid siad doairimhthe, agus ar an adh- bhar soin ní fhoillseocha mhe dhuit diobh, acht à 4. amhain. Ar 1. an abhlainn ud dochi tú ar an Altoir sul naomhchoisreágthar í, níl inte acht began arain arna dheanamh à fhuirim abhlainne bige comhchruinne: gedheadh san lluàs na nabàir an Sagart na briartha Na- oimhchoisirighthe, ós à cionn dogeibhthear san abhlainn soin corp firinneach ar Ttighearna Iosa Criost, agus do bhrigh go fhoil corp an Ttighearna béo, agus ceangailihe ris an Ndiacht à bpearsain Mhic Dé, as mar soin dageibthear mar aon ris an ccorp, an fhúil, an tanam, agus an diadhacht agus mar soin ata Criost go hiomlan na Dhia agus na dhuine inte. Ar an modh cceanna san chalís roimh à naomhchoisireagu nil ann acht begán fiona tré ccurthar fiòrbheagán uisge: gigheadh iar na naomhchoisriagadh dogeiththear san ccalís fúil fhireneach Iosa Criost: agus mar nach fóil an fhúil leith àmuigh don chorp, ar an adh- bhar soin dogeibhthear san ccalís corp, anam, agus diaghacht Chriost, agus mar soin Criost go hiomhlan Diá agus duine. 6. M. Cred do roinneagh do shubstaint an arain agus an fhiona?
D. Do hiompuigheadh í à ccorp agus à fhúíl ar Ttighearna Iosa Criost. 7. M. Ciodh an tara miorbhnilthe? D. Asedh an 2. miorbhuilthe: go fhoil ar Ttighearna Iosa Criost dochuaidh súas as cionn na Fhlaitheas uile, agus ata na shuidhe ar deis an Athar shiorruidhe, mar an cceanna ata sé san abhlainn naomhchoisirighthe go hiomhlán, agus san ccalís naomhchoisirighthe faói ghne arain agus fiana. 8. M. Cred an treas miórbhúilthe? D. Go fhóil ar Ttighearna Iosa Criost anso do shiór do lathuir aguin san abhlainn naomh- hoisiríghthe, agus è go hiomlàn an gach cuid dhi; ionnas dha mbrisfuigh í, mar an cceanna do bhegh Criost go hiomlàn san chuid bu lú dhi, mar ata an iomalane na habhluine; gan sgara na brisiogh à bhaoll ò cheile, agus ar an modh cceanna fa gne an fhiona son ccalís naomhchoi- sirighthè. 9. M. Ciodh an 4. miorbhuilthe? D. An 4. miorbhuilthe, go fhanann san abh- lainn, dath, gne, agus blas arain, mar dobhi ar ttús: gigheadh ní fhanann substaint an arain ann, mar dobhi ar ttús, or bioth go fhoil fa gne arain, ní harn è, acht corp fireneach ar Tti- ghearna Iosa Criost, mar as feidír do thuigsin do reir chosmhalacht. Ma bú chlos duit tiacht tar mhnaoi Lot do hiumpuigheadh chum bheith na hiomhaighe shalain, agus an tí dho fheachag ar an ngdallàn Salainn soin do- chidheachfighír mhna Lot, tar à cheann son niórbhi bean Loth í ò soin amach, acht sa- lann fa fhighir mhnà, mar soin amhuil do athrruigh an tsubstaint àstigh do fhan gné mhnà ar an ttaoibh àmuith: mar an ccean- na san misteri so, malartuighthear substaint an arain à ccorp Chriost ar Ttighearna, agus fanuigh gne arain ar ann ttaoibh
amhuil, mar dobhi ar ttús. An ní cenna tuig- thear ar an fhion, ór ata gné, dath, blas, agus bolaith fiona ann, gigheadh níl à shubstaint, acht fuil an Tighearna fá gne fhiona. 10. M. As mór na miorbhuilthe soin do fhóil- sighis duinn? D. As mór go deimhin gigheadh as mó uilea- chomhachta Dé, le na féidir nithe as mé dho dheanamh, na as féidir lenar nintleachtne dho thuigsiin, mar àdubhairt Criost san Tsuibh- sgeal: gur féidir le Dia camhall do chur thri chró snáthaide caoile .i. beathuigheach as mó na each, àdubhairt fós, ata so dodheanta ag na duinibh, gigheadh ata an uile ní so- dheanta ag Dia. 11. M. Foillsig dhuinn le sompla eigin, cion- nus as féidir corp ar Ttighearna dho bheith son lear abhlainnibh soin, bhios agus dogeibhthear an iomad altorách idirdhealaithe. D. Ní riochtanas miorbhuilthe agus secredi Dé do thuigsin, acht as leór dhuinn à ccrei- deamhain, or as dearabhtha linn nach meallfa Dia sinn; tar à cheann soin teisbeanfa mhe dhuit Sompla: As fiór nach foil aguin acht aon anam amhain noch ata go huilighe à ngea- gaibh agus à mballaibh an chuirp, go huilí son cheann, go huilí sna cosuibh, agus, an gach cuid dha luighead don chorp, mar ata ansna co- saibh, etc. Ma sedh cred an iongana go mo fheidir le Dia corp à Mhic féin do chur an io- mad abhlannibh agus do bheith ionta, on tís chuí- reas fá ndeara maille ris na comhachtuibh ceanna an tanam go hiomlàn (ata doronnta) do bheith na chomhiomodúil soin do ionaduibh à fhad ó cheile. Leighthear à mbeatha Naoimh Antoni de Padua, iar mbeith do ag seanamóir san Idainne go raibh se san aimsir cheanna (le comhachtaibh Dé) san Bportingeil, ag dean- amh deghoibre ele. Ar an adbhar soin ma do bfeidir le Diá an Naomh so dho chur ann dá ait
an aoineacht rofhada ó cheile ana chruaith féin, cred an tadhbhar nar fhèidir leis maille ris na cumhachtuibh ceanna Chriost do bheith an iomad abhlainnibh fá gné aràin agus fióna, agus mar soin as mo as féidir le Dià dho dheanamh, na as féidir linne dho smoaineamh, na dho thuigsin: Or as féidir leis gach ní as toil leis do dheanamh, agus níl ní ar bioth dodheanta aige. 12. M. Abair fós an tturleangan Criost ò Fhlaitheamhnas, an tan bhios san abhlainn, no an fhanann ar Neamh? D. An tan thig Criost san abhlainn chois- reaghtha, ní thuirlingeann ó Fhlaitheámhnus; acht le na chomhachtuibh neamhdha bídh anaoineacht ar Neamh agus son abhlainn Na- omhchoisirigtha. Glac Somplo air so an anam an duine, an tàn bhios duoine beg òg da ttomhaisti an duine an trath soin, mar as fol- las, dogeabhathaoi gur beg la réise dho bheith dho fhad air, gigheadh ar meadú dho dobhíàg ní bú mò na dha rèise dho bhreis air. Fiafrui- ghim anois, an tanam ud dobhí an aon réise amhain ar ttús, ar artha, se an rèise soin chum tiacht don dara réise, no ar fhan inte? As fiór nar fhag, agus nàr sgar ris, or ata an tanam do- reinnte; mar soin gan an chèd rèisi dho fhagh- bhail tainig sé san dara rèise. Ar an modh cceanna ní fhagann ar Ttighearna Neamh, chum bheith son abhlainn, agus ní fhagan an abh- luinn chum bheith ar Neamh, acht bioth an aoinneacht ar Neamh agus an sna habhlannibh gu huilidh agus fá leith. 13. M. Cred fá ndéin Diá na miorbhuil- thidh mora so? D. Cum maitheasa dho dheanamh dhuine na Criostuighthe.
14. M. Cred na maitheasa soin doni dhuinn? D. As romhor agus as roiomaduil iad rena naithris; or ata se dho lathair aguinn do shior agus do gnath son Naomh Shacrament so, ma- raon reis an Athair agus ris an Spirad Naomh, dar nonordhudh, agus ag fortacht air ar rioch- tanus. 15. M. Innis anoiis cred as riochtanas duinn, chum an Tsacrament so do ghlaca go dion- gamhaltha, cóir? D. As riochtanus 4. nithe, an céd ní, an ti glacus è à pheacuidhe do fhaoisidin go hiomo- lán agus à deanamh à dhicheill chum bheith à ghrasaibh Dé, an tan ollamhas è féin chum na cumaoinne Shacramenthaltha so dho chaith- eamh. Ar an adbhar idir gach cúis ele, na ttug- thar an an Tsacrament so amach fa gné arain, asedh, ionnus go ttuigthemais (gur chum bea- thaighthe agus meaduidhthe ghras Dè son anam) doberthar do na beodhaibh é, agus nach dona marabhuibh. An 2. ní, as riochtanas dhuinn bheith ar ghlancheaghlagan, ò mheadhon oigh- che àmach, gan an dadabh do bhiadh, na dho dhigh, na fós braón uisge dha luighed do chaith- eamh. An 3. ní, go ttuigemis cred donio- maoid, agus durthacht, agus devotion do bheith againn dha chomór so dho Shacrament. Agus soin an tabhar nach tugthar é do leanabuih, na do amaidaibh, na dho lucht miri, na dho aon neach ele nach biaigh à chiall ar chumas. An 4. ní, à chreideamhain go roshesmhach gan chontubhairt ar bioth, go fhoil ar Ttighear- na Iosa Criost (son abhlainn Naomhchoisirig- the) noch adhras agus onoras ar Mbaintighearna an og Mhuire, no Haingil, agus na huile Naoimh, le hiomad moltha, gradh, agus buidheachais; agus bíd lan do fhonn, go nglacamaoisne è go dion- gamhaltha, mar as iomchuibhaidh; chum so dho dheanamh, ní folair dhuinn, fa nar ndi- cheall, grasa do iarruig air féin, le fábhar agus impidhe na banoige Muire, na Naingeal agus na
Naomh uile, ionus go mo dèonach leò guidhe air ar son mar chairdibh agus mar abhcoidhibh do lathair Dé. 16. M. An ceadathach dul (le coinsias phea- ca mharaibh) à glaca chomaoineach? D. Ni ceadathach go deimhin: or an ti ghla- cas comaoine à bpeaca mharabh, as damain tsiorraighe ghlaca se agus mallacht De. 17. M. Ciodh à mhionacacht ata do fhia- chaibh orainn an Sacrament so do ghlaca? D. Ceangaluigh ar Naomh Mhathair an Eagluis Chatoilice orainn, an chuid as lú dhe uair san mbliaghain, agus son taca na casga, na cheann son as rotharabhthach à ghlaca nisa mhionaca do reir chomharle an Athar faoisi- dine. 18. M. Foillsig ànois ciodh an tora, do- geibhthear as an Sacrament so, agus ciodh an chriochfar tionsgnadh é? D. Ar son 3. ccúse do thionsgain ar Ttighe- arna Iosa Criost an Sacrament so. Ar 1. chum bheith na bheatha ag an anam. An 2. cúis, chum à bheith an Iobuirt ag an nuaRacht. An 3. cúis, chum à bheith na ghnathchoimhne shiorruidhe ar à Pháis féin, agus no gheall ro- fhollas ar à mhórghradh dhuinn. 19. M. Ciodh an tefeacht oibrigh se, an mheoid as biadh no as beatha dhon anam è? D. Oibrighidh an tefeacht agus an gniomh oi- brigheas an bheatha chorpordha san ccorp: as trid soin fós doberthar dhuinn è fá gné arain. Or amhail chothuigheas an taràn an teas na- durtha san ccorp, ina seasuigheann bheatha an chuirp cheanna: as amhluigh ceanna son an Sacrament so, an tan ghlacar è go coir, cothuig agus meaduighidh an charthann, ina fhoil slainte, agus beatha an anama. 20. M. Cred oibirigheas an mheoid gur ab Iobuirt è? D. Ceannsuighidh Dia, agus doní reiteach agus
agus siochain idir è agus an saoghal, ag faghail, an iomadaibh tioghlace uaidh, ni do bheodhaibh amhain, acht fós do mharabhuibh, à Bpurago- doir. Baine riot à fhios dho bheith agad, amh- ail san TsanRacht donithi dho Dhia an iomad Iobartha ar bheathuigheachuibh; as amhluigh soin, tanigh asteach son NuaidhReacht na náit soin Iobhairt an Aiffrinn, ana noffralthar dho Dia le lamhuibh na sagart Iobhairt rothaith- neamhach shoghlacathach, chuirp agus fhola Iosa Criost, á Mhic féin, do cialluiobgh agus do samh- luiogh san uile Iobhairt an TseanReachta. 21. M. Cred oibrigheas se an mheoid ata na ghnachuimhne agus na gheall aguin ar an ngradh ata ag ar Ttighearna dhuinn? D. Dobheir fa ndeara orainn bheith coimh- neathach ar à cho mór soin do thabhartus, agus chum go mbemaois ar lasadh do gradh, an ti do ghraigh sinn cho mòr soin. Agus amhail san TseanReacht, nach è amhain gur thoil lè Dia à chur fa deara ar an Bpobal Eabhra an man- na .i. plúr neamhdha do fhear chuca ò Nimh do ithe; acht fós gur fhogair se dhoibh soightheach lán de do choimhead, mar chuimhne ar à cco mordha soin do thioghlaicibh, tug Dia dhaibh, an tan tug leis an Pobul as an Eghip. As ar an modh cceanna do bu thoil le Criost, ni he amh- ain go nithemaois an Sacrament roNaomhtha so: acht fós go ccoimeadamaois ar an Altóir, agus ar uaraibh dha bhreith linn àmach à Bpro- seission, ionus do shior, gach nuair dochifeam è, go ccoimhneocham ar an ngrádh neamh- chóimse ata aige dhuinn. An Taffrio roNaomh- tha fós as suim aithghearr é ar bheatha ar Tti- ghearna go hiomlàn chum nach rachadh se choiche as ar ccuimhne. 22. M. Innis damh cred fa nglacaid na tuo- tuidhe comaoine fá gné aráin àmháin? D. Ar an adhbhar (mar do reamhradh) gur ab ionann ata Criost san abhláinn, agus son ccalís, san mhír, no san chuid as lú, agus san abh- làinn go hiomlàn.
