Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanmóirí Muighe Nuadhad II

Title
Seanmóirí Muighe Nuadhad II
Compiler/Editor
Connradh Chuilm Naomhtha
Composition Date
1768
Publisher
(B.Á.C.: M.H. Gill agus a Mhac Teor, 1907)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEANMÓIRÍ MUIGHE NUADHAD.



Seanmóir a hAon.



Ar an mBreitheamhnas nDéidheanach.
(Do'n Chéad Domhnach de'n Aidbhint.)
Tunc videbunt Filium hominis venientem in nube cum potestate
magna et maiestate.
Annsin chífidh siad Mac an duine ag teacht i néal maille le
h-iomad comhachta agus mórdhachta.
Lúcás xxi.27
An féidir a bheith fírinneach, a dhearbhráithreacha, go
mbéidh breitheamhnas geinearálta ag deireadh an
tsaoghail seo i n-a gcruinneochthar an cineadh daonna
go comh-choitcheann, a bhí ar marthain ó na h-uile aimsea-
raibh agus ó na h-uile árdaibh de'n domhan, de gach aois,
de gach cinéal daoine agus de gach gairm beathadh i n-ar
mhaireadar, do-chum cloisin ó bhéal an bhreithimh fhír-
chirt féin créad é an sonas suthain as dlightheach
dóibh do shealbhughadh nó an doilgheas doi-chríochnuighthe
as dual dóibh d'fhulang?



Atá sé, gan aon amhras, fírinneach agus creidim é ar
gach modh, a Thighearna, óir is ponc éifeachtach é de'n
chreideamh agus de'n chrábhadh i n-ar mian liom mo bheatha


L. 2


do chaitheamh agus bás d'fhaghbháil. Ar dtaobh amuigh de'n
bhreitheamhnas áirithe do bhéarfar ar gach aon ar uair a
bháis, atá, fós, breitheamhnas eile ann do-chum an chéad
bhreitheamhnas sin do chóimh-neartughadh. Is moighéanar
sin do na fíréanaibh, gidheadh, is mairg dubrónach do'n
droing damanta é, de bhrígh nach bhfosglóchaidh ár
mbreitheamh a bhéal an tráth sin acht chum an chéad bhreith
do tugadh orainn d'ath-nuadhughadh go síorraidhe i láthair
uile chineadhach an domhain.



Ó tá sé fír-chinnte go bhfuil breith phuiblidhe le
tabhairt ar an uile dhuine, atá sé anois riachtanach
agam a mhíniughadh dhíbh cia h-é an neach úd do bhéas 'n-a
uachtarán ar an obair thásgamhail seo agus 'n-a bhreitheamh-
ain choitcheann ar na h-uile dhaoinibh. Foillsigheann,
iomorro, ár gcreideamh dhúinn-ne gurab é Íosa Críost,
as Dia agus duine i n-éinfheacht, do-bhéarfaidh an bhreith
orainn: Tunc videbunt Filium hominis venientem in
nube, etc. "Annsin chífidh siad Mac an duine ag
túirling ar néal Lonnrach maille le mórdhacht do-fhais-
néise agus le comhachtaibh ríoghamhla;" agus is ó'n tráchtadh so
tarraingim an dá fhírinne seo do-ghnídheas uile
órdughadh agus eagar mo chomhráidh. An chéad fhírinne, ar
an ádhbhar go bhfuil an breitheamhnas déidheanach i
n-áirithe do'n uile dhuine, ní féidir, mar sin, le h-obair
a chomh-oiread ughdaráis agus fíréantachta do bhaint le
neach 'san mbith acht le Mac Dé. An dara fírinne,
ar an ádhbhar gurab aige sin atá na mór-cháilidheachta
sin, cuirfidh sé, gan contabhairt, i ngnáthughadh iad chum
sóláis do'n chuallacht bheannuighthe agus chum dóláis do'n
dream mhalluighthe go síorraidhe. Gidheadh, is iad
cáilidheachta éagsamhla doi-innste an bhreithimh mhórdha
so na mbeo agus na marbh mar aon le clódhaibh con-
trárdha na luathgháire agus an éadóchais do chuirfidh a


L. 3


dheilbh agus a láthaireacht ar na fíréanaibh agus ar na neamh-
fhíréanaibh do-ghnídheas iomshláine mo sheanmóra.



An Chéad Roinn.
Tá sé 'n-a fhírinne chomh soiléir agus chomh bunadhasach
sin ar n-a cruthughadh 'san Sgríbhinn Diadha gurab é
Íosa Críost thiocfas chum breitheamhnas do dhéanamh ar
bheodhaibh agus ar mharbhaibh go ndéanann sé aon de phoncaibh
bunáiteacha ár gcreidimh. An uair badh thoil le n-ár
Slánuightheoir slán d'fhágbháil ag a abstalaibh, ag so na
briathra déidheanacha do labhair sé leo: "Is mithid
domh-sa filleadh chum m'Athar féin agus imtheacht chum bhur
n-ionaid féin d'ullmhughadh dhíbh-se. Gidheadh, an fhaid a
bhéidh sibh ar an saoghal so imthighidh agus seanmóirighidh an
Soisgéal ar fuaid na talmhan go h-uile, agus má fia-
fruighthear dhíbh cia tríd a labharthaoi, aithrisidh dhóibh
gurab uaim-se do fuaireabhar bhur dteachtaireacht; óir
atá comhachta do-choimsighthe agam-sa ar neamh agus ar
talamh, agus soisgéalaidh dhóibh gur mise an té thiocfas
do bhreith breithe ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. Slán
agaibh, a abstala, ag so na neithe déidheanacha atá agam
le rádh libh."



Léighimid i nGníomharthaibh na n-Abstal 'san 10 caib
an uair d'áireamhann an naomh abstal Peadar na
foircheadail agus na h-órduighthe do thug Íosa Críost dó
féin, foillsigheann 'n-a measg sin uile dhúinn gur
órduigh an Tighearna dhóibh na puibleacha do theagasg agus
faisnéis dóibh go dícheallach gurab é féin atá ar n-a
oirneadh ó Dhia mar bhreitheamh bhunadhasach ar bheodhaibh agus
ar mharbhaibh. Praecepit nobis praedicare populo et
testificari quia ipse est qui constitutus est a Deo iudex
vivorum et mortuorum (Gníomhartha na n-Abstal x.42).


L. 4


Cionnas ar n-a oirneadh ó Dhia mar bhreitheamh dhearbhtha
ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh? An é nach bhfuil an
ceannas sin aige uaidh féin? Ní h-eadh, óir atá an
t-ughdarás sin aige uaidh féin, mar is Dia é, ar an
ádhbhar go ndéineann comhachta an bhreithimh aon de na
feadhmaibh foir-imeallacha atá coitcheann d'uile Phear-
sanaibh na Tríonóide. Acht fós, fuair sé an tighearnas
so fá mar as duine é, agus thug an t-Athair neamhdha na
comhachta so dhó mar as Mac an duine é. Do réir mar
atá, ní h-é amháin naomhthacht gan cruthughadh i n-Íosa
Críost, acht fós, grása iomdha agus naomhthacht chruthuighthe
ann, agus ionamhail a's mar atá, ní h-é amháin eolas agus
tuigsin neamh-chruthuighthe, acht fós, tuigsin chruthuighthe,
mar an gcéadna, is amhlaidh sin, do réir an teagasg-
thóra ró-fhoghlumtha Ansoilm, ar dtaobh amuigh de mhór-
chomhachtaibh an bhreitheamhnais atá coitcheann d'uile
Phearsanaibh na Tríonóide ion-adhartha, atá mar an
gcéadna, uachtaránacht na mórdhachta annsin go sonn-
radhach, agus dá réir sin, is é ár mbreitheamh é ar dhá mhodh;
'san chéad mhodh i gcáilidheacht a dhiadhachta agus 'san dara
modh do réir a dhaonnachta. Má's mian libh príomh-
ádhbhair na neithe seo do thuigsin ag so na réasúin as
measamhla 's as fearr do gheibhmid air.



Do thráchtas roimhe seo ar na príomh-ádhbharaibh sin
an tan adubhairt mé gurab ó Dhia fuair ár Slánuigh-
theoir an mór-cheannas so. Do réir mar as Dia é, is é
íomháigh fíre an Athar é, agus atá an naomhthacht chéadna,
an fhíréantacht chéadna agus an t-ughdarás céadna aige agus
dá bhrígh sin, atá na comhachta céadna aige chum
breitheamhnas do dhéanamh. Do réir mar as duine
é, atá iomad foir-líontacht na diadhachta ag áitiughadh
go corpardha ann, mar adeir an naomh abstal Pól,
agus mar gheall ar aontacht fói-sheasmhaighthigh na diadhachta


L. 5


ins an daonnacht atá, dá bhrígh sin, comh-chothughadh na
foirfeachta diadha 'n-a dhaonnacht ion-adhartha. Óir
do thug Dia dhó foir-líontacht a uile ungadh agus
líonmhaireacht a dhiadhachta chomh iomadamhail agus do
b'fhéidir a roinn, agus is ar an ádhbhar so adeir na
diadhairí go bhfuair sé grásta iomdha nach féidir a
n-áireamh ag aimsir a bheith coimh-phréamhuighthe i mbroinn
na Maighdine ró-naomhtha, agus dá bhrígh sin, ó chomh-chothuigh
an t-Athair a fhoirfeacht féin leis, gur roinn leis, dá
réir sin, a fhíréantacht. Agus, go fírinneach, gan an
comh-chothughadh so na fíréantachta, níor bh'féidir a rádh
go bhfuil uile líonmhaireacht na diadhachta ag áitiughadh i
ndaonnacht Mic Dé, agus ó tá an fhíréantacht sin ann, ní
féidir leis gan a cur i ngnáthughadh. Agus ó nach
ndéanann sé aon fheadhmannas puiblidhe ná sollamhanta
'san bheathaidh seo, ní mór dhó a dhéanamh 'san bheathaidh
eile agus sin ag deireadh an tsaoghail. Agus go fírinneach,
is é seo contagradh agus léar-aighneas an dochtúra ró-
fhoghlumtha San Aibhistín ar na h-ádhbharaibh sin.



Acht tráchtaim níos sia ar na h-ádhbharaibh seo.
Éirigheann, fós, comhachta an breitheamhnas comh-
choitcheann do dhéanamh, do bhaineas le Mac Dé go
sonnradhach, ó n-a cháilidheacht mar as é ceann na
h-Eaglaise go h-uile é, agus ó'n gceart do thuill sé tré
n-a Eiséirghe agus tré n-a bhás. Adubhairt mé ó n-a
cháilidheacht mar as é ceann na h-Eaglaise go huile é,
óir is é féin go h-aonracánta, mar adeir an naomh
abstal Pól, as ceann ar an gcorp rúin-diamhrach so agus
as céad-ghein ar measg na marbh, agus innseann an
t-abstal céadna dhúinn gurab é as ceann mar is aige
atá ró-cheannas ins na h-uile neithibh.



Atá trí gnéithe de phríomh-chomhachtaibh ins an cheann
so do réir Naoimh Biornáird má ghnídhmid cosamhlacht


L. 6


idir é agus na ballaibh, mar atá, príomh-cheannas na
h-oileamhna, príomh-cheannas na h-aontachta agus príomh-
cheannas na h-uachtaránachta agus na h-áird-chéime: Influit,
unit, eminet. Agus is é Íosa Críost a shealbhuigheas na
h-uile neithe, óir níor bh'fhéidir leis bheith i n-a cheann ar
chorp na h-Eaglaise go h-uile gan na h-uile neithe do
bheith aige: Ut sit in omnibus, ipse primatum tenens (Col.
i.18); príomh-cheannas na h-oileamhna, mar is uaidh do
gheibhmid na h-uile ghrása: Gratia per Iesum Christum
facta est (Eoin i.17); príomh-cheannas na h-aontachta,
óir d'aontuigh sé le chéile na Iudaighthe agus na cineadhacha
ionnas go ndearna dhíobh aon phobal amháin; agus is é
do sgrios na h-uile neithe le n-a chuid fola daor-luaigh
féin agus d'aontuigh neamh le talamh; príomh-cheannas
na h-uachtaránachta agus na bárrruidheachta, óir is é as
uachtarán ar na h-uile dhaoinibh, óir is aige atá
comhachta ar iad do riaghalughadh, ar dhuais agus ar phionós
do thabhairt dóibh, agus dá bhrígh sin, is aige atá ceart ar
breitheamhnas do dhéanamh orra.



Acht déanann Mac Dé úsáid 'san mbeathaidh seo
des na céad phríomh-chomhachtaibh sin atá aige mar as é
ceann na h-Eaglaise é. Gidheadh, cuireann ar cáirde
an treas feadhmanntas agus congbhann é i gcomhair na
beathadh eile. Doirteann sé 'san mbeathaidh seo
ionainn-ne, na baill, iliomad de ghrásaibh agus de bhean-
nuightheacht; aontuigheann sé 'san mbeathaidh seo a bhaill
le spiorad na síothchána d'fhág sé 'n-a chorp rúin-diamh-
rach; acht i dtaobh príomh-cheannais na mór-chomhachta agus an
bhreitheamhnais, ní chuirfidh ar aon chor i ngnáthughadh é go
lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh i n-a gcruinneochthar
an t-Ádhamh-fhuil le chéile chum breitheamhnais.



Adubhairt mé roimhe seo do réir an abstail chéadna
go mbadh dhual dó bheith i n-a bhreitheamh ar an gcineadh


L. 7


daonna de bhrígh gur fhulaing sé bás ar a shon. Atá
ceart nádúrtha aige chum breitheamhnas do dhéanamh
orainn fá mar as Dia é. Atá, fós, ceart bunadhasach
do tugadh dhó mar as duine é, agus ar dtaobh amuigh de
cheart na h-uachtaránachta agus na h-áird-chéime atá aige
orainn mar as é ceann na h-Eaglaise go h-uile é,
atá, fós, ceart dlightheach aige ós ár gcionn tré n-a bhás
agus tré n-a dhortadh fola. Cuirfear, mar sin, gairm
choitcheann ar na h-uile dhaoinibh do láthair a chathaoireach
breitheamhnais de bhrígh gurab Dia é, de bhrígh gurab
Dia agus duine i n-éinfheacht é, de bhrígh gurab é ceann
na h-Eaglaise go h-uile é agus fá dheoigh, de bhrígh gurab é
a Slánuightheoir é.



Cad é an fáth gur fhulaing sé bás? Atá, ar dtús,
chum sinn-ne d'fhuasgladh, agus 'san dara h-áit chum breith-
eamhnas do dhéanamh orainn; In hoc enim mortuus est et
resurrexit ut et mortuorum et vivorum dominetur (Rómh.
xiv.9). Do bhíomar-ne fá mhoghsaine an diabhail do bhí
mar thighearna orainn, agus do shaor seisean uaidh sinn. Do
bhíomar-ne reicthe do'n diabhal do fuair áird-cheannas
orainn tré n-ár méirleachas agus tré n-ár n-ath-chogadh
féin, agus do bhain seisean as a lámhaibh an láimh-sgríbhinn
do bhí aige 'n-ár gcoinnibh. Samhluighthear an ceart
foir-líonta atá ag Íosa Críost chum breitheamhnas do
dhéanamh ar an gcineadh daonna mar as é ár gCruth-
uightheoir agus mar as é ár Slánuightheoir é, le ceart
choimh-dhlightheach an ríogh nó an árd-uachtaráin úd ós
cionn a fhomósuidhthe nó a íocuightheoirí an uair ruagas
sé an námhaid choigcríoch do thug na fomósuidhthe easaon-
tacha céadna isteach i n-a bhforbaibh dúthchais.



Atá, fós, ceart eile aige chum breitheamhnas do
dhéanamh ar na daoinibh, do réir na ndiadhairí bhfogh-
lumtha, ar an ádhbhar go dtugadar-san breith air-sean.


L. 8


Do tugadh breith dhaor air go neamh-chionntach; ní mór
dó-san, dá bhrígh sin, na cionntaí agus an maslughadh sin
do dhíoghal agus do leasughadh.



Nach ró-éagsamhail le n-aithris é gur thréig a
bhreitheamhain gach uile ghné fíréantachta i gcúis-
fhreagradh Mic Dé, agus gur thruailleadar a ndlighthe
bunáiteacha féin i n-a chúis-sin go sonnradhach. Do
tugadh do láthair Phíoláid mar bitheamhnach é, do fhreagair
ann ar a shon féin agus cionntuigheas na fiadhnéidhthe
bréagacha do tugadh 'n-a aghaidh de chlaoine agus de
bhréagaireacht. Admhuigheas Píoláid an fhírinne, go
bhfuil sé neamh-chionntach, agus iar sin daorann é ag rádh:
"An iarrthaoi orm-sa é? Imthighidh, bheirim suas díbh é.
Acht créad é an t-olc a dhéin sé? Ní fheicim-se cúis
báis ar bith ann. Acht má's mian libh-se go bhfulaingidh
sé bás, déinidh bhur dtoil féin leis, ionnlaidhim-se mo
lámha as. Tiomnaim suas díbh é i n-aghaidh gach reachta
agus fírinne, i n-aghaidh gach gné gnáthaighe agus fós, i n-aghaidh
mo chogcubhais féin." A sgríobhuidhthe, a fhairisíneacha
agus a theagasgthóirí an dlighidh, do shíreabhar a bhás
air, acht créad é an fáth? Ar an ádhbhar go ndearna
sé iomad míorbhal, gur shlánuigh sé na h-easlána, go
dtug a radharc do na dallaibh, gur aith-bheodhuigh sé na
mairbh. Ó's i n-aghaidh gach gné cirte agus fírinne do thug-
abhar breith air agus do chuireabhar chum báis na croise é,
créad é an comhall péine as oireamhnach díbh fá n-a
chomhair? Atá, iomorro, an neach céadna úd le bheith
mar bhreitheamhain agus 'n-a dhíoghaltóir oraibh, mo Thigh-
earna, do dhaoir-bhreathnuigh sibh mar dhia-mhasluightheoir,
mar bhuaidhearthóir, mar neach sealbhuighthe le deamhan agus
mar dhroch-dhuine. Acht éirigh, a Dhia mhórdha, agus tabhair
breith in do chúis féin mar adeir Dáibhídh: Exsurge Deus,
iudica causam tuam (Sailm lxxiii.22). Cuimhnigh ar an


L. 9


easonóir do thugadar-san duit. Memor esto impro-
periorum tuorum (Sailm lxxiii.22).



Coimh-líonfar, gan amhras, athchuinge an psailm-
chéadlaigh ríoghamhail, óir d'imthigh aimsir na foighide agus
páise Íosa Chríost tharainn agus tiocfaidh am na fíréan-
tachta agus an díoghaltais. Foillseochaidh sé an Dia úd
do bhí chomh táir, chomh dí-mheasta sin go creathnamhail agus
go h-uathbhásach, agus ionamhail a's mar d'fhoillsigh sé a
fhoighide agus a mhilseacht roimhe seo, mar an gcéadna,
dearbhóchaidh sé a fhearg agus a mhórdhacht 'n-a dhiaidh seo do
réir an Athar fhoghlumtha Aibhistín. I n-a chéad teacht
do chumhduigh a dhaonnacht glóire a dhiadhachta chomh ioma-
damhail sin nár measadh é 'n-a Dhia ar aon chor,
gidheadh, ins an dara cuairt a bhéas ag deireadh an
tsaoghail claochlóchaidh a dhiadhacht úir-ísleacht a dhaon-
nachta chomh iomadamhail sin tré líonmhaireacht a ghlóire
nach samhlóchthar le duine é. Óir cia h-é an duine dá
dtiubhradh an nádúir go h-uile omós agus a chífidh gach
nídh as measamhla agus as mórdhálaighe ar n-a luighe ag a
chosaibh, cinn phoimpeamhla na ríghthe ar baill-chrith agus uile
chomhachta an domhain ag fuireach maille le sgéan agus
crith-eagla le n-a mbreitheamhnas déidheanach?



Téidheann San Criosostom níos sia ar an dtráchtadh
so óir adeir sé nach dlightheach d'aoin-neach acht do Mhac
Dé bheith 'n-a bhreitheamh ar na daoinibh ar an ádhbhar gur
cóir cosamhlacht éifeachtamhail do bheith idir an mbreith-
eamh agus cáilidheachtaibh an bhreitheamhnais. Béidh uile
tosga an bhreitheamhnais dhéidheanaigh soi-chéadfadhach nó
ion-mhothuighthe. Is cuma créad é an t-ionad 'n-a mbéidh
sé, más i ngleann Íosafat nó i n-áit ar bith eile, acht
béidh sé ion-mhothuighthe. Béidh na h-uile dhaoine ion-
mhothuightheach ann. Tiocfaidh siad do láthair ann maille
le n-a gcorpaibh, má's glórmhar iad, amhail lucht na


L. 10


deigh-chinneamhna, nó má's malluighthe iad, amhail lucht
na droich-chinneamhna. Tusa, a bhean uasal mhórdhálach,
do-bheir an oiread so ceanamhlachta agus macnais dod'
chorp maille le h-órnáidíbh iomdha agus le h-éadach deagh-
mhaiseach dath-áluinn, tiocfaidh tú chum breitheamhnais
Mic an duine. Och! má bhíonn sé de mhío-ádh ort bheith
damanta, cionnas fhéachfaidh tú an tráth sin? Féachfaidh
tú go fírinneach maille le morgthacht bioth-ghránna, le
deilbh sgéanmhair, le féachain adhuathmhair, níos gráine-
amhla 'ná na h-oill-phiasta, mar adeir an Sgríbhinn
Diadha, agus níos duibhe 'ná an gual.



Béidh fiadhnéidhthe an bhreitheamhnais dhéidheanaigh, mar
an gcéadna, ion-mhothuightheach agus má leanamuid lorg agus
léar-aighneas mórán de na h-Aithreachaibh naomhtha,
gheobhaidh na deamhain féin cuirp umpa chum a mbeith
so-fhaicsiona agus chum a ngéir-leanamhain agus a ndiain-ghear-
áin féin do bheith soi-chéadfadhach nó ion-mhothuighthe.
Taisbeánfar ann an chrois, as comhartha le Mac an
duine, de láthair ilchineadhach an domhain, agus, dá bhrígh
sin, ó 'tá uile thosga an bhreitheamhnais ion-mhothuighthe,
is dual do'n bhreitheamh a riaghalóchaidh é bheith amhlaidh.
Acht ó nach bhfuil aon Phearsa 'san Tríonóid ró-naomhtha
do ghabh colann daonna acht an Mac chum bheith ion-
mhothuighthe, ar an ádhbhar sin, is dó go sonnradhach as
ceart bheith 'n-a bhreitheamh orainn.



An bhfuil sé riachtanach agam, a dhearbhráithreacha,
níos mó do rádh libh chum go dtuigfeadh sibh fírinne na
mbréithre seo, go bhfeicfidh na h-uile dhaoine Mac an
duine 'n-a shuidhe ar néal ag déanamh breitheamhnais ar
an Ádhamh-fhuil maille le comhachtaibh flaitheamhla. Acht
is cuma so uile le lucht na h-an-toile. An tan
chuimhnighim ar chuirptheacht uathbhásaigh na h-aimsire seo
samhluighthear dhom go bhfuilmid tagaithe chum na n-amann


L. 11


ndéidheanach úd ar a dtráchtann an naomh abstal
Peadar 'n-a dhara eipistil chatoilice, mar a n-abrann
sé go dtiocfaidh lucht sgige agus fonomhaide ag leanamhain
ainmhian na colna adéarfas: "Tá siad ag trácht
linn-ne ar aith-theacht Mic an duine. Táid ag innsin
dúinn go minic gur gheall sé go dtiocfadh sé, acht cá
h-uair thiocfas sé? Ó fuair ár n-aithreacha bás ní
fhacamar éinneach do tháinig ó'n saoghal eile ná athar-
rughadh ar bith ar an saoghal so." Ubi est promissio aut
adventus eius? (2 Peadar iii.4). An é nach é seo an
t-urlabhradh a thugann a n-ainmhiana agus ró-dhearmad ar
fhírinnibh bunáiteacha na Críostamhlachta fá ndeara ar
iliomad de dhaoinibh? Acht cad é an freagra do-bheir an
naomh abstal céadna orra? "'Seadh, 'seadh" adeir sé
"tiocfaidh Mac an duine agus tiocfaidh ar an aimsir nach
dóigh leat. Imtheochaidh na neamha tharainn, dealóchaidh
na cáirde as grádhmhaire le chéile agus claochlóchthar leis an
teinidh gach nídh atá le feicsin ar talamh. Amhail an
gaduidhe thigeann i gan-fhios 'san oidhche, is mar sin
thiocfaidh lá an Tighearna d'éin-bhéim. chífidh sibh é an
uair nach smuaineochaidh sibh air." Acht is iad na
clódha a chuirfidh a theacht agus a phearsa ar spioradaibh agus
ar chroidhthibh na ndaoine atá agam le cuardughadh 'san
dara poinnte.



An Dara Roinn.
Ní féidir liom an dara roinn seo do thionnscnamh
níos fearr 'ná leis an iomrádh so Naoimh Biornáird
adeir, ó tá lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh 'n-a lá
duaise agus péin-éirce, 'n-a molta agus dío-mholta, béidh
na malluightheoirí ag fuireach leis maille le crith-eagla
agus na deagh-dhaoine maille le lán-áthas, ar an ádhbhar


L. 12


gur órduigh an Tighearna é ar mhodh go mbéidh adhnáire
shíorraidhe ar na malluightheoiríbh i dtaobh a sáruighthe, agus
go bhfuighidh na deagh-dhaoine coróin ghlórmhar agus tortha
milse a ngabháltais agus a nglan-chosgair. Iudicii dies
expectatur ab omnibus, ut et victi rubescant, victores
palmam adipiscantur victoriae.



Is ar an ádhbhar so dheimhnigheann na Soisgéalaidhthe,
ag trácht ar an lá ndéidheanach, go gcromfaidh na mal-
luightheoirí a gcinn gus an talamh le h-éigean sgann-
artha agus uathbháis, agus go n'árdóchaidh na deagh-dhaoine a
gcinn go dóchasach agus go neimh-eaglach agus go mbéidh siad
tuilte de luathgháir agus d'áird-intinn i dtaobh toradh
séanmhar a bhfuasgalta agus a lagsaine d'fhaghbháil. Uch!
créad é an fáth eagla, mío-dhóchais agus sgannartha as mó
do na peacthachaibh 'ná láthaireamhlacht agus amharc Íosa
Chríost.



Adeir Naomh Basal gur mó agus gur peannaideamhla
dhóibh é 'na uile phianta ifrinn agus is ins an chéill seo
mhínigheas sé na briathra so Íob. Quis mihi hoc tribuat
ut in inferno protegas me et abscondas me donec per-
transeat furur tuus? (Iób xiv.13). "A Athair neamhdha,
díon agus cumhduigh mé." "Créad é an chomairce as mian
leat d'fhaghbháil, a pheacthaigh ghráineamhail, do mhasluigh
mé chomh minic sin?" "Leig dom fanamhain i
n-ifrionn." "Acht is é ifrionn árus na n-uile shórt
pian agus amhgair." "Níl cás orm tríd, fág mé i
n-ifrionn agus cumhduigh mé leis na teinteachaibh buileamhla
agus leis na lasrachaibh greadacha, ionnas nach féidir liom
téarnódh as. Is fearr liom bheith ag fulang na bpian
sin 'ná seasamh aon nóiméad amháin de láthair an bhrei-
thimh seo." Nec aspiciat me visus hominis (Iób vii.8).
"Ní féidir liom radharc an bhreithimh seo, Dia agus duine i
n-éinfheacht, d'fhulang ná d'fhoighideadh."


L. 13


Atá a léir-fhios agam, a uaisle, go dtugann
Aithreacha na h-Eaglaise éifeacht eile do na briathraibh
seo Iób, acht do-bheir Naomh Basal an éifeacht úd dóibh
agus adeir sé go mb'fhearr leis an ndroing ndamanta
bheith ag fulang na bpian síorraidhe gan súil fóirithne
'ná seasamh chum aon amhairc amháin ó'n mbreitheamh.
Créad é fáth an bhuaidheartha ró-mhóir sin? Atá,
iomorro, de bhrígh go dtiubhraidh aon amharc amháin ó'n
mbreitheamh trí clódha nó athruighthe fá deara orra ag
ar measa an ceann as lugha díobh 'ná an bás agus 'ná
ifrionn féin.



Béidh an céad chlódh a thiocfaidh ar na malluigh-
theoiríbh i dtaobh láthaireachta Mic Dé 'n-a chlódh fuatha
agus feirge. Dá mbadh fhéidir leo é, d'alpfadaois suas
é; dá bhféadfaidís, do raobfaidís 'n-a bhlódhannaibh é.
Atáid ar buile 'n-a aghaidh, atá fuath aca dhó agus fuath-
uigheann seisean iad-san, acht, tar éis sin uile, ní
fuláir dóibh é fheicsin agus bheith sásta le n-a bhreitheamhnas
orra.



Béidh an dara clódh do thiocfaidh orra 'n-a chlódh
mhío-dhóchais de bhrígh go bhfuil a sháir-fhios aca nach bhfuil
sé ar chumas dóibh teicheadh ó n-a láthair ná ó n-a bhreith-
eamhnas. "Imthigh chomh fada a's féadfaidh tú é, a
thruagháin, atá an saoghal ós do chomhair. Slánuigh thú
féin má's féidir leat é, cumhduigh thú féin ins na
cuasánaibh as iar-gcúlta, bádh thú féin i ndubhaigéanaibh
na bhfairrgí, téirigh isteach tré rannaibh doimhne na
talmhan, gheobhaidh mise amach tú agus cuirfead d'fhiachaibh
ort teacht dom' láthair."



Is é an treas clódh 'ná an buaidhreadh do chuirfidh
láthaireamhlacht Íosa Chríost ar chroidhthibh na malluigh-
theoirí i lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh, de bhrígh go
dtiubharthar breith orra do réir dlightheach na fírinne agus


L. 14


na cirte agus ní do réir na ndlightheach do leanadar féin
'san mbeathaidh seo, óir is é an Soisgéal, an chros, agus
créachta Íosa Chríost do thiubhraidh breitheamhnas orra agus
do dhaorfaidh iad.



Uch! Créad é an fáth adhnáire agus feirge do'n duine
saidhbhir, sanntach nár smuain ar feadh a shaoghail go
léir acht ar chruinniughadh maoine agus airgid, nuair chífidh
sé breith dá tabhairt air do réir dlighidh na bochtaine-
achta agus sin le breitheamh do bhí chomh tarcuisnighthe, chomh
bocht sin, nach raibh cloch aige do chuirfeadh sé fá n-a
chionn. d'éis sin, a dhuine mhío-ádhmharaigh, dhona, is do
réir an dlighidh agus an reachta so na bochtaineachta críost-
amhla do-bhéarfar damaint ort i dtaobh do shaidhbhris agus
do shláinte, le breitheamh bhocht do rugadh nochtuighthe i
bhfoslong asail, agus do fuair bás nochtuighthe ar an
gcrois.



Uch! Créad é an fáth dóláis agus bith-eagla do lucht
an díomais agus an uabhair, nár smuain riamh acht ar iad
féin d'árdughadh chum uachtaránachta agus árd-chaithréime
tré n-a gcreideamhain agus tré n-a bhfeadhmanntas, agus thug
iad féin suas go h-iomshlán d'uaill agus d'ainmhéin an
tsaoghail ag comh-bhrúghadh na mbocht agus na n-úir-íseal,
an uair chífidh siad breith dhamanta dá tabhairt orra do
réir dlighidh na h-umhlachta agus sin le breitheamh do bhí chomh
úir-íseal 'san tsaoghal so gur dheonuigh sé marthain
go toileamhail ar feadh tríochad bliadhan i gceárdcha an
tsaoir-chrainn Íoseph agus gur theith sé d'eagla go dtiubhradh
na daoine ríoghacht dó. d'éis sin, a dhuine mhío-ádhmharaigh,
is do réir an dlighidh seo na h-úir-ísleachta do-bhéarfar
breith dhamanta ort le breitheamh do bhí chomh umhal, chomh
tarcuisnighthe roimhe seo.



Tar annso chum breitheamhnais, a ghlutaire agus tar
maille leis, a dhuine uasail, nár smuain riamh ar aon


L. 15


nídh acht ar sámhas do thabhairt dod' cholainn le craos agus
le póit agus le bheith ag ithe an bhídh bhlasda agus nár choisg
riamh riachtanas na mbocht. Do bhí dhá Dhia agat 'san
bheathaidh seo, mar atá Dia agus do bholg. Féach anois Íosa
Críost as Dia fíre. Ní mór duit teacht chum breitheamh-
nais, cia bhéidh 'n-a bhreitheamh ort? An é do bholg bhéas
'n-a bhreitheamh ort? Ní h-eadh, go deimhin, óir béidh sé
ag fulang na bpian síorraidhe maille leat i n-ifrionn.
Acht do-bhéarfar breith ort le breitheamh measardha,
smachtuighthe, neamh-phóiteamhail, do chaith dá fhichid, lá agus dá
fhichid oidhche gan biadh gan deoch, agus an tan do bhí tartmhar
ar an gcrois nach bhfuair le caitheamh acht fínéagra agus
domblas.



Tagaidh chum breitheamhnais, a lucht na neamh-ghlaine
agus an striapachais, do mheasabhar go rabhabhar saor ó
rinneabhar bhur striapachas agus bhur n-adhaltrannas i gan-
fhios agus go folaigheach. Acht féachaidh! Atá bhur bpeac-
aidhe uile ar n-a spíonadh de láthair an nádúir go
h-uile ós comhair súl bhur mbreithimh. An amharcann
sibh an Mac so na Maighdine, badh ghlaine agus badh
gheanmnuidhe 'ná na h-uile ógha agus an ghlaineacht féin. Is
do réir na glaine agus na geanmnuidheachta so do-bhéarfar
breith oraibh agus is é an breitheamh so, do céasadh ar an
gcrois agus 'n-ar cuireadh coróin spíne air, do ainmneochaidh
bhur ndualgas péine agus amhgair dhíbh.



Tagaidh chum breitheamhnais, a lucht an díoghaltais,
do mheas go mbadh tarcuisne shíorraidhe ar bhur sórt
uaisle a's mór-chúise dá dtiubhradh sibh maitheamhnas
d'éinneach do chuir fearg nó mío-oibliogáid riamh oraibh,
agus ag a mbíodh fuath bioth-bhuan do-mharbhtha agaibh do'n
té labharadh aon fhocal amháin docharach nó mío-stuamdha,
agus nár bh'áil libh teacht chum aon socruighthe nó ceannsachta
leis go bráth. Téanam, a chroidhe allta an mhic tíre, agus


L. 16


féach ar an ndligheadh cheart le n-a ndaorfar thú agus féach
ar do bhreitheamh an Dia foighideach, milis, ceannsa úd
do chaith a bheatha go léir ag déanamh maitheasa dá
náimhdibh agus do dheonuigh guidhe orra ar an gcrois.



Tagaidh-se chum breitheamhnais, mar an gcéadna, a
lucht na leisge 'n-ar ghnáthach libh fanamhain ó Aifreann
agus ó sheanmóir agus ó sheirbhís Dé le leisge agus le sadhaile agus
do-ghníodh mainneachtnaidhe fá urnaighthibh agus fá na deagh-
oibreachaibh, do chaith mórán bliadhan go neamh-thairbheach,
'n-ar sia leat fanamhain le h-aon Aifreann nó aon
seanmóir amháin 'ná dhá fhichid lá do chaitheamh le n-bhur
súgradh a's le n-bhur sáimhe. An amharcann sibh bhur
nDia do bhí chomh cúramach sin chum bhur slánuighthe, do
shiubhail an oiread sin i n-bhur ndiaidh agus do cuireadh chomh
minic sin dá bhur leanamhain, do bhíodh ag fuireach libh
leis an oiread sin foighide agus maitheasa, féachaidh anois
air. "Uch! Ní tualaing sinn ar a radharc d'fhulang.
Do b'fhearr linn-ne go mór sinn do chaitheamh gan
fuireach ins na lasrachaibh greadacha ar feadh na síor-
raidheachta 'ná aon amharc amháin de'n bhreitheamh mhórdha
so d'fheicsin."



Acht créad a dhéanfamuid-ne, mar adeir an Dochtúir
Naomhtha San Criosostom, má bhéimid chomh mio-ádhmharach
sin agus bheith damanta go h-ifreann i dtaobh ár bpea-
caidhe? Cad do dhéanfamuid nó cad do dhéarfamuid
an uair cuirfear gairm orainn do láthair cathaoireach
bhreitheamhnais ár Slánuightheora a thionnscnóchaidh ár
ndólás agus ár mío-dhóchas leis na briathraibh seo: "Ar
dhíomhaoin domh-sa teacht ar an tsaoghal so agus bás d'fhu-
lang ar an gcrois do bhur saoradh? Ar dhíomhaoin domh-
sa an oiread sin de ghrásaibh do thabhairt díbh chum sibh
do naomhughadh, agus mar d'fhosgail mé suas díbh cathaoir-
bhreitheamhnais na h-aithrighe chum sibh do sgrios agus


L. 17


d'ionnladh ó nbhur bpeacaidhibh, mar d'oileas agus do
chothuigheas sibh lem' chuid fola agus feola i sacraimint
Chuirp Chríost chum m'aontachta libh agus oighreacht ghlórmhar
do thabhairt díbh? Cá mhéad uair do bhuail mé ag dorus
do chroidhe agus nach bhfosglóchthá dhom? Cá mhéad uair do
theagaisgeas thú agus do chuireas d'ainmhiana i n-umhail duit
chum go smachtóchthá iad agus go bhfillfeá chum do dhualgais?
Cá mhéad seanmóirí do chualaidh tú? Cá mhéad leabhar
maith do léigh tú? Cá mhéad sompla crith-eaglach do
chonnaic tú? Cá mhéad cinneamhain sgéanmhar, dólásach
agus bás obann d'iompuigh mórán eile agus nár bhog do chroidhe
carraigeamhail ar aon chor? Cad do b'fhéidir liom a
dhéanamh nach ndearna mé dhuit? Féach mo dhlighe, féach
mo Shoisgéal, féach mo chros, féach mo chréachta; mo
dhligheadh do bhrisis agus do thruaillighis, mo Shoisgéal go
ndearnais sgige agus fonomhaid faoi, mo chros do shaltrais
fád'chosaibh agus mo chréachta d'fhosglais chomh minic a's do
rinnis an peacadh. Acht féach anois ar do lucht géir-
leanamhna agus ar do bhreitheamhain." Uch! Is croidhe
briste an t-aighneas seo do lucht na malluightheachta.



Adeir Naomh Aibhistín nó neach eile de na h-Aithrea-
chaibh naomhtha go dtaisbeánfaidh ár Slánuightheoir a
chréachta nuadh-loitighthe do na malluightheoiríbh mar do
thaisbeán sé i n allóid do Naomh Tomás iad, acht is chum
críche ró-chontrárdha do thaisbeán Íosa Críost do'n
abstal so iad ag rádh leis: "Is mise féin atá ann, ná
bíodh amhras ar bith agat air. Cuir do mhéara isteach in
mo chréachtaibh. Do chreid tú ar son go bhfaca tú iad."
Acht taisbeánfaidh sé a chréachta do na malluightheoiríbh
chum iad do dhaoradh agus do dhamaint ag rádh leo:
"Féachaidh mise an duine úd do chéasabhar ar chrois,
féachaidh na créachta do thugabhar dom, cuimhnighidh oraibh
féin, a dhaoine barbardha, cuimhnighidh ar oibreachaibh bhur


L. 18


lámh. Ná bíodh amhras agaibh ná gur mise atá ann.
Féachaidh annso críoch bhur mborbachta, bhur neamh-ghlaine,
bhur ndia-mhaslughadh agus bhur ndíoghaltais. Ag so an
cliabh d'fhosgail mé go minic dhíbh, gidheadh, níor bh'áil
libh dul isteach ann; ag so an ceann 'n-ar chuireabhar
féin coróin spíne air tré iomarca bhur n-aoibhnis; ag
so na lámha agus na cosa do thollabhar le tairngíbh ar an
gcrois tré n-bhur neimh-fhíréantacht, tré n-bhur luaich-
iomchar nó ioncamuis agus tré n-bhur neamh-ghloine agus bhur
gcorbadh.



Ego sum qui sum (Ecsod iii.14). "Is mise, is mise
féin atá ann." Reduc me in memorias et iudicemur
simul (Isaias xliii.26). Cuimhnigh ort féin, a thruagháin,
agus tugamaois fá deara cia againn atá 'san éagcóir,
tusa nó mise? Narra si quid habes ut iustificeris
(Isaias xl111.26). Má's mise é, innis dom créad do
bhí d'uireasbaidh ort chum do shlánuighthe? Acht má's
tusa é, an é nach dtuilleann tú an pheannaid agus an
náire shaoghalta atá tú ag fulang?"



Acht créad do thiocfaidh do na tosgaibh sin? An nídh
úd do reimh-innis an ríogh-fháidh Dáibhídh: Videbunt recti,
et laetabuntur; et omnis iniquitas oppilabit os suum
(Sailm cvi.42). "Amharcfaidh na fíréin é agus béid tuilte
de luathgháir acht dúnfaidh na malluightheoirí a mbéil."
Béidh an neamh-ghlaine, an dia-mhaslughadh agus an naomh-
aithis, an díoghaltas, an tsaint, an uaill-mhian agus an
díomas, an formad agus an fuath mar aon le gach cinéal
peacaidhe 'n-a ngnáth-thost ó'n dtráth sin. Labhair-se
anois ar do shon féin, a dhuine mhío-ghrásamhail thruaigh-
mhéiligh, aon fhocal amháin. "Uch! Níl aon nídh agam
acht amháin go bhfuil do bhreitheamhnas-sa díleas ceart.
Iustus es Domine; et rectum iudicium tuum (Sailm
cxviii.137). Tá fuath agam duit acht atá tú ceart,


L. 19


atá do bhreith dhamanta orm creathnuightheach, aidhbhéil,
gidheadh, atá sí comhthrom ceart."



Adubhairt mé roimhe seo go dtabharfaidh láthaireamh-
lacht agus radharc Íosa Chríost ag an mbreitheamhnas
ndéidheanach éifeachta ró-chontrárdha ins an chuallacht
bheannuighthe, óir chífidh lucht an deagh-chroidhe é agus béidh
siad ar n-a bhfoir-líonadh le luathgháir thríd. An céad
fháth, ar an ádhbhar go bhfeicfidh siad é le n-a súilibh
féin, mar adeir Iób, agus i n-a gcolnaibh féin. Roimh an
mbreitheamhnas ndéidheanach ní bhíonn sochar na naomh
foir-líonta agus do réir Tertuillianus ní bhíonn bean-
nuighthe acht roinn díobh. Amharcann a n-anama Dia,
aithnigheann siad Dia, féachann siad ar Dhia, aghaidh ar
aghaidh, grádhuigheann siad Dia agus sealbhuigheann siad é;
gidheadh, atá a gcuirp ag fanamhain 'san lobhthacht agus a
gcuid fola agus feola i n-a luaithreamhán. Adeir Íosa
Críost do ghrádhuigheas iad go dtiocfaidh sé i n-athchuim-
earacht. Ecce venio cito et merces mea mecum est,
reddamuniquoque secundum opera sua (Taisb.xxii.12).
"Féach, atáim ag teacht agus beirim mo luach-saothair liom
chum a thabhairt do gach aon do réir a oibreach. Bhí tusa
id' sglábhuidhe dhileas ionnraic agam, do bhí do chorp ag
coimh-oibriughadh led' anam chum m'aitheanta do choimeád,
agus atá sé anois ceart go gcúiteochainn leo an maitheas
do rinneadar"; agus coimh-fhreagradh na naomh dó d'aon
ghuth ag rádh: "Bíodh mar sin, bíodh mar sin, a Thighearna,
tar a Thighearna Íosa, tar a Shlánuightheoir ion-adhartha."
Amen, Amen, Veni Domine Iesu (Taisb xxii.20).
Créad é an fáth luathgháire dhóibh daonnacht naomhtha
oirdhearc Íosa Chríost d'fheicsin le n-a súilibh corp-
ardha!



'Sé an dara fáth luathgháire do'n chuallacht bheannuighthe
láthaireamhlacht a mbreithimh, ar an ádhbhar go bhfeicfidh


L. 20


siad é ag déanamh díoghaltais ar a náimhdibh, dá saltairt
fá n-a chosaib, ag tabhairt náire coitchinne dhóibh agus dá
muirighniughadh le n-a fhéachain agus le n-a chasaoid. Do bhí
tú, a Dhia, fá mhío-chlú agus tascuisne, acht atá tú anois
líonta de ghlóire. Do mhasluigheadar agus d'aithisigheadar
thú ós do choinne, do rinneadar sgige agus fonomhaid fád'
Shoisgéal, acht is iad do náimhde anois do spórt agus do
chaitheamh aimsire agus cusbóirí laga do dhíoghaltais.



Is é an treas fáth luathgháire do na naomhaibh, ar an
ádhbhar go bhfeicfidh siad cros Íosa Chríost agus a chréachta.
Fiafruighthear de ghnáth créad fá 'n-a dtaisbeánfaidh ár
dTighearna glórmhar do-mharbhtha a chréachta dhóibh ins
na flaitheasaibh. Adeir Naomh Peadar Criosológ gur
chum teastughadh i dtimcheall fírinne a chuirp i n-aghaidh
na droinge nár chreid go raibh colann fhollas aige.
Adeir Naomh Tomás gur chum go bhfoillseochaidh sé
sgéimhe agus breaghthacht a dhaonnachta naomhtha, do gheobhaidh
nuadh-ghlóire chinneamhnach tré n-a chréachtaibh lonnracha.
Adeir Naomh Ambróis chum go gcuirfidh sé i n-umhail do
na h-uile dhaoinibh créad é méad a chosain sé dhó, iad
d'fhuasgladh.



Gidheadh, méadóchaidh na fátha so, bíodh gur contrárdha
iad, sólás agus meanmna na bhfíréan óir má atá sé cinnte
go bhfoillseochthar a lota chum teastughadh i dtimcheall
fírinne a chuirp, créad é méad an áthais agus na luathgháire
dhóibh rianta na lot n-uasal sin d'fheicsin ar an
gcolainn maighdeanda, d'fhulaing iad leis an ngrádh
éagmhaiseach, ghlan úd do bhí aige dhúinn-ne? Má tá sé
fírinneach gur chum glóire a dhaonnachta do mhéadughadh,
créad é an fáth luathgháire agus sóláis dóibh féachain go
múchfaidh an neach úd, do tarcuisnigheadh roimhe seo, tré
lonnradh a chréacht uile shoillse flaitheamhnais; agus fá
dheoigh má tá sé deimhneach go bhfoillseochaidh sé a


L. 21


chréachta chum a chur i n-umhail dóibh créad é méad agus
mórdhacht luach a bhfuasgalta, créad é an fáth aoibhnis agus
lán-mheanmna dhóibh a bheith deimhnighthe go bhfuil siad ag
faghbháil a thortha agus go mbéidh siad dá fhaghbháil an fhaid
do bhéas Dia 'n-a Dhia. Tunc videbunt Filium hominis,
etc.. "Annsin do chífidh siad Mac an Duine ag teacht
'n-a uile mhórdhacht"; agus do réir mar mhúsglóchaidh a
láthaireamhlacht, foir-ísleacht, fearg agus mío-dhóchas ins na
malluightheoiríbh, is amhlaidh sin do thiubhraidh sé ádhbhar
luathgháire, sóláis agus foirtile do'n chuallacht bean-
nuighthe.



CRÍOCHNUGHADH.
Is é nídh atáim ag iarraidh dhíbh do thoradh an chomhráidh
seo, a éistightheoirí ró-ghrádhacha, cuimhneamh go minic ar
na fírinníbh seo. Ní féidir breitheamhnas Dé do sheachain
chor ar bith. Béarfaidh sé breith oraibh go fírinneach agus
orm-sa mar aon libh. Gidheadh, an fhaid atáthaoi ar an
tsaoghal so is féidir libh cruadháil a bhreitheamhnais do
sheachain. Caithidh sibh féin anois ag cosaibh Íosa Chríost
atá milis, foighideach, ionnas nach bhfulaingeochaidh sibh
ins an mbeathaidh eile láthaireamhlacht crith-eaglach Íosa
Chríost go feargach doi-cheannsa.



Anois, a Thighearna, ní'l agat acht smuainte síothchána
dhom agus ní mian leat mo dhíoghbháil; atá do shúile dúnta,
atá do lámha cuibhrighthe; atá do cheann gan corrughadh agus
atá do chorp uile ar n-a cheangal suas le tairngíbh ar
an gcrois chum mé d'aith-leasughadh. Is féidir liom, a
Thighearna, mé thumadh in do chréachtaibh gan peannaid, agus
má iarraim maitheamhnas a's trócaire ort i dtaobh an
buille feill do thabhairt duit, is é do bhás as adhbhocói-
deach ar mo shon agus do thagróchas mo chúis chomh maith agus
gurab dá thaobh sin do-bheir tú maitheamhnas dom.


L. 22


Acht má leigim tharm tré m'fhaillighe an aimsir seo
na ngrás, is é do chuid fola a's feola-sa, do chros, do
chréachta, do láthair agus do radharc do chionntóchaidh mé de
náire agus do líonfaidh mé de mhío-dhóchas.



Tar éis seo, a dhearbhráithreacha, créad é an amuid-
eacht agus an neamh-mhothughadh dhíbh-se má ghníthí faillighe agus
mainneachtnaidhe de chusbóir bhur slánuighthe agus de bhur
luaith-iompódh? Do bhí mórán de na naomhaibh ann
d'fhág gleo an tsaoghail i dtaobh an breitheamhnas
déidheanach d'fheicsin i dtaibhse agus d'éaluigh gus an
bhfásach chum marthana ar feadh a mbeathadh i dtréigean-
nas agus i suaimhneas. Ní iarrfainn-se an nídh seo ó nbhur
ndiadha-shamhlacht acht go bhfuil a sháir-fhios agam go
bhfuil fios agus eolas ar an mbreitheamhnas ndéidheanach
chomh riachtanach dhíbh-se agus do bhí sé dhóibh-san, agus ó'n am
úd níl an Dúileamh síothuighthe i nbhur bpáirt, agus
athchuingim oraibh gan bréithre Dé do sheanmóirim dhíbh
do leigean i ndearmad nó i mío-chuimhne, óir do rinne
an Tighearna úsáid díom-sa agus de'n chomhrádh so chum sibh-
se d'fhilleadh air féin.
(Tá beagán i n-easnamh annso.)
"Seanmóir do tharraing mé amach as an leabhar Franncach dá
ngoirthear Claude Joli, ar n-a eidir-mhíniughadh 'san teangain
Ghaedhilge chomh díleas agus do ráinig lem' lag-thuigsin a dhéanamh."
Seaghan Ua Connaire, 1770.


L. 76


B 1769lsc 18D



SEANMÓIR A CÚIG.
AR AN AITHRIGHE.
(Do Chéadaoin an Luaithrigh).
Convertimini ad me in toto corde vestro, in ieiunio, et in fletu, et in
planctu. Et scindite corda vestra, et non vestimenta vestra.
Uime sin, adeir an Tighearna, fillidh-se chugam-sa maille le nbhur
uile chroidhe, le trosgadh, agus le gol, agus le bualadh bos, ag
raobadh bhur gcroidhthe, agus nár ab iad bhur n-éadaighe.
Ióel,ii.,12,13.
Nuair adeirim libh gurab oircheas agus gur dual
aithrighe do dhéanamh, cia aca as dóigh libh, gur fírinne
agus gur órdughadh bunadhasach, do-gharmtha, nó smuai-
neadh baramhlach agus for-fhógra gan éifeacht atáim ag
luadh libh? Nó an bhfuil sé riachtanach aithrighe do
dhéanamh iar mbás ár Slánuightheora, Íosa Críost, do
shil a chuid fola ar ár son-ne, do bhí chomh glan, chomh
mór-luaigh sin, go ndéanfadh an braon as lugha dhí an
domhan go léir do shlánughadh? 'Seadh, is dlighe
éifeachtach atá gearrtha amach do na peacthachaibh, agus
is breitheamhnas gan uain aith-éisteachta do'n uile dhuine
do thuiteas i bpeacadh, mar nach bhfuil sé ar chumas dó
dul go Flaitheamhnas muna bhfillidh sé ar Dhia le n-a
uile chroidhe, agus muna n-osgluighthear dorus na
Ríoghachta neamhdha dhó trés an aithrighe. Ní fhuil an
baisteadh, as tosach do na h-uile sacramaintíbh, an


L. 77


creideamh, as bun-ait agus as columhan do'n chrábhadh,
agus na grása as tionnsgnuightheoir do'n luaidheacht
agus as tobar agus as préamh do'n ghlóire, ní fhuil
siad, adeirim, níos riachtanaighe chum slánughadh an
anma, 'ná an aithrighe do'n duine úd do thruailligh neimh-
chionntacht a bhaistidh leis an bpeacadh.



'Sé slighe i n-ar chóir an aithrighe ró-riachtanach so do
dhéanamh, maille le doilgheas croidhe chríostamhail, le
leoir-ghníomh chríostamhail, agus le díoghaltas do bhain-
eann an t-aithrigheach de féin i dtaobh fearg do chur ar
Dhia, ar an ádhbhar nach maithtear le sacramaint na
h-aithrighe iomshlán na péine tuilltear leis an bpeacadh
acht athruighthear léithe an phian síorraidhe chum bheith
aimseardha nó teamporálta, ar cheart do'n pheacthach a
chúiteamh maille le h-ionnracas agus le h-umhlacht.



Iar sin créad atá agam le rádh libh acht taisbeánadh
dhíbh créad é cruadháil nó tromdhacht na h-aithrighe, agus
créad é faid badh chóir a síneadh chum díoghalacht agus
fíréantacht Dé do chúitiughadh, má's fada nó gearr, má
's beag nó mór, má's buan nó díombuan; agus d'éan
fhocal, créad é an chomh-chudromacht agus an choimh-
fhreagarthacht b'oireamhnach a bheith idir aithrighe agus
peacaidhe an aithrighigh.



Agus atá an tasc so chomh mór sin, go mbéidh mé
lán-tsásta má thigeann liom taisbeánadh dhíbh 'san
gcomhrádh seo, go mbadh chóir d'aithrighe fhírinnigh bheith
trom, agus bheith freagarthach, oireamhnach i gcomhnuidhe
do cháilidheachta agus d'uimhir na bpeacaidhe.



Chum go dtiubhrainn moill iomchubhaidh do mo chomhrádh,
agus gan na smuainte do ghníos é do chur ar mío-
órdughadh, adeirim an chéad uair nach bhfuil a fhios ag
duine ar bith go bith-chinnte créad é an comhall péine as
oireamhnach do'n pheacthach gabháil tríd chum cúitimh


L. 78


do'n fhíréantacht diadha d'éis a pheacaidhe do bheith
maithte aige i sacramaint na h-aithrighe, óir ní
féidir leis innsin go puinnteálta créad é méad
oireamhnach na péine teamporálta so do bhí roimhe seo i
n-a péin síorraidhe.



'Sé fáth na daille seo, de bhrígh chum faideacht agus
miosúr na péine so do thuigsin go foir-líonta, gur
cóir aithint ar dtúis cia aca mór nó beag an doilgheas
croidhe do bhíos ar an bpeacthach i dtaobh a pheacaidhe,
mar aon le fios méid na ngrása do fuair sé agus na
carthannachta atá aige; agus ní bhíonn fios na neithe
sin ag duine ar bith, agus ní bhíonn fios ag an Eaglais
féin orra, nuair nach soicheann sí gus an gcroidhe. An
dara feacht, níor bh'fhuláir aithint créad é tromdhacht,
mailís, agus gráineamhlacht an pheacaidh mharbhthaigh,
créad é méad an fhuatha atá ag Dia do na peacaidhibh
seo, an fhearg atá air d'á dtaobh, ar an ádhbhar go
bhfuil an phian teamporálta so, bíodh gur beag í, i n-a
fuighligh fós ar fheirg síothuighthe an Tighearna, amhail
adeir an t-Uasal Uilliam de Phairis go ró-dhearsc-
naighthe, agus ní tualaing duine 'san mbith ar na
feachtaibh so do thuigsin go foir-líonta, - delicta quis
intelligit (Sailm xviii.13)? Óir cia againn le n-ar
féidir tromdhacht, ain-mheasardhacht, gráineamhlacht, agus
iarmarta náireacha an pheacaidh do léir-thuigsin? Cia
againn, a Dhia, do thuigeas comhachta agus cinnseal do
chuid feirge, quis novit potestatem irae tuae (Sailm
lxxxix.11)? Cia againn aithnigheas iomadamhlacht
d'fheirge agus do dhíoghaltais? Agus, d'á bhrígh sin, cia
againn le n-ar féidir ceart, buirbeacht, agus trom-
dhacht na h-aithrighe críostamhla do thuigsin, mar aon leis
an gcoimh-fhreagarthacht b'oireamhnach a bheith idir
an aithrighe agus an peacadh?


L. 79


Adeirim 'san dara h-áit, cé nach mbíonn fios foir-
líonta ag duine ar bith créad é an tslighe 'n-ar chóir
cúiteamh ar son an pheacaidh, d'éis sin, chum nach mbéadh
an cúiteamh níos lugha 'ná an oibliogáid nó an ceangal
díolaidheachta do chuirthear ar an bpeacthach, badh chóir
coimh-fhreagarthacht bheith idir an aithrighe agus an peacadh.
Óir má órduigheas an fhíréantacht daonna, as neimh-nídh
i gcosamhlacht do'n fhíréantacht diadha, pianta contrárdha
do réir deithbhire agus contrárdhacht na gcoirthe, agus
má dhaorann an fhíréantacht agus an dlighe daonna na
coireacha as mó leis na pionósaibh agus na pianaibh as
mó, is d'á réir sin do stiúróchthar an fhíréantacht diadha
gan aon amhras.



Adeirim 'san treas áit, agus is iarmairt é do
tharraingim as an dá fhírinne seo do shocaruigheas, ó
nach bhfuil fios ag duine ar bith créad é gné agus méid
na péine teamporálta as dual do na peacthachaibh
gabháil tríthe, chum fíréantacht Dé do shásamh, agus ó
atá an t-aithrigheach do dhligheann an pheannaid sin, fá
oibliogáid chomh mór agus atá sé comhachtach air, é
dhéanamh freagarthach d'á choirthibh, leanann de sin, gan
amhras, gur cóir do'n aithrighe bheith mór trom do
shíor.



Atáid neithe áirithe ann, do dhligheann mórán
measardhachta agus ceannsachta, ar chor gur mó an
eagla badh chóir a bheith i dtaobh iomarcaidhe ná uireas-
baidhe smachta; agus atáid neithe eile ann ag ar mó an
díoghbháil do thigeann de bheagán 'ná de mhórán smachta;
agus is de'n nádúir sin an aithrighe chríostamhail. Ó
atá an aithrighe chomh ró-riachtanach so badh chóir, mar sin,
d'á foir-líonadh bheith tromdha, daor-dhálach, mar adeir
Tertullianus, agus i n-ionad í fhágbháil do leith soir-
bheachta nó pléisiúir agus cogcubhais an aithrighigh féin,


L. 80


badh chóir í aithint le h-oibreacha smachtamhlachta agus
péin-éirce.



Agus go fírinneach, má fágtar an oibliogáid nó
an ceangal díolaidheachta, do dhlighmid a dhéanamh tar éis
an bpeacadh chum trom-dhíoghaltas Dé do bhogadh, do leith
toile agus oireamhnachta an aithrighigh féin, créad é
méad measardhachta, athchoimreachta, agus ceannsachta nó
neimh-iomarcachta na h-aithrighe? Agus do réir na
sligheadh seo, do bhéadh sé sásta i dtaobh na bpeacaidhe
gráineamhail do rinne sé, le iad d'innsin go fuar,
failligheach le beagán gníomhartha doilghis croidhe d'ár-
dughadh i n-a anam le cur i n-umhail go bhfuil sé
dobrónach, cathuigheach i dtaobh a pheacaidhe, agus má
abrann sé beagán coróineach Mhuire, nó beagán
psailmeach do léigheadh i n-a bhfarradh sin, atá sé
dearbhtha go bhfuil a chuid aithrighe foir-líonta. Agus is
cruthughadh bunadhasach ar an bhfírinne seo, iomchar agus
béasa iliomad críostaidhthe ár n-aimsire, agus is minic
dhaoraid iad féin go h-ifreann d'á thaobh, mar aon leis
na coinfeisiúríbh maithmheacha le nach mian acht aithrighe
shuarach do chur ar an bpeacthach i taobh feill-ghníomh-
artha. d'á bhrígh sin, ní fágtar an ceangal díolaidhe-
achta chum trom-dhíoghaltas Dé do chlaonadh agus chum é
shásamh ar thoil agus soirbheacht an aithrighigh go haon-
racánta, agus i gcathaoir bhreitheamhnais na h-aithrighe
má fágtar cúis an Tighearna ar aon mhodh chum breith-
eamhnais agus riaghluighthe an aithrighigh, ní féidir leo a
ndualgas do dhéanamh go fiúntach muna dtugaid
breitheamhnas air maille le cruadháil agus le comhall
péine ró-bheachtuighthe.



d'á bhrígh sin, badh chóir dhúinn-ne umhlughadh do láthair
Dé agus a thimthire, ár gcolann do smachtughadh do bhí
ar n-a truailliughadh le sólás agus le sáimheacht, ár


L. 81


n-anam d'úir-ísliughadh le dobrón, do bhlais an sugha-
chas agus an tsultmhaireacht pheacamhail, ócáidí éife-
achtamhla na h-aithrighe do dhéanamh anois de ádhbharaibh
gráineamhla ár bpeacaidhe roimhe seo, cuimhneamh ar ár
n-anam do chothughadh agus d'oileamhain níos mó 'ná ár
gcolann, urnaighthe agus trosgadh do dhéanamh go minic,
agus sinn féin do chaoineadh de ló agus d'oidhche. Créad
fáth na h-umhlóide sin? Atá chum go n-onóirfimis Dia
le n-ár n-aithrighe le h-eagla roimh an peiriacul
peannaide do bhíonn orainn, - ut de periculi timore
Dominum honoret, - agus mar an gcéadna, chor go
mbéadh an aithrighe, as taoiseach catha do Dhia i n-aghaidh
na bpeacaidhe, ag déanamh díolaidheachta agus cúitimh
d'á fheirg, - ut in peccatores ipsa pronuntians pro Dei
indignatione fungatur, - agus fá dheoigh, chor go gcuir-
feadh an aithrighe seo ar neimh-nídh tré n-ár smachtughadh
teamporálta féin, na pianta dochracha dlighthear d'ár
gciontaibh, - Et temporali afflictione supplicia, non dicam
frustretur, sed expurgat.



I gcuirptheacht uathbhásaigh na h-aimsire seo i n-a
bhfuilmid agus buirbeacht ghairg, urchóidigh, mar aon le
macnas ainiarmharthach mórán de chríostaidhthibh cealgacha
orra féin, ní leoghfaimís, ar a mór, labhairt ar dhaor-
dhálacht ársa riaghalach an Teampaill, agus ar an modh
pheannaideamhail le n-a ghnídís peacaidhe d'aithrighe
i n allód. An tan labhramuid orra, féachtar orainn
mar dhaoine fiadháine nach n-aithnigheann slighthe an
tsaoghail, agus do thráchtann ar ghníomhaibh tréigeannais
nach bhfuil i n-úsáid, agus do nach dtugann an Eaglais
féin a toil ná a deigh-mheas.



