Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg Gaedhlach
Title
Tadhg Gaedhlach
Author(s)
Ó Súilleabháin, Tadhg Gaedhlach,
Compiler/Editor
Ó Foghludha, Risteárd
Composition Date
1795
Publisher
(B.Á.C.: O.S., 1929)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N L215} {L 29} {B 1795ob 18D} {G L} {U 0218} {C Fil.} {M 8} DUAN ÍOSA. A Mhórmhic cathrach cailce na soillse aoibhinn A thrócaire Pharrathais a phearsain 'en tríor naoimhtha A stóir ghil maithmheachas tabhair 'n-ár gclaoinsmaointe Is treóruigh m'anam gan anfadh it ríoghacht, a Íosa - Amen. Amen a Íosa do cheannuigh go daoir me Ar an gcrann Dé hAoine Do namhaid dot thraoichadh abhfad ót ghaoilta Do bhanaltra taoibh leat go cathach 'ot chaoineadh Is mise go millteach ó tháinig brígh ionnam Dot chéasadh ar mo dhícheall Is mo chúig chéad míle de chéadthaibh sceimhle Mar is é sin mo dhíoghal duit! A Íosa dhealbhuigh talamh is tréanmhuir dúinn A Naoimhspirid Bheannuighthe cheannuigh go daor me ar dtúis Díbir m'ainbhfios damanta, a Dhé na ndúl Is dírigh m'anam gan pheannaid gan phéin dot chúirt. - Amen. Amen a Rí na ndúl Cé thugas leat mo chúl Do ritheas uait ar siubhal Do thréigeas do shéanas do ghnúis
'S cé rinneas go minic súd Ná cuir druim do láimhe liúm Mar is leatsa atáid ag tnúth M'anam, mo chroidhe, is mo dhá shúil. Dot chúirt cheólmhar chompórdach dlígh ár dtriall Chughat seól ár ngnúis bóthair a Rí na riaghal A stiúir ghlórmhar úird chomhachtaigh Chríost na gcliar Tabhair stór it dhún damhsa agus díon me, a Dhia. - Amen. Amen, mar is tu mo stiúir, mo liaigh Is mo dhochtúir thar dochtúirí a Dhia 'S an charaid sin do cheannuigh me go dian Trét bhás sa Pháis ag fulaing na bpian. A Dhia ghléigil na féile is a athair dhílis A liaigh naomhtha do shaor sinn ó pheaca an tsinnsir Riar, réidhtigh, ní céim ort ár nglasa scaoile A Thiarna Aenmhic na daonnachta i bhflaitheas soillsigh. - Amen. Amen a Íosa, cé fada me im shaighead nimh Dhamanta 'ot dhíbirt 'S as gangaid an ghnímh sin tá m'anam bocht cíordubh Ceangailte i gcuibhreach nach féidir a scaoile Go saorfir arís me le déirc shéin d'fhíorfhuil Naomhtha do chroidhe ghil. Soillse na maighdna agus grása an Uain Go bhfaghamna mar oighreacht 'n-a n-árus buan Goidhnigh me a dheighleinbh Mháire it chuan Is roinn linn do shaidhbhreas, a ghrádh gan ghruaim. - Amen. Amen go binn a Rí agus a Uain Do cheannuigh me go carthannach ar cuaird
Ag an bpiolóir sa phionós chruaidh 'S na Giúdaigh fhallsa, dream an uabhair, 'Ot sciúrsáil eatortha 'ot mhasladh go muar; Do bhrughadar do shúil mhilis shuairc Do ghreadadar do ghearradar do ghruadh 'S d'árduigh íota an fheill sa tsluagh Chum ár dTiarna do threascairt gan taise gan truagh. Gan ghruaim beir leat fé bhrataigh Mhuire go fial Suas ar neamh mo phearsa ó stoirm an diabhail Fuascail m'anam, tair dom choimirc sa tsliabh 'S Luan na Breatha glac me it chuideachta a Dhia. - Amen. Amen go dlúth dúthrachtach fial Do bhriseas foríor do dhlighe 's do riaghail I ngach tír 'n-a mbíodh mo thriall Im dhall im dhaol fé shéala an diabhail Trém thuitim go dubhach ag dúbailt na bhfiach Níor bh'iongna liúm le cumha le ciach Le buile bhróin is dheóir is liach Dá scoilteadh tríd mo chroidhe in mo chliabh Le luighead mo pháirt 's mo ghrádha do Dhia. A Dhia na n-aingeal 's a bhanaltra an Ríogh chomhachtaigh Stiallaidh m'anbhroid, scaipidh mo mhídhóchas Riaruigh m'anam i mbeatha na binnghlóire Fé sciath na n-aspol ag amharc na Tríonóide. - Amen. Amen, a Tríonóid na naomh ghlórmhar, machtnuigh Gur thúirling gealphrionnsa na bhflaitheas Fá bhánbhruinne Mháire 'n-a leanbh: Trí ráithe dfhan máistir na n-aingeal Le humhlaidheacht le húirísleacht aici Is fuirnéis grádha 'n-a lár ar lasadh;
Dfhuaduigh anuas ar an dtalamh An tUan geal dár bhfuascailt ón bpeaca; A Mháthair ní bhfághadh bheith sa chathair Go dtáine san stábla chum leabtha; Is ann do bhí 'n-a luighe go dealbh Gan fíon gan feóil dá beól le blaise; I gcolgás táir in árus an eallaigh Do rug sí Aonmhac Dé na n-aspol Fuacht is fán níor cháin mar chleachtadh 'S do b'é an radharc naomhtha mainséar an asail. A Thríonóid, a chríochnóir an teagaisc i réim A chaoinchomhairligh ríshómplaigh, chneasuigh ár gcréim A dhíodhacht óirdchirt chinn Rómha na saltrach séin Feighil fóir go sitheóilte agus tearmain mé. - Amen. Amen, is me an meathach ná smaoineann go dtiocfa an lá (daor) Lá diachrach ár dTiarna do théacht 'N-a chathaoir is leathchloidheamh na n-éacht 'N-a láimh chomhachtaigh chirt stróicfe gach tréad Gan fábhar le fagháil ar bith d'aon Acht an bhantracht bhinn is milse méinn Do bhaistfar i ndeóraibh órdha an tséin Ní hiadhfar rómpa dóirse Dé 'S beidh geataí na gealríoghachta réidh Chum iad do ghlacadh insna flaithis i réim. Is me airgtheach an ainbhfis 's an aimhlis, réab Aitheanta na heagailse agus dlighe na naomh, A dhalta shil go cathach fuil do chroidhe 'n-ár dtaobh Sealbhuigh ár n-anamacha it ríoghacht is glaeidh. - Amen.
Amen, a Rí ríghthe an tsaoghail Do leath 'n-a linn binnghuth do bhéil Ar chlannaibh Éibh thimcheall 'n-a dhéirc Let mhaith let mhínmhilseacht dár nglaodhach Ar Neamh ag suidheamh soillse gach séin I mbeatha shíoraoibhinn na naomh 'N-ár lasair fhíor ghrinnghlain mar ghréin Dot phearsa naoimhtha a Íosa a Mhic Dé. Glaodhmíd dár gcaomhchoimhdeacht Peadair is Pól Céile Íosa naomh Cíprian Basil is Iób; Cléir shoillseach Dé, Síomon, Marcus geal, Eóin Go saothruighid dúinn séan-ríoghacht na bhflaitheas mar lón. - Amen. Amen a shaoi shoillseach na salm Do dhortas ar dhream fhallsa na faladh Sonas sruith séin séadach 'n-a cheathaibh 'S do bhronnas mar bhéile éachtach it bhainis Dár gcobhar do chló chomhachtach do phearsa Tobar is lón trócaireach na beathadh San tSácraimínt Naoimhtha dot leanbh Ar staid na ngrás ngrádhmhar tu ghlacas. Lón beannuighthe na bhflaitheas agus Chríost neamhdha Lón saltrach na n-aspol agus dlighe an Áirdmhic Lón Parrathais na n-aingeal is an Ríogh ghrásaigh 'N-ár stór seasaimh ag ár n-anmaibh is díon Mháire. - Amen. Amen, a Mháire mhíorbhúilteach, díon mé Ar mo naímhde lá an díoghaltuis go léir Lá ghiúistís na ngiúistísí is é Lá an deighilte, lá an aighnis, lá an phléidhe Lá leighfid na braighde ruisc cré Lá liughrigh is búithrigh chloinne Éibh
Lá an chongcais lá ár gconntais do léigheadh Lá tóirneach is mórchuisne scéith Lá an ghleó so, mo scólladh, mo scéan, Ní bhfaighidh teiche ar bith ó fheirg Mhic Dé. A Mháire bhrolla-gheal shochma 's a mháthair Chríost Gárda' ar dhoilbheas dhorcha ár námhad sinn Táthuigh, cosnaimh go sochrach sámh 'n-ár gcroidhe Grása an tSoluismhic crosadh sa Pháis 'n-ár dtaoibh. - Amen. Amen, a oighreacht shaidhbhir na naomh Do thaighid is do thuill me go daor It íspirt ar mhaoilinn an tsléibhe Le fíorfhuil do chroidhe agus do chléibh Is nuair shuidhfir it ríbhreitheamh thréan Scaoil me let chloinn mhilis féin, Lá an díoghaltais, lá an sceimhle, lá an léin, Lá an bhuairimh, lá an ruathair go léir, Lá an luain duibh, lá an chruadhchoiste ghéir, Lá an tsluagh nimh i nduadhrith 'san spéir Lá buailfar gan truagh an buille daor Lá scuabfaid ó chuallacht Mhic Dé 'N-a splangcaibh uilc dream na láimhe clé. A thaoibh nur scoilteadh i gcochall na croise céasta Do chroidhe is do cholann i gcobhair na cine daonna Dár saoiradh ó dhoirtis 'n-a srothanna fuil do chléibh ghil Díon it fhochair is fortuigh ón uilephéin sinn. - Amen. Amen, a ghnúis lonnrach na ngrás Cé chuir na dúbh-Ghiúdaigh chum báis Do chorp geal clúmhail cúmtha gan spás Ar an gcrois fé chiach phiantach sa Pháis
Osna mo chroidhe choidhche do chás Gan sórt ort ót choróinn go dtí t'thrácht Acht nódhchulaith beóluit mar bhláith Is t'fhíorfhuil naomhtha le taoscadh dhet chneadha Creach na gcreach tar creachtha chách An chreach so i gcreatha 'om chreathadh is 'om chrádh Mo shearc tar lear go lag ar lár Mo thruagh mo Thiarna ar shliabh an áir. Sinn díon a Bhríd naoimhtha gheanmnach ghrádhach Ar sceimhlibh an fheill mheilltigh mhalluighthe ghnáith A Mhichíl ghil bí 'e shíor mar charaid dhom scáth Is le linn Íosa 'om ghlaoidhach guidhimsea árdaingil tu 'om láimh. - Amen. Amen, cé gur me an cladhaire meillteach méirligh Is tíoránach táir an áir 's an éirligh Dfheall ort, mo channtla, lem chlaonchuir Is a ghrian 'na ngrás ngeal grádhaimse is glaodhaim tu Grádh do mháthar, grádh na naomh duit Grádh na n-aspol 's na n-aingeal so i réim duit Grádh deaghcroidheach na mairtíreach dtréan duit Is na maighdean n-áluinn mbreagh nár shéan tu; Grádh do leanbh thar taithneamh an tsaoghail duit Is gach grádh dhíobh dá n-áirmhinnse i gcéill duit Mfhocal 's mo lámh duit a ghrádh ghil dá bhféadainn Go glórmhar go ngrádhfinn leis an ngrádh san go léir tu. A Íosa ghil aoibhinn is a Athair an Uain Chíonn sinn-na cuibhrighthe ceangailte i ngruaim A Rí mhilis dhaoinnachtaigh freagair mo dhuain - Díbir is dírigh an mhalluightheacht uainn.
DUAN MUIRE. Ullaimh a Íosa, naoimhuigh neartuigh Mo thoil mo chroidhe mo smaointe 's m'anam Le toradh ghnáith do ghrása geala 'S in aghaidh mo námhad árduigh m'acmhuinn. A Mháthair Chríost im chroidhe istigh glaodhaimse Do bhláth ghlan shoillseach naoimhtha, a réiltean, Dom ghárdadh ar shaighdaibh nimhe na péiste Atá de shíor ar tí mo thraochta. Grádhaim is guidhim do ghnaoi, do dhaonnacht, Do ghrása geala, do charthannacht naomhtha, A Mháire bheannuighthe, a bhanaltra an Aenmhic Ag scáth 's ag tearmain m'anma taobh leat. Ó's deóraidhe dúrlag dubhach i gcéin me A stóir chroidhe anonn ná diúltuigh m'aodhaireacht Go cuan go cathair gheal Pharrathais phéarlaigh A ghrianáin ainglidhe an Phaidrín naomhtha. Bím deaghshláinteach sáitheach séanmhar Súgach seang go ceann an téarma Ní im árthach galair gan earradh gan éadach Mo liaigh leighis tu a Mhaighdean naomhtha.
A bhainríghin bheannuighthe gheanmnach ghléigeal Shoillseach thrócaireach ghlórmhar naomhtha Lonnruigh leasuigh mo bheatha 's mo bhéasa fát bhánbhrat comhachtach ceólmhar caomhnach. A thionnscnóir thaitneamhaigh theagasc na cléire Dúinn fóir freagair go cabharthach déarcach Compórd m'anma 's m'aigne t'éileamh A stiúir-threóir cailce na gCarmelites aosta. A rós na hAoine a shaoi na féile I gcomhar i gcuideachta i gculaith do thréadtha Fuascail friotháil me lá an tsléibhe Ar scólladh ar sceimhle an díoghaltais éachtaigh. Ar ár ar anaithe ar eagla ar éirleach Ar sceón ar scíos ar scríbh nimh léanmhair Ar splangca ar shíonta ar theinte ar dhaorbhroid Ar chogaidhe ar chathanna cathacha an lae sin. Lá na breithe na creiche na créime Lá na feirge teinne mar léightar Lá dubh deórach brónach baog
ail Goilmneach galarach anacrach éignach.
Le binb le buirbe stoirme an lae sin Crithfid na flaithis is lasfid na spéartha Iompoghaidh an ghealach chomh dearg le héanfhuil 'S beidh an ghrian fé mhúrthaibh smúite ag éclips. Na crainn na clocha uile ag scoltadh 's ag scréachaigh Na tíortha ag bogbhrise ag oscailt 's ag réabadh Ruathar reódhtha, ceó agus caora Anuas dá gcaitheamh 'n-a gceathannaibh tréana. I gclos don domhan is foghlach fraochmhar Gáibhtheach greadaithe garbh do ghéimfe An mhuarmhuir bhrúchtach thonntach thaoscach Trí chruaidhscrios chogaidhe is choistí an lae sin. Tóirneach thrompa annsúd noch séidfe Micheál milis go fuinneamhail faobhrach Ar Neamh 's in Ifreann cluinfar in éinfheacht Fothram fuaim na huaille céadna. Órdughadh an aingil 'A pheacachaibh éirighidh Suas go haibidh go hairthinneach éasca Bhur dtaidhbhsí fachtar i bhfaraid a chéile I radharc Sléibhe Olibhet is Calbhaire ar aonchnoc.'
Is ann do shuidhfidh Rí na naomhaibh Ár ngiúistís Íosa Críost gan bhréagnadh Ler fuilingeadh páis is bás dár saoradh I gcochall na croise ina rinneadh a chéasadh. Mo cheasna mo chás a chneadha 's a chréachta Ar leathadh do láthair áil chloinne Ébha Cuisleanna a chroidhe ar fad scaoilte scéidhte Gan tlás ag rith ina thuile chraorag. Fianna Fódla is fórsa Chaesar, Fuireann an túir is trúip na Trae thoir Bíodh go rabhadar acmhuinneach éadach Impreamhail óirdheirc lóchrach léidmhach. Clogadach cathbhuadhach mathshluaghach maomach Curanta cródha a leomhain 's a laochra Cumasach ceannusach sealad sa tsaogal - An lá úd is tláith cúthail dhfhéachfaid. Mo chiach mo chumhangrach pudhair is péine Liacht mo pheacaidhe is m'aithrighe éadtrom M'iarsma m'athtuirse m'aindeise 's m'éalaing Trian mo chortha ní thuigim gur léir dham.
Le baois le buile le luige mo laochais Le daoile daille is le moille mo bhuidheachus 'S le cíocras cuiripe an toirmisc thaomaigh Dlighe Mhic Muire na gcoinneal do réabas. Go mailíseach calaoiseach claonmhar Casaoideach scallaoideach scéalach Scigeamhail scannalach easmailteach éadmhar Munabrach meascaithe i malluightheacht éigin. Taidhbhseach tóicheastalach sclóndrach scléipeach Uaibhreach iomarcach mustarach péacach Poimpeamhail póiteach cóisreach craosach Loscaithe ag leisce na meisce do thréigean. Gruamdha goirgeach colgach caethach Buartha bladarach bagarach bréagach Fuathmhar feargach tarcuisneach taodach Suaidhte searbh i mbearta 's i mbréithre. Mioscaiseach meabhlach sanntach saoghaltach Goinideach gangaideach cealgach caolruisc Lochtach loititheach slighteach séantach I dturus i dteagasc mo leasa do dhéanamh.
Is sómpla don Eóraip le chéile Mo chionta mo chalcathacht m'ainbhfios d'éisteacht Fallsacht fochalldubh cogal mo chléibhse 'S an canncar chleachtas ler cailleadh na céadta. Mo thruagh-sa an teanga do spalpas do spréachas An Tríonóid le saoibhnósaibh éithigh An corp 's an t-anam do ghearras 'n-a stéigibh I ndoimhnibh ifrinn uile mar éiric. Mo thruaghsa an aicme do theannas go saothrach Cáise chúmhra is plúr na déise Rífheóil rathmhar is carrbhas craobhach Brothallach blasta le bacaigh mar bhéile. Is dhíbreas donán diombáidheach déarach Seanóir singil i dtuise gan téagar Is baintreabhach mhuirearach uireasbhach aonair Uatha ar siubhal gan fiú na déarca. Mo thruagh-sa an drong dubh diúltach d'éimigh Aoibhneas armas Eagaisle an Aenmhic Intinn aitheanta charraige Chlément Cathaoir chomhairle Rómha na réiltean.