23. M. Cia Turne no Ministir an Tsacra- ment so .i. cia lena féidir à naomhchoiserea- gha, agus à thabhairt amach? D. Don Tsagart amhàin tug Criost na comhachtha soin à super an Tighearna dar- dain na comaoineach. 24. M. Cred as deanta dhuinn tar eis cho- maoineach do ghlaca? D. Dia dho bhidheachasú trè na thiogh- laicibh doairmhe, agus tré na throcaire dhuinn, sinn féin do chonnobhail on uile chúram sao- ghaltha ar fegh tamail, ag cur romhainn se- rebhis Dé dho dheannamh go dichallach, agus gan sgara choithe rena ghradh, na rena gra- suibh. AN IX. CAIB. Ar Iobhairt an Aiffrinn. 1. M. Do bhrigh go ndubharais gur ab é an Taffrinn suim iomllàn aith- ghearr bheatha ar Ttighearna Iosa Criost, agus à chuimhne, foillsigh anois an deamharuinn so? D. Foillseochad go haithchumair. Tosach agus dul asteach an Aiffrinn, cialluigh sé an mórfhonn agus an mórmhiàn dobhi ar na Na- oimhAithreacha tiacht ar Ttighearna. 2. M. Cred chiallughid na Kyrie elei- son? D. Ciallui siad, glaodhach agus gairim na NardAithreach agus na Fhaidhe ar Dhia ag iar- ruigh an Mhesias .i. an Tslanuightheora do chur dha fhúasgladh. 3. M. Cred àdeire re Gloria in excelsis? D. Ciallúi breíth an Ttighearna san Mbeitheil agus an Ortha, thig na diaigh cial- luighidh; si mar dorug Muire on Ttighearna, dha theisbeana agus à denamh offrala dhon Te- ampal. 4. M. Cred chialluigheas an Epistil, àder- thar ar an ccur chle dhon Altóir?
D. Cialluig si seanamoir Eoin Baiste ag tabh- airt chuirthe dhona duinibh teacht do lathair Chriost. Agus an gradúal àderthar na deaigh cialluigh sé an tiompódh dorinne Eoin lena sheanamoir ar na Gintileach .i. ar na cinibh. 5. M. Cred chialluigheas an Suibhsgeal, leightear ar an ccurr ndéis don altóir? D. Cialluigh se seanamoir an Tighearna, le ar haistirigheadh sinn ón ttáoibh cclé gus an tta- oibh ndeas .i. ò aimseardhacht go siorruigheacht ò bhás go beatha, agus ò pheaca go grasuibh: dober- thar fós soillse agus túmhais dá láthair, dá chur à cceil go soillsigheann an Naomh Shuibhsgeal an Dom- han, agus go liona do dheaghbholaith ghloire Dé é. 6. M. Cred chialluigheas an Chré, àder- thar tareis an Tsuibhsgéil? D. Cialluigh si conversion .i. impódha na Napostal, agus na Ndisciobal ele Chriost. 7. M. Cred chialluigid na hurnuighthe seicredeacha, àdeir an Sagart tar eis na cré? D. Cialluigh an cuma agus an feáll foilightheach dorinneadar na Hudhuil an aghaidh Chriost ar Ttighearna. 8. M. Cred chialluigheas an Prefatio, àderthar go hard agus chriochniuthear lé ôsanna in excelsis. D. Cialluighidh an glacadh mordha sola- manta dorinneadh ar Chriost Domhnach na Phailime ag dúl go Ierusalem. 9. M. Cred chialluighid na hurnuighthe seicredeacha ele àderthar tar eis an Prefas? D. Cialluighid País, maslagh, agus easonoir an Tighearna. 10. M. Cred chialluigheas an televasion, no tog- bhail na habhlainne Naomhchoisirichthe súas? D. Cilluigh togbhail suos Chriost ar Ttighear- na san ccrois. 11. M. Cred chialluigheas an Phaidear à derthar son Aiffriann? D. Cialluigh si an urnuighthe dorinne Criost san ccrois, fós brisigh na habhlainne cialluig se an chnea, no an chreachta do fhlosgadh ar ttaoibh Chriost leis an sleagh.
12. M. Cred chialluigheas an Tagnus Dei, agus comaoine an Tsagairt? D. Cialluigh an Tagnus Dei, gul Mhuiri, tar eis Chriost do leagan as an ccrois. Comaoine an Tsagairt cialluigh si aghlacadh Chriost. 13. M. Cred chialluigheas aní ud shinnthear go luchaireach tar eis na comaoineach an Tsagairt dho ngoirthear Postcumumio, agus an tite Missa est, agus beannacha an Tsagairt os cionn an phobuil? D. Cialluigh an Postcumunio noch shinn- thear go luchareach, aisheirghe an Tighearna agus Ite Missa est, cialluigh sé dúl an Ttighearna suos ar Neamh Darduoin deasgobhala. Agus beannachadh an Tsagairt os cionn an Phobail cialluighidh, teacht an Spioraid Naoimh do iunnsuigh Mhuire, na Neapostal, agus na Ndisciu- bul ele Domhnach Cincisi. 14. M. Cred chialluigheas suibhsgeal dea- nach an Aiffrinn? D. Cialluigh sé seanamoir na Naomh Apostal, an tan, iar mbeith dhaibh lán don Spiorad Naomh, do thionsgnadar an suibsgèal do sheanamoir ar feagh an Domhain uile, agus iompódh na ccinidheach. AN X. CAIB. Ar Sacrament na Holo dheigheanuigh. 1. M. Ciodh é Sacrament na Holo deighea- nuighe? D. Sacrament do thionsgan ar Ttíghearna Criost dona duoinibh eagruaidh. Goirthear ungha dhe do bhrigh, gur ab an unghadh an eagruaidh lé Holo choisireagtha, agus an urnuighthibh dha- righthe do rádh ós ciónn an eágruaidh sheasais an Sacrament so. Asé fath na nabarthar ungha dheanach reis, mar àsé as deghnuighe do gach uile unghadh ele, do Sacramentibh na Hea- gluise; ór an 1. ungha san Mbaíste an 2. ungha, son confirmasion, an 3. ungha sa Tsagurtoreacht doberthar, í: agus an ungha so san eagruas; fós as féidir ungha dheanach do ghairim dhi, do bhrigh gur à ndeire na beatha berthar amach í. 2. M. Ciodh brihh agus effeacht an Tsacra- ment so?
D. Ataid aige 3. heffeacht. Ar 1. maithe- amh na bpeacuidhe fhanas ar uairibh tar eis na Sacramenteadh ele, amhail mar ataid na pea- cuidh nach coimhnigheann duine ortha, no nach bion à fhios aige, agus da ccuimhnigheadh ortha go mbiadh doilgheas ò chroidhe air agus go ndiongnadh à fhaoisidin. An 2. heffeacht, do- bheir meanama, agus sólás don eagrúaidh, an sa naimsir na mbionn da thuirsiú ag an ea- grúas agus ag cathú an Diabhuil. An 3. heffe- acht, slainte chorpurdha do aiseag ar an ea- gruaidh, ma oireann do shlainte shorruighi an anama. Na 3. heffeacht so cialluighthear iad san ola ghnathuighthear san Tsacrament so, do bhrigh go neartuigheann, go ttabhair fion- fhuarú, agus slainte uaithe. 3. M. Cia an trath as ionghlacuighthe an Sácrament so? D. Anso as iomadúil rothrom an erraid do- ní an droung, lé nach áil an Tsacrament so dho ghlacadh, acht afhíorghuasacht bháis. Gigheadh asi aimsir as ionghlacuighthe è, an tan mhea- said na leágha an galar do bheith peiriaclach, agus nach leór an léigheas saoghaltha amhain, san nám soin as druite dhuinn ris an leigheas neamh- dha; or as minic shlanuighthear an teagruiaigh lé cognamh na holo coisreagha. Trid soin ní cóir an Sacrament so do iarruigh, acht à bpiriacuil bháis, as lúgh na son as cóir don eagruaidh fa- namhain ris an uíle dhochas slainte do dhul tai- ris, gan an Sacrament so dho iarruigh. Ag so fós an chúis nach tugthar an olo dheanach dhon drouing chuireas an dlighe chum báis, do bhrigh nach bíd eagruaidhe, agus nach bionn munighin aco bheith nías faide béo. 4. M. Mar sin ní folair dhon chriostui ea- gruai, curum dho bheith air agus aire dho bheith aige an Tsacrament so do ghlaca sul chaillfe sé à chiall na à uirimisne?
D. As dearabhtha soin, or nihe an tan chail- leas an teagruaidh à chiáll as inniarrata an Sa- crament so, acht ar mbeith dho na cheill agus na chuimhne, agus à bperiacuil bháis, or as mór brigh agus effeacht an Tsacrament so ma ghlacthar í go cóír. 5. M. Cía turnae agus ministir an Tsacra- ment so? D. An sagart amhain. AN XI. CAIB. Ar Sacrament an uird .i. na Sagar- toreacht. 1. M. Ciodh è Sacrament an uird .i. na Sagartoreachtha? D. Sacrament na ttugthar amach chumh- achta chum Sacrament na Heucharistia .i. chuirp an Tighearna dho Naomhchoisreaga agus na Sacramenti ele do roinn ar an bpo- bal, no chum friothalaimh agus serebhis do dhea- namh go durthachtach an sa noiffig neamhdha don drouing do ghlac na comhachta soin. 2. M. Cred fa ngoirthear ord don Tsacra- ment so? D. Do bhrigh go fholid moran cemeann san Tsacrament so, agus cuid aco as aoirde na cheile; mar ata Sagairt, Diacoin, Subdiacoin, agus ce- menna ele futha soin. 3. M. An mbuailtear seála ar an anam léis an Sacrament so, or as cosmhail gur mór an oiffig agus an dighnit è? D. As fiór gur mór an oiffig agus an dighnit è, or ni thug Dia dha Aingluibh na do aon chrea- tuir ele acht dhona Sagartuibh amhain à cho mór dho chomhachtuigh .i. Aifrionn do radh; buailthear fós léis an Sacrament so seala do- sgartha ar anam an Tsagairt mar chomhar- tha captein agus turnaoe Rí chomhachtuigh, mar soin an Sagart idir Ridirribh Chrioost (mas ar
Neamh, à Bburogadoir, no an Iffrionn do) ai- theantar è léis an ccomhartha so, or ata do- sgartha ris choithe. 4. M. Cia agus ccatrath do tionsgnai an Sa- crament so? D. Criost ar slanuightheoir do thionsgna an Sacrament so darduin na comaoineach a super an Tighearna, ag tabhairt à ugdurrais féin chum à dheanta dona Hapostaluibh agus da noigh- ribh Sagairt an nuaReachta. 5. M. Cia Turne agus ministir an Tsacrament so? D. An Teasbug amhain. 6. M. An fèidir le aon neach ele Aiffreann do radh na faoisidin do aoisdeacht acht amhain le Sagartuibh an nuaReachta? D. As fiór gur dona Sagartuibh an nuaRe- achta amhain tug Dia na comhachta son agus an tughdarras agus nach do aon turne na ministir ele dhon Eagluis. Níl riochtanas tracht nísa mhó ar an Sacrament so, do bhrigh nach bea- nan se, acht re duoinibh mòra foghlomtha nach foil an uireasba an teagaisg Chriostui do mhuineadh dhaibh, acht as mo bheaneas riú à theagasc do chach. AN XII. CAIB. Ar Sacrament an Phosta. 1. M. Cred è Sacrament an Phosta? D. Asedh as Sacrament an Phosta ann, coimhcheangal fir agus mna re cheile; chial- luigheas comhcheangal Chriost ris an Eagluis maille re gabhail cholla daonna uime; agus Dé ris an anam maille re na ghrasuibh. 2. M. Ca huair do tionsgnadh an Sacra- ment so an Phosta. D. An mheoid bheanas an Posa re hoffig na nadurach .i. clannú, sa astaid na neamhura- choide do tionsgnadh é, do reir na mbriathar
ud, fasuigh agus meaduighig, tar eis staid na neamhuruchoide agus pheacuidh Adam, do tions- gnadh è mar mhúcha ar an anntoil. An ndligh na ngrás amh, àsé Criost do thionsgain è, da thogbháil agus da ardú ina Shacrament le ttug- thar grasa: do reir na mbriathar ud: Biodh à bhean féin ag gach neach: an nídho cheangáil Diá, ní sgartha an duine é. 3. M. Ciodh brigh agus effecht an Tsacra- ment so? D. Ar 1. dobheir grása dhon lanamuhin le ttig agus le noíreann an fear agus an bhean da cheile go maith, agus le ngradhuid à cheile go cartha- nach spioradaltha, mar ghraidheas Criost an Eagluis, agus Diá anam an Chriostui fhirinig, unruic. An 2. ní, dobheir dhoibh grása chum chloin- ne dho dheanabh agus do thabhairt súas an Eaga- la Dé. An 3. ní, cuirig cuibhreach chomh daingean son idir an lanamhúin nach féidir ar aon chór do sgaoile, amhail nach féidir an cean- gal ata idir Chriost agus an Eaglúis do sgaoile. Agus soin an tabhbhar nach féidir le aon neach dispensaid na ccead do thabhairt do fhear mhna Posta bheith ag mnaoi ele, na dho mhnaoi fhir Phosta bheit ag féar ele. 4. M. Ca mheid coingheall chum an Phosta dho bheith seasmhach dionghamhaltha? D. As riochtanas 3. choinghill chum an Pho- sta do bheith seasmhach dionhhamhaltha. 5. M. Abair an 1. choinghiall? D. Ar 1. na pearsana do bheith an aóiss iom- chubhaidh, an féar do bheith à 14. agus an bhean à 12. do bliaghnuibh comhlionta, gan gáol na col fola na uisge do bheith aca féin ré cheile ar à ttaoibh àstig do 4. glúnibh, gan moide sho- lomanta gheanamnuigheuchta do bheith ar
cheachtar dhiobh, gan Posa ele na geallamhain, na gradh coisireagtha, etc. 6. M. Abair an 2. choinghiall? D. Ase an 2. choinghiall, finneithe dho bheith dho lathair chonnartha an Phosta, agus go hairighthe an Sagart Porroiste ar à mbia cu- rum na nanam. 7. M. Ciodh an 3. coingheall? D. Ase an 3. coingheall, toil agus áontadh na lanamhan do bheith saór, gan eagala, aimh- dheoin do bheith na dho dheanamh ar ceach- thar dhiobh, agus an aonta son do fhoillsiudh le briarthraibhfollas, no le comhartuibh foillsea- theacha. Agus tuig ma theasduigheann cheach- tar dona 3. coinghealuibh so, nach bia an Po- sa seasmhach. 8. M. Cia féar Posa dho dheanamh na oi- gheacht do choimhead? D. Foillsighidh dhuin Pól an cheist soin ag labhairt mar so: Anti cheanglus à oigh féin le Phosa as maith doní é, gigheadh anti nach dein agus chomeadas à oigheacht go glan geanumnuigh, as féar doní. Agus ase à resún soin, do bhrigh an Posa gur ní daonna è, agus an oigheacht gur ní Ainglidhe í, ata an Posa do reir nadura, amh ata an oigheacht os ciónn nadure: agus nihi an oigheacht amhain, acht fós as uaisle an Bhaintreachas na an Posa. As trid soin à deir an Slanuighthóir go ttug ansiól do thuit san talamh mhaith, toradh 30, an talamh ele toradh 60, agus à talamh ele toradh 100. As amhluigh mhinighid na Naomh Dhochturidh soin, gur ab è an Posa dobheir tordha 30 uaigh, an Bhaintreachas toradh 60 agus an oi- gheach toradh 100.