Deimhnighim go bhfuil an Eaglais comhachtach ar a
foircheadal agus a teagasg d'athrughadh agus d'iomlaoid
i neithibh áirithe. Ní rabhadar na riaghalacha so, bhaineas


L. 82


leis an aithrighe, riachtanach go bith-chinnte chum slánughadh
an anma; do congbhadh go díleas iad i n-aimsiribh agus
i n-ionadaibh áirithe, agus níor coimeádadh i n-áitibh eile
ar aon chor iad. Ins na h-uairibh sin ní raibh sé
dlightheach ná lóghtha iad do cheannsughadh. Do bhíodar i
n-a bpionósaibh gearrtha do lucht striapachais agus
adhaltrannais, do lucht corbaidh cuil agus do lucht
ceall-argana, do lucht iodhal-adhartha agus do lucht
dún-mharbhtha, do'n chléir agus do'n phobal choitcheann;
óir do bhí sé folláin, tairbheach do'n Eaglais, do bhí an
uair sin ag préamhughadh agus ag fás suas, riaghalacha
borba, cruadhálacha do cheapadh agus do chur i ngnáthaimh
chum na creidmheacha do bhuanughadh i n-a ndualgas, chum
na tuataí do theagasg agus chum, ní h-é amháin droch-
shomplaí scannalacha d'ath-chóiriughadh, acht fós, chum
peacaidhe coigilte, secréideacha do leasughadh.



Do bhíodar réasúin ró-bhunudhasacha ag na comhair-
líbh agus ag na pápaibh, do bhí ar n-a dtreorughadh leis
an Spioraid Naomh, leis na dlighthe sin do cheapadh,
amhail agus atáid ár réasúin féin againn-ne 'san
aimsir seo chum na riaghalacha sin do cheannsughadh. Do
measadh na riaghalacha ársa céadna sin d'ath-nuadhughadh
i gComhairle coitchinn na Trente, agus do bhí an Cair-
dional onórach Gropter mar aon le mórán eile dá
mbrostughadh maille le n-a uile chumas, acht do chongaibh
an Spioraid Naomh, as buan-treoraidhe ar a Eaglais
féin, oibliogáid a gcoimeádtha sin fá chomhair na
bpeacthach, agus d'órduigh do na oidíbh faoistine na
sean-dlighthe sin do léir-thuigsin, chor go gcuirfidís i
n-umhail dá n-aithrigheachaibh iad, agus chor go mbéadh a
n-aithrighe chomh freagarthach dá gciontaibh agus do
b'fhéidir a bheith.



Ag so na neithe atá ar chumas do'n Eaglais a


L. 83


dhéanamh. Do chuir sí ar gcúl aithrighe phuiblidhe agus do
cheannsuigh sí aithrighe sheicréideach nó fholuighthe. Is
mairg dhobrónach d'ár sadhaile agus d'ár seasgaireacht
do chuir d'fhiachaibh uirre an t-athrughadh sin do dhéanamh
ar a foircheadalaibh agus ar a dlighthibh. Acht chum go
dtairbheochainn de chomhrádh an Naomh-Athar Cyrillus, ag
trácht ar iomchar na h-Eaglaise adeir sé: "Ionamhail
fuireann luinge do bhíonn i bhfad ar seachrán fairrge
nuair bhraithid siad go bhfuil a long i mbaoghal báidhte
agus gabhann eagla a gcaillte iad, cairtid amach, ciodh
gur deacair leo é, éadálacha ró-thairbheacha, ionnas go
dtiocfadh leo na h-éadálacha as fearr 'ná sin, mar aon
le n-a n-anmannaibh féin do shlánughadh agus do shábháil,
is mar sin do'n Eaglais, óir d'athruigh sí agus do cheann-
suigh sí riaghalacha áirithe ársa, d'eagla an
iomshláine do chailleamhain, agus chum nach nglacfadh
mórán de na creidmheachaibh mío-dhóchas i dtaobh na
smachta ró-éagsamhla so."



D'á bhrígh sin, níor chóir do dhuine ar bith scannail
do thabhairt do'n Eaglais i dtaobh milseachta agus
cneastachta na h-aimsire seo againn, mar do rinne
Novatius. Badh dhlighe seasmhach ag an Eaglais
i n allód gan absolóid ná maitheamhnas do thabhairt do
pheacthachaibh droch-shompladhacha gan aithrighe do dhéanamh
roimhe; gidheadh, do-chíonn sí go bhfuil sé oireamhnach 'san
aimsir seo absolóid do thabhairt dóibh ar dtúis, agus a
chur d'fhiachaibh orra aithrighe do dhéanamh i n-a dhiaigh sin.
Níor cheaduigh an Eaglais i n allód a bparráistidhe ná
a mbeatha eaglaise do thabhairt tar n-ais do shagartaibh
ná do lucht beathadh eaglaise do bhí cionntach i gcoirthibh
canónda gan aithrighe do dhéanamh roimhe; gidheadh,
ceaduigheann sí anois dóibh é, óir is athrughadh é seo atá
ar chumas dí a dhéanamh, agus nár chóir do dhuine ar bith
milleán do bheith uirre d'á thaobh.


L. 84


Acht tar éis sin, ní fhuil sé ceart a chreideamhain
nach bhfuil an aithrighe chríostamhail seo chomh cruadhálach
do shíor agus b'oireamhnach a bheith. Má tá an Eaglais
maithmheach ins na neithibh do ghníonn corp na h-aithrighe,
níl sí maithmheach ná dearmadach i n-aon nídh do ghníonn
spiorad na h-aithrighe. Is é sin le rádh, má d'athruigh sí
aon chuid de na sean-riaghalachaibh gnáthacha, níor athruigh
sí tríd sin bríoghmhaireacht na h-aithrighe. Óir créad é
brígh na h-aithrighe? Atá a bheith trom, daor-dhálach agus
bheith coimh-fhreagarthach, oireamhnach i gcomhnuidhe do
ghné agus do thromdhacht an pheacaidh. Acht ní bhíonn
bríoghmhaireacht na h-aithrighe iomshlán ná foir-líonta le
déanamh oibreach umhlachta go puiblidhe, agus ní bhíonn
brígh agus substaint na h-aithrighe foir-líonta i dtaobh
í bheith ar n-a gnáthughadh i n allód do réir na gcanóin
seanda. Óir créad é an t-iongantas do bhéadh ar an
uile dhuine de'n aimsir seo, dá mbéadh cúig mbliadhna
déag gearrtha amach chum aithrighe phuiblidhe a dhéanamh
do'n t-é bhéadh cionntach i n-adhaltrannas agus fiche
bliadhain d'fhear dún-mharbhtha? Nuair do chaithfeadh
sé ar feadh ceithre bliadhna de'n aimsir sin fanamhain i
bhfad amach ó'n eaglais, ceithre bliadhna eile taobh le
geata an teampaill, ceithre bliadhna eile gan bheith ag
éisteacht acht le seanmóir agus le cuid de'n aifreann,
go h-aimsir na h-ofrála, agus na trí bliadhna déidhe-
anacha i gcantaireacht agus iomshláine an aifrinn
d'éisteacht gan Sacramaint Chuirp Chríost do ghlacadh
ar feadh na h-aimsire go léir? Agus créad é an
t-iongantas do chuirfeadh sé orra dá n-órdóchthaoi 'san
aimsir seo do'n t-é bhéadh cionntach i striapachas scan-
nalach, choitcheann, seacht mbliadhna chum aithrighe phuiblidhe
do dhéanamh, dhá bhliadhain díobh sin a chaitheamh i bhfad
amach ó'n dteampall agus gan dul isteach ann leis na


L. 85


creidmheachaibh, dhá bhliadhain eile gan bheith ag éisteacht
acht leis an teagasg críostaidhe, dhá bhliadhain eile bheith
ag éisteacht leis an gcantaireacht agus le roinn de'n
aifreann, agus an bhliadhain dhéidheanach bheith ag éisteacht
le iomshláine an aifrinn agus gan Sacramaint Chuirp
Chríost d'fhaghbháil an uair sin. Úch! créad é an
t-iongantas do bhéadh orra, dá n-órdóchthaoi 'san aimsir
seo do'n t-é bhéadh cionntach i leabhar éithigh do thabhairt
agus i bhfiadhnaise bréagaigh, aon bhliadhain déag chum
aithrighe phuiblidhe do dhéanamh, agus cúig bliadhna ar son
meisge nó ólacháin ghnáthaigh.



Ach ní bhíonn brígh agus substaint na h-aithrighe
iomshlán leis na neithibh seo, acht tugamaois fá deara
gan a chreideamhain gur cóir do'n aithrighe bheith milis,
ceannsa, agus do réir toile agus soirbheachta an
aithrighigh féin. Ní cóir, ní cóir, adeirim, óir atá sí
trom, daor-dhálach ó nádúir agus badh chóir í bheith
freagarthach i gcomhnuidhe do na peacaidhibh. Is mian
liom réasún na neithe seo do thaisbeánadh dhíbh, do réir
Tertullianus. Gidheadh, atá aithrighe na h-aimsire seo
níos ceannsaighe agus níos lugha go ró-mhór 'na trom-
aithrighe a laethe siúd.



An céad fháth, ar an ádhbhar go bhfuil an aithrighe mar
airmreacht na dtaoiseach-ionaid ag fíréantacht Dé, badh
chóir do'n aithrigheach gníomh éigin do dhéanamh i n-a
aghaidh féin badh chosamhail leis an nídh sin do dhéanfadh
fearg Dé i n-a aghaidh, - pro Dei indignatione fungitur.
Atá sé riachtanach go mbéadh comh-chudromacht éigin idir
iomchar taoisigh-ionaid neach eile agus iomchar an t-é
thugann an t-ionad dó; agus idir an t-é do-bheir do
neach roinn d'á ughdarás agus an t-é do ghlacann a
chomhachta uaidh. Adeir Íosa Críost le n-a aspalaibh:
"Do bheirim comhachta dhíbh, cibé duine d'á maithfidh sibh


L. 86


a pheacaidhe, atáid siad maithte aige, agus cibé peacaidhe
chongbhathaoi, atáid siad congbhuighthe. Is sibh-se mo
chomharbaí nó mo bhiocáirí; is chuige sin do thogh mé sibh.
Déarfaidh sibh leo, ní h-é amháin go bhfuil a bpeacaidhe
maithte aca, acht maithfidh sibh dóibh iad go feidhmeach
éifeachtamhail, ar chor cibé peacadh mhaithfidh sibh-se dhóibh
ar an dtalamh, béidh sé maithte aca, mar an gcéadna,
ins na flaitheasaibh, agus cibé peacadh chongbhathaoi ar
an dtalamh, béidh se congbhuighthe, mar an gcéadna, ins
na flaitheasaibh."



Agus do réir Tertullianus 'sí an aithrighe as
comharba agus as taoiseach-ionaid d'fhíréantacht Dé,
nó, chum gur fearr do thuigfeadh sibh é, is iad na sagairt
as comharbaí agus as taoiseacha catha d'ár Slánuightheoir
Íosa Críost, agus, d'á bhrígh sin, is dóibh as iomchubhaidh
féachaint go géar, breathnuightheach i n-a chúis, agus nídh
éigin do badh chosamhail le feirg Dé do chur mar bhreith-
eamhnas aithrighe ar an bpeacthach. Ó, créad é an nídh
do dhéanfadh Dia i n-aghaidh na bpeacthach? Do sgrios-
fadh agus do dhamnóchadh sé iad. Acht ní mar sin do
bhíos sé dhúinn-ne; óir achtaimid é trés an ughdarás
agus na comhachta d'fhág Íosa Críost againn chum ár
slánuighthe, agus chomh maith agus atá sé d'fhiachaibh
orainn na peacaidhe do léir-chuartughadh; mar sin, badh
cheart dúinn breitheamhnas aithrighe do cheapadh do'n
aithrigheach chomh comhthrom agus do b'fhéidir linn é.



An dara fáth do bheir Tertullianus, ar an ádhbhar
go mbadh oireamhnach, ceart Dia d'onórughadh agus an
éagcóir do-ghníthear i n-a aghaidh do léir-dhíol. Acht
muna mbéadh an aithrighe tromdha, daor-dhálach, ní onóir-
fidh agus ní mó bhainfidh díoghaltas ar son Dé. Is nídh
ró-iongantach é mar do chumhduigh sé chuige féin an
díoghaltas do-ghníthear i n-aghaidh na ndaoine, agus mar


L. 87


d'fhág sé an díoghaltas do-ghníthear i n-a aghaidh féin fá
chomhair sacramainte na h-aithrighe. Atá an aithrighe
seo i n-a iodhbairt acht créad é an iodhbairt?
Atá iodhbairt de spioraid chomh-bhrúighte, bhuaidh-
eartha, de chroidhe úir-íseal, doilgheasach; agus ní féidir
le duine na coinghill so do bheith aige gan é féin do
smachtughadh maille le cruadháil agus le foir-éigean.
An féidir do chomh-bhrúghadh spioraide bheith d'éan bhuidhin
le sólás agus le súgradh? An féidir do bhuaidhreadh
spioraide bheith coimh-ionann le seasgaireacht agus le
taithneamhacht? Nó an bhfuilid doilgheas agus umhlacht
croidhe in-réidhtighthe, oireamhnach do uaill, do dhíomas
agus do shuarachas? Óir níl 'san aithrighe acht díoghal-
tas do bhaineann duine dhe féin, agus, d'á bhrígh sin,
badh cheart í bheith borb, óir má bhíonn sí lag, cneasta,
sámh, sólásach, gan peannaid ar bith d'fhulang, cionnas
as féidir díoghaltas do ghairm dhí. Bíonn an díoghaltas
do bhaineann de dhuine eile éigceart, éagcórach agus
daor-dhálach, borb, mío-chuibhseach, agus má bhíonn díogh-
altas na h-aithrighe le n-a ndíoghaltar Dia gan éigceart
nó éagcóir, badh chóir, d'á réir sin, í bheith cruadhálach,
comhthrom.



Tar éis an chruthughadh sin ní fhuil uathbhás orm mar
thug Naomh Cyprianus rogha de dhá nídh do pheacthachaibh
móra mar chúiteamh do Dhia ar son a bpeacaidhe .i. bás
d'fhulang ar son a gcreidimh agus bheith i n-a mairtír-
eachaibh, nó iad féin do thabhairt suas go h-iomshlán
d'aithrighe. Má chuir tú fearg ar Dhia, má iompuigh
agus má theith tú uaidh, ní mór dhuit an onóir do bhain tú
dhe d'aiseag air arís, agus díoghaltas do bhaint díot
féin go díoghraiseach ar a shon. Ar an ádhbhar sin, tóg
do rogha de dhá nídh, mar atá, faideacht laethe do bheathadh
do ghiorrughadh le bás onórach ar son do chreidimh, nó do


L. 88


laethe do mhailliughadh le tréadhanas fada. "Téidh
isteach i mainistir fá riaghalughadh abbadh chéillidhe,
chráibhthigh," adeir an Pápa Stiophán le triath comhachtach
áirithe do bhí cionntach i bhfeill-ghníomh éigin, "nó má
bhíonn beatha aonracánach, ró-dhocamhlach agat, déan
trosgadh agus tréadhanas, déan urnaighthe agus déarca
agus deagh-oibreacha. Ná bí choidhche i measc cuideachta
grinn agus súgraidh, óir ní fhuil an nídh sin oireamhnach
do pheacthach chomh mór leat; ní mór sásamh do thabhairt
do Dhia ins an mío-ómós do tugadh dhó. Ní mór go
ndíoghalaidh d'aithrighe é agus chor go ndéanfá go tair-
bheach í, ní mór í bheith trom, fada."



'Sé an nídh so do thug do Naomh Isidore de Seville a
rádh gur cóir sásamh fírinneach do thabhairt do Dhia,
ionnas go mbéadh an aithrighe fírinneach mar an gcéadna.
Ní fuláir aithrighe do dhéanamh coimh-fhreagarthach do ghné
agus do thromdhacht an pheacaidh, na droich-ghníomhartha do
dhaoradh agus do phianadh, agus deora do shileadh chomh
líonmhar agus chomh flúirseach agus do bhí sólás orainn
roimhe seo ag déanamh peacaidh. Ó! is breagh an sásamh
agus an cúiteamh ar fheirg fíochmhair an Tighearna má
bhíonn an t-aithrigheach sásta le rádh go bhfuil cathughadh agus
doilgheas croidhe air i taobh fearg Dé do bhrostughadh i
n-a aghaidh, agus a gheallamhain nach dtuillfidh sé í
feasta. Ó! créad é feabhas an díoghaltais do bhaineann
an t-aithrigheach de féin má dhúisigheann sé i n-a anam
beagán d'oibreachaibh doilghis croidhe do léigheann sé as
leabhar urnaighthe nó do chualaidh sé i seanmóir. A
chríostaidhthe, atá anois ag éisteacht liom, an mbéadh
sibh sásta le sásamh chomh lag, comh dearóil, dá ndéan-
taoi éagcóir ainiarmharthach nó masladh fuilteach oraibh?
Ó! is oirdhearc an cúiteamh díolaidheachta dhúinn ar son
ár bpeacaidhe aithrighe do dhéanamh i n-éadaighibh áilne


L. 89


purpuir do bhlaiseann de'n tsuarachas agus de'n díomas.
Ó! is breagh do dhéanann an bhean uasal so do pheacuigh
tré mhórdháil agus tré dhíomas a h-aithrighe comh-
chudromach d'á peacaidhibh nuair thigeann sí chum seirbhíse
Dé líonta de shíodaíbh agus d'éadaighibh sróil, le n-a
gruaig go cuachach, bachallach agus 'na trilseánaibh cíortha,
lán de phlúr deagh-bholaidh, le n-a fiaclaibh do glanadh
agus do gealadh go ró-chúramach, le lígh agus le pein-
teáil ar a h-aghaidh, mar aon le mórán d'órnáidíbh deagh-
mhaiseacha eile mar an gcéadna. Ó! is breagh an
cúiteamh díolaidheachta do dhéanann an t-aithrigheach so le
Dia, atá cionntach i n-ainmheasardhacht, i gcraos agus i
nglutaireacht, agus is breagh bhaineann díoghaltas de
féin an uair do chuarduigheann sé na feolta as milse,
na h-éisg agus na h-éanlaith as blasta agus as daor-
luaighe, an fíon as fearr agus as deagh-bhlasta as
féidir d'fhaghbháil. Is mar seo do-ghní Tertullianus
ádhbhacht de na h-aithrighíbh milse seo, nó leis na cainn-
tibh géara, gonta do mhasluigheann sé aithrighe fhallsa
na ndaoine.



'Sé an treas fáth do bheir an t-athair céadna, gur
cóir do'n aithrighe bheith mór, trom agus coimh-fhreagar-
thach do mhailís an pheacaidh do shíor, ar an ádhbhar nár
chóir Dia do chur ar dhíth na cirte go h-iomshlán do bhí
aige chum pionós do thabhairt do'n pheacthach i dtaobh na
péine síorraidhe; agus d'á réir sin, badh cheart dó
leoir-ghníomh nó sásamh éigin do dhéanamh leis, chum na
péine teamporálta atá gan cúiteamh fós d'íoc. Óir
is é sin an éifeacht atá ag na briathraibh diamhara
docamhla so: temporali afflictione supplicia aeterna non
dicam frustratur, sed expungit.



Dá ndéanfadh Dia linn do réir corruighthe a
fhíréantachta, do léir-scriosfadh sé an peacthach go


L. 90


síorraidhe; acht dá ndéanfadh sé linn do réir fíor
chlaonta a thrócaire, do thabharfadh sé maitheamhnas dúinn.
Acht amhail a's gurab aon nídh amháin an fhíréantacht
agus an trócaire seo ann-san, mar sin, ní mian leis
pionós síorraidhe do thabhairt do'n pheacthach ná fós,
maitheamhnas iomshlán foir-líonta do thabhairt dó. Má's
amhlaidh sin é, créad do-ghní sé? Athruigheann sé an
pionós ó bheith síorraidhe chum bheith teamporálta agus is
chum an pionós teamporálta so do scrios ceapthar an
breitheamhnas aithrighe. Acht níl sé ceart ar aon mhodh
do'n aithrigheach gan an pionós soin do chúiteamh go
dícheallach, meanmnach, agus buidheachas do thabhairt do
Dhia i dtaobh a fhearg fhíochmhar do scaipeadh tré thoradh
shólásach a shacramainte.



Atá an aithrighe i n-a meodhan idir pháis Mhic Dé ar
thaobh agus na pianta síorraidhe ar an taobh eile, agus
'sé an absolóid tugthar do'n pheacthach i gcathaoir breith-
eamhnais na h-aithrighe as éifeacht bhunadhasach ar luaidh-
eachtaibh do-chuimsighthe ár Slánuightheora Íosa Críost, do
laghduigh agus do threabhluigh an-chomhachta agus uachtar-
ánacht ifrinn. Agus badh cheart do'n tsásamh, atá
d'fhiachaibh ar an bpeacthach a thabhairt, cúitiughadh ar
mhodh éigin ar son athruighthe na péine úd ifrinn, agus
cibé nídh bhéadh easbadhach iar an mbás agus an pháis seo
do dhéanamh suas.



Créad é éifeacht na mbriathar soin? An bhfuil nídh
ar bith easbadhach iar mbás agus páis ár Slánuightheora?
An é nár bhain sé as lámhaibh an diabhail duilleog nó
billéad ár bpeacaidhe? An é nár scrios sé agus nár
mhúch sé iad i n-a chuid fola? An é nach bhfuil a
luaidheachta agus a thuilleamhna go do-chuimsighthe? An
é nach bhfuil comhachta na croise cumasach ar peacaidhe
an domhain go coimh-choitcheann do léir-scrios? Ní


L. 91


féidir linn amhras ar bith do dhéanamh de'n phonc so
d'ár gcreideamh; agus d'á réir sin, créad é an nídh
bhéadh easbadhach dhúinn iar mbás agus páis Íosa Chríost?
Agus créad é fáth do'n abstal a rádh go ndearna
seisean suas tré n-a bhás gach nídh atá easbadhach nó i
n-uireasbaidh orainn? Ní mór go bhfreagróchaidh
Origenes agus Theodoretus an cheist seo.



Táid dhá nídh i bpáis Íosa Chríost, mar atá, a
luaidheachta nó a thuilleamhna agus ionchurthacht na
luaidheacht gcéadna. Atáid a luaidheachta, gan aon
amhras, do-chuimsighthe, chor gur leor iad chum maitheamh-
nas i n-a bpeacaidhibh d'fhaghbháil do dhaoinibh an tsaoghail,
agus do mhilliún saoghal eile ar céadna. Gidheadh, is
é ionchurthacht agus toradh na luaidheacht sin do bhaineann
linn uile fá leith nó go rannamhail, agus d'á bhrígh sin,
badh cheart dúinn uile a dtoradh d'fhaghbháil. Ní mór
dhúinn brígh agus comhachta na bpian d'fhulaing sé ar ár
son-ne d'fhaghbháil, chor, amhail do shlánuigh a chros-soin
an saoghal go léir, go slánóchadh ár gcros-na nó ár
n-aithrighe agus ár dtréadhanas aontuighthe le n-a chrois-
sin, sinn-ne mar an gcéadna. Agus leis an modh sin
déanfamuid-ne suas i n-ár gcolnaibh féin cibé nídh atá
easbadhach dhúinn iar a bhás mór-luaigh sin, agus cuir-
fimid compórd ar Íosa Críost mar do rinneamar a
bhás tairbheach dhúinn.



Mar sin an é nach dtugann tú fá deara go
n-abrann Naomh Pól, do bhí deimhnighthe de'n fhírinne, gur
smachtuigh sé a chorp agus gur thug suas é amhail daor-
óglach chum sclábhachta d'eagla é féin do dhaoradh d'éis
mórán do theagasg? Níor leor leis mar fhulaing Íosa
Críost ar a shon, agus níor leor leis mar do shil a chuid
fola ar an gcrois ar a shon; do chuir sé fearg ar Dhia
agus is é sin an nídh badh chúis dó aithrighe chruadhálach,


L. 92


throm do dhéanamh, ionnas go ndéanfadh suas cibé nídh
do bhí easbadhach air tar éis a bháis sin.



Is iad na trí h-aithrigheacha, Peadar, Muire Mag-
dalén, agus Pól na trí h-aithrigheacha as mó agus as
oirdheirce ar a dtráchtann an Tiomna Nuadh, agus do
ghnáthuigheadar sin uile tréadhanas agus smachtughadh na
colna ar feadh a mbeathadh. Do chuir Peadar fearg ar
an Slánuightheoir an uair do shéan sé trí h-uaire é, ag
rádh: "Níl aithne ar bith agam air"; acht ní raibh
milleán aige air nuair do ghul sé go géar i taobh a
locht; agus, fé mar do bhíodar a dheoracha géar, is
amhlaidh sin do bhíodar flúirseach, líonmhar, agus 'san
uair chéadna síorraidhe, buan, ionnas go ndeir an Naomh
Clement i Leabhar na Socrughadh do sgríobh sé iar mbás
Pheadair: "An é nár mhaith an Slánuightheoir dó a ainm
do shéanadh? Ní h-eadh, óir ní h-é amháin gur mhaith sé
dhó é, acht fós, do rinne sé i n-a riaghalathóir agus i n-a
cheann é ar an gcoimh-thionól abstalda; d'éis sin, ar an
ádhbhar gur pheacuigh sé, badh mhian leis a aithrighe bheith
coimh-fhreagarthach d'á pheacadh, agus, d'á bhrígh sin, do
bhíodh d'á chaoineadh do shíor."



Is í Muire Magdalén an dara duine. Ní féidir a
dheimhniughadh le fírinne an raibh sí cionntach go feadh-
mach i bpeacadh na neamh-ghlaine; acht is mó an chosamh-
lacht fíre atá le creideamhain nach raibh le cur i n-a
leith acht suarachas, árd-intinn, gléastacht agus iomad
geana do'n tsaoghal agus d'á aoibhneas, lochta atá
gnáthach agus ró-choitcheann i measc ban uasal agus
íseal na h-aimsire seo, agus lochta gur beag an
cúiteamh do dhéanaid le Dia d'á dtaobh. Acht as na
lochtaibh sin do rinne sise aithrighe tríochad agus cúig
bliadhna. Adubhairt Críost léithe imtheacht i síothcháin,
agus do dheimhnigh sé dhí go rabhadar a peacaidhe maithte


L. 93


aici. Do shaor sé í i n-aghaidh breitheamhnas obann
dásachtach agus cinn-mhire nó diorruisgeachta na bPairi-
síneach agus na n-Iúdach. d'onóruigh sé í le n-a láthaireacht
tar éis a eiséirghe, agus tar éis sin uile, do dhaor sí
í féin chum mórán tréadhanais agus mórán oibreach
smachtamhail do ghnáthughadh go fríochnamhach, dícheallach,
ar n-a h-éadughadh féin le saic-éadach, ag luighe i lea-
baidh cruaidh agus ag ithe pisearlach, pónaire agus lus
fiadháin. Acht créad é fáth an tréadhanais seo? Atá,
iomorro, ionnas go mbéadh a h-aithrighe coimh-fhreagarthach
d'a peacaidhibh.



Is é an Naomh Pól an treas duine. Do ghéir-lean
sé Eaglais Dé acht is tré neamh-aithne agus uireasbaidh
eolais do rinne é, mar mhóidigheann sé féin, agus tré
ghrádh lasamhail do bhí fallsa, bréagach. Do chualaidh sé
agus d'fhoghluim sé ó bhéal Íosa Chríost féin go raibh sé
i n-a shoitheach toghtha chum a ainm do chraobh-scaoileadh ar
fuaid na talmhan go h-uile, agus tar éis sin ní thugann
sé seasgaireacht ar bith d'a cholainn. Ní h-é amháin go
raibh a spioraid ag oibriughadh chum an tSoisgéal do
chraobh-scaoileadh agus do dhaingniughadh; ní h-é amháin
go raibh a chroidhe d'á thréidheadh le doilgheas agus le
dobrón i dtaobh a pheacaidhe féin agus i dtaobh peacaidhe
na clainne do rug sé go spioradálta i n-Íosa Críost;
acht fós, níor thug sé sosadh cómhraic ar bith d'á cholainn,
- Nullam requiem habuit caro nostra (2 Cor.vii.5).
Fulaingeann sé ar gach aon nós, ar an taobh amuigh
leis an géir-leanamhnaibh cuirthear i n-a aghaidh ar son a
chreidimh, agus ar an dtaobh istigh leis an ngnáth-smacht-
ughadh do-bheir sé d'á cholainn agus leis an mór-thréadh-
anas do ghnáthuigheann sé, - Sedomnem tribulationem
passi sumus (2 Cor.vii.5). Acht créad é an fáth? Atá,
mar badh mhian leis cúiteamh ar son a pheacaidhe agus a


L. 94


aithrighe do bheith coimh-fhreagarthach dhóibh. An bhfuil na
h-aithrighigh móra oirdhearca so meallta, a dhearbhráith-
reacha, i dtaobh a mheas go bhfuil an chomh-chudromacht so
idir an bpeacadh agus an aithrighe riachtanach, agus i
dtaobh a n-aithrighe bheith buan, cruadhálach? Nó an
féidir libh a thabhairt dom? Acht muna bhfuil de dhásacht
oraibh a rádh gurab iad sin do bhí meallta, créad é an
meas badh chóir dhíbh a bheith ar bhur n-aithrighe féin, go
dtugann bhur sadhaile agus bhur seasgaireacht fá
ndeara oraibh; i bheith chomh lag-bhríoghach, chomh díombuan
sin?



Atá dhá nídh le machtnamh do dhéanamh orra 'san
aithrighe; mar atá, a riachtanas agus a cruadháil nó a
tromdhacht, agus admhuigheann an Eaglais go h-iomshlán
an dá nídh seo. Atá an aithrighe ró-riachtanach, gan aon
amhras; ní fuláir í dhéanamh; agus atá sí tuilte de
chruadháil agus de thromdhacht. Ní mór do'n aithrighe
bheith cosamhail ar mhodh éifeachtamhail le taoiseach-ionaid
fíréantachta Dé agus ní mór do'n aithrigheach, ag ar
athruigh Dia a phian síorraidhe chum bheith aimseardha nó
teamporálta, é do leor-shásamh. Agus is é seo
urlabhra na Scríbhne Diadha, Comhairleach an Teampaill,
agus na n-Aithreach Naomhtha.



Tar éis sin, adeirid cuid de na h-Aithreachaibh
Naomhtha go bhfuil an aithrighe seo i n-a long-phort
duadhmhar nó saothrach, agus mórán eile díobh gurab
bann deor agus fola í. Acht do réir mar do-
ghníthí-se í, ní mór an saothar ná an duadh bhíos innte.
Ní shileann sibh fuil ná deora d'á taoibh, acht do
fuaireabhar-se amach secréid nó rúin-diamhair nach raibh
a fhios aca sin, agus gan aon smachtughadh ná foir-éigean
do thabhairt díbh féin, éirgheann sibh suas i nbhur


L. 95


n-aithrigheachaibh d'aon toisg, d'aon iarracht, nó d'aon
bhéim; acht créad é an réasún aithrigheacha do ghairm
dhíbh? Ní cóir droch-úsáid do thabhairt do'n fhocal
onórach so na h-aithrighe, nuair badh chóir bhur n-ainm
féin do thabhairt díbh, is é sin, mealltóiridhe agus
cluicheoiridhe mar adeir Naomh Iosodórus gan aon
spleádhachas, - Non paenitentes sed illusores.



Tugann Naomh Ambrósius fá deara mórán sórt
aithrigheach d'iomcháineas an Scríbhinn Diadha agus na
h-Aithreacha go ró-mhinic. Atá cuid díobh, adeir sé do
chreideann go ndéanaid siad aithrighe nuair fhanaid ó
ghnáthughadh na sacramaint. Agus is aithrighigh meallta
iad. I n-ionad a bpeacaidhe do smachtughadh, teithid ó na
leigheasaibh riachtanacha dhóibh chum grása d'fhaghbháil nó
do mhéadughadh. Atáid drong eile dhíobh le n-ar mian
aithrighe do dhéanamh le n-a n-éadaighibh agus le n-a
n-órnáidíbh saidhbhre agus le n-a ngnáth-shuarachas. Agus
is aithrighigh ró-mheallta iad, óir i n-ionad a n-aithrighe
do dhéanamh oireamhnach d'á gciontaibh, congbhaid siad
ádhbhair agus ócáidí na bpeacaidhe céadna. Atá, fós,
drong eile dhíobh le nach taithneamhach acht breitheamhnas
aithrighe lag, ceannsa, neamh-dhocamhail, agus le nach
maith é bheith freagarthach, oireamhnach do nuimhir agus do
cháilidheacht a bpeacaidhe. Agus críochnuigheann an
naomh-athair so a iomráidhte leis an comhrádh so; gurab
mó de chríostaidhthibh do chonnaic sé do chosain neimh-
chionntacht a mbaistidh 'ná d'aithrigheachaibh do rinne
aithrighe fholláin, mharthannach iar grása na sacramainte
do chailleamhain, - facilius inveni qui innocentiam ser-
varint quam qui egerint paenitentiam.



Críochnuighmís, a uaisle, ár gcomhrádh, agus bain-
fimid as trí neithe chum tairbhe ár n-anma. An céad
nídh, ní mór dhúinn ár n-aigne d'athrughadh, agus má


L. 96


chreideabhar go soiche seo go bhfuil bhur n-aithrighe iom-
shlán foir-líonta i dtaobh coróin Mhuire do rádh, i dtaobh
éisteacht le h-aifreann, i dtaobh beagán urnaighthe
athchomaire do rádh, agus fó-dhéarca do thabhairt uaibh,
ná bidhidh meallta níos mó, agus ná leanaidh bhur seach-
rán níos sia; óir atá sé ceart go mbéadh an aithrighe
chomh freagarthach agus is féidir é i gcomhnuidhe do
thromdhacht an pheacaidh, agus, d'á bhrígh sin, is le h-oibre-
achaibh smachtamhla eile do coimh-líonfar í.



An dara nídh cuardaighidh sibh féin agus féachaidh an
mór de pheacaidhibh do rinneabhar, féachaidh ar chlaon bhur
súl, ar mhothughadh bhur lámh, ar chorruighthibh bhur gcroidhe,
bhur miangas agus bhur smuainte, agus fáiríor! is mór
an ciste peacaidhe do-gheobhaidh sibh ann; agus má
órduigheann an Eaglais breitheamhnas aithrighe géar,
fada ar son aon pheacaidh amháin, créad é méid trom-
dhachta na h-aithrighe badh chóir a órdughadh ar son mórán
díobh? Agus créad é méid na h-aithrighe badh chóir a
órdughadh má's dóigh libh gur sheachnabhar fearg Dé i
dtaobh a rádh go bhfuil doilgheas croidhe oraibh mar
chuireabhar fearg air, agus i dtaobh beag-phian éigin
d'fhulang do cuireadh mar bhreitheamhnas aithrighe oraibh
leis an sagart?



Ó! a shíol naithreach nimhe (óir is é seo ainm do-bheir
Naomh Eoin ar na Iúdaighthibh), a shliocht na naithreach
nimhe, cia do mhúin díbh fearg Dé do sheachain le slighthibh
chomh boga, chomh cneasta so? Ná bidhidh meallta níos
sia, déanaidh toradh fiúntach de'n aithrighe, óir is leis an
aithrighe go h-aonracánta do dhaingneochaidh sibh fíréan-
tacht Dé díbh féin.



(Tá an chuid eile de'n tseanmóir seo ar iarraidh 'sa
láimh-sgríbhinn).
As Claude Jolie.
Seaghan Ua Connaire, 1769.


L. 205


B 1758-1819ls 18L
SEANMÓIR A TRÍ-DÉAG.



AN BREITHEAMHNAS DÉIDHEANACH.
Cum autem venerit Filius hominis in maiestate sua, et omnes angeli
cum eo, tunc sedebit super sedem maiestatis suae.
An tan do thiocfas Mac an duine i n-a mhórdhacht féin, agus a aingle
uile leis, an uair sin suidhfidh sé ar chathaoir a mhórdhachta féin.
Matha xxv.31.
Goidé mar as féidir liom-sa do bheith ábalta, a
chompánaigh, le h-oirnéaltacht briathar, téarmaí feallsa
nó diadhachta, chum an lae uathbhásaigh seo an
bhreitheamhnais dhéidheanaigh do mhíniughadh dhuit indiu; an
lae dhéidheanaigh adeirim, mar do bhéas sé 'n-a ghníomh
dhéidheanach ag an mbeathaidh dhaonna 'san ngleann bhocht
so na ndeor agus 'na chéad choiscéim aici chum na síor-
raidheachta. Mar do dhearbhann go fosgailte an fáidh
Malachias dom nach féidir le neach smuaineadh mar as
cóir air. "Cia le'r féidir," adeir sé, "smuaineadh ar
lá teachta an Tighearna, agus cia sheasóchas le n-a bheith
ag amharc air" (Mal.iii.2)? goidé an nídh, dá mhéid,
as féidir liom-sa, atá 'mo pheacthach bhocht, ainbhfiosach,
do rádh nach mbíonn ró-bheag, simplidhe, úir-íseal do
chathaoir an bhreithimh, do mhórdhacht a phearsan do phoimp a
chúirte, do thruime na gcoirthe, do ghéire an bhreitheamh-
nais agus do shíorraidheacht na bpianta? Ó! goidé an
díle deor do b'fhéidir a réabadh amach as mo shúilibh, nó


L. 206


na h-osnaí troma fuaim do dhéanamh in mo chliabh, nó an
torann agus an mac-alla do thiocfadh le briathraibh do
dhéanamh amach ar mo bhéal, le n-a dtiocfadh searbhadas
an lae seo na feirge do thabhairt le tuigse dhuit, do
chuaidh doi-chríochnuighthe, in mo bharamhail, ós cionn tuigse
daonna an domhain go h-iomshlán? "Cia le'r féidir,"
adeir an t-áird-fhile, "cascairt agus tórraidheacht
doilgheasacha na h-oidhche úd do mhíniughadh nó le n-a
dtiocfadh le deoraibh an doilgheasa do dhéanamh coimh-
ionann leo?"



Cá bhfuil mé d'iompódh, Ó a Dhia agus a dhuine fhíre,
má gheibhim ar an uile thaobh mé féin claoidhte le
smuaineadh amháin ar uamhachaibh bréana, síorraidhe, ar
shúghmairíbh doimhne, dorcha ifrinn, ar do bhreitheamhnas
ró-ghéar, déidheanach, do-mhínighthe? Má thig siad indiu ós
mo chomhair na casaoideacha gan leith-sgéal, na ciontacha
gan cáirde, an breitheamhnas gan ath-ghairm, na pianta
síorraidhe gan fuasgladh, an doilgheas gan sólás, na
crochadóirí fuilteacha, craosacha, salacha, gan truaigh,
na priosúin bhréana, dhorcha gan crích, gan deireadh,
goidé as féidir liom-sa do rádh ar gach cuid aca
so? Ar cruthuigheadh nídh ar bith ariamh ó thús go
deireadh an domhain, fós ag labhairt ar na créa-
túiríbh gan mhothughadh, nach cosgróchthar le h-uathbhás
an lae seo? Nach mbéidh na gártha ag na flaithis?
Nach dtuitfidh na réalta? Nach mbéidh an t-aer
agus na réagúin ag osnaidhe? Nach mbéidh an talamh
ar éin-chrioth le crioth-talmhan ag preabadh agus
an fhairrge ag at le tonnaibh craosacha, dearga? Nach


L. 207


mbéidh na cnuic agus na sléibhte ag damhsadh agus na
beathaidhigh éigcéillidhe fá cholg feirge le fíoch i d'aghaidh,
a pheacthaigh? Nach mbéidh na dúile mí-ghléasta agus an
saoghal mór go h-iomshlán ar bhárr lasrach id' thimcheall
an uair do thiocfas Mac an duine i n-a mhórdhacht féin
agus a aingle uile leis? An uair seo, mar adeir
Naomh Eoin, béidh a shúile mar lasair teine i n-a cheann
le feirg leis an tsaoghal, agus a chóta croithte le fuil,
agus imtheochaidh amach as a bhéal claidheamh faobhrach
líomhtha de dhá fhaobhar (Taisb.xix.12,13,15), ionnas
go sgriosfaidh sé leis peacthacha uile an domhain; agus
so an t-am do shuidhfidh sé i gcathaoir a mhórdhachta féin.
So cuspóir m'eagla, so cúis mo dhoilgheasa, so ádhbhar
mo chrith-eagla. Cia, mar sin, le'r féidir smuaineadh
ar an lá so teachta an Tighearna? Goidé an t-éadan,
ar an ádhbhar so, a chompánaigh pheacthaigh, le n-a bhfuighidh
tusa agat féin do theacht i láthair coirtheach ós comhair
an bhreithimh do mhasluigh tú chomh minic sin id' bheathaidh.
Béidh, adeirim leat, a ghnúis níos pianamhla dhuit an lá
so 'ná pianta ifrinn uile. Goidé mar do thiocfas tú
tligthe i láthair an té atá fé éideadh feirge agus díbh-
feirge id' aghaidh, lag, anbhfann, gan bhrígh i láthair
mílidh chródha, uile-chomhachtaigh; agus caillte i bhfiadh-
naise Dé nach féidir a ghuidhe nó a shásughadh mar gheall
ar do dhroich-bheathaidh. So na puinc ar a dtráchtfaidh
mé leat ins na gcomhrádh so.



Cia le'r féidir seasamh ós comhair an bhreithimh
chomhachtaigh, mhío-shásta so mar do pheacuigheamar i n-a
aghaidh ar feadh an fhaid sin d'aimsir? Má labhramuid
ar an aimsir i n-ar thosuigheamar le mío-shásughadh do
thabhairt dó, do tosuigheadh na lochta i n-a aghaidh an uair
do thosuigh an saoghal do bheith; má's ar uimhir ár
bpeacaidhe do labhramuid, Ó! do chuaidh siad thar


L. 208


áireamh. Má's ar nádúir na bpeacaidhe do-ghnímíd, Ó!
ní fhuil sé le faghbháil an té le n-a dtiocfadh nádúir
mhalluighthe do choirthe do chur síos duit. Má's ar
thruailleacht an té do-ghnídh an gníomh malluighthe, uch,
fáiríor! sinn na créatúirí bochta, mío-thapaigh do
thruailligheas ár n-anam féin leis in gach am agus gach
uair dá ndéanamuid é; agus muna nglanamuid sinn
féin leis an aithrighe ó shalachar ár bpeacaidhe, le gnúis
uathbhásaigh, feargaigh do chluinfimid, i lá an dorchadais
agus an cheoigh, na briathra so as béal Dé: "Do mheas
tú, a dhuine mhí-chirt, go mbéinn-se comh-chosamhail leat;
éireochaidh mé id' aghaidh, mar adeir an fáidh, agus cuir-
fidh mé do pheacaidhe féin id' aghaidh" (Sailm xlix. 21).
Tuig, a chompánaigh, nach ndéanfaidh Dia dearmad ded'
dhroich-shlighthibh an lá déidheanach, acht go gcuirfidh sé do
pheacaidhe uile id' aghaidh, peacadh ar pheacadh, marbhtha
agus so-lóghtha, agus do sgrúdfaidh sé do bheatha le
tomhas a thuigse do-chríochnuighthe nach féidir a mhealladh,
le n-a ghéir-cheart nach féidir a aistriughadh, agus le n-a
bhreitheamhnas déidheanach nach féidir a lochtughadh.



"Cuirfidh mé," adeir Dia leat, "do pheacaidhe id'
aghaidh." Ó! a bhochtáin bhoicht, cuimhneochaidh an breitheamh
síorraidhe, an lá so, ar gach aimsir breagh, taithneamhaigh
do chaith tú go díomhaoin ariamh ar feadh do bheathadh, ar
lochtaibh d'óige agus d'aoise, ar ghníomharthaibh salacha
do cholna, ar do dhroch-smuaintibh le gach briathar dhíomh-
aoin dá dtáinig amach as do bhéal ariamh. Cuimhneochaidh
sé ar do mhío-nádúrthacht leis ar son gach tiodhlaicthe
do thug sé dhuit agus gach nídh d'fhulaing sé ar do shon,
ar do dhánacht mhío-náirigh ós a chomhair, ar an neamh-
shuim do rinne tú de gach congnamh agus gairm dá dtug
sé dhuit chum leas d'anma do dhéanamh agus fós, ar gach
dí-mheas dá dtug tú ariamh ar bheathaidh na ndaoine


L. 209


subhailceach. Ní chreidim, a bhochtáin bhoicht, go bhfuil tú
chomh díchéillidhe sin a's go measfá tú féin do bheith chomh
naomhtha leis na h-abstalaibh, leis na fáidhibh, le h-aith-
reachaibh naomhtha an tsean-reachta nó an reachta nuaidh.
"Cia againn," adeir Naomh Gréagóir, "le n-a dtig
beatha na n-aithreach do chuaidh romhainn do leanmhain nó
do shárughadh?" agus má bhí siad so, mar do bhíodh, ar
aon chrioth amháin eagla agus criagail an uair do
smuainidís ar na briathraibh úd an fháidh le n-a n-abrann
Dia go gcuirfidh sé do pheacaidhe id'aghaidh, goidé mar
do bhéas tusa, a dheoraidhe bhoicht, i ló an chunntais.
"Sgrúdfaidh mé," adeir Dia, "Ierúsalem .i. na daoine
naomhtha, le lóchrannaibh" (Soph.i.12); agus má
sgrúdann Dia chomh dícheallach soin na fíréin .i. muinn-
tear Ierúsalem, cia do bhéas sábhálta i mBabilon .i. i
gcathair na locht? Goidé do dhéanfas na cabáin .i.na
peacthaigh má bhíonn na colamhain agus na cedri .i. na
naoimh dá gcrathadh an lá so le h-eagla agus le criagal.
Ó, goidé mhéad de subhailcíbh do-chífear an lá so i n-a
ndubhailcíbh, nuair tógfar brat na mealltóireachta
dhíobh. Goidé mhéid d'eisiompláiribh atá i bhfolach anois
fá phúcóig na lúbaireachta do bhéas an uair seo fuag-
artha amach mar sgannaracha námhadacha. Ó, goidé
mhéad de ghníomharthaibh an chinidh daonna do-chítear
dúinn-ne anois do bheith naomhtha, beannuighthe do thiocfas
i láthair an lá so coinneal-bháidhe, diabhlaidhe, mal-
luighthe. An uair seo do thiocfas briathra Iób naomhtha
isteach le n-a ndearbhann sé dúinn go mbéidh brat
náire agus uathbháis ar an muinntir ó bhonn go bathais
ag a raibh fuath ar Dhia, an uair do-chífidh siad ós a
gcomhair an breitheamh síorraidhe fá cholg feirge 'n-a
n-aghaidh, agus ós comhair a súl na peacaidhe uile do
rinne siad 'n-a aghaidh.


L. 210


"Do thug mé an t-anam soin duit id' chliabh,"
adéarfaidh Dia leat an lá so, a bhochtáin bhoicht, "comh-
chosamhail le mo nádúir féin, agus do rinne tusa í, a
dhuine mhalluighthe, comh-chosamhail leis an ainmhidhe
bhrúideamhail. Do rinne mé do chorp breagh sgiamhach
deis-mhír chum do bheith mar árus comhnuidhe ag créatúir
chomh uasal le d'anam agus do rinne tú a unfairt i
múnlach shalach do pheacaidhe. Do thug mé dhuit, chum
cúraim do ghlacadh id' thimcheall, prionnsa de phrionnsaíbh
aingle mo chúirte agus níor thug tú áird air; do chuir
tú suas dá chomhairleachaibh agus do mhasluigh tú é.
Do thug mé ar chréatúiríbh an aeir, an uisge agus an talaimh
do chothughadh, ag déanamh an uile sheirbhíse dhuit do tháinig
leo, agus do dhiabhluigh tú iad uile chum easonóra dom.
Do thug mé na mílte agus na mílte leigheas duit in mo
shacramaintíbh naomhtha chum créachta d'anma do leigheas
agus ní dhearna tú úsáid ar bith mar badh cóir díobh
cum d'fhuasgluighthe ó shlabhraíbh do pheacaidhe agus ó na
piantaibh síorraidhe. Do thuirling mé anuas as fhochras
m'Athar Neamhdha i mbroinn na h-Óighe, mo Mháthair
Muire, ag glacadh colna daonna agus do dhoirt mé mo
chuid fola i gcrann na croiche ar do shon; agus ar a shon
so ní fhuair mé uait acht masla agus tréatúireacht im'
aghaidh. Cá mhéad uair do bhuail mé geataí do chroidhe
chum dul isteach ann, seilbh do ghlacadh air, agus a bheith
i n-a árus comhnuidhe agam, agus do dhíbir tú uait mé?
Cá mhéad uair do labhair mé i gcluais do thuigse agus
d'intinne chum do chur ar shlighidh do shábhála agus do
dhiúlt tú éisteacht liom? Nach minic minic do chuir mé
an t-athair faoisdine agus an seanmhóntaidhe ag cainnt
leat chum rabhtha do thabhairt duit go gcaithfeá fá
dheireadh teacht chum cunntais, an lá so, liom, agus do
bhí tú ag sgigeadh agus ag magadh fútha? Nach minic


L. 211


minic d'fhoráil mé congnamh mo ghrása agus mo thrócaire
ort agus do thug cúl leo? Míle agus míle uair do
mhaith mé do pheacaidhe dhuit, agus na mílte agus na
mílte uair d'fhill tú ar an aithliogan arís. Nach minic
minic do ghlac mé le gach geallamhain mhaith dá dtug tú
dhom, agus do bhris tú gan mhoill iad, do chuaidh tú ar
ais id'fhocal liom agus do thuit tú in gach locht do tháinig
leat do dhéanamh. Do leig tú na h-aradhnacha le d'antoil
chomh mío-náireach, madramhail sin ag peacughadh im' aghaidh
mar nach mbéinn mar Dhia, acht mar Dhia maide nó cloiche
ag nach mbéadh urlabhra, mothughadh, nó éisteacht chum ceart
do dhéanamh ort. Do mhasluigh tú go truaillighthe mór-
dhacht mo phearsan diadha, mo thrócaire doi-chríochnuighthe,
agus mo cheart doi-mhínighthe. Do bhris tú gan foras
mo dhligheadh. Níor chongaibh tú m'aitheanta. Ní raibh
mo ghrádh ná grádh do chomharsan mar badh chóir id' chroidhe.
Ní raibh acht creideamh agus dóchas marbh gan foirm na
carthannachta agat. Do rinne máighistreacht ar m'
fhoighde le do ghníomharthaibh diablaidhe sgannalacha i
gcomhnuidhe ar feadh do bheathadh. Do bhí tú malluighthe de
m'ainm gan foras. Do thug tú sgannail do m'Eaglais
le do dhroich-eisiompláireachaibh, agus do chuir tú an
phláigh agus an conach ar an saoghal go h-iomshlán le
diablaidheacht do bheathadh. Ó, anois a chréatúir mhal-
luighthe, shanntaigh, uaibhrigh, lochtaigh, uallaigh, iomarcaigh,
do tháinig an uair i n-a bhfoillseochaidh mé do'n domhan
go h-iomshlán gráineamhlacht do pheacaidhe im' aghaidh.
Ar feadh na síorraidheachta béidh mé im' námhaid fhos-
gailte agat, agus tré shaoghal na saoghal iomcharóchadh
tú ualach do pheacaidhe i dtigh na bpian." Ó, an uair
seo béidh do pheacaidhe mar chliabh teine dod' losgadh.
"Cuirfidh tú iad," adeir an fáidh, "mar bhácús iarainn
teine i n-aimsir do ghnúise" (Sailm xx.10). Is é sin,


L. 212


mar adeir San Aibhistín, cuirfidh tú iad ar lasadh go
h-inmheadhónach le coinsias a mallaightheachta féin; agus
mar adeir an Béal Órdha, má tá neach ar bith eagartha
le céill agus tuigse, do b'fhearr leis an té seo, go
dearbhtha, teine ifrinn d'fhulang 'ná seasamh ós comhair
Dé. Ní fhuil ins an teine shíorraidhe, má chuirimid i
compráid leis í, acht róis; ní fhuil i ngreamannaibh
ilphiastacha, craosacha, fuilteacha, salacha ifrinn, ná má
smuaintear orra, acht póga milse, deagh-bhlasta; ní
fhuil i sgiúirsíbh síorraidhe tighe na bpian i gcompráid
leis acht ceol, spórt, agus sólás; agus fá dheireadh, ní
chualaidh cluas ariamh, ní fhaca súil agus ní dheachaidh
isteach i gcroidhe daonna ariamh, pian as mó 'ná an phian
do bhéas ar na peacthachaibh i ló an bhreitheamhnais ó'n
amharc teintrighe do-gheobhas siad ar ghnúis fheargaigh,
uathbhásaigh Dé nuair adéarfaidh sé leo: "Imthighidh
uaim, a dhaoine malluighthe, chum na teine síorraidhe; ní
féidir liom bhur bhfulang níos faide ós mo chomhair ó
ghráineamhlacht bhur gcoirthe."



Ó, a chompánaigh, cia le'r féidir seasamh ós comhair
Íosa Chríost an lá so gan a chroidhe do réabadh le
sgannradh? Cia an t-ucht nach bpléasgfadh le cloisint
na mbriathra so as a bhéal? "Cá bhfuil do dhée do
rinne tú dhuit féin? Éirgheadh siad agus sábhálaidís
tú i n-aimsir do dhoghruinne agus do dheacra" (Ierem.ii.
28)? "Cá bhfuil do shaidhbhreas i n-a raibh do chroidhe
agus d'anam níos mó 'ná i nDia? Cá bhfuil do ghlóir,
d'onóir, agus do phoimp do rinne chomh dí-mheasamhail
sin ar do chomharsain thú? Cá bhfuil do cháirde do
threoruigh go tigh na h-imeartha, an damhsa, agus na
póiteaireachta thú? Cá bhfuil d'uaisle? Cá bhfuil
d'athair agus do mháthair do rinne uaibhreach áird-intin-
neach thú? Cá bhfuil an óige, an neart, agus an


L. 213


tsláinte? Cá bhfuil na dée uaibhreacha eile do rinne
tú id' thuigse mhire chomh minic sin id' bheathaidh? Feiceam
an sábhálfaidh siad tú anois"? Ó, an uair seo, a
bhochtáin bhoicht, cuirfidh Dia tú féin id' aghaidh féin, mar
adeir San Aibhistín linn, agus an t-amharc nár mhian
leat d'fhaghbháil ort féin ná ar do pheacaidhibh id'
bheathaidh, do-gheobhaidh tú ort féin agus orra soin i lá
an bhreitheamhnais dhéidheanaigh é ós comhair Dé, na
n-aingeal, agus na naomh, ós comhair síl Éabha agus
Ádhaimh agus diabhal ifrinn go h-iomshlán, agus béidh
an t-amharc so níos pianamhla dhuit 'ná teine chraosach
ifrinn. Béidh sé dod' losgadh agus dod' chaitheamh gan
críoch do chur ort go bráth. Do-chífidh tú, mar adeir
Dochtúir na Tríonóide, do bhréantas féin, ní h-ionnas
go leasfadh tú tú féin acht go mbainfeadh lasadh asat.



Anois, a chompánaigh, ó chuala tú uaim goidé mar
tá Dia mío-shásta linn, féachamuid goidé mar thais-
beánas sé é féin fá éideadh feirge i n-aghaidh na
bpeacthach an lá so. Éirigh suas, a fhírinne, agus réab
amach as foighde, mar adeir Tertullianus ag cainnt le
fírinne Dé. "Do bhíodh mé i gcomhnuidhe im' thost,
agus do bhí foighde agam," adeir Dia, "go nuige an lá
so." Anois, a chompánaigh, 'n-ár mbeathaidh tá geat-
aidhe na trócaire fosgailte againn, agus claidheamh
faobhrach feirge Dé gan tarraing, acht an lá so druid-
fear geataí na trócaire i n-aghaidh lucht an mhí-chirt,
agus tarraingfidh Dia amach an claidheamh faobhrach úd
an dá fhaobhar, ionnas go gcosgróchadh sé leis peacthaigh
an domhain uile i nGleann Iosaphat, an áit 'n-a n-iom-
póchaidh gnúis aoibhinn Dé i n-a gnúis feirge, a cheann-
sacht i n-a fíoch, a ghrádh i n-a fhuath, a chiuineas i n-a
stoirm uathbhásaigh agus a mhaitheas i n-a feirg thein-
trighe; an áit i n-a sgreadfaidh amach an t-Uan ceannsa


L. 214


mar leomhan feargach, i n-a mbéidh a shúile geanamhla
mar chaora teintrighe i n-a cheann, a theanga thaithneamhach
mar chlaidheamh faobhrach ag gearradh; an áit i n-a
mbéidh a ghlór milis mar thóirnigh uathbhásaigh, a lámha
cumtha mar sgolba nimhe agus a dheilbh go h-iomshlán i
n-a h-uathbhás agus i n-a péin níos géire 'ná lasracha
síorraidhe ifrinn ag na peacthachaibh adéarfas an lá so
le Dia na briathra so Íob: "d'iompuigh tú chum bheith
tíoránta dhom" (Iób xxx.21); agus an uair seo le
h-éadóchas iompóchaidh an peacthach i n-a mheall feirge i
n-aghaidh Dé agus i n-a aghaidh féin. "Do-chífidh an
peacthach," adeir Dáibhídh naomhtha, "agus béidh fearg
air, agus béidh sé ag gabháil dá fhiaclaibh ar a chéile le
báinidhe agus claoidhfear é; a mhian ní fhuighidh sé go
bráth" (Sailm cxi.10). Do-chífidh an drong mhalluighthe
daonnacht ár Slánuightheora an uair seo, gidheadh; ní
fheicfidh siad a dhiadhacht dá dtabhairt chum na glóire.
Do-chífidh siad dá bpianadh é mar bhreitheamh ceart mar
gheall ar a ndroich-ghníomharthaibh. Do-chífidh siad é, ní
mar charaid, acht mar námhaid fhosgailte, agus fá
dheireadh mar an néal do threoruigh an pobal Eabhrach
tríd an muir ruaidh do bhí soillseach ar thaoibh clainne
Israel agus dorcha ar thaoibh Pharao agus a shluaighte.
"An ghlóir atá ag na naomhaibh, ní fhuighidh siad agus ní
fheicfidh siad í," adeir an Béal Órdha, "agus an méad
d'fheicfidh siad í, le bárr péine dóibh féin do-chífidh siad
í." Cia, mar sin, le'r féidir seasamh chum bheith ag
amharc ar Íosa Críost an lá so?



An Tighearna, a chompánaigh, mar charaid agus mar
athair trócaireach sgiúrann sé sinn anois ins an
mbeathaidh seo le comhachta a mhéir amháin. Ar an lá
so taisbeánfaidh sé a lámh go h-iomshlán agus a chomh-
achta i n-aghaidh na bpeacthach agus ní dhéanfaidh trócaire


L. 215


orra. Chiló Lacedaemón an tan do rinneadh breitheamh
ar an bpuiblidheacht de, do chuir sé cruinniughadh ar a
theaghlach go h-iomshlán, ar a mhnaoi, ar a chloinn, ar a
lucht gaoil, agus ar a cháirdibh uile, agus le malaíbh
croma agus le gnúis dorcha dubhairt sé na briathra so
leo: "Ó'n lá so amach measaidh gur strainséar dhíbh
mé. Go nuige so do bhí mé mar charaid agus mar
athair agaibh, acht ó'n lá so 'n-a ndearnadh breitheamh
dhíom, do-gheobhaidh sibh mar bhreitheamh géar ceart ar bhur
ndroich-ghníomharthaibh mé, mar nach mbéadh cuid agam díbh
ariamh." Ó, a chompánaigh, smuain anois go minic in
do bheathaidh ar na caorthaibh teintrighe do teilgfear síos
ar na peacthachaibh le n-a leithéid siúd eile de bhriathraibh
as béal Dé lá an bhreitheamhnais. "Adeirim libh,"
adeir Íosa Críost, "ní aithnighim sibh" (Matha xxv.12).
"Níor aithin sibh mé i n-aimsir m'fhoighde nó mo thró-
caire. Níor chongaibh sibh mo dhlighe, ní dhearna sibh mo
thoil. Ar an ádhbhar so, ní aithnighim sibh i n-aimsir bhur
riachtanais nó bhur dtrioblóide, agus tréigim sibh agus
toirbhirim sibh i lámhaibh na ndeamhan agus na ndiabhal
tré shaoghal na saoghal." Béidh, a dhearbhráthair bhoicht,
na briathra so Íosa Chríost .i. ní aithnighim sibh, mar
adeir an Béal Órdha, ag na peacthachaibh an lá so níos
do-fhulangtha agus níos géire agus níos truime 'ná
teine uile ifrinn. Goidé, mar sin, do dhéanfaidh tú, a
chompánaigh? Tá, tabhair d'aghaidh ar an aithrighe. Déan
mar as cóir í agus béidh tú sábhálta an lá so.



Téidhmid ar ár n-aghaidh agus féachamuid goidé mar
do shínfeas Dia a lámh amach an lá so i n-aghaidh na
bpeacthach. "Taisbeánfaidh mé," adeir Dia, "an lámh
so agus mo chomhachta, agus béidh a fhios aca gur ab é
as ainm dom an Tighearna" (Ierem.xvi.21). So an
lá i n-a dtaisbeánfaidh Dia comhacht iomshlán a láimhe


L. 216


do'n tsaoghal mar nár thaisbeáin sé ariamh roimhe.
Goidé seo adeir tú, a charaid? Nár thaisbeáin Dia
comhachta a láimhe do'n tsaoghal an uair do dhíbir sé as
gáirdín Eden sinn ins an ngleann bhocht so na ndeor
(Gen.,Caib.iii)? An uair d'fhosgail sé toibreacha na
bhflaitheas agus do bháidh sé an saoghal le díle (Gen.,
Caib.vi.,vii)? An uair do thug sé ar an talamh
sgoilteadh agus lucht na sainnte do shlogadh suas i n-a
chraos dorcha doimhin? An uair do sgiúr sé an Éigipt
(Ecs.,Caib.vii, srl.)? An uair do bháidh sé Pharao
le n-a shluaightibh ins an muir ruaidh (Ecs.xiv.28)? An
uair do sgrios sé le ceathannaibh teine na caithreacha
(Gen.xix.24,25)? An uair do loisg sé go h-iongan-
tach muinntear Aaron (Leu.x.2)? An uair do chuir
sé fá fhaobhar an chlaidhimh nach mór treabh Bengamin
(Breith.,Caib.xx)? An uair do chuir sé cioth clocha
sneachta ar na Chanaanites (Ios.x.11)? An uair do
rinne sé luaithreamhán i n-aon oidhche amháin d'arm
Senecherib .i. de chúig míle a's ceithre fichid a's céad
míle fear (2 Mach.vii.19)? An uair do chuir sé
sluagh leomhan isteach go Samaria agus do sgrios sé
le mathghamhnaidhibh fíochmhara buachaillí do-cheannsa na
tíre úd (4 Ríogh iii.23,24)? An uair do sgiúr sé go
minic minic an domhan go h-iomshlán le gorta, le pláigh,
le cogadh, le crioth talmhan? An uair do chuir sé
ifreann tríd a chéile, agus do dhíbir sé prionnsa an
dorchadais as seilbh an t-saoghail seo? Níor thaisbeáin
Dia, mar adeir San Lúcás linn, leis an méad so uile
acht comhachta a mhéir amháin. Tá méar Dé annso, adeir
sé, "agus má's i méar Dé do dhíbrim na diabhail, gan
contabhairt tháinig ríoghacht Dé chugaibh-se." - porro si in
digito Dei eiicio daemonia, profecto in vos venit regnum
Dei (Lúcás xi.20); ar an ádhbhar, mar adeir Phílo Eabhrach


L. 217


linn: "Ní féidir leis an saoghal mór go h-iomshlán a
lámh d'iomchar" (Beatha Mhaoise). Le comhachta na
láimhe seo tligfidh sé na peacthaigh uile i ló an bhreithe-
amhnais, agus "an uair sin aithneochthar," adeir Dáibhídh,
"an Tighearna ag déanamh breitheamhnais (Sailm ix.17).