Mo thruagh-sa an dream bocht allta ghléasas Gnáthmhaidhm mhaslathach mharbhthach aonaigh Íota uilc aithisigh 'dheasca drochmhéinne Is fíorfhonn fola do dhortadh go déistnach. Mo thruagh-sa an táin gan tábhacht ler tréigeadh Tiarna an teampuil sheanda thréithigh Is tug flaitheas na gcomhacht ar nóimeant réime Do scaipeas mar bhláth de bharr na géige. Mo thruagh-sa tachtaithe i dtaisce gan téarnamh An t-athair 's an mháthair fá n-a ngéarghlais Sloigithe súighte múchta i mbréantas Ar leacachaibh Lucifer liosta dá léasadh. M'uathbhás adhbhar a ndamanta a dhéanamh Luacht cuid feóla an Mhóirmhic naomhtha A gclann 'n-a gconairt mar thugaid ar théadaibh Do shúistíbh diana an diabhail dá bpléascadh. A cháirde thuigeas script oidis mo dhréachta Meabhruighidh machtnuighidh go marthannach tréimhse Giorracht ár ngairme ár gcairt 's ár léise 'S nach fios dúinn cé is túisce ghlaodhfar.
Na cinn do chumhduigh cúrsa céille Intleacht ughdar d'iomchair éifeacht Caoinchiall chriostalach chliste ghlic Ghaedhilge, Eabhrais, Arabic, Laidean is Gréigis. Is suarach seirgthe deilbh na bplaosc san Ar fuaid na roilige i ndoimhneas fé léithlic Gan chluas gan chroiceann 'n-a gcloignaibh maola Coganta, creimthe, deighilte ag daolaibh. An cholann do bhí go fíontach féastach Gliadrach giodamach uilleanach aerach Ar hallaíbh bána ag práisc 's ag pléireacht Is fá chuilteanna síoda luigheadh go néata. Is gránna an conablach gorm a géaga Is dreóighte an rannclach úrla a héadain Is pláigh a bolaith, is camra caethach Leachta, lobhtha, fé chlochaibh a scéimhchruth. A Mhaighdean bhríoghmhar guidhim go gléigeal Rí na reann ar an gcrann do céasadh Ag treórughadh anma an pheacaigh bhoicht shaorshnimh Dúinn-na an duan so suas 'n-a naomhbhrogh.
CARBHALL ÍOSA. Amen, Íosa dom dhíon is dom ghárdadh Cé gur liomsa cuireadh chum báis tu Is mé bhuail go cruinn trí chroidhe do dhearnan 'S it chaomhchois chúmtha chúmhra an táirnge. D'éis an éirligh thréin seo thráchtaim Go faobhrach fallsa an lannsa sháitheas-sa Trít thaobh gheal 'ot chéasadh 's 'ot chrádh-sa Ó! Cadé mar mhasluigheas lem mhailís tu, a mháistir! An custom do chleachtas gan amhras d'áiteamh Ó bhonn go baitheas it phearsa níor fhágas Órlach aonair saor gan áireamh Mo chúig céad scíos! gan líonadh 'e chneádhnaibh. Mo léirchreach cad dhéanfadsa an lá san A bheidh clann bhocht bhréagach éadmhar Ádhamha Ar an sliabh ina dtréadtha ag éigheamh 's ag gárthadh Fé choistíbh daora an Aenmhic ghrásaigh. Mo scannradh an talamh na flaithis 's an bhánmhuir 'N-a splangcaibh dearga ag amharc an áir sin, Beidh caortha lasta 'n-a gceathaibh dá gcáitheadh Trí chogaidhe feirge ár mbreithimh, mo chás guirt.
Léighfidh ár gclaonchortha gránna Mura ndéanam sa tsaoghal so a shásamh Le haithrighe éachtach shéanmhar neamhdha Do ghealfas ár n-anam mar shneachta na mbánta. A dhlighe agus a aitheanta feasta ná beárnam Acht bíom go saltrach salmach páirteach 'N-ár saoithe ag seasamh sa mhachaire láimh leis Go binn fé bhrataigh ghlain bheannuighthe an Árdmhic. Is míle fearra dhúinn tearmain ghrádhmhar Ríogh na n-aingeal, na n-aspol, 's a mháthar 'Ná sínn bheith damanta ceangailte ar chábla 'N-a theintibh treascartha treasna age Sátan. A dhaoine, is gairid an sealad so atá againn Dá bhrigh sin casam go carthannach cráibhtheach Ar Íosa an leanbh do cheannuigh sa Pháis sinn Is beidh soillse Pharrathais againn dá bharr san.
CARBHALL MUIRE. Is tréithlag mo chealltair i gcanntlamh na gcás Dom spréachadh le splangca 's me ar bhrannra ag an mbás Mo bhréaga is mo bhlanndar 's mo chlampar gan spás Do shéid mise i dtreabhlaid neamhmeabhrach im rás A réiltean na n-ainglaibh Ná héimigh me thearmain Go daonnachtach carthannach Let bheannuighthacht go brách Lá an daortha, lá an díoghaltais, lá an éirligh, lá an sceimhle, Lá an éachta, lá an bhaoith-ghuil, lá an bhínse, lá an bhráith Lá saorfar na saoithe go fíorcheart tug grádh Dár ngéarchumann Íosa ina thaoide gan trághadh. Níl éifeacht im annsacht ná ceannsacht im cháil Ag tréineacht an iomchair is fallsa le fagháil An saogal ní ghabhann liom, cé mheall me mar chách 'S do shéanas lem chamhchoir mo phrionnsa 's a pháirt A chaomhchoinneal chabharthach Na cléire ná tarcuisnigh Mo shaothar mo thaitneamh duit A bhanaltra na ngrás Do thréithe is do ghníomhra dá naomhthacht dá mhilseacht Dá léigheantacht dá aoirdeacht dá aoibhinne atáid Dá bhféadainn go binnghlic go bríoghmhar go bláith Do dhéanfainnse a gcaoinchur i gcrích dhuit le grádh.
Mo léan guirt mo labhartha tug canncar im chneadha Go léirghonta 'om lobhadh-sa 'n-a thonntachaibh pláighe Is éalaingeach annreachtach fannsnuidhte atáid Mo chréachta-sa ceantach ar shlabhra agem námhaid. A phéarla ghlain gheanmnaigh Na féile ná dearmad T'Aonmhac gur cheannuigh me Go peannaideach sa Pháis A chéile an Spirid Naomhtha ba séanmhaire soillse Ná tréig sinn-na, díbirthigh fhíorbhochta an fháin, Glaedhmíd dár gcoimhdeacht thu d'oidhche is de lá Is réidhtigh go ríoghacht Neimhe an tslighe do shliocht Ádhaim. An Réx tug na hEabhraigh le leabhairmhaiseach sámh Trí shléibhte is dubhghleannta na Fionnmhara slán Géilleam 'n ár ngreann do 's is lonnrach ár stát Dá aodhaireacht le hannsacht ar bhantracht na ngrás. A réiltean na fairrge A naomhgheata Pharrathais Éist-se lem charbhall 'S lem agall ort de ghnáth Mo chraeschleachta chlaoidh me, mo chlaenchleasa chaoich me Mo bhaethbhearta baoise do thraoich me 's do thnáith A ghréinlile dhíograisigh dhílis fé scáth Do scéith' oinigh díon mise choidhche ins gach gábhadh. A Dheighmhic do bhronn dam do thabhartais le grádh Ná roinn liom de lomcheart a chrobhaire na ngrás Saidhbhreas an domhain-se ní thoghfinnse it áit Is gan deighilt liotsa tabhair sinn ar dhream na deasláimhe.
Mo thaidhbhse do threascair me Mo chladhaireacht do chealg me, Mo bhladhmann mo bhladaireacht Mo mhalluightheacht 's mo ráig Seo an loibhre go líonmhar mar oighreacht do thuill dam Bheith i mbraighdeanas millteach 's i ngeimhleach fé ghráin A mhaighdean na maighdean ngeal leigheas mise i dtráth 'S ná foidnigh me leaghadh i nglais 's mo thinnluit dom chrádh. A Mháthair mharthannach mhaiseach an Leinbh Naomhtha Le grádh is le taitneamh do cheannuigh an chine dhaonna A chráibhthigh charthannaigh mhachtnathaigh mhilis saor sinn Go brách fét bhrataigh ghil bheannuighthe a Mhuire an Aenmhic. DUAN CHRÍOST. A Íosa a mhic Muire, a Rí ghil na righthe A Impire na cine daonna is a ngrádh A Chríost mhilis oinigh, a Shoillse ler cumadh Ríoghacht Neimhe is nidhthe an tsaogail i dtráth, Díbir ár ndaille ár mbaois is ár mbuile Choidhche as ár gcroidhthe a réiltean na ngrás, 'S it íspirt-se a Leinbh naoimhtha na croise Cuimhnigh go dtugais saor sinn it bhás. Mo sceimhle-se an stoirm scíosmhar 's an cluiche Claoinmhar so chuir i ndaorbhroid sliocht Ádhamh It dhlighe-se do bhrise, a Naoimhspirid, do thuilleas Teinte uilc an choire chraosaigh 'om chrádh;
A Rí ghil do rugais Maois leat 's a thrupaibh Trí chorp na tuile tréine gan báth Dá bhrigh sin a chumainn na Gaoidhil bhochta coimirc Is go díograiseach cluthair saor sinn it bhás. Ót mhaoilinn-se a Mhuisir' aoibhinn go hInis Fíontach na Finne is éachtach a gcás Chois Laoi gile, Life, Bhríd agus Bhiorrbha Dhuibhneacha, Dhoire, is Éirne mar dfhás Gach líne go liosta aimhleasach scriosta Tug díoghaltas ar fuid na hÉireann le spás 'S mo dhíth ghuirt-se an fhuireann chlaoin so ná critheann Dot fhíorcheart-sa a Bhreithimh naomhtha na ngrás. Ó Léithghlinn don Daingean, ó Cheann Léime go Gaillimh, Ó Bhéarsa go Seanainn thaoscach na dtonn 'Sa réim sin go Banna tá 'n-a gcaor luisne ar lasadh Blaom i ngach baile, éitheach is mionn, Claonta agus gangaid léirghonta is cealg Craos agus faladh, daorbhroid is feall, 'S mo léan guirt do pheannaid a Aenmhic na bhFlaitheas Séanta ina scannail ag méirligh an domhain. An méid sin do dalladh do caochadh do mealladh Ag réabadh na n-aitheanta le craos is le drúis Le daormhionnaí spalpadh in éitheach le canadh Gan spéis acht mar scaipe bhraon bhig den drúcht Staonaidh is stadaidh géillidh is cadaidh Le naomh-aithrighe reachtmhar ar Dhé-Mhac na ndúl Blaomaidh is lasaidh go déarfhliuch le taitneamh Do phéarla na bhFlaitheas is réidhfidh bhar gcúis.
DUAN AN SPIRID NAOIMH. Is éachtach an t-éirleach so in Éirinn le spás Dár gcaochadh dár dtraochadh dár dtréanchur chum báis Ár n-éitheach ár n-éigean ár gcraosnimh ag fás - Do léas sinn, do léirigh 'n-ár méirleachaibh ráis - Ag tréigean ag séanadh an Chuirp Naomhtha san Íosa ghil Dár saoradh do céasadh ar ghéagaibh na caoinchroise; A phéarla na féile trít phéinbhroid sa Pháis Réidhtigh go réilteanach déarcach ár gcás. Ins gach aonbhall fén spéir seo na gréine le fagháil Do leath léigheantacht is séimheacht is naomhthacht do cháil' A Éire, gur ghéilleadar Gaedhla go táir Do bhaothbhirt do bhréaga na péiste tug ár Ar chaomhshliocht Mhilésius ba séanmhaire soillse suilt Réim-oinigh méinn-mhilis géarchumann díograiseach A chéile na Naomhspiride a naomh-Mhuire ár ngrádh Saor sinn fé shéala do scéithe lá an bhráth. Mo léan guirt na scéalta do scéithmair le ráig Ó shléibhte na Féinne go hÉigipt na bhfáidh Ó Bhénice go Naples ó Suédland go Práig 'S ón nGréig go Bhiénna sin eclips is pláigh Ar an dtréad liosta tréad bhuile tréad otair claoinchleasach Ná géilleann do bhréithre na cléire seo fíordhleaghthach Lá daol an lá daorfar an saoghal de shliocht Ádhamh Is lá séin agá nglaodhfar ar thaobh na deasláimh'.
Mioscais is malluighthacht gangaid is taidhse thréan Cuirptheacht camachlis cealg is cladhaireacht chlaon Tug sinne fé tharcuisne treascartha tinn gan réim Ó, a Mhic Muire ghil freagair me, leasuigh is leigheas mo chréim. DUAN GEANMNAIDHEACHTA NA MAIGHDNE MUIRE. Is méin liom labhairt ar réiltean ronntach Réiltean bhronntach bheannuighthe Réiltean cheólmhar réiltean ghlórmhar Réiltean thrócaireach thaitneamhach Réiltean lonnrach réiltean phrionnsach Chraobhach chlúmhail chaithiseach Réiltean ríoghmhail éachtach ímpreamhail Chaomhghlan Chríostamhail charthannach. Réiltean áthais réiltean ghrásach Réiltean ghrádhmhar gheanamhail Réiltean áluinn néata neamhdha Réiltean chráibhtheach cheanamhail Réiltean aoibhinn shéanmhar shoillseach Réiltean bhríoghmhar bhanamhail Criostal na céille, coinneall na cléire Is lile na maeghdean maiseamhail.
Réiltean órdha réiltean ómrach Réiltean mhódhmhrach mharthannach Réiltean lóchrach réiltean chomhachtach Réiltean choróinneach chabharthach Réiltean riaghalta réiltean dhiadha Réiltean ghrianda gheanmnach Gile ghreidhnach mhilis mheidhrach Oinigh oighreacht Pharrathais. Réiltean oirdheirc réiltean sholusmhar Réiltean shochrach shaltrach Réiltean chumhra réiltean chongantach Réiltean shúgach shalmach Réiltean spirideamhail réiltean mhisneamhail Do shéid na milliúin mascalach Is oilithrigh uaisle ag eiteallaigh uainn-na I seilbh ghil shuairc na bhFlaitheasa. Réiltean eóluis réiltean chóirigh Go réilteach ród na hEagailse, Séad tar seóda an tsaogail sclóndraigh Séad is mórdha ag aspolaibh Séad do sheóil i réim gach ógh Go naomhtha a chomhad na haitheanta 'S ina gcéadtaibh óigfhir léigheanta leóghanta Shéimh i gcomhar na n-aingeala. Seo an réiltean tar gréin ghil a shoillse is fearr An réiltean is séanmhaire i ríoghacht na ngrás Réiltean ler naomhadh na mílte báb 'S ag an bhféasta do chaomhnuigh ar Chríost do Sheán.
A bhéithe thuigeas script-uige mo dhuain i dtráth 'S is séimhe choingibh gan mhilleadh go buan bhur mbláth Léightar linne gur sibhse do fuair an barr - Craobh na cruinne agus cuideachta an Uain go brách. DUAN DUAISE NA bhFÍORMHAIGHDEAN. Seo comhairle thar chomhairleacha an tsaogail Mar chomhairle bheir Gaedhlach go glinn Do gach óigh mhilis mhódhmharach mhaordha Go deó libh gan réidhteach i gcuing A ógaibh dá órdhacht bhur dtréithe Acht pósaidh mo ghéarchumann Críost Ó! 's do gheóbha sibh coróinn ghlórmhar dá aodhaireacht Go ceólmhar geal naomhtha 'n-a ríoghacht. Ní bheidh breóidhteacht ná brón oraibh taobh leis, Ceó ar bith ná tréanthinneas cinn A chomhursain 's a chomhgus ní baoghal díbh Is spórtach bhur scléip shuilt is grinn Is mó sibh fé chomhachtaibh a scéithe 'Ná Seóirse is a shaoghaltacht fá thrí Ó! 's mo chomhairle go dóchasach déinidh - Is tógaidh chum Dé ghil bhur gcroidhe.
Ní leómhfidh fear móide do spréachadh Ná fós fear an éigin gan mhoill Fear póite is fear fórsa chum éirligh - Sin teóra le méirligh an fheill Ní leómhfidh an sórt so oraibh sméide Ní leómhfidh, beidh céile an Spirid naoimh Gach nóimeant dbhur bhfóirthin dbhur bhféachaint Dbhur seóladh dbhur saoradh 's dbhur ndíon. Bíodh comhartha an Chruthóra ar bhur gcaomhchruith Deaghshómpla agus méinn ghlan nbhur ngníomh Is cuiridh foghmhar maith 'n-a stór chum bhur bpéarla Go córach discréideach gan mhaoidheamh Faghaim trócaireach i gcló agus i gcéill sibh In bhur seóideanna séanmhara ag tigheacht Ó! ar sógh ag seinm mórdhacht an Aenmhic Gach nóta go néata dá dhíodhacht. A phósaidhthe Fódla le féile Bídhidh cóirighthe i mbéasa 's i mbrigh A phósaidhthe bóthar na naomh uile Ród Croise Céasta mo Ríogh A phósaidhthe i gcóisir na réiltean Fógraim díbh glaodhach ortha is guidhe Ó! go hómarach congnathach craobhach Is beidh glóir agaibh taobh leó in bhur suidhe. A bhábaibh an áthais ná ceilidh ceannsacht Ar áilneacht ar breaghthacht ár mbreitheamh, m'annsacht, Is grádhmhar do gháirfinn is gan leisce dhamhasfinn Ó!'n-a arús anáirde dá bhfeicinn ann sibh.
Is rábach do rásfinn is cleite im bhannda Is fáinneach do cheáfrainn is m'eiteall seanda Is le gáirdeachas gháitsfinn i gclos dár bprionnsa Ó! go hádhmhrach ar a láimh dheis dá mbeinn 'n-a chamtha. Aguisín do cuireadh leis sin: I bhflaitheasbhrog mheidhrach ghreidhnach ghreanta na nÓrd Salmach shoillseach shadhorghlan chranna na gceól, Le meanmna a radharc it oighre idir aingil is óghaibh Go bhfaiceam-na a Thaidhg fé mheidhir tu ag cantaireacht leó. DUAN AN ATHAR SÍORRAIDHE. An uair thagainn go tigh an tabhairne 'S do shuidhinn ann chum óil Le garsa ghlan ghreanamhar Ba mhilse guth beóil Dá dteagmhainn ba chaithis liom Bheith eatortha go meanmnach Is seanchas suilt againn-na Punch ringce agus ceól. Insa chleachtadh san ba mhalluighthe 'S ba mheillteach mo mheóin Gan aithne ar an leanbh oinigh Íosa, mo bhrón.