AN XIII CAIB. Ar Chomhairleachuibh an Tsuibhsgeil. 1. M. Innis duinn ànois, an fhòil à neagmuis Airtiogal an Chreidimh, na Paidre, agus Aitheanta an Tighearna, agus na Sacramenteagh, comharileacha ar bioth ele an Tsuibhesgéoil iar na fhagbhàil aguin on Tighearna cheanna, chum ar mbeatha do thabhairt súos nías dion- gamhalta? D. Ataid an iomad comharleacha roneamh- tha, rotharabhacha ann tug Diá uaigh, noch gur lena ccognamh as féairde go mór chomea- tar na Haitheanta nías diongamhálta. Agus asiad na 3. coimharleacha so as prinsipalta dhiobh .i. Bochtacht toilthéanách, Geanamnui- gheacht, agus Umhlacht. 2. M. Ciodh an ní na seasmhann, agus na fhóil Comhairle na bochtacht? D. Seasuigh, ann gan aoin ní dha chuid dileas féin do shealabhúgh: tar eis à ronnta ar na boch- tuibh, no à tabhartha uaidh à ccoimhchoitin- ne, noch gur ab ionann è, agus à thabhairt do bhochtuibh. Do theaguisg Criost dhuinn an chomhairle so, ní le briarthuibh amháin, ach le sompla, mar as léir ar fegh à bheatha; agus deis Chriost na Hapostail ar alorag, agus ar an modh cceanna na Criostuighthe dobhí à Ierusalem à ttosach na Heagluise. Agus fá dheiridh ceanga- lúid na duoine riaghalta ortha féin le moidi an chomhairle so na bochtacht toilteanúigh dho chomead. 3. M. Ciodh na seasuigheann comhairle na geanamhnuigheachta? D. Seasuigheann an duine dha chur roimhe féin bheith geanamhnuighe doshiór, ní he amh- áin ag seachna an uile ghné pheaca chollúidhe, ach fós an Posa. Do theaguisg mar an ccean- na an Tighearna an chomhairle so le brethir agus le gniomh, agus do lean an Neamhogh Mhuire
Eoin Baiste, agus na Hapostail uile, deis an nga- rama, soin chomhairle so é. Ata fós an chomh- arle cheanna ceanguilthe ar na duinibh rioghalta o mhode, agus ar an uile phearsain Eagluise ó ghraibh choisreagtha do ghlacadh. 4. M. Ciodh an ní na seasuigheann comh- airle na humhlachta? D. Seasuigheann, ann duine dho sheana agus do dhiúltú dha bhreitheamhnus, agus da thoil féin, ag umhlù dha uochtaràn ann sanuille ní, nach bià an aghaidh Dè, as de so ghoirthar san Suibhsgeal, duine dho sheána dho féin. Do thea- guisg Criost an comharse so dhon Tsaoghal, ní le brethir amhàin, acht fós lé gniomh, ór dobhi umhal da Athair neamhdha son uile ní, arís da Mhathair féin, iar mbeith do na leanabh, agus do Naomh Ioseph dobhi an Athair baramhlach aige, ò bheith Pòsta ag à na Mhathair, ór go firineach niór Athair dho è, do bhrigh gur Ma- thair dobhi agus ata riamh na hoigh doriug è. Ag so an treas chomhairle cheangaluid na du- oine riagaltha uile ortha féin. 5. M. Cred fá fhoilid 3. comhairleacha prin- sipaltha amháinn ann? D. As as chomeatar na comhairleacha prin- sipaltha so, chum dibirtha agus chur ar ccúl thoi- rimisg na diongamhalthachta ata son char- thann; agus à 3. aliòn .i. gradh maóine sao- ghaltha, noch dhibirthear le bochtacht; gradh ainemheann na colla, dibearthar lé geanam- nuiacht; agus fá dheirigh gradh onora agus comh- achta, dibearthar lé humhlacht. Faris so, do bhrigh nach fòil ag an nduine acht 3. ghné mai- theasa .i. anam, corp, agus an mhain, no na maitheasa foirimealacha, mar soin dobheir do Dhia an mhaoin no na maitheasa foiremeala- cha leis an mbochtacht, an corp leis an ngea- namnuigheacht, agus an tanam lé humhlacht; agus ar modh iobartha offraluig à mbion aige dho Dhia, agus marsoin ollamhuighidh è féin chum tiacht chum dionghamhalthachta na carthain-
ne, ar an modh as feárr as féidir do fhaghail son mbeatha so. AN III LEABHAR DON TEAG CRIOST. Ar na Subhaischibh, agus ar na Du- bhailchibh. AN I. CAIB. Ar na Subhailchibh à ccoitchinne. MAGHISTIR. 1. O do fhoillsigis 4. cotcha prinsipalta an Teagaisc Criostui: foillsigh anois an fhòil aon ní ele as riochta- nas don Criostui do bheith ar eolus aige? D. Na nithe as riochtanas do gach naon do bheith ar eolus aige, asiadh na 4. codcha remh- raite iad, noch do fhoillsighmair roimhe so. Gi- gheadh ataid nithe ele as riochtanus don Crio- stui do bheith ar eolus aige, agus as tarabh- thach cum rochtain chum na crithche chuirea- maoid romhainn do fhagháil .i. an conach su- thain agus an bheatha shiorruidhe; mar ata fiós na subhailchidh, agus na ndubhailchídhe. Agus bioth gur thrachtamair ortha so hana, ag foill- siú na Crée, na Paidri, agus na Naitheanta: tar à cheann soin doconnarcas dhamh gur tarabh- ehach tracht orthá féin fá leith. 2. M. Ar an adhbhar soin abair cred an ní subhailche? D. As caliacht dhairighthe an Tsubhailche ghlacathar son anam, chuireas fá ndeara ar an tí aga mbionn bheith go maith: amháil doni an fhoghlaim File maith do dhuine, agus an cheard deagcheardúighe, as amhluig soin, chuireas an tsubhailuhe fá deara ar dhuine bheith: na dheagh- dhuine, agus fós bheith deighnimhorthach le hai- bigheacht, umhlacht agus le diomgamhalthacht. 3. M. Mar soin as tarabhthach do dhuine bheith subhailcheach?
D. As fiór soin, ór an te nach bion subhail- cheach, bioth go ndiongnadh deaghnimhartha ar uaribh, tar à cheann soin as le dócúl mór agus le neamhdhiongmhalthacht doní iad. 4. M. Foillsigh soin duin le somplo egin? D. As toil leam soin. As cosmhuil an Tsubh- ailche re healaighain, no re ceird, re na gna- tabh, as doigh go fhacuidh tú go minic duine aga raibh tathighe agus cleachta ar shinnim chlair- sighe, no cióil ele; an tí so as aibigh, luthmar shinneas, gan docúl ar bith, biodh nach feach- feadh na teada; gigheadh tagadh duine ele à- nuás, nách bié eolgasach son ealuighin soin, na cliste ar theaduibh do sheinnim, as féidir leis (go deimhin) na teada dho spreaga, agus fuoim dho bhuain asda, gigheadh ní cliste, na go maith mar an fhear ele. Acht ceanna an tí aga mbionn subhailce (mar àdeartha) na measardhachta, doní trosgadh go furais, luthghaireach, an ámm féin, agus ní itheann ach biadh ceaduigh- theach, dlisdenach, agus son aon uáir amhàin son lá: gigheadh an tí nach foil an Tsubhail- che soin, no ata craosach, as comortas re bás an trosga aige, agus bith go ndiongnad trosga, ní fhanan ris an uàir chóir, agus na dheaigh soin oidche ar lethsgeal aon dighe amhàin do ól mar as gnaith, doní colasion bhiós (beagnach) chomór rè an aon chuid. 5. M. Ca mheid subhailche ann? D. Ataid an iomad subhailche ann, gi- gheadh an chuid as prinsipalta dhiobh, agus chum à ttughthar cach ele go hiomhlàn à 7. à nuimhir i. 3. subhailche Diadha .i. Crei- deamh, Dochas, agus Cathrannacht: agus 4. subh- ailche Cairdionalta: Crionnacht, Ceart, Neart, agus Measardhacht. An lión ceanna Tobhar- tuis an Spioraidh Naoimh, na ndeaigh soin ndroung a beanuigthe an Tsuibhsgeil ina fhóil diongmhalthacht bheatha an Chriostuighe go hiomlán. Ataid fós ann 12. an Spioraidh Naoimh, agus na cúig ceadfadh corpordha ar alaibheoram fá seach go haithghearr.
AN II. CAIB. Ina fhoillsioghthar na 3. Subhail- che Diadha. 1. M. Cia hiad na 3. subhailche Diadha, so àdeirigh? D. So iad: Creideamh Dóchas agus Cathrannacht. 2. M. Cred è Creideamh? D. Ase an Creideamh an chèad tsubhailche dona subhailchi Diadha, fheachas ar Dhiá. Agus àse à offig an tuigse dho fhoillsiú agus do dhú- sacht, chum Creideamhna gach nithe, fhoillsigheas Dià dhuinn maille ris an Eagluis, bioth go mbè- dis docúlach, agus os cionn an uile resunn nadurtha. 3. M. Cred an chúis fá fhóil do fhiachuibh orainn na nithe bheannas ré Creideamh do chreideamhain cho seasmhach soin? D. Do brigh gur son bfhìrinne sheasuigheas agus ata fuainnement an Chreidimh, ór gach ní dha ccuireann an Creideamh sios gur ab è Dià fèin fhoillsigheas è, agus gur ab è Dià an fhirinne féin. Da reir soin ní féidir an ní àdeir Dià dho bheith fallsa. Or an tan chuireas an Creideamh sios, ní dho bheith an agaidh resúin, mar ata maighdean do bhreith chloinne, as tuighthe dhuinn ansoin go fhoil an resún daonna fann, lag, anamhainneach, agus gur ab furusa à mheal- ladh; gigheadh ní fèidir Dià dho mhealla, agus ní mheallann se aon neach. 4. M. Cred as inchreidte dhuinn le sub- hailcbe an Creidimh? D. Go harighthe as riochtanas dhuinn arti- gail an Chreidimh dho Chreideamhain go hi- dirdhealuighthe, noch do fhollsióghmair thuas, agus go speisialta na harteagail ud dá ndein an Ea- glais sollamain ar feag na bliaghna, mar ata Féil Muire na sanais, in ar ghabh Mac Dé uime colann daonn, an Nolluig na rughadh è, aimsir na Paise, caisg na heseirghe, dardaoín deasgabh- ail na ndeacha suas ar Neamh, Tiacht an Spio- raid Naoimh ar Mhuire, agus ar na Haposta- luibh Domhnach Cincisi, agus Domhnach na Trí-
noide. Ina cheann son ní folàir dhuinn bheith ol- lamh chum gach níthe fhogras agus chureas ar Naomh Mhathair an Eagluis sios dúinn, do chreideamhain. Fa dheiridh ní folàir dhuinn sinn féin do sheachna ar chomharthuibh foirio- mlacha na Naincriostuighthe, mar ata culaidh Thurcaigh no Udhail do chur umuinn, feoil do ithe Diahaoine, amhail donid na Hericidh, agus à samhail ele soin; Or nihe amháin go fhoil do fhiachuibh orainn an Creideamh do admhail leisean ccroidhe agus leis an mbéal, acht fos ni folair dhuinn lenar noibreachaibh foiremla- cha à adamhail, agus sinn féin do thaisbeine coimh- theach lethealachais, ón uile nós dho bheith con- trardha dhar Naomh Mhathair an Eaglúis. 5. M. Cred è Docchus? D. Asé an Dochus an 2. subhailche Diadha, agus goirthar Diadha dhé, do bhrigh gur ab ar Dhia thriallas, agus gur ab è as cosboir graidh, agus as fun- dament dhi; or amhuil chreidimid an Ndià leis an ccreideamh, as mar soin chuirimaoid ar ndochus, agus ar munin an Diá leis an Ndochus. 6. M. Cred è offig an Dochuis? D. Asé à offig, ar ttoil do thoghbháil, agus do dhusacht à munighin agus an ndochas an Tsonuis shiorruidhe. Agus ar an adhbhar go fhoil so chomh ard soin, nach féidir le cumus daonna à roch- tain, as da bhrigh soin dhorteas Diá orainn an Tsubhailche so noch ata os cionn nadurach, ionnus maille rè go mbiagh muinin aguin tiacht trath eigin à seilibh na mórmhaitheasa son. 7. M. Ciodh ina seasuigheann no na fhoil fuainneament an Dochais? D. A mòrmhaith agus à mòrThrocaire De. (O na fhoil an Chomhartha follas so aguin) .i. go ttug à Mhac Dileas féin duinn, agus as maille reis do ghlacmar chloinn toghtho agus mar dhaltuighe dho féin sinn, agus a gealladh oireacht ridhacht Nimhe dhuinn, ma niomaioid oibrea- cha do reir na dighnite do ghlacamair, debhea- ra maraon reó grása agus cognamh dhuinn chum na noibreach son do dheanamh.