Cia le n-a dtig smuaineadh ar lá teachta an
Tighearna nach féidir a shásughadh mar gheall ar pheac-
aidhibh an chinidh daonna mar as féidir anois le guidhe
agus le deoraibh na h-aithrighe fíre, an tan atá srotha
na trócaire dá leathnughadh féin le fuarlaoidhibh na
ngrása orainn agus toibreacha créachta Íosa Chríost
fosgailte chum soithighe toghtha na ngrás do dhéanamh
dhínn. Is féidir anois, a chompánaigh, an t-Uan ceannsa
do shásughadh nó do mhaothadh mar do-bheir sé féin le
tuigse dhúinn leis na briathraibh seo an fháidh: "Ná
guidh mé ar son an phobail seo, agus ná tar im' aghaidh"
(Ierem.vii.16); agus le Maoise adeir sé mar so:
"Leig dom ionnas go lasfadh m'fhearg" (Ecs.xxxii.
10); as a dtuigthear gur féidir fearg Dé do thraochadh
i gcúrsa na beathadh so; acht i lá an bhreitheamhnais, mar
adeir an Béal Órdha, ní spárálfaidh sé neach ar bith,
agus ní shocróchaidh sé le guidhe créatúra ná le guidhe
fós a Mháthar Muire, acht adéarfaidh sé le h-iongnadh
an domhain go h-iomshlán mar so: "Goidé an fáth ar
féidir liom bheith trócaireach dhuit" (Ier.v.7). "Ó, a
dhrong mhalluighthe," adéarfas Dia, "goidé an nídh as
féidir mo chorrughadh nó mo chlaonadh chum maitheamhnas
do thabhairt díbh? Cia le'r féidir an sgiúrsa do bhaint
as mo láimh? Cia le n-a dtiocfaidh lasracha m'fheirge
do mhúchadh. Goidé an t-ádhbhar, mar sin, le'r féidir
liom trócaire do dhéanamh ort"? Is iomdha slighe agat
anois, a chompánaigh, id' bheathaidh le d'anam do ghlanadh
agus do shábháil. Tá Muire Máthair Dé ag guidhe a


L. 218


h-Éin-Mhic féin i gcomhnuidhe ar do shon agus ní mian
leis a diúltadh, acht an lá úd ní thiubhraidh an ghealach
ghlórmhar úd solus uaithe. Guidheann anois na naoimh
ar do shon agus éisteann Dia leo, acht an uair úd béidh
siad i n-éinfheacht leis an mbreitheamh, agus adéarfaidh
siad mar so leis: "Is ceart tú, a Thighearna, agus is
ceart do bhreitheamhnas" (Sailm cxviii.137). Cuimh-
nigheann na h-aingil anois orainn, acht an lá úd
adéarfaidh siad i n-ar n-aghaidh mar so: "Do leigheasa-
mar Babilon agus ní fhuil sí slán, tréigimíd í"
(Ierem.li.9). Labhrann anois ar ár son fuil ár Slán-
uightheora Íosa Críost ins na sacramaintíbh naomhtha
níos géire 'ná sgread ariamh fuil Abel i n-aghaidh Cháin,
acht an uair úd cuirfear as úsáid na sacramaintí.
Goidé an t-ádhbhar, mar sin, le'r féidir le Dia tró-
caire do thaisbeánadh do na peacthachaibh an lá so?
Do-bheir an Béal Órdha freagra annso, agus adeir sé
nach bhfuil a fhios ag Dia goidé an réasún le n-a
dtiocfadh leis trócaire do dhéanamh an lá so. So an
nídh do thug ar an bprionnsa mór úd na h-Eaglaise, .i.
Petrus Damianus réabadh amach i sprocht gola ag
smuaineadh dhó ar an lá so teachta an Tighearna agus
a rádh: "Goidé do dhéanfamuid ós comhair mórdhachta
breithimh chomh mór so"? Goidé an leith-sgéal as
féidir leat do thabhairt dó an lá so má thig tú coir-
theach i n-a láthair? Goidé an cosnamh as féidir leat
do dhéanamh ar do shon féin? Nach dtug tú cúl leis an
aithrighe? Nár chuir tú suas do na subhailcíbh? Nach
ndearna tú iodhbairt de'n anam agus de'n chorp soin
agat do'n diabhal? Nár cheil tú do pheacaidhe ins an
bhfaoisdin le náire nach raibh ort nuair do-rinne tú
iad? Ó, a chompánaigh, foillseochthar do'n domhan go
h-iomshlán iad an lá so le do dhamnughadh síorraidhe.


L. 219


Béidh tú curtha ins an mbara an lá so ós comhair an
bhreithimh. Béidh an coiste mór 'n-a shuidhe ort chum
d'fhuagairt amach coirtheach. Béidh na naoimh agus na
h-aingil id' aghaidh. Béidh diabhail ifrinn an lá so i
láthair ag cur id' aghaidh mar do dheachtuigh mé dhuit
cheana im' chomhrádh ar imtheacht an anma. Béidh tú féin
id' aghaidh féin. Béidh créatúirí an domhain go h-iom-
shlán dod' fhuagairt coirtheach, agus iarrfaidh siad ar
Dhia ceart do dhéanamh ort, an nídh do dhéanfas nuair
adéarfaidh sé: "Bidhidh ar siubhal, a dhaoine malluighthe,
chum na teine síorraidhe" (Matha xxv.41).



Ag so an bhreith nach féidir do ghairm go h-atharrach
binnse. Uch! is annso do bhéas an truaigh ag lucht na
mallacht agus béidh luathgháir i n-a ionad ar lucht na
mbeannacht an tan adéarfas Críost: "Tigidh, a lucht
na mbeannacht, agus glacaidh seilbh ar an ríoghacht
d'ullmhuigheadh fá nbhur gcomhair ó thosughadh an domhain"
(Matha xxv.34). Smuain anois, a chompánaigh, go
minic id' bheathaidh ar gach nídh dá ndubhairt mé leat ó
thús go deireadh an chomhráidh seo, agus déan an aithrighe
in am ionnas go dtiocfadh glan i láthair an lá so, agus
chum so do dhéanamh, smuain go minic ar pháis do
Shlánuightheora Íosa Críost do réir an léighinn seo do-
bheirim síos duit annso i ndeireadh an chomhráidh seo.



Is i bParrthas do rinne ár sinnsear Ádhamh an céad
pheacadh do réir na Sgrioptúire agus i ngáirdín
Ghetseminí do thionnsgain Íosa Críost an pháis
d'fhulang. Is ion-tuigse gurab géar an sgrúdadh agus
gurab iomshlán neimh-dhearmadach badh mhian leis an
Athair síorraidhe sásughadh d'fhaghbháil ó n-a Aon-Mhac i
bpeacaidhibh a chinidh dhaonna, mar as follas as an
bpáis. Do tionnscnadh i ngarraidhe í mar as i
ngarraidhe do rinneadh an céad pheacadh. I ngarraidhe


L. 220


Ghetseminí d'fhág Íosa a dheisgiobail, agus do chuaidh
urchar cloiche uatha, agus d'ísligh ar an talamh, agus do
rinne urnaighthe ag rádh: "A Athair, má's féidir é,
cuir tharm an pháis." Ar bhfeicsin an uair seo gach
puinc fá leith de'n pháis i sgáthán na diadhachta d'Íosa
Críost, do chriothnuigh an cholann daonna chomh mór soin
ar mhodh nach raibh áit i n-a gcuirfidhe rinn bioráin ó
mhullach a chinn go trácht a bhonn nár shil allas fola le
n-a chorp, amhail d'fhoillsigh Íosa Críost do thriúr
ban-naomh .i. Elisabet, Brigita, agus Meclides, ar
fhoillsiughadh dhóibh gach puinc eile de rúin-diamhraibh na
páise, agus tháinig aingeal ó fhlaitheamhnas dá ionn-
suidhe ag tabhairt comh-fhurtachta dhó ag rádh: "Fuilin-
geochaidh tú páis." A Athair thrócairigh, is iongantach
an chomh-fhurtacht an pháis dó, páis chomh pianamhail sin
agus gach ponc dhí chomh do-fhuilingthe, cruadhálach go
bhfuigheadh sé dealughadh a anma agus a chuirp le chéile,
gur ab é as comh-fhurtacht dod' Aon-Mhac go bhfuilin-
geochaidh an pháis chéadna. Acht, ar meas rúin-diamhra
na mbriathar so, do-gheibhthear amach nár bh'fhéidir ádhbhar
luathgháire agus iolgháirdis badh mó 'ná so d'fhaghbháil.
Ó'n am so suas ní fhuil créatúir i bhflaitheamhnas, ar
talamh, nó i n-ifreann nach leigfidh ar a nglúinibh iad
féin ag umhlughadh, ar gclos ainm Íosa dá rádh, -
"badh tú Rígh na ríghthe agus Tighearna na dtighear-
naí (Taisb.xix.16), as a dtiocfas duit breitheamhnas
do thabhairt ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh le saoghal
na saoghal." Ins an ngarraidhe tháinig na saighdiúirí
do ghabháil Íosa Chríost agus dá bhualadh, agus
do leagadh go minic chum talaimh é ó'n ngarraidhe
go teach Chaiphas, an t-árd-shagart. Do gabhadh de
sheilíbh 'san éadan air. Le basaibh agus le dornaibh do
bualadh air; tarraingeadh ar mhullach a chinn é. Mórán


L. 221


osnadha do rinne croidhe mo Shlánuightheora, Íosa Críost.
Uch! mo thruaigh, is neimh-iongantach mo Thighearna do
rádh na mbriathar úd: "Do dún-bhrúghadh mo chroidhe."
Uch! Uch! ní raibh annso acht nídh nach mór gan suim nó
gur cuireadh na saighdiúirí réamh-ráidhte do sgiúrsáil
mo Thighearna, Íosa Críost, tar éis a fhadhbhtha agus a
nochttha as a chuid éadaigh, gach cúpla dhíobh fá seach agus
trí shórt sgiúirsí i n-a lámhaibh leo; ó thús, sgiúirsí lán
de dhealgaibh gur ghearr agus gur tholl a chroiceann
agus gur tharraing a chuid fola. An dara feacht,
córdaidhe caola cnáibe agus rothaí iarnaidhe ar a
gceannaibh gur ghearr a chuid feola agus leathair araon.
An treas feacht, slabhraí iarnaidhe dá sgiúrsáil ionnas
gur leadradh agus gur sgoradh a chuid feola 'na thim-
cheall agus gur leigeadh ar sileadh an t-iomshlán dí.
Do buaileadh air an uair seo corradh a's cúig mhíle
buille de sgiúirsíbh. Tar éis na sgiúrsála do
chuireadar brat purpuir uime agus córóin de spíonán-
aibh lán de dhealgaibh fá n-a cheann ar éigean, ar mhodh
go ndeachaidh na dealga do bhí uirri tríd fheoil agus
leathar a chinn, gur dhoirt a fhuil fá n-a shúilibh, agus
thug siad slat cuisgrigh i n-a láimh mar chomhartha
stiúrtha, agus 'seadh adeirid: "Dia do bheatha, a Rígh
na n-Iúdaighthe" (Matha xxvii.29). An tan do fuaradh
a chuid fola agus do theacht i lúib an bhrait phurpuir
thángadar i n-a thimcheall agus do sgrios an brat dhe
mar aon le n-a chuid feola agus leathair, ar mhodh gur
léir a ailt agus a chnámha gan fheoil, gan leathar ag a
bhfolach. Annso do fíoradh rádh an fháidh 'san tsailm:
"d'áirmheadar mo chnámha go h-iomshlán" (Sailm xxi.
18). Do bhí ar chorp mo Thighearna Íosa Críost an uair
so níos mó 'ná cúig mhíle créacht. Fá dheoidh, do ghléas-
adar croch dhó 'n-a raibh dá throigh déag innte ar fad


L. 222


agus sé troighthe in gach beangán dí, troigh in gach
ceathramhain de'n mhaide ar tharsna, agus do chuireadar
an chroch so ar ghuailnibh mo Thighearna Íosa Críost dá
h-iomchar go cnoc Calbharí, gur nocht na cnámha i n-a
ghualainn i dtrí áitibh. Annsin do síneadh Íosa Críost
'san gcroich agus do buaileadh tairnge cheann-gharbh le
casúr tríd chroidhe a dheárnainne i gcionn beangáin de'n
chroich, agus iompuigheadh an chroch i n-a mullach air nó
gur bárruigheadh an tairnge 'san dtaobh eile de'n chroich,
agus gur tarraingeadh an lámh eile le córda cnáibe
go soiche an cheann eile de'n dara beangán, agus gur
ceangladh le tairnge eile í mar an gcéadna. Do
tarraingeadh na cosa le córdaíbh cnáibe go ceann
íochtarach na croiche, agus do ceangladh iad le tairngíbh
reamhra ceann-gharbha, mar an gcéadna, ar mhodh gur
dío-sgaoileadh a ailt agus a bhaill ó chéile, ionnas go
mbadh shoiléir so-fhaicsiona gach ball dá bhallaibh agus
gach cnámh dá chnámhaibh dealuighthe ó chéile. Annso do
fíoradh briathra ár Slánuightheora Íosa Críost ag
Dáibhídh an rígh: "Do pholladar mo lámha agus mo
chosa, d'áirmheadar mo chnámha go h-iomshlán" (Sailm
xxi.17,18).



Tuig, a chompánaigh, as an gcomhrádh so, gidh gur
súgach thú anois, gur ab géar nimhneach atá Íosa Críost
indiu ag fulang ar son do pheacaidhe. Tá fuil a chinn
ar sileadh fá n-a shúilibh i n-éiric na n-amharc mailíseach
do rinnis ar an gcomharsain agus ar a mhaoin le do
shúilibh urchóideacha, agus fuil a chinn fá n-a chluasaibh i
n-éiric monabair agus sgannail na comharsan d'éistis
le do chluasaibh. Domblas ba sheirbhe 'ná gafann ag
dul i n-a bhéal i n-éiric na naomh-aithis do rinnis, agus
gach sgannail dá dtugais do'n chomharsain, agus gach
aith-iomrádh mí-dhlisteanach dá ndearnais le do bhéal


L. 223


agus le do theangaidh. Croidhe a dhá dhéarnainn do
polladh le taráchar agus do greamuigheadh le tairngíbh
reamhra ceann-gharbha iarnaidhe do chrann na croiche
céasta i n-éiric na glacaireachta mailísighe do rinnis
le do lámhaibh ar chuid do chomharsan, ar mhnaoi, ar inghin
nó ar chailín do chomharsan. Troighthe a chos do polladh,
mar an gcéadna, agus a ngreamughadh do chrann na
croiche i n-éiric gach siubhail mailísigh mí-dhlisteanaigh dá
ndearnais le do chosaibh. A thaobh do fosgladh le sleigh
ró-ghéir agus a chroidhe do sgoilteadh gan choigil i n-a
chliabh i n-éiric gach intinne mí-dhlisteanaighe agus gach
rúin díoghaltais dá raibh riamh agat ar iomchar id'
chroidhe. Tuig, a chompánaigh, go dtug Íosa Críost
sásughadh do'n Athair síorraidhe in gach ball dá bhallaibh
in gach peacadh dá ndearnais le gach céadfadh dod'
chéadfadhaibh ariamh, agus go bhfuil a dhá láimh sgartha ag
feitheamh ar do bhrasáil idir a lámha, agus a chosa
greamuighthe agus snaidhm agus barróg ró-chruaidh orra
ag fuireach leat nó go dtigtheá dá ionnsuidhe. Tabhair
d'aghaidh air gan mhoill, a chompánaigh. Smuain go minic
ar pháis agus ar bhás Íosa mhilis. Greamuigh dhó i
gcrann na croiche. Déan an aithrighe i gcomhnaidhe
id' pheacaidhibh. Déan stór agus lón de na deigh-
ghníomharthaibh id' bheathaidh, agus árdóchaidh siad tú ar
dheas-láimh Chríost lá na feirge, - nídh atá mise
d'iarraidh dhíbh-se agus dom féin. I n-ainm an Athar,
agus an Mhic, agus an Spioraid Naomhtha. Amén.


L. 23


B 1814ls 19T
U 0401



Seanmóir a Dó.
AR SHOISGÉAL AN DOMHNAIGH.
(Do'n Dara Domhnach de'n Aidbhint.)
Euntes renuntiate Ioanni quae audistis et vidistis.
Ar n-imtheacht díbh, innsigh d'Eoin na neithe do chualabhar agus
do chonnacabhar. Matha xi.4.



Adubhairt ár Slánuightheoir le deisgiobalaibh Eoin
Baistidh: "Ar n-imtheacht díbh, innsigh do bhur
máighistir na neithe do chualabhar agus do chonnacabhar;
tá a radharc ag na dallaibh, agus a siubhal ag na
bacachaibh; táid na lobhair glanta; tá a n-éisteacht ag
na bodharaibh; eiséirighid na mairbh; tá an Soisgéal dá
theagasg do na bochtaibh" (Matha xi. 4-5).



Na míorbhailí do-ghníodh Mac Dé ag tabhairt na
sláinte corpardha do na daoinibh, do-ghníodh a ghrása na
míorbhailí céadna ar na n-anmannaibh, óir ní leigheasfadh
sé cuid aca acht chum na coda eile do leigheas; agus na
míorbhailí foir-imeallacha do-ghníodh sé, badh chomhartha ar
na míorbhailíbh inmheadhonacha iad d'oibrigheas i gcroidh-
thibh éagcruaidhe na bpeacthach. An drong so ar a
labharthar i n-ár Soisgéal, is í toradh a theagaisg
shoillsigheas na daill, caeci vident, - óir is é Íosa
Críost an solas fírinneach shoillsigheas an uile dhuine
thig ar an saoghal: Erat lux vera quae illuminat
omnem hominem venientem in hunc mundum (Eoin
i.9).


L. 24


Roimh theacht Íosa Chríost do bhí an domhan ins an
dorchadas. Do bhíodar na pagánaigh i ndorchadas an
iodhal-adhartha; créad é an dorchadas as mó ar bith 'ná
gan an Dia fírinneach d'aithint agus bheith ag adhradh
créatúirí bodhar balbh, obair a lámh féin. Do bhíodar
na Giúdaigh ins an dorchadas de bhrígh nach raibh i
ndligheadh Mhaoise acht fíoghair dhiamhair fholuighthe na
fírinne. Acht do tháinig Íosa Críost ar an saoghal chum
gach nídh aca do shoillsiughadh: Illuminare his, qui in
tenebris et in umbra mortis sedent (Lúcás i.79); agus
adeir an t-abstal Pól ag labhairt ar an dá reacht,
Nox praecessit, dies autem appropinquavit (Rómh.xiii.
12). d'imthigh dorchadas oidhche an tsean-reachta agus
do dhruid solas an lae leo .i. soillse an tSoisgéil.



An mian libh a fhios do bheith agaibh an le h-Íosa
Críost, an clann de'n tSoisgéal sibh? Féach! An bhfuil
sibh glan-radharcach. Ar an gcomhartha so measaim gur
ró-bheag atá d'fhír-chríostaidhthibh le faghbháil agus gur
ró-réasúnta adeir Eoin 'san treas caibidil mar seo:
Dilexerunt homines magis tenebras quam lucem (Eoin iii.
19). "Is mó do ghradhuighid na daoine an dorchadas 'ná
an solas." Tá an domhan lán de dhorchadas de bhrígh go
bhfuil sé lán de pheacthachaibh agus go bhfuil an uile
pheacthach dall: in tenebris ambulant (Sailm lxxxi.5). Ní
fheiceann sé solas do-bhéarfadh air an Tighearna Dia
d'aithint mar as iomchuibhe; ní fheiceann sé díomhaoineas
agus fallsacht an tsaoghail seo do-bheir sé de rogha tar
saidhbhreas na ngrás. Ní fheiceann sé aoibhneas agus
ró-bhreághthacht na beathadh síorraidhe do thug sé i ndear-
mad chum na glóire bige, díomhaoine, saoghalta,
talmhaidhe, agus pléisiúir mhalluighthe na beathadh so do
bheith aige. Ná cuir i n-umhail duit féin go bhfuil tú
ciallmhar, eolgasach, glic; go bhfuil tú ábalta i


L. 25


ngnóthaibh an tsaoghail. Ní h-é sin an solas atá de
riachtanas ort; ní h-é sin an solas thug Íosa Críost ar
an saoghal so. Dá bhrígh sin, tá sibh dall agus ionnas
go mbadh dheonach le Dia an solas fírinneach úd do
dhortadh i súilibh ár gcoinsiais, abramaois Fáilte an
Aingil tré impidhe na Maighdine Muire. Ave Maria,
etc.



Claudi ambulant: "Siubhlaid na bacaigh go díreach."
An siubhlann sibh go díreach i slighidh an tSoisgéil nó an
siubhlann sibh ar chor ar bith? Siubhlann sibh, is baoghal
liom, i slighidh na h-urchóide, nó tá sibh leointe innte,
fá mar chasas an fáidh le pobal Israel: Usquequo
claudicatis in duas partes. "Cá fad bhéas 'sibh bacach
idir dhá chomhairle". (III.Ríogh xviii.21)?



Adhrann sibh Dia agus Belial, tá bhur seirbhís ag
Íosa Críost agus ag an saoghal. An measann sibh
seirbhís an dá mháighistir seo do chur i n-oireamhain dá
chéile atá ró-chontrárdha? An bhfuil fhios agaibh go
ndeir Íosa Críost nach féidir seirbhís dá mháighistir do
dhéanamh? Nemo potest duobus dominis servire (Matha
vi.24). Roimh theacht Íosa Chríost ar an saoghal, do bhí
nach mór gach uile dhuine bacach agus ní shiubhlaidís i
slighidh na fírinne. Do bhíodar a slighthe cam, crostálta.
Is uime sin do chuireas an fáidh i n-umhail dóibh go bhfuil
an Tighearna ar tí teachta go grod, ag rádh: Parate
viam Domini, rectas facite semitas eius (Matha iii.3):
"Ullmhuighidh slighe an Tighearna, mínighidh agus dírighidh
a chasáin."



Do bhí dlighe ag an Giúdachaibh do thaisbeánadh an
nídh badh chóir dhóibh do dhéanamh. Gidheadh, ní thugadh sé
cumas chum a dhéanta. Badh sgáthán é i n-a bhfeicidís
na smáil do bhíodh ar an anam, gidheadh, ní ghlanadh sé
na smáil chéadna. Is uime sin adeir an t-abstal Pól:


L. 26


Lex propter transgressiones posita est (Gal.iii.19).
"Tugadh an dlighe do na daoinibh chum go n-aithneochaidís
a gcoirthe." Gidheadh, ar dteacht Íosa Chríost ar an
saoghal, do thug sé na grása leis le n-a siubhlóchaid
na daoine i slighidh an chirt: Et faciam ut in praeceptis
meis ambuletis (Esec.xxxvi.27). Adeir sé gur ab é
féin an tslighe: Ego sum via et veritas et vita (Eoin
xiv.6). Do shiubhail sé féin ar dtúis 'san tslighidh, ag
tabhairt sompla an uile shubhailce dhúinn-ne: Exemplum
dedi vobis, ut quemadmodum ego feci vobis, ita et vos
faciatis (Eoin xiii.15).



Sgrúduighidh bhur gcroidhthe, a cháirde, agus féachaidh
an siubhlann sibh mar órduigh an Slánuightheoir dhíbh. An
ndéanann sibh na deagh-oibreacha adubhairt sé libh?
Muna ndéanadh sibh iad mar as cóir, tá sibh ró-bhacach
agus ní fiú sibh bhur n-ainmniughadh mar chlainn; óir ní
h-é amháin go siubhlann clann Dé go díreach, acht fós,
bíd ró-umhal, ró-éascaidhe chum aitheanta Dé do choimeád.
Bíd a gcosa chomh innealta le cosaibh fiaidh chum a
gcoimeádta ar an uile chontabhairt. Do bhíodar a
gcosa so ag Dáibhídh, an rígh, an tan adubhairt le Dia:
"Do rinne mo chosa ionann le cosaibh fiadh": qui perfecit
pedes meos tanquam cervorum (Sailm xvii.34).



Leprosi mundantur: "Táid na lobhair ar na
nglanadh" Do b'éagcruas i measg na nGiúdaighthe
an loibhre chorpardha agus is ró-choitcheann atá loibhre
spioradálta an pheacaidh i measg na gcríostaidhthe.
Tá go leor nach n-aithnigheann í. Tá gean ró-mhór ag
mórán dí agus ní h-áil leo bheith leigheasta uaithi. Tá
iliomad díobh le n-ar dóigh bheith 'na bhfíréanaibh agus
glan ó'n uile pheacadh, atá dá n-únfairt féin i láib an
uabhair, na sainnte srl. Ní smuainid siad go bhfuilid
uaibhreach, formadach, díoghaltasach, monabrach, bíodánach,


L. 27


miosgaiseach; go bhfuilid líonta de thnúth agus de ghráin
ar a gcomharsain. Is díomhaoin adeirid na seanmóiridhthe
leo ins an aimsir naomhtha so: "féach an liaigh mór
uile-chomhachtach do tháinig ar an saoghal; iarraidh air
sibh do leigheas; iarraidh air bhur radharc do thabhairt
díbh," - Domine ut videam (Lúcás xviii.41).



A Thighearna, soillsigh dorchadas mo thuigsiona.
Deonuigh lúthmhaireacht do thabhairt dom' chosaibh ionnas
go mb'fhéidir liom siubhal go díreach ad' dhiaidh. Leigheas
mo loibhre ionnas go bhfaghainn úsáid comhacht m'anma,
úsáid mo chéille, mo thoile, mo mheabhrach chum do mhór-
ghlóire féin agus leasa m'anma. Sábháil mé ó dhiabhal
na sainnte, an uabhair, na tnútha agus na drúise.
Ionnal agus glan mo loibhre ionnas go bhfaighinn roinn
i measg na bhfíréan, agus nach mbéinn sgartha leo
amhail d'órduighis fada ó shoin na lobhair do sgaradh
leis na daoinibh folláine.



Surdi audiunt: "Tá a n-éisteacht ag na daoinibh
bodhara." Do labhradh Dia leis na daoinibh ins na
créatúiríbh. Innsid na flaithis a ghlóire: caeli enarrant
gloriam Dei (Sailm xviii.2). Adeir an ghrian, an
ghealach, na réaltanna agus créatúirí an aeir, na
talmhan, agus na fairrge: Ipse fecit nos et non ipsi
nos. "Is é an Tighearna do rinne sinn agus ní sinn
féin" (Sailm xcix.3). Adeireadh Maoise agus na
fáidhe leis na Giúdachaibh: "Éist, Israel, is mise do
Thighearna Dia do chruthuigh thú agus thug ó thalamh na
h-Éigipte thú; na h-adhair, ar an ádhbhar sin, acht mé
agus na h-adhair na déithe fallsa" (Deuter xxxii.6);
(Ecsodus xx.2,3, srl). Acht ní éistidís na Giúdaigh leis
na fáidhibh; do stopaidís a gcluasa: auribus graviter
audierunt (Matha xiii.15). Níorbh fhuláir Íosa Críost
do theacht chum cluasa na mbodhar so chum cumais agus


L. 28


toile éisteacta do thabhairt dóibh: tunc ... et
aures surdorum patebunt (Isaias xxxv.5).



Féachaidh, a dhearbhráithre, an bhfuil sibh leigheasta
ó'n mbodhaire, an bhfuil bhur gcluasa osgailte ag
éisteacht le bréithribh Dé. Tugthar fá deara ins an
Soisgéal go raibh ár Slánuightheoir ag leigheas duine
bhodhair agus gur chuir sé osnadh as: Et suspiciens in
caelum ingemuit (Marcus vii.34). Ní bhíodh sé ag
osnaighil an tan tugadh a radharc do na dallaibh, ná an
uair do-bheireadh sé a siubhal do na bacachaibh, ná an
uair leigheasadh sé na lobhair, ná an tan d'aithbheodhadh
sé na mairbh, gidheadh gur mó na míorbhailí iad 'ná
cluasa duine bhodhair d'osgailt. Ní gan ádhbhar d'os-
nuigh sé; is uime d'osnuigh sé ionnas go gcuirfeadh sé
i dtuigsin dúinn-ne gur ab í an bhodhaire do bhaineas
dínn gan bréithre Dé d'éisteacht agus gan aitheanta
Dé do choimeád, gidheadh nár bh'fhéidir linn teacht chum
na beathadh síorraidhe gan a gcoimeád. Chum a gcoim-
eádta ní fuláir do neach creideamh do bheith aige:
maiseadh, a h-éisteacht thig an creideamh: Fides ex
auditu (Rómh.x.17).



An gcluineann sibh guth Dé? An gcluineann sibh
osnaighil an Leinbh naomhtha i stábla na Beithile? Go
mbogaidh a ghuth leanbhaidhe cruadhas bhur gcroidhthe; go
mbeiridh asta an urchóid, an díoghaltas, an mhiosgais i
n-aghaidh bhur gcomharsan, an grádh saoghalta, agus
ainmhiana na colna; fá dheoigh, an uile nídh do bhéadh
contrárdha do leas bhur n-anmann.



Mortui resurgunt: Eiséirighid na mairbh." Do-
bheir an Tighearna trócaireach mar chomhartha gur ab é
féin do tháinig chum an cineadh daonna do shábháil, eisé-
irghe na marbh. Dá loirgimís urmhór na gcríostaidhthe,
do-gheobhaimís go bhfuil ainm orra bheith 'na mbeathaidh,


L. 29


gidheadh go bhfuil siad marbh gan contabhairt, amhail
sgríobhas an t-Aingeal chum Easbuig Sardais i leabhar
na dTaisbeánta - scio opera tua, quia nomen habes
quod vivas et mortuus es: "atá ainm ort thú bheith id'
bheathaidh agus tá tú marbh" (Taisb.iii.1) - óir is é an
peacadh bás an anma, de bhrígh go mbaineann na grása
dhe as beatha dhó. Cá mhéad críostaidhthe atá 'n-a
mbeathaidh? An mór aca mhaireas i mbeathaidh na ngrás?
Tá dream aca marbh go h-iomshlán. Is iad so an
mhuinntear ar a mbíonn mórdháil de thaoibh a bpeacaidhe
do shloigeas iad mar shloigfeadh uisge. Measaid dream
eile aca a mbeith beo, gidheadh, táid marbh de láthair
Dé. Do-ghní siad gníomhartha éigin beathadh .i. obair
éigin diadha. Guidhid siad Dia; éistid le n-a bhréithribh;
téid siad gus an eaglais; déanaid siad carthannacht.
Tar a cheann sin, atá grádh aca do'n tsaoghal; táid
iomarcach, mórdhálach, sanntach, díoghaltach ar ócáidíbh;
ní mhaithfid siad nídh ar bith d'éinneach agus, leis sin, is
dóigh leo go bhfuilid beo, gidheadh go bhfuilid marbh gan
contabhairt.



Féachaidh, a cháirde, an bhfuil an charthannacht, as
beatha do'n anam, i nbhur gcroidhthibh; muna bhfuil, bidhidh
ró-dheimhneach go bhfuil sibh marbh agus nach maith-ghníomh-
artha do-ghní sibh; nach bhfuil acht ainm beathadh orra
agus gur cosmhail leis na gníomharthaibh iad do-ghnídh na
deamhain ins na corpaibh i n-a dtéid. Gidheadh, do
b'fhéidir go ndéarfadh sibh: "Is fíor go rabhamar marbh,
gidheadh, támaoid anois eiséirighthe maille le grásaibh
Dé i Sacramaint na h-Aithrighe." "d'eiséirigheamar."
Agus cionnas tá a fhios sin agaibh? An bhfuil fhios
agaibh créad é an nídh eiséirghe chríostamhail? Foghlum-
amaois ó'n abstal Pól é: Christus resurgens ex mortuis
iam non moritur; mors illi ultra non dominabitur;


L. 30


quod enim mortuus est peccato, mortuus est semel; quod
autem vivit, vivit Deo: "Ar n-eiséirghe d'Íosa Críost
ó mharbhaibh, ní fhaghaidh sé bás níos mó; ní bhéidh aon
chomhachta ag an mbás air ó so amach, óir i dtaoibh gur
éag sé aon uair amháin is i ngeall ar ár bpeacaidhibh-
ne fuair bás; gidheadh, ar mbheith dhó anois beo, is do
Dhia mhaireann sé" (Rómh.vi.9,10). Is í beatha an
eiséirghe, ar an ádhbhar sin, an bheatha nach cailltear go
bráth acht do coimeádtar go síorraidhe. Ar choimeádabhar
go buan beatha na ngrás do fuarabhar i Sacramaint
na h-Aithrighe? Nár fhilleabhar ar an bpeacadh? Nár
rug sé buaidh oraibh? Nár chlaoidh sé sibh? An thui-
teabhar i n-a líontaibh? Nó an bhfuil bhur mbeatha
gearrtha le n-a ró-mhionca d'fhilleabhar agus d'aith-
fhilleabhar ar an bpeacadh? Indé do bhíomar ag guidhe
Dé; indiu nach rabhamar ag tabhairt na mionnaí mór?
Indé do thugamar déirc do'n bhocht; indiu do rinneamar
usúirdheacht. Do rinneamar trosgadh indé; támaoid
ar meisge indiu. Má tá sinn mar sin bímís cinnte
nár eiséirigheamar, óir ní h-ionann an t-eiséirghe spior-
adálta agus an t-eiséirghe corpardha; tá sé so tugtha
do'n bás. Lasarus d'aithbheodhuigh Mac Dé tar éis bheith
ceithre lá 'san uaigh, do fuair bás amhail do fuair sé
an chéad uair agus ní éireochaidh sé níos mó go lá an
bhreitheamhnais. Gidheadh, ní cóir do'n eiséirghe spior-
adálta bás d'fhaghbháil ar chor ar bith; óir an bheatha
do-bheir uaidh, bíonn buan do shíor agus fós, tig breis
uirre gach uile uair, de bhrígh gur ab aithrigheach
fírinneach an té eiséirigheas go fírinneach, agus is é an
t-aithrigheach fírinneach an té tar éis a pheacaidhe do chaoi
aon uair amháin nach dtuitfidh i n-aon pheacaidhibh ag a
mbadh riachtanas dó do chaoi arís.



Féach an drong d'aithbheodhuigh Críost go spiorad-


L. 31


álta! Ní thuitfid níos mó 'sa' pheacadh. Ní fhuil Máire
Maighdealán 'n-a peacthach ar feadh na cathrach, acht
caithfidh sí an chuid eile dá beathaidh i bpuathais cairrge.
Ní fhilleann San Matha ar an gcéird do bhí aige .i.
puibliocánach. Ní mheallann Saicéas duine ar bith níos
mó. Ní dhéanann Pól géir-leanamhain ar na críostaidh-
thibh níos mó. Léighmíd ar mhórán naomh agus ban-naomh
eile ó shoin anuas do rinne aithrighe agus nár thuit 'san
bpeacadh níos mó; agus sibh-se tar éis bhur bpeacaidhe
do chur i bhfaoisidin, nach gcuireann suim i bpeacaidhibh
nuadha do dhéanamh gan mhoill. Is ró-eaglach dhúinn
nár eiséirigheamar le Críost d'aithbheodhas na mairbh chum
nach n-éagfaidís níos mó. Ar mbeith do'n eiséirghe 'na
bheathaidh nuaidh - ut ita et nos in novitate vitae ambulemus
(Rómh.vi.4), - ní fhuil bhur mbeatha nuadh. An bhfuilid
smuaintighthe nuadha agaibh? An bhfuil mian nuadh
agaibh chum na beathadh síorraidhe? An bhfuil sibh fonn-
mhar chum riar Dé do dhéanamh, carthannach do bhur
gcomharsain, umhal, foighdeach srl. umhal do Dhia agus
do bhur n-uachtaránaibh? An bhfuil bhur mbréithre nuadh
agus an bhfuilid ciallmhar, eagnaidhe, geanmnaidhe?



An bhfuilid bhur ngníomhartha uile nuadh agus an
bhfuil sibh féin go h-iomshlán i nbhur ndaoinibh nuadha.
Ní dhéanfaidh an t-anam tar éis na h-eiséirghe na neithe
céadna ins na corpaibh, mar nach mairfidh na cuirp níos
mó do'n bheathaidh bhrúideamhail: Seminatur corpus
animale, surget corpus spiritale: "Cuirthear corp
ainmhianach, eiséireochaidh an corp spioradálta" (1 Cor.
xv.44). Dá réir sin tar éis na h-eiséirghe spiorad-
álta, ní cóir d'ár gcorpaibh maireachtain do réir beathadh
Ádhaimh .i. ní cóir dóibh gníomhartha daonna do dhéanamh
acht is cóir a ngníomhartha uile do bheith spioradálta
agus maireachtain do réir beathadh an Ádhaimh nuaidh, do


L. 32


réir ár Slánuightheora, Íosa Críost, ionnas gur bh'fhéi-
dir linn triall ó'n mbeathaidh so gus an mbeatha síor-
raidhe.



Pauperes evangelizantur: "Tá an Soisgéal dá
chraobh-sgaoileadh do na bochtaibh." An comhartha deimh-
neach thug ár Slánuightheoir do dheisgiobalaibh Eoin
Baistidh cum a dheimhniughadh dhóibh gur ab é féin go
fírinneach an Messias .i. fuasgaltóir, agus nach raibh
gnó aca súil bheith le n-a atharrach, tá sé chomh éagsamhail
sin nach measfaidhe go bhfuil sé oireamhnach do mhórdhacht
Íosa Chríost. Gidheadh, na h-oibreacha so .i. tá a radharc
ag na dallaibh; atá a siubhal ag na bacachaibh; tá a
n-éisteacht ag na bodhránaibh; táid na lobhair leigheasta;
eiséirighid na mairbh; is iad so oibreacha mór-chomhacht
Dé le'r féidir a dhiadhacht do chruthughadh go h-uras.
Gidheadh go bhfuilid na boicht dá dteagasg, créad é an
t-iongnadh atá ann le'r féidir comhachta Íosa Chríost do
thaisbeáin? Is é sin as mian liom do chraobh-sgaoileadh
dhíbh: an chéad uair, gur comhartha ar theacht an Mhessiais
an rann-pháirt do-ghní sé de'n tsaoghal do na bochtaibh;
an dara h-uair, gur ab oireamhnaighe na boicht chum an
Soisgéal do ghlacadh 'ná an mhuinntear eile; an treas
uair, gur ab í an bhochtaineacht an t-ullmhughadh as fearr
ar bith chum an Leanbh Naomhtha so do ghlacadh i stábla
na Beithile. Do réimh-innis an fáidh Isaias mórán
bliadhan roimh theacht Íosa Chríost go mbadh chóir na
boicht do theagasg - Evangelizare pauperibus misit me
(Lúcás iv.18). Níor bh'fhuláir dhó, dá bhrígh sin, an
fháistine do choimh-líonadh. Níor ghlac Maoise ná na
fáidhe orra féin na boicht do theagasg. Do labhraidís
leis na ríghthibh, leis na sagartaibh, leis na breitheamh-
anaibh agus leis an bpobal go coitcheann. Gidheadh
teagasgann Íosa Críost go príomháideach na boicht, de


L. 33


bhrígh gur máighistir nuadh é do-bheir riaghlacha nuadha
uaidh. Na daoine bochta ag féachain ar a dtrioblóid
agus ar a n-aindeise, táid úir-íseal, tarcuisneach,
díbeartha ó'n uile onóir saoghalta, ó'n uile ionnmhus
bhaineas le h-onóir. Ní glacthar iad i measg na
ndaoine mór, bhfoghlumtha, saidhbhir. Gidheadh, ní h-é sin
do Mhac Dé, do tháinig ar an saoghal chum a mhúineadh do
na daoinibh gur beannuighthe stáid na bochtaineachta, de
bhrígh gur leo ríoghacht nimhe. Do dheighil sé na daoine
saidhbhre as a chuideachtain, agus níor bh'áil leis acht na
boicht mar dheisgiobail. Do ghlaoidh sé iad i stáid na
bochtaineachta. Ní raibh de shaidhbreas ag na h-absta-
laibh acht droch-bháid agus a líonta, agus fós do chuir sé
orra a dtréigean: Et protinus relictis retibus secuti sunt
eum (Marcus i.18). Do ghairm Matha ar mbheith dó ag
glacadh airgid na bpuibleach, agus do thréig Matha gan
mhoill an t-ór 's an t-airgead do bhí aige chum a lean-
amhna. Is teagasg nuadh, dá bhrígh sin, do mhúineas Íosa
Críost do'n tsaoghal.



Pauperes evangelizantur: Tá an Soisgéal dá chraobh-
sgaoileadh do na bochtaibh. Na daoine bochta so, atá
chomh táir, chomh tarcuisneach sin ag na daoinibh, is iad do
ghlacas teagasg an tSoisgéil. Is é an fabhar as mó
as féidir le Dia do dhéanamh do na daoinibh, óir is é an
teagasg shoillsigheas dorchadas na h-intinne, do-ghní
ábalta iad agus do-ghní oighrí dhíobh ar ríoghacht na
bhflaitheas. Ní féidir le rígh éin-nídh do dhéanamh as mó
'ná as fearr dhearbhuighas a chomhachta 'ná duine ró-
úir-íseal do tharraing ó'n mbochtaineacht i n-a raibh chum
go leor saidhbhris do thabhairt dó, iomad ughdaráis do
thabhairt dó 'san uile nídh, ar chor muna bhfuil ainm ríogh
aige go bhfuil a chumas aige; acht fós, dá mb'fhéidir
leis a chosamhlacht féin do thabhairt dó mar atá a aghaidh,


L. 34


a phearsa, a ghuth, a shúile agus a bhéasa do thabhairt dó,
nach fíor nach dteastóchadh nídh ar bith uaidh le déanamh
ar a shon? Is é so do-ghní ár Slánuightheoir do na
bochtaibh. Do-bheir sé a chosamhlacht féin dóibh, óir do
rugadh é 'san mbochtaineacht mar iad-soin; táid siad
uireasbach mar eisean; ní fhuil áit d'áirithe aca níos
mó 'ná 'bhí aige-sean ag nach raibh ionad i n-a gcromfadh
a cheann: Filius autem hominis non habet ubi caput
reclinet (Matha viii.20; Lúcás ix.58). Táid siad droch-
éaduighthe mar eisean; fuilingid siad tart agus ocras
mar eisean; tréigeann an saoghal iad mar do thréig sé
eisean; do-bheir táire dhóibh; díbearthar as gach deagh-
chuideachtain iad; ní éistear leo; ní féachtar orra.
Ag so cosamhlacht iongantach, thairbheach, ghlórmhar; óir do
thóg Íosa Críost an tarcuisne atá do-sgartha leis an
mbochtaineacht tar an nglóire do-gheobhadh sé dá dtais-
beánadh é féin mar Mhac Dé, mar Rígh na n-aingeal
agus na ndaoine, mar Áird-Tighearna an uile nídh. An
tan innistear do na h-aodhairíbh a theacht, ní abraid na
h-aingil leo: "Do-gheobhaidh sibh Mac Ríogh na bhflaitheas
maille le go leor aingeal 'na thimcheall, i bpálás
oirdhearc, i gcliabhán óir, i lín-éadach mhór-luaigh, agus
armáil ró-mhór dá choimeád;" acht is é adubhradh leo:
"Do-gheobhaidh sibh leanbh, (an bhfuil nídh ar bith as laige
'ná leanbh?) lín-éadach beag 'n-a thimcheall ins an
stábla." An bhfuil bochtaine as mó 'ná sin?



Do bhí dhá réasún ag Mac Dé chum teacht ar an
saoghal 'san riocht so. An chéad réasún, do-chonnaic sé
'san mbochtaineacht móir-dhighnit, mór-shubhailceas, agus
mór-fhiúntas nach bhfeicidís na daoine innte, agus nár
bh'fhéidir leo d'fheicsin go nádúrtha; óir ar mbheith dhó
lán d'eagna agus d'eolas do thogh sé an stáid chéadna
so. An dara réasún, ní fuláir gur bhain sé de'n


L. 35


tsaidhbhreas a sgéimh nádúrtha agus an cumas as gnáth
leis do chur ar chroidhthibh na ndaoine, agus, dá bhrígh sin,
gur chuir sé ar neimh-nídh lonnradh an tsaidhbhris. Is
fíor nach féidir le h-éinneach acht le Dia amháin na neithe
so do dhéanamh, agus fós, ní shásuigheann fios oirdhear-
cais na bochtaineachta Íosa Críost; tairis sin ní fuláir,
leis, gur ab í an stáid chéadna as meadhón oireamhnach
chum é féin d'aithint.



Tarraingeann an saidhbhreas air féin gean an
chroidhe; is leis sin fhor-fhógras an fáidh ríoghdha do na
daoinibh saidhbhre gan ceangal a gcroidhe do chur ins an
tsaidhbhreas; Divitiae, si affluant, nolite cor apponere
(Sailm lxi.11). Deir ár Slánuightheoir féin, "Ins an
áit a bhfuil do stór, is ann atá do chroidhe ": Ubi enim
est thesaurus tuus, ibi est et cor tuum (Matha vi.21).
Cá bhfuil do ghrádh? Mar a bhfuil do stór, mar a
bhfuil d'intinn, mar a bhfuil do cheangal. Órduigheann
an Soisgéal ár gcroidhe do tharraing ó ghrádh an tsaoghail
agus ó ghrádh an uile nídh bhaineas leis.



Is léigheann umhlachta an Soisgéal do theagasgas
dúinn diúltughadh dhúinn féin. Adeir Mac Dé leis na
gcríostaidhthibh uile: Discite a me quia mitis sum et
humilis corde: "Foghluimidh uaim-se, go bhfuilim ceann-
sa, umhal, foighdeach" (Matha xi.29). Tá an mhórdháil
neamh-sgartha leis an saidhbhreas. Is uime sin adeir an
t-abstal le n-a dheisgiobal éinnídh amháin do theagasg
do lucht an tsaidhbhris: Divitibus huius saeculi praecipe
non sublime sapere, neque sperare in incerto divitiarum:
"Órduigh do dhaoinibh saidhbhre an tsaoghail so gan bheith
mórdhálach agus gan a ndóchas do chur ins an tsaidhbhreas
i nach bhfuil aon tsiúráltacht" (Tadhg vi.17). Is
maith an réasún, leis, gur meadhón oireamhnach chum
teacht chum onóra, comhachta, agus ughdaráis an tsaoghail


L. 36


an saidhbhreas, de bhrígh go n-árduigheann an mhuinntear
ag a mbíonn ós cionn cáich. Adeir San Aibhistín:
Ipsum (i.e., superbia) enim malum est quod important
maxime divitiae incautis hominibus (Trácht ar na Salm).
cxxxvi.5; vermis divitiarum superbia est; difficile est
ut non sit superbus qui dives est; tolle superbiam, divi-
tiae non nocebunt (38adh Seanmóir atá ar an rann so:
Ne tardas converti ad Deum neque differas de die in
diem, Eccl.v.8): "Is í an mhórdháil an t-olc as mó
tharraingeas an saidhbhreas ar an muinntir nach mbíonn
ar a gcoimeád air; is í péist an tsaidhbhris an mhór-
dháil; is deacair bheith saidhbhir gan bheith mórdhálach; fág
an mhórdháil, ní dhéanfaidh an saidhbhreas díoghbháil."
Adeir an Soisgéal leis na críostaidhthibh a muinighin do
chur i nDia: Nolite ergo solliciti esse in crastinum: "Ná
bíodh cúram agaibh 'san lá i mbárach" (Matha vi.34).
An saidhbhreas, iomorro, cheanglann dóchas an duine ag
ar dóigh leis teacht chum an uile mhaitheasa i ngeall air,
agus gur féidir leis an uile dhochar do sheachaint. Is
uime sin labhras Dáibhídh an rígh i bpearsain an fhíréin
ag magadh fá lucht an tsaidhbhris ar uair a mbáis ag
rádh: Ecce homo qui non posuit Deum adiutorem suum,
sed speravit in multitudine divitiarum suarum et prae-
valuit in vanitate sua: "Féach an duine nár ghlac Dia
mar dhíonuightheoir, acht do chuir a dhóchas i líonmhaireacht
a shaidhbhris agus do rug buadh i ndíomhaoineas" (Sailm
li.9). An bhfuil nídh ar bith, adeir San Aibhistín, as
díomhaoine 'ná an té shaoileas gur mó an tseirbhís as
féidir le n-a chuid airgid do dhéanamh dó 'ná as féidir
le Dia? Quid vanius eo qui putat plus valere num-
mum quam Deum (Trácht ar na Salm.li.9)? Ar an
ádhbhar sin, ná bíodh cás oraibh i dtaobh bhur mbochtaine
níos mó; déanfaidh oireamhnach sibh chum an tSoisgéil do


L. 37


ghlacadh, - Pauperes evangelizantur. Is libhse bhaineann
an Soisgéal, de bhrígh gur libh Ríoghacht Nimhe, - Beati
pauperes spiritu, quoniam ipsorum est regnum caelorum
(Matha v.3), - óir má's libh Ríoghacht Nimhe, is libh na
meadhóin chum triall chuige, de bhrígh nach stiúruigheann
Dia éinneach chum a chríche gan na meadhóin oireamhnacha
do thabhairt dó roimh ré.



Ná bíodh, dá bhrígh sin, formad ar bith agaibh leis an
droing saidhbhir i dtaoibh na ronna atá aca de'n tsaoghal
so, de bhrígh go n-imtheochaidh ar neimh-nídh le n-a phoimp
agus le n-a mhórdháil. Tabhraidh fá deara teacht an
Leinbh Naomhtha so agus ullmhuighidh sibh féin roimhe. Do
rugadh é i gcruth ró-bhocht i stábla fhuar, lomnochttha,
gan teine, gan teasaidheacht, idir dhá bheathaidheach, gan
aoibhneas, gan friotháileamh, i bhfad ó thigh a mháthar, i
lán d'fhuacht, d'anró, agus d'uireasbaidh. An mhuinntear
as boichte ar bith is iad as cosamhla leis, agus is iad as
mó ceart ar na tabhartasaibh, ar na beannachtaibh, ar
an naomhthacht, ar an nglóire do-bheir sé do gach aon
do ghrádhuigheas é go fírinneach.



Iarraimíd go dúthrachtach air an grádh céadna agus
an bhochtaineacht as iomchuibhe do thabhairt dúinn-ne 'san
tsaoghal so ionnas go mbéimis rann-pháirteach i saidh-
bhreas na beathadh síorraidhe, an nídh go dtugaidh sé
dhíbh-se agus domh-sa. I nAinm an Athar agus an Mhic
agus an Spioraid Naoimh. Amen.
Finit an 20adh de September, 1740.
Composuit Ioannes O'Brien, 1739.


L. 38


B 1817ls 19T
SEANMÓIR A TRÍ.
Teacht an Tighearna.
(Do'n Treas Domhnach de'n Aidbhint).



Ego vox clamantis in deserto: dirigite viam Domini.
Mise guth an té éigheas ar an bhfásach: dírighidh slighe an Tighearna.
Eoin i.23.



Is chum tuirling i n-ár gcroidhthibh, a chríostaidhthe, do
chuir Íosa Críost d'fhiachaibh ar a réimh-theachtaire
Naomh Eoin Baistidh do theagasg dúinn slighe an
Tighearna do réidhteach le réabadh agus le briseadh
tríd gach toirmeasg do thigeas idir sinn agus trócaire
Dé. Acht créad iad na toirmisg do sgaras sinn le
n-a thrócaire agus le n-a ghrásaibh bríoghmhara? Tá, a
dhearbhráithreacha, na cortha gráineamhla malluighthe, le
n-a saluighmíd sinn féin chomh minic sin, do chosnamh i
n-ár gcroidhthibh an tan badh chóir a múchadh le h-aithrighe
fhírinnigh; na droch-chlaonta 'bheith comhnuightheach buain-
tseasmhach ionainn an uair badh chóir a dtreasgairt le
troid go meisneamhail 'n-a n-aghaidh; na siocracha nó
ócáidí peacaidh, an charraig chontabharthach, ar a rinnea-
mar go ró-mhinic roimhe sin loing-bhriseadh ar ár neimh-
chionntacht, do lorg agus do leanmhain an uair badh chóir
dhúinn a seachnadh go h-aireach. I n-éan-fhocal, chum
slighe an Tighearna do réidhteach agus d'ullmhughadh i
n-ár gcroidhthibh mar as cóir, ní fuláir dhúinn ár mbeatha
d'aistriughadh agus iompódh uirre go fírinneach.


L. 39


Gidheadh, ciodh gur ab é aistriughadh ár mbeathadh an
obair as suimeamhla agus as tábhachtaighe do b'fhéidir
linn do dhéanamh; bíodh gur ab é an t-éinnídh badh chóir
dhúinn do bheith ar ár n-aire é, de bhrígh gur ab air atá
ár n-ádh nó mío-ádh síorraidhe, monuar! tríd an daill-
chiach atá ar urmhór an domhain, ní fhuil nídh ar bith ar a
smuainid níos lugha 'ná air, de bhrígh go gcuirid ar
ath-lá an aithrighe de ghnáth. Acht, a chríostaidhthe, cad le
n-a bhfuiltí ag feitheamh? Nach bhfuil Íosa Críost gach aon
lá i mbéal a sheanmóiridhthe ag innsin díbh an tubaiste
agus an mhío-ádha dhoi-chríochnuighthe atá sé ag cruadh-
bhagairt ar lucht na neamh-aithrighe?



Nach bhfuil sé fós, go foilcheasach, fáth-rúnda ag
labhairt i n-íochtar bhur gcroidhthe ag rádh: "Nach mithid
díbh éirghe as an duibheagán agus as na peacaidhibh i n-a
bhfuiltí sloigthe? Nach mithid díbh cuimhneamh ar an
mbeathaidh shíorraidhe? Agus tar éis an oiread soin
de bhur n-aimsir do chaitheamh i ndubh-sglábhaidheacht an
tsaoghail seo, nach mithid libh casadh agus iompódh orm-
sa"? Acht créad é an freagra thugann sibh ar an
nguth cheannsa chaoin-mhilis seo? Do-bheirthí, gan
amhras, freagra, tarcuisneach de thaoibh Dé, agus gan
tairbhe de bhur dtaoibh féin .i. dhá leith-sgéal díchéillidhe
do chumadh. An céad leith-sgéal, nár thug Dia fós díbh
an congnamh riachtanach chum éirghe as an stáid thubais-
tigh i n-a bhfuiltí. An dara leith-sgéal, go bhfuiltí
ceangailte chomh daingean soin le claontaibh na colna
nach féidir libh sgaramhain leo an tráth so. Mar seo,
a dhearbhráithreacha, do chuireann sibh an aithrighe agus
leas bhur n-anmann ar cáirde. Ar dtúis, mar as dóigh
libh go dteastuigheann grása agus congnamh Dé uaibh
ar ar mian liom trácht ins an gcéad roinn dem'
chomhrádh. Ins an dara h-áit, mar as dóigh libh go dtiocfaidh


L. 40


an lá i n-a mbéidh sibh níos lugha ceangailte do'n
tsaoghal agus do chlaontaibh na colna agus inneamhail
chum beatha cheart chríostamhail do leanmhain ar a
dtráchtfad 'san dara roinn. Acht chum go mb'fheairrde
do b'fhéidir liom mór-chontabhairt agus díth céille na
mbréag-leith-sgéal so do thaisbeáin agus do chruthughadh
dhíbh, agus chum gur móide do rachadh sé chum glóire Dé
agus leasa anmann an choimh-thionóil atá i láthair,
iarraimíd cabhair an Spioraid Naoimh tré eadar-ghuidhe
na Maighdine Muire ag rádh: Ave Maria etc.



An Chéad Roinn.
Ní indiu ná go déidheanach do thosnuigh na peacthaigh
ar mhilleán do thabhairt do Dhia tré mhí-riaghaltacht a
mbeathadh. Ní indiu, adeirim, do rinneadar dícheall a
eagna agus a fhéile do dhéanamh cionntach i n-a laigeacht
neimh-chirt, óir is féidir liom a rádh go bhfuil an daille
seo chomh ársa leis an bpeacadh féin, de bhrígh nár loirg
ár gcéad-athair Ádhamh leith-sgéal ar bith dhá atharrach;
agus i bhfad ó fheirg Dé do mhaolughadh le h-admháil a
mhío-fhomóis agus a laige, adubhairt go borb agus go
díchéillidhe gur ab é féin do bhí cionntach le n-a pheacadh
tré an mhnaoi do cheangail sé leis. Seo mar mheallaid
an mhuinntear do chuireas an aithrighe ar cáirde iad
féin, óir is é a bhfreagra orainn de ghnáth, nach obair
dhaonda an aithrighe, gur ab é Dia amháin d'oibrigheas
agus d'aistrigheas an croidhe agus do-bheir grása agus
subhailce ann, atá i n-uireasba orra-soin, ionnas nach
bhfuilid sásta le feirg do chur air tré gan a mbeatha
do leasughadh, acht deirid go malluighthe ainshrianta gur
ab é féin as cionntach le n-a gcruadhas croidhe agus
le n-a neamh-aithrighe. Gidheadh innsim díbh, a chríostaidhthe,


L. 41


an baoith-leith-sgéal so do bhíos i mbéal gach peacthaigh
do ghnáth-mhaireas ins na corthaibh, má bhreathnuighmíd
de thaoibh Dé é, go bhfuil sé diorruisg mío-bhuidheach;
má bhreathnuighmíd de thaoibh an pheacthaigh, go bhfuil sé
mí-cheart, nó, má bhreathnuighmíd ann féin é, go bhfuil sé
buileamhail, do-fhoighnighthe.



Ar dtúis, má bhreathnuighmíd an saoibh-leith-sgéal so
de thaoibh an pheacthaigh do-bheir uaidh é, adeirim go bhfuil
sé mí-cheart, óir ní fhuil nídh ins an domhan as éagcór-
aighe 'ná tusa, a pheacthaigh mhalluighthe, ag a bhfuil do
chroidhe bruach-líonta le h-ainmhianaibh na colna, do bheith
ag gearán ar Dhia tré gan blas ná dúil do bheith agat
do'n chráibhtheacht? Nó an bhfuil nídh ar domhan as ion-
gantaighe 'ná tnúth do bheith agat go n-aistreochadh Dia,
gan congnamh ar bith uait féin, do chroidhe atá sloigthe
múchta i gclaontaibh mí-riaghalta, ionnas go mbéadh
mór-dhúil agat i ndiadhacht agus go n-aireochthá le mian
milseacht chumhra na subhailcí? Má tá an t-andóchas
so agat, a pheacthaigh, is dearbhtha gur ab ionann tú agus
duine do mhairfeadh ar dhomblas nó ar luibheannaibh
searbha, agus 'n-a dhiaidh sin tú 'bheith ag gearán agus
ag casaoid nach bhfaghadh blas milis ar éinnídh. Acht
adéarfair liom fós, gur do Dhia féin badh chóir mian
agus blas do thabhairt duit chum a dhlighe agus a
aitheanta do leanmhain agus do choimh-líonadh, dá mbadh
mhaith leis go ndéanfá a réir. Tusa do thruailligheas
thú féin le craos agus le drúis, tusa do chuireas teora
do-bhriste idir thú féin agus trócaire Dé, tusa,
adeirim, do dhéanas dícheall le do dhroich-ghníomharthaibh
gach deagh-smuaineamh atá in do chroidhe ó nádúir do
mhúchadh, na beag-chomharthaí seo na neimh-chionntachta
d'fhan againn tar éis peacaidh ár sinnsir, le n-ar
féidir linn, le congnamh Dé, filleadh ar an gceart


L. 42


agus ar na subhailcíbh. O! a dhuine dhona, dar ndóigh,
ní h-é Dia as cionntach le gach droich-ghníomh dhíobh so.



Acht, a pheacthaigh chruadh-mhuinéalaigh, bíodh go n-oib-
reochadh Dia an mian agus an dúil seo ionnat chum
sligheadh do shlánuighthe le n-a bhfuilir ag feitheamh, fiaf-
ruighim dhíot, lán de chraos agus de dhrúis mar atáir, an
n-aireochthá oibriughadh a ghrás an t-am do ghlaodhfadh
ort; an n-éistfeá leis, agus gan tairbhe, dar leat, ar
éinnídh acht ar shólás agus ar aoibhneas an tsaoghail
seo? An uair do chorróchadh le n-a ghrásaibh thú, cad é
an t-aistriughadh beathadh do dhéanfá agus tú 'ghá síor-
mhúchadh le do chlaontaibh ainmhianacha atá, fáiríor, ró-
cheangailte leat tré do chionnta féin agus ní tré
easbaidh grása Dé? Óir an Dia grásamhail fad-
fhuilingeach so, lán d'fhoighne agus de thrócaire, tá sé
de ghnáth ag oibriughadh i d'intinn ag síor-dhortadh a fhéile
do-aithriste innte. Acht, monuar! ní h-iad grása Dé
theastuigheas uait, acht mar do ghlacair iad i gcroidhe
lán d'aindeise agus de thruailleacht ionnas nach
n-oibrighid éinnídh ann; agus fós, gur ró-bheag an
corruighe do-ghníd air, ar mhodh nach bhfuil i lasair na
ngrás ag tuitim ann acht mar spré teineadh ag tuitim
i bhfuathais lán de smúiteán agus de shalachar do
múchtar sul do thigeas go grinneall.



Gidheadh, chum na leith-sgéil dhona so do chlaochlódh,
fiafruighim dhíot cad é an t-ughdarás le n-a n-abrair
gur ab uireasbaidh grás as ádhbhar dod' mhío-aithrighe?
Ní fhuil, gan amhras, d'ughdarás agat leis, acht gur
lugha chosnóchadh sé dhuit fanamhain innte 'ná éirghe as an
stáid mhalluighthe i n-a bhfuilir. Acht créad le n-a bhfuil
do shúil? An bhfuil tnúth agat grása d'fhaghbháil d'ais-
treochas tú gan congnamh 'ná comh-oibriughadh ar bith
uait féin? Grása, adeirim, nach bhfágfaidh ainmhiana


L. 43


ar bith agat chum troid 'n-a n-aghaidh, slabhraí le
briseadh, ná cathaidhe chum buadha d'fhaghbháil orra:
grása, i n-éan-fhocal, do-bhéarfadh aithrighe fhírinneach
dhuit gan doilgheas, gan deora, gan docamhail ar bith
eile? Mo mhíle thruagh thú, a pheacthaigh bhoicht, ní fhaghair
go bráth grása díchéillidhe de'n tsórt so, óir dá
neartmhaireacht do-gheibheann duine ní leor iad gan
míorbhailí ó Dhia. Ní fuláir dhó dícheall do dhéanamh a
chlaonta agus a ainmhiana do smachtughadh, do sgaramhain
leis na neithibh as ionmhuin leis, agus iodhbairt do gach
nídh do cheanglas agus do chongbhas i ngeibheann é. Má
tá agó ar bith agaibh annso, a chríostaidhthe, féachaidh cad
é an mhéid do chosain sé do'n mhór-naomh San Aibhistín,
é féin do sgaramhain leis an salachar le n-a raibh
ceangailte, agus chum na slabhraí do bhriseadh le n-a
raibh cuibhrighthe, bíodh gur oibrigh na grása go foir-
líonta i n-a chroidhe; leis sin, a dhearbhráithreacha, gur
ab iodhbairt docamhlach, baisteadh duaidhnéiseach, leanbh-
aidheacht dólásach, agus cath-bhuadh é nach féidir d'fhaghbháil
acht le troid na h-aithrighe. Tá sé deimhneach go
laghduigheann na grása na docamhail seo. Gidheadh,
bidhidh dearbhtha nach múchfaid go h-iomshlán iad, agus
gach n-aon do chuireas an aithrighe ar cáirde ag fuireach
le grása de'n chinéal so, gur duine é gan suim i
slánughadh síorraidhe a anma, de bhrígh gur andóchas atá
aige nach coimh-líonfar go bráth.