Acht carrbhas is ainbhfios Gan eagla ná aithreachas Seo na cealgaibh do cheangail mise I líontaibh an leoghain. A athair ghil na n-aspolaibh Is a Aoinmhic na hÓighe Do cheannuigh sinn le carthannacht Do chroidhe agus do chló Mo cheasna i gcrois go peannaideach It phearsa mhilis bheannuighthe Déin tearman go taitneamhach Do dhaoine ins gach gleó. Bearta buile, bladaireacht Is baoisnimh na n-óg Go lasta liosta m'aigne-se Agus m'intinn do thóg Gur cailleadh me gur mealladh me Gur dalladh me gur fealladh me Insa staid seo ag brise t'aitheanta-sa A Rí ghil na gcomhacht. A bhanaltra mhaith mharthannach A chaoinshearc 's a stóir Beir m'anam leat go ceanamhail Glan aoibhinn i nglóir Insa chathair sin do dhalta-sa Idir aingealaibh na bhflaitheasaibh Is fét bhrataigh chirt i bParrathas Gheal díon me go deó.
A Mhuarmhic Dé ghil shaor ar fad do dhaoine I gcruadhtan naomhtha chéasta i gcath na hAoine Fuascail féin do thréad go feartach foillseach Suas ó chraos na péiste 'ot chathair shoillseach. DUAN NA TRÍONÓIDE. Éisteadh gach eólach 'san Eóraip go héachtach Lem sceólta go scéithfead don tsaogal gan spás Aonmhac uil'-chómhachtach na trócaire gur thréigeas - Ár nglór uile ár ngéarshearc do shaor sinn sa Pháis Ár gcrobhaire bronntach, bile milis, Cabhair an domhain a ghlaine ghile Fonn na bhfann ár gcoinneal oinigh Réiltean na ngrás, Ughdar na féile agus péarla na díodhachta Ár gcaomhchumann Íosa do scaoilfeas ár gcás. Cé léanadh do leónadh do comharthadh do caochadh Do tórthadh do traochadh i spéirlinn me im rás Glaodhfadsa ar chló mo Chruthóra do réidhtigh An ród so na naomh dam go séanmhar 'n-a bhás Ár gceann ár ngreann an buinne is binne Ár bpreannsa ár lonnradh, gein na spiride, Ár n-annsacht ceannsacht leinbh Muire Ár bhPhénix i dtráth - Dfhuascail go daonnachtach déarcach sliocht Íbhe 'N a chéasadh ar an gcaoinchrois Dé hAoine le grádh.
Na méirligh is mó againn fé lóchra na gréine Gach meóin uilc is éirligh 'n-a dtréithe le fagháil Mo léirchreach tar beóluit na cóisire céadna Mórchortha claona mo chraoschuirp 's a cháil Is fallsa dall me im dhuine bhuile Is clamprach cam do thuilleas teine Dhream na ndeamhan, 's a gcoire nimhe Ina chaorthain gan trághadh, Dom shíorloscadh, 'om scóladh 's 'om dhóghadh-sa ag daolaibh I bpóna na péine 's na péist nimhe 'om chrádh. Déanam le dóchas deighdheórach deighmhéinneach Deaghshómplach deighbhéasach trí thréanthuile grádha An saothar an fóghmhar go cróinneach go craobhach A thógfas i réim sinn ar thaobh na deasláimhe Ár dTiarna cúmhra chúm an chine Ár nDia ár gcongnadh dhúinne cuirfidh Diabhal na crúibe ag lúbadh i liostacht 'S a chuideachta dhá dtnáith Lucifer ag ualfairt 's a chuallacht ag scréachaigh - An sluagh dubh san séalaithe séanam go brách. Tá an t-aonchreideamh d'órduigh do chómhairligh do phréamhuigh Mo stór-sa go séadach ag blaomadh go breágh Dá thréada go cródha go hórdha go héideach Is ceólmhar a chléir 's is Té Deumach gach lá Fortuigh fóir is seóil gan tuirse Do phobul bóthar cóir na croise 'S le soilbhshóghchas spórtach seinneam Salmach i bpáirt Trí dhúthracht dár nUan geal go huasal go haoibhinn Is buaidhfidh go bríoghmhar linn Íosa ar ár námhaid.
Is creach tar creach an chreach so chlaoidh Gaedhla Creach do chreach le creacha i gcrích Éireann Creach na gcreach ag clanna an chlaointsaogail Ó! mo chreach níl meas ná blas ar dhlighe Dé ghil. DUAN AN tSLÁNATHORA. Mo ghrádhsa mo Dhia, mo ghárda mo liaigh Mo ghrádh geal mo thiarna trócaireach Mo ghrádh mhilis Críost - grádh an uilechroidhe Mo ghrádh ar fad tu a Rí na glóire; Mo ghrádhsa do shúil, mo ghrádhsa do shiubhal Mo ghrádhsa do chlú is do chomhachta Mo ghrádh thu le fonn cé táim buniscionn Ní dhearna, mo chumha, do chomhairle. Mo ghrádhsa do naoimh, a n-áilneacht 's a ngnímh Mo ghráin bearta is baois na hóige; Mo ghrádhsa do dhlighe, a breághthacht 's a brigh Mo ghrádhsa fá thrí do shómpla Ar bhearnas det riaghail le sclábhacht an diabhail Dfhág san gan chiall me a stór ghil 'S a mháistir na gcliar go rábach do riar Slánuigh a Dhia mo mhórluit.
Mo ghrádhsa go léir do ráidhte 's do réir 'S do mháthair mar réiltean eóluis Bainríghin na n-aingeal bainríghin na n-aspol Bainríghin na bhflaitheas órdha Bainríghin an tsonais, bainríghin an tsoluis Bainríghin na gcros, na gcoróinneach Bainríghin na ngrás in am sceimhle an bháis Mo chrann dín 's mo ghrádhsa an ógh ghlan. Mo ghrádh tusa a Athair neámhdha na n-aingeal A bhláth ghlan na bhflaith 's a n-aoibhneas Mo ghrádhsa do leaca áluinn gan aithis d'áitrigh do cheart le caoineas Mo ghrádhsa do theagasc, t'árus is t'aithris Mo ghrádhsa gach acht det dhlighe-si Mo ghrádhsa gach aga cráibhtheach do chaithim Dot ghrádh is dot ghairm, a Íosa. Mo ghrádhsa na súirt neamhdha so it chúirt Mo ghrádhsa do chom, do chló gheal, Mo ghrádhsa do thréad, fáidhí na séad, Mo ghrádhsa do mhéinn do mhórdhacht Mo ghrádhsa do phearsa it Pháis sinn do cheannuigh Mo ghrádhsa do chathair cheólmhar Ó, a Íosa na bhfeart ná daoir me let cheart - It tu mo shoillse, mo neart, mo dhóchas. Mínighsi méirligh mhillteach an éirligh An bhuidhean bhuile chraosach chóisreach Ná stríocann do bhréithre naoimhtha na cléire Acht choidhche go faobhrach fórsach
Fuil Íosa do spalpadh, an tsaoire do stracadh Ag síorscrios 's ag creachadh a gcomhursan Ó! mo sceimhle-si an srian i dteinte na bpian Chuireas mílte gach bliain fé bhrónbhroid. An dream n-a bhfuil tart ampla agus airc Le scannradh na scart dá scóladh I ndiaidh shaidhbhreas an tsaoighil an cladhaire dubh feill 'S na daill ithte ag íota dóighte Casaidh im cháil ar Pharrathas gan spás Tá an peaca is an bás go gnóthach Lá an anaithe 's an bhaoghail, damanta 'n-a dhaol Beidh an t-anam san ná déanfa an foghmhar. Na Caesair ba theann ar spéirlinn na lann Dá thréineacht a gcamtha i gcomhrac Is laochus le fonn na Féinne, 's an domhain Féach, ní raibh ionnta acht ceó beag Tá an saoghal so dár ndalladh, tá an saoghal so dár mealladh Tá an saoghal so dár scalladh ag sceónaibh Séanam in am ár gclaonchortha cam 'S Lá an tSléibhe is sinne an chlann chompórdach. A bhantracht an tséin tug annsacht bhur gcléibh Do phrionnsa na naomh is dá mháthair Do leanas go séimh dúthracht a mhéinn A shómpla go léir 's a ráidhte; Ná staduigidhe go tláith acht lasuigidhe le grádh Preabuigidhe le gárdas naomhtha 'S gur gairid díbh an lá n-a mbeidh banaltra na ngrás Bhur nglacadh isteach 'n-a árus réilteach.
Suathadh an tsaogail bhréagaigh bhradaigh bhraoinaigh Uaibhrigh éadmhair chlaonmhair chleasaigh choímhthigh Mo thruagh tug traochta caoch le barra baoise An sluagh in a dtréithe thréig an leanbh Íosa. AN PAIDRÍN PÁIRTEACH. Stadaidh is scéidhfead scéal na scataí Ar mhaodhm ar mhailís Shátan Ar ghangaid ar ghéarghoin ghaethe an ghaduidhe 'S ar chlaonchoir chaithidhe an chneádhaire Do mealladh leis céad tar céadta i gcathaoir Do léigheadh go glan diadhacht neámhdha Is preabaidhsi ón bpéist fá ghéagaibh geanmnaidhe Péarla an Phaidrín Pháirtigh. Seachnaídh séanaidh séala an tsladuidhe A bhréaga, a bheartuigheacht bháithteach Dallaídh an daol le déaraibh aithrighe Is tréigidh taithighe an tábhairne; Leanaídh an réiltean dhéarcach dheaghchroidheach Ghréanda ghealghrinn ghrásach 'S fé thearmann scéimhe a scéithe tagaigí A thréada an Phaidrín Pháirtigh. Aitheanta Dé ná réabadh neach díbh Déinidh, leasuighidh láithreach Bhur mbeatha go béasach caomhnach cneaschaoin Tréitheach, treasbhinn tábhachtach
Rachmas an tsaogail scléip is fleadhfhíon Féach gur neamhnídh a mbláith sin Ní mhairfidh acht tréimhse taobh le taithneamhaidheacht Péarla an Phaidrín Pháirtigh. Cabhair na gcréacht do réidh ár nglastsnaidhm Réim na ngaiscidheach ngrádhmhar Do lasas chum laochais léadmhaigh Lachtaoin Craobh na gcailc-ngníomh gcráibhtheach Mo pheannaid mo phéin mo chréim mo cheasnaidhe An taom so thacht dlighe an Phápa 'S do tharcuisnigh naemhscript éachtach ainglidhe Péarla an Phaidrín Pháirtigh. Faladh gach féile, craos is calaois Cléithe is cleasaidheacht cháinte Mallaitheacht méinne tréantoil theasaidhe Taoscadh cannaí is cáirtibh Bladaireacht, blaoman, baothbhroid, bradaidheacht Préimh na bpeacaí chráidh sinn Is banaltra an Aenmhic glaodham mar charaid í Péarla an Phaidrín Pháirtigh. Aistríg a Ádhamhshliocht, Sátan séanuigí Glacaigídh grása grádha na Naomh Spiridí An Paidrín Páirteach tráth ná tréigigí 'S is caraid díbh Máire lá na daorbhroidí.
AN PAIDRÍN PÁIRTEACH. Admhaim féin don tsaoghal gur pheacuigheas Is d'Aonmhac ghealchíoch Mháire Sealad dem shaoghal i gclaontacht staraidheacht 'S ag réabadh ceartdlighe an Phápa Munabar béil gan spéis in aithrighe 'S lem dhéirc ní haltuigheadh páiste Acht ag magadh is ag scléip fé thréadta an Phaidrín Naomhtha ainglidhe Pháirtigh. Gach duine nur mhéin leis éisteacht seal linn Le tréithe ár bPaidrín Pháirtigh Seachnadh béithe craos is mailís Bréaga, bradaidhe is cáine; Aifreann Dé ná léig 'n-a fhaillighe Is déirc le deaghchroidhe deárnaidh 'S go maithfidh Mac Dé go léir na peacaí Tar éis na haithrighe tháinig. Nach damanta an scéal don té ná smachtuigheann An phéist bhocht bheadaidhe atá aige 'S go mbeidh curtha sa chré agus daola ag teacht tríd Féar is sneachtaí ag fás air In ionad gach béile méith ná haltuighid Do-bhéarainn bannaí brágha dhíbh Go mb'fhearra i dtaobh Dé dhóibh caoldeoch glaisdighe 'S éisteacht an Phaidrín Pháirtigh.
Is cuma liom féin cá taobh n-a leagfaidhear I bpéin nó in aicíd bháis me Acht go mbeadh duine den chléir ann ghléasfadh m'aibíd Is céir do lasfaidhe ar clár dam Fiolair ag éigheamh is féiche i gcrannaíbh 'S mo chréachta ag madraíbh sráide Ó ghlacadar mé fé scéimh a mbrataí Ag éisteacht an Phaidrín Pháirtigh. DÓCHAS THAIDHG INSA MHAIGHDIN MUIRE. Díbhse a Ghaedhil bhochta léighfeadsa eachtra Cé claoidhte tréith me chois taobh na fairrge I gcríochaibh Déiseach ag déanamh machtnaithe Ar phoimp 's ar chlaonchortha an tsaogail mhalluighthe. Laighead ár gcéille agus méad ár n-ainbhfis Coimheascar caethach 'san éitheach spalpaithe Gan suim sa chléir chirt ná spéis 'n-a n-aitheanta Do thuill mar chéile dhúinn séala ár ndamanta. An bhuidhean so is léir dam go scéalach scannalach Bruigheantach bréagach taodach tarcuisneach Gan suim in éigean ná in éisteacht Aifrinn, 'S do Chríost ná géillid, mo léan do mealladh iad.
Mo scíos mo scréachnimh an tan ghlaodhfa an t-aingeal san Sliocht Eíbhe ar aonchnoc go déarach deacrach Go cruinn beidh a thréithe ar gach éadan tarraingthe Ag an gcloinn sin thréigeas tu a phéarla Pharrathais. A Chríost let chéasadh go daor do cheannuigh sinn Scaoil ár ngéarghlais go déarcach carthannach A chroidhe na féile leig braon beag beannuighthe Det fhíorfhuil naomhtha ag saoradh ár n-anma. Ar thigheacht an tréinbhreithimh éachtaigh fheargaigh Go líomhtha ár n-éisteacht beidh na spéartha ar lasadh aige An taoide chraosach ina caorthaibh dearga Tíortha is sléibhte uile an tsaoghail ar baillichrith. Guidhim tu a Réiltean ghléigeal gheanmnach Fé bhinn do scéithe ins gach baoghal dom thearman, Lá an sceimhle dhéidhnaigh ghuirt pléidh go daingean me Is ar an dtaoibh gclé sin ná léig me a bhanaltra. Bíom go séanmhar ag glaodhach na n-aingealaibh Is choidhche ag glaodhach na naomh 's na n-aspolaibh Dár ndíon dár n-aodhaireacht go nglaodhaid sinn eatortha 'N-ár suidhthe séadacha i réim na bhflaitheasaibh.
IARGHNÓ NA nÉIREANNACH. Mo dheacair dhubhach is ceasna chumhach an ghráin seo ar Ghaedhil Do dheasca drúise agus spalpadh mionn i mbearnain bhaoghail Is le taitneamh dlúith do shealbhughadh go hárd sa tsaoghal An rachmais úd do dhallann súile chách go claon. Is dainid dúinn-na ná leanann cúrsa agus cáil na naomh A mbeatha chumhra a ngaisce chlúmhail a rádh 's a réim A raith a n-iomchar a dteas a ndúthracht 's a ngrádh mar ghréin Do phearsain phrionnsa na bhflaitheas túrnadh sa Pháis i bpéin. A ghasra úd a chleachtas únfairt gach tráth go tréan I ngaise an mhúnlaigh bhracaigh bhrúchtaigh bháidhtigh bhréin Casaidh liúmsa go cneasta ciúin ar ghrása an tséin 'S ná mealladh tnúth sibh is gairid dúinn an bás i gcéin. Tá scamaill smúite agus brataibh dúbha, mo chás mo chréim, Ar cheallaibh dúin na sailmthiúin le gáir Té Déum Is fada chughainn-na fearg chionn bheith táir 'n-ár méinn Mo chreach ag iomchar an pheaca d'iompuigh na táinte i bpéin.
A Dhé ghil na féile is a Athair na ngrás Let naomhthoil do céasadh is do brathadh chum báis, A Aenmhic do shaor sinn ón bpeaca sa Pháis Réidhtigh na Gaedhil bhochta is leasuigh gan spás. DUAN NA NAOMH. Ó! a bhainríghin na bhflaitheasaibh, is tu mo chrann bagartha Is tu mo chonnsailéir caithiseach - do chuadhas fét thearman; Is é m'intinn is m'aigne - Ó! na mílte bliain dá mairinnse Ó! m'ímpire mhear mheanmnach ná déanfinn t'atharrach. Ní hiongna go dtugas-sa taitneamh dhuit Mar is tu an choinneal gheal chriostalach bheannuighthe Ó! máthair bhreagh ghrásach is banaltra An Fhíormhic naomhtha go daor do cheannuigh sinn. A ghrian fhionn lonnrach na cathrach Iarr go húr úrnaidhtheach carthannach Ar do chaomhchumann Críost Íosa, ár malluightheacht Chailleamhnach chlaon chraosach do dhearmad. Lá éachtach lá éirligh lá greadaithe Lá daortha na méirleach lá an anaithe, An lá meillteach a deighilfar an dream damanta Ó! mo sceimhle, le bantracht mhúirneach phrionnsach Pharrathais.