8. M. Cred è Carthainnacht? D. An 3. subhailche Diadha, roicheas chum Dé ata na chuspoir aice, do bhrigh gur maille rè ghlu- aistear ar nanam chum Dià dho ghraudh os cionn an uile ní, ní mar Chruthaithoir, agus mar ughdar na maitheasa nadurtha amhain, acht fós, mar thabh- arthóir na ngrás agus na gloire, ata na maitheas os cionn nadúre. 9. M. An roicheann, an Charthainnacht gus na creaturibh? D. Rothaigh go deimhin an Charthainnacht gus an uile dhuine, agus gus gach ní ele dhar chruth- aigh Dià; gidheadh leis an idirdhealabhugh so, io- nus go ngraidhmais Diá ar à shon féin, ar son gur ab è féin amhaim an mhaith dhoithchriochtnuighthe: An uile ní ele as ar son Dé as graidthe iad. Agus fá leith an chomharsa do bhrigh, gur ab ar iomhaighe Dé ata deanta mar sinne. Nihe amhain ar ngaol, agus ar ccairde, as tuigthe dhuinn mar chomharsoin, acht fós gach uile dhuine ele, bioth go mó easgairde dhuinn iad: ór as iomhaigh do dhia gach nduine aco, agus mar an cceanna as leis an ttiotul, agus leis an cceill so as ionghradhaithe dhuinn iad. 10. M. An mór an tsubhailche an Charthainnacht. D. Asi as mò aca uile, agus ata cho mòr soin do mhaith, ionnus cibe aga mbia nach féidir leis à sla- nù siorrùi dho chailleamhain, mona ar chaíll è roimh an Charthainne, agus an tí ag nach bí, ní féidir à shlanugh choithe, bioth go mbeidis an uile subhailche ele agus tioghlaice Dè go hulighe aige. AN III. CAIB. Ar na subhailchibh Cairdionalta. 1. M. Ca mheid subhailche Cairdinalta ann? D. Ata à 4. mar ata: Gliocas, Ceart, Neart, Measardhacht. 2. M. Cred è Gliocas? D. An 1. subhailche dona 4. subhailchidh Cair- dinalta (goirthear an tainim soin diobh, do bhrigh gur 4. subhailche prinsipalta iad, ataid amhail toi- breacha agus preamhadh ag iomlána na subhailchibh ele moralta agus daonna.) Or an Gliocas, stiúraighe
Tuigse, an Ceart, riaghla se an Toil; an Neart, riaghluidh se an Fhearag; agus an Mheasardhacht stiuragh si an Fonn meangasach. 3. M. Cred è offig an Ghliocais? D. Ase à offig, taisbeana san uile gniomh an chrioch iomchuibhe, agus na medhoin oireamhnacha, agus gach ní ele bheaneas riù, mar ata aimsir, ionad, modh, agus à samhail ele, ionnus go mbiagh an obair go maith son uile ní go huilidheach. As trid soin goirthar dhi Maghistras na subhailchi ele, agus ata sí, amhuil súile san ccorp, amhuil salann san mbia, agus amhail Grian san Domhan. 4. M. Cia na dubhailchidhe ata an aghaidh an Ghliocais? D. Ata an tsubhailche so dho shiór à meodhón, agus marsoin ataid aice dha dhuailche na haghaidh, noch ata na leithimeall, nò na tteorannuibh aice. Dubhailche dha fhuil an aghaidh an Ghliocais, àsé an taimhghliocas .i. gan feachain na thimcheall, agus mearradhantacht, dobheir ar dhuine ní dho dhea- namh, gan amheas cred doní, da bhrigh soin ní fhiachaid an chrith fhireneach, agus ní ghlacaidh na medhoin oireamhnacha. Así an dubhailche ele ata na haghaidh an chealag, no an Gliocas colluidhe no saoghalta, agus as ris an ndruing doní à ndicheall Gliocais ar an ccrith do rochtain, agus ar na medho- nuibh do ghlaca, bheanasi, gidheadh àsé à ttarabha féin fheachaid san uile ní, ionnus go ttiocfadaois chum maitheasa egin saoghalta. Agus mar soin cuirid riom- po go gearchuseach, meangach an chomharsa do mhel- la chum gach ní dho chriochnugh do reir à ttoile féin. Bù follas amh fá dheirigh an droung so do bhe- ith ròaimhghlic, leamh, tre chailleamhain na hard- mhaitheasa, ar son na maitheasa bigi saoghalta soin. 5. M. Cred è Ceart, agus cred è à offig? D. As subhailche an Ceart, dobheir do gach naon gach ní as leis. Asi offig an Chirt, an direach do dheanamh son uile ní, agus cothrum do chonnimhail an sna connarthoibh saoghalta. Noch as fuainne- ment don tsuaimhneas agus don tsiocháin. Or da mbeith gach naon toilteanach lena chuid féin, agus gan cuid dhuine ele dho shantughadh, ní bhiagh coga, na aisiochainn an choiche.
6. M. Cia na dubhailche ata contrardha dhon Cheart? D. Ataid 2. dubhaiiche na haghaidh an 1. duail- che as eagóir no aincheart í .i. an tan ghlacas dui- ne chuige féin, cuid duine ele, go haindlightheach, no ann sna cunnerthuibh gur mián leis nisa lúgh do thabhairt uaigh na dhlighthear. An 2. dubhail- che as cruas cirt è .i. an tan bhiós duine rodhiàn ag tabhairt gach ní go caól cianraidharcach chum riaghlach an dligh an aghaidh resúin: ór à moran do chasuibh as riochtanas an Trocaire dho mheasga thrid an cceart; mar ata dha mbeith duine bocht ar à mbiag fiacha, neamhchumusach ar an ndiól gan a rodhiobhail féin, as ceart agus as resunta, aga, agus spás aimsire do thabhairt do chum dioluigheach- ta, agus goibe nach dena so, peacuigh se le cruodhail. 7. M. Cred è Neart, agus cred è à offig? D. Asedh as Neart ann, subhailche doni duine abigh, le cclaoithann an uile dhócúl chui- reas tuireameasg ar na degoibreachuibh, fòs rosigh go minic go nuige an mbàs, an tan as riochtauus è, à ttaoibh glore Dé, no chum gan teastail ònar ndú- algas féin. As le coghnamh na subhailche so, doru- gadar na Naoimh Mhartirig buogh ar lucht an in- ghreama, agus à ndithcheannta agus do theisbean iad féin neartmhar laidir à ccogaoibh dlisteanacha, beirid buadha agus dogheibhid gloire leis an subhailche so? 8. M. Cia na dubhailche ata contrardha dhon Neart? D. Ataid 2. dubhailche .i. Meatacht, agus Anda- nacht, no ainbheodhacht. Cuiridh an Mheatacht, fá ndeara ar dhuine è féin do thabhairt go rouroise; agus as ò bhegneart fhasas. An Ainbheodhacht amh, cuiridh fá deara ar dhuine è féin do thabhairt gu togorthach don uile pheriacail dha ttiocfa, gan riochtanus. Ag labhairt mar soin, as féidir róbheodh- acht no róneart do ghairim dhi, agus ní thuilleann moladh, acht diomoladh mór, ór nî subhailche î ach locht agus dubhailche mhòr. 9. M. Cred í Measardhacht, agus ciodh à offig? D. Subhailche chuireas srian ris na hainimha- nibh, agus dobheir fá deara ar an ti aga mbí na nithe miangasacha taithneamhacha do ghlaca, agus
do ghnathú do reir deachtuithe no rialach an re- súín. 10. M. Cia na dubhailchidhe ata contrardha dhon Mheasarghacht? D. Ataid 2. dubhailche .i. Neamhmheasardh- acht, agus Neamhmhothù. Asedh as neamh- mheasardhacht ann, an tan dobheir nach è féin do iomad taithnimh agus suilt no miangauis, agus da bhrigh soin doní an iomarca an ithe agus an ól, agus na samhail ele, noch ata urachoideach dhon chorp agus don anam. An neamhmhothú, an trath theid duine go nuige an tteorainn ele, agus sheachnas an uile ní miangasach, cho mór soin, nach áil leis fós an bheatha as riochtanus chum à shlainte dhò cho- thú, do ghlaca, do eagla go naireochadh sé began tainthibh, dobheir an biá oireamhnach go nadurtha leis. Gigheadh as gnathighe à measg no ndúine comhchoitcheann dubhailche na neamh- mheasardhachta no an chraois, ina an dubhail- che ele. Or soin an chúis fé ar chuireadar na Naoimh sios duinn le briarthaibh agus le gniomh an trosga, agus ceasadh agus smachtú na colla. AN IV. CAIB. Ar Thioghlaicibh an Spioraid Naoimh. 1. M. Cia agus camheid iad Thioglaici an Spio- raid Naoimh? D. Ataid na seacht Ttiodhlace ud ann, docon- nocas don Fhaigh Isaias .i. 1. Tiodh na Heagna, 2. Tiodh na Tuigsi, 3. Tiodh na Comhairle, 4. Tiodh An Nirt, 5. Tiodh An Eoluis, 6. Tiodh na Budhachta, 7. Tiodh Eagla Dé. 2. M. Ciodh dha fhoghnaid na Tiodhlaice so? D. Chum go roifeadh linn tiacht chum iomolai- ne, agus chum diongamhaltachta na beatha Chrio- stamhla, ór as amhail dreimire ataid aguinn noch gur leis ó staid an pheaca, a ccoiscémibh eagsamhla the- ighmid suás go nuig an ardNeaomhthacht. As ion- chomharthuigh amh anso, gur ab amhluigh do airimh an Faidh na coisceimi so, à tiacht anúas, ór as anúas ó Neamh dochonnairc an dreimire soin ag turling; as on ttalamh amh aireochamne iad ag to- snú óna coisceimibh iochtaracha, ionnus mar
soin go rachamaois ón ttalaimh súas go Neamh. Soin à chuis gur ab è an .1. coisceim churtar romhainn Eagla De: ar à ccuireann an peacach à chos an tan mheasas go mbionn Dia uileachomhachtach an eascairid aige. 3. M. Ciodh an 2. coisceim? D. Ase coisceim na buidheacht agus na truaidh, as 2. coisceim an, ór an tí ghabhas eagla roimh na pian- tuibh, bhagaras Dia ar na bpeacuidh, cuiridh roimhe bheith buidheach truaidheach, dha umhlú féin, ag deanamh toile Dè, agus à sherebhise go dichiollach an gach ní. 4. M. Ciodh an 3. coisceim? D. Ase an Fios, an 3. coisceim: ór goibe le na meán toil Dé dho dheanamh, siridh an tí so ar Dia, à Ai- theanta agus à Dhligh dho theagasg dho. Dià amh teagascuidh cuid maille ris na seanamontoibh, cuid maille ris na leabharaibh, agus cuid maille re oi- briú inchleithe no seidi foileathach, na nithe as riochtanas dho à fhios do bheith aige. 5. M. Ciodh an 4. coisceim? D. Ase an Neart, an 4. coisceim: òr goibe bhias eol- gasách feasach ar Thoil Dé, agus chureas roimhe à she- rebhis do dhèanamh ans na huille nithe, cuiridh an saoghal, an cholon, agus an Diabhul an iomad docúil air: agus da bhrigh soin, dobheir Dià Tiodhlaice an Nirt do, le mberinn buadh ar na dócúlaibh soin. 6. M. Ciodh an 5. coisceim? D. Ase Tiodhlaice na comhairle, an 5. coisceim: òr an trath nach tig leis an Ndiabhul an duine dho chláoile na neart fein, filligh ar cheilig agus ar mhe- alltoreacht, agus fa bhrat mhaitheasa, doní à dhi- cheall ar an nduine cheart fhíreanda dho leagadh. Gidheadh ní thregean Dià è, acht dhobheir Tiodh- laice na comhairle dho, le mberionn buaigh an aghaidh cheilige à eascarad. 7. M. Ciodh è an 6. coisceim? D. Ase Tiodhlaice na Tuigsi, an 6. coisceim: òr an tan bhios duine muinte agus eolgasach go maith san mbeathaidh ghniomhaigh, agus iar mbreith an iomad buoaidhibh dho ar an Ndiabhul, tairinnighidh Dià chum bheatha ardsmaointidhthe Neamdha è, agus leis an Tiodhlaice son na Tuigsi, dobheir Dià dhó na deamhairrúinn Neamdha do sgruda agus do thuigsin.