Acht má tá leith-sgeál uireasbaidhe na ngrás
mí-cheart de thaoibh an pheacthaigh, tá sé, mar an
gcéadna, diorruisg, mío-bhuidheách de thaoibh Dé, ar a
gcuirid na peacthaigh milleán na h-uireasbaidhe seo;
óir adeirid gur ab é Dia Áird-Tighearna an domhain,
agus, dá bhrígh sin, gur féidir leis an croidhe do
chorruighe an uair as maith leis é. 'Sé sin le rádh nach


L. 44


bhfuil agat-sa, a pheacthaigh mhalluighthe, acht do bheatha
do chaitheamh i n-aoibhneas na colna agus i nglóire
dhíomhaoin an tsaoghail seo, gan oiread agus smuaineamh
ar shláinte an anma, ná ar chongnamh ar bith chum do
bheatha d'aistriughadh, acht ag síor-chur i n-aghaidh grása
Dé, chomh maith agus go dtabharfadh Dia saor-chead duit
gan cúram ar bith do bheith agat i mór-obair do
shlánuighthe, acht gach mí-ghníomh gráineamhail badh thoil
leat, do dhéanamh agus go n-aistreochadh féin tú an
uair badh thoil leis é. Fiafruighim dhíot cad é an
nuadh-shoisgéal i n-a bhfuairis an gheallamhain seo?
Óir tá sé deimhneach nach i Soisgéal Íosa Chríost do
fuairis í, agus ní lugha atá an sean-reacht 'na coinnibh
mar do chruthuigheas an fáidh Isaias dúinn ins na foclaibh
seo: Stultus enim fatua loquetur, et cor eius faciet
iniquitatem, ut perficiat simultationem et loquetur ad
Dominum fraudelentur (Isaias xxxii.6).



Fá dheoidh, ní fhuil 'sa' leith-sgéal so acht buile agus
díth céille, óir adeirir gur ab uireasbaidh grása as
ádhbhar dod' mhío-aithrighe. Gidheadh, do thaisbeánas roimhe
seo dhuit dá mbadh mhaith leat an fhírinne do dhéanamh, go
n-admhálfá nach uireasbaidh grás atá ort acht uireas-
baidh deagh-thoile chum comh-oibriughadh leo; go n-admhál-
fá, adeirim, gur minic d'airighis deagh-smuainte
sláinteamhla i do chroidhe do-bhéarfadh, gan amhras, buadh
ar do chlaontaibh agus ar d'ainmhianaibh muna mbíodh do
chruadhas croidhe agus do neamh-aithrighe, agus go
n-admhálfá, fós, go dtug do Dhia uile-mhaith, le n-ar
mian gach n-aon do shábháil, agus nár chruthuigh as neimh-
nídh éinneach acht chum a réir do dhéanamh agus chum é do
shealbhughadh, míle congnamh duit-se agus do gach peacthach
eile ar an domhan, do stiúróchadh sibh gan toirmeasg i
slighidh na beathadh síorraidhe, dá mbadh áil libh éisteacht


L. 45


leis, agus toradh nó suim do dhéanamh dá ghlór bean-
nuighthe, trócaireach.



Acht i n-aimhdheoin seo go léir adéarfadh tú gur
uireasbaidh grás atá ort. Mo fhreagra ort ins an
bponc so: dá fhaid do chuirfir an aithrighe ar cáirde gur
lughaide na grása é; de bhrígh, dá fhaid do chuirfir ar
cáirde í, gur i méid do rachas do chortha, agus dá mhéid
na cortha gur móide tharraingeas Dia a ghrása uait;
agus ar a shon go bhfuil anois 'n-a Dhia truaighmhéileach
trócaireach, go mbéidh, i mbeagán aimsire, 'n-a Dhia
crith-eaglach, uathbhásach, lán de cheart, d'fheirg, agus de
dhíoghaltas; agus muna bhfuil grása agat indiu inne-
amhail chum filleadh ar Dhia, do b'fhéidir i mbáireach nach
mbéadh grása agat chum feicsin go bhfuil sé riacht-
anach agat filleadh air, nó uain aithrighe do dhéanamh.
Óir do b'fhéidir go laghdóchadh nó go dtarraingeochadh
Dia a ghrása agus a naomh-ghaoithe uait, ionnas go
dtuitfeá i n-éadóchas iomshlán nó i suaimhneas i do
chorthaibh, - an dá chomhartha as uathbhásaighe agus as
cinnte ar dhamnughadh síorraidhe.



Tar éis a ndubhramar cuirim i gcás go bhfuil
uireasbaidh grása ort, créad do leanas as acht, má
thigeann an bás ort ins na corthaibh malluighthe i n-a
bhfuilir ad' iomlat féin go laetheamhail, gur duine
caillte damanta go síorraidhe thú? Ó, monuar! dá
mhéid d'earráid agus do mhalluightheacht, ní leigfeadh
eagla dhuit an fhírinne d'innsin; acht, bun ós cionn leis
sin, is é adeirir go buileamhail, earráideach nach bhfuil
tú cionntach ar éan-chor i láthair Dé tré do neamh-
aithrighe, de brígh nach ar do chumas féin atá do bheatha
d'aistriughadh acht ar chumas Dé amháin. Tá gach peacthach
do fuair bás ó thúis an domhain saor, neamh-chionntach,
ionnas nach bhfuil ifrionn acht i gcomhair na bhfíréan fá


L. 46


leith! Má's fíor so, adeirim, ní miste dhuit gabháil de
chlaidheamh tré do chroidhe nó thú féin do theilgean ins an
bhfairrge, ag rádh go bhfuil fhios ag Dia an uair do
cheap duit chum aithrighe do dhéanamh agus chum do shábhála,
cibé ar bith modh i n-a gcaithfir d'aimsear. Mo chreach,
a chríostaidhthe, nach bocht an díth céille agus an daill'
intinne é seo? Agus gur ab ar an ádhbhar so adubhairt
an t-abstal le h-iongantas agus le h-uathbhás tré
mhalluigheacht na droinge seo: "An mar seo bheirir
tarcuisne i bhféile do-chuimsighthe Dé?"



Nár chóir go dtarraingeochadh a fhoighne chum aithrighe
thú, i bhfad ó ughdarás do thabhairt duit lonnughadh agus
maireachtain i do chorthaibh? Gidheadh, tré do chruadhas
croidhe, is é atáir-se ag déanamh cruinniughadh agus ag
méadughadh feirge Dé dhuit féin le h-aghaidh an lae
uathbhásaigh úd do thiocfas i ngan fhios ort, i n-a dtabhar-
far do gach n-aon do réir a oibreach ins an tsaoghal so.



Leis sin, a pheacthaigh bhoicht, is dóigh liom gur ab é
an t-éan-bhunadhas badh chóir dhuit do tharraing as
uireasbaidh na ngrás, gur móide badh chóir a n-iarraidh
agus guidhe níos dúthrachtaighe chum iad d'fhaghbháil; agus
ins an am chéadna sgaramhain le gach nídh do chongbhas
uait iad; mar atá, siocair nó ócáidí an pheacaidh do
sheachnadh go h-aireach, dícheallach, óir is é seo an modh
ceart críostamhail chum glóire do thabhairt do Dhia agus
filleadh air. Acht 'gá rádh mar adubhrais go nuige seo
gur ab é Dia as Máighistir agus as Áird-Tighearna ar
an gcroidhe, agus an uair as toil leis, is féidir leis
mé do chorruighe chum na h-aithrighe; 'sé sin le rádh, "ní
fhuil aire agam air go fóill. Is mian liom fós,
m'aimsear do chaitheamh i subhailceas agus i n-aoibhneas
an tsaoghail, agus an tan do dhéanfas Dia éigean orm
agus nach féidir liom cur 'n-a choinnibh, umhlóchad dó."


L. 47


A Thighearna nach bocht an t-ullmhughadh é seo dod' ghrás-
aibh oirdheirce! Is é seo, ar a shon soin, an t-ullmhughadh
do-bheirid lucht na mío-aithrighe nó na neamh-aithrighe orra
féin leis na baoith-leith-sgéalaibh thugaid uatha de thaoibh
Dé, agus le n-a leith-sgéalaibh tubaisteacha thugaid
uatha dá dtaoibh féin, ar ar gheall mé trácht ins an
dara roinn.



An Dara Roinn.
Is ró-iongantach, a dhearbhráithreacha, tar éis gior-
racht ár saoghail, neimh-chinnteacht ama an bháis,
socamhlacht na h-aithrighe, mór-nuimhir na droinge ar a
mbeirthear i gcodladh an pheacaidh, agus uathbhásaidheacht
a gcríche, go mb'fhéidir le neach ar bith leith-sgéil
shuaracha do cheapadh chum na h-aithrighe do chur ar cáirde,
agus nach bhfuil contabhairt ar bith eile do-chímíd ag
bagairt orainn nach ndéanaimíd dícheall ar a seachnadh
acht amháin contabhairt shíorraidhe an anma - nídh as do-
chuimsighthe 'ná so go léir; nach bhfuil éinneach de'n
mhuinntir do chuireas ar cáirde í, nach n-admhálann
riachtanas na beathadh d'aistriughadh, agus nach bhfuil
aindeise ná mío-ádh ins an domhan badh mheasa leo
d'éirghe dhóibh 'ná bás d'fhaghbháil ins an stáid dhona i n-a
bhfuilid; agus dá aimhdheoin sin, go bhfuilid chomh lag
soin chum an choinghill chrith-eaglaigh seo do thréigean
nach ndéanaid acht baoith-leith-sgéil leanbhaidhe, díchéil-
lidhe do thabhairt uatha; 'sé sin le rádh, baois na h-óige,
ainmhiana na colna, docamhlacht na h-aithrighe agus
eagla nach bhfaighidís buain-tseasamh innte. Ag so na
leith-sgéil díchéillidhe do-bheir na peacthaigh dhona dá
dtaoibh féin ins an aithrighe atá Dia d'iarraidh orra de
ghnáth.


L. 48


Ar dtúis adeirid gur mian leo bliadhanta na h-óige
do leigean tharsta agus fuireach le h-aimsir d'áirithe
i n-a mbéid níos truime agus níos inneamhla chum na
mór-oibre seo do chur i ngníomh nó i gcrích, agus an tráth
soin nach mbéidh nídh ar bith le n-ar féidir a gcosg ó
aithrighe do dhéanamh. Acht fiafruighim dhíbh cia thug
deimhin nó siúráltacht díbh go mairfeadh sibh i gcomh-
nuidhe an aimsear so do ghearrabhar amach díbh féin chum
na h-aithrighe do dhéanamh? Cia gheall díbh nach dtiocfadh
an bás i gan-fhios oraibh ar feadh na mbliadhan so do
cheapabhar chum subhailcis na colna agus aoibhnis an
tsaoghail seo? Fiafruighim dhíbh an baránta díleas
díbh an óige i n-aghaidh an bháis? Óir, gan trácht ar an
gcuid eile de'n domhan, féachaidh ar bheag-nuimhir bhur
gcarad féin, nach bhfaghadh sibh roinn díobh do ghearr Dia
amach i bhfíor-thúis a saoghail, a nirt agus a gcumais?
"Mar an mbláth bhíos go mórdhach ar maidin, um
thráthnóna bhíos seirghthe feoidhte" (Sailm lxxxix.6).



Dá nglaodhfadh Dia oraibh-se, a pheacthacha chruadh-
mhuinéalacha, ar feadh na h-aimsire seo as mian libh do
chaitheamh i n-aghaidh a thoile, créad d'éireochadh dhíbh?
Créad an tairbhe dhéanfadh bhur leith-sgéil díbh? Nó an
laghdóchadh an aithrighe seo do chuiris ar cáirde, agus do
gheallais do dhéanamh i n-am d'áirithe éan-chuid ded'
mhío-ádh síorraidhe.



Acht, cuirim i gcás nach dtiocfadh an bás i gan-fhios
nó go h-obann oraibh, créad é an fáth 'n-a ngeallann
sibh díbh féin go n-aistreochadh an aois ársa bhur mbeatha
agus bhur mbéasa? Ar aistrigh an aois ársa Solamh
badh chéillidhe agus badh eagnaidhe míle uair 'ná sibh-se?
Nach an tráth soin do chuaidh a dhroich-ghníomhartha ins an
rioth do b'aoirde, ar mhodh nach raibh teora le n-a
mhalluightheacht? Ar umhluigh an aois Saul chum aithrighe


L. 49


do dhéanamh? Nach an uair sin do chionntuigh sé i mbréag-
adhradh, i gcruadhas croidhe agus i n-éadóchas.



Do b'fhéidir, ar a shon soin, a pheacthaigh, an tan
thiocfas an aois ársa go dtréigfeá droich-bhéasa agus
cortha d'áirithe. Gidheadh, ní bhéidh tairbhe dhuit ann, de
bhrígh gur dod' aimhdheoin agus tré gan cumas do bheith
agat a gcur i ngníomh do thréigir iad agus nach le dúil
aithrighe ná le h-eagla lae an chunntais. Má's dóigh
leat, a chroidhe chruaidh, gur bréag so, ní fhuil agat acht
féachain cad d'éirigheas go laetheamhail do'n droing do
chríochnuigheas ins an bpeacadh, agus do-chífir nach
sgarann grádh an tsaoghail leo nó go sgarann an bás
leo é; agus má thigid ó'n mbaoghal agus ó'n aicíd i n-a
bhfuilid, bíodh gur aistrigh an deagh-eolas agus an
teagasg do fuaradar an taobh amuigh dhíobh, do-chífir
an grádh agus an t-andúil chéadna aca ins an tsaoghal,
na claonta céadna chum caithimh aimsire agus aoibhnis
na colna; agus ins an tsean-cholainn críonuighthe
seirgthe, do-chífir croidhe óg, ainmhianach, do leanas
níos beodha agus níos cíocraighe subhailcí saoghalta
'ná do rinne roimhe sin, dá mhéid do theichid uaidh.



Agus bíodh nach n-éireochadh an mío-ádh so dhuit-se, a
chríostaidhe, tá a fhios agat gur ab é Dia áird-bhreitheamh
agus riaghluightheoir na h-uile aimsire agus na h-uile
aoise. Leis sin, nach bhfuil sé soiléir, so-thuigse agat
go mbéidh sé éadmhar, feargach leat tré thúis do chroidhe
agus do shaoghail do thabhairt suas do'n diabhal agus dá
oibreachaibh; an túis seo, adeirim, do fíoradh, nó le n-a
dtug mé mar chosamhlacht dúinn túis agus céad tortha
na talmhan d'órduigh ins an tsean-reacht d'iodhbairt
agus do thabhairt suas do féin de ghnáth? Go dearbhtha,
is eaglach go ndéarfadh sé leat mar adubhairt an
fáidh Isaias ag casaoid leis na pagánachaibh agus leis


L. 50


na díchreidmheachaibh. "Gearraid," ar sé, "i sliabh
Libeanus an crann as áilne agus as uaisle agus
cuirid an chuid as fearr dhe chum gach gnótha as toil leo;
agus déanaid dia bréige de'n chuid as measa dhe do
n-a dtugaid adhradh:" De reliquo autem operatus est
deum, et adoravit (Isaias xliv.15), agus is féidir liom
do rádh gur ab é seo an nídh do dhéanaid na peacthaigh
agus na saoghaltánaigh, an tráth so; óir gearraid
amach an chuid as taithneamhaighe agus as bláthmhaire
dá saoghal chum obair an áidhbheirseora; agus an t-am
nach bhfuilid inneamhail chum obair an tsaoghail ná
chum claonta na colna, déanaid dia bréige de'n
chuid as measa dá n-aimsir do n-a dtugaid adhradh
agus do n-a ndéanaid iodhbairt náireach, sgannalach,
- De reliquo autem operatus est deum, et adoravit.
Gidheadh, geallaim-se dhóibh gur ab olc do rachas
so dhóibh. Tá focal Dé againn ag rádh i mbéal
an abstail: "Cibé chuirfeas ins an truaillidheacht, ní
bhainfeas acht truaillidheacht agus lobhthacht: Quoniam
qui seminat in carne sua, de carne et metet corruptionem
(Gal.vi.8); agus fós, is focal nó rádh ró-choitcheann
gur mar mhaireas duine, do-gheibheas bás, ar mhodh nach
laghduigheann an aois na lochtaí; agus leis sin, nach
bhfuil nídh ar bith as céillidhe agus as ádhmharaighe 'ná ar
mbéasa do cheapadh go h-óg mar adeir an fáidh: Bonum
est viro cum porteravit iugum ab adolescentia sua
(Triamhna Ier.Fáidh,iii.27).



Tá an fhírinne seo, chomh cinnte agus chomh láidir sin
nach féidir agus nach leigeann faitcheas do na peactha-
chaibh a séanadh. Gidheadh, i bhfad ó n-a mbeatha do
riaghlughadh dá réir, is é do-ghnídh arís leith-sgéal eile
díchéillidhe do thabhairt uatha; 'sé sin go bhfuilid anois
ró-cheangailte ins na peacaidhibh, go bhfuil a slabhraí


L. 51


ró-dhaingean, ró-dho-bhriste, na claonta i n-a bhfuilid i
n-achrann ró-bheodha, ró-dho-chlaoidhte chum sgaramhain leo
agus an uair do chríochnóchaid na claonta so nach é
amháin nach leanfaid éan-nuadh-chlaonta, acht fós, go
leanfaid gach uile shubhailce as riachtanach. Acht fia-
fruighim arís díot, a dhuine dhona, cia gheall duit go
mairfeá leis seo do thuitim amach? Cuirim i gcás go
mairfeá. Dar ndóigh, ní fhuil dá dhoimhne rachas préamha
do lochtaí, nach i méid agus i ndaingne rachas do
shlabhraí agus do gheibheanna, nach móide leathnóchas an
t-othras agus an urchóid i do chroidhe agus i d'aigne
thruailleochas d'anam go h-iomshlán. Má tá agó agat
ann, féach ar réim do bheathadh féin agus do-chífir cad é
an ghráin agus an fuath do bhí agat ar dtúis ar na
corthaibh do n-a bhfuilir anois tugtha agus cad é an
docamhal do bhí agat cionntughadh ionnta. Acht monuar!
ní fhuil dá mhéid do chuadhais 'n-a dtaithighe, nach móide
do chuaidh a neimh i bhfeidhm ort, nach móide do sgarais
le dúil na h-aithrighe do thug grása Dé agus ciall
nádúrtha dhuit, ionnas gur leigis do'n mhéid do bhí slán
folláin ded'anam truailliughadh go h-uile.



Ag seo an nídh go puinnteálta do-chífeas gach
peacthach i n-a bheathaidh féin, má dhéanfas machtnamh
uirre, agus dá mbreathnóchadh go grinn é, d'admhálfadh
gur díchéillidhe an nídh do dhuine leigean dá chneadhachaibh
lobhadh agus truailliughadh, ag tnúth go mb'fhusaide iad
do leigheas é. Acht adeirir go h-amadántamhail nach
bhfuil claonta ar bith buain-tseasmhach, do-leighiste, ná
ainmhiana nach mbíonn neamh-bhlasta, fuathmhar le
h-aimsir. Mo fhreagra ort, a dhuine gan chéill, go
mb'fhéidir nach bhfuil claonta fá leith nó go h-aonra-
cánach, nach laghduigheann le h-aimsir; gidheadh, nach
mbéadh tairbhe ar bith dhuit-se annsoin, de bhrígh go


L. 52


mbéidh na claonta go geinearálta agat do shíor; óir
na h-ainmhiana do thréigfir le neamh-bhlas nó le neamh-
dhúil ionnta, fágfaid i gcomhnuidhe inneamhail, ullamh thú
chum nuadh-chlaonta do leanmhain agus bí deimhneach gur
measa an dara stáid 'ná an chéad stáid: Et fiunt
novissima hominis illius peiora prioribus (Matha xii.45).



Fá dheoidh, a dhearbhráithreacha, an tan do-chídheas an
peacthach neartmhaireacht na fírinne seo agus díth céille
na leith-sgéal do-bheir uaidh tré an aithrighe do chur ar
cáirde, an tan do-chídheas beag-thairbhe agus suarachas
aoibhnis an tsaoghail, adeir go mbadh mhian leis a
dtréigean, gabháil le Dia agus beatha cheart chríost-
amhail do leanmhain. Gidheadh, i bhfad ó'n obair thairbhigh
seo do chur i ngníomh, tigeas crith-eagla air, agus
adeir go bhfuil a chéim agus a chreideamhain chomh mór
sin 'san tsaoghal nach féidir leis an t-aistriughadh as
lugha ar bith do dhéanamh go foilcheasach nó i gan fhios;
go bhfuil eagla air nach bhfaghadh buain-tseasamh a
dhéanamh, agus, gan tairbhe ar domhan dá anam, go
mbéidh a chreideamhain i gcontabhairt a caillte agus go
mbéidh 'n-a chúis mhagaidh agus fonomhaide ag lucht a
aitheanta.



Ag so an treas leith-sgéal díchéillidhe do-bheirid na
saoghaltánaigh uatha; acht, a chríostaidhe, ar a bhfuil go
h-áirithe ainm críostamhail, fiafruighim dhíot cad é an
fáth 'n-a gcuirir an aithrighe ar ath-lá? An bhfuil súil
agat go n-aistreochaidh Dia thú an tráth nach bhfuil tnúth
agat, dá n-iompóchthá air, go dtabharfadh buain-tseasamh
dhuit. Créad é an áth 'n-a bhfuil súil agat le n-a
thrócaire ag síor-thabhairt tarcuisne agus masla dhó,
nach gcuirfeá do mhuinighin agus do dhóchas ann ag
tabhairt glóire agus onóra dhó. O! a dhuine, cá bhfuil
ciall nó ceart an iomchair seo? Nach féidir leat, an


L. 53


chuid as lugha dhe, tosnughadh agus féachain an bhfaghfá
seasamh amach go misneamhail, crodha i n-obair Dé.
Dar ndóigh, is fiú an nídh a thástáil. Ó! a dhearbhráthair,
an bhfuil neach 'san domhan do theilgfidhe le stuirm i
gceartlár na fairrge coimhighthighe, do bhéadh ar chomraidhe
na dtonn ullamh chum a shloigthe gan fuireach, nach
ndéanfadh dícheall ar theacht i dtír de shnámh sul do
thabharfadh suas é féin do chuthach agus do chraos na
mara? Bíodh orm nach ndeir leis féin: "Do b'fhéidir
go dtréigfeadh mo neart mé agus nach mbéinn acfuinneach
ná ábalta ar bhuain-tseasamh do dhéanamh chum teacht
chum talmhan, agus leis sin, ní dhéanfad dícheall ar
bith chum mé féin do shábháil." Mo chreach! ní abrann
sé sin acht déanas gach dícheall as féidir leis. Ní
fhágann slighe ar domhan gan tástáil. Tigeann go
nuige an snáithe déidheanach dá neart agus ní bheireann
suas é féin nó go mbíonn traochta le mór-éigean na
mborb-thonn.



Agus tusa, a chríostaidhe, ad' threasgairt féin, mór-
thonnacha do chlaonta dod' mhúchadh, maidhm-shléibhte
d'ainmhian dod' fhuadach le faill mhara Ifrinn, agus tú,
ins an am gcéadna, gan cás, gan dobrón, ag meadhchain
ar chóir dhuit dícheall do dhéanamh ar thú féin do shábháil,
agus ag tomhas do chumais a's do neirt ar feadh na
beag-aimsire seo na sláinte, ionnas go gcaillir led'
sgrúdadh agus léir-mheas an t-am agus an uain do thug
Dia dhuit chum thú do shaoradh ó'n mór-chontabhairt atá
ag rith ort, agus i n-a bhfuil na mílte eile 'gá dtreas-
gairt ós comhair do shúl. Acht bíodh nach ndéanfá an
buain-tseasamh so agus go bhfaghadh slighe chumhang na
subhailcí buadh ar do laig-neart, dar ndóigh, do chaithfeá
cuid ded' aimsir gan fearg do chur ar Dhia, do
dhícheall ar a fheirg do laghdughadh. Go h-áirithe, ní


L. 54


mhéadóchthá an ciste malluighthe atá agat 'gá chruin-
niughadh le h-aghaidh lae móir-fheirge an Tighearna.
An chuid bheag dhe, do b'fhéidir leat do laige do
thaisbeáin agus do chur i n-umhail dod' Dhia agus do
rádh leis: "A Thighearna, do-chíonn tú mo dhúil agus mo
laige. Créad fá deara nach bhfuil mo chroidhe níos
dílse dhuit, a Thighearna, níos neamh-shuimeamhla ins an
tsaoghal bhréagach so, agus níos daingne, níos treise i
ngrádh na fírinne? Socruigh, a Thighearna, mo luaith-
intinnn agus mo neamh-sheasmhacht; bain de'n tsaoghal an
mháighistreacht atá aige ar mo chroidhe, agus glac féin
seilbh dhíleas ann. Táim chomh líonta sin de náire tré
dho-riantacht mo bheathadh, nach leigfeadh eagla dhom mo
shúile do thógbháil suas chugat-sa, a Chruthuightheoir, agus
a Thighearna an uile nídh, ná a gheallamhain duit do bheith
níos dílse as so suas, de bhrígh gur bhriseas chomh minic
mo gheallamhain duit. Tá mo chroidhe ag éalódh uaim
gach móimeint, ionnas míle uair tar éis do láthair
d'fhágbháil le mo shúilibh líonta le deoraibh, le doilgheas
agus le croidhe-bhrúghadh tré fearg do chur ort, gur
thuiteas an ath-uair leis an ócáid gcéadna do chuireas
romham do thréigean roimhe sin. A Dhia uile-chumhach-
taigh, ó chíonn tú mo laige agus an mhór-chontabhairt i
n-a bhfuilim, féach led' shúilibh trócaireacha ar neamh-
éifeacht mo mheisnigh, ar dhíombuaine agus ar neamh-
shocracht m'aigne, óir tá a fhios agam nach bhfuil comhartha
níos bith-chinnte ar dhamnughadh síorraidhe 'ná bheith neamh-
sheasmhach mío-choingheallach i n-ár gcroidhe agus i n-ár
n-aigne. Leis sin, a Shlánuightheoir, an fhaid do bhéad
ion-chorruighthe led' ghrásaibh beannuighthe, déanfad
dícheall ar chasadh ort, agus má cailltear mé is fearr
liom go mór mé do chailleamhain ag déanamh an díchill
seo ar fhilleadh ar mo Dhia agus ar mo Chruthuightheoir


L. 55


nach dtréigeann go bráth an té loirgeann é go fírin-
neach, 'ná fanamhaint i socracht, spadántacht thruail-
lighthe, agus i méirleachas 'na aghaidh, agus 'ná dul i
n-éadóchas ar an nglóire do gheallais, a Thighearna, do
gach n-aon do mholfadh agus do ghrádhfadh thú go fírinneach,
deagh-rúnda"; an nídh d'iarraim-se dhíbh-se agus dom
féin. I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spio-
raid Naoimh. Bíodh mar sin.



Ar n-a aith-sgríobhadh le S. Ua h-Úghbhair do'n
Dochtúir Diadha, Seaghan Ua Murchadha,
Easbog Chorcaighe, 1817.


L. 56


B 1817ls 19T
SEANMÓIR A CEATHAIR.
AR AN AITHRIGHE.
(Do'n cheathramhadh Domhnach de'n Aidbhint.)
Venit in omnem regionem Iordanis, praedicans baptismum
poenitentiae in remissionem peccatorum.
"Do thriall do na críochaibh uile timcheall srotha Iórdán, ag
craobh-scaoileadh sacramainte na h-aithrighe chum maithfeachais
na bpeacaidhe" - Briathra do léighimíd ag Naomh Lúcás, Sois-
céaluidhe, an 3 caibidil, 3rann.



Créad an t-iongantas so do-chímíd i soiscéal an
lae indiu? Tá, a dhearbhráithreacha, Naomh Eoin
Baiste, réamh-theachtaire an Tighearna, ag triall ar an
bhfásach, ag craobh-scaoileadh na h-aithrighe i measg
cairrgeacha agus coillte, i bhfad ó radharc a's ó chomh-
luadar na ndaoine, ag leigean fuaime a ghotha bhean-
nuighthe fá chríochaibh badh chomhfhogus do'n abhainn Órthanán
nó Íordán, ionnas, le binneas a ghlóir gur tharraing
mór-nuimhir daoine tuillte de gach gné peacaidh ag
éisteacht leis, agus, le milseacht a theagaisc, gur
chorruigh iad chum fuath fírinneach do bheith aca do'n
pheacadh, maille le mian diongmhálta chum iad féin
d'ollmhughadh le deagh-oibreachaibh chum slighe an Tighearna
do réidhteach i n-a gcroidhthibh, agus chum buain-tseasaimh
innte.



Ag seo an t-iongantas ar a labhraim libh. Óir
measaim gur iongantas ró-mhór cionnas do rug an guth
beannuighthe seo buadh ar chlaontaibh agus ar mhór-


L. 57


pheacaidhibh na droinge díth-chreidmhighe seo; an tan do-chím
sinn féin ar a bhfuil aithne bith-chinnte Dé, an teagasc
agus an fhírinne chéadna do craobh-scaoileadh maille le
congnamh grása an nuaidh-reachta, atá gan comhmóradh
ós cionn grása an tsean-reachta; ní ar an bhfásach acht
i gcomh-chlos do mhór-uimhir daoine do thionól go toil-
teanach chum sinn do chlos; ní do dhaoinibh atá ainbhfiosach
ar an bhfírinne acht do dhroing atá feasach uirre, ciodh
go séanaid í de ghnáth tré n-a gclaontaibh. Ag seo an
dream atá d'ualach orainn-ne do theagasc. Acht créad
an buadh do-bheirimíd orra? Tá, go n-éistid linn ar
uairibh; go dteilgid iad féin i láthair Dé; go n-umhlu-
ighid iad féin ag cosaibh an oide faoistine; go mion-
scrúdaid a bpeacaidhe 'na láthair. Acht d'éis seo uile,
an dteilgid díobh sean-iorradh nó sean-éadach an
pheacaidh agus an gclúduighid iad féin le nuaidh-éadach
na ngrás? An mbeirid buadh ar a ndroch-bhéasaibh?
An gcasaid ar an bhfírinne do thréigeadar? I n-aon-
fhocal an ndéanaid deagh-aithrighe?



Ní dhéanaid, a dhearbhráithreacha, acht scáil fholamh na
ndeagh-oibreach, nach leor chum aithrighe fhírinneach do
dhéanamh. Créad as ádhbhar do'n mhóir-fhírinne seo? Tá,
nach bhfuil peacthach dá cheann-tréine, nach meallann é
féin le súil deigh-chríoch do chur ar a bheathaidh le
h-aithrighe fhírinnigh. Acht créad í an aithrighe fhírinneach?
In dá fhocal is í as aithrighe fhírinneach ann an aithrighe a
ghluaiseas ó'n gcroidhe agus ó iomshlán an chroidhe.



Is tré eidir-dhealughadh do dhéanamh idir an dá fhocal
so atá muinighin agam a fhoillsiughadh dhíbh créad í an
aithrighe fhírinneach, agus créad í an aithrighe bhréagach.
Ins an gcéad roinn taisbeánfaidh mé dhíbh nach fuláir
do'n aithrighe gluaiseacht ó'n gcroidhe; ins an dara
roinn nach fuláir dí gluaiseacht ó iomshlán an chroidhe.


L. 58


Tugamaois aire go dícheallach do'n subhailce riacht-
anaigh so; riachtanach, adeirim, óir, de bhrígh go
bhfuilmid gach tráth ag tuitim 'san bpeacadh, is fíor go
bhfuil sé riachtanach againn gach tráth aithrighe do dhéanamh
agus gnáith-chleachtadh do dhéanamh dhí chum teacht chum ár
gcríche déidheanaighe, .i. Íosa Críost.



Impighidh liom go dúthrachtach congnamh an Spioraid
Naoimh chum mo thuigsin do shoillsiughadh le n-a naomh-
ghaethibh beannuighthe, ionnas go mb'fhéidir liom an mhóir-
fhírinne seo do chraobh-scaoileadh chum glóire Dé agus
leasa anma gach n-aon atá i láthair, tré mhór-luach ár
Slánuightheoira, Íosa Críost, ag eadar-ghuidhe a Mháthar
Beannuighthe Muire, ag rádh Fáilte an Aingil.



An Chéad Roinn.
Is féidir linn an aithrighe do thabhairt fá ndeara ar
dhá mhodh; ag sin le rádh, mar as sacramaint í, nó mar
as subhailce í d'ollmhuigheas sinn chum na sacramainte
do ghlacadh. Mar as subhailce í, ní fhuil innte do réir
Naoimh Thomáis acht fuath toilteanach do'n pheacadh,
maille le rún fírinneach sinn féin do leasughadh agus
buadh do bhreith ar phríomh-ádhbhar feirge Dé le n-ár
ndeagh-oibreachaibh.



Anois ó's fíor nach féidir le fuath de'n ghné seo
triall acht ó'n gcroidhe tá sé, mar an gcéadna, cinnte
go bhfuil an fuath so géir-riachtanach chum na fíor-aithrighe
agus nach bhfuil in gach aithrighe déantar 'n-a h-éaghmais
acht scáil gan sochar gan tairbhe. Mar chruthughadh ar
an nídh seo nó ar an bhfírinne seo éistidh le briathraibh
Íosa Chríost i mbéal a fháidh Esechiel: "Iompuighidh
orm" ar sé, "déanaidh aithrighe; coiscidh bhur gclaonta;
agus déanaidh ath-nuadhchain oraibh go h-iomshlán ";
agus arís i mbéal an fháidh Ióel: "Iompuighidh orm,"


L. 59


ar sé, "agus tionnscnaidh troscadh, déirc agus
urnaighthe; glanaidh sibh féin le deoraibh na h-aithrighe;
réabaidh bhur gcroidhthe, adeirim, agus ní h-iad bhur
n-ionair ná bhur n-éadach:" Scindite corda vestra, et non
vestimenta vestra (Ióel ii.13).



Óir is é gluaiseacht agus fíor-dhoilgheas an chroidhe
amháin as anam do'n aithrighe, de bhrígh gurab í aithrighe
an chroidhe fá leith do-bheir buadh ar an bpeacadh. Óir,
fiafruighim dhíbh créad an nídh an peacadh. Tá, a
Chríostaidhthe, rogha thoilteanach do ghabháil leis an
gcréatúir seach an Cruthuightheoir, sé sin le rádh, rogha
thoilteanach do dhéanann an peacthach de mhaitheas chail-
leamhnach dhíombuan an tsaoghail seo, roimh maitheas
dho-chuimsighthe shíorraidhe .i. Íosa Críost, críoch dhéidheanach
agus mian gach fíréin.



Anois ó's fíor gur ó'n dtoil agus ó mhian an chroidhe
geintear an peacadh, agus gurab ins an gcroidhe
cothuighthear é tré bhuan-chomhnuidhe ins an olc, is fíor,
mar an gcéadna, gurab ins an gcroidhe le tathaighe na
subhailcidhe do treascarthar an peacadh. Óir nár mhór
an díth-chéille do'n té do bhéadh dá ithe ag an lobhair i
n-a chosaibh, a lámh do ghearradh dhe chum é féin do leigheas,
de bhrígh nach dtiubhradh gearradh na láimhe congnamh ar
domhan leighis dó? Mar an gcéadna, is mór an díth-
chéille a mheas gur féidir an peacadh do threascairt
agus do chlaonadh i n-ár mballaibh, de bhrígh nach ins na
ballaibh acht ins an gcroidhe do chomhnuigheas sé, amhail
mar chruthuigheas Naomh Eoin Criosostom dhúinn ins na
briathraibh so-thuigse seo: "Is é an croidhe," ar sé,
"tobar an uile shubhailce agus an uile uilc, ní fhuil
neach ar stáid na ngrás acht tré ghluaiseacht gheanmnuidhe
an chroidhe ná neach cionntach 'san bpeacadh acht tré
ghluaiseacht ain-mheasardha an chroidhe, óir," ar sé, "ní


L. 60


fhuil sé i gcumas na mball go h-uile ná fós, i gcumas
námhad an duine go h-iomshlán é dhéanamh cionntach i
n-aon pheacadh amháin gan gluaiseacht an chroidhe, de bhrígh
nach bhfuil peacadh gan toil ná toil gan aontughadh an
chroidhe."



Dá bhrígh sin, is féidir linn a rádh nach bhfuil ins na
ballaibh agus ins na céadfadhaibh acht sclábhuidhthe, agus
gurab é an croidhe as áird-thriath agus as máighistir
orra, do dhéanas airm díobh chum troda i n-aghaidh a
Chruthuightheora, dá sporadh go h-uile le n-a ghaethibh
cealgacha chum gach peacadh do chur i ngníomh; maille
leis an gcois chum siubhail go saobh, an tsúil ag
feáchaint go claon, an lámh ag lot na comharsan, an
béal dá sír-ghearradh, an chluas ag cloisin na n-olc, an
tuigsin ag taisbeánadh na bpeacaidhe, an toil dá
ngrádhughadh. I n-aon fhocal, a dhearbhráithreacha, is tré
na céadfadhaibh ghluaiseas an peacadh agus is na baill,
tré oibriughadh an chroidhe, as ádhbhar cinneamhnach dóibh
amhail mar do-chímíd cruthuighthe 'san gcúigmhadh caibidil
déag de Naomh Matha i mbriathraibh Chríost féin: "As
an gcroidhe," ar sé, "do ghluaiseas agus do geintear
gach droch-smuaineamh, dún-mharbhadh, adhaltrannas, gad-
aidheacht, agus gach gné eile peacaidh (Matha xv.19).



Anois, a chríostaidhthe, ó's follas as a ndubhramar
gurab ins an gcroidhe do geintear agus do cothuighthear
an peacadh, nach fíor gur do'n chroidhe badh cheart gráin
agus fuath do bheith do'n pheacadh, ag comh-oibriughadh go
dícheallach le grása Dé, nár cheil riamh ar neach dár
chruthuigh, tré iomadamhlacht a thrócaire, chum aithrighe
fhírinneach do dhéanamh, maille le cathughadh agus doilgheas
tré fheirg do chur ar Dhia, cumhadh agus dobrón tré bheith
cionntach 'san bpeacadh, agus rún diongmhálta gan
tuitim ann go bráth.


L. 61


Seo iad na coinghill le n-a mbeirimid buadh ar ár
námhaid; seo iad na coinghill a threoruigheas sinn chum
ár gcríche déidheanaighe; fá dheoigh, adeirim, seo iad na
coinghill nach féidir linn a bheith againn gan toil an
chroidhe, de bhrígh gur ó'n gcroidhe thigeas an intinn agus
gur ó'n intinn meastar ár ngníomhartha. Óir ní fhuil
i n-ár dtroscadh, i n-ár n-urnaighthibh, agus i n-ár ndéirc
acht neimh-nídh i láthair Dé muna bhfuil ár gcroidhe
deighilte, scartha le gach taithneamh do'n pheacadh agus
dá ócáidíbh.



Seo mar mhínigh an naomh fáidh Ióel é tré oibriughadh
an Spioraid Naoimh, ag teagasc na droinge saobh-
chráibhthighe ins na briathraibh so-thuigse seo: "Scindite
corda vestraet non vestimenta vestra", dá chur i gcéill
dóibh gurab í iodhbairt an chroidhe amháin a bhíos taith-
neamhach i láthair Dé.



Ag seo, a chríostaidhthe, an teagasc badh chóir dhúinn-
ne a chur i n-oireamhain dúinn féin an tan mheasaimíd
gur leor faoistin iomshlán ár bpeacaidhe do dhéanamh
agus an breitheamhnas aithrighe do chúiteamh nó choimh-
líonadh. Óir cé go bhfuilid seo tábhachtach, folláin,
riachtanach má táid coimh-cheangailte le dólás agus le
dobrón inmheadhónach tré bheith cionntach 'san bpeacadh,
gidheadh, ní fhuil toradh ná tairbhe ionnta gan na coinghill
seo. Óir bíodh gur dhéin ár lámh, ár dteanga i n-aon
fhocal, ár mbaill go h-uile a leoir-dhícheall, níor tháinig
an croidhe leo ar mhodh nach bhfuilimíd ar shlighidh na fíor-
aithrighe, agus de bhrígh gurab é an croidhe do ghnídheas
peacthaigh dhínn, is do'n chroidhe badh cheart aithrighigh do
dhéanamh dhínn tré iodhbairt toilteanach do dhéanamh dá
chlaontaibh mí-riaghalta.



Acht dá ndéanaimís compráid idir an géar-aireachas
do ghnídheas an peacthach gan aon pheacadh do dhearmad i


L. 62


n-a fhaoistin leis an neamh-shuim do bhíos aige i n-a
chroidhe d'aistriughadh nó d'ath-nuadhchain, nach measfaimís
gurab é léar-nochtadh na bpeacaidhe amháin de láthair
an oide faoistine as riachtanach chum na fíor-aithrighe?
Ná measaimís, óir ní fhuil críostaidhe ar bith nach bhfuil
fhios aige nárbh é mian ár Slánuightheora, ag tionnscnaimh
na h-aithrighe chum na bpeacaidhe i n-ar thuiteamar tar
éis baistidh do léir-scrios, go mbadh leor ár bpeacaidhe
do chur síos do'n oide faoistine, maille le comharthaíbh
foir-imeallacha cathuighthe agus dobróin. Bun ós cionn
leis sin, tá fhios ag an uile chríostaidhe gurab é badh
mhian leis go gcuirfimís cogadh ar ár gcroidhe leis an
arm éifeachtach so do ceapadh dhúinn chum briseadh agus
scaoileadh do chur ar gach sconnsa agus daingean do
rinne ár námhaid, an peacadh, timcheall ár gcroidhe,
agus dá éis sin, a mbásughadh agus a dtreascairt go
h-uile ó thárla ar aon-láthair againn iad .i. ar mhachaire
réidh ár meabhrach.



Acht an gcuirimíd i ngníomh na meodhain seo do
thionnscain an Eagna shíorraidhe dhúinn chum suaimhnis
agus sláinte ár n-anmann? Ní chuirimíd, fáiríor!
Óir tré an ndaill-chiach atá ar ár dtuigse is leor linn
faoistin do dhéanamh gan gráin ná fuath do ghlacadh do'n
pheacadh; is leor linn mar chroidhe-bhrúghadh, cathughadh
agus dobrón do thaisbeánadh i n-ár n-aghaidh; measaimíd
gur leor an t-éigean do dhéanaimíd ar ár nádúr ag
foillsiughadh ár gcortha dár n-oide faoistine, mar
shásamh i n-ar bpeacaidhibh, agus chum maithfeachais
d'fhaghbháil dúinn.



Agus chum go mb'fheairrde do thuigfeadh sibh earráid
agus urchóid na smuainte seo féachaidh créad an dícheall
do rinne Saul ar fhearg Dé do mhaolughadh, do thuill sé
tré gan an aithne do chuir Sé air do choimh-líonadh an tan


L. 63


do bhí i gcogadh le muinntear Amalec, dá fhor-fhógradh
dhó iad uile do threascairt agus do dhíbirt. Níor choimh-
líon Saul an aithne acht do shábháil rígh na droinge
malluighthe seo. Uime sin, chuir Dia an fáidh bean-
nuighthe Samuel chuige. An uair do chonnaic Saul chuige
é, do ghlac imeagla mhór é agus d'admháil an choir do
rinne sé, ag rádh: "Pheacuigheas, a fháidh bheannuighthe, óir
do bhriseas an aithne do chuir Dia orm. Do labhrais
liom i n-a ainm agus do tharcuisnigheas do ghlór. Do
bhí eagla orm buaidhreamh do chur ar mo shluagh, agus ní
raibh eagla orm a chur ar Dhia, agus leis sin ní fiú
mé maithfeachas d'fhaghbháil."



Cia h-é an t-aithrigheach le n-a mb'fhéidir d'admháil
níos fearr agus níos ionnraice 'ná an rígh comhachtach
so? Acht créad an freagra do fuair sé? Tá, gur
labhair an fáidh leis, agus go ndubhairt sé leis imtheacht,
ag rádh: "An Dia seo ar ar chuiris fearg, do rug
buadh dhuit ar do námhaid, agus de bhrígh go bhfeiceann
sé gluaiseacht neimh-dhílis do chroidhe agus an intinn
mhalluighthe le n-ar dhéinis aithrighe, sé sin le rádh eagla
mío-chlú saoghalta d'fhaghbháil, ní dhéanfaidh Sé trócaire
ar bith ort."



Ag sin, a dhearbhráithreacha, sompla ró-uathbhásach ar
an aithrighe foir-imeallaigh nach dtigeann ó'n gcroidhe.



Féachaidh arís créad do dhéin an rígh oirdhearc Achab
chum maithfeachais d'fhaghbháil ins an gcoir i n-a raibh sé
cionntach. Do réab agus do strac tré iomadamhlacht a
dhoilghis an t-éadach ríoghdha do bhí uime, agus do chlúduigh
é féin le garbh-éadach róin; do chéas a cholann le tros-
cadh agus le tréadhanas. In aon fhocal do bhí a dhoilgheas
chomh mór soin i gcosamhlacht gur chuir sé iongantas éag-
samhail ar gach n-aon do chonnaic é. Do chorruigh sé Dia
féin tré an deagh-shompla do thug uaidh chum gan díoghaltas


L. 64


do dhéanamh air do láthair. Acht is é do rinne, do chuir
Sé ar ath-lá é de bhrígh go bhfaca sé an seasamh ain-rianta
do rinne croidhe an ríogh mhalluighthe seo ins an olc agus
nach raibh in gach nídh dá ndearna sé acht neimh-nídh agus
scáil gan tairbhe. Leis sin níor thug Sé dhó acht maith-
feachas aimseardha ag rádh: Non inducam malum in
diebus eius (III Ríogh.xxi.29), sé sin le rádh, "Ní
dhéanfad díoghaltas air ins an tsaoghal so, acht tar éis
bháis bainfead díoghal daor-dhálach de in gach mí-ghníomh
do rinne ar feadh a bheathadh."



Ó! a chríostaidhthe, ná fanaidh leis an mbreith
chruadh-dhálaigh so. Is fíor go bhfuil Dia lán de thrócaire
agus de thruaigh-mhéil ag síor-bhualadh dóirse bhur
gcroidhthe 'ghá iarraidh oraibh a n-oscailt dó chum seilbh
do ghlacadh agus buan-chomhnaidhe do dhéanamh ionnta.
Agus mara n-éistidh sibh leis anois i n-uain cheannsa,
thruaigh-mhéiligh, bidhidh deimhnightheach go gcaithfidh sibh
éisteacht leis i n-am eile .i. i n-am bhur mbáis, adeirim,
'n-a leomhan fheargach dhíoghaltasach ag baint léar-chunn-
tais díbh i nbhur ngníomharthaibh do réir riaghalach a chirt
do-chuimsighthe, agus ag roinn le gach n-aon do réir a
bheathadh agus a oibreach.



Ná measaidh go gcuirfidh bhur n-urnaighthe, bhur
ndéirc, ná bhur ndeagh-oibreacha fearg agus díoghaltas
Dé ar gcúl gan aontughadh agus aistriughadh an chroidhe.
Do b'fhéidir go ndéarfadh sibh liom gur féidir libh seo
go léir do dhéanamh ar am bhur mbáis, agus ar an ádhbhar
soin nach gcuirfidh sibh go fóill srian le n-bhur n-ain-
mhiantaibh? Acht mo fhreagra oraibh gur díth-chéillidhe an
dóchas é, bíodh go mb'fhéidir a thuitim amach, óir tá sé
contabharthach de bhrígh go bhfuil bhur náimhde go h-uile
.i. an diabhal, an saoghal, agus an cholann ag déanamh
díchill chum buadh do bhreith ar bhur dtuigse, agus a


L. 65


thoirmeasc oraibh aithrighe do dhéanamh, agus ar an ádhbhar
soin nach gnáthach an aithrighe déantar i n-am an bháis,
tairbheach. Poenitentia sera, raro vera.



Chum na fírinne seo do dheimhniughadh dhíbh, féachaimís
créad an dícheall do rinne Antiochus ar maithfeachas
d'fhaghbháil, do réir mar léighimíd 'san Scríbhinn Diadha.
An raibh peacthach riamh do rinne aithrighe níos puiblidhe
'ná a rinne sé? An raibh peacthach riamh ag a raibh rún
leoir-ghníomh do dhéanamh níos mó 'ná bhí aige? An raibh
peacthach le n-a mb'fhéidir fuath agus gráin do ghlacadh
do'n pheacadh ní badh mhó 'ná é? I n-aon fhocal, an raibh
peacthach riamh do rinne aithrighe do réir an uile chosamh-
lachta ní b'éifeachtaighe 'ná a rinne sé? Agus tar éis
seo uile ní fhuair sé maithfeachas ins an gcoir i n-a
raibh cionntach.



Do b'fhéidir go bhfiafróchadh sibh díom créad an fáth
nach bhfuair sé maithfeachas tar éis a ndearna sé?
Innsim díbh nach é a bheith ar leabaidh an bháis, nach aon
bhreith dhamanta do rugadh air sul ar thionnscain
aithrighe do dhéanamh, badh chúis dó gan maithfeachas
d'fhaghbháil acht an intinn mhalluighthe tré n-a ndearna
sé an aithrighe .i. le súil go saorfadh Dia é ó na
piantaibh tinnis i n-a raibh agus go bhfuigheadh tar n-ais
an tsláinte caillte tré iomadamhlacht a chortha agus a
dhroich-chleachttha.



Anois, a dhearbhráithreacha, ó chíonn sibh go soiléir
nach bhfuil maith ar bith i bhfaoistin, i dtroscadh, i
n-urnaighthibh, i ndéirc, ná i n-oibreachaibh na h-aithrighe
le chéile gan comh-oibriughadh an chroidhe, de bhrígh gur ó'n
gcroidhe thigeas an intinn, agus gurab é uireasbaidh
deigh-intinne badh chúis do Antiochus gan maithfeachas
d'fhaghbháil, déanaidh dícheall ag triall chum na h-aithrighe
dhíbh, bhur gcroidhthe do chur i gcomh-oibriughadh le nbhur


L. 66


mballaibh, de bhrígh nach bhfuil i gcumas neach 'san
domhan bheith deigh-dheimhnightheach an bhfuil sé ar stáid na
ngrás gan faoistin diadha, amhail mar chruthaigheas an
rígh eagnaidhe Solamh dhúinn: "Ní fhuil," ar sé, "fios
ag neach cia aca thuilleas sé fuath nó grádh," agus is
mór an sonas dó é ar an ádhbhar an feadh atá sé
ainbhfiosach ar an gcoingheall i n-a bhfuil go mbéidh
crith-eagla air.



Dearbhann an rígh céadna dhúinn gur beannuighthe an
drong ar a mbíonn crith-eagla de ghnáth. "Óir," ar sé,
"is í threoruigheas ár n-anmanna go cuan a sábhála,
tré stoirm agus fhairrge chraosmhair chontabharthaigh an
tsaoghail seo; is í an shábhálas sinn ar loing-bhriseadh
do dhéanamh ar cheachtar de'n dá charraig as baoghalaighe
ar domhan .i. an-dóchas agus éadóchas; is í a chongbhas
sinn ins an tslighidh dhírigh chum ár gcríche déidheanaighe do
shealbhughadh; fá dheoigh, is í an eagla seo a chuireas
d'fhiachaibh orainn gnáith-chleachtadh do dhéanamh de gach
meodhan agus de gach slighidh éifeachtaigh chum ár
n-aithrighe do dhéanamh socharach. Acht ní fuláir díbh
féachaint go grinn an bhfuil an eagla so measardha,
agus chum so do dhéanamh tugaidh aire an bhfuil bhur
n-aithrighe ó chroidhe, agus má tá, féachaidh an bhfuil ó
iomshlán bhur gcroidhe, nídh ar ar gheallas trácht 'san
dara roinn dem' chomhrádh.



An Dara Roinn.
Is í an Eagna chéadna do thionnscain an aithrighe
mar mheodhan éifeachtach chum buadh do bhreith ar an bpea-
cadh agus ar ár gclaontaibh tar éis baistidh, a innseas
dúinn i n-iomad d'áitibh de'n Scríbhinn Diadha gur Dia
éadmhar é, agus nach maith leis éinne do bheith rann-


L. 67


pháirteach leis i n-ár gcumann ná i n-ár ngrádh, agus,
dá bhrígh sin, nach fuláir dúinn iompódh air le h-iomshlán
ár gcroidhe, amhail mar adeir sé i mbéal an fháigh Iere-
mias: "Loirgfidh sibh mé, agus do gheobhaidh sibh amach
mé, an uair do thriallfaidh sibh orm le h-iomshlán bhur
gcroidhe." An féidir le nídh ar domhan a bheith níos
cirte 'ná so atá ár Slánuightheoir beannuighthe dá iar-
raidh orainn? Ní féidir, óir, mar as mian linn go
maithfeadh ár Slánuightheoir dhúinn ó iomshlán a chroidhe,
nach ceart dúinn aithrighe do dhéanamh, maithfeachas d'iar-
raidh, agus iompódh air le h-iomshlán ár gcroidhe, de
bhrígh gurab é amháin do chídheas na smuainte as uaignighe
agus as iar-gcúlta do bhíos i n-ár gcroidhe?



Óir créad an t-eidir-dhealughadh atá idir an maith-
feachas do-bheir Dia dhúinn agus an maithfeachas do-
gheibhmíd ó neach ar a gcuirimíd fearg ar an saoghal
so? "Tá," ar Tertullianus, "nach beag leis an té
ar a gcuirimíd fearg go dtaisbeánfaimís cathughadh i
n-ár n-aghaidh go n-admhóchaimís ár gcoir, go mbéimís
ullamh chum sásaimh, agus leoir-ghníomha do thabhairt dó,
chum maithfeachais d'fhaghbháil uaidh, ar a shon nach bhfuil a
fhios aige nach bhfuil ár gcroidhe ins an am chéadna
bruaich-líonta de mhioscais agus de dhíoghaltas. Gidheadh,
cuirimíd i gcás go bhfeicfeadh sé an croidhe mar aon le
gluaiseacht na mball, nach fíor nach maithfeadh do'n té
do chuir fearg air, mara bhfeicfeadh sé a chroidhe ag comh-
oibriughadh le n-a chéadfadhaibh chum cáis agus doilghis
fhírinnigh tré gach masla, gach mío-chlú agus gach díoghbháil
dá ndearna dhó, maille le rún diongmhálta sásamh agus
leoir-ghníomh do dhéanamh ionnta? Ní mhaithfeadh ar aon
chor, agus, dá bhrígh sin, a dhearbhráithreacha, bidhidh deimh-
nightheach, an Dia seo, ar nach féidir éinnidh do cheilt, ar
ar chuireabhar fearg tré iomadamhlacht bhur bpeacaidhe,


L. 68


bidhidh deimhnightheach, adeirim, nach mbéidh sé sásta le nbhur
gcathughadh fhoir-imeallach. Féachfaidh sé go glinn ar na
smuaintibh as sia isteach i n-bhur gcroidhe, agus ní mhaithfidh
sé dhíbh acht do réir mar a chídhfeas dílis dó iad. Re-
propitiaberis .. sicut videris cor eius (III.Ríogh.viii.39).



Leis sin, a chríostaidhthe, badh cheart díbh bhur gcroidhe
go h-iomshlán do spreagadh agus do ghríosadh, le cong-
namh na ngrás atá Dia ag tairgsint díbh go laetheamhail,
chum fuath fírinneach do ghlacadh, ní h-é amháin do'n phea-
cadh, acht fós, do gach siocair nó ócáid pheacaidh, agus
géar-aireachas do dhéanamh ar gach peacadh i n-a bhfuil
sibh cionntach do thabhairt ar aon-láthair .i. ar mhachaire
na meabhrach, agus troid go cródha 'n-a n-aghaidh, dá
dtreascairt go h-uile le gaethibh bríoghmhara, neart-
mhara an chroidhe. Óir is iad na peacaidhe na h-Amale-
citae malluighthe a chomhnuidheas 'n-ár measc le n-a
bhfuilimíd i gcogadh amhail mar do bhí Saul, agus tá
aithne bhith-chinnte Dé orainn, fá mar bhí ar Shaul, léir-
scrios agus iodhbairt iomshlán do dhéanamh díobh.



Acht má dhéanaimíd aithris ar an rígh dhíth-chéillidhe seo,
do ghlac truaigh-mhéil do rígh na droinge malluighthe sin
tré eadar-ghuidhe a mhuinntire, agus go mbrisfimís an
aithne do chuir Dia orainn, is fíor nach bhfuilimíd 'n-ár
searbhfhóghantaidhthibh dílse dhó, de bhrígh nach bhfuilimíd
'nár náimhdibh ag a námhaid; agus ar an ádhbhar so is
baoghalach liom go mbéidh ár maithfeachas mar do bhí
maithfeachas Shaul gan sochar, gan tairbhe.



Créad fáth 'n-a dtángabhar ar an saoghal so? An
ndéanaimíd dearmad de'n teachtaireacht le n-ar
cuireadh sinn? Tá, a dhearbhráithreacha, chum eolais
d'fhaghbháil ar Dhia, chum grádha do thabhairt dó ós cionn
an uile nídh, agus chum a réire agus a thoile do dhéanamh
go fírinneach ó chroidhe.


L. 69


Is de dhíth smuainte go dúthrachtach agus go minic ar
dhíomhaoineas agus ar dhíombuaine an tsaoghail seo, ar
an mbás, ar an mbreitheamhnas, ar neamh, agus ar
ifrionn do-bheirimíd do rogha aoibhneas agus saidhbhreas
na beathadh so, seach dícheall do dhéanamh ó iomshlán ár
gcroidhe an saidhbhreas síorraidhe do shaothrughadh dhúinn
féin le congnamh na ngrás; is de dhíth smuainte go
laetheamhail agus dáiríribh ar rúin-diamhair ár bhfuas-
galta .i. ar ion-cholnadh, beathaidh, bás, páis, eiséirghe
ghlórmhar, agus deas-ghabháil chaithréimigh ár Slánuigh-
theora Íosa Críost do ghlacaimíd an oiread soin saothair
orainn ar son na beathadh truaillighthe seo, agus nach
mór go smuainimíd amháin ar nídh ar bith do dhéanamh
mar gheall ar an Té do chruthuigh agus do cheannuigh sinn
ag fulang báis scannalaigh na croise ar ár son.



Is de dhíth smuainte mar badh chuibhe ar a mhór-
thrócaire agus ar a ghéir-bhreitheamhnas nach gcoisceann
a ghrádh nó eagla sinn ar fhearg do chur air. Is de dhíth
a thabhairt fá deara go dícheallach agus go minic nach
tábhacht ná tairbhe dhúinn cosc do chuir ar chuid d'ár
gclaontaibh muna ndéanfam dícheall ar buadh do bhreith
orra go h-uile. Ní leor dhúinn, ar triall chum na
h-aithrighe, sinn féin do chosc ar bheith uaibhreach, easur-
ramach, cé go bhfuilimíd 'san am gcéadna drúiseamhail,
bruigheanach, cúl-chainnteach, craosach, cruadh-chroidheach
le bochtaibh, éagcórach, mío-choingheallach dár gcomharsain.



Is de dhíth a mheas go minic agus go suaimhneach go
bhfuil coingheall do-scaoilte orainn uile Dia do
ghrádhughadh ó iomshlán ár gcroidhe, agus ós cionn an uile
nídh agus ár gcomharsa mar sinn féin ar son Dé,
aitheanta agus dualgas ár ngairme do choimh-líonadh, a
ghrása d'iarraidh go h-úir-íseal agus de shíor, de bhrígh
nach féidir linn aon choiscéim amháin do dhéanamh chum


L. 70


Ríoghacht Neimhe gan iad, labhairt leis le h-iomshlán ár
gcroidhe, agus éisteacht leis go h-aireach, dúthrachtach an
tan do-ghní sé d'onóir dhúinn labhairt le n-ár gcroidhe.



Is de dhíth, adeirim, an ponc mór-thábhachtach so dár
gcreideamh do bhreathnughadh, agus do mheabhrughadh go
dúthrachtach agus go líonmhar i n-ár gcroidhe atáid óg
agus ársa, bocht agus saidhbhir, íseal agus uasal, i
n-aon fhocal, an chuid as mó de'n chineadh daonda i ngrádh
leis an saoghal bhréagach chúl-chainnteach so, tugtha dá
n-ainmhiantaibh, sloigthe, báidhte i n-ainbhfios agus i
bpeacadh. Seo iad do chuireas toirmeasc orainn an aith-
righe do dhéanamh mar as cuibhe de bhrígh nach fuláir, chum
aithrighe chríostamhail do dhéanamh, fuath do ghlacadh do'n
pheacadh; gidheadh, is é uair do ghlacaimíd fuath dár
gclaontaibh an uair nach féidir linn a gcleachtadh ní badh
shia, nó an uair as féidir linn a gcleachtadh acht go
nglacaimíd fuath agus gráin dóibh le dúil tuitim i
nuadh-chlaontaibh. Acht ní smuainimíd ar ghráin ná fuath
do ghlacadh dhóibh chionn fearg do chur ar Dhia.



Acht chum go mb'fheairrde do thiocfadh liom an daille
seo do chur i gcéill díbh, agus bhur dtuigse do shoillsiu-
ghadh chum na h-aithrighe do dhéanamh ó chroidhe, taisbeán-
faidh mé dhíbh go soiléir nach leor dhúinn fuath do bheith
againn do na corthaibh i n-a bhfuilimid cionntach, acht fós,
nach fuláir dhúinn cás agus doilgheas do bheith orainn tré
fheirg do chur ar Dhia.



Óir féachaidh créad an tuirse agus an dobrón do bhí
ar Ésau an uair dhíol le n-a dhearbhráthair, Iacób, a
cheart oighreachta ar mhéis bhídh dheagh-bhlasta chum a
chraois do shásughadh. Féachaidh créad an gol agus an
sileadh deor do rinne sé cé nach raibh maitheas dó ann
de bhrígh nach raibh suim aige ins an bhfeirg do chuir ar
Dhia; mar do b'é badh chúis bróin dó an saidhbhreas sao-


L. 71


ghalta do chaill sé tré dhíol a oighreachta, agus dó bhí an
t-am céadna mian aige a dhearbhráthair do mharbhadh ag
rádh i gcumas árd: Occidam Jacob fratrem meum,
"Marbhóchad Iacób mo dhearbhráthair" (Gen.xvii.41).
"Agus uime sin," ar Naomh Pól "ní raibh tairbhe dhó i
ngach árd-chaoi dá ndearna sé, agus ní fhuair maithfea-
chas ins an gcoir i n-a raibh cionntach ó Dhia ná fós, ó
n-a athair féin Isaac de bhrígh nach raibh dúil aige scara-
mhain leis an bpeacadh, et non invenit poenitentia locum
(Eabh.xii.17).



