Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seanmóirí Muighe Nuadhad II
Title
Seanmóirí Muighe Nuadhad II
Compiler/Editor
Connradh Chuilm Naomhtha
Composition Date
1768
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Gill agus a Mhac Teor, 1907)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L219} {L 1} {B 1768lsc 18D} {G L} {U 0201} {C Prós} {M 8} SEANMÓIRÍ MUIGHE NUADHAD. Seanmóir a hAon. Ar an mBreitheamhnas nDéidheanach. (Do'n Chéad Domhnach de'n Aidbhint.) Tunc videbunt Filium hominis venientem in nube cum potestate magna et maiestate. Annsin chífidh siad Mac an duine ag teacht i néal maille le h-iomad comhachta agus mórdhachta. Lúcás xxi.27 An féidir a bheith fírinneach, a dhearbhráithreacha, go mbéidh breitheamhnas geinearálta ag deireadh an tsaoghail seo i n-a gcruinneochthar an cineadh daonna go comh-choitcheann, a bhí ar marthain ó na h-uile aimsea- raibh agus ó na h-uile árdaibh de'n domhan, de gach aois, de gach cinéal daoine agus de gach gairm beathadh i n-ar mhaireadar, do-chum cloisin ó bhéal an bhreithimh fhír- chirt féin créad é an sonas suthain as dlightheach dóibh do shealbhughadh nó an doilgheas doi-chríochnuighthe as dual dóibh d'fhulang? Atá sé, gan aon amhras, fírinneach agus creidim é ar gach modh, a Thighearna, óir is ponc éifeachtach é de'n chreideamh agus de'n chrábhadh i n-ar mian liom mo bheatha
do chaitheamh agus bás d'fhaghbháil. Ar dtaobh amuigh de'n bhreitheamhnas áirithe do bhéarfar ar gach aon ar uair a bháis, atá, fós, breitheamhnas eile ann do-chum an chéad bhreitheamhnas sin do chóimh-neartughadh. Is moighéanar sin do na fíréanaibh, gidheadh, is mairg dubrónach do'n droing damanta é, de bhrígh nach bhfosglóchaidh ár mbreitheamh a bhéal an tráth sin acht chum an chéad bhreith do tugadh orainn d'ath-nuadhughadh go síorraidhe i láthair uile chineadhach an domhain. Ó tá sé fír-chinnte go bhfuil breith phuiblidhe le tabhairt ar an uile dhuine, atá sé anois riachtanach agam a mhíniughadh dhíbh cia h-é an neach úd do bhéas 'n-a uachtarán ar an obair thásgamhail seo agus 'n-a bhreitheamh- ain choitcheann ar na h-uile dhaoinibh. Foillsigheann, iomorro, ár gcreideamh dhúinn-ne gurab é Íosa Críost, as Dia agus duine i n-éinfheacht, do-bhéarfaidh an bhreith orainn: Tunc videbunt Filium hominis venientem in nube, etc. "Annsin chífidh siad Mac an duine ag túirling ar néal Lonnrach maille le mórdhacht do-fhais- néise agus le comhachtaibh ríoghamhla;" agus is ó'n tráchtadh so tarraingim an dá fhírinne seo do-ghnídheas uile órdughadh agus eagar mo chomhráidh. An chéad fhírinne, ar an ádhbhar go bhfuil an breitheamhnas déidheanach i n-áirithe do'n uile dhuine, ní féidir, mar sin, le h-obair a chomh-oiread ughdaráis agus fíréantachta do bhaint le neach 'san mbith acht le Mac Dé. An dara fírinne, ar an ádhbhar gurab aige sin atá na mór-cháilidheachta sin, cuirfidh sé, gan contabhairt, i ngnáthughadh iad chum sóláis do'n chuallacht bheannuighthe agus chum dóláis do'n dream mhalluighthe go síorraidhe. Gidheadh, is iad cáilidheachta éagsamhla doi-innste an bhreithimh mhórdha so na mbeo agus na marbh mar aon le clódhaibh con- trárdha na luathgháire agus an éadóchais do chuirfidh a
dheilbh agus a láthaireacht ar na fíréanaibh agus ar na neamh- fhíréanaibh do-ghnídheas iomshláine mo sheanmóra. An Chéad Roinn. Tá sé 'n-a fhírinne chomh soiléir agus chomh bunadhasach sin ar n-a cruthughadh 'san Sgríbhinn Diadha gurab é Íosa Críost thiocfas chum breitheamhnas do dhéanamh ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh go ndéanann sé aon de phoncaibh bunáiteacha ár gcreidimh. An uair badh thoil le n-ár Slánuightheoir slán d'fhágbháil ag a abstalaibh, ag so na briathra déidheanacha do labhair sé leo: "Is mithid domh-sa filleadh chum m'Athar féin agus imtheacht chum bhur n-ionaid féin d'ullmhughadh dhíbh-se. Gidheadh, an fhaid a bhéidh sibh ar an saoghal so imthighidh agus seanmóirighidh an Soisgéal ar fuaid na talmhan go h-uile, agus má fia- fruighthear dhíbh cia tríd a labharthaoi, aithrisidh dhóibh gurab uaim-se do fuaireabhar bhur dteachtaireacht; óir atá comhachta do-choimsighthe agam-sa ar neamh agus ar talamh, agus soisgéalaidh dhóibh gur mise an té thiocfas do bhreith breithe ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. Slán agaibh, a abstala, ag so na neithe déidheanacha atá agam le rádh libh." Léighimid i nGníomharthaibh na n-Abstal 'san 10 caib an uair d'áireamhann an naomh abstal Peadar na foircheadail agus na h-órduighthe do thug Íosa Críost dó féin, foillsigheann 'n-a measg sin uile dhúinn gur órduigh an Tighearna dhóibh na puibleacha do theagasg agus faisnéis dóibh go dícheallach gurab é féin atá ar n-a oirneadh ó Dhia mar bhreitheamh bhunadhasach ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. Praecepit nobis praedicare populo et testificari quia ipse est qui constitutus est a Deo iudex vivorum et mortuorum (Gníomhartha na n-Abstal x.42).
Cionnas ar n-a oirneadh ó Dhia mar bhreitheamh dhearbhtha ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh? An é nach bhfuil an ceannas sin aige uaidh féin? Ní h-eadh, óir atá an t-ughdarás sin aige uaidh féin, mar is Dia é, ar an ádhbhar go ndéineann comhachta an bhreithimh aon de na feadhmaibh foir-imeallacha atá coitcheann d'uile Phear- sanaibh na Tríonóide. Acht fós, fuair sé an tighearnas so fá mar as duine é, agus thug an t-Athair neamhdha na comhachta so dhó mar as Mac an duine é. Do réir mar atá, ní h-é amháin naomhthacht gan cruthughadh i n-Íosa Críost, acht fós, grása iomdha agus naomhthacht chruthuighthe ann, agus ionamhail a's mar atá, ní h-é amháin eolas agus tuigsin neamh-chruthuighthe, acht fós, tuigsin chruthuighthe, mar an gcéadna, is amhlaidh sin, do réir an teagasg- thóra ró-fhoghlumtha Ansoilm, ar dtaobh amuigh de mhór- chomhachtaibh an bhreitheamhnais atá coitcheann d'uile Phearsanaibh na Tríonóide ion-adhartha, atá mar an gcéadna, uachtaránacht na mórdhachta annsin go sonn- radhach, agus dá réir sin, is é ár mbreitheamh é ar dhá mhodh; 'san chéad mhodh i gcáilidheacht a dhiadhachta agus 'san dara modh do réir a dhaonnachta. Má's mian libh príomh- ádhbhair na neithe seo do thuigsin ag so na réasúin as measamhla 's as fearr do gheibhmid air. Do thráchtas roimhe seo ar na príomh-ádhbharaibh sin an tan adubhairt mé gurab ó Dhia fuair ár Slánuigh- theoir an mór-cheannas so. Do réir mar as Dia é, is é íomháigh fíre an Athar é, agus atá an naomhthacht chéadna, an fhíréantacht chéadna agus an t-ughdarás céadna aige agus dá bhrígh sin, atá na comhachta céadna aige chum breitheamhnas do dhéanamh. Do réir mar as duine é, atá iomad foir-líontacht na diadhachta ag áitiughadh go corpardha ann, mar adeir an naomh abstal Pól, agus mar gheall ar aontacht fói-sheasmhaighthigh na diadhachta
ins an daonnacht atá, dá bhrígh sin, comh-chothughadh na foirfeachta diadha 'n-a dhaonnacht ion-adhartha. Óir do thug Dia dhó foir-líontacht a uile ungadh agus líonmhaireacht a dhiadhachta chomh iomadamhail agus do b'fhéidir a roinn, agus is ar an ádhbhar so adeir na diadhairí go bhfuair sé grásta iomdha nach féidir a n-áireamh ag aimsir a bheith coimh-phréamhuighthe i mbroinn na Maighdine ró-naomhtha, agus dá bhrígh sin, ó chomh-chothuigh an t-Athair a fhoirfeacht féin leis, gur roinn leis, dá réir sin, a fhíréantacht. Agus, go fírinneach, gan an comh-chothughadh so na fíréantachta, níor bh'féidir a rádh go bhfuil uile líonmhaireacht na diadhachta ag áitiughadh i ndaonnacht Mic Dé, agus ó tá an fhíréantacht sin ann, ní féidir leis gan a cur i ngnáthughadh. Agus ó nach ndéanann sé aon fheadhmannas puiblidhe ná sollamhanta 'san bheathaidh seo, ní mór dhó a dhéanamh 'san bheathaidh eile agus sin ag deireadh an tsaoghail. Agus go fírinneach, is é seo contagradh agus léar-aighneas an dochtúra ró- fhoghlumtha San Aibhistín ar na h-ádhbharaibh sin. Acht tráchtaim níos sia ar na h-ádhbharaibh seo. Éirigheann, fós, comhachta an breitheamhnas comh- choitcheann do dhéanamh, do bhaineas le Mac Dé go sonnradhach, ó n-a cháilidheacht mar as é ceann na h-Eaglaise go h-uile é, agus ó'n gceart do thuill sé tré n-a Eiséirghe agus tré n-a bhás. Adubhairt mé ó n-a cháilidheacht mar as é ceann na h-Eaglaise go huile é, óir is é féin go h-aonracánta, mar adeir an naomh abstal Pól, as ceann ar an gcorp rúin-diamhrach so agus as céad-ghein ar measg na marbh, agus innseann an t-abstal céadna dhúinn gurab é as ceann mar is aige atá ró-cheannas ins na h-uile neithibh. Atá trí gnéithe de phríomh-chomhachtaibh ins an cheann so do réir Naoimh Biornáird má ghnídhmid cosamhlacht
idir é agus na ballaibh, mar atá, príomh-cheannas na h-oileamhna, príomh-cheannas na h-aontachta agus príomh- cheannas na h-uachtaránachta agus na h-áird-chéime: Influit, unit, eminet. Agus is é Íosa Críost a shealbhuigheas na h-uile neithe, óir níor bh'fhéidir leis bheith i n-a cheann ar chorp na h-Eaglaise go h-uile gan na h-uile neithe do bheith aige: Ut sit in omnibus, ipse primatum tenens (Col. i.18); príomh-cheannas na h-oileamhna, mar is uaidh do gheibhmid na h-uile ghrása: Gratia per Iesum Christum facta est (Eoin i.17); príomh-cheannas na h-aontachta, óir d'aontuigh sé le chéile na Iudaighthe agus na cineadhacha ionnas go ndearna dhíobh aon phobal amháin; agus is é do sgrios na h-uile neithe le n-a chuid fola daor-luaigh féin agus d'aontuigh neamh le talamh; príomh-cheannas na h-uachtaránachta agus na bárrruidheachta, óir is é as uachtarán ar na h-uile dhaoinibh, óir is aige atá comhachta ar iad do riaghalughadh, ar dhuais agus ar phionós do thabhairt dóibh, agus dá bhrígh sin, is aige atá ceart ar breitheamhnas do dhéanamh orra. Acht déanann Mac Dé úsáid 'san mbeathaidh seo des na céad phríomh-chomhachtaibh sin atá aige mar as é ceann na h-Eaglaise é. Gidheadh, cuireann ar cáirde an treas feadhmanntas agus congbhann é i gcomhair na beathadh eile. Doirteann sé 'san mbeathaidh seo ionainn-ne, na baill, iliomad de ghrásaibh agus de bhean- nuightheacht; aontuigheann sé 'san mbeathaidh seo a bhaill le spiorad na síothchána d'fhág sé 'n-a chorp rúin-diamh- rach; acht i dtaobh príomh-cheannais na mór-chomhachta agus an bhreitheamhnais, ní chuirfidh ar aon chor i ngnáthughadh é go lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh i n-a gcruinneochthar an t-Ádhamh-fhuil le chéile chum breitheamhnais. Adubhairt mé roimhe seo do réir an abstail chéadna go mbadh dhual dó bheith i n-a bhreitheamh ar an gcineadh
daonna de bhrígh gur fhulaing sé bás ar a shon. Atá ceart nádúrtha aige chum breitheamhnas do dhéanamh orainn fá mar as Dia é. Atá, fós, ceart bunadhasach do tugadh dhó mar as duine é, agus ar dtaobh amuigh de cheart na h-uachtaránachta agus na h-áird-chéime atá aige orainn mar as é ceann na h-Eaglaise go h-uile é, atá, fós, ceart dlightheach aige ós ár gcionn tré n-a bhás agus tré n-a dhortadh fola. Cuirfear, mar sin, gairm choitcheann ar na h-uile dhaoinibh do láthair a chathaoireach breitheamhnais de bhrígh gurab Dia é, de bhrígh gurab Dia agus duine i n-éinfheacht é, de bhrígh gurab é ceann na h-Eaglaise go h-uile é agus fá dheoigh, de bhrígh gurab é a Slánuightheoir é. Cad é an fáth gur fhulaing sé bás? Atá, ar dtús, chum sinn-ne d'fhuasgladh, agus 'san dara h-áit chum breith- eamhnas do dhéanamh orainn; In hoc enim mortuus est et resurrexit ut et mortuorum et vivorum dominetur (Rómh. xiv.9). Do bhíomar-ne fá mhoghsaine an diabhail do bhí mar thighearna orainn, agus do shaor seisean uaidh sinn. Do bhíomar-ne reicthe do'n diabhal do fuair áird-cheannas orainn tré n-ár méirleachas agus tré n-ár n-ath-chogadh féin, agus do bhain seisean as a lámhaibh an láimh-sgríbhinn do bhí aige 'n-ár gcoinnibh. Samhluighthear an ceart foir-líonta atá ag Íosa Críost chum breitheamhnas do dhéanamh ar an gcineadh daonna mar as é ár gCruth- uightheoir agus mar as é ár Slánuightheoir é, le ceart choimh-dhlightheach an ríogh nó an árd-uachtaráin úd ós cionn a fhomósuidhthe nó a íocuightheoirí an uair ruagas sé an námhaid choigcríoch do thug na fomósuidhthe easaon- tacha céadna isteach i n-a bhforbaibh dúthchais. Atá, fós, ceart eile aige chum breitheamhnas do dhéanamh ar na daoinibh, do réir na ndiadhairí bhfogh- lumtha, ar an ádhbhar go dtugadar-san breith air-sean.
Do tugadh breith dhaor air go neamh-chionntach; ní mór dó-san, dá bhrígh sin, na cionntaí agus an maslughadh sin do dhíoghal agus do leasughadh. Nach ró-éagsamhail le n-aithris é gur thréig a bhreitheamhain gach uile ghné fíréantachta i gcúis- fhreagradh Mic Dé, agus gur thruailleadar a ndlighthe bunáiteacha féin i n-a chúis-sin go sonnradhach. Do tugadh do láthair Phíoláid mar bitheamhnach é, do fhreagair ann ar a shon féin agus cionntuigheas na fiadhnéidhthe bréagacha do tugadh 'n-a aghaidh de chlaoine agus de bhréagaireacht. Admhuigheas Píoláid an fhírinne, go bhfuil sé neamh-chionntach, agus iar sin daorann é ag rádh: "An iarrthaoi orm-sa é? Imthighidh, bheirim suas díbh é. Acht créad é an t-olc a dhéin sé? Ní fheicim-se cúis báis ar bith ann. Acht má's mian libh-se go bhfulaingidh sé bás, déinidh bhur dtoil féin leis, ionnlaidhim-se mo lámha as. Tiomnaim suas díbh é i n-aghaidh gach reachta agus fírinne, i n-aghaidh gach gné gnáthaighe agus fós, i n-aghaidh mo chogcubhais féin." A sgríobhuidhthe, a fhairisíneacha agus a theagasgthóirí an dlighidh, do shíreabhar a bhás air, acht créad é an fáth? Ar an ádhbhar go ndearna sé iomad míorbhal, gur shlánuigh sé na h-easlána, go dtug a radharc do na dallaibh, gur aith-bheodhuigh sé na mairbh. Ó's i n-aghaidh gach gné cirte agus fírinne do thug- abhar breith air agus do chuireabhar chum báis na croise é, créad é an comhall péine as oireamhnach díbh fá n-a chomhair? Atá, iomorro, an neach céadna úd le bheith mar bhreitheamhain agus 'n-a dhíoghaltóir oraibh, mo Thigh- earna, do dhaoir-bhreathnuigh sibh mar dhia-mhasluightheoir, mar bhuaidhearthóir, mar neach sealbhuighthe le deamhan agus mar dhroch-dhuine. Acht éirigh, a Dhia mhórdha, agus tabhair breith in do chúis féin mar adeir Dáibhídh: Exsurge Deus, iudica causam tuam (Sailm lxxiii.22). Cuimhnigh ar an
easonóir do thugadar-san duit. Memor esto impro- periorum tuorum (Sailm lxxiii.22). Coimh-líonfar, gan amhras, athchuinge an psailm- chéadlaigh ríoghamhail, óir d'imthigh aimsir na foighide agus páise Íosa Chríost tharainn agus tiocfaidh am na fíréan- tachta agus an díoghaltais. Foillseochaidh sé an Dia úd do bhí chomh táir, chomh dí-mheasta sin go creathnamhail agus go h-uathbhásach, agus ionamhail a's mar d'fhoillsigh sé a fhoighide agus a mhilseacht roimhe seo, mar an gcéadna, dearbhóchaidh sé a fhearg agus a mhórdhacht 'n-a dhiaidh seo do réir an Athar fhoghlumtha Aibhistín. I n-a chéad teacht do chumhduigh a dhaonnacht glóire a dhiadhachta chomh ioma- damhail sin nár measadh é 'n-a Dhia ar aon chor, gidheadh, ins an dara cuairt a bhéas ag deireadh an tsaoghail claochlóchaidh a dhiadhacht úir-ísleacht a dhaon- nachta chomh iomadamhail sin tré líonmhaireacht a ghlóire nach samhlóchthar le duine é. Óir cia h-é an duine dá dtiubhradh an nádúir go h-uile omós agus a chífidh gach nídh as measamhla agus as mórdhálaighe ar n-a luighe ag a chosaibh, cinn phoimpeamhla na ríghthe ar baill-chrith agus uile chomhachta an domhain ag fuireach maille le sgéan agus crith-eagla le n-a mbreitheamhnas déidheanach? Téidheann San Criosostom níos sia ar an dtráchtadh so óir adeir sé nach dlightheach d'aoin-neach acht do Mhac Dé bheith 'n-a bhreitheamh ar na daoinibh ar an ádhbhar gur cóir cosamhlacht éifeachtamhail do bheith idir an mbreith- eamh agus cáilidheachtaibh an bhreitheamhnais. Béidh uile tosga an bhreitheamhnais dhéidheanaigh soi-chéadfadhach nó ion-mhothuighthe. Is cuma créad é an t-ionad 'n-a mbéidh sé, más i ngleann Íosafat nó i n-áit ar bith eile, acht béidh sé ion-mhothuighthe. Béidh na h-uile dhaoine ion- mhothuightheach ann. Tiocfaidh siad do láthair ann maille le n-a gcorpaibh, má's glórmhar iad, amhail lucht na
deigh-chinneamhna, nó má's malluighthe iad, amhail lucht na droich-chinneamhna. Tusa, a bhean uasal mhórdhálach, do-bheir an oiread so ceanamhlachta agus macnais dod' chorp maille le h-órnáidíbh iomdha agus le h-éadach deagh- mhaiseach dath-áluinn, tiocfaidh tú chum breitheamhnais Mic an duine. Och! má bhíonn sé de mhío-ádh ort bheith damanta, cionnas fhéachfaidh tú an tráth sin? Féachfaidh tú go fírinneach maille le morgthacht bioth-ghránna, le deilbh sgéanmhair, le féachain adhuathmhair, níos gráine- amhla 'ná na h-oill-phiasta, mar adeir an Sgríbhinn Diadha, agus níos duibhe 'ná an gual. Béidh fiadhnéidhthe an bhreitheamhnais dhéidheanaigh, mar an gcéadna, ion-mhothuightheach agus má leanamuid lorg agus léar-aighneas mórán de na h-Aithreachaibh naomhtha, gheobhaidh na deamhain féin cuirp umpa chum a mbeith so-fhaicsiona agus chum a ngéir-leanamhain agus a ndiain-ghear- áin féin do bheith soi-chéadfadhach nó ion-mhothuighthe. Taisbeánfar ann an chrois, as comhartha le Mac an duine, de láthair ilchineadhach an domhain, agus, dá bhrígh sin, ó 'tá uile thosga an bhreitheamhnais ion-mhothuighthe, is dual do'n bhreitheamh a riaghalóchaidh é bheith amhlaidh. Acht ó nach bhfuil aon Phearsa 'san Tríonóid ró-naomhtha do ghabh colann daonna acht an Mac chum bheith ion- mhothuighthe, ar an ádhbhar sin, is dó go sonnradhach as ceart bheith 'n-a bhreitheamh orainn. An bhfuil sé riachtanach agam, a dhearbhráithreacha, níos mó do rádh libh chum go dtuigfeadh sibh fírinne na mbréithre seo, go bhfeicfidh na h-uile dhaoine Mac an duine 'n-a shuidhe ar néal ag déanamh breitheamhnais ar an Ádhamh-fhuil maille le comhachtaibh flaitheamhla. Acht is cuma so uile le lucht na h-an-toile. An tan chuimhnighim ar chuirptheacht uathbhásaigh na h-aimsire seo samhluighthear dhom go bhfuilmid tagaithe chum na n-amann
ndéidheanach úd ar a dtráchtann an naomh abstal Peadar 'n-a dhara eipistil chatoilice, mar a n-abrann sé go dtiocfaidh lucht sgige agus fonomhaide ag leanamhain ainmhian na colna adéarfas: "Tá siad ag trácht linn-ne ar aith-theacht Mic an duine. Táid ag innsin dúinn go minic gur gheall sé go dtiocfadh sé, acht cá h-uair thiocfas sé? Ó fuair ár n-aithreacha bás ní fhacamar éinneach do tháinig ó'n saoghal eile ná athar- rughadh ar bith ar an saoghal so." Ubi est promissio aut adventus eius? (2 Peadar iii.4). An é nach é seo an t-urlabhradh a thugann a n-ainmhiana agus ró-dhearmad ar fhírinnibh bunáiteacha na Críostamhlachta fá ndeara ar iliomad de dhaoinibh? Acht cad é an freagra do-bheir an naomh abstal céadna orra? "'Seadh, 'seadh" adeir sé "tiocfaidh Mac an duine agus tiocfaidh ar an aimsir nach dóigh leat. Imtheochaidh na neamha tharainn, dealóchaidh na cáirde as grádhmhaire le chéile agus claochlóchthar leis an teinidh gach nídh atá le feicsin ar talamh. Amhail an gaduidhe thigeann i gan-fhios 'san oidhche, is mar sin thiocfaidh lá an Tighearna d'éin-bhéim. chífidh sibh é an uair nach smuaineochaidh sibh air." Acht is iad na clódha a chuirfidh a theacht agus a phearsa ar spioradaibh agus ar chroidhthibh na ndaoine atá agam le cuardughadh 'san dara poinnte. An Dara Roinn. Ní féidir liom an dara roinn seo do thionnscnamh níos fearr 'ná leis an iomrádh so Naoimh Biornáird adeir, ó tá lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh 'n-a lá duaise agus péin-éirce, 'n-a molta agus dío-mholta, béidh na malluightheoirí ag fuireach leis maille le crith-eagla agus na deagh-dhaoine maille le lán-áthas, ar an ádhbhar
gur órduigh an Tighearna é ar mhodh go mbéidh adhnáire shíorraidhe ar na malluightheoiríbh i dtaobh a sáruighthe, agus go bhfuighidh na deagh-dhaoine coróin ghlórmhar agus tortha milse a ngabháltais agus a nglan-chosgair. Iudicii dies expectatur ab omnibus, ut et victi rubescant, victores palmam adipiscantur victoriae. Is ar an ádhbhar so dheimhnigheann na Soisgéalaidhthe, ag trácht ar an lá ndéidheanach, go gcromfaidh na mal- luightheoirí a gcinn gus an talamh le h-éigean sgann- artha agus uathbháis, agus go n'árdóchaidh na deagh-dhaoine a gcinn go dóchasach agus go neimh-eaglach agus go mbéidh siad tuilte de luathgháir agus d'áird-intinn i dtaobh toradh séanmhar a bhfuasgalta agus a lagsaine d'fhaghbháil. Uch! créad é an fáth eagla, mío-dhóchais agus sgannartha as mó do na peacthachaibh 'ná láthaireamhlacht agus amharc Íosa Chríost. Adeir Naomh Basal gur mó agus gur peannaideamhla dhóibh é 'na uile phianta ifrinn agus is ins an chéill seo mhínigheas sé na briathra so Íob. Quis mihi hoc tribuat ut in inferno protegas me et abscondas me donec per- transeat furur tuus? (Iób xiv.13). "A Athair neamhdha, díon agus cumhduigh mé." "Créad é an chomairce as mian leat d'fhaghbháil, a pheacthaigh ghráineamhail, do mhasluigh mé chomh minic sin?" "Leig dom fanamhain i n-ifrionn." "Acht is é ifrionn árus na n-uile shórt pian agus amhgair." "Níl cás orm tríd, fág mé i n-ifrionn agus cumhduigh mé leis na teinteachaibh buileamhla agus leis na lasrachaibh greadacha, ionnas nach féidir liom téarnódh as. Is fearr liom bheith ag fulang na bpian sin 'ná seasamh aon nóiméad amháin de láthair an bhrei- thimh seo." Nec aspiciat me visus hominis (Iób vii.8). "Ní féidir liom radharc an bhreithimh seo, Dia agus duine i n-éinfheacht, d'fhulang ná d'fhoighideadh."
Atá a léir-fhios agam, a uaisle, go dtugann Aithreacha na h-Eaglaise éifeacht eile do na briathraibh seo Iób, acht do-bheir Naomh Basal an éifeacht úd dóibh agus adeir sé go mb'fhearr leis an ndroing ndamanta bheith ag fulang na bpian síorraidhe gan súil fóirithne 'ná seasamh chum aon amhairc amháin ó'n mbreitheamh. Créad é fáth an bhuaidheartha ró-mhóir sin? Atá, iomorro, de bhrígh go dtiubhraidh aon amharc amháin ó'n mbreitheamh trí clódha nó athruighthe fá deara orra ag ar measa an ceann as lugha díobh 'ná an bás agus 'ná ifrionn féin. Béidh an céad chlódh a thiocfaidh ar na malluigh- theoiríbh i dtaobh láthaireachta Mic Dé 'n-a chlódh fuatha agus feirge. Dá mbadh fhéidir leo é, d'alpfadaois suas é; dá bhféadfaidís, do raobfaidís 'n-a bhlódhannaibh é. Atáid ar buile 'n-a aghaidh, atá fuath aca dhó agus fuath- uigheann seisean iad-san, acht, tar éis sin uile, ní fuláir dóibh é fheicsin agus bheith sásta le n-a bhreitheamhnas orra. Béidh an dara clódh do thiocfaidh orra 'n-a chlódh mhío-dhóchais de bhrígh go bhfuil a sháir-fhios aca nach bhfuil sé ar chumas dóibh teicheadh ó n-a láthair ná ó n-a bhreith- eamhnas. "Imthigh chomh fada a's féadfaidh tú é, a thruagháin, atá an saoghal ós do chomhair. Slánuigh thú féin má's féidir leat é, cumhduigh thú féin ins na cuasánaibh as iar-gcúlta, bádh thú féin i ndubhaigéanaibh na bhfairrgí, téirigh isteach tré rannaibh doimhne na talmhan, gheobhaidh mise amach tú agus cuirfead d'fhiachaibh ort teacht dom' láthair." Is é an treas clódh 'ná an buaidhreadh do chuirfidh láthaireamhlacht Íosa Chríost ar chroidhthibh na malluigh- theoirí i lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh, de bhrígh go dtiubharthar breith orra do réir dlightheach na fírinne agus
na cirte agus ní do réir na ndlightheach do leanadar féin 'san mbeathaidh seo, óir is é an Soisgéal, an chros, agus créachta Íosa Chríost do thiubhraidh breitheamhnas orra agus do dhaorfaidh iad. Uch! Créad é an fáth adhnáire agus feirge do'n duine saidhbhir, sanntach nár smuain ar feadh a shaoghail go léir acht ar chruinniughadh maoine agus airgid, nuair chífidh sé breith dá tabhairt air do réir dlighidh na bochtaine- achta agus sin le breitheamh do bhí chomh tarcuisnighthe, chomh bocht sin, nach raibh cloch aige do chuirfeadh sé fá n-a chionn. d'éis sin, a dhuine mhío-ádhmharaigh, dhona, is do réir an dlighidh agus an reachta so na bochtaineachta críost- amhla do-bhéarfar damaint ort i dtaobh do shaidhbhris agus do shláinte, le breitheamh bhocht do rugadh nochtuighthe i bhfoslong asail, agus do fuair bás nochtuighthe ar an gcrois. Uch! Créad é an fáth dóláis agus bith-eagla do lucht an díomais agus an uabhair, nár smuain riamh acht ar iad féin d'árdughadh chum uachtaránachta agus árd-chaithréime tré n-a gcreideamhain agus tré n-a bhfeadhmanntas, agus thug iad féin suas go h-iomshlán d'uaill agus d'ainmhéin an tsaoghail ag comh-bhrúghadh na mbocht agus na n-úir-íseal, an uair chífidh siad breith dhamanta dá tabhairt orra do réir dlighidh na h-umhlachta agus sin le breitheamh do bhí chomh úir-íseal 'san tsaoghal so gur dheonuigh sé marthain go toileamhail ar feadh tríochad bliadhan i gceárdcha an tsaoir-chrainn Íoseph agus gur theith sé d'eagla go dtiubhradh na daoine ríoghacht dó. d'éis sin, a dhuine mhío-ádhmharaigh, is do réir an dlighidh seo na h-úir-ísleachta do-bhéarfar breith dhamanta ort le breitheamh do bhí chomh umhal, chomh tarcuisnighthe roimhe seo. Tar annso chum breitheamhnais, a ghlutaire agus tar maille leis, a dhuine uasail, nár smuain riamh ar aon
nídh acht ar sámhas do thabhairt dod' cholainn le craos agus le póit agus le bheith ag ithe an bhídh bhlasda agus nár choisg riamh riachtanas na mbocht. Do bhí dhá Dhia agat 'san bheathaidh seo, mar atá Dia agus do bholg. Féach anois Íosa Críost as Dia fíre. Ní mór duit teacht chum breitheamh- nais, cia bhéidh 'n-a bhreitheamh ort? An é do bholg bhéas 'n-a bhreitheamh ort? Ní h-eadh, go deimhin, óir béidh sé ag fulang na bpian síorraidhe maille leat i n-ifrionn. Acht do-bhéarfar breith ort le breitheamh measardha, smachtuighthe, neamh-phóiteamhail, do chaith dá fhichid, lá agus dá fhichid oidhche gan biadh gan deoch, agus an tan do bhí tartmhar ar an gcrois nach bhfuair le caitheamh acht fínéagra agus domblas. Tagaidh chum breitheamhnais, a lucht na neamh-ghlaine agus an striapachais, do mheasabhar go rabhabhar saor ó rinneabhar bhur striapachas agus bhur n-adhaltrannas i gan- fhios agus go folaigheach. Acht féachaidh! Atá bhur bpeac- aidhe uile ar n-a spíonadh de láthair an nádúir go h-uile ós comhair súl bhur mbreithimh. An amharcann sibh an Mac so na Maighdine, badh ghlaine agus badh gheanmnuidhe 'ná na h-uile ógha agus an ghlaineacht féin. Is do réir na glaine agus na geanmnuidheachta so do-bhéarfar breith oraibh agus is é an breitheamh so, do céasadh ar an gcrois agus 'n-ar cuireadh coróin spíne air, do ainmneochaidh bhur ndualgas péine agus amhgair dhíbh. Tagaidh chum breitheamhnais, a lucht an díoghaltais, do mheas go mbadh tarcuisne shíorraidhe ar bhur sórt uaisle a's mór-chúise dá dtiubhradh sibh maitheamhnas d'éinneach do chuir fearg nó mío-oibliogáid riamh oraibh, agus ag a mbíodh fuath bioth-bhuan do-mharbhtha agaibh do'n té labharadh aon fhocal amháin docharach nó mío-stuamdha, agus nár bh'áil libh teacht chum aon socruighthe nó ceannsachta leis go bráth. Téanam, a chroidhe allta an mhic tíre, agus
féach ar an ndligheadh cheart le n-a ndaorfar thú agus féach ar do bhreitheamh an Dia foighideach, milis, ceannsa úd do chaith a bheatha go léir ag déanamh maitheasa dá náimhdibh agus do dheonuigh guidhe orra ar an gcrois. Tagaidh-se chum breitheamhnais, mar an gcéadna, a lucht na leisge 'n-ar ghnáthach libh fanamhain ó Aifreann agus ó sheanmóir agus ó sheirbhís Dé le leisge agus le sadhaile agus do-ghníodh mainneachtnaidhe fá urnaighthibh agus fá na deagh- oibreachaibh, do chaith mórán bliadhan go neamh-thairbheach, 'n-ar sia leat fanamhain le h-aon Aifreann nó aon seanmóir amháin 'ná dhá fhichid lá do chaitheamh le n-bhur súgradh a's le n-bhur sáimhe. An amharcann sibh bhur nDia do bhí chomh cúramach sin chum bhur slánuighthe, do shiubhail an oiread sin i n-bhur ndiaidh agus do cuireadh chomh minic sin dá bhur leanamhain, do bhíodh ag fuireach libh leis an oiread sin foighide agus maitheasa, féachaidh anois air. "Uch! Ní tualaing sinn ar a radharc d'fhulang. Do b'fhearr linn-ne go mór sinn do chaitheamh gan fuireach ins na lasrachaibh greadacha ar feadh na síor- raidheachta 'ná aon amharc amháin de'n bhreitheamh mhórdha so d'fheicsin." Acht créad a dhéanfamuid-ne, mar adeir an Dochtúir Naomhtha San Criosostom, má bhéimid chomh mio-ádhmharach sin agus bheith damanta go h-ifreann i dtaobh ár bpea- caidhe? Cad do dhéanfamuid nó cad do dhéarfamuid an uair cuirfear gairm orainn do láthair cathaoireach bhreitheamhnais ár Slánuightheora a thionnscnóchaidh ár ndólás agus ár mío-dhóchas leis na briathraibh seo: "Ar dhíomhaoin domh-sa teacht ar an tsaoghal so agus bás d'fhu- lang ar an gcrois do bhur saoradh? Ar dhíomhaoin domh- sa an oiread sin de ghrásaibh do thabhairt díbh chum sibh do naomhughadh, agus mar d'fhosgail mé suas díbh cathaoir- bhreitheamhnais na h-aithrighe chum sibh do sgrios agus
d'ionnladh ó nbhur bpeacaidhibh, mar d'oileas agus do chothuigheas sibh lem' chuid fola agus feola i sacraimint Chuirp Chríost chum m'aontachta libh agus oighreacht ghlórmhar do thabhairt díbh? Cá mhéad uair do bhuail mé ag dorus do chroidhe agus nach bhfosglóchthá dhom? Cá mhéad uair do theagaisgeas thú agus do chuireas d'ainmhiana i n-umhail duit chum go smachtóchthá iad agus go bhfillfeá chum do dhualgais? Cá mhéad seanmóirí do chualaidh tú? Cá mhéad leabhar maith do léigh tú? Cá mhéad sompla crith-eaglach do chonnaic tú? Cá mhéad cinneamhain sgéanmhar, dólásach agus bás obann d'iompuigh mórán eile agus nár bhog do chroidhe carraigeamhail ar aon chor? Cad do b'fhéidir liom a dhéanamh nach ndearna mé dhuit? Féach mo dhlighe, féach mo Shoisgéal, féach mo chros, féach mo chréachta; mo dhligheadh do bhrisis agus do thruaillighis, mo Shoisgéal go ndearnais sgige agus fonomhaid faoi, mo chros do shaltrais fád'chosaibh agus mo chréachta d'fhosglais chomh minic a's do rinnis an peacadh. Acht féach anois ar do lucht géir- leanamhna agus ar do bhreitheamhain." Uch! Is croidhe briste an t-aighneas seo do lucht na malluightheachta. Adeir Naomh Aibhistín nó neach eile de na h-Aithrea- chaibh naomhtha go dtaisbeánfaidh ár Slánuightheoir a chréachta nuadh-loitighthe do na malluightheoiríbh mar do thaisbeán sé i n allóid do Naomh Tomás iad, acht is chum críche ró-chontrárdha do thaisbeán Íosa Críost do'n abstal so iad ag rádh leis: "Is mise féin atá ann, ná bíodh amhras ar bith agat air. Cuir do mhéara isteach in mo chréachtaibh. Do chreid tú ar son go bhfaca tú iad." Acht taisbeánfaidh sé a chréachta do na malluightheoiríbh chum iad do dhaoradh agus do dhamaint ag rádh leo: "Féachaidh mise an duine úd do chéasabhar ar chrois, féachaidh na créachta do thugabhar dom, cuimhnighidh oraibh féin, a dhaoine barbardha, cuimhnighidh ar oibreachaibh bhur
lámh. Ná bíodh amhras agaibh ná gur mise atá ann. Féachaidh annso críoch bhur mborbachta, bhur neamh-ghlaine, bhur ndia-mhaslughadh agus bhur ndíoghaltais. Ag so an cliabh d'fhosgail mé go minic dhíbh, gidheadh, níor bh'áil libh dul isteach ann; ag so an ceann 'n-ar chuireabhar féin coróin spíne air tré iomarca bhur n-aoibhnis; ag so na lámha agus na cosa do thollabhar le tairngíbh ar an gcrois tré n-bhur neimh-fhíréantacht, tré n-bhur luaich- iomchar nó ioncamuis agus tré n-bhur neamh-ghloine agus bhur gcorbadh. Ego sum qui sum (Ecsod iii.14). "Is mise, is mise féin atá ann." Reduc me in memorias et iudicemur simul (Isaias xliii.26). Cuimhnigh ort féin, a thruagháin, agus tugamaois fá deara cia againn atá 'san éagcóir, tusa nó mise? Narra si quid habes ut iustificeris (Isaias xl111.26). Má's mise é, innis dom créad do bhí d'uireasbaidh ort chum do shlánuighthe? Acht má's tusa é, an é nach dtuilleann tú an pheannaid agus an náire shaoghalta atá tú ag fulang?" Acht créad do thiocfaidh do na tosgaibh sin? An nídh úd do reimh-innis an ríogh-fháidh Dáibhídh: Videbunt recti, et laetabuntur; et omnis iniquitas oppilabit os suum (Sailm cvi.42). "Amharcfaidh na fíréin é agus béid tuilte de luathgháir acht dúnfaidh na malluightheoirí a mbéil." Béidh an neamh-ghlaine, an dia-mhaslughadh agus an naomh- aithis, an díoghaltas, an tsaint, an uaill-mhian agus an díomas, an formad agus an fuath mar aon le gach cinéal peacaidhe 'n-a ngnáth-thost ó'n dtráth sin. Labhair-se anois ar do shon féin, a dhuine mhío-ghrásamhail thruaigh- mhéiligh, aon fhocal amháin. "Uch! Níl aon nídh agam acht amháin go bhfuil do bhreitheamhnas-sa díleas ceart. Iustus es Domine; et rectum iudicium tuum (Sailm cxviii.137). Tá fuath agam duit acht atá tú ceart,
atá do bhreith dhamanta orm creathnuightheach, aidhbhéil, gidheadh, atá sí comhthrom ceart." Adubhairt mé roimhe seo go dtabharfaidh láthaireamh- lacht agus radharc Íosa Chríost ag an mbreitheamhnas ndéidheanach éifeachta ró-chontrárdha ins an chuallacht bheannuighthe, óir chífidh lucht an deagh-chroidhe é agus béidh siad ar n-a bhfoir-líonadh le luathgháir thríd. An céad fháth, ar an ádhbhar go bhfeicfidh siad é le n-a súilibh féin, mar adeir Iób, agus i n-a gcolnaibh féin. Roimh an mbreitheamhnas ndéidheanach ní bhíonn sochar na naomh foir-líonta agus do réir Tertuillianus ní bhíonn bean- nuighthe acht roinn díobh. Amharcann a n-anama Dia, aithnigheann siad Dia, féachann siad ar Dhia, aghaidh ar aghaidh, grádhuigheann siad Dia agus sealbhuigheann siad é; gidheadh, atá a gcuirp ag fanamhain 'san lobhthacht agus a gcuid fola agus feola i n-a luaithreamhán. Adeir Íosa Críost do ghrádhuigheas iad go dtiocfaidh sé i n-athchuim- earacht. Ecce venio cito et merces mea mecum est, reddamuniquoque secundum opera sua (Taisb.xxii.12). "Féach, atáim ag teacht agus beirim mo luach-saothair liom chum a thabhairt do gach aon do réir a oibreach. Bhí tusa id' sglábhuidhe dhileas ionnraic agam, do bhí do chorp ag coimh-oibriughadh led' anam chum m'aitheanta do choimeád, agus atá sé anois ceart go gcúiteochainn leo an maitheas do rinneadar"; agus coimh-fhreagradh na naomh dó d'aon ghuth ag rádh: "Bíodh mar sin, bíodh mar sin, a Thighearna, tar a Thighearna Íosa, tar a Shlánuightheoir ion-adhartha." Amen, Amen, Veni Domine Iesu (Taisb xxii.20). Créad é an fáth luathgháire dhóibh daonnacht naomhtha oirdhearc Íosa Chríost d'fheicsin le n-a súilibh corp- ardha! 'Sé an dara fáth luathgháire do'n chuallacht bheannuighthe láthaireamhlacht a mbreithimh, ar an ádhbhar go bhfeicfidh
siad é ag déanamh díoghaltais ar a náimhdibh, dá saltairt fá n-a chosaib, ag tabhairt náire coitchinne dhóibh agus dá muirighniughadh le n-a fhéachain agus le n-a chasaoid. Do bhí tú, a Dhia, fá mhío-chlú agus tascuisne, acht atá tú anois líonta de ghlóire. Do mhasluigheadar agus d'aithisigheadar thú ós do choinne, do rinneadar sgige agus fonomhaid fád' Shoisgéal, acht is iad do náimhde anois do spórt agus do chaitheamh aimsire agus cusbóirí laga do dhíoghaltais. Is é an treas fáth luathgháire do na naomhaibh, ar an ádhbhar go bhfeicfidh siad cros Íosa Chríost agus a chréachta. Fiafruighthear de ghnáth créad fá 'n-a dtaisbeánfaidh ár dTighearna glórmhar do-mharbhtha a chréachta dhóibh ins na flaitheasaibh. Adeir Naomh Peadar Criosológ gur chum teastughadh i dtimcheall fírinne a chuirp i n-aghaidh na droinge nár chreid go raibh colann fhollas aige. Adeir Naomh Tomás gur chum go bhfoillseochaidh sé sgéimhe agus breaghthacht a dhaonnachta naomhtha, do gheobhaidh nuadh-ghlóire chinneamhnach tré n-a chréachtaibh lonnracha. Adeir Naomh Ambróis chum go gcuirfidh sé i n-umhail do na h-uile dhaoinibh créad é méad a chosain sé dhó, iad d'fhuasgladh. Gidheadh, méadóchaidh na fátha so, bíodh gur contrárdha iad, sólás agus meanmna na bhfíréan óir má atá sé cinnte go bhfoillseochthar a lota chum teastughadh i dtimcheall fírinne a chuirp, créad é méad an áthais agus na luathgháire dhóibh rianta na lot n-uasal sin d'fheicsin ar an gcolainn maighdeanda, d'fhulaing iad leis an ngrádh éagmhaiseach, ghlan úd do bhí aige dhúinn-ne? Má tá sé fírinneach gur chum glóire a dhaonnachta do mhéadughadh, créad é an fáth luathgháire agus sóláis dóibh féachain go múchfaidh an neach úd, do tarcuisnigheadh roimhe seo, tré lonnradh a chréacht uile shoillse flaitheamhnais; agus fá dheoigh má tá sé deimhneach go bhfoillseochaidh sé a
chréachta chum a chur i n-umhail dóibh créad é méad agus mórdhacht luach a bhfuasgalta, créad é an fáth aoibhnis agus lán-mheanmna dhóibh a bheith deimhnighthe go bhfuil siad ag faghbháil a thortha agus go mbéidh siad dá fhaghbháil an fhaid do bhéas Dia 'n-a Dhia. Tunc videbunt Filium hominis, etc.. "Annsin do chífidh siad Mac an Duine ag teacht 'n-a uile mhórdhacht"; agus do réir mar mhúsglóchaidh a láthaireamhlacht, foir-ísleacht, fearg agus mío-dhóchas ins na malluightheoiríbh, is amhlaidh sin do thiubhraidh sé ádhbhar luathgháire, sóláis agus foirtile do'n chuallacht bean- nuighthe. CRÍOCHNUGHADH. Is é nídh atáim ag iarraidh dhíbh do thoradh an chomhráidh seo, a éistightheoirí ró-ghrádhacha, cuimhneamh go minic ar na fírinníbh seo. Ní féidir breitheamhnas Dé do sheachain chor ar bith. Béarfaidh sé breith oraibh go fírinneach agus orm-sa mar aon libh. Gidheadh, an fhaid atáthaoi ar an tsaoghal so is féidir libh cruadháil a bhreitheamhnais do sheachain. Caithidh sibh féin anois ag cosaibh Íosa Chríost atá milis, foighideach, ionnas nach bhfulaingeochaidh sibh ins an mbeathaidh eile láthaireamhlacht crith-eaglach Íosa Chríost go feargach doi-cheannsa. Anois, a Thighearna, ní'l agat acht smuainte síothchána dhom agus ní mian leat mo dhíoghbháil; atá do shúile dúnta, atá do lámha cuibhrighthe; atá do cheann gan corrughadh agus atá do chorp uile ar n-a cheangal suas le tairngíbh ar an gcrois chum mé d'aith-leasughadh. Is féidir liom, a Thighearna, mé thumadh in do chréachtaibh gan peannaid, agus má iarraim maitheamhnas a's trócaire ort i dtaobh an buille feill do thabhairt duit, is é do bhás as adhbhocói- deach ar mo shon agus do thagróchas mo chúis chomh maith agus gurab dá thaobh sin do-bheir tú maitheamhnas dom.
Acht má leigim tharm tré m'fhaillighe an aimsir seo na ngrás, is é do chuid fola a's feola-sa, do chros, do chréachta, do láthair agus do radharc do chionntóchaidh mé de náire agus do líonfaidh mé de mhío-dhóchas. Tar éis seo, a dhearbhráithreacha, créad é an amuid- eacht agus an neamh-mhothughadh dhíbh-se má ghníthí faillighe agus mainneachtnaidhe de chusbóir bhur slánuighthe agus de bhur luaith-iompódh? Do bhí mórán de na naomhaibh ann d'fhág gleo an tsaoghail i dtaobh an breitheamhnas déidheanach d'fheicsin i dtaibhse agus d'éaluigh gus an bhfásach chum marthana ar feadh a mbeathadh i dtréigean- nas agus i suaimhneas. Ní iarrfainn-se an nídh seo ó nbhur ndiadha-shamhlacht acht go bhfuil a sháir-fhios agam go bhfuil fios agus eolas ar an mbreitheamhnas ndéidheanach chomh riachtanach dhíbh-se agus do bhí sé dhóibh-san, agus ó'n am úd níl an Dúileamh síothuighthe i nbhur bpáirt, agus athchuingim oraibh gan bréithre Dé do sheanmóirim dhíbh do leigean i ndearmad nó i mío-chuimhne, óir do rinne an Tighearna úsáid díom-sa agus de'n chomhrádh so chum sibh- se d'fhilleadh air féin. (Tá beagán i n-easnamh annso.) "Seanmóir do tharraing mé amach as an leabhar Franncach dá ngoirthear Claude Joli, ar n-a eidir-mhíniughadh 'san teangain Ghaedhilge chomh díleas agus do ráinig lem' lag-thuigsin a dhéanamh." Seaghan Ua Connaire, 1770.
{B 1769lsc 18D} SEANMÓIR A CÚIG. AR AN AITHRIGHE. (Do Chéadaoin an Luaithrigh). Convertimini ad me in toto corde vestro, in ieiunio, et in fletu, et in planctu. Et scindite corda vestra, et non vestimenta vestra. Uime sin, adeir an Tighearna, fillidh-se chugam-sa maille le nbhur uile chroidhe, le trosgadh, agus le gol, agus le bualadh bos, ag raobadh bhur gcroidhthe, agus nár ab iad bhur n-éadaighe. Ióel,ii.,12,13. Nuair adeirim libh gurab oircheas agus gur dual aithrighe do dhéanamh, cia aca as dóigh libh, gur fírinne agus gur órdughadh bunadhasach, do-gharmtha, nó smuai- neadh baramhlach agus for-fhógra gan éifeacht atáim ag luadh libh? Nó an bhfuil sé riachtanach aithrighe do dhéanamh iar mbás ár Slánuightheora, Íosa Críost, do shil a chuid fola ar ár son-ne, do bhí chomh glan, chomh mór-luaigh sin, go ndéanfadh an braon as lugha dhí an domhan go léir do shlánughadh? 'Seadh, is dlighe éifeachtach atá gearrtha amach do na peacthachaibh, agus is breitheamhnas gan uain aith-éisteachta do'n uile dhuine do thuiteas i bpeacadh, mar nach bhfuil sé ar chumas dó dul go Flaitheamhnas muna bhfillidh sé ar Dhia le n-a uile chroidhe, agus muna n-osgluighthear dorus na Ríoghachta neamhdha dhó trés an aithrighe. Ní fhuil an baisteadh, as tosach do na h-uile sacramaintíbh, an
creideamh, as bun-ait agus as columhan do'n chrábhadh, agus na grása as tionnsgnuightheoir do'n luaidheacht agus as tobar agus as préamh do'n ghlóire, ní fhuil siad, adeirim, níos riachtanaighe chum slánughadh an anma, 'ná an aithrighe do'n duine úd do thruailligh neimh- chionntacht a bhaistidh leis an bpeacadh. 'Sé slighe i n-ar chóir an aithrighe ró-riachtanach so do dhéanamh, maille le doilgheas croidhe chríostamhail, le leoir-ghníomh chríostamhail, agus le díoghaltas do bhain- eann an t-aithrigheach de féin i dtaobh fearg do chur ar Dhia, ar an ádhbhar nach maithtear le sacramaint na h-aithrighe iomshlán na péine tuilltear leis an bpeacadh acht athruighthear léithe an phian síorraidhe chum bheith aimseardha nó teamporálta, ar cheart do'n pheacthach a chúiteamh maille le h-ionnracas agus le h-umhlacht. Iar sin créad atá agam le rádh libh acht taisbeánadh dhíbh créad é cruadháil nó tromdhacht na h-aithrighe, agus créad é faid badh chóir a síneadh chum díoghalacht agus fíréantacht Dé do chúitiughadh, má's fada nó gearr, má 's beag nó mór, má's buan nó díombuan; agus d'éan fhocal, créad é an chomh-chudromacht agus an choimh- fhreagarthacht b'oireamhnach a bheith idir aithrighe agus peacaidhe an aithrighigh. Agus atá an tasc so chomh mór sin, go mbéidh mé lán-tsásta má thigeann liom taisbeánadh dhíbh 'san gcomhrádh seo, go mbadh chóir d'aithrighe fhírinnigh bheith trom, agus bheith freagarthach, oireamhnach i gcomhnuidhe do cháilidheachta agus d'uimhir na bpeacaidhe. Chum go dtiubhrainn moill iomchubhaidh do mo chomhrádh, agus gan na smuainte do ghníos é do chur ar mío- órdughadh, adeirim an chéad uair nach bhfuil a fhios ag duine ar bith go bith-chinnte créad é an comhall péine as oireamhnach do'n pheacthach gabháil tríd chum cúitimh
do'n fhíréantacht diadha d'éis a pheacaidhe do bheith maithte aige i sacramaint na h-aithrighe, óir ní féidir leis innsin go puinnteálta créad é méad oireamhnach na péine teamporálta so do bhí roimhe seo i n-a péin síorraidhe. 'Sé fáth na daille seo, de bhrígh chum faideacht agus miosúr na péine so do thuigsin go foir-líonta, gur cóir aithint ar dtúis cia aca mór nó beag an doilgheas croidhe do bhíos ar an bpeacthach i dtaobh a pheacaidhe, mar aon le fios méid na ngrása do fuair sé agus na carthannachta atá aige; agus ní bhíonn fios na neithe sin ag duine ar bith, agus ní bhíonn fios ag an Eaglais féin orra, nuair nach soicheann sí gus an gcroidhe. An dara feacht, níor bh'fhuláir aithint créad é tromdhacht, mailís, agus gráineamhlacht an pheacaidh mharbhthaigh, créad é méad an fhuatha atá ag Dia do na peacaidhibh seo, an fhearg atá air d'á dtaobh, ar an ádhbhar go bhfuil an phian teamporálta so, bíodh gur beag í, i n-a fuighligh fós ar fheirg síothuighthe an Tighearna, amhail adeir an t-Uasal Uilliam de Phairis go ró-dhearsc- naighthe, agus ní tualaing duine 'san mbith ar na feachtaibh so do thuigsin go foir-líonta, - delicta quis intelligit (Sailm xviii.13)? Óir cia againn le n-ar féidir tromdhacht, ain-mheasardhacht, gráineamhlacht, agus iarmarta náireacha an pheacaidh do léir-thuigsin? Cia againn, a Dhia, do thuigeas comhachta agus cinnseal do chuid feirge, quis novit potestatem irae tuae (Sailm lxxxix.11)? Cia againn aithnigheas iomadamhlacht d'fheirge agus do dhíoghaltais? Agus, d'á bhrígh sin, cia againn le n-ar féidir ceart, buirbeacht, agus trom- dhacht na h-aithrighe críostamhla do thuigsin, mar aon leis an gcoimh-fhreagarthacht b'oireamhnach a bheith idir an aithrighe agus an peacadh?
Adeirim 'san dara h-áit, cé nach mbíonn fios foir- líonta ag duine ar bith créad é an tslighe 'n-ar chóir cúiteamh ar son an pheacaidh, d'éis sin, chum nach mbéadh an cúiteamh níos lugha 'ná an oibliogáid nó an ceangal díolaidheachta do chuirthear ar an bpeacthach, badh chóir coimh-fhreagarthacht bheith idir an aithrighe agus an peacadh. Óir má órduigheas an fhíréantacht daonna, as neimh-nídh i gcosamhlacht do'n fhíréantacht diadha, pianta contrárdha do réir deithbhire agus contrárdhacht na gcoirthe, agus má dhaorann an fhíréantacht agus an dlighe daonna na coireacha as mó leis na pionósaibh agus na pianaibh as mó, is d'á réir sin do stiúróchthar an fhíréantacht diadha gan aon amhras. Adeirim 'san treas áit, agus is iarmairt é do tharraingim as an dá fhírinne seo do shocaruigheas, ó nach bhfuil fios ag duine ar bith créad é gné agus méid na péine teamporálta as dual do na peacthachaibh gabháil tríthe, chum fíréantacht Dé do shásamh, agus ó atá an t-aithrigheach do dhligheann an pheannaid sin, fá oibliogáid chomh mór agus atá sé comhachtach air, é dhéanamh freagarthach d'á choirthibh, leanann de sin, gan amhras, gur cóir do'n aithrighe bheith mór trom do shíor. Atáid neithe áirithe ann, do dhligheann mórán measardhachta agus ceannsachta, ar chor gur mó an eagla badh chóir a bheith i dtaobh iomarcaidhe ná uireas- baidhe smachta; agus atáid neithe eile ann ag ar mó an díoghbháil do thigeann de bheagán 'ná de mhórán smachta; agus is de'n nádúir sin an aithrighe chríostamhail. Ó atá an aithrighe chomh ró-riachtanach so badh chóir, mar sin, d'á foir-líonadh bheith tromdha, daor-dhálach, mar adeir Tertullianus, agus i n-ionad í fhágbháil do leith soir- bheachta nó pléisiúir agus cogcubhais an aithrighigh féin,
badh chóir í aithint le h-oibreacha smachtamhlachta agus péin-éirce. Agus go fírinneach, má fágtar an oibliogáid nó an ceangal díolaidheachta, do dhlighmid a dhéanamh tar éis an bpeacadh chum trom-dhíoghaltas Dé do bhogadh, do leith toile agus oireamhnachta an aithrighigh féin, créad é méad measardhachta, athchoimreachta, agus ceannsachta nó neimh-iomarcachta na h-aithrighe? Agus do réir na sligheadh seo, do bhéadh sé sásta i dtaobh na bpeacaidhe gráineamhail do rinne sé, le iad d'innsin go fuar, failligheach le beagán gníomhartha doilghis croidhe d'ár- dughadh i n-a anam le cur i n-umhail go bhfuil sé dobrónach, cathuigheach i dtaobh a pheacaidhe, agus má abrann sé beagán coróineach Mhuire, nó beagán psailmeach do léigheadh i n-a bhfarradh sin, atá sé dearbhtha go bhfuil a chuid aithrighe foir-líonta. Agus is cruthughadh bunadhasach ar an bhfírinne seo, iomchar agus béasa iliomad críostaidhthe ár n-aimsire, agus is minic dhaoraid iad féin go h-ifreann d'á thaobh, mar aon leis na coinfeisiúríbh maithmheacha le nach mian acht aithrighe shuarach do chur ar an bpeacthach i taobh feill-ghníomh- artha. d'á bhrígh sin, ní fágtar an ceangal díolaidhe- achta chum trom-dhíoghaltas Dé do chlaonadh agus chum é shásamh ar thoil agus soirbheacht an aithrighigh go haon- racánta, agus i gcathaoir bhreitheamhnais na h-aithrighe má fágtar cúis an Tighearna ar aon mhodh chum breith- eamhnais agus riaghluighthe an aithrighigh, ní féidir leo a ndualgas do dhéanamh go fiúntach muna dtugaid breitheamhnas air maille le cruadháil agus le comhall péine ró-bheachtuighthe. d'á bhrígh sin, badh chóir dhúinn-ne umhlughadh do láthair Dé agus a thimthire, ár gcolann do smachtughadh do bhí ar n-a truailliughadh le sólás agus le sáimheacht, ár
n-anam d'úir-ísliughadh le dobrón, do bhlais an sugha- chas agus an tsultmhaireacht pheacamhail, ócáidí éife- achtamhla na h-aithrighe do dhéanamh anois de ádhbharaibh gráineamhla ár bpeacaidhe roimhe seo, cuimhneamh ar ár n-anam do chothughadh agus d'oileamhain níos mó 'ná ár gcolann, urnaighthe agus trosgadh do dhéanamh go minic, agus sinn féin do chaoineadh de ló agus d'oidhche. Créad fáth na h-umhlóide sin? Atá chum go n-onóirfimis Dia le n-ár n-aithrighe le h-eagla roimh an peiriacul peannaide do bhíonn orainn, - ut de periculi timore Dominum honoret, - agus mar an gcéadna, chor go mbéadh an aithrighe, as taoiseach catha do Dhia i n-aghaidh na bpeacaidhe, ag déanamh díolaidheachta agus cúitimh d'á fheirg, - ut in peccatores ipsa pronuntians pro Dei indignatione fungatur, - agus fá dheoigh, chor go gcuir- feadh an aithrighe seo ar neimh-nídh tré n-ár smachtughadh teamporálta féin, na pianta dochracha dlighthear d'ár gciontaibh, - Et temporali afflictione supplicia, non dicam frustretur, sed expurgat. I gcuirptheacht uathbhásaigh na h-aimsire seo i n-a bhfuilmid agus buirbeacht ghairg, urchóidigh, mar aon le macnas ainiarmharthach mórán de chríostaidhthibh cealgacha orra féin, ní leoghfaimís, ar a mór, labhairt ar dhaor- dhálacht ársa riaghalach an Teampaill, agus ar an modh pheannaideamhail le n-a ghnídís peacaidhe d'aithrighe i n allód. An tan labhramuid orra, féachtar orainn mar dhaoine fiadháine nach n-aithnigheann slighthe an tsaoghail, agus do thráchtann ar ghníomhaibh tréigeannais nach bhfuil i n-úsáid, agus do nach dtugann an Eaglais féin a toil ná a deigh-mheas. Deimhnighim go bhfuil an Eaglais comhachtach ar a foircheadal agus a teagasg d'athrughadh agus d'iomlaoid i neithibh áirithe. Ní rabhadar na riaghalacha so, bhaineas
leis an aithrighe, riachtanach go bith-chinnte chum slánughadh an anma; do congbhadh go díleas iad i n-aimsiribh agus i n-ionadaibh áirithe, agus níor coimeádadh i n-áitibh eile ar aon chor iad. Ins na h-uairibh sin ní raibh sé dlightheach ná lóghtha iad do cheannsughadh. Do bhíodar i n-a bpionósaibh gearrtha do lucht striapachais agus adhaltrannais, do lucht corbaidh cuil agus do lucht ceall-argana, do lucht iodhal-adhartha agus do lucht dún-mharbhtha, do'n chléir agus do'n phobal choitcheann; óir do bhí sé folláin, tairbheach do'n Eaglais, do bhí an uair sin ag préamhughadh agus ag fás suas, riaghalacha borba, cruadhálacha do cheapadh agus do chur i ngnáthaimh chum na creidmheacha do bhuanughadh i n-a ndualgas, chum na tuataí do theagasg agus chum, ní h-é amháin droch- shomplaí scannalacha d'ath-chóiriughadh, acht fós, chum peacaidhe coigilte, secréideacha do leasughadh. Do bhíodar réasúin ró-bhunudhasacha ag na comhair- líbh agus ag na pápaibh, do bhí ar n-a dtreorughadh leis an Spioraid Naomh, leis na dlighthe sin do cheapadh, amhail agus atáid ár réasúin féin againn-ne 'san aimsir seo chum na riaghalacha sin do cheannsughadh. Do measadh na riaghalacha ársa céadna sin d'ath-nuadhughadh i gComhairle coitchinn na Trente, agus do bhí an Cair- dional onórach Gropter mar aon le mórán eile dá mbrostughadh maille le n-a uile chumas, acht do chongaibh an Spioraid Naomh, as buan-treoraidhe ar a Eaglais féin, oibliogáid a gcoimeádtha sin fá chomhair na bpeacthach, agus d'órduigh do na oidíbh faoistine na sean-dlighthe sin do léir-thuigsin, chor go gcuirfidís i n-umhail dá n-aithrigheachaibh iad, agus chor go mbéadh a n-aithrighe chomh freagarthach dá gciontaibh agus do b'fhéidir a bheith. Ag so na neithe atá ar chumas do'n Eaglais a
dhéanamh. Do chuir sí ar gcúl aithrighe phuiblidhe agus do cheannsuigh sí aithrighe sheicréideach nó fholuighthe. Is mairg dhobrónach d'ár sadhaile agus d'ár seasgaireacht do chuir d'fhiachaibh uirre an t-athrughadh sin do dhéanamh ar a foircheadalaibh agus ar a dlighthibh. Acht chum go dtairbheochainn de chomhrádh an Naomh-Athar Cyrillus, ag trácht ar iomchar na h-Eaglaise adeir sé: "Ionamhail fuireann luinge do bhíonn i bhfad ar seachrán fairrge nuair bhraithid siad go bhfuil a long i mbaoghal báidhte agus gabhann eagla a gcaillte iad, cairtid amach, ciodh gur deacair leo é, éadálacha ró-thairbheacha, ionnas go dtiocfadh leo na h-éadálacha as fearr 'ná sin, mar aon le n-a n-anmannaibh féin do shlánughadh agus do shábháil, is mar sin do'n Eaglais, óir d'athruigh sí agus do cheann- suigh sí riaghalacha áirithe ársa, d'eagla an iomshláine do chailleamhain, agus chum nach nglacfadh mórán de na creidmheachaibh mío-dhóchas i dtaobh na smachta ró-éagsamhla so." D'á bhrígh sin, níor chóir do dhuine ar bith scannail do thabhairt do'n Eaglais i dtaobh milseachta agus cneastachta na h-aimsire seo againn, mar do rinne Novatius. Badh dhlighe seasmhach ag an Eaglais i n allód gan absolóid ná maitheamhnas do thabhairt do pheacthachaibh droch-shompladhacha gan aithrighe do dhéanamh roimhe; gidheadh, do-chíonn sí go bhfuil sé oireamhnach 'san aimsir seo absolóid do thabhairt dóibh ar dtúis, agus a chur d'fhiachaibh orra aithrighe do dhéanamh i n-a dhiaigh sin. Níor cheaduigh an Eaglais i n allód a bparráistidhe ná a mbeatha eaglaise do thabhairt tar n-ais do shagartaibh ná do lucht beathadh eaglaise do bhí cionntach i gcoirthibh canónda gan aithrighe do dhéanamh roimhe; gidheadh, ceaduigheann sí anois dóibh é, óir is athrughadh é seo atá ar chumas dí a dhéanamh, agus nár chóir do dhuine ar bith milleán do bheith uirre d'á thaobh.