8. M. Ciodh an seachtmhadh ceim? D. Asi Tiodhlaice na Heagna an 7. ceim: noch as coimhlionadh agus as crioghnughadh ar an Niong- mhalthacht, òr àse as duine eagnuigh ann, an ti as eolach ar an 1. chùis, stiuras à ghnimhartha go huilidhe dha reir: ni nach féidir dho dheanamh mo- na cheangla an chathrainn dhiongamhaltha re Tiodh- laigthe na Tuigsi: do brigh gur leis an Tuigsi aith- nieas an 1. chùis, agus gur leis an ccarthainn stiuras agus ollamhogheas gach ní chum na crithe deighnui- the. Fa dheiridh do bhrigh go cceangalann an Eagna an Toil ris an Tuigsi goirthear Eagna dhi .i. Eolas deagbhlasta, amhuil do theaguisc san Bernard. AN V. CAIB. Ar Thorthuibh an Spioraid Naoimh. 1. M. Ca mheid iad Tortha an Spioraid Noimh. D. Ataid 12. do Thorthaibh an Spio- raid Naoimh ann, mar ata annso siòs .i. 1. Tordh na Carthannacht. 2. Tordh na Tsolais spioradalta. 3. Tordh na Siochana. 4. Tordh na Faoighdne. 5. Tordh na Feile. 6. Tordh na Maitheasa. 7. Tordh na Buidheachta. 8. Tordh na Ceannsachta. 9. Tordh na Chreidimh. 10. Tordh na Tromdhachta 11. Tordh na Gloine. 12. Tordh na Geanamnuigheachta. 2. M. Cred fá ngoirthear dhiobh Tortha an Spio- raid Naoimh? D. Do bhrigh mar àse an Toradh cuid as deagh- nuighe, agus as millse dhon chrann; as mar soin, às iad na Tortha so as uaisle, as millse, agus as degh- nui dona subhailchi ele. AN VI. CAIB. Ar na Dronguibh Beannuighthe. 1. M. Ca mheid na Droungha Beannuighthe, an Tsuisgeoil? D. Ataid 8. Ndroungha Beannuighthe ann: mar as leir anso siòs .i. 1. As Beanuigthe na Boicht ó Spioraid, do bhrigh gur leo féin Riocht Nimhe. 2. As Beanuigthe na Ceannsach, do brigh go sealabhoid an Ta- lamh. 3. As Beanuigthe na Ghuileas go subailcheach, do bhrigh go mbiaid solasach. 4. As Beanuigthe na Ocraigh, agus Iotmhair shubhailcheacha,
or biaid sásuithe. 5. As Beanuigthe na Trocairigh, do bhrigh go ndiongantar Tro- caire ortha. 6. As Beanuigthe an Ghlanchroidhe, òr dochifid Diá. 7. As Beanuigthe an Shiodhach, òr goirfidhear dhiob clann Dè. 8. As Beanuigthe an Dimheirig do fhulang ar son an chirt, do bhrigh gur leò féin Riocht Nimhe. 2. M. Cred iad na 8. Ndroungha Beanuigthe so, noch dho theagaisc ar Slanuighthoir duinn son Tsuisgeal. D. Ata dreimire ele le roichthear súas go hard- cheim na diongmhalthacht, as cosmhail ris an ndreimire ele ud do chomharimair air Thidhlaicibh an Spioraid Naoimh. Or àtaid an sna 7. raidthibh soin 7. ccoisceimi le roiseamaoid an Bheanuighthe- acht. Dobheir an 8. radh fá dheirigh comhartha le naithnimaoid an ranig leis an bpearsain dul súas son dreimire, no nach ranig. 3. M. Minigh go hachamair an dreimire so? D. Teagasgaidh ar Ttighearna Iosa Criost dhuinn ans na 3. chéd choiscemibh toirimisg na de- anghamhalthachta dho dhibirt, le racham dhon Bheannuightheacht shiorraidhe: ataid 3. ghnath- thurimisg ann, mar ata méan maoine, onora, agus tainthnimh saoghaltha. 4. M. Foillsig an ced choisceim? D. Son ched coisceim ádeir Chriost, gur Beanuigh- the Boicht na Spioraid .i. an Droung sheánas don tsaoghal da ndeoin féin. 5. M. Foillsig an dara coisceim? D. Son 2. choisceim adeir Criost, gur beanuigh- the na cceannsúi .i. an droung chuireas iad féin fáoi chach, agus nach cureann an aghaidh na muintere dobheir masla dhoibh à leith aighadh, na chúil. 6. M. Foillsig an treas coisceim? D. San 3. coisceim adeir ar Ttighearna gur beannuighthe an droung chaoidheas .i. an droung nach sireann aoibhneas, na solás an Tsaoghail, acht dobheir an aire da bpeacuibh dho cháoi, agus do dhea- namh aithrighe ionta. Fós amh san 2. choisceim ele so ta chugain teagasgaidh duinn foirbhtheacht, agus diongamhaltacht na beatha ghniomhuighe, ata à ccoimhliona gach nithe ata do uoalach orainn maille re ceart agus le cathrainn. 7. M. Foillsig an ceathramha coisceim?
D. Son 4. coisceim adeir sé, gur beannuighthe an Droung ar a mbionn ocaras, agus tart an chirt. 8. Foillsigh an cuigiú coisceim? D. Son 5. coisceim àdeir an Tighearna, gur ab Beannuighthe an droung Throcaireach. Son 2. coisceim deghnacha taringhidh sinn chum dion- gamhalthachta na beatha ardsmuaintigthe. 9. M. Foillsig an seisedh coísceim? D. Son 6. coisceim àdeir se, gur Beanuighthe an droung bhios glanchroidheach, ar an adhbhar go bfhaicfaid Diá .i. son mbeatha shiorraidhe le na ghlore, noch aithnid son mbeatha so le ardsmuain- tithibh maille re grasuibh. 10. M. Foillsig an seachtmha coisceim? D. Son 7. coisceim àdeir sé gur ab Beanuighthe an droung shiodhach, do brigh go ngoirfear clann Dè dhiobh .i. gur Beanuighthe an droung chean- glus an charthannacht dhiongamhaltha re hard- smuaintibh neamdha na tuigsi: mar an cceanna do dhirigh an uile ní chum Dé, agus iar cceansugh rioch- ta an anama go hiomalán, biaid na ccloinn aige agus go diongamhalta, naomhhta, cosmhail re naNathair. 11. M. Foillsig à tochtmhadh radh? D. Nil son 8 radh coisceim nua dhon diongamh- althacht, mar do chomharthuig S. Aug. go maith, dobheir amh dhuinn comhartha follus ar, ma ranig an phearsa gus an ndiongamhalthacht .i. má dho fhuiling go toilteanach gach dimhfeirig agus gach buaidheirt eagortach da ndearnadh air: or amhuil dearabthar an Tór son teallach, as amhluig soin dearabhthar an duine ceart firendo son ttrioboloid agus son mbuareadh. AN VII. CAIB. Ar na Ceadfadhuibh corpordha. 1. M. Ca mhead ceadfa corpordha ann? D. Ataid 5. ceadfa, mar ata: Amh- arc, Eisdeacht, Blas, Bolthanas, Glacadh. 2. M. Abair ar tús cionnus choimeadthar, an Tamharc? D. Gan feachain ar nithibh diomhaoineacha, olca, na mimhocanta.
3. M. Cionnus choimeadthar an Taoisdeacht? D. Gan eisdeacht ré briarthruibh graosda, gair- seamhla, na neamhocanta, na le ithiomorradh, na lé na samhail ele; acht eisdeacht ré briathruibh Dé, agus à ccomhall fá na dhicheall. 4. M. Cionnus coimeadtar an Blas? D. Gan biadha blasda, seimhe, na cuirialta noch do bhroisdeodh an chollann chum drúise, do shantú. 5. M. Cionnus choimeadtar an Glacadh? D. Gan glaca salach aindlistenach, na miona- reach do dheanamh air féin, na ar aon ní ele. 6. M. Cionnus choimeadtar an Boltanas? D. Gan bolaidhe seimhe do shaláthar do thairn- geachadh duine chum ainimheana. 7. M. Cred fá ttug Dia dhuinn na ceadfa cor- pordha? D. Chum à sheirebhise féin do dheanamh go diomgamhaltha leò. 8. M. An seirabhis do Dhia an Tamharc, an Teis- deacht, an Biadh, an Deoch, agus na nithe ele ghla- camaoid agus chathamaoid? D. Aseadh go deimhin, ma choimhliontar na coinghill remhraidhte, ór as chuige tug Dià duinn iad, chum à sheirebhise féin do dheanamh leò: agus mona ndearnam soin, as maille ris na ceadfa cean- na ceasféar sinn à Bpurogadoir, no an Ifrionn, mar dobhadar gobhthach ris na peacaibh ceanna. AN II. TRACHT DON III. LEABHAR DHON THEAG CHRIOST Ar na dubhailchibh agus ar na peacuibh. AN I. CAIB. Ar na peacuibh go coitchean. MAGHISTIR. 1. O dho fhoillsighis artigail an chredimh, na hurnuitdhthe, na deagoibreacha agus na subhailchi ní folair, ànois na dubh- ailchi, agus na peacuidhe do fhoillsiú, chum go sea- chonamaois iad? D. Asi ionann peacadh agus oibriú thoilthanach, no
neamhoibriú bhios an aghaídh dlige De. As tuigthe dhuit annso go sirthear 3. nithe chum peaca dho dheanamh. 2. M. Ciodh an cead ní aco? D. Ar 1. ní folair à bheith na ghniomh, no na neamhghniomh .i. go mo meán le neach ní eigin crosta do dheanamh, no do oibriú, no gan an ní fho- garthar do dheanamh, famar an somplo so; an Blas- pheim .i. Diamhasladh as peaca gniomhach è, agus gan Aifrionn do eisdeacht as peaca neamhghniomhach è. 3. M. Cia an dara ní? D. An 2. ní, ní foláir, an gniomh, no an neamh- ghniomh son dho bheith contradha do dhligh Dè, ór as riaghail ghenaraltha dligh Dè chum deaghoi- brighthe, amhuil as riaghail ceard dhon tsaor cloith- che nach togbhann an balla go maith, mona noi- brighe sé do reir mar dheachtas an cheard dó; as mar soin nach maith beatha an duine, agus nach fei- dir duine maith do radh ris, mona leana dligh Dé. Ní hiad na Hoitheanta amhain tug Diá féin uaigh thuigimid anso mar dhligh Dé; acht fós farú soin na dlighthe chuirid na Papuidhe, agus na huachtarain ele Eaguilse agus Tuaithe amach, ór as Turnuighthe do Dhia iad uile, agus as uiaidh do glacadar an ugh- darras. 4. M. Ciodh an treas ní? D. An 3. ní, ní folair, an gniomh, no an neamh- ghniomh do bheith toileamhuil, ór an ní dho ní duine gan aonta à thoile dho bheith chuige, ní peaca è, amhuil mar ata, dha ndearna duine blasphem na cholladh, no sul do ranig à cceill, no nach tuigeann gur blasphem an ní àdeir, son ccas soin ní pheacuean duine, do bhrigh nach bion aonta na tola chuige. 5. M. As maith do fhoillsighis an peaca; innis à- nois ciodh è an dubhailche. D. Asedh as dubhailche ann drochchlealchta, agus drochghnathamh, dogheibh duine trè son bpeaca do dheanamh go minic. A son tig, go bpeacuigheann à samhail soin do dhuoinibh go rófhuraise, togar- thach, sugach; sompla air so, à deirimid go mbionn duine an fhear blasphem, eithig, no na chearbhach