Déanaidh machtnamh, a chríostaidhthe, ar an gcruaidh-
bhreith seo a rugadh ar Ésau tré chomhnuidhe 'san bpea-
cadh; cruaidh-bhreith, adeirim, de bhrígh nach bhfuair maith-
feachas tar éis gach díchill dá ndearna sé chum aithrighe
do dhéanamh, cruaidh-bhreith do thuill a intinn mhalluighthe
féin dó de bhrígh nach raibh cás ná buaidhirt air tré fhearg
do chur ar Dhia acht tré an maitheas saoghalta do chaill
sé. Seo an nídh badh chúis dá aithrighe gan a bheith tair-
bheach. Ar an ádhbhar soin, féachaidh go h-aireach, dúthrach-
tach an bhfuiltí cionntach 'san bpeacadh, agus má's dóigh
libh go bhfuiltí, tionnscnaidh gan moill aithrighe do dhéa-
namh, glacaidh fuath agus gráin do'n pheacadh, bidhidh doil-
gheasach, croidhe-bhrúighte tré fhearg do chur ar Dhia, bíodh
rún diongmhálta agaibh gan tuitim ann arís.



Seo an modh ar a seachnóchaidh sibh an charraig
mhalluighthe ar a ndearna Ésau loing-bhriseadh. Seo í
an aithrighe a chorróchaidh Íosa Críost chum bhur bpeacaidhe
do mhaitheamh dhíbh, ag rádh libh mar a dubhairt leis an
mnaoi do bhí cionntach i n-adhaltrannas: "Imthighidh, tá
bhur bpeacaidhe maithte libh, agus déanaidh dícheall as so
suas gan bheith cionntach i bpeacadh": Vade et iam
amplius noli peccare (Eoin viii.11). Acht chum go
ndéanfaimíd ollmhughadh orainn féin mar as dual chum


L. 72


na h-absolóide seo ár Slánuightheora bheannuighthe
d'fhaghbháil go foir-líonta, ní fuláir dhúinn fuath do bheith
againn do'n pheacadh ós cionn an uile nídh le n-a
mb'fhéidir buaidhirt agus doilgheas do chur orainn ar an
saoghal so, ós cionn gach tarcuisne, ós cionn gach tinnis,
gach bochtaineachta, ós cionn gach uile nídh le n-a
mb'fhéidir díoghbháil do dhéanamh dhúinn i n-ár gclú
saoghalta, i n-ár saidhbhreas, i n-ár sláinte, fá dheoigh,
ós cionn ár saoghail nó ár mbeathadh. Óir atá aithne
chinnte orainn Dia do ghrádhughadh ós cionn an uile nídh,
aithne nach féidir linn a choimh-líonadh gan fuath do bheith
againn dá námhaid .i. an peacadh; mar a chímíd cruthuighthe
'san Scríbhinn Diadha: Non potestis Deo servire et
mammonae (Matha vi.24; Lúcás xvi.13). Agus ó tá sé
dearbhtha nach féidir linn bheith 'n-ár sclábhuidhthibh ag an
bpeacadh, agus 'san am gcéadna 'nár searbhfhóghantaidh-
thibh dílse do Dhia, cionnas as féidir linn maithfeachas
d'iarraidh air ná d'fhaghbháil uaidh muna mbrisfimíd
gach slabhradh agus gach ceangal atá ag an bpeacadh
orainn, agus muna dtugaimíd fá deara créad méid na
feirge a chuireas ar Dhia? Ar an ádhbhar so, a dhearbh-
ráithreacha, gach am i n-a mbéidh ár gcroidhe fuar, neamh-
shuimeamhail ag triall chum na h-aithrighe, gach am 'n-a
mbéidh eagla orainn roimh gach leoir-ghníomh, troscadh,
déirc, agus urnaighthe atá d'ualach orainn a dhéanamh
tar éis faoistine, gach am i n-ar dóigh linn gur leor
dhúinn ár bpeacaidhe d'innsin d'ár n-oide-faoistine, a's
gan smuaineamh ar na coinghillibh eile atá riachtanach
chum na h-aithrighe, bímís deimhnightheach nach cathughadh ná
doilgheas chionn feirge do chur ar Dhia d'oibrigheas sinn
chum na h-aithrighe.



Acht do b'fhéidir go bhfiafróchadh sibh díom cionnas as
féidir gach peacadh agus gach siocair pheacaidh do sheachnadh


L. 73


an feadh do bhímíd ar an saoghal so? Ó! a chríos-
taidhthe an dóigh nach féidir a seachnadh? Má's dóigh libh
nach féidir, is iongantach an earráid í, earráid, adei-
rim, do mhúchas agus do bhásuigheas go h-iomshlán ár
gcreideamh. De bhrígh, an feadh béidh ár n-anam coimh-
cheangailte le n-ár gcolainn, go bhfuilimíd ar an
slighidh chum ár gcríche, agus go dtaisbeánann ár gcrei-
deamh dhúinn nach tugthar breith sábhálta ná damanta ar
neach nó go dtig sé chúm a chríche; ar an ádhbhar soin go
bhfuil sé ar chumas do gach n-aon aithrighe fhírinneach do
dhéanamh.



Do b'fhéidir go ndéarfadh sibh liom go bhfuil sé ró-
chruadhálach, ró-dhocamhlach. Ó! a chríostaidhthe, dá
mb'féidir a bheith míle uair ní badh chruadhálaighe, ní
fuláir dúinn buadh do bhreith air, nó táimíd uile da-
manta go síorraidhe. Is deimhin go bhfuil sé cruadhálach,
acht do bhéarfadh Dia congnamh dhíbh agus geallaim díbh,
má thriallann sibh air go fírinneach aon choiscéim
amháin, go dtreoróchaidh sibh ins gach uile choiscéim as
soin amach de bhrígh gur mian leis bríoghmhaireacht
agus neartmhaireacht a ghrás do shoillsiughadh ionaibh.
Tá sé cruadhálach, gan amhras, gach uile pheacadh agus
gach uile ócáid pheacaidh do sheachnadh ar an saoghal
so. Agus créad an t-ádhbhar nach mbéadh? An féi-
dir crann do tharraing as a phréamhachaibh gan duadh
agus trioblóid? Nó an féidir duine do leigheas ó
lobhair neimheamhail gan pionós d'fhulang?



Ar an modh gcéadna, ní féidir le duine bheith 'n-a
aithrigheach, muna ndéanfadh sé iodhbairt toilteanach
dá chlaontaibh go h-uile. Ní féidir seo do dhéanamh
gan duadh agus éigean. Tá sé cruadhálach, acht dá
meadhfadh sibh go comhthrom an chruadháil seo leis an
bpionós atá i n-áirithe agaibh tré bhur mbuain-tseasamh


L. 74


'san bpeacadh, do-chífeadh sibh nach bhfulaingeann
sibh acht neimh-nídh i gcomh-móradh leis an gceann-
tréine seo. Leis sin, beiridh buadh orra aon uair
amháin, agus chífidh sibh créad iomadamhlacht bhur sóláis
agus bhur suaimhnis aigne; chífidh sibh bhur gcolann fá
ghéar-smacht na spioraide nó anma agus bhur gcroidhe
go h-iomshlán ag comh-oibriughadh libh chum na h-aithrighe
agus ag feitheamh go luathgháireach le h-am an bháis;
chífidh sibh mar a chothóchaidh agus mar a neartóchaidh
Dia sibh chum na h-aithrighe, mar a milseochas díbh gach
duadh agus deacamhail atá i n-a déanamh le bríoghmhai-
reacht a ghrása beannuighthe.



Leis sin, a dhearbhráithreacha, tionnscnaidh i n-am
ar aithrighe do dhéanamh. Abraidh mar a dubhairt an
mac rabairneach: Surgam, "Éireochaidh," agus cor-
ruighidh bhur n-intinn chum oibre ag rádh: et ibo, "agus
rachad." Éireochaimíd as an marbh-shuan i n-a bhfuili-
míd agus rachaimíd. Acht cia go dtí n-a rachaimíd?
Go dtí ár nDia - ní go dtí Dia mío-chúiseach, díoghal-
taiseach acht go dtí Dia grádhmhar atá mar athair ag
feitheamh linn. Surgam et ibo ad patrem (Lúcás xv.
18).



Acht créad a dhéanfam dá láthair? Nó créad a
déarfam leis? Tá, go dteilgfimíd sinn féin ag a
chosaibh, agus go n-ionnalfam iad le h-iomad deor,
agus go ndéarfam leis: "A Athair ghrádhmhair, do
pheacuigheamar i d'aghaidh," Pater peccavimus (Lúcás
xv.21).



A Thighearna, táimíd caillte gan gairm tar n-ais
do riaghladh do chirte. Acht tá ár muinighin in do thróc-
aire, agus in do gheallamhnaibh neimh-mheallta.



Dubhrais agus do gheallais dúinn nach gcuimhneochthá
ar chorthaibh an pheacthaigh an tan d'admhálfadh iad, go


L. 75


n-iompóchthá air an uair d'iompóchadh ort le h-iomshlán
a chroidhe.



A Thighearna, seo sinn-ne anois ollamh chum trialla
ort; glac linn anois, a Chruthuightheoir bheannuighthe,
tabhair dhúinn go ceannsa an absolóid bheannuighthe le
n-a maithfear ár gcortha agus ár gclaonta dhúinn, le
n-a neartóchthar ár ndóchas as so suas, le n-a
dtreoróchaidh tú, fá dheoigh, sinn chum na beathadh
síorraidhe do cheapais dúinn, nídh atáim ag iarraidh
díbh-se agus dom féin.



I-n Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid
Naoimh. Amen.


L. 97


B 1817ls 19T



Seanmóir a Sé.



Grádh na comharsan.
(Do'n dara Domhnach de'n Charghaos.)
Scitis enim quae praecepta dederim vobis per Dominum Iesum.
Óir is fiosach díbh na h-aitheanta do thugas díbh tríd an Tighearna Íosa
Críost. 1 Thes.iv.2.
Do-bheir an t-abstal Naomh Pól le tuigsin do na
Thessalonicenses agus 'na n-ainm-sin do'n domhan
uile, ag saoir-leanmhain an tSoisgéil réamh-ráidhte gur
de na príomh-aitheantaibh thug sé dhóibh ar fhurálamh a
Thighearna, Íosa Críost, an grádh comh-cháirdeach do
cheangail orra a bheith aca dá chéile; óir tá sé d'ualach
orainn gan eidir-dhealbhadh a dhéanamh idir charaid agus
námhaid, acht gach n-aon do ghrádhughadh go fírinneach, bíodh
gurab é an námhaid as fíochmhaire é; agus fós, gach
masla agus éigceart i n-a raibh sé cionntach i n-ár
n-aghaidh do mhaitheamh dó ó chroidhe. Is ar an árd-aithne
cruaidh seo as mian liom trácht i dteagasg an lae indiu
le h-ughdarás ár dTighearna Íosa Críost; cruaidh-aithne
adeirim, óir tá iliomad amadán ar an saoghal coimh-
cheannda leis an ndroing ar ar thrácht Naomh Jerome,
ag míniughadh nó ag cur gluaise ar Shoisgéal Naomh
Matha, adeir go gcuireas Dia aithne dhoi-dhéanta orainn
an tan d'órduigheas dúinn, ní h-é amháin gan díoghaltas
do dhéanamh ar ár náimhdibh, acht maith do dhéanamh dóibh


L. 98


agus a ngrádhughadh go fírinneach. Gidheadh, chum na
dia-mhasluightheoirí truaillighthe seo do chlaochlódh dhíbh
déanfad dícheall ar a thaisbeánadh dhíbh go h-athchomair
nach é amháin nach bhfuil grádh do thabhairt d'ár náimhdibh
agus maith do dhéanamh dóibh i n-aghaidh gach uile do rinne-
adar orainn doi-dhéanta ionnta féin, iar n-a dtráchtadh
ins an chéad roinn dem' chomhrádh, acht fós, go bhfuilid
siad ceart, céillidhe, riachtanach, iar n-a dtráchtadh 'san
dara roinn.



An Chéad Roinn.
Chum a chruthughadh dhíbh, a dhearbhráithreacha, soi-dhéan-
tacht na neithe d'órduigheas Dia dhúinn .i. grádh do
thabhairt d'ár náimhdibh agus maitheamh dóibh, ní féidir liom
fiadhnaise níos fearr do thabhairt díbh ar an nídh seo 'ná
aithne bhith-chinnte Dé féin; de bhrígh go bhfuil sé uile-
cheart, ní féidir leis dlighe mí-cheart do chumadh ná do
chur i bhfeidhm orainn. Agus an uair nach bhfuil aithne
'san Sgríbhinn Diadha as soiléire agus as so-thuigse
'ná an aithne ar a dtráchtaim, is follus go bhfuil sé
d'ualach ar gach n-aon a coimh-líonadh. Tá an aithne seo
chomh so-thuisge sin, adeirim, nár aontuigh Dia míniughadh
ar bith do dhéanamh uirre, bíodh nár órduigh sé aithne do
choimeád chomh minic léithe, mar is follus ins an 23
caibidil i n-Exodus, mar a n-abair sé, "Má theang-
mhálair le bó do chomharsan, cuir ar faghbháil í, má
theangmhálair le h-asal an té thug masla dhuit, ar lár
nó treasgartha fá'n ualach, déan fuireach agus tóg é";
agus ins an 25 caibidil de Leabhar na Sean-fhocal,
"Má bhíonn ocras ar do námhaid, tabhair biadh dhó, má
bhíos tart air, tabhair deoch dhó." Ní chríochnuigheas an
Eagna Shíorraidhe le gach deagh-airm do thug uaidh ins an


L. 99


tsean-reacht ar an bponc so, acht adeir fós, Íosa
Críost linn ins an nuaidh-reacht: "Cloistí," ar sé,
"gur cóir do dhuine a chara do ghrádhughadh agus fuath do
bheith aige dá námhaid. Gidheadh, innsim díbh nach fuláir
díbh bhur náimhde do ghrádhughadh, maith do dhéanamh do'n
mhuinntir a bhfuil fuath aca oraibh agus guidhe ar lucht
géir-leanamhna agus buaidheartha do chur oraibh; óir muna
dtugann sibh grádh acht do'n mhuinntir do-bheir grádh dhíbh
créad an dualgas do thuilleann sibh? Nach ndéinid na
puibliocánaigh féin amhlaidh sin? Muna mbeannuigh-
eann sibh acht do bhur gcáirdibh agus do bhur ndaoinibh
muinnteardha, créad an nídh eile do-ghnídh sibh? Nach
ndéinid na díth-chreidmhighe mar an gcéadna"? (Matha
v.43-47). Ní leor leis sinn do dhéanamh maitheasa
dár n-eascáirdibh, acht fós, is toil leis go ndíbreocha-
maois gach fuath agus miosgais as ár gcroidhe, chum a líonadh
le fíor-theasuigheacht grádha. Ag seo mar thug Slán-
uightheoir an domhain an grádh neamh-choitcheann so an
námhad mar chomhartha chinnte do na deisgiobail, chum
eidir-dhealbhadh a dhéanamh idir iad féin agus gach droing
eile de'n chineadh daonna; agus 'na dhiaidh sin, chum iad
d'árdughadh i gcaithréim chomh mór sin go mbéidis i
gcuibhe éigin cosamhlach le Dia féin agus 'na gclainn
toghtha ag an Athair Síorraidhe. Agus chum go gcuirfidís
na subhailcí luachmhara seo i ngníomh do choimh-cheangail
orra le bagartha .i. go maithfeadh féin do gach n-aon do
mhaithfeadh go fírinneach; ag bagairt go ndaorfadh gan
truaigh-mhéil gach n-aon nach mbéadh trócaireach ar a
chomharsain. Ag seo an nídh do chímid cruthaighthe i
n-iliomad áiteann de'n reacht nuadh go sonnradhach 'san
phaidir i n-a bhfuil i mbeagán focal suim gach nídh badh
chóir dhúinn d'iarraidh. Ní ghuidheamaoid maitheamh dúinn
acht mar mhaitheamaoid do chách. Is uime sin d'fhiafruigh


L. 100


prionnsa na n-abstal de'n Tighearna cá mhéid uair do
mhaithfeadh do'n chomharsain, nó an maithfeadh seacht
n-uaire dhó. d'fhreagair Críost é ag rádh nach seacht
n-uaire d'órdaigh do mhaitheamh acht seacht n-uaire fá
seacht, 'sé sin le rádh, do shíor, agus do thug an sompla
so uaidh. "Do bhí," ar sé, "rígh áirithe ag a raibh
mórán gabháltuidhthe, nó feadhmannaigh le n-ar mian
leis cunntas a dhéanamh. Ar dtúis, tugadh dá láthair
aon díobh, do dligheadh míle talaint dó .i. suim mhór
óir, agus d'innseadar a lucht friotháilte do'n rígh nach
raibh nídh ar bith ag an bhfear so le tabhairt dó: uime
sin d'órdaigh an rígh é féin, a bhean, agus a chlann do
dhíol mar shásadh i n-a fhiacha. An tan do chualaidh an
duine dona breith an ríogh teilgeas é féin i n-a fhiadh-
naise ag iarraidh air go díoghraiseach beagán aimsire
do thabhairt dó agus ndíolfadh go h-iomshlán é. Nuair
do chonnaic an rígh an t-éagcruth i n-a raibh do chorruigh
a chroidhe le truaigh-mhéil dó ionnas nach é amháin go
dtug aimsir dó mar d'iarr air, acht gur mhaith na fiacha
go h-iomshlán dó. Leis sin gluaiseas go luathgháireach,
agus iar n-imtheacht dó do casadh air fíor-bhochtán, ar a
raibh beagán fiacha aige. Ritheas chuige agus adubhairt
leis a ndíol gan fuireach. Éigheas an duine bocht agus
iarr air trócaire a dhéanamh air, ag móidiughadh go
ndíolfadh i mbeagán aimsire iad, acht níorbh áil leis
an bhfeitheamh mío-thruaigh-mhéileach sin, acht beireas air
agus cuibhrigheas i ngéibheann lán-daingean é. Iar
gclos na mío-thrócaire seo do'n rígh ghrásamhail réamh-
ráidhte do chuir teachta dá ghairm dá láthair, agus d'éis
easmailt ró-mhór do thabhairt dó tré n-a mhío-thrócaire
agus a mhío-thruaigh-mhéil dá dhearbhráthair bhocht, d'ór-
duigh a cheangal go docht, dochraidheach, agus a theilgean
gan mhoill i nduibheagán fíor-chumhang. Agus mar sin


L. 101


do dhéanfas m'Athair Síorraidhe libh-se," do rádh Críost,
ag cur críche ar a chomhrádh. Leis sin, a dhearbhráith-
reacha, muna maithfidh sibh ó chroidhe gach olc dá ndéanfar
oraibh, bidhidh deimhneach nach maithfidh an t-Athair
trócaireach aoin-nídh dhíbh.



Cum cruthughadh eile so-thuigse a thabhairt díbh ar
shoi-dhéantacht na neithe d'órduigheas Dia dhúinn, breac-
faidh mé dhíbh beagán de na somplaibh do-bheir ár Naomh-
Mháthair an Eaglais dúinn atá fíor-ghaolmhar le suim
mo chomhráidh. Agus ar dtúis, an sompla as éifeach-
taighe agus as corruighighe dhíobh .i. Íosa Críost, ár
dTighearna agus ár Slánuightheoir; féachamaoid créad
an cunntas do-bheir an ceathrar Naomh-shoisgeálaidhthe
air; do-chífimid nach raibh acht teagasg bioth-bhuan i n-a
bheathaidh ar talamh ar mhaitheamh dá náimhdibh, agus grádh
do thabhairt dóibh. Cá mhéid masla d'fhulaing sé ó'n
gcineadh daonna ar feadh a bheathadh? Cá liacht dia-
mhasladh tugadh do'n ainm bheannuighthe ion-adhartha? Cá
mhéid stair diablaidhe tionnsgnuigheadh chum a chlú do
laghdughadh? Fá dheoidh, cá mhéid ionnsuidhe eascáir-
deamhail thugadar na fairisínigh agus scríobhaightheoirí
an dlighe ar a threasgairt d'aon iarracht? Anois, a
dhearbhráithreacha, cionnas do rinne an Rígh uile-chomhach-
tach so díoghaltas ar an muinntir thug masla dhó? Ag
seo mar do rinne é, ag déanamh maitheasa do-chuimsighthe
do'n domhan, ag leigheas na n-éagcruaidh, ag aith-bheodh-
chain na marbh, agus ag líonadh na n-Iúdaigheach
díombuidheach le míorbhuiltíbh do-áirmhighthe a thrócaire
agus a chomhachta.



Gidheadh, dá mhéad agus dá éagsamhlacht an fhoighne
agus an charthannacht so, ní chuirid iongantas ar bith orm
an tráth smuainighim ar gach mí-ghníomh do rinneadh ar
feadh réime a pháise. An tan do-chím an Tighearna


L. 102


uile-chomhachtach, Árd-Mháighistir neimhe agus talmhan, an bhith
shíorraidhe, do riaghluigheas an chruinne le n-a sméideadh,
ag pógadh a dheisciobail do rinne feall air agus ag
gairm go ceannsa caraid de; an tan do chuimhnighim ar
an gcuradh chródha so ceangailte go dlúith do'n chrois,
d'éis a bhuailte agus a sgiúrsála ar mhodh nach rinneadh
leis an gcoirtheach as truaillighe bhí ar talamh riamh;
an tan do-chím arís an Slánuightheoir grádhmhar ag
cruinniughadh an laig-neirt do bhí aige an tráth sin, ag
tógbháil a shúl suas chum na bhflaitheas, ag árdughadh ar
a ghuth nach beag fann-mharbh, agus i n-aoinfheacht leis an
bputh ndéidheanach de'n anáil, ag déanamh éigin ar an
Athair Shíorraidhe, mar adeir na h-Aithreacha naomhtha,
chum maithfeachas iomshlán d'fhaghbháil do'n droing
malluighthe do chéas é ins an gcoir uathbhásaigh diablaidhe
i n-a rabhadar cionntach, agus ag cur grása neamh-
choitcheann i n-áirithe dhóibh; an tan, adeirim, do
smuainigheas neach ar bith ar na gníomharthaibh iongan-
tacha so an Tighearna, is dóigh liom d'aimhdheoin claonta
na colna agus lagachair ár nádúrtha truaillighthe go
mbéid lán de thaise agus de thruaigh-mhéil agus ullamh
chum maitheamh le deagh-chroidhe gach uilc agus mí-ghníomha
dá urchóidighe do b'fhéidir leis an námhaid as miosgaisighe
do dhéanamh air. Agus, go fírinneach, is croidhe iarainn
agus anam práis do bhéadh ag an té nach leanfadh an
sompla comh-shoillseach seo. Acht, a dhuine dhona ag a
bhfuil rún díoghaltais, créad as dóigh leat an tan
taisbeánfar duit an nídh rinne do Dhia, le linn dul
chum báis dó, leis an ndroing malluighthe do chéas é?
Créad an leith-sgéal do-bhéarfair uait i ndiúltughadh
maithfeachais do thabhairt dod' dhearbhráthair? Do
b'fhéidir go ndéarfadh tú gur le méid an uilc do rinne
sé ort. Gidheadh, fiafraighim dhíot, ar cheangail sé go


L. 103


dlúith do'n chrois tú? Cá bhfuil an choróin spíne nó
deilgneach do chuir sé ar do cheann? Cá bhfuil na
tairngní chuir go daingean tré do chosaibh agus tré do
lámhaibh? Cá bhfuil na seilidhe do chaith i d'éadan. Má
deirir gur Dia Críost, agus dá bhrígh sin, gur féidir
leis gach nídh as toil leis do dhéanamh, agus dá réir sin,
nach raibh sé chomh deacamhlach aige maitheamh dá náimhdibh
a's atá againn-ne, mo fhreagra ort, gur Dia fírinneach
gan amhras Críost, gidheadh, gur ab é rádh na ndiadhairí
go h-iomshlán, agus fós, gur ab ponc dár gcreideamh
é nár fhulaing ár Slánuightheoir acht an mhéid i
n-ar dhuine é, 'sé sin le rádh, gur ab í a dhaonnacht go
h-aonracánach le congnamh foir-neartmhar grás do
chríochnuigh an cath uathbhásach so na croise, bíodh gur i
leith a dhiadhachta cuirthear luach a pháise agus a oibreach;
agus fós gur fírinne dho-chlaoidhte de'n chreideamh
chéadna gur fhulaing agus go bhfuair bás ar ár son ar
mhodh go bhfuil sé deimhneach go mb'fhéidir le gach uile
dhuine tré chongnamh an Spioraid Naoimh maitheamh go
h-iomshlán dá náimhdibh, agus an aithne seo grádha na
comharsan do choimh-líonadh go fírinneach.



Acht chum nach mbéadh leith-sgéal ar bith agaibh, a
chríostaidhthe ins an bponc so, do b'fhéidir liom na
mílte sompla thabhairt díbh ar dhaoine laga so-mharbhthacha
mar sinn féin do mhaith iliomad de chorthaibh as éagsamh-
laighe ar a mb'fhéidir smuaineamh agus thug comharthaí
neimh-mheallta ar ghrádh fírinneach do bheith aca dá
náimhdibh; acht de bhrígh go bhfuilim dearbhtha nach beag
cuid díobh chum duine ar bith ag a bhfuil mian a anam
do shábháil do chorruighe agus do spreagadh chum na mór-
aithne seo do choimh-líonadh, ní áirmheochad acht fíor-
bheagán díobh.



Aon ró-oirdhearc díobh, an grádh síoth-bhuan do


L. 104


chosnaimh Dáibhídh an rígh d'athair a chéile Saul. Cá
liacht am agus ionad i n-ar mheas an rígh malluighthe
seo caraid Dé do threasgairt. Gidheadh, Dia bhíos do
shíor ag faire ar a dhroing toghtha, níor fhulaing a
neimh-chionntacht do thuitim i líon a námhad; agus Dáibhídh
i bhfad ó bheith i gcomhachtaibh an eachtrannaigh seo, do chuir
Dia eisean go minic i gcomhachtaibh Dháibhídh. Acht ní h-é
amháin nach rinne Dáibhídh díoghaltas air, acht fós, do
chosnaimh grádh síoth-bhuan dó, ionnas an té dhá armáil
féin do mhaoidhigh gur leis do thuit Saul d'éis báis a
dheigh-mhic Ionathan i dtúis an tsluaigh 'sa' gcath, i
n-ionad luach-saothair do thabhairt dó, gur chuir d'fhiachaibh
a mharbhadh dá láthair. Is tríd sin agus gach deagh-rún
eile dá raibh aige badh thoil le Dia fear do réir a
chroidhe féin do ghairm de, gairm nach bhfuair aon rígh
roimhe ná d'á éis i n-Israel.



Féachamaoid, mar an gcéadna, ar an mór-naomh
Stiabhna, an chéad mhairtíreach, féachamaoid, adeirim,
cionnas do bhí lasair dhiadha na carthannachta i n-a chroidhe
bheannuighthe ag iarraidh maithfeachais do'n droing mío-
thrócairigh do bhí dá chur chum báis ag rádh go díogh-
raiseach: "A Thighearna, ná cuir an choir seo i n-a leith."
Feachamaoid ar an gcuid eile de dheisciobalaibh an
Tighearna i bhfíor-thúis na h-Eaglaise; nach bhfaghamaoid
an teagasg céadna uatha? An bhfuil aoin neach dhíobh
do rinne díoghaltas ar a náimhdibh, nó an bhfuil aon
díobh nár iarr go dúthrachtach leasughadh agus slánughadh
na muinntire chuir síor-bhuaidhreamh orra.



Fá dheoidh, féachamaoid ar na h-ainchríostaidhthibh féin,
cá liacht mí-ghníomh do mhaithid dá náimhdibh. Gidheadh, do
b'fhéidir go ndéarfadh duine éigin liom nach ar son
grádha Dé ná de dhruim creidimh do-ghní siad é.
Adeirim leat, a chríostaidhe, gur ab é sin an nídh do


L. 105


dhamnóchaidh thú; óir má's féidir leis an ndí-chreidmheach
mar gheall ar thabhartas éigin nó beag-luaidheacht éigin
eile maitheamh dá námhaid badh chóir go mbadh fhuiris do
gach críostaidhe, ní h-é amháin, maitheamh dá námhaid, acht
fós, a ghrádhughadh go fírinneach tré an luach do-chuim-
sighthe gheallann Dia dhó i n-a thaobh. Ádhbhar eile, gan
amhras, do dhamnóchas na mílte de na críostaidhthibh,
laighead an docamhail do-gheibhid ag maitheamh ar son
tairbhe saoghalta agus ró-mhéad an docamhail de-gheibhid
aoin-nídh mhaitheamh ar son Dé; óir cá mhéid masla agus
tarcuisne d'fhulaingimid go foighdeach ar son saidhbhris
bréige an tsaoghail seo an tráth nach maithfimís an t-olc
nó an chasaoid as lugha ar bith ar son Dé.



Monuar! is bocht an daille seo, a chríostaidhthe, is
truagh, adeirim, go dtabharfaidh duine i n-a chéill
nádúrtha ar neimh-nídh maithfeachas dá eascáirdibh agus
go ndiúltóchaidh é ar luach do-áirmhighthe do-chuimsighthe
Dé, ar a gheallamhnaibh agus ar a bhagarthaibh. Anois,
a chríostaidhthe, ó chíonn sibh go bhfuil an aithne seo .i.
maitheamh d'ár gcomharsanaibh agus grádh thabhairt dóibh
soi-dhéanta, ní amháin ar son Dé, acht fós, ar son cúise
nó neithe saoghalta, taisbeánfaidh mé dhíbh go bhfuil an
nídh seo sochrach, céillidhe, riachtanach, ar ar gheallas
trácht ins an dara roinn.



An Dara Roinn.
Muna mbéadh gur chongaibh Dia ar a láimh féin
ceart díoghaltas do dhéanamh agus go dtug breitheamh-
ain dúinn ar talamh le n-ar féidir go h-aonracánach
an ceart so do chur i ngníomh; ar an dtaoibh eile dá
dtabharfadh saoir-chead díoghaltais do gach n-aon fá
leith, créad an bheatha nó an seasamh do bhéadh againn


L. 106


ar an saoghal so? Ní bhéadh, go dearbhtha, acht neimh,
claidheamh, agus teine i láimh gach duine. Cia bhéadh
deimhneach dá anam? Cia air nach mbéadh faitcheas dul
amach i meadhón an lae? Óir, fiafruighim dhíbh an bhfuil
aoin neach i nbhur measg ag nach bhfuil námhaid. Go
dearbhtha, ní fhuil, muna bhfuil duine éigin ró-ádhmharach
ann nach ndearna an t-olc as lugha ar bith ar a gcomhar-
sain, nár labhair focal as an tslighe, agus nár thug
féachain tarcuisneach air, óir níor bheag aoin nídh díobh
so chum námhaid a dhéanamh. Fiafruighim dhíot, a fhir an
díoghaltais, ar chuiris fearg riamh ar do chomharsain, nó
nach rabhais chomh ullamh chum buaidheartha chur air agus
ataoi anois chum díbhfeirge a dhéanamh air? Gidheadh,
dá dtugadh Dia an saoir-chead sin duit díoghaltas do
dhéanamh ar do námhaid, ní bhéadh muna dtabharfadh an
cead céadna do do námhaid ort-sa; agus ar an gcoin-
gheall sin cá h-áit i n-a mbéitheá cian ó shoin? Is dearbhtha
gur fad ó thuitfeá le díbhfeirg d'eascarad. Leis sin,
beir buidheachas le Dia do chuir teora le claontaibh
agus le cuthach lucht an díoghaltais, agus umhlaigh tú
féin go luathgháireach fá n-a dhlighe cheart, chiallmhar,
riachtanach.



Do-chíonn sibh, a chríostaidhthe, go bhfuil sé riachtanach
againn chum sláinte na colna gan rún díoghaltais do
bheith againn. Gidheadh, is míle mó atá sé againn i
dtaobh sláinte an anma, óir is d'ár gcreideamh é mar a
léighmid ag Naomh Eoin abstal 'san dara caibidil i n-a
n-abair sé nach bhfaghamaoid maithfeachas i n-ár gciontaibh
muna maithfeamuid ó chroidhe gach olc a déantar orainn.
Dá bhrígh sin, a lucht an díoghaltais, créad as aigne libh,
nó an fonn libh maitheamh go bráth? Má's fonn, is fíor
gur díchéillidhe an nídh deigh-ghníomh do chur ar cáirde.
An é as mian leat síothcháin do dhéanamh ar uair do


L. 107


bháis? Acht, mo léan! ní h-é an t-am é, óir gach a
maithfir an tráth sin, is i d'aimhdheoin do mhaithfir é, de
bhrígh gur ab é eagla breithe fír-chirte Dé do chuireas
d'fhiachaibh an tsíothcháin bhréige seo do dhéanamh, i nach
bhfuil acht scáil na fír-síothchána badh cheart duit a
dhéanamh ar feadh do aoghail agus do shláinte, bíodh, ins
an am so féin, gur le docamhal ró-mhór, nó do b'fhéidir
gur tré eagla na sacramaintí do dhiúltughadh ort, do-
bheirir an maithfeachas so ó do bhéal, agus do chroidhe an
t-am céadna lán de nimh agus de cheilg an díoghaltais.
Fáiríor! do-chímíd go laetheamhail daoine leigeas orra
maitheamh dá náimhdibh i n-éagcruas ag casadh ar aigne
céadna an díoghaltais an uair do-gheibhid a sláinte.
Adeirim leat a bheith chomh deimhneach de bhreith do
dhamanta agus dá mbéadh Dia tar éis do dhaortha.



Ó, a chríostaidhthe, is truaigh-mhéileach díombádhach an
stáid seo lucht an díoghaltais. Is díombádhach, adeirim,
a mbeith ar feadh a mbeathadh i n-a ndearbh-náimhdibh ag
Dia, a mbeith i n-achrann ins na cleachtaibh as contabhar-
thaighe dá mb'fhéidir le peacthach a bheith. Ní féidir leis
an té a bhíos ins an stáid mallaighthe seo sacramaint
do ghlacadh gan dia-mhaslughadh, comaoin do dhéanamh gan
naomh-aithis a thabhairt d'fhuil agus d'fheoil Chríost; ní
fhuil tairbhe dhó i lóghadh ná i gcomaoin na naomh; gach
trosgadh, gach déirc, gach claon-mharbhadh dá ndéanann, ní
fhuil tairbhe dhó ionnta. Focal an Spioraid Naoimh atá
againn leis an nídh seo, a dhearbhráithreacha, ag labhairt
i mbéal an abstail, Naomh Pól; dá dtugadh (ar sé) a
shaidhbhreas do na bochtaibh, dá ndéanadh an crábhadh
nó an aithrighe as géire, dá gcraobh-scaoilfeadh an Soisgéal
a's go n-iompóchadh na mílte chum creidimh, dá ndéanadh,
fós, na míorbhailí as iongantaighe, agus, fá dheoidh, go
bhfulaingeochadh na pianta as goinidighe ag admháil an


L. 108


chreidimh, ní fhuil sochar ar bith dhó ann chum na beathadh
síorraidhe, de bhrígh go bhfuil a chroidhe seirgthe lán-fholamh
ó'n gcarthannacht, do thruailligheas gach deagh-ghníomh dá
ndéanann.



Atá sompla ró-eaglach, ró-uathbhásach ar an nídh
seo againn i stair an Teampaill nó na h-Eaglaise ar
dhís charad do bhí ins an gcathair Antioch i bhfíor-thúis
an chreidimh, aon díobh Sapricius do bhí i n-a shagart,
agus an fear eile i n-a dhuine shaoghalta. Do thuit
amach fearg chomh mór sin do bheith idir an dís seo níorbh
fhéidir síothcháin do dhéanamh eatorra. I mbeagán aim-
sire dá éis sin do gabhadh an sagart tré admháil an
chreidimh. An tan do chualaidh Nicophorus go raibh dá
stiúradh chum ionaid a bháis do ghluais fá n-a dháil, agus
do theilg é féin dá láthair ag iarraidh air go dúthrachtach
maitheamh dhó, agus síoth do dhéanamh leis ag rádh le
h-iomad déar: "A mhairtírigh Íosa Chríost, déan
trócaire orm-sa an peacthach, is mise rinne an t-olc, is
mise thug an masla, agus, dá bhrígh sin, iarr gach sásamh
as toil leat, óir créad an fáth 'n-a mbéinn-se im'
námhaid ag an té d'admhálas Críost." Iar rádh na
mbriathar so dhó, cuireas é féin go h-umhal ar a ghlúinibh,
acht ní raibh maith dhó ann. Gidheadh, is olc do chuaidh sin
do Sapricius, óir ar dteacht do láthair a chéasta dhó,
fiafraigheas de'n chrochaire cad é an nídh cuirthear i n-a
leith. d'innis dó gur mar gheall ar a bheith i n-a
chríostaidhe agus i n-a shagart, ag rádh dá séanfadh an
creideamh sin, nach é amháin nach cuirfidhe chum báis é,
acht fós, go bhfaghadh rachmus agus saidhbhreas. "Muna
n-iarraid orm acht sin" ar sé, "scaoil go h-éasgaidh
mé, óir is ró-fhuiris liom sin do dhéanamh." An tan
do chonnaic Nicophorus sin, admhálas go h-árd go mbadh
chríostaidhe é féin. Leis sin do rugadh air agus do


L. 109


cuireadh chum báis é ar an láthair, agus do chuaidh, gan
amhras, go seilbh na bhflaitheas agus na glóire, do chaill
an sagart mallaighthe Sapricius. Is le crith-eagla
agus le h-uamhan ró-mhór adeir Naomh Cyprian, do
scríobh an stair seo, 'n-a bhfeicim méid uilc agus
urchóide an díoghaltais, an tráth nach féidir a múchadh le
mairtíreacht féin, mar chímíd i scéal an tsagairt mhío-
ádhmharaigh dhona so d'fhulaing go leor roimhe sin ar son
an chreidimh.



As sin, a chríostaidhthe, do-chímíd cad é an t-ainmhidhe
do dhéanann spioraid an díoghaltais de'n té ag a
mbíonn sí, óir nochtann sí é de gach cáilidheacht daonna
dá raibh aige, déanann beathaidheach cuthach dhe, cuireann
cogadh ar an gcruinne de ghnáth; ní h-ionntaoibh le n-a
cháirdibh ná le n-a ghaoltaibh é, ní leigeann eagla do
neach muinnteardhas ná cumann do dhéanamh leis, de
bhrígh nach bhfuil súil aca d'fhaghbháil uaidh acht masla
agus tarcuisne. Ar an dtaoibh eile, an té a mhaitheas
dá námhaid agus dhearmadas gach olc agus mí-ghníomh do rinne
air, bíonn i ngrádh agus i dtaithneamh ag lucht a
aitheanta, iompuigheas an námhaid as miosgaisighe chum a
bheith i 'n-a charaid fhírinneach aige, ionnas an mhuinntear
le n-ar mhian a bhásughadh roimhe sin, iar bhfeicsin a
cheannsachta dhóibh, go dtabharfaidís a n-anam ar a shon.
Is é an maithfeachas agus an grádh in-mheasta so
tharraingeas beannacht Dé orainn go foir-líonta, do
dhéanann beatha agus saoghal an duine ádhmharach, suaimh-
neasach, agus a bhás neimh-eaglach, beannuighthe, agus dá
éis sin, do-bheir seilbh dhó ins an mbeathaidh síorraidhe.
Leis sin, a dhearbhráithreacha, atá sé so-thuigse, suidhte
go bhfuil an grádh so ar a dtráchtaim sochrach, céillidhe,
riachtanach. Gidheadh, créad an nídh an grádh so, nó
cionnas as cóir úsáid a dhéanamh dhe.


L. 110


Ins an ionad so mheallas urmhór an domhain iad féin
ag rádh nach beag neithe d'áirithe a dhéanamh chum na
h-aithne seo a choimh-líonadh; cuid aca adeir gur leor
beannachadh agus labhairt le n-a námhaid, agus sin féin
le h-eidir-dhealughadh .i. má bhíd i gcéim ní badh mhó, nó
má bheannaighid ar dtúis dóibh, agus dá réir sin nach
bhfuil d'fhiachaibh orra labhairt le daoinibh bochta nó
táire acht an té labharfadh leo ar dtúis; drong eile
adeir gur leor dhóibh mian bheith aca maith do dhéanamh dá
náimhdibh bíodh nach gcuirfidís an dúil seo i ngníomh go
bráth; cuid eile choisgeas iad féin ó mhonabar agus
adeir nach díoghbháil é éisteacht le cách ag trácht go h-olc
ar a námhaid; drong dhíobh do mheasas nach bhfuil díogh-
bháil dóibh gan cás ná trioblóid do bheith orra tré
mhío-ádh a gcomharsan munab iad féin as cionntach leis;
drong a chreideas nach bhfuil toirmeasg orra díoghaltas
Dé a ghuidhe dá náimhdibh, an tan nach ndéanaid féin
díoghaltas orra; fá dheoidh, tuitid lucht an díoghaltais
le n-a leith-sgéalaibh i n-ainbhfios chomh mór sin go
n-abraid do réir na h-aithne sin nárbh fhuláir dhúinn an
cinéal céadna grádha a bheith againn dár náimhdibh do
bhéadh againn dár ngaol agus dár gcomhgas, nídh nach
féidir a dhéanamh; agus ag cur leis sin adeirid an uair
nach féidir a ngrádhughadh ar an modh so, ní fhuil tairbhe
i n-a ngrádhughadh ar aon chor. Ag sin, a chríostaidthe,
íomháighe lucht an díoghaltais agus na beathadh diablaidhe
malluighthe do leanaid.



Críochnughadh.
Anois, a dhearbhráithreacha, chum an tsaobh-nóis agus
na h-urchóide mallaighthe seo do chlaoidheadh agus do chur
ar neimh-nídh glaodhmaoid focal Dé dár gcongnamh,


L. 111


adeir ins an gcúigeadh caibidil de Naomh Matha Sois-
géaluidhe: mise bhur gCruthuightheoir, bhur dTighearna,
bhur nDia, bhur mBreitheamh agus bhur luach-saothair,
agus in gach cáilidheacht díobh so fógraim dhíbh bhur
náimhde do ghrádhughadh. Ag sin le rádh meas do bheith
orra, ár gcroidhe do líonadh le grádh fírinneach dóibh,
agus an grádh sin d'fhoillsiughadh le n-ár ngníomharthaibh,
labhairt go ceannsa leo, agus guidhe orra chomh luath
leis an muinntir do rinne maith dhúinn, agus sin, ní
h-é amháin do'n droing do stad ó olc do dhéanamh dúinn,
acht fós, do'n droing ag a bhfuil an claidheamh tar-
raingthe orainn, ar aithris ár n-Athar Síorraidhe.



Ó! a chríostaidhthe dá mbadh dhóigh liom go mbéadh
aoin-neach annso gan grádh aige da náimhdibh do thais-
beánfainn dó cionnas badh chóir dhó an aicíd chontabharthach
so do leigheas, ar dtúis le féachain go glinn ar chrois
agus ar pháis Chríost. De thaoibh eile, do thaisbeánfainn
dó lámh dhíbhfeargach Dé ullamh chum caor an díoghaltais
do theilgean ar a cheann coirtheach, malluightheach. Arís
do thaisbeánfainn dó ifreann osgailte agus eisean ag
siubhal ar a bhruach; do ghuidhfinn é tré mhór-thrócaire
Dé maitheamh dá náimhdibh, agus do gheallfainn dó ar an
gcunntas go bhfaghadh, gan contabhairt, maitheamhnas in
gach coir i n-a raibh cionntach i n-aghaidh árd-chomhachta Dé.
Gidheadh, má dhiúltaigheann coimh-oibriughadh le grásaibh
an Spioraid Naoimh, agus gur fearr leis a anam do
dhamnughadh 'ná maitheamh dá dhearbhráthair, is é mo mheas
é gur diabhal i gcolainn daonna é, agus iodhbairt
síorraidhe d'fheirg doi-chríochnuighthe Dé; óir do réir
abstail ghrádhaigh an Tighearna Naomh Eoin Soisgéalaidhe
gach n-aon d'fhuathuigheas a dhearbhráthair is dún-mharbhthóir
é, agus is bitheamhnach do Dhia agus do dhuine, mar a
ndeir: Omnis qui odit fratrem homicida est (1 Epistil iii.15).


L. 112


A Dhia uile-chomhachtaigh, iarramaoid ort go dúthrachtach
an grádh fírinneach so dár náimhdibh. Iarramaoid ort
spioraid na milis-cheannsachta tré n-a maithfeamaois ó
chroidhe a gcionta do chách, agus 'n-a ndéanfamaois maith
i n-aghaidh an uilc. Ó chuiris féin an aithne seo i bhfeidhm
orainn tabhair dhúinn tré do mhór-thrócaire congnamh
agus teannta na ngrás do gheallais dúinn. Cuimhnigh,
a Thighearna, ar an ngeallamhain thugais dúinn tré
d'fhéile do-chuimsighthe .i. ár gcortha uile do mhaitheamh
dhúinn ar son sinn do mhaitheamh dár ndearbhráithreachaibh,
A Thighearna tar éis tú féin do ghrádhughadh agus do
thaithneamh tar an uile nídh ar an saoghal so, agus ár
gcomharsain mar sinn féin ar do shon, tabhair an
athchuinge seo dhúinn .i. a bheith ceangailte leat-sa agus
leo sin le slabhraidhibh na carthannachta síorraidhe, nídh
iarraim díbh-se agus dom féin. I n-Ainm an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Amen.



Iar n-a scríobhadh le S. Ua h-Úghbhair do'n Dochtúir
Diadha, Seaghán Ua Murchadha, .i. Easbog Chorcaighe, 1817.


L. 113


B 1819ls 19T
SEANMÓIR A SEACHT.
AR GHLÓIR FLAITHEAMHNAIS.
(Do'n Dara Domhnach de'n Charghaos.)
Domine, bonum est nos hic esse.
Ó! a Thighearna, is maith dhúinn do bheith annso.
Matha xvii.4.
Is mór, a chompána, do théid na daoine ar seachrán
ó'n tslighidh dhírigh chum na glóire síorraidhe, do
chuireas go dall, amuideach, gan céill a ndóchas, a
gcroidhthe agus a n-anam i dtaithneamh bheag ghearr an
tsaoghail seo, gan áird nó smuaineadh aca ar Dhia, ar
shíorraidheacht a ghlóire nó ar bheathaidh shíorraidhe a
n-anam mar as cóir. "Is maith," adeir lucht an tsaidh-
bhris agus na saoghaltachta, "dhúinn do bheith annso," con-
trárdha do theagasg San Bhearnáird adeir go fosgailte
linn nach maith do bheith 'san tsaoghal so. Is trioblóid-
each, buaidheartha, contabharthach an nídh do bheith ins an
áit nach bhfaghaimid acht díomhaoineas agus buaidhreadh
croidhe agus intinne; ins an tsaoghal cleasach so, adeirim,
atá lán de chorthaibh, de chráidhteacht, de'n uile bhochtacht,
agus de bhuaidhreadh. Tógamaois, ar an ádhbhar so, a cháirde,
ár gcroidhthe agus ár n-intinn suas chum Dé agus dearcamais
le súilibh na tuigse agus le lóchrann an chreidimh do thug
sé go trócaireach dhúinn ar na grianánaibh breághtha
aoibhne, áilne úd na glóire síorraidhe atá aige fá n-ár


L. 114


gcomhair, an áit a stiúraigheann an charthannacht, an
ciúineas, an luathgháir agus an t-iol-gháirdeachas síorraidhe,
an áit a seinntear go síorraidhe le gothaibh binne dán
molta agus buidheachais do Dhia uile-chomhachtach, an áit, fá
dheireadh, gan críoch nó deireadh as a n-éirgheann amach
an Solus ró-chumhra úd ó Sgáthán na Tríonóide, do-
ghníonn na daoine tré saoghal na saoghal súgach, bean-
naighthe. Agus abraoimis le Naomh Peadar do chonnaic
beagán de ghlóir Chuirp Chríost ar an saoghal so: "Is
maith dhúinn do bheith annso." Agus ar son nach féidir
le tuigse daonna an tsaoghail mhóir go h-iomshlán
méad, breághacht, saidhbhreas, mórdhacht, agus glóir tighe Dé,
na n-aingeal, agus na naomh do mhíniughadh mar as cóir,
déanfaidh mé mo dhícheall le nídh éigin do dheasughadh dhíbh
ar an toirt uasail so na glóire do bhéas, i mo bharamhail
'na dealgbruideadh ag lucht na saoghaltachta do chluin-
feas é, 'na shólás ag lucht na daonnachta agus an chrábhaidh,
agus 'na shásughadh ag droing na cuireáltachta. Agus mar
do sháith Maoise mór, do réir aithne Dé, coinnleoir óir
i dteampall Dé, oirneálta le seacht lóchrainn, chum
solus do thabhairt do'n tigh go h-iomshlán: "Déanfaidh
tú lóchrainn," adubhairt Dia, "agus cuirfidh tú ar an
gcoinnleoir iad ionnas go dtabharfaidís solus ar an
uile thaobh uatha: "mar seo do-bhéarfaidh mé seacht
réasúin síos annso, do bhéarfaidh, mar an oiread sin
lóchrann, oiread soluis síorraidhe dhuit agus tuigsiona, agus
do bhéarfaidh ort beagán de theampall glórmhar síor-
raidhe Dé, na naomh agus na n-aingeal d'fheicsin agus do rádh
le Naomh Peadar: "Ó! a Thighearna, is maith dhúinn do
bheith annso."



Is é mo chéad lóchrann nó cuspóir mo chéad smuaineadh
ar fhlaitheamhnas na naomh, féile, mórdhacht agus maitheas Dé
agus a chúirte ar a dtráchtann an fáidh le h-iongantas


L. 115


an-mhór. Adeir sé: "Is mór an áit í, agus ní-l críoch
aici; is ró-árd í, agus is do-chuimseach í." Nach mór an teach
'na bhfuil an Rígh 'na chomhnuidhe ag a bhfuil comhachta gan
críoch, méad gan tomhas, a bhfuil a chúram ós cionn an
uile nídh, a shaidhbhreas do-chaithte, a theaghlach ós cionn
cunntais, gur ab iad a laethe an tsíorraidheacht, a bhfuil
a bheatha gan claochlódh, agus a bhreághthacht ró-gheanamhail?
Nach mór an teach úd a bhfuil a bhallaí déanta d'ór, a
urlár de chlochaibh uaisle agus de phéarlaidhibh, a phostaidhe
de chriostal shoillseach, agus 'na gcluintear go síorraidhe
fonn molta agus buidheachais? So an teach 'na bhfagh-
tar go h-aoibhinn an uile shásughadh agus sólás, an uile
luathgháire go soilbhir, agus an uile shaidhbhreas gan easba.
So an teach, teach, adeirim, na glóire do dhíbreas ó n-a
dhóirsibh, ó n-abhallaíbh agus ó n-a gheataíbh an uile bhuaidh-
readh agus trioblóid, an uile fhuath agus iomthnúth, an uile
dhólás agus dubhailce, agus 'na bhfuil srotha an aoibhneasa
shíorraidhe dá leathnughadh féin le fuarlaoidhibh na glóire
ar na naoimh. Ó, a rígheacht an aoibhneasa shíorraidhe!
ionnat ní h-aostar go bráth ar an óige, ní caithtear an
bhreághthacht, ní fhuaraigheann an grádh, ní lagtar an
tsláinte, ní laghduighthear an t-iol-gháirdeachas, ní
críochnuighthear an bheatha, mar atá Dia ionnat ó nach
dteastuigheann nídh ar bith. Ó, a Thighearna, badh mhaith
dhúinn do bheith ins an áit seo.



Ins an dara áit, atá mar lóchrann agam mórdhacht
agus subhailce ár Slánuightheora Íosa Críost, do thuirling
anuas as na flaithis as fhochras a Athar Naomhtha, agus do
ghlac colann daonda i mbroinn na h-Óighe Muire, agus
d'fhuasgail le n-a chuid fola an té do chruthuigh sé agus do
cailleadh leis an bpeacadh, chum bealach do dhéanamh dhó
tríd sráide na cathrach naomhtha isteach go Sgáthán na
Tríonóide. Ó, a chompána, goidé an fáth gur shiubhail


L. 116


sé tríd réagúinibh mailíseacha an tsaoghail so? Goidé
an fáth gur shil sé na srotha deora go minic ar son
peacaidhe na ndaoine, ar ghuidh sé go dúthrachtach ar son
sláinte na n-anam, ar fhoillsigh sé rúin-diamhara na
bhflaitheas dúinn le briatharaibh agus míorbhuiltibh móra, ar
órduigh sé an Eaglais Chatoilice Rómhánach ar an
dtalamh, dá mhínigh sé an Scriptiúir naomhtha, ag ar
fhág sé na seacht Sacraimintí dhúinn! Goidé an fáth a
raibh sé beo mar dheoraidhe bhocht, agus a bhfuair sé bás ar
chrann na croiche nochtuighthe idir dhís bhitheamhnach ós
comhair an tsaoghail go h-iomshlán. Atá, chum geata
na glóire do dhruid do pheacaidhe féin i d'aghaidh d'fhos-
gail duit. "Muna mbéadh gur ghlac sé foirm dhaonda
air féin," adeir Petrus Damian, "ní raghadh an
duine go bráth suas go glóir flaitheamhnais." Ar an
ádhbhar so smuain, a chompánaigh, créad mar bhéas an
duine fós ar son go ndearnadh duine de Dhia. Dearc
ar an luach le'r cheannuigh Mac Dé an ghlóir shíorraidhe
dhuit agus tuigfidh tú créad é méad agus breághthacht na glóire
seo. "Féach," adeir dochtúir foghlumtha, "créad é
méad le'r cheannuigh sé í, do-chífidh tú, mar so, créad
an nídh do cheannuigh sé, ó do chosain sí a chuid fola dhó,
bás agus páis i gcrann na croise. Goidé méad mar sin,
na beathadh úd do bhain a bheatha de Chríost"? Ó! is
mór, breágh, glórmhar an bheatha shíorraidhe atá ag Dia
fá do chomhair i dtigh na naomh. Annso is féidir leat
a rádh le Naomh Peadar, "Ó! a Thighearna, is maith dham
do bheith annso."



Ins an treas áit mar lóchrann le solus do thabhairt
duit ar an nglóire síorraidhe, cuirfidh mé síos leoir-
ghníomhartha na naomh i n-a mbeathaidh ar an tsaoghal so
do bhí ró-uathbhásach i súilibh an tsaoghail agus ró-iongantach
le smuaineadh orra. Goidé an nídh nach ndearna siad


L. 117


le congnamh grása Dé? Goidé an nídh le gnúis
soilbhir, súgach nár fhulaing siad? Goidé an saothar
nár ghlac siad? Goide an chruadháil nach ndeachaidh siad
tríthe chum buaidh do thabhairt ar an tsaoghail, ar an
gcolainn, agus ar an diabhal? Goidé an fáth so? Atá,
mar gheall ar Dhia agus ar an nglóire shíorraidhe d'fhaghbháil
uaidh. Le dóchas a faghbhála do thréig na milliúin an
saoghal, a shaidhbhreas, a onóir, a ghlóir, agus a phoimp. Do
líon siad na mainistearacha le crábhadh, do thréig siad
a dtighthe, a dtíortha, a gcáirde, agus a maoin saoghalta.
Ó! goidé méid do dhruid iad féin idir chlochaibh cruadha,
fuara, glasa ar feadh an domhain, agus líon na fásaighe
agus na cnuic agus na sléibhte agus na coillte foltacha, dorcha,
uaigneacha, i measg nathrach nimhe agus beithidheach allta,
fíochmhar, i bhfad ó dhaoinibh ag déanamh aithrighe, agus do
chlaoidheadar iad féin le córdaíbh caola, cruadha,
cnáibe, le slataibh géara draoighin, le slabhraíbh móra
iarainn, ag sgreadadh suas ar Dhia d'oidhche 's de ló
ag iarraidh trócaire agus glóire air? "I n-a gcuid
feola do bhí siad beo ar an saoghal," adeir Naomh
Aguistín, "acht le n-a gcroidhthibh do bhí siad 'na gcomh-
nuidhe i neamh na naomh." Is fiadhnaise do'n fhírinne seo
Síomon Stilíta do bhí 'na sheasamh ar feadh ceithre fichid
bliadhain fá'n aer le sioc, le sneachta, le gaoith, le
gréin, agus le fearthainn ar phosta mhór, árd, chloiche, gan
suidhe, gan luighe, ag iarraidh trócaire ar Dhia, agus a chuid
de'n ghlóir d'fhaghbháil uaidh. Is fiadhnaise, fós, na
mílte agus na mílte naomh eile dá raibh na h-úird riaghalta
lán, do bhaineadh fuaim agus macalla as na cnocaibh le
gárthaibh guil agus caointe, agus as na carraigeachaibh móra
ag déanamh na h-aithrighe. Ní bhréagfeadh siad mé, na
maighdeana beannaighthe, na baintreabhacha cráibhtheacha
agus na coinfeiseoirí naomhtha ar feadh an uile aosa de'n


L. 118


tsaoghal ó cruthuigheadh é, agus na mairtírigh ghlórmhara
d'fhulaing bás agus pionós le claidheamh, le sleagh agus le
croich, le h-iarainn dearga, le beithidheachaibh allta,
craosacha, námhaideacha, agus le lasrachaibh móra. Nach
mar gheall ar Dhia agus ar an nglóir d'fhaghbháil uaidh
d'fhulaing siad na pianta móra so? Ar an ádhbhar so,
cuirimíd anois, a chompána ar ár ndíbirt, osnaighe agus
gol doilgheasacha suas chum na bhflaitheas agus, mar
adeir San Aguistín, béidh luathgháir 'san tír naomhtha
orainn, an áit ar féidir linn a rádh: "Ó! a Thighearna,
is maith do bheith annso."



Ins an ceathramhadh h-áit fóghanfaidh mar dhréimire
dhúinn le dul suas chum solus beag d'fhaghbháil dúinn
ar an nglóir shíorraidhe, nó mar lóchrann le saidhbhreas
na cathrach naomhtha d'fheicsin, an rann cruinne go
h-iomshlán do chruthuigh Dia as neimh-nídh. Féach, nach
mar gheall ort, a chompánaigh, do chruthuigh sé na flaith-
is leathna, an mhór-fhairsinge so ós do chionn, an ghrian,
an ghealach, na réalta, agus na dúile, leis an órdughadh
iongantach le n-a bhfuil siad 'na suidhe. Nach é Dia
do chruthuigh an t-ór, an t-airgead, na clocha uaisle, agus
na péarlaí, le gach nídh iongantach, uasal, mór-luaigh
dá bhfuil ar feadh an domhain, fá'n dtalamh, ós a chionn,
ins an bhfairrge, nó thart timcheall an chladaigh? Nár
thug sé dhuit tuigse agus toil do d'anam, solus dod' shúilibh
agus blas dod' bhéal, aer dod' anáil do leigean agus do
tharraing, éisteacht dod' chluasaibh, toibreacha le
d'fhuaradh, luibheanna le do leigheas, tortha agus gach uile
nídh atá ar an saoghal so chum do chothughadh? Ó Dhia go
fírinneach do-gheibhmíd an uile nídh aca so ins an saoghal
so, agus mórán mór de neithibh maithe eile. Ar an ádhbhar
so, má tá an oiread sin de chúram aige 'nár dtimcheall
ins an ngleann bhocht so na díbearthachta, goidé mhéid


L. 119


na neithe maithe úd d'ollmhaigh sé ins an tír nuaidh do'n
mhuinntir do ghabh nó do-bheir gean agus grádh dhó? Má
ghnídh sé an oiread so de mhaith dá náimhdibh ins an gcabán
chráidhte seo Ádhaimh, goidé mhéid do dhéanfaidh sé dá
cháirdibh i n-a phalás shoillseach glóire? "Gan amhras,"
adeir Naomh Aguistín linn, "is mó atá le teacht 'ná
is féidir linn do mhíniughadh, mar do dhearbhas na briathra
so an Abstail dúinn: "ní fhaca súil riamh," adeir sé,
"ní chualaidh cluas agus ní dheachaidh isteach i gcroidhe duine
riamh neithe níos breághtha 'ná na neithe atá ag Dia fá
chomhair na bhfíréan i n-a thigh ghlórmhar féin." So an
áit, a chompánaigh, i n-ar mhaith dhúinn bheith.



Féachamaois fós, ar an onóir, ar an ngairm agus ar
an ngradam do-bheir Dia dá cháirdibh féin ar an saoghal
so d'fhóghanfaidh mar lóchrann dúinn. Níor theastaigh
riamh ó chruthughadh an domhain, in gach aois de, daoine
comhachtacha ins an mbeathaidh spioradálta do chuir croidhthe
daoine eile ar lasadh le briathraibh faobhracha, neamhdha,
agus do líon iad le teas-ghrádh Dé, d'ár umhluigh slata
stiúrtha agus coróineacha impireamhla na Gréige, na Persia
agus na Róimhe le gach rígheacht eile bharbardha atá ar feadh
an domhain. "Atá Dia," adeir an fáidh, "ró-iongan-
tach i n-a naomhaibh" (Sailm.lxvii.36), leis an mbrígh
agus na subhailcí móra do-bheir sé dhóibh i measg ceann
ríoghamhail an tsaoghail so, i n-aghaidh fós, na mbeithidheach
fíochmhar, fiadháin agus diabhal ifrinn. Is fiadhnaise do'n
fhírinne so na naoimh úd do mhúch le n-a naomhthacht na
lasracha móra, do chuir na cnuic agus na sléibhte as a
n-áit, do thiormuigh na h-aibhneacha, d'ár ghéill an
fhairrge, na flaithis, agus an ghrian, éanlaith an aeir, agus
éisg móra na fairrge. Agus má bhí an oiread sin de
ghean agus de ghrádh ag Dia ar na créatúiríbh daonda do
bhí dílis dó, go dtug sé do dhaoinibh simplidhe, beaga,


L. 120


boga, bochta, onóir agus comhacht chomh mór sin i measg
daoine mór, saidhbhre, comhachtach an tsaoghail so, goidé
an onóir, goidé an ghlóir nach dtiubhraidh dhóibh i Rígheacht
na Tríonóide ró-naomhtha. "Créad do bhéas ins an
tír," adeir an dochtúir milis-bhriathrach linn, "má tá
an oiread sin d'fhairsinge geana ins an mbealach?"
Ní iarrann an ponc so orm leanamhain air níos fuide,
mar atá gach nídh do bhaineas leis chomh follas soiléir
sin agus atá an ghrian indiu ós do chomhair ar na
flaitheasaibh.