An phribhléid thar chlainn Dé go ceanamhail An t-annsacht an pháirt tá aget leanbh duit Cortha shíol Éibh dá mbéadh ar m'anam-sa Ó! do gheobhthá-sa ót oighre, a mhaighre, a maitheamh dam. Ar a chunntas féin glaedhfidh in' aice me I ndún na ndréacht na naomh na n-aingealaibh Go cróinneach craobhach séadach saltarach Ó! dá mholadh le saoghal na saoghal go marthannach. A bhainríghin na hAoine is an tSathairn aoibhinn Tabhair eólas na slighe dham nár ghabhas riamh roimhe seo Stiúruigh me go dúthrachtach díreach Mar rinn an réiltean na réxaibh ón ríoghacht thoir. Suas fuaduigh leat it líon me Go cuan uasal na soillse Mar a bhfuil maighdeana meadhracha in aoibhneas Ó! na mairtírigh do lean Críost 'n-a ngníomhra. Na pátriarcs áilne áthasacha go líonmhar Ó! na haspolaibh is na haithreacha naoimhtha Na confesúirí cráibhtheacha ádhmhracha is aoirde Is dochtúirí órdha onóireacha na díodhachta. Na fáidhe subháilceacha go bríoghmhar Ó! naoimh Éireann 's a dTé Deum le díograis Agus an pátriarc glórmhar Seósaph naoimhtha 'N-a gheneral chómhachtach cheólmhar ar an mbuidhin sin.
Níl pian ná brón de ló ná d'oidhche Níl ciach ná ceó ar chló na saoithe Mo chúis gháire a luthgháir 's a n-intinn Ó! a Thríonóid oirdheirc 'ot mholadh gan traoichadh. Tá an chliar bhreagh so i ngrianán gan díomas I ngrianán sholusmhar shoilbh gan díoghaltas Grianán tar ghrianán an tsaoigail Ó! pálás na n-áilleán so i ríoghacht Neimh. Annso tá solás na solás go haoibhinn Annso tá compórd na gcompórd 's an t-aoibhneas Annso tá an trócaire, an ghlóire, an naoimhthacht Ag cuallacht chumhra chúirt gheal Íosa. Annso tá bainrighin na mbainrighní, ár ndíonbhrat Annso tá baintiarna na mbaintiarnaí, ár gcaoinshearc, Annso tá maighdean na maighdean, ár mílseacht, Os a gcionn go léir 'n-a réiltean shoillseach. Iarraidhse is iarraimse an ghuidhe seo Le hatuirse ghrádhmhair mháthar Chríost ghil, 'S trí thoradh do pháise 's do bháis, ortsa a Aoinmhic - Beir m'anam 'n-a phéarla shéanmhar it ríoghacht liot. A Shlánathóir déinse an déirc seo ar do dhaoine Do cheannuighis go céasta daor let fhíorfhuil Ó! glac féin truagh dhúinn, a Fhuascaltóir dhílis, 'S a Chroidhe ghil na féile beir saor liot it ríoghacht sinn.
DUAN DÉAGLÁN. A Dhéagláin órdha onóraigh, a easpuig Is ort thriallas go diadha 'n-a ndreamaibh Pobul geal Dé le cléir na salm Is a nguidhe dhúthrachtach urnaidhteach 'ot agall. Gluaisid 'n-a sluaighte go dtagaid An bhantracht shéim
ar thaobh na faille Annsan is sámh grásach do ghabhaid 'N-a gcúrsaí go húiríseal cneasta. Is ciallmhar clúmhail a dtiúin 's a dteagasc Is riaghalta a ngreann os ceann na mara Is deaghchroidheach a n-aithrighe 's a machtnamh A Dhéagláin ghléigil ar naomhthacht do bheathadh. Iarraid do chongnamh sa chongcas chum seasamh 'N-a bhfíréin ag síordhéanamh an ghaisce A naoimh ghlain uasail fuascail freagair An chuallacht bhocht bhuartha so i nglasaibh. Mar cheann ar ár gcampa má thagair A Gheneral ghlórmhair cheólmhair, chailce, Ní theichfeam ót Rígh choidhche sa chaismirt Acht troidfeam go binn bríoghmhar fét bhrataigh.
Déanfam tré naomhneart ár nAthar Éirleach go héachtach ar ár namhaid Beidh an machaire againn féin d'éis an chatha 'S beidh an lá againn go háthasach it aice. Is beidh gártha husá againn mar chantain Anáirde á lámhach isna flaithis Ag breith buidheachas leatsa, Aenmhic do cheannuigh Go daoir sinn ar mhaoilinn chnuic Chalbhair - Let fhíorfhuil do scaoile is do scaipe Dé hAoine ina míntsruithe 'ot shladadh Ar an gcaoinchrois 's an spíce dá ghreadadh It dheárnacha grádhmhara geala. An té chluinfeadh go cruinn cíocras is cnagadh Na gcasúr dtrom bhfoghlach ag fealladh Budh chruadha fá thrí a chroidhe istigh 'ná an charraig Muna sileadh go saobh séanmhar trít pheannaid. Níor bh'iongna tré theinneacht a thaithnimh Dá gcritheadh 'n-a bhlaom ghréanda go greanta Ina theine 'n-a chaor chraosach ar lasadh Le hannsacht d'Íosa, ímpire na n-aingeal. Dá mb'ughdar léighinn éachtach me, in acmhuinn Auguistín chaoin, Chíprian is Bhasil Chriosostóim, Phóil ghil is Pheadair Eóin, Shan Séam, Chlément is Bhearnaird -
Do mholfainn go hárd ábalta an chathair Is ríoghdha réim céim is ceannas I gcuing cheart le chéile do cheangail Ceann na réx réaltanach rathmhar. Bíodh gur baothphéist bheag i bpratainn Sínn gan spré 'en éifeacht ná 'en eagain Mo dhícheall dréacht gléasfad má ghlacair Ó inntleacht bhaoth éaganta an pheacaigh. A dheighstiúir chirt dheighsciúirseach deaghsmachtach Dheaghchómhairleach dheaghchómhachtach dheighcheachtach Dheaghchongantach dheighfhiúntach dheaghachtach Dheaghrásach dheaghráidhteach dheighreachtach - Dheaghshómplach dheaghlóchrach dheaghlachtach Dheaghfháistneach dheaghcháileach dheighchleachtach Dheighthréadach dheighshéadach dheaghshleachtach Dheighmhéinneach dheighbhéasach dheighbhleachtach - Dheaghchóisreach dheaghchróinneach dheaghchlannach Dheighphrionnsach dheaghlonnrach dheaghlannach Dheighthionnscnach dheaghchúrsach dheighcheanach Dheaghsmúinteach dheaghrúnach dheaghrannach - A dheaghmháthair dheaghchráibhtheach dheighbheachtach Deaghtháil go deaghfháilteach deaghmhaiseach Do dheighchíocha ar do dheaghchloinn ghil 's 'ot dheaghmhac-sa Déaglán órda onórach ár ndeigheaspog.
BUIDHEACHAS LEM THIARNA. Buidheachas lem Thiarna tá Dia againn mar ghárda 'S an ghrian gheal a mháthair dár gcoimhdeacht Réidhfid is riarfid an chliar bhocht so thárlaigh Ag iarraidh na ngrás ar an nidh sin Blaomadh ár mbriathra go diadha oinigh áluinn Le dianthuile grádh dhóibh 'n-ár gcroidhe istigh Caochfid is pianfid an phiast nimh' ár námhaid Do chiapann do chrádhann sinn sa choimheascar. d'aonturas triallam fé sciathaibh an Áirdmhic Le mian mhilis áthasach aoibhinn Dá réir is dá riaghlacha ciallmhara cráibhtheacha d'iarraidh agus d'áitreamh 'n-ár n-intinn Tréigeam an t-iarsma dubh diachrach do chráidh sinn Go bliantach 'san áth san an aimhlis, Séanam na srianta le cianta chúm Sátan, Mo chiach, chruinnigh táinte 'n-a thimcheall. Bíodh déirc agus riaghaltacht go fial glan go fáilteach Is go ciallmhar i gclár geal na saoithe Ag an dtréad so mo dhiachair fé fhiacla an bhráca Dá gcriathairt 's dá gcáible ag daoithe Bíodh naomhthacht go hiairbhiseach iadhta 'n-ár gcáile Bíodh diadhacht 'n-ár bhfáidhe 's 'n-ár laoithe 'S go séanmhar fét sciathaibh a Thiarna na Páise Annsan riarfir go sámh sinn-na choidhche.
{B 1791 18D} DUAN AN DOMHAIN. Is fíor gur comhairle thar chomhairle na gcéadtha Mo chomhairle dom chomhghus 's dom ghaolta Comhairle chaoin do dhaoine an tsaogail Ó! bheith ceannsa carthannach cneasta le chéile. Bíom riaghalta súgach múinte béasach Ciallmhar clúmhail ciúin deiscréideach Flaitheamhail fáilteach deaghthach déarcach Ó! 's go gaisceamhail grádhmhar, lán de dhaonnacht. Bíom díograiseach díreach deighmhéinneach Diadha dubhach dúthrachtach déarach Chum go sásuigheam ár nÁrdrí 'n-ár gclaonchoir Ó! le haithrighe órdha onóireach éachtach. Bíom criostalach Críostamhail ríoghamhail réilteach 'N-ár gcroidhthe 'n-ár gcáil 'n-ár dtásc 'n-ár dtéarma 'N-ár smaointe, 'n-ár ngníomhra 's 'n-ár mbréithre Ó! 'n-ár gcoinsias mar Phroinsias na gcréacht gceart. Bíom fonnmhar fiúntach ag cumhdach na cléire Is go galánta cineálta craobhach Ag friotháil na mbochtán so i ngéibhinn Ó! tá ar lasadh againn an foghmhar 's is cóir é dhéanamh.
Bíodh ainglidheacht is geanmnaidheacht na maeghdean Símplidheacht chuilm is gliocas na péiste Umhlaidheacht gheal, úirísleacht phéarlach Ó! agus spirid na n-aspol ar lasadh 'n-ár dtréithe. Bíodh foidne Iób 'n-a ghleó go gléasta 'S síothcháin aoibhinn na hintinne in éifeacht Stuamdhacht suaimhneas is séimheacht Ó! mar thoradh ar ár mbláth i mbearna an bhaogail. A Dhia ghil ghlórmhar chomhachtaigh naomhtha Do cheannuigh, mo chás, it pháis go daor sinn A Phrionnsa an oinigh ler cumadh an fhéile Ó! stiúruigh mise 's an chine bhocht dhaonna. Chum do thoile go soilbhir séanmhar Le doilgheas marthannach maiseach do dhéanamh; Lá an áir is an chogaidh seo is loiscithe léirscrios Ó! tá agat 'n-ár gcóir a stóir na tréig sinn. A chrobhaire na banaltran beannuighthe, a ghéirshearc, Tearmain go taitneamhach sliocht Éabha Cuimhnigh gur fhuilingis a Leinbh tu dhaoradh Ó! ar chrann na croise a Mhic Muire dár saoradh. Cuimhnigh an oidhche sul ar éagais Insa gháirdín go ndeárnaís an laochas An t-allus fola trít cholainn do shéidis Ó! go huasal dár bhfuascailt ón bpéist nimh.
Cuimhnigh ag an bpiolóir an pionós péine Chúig mhíle buille agus tuille ar do chaomhchorp Do bhuail do namhaid go feargach faobhrach Ó! de na sciúirsí dfhág tu tnáithte traochta. Machtnaimhse mílseacht an chinn do céasadh Is leis an gcróinn spíne go líomhtha léasadh - Mórluit na sleágh is na dtairngí gcraorac Ó! mo chúis chumha 's m'atuirse it phearsain-se in éinfheacht. Ón dtír thoir thriall i gcian na réxa 'S gan d'eóluidhe ag na leóghain-ríogh acht réiltean Go stábla an asail le n-a dtabhartais tréana Ó! 'ot adhradh, 'ot onóradh, a Chruthóir na gréine. Is sómpla Breitheamh na mbreitheamh le féachaint 'S a throscadh gan trághadh ar an bhfásach tréimhse - Tiarna na bhfáidh dá chrádh ag Paeliot Ó! 's mo chiach thar barr 'n-a bhráigh ag Hérod. Go bhfeicead do phobul ag bloscadh 's ag blaomadh I gcríocha an domhain le greann duitse, Aenmhic, 'S go brách gan againn ann acht t'eaglais éideach Ó! go fíréanta cúmhra ina lonnradh naomhtha. Go bhfeiceadsa lá geal breagh le buidheachas Go fíorfhírinneach fíorshoillseach nur féidir Fíoroileán uachtrach uasal na naomhaibh Ó! do ghairm gan mhoill arís ortsa, a Éire.
Am Nóe trácht ar an Árc do dhéanamh Ba spórtach táinte ag práisc 's ag pléireacht Níor chreideadar eachtra an eagnaigh aosta Ó! an tuile gur threascair na peacaigh 's a ngréithre. Is mar sin don bhuidhin seo chídheas an Naomh Spirid Gach maidean is oidhche luigheas is d'éirigheas Gan speóis i sailm i bpaidir ná i gcréidh aca Ó! acht labhartha Lucifer liosta 'n-a mbéalaibh. Is duine as na mílte is baoghal liom Do chómhadas aitheanta ár nAthar gan réabadh Ná a dhlighthe go dílis soillseach séadach Ó! mar d'órduigh Íosa Críost dá thréada. Gangaid is goid, broid, uilc, is spéirling Tarcuisne táire is pláigh na bpléanna Feall, díoghaltas, díomas is éigean - Ó! seo iad na galair ler cailleadh na céadta. Fuath le faladh, gearradh plaosca I gcruadhtan chaismirt chatha an aonaigh, A gcaptaoin crúbach súd gan séanadh Ó! Satan stormach mursanta maodhmach. Mo thruagh thu a pheacaigh bhoicht aindeis cad dhéanfir Let chaime, let chleasa, let bhladar, let bhaethbhirt Let mhailís mhillteach let intleacht éithigh Ó! let uabhar, let phoimp, let bhaois, let bhlaodhman.
An uair thiocfidh an bás dot cháible 'ot chaochadh Go deimhin le fagháil níl spás ná ré agat Dá fhaid a rithfir let chuirptheacht, éist liom, Ó! caithfirse it chrích dho stríocadh is géille. Tíoránach cealgach malluighthe méirligh Doicheallach doghrachtach doghrainneach an éirligh Stuacach stailceach ceatach caethach Ó! coimheascrach canncrach clamprach craosach. A bhrubaire bhrúideamhail dhrúiseamhail éadmhair Bhruighntaigh mheisceamhail leisceamhail léanmhair Thaibhsigh ainbhfiosaigh bharbartha spréachas Ó! fuil Ríogh na bhflaitheas, is eagal lá an tsléibhe dhuit. Mo theagasc duit casadh ar do leas go héasca, Is ná codail it spreas i nglas gan réidhteach Nó má ghnír beir choidhche sínte ag scréachaigh Ó! in ifreann sáithte it chneádhaire chréimeach. Le cródhacht chráibhtheacht láidir léadmhach It cholainn go cíocrach fíochmhar fraochta Mairbh múch-se rúta is préamhaibh Ó! do phaisiúin dhona is beidh an sonas 'ot aodhaireacht.
M'uathbhás adhbhar an athar 's a chéile - An cúpla cuirpthe cuirfar dá bpléascadh I dteinte i dteannta 'n-a splanncaibh bréana Ó! mo dhochar dá ndóghadh go deó sa chaorthain. Seo an fáth a ngreadfar n-a stracfar n-a séidfar Coigilte i gcuilithe an choire 'na ndaolaibh A gclann go tiubaisteach tugaid fé shéala Ó! i seilbh dhubh dhiachrach an diabhail mhar éiric. An chlann trí chaithis a gceana 's a gcéille Le hannsacht urramach d'oileas is d'aodhaireas A n-athair 's a máthair go sáitheach séanmhar Ó! beidh soillse Pharrathais aca mar léightar. An chlann, mo cheasna, gan earradh gan éadach Go críona caithte lag dealbh a léigeas A n-athair 's a máthair ar fán an tsaogail Ó! is iad féin go rachmusach ceannasach péacach - Seo an chlann a thuilleas bheith uireasbhach aonair Is mallacht nimh mioscaiseach thuitim 'n a gclaonchuirp - Mallacht na n-aspol, na sagart, na héigse Ó! 's a mallacht gan leigheas dá leaghadh 'na mbraonaibh. M'osna-sa an aicme do mhaireas is d'éagas Ina bpeacaí marbha ag maslughadh Dé ghil Conablaighe salacha bracacha bréana Ó! n-a bhfuil stampa a ndamaint le haithint 'n-a n-éadan.
Gach cluas go cliste do chluinfeas an dréacht so Ar chlaidhreacht chách gan scáith do scéitheas-sa (?) - Deimhnim díbh go dóighte brónach braonach Ó! gur milliún measa mise 'ná an chuideachta chéadna. Tóg suas t'aigne, a pheacaigh ná héimigh Go módhmhrach meadhrach greidhnach gléigeal Misneamhail meanmnach feasach fíoraonda Ó! ná caill do chróinn ar nóimeant scléipe. Má's lia do pheacaí 'ná peacaí an tsaogail Féar an tailimh, an ghainimh, na réalta Is uisce na fairrge, maithfe Mac Dé dhuit Ó! má dh'iompuighir-se it aithrigheach dheaghchroidheach naomhtha air. A rí na reann sheannda tug saor leat Maois 's a chamtha Eabhra ón Éigipt Trí thonnaibh na mórbhóchna gan sméide Ó! le cothrom fá chló thrócaireach do scéithe. Cneasuigh ár gcneádha, slánuigh in éinfheacht A Mhic Pharrathais bhreagh ghrádhmhair ghil, éist linn Is go salmach sámh áthasach glaeidh sinn Ó! fét bhrataigh-se ar láimh shubháilceach dheas taobh leat. Dúbail seacht im cheacht de chéadtaibh 'S trí chéad 'n-a gcomhar sa chomhaireamh chéadna Dís dhathad bliain, bliain is aon deich Ó! sin an bhliain d'aois Chríost an laoi seo dhéanamh.
{B 1795ob 18D} SLÁN LE hÉIRE Mo shlán le dúthracht d'Éire 'S do Ghaedhil bhocht le gile ghrádha Mo shlán do dhútha dhéarcach Ghlan Dhéiseacha uile 'e ghnáth Mo shlán le Dún na méithbhreac Na séimhfhear 's na mbroingheal mbán Do thráchtadh liúmsa ar naomhthacht An Aenmhic sin dfhuiling páis. Mo shlán go dlúth do chléir mhilis Mhéinneach na ndlighthe is fearr Mo shlán do phrionnsa léigheanta Na féile do thuilleann barr: Go fáilteach fiúntach féastach Do ghléasadh dam culaith shámh 'S mo shlán thar triúch dá thréithe Go Paoracha an tsuilt le grádh. Bíodh táinte tiúin ar théadaibh Na caomhchruite i gcuideacht árd, Is dánta i ndúntaibh ghréinghuirt Na féinne le seinm bárd; Atáimse ag tnúth go tréanmhar Go mbéarfair leat sinn trít bhás It árus shúgach shéadach Go séanmhar a Mhic na ngrás.