Acht tar éis sin, ní fhuil sé ceart a chreideamhain nach bhfuil an aithrighe chríostamhail seo chomh cruadhálach do shíor agus b'oireamhnach a bheith. Má tá an Eaglais maithmheach ins na neithibh do ghníonn corp na h-aithrighe, níl sí maithmheach ná dearmadach i n-aon nídh do ghníonn spiorad na h-aithrighe. Is é sin le rádh, má d'athruigh sí aon chuid de na sean-riaghalachaibh gnáthacha, níor athruigh sí tríd sin bríoghmhaireacht na h-aithrighe. Óir créad é brígh na h-aithrighe? Atá a bheith trom, daor-dhálach agus bheith coimh-fhreagarthach, oireamhnach i gcomhnuidhe do ghné agus do thromdhacht an pheacaidh. Acht ní bhíonn bríoghmhaireacht na h-aithrighe iomshlán ná foir-líonta le déanamh oibreach umhlachta go puiblidhe, agus ní bhíonn brígh agus substaint na h-aithrighe foir-líonta i dtaobh í bheith ar n-a gnáthughadh i n allód do réir na gcanóin seanda. Óir créad é an t-iongantas do bhéadh ar an uile dhuine de'n aimsir seo, dá mbéadh cúig mbliadhna déag gearrtha amach chum aithrighe phuiblidhe a dhéanamh do'n t-é bhéadh cionntach i n-adhaltrannas agus fiche bliadhain d'fhear dún-mharbhtha? Nuair do chaithfeadh sé ar feadh ceithre bliadhna de'n aimsir sin fanamhain i bhfad amach ó'n eaglais, ceithre bliadhna eile taobh le geata an teampaill, ceithre bliadhna eile gan bheith ag éisteacht acht le seanmóir agus le cuid de'n aifreann, go h-aimsir na h-ofrála, agus na trí bliadhna déidhe- anacha i gcantaireacht agus iomshláine an aifrinn d'éisteacht gan Sacramaint Chuirp Chríost do ghlacadh ar feadh na h-aimsire go léir? Agus créad é an t-iongantas do chuirfeadh sé orra dá n-órdóchthaoi 'san aimsir seo do'n t-é bhéadh cionntach i striapachas scan- nalach, choitcheann, seacht mbliadhna chum aithrighe phuiblidhe do dhéanamh, dhá bhliadhain díobh sin a chaitheamh i bhfad amach ó'n dteampall agus gan dul isteach ann leis na
creidmheachaibh, dhá bhliadhain eile gan bheith ag éisteacht acht leis an teagasg críostaidhe, dhá bhliadhain eile bheith ag éisteacht leis an gcantaireacht agus le roinn de'n aifreann, agus an bhliadhain dhéidheanach bheith ag éisteacht le iomshláine an aifrinn agus gan Sacramaint Chuirp Chríost d'fhaghbháil an uair sin. Úch! créad é an t-iongantas do bhéadh orra, dá n-órdóchthaoi 'san aimsir seo do'n t-é bhéadh cionntach i leabhar éithigh do thabhairt agus i bhfiadhnaise bréagaigh, aon bhliadhain déag chum aithrighe phuiblidhe do dhéanamh, agus cúig bliadhna ar son meisge nó ólacháin ghnáthaigh. Ach ní bhíonn brígh agus substaint na h-aithrighe iomshlán leis na neithibh seo, acht tugamaois fá deara gan a chreideamhain gur cóir do'n aithrighe bheith milis, ceannsa, agus do réir toile agus soirbheachta an aithrighigh féin. Ní cóir, ní cóir, adeirim, óir atá sí trom, daor-dhálach ó nádúir agus badh chóir í bheith freagarthach i gcomhnuidhe do na peacaidhibh. Is mian liom réasún na neithe seo do thaisbeánadh dhíbh, do réir Tertullianus. Gidheadh, atá aithrighe na h-aimsire seo níos ceannsaighe agus níos lugha go ró-mhór 'na trom- aithrighe a laethe siúd. An céad fháth, ar an ádhbhar go bhfuil an aithrighe mar airmreacht na dtaoiseach-ionaid ag fíréantacht Dé, badh chóir do'n aithrigheach gníomh éigin do dhéanamh i n-a aghaidh féin badh chosamhail leis an nídh sin do dhéanfadh fearg Dé i n-a aghaidh, - pro Dei indignatione fungitur. Atá sé riachtanach go mbéadh comh-chudromacht éigin idir iomchar taoisigh-ionaid neach eile agus iomchar an t-é thugann an t-ionad dó; agus idir an t-é do-bheir do neach roinn d'á ughdarás agus an t-é do ghlacann a chomhachta uaidh. Adeir Íosa Críost le n-a aspalaibh: "Do bheirim comhachta dhíbh, cibé duine d'á maithfidh sibh
a pheacaidhe, atáid siad maithte aige, agus cibé peacaidhe chongbhathaoi, atáid siad congbhuighthe. Is sibh-se mo chomharbaí nó mo bhiocáirí; is chuige sin do thogh mé sibh. Déarfaidh sibh leo, ní h-é amháin go bhfuil a bpeacaidhe maithte aca, acht maithfidh sibh dóibh iad go feidhmeach éifeachtamhail, ar chor cibé peacadh mhaithfidh sibh-se dhóibh ar an dtalamh, béidh sé maithte aca, mar an gcéadna, ins na flaitheasaibh, agus cibé peacadh chongbhathaoi ar an dtalamh, béidh se congbhuighthe, mar an gcéadna, ins na flaitheasaibh." Agus do réir Tertullianus 'sí an aithrighe as comharba agus as taoiseach-ionaid d'fhíréantacht Dé, nó, chum gur fearr do thuigfeadh sibh é, is iad na sagairt as comharbaí agus as taoiseacha catha d'ár Slánuightheoir Íosa Críost, agus, d'á bhrígh sin, is dóibh as iomchubhaidh féachaint go géar, breathnuightheach i n-a chúis, agus nídh éigin do badh chosamhail le feirg Dé do chur mar bhreith- eamhnas aithrighe ar an bpeacthach. Ó, créad é an nídh do dhéanfadh Dia i n-aghaidh na bpeacthach? Do sgrios- fadh agus do dhamnóchadh sé iad. Acht ní mar sin do bhíos sé dhúinn-ne; óir achtaimid é trés an ughdarás agus na comhachta d'fhág Íosa Críost againn chum ár slánuighthe, agus chomh maith agus atá sé d'fhiachaibh orainn na peacaidhe do léir-chuartughadh; mar sin, badh cheart dúinn breitheamhnas aithrighe do cheapadh do'n aithrigheach chomh comhthrom agus do b'fhéidir linn é. An dara fáth do bheir Tertullianus, ar an ádhbhar go mbadh oireamhnach, ceart Dia d'onórughadh agus an éagcóir do-ghníthear i n-a aghaidh do léir-dhíol. Acht muna mbéadh an aithrighe tromdha, daor-dhálach, ní onóir- fidh agus ní mó bhainfidh díoghaltas ar son Dé. Is nídh ró-iongantach é mar do chumhduigh sé chuige féin an díoghaltas do-ghníthear i n-aghaidh na ndaoine, agus mar
d'fhág sé an díoghaltas do-ghníthear i n-a aghaidh féin fá chomhair sacramainte na h-aithrighe. Atá an aithrighe seo i n-a iodhbairt acht créad é an iodhbairt? Atá iodhbairt de spioraid chomh-bhrúighte, bhuaidh- eartha, de chroidhe úir-íseal, doilgheasach; agus ní féidir le duine na coinghill so do bheith aige gan é féin do smachtughadh maille le cruadháil agus le foir-éigean. An féidir do chomh-bhrúghadh spioraide bheith d'éan bhuidhin le sólás agus le súgradh? An féidir do bhuaidhreadh spioraide bheith coimh-ionann le seasgaireacht agus le taithneamhacht? Nó an bhfuilid doilgheas agus umhlacht croidhe in-réidhtighthe, oireamhnach do uaill, do dhíomas agus do shuarachas? Óir níl 'san aithrighe acht díoghal- tas do bhaineann duine dhe féin, agus, d'á bhrígh sin, badh cheart í bheith borb, óir má bhíonn sí lag, cneasta, sámh, sólásach, gan peannaid ar bith d'fhulang, cionnas as féidir díoghaltas do ghairm dhí. Bíonn an díoghaltas do bhaineann de dhuine eile éigceart, éagcórach agus daor-dhálach, borb, mío-chuibhseach, agus má bhíonn díogh- altas na h-aithrighe le n-a ndíoghaltar Dia gan éigceart nó éagcóir, badh chóir, d'á réir sin, í bheith cruadhálach, comhthrom. Tar éis an chruthughadh sin ní fhuil uathbhás orm mar thug Naomh Cyprianus rogha de dhá nídh do pheacthachaibh móra mar chúiteamh do Dhia ar son a bpeacaidhe .i. bás d'fhulang ar son a gcreidimh agus bheith i n-a mairtír- eachaibh, nó iad féin do thabhairt suas go h-iomshlán d'aithrighe. Má chuir tú fearg ar Dhia, má iompuigh agus má theith tú uaidh, ní mór dhuit an onóir do bhain tú dhe d'aiseag air arís, agus díoghaltas do bhaint díot féin go díoghraiseach ar a shon. Ar an ádhbhar sin, tóg do rogha de dhá nídh, mar atá, faideacht laethe do bheathadh do ghiorrughadh le bás onórach ar son do chreidimh, nó do
laethe do mhailliughadh le tréadhanas fada. "Téidh isteach i mainistir fá riaghalughadh abbadh chéillidhe, chráibhthigh," adeir an Pápa Stiophán le triath comhachtach áirithe do bhí cionntach i bhfeill-ghníomh éigin, "nó má bhíonn beatha aonracánach, ró-dhocamhlach agat, déan trosgadh agus tréadhanas, déan urnaighthe agus déarca agus deagh-oibreacha. Ná bí choidhche i measc cuideachta grinn agus súgraidh, óir ní fhuil an nídh sin oireamhnach do pheacthach chomh mór leat; ní mór sásamh do thabhairt do Dhia ins an mío-ómós do tugadh dhó. Ní mór go ndíoghalaidh d'aithrighe é agus chor go ndéanfá go tair- bheach í, ní mór í bheith trom, fada." 'Sé an nídh so do thug do Naomh Isidore de Seville a rádh gur cóir sásamh fírinneach do thabhairt do Dhia, ionnas go mbéadh an aithrighe fírinneach mar an gcéadna. Ní fuláir aithrighe do dhéanamh coimh-fhreagarthach do ghné agus do thromdhacht an pheacaidh, na droich-ghníomhartha do dhaoradh agus do phianadh, agus deora do shileadh chomh líonmhar agus chomh flúirseach agus do bhí sólás orainn roimhe seo ag déanamh peacaidh. Ó! is breagh an sásamh agus an cúiteamh ar fheirg fíochmhair an Tighearna má bhíonn an t-aithrigheach sásta le rádh go bhfuil cathughadh agus doilgheas croidhe air i taobh fearg Dé do bhrostughadh i n-a aghaidh, agus a gheallamhain nach dtuillfidh sé í feasta. Ó! créad é feabhas an díoghaltais do bhaineann an t-aithrigheach de féin má dhúisigheann sé i n-a anam beagán d'oibreachaibh doilghis croidhe do léigheann sé as leabhar urnaighthe nó do chualaidh sé i seanmóir. A chríostaidhthe, atá anois ag éisteacht liom, an mbéadh sibh sásta le sásamh chomh lag, comh dearóil, dá ndéan- taoi éagcóir ainiarmharthach nó masladh fuilteach oraibh? Ó! is oirdhearc an cúiteamh díolaidheachta dhúinn ar son ár bpeacaidhe aithrighe do dhéanamh i n-éadaighibh áilne
purpuir do bhlaiseann de'n tsuarachas agus de'n díomas. Ó! is breagh do dhéanann an bhean uasal so do pheacuigh tré mhórdháil agus tré dhíomas a h-aithrighe comh- chudromach d'á peacaidhibh nuair thigeann sí chum seirbhíse Dé líonta de shíodaíbh agus d'éadaighibh sróil, le n-a gruaig go cuachach, bachallach agus 'na trilseánaibh cíortha, lán de phlúr deagh-bholaidh, le n-a fiaclaibh do glanadh agus do gealadh go ró-chúramach, le lígh agus le pein- teáil ar a h-aghaidh, mar aon le mórán d'órnáidíbh deagh- mhaiseacha eile mar an gcéadna. Ó! is breagh an cúiteamh díolaidheachta do dhéanann an t-aithrigheach so le Dia, atá cionntach i n-ainmheasardhacht, i gcraos agus i nglutaireacht, agus is breagh bhaineann díoghaltas de féin an uair do chuarduigheann sé na feolta as milse, na h-éisg agus na h-éanlaith as blasta agus as daor- luaighe, an fíon as fearr agus as deagh-bhlasta as féidir d'fhaghbháil. Is mar seo do-ghní Tertullianus ádhbhacht de na h-aithrighíbh milse seo, nó leis na cainn- tibh géara, gonta do mhasluigheann sé aithrighe fhallsa na ndaoine. 'Sé an treas fáth do bheir an t-athair céadna, gur cóir do'n aithrighe bheith mór, trom agus coimh-fhreagar- thach do mhailís an pheacaidh do shíor, ar an ádhbhar nár chóir Dia do chur ar dhíth na cirte go h-iomshlán do bhí aige chum pionós do thabhairt do'n pheacthach i dtaobh na péine síorraidhe; agus d'á réir sin, badh cheart dó leoir-ghníomh nó sásamh éigin do dhéanamh leis, chum na péine teamporálta atá gan cúiteamh fós d'íoc. Óir is é sin an éifeacht atá ag na briathraibh diamhara docamhla so: temporali afflictione supplicia aeterna non dicam frustratur, sed expungit. Dá ndéanfadh Dia linn do réir corruighthe a fhíréantachta, do léir-scriosfadh sé an peacthach go
síorraidhe; acht dá ndéanfadh sé linn do réir fíor chlaonta a thrócaire, do thabharfadh sé maitheamhnas dúinn. Acht amhail a's gurab aon nídh amháin an fhíréantacht agus an trócaire seo ann-san, mar sin, ní mian leis pionós síorraidhe do thabhairt do'n pheacthach ná fós, maitheamhnas iomshlán foir-líonta do thabhairt dó. Má's amhlaidh sin é, créad do-ghní sé? Athruigheann sé an pionós ó bheith síorraidhe chum bheith teamporálta agus is chum an pionós teamporálta so do scrios ceapthar an breitheamhnas aithrighe. Acht níl sé ceart ar aon mhodh do'n aithrigheach gan an pionós soin do chúiteamh go dícheallach, meanmnach, agus buidheachas do thabhairt do Dhia i dtaobh a fhearg fhíochmhar do scaipeadh tré thoradh shólásach a shacramainte. Atá an aithrighe i n-a meodhan idir pháis Mhic Dé ar thaobh agus na pianta síorraidhe ar an taobh eile, agus 'sé an absolóid tugthar do'n pheacthach i gcathaoir breith- eamhnais na h-aithrighe as éifeacht bhunadhasach ar luaidh- eachtaibh do-chuimsighthe ár Slánuightheora Íosa Críost, do laghduigh agus do threabhluigh an-chomhachta agus uachtar- ánacht ifrinn. Agus badh cheart do'n tsásamh, atá d'fhiachaibh ar an bpeacthach a thabhairt, cúitiughadh ar mhodh éigin ar son athruighthe na péine úd ifrinn, agus cibé nídh bhéadh easbadhach iar an mbás agus an pháis seo do dhéanamh suas. Créad é éifeacht na mbriathar soin? An bhfuil nídh ar bith easbadhach iar mbás agus páis ár Slánuightheora? An é nár bhain sé as lámhaibh an diabhail duilleog nó billéad ár bpeacaidhe? An é nár scrios sé agus nár mhúch sé iad i n-a chuid fola? An é nach bhfuil a luaidheachta agus a thuilleamhna go do-chuimsighthe? An é nach bhfuil comhachta na croise cumasach ar peacaidhe an domhain go coimh-choitcheann do léir-scrios? Ní
féidir linn amhras ar bith do dhéanamh de'n phonc so d'ár gcreideamh; agus d'á réir sin, créad é an nídh bhéadh easbadhach dhúinn iar mbás agus páis Íosa Chríost? Agus créad é fáth do'n abstal a rádh go ndearna seisean suas tré n-a bhás gach nídh atá easbadhach nó i n-uireasbaidh orainn? Ní mór go bhfreagróchaidh Origenes agus Theodoretus an cheist seo. Táid dhá nídh i bpáis Íosa Chríost, mar atá, a luaidheachta nó a thuilleamhna agus ionchurthacht na luaidheacht gcéadna. Atáid a luaidheachta, gan aon amhras, do-chuimsighthe, chor gur leor iad chum maitheamh- nas i n-a bpeacaidhibh d'fhaghbháil do dhaoinibh an tsaoghail, agus do mhilliún saoghal eile ar céadna. Gidheadh, is é ionchurthacht agus toradh na luaidheacht sin do bhaineann linn uile fá leith nó go rannamhail, agus d'á bhrígh sin, badh cheart dúinn uile a dtoradh d'fhaghbháil. Ní mór dhúinn brígh agus comhachta na bpian d'fhulaing sé ar ár son-ne d'fhaghbháil, chor, amhail do shlánuigh a chros-soin an saoghal go léir, go slánóchadh ár gcros-na nó ár n-aithrighe agus ár dtréadhanas aontuighthe le n-a chrois- sin, sinn-ne mar an gcéadna. Agus leis an modh sin déanfamuid-ne suas i n-ár gcolnaibh féin cibé nídh atá easbadhach dhúinn iar a bhás mór-luaigh sin, agus cuir- fimid compórd ar Íosa Críost mar do rinneamar a bhás tairbheach dhúinn. Mar sin an é nach dtugann tú fá deara go n-abrann Naomh Pól, do bhí deimhnighthe de'n fhírinne, gur smachtuigh sé a chorp agus gur thug suas é amhail daor- óglach chum sclábhachta d'eagla é féin do dhaoradh d'éis mórán do theagasg? Níor leor leis mar fhulaing Íosa Críost ar a shon, agus níor leor leis mar do shil a chuid fola ar an gcrois ar a shon; do chuir sé fearg ar Dhia agus is é sin an nídh badh chúis dó aithrighe chruadhálach,
throm do dhéanamh, ionnas go ndéanfadh suas cibé nídh do bhí easbadhach air tar éis a bháis sin. Is iad na trí h-aithrigheacha, Peadar, Muire Mag- dalén, agus Pól na trí h-aithrigheacha as mó agus as oirdheirce ar a dtráchtann an Tiomna Nuadh, agus do ghnáthuigheadar sin uile tréadhanas agus smachtughadh na colna ar feadh a mbeathadh. Do chuir Peadar fearg ar an Slánuightheoir an uair do shéan sé trí h-uaire é, ag rádh: "Níl aithne ar bith agam air"; acht ní raibh milleán aige air nuair do ghul sé go géar i taobh a locht; agus, fé mar do bhíodar a dheoracha géar, is amhlaidh sin do bhíodar flúirseach, líonmhar, agus 'san uair chéadna síorraidhe, buan, ionnas go ndeir an Naomh Clement i Leabhar na Socrughadh do sgríobh sé iar mbás Pheadair: "An é nár mhaith an Slánuightheoir dó a ainm do shéanadh? Ní h-eadh, óir ní h-é amháin gur mhaith sé dhó é, acht fós, do rinne sé i n-a riaghalathóir agus i n-a cheann é ar an gcoimh-thionól abstalda; d'éis sin, ar an ádhbhar gur pheacuigh sé, badh mhian leis a aithrighe bheith coimh-fhreagarthach d'á pheacadh, agus, d'á bhrígh sin, do bhíodh d'á chaoineadh do shíor." Is í Muire Magdalén an dara duine. Ní féidir a dheimhniughadh le fírinne an raibh sí cionntach go feadh- mach i bpeacadh na neamh-ghlaine; acht is mó an chosamh- lacht fíre atá le creideamhain nach raibh le cur i n-a leith acht suarachas, árd-intinn, gléastacht agus iomad geana do'n tsaoghal agus d'á aoibhneas, lochta atá gnáthach agus ró-choitcheann i measc ban uasal agus íseal na h-aimsire seo, agus lochta gur beag an cúiteamh do dhéanaid le Dia d'á dtaobh. Acht as na lochtaibh sin do rinne sise aithrighe tríochad agus cúig bliadhna. Adubhairt Críost léithe imtheacht i síothcháin, agus do dheimhnigh sé dhí go rabhadar a peacaidhe maithte
aici. Do shaor sé í i n-aghaidh breitheamhnas obann dásachtach agus cinn-mhire nó diorruisgeachta na bPairi- síneach agus na n-Iúdach. d'onóruigh sé í le n-a láthaireacht tar éis a eiséirghe, agus tar éis sin uile, do dhaor sí í féin chum mórán tréadhanais agus mórán oibreach smachtamhail do ghnáthughadh go fríochnamhach, dícheallach, ar n-a h-éadughadh féin le saic-éadach, ag luighe i lea- baidh cruaidh agus ag ithe pisearlach, pónaire agus lus fiadháin. Acht créad é fáth an tréadhanais seo? Atá, iomorro, ionnas go mbéadh a h-aithrighe coimh-fhreagarthach d'a peacaidhibh. Is é an Naomh Pól an treas duine. Do ghéir-lean sé Eaglais Dé acht is tré neamh-aithne agus uireasbaidh eolais do rinne é, mar mhóidigheann sé féin, agus tré ghrádh lasamhail do bhí fallsa, bréagach. Do chualaidh sé agus d'fhoghluim sé ó bhéal Íosa Chríost féin go raibh sé i n-a shoitheach toghtha chum a ainm do chraobh-scaoileadh ar fuaid na talmhan go h-uile, agus tar éis sin ní thugann sé seasgaireacht ar bith d'a cholainn. Ní h-é amháin go raibh a spioraid ag oibriughadh chum an tSoisgéal do chraobh-scaoileadh agus do dhaingniughadh; ní h-é amháin go raibh a chroidhe d'á thréidheadh le doilgheas agus le dobrón i dtaobh a pheacaidhe féin agus i dtaobh peacaidhe na clainne do rug sé go spioradálta i n-Íosa Críost; acht fós, níor thug sé sosadh cómhraic ar bith d'á cholainn, - Nullam requiem habuit caro nostra (2 Cor.vii.5). Fulaingeann sé ar gach aon nós, ar an taobh amuigh leis an géir-leanamhnaibh cuirthear i n-a aghaidh ar son a chreidimh, agus ar an dtaobh istigh leis an ngnáth-smacht- ughadh do-bheir sé d'á cholainn agus leis an mór-thréadh- anas do ghnáthuigheann sé, - Sedomnem tribulationem passi sumus (2 Cor.vii.5). Acht créad é an fáth? Atá, mar badh mhian leis cúiteamh ar son a pheacaidhe agus a
aithrighe do bheith coimh-fhreagarthach dhóibh. An bhfuil na h-aithrighigh móra oirdhearca so meallta, a dhearbhráith- reacha, i dtaobh a mheas go bhfuil an chomh-chudromacht so idir an bpeacadh agus an aithrighe riachtanach, agus i dtaobh a n-aithrighe bheith buan, cruadhálach? Nó an féidir libh a thabhairt dom? Acht muna bhfuil de dhásacht oraibh a rádh gurab iad sin do bhí meallta, créad é an meas badh chóir dhíbh a bheith ar bhur n-aithrighe féin, go dtugann bhur sadhaile agus bhur seasgaireacht fá ndeara oraibh; i bheith chomh lag-bhríoghach, chomh díombuan sin? Atá dhá nídh le machtnamh do dhéanamh orra 'san aithrighe; mar atá, a riachtanas agus a cruadháil nó a tromdhacht, agus admhuigheann an Eaglais go h-iomshlán an dá nídh seo. Atá an aithrighe ró-riachtanach, gan aon amhras; ní fuláir í dhéanamh; agus atá sí tuilte de chruadháil agus de thromdhacht. Ní mór do'n aithrighe bheith cosamhail ar mhodh éifeachtamhail le taoiseach-ionaid fíréantachta Dé agus ní mór do'n aithrigheach, ag ar athruigh Dia a phian síorraidhe chum bheith aimseardha nó teamporálta, é do leor-shásamh. Agus is é seo urlabhra na Scríbhne Diadha, Comhairleach an Teampaill, agus na n-Aithreach Naomhtha. Tar éis sin, adeirid cuid de na h-Aithreachaibh Naomhtha go bhfuil an aithrighe seo i n-a long-phort duadhmhar nó saothrach, agus mórán eile díobh gurab bann deor agus fola í. Acht do réir mar do- ghníthí-se í, ní mór an saothar ná an duadh bhíos innte. Ní shileann sibh fuil ná deora d'á taoibh, acht do fuaireabhar-se amach secréid nó rúin-diamhair nach raibh a fhios aca sin, agus gan aon smachtughadh ná foir-éigean do thabhairt díbh féin, éirgheann sibh suas i nbhur
n-aithrigheachaibh d'aon toisg, d'aon iarracht, nó d'aon bhéim; acht créad é an réasún aithrigheacha do ghairm dhíbh? Ní cóir droch-úsáid do thabhairt do'n fhocal onórach so na h-aithrighe, nuair badh chóir bhur n-ainm féin do thabhairt díbh, is é sin, mealltóiridhe agus cluicheoiridhe mar adeir Naomh Iosodórus gan aon spleádhachas, - Non paenitentes sed illusores. Tugann Naomh Ambrósius fá deara mórán sórt aithrigheach d'iomcháineas an Scríbhinn Diadha agus na h-Aithreacha go ró-mhinic. Atá cuid díobh, adeir sé do chreideann go ndéanaid siad aithrighe nuair fhanaid ó ghnáthughadh na sacramaint. Agus is aithrighigh meallta iad. I n-ionad a bpeacaidhe do smachtughadh, teithid ó na leigheasaibh riachtanacha dhóibh chum grása d'fhaghbháil nó do mhéadughadh. Atáid drong eile dhíobh le n-ar mian aithrighe do dhéanamh le n-a n-éadaighibh agus le n-a n-órnáidíbh saidhbhre agus le n-a ngnáth-shuarachas. Agus is aithrighigh ró-mheallta iad, óir i n-ionad a n-aithrighe do dhéanamh oireamhnach d'á gciontaibh, congbhaid siad ádhbhair agus ócáidí na bpeacaidhe céadna. Atá, fós, drong eile dhíobh le nach taithneamhach acht breitheamhnas aithrighe lag, ceannsa, neamh-dhocamhail, agus le nach maith é bheith freagarthach, oireamhnach do nuimhir agus do cháilidheacht a bpeacaidhe. Agus críochnuigheann an naomh-athair so a iomráidhte leis an comhrádh so; gurab mó de chríostaidhthibh do chonnaic sé do chosain neimh- chionntacht a mbaistidh 'ná d'aithrigheachaibh do rinne aithrighe fholláin, mharthannach iar grása na sacramainte do chailleamhain, - facilius inveni qui innocentiam ser- varint quam qui egerint paenitentiam. Críochnuighmís, a uaisle, ár gcomhrádh, agus bain- fimid as trí neithe chum tairbhe ár n-anma. An céad nídh, ní mór dhúinn ár n-aigne d'athrughadh, agus má
chreideabhar go soiche seo go bhfuil bhur n-aithrighe iom- shlán foir-líonta i dtaobh coróin Mhuire do rádh, i dtaobh éisteacht le h-aifreann, i dtaobh beagán urnaighthe athchomaire do rádh, agus fó-dhéarca do thabhairt uaibh, ná bidhidh meallta níos mó, agus ná leanaidh bhur seach- rán níos sia; óir atá sé ceart go mbéadh an aithrighe chomh freagarthach agus is féidir é i gcomhnuidhe do thromdhacht an pheacaidh, agus, d'á bhrígh sin, is le h-oibre- achaibh smachtamhla eile do coimh-líonfar í. An dara nídh cuardaighidh sibh féin agus féachaidh an mór de pheacaidhibh do rinneabhar, féachaidh ar chlaon bhur súl, ar mhothughadh bhur lámh, ar chorruighthibh bhur gcroidhe, bhur miangas agus bhur smuainte, agus fáiríor! is mór an ciste peacaidhe do-gheobhaidh sibh ann; agus má órduigheann an Eaglais breitheamhnas aithrighe géar, fada ar son aon pheacaidh amháin, créad é méid trom- dhachta na h-aithrighe badh chóir a órdughadh ar son mórán díobh? Agus créad é méid na h-aithrighe badh chóir a órdughadh má's dóigh libh gur sheachnabhar fearg Dé i dtaobh a rádh go bhfuil doilgheas croidhe oraibh mar chuireabhar fearg air, agus i dtaobh beag-phian éigin d'fhulang do cuireadh mar bhreitheamhnas aithrighe oraibh leis an sagart? Ó! a shíol naithreach nimhe (óir is é seo ainm do-bheir Naomh Eoin ar na Iúdaighthibh), a shliocht na naithreach nimhe, cia do mhúin díbh fearg Dé do sheachain le slighthibh chomh boga, chomh cneasta so? Ná bidhidh meallta níos sia, déanaidh toradh fiúntach de'n aithrighe, óir is leis an aithrighe go h-aonracánta do dhaingneochaidh sibh fíréan- tacht Dé díbh féin. (Tá an chuid eile de'n tseanmóir seo ar iarraidh 'sa láimh-sgríbhinn). As Claude Jolie. Seaghan Ua Connaire, 1769.
{B 1758-1819ls 18L} SEANMÓIR A TRÍ-DÉAG. AN BREITHEAMHNAS DÉIDHEANACH. Cum autem venerit Filius hominis in maiestate sua, et omnes angeli cum eo, tunc sedebit super sedem maiestatis suae. An tan do thiocfas Mac an duine i n-a mhórdhacht féin, agus a aingle uile leis, an uair sin suidhfidh sé ar chathaoir a mhórdhachta féin. Matha xxv.31. Goidé mar as féidir liom-sa do bheith ábalta, a chompánaigh, le h-oirnéaltacht briathar, téarmaí feallsa nó diadhachta, chum an lae uathbhásaigh seo an bhreitheamhnais dhéidheanaigh do mhíniughadh dhuit indiu; an lae dhéidheanaigh adeirim, mar do bhéas sé 'n-a ghníomh dhéidheanach ag an mbeathaidh dhaonna 'san ngleann bhocht so na ndeor agus 'na chéad choiscéim aici chum na síor- raidheachta. Mar do dhearbhann go fosgailte an fáidh Malachias dom nach féidir le neach smuaineadh mar as cóir air. "Cia le'r féidir," adeir sé, "smuaineadh ar lá teachta an Tighearna, agus cia sheasóchas le n-a bheith ag amharc air" (Mal.iii.2)? goidé an nídh, dá mhéid, as féidir liom-sa, atá 'mo pheacthach bhocht, ainbhfiosach, do rádh nach mbíonn ró-bheag, simplidhe, úir-íseal do chathaoir an bhreithimh, do mhórdhacht a phearsan do phoimp a chúirte, do thruime na gcoirthe, do ghéire an bhreitheamh- nais agus do shíorraidheacht na bpianta? Ó! goidé an díle deor do b'fhéidir a réabadh amach as mo shúilibh, nó
na h-osnaí troma fuaim do dhéanamh in mo chliabh, nó an torann agus an mac-alla do thiocfadh le briathraibh do dhéanamh amach ar mo bhéal, le n-a dtiocfadh searbhadas an lae seo na feirge do thabhairt le tuigse dhuit, do chuaidh doi-chríochnuighthe, in mo bharamhail, ós cionn tuigse daonna an domhain go h-iomshlán? "Cia le'r féidir," adeir an t-áird-fhile, "cascairt agus tórraidheacht doilgheasacha na h-oidhche úd do mhíniughadh nó le n-a dtiocfadh le deoraibh an doilgheasa do dhéanamh coimh- ionann leo?" Cá bhfuil mé d'iompódh, Ó a Dhia agus a dhuine fhíre, má gheibhim ar an uile thaobh mé féin claoidhte le smuaineadh amháin ar uamhachaibh bréana, síorraidhe, ar shúghmairíbh doimhne, dorcha ifrinn, ar do bhreitheamhnas ró-ghéar, déidheanach, do-mhínighthe? Má thig siad indiu ós mo chomhair na casaoideacha gan leith-sgéal, na ciontacha gan cáirde, an breitheamhnas gan ath-ghairm, na pianta síorraidhe gan fuasgladh, an doilgheas gan sólás, na crochadóirí fuilteacha, craosacha, salacha, gan truaigh, na priosúin bhréana, dhorcha gan crích, gan deireadh, goidé as féidir liom-sa do rádh ar gach cuid aca so? Ar cruthuigheadh nídh ar bith ariamh ó thús go deireadh an domhain, fós ag labhairt ar na créa- túiríbh gan mhothughadh, nach cosgróchthar le h-uathbhás an lae seo? Nach mbéidh na gártha ag na flaithis? Nach dtuitfidh na réalta? Nach mbéidh an t-aer agus na réagúin ag osnaidhe? Nach mbéidh an talamh ar éin-chrioth le crioth-talmhan ag preabadh agus an fhairrge ag at le tonnaibh craosacha, dearga? Nach
mbéidh na cnuic agus na sléibhte ag damhsadh agus na beathaidhigh éigcéillidhe fá cholg feirge le fíoch i d'aghaidh, a pheacthaigh? Nach mbéidh na dúile mí-ghléasta agus an saoghal mór go h-iomshlán ar bhárr lasrach id' thimcheall an uair do thiocfas Mac an duine i n-a mhórdhacht féin agus a aingle uile leis? An uair seo, mar adeir Naomh Eoin, béidh a shúile mar lasair teine i n-a cheann le feirg leis an tsaoghal, agus a chóta croithte le fuil, agus imtheochaidh amach as a bhéal claidheamh faobhrach líomhtha de dhá fhaobhar (Taisb.xix.12,13,15), ionnas go sgriosfaidh sé leis peacthacha uile an domhain; agus so an t-am do shuidhfidh sé i gcathaoir a mhórdhachta féin. So cuspóir m'eagla, so cúis mo dhoilgheasa, so ádhbhar mo chrith-eagla. Cia, mar sin, le'r féidir smuaineadh ar an lá so teachta an Tighearna? Goidé an t-éadan, ar an ádhbhar so, a chompánaigh pheacthaigh, le n-a bhfuighidh tusa agat féin do theacht i láthair coirtheach ós comhair an bhreithimh do mhasluigh tú chomh minic sin id' bheathaidh. Béidh, adeirim leat, a ghnúis níos pianamhla dhuit an lá so 'ná pianta ifrinn uile. Goidé mar do thiocfas tú tligthe i láthair an té atá fé éideadh feirge agus díbh- feirge id' aghaidh, lag, anbhfann, gan bhrígh i láthair mílidh chródha, uile-chomhachtaigh; agus caillte i bhfiadh- naise Dé nach féidir a ghuidhe nó a shásughadh mar gheall ar do dhroich-bheathaidh. So na puinc ar a dtráchtfaidh mé leat ins na gcomhrádh so. Cia le'r féidir seasamh ós comhair an bhreithimh chomhachtaigh, mhío-shásta so mar do pheacuigheamar i n-a aghaidh ar feadh an fhaid sin d'aimsir? Má labhramuid ar an aimsir i n-ar thosuigheamar le mío-shásughadh do thabhairt dó, do tosuigheadh na lochta i n-a aghaidh an uair do thosuigh an saoghal do bheith; má's ar uimhir ár bpeacaidhe do labhramuid, Ó! do chuaidh siad thar
áireamh. Má's ar nádúir na bpeacaidhe do-ghnímíd, Ó! ní fhuil sé le faghbháil an té le n-a dtiocfadh nádúir mhalluighthe do choirthe do chur síos duit. Má's ar thruailleacht an té do-ghnídh an gníomh malluighthe, uch, fáiríor! sinn na créatúirí bochta, mío-thapaigh do thruailligheas ár n-anam féin leis in gach am agus gach uair dá ndéanamuid é; agus muna nglanamuid sinn féin leis an aithrighe ó shalachar ár bpeacaidhe, le gnúis uathbhásaigh, feargaigh do chluinfimid, i lá an dorchadais agus an cheoigh, na briathra so as béal Dé: "Do mheas tú, a dhuine mhí-chirt, go mbéinn-se comh-chosamhail leat; éireochaidh mé id' aghaidh, mar adeir an fáidh, agus cuir- fidh mé do pheacaidhe féin id' aghaidh" (Sailm xlix. 21). Tuig, a chompánaigh, nach ndéanfaidh Dia dearmad ded' dhroich-shlighthibh an lá déidheanach, acht go gcuirfidh sé do pheacaidhe uile id' aghaidh, peacadh ar pheacadh, marbhtha agus so-lóghtha, agus do sgrúdfaidh sé do bheatha le tomhas a thuigse do-chríochnuighthe nach féidir a mhealladh, le n-a ghéir-cheart nach féidir a aistriughadh, agus le n-a bhreitheamhnas déidheanach nach féidir a lochtughadh. "Cuirfidh mé," adeir Dia leat, "do pheacaidhe id' aghaidh." Ó! a bhochtáin bhoicht, cuimhneochaidh an breitheamh síorraidhe, an lá so, ar gach aimsir breagh, taithneamhaigh do chaith tú go díomhaoin ariamh ar feadh do bheathadh, ar lochtaibh d'óige agus d'aoise, ar ghníomharthaibh salacha do cholna, ar do dhroch-smuaintibh le gach briathar dhíomh- aoin dá dtáinig amach as do bhéal ariamh. Cuimhneochaidh sé ar do mhío-nádúrthacht leis ar son gach tiodhlaicthe do thug sé dhuit agus gach nídh d'fhulaing sé ar do shon, ar do dhánacht mhío-náirigh ós a chomhair, ar an neamh- shuim do rinne tú de gach congnamh agus gairm dá dtug sé dhuit chum leas d'anma do dhéanamh agus fós, ar gach dí-mheas dá dtug tú ariamh ar bheathaidh na ndaoine
subhailceach. Ní chreidim, a bhochtáin bhoicht, go bhfuil tú chomh díchéillidhe sin a's go measfá tú féin do bheith chomh naomhtha leis na h-abstalaibh, leis na fáidhibh, le h-aith- reachaibh naomhtha an tsean-reachta nó an reachta nuaidh. "Cia againn," adeir Naomh Gréagóir, "le n-a dtig beatha na n-aithreach do chuaidh romhainn do leanmhain nó do shárughadh?" agus má bhí siad so, mar do bhíodh, ar aon chrioth amháin eagla agus criagail an uair do smuainidís ar na briathraibh úd an fháidh le n-a n-abrann Dia go gcuirfidh sé do pheacaidhe id'aghaidh, goidé mar do bhéas tusa, a dheoraidhe bhoicht, i ló an chunntais. "Sgrúdfaidh mé," adeir Dia, "Ierúsalem .i. na daoine naomhtha, le lóchrannaibh" (Soph.i.12); agus má sgrúdann Dia chomh dícheallach soin na fíréin .i. muinn- tear Ierúsalem, cia do bhéas sábhálta i mBabilon .i. i gcathair na locht? Goidé do dhéanfas na cabáin .i.na peacthaigh má bhíonn na colamhain agus na cedri .i. na naoimh dá gcrathadh an lá so le h-eagla agus le criagal. Ó, goidé mhéad de subhailcíbh do-chífear an lá so i n-a ndubhailcíbh, nuair tógfar brat na mealltóireachta dhíobh. Goidé mhéid d'eisiompláiribh atá i bhfolach anois fá phúcóig na lúbaireachta do bhéas an uair seo fuag- artha amach mar sgannaracha námhadacha. Ó, goidé mhéad de ghníomharthaibh an chinidh daonna do-chítear dúinn-ne anois do bheith naomhtha, beannuighthe do thiocfas i láthair an lá so coinneal-bháidhe, diabhlaidhe, mal- luighthe. An uair seo do thiocfas briathra Iób naomhtha isteach le n-a ndearbhann sé dúinn go mbéidh brat náire agus uathbháis ar an muinntir ó bhonn go bathais ag a raibh fuath ar Dhia, an uair do-chífidh siad ós a gcomhair an breitheamh síorraidhe fá cholg feirge 'n-a n-aghaidh, agus ós comhair a súl na peacaidhe uile do rinne siad 'n-a aghaidh.
"Do thug mé an t-anam soin duit id' chliabh," adéarfaidh Dia leat an lá so, a bhochtáin bhoicht, "comh- chosamhail le mo nádúir féin, agus do rinne tusa í, a dhuine mhalluighthe, comh-chosamhail leis an ainmhidhe bhrúideamhail. Do rinne mé do chorp breagh sgiamhach deis-mhír chum do bheith mar árus comhnuidhe ag créatúir chomh uasal le d'anam agus do rinne tú a unfairt i múnlach shalach do pheacaidhe. Do thug mé dhuit, chum cúraim do ghlacadh id' thimcheall, prionnsa de phrionnsaíbh aingle mo chúirte agus níor thug tú áird air; do chuir tú suas dá chomhairleachaibh agus do mhasluigh tú é. Do thug mé ar chréatúiríbh an aeir, an uisge agus an talaimh do chothughadh, ag déanamh an uile sheirbhíse dhuit do tháinig leo, agus do dhiabhluigh tú iad uile chum easonóra dom. Do thug mé na mílte agus na mílte leigheas duit in mo shacramaintíbh naomhtha chum créachta d'anma do leigheas agus ní dhearna tú úsáid ar bith mar badh cóir díobh cum d'fhuasgluighthe ó shlabhraíbh do pheacaidhe agus ó na piantaibh síorraidhe. Do thuirling mé anuas as fhochras m'Athar Neamhdha i mbroinn na h-Óighe, mo Mháthair Muire, ag glacadh colna daonna agus do dhoirt mé mo chuid fola i gcrann na croiche ar do shon; agus ar a shon so ní fhuair mé uait acht masla agus tréatúireacht im' aghaidh. Cá mhéad uair do bhuail mé geataí do chroidhe chum dul isteach ann, seilbh do ghlacadh air, agus a bheith i n-a árus comhnuidhe agam, agus do dhíbir tú uait mé? Cá mhéad uair do labhair mé i gcluais do thuigse agus d'intinne chum do chur ar shlighidh do shábhála agus do dhiúlt tú éisteacht liom? Nach minic minic do chuir mé an t-athair faoisdine agus an seanmhóntaidhe ag cainnt leat chum rabhtha do thabhairt duit go gcaithfeá fá dheireadh teacht chum cunntais, an lá so, liom, agus do bhí tú ag sgigeadh agus ag magadh fútha? Nach minic
minic d'fhoráil mé congnamh mo ghrása agus mo thrócaire ort agus do thug cúl leo? Míle agus míle uair do mhaith mé do pheacaidhe dhuit, agus na mílte agus na mílte uair d'fhill tú ar an aithliogan arís. Nach minic minic do ghlac mé le gach geallamhain mhaith dá dtug tú dhom, agus do bhris tú gan mhoill iad, do chuaidh tú ar ais id'fhocal liom agus do thuit tú in gach locht do tháinig leat do dhéanamh. Do leig tú na h-aradhnacha le d'antoil chomh mío-náireach, madramhail sin ag peacughadh im' aghaidh mar nach mbéinn mar Dhia, acht mar Dhia maide nó cloiche ag nach mbéadh urlabhra, mothughadh, nó éisteacht chum ceart do dhéanamh ort. Do mhasluigh tú go truaillighthe mór- dhacht mo phearsan diadha, mo thrócaire doi-chríochnuighthe, agus mo cheart doi-mhínighthe. Do bhris tú gan foras mo dhligheadh. Níor chongaibh tú m'aitheanta. Ní raibh mo ghrádh ná grádh do chomharsan mar badh chóir id' chroidhe. Ní raibh acht creideamh agus dóchas marbh gan foirm na carthannachta agat. Do rinne máighistreacht ar m' fhoighde le do ghníomharthaibh diablaidhe sgannalacha i gcomhnuidhe ar feadh do bheathadh. Do bhí tú malluighthe de m'ainm gan foras. Do thug tú sgannail do m'Eaglais le do dhroich-eisiompláireachaibh, agus do chuir tú an phláigh agus an conach ar an saoghal go h-iomshlán le diablaidheacht do bheathadh. Ó, anois a chréatúir mhal- luighthe, shanntaigh, uaibhrigh, lochtaigh, uallaigh, iomarcaigh, do tháinig an uair i n-a bhfoillseochaidh mé do'n domhan go h-iomshlán gráineamhlacht do pheacaidhe im' aghaidh. Ar feadh na síorraidheachta béidh mé im' námhaid fhos- gailte agat, agus tré shaoghal na saoghal iomcharóchadh tú ualach do pheacaidhe i dtigh na bpian." Ó, an uair seo béidh do pheacaidhe mar chliabh teine dod' losgadh. "Cuirfidh tú iad," adeir an fáidh, "mar bhácús iarainn teine i n-aimsir do ghnúise" (Sailm xx.10). Is é sin,
mar adeir San Aibhistín, cuirfidh tú iad ar lasadh go h-inmheadhónach le coinsias a mallaightheachta féin; agus mar adeir an Béal Órdha, má tá neach ar bith eagartha le céill agus tuigse, do b'fhearr leis an té seo, go dearbhtha, teine ifrinn d'fhulang 'ná seasamh ós comhair Dé. Ní fhuil ins an teine shíorraidhe, má chuirimid i compráid leis í, acht róis; ní fhuil i ngreamannaibh ilphiastacha, craosacha, fuilteacha, salacha ifrinn, ná má smuaintear orra, acht póga milse, deagh-bhlasta; ní fhuil i sgiúirsíbh síorraidhe tighe na bpian i gcompráid leis acht ceol, spórt, agus sólás; agus fá dheireadh, ní chualaidh cluas ariamh, ní fhaca súil agus ní dheachaidh isteach i gcroidhe daonna ariamh, pian as mó 'ná an phian do bhéas ar na peacthachaibh i ló an bhreitheamhnais ó'n amharc teintrighe do-gheobhas siad ar ghnúis fheargaigh, uathbhásaigh Dé nuair adéarfaidh sé leo: "Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, chum na teine síorraidhe; ní féidir liom bhur bhfulang níos faide ós mo chomhair ó ghráineamhlacht bhur gcoirthe." Ó, a chompánaigh, cia le'r féidir seasamh ós comhair Íosa Chríost an lá so gan a chroidhe do réabadh le sgannradh? Cia an t-ucht nach bpléasgfadh le cloisint na mbriathra so as a bhéal? "Cá bhfuil do dhée do rinne tú dhuit féin? Éirgheadh siad agus sábhálaidís tú i n-aimsir do dhoghruinne agus do dheacra" (Ierem.ii. 28)? "Cá bhfuil do shaidhbhreas i n-a raibh do chroidhe agus d'anam níos mó 'ná i nDia? Cá bhfuil do ghlóir, d'onóir, agus do phoimp do rinne chomh dí-mheasamhail sin ar do chomharsain thú? Cá bhfuil do cháirde do threoruigh go tigh na h-imeartha, an damhsa, agus na póiteaireachta thú? Cá bhfuil d'uaisle? Cá bhfuil d'athair agus do mháthair do rinne uaibhreach áird-intin- neach thú? Cá bhfuil an óige, an neart, agus an
tsláinte? Cá bhfuil na dée uaibhreacha eile do rinne tú id' thuigse mhire chomh minic sin id' bheathaidh? Feiceam an sábhálfaidh siad tú anois"? Ó, an uair seo, a bhochtáin bhoicht, cuirfidh Dia tú féin id' aghaidh féin, mar adeir San Aibhistín linn, agus an t-amharc nár mhian leat d'fhaghbháil ort féin ná ar do pheacaidhibh id' bheathaidh, do-gheobhaidh tú ort féin agus orra soin i lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh é ós comhair Dé, na n-aingeal, agus na naomh, ós comhair síl Éabha agus Ádhaimh agus diabhal ifrinn go h-iomshlán, agus béidh an t-amharc so níos pianamhla dhuit 'ná teine chraosach ifrinn. Béidh sé dod' losgadh agus dod' chaitheamh gan críoch do chur ort go bráth. Do-chífidh tú, mar adeir Dochtúir na Tríonóide, do bhréantas féin, ní h-ionnas go leasfadh tú tú féin acht go mbainfeadh lasadh asat. Anois, a chompánaigh, ó chuala tú uaim goidé mar tá Dia mío-shásta linn, féachamuid goidé mar thais- beánas sé é féin fá éideadh feirge i n-aghaidh na bpeacthach an lá so. Éirigh suas, a fhírinne, agus réab amach as foighde, mar adeir Tertullianus ag cainnt le fírinne Dé. "Do bhíodh mé i gcomhnuidhe im' thost, agus do bhí foighde agam," adeir Dia, "go nuige an lá so." Anois, a chompánaigh, 'n-ár mbeathaidh tá geat- aidhe na trócaire fosgailte againn, agus claidheamh faobhrach feirge Dé gan tarraing, acht an lá so druid- fear geataí na trócaire i n-aghaidh lucht an mhí-chirt, agus tarraingfidh Dia amach an claidheamh faobhrach úd an dá fhaobhar, ionnas go gcosgróchadh sé leis peacthaigh an domhain uile i nGleann Iosaphat, an áit 'n-a n-iom- póchaidh gnúis aoibhinn Dé i n-a gnúis feirge, a cheann- sacht i n-a fíoch, a ghrádh i n-a fhuath, a chiuineas i n-a stoirm uathbhásaigh agus a mhaitheas i n-a feirg thein- trighe; an áit i n-a sgreadfaidh amach an t-Uan ceannsa
mar leomhan feargach, i n-a mbéidh a shúile geanamhla mar chaora teintrighe i n-a cheann, a theanga thaithneamhach mar chlaidheamh faobhrach ag gearradh; an áit i n-a mbéidh a ghlór milis mar thóirnigh uathbhásaigh, a lámha cumtha mar sgolba nimhe agus a dheilbh go h-iomshlán i n-a h-uathbhás agus i n-a péin níos géire 'ná lasracha síorraidhe ifrinn ag na peacthachaibh adéarfas an lá so le Dia na briathra so Íob: "d'iompuigh tú chum bheith tíoránta dhom" (Iób xxx.21); agus an uair seo le h-éadóchas iompóchaidh an peacthach i n-a mheall feirge i n-aghaidh Dé agus i n-a aghaidh féin. "Do-chífidh an peacthach," adeir Dáibhídh naomhtha, "agus béidh fearg air, agus béidh sé ag gabháil dá fhiaclaibh ar a chéile le báinidhe agus claoidhfear é; a mhian ní fhuighidh sé go bráth" (Sailm cxi.10). Do-chífidh an drong mhalluighthe daonnacht ár Slánuightheora an uair seo, gidheadh; ní fheicfidh siad a dhiadhacht dá dtabhairt chum na glóire. Do-chífidh siad dá bpianadh é mar bhreitheamh ceart mar gheall ar a ndroich-ghníomharthaibh. Do-chífidh siad é, ní mar charaid, acht mar námhaid fhosgailte, agus fá dheireadh mar an néal do threoruigh an pobal Eabhrach tríd an muir ruaidh do bhí soillseach ar thaoibh clainne Israel agus dorcha ar thaoibh Pharao agus a shluaighte. "An ghlóir atá ag na naomhaibh, ní fhuighidh siad agus ní fheicfidh siad í," adeir an Béal Órdha, "agus an méad d'fheicfidh siad í, le bárr péine dóibh féin do-chífidh siad í." Cia, mar sin, le'r féidir seasamh chum bheith ag amharc ar Íosa Críost an lá so? An Tighearna, a chompánaigh, mar charaid agus mar athair trócaireach sgiúrann sé sinn anois ins an mbeathaidh seo le comhachta a mhéir amháin. Ar an lá so taisbeánfaidh sé a lámh go h-iomshlán agus a chomh- achta i n-aghaidh na bpeacthach agus ní dhéanfaidh trócaire
orra. Chiló Lacedaemón an tan do rinneadh breitheamh ar an bpuiblidheacht de, do chuir sé cruinniughadh ar a theaghlach go h-iomshlán, ar a mhnaoi, ar a chloinn, ar a lucht gaoil, agus ar a cháirdibh uile, agus le malaíbh croma agus le gnúis dorcha dubhairt sé na briathra so leo: "Ó'n lá so amach measaidh gur strainséar dhíbh mé. Go nuige so do bhí mé mar charaid agus mar athair agaibh, acht ó'n lá so 'n-a ndearnadh breitheamh dhíom, do-gheobhaidh sibh mar bhreitheamh géar ceart ar bhur ndroich-ghníomharthaibh mé, mar nach mbéadh cuid agam díbh ariamh." Ó, a chompánaigh, smuain anois go minic in do bheathaidh ar na caorthaibh teintrighe do teilgfear síos ar na peacthachaibh le n-a leithéid siúd eile de bhriathraibh as béal Dé lá an bhreitheamhnais. "Adeirim libh," adeir Íosa Críost, "ní aithnighim sibh" (Matha xxv.12). "Níor aithin sibh mé i n-aimsir m'fhoighde nó mo thró- caire. Níor chongaibh sibh mo dhlighe, ní dhearna sibh mo thoil. Ar an ádhbhar so, ní aithnighim sibh i n-aimsir bhur riachtanais nó bhur dtrioblóide, agus tréigim sibh agus toirbhirim sibh i lámhaibh na ndeamhan agus na ndiabhal tré shaoghal na saoghal." Béidh, a dhearbhráthair bhoicht, na briathra so Íosa Chríost .i. ní aithnighim sibh, mar adeir an Béal Órdha, ag na peacthachaibh an lá so níos do-fhulangtha agus níos géire agus níos truime 'ná teine uile ifrinn. Goidé, mar sin, do dhéanfaidh tú, a chompánaigh? Tá, tabhair d'aghaidh ar an aithrighe. Déan mar as cóir í agus béidh tú sábhálta an lá so. Téidhmid ar ár n-aghaidh agus féachamuid goidé mar do shínfeas Dia a lámh amach an lá so i n-aghaidh na bpeacthach. "Taisbeánfaidh mé," adeir Dia, "an lámh so agus mo chomhachta, agus béidh a fhios aca gur ab é as ainm dom an Tighearna" (Ierem.xvi.21). So an lá i n-a dtaisbeánfaidh Dia comhacht iomshlán a láimhe
do'n tsaoghal mar nár thaisbeáin sé ariamh roimhe. Goidé seo adeir tú, a charaid? Nár thaisbeáin Dia comhachta a láimhe do'n tsaoghal an uair do dhíbir sé as gáirdín Eden sinn ins an ngleann bhocht so na ndeor (Gen.,Caib.iii)? An uair d'fhosgail sé toibreacha na bhflaitheas agus do bháidh sé an saoghal le díle (Gen., Caib.vi.,vii)? An uair do thug sé ar an talamh sgoilteadh agus lucht na sainnte do shlogadh suas i n-a chraos dorcha doimhin? An uair do sgiúr sé an Éigipt (Ecs.,Caib.vii, srl.)? An uair do bháidh sé Pharao le n-a shluaightibh ins an muir ruaidh (Ecs.xiv.28)? An uair do sgrios sé le ceathannaibh teine na caithreacha (Gen.xix.24,25)? An uair do loisg sé go h-iongan- tach muinntear Aaron (Leu.x.2)? An uair do chuir sé fá fhaobhar an chlaidhimh nach mór treabh Bengamin (Breith.,Caib.xx)? An uair do chuir sé cioth clocha sneachta ar na Chanaanites (Ios.x.11)? An uair do rinne sé luaithreamhán i n-aon oidhche amháin d'arm Senecherib .i. de chúig míle a's ceithre fichid a's céad míle fear (2 Mach.vii.19)? An uair do chuir sé sluagh leomhan isteach go Samaria agus do sgrios sé le mathghamhnaidhibh fíochmhara buachaillí do-cheannsa na tíre úd (4 Ríogh iii.23,24)? An uair do sgiúr sé go minic minic an domhan go h-iomshlán le gorta, le pláigh, le cogadh, le crioth talmhan? An uair do chuir sé ifreann tríd a chéile, agus do dhíbir sé prionnsa an dorchadais as seilbh an t-saoghail seo? Níor thaisbeáin Dia, mar adeir San Lúcás linn, leis an méad so uile acht comhachta a mhéir amháin. Tá méar Dé annso, adeir sé, "agus má's i méar Dé do dhíbrim na diabhail, gan contabhairt tháinig ríoghacht Dé chugaibh-se." - porro si in digito Dei eiicio daemonia, profecto in vos venit regnum Dei (Lúcás xi.20); ar an ádhbhar, mar adeir Phílo Eabhrach
linn: "Ní féidir leis an saoghal mór go h-iomshlán a lámh d'iomchar" (Beatha Mhaoise). Le comhachta na láimhe seo tligfidh sé na peacthaigh uile i ló an bhreithe- amhnais, agus "an uair sin aithneochthar," adeir Dáibhídh, "an Tighearna ag déanamh breitheamhnais (Sailm ix.17). Cia le n-a dtig smuaineadh ar lá teachta an Tighearna nach féidir a shásughadh mar gheall ar pheac- aidhibh an chinidh daonna mar as féidir anois le guidhe agus le deoraibh na h-aithrighe fíre, an tan atá srotha na trócaire dá leathnughadh féin le fuarlaoidhibh na ngrása orainn agus toibreacha créachta Íosa Chríost fosgailte chum soithighe toghtha na ngrás do dhéanamh dhínn. Is féidir anois, a chompánaigh, an t-Uan ceannsa do shásughadh nó do mhaothadh mar do-bheir sé féin le tuigse dhúinn leis na briathraibh seo an fháidh: "Ná guidh mé ar son an phobail seo, agus ná tar im' aghaidh" (Ierem.vii.16); agus le Maoise adeir sé mar so: "Leig dom ionnas go lasfadh m'fhearg" (Ecs.xxxii. 10); as a dtuigthear gur féidir fearg Dé do thraochadh i gcúrsa na beathadh so; acht i lá an bhreitheamhnais, mar adeir an Béal Órdha, ní spárálfaidh sé neach ar bith, agus ní shocróchaidh sé le guidhe créatúra ná le guidhe fós a Mháthar Muire, acht adéarfaidh sé le h-iongnadh an domhain go h-iomshlán mar so: "Goidé an fáth ar féidir liom bheith trócaireach dhuit" (Ier.v.7). "Ó, a dhrong mhalluighthe," adéarfas Dia, "goidé an nídh as féidir mo chorrughadh nó mo chlaonadh chum maitheamhnas do thabhairt díbh? Cia le'r féidir an sgiúrsa do bhaint as mo láimh? Cia le n-a dtiocfaidh lasracha m'fheirge do mhúchadh. Goidé an t-ádhbhar, mar sin, le'r féidir liom trócaire do dhéanamh ort"? Is iomdha slighe agat anois, a chompánaigh, id' bheathaidh le d'anam do ghlanadh agus do shábháil. Tá Muire Máthair Dé ag guidhe a
h-Éin-Mhic féin i gcomhnuidhe ar do shon agus ní mian leis a diúltadh, acht an lá úd ní thiubhraidh an ghealach ghlórmhar úd solus uaithe. Guidheann anois na naoimh ar do shon agus éisteann Dia leo, acht an uair úd béidh siad i n-éinfheacht leis an mbreitheamh, agus adéarfaidh siad mar so leis: "Is ceart tú, a Thighearna, agus is ceart do bhreitheamhnas" (Sailm cxviii.137). Cuimh- nigheann na h-aingil anois orainn, acht an lá úd adéarfaidh siad i n-ar n-aghaidh mar so: "Do leigheasa- mar Babilon agus ní fhuil sí slán, tréigimíd í" (Ierem.li.9). Labhrann anois ar ár son fuil ár Slán- uightheora Íosa Críost ins na sacramaintíbh naomhtha níos géire 'ná sgread ariamh fuil Abel i n-aghaidh Cháin, acht an uair úd cuirfear as úsáid na sacramaintí. Goidé an t-ádhbhar, mar sin, le'r féidir le Dia tró- caire do thaisbeánadh do na peacthachaibh an lá so? Do-bheir an Béal Órdha freagra annso, agus adeir sé nach bhfuil a fhios ag Dia goidé an réasún le n-a dtiocfadh leis trócaire do dhéanamh an lá so. So an nídh do thug ar an bprionnsa mór úd na h-Eaglaise, .i. Petrus Damianus réabadh amach i sprocht gola ag smuaineadh dhó ar an lá so teachta an Tighearna agus a rádh: "Goidé do dhéanfamuid ós comhair mórdhachta breithimh chomh mór so"? Goidé an leith-sgéal as féidir leat do thabhairt dó an lá so má thig tú coir- theach i n-a láthair? Goidé an cosnamh as féidir leat do dhéanamh ar do shon féin? Nach dtug tú cúl leis an aithrighe? Nár chuir tú suas do na subhailcíbh? Nach ndearna tú iodhbairt de'n anam agus de'n chorp soin agat do'n diabhal? Nár cheil tú do pheacaidhe ins an bhfaoisdin le náire nach raibh ort nuair do-rinne tú iad? Ó, a chompánaigh, foillseochthar do'n domhan go h-iomshlán iad an lá so le do dhamnughadh síorraidhe.