Téighmíd ar ár n-aghaidh mar sin agus féachamaoid ar
an seiseadh lóchrann le n-a dtuigthear gach sásadh anma
agus cuirp, gach aoibhneas agus taithneamh mór do bhí ag
naomhaibh i n-a mbeathaidh ar an saoghal so chum seirbhís
Dé do dhéanamh, ar mhodh, mar gheall ar an ngrádh do bhí
aca air, agus ar an ndóchas do bhí aca 'na thrócaire, go raibh
siad líonta de rath Dé agus Dia ionnta mar do bhíos an
teine 'san iarann dearg do tarraingthear amach as an
teallach, agus leis an tsásadh do bhí aca i nDia dá iomchar
'na gcroidhthibh go rinne siad dearmad de'n tsaoghal go
h-iomshlán, dá mhaitheas, dá onóir, dá aoibhneas, agus dá
phoimp, dá dtoil shaor fein, dá dtír, dá gcáirdibh agus dá
ndaoinibh, ag dul tharsta féin ar bhárr lasrach geana
agus grádha Dé ag iarraidh an phriosúin dorcha, chorpordha
so d'fhágbháil, agus eiteóg do thabhairt suas chum na
bhflaitheas ag cainnt leis na briathraibh so Dháibhídh
naomhtha le Dia: "Do shásóchthar mé nuair do chídhfidh mé
do ghlóir." So an cuspóir thug ar phátriarc na mbocht,
Naomh Proinnsias glórmhar, a rádh le Dia 'na phianta
móra, corpordha: "Atá an ghlóir atá ag feitheamh orm
chomh mór sin go bhfuil sásamh agam in mo uile phéin."
Seachain, ar an ádhbhar so, a chompánaigh m'anma, a
cholann, is leat ata mé ag cainnt, cleasuigheacht agus


L. 121


líonta an tsaoghail so; iomchar go foighdeach a bhuaidh-
readh agus a anró; lean lorg na naomh; sciuráil, glan agus
nigh d'anam bocht anois in do bheathaidh le deoraibh agus le
h-oibreachaibh na h-aithrighe fírinnighe ionnas go dtiuc-
fadh leat a rádh go binn i rígheacht na glóire síorraidhe
na briathra so le Naomh Peadar: "Ó, a Thighearna, is
maith dúinn bheith annso."



"Bímís ag imtheacht," mar adeireadh Clann Israel
leo féin i n-aois óige Aoin-Mhic Dé, "le h-amharc ar
Mhac Mhuire, ionnas go ndéanfaidhe súgach sinn." So
an seachtmhadh lóchrann againn le h-amharc an ghlóir
Ríogh na cathrach naomhtha. Do bhí, a chompánaigh, Íosa
Críost i n-a iomchar, ní h-eadh amháin i n-a ársuigheacht,
chomh trócaireach, geanamhail, agus grádhmhar sin, acht fós, i
n-a leanbhuigheacht, a's go dtarraingeochadh sé croidhthe
na ndaoine chum grádh do thabhairt dó, agus an tan do bhíodh
aon chuid aca faoi ghruaim, tuirseach, dobrónach, do-
bheireadh an chuid eile de n-a gcáirdibh, le n-a gcroidhthibh
do thógbháil, cuireadh dhóibh chum dul d'amharc ar Mhac
Mhuire na h-Óighe agus, mar adeir Naomh Ieronimus, leis
an neart do bhí 'san diadhacht i bhfolach faoi bhrat na
daonnachta i gcroidhe an leanbháin neamhdha, Íosa Críost,
do bhídís, gan mhoill, súgach, soilbhir ar mhodh chomh
h-iongantach sin go ndéanfaidis dearmad de'n tsaoghal
go h-iomshlán agus d'oileamhain, fós, bídh nó díghe do ghlacadh.
Dhearbhuigh ministrí an chirt féin, do cuireadh chum Íosa
Críost do ghabháil, an fhírinne so nuair d'fhill siad tar
n-ais gan é leo agus adubhairt siad nár labhair duine
riamh mar do labhras an duine so. Is fiadhnaise dham,
fós, ar an bhfírinne so na trí ríghthe do chonnaic a
dhaonnacht, mar adeir Naomh Aguistín, agus d'adhraigh dá
dhiadhacht; mar an gcéadna, an peacthach puiblighe do bhí
ag éisteacht go h-aireach le n-a bhriathraibh mar do theagaisg


L. 122


sé le glór daonda neithe diadha, mar adeir
Paulínus naomhtha linn. Do chruthuigh Naomh Peadar
fírinne an chomhráidh so nuair adubhairt sé leis an
dTighearna féin: "Ó a Thighearna, cia chuige a racha-
muid; agat féin atáid briathra na beathadh marthann-
aighe." Do raob sé mar so amach mar nár bhféidir a
shásamh acht nuair do bhíodh sé ag amharc ar a Mháighistir
ghlórmhar, agus ó mhéid an tsóláis do bhíodh aige ag amharc
air nuair do thaisbeáin sé beagán dá ghlóire chorpordha
dhó ar an sliabh, dubhairt sé na briathra so: "Ó, a
Thighearna, is maith dhúinn bheith annso." Ó! a chompán-
aigh, má shásuigheadh go deimhneach beagán de ghlóir Chríost
agus gheanamhlacht Naomh Peadar agus na daoine, créad é
mar athchuinge, do shásóchadh sé sinn le mórdhacht a ghlóire,
i n-aibhéis na síorraidheachta i gcuideachtain na n-ain-
geal agus na naomh, an áit ar féidir linn a rádh: "Ó! a
Thighearna, is maith dhúinn bheith annso."



Anois, a chompánaigh, thug sé síos duit na lochrainn,
seacht díobh, le n-a dtug mé le tuigsin duit beagán
de'n ghlóir úd atá ag Dia fá do chomhair. Sanntuighmíd
gan foras i n-ár mbeathaidh le Naomh Bearnárd do
bheith ar hallaíbh an Tighearna. Siúd ár dtír suas
ós ár gcionn. Siúd an tír do chosain a chuid
fola d'Íosa Críost. Smuain go minic uirre, a charaid;
saothruigh agus sanntuigh dhuit féin í le leoir-ghníomharthaibh;
diúltaigh i gcomhnuidhe do'n diabhal agus dá oibreachaibh.
Glac le h-Íosa Críost agus leis na subhailcíbh; cuir srian
le do chéadfadhaibh ainmhianacha, smachtuigh an-toil na
colna atá dod' tharraing go tigh na bpian. Ó! sann-
tuighmíd bheith ar hallaíbh an Tighearna, an áit a
bhfeicimíd féile agus mórdhacht Dé agus a chúirte, breághthacht
agus subhailce ár Slánuightheora, Íosa Críost, na naomh agus
na n-aingeal, agus comhachta an chruthuightheora i n-a chréatúiríbh,


L. 123


an onóir agus an ghairm do-bheir sé d'á cháirdibh
'san tsaoghail so, an t-aoibhneas, fós, agus an sásadh do bhí
aca ag déanamh seirbhíse Dé. Ó! a chompánaigh, déan-
amuis an aithrighe, ó 'sí an t-aon bhealach amháin atá
againn le dul tríd chum Mac Mhuire na h-Óighe d'fheic-
sin 'n-a chúirt ghlórmhar féin, agus chum doilgheasa naomhtha
do mhúsgladh in do chroidhe cuir 'na dhiaidh na briathra so
eile: "Músgail suas, a bhochtáin, etc."
I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
- Bíodh mar sin.
Mícheál Ua Longáin, d'aith-sgríobh, 1819.


L. 124


B 1817ls 19T
Seanmóir a h-Ocht.



Ar an gComaoin.
(Do Dhomhnach na Pailme nó an Iúbhair).



Dicite filiae Sion; Ecce Rex tuus venit tibi mansuetus.
"Innsidh d'inghin Shíon: Féach do Rígh ag triall ort, lán de mhilseacht
agus de cheannsacht." Briathra léightear ag Matha Soisgéalaidhe
'san t-aonmhadh caibidil ós cionn a fiche, agus an cúigeamhadh rann.



Bheirim fá deara dhá chinéal daoine ag dul isteach
go solamanta roimh Íosa Críost go cathair Ierúsa-
lem. Gluaisighid an céad chinéal díobh roimhe; fáluighid
na bóithre le craoibheacha glasa, leathaid a n-éadaighe
roimhe agus bainid fuaim as na spéartha le gáirdeachas
chum a chur i n-umhail dó créad é méad a ngrádha agus
a bhfómóis dó, agus cad é an luathgháir do bhí orra
roimhe. Loirgeann an cinéal eile tré iomthnúith agus
tré mhiosgais dhiablaidhe, an uile shóirt meodhain agus
slighe chum a ghlóire dó lagughadh. Déanaid dícheall ar
an muinntir a choimeádas cuideachta dhó, do tharraing
uaidh - i n-aon fhocal loirgid an uile ádhbhar agus an
uile shlighe chum a chosgartha agus a chur dá chois.



So cosamhlacht nó íomháigh fhírinneach an dá chinéal
daoine, nó críostaidhthe, a thigeas chum Íosa Críost do
ghlacadh 'san gcomaoin naomhtha ag cuireadh nó féasta
solamanta na Cásga. Tiocfaidh an céad chinéal díobh


L. 125


roimhe chum cuireadh do thabhairt dó teacht chum comhnaidhthe
i n-a gcroidhthe, agus chum riaghluighthe ionnta i gcáilidh-
eacht Ríogh. Ullmhuighid siad go cúramach lóistín anma
dhó le h-aithrighe fhírinneach, le faoisdin iomshlán, le
croidhe-bhrúghadh agus le doilgheas i n-a bpeacaidhe.
Seo í an deagh-chomaoin, ar ar mian liom trácht 'sa
gcéad roinn dem' chomhrádh. Ní ghlacfaidh an cinéal
eile é acht le coimh-éigean agus le deacamhail ró-
mhór, agus de bhrígh go n-órduigheann an Teampall
nó an Eaglais é i bpéin a mallughadh agus a
ngearradh amach ó chomaoin na naomh, nó na gcríost-
aidhthe. Leigid siad cráibhtheacht agus diadhacht orra
féin go foir-imeallach chum a thabhairt le tuigsin gur
ullmhuigheadar iad féin mar do b'oireamhnach chum na
mór-bhainise sin do ghlacadh agus chum nach bhféachfaidhe
orra mar dhaoine earráideacha malluighthe, ar mhodh go
nuaidh-chéasaid agus go nuadh-bhásuighid a Slánuightheoir
beannaighthe. Ag sin an droch-chomaoin ar a dtráchtfad
'san dara roinn. Acht chum go mb'fhearrde thiocfadh
liom an teagasg so do chruthughadh dhíbh, agus chum gur
móide rachadh sé chum glóire Dé agus leasa anma gach
n-aon dá bhfuil i láthair, guidheamaoid congnamh an
Spioraid Naoimh tré eadar-ghuidhe na Maighdine glór-
mhaire Muire, ag rádh, "Sé do bheatha, a Mhuire, &rl."



An Chéad Roinn.
Nuair ghlacaid daoine ar lóistín árd-fhlaith no duine
onórach, déanaid dícheall an seomra do bheith néata
glan roimhe. Cóirighid é le táipéisidhe agus le
h-éadaighe glana, cuirid urradh-tighe saidhbhir ann - i
n-aon fhocal, déanaid an uile nídh chum compóird agus
sásaimh do dhéanamh do'n duine oirdhearc sin. A
anmanna críostamhla, is oirdheirce Íosa Críost, do


L. 126


leigeann sibh oraibh do theacht ar lóistín chugaibh, 'san
aimsir bheannaighthe seo, 'ná ríghthe agus árd-fhlaithe an
domhain le chéile, óir tá a chathaoir bhreitheamhnais ós
cionn na n-órd ainglidhe go h-uile; atá a ghlóire, a
chumhacht, agus a mhórdhacht síorraidhe, neamh-chríochnaighthe.
Leis sin, a chríostaidhthe, créad é an cúram agus an
t-imshníomh 'n-ar chóir dhíbh a bheith oraibh, chum an t-ionad,
nó an seomra 'n-ar mian libh a ghlacadh, do ghlanadh
agus do sgiomradh, do chórughadh agus d'ornáidiughadh,
'sé sin le rádh, lóistín bhur n-anama, ar mhodh nach fuláir
dhíbh an uile shal, agus an uile shalchar do thógbháil as,
'sé sin le rádh, an uile pheacadh, an uile dhroch-chleachtadh,
ainmhiana an tsaoghail agus na colna, le faoisdin
ghlan, agus le h-aithrighe fhírinneach. Ní leor so. Ní
fuláir an lóistín sin do chórughadh agus d'ornáidiughadh.
Acht créad iad na h-ornáididhe as éigean do chur ann?
Tá, a dhearbhráithreacha, na subhailcí críostamhla; mar
atá, creideamh neartmhar, dóchas láidir, carthannacht
dian, geanamnaidheacht mhór, agus umhluigheacht iomshlán.
Ag sin na h-ornáididhe iarras Dia ar an anam chum
coimh-cheangail agus pósta leis, chum a ionaid comhnaidhthe
do dhéanamh ann, agus chum a chompánaidhe agus a choimh-
leacaidhe dílis do dhéanamh de.



Aithristear dhúinn i Soisgéal an lae indiu, a dhear-
bhráithreacha, go raibh Íosa Críost ar n-a dhul isteach go
cathair Ierúsalem ar muin asail, gur shiubhail sé ar
éadaighe daoine, agus ar chraoibhibh glasa do leathadh
roimhe 'san tslighidh. Má's íomháigh, nó cosamhlacht, dul
isteach an tSlánuightheora go cathair Ierúsalem dá dhul
isteach i n-anam an duine 'sa gcomaoin naomhtha, badh
chóir go múinfeadh fuirm an chéad dul isteach dhúinn
créad badh chóir a dhéanamh chum sinn féin d'ullmhughadh i
gcomhair an dara cinn. Samhluighid, nó cialluighid na


L. 127


h-ainmhidhthe éigciallaidhe, do réir breitheamhnais na
ndiadhairí, brúideamhlacht, claonta, agus ainmhiana an
duine. Samhluighid na h-éadaighe ainmhiana an tsaoghail
agus na colna. Cialluighid na géaga, nó na craoibh-
eacha glasa, poimp agus iomarca an tsaoghail as
suaraighe agus as díombuaine 'ná duilleabhar na
gcrann ar n-a sgaipeadh leis an ngaoith. 'Sé míniughadh
an nídh seo, a dhearbhráithreacha, gur mian le h-Íosa
Críost ag tuirling 'san anam dó 'sa gcomaoin naomhtha,
an uile dhúil agus mian mhí-riaghalta do dhíbirt as, go
ngrádhfaidhe é féin roimh aiteas agus roimh aoibhneas,
roimh ghradam agus onóir, roimh shuairceas agus roimh
dhíomhaoineas an tsaoghail bhréagaigh seo, go ndéanfaidhe
iodhbairt dó do chlaonta, do mhaitheas agus do mhaoin an
tsaoghail - i n-aon fhocal, go ndéanfaidhe iodhbairt dó
do'n uile nídh atá contrárdha do spiorad an tSoisgéil.



Ní gan rúin-diamhar, gan toisg, a chuireas an
Sgríbhinn Diadha síos chomh puinteálta sin go raibh an
t-ainmhidhe, ar a raibh Íosa Críost ag marcuigheacht ag
dul isteach go cathair Ierúsalem, ceangailte, agus gur
sgaoileadar na h-easbail é, chum é sheoladh go dtí n-a
Máighistir. Nach díth-chéillidhe agus nach neamh-éifeach-
taighe an peacthach 'ná na beathaidhigh nó na h-ainmhidhthe
as éigciallaidhe, óir tá sé ceangailte cuibhrighthe le n-a
chortha agus le n-a dhroch-chleachtadh. Ní fuláir go
sgaoilfidh seirbhísigh an Tighearna é le h-absolóid agus
le maitheamhnas 'na pheacaidhe chum a chur i n-oireamhain
chum coimh-cheangail le h-Íosa Críost 'sa gcomaoin
bheannuighthe. Tá fhios agaibh, a chríostaidhthe, go bhfuil
an té bhíos cionntach i bpeacadh 'na sglábhuidhe ag an
bpeacadh agus ag an diabhal. Dá bhrígh sin, chum
filleadh ar Íosa Críost agus chum a bheith rann-pháirteach
le n-a dheisciobail 'sa' tsaoirse agus ins na


L. 128


príbhléididhe atá aca tré thoradh na deagh-chomaoine, ní fuláir
éirghe as an dubh-sglábhaidheacht náireach, sgannalach
soin le faoisdin glan. Ní fuláir na slabhraí cinne-
amhnacha do bhriseadh a chongbhas an peacthach cuibhrighthe
agus a thoirmeasgas é ar leas anma a dhéanamh. Níor
bh'fhuláir an t-uan Cásga, le n-ar fíoradh ár Slánuigh-
theoir i sacramaint na h-altórach, d'ithe ar mhodh d'áirithe
agus do réir fuirmeacha d'áirithe. Ar dtús níor
bh'fhuláir an t-uan Cásga d'ithe 'san oidhche agus ní 'san
lá, fíoghar an chreidimh atá dorcha, deacamhlach, 'sé sin
le rádh, nach fuláir an chomaoin do ghlacadh le creideamh
láidir; an céad choingheall atá riachtanach chum teacht
le toradh go bórd an Tighearna. Níor bh'fhulair é bheith
rósta, ní beirbhighthe; níor bh'fhuláir go ngeobhadh an
teine fríd. Fíoras an teine grádh Dé ionnas chum
deagh-chomaoine a dhéanamh, nach fuláir carthannacht
teasaidhe dhian, grádh fírinneach do Dhia agus do'n
chomharsain gan fuath ná miosgais do bheith chum aon
duine; nach fuláir síothcháin agus muinnteardhas a
dhéanamh le n-ár námhaid. d'órduigheadh an t-uan Cásga
d'ithe le leitísidhe agus le luibhe searbha a chialluigheas
smachtughadh na colna. Má's fonn libh, a chríostaidhthe,
teacht chum na mistéiridhe naomhtha so mar as dual, ní
fuláir díbh bhur gcéadfadh do smachtughadh, bhur bpoimp,
bhur n-uaibhreacht agus bhur ngrádh dhíbh féin. Ar
smachtabhar an cholann an feadh na h-aimsire beannaighthe
de'n Charghaos? Ar choimeádabhar an trosgadh do réir
bhur n-acfuinne?



Níor bh'fhuláir ag ithe an uain Cásga crios a chur
timcheall na n-úbhann, 'sé sin le rádh, chum deagh-com-
aoine a dhéanamh nach fuláir a bheith geanmnaidhe, sinn
féin d'ionnladh agus do sgiomradh ó'n uile shal agus
salchar neamh-gheanmnaidhe, óir ní féidir le Dia nó le


L. 129


h-Íosa Críost lucht na drúise d'fhoighneamh. Fá dheoidh,
d'órduigheadh an t-uan Cásga d'ithe go tapaidh agus le
dúthracht. Do bheir an Sgríbhinn Diadha a éifeacht
dúinn .i. gur ab é an t-uan soin, an Cháisg nó an
eiséirghe a chialluigheas slighe nó bealach. Badh
chóir go mbadh bhealach fírinneach an Cháisg, nó an
eiséirghe seo ó stáid an pheacaidh go stáid na ngrás,
ó bheathaidh malluighthe mí-riaghalta go beathaidh ainglidhe
críostamhail; ionnas go mbadh chóir an tslighe nó
an bealach so do dhéanamh gan mhoill, gan cháirde ar
domhan.



Is é Íosa Críost i naomh-shacramaint na h-altórach
beatha agus oileamhain ár n-anama. Is beatha fhírin-
neach a chuid feola, agus is deoch fhírinneach a chuid fola.
Is é féin a dheimhnigheas dúinn é ins na foclaibh seo a
léighimid 'sa seiseadh caibidil, rann 56, de Naomh Eoin
Soisgéalaidhe mar adeir: Caro enim mea vere est cibus
et sanguis meus vere est potus. As so is léir linn go
n-iarrann an bheatha spioradálta neamhdha soin na
coinghill chéadna, agus go dtugann na tortha céadna
léithe, do réir a nádúire féin i slighidh na ngrás, iarras
nó bheireas an bheatha chorpordha léithe i slighidh na
nádúire daonda. Acht chum na beathadh corpordha dhul
chum maitheasa dhúinn, atá dhá choingheall riachtanach.
Ar dtús ní fuláir dhúinn goile beo neartmhar do bheith
againn chum a díleaghadh; 'sa dara h-áit ní fuláir an
goile a bheith folláin, agus saor ó'n uile aineagal.
Má theastuigheann an céad choingheall uainn, ní
dhéanfaidh an bheatha díleagháil ar bith; ar mhodh nach
dtabharfaidh cothughadh ná oileamhain ar bith uaithe.
Má theastuigheann an dara coingheall uainn déan-
faidh sí, gan amhras, díleagháil iompóchas í chum
aineagail agus salchair, agus i bhfad ó chompórd
do chur ar an duine tinn nó breoite, treascaróchaidh


L. 130


agus múchfaidh é, agus fós, do b'fhéidir go dtiocfadh
a bhás de.



Mar an gcéadna, chum sacramaint bheannuighthe
Chuirp Naomhtha an Tighearna dhul chum maitheasa anma
dhúinn, atá dhá choingheall riachtanach; an céad choingheall
ár n-anamna bheith beo neartmhar le grása na sábhála;
an dara coingheall iad a bheith saor ó'n uile aineagal,
'sé sin, ó ainmhiana an tsaoghail agus na colna, aicídí
spioradálta contabharthacha. Má tá ár n-anam ar
stáid mharbhthach le fiú aon pheacadh amháin marbhthach, ní
rachaidh an chomaoin chum sochair ná maitheasa ar bith dhó;
ní h-é sin amháin, acht déanfaidh an aithrighe nó eiséirghe
níos cruadhálaighe agus níos contabharthaighe 'ná roimhe
sin mar adeir Naomh Pól linn ins na briathra so, má
tá ár n-anam lag claoidhte leis na droich-mhianaibh a
riaghluigheas ann, ní bhéidh maitheas ná tairbhe dhó 'sa
gcomaoin.



Iarrann an t-abstal céadna, ag sgríobhadh chum na
gCoirintianach, mar choingheall riachtanach chum deagh-
chomaoine, iad féin d'fhromhadh agus do sgrúdughadh -
coingheall atá chomh riachtanach soin i súilibh an abstail
go ndeimhnigheann sé dhúinn go mbíonn an mhuinntir a
bhíos 'na éaghmais cionntach i bhfuil agus i bhfeoil Íosa
Chríost ag ithe agus ag ól a mbreitheamhnais féin. Acht
ní fuláir dhúinn a fhios a bheith againn créad a thuigeann
sé leis an bhfromhadh agus leis an sgrúdughadh so. Is
pointe dár gcreideamh é, fós tá sé suidhte le coimh-
thionól bheannuighthe Trent go bhfuil sgrúdughadh nó
tásdáil ró-riachtanach chum faoisdin ghlan do dhéanamh
nuair a bhíos duine ar stáid pheacaidh mharbhthaigh chum
gan comaoin naomh-aithiseach dia-mhaslaighthe do dhéanamh.
Acht an leor soin i .? An bhfuil éin-nídh eile
le déanamh? Nó an iarrann an t-abstal ar an uile


L. 131


shórt peacthaigh acht an tásdáil soin amháin? Ní leor
soin, a dhearbhráithreacha, tá cáis ann a iarras coinghill
eile; óir fiafruighim dhíbh cionnas do leomhfadh cuirp-
theoirí agus anshriantaidhthe puiblidhe tar éis comhnaidhe
fada ins an uile shórt malluightheachta agus droich-
ghníomhartha, cionnas, adeirim, do leomhfadaois imtheacht
d'aon toisg ó chathair beannuighthe na faoisdine go bórd
an Tighearna? Leis sin créad a chialluigheas duine dá
sgrúdughadh féin go fírinneach? Cialluigheann, a dhear-
bhráithreacha, nach fuláir do dhuine tar éis fad-chomhnaidhe
do dhéanamh i bpeacadh agus i malluightheacht, tosnughadh
le beatha nuadh do leanamhain, cur suas go h-iomshlán
do na cleachta malluighthe earráideacha 'na raibh sé
múchta, báidhte le cian d'aimsir, an uile shiocair agus
ócáid peacaidh do sheachaint, comharthaí fírinneacha aith-
righe agus eiséirghe spioradálta do thabhairt uaidh,
réidhteach agus síothcháin do dhéanamh le n-a námhaid,
coimh-líonadh do dhéanamh do réir acfuinne i gcuid agus
i gclú na gcomharsan, - n-aon-fhocal, teacht chum bheith
'na nuaidh-chréatúir tar éis an tsean-duine do chaitheamh
dhe leis an aithrighe.



As soin uile, a chríostaidhthe, is follus chum deagh-
chomaoine a dhéanamh agus le teacht le toradh go bórd
an Tighearna nach fuláir do dhuine bheith glan ornáideach.
Tugaid aire speisialta do'n dá fhocal so a chialluigheas
mórán. Adeirim ar dtús nach fuláir a bheith glan, 'sé sin,
nach fuláir a bheith saor ó'n uile pheacadh mharbhthach
ar a dtugamaid stáid ghrás na sábhála nó stáid na
neamh-chionnta, leasuighthe le h-aithrighe fhírinneach; ní
fuláir dhó sásamh do thabhairt uaidh ins gach droich-ghníomh
dá ndearna sé roimhe sin, 'sé sin, sásamh agus coimh-
líonadh do dhéanamh ins gach nídh do fuair sé, nó do bhí
aige go neamh-dhlisteanach, sásamh a dhéanamh i gcuid


L. 132


agus i gclú na gcomharsan, síothcháin agus réidhteach a
dhéanamh le n-a eascáirde go fírinneach agus ó chroidhe,
agus muna raibh sé i n-acfuinn nó i gcoingheall na
neithe seo do choimh-líonadh, ní fuláir dhó, an chuid as
lugha dhe, a bheith ar aigne a gcoimh-líonadh chomh luath a's
is féidir leis; cuirim leis seo nach fuláir dhó a bheith
tuigsionach, eolgasach go leor i bpríomh-phointí a chrei-
dimh, i bpríomh-dhualgais a shligheadh beathadh agus sin i
bpéin droch-chomaoine naomh-aithisighe do dhéanamh.
Tugaidh fá deara créad adeirim, a dhearbhráithreacha;
má tá sibh i n-aineolas nó cionntach i n-aon mhilleán
de'n tsórt so, ní lia faoisdin agus comaoin do-ghnídh
sibh 'ná dia-mhaslughadh, ar mhodh go bhfuil sé d'ualach
oraibh tar éis eiséirghe as an aineolas soin faoisdin
gheinearálta do dhéanamh agus sin ar feadh na h-aimsire
do rinneabhar comhnaidhe ann; gan soin níl sábháil
'nbhur gcionn. Brathaim go bhfuil sé d'oibliogáid orm
seasamh ar an bpointe seo de bhrígh go bhfuil fhios agam
go bhfuil mórán daoine 'san aineolas tubaisteach mhío-
ádhbharach so, agus ar an ádhbhar soin, ar an gcasán díreach
go h-ifrionn.



'Sa dara h-áit, chum deagh-chomaoine a dhéanamh ní
fuláir a bheith ornáideach, 'sé sin le rádh, a bheith lán de
shubhailcíbh críostamhla; mar atá, creideamh, dóchas,
carthannacht, umhlacht, measardhacht, geanmnaigheacht agus
mar soin, a ghnídheas suas an stáid sona sin ghrása na
sábhála. I dtaobh na gcoingheall eile as riachtanach, i
dtaobh na colna, atá 'fhios ag an uile dhuine nach fuláir
a bheith ar céadlongadh ó mheadhón-oidhche amach, 'sé sin,
gan éin-nídh d'ithe ná d'ól mar oileamhain, mar leigheas,
ná ar mhodh ar bith eile. Arís go mbadh cheart do
dhuine é féin do chórughadh go néata, glan do réir a
acfuinne agus a shligheadh beathadh. Tá 'fhios ag an


L. 133


uile dhuine, mar an gcéadna, nach fuláir teacht chum na
comaoine naomhtha le modhamhlacht, le h-urraim agus le
fómós ró-mhór, le h-eagla coimh-mheasgtha le dánacht
agus le dian-dúil choimh-cheangail le h-Íosa Críost.
Ag sin, a chríostaidhthe, na coinghill badh cheart nó badh
chóir do dhuine a thabhairt leis go bórd an Tighearna.
Cuarduighidh sibh féin ar an ócáid seo. Sgrúdaighidh bhur
gcroidhthe agus bhur gcogcubhais. Féachaidh an raibh na
coinghill bheannuighthe seo agaibh 'san aimsir d'imthigh
tharaibh, nó an bhfuil sibh ar aigne dícheall do dhéanamh a
mbeith agaibh as so suas. Iar dteacht chum comaoine
dhíbh, atá sé deimhneach chum so a dhéanamh nach fuláir do
dhuine duadh agus trioblóid do ghlacadh air; agus fós
coimh-éigean do dhéanamh air féin. Gidheadh, ar an dtaobh
eile, atá an sochar agus an tairbhe tharraingeochaidh sibh
as an gcomaoin, le í a dhéanamh ar dheagh-stáid, do-
aithriste, do-chuimsighthe, óir is í an deagh-chomaoin maith
as mó agus as tábhachtaighe dob'fhéidir libh d'fhaghbháil
ar an saoghal so. Is urradh nó geall í leis an mbeatha
shíorraidhe. Do-bheir sí iomadamhlacht grása agus
tiodhlaicthidhe beannuighthe orainn. Líonann sí sinn le
neart agus le meanmna chum ár ndualgais do choimh-
líonadh chum seasaimh amach go cródha i n-aghaidh gach
cathughadh agus buaidhreadh dá gcuirtear orainn, agus
chum buadh a bhreith ar náimhdibh uile ár sláinte síorraidhe.
Baineann sí ár dtaithneamh de'n tsaoghal, dá mhaitheas,
agus dá mhaoin bhréagaigh, dá onóir agus dá ghradam,
dá aiteas agus dá aoibhneas. Neartuigheann sí sinn
'nár laige, cuireann compórd orainn 'nár mbuaidhreadh,
cuidigheann linn 'nár dtrioblóidíbh, agus 'nár n-éag-
cruas. Soillsigheann sinn 'nár ndorchadas, agus 'nár
n-aineolas, agus, níos mó 'ná soin go léir, coimh-
cheanglann go h-inmheadhónach sinn le h-Íosa Críost ar


L. 134


mhodh nach mbíonn ionainn i gcáilidheacht acht aon phearsa
leis.



'Sé ár Slánuightheoir beannuighthe féin a mhúineas an
fhírinne chompórdamhail seo dhúinn 'sa tSoisgéal mar a
n-abrann sé: Qui manducat meam carnem et bibit
meum sanguinem, in me manet et ego in illo. "An té
itheas mo chuid feola agus ólas mo chuid fola, comhnuigh-
eann ionam-sa agus mise ann-san" (Eoin vi.57). Ó,
a mhaitheas agus a thrócaire do-aithriste Dé. Ó, a fhéile
gan teora! Ó, a charthannacht do-chuimsighthe! As so, a
dhearbhráithreacha, is furas an mhuinntir a dhéanas
deagh-chomaoin d'aithin; óir má's fíor, ó's fíor gan
chontabhairt, go dtigeann an Slánuightheoir chum comh-
naidhthe ionnta tré dheagh-chomaoin a dhéanamh, ní bhíonn
malairt riaghlacha ná smaointe aca acht riaghlacha agus
smaointe Íosa Chríost féin. Labhraid siad mar é agus
gníomhuighid siad mar é. Féachaidh, a chríostaidhthe, an
bhfuil an nídh mar so dá bhur dtaobh-sa agus do chífidh
sibh go glinn, soiléir fírinne a ndubhart libh. Anois, a
dhearbhráithreacha ionmhuine, tar éis maitheasa agus
toraidh na deagh-chomaoine do thaisbeánadh dhíbh, is mithid
nídh éigin a rádh libh ar an droch-chomaoin, agus a thais-
beánadh dhíbh créad é an fuath agus an ghráin badh cheart
dúinn a bheith uirri, - nídh ar ar gheallas trácht 'sa dara
roinn.



AN DARA ROINN
Cibé ar bith slighe 'na nglacaim an droch-chomaoin,
ní fheicim innte acht cúis eagla agus uathbháis; agus
chum fios nó solus beag éigin a thabhairt díbh uirri, ní
fuláir é d'aithris díbh cionnas adeir an Spiorad Naomh


L. 135


féin uirri 'san Sgríbhinn Diadha. Múineann sé dhúinn
ar dtús go n-itheann agus go n-ólann an té ghlacas an
chomaoin ar dhroch-stáid, a bhreitheamhnas féin, 'sé sin le
rádh, a dhamaint shíorraidhe féin. 'Sa dara h-áit, go
ndéanann é féin cionntach i bhfuil agus i bhfeoil Íosa
Chríost. 'Sa tríomhadh h-áit go nuaidh-chéasann agus go
nuadh-bhásuigheann an Slánuightheoir grádhmhar .i. a Dhia
agus a Fhuasgaltóir. Créad as uathbhásaighe 'ná sin,
a chríostaidhthe? Nach leor é chum sgannradh agus
crith-eagla a chur orainn agus a chur d'ualach orainn
dícheall do dhéanamh gan tuitim i dtubaist ná i mío-
dhóchas chomh mór soin. Ar dtús itheann agus ólann an
peacthach a ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid a bhreithe-
amhnas agus a dhamaint shíorraidhe féin. Qui manducat
et bibit indigne iudicium sibi manducat et bibit, etc.(1
Cor.xi.29). An dtuigeann sibh, a dhearbhráithreacha,
éifeacht na bhfocal soin? Créad a chialluigheas nídh
d'ithe nó d'ól? Cialluigheann ár mbeatha agus ár
n-oileamhain do dhéanamh de, cialluigheann, adeirim, é
d'iompódh 'nár mbrígh agus 'nár substaint féin, óir
iompuigheann an bheatha chaithimid i bhfuil agus i bhfeoil,
agus déanann suas roinn ár gcolna. Mar an
gcéadna, cialluigheann duine d'ithe agus d'ól a bhreithe-
amhnais féin, é d'iompódh 'na shubstaint féin agus chum
a bheith 'na roinn dhílis dá cholainn go nádúrtha; agus
ar nós nach féidir le duine an bheatha nó an oileamhain
a chaitheann sé do sgaramhaint leis tar éis a díleaghála,
mar an gcéadna, nuair a bhíonn sé de thubaist agus de
mhío-ádh ar dhuine a bhreitheamhnas d'ithe le comaoin dia-
mhasluightheach, ní féidir leis, ag labhairt go coitcheann,
é féin do tharraing uaidh, 'sé sin le rádh, gur ró-dheacair
dhó a dhéanamh; fós nach fuláir míorbhail ó láimh Dé uile-
chomhachtaigh chum a thabhairt tar a ais.


L. 136


'Sa dara h-áit, an peacthach a ghlacas comaoin ar
dhroch-stáid, déanann sé é féin cionntach i bhfuil agus i
bhfeoil Íosa Chríost do thruailliughadh. Níl amhras ar
domhan ná gur coir ró-uathbhásach neithe coisreagtha ar
bith do thruailliughadh, óir 'sa' tsaoghal so féin do
chídheann sibh go ndóightear agus go loisgthear an
mhuinntir a bhíos cionntach i ngoid soitheach coisreagtha, i
mbriseadh nó i robáil teampall agus i n-earráidíbh
eile de'n tsórt soin. Acht dá mbéadh duine chomh
malluighthe sin agus sacramaint bheannuighthe na h-altó-
rach - na h-Abhlanna beannuighthe fá n-a bhfuil corp
ion-adhraighthe Dé agus duine - do chur fá n-a chosaibh nó
do chaitheamh 'sa múnlach, fiafruighim dhíbh cad é an pionós
nó an bás do cheapfadh sibh dó? Ar a shon soin tá sé
cinnte gur mó an masla do-bheir an té ghlacas an
chomaoin ar dhroch-stáid d'Íosa Críost, 'ná sin go léir,
de bhrígh gur mó fuath an tSlánuightheora bheannuighthe
d'anam nó do chogcubhas truaillighthe le cortha déisti-
neamhla 'ná do neithibh saoghalta dá ghráineamhlacht. I
n-aon fhocal, cad é an ghráin agus an t-uathbhás do Dhia,
tobar an uile ghlaine agus an uile naomhthachta, é féin
d'fheicsint i mbéal truaillighthe le briathra barbardha,
le mionna agus le móide, le mallughadh agus le dia-
mhaslughadh, b'fhéidir ar theangain truaillighthe le
monabar agus le cúl-chainnt; i ngoile mhío-órduighthe le
neart meisge agus póitireachta atá 'na sheamlas agus
'na charn-aoiligh, lán de bhréantas, de shainnt, de
dhíoghaltas agus de'n uile locht dá ghráineamhlacht agus
dá dhéistinighe, as fuathmhaire leis 'ná uaimh lán de
dhreoighteacht agus de bhréantas. Ó créad é uathbhás
agus gráineamhlacht na droch-chomaoine! Fiafruighim
dhíbh-se an féidir a shamhail do chlos gan crith-eagla agus
uathbhás? Ar a shon soin, tá so uile, fáiríor, fírinneach.


L. 137


'Sa tríomhadh h-áit, an peacthach a ghlacas an chomaoin
ar dhroch-stáid nuaidh-chéasann agus nuadh-bhásuigheann
sé Íosa Críost, 'sé sin, tugann sé an masla céadna
dhó, agus déanann é féin chomh cionntach agus dá
dtairngéaladh sé an ath-uair do chroich é. Cia chreidfeadh
so muna mbéadh go ndeimhnigheann an Sgríbhinn Diadha
dhúinn é? As so is léir linn go n-ath-nuadhann an
peacthach leis an droch-chomaoin naomh-aithiseach, dia-
mhasluighthe sin páis agus peannaid Mhic Dé go h-uile
ar an ádhbhar go ndéanann cailleamhain agus ceilg-
mhéirleach ar Íosa Críost ar nós Iúdás, buaileann sé
ar an gcluais é, gabhann de chrain-tseilí 'na éadan,
sgiúrsálann é, cuireann coróin deilgneach ar a cheann
agus tairngéalann an ath-uair do'n chroich é. Is é an
peacthach féin a choimh-líonas an tiomna uathbhásach
truaigh-mhéileach sin ar mhodh gur féidir linn a rádh go
dána mar aon leis na Dochtúirí Naomhtha gur cionntaighe
an mhuinntir a ghlacas an chomaoin ar dhroch-stáid 'ná
na Iúdaigh do chuir Íosa Críost féin chum báis, de bhrígh
gur tré ainbhfios do cuireadh chum báis é. Deimhnigheann
Naomh Pól dúinn dá mbéadh aithne aca air, nach gcuir-
fidís riamh chum báis é. Gidheadh, na droch-chríostaidhthe
admhálas gur ab é Íosa Críost a nDia, a máighistir
agus a n-áird-bhreitheamh; creideann siad go bhfuil sé
láithreach i sacramaint na h-altórach, adhrann agus
onórann é 'sa tsacramaint chéadna, agus ar a shon
soin masluigheann siad a phearsa ró-naomhtha ar an modh
as truaighleánta ar ar féidir cuimhneamh. Níor chuir
na Iúdaigh chum báis é acht aon uair amháin acht cuireann
na droch-chríostaidhthe chum báis é chomh minic a's a
ghlacaid an chomaoin ar dhroch-stáid. Do chuir na Iúdaigh
chum báis é nuair a bhí sé féin ullamh chum báis a d'fhulang
ar son an chinidh daonda; agus cuireann na droch-


L. 138


chríostaidhthe chum báis é 'na stáid ghlórmhair do-mharbhtha
agus nuair badh cheart dóibh a adhradh agus fómós a
thabhairt dó.



Ní féidir cuimhneamh ar choir an mhéirligh agus an
tréatúir Iúdás, easgaine agus díth an chinidh daonda,
gan crith-eagla agus uathbhás. Acht fiafruighim díbh nach
bhfuil na críostaidhthe a ghlacas an chomaoin ar stáid
pheacaidh mhairbh chomh cionntach leis an tréatúir mal-
luighthe sin nó fós, níos cionntaighe, óir 'sé baramhail
nár chreid Iúdás gur bh'é Íosa Críost Mac Dé nó má
chreid, gur mheas sé go saorfadh sé é féin ó n-a námhaid
gur mórán trioblóide ná duaidh. An áit n-a ndéanaid
na droch-chríostaidhthe cailleamhain agus ceilg-mhéirleach
ar an té admhálas siad a bheith 'na Dhia, 'na chruthuigh-
theoir, agus 'na áird-thighearna aca, nár chóir go mbéadh
eagla orra go ndéanfaidhe an díoghaltas céadna orra
do rinneadh ar an gcealgaire agus an méirleach soin?
Tá 'fhios agaibh uile, a chríostaidhthe, créad d'éirigh dhó,
agus créad an chríoch d'imthigh air. Ag so mar d'éirigh
dhó. Do thuit sé i n-éadóchas iomshlán, do chroch é féin
le neart buile, do réab agus do sgoilt a chlidhe, do
sgéithigh a ionathar as, agus d'imthigh a anam go fíor-
íochtar ifrinn.



Créad í mar chrích í seo do dheisciobal an tSlán-
uightheora? Déanann Dia go ró-mhinic díoghaltas 'sa
tsaoghal so ar an muinntir a mhasluigheas agus a
thruailligheas fuil agus feoil Íosa Chríost le pionós
agus le sgiúrsí saoghalta; mar atá, cailleamhain
buidhne, mío-chlú, tinneas, anacra agus báis obanna
truaigh-mhéileacha. Seo an nídh d'aithris Naomh Pól do
na Coirintianacha agus, fáiríor, a thuiteas amach go
ró-mhinic
'nár measg-na ar shon nach gcuirimid suim ná


L. 139


mothughadh ann. Gidheadh 'sé pionós atá ceaptha, gearrtha
amach do'n droch-chomaoin cruadh-chroidheacht, calcuightheacht,
agus neamh-aithrighe. I n-aon fhocal, damaint shíorraidhe,
óir iompuigheann an droch-chomaoin innte féin fá leith
goimh agus urchóid, mórán de na cortha as uathbhásaighe
agus as gráineamhla, óir is díombuidheachas 'sa gcéim
as áirde droch-chomaoin do dhéanamh, de bhrígh go ndéan-
amaid úsáid de'n mhaitheas as mó as féidir le Dia do
dhéanamh dhúinn ar an saoghal so chum an masla agus na
h-urchóide do dhéanam dhó as mó as féidir le duine
do dhéanamh. Is coir chomh uathbhásach soin í, a chríost-
aidhthe, nach cualathas riamh a samhail, de bhrígh go
ngabhann sí de chlaidheamh i gcroidhe a carad, a fir
pósda, a dearbhráthar, a díonuightheora, a h-athar ionmhuin
ceannsa. I n-aon fhocal, is í coir as malluighthe ar an
domhan í, de bhrígh go n-ionnsuigheann sí i bpearsain
Rígh na Ríghthe, Áird-Thighearna an uile nídh, agus ughdar
an uile bheannuigheachta. De na cortha dia-mhasluigheacha
is í seo as gráineamhla, de bhrígh go dtruailligheann sí
an nídh as beannuighthe 'sa gcreideamh. Is coir dia-
mharbhthach í, de bhrígh go nuadh-bhásuigheann sí Íosa Críost
atá 'na Dhia fhírinneach. Uch! créad é uathbhás, urchóid,
agus gráineamhlacht na coire sin. Créad é an chrith-
eagla, an t-anfadh agus an t-uathbhás badh chóir dhíbh a
bheith oraibh, a mhuinntir úd 'na raibh sé de mhío-adh tuitim
i gcoir chomh h-iomarcach, chomh gráineamhail sin? Ar a
shon soin go léir, ná déanaidh aithris ar an malluightheoir
cuiripe Iúdás. Ná tuitidh i n-éadóchas. Tá trócaire
Dé do-chuimsighthe, dá mhéid agus dá earráidighe bhur
gcortha. Is ceart díbh fós, súil a bheith agaibh le
maitheamhnas d'fhaghbháil ionnta ar choingheall go ndéan-
fadh sibh féin gach uile nídh as dual díbh. Gidheadh,
ná déanaidh moill ar domhan na meodhain do chur i


L. 140


ngníomh as riachtanach chum díoghaltais agus feirge
Dé do chur ar gcúl atá ar an mbuille chum tuitim
oraibh.



Ní h-uathbhásaighe a ndubhramar go dtí seo ar ghoimh
agus urchóid na droch-chomaoine 'ná na neithe eile a
shíolruigheas uaithe agus a leanas í, óir do-bheir sí trí
gnéithe báis léithe go ró-mhinic, bás corpordha, mar atá,
anbhás, nó bás obann, bás spioradálta, mar atá,
cailleamhain na subhailcí ndiadha, daille intinne, cruadh-
chroidheacht iomshlán, fuath agus mío-thaithneamh do neithe
spioradálta, claontacht chum an uile shórt urchóide
agus malluightheachta, agus fá dheoidh, an bás síorraidhe.
Dúnann sí an doras i n-aghaidh trócaire Dé, déanann
sí an aithrighe, nach mór, doi-dhéanta, an chuid as lugha
dhe, ró-eachrannach, ró-dheacamhlach le déanamh; acht 'sé
an nídh as prionnsapálta leanas uaithe go gcoimh-
cheanglann sí an té bhíos cionntach inntí le prionnsa
an dorchadais. Is é Íosa Críost féin adubhairt é, ag
labhairt ar Iúdás (badh chóir a thuigsint do'n uile dhuine
do dhéanfadh aithris air ins na h-earráidíbh agus 'sa
mhalluightheacht 'na raibh sé cionntach): "Atá aon 'nbhur
measg, ar ár Slánuightheoir beannuighthe, atá 'na
dhiabhal"; ionnas gur féidir a rádh le fírinne go
mbíonn an té ghlacann an chomaoin ar dhroch-stáid,
pósta, coimh-cheangailte leis na spioraidíbh ifrionda,
agus, dá bhrígh sin, roinn-pháirteach leo 'na n-urchóid,
agus 'na gcruadh-mhuinéalaighe, 'na bhfuath do Dhia uile-
chomhachtach - i n-aon fhocal, 'san uile dhroch-cháilidheacht
d'aistrigh iad ó a bheith 'na n-ainglibh chum a bheith 'na
ndiabhalaibh. As so is furas an mhuinntir a dhéanas
droch-chomaoin d'aithin tar chách, óir ar mbeith dhóibh d'aon
nádúir leis na diabhalaibh, nó fós 'na ndiabhalaibh i
bpearsain, ní féidir leo a dhéanamh acht oibreacha an


L. 141


diabhail agus na spioraidí malluighthe; nó ag labhairt
níos cinnte, is é an diabhal oibrigheas ionnta agus a
chuidigheas leo ar mhodh nach gnáthach 'na mbéal acht
briathra barbardha, mionna agus móide móra, easgaine
agus mallughadh, bréaga agus éitheach, monabar agus
cúl-chainnt. Tá a gcroidhthe lán le salchar an phea-
caidh, a n-intinn agus a smaointe tógtha suas go
h-iomshlán le h-iomadamhlacht de chusbóirí agus de
neithe mío-chlúmhla, náireacha. I n-aon fhocal, tá a
mbeatha go h-iomshlán i mío-órdughadh iongantach,
truaigh-mhéileach.



Sgrúdaighidh sibh féin, a chríostaidhthe, ar an ócáid seo,
agus féachaidh cionnas do chaith sibh bhur mbeatha go nuige
seo. Féachaidh créad adeir bhur gcogcubhas féin libh air.
B'fhéidir go ndéarfadh sibh liom go bhfuil an nídh seo ró-
fhánach; mo chreach nach raibh sé fánach! Acht, fáiríor,
níl sé acht ró-ghnáthach agus ró-choitcheann mar is follus
chum a bheith sásta deimhneach dhe. Bíodh 'fhios agaibh go
bhfuil dhá chinéal dia-mhasluighthe ann. An céad chinéal
déantar tré urchóid, an dara cinéal tré mhearbhall
agus tré ainbhfios. Is follus go mbíonn an mhuinntir
a ghlacas corp naomhtha an Tighearna go feasach ar
dhroch-stáid cionntach i ndia-mhaslughadh tré mhiosgais
agus tré urchóid. Is díobh-so an mhuinntir úd a bhíos
deimhneach iad féin a bheith ar stáid pheacaidh mharbhthaigh
agus a thigeas go clár na comaoine gan faoisdin do
dhéanamh, nídh, fáiríor, atá ró-choitcheann; is díobh-so an
mhuinntir úd ar ar eitigheadh an absolóid, agus a
thigeas ar a shon soin go dána, diablaidhe go bórd an
Tighearna, a thuiteas amach níos mionca 'ná as dóigh le
daoine é. Agus fá dheoidh, is díobh-so an mhuinntir úd a
gheibheas an absolóid acht a cheileas a bpeacaidhe 'sa
bhfaoisdin, a chuireas bréig-riocht nó a cheileas gnéidh-chomharthaí


L. 142


éigin aistrigheas cinéal agus nádúir an
pheacaidh. Gidheadh, is iad daoine as mó bhíos cionntach
'san ndia-mhaslughadh urchóideach so, na h-aithrigheacha
bréagacha a dhéanas faoisdin ghlan, acht nach n-aistri-
gheann a mbéasa, nach ndéanann aithrighe ar bith, nach
seachnann siocair nó ócáidí an pheacaidh, nach bhfuil,
adeirim, i n-aigne coimh-líonadh do dhéanamh i gcuid
ná i gclú na gcomharsan 'ná síothcháin do dhéanamh
le n-a námhaid - so iad, a chríostaidhthe, an mhuinntir
as mó bhíos cionntach 'sa ndia-mhaslughadh urchóideach
so.



Teilgimíd sinn féin indiu, a chríostaidhthe, i bhfiadh-
naise ár Slánuightheora, agus impidhimíd air gan bás a
thabhairt dúinn ar an stáid ghráineamhail sin, abramaoid
d'éan-ghuth: "A Thighearna agus a Íosa Chríost, sleach-
tamaoid sinn féin 'do láthair, admhálamaoid sinn féin
cionntach, agus iarramaoid maithmheachas ort 'san uile
mhasladh ghráineamhail a thugamar dod' chuid fola, agus
dod' chuid feola fíor-uaisle ó thionnsgnadh an tsacra-
maint bheannaighthe sin na h-altórach. Toirmisg orainn,
a Thighearna, agus coisg sinn ó thuitim go bráth i mío-
fhortún agus i dtubaist chomh mór soin, tabhair bás a
chéad uair dhúinn. A Shlánuightheoir, ná leig dúinn
teacht i ngar dod' chlár bheannaighthe gan a bheith glan,
oireamhnach do réir d'oidis agus d'órdaighthe dhúinn.
Cuir d'ualach orainn teacht chuige leis na coinghill
bheannuighthe as riachtanach dó, le cogcubhas glan gan
teimheal, le h-anmanna tuillte de'n uile shubhailce, le
dian-dúil coimh-cheangail leat, ionnas nach bhfuighimíd
ár mbás ann, 'sé sin ár mbás nó ár ndamaint shíor-
raidhe; acht 'na aghaidh sin, go bhfuighimíd ár mbeatha ann
.i. ár mbeatha shíorraidhe do réir do gheallamhnacha mórdha
féin dúinn. An nídh atáim ag iarraidh dhíbh-se agus


L. 143


dom féin. I n-Ainm an Athar agus an Mhic agus an
Spioraid Naoimh. Amén.



Ar na sgríobhadh le Seaghan Ua h-Úghbhair do'n
Dochtúir Diadha Seaghan Ua Murchadha, Easbog
Chorcaighe ag Mainistir na Manach i gCorcaigh,
1817.



Sírim beannacht an léightheora.


L. 144


B 1840ls 19L



Seanmóir a Naoi.
Páis agus Bás ár dTighearna.
(Aoine an Chéasta).
Christus dedit semetipsum pro nobis, ut nos redimeret ab omni
iniquitate, et mundaret sibi populum acceptabilem, sectatorem
bonorum operum.
"Do thoirbhir Críost é féin ar ár son, ionnas go bhfuasglóchadh sé
sinn ó'n uile olc, agus go nglanfadh sé sinn mar phobal ró-thaith-
neamhach agus mar lucht leanamhna dhó féin." Briathra Phóil Abstal
'san dara caibidil de'n eipistil chum Títus, rann a ceathair-
déag.



Is iongantach, uathbhásach, a cháirde, an taisbeánadh
adeir an fáidh Isaias do fuair sé féin ar Dhia mhór
na n-uile chomhacht: Vidi Dominum sedentem super solium
excelsum et elevatum. Seraphim stabant super illud:
sex alae uni et sex alae alteri: duabus velabant faciem
eius duabus velabant pedes eius et duabus volabant.
"Do-chonnaic mé," adeir sé, "Dia 'na shuidhe i gcathaoir
áird, aoibhinn, agus an t-órd ainglidhe dá ngoirthear
Seraphím ar an gcathaoir 'na thimcheall, sé sgiatháin ar
gach aingeal díobh, dhá sgiathán díobh sin ag folach a ghnúise
agus a aighthe, agus dhá sgiathán ag folach a chos, agus
gan comhnuidhe orra acht dá mholadh agus dá onórughadh"
(Isaias vi.1-2). Nuair do-chonnaic an fáidh beannuighthe
seo sin, adubhairt sé leis féin: Vae mihi, quia tacui,
quia vir pollutus labiis ego sum (Isaias vi.5). "Is
mairg damh-sa nach bhféadaim labhairt ná Dia do mholadh


L. 145


de bhrígh nach bhfuil mo bhéal glan." Agus an tan thug
sé an masla dhó féin deirtear go dtáinig aingeal dá
ionnsuighe agus caor dhearg i mbéal teanchaire aige i
n-a láimh, agus d'iompuigh sé an chaor istigh 'n-a bhéal,
ar mhodh go ndearna sé diongmhálta é chum Dia do
mholadh.



A cháirde ghrádhacha, do-chímid-ne an Dia céadna úd
indiu, Íosa Críost, ár Slánuightheoir. Ní 'na shuidhe i
gcathaoir ghlórmhair atá sé, acht i n-a sheasamh ar trí
tairngíbh i gcrann na croise. Ní sgiatháin aingeal
do-chím ag folchadh a ghnúise agus a aighthe, acht é lán de
smugaidhibh na gceithearnach ndiablaidhe, malluighthe, agus
cóta amadáin air ag folchadh a chuirp agus a chos, ag
gabháil 'na bhall magaidh agus fonmhóide tré chathair
mhóir Ierúsalem, agus an cóta sin ag teangbháil fá n-a
chosaibh, dá leagadh ar a bhéal agus ar a shróin i lathaigh
agus i lábán na sráide. Ní foghar ainglidhe do-chluinim
ag teacht i n-a thimcheall ag rádh: "Is naomhtha, naomhtha,
naomhtha ainm an Tighearna, Dia na sluagh," acht fuaim
agus briosgarnach alt chuirp mo Shlánuightheora dá dtar-
raing as cuibhreach a bpréamh agus a bhféitheach leis an
síneadh tugadh air i gcrann na croiche. 'Sé nídh do-
chluinim urlabhra na n-órd ag bualadh bara, cosa, agus
troighthe mo Slánuightheora ag an g-cineadh Iúdaigheach ag
rádh gan stad: Tolle, Tolle, crucifige eum (Eoin xix.
15). "Tóg, tóg, croch, croch, buail, buail, raob, raob,
marbh, marbh an bitheamhnach." Ní coróin ghlórmhar
do-chím fá n-a cheann, acht coróin spíne .i. dornán
mór de dheilgníbh géara ag polladh a chinn go cnámh
agus go h-inchinn. Ní h-é an taisbeánadh a fuair
Peadar, Séamas, agus Eoin ar Shliabh Tábor, an áit a
dtáinig Maoise agus Eilias 'na gceann, agus do
chonnacadar ár Slánuightheoir lán de dheallramh agus


L. 146


de ghlóire. Et resplenduit facies eius sicut sol, vesti-
menta autem eius facta sunt alba sicut nix ... Et
ecce vox de nube, dicens: Hic est Filius meus dilectus,
in quo mihi bene complacui: ipsum audite. "Agus do
lonnruigh a aghaidh mar an ngréin agus do déineadh a chuid
éadaigh bán mar an sneachta ... Agus féachaidh,
tháinig guth ó neamh ag rádh: "Is é seo mo Mhac dílis do ró-
thaithnigheann liom; éistidh leis-sean" (Matha xvii.2-5).
Do-chím indiu, ní h-é deallramh na glóire nó na gréine
i n-a ghnúis, acht dath an ghuail agus é 'n-a chnocaibh
dubha agus gorma. Ní h-é Maoise ná Eilias do-chím
ag teacht 'na thimcheall, acht bitheamhnach ar gach gualainn
de agus eisean mar threas bitheamhnach i n-a lár nó eatorra
istigh. Do-chluinim é féin go truaigh-mhéileach, bocht, ag
gol ar an Athair síorraidhe agus ag iomchasaoid fá n-a
fhágbháil go brónach 'n-a aonar ar mhodh go gcualaidh
neamh agus talamh an screadach chruaidh chráidhte do leig sé
as, ag rádh: Deus meus, Deus meus, ut quid dereliquisti
me. "A Dhia! Ó! a Dhia, créad fá'r thréig agus ar
shéan tú mé indiu i n-aimsir mo riachtanais agus mo
dhoghrainne" (Matha xxvii.46). Ní chluinim guth an
Athar ag teacht ós a chionn dá admháil mar Mhac dó féin
mar do rinne ar Shliabh Tábor; acht is é nídh do-chluinim
indiu ar Shliabh Calbharí ag an g-cineadh Iúdaigheach:
Vah, qui destruis templum Dei, et in triduo illud
reaedificas, salva temetipsum; si Filius Dei es, descende
de cruce. "Fuch! Fuch! Fút a bhitheamhnaigh, nach tú
adubhairt go leagfá Teampall Dé agus go g-cuirfeá
suas arís i dtrí laethe é? C'áit a bhfuilid do chomhachta
anois? Sábháil tú féin, a bhochtáin. Tuirling as an
g-croich sin, má tá comhachta Mhic Dé agat" (Matha
xxvi.40).



Do-chím an ceathair-dhúile mar aon leis seo ar


L. 147


criothnughadh, na carraigeacha ag scoltadh, na cuirp
marbha ag éirghe as tuambaidhe, agus an saoghal uile i
n-aoin mheall cheoigh agus deataigh le h-uathbhás fá bhás
agus fá pháis mo Shlánuightheora, ar mhodh gur féidir
liom-sa a rádh mar dubhairt an fáidh Isaias: Vae mihi,
quia tacui, quia vir pollutus labiis ego sum (Isaias vi.
5). Mairg damh-sa, darab éigean bheith im' thocht de
bhrígh nach dtig liom stair páise mo Shlánuightheora do
chur i gcéill! Is mór do bhéadh d'fheidhm orm an tean-
chair úd do tháinig fá dhéin Isaias do theacht chugam, do
ghlanfadh mo bhéal sul rachainn do chuardughadh na neithe
seo romham, go speisialta de bhrígh nach bhfuil fhios agam
cia ar a dtiubhrad m'aghaidh indiu ag iarraidh congnaimh
grás. Ní h-ionntaoibh dham, dar leat, an t-Athair
neamhdha do thaisbeáin an oiread sin de dhroch-aghaidh dá
Aon-Mhac, gé gur dhoirt sé allas fola i n-a fhiadhnaise,
agus gur ghuidh sé é trí h-uaire 'san ngáirdín ag
iarraidh cailís na páise do chur thairis: Pater mi, si
possibile est, transeat a me calix iste. "A Athair, má's
féidir é, deonuigh an chailís seo do chur tharm" (Matha
xxvi.39). Agus níor bh'áil leis aon fhocal furtachta
do thabhairt dó. Is deacair dham aghaidh do thabhairt ar
an Mac féin, óir ní fhuil duine ar bith as mó atá i
bhfeidhm furtachta 'ná é féin, agus gan é dá faghbháil. Ní
furas dam aghaidh do thabhairt ar an Spiorad Naomh le
h-acmhuinn d'iarraidh air, óir is é furtacht thug sé do'n
dara pearsain de'n Tríonóid: Nec cogitatis quia
expedit vobis ut unus moriatur homo pro populo et non
tota gens pereat .i. "Is córa aon duine amháin do chur
chum báis 'ná cách uile do dhamhnughadh" (Eoin xi.50).
Is deacair dham aghaidh do thabhairt ar na h aingil, óir ní
fhuil siad féin acht ag gol agus ag gártha agus ag
gairm coimirce. Is ró-annamh taobhuigheas seanmóiridhthe


L. 148


ar bith Muire Mháthair féin indiu mar as gnáth ar
uairibh eile, de bhrígh gur deacair athchuinge d'iarraidh
ar mhnaoi bhoicht mar í ar thórramh a h-Aoin-Mhic. Ní
raibh Muire againn riamh go dtí an uair i n-ar céasadh
é acht i n-a h-eochair le h-aghaidh soightheach óir-chiste na
ngrás d'fhosgailt, mar adeir an buabhall milis-bhriath-
rach San Bearnard: Nihil nobis Deus voluit dare nisi
per manus Mariae transveniret. "Níor bh'áil le Críost
aoin tiodhlaicthe do leigean chugainn acht tré lámhaibh na
Maighdine Muire." Maise, ní fhuil riachtanas againn
indiu leis an eochair seo, mar deir an Bearnard
céadna. Quia clavus penetrans factus est clavis reserans.
Do rinneadh eochair de na tairngíbh do buaileadh i
gcosaibh agus i lámhaibh mo Shlánuightheora agus de'n
tsleagh le'r fosgladh a thaobh agus do leigeadh óir-chiste
na ngrás béal suas fá'n saoghal; ar mhodh, dar leat,
ní fhuil eochair de riachtanas orainn; óir nuair bristear
arc nó cófra ní fhuil eochair de riachtanas ar aon duine
chum aoin nídh dá bhfuil istigh ann do bhuain as. Maise,
do briseadh cófra cuirp an Choimhdheadh indiu. Níor
fágadh aon bhall slán 'san arc naomhtha seo na ngrás
.i. Críost, ár Slánuightheoir, mar adeir Isaias 'san
chéad chaibidil: A planta pedis usque ad verticem capitis
non est in eo sanitas ( Rann 6). Atáid ná grása béal
suas ar mhodh, dar leat, nach bhfuil riachtanas againn le
Muire mar eochair, gidheadh, d'aimhdheoin a ndubhairt mé,
ní leigfidh mé dhíom aghaidh do thabhairt ort indiu, a
Mhuire, de bhrígh dar ndóigh, nach ndiúltóchaidh tú sinn
fá impidhe do chur ar t-Aoin-Mhic grása do dhéanamh
orainn agus fá chuidiughadh deor le d'Aon-Mhac milis
do chaoineadh; agus, dá bhrígh sin, leigimis uile sinn
féin ar ar nglúinibh, agus abramaois fáilte an aingil
Gabriel do Mhuire: Ave Maria, etc.