Bíodh tásc is clú chaithréimeach Go héachtach againn 'n-ár gcáil 'S bíodh cráibhtheacht chúmhra réilteanach Phéarlach ionainn le fagháil In áit na mionn so scéidhmair 'S an saogal 'n-a stoirm pláigh Tug rátaí dubhacha is daorbhroid Is na géarghluis seo anois dbhur gcrádh. I gClár Luirc thúirling séala Dubh céasta na gcoinnealbháth Ag tnáth na dtrúp san taomach Tug éirleachaibh uilc 'n-a mbráigh; Go táir cé d'iompa' ar laochaibh Na méirligh le buile is gráin Ó! a Mháistir mhúirnigh réidhtigh-se An tréad so gan filleadh ar fán. Fáth mo chumhadh le tréimhse Na scéalta so agaibh 'n-a rás In áitreabh Mumhan gan géille Don chléir chirt ná cion le spás. Mo chás! sa chunntas déidhnach Ní shaorfar de leinbh Ádhamh Acht an beagán úd a ghlaodhfidh Mac Dé ghil ar dheis a lámh. Mo shlán go binn le Barrachaibh Is chois mara theas mar a mbíodh mo thrácht Mo shlán go croidhmhail carthannach Le cathair oinigh Laoi na mbád
Mo shlán don bhuidhin ler thaitneamhach Mo sheanchas ar Rígh na ngrás 'S gach lá dbhur saoighal go salmach Lem anam bocht-sa guidhidh i bpáirt. Mo sheascad glanbháb gheal ghrádhmhar ghnúislonnrach Ó bhaitheas go sáil gan snáithe clúda umpa Acht carnfhuilt bhláth go fáinneach fionnbhúclach Tabhair le báidh go brách dom chlúmhailphrionnsa. {B 1782 18D} AISÉIRIGHE AN BHRÁTHAR Ó BHÁS GO BEATHA. Tá meanmna mheadhrach shadhor ar aingealaibh, Greidhin ar aspoil is ringce fada aca Óró mar a chas orainn Seón Ní taise é don mhaighdean bhraighidgheal, banaltra An deighmhic bheannuighthe, soillse ar lasadh aici, Óró mar a chas orainn Seón Na flaithis go léir is éachtach aiteasach Peadair 's a chléir ghlan ghléigeal gheanmnach Éigse an tseanchais thréithigh thaitneamhaigh 'S le Gaedhil is greanamhar géille ár n-eagailsigh Óró mar a chas orainn Seón.
Marthannacht milse ár maighre Magdalen Seinnfe canticles linn go carthannach Óró mar a chas orainn Seón Flatha na foidne Feidhlim Feanchain Roinnfid ranna suilt oighreacht eagnach Óró mar a chas orainn Seón Is saltarach séadach téada Pharrathais Salmach séanmhar naomhtha ag cantaireacht Tá féile chaithiseach thréan 'n-ár ngasra 'S le héacht trím eachtra me im scléipire eatortha Óró mar a chas orainn Seón. Le clannaibh an chladhaire, gaill na Breataine, Is greim guirt greadaithe an boidhte chailleadar Óró mar a chas orainn Seón Na dallaibh sin deighilte millte ar mearathal Is neamhbhinn leó an t-atharrach grinn seo dh'aithris Óró mar a chas orainn Seón Ní mar sin don tréad nár thréig an tAifreann 'S a leanas go réilteach réir na n-aitheanta Dá aodhaireacht gheanamhail glaodhaid an Leanbh san N-a chéasadh cheannuigh sinn is buidheachas feasta Leis Óró mar a chas orainn Seón. I gceallaibh na creidhle i mbaill na Banba d'adhain go carthannach teinte ar lasadh aca Óró mar a chas orainn Seón Nár 'udh fada go bhfaghamna leigheas dá maireann Den chlainn sin Chailbhin ná raghadh fén tearman Óró in ar chas orainn Seón.
Ní searbh mo scéal le gréintsliocht ghaisceamhail Rabairneach réxach éideach Alban 'S gach phoénix d'eascair de phréimh chirt Chaisil Nár shéan ar rachmus an spré seo againn-na Óró mar a chas orainn Seón. Is danaid do spreill an fhill ler spalpadh, Mo threighid, na leabhair ler thuill bheith damanta Óró mara gcasaidh le Seón An teannaire taidhbhseach cradhrach ceannfhionn Gach Aoine stracas an tsaill ler mealladh é, Óró mara gcasaidh le Seón A mhangaire mhéirligh bhréin do mhalartuigh Tabharthas Dé ar an saogal mallaithe Gan bhréagnach bainfar, 'n-a chaorthainn, cnagarnach Tréan as baitheas do phéarla a smalaire Óró mara gcasair le Seón. A chlannaibh sin is cailleamhnach 's is bréine ag siubhal Mo cheasna thug le hAifreann Mhic Dé bhur gcúl Mara gcasa sibh go fearamhail is baoghlach liúm Go lasfar libhse lasracha ag péistibh dubha. Ná fanaigí go tarcuisneach le téarma thabhairt Fé eascaine na bhflaitheasaibh tar éis a ndubhart Bladruighidh an Leanbh san go naomhtha ar dtúis Do cheannuigh sinn go peannaideach is réidhfe bhur gcúis.
Dá mhaslathacht dá bhascathacht bhur mbréithre búird Dá dhamantacht dá mhallaitheacht bhur bpléidh le húird Dá chalcathacht in bhur gcraidhtheacha craos is drúis Má thagann sibh le haithreachus, sin saor bhur gcúis. Ná measaigí gur aithreachus beag baoth adubhart Acht aithreachus tar aithreachus an tsaoghail i gcúirt Aithreachus an fhaid mhairfe sibhse ag déanamh cumhadh A ghealfas mar an sneachta san bhur ndaolaibh dubha. {B 1795ob 18D} COMHAIRLE THAIDHG DO NA CRÍOSTAIDHTHIBH. Diúltuighmíd diúltuighmíd diúltuighmíd do Shátan Diúltuighmíd do dhubhshaighdaibh, do chrúib chlaoinmhar an chneádhaire Diúltuighmíd do shúistíbh uilc 's do sciúirsíbh nimhe ár námhad Le dlúthdhíograis do ghnúis naoimhtha chúmhra Íosa ár máistir. Umhluighmíd umhluighmíd umhluighmíd don Árdmhac Umhluighmíd go humhal aoibhinn le humhlaidheacht dá mháthair Dúbluighmíd chúig mhíle tiúin bhinn le grádh dhi 'S iompuighmíd go humhalchroidheach ar ghiúistís na ngrás ngeal.
Cúmhruighmíd lonnruighmíd a phrionnsa Íosa it láthair Go búch bríoghmhar subhach soillseach ár gclúghníomhra ár gcáile; Stiúruigheam go húiríseal ciúin croidhmhail cráibhtheach Ár ndúin chríona le cumha naoimhtha, 's i gcúirt Chríost beam páirteach. DUAIN. A pheaca na drúise, a chú dhubh chraosach Gnáthfuath eagnach m'anma go léir dhuit Gráin mo chroidhe choidhche ort a phéist nimh Le dianghrádh d'Íosa Críost do shaor sinn. Ca liacht ímpire ríoghdha réilteach Is prionnsa cogaidh chosnamh go héachtach, Diúic mear meacanta, seabhac is Céasar Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat. Ca liacht caithbhile calma i spéirlinn Is iarla órdha ba leóghanta i laochas Tiarna tíre is taoiseach tréanmhar Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.
Ca liacht bíocan fíontach féastach Is barún comhachtach srólach séadach Ridire ringceach croidhmhail craobhach Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat. Ca liacht lannaire laideanta léirghlic Captaoin ceannusach maiseach is major Giúistís gairmthe is faraire faobhrach Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat. Ca liacht siollaire sultmhar is spéirbhean Crathúrlach ghlasshúileach ghléigeal Stuaire stáit is báb bheag scléipeach Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat. Ca liacht broingheal do sheinneadh ar théadaibh Puirt is tiúin go súgach tréitheach 'S an Bíobla go líomhtha do léigheadh Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat. Ca liacht maighre mheadhrach mhaordha Óigbhean chúmtha is cúilfhionn néata Ar mbíodh cúl cas búclach dréimreach Dfhuaduighis 'n-a sluagh chíordhubh daor leat.
Ca liacht cathair gheal rachmusach réxach Do loiscis do leagais mar chathair na Trae thoir Sompla an chathair sin Sodom le sméide Dóighte ag aingealaibh beannuighthe an Aenmhic. Sompla Hannraoi i gcamthaí chaochais Is Mac Murchadha Laighean it mhaidhm do thraochais De bhinb do bhailigh 'n-ár mbailte lucht Béarla In oileán fódghlas Fódla Féinne. Sompla solusmhar Solamh na céille Is Dáibhí do sclábhuidheacht tug géille A ghlotaire shalaigh do tharraing 'n-a sléibhte An díle ar an domhan bhronntach bhraonach. d'á n-áirmhinnse ar básuigheadh, gan bhréag dham, Ón rí go rámhainn le pláigh na péiste Budh scannradh scíosmhar sceimhle an scéal san Do chur choidhche i gcrích 's i gcéill díbh. A pheaca an mhunabair, a mhursaire, a mhéirligh, A mhallathóir mhilltigh an fhill 's an éirligh A chonablaigh choimhthigh síos do shéidis I bhfuirnéis phiantach na ndiabhal dá gcéasadh. Mórchuid mílte de dhaoine an tsaogail Óg is críona trí n-a chéile An tan shlogair do shladair go damanta i ndaorbhroid Ar sodar 'n-a saithe leat treascartha an tréad san.
Is ní shásuigheann a ndeárnuighis de léirscrios Orainn let chrúca a chrúnca an éithigh Tu fós gan fille ar an gcuirptheacht chéadna Is gach am ár ar chlann Ádhaimh do dhéanamh. A pheaca na meann tug glam ag Gaedhlaibh Go scannalach scallta fallsa 'n-a mbéalaibh Do chealg do chiorrbhuigh an chine bhocht dhaonna 'N-a ndreamaibh dá ndinge go hifreann daor leat. A theangacha thiubaisteach churaiceach chréimeach Fearta na croise gan scrupal do spréachas Flaitheas na naoimh soillseach mo léan guirt Is do spalpas gan suim Íosa go héasca. Do bhronnas do chloigeann 's do chroiceann 'n-a stéigibh T'aibíd chuirp, t'easnaícha it t'éadan Do cholann go cíocrach do chroidhe is do phéarla I seilbh na ndiabhal ndiachrach dá léasadh. Tuille det ghníomhra Críost 's a chréachta Banaltra an Uain uasail éachtaigh Is an tAifreann gan amhrus in éanchor Do mhasluighis let mhailís in éinfheacht. Ca liacht bolltaí is slabhraí is géarghlais Go searbh 'n-a shíorchuibhreach i ngéibheann Ar an ndream san 'n-a splangcacha bréan Do stracais do stroillis go hifreann daor leat.
DUAIN CHROIDHE ÍOSA. Gile mo chroidhe do chroidhe-sa a Shlánathóir, Is ciste mo chroidhe do chroidhe-se dfhagháil im chóir; Ó's follus gur líon do chroidhe dhom ghrádh-sa, a stór, I gcochall mo chroidhe do chroidhe-se fág i gcomhad. Ar fhuilingis trínn-na a Rí ghil árd na gcomhacht Ní thigeann im smaointe a shuidheamh ná a thrácht i gcóir, 'S gur le goraghoin nimhe do chroidhe 's do chneádha-sa, a stór, So bhrostuigh na mílte saoi go sámh a gcróinn. A Athair 's a Íosa dhíon let bhás me beó 'S do dhealbh mo ghnaoi gan chríochna ceárd it chló Nach danardha an gníomh, a Chríost, nár ghrádhas-sa fós Acht gach uile nidh 'n-a mbíodh do ghráin don tsórt? Ar shealbhuigh Maois det dhlighe-se i bpáirt an tslóigh Do b'annamh mo chroidhe-se síoch ná sásta leó Acht faladh agus fraoichnimh craois ag cárnadh stór Le heasmailt gach n-aoin is na mílte cáin ba mhó. Le hatuirse chnaoidhte ag suidheamh a ndearna geóbhad Taisteal gach tíre i gcríochaibh Fháilbhe is Eoghain Ag aithris mo ghníomhra 's ag caoidh le gártha bróin Is ag screadadh go scíosmhar tríd ag tál na ndeór.
An uair chasfadsa arís let ghuidhe-se a bhláth na nÓrd Fé thearman Chríost is díon a ghrásta 'om chomhad Beidh garbhchnuic fhraoigh na líog do chrádhadh me romham 'N-a machairí míne síoda is 'n-a mbánta sróill. Ar fán cé bhís-se a Rí ghil naomhtha ó Neamh Go cráidhte thrínn-na i slighe nach léir a mheas, Do ghrádh-sa a Chríost níor mhaoidhis gur réab an tsleagh Arus dín it chroidhe don tsaoghal ar fad. COMHAIRLE THAIDHG DÁ CHÁIRDE GRÁDHACH. Mo theagasc i dtráth glacaidh le grádh A ghasra bhán bhéasach 'S ná fanaidh ar fán fada fé ghráin Acht casaidh go sámh séadach Ar leanbh na ngrás mo pheannaid sa Pháis Do cheannuigh go lándaor sinn Ó bhaitheas go trácht in allus a chneádha Is fuil bheannuighthe bhreagh a naomhchuirp. Ná bainidh le gáir tharcuisneach tháir Anacrach áir éirligh Do thabhairt go brách dár nEaglais ghrádhach - Níl taitneamh i dtásc méirligh.
Mo cheasna 's mo chás do threascair an bás Flatha agus fás na Féinne, Samson is Áiax, na fathaigh 's a rás, 'S níor sheasaidh acht spás na Caesair. Seo an t-adhbhar an fáth mo dheacair atá Le fearg an Áirdmhic naomhtha Fearthainn gach lá ina gceathannaibh plágha Ar Bhanba bháitheach bhréagach Ár mallaitheacht ghnáth do tharraing dár dtnáth An smalaraic smáil seo ar Éire 'S a dhalta na bhfáidh glac feasta de láimh Go carthannach grádhach na Gaedhil bhoicht. Lasfa gach áit, cathracha is stáit 'S beidh na flaithis go tláth ar tréanchrith An fhairrge ar lár in anaithe, is árd - Chathanna cáithte caora; Na scamaill thar barr ag caismirt 's ag crádh Is cargail áir ag spéartha Ar ghairm chloinne Ádhamh go Iosaphet lá Chum beatha na mbrághtha d'éisteacht. A mhic cheangal na mbán a mhic cheannfhionn Sheáin Is leathanmhic Mhártain chraosaigh Galla-choin chádhach go neartmhar neamhspleadhach Do stracadh dho stáitse an tsaogail;
Namhaid gan fábhar ar faithche ina dtáin Do thachtas le cnáibchoir céadta 'S trít bhanaltra, a mháistir na n-aingeal, beir slán leat Na treabha so Oileán na naomh ngeal. Is eaglach liomsa ruille ruathair nimhe Do lasadh 'n-a luisne ghonta ag sluaighte an ríogh I bhfearannaibh Luirc idir shliocht na huaisle bhí Ó! is go mbeidh treascairt ag tuirc ar chuirp na mbuachaillí.
{B 1747ob 18L} DO THADHG RÁBACH. A Thaidhg, a Charrathaigh charthannaigh chaoinchliaraigh Mheadhraigh, mharthannaigh mheanmnaigh bhinnbhriathraigh Le deighshearc taitnimh dot theastas a shaoi thriallas I bhfeighil do thaithighthe, a shagairt ghil shíbhialta. Faghaim ná braithtar a dadamh ort, bí it bhiadhtach Saill ar baillichrith beathuisce is fíon riaruigh In oighreacht Bharra ghil chathrach Laoi fiadfair Gan mhoill go cabharthach ceannusach suidhe it thiarna. Éist le Carolus caithmhileach cloidheamhsciathach Feidhmnirt feargach gaisceamhail gníomhghliadhthach Raghaidh i sealbh na bhfearann so bhí ar iasacht Tá an foidhne caithte againn glacfamna a chíos blianach. Roinnfe bailte na Banba is ríoghacht fialScuit Ar ghreidhntsliocht chalma chailce na nGaoidhal ngrianda Tuillfe flaitheas na Breataine, guidhim Dia leis 'S an Mhaighdean Bheannuighthe ag treascairt a naimhde iarraim.
Cois Aidhleann, Eatharla, Mainge agus Baoi an Iarla Foinnsean, Fleasca is gach abhainn in Inse Fhiacha Leighisfe an lannaire cealla na naoimh ndiadha Cé creimthe creachaithe tachtaithe i ndlighe ag diabhlaibh. I maidhm an mhachaire bainfid na trí tiartha Meadhg 'n-a cheathanna a clanna na gclaoinstriapach Beidh soillse salma Aifreann is buidhean riaghalta 'N-a shadhordlighe againn ar hallaibh gach críonspriata. Aibhne dhearbhpunch scaipidh go síorshiansach Saghdar Sasanach cartaidh a croidhe an chiarsa Gach cladhaire ceachartha cealgach craoismhianach Sin fagharta gramraisc mhallaithe an dlighe dhiachraigh. {B 1795ob 18D} DO NÓRA NÍ ÁINLE. Táid éigse agus úghdair go trúpach ag pléireacht Go súgach go scléipeach 's a ndréachta dá sníomh Ag an spéirchoinnil mhúinte de úrshliocht na hÉireann De phlúrchriostal Gaedhal agus réiltean na ríoghacht: Tá fionnlile ag pléireacht mar a ndúbluighid na héiclips Go clúdaithe ar Phoebus le haonghile gnaoi 'S gur 'n-a gnúis milis léightar do thúirling Cupid caomhghlic Ag múch 's ag milleadh ár laochra le tréinneart a shaighead.