Béidh tú curtha ins an mbara an lá so ós comhair an bhreithimh. Béidh an coiste mór 'n-a shuidhe ort chum d'fhuagairt amach coirtheach. Béidh na naoimh agus na h-aingil id' aghaidh. Béidh diabhail ifrinn an lá so i láthair ag cur id' aghaidh mar do dheachtuigh mé dhuit cheana im' chomhrádh ar imtheacht an anma. Béidh tú féin id' aghaidh féin. Béidh créatúirí an domhain go h-iom- shlán dod' fhuagairt coirtheach, agus iarrfaidh siad ar Dhia ceart do dhéanamh ort, an nídh do dhéanfas nuair adéarfaidh sé: "Bidhidh ar siubhal, a dhaoine malluighthe, chum na teine síorraidhe" (Matha xxv.41). Ag so an bhreith nach féidir do ghairm go h-atharrach binnse. Uch! is annso do bhéas an truaigh ag lucht na mallacht agus béidh luathgháir i n-a ionad ar lucht na mbeannacht an tan adéarfas Críost: "Tigidh, a lucht na mbeannacht, agus glacaidh seilbh ar an ríoghacht d'ullmhuigheadh fá nbhur gcomhair ó thosughadh an domhain" (Matha xxv.34). Smuain anois, a chompánaigh, go minic id' bheathaidh ar gach nídh dá ndubhairt mé leat ó thús go deireadh an chomhráidh seo, agus déan an aithrighe in am ionnas go dtiocfadh glan i láthair an lá so, agus chum so do dhéanamh, smuain go minic ar pháis do Shlánuightheora Íosa Críost do réir an léighinn seo do- bheirim síos duit annso i ndeireadh an chomhráidh seo. Is i bParrthas do rinne ár sinnsear Ádhamh an céad pheacadh do réir na Sgrioptúire agus i ngáirdín Ghetseminí do thionnsgain Íosa Críost an pháis d'fhulang. Is ion-tuigse gurab géar an sgrúdadh agus gurab iomshlán neimh-dhearmadach badh mhian leis an Athair síorraidhe sásughadh d'fhaghbháil ó n-a Aon-Mhac i bpeacaidhibh a chinidh dhaonna, mar as follas as an bpáis. Do tionnscnadh i ngarraidhe í mar as i ngarraidhe do rinneadh an céad pheacadh. I ngarraidhe
Ghetseminí d'fhág Íosa a dheisgiobail, agus do chuaidh urchar cloiche uatha, agus d'ísligh ar an talamh, agus do rinne urnaighthe ag rádh: "A Athair, má's féidir é, cuir tharm an pháis." Ar bhfeicsin an uair seo gach puinc fá leith de'n pháis i sgáthán na diadhachta d'Íosa Críost, do chriothnuigh an cholann daonna chomh mór soin ar mhodh nach raibh áit i n-a gcuirfidhe rinn bioráin ó mhullach a chinn go trácht a bhonn nár shil allas fola le n-a chorp, amhail d'fhoillsigh Íosa Críost do thriúr ban-naomh .i. Elisabet, Brigita, agus Meclides, ar fhoillsiughadh dhóibh gach puinc eile de rúin-diamhraibh na páise, agus tháinig aingeal ó fhlaitheamhnas dá ionn- suidhe ag tabhairt comh-fhurtachta dhó ag rádh: "Fuilin- geochaidh tú páis." A Athair thrócairigh, is iongantach an chomh-fhurtacht an pháis dó, páis chomh pianamhail sin agus gach ponc dhí chomh do-fhuilingthe, cruadhálach go bhfuigheadh sé dealughadh a anma agus a chuirp le chéile, gur ab é as comh-fhurtacht dod' Aon-Mhac go bhfuilin- geochaidh an pháis chéadna. Acht, ar meas rúin-diamhra na mbriathar so, do-gheibhthear amach nár bh'fhéidir ádhbhar luathgháire agus iolgháirdis badh mó 'ná so d'fhaghbháil. Ó'n am so suas ní fhuil créatúir i bhflaitheamhnas, ar talamh, nó i n-ifreann nach leigfidh ar a nglúinibh iad féin ag umhlughadh, ar gclos ainm Íosa dá rádh, - "badh tú Rígh na ríghthe agus Tighearna na dtighear- naí (Taisb.xix.16), as a dtiocfas duit breitheamhnas do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh le saoghal na saoghal." Ins an ngarraidhe tháinig na saighdiúirí do ghabháil Íosa Chríost agus dá bhualadh, agus do leagadh go minic chum talaimh é ó'n ngarraidhe go teach Chaiphas, an t-árd-shagart. Do gabhadh de sheilíbh 'san éadan air. Le basaibh agus le dornaibh do bualadh air; tarraingeadh ar mhullach a chinn é. Mórán
osnadha do rinne croidhe mo Shlánuightheora, Íosa Críost. Uch! mo thruaigh, is neimh-iongantach mo Thighearna do rádh na mbriathar úd: "Do dún-bhrúghadh mo chroidhe." Uch! Uch! ní raibh annso acht nídh nach mór gan suim nó gur cuireadh na saighdiúirí réamh-ráidhte do sgiúrsáil mo Thighearna, Íosa Críost, tar éis a fhadhbhtha agus a nochttha as a chuid éadaigh, gach cúpla dhíobh fá seach agus trí shórt sgiúirsí i n-a lámhaibh leo; ó thús, sgiúirsí lán de dhealgaibh gur ghearr agus gur tholl a chroiceann agus gur tharraing a chuid fola. An dara feacht, córdaidhe caola cnáibe agus rothaí iarnaidhe ar a gceannaibh gur ghearr a chuid feola agus leathair araon. An treas feacht, slabhraí iarnaidhe dá sgiúrsáil ionnas gur leadradh agus gur sgoradh a chuid feola 'na thim- cheall agus gur leigeadh ar sileadh an t-iomshlán dí. Do buaileadh air an uair seo corradh a's cúig mhíle buille de sgiúirsíbh. Tar éis na sgiúrsála do chuireadar brat purpuir uime agus córóin de spíonán- aibh lán de dhealgaibh fá n-a cheann ar éigean, ar mhodh go ndeachaidh na dealga do bhí uirri tríd fheoil agus leathar a chinn, gur dhoirt a fhuil fá n-a shúilibh, agus thug siad slat cuisgrigh i n-a láimh mar chomhartha stiúrtha, agus 'seadh adeirid: "Dia do bheatha, a Rígh na n-Iúdaighthe" (Matha xxvii.29). An tan do fuaradh a chuid fola agus do theacht i lúib an bhrait phurpuir thángadar i n-a thimcheall agus do sgrios an brat dhe mar aon le n-a chuid feola agus leathair, ar mhodh gur léir a ailt agus a chnámha gan fheoil, gan leathar ag a bhfolach. Annso do fíoradh rádh an fháidh 'san tsailm: "d'áirmheadar mo chnámha go h-iomshlán" (Sailm xxi. 18). Do bhí ar chorp mo Thighearna Íosa Críost an uair so níos mó 'ná cúig mhíle créacht. Fá dheoidh, do ghléas- adar croch dhó 'n-a raibh dá throigh déag innte ar fad
agus sé troighthe in gach beangán dí, troigh in gach ceathramhain de'n mhaide ar tharsna, agus do chuireadar an chroch so ar ghuailnibh mo Thighearna Íosa Críost dá h-iomchar go cnoc Calbharí, gur nocht na cnámha i n-a ghualainn i dtrí áitibh. Annsin do síneadh Íosa Críost 'san gcroich agus do buaileadh tairnge cheann-gharbh le casúr tríd chroidhe a dheárnainne i gcionn beangáin de'n chroich, agus iompuigheadh an chroch i n-a mullach air nó gur bárruigheadh an tairnge 'san dtaobh eile de'n chroich, agus gur tarraingeadh an lámh eile le córda cnáibe go soiche an cheann eile de'n dara beangán, agus gur ceangladh le tairnge eile í mar an gcéadna. Do tarraingeadh na cosa le córdaíbh cnáibe go ceann íochtarach na croiche, agus do ceangladh iad le tairngíbh reamhra ceann-gharbha, mar an gcéadna, ar mhodh gur dío-sgaoileadh a ailt agus a bhaill ó chéile, ionnas go mbadh shoiléir so-fhaicsiona gach ball dá bhallaibh agus gach cnámh dá chnámhaibh dealuighthe ó chéile. Annso do fíoradh briathra ár Slánuightheora Íosa Críost ag Dáibhídh an rígh: "Do pholladar mo lámha agus mo chosa, d'áirmheadar mo chnámha go h-iomshlán" (Sailm xxi.17,18). Tuig, a chompánaigh, as an gcomhrádh so, gidh gur súgach thú anois, gur ab géar nimhneach atá Íosa Críost indiu ag fulang ar son do pheacaidhe. Tá fuil a chinn ar sileadh fá n-a shúilibh i n-éiric na n-amharc mailíseach do rinnis ar an gcomharsain agus ar a mhaoin le do shúilibh urchóideacha, agus fuil a chinn fá n-a chluasaibh i n-éiric monabair agus sgannail na comharsan d'éistis le do chluasaibh. Domblas ba sheirbhe 'ná gafann ag dul i n-a bhéal i n-éiric na naomh-aithis do rinnis, agus gach sgannail dá dtugais do'n chomharsain, agus gach aith-iomrádh mí-dhlisteanach dá ndearnais le do bhéal
agus le do theangaidh. Croidhe a dhá dhéarnainn do polladh le taráchar agus do greamuigheadh le tairngíbh reamhra ceann-gharbha iarnaidhe do chrann na croiche céasta i n-éiric na glacaireachta mailísighe do rinnis le do lámhaibh ar chuid do chomharsan, ar mhnaoi, ar inghin nó ar chailín do chomharsan. Troighthe a chos do polladh, mar an gcéadna, agus a ngreamughadh do chrann na croiche i n-éiric gach siubhail mailísigh mí-dhlisteanaigh dá ndearnais le do chosaibh. A thaobh do fosgladh le sleigh ró-ghéir agus a chroidhe do sgoilteadh gan choigil i n-a chliabh i n-éiric gach intinne mí-dhlisteanaighe agus gach rúin díoghaltais dá raibh riamh agat ar iomchar id' chroidhe. Tuig, a chompánaigh, go dtug Íosa Críost sásughadh do'n Athair síorraidhe in gach ball dá bhallaibh in gach peacadh dá ndearnais le gach céadfadh dod' chéadfadhaibh ariamh, agus go bhfuil a dhá láimh sgartha ag feitheamh ar do bhrasáil idir a lámha, agus a chosa greamuighthe agus snaidhm agus barróg ró-chruaidh orra ag fuireach leat nó go dtigtheá dá ionnsuidhe. Tabhair d'aghaidh air gan mhoill, a chompánaigh. Smuain go minic ar pháis agus ar bhás Íosa mhilis. Greamuigh dhó i gcrann na croiche. Déan an aithrighe i gcomhnaidhe id' pheacaidhibh. Déan stór agus lón de na deigh- ghníomharthaibh id' bheathaidh, agus árdóchaidh siad tú ar dheas-láimh Chríost lá na feirge, - nídh atá mise d'iarraidh dhíbh-se agus dom féin. I n-ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naomhtha. Amén.
{B 1814ls 19T} {U 0401} Seanmóir a Dó. AR SHOISGÉAL AN DOMHNAIGH. (Do'n Dara Domhnach de'n Aidbhint.) Euntes renuntiate Ioanni quae audistis et vidistis. Ar n-imtheacht díbh, innsigh d'Eoin na neithe do chualabhar agus do chonnacabhar. Matha xi.4. Adubhairt ár Slánuightheoir le deisgiobalaibh Eoin Baistidh: "Ar n-imtheacht díbh, innsigh do bhur máighistir na neithe do chualabhar agus do chonnacabhar; tá a radharc ag na dallaibh, agus a siubhal ag na bacachaibh; táid na lobhair glanta; tá a n-éisteacht ag na bodharaibh; eiséirighid na mairbh; tá an Soisgéal dá theagasg do na bochtaibh" (Matha xi. 4-5). Na míorbhailí do-ghníodh Mac Dé ag tabhairt na sláinte corpardha do na daoinibh, do-ghníodh a ghrása na míorbhailí céadna ar na n-anmannaibh, óir ní leigheasfadh sé cuid aca acht chum na coda eile do leigheas; agus na míorbhailí foir-imeallacha do-ghníodh sé, badh chomhartha ar na míorbhailíbh inmheadhonacha iad d'oibrigheas i gcroidh- thibh éagcruaidhe na bpeacthach. An drong so ar a labharthar i n-ár Soisgéal, is í toradh a theagaisg shoillsigheas na daill, caeci vident, - óir is é Íosa Críost an solas fírinneach shoillsigheas an uile dhuine thig ar an saoghal: Erat lux vera quae illuminat omnem hominem venientem in hunc mundum (Eoin i.9).
Roimh theacht Íosa Chríost do bhí an domhan ins an dorchadas. Do bhíodar na pagánaigh i ndorchadas an iodhal-adhartha; créad é an dorchadas as mó ar bith 'ná gan an Dia fírinneach d'aithint agus bheith ag adhradh créatúirí bodhar balbh, obair a lámh féin. Do bhíodar na Giúdaigh ins an dorchadas de bhrígh nach raibh i ndligheadh Mhaoise acht fíoghair dhiamhair fholuighthe na fírinne. Acht do tháinig Íosa Críost ar an saoghal chum gach nídh aca do shoillsiughadh: Illuminare his, qui in tenebris et in umbra mortis sedent (Lúcás i.79); agus adeir an t-abstal Pól ag labhairt ar an dá reacht, Nox praecessit, dies autem appropinquavit (Rómh.xiii. 12). d'imthigh dorchadas oidhche an tsean-reachta agus do dhruid solas an lae leo .i. soillse an tSoisgéil. An mian libh a fhios do bheith agaibh an le h-Íosa Críost, an clann de'n tSoisgéal sibh? Féach! An bhfuil sibh glan-radharcach. Ar an gcomhartha so measaim gur ró-bheag atá d'fhír-chríostaidhthibh le faghbháil agus gur ró-réasúnta adeir Eoin 'san treas caibidil mar seo: Dilexerunt homines magis tenebras quam lucem (Eoin iii. 19). "Is mó do ghradhuighid na daoine an dorchadas 'ná an solas." Tá an domhan lán de dhorchadas de bhrígh go bhfuil sé lán de pheacthachaibh agus go bhfuil an uile pheacthach dall: in tenebris ambulant (Sailm lxxxi.5). Ní fheiceann sé solas do-bhéarfadh air an Tighearna Dia d'aithint mar as iomchuibhe; ní fheiceann sé díomhaoineas agus fallsacht an tsaoghail seo do-bheir sé de rogha tar saidhbhreas na ngrás. Ní fheiceann sé aoibhneas agus ró-bhreághthacht na beathadh síorraidhe do thug sé i ndear- mad chum na glóire bige, díomhaoine, saoghalta, talmhaidhe, agus pléisiúir mhalluighthe na beathadh so do bheith aige. Ná cuir i n-umhail duit féin go bhfuil tú ciallmhar, eolgasach, glic; go bhfuil tú ábalta i
ngnóthaibh an tsaoghail. Ní h-é sin an solas atá de riachtanas ort; ní h-é sin an solas thug Íosa Críost ar an saoghal so. Dá bhrígh sin, tá sibh dall agus ionnas go mbadh dheonach le Dia an solas fírinneach úd do dhortadh i súilibh ár gcoinsiais, abramaois Fáilte an Aingil tré impidhe na Maighdine Muire. Ave Maria, etc. Claudi ambulant: "Siubhlaid na bacaigh go díreach." An siubhlann sibh go díreach i slighidh an tSoisgéil nó an siubhlann sibh ar chor ar bith? Siubhlann sibh, is baoghal liom, i slighidh na h-urchóide, nó tá sibh leointe innte, fá mar chasas an fáidh le pobal Israel: Usquequo claudicatis in duas partes. "Cá fad bhéas 'sibh bacach idir dhá chomhairle". (III.Ríogh xviii.21)? Adhrann sibh Dia agus Belial, tá bhur seirbhís ag Íosa Críost agus ag an saoghal. An measann sibh seirbhís an dá mháighistir seo do chur i n-oireamhain dá chéile atá ró-chontrárdha? An bhfuil fhios agaibh go ndeir Íosa Críost nach féidir seirbhís dá mháighistir do dhéanamh? Nemo potest duobus dominis servire (Matha vi.24). Roimh theacht Íosa Chríost ar an saoghal, do bhí nach mór gach uile dhuine bacach agus ní shiubhlaidís i slighidh na fírinne. Do bhíodar a slighthe cam, crostálta. Is uime sin do chuireas an fáidh i n-umhail dóibh go bhfuil an Tighearna ar tí teachta go grod, ag rádh: Parate viam Domini, rectas facite semitas eius (Matha iii.3): "Ullmhuighidh slighe an Tighearna, mínighidh agus dírighidh a chasáin." Do bhí dlighe ag an Giúdachaibh do thaisbeánadh an nídh badh chóir dhóibh do dhéanamh. Gidheadh, ní thugadh sé cumas chum a dhéanta. Badh sgáthán é i n-a bhfeicidís na smáil do bhíodh ar an anam, gidheadh, ní ghlanadh sé na smáil chéadna. Is uime sin adeir an t-abstal Pól:
Lex propter transgressiones posita est (Gal.iii.19). "Tugadh an dlighe do na daoinibh chum go n-aithneochaidís a gcoirthe." Gidheadh, ar dteacht Íosa Chríost ar an saoghal, do thug sé na grása leis le n-a siubhlóchaid na daoine i slighidh an chirt: Et faciam ut in praeceptis meis ambuletis (Esec.xxxvi.27). Adeir sé gur ab é féin an tslighe: Ego sum via et veritas et vita (Eoin xiv.6). Do shiubhail sé féin ar dtúis 'san tslighidh, ag tabhairt sompla an uile shubhailce dhúinn-ne: Exemplum dedi vobis, ut quemadmodum ego feci vobis, ita et vos faciatis (Eoin xiii.15). Sgrúduighidh bhur gcroidhthe, a cháirde, agus féachaidh an siubhlann sibh mar órduigh an Slánuightheoir dhíbh. An ndéanann sibh na deagh-oibreacha adubhairt sé libh? Muna ndéanadh sibh iad mar as cóir, tá sibh ró-bhacach agus ní fiú sibh bhur n-ainmniughadh mar chlainn; óir ní h-é amháin go siubhlann clann Dé go díreach, acht fós, bíd ró-umhal, ró-éascaidhe chum aitheanta Dé do choimeád. Bíd a gcosa chomh innealta le cosaibh fiaidh chum a gcoimeádta ar an uile chontabhairt. Do bhíodar a gcosa so ag Dáibhídh, an rígh, an tan adubhairt le Dia: "Do rinne mo chosa ionann le cosaibh fiadh": qui perfecit pedes meos tanquam cervorum (Sailm xvii.34). Leprosi mundantur: "Táid na lobhair ar na nglanadh" Do b'éagcruas i measg na nGiúdaighthe an loibhre chorpardha agus is ró-choitcheann atá loibhre spioradálta an pheacaidh i measg na gcríostaidhthe. Tá go leor nach n-aithnigheann í. Tá gean ró-mhór ag mórán dí agus ní h-áil leo bheith leigheasta uaithi. Tá iliomad díobh le n-ar dóigh bheith 'na bhfíréanaibh agus glan ó'n uile pheacadh, atá dá n-únfairt féin i láib an uabhair, na sainnte srl. Ní smuainid siad go bhfuilid uaibhreach, formadach, díoghaltasach, monabrach, bíodánach,
miosgaiseach; go bhfuilid líonta de thnúth agus de ghráin ar a gcomharsain. Is díomhaoin adeirid na seanmóiridhthe leo ins an aimsir naomhtha so: "féach an liaigh mór uile-chomhachtach do tháinig ar an saoghal; iarraidh air sibh do leigheas; iarraidh air bhur radharc do thabhairt díbh," - Domine ut videam (Lúcás xviii.41). A Thighearna, soillsigh dorchadas mo thuigsiona. Deonuigh lúthmhaireacht do thabhairt dom' chosaibh ionnas go mb'fhéidir liom siubhal go díreach ad' dhiaidh. Leigheas mo loibhre ionnas go bhfaghainn úsáid comhacht m'anma, úsáid mo chéille, mo thoile, mo mheabhrach chum do mhór- ghlóire féin agus leasa m'anma. Sábháil mé ó dhiabhal na sainnte, an uabhair, na tnútha agus na drúise. Ionnal agus glan mo loibhre ionnas go bhfaighinn roinn i measg na bhfíréan, agus nach mbéinn sgartha leo amhail d'órduighis fada ó shoin na lobhair do sgaradh leis na daoinibh folláine. Surdi audiunt: "Tá a n-éisteacht ag na daoinibh bodhara." Do labhradh Dia leis na daoinibh ins na créatúiríbh. Innsid na flaithis a ghlóire: caeli enarrant gloriam Dei (Sailm xviii.2). Adeir an ghrian, an ghealach, na réaltanna agus créatúirí an aeir, na talmhan, agus na fairrge: Ipse fecit nos et non ipsi nos. "Is é an Tighearna do rinne sinn agus ní sinn féin" (Sailm xcix.3). Adeireadh Maoise agus na fáidhe leis na Giúdachaibh: "Éist, Israel, is mise do Thighearna Dia do chruthuigh thú agus thug ó thalamh na h-Éigipte thú; na h-adhair, ar an ádhbhar sin, acht mé agus na h-adhair na déithe fallsa" (Deuter xxxii.6); (Ecsodus xx.2,3, srl). Acht ní éistidís na Giúdaigh leis na fáidhibh; do stopaidís a gcluasa: auribus graviter audierunt (Matha xiii.15). Níorbh fhuláir Íosa Críost do theacht chum cluasa na mbodhar so chum cumais agus
toile éisteacta do thabhairt dóibh: tunc ... et aures surdorum patebunt (Isaias xxxv.5). Féachaidh, a dhearbhráithre, an bhfuil sibh leigheasta ó'n mbodhaire, an bhfuil bhur gcluasa osgailte ag éisteacht le bréithribh Dé. Tugthar fá deara ins an Soisgéal go raibh ár Slánuightheoir ag leigheas duine bhodhair agus gur chuir sé osnadh as: Et suspiciens in caelum ingemuit (Marcus vii.34). Ní bhíodh sé ag osnaighil an tan tugadh a radharc do na dallaibh, ná an uair do-bheireadh sé a siubhal do na bacachaibh, ná an uair leigheasadh sé na lobhair, ná an tan d'aithbheodhadh sé na mairbh, gidheadh gur mó na míorbhailí iad 'ná cluasa duine bhodhair d'osgailt. Ní gan ádhbhar d'os- nuigh sé; is uime d'osnuigh sé ionnas go gcuirfeadh sé i dtuigsin dúinn-ne gur ab í an bhodhaire do bhaineas dínn gan bréithre Dé d'éisteacht agus gan aitheanta Dé do choimeád, gidheadh nár bh'fhéidir linn teacht chum na beathadh síorraidhe gan a gcoimeád. Chum a gcoim- eádta ní fuláir do neach creideamh do bheith aige: maiseadh, a h-éisteacht thig an creideamh: Fides ex auditu (Rómh.x.17). An gcluineann sibh guth Dé? An gcluineann sibh osnaighil an Leinbh naomhtha i stábla na Beithile? Go mbogaidh a ghuth leanbhaidhe cruadhas bhur gcroidhthe; go mbeiridh asta an urchóid, an díoghaltas, an mhiosgais i n-aghaidh bhur gcomharsan, an grádh saoghalta, agus ainmhiana na colna; fá dheoigh, an uile nídh do bhéadh contrárdha do leas bhur n-anmann. Mortui resurgunt: Eiséirighid na mairbh." Do- bheir an Tighearna trócaireach mar chomhartha gur ab é féin do tháinig chum an cineadh daonna do shábháil, eisé- irghe na marbh. Dá loirgimís urmhór na gcríostaidhthe, do-gheobhaimís go bhfuil ainm orra bheith 'na mbeathaidh,
gidheadh go bhfuil siad marbh gan contabhairt, amhail sgríobhas an t-Aingeal chum Easbuig Sardais i leabhar na dTaisbeánta - scio opera tua, quia nomen habes quod vivas et mortuus es: "atá ainm ort thú bheith id' bheathaidh agus tá tú marbh" (Taisb.iii.1) - óir is é an peacadh bás an anma, de bhrígh go mbaineann na grása dhe as beatha dhó. Cá mhéad críostaidhthe atá 'n-a mbeathaidh? An mór aca mhaireas i mbeathaidh na ngrás? Tá dream aca marbh go h-iomshlán. Is iad so an mhuinntear ar a mbíonn mórdháil de thaoibh a bpeacaidhe do shloigeas iad mar shloigfeadh uisge. Measaid dream eile aca a mbeith beo, gidheadh, táid marbh de láthair Dé. Do-ghní siad gníomhartha éigin beathadh .i. obair éigin diadha. Guidhid siad Dia; éistid le n-a bhréithribh; téid siad gus an eaglais; déanaid siad carthannacht. Tar a cheann sin, atá grádh aca do'n tsaoghal; táid iomarcach, mórdhálach, sanntach, díoghaltach ar ócáidíbh; ní mhaithfid siad nídh ar bith d'éinneach agus, leis sin, is dóigh leo go bhfuilid beo, gidheadh go bhfuilid marbh gan contabhairt. Féachaidh, a cháirde, an bhfuil an charthannacht, as beatha do'n anam, i nbhur gcroidhthibh; muna bhfuil, bidhidh ró-dheimhneach go bhfuil sibh marbh agus nach maith-ghníomh- artha do-ghní sibh; nach bhfuil acht ainm beathadh orra agus gur cosmhail leis na gníomharthaibh iad do-ghnídh na deamhain ins na corpaibh i n-a dtéid. Gidheadh, do b'fhéidir go ndéarfadh sibh: "Is fíor go rabhamar marbh, gidheadh, támaoid anois eiséirighthe maille le grásaibh Dé i Sacramaint na h-Aithrighe." "d'eiséirigheamar." Agus cionnas tá a fhios sin agaibh? An bhfuil fhios agaibh créad é an nídh eiséirghe chríostamhail? Foghlum- amaois ó'n abstal Pól é: Christus resurgens ex mortuis iam non moritur; mors illi ultra non dominabitur;
quod enim mortuus est peccato, mortuus est semel; quod autem vivit, vivit Deo: "Ar n-eiséirghe d'Íosa Críost ó mharbhaibh, ní fhaghaidh sé bás níos mó; ní bhéidh aon chomhachta ag an mbás air ó so amach, óir i dtaoibh gur éag sé aon uair amháin is i ngeall ar ár bpeacaidhibh- ne fuair bás; gidheadh, ar mbheith dhó anois beo, is do Dhia mhaireann sé" (Rómh.vi.9,10). Is í beatha an eiséirghe, ar an ádhbhar sin, an bheatha nach cailltear go bráth acht do coimeádtar go síorraidhe. Ar choimeádabhar go buan beatha na ngrás do fuarabhar i Sacramaint na h-Aithrighe? Nár fhilleabhar ar an bpeacadh? Nár rug sé buaidh oraibh? Nár chlaoidh sé sibh? An thui- teabhar i n-a líontaibh? Nó an bhfuil bhur mbeatha gearrtha le n-a ró-mhionca d'fhilleabhar agus d'aith- fhilleabhar ar an bpeacadh? Indé do bhíomar ag guidhe Dé; indiu nach rabhamar ag tabhairt na mionnaí mór? Indé do thugamar déirc do'n bhocht; indiu do rinneamar usúirdheacht. Do rinneamar trosgadh indé; támaoid ar meisge indiu. Má tá sinn mar sin bímís cinnte nár eiséirigheamar, óir ní h-ionann an t-eiséirghe spior- adálta agus an t-eiséirghe corpardha; tá sé so tugtha do'n bás. Lasarus d'aithbheodhuigh Mac Dé tar éis bheith ceithre lá 'san uaigh, do fuair bás amhail do fuair sé an chéad uair agus ní éireochaidh sé níos mó go lá an bhreitheamhnais. Gidheadh, ní cóir do'n eiséirghe spior- adálta bás d'fhaghbháil ar chor ar bith; óir an bheatha do-bheir uaidh, bíonn buan do shíor agus fós, tig breis uirre gach uile uair, de bhrígh gur ab aithrigheach fírinneach an té eiséirigheas go fírinneach, agus is é an t-aithrigheach fírinneach an té tar éis a pheacaidhe do chaoi aon uair amháin nach dtuitfidh i n-aon pheacaidhibh ag a mbadh riachtanas dó do chaoi arís. Féach an drong d'aithbheodhuigh Críost go spiorad-
álta! Ní thuitfid níos mó 'sa' pheacadh. Ní fhuil Máire Maighdealán 'n-a peacthach ar feadh na cathrach, acht caithfidh sí an chuid eile dá beathaidh i bpuathais cairrge. Ní fhilleann San Matha ar an gcéird do bhí aige .i. puibliocánach. Ní mheallann Saicéas duine ar bith níos mó. Ní dhéanann Pól géir-leanamhain ar na críostaidh- thibh níos mó. Léighmíd ar mhórán naomh agus ban-naomh eile ó shoin anuas do rinne aithrighe agus nár thuit 'san bpeacadh níos mó; agus sibh-se tar éis bhur bpeacaidhe do chur i bhfaoisidin, nach gcuireann suim i bpeacaidhibh nuadha do dhéanamh gan mhoill. Is ró-eaglach dhúinn nár eiséirigheamar le Críost d'aithbheodhas na mairbh chum nach n-éagfaidís níos mó. Ar mbeith do'n eiséirghe 'na bheathaidh nuaidh - ut ita et nos in novitate vitae ambulemus (Rómh.vi.4), - ní fhuil bhur mbeatha nuadh. An bhfuilid smuaintighthe nuadha agaibh? An bhfuil mian nuadh agaibh chum na beathadh síorraidhe? An bhfuil sibh fonn- mhar chum riar Dé do dhéanamh, carthannach do bhur gcomharsain, umhal, foighdeach srl. umhal do Dhia agus do bhur n-uachtaránaibh? An bhfuil bhur mbréithre nuadh agus an bhfuilid ciallmhar, eagnaidhe, geanmnaidhe? An bhfuilid bhur ngníomhartha uile nuadh agus an bhfuil sibh féin go h-iomshlán i nbhur ndaoinibh nuadha. Ní dhéanfaidh an t-anam tar éis na h-eiséirghe na neithe céadna ins na corpaibh, mar nach mairfidh na cuirp níos mó do'n bheathaidh bhrúideamhail: Seminatur corpus animale, surget corpus spiritale: "Cuirthear corp ainmhianach, eiséireochaidh an corp spioradálta" (1 Cor. xv.44). Dá réir sin tar éis na h-eiséirghe spiorad- álta, ní cóir d'ár gcorpaibh maireachtain do réir beathadh Ádhaimh .i. ní cóir dóibh gníomhartha daonna do dhéanamh acht is cóir a ngníomhartha uile do bheith spioradálta agus maireachtain do réir beathadh an Ádhaimh nuaidh, do
réir ár Slánuightheora, Íosa Críost, ionnas gur bh'fhéi- dir linn triall ó'n mbeathaidh so gus an mbeatha síor- raidhe. Pauperes evangelizantur: "Tá an Soisgéal dá chraobh-sgaoileadh do na bochtaibh." An comhartha deimh- neach thug ár Slánuightheoir do dheisgiobalaibh Eoin Baistidh cum a dheimhniughadh dhóibh gur ab é féin go fírinneach an Messias .i. fuasgaltóir, agus nach raibh gnó aca súil bheith le n-a atharrach, tá sé chomh éagsamhail sin nach measfaidhe go bhfuil sé oireamhnach do mhórdhacht Íosa Chríost. Gidheadh, na h-oibreacha so .i. tá a radharc ag na dallaibh; atá a siubhal ag na bacachaibh; tá a n-éisteacht ag na bodhránaibh; táid na lobhair leigheasta; eiséirighid na mairbh; is iad so oibreacha mór-chomhacht Dé le'r féidir a dhiadhacht do chruthughadh go h-uras. Gidheadh go bhfuilid na boicht dá dteagasg, créad é an t-iongnadh atá ann le'r féidir comhachta Íosa Chríost do thaisbeáin? Is é sin as mian liom do chraobh-sgaoileadh dhíbh: an chéad uair, gur comhartha ar theacht an Mhessiais an rann-pháirt do-ghní sé de'n tsaoghal do na bochtaibh; an dara h-uair, gur ab oireamhnaighe na boicht chum an Soisgéal do ghlacadh 'ná an mhuinntear eile; an treas uair, gur ab í an bhochtaineacht an t-ullmhughadh as fearr ar bith chum an Leanbh Naomhtha so do ghlacadh i stábla na Beithile. Do réimh-innis an fáidh Isaias mórán bliadhan roimh theacht Íosa Chríost go mbadh chóir na boicht do theagasg - Evangelizare pauperibus misit me (Lúcás iv.18). Níor bh'fhuláir dhó, dá bhrígh sin, an fháistine do choimh-líonadh. Níor ghlac Maoise ná na fáidhe orra féin na boicht do theagasg. Do labhraidís leis na ríghthibh, leis na sagartaibh, leis na breitheamh- anaibh agus leis an bpobal go coitcheann. Gidheadh teagasgann Íosa Críost go príomháideach na boicht, de
bhrígh gur máighistir nuadh é do-bheir riaghlacha nuadha uaidh. Na daoine bochta ag féachain ar a dtrioblóid agus ar a n-aindeise, táid úir-íseal, tarcuisneach, díbeartha ó'n uile onóir saoghalta, ó'n uile ionnmhus bhaineas le h-onóir. Ní glacthar iad i measg na ndaoine mór, bhfoghlumtha, saidhbhir. Gidheadh, ní h-é sin do Mhac Dé, do tháinig ar an saoghal chum a mhúineadh do na daoinibh gur beannuighthe stáid na bochtaineachta, de bhrígh gur leo ríoghacht nimhe. Do dheighil sé na daoine saidhbhre as a chuideachtain, agus níor bh'áil leis acht na boicht mar dheisgiobail. Do ghlaoidh sé iad i stáid na bochtaineachta. Ní raibh de shaidhbreas ag na h-absta- laibh acht droch-bháid agus a líonta, agus fós do chuir sé orra a dtréigean: Et protinus relictis retibus secuti sunt eum (Marcus i.18). Do ghairm Matha ar mbheith dó ag glacadh airgid na bpuibleach, agus do thréig Matha gan mhoill an t-ór 's an t-airgead do bhí aige chum a lean- amhna. Is teagasg nuadh, dá bhrígh sin, do mhúineas Íosa Críost do'n tsaoghal. Pauperes evangelizantur: Tá an Soisgéal dá chraobh- sgaoileadh do na bochtaibh. Na daoine bochta so, atá chomh táir, chomh tarcuisneach sin ag na daoinibh, is iad do ghlacas teagasg an tSoisgéil. Is é an fabhar as mó as féidir le Dia do dhéanamh do na daoinibh, óir is é an teagasg shoillsigheas dorchadas na h-intinne, do-ghní ábalta iad agus do-ghní oighrí dhíobh ar ríoghacht na bhflaitheas. Ní féidir le rígh éin-nídh do dhéanamh as mó 'ná as fearr dhearbhuighas a chomhachta 'ná duine ró- úir-íseal do tharraing ó'n mbochtaineacht i n-a raibh chum go leor saidhbhris do thabhairt dó, iomad ughdaráis do thabhairt dó 'san uile nídh, ar chor muna bhfuil ainm ríogh aige go bhfuil a chumas aige; acht fós, dá mb'fhéidir leis a chosamhlacht féin do thabhairt dó mar atá a aghaidh,
a phearsa, a ghuth, a shúile agus a bhéasa do thabhairt dó, nach fíor nach dteastóchadh nídh ar bith uaidh le déanamh ar a shon? Is é so do-ghní ár Slánuightheoir do na bochtaibh. Do-bheir sé a chosamhlacht féin dóibh, óir do rugadh é 'san mbochtaineacht mar iad-soin; táid siad uireasbach mar eisean; ní fhuil áit d'áirithe aca níos mó 'ná 'bhí aige-sean ag nach raibh ionad i n-a gcromfadh a cheann: Filius autem hominis non habet ubi caput reclinet (Matha viii.20; Lúcás ix.58). Táid siad droch- éaduighthe mar eisean; fuilingid siad tart agus ocras mar eisean; tréigeann an saoghal iad mar do thréig sé eisean; do-bheir táire dhóibh; díbearthar as gach deagh- chuideachtain iad; ní éistear leo; ní féachtar orra. Ag so cosamhlacht iongantach, thairbheach, ghlórmhar; óir do thóg Íosa Críost an tarcuisne atá do-sgartha leis an mbochtaineacht tar an nglóire do-gheobhadh sé dá dtais- beánadh é féin mar Mhac Dé, mar Rígh na n-aingeal agus na ndaoine, mar Áird-Tighearna an uile nídh. An tan innistear do na h-aodhairíbh a theacht, ní abraid na h-aingil leo: "Do-gheobhaidh sibh Mac Ríogh na bhflaitheas maille le go leor aingeal 'na thimcheall, i bpálás oirdhearc, i gcliabhán óir, i lín-éadach mhór-luaigh, agus armáil ró-mhór dá choimeád;" acht is é adubhradh leo: "Do-gheobhaidh sibh leanbh, (an bhfuil nídh ar bith as laige 'ná leanbh?) lín-éadach beag 'n-a thimcheall ins an stábla." An bhfuil bochtaine as mó 'ná sin? Do bhí dhá réasún ag Mac Dé chum teacht ar an saoghal 'san riocht so. An chéad réasún, do-chonnaic sé 'san mbochtaineacht móir-dhighnit, mór-shubhailceas, agus mór-fhiúntas nach bhfeicidís na daoine innte, agus nár bh'fhéidir leo d'fheicsin go nádúrtha; óir ar mbheith dhó lán d'eagna agus d'eolas do thogh sé an stáid chéadna so. An dara réasún, ní fuláir gur bhain sé de'n
tsaidhbhreas a sgéimh nádúrtha agus an cumas as gnáth leis do chur ar chroidhthibh na ndaoine, agus, dá bhrígh sin, gur chuir sé ar neimh-nídh lonnradh an tsaidhbhris. Is fíor nach féidir le h-éinneach acht le Dia amháin na neithe so do dhéanamh, agus fós, ní shásuigheann fios oirdhear- cais na bochtaineachta Íosa Críost; tairis sin ní fuláir, leis, gur ab í an stáid chéadna as meadhón oireamhnach chum é féin d'aithint. Tarraingeann an saidhbhreas air féin gean an chroidhe; is leis sin fhor-fhógras an fáidh ríoghdha do na daoinibh saidhbhre gan ceangal a gcroidhe do chur ins an tsaidhbhreas; Divitiae, si affluant, nolite cor apponere (Sailm lxi.11). Deir ár Slánuightheoir féin, "Ins an áit a bhfuil do stór, is ann atá do chroidhe ": Ubi enim est thesaurus tuus, ibi est et cor tuum (Matha vi.21). Cá bhfuil do ghrádh? Mar a bhfuil do stór, mar a bhfuil d'intinn, mar a bhfuil do cheangal. Órduigheann an Soisgéal ár gcroidhe do tharraing ó ghrádh an tsaoghail agus ó ghrádh an uile nídh bhaineas leis. Is léigheann umhlachta an Soisgéal do theagasgas dúinn diúltughadh dhúinn féin. Adeir Mac Dé leis na gcríostaidhthibh uile: Discite a me quia mitis sum et humilis corde: "Foghluimidh uaim-se, go bhfuilim ceann- sa, umhal, foighdeach" (Matha xi.29). Tá an mhórdháil neamh-sgartha leis an saidhbhreas. Is uime sin adeir an t-abstal le n-a dheisgiobal éinnídh amháin do theagasg do lucht an tsaidhbhris: Divitibus huius saeculi praecipe non sublime sapere, neque sperare in incerto divitiarum: "Órduigh do dhaoinibh saidhbhre an tsaoghail so gan bheith mórdhálach agus gan a ndóchas do chur ins an tsaidhbhreas i nach bhfuil aon tsiúráltacht" (Tadhg vi.17). Is maith an réasún, leis, gur meadhón oireamhnach chum teacht chum onóra, comhachta, agus ughdaráis an tsaoghail
an saidhbhreas, de bhrígh go n-árduigheann an mhuinntear ag a mbíonn ós cionn cáich. Adeir San Aibhistín: Ipsum (i.e., superbia) enim malum est quod important maxime divitiae incautis hominibus (Trácht ar na Salm). cxxxvi.5; vermis divitiarum superbia est; difficile est ut non sit superbus qui dives est; tolle superbiam, divi- tiae non nocebunt (38adh Seanmóir atá ar an rann so: Ne tardas converti ad Deum neque differas de die in diem, Eccl.v.8): "Is í an mhórdháil an t-olc as mó tharraingeas an saidhbhreas ar an muinntir nach mbíonn ar a gcoimeád air; is í péist an tsaidhbhris an mhór- dháil; is deacair bheith saidhbhir gan bheith mórdhálach; fág an mhórdháil, ní dhéanfaidh an saidhbhreas díoghbháil." Adeir an Soisgéal leis na críostaidhthibh a muinighin do chur i nDia: Nolite ergo solliciti esse in crastinum: "Ná bíodh cúram agaibh 'san lá i mbárach" (Matha vi.34). An saidhbhreas, iomorro, cheanglann dóchas an duine ag ar dóigh leis teacht chum an uile mhaitheasa i ngeall air, agus gur féidir leis an uile dhochar do sheachaint. Is uime sin labhras Dáibhídh an rígh i bpearsain an fhíréin ag magadh fá lucht an tsaidhbhris ar uair a mbáis ag rádh: Ecce homo qui non posuit Deum adiutorem suum, sed speravit in multitudine divitiarum suarum et prae- valuit in vanitate sua: "Féach an duine nár ghlac Dia mar dhíonuightheoir, acht do chuir a dhóchas i líonmhaireacht a shaidhbhris agus do rug buadh i ndíomhaoineas" (Sailm li.9). An bhfuil nídh ar bith, adeir San Aibhistín, as díomhaoine 'ná an té shaoileas gur mó an tseirbhís as féidir le n-a chuid airgid do dhéanamh dó 'ná as féidir le Dia? Quid vanius eo qui putat plus valere num- mum quam Deum (Trácht ar na Salm.li.9)? Ar an ádhbhar sin, ná bíodh cás oraibh i dtaobh bhur mbochtaine níos mó; déanfaidh oireamhnach sibh chum an tSoisgéil do
ghlacadh, - Pauperes evangelizantur. Is libhse bhaineann an Soisgéal, de bhrígh gur libh Ríoghacht Nimhe, - Beati pauperes spiritu, quoniam ipsorum est regnum caelorum (Matha v.3), - óir má's libh Ríoghacht Nimhe, is libh na meadhóin chum triall chuige, de bhrígh nach stiúruigheann Dia éinneach chum a chríche gan na meadhóin oireamhnacha do thabhairt dó roimh ré. Ná bíodh, dá bhrígh sin, formad ar bith agaibh leis an droing saidhbhir i dtaoibh na ronna atá aca de'n tsaoghal so, de bhrígh go n-imtheochaidh ar neimh-nídh le n-a phoimp agus le n-a mhórdháil. Tabhraidh fá deara teacht an Leinbh Naomhtha so agus ullmhuighidh sibh féin roimhe. Do rugadh é i gcruth ró-bhocht i stábla fhuar, lomnochttha, gan teine, gan teasaidheacht, idir dhá bheathaidheach, gan aoibhneas, gan friotháileamh, i bhfad ó thigh a mháthar, i lán d'fhuacht, d'anró, agus d'uireasbaidh. An mhuinntear as boichte ar bith is iad as cosamhla leis, agus is iad as mó ceart ar na tabhartasaibh, ar na beannachtaibh, ar an naomhthacht, ar an nglóire do-bheir sé do gach aon do ghrádhuigheas é go fírinneach. Iarraimíd go dúthrachtach air an grádh céadna agus an bhochtaineacht as iomchuibhe do thabhairt dúinn-ne 'san tsaoghal so ionnas go mbéimis rann-pháirteach i saidh- bhreas na beathadh síorraidhe, an nídh go dtugaidh sé dhíbh-se agus domh-sa. I nAinm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen. Finit an 20adh de September, 1740. Composuit Ioannes O'Brien, 1739.
{B 1817ls 19T} SEANMÓIR A TRÍ. Teacht an Tighearna. (Do'n Treas Domhnach de'n Aidbhint). Ego vox clamantis in deserto: dirigite viam Domini. Mise guth an té éigheas ar an bhfásach: dírighidh slighe an Tighearna. Eoin i.23. Is chum tuirling i n-ár gcroidhthibh, a chríostaidhthe, do chuir Íosa Críost d'fhiachaibh ar a réimh-theachtaire Naomh Eoin Baistidh do theagasg dúinn slighe an Tighearna do réidhteach le réabadh agus le briseadh tríd gach toirmeasg do thigeas idir sinn agus trócaire Dé. Acht créad iad na toirmisg do sgaras sinn le n-a thrócaire agus le n-a ghrásaibh bríoghmhara? Tá, a dhearbhráithreacha, na cortha gráineamhla malluighthe, le n-a saluighmíd sinn féin chomh minic sin, do chosnamh i n-ár gcroidhthibh an tan badh chóir a múchadh le h-aithrighe fhírinnigh; na droch-chlaonta 'bheith comhnuightheach buain- tseasmhach ionainn an uair badh chóir a dtreasgairt le troid go meisneamhail 'n-a n-aghaidh; na siocracha nó ócáidí peacaidh, an charraig chontabharthach, ar a rinnea- mar go ró-mhinic roimhe sin loing-bhriseadh ar ár neimh- chionntacht, do lorg agus do leanmhain an uair badh chóir dhúinn a seachnadh go h-aireach. I n-éan-fhocal, chum slighe an Tighearna do réidhteach agus d'ullmhughadh i n-ár gcroidhthibh mar as cóir, ní fuláir dhúinn ár mbeatha d'aistriughadh agus iompódh uirre go fírinneach.
Gidheadh, ciodh gur ab é aistriughadh ár mbeathadh an obair as suimeamhla agus as tábhachtaighe do b'fhéidir linn do dhéanamh; bíodh gur ab é an t-éinnídh badh chóir dhúinn do bheith ar ár n-aire é, de bhrígh gur ab air atá ár n-ádh nó mío-ádh síorraidhe, monuar! tríd an daill- chiach atá ar urmhór an domhain, ní fhuil nídh ar bith ar a smuainid níos lugha 'ná air, de bhrígh go gcuirid ar ath-lá an aithrighe de ghnáth. Acht, a chríostaidhthe, cad le n-a bhfuiltí ag feitheamh? Nach bhfuil Íosa Críost gach aon lá i mbéal a sheanmóiridhthe ag innsin díbh an tubaiste agus an mhío-ádha dhoi-chríochnuighthe atá sé ag cruadh- bhagairt ar lucht na neamh-aithrighe? Nach bhfuil sé fós, go foilcheasach, fáth-rúnda ag labhairt i n-íochtar bhur gcroidhthe ag rádh: "Nach mithid díbh éirghe as an duibheagán agus as na peacaidhibh i n-a bhfuiltí sloigthe? Nach mithid díbh cuimhneamh ar an mbeathaidh shíorraidhe? Agus tar éis an oiread soin de bhur n-aimsir do chaitheamh i ndubh-sglábhaidheacht an tsaoghail seo, nach mithid libh casadh agus iompódh orm- sa"? Acht créad é an freagra thugann sibh ar an nguth cheannsa chaoin-mhilis seo? Do-bheirthí, gan amhras, freagra, tarcuisneach de thaoibh Dé, agus gan tairbhe de bhur dtaoibh féin .i. dhá leith-sgéal díchéillidhe do chumadh. An céad leith-sgéal, nár thug Dia fós díbh an congnamh riachtanach chum éirghe as an stáid thubais- tigh i n-a bhfuiltí. An dara leith-sgéal, go bhfuiltí ceangailte chomh daingean soin le claontaibh na colna nach féidir libh sgaramhain leo an tráth so. Mar seo, a dhearbhráithreacha, do chuireann sibh an aithrighe agus leas bhur n-anmann ar cáirde. Ar dtúis, mar as dóigh libh go dteastuigheann grása agus congnamh Dé uaibh ar ar mian liom trácht ins an gcéad roinn dem' chomhrádh. Ins an dara h-áit, mar as dóigh libh go dtiocfaidh
an lá i n-a mbéidh sibh níos lugha ceangailte do'n tsaoghal agus do chlaontaibh na colna agus inneamhail chum beatha cheart chríostamhail do leanmhain ar a dtráchtfad 'san dara roinn. Acht chum go mb'fheairrde do b'fhéidir liom mór-chontabhairt agus díth céille na mbréag-leith-sgéal so do thaisbeáin agus do chruthughadh dhíbh, agus chum gur móide do rachadh sé chum glóire Dé agus leasa anmann an choimh-thionóil atá i láthair, iarraimíd cabhair an Spioraid Naoimh tré eadar-ghuidhe na Maighdine Muire ag rádh: Ave Maria etc. An Chéad Roinn. Ní indiu ná go déidheanach do thosnuigh na peacthaigh ar mhilleán do thabhairt do Dhia tré mhí-riaghaltacht a mbeathadh. Ní indiu, adeirim, do rinneadar dícheall a eagna agus a fhéile do dhéanamh cionntach i n-a laigeacht neimh-chirt, óir is féidir liom a rádh go bhfuil an daille seo chomh ársa leis an bpeacadh féin, de bhrígh nár loirg ár gcéad-athair Ádhamh leith-sgéal ar bith dhá atharrach; agus i bhfad ó fheirg Dé do mhaolughadh le h-admháil a mhío-fhomóis agus a laige, adubhairt go borb agus go díchéillidhe gur ab é féin do bhí cionntach le n-a pheacadh tré an mhnaoi do cheangail sé leis. Seo mar mheallaid an mhuinntear do chuireas an aithrighe ar cáirde iad féin, óir is é a bhfreagra orainn de ghnáth, nach obair dhaonda an aithrighe, gur ab é Dia amháin d'oibrigheas agus d'aistrigheas an croidhe agus do-bheir grása agus subhailce ann, atá i n-uireasba orra-soin, ionnas nach bhfuilid sásta le feirg do chur air tré gan a mbeatha do leasughadh, acht deirid go malluighthe ainshrianta gur ab é féin as cionntach le n-a gcruadhas croidhe agus le n-a neamh-aithrighe. Gidheadh innsim díbh, a chríostaidhthe,
an baoith-leith-sgéal so do bhíos i mbéal gach peacthaigh do ghnáth-mhaireas ins na corthaibh, má bhreathnuighmíd de thaoibh Dé é, go bhfuil sé diorruisg mío-bhuidheach; má bhreathnuighmíd de thaoibh an pheacthaigh, go bhfuil sé mí-cheart, nó, má bhreathnuighmíd ann féin é, go bhfuil sé buileamhail, do-fhoighnighthe. Ar dtúis, má bhreathnuighmíd an saoibh-leith-sgéal so de thaoibh an pheacthaigh do-bheir uaidh é, adeirim go bhfuil sé mí-cheart, óir ní fhuil nídh ins an domhan as éagcór- aighe 'ná tusa, a pheacthaigh mhalluighthe, ag a bhfuil do chroidhe bruach-líonta le h-ainmhianaibh na colna, do bheith ag gearán ar Dhia tré gan blas ná dúil do bheith agat do'n chráibhtheacht? Nó an bhfuil nídh ar domhan as ion- gantaighe 'ná tnúth do bheith agat go n-aistreochadh Dia, gan congnamh ar bith uait féin, do chroidhe atá sloigthe múchta i gclaontaibh mí-riaghalta, ionnas go mbéadh mór-dhúil agat i ndiadhacht agus go n-aireochthá le mian milseacht chumhra na subhailcí? Má tá an t-andóchas so agat, a pheacthaigh, is dearbhtha gur ab ionann tú agus duine do mhairfeadh ar dhomblas nó ar luibheannaibh searbha, agus 'n-a dhiaidh sin tú 'bheith ag gearán agus ag casaoid nach bhfaghadh blas milis ar éinnídh. Acht adéarfair liom fós, gur do Dhia féin badh chóir mian agus blas do thabhairt duit chum a dhlighe agus a aitheanta do leanmhain agus do choimh-líonadh, dá mbadh mhaith leis go ndéanfá a réir. Tusa do thruailligheas thú féin le craos agus le drúis, tusa do chuireas teora do-bhriste idir thú féin agus trócaire Dé, tusa, adeirim, do dhéanas dícheall le do dhroich-ghníomharthaibh gach deagh-smuaineamh atá in do chroidhe ó nádúir do mhúchadh, na beag-chomharthaí seo na neimh-chionntachta d'fhan againn tar éis peacaidh ár sinnsir, le n-ar féidir linn, le congnamh Dé, filleadh ar an gceart
agus ar na subhailcíbh. O! a dhuine dhona, dar ndóigh, ní h-é Dia as cionntach le gach droich-ghníomh dhíobh so. Acht, a pheacthaigh chruadh-mhuinéalaigh, bíodh go n-oib- reochadh Dia an mian agus an dúil seo ionnat chum sligheadh do shlánuighthe le n-a bhfuilir ag feitheamh, fiaf- ruighim dhíot, lán de chraos agus de dhrúis mar atáir, an n-aireochthá oibriughadh a ghrás an t-am do ghlaodhfadh ort; an n-éistfeá leis, agus gan tairbhe, dar leat, ar éinnídh acht ar shólás agus ar aoibhneas an tsaoghail seo? An uair do chorróchadh le n-a ghrásaibh thú, cad é an t-aistriughadh beathadh do dhéanfá agus tú 'ghá síor- mhúchadh le do chlaontaibh ainmhianacha atá, fáiríor, ró- cheangailte leat tré do chionnta féin agus ní tré easbaidh grása Dé? Óir an Dia grásamhail fad- fhuilingeach so, lán d'fhoighne agus de thrócaire, tá sé de ghnáth ag oibriughadh i d'intinn ag síor-dhortadh a fhéile do-aithriste innte. Acht, monuar! ní h-iad grása Dé theastuigheas uait, acht mar do ghlacair iad i gcroidhe lán d'aindeise agus de thruailleacht ionnas nach n-oibrighid éinnídh ann; agus fós, gur ró-bheag an corruighe do-ghníd air, ar mhodh nach bhfuil i lasair na ngrás ag tuitim ann acht mar spré teineadh ag tuitim i bhfuathais lán de smúiteán agus de shalachar do múchtar sul do thigeas go grinneall. Gidheadh, chum na leith-sgéil dhona so do chlaochlódh, fiafruighim dhíot cad é an t-ughdarás le n-a n-abrair gur ab uireasbaidh grás as ádhbhar dod' mhío-aithrighe? Ní fhuil, gan amhras, d'ughdarás agat leis, acht gur lugha chosnóchadh sé dhuit fanamhain innte 'ná éirghe as an stáid mhalluighthe i n-a bhfuilir. Acht créad le n-a bhfuil do shúil? An bhfuil tnúth agat grása d'fhaghbháil d'ais- treochas tú gan congnamh 'ná comh-oibriughadh ar bith uait féin? Grása, adeirim, nach bhfágfaidh ainmhiana
ar bith agat chum troid 'n-a n-aghaidh, slabhraí le briseadh, ná cathaidhe chum buadha d'fhaghbháil orra: grása, i n-éan-fhocal, do-bhéarfadh aithrighe fhírinneach dhuit gan doilgheas, gan deora, gan docamhail ar bith eile? Mo mhíle thruagh thú, a pheacthaigh bhoicht, ní fhaghair go bráth grása díchéillidhe de'n tsórt so, óir dá neartmhaireacht do-gheibheann duine ní leor iad gan míorbhailí ó Dhia. Ní fuláir dhó dícheall do dhéanamh a chlaonta agus a ainmhiana do smachtughadh, do sgaramhain leis na neithibh as ionmhuin leis, agus iodhbairt do gach nídh do cheanglas agus do chongbhas i ngeibheann é. Má tá agó ar bith agaibh annso, a chríostaidhthe, féachaidh cad é an mhéid do chosain sé do'n mhór-naomh San Aibhistín, é féin do sgaramhain leis an salachar le n-a raibh ceangailte, agus chum na slabhraí do bhriseadh le n-a raibh cuibhrighthe, bíodh gur oibrigh na grása go foir- líonta i n-a chroidhe; leis sin, a dhearbhráithreacha, gur ab iodhbairt docamhlach, baisteadh duaidhnéiseach, leanbh- aidheacht dólásach, agus cath-bhuadh é nach féidir d'fhaghbháil acht le troid na h-aithrighe. Tá sé deimhneach go laghduigheann na grása na docamhail seo. Gidheadh, bidhidh dearbhtha nach múchfaid go h-iomshlán iad, agus gach n-aon do chuireas an aithrighe ar cáirde ag fuireach le grása de'n chinéal so, gur duine é gan suim i slánughadh síorraidhe a anma, de bhrígh gur andóchas atá aige nach coimh-líonfar go bráth. Acht má tá leith-sgeál uireasbaidhe na ngrás mí-cheart de thaoibh an pheacthaigh, tá sé, mar an gcéadna, diorruisg, mío-bhuidheách de thaoibh Dé, ar a gcuirid na peacthaigh milleán na h-uireasbaidhe seo; óir adeirid gur ab é Dia Áird-Tighearna an domhain, agus, dá bhrígh sin, gur féidir leis an croidhe do chorruighe an uair as maith leis é. 'Sé sin le rádh nach
bhfuil agat-sa, a pheacthaigh mhalluighthe, acht do bheatha do chaitheamh i n-aoibhneas na colna agus i nglóire dhíomhaoin an tsaoghail seo, gan oiread agus smuaineamh ar shláinte an anma, ná ar chongnamh ar bith chum do bheatha d'aistriughadh, acht ag síor-chur i n-aghaidh grása Dé, chomh maith agus go dtabharfadh Dia saor-chead duit gan cúram ar bith do bheith agat i mór-obair do shlánuighthe, acht gach mí-ghníomh gráineamhail badh thoil leat, do dhéanamh agus go n-aistreochadh féin tú an uair badh thoil leis é. Fiafruighim dhíot cad é an nuadh-shoisgéal i n-a bhfuairis an gheallamhain seo? Óir tá sé deimhneach nach i Soisgéal Íosa Chríost do fuairis í, agus ní lugha atá an sean-reacht 'na coinnibh mar do chruthuigheas an fáidh Isaias dúinn ins na foclaibh seo: Stultus enim fatua loquetur, et cor eius faciet iniquitatem, ut perficiat simultationem et loquetur ad Dominum fraudelentur (Isaias xxxii.6). Fá dheoidh, ní fhuil 'sa' leith-sgéal so acht buile agus díth céille, óir adeirir gur ab uireasbaidh grása as ádhbhar dod' mhío-aithrighe. Gidheadh, do thaisbeánas roimhe seo dhuit dá mbadh mhaith leat an fhírinne do dhéanamh, go n-admhálfá nach uireasbaidh grás atá ort acht uireas- baidh deagh-thoile chum comh-oibriughadh leo; go n-admhál- fá, adeirim, gur minic d'airighis deagh-smuainte sláinteamhla i do chroidhe do-bhéarfadh, gan amhras, buadh ar do chlaontaibh agus ar d'ainmhianaibh muna mbíodh do chruadhas croidhe agus do neamh-aithrighe, agus go n-admhálfá, fós, go dtug do Dhia uile-mhaith, le n-ar mian gach n-aon do shábháil, agus nár chruthuigh as neimh- nídh éinneach acht chum a réir do dhéanamh agus chum é do shealbhughadh, míle congnamh duit-se agus do gach peacthach eile ar an domhan, do stiúróchadh sibh gan toirmeasg i slighidh na beathadh síorraidhe, dá mbadh áil libh éisteacht
leis, agus toradh nó suim do dhéanamh dá ghlór bean- nuighthe, trócaireach. Acht i n-aimhdheoin seo go léir adéarfadh tú gur uireasbaidh grás atá ort. Mo fhreagra ort ins an bponc so: dá fhaid do chuirfir an aithrighe ar cáirde gur lughaide na grása é; de bhrígh, dá fhaid do chuirfir ar cáirde í, gur i méid do rachas do chortha, agus dá mhéid na cortha gur móide tharraingeas Dia a ghrása uait; agus ar a shon go bhfuil anois 'n-a Dhia truaighmhéileach trócaireach, go mbéidh, i mbeagán aimsire, 'n-a Dhia crith-eaglach, uathbhásach, lán de cheart, d'fheirg, agus de dhíoghaltas; agus muna bhfuil grása agat indiu inne- amhail chum filleadh ar Dhia, do b'fhéidir i mbáireach nach mbéadh grása agat chum feicsin go bhfuil sé riacht- anach agat filleadh air, nó uain aithrighe do dhéanamh. Óir do b'fhéidir go laghdóchadh nó go dtarraingeochadh Dia a ghrása agus a naomh-ghaoithe uait, ionnas go dtuitfeá i n-éadóchas iomshlán nó i suaimhneas i do chorthaibh, - an dá chomhartha as uathbhásaighe agus as cinnte ar dhamnughadh síorraidhe. Tar éis a ndubhramar cuirim i gcás go bhfuil uireasbaidh grása ort, créad do leanas as acht, má thigeann an bás ort ins na corthaibh malluighthe i n-a bhfuilir ad' iomlat féin go laetheamhail, gur duine caillte damanta go síorraidhe thú? Ó, monuar! dá mhéid d'earráid agus do mhalluightheacht, ní leigfeadh eagla dhuit an fhírinne d'innsin; acht, bun ós cionn leis sin, is é adeirir go buileamhail, earráideach nach bhfuil tú cionntach ar éan-chor i láthair Dé tré do neamh- aithrighe, de brígh nach ar do chumas féin atá do bheatha d'aistriughadh acht ar chumas Dé amháin. Tá gach peacthach do fuair bás ó thúis an domhain saor, neamh-chionntach, ionnas nach bhfuil ifrionn acht i gcomhair na bhfíréan fá
leith! Má's fíor so, adeirim, ní miste dhuit gabháil de chlaidheamh tré do chroidhe nó thú féin do theilgean ins an bhfairrge, ag rádh go bhfuil fhios ag Dia an uair do cheap duit chum aithrighe do dhéanamh agus chum do shábhála, cibé ar bith modh i n-a gcaithfir d'aimsear. Mo chreach, a chríostaidhthe, nach bocht an díth céille agus an daill' intinne é seo? Agus gur ab ar an ádhbhar so adubhairt an t-abstal le h-iongantas agus le h-uathbhás tré mhalluigheacht na droinge seo: "An mar seo bheirir tarcuisne i bhféile do-chuimsighthe Dé?" Nár chóir go dtarraingeochadh a fhoighne chum aithrighe thú, i bhfad ó ughdarás do thabhairt duit lonnughadh agus maireachtain i do chorthaibh? Gidheadh, tré do chruadhas croidhe, is é atáir-se ag déanamh cruinniughadh agus ag méadughadh feirge Dé dhuit féin le h-aghaidh an lae uathbhásaigh úd do thiocfas i ngan fhios ort, i n-a dtabhar- far do gach n-aon do réir a oibreach ins an tsaoghal so. Leis sin, a pheacthaigh bhoicht, is dóigh liom gur ab é an t-éan-bhunadhas badh chóir dhuit do tharraing as uireasbaidh na ngrás, gur móide badh chóir a n-iarraidh agus guidhe níos dúthrachtaighe chum iad d'fhaghbháil; agus ins an am chéadna sgaramhain le gach nídh do chongbhas uait iad; mar atá, siocair nó ócáidí an pheacaidh do sheachnadh go h-aireach, dícheallach, óir is é seo an modh ceart críostamhail chum glóire do thabhairt do Dhia agus filleadh air. Acht 'gá rádh mar adubhrais go nuige seo gur ab é Dia as Máighistir agus as Áird-Tighearna ar an gcroidhe, agus an uair as toil leis, is féidir leis mé do chorruighe chum na h-aithrighe; 'sé sin le rádh, "ní fhuil aire agam air go fóill. Is mian liom fós, m'aimsear do chaitheamh i subhailceas agus i n-aoibhneas an tsaoghail, agus an tan do dhéanfas Dia éigean orm agus nach féidir liom cur 'n-a choinnibh, umhlóchad dó."