ma ghnathuigheann gach ní aco, an blaspheim agus an teightheach do dheanamh as peaca è, agus as dub- hailche à ngnathú: agus mar soin dona lochtuibh ele. 6. M. An mór an tolc an peaca? D. Ní fhoil olc ós à chióonn, fós ase féin an tolc diobuithe ó na nadúir féin, agus as fuathmhaire le Dia na ní ar biath ele, mar do remhradhmair son chaibidil thuas ar ann ccombrudhcroidhe. As follas soin do bhrig nach coiglean Dia na nithe as uaisle, agus as breatha dhar chruthaig do sgrios seochad à ndioghaltas an pheacaidh. Da mbiag ag Rí noag Prionsa mhor soitheach alain costasuil óir no airi- gid, agus go fhuigeadh ann deoch bhrean, mhorguidh- the, thruaillidhthe dho chuirfeag grain romhor air, agus go ngeabhadh an uired soin do fhuaith do è, go ttiuradh fá ndeara à bhríse dho lathair, na bhalaibh beuga agus à thelegeann à fhioriochtar na na fairige, àdertha gan amhras gur mhór an fuaith agus an ghráin dobhi aighe ar ndigh dobhi son tsoightheach son. Ar an modh cceanna dorínne Dià da shoitheach ròaluin, ròuosal, ròonoreach, soigh- theach aco do Airigoid .i. an Duine; an soightheach ele do Or .i. an Taingeal, agus do bhrigh go fuair an gach soightheach dhiobh dioch bhreann lotha an pheaca, do bhris agus do theilig à fhioriochtuir Ifrionn na Haingil do pheacuidh, agus teilige go laith- amhuil son ait cheanna na duine dogheibh bás à bpeaca mharabh da ngearcheasa à bpian- tuibh siorraidhe. Fa dheire do bhaigh se an Do- mhan leis an Ndilinn, agus na duoine uile leitha- muith do Naoi, agus da mhuintir, do bhrigh gur cho- mead an ceart. 7. M. Ca mheid gne pheaca ann? D. Ataid da gné, mar ata peaca an tsinnsir, agus an peaca gniomhach; agus rointear an peaca gniomh- ach ann da gné .i. marabhthach agus solaitheach. AN II. CAIB. Ar pheaca an tsinnsir. 1. M. Cred è pheaca an tsinnsir? D. As pheaca è na mberthar sinn, agus
ata aguin ò oighreacht ar cceádAthar. Bioth à fhios agad an tan do chruthaig Dià an ceád fhear, agus an cheád bhean, dar bhainim Adam agus Eva, go ttug se dhaibh seacht ttiodhlaice. 2. M. Foillsig an céd Tiodhlaice? D. Ar 1. tug se dhoibh grasa, le rabhadar ceart, firenda, na ccairdibh agus na cclóinn toghtha aige. 3. M. Foillsig an dara Tiodhlaice? D. An 2. Tiodhlaice, tug dhoibh móreolus ar an maith do dheanamh, agus ar an olc do shea- chana. 4. M. Foillsig an treas Tiodhlaice? D. Son 3. Tiodhlaice, tug dhoibh an cholonn do bheith umhal don Spioraid, chum nach taraingeo- daois na hainimhiana iad chum nithe do dhea- namh dobhiag an aghaidh resúin. 5. M. Foillsig an cearthramhadh Tiodhlaice? D. Son 4. Tiodhlaice, tug dhoibh aibigheacht agus fhusacht chum maitheasa dho dheanamh, agus chum an uilc do sheachana, agus níor chuir ortha acht aoin aithne amhain do chomhall, fós ró fhuraise. 6. M. Abair an cuigeadh Tiodhlaice? D. Son 5. Tiodhlaice, tug dhoib bheith suaimh- neach, gan dúo, na eagala, ór dobhearadh an Talamh uaidh gan treabha na leasú an uile tho- radh bú riochtanus don bheatha dhaonna, agus ní raibh ann ní dho dheanagh didbhail don duine. 7. M. Abair an seiseadh Tiodhlaice? D. Son 6. Tiodhlaice dorinne iad marthannach, domharathach, àse soin, nach faghidaois bás choiche, da ccoimeadadaois iad féin glan ón bpeaca. 8. M. Foillsig an 7. Tiodhlaice? D. Son 7. Tiodhlaice: bú mhián leis à cciónn aimsire à mbreith leis dona Flaitheasuibh, chum na beatha siorruidhe ghlórmhaire, dobhí ag na Haingilibh. 9. M. Cionnas do chailleadar na Tiodhlaice soin, ór do bú rómhaith, tarabhthach iad ní dhaibhsean
amhain, acht duinne mar an cceana? D. An chéd fhear Adam, agus an chéd bhean Eva iar na mealla don Diabhul, niór chomeadadar an Aithne ud, agus mar son do pheacuidar an aghaidh Dè, tré ar chailleadar na 7. Tiodhlaice reamh- raite. 10. M. Innis damh, sinne nár chuidig dhon mhaith na dhona Tiodhlaicibh, agus fós sinn neamhcheon- tach na ccoirthuibh, cred fá ccuidighmíd da ndio- ghaltais? D. Do bhrigh nach dhoibh féin amhàin tug Dià na Tiodhlaice soin, ach fós da sliocht na ndeaidh go hiomalàn, soin an chúis fá ar chailleadar dhaibh féin agus duinne iad, agus dorinneadar cuidightheo- ri dhinn ní dha bpeaca amhàin, acht fós da nainnisi agus da mbochtaine, amhuil ceanna do chuideomaois da ngrasuibh, agus da Ttiodhlaicibh ele mona bpeacuidis. Da bhrigh soin àsé as pea- ca an tsinnsir ann, eascárdeas ré Dià, agus uireasba na ngras ionna mberthar sinn. O ttig an tainifhios, an drochchláona, docúl na matheasa dho dhea- namh, usacht chum an uilc, dúa agus saothar sho- lathair ar mbeatha, an eagala agus na pheriacail thimcheallas sinn, bás dearabtha an chuirp, agus fós bás siorruidhe an anama, mona mbiaiam saor on bpeaca ria mbás, agus mona fhilleam ar ghrasuibh Dé. 11. M. Ciodh an leigheas, no an fortacht ata aguinn an aghaidh pheaca an tsinnsir? D. Mar do remhradhmair thana, àseadh as lei- gheas air, Páis agus bás ar Ttighearna Iosa Criost, òr dobí toil Dè an ti dho chuirfeag roimhe féin sasú do thabhairt à bpeaca Adaim, go mbiag féin saór ò pheaca fós go mbiag na Dhià agus na Dhuine, agus mar soin go mbiag sé soghlacuighte, taithnemhach gan chrith agus umhál do, ní an ní cho fúras, ris an ní do fograidh do Adám, acht an ní bú ródheacra ró- dhoculidhe, mar dobí bás easmailteach cruadha- lach na croise. Agus an fortacht no an leigheas so
doberthar duinn è san Mbaiste, mar do remhradh. Or bioth nar thoil le Díà na 7. Ttiodhlaice so do fhille orainn go hobann, gidheadh ba toil leis an Tiodhlaice as prinsipalta dhiobh .i. à ghrasa do fhille orainn, le ndeantar sinn ceart firenda, nar ccairdibh agus nar ccloinn do Dià, agus nar noigribh ar Righeacht na gloi- re. Fós fillfidhear orainn na Tiodhlaice ele, ma nima- oid son mbeatha so gach ní as oircheas agus as cóir duinn. AN III. CAIB. Ar an bpeaca gniomach .i. marabh- thach agus soloitheach. 1. M. Foillsig ànois, an peaca gniomhach, agus cionnus ata na pheaca mharabh, agus na pheaca soloightheach? D. Asedh as peaca gniomhach ann, peaca doniomaoid dar ttoil féin, iar ttiacht duinn an usaid cheille, mar ata goid, marabha, eightheach, agus a samhuil ele contrardha dho dhlighe Dè. 2. M. Cred è peaca marabh? D. Asedh as peaca marabh ann, ní le ccailleann duine na grasa, as beatha dhon anam: agus thuilleas bás siorruidhe Ifrinn. 3. M. Cred è peaca soloightheach? D. Ní nach taithniann re Diá, gidheadh nach biónn chomór soin, go ccaillfeag leis grasa Dè, agus dlighidh sé pian aimseardha, ní dhligheann amh pian shiorruidhe. 4. M. Cionnus aitheantar peaca marabh, no soloightheach? D. Chum an pheaca mharaibh, no sholoigh- thidh do aitne, ní folair dha riaghail do choimead. 5. M. Ciodh an ched riaghail? D. Asi an .1. riaghail, an peaca dho bheith an aghaidh na chartainn .i. ghradh Dè, no na comh- arson. 6. M. Ciodh an dara riaghail? D. Asi an 2. riaghail, gur ab ó aonta iomolain na toile thiocfadh. Or da tteasduighe ceachtar aco soin uaidhe, ni bhia na pheaca mharabh, acht na pheaca sholoightheach amhain. 7. M. Cred è peaca an aghaidh na carthainne? D. As peaca an aghaidh na carthannachta è an tan bhios an aghaidh dlig Dé à ccúis thróim, ar
modh, go mo fiú an choir an cardeas do sgaòile. Ma bhionn amh à ccúis eadraim, agus nach leòr è chum an chairdis do sgaoile: ní bhionn an trath soin an aghaidh na carthainne, acht àdeirthear nach bionn da rèir. Agus as mar soin àdeirthear ris an ccead pheaca go mbionn an aghaidh an dlighe, do bhrigh go mbionn an aghaidh na carthuinne, noch as crioch dhon dlighe. An peaca deghnach amh, ni habarthar go fhoil an aghaidh an dlighe, do brigh nach foil an aghaidh na carthainne, acht àderthar nach foil do reir an dlighe, do bhrigh nach foil do reir na car- thanachta. 8. M. Foillsig soin le sompla eigin, ionnus go mo faride thuigfiamè? D. Gabh mar shompla: súim mhòr airigid do ghoid, as peaca marabh è, do bhrigh go fhoil contrardha do dligh Dè, agus à ccúis throim, agus do bhreitheamnus gach nduine as leòr è chum an chairdis do sgaoile, agus mar soin ata an aghaidh an charthainn, gidheadh smoilcin no feorling do ghoid, no bioràn prais, no asamhuil ele dho ni eadrom, ni peaca marabh son ach soloitheach, ar son gur ni eadrum è, agus bioth nach foil do reir na carthunne, nil na haghaidh do bhrigh nach leòr le resún é chum an chairdeachais do sgaoile. 9. M. Foillsig ànois an 2. coingheall .i. aonta na toile? D. An 2. coingheall, ma bhionn an peaca an ahgaidh an dlighe, agus à ccúis throim, agus go mbia aonta na toile go hiomlàn chuigi, as peaca maradh è. Acht amh mona mbia go hulidhach toileamhuil, amhuil dobhiag ag duine smoaineamh, no fonn ar pheaca dho dheanamh, mar ata goid no marabha etc. agus go ccoimhneochadh air féin sul do aonntuigheadh à thoil, dobiadh na pheaca soloitheach amhain. Ar an adhbhar soin ni folair bheith aireach, agus son lúas na mutho duine an smaoineadh no an fonn à chur dhe sul naontuig an toil. AN IV. CAIB. Ar na ceannpheacuidh. 1. M. Foillsig ànois na peacuidhe as prinsipalta ann, chum go seachonamais iad do reir ar ndichell?