Is dréimreach is búclach is fonnsach 's is faonlag Is glúineach is géagach 's is néata do figheadh A slaodfholt go cúrsach go lúbach go haerach, d'ionntuigh i gcaolchirt ar aonghlaine an fleece. Is clúmhail maise a héadain, mar dhrúcht maidne a claonrosc A com seang cailce caolchuirp mar scéimh eala ar tuinn 'S gur lúthmhar lasmhar craorac ag tnúth 's ag cath le haoldath Go dlúth 'n-a leacain mhaordha mar ghné an tsneachta a píob. An chraobh éachtmhar chúmhra 's an t-ubhall mhúirneach órdha Siúr gaoil na leógan ba chomhachtach i ndlighe Tar béithibh tréitheach ughdar 's an triúr cúilfhionn ómrach An chiúinbhroingheal mhódhmhrach is lóchrann an ghrinn Ní leór linn cruit ná téada ná glórtha suilt na n-éanla Seoch ceólta binne tréitheach a caolghuib gan phoimp 'S gur le n-a bánchrobh snoidhte néata gan cháim a chumas faolchoin Ar barr na tuinne ar daorbhrat tug léirscrios na Traoi. Dá n-amharcadh san Paris i mbreaghthacht ná i mbéasa Ní thráchtfadh ar Hélen tug léirscrios na Traoi Aicill agus Ájax, Iáson, Iaphétus Dfhágfidís na béithe 'n-a n-aonar seoch í; Níl sagart againn ionnraic ná easpog eaglais ughdar I gceap na bhflatha bhfiúntach nach sanntach a bhíd 'S is dalta bhaist na múses an ainnir chneasta chúmtha 'S níor pheaca an carbúncail do thabhairt ar an mnaoi.
'S deághthach 's is déarcach is naomhtha glan grádhmhar Is séimh 's is áthasach páirteach i ngníomh Péarla de thréanchuisle réxa na Spáinne 'S Phoebus na n-árdfhlatha Clár Luirc slógh bhfíon Plannda geal áluinn de sheantsliocht Uí Áinle 'S de leabharscoth na nGrádach mo stáidbhroingheal bhinn Dfhuil ghallda gacha prionnsa is gach diúic díobh dá dtáinig Ó Lonndain na n-áitreabh mar ghárda ar an righ. Isé an marcach fleadhach fáilteach is grádhmhar 's is féastach An rábaire léadmhar is léirmhire chím Athair geal na báibe do sháruigh an fhéile 'S a máthair dheighmhéinneach ba saordha 'n-a thigeas; Is flósach fáinneach séadmhar glórmhar grásach gléasta Cló agus cáil an naomhleinbh phréamhuigh ón ndís 'S gur spórtmhar sásta léimfinn le sróillfhear stáit ag réidhteach Do Nóra bláth na mbéithe 'san réim seo do ghuidhim. AR MAIDIN INDÉ DHAM. Ar maidin indé dham is déarach do bhíos-sa Go cathach im aonar ag déanamh mo smaointe Do dhearcas ag pléireacht go haerach im thimcheall An eala ba séimhe ba chlaene ba chaoine Do phreabas do ritheas do dhruideas 'n-a comhair Do mheasas do thuigeas nár mhisde dhom shórt A blaise go milis in imeall a beóil Le taithneamh le gile le finne na hóige Le maise le glaine le binne mo lóchrainn.
Ba ghleanamhar dréimireach néamharach fraínseach A charnfholt claona 'n-a slaodaibh ag síneadh Go bachallach péarlach go réilteach go soillseach Go camarsach craobhach go néamharach aoibhinn Ag feacadh 's ag filleadh 's ag sileadh 'n-a deóidh 'N-a mbeartaibh 'n-a sruithibh 'n-a muirear go feóir Go haltaibh go huile go frithir i gcomhad Go slamarach cumarach umarach órdha 'N-a sraithibh ag tuitim go himeallach ómrach. Do chaithfeadh a bhféadfadh ag réidhteach a buidhne Go banamhail saordha go maordha go míonla Go flaitheamhail déarcach go séadmhar go síodmhar Go rabairneach gaedhlach go féastach go fíontach Ar dhragaibh ar dhrongaibh ar chonamar leóghan Ar lannaibh ar longaibh ar iomarca slóigh Ar mharcaibh ar ghaisce ar churadh na ngleó Do chartadh gach sruimile cuirpthe cróndubh Do leagadh de thurraic in iomarca bróin sinn. Is eagnach éasca do léighfeadh an Bíobla Starthacha Chéitinn is tréithe na ndraoithe I Laidin i nGréigis i dtéxannaibh díodhachta Le seanchas tréanmhar na Trae thoir go líomhtha Go gasta go cliste go hoilte go leór Go snasta go snoidhte go sníomhtha go módhmhail Go halta go huille go frithir i gcómhad 'N-a gceachtanna sultmhara lonnardha snódhmhail Ag tagairt a tuirse ar uireasa nóchair.
Má's carraig i gcéill tu in éifeacht 's in inntleacht I bpearsain i mbréithribh it ghné 'gus it ghníomhra Aithris dam féin sin i réimeannaibh ríoghra A chara, an tu Hélen nó Déirdre Naoise? Do fhreagair an bhroingheal i ndlighthibh gan mhóid "Nach aithnidh duit mise anois buime na dtreón Do bascadh do milleadh do cuireadh tar fóir Le dalladh le daille le buile na gcóbach Do mhalartuigh mise le duine gan chomhgus?" Is gairid gur aontuigh an Phoenix ar innsint De labhartha géara 'n-a dhéidh sin do bhí againn Go blasta go béasach go néata go naoinda Gur bh'ainm di Éire bhocht, céile na Stíobhart Ag treascarnach bruscarnach tiubaisteach dreóil Dom ghearradh dom ithe dom chreime 's dom dheól Go dtagaidh im choinne le cumann mo stór Do leagfas do bhrisfas a ndlighthe 's a gcómhachta Do shealbhuigh ionad mo chloinne le fórsa. Má's cara duit Séarlas mac Shéamuis a ríoghain Is gairid go dtéarnfaidh thar tréanmhuir dot choimhdeacht Le gasra ghléirchatha Ghaedhlach dheaghghníomhach Ag sealbhadh it shléibhtibh it chaodhtaibh it choillte Ag treascairt gan tuisle le tuinsneacht na dtreón Ag teascadh na droinge dfhág sinn-na fá bhrón Go gcaithfid go gcluinfir le fuinneamh na slógh A gcathracha cumais tá tuilte de sheódaibh Do thabhairt ar choimirc do chumainn 's do choirónneach.
A RÍ NA NAOMH. A Rí na naomh nach claoidhte an scéal Me cnaoidhte i bpéin dom thuargain Le díograis cléibh don mhínchnis tséimh Do shín trí thaobh carbúnc liom; Mo scíos go héag gan sinn araon Cois taoibh Loch Léin na n-úrbharc Mar ar bh'aoibhinn saoghal dam síneadh léi 'S gur bhinn na héin dár ndúiseacht. Dlighthe Bhénus mhúinte Dhligh an chraobh 's an t-ubhall leat Ná díbir mé is cuir cuing ort féin Is cuimhin gur daor mo chúis ort; A bhaoin gheal éaluigh liúm-sa Fá choill na gcraobh ag súgradh, Mar a bhfillfam araon arís ón éag 'S ó shaighdaibh daora Chúipid. Mo léir mo dhíth me tréith im luighe, Gan faesiomh puinn le n'fhágháil dam, Le daershearc grinn gan bhréig don mhnaoi Do thraoch mo chroidhe le grádh dhí; A spéirbhean mhín ná déin so linn Acht saor arís ón mbás me Is réidh an tsaighead do shéidis cruinn Let ghaethe nimhe trém lár-sa; Is caol a braoithe breaghtha 'S a béal is mílse ráidhte N-a bhfuil caor is líth ag plé 'n-a gnaoi 'S í péarla an aoilchnis áluinn,
'S í gaol na dtaoiseach láidir Nár staon dá naimhde i mbeárnain, Fuair réim is dlighe i ngach taobh den tsaoighal 'S ní tréason puinn dam trácht ort. A stóir mo chléibh go deó ná tréig me Is póg mo phléireacht fáilteach, 'S go bpósfinn féin tu, a phósaí an tséin Gan feóirling spré leat d'áireamh; A ghile na Mumhan a bhroingheal dheas fhionn Is deimhin gur plúrscoth Deá thu 'S gur mise do scríobhfadh tuilleadh dhet gníomhra I bhfriotalaibh grinn tar mnáibh duit. Is duine bheadh bliain i bhfiabhrus áir Ná rithfeadh it dhiaidh le dianshearc grádha, Do chúilín dualach cuachach bán, A mhilisbhean chiúin is gluise ar bith súil Mo chumann go dlúth thu a rúin thar mnáibh Do bhéilín craorac béasach bláth Do chom mín sneachtaidh do leabhairphíp eala 'S gur i mbrannda bhlaisfinn bhur sláinte. AN FÁNUIDHE. Tógaidh go tréitheach go héachtach go haoibhinn Go haerach go hintinneach áluinn Go spórtach go scléipeach go séanmhar go soillseach Go déarcach go daoinnachtach deághthach
Bhur seólta 's bhur smaointe go ceólmhar i nglinntibh, Bhur gceólta is bhur gcroidhe istigh gan cháirde, 'S le mórchumann cléibh dhó níl éanainm díbh air Acht taoscaidh liom timcheall a shláinte. A chlóchlainne chaomhnachuis séidigí seinnigí In éinfheacht i gcuibhreann, is tráighfeam Beóir gheal 'n-a tréantuile is daorphunch 'n-a thaoide 'S an saoghal uile dfhíontaibh na Spáinne; Beidh tóirneacha teinte go cóirithe ag craoisigh 'S an Eóraip 'n-a caoir dhearg gháirdis, 'S le mórchumann cléibh dhó níl éanainm díbh air Acht taoscaidh liom timcheall a shláinte. Leónuigí léanuigí léasuigí cíoruigí Céasuigí claoidhgí bhur náimhde, - Cóbaigh an éithigh, an éirligh, an aimhlis, - Ar réal gheal do dhíolfadh mo ghrádh-sa; Gach sróllbhile díreach i gcomhdaibh na saoithe Níl tóbacht ann acht taoisigh cé tráchtaim, Róstuigí an sméirle mar stéig ar an ngríosaigh Ná taoscfadh liom timcheall a shláinte. Fórsa na féinne is an bhéibhionn 'n-a himpreacht, A mbéimeanna gníomh cnuic is áthus; Cródhacht na Suédes uile is béimeanna Laoisigh Ár laochra is ár saoithe ní fearrde. Beidh slóighte Shilísia go cóirithe cuibhrithe, A coróinn is a críocha ag Máire, Agus tórramh ná téarnamh a bpréimhe ní mhaoidhfead Acht méinn agus muinteardhus mánla.
Is beólbhinne béithe agus éanla dá ínsin Dá chéile go bhfillfe mo ráib gheal, Is méara Orphéus ar théadaibh na gcaoinchruit Ag déanamh gach fuinn mhilis d'áireamh Go mbiadh an ógbhroingheal mhíonla bhog lóchrannach líonmhar Do thóg righthe is naoimh ar a bánlacht Ag nóchar ceart péarlach ag pléireacht 's ag luighe leis Gan éinchead do chríonbhruscar Shátain. Is leómhanta léadmhach is réilteach is ringceach In éinfheacht go fírinneach fáiscfid Na deóraidhthe craosacha claonmhara coímhtheach - Méithbhroca millteacha Mhártain - As cómhursantacht choidhche i bhfódaibh mhic Míleadh, 'S mo stór-sa 'n-a n-aoilbhrogaibh ársa, 'S ní leómhthaidh na héigse bheith céim ní bhus ísle 'Na méara na míntslaite báine. A chuideachta chraobhach bhéasach mhúinte bhinn Do thuigeann go tréitheach réilteach rún mo chroidhe, Ó thuiteas i ndaorbhroid déarach dúbhach dá dhruim Go mbristar an béal ná déanfa a dhiúgadh linn.
{B 1745 18L} CÚRSA NA CLÉIRE. Cúrsa na cléire agus ciúine na héigse Do dhúbail 'n-a thonntacha lionndubh im lár Is dubhach liom ná géimid na hughdair go héachtach Ag dúiseacht 's ag múscailt an phrionnsa so ar fán Clumhailchuradh chongcais mar úr-Oscar lá Fionnbhile fiúntach a mhúchfas a námhaid Tá congnadh aige chúcha anois, sciúirse na ngrás A bhrúghfas an brúscar san Liútair is Sheáin 'S iar dtúrnamh na mbúrach is súgach a shéidfam Le fonn insna spéartha na céadta hussá. A chúigí inis Éibhir, sin chughaibh uile an Caesar Go trúpach go trúncach go trúmpach ag trácht Stiúir chirt na nGaedhla a spiúnfas na héiclips 'S an smúit sin do thúirling ar thriúchaibh an Chláir Plúr righthe lonnracha Lúndain is Fáil Ciúilchriostal dúthchais de chrúscoith na ndámh An chomplacht san d'iompuigh a gcúl le Whitehall Dfhúig sinn i ndúrdhaille is giúdaigh dár mbádh Tá mo thnúth-sa le húrMhac na nDúla go dtraochfaidh Gach crúnca den chlaonchumann Bhéarla go brách. Ó shiubhluigh na scéalta go dútha na naomha Scrúdfam casphonnca na múses go sámh Is lúbach is léadmhach is lúthmhar is léimreach 'S is fiúireanta i bhfúntar an phúdair ár dtásc
Tiúnfar linn smúsach suilt smúinte na bhfáidh Crúdhfam gach crúsca oinigh liúghfam go hárd Tiubharfam an tsúil ar ár ndúnta, ár stáit Múinfid 'n-a dtriúbhsa an drong-sa dár gcrádh Diúgfam go dúlaithe dúthrachtach daorphunch Le dlúthshearc do Shéarlas ar dhéanamh an áir. {B 1795ob 18D} SLÁN LE hÉIRE. Mo shlán leatsa, a Éire, mo shlán let chléir ghlan Mo shlán le Gaedhil bhocht cé tinn atáid Mo shlán let shéimhfhir 's let rába scléipeach Ba dheághthach taobh liom ag roinnt na gcárt Mo shlán let bhéithe is let bhába maordha Bhíodh ag práisc 's ag pléireacht go binn im páirt Mo shlán le héinne do ghrádhfadh Gaedhla Cé fágadh daor me dá ndruim chum báis. Ní raibh de chúis age sna giúdaigh Chum mise a dhúbailt i gcuibhreach áir Acht a rádh go ndiúgfainn ar clár go súgach Sláinte an phrionnsa is an ríogh seo ar fán Dá gcaillinn an tsúil leis budh dheacair a dhiúltadh Gan a bhlaise le dúthracht i bhfíon ón Spáinn 'S dá bhfaicinn na búir seo lag marbh i gcumhgrach Dar mo bhasa budh liúmsa budh bhinn an lá. Mo shlán go Barracha cois Bríde cailce amuigh Mar a mbíodh gasra gheal ghrinn ar clár Mo shlán dá dheascaibh sin le fáidhe seanchais Cois trágha agus mara theas mar a mbíodh mo thrácht
Mo shlán is dathad-sa go brách don Mhainistir Mar a mbínn seachtmhaine im shuidhe go sámh Mo shlán gan mearathal dom cháirde ar dhanaid me Cé tláth sa chathair me 'om chlaoidhe idir námhaid. Is iomdha cúilfhionn mhaordha mhúinte Ainnir chúmtha agus maighre mná Buachaill súilghlas is cailín súgach Marcach lúthmhar is oighre estáit Ó Chaiseal Mumhan go Cóf na n-úrbharc Gur brónach dubhach leó súd brígh mo chás Is dá mbeirinn ar thúirling arís dom dhútha Go n-ólfainn crúsca geal dighe 'n-a bpáirt. CÉ DEALBH DUBHACH Cé dealbh dubhach mo scéimhchruth Ag taisteal triúch im aonar Gur theagmhuigh dúinn i bhfearann Mumhan Is Chaisil úrghluis éachtaigh Carabúncail neartmhar ionnraic Fleadhach fiúntach féastach Maiseach múirneach leabhair lúbach Lasmhar lonnmhar léigheanta;
Taca tionnscnach éadtrom Tapa túrnach tréanmhar Seasmhach súgach treasach trúpach Frasach fúigtheach faobhrach. Mo chreach mo chumha mo léirghoin Mo chnead mo phúdhair mo léirscrios Mo bhrat mo stiúir mo chairt mo chúirt Mo bharc mo long mo réiltean - Ná tagann liúm a theastas súd A bhearta a chlú 's a thréithe A ghradam úr a cheannas subhach A ghaisce a lúth 's a laochas A chanascrúdadh as Gaedhilg Le heagna ughdar éigse 'N-a gcrannaibh ciúin, 'n-a rannaibh rúin I mbailtibh Lugha agus Laoghaire. Ní mhaireann diúic i réim chirt Ná flaith i gcúige an tsaogail Is cailce com 's is fearra fonn 'Ná cara chrú na Saesar D'eascair chughainn go fairsing fionn Mar Aicill úr na mbéimeann Nó i ndreach an phrionnsa gheal do thionnscain Catha tiugha na Trae thoir Do threascair plúr na nGréagach De dheasca gnúise Hélen Nó an gas do dhúbail clanna Niúil Tá seal i bhfonn na hÉireann.