A Thighearna nach bocht an t-ullmhughadh é seo dod' ghrás- aibh oirdheirce! Is é seo, ar a shon soin, an t-ullmhughadh do-bheirid lucht na mío-aithrighe nó na neamh-aithrighe orra féin leis na baoith-leith-sgéalaibh thugaid uatha de thaoibh Dé, agus le n-a leith-sgéalaibh tubaisteacha thugaid uatha dá dtaoibh féin, ar ar gheall mé trácht ins an dara roinn. An Dara Roinn. Is ró-iongantach, a dhearbhráithreacha, tar éis gior- racht ár saoghail, neimh-chinnteacht ama an bháis, socamhlacht na h-aithrighe, mór-nuimhir na droinge ar a mbeirthear i gcodladh an pheacaidh, agus uathbhásaidheacht a gcríche, go mb'fhéidir le neach ar bith leith-sgéil shuaracha do cheapadh chum na h-aithrighe do chur ar cáirde, agus nach bhfuil contabhairt ar bith eile do-chímíd ag bagairt orainn nach ndéanaimíd dícheall ar a seachnadh acht amháin contabhairt shíorraidhe an anma - nídh as do- chuimsighthe 'ná so go léir; nach bhfuil éinneach de'n mhuinntir do chuireas ar cáirde í, nach n-admhálann riachtanas na beathadh d'aistriughadh, agus nach bhfuil aindeise ná mío-ádh ins an domhan badh mheasa leo d'éirghe dhóibh 'ná bás d'fhaghbháil ins an stáid dhona i n-a bhfuilid; agus dá aimhdheoin sin, go bhfuilid chomh lag soin chum an choinghill chrith-eaglaigh seo do thréigean nach ndéanaid acht baoith-leith-sgéil leanbhaidhe, díchéil- lidhe do thabhairt uatha; 'sé sin le rádh, baois na h-óige, ainmhiana na colna, docamhlacht na h-aithrighe agus eagla nach bhfaighidís buain-tseasamh innte. Ag so na leith-sgéil díchéillidhe do-bheir na peacthaigh dhona dá dtaoibh féin ins an aithrighe atá Dia d'iarraidh orra de ghnáth.
Ar dtúis adeirid gur mian leo bliadhanta na h-óige do leigean tharsta agus fuireach le h-aimsir d'áirithe i n-a mbéid níos truime agus níos inneamhla chum na mór-oibre seo do chur i ngníomh nó i gcrích, agus an tráth soin nach mbéidh nídh ar bith le n-ar féidir a gcosg ó aithrighe do dhéanamh. Acht fiafruighim dhíbh cia thug deimhin nó siúráltacht díbh go mairfeadh sibh i gcomh- nuidhe an aimsear so do ghearrabhar amach díbh féin chum na h-aithrighe do dhéanamh? Cia gheall díbh nach dtiocfadh an bás i gan-fhios oraibh ar feadh na mbliadhan so do cheapabhar chum subhailcis na colna agus aoibhnis an tsaoghail seo? Fiafruighim dhíbh an baránta díleas díbh an óige i n-aghaidh an bháis? Óir, gan trácht ar an gcuid eile de'n domhan, féachaidh ar bheag-nuimhir bhur gcarad féin, nach bhfaghadh sibh roinn díobh do ghearr Dia amach i bhfíor-thúis a saoghail, a nirt agus a gcumais? "Mar an mbláth bhíos go mórdhach ar maidin, um thráthnóna bhíos seirghthe feoidhte" (Sailm lxxxix.6). Dá nglaodhfadh Dia oraibh-se, a pheacthacha chruadh- mhuinéalacha, ar feadh na h-aimsire seo as mian libh do chaitheamh i n-aghaidh a thoile, créad d'éireochadh dhíbh? Créad an tairbhe dhéanfadh bhur leith-sgéil díbh? Nó an laghdóchadh an aithrighe seo do chuiris ar cáirde, agus do gheallais do dhéanamh i n-am d'áirithe éan-chuid ded' mhío-ádh síorraidhe. Acht, cuirim i gcás nach dtiocfadh an bás i gan-fhios nó go h-obann oraibh, créad é an fáth 'n-a ngeallann sibh díbh féin go n-aistreochadh an aois ársa bhur mbeatha agus bhur mbéasa? Ar aistrigh an aois ársa Solamh badh chéillidhe agus badh eagnaidhe míle uair 'ná sibh-se? Nach an tráth soin do chuaidh a dhroich-ghníomhartha ins an rioth do b'aoirde, ar mhodh nach raibh teora le n-a mhalluightheacht? Ar umhluigh an aois Saul chum aithrighe
do dhéanamh? Nach an uair sin do chionntuigh sé i mbréag- adhradh, i gcruadhas croidhe agus i n-éadóchas. Do b'fhéidir, ar a shon soin, a pheacthaigh, an tan thiocfas an aois ársa go dtréigfeá droich-bhéasa agus cortha d'áirithe. Gidheadh, ní bhéidh tairbhe dhuit ann, de bhrígh gur dod' aimhdheoin agus tré gan cumas do bheith agat a gcur i ngníomh do thréigir iad agus nach le dúil aithrighe ná le h-eagla lae an chunntais. Má's dóigh leat, a chroidhe chruaidh, gur bréag so, ní fhuil agat acht féachain cad d'éirigheas go laetheamhail do'n droing do chríochnuigheas ins an bpeacadh, agus do-chífir nach sgarann grádh an tsaoghail leo nó go sgarann an bás leo é; agus má thigid ó'n mbaoghal agus ó'n aicíd i n-a bhfuilid, bíodh gur aistrigh an deagh-eolas agus an teagasg do fuaradar an taobh amuigh dhíobh, do-chífir an grádh agus an t-andúil chéadna aca ins an tsaoghal, na claonta céadna chum caithimh aimsire agus aoibhnis na colna; agus ins an tsean-cholainn críonuighthe seirgthe, do-chífir croidhe óg, ainmhianach, do leanas níos beodha agus níos cíocraighe subhailcí saoghalta 'ná do rinne roimhe sin, dá mhéid do theichid uaidh. Agus bíodh nach n-éireochadh an mío-ádh so dhuit-se, a chríostaidhe, tá a fhios agat gur ab é Dia áird-bhreitheamh agus riaghluightheoir na h-uile aimsire agus na h-uile aoise. Leis sin, nach bhfuil sé soiléir, so-thuigse agat go mbéidh sé éadmhar, feargach leat tré thúis do chroidhe agus do shaoghail do thabhairt suas do'n diabhal agus dá oibreachaibh; an túis seo, adeirim, do fíoradh, nó le n-a dtug mé mar chosamhlacht dúinn túis agus céad tortha na talmhan d'órduigh ins an tsean-reacht d'iodhbairt agus do thabhairt suas do féin de ghnáth? Go dearbhtha, is eaglach go ndéarfadh sé leat mar adubhairt an fáidh Isaias ag casaoid leis na pagánachaibh agus leis
na díchreidmheachaibh. "Gearraid," ar sé, "i sliabh Libeanus an crann as áilne agus as uaisle agus cuirid an chuid as fearr dhe chum gach gnótha as toil leo; agus déanaid dia bréige de'n chuid as measa dhe do n-a dtugaid adhradh:" De reliquo autem operatus est deum, et adoravit (Isaias xliv.15), agus is féidir liom do rádh gur ab é seo an nídh do dhéanaid na peacthaigh agus na saoghaltánaigh, an tráth so; óir gearraid amach an chuid as taithneamhaighe agus as bláthmhaire dá saoghal chum obair an áidhbheirseora; agus an t-am nach bhfuilid inneamhail chum obair an tsaoghail ná chum claonta na colna, déanaid dia bréige de'n chuid as measa dá n-aimsir do n-a dtugaid adhradh agus do n-a ndéanaid iodhbairt náireach, sgannalach, - De reliquo autem operatus est deum, et adoravit. Gidheadh, geallaim-se dhóibh gur ab olc do rachas so dhóibh. Tá focal Dé againn ag rádh i mbéal an abstail: "Cibé chuirfeas ins an truaillidheacht, ní bhainfeas acht truaillidheacht agus lobhthacht: Quoniam qui seminat in carne sua, de carne et metet corruptionem (Gal.vi.8); agus fós, is focal nó rádh ró-choitcheann gur mar mhaireas duine, do-gheibheas bás, ar mhodh nach laghduigheann an aois na lochtaí; agus leis sin, nach bhfuil nídh ar bith as céillidhe agus as ádhmharaighe 'ná ar mbéasa do cheapadh go h-óg mar adeir an fáidh: Bonum est viro cum porteravit iugum ab adolescentia sua (Triamhna Ier.Fáidh,iii.27). Tá an fhírinne seo, chomh cinnte agus chomh láidir sin nach féidir agus nach leigeann faitcheas do na peactha- chaibh a séanadh. Gidheadh, i bhfad ó n-a mbeatha do riaghlughadh dá réir, is é do-ghnídh arís leith-sgéal eile díchéillidhe do thabhairt uatha; 'sé sin go bhfuilid anois ró-cheangailte ins na peacaidhibh, go bhfuil a slabhraí
ró-dhaingean, ró-dho-bhriste, na claonta i n-a bhfuilid i n-achrann ró-bheodha, ró-dho-chlaoidhte chum sgaramhain leo agus an uair do chríochnóchaid na claonta so nach é amháin nach leanfaid éan-nuadh-chlaonta, acht fós, go leanfaid gach uile shubhailce as riachtanach. Acht fia- fruighim arís díot, a dhuine dhona, cia gheall duit go mairfeá leis seo do thuitim amach? Cuirim i gcás go mairfeá. Dar ndóigh, ní fhuil dá dhoimhne rachas préamha do lochtaí, nach i méid agus i ndaingne rachas do shlabhraí agus do gheibheanna, nach móide leathnóchas an t-othras agus an urchóid i do chroidhe agus i d'aigne thruailleochas d'anam go h-iomshlán. Má tá agó agat ann, féach ar réim do bheathadh féin agus do-chífir cad é an ghráin agus an fuath do bhí agat ar dtúis ar na corthaibh do n-a bhfuilir anois tugtha agus cad é an docamhal do bhí agat cionntughadh ionnta. Acht monuar! ní fhuil dá mhéid do chuadhais 'n-a dtaithighe, nach móide do chuaidh a neimh i bhfeidhm ort, nach móide do sgarais le dúil na h-aithrighe do thug grása Dé agus ciall nádúrtha dhuit, ionnas gur leigis do'n mhéid do bhí slán folláin ded'anam truailliughadh go h-uile. Ag seo an nídh go puinnteálta do-chífeas gach peacthach i n-a bheathaidh féin, má dhéanfas machtnamh uirre, agus dá mbreathnóchadh go grinn é, d'admhálfadh gur díchéillidhe an nídh do dhuine leigean dá chneadhachaibh lobhadh agus truailliughadh, ag tnúth go mb'fhusaide iad do leigheas é. Acht adeirir go h-amadántamhail nach bhfuil claonta ar bith buain-tseasmhach, do-leighiste, ná ainmhiana nach mbíonn neamh-bhlasta, fuathmhar le h-aimsir. Mo fhreagra ort, a dhuine gan chéill, go mb'fhéidir nach bhfuil claonta fá leith nó go h-aonra- cánach, nach laghduigheann le h-aimsir; gidheadh, nach mbéadh tairbhe ar bith dhuit-se annsoin, de bhrígh go
mbéidh na claonta go geinearálta agat do shíor; óir na h-ainmhiana do thréigfir le neamh-bhlas nó le neamh- dhúil ionnta, fágfaid i gcomhnuidhe inneamhail, ullamh thú chum nuadh-chlaonta do leanmhain agus bí deimhneach gur measa an dara stáid 'ná an chéad stáid: Et fiunt novissima hominis illius peiora prioribus (Matha xii.45). Fá dheoidh, a dhearbhráithreacha, an tan do-chídheas an peacthach neartmhaireacht na fírinne seo agus díth céille na leith-sgéal do-bheir uaidh tré an aithrighe do chur ar cáirde, an tan do-chídheas beag-thairbhe agus suarachas aoibhnis an tsaoghail, adeir go mbadh mhian leis a dtréigean, gabháil le Dia agus beatha cheart chríost- amhail do leanmhain. Gidheadh, i bhfad ó'n obair thairbhigh seo do chur i ngníomh, tigeas crith-eagla air, agus adeir go bhfuil a chéim agus a chreideamhain chomh mór sin 'san tsaoghal nach féidir leis an t-aistriughadh as lugha ar bith do dhéanamh go foilcheasach nó i gan fhios; go bhfuil eagla air nach bhfaghadh buain-tseasamh a dhéanamh, agus, gan tairbhe ar domhan dá anam, go mbéidh a chreideamhain i gcontabhairt a caillte agus go mbéidh 'n-a chúis mhagaidh agus fonomhaide ag lucht a aitheanta. Ag so an treas leith-sgéal díchéillidhe do-bheirid na saoghaltánaigh uatha; acht, a chríostaidhe, ar a bhfuil go h-áirithe ainm críostamhail, fiafruighim dhíot cad é an fáth 'n-a gcuirir an aithrighe ar ath-lá? An bhfuil súil agat go n-aistreochaidh Dia thú an tráth nach bhfuil tnúth agat, dá n-iompóchthá air, go dtabharfadh buain-tseasamh dhuit. Créad é an áth 'n-a bhfuil súil agat le n-a thrócaire ag síor-thabhairt tarcuisne agus masla dhó, nach gcuirfeá do mhuinighin agus do dhóchas ann ag tabhairt glóire agus onóra dhó. O! a dhuine, cá bhfuil ciall nó ceart an iomchair seo? Nach féidir leat, an
chuid as lugha dhe, tosnughadh agus féachain an bhfaghfá seasamh amach go misneamhail, crodha i n-obair Dé. Dar ndóigh, is fiú an nídh a thástáil. Ó! a dhearbhráthair, an bhfuil neach 'san domhan do theilgfidhe le stuirm i gceartlár na fairrge coimhighthighe, do bhéadh ar chomraidhe na dtonn ullamh chum a shloigthe gan fuireach, nach ndéanfadh dícheall ar theacht i dtír de shnámh sul do thabharfadh suas é féin do chuthach agus do chraos na mara? Bíodh orm nach ndeir leis féin: "Do b'fhéidir go dtréigfeadh mo neart mé agus nach mbéinn acfuinneach ná ábalta ar bhuain-tseasamh do dhéanamh chum teacht chum talmhan, agus leis sin, ní dhéanfad dícheall ar bith chum mé féin do shábháil." Mo chreach! ní abrann sé sin acht déanas gach dícheall as féidir leis. Ní fhágann slighe ar domhan gan tástáil. Tigeann go nuige an snáithe déidheanach dá neart agus ní bheireann suas é féin nó go mbíonn traochta le mór-éigean na mborb-thonn. Agus tusa, a chríostaidhe, ad' threasgairt féin, mór- thonnacha do chlaonta dod' mhúchadh, maidhm-shléibhte d'ainmhian dod' fhuadach le faill mhara Ifrinn, agus tú, ins an am gcéadna, gan cás, gan dobrón, ag meadhchain ar chóir dhuit dícheall do dhéanamh ar thú féin do shábháil, agus ag tomhas do chumais a's do neirt ar feadh na beag-aimsire seo na sláinte, ionnas go gcaillir led' sgrúdadh agus léir-mheas an t-am agus an uain do thug Dia dhuit chum thú do shaoradh ó'n mór-chontabhairt atá ag rith ort, agus i n-a bhfuil na mílte eile 'gá dtreas- gairt ós comhair do shúl. Acht bíodh nach ndéanfá an buain-tseasamh so agus go bhfaghadh slighe chumhang na subhailcí buadh ar do laig-neart, dar ndóigh, do chaithfeá cuid ded' aimsir gan fearg do chur ar Dhia, do dhícheall ar a fheirg do laghdughadh. Go h-áirithe, ní
mhéadóchthá an ciste malluighthe atá agat 'gá chruin- niughadh le h-aghaidh lae móir-fheirge an Tighearna. An chuid bheag dhe, do b'fhéidir leat do laige do thaisbeáin agus do chur i n-umhail dod' Dhia agus do rádh leis: "A Thighearna, do-chíonn tú mo dhúil agus mo laige. Créad fá deara nach bhfuil mo chroidhe níos dílse dhuit, a Thighearna, níos neamh-shuimeamhla ins an tsaoghal bhréagach so, agus níos daingne, níos treise i ngrádh na fírinne? Socruigh, a Thighearna, mo luaith- intinnn agus mo neamh-sheasmhacht; bain de'n tsaoghal an mháighistreacht atá aige ar mo chroidhe, agus glac féin seilbh dhíleas ann. Táim chomh líonta sin de náire tré dho-riantacht mo bheathadh, nach leigfeadh eagla dhom mo shúile do thógbháil suas chugat-sa, a Chruthuightheoir, agus a Thighearna an uile nídh, ná a gheallamhain duit do bheith níos dílse as so suas, de bhrígh gur bhriseas chomh minic mo gheallamhain duit. Tá mo chroidhe ag éalódh uaim gach móimeint, ionnas míle uair tar éis do láthair d'fhágbháil le mo shúilibh líonta le deoraibh, le doilgheas agus le croidhe-bhrúghadh tré fearg do chur ort, gur thuiteas an ath-uair leis an ócáid gcéadna do chuireas romham do thréigean roimhe sin. A Dhia uile-chumhach- taigh, ó chíonn tú mo laige agus an mhór-chontabhairt i n-a bhfuilim, féach led' shúilibh trócaireacha ar neamh- éifeacht mo mheisnigh, ar dhíombuaine agus ar neamh- shocracht m'aigne, óir tá a fhios agam nach bhfuil comhartha níos bith-chinnte ar dhamnughadh síorraidhe 'ná bheith neamh- sheasmhach mío-choingheallach i n-ár gcroidhe agus i n-ár n-aigne. Leis sin, a Shlánuightheoir, an fhaid do bhéad ion-chorruighthe led' ghrásaibh beannuighthe, déanfad dícheall ar chasadh ort, agus má cailltear mé is fearr liom go mór mé do chailleamhain ag déanamh an díchill seo ar fhilleadh ar mo Dhia agus ar mo Chruthuightheoir
nach dtréigeann go bráth an té loirgeann é go fírin- neach, 'ná fanamhaint i socracht, spadántacht thruail- lighthe, agus i méirleachas 'na aghaidh, agus 'ná dul i n-éadóchas ar an nglóire do gheallais, a Thighearna, do gach n-aon do mholfadh agus do ghrádhfadh thú go fírinneach, deagh-rúnda"; an nídh d'iarraim-se dhíbh-se agus dom féin. I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spio- raid Naoimh. Bíodh mar sin. Ar n-a aith-sgríobhadh le S. Ua h-Úghbhair do'n Dochtúir Diadha, Seaghan Ua Murchadha, Easbog Chorcaighe, 1817.
{B 1817ls 19T} SEANMÓIR A CEATHAIR. AR AN AITHRIGHE. (Do'n cheathramhadh Domhnach de'n Aidbhint.) Venit in omnem regionem Iordanis, praedicans baptismum poenitentiae in remissionem peccatorum. "Do thriall do na críochaibh uile timcheall srotha Iórdán, ag craobh-scaoileadh sacramainte na h-aithrighe chum maithfeachais na bpeacaidhe" - Briathra do léighimíd ag Naomh Lúcás, Sois- céaluidhe, an 3 caibidil, 3rann. Créad an t-iongantas so do-chímíd i soiscéal an lae indiu? Tá, a dhearbhráithreacha, Naomh Eoin Baiste, réamh-theachtaire an Tighearna, ag triall ar an bhfásach, ag craobh-scaoileadh na h-aithrighe i measg cairrgeacha agus coillte, i bhfad ó radharc a's ó chomh- luadar na ndaoine, ag leigean fuaime a ghotha bhean- nuighthe fá chríochaibh badh chomhfhogus do'n abhainn Órthanán nó Íordán, ionnas, le binneas a ghlóir gur tharraing mór-nuimhir daoine tuillte de gach gné peacaidh ag éisteacht leis, agus, le milseacht a theagaisc, gur chorruigh iad chum fuath fírinneach do bheith aca do'n pheacadh, maille le mian diongmhálta chum iad féin d'ollmhughadh le deagh-oibreachaibh chum slighe an Tighearna do réidhteach i n-a gcroidhthibh, agus chum buain-tseasaimh innte. Ag seo an t-iongantas ar a labhraim libh. Óir measaim gur iongantas ró-mhór cionnas do rug an guth beannuighthe seo buadh ar chlaontaibh agus ar mhór-
pheacaidhibh na droinge díth-chreidmhighe seo; an tan do-chím sinn féin ar a bhfuil aithne bith-chinnte Dé, an teagasc agus an fhírinne chéadna do craobh-scaoileadh maille le congnamh grása an nuaidh-reachta, atá gan comhmóradh ós cionn grása an tsean-reachta; ní ar an bhfásach acht i gcomh-chlos do mhór-uimhir daoine do thionól go toil- teanach chum sinn do chlos; ní do dhaoinibh atá ainbhfiosach ar an bhfírinne acht do dhroing atá feasach uirre, ciodh go séanaid í de ghnáth tré n-a gclaontaibh. Ag seo an dream atá d'ualach orainn-ne do theagasc. Acht créad an buadh do-bheirimíd orra? Tá, go n-éistid linn ar uairibh; go dteilgid iad féin i láthair Dé; go n-umhlu- ighid iad féin ag cosaibh an oide faoistine; go mion- scrúdaid a bpeacaidhe 'na láthair. Acht d'éis seo uile, an dteilgid díobh sean-iorradh nó sean-éadach an pheacaidh agus an gclúduighid iad féin le nuaidh-éadach na ngrás? An mbeirid buadh ar a ndroch-bhéasaibh? An gcasaid ar an bhfírinne do thréigeadar? I n-aon- fhocal an ndéanaid deagh-aithrighe? Ní dhéanaid, a dhearbhráithreacha, acht scáil fholamh na ndeagh-oibreach, nach leor chum aithrighe fhírinneach do dhéanamh. Créad as ádhbhar do'n mhóir-fhírinne seo? Tá, nach bhfuil peacthach dá cheann-tréine, nach meallann é féin le súil deigh-chríoch do chur ar a bheathaidh le h-aithrighe fhírinnigh. Acht créad í an aithrighe fhírinneach? In dá fhocal is í as aithrighe fhírinneach ann an aithrighe a ghluaiseas ó'n gcroidhe agus ó iomshlán an chroidhe. Is tré eidir-dhealughadh do dhéanamh idir an dá fhocal so atá muinighin agam a fhoillsiughadh dhíbh créad í an aithrighe fhírinneach, agus créad í an aithrighe bhréagach. Ins an gcéad roinn taisbeánfaidh mé dhíbh nach fuláir do'n aithrighe gluaiseacht ó'n gcroidhe; ins an dara roinn nach fuláir dí gluaiseacht ó iomshlán an chroidhe.
Tugamaois aire go dícheallach do'n subhailce riacht- anaigh so; riachtanach, adeirim, óir, de bhrígh go bhfuilmid gach tráth ag tuitim 'san bpeacadh, is fíor go bhfuil sé riachtanach againn gach tráth aithrighe do dhéanamh agus gnáith-chleachtadh do dhéanamh dhí chum teacht chum ár gcríche déidheanaighe, .i. Íosa Críost. Impighidh liom go dúthrachtach congnamh an Spioraid Naoimh chum mo thuigsin do shoillsiughadh le n-a naomh- ghaethibh beannuighthe, ionnas go mb'fhéidir liom an mhóir- fhírinne seo do chraobh-scaoileadh chum glóire Dé agus leasa anma gach n-aon atá i láthair, tré mhór-luach ár Slánuightheoira, Íosa Críost, ag eadar-ghuidhe a Mháthar Beannuighthe Muire, ag rádh Fáilte an Aingil. An Chéad Roinn. Is féidir linn an aithrighe do thabhairt fá ndeara ar dhá mhodh; ag sin le rádh, mar as sacramaint í, nó mar as subhailce í d'ollmhuigheas sinn chum na sacramainte do ghlacadh. Mar as subhailce í, ní fhuil innte do réir Naoimh Thomáis acht fuath toilteanach do'n pheacadh, maille le rún fírinneach sinn féin do leasughadh agus buadh do bhreith ar phríomh-ádhbhar feirge Dé le n-ár ndeagh-oibreachaibh. Anois ó's fíor nach féidir le fuath de'n ghné seo triall acht ó'n gcroidhe tá sé, mar an gcéadna, cinnte go bhfuil an fuath so géir-riachtanach chum na fíor-aithrighe agus nach bhfuil in gach aithrighe déantar 'n-a h-éaghmais acht scáil gan sochar gan tairbhe. Mar chruthughadh ar an nídh seo nó ar an bhfírinne seo éistidh le briathraibh Íosa Chríost i mbéal a fháidh Esechiel: "Iompuighidh orm" ar sé, "déanaidh aithrighe; coiscidh bhur gclaonta; agus déanaidh ath-nuadhchain oraibh go h-iomshlán "; agus arís i mbéal an fháidh Ióel: "Iompuighidh orm,"
ar sé, "agus tionnscnaidh troscadh, déirc agus urnaighthe; glanaidh sibh féin le deoraibh na h-aithrighe; réabaidh bhur gcroidhthe, adeirim, agus ní h-iad bhur n-ionair ná bhur n-éadach:" Scindite corda vestra, et non vestimenta vestra (Ióel ii.13). Óir is é gluaiseacht agus fíor-dhoilgheas an chroidhe amháin as anam do'n aithrighe, de bhrígh gurab í aithrighe an chroidhe fá leith do-bheir buadh ar an bpeacadh. Óir, fiafruighim dhíbh créad an nídh an peacadh. Tá, a Chríostaidhthe, rogha thoilteanach do ghabháil leis an gcréatúir seach an Cruthuightheoir, sé sin le rádh, rogha thoilteanach do dhéanann an peacthach de mhaitheas chail- leamhnach dhíombuan an tsaoghail seo, roimh maitheas dho-chuimsighthe shíorraidhe .i. Íosa Críost, críoch dhéidheanach agus mian gach fíréin. Anois ó's fíor gur ó'n dtoil agus ó mhian an chroidhe geintear an peacadh, agus gurab ins an gcroidhe cothuighthear é tré bhuan-chomhnuidhe ins an olc, is fíor, mar an gcéadna, gurab ins an gcroidhe le tathaighe na subhailcidhe do treascarthar an peacadh. Óir nár mhór an díth-chéille do'n té do bhéadh dá ithe ag an lobhair i n-a chosaibh, a lámh do ghearradh dhe chum é féin do leigheas, de bhrígh nach dtiubhradh gearradh na láimhe congnamh ar domhan leighis dó? Mar an gcéadna, is mór an díth- chéille a mheas gur féidir an peacadh do threascairt agus do chlaonadh i n-ár mballaibh, de bhrígh nach ins na ballaibh acht ins an gcroidhe do chomhnuigheas sé, amhail mar chruthuigheas Naomh Eoin Criosostom dhúinn ins na briathraibh so-thuigse seo: "Is é an croidhe," ar sé, "tobar an uile shubhailce agus an uile uilc, ní fhuil neach ar stáid na ngrás acht tré ghluaiseacht gheanmnuidhe an chroidhe ná neach cionntach 'san bpeacadh acht tré ghluaiseacht ain-mheasardha an chroidhe, óir," ar sé, "ní
fhuil sé i gcumas na mball go h-uile ná fós, i gcumas námhad an duine go h-iomshlán é dhéanamh cionntach i n-aon pheacadh amháin gan gluaiseacht an chroidhe, de bhrígh nach bhfuil peacadh gan toil ná toil gan aontughadh an chroidhe." Dá bhrígh sin, is féidir linn a rádh nach bhfuil ins na ballaibh agus ins na céadfadhaibh acht sclábhuidhthe, agus gurab é an croidhe as áird-thriath agus as máighistir orra, do dhéanas airm díobh chum troda i n-aghaidh a Chruthuightheora, dá sporadh go h-uile le n-a ghaethibh cealgacha chum gach peacadh do chur i ngníomh; maille leis an gcois chum siubhail go saobh, an tsúil ag feáchaint go claon, an lámh ag lot na comharsan, an béal dá sír-ghearradh, an chluas ag cloisin na n-olc, an tuigsin ag taisbeánadh na bpeacaidhe, an toil dá ngrádhughadh. I n-aon fhocal, a dhearbhráithreacha, is tré na céadfadhaibh ghluaiseas an peacadh agus is na baill, tré oibriughadh an chroidhe, as ádhbhar cinneamhnach dóibh amhail mar do-chímíd cruthuighthe 'san gcúigmhadh caibidil déag de Naomh Matha i mbriathraibh Chríost féin: "As an gcroidhe," ar sé, "do ghluaiseas agus do geintear gach droch-smuaineamh, dún-mharbhadh, adhaltrannas, gad- aidheacht, agus gach gné eile peacaidh (Matha xv.19). Anois, a chríostaidhthe, ó's follas as a ndubhramar gurab ins an gcroidhe do geintear agus do cothuighthear an peacadh, nach fíor gur do'n chroidhe badh cheart gráin agus fuath do bheith do'n pheacadh, ag comh-oibriughadh go dícheallach le grása Dé, nár cheil riamh ar neach dár chruthuigh, tré iomadamhlacht a thrócaire, chum aithrighe fhírinneach do dhéanamh, maille le cathughadh agus doilgheas tré fheirg do chur ar Dhia, cumhadh agus dobrón tré bheith cionntach 'san bpeacadh, agus rún diongmhálta gan tuitim ann go bráth.
Seo iad na coinghill le n-a mbeirimid buadh ar ár námhaid; seo iad na coinghill a threoruigheas sinn chum ár gcríche déidheanaighe; fá dheoigh, adeirim, seo iad na coinghill nach féidir linn a bheith againn gan toil an chroidhe, de bhrígh gur ó'n gcroidhe thigeas an intinn agus gur ó'n intinn meastar ár ngníomhartha. Óir ní fhuil i n-ár dtroscadh, i n-ár n-urnaighthibh, agus i n-ár ndéirc acht neimh-nídh i láthair Dé muna bhfuil ár gcroidhe deighilte, scartha le gach taithneamh do'n pheacadh agus dá ócáidíbh. Seo mar mhínigh an naomh fáidh Ióel é tré oibriughadh an Spioraid Naoimh, ag teagasc na droinge saobh- chráibhthighe ins na briathraibh so-thuigse seo: "Scindite corda vestraet non vestimenta vestra", dá chur i gcéill dóibh gurab í iodhbairt an chroidhe amháin a bhíos taith- neamhach i láthair Dé. Ag seo, a chríostaidhthe, an teagasc badh chóir dhúinn- ne a chur i n-oireamhain dúinn féin an tan mheasaimíd gur leor faoistin iomshlán ár bpeacaidhe do dhéanamh agus an breitheamhnas aithrighe do chúiteamh nó choimh- líonadh. Óir cé go bhfuilid seo tábhachtach, folláin, riachtanach má táid coimh-cheangailte le dólás agus le dobrón inmheadhónach tré bheith cionntach 'san bpeacadh, gidheadh, ní fhuil toradh ná tairbhe ionnta gan na coinghill seo. Óir bíodh gur dhéin ár lámh, ár dteanga i n-aon fhocal, ár mbaill go h-uile a leoir-dhícheall, níor tháinig an croidhe leo ar mhodh nach bhfuilimíd ar shlighidh na fíor- aithrighe, agus de bhrígh gurab é an croidhe do ghnídheas peacthaigh dhínn, is do'n chroidhe badh cheart aithrighigh do dhéanamh dhínn tré iodhbairt toilteanach do dhéanamh dá chlaontaibh mí-riaghalta. Acht dá ndéanaimís compráid idir an géar-aireachas do ghnídheas an peacthach gan aon pheacadh do dhearmad i
n-a fhaoistin leis an neamh-shuim do bhíos aige i n-a chroidhe d'aistriughadh nó d'ath-nuadhchain, nach measfaimís gurab é léar-nochtadh na bpeacaidhe amháin de láthair an oide faoistine as riachtanach chum na fíor-aithrighe? Ná measaimís, óir ní fhuil críostaidhe ar bith nach bhfuil fhios aige nárbh é mian ár Slánuightheora, ag tionnscnaimh na h-aithrighe chum na bpeacaidhe i n-ar thuiteamar tar éis baistidh do léir-scrios, go mbadh leor ár bpeacaidhe do chur síos do'n oide faoistine, maille le comharthaíbh foir-imeallacha cathuighthe agus dobróin. Bun ós cionn leis sin, tá fhios ag an uile chríostaidhe gurab é badh mhian leis go gcuirfimís cogadh ar ár gcroidhe leis an arm éifeachtach so do ceapadh dhúinn chum briseadh agus scaoileadh do chur ar gach sconnsa agus daingean do rinne ár námhaid, an peacadh, timcheall ár gcroidhe, agus dá éis sin, a mbásughadh agus a dtreascairt go h-uile ó thárla ar aon-láthair againn iad .i. ar mhachaire réidh ár meabhrach. Acht an gcuirimíd i ngníomh na meodhain seo do thionnscain an Eagna shíorraidhe dhúinn chum suaimhnis agus sláinte ár n-anmann? Ní chuirimíd, fáiríor! Óir tré an ndaill-chiach atá ar ár dtuigse is leor linn faoistin do dhéanamh gan gráin ná fuath do ghlacadh do'n pheacadh; is leor linn mar chroidhe-bhrúghadh, cathughadh agus dobrón do thaisbeánadh i n-ár n-aghaidh; measaimíd gur leor an t-éigean do dhéanaimíd ar ár nádúr ag foillsiughadh ár gcortha dár n-oide faoistine, mar shásamh i n-ar bpeacaidhibh, agus chum maithfeachais d'fhaghbháil dúinn. Agus chum go mb'fheairrde do thuigfeadh sibh earráid agus urchóid na smuainte seo féachaidh créad an dícheall do rinne Saul ar fhearg Dé do mhaolughadh, do thuill sé tré gan an aithne do chuir Sé air do choimh-líonadh an tan
do bhí i gcogadh le muinntear Amalec, dá fhor-fhógradh dhó iad uile do threascairt agus do dhíbirt. Níor choimh- líon Saul an aithne acht do shábháil rígh na droinge malluighthe seo. Uime sin, chuir Dia an fáidh bean- nuighthe Samuel chuige. An uair do chonnaic Saul chuige é, do ghlac imeagla mhór é agus d'admháil an choir do rinne sé, ag rádh: "Pheacuigheas, a fháidh bheannuighthe, óir do bhriseas an aithne do chuir Dia orm. Do labhrais liom i n-a ainm agus do tharcuisnigheas do ghlór. Do bhí eagla orm buaidhreamh do chur ar mo shluagh, agus ní raibh eagla orm a chur ar Dhia, agus leis sin ní fiú mé maithfeachas d'fhaghbháil." Cia h-é an t-aithrigheach le n-a mb'fhéidir d'admháil níos fearr agus níos ionnraice 'ná an rígh comhachtach so? Acht créad an freagra do fuair sé? Tá, gur labhair an fáidh leis, agus go ndubhairt sé leis imtheacht, ag rádh: "An Dia seo ar ar chuiris fearg, do rug buadh dhuit ar do námhaid, agus de bhrígh go bhfeiceann sé gluaiseacht neimh-dhílis do chroidhe agus an intinn mhalluighthe le n-ar dhéinis aithrighe, sé sin le rádh eagla mío-chlú saoghalta d'fhaghbháil, ní dhéanfaidh Sé trócaire ar bith ort." Ag sin, a dhearbhráithreacha, sompla ró-uathbhásach ar an aithrighe foir-imeallaigh nach dtigeann ó'n gcroidhe. Féachaidh arís créad do dhéin an rígh oirdhearc Achab chum maithfeachais d'fhaghbháil ins an gcoir i n-a raibh sé cionntach. Do réab agus do strac tré iomadamhlacht a dhoilghis an t-éadach ríoghdha do bhí uime, agus do chlúduigh é féin le garbh-éadach róin; do chéas a cholann le tros- cadh agus le tréadhanas. In aon fhocal do bhí a dhoilgheas chomh mór soin i gcosamhlacht gur chuir sé iongantas éag- samhail ar gach n-aon do chonnaic é. Do chorruigh sé Dia féin tré an deagh-shompla do thug uaidh chum gan díoghaltas
do dhéanamh air do láthair. Acht is é do rinne, do chuir Sé ar ath-lá é de bhrígh go bhfaca sé an seasamh ain-rianta do rinne croidhe an ríogh mhalluighthe seo ins an olc agus nach raibh in gach nídh dá ndearna sé acht neimh-nídh agus scáil gan tairbhe. Leis sin níor thug Sé dhó acht maith- feachas aimseardha ag rádh: Non inducam malum in diebus eius (III Ríogh.xxi.29), sé sin le rádh, "Ní dhéanfad díoghaltas air ins an tsaoghal so, acht tar éis bháis bainfead díoghal daor-dhálach de in gach mí-ghníomh do rinne ar feadh a bheathadh." Ó! a chríostaidhthe, ná fanaidh leis an mbreith chruadh-dhálaigh so. Is fíor go bhfuil Dia lán de thrócaire agus de thruaigh-mhéil ag síor-bhualadh dóirse bhur gcroidhthe 'ghá iarraidh oraibh a n-oscailt dó chum seilbh do ghlacadh agus buan-chomhnaidhe do dhéanamh ionnta. Agus mara n-éistidh sibh leis anois i n-uain cheannsa, thruaigh-mhéiligh, bidhidh deimhnightheach go gcaithfidh sibh éisteacht leis i n-am eile .i. i n-am bhur mbáis, adeirim, 'n-a leomhan fheargach dhíoghaltasach ag baint léar-chunn- tais díbh i nbhur ngníomharthaibh do réir riaghalach a chirt do-chuimsighthe, agus ag roinn le gach n-aon do réir a bheathadh agus a oibreach. Ná measaidh go gcuirfidh bhur n-urnaighthe, bhur ndéirc, ná bhur ndeagh-oibreacha fearg agus díoghaltas Dé ar gcúl gan aontughadh agus aistriughadh an chroidhe. Do b'fhéidir go ndéarfadh sibh liom gur féidir libh seo go léir do dhéanamh ar am bhur mbáis, agus ar an ádhbhar soin nach gcuirfidh sibh go fóill srian le n-bhur n-ain- mhiantaibh? Acht mo fhreagra oraibh gur díth-chéillidhe an dóchas é, bíodh go mb'fhéidir a thuitim amach, óir tá sé contabharthach de bhrígh go bhfuil bhur náimhde go h-uile .i. an diabhal, an saoghal, agus an cholann ag déanamh díchill chum buadh do bhreith ar bhur dtuigse, agus a
thoirmeasc oraibh aithrighe do dhéanamh, agus ar an ádhbhar soin nach gnáthach an aithrighe déantar i n-am an bháis, tairbheach. Poenitentia sera, raro vera. Chum na fírinne seo do dheimhniughadh dhíbh, féachaimís créad an dícheall do rinne Antiochus ar maithfeachas d'fhaghbháil, do réir mar léighimíd 'san Scríbhinn Diadha. An raibh peacthach riamh do rinne aithrighe níos puiblidhe 'ná a rinne sé? An raibh peacthach riamh ag a raibh rún leoir-ghníomh do dhéanamh níos mó 'ná bhí aige? An raibh peacthach le n-a mb'fhéidir fuath agus gráin do ghlacadh do'n pheacadh ní badh mhó 'ná é? I n-aon fhocal, an raibh peacthach riamh do rinne aithrighe do réir an uile chosamh- lachta ní b'éifeachtaighe 'ná a rinne sé? Agus tar éis seo uile ní fhuair sé maithfeachas ins an gcoir i n-a raibh cionntach. Do b'fhéidir go bhfiafróchadh sibh díom créad an fáth nach bhfuair sé maithfeachas tar éis a ndearna sé? Innsim díbh nach é a bheith ar leabaidh an bháis, nach aon bhreith dhamanta do rugadh air sul ar thionnscain aithrighe do dhéanamh, badh chúis dó gan maithfeachas d'fhaghbháil acht an intinn mhalluighthe tré n-a ndearna sé an aithrighe .i. le súil go saorfadh Dia é ó na piantaibh tinnis i n-a raibh agus go bhfuigheadh tar n-ais an tsláinte caillte tré iomadamhlacht a chortha agus a dhroich-chleachttha. Anois, a dhearbhráithreacha, ó chíonn sibh go soiléir nach bhfuil maith ar bith i bhfaoistin, i dtroscadh, i n-urnaighthibh, i ndéirc, ná i n-oibreachaibh na h-aithrighe le chéile gan comh-oibriughadh an chroidhe, de bhrígh gur ó'n gcroidhe thigeas an intinn, agus gurab é uireasbaidh deigh-intinne badh chúis do Antiochus gan maithfeachas d'fhaghbháil, déanaidh dícheall ag triall chum na h-aithrighe dhíbh, bhur gcroidhthe do chur i gcomh-oibriughadh le nbhur
mballaibh, de bhrígh nach bhfuil i gcumas neach 'san domhan bheith deigh-dheimhnightheach an bhfuil sé ar stáid na ngrás gan faoistin diadha, amhail mar chruthaigheas an rígh eagnaidhe Solamh dhúinn: "Ní fhuil," ar sé, "fios ag neach cia aca thuilleas sé fuath nó grádh," agus is mór an sonas dó é ar an ádhbhar an feadh atá sé ainbhfiosach ar an gcoingheall i n-a bhfuil go mbéidh crith-eagla air. Dearbhann an rígh céadna dhúinn gur beannuighthe an drong ar a mbíonn crith-eagla de ghnáth. "Óir," ar sé, "is í threoruigheas ár n-anmanna go cuan a sábhála, tré stoirm agus fhairrge chraosmhair chontabharthaigh an tsaoghail seo; is í an shábhálas sinn ar loing-bhriseadh do dhéanamh ar cheachtar de'n dá charraig as baoghalaighe ar domhan .i. an-dóchas agus éadóchas; is í a chongbhas sinn ins an tslighidh dhírigh chum ár gcríche déidheanaighe do shealbhughadh; fá dheoigh, is í an eagla seo a chuireas d'fhiachaibh orainn gnáith-chleachtadh do dhéanamh de gach meodhan agus de gach slighidh éifeachtaigh chum ár n-aithrighe do dhéanamh socharach. Acht ní fuláir díbh féachaint go grinn an bhfuil an eagla so measardha, agus chum so do dhéanamh tugaidh aire an bhfuil bhur n-aithrighe ó chroidhe, agus má tá, féachaidh an bhfuil ó iomshlán bhur gcroidhe, nídh ar ar gheallas trácht 'san dara roinn dem' chomhrádh. An Dara Roinn. Is í an Eagna chéadna do thionnscain an aithrighe mar mheodhan éifeachtach chum buadh do bhreith ar an bpea- cadh agus ar ár gclaontaibh tar éis baistidh, a innseas dúinn i n-iomad d'áitibh de'n Scríbhinn Diadha gur Dia éadmhar é, agus nach maith leis éinne do bheith rann-
pháirteach leis i n-ár gcumann ná i n-ár ngrádh, agus, dá bhrígh sin, nach fuláir dúinn iompódh air le h-iomshlán ár gcroidhe, amhail mar adeir sé i mbéal an fháigh Iere- mias: "Loirgfidh sibh mé, agus do gheobhaidh sibh amach mé, an uair do thriallfaidh sibh orm le h-iomshlán bhur gcroidhe." An féidir le nídh ar domhan a bheith níos cirte 'ná so atá ár Slánuightheoir beannuighthe dá iar- raidh orainn? Ní féidir, óir, mar as mian linn go maithfeadh ár Slánuightheoir dhúinn ó iomshlán a chroidhe, nach ceart dúinn aithrighe do dhéanamh, maithfeachas d'iar- raidh, agus iompódh air le h-iomshlán ár gcroidhe, de bhrígh gurab é amháin do chídheas na smuainte as uaignighe agus as iar-gcúlta do bhíos i n-ár gcroidhe? Óir créad an t-eidir-dhealughadh atá idir an maith- feachas do-bheir Dia dhúinn agus an maithfeachas do- gheibhmíd ó neach ar a gcuirimíd fearg ar an saoghal so? "Tá," ar Tertullianus, "nach beag leis an té ar a gcuirimíd fearg go dtaisbeánfaimís cathughadh i n-ár n-aghaidh go n-admhóchaimís ár gcoir, go mbéimís ullamh chum sásaimh, agus leoir-ghníomha do thabhairt dó, chum maithfeachais d'fhaghbháil uaidh, ar a shon nach bhfuil a fhios aige nach bhfuil ár gcroidhe ins an am chéadna bruaich-líonta de mhioscais agus de dhíoghaltas. Gidheadh, cuirimíd i gcás go bhfeicfeadh sé an croidhe mar aon le gluaiseacht na mball, nach fíor nach maithfeadh do'n té do chuir fearg air, mara bhfeicfeadh sé a chroidhe ag comh- oibriughadh le n-a chéadfadhaibh chum cáis agus doilghis fhírinnigh tré gach masla, gach mío-chlú agus gach díoghbháil dá ndearna dhó, maille le rún diongmhálta sásamh agus leoir-ghníomh do dhéanamh ionnta? Ní mhaithfeadh ar aon chor, agus, dá bhrígh sin, a dhearbhráithreacha, bidhidh deimh- nightheach, an Dia seo, ar nach féidir éinnidh do cheilt, ar ar chuireabhar fearg tré iomadamhlacht bhur bpeacaidhe,
bidhidh deimhnightheach, adeirim, nach mbéidh sé sásta le nbhur gcathughadh fhoir-imeallach. Féachfaidh sé go glinn ar na smuaintibh as sia isteach i n-bhur gcroidhe, agus ní mhaithfidh sé dhíbh acht do réir mar a chídhfeas dílis dó iad. Re- propitiaberis .. sicut videris cor eius (III.Ríogh.viii.39). Leis sin, a chríostaidhthe, badh cheart díbh bhur gcroidhe go h-iomshlán do spreagadh agus do ghríosadh, le cong- namh na ngrás atá Dia ag tairgsint díbh go laetheamhail, chum fuath fírinneach do ghlacadh, ní h-é amháin do'n phea- cadh, acht fós, do gach siocair nó ócáid pheacaidh, agus géar-aireachas do dhéanamh ar gach peacadh i n-a bhfuil sibh cionntach do thabhairt ar aon-láthair .i. ar mhachaire na meabhrach, agus troid go cródha 'n-a n-aghaidh, dá dtreascairt go h-uile le gaethibh bríoghmhara, neart- mhara an chroidhe. Óir is iad na peacaidhe na h-Amale- citae malluighthe a chomhnuidheas 'n-ár measc le n-a bhfuilimíd i gcogadh amhail mar do bhí Saul, agus tá aithne bhith-chinnte Dé orainn, fá mar bhí ar Shaul, léir- scrios agus iodhbairt iomshlán do dhéanamh díobh. Acht má dhéanaimíd aithris ar an rígh dhíth-chéillidhe seo, do ghlac truaigh-mhéil do rígh na droinge malluighthe sin tré eadar-ghuidhe a mhuinntire, agus go mbrisfimís an aithne do chuir Dia orainn, is fíor nach bhfuilimíd 'n-ár searbhfhóghantaidhthibh dílse dhó, de bhrígh nach bhfuilimíd 'nár náimhdibh ag a námhaid; agus ar an ádhbhar so is baoghalach liom go mbéidh ár maithfeachas mar do bhí maithfeachas Shaul gan sochar, gan tairbhe. Créad fáth 'n-a dtángabhar ar an saoghal so? An ndéanaimíd dearmad de'n teachtaireacht le n-ar cuireadh sinn? Tá, a dhearbhráithreacha, chum eolais d'fhaghbháil ar Dhia, chum grádha do thabhairt dó ós cionn an uile nídh, agus chum a réire agus a thoile do dhéanamh go fírinneach ó chroidhe.