L. 149


Christus dedit semetipsum pro nobis, ut nos redimeret
ab omni iniquitate, et mundaret sibi populum accepta-
bilem sectatorem bonorum operum. "Do thoirbhir Críost
é féin ar ár son, ionnas go bhfuasglóchadh sé sinn ó'n
uile olc, agus go nglanfadh sé sinn mar phobal ró-thaith-
neamhach, agus mar lucht leanamhna dhó féin" (Títus ii.
14). Is mó an meas, a cháirde, bhíos idir dhaoine glice
nó críonna ar an intinn le n-a dtugann duine tiodh-
laicthe nó tabhartais uaidh, 'ná an meas badh chóir do
bheith ar an nídh féin; de bhrígh gur mó an buidheachas
do bhéadh ag an uile dhuine críonna nó céillidhe
ar thiodhlaicthibh dá laighead do gheobhadh sé le deagh-
thoil nó le deagh-aghaidh, 'ná ar bhronntas dá mhéad
do gheobhadh sé go diúltuightheach nó go ceasachtach.
Dá bhrígh sin, níor leor le Críost, ár Slánuightheoir,
a dtug sé de thiodhlaicthibh riamh do'n chineadh daonna
ó thosach chruthuighthe an domhain go dtí an lá 'n-ar
síneadh ar chrann na croise céasda é, gan a bhás
agus a bheatha do thabhairt ar ár son; agus d'eagla go
sílfidhe nach le deag-thoil nó le deagh-aghaidh do bhéarfadh
sé a bhás ar ár son, d'fhógair an bollscaire beannuighthe,
Dochtúir na g-Cineadhach agus searmóntuidhe na Fírinne
.i. Pól, ag rádh de ghuth árd, mhór, sholus-ghlan: Christus
dedit semetipsum pro nobis. "Do thoirbhir sé é féin
ar ár son de dheoin a chroidhe agus a intinne," amhail a
déarfadh sé go soiléir: "An bhfuil a fhios agaibh, a
shíol Ádhaimh, céard é an t-ádhbhar ar theith Críost do'n
Eigipt agus nár fhulaing sé an bás ar bhur son nuair do
bhí an Rígh Ioruaidh dá iarraidh sul d'fhág sé a chliabhán
nó a chrios ceangail? An bhfuil a fhios agaibh céard é
an t-ádhbhar nár fhulaing sé do na prionnsaíbh nó do
sgríobhnóiríbh an phobail a ghabháil agus a mhionca do
chuireadar chuige? Aon ádhbhar amháin go geinearálta do


L. 150


bhí aige leis. Nondum venit hora mea (Eoin ii.4); de
bhrígh nach dtáinig an uair ar mhithid leis bás d'fhulang.
Gidheadh, indiu, - Sciens Iesus quia venit hora eius, ut
transeat ex hoc mundo ad Patrem (Eoin xii.1), do bhí a
fhios aige indiu go dtáinig an uair ar mhithid dó bás
d'fhulang, flaitheamhnas d'osgladh, agus cineadh daonna,
do bhí le h-ucht an dorais tuilleadh agus ceithre míle
bliadhan, do leigean isteach. Dá brígh sin, ionnas gur
mhóide bhur m-buidheachas ar Chríost adeir Pól: Dedit
semetipsum pro nobis. "Do thoirbhir sé é féin de dheoin
a chroidhe agus a intinne ar ár son." Ó! a cháirde, is
aidhbhéil méad an ghrádha so agus na trócaire do
thaisbeáin ár Slánuightheoir dhúinn 'san toirbhirt naomhtha
so do rinne sé air féin do lámhaibh a námhaid ar ár son,
óir i n-aimsir na toirbhirte seo do bhí a fhios aige go
maith go g-coimh-líonfadh sé gach aithis agus imdheargadh,
gach masla agus gach mío-mhodh, gach páis agus gach pionós
dár reamh-ráidheadar na fáidhe do theangmháil dó, mar
admhuigheas sé féin ag Lúcás Soisgéalaidhe: Ecce
ascendimus Ierosolymam, et consummabuntur omnia
quae scripta sunt per prophetas de Filio hominis.
"Féachaigh, atáim ag dul go h-Ierúsalem ionnas go
dtiocfadh briathra an fháigh isteach dom' thaobh-se" (Caib
xviii.Rann 31). Do chuir sé, dá bhrígh sin, beirt de na
h-abstalaibh chum na cathrach ag rádh an cháisg d'ull-
mhughadh roimhe féin agus an suipéar déidheanach.



Adeir an t-Athair naomhtha Bonaventura gur fhan
Críost amuigh, an feadh do bhí siad sin istigh, ag caint
le n-a Mháthair, ag rádh mar seo: "A Mháthair ró-mhilis,
ní fhuil amhras agam-sa 'san méad d'fhulaingis ar mo
shon le trí bliadhna déag ar fhichid i dtíorthaibh fuara,
coimhightheacha, ag teitheamh liom ó áit go h-áit, dom' dhíon
ar inghreidhm, ar bhuadhairt, ar líontaibh agus ar chealgaibh


L. 151


mo námhad; dá brígh sin, ní fhuilim-se chomh díom-
buidheach sin nach admhuighim méad na h-oibliogáide do
chuir tú orm. Anois, a bhuime agus a Mháthair, bíodh a
fhios agat go dtáinig an uair do réir tola m'Athar
'n-ar cóir damh-sa bás agus páis d'fhulang ar son na
h-Ádhamh-chloinne. Do-chífidh tusa, dá réir seo, mise
i mbárach ar atharrach cuma agus ceangailte mar
bhitheamhnach le rópaíbh ró-righne, cruadha, caola, cnáibe,
go leor dorn dá mbualadh orm; coróin spíne ar
mhullach mo chinn agus mé dom' chéasadh mar rógaire.
'Na dhiaigh seo chífidh tú marbh mé idir do dhá láimh féin,
agus gan comhachta agat furtacht ar bith do thabhairt
dam. Dá bhrígh sin, ar an ádhbhar gurab é seo mo
chomhrádh déidheanach leat, tabhair dam do bheannacht,
agus guidhim thú as ucht m'Athar, bheith foighdeach agus do
thoil do chur do réir tola m'Athar, fá bás d'fhaghbháil
damh-sa ar son an chinidh daonna." d'fhreagair Muire
é ag rádh: "A Mhic mh'anma agus mo chroidhe, a dhalta
m'uchta agus áilleáin mo shúl, agus a shúgh mo chíoch,
d'umhluigh riamh do do Mháthair; a chompánaigh agus a
chuideachta, is truagh liom-sa an riocht sin i n-a mbéidh
tusa. Ní féidir, a Mhic na ngrás, go bhfeicfidh na
súile seo agam-sa tusa ar do shíneadh i gcrann na páise
agus tairngidhe ceann-gharbha ag réabadh do bhall, agus
tabhair anois bás dam sul do-chífead sin. Agus de
bhrígh go bhfuil fios méad do chumais agam, fuasgail an
cineadh daonna ar shlighe éigin eile, agus gan do bhás
do thabhairt agus mo bhás-sa mar aon leat. Má órduigh
an t-Athair neamhdha do bhás ó'n tsíorraidheacht mar
dhíolaidheacht ar son cionta na ndaoine, fagh bás gan
pian, gan céasadh, gan crochadh."



d'fhreagair Íosa í ag rádh: "Ní fhuil amhras, a
Mháthair, gur órduigh Dia mo bhás, agus, ionnas go


L. 152


gcoimh-líonfainn a thoil, go bhfaghad an bás as truail-
lighthe gur féidir do nádúir d'órdughadh; agus fós,
ionnas go gcuirfinn méad mo ghrádha ar an duine i
gcéill, go bhfulaingeochaidh mé an bás gráineamhail seo
ar a shon go foighdeach. Dá bhrígh sin, a Mháthair ró-
mhilis, bíodh an fhoighde ós cionn an uile shubhailce
agat-sa, an nídh atá de riachtanas go mór ort chum na
h-aimsire atá romhat." "A Mhic mo chíoch," ar sí, "ní
mise a bhéas go bráth contrárdha do thoil an Athar
shíorraidhe, agus ó's é a thoil-san do bhás mar dhíolaidhe-
acht ar son cionta na ndaoine, déanaim-se, mar an
gcéadna, ofráil ar do chorp daonna go toilteanach do
réir tola Dé; gidheadh, a Mhic na trócaire, is é do
chráidheas mo chroidhe go smior an fheoil dhiadha sin agat-
sa ag a dtug Dia le h-oibriughadh an Spioraid Naoimh
foirm dheagh-mhaiseach in mo bhroinn agus a dtug mé oilea-
mhain, bheith dá pianadh ar mhodhaibh éagsamhla im'
fhiadhnaise ag an gcineadh Iúdaigheach; agus, dá bhrígh
sin, ionnas go bhfaghainn pian mar aon leat, iarraim
d'athchuinge ort, as ucht a ndearna riamh do d'oileamhain,
mé féin d'fhulang páise mar aon leat i gcrann na
páise. Ní féidir nach mbéidh na tairngidhe le bpollfar
tusa, láidir fós, chum mise do chéasadh mar an gcéadna!
Ní féidir nach bhfaghaidh mise áit i n-éinfheacht i
gcrann na páise! Ní cuibhe dhuit, a Mhic na soillse,
an té d'iomchair thú naoi míosa 'na broinn go ndiúltóchthá
í fá aon uair amháin i gcrann na páise id' choimhdheacht."



Iar gclos na mbriathar sin do Chríost do chuaidh
saighead an doilghis do bhí aige fá n-a Mháthair go croidhe
ann, agus ag sileadh na súl le truagh uimpe adubhairt:
"A Mháthair ró-mhilis, ag seo an t-am agam-sa bheith ag
triall do choimh-líonadh tola m'Athar, agus de bhrígh nach
féidir liom an athchuinge dhéidheanach sin do thabhairt, agus


L. 153


fós, nár órduigh m'Athair dham acht mé féin amháin do
chéasadh ar son an duine, tabhair dham do bheannacht,
agus de bhrígh nach féidir liom 'san gcroich, ó'n síneadh
do-bhéarfaid na tairngidhe orm, cromadh leo chugat-sa,
tabhair dham do phóg mar aon le do bheannacht." Do
thóg an Mhaighdean ghlórmhar a súile suas chum an Áird-
Ríogh, agus thug a beannacht dó, dá fhásgadh le n-a croidhe,
ag rádh: "Go mbeannuighthear thú ó'n Tríonóid, a Mhic,
agus bíodh cuimhne agat orm-sa 'san gcroich, agus ní thréig-
fead-sa tusa go bráth."



I ndiaidh an chomhráidh thruaigh-mhéiligh seo do ghluais
sé le n-a dheisgioblaibh chum na cathrach ag rádh: Desi-
derio desideravi hoc pascha manducare vobiscum ante-
quam patiar; 'sé sin le rádh, "Is mór an dúil atá agam
an cháisg seo d'ithe libh sul má fhulaingeochad" (Lúcás
xxii.15).



Bíodh a fhios agaibh, a cháirde grádhacha, go raibh gnás
'san aimsir seo ann uan cásga do mharbhadh agus dul
go teach a gcaithidís é, agus le linn imtheachta do'n chineadh
Iúdaigheach i dtalamh na h-Eigipte fuil an uain do
chuimilt d'ursanaibh agus d'fhár-doras an tighe: agus do
gheall sé féin go dtiocfadh sé an oidhche chéadna ag rádh:
Percutiam omne primogenitum in terra Aegypti ab homine
usque ad pecus. "Ní fhágfaidh mé aoin chéid-ghein d'fhear
ná mhnaoi ná d'ainmhidhe ar fud na h-Eigipte uile gan
mharbhadh" (Ecsodos xii.12). Erit autem sanguis vobis
in signum in aedibus in quibus eritis; et videbo
sanguinem et transibo vos. "Béidh an fhuil seo an uain
mar chomhartha ar bhur dtighthibh-se, agus an uair chífead-sa
an fhuil, aithneochad gurab í sin bhur n-áit-se agus
rachad tharaibh gan díoghbháil do dhéanamh dhíbh" (Ecsod.
xii.23). Ní raibh 'san bhfuil nó 'san uan so, a cháirde,
acht fíoghair, de bhrígh gurab é cialluigheadh sé an t-Uan


L. 154


naomhtha neamh-urchóideach seo, Íosa Críost, ár Slánuigh-
theoir, dá ngoirthear Uan 'san Sgriptiúir ag Eoin:
Ecce Agnus Dei, ecce qui tollit peccatum mundi.
"Féachaidh Uan Dé, féachaidh an té a thógas peacadh an
domhain" (Eoin i.29). Do tháinig do thógbháil peacaidhe
an domhain. Do marbhadh indiu mar uan cásga é; agus
is é chialluigheas clann Israel do bhí i ndaoirse agus i
mbruid ag Pháró, síol Ádhaimh do bhí i ndaoirse agus i
ngeibhleach a bpeacaidhe ag an diabhal, agus do gheall sé
féin .i. Dia, go dtiocfadh sé go h-Eigipt ag déanamh
díoghaltais an tsaoghail so orra. Ní raibh aoin nídh
dhíobh seo i bhfolach ar Íosa, óir do bhí a fhios aige go
maith gurab é féin do marbhóchaidhe indiu mar uan cásga,
de bhrígh mar adeir sé féin: Non veni solvere sed
adimplere. "Ní do bhriseadh an reachta tháinig mise,
acht d'á choimh-líonadh" (Matha v.17). Dá bhrígh sin
dubhairt sé: Desiderio desideravi hoc pascha manducare
vobiscum antequam patiar. "'Sé m'fhonn an cháisg seo
d'ollmhughadh i nbhur measg agus i nbhur g-cuideachtain sul
fhulaingeochas mé an pháis" (Lúc.xxii.15).



Ionnas, a cháirde, go mbéadh fios staire na páise
agaibh tuigidh, iar n-éirghe ó'n suipéar do Íosa, ár
Slánuightheoir, gur ghlac uisge agus gur nigh cosa na
n-abstal uile, agus i n-a dhiaidh sin gur bheannuigh arán agus
go dtug dóibh é le n-a ithe .i. sacramaint a chuirp féin;
agus thug sé do Iúdás é féin mar chách, gé go raibh fhios aige
nach raibh sé glan chuige; agus mar nach raibh fios an
uilc ag cách níorbh' áil leis a bhraith mar thréatúir ag
diúltughadh a chuirp naomhtha do thabhairt dó; agus mar
nach raibh seisean ullamh glan dó, mar badh dhleacht dó,
do chuaidh an diabhal isteach ann ar an mball 'n-ar chaith
sé é. Ní dhearna Dia d'fhoillsiughadh ar a olc acht ag
rádh go geinearálta: Amen, dico vobis quia unus


L. 155


vestrum me traditurus est. "Deirim libh go bhfuil duine
i nbhur measg do bhraithfeas mise do'n chineadh
Iúdaigheach" (Matha xxvi.21). Do ghlac gach aon aca
uamhan mór agus uathbhás ag rádh fá leith: Numquid ego
sum, Domine? "An mise é, a Thighearna? Fá dheoigh,
dubhairt an tréatúir Iúdás le faitcheas go n-aithneo-
chaidhe ar a thocht gurab é féin do dhéanfadh an feall:
Numquid ego sum, Rabbi? Ait illi: Tu dixisti. "An
mise an té seo, a Mháighistir?" D'fhreagair Críost é ag
rádh: "Deir tú mar sin é" (Matha xxvi.25).



As an áit seo do ghluais Íosa agus na h-abstail go
gáirdín Getsemaní, agus do ghlac tuirse mhór agus eagla
é ag rádh: Tristis est anima mea usque ad mortem.
"Trom, tuirseach, dobrónach, atá m'anam go dtí an
bás" (Matha xxvi.38). Do ghlac an cholann daonna
criothnughadh mór roimh méad na páise do bhí fá n-a
ceann agus do chuir allas fola dhí. Agus iar mbeith do
Íosa ag urnaighe i bhfad, agus an tóir ag rith chuige, thug sé
aghaidh ar an Athair neamhdha, ag rádh go truaigh-mhéileach
bocht: Pater me, si non potest hic calix transire nisi bibam
illum, fiat voluntas tua. "A Athair, má tá nach féidir
do'n chailís seo gabháil tharm gan mé d'ól aiste, go
ndéantar do thoil-sa" (Matha xxvi.42). Níor bh'fhada
i n-a dhiaigh sin go dtáinig Iúdás agus an cineadh
Iúdaigheach leis, dá thabhairt mar chomhartha dhóibh air tar
chách, gurab é Íosa an té dá dtiubhradh sé féin póg.
Ó! a thréatúir mhalluighthe, céard é méad do dhánachta,
póg do thabhairt do'n té dhíolais leis an námhaid ar deich
bpighinne ar fhichead! Ó! a dhuine dhiablaidhe, cad é
méad do dhíombuidheachais, Mac Ríogh neimhe agus talman,
do bhí 'na Mháighistir agus 'na Dhíonuightheoir agat leis an
bhfaid seo, an té do nigh do chosa agus thug a fhuil agus
a fheoil féin duit fá ghné aráin agus fíona, ag rádh:


L. 156


Hoc est corpus meum. "Is é seo mo chorp-sa" (Matha
xxvi.26) do bhraith agat le póig cealgaigh mío-rúnaigh
ag rádh: Quemcumque osculatus fuero, ipse est, tenete
eum. "Cibé duine dá dtiubhrad-sa póg, ag sin an
bitheamhnach agus beiridh air" (Matha xxvi.48). Ann seo
do rugadar na ladrainn ar Mhac Dé, ar sgáthán na
n-aingeal, ar áilleán Mhuire Mháthair. Do cheangladar
le rópaíbh caola, cruadha, cnáibe, é, cuid aca dá bhualadh
le dóirnibh, cuid eile aca dá bhrúghadh le preabaibh, cuid
eile ag tarraing a fhuilt agus a fhionnfaidh, agus gurab é
as comhrádh do gach aon aca: Ah! Insidiator! Ah!
Mage! Ah! Samaritane! "Ó! a dhroch-dhuine! Ó! a
mhealltóir! Ó! a Shamaratínigh! Anois, tá tú againn,
go deimhin do-bhéarthar díolaigheacht dúinn i ngach nídh
dá ndearnais go h-éigceart i n-aghaidh an reachta."



Ó! a Áird-Rígh neimhe agus na cruinne go léir, is
agat féin amháin atá fhios céard é méad na péine
d'fhulaing an mac trócaireach an uair seo; ar mhodh an
drong badh dhílse dhó ar domhan .i. na h-abstail, gur
theitheadar uaidh, an uair tháinig briathra Chríost isteach
ar Pheadar: Amen, dico tibi, quia in hac nocte, ante-
quam gallus cantet, ter me negabis. "Amen, adeirim
leat go séanfaidh tú mé trí h-uaire roimh glaodhach do'n
choileach anocht" (Matha xxvi.34). Breathnuighidh, a
cháirde, méad na péine d'fhulaing an Mac trócaireach!
Ní h-é sin amháin, acht iar dteacht do láthair Annas do
bhí 'na áird-phrionnsa, do bhuail fear de'n chineadh
Iúdaigheach dorn air do chrádh go croidhe é, fá chionn mar
adubhairt sé leis an bprionnsa ceist do chur ar an
muinntir do bhí ag éisteacht le n-a theagasg go laethea-
mhail agus gan ceist do chur air féin. Ó! a Áird-Rígh
na cruinne, is foighdeach d'fhulaing tusa seo cé gur
chrádh sé thú go cnámh ag rádh go ciuin macánta: Si male


L. 157


locutus sum, testimonium perhibe de malo: si autem
bene, quid me caedis. "Má labhras droch-rud, tabhair
fiadhnaise ar an droch-rud, acht má labhras deagh-rud,
cad é an fáth gur bhuailis mé" (Eoin xviii.23)? Do
bhain an prionnsa Annas tuigsin as na briathraibh seo
Chríost, agus de bhrígh nach bhfuair coir bháis air, do chuir
uaidh féin é go Caipheas - fear eile de phrionnsaíbh an
phobail. Bíodh a fhios agaibh gur do docamhlach do
cuireadh é fá dhéin Chaipheas, ar mhodh nach raibh pian ná
cuibhreach, dar leat, 'san gcéad phéin do bhí air seach
mar do bhí anois ag teacht chum an dara duine le n-a
fheicsin. Níor bh'é seo an breitheamh trócaireach leis an
nduine mbocht do chonnaic sé ar choiste anma, acht, ar
an mball, fiadhnaise d'iarraidh i n-a aghaidh. d'éirghe-
adar beirt d'fhiadhnaidhthe bréige ag dearbhughadh go
ndubhairt Críost: Possum destruere templum Dei et
post triduum reaedificare illud. "Is féidir liom Team-
pall de do mhilleadh agus é do chur ar bun i gceann trí
laethe arís" (Matha xxvi.61). Níor leor leis an
mbreitheamh tíoránta so sin gan é féin do chur ceiste
air, ar bh'é Mac Dé é? d'fhreagair Críost gan mhoill
ag rádh: Amodo videbitis Filium hominis sedentem a
dextris virtutis Dei et venientem in nubibus coeli.
"Deirim libh go bhfeicfidh sibh mise ag teacht de dheas-láimh
m'Athar ag déanamh breitheamhnais ar bheodhaibh agus
ar mhairbh" (Matha xxvi.64). Do phreab an breitheamh
tíoránta ag rádh: Blasphemavit, quid adhuc egemus
testibus? Ecce nunc audistis blasphemiam. Quid vobis
videtur? "Do rinne an mealltóir seo dia-mhasladh.
Créad as riachtanas fiadhnaise feasta? Créad adeir
sibh leis" (Matha xxvi.65-66)? D'fhreagair an coiste
mío-choinsiasach é ag rádh: Reus est mortis. "Tá sé
cionntach, do thuill sé a bhásughadh." Tá sé tligthe, ar


L. 158


an mball, gan truagh, gan taise, gan trócaire! Do
ghabhadar de sheilidhe i n-a éadan air agus de dhóirnibh i
n-a cheann ag rádh: Prophetiza, quis est qui te percussit?
"A bhitheamhnaigh, do rinne tú mac Dé dhíot féin, tarn-
gair cia bhuail thú" (Lúcás xxii.64). Iar mbeith dhóibh
mar seo go meadhón-oidhche do cheangladar do cholmhuin
cloiche é, agus do sgiúrsáladar gan mhoill é.



Dearbhuigheann San Ieróm nach féidir d'aon duine
dár chruthuigh Dia méad na péine d'fhulaing an Mac
trócaireach an oidhche sin do chur i g-céill nó go dtigidh
sé féin lá an bhreathamhnais dhéidheanaigh: Passio quam
Dominus ea nocte sustinuit numquam perfecte cognoscetur
nisi in die iudicii.



Ar maidin rinneadar comhairle a chur ceangailte
chum árd-uachtaráin na mbreitheamhan uile .i. Píoláit.
Iar gclois do Phíoláit gurab ó'n nGaililí tháinig sé do
chuir sé uaidh féin go h-Ioruaidh é, do bhí 'na phrionnsa i
gcúige na Gaililí. Ní raibh acht meas amadáin ag an
bhfear seo ar Íosa agus thug sé fá deara orra cóta bán
amadáin do chur air agus a chur tar ais go Píoláit
arís. Ó! a Áird-Rígh an domhain, is truagh an bhail seo
ar d'Aon-Mhac trócaireach! Ó bhreitheamh go breitheamh,
ó bhinnse go binnse, ó choiste go coiste, gan truagh, gan
trócaire ag aon díobh leis an truaghán bhocht, acht
méadughadh péine ag gach aon díobh dá chur air. Iar
dteacht do láthair Phíoláit, do mheas Píoláit nár
bh'fhéidir dó féin breith an bháis do thabhairt air nuair
nach bhfuair sé coir bháis i n-a leith, agus ionnas go
leigfidís an cineadh Iúdaigheach uatha é, d'fhiafruigh sé
cia aca do bhéadh saor Íosa nó Barabbas. Bíodh a fhios
agaibh go raibh gnás 'san aimsir sin ann duine éigin
de'n bhuidhin do bhéadh istigh leigean amach i n-onóir na
cásga. Do bhí an fear so dá ngoirthí Barabbas 'na


L. 159


rógaire, 'na sgriosadóir agus 'na ghaduidhe. Do mheas
Píoláit gurab é Íosa d'iarrfadaois do shaoradh agus
Barabbas do chrochadh, agus adubhairt: Quem vultis
dimittam vobis, Barabbam, an Iesum qui dicitur Christus
Barabbas nó Íosa dá ngoirthear Críost" (Matha xxvii.17)?
d'fhreagair siad-san go h-árd, ag rádh: Tolle hunc et
dimitte nobis Barabbam. "Croch an fear seo agus
leigeam Barabbas as" (Lúc. xxiii.18). "An é bhur
dtoil bhur Rígh féin do chur chum báis?" ar Píoláit.
D'fhreagair siad ag rádh: Non habemus regem nisi
Caesarem. "Níl aon rígh againn acht Saesar" (Eoin
xix.15). Do chlaon Píoláit le h-eagla an ríogh
talmhaidhe agus thug sé breitheamhnas báis ar Áird-Rígh
neimhe agus talmhan ag rádh: Accipite eum vos, et crucifi-
gite. "Ag seo dhíbh an bitheamhnach agus cuiridh chum
báis é" (Eoin xix.6). Ó! a bhriathra malluighthe, le'r
tligeadh Mac an Athar shíorraidhe, is mairg béal as a
dtáinig sibh! Ó! a bhriathra diablaidhe, le'r daoradh an
fíréan i n-éagcóir, is mairg teanga do labhair sibh.
Ó! a bhriathra neamh-thrócaireacha, le'r glacadh Saesar
do rogha tar Íosa, is mairg intleacht do smuain sibh!



Do ghluaiseadar gan mhoill go cnoc Calbharí, áit
d'áirithe do bhí aca chum droch-dhaoine do chur chum báis,
agus an chroch dá h-iomchar ag Críost, cé nár bh'furas
dó é, nó gur sáruigheadh, fá dheoigh, fúithe é. Do cuireadh
annsin iomchar na croiche ar dhuine áirithe do casadh
orra 'san tslighidh, agus ní ar mhaithe le Críost, acht le
h-eagla go bhfaghadh sé bás fúithe sul fá bhfeicfeadh
an domhan dá chéasadh go h-árd innte é. Níor leor so
gan coróin spíne do chur ar a cheann agus éadach
magaidh purpair. Ní péarlaidh ná clocha uaisle do bhí
'san gcoróin so mar badh chuibhe do choróin mhic ríogh do


L. 160


bheith innte; ní scepter ríoghdha tugadh i n-a láimh dó
mar badh ghnáith le mac áird-phrionnsa acht gas giol-
caighe, agus cách uile ag magadh faoi ag rádh: Ave, rex
Iudaeorum, et dabant ei alapas. "Go mbeannuighthear
dhuit, a Rígh na n-Iúdaigheach, agus thugadar palltóga dhó"
(Eoin xix.3). Breathnuighidh, a cháirde, méid na péine
d'fhulaing Íosa ar feadh na h-aimsire seo, dá mhaslughadh
agus dá imdheargadh leis na sluaightibh ar an uile thaobh
dhe, ag teacht 'na choinne le n-a mbuillíbh, le n-a
n-urcharaibh ag rádh: "An é seo an mealltóir? An é
seo an bitheamhnach? Do rinne sé Mac Dé dhe féin;
crochaidh, céasaidh, raobaidh, marbhuighidh é."



Iar dteacht go h-áit na croiche dhóibh do thochail cuid aca
an talamh 'n-a gcuirfidhe an chroch 'n-a seasamh. Do bhí
tairngidhe réidh ag cuid aca. Do bhí úird le bualadh na
dtairngidhe ag cuid eile. Do cuireadh Mac an Athar
shíorraidhe i gcrann na páise agus tairnge i n-a láimh
dheis ar cheann dí, agus mar nár shroich an lámh chlí
muirtís an dara tairnge 'san gceann eile leis an
gcrapadh do rinne sé le méad doilghis na láimhe deise,
do tharraingeadar le rópaíbh caola, cruadha, í go
muirtís an dara tairnge, agus mar an gcéadna le n-a
chosaibh; ar mhodh nár fhágbhadar alt ná féith ná cuisle
'na chorp nár raobadar, agus nár bhriseadar ó chéile. Ó!
a chríostaidhe chroidhe, féach a chuma! Ó! a chríostaidhe
nach truagh leat Mac Dé agus duine gan cruth, gan sgéimh,
gan gné, gan glaine. Ecce homo. "Ag seo an duine"
(Eoin xix.5) dá chéasadh ar son peacaidhe na cruinne.
Ecce homo. "Ag so an duine" dá chéasadh agus gan aon
tsnáith uime! A Mhuire, atá fá bhun an bhile, ag so do
chéid-ghein cloinne, labhair sul marbhthar é uile. Éist
anois, a phobail chríostamhail, le h-uall-dhubhadh na mná
boichte. "A dhalta m'uchta agus a áilleáin mo shúl, is


L. 161


truagh liom-sa an riocht sin a bhfuilir i m'fhiadhnaise
dod' lot agus dod' lán-mharbhadh agus dod' chosgairt agus dod'
tharraing ó chéile gan dath, gan sgéimh! Ó, a chompánaigh
ghrádhaigh! An tú atá ann ar aon chor? Má's tú, ní
aithnighim thú. Muna bhfeicinn féin dod' chur 'san riocht
sin, ní chreidfinn gur tú atá ann ó'n riocht sin 'n-ar
chuireadar an cheithearn mhalluighthe mhío-thrócaireach thú.
C'áit a bhfuil do bhláth nó do sgéimh? C'áit ar ghabh do
dhath nó do dhealbh, a chaomhthaigh agus a chéile? C'áit a
ngeobhad feasda? Ní daingean dam aon áit i
d'éaghmais. Is mise an bhean bhocht agus an Mháthair
mhillte, gan athair, gan máthair, gan fear, gan inghean,
gan mac, gan dalta, gan compánach. Uch! Uch-Ón!
A Athair neamhdha, ó nár fhéachais do d'Aon-Mhac, is
truagh nár fhéachais do'n mhnaoi boicht agus gan a crádh ar
fad. Ó, a Mhic mhilis, nach tú chruthaigh neamh agus
talamh agus do chuir a bhfuil ionnta agus eatorra de
chréatúiridhibh? Nach tú ceann na n-aingeal agus na
ndaoine, agus tú anois i gcrann na páise gan misneach?
Is truagh an t-atharrach so d'éirigh dhuit indiu a ghnúis
áluinn, oirdheirc, do chleacht bheith i m'ucht-sa, atá ag
dealgaibh spíne dá polladh go h-inchinn: na cluasa
d'éistigheadh leis na briathra úd an aingil: Benedictus
qui venit in nomine Domini. "Is beannuighthe an té
thig i n-ainm an Tighearna, (Matha xxi.9), agus d'éis-
tigheadh gach nóiméad leis na h-aingil ag rádh: "Naomhtha,
Naomhtha, Naomhtha, ainm an Tighearna, Dia na sluagh";
atáid indiu ag éisteacht le "Tóg, tóg, croch, croch, raob,
raob, buail, buail, marbh, marbh an bitheamhnach"; an
béal badh mhilse 'ná an mhil, gan de dhigh aige acht dom-
blas agus fínéagra; na lámha láidre le'r bh'fhéidir an
domhan mór do chlaoidh i nóiméad uaire, iad dá bpolladh
go teann; an corp do b'áilne ná an ghrian níos duibhe


L. 162


'ná gual gabhann agus 'na chnocaibh dubha ó lámhaibh lad-
rann! Uch! a Mhic m'anma, do thréig d'Athair féin thú!
Do theith do dheisgiobail uait! Níl bean do shínte ná
do chaointe agat. Maise, dá maireochadh Ióseph, is
cosmhail do mbadh thruagh leis an bhail seo ar a dhalta
féin agus ar mo Mhac-sa!" Quis est homo qui non
fleret, Christi matrem si videret in tanto supplicio? Cia
an duine nach gcaoinfeadh Críost do bhéadh ag éisteacht
leis an Maighdin nglórmhair ar an gcainnt seo fá bhun
na croise, agus gur ab é congnamh dóláis do bhí aici
ó'n gcineadh Iúdaigheach bheith dá bhfaicsin ag cur éadaigh
magaidh amadáin air agus ag imirt a chuid éadaigh féin
le h-urchar dísle! Ó a Mháthair na soillse, is bocht
doghrainneach do ghléas agus ní h-iongnadh tú ag rádh na
mbriathar úd ag an bhfáidh Ieremias: O vos omnes qui
transitis per viam, attendite, et videte si est dolor sicut
dolor meus! "Ó! a lucht siubhail na sligheadh tugaidh
dá bhur n-aire agus féachaidh go glinn an bhfuil doghrainn
ar domhan as mó 'ná mo dhoghrainn-se" (Triamhna Ier.i.
12). Ní tháinig sin, a cháirde ghrádhacha, agus ní thioc-
faidh go deireadh an domhain truagh as mó 'ná an
Mhaighdean ghlórmhar indiu. Ar dhá ádhbhar, ar dtúis fá
'n-a céid-ghein cloinne d'oil agus d'altrom sí féin
agus í i dtaobh leis mar chloinn; an dara h-ádhbhar,
níor fhulaing an chéid-ghein cloinne seo aithis, imdhear-
gadh, masla, mío-mhodh, pian ná pionós nár fhulaing sise
mar an gcéadna; óir mar adeir an feallsamh: Anima
est magis ubi amat quam ubi animat. "Is mó bhíos an
Croidhe 'san gcorp i n-a mbíonn a ghrádh 'ná san áit a
mbíonn sé féin ar iomchar." Dá bhrígh sin, ar mhéad
grádha Mhuire ar a céid-ghein cloinne, gur mó bhí a
h-anam ann 'ná innte féin!



Do chráidh doghrainn Mhuire Íosa mar gach nídh eile,


L. 163


agus thug sé claonadh ar a cheann 'san gcroich ag rádh:
Mater, ecce filius tuus (Eoin xix.26) - "A Mháthair
ró-mhilis, de bhrígh go bhfuil fios méid do dhoilghis agam
ag so dhuit mar mhac agus mar dhalta Eoin, mo dheis-
giobal grádhach féin, do ghrádhuigh mé riamh tar chách agus
do dhéanfaidh m'ionad-sa dhuit feasta." Do chlaon arís ar
Eoin do bhí 'na seasamh ós a chomhair ag rádh: Ecce mater
tua (Eoin xix.27)! "A mhic, ní fhuil agam le rádh leat
acht gur sin í do mháthair annsin, agus de bhrígh go bhfuil
fios agat riamh méad a cúraim ionnam-sa, déin-se
cúram feasta 'na timcheall sin agus déin m'ionad-sa
dhí agus mo bheannacht libh!" 'Na dhiaigh seo thug sé
aghaidh ar a Athair neamhdha ag rádh go truaigh-mhéileach
bocht: Pater ignosce illis quia nesciunt quid faciunt
(Lúcás xxiii.34). "A Athair thrócairigh, maith dhóibh
seo," 'sé sin, "maith do'n mhuinntir seo atá dom'
chur-sa chum báis, de bhrígh nach bhfuil fhios aca créad
atáid dá dhéanamh;" ionann sin le rádh, "A Athair
thrócairigh, ní dod' ghuidhe mar bhreitheamh atáim ag
iarraidh do bhrostuighthe chum díoghaltais do dhéanamh ar
m'eascáirdibh; acht táim dod' ghuidhe mar Athair lán de
thrócaire, ionnas go mbadh dheonach leat, as ucht mil-
seachta an anma so agam-sa, an choir seo do mhaitheamh
dhóibh; is mó mo chion-sa ar shláinte na ndaoine, agus
is uaisle liom mar athchuinge é 'ná mo bheatha féin. Dá
bhrígh sin, a Athair thrócairigh, is mó an meas is córa
dhuit do bheith agat ar an gcarthannas do-bheir orm-sa
mo chuid fola do dhortadh go fonnmhar ar a son 'ná ar
an olc sin. Dimitte ergo illis mar nach maithtear an
choir nó go ndéintear leoir-ghníomh 'san ngoid. Féach
gur goideadh toradh an chrainn thoirmeasgtha i bParrthas;
féach mar éiric annsin mise indiu mar thoradh crainn na
croiche! Glac sin mar shásamh agus mar leoir-ghníomh


L. 164


ins na sean-fhiachaibh sin." Ó! a Mhic na ngrás, is
aidhbhéil méad do charthannachta an tan atá tú ag
iarraidh maitheamhnais do'n mhuinntir do chuir 'sa riocht
sin tú agus gan de thruagh aca sin duit-se acht ag
méadughadh do phéine gach tráth! Ó! a lucht aontuighthe
na ndiabhal, nach bhfeiceann sibh na dúile bodhra, balbha
ar chlaochlódh fá bhás Chríost, agus sibh-se amháin neamh-
mhothuightheach? Féach an claochlódh! Velum templi scissum
est in duas partes, terra mota est et petrae scissae sunt
et monumenta aperta sunt et multa corpora sanctorum
qui dormierunt surrexerunt. "Féachaidh, do rinneadh dhá
chuid de mhullach an teampaill go talamh, do mhaothuigh an
talamh féin chun briste, do sgaoilteadh na carraigeacha
d'osgladh na tuambaí agus d'éirigh mórán de dhaoinibh
marbhtha" (Matha xxvii.51,52). Ós a chionn so tenebrae
factae sunt super universam terram (Lúcás xxiii.44), 'sé
sin, do bhí an domhan go léir lán de cheo agus de
dhorchadas; agus is é chialluigheas an dorchadas sin go
raibh na dúile uile lán de náire agus d'aithmhéala fá'n
éagcóir do rinneadh ar a gcruthuightheoir agus annsoin
do chonnacadar méad na h-éagcóra do rinneadh air.
Níor leig náire dhóibh iad féin do thaisbeánadh acht iad
féin d'fholachadh le h-úrdhubhadh na gréine. Má thais-
beánadar na dúile bodhra, balbha an oiread sin de
lionndubh agus de chathughadh fá bhás Chríost gur cuireadh
culaidh dhubh agus libhré cumha orra féin, créad badh
chóir dhúinn-ne do dhéanamh de bhrígh gurab ar ár son do
céasadh é agus nach ar son na ndúile mbodhar mbalbh.
Adeir Naomh Ierom, Omnis creatura compatitur Christum
et solus homo non compatitur. "Ní'l créatúir ar bith
nach raibh truagh aige do Dhia acht an duine amháin,"
agus gur ar son an duine d'fhulaing sé an méad so do
chíonn sibh. Ó! a dhuine ifreanndha, i mór do dhall an


L. 165


diabhal do thuigse, is mór do stop sé do chéadfadh nach
féidir leat truagh do bheith agat d'Íosa do céasadh i
gcrann na páise agus d'aimhdheoin a bhfuil dá dhéanamh
air gurab é as comhrádh dhó ar do shon Sitio (Eoin xix.
28); 'sé sin go bhfuil tart ar Íosa de bhrígh gurab é as
tart ann, mian neithe do bhéadh fuar fliuch. Uime sin
adeir Cyrillus gur de na piantaibh as géire d'fhulaing
Críost 'san gcroich an tart corpordha. Ní h-iongnadh
so agus an méad do chuir sé d'allus fola dhe ag iomchar
na croiche agus a bheith nochtuighthe innte go h-árd le
teas gaoithe agus gréine! Ó! a Thighearna, mo cheist
ort créad é an éagcaoine do ghnídh tú ar phiantaibh an
bhéil amháin agus gan ball ded' bhallaibh saor ó phéin.
Óir do réir taisbeánta Bhrighide Naomhtha do buaileadh
cúig mhíle agus ceithre céad agus deich mbuille agus
trí fichid de sgiúirse ort, ar mhodh nach dtuigim créad an
t-ádhbhar nach ngearánann tú na baill eile chomh maith agus
gearánann tú an béal! Créad as nach dtuigeann tú,
adeir Críost, gur le déanamh síotha i bpeacadh Ádhaimh do
ghlac mise an cholann daonna, agus de bhrígh gur le h-ain-
mhian agus le mí-mheasardhacht an bhéil agus na teangan
do thárla sin ní neimh-iongantach mise dá éagcaoine mar
thobar as ar shil gach uile olc dom' ionnsuidhe. Ádhbhar
eile, de bhrígh go bhfuil pian agus céasadh na mball
eile soiléir so-fheicsiona ag gach aon mar adeir Isaias,
fáidh, 'san chéad chaibidil, A planta pedis usque ad
verticem capitis non est in eo sanitas. "Níl aon bhall
slán ó thrácht a bhonn go mullach a chinn gan pian, gan
treaghdadh" (Rann 6), gidheadh, atá pian an bhéil agus
na teangan i bhfolach agus d'eagla go sílfidhe go
mbéadh an oiread sin amháin saor ó phian agat, 'sé sin
do-bheir ort a rádh go bhfuil tart ort! Ó! a Thighearna,
is iongnadh liom méad do tharta agus gur domblas do


L. 166


dheoch! Is iongnadh liom méad do tharta agus nach
cuimhin leat, an uair do thug Píoláit breitheamhnas báis
ort, gur cuireadh coróin spíne i mullach do chinn! Is
iongnadh liom nár choisg na srotha fola do bhí ag tuitim
in do bhéal do thart! Ná bíodh iongnadh oraibh, adeir
Críost, óir is minic mé dá innsin díbh nach fáth iongan-
tais cócaireacht ar bith dá ndearnadh ar mo chorp-sa, ag
polladh mo lámh, mo chos agus mo chinn, mar do tharngair
an fáidh Dáibhídh: Foderunt manus meas et pedes meas et
dinumeraverunt omnia ossa mea (Sailm xxi.17,18).
Cár bhfuláir na ceithre srotha so do leigean amach do
ghlanadh an chinidh daonna? Cár bhfuláir na ceithre
srotha so do dhortadh do thabhairt leoir-ghníomha do na
subhailcidhibh cairdinéalta ionnas nach mbéadh imreasán
eatorra? Misericordia et veritas obviaverunt sibi
iustitiam ut in pace sint (Sailm lxxxiv.11). Is deimhin,
a cháirde, má's mian liom labhairt ar chéill fáth-rúnda
an fhocail so, Sitio, gurab é trom-shláinte na n-anam
é; mar adeir Naomh Aibhistín: Sitio salutem animorum;
tá tart bhur gcreidimh orm agus is mó atá sé dom'
ghoin 'ná mo phian féin. Ó! a chríostaidhe chroidhe, ná
tréig an Dia céadna so indiu ar nídh ar bith. Féach ar
a liacht cneadh agus créacht air ar do shon! Féach na
cúig mhíle ceithre céad agus na trí cneadhacha agus trí
fichid d'fhulaing sé indiu dod' shaoradh-sa ar gheibheann
na ndiabhal. Glac leis indiu agus athruigh. Má tá
splannc chéille ionnat do-bhéarfaidh tú grádh dhó ar son
a chomaoine.



Dearbhuighim dhuit, a charaid, dá mbéadh intleacht agus
teanga a dtáinig agus a dtiocfaidh de shíol Ádhaimh
agam ar an láthair seo, nach dtiocfadh liom an fiche-
amhadh míle cuid do chomaoin Chríost ar an té as úir-ísle
annso indiu do chur i gcéill; agus, a charaid chroidhe,


L. 167


ó's nídh é do chuaidh ós cionn tuigse agus intleachta
duine d'fhaisnéis, iarraim ort do shúile sanntacha,
saoghalta, colnaidhe do dhúnadh i síothcháin na fola fíor-
uaisle le n-ar fuasgladh sibh, bhur súile creidimh agus
coinsiais d'osgladh. Tugaidh aon amharc amháin leo ar
phriosún dubh, dorcha tighe ifrinn. Féachaidh a liacht
leomhan ann, a liacht dragún craos-osgailte, cíocrach,
confadhach do bhí le h-aghaidh bhur dtuargain; teine nach
féidir do mhúchadh agus sneachta nach féidir do leaghadh i
gceárdcha tighe ifrinn! Féachaidh a liacht pian agus pionós
eile nach féidir do chur i n-órdughadh mar adeir Iób:
Ubi nullus ordo sed sempiternus horor inhabitat.
"De bhrígh nach bhfuil ann acht gráin agus uathbás
síorraidhe" (Iób x.22). Tógbhaidh bhur súile ó ifreann
agus tugaidh aon amharc amháin leo ar Chríost, ár
Slánuightheoir, i gcrann na páise; féachaidh a chorp
créachtnuighthe, taobh-fhosgailte dá bhur saoradh agus dá
bhur sábháil ar chraosaibh, ar leomhanaibh agus ar
dhragúnaibh diablaidhe tighe ifrinn. Féachaidh na h-úird
ag bualadh na dtairngidhe agus na tairngidhe mar
inneoin ag dul i gcorp Chríost dá bhur saoradh
agus dá bhur sábháil ar chéardchaibh agus ar ghaibh-
nibh tighe ifrinn; agus is deimhin, a cháirde muna
nglacaimíd truagh dhó agus sinn féin d'fhilleadh ó
lochtaibh 'na bhfuilmíd gur míle mó an céasadh do bhéar-
faimíd air 'ná mar chímíd indiu ó'n gcineadh Iúdaigheach!
Is mó, gan amhras, a chríostaidhe, chéasas tú é le gach
aon pheacadh marbhthach do dhéanann tú; 'sé sin uabhar,
sainnt, drúis, tnúth, craos, fearg, agus leisge, 'ná an
méad atá sé ag faghbháil, ar mhodh nach dtugaimíd slighe
dhó ar fhéachain go grinn ná go trócaireach orainn!



Is measa leis méad ár ndíombuidheachais fá mhasla
d'fhulang ar ár son 'ná an méad pionóis atá sé ag


L. 168


faghbháil, mar adeir Naomh Aibhistín. Ná bímís, dá
bhrígh so, díombuidheach, agus smaoinimís gurab é do chuaidh
i n-urradhas ar ár son; an uair nár bh'fhéidir
linn féin ár saoradh, do shaor seisean sinn agus do
thug díolaidheacht le n-a chuid fola 'nár bhfiachaibh! Ó!
a charthannacht ós chionn gach carthannachta agus a ghrádh
do sháruigh gach grádh, óir cá bhfuil grádh ann as mó 'ná
duine do thabhairt anma ar son a charad? - Maiorem
charitatem nemo habet quam ut daret animam suam quis
pro amicis suis (Eoin xv.13). Maise, is mó 'ná sin
carthannacht Chríost, óir nuair bhíomar 'nár n-eascáirdibh
aige do thug sé é féin ar ár son, agus do bhris an chairt
do bhí ag an diabhal ar ár n-anmannaibh agus do
cheangail do'n chroich í. Ó! mo thruagh ghéar an daoirse
so do bhéadh ar dhroich-earradh agus gé go raibh an
t-earradh go h-olc ní lughaide do chuir seisean éirnis
mhaith innte d'eagla go dtiocfadh an mangaire meabhlach,
cealgach, mío-rúnach .i. an diabhal, agus go mbéarfadh
sé chuige féin í.



Siúd an cnoc 'na bhfuil an siopa saidhbhir costasach;
siúd an cnoc 'na bhfuil earraidhe an domhain dá ndíol i
n-aisge indiu! A charaid chroidhe, téanam ar an gcnoc
so Calbhairí, agus do gheobhair gach earradh dá bhfuil
d'easbaidh ort. Má's coróin atá d'fheidhm ort, siúd í
an choróin spíne ag dul go cnámh agus go h-inchinn i
gCríost, tóg féin agus cuir ar do cheann í, agus
geallaim dhuit gur míle mó do luach-saothair ar a son
'ná dá gcuirfeá coróin ríoghdha ort 'na mbéadh péar-
laidhe agus clocha uaisle go talamh. Má's hata
theastuigheas uait nó éadach cinn ar bith eile, siúd é án
púicín ar Íosa agus an cheithearn diablaidhe ag gabháil
de bhasaibh agus de dhóirnibh air ag rádh - Prophetiza
nobis quis est qui te percussit. "A bhitheamhnaigh, innis


L. 169


dúinn cia do bhuail tú!" (Matha xxvi.68). Má's aibíd
atá uait nó gúna mór-luaigh ar bith eile siúd é an cóta
amadáin fá Chríost agus é dá leagadh ar a bhéal agus
ar a aghaidh i lathaigh na sráide agus déan éadach cuirp
de. Má's slat mhór chubhaidh atá uait siúd é an gas
giolcaighe agus cách uile ag fonomhaid faoi ag rádh:
Ave Rex Iudaeorum, et dabant ei alapas (Eoin xix.3).
Má's crios atá uait, siúd é an rópa caol, cruaidh
ag fásgadh a chuid fola idir fheoil agus leathar!
Má's biadh nó deoch atá de dhíth ort, siúd é an biadh
blasda agus an deoch fhíor-shláinte .i. a fhuil agus a
fheoil! Má's seomra codalta as mian leat d'fhaghbháil,
siúd é an seomra réidh agus an doras osgailte .i. taobh
Íosa ar n-a tholladh leis an sleagh! Má's díol truaighe
atá uait, cá bhfuil díol truaighe as mó 'ná ár Máthair
bhocht ar thórramh a h-Éin-Mhic agus a céid-ghein cloinne;
agus Mac Ríogh dá chrochadh fá ghoid ubhaill agus nach é féin
do ghoid é acht mise Ádhamh agus mo shean-athair Ádhamh eile.
Má theastuigheann níos mó de'n earradh so uait, bíodh
fhios agat nach bhfuil deireadh le h-earraidhibh an chnuic
seo go bráth.



Bíodh fhios agat gurab uime d'fhulaing Críost an
méad so indiu ionnas go mb'fhéidir leis an nídh, do
cheannuigh sé féin go daor, do bhronnadh ort-sa i n-aisge
agus gan de dhíolaigheacht aige dá iarraidh ort acht
amháin grádh síorraidhe do thabhairt dó dá chionn. Fia-
fruighim dhíot, a chara ionmhuin, dá mbronnfaidhe an méad
earraidhe atá i Lonndain nó i bPairis ort, dar ndóigh,
is mó an grádh do bhéadh agat do'n phrionnsa do bhéar-
fadh an bronntanas sin duit agus badh dhuine díom-
buidheach thú, gan amhras, muna mbéadh. Maise, cad é
an grádh as cuibhe dhuit do thabhairt d'Áird-Rígh nimhe
agus talmhan atá ag bronnadh, ní h-é amháin earraidhe


L. 170


Lonndain nó Pairis ort nó neithe beaga, suaracha,
saoghalta, so-chaithmhe eile, acht flaitheamhnas Dé atá
síorraidhe, do-chaithte agus do chuaidh ós cionn tuigse an
domhain d'fhoillsiughadh.



'So an earradh nár mhalairt Muire Mháthair, nár
mhalairt an gaduidhe 'san gcroich. Féach, dá bhrígh sin,
ar Mhuire; féach dílseacht agus deagh-chroidhe Eoin le'r
fágbhadh taobh leis í. Féach aithrighe an ghaduidhe 'san
gcroich ag rádh le Críost: "Cuimhnigh orm-sa, a Mhic
Dháibhídh, nuair do thiocfair id' Ríoghacht" (Lúcas xxiii.
42). Muna mian leat sómpla do ghlacadh de'n mhuinn-
tir seo, féach umhla, úir-ísleacht, foighide agus boichte
an tSlánuightheora féin! Tá sé bocht i gcúig chásaibh
indiu. Ar dtúis tá sé bocht i muinntir, óir do theithea-
dar na h-abstail uaidh. Tá sé bocht i gcáirdibh, óir
níl aon duine aige do labharfadh focal ar a shon. Tá
sé bocht i n-éadach, óir do raobadh as a chuid éadaigh é
agus do cuireadh éadach magaidh amadáin air. Tá sé
bocht i mbiadh agus i ndigh, óir níl aige acht domblas
agus fínéagra. Fá dheoigh, tá sé bocht i ndúthaigh, óir
níor fágbhadh leithead a dhá bhonn ar urlár na croise
aige nó gurbh éigean a dhá chois do chur fá aon tairnge
amháin i gcrann na páise. Uch mo thruagh! mo thruagh!
mo thruagh! mo mhíle truagh! Measamaoid-ne sinn
féin do bheith bocht agus a shocaracht agus a shocamhlacht
do gheibhmíd an saoghal ad' tharrac-sa. Uch! mo thruagh!
Nach dtuigimíd an méad so 'fhuilingis ar ár son agus
gurab é as rún dúinn-ne i ndiaidh an mhéid seo tú do
thréigean ar neithibh suaracha, so-chaithmhe an tsaoghail
seo!



Cia againn nach ndéarfadh gurbh olc an rogha do rug
an cineadh Iúdaigheach, nuair do dhiúltadar do Chríost
agus do ghlacadar leis an mbitheamhnach Barabbas. Is


L. 171


measa sinn-ne go mór 'ná an cineadh Iúdaigheach, óir is
measa an peacadh 'ná Barabbas agus 'sé an peacadh
do bheirimíd-ne de rogha. Ní h-áil linn Dia, acht uabhar,
sainnt. Ní h-áil linn Dia acht meisge, máthair na
n-olc, cailleamhain na h-aimsire, long-bhriseadh na
geanmnaidheachta, túis agus deireadh gach mí-ghrinn.
Ní h-áil linn Dia agus aoibhneas síorraidhe atá dá
ofráil dúinn, acht ár n-antoil bhréagach, chlaoin-mheabh-
lach, thubaisteach tharraingeas sinn i measg na ndiabhal
malluighthe bhíos ag fritheálamh agus ag freastal na
bpian ndo-fhulangtha dhúinn an feadh mhairfeas Dia ag
caitheamh na glóire.



Ó! a chríostaidhe chroidhe, ná tréig do Shlánuightheoir
féin ar nídh ar bith. Féach a liacht cneadh agus créacht
air ar do shon. Féach na cúig mhíle ceithre céad agus na
trí cneadhacha agus trí fichid, d'fhulaing sé indiu dod'
shaoradh ar gheibheann an diabhail! Glac leis cé go
bhfuil sé marbh i gcrann na páise; ar a shon sin, tig
leis tusa d'aithbheodhachain le n-a ghrásaibh ó urchóid
crainn Pharrthais.



Ó! a dhuine bhoicht, an é as mian leat-sa bheith
uaibhreach, sanntach, drúiseach, tnúthach, craosach, feargach,
leisceamhail, agus eisean umhal, úir-íseal, toirbheartach,
geanmnuidhe, foighdeach, neamh-spadánta 'san méad so
d'fhulaing ar do shon. Ó! a dhuine dhiablaidhe, an é as
mian duit bheith go seasgair ag gabháil do chuid earraidhe
agus éadaigh umat agus eisean ós do chomhair gan aon
tsnáithe uime 'na bhall sómpla ag an gcineadh daonna!
Ó! a chroidhe as cruaidhe 'ná an chruaidh, créad an
t-ádhbhar nach maothuighthear tú ag feicsin na fola fíor-
uaisle dá dortadh i gcrann na páise? Ó! a chroidhe as
cruaidhe 'ná an chloch, créad é an t-ádhbhar nach ngoil-
eann tú ag feicsin na mball mbeannuighthe .i. cosa


L. 172


agus lámha ár dTighearna dá dtolladh leis na tairngíbh
maola? Ó! a chroidhe as measa méine 'ná an nathair
nimhe, créad an t-ádhbhar nach bhfuil truagh agat dá
cheann ghlórmhar atá fá'n gcoróin spíne agus do'n taoibh
aol-dathaigh do-chí tú iar n-a tolladh leis an sleagh tar
éis a bháis i gcrann na páise.



Do bhí nós nó gnás aca an uair seo gan corp marbh
ar bith do bheith i n-áirde aca Dia Sathairn, do bhí 'n-a
dhomhnach, agus atá fós ar congbháil aca sin. Ó! a
chríostaidhe, nach truagh leat, mar aon leis so, an corp
beannuighthe úd do Shlánuightheora dá leagadh anuas i
n-ucht Mhuire ag méadughadh a pian níos mó 'ná aon nídh
dár fhulaing duine riamh, mar is follus as a briathraibh
féin 'nuair chonnaic sí an taise mharbh idir a gil-
ghéagaibh. Heu! Est-ne hic Filius meus? O Mi Iesu,
quale reduxerunt peccata hominum? "Uch! An é seo
mo Mhac-sa? Ó! a Íosa, créad é an riocht soin ar a
gcuireann peacaidhe cloinne Ádhaimh tú? Ó! a Íosa,
an féidir cionta síl Ádhaimh do bheith chomh trom sin gur
fiú iad Mac Ríogh neimhe agus talmhan do bhásughadh ar
a son? Ó! a radhairc mo shúl agus áilleáin do
Mháthar, cionnas as féidir liom a rádh feasta go mbéidh
mé beo agus tusa marbh im' fhiadhnaise. Is mairg nach
raibh 'san domhan aon duine ar a dtabharfaidhe an
chosgairt sin, acht tusa amháin, a ghnúis áluinn oirdhearc!
Is mór an t-idir-dhealbhadh so chím indiu ort seach mar do
chonnaic mé roimhe seo ort 'san mBeithil. Badh mhór
ádhbhar mo luathgháire 'san mBeithil, is mór ádhbhar mo
dhoilghis indiu i n-Ierúsalem! Badh shoillseach, deall-
raightheach m'ionad comhnuighthe 'san mBeithil; is tuirseach,
dobrónach m'ionad suighte fá bhun na croiche agus
mo Mhac mín, áluinn, milis, marbh idir mo dhá láimh. Uch!
mo mhíle truagh nach marbh mar aon leat atáim sul do-


L. 173


chídhfeadh mé tú ag dul marbh uaim 'san tuamba!" Ó! a
chríostaidhe chroidhe, nach truagh leat Muire fá 'n-a h-aoin-
ghein cloinne! Dá bhfeicfeá bean uasal ar thórramh a
h-aoin-mhic agus é d'éis a chrochta i n-éagcóir, dar ndóigh,
badh chruaidh do chroidhe nó do-bhéarfá congnamh deora dhí
agus í 'na h-aonar. Is cruaidh, dá bhrígh sin, do chroidhe
muna ngeobhaidh tú truagh do Mhuire, bainríoghan na
n-aingeal agus na n-abstal! Glac truagh dhí, dá
bhrígh sin, agus ná goillidh ort ar an saoghal so duadh
ná dochar dá bhfaghair ar son Dé.



An measann tusa, a chríostaidhe, toradh na páise
d'fhaghbháil gan duadh, gan dochar, gan inghreim? Nonne
oportet Christum haec pati et ita intrare in gloriam suam?
"Féach gurab éigean do Chríost an méad so d'fhulang
ionnas go bhfaightheá-sa an bheatha mharthannach" (Lúcás
xxiv.26). Ná meas, dá bhrígh sin, gurab ar olc leat-
sa do bhaineas Dia do chlann nó do mhaoin saoghalta
dhíot; ní h-eadh, ar aon chor, acht do dhearbhadh d'fhoighde,
mar adeir Basilius: Non ad mortem iniicit tela in nos sed
ad salutem. "Ní chum báis do chaitheas Dia a shaighdidhe
linn ar uairibh acht chum sláinte," de bhrígh nach comhar-
thaidhe feirge iad acht comharthaidhe grádha, mar adeir
Solamh: Quem enim diligit Dominus corrigit, "An té
ghrádhas Dia 'sé a ghortuigheann sé" (Sean-ráidhte iii.
12), agus mar adeir San Aibhistín: Nemo potest in utroque
saeculo, hic et in futuro, gaudere. "Ní féidir le h-aon
duine flaitheas Dé thall agus i bhfus, ní féidir leis an
áit thall do shealbhughadh gan an áit i bhfus do tharcuis-
niughadh," agus mar adeir Críost, "Ollmhuighidh sibh féin fá
chomhair an uile inghreama, an uile bhuaidheartha agus an
uile thrioblóide, óir is leis so agus ní le n-a mhalairt
do gheobhaidh sibh flaitheamhnas Dé."



Is mór do dhaoinibh ar an saoghal so agus ní mian


L. 174


leo aon nídh d'fhulang ar son Dé. Ní h-é amháin gan
aon nídh d'fhulang ar a shon, acht ag ceasacht ar Dhia ins
gach doilgheas beag dá dteangmhaigheann dóibh, ag rádh
go péacach, ainbhfiosach, má 'sé a athair nó a mháthair, a
mhac nó a inghean do gheobhas bás. "A Dhia, créad do
rinneas-sa ort nó créad é an tsean-mhallacht atá im'
dhiaigh nach bhfuil i ndiaidh mo leithéid eile." Ó! mo
thruagh thú, a dhuine bhoicht. Nach measann tú go ndéan-
tar toil Dé i n-aimhdheoin do neamh-fhoighde-se? Nach
measann tú gur tré sómpla d'fhágbháil agat ar dhoil-
gheas d'iomchar go foighdeach atá Críost indiu i gcrann
na páise? Féach air, a chríostaidhe chroidhe, agus gé go
bhfuil sé marbh indiu i gcrann na páise, ar a shon sin,
tá sé 'n-a Dhia thrócaireach agus béidh go síorraidhe 'n-a
Dhia agus 'n-a dhuine. Iar n-eiséirghe dhó ó mharbhaibh
agus ionnas go dtiocfadh linn-ne an t-eiséirghe do
dhéanamh leis ó'n mbás, ó gach peacadh 'n-a bhfuilmíd,
guidhmís é go dúthrachtach fá bhraon dá ghrásaibh do
dhortadh i n-ár gcroidhthibh agus fá leac-oidhir na locht
atá ar ár gcoinsias do sgaoileadh; guidhmís é fá thoradh
na páise agus anmanna na ndaoine do leigean ó
ghlasaibh na ndiabhal malluighthe!



Ó! a Mhic na h-Óighe glaine, tríd impidhe do Mháthar
ná tréig sinn agus ná leig sinn i ngeibheann na
ndeamhan acht furtuigh sinn ó n-ár nguais, agus
treoruigh sinn cum na beathadh síorraidhe, an nídh do
ghuidhim-se dhíbh-se agus dom féin! - I n-Ainm an Athar,
agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. Amen.


L. 175


B 1819ls 19T
SEANMÓIR A DEICH.
AR EISÉIRGHE AN TIGHEARNA.
(Domhnach Cásga.)
Iesum quaeritis Nazarenum, crucifixum; Surrexit, non est hic.
Íosa ó Nasaret céasta atá sibh d'iarraidh; d'éirigh sé, ní fhuil
sé annso. - Marcus xvi.6.



Is luathgháireach mo sgéal duit indiu, a chompánaigh,
agus is fonn luathgháire, molta, agus buidheachais
as cóir do'n uile dhuine do sheinm go súgach do chluinfeas
é; d'éirigh an Tighearna go fírinneach ó bhás, do chuir an
cineadh Iúdaigheach chum báis, ionnas, mar d'fhuasgail sé
sinn ó bhás ár bpeacaidhe le n-a bhás, go dtiubhradh sé
beatha na ngrás le n-a eiséirghe ó bhás dúinn. Má's
mór an doilgheas do bhí ar Mhuire, Máthair Dé, agus ar
na h-abstalaibh fá bhás an Tighearna, is mó 'ná sin go
mór an t-iolgháirdeas do bhí orra fá n-a eiséirghe ó bhás,
agus mar as cóir do'n uile dhuine chráibhtheach a n-eisiom-
pláir do leanamhain 'san tuirse agus 'san dubrón fá
bhás Éin-Mhic Dé, is cóir dóibh bheith súgach, soilbhir leo
fá n-a eiséirghe; ar an ádhbhar, so an t-am 'n-ar chuir
eiséirghe ár dTighearna ár gcreideamh 'n-a shuidhe, lér
dhaingnigh sé ár ndóchas, agus lér mhéaduigh sé ár
gcarthannas. Is iomdha rúin-diamhair mhór dhorcha 'san
tSoisgéal so nach n-iarrann réasún orainn acht do
chreideamh le h-iongantas, acht is iomdha rúin-diamhair


L. 176


eile ann atá chomh soiléir, so-thuigse sin nach féidir do
dhuine ar bith, muna bhfuil a chroidhe níos cruadha 'ná an
chruaidh, smuaineadh orra gan a bheatha do leasughadh.
Agus, ionnas go dtuigfeá mé go maith ar an gcuspóir
seo, do-bhéarfaidh mé fios duit 'san chéad chuid de'n
chomhrádh so ar mhéid luathgháire na féile seo; agus, 'san
dara cuid taisbeánfaidh mé cionnas mar as cóir dúinn
le h-eiséirghe ár dTighearna ó mharbhaibh eiséirghe do
dhéanamh leis ó bhás ár bpeacaidhe.