D. Ataid peacuidhe dhairighthe ann da ngoirthear peacuidhe prinsapalta, do bhrigh go fhoilid amhuil Toibreacha, agus Preamha ag an iomad do pheacuibh ele, as diobh fós ghoirthar cinnpheacuidhe, agus à 7. a liòn. Ataid peacuidhe ele ann re nabarthar prion- sapalta, do bhrigh gur deacair amatheamh, agus as diobh ghoirthear peacuidhe an aghaidh Spioraid Naoimh, agus à 6. à nuimhir. Ataid fos peacuidhe ele as mo as prinsapalta ann, do bhrigh go fhoilid rò ghraineamhail, agus an aghaidh an uile resúin, agus trid soin àderthear go nglaodhaid go Flaitheamhnus ag iarruig dioghultuis ar lucht à ndeanta, agus à 4. aliòn. 2. M. Cia, agus ca mheid na cinnpheacuí: agus na subhailche le ccloitear iad? D. So sios na 7. pheca: gon na subhailche le ccloi- tear iad .i. 1. Peaca An uabhair claoitear le Humlacht. 2. Peaca Na sainte claoitear le Feile. 3. Peaca Na druise claoitear le Geanamnuigheacht. 4. Peaca Na tnutha claoitear le Carthanacht. 5. Peaca An chraois claoitear le Measardhacht. 6. Peaca Na feirigi claoitear le Foighdne. 7. Peaca Na leisgi claoitear le Easguidheacht. 3. M. Cred fá ngoirther cinnpheacuí diobh so? D. Ní ar son bheith na bpeacuibh marabhthacha ghoirthear cinnpheacui dhiobh, or as iomdha peaca marabh nach ceannpheaca, mar ata an Diamhasladh; an duinemharabha: agus àtaid moràn cinnpheacui nach bionn do shiòr marabhthach, mar ata Fearag, Craos, agus Leisge. As trid ghoir- thar cinnpheacui dhiobh, do bhrigh gur cinn iad do iomad peacui ele fhasas uatha, mar ghea- guibh ò phreimh, no shruthain ò Thobar. 4. M. Ciodh è ubhar, agus cia na peacui fhasas uaidh, agus ciodh à leigheas? D. Ase as uabhar ann, peaca le measan duine go mbionn nías mò, agus nias as feárr na mar bhios ann féin, agus mar soin as meán leis bheith nias ceanamh- ala na cach, agus ni fhuilingeann uachtaran na co- namhui dho. So iad na peacuidhe fhasas uaidh, è féin do mholadh, bheith gloirdhiomhaoineach, broainneach, eisiodhach, asumhal, etc. As amh- laidh chlaoitear è, duine do dheanamh dichill ar è
féin do umhlú .i. à thuigsin nach foil aon ní aige uaidh féin, agus gach ni dha fhoil aige gur tiodhlaice Dhiá è; agus measag gur feár cach ele na è féin, da tharcuis- niú da urisliú féin faoi chach ele; tugadh onòir go foi- riomelach, agus go hinchleithe .i. go foileatheach do gach aon do reir an cheime no an ghraduim no mbià. Foghnaidh dho mar an cceanna à smuai- neamh go ndein an Tuabhar an duine cosmhuil ris an Ndiabhul, agus gur robheg ar Dhia è. Or ata sgri- obhtha go ccoireann Dià an aghaidh lucht an uabh- air, agus go ttabhair grása dho lucht na húmh- lachta: islighidh lucht an uàbhair, agus arduigh lucht na humhlachta. 5. M. Cred as saint ann, ciá na pecuidhe fhasas aista, agus ciodh à leigheas? D. As ainimhián saoibhris an Tsaint, agus à 3. ni- thibh preamhuigheas. An 1. ni, an tan shantuigheas neach cuid duine ele, agus nach lèor leis à chuid féin. An 2. ní, an tan bhiàs fonn air nías mo dho bheith aige, na as riochtanas dò, agus gan à bhreis no à iomorca dho roinn ar na bochtuibh, mar ata do fhiachaibh air. An 3. ní, an tan roghraidheas an mhaoin tsaoghalta shealabhugheas, bioth nach biàg iomarcach. As amhlaidh aitheanntar so, an trath nach bionn duine ollamh chum à mhaoine sao- ghalta dho cailleamhain à ccúis riochtanuis onora Dè. Is as son adeir Pòl gur ab Iodhaladhradh an Tsaint, do bhrigh gur ab annsa lis an sanntach an mhaoin tsaoghalta na Dià, ór as fusa leis Dia do chailleamhain na an mhàoin. As iomhda peacuidh fhasas as an saint, mar ata goid, fuodach, cealag à roic, agus à cceannach, cruaidh ris na bochtuibh, agus à samhuil ele. Ase leigheas le cclaoitear í, duine dho ghnathú subhailche na féile .i. bheith daonnachtach tabharthach, as smuaneadh gur lucht slighe agus deo- ruighthe sinn son mbheatha so, da bhrighe soin as tarabthach duinn gan tromuolach na maoine sao- ghalta dho bheith orainn, acht à roinn idir ar ccu- deachtain aon tslighe .i. na boicht, chum go mbeara- duis leò í don tír anonn fa nar ccuinne, agus mar soin, sinn iar nar neadromù ón uolach soin, as fusaidi dhuinn an tslighe do chur dhínn go haithghear è. 6. M. Ciodh í Druis: cian na peacuidhe thig uathe,
agus ciodh à leigheas? D. As fonn ainemheanach an drúis chum tain- thnimh agus oibhnis colluighe. Ag so na peacuidhe ghin- tear uaithe, duille inntinne, meradhantacht, neamh- sheasamh; fós brise Posta, adhaltarnus, striapuchus, briartha gairseamhla, agus an uile shalachar ele colluighe. Ase à leigheas, gnathú troisge agus urnuighthe, agus seachana na ndrochcholuadar: agus à ccuimhdeacht na mimhocantachta; orasiad na medhòin le ccomeadtar an gheanamnuigheacht (tar gach aon ní) gan iontaibh na muinin do bheith aige as féin, na as à shubhailche, na as à naomh- thacht: acht tughadh à aire teithe on uile pheria- cuil, agus à cheadfa dho chomead, ag smuaineamh ar Shampson ròchalama ròneartmhar, ar Dhavidh ròNaomhtha, ar Salamon ròeagnuidhe, gur mellag leis an nduailche so iad, agus gur thuiteadar à mordhuille intinne, agus go mormhor Salomon do thair- ringeadar à leánnain chum Iodhbal do adhradh. 7. M. Ciodh í Tnuth, cia na peacuidhe fhasas ai- ste agus ciodh à leigheas? D. As peaca an Tnuth chureas dolàs ar neach, fá mhaitheas dhuine ele do bhrigh gur dòigh leis go laighduigheann se à chaithreim no à onòir féin. Tuig annso, an tan ghuilleas ort maith dhúine ele (do bhrigh nach fiú è à bheith aige, no nach cuireann go maith í) nach peaca è: mar an cceanna an tan nach taithneann riot gan leitheid na maitheasa spiora- dalta ata ag cach do bheith agad féin, agus go mòr-mhor subhailche durthacht, agus à samhuil ele, ní peaca soin acht foramad Neaomhtha somholtha. Gidheadh an tan ghoilleas ort maith duine ele le muchtar honóir féin, agus go mo thoil leat è dho chail- leamhain na maitheasa son, do eagala go mbiag se manionann riot, no go rachadh os do chionn, so dhuit peaca na Tnutha, agus fasaid as an iomad do phea- cuibh ele, mar ata breitheamhnas taircaisneach mearaghanta lúchair trè olc dhuine ele, ithioma- radh agus michlú, or as meán la fear an Fhoramaid deaghchlú na comharson do isliú; agus fòs Dùsidhthe- ar leis feáll .i. donimharudh, amhail do eirig do Chain, mharabh à dhearabhrathair Abèl le Fora
mad, agus dona Hubhlaibh do chuir Criost chum bàis le Tnúth. Ase à leigheas so neach dha ghnathú féin son charthann agus son ngradh nderbhrathre- adha, agus amheas go minic gur mo doní an Tnúth do dhochar dhon tí doní í, na dhon tí ar à ndeintear, òr fear an Fhoramaid ceasig è féin, agus bí dha eithe, agus da Chreime ar an ttaoibh astig go heinhcleithe foileatheach, agus as gnatach lé Dià son tslighe soin an ti re mbionn an Tnúth do ardù, agus fear à dheanta dho isliù. Amhuil dochimid gur lè Tnùth tug an Diabhúl fá deara ar an cèd duine an Parrathus talamhúidhe dho chailleamhain, Dià amh à glaca cùise no òcaid as son, do chuir Criost ar an Saoghal, le na luigheacht tug agus do aisig ar an nduine cheanna Parrathus Neamhdha. Dearabhrairthre an Ardathar Ioseph do dhiola- dar è lè Tnùth, agus trid soin dorinne Dià Ttighear- na dhe òs à ccionn. An Rí Saúl as lè Tnùth dorinne inghreim, agus dibheirigi ar Dhavid, agus tríd soin do bhain Dià an Ridheacht deisean, agus tug î do Dhavid. 8. M. Cred è Cràos, cia na peacuidhe ghintear uaidhe agus ciodh an leigheas lè cclaoitear è? D. Anàmhean neamhordúithe peaca an Chràois .i. an iomad do ithe agus do òl. Or as ann tseasuidh- eas an tanordar soin, duine do ithe nisa mhó na as oiriunach no as uireasbach dho, no biadha mean- gasacha, beaduighe do iarruig, no biadha crosta dho shantù, mar ata feoil do ithe diahaoine agus diashatruinn, gan fureach ris an uair chóir, agus go hairighthe an aimsir throisge; no fá dheirigh, à ithe go hairceasach craòsamhuil. So na peacuidhe fhasas as an Ccràos, dorachacht intinne, sughachas diomhaoin, iomad cainnte. As gnathach fós go fhasann an drùis as, gon à cloinn uile. Measardh- acht agus Trosga à leigheas, òr dobherid soin cog- namh dhon anam, agus don chorp. Agus fá leith as tarabhach à smuaneamh à gherracht mhaireas taithneamh an Crhàois, agus go ròmhinic fhagh- bhus diachair agus tinneas fada tar eis son ngoile, agus son cceann. 9. M. Cred as Fearag ann?
D. As fonn ainimheanach dioghaltais an fea- rag: as tuigthe dhuit amh an fhearag shuaimh- neach deaghordaighthe gur maith í, agus as leis soin à derthar son Tpsailim: Deana Fearag, agus na dean peaca. Adeir S. Basilius gur cosmhail an Fearag re madúidhe bhios go maith an tan amhustruigeas air an Namhaid, agus nach dein ar an ccarid. Ata an drochordarghadh son na Feirigi à 3. nithibh. An 1. ní, an tan chureas neach roimh dioghaltas do dheanamh, ar an tí nar thúill smacht, agus nach dearna dioghbhail do. An 2. ní, à chur roimhe dioghaltas do dheanamh as ughdardhas féin; òr gortú agus smachtú na ndrochdhuine, ní bheanann sé acht ris na Huachtaranuibh mar ata priúnsuidhe agus officgidh. Agus do bhrigh gur ab è Dià an tard- Phriónsa, àdeir sé gur ris féin bhaineas an smacht, agus an dioghaltas. An 3. ní, dioghaltas do dhea- namh le fúath, agus ní le fónn an chirt do choimead, agus na fós amodh, na no nithe ele bhaineas ris. 10. M. Cia na peacuidhe fhàsas as an Fheirig? D. Fásuidh ceannarric, drochchàint, búaladh, gnimhortha mióchuibheasacha, amhuil dobhiag duine ar mire, no as à cheill, òr as cosmhuil an fhearag mhiochuibheasach ré fear mire. 11. M. Cred legheas na feirige? D. As lé subhailche na ceannsachta agus na foigh- dne leigheastar í, ag smuaineamh ar shompla no Naomh, agus no Fhirén, agus Chriost féin le rugadh búaidh ar an sort nduailce so lè hiomchar agus lè foighdhne: Ní mar donid no duine chureas riom- po dioghaltas do dheanamh go cruadhalach ar an neascairdibh. 12. M. Cred í leisge? D. Ionann leisge an gaoidhelig, agus focal da ngoirthar Acedia son Teangain ngreaguig, agus àsedh cialluigheas tuirse, no neamhfhonn, agus bith no cheannpheaca, an tan bhios tuirse agus neamh- fhonn ar dhuine faoi dheaghobair do dheanamh, agus nach taithniann reis dlighe Dé dho choimhlio- nadh na imtheacht ar shilghe na subhailcheadh.
13. M. Cia na peacuidhe fhasas as an leisge, agus ciodh à legheas? D. Fasaid aiste tarcaisne ar na Haitheantuibh, agus neach dha dhorta féin ar na dubhailchí, eadochas maitheasa dho dheanamh, fuath agus miosguis do bheith aige dhon drouing do chuirfeag fá deara air an peaca dho sheachana, agus an tsli- ghe chóir do leanmhain. A leigheas so gan bheith diomhain, leabhair mhaithe dho leigheadh, smoai- neamh ar an luaidheacht mhaith gheallas Dia dhon drouing bhios dichilleach ag comhall à naomh- aitheanta, agus ar an bpéin shiordhuidhe dhofhui- lingthe ata aige fá chuinne na drouinge bhios leasc neamhdhichillach. AN VI. CAIB. Ar na peacuibh an aghaidh an Spioraid Naoimh. 1. M. Cia, agus ca mhead peaca an aghaidh an Spioraid Naoimh? D. Ataid 6. pheacuidhe an aghaidh an Spio- raid Naoimh, mar ata: Peaca an 1. Eadochus à shlanuighthe. 2. Andochus à shlanuighthe gan deagoibrea- cha. 3. Chur an aghaidh na firinne as à rucht. 4. Tnúth agus doilgheas tré ghrasuibh agus mhaith na comharson. 5. Bheith crúomhuinealach seasmhach son pheaca. 6. Bheith neamhaithreach son crith dheanuig. 2. M. Cred fá ngoirthear dhiobh so peacuidhe an aghaidhe Spioraid Naoimh? D. Do bhrigh gur lè malís daríribh donithear iad, agus go mhormhor an 3. peaca ata níos disle na cach an aghaidh an Spioraid Naoimh .i. an tan bhias fios na firine ag duine, agus chureas na haghaidh go hamhnareach, ag seana nach í an fhirine í. Goirthear fós peaca an aghaidh an Spioraid Na- oimh dhon pheaca donithar lè malís, do brigh gur à leith an Spioraid Naoimh churthar an mhaith noch as contrardha dhon mhalís: àmhail àder- thear peaca an anifhis do bheith an aghaidh an Mhic ag ar no leith churthar an eagana; agus peaca na luige agus na hanamhainne àderthar do bheith an aghaidh an Athar, do bhrigh gur no leith chur- thar na comhachtha, agus an neart.
3. M. Créd àta dho dhileas ag na peacuidhibh so? D. Ata nach maitear iad son Saoghal so, na son Saoghal ele thall, mar chureas ar Shlanuithoir sios son suibhsgeal. Amh as mar son as tuigthe soin .i. gur ab deacair à matheamh, do bhrigh gur ab annamh an droung doní iad dothoigheacht choidhche chom na Haithrighe fíre; amhuil deirimid ris an eagruas go mbionn doleighis, ní he ní as mean linn do radh nach féidir à leigheas ar aon chor, acht gur ròan- namh è dha leigheas, agus go coitcheann nach foil leigheas air. AN VI. CAIB. Ar na peacuidhibh eigheas go Flaitheamh- nus ag iarruig dioghaltuis. 1. M. Cia agus camheid peaca egheas no sgrea- das go Flaitheamhnus ar Dhià ag iar- ruig dioghaltuis? D. Cheithre pheaca, mar ataid anso sios: 1. Peaca an fheaoill .i. duinemharú toilleamhuil. 2. Peaca Collúighe an aghaidh nadurach. 3. Peaca Luighe no eagòir do dheanamh ar bhoch- tuibh, agus go harighthe ar dhigleachtuibh, agus ar bhaintreachuibh. 4. Peaca Connamhaill à luaideacht saothair on lucht oibre. 2. M. Cred fá nabarthar go nglaodhid go Flai- theamhnus? D. Do bhrigh go fhoil ècceart na pheacuidhe so cho follas soin nach feidir scath na folach do chur ortha ar aon chor. AN VII. CAIB. Ar eascairdibh an anama. 1. M. Cia agus camheid eascairde an anama? D. Ataid 3. heascairde ag an anam mar ata: an Diabhúl, an Saoghal, an Cholann. 2. M. Cred fá tugthar eascairde an anama ortha, no an fholid cumusach, na cumhachtach ar sinne dho tharrang chum peaca? D. Nilid go deimhin, gideagh donid an noith- cheall chum sinne dho lot agus do chorrù chum peacaidh. 3. M. Cred fá fholingan Dià dhaibh sinne do bhuai- readh, na dho chathú dár ttaraing chum peacadh? D. Chum ar ndainginithe son maith agus an sna subh- ailchibh, ag meadú agus à coimead ar lúaidheachta.