Is de dhíth smuainte go dúthrachtach agus go minic ar dhíomhaoineas agus ar dhíombuaine an tsaoghail seo, ar an mbás, ar an mbreitheamhnas, ar neamh, agus ar ifrionn do-bheirimíd do rogha aoibhneas agus saidhbhreas na beathadh so, seach dícheall do dhéanamh ó iomshlán ár gcroidhe an saidhbhreas síorraidhe do shaothrughadh dhúinn féin le congnamh na ngrás; is de dhíth smuainte go laetheamhail agus dáiríribh ar rúin-diamhair ár bhfuas- galta .i. ar ion-cholnadh, beathaidh, bás, páis, eiséirghe ghlórmhar, agus deas-ghabháil chaithréimigh ár Slánuigh- theora Íosa Críost do ghlacaimíd an oiread soin saothair orainn ar son na beathadh truaillighthe seo, agus nach mór go smuainimíd amháin ar nídh ar bith do dhéanamh mar gheall ar an Té do chruthuigh agus do cheannuigh sinn ag fulang báis scannalaigh na croise ar ár son. Is de dhíth smuainte mar badh chuibhe ar a mhór- thrócaire agus ar a ghéir-bhreitheamhnas nach gcoisceann a ghrádh nó eagla sinn ar fhearg do chur air. Is de dhíth a thabhairt fá deara go dícheallach agus go minic nach tábhacht ná tairbhe dhúinn cosc do chuir ar chuid d'ár gclaontaibh muna ndéanfam dícheall ar buadh do bhreith orra go h-uile. Ní leor dhúinn, ar triall chum na h-aithrighe, sinn féin do chosc ar bheith uaibhreach, easur- ramach, cé go bhfuilimíd 'san am gcéadna drúiseamhail, bruigheanach, cúl-chainnteach, craosach, cruadh-chroidheach le bochtaibh, éagcórach, mío-choingheallach dár gcomharsain. Is de dhíth a mheas go minic agus go suaimhneach go bhfuil coingheall do-scaoilte orainn uile Dia do ghrádhughadh ó iomshlán ár gcroidhe, agus ós cionn an uile nídh agus ár gcomharsa mar sinn féin ar son Dé, aitheanta agus dualgas ár ngairme do choimh-líonadh, a ghrása d'iarraidh go h-úir-íseal agus de shíor, de bhrígh nach féidir linn aon choiscéim amháin do dhéanamh chum
Ríoghacht Neimhe gan iad, labhairt leis le h-iomshlán ár gcroidhe, agus éisteacht leis go h-aireach, dúthrachtach an tan do-ghní sé d'onóir dhúinn labhairt le n-ár gcroidhe. Is de dhíth, adeirim, an ponc mór-thábhachtach so dár gcreideamh do bhreathnughadh, agus do mheabhrughadh go dúthrachtach agus go líonmhar i n-ár gcroidhe atáid óg agus ársa, bocht agus saidhbhir, íseal agus uasal, i n-aon fhocal, an chuid as mó de'n chineadh daonda i ngrádh leis an saoghal bhréagach chúl-chainnteach so, tugtha dá n-ainmhiantaibh, sloigthe, báidhte i n-ainbhfios agus i bpeacadh. Seo iad do chuireas toirmeasc orainn an aith- righe do dhéanamh mar as cuibhe de bhrígh nach fuláir, chum aithrighe chríostamhail do dhéanamh, fuath do ghlacadh do'n pheacadh; gidheadh, is é uair do ghlacaimíd fuath dár gclaontaibh an uair nach féidir linn a gcleachtadh ní badh shia, nó an uair as féidir linn a gcleachtadh acht go nglacaimíd fuath agus gráin dóibh le dúil tuitim i nuadh-chlaontaibh. Acht ní smuainimíd ar ghráin ná fuath do ghlacadh dhóibh chionn fearg do chur ar Dhia. Acht chum go mb'fheairrde do thiocfadh liom an daille seo do chur i gcéill díbh, agus bhur dtuigse do shoillsiu- ghadh chum na h-aithrighe do dhéanamh ó chroidhe, taisbeán- faidh mé dhíbh go soiléir nach leor dhúinn fuath do bheith againn do na corthaibh i n-a bhfuilimid cionntach, acht fós, nach fuláir dhúinn cás agus doilgheas do bheith orainn tré fheirg do chur ar Dhia. Óir féachaidh créad an tuirse agus an dobrón do bhí ar Ésau an uair dhíol le n-a dhearbhráthair, Iacób, a cheart oighreachta ar mhéis bhídh dheagh-bhlasta chum a chraois do shásughadh. Féachaidh créad an gol agus an sileadh deor do rinne sé cé nach raibh maitheas dó ann de bhrígh nach raibh suim aige ins an bhfeirg do chuir ar Dhia; mar do b'é badh chúis bróin dó an saidhbhreas sao-
ghalta do chaill sé tré dhíol a oighreachta, agus dó bhí an t-am céadna mian aige a dhearbhráthair do mharbhadh ag rádh i gcumas árd: Occidam Jacob fratrem meum, "Marbhóchad Iacób mo dhearbhráthair" (Gen.xvii.41). "Agus uime sin," ar Naomh Pól "ní raibh tairbhe dhó i ngach árd-chaoi dá ndearna sé, agus ní fhuair maithfea- chas ins an gcoir i n-a raibh cionntach ó Dhia ná fós, ó n-a athair féin Isaac de bhrígh nach raibh dúil aige scara- mhain leis an bpeacadh, et non invenit poenitentia locum (Eabh.xii.17). Déanaidh machtnamh, a chríostaidhthe, ar an gcruaidh- bhreith seo a rugadh ar Ésau tré chomhnuidhe 'san bpea- cadh; cruaidh-bhreith, adeirim, de bhrígh nach bhfuair maith- feachas tar éis gach díchill dá ndearna sé chum aithrighe do dhéanamh, cruaidh-bhreith do thuill a intinn mhalluighthe féin dó de bhrígh nach raibh cás ná buaidhirt air tré fhearg do chur ar Dhia acht tré an maitheas saoghalta do chaill sé. Seo an nídh badh chúis dá aithrighe gan a bheith tair- bheach. Ar an ádhbhar soin, féachaidh go h-aireach, dúthrach- tach an bhfuiltí cionntach 'san bpeacadh, agus má's dóigh libh go bhfuiltí, tionnscnaidh gan moill aithrighe do dhéa- namh, glacaidh fuath agus gráin do'n pheacadh, bidhidh doil- gheasach, croidhe-bhrúighte tré fhearg do chur ar Dhia, bíodh rún diongmhálta agaibh gan tuitim ann arís. Seo an modh ar a seachnóchaidh sibh an charraig mhalluighthe ar a ndearna Ésau loing-bhriseadh. Seo í an aithrighe a chorróchaidh Íosa Críost chum bhur bpeacaidhe do mhaitheamh dhíbh, ag rádh libh mar a dubhairt leis an mnaoi do bhí cionntach i n-adhaltrannas: "Imthighidh, tá bhur bpeacaidhe maithte libh, agus déanaidh dícheall as so suas gan bheith cionntach i bpeacadh": Vade et iam amplius noli peccare (Eoin viii.11). Acht chum go ndéanfaimíd ollmhughadh orainn féin mar as dual chum
na h-absolóide seo ár Slánuightheora bheannuighthe d'fhaghbháil go foir-líonta, ní fuláir dhúinn fuath do bheith againn do'n pheacadh ós cionn an uile nídh le n-a mb'fhéidir buaidhirt agus doilgheas do chur orainn ar an saoghal so, ós cionn gach tarcuisne, ós cionn gach tinnis, gach bochtaineachta, ós cionn gach uile nídh le n-a mb'fhéidir díoghbháil do dhéanamh dhúinn i n-ár gclú saoghalta, i n-ár saidhbhreas, i n-ár sláinte, fá dheoigh, ós cionn ár saoghail nó ár mbeathadh. Óir atá aithne chinnte orainn Dia do ghrádhughadh ós cionn an uile nídh, aithne nach féidir linn a choimh-líonadh gan fuath do bheith againn dá námhaid .i. an peacadh; mar a chímíd cruthuighthe 'san Scríbhinn Diadha: Non potestis Deo servire et mammonae (Matha vi.24; Lúcás xvi.13). Agus ó tá sé dearbhtha nach féidir linn bheith 'n-ár sclábhuidhthibh ag an bpeacadh, agus 'san am gcéadna 'nár searbhfhóghantaidh- thibh dílse do Dhia, cionnas as féidir linn maithfeachas d'iarraidh air ná d'fhaghbháil uaidh muna mbrisfimíd gach slabhradh agus gach ceangal atá ag an bpeacadh orainn, agus muna dtugaimíd fá deara créad méid na feirge a chuireas ar Dhia? Ar an ádhbhar so, a dhearbh- ráithreacha, gach am i n-a mbéidh ár gcroidhe fuar, neamh- shuimeamhail ag triall chum na h-aithrighe, gach am 'n-a mbéidh eagla orainn roimh gach leoir-ghníomh, troscadh, déirc, agus urnaighthe atá d'ualach orainn a dhéanamh tar éis faoistine, gach am i n-ar dóigh linn gur leor dhúinn ár bpeacaidhe d'innsin d'ár n-oide-faoistine, a's gan smuaineamh ar na coinghillibh eile atá riachtanach chum na h-aithrighe, bímís deimhnightheach nach cathughadh ná doilgheas chionn feirge do chur ar Dhia d'oibrigheas sinn chum na h-aithrighe. Acht do b'fhéidir go bhfiafróchadh sibh díom cionnas as féidir gach peacadh agus gach siocair pheacaidh do sheachnadh
an feadh do bhímíd ar an saoghal so? Ó! a chríos- taidhthe an dóigh nach féidir a seachnadh? Má's dóigh libh nach féidir, is iongantach an earráid í, earráid, adei- rim, do mhúchas agus do bhásuigheas go h-iomshlán ár gcreideamh. De bhrígh, an feadh béidh ár n-anam coimh- cheangailte le n-ár gcolainn, go bhfuilimíd ar an slighidh chum ár gcríche, agus go dtaisbeánann ár gcrei- deamh dhúinn nach tugthar breith sábhálta ná damanta ar neach nó go dtig sé chúm a chríche; ar an ádhbhar soin go bhfuil sé ar chumas do gach n-aon aithrighe fhírinneach do dhéanamh. Do b'fhéidir go ndéarfadh sibh liom go bhfuil sé ró- chruadhálach, ró-dhocamhlach. Ó! a chríostaidhthe, dá mb'féidir a bheith míle uair ní badh chruadhálaighe, ní fuláir dúinn buadh do bhreith air, nó táimíd uile da- manta go síorraidhe. Is deimhin go bhfuil sé cruadhálach, acht do bhéarfadh Dia congnamh dhíbh agus geallaim díbh, má thriallann sibh air go fírinneach aon choiscéim amháin, go dtreoróchaidh sibh ins gach uile choiscéim as soin amach de bhrígh gur mian leis bríoghmhaireacht agus neartmhaireacht a ghrás do shoillsiughadh ionaibh. Tá sé cruadhálach, gan amhras, gach uile pheacadh agus gach uile ócáid pheacaidh do sheachnadh ar an saoghal so. Agus créad an t-ádhbhar nach mbéadh? An féi- dir crann do tharraing as a phréamhachaibh gan duadh agus trioblóid? Nó an féidir duine do leigheas ó lobhair neimheamhail gan pionós d'fhulang? Ar an modh gcéadna, ní féidir le duine bheith 'n-a aithrigheach, muna ndéanfadh sé iodhbairt toilteanach dá chlaontaibh go h-uile. Ní féidir seo do dhéanamh gan duadh agus éigean. Tá sé cruadhálach, acht dá meadhfadh sibh go comhthrom an chruadháil seo leis an bpionós atá i n-áirithe agaibh tré bhur mbuain-tseasamh
'san bpeacadh, do-chífeadh sibh nach bhfulaingeann sibh acht neimh-nídh i gcomh-móradh leis an gceann- tréine seo. Leis sin, beiridh buadh orra aon uair amháin, agus chífidh sibh créad iomadamhlacht bhur sóláis agus bhur suaimhnis aigne; chífidh sibh bhur gcolann fá ghéar-smacht na spioraide nó anma agus bhur gcroidhe go h-iomshlán ag comh-oibriughadh libh chum na h-aithrighe agus ag feitheamh go luathgháireach le h-am an bháis; chífidh sibh mar a chothóchaidh agus mar a neartóchaidh Dia sibh chum na h-aithrighe, mar a milseochas díbh gach duadh agus deacamhail atá i n-a déanamh le bríoghmhai- reacht a ghrása beannuighthe. Leis sin, a dhearbhráithreacha, tionnscnaidh i n-am ar aithrighe do dhéanamh. Abraidh mar a dubhairt an mac rabairneach: Surgam, "Éireochaidh," agus cor- ruighidh bhur n-intinn chum oibre ag rádh: et ibo, "agus rachad." Éireochaimíd as an marbh-shuan i n-a bhfuili- míd agus rachaimíd. Acht cia go dtí n-a rachaimíd? Go dtí ár nDia - ní go dtí Dia mío-chúiseach, díoghal- taiseach acht go dtí Dia grádhmhar atá mar athair ag feitheamh linn. Surgam et ibo ad patrem (Lúcás xv. 18). Acht créad a dhéanfam dá láthair? Nó créad a déarfam leis? Tá, go dteilgfimíd sinn féin ag a chosaibh, agus go n-ionnalfam iad le h-iomad deor, agus go ndéarfam leis: "A Athair ghrádhmhair, do pheacuigheamar i d'aghaidh," Pater peccavimus (Lúcás xv.21). A Thighearna, táimíd caillte gan gairm tar n-ais do riaghladh do chirte. Acht tá ár muinighin in do thróc- aire, agus in do gheallamhnaibh neimh-mheallta. Dubhrais agus do gheallais dúinn nach gcuimhneochthá ar chorthaibh an pheacthaigh an tan d'admhálfadh iad, go
n-iompóchthá air an uair d'iompóchadh ort le h-iomshlán a chroidhe. A Thighearna, seo sinn-ne anois ollamh chum trialla ort; glac linn anois, a Chruthuightheoir bheannuighthe, tabhair dhúinn go ceannsa an absolóid bheannuighthe le n-a maithfear ár gcortha agus ár gclaonta dhúinn, le n-a neartóchthar ár ndóchas as so suas, le n-a dtreoróchaidh tú, fá dheoigh, sinn chum na beathadh síorraidhe do cheapais dúinn, nídh atáim ag iarraidh díbh-se agus dom féin. I-n Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.
{B 1817ls 19T} Seanmóir a Sé. Grádh na comharsan. (Do'n dara Domhnach de'n Charghaos.) Scitis enim quae praecepta dederim vobis per Dominum Iesum. Óir is fiosach díbh na h-aitheanta do thugas díbh tríd an Tighearna Íosa Críost. 1 Thes.iv.2. Do-bheir an t-abstal Naomh Pól le tuigsin do na Thessalonicenses agus 'na n-ainm-sin do'n domhan uile, ag saoir-leanmhain an tSoisgéil réamh-ráidhte gur de na príomh-aitheantaibh thug sé dhóibh ar fhurálamh a Thighearna, Íosa Críost, an grádh comh-cháirdeach do cheangail orra a bheith aca dá chéile; óir tá sé d'ualach orainn gan eidir-dhealbhadh a dhéanamh idir charaid agus námhaid, acht gach n-aon do ghrádhughadh go fírinneach, bíodh gurab é an námhaid as fíochmhaire é; agus fós, gach masla agus éigceart i n-a raibh sé cionntach i n-ár n-aghaidh do mhaitheamh dó ó chroidhe. Is ar an árd-aithne cruaidh seo as mian liom trácht i dteagasg an lae indiu le h-ughdarás ár dTighearna Íosa Críost; cruaidh-aithne adeirim, óir tá iliomad amadán ar an saoghal coimh- cheannda leis an ndroing ar ar thrácht Naomh Jerome, ag míniughadh nó ag cur gluaise ar Shoisgéal Naomh Matha, adeir go gcuireas Dia aithne dhoi-dhéanta orainn an tan d'órduigheas dúinn, ní h-é amháin gan díoghaltas do dhéanamh ar ár náimhdibh, acht maith do dhéanamh dóibh
agus a ngrádhughadh go fírinneach. Gidheadh, chum na dia-mhasluightheoirí truaillighthe seo do chlaochlódh dhíbh déanfad dícheall ar a thaisbeánadh dhíbh go h-athchomair nach é amháin nach bhfuil grádh do thabhairt d'ár náimhdibh agus maith do dhéanamh dóibh i n-aghaidh gach uile do rinne- adar orainn doi-dhéanta ionnta féin, iar n-a dtráchtadh ins an chéad roinn dem' chomhrádh, acht fós, go bhfuilid siad ceart, céillidhe, riachtanach, iar n-a dtráchtadh 'san dara roinn. An Chéad Roinn. Chum a chruthughadh dhíbh, a dhearbhráithreacha, soi-dhéan- tacht na neithe d'órduigheas Dia dhúinn .i. grádh do thabhairt d'ár náimhdibh agus maitheamh dóibh, ní féidir liom fiadhnaise níos fearr do thabhairt díbh ar an nídh seo 'ná aithne bhith-chinnte Dé féin; de bhrígh go bhfuil sé uile- cheart, ní féidir leis dlighe mí-cheart do chumadh ná do chur i bhfeidhm orainn. Agus an uair nach bhfuil aithne 'san Sgríbhinn Diadha as soiléire agus as so-thuigse 'ná an aithne ar a dtráchtaim, is follus go bhfuil sé d'ualach ar gach n-aon a coimh-líonadh. Tá an aithne seo chomh so-thuisge sin, adeirim, nár aontuigh Dia míniughadh ar bith do dhéanamh uirre, bíodh nár órduigh sé aithne do choimeád chomh minic léithe, mar is follus ins an 23 caibidil i n-Exodus, mar a n-abair sé, "Má theang- mhálair le bó do chomharsan, cuir ar faghbháil í, má theangmhálair le h-asal an té thug masla dhuit, ar lár nó treasgartha fá'n ualach, déan fuireach agus tóg é"; agus ins an 25 caibidil de Leabhar na Sean-fhocal, "Má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair biadh dhó, má bhíos tart air, tabhair deoch dhó." Ní chríochnuigheas an Eagna Shíorraidhe le gach deagh-airm do thug uaidh ins an
tsean-reacht ar an bponc so, acht adeir fós, Íosa Críost linn ins an nuaidh-reacht: "Cloistí," ar sé, "gur cóir do dhuine a chara do ghrádhughadh agus fuath do bheith aige dá námhaid. Gidheadh, innsim díbh nach fuláir díbh bhur náimhde do ghrádhughadh, maith do dhéanamh do'n mhuinntir a bhfuil fuath aca oraibh agus guidhe ar lucht géir-leanamhna agus buaidheartha do chur oraibh; óir muna dtugann sibh grádh acht do'n mhuinntir do-bheir grádh dhíbh créad an dualgas do thuilleann sibh? Nach ndéinid na puibliocánaigh féin amhlaidh sin? Muna mbeannuigh- eann sibh acht do bhur gcáirdibh agus do bhur ndaoinibh muinnteardha, créad an nídh eile do-ghnídh sibh? Nach ndéinid na díth-chreidmhighe mar an gcéadna"? (Matha v.43-47). Ní leor leis sinn do dhéanamh maitheasa dár n-eascáirdibh, acht fós, is toil leis go ndíbreocha- maois gach fuath agus miosgais as ár gcroidhe, chum a líonadh le fíor-theasuigheacht grádha. Ag seo mar thug Slán- uightheoir an domhain an grádh neamh-choitcheann so an námhad mar chomhartha chinnte do na deisgiobail, chum eidir-dhealbhadh a dhéanamh idir iad féin agus gach droing eile de'n chineadh daonna; agus 'na dhiaidh sin, chum iad d'árdughadh i gcaithréim chomh mór sin go mbéidis i gcuibhe éigin cosamhlach le Dia féin agus 'na gclainn toghtha ag an Athair Síorraidhe. Agus chum go gcuirfidís na subhailcí luachmhara seo i ngníomh do choimh-cheangail orra le bagartha .i. go maithfeadh féin do gach n-aon do mhaithfeadh go fírinneach; ag bagairt go ndaorfadh gan truaigh-mhéil gach n-aon nach mbéadh trócaireach ar a chomharsain. Ag seo an nídh do chímid cruthaighthe i n-iliomad áiteann de'n reacht nuadh go sonnradhach 'san phaidir i n-a bhfuil i mbeagán focal suim gach nídh badh chóir dhúinn d'iarraidh. Ní ghuidheamaoid maitheamh dúinn acht mar mhaitheamaoid do chách. Is uime sin d'fhiafruigh
prionnsa na n-abstal de'n Tighearna cá mhéid uair do mhaithfeadh do'n chomharsain, nó an maithfeadh seacht n-uaire dhó. d'fhreagair Críost é ag rádh nach seacht n-uaire d'órdaigh do mhaitheamh acht seacht n-uaire fá seacht, 'sé sin le rádh, do shíor, agus do thug an sompla so uaidh. "Do bhí," ar sé, "rígh áirithe ag a raibh mórán gabháltuidhthe, nó feadhmannaigh le n-ar mian leis cunntas a dhéanamh. Ar dtúis, tugadh dá láthair aon díobh, do dligheadh míle talaint dó .i. suim mhór óir, agus d'innseadar a lucht friotháilte do'n rígh nach raibh nídh ar bith ag an bhfear so le tabhairt dó: uime sin d'órdaigh an rígh é féin, a bhean, agus a chlann do dhíol mar shásadh i n-a fhiacha. An tan do chualaidh an duine dona breith an ríogh teilgeas é féin i n-a fhiadh- naise ag iarraidh air go díoghraiseach beagán aimsire do thabhairt dó agus ndíolfadh go h-iomshlán é. Nuair do chonnaic an rígh an t-éagcruth i n-a raibh do chorruigh a chroidhe le truaigh-mhéil dó ionnas nach é amháin go dtug aimsir dó mar d'iarr air, acht gur mhaith na fiacha go h-iomshlán dó. Leis sin gluaiseas go luathgháireach, agus iar n-imtheacht dó do casadh air fíor-bhochtán, ar a raibh beagán fiacha aige. Ritheas chuige agus adubhairt leis a ndíol gan fuireach. Éigheas an duine bocht agus iarr air trócaire a dhéanamh air, ag móidiughadh go ndíolfadh i mbeagán aimsire iad, acht níorbh áil leis an bhfeitheamh mío-thruaigh-mhéileach sin, acht beireas air agus cuibhrigheas i ngéibheann lán-daingean é. Iar gclos na mío-thrócaire seo do'n rígh ghrásamhail réamh- ráidhte do chuir teachta dá ghairm dá láthair, agus d'éis easmailt ró-mhór do thabhairt dó tré n-a mhío-thrócaire agus a mhío-thruaigh-mhéil dá dhearbhráthair bhocht, d'ór- duigh a cheangal go docht, dochraidheach, agus a theilgean gan mhoill i nduibheagán fíor-chumhang. Agus mar sin
do dhéanfas m'Athair Síorraidhe libh-se," do rádh Críost, ag cur críche ar a chomhrádh. Leis sin, a dhearbhráith- reacha, muna maithfidh sibh ó chroidhe gach olc dá ndéanfar oraibh, bidhidh deimhneach nach maithfidh an t-Athair trócaireach aoin-nídh dhíbh. Cum cruthughadh eile so-thuigse a thabhairt díbh ar shoi-dhéantacht na neithe d'órduigheas Dia dhúinn, breac- faidh mé dhíbh beagán de na somplaibh do-bheir ár Naomh- Mháthair an Eaglais dúinn atá fíor-ghaolmhar le suim mo chomhráidh. Agus ar dtúis, an sompla as éifeach- taighe agus as corruighighe dhíobh .i. Íosa Críost, ár dTighearna agus ár Slánuightheoir; féachamaoid créad an cunntas do-bheir an ceathrar Naomh-shoisgeálaidhthe air; do-chífimid nach raibh acht teagasg bioth-bhuan i n-a bheathaidh ar talamh ar mhaitheamh dá náimhdibh, agus grádh do thabhairt dóibh. Cá mhéid masla d'fhulaing sé ó'n gcineadh daonna ar feadh a bheathadh? Cá liacht dia- mhasladh tugadh do'n ainm bheannuighthe ion-adhartha? Cá mhéid stair diablaidhe tionnsgnuigheadh chum a chlú do laghdughadh? Fá dheoidh, cá mhéid ionnsuidhe eascáir- deamhail thugadar na fairisínigh agus scríobhaightheoirí an dlighe ar a threasgairt d'aon iarracht? Anois, a dhearbhráithreacha, cionnas do rinne an Rígh uile-chomhach- tach so díoghaltas ar an muinntir thug masla dhó? Ag seo mar do rinne é, ag déanamh maitheasa do-chuimsighthe do'n domhan, ag leigheas na n-éagcruaidh, ag aith-bheodh- chain na marbh, agus ag líonadh na n-Iúdaigheach díombuidheach le míorbhuiltíbh do-áirmhighthe a thrócaire agus a chomhachta. Gidheadh, dá mhéad agus dá éagsamhlacht an fhoighne agus an charthannacht so, ní chuirid iongantas ar bith orm an tráth smuainighim ar gach mí-ghníomh do rinneadh ar feadh réime a pháise. An tan do-chím an Tighearna
uile-chomhachtach, Árd-Mháighistir neimhe agus talmhan, an bhith shíorraidhe, do riaghluigheas an chruinne le n-a sméideadh, ag pógadh a dheisciobail do rinne feall air agus ag gairm go ceannsa caraid de; an tan do chuimhnighim ar an gcuradh chródha so ceangailte go dlúith do'n chrois, d'éis a bhuailte agus a sgiúrsála ar mhodh nach rinneadh leis an gcoirtheach as truaillighe bhí ar talamh riamh; an tan do-chím arís an Slánuightheoir grádhmhar ag cruinniughadh an laig-neirt do bhí aige an tráth sin, ag tógbháil a shúl suas chum na bhflaitheas, ag árdughadh ar a ghuth nach beag fann-mharbh, agus i n-aoinfheacht leis an bputh ndéidheanach de'n anáil, ag déanamh éigin ar an Athair Shíorraidhe, mar adeir na h-Aithreacha naomhtha, chum maithfeachas iomshlán d'fhaghbháil do'n droing malluighthe do chéas é ins an gcoir uathbhásaigh diablaidhe i n-a rabhadar cionntach, agus ag cur grása neamh- choitcheann i n-áirithe dhóibh; an tan, adeirim, do smuainigheas neach ar bith ar na gníomharthaibh iongan- tacha so an Tighearna, is dóigh liom d'aimhdheoin claonta na colna agus lagachair ár nádúrtha truaillighthe go mbéid lán de thaise agus de thruaigh-mhéil agus ullamh chum maitheamh le deagh-chroidhe gach uilc agus mí-ghníomha dá urchóidighe do b'fhéidir leis an námhaid as miosgaisighe do dhéanamh air. Agus, go fírinneach, is croidhe iarainn agus anam práis do bhéadh ag an té nach leanfadh an sompla comh-shoillseach seo. Acht, a dhuine dhona ag a bhfuil rún díoghaltais, créad as dóigh leat an tan taisbeánfar duit an nídh rinne do Dhia, le linn dul chum báis dó, leis an ndroing malluighthe do chéas é? Créad an leith-sgéal do-bhéarfair uait i ndiúltughadh maithfeachais do thabhairt dod' dhearbhráthair? Do b'fhéidir go ndéarfadh tú gur le méid an uilc do rinne sé ort. Gidheadh, fiafraighim dhíot, ar cheangail sé go
dlúith do'n chrois tú? Cá bhfuil an choróin spíne nó deilgneach do chuir sé ar do cheann? Cá bhfuil na tairngní chuir go daingean tré do chosaibh agus tré do lámhaibh? Cá bhfuil na seilidhe do chaith i d'éadan. Má deirir gur Dia Críost, agus dá bhrígh sin, gur féidir leis gach nídh as toil leis do dhéanamh, agus dá réir sin, nach raibh sé chomh deacamhlach aige maitheamh dá náimhdibh a's atá againn-ne, mo fhreagra ort, gur Dia fírinneach gan amhras Críost, gidheadh, gur ab é rádh na ndiadhairí go h-iomshlán, agus fós, gur ab ponc dár gcreideamh é nár fhulaing ár Slánuightheoir acht an mhéid i n-ar dhuine é, 'sé sin le rádh, gur ab í a dhaonnacht go h-aonracánach le congnamh foir-neartmhar grás do chríochnuigh an cath uathbhásach so na croise, bíodh gur i leith a dhiadhachta cuirthear luach a pháise agus a oibreach; agus fós gur fírinne dho-chlaoidhte de'n chreideamh chéadna gur fhulaing agus go bhfuair bás ar ár son ar mhodh go bhfuil sé deimhneach go mb'fhéidir le gach uile dhuine tré chongnamh an Spioraid Naoimh maitheamh go h-iomshlán dá náimhdibh, agus an aithne seo grádha na comharsan do choimh-líonadh go fírinneach. Acht chum nach mbéadh leith-sgéal ar bith agaibh, a chríostaidhthe ins an bponc so, do b'fhéidir liom na mílte sompla thabhairt díbh ar dhaoine laga so-mharbhthacha mar sinn féin do mhaith iliomad de chorthaibh as éagsamh- laighe ar a mb'fhéidir smuaineamh agus thug comharthaí neimh-mheallta ar ghrádh fírinneach do bheith aca dá náimhdibh; acht de bhrígh go bhfuilim dearbhtha nach beag cuid díobh chum duine ar bith ag a bhfuil mian a anam do shábháil do chorruighe agus do spreagadh chum na mór- aithne seo do choimh-líonadh, ní áirmheochad acht fíor- bheagán díobh. Aon ró-oirdhearc díobh, an grádh síoth-bhuan do
chosnaimh Dáibhídh an rígh d'athair a chéile Saul. Cá liacht am agus ionad i n-ar mheas an rígh malluighthe seo caraid Dé do threasgairt. Gidheadh, Dia bhíos do shíor ag faire ar a dhroing toghtha, níor fhulaing a neimh-chionntacht do thuitim i líon a námhad; agus Dáibhídh i bhfad ó bheith i gcomhachtaibh an eachtrannaigh seo, do chuir Dia eisean go minic i gcomhachtaibh Dháibhídh. Acht ní h-é amháin nach rinne Dáibhídh díoghaltas air, acht fós, do chosnaimh grádh síoth-bhuan dó, ionnas an té dhá armáil féin do mhaoidhigh gur leis do thuit Saul d'éis báis a dheigh-mhic Ionathan i dtúis an tsluaigh 'sa' gcath, i n-ionad luach-saothair do thabhairt dó, gur chuir d'fhiachaibh a mharbhadh dá láthair. Is tríd sin agus gach deagh-rún eile dá raibh aige badh thoil le Dia fear do réir a chroidhe féin do ghairm de, gairm nach bhfuair aon rígh roimhe ná d'á éis i n-Israel. Féachamaoid, mar an gcéadna, ar an mór-naomh Stiabhna, an chéad mhairtíreach, féachamaoid, adeirim, cionnas do bhí lasair dhiadha na carthannachta i n-a chroidhe bheannuighthe ag iarraidh maithfeachais do'n droing mío- thrócairigh do bhí dá chur chum báis ag rádh go díogh- raiseach: "A Thighearna, ná cuir an choir seo i n-a leith." Feachamaoid ar an gcuid eile de dheisciobalaibh an Tighearna i bhfíor-thúis na h-Eaglaise; nach bhfaghamaoid an teagasg céadna uatha? An bhfuil aoin neach dhíobh do rinne díoghaltas ar a náimhdibh, nó an bhfuil aon díobh nár iarr go dúthrachtach leasughadh agus slánughadh na muinntire chuir síor-bhuaidhreamh orra. Fá dheoidh, féachamaoid ar na h-ainchríostaidhthibh féin, cá liacht mí-ghníomh do mhaithid dá náimhdibh. Gidheadh, do b'fhéidir go ndéarfadh duine éigin liom nach ar son grádha Dé ná de dhruim creidimh do-ghní siad é. Adeirim leat, a chríostaidhe, gur ab é sin an nídh do
dhamnóchaidh thú; óir má's féidir leis an ndí-chreidmheach mar gheall ar thabhartas éigin nó beag-luaidheacht éigin eile maitheamh dá námhaid badh chóir go mbadh fhuiris do gach críostaidhe, ní h-é amháin, maitheamh dá námhaid, acht fós, a ghrádhughadh go fírinneach tré an luach do-chuim- sighthe gheallann Dia dhó i n-a thaobh. Ádhbhar eile, gan amhras, do dhamnóchas na mílte de na críostaidhthibh, laighead an docamhail do-gheibhid ag maitheamh ar son tairbhe saoghalta agus ró-mhéad an docamhail de-gheibhid aoin-nídh mhaitheamh ar son Dé; óir cá mhéid masla agus tarcuisne d'fhulaingimid go foighdeach ar son saidhbhris bréige an tsaoghail seo an tráth nach maithfimís an t-olc nó an chasaoid as lugha ar bith ar son Dé. Monuar! is bocht an daille seo, a chríostaidhthe, is truagh, adeirim, go dtabharfaidh duine i n-a chéill nádúrtha ar neimh-nídh maithfeachas dá eascáirdibh agus go ndiúltóchaidh é ar luach do-áirmhighthe do-chuimsighthe Dé, ar a gheallamhnaibh agus ar a bhagarthaibh. Anois, a chríostaidhthe, ó chíonn sibh go bhfuil an aithne seo .i. maitheamh d'ár gcomharsanaibh agus grádh thabhairt dóibh soi-dhéanta, ní amháin ar son Dé, acht fós, ar son cúise nó neithe saoghalta, taisbeánfaidh mé dhíbh go bhfuil an nídh seo sochrach, céillidhe, riachtanach, ar ar gheallas trácht ins an dara roinn. An Dara Roinn. Muna mbéadh gur chongaibh Dia ar a láimh féin ceart díoghaltas do dhéanamh agus go dtug breitheamh- ain dúinn ar talamh le n-ar féidir go h-aonracánach an ceart so do chur i ngníomh; ar an dtaoibh eile dá dtabharfadh saoir-chead díoghaltais do gach n-aon fá leith, créad an bheatha nó an seasamh do bhéadh againn
ar an saoghal so? Ní bhéadh, go dearbhtha, acht neimh, claidheamh, agus teine i láimh gach duine. Cia bhéadh deimhneach dá anam? Cia air nach mbéadh faitcheas dul amach i meadhón an lae? Óir, fiafruighim dhíbh an bhfuil aoin neach i nbhur measg ag nach bhfuil námhaid. Go dearbhtha, ní fhuil, muna bhfuil duine éigin ró-ádhmharach ann nach ndearna an t-olc as lugha ar bith ar a gcomhar- sain, nár labhair focal as an tslighe, agus nár thug féachain tarcuisneach air, óir níor bheag aoin nídh díobh so chum námhaid a dhéanamh. Fiafruighim dhíot, a fhir an díoghaltais, ar chuiris fearg riamh ar do chomharsain, nó nach rabhais chomh ullamh chum buaidheartha chur air agus ataoi anois chum díbhfeirge a dhéanamh air? Gidheadh, dá dtugadh Dia an saoir-chead sin duit díoghaltas do dhéanamh ar do námhaid, ní bhéadh muna dtabharfadh an cead céadna do do námhaid ort-sa; agus ar an gcoin- gheall sin cá h-áit i n-a mbéitheá cian ó shoin? Is dearbhtha gur fad ó thuitfeá le díbhfeirg d'eascarad. Leis sin, beir buidheachas le Dia do chuir teora le claontaibh agus le cuthach lucht an díoghaltais, agus umhlaigh tú féin go luathgháireach fá n-a dhlighe cheart, chiallmhar, riachtanach. Do-chíonn sibh, a chríostaidhthe, go bhfuil sé riachtanach againn chum sláinte na colna gan rún díoghaltais do bheith againn. Gidheadh, is míle mó atá sé againn i dtaobh sláinte an anma, óir is d'ár gcreideamh é mar a léighmid ag Naomh Eoin abstal 'san dara caibidil i n-a n-abair sé nach bhfaghamaoid maithfeachas i n-ár gciontaibh muna maithfeamuid ó chroidhe gach olc a déantar orainn. Dá bhrígh sin, a lucht an díoghaltais, créad as aigne libh, nó an fonn libh maitheamh go bráth? Má's fonn, is fíor gur díchéillidhe an nídh deigh-ghníomh do chur ar cáirde. An é as mian leat síothcháin do dhéanamh ar uair do
bháis? Acht, mo léan! ní h-é an t-am é, óir gach a maithfir an tráth sin, is i d'aimhdheoin do mhaithfir é, de bhrígh gur ab é eagla breithe fír-chirte Dé do chuireas d'fhiachaibh an tsíothcháin bhréige seo do dhéanamh, i nach bhfuil acht scáil na fír-síothchána badh cheart duit a dhéanamh ar feadh do aoghail agus do shláinte, bíodh, ins an am so féin, gur le docamhal ró-mhór, nó do b'fhéidir gur tré eagla na sacramaintí do dhiúltughadh ort, do- bheirir an maithfeachas so ó do bhéal, agus do chroidhe an t-am céadna lán de nimh agus de cheilg an díoghaltais. Fáiríor! do-chímíd go laetheamhail daoine leigeas orra maitheamh dá náimhdibh i n-éagcruas ag casadh ar aigne céadna an díoghaltais an uair do-gheibhid a sláinte. Adeirim leat a bheith chomh deimhneach de bhreith do dhamanta agus dá mbéadh Dia tar éis do dhaortha. Ó, a chríostaidhthe, is truaigh-mhéileach díombádhach an stáid seo lucht an díoghaltais. Is díombádhach, adeirim, a mbeith ar feadh a mbeathadh i n-a ndearbh-náimhdibh ag Dia, a mbeith i n-achrann ins na cleachtaibh as contabhar- thaighe dá mb'fhéidir le peacthach a bheith. Ní féidir leis an té a bhíos ins an stáid mallaighthe seo sacramaint do ghlacadh gan dia-mhaslughadh, comaoin do dhéanamh gan naomh-aithis a thabhairt d'fhuil agus d'fheoil Chríost; ní fhuil tairbhe dhó i lóghadh ná i gcomaoin na naomh; gach trosgadh, gach déirc, gach claon-mharbhadh dá ndéanann, ní fhuil tairbhe dhó ionnta. Focal an Spioraid Naoimh atá againn leis an nídh seo, a dhearbhráithreacha, ag labhairt i mbéal an abstail, Naomh Pól; dá dtugadh (ar sé) a shaidhbhreas do na bochtaibh, dá ndéanadh an crábhadh nó an aithrighe as géire, dá gcraobh-scaoilfeadh an Soisgéal a's go n-iompóchadh na mílte chum creidimh, dá ndéanadh, fós, na míorbhailí as iongantaighe, agus, fá dheoidh, go bhfulaingeochadh na pianta as goinidighe ag admháil an
chreidimh, ní fhuil sochar ar bith dhó ann chum na beathadh síorraidhe, de bhrígh go bhfuil a chroidhe seirgthe lán-fholamh ó'n gcarthannacht, do thruailligheas gach deagh-ghníomh dá ndéanann. Atá sompla ró-eaglach, ró-uathbhásach ar an nídh seo againn i stair an Teampaill nó na h-Eaglaise ar dhís charad do bhí ins an gcathair Antioch i bhfíor-thúis an chreidimh, aon díobh Sapricius do bhí i n-a shagart, agus an fear eile i n-a dhuine shaoghalta. Do thuit amach fearg chomh mór sin do bheith idir an dís seo níorbh fhéidir síothcháin do dhéanamh eatorra. I mbeagán aim- sire dá éis sin do gabhadh an sagart tré admháil an chreidimh. An tan do chualaidh Nicophorus go raibh dá stiúradh chum ionaid a bháis do ghluais fá n-a dháil, agus do theilg é féin dá láthair ag iarraidh air go dúthrachtach maitheamh dhó, agus síoth do dhéanamh leis ag rádh le h-iomad déar: "A mhairtírigh Íosa Chríost, déan trócaire orm-sa an peacthach, is mise rinne an t-olc, is mise thug an masla, agus, dá bhrígh sin, iarr gach sásamh as toil leat, óir créad an fáth 'n-a mbéinn-se im' námhaid ag an té d'admhálas Críost." Iar rádh na mbriathar so dhó, cuireas é féin go h-umhal ar a ghlúinibh, acht ní raibh maith dhó ann. Gidheadh, is olc do chuaidh sin do Sapricius, óir ar dteacht do láthair a chéasta dhó, fiafraigheas de'n chrochaire cad é an nídh cuirthear i n-a leith. d'innis dó gur mar gheall ar a bheith i n-a chríostaidhe agus i n-a shagart, ag rádh dá séanfadh an creideamh sin, nach é amháin nach cuirfidhe chum báis é, acht fós, go bhfaghadh rachmus agus saidhbhreas. "Muna n-iarraid orm acht sin" ar sé, "scaoil go h-éasgaidh mé, óir is ró-fhuiris liom sin do dhéanamh." An tan do chonnaic Nicophorus sin, admhálas go h-árd go mbadh chríostaidhe é féin. Leis sin do rugadh air agus do
cuireadh chum báis é ar an láthair, agus do chuaidh, gan amhras, go seilbh na bhflaitheas agus na glóire, do chaill an sagart mallaighthe Sapricius. Is le crith-eagla agus le h-uamhan ró-mhór adeir Naomh Cyprian, do scríobh an stair seo, 'n-a bhfeicim méid uilc agus urchóide an díoghaltais, an tráth nach féidir a múchadh le mairtíreacht féin, mar chímíd i scéal an tsagairt mhío- ádhmharaigh dhona so d'fhulaing go leor roimhe sin ar son an chreidimh. As sin, a chríostaidhthe, do-chímíd cad é an t-ainmhidhe do dhéanann spioraid an díoghaltais de'n té ag a mbíonn sí, óir nochtann sí é de gach cáilidheacht daonna dá raibh aige, déanann beathaidheach cuthach dhe, cuireann cogadh ar an gcruinne de ghnáth; ní h-ionntaoibh le n-a cháirdibh ná le n-a ghaoltaibh é, ní leigeann eagla do neach muinnteardhas ná cumann do dhéanamh leis, de bhrígh nach bhfuil súil aca d'fhaghbháil uaidh acht masla agus tarcuisne. Ar an dtaoibh eile, an té a mhaitheas dá námhaid agus dhearmadas gach olc agus mí-ghníomh do rinne air, bíonn i ngrádh agus i dtaithneamh ag lucht a aitheanta, iompuigheas an námhaid as miosgaisighe chum a bheith i 'n-a charaid fhírinneach aige, ionnas an mhuinntear le n-ar mhian a bhásughadh roimhe sin, iar bhfeicsin a cheannsachta dhóibh, go dtabharfaidís a n-anam ar a shon. Is é an maithfeachas agus an grádh in-mheasta so tharraingeas beannacht Dé orainn go foir-líonta, do dhéanann beatha agus saoghal an duine ádhmharach, suaimh- neasach, agus a bhás neimh-eaglach, beannuighthe, agus dá éis sin, do-bheir seilbh dhó ins an mbeathaidh síorraidhe. Leis sin, a dhearbhráithreacha, atá sé so-thuigse, suidhte go bhfuil an grádh so ar a dtráchtaim sochrach, céillidhe, riachtanach. Gidheadh, créad an nídh an grádh so, nó cionnas as cóir úsáid a dhéanamh dhe.
Ins an ionad so mheallas urmhór an domhain iad féin ag rádh nach beag neithe d'áirithe a dhéanamh chum na h-aithne seo a choimh-líonadh; cuid aca adeir gur leor beannachadh agus labhairt le n-a námhaid, agus sin féin le h-eidir-dhealughadh .i. má bhíd i gcéim ní badh mhó, nó má bheannaighid ar dtúis dóibh, agus dá réir sin nach bhfuil d'fhiachaibh orra labhairt le daoinibh bochta nó táire acht an té labharfadh leo ar dtúis; drong eile adeir gur leor dhóibh mian bheith aca maith do dhéanamh dá náimhdibh bíodh nach gcuirfidís an dúil seo i ngníomh go bráth; cuid eile choisgeas iad féin ó mhonabar agus adeir nach díoghbháil é éisteacht le cách ag trácht go h-olc ar a námhaid; drong dhíobh do mheasas nach bhfuil díogh- bháil dóibh gan cás ná trioblóid do bheith orra tré mhío-ádh a gcomharsan munab iad féin as cionntach leis; drong a chreideas nach bhfuil toirmeasg orra díoghaltas Dé a ghuidhe dá náimhdibh, an tan nach ndéanaid féin díoghaltas orra; fá dheoidh, tuitid lucht an díoghaltais le n-a leith-sgéalaibh i n-ainbhfios chomh mór sin go n-abraid do réir na h-aithne sin nárbh fhuláir dhúinn an cinéal céadna grádha a bheith againn dár náimhdibh do bhéadh againn dár ngaol agus dár gcomhgas, nídh nach féidir a dhéanamh; agus ag cur leis sin adeirid an uair nach féidir a ngrádhughadh ar an modh so, ní fhuil tairbhe i n-a ngrádhughadh ar aon chor. Ag sin, a chríostaidthe, íomháighe lucht an díoghaltais agus na beathadh diablaidhe malluighthe do leanaid. Críochnughadh. Anois, a dhearbhráithreacha, chum an tsaobh-nóis agus na h-urchóide mallaighthe seo do chlaoidheadh agus do chur ar neimh-nídh glaodhmaoid focal Dé dár gcongnamh,
adeir ins an gcúigeadh caibidil de Naomh Matha Sois- géaluidhe: mise bhur gCruthuightheoir, bhur dTighearna, bhur nDia, bhur mBreitheamh agus bhur luach-saothair, agus in gach cáilidheacht díobh so fógraim dhíbh bhur náimhde do ghrádhughadh. Ag sin le rádh meas do bheith orra, ár gcroidhe do líonadh le grádh fírinneach dóibh, agus an grádh sin d'fhoillsiughadh le n-ár ngníomharthaibh, labhairt go ceannsa leo, agus guidhe orra chomh luath leis an muinntir do rinne maith dhúinn, agus sin, ní h-é amháin do'n droing do stad ó olc do dhéanamh dúinn, acht fós, do'n droing ag a bhfuil an claidheamh tar- raingthe orainn, ar aithris ár n-Athar Síorraidhe. Ó! a chríostaidhthe dá mbadh dhóigh liom go mbéadh aoin-neach annso gan grádh aige da náimhdibh do thais- beánfainn dó cionnas badh chóir dhó an aicíd chontabharthach so do leigheas, ar dtúis le féachain go glinn ar chrois agus ar pháis Chríost. De thaoibh eile, do thaisbeánfainn dó lámh dhíbhfeargach Dé ullamh chum caor an díoghaltais do theilgean ar a cheann coirtheach, malluightheach. Arís do thaisbeánfainn dó ifreann osgailte agus eisean ag siubhal ar a bhruach; do ghuidhfinn é tré mhór-thrócaire Dé maitheamh dá náimhdibh, agus do gheallfainn dó ar an gcunntas go bhfaghadh, gan contabhairt, maitheamhnas in gach coir i n-a raibh cionntach i n-aghaidh árd-chomhachta Dé. Gidheadh, má dhiúltaigheann coimh-oibriughadh le grásaibh an Spioraid Naoimh, agus gur fearr leis a anam do dhamnughadh 'ná maitheamh dá dhearbhráthair, is é mo mheas é gur diabhal i gcolainn daonna é, agus iodhbairt síorraidhe d'fheirg doi-chríochnuighthe Dé; óir do réir abstail ghrádhaigh an Tighearna Naomh Eoin Soisgéalaidhe gach n-aon d'fhuathuigheas a dhearbhráthair is dún-mharbhthóir é, agus is bitheamhnach do Dhia agus do dhuine, mar a ndeir: Omnis qui odit fratrem homicida est (1 Epistil iii.15).
A Dhia uile-chomhachtaigh, iarramaoid ort go dúthrachtach an grádh fírinneach so dár náimhdibh. Iarramaoid ort spioraid na milis-cheannsachta tré n-a maithfeamaois ó chroidhe a gcionta do chách, agus 'n-a ndéanfamaois maith i n-aghaidh an uilc. Ó chuiris féin an aithne seo i bhfeidhm orainn tabhair dhúinn tré do mhór-thrócaire congnamh agus teannta na ngrás do gheallais dúinn. Cuimhnigh, a Thighearna, ar an ngeallamhain thugais dúinn tré d'fhéile do-chuimsighthe .i. ár gcortha uile do mhaitheamh dhúinn ar son sinn do mhaitheamh dár ndearbhráithreachaibh, A Thighearna tar éis tú féin do ghrádhughadh agus do thaithneamh tar an uile nídh ar an saoghal so, agus ár gcomharsain mar sinn féin ar do shon, tabhair an athchuinge seo dhúinn .i. a bheith ceangailte leat-sa agus leo sin le slabhraidhibh na carthannachta síorraidhe, nídh iarraim díbh-se agus dom féin. I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen. Iar n-a scríobhadh le S. Ua h-Úghbhair do'n Dochtúir Diadha, Seaghán Ua Murchadha, .i. Easbog Chorcaighe, 1817.
{B 1819ls 19T} SEANMÓIR A SEACHT. AR GHLÓIR FLAITHEAMHNAIS. (Do'n Dara Domhnach de'n Charghaos.) Domine, bonum est nos hic esse. Ó! a Thighearna, is maith dhúinn do bheith annso. Matha xvii.4. Is mór, a chompána, do théid na daoine ar seachrán ó'n tslighidh dhírigh chum na glóire síorraidhe, do chuireas go dall, amuideach, gan céill a ndóchas, a gcroidhthe agus a n-anam i dtaithneamh bheag ghearr an tsaoghail seo, gan áird nó smuaineadh aca ar Dhia, ar shíorraidheacht a ghlóire nó ar bheathaidh shíorraidhe a n-anam mar as cóir. "Is maith," adeir lucht an tsaidh- bhris agus na saoghaltachta, "dhúinn do bheith annso," con- trárdha do theagasg San Bhearnáird adeir go fosgailte linn nach maith do bheith 'san tsaoghal so. Is trioblóid- each, buaidheartha, contabharthach an nídh do bheith ins an áit nach bhfaghaimid acht díomhaoineas agus buaidhreadh croidhe agus intinne; ins an tsaoghal cleasach so, adeirim, atá lán de chorthaibh, de chráidhteacht, de'n uile bhochtacht, agus de bhuaidhreadh. Tógamaois, ar an ádhbhar so, a cháirde, ár gcroidhthe agus ár n-intinn suas chum Dé agus dearcamais le súilibh na tuigse agus le lóchrann an chreidimh do thug sé go trócaireach dhúinn ar na grianánaibh breághtha aoibhne, áilne úd na glóire síorraidhe atá aige fá n-ár
gcomhair, an áit a stiúraigheann an charthannacht, an ciúineas, an luathgháir agus an t-iol-gháirdeachas síorraidhe, an áit a seinntear go síorraidhe le gothaibh binne dán molta agus buidheachais do Dhia uile-chomhachtach, an áit, fá dheireadh, gan críoch nó deireadh as a n-éirgheann amach an Solus ró-chumhra úd ó Sgáthán na Tríonóide, do- ghníonn na daoine tré saoghal na saoghal súgach, bean- naighthe. Agus abraoimis le Naomh Peadar do chonnaic beagán de ghlóir Chuirp Chríost ar an saoghal so: "Is maith dhúinn do bheith annso." Agus ar son nach féidir le tuigse daonna an tsaoghail mhóir go h-iomshlán méad, breághacht, saidhbhreas, mórdhacht, agus glóir tighe Dé, na n-aingeal, agus na naomh do mhíniughadh mar as cóir, déanfaidh mé mo dhícheall le nídh éigin do dheasughadh dhíbh ar an toirt uasail so na glóire do bhéas, i mo bharamhail 'na dealgbruideadh ag lucht na saoghaltachta do chluin- feas é, 'na shólás ag lucht na daonnachta agus an chrábhaidh, agus 'na shásughadh ag droing na cuireáltachta. Agus mar do sháith Maoise mór, do réir aithne Dé, coinnleoir óir i dteampall Dé, oirneálta le seacht lóchrainn, chum solus do thabhairt do'n tigh go h-iomshlán: "Déanfaidh tú lóchrainn," adubhairt Dia, "agus cuirfidh tú ar an gcoinnleoir iad ionnas go dtabharfaidís solus ar an uile thaobh uatha: "mar seo do-bhéarfaidh mé seacht réasúin síos annso, do bhéarfaidh, mar an oiread sin lóchrann, oiread soluis síorraidhe dhuit agus tuigsiona, agus do bhéarfaidh ort beagán de theampall glórmhar síor- raidhe Dé, na naomh agus na n-aingeal d'fheicsin agus do rádh le Naomh Peadar: "Ó! a Thighearna, is maith dhúinn do bheith annso." Is é mo chéad lóchrann nó cuspóir mo chéad smuaineadh ar fhlaitheamhnas na naomh, féile, mórdhacht agus maitheas Dé agus a chúirte ar a dtráchtann an fáidh le h-iongantas
an-mhór. Adeir sé: "Is mór an áit í, agus ní-l críoch aici; is ró-árd í, agus is do-chuimseach í." Nach mór an teach 'na bhfuil an Rígh 'na chomhnuidhe ag a bhfuil comhachta gan críoch, méad gan tomhas, a bhfuil a chúram ós cionn an uile nídh, a shaidhbhreas do-chaithte, a theaghlach ós cionn cunntais, gur ab iad a laethe an tsíorraidheacht, a bhfuil a bheatha gan claochlódh, agus a bhreághthacht ró-gheanamhail? Nach mór an teach úd a bhfuil a bhallaí déanta d'ór, a urlár de chlochaibh uaisle agus de phéarlaidhibh, a phostaidhe de chriostal shoillseach, agus 'na gcluintear go síorraidhe fonn molta agus buidheachais? So an teach 'na bhfagh- tar go h-aoibhinn an uile shásughadh agus sólás, an uile luathgháire go soilbhir, agus an uile shaidhbhreas gan easba. So an teach, teach, adeirim, na glóire do dhíbreas ó n-a dhóirsibh, ó n-abhallaíbh agus ó n-a gheataíbh an uile bhuaidh- readh agus trioblóid, an uile fhuath agus iomthnúth, an uile dhólás agus dubhailce, agus 'na bhfuil srotha an aoibhneasa shíorraidhe dá leathnughadh féin le fuarlaoidhibh na glóire ar na naoimh. Ó, a rígheacht an aoibhneasa shíorraidhe! ionnat ní h-aostar go bráth ar an óige, ní caithtear an bhreághthacht, ní fhuaraigheann an grádh, ní lagtar an tsláinte, ní laghduighthear an t-iol-gháirdeachas, ní críochnuighthear an bheatha, mar atá Dia ionnat ó nach dteastuigheann nídh ar bith. Ó, a Thighearna, badh mhaith dhúinn do bheith ins an áit seo. Ins an dara áit, atá mar lóchrann agam mórdhacht agus subhailce ár Slánuightheora Íosa Críost, do thuirling anuas as na flaithis as fhochras a Athar Naomhtha, agus do ghlac colann daonda i mbroinn na h-Óighe Muire, agus d'fhuasgail le n-a chuid fola an té do chruthuigh sé agus do cailleadh leis an bpeacadh, chum bealach do dhéanamh dhó tríd sráide na cathrach naomhtha isteach go Sgáthán na Tríonóide. Ó, a chompána, goidé an fáth gur shiubhail
sé tríd réagúinibh mailíseacha an tsaoghail so? Goidé an fáth gur shil sé na srotha deora go minic ar son peacaidhe na ndaoine, ar ghuidh sé go dúthrachtach ar son sláinte na n-anam, ar fhoillsigh sé rúin-diamhara na bhflaitheas dúinn le briatharaibh agus míorbhuiltibh móra, ar órduigh sé an Eaglais Chatoilice Rómhánach ar an dtalamh, dá mhínigh sé an Scriptiúir naomhtha, ag ar fhág sé na seacht Sacraimintí dhúinn! Goidé an fáth a raibh sé beo mar dheoraidhe bhocht, agus a bhfuair sé bás ar chrann na croiche nochtuighthe idir dhís bhitheamhnach ós comhair an tsaoghail go h-iomshlán. Atá, chum geata na glóire do dhruid do pheacaidhe féin i d'aghaidh d'fhos- gail duit. "Muna mbéadh gur ghlac sé foirm dhaonda air féin," adeir Petrus Damian, "ní raghadh an duine go bráth suas go glóir flaitheamhnais." Ar an ádhbhar so smuain, a chompánaigh, créad mar bhéas an duine fós ar son go ndearnadh duine de Dhia. Dearc ar an luach le'r cheannuigh Mac Dé an ghlóir shíorraidhe dhuit agus tuigfidh tú créad é méad agus breághthacht na glóire seo. "Féach," adeir dochtúir foghlumtha, "créad é méad le'r cheannuigh sé í, do-chífidh tú, mar so, créad an nídh do cheannuigh sé, ó do chosain sí a chuid fola dhó, bás agus páis i gcrann na croise. Goidé méad mar sin, na beathadh úd do bhain a bheatha de Chríost"? Ó! is mór, breágh, glórmhar an bheatha shíorraidhe atá ag Dia fá do chomhair i dtigh na naomh. Annso is féidir leat a rádh le Naomh Peadar, "Ó! a Thighearna, is maith dham do bheith annso." Ins an treas áit mar lóchrann le solus do thabhairt duit ar an nglóire síorraidhe, cuirfidh mé síos leoir- ghníomhartha na naomh i n-a mbeathaidh ar an tsaoghal so do bhí ró-uathbhásach i súilibh an tsaoghail agus ró-iongantach le smuaineadh orra. Goidé an nídh nach ndearna siad
le congnamh grása Dé? Goidé an nídh le gnúis soilbhir, súgach nár fhulaing siad? Goidé an saothar nár ghlac siad? Goide an chruadháil nach ndeachaidh siad tríthe chum buaidh do thabhairt ar an tsaoghail, ar an gcolainn, agus ar an diabhal? Goidé an fáth so? Atá, mar gheall ar Dhia agus ar an nglóire shíorraidhe d'fhaghbháil uaidh. Le dóchas a faghbhála do thréig na milliúin an saoghal, a shaidhbhreas, a onóir, a ghlóir, agus a phoimp. Do líon siad na mainistearacha le crábhadh, do thréig siad a dtighthe, a dtíortha, a gcáirde, agus a maoin saoghalta. Ó! goidé méid do dhruid iad féin idir chlochaibh cruadha, fuara, glasa ar feadh an domhain, agus líon na fásaighe agus na cnuic agus na sléibhte agus na coillte foltacha, dorcha, uaigneacha, i measg nathrach nimhe agus beithidheach allta, fíochmhar, i bhfad ó dhaoinibh ag déanamh aithrighe, agus do chlaoidheadar iad féin le córdaíbh caola, cruadha, cnáibe, le slataibh géara draoighin, le slabhraíbh móra iarainn, ag sgreadadh suas ar Dhia d'oidhche 's de ló ag iarraidh trócaire agus glóire air? "I n-a gcuid feola do bhí siad beo ar an saoghal," adeir Naomh Aguistín, "acht le n-a gcroidhthibh do bhí siad 'na gcomh- nuidhe i neamh na naomh." Is fiadhnaise do'n fhírinne seo Síomon Stilíta do bhí 'na sheasamh ar feadh ceithre fichid bliadhain fá'n aer le sioc, le sneachta, le gaoith, le gréin, agus le fearthainn ar phosta mhór, árd, chloiche, gan suidhe, gan luighe, ag iarraidh trócaire ar Dhia, agus a chuid de'n ghlóir d'fhaghbháil uaidh. Is fiadhnaise, fós, na mílte agus na mílte naomh eile dá raibh na h-úird riaghalta lán, do bhaineadh fuaim agus macalla as na cnocaibh le gárthaibh guil agus caointe, agus as na carraigeachaibh móra ag déanamh na h-aithrighe. Ní bhréagfeadh siad mé, na maighdeana beannaighthe, na baintreabhacha cráibhtheacha agus na coinfeiseoirí naomhtha ar feadh an uile aosa de'n
tsaoghal ó cruthuigheadh é, agus na mairtírigh ghlórmhara d'fhulaing bás agus pionós le claidheamh, le sleagh agus le croich, le h-iarainn dearga, le beithidheachaibh allta, craosacha, námhaideacha, agus le lasrachaibh móra. Nach mar gheall ar Dhia agus ar an nglóir d'fhaghbháil uaidh d'fhulaing siad na pianta móra so? Ar an ádhbhar so, cuirimíd anois, a chompána ar ár ndíbirt, osnaighe agus gol doilgheasacha suas chum na bhflaitheas agus, mar adeir San Aguistín, béidh luathgháir 'san tír naomhtha orainn, an áit ar féidir linn a rádh: "Ó! a Thighearna, is maith do bheith annso." Ins an ceathramhadh h-áit fóghanfaidh mar dhréimire dhúinn le dul suas chum solus beag d'fhaghbháil dúinn ar an nglóir shíorraidhe, nó mar lóchrann le saidhbhreas na cathrach naomhtha d'fheicsin, an rann cruinne go h-iomshlán do chruthuigh Dia as neimh-nídh. Féach, nach mar gheall ort, a chompánaigh, do chruthuigh sé na flaith- is leathna, an mhór-fhairsinge so ós do chionn, an ghrian, an ghealach, na réalta, agus na dúile, leis an órdughadh iongantach le n-a bhfuil siad 'na suidhe. Nach é Dia do chruthuigh an t-ór, an t-airgead, na clocha uaisle, agus na péarlaí, le gach nídh iongantach, uasal, mór-luaigh dá bhfuil ar feadh an domhain, fá'n dtalamh, ós a chionn, ins an bhfairrge, nó thart timcheall an chladaigh? Nár thug sé dhuit tuigse agus toil do d'anam, solus dod' shúilibh agus blas dod' bhéal, aer dod' anáil do leigean agus do tharraing, éisteacht dod' chluasaibh, toibreacha le d'fhuaradh, luibheanna le do leigheas, tortha agus gach uile nídh atá ar an saoghal so chum do chothughadh? Ó Dhia go fírinneach do-gheibhmíd an uile nídh aca so ins an saoghal so, agus mórán mór de neithibh maithe eile. Ar an ádhbhar so, má tá an oiread sin de chúram aige 'nár dtimcheall ins an ngleann bhocht so na díbearthachta, goidé mhéid
na neithe maithe úd d'ollmhaigh sé ins an tír nuaidh do'n mhuinntir do ghabh nó do-bheir gean agus grádh dhó? Má ghnídh sé an oiread so de mhaith dá náimhdibh ins an gcabán chráidhte seo Ádhaimh, goidé mhéid do dhéanfaidh sé dá cháirdibh i n-a phalás shoillseach glóire? "Gan amhras," adeir Naomh Aguistín linn, "is mó atá le teacht 'ná is féidir linn do mhíniughadh, mar do dhearbhas na briathra so an Abstail dúinn: "ní fhaca súil riamh," adeir sé, "ní chualaidh cluas agus ní dheachaidh isteach i gcroidhe duine riamh neithe níos breághtha 'ná na neithe atá ag Dia fá chomhair na bhfíréan i n-a thigh ghlórmhar féin." So an áit, a chompánaigh, i n-ar mhaith dhúinn bheith. Féachamaois fós, ar an onóir, ar an ngairm agus ar an ngradam do-bheir Dia dá cháirdibh féin ar an saoghal so d'fhóghanfaidh mar lóchrann dúinn. Níor theastaigh riamh ó chruthughadh an domhain, in gach aois de, daoine comhachtacha ins an mbeathaidh spioradálta do chuir croidhthe daoine eile ar lasadh le briathraibh faobhracha, neamhdha, agus do líon iad le teas-ghrádh Dé, d'ár umhluigh slata stiúrtha agus coróineacha impireamhla na Gréige, na Persia agus na Róimhe le gach rígheacht eile bharbardha atá ar feadh an domhain. "Atá Dia," adeir an fáidh, "ró-iongan- tach i n-a naomhaibh" (Sailm.lxvii.36), leis an mbrígh agus na subhailcí móra do-bheir sé dhóibh i measg ceann ríoghamhail an tsaoghail so, i n-aghaidh fós, na mbeithidheach fíochmhar, fiadháin agus diabhal ifrinn. Is fiadhnaise do'n fhírinne so na naoimh úd do mhúch le n-a naomhthacht na lasracha móra, do chuir na cnuic agus na sléibhte as a n-áit, do thiormuigh na h-aibhneacha, d'ár ghéill an fhairrge, na flaithis, agus an ghrian, éanlaith an aeir, agus éisg móra na fairrge. Agus má bhí an oiread sin de ghean agus de ghrádh ag Dia ar na créatúiríbh daonda do bhí dílis dó, go dtug sé do dhaoinibh simplidhe, beaga,
boga, bochta, onóir agus comhacht chomh mór sin i measg daoine mór, saidhbhre, comhachtach an tsaoghail so, goidé an onóir, goidé an ghlóir nach dtiubhraidh dhóibh i Rígheacht na Tríonóide ró-naomhtha. "Créad do bhéas ins an tír," adeir an dochtúir milis-bhriathrach linn, "má tá an oiread sin d'fhairsinge geana ins an mbealach?" Ní iarrann an ponc so orm leanamhain air níos fuide, mar atá gach nídh do bhaineas leis chomh follas soiléir sin agus atá an ghrian indiu ós do chomhair ar na flaitheasaibh. Téighmíd ar ár n-aghaidh mar sin agus féachamaoid ar an seiseadh lóchrann le n-a dtuigthear gach sásadh anma agus cuirp, gach aoibhneas agus taithneamh mór do bhí ag naomhaibh i n-a mbeathaidh ar an saoghal so chum seirbhís Dé do dhéanamh, ar mhodh, mar gheall ar an ngrádh do bhí aca air, agus ar an ndóchas do bhí aca 'na thrócaire, go raibh siad líonta de rath Dé agus Dia ionnta mar do bhíos an teine 'san iarann dearg do tarraingthear amach as an teallach, agus leis an tsásadh do bhí aca i nDia dá iomchar 'na gcroidhthibh go rinne siad dearmad de'n tsaoghal go h-iomshlán, dá mhaitheas, dá onóir, dá aoibhneas, agus dá phoimp, dá dtoil shaor fein, dá dtír, dá gcáirdibh agus dá ndaoinibh, ag dul tharsta féin ar bhárr lasrach geana agus grádha Dé ag iarraidh an phriosúin dorcha, chorpordha so d'fhágbháil, agus eiteóg do thabhairt suas chum na bhflaitheas ag cainnt leis na briathraibh so Dháibhídh naomhtha le Dia: "Do shásóchthar mé nuair do chídhfidh mé do ghlóir." So an cuspóir thug ar phátriarc na mbocht, Naomh Proinnsias glórmhar, a rádh le Dia 'na phianta móra, corpordha: "Atá an ghlóir atá ag feitheamh orm chomh mór sin go bhfuil sásamh agam in mo uile phéin." Seachain, ar an ádhbhar so, a chompánaigh m'anma, a cholann, is leat ata mé ag cainnt, cleasuigheacht agus
líonta an tsaoghail so; iomchar go foighdeach a bhuaidh- readh agus a anró; lean lorg na naomh; sciuráil, glan agus nigh d'anam bocht anois in do bheathaidh le deoraibh agus le h-oibreachaibh na h-aithrighe fírinnighe ionnas go dtiuc- fadh leat a rádh go binn i rígheacht na glóire síorraidhe na briathra so le Naomh Peadar: "Ó, a Thighearna, is maith dúinn bheith annso." "Bímís ag imtheacht," mar adeireadh Clann Israel leo féin i n-aois óige Aoin-Mhic Dé, "le h-amharc ar Mhac Mhuire, ionnas go ndéanfaidhe súgach sinn." So an seachtmhadh lóchrann againn le h-amharc an ghlóir Ríogh na cathrach naomhtha. Do bhí, a chompánaigh, Íosa Críost i n-a iomchar, ní h-eadh amháin i n-a ársuigheacht, chomh trócaireach, geanamhail, agus grádhmhar sin, acht fós, i n-a leanbhuigheacht, a's go dtarraingeochadh sé croidhthe na ndaoine chum grádh do thabhairt dó, agus an tan do bhíodh aon chuid aca faoi ghruaim, tuirseach, dobrónach, do- bheireadh an chuid eile de n-a gcáirdibh, le n-a gcroidhthibh do thógbháil, cuireadh dhóibh chum dul d'amharc ar Mhac Mhuire na h-Óighe agus, mar adeir Naomh Ieronimus, leis an neart do bhí 'san diadhacht i bhfolach faoi bhrat na daonnachta i gcroidhe an leanbháin neamhdha, Íosa Críost, do bhídís, gan mhoill, súgach, soilbhir ar mhodh chomh h-iongantach sin go ndéanfaidis dearmad de'n tsaoghal go h-iomshlán agus d'oileamhain, fós, bídh nó díghe do ghlacadh. Dhearbhuigh ministrí an chirt féin, do cuireadh chum Íosa Críost do ghabháil, an fhírinne so nuair d'fhill siad tar n-ais gan é leo agus adubhairt siad nár labhair duine riamh mar do labhras an duine so. Is fiadhnaise dham, fós, ar an bhfírinne so na trí ríghthe do chonnaic a dhaonnacht, mar adeir Naomh Aguistín, agus d'adhraigh dá dhiadhacht; mar an gcéadna, an peacthach puiblighe do bhí ag éisteacht go h-aireach le n-a bhriathraibh mar do theagaisg
sé le glór daonda neithe diadha, mar adeir Paulínus naomhtha linn. Do chruthuigh Naomh Peadar fírinne an chomhráidh so nuair adubhairt sé leis an dTighearna féin: "Ó a Thighearna, cia chuige a racha- muid; agat féin atáid briathra na beathadh marthann- aighe." Do raob sé mar so amach mar nár bhféidir a shásamh acht nuair do bhíodh sé ag amharc ar a Mháighistir ghlórmhar, agus ó mhéid an tsóláis do bhíodh aige ag amharc air nuair do thaisbeáin sé beagán dá ghlóire chorpordha dhó ar an sliabh, dubhairt sé na briathra so: "Ó, a Thighearna, is maith dhúinn bheith annso." Ó! a chompán- aigh, má shásuigheadh go deimhneach beagán de ghlóir Chríost agus gheanamhlacht Naomh Peadar agus na daoine, créad é mar athchuinge, do shásóchadh sé sinn le mórdhacht a ghlóire, i n-aibhéis na síorraidheachta i gcuideachtain na n-ain- geal agus na naomh, an áit ar féidir linn a rádh: "Ó! a Thighearna, is maith dhúinn bheith annso." Anois, a chompánaigh, thug sé síos duit na lochrainn, seacht díobh, le n-a dtug mé le tuigsin duit beagán de'n ghlóir úd atá ag Dia fá do chomhair. Sanntuighmíd gan foras i n-ár mbeathaidh le Naomh Bearnárd do bheith ar hallaíbh an Tighearna. Siúd ár dtír suas ós ár gcionn. Siúd an tír do chosain a chuid fola d'Íosa Críost. Smuain go minic uirre, a charaid; saothruigh agus sanntuigh dhuit féin í le leoir-ghníomharthaibh; diúltaigh i gcomhnuidhe do'n diabhal agus dá oibreachaibh. Glac le h-Íosa Críost agus leis na subhailcíbh; cuir srian le do chéadfadhaibh ainmhianacha, smachtuigh an-toil na colna atá dod' tharraing go tigh na bpian. Ó! sann- tuighmíd bheith ar hallaíbh an Tighearna, an áit a bhfeicimíd féile agus mórdhacht Dé agus a chúirte, breághthacht agus subhailce ár Slánuightheora, Íosa Críost, na naomh agus na n-aingeal, agus comhachta an chruthuightheora i n-a chréatúiríbh,
an onóir agus an ghairm do-bheir sé d'á cháirdibh 'san tsaoghail so, an t-aoibhneas, fós, agus an sásadh do bhí aca ag déanamh seirbhíse Dé. Ó! a chompánaigh, déan- amuis an aithrighe, ó 'sí an t-aon bhealach amháin atá againn le dul tríd chum Mac Mhuire na h-Óighe d'fheic- sin 'n-a chúirt ghlórmhar féin, agus chum doilgheasa naomhtha do mhúsgladh in do chroidhe cuir 'na dhiaidh na briathra so eile: "Músgail suas, a bhochtáin, etc." I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. - Bíodh mar sin. Mícheál Ua Longáin, d'aith-sgríobh, 1819.