Ba taca dúinn-na an phoenix Ar screadadh i gcumhgrach baog
ail Dár gcabhair úr ar ghlasaibh dubha Na ngallabhúr do thraoch sinn; Aitchim súd ar Athair úd Na bhflaitheas n-úirneach naomhtha Rachmas chughat 'na cheathaibh úird Isteach it dhún go séadmhar A shleas 's a chnú na héigse A scairt 's a lúb na cléire De dhair na dtriúch de threabh an rúta Ó Sheanachúirt na nDéise. Is snasta sonntach saonta Searcach súgrach saordha Caithteach congantach lannach lionntach Dragan drong na stéid-each Gach maidean drúchta a gleanna a dhúthchais Ag leanadh tiúin na bhfaolchon Ar phreab chum siubhail go pras le fonn Don seannach siúng ar saothar - Mac na n-ughdar léigheanta Do cheap ar dtúis an fhéile, Dalta Chúipid, searc na múses, Taitneamh dlúth na héigse. Thug Mars a chloidheamh 's a réim do Bacchus fíonta craorac Barra gníomhra startha is inntleacht Gean is gnaoi ó Bhénus
Thug Neptune mílte chlanna Mílidh, Barc ar taoide ag pléireacht Do neach dá shinnsear aibidh íogair Ghasta líomhtha léirghlic Sheasaimh díreach taobh le Sleachta Chuinn is Néill ghil I ngearradh an líne leag mo shinnsear, Scata shíolrach Éibhir. Ba chrathach cúmhra craobhach Clasach cúrsach claonmhar Fleascach fonnsach cladach cúplach Bradach búclach péarlach 'N-a shraith go bonn a dlath ar lúth Gur shlad a lonnradh ó Phoebus Le greantacht cúil an eala chiúin Do theagmhuigh chughat mar chéile Go maiseach múinte maordha I gcarthainn iomchar aordha Do bhain an t-ubhall le ceart den dtriúr Do mhairbh dubhach na céadta. Is ómrach saoirdha sámhdha Cródha fíochmhar fáthghlic Sróllmhar síodmhar spórtach buidhnmhar Ólmhar aoibhinn áluinn Flós na Muimhneach lóchrann soillseach Modhmhar suidhte ar chláir ghil Ba chródha gníomh i gcoróinn na gcríoch 'S i gcómhrac ríogh ná stánfadh;
Do stróicfeadh cinn dá námhaid Le fórsa nimhe mar Pháris Nó an treón mar Mhíleadh Domhnall taoibh le Seóirse croidhe na páirte. Go deó má thíghim go hÁrdach Le heólus grinn is gáirdis Budh dhóigh go scríobhfinn cómhaid dhlighe Do phórfhuil ghroidhe mo rábach, Domhnall caoin mo leómhan groidhe Ó bhórd na Daoile thráchtaim Do phós le díograis mhórdha is fíor Go deó gan scaoile an stáidbhean; Cé óg i ngaois do thárla A stóir ghil bí go sásta 'S má seóltar choidhche i gcomhar na dighe sinn Ólfimíd bhur sláinte. NOCHTfadsa, A SHAGAIRT, DUIT. Nochtfadsa, a shagairt, duit m'aigne díreach grádhach Le hiliomad carrbhais neartmhair ó scaoileadh tráth Luisne na lasrach malluighthe, rinn mo chrádh, Trí mhothall mo bhaithis gur bh'aithis gan díoghal 'n-a háit. I gcuideacht an easpuig ghil Breatnach do ghuidhinnse tráth 'S i gcuideachtain chneasta gach eagailsigh is naoimhtha cáil Ba chuideachta charaidchirt sagart is saoithe sámh 'S dom chulaith 'n-a n-aice níor bh'eaglach teinte an áir.
Do cuireadh ár gcabhair nuair chailleamair taoisigh Fáil Do bhronnadh na fearainn go fairsing mar chíos don dáimh Is deimhin go mb'fhearra liom treascartha an rí seo ar fagháil 'Ná fuithin mo phlaite dom easbha 's mo mhaoil 'n-a ghábha. Ag Muire na bhflaitheas 's ag Athair na soillse n-árd Ag dlighthe na n-aspol 's ag ainglaibh Chríost atá fhios Liomsa gur bhaineadar sagairt nár bh'íseal cáil A thugadh don dealbhach garbh-each líomhtha ar láimh. Mo thuirse mo dheacair nár fhanas i gcuibhreann Sheáin In oinighbhrog chailce 'n-a gcleachtainnse díogadh cárt Mo chluthairbhuig chamarsach bhachallach bhíseach bhláth Dem mhullach ní chaithfeadh an fleascach i ngríosach smáil. Scuirfeadsa feasta agus stadfad de chaoine ghnáth Tá siollaire is faraire marcaigh mear aoibhinn áidh De chriostal na nGearaltach rabairneach ringceach stáid A chruthfidh go tapa dham malairt is míle fearr. A Phádraig na páirte 's a chíonádh an tsluaigh A rábaire an áthais 's a chraoibh cháidh shuairc Níl fagháltas le fagháil uirthi acht í a lámhach uaim Fé ghrágallach gháibhtheach na bpréachán tuas.
DO SHEÁN Ó CEALLAIGH. Tabhair i láimh Sheáin ghil Uí Cheallaigh chaoin chaeimh Seascad de bhánbhábaibh is geanmnaighe scéimh Gan faic ar a mbláth-mhánla-chrot chas-dlaoi chraobh Ag cabhair 's ag gárdadh áilne an lannaire fhíorlaeich. Dragan na bhfáidh bhfáilteach is calmaí céim Seabhac na gcáidh gcráibhtheach is ceannasaighe réim Dalta na ndámh ndeárscnach is marthanaighe méinn Acmhuinn na n-árd n-ársa 's na n-eagnaidheach léighinn. Ní stadfinn den ráith rábach le rabairní an tsaoghail Ag cnagadh na gclár gcártach i dtabhairní Gaedhal Go mbascfinn go brách bearnach is basa ríogh an bhaoghail Dá bpreabadh im pháirt Seágan na bhfaraigí dréacht. A chriostail na sárthárbhach, a thaitneamhaigh chlúmhail A choinneal na ngáir ngrásach, a lannardhaigh chúil, A bhile na mbárd mbárcach i Laidin tig umhal Glac cumann ó stráic dheárcach nach aithnid tú. Ná dearmad Gríobhtha croidhmhail cailce cuachach Gaisceamhail gníomhach soillseach searcach suadhach Draganta díonmhar buidheanmhar beartach buacach Flathamhail fíontach loingseach lannach buadhach.
{B 1749 18L} AR BHÁS PHIARAIS MHIC BHAITÉAR PAOR, DHÚN GUAIRNE. I gcill na n-uasal uaibhreach aerach Cé leóinte i nglasaibh le sealad mo ghéaga Níor sladadh me gur amharcas go héignach Bantracht bruinnghil ag sile ar gach taobh díom. Do laguigh lúth mo ghlún le tréimhse Ba luaimneach mo luadhaill in uaigneas aonair Go ránga an fhuireann ba mhilise bréithre 'Ná cuacha ar chrannaibh an Ghleanna gan Éisteacht. Gártha caoidhe na rí-bhan réaltach Is loiscithe scólta dóighte déarach Do bhrostuigh i mbrón na heolaigh aosta 'S do dhúbail doilbheas dorcha ar éigsibh. An tan dhruideas in aice na mascalach maordha Do chritheas im ballaibh ó bhaitheas go caoltroigh Ba chathach mo chúrsa ag tnúth go léighfinn Fáth a gcumha agus cúis a ngéarghoil. Dfhiosras lá de bhláth na mbéithe Ceann banna na buidhne ón mBríd mboig mbraonaigh Cread an chreach do scaip a scéimhchruth Is dfhág a sluagh go buartha céasta.
Dfhreagair an tsidhbhean raoilteach shéanmhar - "Cá tuath cá talamh de rannaibh an tsaoghail duit Nur gabhadh leat chugham a fhir ghrionnmhair Ghaedhlaigh An tráth ná tuigir mo dhuille is mo dhaorbhroid?" "Suidh im fhochair a chogair mo chléibh ghil Go n-innsead m'easnamh is m'easbha go léir duit; Ó do chailleas leógan lóchrach léadmhach I gcathaibh ba chruadha ná Oscar na Féinne. Crobhaire cosantach cobharthach céimeach Bronntach brolla-gheal oirdhreic éachtach Cródha calma ceannusach tréitheach Cumasach dána i mbearnain baogail. Gaiscidheach i ngleacaidheacht ná staonfadh Ar nochtadh na gcloidheamh go fíochmhar faobhrach Dragan deághthach tábhachtach tréanmhar Trúpach taitneamhach acmhuinneach éadtrom. Plannda de sheantsliocht Shéasair Buinneán de chineál na réxa; Bile buacach, guaire gléigeal Is seabhac i bpearsain mar Aicil na mbéimeann. Carabúncail fiúntach féastach Grianscaoith chriostallach coinneal na saorfhlaith Sciathán suilt áluinn na gcéadta Agus stór na heagailse beannuighthe naomhtha.
Triath i bhfortailleacht Shollamh na céille Stiúir lucht spóirt Ghuirt ómraigh Éibhir Saoi chneasta in inntleacht 's in éifeacht Fostadh na bhfann is ceann a réidhtigh. Cuisle gan chealg gan chleasa gan chlaonchor Ursa do b'áille cáil is séimhe Flaith is faraire, marcach gan aon locht Piaras prionnsa is plúr na bPaorach. Ba ghlas í a shúil mar dhrúcht an tséimhe Ba dhearg a bheól mar rós na ndéithe Ba chlárach clúmhail a úrla is 'éadan A shlinneán cailce 's a leabharchrobh ghléigeal. 'Bé chluinfeadh ar mhaoilinn aoibhinn aolbhaigh A phaca go binn 's an adharc dá séide Ba shuairc í a thiúin ar mhúscailt Phoébus Is Donnchadh Ruadh aige i gcuan a thraochta. Ní chuala riamh in iaithibh Éibhir Go ndearnaidh iomad ná iomarca ar éinne; Do thugadh urraim don urradh ba thréithe 'S do bhaineadh a cheart de neart na laoch nglic. An tIarla ón mBlárnain mbáin ba ghaol do Mac Donncha Ealla do ghallaibh ná géilleadh Mac Fínghín na bpíobaí thaoscadh 'S Mac Giolla Choda na gclogad ón Maol-lios.
Bráthair iadhta an Tiarna ón Léithchloich Marcshluagh Challainne Mhalla agus Mhéinge An diúic sin ó Lonndain thoir d'éaluigh Is diúic eile leagadh 'n-a sraithibh na méithphuic. Bráthair ionmhuin ridire an éide Ó Chill gheal Bollán na gcaisleán ngléigeal Tiarnaí an Mhóta, Bhóinne is Déasach, Is lonnrach foilceadh 'n-a bhfolanna an féinneach. Bráthair gaisceamhail Ghearaltaigh aosta An Bhúrcaigh, an Bhrúnaigh, an Léisigh, An Róistigh is Nóglaigh na n-éide Barraigh na Cúirte is crú Suipéalaigh. Seanchus fáidhe le fagháil i dtaobh de Gur scagadh a shinnsear soillseach séanda In árdfhuil Aoife na ngníomh nglic n-éachtach Is Lúbaigh meacanta na gcathrach a réabadh. Mo chiach a chlann sa channtlamh chéadna Gan fiadhach gan fonn gan dúil i bpléireacht Gan chóisir oinigh gan oideas gan téada Gan athair gan mháthair, cás is céasta. Mo lomascrios cráidhte Cáit go taomach Áine gheanmnach gheanamhail faonlag Máire mhiochair 's mo chumann geal Éamonn Ag caoine Phiarais, triath na féile.
M'osna gach neóin a nóchar dhéidhnach Ainnir an úirchnis dubhach 'n-a éaghmuis A cuacháin órdha 's a cló dá tréigean 'S a gnúis gheal gruadhfhliuch duairc gan chéile. Tá pobal na gCluanta i ngruaim 's i ngéibheann I gcumhangrach ceangailte creachtaithe créimeach Ó taisceadh an fhiann ar naímhde an éirligh 'S a gcrann bagair mar bheatha ag daolaibh. Míle seacht gcéad triochad is aon deich 'S an naoi mar thuilleadh le tuitim sa téarma Ó tháinig Críost mar scríobh gach naemhscript Go triall sa bhfeart do mhac Bhaitéir gheal. {B 1756-57 18L} DON ATHAIR LIAM INGLIS, O.S.A. A eagailsigh dhiadha chiallmhair chráibhthigh, A sheímhshaoi shoillsigh, a bhláth na nÓrd, A gheanmnaigh ghrianda, a dhiadhaire ghrásaigh I ndíodhacht naoimhtha Aoinmhic áird na gcomhacht Fearannghort Fíochna is fíor gur fearrde Do theagasc do riaghail do bhriathra a bhráthair 'Ná gaisce mo ghliadhaire, sa diabhar a shnáthad Mar chraoischloidheamh choímhtheach in ár na leoghan!
Atá Carolus sciathach, Dia dá ghárdadh, 'Na ríchaoir chuibhreach i mbeárnain ghleó A sheabhaic sa ghliadar ag triall chum tnáithte An Ímpriocht cruinn 's an Spáinn n-a gcomhar Ár bpeannaid ár bpian ár bhfiabhrus tráighfidh An treascairt seo ar chiabhlach chiarshliocht Shátain 'S na gallaphoic dhiabhalta is diacrach chráidh sinn 'N-a dtrínsíbh traoichta tláth gan treóir. Atá flatha 'n-a ndiaidh ag tiacht tar sáile I gcroidhe bhuidhean Laoisigh láidir mhóir Fearachoin diana stiallfas námhaid I gcrích Chuinn, Fhinn mhir, Fháilbhe is Eóghain. Atá dragan dfhuil iarla in iarthaibh Chláir Luirc An Carrathach cliar is Biacan Blárnan Gallisioniere is Tiarna an Chláir dhil 'N-a gcaoin-lín' Gaedhal fé bhánbhrat sróill. Cí fada lag Fiann gan fiadhbhruigh fáidhe I ndaoirshnaidhm claoidhte, báidhte i mbrón Gan ranna gan rian gan riaghail le ráidhtar Gan ríngcí ag ríghthe ná rábach spóirt Geallaim don bhfiansach siansach Seán dil Sealbh go mbiaidh ag Fianna an áithis - Go mbiaidh Banba Bhriain go fial fliuch fáilteach Is cíos cruinn dlíghte ag dáimh go deó. Is gairid go bhfiadfidh triaithibh áilne De phríomh chaoin Mhíleadh áitreabh fós Ag teascadh na bpiast le ciach go dtálfid Síor-ríoghacht Stíobhart sámh i gcoróinn
Ár meanmna bhlianta cian le háireamh Gach seamar dubh fiadhaile de thriabh na cránach I ngalar gan liaigh fé liagaibh sáithte Is taoidí fíonta ag dáimh ar bórd. I mBanba, i Manainn, in Albain éachtaigh mhóir I mbailte na Breataine i gcathair na gCaesar spóirt Budh mheanmnach m'aigne is m'aiteas ar ghlaech an leóghain Carolus calma cailce 'n-a réx i gcoróinn. {B 1795ob 18D} DO SHEÁN MAC GIOBÚIN GHARRÁN AN RIDIRE. Tá treón geal im chomhgar le sealad Is ceannusach cúirteach cáidh, Is spórtmhar 's is eólach 's is fleadhach 'S is flathamhail fiúntach tásc, Is fórsach a shlóighte 's is neartmhar Is tabharthach trúpach dfhás Is comhachtach is ceólmhar 's is cailce 'S is calma clúmhail cáil. Sróllbhile lóchrannach lannach Tá lannardha lonnrach lán, Cló chliste é phórshliocht na ngalach Ba rabairneach rúnmhar d'fhás:
Flós ceart na Fódla 's a flatha Ba scaipitheach súgach sámh, Rósluibh na seóide 's a seabhac 'S a faraire gnúisgheal grádhach. Tá mórdhacht gan mhórtus 'n-a phearsain 'S a bhearta dá scrúdadh ag dáimh, Tá beódhacht is cródhacht 'n-a ghlacaibh 'S a ghaisce mar chriú na mbárc; Tá órd árd is eólus 'n-a labhairt 'S a chanadh mar chrú na bhfáidh, Tá leóghantacht gan leónadh 'n-a theastus 'S a sheasamh mar phrionnsa stáit. Dar Eólaing, an Spreónamh dá dtagadh Ba taca mar Fionn mo ráib I gcomhlainn i gcomhrac i gcaismirt I gcaithibh 's i gcongcas áir; Do stróicfeadh gan chomhairle gan charaid Gan chabhair gan chongnadh acht Seán I ngleóchnuic in Eóraip na n-arm An namhaid ba lúthaighe lámh. Níl ógbhroingheal mhódhmhar i ngradam Ná ainnir i gcúige Fáil Nára nóchar a ndóithin mo dhragan I dtreasaibh nár túrnadh tláth; A chomhgus na gcomhgus do cailleadh I gcaithibh 's i dtriúch na Trágha, Comhgus na gcomhgus mo mharcach Den ghasra shiubhail tar sáil.
Níl ómrach eólach in acmhuinn 'Ná eagna ughdar fháidh d'inneósadh a ndóchus i rannaibh Ná carthannacht chúirte cháird Scópbhuinne spórtmhar a d'eascair De shleachtaibh na n-úrGharrán 'S 'n-a dheóidh sin i bhfódinis Chaisil Do scagadh as Brúnfhuil áird. Ó bhóchna na Bóinne go barra Árdraithin na rún don Ráith Le mórthuile beórach dá scaipe Go fairsing is púnch 'n-a pháirt Níor leór linn ár scórnach do scalladh Gan channa gan chrúsca ar chláir 'S go ndóghtar go drólainn an aicme Ná blaisfeadh go subhach a shláint'. {B 1754ob 18L} ADHMHOLADH MHÁIRE. Is méin leam aithris dem labharthaibh beóil Gur tréitheach carthannach meanmnach óg An péarla d'eascair dfhuil Chaisil na dtreón, Ba chalma cló agus cáile: Go Gaedhlach, flathamhail múinte fial An spéirbhean chneasta de phlúr na dtriath, Do laguigh gach faraire meanmnach óg, Le taitneamh go deó do Máire.
Is léigheanta gasta gan easbha mo stór: A béilín meala bog taitneamhach sceól: Tá an caor ar lasadh 'n-a leacain mar rós Agus sneachta go leór dá háitreabh. A slaodfholt camarsach lonnmhar fiar Ag téacht ó mhullach go drúcht 'n-a diaidh, Do laguigh na dragain fé scamalla bróin, Le taitneamh go deó do Mháire. Mo léan! mo lagar! mo nuar! mo bhrón! Mé tréith lag caithte gan suairceas ceóil, Le géirghean ghlacas 's mé im bhuachaill óg Don stuaire chródha ghrádhmhar, A réiltean freagair go humhal mo riaghail, Agus réidh go tapaidh ar dtúis mo phian Nó caithfar mo threascairt i nglasaibh fén bhfód Le taitneamh go deo do Mháire. {U 0215} Cé séimh do labhartha, a shuaidhfhir ghrinn, I mbréithribh blasta go suairc dá mhaoidheamh Tá péarla againn-na bhuaidh ngnaoi Ar bhroingheala chríche Fáilbhe.