4. M. Cionnus bhuaidreas an Diabhúl sinn? D. Ag cur drochsmuaintidhthe an ar ccroidhe agus go forimeállach ag tabhairt cúise antola dar lathair. 5. M. Ciodh an ní le nibearthar na drochsmu- aintidhthe? D. Le teithe uotha ag guidhe ar Ttighearna Dià gu ròdhurthachtach fá nar seachana ortha. 6. M. Cionnus chureas an Saoghal cathú orainn? D. Le na dhiomhaoneas, ag tarigsin millseacht briathar dhuinn, agus dar mbuareagh le comhluadar no nduoine saoghalta. 7. M. Cred an leigheas àta aguinn na naghidh so? D. Dlighe Dè do chomhead agus lorag na ndea- dhuine dho leanamhain. 8. M. Cionnus bhuaireas an Cholann sinn? D. Le hiomad drochsmuaintidhthe, agus droch- chomhluadair dar ngriosadh chum peacuidh. 9. M. Cia na hairrim as ionghlacuidhthe an agaidh na Colla. D. Grasa Dè maille re medhon no ndeaghoi- breacha. AN VIII. CAIB. Ar na 4. nithe deanacha. 1. M. Teisbein teagasg eigin generalta chum na bpeacuidhe dho sheachna? D. Adeir an Teagnuidhe: cuimhnig ar do chrio- chuibh deghnach, agus ní pheacòir choithe, à 4. à liónn so .i. Bás, Breitheamhnus generalta, Ifrionn, agus gloire Neamhdha. 2. M. Cred fá ngoirthear 4. nithe deanacha diobh? D. Do bhrigh gur ab è an Bás crioch na beatha, agus an ní as deaghnuigh theanghmhas duinn son sao- ghal so. An Bretheamhnus generalta àse as deaghnuighe dona huile bhreitheamhnuisaibh ele, ní feidir àpéil do dheanamh air .i. gairim uaidh chum aon bhreitheamhnuis ele. Ase Ifrionn an tolc as deaghnuighe ag lucht na ndrochghniomh- artha ina mbiaid do shiòr gan dáil fhortachta. Fa dheiri, àsi an glóir Neamhdha maith as deagh- nuidhe dogheabhaid na deaghdhuoine noch na cailfid choithe. 3. M. Abair uait cred as ansmuaintethe dhuinn
ar na 4. nithibh deanacha so, chum nach deana- maois peaca, mar àdeir an Teagannúighe, ma chuiniomaoid ortha? D. As feídir léat na 4. puinc so do smuaineamh ar an Mbás. An 1. punc, à smuaineamh go fhoil an Bás ródhearabhtha, agus nach foil ar ccumas do aon neach à sheachana. An 2. punc, nach feas cia hí uair an Bháis, agus go fhagaid morún Bás an tan as lú shaoilid. An 3. punc, gur leis an Mbás chrioch- nuighthar nithe an Tsaoghaoil so, agus annsoin aith- eanthar diomhaoineas an Domhain. An 4. punc, gur mor ghoilleas ar dhuine an uair an Bháis an tolc dorinne, agus an mhaith do leig dhe gan dea- namh. Ar an adbhar soin as leamh dhuinn nithe dho dheanamh, aga fhoil à fhios aguinn go mo haith- teach linn iad fá dheirigh. 4. M. Cred àdeire reis an Mbreitheamhnas ndeanach? D. As feidir leat na puinc so dho smoaineamh ar an Mbreitheamhnus ndeanach. An 1. punc, à smuaineamh gur ab ar nithibh mora, diobuithe tionscnothar an Breitheamhnus so .i. ar an ardmhaith, agus ar an ardolc. An 2. punc, gur ab ardBhreitheamh aga fhoil fios an uile nithe (agus nach feidir cur an aghaidh) do dheana è. An 3. punc, gur do lathair an Domhain go hiomlan de- antar è, agus na bú feidir le aonneach è féin do tha- rang uaigh. An 4. punc, nach biaigh munighin na dochus ag aon neach teithe on Mbreith soin, na ò choimhliona an chirt Neamhdha. 5. M. Cred as ionsmuaintidhthe ar Ifrionn? D. A mheas go fhoil Ifrionn leathan, fada, ard, domhain: àta se leathan, do bhrigh go ccoimsión, agus go fhoil ann an uile short peine as feidir do smu- aineadh: àta se fada do bhrigh go fholid na pianta soin gan chrith gan fhoircheann: àta se ard, do bhrigh go fholid cruadhalach son ardcheim: àta se domhain, do bhrigh gur fiórphianta iad gan aon mheasga soláis triotha. 6. M. Cred as smoaintithe dhuinn an Ngloire Naomhdha? D. Amheas mar an ceanna an Ghloire Neamh- dha, go fhoil si fairsing, leathan, do bhrigh go fhoil an uile ní maith as feidir do smuaineamh inte, fós
nísa mhó na as feidir linn do mheas na do mheanú. Fada, do bhrigh gur sirrúighe na mhaitheas soin. Ata si ard, do bhrigh go fhoilid roard, amhail ceanna ataid rouaisle. Ata si domhain, do bhrigh gur maith- eas glan iad, gan measga uilc na uruchoide eatortha. As measta dhuit fós, nach foill aon choingheall dona conghealluibh reamhraite soin ag maitheas an tsao- ghail so, do bhrigh gur gearr, beg, diombúan iad, agus go mbid iar na ccomeasgadh do bhuareag, do chant- labh, agus do dhoculuibh ele. Amhail ar an modh ccon- trardha, uilc an Tsaoghail so, gur beg, gearr, diom- buan iad, measguithe le solás eigin. Ionnus gur feidir leat aradh, go dearabthà go fhoilid ar mire, agus gur chailleasdar à ciall, an droung chailleas an mhaith shiorruighe àta fá na ccomhair, ar ghradh bhegmhaitheasa an tsaoghail so, no thuiteas son inneachan shiorruidhe, tre eagla bheighthriobu- loidi aithghear an tsaoghail so noch àta sochrioch- nuighthe, agus na pianta thuilleas dochriochnuigh- the: go saora Diá uatha sinn. Amen. CRITH. Moladh do Dhiá. CLAR CHAIBIDILEACHA AN I. LEABHAIR. AN I. Caib. Ar Theagasc agus ar ainim an Chriostui. An I. Taobh. An II. Caib. Ar comharthú agus ar choisreaga an Chriostui. an 2. t. An III. Caib. Ar roinn an Teagaisc. an 6. t. AN I. TRACHT DON II. LEAB. AN I. Caib. Ar chrè no Neapostal. an 8. t. An II. Caib. Ar na Hairtiogaluibh trachtus ar an Ndiacht. an 11. t. An III. Caib. Thrachtus ar Naomhdhaon- nacht Iosa Criost ar Ttighearna. an 19. t. AN II. TRACHT. AN I. Caib. Ar an Bpaidir. an 39. t. An II. Caib. Ar bheannacha an Aingil, agus ar an Salve Regina. an 48. t. An III. Ca. Ar na Haingil, agus ar na Naoimh. an 56. t. AN III. TRACHT. AN I. Caib. Ar Aitheantuibh Dé. an 58. t. An II. Caib.
An III.Caib. Ar oibreacha na Trocaire. an 95. t. AN IV. TRACHT. AN I. Caib. Ar na Sacrament go coitchiann. an 99. t. An II. Caib. Ar Sacrament an Bhaistí. an 103. t. An III. Caib. Ar Sacr. an chonfirmasion. an 107. t. An IV. Caib. Ar Sacrament na Haithridh. an 108. t. An V. Caib. Ar an ccombrùcridh. an 112. t. An VI. Caib. Ar an fhaoisidin. an 116. t. An VII. Caib. Ar an leórghniomh. an 121. t. An VIII. Caib. Ar Naomh Sacrament na Heucharistia. an 123. t. An IX. Caib. Ar Iobuirt an Aifrinn. an 131. t. An X. Caib. Ar Sacr. na Holo deaghnui. an 133. t. An XI. Caib. Ar Sacrament na sagartorachta an 135. t. An XII. Caib. Ar Sacrament an Phosta. an 136. t. An XIII. Caib. Ar chomharleachuibh an Tsubhsceil. an 139. t. DON III. LEABH. AN I. TRACHT. AN I. Caib. Ar na subhailchí go coitcheann. an 141. t. An II. Caib. Ar na subhailchí Diadha. an 143. t. An III. Caib. Ar na subhailchí Cardinalta an 145. t. An IV. Caib. Ar Thabhartais an Spioraid Naoimh. an 148. t. An V. Caib. Ar Thorthuibh an Spioraid Naoimh. an 150. t. An VI. Caib. Ar na drungha Beannuighthe an 150. t. An VII. Ar na ceadfa corpurdha. an 152. t. AN II. TRACHT. AN I. Caib. Ar na peacuibh, agus ar na dubhailchi, an 153. t. An II. Caib. Ar pheaca an tsinnsir, an 155. t. An III. Caib. Ar na peaca gniomhach .i. marabh agus solaitheach, an 158. t. An IV. Caib. Ar na 7. cinnpheacuibh, an 159. t. An V. Caib. Ar na peacuibh an aghaidh an Spioraid Naoimh, an 165. t. An VI. Caib. Ar na peacuí emheas à Fhlaítheamhnas ar dhioltas, an 166. t. An VII. Caib. Ar eascairdi an anama, an 166. t. An VIII. Caib. Ar na 4. deaghnuí, an 167. t.
Modh róuras na teanghan Ghaoilaige do leagh. 1. Ionann litreacha dona Herenachuibh, agus dona Lainneoribh, leith àmuith do k. agus q. ag a ndèin c. à nionad: fós ní bhion aca x. y. na z. 2. Ní folair à brigh féin go hiomlán do thabh- airt da gach litir, leith àmuith don eisgeacht dodheanam anso siòs: rintear fós na litreacha so na ngothuibh, agus na cconnsuinibh. 3. As ionann gothí na Lainne agus iád .i. a. e. i. o. u. ata cuid aco tróm .i. a. o. u. agus cuid ele eadrom adhon e. i. is as na gothí so fhasaid na dafhouruigh agus na trifhouruigh. 4. Ataid à 12. do dhafhourochuibh ann, à 6. aco do shiór leathan: mar as léir annso ae, Laé, ao, Cáol, eo, Céol, eu, Seúr, ia, Fiál, Sliábh, iu, Fiú, Triúr. Na 6. dhafhouruigh ele so, bid ar uaribh leathan, agus ar uaribh Cáol mar as léar annso ai, cáil, sail. oi, cóir, coir. ua, crúa, cual, ui, Súil, Fuil. ea, Feách, fear, ei, céir, geir. 5. Na trifhouruig bíd fada do shiór, mar as leir anso aói, caóin, eoi, feóil, uai, búaidh, iai, liáigh, iui, stiúir. 6. Tuig gur ab aon ghuth amháin gan roinn bhiós ag na dafhouruigh, agus ag na trifhouruigh, agus nach guth fá leith bhiós ag gach guthí dha mbionn ionta ór ní rointear an four no chotuibh, mar ata Caól, agus ní Ca-ol, Caóin agus ní Ca-oin, etc. ór doníd aon fhoúr amhain iomlán gan brisi gotha, mar ata: feóil, fiál, crúaí, stiúir, etc. 7. An trath theanguid dha chonnsain, no nísomho à ttús fhocail gan guthigh do theacht atartha, as ag an cced chonnsain bhiós brigh: leis an Bpaidir, ar an mbaidi, etc. 8. An fhighir so h. bioth nach litir í, amh, as mór à brigh agus à comhachta ar na connsanuibh ele, ór nil son aibidil uile aon chonnsain nach semh- ghean, no nach malartúigheann, no nach bainean à brigh ar modh eigin Dí; ór semhigheann na chonn- sain gharabh, eadromain an tróm, agus cruaidhean
an bog: leith àmuith dhona tri chonsain so l, n, r, nach foil cur aici ortha, amh chuigi so as à niáigh na connsoin churthar í do shiór, mar as léir anso, modh, bocht, etc. 9. An trath thig si à niáigh s, t, bainigh dhiobh à mbrigh agus dobheir à bhrigh féin dhaibh, mar so, shlanuigh, thanuigh, etc. 10. An trath churthar h, à ndiaigh na ttri connsoin so b, f, m, dobheir dhaibh bhrigh u, chonnsain. Tuig gur truime an guith bhiós ag mh, na ag bh, agus fh, ar uoribh ni bhionn brigh ar bhith ag fh, as mar so dobheir an cannún Ghad- ilaigi dona litreacha remhraite, dhiobh, à fhoil, clamh. 11. An tan tig h, à ndiáig c, p, àse brigh na Lainne bhios aco, mar ata: ar chaliacht, Phadruig. 12. An tan churthar h, tar eis g, dobheir brigh fhoscuilte eadróm dhi .i. do bhrigh, cruaigh. 13. An tan churthar h, tar eis d, dobheir dhi brigh g, .i. dhiobh, giobh. 14. Ni curthar í choithe tar eis l, n, r, na tar eis dha chonnsain. 15. As ionnan brigh do dha tt, agus do d, na hea- onracan .i. ar Ttighearna, ar digharna. 16. As ionnan brigh do cc, agus do g, mar àta, ccorp, gorp. 17. An trath churthar, gh, no dh, ar lár no à ndeire focuil ni mór go mbion aon bhrigh aco mar àta, Tighearna, eoluigh, crabhadh. Tiarna, eolúi, crabha, etc. 18. An trath bhios u, à ttosach focuil ní chuir- thir í lis an nguthi bhios na diaigh ach le féin go haonracanach, mar àta, uaidh, uile, mar der- tha, u-aidh, u-ile. 19. An comhartha so, &, as agus chialluigh sé son nGaoilaigh: Fós an comhartha ele so .i. cialluig se adhon. CRITH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services