{B 1817ls 19T} Seanmóir a h-Ocht. Ar an gComaoin. (Do Dhomhnach na Pailme nó an Iúbhair). Dicite filiae Sion; Ecce Rex tuus venit tibi mansuetus. "Innsidh d'inghin Shíon: Féach do Rígh ag triall ort, lán de mhilseacht agus de cheannsacht." Briathra léightear ag Matha Soisgéalaidhe 'san t-aonmhadh caibidil ós cionn a fiche, agus an cúigeamhadh rann. Bheirim fá deara dhá chinéal daoine ag dul isteach go solamanta roimh Íosa Críost go cathair Ierúsa- lem. Gluaisighid an céad chinéal díobh roimhe; fáluighid na bóithre le craoibheacha glasa, leathaid a n-éadaighe roimhe agus bainid fuaim as na spéartha le gáirdeachas chum a chur i n-umhail dó créad é méad a ngrádha agus a bhfómóis dó, agus cad é an luathgháir do bhí orra roimhe. Loirgeann an cinéal eile tré iomthnúith agus tré mhiosgais dhiablaidhe, an uile shóirt meodhain agus slighe chum a ghlóire dó lagughadh. Déanaid dícheall ar an muinntir a choimeádas cuideachta dhó, do tharraing uaidh - i n-aon fhocal loirgid an uile ádhbhar agus an uile shlighe chum a chosgartha agus a chur dá chois. So cosamhlacht nó íomháigh fhírinneach an dá chinéal daoine, nó críostaidhthe, a thigeas chum Íosa Críost do ghlacadh 'san gcomaoin naomhtha ag cuireadh nó féasta solamanta na Cásga. Tiocfaidh an céad chinéal díobh
roimhe chum cuireadh do thabhairt dó teacht chum comhnaidhthe i n-a gcroidhthe, agus chum riaghluighthe ionnta i gcáilidh- eacht Ríogh. Ullmhuighid siad go cúramach lóistín anma dhó le h-aithrighe fhírinneach, le faoisdin iomshlán, le croidhe-bhrúghadh agus le doilgheas i n-a bpeacaidhe. Seo í an deagh-chomaoin, ar ar mian liom trácht 'sa gcéad roinn dem' chomhrádh. Ní ghlacfaidh an cinéal eile é acht le coimh-éigean agus le deacamhail ró- mhór, agus de bhrígh go n-órduigheann an Teampall nó an Eaglais é i bpéin a mallughadh agus a ngearradh amach ó chomaoin na naomh, nó na gcríost- aidhthe. Leigid siad cráibhtheacht agus diadhacht orra féin go foir-imeallach chum a thabhairt le tuigsin gur ullmhuigheadar iad féin mar do b'oireamhnach chum na mór-bhainise sin do ghlacadh agus chum nach bhféachfaidhe orra mar dhaoine earráideacha malluighthe, ar mhodh go nuaidh-chéasaid agus go nuadh-bhásuighid a Slánuightheoir beannaighthe. Ag sin an droch-chomaoin ar a dtráchtfad 'san dara roinn. Acht chum go mb'fhearrde thiocfadh liom an teagasg so do chruthughadh dhíbh, agus chum gur móide rachadh sé chum glóire Dé agus leasa anma gach n-aon dá bhfuil i láthair, guidheamaoid congnamh an Spioraid Naoimh tré eadar-ghuidhe na Maighdine glór- mhaire Muire, ag rádh, "Sé do bheatha, a Mhuire, &rl." An Chéad Roinn. Nuair ghlacaid daoine ar lóistín árd-fhlaith no duine onórach, déanaid dícheall an seomra do bheith néata glan roimhe. Cóirighid é le táipéisidhe agus le h-éadaighe glana, cuirid urradh-tighe saidhbhir ann - i n-aon fhocal, déanaid an uile nídh chum compóird agus sásaimh do dhéanamh do'n duine oirdhearc sin. A anmanna críostamhla, is oirdheirce Íosa Críost, do
leigeann sibh oraibh do theacht ar lóistín chugaibh, 'san aimsir bheannaighthe seo, 'ná ríghthe agus árd-fhlaithe an domhain le chéile, óir tá a chathaoir bhreitheamhnais ós cionn na n-órd ainglidhe go h-uile; atá a ghlóire, a chumhacht, agus a mhórdhacht síorraidhe, neamh-chríochnaighthe. Leis sin, a chríostaidhthe, créad é an cúram agus an t-imshníomh 'n-ar chóir dhíbh a bheith oraibh, chum an t-ionad, nó an seomra 'n-ar mian libh a ghlacadh, do ghlanadh agus do sgiomradh, do chórughadh agus d'ornáidiughadh, 'sé sin le rádh, lóistín bhur n-anama, ar mhodh nach fuláir dhíbh an uile shal, agus an uile shalchar do thógbháil as, 'sé sin le rádh, an uile pheacadh, an uile dhroch-chleachtadh, ainmhiana an tsaoghail agus na colna, le faoisdin ghlan, agus le h-aithrighe fhírinneach. Ní leor so. Ní fuláir an lóistín sin do chórughadh agus d'ornáidiughadh. Acht créad iad na h-ornáididhe as éigean do chur ann? Tá, a dhearbhráithreacha, na subhailcí críostamhla; mar atá, creideamh neartmhar, dóchas láidir, carthannacht dian, geanamnaidheacht mhór, agus umhluigheacht iomshlán. Ag sin na h-ornáididhe iarras Dia ar an anam chum coimh-cheangail agus pósta leis, chum a ionaid comhnaidhthe do dhéanamh ann, agus chum a chompánaidhe agus a choimh- leacaidhe dílis do dhéanamh de. Aithristear dhúinn i Soisgéal an lae indiu, a dhear- bhráithreacha, go raibh Íosa Críost ar n-a dhul isteach go cathair Ierúsalem ar muin asail, gur shiubhail sé ar éadaighe daoine, agus ar chraoibhibh glasa do leathadh roimhe 'san tslighidh. Má's íomháigh, nó cosamhlacht, dul isteach an tSlánuightheora go cathair Ierúsalem dá dhul isteach i n-anam an duine 'sa gcomaoin naomhtha, badh chóir go múinfeadh fuirm an chéad dul isteach dhúinn créad badh chóir a dhéanamh chum sinn féin d'ullmhughadh i gcomhair an dara cinn. Samhluighid, nó cialluighid na
h-ainmhidhthe éigciallaidhe, do réir breitheamhnais na ndiadhairí, brúideamhlacht, claonta, agus ainmhiana an duine. Samhluighid na h-éadaighe ainmhiana an tsaoghail agus na colna. Cialluighid na géaga, nó na craoibh- eacha glasa, poimp agus iomarca an tsaoghail as suaraighe agus as díombuaine 'ná duilleabhar na gcrann ar n-a sgaipeadh leis an ngaoith. 'Sé míniughadh an nídh seo, a dhearbhráithreacha, gur mian le h-Íosa Críost ag tuirling 'san anam dó 'sa gcomaoin naomhtha, an uile dhúil agus mian mhí-riaghalta do dhíbirt as, go ngrádhfaidhe é féin roimh aiteas agus roimh aoibhneas, roimh ghradam agus onóir, roimh shuairceas agus roimh dhíomhaoineas an tsaoghail bhréagaigh seo, go ndéanfaidhe iodhbairt dó do chlaonta, do mhaitheas agus do mhaoin an tsaoghail - i n-aon fhocal, go ndéanfaidhe iodhbairt dó do'n uile nídh atá contrárdha do spiorad an tSoisgéil. Ní gan rúin-diamhar, gan toisg, a chuireas an Sgríbhinn Diadha síos chomh puinteálta sin go raibh an t-ainmhidhe, ar a raibh Íosa Críost ag marcuigheacht ag dul isteach go cathair Ierúsalem, ceangailte, agus gur sgaoileadar na h-easbail é, chum é sheoladh go dtí n-a Máighistir. Nach díth-chéillidhe agus nach neamh-éifeach- taighe an peacthach 'ná na beathaidhigh nó na h-ainmhidhthe as éigciallaidhe, óir tá sé ceangailte cuibhrighthe le n-a chortha agus le n-a dhroch-chleachtadh. Ní fuláir go sgaoilfidh seirbhísigh an Tighearna é le h-absolóid agus le maitheamhnas 'na pheacaidhe chum a chur i n-oireamhain chum coimh-cheangail le h-Íosa Críost 'sa gcomaoin bheannuighthe. Tá fhios agaibh, a chríostaidhthe, go bhfuil an té bhíos cionntach i bpeacadh 'na sglábhuidhe ag an bpeacadh agus ag an diabhal. Dá bhrígh sin, chum filleadh ar Íosa Críost agus chum a bheith rann-pháirteach le n-a dheisciobail 'sa' tsaoirse agus ins na
príbhléididhe atá aca tré thoradh na deagh-chomaoine, ní fuláir éirghe as an dubh-sglábhaidheacht náireach, sgannalach soin le faoisdin glan. Ní fuláir na slabhraí cinne- amhnacha do bhriseadh a chongbhas an peacthach cuibhrighthe agus a thoirmeasgas é ar leas anma a dhéanamh. Níor bh'fhuláir an t-uan Cásga, le n-ar fíoradh ár Slánuigh- theoir i sacramaint na h-altórach, d'ithe ar mhodh d'áirithe agus do réir fuirmeacha d'áirithe. Ar dtús níor bh'fhuláir an t-uan Cásga d'ithe 'san oidhche agus ní 'san lá, fíoghar an chreidimh atá dorcha, deacamhlach, 'sé sin le rádh, nach fuláir an chomaoin do ghlacadh le creideamh láidir; an céad choingheall atá riachtanach chum teacht le toradh go bórd an Tighearna. Níor bh'fhulair é bheith rósta, ní beirbhighthe; níor bh'fhuláir go ngeobhadh an teine fríd. Fíoras an teine grádh Dé ionnas chum deagh-chomaoine a dhéanamh, nach fuláir carthannacht teasaidhe dhian, grádh fírinneach do Dhia agus do'n chomharsain gan fuath ná miosgais do bheith chum aon duine; nach fuláir síothcháin agus muinnteardhas a dhéanamh le n-ár námhaid. d'órduigheadh an t-uan Cásga d'ithe le leitísidhe agus le luibhe searbha a chialluigheas smachtughadh na colna. Má's fonn libh, a chríostaidhthe, teacht chum na mistéiridhe naomhtha so mar as dual, ní fuláir díbh bhur gcéadfadh do smachtughadh, bhur bpoimp, bhur n-uaibhreacht agus bhur ngrádh dhíbh féin. Ar smachtabhar an cholann an feadh na h-aimsire beannaighthe de'n Charghaos? Ar choimeádabhar an trosgadh do réir bhur n-acfuinne? Níor bh'fhuláir ag ithe an uain Cásga crios a chur timcheall na n-úbhann, 'sé sin le rádh, chum deagh-com- aoine a dhéanamh nach fuláir a bheith geanmnaidhe, sinn féin d'ionnladh agus do sgiomradh ó'n uile shal agus salchar neamh-gheanmnaidhe, óir ní féidir le Dia nó le
h-Íosa Críost lucht na drúise d'fhoighneamh. Fá dheoidh, d'órduigheadh an t-uan Cásga d'ithe go tapaidh agus le dúthracht. Do bheir an Sgríbhinn Diadha a éifeacht dúinn .i. gur ab é an t-uan soin, an Cháisg nó an eiséirghe a chialluigheas slighe nó bealach. Badh chóir go mbadh bhealach fírinneach an Cháisg, nó an eiséirghe seo ó stáid an pheacaidh go stáid na ngrás, ó bheathaidh malluighthe mí-riaghalta go beathaidh ainglidhe críostamhail; ionnas go mbadh chóir an tslighe nó an bealach so do dhéanamh gan mhoill, gan cháirde ar domhan. Is é Íosa Críost i naomh-shacramaint na h-altórach beatha agus oileamhain ár n-anama. Is beatha fhírin- neach a chuid feola, agus is deoch fhírinneach a chuid fola. Is é féin a dheimhnigheas dúinn é ins na foclaibh seo a léighimid 'sa seiseadh caibidil, rann 56, de Naomh Eoin Soisgéalaidhe mar adeir: Caro enim mea vere est cibus et sanguis meus vere est potus. As so is léir linn go n-iarrann an bheatha spioradálta neamhdha soin na coinghill chéadna, agus go dtugann na tortha céadna léithe, do réir a nádúire féin i slighidh na ngrás, iarras nó bheireas an bheatha chorpordha léithe i slighidh na nádúire daonda. Acht chum na beathadh corpordha dhul chum maitheasa dhúinn, atá dhá choingheall riachtanach. Ar dtús ní fuláir dhúinn goile beo neartmhar do bheith againn chum a díleaghadh; 'sa dara h-áit ní fuláir an goile a bheith folláin, agus saor ó'n uile aineagal. Má theastuigheann an céad choingheall uainn, ní dhéanfaidh an bheatha díleagháil ar bith; ar mhodh nach dtabharfaidh cothughadh ná oileamhain ar bith uaithe. Má theastuigheann an dara coingheall uainn déan- faidh sí, gan amhras, díleagháil iompóchas í chum aineagail agus salchair, agus i bhfad ó chompórd do chur ar an duine tinn nó breoite, treascaróchaidh
agus múchfaidh é, agus fós, do b'fhéidir go dtiocfadh a bhás de. Mar an gcéadna, chum sacramaint bheannuighthe Chuirp Naomhtha an Tighearna dhul chum maitheasa anma dhúinn, atá dhá choingheall riachtanach; an céad choingheall ár n-anamna bheith beo neartmhar le grása na sábhála; an dara coingheall iad a bheith saor ó'n uile aineagal, 'sé sin, ó ainmhiana an tsaoghail agus na colna, aicídí spioradálta contabharthacha. Má tá ár n-anam ar stáid mharbhthach le fiú aon pheacadh amháin marbhthach, ní rachaidh an chomaoin chum sochair ná maitheasa ar bith dhó; ní h-é sin amháin, acht déanfaidh an aithrighe nó eiséirghe níos cruadhálaighe agus níos contabharthaighe 'ná roimhe sin mar adeir Naomh Pól linn ins na briathra so, má tá ár n-anam lag claoidhte leis na droich-mhianaibh a riaghluigheas ann, ní bhéidh maitheas ná tairbhe dhó 'sa gcomaoin. Iarrann an t-abstal céadna, ag sgríobhadh chum na gCoirintianach, mar choingheall riachtanach chum deagh- chomaoine, iad féin d'fhromhadh agus do sgrúdughadh - coingheall atá chomh riachtanach soin i súilibh an abstail go ndeimhnigheann sé dhúinn go mbíonn an mhuinntir a bhíos 'na éaghmais cionntach i bhfuil agus i bhfeoil Íosa Chríost ag ithe agus ag ól a mbreitheamhnais féin. Acht ní fuláir dhúinn a fhios a bheith againn créad a thuigeann sé leis an bhfromhadh agus leis an sgrúdughadh so. Is pointe dár gcreideamh é, fós tá sé suidhte le coimh- thionól bheannuighthe Trent go bhfuil sgrúdughadh nó tásdáil ró-riachtanach chum faoisdin ghlan do dhéanamh nuair a bhíos duine ar stáid pheacaidh mharbhthaigh chum gan comaoin naomh-aithiseach dia-mhaslaighthe do dhéanamh. Acht an leor soin i .? An bhfuil éin-nídh eile le déanamh? Nó an iarrann an t-abstal ar an uile
shórt peacthaigh acht an tásdáil soin amháin? Ní leor soin, a dhearbhráithreacha, tá cáis ann a iarras coinghill eile; óir fiafruighim dhíbh cionnas do leomhfadh cuirp- theoirí agus anshriantaidhthe puiblidhe tar éis comhnaidhe fada ins an uile shórt malluightheachta agus droich- ghníomhartha, cionnas, adeirim, do leomhfadaois imtheacht d'aon toisg ó chathair beannuighthe na faoisdine go bórd an Tighearna? Leis sin créad a chialluigheas duine dá sgrúdughadh féin go fírinneach? Cialluigheann, a dhear- bhráithreacha, nach fuláir do dhuine tar éis fad-chomhnaidhe do dhéanamh i bpeacadh agus i malluightheacht, tosnughadh le beatha nuadh do leanamhain, cur suas go h-iomshlán do na cleachta malluighthe earráideacha 'na raibh sé múchta, báidhte le cian d'aimsir, an uile shiocair agus ócáid peacaidh do sheachaint, comharthaí fírinneacha aith- righe agus eiséirghe spioradálta do thabhairt uaidh, réidhteach agus síothcháin do dhéanamh le n-a námhaid, coimh-líonadh do dhéanamh do réir acfuinne i gcuid agus i gclú na gcomharsan, - n-aon-fhocal, teacht chum bheith 'na nuaidh-chréatúir tar éis an tsean-duine do chaitheamh dhe leis an aithrighe. As soin uile, a chríostaidhthe, is follus chum deagh- chomaoine a dhéanamh agus le teacht le toradh go bórd an Tighearna nach fuláir do dhuine bheith glan ornáideach. Tugaid aire speisialta do'n dá fhocal so a chialluigheas mórán. Adeirim ar dtús nach fuláir a bheith glan, 'sé sin, nach fuláir a bheith saor ó'n uile pheacadh mharbhthach ar a dtugamaid stáid ghrás na sábhála nó stáid na neamh-chionnta, leasuighthe le h-aithrighe fhírinneach; ní fuláir dhó sásamh do thabhairt uaidh ins gach droich-ghníomh dá ndearna sé roimhe sin, 'sé sin, sásamh agus coimh- líonadh do dhéanamh ins gach nídh do fuair sé, nó do bhí aige go neamh-dhlisteanach, sásamh a dhéanamh i gcuid
agus i gclú na gcomharsan, síothcháin agus réidhteach a dhéanamh le n-a eascáirde go fírinneach agus ó chroidhe, agus muna raibh sé i n-acfuinn nó i gcoingheall na neithe seo do choimh-líonadh, ní fuláir dhó, an chuid as lugha dhe, a bheith ar aigne a gcoimh-líonadh chomh luath a's is féidir leis; cuirim leis seo nach fuláir dhó a bheith tuigsionach, eolgasach go leor i bpríomh-phointí a chrei- dimh, i bpríomh-dhualgais a shligheadh beathadh agus sin i bpéin droch-chomaoine naomh-aithisighe do dhéanamh. Tugaidh fá deara créad adeirim, a dhearbhráithreacha; má tá sibh i n-aineolas nó cionntach i n-aon mhilleán de'n tsórt so, ní lia faoisdin agus comaoin do-ghnídh sibh 'ná dia-mhaslughadh, ar mhodh go bhfuil sé d'ualach oraibh tar éis eiséirghe as an aineolas soin faoisdin gheinearálta do dhéanamh agus sin ar feadh na h-aimsire do rinneabhar comhnaidhe ann; gan soin níl sábháil 'nbhur gcionn. Brathaim go bhfuil sé d'oibliogáid orm seasamh ar an bpointe seo de bhrígh go bhfuil fhios agam go bhfuil mórán daoine 'san aineolas tubaisteach mhío- ádhbharach so, agus ar an ádhbhar soin, ar an gcasán díreach go h-ifrionn. 'Sa dara h-áit, chum deagh-chomaoine a dhéanamh ní fuláir a bheith ornáideach, 'sé sin le rádh, a bheith lán de shubhailcíbh críostamhla; mar atá, creideamh, dóchas, carthannacht, umhlacht, measardhacht, geanmnaigheacht agus mar soin, a ghnídheas suas an stáid sona sin ghrása na sábhála. I dtaobh na gcoingheall eile as riachtanach, i dtaobh na colna, atá 'fhios ag an uile dhuine nach fuláir a bheith ar céadlongadh ó mheadhón-oidhche amach, 'sé sin, gan éin-nídh d'ithe ná d'ól mar oileamhain, mar leigheas, ná ar mhodh ar bith eile. Arís go mbadh cheart do dhuine é féin do chórughadh go néata, glan do réir a acfuinne agus a shligheadh beathadh. Tá 'fhios ag an
uile dhuine, mar an gcéadna, nach fuláir teacht chum na comaoine naomhtha le modhamhlacht, le h-urraim agus le fómós ró-mhór, le h-eagla coimh-mheasgtha le dánacht agus le dian-dúil choimh-cheangail le h-Íosa Críost. Ag sin, a chríostaidhthe, na coinghill badh cheart nó badh chóir do dhuine a thabhairt leis go bórd an Tighearna. Cuarduighidh sibh féin ar an ócáid seo. Sgrúdaighidh bhur gcroidhthe agus bhur gcogcubhais. Féachaidh an raibh na coinghill bheannuighthe seo agaibh 'san aimsir d'imthigh tharaibh, nó an bhfuil sibh ar aigne dícheall do dhéanamh a mbeith agaibh as so suas. Iar dteacht chum comaoine dhíbh, atá sé deimhneach chum so a dhéanamh nach fuláir do dhuine duadh agus trioblóid do ghlacadh air; agus fós coimh-éigean do dhéanamh air féin. Gidheadh, ar an dtaobh eile, atá an sochar agus an tairbhe tharraingeochaidh sibh as an gcomaoin, le í a dhéanamh ar dheagh-stáid, do- aithriste, do-chuimsighthe, óir is í an deagh-chomaoin maith as mó agus as tábhachtaighe dob'fhéidir libh d'fhaghbháil ar an saoghal so. Is urradh nó geall í leis an mbeatha shíorraidhe. Do-bheir sí iomadamhlacht grása agus tiodhlaicthidhe beannuighthe orainn. Líonann sí sinn le neart agus le meanmna chum ár ndualgais do choimh- líonadh chum seasaimh amach go cródha i n-aghaidh gach cathughadh agus buaidhreadh dá gcuirtear orainn, agus chum buadh a bhreith ar náimhdibh uile ár sláinte síorraidhe. Baineann sí ár dtaithneamh de'n tsaoghal, dá mhaitheas, agus dá mhaoin bhréagaigh, dá onóir agus dá ghradam, dá aiteas agus dá aoibhneas. Neartuigheann sí sinn 'nár laige, cuireann compórd orainn 'nár mbuaidhreadh, cuidigheann linn 'nár dtrioblóidíbh, agus 'nár n-éag- cruas. Soillsigheann sinn 'nár ndorchadas, agus 'nár n-aineolas, agus, níos mó 'ná soin go léir, coimh- cheanglann go h-inmheadhónach sinn le h-Íosa Críost ar
mhodh nach mbíonn ionainn i gcáilidheacht acht aon phearsa leis. 'Sé ár Slánuightheoir beannuighthe féin a mhúineas an fhírinne chompórdamhail seo dhúinn 'sa tSoisgéal mar a n-abrann sé: Qui manducat meam carnem et bibit meum sanguinem, in me manet et ego in illo. "An té itheas mo chuid feola agus ólas mo chuid fola, comhnuigh- eann ionam-sa agus mise ann-san" (Eoin vi.57). Ó, a mhaitheas agus a thrócaire do-aithriste Dé. Ó, a fhéile gan teora! Ó, a charthannacht do-chuimsighthe! As so, a dhearbhráithreacha, is furas an mhuinntir a dhéanas deagh-chomaoin d'aithin; óir má's fíor, ó's fíor gan chontabhairt, go dtigeann an Slánuightheoir chum comh- naidhthe ionnta tré dheagh-chomaoin a dhéanamh, ní bhíonn malairt riaghlacha ná smaointe aca acht riaghlacha agus smaointe Íosa Chríost féin. Labhraid siad mar é agus gníomhuighid siad mar é. Féachaidh, a chríostaidhthe, an bhfuil an nídh mar so dá bhur dtaobh-sa agus do chífidh sibh go glinn, soiléir fírinne a ndubhart libh. Anois, a dhearbhráithreacha ionmhuine, tar éis maitheasa agus toraidh na deagh-chomaoine do thaisbeánadh dhíbh, is mithid nídh éigin a rádh libh ar an droch-chomaoin, agus a thais- beánadh dhíbh créad é an fuath agus an ghráin badh cheart dúinn a bheith uirri, - nídh ar ar gheallas trácht 'sa dara roinn. AN DARA ROINN Cibé ar bith slighe 'na nglacaim an droch-chomaoin, ní fheicim innte acht cúis eagla agus uathbháis; agus chum fios nó solus beag éigin a thabhairt díbh uirri, ní fuláir é d'aithris díbh cionnas adeir an Spiorad Naomh
féin uirri 'san Sgríbhinn Diadha. Múineann sé dhúinn ar dtús go n-itheann agus go n-ólann an té ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid, a bhreitheamhnas féin, 'sé sin le rádh, a dhamaint shíorraidhe féin. 'Sa dara h-áit, go ndéanann é féin cionntach i bhfuil agus i bhfeoil Íosa Chríost. 'Sa tríomhadh h-áit go nuaidh-chéasann agus go nuadh-bhásuigheann an Slánuightheoir grádhmhar .i. a Dhia agus a Fhuasgaltóir. Créad as uathbhásaighe 'ná sin, a chríostaidhthe? Nach leor é chum sgannradh agus crith-eagla a chur orainn agus a chur d'ualach orainn dícheall do dhéanamh gan tuitim i dtubaist ná i mío- dhóchas chomh mór soin. Ar dtús itheann agus ólann an peacthach a ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid a bhreithe- amhnas agus a dhamaint shíorraidhe féin. Qui manducat et bibit indigne iudicium sibi manducat et bibit, etc.(1 Cor.xi.29). An dtuigeann sibh, a dhearbhráithreacha, éifeacht na bhfocal soin? Créad a chialluigheas nídh d'ithe nó d'ól? Cialluigheann ár mbeatha agus ár n-oileamhain do dhéanamh de, cialluigheann, adeirim, é d'iompódh 'nár mbrígh agus 'nár substaint féin, óir iompuigheann an bheatha chaithimid i bhfuil agus i bhfeoil, agus déanann suas roinn ár gcolna. Mar an gcéadna, cialluigheann duine d'ithe agus d'ól a bhreithe- amhnais féin, é d'iompódh 'na shubstaint féin agus chum a bheith 'na roinn dhílis dá cholainn go nádúrtha; agus ar nós nach féidir le duine an bheatha nó an oileamhain a chaitheann sé do sgaramhaint leis tar éis a díleaghála, mar an gcéadna, nuair a bhíonn sé de thubaist agus de mhío-ádh ar dhuine a bhreitheamhnas d'ithe le comaoin dia- mhasluightheach, ní féidir leis, ag labhairt go coitcheann, é féin do tharraing uaidh, 'sé sin le rádh, gur ró-dheacair dhó a dhéanamh; fós nach fuláir míorbhail ó láimh Dé uile- chomhachtaigh chum a thabhairt tar a ais.
'Sa dara h-áit, an peacthach a ghlacas comaoin ar dhroch-stáid, déanann sé é féin cionntach i bhfuil agus i bhfeoil Íosa Chríost do thruailliughadh. Níl amhras ar domhan ná gur coir ró-uathbhásach neithe coisreagtha ar bith do thruailliughadh, óir 'sa' tsaoghal so féin do chídheann sibh go ndóightear agus go loisgthear an mhuinntir a bhíos cionntach i ngoid soitheach coisreagtha, i mbriseadh nó i robáil teampall agus i n-earráidíbh eile de'n tsórt soin. Acht dá mbéadh duine chomh malluighthe sin agus sacramaint bheannuighthe na h-altó- rach - na h-Abhlanna beannuighthe fá n-a bhfuil corp ion-adhraighthe Dé agus duine - do chur fá n-a chosaibh nó do chaitheamh 'sa múnlach, fiafruighim dhíbh cad é an pionós nó an bás do cheapfadh sibh dó? Ar a shon soin tá sé cinnte gur mó an masla do-bheir an té ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid d'Íosa Críost, 'ná sin go léir, de bhrígh gur mó fuath an tSlánuightheora bheannuighthe d'anam nó do chogcubhas truaillighthe le cortha déisti- neamhla 'ná do neithibh saoghalta dá ghráineamhlacht. I n-aon fhocal, cad é an ghráin agus an t-uathbhás do Dhia, tobar an uile ghlaine agus an uile naomhthachta, é féin d'fheicsint i mbéal truaillighthe le briathra barbardha, le mionna agus le móide, le mallughadh agus le dia- mhaslughadh, b'fhéidir ar theangain truaillighthe le monabar agus le cúl-chainnt; i ngoile mhío-órduighthe le neart meisge agus póitireachta atá 'na sheamlas agus 'na charn-aoiligh, lán de bhréantas, de shainnt, de dhíoghaltas agus de'n uile locht dá ghráineamhlacht agus dá dhéistinighe, as fuathmhaire leis 'ná uaimh lán de dhreoighteacht agus de bhréantas. Ó créad é uathbhás agus gráineamhlacht na droch-chomaoine! Fiafruighim dhíbh-se an féidir a shamhail do chlos gan crith-eagla agus uathbhás? Ar a shon soin, tá so uile, fáiríor, fírinneach.
'Sa tríomhadh h-áit, an peacthach a ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid nuaidh-chéasann agus nuadh-bhásuigheann sé Íosa Críost, 'sé sin, tugann sé an masla céadna dhó, agus déanann é féin chomh cionntach agus dá dtairngéaladh sé an ath-uair do chroich é. Cia chreidfeadh so muna mbéadh go ndeimhnigheann an Sgríbhinn Diadha dhúinn é? As so is léir linn go n-ath-nuadhann an peacthach leis an droch-chomaoin naomh-aithiseach, dia- mhasluighthe sin páis agus peannaid Mhic Dé go h-uile ar an ádhbhar go ndéanann cailleamhain agus ceilg- mhéirleach ar Íosa Críost ar nós Iúdás, buaileann sé ar an gcluais é, gabhann de chrain-tseilí 'na éadan, sgiúrsálann é, cuireann coróin deilgneach ar a cheann agus tairngéalann an ath-uair do'n chroich é. Is é an peacthach féin a choimh-líonas an tiomna uathbhásach truaigh-mhéileach sin ar mhodh gur féidir linn a rádh go dána mar aon leis na Dochtúirí Naomhtha gur cionntaighe an mhuinntir a ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid 'ná na Iúdaigh do chuir Íosa Críost féin chum báis, de bhrígh gur tré ainbhfios do cuireadh chum báis é. Deimhnigheann Naomh Pól dúinn dá mbéadh aithne aca air, nach gcuir- fidís riamh chum báis é. Gidheadh, na droch-chríostaidhthe admhálas gur ab é Íosa Críost a nDia, a máighistir agus a n-áird-bhreitheamh; creideann siad go bhfuil sé láithreach i sacramaint na h-altórach, adhrann agus onórann é 'sa tsacramaint chéadna, agus ar a shon soin masluigheann siad a phearsa ró-naomhtha ar an modh as truaighleánta ar ar féidir cuimhneamh. Níor chuir na Iúdaigh chum báis é acht aon uair amháin acht cuireann na droch-chríostaidhthe chum báis é chomh minic a's a ghlacaid an chomaoin ar dhroch-stáid. Do chuir na Iúdaigh chum báis é nuair a bhí sé féin ullamh chum báis a d'fhulang ar son an chinidh daonda; agus cuireann na droch-
chríostaidhthe chum báis é 'na stáid ghlórmhair do-mharbhtha agus nuair badh cheart dóibh a adhradh agus fómós a thabhairt dó. Ní féidir cuimhneamh ar choir an mhéirligh agus an tréatúir Iúdás, easgaine agus díth an chinidh daonda, gan crith-eagla agus uathbhás. Acht fiafruighim díbh nach bhfuil na críostaidhthe a ghlacas an chomaoin ar stáid pheacaidh mhairbh chomh cionntach leis an tréatúir mal- luighthe sin nó fós, níos cionntaighe, óir 'sé baramhail nár chreid Iúdás gur bh'é Íosa Críost Mac Dé nó má chreid, gur mheas sé go saorfadh sé é féin ó n-a námhaid gur mórán trioblóide ná duaidh. An áit n-a ndéanaid na droch-chríostaidhthe cailleamhain agus ceilg-mhéirleach ar an té admhálas siad a bheith 'na Dhia, 'na chruthuigh- theoir, agus 'na áird-thighearna aca, nár chóir go mbéadh eagla orra go ndéanfaidhe an díoghaltas céadna orra do rinneadh ar an gcealgaire agus an méirleach soin? Tá 'fhios agaibh uile, a chríostaidhthe, créad d'éirigh dhó, agus créad an chríoch d'imthigh air. Ag so mar d'éirigh dhó. Do thuit sé i n-éadóchas iomshlán, do chroch é féin le neart buile, do réab agus do sgoilt a chlidhe, do sgéithigh a ionathar as, agus d'imthigh a anam go fíor- íochtar ifrinn. Créad í mar chrích í seo do dheisciobal an tSlán- uightheora? Déanann Dia go ró-mhinic díoghaltas 'sa tsaoghal so ar an muinntir a mhasluigheas agus a thruailligheas fuil agus feoil Íosa Chríost le pionós agus le sgiúrsí saoghalta; mar atá, cailleamhain buidhne, mío-chlú, tinneas, anacra agus báis obanna truaigh-mhéileacha. Seo an nídh d'aithris Naomh Pól do na Coirintianacha agus, fáiríor, a thuiteas amach go ró-mhinic 'nár measg-na ar shon nach gcuirimid suim ná
mothughadh ann. Gidheadh 'sé pionós atá ceaptha, gearrtha amach do'n droch-chomaoin cruadh-chroidheacht, calcuightheacht, agus neamh-aithrighe. I n-aon fhocal, damaint shíorraidhe, óir iompuigheann an droch-chomaoin innte féin fá leith goimh agus urchóid, mórán de na cortha as uathbhásaighe agus as gráineamhla, óir is díombuidheachas 'sa gcéim as áirde droch-chomaoin do dhéanamh, de bhrígh go ndéan- amaid úsáid de'n mhaitheas as mó as féidir le Dia do dhéanamh dhúinn ar an saoghal so chum an masla agus na h-urchóide do dhéanam dhó as mó as féidir le duine do dhéanamh. Is coir chomh uathbhásach soin í, a chríost- aidhthe, nach cualathas riamh a samhail, de bhrígh go ngabhann sí de chlaidheamh i gcroidhe a carad, a fir pósda, a dearbhráthar, a díonuightheora, a h-athar ionmhuin ceannsa. I n-aon fhocal, is í coir as malluighthe ar an domhan í, de bhrígh go n-ionnsuigheann sí i bpearsain Rígh na Ríghthe, Áird-Thighearna an uile nídh, agus ughdar an uile bheannuigheachta. De na cortha dia-mhasluigheacha is í seo as gráineamhla, de bhrígh go dtruailligheann sí an nídh as beannuighthe 'sa gcreideamh. Is coir dia- mharbhthach í, de bhrígh go nuadh-bhásuigheann sí Íosa Críost atá 'na Dhia fhírinneach. Uch! créad é uathbhás, urchóid, agus gráineamhlacht na coire sin. Créad é an chrith- eagla, an t-anfadh agus an t-uathbhás badh chóir dhíbh a bheith oraibh, a mhuinntir úd 'na raibh sé de mhío-adh tuitim i gcoir chomh h-iomarcach, chomh gráineamhail sin? Ar a shon soin go léir, ná déanaidh aithris ar an malluightheoir cuiripe Iúdás. Ná tuitidh i n-éadóchas. Tá trócaire Dé do-chuimsighthe, dá mhéid agus dá earráidighe bhur gcortha. Is ceart díbh fós, súil a bheith agaibh le maitheamhnas d'fhaghbháil ionnta ar choingheall go ndéan- fadh sibh féin gach uile nídh as dual díbh. Gidheadh, ná déanaidh moill ar domhan na meodhain do chur i
ngníomh as riachtanach chum díoghaltais agus feirge Dé do chur ar gcúl atá ar an mbuille chum tuitim oraibh. Ní h-uathbhásaighe a ndubhramar go dtí seo ar ghoimh agus urchóid na droch-chomaoine 'ná na neithe eile a shíolruigheas uaithe agus a leanas í, óir do-bheir sí trí gnéithe báis léithe go ró-mhinic, bás corpordha, mar atá, anbhás, nó bás obann, bás spioradálta, mar atá, cailleamhain na subhailcí ndiadha, daille intinne, cruadh- chroidheacht iomshlán, fuath agus mío-thaithneamh do neithe spioradálta, claontacht chum an uile shórt urchóide agus malluightheachta, agus fá dheoidh, an bás síorraidhe. Dúnann sí an doras i n-aghaidh trócaire Dé, déanann sí an aithrighe, nach mór, doi-dhéanta, an chuid as lugha dhe, ró-eachrannach, ró-dheacamhlach le déanamh; acht 'sé an nídh as prionnsapálta leanas uaithe go gcoimh- cheanglann sí an té bhíos cionntach inntí le prionnsa an dorchadais. Is é Íosa Críost féin adubhairt é, ag labhairt ar Iúdás (badh chóir a thuigsint do'n uile dhuine do dhéanfadh aithris air ins na h-earráidíbh agus 'sa mhalluightheacht 'na raibh sé cionntach): "Atá aon 'nbhur measg, ar ár Slánuightheoir beannuighthe, atá 'na dhiabhal"; ionnas gur féidir a rádh le fírinne go mbíonn an té ghlacann an chomaoin ar dhroch-stáid, pósta, coimh-cheangailte leis na spioraidíbh ifrionda, agus, dá bhrígh sin, roinn-pháirteach leo 'na n-urchóid, agus 'na gcruadh-mhuinéalaighe, 'na bhfuath do Dhia uile- chomhachtach - i n-aon fhocal, 'san uile dhroch-cháilidheacht d'aistrigh iad ó a bheith 'na n-ainglibh chum a bheith 'na ndiabhalaibh. As so is furas an mhuinntir a dhéanas droch-chomaoin d'aithin tar chách, óir ar mbeith dhóibh d'aon nádúir leis na diabhalaibh, nó fós 'na ndiabhalaibh i bpearsain, ní féidir leo a dhéanamh acht oibreacha an
diabhail agus na spioraidí malluighthe; nó ag labhairt níos cinnte, is é an diabhal oibrigheas ionnta agus a chuidigheas leo ar mhodh nach gnáthach 'na mbéal acht briathra barbardha, mionna agus móide móra, easgaine agus mallughadh, bréaga agus éitheach, monabar agus cúl-chainnt. Tá a gcroidhthe lán le salchar an phea- caidh, a n-intinn agus a smaointe tógtha suas go h-iomshlán le h-iomadamhlacht de chusbóirí agus de neithe mío-chlúmhla, náireacha. I n-aon fhocal, tá a mbeatha go h-iomshlán i mío-órdughadh iongantach, truaigh-mhéileach. Sgrúdaighidh sibh féin, a chríostaidhthe, ar an ócáid seo, agus féachaidh cionnas do chaith sibh bhur mbeatha go nuige seo. Féachaidh créad adeir bhur gcogcubhas féin libh air. B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom go bhfuil an nídh seo ró- fhánach; mo chreach nach raibh sé fánach! Acht, fáiríor, níl sé acht ró-ghnáthach agus ró-choitcheann mar is follus chum a bheith sásta deimhneach dhe. Bíodh 'fhios agaibh go bhfuil dhá chinéal dia-mhasluighthe ann. An céad chinéal déantar tré urchóid, an dara cinéal tré mhearbhall agus tré ainbhfios. Is follus go mbíonn an mhuinntir a ghlacas corp naomhtha an Tighearna go feasach ar dhroch-stáid cionntach i ndia-mhaslughadh tré mhiosgais agus tré urchóid. Is díobh-so an mhuinntir úd a bhíos deimhneach iad féin a bheith ar stáid pheacaidh mharbhthaigh agus a thigeas go clár na comaoine gan faoisdin do dhéanamh, nídh, fáiríor, atá ró-choitcheann; is díobh-so an mhuinntir úd ar ar eitigheadh an absolóid, agus a thigeas ar a shon soin go dána, diablaidhe go bórd an Tighearna, a thuiteas amach níos mionca 'ná as dóigh le daoine é. Agus fá dheoidh, is díobh-so an mhuinntir úd a gheibheas an absolóid acht a cheileas a bpeacaidhe 'sa bhfaoisdin, a chuireas bréig-riocht nó a cheileas gnéidh-chomharthaí
éigin aistrigheas cinéal agus nádúir an pheacaidh. Gidheadh, is iad daoine as mó bhíos cionntach 'san ndia-mhaslughadh urchóideach so, na h-aithrigheacha bréagacha a dhéanas faoisdin ghlan, acht nach n-aistri- gheann a mbéasa, nach ndéanann aithrighe ar bith, nach seachnann siocair nó ócáidí an pheacaidh, nach bhfuil, adeirim, i n-aigne coimh-líonadh do dhéanamh i gcuid ná i gclú na gcomharsan 'ná síothcháin do dhéanamh le n-a námhaid - so iad, a chríostaidhthe, an mhuinntir as mó bhíos cionntach 'sa ndia-mhaslughadh urchóideach so. Teilgimíd sinn féin indiu, a chríostaidhthe, i bhfiadh- naise ár Slánuightheora, agus impidhimíd air gan bás a thabhairt dúinn ar an stáid ghráineamhail sin, abramaoid d'éan-ghuth: "A Thighearna agus a Íosa Chríost, sleach- tamaoid sinn féin 'do láthair, admhálamaoid sinn féin cionntach, agus iarramaoid maithmheachas ort 'san uile mhasladh ghráineamhail a thugamar dod' chuid fola, agus dod' chuid feola fíor-uaisle ó thionnsgnadh an tsacra- maint bheannaighthe sin na h-altórach. Toirmisg orainn, a Thighearna, agus coisg sinn ó thuitim go bráth i mío- fhortún agus i dtubaist chomh mór soin, tabhair bás a chéad uair dhúinn. A Shlánuightheoir, ná leig dúinn teacht i ngar dod' chlár bheannaighthe gan a bheith glan, oireamhnach do réir d'oidis agus d'órdaighthe dhúinn. Cuir d'ualach orainn teacht chuige leis na coinghill bheannuighthe as riachtanach dó, le cogcubhas glan gan teimheal, le h-anmanna tuillte de'n uile shubhailce, le dian-dúil coimh-cheangail leat, ionnas nach bhfuighimíd ár mbás ann, 'sé sin ár mbás nó ár ndamaint shíor- raidhe; acht 'na aghaidh sin, go bhfuighimíd ár mbeatha ann .i. ár mbeatha shíorraidhe do réir do gheallamhnacha mórdha féin dúinn. An nídh atáim ag iarraidh dhíbh-se agus
dom féin. I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amén. Ar na sgríobhadh le Seaghan Ua h-Úghbhair do'n Dochtúir Diadha Seaghan Ua Murchadha, Easbog Chorcaighe ag Mainistir na Manach i gCorcaigh, 1817. Sírim beannacht an léightheora.
{B 1840ls 19L} Seanmóir a Naoi. Páis agus Bás ár dTighearna. (Aoine an Chéasta). Christus dedit semetipsum pro nobis, ut nos redimeret ab omni iniquitate, et mundaret sibi populum acceptabilem, sectatorem bonorum operum. "Do thoirbhir Críost é féin ar ár son, ionnas go bhfuasglóchadh sé sinn ó'n uile olc, agus go nglanfadh sé sinn mar phobal ró-thaith- neamhach agus mar lucht leanamhna dhó féin." Briathra Phóil Abstal 'san dara caibidil de'n eipistil chum Títus, rann a ceathair- déag. Is iongantach, uathbhásach, a cháirde, an taisbeánadh adeir an fáidh Isaias do fuair sé féin ar Dhia mhór na n-uile chomhacht: Vidi Dominum sedentem super solium excelsum et elevatum. Seraphim stabant super illud: sex alae uni et sex alae alteri: duabus velabant faciem eius duabus velabant pedes eius et duabus volabant. "Do-chonnaic mé," adeir sé, "Dia 'na shuidhe i gcathaoir áird, aoibhinn, agus an t-órd ainglidhe dá ngoirthear Seraphím ar an gcathaoir 'na thimcheall, sé sgiatháin ar gach aingeal díobh, dhá sgiathán díobh sin ag folach a ghnúise agus a aighthe, agus dhá sgiathán ag folach a chos, agus gan comhnuidhe orra acht dá mholadh agus dá onórughadh" (Isaias vi.1-2). Nuair do-chonnaic an fáidh beannuighthe seo sin, adubhairt sé leis féin: Vae mihi, quia tacui, quia vir pollutus labiis ego sum (Isaias vi.5). "Is mairg damh-sa nach bhféadaim labhairt ná Dia do mholadh
de bhrígh nach bhfuil mo bhéal glan." Agus an tan thug sé an masla dhó féin deirtear go dtáinig aingeal dá ionnsuighe agus caor dhearg i mbéal teanchaire aige i n-a láimh, agus d'iompuigh sé an chaor istigh 'n-a bhéal, ar mhodh go ndearna sé diongmhálta é chum Dia do mholadh. A cháirde ghrádhacha, do-chímid-ne an Dia céadna úd indiu, Íosa Críost, ár Slánuightheoir. Ní 'na shuidhe i gcathaoir ghlórmhair atá sé, acht i n-a sheasamh ar trí tairngíbh i gcrann na croise. Ní sgiatháin aingeal do-chím ag folchadh a ghnúise agus a aighthe, acht é lán de smugaidhibh na gceithearnach ndiablaidhe, malluighthe, agus cóta amadáin air ag folchadh a chuirp agus a chos, ag gabháil 'na bhall magaidh agus fonmhóide tré chathair mhóir Ierúsalem, agus an cóta sin ag teangbháil fá n-a chosaibh, dá leagadh ar a bhéal agus ar a shróin i lathaigh agus i lábán na sráide. Ní foghar ainglidhe do-chluinim ag teacht i n-a thimcheall ag rádh: "Is naomhtha, naomhtha, naomhtha ainm an Tighearna, Dia na sluagh," acht fuaim agus briosgarnach alt chuirp mo Shlánuightheora dá dtar- raing as cuibhreach a bpréamh agus a bhféitheach leis an síneadh tugadh air i gcrann na croiche. 'Sé nídh do- chluinim urlabhra na n-órd ag bualadh bara, cosa, agus troighthe mo Slánuightheora ag an g-cineadh Iúdaigheach ag rádh gan stad: Tolle, Tolle, crucifige eum (Eoin xix. 15). "Tóg, tóg, croch, croch, buail, buail, raob, raob, marbh, marbh an bitheamhnach." Ní coróin ghlórmhar do-chím fá n-a cheann, acht coróin spíne .i. dornán mór de dheilgníbh géara ag polladh a chinn go cnámh agus go h-inchinn. Ní h-é an taisbeánadh a fuair Peadar, Séamas, agus Eoin ar Shliabh Tábor, an áit a dtáinig Maoise agus Eilias 'na gceann, agus do chonnacadar ár Slánuightheoir lán de dheallramh agus
de ghlóire. Et resplenduit facies eius sicut sol, vesti- menta autem eius facta sunt alba sicut nix ... Et ecce vox de nube, dicens: Hic est Filius meus dilectus, in quo mihi bene complacui: ipsum audite. "Agus do lonnruigh a aghaidh mar an ngréin agus do déineadh a chuid éadaigh bán mar an sneachta ... Agus féachaidh, tháinig guth ó neamh ag rádh: "Is é seo mo Mhac dílis do ró- thaithnigheann liom; éistidh leis-sean" (Matha xvii.2-5). Do-chím indiu, ní h-é deallramh na glóire nó na gréine i n-a ghnúis, acht dath an ghuail agus é 'n-a chnocaibh dubha agus gorma. Ní h-é Maoise ná Eilias do-chím ag teacht 'na thimcheall, acht bitheamhnach ar gach gualainn de agus eisean mar threas bitheamhnach i n-a lár nó eatorra istigh. Do-chluinim é féin go truaigh-mhéileach, bocht, ag gol ar an Athair síorraidhe agus ag iomchasaoid fá n-a fhágbháil go brónach 'n-a aonar ar mhodh go gcualaidh neamh agus talamh an screadach chruaidh chráidhte do leig sé as, ag rádh: Deus meus, Deus meus, ut quid dereliquisti me. "A Dhia! Ó! a Dhia, créad fá'r thréig agus ar shéan tú mé indiu i n-aimsir mo riachtanais agus mo dhoghrainne" (Matha xxvii.46). Ní chluinim guth an Athar ag teacht ós a chionn dá admháil mar Mhac dó féin mar do rinne ar Shliabh Tábor; acht is é nídh do-chluinim indiu ar Shliabh Calbharí ag an g-cineadh Iúdaigheach: Vah, qui destruis templum Dei, et in triduo illud reaedificas, salva temetipsum; si Filius Dei es, descende de cruce. "Fuch! Fuch! Fút a bhitheamhnaigh, nach tú adubhairt go leagfá Teampall Dé agus go g-cuirfeá suas arís i dtrí laethe é? C'áit a bhfuilid do chomhachta anois? Sábháil tú féin, a bhochtáin. Tuirling as an g-croich sin, má tá comhachta Mhic Dé agat" (Matha xxvi.40). Do-chím an ceathair-dhúile mar aon leis seo ar
criothnughadh, na carraigeacha ag scoltadh, na cuirp marbha ag éirghe as tuambaidhe, agus an saoghal uile i n-aoin mheall cheoigh agus deataigh le h-uathbhás fá bhás agus fá pháis mo Shlánuightheora, ar mhodh gur féidir liom-sa a rádh mar dubhairt an fáidh Isaias: Vae mihi, quia tacui, quia vir pollutus labiis ego sum (Isaias vi. 5). Mairg damh-sa, darab éigean bheith im' thocht de bhrígh nach dtig liom stair páise mo Shlánuightheora do chur i gcéill! Is mór do bhéadh d'fheidhm orm an tean- chair úd do tháinig fá dhéin Isaias do theacht chugam, do ghlanfadh mo bhéal sul rachainn do chuardughadh na neithe seo romham, go speisialta de bhrígh nach bhfuil fhios agam cia ar a dtiubhrad m'aghaidh indiu ag iarraidh congnaimh grás. Ní h-ionntaoibh dham, dar leat, an t-Athair neamhdha do thaisbeáin an oiread sin de dhroch-aghaidh dá Aon-Mhac, gé gur dhoirt sé allas fola i n-a fhiadhnaise, agus gur ghuidh sé é trí h-uaire 'san ngáirdín ag iarraidh cailís na páise do chur thairis: Pater mi, si possibile est, transeat a me calix iste. "A Athair, má's féidir é, deonuigh an chailís seo do chur tharm" (Matha xxvi.39). Agus níor bh'áil leis aon fhocal furtachta do thabhairt dó. Is deacair dham aghaidh do thabhairt ar an Mac féin, óir ní fhuil duine ar bith as mó atá i bhfeidhm furtachta 'ná é féin, agus gan é dá faghbháil. Ní furas dam aghaidh do thabhairt ar an Spiorad Naomh le h-acmhuinn d'iarraidh air, óir is é furtacht thug sé do'n dara pearsain de'n Tríonóid: Nec cogitatis quia expedit vobis ut unus moriatur homo pro populo et non tota gens pereat .i. "Is córa aon duine amháin do chur chum báis 'ná cách uile do dhamhnughadh" (Eoin xi.50). Is deacair dham aghaidh do thabhairt ar na h aingil, óir ní fhuil siad féin acht ag gol agus ag gártha agus ag gairm coimirce. Is ró-annamh taobhuigheas seanmóiridhthe
ar bith Muire Mháthair féin indiu mar as gnáth ar uairibh eile, de bhrígh gur deacair athchuinge d'iarraidh ar mhnaoi bhoicht mar í ar thórramh a h-Aoin-Mhic. Ní raibh Muire againn riamh go dtí an uair i n-ar céasadh é acht i n-a h-eochair le h-aghaidh soightheach óir-chiste na ngrás d'fhosgailt, mar adeir an buabhall milis-bhriath- rach San Bearnard: Nihil nobis Deus voluit dare nisi per manus Mariae transveniret. "Níor bh'áil le Críost aoin tiodhlaicthe do leigean chugainn acht tré lámhaibh na Maighdine Muire." Maise, ní fhuil riachtanas againn indiu leis an eochair seo, mar deir an Bearnard céadna. Quia clavus penetrans factus est clavis reserans. Do rinneadh eochair de na tairngíbh do buaileadh i gcosaibh agus i lámhaibh mo Shlánuightheora agus de'n tsleagh le'r fosgladh a thaobh agus do leigeadh óir-chiste na ngrás béal suas fá'n saoghal; ar mhodh, dar leat, ní fhuil eochair de riachtanas orainn; óir nuair bristear arc nó cófra ní fhuil eochair de riachtanas ar aon duine chum aoin nídh dá bhfuil istigh ann do bhuain as. Maise, do briseadh cófra cuirp an Choimhdheadh indiu. Níor fágadh aon bhall slán 'san arc naomhtha seo na ngrás .i. Críost, ár Slánuightheoir, mar adeir Isaias 'san chéad chaibidil: A planta pedis usque ad verticem capitis non est in eo sanitas ( Rann 6). Atáid ná grása béal suas ar mhodh, dar leat, nach bhfuil riachtanas againn le Muire mar eochair, gidheadh, d'aimhdheoin a ndubhairt mé, ní leigfidh mé dhíom aghaidh do thabhairt ort indiu, a Mhuire, de bhrígh dar ndóigh, nach ndiúltóchaidh tú sinn fá impidhe do chur ar t-Aoin-Mhic grása do dhéanamh orainn agus fá chuidiughadh deor le d'Aon-Mhac milis do chaoineadh; agus, dá bhrígh sin, leigimis uile sinn féin ar ar nglúinibh, agus abramaois fáilte an aingil Gabriel do Mhuire: Ave Maria, etc.