Níl féil d'fhéiltibh an Tighearna 'san mbliadhain as
mó luathgháire agus as saoire ó dhólás ar bith 'ná an fhéile
seo eiséirghe an Tighearna. Má chuir na h-aingil agus
na daoine, na flaithis agus an talamh gnúis shoilbhir
shúgach orra féin an oidhche do rugadh Slánuightheoir an
domhain agus mar do seinneadh go binn dán molta agus
buidheachais do Dhia, níor theastuigh, ar a shon so, ádhbhar
doilghis ó'n sólás so mar do rugadh é ar mhodh chomh bocht
soin, nach raibh áit le faghbháil ag a mháthair i n-a gcuir-
feadh sí a ceann isteach le n-a bhreith acht stábla dorcha,
salach, i n-aimsir seaca agus sneachta. Má b'ádhbhar
luathgháire an lá do gairmeadh an t-ainm luathgháireach
Íosa Críost air, badh dhoilgheasach an t-amharc féachain
ar a chuid fola ag sileadh leis an timcheall-ghearradh.
Is ádhbhar iolgháirdis do'n Naoimh-Eaglais adhradh agus
tabhartais na dtrí ríghthe do Rígh an domhain, ní gan
smúit, gan buaidhreadh, ar a shon sin, do bhí an saoghal
so an t-am adubhradh le Muire agus le h-Íoseph go
mbéadh Ioruaidh ag iarraidh an leinbh le n-a chur chum
báis. Is mór an t-iolgháirdeas do rinneadh ins na
flaithis an tan do baisteadh Críost le h-Eoin i sruith
Orthanán, agus do bhí sé chomh mór soin gur fhoillsigh
an t-Athair síorraidhe é do bheith 'n-a Mhac aige féin:
"So mo Mhac grádhach" (Matha iii.17); gidheadh, an uair


L. 177


do chuaidh sé do'n fhásach do chuir an diabhal a líonta
'n-a suidhe gach taobh de, do chráidh sé agus do bhuaidhir
sé é, agus an uair do buadhadh le Críost ar an ndiabhal,
d'imthigh an diabhal uaidh (Matha iv.11). Is mór an fhéile
an lá do h-aith-dheilbheadh an Tighearna, an uair do
thaisbeáin sé a ghnúis chomh soillseach leis an ngréin le
glóir a chuirp. Níor mhair, ar a shon so, an luathgháir so
i bhfad do na h-abstalaibh, mar do thrácht sé leo, gan
mhoill, ar a pháis do bhí aige le fulang ar son an chinidh
daonna. Is luathgháireach, mórdhálach do ghlac pobal
Ierúsalem Íosa Críost le gáir mholta agus iolgháirdis
cúig laethe roimh an bpáis d'fhulang dó; gidheadh, do
b'éigean dó imtheacht uatha 'n-a throscadh mar ní raibh le
faghbháil aoin-neach do bhéarfadh cuireadh dhó. Do
masluigheadh agus do crádhadh agus do sciúrsadh é 'san
chathair céadna. Fá dheireadh, má bhí Críost luathgháireach
ar a shuipéar déidheanach le n-a dheisciobalaibh an tan do
thug sé a fhuil agus a fheoil féin mar bhiadh dhóibh agus mar
dhigh, ní raibh sé gan mío-shásamh mar gheall ar an dtréa-
túir Iúdás do bhí ar a bhórd. So amháin an fhéile, lá
eiséirghe an Tighearna, do dhíbreas uaithi an uile dhoilgheas
agus dólás, an uile ghruaim agus smúit. d'éirigh an
Tighearna go fírinneach, do rug sé buadh le n-a bhás ar
an uile bhás, do chloidhigh sé an diabhal, do sháruigh sé an
saoghal agus d'fhuasgail sé na daoine. Do bhí luath-
gháir ar na flaitheasaibh agus ar an dtalamh, mar adeir
an Naoimh-Eaglais, i lá eiséirghe Chríost. Do bhí
luathgháir ar na h-aingealaibh, ar Mhuire, ar na h-absta-
laibh, agus ar na trí Mhuire .i. Maigdelen, Cléopha,
agus Salóme. Do bhí luathgháir ar an saoghal mór go
h-iomshlán, ar an ngréin, ar an ngealaigh, ar na réal-
taibh, ar na dúilibh, agus ar chréatúiríbh an domhain uile,
mar d'éirigh a gcruthuightheoir ó bhás, agus go speisialta


L. 178


do sháruigh luathgháir Mhuire an uair seo iolgháirdeas an
tsaoghail go h-iomshlán. "Is í an céad duine," adeir
Naomh Ambrós, "do chonnaic é agus do chreid sí."
"Éirigh suas, deithbhrigh ort, a charaid mhilis, do chuaidh
an geimhreadh anois thart, agus d'imthigh an cith agus do
chuaidh sé i leath-taoibh, do-chítear blátha ar an bhfearann"
(Cant.ii.10-12). "Éirigh suas," adubhairt an Mac le
n-a Mháthair Muire, "stad feasta ó dheoraibh an doil-
gheasa, croith dhíot an uile thuirse agus dobrón, ná
caoin níos fuide bás d'Aoin-Mhic Íosa, iompuigh
d'osnacha doilgheasa i n-a nglórthaibh binne, do chaoineadh
i n-a sungaeil, do thuirse i n-a sólás. Anois, a Mháthair
mhilis, do chuaidh geimhreadh cruaidh, géar, searbh mo pháise
thart, d'imthigh sneachta, clocha-shneachta, agus stoirm
teann, láidir na bpianta mór lér brúghadh agus lér
céasadh mé, agus do tháinig glóir dom' Athair neamhdha,
earrach glórmhar m'eiséirghe; féach, a Mháthair chumhra, ar
an sliocht daonna so atá liom agus d'fhuasgail mé le
mo bhás ó bhás, féach ar do shinnsir, ar Ádhamh, ar Éabha,
ar Abraham, ar Ísaac, ar Iacób, ar Íoseph, ar Dháith rígh,
ar d'athair agus ar do mháthair, Ióachim agus Anna, ag
déanamh adhartha agus onóra dhuit mar bhainríoghain na
bhflaitheas agus an talaimh. Féach, a Mháthair na
naomhthachta, ar gach bláith ró-bhreágh, glórmhar d'fhás as
gach áit i n-a raibh créachta in mo chorp. Bí go súgach
luathgháireach, a Mháthair na h-óghachta, féach nach glórmhar
do Mhac indiu ag éirghe a marbhaibh, teann led' chroidhe
mé, tabhair póg agus brasáil dom." Is féidir leis an
uile anam cráibhtheach do chreideamh gurab é seo comhrádh
nó a leitéid eile do bhí ag Críost le n-a Mháthair an
tan do thaisbeáin sé é féin dí tar éis éirghe ó bhás an
treas lá dhó. Acht cionnas do labhair Muire le n-a
h-Aon-Mhac an uair seo. Níl amhras agam gur labhair


L. 179


sí leis na briathraibh seo: "Féach, is deas thú, a
Mhic ghrádhaigh, agus is breágh, cumtha thú. Ó! a Mhic, is
tú mo Mhac ró-mhilis atáim d'fhásgadh lem' chroidhe idir
mo dhá láimh. An tú an té úd do masluigheadh go
truaillighthe agus do cuireadh chum báis trí laethe ó
shoin? An tú an té úd do chonnaic mé nochtuighthe, sínte,
céasta 'san chroich, id' chriathar poll idir bheirt rógairí
ós comhair an tsaoghail? Ó! créad é a ghlórmhaire do
thaisbeánas tú tú féin dom indiu! Ó! cad é an
t-aoibhneas dom' shúilibh an t-amharc so do-gheibhim ar
m'Aon-Mhac féin, Íosa Críost? Créad na péarlaidhe
ró-shoillseacha glórmhara sin, a Mhic, do-chím in do
chosaibh agus in do lámhaibh, agus do-bheir solus chomh
iongantach, mór soin uatha? Goidé sin agat id' thaobh
agus id' chroidhe do sháruigheas solus agus breághtheacht
na gréine?" Mar seo do bhí comhrádh agus luathgháir
Mhuire le n-a h-Aon-Mhac féin, tar éis éirghe ó bhás dó.
Agus ionnas go dtiocfadh linn fáilte do chur roimhe le
croidhe glan i lá so n-a h-eiséirghe, is cóir dhúinn ar
dtúis eiséirghe do dhéanamh le h-aithrighe ó bhás ár
bpeacaidhe. d'éirigh Críost, a chompánaigh, as an
tuamba i n-a raibh sé sínte ar feadh trí lá mar dá
mbéadh sé, dar leat, 'n-a chodladh. "Do chodail mé agus
do ghlac mé mo shuan agus d'éirigh mé" (Sailm iii.6).



Anois iarrann Críost ort éirghe suas leis as
tuamba bhréan, bhrocach, shalach do pheacaidhe leis an
aithrighe. Ó! is fada atá tú, a bhochtáin bhoicht, id'
chodladh i n-uaimh do pheacaidhe, is mithid duit eirghe as
an dtrom-shuan mhór soin atá ort ionnta. Nach gcluin-
eann tú Naomh Pól ag gáiridhe leat agus ag iarraidh
ort éirghe gan mhoill: "Éirigh, a fhir atá id chodladh,
agus éirigh ó mharbhaibh" (Ephes.v.14). Is iomdha
bliadhain do chaith tú go macnaiseach, súgach, le sainnt,


L. 180


le drúis, le tnúth, le díomas, le craos agus le leisge;
is mithid duit éirghe suas as an leabaidh mharbhthaigh sin
na bpeacaidhe mór do rinne tú i n-aghaidh Dé agus
d'anma féin. "So an uair agat," adeir Naomh Pól leat,
"le h-éirghe suas as do chodladh." Mar d'éirigh Críost,
do Shlánuightheoir, as an dtuamba 'n-a raibh sínte, is
cóir duit éirghe a suan do pheacaidhe, agus mar d'éirigh
sé go fírinneach, tá sé ag iarraidh ort éirghe leis go
fírinneach i n-aimsir beannuighthe na Cásga ó bhás do
pheacaidhe go beathaidh na ngrás. Ó! créad an fhaillighe
atá tú a dhéanamh? Créad an mhoill atá ort? Sgrúid,
a charaid, go dícheallach do phian-pheacaidhe nó do choin-
sias, fosgail do bhéal do'n athair faoistine, aithris dó
do pheacaidhe, teilg amach an lucht deamhan agus diabhal
atá i gcroidhe d'anma. Croith do chroidhe le croidhe-
bhrúghadh, tóg leat na fad-dhála agus na leisge, éirigh
amach as uaimh na ndubhailcí le deoraibh agus le
h-oibreachaibh na h-aithrighe fírinnighe, agus cuir romhat
gan luighe innte go bráth arís.



Le fáinne an lae, Dia Domhnaigh, d'éirigh Críost ó
mharbhaibh, mar adeir sé féin le béal an fháidh,
"éireochaidh mé go moch" (Sailm lvi.9). Mar sin, is cóir
dhuit, a chompánaigh, gan fuireach i bhfad id' chodladh in
do pheacaidhibh, acht éirghe go moch, is cóir dhuit éirghe go
moch asta. Mar d'éirigh an Tighearna ar maidin go moch,
mar so, ní go mall acht go moch is cóir dhuit éirghe as
do pheacaidhibh. Ó! ná cuir ó lá go lá, ar cáirde
d'eiséirghe ó bhás do pheacaidhe go beathaidh na ngrás;
ná cuir go nuige d'aois ársa an gníomh uasal so; ná
h-abair: Déanfaidh mé aithrighe i mbáireach nó i
gceann bliadhna nó i ndeireadh mo laethe," acht déan
anois go moch agus go gasta í ar an ádhbhar, mar adeir
an Spioraid, "an té do ghnídh faire go moch chum Dé do


L. 181


gheobhaidh sé é." Is é sin, má bheir tú aghaidh go moch ar
Dhia leis an aithrighe, do-gheobhaidh tú grása agus
trócaire go furus uaidh, acht má chuireann tú ar cáirde
í do b'fhéidir go gcuirfeadh ar gcúl ó thrócaire tú agus
nach dtiubhradh Dia ré na h-aithrighe dhuit. Ar an ádhbhar
sin, a chompánaigh mo chroidhe, ó tá an aimsir neimh-
chinnte ná cuir leas d'anma ar cáirde.



Do bhí eiséirghe Chríost iomshlán; níor fhág sé aon
chuid de féin i n-a dhiaidh ins an tuamba; mar seo, is
cóir dod' eiséirghe bheith iomshlán; níl maith dhuit éirghe
as aon pheacadh amháin muna n-éireochaidh tú as do
pheacaidhibh go h-iomshlán; ní bhéarfaidh Dia maitheamhnas
duit i n-aon pheacadh amháin muna n-iarrfaidh tú maithe-
amhnas i n-éinfheacht air in do pheacaidhibh go h-iomshlán.
Do thug Críost eisiompláir dhuit. d'éirigh sé féin ó
bhás le n-a bhallaibh go h-iomshlán; mar so déan, a
chompánaigh, eiséirghe iomshlán ó bhás do pheacaidhe ar mhodh
nach bhfeicfidh tú diabhal ar bith le peacadh marbhthach dá
luighead i seilbh croidhe d'anma. Ó! na h-abair: "Ní
bhéidh mé ar meisge go bráth, ní chionntóchaidh mé le mí-
phósadh nó neamh-phósadh choidhche, ní ghoidfidh mé nídh ar bith
go bráth, acht ní féidir liom maitheamhnachas dom' náimh-
dibh." Ó! ná déan mar sin, a bhochtáin bhoicht; "teith
ód' pheacaidhibh uile," adeir an Spioraid Naomh leat,
"mar do theithfeá ó aghaidh nathrach nimhe;" bíodh gráin
mharbhthach agus fuath námhaideach agat ar do pheacaidhibh
uile mar nach bhfuil maith dhuit éirghe as an bpeacadh nó
as aon pheacadh aca, muna n-éireochaidh tú asta uile i
n-éinfheacht, agus má fhágann tú aon pheacadh amháin id'
dhiaidh gan aithrighe do dhéanamh ann, béidh seilbh i gcomh-
nuidhe ag an ndiabhal ar d'anam.



"Críost ag éirghe ó mharbhaibh ní bhfuighidh sé bás
agus ní bhéidh comhachta ag an mbás níos mó air" (Rómh.vi.9);


L. 182


agus mar nár fhill sé tar ais ar an áit as ar
éirigh sé, mar so, éirigh go seasmhach, a chompánaigh, chum
na h-aithrighe, ar mhodh nach bhfuighidh tú bás níos fuide le
briseadh na n-aitheanta; ná fill go bráth ar an aithlio-
gan, ná sin tú féin feasta i n-uaimh bhréan bhrodach do
pheacaidhe. Glac comhairle Naoimh Eoin: "Ná déan
peacadh níos fuide ar eagla go n-éireochaidh níos measa
dhuit" (Eoin v.14); go ndiúltóchadh Dia grása do
thabhairt duit nó trócaire do dhéanadh ort, ar eagla go
bhfuightheá bás in do pheacaidhibh agus go rachthá i lorg
mhullaigh do chinn go tigh na bpian. "Mar éirigh Críost
ó mharbhaibh le glóir an Athar, mar so siubhalamaois i
nuaidheacht beathadh" (Rómh.vi.4); mar do h-ath-nuadhadh
Críost go h-iomshlán i n-eiséirghe ó bhás, agus nach bhfuil
sé níos fuide fá shlait ag an mbás, ag piantaibh, ag
boichteacht, nó ag cráidhteacht ar bith, acht breágh, glór-
mhar, soillseach, luathgháireach, gasta, agus líonta lán
de na subhailcíbh uile, is coir duit éirghe suas as aibhéis
do pheacaidhe, gúna dorcha dubh na ndubhailcí, agus
aingeal daol-dubh dath-ghránna an diabhail do dhíbirt
uait agus brat soillseach na subhailcí do tharraing ort.
"Má's mian libh sollamhain na Cásga do dhéanamh mar
as cóir," mar adeir Naomh Ambrós linn, "is cóir dhíbh
imirce mhaith ghlan chlaoidhteach do dhéanamh ó na dubhailcíbh
cum na subhailcí. Má bhí tú, a compánaigh, go nuige
so tabhartha do'n pheacadh mharbhthach nó do leanmhain de
cheann ar bith aca, diúltuigh dhóibh mar do dhiúltóchthá
do'n diabhal; sgiúr, nigh, agus glan d'anam bocht ó
shalachar do pheacaidhe leis an gcroidhe-bhrúghadh fírinneach
agus le faoistin ghlain i n-aimsir beannuighthe na
Cásga, mar adeir aithne na h-Eaglaise ort; mar do
fuair Críost beatha nuadh le h-eiséirghe, adeir Naomh
Bearnard, do-bheir sé cuireadh dhúinn chum beatha nuadh


L. 183


do bheith againn. Féach go grinn, a chompánaigh, ar
Chríost ag éirghe indiu ó mharbhaibh agus má's mian leat
beatha na ngrás d'fhaghbháil ó ughdar na beathadh, éirigh
suas go fírinneach leis ó bhás do pheacaidhe. Éirigh go
moch, go luath, go h-iomshlán, go seasmhach, ar mhodh nach
dtuitfeá choidhche arís ins na peacaidhibh céadna, agus,
fá dheoidh, éirigh as múnlach do pheacaidhe, ionnas go
siubhalfá le beathaidh nuadh tré bhealach na subhailcí
anois ar an saoghal so, agus go dtiubhradh Dia do chuid
de'n ghlóir dhuit an lá déidheanach. Ionnas go gcuir-
feadh Dia an chríoch mhaith so ar do bheathaidh abair anois
Paidir agus Abhé Maria.


L. 184


B 1818ls 19T
SEANMÓIR A h-ÉIN-DÉAG.



Urchóid an tSaoghail.



Atá dream mór daoine ins an tsaoghal 'san aimsir
so chomh taithigheach sin ar chustum fallsa an
tsaoghail gur ró-dheacair dóibh maireachtain gan cuid
dá chleachtadh leanmhain. Ní fhuil sé órdaighthe dhúinn
teicheadh ó'n tsaoghal, acht tá sé órdaighthe dhúinn diúl-
tughadh dá shlighthibh malluighthe, ní h-é amháin na peacaidhe
sganallacha puiblidhe do thuilleann masla an tsaoghail
dúinn, acht fós gach nídh atá bun ós cionn le órdughadh
Dé. I measc na ndaoine seo atá i ngrádh le mío-ádh an
pheacaidh agus an tsaoghail tá cuid díobh atá tabhartha
d'onóir agus do mhóir-mheas agus a gcroidhtheacha cean-
gailte le gach nídh thabharfadh gradam saoghalta dhóibh;
cuid eile tabhartha d'imirt mailíse agus fallsachta ar
a chéile; cuid eile i ngrádh le súgradh agus le caitheamh-
aimsire díomhaoin na colna; cuid eile dhíobh gan de ghlór
i n-a mbéal ó mhaidin go dtí an oidhche acht Dia agus
Muire dá ndearbhughadh, diabhal agus deamhan agus gach
mionna eile dá mhalluightheacht, gan d'eagla roimh
dhíoghaltas an Tighearna acht chomh maith a's nach mbéadh
Dia ar neamh ná pian i n-ifreann; i n-aon fhocal tá an
uile dhream nach bhfuil i ngrádh le Dia ag déanamh
malluightheachta éigin do thuillfeas fós dóibh pianta
dóighte loisgightheacha go síorraidhe má fhaghann siad bás


L. 185


i n-a bpeacaidhibh - nídh as ró-bhaoghalach go bhfaghaid, do
réir cirt-bhreitheamhnais Dé. Anois, adeirim libh atá
annso do láthair, dá ndéanfadh sibh beagán mairbhne ar
an saoghal, do-chídhfeadh nach bhfuil ann le feicsin acht
malluightheacht, cama-chleasaigheacht, cladhaireacht, bithe-
amhantacht, marbhughadh daoine, meisgeoireacht, diab-
laireacht, mionna móra, gairseamhlacht, briseadh saoire,
mór-chúis agus onóir srl, agus an fíor-bheagán atá ag
tréigean na ndroich-chleachtadh so, fá dhroich-mheas an
tsaoghail, gan aon mheas do réir an tsaoghail ar aon
duine acht ar sheirbhíseach an diabhail atá ós cionn libhéil
na boichtneachta. Marbhnuighidh arís mar do chruthuigh
Dia an saoghal chum úsáide an duine agus an lá céadna
cheap sé an chéad bheirt, gur bhriseadar a dhlighe agus
do rinneadar comhairle an diabhail; gur bháidh Dia
an domhan i n-a dhiaigh sin do dheasgaibh peacaidhe
na ndaoine agus fá dheireadh gur bh'éigean dá Mhac
féin Íosa Críost tuirling anuas i gcolainn daonna
ar an saoghal so, chum go nglanfadh sé le n-a chuid
fola smúit an pheacaidh de anamnachaibh na ndaoine,
agus chum go n-osglóchadh sé na flaithis do bhí dúnta i
n-a gcoinne i dtaoibh na bpeacaidhe gcéadna. Tar éis
gach maitheasa dá ndearnaidh sé ins gach aon sórt
sligheadh do'n duine, tá fhios agaibh féin gur ró-bheag
an buidheachas do ghabhann sé leis. Ní luaithe thagann
cainnt i n-a theangain 'ná tugann sé droich-mheas do
Dhia leis an teanga céadna sin do fuair sé chum é féin
do mholadh. Ní h-aon iongantas ró-mhór an leanbh beag
do thabhairt masla do Dhia, mar ní bhíonn a mhalairt de
chéill aige, acht is iongnadh ró-mhór go mbéadh aon athair
agus aon mháthair chomh dall sin a's go leigfidís dá
gclainn i dtosach a saoghail aithris do dhéanamh ar an
diabhal, iompódh i gcoinne an Tighearna ag briseadh a


L. 186


dhlighe agus a riaghail naomhtha. Ní dhéanann an t-athair
ná an mháthair sin aon sgím dá gclainn do thabhairt chum
seirbhíse Dé. Ní h-é as measa leo acht is fearr leo
iad féin do thógaint 'n-a n-oitríocháin gan eolas ar
Dhia ná orra féin. Is cuma leo é acht go mbéadh biadh
deoch agus éadach agus iad i gcomhair maireachtain dóibh
féin le linn iad a bheith i n-aois fir nó mná dhóibh, roinnt
bheag Béarla do bheith aca do dhéanfadh a ngnó chum
gabháil tríd an saoghal, agus gan an oiread leis an
bPaidir agus leis an Ave Maria aca mar as ceart,
cé gur cliste bhíonn teanga aca chum Dia do thabhairt
mar mhionna, nó mionna éigin eile láimh le bheith chomh
dona. Ná mealltar sibh a chríostaidhthe, ní le beatha
de'n tsórt so do raghaidh sibh suas an bóthar caol,
cumhang do thriallas go Parrthas; agus deimhnim díbh
gur ab é bóthar leathan ifrinn atá sibh a leanmhain gach
am do dhéanann sibh na neithe so d'aithris mé dhíbh. An
dtuigeann sibh go rachadh sibh go Parrthas i dtaoibh sibh
féin do choisreacan ar maidin agus 'san oidhche, a's
paidir nó dhó do rádh le futa fata deithnis, teacht annso
ar maidin Dé Domhnaigh mar dh'eadh ag moladh Dé. Cad
é an sórt molta do thugann an mhuinntir seo do Dhia
do ritheann annso isteach mar a bhéadh sgata gabhar, dá
gcaitheamh féin ar a leath-ghlúin go minic, agus an fhaid
bhíd siad ag tiomáint an phaidir nó dhó sin thársta iad
ag briollacadh thall a's i bhus, annsin, cúpla futhal dá
n-ordóg do tharraing le deithneas ar chlár a n-éadain
agus imtheacht amach an doras, annsin ag seanchus ar
an saoghal nó ar lochtaidhibh na comharsan; i n-a dhiaidh
sin, aimsir an aifrinn an briollacadh céadna thall a's
i bhus orra, ag suathadh paidreacha gan cráibhtheacht trí
n-a mbéal; tar éis an aifrinn do bheith críochnuighthe rith
a-bhaile nó go dtí cruinniughadh éigin puiblidhe - áit a


L. 187


gcaithid siad an lá ag ól agus ag imirt, i guidheoireacht
agus i mbarbaracht, srl. Bidhidh lán-deimhneach ciodh go
mbíd siad so agus mórán eile dá sórt i láthair an
aifrinn, nach mbíonn dá thairbhe aca acht an oiread leis
an muinntir atá in Seapáinn nó i n-oileán éigin an-
imchian eile. Adeirim leo so gur ait atá siad ag
caitheamh a saoghail; cuirim i gcás go bhfuil siad anois
óg, láidir, sláinteamhail, ar a shon sin ní glacfaidh Dia
aon leith-sgéal uatha gan aithrighe cheart do dhéanamh.
An duine uasal ná íseal, an duine saidhbhir ná an duine
láidir ná an duine bocht, an t-eaglaiseach ná an tuata,
ní sábhálfar iad gan an aithrighe.



Cionnas as féidir leis an muinntir seo dul go
flaithis Dé gan an aithrighe, nach dtéidheann stad ar a
dteangain acht ag suathadh bréaga agus búrdúinn trí
n-a chéile, iad lán de nimh mhiosgaisigh ag trácht ar
lochtaidhibh a gcomharsan, iad go h-árd-chainnteach, mór-
dhálach, lán d'áthas an uair adeir siad focal mío-bhana-
mhail, neamh-ghlan i láthair cuideachtan ag déanamh grinn
orra féin, agus nach spárálaid sagairt ná bráithre,
duine muinnteardha ná námhaid, duine breágh ná gránda,
an duine riaghalta ná an duine saoghalta gan bheith dá
ngearradh agus dá maslughadh i n-a gcreideamhain.



Cionnas as féidir leis an muinntir seo dul go
flaithis Dé nach ndeir paidir ná cré maidionacha ná
oidhcheanta i n-a mbeathaidh, gan beann ar aifreann, gan
beann ar throsgadh, gan beann ar fhaoisdin, gan beann
ar dhéirc do dhéanamh agus mórán eile, agus fós tógann
a gclann mar a bhéadh conairt gadhar gan múineadh,
gan eolas, gan deiscréid, gan fios aitheanta a gcreidimh,
gan aithne ar Dhia ná ar Mhuire aca. Cionnas as féidir
leis an muinntir seo dul go flaitheas Dé atá lán de
thaidhbhse, de mhailís, de shainnt, de dhrúis, gan dúil ar


L. 188


aon rud acht ithe agus ól, agus éadaighe faiseanta
neamh-choitcheannta, sult agus compórd lá agus oidhche.
Osglaidh bhur súile mar as ceart agus tugaidh fá
ndeara dá mbéadh tinneas fiacal oraibh aon tseachtmhain
amháin, créad an pionós do béadh oraibh, créad é liacht
duine nach inneosadh sibh dó é, ag féachain an mbéadh aon
leigheas ag aoinne dhíbh, nó fós, dá mbraithfeadh sibh
tosach eitinne nó tinneas éigin eile do bheith oraibh
créad é an trioblóid do bhéadh oraibh le h-eagla roimh
an mbás; do loirgeochadh sibh comhairle dochtúiridhe gan
mhoill chum sibh do leigheas dá mb'fhéidir é ó'n ngalar
sin.



Sin galar spioradálta as measa 'ná bás do
thabharfadh bás síorraidhe i n-ifrionn díbh, a's cá bhfuil
an dúthracht sin badh cheart díbh do bheith oraibh ag dul go
dtí dochtúiridhe Dé, 'siad soin na sagart, ag iarraidh
leighis. Ó! ní fhuil aon chaitheamh i n-a dhiaidh agaibh, is
fearr libh fuireach mar atá sibh ar eagla go gcuirfeadh
na sagairt d'fhiachaibh oraibh bhur ndroich-chleachttha thréi-
gean má's maith libh sibh féin do leigheas, agus n-a thaobh
soin ag cur an sgéil i bhfad nó go mbíonn an t-othar
ró-dhainnséarach fá dheireadh a's nach mbíonn sé i
gcomhachtaibh an domhain aon mhaith do dhéanamh díbh, muna
ndéanfadh Dia amháin míorbhailte, nídh nach gnáthach leis
ar a leithéid sin de pheacthachaibh i ndeireadh a saoghail.



Gabhaim-se orm féin a rádh, nach ndéarfadh sibh leis
an dochtúir saoghalta imtheacht a-bhaile uaibh agus teacht
an uair bhéadh an bás ag sgrogaoil libh agus sibh do
leigheas annsin. Do b'fhada gheobhadh uaibh é. Agus
béidh de dhánuigheacht ionaibh fuireach i n-achrann i ngla-
saibh ag an diabhal ar feadh bhur saoghail, tinneas
marbhthach ar bhur n-anamnacha agus gan dúil agaibh
leigheas do lorg nó go mbíonn sibh ag dóirsibh an bháis.


L. 189


Ní fhuil mórán le feicsin ins an tsaoghal acht dlighe
agus clampar, feall agus mailís, mionna móra agus
neimh-dhiadhantacht, agus gan aon eagla ar an muinntir
as cionntaighe ins na neithibh seo roimh díoghaltas ná
teangan. Do-chímíd fir a's mná breághtha uaisle ag
imtheacht i n-a gcóistíbh lán d'onóir agus de chaithréim
saoghalta, meas agus creideamhain mhór fá n-a gcomhair
ag an saoghal. Ó! ní fhuil de mheas ag Dia orra acht
an oiread le piastaidhibh na talmhan, mara bhfuil sgím
a n-anama shábháil orra. Agus fós i measc na coit-
cheanntachta féin, lucht eolais agus tabhairt suas i
bhfoghluim, fir láidre, cumasacha, ciallmhara do réir fios
an tsaoghail seo, agus fós mná ins an slighe céadna,
mara bhfuil siad ag déanamh leas a n-anama do
b'fhearr dhóibh a bheith i n-a gcloich nó i n-a maide 'ná bheith
i n-a ndroich-chríostaidhthibh. Atá sé chomh fíor a's atá
Dia ar neamh aon duine 'n-ar thug Dia ciall dó nach
ndéanfaidh aithrighe i n-a pheacaidhibh marbhthacha nach
bhfaghaidh seilbh i bhflaithis Dé go bráth. Adéarfadh
a lán againn atá gan eolas ceart a n-anama: "Atá
Dia láidir, grásamhail agus atá Máthair mhaith aige, a's
nár leigidh Dia go mbéadh sé chomh daor orainn agus
adeir na sagairt é." Is fíor go bhfuil Dia trócaireach,
agus muna mbéadh, go sguabfadh sé de'n talamh gan
mhoill sinn. Chomh luath agus do thuiteamar ins an
pheacadh marbhthach, do thiomáinfeadh sé síos go h-ifrionn
sinn, mar do rinne sé leis na h-ainglibh i dtosach an
tsaoghail. Ná tuigeadh sibh, a chríostaidhthe, go meall-
feadh na sagairt ar aon duine 'n-a mbagróchadh air ag
altóir Dé. Ní deir siad acht fírinne cheart. Ní h-áil
leo na briathra seo do chlos adéarfadh leo a lochtaidhe
do thréigean. Déarfadh siad leo féin: "Dar ndóigh, ní
peacadh marbhthach a bheith pléisiúrdha cuideachtamhail, ní


L. 190


peacadh marbhthach ár ndóthain d'ól, ná roinnt de'n oidhche
do chaitheamh ag imirt cártaidhe, ní peacadh marbhthach rud
beag guidheoireachta do dhéanamh an uair nach mbíonn
droch-chroidhe ag duine." Ní peacadh marbhthach leo aon
rud acht duine do mharbhadh nó robáil do dhéanamh. Seo
mar adeir go leor de dhroich-chríostaidhthibh; ní chreidfeadh
siad aon duine acht a dtuairim féin. Deir siad nach
daorfar aon duine fuair baisteadh na h-Eaglaise, acht
cum roinnt bheag purgadóireachta d'fhaghbháil. Dá
mb'fhíor sin ní bhéadh aon phráidhinn le faoisdin do dhéa-
namh, ná Corp Chríost do ghlacadh, ná paidir ná cré do
rádh, ná dul go dtí an t-aifreann. Do bhéadh sé chomh
maith dhúinn a bheith i n-ár mbitheamhnachaibh, i n-ár
ndúnmharbhthóiríbh, i n-ár meisgeoiríbh, i n-ár gcladhairidhibh
díomhaoine le bheith macánta, ceannsa, deagh-shomplach
agus diadhanta, agus do bhéadh na flaithis le faghbháil
ag na droch-dhaoine chomh maith leis na deagh-dhaoine. Do
fuair Críost bás ar son an domhain le chéile agus is
deacair a rádh go ndamnóchadh sé aon duine. An lá
fuair Críost bás ar chrann na croise do thug sé
breitheamhnas damanta ar dhaoinibh agus níor sgaoil
díobh ó shoin. Do shaor sé beagán eile d'iarr párdún
air agus do rinne aithrighe. Is mar seo fós do dham-
nuigheann sé an dream peacamhail nach ndéanann
aithrighe, agus saorann sé na daoine fíréanda do
thréigeann an peacadh agus do thugann sásamh dó ann.
Adeirim libh-se, a chríostaidhthe, ciall do bheith agaibh agus
gan aithris do dhéanamh ar an saoghal. Créad é an tairbhe
do dhaoinibh an tsaoghail do bheith sáthach, lán de shaidh-
bhreas agus de chompórd, lán de shaoghal agus de shláinte
má fhaghann siad bás i n-a bpeacaidhibh; béidh mío-fhortún
síorraidhe orra, béidh teinte teogha, pic agus ruibh dá
losgadh go bráth, béidh diabhail dá gcrádhadh a's dá


L. 191


gciapadh, béidh teancharcha dá stracadh, iad dá múchadh le
bolaidhthibh bréana, salann teine dá chimilt de chneadha-
chaibh a n-anama. Ar an dtaobh eile ní féidir a innsin
méad sonais agus compóird, méad onóra agus glóire
na muinntire do dhéanann aithrighe agus do gheibheann
bás naomhtha. Créad an díoghbháil do dhuine bheith bocht,
dealbh, gan mórán compóird ná sláinte ins an tsaoghal
seo má bhíonn sé go glórmhar, go mórdhach agus go
ríoghamhail ins na flaithis go síorraidhe. Is fada ó
bhaile do théidheann mórán daoine i gcontabhairt a
gcaillte ag iarraidh saidhbhris an tsaoghail seo do
chaitheann siad d'fhágaint i n-a ndiaidh an lá déidheanach.
Seo saidhbhreas na ngrás le faghbháil ins an mbaile gan
contabhairt, gan sgeimhle, agus saidhbhreas na bhflaitheas
i n-a dhiaigh seo, agus féachaidh créad é laighead na suime
do cuirtear chum é shaothrughadh. Ní fhuil aon tsaothar
as féidir a dhéanamh do'n cholainn nach déantar dí, acht
déantar dearmad iomshlán de'n anam. Do-chuala sibh go
minic nach féidir le h-aon chlainn rath, sonas, ná séan
do bheith orra an uair a bhíonn siad easurramach droich-
mheasamhail ar a n-athair agus ar a máthair. 'Sé Dia
na glóire ár n-Athair go léir agus an Teampall
Catoiliceach Rómhánach ár Máthair. Atá seo chomh fírin-
neach sin agus atá Dia ar neamh, - an té nach mbéidh
urramamhail ómósach do dhlighe Dé agus an Teampaill,
nach mbéidh urramamhail dá Athair a's dá Mháthair, ní
bhéidh sonas ná séan síorraidhe air, acht uireasbaidh na
bhflaitheas agus mallacht Íosa Chríost. An té nach
ndéanann obair Dé anois ar feadh a bheathadh ní bhainfidh
sé fóghmhar na glóire go bráth i bParrthas. Is dóigh go
gcloiseann sibh daoine dá rádh: "Is deacair dhúinn
tosnughadh fós ar aithrighe dhéanamh, sinn-ne atá lán de
shláinte a's d'óige. Cár bheag dúinn iompódh an uair


L. 192


do bhéadh tonn dár n-aois tharainn. Cár mhór dhúinn
roinnt de shólás an tsaoghail a bith againn chomh maith
le daoinibh eile. Daoine eile adeir dá mbéadh aon
sgím eile orra so atá ag déanamh aithrighe mar atá
orra féin, nach paidreacha badh mheasa leo. Daoine eile
adeir dá mbéadh leanbhaidhe i n-a gcúram orra agus
cúram cíosa agus cána mar atá orra féin, gur beag
d'fhonn aithrighe a bhéadh orra. Daoine eile adeir nach
mbíonn aon duine ag déanamh aithrighe acht daoine dío-
mhaoine gan cúram, agus, dá mbuailfeadh an saoghal
dóibh féin a bheith mar iad, go ndéanfadaois aithrighe."



Anois, le rud beag stúidéir do dhéanamh ar an
muinntir seo, is dall diablasach é a n-aigne agus a
dtuigsin, chomh maith a's gur cheart tosach do thabhairt do
gach cúram agus obair saoghalta roimh leas a n-anama.
Glacaidh ciall, a shean-pheacthacha, sibh-se, a dhaoine
aosta, cuimhnighidh ar bhliadhantaibh bhur n-óige, mar do
chaith sibh iad; cuimhnighidh ar liacht bhur bpeacaidhe ó shoin,
liacht saoire do bhris sibh, liacht mionna do thug sibh,
liacht meisge do bhí oraibh, liacht neamh-shuim do rinne
sibh i leas bhur n-anama. Má tá sibh socair stúidéartha
anois gan mórán dúile ins na droich-chleachtthaibh seo,
an féidir libh a rádh le fírinne gur rinne sibh aithrighe
fós ionnta? Cuir i gcás gur rinne sibh faoisdin fhuar,
fhailligheach ionnta, ar a shon sin is baoghalach díbh ag
coiste an chirt. Sibh-se do bhíos bliadhain nó b'fhéidir
níos sia gan faoisdin, an uair do théidheann sibh i
bhfiadhnaise an tsagairt, ní bhíonn mórán le h-innsint
agaibh má's fíor díbh féin é. An té raghadh gach aon
tseachtmhain chum faoisdine, is fuide bhéadh sé ag déanamh
faoisdine 'ná go leor agaibh-se tar éis bhur mbliadhna
nó leith-bhliadhna. Má fhiafruigheann an sagart díbh an
mbíonn sibh ag guidheoireacht, déarfaidh sibh go ndéanann


L. 193


sibh roinnt díobh anois a's arís agus an uair sin féin
gur ab iad bhur gclann do chuireadh d'fhiachaibh oraibh é
nó duine éigin eile ar fuaid bhur dtighe. Má fhiaf-
ruigheann sé dhíbh an mbíonn sibh paisiúnta, bréagach nó
cúl-chainnteach, déarfaidh sibh go mbíonn sibh anois agus
arís, acht nach mbíonn aon urchóid i nbhur gcroidhe ar an
am céadna, mar seo ag tabhairt leith-sgéal cam uaibh
agus ag déanamh neimh-nídh de bhur bpeacaidhe do bhíonn
b'fhéidir chomh mór le sliabh nó chomh iomadamhail le
gruaig bhur gcinn. Tar éis an sórt faoisdine seo do
dhéanamh, nach amhlaidh ritheann sibh amach i dteannta a
chéile ag seanchus ar an saoghal agus gan de chathughadh
oraibh acht chomh maith agus dá mbadh sgéal fiannaidheachta
do inneosadh sibh. I n-aimsir an aifrinn rithfidh sibh
isteach annsoin chum an aifrinn, glacfaidh sibh comaoin i
ndeireadh an aifrinn, agus ar an nóimeint tar éis
beannachta an tsagairt, rithfidh sibh a-bhaile i bhfeighil bhur
ngnótha saoghalta, a's gan buidheachas do ghabháil le Dia,
ná mórán cuimhnighthe an chuid eile de'n lá ar an tabhar-
tas do fuair sibh; agus i n-a dhiaidh, an chuid as sia dhe, i
gceann lá nó dhó, is sibh na peacthacha céadna ag déanamh
na gcleachtadh gcéadna. Seo, adeirim, an sórt aithrighe
do dhéanann urmhór an tsaoghail. An féidir a rádh go
bhfuil sí go ceart déanta. Tógaidh-se a dhaoine óga,
ciall as beathaidh spaideamhail na ndaoine aosta seo.
Atá bhur slighe féin go ró-dhona gan eagla ná grádh Dé,
le briseadh saoire le mionnaibh móra agus meisge, gur
cosamhla sibh gach aon Domhnach le daoinibh fiadháine
gan réasún, gan stúidéar 'ná le daoinibh críostamhla
ciallmhara. Is dúthrachtaighe an cion agus an cúram
atá ag an madra timcheall an té thógann é agus do
thugann greim le n-ithe dhó, 'ná atá agaibh-se do'n té do
chruthuigh sibh as neamh-nídh, do thug ciall agus meabhair


L. 194


díbh, do thug sláinte agus saoghal díbh, agus fós fuair
bás ar chrann cruaidh scannalach na croise le grádh
dhíbh, agus chum an grádh so do mhéadughadh dhíbh,
d'fhág a chuid feola agus fola mar bheathaidh do bhur
n-anamnacha. Acht fáiríor, is ró-bheag an tairbhe do
mhórán agaibh-se iad so d'fhágbháil agaibh, mar is ró-
annamh do thagann sibh dá nglacadh, agus an uair annamh
sin féin, is ró-bhaoghalach gur nimh do dhéanann siad díbh,
do dheasgaibh bhur ndroch-fhaoisdine-se, agus laighead an
cháis do bhíonn oraibh díoghaltas Dé do thuilleamh. Ní
fuláir dhúinn go léir méad na foighne atá ag Dia linn
d'admháil dá mhéid é ár gcuirptheacht. Is fada ó shoin
do thuilleamar a mhallacht. Bímíd deimhneach gur do
dheasgaibh ár bpeacaidhe atá an saoghal ag iompódh 'nár
gcoinne, - séasúntaí na h-aimsire teacht contrálta dá
nádúir, tinneas ag fear seanguigh i measc na gcríos-
taidhthe, agus an bás gach aon lá ag sgiobadh na ndaoine
óga de'n tsaoghal chomh maith leis na daoine aosta. Gach
cruadhtan, géir-leanmhain, bochtanacht, anró, agus triob-
lóidí saoghalta do thagann orra, is iad ár bpeacaidhe as
cúis fá ndeara leo. Leis sin, a chríostaidhthe, glacaidh
gráin dos na peacaidhibh feasta le h-eagla roimh
breitheamhnas an Tighearna; smuainidh nach bhfuil le
faghbháil acht fíor-bheagán de dheigh-chríostaidhthibh. Ná
mealladh an saoghal sibh, agus ná tuigidh go raghaidh
gach aon do-gheibheann ceart na h-Eaglaise ar uair an
bháis go flaithis Dé. Bidhidh deimhneach gur ab iomdha
duine 'n-a deirtear go leor aifreann le n-a n-anam-
nachaibh, agus 'n-a mbíonn a n-ainmneacha ar liost na
marbh ag an sagart chum bheith ag guidhe leo, atá ar a
shon shíos i n-ifrionn ar fiuchadh i gcoire loisgitheach,
agus ní shábhálfadh aithrighe an domhan an t-anam do-
gheibheann bás gan aithrighe ins an bpeacadh marbhthach.


L. 195


Atá an aithrighe chomh riachtanach againn agus do bhí
an baisteadh an uair a rugadh sinn. Dá bhfaghaimís
bás agus baisteadh aon tseilbh ins na flaithis ní bhfagh-
aimís; mar an gcéadna, má fhaghaimíd bás gan aithrighe,
ní siúrálta Dia do bheith ar neamh 'ná gur ab é ifrionn
shíos ár n-árus ar feadh na síorraidheachta. Leis sin
leigimíd dínn ár ndíth céille, sguirimíd d'obair na
mallaightheachta, glanaimíd anois féin sinn féin ó
shalachar ár bpeacaidhe, ná tugaimíd éisteacht dóibh ná
do'n mhuinntir seo adeir linn nach baoghal dúinn.
Smuainimíd ar gach ar ghaibh na naoimh tríd ag déanamh
aithrighe, ar fhulaing na mairtíreacha. Smuainimíd ar
a liacht fear agus ban breághtha do thréigeann an
saoghal agus do théidheann isteach i mainstreachaibh ag
teicheadh ó'n bpeacadh ag iarraidh na bhflaitheas do shaoth-
rughadh dhóibh féin. Is aca so do bhíonn an chiall agus
ní againn-ne, cé nach é sin adeir an saoghal leo. Acht
lá an sgeimhle agus an bhreitheamhnais dhéidheanaigh 'seadh
bhéidh fios againn go léir cia h-iad lucht na céille agus
na h-aithrigheacha fírinneacha, agus gur ceann de trí
náimhdibh an anama an saoghal so. Dá bhrígh sin, nach
mairg do chreidfeadh cad adéarfadh an saoghal i dtaoibh
na h-aithrighe. Ní measa dhúinn an diabhal 'ná a sheir-
bhísigh má dhéanaimíd a gcomhairle. Is ró-mhór díobh ins
an saoghal so.



Má tá fonn bhur leasa oraibh-se seachnaidh iad cé
gur deacair dhíbh é go minic, lucht na spíde agus na
mailíse, agus is cuid de sheirbhíseachaibh an diabhail iad;
lucht na gaduidheachta agus na mionna móra, lucht na
mbruighean agus na meisge, lucht na barbardhachta agus
an éithigh, lucht na taidhbhse agus na poimpe agus mórán
eile nach bhfuil mé d'áireamh. O! is ró-bheag de shaigh-
diúiridhibh an Tighearna le feicsin, agus an beagán


L. 196


beag do-chímíd díobh go leor díobh dá mealladh ag an
diabhal agus dá dtarraing isteach i n-achrann i líontán-
aibh an pheacaidh. Ó! is amhlaidh atá an saoghal mar
do bhéadh margadh i n-a mbéadh daoine ag dul ag díol
's ag ceannach ann ó mhaidin go dtí an oidhche, 'sé sin le
tuigsin, na daoine a bheith ag díol a n-anamnacha agus
an diabhal ag tairgsin orra agus é dá bhfaghbháil ar
shuarachas beag saoghalta.



Ní misde a rádh le fírinne go bhfuil ceo draoidhe-
achta nó sgamal éigin trom dá shórt ar mheabhair agus
ar thuigsin na ndaoine, an tslighe 'n-a gcreideann siad
an fhírinne do chraobh-sgaoil Mac Dé agus 'n-ar chuir
sé séala a chuid fola leis an foclaibh céadna. Aimsir
an bháis 'seadh chidhfidh an peacthach méid a dhailleachta,
agus béidh sé ró-dhéidheanach an uair sin. Acht sibh-se, a
chríostaidhthe, iarraim oraibh ar son Dé gan bheith ag
déanamh moille níos sia leis an aithrighe. Tosnuighidh
léithe anois agus déanaidh í ó chroidhe, ní go fuar,
spaideamhail fá dhó ins an mbliadhain, acht gach aon lá
ar feadh bhur saoghail. Déanaidh taithighe de'n fhaoisdin
ghlain, cuiridh teora le nbhur gcomhráidhtibh malluighthe,
ná déanaidh aithris feasta ar shlighthibh an tsaoghail,
déanaidh anois féin comhairle Dé agus leanaidh í go
dtí an bás, a's do-gheobhaidh sibh párdún in gach ar dhéin
sibh go dtí anois ar choingheall gan casadh arís ar na
droich-chleachtthaibh, agus an bheatha shíorraidhe i n-a dhiaidh
seo. Amen.
Seaghan Ua Dreada, fear an aith-sgríobhtha, 1818


L. 197


B 1819ls 19T



SEANMÓIR A DÓ-DHÉAG.
Toradh an chuirp agus imtheacht an anma.
Pulvis es, et in pulverem reverteris.
Is luaithreán tú, agus iompóchaidh tú i luaithreán.
- Gen.iii.19.



Nuair do sgaoilfeas, a chompánaigh, an bás an
ceangal sin atá idir d'anam agus do chorp, sínfear
é seo gan mhoill, ní mar chorp feasta le muirn acht
mar chonablach thruaillighthe, gan bhrígh, gan mhothughadh, le
claon-shuaraighe agus ní fada go mbéidh sé chomh gránna,
chomh uathbhásach sin leis an gcuma do thiocfas air gur
doilg do'n té as muinnteardha d'fhág tú id' dhiaidh ar an
saoghal so, amharc air ná druidim leis. Dá dteilgfidhe
corp cait, capaill, nó gadhair, ar an machaire, i
n-aimsir teasbaigh, do bhéadh sé chomh gráineamhail,
fuathmhar sin gan mhoill, ag an súil agus ag an sróin,
go gcaithfeadh lucht siubhail an bhealaigh, a sróna do
stopadh agus deifir do dhéanamh as amharc an chonablaigh
sin, ó mhéad an droch-bholaidh do bhéadh air. Nach ar an
gcuma gcéadna so, muna mbéadh ar chuma níos measa,
do bhéadh corp an duine gan anam, dá mbéadh sé i n-a
chorp impire an domhain?



Créad an nídh as cúramaighe ag daoinibh an tsaoghail
seo 'ná corp a ríogh nó a dtighearna? Ar an dtaoibh


L. 198


eile, créad an nídh as truaillighthe 'ná an corp céadna
tar éis báis? Cá bhfuil an uair seo an mhórdhacht nó
an chaithréim? Cá bhfuil an t-ughdarás, an onóir, nó an
phoimp do bhí aige sul sgar a anam leis? d'imthigh siad
mar an sgáil, mar nach mbéidís ann riamh. I n-a dhiaidh
seo gléasfar sochraid duit ód' dhaoinibh muinnteardha
agus bí siúrálta gur ró-bheag de'n ghlóir nó de'n
tsaidhbhreas do bhí agat do cuirfear leat ins an talamh.
"Ná bíodh eagla ort" adeir an fháidh "nuair do-ghníthear
duine saidhbhir agus nuair do mhéadóchas glóir a thighe;
ar an ádhbhar, nuair d'imtheochaidh sé, ní bhéarfaidh sé an
t-iomshlán agus ní rachas a ghlóir síos leis" (Sailm
xlviii.17,18). I n-a dhiaidh seo, tochaltar an talamh
dhuit agus ní fhaghann do chorp bocht acht amháin a seacht
nó a h-ocht de throighthibh d'uaigh i n-a gcuirfear é. Dá
mbéitheá id' rígh nó id' impire an domhain faighthear sínte
thú i gcuideachtain cnámha na marbh eile ar dearmad
go deireadh an domhain. An mhuinntear do chonnaic an
bhainríoghan bhreágh chomhachtach Iesabel i n-a beathaidh ag
stiúradh na ríoghachta go cumasach agus do chonnaic í tar
éis a báis, nuair do tharraing, do réir toile Dé, na
madraí a corp i n-a phíosaíbh as a chéile agus nár fhág
siad i n-a ndiaidh dhí acht cnámha an chinn agus bárr na
lámh agus na gcos, lán d'uathbhás adubhairt siad: "an
í seo an Iesabel úd" (4 Ríogh ix.35,36)? Agus gach
duine do ghabh an bealach céadna agus do chonnaic í
adeiridís arís le h-iongantas mór na briathra céadna.
An í seo, adeireadh gach aon, an bhainríoghan chomachtach
Iesabel do stiúir an ríghe go glic agus a raibh beatha
agus bás ar a láimh?



Anois téidhmíd isteach le n-ár smuaineadh i n-uaigh
ríogh na Frainnce nó na Sagsan nó na baintighearna as
breághtha ar a raibh eolas againn i n-ar mbeathaidh agus


L. 199


a chonnaiceamar go minic i nglóir agus i bpoimp. An
tan do-chífimís an an-chuma ghránna do bhéadh orra le
h-uathbhás mór adéarfaimís na briathra céadna úd nó a
leithéide eile; an í seo an Iesabel úd? Cá bhfuil
anois an aghaidh bhreágh úd shúgach shoilbhir? Cá ndeachaidh
na súile breághtha úd do bheireadh buadha ar chroidhthibh na
ndaoine roimhe seo agus do chriothnuigheadh le sméide
amháin na sluaighte? An é an conablach so an corp
ornálta, uasal, luathmhar, neartmhar úd do chonnaic mé
roimhe seo? Cá bhfuil an teanga líomhtha, fhoghlumtha do
chuir smacht ar na sluaightibh agus do stiúir na ríoghachta
le briathraibh amháin? Cá bhfuil anois fuilt ór-bhuidhe
an chinn? Cá bhfuil an choróin óir nó na fáinní? Cá
bhfuil anois na brait nó na cuilceacha mór-luaigh? Cá
ndeachaidh an chúirt agus na gárdaí? Cá bhfuil anois
na féastaí, an ceol, an spórt, agus an imirt? Cá
bhfuil anois an tseilg agus gach aoibhneas eile do chon-
naic mé ag na daoinibh móra so an lá fá dheireadh? Ó,
ní raibh acht sgáil, dár leat, ionnta so uile. Do chuaidh
siad tharainn mar an gceo nó mar nach mbéidís riamh
ann, agus ní fhuil anois le faghbháil ar a son acht
luaithreán, cnumhóga, cnámha, salachar agus bréantas.
Cuimhnigh, ar an ádhbhar sin, Ó a dhuine, gur criadh tú
agus go n-iompóchaidh tú i luaithreán.



Anois, a chompánaigh, ó chaithfeas tú do chorp d'fhág-
bháil fá dheireadh 'san uaigh, féachaimís cionnas mar
ionnsuidheas an t-anam i n-a h-aonar, nochtuighthe chum
an tsaoghail eile. Tosnóchaidh an chréatúir bhocht, uasal
so ar a siubhal chomh luath agus do sgaoilfear amach as
an gcorp í chum ríoghachta nuaidhe, coimhighthighe i n-a
bhfuil aer, talamh, agus áitreabh coigcríochach, lán de
dhlighe, de bhéasaibh, agus de ghrásaibh nuadha. Créad
do dhéanfaidh sí, a bhochtáin bhoicht, nuair do-chífidh sí í


L. 200


féin i n-a h-aonar ins an réigiún nuadh so, atá lán
d'uathbhás agus de sgáile an bháis? Créad mar do
dhéanfaidh sí í féin do shábháil ins na gleanntaibh móra,
dorcha, diamhaire úd ar na diabhlaibh ag a mbéid a
gcraosacha gránna, fuilteacha, námhdacha osgailte, réidh
le n-a slogadh suas munar thuill sí le leoir-ghníomh-
arthaibh i n-a beathaidh chomh fada a's do bhí sí i n-a corp
ar an saoghal so, guidhe na naomh agus cumhdach na
n-aingeal do bheith aici an uair seo? Is uathbhásach an
bealach atá aici le dul tríd, acht níl sé níos faide ná
níos giorra 'ná an tsíorraidheacht. Acht is uathbhásaighe
'ná sin go mór an breitheamhnas as gnáth le Dia do
dhéanamh ins an áit seo, atá i n-a bhreitheamh ró-ghéar,
cheart. Táid na diabhail ró-ghnóthach, námhaideach, agus
níl agat acht aon nóimead amháin, ar a seasann síor-
raidheacht d'anma, síorraidheacht, adeirim, na glóire,
síorraidheacht na bpian. Agus an Dia úd atá ins na
flaithis, do chruthuigh tú agus d'fhuasgail go daor le n-a
chuid fola i gcrann na croiche thú is é bhéarfas breith-
eamhas damanta nó sábhála ort, do réir d'oibreacha
maithe nó olca; agus an uair seo, ní éistfidh sé le
guidhe ná le deoraibh; ní shábhálfaidh saidhbhreas na
cruinne go h-iomshlán tú. An uair seo, d'uaisle, do
chéim, ná do chaithréim, ní dhéanfaidh siad maith dhuit acht
do phianta do mhéadughadh, má's breith damanta bhéarfar
ort, mar adeir an t-Eagnaidhe go gcaithfidh tú súil ar
son súile, fiacail ar son fiacaile, lámh ar son láimhe,
agus cos ar son coise do thabhairt uait (Deut.xix.21).
Ní tháinig smuaineadh, dá luighead, id' chroidhe ariamh agus
níor imthigh briathar díomhaoin as do bhéal ar feadh do
bheathadh ar an saoghal so, nach dtiocfaidh do láthair le cur
ort, agus caithfidh tú cunntas do thabhairt ionnta do'n
bhreitheamh shíorraidhe lá an bhreitheamhnais (Matha xii.36).


L. 201


Ó chaithfimid, mar sin, an cunntas cruaidh sin do
thabhairt uainn ins na briathraibh díomhaoine, mar adeir
fírinne an tSoisgéil linn, goidé an cunntas nach
gcaithfimid do thabhairt uainn ins na peacaidhib marbhthacha
do-ghnímíd go laetheamhail? Cionnas mar do bhéidh sé
ag lucht an uabhair, na sainnte, an adhaltrannais, agus
na drúise; ag lucht na tnútha agus an chraois; ag lucht
na neamh-fhoighde, na feirge, agus na fuatha; ag lucht
námhdachais agus gadaidheachta agus na mionn mór?
Má's ar éigin do sábhálfar, an uair seo, an fíréan,
mar adeir Naomh Peadar linn, cá rachaidh an duine mí-
cheart agus an peacthach? (1 Pead.iv.18). Créad an
freagra do-bhéarfaimid uainn an tan iarrfar cunntas
orainn i n-ár mbeathaidh, i n-ár bhfortún, ins an intleacht,
ins an aimsir bhreágh do chaitheamar go díomhaoin, agus i
ngach ócáid maithe do thug Dia dhúinn ariamh chum leasa
ár n-anma do dhéanamh? Ó, créad mhéad atá anois ag
déanamh peacaidhe gan sosadh, mar nach mbéadh sé i
n-aghaidh Dé nó nach mbéadh ann acht dia cloiche nó maide
ag nach mbéadh urlabhra, mothughadh ná éisteacht, - do bhéidh
lá an bhreitheamhnais dhéidheanaigh ós comhair an bhreithimh
shíorraidhe Íosa Críost, lán de náire agus d'eagla,
nuair do-chífid ós comhair a súl an carnán dubh, diab-
laidhe de'n mhéad peacaidhe do rinneadar ariamh agus
Íosa Críost fá bhrat feirge agus díbhfeirge, réidh
chum breitheamhnas do thabhairt orra. An tan do bhéir
'san mbara ag Íosa Críost, éireochaidh an t-aingeal
malluighthe sin na láimhe clé atá agat, suas id' aghaidh
agus déarfaidh sé ós comhair do shúl go dána le Mac
Dé mar seo: "Ní féidir leat, a bhreithimh ró-cheirt, gan
an t-anam coirtheach so do dhamnughadh ar an ádhbhar badh
liom-sa í go nuige seo mar gheall ar a droich-
ghníomhartha féin. Is fíor go raibh ceart agat-sa,


L. 202


mar is tusa do chruthuigh cosamhail leat féin í,
acht is liom-sa anois do bhaineann sí mar do thréig
sí thusa, mar do ghlac sí liom-sa id' ionad. Do
mhasluigh sí thú. Do thug sí gean domh-sa. Do chuir
sí suas duit. Níor chongaibh sí d'aitheanta. Ní
dhearna sí do thoil. Do chuir sí suas duit agus dod'
chomhairle. Ní raibh do ghrádh ná grádh na comharsan
ariamh i n-a croidhe. Do-rinne sí gach nídh d'iarr mise
uirri chomh fada a's do bhí sí i n-a corp. Mo bhéasa
agus mo lorg-sa do lean sí go díomsach, dícheallach, ag
tabhairt an uile shásaimh do'n cholainn do thaithnigh léithe.
Mar sin is liom-sa ó cheart í chum bheith i n-a compánach
agam go síorraidhe i dtigh na bpian. Is fíor" adéarfas
an diabhal le h-Íosa Críost, "is tú do chruthuigh í,
d'fhuasgail i gcrann na croise le do chuid fola í, chum
na glóire síorraidhe do thabhairt dí. Is tú do thug ó
bhás go beathaidh i, ó luige go neart, ó pheacadh go grása.
Ar a shon sin do thréig sí thú agus do thug sí modh,
urraim, agus umhlacht domh-sa. Nár iarr tú uirri
trosgadh, déirc, na h-urnaighthe do dhéanamh le n-a cuid
de'n ghlóir do shaothrughadh dí féin? Níor thug sí áird
orra. Do bhí sí mainneachtnach i gcomhnuidhe agus
díomhaoin. Do bhí sí uaibhreach, sanntach, lochtach, uallach
iomarcach. Do bhí sí i n-a méirdrigh, i n-a pótaire, i
n-a cearrbhach. Mar sin, ó cheart is liom-sa anois í.
Adhraim tú," adéarfas an diabhal le h-Íosa Críost,
"chum ceart do dhéanamh dhom anois do réir an bhreith-
eamhnais do rinne tú féin, nuair adubhairt tú leis an
gcineadh Iúdaighe: "Tugaidh a cheart féin do Shaesar
agus a cheart féin do Dhia" (Matha xxii.21). Tabhair
mar sin, an anam bhrocach, shalach so domh-sa, mar is
liom do bhaineann sí anois le ceart." Tar éis na
pléideála cruaidhe seo do chlos do'n anam bhocht, ós


L. 203


comhair a Cruthuightheora agus a Slánuightheora, má's é
breitheamhnas do bhéarfas uirri imtheacht síos i ndiaidh a
cinn go fíor-íochtar ifrinn, le n-a beith dá losgadh agus
dá dóghadh i gcuideachtain na ndeamhan i lár na lasrach
lán-chraosaighe nach múchtar go bráth, Ó, créad an
criothnughadh uathbhásach do thiocfas uirri an uair seo?
Créad do dhéanfas an bochtán bocht nuair do thréigfidh
Dia í? Créad adéarfaidh sí ar a shon féin? Cá rachas
sí? Ó, créad an gáirdeachas do bhéas ar a náimhdibh an
tan sin! Ó, créad an luathgháir do bhéas orra nuair
do-gheobhaid siad seilbh uirri agus do bhéas siad dá
stracadh leo go seomra agus go rothaí na bpianta síor-
raidhe - an uair do thiocfas briathra an fháidh isteach
adeir, ag caint ar náimhdibh an anma: féach an lá ar a
rabhamar ag feitheamh, do fuaramar agus do chonnac-
amar é (Triamhna Ier.ii.16). An uair seo cuirfear
críoch ar aoibhneas an duine. Dúnfar nó druidfear
le h-eochair na síorraidheachta geataí flaitheamhnais Dé
i n-a aghaidh agus oisgeoltar foraighis ifrinn dó, áit i
n-a mbéidh sé dá phianadh chomh fada a's bhéidh Dia i n-a
Dhia.



A chompánaigh, ó tá gach nídh dá ndeachtuigh mé dhuit
ró-fhírinneach, dearc i n-am go críonna ort féin, chomh
fada agus do-bhéarfaidh Dia ré na h-aithrighe dhuit, agus
glac comhairle an té do-rinne abhcóide de féin ar do
shon, sul a dtiocfaidh sé chum breitheamhnais do thabhairt
ort. Féach, adeir Mac na trócaire, nach gcalcfaidh bhur
gcroidhthe nó nach gcuirfidh sibh ualach trom orra le
h-iomarca sóigh agus meisge agus cúraim an tsaoghail
seo, agus go dtiocfaidh an lá obann úd oraibh (Lúcás
xxi.34), agus nach bhfaghaidh ar son an mhéid do shaothruigh
sibh, acht an uaigh amháin. Tugaimís sinn féin i n-am do
na h-urnaighthibh go dícheallach, do'n trosgadh go cíocrach,


L. 204


do'n déirc do dhéanamh go fonnmhar chum buadh do bhreith
ar na trí eascáirdibh úd atá romhainn ar an mbealach
go tigh Dé, - ar an saoghal, adeirim, ar an gcolainn, ar
an diabhal. Smuain anois go minic ar an mbás ionnas
go bhfuightheá anois agus ar uair do bháis, grása agus
trócaire ó'n té d'fhuiling bás agus páis ar do shon i
gcrann na croiche. I n-ainm an Athar agus an Mhic
agus an Spioraid Naoimh. Amen.



Iar n-a ghrafadh ins an mbliadhain 1819 chum
úsáide an Tighearna Easbuig i gCorcaigh, le
Mícheál Ua Longáin.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services