Is méin leam aithris dom dhuais gan mhoill, Gur léir dam ainnir sa tuaith 'n-a mbím, Spéirbhean chailce rug barra i ngach céim, 'S gur dleaghthach an chraobh di ó Mháire. {U 0218} Níor nár liom dragain a thabhairt lem bhaoin, 'S nár fhás a samhail fá fhlaitheas na naoimh, I gcáil i maitheas i bpearsain 's i ngnaoi, 'S a hainm dfhúig Críost dá gárdadh, I gcás na Craoibhe ní mhaoidhim go brách, Ná an bhláth 'n-a luing tar tuínn tug Jás. Acht carabúncail theagmhaidh liom An eala mhúinte bhanamhail Rug barra clú ó Ádhaimhshliocht. {U 0215} A éigse stadaidh dbhur labhartha baois, Agus léigidh fairsing bhur mbrata le gaoith, Chum go léighthar ainm na hainnire mhaoidhim I dtosach gach líne táithte. Is méin liom aithris, agus admhaim fíor Ó aer go talamh 's go flaitheas dá aoird Do réir a samhail a pearsan 's a cló Ar an dtalamh so beó níor fhás ann. {U 0218} Ba bhaoth ba mheathta ba leathta ba chríon Mo mhéin mo bhearta mo thaca mo ghníomh Dá léigfinn leatsa an barra nár chuíbhe Ó bhanaltran ghrinn an Áirdmhic: Is gur bh'é le n-a fheartaibh as dadamh do rinn Aer talamh flaitheas is Neamh na naoimh, Dá réir sin measaim gurab fairsing a chomhachta 'S gur bheannuigh sé rómpa Máire.
{U 0215} A shaoi ghlain na dtaoiseach ná daor-se me 'S gur dfhíorfhuil na laoich mé nár bhaoghal a ngoimh: Do shaoileas dá dtighead liom go ndéanfainn coir Sa tír seo gur dhíon dam tar éinne thu. {U 0218} A phríomh ghlain dfhuil ríghthe is a éigeas suilt, Is líomhtha 's is díonmhar 's is déanta cruth, Má ghníonn tusa stríocadh agus géilleadh dham, Díonfad dar Míde go n-éagfad tu. {U 0215} A uain mo chléibh do léigheas go minic i gcóir, Duan na gCaesar dtréan is cumas na dtreón, Is muar an léan liom téacht it choinne le spróin Anois uair an bhaoghail, acht staonfa mise as an ngleó. A shuair
fhir aeraigh léigheanta chumasaigh óig, Is uaisle béasa, is tréithe sultmhar gan mhóid Bualadh tréan má's é do thuillir do gheóbhair, Nó suaimhneas séimh is bréithre milis go leór.
{B 1758 18L} {U 0218} DO DHOMHNALL SPÁINNEACH. Is ait linn na haistí seo ag Eóghanaibh Do scaipfidhear i bhFódla na bhFionn - Gur phreab taoiseach treas-tigheasach treónach Go raithríoghdhach órghlic 'n-a chúirt: Mars cloidhmhach caithmhíleach comhachtach Do haithrigheadh go hómrach úr, Sail dhíreach fhada aoibhinn órdha An flaith soillseach lóchrannach clúmhail. Bailighidh a threabh chaoimhnach fhórsach Tá teacht saoi na hEóraipe chughainn, - Sean-Ghaoidhal de chailcphríomh na coróinneach 'S dair líonmhar chródha na dtrúp, Gaiscidheach na ngaiscidheach mo leóghan, Brat dín na cóige is na n-úrd Gas groidhe na n-each ringceach ródach - Is ceap laoich an sróllmharcach súbhach. Tá sneachtaí 'n-a cheathaibh ag comhrac Le scataí de rósaibh 'n-a ghnúis, Tá a phearsa aoildha shearcshaoirdha chló-oilt' Mar ealaí na bóchna is na dtriúch:
Tá a ghealdlaoi go fleascthrinnseach órdha, A dhearc líonmhar feórach mar dhrúcht, Tá a ghlaic scaoilteach neartloingseach lónmhar 'N-a taca aoird le tórmach na mbúr. Do beathuigheadh go sastuímeach spórtach Ar hallaíbh go ceólmhar ár gConn, 'S do raithigheadh i rannuidheacht na suódha 'S i gcathaoir na gcómhdach ár gcrú; Do haibigheadh in aibíd na bhfrómhthach 'S in ealadhain na n-eólach gan smúit, 'S do beannuigheadh i gcaisíbh na glóire Gach alt shuidheann de flós-scoith ár ndrong. Gleacuidhe mar Fhearghus i ngleó chnuic, Mar Anghus nó Eóghan na lann, Art craoiseach barcbhuidhnmhar bórdmhar De mhaith ríoghaibh mhórdha na Mumhan: Ní chanfaí le haníntleacht Óbhid Ná staruidhe mar Hómer na bpongc Leath smaointe deaghchroidhe ár leóghain Ná maithghníomhra Dhomhnaill 'n-a dhún. Ní ghlacfaí le neach díobh mar nóchar Gan seangfhaoilean d'ógbhroinghil diúic Gean ghlinn mar mhacaoimh na Tró thoir Go glanchroidheach dá pósadh lem prionns'. Beidh a fhaithchí a gheataí is a bhóithre A phailís a phóirt is a thúir Go dreachshoillseach fleadhfhíontach scóipmhar Go captaoinach cóisteach gan smúit.
Coinneal na soellse, réilteann is lannradh ughdar, Criostal na réx bpéarlach is dalta Chúipid, Bile na séad, phoénix is mac na múses, Curadh na laoch, Caesar, is carabúncail. Leóghan Bhlárnan árdfhlaith Charraig na bhFear, Treóghan, Carrthach, Páris cairptheach ceart, Rósluibh Fháilbhe, bláth na nGearaltach ngeal Domhnall Spáinneach barr na Banba ar fad. {B 1753 18L} AR BHÁS EILÉAN DE BARRA. Araoir im shuan i gcuan do bhíodhgas Go haonair uaigneach uaibhreach íogair Amhgrach atuirseach treascartha traoichta Cangcrach cealgach cascartha claoidhte. An tan dfhéachas suas go duairc im thimcheall d'amharcas solusbhean oirdheirc aoibhinn Ag taoscadh a rosca 'n-a srothanna saoirdha 'S a huaill go hallta i nGleann na bhFaoileann. Cé thuiteas gan luadhaill go duadhmhail i ngeimhleach Ag séide fola mo bhrollaigh 'n-a linntibh Do loirgeas sealad go searcach den bhrídigh Turus a cáis is fáth a síorghoil.
Linne do labhair go feargach fíochmhar Cathach canntlach namhdach nimhneach - Cá cathrach caisleáin oileáin díbhse, A chuisle, nach follus mo dhoilbheas caointe? A thaistealaigh thionnscnaigh túirling taoibh liom Is éist an gearán diombádhach ríomhfad Cluinfar i gcianta ciach na gcríocha Do scuab an scéimh in éinfheacht díomsa. Do chiorrbhaidh mo charnfhuilt lannardha shíneadh Go cúrsach cuachach dualach dlaoitheach Fonnsach fáinneach cáblach cíortha Búclach bachallach camarsach craoibhach. Do ghread do scól do bhreóidh mo smaointe Do loisc do dhóigh do leóin mo laoithe Do bhasc do bhrúigh do húrghoin m'intinn Is dfheóigh mo bhláth i gclár na gcraoiseach. Ní hí Hélen shéimh na Traoi thoir Ná Bhénus spórtmhar ceólmhar ringceach Ná Diána báb na draoidheachta Do speal mo chló mar rós do chríonfadh. Ní hé Pallas na labhartha milse Iúnó Média éachtach inntleach Ná dearta Dée an tsaoghail bhraoinaigh Do cheangail do choigil mo cholan i gcnaoidhteacht.
Acht tásc na mná do bfhearr san ínse 'N-a hacmhuinn fagháltuis stáit is saidhbhris Bairrfhionn chailc-úr fhlathamhail fhíontach Mhúinte bhanamhail dheaghclúmhail dhíonmhar; Cúilfhionn chráibhtheach mhánla mhíonla Chiúintais dhéarscnach náireach naoinda Bhuacach bhéasach mhaordha an mhínchnis Cheannsa cheanamhail gheanamhail ghríosghuib. Suaircbhean fhorusta, shocair na righindearc Chiallmhar, thuigsionach shoineanta chaoincheart Stuamdha, deaghthach ghrásach ghrinnshuilt Bheannuighthe dhiadha riaghalta naoimhtha. Ainnir thréitheach léigheanta, líomhtha Fhleadhach, fhéastach, Ghaedhlach ghlinnchruith Chórach chumannach urramach aoilchroibh Do chothuigh le féile déirc is daoinnacht. Broingheal thaitneamhach mharthannach bhuidhnach Pháirteach leanbhach gheanmnach gnaoighlan Ionnraic áluinn ghrádhmhar ghníomhach 'S ná tug tarcuisne 'o phearsa dá ísle. Stáidbhean shróllmhar bhórdmhar bhuidhnmhar Chornach chóisreach lóchrach líonmhar Eachrach chliarach, riaradh míle I ndún gan doicheall roimh dholaidh dá aoirde.
Spéirbhean ranntach bhronntach bhríoghmhar Thréadach thabharthach chabharthach chaoimhneach Fhíontach rabairneach scaipitheach scaoilteach Fháilteach fhreastalach charthannach chroidhmhail. Mascalach mhódhmar fhlósach fhrínseach Chaithiseach chomhairleach ghlórmhar shoillseach Chriostalach ómrach shómplach dhíreach Shochrach sheómrach shlóighteach shíodach. Eala gan chruadhas gan bhuairt gan chinnteacht Gan chogal gan chealg gan chleasa gan chlaoinchoir Gan fuath gan faladh gan mhairg gan díomus Gan ghruaim gan ghanguid gan ainbhfios poimpe. Siúr na gCarrathach gcalma i gcoimheascar Siúr na mBrianach ngliadhach loingseach Siúr na nGréagach, Phoenix dfhíorshliocht Ribirt an chongcais thrúpaigh thrínsigh. Inghean amaraic sheabhaic na scríbe Gearóid ceannárd furránta fraoichta Dhoire na gcuingrach gcuthach 'sna smísteach Eiléan mhiochair de chine na mbíocan. Céile an mharcaigh mhir mheacanta i maoidhmaibh Curadh na leoghan na dtreón na dtaoiseach Na suadh na sians na dtriath na dtigheasach Tomás dalta na ndragan 's a ndíograis.
Easnamh na nÓrd i bhfód na righthe Nuachar lachanta an fharaire i gcillghlais Úrscoth cheannus na mBarrach, na mílidhe Do chóirigh smúit ar dhútha ár sínsir. Do neartuigh cumha 'san Mhumhain choidhche Do mheath a geamhrtha, a gleannta, a coillte, A haibhne rathmhara, a cranna do slíobadh Tortha cubhartha ár dtriúc 'n-a slaoidaibh. Do threóruigh ceatha cnead 'n-ár gclítheach Dfhórsaidh creatha na sratha dár gcoimhdeacht Do mhúscail caismiorta catha gan dísce I bhFódla ag gasra cleachttha na sídhchnoc. Is dítheach gáibhtheach gáir na mbruidhnta Scola na múses, tonntach Chlíodna, I dtuathaibh chosantach ghormghuirt Eíbhir Ó baineadh go feasach ár dtearmann dínn-na. Creach na n-easpog na sagart na saoithe Creach na bhfáidh, na mbráithre ndíodhachta Creach na mbochtán na ndonán n-aoista I dtuama a stór, 's a lón fá líogaibh. Creach na mbanaltran ndealbh, na naoidheanna Na mbaintreach muirearach uireasbhach gcríona Na mbailte, na mbantracht, plannda ár dtíre I dTeampoll Bolg, mo dhochar, ag daoilaibh.
I gcuideachta an chúpla chúmtha chaoilchuirp - Uaisle an ionmhuis oinigh neamhchoimsigh - Maighréad lonnrach túrnadh roimpi Is Onóra thriall 'n-a diaidh, mo dhíth ghuirt. Cumha na cléire Réamonn faoinlag Gearóid múirneach múchta i bpríomhghoin Elinóir réaltach phéarlach thaoimach Is Máire mheanmnach maslaithe ag saighdaibh. Osna na héigse, géarbhroid laoichra An ghriandach fhoirtil i gCorca na slímbharc Maighre maiseach na Scairte 's a síolrach Ar chnoc na ndeór go brónach caoidhmhail. Diachair deacrach danaid ár ndaoine Ár bpoibleach ársa ár ndáimh ár ndraoithe Ár gcuallacht chlannamar fhearannach chíosmhar - Fuadach tráth ar scáth a mbaoighail! A bholgach mharbhthach mhallaithe chraoisach Ghoinideach ghalarach bhagarthach mhillteach Ghoilmneach ghaisceamhail ghannadh ár sloinnte Is ceasnathach chrádhais ár n-áitreabh dhílis. Tá dún na Laghrach i dtaidhse choimhthigh 'N-a chlogas dorcha in' fhothrach chíordhubh 'N-a mhainistir fhásaigh áir ag stríocadh 'S n-a chrampóig lomartha locartha linnloit.
'N-a árus chréimeach chréachtach sceimhle 'N-a chartha tháir 'n-a láithreach díoghaltuis 'N-a luing bhristithe scriostaithe scíosmhar Gan téad gan stiúir go dubhach i ndaoirse. Ní ruathar turraingeach tiubaisteach teinte Ruathar iongantach stoirmeach taoide Ná ruathar clogadach cogamhail a naimhde Acht buirbe an bháis do bheárn' an ríbhrogh. Liacha lasmhara i mBanbain Chríomhthain Béithe an abhrais chastaithe snímhte, Ná tug spás do cháirde an tighe sin Leabharchuid réim is saoghal 'n-a dtoínte. Géaga gartha na bhfearachon ndíreach Do chóimhshearc Eaglais Aifrinn Íosa Is támh dom shamhailse 'e chantaire shíleach Ar halla na sámhchrot tháladh binnphuirt. Dá mb'ughdar ranna do cheapadh go cruinn me Do chaithfinn go cúl gach prionnsa pinn ghlic, A gcáil a gcneastacht a dteastus do scríobhfinn Is cé nach eagnach, glacaidh mo dhícheall. Sirim go subhach ar chúirt an Choimhde Muire Mháthair cháidh an Aoinmhic Gnúis na n-aingeal na n-aspol na naoimha Ag gárdadh a n-anama i bParrathas Chríost ghil.
Caogad d'éis seacht gcéad is míle Trí le cóimhreamh fós 'n-a gcuibhreann Téarma an tseanchuis dearbhtha díbhse Ó théacht Mhic Dé go héag na díse. Innis scéal d'eólaigh (a) óirleac na ngradam dtréan dtráth Gur chruinnigh fét chómhachta seóide na mbalsam gcaor mbreágh I gcumar chré chómhrann feóchta, mo scalladh, tréith tláth Cuirp Eiléan mhódhmhail, Onóra is Mhairgréad bhán. {B 1795ob 18D} AR MAIDIN AG CAOIDH DHAM. Ar maidin ag caoidh dham go fann táir Go dealbh ar thaoibh cnuic ar meabhrán Do thaisteal im choimhdeacht Ó shleasaibh na bruidhne Ealabhean aoilchnis go leabhairbhláith. An tan dhearcas an fhaoileann ghlic mhodhmhail mhná Ba cailce gil mínchruith is fionn scáil Lasann mo chroidhe-se Re taitneamh don mhín seo Agus stadaim dem chaoidh ghoil le greann grádha.
Ar tarraing di taoibh liom le lútáil Dfheasas cia hí di go mallrádhach Dfhreagair an ríoghain Go tapa le caoinreas "Is me teachtaire díleas an tSeabhaic Bháin." Do phreabas go bríoghmhar gan teanntán Im sheasadh le sceimhle go seang sámh 'S dfheasas arís di Ó b'aithnid di an Stíobhart An gcasfadh le buidhean chnuic go fonn Fáil. "Is dearbh a chaoinfhir 's a chompáin Go dtaistealfa an taoiseach go teann tráth Le seascad ar míle De bharcaibh 'n-a thimcheall Chum danair do dhíbirt don tseannáit: In a fharraid do chífir go lonn lá Gasra Ghaoidhlach gan antlás Calmchoin Laoisigh Is fearra sa choimheascar Is aicme le fíorghail ón seann-Spáinn."
{B 1745-50 18L} TÓGAIDH BHUR gCROIDHE. Tógbhaidh bhur gcroidhe, bídh meadhrach meanmnach 'S ná cuireadh an chaill seo ar bhur n-intinn atuirse Is gairid díbh súgradh i dtúis an tsamhraidh - Sin é an faraire láimh libh; Bímís go spórtmhar ceólmhar glórmhar Bímís ag ól ar bórd go binn, Doigh insa phíp ná díogfadh baraille Fé thuairim sláinte an tí ná habraim, Is cuma cé hé acht gur grádh lem anam é, Grádh na naomh is grádh na n-aspol é Is blás na bhflaitheas dá ghárdadh. Is duine bheadh breóidhte leóinte leagaithe Is duine bheadh brúidhte múchta bascaithe Is duine bheadh bliain i bhfiabhras mharbhthach Nár ghreann leis gaisce mo rabaire Biad-sa ag pléireacht taobh lem laoch mear Cé bhíos nocht daor gan bhréig dá dhruim Dá gcaillinn-se arís an píop 's an t-anam leis Ólaimís sláinte an tí ná habraim Is cuma cé hé acht gur grádh lem anam é Grádh na naomh is grádh na n-aspol é Is blás na bhflaitheas dá ghárdadh.
Is é bheir me duairc gan suairceas aigne Clanna na ndeághthach scáinte scaipithe Eaglais Dé is na naomh fé scamallaibh Is éigse an tseanchuis lámhlag. Suidhidh anois leam le fonn go fearamhail Go ndiúgam an crúsca ar dtúis 'n-a chómhair Beidh teinte geal cnámh i gclár na Banba Rí-rá Muimhneach is ringce an ghadraigh Is éirighe anáirde in áit ná habraim Pléráca is scléip an tsaoghail 'n-ár n-aice-na Bíodh go mblaisinn a shláinte.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services