Christus dedit semetipsum pro nobis, ut nos redimeret ab omni iniquitate, et mundaret sibi populum accepta- bilem sectatorem bonorum operum. "Do thoirbhir Críost é féin ar ár son, ionnas go bhfuasglóchadh sé sinn ó'n uile olc, agus go nglanfadh sé sinn mar phobal ró-thaith- neamhach, agus mar lucht leanamhna dhó féin" (Títus ii. 14). Is mó an meas, a cháirde, bhíos idir dhaoine glice nó críonna ar an intinn le n-a dtugann duine tiodh- laicthe nó tabhartais uaidh, 'ná an meas badh chóir do bheith ar an nídh féin; de bhrígh gur mó an buidheachas do bhéadh ag an uile dhuine críonna nó céillidhe ar thiodhlaicthibh dá laighead do gheobhadh sé le deagh- thoil nó le deagh-aghaidh, 'ná ar bhronntas dá mhéad do gheobhadh sé go diúltuightheach nó go ceasachtach. Dá bhrígh sin, níor leor le Críost, ár Slánuightheoir, a dtug sé de thiodhlaicthibh riamh do'n chineadh daonna ó thosach chruthuighthe an domhain go dtí an lá 'n-ar síneadh ar chrann na croise céasda é, gan a bhás agus a bheatha do thabhairt ar ár son; agus d'eagla go sílfidhe nach le deag-thoil nó le deagh-aghaidh do bhéarfadh sé a bhás ar ár son, d'fhógair an bollscaire beannuighthe, Dochtúir na g-Cineadhach agus searmóntuidhe na Fírinne .i. Pól, ag rádh de ghuth árd, mhór, sholus-ghlan: Christus dedit semetipsum pro nobis. "Do thoirbhir sé é féin ar ár son de dheoin a chroidhe agus a intinne," amhail a déarfadh sé go soiléir: "An bhfuil a fhios agaibh, a shíol Ádhaimh, céard é an t-ádhbhar ar theith Críost do'n Eigipt agus nár fhulaing sé an bás ar bhur son nuair do bhí an Rígh Ioruaidh dá iarraidh sul d'fhág sé a chliabhán nó a chrios ceangail? An bhfuil a fhios agaibh céard é an t-ádhbhar nár fhulaing sé do na prionnsaíbh nó do sgríobhnóiríbh an phobail a ghabháil agus a mhionca do chuireadar chuige? Aon ádhbhar amháin go geinearálta do
bhí aige leis. Nondum venit hora mea (Eoin ii.4); de bhrígh nach dtáinig an uair ar mhithid leis bás d'fhulang. Gidheadh, indiu, - Sciens Iesus quia venit hora eius, ut transeat ex hoc mundo ad Patrem (Eoin xii.1), do bhí a fhios aige indiu go dtáinig an uair ar mhithid dó bás d'fhulang, flaitheamhnas d'osgladh, agus cineadh daonna, do bhí le h-ucht an dorais tuilleadh agus ceithre míle bliadhan, do leigean isteach. Dá brígh sin, ionnas gur mhóide bhur m-buidheachas ar Chríost adeir Pól: Dedit semetipsum pro nobis. "Do thoirbhir sé é féin de dheoin a chroidhe agus a intinne ar ár son." Ó! a cháirde, is aidhbhéil méad an ghrádha so agus na trócaire do thaisbeáin ár Slánuightheoir dhúinn 'san toirbhirt naomhtha so do rinne sé air féin do lámhaibh a námhaid ar ár son, óir i n-aimsir na toirbhirte seo do bhí a fhios aige go maith go g-coimh-líonfadh sé gach aithis agus imdheargadh, gach masla agus gach mío-mhodh, gach páis agus gach pionós dár reamh-ráidheadar na fáidhe do theangmháil dó, mar admhuigheas sé féin ag Lúcás Soisgéalaidhe: Ecce ascendimus Ierosolymam, et consummabuntur omnia quae scripta sunt per prophetas de Filio hominis. "Féachaigh, atáim ag dul go h-Ierúsalem ionnas go dtiocfadh briathra an fháigh isteach dom' thaobh-se" (Caib xviii.Rann 31). Do chuir sé, dá bhrígh sin, beirt de na h-abstalaibh chum na cathrach ag rádh an cháisg d'ull- mhughadh roimhe féin agus an suipéar déidheanach. Adeir an t-Athair naomhtha Bonaventura gur fhan Críost amuigh, an feadh do bhí siad sin istigh, ag caint le n-a Mháthair, ag rádh mar seo: "A Mháthair ró-mhilis, ní fhuil amhras agam-sa 'san méad d'fhulaingis ar mo shon le trí bliadhna déag ar fhichid i dtíorthaibh fuara, coimhightheacha, ag teitheamh liom ó áit go h-áit, dom' dhíon ar inghreidhm, ar bhuadhairt, ar líontaibh agus ar chealgaibh
mo námhad; dá brígh sin, ní fhuilim-se chomh díom- buidheach sin nach admhuighim méad na h-oibliogáide do chuir tú orm. Anois, a bhuime agus a Mháthair, bíodh a fhios agat go dtáinig an uair do réir tola m'Athar 'n-ar cóir damh-sa bás agus páis d'fhulang ar son na h-Ádhamh-chloinne. Do-chífidh tusa, dá réir seo, mise i mbárach ar atharrach cuma agus ceangailte mar bhitheamhnach le rópaíbh ró-righne, cruadha, caola, cnáibe, go leor dorn dá mbualadh orm; coróin spíne ar mhullach mo chinn agus mé dom' chéasadh mar rógaire. 'Na dhiaigh seo chífidh tú marbh mé idir do dhá láimh féin, agus gan comhachta agat furtacht ar bith do thabhairt dam. Dá bhrígh sin, ar an ádhbhar gurab é seo mo chomhrádh déidheanach leat, tabhair dam do bheannacht, agus guidhim thú as ucht m'Athar, bheith foighdeach agus do thoil do chur do réir tola m'Athar, fá bás d'fhaghbháil damh-sa ar son an chinidh daonna." d'fhreagair Muire é ag rádh: "A Mhic mh'anma agus mo chroidhe, a dhalta m'uchta agus áilleáin mo shúl, agus a shúgh mo chíoch, d'umhluigh riamh do do Mháthair; a chompánaigh agus a chuideachta, is truagh liom-sa an riocht sin i n-a mbéidh tusa. Ní féidir, a Mhic na ngrás, go bhfeicfidh na súile seo agam-sa tusa ar do shíneadh i gcrann na páise agus tairngidhe ceann-gharbha ag réabadh do bhall, agus tabhair anois bás dam sul do-chífead sin. Agus de bhrígh go bhfuil fios méad do chumais agam, fuasgail an cineadh daonna ar shlighe éigin eile, agus gan do bhás do thabhairt agus mo bhás-sa mar aon leat. Má órduigh an t-Athair neamhdha do bhás ó'n tsíorraidheacht mar dhíolaidheacht ar son cionta na ndaoine, fagh bás gan pian, gan céasadh, gan crochadh." d'fhreagair Íosa í ag rádh: "Ní fhuil amhras, a Mháthair, gur órduigh Dia mo bhás, agus, ionnas go
gcoimh-líonfainn a thoil, go bhfaghad an bás as truail- lighthe gur féidir do nádúir d'órdughadh; agus fós, ionnas go gcuirfinn méad mo ghrádha ar an duine i gcéill, go bhfulaingeochaidh mé an bás gráineamhail seo ar a shon go foighdeach. Dá bhrígh sin, a Mháthair ró- mhilis, bíodh an fhoighde ós cionn an uile shubhailce agat-sa, an nídh atá de riachtanas go mór ort chum na h-aimsire atá romhat." "A Mhic mo chíoch," ar sí, "ní mise a bhéas go bráth contrárdha do thoil an Athar shíorraidhe, agus ó's é a thoil-san do bhás mar dhíolaidhe- acht ar son cionta na ndaoine, déanaim-se, mar an gcéadna, ofráil ar do chorp daonna go toilteanach do réir tola Dé; gidheadh, a Mhic na trócaire, is é do chráidheas mo chroidhe go smior an fheoil dhiadha sin agat- sa ag a dtug Dia le h-oibriughadh an Spioraid Naoimh foirm dheagh-mhaiseach in mo bhroinn agus a dtug mé oilea- mhain, bheith dá pianadh ar mhodhaibh éagsamhla im' fhiadhnaise ag an gcineadh Iúdaigheach; agus, dá bhrígh sin, ionnas go bhfaghainn pian mar aon leat, iarraim d'athchuinge ort, as ucht a ndearna riamh do d'oileamhain, mé féin d'fhulang páise mar aon leat i gcrann na páise. Ní féidir nach mbéidh na tairngidhe le bpollfar tusa, láidir fós, chum mise do chéasadh mar an gcéadna! Ní féidir nach bhfaghaidh mise áit i n-éinfheacht i gcrann na páise! Ní cuibhe dhuit, a Mhic na soillse, an té d'iomchair thú naoi míosa 'na broinn go ndiúltóchthá í fá aon uair amháin i gcrann na páise id' choimhdheacht." Iar gclos na mbriathar sin do Chríost do chuaidh saighead an doilghis do bhí aige fá n-a Mháthair go croidhe ann, agus ag sileadh na súl le truagh uimpe adubhairt: "A Mháthair ró-mhilis, ag seo an t-am agam-sa bheith ag triall do choimh-líonadh tola m'Athar, agus de bhrígh nach féidir liom an athchuinge dhéidheanach sin do thabhairt, agus
fós, nár órduigh m'Athair dham acht mé féin amháin do chéasadh ar son an duine, tabhair dham do bheannacht, agus de bhrígh nach féidir liom 'san gcroich, ó'n síneadh do-bhéarfaid na tairngidhe orm, cromadh leo chugat-sa, tabhair dham do phóg mar aon le do bheannacht." Do thóg an Mhaighdean ghlórmhar a súile suas chum an Áird- Ríogh, agus thug a beannacht dó, dá fhásgadh le n-a croidhe, ag rádh: "Go mbeannuighthear thú ó'n Tríonóid, a Mhic, agus bíodh cuimhne agat orm-sa 'san gcroich, agus ní thréig- fead-sa tusa go bráth." I ndiaidh an chomhráidh thruaigh-mhéiligh seo do ghluais sé le n-a dheisgioblaibh chum na cathrach ag rádh: Desi- derio desideravi hoc pascha manducare vobiscum ante- quam patiar; 'sé sin le rádh, "Is mór an dúil atá agam an cháisg seo d'ithe libh sul má fhulaingeochad" (Lúcás xxii.15). Bíodh a fhios agaibh, a cháirde grádhacha, go raibh gnás 'san aimsir seo ann uan cásga do mharbhadh agus dul go teach a gcaithidís é, agus le linn imtheachta do'n chineadh Iúdaigheach i dtalamh na h-Eigipte fuil an uain do chuimilt d'ursanaibh agus d'fhár-doras an tighe: agus do gheall sé féin go dtiocfadh sé an oidhche chéadna ag rádh: Percutiam omne primogenitum in terra Aegypti ab homine usque ad pecus. "Ní fhágfaidh mé aoin chéid-ghein d'fhear ná mhnaoi ná d'ainmhidhe ar fud na h-Eigipte uile gan mharbhadh" (Ecsodos xii.12). Erit autem sanguis vobis in signum in aedibus in quibus eritis; et videbo sanguinem et transibo vos. "Béidh an fhuil seo an uain mar chomhartha ar bhur dtighthibh-se, agus an uair chífead-sa an fhuil, aithneochad gurab í sin bhur n-áit-se agus rachad tharaibh gan díoghbháil do dhéanamh dhíbh" (Ecsod. xii.23). Ní raibh 'san bhfuil nó 'san uan so, a cháirde, acht fíoghair, de bhrígh gurab é cialluigheadh sé an t-Uan
naomhtha neamh-urchóideach seo, Íosa Críost, ár Slánuigh- theoir, dá ngoirthear Uan 'san Sgriptiúir ag Eoin: Ecce Agnus Dei, ecce qui tollit peccatum mundi. "Féachaidh Uan Dé, féachaidh an té a thógas peacadh an domhain" (Eoin i.29). Do tháinig do thógbháil peacaidhe an domhain. Do marbhadh indiu mar uan cásga é; agus is é chialluigheas clann Israel do bhí i ndaoirse agus i mbruid ag Pháró, síol Ádhaimh do bhí i ndaoirse agus i ngeibhleach a bpeacaidhe ag an diabhal, agus do gheall sé féin .i. Dia, go dtiocfadh sé go h-Eigipt ag déanamh díoghaltais an tsaoghail so orra. Ní raibh aoin nídh dhíobh seo i bhfolach ar Íosa, óir do bhí a fhios aige go maith gurab é féin do marbhóchaidhe indiu mar uan cásga, de bhrígh mar adeir sé féin: Non veni solvere sed adimplere. "Ní do bhriseadh an reachta tháinig mise, acht d'á choimh-líonadh" (Matha v.17). Dá bhrígh sin dubhairt sé: Desiderio desideravi hoc pascha manducare vobiscum antequam patiar. "'Sé m'fhonn an cháisg seo d'ollmhughadh i nbhur measg agus i nbhur g-cuideachtain sul fhulaingeochas mé an pháis" (Lúc.xxii.15). Ionnas, a cháirde, go mbéadh fios staire na páise agaibh tuigidh, iar n-éirghe ó'n suipéar do Íosa, ár Slánuightheoir, gur ghlac uisge agus gur nigh cosa na n-abstal uile, agus i n-a dhiaidh sin gur bheannuigh arán agus go dtug dóibh é le n-a ithe .i. sacramaint a chuirp féin; agus thug sé do Iúdás é féin mar chách, gé go raibh fhios aige nach raibh sé glan chuige; agus mar nach raibh fios an uilc ag cách níorbh' áil leis a bhraith mar thréatúir ag diúltughadh a chuirp naomhtha do thabhairt dó; agus mar nach raibh seisean ullamh glan dó, mar badh dhleacht dó, do chuaidh an diabhal isteach ann ar an mball 'n-ar chaith sé é. Ní dhearna Dia d'fhoillsiughadh ar a olc acht ag rádh go geinearálta: Amen, dico vobis quia unus
vestrum me traditurus est. "Deirim libh go bhfuil duine i nbhur measg do bhraithfeas mise do'n chineadh Iúdaigheach" (Matha xxvi.21). Do ghlac gach aon aca uamhan mór agus uathbhás ag rádh fá leith: Numquid ego sum, Domine? "An mise é, a Thighearna? Fá dheoigh, dubhairt an tréatúir Iúdás le faitcheas go n-aithneo- chaidhe ar a thocht gurab é féin do dhéanfadh an feall: Numquid ego sum, Rabbi? Ait illi: Tu dixisti. "An mise an té seo, a Mháighistir?" D'fhreagair Críost é ag rádh: "Deir tú mar sin é" (Matha xxvi.25). As an áit seo do ghluais Íosa agus na h-abstail go gáirdín Getsemaní, agus do ghlac tuirse mhór agus eagla é ag rádh: Tristis est anima mea usque ad mortem. "Trom, tuirseach, dobrónach, atá m'anam go dtí an bás" (Matha xxvi.38). Do ghlac an cholann daonna criothnughadh mór roimh méad na páise do bhí fá n-a ceann agus do chuir allas fola dhí. Agus iar mbeith do Íosa ag urnaighe i bhfad, agus an tóir ag rith chuige, thug sé aghaidh ar an Athair neamhdha, ag rádh go truaigh-mhéileach bocht: Pater me, si non potest hic calix transire nisi bibam illum, fiat voluntas tua. "A Athair, má tá nach féidir do'n chailís seo gabháil tharm gan mé d'ól aiste, go ndéantar do thoil-sa" (Matha xxvi.42). Níor bh'fhada i n-a dhiaigh sin go dtáinig Iúdás agus an cineadh Iúdaigheach leis, dá thabhairt mar chomhartha dhóibh air tar chách, gurab é Íosa an té dá dtiubhradh sé féin póg. Ó! a thréatúir mhalluighthe, céard é méad do dhánachta, póg do thabhairt do'n té dhíolais leis an námhaid ar deich bpighinne ar fhichead! Ó! a dhuine dhiablaidhe, cad é méad do dhíombuidheachais, Mac Ríogh neimhe agus talman, do bhí 'na Mháighistir agus 'na Dhíonuightheoir agat leis an bhfaid seo, an té do nigh do chosa agus thug a fhuil agus a fheoil féin duit fá ghné aráin agus fíona, ag rádh:
Hoc est corpus meum. "Is é seo mo chorp-sa" (Matha xxvi.26) do bhraith agat le póig cealgaigh mío-rúnaigh ag rádh: Quemcumque osculatus fuero, ipse est, tenete eum. "Cibé duine dá dtiubhrad-sa póg, ag sin an bitheamhnach agus beiridh air" (Matha xxvi.48). Ann seo do rugadar na ladrainn ar Mhac Dé, ar sgáthán na n-aingeal, ar áilleán Mhuire Mháthair. Do cheangladar le rópaíbh caola, cruadha, cnáibe, é, cuid aca dá bhualadh le dóirnibh, cuid eile aca dá bhrúghadh le preabaibh, cuid eile ag tarraing a fhuilt agus a fhionnfaidh, agus gurab é as comhrádh do gach aon aca: Ah! Insidiator! Ah! Mage! Ah! Samaritane! "Ó! a dhroch-dhuine! Ó! a mhealltóir! Ó! a Shamaratínigh! Anois, tá tú againn, go deimhin do-bhéarthar díolaigheacht dúinn i ngach nídh dá ndearnais go h-éigceart i n-aghaidh an reachta." Ó! a Áird-Rígh neimhe agus na cruinne go léir, is agat féin amháin atá fhios céard é méad na péine d'fhulaing an mac trócaireach an uair seo; ar mhodh an drong badh dhílse dhó ar domhan .i. na h-abstail, gur theitheadar uaidh, an uair tháinig briathra Chríost isteach ar Pheadar: Amen, dico tibi, quia in hac nocte, ante- quam gallus cantet, ter me negabis. "Amen, adeirim leat go séanfaidh tú mé trí h-uaire roimh glaodhach do'n choileach anocht" (Matha xxvi.34). Breathnuighidh, a cháirde, méad na péine d'fhulaing an Mac trócaireach! Ní h-é sin amháin, acht iar dteacht do láthair Annas do bhí 'na áird-phrionnsa, do bhuail fear de'n chineadh Iúdaigheach dorn air do chrádh go croidhe é, fá chionn mar adubhairt sé leis an bprionnsa ceist do chur ar an muinntir do bhí ag éisteacht le n-a theagasg go laethea- mhail agus gan ceist do chur air féin. Ó! a Áird-Rígh na cruinne, is foighdeach d'fhulaing tusa seo cé gur chrádh sé thú go cnámh ag rádh go ciuin macánta: Si male
locutus sum, testimonium perhibe de malo: si autem bene, quid me caedis. "Má labhras droch-rud, tabhair fiadhnaise ar an droch-rud, acht má labhras deagh-rud, cad é an fáth gur bhuailis mé" (Eoin xviii.23)? Do bhain an prionnsa Annas tuigsin as na briathraibh seo Chríost, agus de bhrígh nach bhfuair coir bháis air, do chuir uaidh féin é go Caipheas - fear eile de phrionnsaíbh an phobail. Bíodh a fhios agaibh gur do docamhlach do cuireadh é fá dhéin Chaipheas, ar mhodh nach raibh pian ná cuibhreach, dar leat, 'san gcéad phéin do bhí air seach mar do bhí anois ag teacht chum an dara duine le n-a fheicsin. Níor bh'é seo an breitheamh trócaireach leis an nduine mbocht do chonnaic sé ar choiste anma, acht, ar an mball, fiadhnaise d'iarraidh i n-a aghaidh. d'éirghe- adar beirt d'fhiadhnaidhthe bréige ag dearbhughadh go ndubhairt Críost: Possum destruere templum Dei et post triduum reaedificare illud. "Is féidir liom Team- pall de do mhilleadh agus é do chur ar bun i gceann trí laethe arís" (Matha xxvi.61). Níor leor leis an mbreitheamh tíoránta so sin gan é féin do chur ceiste air, ar bh'é Mac Dé é? d'fhreagair Críost gan mhoill ag rádh: Amodo videbitis Filium hominis sedentem a dextris virtutis Dei et venientem in nubibus coeli. "Deirim libh go bhfeicfidh sibh mise ag teacht de dheas-láimh m'Athar ag déanamh breitheamhnais ar bheodhaibh agus ar mhairbh" (Matha xxvi.64). Do phreab an breitheamh tíoránta ag rádh: Blasphemavit, quid adhuc egemus testibus? Ecce nunc audistis blasphemiam. Quid vobis videtur? "Do rinne an mealltóir seo dia-mhasladh. Créad as riachtanas fiadhnaise feasta? Créad adeir sibh leis" (Matha xxvi.65-66)? D'fhreagair an coiste mío-choinsiasach é ag rádh: Reus est mortis. "Tá sé cionntach, do thuill sé a bhásughadh." Tá sé tligthe, ar
an mball, gan truagh, gan taise, gan trócaire! Do ghabhadar de sheilidhe i n-a éadan air agus de dhóirnibh i n-a cheann ag rádh: Prophetiza, quis est qui te percussit? "A bhitheamhnaigh, do rinne tú mac Dé dhíot féin, tarn- gair cia bhuail thú" (Lúcás xxii.64). Iar mbeith dhóibh mar seo go meadhón-oidhche do cheangladar do cholmhuin cloiche é, agus do sgiúrsáladar gan mhoill é. Dearbhuigheann San Ieróm nach féidir d'aon duine dár chruthuigh Dia méad na péine d'fhulaing an Mac trócaireach an oidhche sin do chur i g-céill nó go dtigidh sé féin lá an bhreathamhnais dhéidheanaigh: Passio quam Dominus ea nocte sustinuit numquam perfecte cognoscetur nisi in die iudicii. Ar maidin rinneadar comhairle a chur ceangailte chum árd-uachtaráin na mbreitheamhan uile .i. Píoláit. Iar gclois do Phíoláit gurab ó'n nGaililí tháinig sé do chuir sé uaidh féin go h-Ioruaidh é, do bhí 'na phrionnsa i gcúige na Gaililí. Ní raibh acht meas amadáin ag an bhfear seo ar Íosa agus thug sé fá deara orra cóta bán amadáin do chur air agus a chur tar ais go Píoláit arís. Ó! a Áird-Rígh an domhain, is truagh an bhail seo ar d'Aon-Mhac trócaireach! Ó bhreitheamh go breitheamh, ó bhinnse go binnse, ó choiste go coiste, gan truagh, gan trócaire ag aon díobh leis an truaghán bhocht, acht méadughadh péine ag gach aon díobh dá chur air. Iar dteacht do láthair Phíoláit, do mheas Píoláit nár bh'fhéidir dó féin breith an bháis do thabhairt air nuair nach bhfuair sé coir bháis i n-a leith, agus ionnas go leigfidís an cineadh Iúdaigheach uatha é, d'fhiafruigh sé cia aca do bhéadh saor Íosa nó Barabbas. Bíodh a fhios agaibh go raibh gnás 'san aimsir sin ann duine éigin de'n bhuidhin do bhéadh istigh leigean amach i n-onóir na cásga. Do bhí an fear so dá ngoirthí Barabbas 'na
rógaire, 'na sgriosadóir agus 'na ghaduidhe. Do mheas Píoláit gurab é Íosa d'iarrfadaois do shaoradh agus Barabbas do chrochadh, agus adubhairt: Quem vultis dimittam vobis, Barabbam, an Iesum qui dicitur Christus Barabbas nó Íosa dá ngoirthear Críost" (Matha xxvii.17)? d'fhreagair siad-san go h-árd, ag rádh: Tolle hunc et dimitte nobis Barabbam. "Croch an fear seo agus leigeam Barabbas as" (Lúc. xxiii.18). "An é bhur dtoil bhur Rígh féin do chur chum báis?" ar Píoláit. D'fhreagair siad ag rádh: Non habemus regem nisi Caesarem. "Níl aon rígh againn acht Saesar" (Eoin xix.15). Do chlaon Píoláit le h-eagla an ríogh talmhaidhe agus thug sé breitheamhnas báis ar Áird-Rígh neimhe agus talmhan ag rádh: Accipite eum vos, et crucifi- gite. "Ag seo dhíbh an bitheamhnach agus cuiridh chum báis é" (Eoin xix.6). Ó! a bhriathra malluighthe, le'r tligeadh Mac an Athar shíorraidhe, is mairg béal as a dtáinig sibh! Ó! a bhriathra diablaidhe, le'r daoradh an fíréan i n-éagcóir, is mairg teanga do labhair sibh. Ó! a bhriathra neamh-thrócaireacha, le'r glacadh Saesar do rogha tar Íosa, is mairg intleacht do smuain sibh! Do ghluaiseadar gan mhoill go cnoc Calbharí, áit d'áirithe do bhí aca chum droch-dhaoine do chur chum báis, agus an chroch dá h-iomchar ag Críost, cé nár bh'furas dó é, nó gur sáruigheadh, fá dheoigh, fúithe é. Do cuireadh annsin iomchar na croiche ar dhuine áirithe do casadh orra 'san tslighidh, agus ní ar mhaithe le Críost, acht le h-eagla go bhfaghadh sé bás fúithe sul fá bhfeicfeadh an domhan dá chéasadh go h-árd innte é. Níor leor so gan coróin spíne do chur ar a cheann agus éadach magaidh purpair. Ní péarlaidh ná clocha uaisle do bhí 'san gcoróin so mar badh chuibhe do choróin mhic ríogh do
bheith innte; ní scepter ríoghdha tugadh i n-a láimh dó mar badh ghnáith le mac áird-phrionnsa acht gas giol- caighe, agus cách uile ag magadh faoi ag rádh: Ave, rex Iudaeorum, et dabant ei alapas. "Go mbeannuighthear dhuit, a Rígh na n-Iúdaigheach, agus thugadar palltóga dhó" (Eoin xix.3). Breathnuighidh, a cháirde, méid na péine d'fhulaing Íosa ar feadh na h-aimsire seo, dá mhaslughadh agus dá imdheargadh leis na sluaightibh ar an uile thaobh dhe, ag teacht 'na choinne le n-a mbuillíbh, le n-a n-urcharaibh ag rádh: "An é seo an mealltóir? An é seo an bitheamhnach? Do rinne sé Mac Dé dhe féin; crochaidh, céasaidh, raobaidh, marbhuighidh é." Iar dteacht go h-áit na croiche dhóibh do thochail cuid aca an talamh 'n-a gcuirfidhe an chroch 'n-a seasamh. Do bhí tairngidhe réidh ag cuid aca. Do bhí úird le bualadh na dtairngidhe ag cuid eile. Do cuireadh Mac an Athar shíorraidhe i gcrann na páise agus tairnge i n-a láimh dheis ar cheann dí, agus mar nár shroich an lámh chlí muirtís an dara tairnge 'san gceann eile leis an gcrapadh do rinne sé le méad doilghis na láimhe deise, do tharraingeadar le rópaíbh caola, cruadha, í go muirtís an dara tairnge, agus mar an gcéadna le n-a chosaibh; ar mhodh nár fhágbhadar alt ná féith ná cuisle 'na chorp nár raobadar, agus nár bhriseadar ó chéile. Ó! a chríostaidhe chroidhe, féach a chuma! Ó! a chríostaidhe nach truagh leat Mac Dé agus duine gan cruth, gan sgéimh, gan gné, gan glaine. Ecce homo. "Ag seo an duine" (Eoin xix.5) dá chéasadh ar son peacaidhe na cruinne. Ecce homo. "Ag so an duine" dá chéasadh agus gan aon tsnáith uime! A Mhuire, atá fá bhun an bhile, ag so do chéid-ghein cloinne, labhair sul marbhthar é uile. Éist anois, a phobail chríostamhail, le h-uall-dhubhadh na mná boichte. "A dhalta m'uchta agus a áilleáin mo shúl, is
truagh liom-sa an riocht sin a bhfuilir i m'fhiadhnaise dod' lot agus dod' lán-mharbhadh agus dod' chosgairt agus dod' tharraing ó chéile gan dath, gan sgéimh! Ó, a chompánaigh ghrádhaigh! An tú atá ann ar aon chor? Má's tú, ní aithnighim thú. Muna bhfeicinn féin dod' chur 'san riocht sin, ní chreidfinn gur tú atá ann ó'n riocht sin 'n-ar chuireadar an cheithearn mhalluighthe mhío-thrócaireach thú. C'áit a bhfuil do bhláth nó do sgéimh? C'áit ar ghabh do dhath nó do dhealbh, a chaomhthaigh agus a chéile? C'áit a ngeobhad feasda? Ní daingean dam aon áit i d'éaghmais. Is mise an bhean bhocht agus an Mháthair mhillte, gan athair, gan máthair, gan fear, gan inghean, gan mac, gan dalta, gan compánach. Uch! Uch-Ón! A Athair neamhdha, ó nár fhéachais do d'Aon-Mhac, is truagh nár fhéachais do'n mhnaoi boicht agus gan a crádh ar fad. Ó, a Mhic mhilis, nach tú chruthaigh neamh agus talamh agus do chuir a bhfuil ionnta agus eatorra de chréatúiridhibh? Nach tú ceann na n-aingeal agus na ndaoine, agus tú anois i gcrann na páise gan misneach? Is truagh an t-atharrach so d'éirigh dhuit indiu a ghnúis áluinn, oirdheirc, do chleacht bheith i m'ucht-sa, atá ag dealgaibh spíne dá polladh go h-inchinn: na cluasa d'éistigheadh leis na briathra úd an aingil: Benedictus qui venit in nomine Domini. "Is beannuighthe an té thig i n-ainm an Tighearna, (Matha xxi.9), agus d'éis- tigheadh gach nóiméad leis na h-aingil ag rádh: "Naomhtha, Naomhtha, Naomhtha, ainm an Tighearna, Dia na sluagh"; atáid indiu ag éisteacht le "Tóg, tóg, croch, croch, raob, raob, buail, buail, marbh, marbh an bitheamhnach"; an béal badh mhilse 'ná an mhil, gan de dhigh aige acht dom- blas agus fínéagra; na lámha láidre le'r bh'fhéidir an domhan mór do chlaoidh i nóiméad uaire, iad dá bpolladh go teann; an corp do b'áilne ná an ghrian níos duibhe
'ná gual gabhann agus 'na chnocaibh dubha ó lámhaibh lad- rann! Uch! a Mhic m'anma, do thréig d'Athair féin thú! Do theith do dheisgiobail uait! Níl bean do shínte ná do chaointe agat. Maise, dá maireochadh Ióseph, is cosmhail do mbadh thruagh leis an bhail seo ar a dhalta féin agus ar mo Mhac-sa!" Quis est homo qui non fleret, Christi matrem si videret in tanto supplicio? Cia an duine nach gcaoinfeadh Críost do bhéadh ag éisteacht leis an Maighdin nglórmhair ar an gcainnt seo fá bhun na croise, agus gur ab é congnamh dóláis do bhí aici ó'n gcineadh Iúdaigheach bheith dá bhfaicsin ag cur éadaigh magaidh amadáin air agus ag imirt a chuid éadaigh féin le h-urchar dísle! Ó a Mháthair na soillse, is bocht doghrainneach do ghléas agus ní h-iongnadh tú ag rádh na mbriathar úd ag an bhfáidh Ieremias: O vos omnes qui transitis per viam, attendite, et videte si est dolor sicut dolor meus! "Ó! a lucht siubhail na sligheadh tugaidh dá bhur n-aire agus féachaidh go glinn an bhfuil doghrainn ar domhan as mó 'ná mo dhoghrainn-se" (Triamhna Ier.i. 12). Ní tháinig sin, a cháirde ghrádhacha, agus ní thioc- faidh go deireadh an domhain truagh as mó 'ná an Mhaighdean ghlórmhar indiu. Ar dhá ádhbhar, ar dtúis fá 'n-a céid-ghein cloinne d'oil agus d'altrom sí féin agus í i dtaobh leis mar chloinn; an dara h-ádhbhar, níor fhulaing an chéid-ghein cloinne seo aithis, imdhear- gadh, masla, mío-mhodh, pian ná pionós nár fhulaing sise mar an gcéadna; óir mar adeir an feallsamh: Anima est magis ubi amat quam ubi animat. "Is mó bhíos an Croidhe 'san gcorp i n-a mbíonn a ghrádh 'ná san áit a mbíonn sé féin ar iomchar." Dá bhrígh sin, ar mhéad grádha Mhuire ar a céid-ghein cloinne, gur mó bhí a h-anam ann 'ná innte féin! Do chráidh doghrainn Mhuire Íosa mar gach nídh eile,
agus thug sé claonadh ar a cheann 'san gcroich ag rádh: Mater, ecce filius tuus (Eoin xix.26) - "A Mháthair ró-mhilis, de bhrígh go bhfuil fios méid do dhoilghis agam ag so dhuit mar mhac agus mar dhalta Eoin, mo dheis- giobal grádhach féin, do ghrádhuigh mé riamh tar chách agus do dhéanfaidh m'ionad-sa dhuit feasta." Do chlaon arís ar Eoin do bhí 'na seasamh ós a chomhair ag rádh: Ecce mater tua (Eoin xix.27)! "A mhic, ní fhuil agam le rádh leat acht gur sin í do mháthair annsin, agus de bhrígh go bhfuil fios agat riamh méad a cúraim ionnam-sa, déin-se cúram feasta 'na timcheall sin agus déin m'ionad-sa dhí agus mo bheannacht libh!" 'Na dhiaigh seo thug sé aghaidh ar a Athair neamhdha ag rádh go truaigh-mhéileach bocht: Pater ignosce illis quia nesciunt quid faciunt (Lúcás xxiii.34). "A Athair thrócairigh, maith dhóibh seo," 'sé sin, "maith do'n mhuinntir seo atá dom' chur-sa chum báis, de bhrígh nach bhfuil fhios aca créad atáid dá dhéanamh;" ionann sin le rádh, "A Athair thrócairigh, ní dod' ghuidhe mar bhreitheamh atáim ag iarraidh do bhrostuighthe chum díoghaltais do dhéanamh ar m'eascáirdibh; acht táim dod' ghuidhe mar Athair lán de thrócaire, ionnas go mbadh dheonach leat, as ucht mil- seachta an anma so agam-sa, an choir seo do mhaitheamh dhóibh; is mó mo chion-sa ar shláinte na ndaoine, agus is uaisle liom mar athchuinge é 'ná mo bheatha féin. Dá bhrígh sin, a Athair thrócairigh, is mó an meas is córa dhuit do bheith agat ar an gcarthannas do-bheir orm-sa mo chuid fola do dhortadh go fonnmhar ar a son 'ná ar an olc sin. Dimitte ergo illis mar nach maithtear an choir nó go ndéintear leoir-ghníomh 'san ngoid. Féach gur goideadh toradh an chrainn thoirmeasgtha i bParrthas; féach mar éiric annsin mise indiu mar thoradh crainn na croiche! Glac sin mar shásamh agus mar leoir-ghníomh
ins na sean-fhiachaibh sin." Ó! a Mhic na ngrás, is aidhbhéil méad do charthannachta an tan atá tú ag iarraidh maitheamhnais do'n mhuinntir do chuir 'sa riocht sin tú agus gan de thruagh aca sin duit-se acht ag méadughadh do phéine gach tráth! Ó! a lucht aontuighthe na ndiabhal, nach bhfeiceann sibh na dúile bodhra, balbha ar chlaochlódh fá bhás Chríost, agus sibh-se amháin neamh- mhothuightheach? Féach an claochlódh! Velum templi scissum est in duas partes, terra mota est et petrae scissae sunt et monumenta aperta sunt et multa corpora sanctorum qui dormierunt surrexerunt. "Féachaidh, do rinneadh dhá chuid de mhullach an teampaill go talamh, do mhaothuigh an talamh féin chun briste, do sgaoilteadh na carraigeacha d'osgladh na tuambaí agus d'éirigh mórán de dhaoinibh marbhtha" (Matha xxvii.51,52). Ós a chionn so tenebrae factae sunt super universam terram (Lúcás xxiii.44), 'sé sin, do bhí an domhan go léir lán de cheo agus de dhorchadas; agus is é chialluigheas an dorchadas sin go raibh na dúile uile lán de náire agus d'aithmhéala fá'n éagcóir do rinneadh ar a gcruthuightheoir agus annsoin do chonnacadar méad na h-éagcóra do rinneadh air. Níor leig náire dhóibh iad féin do thaisbeánadh acht iad féin d'fholachadh le h-úrdhubhadh na gréine. Má thais- beánadar na dúile bodhra, balbha an oiread sin de lionndubh agus de chathughadh fá bhás Chríost gur cuireadh culaidh dhubh agus libhré cumha orra féin, créad badh chóir dhúinn-ne do dhéanamh de bhrígh gurab ar ár son do céasadh é agus nach ar son na ndúile mbodhar mbalbh. Adeir Naomh Ierom, Omnis creatura compatitur Christum et solus homo non compatitur. "Ní'l créatúir ar bith nach raibh truagh aige do Dhia acht an duine amháin," agus gur ar son an duine d'fhulaing sé an méad so do chíonn sibh. Ó! a dhuine ifreanndha, i mór do dhall an
diabhal do thuigse, is mór do stop sé do chéadfadh nach féidir leat truagh do bheith agat d'Íosa do céasadh i gcrann na páise agus d'aimhdheoin a bhfuil dá dhéanamh air gurab é as comhrádh dhó ar do shon Sitio (Eoin xix. 28); 'sé sin go bhfuil tart ar Íosa de bhrígh gurab é as tart ann, mian neithe do bhéadh fuar fliuch. Uime sin adeir Cyrillus gur de na piantaibh as géire d'fhulaing Críost 'san gcroich an tart corpordha. Ní h-iongnadh so agus an méad do chuir sé d'allus fola dhe ag iomchar na croiche agus a bheith nochtuighthe innte go h-árd le teas gaoithe agus gréine! Ó! a Thighearna, mo cheist ort créad é an éagcaoine do ghnídh tú ar phiantaibh an bhéil amháin agus gan ball ded' bhallaibh saor ó phéin. Óir do réir taisbeánta Bhrighide Naomhtha do buaileadh cúig mhíle agus ceithre céad agus deich mbuille agus trí fichid de sgiúirse ort, ar mhodh nach dtuigim créad an t-ádhbhar nach ngearánann tú na baill eile chomh maith agus gearánann tú an béal! Créad as nach dtuigeann tú, adeir Críost, gur le déanamh síotha i bpeacadh Ádhaimh do ghlac mise an cholann daonna, agus de bhrígh gur le h-ain- mhian agus le mí-mheasardhacht an bhéil agus na teangan do thárla sin ní neimh-iongantach mise dá éagcaoine mar thobar as ar shil gach uile olc dom' ionnsuidhe. Ádhbhar eile, de bhrígh go bhfuil pian agus céasadh na mball eile soiléir so-fheicsiona ag gach aon mar adeir Isaias, fáidh, 'san chéad chaibidil, A planta pedis usque ad verticem capitis non est in eo sanitas. "Níl aon bhall slán ó thrácht a bhonn go mullach a chinn gan pian, gan treaghdadh" (Rann 6), gidheadh, atá pian an bhéil agus na teangan i bhfolach agus d'eagla go sílfidhe go mbéadh an oiread sin amháin saor ó phian agat, 'sé sin do-bheir ort a rádh go bhfuil tart ort! Ó! a Thighearna, is iongnadh liom méad do tharta agus gur domblas do
dheoch! Is iongnadh liom méad do tharta agus nach cuimhin leat, an uair do thug Píoláit breitheamhnas báis ort, gur cuireadh coróin spíne i mullach do chinn! Is iongnadh liom nár choisg na srotha fola do bhí ag tuitim in do bhéal do thart! Ná bíodh iongnadh oraibh, adeir Críost, óir is minic mé dá innsin díbh nach fáth iongan- tais cócaireacht ar bith dá ndearnadh ar mo chorp-sa, ag polladh mo lámh, mo chos agus mo chinn, mar do tharngair an fáidh Dáibhídh: Foderunt manus meas et pedes meas et dinumeraverunt omnia ossa mea (Sailm xxi.17,18). Cár bhfuláir na ceithre srotha so do leigean amach do ghlanadh an chinidh daonna? Cár bhfuláir na ceithre srotha so do dhortadh do thabhairt leoir-ghníomha do na subhailcidhibh cairdinéalta ionnas nach mbéadh imreasán eatorra? Misericordia et veritas obviaverunt sibi iustitiam ut in pace sint (Sailm lxxxiv.11). Is deimhin, a cháirde, má's mian liom labhairt ar chéill fáth-rúnda an fhocail so, Sitio, gurab é trom-shláinte na n-anam é; mar adeir Naomh Aibhistín: Sitio salutem animorum; tá tart bhur gcreidimh orm agus is mó atá sé dom' ghoin 'ná mo phian féin. Ó! a chríostaidhe chroidhe, ná tréig an Dia céadna so indiu ar nídh ar bith. Féach ar a liacht cneadh agus créacht air ar do shon! Féach na cúig mhíle ceithre céad agus na trí cneadhacha agus trí fichid d'fhulaing sé indiu dod' shaoradh-sa ar gheibheann na ndiabhal. Glac leis indiu agus athruigh. Má tá splannc chéille ionnat do-bhéarfaidh tú grádh dhó ar son a chomaoine. Dearbhuighim dhuit, a charaid, dá mbéadh intleacht agus teanga a dtáinig agus a dtiocfaidh de shíol Ádhaimh agam ar an láthair seo, nach dtiocfadh liom an fiche- amhadh míle cuid do chomaoin Chríost ar an té as úir-ísle annso indiu do chur i gcéill; agus, a charaid chroidhe,
ó's nídh é do chuaidh ós cionn tuigse agus intleachta duine d'fhaisnéis, iarraim ort do shúile sanntacha, saoghalta, colnaidhe do dhúnadh i síothcháin na fola fíor- uaisle le n-ar fuasgladh sibh, bhur súile creidimh agus coinsiais d'osgladh. Tugaidh aon amharc amháin leo ar phriosún dubh, dorcha tighe ifrinn. Féachaidh a liacht leomhan ann, a liacht dragún craos-osgailte, cíocrach, confadhach do bhí le h-aghaidh bhur dtuargain; teine nach féidir do mhúchadh agus sneachta nach féidir do leaghadh i gceárdcha tighe ifrinn! Féachaidh a liacht pian agus pionós eile nach féidir do chur i n-órdughadh mar adeir Iób: Ubi nullus ordo sed sempiternus horor inhabitat. "De bhrígh nach bhfuil ann acht gráin agus uathbás síorraidhe" (Iób x.22). Tógbhaidh bhur súile ó ifreann agus tugaidh aon amharc amháin leo ar Chríost, ár Slánuightheoir, i gcrann na páise; féachaidh a chorp créachtnuighthe, taobh-fhosgailte dá bhur saoradh agus dá bhur sábháil ar chraosaibh, ar leomhanaibh agus ar dhragúnaibh diablaidhe tighe ifrinn. Féachaidh na h-úird ag bualadh na dtairngidhe agus na tairngidhe mar inneoin ag dul i gcorp Chríost dá bhur saoradh agus dá bhur sábháil ar chéardchaibh agus ar ghaibh- nibh tighe ifrinn; agus is deimhin, a cháirde muna nglacaimíd truagh dhó agus sinn féin d'fhilleadh ó lochtaibh 'na bhfuilmíd gur míle mó an céasadh do bhéar- faimíd air 'ná mar chímíd indiu ó'n gcineadh Iúdaigheach! Is mó, gan amhras, a chríostaidhe, chéasas tú é le gach aon pheacadh marbhthach do dhéanann tú; 'sé sin uabhar, sainnt, drúis, tnúth, craos, fearg, agus leisge, 'ná an méad atá sé ag faghbháil, ar mhodh nach dtugaimíd slighe dhó ar fhéachain go grinn ná go trócaireach orainn! Is measa leis méad ár ndíombuidheachais fá mhasla d'fhulang ar ár son 'ná an méad pionóis atá sé ag
faghbháil, mar adeir Naomh Aibhistín. Ná bímís, dá bhrígh so, díombuidheach, agus smaoinimís gurab é do chuaidh i n-urradhas ar ár son; an uair nár bh'fhéidir linn féin ár saoradh, do shaor seisean sinn agus do thug díolaidheacht le n-a chuid fola 'nár bhfiachaibh! Ó! a charthannacht ós chionn gach carthannachta agus a ghrádh do sháruigh gach grádh, óir cá bhfuil grádh ann as mó 'ná duine do thabhairt anma ar son a charad? - Maiorem charitatem nemo habet quam ut daret animam suam quis pro amicis suis (Eoin xv.13). Maise, is mó 'ná sin carthannacht Chríost, óir nuair bhíomar 'nár n-eascáirdibh aige do thug sé é féin ar ár son, agus do bhris an chairt do bhí ag an diabhal ar ár n-anmannaibh agus do cheangail do'n chroich í. Ó! mo thruagh ghéar an daoirse so do bhéadh ar dhroich-earradh agus gé go raibh an t-earradh go h-olc ní lughaide do chuir seisean éirnis mhaith innte d'eagla go dtiocfadh an mangaire meabhlach, cealgach, mío-rúnach .i. an diabhal, agus go mbéarfadh sé chuige féin í. Siúd an cnoc 'na bhfuil an siopa saidhbhir costasach; siúd an cnoc 'na bhfuil earraidhe an domhain dá ndíol i n-aisge indiu! A charaid chroidhe, téanam ar an gcnoc so Calbhairí, agus do gheobhair gach earradh dá bhfuil d'easbaidh ort. Má's coróin atá d'fheidhm ort, siúd í an choróin spíne ag dul go cnámh agus go h-inchinn i gCríost, tóg féin agus cuir ar do cheann í, agus geallaim dhuit gur míle mó do luach-saothair ar a son 'ná dá gcuirfeá coróin ríoghdha ort 'na mbéadh péar- laidhe agus clocha uaisle go talamh. Má's hata theastuigheas uait nó éadach cinn ar bith eile, siúd é án púicín ar Íosa agus an cheithearn diablaidhe ag gabháil de bhasaibh agus de dhóirnibh air ag rádh - Prophetiza nobis quis est qui te percussit. "A bhitheamhnaigh, innis
dúinn cia do bhuail tú!" (Matha xxvi.68). Má's aibíd atá uait nó gúna mór-luaigh ar bith eile siúd é an cóta amadáin fá Chríost agus é dá leagadh ar a bhéal agus ar a aghaidh i lathaigh na sráide agus déan éadach cuirp de. Má's slat mhór chubhaidh atá uait siúd é an gas giolcaighe agus cách uile ag fonomhaid faoi ag rádh: Ave Rex Iudaeorum, et dabant ei alapas (Eoin xix.3). Má's crios atá uait, siúd é an rópa caol, cruaidh ag fásgadh a chuid fola idir fheoil agus leathar! Má's biadh nó deoch atá de dhíth ort, siúd é an biadh blasda agus an deoch fhíor-shláinte .i. a fhuil agus a fheoil! Má's seomra codalta as mian leat d'fhaghbháil, siúd é an seomra réidh agus an doras osgailte .i. taobh Íosa ar n-a tholladh leis an sleagh! Má's díol truaighe atá uait, cá bhfuil díol truaighe as mó 'ná ár Máthair bhocht ar thórramh a h-Éin-Mhic agus a céid-ghein cloinne; agus Mac Ríogh dá chrochadh fá ghoid ubhaill agus nach é féin do ghoid é acht mise Ádhamh agus mo shean-athair Ádhamh eile. Má theastuigheann níos mó de'n earradh so uait, bíodh fhios agat nach bhfuil deireadh le h-earraidhibh an chnuic seo go bráth. Bíodh fhios agat gurab uime d'fhulaing Críost an méad so indiu ionnas go mb'fhéidir leis an nídh, do cheannuigh sé féin go daor, do bhronnadh ort-sa i n-aisge agus gan de dhíolaigheacht aige dá iarraidh ort acht amháin grádh síorraidhe do thabhairt dó dá chionn. Fia- fruighim dhíot, a chara ionmhuin, dá mbronnfaidhe an méad earraidhe atá i Lonndain nó i bPairis ort, dar ndóigh, is mó an grádh do bhéadh agat do'n phrionnsa do bhéar- fadh an bronntanas sin duit agus badh dhuine díom- buidheach thú, gan amhras, muna mbéadh. Maise, cad é an grádh as cuibhe dhuit do thabhairt d'Áird-Rígh nimhe agus talmhan atá ag bronnadh, ní h-é amháin earraidhe
Lonndain nó Pairis ort nó neithe beaga, suaracha, saoghalta, so-chaithmhe eile, acht flaitheamhnas Dé atá síorraidhe, do-chaithte agus do chuaidh ós cionn tuigse an domhain d'fhoillsiughadh. 'So an earradh nár mhalairt Muire Mháthair, nár mhalairt an gaduidhe 'san gcroich. Féach, dá bhrígh sin, ar Mhuire; féach dílseacht agus deagh-chroidhe Eoin le'r fágbhadh taobh leis í. Féach aithrighe an ghaduidhe 'san gcroich ag rádh le Críost: "Cuimhnigh orm-sa, a Mhic Dháibhídh, nuair do thiocfair id' Ríoghacht" (Lúcas xxiii. 42). Muna mian leat sómpla do ghlacadh de'n mhuinn- tir seo, féach umhla, úir-ísleacht, foighide agus boichte an tSlánuightheora féin! Tá sé bocht i gcúig chásaibh indiu. Ar dtúis tá sé bocht i muinntir, óir do theithea- dar na h-abstail uaidh. Tá sé bocht i gcáirdibh, óir níl aon duine aige do labharfadh focal ar a shon. Tá sé bocht i n-éadach, óir do raobadh as a chuid éadaigh é agus do cuireadh éadach magaidh amadáin air. Tá sé bocht i mbiadh agus i ndigh, óir níl aige acht domblas agus fínéagra. Fá dheoigh, tá sé bocht i ndúthaigh, óir níor fágbhadh leithead a dhá bhonn ar urlár na croise aige nó gurbh éigean a dhá chois do chur fá aon tairnge amháin i gcrann na páise. Uch mo thruagh! mo thruagh! mo thruagh! mo mhíle truagh! Measamaoid-ne sinn féin do bheith bocht agus a shocaracht agus a shocamhlacht do gheibhmíd an saoghal ad' tharrac-sa. Uch! mo thruagh! Nach dtuigimíd an méad so 'fhuilingis ar ár son agus gurab é as rún dúinn-ne i ndiaidh an mhéid seo tú do thréigean ar neithibh suaracha, so-chaithmhe an tsaoghail seo! Cia againn nach ndéarfadh gurbh olc an rogha do rug an cineadh Iúdaigheach, nuair do dhiúltadar do Chríost agus do ghlacadar leis an mbitheamhnach Barabbas. Is
measa sinn-ne go mór 'ná an cineadh Iúdaigheach, óir is measa an peacadh 'ná Barabbas agus 'sé an peacadh do bheirimíd-ne de rogha. Ní h-áil linn Dia, acht uabhar, sainnt. Ní h-áil linn Dia acht meisge, máthair na n-olc, cailleamhain na h-aimsire, long-bhriseadh na geanmnaidheachta, túis agus deireadh gach mí-ghrinn. Ní h-áil linn Dia agus aoibhneas síorraidhe atá dá ofráil dúinn, acht ár n-antoil bhréagach, chlaoin-mheabh- lach, thubaisteach tharraingeas sinn i measg na ndiabhal malluighthe bhíos ag fritheálamh agus ag freastal na bpian ndo-fhulangtha dhúinn an feadh mhairfeas Dia ag caitheamh na glóire. Ó! a chríostaidhe chroidhe, ná tréig do Shlánuightheoir féin ar nídh ar bith. Féach a liacht cneadh agus créacht air ar do shon. Féach na cúig mhíle ceithre céad agus na trí cneadhacha agus trí fichid, d'fhulaing sé indiu dod' shaoradh ar gheibheann an diabhail! Glac leis cé go bhfuil sé marbh i gcrann na páise; ar a shon sin, tig leis tusa d'aithbheodhachain le n-a ghrásaibh ó urchóid crainn Pharrthais. Ó! a dhuine bhoicht, an é as mian leat-sa bheith uaibhreach, sanntach, drúiseach, tnúthach, craosach, feargach, leisceamhail, agus eisean umhal, úir-íseal, toirbheartach, geanmnuidhe, foighdeach, neamh-spadánta 'san méad so d'fhulaing ar do shon. Ó! a dhuine dhiablaidhe, an é as mian duit bheith go seasgair ag gabháil do chuid earraidhe agus éadaigh umat agus eisean ós do chomhair gan aon tsnáithe uime 'na bhall sómpla ag an gcineadh daonna! Ó! a chroidhe as cruaidhe 'ná an chruaidh, créad an t-ádhbhar nach maothuighthear tú ag feicsin na fola fíor- uaisle dá dortadh i gcrann na páise? Ó! a chroidhe as cruaidhe 'ná an chloch, créad é an t-ádhbhar nach ngoil- eann tú ag feicsin na mball mbeannuighthe .i. cosa
agus lámha ár dTighearna dá dtolladh leis na tairngíbh maola? Ó! a chroidhe as measa méine 'ná an nathair nimhe, créad an t-ádhbhar nach bhfuil truagh agat dá cheann ghlórmhar atá fá'n gcoróin spíne agus do'n taoibh aol-dathaigh do-chí tú iar n-a tolladh leis an sleagh tar éis a bháis i gcrann na páise. Do bhí nós nó gnás aca an uair seo gan corp marbh ar bith do bheith i n-áirde aca Dia Sathairn, do bhí 'n-a dhomhnach, agus atá fós ar congbháil aca sin. Ó! a chríostaidhe, nach truagh leat, mar aon leis so, an corp beannuighthe úd do Shlánuightheora dá leagadh anuas i n-ucht Mhuire ag méadughadh a pian níos mó 'ná aon nídh dár fhulaing duine riamh, mar is follus as a briathraibh féin 'nuair chonnaic sí an taise mharbh idir a gil- ghéagaibh. Heu! Est-ne hic Filius meus? O Mi Iesu, quale reduxerunt peccata hominum? "Uch! An é seo mo Mhac-sa? Ó! a Íosa, créad é an riocht soin ar a gcuireann peacaidhe cloinne Ádhaimh tú? Ó! a Íosa, an féidir cionta síl Ádhaimh do bheith chomh trom sin gur fiú iad Mac Ríogh neimhe agus talmhan do bhásughadh ar a son? Ó! a radhairc mo shúl agus áilleáin do Mháthar, cionnas as féidir liom a rádh feasta go mbéidh mé beo agus tusa marbh im' fhiadhnaise. Is mairg nach raibh 'san domhan aon duine ar a dtabharfaidhe an chosgairt sin, acht tusa amháin, a ghnúis áluinn oirdhearc! Is mór an t-idir-dhealbhadh so chím indiu ort seach mar do chonnaic mé roimhe seo ort 'san mBeithil. Badh mhór ádhbhar mo luathgháire 'san mBeithil, is mór ádhbhar mo dhoilghis indiu i n-Ierúsalem! Badh shoillseach, deall- raightheach m'ionad comhnuighthe 'san mBeithil; is tuirseach, dobrónach m'ionad suighte fá bhun na croiche agus mo Mhac mín, áluinn, milis, marbh idir mo dhá láimh. Uch! mo mhíle truagh nach marbh mar aon leat atáim sul do-
chídhfeadh mé tú ag dul marbh uaim 'san tuamba!" Ó! a chríostaidhe chroidhe, nach truagh leat Muire fá 'n-a h-aoin- ghein cloinne! Dá bhfeicfeá bean uasal ar thórramh a h-aoin-mhic agus é d'éis a chrochta i n-éagcóir, dar ndóigh, badh chruaidh do chroidhe nó do-bhéarfá congnamh deora dhí agus í 'na h-aonar. Is cruaidh, dá bhrígh sin, do chroidhe muna ngeobhaidh tú truagh do Mhuire, bainríoghan na n-aingeal agus na n-abstal! Glac truagh dhí, dá bhrígh sin, agus ná goillidh ort ar an saoghal so duadh ná dochar dá bhfaghair ar son Dé. An measann tusa, a chríostaidhe, toradh na páise d'fhaghbháil gan duadh, gan dochar, gan inghreim? Nonne oportet Christum haec pati et ita intrare in gloriam suam? "Féach gurab éigean do Chríost an méad so d'fhulang ionnas go bhfaightheá-sa an bheatha mharthannach" (Lúcás xxiv.26). Ná meas, dá bhrígh sin, gurab ar olc leat- sa do bhaineas Dia do chlann nó do mhaoin saoghalta dhíot; ní h-eadh, ar aon chor, acht do dhearbhadh d'fhoighde, mar adeir Basilius: Non ad mortem iniicit tela in nos sed ad salutem. "Ní chum báis do chaitheas Dia a shaighdidhe linn ar uairibh acht chum sláinte," de bhrígh nach comhar- thaidhe feirge iad acht comharthaidhe grádha, mar adeir Solamh: Quem enim diligit Dominus corrigit, "An té ghrádhas Dia 'sé a ghortuigheann sé" (Sean-ráidhte iii. 12), agus mar adeir San Aibhistín: Nemo potest in utroque saeculo, hic et in futuro, gaudere. "Ní féidir le h-aon duine flaitheas Dé thall agus i bhfus, ní féidir leis an áit thall do shealbhughadh gan an áit i bhfus do tharcuis- niughadh," agus mar adeir Críost, "Ollmhuighidh sibh féin fá chomhair an uile inghreama, an uile bhuaidheartha agus an uile thrioblóide, óir is leis so agus ní le n-a mhalairt do gheobhaidh sibh flaitheamhnas Dé." Is mór do dhaoinibh ar an saoghal so agus ní mian
leo aon nídh d'fhulang ar son Dé. Ní h-é amháin gan aon nídh d'fhulang ar a shon, acht ag ceasacht ar Dhia ins gach doilgheas beag dá dteangmhaigheann dóibh, ag rádh go péacach, ainbhfiosach, má 'sé a athair nó a mháthair, a mhac nó a inghean do gheobhas bás. "A Dhia, créad do rinneas-sa ort nó créad é an tsean-mhallacht atá im' dhiaigh nach bhfuil i ndiaidh mo leithéid eile." Ó! mo thruagh thú, a dhuine bhoicht. Nach measann tú go ndéan- tar toil Dé i n-aimhdheoin do neamh-fhoighde-se? Nach measann tú gur tré sómpla d'fhágbháil agat ar dhoil- gheas d'iomchar go foighdeach atá Críost indiu i gcrann na páise? Féach air, a chríostaidhe chroidhe, agus gé go bhfuil sé marbh indiu i gcrann na páise, ar a shon sin, tá sé 'n-a Dhia thrócaireach agus béidh go síorraidhe 'n-a Dhia agus 'n-a dhuine. Iar n-eiséirghe dhó ó mharbhaibh agus ionnas go dtiocfadh linn-ne an t-eiséirghe do dhéanamh leis ó'n mbás, ó gach peacadh 'n-a bhfuilmíd, guidhmís é go dúthrachtach fá bhraon dá ghrásaibh do dhortadh i n-ár gcroidhthibh agus fá leac-oidhir na locht atá ar ár gcoinsias do sgaoileadh; guidhmís é fá thoradh na páise agus anmanna na ndaoine do leigean ó ghlasaibh na ndiabhal malluighthe! Ó! a Mhic na h-Óighe glaine, tríd impidhe do Mháthar ná tréig sinn agus ná leig sinn i ngeibheann na ndeamhan acht furtuigh sinn ó n-ár nguais, agus treoruigh sinn cum na beathadh síorraidhe, an nídh do ghuidhim-se dhíbh-se agus dom féin! - I n-Ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.
{B 1819ls 19T} SEANMÓIR A DEICH. AR EISÉIRGHE AN TIGHEARNA. (Domhnach Cásga.) Iesum quaeritis Nazarenum, crucifixum; Surrexit, non est hic. Íosa ó Nasaret céasta atá sibh d'iarraidh; d'éirigh sé, ní fhuil sé annso. - Marcus xvi.6. Is luathgháireach mo sgéal duit indiu, a chompánaigh, agus is fonn luathgháire, molta, agus buidheachais as cóir do'n uile dhuine do sheinm go súgach do chluinfeas é; d'éirigh an Tighearna go fírinneach ó bhás, do chuir an cineadh Iúdaigheach chum báis, ionnas, mar d'fhuasgail sé sinn ó bhás ár bpeacaidhe le n-a bhás, go dtiubhradh sé beatha na ngrás le n-a eiséirghe ó bhás dúinn. Má's mór an doilgheas do bhí ar Mhuire, Máthair Dé, agus ar na h-abstalaibh fá bhás an Tighearna, is mó 'ná sin go mór an t-iolgháirdeas do bhí orra fá n-a eiséirghe ó bhás, agus mar as cóir do'n uile dhuine chráibhtheach a n-eisiom- pláir do leanamhain 'san tuirse agus 'san dubrón fá bhás Éin-Mhic Dé, is cóir dóibh bheith súgach, soilbhir leo fá n-a eiséirghe; ar an ádhbhar, so an t-am 'n-ar chuir eiséirghe ár dTighearna ár gcreideamh 'n-a shuidhe, lér dhaingnigh sé ár ndóchas, agus lér mhéaduigh sé ár gcarthannas. Is iomdha rúin-diamhair mhór dhorcha 'san tSoisgéal so nach n-iarrann réasún orainn acht do chreideamh le h-iongantas, acht is iomdha rúin-diamhair
eile ann atá chomh soiléir, so-thuigse sin nach féidir do dhuine ar bith, muna bhfuil a chroidhe níos cruadha 'ná an chruaidh, smuaineadh orra gan a bheatha do leasughadh. Agus, ionnas go dtuigfeá mé go maith ar an gcuspóir seo, do-bhéarfaidh mé fios duit 'san chéad chuid de'n chomhrádh so ar mhéid luathgháire na féile seo; agus, 'san dara cuid taisbeánfaidh mé cionnas mar as cóir dúinn le h-eiséirghe ár dTighearna ó mharbhaibh eiséirghe do dhéanamh leis ó bhás ár bpeacaidhe. Níl féil d'fhéiltibh an Tighearna 'san mbliadhain as mó luathgháire agus as saoire ó dhólás ar bith 'ná an fhéile seo eiséirghe an Tighearna. Má chuir na h-aingil agus na daoine, na flaithis agus an talamh gnúis shoilbhir shúgach orra féin an oidhche do rugadh Slánuightheoir an domhain agus mar do seinneadh go binn dán molta agus buidheachais do Dhia, níor theastuigh, ar a shon so, ádhbhar doilghis ó'n sólás so mar do rugadh é ar mhodh chomh bocht soin, nach raibh áit le faghbháil ag a mháthair i n-a gcuir- feadh sí a ceann isteach le n-a bhreith acht stábla dorcha, salach, i n-aimsir seaca agus sneachta. Má b'ádhbhar luathgháire an lá do gairmeadh an t-ainm luathgháireach Íosa Críost air, badh dhoilgheasach an t-amharc féachain ar a chuid fola ag sileadh leis an timcheall-ghearradh. Is ádhbhar iolgháirdis do'n Naoimh-Eaglais adhradh agus tabhartais na dtrí ríghthe do Rígh an domhain, ní gan smúit, gan buaidhreadh, ar a shon sin, do bhí an saoghal so an t-am adubhradh le Muire agus le h-Íoseph go mbéadh Ioruaidh ag iarraidh an leinbh le n-a chur chum báis. Is mór an t-iolgháirdeas do rinneadh ins na flaithis an tan do baisteadh Críost le h-Eoin i sruith Orthanán, agus do bhí sé chomh mór soin gur fhoillsigh an t-Athair síorraidhe é do bheith 'n-a Mhac aige féin: "So mo Mhac grádhach" (Matha iii.17); gidheadh, an uair
do chuaidh sé do'n fhásach do chuir an diabhal a líonta 'n-a suidhe gach taobh de, do chráidh sé agus do bhuaidhir sé é, agus an uair do buadhadh le Críost ar an ndiabhal, d'imthigh an diabhal uaidh (Matha iv.11). Is mór an fhéile an lá do h-aith-dheilbheadh an Tighearna, an uair do thaisbeáin sé a ghnúis chomh soillseach leis an ngréin le glóir a chuirp. Níor mhair, ar a shon so, an luathgháir so i bhfad do na h-abstalaibh, mar do thrácht sé leo, gan mhoill, ar a pháis do bhí aige le fulang ar son an chinidh daonna. Is luathgháireach, mórdhálach do ghlac pobal Ierúsalem Íosa Críost le gáir mholta agus iolgháirdis cúig laethe roimh an bpáis d'fhulang dó; gidheadh, do b'éigean dó imtheacht uatha 'n-a throscadh mar ní raibh le faghbháil aoin-neach do bhéarfadh cuireadh dhó. Do masluigheadh agus do crádhadh agus do sciúrsadh é 'san chathair céadna. Fá dheireadh, má bhí Críost luathgháireach ar a shuipéar déidheanach le n-a dheisciobalaibh an tan do thug sé a fhuil agus a fheoil féin mar bhiadh dhóibh agus mar dhigh, ní raibh sé gan mío-shásamh mar gheall ar an dtréa- túir Iúdás do bhí ar a bhórd. So amháin an fhéile, lá eiséirghe an Tighearna, do dhíbreas uaithi an uile dhoilgheas agus dólás, an uile ghruaim agus smúit. d'éirigh an Tighearna go fírinneach, do rug sé buadh le n-a bhás ar an uile bhás, do chloidhigh sé an diabhal, do sháruigh sé an saoghal agus d'fhuasgail sé na daoine. Do bhí luath- gháir ar na flaitheasaibh agus ar an dtalamh, mar adeir an Naoimh-Eaglais, i lá eiséirghe Chríost. Do bhí luathgháir ar na h-aingealaibh, ar Mhuire, ar na h-absta- laibh, agus ar na trí Mhuire .i. Maigdelen, Cléopha, agus Salóme. Do bhí luathgháir ar an saoghal mór go h-iomshlán, ar an ngréin, ar an ngealaigh, ar na réal- taibh, ar na dúilibh, agus ar chréatúiríbh an domhain uile, mar d'éirigh a gcruthuightheoir ó bhás, agus go speisialta
do sháruigh luathgháir Mhuire an uair seo iolgháirdeas an tsaoghail go h-iomshlán. "Is í an céad duine," adeir Naomh Ambrós, "do chonnaic é agus do chreid sí." "Éirigh suas, deithbhrigh ort, a charaid mhilis, do chuaidh an geimhreadh anois thart, agus d'imthigh an cith agus do chuaidh sé i leath-taoibh, do-chítear blátha ar an bhfearann" (Cant.ii.10-12). "Éirigh suas," adubhairt an Mac le n-a Mháthair Muire, "stad feasta ó dheoraibh an doil- gheasa, croith dhíot an uile thuirse agus dobrón, ná caoin níos fuide bás d'Aoin-Mhic Íosa, iompuigh d'osnacha doilgheasa i n-a nglórthaibh binne, do chaoineadh i n-a sungaeil, do thuirse i n-a sólás. Anois, a Mháthair mhilis, do chuaidh geimhreadh cruaidh, géar, searbh mo pháise thart, d'imthigh sneachta, clocha-shneachta, agus stoirm teann, láidir na bpianta mór lér brúghadh agus lér céasadh mé, agus do tháinig glóir dom' Athair neamhdha, earrach glórmhar m'eiséirghe; féach, a Mháthair chumhra, ar an sliocht daonna so atá liom agus d'fhuasgail mé le mo bhás ó bhás, féach ar do shinnsir, ar Ádhamh, ar Éabha, ar Abraham, ar Ísaac, ar Iacób, ar Íoseph, ar Dháith rígh, ar d'athair agus ar do mháthair, Ióachim agus Anna, ag déanamh adhartha agus onóra dhuit mar bhainríoghain na bhflaitheas agus an talaimh. Féach, a Mháthair na naomhthachta, ar gach bláith ró-bhreágh, glórmhar d'fhás as gach áit i n-a raibh créachta in mo chorp. Bí go súgach luathgháireach, a Mháthair na h-óghachta, féach nach glórmhar do Mhac indiu ag éirghe a marbhaibh, teann led' chroidhe mé, tabhair póg agus brasáil dom." Is féidir leis an uile anam cráibhtheach do chreideamh gurab é seo comhrádh nó a leitéid eile do bhí ag Críost le n-a Mháthair an tan do thaisbeáin sé é féin dí tar éis éirghe ó bhás an treas lá dhó. Acht cionnas do labhair Muire le n-a h-Aon-Mhac an uair seo. Níl amhras agam gur labhair
sí leis na briathraibh seo: "Féach, is deas thú, a Mhic ghrádhaigh, agus is breágh, cumtha thú. Ó! a Mhic, is tú mo Mhac ró-mhilis atáim d'fhásgadh lem' chroidhe idir mo dhá láimh. An tú an té úd do masluigheadh go truaillighthe agus do cuireadh chum báis trí laethe ó shoin? An tú an té úd do chonnaic mé nochtuighthe, sínte, céasta 'san chroich, id' chriathar poll idir bheirt rógairí ós comhair an tsaoghail? Ó! créad é a ghlórmhaire do thaisbeánas tú tú féin dom indiu! Ó! cad é an t-aoibhneas dom' shúilibh an t-amharc so do-gheibhim ar m'Aon-Mhac féin, Íosa Críost? Créad na péarlaidhe ró-shoillseacha glórmhara sin, a Mhic, do-chím in do chosaibh agus in do lámhaibh, agus do-bheir solus chomh iongantach, mór soin uatha? Goidé sin agat id' thaobh agus id' chroidhe do sháruigheas solus agus breághtheacht na gréine?" Mar seo do bhí comhrádh agus luathgháir Mhuire le n-a h-Aon-Mhac féin, tar éis éirghe ó bhás dó. Agus ionnas go dtiocfadh linn fáilte do chur roimhe le croidhe glan i lá so n-a h-eiséirghe, is cóir dhúinn ar dtúis eiséirghe do dhéanamh le h-aithrighe ó bhás ár bpeacaidhe. d'éirigh Críost, a chompánaigh, as an tuamba i n-a raibh sé sínte ar feadh trí lá mar dá mbéadh sé, dar leat, 'n-a chodladh. "Do chodail mé agus do ghlac mé mo shuan agus d'éirigh mé" (Sailm iii.6). Anois iarrann Críost ort éirghe suas leis as tuamba bhréan, bhrocach, shalach do pheacaidhe leis an aithrighe. Ó! is fada atá tú, a bhochtáin bhoicht, id' chodladh i n-uaimh do pheacaidhe, is mithid duit eirghe as an dtrom-shuan mhór soin atá ort ionnta. Nach gcluin- eann tú Naomh Pól ag gáiridhe leat agus ag iarraidh ort éirghe gan mhoill: "Éirigh, a fhir atá id chodladh, agus éirigh ó mharbhaibh" (Ephes.v.14). Is iomdha bliadhain do chaith tú go macnaiseach, súgach, le sainnt,
le drúis, le tnúth, le díomas, le craos agus le leisge; is mithid duit éirghe suas as an leabaidh mharbhthaigh sin na bpeacaidhe mór do rinne tú i n-aghaidh Dé agus d'anma féin. "So an uair agat," adeir Naomh Pól leat, "le h-éirghe suas as do chodladh." Mar d'éirigh Críost, do Shlánuightheoir, as an dtuamba 'n-a raibh sínte, is cóir duit éirghe a suan do pheacaidhe, agus mar d'éirigh sé go fírinneach, tá sé ag iarraidh ort éirghe leis go fírinneach i n-aimsir beannuighthe na Cásga ó bhás do pheacaidhe go beathaidh na ngrás. Ó! créad an fhaillighe atá tú a dhéanamh? Créad an mhoill atá ort? Sgrúid, a charaid, go dícheallach do phian-pheacaidhe nó do choin- sias, fosgail do bhéal do'n athair faoistine, aithris dó do pheacaidhe, teilg amach an lucht deamhan agus diabhal atá i gcroidhe d'anma. Croith do chroidhe le croidhe- bhrúghadh, tóg leat na fad-dhála agus na leisge, éirigh amach as uaimh na ndubhailcí le deoraibh agus le h-oibreachaibh na h-aithrighe fírinnighe, agus cuir romhat gan luighe innte go bráth arís. Le fáinne an lae, Dia Domhnaigh, d'éirigh Críost ó mharbhaibh, mar adeir sé féin le béal an fháidh, "éireochaidh mé go moch" (Sailm lvi.9). Mar sin, is cóir dhuit, a chompánaigh, gan fuireach i bhfad id' chodladh in do pheacaidhibh, acht éirghe go moch, is cóir dhuit éirghe go moch asta. Mar d'éirigh an Tighearna ar maidin go moch, mar so, ní go mall acht go moch is cóir dhuit éirghe as do pheacaidhibh. Ó! ná cuir ó lá go lá, ar cáirde d'eiséirghe ó bhás do pheacaidhe go beathaidh na ngrás; ná cuir go nuige d'aois ársa an gníomh uasal so; ná h-abair: Déanfaidh mé aithrighe i mbáireach nó i gceann bliadhna nó i ndeireadh mo laethe," acht déan anois go moch agus go gasta í ar an ádhbhar, mar adeir an Spioraid, "an té do ghnídh faire go moch chum Dé do
gheobhaidh sé é." Is é sin, má bheir tú aghaidh go moch ar Dhia leis an aithrighe, do-gheobhaidh tú grása agus trócaire go furus uaidh, acht má chuireann tú ar cáirde í do b'fhéidir go gcuirfeadh ar gcúl ó thrócaire tú agus nach dtiubhradh Dia ré na h-aithrighe dhuit. Ar an ádhbhar sin, a chompánaigh mo chroidhe, ó tá an aimsir neimh- chinnte ná cuir leas d'anma ar cáirde. Do bhí eiséirghe Chríost iomshlán; níor fhág sé aon chuid de féin i n-a dhiaidh ins an tuamba; mar seo, is cóir dod' eiséirghe bheith iomshlán; níl maith dhuit éirghe as aon pheacadh amháin muna n-éireochaidh tú as do pheacaidhibh go h-iomshlán; ní bhéarfaidh Dia maitheamhnas duit i n-aon pheacadh amháin muna n-iarrfaidh tú maithe- amhnas i n-éinfheacht air in do pheacaidhibh go h-iomshlán. Do thug Críost eisiompláir dhuit. d'éirigh sé féin ó bhás le n-a bhallaibh go h-iomshlán; mar so déan, a chompánaigh, eiséirghe iomshlán ó bhás do pheacaidhe ar mhodh nach bhfeicfidh tú diabhal ar bith le peacadh marbhthach dá luighead i seilbh croidhe d'anma. Ó! na h-abair: "Ní bhéidh mé ar meisge go bráth, ní chionntóchaidh mé le mí- phósadh nó neamh-phósadh choidhche, ní ghoidfidh mé nídh ar bith go bráth, acht ní féidir liom maitheamhnachas dom' náimh- dibh." Ó! ná déan mar sin, a bhochtáin bhoicht; "teith ód' pheacaidhibh uile," adeir an Spioraid Naomh leat, "mar do theithfeá ó aghaidh nathrach nimhe;" bíodh gráin mharbhthach agus fuath námhaideach agat ar do pheacaidhibh uile mar nach bhfuil maith dhuit éirghe as an bpeacadh nó as aon pheacadh aca, muna n-éireochaidh tú asta uile i n-éinfheacht, agus má fhágann tú aon pheacadh amháin id' dhiaidh gan aithrighe do dhéanamh ann, béidh seilbh i gcomh- nuidhe ag an ndiabhal ar d'anam. "Críost ag éirghe ó mharbhaibh ní bhfuighidh sé bás agus ní bhéidh comhachta ag an mbás níos mó air" (Rómh.vi.9);
agus mar nár fhill sé tar ais ar an áit as ar éirigh sé, mar so, éirigh go seasmhach, a chompánaigh, chum na h-aithrighe, ar mhodh nach bhfuighidh tú bás níos fuide le briseadh na n-aitheanta; ná fill go bráth ar an aithlio- gan, ná sin tú féin feasta i n-uaimh bhréan bhrodach do pheacaidhe. Glac comhairle Naoimh Eoin: "Ná déan peacadh níos fuide ar eagla go n-éireochaidh níos measa dhuit" (Eoin v.14); go ndiúltóchadh Dia grása do thabhairt duit nó trócaire do dhéanadh ort, ar eagla go bhfuightheá bás in do pheacaidhibh agus go rachthá i lorg mhullaigh do chinn go tigh na bpian. "Mar éirigh Críost ó mharbhaibh le glóir an Athar, mar so siubhalamaois i nuaidheacht beathadh" (Rómh.vi.4); mar do h-ath-nuadhadh Críost go h-iomshlán i n-eiséirghe ó bhás, agus nach bhfuil sé níos fuide fá shlait ag an mbás, ag piantaibh, ag boichteacht, nó ag cráidhteacht ar bith, acht breágh, glór- mhar, soillseach, luathgháireach, gasta, agus líonta lán de na subhailcíbh uile, is coir duit éirghe suas as aibhéis do pheacaidhe, gúna dorcha dubh na ndubhailcí, agus aingeal daol-dubh dath-ghránna an diabhail do dhíbirt uait agus brat soillseach na subhailcí do tharraing ort. "Má's mian libh sollamhain na Cásga do dhéanamh mar as cóir," mar adeir Naomh Ambrós linn, "is cóir dhíbh imirce mhaith ghlan chlaoidhteach do dhéanamh ó na dubhailcíbh cum na subhailcí. Má bhí tú, a compánaigh, go nuige so tabhartha do'n pheacadh mharbhthach nó do leanmhain de cheann ar bith aca, diúltuigh dhóibh mar do dhiúltóchthá do'n diabhal; sgiúr, nigh, agus glan d'anam bocht ó shalachar do pheacaidhe leis an gcroidhe-bhrúghadh fírinneach agus le faoistin ghlain i n-aimsir beannuighthe na Cásga, mar adeir aithne na h-Eaglaise ort; mar do fuair Críost beatha nuadh le h-eiséirghe, adeir Naomh Bearnard, do-bheir sé cuireadh dhúinn chum beatha nuadh
do bheith againn. Féach go grinn, a chompánaigh, ar Chríost ag éirghe indiu ó mharbhaibh agus má's mian leat beatha na ngrás d'fhaghbháil ó ughdar na beathadh, éirigh suas go fírinneach leis ó bhás do pheacaidhe. Éirigh go moch, go luath, go h-iomshlán, go seasmhach, ar mhodh nach dtuitfeá choidhche arís ins na peacaidhibh céadna, agus, fá dheoidh, éirigh as múnlach do pheacaidhe, ionnas go siubhalfá le beathaidh nuadh tré bhealach na subhailcí anois ar an saoghal so, agus go dtiubhradh Dia do chuid de'n ghlóir dhuit an lá déidheanach. Ionnas go gcuir- feadh Dia an chríoch mhaith so ar do bheathaidh abair anois Paidir agus Abhé Maria.
{B 1818ls 19T} SEANMÓIR A h-ÉIN-DÉAG. Urchóid an tSaoghail. Atá dream mór daoine ins an tsaoghal 'san aimsir so chomh taithigheach sin ar chustum fallsa an tsaoghail gur ró-dheacair dóibh maireachtain gan cuid dá chleachtadh leanmhain. Ní fhuil sé órdaighthe dhúinn teicheadh ó'n tsaoghal, acht tá sé órdaighthe dhúinn diúl- tughadh dá shlighthibh malluighthe, ní h-é amháin na peacaidhe sganallacha puiblidhe do thuilleann masla an tsaoghail dúinn, acht fós gach nídh atá bun ós cionn le órdughadh Dé. I measc na ndaoine seo atá i ngrádh le mío-ádh an pheacaidh agus an tsaoghail tá cuid díobh atá tabhartha d'onóir agus do mhóir-mheas agus a gcroidhtheacha cean- gailte le gach nídh thabharfadh gradam saoghalta dhóibh; cuid eile tabhartha d'imirt mailíse agus fallsachta ar a chéile; cuid eile i ngrádh le súgradh agus le caitheamh- aimsire díomhaoin na colna; cuid eile dhíobh gan de ghlór i n-a mbéal ó mhaidin go dtí an oidhche acht Dia agus Muire dá ndearbhughadh, diabhal agus deamhan agus gach mionna eile dá mhalluightheacht, gan d'eagla roimh dhíoghaltas an Tighearna acht chomh maith a's nach mbéadh Dia ar neamh ná pian i n-ifreann; i n-aon fhocal tá an uile dhream nach bhfuil i ngrádh le Dia ag déanamh malluightheachta éigin do thuillfeas fós dóibh pianta dóighte loisgightheacha go síorraidhe má fhaghann siad bás
i n-a bpeacaidhibh - nídh as ró-bhaoghalach go bhfaghaid, do réir cirt-bhreitheamhnais Dé. Anois, adeirim libh atá annso do láthair, dá ndéanfadh sibh beagán mairbhne ar an saoghal, do-chídhfeadh nach bhfuil ann le feicsin acht malluightheacht, cama-chleasaigheacht, cladhaireacht, bithe- amhantacht, marbhughadh daoine, meisgeoireacht, diab- laireacht, mionna móra, gairseamhlacht, briseadh saoire, mór-chúis agus onóir srl, agus an fíor-bheagán atá ag tréigean na ndroich-chleachtadh so, fá dhroich-mheas an tsaoghail, gan aon mheas do réir an tsaoghail ar aon duine acht ar sheirbhíseach an diabhail atá ós cionn libhéil na boichtneachta. Marbhnuighidh arís mar do chruthuigh Dia an saoghal chum úsáide an duine agus an lá céadna cheap sé an chéad bheirt, gur bhriseadar a dhlighe agus do rinneadar comhairle an diabhail; gur bháidh Dia an domhan i n-a dhiaigh sin do dheasgaibh peacaidhe na ndaoine agus fá dheireadh gur bh'éigean dá Mhac féin Íosa Críost tuirling anuas i gcolainn daonna ar an saoghal so, chum go nglanfadh sé le n-a chuid fola smúit an pheacaidh de anamnachaibh na ndaoine, agus chum go n-osglóchadh sé na flaithis do bhí dúnta i n-a gcoinne i dtaoibh na bpeacaidhe gcéadna. Tar éis gach maitheasa dá ndearnaidh sé ins gach aon sórt sligheadh do'n duine, tá fhios agaibh féin gur ró-bheag an buidheachas do ghabhann sé leis. Ní luaithe thagann cainnt i n-a theangain 'ná tugann sé droich-mheas do Dhia leis an teanga céadna sin do fuair sé chum é féin do mholadh. Ní h-aon iongantas ró-mhór an leanbh beag do thabhairt masla do Dhia, mar ní bhíonn a mhalairt de chéill aige, acht is iongnadh ró-mhór go mbéadh aon athair agus aon mháthair chomh dall sin a's go leigfidís dá gclainn i dtosach a saoghail aithris do dhéanamh ar an diabhal, iompódh i gcoinne an Tighearna ag briseadh a
dhlighe agus a riaghail naomhtha. Ní dhéanann an t-athair ná an mháthair sin aon sgím dá gclainn do thabhairt chum seirbhíse Dé. Ní h-é as measa leo acht is fearr leo iad féin do thógaint 'n-a n-oitríocháin gan eolas ar Dhia ná orra féin. Is cuma leo é acht go mbéadh biadh deoch agus éadach agus iad i gcomhair maireachtain dóibh féin le linn iad a bheith i n-aois fir nó mná dhóibh, roinnt bheag Béarla do bheith aca do dhéanfadh a ngnó chum gabháil tríd an saoghal, agus gan an oiread leis an bPaidir agus leis an Ave Maria aca mar as ceart, cé gur cliste bhíonn teanga aca chum Dia do thabhairt mar mhionna, nó mionna éigin eile láimh le bheith chomh dona. Ná mealltar sibh a chríostaidhthe, ní le beatha de'n tsórt so do raghaidh sibh suas an bóthar caol, cumhang do thriallas go Parrthas; agus deimhnim díbh gur ab é bóthar leathan ifrinn atá sibh a leanmhain gach am do dhéanann sibh na neithe so d'aithris mé dhíbh. An dtuigeann sibh go rachadh sibh go Parrthas i dtaoibh sibh féin do choisreacan ar maidin agus 'san oidhche, a's paidir nó dhó do rádh le futa fata deithnis, teacht annso ar maidin Dé Domhnaigh mar dh'eadh ag moladh Dé. Cad é an sórt molta do thugann an mhuinntir seo do Dhia do ritheann annso isteach mar a bhéadh sgata gabhar, dá gcaitheamh féin ar a leath-ghlúin go minic, agus an fhaid bhíd siad ag tiomáint an phaidir nó dhó sin thársta iad ag briollacadh thall a's i bhus, annsin, cúpla futhal dá n-ordóg do tharraing le deithneas ar chlár a n-éadain agus imtheacht amach an doras, annsin ag seanchus ar an saoghal nó ar lochtaidhibh na comharsan; i n-a dhiaidh sin, aimsir an aifrinn an briollacadh céadna thall a's i bhus orra, ag suathadh paidreacha gan cráibhtheacht trí n-a mbéal; tar éis an aifrinn do bheith críochnuighthe rith a-bhaile nó go dtí cruinniughadh éigin puiblidhe - áit a
gcaithid siad an lá ag ól agus ag imirt, i guidheoireacht agus i mbarbaracht, srl. Bidhidh lán-deimhneach ciodh go mbíd siad so agus mórán eile dá sórt i láthair an aifrinn, nach mbíonn dá thairbhe aca acht an oiread leis an muinntir atá in Seapáinn nó i n-oileán éigin an- imchian eile. Adeirim leo so gur ait atá siad ag caitheamh a saoghail; cuirim i gcás go bhfuil siad anois óg, láidir, sláinteamhail, ar a shon sin ní glacfaidh Dia aon leith-sgéal uatha gan aithrighe cheart do dhéanamh. An duine uasal ná íseal, an duine saidhbhir ná an duine láidir ná an duine bocht, an t-eaglaiseach ná an tuata, ní sábhálfar iad gan an aithrighe. Cionnas as féidir leis an muinntir seo dul go flaithis Dé gan an aithrighe, nach dtéidheann stad ar a dteangain acht ag suathadh bréaga agus búrdúinn trí n-a chéile, iad lán de nimh mhiosgaisigh ag trácht ar lochtaidhibh a gcomharsan, iad go h-árd-chainnteach, mór- dhálach, lán d'áthas an uair adeir siad focal mío-bhana- mhail, neamh-ghlan i láthair cuideachtan ag déanamh grinn orra féin, agus nach spárálaid sagairt ná bráithre, duine muinnteardha ná námhaid, duine breágh ná gránda, an duine riaghalta ná an duine saoghalta gan bheith dá ngearradh agus dá maslughadh i n-a gcreideamhain. Cionnas as féidir leis an muinntir seo dul go flaithis Dé nach ndeir paidir ná cré maidionacha ná oidhcheanta i n-a mbeathaidh, gan beann ar aifreann, gan beann ar throsgadh, gan beann ar fhaoisdin, gan beann ar dhéirc do dhéanamh agus mórán eile, agus fós tógann a gclann mar a bhéadh conairt gadhar gan múineadh, gan eolas, gan deiscréid, gan fios aitheanta a gcreidimh, gan aithne ar Dhia ná ar Mhuire aca. Cionnas as féidir leis an muinntir seo dul go flaitheas Dé atá lán de thaidhbhse, de mhailís, de shainnt, de dhrúis, gan dúil ar
aon rud acht ithe agus ól, agus éadaighe faiseanta neamh-choitcheannta, sult agus compórd lá agus oidhche. Osglaidh bhur súile mar as ceart agus tugaidh fá ndeara dá mbéadh tinneas fiacal oraibh aon tseachtmhain amháin, créad an pionós do béadh oraibh, créad é liacht duine nach inneosadh sibh dó é, ag féachain an mbéadh aon leigheas ag aoinne dhíbh, nó fós, dá mbraithfeadh sibh tosach eitinne nó tinneas éigin eile do bheith oraibh créad é an trioblóid do bhéadh oraibh le h-eagla roimh an mbás; do loirgeochadh sibh comhairle dochtúiridhe gan mhoill chum sibh do leigheas dá mb'fhéidir é ó'n ngalar sin. Sin galar spioradálta as measa 'ná bás do thabharfadh bás síorraidhe i n-ifrionn díbh, a's cá bhfuil an dúthracht sin badh cheart díbh do bheith oraibh ag dul go dtí dochtúiridhe Dé, 'siad soin na sagart, ag iarraidh leighis. Ó! ní fhuil aon chaitheamh i n-a dhiaidh agaibh, is fearr libh fuireach mar atá sibh ar eagla go gcuirfeadh na sagairt d'fhiachaibh oraibh bhur ndroich-chleachttha thréi- gean má's maith libh sibh féin do leigheas, agus n-a thaobh soin ag cur an sgéil i bhfad nó go mbíonn an t-othar ró-dhainnséarach fá dheireadh a's nach mbíonn sé i gcomhachtaibh an domhain aon mhaith do dhéanamh díbh, muna ndéanfadh Dia amháin míorbhailte, nídh nach gnáthach leis ar a leithéid sin de pheacthachaibh i ndeireadh a saoghail. Gabhaim-se orm féin a rádh, nach ndéarfadh sibh leis an dochtúir saoghalta imtheacht a-bhaile uaibh agus teacht an uair bhéadh an bás ag sgrogaoil libh agus sibh do leigheas annsin. Do b'fhada gheobhadh uaibh é. Agus béidh de dhánuigheacht ionaibh fuireach i n-achrann i ngla- saibh ag an diabhal ar feadh bhur saoghail, tinneas marbhthach ar bhur n-anamnacha agus gan dúil agaibh leigheas do lorg nó go mbíonn sibh ag dóirsibh an bháis.
Ní fhuil mórán le feicsin ins an tsaoghal acht dlighe agus clampar, feall agus mailís, mionna móra agus neimh-dhiadhantacht, agus gan aon eagla ar an muinntir as cionntaighe ins na neithibh seo roimh díoghaltas ná teangan. Do-chímíd fir a's mná breághtha uaisle ag imtheacht i n-a gcóistíbh lán d'onóir agus de chaithréim saoghalta, meas agus creideamhain mhór fá n-a gcomhair ag an saoghal. Ó! ní fhuil de mheas ag Dia orra acht an oiread le piastaidhibh na talmhan, mara bhfuil sgím a n-anama shábháil orra. Agus fós i measc na coit- cheanntachta féin, lucht eolais agus tabhairt suas i bhfoghluim, fir láidre, cumasacha, ciallmhara do réir fios an tsaoghail seo, agus fós mná ins an slighe céadna, mara bhfuil siad ag déanamh leas a n-anama do b'fhearr dhóibh a bheith i n-a gcloich nó i n-a maide 'ná bheith i n-a ndroich-chríostaidhthibh. Atá sé chomh fíor a's atá Dia ar neamh aon duine 'n-ar thug Dia ciall dó nach ndéanfaidh aithrighe i n-a pheacaidhibh marbhthacha nach bhfaghaidh seilbh i bhflaithis Dé go bráth. Adéarfadh a lán againn atá gan eolas ceart a n-anama: "Atá Dia láidir, grásamhail agus atá Máthair mhaith aige, a's nár leigidh Dia go mbéadh sé chomh daor orainn agus adeir na sagairt é." Is fíor go bhfuil Dia trócaireach, agus muna mbéadh, go sguabfadh sé de'n talamh gan mhoill sinn. Chomh luath agus do thuiteamar ins an pheacadh marbhthach, do thiomáinfeadh sé síos go h-ifrionn sinn, mar do rinne sé leis na h-ainglibh i dtosach an tsaoghail. Ná tuigeadh sibh, a chríostaidhthe, go meall- feadh na sagairt ar aon duine 'n-a mbagróchadh air ag altóir Dé. Ní deir siad acht fírinne cheart. Ní h-áil leo na briathra seo do chlos adéarfadh leo a lochtaidhe do thréigean. Déarfadh siad leo féin: "Dar ndóigh, ní peacadh marbhthach a bheith pléisiúrdha cuideachtamhail, ní
peacadh marbhthach ár ndóthain d'ól, ná roinnt de'n oidhche do chaitheamh ag imirt cártaidhe, ní peacadh marbhthach rud beag guidheoireachta do dhéanamh an uair nach mbíonn droch-chroidhe ag duine." Ní peacadh marbhthach leo aon rud acht duine do mharbhadh nó robáil do dhéanamh. Seo mar adeir go leor de dhroich-chríostaidhthibh; ní chreidfeadh siad aon duine acht a dtuairim féin. Deir siad nach daorfar aon duine fuair baisteadh na h-Eaglaise, acht cum roinnt bheag purgadóireachta d'fhaghbháil. Dá mb'fhíor sin ní bhéadh aon phráidhinn le faoisdin do dhéa- namh, ná Corp Chríost do ghlacadh, ná paidir ná cré do rádh, ná dul go dtí an t-aifreann. Do bhéadh sé chomh maith dhúinn a bheith i n-ár mbitheamhnachaibh, i n-ár ndúnmharbhthóiríbh, i n-ár meisgeoiríbh, i n-ár gcladhairidhibh díomhaoine le bheith macánta, ceannsa, deagh-shomplach agus diadhanta, agus do bhéadh na flaithis le faghbháil ag na droch-dhaoine chomh maith leis na deagh-dhaoine. Do fuair Críost bás ar son an domhain le chéile agus is deacair a rádh go ndamnóchadh sé aon duine. An lá fuair Críost bás ar chrann na croise do thug sé breitheamhnas damanta ar dhaoinibh agus níor sgaoil díobh ó shoin. Do shaor sé beagán eile d'iarr párdún air agus do rinne aithrighe. Is mar seo fós do dham- nuigheann sé an dream peacamhail nach ndéanann aithrighe, agus saorann sé na daoine fíréanda do thréigeann an peacadh agus do thugann sásamh dó ann. Adeirim libh-se, a chríostaidhthe, ciall do bheith agaibh agus gan aithris do dhéanamh ar an saoghal. Créad é an tairbhe do dhaoinibh an tsaoghail do bheith sáthach, lán de shaidh- bhreas agus de chompórd, lán de shaoghal agus de shláinte má fhaghann siad bás i n-a bpeacaidhibh; béidh mío-fhortún síorraidhe orra, béidh teinte teogha, pic agus ruibh dá losgadh go bráth, béidh diabhail dá gcrádhadh a's dá
gciapadh, béidh teancharcha dá stracadh, iad dá múchadh le bolaidhthibh bréana, salann teine dá chimilt de chneadha- chaibh a n-anama. Ar an dtaobh eile ní féidir a innsin méad sonais agus compóird, méad onóra agus glóire na muinntire do dhéanann aithrighe agus do gheibheann bás naomhtha. Créad an díoghbháil do dhuine bheith bocht, dealbh, gan mórán compóird ná sláinte ins an tsaoghal seo má bhíonn sé go glórmhar, go mórdhach agus go ríoghamhail ins na flaithis go síorraidhe. Is fada ó bhaile do théidheann mórán daoine i gcontabhairt a gcaillte ag iarraidh saidhbhris an tsaoghail seo do chaitheann siad d'fhágaint i n-a ndiaidh an lá déidheanach. Seo saidhbhreas na ngrás le faghbháil ins an mbaile gan contabhairt, gan sgeimhle, agus saidhbhreas na bhflaitheas i n-a dhiaigh seo, agus féachaidh créad é laighead na suime do cuirtear chum é shaothrughadh. Ní fhuil aon tsaothar as féidir a dhéanamh do'n cholainn nach déantar dí, acht déantar dearmad iomshlán de'n anam. Do-chuala sibh go minic nach féidir le h-aon chlainn rath, sonas, ná séan do bheith orra an uair a bhíonn siad easurramach droich- mheasamhail ar a n-athair agus ar a máthair. 'Sé Dia na glóire ár n-Athair go léir agus an Teampall Catoiliceach Rómhánach ár Máthair. Atá seo chomh fírin- neach sin agus atá Dia ar neamh, - an té nach mbéidh urramamhail ómósach do dhlighe Dé agus an Teampaill, nach mbéidh urramamhail dá Athair a's dá Mháthair, ní bhéidh sonas ná séan síorraidhe air, acht uireasbaidh na bhflaitheas agus mallacht Íosa Chríost. An té nach ndéanann obair Dé anois ar feadh a bheathadh ní bhainfidh sé fóghmhar na glóire go bráth i bParrthas. Is dóigh go gcloiseann sibh daoine dá rádh: "Is deacair dhúinn tosnughadh fós ar aithrighe dhéanamh, sinn-ne atá lán de shláinte a's d'óige. Cár bheag dúinn iompódh an uair
do bhéadh tonn dár n-aois tharainn. Cár mhór dhúinn roinnt de shólás an tsaoghail a bith againn chomh maith le daoinibh eile. Daoine eile adeir dá mbéadh aon sgím eile orra so atá ag déanamh aithrighe mar atá orra féin, nach paidreacha badh mheasa leo. Daoine eile adeir dá mbéadh leanbhaidhe i n-a gcúram orra agus cúram cíosa agus cána mar atá orra féin, gur beag d'fhonn aithrighe a bhéadh orra. Daoine eile adeir nach mbíonn aon duine ag déanamh aithrighe acht daoine dío- mhaoine gan cúram, agus, dá mbuailfeadh an saoghal dóibh féin a bheith mar iad, go ndéanfadaois aithrighe." Anois, le rud beag stúidéir do dhéanamh ar an muinntir seo, is dall diablasach é a n-aigne agus a dtuigsin, chomh maith a's gur cheart tosach do thabhairt do gach cúram agus obair saoghalta roimh leas a n-anama. Glacaidh ciall, a shean-pheacthacha, sibh-se, a dhaoine aosta, cuimhnighidh ar bhliadhantaibh bhur n-óige, mar do chaith sibh iad; cuimhnighidh ar liacht bhur bpeacaidhe ó shoin, liacht saoire do bhris sibh, liacht mionna do thug sibh, liacht meisge do bhí oraibh, liacht neamh-shuim do rinne sibh i leas bhur n-anama. Má tá sibh socair stúidéartha anois gan mórán dúile ins na droich-chleachtthaibh seo, an féidir libh a rádh le fírinne gur rinne sibh aithrighe fós ionnta? Cuir i gcás gur rinne sibh faoisdin fhuar, fhailligheach ionnta, ar a shon sin is baoghalach díbh ag coiste an chirt. Sibh-se do bhíos bliadhain nó b'fhéidir níos sia gan faoisdin, an uair do théidheann sibh i bhfiadhnaise an tsagairt, ní bhíonn mórán le h-innsint agaibh má's fíor díbh féin é. An té raghadh gach aon tseachtmhain chum faoisdine, is fuide bhéadh sé ag déanamh faoisdine 'ná go leor agaibh-se tar éis bhur mbliadhna nó leith-bhliadhna. Má fhiafruigheann an sagart díbh an mbíonn sibh ag guidheoireacht, déarfaidh sibh go ndéanann
sibh roinnt díobh anois a's arís agus an uair sin féin gur ab iad bhur gclann do chuireadh d'fhiachaibh oraibh é nó duine éigin eile ar fuaid bhur dtighe. Má fhiaf- ruigheann sé dhíbh an mbíonn sibh paisiúnta, bréagach nó cúl-chainnteach, déarfaidh sibh go mbíonn sibh anois agus arís, acht nach mbíonn aon urchóid i nbhur gcroidhe ar an am céadna, mar seo ag tabhairt leith-sgéal cam uaibh agus ag déanamh neimh-nídh de bhur bpeacaidhe do bhíonn b'fhéidir chomh mór le sliabh nó chomh iomadamhail le gruaig bhur gcinn. Tar éis an sórt faoisdine seo do dhéanamh, nach amhlaidh ritheann sibh amach i dteannta a chéile ag seanchus ar an saoghal agus gan de chathughadh oraibh acht chomh maith agus dá mbadh sgéal fiannaidheachta do inneosadh sibh. I n-aimsir an aifrinn rithfidh sibh isteach annsoin chum an aifrinn, glacfaidh sibh comaoin i ndeireadh an aifrinn, agus ar an nóimeint tar éis beannachta an tsagairt, rithfidh sibh a-bhaile i bhfeighil bhur ngnótha saoghalta, a's gan buidheachas do ghabháil le Dia, ná mórán cuimhnighthe an chuid eile de'n lá ar an tabhar- tas do fuair sibh; agus i n-a dhiaidh, an chuid as sia dhe, i gceann lá nó dhó, is sibh na peacthacha céadna ag déanamh na gcleachtadh gcéadna. Seo, adeirim, an sórt aithrighe do dhéanann urmhór an tsaoghail. An féidir a rádh go bhfuil sí go ceart déanta. Tógaidh-se a dhaoine óga, ciall as beathaidh spaideamhail na ndaoine aosta seo. Atá bhur slighe féin go ró-dhona gan eagla ná grádh Dé, le briseadh saoire le mionnaibh móra agus meisge, gur cosamhla sibh gach aon Domhnach le daoinibh fiadháine gan réasún, gan stúidéar 'ná le daoinibh críostamhla ciallmhara. Is dúthrachtaighe an cion agus an cúram atá ag an madra timcheall an té thógann é agus do thugann greim le n-ithe dhó, 'ná atá agaibh-se do'n té do chruthuigh sibh as neamh-nídh, do thug ciall agus meabhair
díbh, do thug sláinte agus saoghal díbh, agus fós fuair bás ar chrann cruaidh scannalach na croise le grádh dhíbh, agus chum an grádh so do mhéadughadh dhíbh, d'fhág a chuid feola agus fola mar bheathaidh do bhur n-anamnacha. Acht fáiríor, is ró-bheag an tairbhe do mhórán agaibh-se iad so d'fhágbháil agaibh, mar is ró- annamh do thagann sibh dá nglacadh, agus an uair annamh sin féin, is ró-bhaoghalach gur nimh do dhéanann siad díbh, do dheasgaibh bhur ndroch-fhaoisdine-se, agus laighead an cháis do bhíonn oraibh díoghaltas Dé do thuilleamh. Ní fuláir dhúinn go léir méad na foighne atá ag Dia linn d'admháil dá mhéid é ár gcuirptheacht. Is fada ó shoin do thuilleamar a mhallacht. Bímíd deimhneach gur do dheasgaibh ár bpeacaidhe atá an saoghal ag iompódh 'nár gcoinne, - séasúntaí na h-aimsire teacht contrálta dá nádúir, tinneas ag fear seanguigh i measc na gcríos- taidhthe, agus an bás gach aon lá ag sgiobadh na ndaoine óga de'n tsaoghal chomh maith leis na daoine aosta. Gach cruadhtan, géir-leanmhain, bochtanacht, anró, agus triob- lóidí saoghalta do thagann orra, is iad ár bpeacaidhe as cúis fá ndeara leo. Leis sin, a chríostaidhthe, glacaidh gráin dos na peacaidhibh feasta le h-eagla roimh breitheamhnas an Tighearna; smuainidh nach bhfuil le faghbháil acht fíor-bheagán de dheigh-chríostaidhthibh. Ná mealladh an saoghal sibh, agus ná tuigidh go raghaidh gach aon do-gheibheann ceart na h-Eaglaise ar uair an bháis go flaithis Dé. Bidhidh deimhneach gur ab iomdha duine 'n-a deirtear go leor aifreann le n-a n-anam- nachaibh, agus 'n-a mbíonn a n-ainmneacha ar liost na marbh ag an sagart chum bheith ag guidhe leo, atá ar a shon shíos i n-ifrionn ar fiuchadh i gcoire loisgitheach, agus ní shábhálfadh aithrighe an domhan an t-anam do- gheibheann bás gan aithrighe ins an bpeacadh marbhthach.
Atá an aithrighe chomh riachtanach againn agus do bhí an baisteadh an uair a rugadh sinn. Dá bhfaghaimís bás agus baisteadh aon tseilbh ins na flaithis ní bhfagh- aimís; mar an gcéadna, má fhaghaimíd bás gan aithrighe, ní siúrálta Dia do bheith ar neamh 'ná gur ab é ifrionn shíos ár n-árus ar feadh na síorraidheachta. Leis sin leigimíd dínn ár ndíth céille, sguirimíd d'obair na mallaightheachta, glanaimíd anois féin sinn féin ó shalachar ár bpeacaidhe, ná tugaimíd éisteacht dóibh ná do'n mhuinntir seo adeir linn nach baoghal dúinn. Smuainimíd ar gach ar ghaibh na naoimh tríd ag déanamh aithrighe, ar fhulaing na mairtíreacha. Smuainimíd ar a liacht fear agus ban breághtha do thréigeann an saoghal agus do théidheann isteach i mainstreachaibh ag teicheadh ó'n bpeacadh ag iarraidh na bhflaitheas do shaoth- rughadh dhóibh féin. Is aca so do bhíonn an chiall agus ní againn-ne, cé nach é sin adeir an saoghal leo. Acht lá an sgeimhle agus an bhreitheamhnais dhéidheanaigh 'seadh bhéidh fios againn go léir cia h-iad lucht na céille agus na h-aithrigheacha fírinneacha, agus gur ceann de trí náimhdibh an anama an saoghal so. Dá bhrígh sin, nach mairg do chreidfeadh cad adéarfadh an saoghal i dtaoibh na h-aithrighe. Ní measa dhúinn an diabhal 'ná a sheir- bhísigh má dhéanaimíd a gcomhairle. Is ró-mhór díobh ins an saoghal so. Má tá fonn bhur leasa oraibh-se seachnaidh iad cé gur deacair dhíbh é go minic, lucht na spíde agus na mailíse, agus is cuid de sheirbhíseachaibh an diabhail iad; lucht na gaduidheachta agus na mionna móra, lucht na mbruighean agus na meisge, lucht na barbardhachta agus an éithigh, lucht na taidhbhse agus na poimpe agus mórán eile nach bhfuil mé d'áireamh. O! is ró-bheag de shaigh- diúiridhibh an Tighearna le feicsin, agus an beagán
beag do-chímíd díobh go leor díobh dá mealladh ag an diabhal agus dá dtarraing isteach i n-achrann i líontán- aibh an pheacaidh. Ó! is amhlaidh atá an saoghal mar do bhéadh margadh i n-a mbéadh daoine ag dul ag díol 's ag ceannach ann ó mhaidin go dtí an oidhche, 'sé sin le tuigsin, na daoine a bheith ag díol a n-anamnacha agus an diabhal ag tairgsin orra agus é dá bhfaghbháil ar shuarachas beag saoghalta. Ní misde a rádh le fírinne go bhfuil ceo draoidhe- achta nó sgamal éigin trom dá shórt ar mheabhair agus ar thuigsin na ndaoine, an tslighe 'n-a gcreideann siad an fhírinne do chraobh-sgaoil Mac Dé agus 'n-ar chuir sé séala a chuid fola leis an foclaibh céadna. Aimsir an bháis 'seadh chidhfidh an peacthach méid a dhailleachta, agus béidh sé ró-dhéidheanach an uair sin. Acht sibh-se, a chríostaidhthe, iarraim oraibh ar son Dé gan bheith ag déanamh moille níos sia leis an aithrighe. Tosnuighidh léithe anois agus déanaidh í ó chroidhe, ní go fuar, spaideamhail fá dhó ins an mbliadhain, acht gach aon lá ar feadh bhur saoghail. Déanaidh taithighe de'n fhaoisdin ghlain, cuiridh teora le nbhur gcomhráidhtibh malluighthe, ná déanaidh aithris feasta ar shlighthibh an tsaoghail, déanaidh anois féin comhairle Dé agus leanaidh í go dtí an bás, a's do-gheobhaidh sibh párdún in gach ar dhéin sibh go dtí anois ar choingheall gan casadh arís ar na droich-chleachtthaibh, agus an bheatha shíorraidhe i n-a dhiaidh seo. Amen. Seaghan Ua Dreada, fear an aith-sgríobhtha, 1818
{B 1819ls 19T} SEANMÓIR A DÓ-DHÉAG. Toradh an chuirp agus imtheacht an anma. Pulvis es, et in pulverem reverteris. Is luaithreán tú, agus iompóchaidh tú i luaithreán. - Gen.iii.19. Nuair do sgaoilfeas, a chompánaigh, an bás an ceangal sin atá idir d'anam agus do chorp, sínfear é seo gan mhoill, ní mar chorp feasta le muirn acht mar chonablach thruaillighthe, gan bhrígh, gan mhothughadh, le claon-shuaraighe agus ní fada go mbéidh sé chomh gránna, chomh uathbhásach sin leis an gcuma do thiocfas air gur doilg do'n té as muinnteardha d'fhág tú id' dhiaidh ar an saoghal so, amharc air ná druidim leis. Dá dteilgfidhe corp cait, capaill, nó gadhair, ar an machaire, i n-aimsir teasbaigh, do bhéadh sé chomh gráineamhail, fuathmhar sin gan mhoill, ag an súil agus ag an sróin, go gcaithfeadh lucht siubhail an bhealaigh, a sróna do stopadh agus deifir do dhéanamh as amharc an chonablaigh sin, ó mhéad an droch-bholaidh do bhéadh air. Nach ar an gcuma gcéadna so, muna mbéadh ar chuma níos measa, do bhéadh corp an duine gan anam, dá mbéadh sé i n-a chorp impire an domhain? Créad an nídh as cúramaighe ag daoinibh an tsaoghail seo 'ná corp a ríogh nó a dtighearna? Ar an dtaoibh
eile, créad an nídh as truaillighthe 'ná an corp céadna tar éis báis? Cá bhfuil an uair seo an mhórdhacht nó an chaithréim? Cá bhfuil an t-ughdarás, an onóir, nó an phoimp do bhí aige sul sgar a anam leis? d'imthigh siad mar an sgáil, mar nach mbéidís ann riamh. I n-a dhiaidh seo gléasfar sochraid duit ód' dhaoinibh muinnteardha agus bí siúrálta gur ró-bheag de'n ghlóir nó de'n tsaidhbhreas do bhí agat do cuirfear leat ins an talamh. "Ná bíodh eagla ort" adeir an fháidh "nuair do-ghníthear duine saidhbhir agus nuair do mhéadóchas glóir a thighe; ar an ádhbhar, nuair d'imtheochaidh sé, ní bhéarfaidh sé an t-iomshlán agus ní rachas a ghlóir síos leis" (Sailm xlviii.17,18). I n-a dhiaidh seo, tochaltar an talamh dhuit agus ní fhaghann do chorp bocht acht amháin a seacht nó a h-ocht de throighthibh d'uaigh i n-a gcuirfear é. Dá mbéitheá id' rígh nó id' impire an domhain faighthear sínte thú i gcuideachtain cnámha na marbh eile ar dearmad go deireadh an domhain. An mhuinntear do chonnaic an bhainríoghan bhreágh chomhachtach Iesabel i n-a beathaidh ag stiúradh na ríoghachta go cumasach agus do chonnaic í tar éis a báis, nuair do tharraing, do réir toile Dé, na madraí a corp i n-a phíosaíbh as a chéile agus nár fhág siad i n-a ndiaidh dhí acht cnámha an chinn agus bárr na lámh agus na gcos, lán d'uathbhás adubhairt siad: "an í seo an Iesabel úd" (4 Ríogh ix.35,36)? Agus gach duine do ghabh an bealach céadna agus do chonnaic í adeiridís arís le h-iongantas mór na briathra céadna. An í seo, adeireadh gach aon, an bhainríoghan chomachtach Iesabel do stiúir an ríghe go glic agus a raibh beatha agus bás ar a láimh? Anois téidhmíd isteach le n-ár smuaineadh i n-uaigh ríogh na Frainnce nó na Sagsan nó na baintighearna as breághtha ar a raibh eolas againn i n-ar mbeathaidh agus
a chonnaiceamar go minic i nglóir agus i bpoimp. An tan do-chífimís an an-chuma ghránna do bhéadh orra le h-uathbhás mór adéarfaimís na briathra céadna úd nó a leithéide eile; an í seo an Iesabel úd? Cá bhfuil anois an aghaidh bhreágh úd shúgach shoilbhir? Cá ndeachaidh na súile breághtha úd do bheireadh buadha ar chroidhthibh na ndaoine roimhe seo agus do chriothnuigheadh le sméide amháin na sluaighte? An é an conablach so an corp ornálta, uasal, luathmhar, neartmhar úd do chonnaic mé roimhe seo? Cá bhfuil an teanga líomhtha, fhoghlumtha do chuir smacht ar na sluaightibh agus do stiúir na ríoghachta le briathraibh amháin? Cá bhfuil anois fuilt ór-bhuidhe an chinn? Cá bhfuil an choróin óir nó na fáinní? Cá bhfuil anois na brait nó na cuilceacha mór-luaigh? Cá ndeachaidh an chúirt agus na gárdaí? Cá bhfuil anois na féastaí, an ceol, an spórt, agus an imirt? Cá bhfuil anois an tseilg agus gach aoibhneas eile do chon- naic mé ag na daoinibh móra so an lá fá dheireadh? Ó, ní raibh acht sgáil, dár leat, ionnta so uile. Do chuaidh siad tharainn mar an gceo nó mar nach mbéidís riamh ann, agus ní fhuil anois le faghbháil ar a son acht luaithreán, cnumhóga, cnámha, salachar agus bréantas. Cuimhnigh, ar an ádhbhar sin, Ó a dhuine, gur criadh tú agus go n-iompóchaidh tú i luaithreán. Anois, a chompánaigh, ó chaithfeas tú do chorp d'fhág- bháil fá dheireadh 'san uaigh, féachaimís cionnas mar ionnsuidheas an t-anam i n-a h-aonar, nochtuighthe chum an tsaoghail eile. Tosnóchaidh an chréatúir bhocht, uasal so ar a siubhal chomh luath agus do sgaoilfear amach as an gcorp í chum ríoghachta nuaidhe, coimhighthighe i n-a bhfuil aer, talamh, agus áitreabh coigcríochach, lán de dhlighe, de bhéasaibh, agus de ghrásaibh nuadha. Créad do dhéanfaidh sí, a bhochtáin bhoicht, nuair do-chífidh sí í
féin i n-a h-aonar ins an réigiún nuadh so, atá lán d'uathbhás agus de sgáile an bháis? Créad mar do dhéanfaidh sí í féin do shábháil ins na gleanntaibh móra, dorcha, diamhaire úd ar na diabhlaibh ag a mbéid a gcraosacha gránna, fuilteacha, námhdacha osgailte, réidh le n-a slogadh suas munar thuill sí le leoir-ghníomh- arthaibh i n-a beathaidh chomh fada a's do bhí sí i n-a corp ar an saoghal so, guidhe na naomh agus cumhdach na n-aingeal do bheith aici an uair seo? Is uathbhásach an bealach atá aici le dul tríd, acht níl sé níos faide ná níos giorra 'ná an tsíorraidheacht. Acht is uathbhásaighe 'ná sin go mór an breitheamhnas as gnáth le Dia do dhéanamh ins an áit seo, atá i n-a bhreitheamh ró-ghéar, cheart. Táid na diabhail ró-ghnóthach, námhaideach, agus níl agat acht aon nóimead amháin, ar a seasann síor- raidheacht d'anma, síorraidheacht, adeirim, na glóire, síorraidheacht na bpian. Agus an Dia úd atá ins na flaithis, do chruthuigh tú agus d'fhuasgail go daor le n-a chuid fola i gcrann na croiche thú is é bhéarfas breith- eamhas damanta nó sábhála ort, do réir d'oibreacha maithe nó olca; agus an uair seo, ní éistfidh sé le guidhe ná le deoraibh; ní shábhálfaidh saidhbhreas na cruinne go h-iomshlán tú. An uair seo, d'uaisle, do chéim, ná do chaithréim, ní dhéanfaidh siad maith dhuit acht do phianta do mhéadughadh, má's breith damanta bhéarfar ort, mar adeir an t-Eagnaidhe go gcaithfidh tú súil ar son súile, fiacail ar son fiacaile, lámh ar son láimhe, agus cos ar son coise do thabhairt uait (Deut.xix.21). Ní tháinig smuaineadh, dá luighead, id' chroidhe ariamh agus níor imthigh briathar díomhaoin as do bhéal ar feadh do bheathadh ar an saoghal so, nach dtiocfaidh do láthair le cur ort, agus caithfidh tú cunntas do thabhairt ionnta do'n bhreitheamh shíorraidhe lá an bhreitheamhnais (Matha xii.36).
Ó chaithfimid, mar sin, an cunntas cruaidh sin do thabhairt uainn ins na briathraibh díomhaoine, mar adeir fírinne an tSoisgéil linn, goidé an cunntas nach gcaithfimid do thabhairt uainn ins na peacaidhib marbhthacha do-ghnímíd go laetheamhail? Cionnas mar do bhéidh sé ag lucht an uabhair, na sainnte, an adhaltrannais, agus na drúise; ag lucht na tnútha agus an chraois; ag lucht na neamh-fhoighde, na feirge, agus na fuatha; ag lucht námhdachais agus gadaidheachta agus na mionn mór? Má's ar éigin do sábhálfar, an uair seo, an fíréan, mar adeir Naomh Peadar linn, cá rachaidh an duine mí- cheart agus an peacthach? (1 Pead.iv.18). Créad an freagra do-bhéarfaimid uainn an tan iarrfar cunntas orainn i n-ár mbeathaidh, i n-ár bhfortún, ins an intleacht, ins an aimsir bhreágh do chaitheamar go díomhaoin, agus i ngach ócáid maithe do thug Dia dhúinn ariamh chum leasa ár n-anma do dhéanamh? Ó, créad mhéad atá anois ag déanamh peacaidhe gan sosadh, mar nach mbéadh sé i n-aghaidh Dé nó nach mbéadh ann acht dia cloiche nó maide ag nach mbéadh urlabhra, mothughadh ná éisteacht, - do bhéidh lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh ós comhair an bhreithimh shíorraidhe Íosa Críost, lán de náire agus d'eagla, nuair do-chífid ós comhair a súl an carnán dubh, diab- laidhe de'n mhéad peacaidhe do rinneadar ariamh agus Íosa Críost fá bhrat feirge agus díbhfeirge, réidh chum breitheamhnas do thabhairt orra. An tan do bhéir 'san mbara ag Íosa Críost, éireochaidh an t-aingeal malluighthe sin na láimhe clé atá agat, suas id' aghaidh agus déarfaidh sé ós comhair do shúl go dána le Mac Dé mar seo: "Ní féidir leat, a bhreithimh ró-cheirt, gan an t-anam coirtheach so do dhamnughadh ar an ádhbhar badh liom-sa í go nuige seo mar gheall ar a droich- ghníomhartha féin. Is fíor go raibh ceart agat-sa,
mar is tusa do chruthuigh cosamhail leat féin í, acht is liom-sa anois do bhaineann sí mar do thréig sí thusa, mar do ghlac sí liom-sa id' ionad. Do mhasluigh sí thú. Do thug sí gean domh-sa. Do chuir sí suas duit. Níor chongaibh sí d'aitheanta. Ní dhearna sí do thoil. Do chuir sí suas duit agus dod' chomhairle. Ní raibh do ghrádh ná grádh na comharsan ariamh i n-a croidhe. Do-rinne sí gach nídh d'iarr mise uirri chomh fada a's do bhí sí i n-a corp. Mo bhéasa agus mo lorg-sa do lean sí go díomsach, dícheallach, ag tabhairt an uile shásaimh do'n cholainn do thaithnigh léithe. Mar sin is liom-sa ó cheart í chum bheith i n-a compánach agam go síorraidhe i dtigh na bpian. Is fíor" adéarfas an diabhal le h-Íosa Críost, "is tú do chruthuigh í, d'fhuasgail i gcrann na croise le do chuid fola í, chum na glóire síorraidhe do thabhairt dí. Is tú do thug ó bhás go beathaidh i, ó luige go neart, ó pheacadh go grása. Ar a shon sin do thréig sí thú agus do thug sí modh, urraim, agus umhlacht domh-sa. Nár iarr tú uirri trosgadh, déirc, na h-urnaighthe do dhéanamh le n-a cuid de'n ghlóir do shaothrughadh dí féin? Níor thug sí áird orra. Do bhí sí mainneachtnach i gcomhnuidhe agus díomhaoin. Do bhí sí uaibhreach, sanntach, lochtach, uallach iomarcach. Do bhí sí i n-a méirdrigh, i n-a pótaire, i n-a cearrbhach. Mar sin, ó cheart is liom-sa anois í. Adhraim tú," adéarfas an diabhal le h-Íosa Críost, "chum ceart do dhéanamh dhom anois do réir an bhreith- eamhnais do rinne tú féin, nuair adubhairt tú leis an gcineadh Iúdaighe: "Tugaidh a cheart féin do Shaesar agus a cheart féin do Dhia" (Matha xxii.21). Tabhair mar sin, an anam bhrocach, shalach so domh-sa, mar is liom do bhaineann sí anois le ceart." Tar éis na pléideála cruaidhe seo do chlos do'n anam bhocht, ós
comhair a Cruthuightheora agus a Slánuightheora, má's é breitheamhnas do bhéarfas uirri imtheacht síos i ndiaidh a cinn go fíor-íochtar ifrinn, le n-a beith dá losgadh agus dá dóghadh i gcuideachtain na ndeamhan i lár na lasrach lán-chraosaighe nach múchtar go bráth, Ó, créad an criothnughadh uathbhásach do thiocfas uirri an uair seo? Créad do dhéanfas an bochtán bocht nuair do thréigfidh Dia í? Créad adéarfaidh sí ar a shon féin? Cá rachas sí? Ó, créad an gáirdeachas do bhéas ar a náimhdibh an tan sin! Ó, créad an luathgháir do bhéas orra nuair do-gheobhaid siad seilbh uirri agus do bhéas siad dá stracadh leo go seomra agus go rothaí na bpianta síor- raidhe - an uair do thiocfas briathra an fháidh isteach adeir, ag caint ar náimhdibh an anma: féach an lá ar a rabhamar ag feitheamh, do fuaramar agus do chonnac- amar é (Triamhna Ier.ii.16). An uair seo cuirfear críoch ar aoibhneas an duine. Dúnfar nó druidfear le h-eochair na síorraidheachta geataí flaitheamhnais Dé i n-a aghaidh agus oisgeoltar foraighis ifrinn dó, áit i n-a mbéidh sé dá phianadh chomh fada a's bhéidh Dia i n-a Dhia. A chompánaigh, ó tá gach nídh dá ndeachtuigh mé dhuit ró-fhírinneach, dearc i n-am go críonna ort féin, chomh fada agus do-bhéarfaidh Dia ré na h-aithrighe dhuit, agus glac comhairle an té do-rinne abhcóide de féin ar do shon, sul a dtiocfaidh sé chum breitheamhnais do thabhairt ort. Féach, adeir Mac na trócaire, nach gcalcfaidh bhur gcroidhthe nó nach gcuirfidh sibh ualach trom orra le h-iomarca sóigh agus meisge agus cúraim an tsaoghail seo, agus go dtiocfaidh an lá obann úd oraibh (Lúcás xxi.34), agus nach bhfaghaidh ar son an mhéid do shaothruigh sibh, acht an uaigh amháin. Tugaimís sinn féin i n-am do na h-urnaighthibh go dícheallach, do'n trosgadh go cíocrach,
do'n déirc do dhéanamh go fonnmhar chum buadh do bhreith ar na trí eascáirdibh úd atá romhainn ar an mbealach go tigh Dé, - ar an saoghal, adeirim, ar an gcolainn, ar an diabhal. Smuain anois go minic ar an mbás ionnas go bhfuightheá anois agus ar uair do bháis, grása agus trócaire ó'n té d'fhuiling bás agus páis ar do shon i gcrann na croiche. I n-ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen. Iar n-a ghrafadh ins an mbliadhain 1819 chum úsáide an Tighearna Easbuig i gCorcaigh, le Mícheál Ua Longáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services